Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Foras Feasa ar Éirinn I

Title
Foras Feasa ar Éirinn I
Author(s)
Céitinn, Seathrún,
Compiler/Editor
Comyn, David
Composition Date
1640
Publisher
(Londain: I.T.S., l90l)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



An Díonbhrollach.



ó'n úghdar gus an léaghthóir.



I.



Cibé duine 'san mbioth chuireas roimhe Seanchus nó
Sinnseardhacht críche ar bioth do leanmhain nó do lorgaireacht,
is eadh dhligheas cinneadh ar an slíghe is soiléire
nochtas fírinne staide na críche, agus dáil na foirne
áitigheas í, do chur go soléir síos: agus do bhrígh gur ghabhas
rém' ais Foras Feasa ar Éirinn d'fhaisnéis, do mheasas ar
dtús cuid d'á leathtrom agus d'á heugcomhlann d'eugnach;
agus go háirithe an t-eugcomhthrom atá ag a dhéanamh ar a
háitightheoiribh, mar atáid na Sean-Ghaill atá 'na seilbh
tuilleadh agus ceithre chéad bliadhan ó ghabháltas Gall i
leith, mar aon re Gaedhealaibh atá 'na seilbh (beagnach),
re trí mhíle bliadhan. Óir ní fhuil staraidhe ó shoin i
leith d'á scríobhann uirre nach ag iarraidh lochta agus
toibhéime do thabhairt do Shean-Ghallaibh agus do Ghaedhealaibh
bhíd.



Bíodh a fhiadhnaise sin ar an dteist dobheir Cambrens,


L. 4


Spenser, Stanihurst, Hanmer, Camden, Barclaí, Morison,
Dauis, Campion, agus gach Nua-Ghall eile d'á scríobhann
uirre ó shoin amach, ionnus gur b'é nós, beagnach, an
phroimpiolláin doghníd, ag scríobhadh ar Éireannchaibh. Is
eadh, iomorro, is nós do'n phroimpiollán, an tan thógbhas a
cheann i san samhradh, bheith ar foluamhain ag imtheacht, agus
gan cromadh ar mhion-scoith d'á mbí 'san machaire, nó ar
bhláth d'á mbí i lubhghort, gémadh rós nó líle uile iad, acht
bheith ar fuaidreadh go dteagmhann bualtrach bó nó otrach
capaill is, go dtéid d'á unfairt féin ionnta. Mar sin
do'n droing thuas; ní cromadh ar shubhailcibh nó ar shoibheusaibh
na n-uasal do Shean-Ghallaibh agus do Ghaedhealaibh do
bhí ag áitiughadh Éireann re n-a linn do rinneadar, mar
atá scríobhadh ar a gcródhacht agus ar a gcrábhadh, ar
ar' thógbhadar do mhainistreachaibh, agus ar a dtugadar
d'fhearann agus d'fhódaibh re haltóir dhóibh; ar ar' bhronnadar
do thearmannaibh d'ollamhnaibh Éireann, agus ar
gach cádhas d'á dtugsad do phearsannaibh agus do phreuláidibh
eaglaise: ar gach comhall síotha d'á dtugdaois d'á
n-ollamhnaibh, agus ar gach cothughadh d'á dtugdaois do
bhochtaibh agus do dhílleachtaibh; ar gach bronntanas d'á
dtugdaois d'éigsibh agus do lucht iarratais, agus ar mhéid
a n-einigh d'aoidheadhaibh, ionnus nach féadtar go fírinneach
a rádh go raibhe lucht a sáruighthe i bhféile nó i n-eineach 'san
Eoraip riamh do réir a gcumais féin i gcomhaimsir dhóibh.
Bíodh a fhiadhnaise sin ar gach gairm scoile d'á dtugadar
uatha (nós ná'r chlos ag aon droing eile 'san Eoraip), ionnus
go raibhe an oiread soin d'éigean féile agus einigh i Sean-Ghallaibh
agus i nGaedhealaibh Éireann, ná'r lór leo nídh
do thabhairt do gach aon d'á dtiocfadh d'iarraidh neith orra,


L. 6


gan cuireadh coitcheann do thabhairt dóibh d'á dtoghairm re
bronnadh seod agus maoine dhóibh. Gidheadh, ní haoin-nídh
dhíobh so lorgairthear le croinicibh Nua-Ghall na haimsire
seo, acht is eadh doghníd cromadh ar bheusaibh fodhaoine agus
cailleach mbeag n-uiríseal, ar dtabhairt maith-ghníomh na
n-uasal i ndearmad: agus an mhéid bheanas ris na Sean-Ghaedhealaibh
do bhí ag áitiughadh an oiléin seo ria ngabháltas
na Sean-Ghall, feuchtar an raibhe dream 'san Eoraip budh
chródha ioná iad, re cathughadh re Rómhánchaibh fa iomchosnamh
na hAlban: óir tugsad fo-deara ar Bhreatainibh cloidhe do
dhéanamh idir Bhreatain agus Albain, do chaomhnadh na
Breatan ar iomruagadh na nGaedheal; agus tar cheann go
mbídís dá mhíle deug agus dá fhichid míle do shluagh Rómhánach,
agus dá chéad ar marcuigheacht ag cosnamh an chloidhe, agus
trí mhíle fichead mar aon riu coislighthe, agus trí chéad
deug marcach ag cosnamh crioslaigh agus cuan na críche
(ar fhoirneart na Scot agus na bPict); thairis sin do
lingdís Gaedhil tar an gcloidhe, agus do hairgthí an
chríoch leó d'aimhdheoin na mór-shluagh soin, do réir Samuel
Daniel 'na chroinic. Adeir fós Cormac mac Chuileannáin
i n-a Shaltair go dtáinig d'fhoirneart Gaedheal agus
Cruithneach, ré' ráidhtear Picti, ar Bhreatain, go ndearnadar
Breathnaigh feall trí huaire ar uachtaránaibh na
Rómhánach do bhí ós a gcionn, mar cheannach ar bheith do shíoth re
Gaedhealaibh agus re Cruithneachaibh. Tuig fós an cumhgach
i n-ar chuirsead Gaedhil Breathnaigh re linn Uortigern do
bheith 'na rígh orra, d'á dtáinig é do thabhairt buannachta do
Hengist go n-a shluagh Gearmáineach, amhail léaghtar ag


L. 8


Monomotensis. Léaghtar ag Samuel Daniel go rabhadar
ceithre dún-phoirt deug ag Rómhánchaibh re hucht na Scot
agus na bPict, agus go rabhadar na Scuit agus na Pict
ag combuaidhreadh na Breatan, d'aimhdheoin na Rómhánach
ó aimsir Iuil Caesair go haimsir an treas Ualentinian
Impir, frí ré cúig céad bliadhan; agus is eadh fá haois
do'n Tighearna an tan do thréigsead Rómhánaigh ceannas
na Breatan seacht mbliadhna ceathrachad ar cheithre chéad,
agus is do'n leith istigh do'n aimsir sin do fhás easaonta
idir Teodosius agus Maximus, go dtáinig de sin go rug
Maximus foireann mhór do lucht na Breataine leis go
hArmorica na Fraince, ré' ráidhtear an Bhreatain bheag,
agus iar ndíbirt na foirne do bhí rompa 'san tír tug ar
an bhfoirinn do chuaidh leis an chríoch d'áitiughadh, go bhfuil
drong d'á sliocht indiu innte.



II.



Atáid cuid do na sean-úghdaraibh chuireas neithe breugacha
i leith na n-Éireannach; mar adeir Strabo, 'san
gceathramhadh leabhar, gurab lucht feola daoine d'ithe na
hÉireannaigh. Mo fhreagradh ar Strabo, gurab breug
dó a rádh gurab lucht feola daoine d'ithe na hÉireannaigh;
óir ní léaghtar i san Seanchus go raibhe neach i
n-Éirinn riamh ler' cleachtadh feoil daoine d'ithe, acht Eithne
Uathach inghean Chriomhthainn mic Eanna Chinnsiolaigh rí
Laighean, do bhí ar daltachas ag Déisibh Múmhan: agus do
hoileadh riu ar fheoil naoidhean í, i ndóigh go mbadh luathaide
do bhiadh ionnuachair é. Óir do tairrngireadh dhóibh féin
fearann d'fhagbháil ó'n bhfear le mbiadh sí pósda; agus is le


L. 10


hAonghus mac Nadfraoich rí Múmhan do pósadh í, amhail
adéaram d'á éis so i gcorp na staire. Tuig, a léaghthóir,
mar nach sochtaid na seanchadha an nídh déistineach so, do
budh masla d'inghin rígh Laighean agus do mhnaoi rígh Múmhan,
nach ceilfidís gan a nochtadh ar dhaoinibh budh lúgha ioná iad sin
é, dá madh nós (do bhiadh) ar aithidhe i n-Éirinn é: mar sin gurab
breugach do Strabo a rádh gurab nós d'Éireannchaibh feoil
daoine d'ithe, agus nach déarnadh riamh an nós so aca acht
leis an inghin reamhráidhte, agus sin féin re linn na
págántachta. Mo fhreagradh fós ar San Ieróm, luaidheas
an nídh ceudna so, ag scríobhadh i n-aghaidh Iobhinian, go
bhfeudfadh ainteastach breug do reic ris, agus mar sin
ná'r dhligh sí dul i bhfiachaibh ar Éireannchaibh.



Adeir Solinus, 'san aonmhadh caibidil fichead nach fuilid
beich i n-Éirinn; agus adeir gurab do dhéis chlaidhimh
fromhthar an chéid-mhír le gein mic i n-Éirinn. Adeir fós
go ndéin an t-Éireannach a dhealbh d'ionnlat a fuil a
námhad an tan marbhthar leis é. Is follus as an seanchus
bhias i san stáir gach nídh dhíobh so do bheith breugach. Adeir
Pomponius Mela i san treas leabhar ag labhairt ar
Éireannchaibh na briathra so: - "drong ainbhfiosach i sna
huile subhailcibh": agus mar sin do mhórán do shean-úghdaraibh
eile coigcríche do scríobh go meardhána mítheasta
ar Éirinn, ar bhréig-sgeulaibh ainteastach d'á ná'r chóir
creideamhain 'na shamhail so do nídh: agus is uime sin adeir
Camden, ag cur teastais na muinntire seo síos ar Éirinn,
na briathra so: - "Ní fhuil, ar sé, fiadhnaise inchreidte ar


L. 12


na neithibh seo againn." Is follus gurab breug a rádh nach
rabhadar beich i n-Éirinn, do réir an Chamden cheudna, mar a
n-abair ag labhairt ar Éirinn: - "Atá an oiread soin do
bheacaibh innte, nach eadh amháin i mbeachlannaibh nó i
gcorcógaibh, acht i gceapaibh crann agus i gcuasaibh talmhan
dogheibhthear iad."



III.



Cuirfeam síos ann so beagán do bhreugaibh na Nua-Ghall
do scríobh ar Éirinn ar lorg Chambrens; agus doghéan
tosach ar bhreugnughadh Chambrens féin, mar a n-abair go
raibhe cíoscháin ag an rígh Artúr ar Éirinn, agus gurab é am
fa'r cheangail an cíos orra i gCathair Leon, an tan fá
haois do'n Tighearna cúig céad agus naoidheug, mar chuireas
Campion 'na chroinic i san dara caibidil do'n dara leabhar,
mar a n-abair gurab é Giolla Már fá rí Éireann an tan
soin. Gidheadh tar cheann go luaidheann Policronicon agus
Monomotensis agus drong eile do Nua-Ghallaibh an Giolla
Már so do bheith 'na rígh Éireann, a shlán fa aon d'á
lorgairidhibh go bhfuil laoidh nó litir a seanchus Éireann i n-a
bhfuil luadh nó iomrádh ar Ghiolla Már do bheith 'na rígh
Éireann riamh: acht munab do Mhuircheartach mór mac
Earca fá rí Éireann, agus fá fear comhaimsire do rígh
Artúr ghairmid é; agus níor bh'fhéidir Muircheartach do
bheith fa chíoscháin ag an rígh Artúr, do bhrígh go raibhe sé féin
treun i n-Éirinn agus i n-Albain, agus gurab é do chuir a
sheisear dearbhráthar i n-Albain, agus gur fear dhíobh fá


L. 14


céid-rí do Chineadh Scoit ar Albain, mar atá Fearghus Mór
mac Earca, agus fós gurab le Scotaibh agus le Pictibh do
thuit Rí Artúr féin. An Fearghus so adubhart do b'é céid-rí
Alban do Scotaibh é: óir tar cheann go n-áirmheann
Hector Boetius i stáir na hAlban naoi ríogha dheug agus
fiche do bheith ar Albain roimhe an bhFearghus so, maiseadh
ní raibhe aoin-rí de Chineadh Scoit do réir an tseanchusa ar
Albain roimhe: agus mar a n-abair gurab é Fearghus
mac Fearchair rí Éireann fá céid rí do Chineadh Scoit ar
Albain, ní fíor dó sin, óir ní raibhe aoin-rí ar Éirinn riamh
d'ár bh'ainm Fearchar, agus mar sin ní raibhe Fearghus
mac Fearchair 'na rígh Alban, amhail adeir Hector Boetius:
agus má do bhí gur thoil le Muircheartach mór a dhearbhráthair
Fearghus mac Earca do bheith 'na rígh Alban, maiseadh, is é
ainm gairthear do Mhuircheartach féin i n-annálaibh Éireann,
"Rex Scotorum," d'á chur i gcéill go raibhe árdchor aige ar
na Scotaibh i n-Éirinn agus i n-Albain; agus ní hinmheasta
an tí do bhí i sna cumhachtaibh seo do bheith fa chíoscháin ag an
rígh Artúr. Agus fós adeir Spíd 'na chroinic nach cíoscháin
do bhí ag an rígh Artúr ar rígh Éireann, acht comhar cáirdeasa
cogaidh, ionnus cibé haca ar a mbiadh leathtrom
námhad, go raibhe d'fhiachaibh ar an dara fear congnamh
sluagh do thabhairt do'n tí díobh ar a mbiadh leathtrom:
agus is é ainm ghaireas Spíd do'n chongnamh so "dligheadh
cáirdeasa cogaidh," amhail atá idir rí na Spáinne agus
an t-Impir: óir cuiridh gach aon díobh congnamh re linn a
riachtanais gus an tí eile, agus ní hiontuigthe as sin go
bhfuil cíoscháin ag rígh na Spáinne ar an Impir, nó ag an
Impir ar rígh na Spáinne. Mar an gceudna, má tharla


L. 16


comhmbáidh cogaidh idir an rí Artúr agus Muircheartach
mac Earca rí Éireann, ionnus go gcleachtaoi leó a chéile
d'fhortacht re linn leathtroim do bheith ar cheachtar díobh, ní
hiontuigthe as sin cíoscháin do bheith ag ceachtar díobh ar
a chéile. Is móide is iontuigthe fírinne an neith seo an
nídh adeir Nubrigiensis i san seiseadh caibidil fichead do'n
dara leabhar d'á stáir, mar a labhrann ar Éirinn: -
"níor luidh Éire riamh fa chumhachtaibh coigcríche." Tig fós
Cambrens féin leis an nídh seo, i san seiseadh caibidil
fichead, mar a n-abair: - "do bhí Éire saor ó thús ó
iomruagadh an uile chinidh coigcríche." As na briathraibh
seo is follus nach raibhe árdchor ag Artúr, nó ag árdfhlaith
eile coigcríche ó thús riamh ar Éirinn go gabháltas
Gall: agus fós ní hinmheasta go raibhe cor ag Breatainibh
ar Éirinn, mar nach fuaradar Rómhánaigh ionnta féin lámh
do chur innte, agus ní headh amháin gan cor do bheith ag
Rómhánchaibh nó ag eachtrannaibh eile uirre, acht is í Éire
fá cúl dídin do na críochaibh eile re n-a gcaomhnadh ar
fhoirneart (na) Rómhánach agus eachtrann (eile).



Ag so mar thig Camden leis so 'san leabhar d'á
ngairthear "Britannia Camdeni," mar a n-abair; - "Ar
mbeith do Rómhánchaibh ag foir-leathnughadh a bhflaithis,
tangadar gan amhras an iomad ó'n Spáinn, ó'n bhFrainc, agus
ó'n mBreatain annso (ag labhairt ar Éirinn), do réidheachadh
a muineul féin ó chuing ró-urchóidigh na Rómhánach." As
so is iontuigthe nach eadh amháin gan Rómhánaigh do theacht
i n-Éirinn, acht fós gurab innte do cumhduighthí lucht na


L. 18


gcríoch eile ó Rómhánchaibh. Ag so fós mar adeir an
Camden ceudna, ag breugnughadh na droinge adeir, do
réir baramhla, go raibhe cor ag Rómhánchaibh ar Éirinn: -
"Is ar éigin do chreidfinn i'm intinn go raibhe Éire riamh
fa chumhacht na Rómhánach."



Adeir Cambrens i san naomhadh caibidil, go dtugdaois
na fir i n-Éirinn na mná do bhíodh pósta ag a ndearbhráithribh
i ndiaidh báis na ndearbhráithreadh soin: agus
adeir nach díoltaoi an deachmhaidh i n-Éirinn, agus nach
bíodh cion ar phósadh innte, go teacht an cháirdionáil
Iohannes Papiron; gidheadh, ní fíor dhó so, amhail chruthócham
i gcorp na stáire, agus mar bhus follus as an díonbhrollach
so féin go grod i n-ár ndiaidh. Adeir i san seachtmhadh
caibidil, mar a dtráchtann ar iongantaibh na hÉireann,
go bhfuil tobar 'san Múmhain, doghní duine liath do láthair
an tan fhoilceas a fholt nó a fhionnfadh as, agus, mar an
gceudna, go bhfuil tobar i n-Ultaibh doghní toirmeasg na
léithe. Gidheadh, ní fhuilid samhail na dtobar so i n-Éirinn
anois, agus ní shaoilim go raibhe i n-aimsir Chambrens, acht
na hiongantais seo do chur síos mar dhathughadh ar a
bhreugaibh.



Adeir Cambrens i san dara caibidil fichead, an tan
bhíd daoine uaisle i n-Éirinn ag tabhairt daingin d'á chéile,
do láthair easpoig, go bpógaid an tráth soin taise naoimh,
agus go n-íbhid fuil a chéile, agus ann sin go mbíd ullamh
re déanamh feille ar a chéile. Mo fhreagradh air ann so,
nach fuil laoidh ná litir, seanchuis náid sein-scríbhne iris
náid annálaigh ag teacht leis ar an mbréig seo: agus
fós is follus go raibhe d'fhiachaibh ar na seanchadhaibh gan a
shamhail seo do dhroch-nós do cheilt, agus fós a chur i gcairt


L. 20


i bpéin a n-ollamhantachta do chaill, dá mbíodh sé ar
gnáthughadh i n-Éirinn. Uime sin is follus gur breug do
rinne Cambrens ann so. Adeir Cambrens, i san deachmhadh
caibidil, gurab cineadh neimhfhial Gaedhil; ag so mar adeir:
- "Cineadh, iomorro, neimhfhial an cineadh so," (ar sé).
Gidheadh, ní beag liom Stanihurst i n-a stáir ag freagradh
dhó i san nídh seo, ag labhairt ar eineach na n-Éireannach;
ag so mar adeir: - "Go deimhin (ar sé), is daoine róifhiala
iad, agus ní fhuil céim is mó i n-a b'fhéidir leat a
mbuidheachas do thuilleamh ioná d'aithidhe do dhéanamh dod'
dheoin agus dod' thoil d'á dtighthibh." As so is iontuigthe
gurab daoine fiala fír-einigh fa bhiadh iad, gan cead do
Chambrens. Adeir Cambrens mar a scríobhann ar Éirinn,
gurab í bean rígh Mídhe do chuaidh ar eulódh le Diarmuid
na nGall; gidheadh ní fíor dhó sin, acht fá hí bean Thighearnáin
Uí-Ruairc rí Breithfne í, agus fá hí inghean Mhurchadha
mic Fhloinn mic Mhaoilseachlainn rí Mídhe í, agus
Dearbhfhorgaill fá hainm di. Adeir fós gurab a Sliabh Bládhma
fhásas Siuir agus Feoir agus Bearbha, gidheadh ní fíor dhó
sin; óir is follus gurab a heudan Shléibhe Bládhma do'n
leith thoir fhásas an Bhearbha, agus gurab a heudan Shléibhe
Aildiuin ris a ráidhtear Sliabh an bhearnáin i n-Uibh-Cairin
fhásas Siuir agus Feoir.



Adeir arís i san gcúigeadh caibidil fichead do'n leabhar
tuarasgbhála tug ar Éirinn, gurab amhlaidh doghníthí rí


L. 22


Chinéil gConaill, eadhon Ua Domhnaill, cruinniughadh do chur
ar lucht a thíre ar chnoc árd i n-a dhúthaigh, láir bhán do
mharbhadh, a cur d'á bruith i gcoire mhór ar lár an mhachaire,
agus iar n-a bruith, a bheith ag ól a hanbhruith amhail ghadhar
nó choin le n-a bheul, agus bheith ag ithe na feola as a
lámhaibh gan sgín gan arm d'á gearradh aige, agus go
roinneadh an chuid eile do'n fheoil ar an gcomhdháil, agus go
bhfothruigeadh é féin as an anbhruith. Is follus gur breugach
an nídh seo adeir Cambrens, do réir seanchusa na
hÉireann; óir is amhlaidh fhoillsigheas gurab amhlaidh do
gairthí Ua Domhnaill, i maille re suidhe dhó i measg uasal
agus oireachta a chríche féin, agus taoiseach d'uaislibh a chríche
féin do sheasamh i n-a fhiadhnaise, go slait ndírigh mbáin i
n-a láimh, agus an tan do dháileadh do rígh Chinéil gConaill
í, is eadh adeireadh ris, ceannas a chríche féin do ghabháil,
ceart agus comhthrom do chongbháil idir gach dá roinn d'á
dhúthaigh; agus gurab uime do horduigheadh an tslat do
bheith díreach bán, d'á chur i gcuimhne dhó, gurab eadh do
dhlighfeadh bheith díreach i n-a bhreitheamhnas, agus glan
ionnraic i n-a ghníomhaibh. Is iongnadh liom Cambrens do luadh
na bréige seo, agus measaim gurab le meabhail do chuir
síos i n-a chroinic í. Óir is follus gur dhaoine cráibhtheacha
caondúthrachtacha iad ó aimsir go haimsir, agus gur
thréigeadar mórán díobh an saoghal, agus gur chríochnuighsead
a mbeathaidh go rathmhar riaghalta, agus fós go dtáinig
iomad do naomhaibh díobh, mar atá Columcille, Baoithín,
agus Adhamnán, agus mórán eile (do naomhaibh nach luaidhfeam
ann so). Ní hinchreidthe fós go dtiubhradaois uaisle
Éireann fulang do rígh Chinéil gConaill an nós barbardha
úd luaidheas Cambrens do bheith ar aithidhe aige;


L. 24


agus an Creideamh Catoileaca ar marthain aca, ó aimsir
Phádraig go gabháltas Gall: agus d'á réir sin, measaim
gurab breug mheabhlach gan barántas do rinne Cambrensis
ann so.



IV.



Adeir Spenser i n-a chroinic go raibhe cor ag Egfrid,
rí Nortumbrorum, ar Éirinn, agus ag Eadgar rí na
Breatan, amhail léaghtar 'san treas leathanach deug ar
fhichid d'á stáir: gidheadh ní fíor dhó so, do bhrígh go bhfuil
seanchus Éireann 'n-a aghaidh sin, agus fós atáid úghdair
na Breatan féin ag a admháil ná'r fhágbhadar na Sacsanaigh
sein-scríbhne ná seod-chomharthaidhe aca re' mbiadh fios dála
na haimsire táinig rés na Sacsanchaibh aca. Óir adeir
Gildas, sean-úghdar Breathnach, gur múchadh le Rómhánchaibh
agus leis na Sacsanchaibh "monumenta" nó seod-chomharthaidhe
na mBreathnach, agus d'á réir sin a seanchus. Tig
Samuel Daniel leis an úghdar so ar an nídh gceudna, 'san
cheud roinn d'á chroinic, agus Rider 'san bhfoclóir Laidne
ro scríobh, mar a dtráchtann ar an bhfocal so Britannia,
agus fós adeir nach ó Bhrutus adeirthear Britannia re
Breatain, agus dámadh eadh go mbadh Brutia nó Brutica
do gairfidhe dhí; agus do budh cosmhail dámadh ó Bhrutus
do gairfidhe í, go luaidhfeadh Iul Caesar, Cornelius Tacitus,
Diodorus Siculus, nó Béada, nó sean-úghdar éigin eile créad
ó' bhfuil an focal so Britannia; agus mar nachar bh'fheas
dóibh créad ó bhfuil ainm a gcríche féin, níor bh'iongnadh iad
do bheith i n-ainbhfios i n-iomad do dhálaibh seanda na
Breatan, agus mar sin, ní hiongnadh Spenser do bheith
aineolach ionnta, mar an gceudna.



Is iongnadh an nídh do ghabh Spenser ré' ais, seanchus do


L. 26


leanmhain ar chuid d'uaislibh na hÉireann, agus a rádh
gurab Gaill do réir a mbunadhais iad. Luaidhtear,
iomorro, seacht sloinnte d'uaislibh Gaedheal leis, mar atá
Mac Mathghamhna, Clann tSuibhne, Clann tSíthigh, Clann
Mhic-Conmara, Caomhánaigh, Tuathalaigh, agus Branaigh.
Adeir gurab ó Ursula, nó FitzUrsula, sloinneadh atá i
Sacsaibh, táinig Mac Mathghamhna, agus gurab ionann
"Ursula" agus "Beare," agus gurab ionann "Beare"
agus mucgamhain nó macgamhain, agus d'á réir sin gurab
ó'n tigh thall táinig Mac Mathghamhna Uladh. Mo fhreagradh
ar an "reusún" so, ná'r chóra Mac Mathghamhna Oirghiall
do theacht ó'n tigh thall mar sin, do réir sanasáin an
fhocail, ioná Mac Mathghamhna Tuath-Mhúmhan agus Ua
Mathghamhna Cairbreach, agus mar nach ó thigh Fitz Ursula
nó Beare i Sacsaibh cách, ní headh Mac Mathghamhna
Uladh: acht go fírinneach is do shliocht Cholla Dá-chríoch
mic Eachach Doimhléin, (mic Fhiachaidh Sraibhtheine) mic
Chairbre Lifeachair do shíol Eireamhóin é. An dara cineadh,
Clann tSuibhne, adeir gurab ó thigh i Sacsaibh d'á
ngairthear "Suyn" tángadar; gidheadh, ní hionann "Suyn"
agus Suibhne, agus d'á réir sin ní ó'n tigh thall táinig Mac
Suibhne, acht go fírinneach is do Chlannaibh Néill é: óir is ar
shliocht Aodha Athlaimh mic Fhlaithbheartaigh an trostáin atá
Mac Suibhne. Adeir fós gurab do Ghallaibh Clann tSíthigh;
gidheadh ní fíor dhó sin, óir is follus gurab do shliocht Cholla
Uais iad, agus gurab ó Shítheach mac Eachduinn mic
Alasdair mic Dhómhnaill, ó' ráidhtear Clann nDómhnaill
Éireann agus Alban, tángadar. Adeir arís gurab do


L. 28


Ghallaibh Clann Mhic Conmara, agus gurab ó'n gcineadh do
Ghallaibh ré' ráidhtear "Mortimer" tángadar; gidheadh ní
fíor sin, óir is ó dhuine d'ár bh'ainm Cúmara ráidhtear
Clann Mhic Conmara riu: agus is é is sloinneadh cinnte
dhóibh Síol Aodha, agus is ó Chaisin mac Chais, mic Chonaill
eachluaith do shíol Eibhir tángadar, amhail léaghtar i
gcraoibh-sgaoileadh Dhál gCais. Adeir, mar an gceudna, gurab
ó'n mBreatain Mhóir tángadar na trí sloinnte seo, mar
atá Síol mBrain, Tuathalaigh agus Caomhánaigh; agus ní
fírinneach an suidheadh dobheir ar an nídh seo, mar go
n-abair gurab focail Bhriottáinisi na trí focail úd. Ar
dtús adeir gurab ionann "brin" agus coillteach: (fágbham
gurab ionann "brin" agus coillteach,) gidheadh, ní ó'n
bhfocal so "brin" adeirthear Branaigh, acht ó ainm óglaoigh
d'árbh' ainm Bran Múit. An dara nídh adeir gurab
ionann "tol" agus cnocach, (agus gurab uaidh sin adeirthear
Tuathalaigh): (fágbhaim gurab ionann "tol" agus
cnocach); gidheadh ní cosmhail ré' raile "tol" agus
Tuathalaigh, óir is ó ainm óglaoigh d'árbh' ainm Tuathal atá:
uime sin is breugach baramhail Spenser. Adeir arís gurab
ionann "caomhán" agus láidir, agus gurab uaidh adeirthear
Caomhánaigh. Mo fhreagradh air, gurab ionann caomhán
agus neach caomh nó áluinn, agus gurab uime gairthear
Caomhánaigh do Chaomhánchaibh ó Dhómhnall Caomhánach, mac
Dhiarmuda na nGall. Is uime do lean an forainm do
Dhómhnall féin, a bheith ar n-a oileamhain i gCill Caomháin
i n-íochtar Laighean; agus is do Chinnsiolachaibh do réir a
sloinnte iad. Gidheadh, is follus do réir fírinne an tseanchusa,


L. 30


(gurab do Ghaedhealaibh na trí cineadha soin, agus)
gurab do shliocht Fhiachaidh Aiceadha mic Chathaoir mhóir rí
Éireann na trí sloinnte seo, amhail léaghtar i gcraobhscaoileadh
Laighean. Is iongnadh liom cionnus fuair Spenser
ann féin lámh do chur i sna neithibh seo do bhí 'na n-ainbhfios
air, acht amháin munab ar sgáth bheith 'na fhilidh tug cead
cumadóireachta dhó féin; mar fá gnáth leisean agus le
n-a shamhail eile, iomad finnsgeul filidheachta do chumadh
agus do chórughadh le briathraibh blasda, do bhreugadh an
léaghthóra.



V.



Adeir Stanihurst gurab í an Mhídhe fá cuid ronna do
Shláinghe mac Deala mic Lóich; gidheadh ní fíor dó sin. Óir
do réir an Leabhair Gabhála, ní raibhe do Mhídhe ann i
n-aimsir Shláinghe acht an aon-tuaith fearainn atá láimh re
hUisneach, go haimsir Thuathail theachtmhair: agus mar adeir
gurab ó Shláinghe adeirthear baile Shláine, agus, d'á réir
sin, gurab í an Mhídhe an mhír ronna ráinig ó n-a bhráithribh é,
níor chóra a mheas gurab í ráinig mar roinn dó, ioná
a mheas gurab í Cúigeadh Laighean ráinig mar roinn chuige,
agus gurab uaidh ainmnighthear Innbhear Sláinghe, shnigheas
tré lár Laighean go Loch-garman; agus fós gurab uaidh
ainmnighthear Dúmha Shláinghe ré' ráidhtear Dionn-ríogh ar
bhruach Bearbha, idir Cheatharlach agus Léithghlinn, do'n leith
thiar do'n Bhearbha, agus gurab é fá longphort comhnuighthe
dhó, agus gurab ann fuair bás.


L. 32


Ní hiongnadh gan fios an neith seo do bheith ag Stanihurst,
agus nach faca seanchus Éireann riamh, as a mbiadh
fios a dál aige; agus measaim nach mór an lorg do bhí
aige orra, mar go bhfuil sé comh ainbhfiosach sin i ndálaibh
Éireann go n-abair gurab i san Múmhain atá Ros-mic-Triuin,
agus gurab cúigeadh nó "Proibhinnse" an Mhídhe
i n-aghaidh Chambrens féin, nach áirmheann an Mhídhe mar
chúigeadh, agus i n-aghaidh Leabhair Gabhála Éireann. Mar
roinneas Stanihurst Éire, go ndéin leath d'Fhine Gall
ar leith, agus an leath eile d'Éirinn ó sin amach idir Gall
agus Gaedheal; agus fós mar adeir nachar bh'fiu leis an
gcoilíneach is lúgha i bhFine Gall cleamhnas do dhéanamh leis
an nGaedheal budh uaisle i nÉirinn, mar adeir 'na chroinic:
- "An tí is ísle do na coilínibh d'á n-áitigheann i san
gcúigeadh Gallda, ní thiubhradh a inghean féin pósda do'n
"phrionnsa" is mó d'Éireannchaibh." Fiafraighim do Stanihurst
cia budh honóraighe, budh huaisle, nó budh dísle do
choróin na Sacsan, nó cia budh feárr do bharántaibh re
cosnamh na hÉireann do choróin na Sacsan, coilínighe Fhine
Gall 'náid na hiarlaidhe uaisle atá i n-Éirinn do Ghallaibh,
mar atá iarla Chille-dara, do rinne cleamhnas le Mac
Cárrthaigh riabhach, le hUa Néill, agus le droing eile
d'uaislibh Gaedheal; iarla Ur-Mhúmhan le hUa Briain, le
Mac Giolla-Phádraig, (agus le hUa Cearbhaill); iarla
Deas-Mhúmhan le Mac Cárrthaigh mór; agus Iarla Chlainne
Riocaird le hUa Ruairc. Ní áirmhim "uícoint" 'náid
barúin do bhí comh uasal re haon-choilíneach d'á raibhe i


L. 34


bhFine Gall riamh, ag ar' pósadh a n-ingheana go minic le
huaislibh Gaedheal. Is follus fós gur mionca do chuir
coróin na Sacsan cúram cosnaimh agus coiméid na
hÉireann ar iocht na n-iarladh do rinne cleamhnas le
Gaedhealaibh ioná ar iocht a rabhadar do choilíneachaibh i
bhFine Gall riamh. Mar sin ní mheasaim créad as nach
doghéanadaois cleamhnas le huaislibh Éireann, acht munab
do dhímheas ar a bhfoluigheacht féin, ná'r mheasadar gur
bh'fhiu iad comh-uaisle Gaedheal do bheith i n-a gcleamhnas.



Measaim ar olcas an teastais dobheir Stanihurst ar
Éireannchaibh, gurab ionchuir ó theist é, do bhrígh gurab
d'aon-toisg ar fhuráileamh droinge do bhí fuathmhar
d'Éireannchaibh do scríobh go maslaightheach orra; agus saoilim
gurab é fuath na n-Éireannach ceud-bhallán do tharraing
iar ndul i Sacsaibh ar dtús do dhéanamh léighinn dó, agus
go raibhe 'na thoirrcheas bronn aige nó gur sgeith le n-a
scríbhinn é, ar dtoidheacht i n-Éirinn dó. Ní beag liom do
chomhartha fuatha do bheith aige ar Éireannchaibh, mar dogheibh
locht ar choilíneachaibh Fhine Gall tré n'ár dhíbirsiod an
Ghaedhealg as an tír an tan do ruaigsiod an fhoireann do
bhí ag áitiughadh na tíre rómpa. Adeir fós dá fheabhas do
theangaidh an Ghaedhealg, an tí do bhlaisfeadh í, go mblaisfeadh
maraon ria doibheusa na droinge d'ar theanga í.
Créad is iontuigthe as so, acht go raibhe an oiread soin
d'fhuath ag Stanihurst d'Éireannchaibh gurbh' olc leis gurab
gabháltas Críostamhail do rinneadar Gaill ar Éirinn


L. 36


agus ar Ghaedhealaibh, agus nach gabháltas pagánta. An tí,
iomorro, doghní gabháltas Críostamhail, is lór leis umhlacht
agus dísle d'fhaghbháil ó'n bhfoirinn claoidhtear leis, agus
foireann nuadh eile do chur uaidh féin d'áitiughadh na tíre ar
a dtéid a neart mar aon re lucht na críche sin. An tí fós
doghní gabháltas págánta, is eadh is nós dó, léirscrios
do thabhairt ar an bhfoirinn claoidhtear leis, agus foireann
uaidh féin do chur d'áitiughadh na críche ghabhas le neart. An
tí trá doghní gabháltas Críostamhail, ní mhúchann an teanga
bhíos roimhe i san gcrích chuireas fa n-a smacht: agus is mar
sin do rinne Uilliam "Concor" ar na Sacsaibh. Níor mhúch
teanga na Sacsanach, do bhrígh gur fhágaibh foireann na
teangadh do choiméad i san gcrích, ionnus go dtáinig de sin
an teanga do bheith ar bun ag Sacsanchaibh ó sin i leith.
Gidheadh, is gabháltas pagánta do rinne Hengist taoiseach
na Sacsanach ar na Breathnachaibh, mar gur scrios sé a
hurlár na Breatan iad, agus gur chuir foireann uaidh
féin i n-a n-áitibh; agus iar ndíbirt cháich go hiomlán dó,
do dhíbir a dteanga leo. Agus an nós ceudna fá mian le
Stanihurst do dhéanamh ar Éireannchaibh; óir ní féidir an
teanga do dhíbirt, gan an lucht d'ár teanga í do dhíbirt:
agus do bhrígh go raibhe mian na teangadh do dhíbirt
air, do bhí, mar an gceudna, mian díbeartha na foirne
d'ár theanga í air, agus, d'á réir sin, do bhí fuathmhar
d'Éireannchaibh; agus mar sin, níor bh'ionghabhtha a theist ar
Éireannchaibh.


L. 38


Dogheibh, mar an gceudna, Stanihurst locht ar bhreitheamhnaibh
tuaithe na hÉireann, agus ar a leaghaibh: gidheadh is
iongnadh liom mar fuair ann féin locht d'fhaghbháil ionnta,
agus nachar thuig ceachtar díobh ná an teanga a raibhe
ealadha gach aicme dhíobh, ar mbeith dhó féin aineolach
ainbhfiosach i san nGaedheilg fá teanga dóibh-sean, agus i
n-a raibhe an breitheamhnas tuaithe agus an leigheas
scríobhtha. Óir ní raibhe ar cumas dó-san an breitheamhnas
tuaithe nó an leigheas do léigheadh i san teangaidh i n-a
rabhadar, agus dá léighthí dó iad, ní raibhe tuigse aige
orra. Measaim, d'á réir sin, gurab ionann dáil dó ag
díommoladh an dá ealadhan do luaidheamar, agus dáil an
daill do dhíommolfadh dath eudaigh seach a chéile: óir mar
nach féadann an dall breathnughadh do dhéanamh idir an dá
dhath, do bhrígh nach faiceann ceachtar díobh, mar an gceudna,
níor bh'fhéidir leisean, breitheamhnas do dhéanamh idir an dá
ealadhain reamhráidhte, do bhrígh ná'r thuig riamh na leabhair
i n-a rabhadar scríobhtha, agus fós ná'r thuig na hollamhain
d'ár bh'ealadhain iad, do bhrígh gurbh' í an Ghaedhealg amháin
fá teanga dhíleas dóibh, agus go raibhe seisean tríd agus
tríd aineolach innte.



Dogheibh fós locht i n-aos seanma na gcláirseach i
n-Éirinn, agus adeir nach raibhe ceol ionnta. Is cosmhail
nachar bhreitheamh éisean ar cheol 'san mbioth, agus go
háirithe ar an gceol nGaedhealach, ar mbeith aineolach i
sna riaghlachaibh bheanas ris dó. Saoilim nachar thuig
Stanihurst gurab amhlaidh do bhí Éire 'na ríoghacht ar leith
léi féin, amhail domhan mbeag, agus na huaisle agus na


L. 40


hollamhain do bhí innte i n-allód, gur chumadar breitheamhnas,
leigheas, filidheacht agus ceol agus riaghlachaibh cinnte riu do
bheith ar bun i n-Éirinn: agus mar sin níor chneasda
dhó-san breitheamhnas meardhána do dhéanamh (nó do bhreith)
ar cheol na hÉireann d'á lochtughadh. Is iongnadh liom
nachar léigh Cambrens i san naomhadh caibidil deug, mar a
molann ceol na n-Éireannach, acht munab eadh do chuir roimhe
céim do bhreith tar Chambrens ag cáineadh na n-Éireannach:
óir ní fhuil nídh 'san mbioth is mó i n-a molann Cambrens
Éireannaigh ioná i san gceol nGaedhealach. Ag so mar
adeir i san gcaibidil cheudna: - "I n-adhbhadhaibh ceoil amháin
dogheibhim dícheall an chinidh seo somholta, mar a bhfuil tar
an uile chineadh d'á bhfacamar cliste go doimheasta." Ag
so mar adeir fós do réir na caibidile ceudna an
tuarasgbháil dobheir ar an gceol nGaedhealach, ag a mholadh:
- "Doghnidhthear a n-oirfide (ar sé) iomlán oireamhnach le
luas taighiuir, le comhthrom eugcosmhail, agus le coimhtheacht
ainfhreagarthach ré chéile." As so is iontuigthe, do theist
Chambrens, gurab breugach do Stanihurst a rádh nach bí
ceol i san oirfide Éireannaigh. Ní fíor dó, mar an
gceudna, an nídh adeir gurab dall do bhídís urmhór aosa
seanma na hÉireann; óir is follus an tan ro scríobh
seisean a stáir, gurab lia neach súileach do bhí re seinm
i n-Éirinn ioná duine dall, agus mar sin ó sin i leith,
agus anois, bíodh a fhiadhnaise sin ar ár lucht comhaimsire.



Tuig, a léaghthóir, go rabhadar trí heasbadha ar
Stanihurst re scríobhadh stáire na hÉireann, as ná'r
chóir cion stáraidhe do thabhairt air. Ar dtús, do bhí sé


L. 42


ró-óg, ionnus nach raibhe uain aige ar chuartughadh do
dhéanamh ar sheanchus na críche seo ar ar' ghabh do láimh
scríobhadh. An dara heasbaidh, do bhí sé dall aineolach
i dteangaidh na tíre i n-a raibhe seanchus agus seandála na
críche, agus gach foirne d'ár áitigh innte; agus mar sin,
níor bh'fhéidir dó a bhfios do bheith aige. An treas easbaidh,
do bhí sé uaillmhianach, agus d'á réir sin, do bhí súil aige le
meudughadh d'fhaghbháil ó'n droing lér' gríosadh é le scríobhadh
go holc ar Éirinn: agus fós, re linn bheith 'na shagart 'na
dhiaidh sin dó, do gheall gairm tar ais do dhéanamh ar mhórán
do na neithibh maslaightheacha do scríobh ar Éirinn, agus
dochluinim go bhfuil sé i gclódh anois re n-a thaisbéanadh
i n-Éirinn.



Adeir Stanihurst an tan bhíd Éireannaigh ag comhrac,
nó ag bualadh a chéile, go n-abraid mar chomhairc do ghuth
árd, "Pharo, Pharo," agus saoilidh seisean gurab ó'n bhfocal
so "Pharao," fá hainm do rígh Éigipte chleachtaid mar
chomhairc é: gidheadh ní fíor dó sin, óir is ionann é agus
"faire, faire ó," nó "ó faire," ag a rádh ris an rann eile
bheith ar a gcoiméad, amhail adeir an Francach "garda,
garda," an tan dochí a chomharsa i nguais.



VI.



Cuiridh "Doctor Hanmer" i n-a chroinic, gurab é
Bartolinus budh taoiseach ar Ghaedhealaibh ag teacht i
n-Éirinn dóibh, agus is do Phartholón ghaireas Bartolinus
ann so. Gidheadh, do réir seanchuis na hÉireann, do bhádar
tuilleadh agus seacht gcéad bliadhan idir theacht Phartholóin


L. 44


agus teacht Chlainne Mhílidh go hÉirinn. Óir i gcionn trí
chéad bliadhan iar ndílinn táinig Partholón, agus i gcionn
míle ar cheithre fichid bliadhan i ndiaidh díleann, tángadar
mic Mhílidh go hÉirinn. Agus do bhreathnughadh Chamden
is córa creideamhain do sheanchus Éireann i san nídh seo
ioná do bhriathraibh Hanmer. Ag so mar adeir: - "Tugthar
a urraim féin do'n tseanchus i sna neithibh seo" (ar sé);
agus má is iontugtha do sheanchus i san mbioth ar son bheith
arsaidh, is díol urrama da ríribh seanchus Éireann, do réir
an Chamden cheudna, i san leabhar d'á ngairthear "Britannia
Camdeni," mar a n-abair, ag labhairt ar Éirinn: - "Ní
héigcneasda a dubhradh le Plutarchus Ogigia, eadhon ro-arsaidh,
ris an oileán so." Cuiridh Camden "réasún" ris
so, agus ag so mar adeir: - "A cuimhne ró-dhuibheacánta
seanchusa thairrngid a stáire féin (ag labhairt ar Éireannchaibh),
ionnus nach fuil i n-uile sheanchus na n-uile chineadh
eile acht nuaidheacht, nó (beagnach) naoidheantacht," láimh re
seanchus na hÉireann: agus uime sin, gur córa creideamhain
dó ioná do dhochtúir Hanmer, nach faca seanchus
Éireann riamh.



Adeir an t-úghdar ceudna gurab é rí Lochlonn, d'ár
bh'ainm Froto fá rí Éireann an tan rugadh Críost; gidheadh,
ní fíor dó sin, óir do réir an tseanchusa, is re linn
Chriomhthainn Niadh Náir do bheith i bhflaitheas Éireann rugadh
Críost; agus d'á réir sin ní hé Froto rí Lochlonn fá rí


L. 46


Éireann an tan soin. Is iongnadh liom Hanmer, do bhí
'na Shacsanach nach faca agus nachar thuig seanchus Éireann
riamh, cionnus do bhiadh a fhios aige cia an rí do bhí ar Éirinn
re linn Chríost do bhreith, agus gan a fhios aige go cinnte
cia an rí do bhí ar an mBreatain mhóir féin. Óir atá
Samuel Daniel, Gildas, Rider, agus Nennius, agus mórán
d'úghdaraibh eile do scríobh stáir na Breatan Móire, ag
a admháil gurab neamh-chruinn an seanchus atá aca féin
ar dhálaibh seanda na Breatan, do bhrígh go rugadar
Rómhánaigh agus Sacsanaigh a seanchus agus a sein-scríbhne
uatha; ionnus nach bí aca acht amus nó baramhail do
thabhairt do dhálaibh seanda na Breatan rés na Sacsanaibh
agus rés na Rómánchaibh: agus, uime sin, adeir Camden
foghlamtha féin nach feas dó créad ó'n abharthar Britannia
re Breatain, acht a bharamhail do thabhairt mar gach fear.
Adeir fós nach feas dó ca ham tángadar na Picti
d'áitiughadh na taoibhe tuaithe do'n Bhreatain Mhóir; agus
mar go rabhadar mórán do dhálaibh seanda na Breatan
Móire i n-a bhfoilcheas air, níor bh'iongnadh a mbeith nídh budh
mhó 'na bhfoilcheas ar Hanmer, agus foilcheas budh ro-mhó
ioná sin do bheith air i sean-dálaibh Éireann: agus, d'á
réir sin, ní baránta inchreidthe é fa rígh Lochlann do bheith 'na
rígh Éireann re linn beirthe Chríost.



Adeir, mar an gceudna, nach é Pádraic, apstol na
hÉireann (lér' síoladh an Creideamh Catoileaca 'san gcrích
ar dtús), fuair uaimh (purgadóra) Phádraic i n-oiléan na
purgadóra, acht Pádraic eile, abb, do mhair an tan fá haois


L. 48


do'n Tighearna, ocht gcéad ar chaogaid bliadhan. Gidheadh,
ní fíor dó so do réir Caesarius naomhtha, do mhair leath istigh
do sé céad bliadhan do Chríost, agus, d'á reir sin, do mhair
dhá chéad go leith bliadhan sul do bhí an dara Pádraic so
ann. Ag so mar adeir 'san ochtmhadh caibidil deug a's
fiche do'n dara leabhar deug ro scríobh ré' ráidhtear "Liber
Dialogorum": - "an tí chuireas contabhairt i bPurgadóir,
trialladh i n-Éirinn, teidheadh isteach i bpurgadóir Phádraic,
agus ní bhiaidh contabhairt aige i bpianaibh purgadóra ó sin
amach." As so is iontuigthe nach é an dara Pádraic úd,
luaidheas Hanmer, fuair purgadóir Phádraic ar dtús, acht
an ceud Phádraic. Óir cionnus budh fhéidir go mbadh é
an dara Pádraic doghéabhadh ar dtús í, agus go raibhe
dhá chéad go leith bliadhan ó'n am fa'r scríobh Caesarius
ar phurgadóir Phádraic go haimsir an dara Pádraic do
mharthain; agus fós atá seanchus agus beuloideas Éireann
ag a admháil gur b'é Pádraic apstol fuair purgadóir
ar dtús i n-Éirinn. Uime sin, is follus gur breug
meabhlach do rinne Hanmer ann so, i ndóigh go mbadh
lughaide do bhiadh cádhas ag Éireannchaibh ar uaimh purgadóra
é.



Nídh eile adeir i san gceathramhadh leathanach fichead
gurab do Lochlonnaibh ó'n Dania Fionn mac Chúmhaill;
gidheadh ní fíor dó so, do réir an tseanchusa, acht is do
shliocht Nuadhat Neacht rí Laighean é, táinig ó Eireamhón
mac Mhílidh. Adeir fós i san gcúigeadh leathanach fichead,
gurab mac do rígh Tuath-Mhúmhan an tí d'á ngairid na
húghdair Giolla Már, rí Éireann; gidheadh is lór linn
an breugnughadh tugamar ar an nídh seo cheana.


L. 50


Saoilim gurab tré fhonómhad chuireas Hanmer Cath
Fionntrágha síos ag fochuidmheadh go fallsa fa na
seanchadhaibh, ionnus go gcuirfeadh i gcéill do'n léaghthóir nach
fuil tabhacht i seanchus Éireann acht mar chath Fionntrágha.
Gidheadh, is follus nach fuil agus nach raibhe meas stáire fírinnighe
ag na seanchadhaibh ar chath Fionntrágha, acht gurab dearbh leo
gurab finnsceul filidheachta do cumadh mar chaitheamh aimsire
é. An freagradh ceudna dobheirim ar gach sceul eile d'á
gcuireann síos ar an bhFéinn. Ní fíor dó fós mar adeir
go raibhe Sláinghe mac Deala tríocha bliadhan i bhflaitheas
Éireann, óir, do réir an tseanchusa, ní raibhe i bhflaitheas
acht aon bhliadhain amháin.



Is neimhfhíor dó, mar an gceudna, a rádh go raibhe cor ó
aimsir Augustín manach ag áirdeaspog Chaintearbuiridh ar
chléir Éireann. Óir is dearbh nach raibhe cor ag áirdeaspog
Chaintearbuiridh ar chléir Éireann go haimsir Uilliaim
"Concur", agus nach raibhe cor aca an tráth soin féin acht
ar chléir Átha-cliath, Locha-garman, Phoirt-lairge, Chorcaighe
agus Luimnigh; agus is iad an chliar soin féin tré chomhmbáidh
fialasa le lucht na Normandie, ar mbeith dhóibh féin
d'iarmhar na Lochlonnach d'á ngairthí Normanni, agus fós
tré neamhmbáidh re Gaedhealaibh, tugsad iad féin fa smacht
áirdeaspoig Chaintearbuiridh; agus ní mheasaim go raibhe
cor aige orra sin féin acht re linn trí n-áirdeaspog d'á
raibhe i gCaintearbuiridh, mar atá Radulf, Lanfranc agus
Anselm. Mar sin is breugach dhó a rádh go raibhe cor


L. 52


ag áirdeaspog Chaintearbuiridh ar chléir Éireann ó aimsir
Augustín manach.



Is breugach adeir, mar an gceudna, go raibhe Murchadh
mac Cochlain 'na rígh ar Éirinn an tan fá haois do'n
Tighearna sé bliadhna ar thrí fhichid ar chéad ar mhíle, óir is
dearbh gurab é Ruaidhrí Ua Conchubhair do bhí ag gabháil
cheannais Éireann re a ais an tan soin, agus gurab cheithre
bliadhna ria ngabháltas Gall an uair sin.



Adeir arís gurab i san mBreatain Mhóir rugadh Comhghall,
abb Bheannchair i n-Áird Uladh: gidheadh ní fíor dó
sin, óir léaghtar i n-a bheathaidh gurab i nDál Aruidhe i
dtuaisceart Uladh rugadh é, agus gurab do Chineadh Dhál
n-Aruidhe dhó. Is uime do mheas Hanmer Breathnach do
dhéanamh do Chomhghall, do bhrígh gurab é Comhghall do thógaibh
Mainistir Bheannchair i n-Áird Uladh, fá máthair do
mhainistreachaibh Eorpa uile, agus gur thógaibh mainistir eile i
Sacsaibh, láimh re Uestchester, d'á ngairthear Bangor:
agus dá dteagmhadh do Hanmer a chur i gcéill do'n léaghthóir
gur Bhreathnach Comhghall, go gcuirfeadh d'á réir sin
i gcéill, gach oirdhearcas d'á bhfuil ar mhainistir Bheannchair
Uladh do dhul i gclú do Bhreathnachaibh a los Chomhghaill do
bheith dhíobh, nó gach clú d'ár thuill Beannchar Uladh go
gcuirfidhe i leith na mainistreach atá i Sacsaibh darab ainm
Bangor í.



Adeir Hamner gur chlann bastáird do rígh Laighean
Fursa, Faolán, agus Ultán; gidheadh go fírinneach is clann
d'Aodh Beannáin rí Mhúmhan iad, do réir naomh-sheanchusa
Éireann. Mar so, do mhórán eile do bhreugaibh Hanmer


L. 54


ag scríobhadh ar Éirinn, agus léigim díom gan leanmhain
orra níos faide, do bhrígh go mbadh liosta re a luadh uile
iad.



VII.



Adeir Seon Barclaí, ag scríobhadh ar Éirinn, na
briathra so: - "Lag-bhotháin tógbhaid (ar sé, ag labhairt
ar Éireannchaibh), go n-áirde duine, mar a mbíd féin agus
a spréidh i n-aoin-tigheas." Measaim ar an gcromadh doghní
an fear so ar thuarasgbháil do thabhairt ar airdheanaibh
agus ar árusaibh coilíneach agus fodhaoine mbeag ndearóil,
nach éigcneasda a choimhmeas re proimpiollán, mar go
gcromann ar a nós ar thuarasgbháil do thabhairt ar chróbhothaibh
bochtán agus daoine ndearóil, agus nach gabhann
ré' ais luadh ná iomrádh do dhéanamh ar phioláidibh palásda
prionnsamhla na n-iarladh agus na n-uasal eile atá i
n-Éirinn. Measaim fós nach cion stáraidhe dlighthear do
thabhairt dó, ná do neach eile do leanfadh a lorg i san
gcéim gceudna: agus mar sin, cuirim ó theist d'aon-fhocal
Fines Morison, do scríobh go sgigeamhail ar Éirinn; óir,
bíodh go raibhe a pheann cliste re scríobhadh i mBeurla, ní
shaoilim go raibhe an chiall do bhí aige ar chumas an phinn re
fírinne do nochtadh, agus mar sin ní mheasaim gurab fiu
é freagradh do thabhairt air. Óir, an stáraidhe chuireas
roimhe tuarasgbháil foirne ar bioth d'á mbí i gcrích do chur
síos, dleaghair dó a dteist féin go fírinneach do thabhairt
orra, idir olc agus maith; agus do bhrígh gurab d'aon-toisg,
tré olc agus tré an-chroidhe, (ar fhuráileamh daoine eile, ag
a raibhe an rún ceudna d'Éireannchaibh), tug i ndearmad


L. 56


gan maith na n-Éireannach do mhaoidheamh, do léig de gan an
riaghail budh inleanta do stáraidhe do choiméad i n-a stáir,
agus, mar sin, ní dleaghair cion stáire do thabhairt ar
a scríbhinn. Is iad, iomorro, riaghlacha is ionchoiméadta
re scríobhadh stáire, do réir Polidórus, 'san chéid leabhar
ro scríobh "de rerum inuentoribus," mar a dtráchtann ar
na riaghlachaibh is ionchoiméadta re scríobhadh stáire: ag so
an chéid riaghail chuireas síos: - "an chéid riaghail, nach
lámhadh aoinnídh breugach do rádh." An dara riaghail: -
"go nach lámhadh gan gach fírinne do chur síos": ag so briathra
an úghdair: - "ionnus (ar sé) nach biadh amhras cáirdeasa
nó mío-cháirdeasa i san scríbhinn." Adeir fós, i san áit
cheudna, go ndleaghair do'n stáraidhe beusa agus beatha,
comhairleacha, cúisi, briathra, gníomha, agus críochnughadh gach
foirne d'á n-áitigheann 'san gcrích ar a'r ghabh do láimh
scríobhadh, idir maith agus olc do nochtadh: agus do bhrígh go
dtug Fines Morison i ndearmad gan maith na n-Éireannach
do chur síos, tug i ndearmad gan coiméad do dhéanamh ar
na riaghlachaibh reamhráidhte, agus, d'á réir sin, ní cion
stáire dleaghair do thabhairt ar a scríbhinn.



Cibé do chuirfeadh roimhe mion-chuartughadh do dhéanamh
ar mhí-bheusaibh nó lorgaireacht ar lochtaibh fodhaoine, do
b'urusa leabhar do líonadh dhíobh; óir ní bhí dúithche san
mbioth gan daosgarshluagh. Feuchtar an-daoine na hAlban,
brusgarshluagh na Breatan Móire, fodhaoine Flondruis,


L. 58


faingidhe na Fraince, spriosáin na Spáinne, aos anuasal
na hIotáile, agus daor-aicme gacha dúithche ó sin amach,
agus doghéabhthar iomad ndoibheus ndaorchlannda ionnta;
gidheadh, ní hioncháinte an chrích go huilidhe ar a son. Mar
an gceudna, má táid doibheusa i gcuid do dhaor-chlannaibh
Éireann, ní hioncháinte Éireannaigh uile ar a son; agus
cibé doghéanadh, ní mheasaim go ndlighthear cion stáraidhe
do thabhairt dó; agus ó's mar so do rinne Fines Morison
ag scríobhadh ar Éireannchaibh, saoilim nach dleachtach cion
stáraidhe do bheith air: - agus mar an gceudna adeirim re
Campion.



Adeir Camden gurab nós i n-Éirinn na sagairt go
n-a gclainn agus go n-a leannánaibh do bheith ag áitiughadh
i sna teamplaibh, agus bheith ag ól agus ag fleadhughadh
ionnta: agus fós gurab nós innte mac an easpuig, mac
an abbadh, mac an phríora agus mac an tsagairt do ghairm
do chlainn na gcléireach soin. Mo fhreagradh air ann so
gurab é am fa'r thionnsgnadar cliar Éireann an droch-nós
soin, i ndiaidh an t-ochtmhadh Henrí do mhalairt a chreidimh,
agus, an tan soin féin agus ó sin i leith, ní chleachtadh an
droch-nós soin acht an chuid díobh do lean d'á n-ainmhianaibh
féin, agus do dhiult do na huachtaránaibh dlightheacha do bhí
ós a gcionn. Tig Camden féin leis an bhfreagradh so, mar
a n-abair ag labhairt ar Éirinn: - "Cibé drong díobh, (ar
sé), dobheir iad féin do riaghaltacht, congbhaid iad féin go
míorbhaileach i ngné chruadhdála riaghalta, ag fuireachras,
ag guidhe, agus ag trosgadh d'á seargadh féin." Ag so
mar adeir Cambrens i san seachtmhadh caibidil fichead, ag


L. 60


labhairt ar chléir Éireann mar an gceudna: - "Atá (ar sé
ag labhairt ar Éirinn) cliar na talmhan so somholta go
lór i riaghaltacht, agus i measg gach subhailce eile d'á bhfuil
ionnta, do sháruigh a ngeanmnaidheacht na huile shubhailce
eile ionnta." As so is iontuigthe go raibhe an gheanmnaidheacht
ar marthain ag cléir Éireann i n-aimsir Chambrens:
agus fós is iontuigthe as so nach iad gach aon drong do
chléir Éireann do chleachtadh an droch-nós úd, acht an drong
ainmhianach do bhlódhadh a gcuing amháin, agus do theidheadh go
siosmaiticeamhail i n-easumhla ar a n-uachtaránaibh eaglaise.
Tig Stanihurst leis an nídh seo i san stáir ro scríobh ar
Éirinn an tan fá haois do'n Tighearna ceithre bliadhna ar
cheithre fichid ar chúig céad ar mhíle. Ag so mar adeir: -
"bí roichion ag urmhór na n-Éireannach (ar sé), ar chrádhbhadh
nó ar riaghaltacht." As so is iontuigthe nach raibhe an
droch-nós úd luaidheas Camden coitcheann i n-Éirinn, acht
ag an gcléir do chlaon a gcuing amháin, (amhail adubhramar
thuas.)



Adeir Camden nach mór an coiméad do bhí ar phósadh i
n-Éirinn ó bhailtibh móra amach: gidheadh ní fíor dó so, agus
dobheir masla mór d'fhíor-uaislibh Éireann do bhrígh gurab
ar an tuaith áitighid a n-urmhór, idir Ghall agus Ghaedheal.
Gidheadh, ní abraim nach bíd drong díobh ainmhianach, amhail
bhíos i ngach uile chrích, nach bíd umhal d'á n-uachtaránaibh
eaglaise; agus, d'á réir sin, níor dhlightheach do Chamden
an choir nach raibhe coitcheann do chur i leith na n-Éireannach
áitigheas i san tuaith mar oilbhéim dóibh. Óir, dá raibhe


L. 62


duine nó dias nó beagán ainmhianach dhíobh, ní hioncháinte
foireann na críche uile chuca-san: agus, d'á réir sin, ní
cneasda do Chamden (an nídh) do rádh (gurab annamh bhíos cion
ar phósadh ag Éireannchaibh, acht ag lucht bailte mór nó
cathrach amháin): agus an drong adeir go mbíodh an pósadh
bliadhna ar gnáthughadh i n-Éirinn, is dearbh nachar cleachtadh
riamh innte é, acht le daoinibh ainmhianacha nach bíodh umhal
d'uachtaránaibh eaglaise, agus, d'á réir sin, ní hiontugtha
toibhéim choitcheann d'Éireannchaibh tré bheagán do dhaoinibh
domhúinte díochoisge d'á ghnáthughadh.



Adeir Campion i san seiseadh caibidil do'n chéid leabhar
d'á stáir, go mbíd Éireannaigh chomh soichreidmheach sin,
ionnus cibé nídh adéaradh a n-uachtarán, dá doichreidte
é, go measaid a bheith 'na fhírinne, (agus) dobheir fuair-sceul
fabhaill leis ag a shuidhiughadh so. Mar atá, go raibhe
"préaláid" ainmhianach i n-Éirinn, do bhí ineamhail re gach
nídh d'á n-aibeoradh do chur 'na luidhe ar a phobul, agus
teirce airgid air: agus i ndóigh go bhfuighbheadh fóirithin uatha,
nochtais dóibh, go raibhe Pádraic do leith istigh do bheagán
bliadhan, agus Peadar ag imreasain ré' raile do thaoibh
gallóglaigh Ghaedhealaigh do bhí ag Pádraic ag a chur isteach
i bhflaitheas Dé, agus gur ghabh fearg Peadar, agus leis sin
gur bhuail d'eochair flaithis Dé Pádraic 'na cheann, gur
bhris a bhaitheas, agus adeir Campion go bhfuair an
"préaláid" cothughadh tré san sceul so. Mo fhreagradh
air annso, gurab cosmhala é re cluithcheoir do bhiadh ag
reic sceul sgigeamhail ar scafoll ioná re stáraidhe. Óir,


L. 64


cionnus budh fhéidir go gcreidfeadh Críostaidhe ar bioth d'á
raibhe i n-Éirinn go mbrisfidhe baitheas Phádraic, agus é
iar bhfaghbháil báis tuilleadh agus míle bliadhan ó shoin:
agus fós gurab dearbh leis gach aon gurab eochair úghdardháis
do bhí ag Peadar, agus nach eochair iarainn lé' mbrisfidhe
baitheas ar bioth. Uime sin, measaim gurab breug
bhaothánta do rinne Campion i san nídh seo do chumadh ar
Éireannchaibh; agus do bhrígh go n-admhann féin 'san
"epistil" scríobhas i dtús a leabhair, nachar chaith acht deich
seachtmhaine re scríobhadh stáire na hÉireann, measaim nach
fiu é freagradh do thabhairt ar thuilleadh d'á bhreugaibh.



Ag so an teist dobheir "Mr. Good," sagart Sacsanach
do bhí ag seoladh scoile i Luimneach, ar Éireannchaibh, an tan
fá haois do'n Tighearna, míle, cúig céad, sé bliadhna a's
trí fichid: - "Cineadh so (ar sé), atá láidir i gcorp, agus
atá lúthmhar, ag a mbí intinn fhoirtill árd, intleacht gheur,
bhíos cogthamhail, neamhchoigealtach ar a bheathaidh, ag a mbí
fulang saothair, fuachta, agus ocrais, ag a mbí claonadh
re déanamh drúise, bhíos rói-cheannsa re haoidheadhaibh,
buainseasmhach i ngrádh, doshásuighthe i bhfaltanas, bhíos
soichreidmheach, bhíos fonnmhar ar chlú d'faghbháil, bhíos
neamhfhoighidneach ar mhasla nó ar eugcóir d'fhulang." Ag so fós
an teist dobheir Stanihurst orra: - "dream ró-fhuilngtheach
ar shaothraibh, tar an uile chinéal do dhaoinibh, agus is annamh
bhíos tláith i nguasachtaibh."



Adeir Spenser gurab ó Éireannchaibh fuaradar na


L. 66


Sacsanaigh aibghidir ar dtús, agus, d'á réir sin, ní raibhe
fios liteardhachta ar bioth ag na Sacsanaighibh go bhfuaradar
ó Éireannchaibh í.



VIII.



Dogheibh Seon Dauis locht ar an mbreitheamhnas tuaithe,
do bhrígh, dar leis féin, go bhfuilid trí droch-nóis ann. An
ceud nós díobh, an tánaiste do theacht ar beulaibh mic
tighearna an fhuinn. An dara nós, an roinn do bhí ar
an bhfearann idir na comhmbráithribh, d'á ngairid Gaill
"gabháil cinidh," mar a ndéantaoi mion-roinn idir na
comhmbráithribh ar an bhfearann. An treas nós, éiric do ghabháil
a marbhadh duine. Mo fhreagradh ar an nídh so, nach fuil
críoch 'san mbioth nach déantar malairt ar reachtaibh agus
ar nósaibh innte, do réir mar théid malairt ar stáid na
críche. Óir, ní rabhadar na nóis úd orduighthe i san
mbreitheamhnas tuaithe, gur lingeadar Éireannaigh ar chogadh agus
ar "choinbhliocht" do bheith idir gach dá chrích dhíobh, ionnus go
mbídís ag marbhadh, ag argain, agus ag creachadh a chéile:
agus mar do connarcas d'uaislibh Éireann, agus d'á
n-ollamhnaibh, an dochar do bhí ag teacht do'n easaontaidh
do bhíodh idir fhoirinn a gcríche an tan soin, do mheasadar
gur bh'oircheas na trí nóis úd d'ordughadh.



Ar dtús do thuigeadar gur chneasta an tánaisteacht,
ionnus go mbiadh caiptín infheadhma ag déanamh barántais
ar shluagh gacha críche d'á raibhe i n-Éirinn, ag cosnamh a
gcreach agus a maoine dóibh. Óir, dámadh é an mac i


L. 68


n-áit an athar do bhiadh ann, dob' fhéidir ar uairibh an mac do
bheith 'na mhionaois, agus, mar sin, nach biadh infheadhma re
cosnamh a chríche féin, agus go dtiocfadh lot na dúithche as a
los sin. Níor bh'fhéidir fós gan an dara nós do bheith ar
marthain i n-Éirinn an tan soin, mar atá roinn chomhmbráithreach
do bheith ar an bhfearann. Óir, níor bh'fhiu cíos na
críche an tuarasdal do rachadh do'n líon buannadh do
choiseonadh í: gidheadh, an tan do roinntí an chríoch idir na
comhmbráithribh, do bhiadh an bráthair budh lúgha mír dhi
coimhéasgaidh re n-a cosnamh fa n-a dhícheall, agus do bhiadh an
ceann-feadhna do bhíodh aca. Níor bh'fhéidir, mar an gceudna,
gan an éiric do bheith ar bun mu'n am so: Óir, dá marbhadh
neach duine an tráth soin, doghéabhadh comairce i san gcrích
ba foicsi dhó, agus do bhrígh nach bíodh ar chumas carad an
tí do marbhthaoi, cúitiughadh ná eineaclann do bhuain do'n
tí doghníodh an marbhadh, do agradaois a ghaol i san gcion,
mar smachtughadh ar an marbhthóir; agus do bhrígh nach bíodh
rún an mharbhtha ag an ngaol, níor dhlightheach a bhfuil do
dhortadh, gidheadh, do cuirthí cáin orra, mar smachtughadh ar
an tí doghníodh an marbhadh, agus dochím an nós so ar
marthain ag Gallaibh anois, mar go leantar an cion
comhgais leó. Is ionann, iomorro, éiric agus cion comhgais;
óir is ionann cion agus coir, agus is ionann comhgas nó
comhfhogus agus gaol, agus is é chialluigheas an cion comhgais,
cáin nó díol do bhuain amach i n-éiric nó i n-eineaclainn
an loit nó an dochair doghní neach (gémadh marbhadh nó


L. 70


míghníomh eile é), d'á charaid nó d'á chineadh; agus dochím
go bhfuilid Gaill anois ag coiméad an nóis sin, mar
go leantar an cion comhgais leó. d'á bhrígh sin, níor
chneasta do Sheon Dauis locht d'fhaghbháil ar an mbreitheamhnas
tuaithe thríd; agus an mhéid bheanas ris an dá nós eile, ní
raibhe teacht 'na n-éagmais ag Éirinn an tan do horduigheadh
iad, agus mar sin, níor bh'inbhéime an breitheamhnas tuaithe
tríotha. Óir, gion go bhfuilid oireamhnach d'Éirinn anois,
do bhádar éigeantach an tan do horduigheadh iad.



Adeir Camden gurab nós d'Éireannchaibh, breitheamhain,
leagha, seanchadha, filidh, agus aos teud do bheith ag a
n-uaislibh, agus tearmainn do bhronnadh dóibh, agus fós
saoirse do bheith ag a bpearsannaibh, ag a bhfearann, agus
ag a spréidh. Ag so mar adeir, ag labhairt orra: -
"Atá (ar sé), ag na flathaibh seo a ndlightheoiridhe féin,
d'á ngairid breitheamhain, a stáirtheoiridhe re scríobhadh
a ngníomh, a leagha, a bhfilidh, d'á ngairid báird, agus a
lucht seanma, agus fearann cinnte do gach aon díobh so,
agus gach aon díobh ag áitiughadh i n-a fhearann féin, agus
fós gach aon díobh do threibh chinnte fa seach; mar atáid
na breitheamhain do threibh agus do shloinneadh d'áirithe, na
seanchadha nó na stáirtheoiridhe do threibh agus do shloinneadh
eile, agus mar sin do chách ó sin amach, do sheoladaois a
gclann agus a ngaolta, gach aon díobh i n-a chéird féin,
agus bíd lucht a leanta i sna healadhnaibh seo díobh féin do
shíor."


L. 72


As na briathraibh seo Chamden, is follus gurab maith an
t-ordughadh do chuireadar Éireannaigh síos re coiméad na
n-ealadhan so i n-Éirinn ó aimsir go haimsir. Óir tugadar
fearann ollamhantachta do gach treibh díobh, ionnus go
mbiadh cothughadh aca orra féin, le saothrughadh na n-ealadhan
go nach cuirfeadh bochtacht d'á ndruim iad; agus fós
is é an tí fá dearsgnaighthe do'n treibh sin, nó do'n
treibh eile, dogheibheadh ollamhantacht na flaithe fearainn
do bhíodh aige, agus tigeadh de sin gach aon díobh do
(dhéanamh díchill ar) bheith rói-eolach i n-a n-ealadhain
féin (i ndóigh) re greamughadh na hollamhantachta tar an
gcuid eile d'á threibh: agus is mar sin doghníthear do'n leith
thall d'fhairrge anois le mórán théid do bhuain cathaoireach
amach a los a bhfóghluma. Is móide fós do féadadh na
healadhna so do choiméad mar do orduigheadar uaisle
Éireann tearmann agus comairce do bheith ag fearann,
ag pearsannaibh, agus ag spréidh na n-ollamhan; óir, an
tan do bhídís Gaedhil agus Gaill easaontadhach ré' chéile,
nach cuirfidís buaidhreadh ná toirmeasg ar na hollamhnaibh
ná ar na daltadhaibh fóghluma do bhíodh aca, d'á dtoirmeasg
ó shaothrughadh na n-ealadhan. Léaghtar ag Iul Caesar,
i san seiseadh leabhar d'á stáir, go raibhe an tearmann
ceudna ag na draoithibh táinic ó iarthar Eorpa do sheoladh
scol do'n Fhrainc, agus saoilim gurab a hÉirinn rugadar
an nós soin leó.


L. 74


IX.



Ní leanta dhúinn do bhreugnughadh na Nua-Ghall so nídh-sa-mhó,
bíodh gurab iomdha nídh chuirid síos i n-a stáiribh do
féadfaidhe do bhreugnughadh; do bhrígh urmhór a scríobhaid go
maslaightheach ar Éirinn, nach fuil d'úghdardhás aca re n-a
scríobhadh acht innisin sceul ainteasdach do bhí fuathmhar
d'Éirinn, agus aineolach i n-a seanchus: óir is dearbh, na
saoithe do bhí re seanchus i n-Éirinn, ná'r fhóbradar solus
do thabhairt dóibhsean ann, agus mar sin, ná'r bh'fhéidir
dóibh eolas do bheith i seanchus nó i sean-dálaibh Éireann aca.
Agus Cambrens, do ghabh ré' ais barántas do dhéanamh ar
chách, is cosmhail ris gurab dall nó daoi tug frais-eolas
fabhaill dó, mar gur fhágaibh gabháil Tuaithe Dé Danann
gan luadh do dhéanamh uirre, agus go rabhadar trí bliadhna
teasda do dhá chéad i gceannas Éireann, agus go rabhadar
naoi ríogha díobh i bhflaitheas Éireann; agus é iar ngabháil
ré' ais ceud ghabhála Éireann do chur síos, gémadh í gabháil
Cheasrach í, agus nach gabhaid na seanchadha go cinnte mar
ghabháil ria, tar cheann go luaidhtear leó i n-a leabhraibh í.
Measaim go fírinneach nach raibhe seadh aige i seanchus
Éireann do lorgaireacht, acht gurab é adhbhar fa'r ghabh do
láimh scríobhadh uirre le mítheastaibh do thabhairt ar a
foirinn re n-a linn féin, agus ar a sinnsearaibh rompa:
agus fós is gearr an uain do bhí aige ar chuartughadh
seanchusa Éireann, do bhrígh nachar chaith acht bliadhain go
leith ris gan dul go Sacsaibh; agus ar mbeith d'á stáir gan


L. 76


bheith críochnuighthe, do-fhágaibh cuid leith-bhliadhna teasda dhi
ar chúram "compáin" dó féin, d'ar bh'ainm Bertram Uerdon.



Uime sin, atá dóigh agam cibé léaghthóir comhthrom léighfeas
gach breugrughadh d'á ndéinim ar Chambrens, agus ar
na Nua-Ghallaibh seo leanas a lorg, gurab mó chreidfeas
an breugnughadh doghním ar a mbreugaibh ioná do'n innisin
sceul doghnídh cách, óir atáim aosda, agus drong díobh-san
óg; do chonnairc mé agus tuigim prímh-leabhair an tseanchusa,
agus ní fhacadar-san iad, agus dá bhfeicdís, ní tuigfidhe
leó iad. Ní ar fhuath ná ar ghrádh droinge ar bioth
seach a chéile, ná ar fhuráileamh aonduine, ná do shúil re
sochar d'fhaghbháil uaidh, chuirim rómham stáir na hÉireann do
scríobhadh, acht do bhrígh gur mheasas ná'r bh'oircheas
comh-onóraighe na hÉireann do chrích, agus comh-uaisle gach foirne
d'ár áitigh í, do dhul i mbáthadh, gan luadh ná iomrádh do bheith
orra: agus measaim gurab córaide mo theist do ghabháil
ar Éireannchaibh ar an tuarasgbháil dobheirim, do bhrígh
gurab ar Ghaedhealaibh is ro-mhó thráchtaim. Cibé lé n-ab
mór a n-abraim riu, nach inmheasta go mbéarainn breath
le báidh ag tabhairt iomad molta tar mar do thuilleadar
orra, agus mé féin do Shean-Ghallaibh do réir bunadhasa.



Má atá, iomorro, go moltar an fonn leis gach stáraidhe
d'á scríobhann ar Éirinn, díommoltar an fhoireann leis gach
Nua-Ghall-stáraidhe d'á scríobhann uirre, agus is leis sin
do gríosadh mise do chum na stáire seo do scríobhadh ar
Éireannchaibh, ar mhéid na truaighe do ghabh mé fa'n eugcóir
fhollusaigh doghníthear orra leó. Dá dtugadaois, trá, a
bhfír-theist féin ar Éireannchaibh, ní fheadar creud as nach


L. 78


cuirfidís i gcoimhmeas re haoin-chineadh 'san Éoraip iad i
dtrí neithibh, mar atá, i ngaisgeamhlacht, i léigheantacht,
agus i n-a mbeith daingean i san gcreideamh Catoileaca:
agus an mhéid bheanas re naomhaibh Éireann, ní rachadh d'á
mhaoidheamh créad a líonmhaire do bhádar, do bhrígh go bhfuilid
úghdair coigcríche na hEorpa ag a admháil, agus go
n-abraid gur líonmhaire Éire fa naomhaibh ioná aoin-chríoch
i san Eoraip; agus fós go n-admhaid go raibhe árdfhlaitheas
na fóghluma i n-Éirinn coimh-líonmhar (agus) sin gur bhrúcht
sí foirne fóghlumtha uaithe do'n Fhrainc, do'n Iotáile, do'n
Ghearmaine, go Flondrus, go Sacsain, agus go hAlbain,
mar is follus as an mbrollach atá ag an leabhar i n-ar'
scríobhadh beatha Phádraic, Choluimcille, agus Bhríghde i
mBeurla: agus an mhéid bheanas re seanchus Éireann, is
inmheasta go raibhe barántamhail, do bhrígh go nglántaoi i
bhFeis Teamhrach gach treas bliadhain é, do láthair uaisle,
eaglaise, agus ollamhan Éireann; agus ó do ghabhadar
Éireannaigh creideamh, do cuireadh ar fhorlamhas préaláideadh
eaglaise (é). Bíodh a fhiadhnaise sin ar na prímh-leabhraibh
seo síos, atá re a bhfaicsin fós, mar atá Leabhar
Árda-Mácha; Saltair Chaisil, do scríobh Cormac naomhtha
mac Chuileannáin (rí dá chúigeadh Múmhan agus áirdeaspog
Chaisil); Leabhar na hUachongmhála; Leabhar Chluana heidhneach
Fionntain i Laoighis; Saltair na Rann, ro scríobh Aonghus
Céile Dé; Leabhar Ghlinne-dá-loch; Leabhar na gCeart, ro
sgríobh Beinén naomhtha mac Seisgnéin; Uidhir Chiaráin, ro


L. 80


scríobhadh i gCluain-mhic-nóis; Leabhar Buidhe Moling, agus
Leabhar Dubh Molaga. Ag so síos suim na leabhar do bhí
scríobhtha ionnta-san, mar atá, an Leabhar Gabhála, Leabhar
na gCúigeadh, Réim Ríoghraidhe, Leabhar na n-Aos, Leabhar
Comhaimseardhachta, Leabhar Dinnseanchuis, Leabhar
Bainseanchuis, an leabhar d'á ngairthí Cóir anmann, an leabhar
d'á ngairthí Uraicheapt, ro scríobh Ceannfaolaidh na fóghluma,
agus an leabhar d'á ngairthear Amhra Choluimcille ro
scríobh Dallán Forgaill go grod i ndiaidh báis Choluimcille.
Atáid fós iomad do stáiribh eile ré a bhfaicsin i n-Éirinn,
i n-éagmais na bprímh-leabhar do luaidheamar, mar a
bhfuil mórán seanchusa ré a fhaisnéis, mar atá Cath Mhuighe
Muccraimhe, Forbhais Droma Dámhghaire, Oidhidh na gCuradh,
Cath Chrionna, Cath Fionnchoradh, Cath Ruis na Ríogh, Cath
Mhuighe Léana, Cath Mhuighe Rath, Cath Mhuighe Tualaing, agus
mórán do stáiribh eile nach luaidhfeam ann so. Is móide
fós is inmheasta seanchus Éireann do bheith barántamhail,
mar do bhí ós cionn dá chéad ollamh re seanchus ag coiméad
seanchusa na hÉireann, agus cothughadh ó uaislibh Éireann
ag gach aon díobh d'á chionn, agus fromhadh uaisle agus
eaglaise Éireann orra ó aimsir go haimsir. Is móide,
mar an gceudna, is inchreidte dhó an ársaidheacht atá
ann, agus, fós, nach deachaidh béarnadh ná múchadh air le
foirneart eachtrann. Óir, tar cheann go rabhadar Lochlonnaigh
ag buaidhreadh Éireann seal, do bhí an oiread
soin d'ollamhnaibh ag coiméad an tseanchusa, gur caomhnadh
suim an tseanchusa leó, bíodh go ráinig iomad do leabhraibh
na Lochlonnaigh. Gidheadh, ní mar sin do chríochaibh eile na


L. 82


hEorpa, do bhrígh gur mhúchadar Rómhánaigh, Galli, Goti,
Uandali, Sacsanaigh, Saraceni, Múraigh agus Lochlonnaigh a
seanchus i ngach ruathar ríogh d'á dtugadar fútha: gidheadh,
ní tháinig d'aon-droing díobh-san Éire d'argain, do réir
Chambrens, 'san seiseadh caibidil a's dá fhichid, mar a
n-abair, ag labhairt ar Éirinn: - "Do bhí Éire saor ó thús
ó ruathar an uile chinidh choigcríche." As so is iontuigthe go
raibhe Éire saor ó iomruathar námhad lé' múchfaidhe a
seanchus agus a sean-dála; agus ní mar sin d'aoin-chrích
eile 'san Eoraip. Uime sin measaim gurab córa creideamhain
do sheanchus Éireann ioná do sheanchus aoin-chríche eile
'san Eoraip, agus fós mar do sgagadh le Pádraic, agus
le naoimh-chléir Éireann é, ó aimsir go haimsir.



Gidheadh, tuig, a léaghthóir, go ndéarna mé malairt ar
an áireamh bliadhan innistear do bheith i bhflaitheas beagáin
do ríoghaibh págánta na hÉireann seach mar cuirthear síos
i san Réim Ríoghraidhe, agus i sna duantaibh atá cumtha
orra é; agus is é is fáth dham chuige sin nach faghbhaim ag
teacht le háireamh na n-aimsear ó Ádhamh go gein Chríost,
do réir úghdair bharántamhail ar bioth coigcríche iad. Adhbhar
eile fós atá agam, go bhfaicthear dham go dtugthar áireamh
éigcneasda bliadhan do dhroing dhíobh, mar atá Síorna
saoghlach, d'á dtugthar trí chaogaid bliadhan, agus go
léaghtar linn i sein-leabhar Gabhála go raibhe Síorna céad


L. 84


bliadhan sul do ghabh flaitheas Éireann, agus dá gcuirinn
síos a bheith i bhflaitheas trí chaogaid bliadhan, ní creidfidhe
mé. Uime sin, dobheirim bliadhain agus fiche dhó, do réir an
rainn atá 'n-a fhlaitheas, nach tugann do Shíorna acht
bliadhain agus fiche, mar bhus follus do'n léaghthóir.
Dobheirid caoga bliadhan do fhlaitheas do Chobhthach caolmbreágh,
gidheadh ní hiontugtha dhó acht tríocha: óir Moirriath inghean
Scoirriath, rí Chorca Dhuibhne, tug grádh do Mhaon, d'á
ngairthí Labhruidh Loingseach, ar mbeith ar deoraidheacht i
dtigh a hathar dhó 'na ógán, agus íse 'na hainnir óig; agus
ar dteacht ó n-a dheoraidheacht i n-Éirinn dó, agus iar
marbhadh Chobhthaigh, is í do budh bainchéile dhó, agus do chuir
sliocht air. Mar sin, dá dtugainn caoga bliadhan flaithis
do Chobhthach, do bhiadh sise trí fichid bliadhan, an tan rug
clann do Labhruidh Loingseach, agus ó nach féidir so do bheith
fírinneach, níor bh'fhéidir Cobhthach do bheith i bhflaitheas
caoga bliadhan. Mar sin, ar fháthaibh eile, doghním malairt ar
áireamh bliadhan flaithis beagáin do ríoghaibh Éireann ria
gcreideamh: acht measaim nach tré ainbhfios na seanchadh
táinig an mhalairt áirimh seo do dhéanamh, acht tré ainbhfios
na droinge do scríobhadh 'na ndiaidh, do bhí gan ealadhain
aca acht scríbhneoireacht amháin do dhéanamh: agus mar do
thréigeadar Éireannaigh ó'n tráth fa ráinig forlamhas
Éireann do Ghallaibh gan an fromhadh do cleachtaoi leó do
dhéanamh gach treas bliadhain ar an seanchus, agus go
dtugadar ollamhain an tseanchusa faill i n-a ghlanadh, iar
gcaill an tearmainn agus an tsochair do cleachtaoi leó
d'fhaghbháil ó Ghaedhealaibh a los an tseanchusa do chongbháil


L. 86


ar bun; agus fós mar do bhíodh easaonta ghnáthach idir
Ghallaibh agus Ghaedhealaibh i n-Éirinn, ré' gcuirthí
míoshuaimhneas ar na hollamhnaibh d'á gcur ó fhromhadh, agus ó
ghlanadh an tseanchusa ó aimsir go haimsir.



Agus dá gcuireadh aoinneach i n-iongantas an neimhtheacht
ré' chéile atá ag cuid d'úghdaraibh an tseanchusa
'san áireamh aimsire atá ó Ádhamh go gein Chríost, is
neimh-iongnadh é, do bhrígh gur beag d'úghdaraibh barántamhla
na hEorpa uile thig ré' chéile ar chomháireamh na haimsire
ceudna. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an neimhtheacht ré' chéile
doghníd na príomh-úghdair seo síos: -



Ar dtús do na húghdaraibh Eabhruidheacha: -
Baalsederhelm, 3518: na Talmudisti, 3784: na Nuadh-Rabbidhe,
3760: Rabbi Nahsson, 3740: Rabbi Lébhi, 3786:
Rabbi Maoise, 4058: Ioséphus, 4192.



Do na húghdaraibh Greugacha: -
Metrodorus, 5000: Eusebius, 5190: Teophilus, 5476.



Do na húghdaraibh Laidianda: -
Sanctus Hieronimus, 3941: Sanctus Augustinus, 5351:
Isidóir, 5270: Orosius, 5199: Béda, 3952: Alphonsus,
5984.



(Ag so áireamh an dá fhear dheug agus trí fichid ar na
ceithre ceud aosaibh do'n domhan, maille ris an áireamh tugsad
na daoine feasacha fóghlumtha do lean iad 'san lorg díreach,
ar na haosaibh ó chruthughadh an domhain go gein Chríost, ar n-a
roinn 'na gcúig rannaibh, .i. ó Ádhamh go dílinn, 2242, ó'n
dílinn go hAbraham 942, ó Abraham go Dabhidh, 940, ó
Dhabhidh go bruid na Babiolóin, 485, ó'n bhruid go gein
Chríost 590: - Summa 5199: is uime do chuireadar na daoine


L. 88


úghdardha do lean an dá fhear seachtmhoghad an cúigeadh
aimsir le n-a n-aimsir féin, do bhrígh gurab amhlaidh
coimhlíontar an aimsir seo, 5199, ó chruthughadh Ádhaimh go
gein Chríost: agus is do na húghdaraibh leanas an dá fhear
seachtmhogad i sna ceithre ceud aimsearaibh, eadhon, Eusebius,
áirmheas 'na chroinic ó chruthughadh an domhain go gein Chríost,
5199; Orosius, 'san cheud chaibidil d'á chéid leabhar, adeir
go bhfuil ó Ádhamh go hAbraham, 3184, agus ó Abraham go
gein Chríost, 2015; agus is í a suim araon, 5199. Adubhairt
S. Hieronimus i n-a epistil chum Tituis, ná'r coimhlíonadh sé
míle bliadhan d'aois an domhain go gein Chríost. Adeir,
(tráth), Augustinus naomhtha i san deachmhadh caibidil do'n
dara leabhar deug "de ciuitate Déi," nach áirmhthear sé
míle bliadhan ó chruthughadh an domhain go gein Chríost.
Cuirthear 'na leith sin araon, go dteagaid leis an lucht
áirimh seo, i n-uimhir contais ó chruthughadh an domhain go
gein Chríost naoi mbliadhna deug ar cheithre fichid ar chéad
ar chúig mhíle. Dearbhadh eile ar an áireamh ceudna, an
"Martirologia" Rómhánach, dheimhnigheas iomláine na n-aos
so, ó chruthughadh Ádhaimh go gein Chríost, cúige míle, céad,
nocha, agus a naoi.)



Agus mar nach tigid na príomh-úghdair seo le n-a chéile
ar áireamh na haimsire atá ó Ádhamh go gein Chríost, ní
hiongnadh neimhtheacht lé' chéile do bheith ag cuid do
sheanchadhaibh na hÉireann ar an áireamh gceudna. Gidheadh, ní
fuaras eadorra áireamh is mó shaoilim do bheith fírinneach
ioná an t-áireamh doghní drong díobh dobheir ceithre míle,
caoga, a's dá bhliadhain, do'n aimsir ó Ádhamh go gein
Chríost; agus is eadh is mian liom an t-úghdar barántamhail
is foigse thig do'n áireamh so do leanmhain i gcomhaimseardhacht
na n-árdfhlaitheadh, na n-aos, na bpápadh, agus na


L. 90


ngcomhairleadh gcoitcheann i ndeireadh an leabhair i n-a
n-áitibh cinnte féin.



Dá gcuireadh neach i n-iongantas orm, créad as a
dtugaim iomad rann mar shuidheamh ar an stáir as an
seanchus, mo fhreagradh air gurab é is fáth ris sin dam
gur chumadar úghdair an tseanchusa suim iomlán an
tseanchusa i nduantaibh, ionnus gurab lughaide doghéantaoi
malairt ar an seanchus é, agus fós gurab amhlaidh is mó
do cuirthí do mheamhair leis na macaibh fóghluma do bhíodh aca
é: óir is tré bheith i méadardhacht dána do gairthí Saltair
na Teamhrach do'n phrímhleabhar do bhíodh ar fhorlamhas
ollamhan ríogh Éireann féin, agus Saltair Chaisil do
chroinic Chormaic mic Chuileannáin, agus Saltair na Rann
do chroinic Aonghusa Céile Dé: óir, mar is ionann
"salm" agus duan nó dán, is ionann saltair nó "psalterium"
agus duanaire, i n-a mbiadh iomad do dhuantaibh
nó do dhántaibh; agus do bhrígh gurab i nduantaibh
atá cnáimh agus smior an tseanchusa, measaim gurab
oircheas dam cinneadh mar úghdardhás air, ag tráchtadh ar
an seanchus. Is uime adubhart go minic i gcoinne na
n-úghdar do breugnuigheadh linn, go raibhe an seanchus 'na
n-aghaidh, do bhrígh gur mheasas gur mhó d'úghdardhás an
seanchus do bhí coitcheann, agus do fromhadh go minic, amhail
adubhramar, ioná aon úghdar amháin go haonaránach d'á
bhfuil 'san seanchus.



Cuirid drong i n-iongantas cionnus budh fhéidir seanchus
aon duine do bhreith go hÁdhamh. Mo fhreagradh air sin, gur


L. 92


bh'urus do Ghaedhealaibh iad féin do choiméad go hÁdhamh,
do bhrígh, ó aimsir Ghaedhil i leith, go mbídís draoithe aca do
choiméadadh a nglúine geinealaigh, agus a ndála i ngach
turus d'á dtárla dhóibh go rochtain Éireann, mar is iontuigthe
as an stáir síos: agus fós do bhíodh báidh re healadhain
aca, do bhrígh gurab i ngiall ar a fhoghluim fuair
Niul athair Ghaedhil gach innmhe d'á bhfuair; agus fós a fhad
atáid Gaedhil gan a malairt i seilbh aoin-chríche amháin,
agus feabhas an orduighthe do chuirsiod síos re coiméad an
t-seanchusa, amhail adubhramar. Ag so síos sompla ó
úghdar Breathnach, mar a dtabhair geinealach rígh do bhí ar
an mBreatain go hÁdhamh, as a measfaidh an léaghthóir
gurab fhéidir do Ghaedhealaibh an nídh ceudna do dhéanamh;
agus is é ainm an úghdair Asser: ag so ainm an rígh sin -
Aelfred, mac Aetelmhuilf, mic Egbeirt, mic Etalmuind,
mic Eafa, mic Eomhua, mic Ingild, mic Coenreid, mic
Ceolbhaild, mic Cudaim, mic Cutbhuin, mic Cheaulin, mic
Cinric, mic Creoda, mic Cerdic, mic Elesa, mic Gebhuis, mic
Broind, mic Beild, mic Uodein, mic Fritilbhaild, mic
Frealaf, mic Fritilmhuilf, mic Fingodmhuilf, mic Geada,
mic Caetua, mic Beabhua, mic Sceldua, mic Eremoid, mic
Itermoid, mic Atra, mic hUala, mic Beduig, mic Iafeit,
mic Naoi, etc., etc.



(Ag so díonbhrollach, nó brollach cosnaimh Forais Feasa
ar Éirinn, mar a bhfuil suim seanchusa Éireann go cumair:
atá ar n-a thiomsughadh agus ar n-a thionól a prímh-leabhraibh


L. 94


seanchusa Éireann, agus a hiliomad d'úghdaraibh barántamhla
coigcríche le Seathrún Céitinn, sagart agus doctúir
diadhachta; mar a bhfuil suim chumair príomh-dhála Éireann
ó Pharthalón go Gabháltas Gall: agus cibé thoigeoras
scríobhadh go foirleathan líonmhar ar Éirinn d'á éis so,
doghéabhaidh i sna sein-leabhraibh ceudna mórán do neithibh
inscríobhtha uirre do fágbhadh amuigh d'aon-toisg ann so,
d'eagla gurab lughaide do thiocfadh an tsuim seo do chum
soluis, iad uile do chur i n-aon obair, ar a mhéid do dhuadh
a gcur i n-aon-chairt.)



Atá an stáir rannta 'na dá leabhar: an ceud leabhar
nochtas dála Éireann ó Ádhamh go teacht Phádraic i n-Éirinn;
agus an dara leabhar ó theacht Phádraic go Gabháltas Gall,
nó gus an am so.



Saoilim nach fuil léaghthóir comhthrom soshásuighthe lé'
mbeanann fromhadh do dhéanamh ar sheanchus Éireann, acht
neach bhus riarach ó n-a ndubhramar i san díonbhrollach so:
agus dá dteagmhadh nach lór leis gach sásadh d'á dtugaim
uaim, is tar mo dhícheall-sa do rachadh. Uime sin, gabhaim
cead aige, agus gabhadh agam, má thárla dham dul do'n
tslighe i n-aoinnídh d'á n-abraim i san leabhar so, óir má
atá aoinnídh inbhéime ann, ní ó mhailís acht ó aineolas
atá.



Bhur mbocht-chara bithdhíleas go bás,
Seathrún Céitinn.


L. 96



FORAS FEASA AR ÉIRINN.



Ag so do sheanchus Éireann, agus do gach ainm d'á
dtugadh uirre, agus do gach roinn d'á ndéarnadh uirre,
agus do gach gabháil d'á ndéarnadh uirre, agus do gach
ndroing d'ár ghabh í, agus do gach gníomh tasgamhail d'á
ndéarnadh innte re linn gach áirdrígh d'á raibhe ós a cionn,
ó thús riamh gus an aimsir seo, an mhéid fuaras re a
bhfaisnéis díobh.



AN CEUD LEABHAR.



An Ceud Alt.



Ar dtús, cuirfeam síos gach ainm d'á raibhe ar Éirinn riamh.



An ceud ainm tugadh ar Éirinn, Inis na bhfiodhbhadh,
eadhon, oiléan na gcoillteadh; agus is é duine do ghair
an t-ainm sin di, óglaoch do mhuinntir Nín mic Béil,
táinig uaidh do bhraith na hÉireann, agus iar dteacht innte
dhó, fuair 'na haon doire coille í, acht Magh n-Ealta amháin.



Trí huaire, iomorro, do bhí Éire 'na haon-choill, do réir an
tsean-fhocail seo atá 'san seanchus: - "Trí huaire do chuir
Éire trí monga agus trí maola dhi."


L. 98


An dara hainm, Críoch na bhfuineadhach, ó bheith i bhfuineadh,
nó i gcrích na dtrí rann do'n domhan do bhí ar faghbháil an
tan soin; ionann, iomorro, "fuin" agus críoch, ó'n bhfocal
so Laidne "finis."



An treas ainm, Inis Ealga, eadhon, oiléan uasal; óir is
ionann inis agus oiléan, agus is ionann ealga agus uasal:
agus is re linn Fear mBolg fá gnáth an t-ainm sin
uirre.



An ceathramhadh hainm, Éire, agus adeirthear gurab
uime gairthear sin di, do réir úghdair d'áirithe, ó'n bhfocal
so Aeria, fá sean-ainm do'n oiléan d'á ngairthear Créta nó
Candia anois; agus is uime mheasas an t-úghdar soin sin,
do bhrígh gur áitigheadar sliocht Ghaedhil ghlais i san oiléan
sin seal aimsire i ndiaidh Shrú mic Easrú mic Ghaedhil
d'ionnarbadh as an Éigipt; agus dobheirthear fós Aere
d'ainm ar an Éigipt ó'r ghluaiseadar Gaedhil. Gidheadh,
is í céadfaidh choitcheann na seanchadh gurab uime gairthear
Éire dhi, ó ainm na bainríoghna do Thuathaibh Dé Danann, do
bhí 'san gcrích re linn clainne Mhíleadh do theacht innte:
Éire, inghean Dealbhaoith fá hainm di, agus is í fá bean do
Mhac Gréine d'á ngairthí Ceathúr, fá rí Éireann an tan
tángadar mic Mhíleadh innte.



An cúigeadh hainm, Fódhla, ó bhainríoghain do Thuathaibh Dé
Danann, d'á ngairthí Fódhla: is í fá bean do Mhac Cécht
d'ár bh'ainm díleas Teathúr.



An seiseadh hainm, Banbha, ó bhainríoghain do Thuathaibh


L. 100


Dé Danann, do bhí 'san gcrích, d'á ngairthí Banbha: is í fá
bean do Mhac Cuill d'ár bh'ainm díleas Eathúr. Na trí
ríogha so do bhíodh i bhflaitheas Éireann gach ré mbliadhain;
agus is é ainm mná gach fír díobh do bhíodh ar an oiléan
an bhliadhain do bhíodh féin 'na rígh. Is uime gairthear Éire
do'n oiléan nídh-sa-mhionca ioná Fódhla nó Banbha, do bhrígh
gurab é fear na mná d'ár bh'ainm Éire, fá rí an bhliadhain
tángadar mic Mhíleadh innte.



An seachtmhadh hainm, Inis Fáil, agus is iad Tuatha Dé
Danann tug an t-ainm sin uirre, ó chloich tugsad leó
innte, d'á ngairthí an Lia Fáil: agus "Saxum fatale,"
eadhon, Cloch na Cinneamhna, gaireas Hector Boetius di, i
stáir na hAlban; agus fá cloch í ar a rabhadar geasa,
óir do ghéiseadh sí fa an neach d'ár chóra flaitheas Éireann
d'fhaghbháil re linn bhfear n-Éireann do bheith i mórdháil i
dTeamhraigh re togha rígh orra. Gidheadh, níor ghéis sí ó
aimsir Chonchubhair i leith, óir do balbhuigheadh bréig-dhealbha
an domhain an tan rugadh Críost. Ag so rann deismireachta
ag a shuidhiughadh gurab ó'n gcloich so gairthear Inis Fáil
d'Éirinn (amhail adubhairt Cionaoth file): -




An chloch atá fóm' dhá sháil, uaithe ráidhtear Inis Fáil;
Idir dhá thráigh thuile theinn, Magh Fáil uile for Éirinn.




An t-ochtmhadh hainm, Muicinis; agus is iad Clanna
Mhíleadh tug an t-ainm sin uirre, sul rangadar i dtír
innte. Mar tángadar, iomorro, go bun Innbheir Sláinghe,
d'á ngairthear cuan Locha-garman indiu, tionólaid Tuatha
Dé Danann go n-a ndraoithibh 'na gcoinne ann, agus imrid


L. 102


draoidheacht orra, ionnus ná'r léir dhóibh an t-oiléan acht
ar chosmhaileas muice, gonadh uime sin tugadar Muicinis
for Éirinn.



An naomhadh hainm, "Scotia"; agus is iad mic Míleadh
tug an t-ainm sin uirre, ó n-a máthair, d'ár bh'ainm
Scota, inghean Pharao Nectonibus; nó is uime tugadar
Scotia uirre, do bhrígh gurab iad féin Cineadh Scuit
ó'n Scitia.



An deachmhadh hainm, "Hibernia"; agus is iad mic
Míleadh tug an t-ainm sin uirre. Gidheadh, adeirthear gurab
ó abhainn atá 'san Spáin d'á ngairthear "Hiberus"
tugthar "Hibernia" uirre. Adeirthear fós gurab ó
Éibhear mac Míleadh gairthear "Hibernia" dhi; acht cheana,
adeir Cormac naomhtha mac Chuileannáin gurab uime
adeirthear "Hibernia" ria, ó'n gcomhfhocal Greugach so
"hiberoc," .i. "occasus" i Laidin, agus "nyaon," .i. "insula";
ionann sin re a rádh agus "insula occidentalis," eadhon,
oiléan iartharach.



An t-aonmhadh hainm deug, "Iernia" do réir Ptolomeus,
nó "Iuerna" do réir Solínus, nó "Ierna" do réir Claudianus,
nó "Uernia", do réir Eustatius. Measaim nach
fuil do chéill 'san deithbhir atá idir na húghdaraibh seo do
thaoibh an fhocail seo "Hibernia," acht ná'r thuigeadar créad
ó dtáinig an focal féin; agus, d'á réir sin, go dtug gach
aon fa leith dhíobh, amus uaidh féin air, ionnus gurab de sin
táinig an mhalairt seo ar an bhfocal.



An dara hainm deug "Irin," do réir Diodorus Siculus.



An treas ainm deug "Irlanda"; agus measaim gurab
é fáth fa dtugadh an t-ainm sin uirre, do bhrígh gurab é


L. 104


Ir mac Míleadh ceud duine do hadhnaiceadh fa úir Éireann
do chlannaibh Míleadh, agus d'á réir sin do hainmnigheadh
an t-oiléan uaidh: ionann, iomorro, "Irlanda" agus
fearann Ir, óir is ionann "land" i mBeurla, agus fonn
nó fearann i nGaedheilg. Is móide is measta fírinne
an neith seo, mar adeir Leabhar Árda Mácha gurab ainm do'n
oiléan so, Ireo, eadhon, uaigh Ir, do bhrígh gurab ann atá
feart nó uaigh Ir.



An ceathramhadh hainm deug "Ogigia" do réir Plutarcus:
ionann, trá, "Ogigia" i nGréigis agus "Insula
perantiqua", eadhon, oiléan ró-ársaidh; agus is cneasta
an t-ainm d'Éirinn sin, do bhrígh gurab cian ó do háitigheadh
ar dtús í, agus gurab foirbhthe an fír-eolas atá ag a
seanchadhaibh ar dhálaibh a sean ó thús na n-aimsear, diaidh
i ndiaidh.



An dara halt.



Ag so síos gach roinn d'á ndéarnadh ar Éirinn.



An cheud roinn: is é Partholón do roinn í 'na ceithre
míribh, idir a cheathrar mac, darbh' anmanna Er, Orba,
Fearon, agus Feargna. Tug an chéidmhír d'Er, mar atá,
a bhfuil ó Oileach Néid i dtuaisceart Uladh go hÁthcliath
Laighean. Tug an dara mír do Orba, eadhon, a bhfuil ó
Áthcliath go hoiléan Árda Neimheadh, d'á ngairthear Oiléan
mór an Bharraigh. Tug an treas mír d'Fhearon, ó'n Oiléan


L. 106


mór go hÁthcliath Meadhruidhe ag Gaillimh. Tug an ceathramhadh
mír d'Fheargna, eadhon, ó Mheadhruidhe go hOileach Néid.



An dara roinn: eadhon, roinn Chlainne Neimheadh. Triur
taoiseach do chlannaibh Neimheadh do roinn Éire eadorra i n-a
trí míribh: - Beothach, Simeon, agus Briotán a n-anmanna.
Gabhais Beothach ó Thóirinis go Bhoinn. Gabhais Simeon ó
Bhoinn go Bealach Chonglais láimh re Corcaigh. Gabhais
Briotán ó Bealach Chonglais go Tóirinis i dtuaisceart
Chonnacht.



An treas roinn ann so: eadhon, roinn Fear mBolg.
Cúig mic Deala, mic Loich, do rannsad Éire i n-a cúig
míribh eadorra, agus is díobh sin gairthear na cúig cúigidh:
agus is í sin roinn is buaine do rinneadh ar Éirinn riamh,
amhail adéaram go grod d'á éis so. Tig Cambrens leis
an roinn seo, 'san leabhar ro scríobh do thuarasgbháil na
hÉireann, mar a n-abair: - "I gcúig míribh, iomorro,
beagnach comhthroma, (ar sé) do ronnadh an chríoch so
i n-allód, mar atá, an dá Mhúmhain, Tuath-Mhúmha agus
Deas-Mhúmha, Laighin, Ulaidh, agus Connachta." Ag so na
cúig taoisigh d'Fhearaibh Bolg do ghabh ceannas na gcúig
gcúigeadh soin: Sláinghe, Seangann, Gann, Geanann, agus
Rughruidhe. Do ghabh Sláinghe cúigeadh Laighean, ó Dhroichead-
Átha go Cumar na dtrí n-uisge; gabhais Gann cúigeadh
Eachach Abhradhruaidh, ó Chumar na dtrí n-uisge go Bealach
Chonglais; gabhais Seangann cúigeadh Chonraoi mic Dáire,


L. 108


ó Bhealach Chonglais go Luimneach; gabhais Geanann cúigeadh
Chonnacht ó Luimneach go Drobhaois; gabhais Rughruidhe
cúigeadh Uladh ó Dhrobhaois go Droichead-átha.



Má tá go n-abraid cuid do na seanchadhaibh gurab
roinn tréanach do bhí ar Éirinn idir trí macaibh Chearmada
milbheoil do Thuathaibh Dé Danann, ní mheasaim gur
ronnadar Éire eadorra, acht is í mo cheudfaidh gurab
sealaidheacht flaithis gach ré mbliadhain do bhí eadorra, do
réir mar adubhramar thuas ag a fhoillsiughadh créad as a
dtugthar Éire ar an gcrích seo nídh-sa-mhionca ioná Fódhla
nó Banbha.



An ceathramhadh roinn: eadhon, roinn Chlainne Míleadh.
Is í ceudfaidh droinge re seanchus gurab amhlaidh dó ronnadh
Éire idir Éibhear agus Éireamhón: - a bhfuil ó Áthcliath
agus ó Ghaillimh budh dheas, agus Eisgir riadha do theorainn
eadorra, ag Éibhear; agus a bhfuil as sin budh thuaidh, ag
Eireamhón. Gidheadh, ní hí so roinn do rónadh eadorra,
amhail chruthócham 'na dhiaidh seo; acht is amhlaidh do rannsad
Éire: - dá chúigeadh Mhúmhan ag Éibhear; cúigeadh Chonnacht
agus cúigeadh Laighean ag Eireamhón; agus cúigeadh Uladh
ag Eibhear mac Ir, eadhon, mac a ndearbhráthar: agus
drong do na huaislibh táinig leó, i bhfochair gach aoin díobh
i n-a roinn féin do'n chrích.



An cúigeadh roinn: eadhon, roinn Chearmna agus Shobhairce.
Do roinn, iomorro, Cearmna agus Sobhairce Éire i ndá
leith eadorra, eadhon, ó Innbhear Cholptha ag Droichead-átha
go Luimneach Múmhan, agus an leath budh thuaith ag Sobhairce,
agus do rinne dún ar a leith féin, eadhon, dún Sobhairce.


L. 110


Gabhais Cearmna an leath budh dheas, agus do rinne dún
láimh re fairrge theas, eadhon, Dún Cearmna, ris a ráidhtear
Dún mic Pádraic, i gcrích Cúirseach i ndiu.



An seiseadh roinn: eadhon, roinn Ugaine mhóir. Rannais
Ugaine mór Éire i gcúig rannaibh fichead, idir an gcúigear
ar fhichid do chlainn do bhí aige, amhail chuirfeam síos i san
Réim ríoghruidhe.



An seachtmhadh roinn: eadhon, roinn Chuinn Chéadchathaigh
agus Mógha Nuadhat. Do roinn Conn agus Mógh Nuadhat
Éire leathach eadorra, mar atá, a bhfuil ó Ghaillimh agus
ó Áthcliath budh thuaidh, agus Eisgir riadha do theorainn
eadorra, ag Conn; agus is de sin táinig Leath Chuinn do
thabhairt ar an taoibh budh thuaidh; agus Leath Mhógha ag
Mógh Nuadhat; agus is de sin tugadh Leath Mhógha ar an
leith budh dheas.



Tar cheann, cheana, gur chuireas na seacht ranna so do rónadh
ar Éirinn síos i n-eagar, do réir uird na ngabháltas
agus na n-aimsear, fillfead ar an ngnáth-roinn atá
ar Éirinn ó aimsir Fear mBolg i leith, ó's í is mó atá ar
bun do shíor, eadhon, cúig cúigidh do dhéanamh dhi amhail
adubhramar. Agus is ann bhíodh comhroinn na gcúig
gcúigeadh so, ag liag atá i n-Uisneach, go dtáinig Tuathal
Teachtmhar i bhflaitheas, agus gur bhean mír do gach cúigeadh
mar fhearann buird do gach áirdrigh d'á mbiadh i nÉirinn;
gurab díobh sin do rinneadh an Mhídhe, amail foillseocham i
bhflaitheas Thuathail.


L. 112



An Treas Alt.



Do mhionroinn ar an Mídhe, agus ar na cúigeadhaibh ann so.



Doghéan anois mionroinn ar an Mídhe, agus ar na
cúigeadhaibh ar cheana; agus dobhéar tosach na ronna
so do'n Mhídhe, go bhfaisnéistear a fearainn, do bhrígh gurab
í fearann buird rígh Éireann í, do réir na nGaedheal,
agus go mbíodh saor gan dligheadh, gan smacht, gan cháin
ó neach i n-Éirinn, acht ó rígh Éireann amháin. Ocht dtriocha
deug líon a fearainn; triocha baile 'san triocha-chéad díobh;
dá sheisrigh deug fearainn i san mbaile, do réir an tseanchusa,
agus sé fichid acra 'san tseisrigh. Trí fichid
agus trí céad seisreach fearainn i san triocha chéad amhlaidh
sin. Ceithre fichid agus ceithre céad agus sé míle seisreach
fearainn i san Mídhe uile, do réir an áirimh seo. Is uime
gairthear Mídhe dhi, do bhrígh gurab do mhéidhe gach cúigidh do
bhean Tuathal Teachtmhar í. Nó is uime gairthear Mídhe
dhi, ó Mhídhe mac Bratha, mic Deaghfhatha, príomh-draoi
clainne Neimheadh; agus is leis do fadoidheadh an chéid teine i
n-Éirinn iar dteacht clainne Neimheadh, agus láimh re
hUisneach do fhadoidh í. Do bhronnadar clanna Neimheadh an
tuaith fearainn bí ann sin dó, agus ó'n draoi sin gairthear Mídhe
dhi. Agus ní raibhe d'fhearann 'san Mídhe, mu'n am soin,
acht an aon tuaith reamhráidhte, nó gur chuir Tuathal Teachtmhar
méidhe nó muinéal gach cúigidh léi, amhail ro ráidhsiom.


L. 114


Do theorantacht na Mídhe ann so ris na cúigeadhaibh,
amhail do orduigh Tuathal Teachtmhar; .i. mar théid ó'n
Sionainn soir go hÁthcliath, ó Áthcliath go habhainn Righe,
ó abhainn Righe siar go Cluain Connrach, ó Chluain Connrach
go hÁth an Mhuilinn Fhrancaigh, agus go cumar Chluana
hIoraird, as sin go Tóchar Cairbre, ó Thóchar Cairbre go
Crannaigh Ghéisille, go Druim Cuilinn, go Biorra, gus an
abhainn d'á ngairthear Abhainn Chara, gus an Sionainn
budh thuaidh, go Loch Ríbh, agus na hoiléin uile is leis an
Mídhe iad: agus an tSionann go Loch bó dearg, as sin go
Maothail, as sin go hÁth-luain, as sin go Sgairbh uachtaraigh,
go Druim leathain, go soiche an Mágh, go cumar Chluana
hEois, go Loch-dá-eun, go Mágh Cnoghbha, go Duibhir, go
Linn-átha-an-Daill ar Sliabh Fuaid, go Mágh an Chosnamhaigh
i gCill-tsléibhe, go Snámh Eugnachair, go Cumar, agus ó
Chumar go Life, amhail adeir an seanchaidh: -




Ó Loch bó dearg go Biorra, ó'n Sionainn soir go fairrge,
Go cumar Chluana hIoraird, 's go cumar Chluana hairde.




Trí thriocha deug i gcorp na Mídhe féin, agus cúig triocha
i mBreaghaibh, amhail adeirthear i sna rannaibh seo síos: -




Trí triocha deug 'san Mídhe, mar adeir gach aoin-fhile;
Cúig triocha i mBreaghmhaigh maith - is meamhair é re heolchaibh;
Críoch Mhídhe inneosad daoibh, agus críoch Breagh go mór-ghnaoi;
Ó Shionainn na ngarrdha nglan, go fairrge - do fheadamar;
Fir Theathbha ar imeall budh thuaidh, agus Cairbre go nglan-bhuaidh;
Go líon gach saoithe 's gach ndámh, fir Bhreagh go nuige an Casán.


L. 116



Do ronnadh an Mhídhe d'á éis so, le hAodh Oirdnidhe, rí
Éireann, idir dhá mhac Donnchaidh mic Dómhnaill, (fá rí
Éireann roimh Aodh Oirdnidhe); Conchubhar agus Oilioll a
n-anmanna. Tug an leath iartharach d'fhior díobh, agus an
leath oirthearach do'n fhior eile, ionnus gur lean an roinn
sin di ó sin i leith; agus is innte atá an Ríoghphort,
Teamhair.



Do roinn cúigidh Chonnacht ann so.



Cúigeadh Chonnacht ó Luimneach go Drobhaois: naoi gcéad
baile biadhtaigh atá innte, agus deich dtriocha fichead sin; agus
deich mbaile fichead 'san triocha-chéad díobh, agus dá sheisrigh
deug fearainn san mbaile. Sé fichid acra san tseisrigh:
ocht gcéad agus deich míle seisreach fearainn i gConnachtaibh
uile. Is uime gairthear Connachta dhi: iomarbhaidh draoidheachta
tárla idir dhá draoi do Thuathaibh Dé Danann,
Cithneallach agus Conn a n-anmanna. Do rad Conn
sneachta mór timchioll an chúigidh tré draoidheacht, gonadh
de ro hainmnigheadh Connachta, eadhon, sneachta Chuinn. Nó
is uime gairthear Connachta, .i. Conn-iochta, eadhon, clanna
Chuinn, óir is ionann iocht agus clann: agus do bhrígh gurab iad
clanna Chuinn do áitigh an cúigeadh, mar atáid sliocht
Eochach Moighmheadhóin, gairthear Connachta dhíobh. Rannais
Eochaidh Feidhleach cúigeadh Chonnacht i n-a thrí cotchaibh idir


L. 118


thriar. Tug d'Fhidheach mac Féigh, d'fhearaibh na craoibhe, ó
Fhidhic go Luimneach. Tug d'Eochaidh Alath, Iorras Domhnann,
ó Ghaillimh go Duibh agus go Drobhaois. Tug do Thinne mac
Chonnrach, Magh Sainbh, agus sean-tuatha Taoidhean ó Fhidic
go Teamhair Brogha niadh: is í Cruachain a ríoghphort.



Do roinn cúigidh Uladh ann so.



Cúigeadh Uladh ó Dhrobhaois go hInnbhear Cholptha, cúig
triocha deug ar fhichid; nó a sé deug ar fhichid atá ann.
Naoi bhfichid agus naoi gcéad baile biadhtaigh ann. Trí
fichid naoi gcéad agus dá mhíle deug seisreach fearainn i
san gcúigeadh so uile. Is uime gairthear Ulaidh dhíobh, ó'n
bhfocal so oll-shaith, .i. mór-ionnmhas, d'á chur i gcéill gur
móirionnmhasach Ulaidh do thaoibh éisg agus spréidhe. Dearbhaidh
an rann so gurab ionann saith agus ionnmhas: -




Ceudaoin luidh Judas tar órd, ar lorg deamhan díoghalgharg;
Ceudaoin ro ghabh saint um shaith; Ceudaoin ro bhraith Íosa árd.




Nó is uime ro gaireadh Ulaidh dhíobh, ó Ollamh Fódhla,
mac Fiachaidh fionn-scothaigh, amhail dearbhas an rann
so: -




Ollamh Fódhla feochair-ghail, uaidh ro hainmnigheadh Ulaidh,
Iar bhfír-fheis Teamhrach na dtreabh, is leis ar dtús ro
hoirneadh.




Agus Eamhain Mácha agus Aileach Néid a ríoghphoirt.



Do roinn cúigidh Laighean ann so.



Cúigeadh Laighean, ó thráigh Innbheir Cholptha go Cumar
na dtrí n-uisge, aoin-triocha deug ar fhichid ann. Deich mbaile


L. 120


fichead agus naoi gcéad baile biadhtaigh sin: trí fichid agus
céad agus aoin-mhíle deug seisreach i san gcúigeadh so uile.
Is uime gairthear Laighin díobh ó na laighnibh leathan-ghlasa
tugsad DubhGhaill leó i n-Éirinn an tan tángadar le
Labhraidh Loingseach; ionann, cheana, laighean agus sleagh.
Agus do bhrígh go rabhadar na sleagha so go gceannaibh
slinn-leathna orra, is uatha ro hainmnigheadh an cúigeadh.
Iar marbhadh Chobhthaigh Chaoilmbreágh, rí Éireann i nDionnríogh,
ro ghabhsad Laighin ainmniughadh. Is d'fhoillsiughadh gurab ó
na sleaghaibh seo ro hainmnigheadh Laighin do rinneadh an
rann so: -




Dá céad ar fhichid céad Gall, go laighnibh leathna leó anall;
Ó na laighnibh sin, gan oil, díobh ro hainmnigheadh laighin.




Dá phríomhlongphort do bhí i Laighnibh, i n-a gcleachtadaois
a ríoghraidh bheith 'na gcomhnuidhe, eadhon, Dionnríogh agus Nás.



Do roinn cúigidh Eochaidh Abhradruaidh ann so.



Cúigeadh Eochaidh Abhradruaidh, ó Chorcaigh agus ó Luimneach
soir go Cumar na dtrí n-Uisge; cúig triocha deug
ar fhichid ann. Deich mbaile seacht bhfichid agus naoi gcéad
baile biadhtaigh atá innte. Sé céad agus dá mhíle deug
seisreach fearainn atá 'san Múmhain thoir. Dá ríoghphort
comhnuighthe do bhíodh ag ríoghaibh an chúigidh seo, eadhon, Dún
gCrot agus Dún Iasgaigh.


L. 122


Do roinn cúigidh Chonraoi mic Dáire ann so.



Cúigeadh Chonraoi mic Dáire ó Bhealach Chonglais (ag
Corcaigh) go Luimneach, agus ó Luimneach siar go hiarthar
Éireann. Cúig triocha deug ar fhichid ann: a deich, seacht
bhfichid, agus naoi gcéad baile biadhtaigh ann sin. Sé céad
agus dhá mhíle deug seisreach fearainn atá 'san Múmhain
thiar. Dá ríoghphort comhnuighthe do bhíodh ag ríoghaibh an chúigidh
seo i n-allód, mar atá, Dún gCláire agus Dún Eochair
Mháighe.



Dá shliocht do bhíodh i seilbh an dá chúigeadh so Múmhan, mar
atá, sliocht Dáirfhine agus sliocht Deirgthine, go haimsir
Oiliolla Óloim, do shliocht Deirgthine, do ghabh ceannas an
dá chúigeadh, iar n-ionnarbadh Mic Con a hÉirinn, do bhí do
shliocht Dáirfhine. Agus do fhágaibh ceannas an dá chúigeadh
ag a shliocht féin ó sin anall; i maille re sealaidheacht,
gach re nglún, do bheith ag sliocht Eoghain Mhóir mic
Oiliolla Óloim, agus ag sliocht Chorbmaic Cais, (an
dara mac d'Oilioll Óloim), i bhflaitheas dá chúigeadh
Múmhan.



Na ceithre ríoghphoirt reamhráidhte fá príomh-áruis comhnuighthe
do ríoghaibh an dá chúigeadh seo, go haimsir Chuirc mic
Luighdheach do bheith i bhflaitheas Múmhan. Óir is re n-a
linn frith Caiseal ar dtús; agus is é fá hainm do'n áit
re' ráidhtear Carraig Chaisil indiu, Siothdhruim. Do gairthí
fós Leac na gCéad agus Druim Fiodhbhuidhe do'n ionad
ceudna, óir do bhádar iomad coillteadh timchioll an


L. 124


droma soin i n-aimsir Chuirc. Tangadar, trá, dá
mhucaidhe do bhiathadh a dtorc fa choilltibh an droma so
mu'n am soin, mar atá mucaidhe rígh Éile, Ciolarn a
ainm, agus mucaidhe rígh Mhusgraidhe-tíre, d'á ngairthear
Urmhúmha, Duirdre a ainm-siomh. Do bhádar ag aithidhe na
tulcha feadh ráithe, gur taisealbhadh dhóibh dealbh budh comhghlan
ris an ngréin, agus budh binne ioná gach ceol d'á
gcualadar riamh, agus í ag beannachadh na tulcha agus an
bhaile, agus ag tairngire Pádraic do theacht ann. Agus
is í dealbh do bhí ann, Uictor, aingeal Phádraic féin. Iar
bhfilleadh tar a n-ais d'á dtighthibh do na mucaidhibh, nochtaid
an nídh seo d'á dtighearnadhaibh féin. Iar rochtain na sceul
so go Corc mac Luighdheach, tig gan fuireach go Síothdhruim,
agus do rinne longphort ann, d'a ngairthí Lios na
laochraidhe; agus ar mbeith 'na rígh Múmhan dó, is ar an
gcarraig d'á ngairthear Carraig Phádraic anois do ghlacadh
a chíos ríoghdha. Is aire gairthear Caiseal do'n charraig
sin, óir is ionann Caiseal agus Cíosáil: áil, iomorro, ainm
do charraig; gonadh aire sin gairthear Caiseal, eadhon,
carraig an chíosa, do'n áit sin.



Ag so dearbhadh ar an nídh seo, as an duain darab
tosach, "Caiseal cathair clann Mhógha," do rinne Ua
Dubhagáin: -




Corc mac Luighdeach laochdha an fear, céid-fhear ro shuidh i
gCaiseal;
Fa mhúich-chiach do bhí an baile, go bhfuair é an dá aodhaire.
Muicidhe rígh Mhusgraidhe i n-óir, Duirdre a ainm 's ní heugcóir;
'S Ciolarn tre réidhe ruibh, muicidhe rígh Éile oirdheirc.
Is iad fuair fáth an bhaile ar dtús i nDruim Fiodhbhuidhe.
Druim Fiodhbhuidhe gan locht libh, ionmhaine le Corc Chaisil.


L. 126



Do mhionroinn Múmhan ann so.



Iar rochtain, iomorro, dá chúigeadh Múmhan do shliocht
Oiliolla Óloim, rannaid iad i n-a gcúig rannaibh, ar a
dtugthar na Cúig Múmhain. An chéidmhír ar a dtugthar
Tuadh-Mhúmha, is é a fad ó Léim Chongculainn go Slighe
Dhála, .i. an Bealach mór i n-Osraidhe, agus a tarsna
ó Shliabh Eichtghe go Sliabh Eibhlinne. (Agus tar cheann
gurab do shean-roinn Chonnacht a bhfuil o Shliabh Eichtghe
go Luimneach, maiseadh,) do rinne Lughaidh Meann, mac
Aonghusa Tírigh, mic Fir Chuirb, mic Mogha Chuirb, mic
Chorbmaic Cais, mic Oiliolla Óloim, fearann claidhimh d'á
bhfuil ó Eichtghe go Luimneach agus ó Shionainn siar go Léim
Chongculainn, gur chuir leis an Múmhain é: agus is é ainm
do gairthí dhe, Gairbh-fhearann Luighdheach, agus do bhíodh sé
saor ag Dál gCais gan cíos gan cánaigh ó ríoghaibh Éireann.
An dara mír Ur-Mhúmha, is é a fad ó Ghabhran go Cnámhchoill
ag Tiobruid Árann, agus a tarsna ó Bhéarnan Éile go
hOiléan Uí Bhric. An treas mír, eadhon Meadhon Múmhan,
is é a fad ó Chnámhchoill go Luachair Dheaghaidh, agus a
tarsna ó Shliabh Eibhlinne go Sliabh Caoin. An ceathramhadh
mír, Deas-Múmha, is é a fad ó Shliabh Caoin go fairrge budh
dheas. An cúigeadh mír Iar-Mhúmha, is é a fad ó Luachair
Dheaghaidh go fairrge siar, agus a tarsna ó Ghleann ua
Ruachta go Sionainn.


L. 128


Do réir Bhreasail Uí Threasaigh, an tan do roinneadh an
Mhúmha 'na cúig míribh, do bhíodh cúig aicme 'san mír, agus
cúig buidhne 'san aicme, agus cúig céad fear infheadhma
'san mbuidhin. Agus dá meastaoi neart Éireann uile an
tan soin, is éigcneasta baramhail na druinge do shaoil go
bhféadfadh an Romhánach le "legion" nó le dá "legion,"
Éire do chur fa ghion gai agus claidhimh (dó féin), agus
Éireannaigh do shíor 'na ndaoinibh gaisgeamhla.



Is uime gairthear Múmha do'n dá chúigeadh so Múmhan,
.i. gurab mó, do bhrígh gurab mó í ioná aon chúigeadh eile
d'Éirinn. Óir atáid cúig triocha deug agus fiche i ngach
cúigeadh do'n dá chúigeadh so Múmhan, agus gan an oiread
soin i n-aon chúigeadh eile i n-Éirinn. Óir, ar son go
n-áirmhthear a sé deug agus fiche i gcúigeadh Uladh, ní raibhe
acht a trí deug agus fiche innte go h-aimsir na gcúigeadhach.
Óir is é Cairbre Nia Fear rí Laighean do léig trí triocha-chéad
do Laighnibh, (mar atá ó Loch an chóigidh go fairrge), le
cúigeadh Uladh, i gcomaoin inghine Chonchubhair mic Neasa
d'faghbháil 'na mnaoi dhó, amhail adéaram d'á éis so i gcorp
na stáire.



Cúig triocha agus naoi bhfichid triocha céad i n-Éirinn
uile: deich mbaile agus dá fhichid, cúig céad agus
cúig míle baile biadhtaigh atá innte: sé céad, agus sé
míle, agus trí fichid míle seisreach fearainn innte, do réir
sean-ronna na nGaedheal. Tuig, a léaghthóir, gurab mó,
fa dhó nó fa thrí, acra do thomhas na nGaedheal, ioná acra
do roinn Gall anois.


L. 130



Do shuidhiughadh na hÉireann ann so.



Is é suidhiughadh atá ar Éirinn; an Spáin do'n leith thiar-
theas di, an Fhrainc do'n leith thoir-theas di, an Bhreatain
mhór do'n leith thoir di, Alba do'n leith thoir-thuaidh, agus
an t-aigéan do'n leith thiar-thuaidh, agus do'n leith thiar di.
Agus ar cuma uighe atá sí dealbhtha, a bonn re hAlbain,
soir budh thuaidh, a ceann ris an Spáin, siar budh dheas; agus
do réir Mhaginus, ag scríobhadh ar Ptolomeus, is ceithre
céime go leith do'n chrios grianda, d'á ngairthear "Zodiacus,"
atá i n-a leithead; agus adeir an fear ceudna gurab
sé huaire deug agus trí ceathramhna bhíos ar fad 'san ló
is faide 'san mbliadhain i san leith is sia budh dheas d'Éirinn,
agus ocht n-uaire deug 'san ló is faide i san leith budh thuaidh.
Fad na hÉireann ó Charn Uí Néid go Cloich an stocáin, agus
a tarsna ó'n Innbhear mór go hIorrus Domhnann.



Tuig, a léaghthóir, nach tré dhearmad nach luaidhim ann so
cuanta, náid cathracha, náid bailte móra Éireann; acht go
dtabhair Camden agus na croinicidhe nuadha so a dtuarasgbháil
síos go soiléir, agus nach é so áit a gcuirthe síos, acht i
dtús gabháltais Gall, lér' horduigheadh iad.


L. 132



An Ceathramhadh alt.



Ag so do chruthughadh an cheud athar ór' fhásamar, eadhon, Ádhamh,
agus d'á shliocht go Noe, agus as sin go clainn clainne Noe, go
dtugthar linn craobhsgaoileadh gach aicme d'ár ghabh sealbh
Éireann go hiomlán go Noe, agus fós gaol gach druinge dhíobh féin
ré' chéile.



Ar dtús do cruthuigheadh Ádhamh an seiseadh lá d'aois an
domhain: an cúigeadh bliadhain deug do ré Ádhaimh rugadh
Cáin agus a shiur Calmana: an deachmhadh bliadhain fichead
do ré Ádhaimh rugadh Abel agus a shiur Delbora: i gcionn
céid agus triochad bliadhan do ré Ádhaimh rugadh Séth, do
réir na n-Eabhruidheach, amhail léaghtar ag Policronicon.



Ag so d'aois na n-aithreach ó Ádhamh go Noe, agus fad na haimsire ó
Ádhamh go dílinn; agus geinealach Noe go hÁdhamh.



Noe, mac Laimhiach, mic Matusalem, mic Enoch, mic
Iareth, mic Malaleel, mic Cainan, mic Enos, mic Shéith,
mic Ádhaimh: óir a maireann d'éis na dílinne is do shliocht
Shéith iad uile, agus do báitheadh sliocht Cháin uile fa'n
dílinn. Agus is é fad ó chruthughadh Ádhaimh go dílinn, do
réir na n-Eabhruidheach, sé bliadhna deug a's dá fhichid ar shé
céad ar mhíle; gonadh aire sin do ráidh an seanchaidhe an
rann so: -




Ceud aimsear an bheatha bhinn, ó tá Ádhamh go dílinn;
Sé bliadhna caogad, rádh nglé, ar shé céadaibh ar mhíle.




Ag so mar thig seanchaidhe eile leis an áireamh
gceudna: -




Sé bliadhna agus caoga, agus sé céad, mar rímhim,
A's míle, mar áirmhim, ó Ádhamh go dílinn.


L. 134



Tig fós úghdar eile re seanchus ar an gcomháireamh
gceudna: -




Deich gcéad bliadhan, sé-chéad cáin, ar chaogaid, go sé bliadhnaibh,
Mar rímhim, is rús gan oil, ó dhílinn go tús domhain.




Ag so ré gach nduine ór' fhás Noe i san líne díreach: -
Ádhamh, triocha ar naoi gcéad bliadhan; Séth, dá bhliadhain
deug ar naoi gcéad; Enós, cúig bliadhna ar naoi gcéad;
Cainan, deich mbliadhna ar naoi g-céad; Malaleel, naoi
gcéad acht cúig bliadhna d'á n-easbaidh; Iareth, dá bhliadhain,
a's trí fichid ar naoi gcéad; Enoch, cúig bliadhna agus trí
fichid ar thrí céad; Matusalem, naoi mbliadhna, trí fichid,
ar naoi gcéad; Laimhiach, seacht mbliadhna deug, trí fichid,
ar sheacht gcéad; Noe, deich mbliadhna, dá fhichid ar naoi
gcéad.



Ag so dearbhadh an tseanchaidhe ar ré gach árdathar
díobh, amhail léaghtar 'san duain darab tosach: - "Athair
cháich choimsigh neimhe," etc.: -




Triocha naoi gcéad bliadhan bán,
Saoghal Ádhaimh re a iomrádh;
Deich mbliadhna ris sin uile
Saoghal a mhná mongbhuidhe:
Saoghal Shéith is eol dam sin,
A dhó-dheug ar naoi gcéadaibh;
Cúig bliadhna naoi gcéad, ro clos,
Nó go rug an t-eug Enós:
Deich mbliadhna naoi gcéad, gan gráin,
Aois mic Enóis, Caináin:
Naoi gcéad acht a cúig, go mbloidh,
Saoghal Mhalaleel mór-ghloin;
Dá bhliadain seasgad naoi gcéad,
Do Iareth ré ndul d'eug;


L. 136


Trí céad, seasga, cúig, ro clos,
d'Enoch ré ndul i bParrthas:
Naoi mbliadhna seasgad, go mbloidh,
Agus naoi gcéad do bhliadhnaibh,
Is é sin an saoghal, seang,
Tugadh do Mhatusalem;
Saoghal Láimhiach, luaidhtear leat,
Seacht gcéad, seachtmhogha, 'sa seacht:
Saoghal Nóe, niamhghlan a bhloidh,
Caoga ar naoi gcéad bliadhan.




Mar do chonnairc Dia, 'iomorro, sliocht Shéith ag dul
tar a thiomna féin, mar do aithin díobh gan cumasg ná
cleamhnas do dhéanamh re sliocht Cháin cholaigh, agus ná'r
choiméad siad an fógradh soin, do chuir dílinn do bháthadh
na ndaoine uile, acht Noe agus a bhean d'arbh' ainm Coba,
agus a thriar mac, Sem, Cham, agus Iafeth, agus a dtriar
ban, Olla, Olibha, agus Olibhana: óir níor chumaisg Noe
re sliocht Cháin, agus do bhí sé fíreunta. Iar dtrághadh
(na) dílinne, rannais Noe trí ranna an domhain idir a thrí
macaibh, amhail adeir an seanchaidhe: -




Sem ro ghabh i n-Asia n-áit;
Cham go n-a chlainn 'san Afraic;
Iafeth uasal agus a mhic,
Is iad ro ghabh an Eoraip.




Do chraobhscaoileadh an triair mac soin ór' geineadh an dá chinéal
deug agus trí fichid do bhí ag tógbháil an tuir.



Seacht mic fichead ag Sem, um Arfaxat, um Asur, um
Persius; agus is d'á shíol sin na hEabhruidhe. Triocha mac
ag Cam, agus is díobh sin Cus agus Canaan. A cúig-deug


L. 138


ó Iafeth, agus is díobh sín Gomer agus Magog. Ag so
rann ag dearbhadh na gcinéal úd, do chin ó thrí macaibh
Noe: -




Triocha mac mín, monor nglé,
Cinsiod ó Cham mac Noe;
A seacht fichead fil ó Shem,
A cúig deug ó Iafeth.




Ó Iafeth do chinsiod mórán do lucht na hAsia, agus lucht
na hEorpa uile. Do shliocht Mhagog mic Iafeth lucht na
Scíthia, agus go háirithe na treabha do ghabh Éire iar ndílinn
ria macaibh Mhíleadh, amhail foillseocham i ngabhálaibh Éireann
iar ndílinn. Gidheadh, cuirfeam síos ann so ar dtús, do
ghabhálaibh Éireann ria ndílinn, do réir droinge re seanchus,
sul luaidhfeam na fíor-ghabhála do rinneadh uirre d'éis
dílinne.



An cúigeadh alt.



Do ghabhálaibh Éireann ria ndílinn ann so síos.



I. Adeirid drong gurab iad teora hingheana Cháin cholaigh
do áitigh í ar dtús; gonadh d'á dhearbhadh sin do chuireas
rann as an duain darab tosach "fuaras i Saltair Chaisil"
ann so síos: -




Trí hingheana Cháin chain,
maraon re Seth mac Ádhaimh,
Adchonnairc an mBanbha ar dtús:
Is meamhair liom a n-iomthús.


L. 140



Adeir leabhar Droma Sneachta gur bh' Banbha ainm na
céid inghine ro ghabh Éire ria ndílinn, agus gurab uaithe
gairthear Banbha d'Éirinn. Trí chaoga ban tángadar ann,
agus triar fear: Ladhra ainm fir díobh, agus is uaidh ainmnighthear
Árd Ladhrann. Dá fhichid bliadhan dóibh 'san inis, go
dtárla galar dóibh, gur eugsad uile re haoin-tseachtmhain.
Dá chéad bliadhan iar sin Éire fás, folamh, gan aoinneach beo
innte, gonadh iar sin táinig an díle.



II. Adeirid drong eile gurab triar iascaireadh do seoladh
le hanfadh ngaoithe ó'n Easpáin, go haimhdheonach; agus mar
do thaithin an t-oiléan riu gur fhillsiod ar cheann a mban
do'n Easpáin; agus iar dteacht ar a n-ais dóibh go hÉirinn
arís, do fearadh an díle dóibh ag Tuaigh-Innbhir, gur báitheadh
iad: Capa, Laighne, agus Luasad, a n-anmanna. Is dóibh ro
canadh an rann: -




Capa, Laighne is Luasad grinn,
Bhádor bliadhain ria ndílinn,
For inis Banbha na mbágh,
Bhádor go calma comhlán.




III. Adeirthear, trá, gurab í Ceasair inghean Bheatha
mic Noe, táinig innte ria ndílinn, gonadh dó do rónadh an
rann: -




Ceasair inghean Bheatha bhuain,
Dalta Sabhaill mic Nionuaill,
An chéid bhean chalma ro chinn
d'inis Banbha ré ndílinn.


L. 142



Madh áil, iomorro, a fhios d'fhaghbháil creud tug go hÉirinn
í: Bioth do chuir teachta go Noe, d'fhios an bhfuighbheadh
féin agus a inghean Ceasair ionad i san áirc d'á gcaomhnadh ar
dílinn; ráidhis Noe nach fuighbhidís. Fochtais Fionntain an
gceudna, agus ro ráidh Noe nach fuighbheadh. Téid Bioth,
Fionntain, Ladhra agus an inghean Ceasair i gcómhairle
iaramh. "Déantar mo chómhairle-se libh," ar Ceasair. "Do-
ghéantar," ar siad. "Maiseadh," ar síse, "tabhraidh láimhdhia
chugaibh, agus adhraidh dhó, agus tréigidh Dia Noe." Iar sin
tugsad láimhdhia leo, agus adúbhairt (an láimhdhia) riu loingeas
do dhéanamh, agus triall ar muir: gidheadh níor bh'fheas
dó cá tráth do thiocfadh an díle. Do rinneadh long leo, as a
haithle, agus téidhid ar muir. Is é líon do chuadar innte
triar fear, eadhon, Bioth, Fionntain, agus Ladhra: - Ceasair,
Barrann, agus Balbha, agus caoga inghean i maille riu.
Seacht mbliadhna agus ráithe dhóibh ar muir, gur ghabhsad
cuan i nDún na mbárc i gcrích Chorca Dhuibhne, an cúigeadh
lá deug d'eusga, amhail adeir an seanchaidhe: -




Is ann do ghabhadar port
Ag Dún na mbárc, an bantracht,
I gCúil Cheasrach i gCrích Chairn,
An cúigeadh deug Dia Sathairn.




Agus dá fhichid lá ria ndílinn sin amhail adeirthear: -




Dá fhichit lá ria ndílinn,
Táinig Ceasair i n-Éirinn,
Fionntain, Bioth, is Ladhra Luinn,
Is caoga inghean áluinn.


L. 144



(Tig file eile leis an nidh gceudna mar a n-abair 'san
rann so: -




Do luidh a n-oir Ceasair,
Inghean Bheatha an bhean,
Go n-a caogaid inghean,
Agus go n-a triar fear.)



Lucht (aon) loinge do bhádar ar an eachtra soin go Dún
na mbárc. Táinig Ceasair, agus líon na loinge sin i dtír ann sin
(mar atá caoga ban agus triar fear, .i. Bioth agus Fionntain agus
Ladhra, amhail a dubhramar). Fá hé an Ladhra soin ro
ráidhsiom ceud mharbh Éireann, do réir na droinge adeir
ná'r ghabhsad lucht ar bith Éire ria ndílinn acht Ceasair agus
an drong táinig lé; agus is uaidh ainmnighthear Árd Ladhrann.
Ó Bioth ainmnighthear Sliabh Beatha, ó Fhionntain
ainmnighthear Feart Fionntain ós Tultuinne i nDúthaigh
Aradh, láimh re loch Deirgdheirc; ó Cheasair ainmnighthear
Carn Ceasrach i gConnachtaibh. Triallaid as sin go Bun
Suaimhne, eadhon, Cumar-na-dtrí-n-uisge, áit a bhfuil suaineamh
Siuire agus Feorach agus Bearbha. Rannaid ann sin
a gcaoga inghean i dtrí rannaibh eatorra. Rug Fionntain
Ceasair leis, agus seacht mná deug i maille ria: rug Bioth
Barran leis, agus seacht mná deug eile 'na farradh: agus
rug Ladhra Balbha, go sé mnáibh deug mar an gceudna leis,
go ráinig Árd Ladhrann, go bhfuair bás ann. Fillis Balbha
agus a sé mná deug go Ceasair arís. Cuiris Ceasair
sceula go Bioth. Tig Bioth d'fhios Fhionntain, gur roinnsiod
na sé mná deug soin leathach eatorra. Rug Bioth a chuid
féin díobh leis go Sliabh Beatha i dtuaisceart Éireann, agus


L. 146


níor chian as a haithle gur eugastair ann. Dála na mban
so Bheatha, tigid d'fhios Fhionntain iar sin, gidheadh, teithis
Fionntain rómpa i Laighnibh, tar Bun Suaimhne, tar Sliabh
gCua, i gCeann Feabhrad Sléibhe Caoin, agus láimh chlé re
Sionainn soir go Tultuinne, ós loch Deirgdheirc. Téid
Ceasair go n-a bantracht go Cúil Ceasrach i gConnachtaibh,
gur bhris a croidhe tre bheith i n-iongnais a fir, agus tré eug
a hathar agus a bráthar; agus ní raibhe uaithe go dílinn
ann sin acht sé láithe. Gonadh d'á dheimhniughadh sin do
ráidheadh an rann so: -



Is iad sin - iar n-uair bhfeachta -
A n-oigheadha, a n-imtheachta;
Ní raibhe acht seachtmhain namá,
Uatha gus an gceathracha.



IV. Bíodh a fhios agat, a léaghthóir, nach mor stáir fhírinnigh
chuirim an gabháil seo síos, ná aon ghábháil d'ár luaidheamar
go ró so; acht do bhrígh go bhfuaras scríobhtha i sein-leabhraibh
iad. Agus fós ní thuigim cionnus fuaradar na seanchadha
sceula na ndrong adeirid do theacht i n-Éirinn ria ndílinn,
acht munab iad na deamhain aerdha do bhíodh 'na leannánaibh
sídhe aca re linn a mbeith págánta tug dóibh iad: nó munab
i leacaibh cloch fuairsiod scríobhtha iad iar dtrághadh na dílinne,
dámadh fíor an sceul; óir ní ionráidh gurab é an
Fionntain úd do bhaoi rés an dílinn do mhairfeadh d'á héis,
do bhrígh go bhfuil an Scrioptúir 'na aghaidh, mar a n-abair


L. 148


nach deachaidh do'n droing daonna gan báthadh, acht ochtar na
háirce amháin, agus is follus ná'r dhíobh sin éisean. Is
neimhfhíor an suidhiughadh atá ag droing do seanchadhaibh ar
Fhionntain do mharthain re linn dílinne, mar a n-abraid gur
mhairsiod ceathrar i gceithre háirdibh an domhain re linn na
dílinne, mar atá Fionntain, Fearón, Fors, agus Andóid.
Gidheadh, a léaghthóir, ná meas gurab í so ceudfaidh na
muinntire is úghdardha 'san seanchus. Uime sin, cuiridh
úghdar d'áirithe an nidh so romhainn i laoidh, d'á fhoillsiughadh
nach tig sé le fírinne an chreidimh a rádh go mairfeadh Fionntain
nó ceachtar do'n triar eile iar ndortadh dílinne, agus roimpe.
Ag so an laoidh: -



Anmann ceathrair ceart ro chinn,
Do fhágaibh Dia fo dhílinn
Fionntain, Fearón, Fors caomh cóir,
Agus Andóid mac Eathóir.
Fors i n-oirthear thoir do dhligh;
Fearón re huardha an éididh;
Fionntain re fuineadh go beacht,
Agus Andóid re deisceart.
Gé áirmhid seanchadha sin,
Ni áirmheann Canóin cubhuidh,
Acht Noe do bhí i n-áirc 's a chlann,
'S a mná fuair caomhna a n-anman.



Is tuigthe as sin nach ceudfaidh choitcheann do na seanchadhaibh
uile aon díobh so do mharthain d'éis dílinne: gidheadh,
dá n-abradh aon tseanchaidhe, mar chaomhna ar chlaonadh an
chreidimh, gur báitheadh Fionntain fear mar chách fó'n dílinn,


L. 150


agus gur haithbheodhuigheadh é le Dia, d'á éis sin, do chaomhna
agus do choiméad imtheachta na sean, go n-a sceulaibh, go
haimsir Phádraic, agus iar sin go haimsir Fhinnéin Maighe
Bile; ní thuigim cionnus budh féidir a choimh-iongantach so do
nídh do ceilt ar feadh na hEorpa, agus a mhionca, re linn
Fhinnéin, agus ó sin i leith, do chuadar dronga dearsgnuighthe
do dhiadhairibh agus d'fheallsamhnaibh, agus mórán do dhaoinibh
eolcha eagnuidhe eile a hÉirinn fo chríochaibh oirrdhearca Eorpa
do mhúnadh cléire agus coimhtonól, agus do theagasg scol
gcoitcheann: agus a rádh nach biadh ar a lorg deisciobal
éigin le' bhfúigfidhe laoidh nó litir i n-a mbiadh luadh nó iomradh
ar Fhionntain, agus a mhionca do scríobhadar neithe eile atá
re n-a bhfaicsin indiu; agus fós nach faicim iomradh air i
bprímhleabhraibh barántamhla; agus saolim, d'á réir sin,
nach fuil acht finnsceul filidheachta i san stáir d'fhaisnéidhfeadh
Fionntain do mharthainn ria ndílinn, agus 'na diaidh. Gidheadh,
ní abraim nach raibhe duine críonna cianaosda ann ria
dteacht Phádraic go hÉirinn, agus gur mhair sé iomad do
chéadaibh bliadhan, agus gach nídh budh cuimhneach leis gur
fhaisnéidh do Phádraic é; agus fós gach beuloideas d'á bhfuair
ó n-a shinnsearaibh ar na haimsearaibh do chuaidh roimhe: agus
measaim go raibhe a shamhail sin do sheanóir ann d'á ngairthí
Tuan mac Cairill do réir droinge re seanchus, agus do réir
droinge eile Roanus, eadhon Caoilte mac Rónáin, do mhair
tuilleadh agus trí chéad bliadhan, agus do nocht mórán


L. 152


seanchusa do Phádraic, amhail is follus i n-Agallaimh na
Seanórach; agus is ar Chaoilte is cóir Roanus, nó Ronánus
do thabhairt. Óir ní léaghtar i leabhar ar bioth do sheanchus
Éireann, go ngairthí Roanus nó Ronánus d'Fhionntain; acht
gidh air do bheir Cambrens, mar gach bréig eile d'á chlaoin-
sheanchus, é: agus amhail do chuir-sean "Roanus" síos i n-a
chroinic i n-áit "Ronánus," scríobhaidh gach aon do na Nua-
Ghallaibh scríobhas ar Éirinn "Roanus" ar lorg Chambrens
mar ainm ar Fhionntain, do brígh gurab é, Cambrens, is
tarbh tána dhóibh le scríobhadh saoibh-sheanchusa ar Éirinn, ar
an adhbhar nach fuil a mhalairt do threoraidhe aca. Is córaide
a mheas gurab ar Chaoilte dobheirthear Ronánus, mar chuirid
sean-úghdair síos idir oibreachaibh Phádraic gur scríobh sé
"Historia Hiberniae ex Roano seu Ronáno": is é, iomorro,
sloinneadh an úghdair is gnáth do chur ós cionn gach oibre d'á
scríobhann neach, mar is follus do gach léaghthóir chleachtas
úghdair do léaghadh.



Agus ní fíor do Hanmer i n-a chroinic mar adeir gurab
mór an meas atá ag Gaedhealaibh ar sceulaibh Fhionntain,
d'á ngaireann seiseann "Roanus," mar adeirid gur folchadh
fa dhílinn é, agus gur mhair 'na diaidh tuilleadh agus dá mhíle
bliadhan go rug ar Phádraic, agus gur ghabh baisdeadh uaidh,
agus gur nocht iomad seanchusa dhó, agus go bhfuair bás i
gcionn bliadhna iar dteacht Phádraic i n-Éirinn, agus gur
hadhnaiceadh láimh re Loch Ríbh i n-Ur-Mhúmhain é, mar a bhfuil
teampoll ar n-a ainmniughadh, nó ar n-a bheannughadh i n-a
ainm, agus go bhfuil fós ar n-a ainmnuighadh i measg naomh
Éireann. Gidheadh, is follus nach dubhairt seanchaidhe riamh,
agus fós nachar fhágaibh scríobhtha an nídh seo adeir Dochtúir
Hanmer. Óir atáid triar re a luadh ann so i riocht aon


L. 154


duine, mar atá Fionntain, d'á ngaireann Cambrens Roanus,
.i. Caoilte mac Rónáin do baisdeadh lé Phádraic agus tug
iomad seanchusa dhó; agus Ruadhan, d'ár beannuigheadh Lothra
i n-Ur-Mhúmhain, láimh re Loch Deirgdheirc, agus ní láimh re
Loch Ríbh atá mar adeir Hanmer; agus Tuan mac Cairill.
Ní leanfam nídh-sa-mhó do bhreugaibh Hanmer, nó an bharánta
atá aige: agus fós measaim gurab i riocht an fhocail seo
Ronánus do scríobh Cambrens "Roanus" ar dtús, agus gur
fhágaibh gan leasughadh ag a lorgairidhibh ó sin i leith é.



An Seiseadh Alt.



I. Do'n cheud ghabháil do rinneadh ar Éirinn ann so.



Do réir droinge do na seanchadhaibh táinig óglaoch do
mhuinntir Nin mic Béil (d'ár bh'ainm Adhna mac Beatha)
d'fhios na hÉireann, i dtimchioll seacht bhfichid bliadhan d'éis
dílinne, gidheadh ní fada an cómhnuidhe do rinne innte. Luidh
ar gcúl d'fhaisnéis an oiléin ad-chonnairc d'á choibhneasaibh,
agus páirt nó méid éigin d'fheur na hÉireann leis, amhail
léaghtar i san duain darab tosach, "Fuaras i Saltair
Chaisil," etc. (ag so mar adeir an duain): -




Adhna mac Beatha go gcéill,
Laoch do mhuinntir Nin mic Béil,
Táinig i n-Éirinn d'á fiss,
Gur bhean fér i bhFidh-inis:
Rug leis lán a dhuirn d'á fér,
Téid for gcúl d'innisin sgél,
Is í sin gabháil ghlan ghrinn,
Is girre seal fuair Éirinn.


L. 156



Gidheadh, ní mheasaim go ndleaghair gabháil do thabhairt ar
eachtra an fhir seo, do bhrígh nach déarna sé cómhnuidhe innte:
agus uime sin gurab í gabháil Phartholóin ceud ghabháil is
córa d'áireamh uirre d'éis dílinne.



II. Do'n chéid phríomh-ghabháil do rinneadh ar Éirinn d'éis
dílinne, .i. gabháil Phartholóin ann so.



Do bhí Éire, iomorro, fás trí chéad bliadhan d'éis dílinne,
go dtáinig Partholón mac Sera mic Srú mic Easrú mic
Fraimint mic Fáthachta mic Magóg mic Iafeth, d'á gabháil;
do réir mar dogheibhthear i san duain darab tosach, "Ádhamh
athair sruith ár slógh," etc. (amhail asbeart an file): -




Trí chéad bliadhan iar ndílinn,
Is sgél fíre mar rímhim,
Ba fás Éire uile ógh,
Nó go dtáinig Partholón.




Measaim, d'á réir sin, gurab dá bhliadhain ar fhichid sul
rugadh Abraham táinig Partholón i n-Éirinn, agus gurab
eadh fá haois do'n domhan d'á réir sin mu'n am so, míle,
naoi gcéad, agus trí fichid agus ocht mbliadhna deug; amhail
adeir an rann so: -




A hocht seachtmhoghad céim glan,
Míle agus naoi gcéad bliadhan,
Ó ré Ádhaimh chuanna, chain,
Go gein Abráim ár n-Athair.




Gidheadh, ní fírinneach ceudfaidh na muinntire adeir gurab
i gcionn dá bhliadhan ar mhíle d'éis dílinne táinig Partholón
i n-Éirinn, agus iad ag a admháil gurab i n-aimsir Abraham
táinig innte, agus gurab é Abraham an t-ochtmhadh glún


L. 158


amháin ó Shem mac Noe; agus Sem féin d'áireamh. Óir ní
cosmhail go gcaithfídhe tuilleadh agus míle bliadhan re linn
seacht nglún d'éis na dílinne: uime sin measaim gurab
fírinnighe an cheudfaidh thosaigh ioná an cheudfaidh dhéidheanach,
agus, d'á réir sin, is inmheasta gurab i gcionn trí chéad
bliadhan (d'éis na dílinne) táinig Partholón i n-Éirinn.



As an nGréig mheadhonaigh, .i. Migdonia, ro ghluais Partholón.
Is é raon i n-ar' ghabh, tré mhuir dToirrian, do
Shisilia, agus láimh dheas ris an Easpáin go ráinig Éire. Dá
mhí go leith bhí ar fairrge, gur ghabh cuan i n-Innbhear Sgéine
i n-iarthar Mhúmhan, an ceathramhadh lá deug i mís Mai. Is
dó do ráidheadh an rann so; (amhail adeir an file): -




An ceathramhadh dég for Mháirt,
Do chuireadar a saor-bháirc
Isin phurt iath-ghlan ngorm nglé,
I n-Innbhear sgiath-ghlan Sgéine.




Ag so an bhuidhean táinig le Partholón go hÉirinn, agus
le n-a mhnaoi, Dealgnaid a hainm: a dtriar mac, .i. Rughruidhe,
Slángha agus Laighlinne, go n-a mnáibh, agus míle do
shluagh i maille riu, do réir Nennius, amhail leaghtar i
Saltair Chaisil.



Is é ionad i n-ar' áitigh Partholón ar dtús i n-Éirinn,
i n-Inis Saimhér láimh re hÉirne. Is aire ro hainmnigheadh
Inis Saimhér di; measchú nó coiléan con bhaoi ag Partholón
d'ár bh'ainm Saimhér; agus ro marbhasdair í tré eud re n-a
mhnaoi, do rinne míghníomh re n-a giolla féin Tódhga; agus


L. 160


an tráth do choirigh Partholón í, ní taithleachas do rinne, acht
adubhairt gur chóra aithbhior na hainbheirte sin do bheith air
féin ioná uirrese; agus ro ráidh na briathra so: - "A Phartholóin,
ar sí, an saoilir gurab fhéidir bean agus mil do bheith
i gcómhghar d'á chéile, leamhnacht agus leanbh, biadh agus fial,
feoil agus cat, arm nó oirnéis agus saor, nó fear agus
bean i n-uaigneas, gan cumasg ar a chéile dhóibh"; agus
ráidhis an rann: -




Mil la mnaoi, leamhnacht la mac,
Biadh la fial, carna la cat,
Saor istigh agus faobhar,
Aon la haon is ró-bhaoghal.




Iar gclos an fhreagartha sin do Phartholón, meuduighthear
a eud de, gur bhuaileasdair an measchoin fa lár go ros marbh
í; gonadh uaithe ainmnighthear an inis-se. Céid eud Éireann
sin d'éis dílinne. Gonadh dó do ráidheadh an rann so: -




Buailis an rí coin na mná,
Dia bhois - níor bho béd go mba;
Marbh an cú fri séidbéd seang,
Ba hé sin céid éd Éireann.




An seachtmhadh bliadhain iar ngabháil Éireann do Phartholón,
fuair an céid fhear d'á mhuinntir bás, .i. Feadha mac
Tortan, ó ráidhtear Magh Feadha.



Is í cúis um a dtáinig Partholón i n-Éirinn, tré mar
do mharbh sé a athair agus a mháthair, ag iarraidh righe d'á


L. 162


bhráthair, go dtáinig ar teitheadh a fhionghaile, go ráinig Éire,
gonadh aire sin do chuir Dia pláigh ar a shliocht lé'r marbhadh
naoi míle re haoin-sheachtmhain díobh i mBeinn Eadair.



Áirmhid cuid do na húghdaraibh gabháil eile ar Éirinn
roimhe Partholón, mar atá gabháil Chíocail mic Nil mic Gairbh
mic Ughmhóir a Sliabh Ughmhóir, agus Lot Luaimhneach a mháthair.
Dá chéad bliadhan dóibh ar iasgach agus ar eunlaith go
teacht Phartholóin i n-Éirinn, gur fearadh cath Mhaighe
hIotha eatorra; i n-ar' thuit Cíocal, agus i n-ar' díothuigheadh
Fomhóraigh le Partholón. I n-Innbhear Domhnann do ghabh
Cíocal go n-a mhuinntir cuan i n-Éirinn: sé longa a líon;
caoga fear agus caoga ban líon gacha loinge dhíobh. Is dóibh
ro ráidhtear: -




Seachtmhadh gabháil ro dus gabh
Airior Éireann na n-árd-mhágh,
Le Cíocal gcríonchosach gann
Uas fhaithchibh Innbhir Domhnann:
Trí chéad fear líon an tslóigh
Táinig a hiathaibh Ughmhóir,
Nó gur scaradh iad iar soin,
Ar n-a sleachtadh re seachtmhain.




Seacht locha do bhrúcht i n-Éirinn i n-aimsir Phartholóin,
eadhon, Loch Measg i gConnachtaibh, tar Máigh Leargna do
mhoidh: i gcionn trí mbliadhan d'éis catha do thabhairt do
Chíocal, do bhrúcht Loch Con fa thír, agus Mágh Cró ainm an
mháighe tar a dtáinig: Loch Deicheat i gcionn dá bhliadhan
deug iar dteacht do Phartholón i n-Éirinn. Bliadhain iar
sin fuair an ceathramhadh taoiseach d'á mhuinntir bás, .i.


L. 164


Slángha, agus is ag Sliabh Slángha do hadhnaiceadh é. I
gcionn bliadhna iar sin tomhaidhm Locha Laighlinne i n-Ua
mac Uais Breagh, .i. Laighlinne mac Phartholóin: agus an
tan do bhí a fheart ag a thógbháil, do mhoidh an loch (fa thír;
is de sin goirthear Loch Laighlinne dhi). I gcionn bliadhna iar
sin, tomhaidhm Locha hEachtra idir Sliabh Modhairn agus Sliabh
Fuaidh i n-Oirghiallaibh. Iar sin tomhaidhm Locha Rudhruighe
i n-ar' báitheadh é féin: 'san bhliadhain cheudna tomhaidhm
Locha Cuan.



Ní fuair Partholón ar a chionn i n-Éirinn acht trí locha
agus naoi n-aibhne: anmanna na loch, Loch Luimnigh i nDeas-
Mhúmhain, Loch Foirdhreamhain ag Tráigh Lí ag Sliabh Mis 'san
Mumhain, agus Fionnloch Ceara i n-Iorrus Domhnan i
gConnachtaibh. Is dóibh ro ráidheadh an rann so (amhail adeir an
file): -




Trí locha aidhbhle ammais,
Agus naoi n-aibhne n-iomhais;
Loch Fordhreamhain, Loch Luimnigh,
Fionnloch iar n-imlibh Iorrais.




Ag so na haibhne: - Buas, idir Dhál n-Áruidhe agus Dál
Riada, eadhon an Rúta; Rurthach, .i. Abhann Life, idir Uibh
Néill agus Laighnigh; Laoi, i Múmhain tré Mhuscraidhe go
Corcaigh; Sligeach; Samhaoir; Muaidh i gConnachtaibh re


L. 166


hUibh bhFiachrach an tuaiscirt; Moghorn i dTír Eoghain;
Fionn idir Chinéal Eoghain agus Tír Chonaill; agus Banna
idir Lé agus Eille: amhail adeirthear i san duain darab
tosach, "A chaomha Chláir Chuinn chaoimh-fhinn": -




Muaidh, Sligeach, Samhaoir sloinne,
Buas buinne a bladhaoibh beinde,
Moghorn, Fionn go ngné ngalla,
Banna idir Lé agus Elle.




Nó fós i san duain darab tosach, "Adhamh athair sruith ár
slógh": etc. -




Laoi, Buas, Banna, Bearbha bhuan,
Samhaoir, Sligeach, Moghorn, Muaidh,
Is Life i Laighnibh maille,
Ag sin iad na sean-aibhne.




I gcionn cheithre mbliadhan iar dtomhaidhm Murthola, fuair
Partholón bás ar Sheanmháigh Ealta Eadair, agus is ann ro
hadhnaiceadh é. Is uime gairthear Seanmhágh dhe nach fásadh
coill riamh air; agus is uime gairthear Mágh n-Ealta dhe
fós, gurab ann tigdís eunlaith Éireann d'á ngrianghoradh.
I gcionn triochad bliadhan iar dteacht Phartholóin i
n-Éirinn, do eug sé. Adeirid drong re seanchus gurab
dá mhíle agus sé chéad agus ocht mbliadhna fichead aois
domhain an tan fuair Partholón bás; gidheadh, is eadh mheasaim,
do réir gach neith d'á ndúbhramar romhainn, gurab sé
bliadhna agus ceithre fichid ar naoi gcéad ar mhíle ó thús


L. 168


domhain go bás Phartholóin. Adeirid drong eile gurab fiche
bliadhan agus cúig chéad ó bhás Phartholóin go támh a mhuinntire;
gidheadh, atá ceudfaidh choitcheann na seanchadh 'na
aghaidh sin, mar a n-abraid nach raibhe 'na fásach acht deich
mbliadhna fichead bhaoi ó bhás muinntire Phartholóin go
teacht Neimheadh innte; amhail adeir an (file 'san) rann
so: -




Ré triochad bliadhan beachta,
Ba fás fri fianaibh feachta,
Iar n-eug a sluaigh fri seachtmhain
'Na n-ealtaibh ar Maigh n-Ealta.




Tig Cormac naomhtha mac Cuileannáin leis an nídh
gceudna i Saltair Chaisil, mar a n-abair gurab trí chéad
bliadhan bhaoi ó theacht Phartholóin i n-Éirinn go támh a
mhuinntire. Tig an file Eochaidh Ua Floinn leis, mar an
gceudna, do réir an rainn seo: -




Trí céad bliadhan, cia ad féisidh,
Ós déisibh diamhra duasaigh,
Do'n ghasraidh ghléibhinn gnásaigh
For Éirinn fhásaigh, uasail.




As gach nídh dhíobh so, ní hinchreidte an drong adeir go
raibhe tuilleadh agus cúig chéad bliadhna nó bhás Phartholóin
go támh a mhuinntire; agus ní hinmheasta go mbiadh Éire ar
áitiughadh an comhfhad sin, agus gan do dhaoinibh innte acht
cúig mhíle fear agus ceithre mhíle ban.


L. 170


III. Ag so an roinn do rónsad ceithre mic Phartholóin ar
Éirinn; agus is í ceud-roinn Éireann í.



Er, Orba, Fearón, agus Feargna, a n-anmanna; agus
bhádar ceathrar a gcomhanmann so ag macaibh Mhíleadh,
amhail chuirfeam síos i n-a ngabháltas féin.



Ó Aileach Néid thuaidh go hÁthcliath Laighean, cuid
Eir.



Ó'n Áthcliath ceudna go hOiléan Árda Neimheadh,
d'á ngoirthear Oiléan Mór an Barraigh indiu, cuid
Orba.



Ó'n Oiléan Mór go Meadhraidhe ag Gaillimh, roinn
Fhearóin.



Ó Áthcliath Meadhraidhe go hAileach Néid, cuid Fheargna: -
amhail adeir Eochaidh Ua Floinn 'sna rannaibh seo; agus fá
hé árd-ollamh Éireann re filidheacht é i n-a aimsir: -




Ceathrar mac ba gríobhdha glór,
Do phríomh-chlainn ag Partholón;
Do ghabh le' chéile fa sheol
Treabha Éireann gan aithcheodh.
Níor shoirbh do'n ríoghraidh a roinn,
Inis Éireann 'na haon-choill,
Cnuas gar i ngach lios re a linn;
Fuair gach fear fios a chuibhrinn.
Er a sinnsear ba saor sódh,
Suairc a chuid, cian gan claochlódh;
Ó Aileach Néid, iath gan feall,
Go hÁthcliath Laighean láin-teann.
Ó Áth Cliath Laighean, léim lir,
Go hOiléan Árda Neimheadh,
Gan doghra, níor thais a threoir,
Cuid Orba, d'iath a chineoil.


L. 172


Ó'n áth a bhfuair Neimheadh níoth
Go Meadhraidhe na móir-chríoch,
Fáth deagh-shóidh gan aga ann,
Cuid Fearóin, fada an fearann.
Ó Mheadhraidhe, fada fós,
Go hAileach Néid go ndeagh-nós;
Tórainn da leanam 's gach eing,
Fuair Feargna, fearann fairseing.
I n-Éirinn féin, ní fáth fill,
Rugadh na tréinfhir tuirbhim,
Dream saor, fá bunata bládh,
Ba caomh curata an ceathrar.




IV. Do Mhuinntir Phartholóin ann so.



Ag so anmanna na dtreabhthach do bhí aige, eadhon,
Tóthacht, Trén, Iomhas, Aicheachbhél, Cúl, Dorcha, agus
Damh. Anmanna na gceithre ndamh do bhí aca, .i. Liag,
Leagmhagh, Iomaire, agus Eitrighe. Beoir ainm an fhir tug
foighdhe nó aoidheacht uaidh ar dtús i n-Éirinn. Breagha, mac
Seanbhotha, do rinne comhrac aoinfhir ar dtús i n-Éirinn.
Samaliliath do rinne an ceud ól corma innte. Fios, Eolas, agus
Fochmhorc a thriar druadh. Macha, Mearan, agus Muicneachán
a trí tréinfhir. Biobhal agus Beabhal a dhá cheannaidhe.
Bádar deich n-ingheana agus deich gcleamhnaidhe ag Partholón.



An Seachtmhadh Alt.



Do'n dara gabháil do rinneadh ar Éirinn ann so, eadhon, gabháil
clainne Neimheadh.



Do bhí, iomorro, Éire fás triocha bliadhan d'éis táimh
sleachta Phartholóin, go dtáinig Neimheadh mac Agnomain,
mic Paimp, mic Tait, mic Seara, mic Srú, mic Easrú,


L. 174


mic Fraimint, mic Fathachta, mic Magog, mic Iafeth, d'á
háitiughadh. Óir is do chlainn Mhagog gach gabháil d'ár' ghabh
Éire iar ndílinn. Ag Srú mac Easrú scaras Partholón
agus Clanna Neimheadh re' raile; agus ag Seara scaraid
Fir bolg, Tuatha Dé Danann, agus mic Míleadh. Agus is
Scoitbheurla do bhí ag gach cineadh dhíobh. Is follus sin as an
uair táinig Ioth mac Breogáin i n-Éirinn; óir is tré Scoitbheurla
do labhair féin agus Tuatha Dé Danann re' raile,
agus adubhradar gurab do shliocht Mhagog iad, leath ar leith.
Adeir drong eile gurab do shliocht an mhic do fhágaibh
Partholón thoir (Adhla a ainm) do Neimheadh. Is é raon i
n-ar' ghabh Neimheadh ag teacht i n-Éirinn dó, ó'n Scitia
ar an bhfairrge gcaoil atá ag teacht ó'n aigéan d'á ngairthear
"Mare Euxinum," is í is teora idir an leath thiar-thuaidh do'n
Asia agus an leath thoir-thuaidh do'n Eoraip; agus ar an
roinn thiar-thuaidh do'n Asia atáid Sléibhte Riffe, do réir
Pomponius Mela, i gcomhroinn na caol-mhara do luaidheamar
agus an aigéin tuaisceartaigh. Tug láimh ndeis do Shléibhte
Riffe, go ndeachaidh 'san aigéan budh thuaidh; agus láimh chlí
do'n Eoraip go ráinig i n-Éirinn. Ceithre longa deug agus
fiche líon a chobhlaigh, agus deichneabhar agus fiche i ngach
loing díobh.



Starn, Iarbhoinel Fáidh, Ainninn, agus Fearghus Leithdhearg,
anmanna ceithre mac Neimheadh.


L. 176


Ceithre loch-mhadhmanna i n-Éirinn i n-aimsir Neimheadh,
eadhon, Loch mBreunainn ar Magh n-asail i n-Uibh Nialláin,
Loch Muinreamhair ar Magh Sola i Laighnibh: i gcionn deich
mbliadhan iar rochtain Éireann do Neimheadh, ro ling Loch
Dairbhreach agus Loch Ainninn ar Maigh mór i Mídhe. Óir an
tan do clasadh feart Ainninn, is ann do ling Loch Ainninn.
Is do dhearbhadh gurab i n-aimsir Neimheadh ro mhuidhsiod na
locha so, do rinneadh an rann so: -




Ceithre locha fo linn lóir
Do bhrucht tar Fhodhla bhfíor-mhóir: -
Loch Dairbhreach, Loch mBreunainn mbinn,
Loch Muinreamhair, Loch n-Ainninn.




Is túsga do eug bean Neimheadh i n-Éirinn ioná Ainninn, -
Mácha a hainm; agus an dara bliadhain deug iar dteacht i
n-Éirinn dóibh, fuair an Mhácha so bás; agus fá híse
ceudmharbh Éireann iar dteacht Neimheadh innte. Agus is uaithe
ainmnighthear Árd Mácha, óir is ann do hadhnaiceadh í.
Do tógbhadh dá ríoghráith le Neimheadh i n-Éirinn, eadhon
Ráith Chinneich i n-Uibh Nialláin, agus Ráith Ciombaoth i
Seimhne. Ceithre mic Mhadáin Mhuinreamhair d'Fhomhórchaibh do
thógaibh Raith Chinneich i n-aon ló, Bog, Robhog, Ruibhne,
agus Rodan a n-anmanna: agus do mharbh Neimheadh ar a bhárach
iad i san maidin, i nDaire Lighe, d'eagla go gcinnfidís ar
thógáil na rátha arís; agus do hadhnaiceadh ann sin iad.



Ro sleachtadh dá mhaigh deug a coill le Neimheadh i
n-Éirinn, eadhon, Magh Ceara, Magh Neara, Magh Cúile
Toladh, Magh Luirg i gConnachtaibh, Magh Tochair i dTír


L. 178


Eoghain, Leacmhagh 'san Múmhain, Magh mBreasa i Laighnibh,
Magh Lughadh i n-Uibh Tuirtre, Magh Seiriodh i dTeathbha,
Magh Seimhne i nDál n-Áruidhe, Magh Muirtheimhne i mBreaghaibh,
agus Magh Mácha i n-Oirghiallaibh.



Do bhris Neimheadh trí catha ar Fhomhórchaibh, eadhon,
loingsigh do shliocht Chaim ro thriall ó'n Aifric; táinig ar
teitheadh go hoiléanaibh iarthair Eorpa, agus do dhéanamh
gabháltais dóibh féin, agus ar teitheadh ré sliocht Seim
d'eagla go rachadh aca orra, a los na mallachta do fhágaibh
Noe ag Cam ó' dtángadar, ionnus gur mheasadar, ó bheith i
n-imchian uatha, iad féin do bheith innill ó smacht sleachta
Seim: go dtángadar, uime sin, go hÉirinn, gur briseadh na
trí catha reamhráidhte orra; eadhon, cath Sléibhe Bádhna, cath
Ruis Fraocháin i gConnachtaibh, i n-ar' thuit Gann agus
Geanann, dá thaoiseach na bhFomhórach, agus cath Murbhuilg i
nDál Riada, eadhon, an Rúta, áit i n-ar' thuit Starn mac
Neimheadh le Conaing mac Faobhair a leithead Lachtmhaighe.
Do chuir fós cath Cnámhrois i Laighnibh, mar ar' cuireadh ár
bhfear Éireann um Artur mac Neimheadh, eadhon, mac rugadh
i n-Éirinn dó; agus um Iobcán mac Stairn mic Neimheadh.
Gidheadh, is le Neimheadh ro briseadh na trí catha so for
Fhomhórchaibh, amhail dearbhaid na rainn seo síos: -




Do bhris Neimheadh, - niamhdha a neart, -
Ro sáitheadh a leacht, dar liom,
Gann agus Geanann dia ghreis,
Attrochair leis, ceann a gceann.


L. 180


Geanann re Neimheadh ba sgíth
A leacht fríth, ga leacht is mó
Le Starn mac Neimheadh anall
Torchair Gann, agus ní gó.
Cath Murbhuilg, é ró chuir,
Go ro-dluigheadh, ro ba dúr;
Do mhuidh re Neimheadh na n-arm,
Gion go dtáinig Starn ar gcúl.
Re cath Cnámhrois, do bhí an-all,
Is mór ann do chíorbhadh cnis;
Artúr, Iobcán torchair ann
Acht gidh ann ar Gann do bhris.




Iar sin fuair Neimheadh bás do thámh i n-Oiléan Árda
Neimheadh, i gCrích Liatháin 'san Múmhain, d'á ngoirthear
Oiléan Mór an Barraigh: agus dá mhíle do dhaoinibh i maille ris,
idir fhear agus mnaoi.



Baoi daoirse agus dochraide mór as a haithle sin ar
chlainn Neimheadh ag Fomhórchaibh, ag díoghailt na gcath do
bhris Neimheadh orra. Morc, iomorro, mac Deileadh, agus
Conaing mac Faobhair, ó' ngairthear Tor Conaing i n-imeal
Éireann thuaidh, ag a raibhe loingeas, agus iad 'na gcómhnuidhe
i dTor Conaing, d'á ngairthear Toirinis, ag tabhach cíosa
ar chlannaibh Neimheadh: agus ba hé méid an chíosa soin dá
dtrian clainne, eatha, agus bleachta fear n-Éireann do
thiodhlacadh dóibh gacha bliadhna Oidhche Samhna go Magh
gCéidne idir Drobhaois agus Éirne. Is uime gairthear
Magh gCéidne dhe, ar a mhionca do beirthí an cháin gus an
Magh gceudna.



Do bhí tuilleadh daoirse ag Fomhórchaibh ar chlannaibh
Neimheadh, eadhon, trí lán-sluaisde as gach aoin-teallach i


L. 182


n-Éirinn, d'uachtar bainne, do mhin cruithneachta, agus d'im,
do bhreith go Morc agus go Conaing go Toirinis; agus
ban-mhaor d'á ngairthí Liagh, ag tabhach na cána soin seachnóin
Éireann, gonadh do'n cháin sin do ráidheadh an rann
so: -




An cháin sin ro cumadh ann,
Trí liacha nocha lán-ghann;
Liach uachtair bainne bleachta,
Is liach mine cruithneachta,
An treas fiach, - linne ba lonn, -
Liach ime uaisde d'annlann.




Gabhais, tra, fearg agus loinne fir Éireann tré thruime
an chiosa agus na cána soin, ionnus go ndeachsad do chathughadh
ris na Fomhórchaibh. Is aire do gairthí Fomhóraigh dhíobh, eadhon,
ó n-a mbeith ag déanamh fóghla ar muir: Fomhóraigh .i. fomhuiribh.



Badar, tra, trí deagh-laoich ag Clannaibh Neimheadh 'san
ionbhuidh seo, eadhon, Beothach, mac Iarbhoineoil fháthaigh mic
Neimheadh; Fearghus Leithdhearg mac Neimheadh; agus Easglan
mac Beoáin mic Stairn mic Neimheadh, go n-a dhá bhráthair,
eadhon, Manntán agus Iarthacht: agus ba hé a líon, triocha
míle ar muir, agus an uimhir cheudna ar tír, amhail foillsigheas
an rann so: -




Trí fichid míle, - modh nglé, -
Ar tír agus ar uisge;
Is é líon lodor ó a dtoigh,
Clanna Neimheadh do'n toghail.




Ro toghladh an tor ann sin, agus tuitis Conaing go n-a
chlainn le clannaibh Neimheadh. Iar sin tug Morc mac
Deileadh lucht trí bhfiche long ó'n Afraic go Toirinis, go


L. 184


dtug cath do chlannaibh Neimheadh, gur comhthuitsiod leath ar
leith, agus gur báitheadh gach aon ná'r marbhadh dhíobh, acht
Morc agus beagán d'á bhuidhin do ghabh sealbh an oiléin; óir
níor mhothuighsiod an fhairrge ag teacht fútha re dúire an
chathuighthe, ionnus nach teurna do chlannaibh Neimheadh (an
mhéid do bhí 'san gcathughadh so dhíobh) acht lucht aon-bháirce
i n-a raibhe triocha tréin-fhear, um triar taoiseach, eadhon,
Simeon Breac mac Stairn mic Neimheadh; Iobáth mac Beothaigh
mic Iarbhoineoil Fáidh, mic Neimheadh, agus Briotán Maol,
mac Fhearghusa Leithdheirg mic Neimheadh, amhail adeir an
rann: -




Acht aon-bhárc go n-a lucht lór,
Ní theurna dhíobh, líon a slógh,
Simeon, agus Iobáth bil,
Is Briotán Maol, 'san loing sin.




Iar dteacht ó'n gcoinbhliocht sin dóibh, is í comhairle ar ar'
chinnsiod, triall a hÉirinn do theitheadh ré hanbhroid na
bhFomhórach. Bhádar seacht mbliadhna ag a n-ullmhughadh re
hucht na heachtra so, agus ullmhuighthear loingeas leis gach
taoiseach dhíobh, agus téidhid foireann do'n droing táinig
le Neimheadh i n-Éirinn, agus d'á shliocht, leis gach fear do
na taoiseachaibh reamhráidhte; agus anaid drong díobh d'á
n-éis i n-Éirinn, eadhon, deichneabhar laoch do fhágbhadar ag
gabháil ceannais an iarmhoir do chlannaibh Neimheadh do
fhágsad fa mhóghsaine na bhFomhórach ag a háitiughadh go
haimsir Fear mBolg.



Téid taoiseach do'n triar thuas (go bhfoirinn leis), mar
atá, Simeon Breac mac Stairn, do'n Ghréig, eadhon, go
Tracia; is ann bhádar fo dhaoire, agus is uaidh tángadar
Fir Bolg, amhail adéaram d'á éis so.


L. 186


Téid an dara taoiseach, eadhon, Iobáth, mac Beothaigh, i
gcríochaibh tuaiscirt na hEorpa; agus adeirid drong re
seanchus gurab go "Boetia" do chuaidh: is uaidh do shíolsad
Tuatha Dé Danann.



Téid an treas taoiseach, eadhon, Briotán Maol go bhfoirinn
leis go Dobhar agus go hIardhobhar i dtuaisceart Alban, gur
áitigh féin agus a shliocht 'na dhiaidh ann. Is é líon cobhlaigh
bhádar na taoisigh seo clanna Neimheadh ar an eachtra so,
idir loing, báirc, curachán, agus naomhóig, triocha ar chéad ar
mhíle eathar.



Acht cheana, do bhí Briotán Maol, mac Fhearghusa Leithdheirg,
mic Neimheadh, agus a lorg, ag áitiughadh tuaiscirt na
hAlban go ndeachadar Cruithnigh, eadhon "Picti," a hÉirinn
d'áitiughadh Alban i n-aimsir Eireamhóin. Adeir Cormac
naomhtha mac Cuileannáin i n-a Shaltair, gurab ó Bhriotán
gairthear "Britannia" do'n oiléan d'á ngairthear Breatain
Mhór indiu; agus atá seanchus Éireann teacht leis air sin,
amhail adeir an duain darab tosach "Adhamh athair sruith ár
slógh," mar a n-abair: -




Luidh Briotán tar muir, gan mheirg,
Mac fial Fhearghusa leith-dheirg;
Breathnaigh uile, buaidh go mbloidh,
Uaidh, gan ghaoi, ro gheinsiodar.




Tig úghdar eile leis air sin mar a n-abair: -




Briotán Maol, mac na flatha,
Saor an sliocht-rámh tar sreatha,
Mac an Leithdheirg do'nLeagmhoigh
Ó' dtád Breathnaigh an bheatha.


L. 188



Is córaide a mheas sin do bheith fírinneach, nach inmheasta
gurab ó Brutus gairthear í: óir dámadh uaidh, is cosmhail
gurab "Brutania" do gairfidhe dhi; agus fós is mó do
múchadh a hainm le clainn Brutus, do réir Monomotensis,
mar go dtug Laegrus mac Brutus Laegria d'ainm ar an
mír ráinig é féin do'n Bhreatain; Camber, an dara mac do
Brutus tug Cambria mar ainm ar an mír ráinig é féin di;
agus Albanactus an treas mac do Brutus tug Albania
d'ainm ar a chuid féin do'n chrích cheudna.



Dála an iarmhair do chlannaibh Neimheadh, do fhuirigh ag
áitiughadh Éireann d'éis na dtaoiseach soin; bhádar ag a
gcomhmbuaidhreadh ag Fomhórchaibh ó aimsir go haimsir, go
rochtain do shliocht Shimeoin Bric mic Stairn mic Neimheadh
i n-Éirinn ó'n nGréig. Seacht mbliadhna deug ar dhá chéad
ó theacht do Neimheadh i n-Éirinn go dteacht Fhear mBolg
innte, amhail dearbhas an rann so: -




Seacht mbliadhna deug is dá chéad -
Re a n-áireamh, ní hiomairbhrég, -
Ó tháinig Neimheadh a n-oir,
Tar muir go n-a mhór-mhacaibh
Go dtángadar clanna Stairn
As an nGréig uathmhair, athghairbh. -




An t-Ochtmhadh Alt.



Do ghabháil Fhear mBolg ann so.



Iar mbeith do shliocht Simeoin Bric (mic Stairn mic
Neimheadh) 'san nGréig, eadhon, Tracia, amhail adubhramar, ro
fhásadar gur bho líonmhar an lucht do bhí ann díobh. Gidheadh,


L. 190


do chuirsiod Greugaigh daoirse agus dochraide mhór orra,
eadhon, a mbeith ag tochailt na talmhan, ag tógbháil úire,
agus ag a hiomchar i mbolgaibh nó i sacaibh leathair re a
gcur ar chreagaibh cloch, go beith 'na húir ionthorthaigh dhi.
Ghabh atuirse mór agus miosgais re Greugaibh iad tre san
mbroid a rabhadar aca: agus leis sin ro comhairligheadh aca
an dochraide sin d'fágbháil. Gabhaid cúig míle le chéile
dhíobh iar gcinneadh ar an gcomhairle sin dóibh, agus doghníd
bárca do na bolgaibh, nó do na tiachaibh leathair a mbídís ag
tarraing na húire: nó is iad loingeas rígh Greug do
ghadsad amhail adeir Cin Droma Sneachta, go dtángadar
ar a n-ais go hÉirinn an sliocht so Simeoin Bhric mic Stairn
i gcionn seacht mbliadhan ndeug ar dá chéad d'éis Neimheadh
do ghabháil Éireann.



Ag so na taoisigh bhádar orra an tan soin, eadhon,
Sláinghe, Rughruidhe, Gann, Geanann, agus Seanghann, eadhon,
cúig mic Deala, mic Lóich, mic Teachta, mic Triobuait, mic
Othoirb, mic Goistean, mic Oirtheachta, mic Simeoin, mic
Argláin, mic Beoáin, mic Stairn, mic Neimheadh, mic
Aghnamain, etc. A gcúigear ban sin, Fuad, Eudar, Anust,
Cnucha, agus Liobhra, a n-anmanna: agus is dóibh do
ráidheadh: -




Fuad, bean Shláinghe - ní cam libh -
Eadar, bean do Ghann go ngail,
Anust, bean Sheangháin na sleagh,
Cnucha, fa bean Gheanoinn ghloinn
Liobhra bean Rughruidhe ar ród, etc.




Cúig míle líon an tslóigh táinig leo; deich longa
fichead ar chéad ar mhíle, idir loing, báirc, curachán, agus


L. 192


naomhóig, áireamh a loingis, amhail foillsighid na rainn
seanchusa so i n-ár ndiaidh: -




Deich longa fichead ar chéad,
Agus míle - nocha brég -
Is é líon táinig a n-oir,
Sláinghe maith go n-a slóghaibh
Rob iomdha Fir Bholg, gan bhréig,
Ag toigheacht dóibh as an nGréig;
Maith dream nachar malla amach,
Nochar bho cranda an cobhlach.
Dia ceudaoin do chuadar siar,
Tar muir dtroimleathain dToirrian;
Reimhios trí lá ar bhliadhain bháin,
Go riachtadar go hEaspáin:
As sin dóibh go hÉirinn áin,
Seoladh iongar a hEaspáin:
Méte ann ó chách gan a chléith,
Reimhios trí dtráth for a deich.




Rannaid an cúigear taoiseach so Éire i gcúig rannaibh
eadarro, amhail adeir an rann so: -




Cúig taoisigh i dtús an tsluaigh,
Rannsad i gcúig Banbha mbuain;
Geanann, Rughruidhe, réim glé,
Gann, Seanghann, agus Sláinghe.




Do ghabh Sláinghe (ó raídhtear Innbhear Sláinghe ag
Lochgarman, sóisear na clainne) cúigeadh Laighean ó Innbhear
Colptha ag Droicheadátha go Cumar-na-dtrí-n-uisge, agus
míle líon a shluaigh. Gabhais Gann ó Chumar-na-dtrí-n-uisge
go Bealach Chonglais, agus míle líon a shluaigh. Gabhais
Seanghann ó Bealach Chonglais go Luimneach, agus míle líon
a shluaigh. Gabhais Geanann cúigeadh Chonnacht, ó Luimneach
go Drobhaois, agus míle líon a shluaigh. Gabhais Rughruidhe


L. 194


cúigeadh Uladh, eadhon, ó Drobhaois go Droicheadátha, agus
míle líon a shluaigh.



Is do na taoiseachaibh seo go n-a bhfoirnibh gairthear Fir
Bolg, Fir Domhnann, agus Gaileoin. Fir Bolg, iomorro, ó
na bolgaibh leathair do bhíodh aca 'san nGréig, ag iomchar
úire d'á cur ar leacaibh loma go ndéandaois mágha míonscothacha
fó bhláth dhíobh. Fir Domhnann ó na doimhne do
thochlaidís i n-úir re n-a hiomchar d'Fhearaibh Bolg. Gaileoin,
tra, ó na gáibh ro hainmnigheadh iad; do bhrígh gurab iad do
bhíodh a n-arm ag cosnamh cháich an tan do bhídís ag déanamh a
bhfeadhma; agus ó na gáibh nó ó na sleaghaibh fá hairm dhóibh
ro hainmnigheadh iad.



Tuig, a léaghthóir, gurab aon ghabháil (do rinne an
cúigear mac sin Deala), agus gurab i n-aoin sheachtmhain
tángadar i n-Éirinn, (mar atá) Sláinghe Dia Sathairn
i n-Innbhear Sláinghe, Gann agus Seanghann an Mháirt
iar sin i n-Iorrus Domhnann, Geanann agus Rughruidhe an
Aoine as a haithle, i dTrácht Rughruidhe. Ar Shláinghe go
n-a mhuinntir do beirthear Gaileoin. Ar Ghann agus ar
Sheanghann go n-a muinntir do beirthear Fir Bolg; agus ar
Gheanann agus ar Rughruidhe do beirthear Fir Domhnann.
Agus adeirid cuid do na seanchadhaibh gurab i n-Innbhear
Domhnann (i n-iarthuaidh re cúigeadh Chonnacht) tángadar an
dias so i dtír go dtrian an tsluaigh, agus gurab uatha
gairthear Innbhear Domhnann: gidheadh, gairthear Fir Bolg
go coitcheann díobh uile. Sé bliadhna deug ar fhichid fad
flaitheasa Fhear mBolg ar Éirinn; agus níor ghabh neach


L. 196


d'ár' gaireadh ainm áirdrígh i n-inis rómpa; gonadh d'á
dhearbhadh sin do rinneadh an rann so i n-ár ndiaidh: -




Sé bliadhna dég is dá dheich,
Fir Bolg ós Banbha d'éin-leith,
Go toighiocht Tuatha Dé do'n dream,
Gor ghabhsad uile Éirinn.




An Naomhadh Alt.



Do na céid ríoghaibh ro ghabh flaitheas Éireann; agus
do gach righ 'na ndiaidh
d'ár ghabh í, do réir oird na n-aimsear agus na ngabháltas,
ann so síos.



Do ghabh Sláinghe mac Deala mic Lóich flaitheas Éireann
bliadhain, go bhfuair bás i nDionn Righ, d'á ngairthear Dumha
Sláinghe: agus dob' éisidhe céid rí Éireann riamh; agus fós
ba hé ceud mharbh Éireann d'Fhearaibh Bolg é.



Do ghabh Rughruidhe mac Deala mic Lóich ríoghacht Éireann
dá bhliadhain, gur thuit i san mBrugh ós Bóinn.



Do ghabh Gann agus Geanann ríoghacht Éireann ceithre
bliadhna, gur eugsad do thámh i bhFréamhainn Mídhe.



Do ghabh Seanghann an righe cúig bliadhna, gur thuit le
Fiachaidh Ceinnfhionnán.



Do ghabh Fiachaidh Ceinnfhionnán mac Stairn mic Rughruidhe
mic Deala mic Lóich an ríghe cúig bliadhna, gur thuit le
Rionnal mac Geanainn mic Deala mic Lóich. Ceinn-fhionna
do bhíodh ar fhearaibh Éireann re n-a linn: is aire ro
hainmnigheadh Ceinnfhionnán de.



Do ghabh Rionnal ríoghacht Éireann sé bliadhna, gur thuit
le Foidhbghein mac Seanghainn mic Deala mic Lóich.


L. 198


Do ghabh an Foidhbghein seo an righe ceithre bliadhna go
dtorchair le hEochaidh mac Eirc i Maigh Muirtheimhne.



Do ghabh Eochaidh mac Eirc mic Rionnail mic Geanainn an
righe deich mbliadhna. Ní raibhe fearthain ná doinionn re a
linn, ná bliadhain gan meas agus toradh. Is i n-a aimsir do
cuireadh eugcóir agus aindligheadh Éireann ar gcúl, agus do
horduigheadh dlighthe dearbhtha dearsgnaighthe innte. Do thuit
an t-Eochaidh seo le trí macaibh Neimheadh mic Badhraoi
(Ceasarb, Luamh, agus Luachra a n-anmanna) i gcath Maighe
Tuireadh. Is é an t-Eochaidh seo fá rí Fhear mBolg ré dteacht
Tuaithe Dé Danann i n-Éirinn. Is í fá ríoghan dó, Taillte
inghean Mhadhmóir rí Easpáine, agus i dTailltinn do hadhnaiceadh
í, gonadh uaithe ro hainmnigheadh Taillte. Nuadha
Airgeadlámh fá rí an tan soin ar Thuathaibh Dé Danann. Is
imchian baoi an cath so Maighe Tuireadh ag a chur idir an dá
rígh reamhráidhte. Gidheadh do briseadh ar Eochaidh agus ar
Fhearaibh Bolg fa dheoidh, gur marbhadh Eochaidh agus go dtorchair
céad míle d'á mhuinntir ó Mhaigh Tuireadh go Tráigh
Eothuile. I san gcath so do beanadh a lámh do Nuadha Airgeadlámh,
go raibhe ag a léigheas seacht mbliadhna, gur
cuireadh lámh n-airgid air, gonadh de ro hainmnigheadh Nuadha
Airgeadlámh dhe.



An beagán d'Fhearaibh Bolg teurna as an gcath so, do chuadar
ar teitheadh ré Tuathaibh Dé Danann, gur háitigheadh
riu Árainn, Íle, Reachrainn, Inse Gall, agus iomad oiléan
ar cheana, agus do chomhnuigh siad ionnta go haimsir na
gcúigeadhach do bheith i bhflaitheas Éireann, gur dhíbirsiod na
Cruithnigh, eadhon "Picti," as na hoiléanaibh sin iad, go


L. 200


dtángadar d'fhios Chairbre Niadhfir, rí Laighean, go
bhfuairsiod fearann ar ghabháltas uaidh. Gidheadh, baoi do
throime a gcíosa go ná'r fhéadsad a fhulang. Tiaghaid as sin
d'fhios Meadhbha agus Oiliolla, go dtugadar fearann dóibh,
gonadh í sin imirce mac n-Ughmhóir. Aonghus mac Ughmhóir fá
flaith orra thoir. Is uatha ainmnighthear na fearainn i n-ár'
ghabhsad comhnuidhe i n-Éirinn, mar atá Loch Cime ó Chime
ceithircheann, Rinn Thamain i Meadhruidhe, Loch Cútra, Rinn
mBeara, Molinn, Dún Aonghusa i n-Árainn, Carn Conaill, i
gcrích Aidhne, Magh n-Aghar mic Ughmhóir an fhileadh, Druim
n-Asail, Magh Maoin mic Ughmhoir, Loch Uair (ó Uar) mic Ughmhóir.
Agus do ghabhsad dúinte (agus inseadha) mar an gceudna i
n-Éirinn, gur díbreadh re Coingculainn, re Conall Cearnach,
agus re hUltaibh ar cheana iad. Ní háirimhthear rátha do
thógbháil, locha do thomhaidhm, náid mágha do bhuain a coilltibh i
bhflaitheas bhFear mBolg. Adeirid drong re seanchus gurab
díobh na trí haicmeadha so fil i n-Éirinn nach do Gaedhealaibh,
eadhon, Gabhraidhe Shuca i gConnachtaibh, Uí Thairsidh i gcrích
Ua bhFailghe, agus Gaileoin Laighean. Is iad sin imtheachta
Fhear mBolg, do réir an tseanchaidhe, Thanuighe eolaigh Uí
Mhaoilchonaire, i san duain darab tosach an rann so:




Fir Bholg bhádar sonna seal,
I n-Inis mhóir mac Míleadh;
Cúig taoisigh tángadar ann,
Atá liom iul a n-anmann.


L. 202



An Deachmhadh Alt.



Do ghabháil Thuaithe Dé Danann ann so.



Ar shliocht an treas taoisigh do shliocht Neimheadh do chuaidh
ar eachtra a hÉirinn iar dtoghail Thuir Conaing, mar atá
Iobáth mac Beothaigh, atáid Tuatha Dé Danann; agus is
é áit i n-ar háitigheadh riu do réir droinge re seanchus i
"mBoetia" i dtuaisceart Eorpa. Adeirid drong eile gurab
i gcrích "Ateniensis," mar a bhfuil cathair na hAithne
d'áitigheadar. Tuig, a léaghthóir, gurab san gcrích do'n
Ghréig ré' ráidhtear "Achaia" do réir Pomponius Mela atá
"Booetia" agus cathair na hAithne; agus gurab ann d'fhoghluim
siad a ndraoidheacht agus a gcéarda go beith cliste
i ngach céird gheintlidhe dhóibh.



Tárla mu'n am soin go dtáinig cobhlach mór ó chrích na
Siria, do dhéanamh cogaidh ar lucht críche "Ateniensis" go
mbíadh cathughadh laitheamhail eadorra; agus an drong do
marbhtaoi do na "hAteniensis" is iad bhíodh ar a bhárach ag
cathughadh re lucht na Siria. Tré dhraoidheacht Tuaithe Dé
Danann doghníthí an siabhradh soin: óir do chuiridís deamhna
is na corpaibh ceudna d'á dtoghluasacht. Agus mar thugadar
lucht na Siria sin d'á n-aire, téidhid do dhéanamh comhairle re
n-a ndraoi féin. Ráidhis an draoi riu, faire do chur ar
láthair nó ar ionad an ármhaigh, agus cuaille do bhior caorthainn
do sháthadh tré mheidhe gach mairbh do bhíodh ag aitheirghe


L. 204


chuca, agus má's deamhna doghníodh a gcoirp do thoghluasacht
go gclaochluidhfithí i gcrumhaibh fo cheudóir de sin iad; agus
damadh é a n-aithbheodhadh dá ríribh doghníthí, nach géabhdaois na
coirp truailleadh ná claochlódh chuca. Tigid lucht na Siria
do chur an chatha ar a bhárach, agus maoidhtear rompa, agus
sáithid na cleatha caorthainn tré sna marbhaibh amhail ro ráidh
an draoi riu, agus do rinneadh crumha dhíobh do láthair;
agus lingid lucht na Siria fótha iar sin d'á n-óirleach.



Dála Thuaithe Dé Danann, mar do chonncadar lucht na
Siria ag buadhughadh ar lucht na críche, triallaid ar a n-eagla
d'aon bhuidhin as an gcrích sin, agus ní dhearnadar comhnuidhe
go rángadar do chrích Lochlonn, eadhon, Fionn-Lochlonnaigh,
mar atá lucht na "Noruegia," mar a bhfuairsiod fáilte ó lucht
na críche ar iomad a n-ealadhan agus a n-ilchéard. Is é
fá taoiseach orra 'san am soin, Nuadha Airgeadlámh mac
Euchtaigh mic Edarláimh do shliocht Neimheadh. Fuaradar,
iomorro, ceithre cathracha re bheith ag múnadh aosa óig na críche
sin ionnta. Anmanna na gcathrach ann so: Fáilias, Gorias,
Finias, agus Murias. Cuirid Tuatha Dé Danann ceithre
saoithe do theagasg na n-ealadhan agus na n-ilchéard baoi
aca d'ógaibh na tíre i sna cathrachaibh sin: Semias i Murias,
agus Arias i bhFinias, agus Úrus i nGorias, agus Morias
i bhFáilias. Iar mbeith sealad d'á n-aimsir dóibh i sna
cathrachaibh seo, triallaid go tuaisceart Alban, go mbádar
seacht mbliadhna ag Dobhor agus ag Iardobhor. Bhádar


L. 206


ceithre seoid uaisle aca tugsad as na cathrachaibh sin, mar
atá, cloch buadha ó Fháilias; is di gairthear an Lia Fáil:
(Agus is í do ghéimeadh fa gach rígh Éireann re mbeith ag a
thogha dóibh go haimsir Chonchubhair, agus is do'n chloich sin
gairthear i Laidin "Saxum fatale." Is uaithe fós gairthear
Inis Fáil d'Éirinn; conadh uime sin do rinne seanchaidhe
d'áirithe an rann so: -




An chloch atá fám' dhá sháil,
Uaithe ráidhtear Inis Fáil;
Idir dhá thráigh thuile thinn,
Mágh Fáil uile ar Éirinn.)




Ainm eile dhi Cloch na Cinneamhna; óir do bhí i gcinneadh do'n
chloich seo, cibé háit i n-a mbeidheadh, gurab duine do Chineadh
Scoit, eadhon, do shíol Mhíleadh Easpáine, do bheidheadh i
bhflaitheas na críche sin, do réir mar léaghtar ag Hector Boetius
i stáir na hAlban. Ag so mar adeir: -




Cineadh Scoit, saor a fine,
Mun ba breug an fháisdine,
Mar a bhfuighid an Lia Fáil,
Dlighid flaitheas do ghabháil.




Iar n-a chlos do Chineadh Scoit an bhuaidh seo do bheith ar
an gcloich, iar ngabháil neirt Alban d'Fhearghus mór mac
Earca, agus iar n-a chur roimhe rí Alban do ghairm de féin,
cuiris fios i ndáil a dhearbhráthar Muircheartach mac Earca
(do shíol Eireamhóin) fá rí Éireann an tan soin, d'á iarraidh
air an chloch so do chur chuige re suidhe uirre, re hucht "rí
Alban" do ghairm de. Cuiris Muircheartach an chloch chuige,
agus do gaireadh "rí Alban" de ar an gcloich gceudna, agus
fá héisidhe céid rí Alban do Chineadh Scoit: agus bíodh go


L. 208


dtugthaoi ríogha Alban ar chuid do Chruithneachaibh, eadhon,
na "Picti," sul do ríoghadh Fearghus, ní raibhe aon rí iomlán
díobh, gan bheith fó chíos agus fó chánaigh ag ríoghaibh Éireann ó
aimsir go haimsir: agus go háiridhe ó aimsir Eireamhóin mic
Míleadh i leith, ler' cuireadh na "Picti" d' áitiughadh na
hAlban as Laighnibh (amhail adéaram i bhflaitheas Eireamhóin)
go flaitheas an Fhearghusa so. Dála na cloiche, baoi
aca amhlaidh sin sealad aimsire diaidh i ndiaidh go ráinig d'á
éis sin go Sacsain, go bhfuil ann anois 'san gcathaoir i n-a
ngairthear rí Sacsan, iar n-a tabhairt as Albain go haimhdheonach
as mainistir Scón; agus an céid Eadbhard, rí
Sacsan tug leis í, ionnus gur fíoradh tairrngire na cloiche
sin i san rígh seo againn anois, eadon, an céid rí Séarlus,
agus i n-a athair an rí Séamus (táinig do Chineadh Scoit,
mar atá, do shliocht Mháine mic Chuirc mic Luighdheach, táinig ó
Eibhear mac Míleadh Easpáine), d'ár' ghabhadar gairm ríogh
na Sacsan ar an gcloich reamhráidhte.



An dara seod tugsad Tuatha Dé Danann i n-Éirinn an
tan soin, eadhon, an claidheamh do chleachtadh Lúgh Lámhfhada,
agus a Gorias tugadh é. An treas seod, eadhon, an tsleagh
do bhíodh ag an Lúgh gceudna re haghaidh comhloinn, agus a
Finias tugadh í. An ceathramhadh seod, coire an Dághdha:
ní theidheadh dámh diomdhach uaidh, agus a Murias tugadh.
Ag so laoidh as Leabhar Gabhála d'áirithe do shuidhiughadh ar
na neithibh ceudna ('san duainse i n-ár ndiaidh): -




Tuatha Dé Danann na séd suim,
Áit a bhfuaradar foghluim,
Rángadar a saoidheacht slán,


L. 210


A ndraoidheacht, a ndiabhaltán.
Iarbhoinél fionn, fáidh go bhfeibh,
Mac Neimheadh mic Agnomáin,
d'ár' mhac baoth Beothach beartach,
Fá laoch leothach láinfeartach;
Clanna Beothaigh, beodha a mbládh,
Rángadar sluagh niadh neartmhar,
Iar sníomh is iar dtuirrsi dtroim,
Líon a loingse go Lochlainn.
Ceithre cathracha clú ceart,
Gabhsad i léim go rói-neart,
Do chuirdís comhlonn go cas
Ar fhoghluim, ar fhinneolas.
Fáilias agus Gorias glan,
Finias, Murias na mór-ghal,
Do mhaoidheamh madhmann amach,
Anmanna na mór-chathrach.
Morias agus Euras árd,
Arias, Simias síor-gharg -
A ngarmann is luadh leasa -
Anmann suadh na saoir-leasa.
Morias file Fáilias féin,
Euras i nGorias, maith méin;
Simias i Murias, dionn deas,
Arias file fionn Finias.
Ceithre haisgeadha leo anall,
d'uaislibh Tuaithe Dé Danann: -
Claidheamh, cloch, coire cumadh,
Sleagh re haghaidh árd-churadh;
Lia Fáil a Fáilias anall,
Do gheiseadh fó rígh Éireann;
Claidheamh lámha Lógha luidh
A Gorias, rogha rochruidh;
A Finias, tar fairrge i bhfad,
Tugadh sleagh Lógha ná'r lag;
A Murias, maoin adhbhal, oll,
Coire an Daghdha na n-árd-ghlonn.


L. 212


Rí neimhe, Rí na bhfear bhfann,
Rom' aince, Rí na ríghreann,
Flaith, 'ga bhfuil fulang na bhfuath,
Agus cumhong na gcaomh-thuath.




Iomthusa Thuaithe Dé Danann, iar gcaitheamh seacht
mbliadhan dóibh i dtuaisceart Alban, tángadar i n-Éirinn;
agus iar dteacht i dtír dóibh, Luan Béaltaine, i dtuaisceart
Éireann, loisgid a longa, gonadh, d'á dhearbhadh sin,
do rinneadh an rann so: -




Do loisg gach laoch dhíobh a loing
Ó do riocht Éire adhmhoill:
Do budh gleo trom ag a chor
Ceo na long ag a losgadh.




D'á éis sin cuirid ceo draoidheachta i n-a dtimcheall
feadh trí lá go ná'r léir d'aon duine d'Fhearaibh Bolg iad,
go rángadar Sliabh an Iarainn. Cuirid as sin teachta uatha
go hEochaidh mac Eirc agus go maithibh Fhear mBolg d'iarraidh
ríoghachta Éireann nó catha tar a ceann. Comhmórthar uime
sin cath Mhaighe Tuireadh theas idir Fhearaibh Bolg agus Tuatha
Dé Danann, gur briseadh an cath ar Fhearaibh Bolg, agus
gur marbhadh céad míle dhíobh do réir mar adubhramar thuas.



Deich mbliadhna fichead ó chath Mhaighe Tuireadh theas go
cath Mhaighe Tuireadh thuaidh, mar adeir an rann: -




Deich mbliadhna fichead, ro feas,
Ó chath Mhoighe Tuireadh theas.
Go cath Mhoighe Tuireadh thuaidh.
I n-ar thuit Balar an mhór-shluaigh.


L. 214



Adeirid drong re seanchus gurab ó'n triar mac rug
Danann, inghean Dealbhaoith, eadhon, Brian, Iuchar, agus
Iucharbha, eadhon, triar do chlainn Dealbhaoith mic Ealathan
mic Néid, mic Iondaoi, mic Allaoi, mic Tait, mic Tabhairn,
mic Enna, mic Bathaigh, mic Iobaith, mic Beothaigh, mic
Iarbhoineoil Fháidh, mic Neimheadh, gairthear Tuatha Dé Danann, do
bhrígh go rabhadar an triar reamhráidhte coimh-dhearsgnaighthe
a's sin i gcéardaibh geintlidhe, gur thoil leis na tuathaibh seo
ag a rabhadar dée do ghairm díobh, agus iad féin d'ainmniughadh
uatha. Ag so rann deismireachta ag a dheimhniughadh
gurab iad an triar so na trí dée Danann, amhail adeir an
duain darab tosach "Éistigh a eolcha gan on" etc.: -




Brian, Iucharbha, is Iuchar ann,
Trí dée Tuaithe Dé Danann;
Marbh iad ag Mana os muir meann,
Do láimh Lógha, mic Eithneann.




Is ó'n Danann, fá mháthair do'n triar so, gairthear dá
chích Dhanann do'n dá chnoc bhfuil i Luachair Dheaghaidh i
nDeas Mhúmhain. Adeirid araile gurab uime gairthear Tuatha Dé
Danann díobh, do bhrígh gurab i n-a dtrí ndrongaibh do bhádar
ar an eachtra so da ndeachsad a hÉirinn. An cheud drong
díobh, d'á ngairthear Tuath, do bhíodh ar leirg uaisle agus
ceannais féadhna: ionann, iomorro, tuathach agus tighearna,
amhail is ionann tuath agus tighearnas. Is córaide sin do
chreideamhain, mar do beirthear dá bhantuathaigh ar Bheuchuill


L. 216


agus ar Dhanainn, do bhí 'na mbaintighearnaibh aca: gonadh
d'á chur sin i gcéill atá an rann so: -




Beuchuill agus Danann dil,
Fá marbh an dá bhantuathaigh;
Feasgor a ndraoidheacht fo dheoigh,
Le deamhnaibh odhra aieoir.




An dara drong d'á ngairthí dée, mar atáid a ndraoithe,
is uime sin adeirthí na trí dée Danann ris an triar thuas.
Is uime do gairthí dée dhíobh ar iongantas a ngníomh ndraoidheachta.
An treas drong d'á ngairthí Danann, eadhon, an
drong do bhíodh re dánaibh nó re céardaibh, óir is ionann
dán agus céard.



An t-aonmhadh halt deug.



Do ghabhlughadh na droinge fá huaisle do Thuathaibh Dé Danann
ann so síos.



Eochaidh Ollathar, eadhon, an Daghdha, Oghma, Eallóid,
Breas, agus Dealbhaoith, cúig mic Ealathain, mic Néid, mic
Iondaoi, mic Allaoi, mic Tait, mic Tabhairn, mic Enna, mic
Báthadh, mic Iobáth, mic Beothaigh, mic Iarbhuineoil Fháidh, mic
Neimheadh, mic Aghnomoin.



Manannán mac Allóid, mic Ealathan, mic Dealbhaoith.



Sé mic Dealbhaoith mic Oghma, Fiachaidh, Ollamh, Iondaoi,
Brian, Iuchar, agus Iucharbha.



Aonghus, Aodh, Cearmad, agus Mídhir, ceithre mic an
Dághdha.



Lúgh mac Céin mic Dianchecht mic Easairg mic Néid mic
Iondaoi.


L. 218


Goibhneann (an gabha), Creidhne (an céard), Dianchecht (an
liaigh), Luchtaine (an saor), Coirbre an file mac Tara mic
Tuirrill.



Beigreó mac Coirbre Chaitchinn mic Tabhairn.



Fiachaidh mac Dealbhaoith agus Ollamh mac Dealbhaoith.



Caichér agus Neachtain dá mhac Namhat mic Eochaidh ghairbh
mic Duachdoill.



Siodhmall mac Cairbre chruim, mic Ealcmhair, mic
Dealbhaoith.



Éire agus Fódhla agus Banbha, trí hingheana Fhiachach, mic
Dealbhaoith, mic Oghma. (Eirnin inghean Eadarláimh, máthair
na mban sin.)



Bádhbh, Mácha, agus Móirríoghan a dtrí baindée.



Danann agus Beuchuill an da bhantuathaigh, agus Brighit
bainfhile.



Ag na bantuathaibh seo bhádar an dá ríoghdhámh, eadhon
Fé agus Meann a n-anmanna: is uatha ainmnighthear Mágh
Feimhin i san Mumhan. Is aca fós baoi Triath-rí-thorc ó
ráidhtear Treitheirne Mumhan.



(Is Cridhinbhéal, Bruinne, agus Casmhaoil na trí cháinte.)



Is iad ro bhris cath Maighe Tuireadh thuaidh ar Fhomhórchaibh,
agus (an) cath (roimhe sin i) Maighe Tuireadh theas ar Fhearaibh
Bolg. I san gceud chath do beanadh a lámh do Nuadhait, agus
a cheann i san gcath ndéidheanach.


L. 220


An dara halt deug.



Do ríoghaibh Tuaithe Dé Danann ann so, agus d'fhad a bhflaithis
ar Éirinn.



Do ghabh Nuadha Airgeadlámh mac Euchtaig, mic Eadarláimh,
mic Ordan, mic Allaoi, mic Tait, mic Tabhairn, mic
Euna, mic Iobáth, mic Beothaigh, mic Iarbhuineoil Fháidh, mic
Neimheadh, ríoghacht Éireann triocha bliadhan, gur thuit i gcath
Mhaighe Tuireadh thuaidh.



Do ghabh Breas mac Ealathan, mic Néid, mic Iondaoi, mic
Allaoi, mic Tait, an ríghe seacht mbliadhna.



Do ghabh Lúgh Lámhfada mac Céin, mic Diancecht, mic
Easairg bhric, mic Néid, mic Iondaoi, mic Allaoi, ríoghacht
Éireann ceathracha bliadhan. Is é an Lúgh so d'orduigh Aonach
Taillteann ó thús, mar chuimhniughadh bliadhna ar Thailltinn
inghin Madhmóir, eadhon, rí Easpáine, fá bean d'Eochaidh mac
Eirc, rí déidheanach Fhear mBolg, agus fá bean iar sin
d'Eochaidh garbh mac Duaich doill, taoiseach do Thuathaibh Dé
Danann. Is leis an mnaoi seo do hoileadh, agus do leasuigheadh
Lúgh Lámhfada go beith ionairm dó; agus is mar
chuimhniughadh onóra uirre-se d'orduigh Lúgh cluitheadha Aonaigh
Taillteann, cóigdhís ré Lúghnasadh, agus cóigdhís d'á héis, i
gcosmhaileacht an chluithe d'á ngairthí "Olimpiades"; agus is
ó'n gcuimhne sin doghníodh Lúgh, gairthear Lúghnasadh do'n cheud
lá do challuin "August," eadhon, násadh nó cuimhniughadh Lúgha,
(ar a bhfuil Féil Geibheann Pheadair indiu: agus do thuit le
Mac Coill i gCaondruim).


L. 222


Do ghabh an Daghdha Mór mac Ealatha, mic Dealbhaoith, mic
Néid ríoghacht Éireann deich mbliadhna ar thrí fhichid, (agus do
éag 'san Bhrugh do gháibh cró an urchair do theilg Ceithlionn
air i gcath Mhaighe Tuireadh. Eochaidh Ollathar ainm díleas
an Daghdha).



Do ghabh Dealbhaoth mac Oghma Griain Éigis, mic Ealathan,
mic Dealbhaoith, mic Néid an ríghe deich mbliadhna, gur thuit
le Fiachaidh mac Dealbhaoith.



Do ghabh Fiachaidh mac Dealbhaoith, mic Ealathan an ríghe
deich mbliadhna, gur thuit le hEoghan i n-Árd mBric.



Do ghabhsad trí mic Chearmada Milbheoil mic an Daghdha,
eadhon, Mac Cuill, Mac Cécht, agus Mac Gréine a n-anmanna,
ríoghacht Eireann triocha mbliadhan; agus adeirid
drong re seanchus gurab roinn tréanach do rónsad ar
Éirinn, amhail adeirthear i san rann so: -




Gidh Éire iolar míle,
Rannaid an tír a dtreidhe;
Airigh uill na n-echt n-uaille,
Mac Cuill, Mac Cécht, Mac Gréine.




Gidheadh, ní roinn tréanach do bhí eadorra, acht sealuidheacht
flaithis, eadhon, gach re mbliadhan ag gach aon díobh ar uainibh,
amhail adubhramar thuas i n-anmannaibh na críche seo, (agus
is i gcath Thaillteann do thuiteadar a dtriar). Is uime do
gaireadh na hanmanna so do'n triar ríogh soin, do bhrígh
gurab Coll, Cécht, agus Grian fá dée adartha dhóibh. Coll,
iomorro, fá dia do Mhac Cuill, agus Eathúr a ainm díleas,
agus Banbha a bhean. Mac Cécht, tra, cécht a dhia, Teathúr a
ainm, agus Fódhla a bhean. Mac Gréine, iaramh, Grian a
dhia, Ceathúr a ainm, agus Éire a bhean.


L. 224


Oirbsean ainm díleas Mhanannáin: is uaidh ráidhtear
Loch n-Oirbsean. Óir an tan do tochladh a fheart, is ann
do mhoidh an loch fó thír. Is d'fhoillsiughadh an neith seo,
do rinneadh na roinn seo síos: -




Eathúr árd fo fuair miodh, garg an fear,
Coll a dhia, ua an Daghdha 'nar dubh, Banbha a bhean;
Teathur teann, trén a throid, gér a ghreith,
Fódhla a bhean mór-n-écht ro druidh, Céacht ro chreid;
Ceathúr caomh, caomh a lí, fá saor é;
Éire a bhean, bean fhial í, Grian a dhé.
Manannán mac Lir ó'n loch, ro sír sreath,
Oirbsean a ainm, iar gcéd gcloth ég adbath.




Do réir Saltrach Chaisil, is trí bliadhna teasta do dhá
chéd, fad flaithis Tuaithe Dé Danann ar Éirinn. Tig
an rann so leis sin: -




Seacht mbliadhna nóchad is céd -
An t-aireamh sin nocha brég,
Do Thuaith Dé Danann go ngus
Ar Éirinn i n-árdfhlaitheas.




An treas alt deug.



Do bhunadhas Chlainne Míleadh, d'á n-imtheachtaibh, agus d'á
ndálaibh, d'á ngeinealaigh, agus do gach toisg d'á dtárla
dhóibh ó Fhéinius Farsaidh anuas go gabháil Éireann dóibh, ann so
síos.



Ionnus, iomorro, go dtiocfadh linn bunadhas cinidh Scoit
do lorgaireacht go préimh, eadhon, go Iafeth: an dias mac is
oirrdhearca do bhí ag Iafeth, mar atá, Gomer agus Magóg.


L. 226


Cuiridh Maoise i san deachmhadh caibidil do Ghenesis, mar a
ndéin craobhsgaoileadh ar shliocht Iafeth, eadhon, go rabhadar
trí mic ag Gomer, mar atá, Ascenez, Riphat agus Togorma:
gidheadh, ní ainmnigheann go cinnte clann Mhagóg do réir
a n-anmann. Thairis sin, do bhrígh gurab ar sheanchadhaibh cinidh
Scoit atá d'fhiachaibh craobhsgaoileadh cinnte na n-uasal do
ghein ó Mhagóg do leanmhain, agus go háirithe sleachta
Féiniusa Farsaidh, cuirfeam síos ann so craobhsgaoileadh
sleachta Mhagóg, do réir an Leabhair Gabhála d'á ngairthear
Cin Droma Sneachta, agus sul táinig Pádraic i n-Éirinn do
bhí an t-úghdar soin ann. Is eadh adeir, go rabhadar triar
mac ag Magóg, mar atá, Báath, Iobáth agus Fáthachta. Ó
Bháath táinig Féinius Farsaidh, sinnsear sleachta Ghaedhil: ó
Iobáth tángadar Amazones, Bachtriani agus Parti: ó Fháthachta
táinig Partholón (do chéad ghabh Éirinn iar ndílinn),
agus Neimheadh mac Agnomain, agus, d'á réir sin, Fir Bolg
agus Tuatha Dé Danann (amhail adubhramar thuas i sna
gabhálaibh). Is ar shliocht an Fháthachta so táinig Attila mór,
do chuir Pannonia fa n-a smacht, agus baoi cian d'aimsir ag
coimhmeasgadh flaithis na Rómha, do scrios agus do dhíbir
Aquileia, agus tug iomad ruathar fó'n nGearmáin. Is ó'n
Scitia fós, do shliocht Mhagóg do réir a mbunadhasa,
Zeliorbes, rí na "Hunnorum" do bhí i gcogadh ar Iustinian
Impir. Is ó'n Scitia, tra, tángadar Longobardi, Hungari
agus Goti uile. Is ó'n Scitia, mar an gceudna, Dauni ó
raidhtear Daunia 'san Iotáile, agus is é ainm na tíre
sin indiu, Apulia. Is ó'n Scitia fós tángadar na Túrcaigh.
Cá dtáim ris? adeir Bucananus, lorgaire seandachta


L. 228


craobhsgaoilidh an domhain ar aithris Epiphanius gur ghabhadar
lucht na Scitia árdfhlaitheas go grod i ndiaidh dílinne, agus
go raibhe a bhflaitheas ar marthain go hanfhlaitheas na Babilóine.
Adeirid na húghdair ceudna gurab ó'n Scitia dogheibhdís
na críocha eile reachta agus dlighthe agus orduighthe, agus
fós gurab iad céid chineadh do thionsgain bheith onórach d'éis
dílinne iad. Adeir Ioannes Boemus 'san naomhadh caibidil
do'n dara leabhar ro scríobh do bheusaibh an uile chinidh, ná'r'
clódh lucht na Scitia le hárdfhlaitheas ar bioth. Adeir
Iosephus gurab Magógai ghairid na Greugaigh do lucht na
Scitia. Adeir Ioannes Nauclerus go dtángadar daoine
ar shliocht na Scitia lé' ndéarnadh gníomha rómhóra. Bíodh
a fhiadhnaise sin ar Herodotus, 'san gceathramhadh leabhar,
mar a n-abair gur dhíbreadar lucht na Scitia Darius rí
na Persia as an Scitia go maslaightheach. Bíodh, mar an
gceudna, a fhiadhnaise ar Iustin i n-a stáir, mar a nochtann
d'árrachtas na ngníomh do rónsad lucht na Scitia; ag so
briathra an úghdair seo: - "Do bhádar, ar sé, do ghnáth lucht
na Scitia gan cúmhacht coigcríoch do bhuain riu, ná do bhreith
a mbuadh: do dhíbirsiod go maslaightheach Darius rí na Persia
as an Scitia; do mharbhsad Círus go líon a shluaigh; do
léirscriosadh leó Zopiron taoiseach sluaigh Alexander Mhóir go
n-a shluagh; do chualadar neart na Rómhánach, agus níor
mhothuigh siad riamh é." As na briathraibh seo is iontuigthe
gurab mór an chalmacht agus an chródhacht do bhí i bhfoirinn
na Scitia go haimsir an úghdair seo.



Adeir Policronicon i san seachtmhadh caibidil deug ar
fhichid do'n chéid leabhar gurab ó'n bhfocal so "Scitia"
gairthear


L. 230


Scoit do shliocht Ghaedhil Ghlais, agus go bhfios dam ní córa
Gaill do thabhairt ar an droing atá ag áitiughadh i n-Éirinn anois,
d'á ngairthear Gaill, (ó Ghallia), eadhon, ó'n bhFrainc
do réir a mbunadhasa, ioná Scoit do thabhairt ar Ghaedhealaibh
ó Scitia ó' dtángadar féin do réir a mbunadhasa: agus is
uime sin gairthear Greugaigh Sciti do shliocht Fáthachta mic
Magóg do ghabh flaitheas i nGotia, i dTracia agus i n-Achaia,
(mar atá Partholón mac Searra go n-a threabhaibh), Neimheadh,
mac Agnomain, ó' ráidhtear Clanna Neimheadh, Fir Bolg,
agus Tuatha Dé Danann, do bhrígh gurab ó'n Scitia do réir
a mbunadhasa iad uile: agus measaim gurab uime gairthear
Scoit go cinnte do shliocht Ghaedhil mic Niuil mic Féiniusa
Farsaidh d'á ráinig árdfhlaitheas na Scitia, agus d'á shliocht
'na dhiaidh, agus gurab é Niul mac tánaise Féiniusa, agus
nach fuair comhroinn críche ar bioth, amhail fuaradar comh-mbráithre
Féiniusa críocha as ar' hainmnigheadh iad féin agus
a sliocht. Uime sin d'orduigh Niul d'á shliocht, iad féin
d'ainmniughadh as an Scitia, agus Scoit do thabhairt (d'ainm)
orra do shior, do bhrigh nach raibhe fearann ar bith 'na sheilbh;
agus ná'r fhágaibh a athair acht sochar na n-ealadhan agus na
n-ilbheurla mar inmhe aige, iar bhfágbháil ríoghachta na Scitia
gan roinn ag Neanual, an mac fá sine ioná Niul.


L. 232


An ceathramhad halt deug.



Ag so síos fo leith go cinnte do'n fhíor-bhun ór' fhásadar aicme
Ghaedhil, agus d'á n-imtheachtaib go teacht do Mhacaibh Míleadh
i n-Éirinn.



Adeirid cuid do na húghdaraibh Laidne, gurab mac do
Argus nó do Cecrops do ghabh flaitheas "Argivorum"
Gaedheal; gidheadh, ní féidir sin do bheith fírinneach, do bhrígh
go n-abair S. Augustin gur b' é am do thionnsgain flaitheas
na droinge sin an tan rugadh Iacob, i gcionn dá bhliadhan
deug agus fiche ar cheithre chéad d'éis dílinne; agus fós, do
réir an úghdair cheudna, nach raibhe flaitheas a shleachta sin
ar bun acht cúig bliadhna deug ar dhá chéad, agus d'á réir
sin, gurab i gcionn seacht mbliadhan ar trí fichid ar sé céad
d'éis dílinne do críochnuigheadh flaitheas na haicme sin. Acht
cheana, ní féidir sin do bheith fírinneach agus a rádh gurab ó
Argus nó Cecrops do thiocfadh Gaedheal, óir adeir Hector
Boetius i stáir na hAlban, agus fós Leabhair Gabhála
Éireann uile gurab re linn Mhaoise do bheith 'san Éigipt i
gceannas Clainne Israel do bhí Gaedheal 'san Éigipt.
Adeirid, iomorro, na Leabhair Gabhála gurab fo'n am soin
rug Scota, inghean Pharao Cincris Gaedheal do Niul mac
Féiniusa Farsaidh mic Baath mic Magóg; agus is é am fa'r
thionnsgain Maoise ceannas feadhna do dhéanamh ar Chlannaibh
Israel 'san Éigipt, i gcionn seacht mbliadhan ndeug agus
ceithre fichid ar sheacht gcéad, ionnus do réir an áirimh aimsire
sin go raibhe tuairim trí chéad bliadhan agus cúig bliadhna
agus dá fhichid re a gcois, ó aimsir Argus nó Cecrops go
rugadh Gaedheal, agus, d'á réir sin, níor bh'féidir a bheith 'na
mhac ag Argus nó ag Cecrops dó.


L. 234


Cibé adéaradh gurab ó'n nGréig do ghluais Gaedheal
do'n Éigipt, agus gurab uime adeirthear gurab ó'n Scitia
do chuaidh do'n Éigipt, do bhrígh gurab ó thalamh Cetim (mar
shaoileas úghdar d'áirithe) do thriall, agus, d'á réir sin, go
n-abair gurab ionann Scitia agus iath na sceach: "iath,"
iomorro, an tan tuigthear ar son an fhocail seo "fearonn" é,
bídh "th" nó "dh" 'na dheireadh, mar atáid iath nó iadh, gidheadh,
an tan scríobhthar an focal so, Scitia, ní bhí "c" i n-a lár
mar badh cóir 'na shamhail do chomhfhocal, agus fós, ní bhí "th"
nó "dh" i n-a dheireadh: agus, d'á réir sin, ní fhuil acht
baramhail gan barántas a mheas gurab ionann Scitia, do
réir sanasáin Gaedhilge, agus talamh na sceach.



Is lag, mar an gceudna, an suidhiughadh ar Ghaedheal do
theacht ó'n nGréig do réir a bhunadhasa, a rádh go mbíodh
chosmhaileas ag sliocht Ghaedhil, i mbeusaibh, i nósaibh, agus i
gcluithidhibh re Greugaibh, agus, uime sin, go n-aibeorthaoi
gurab ó Ghreugaibh tángadar. Óir gach gabháltas táinig i
n-Éirinn d'éis dílinne, acht Fine Gaedheal agus Clanna
Neimheadh amháin, is ó'n nGréig tángadar, (mar atá Partholón
ó Mhigdonia, Fir Bolg ó'n Tracia agus Tuatha Dé Danann
ó'n Achaia; mar a bhfuil Beotia agus Cathair na hAithne,) do
réir mar d'fhoillsigheamar thuas i n-a ngabháltas fo seach
ainm gach áite as ar' thriallsad i nGréig.


L. 236


Ar an adhbhar soin, gion go rabhadar na nóis nó
na beusa úd na nGreugach ag Fine Gaedheal ré dteacht i
n-Éirinn dóibh, dob' fhéidir leó a bhfóghluim ó iarmhar Fhear
mBolg agus Tuatha Dé Danann, do bhí rómpa i n-Éirinn;
agus a bhfágbháil ar aithidhe ag a sliocht d'á n-éis, gion go
rabhadar féin 'san nGréig riamh, ná Gaedheal, ná neach eile
d'á dtáinig rómpa.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services