Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Bheatha Chrábhaidh
Title
An Bheatha Chrábhaidh
Author(s)
Mághnus Ó Domhnaill,
Compiler/Editor
Ó Domhnaill, Mághnus
Composition Date
1824
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1938)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN BHEATHA CHRÁBHAIDH. Is leór mar dhearbhadh ar an leabhar sármhaith seo, a threasbhéarlughadh is gach teangain séimh ar feadh na hEórpa go huile agus a liadhacht (liacht) clódhughadh do ghabh sé thríd a mBeurladh Saxon, a ffaraid gach árdmholadh dá ndeárnadar éigse deaghfhoghlumtha agus árdbhreitheamhain foghluma air, chum aire gach naoin agus na nÉireannach go háirighthe do tharraint air. Atá an uile nídh dá dhoimhne agus dá fhriochnamhaighe a mbeathaidh spioradálta, aithriste chomh soiléir chomh hósgach agus sin, ionnas go ffaghadh an uile dhuine idir chléir is tuaith, uasal agus ísiol, aosta agus óg, an fear ealadhan agus an mogha, rian chinnte, domheallta chum maireachtain go naomhtha ionn a shlighe chomhchuibhe féin. Atá an leughan chomh sámh, gach aon cheacht chomh so-thuigse, an suibheachann (suidheamhchan), na fátha agus na hiomarbhádha chomh foillseach agus san, nách féidir le duine ar bith gan tuitim a ngrádh leis an eachtra, agus machtnamh air, agus fós gean a thabhairt don ughdar, a mhalairt duine dhiúltóchadh go hiomlán do chreidiomh agus deighbheus fhírinneach. Is é is ughdar do, a leughthóra dhílios, an naomh groidhe úd Proinsias, Easbog agus Flaith Geneva. Dotugadh
an ainm sin air ag an ttobar baistighe a nonóir do N. Proinsias Assisium, naomhathair oirdheirc agus tionn- sgnathóir na mBráthar Mionúr. Dothugadar a thréithe agus a cháilidheachta, mar aon le na inntleacht bheómhar, eusga, aptha, lonnra, dá athardha árdchéimeach, mar atá muinntir uasal oirdheirc De Sales agus do ghabhadar so fós breis soillse agus bisigh ó chleachta gach uile ghné shubháilce ionn a óige. Budh hadhbhar iongantais le cathair na Pairíse an saothar dorine sé a ffeallsamhnacht agus a ndiaghacht. Dorineadh dochtúir Dlighe Tíre agus Eaglaise dhe a bPadua le hiomad caithréime. Do mhaoidh agus do mhol an Fhraingc, an Eadáil agus a thír dhúthchais féin, Savoy, a ínntleacht bhorfach (bhorrfadhach) agus a chrábha bhláithsgiamhach. Do chuir an mhóid gheanm- naigheacht dorin sé ós ísiol an feadh dobhí sé ag deunamh a fhoghluma, agus do hathnuadhadh arís leis a neaglais Loretto agus an fonn teasaighe do ghaibh é chum dol a nórd Eaglaise, gach uile iarracht d'ár tugadh air, dá chiapadh ag iarraidh air ionad onóireach do ghlacadh a cComhdháil Savoy. Go grod ina dhiaigh sin do glacadh a ngrádh eaglaise é agus dofuair mar onóir agus san a naghaidh a thoile, oifig Uachtaráin a nEagluis Geneva d'á ndeárnaidh sé feidhm chomh seasamhach, chomh dúthrachtach, chomh deigh-iomcharach agus san, gur mheas an tEasbog ná raibh aon duine budh iomchubhaidh ioná é chum Chelebais agus a teóranna do thabhairt chum creidimh ó'n seachrán ionn a rabhadar fán am soin. An lúthgháir agus an soilbhrios le ar ghabh sé an turas soin air féin, do threisigh sé ar gach deacair agus dócamhal d'á raibh ionn a shlighe, do réir mar concus (chonnacthas) do gach aon acht do féin. Contabhairtighe, paintéir, luigheacháin, anchainnt agus an bás féin a bagairt air do ghnáth. Gidheadh, níor chuir ceachtar díobh a bheag ná a mhór de bhroid air, acht is mó
an neart a ghaibh sé ó bhaoghal, misneach ó bhagair, deighíntinn ó dhroch-úcáid, cródhacht agus calmacht ó adhbhar euga agus níor thaisbeán gnúis chomh taithniomhach riamh leis an uair is mó bhíodh dubhneull feill agus iomcháine ós a chionn. Ar mbeith dho ina thighearna air é féin do thaisbeánadh fial síoreólach, maille re hiomchar thaithniomhach mhaiseamhail agus re deaghbheusaibh mhíne geanamhla neamhchoitchiona, do bhuaidh sé ar an drong budh dhúire aigne agus d'fhosgail a shlighe chun na ccroidhthibh budh chruadha agus mar dobhí tearmain na fflaithios go follus aige, d'iompuigh sé chum an chreidimh Chatoilicigh dá mhíle ar sheachtmhodh duine, agus mórán díobh san ina ndaoinibh comhachtacha a maoin agus a leughann. Dofuair sé easbogóideacht Gheneva a ndiaigh Ghrainier Bhuidhe, gurab annsan do sgaip leósmhaireacht a naomhthachta a ffad agus a ngearr, ionnas gur dhall sé gach clé-aicme agus gur chlaoidh sé gach ainrianach. Cheana féin d'fhógair a dhíograis shárdhian chum beus a cheartughadh, an duadh neamh-thuirseach le ar shocradh (-ruigh) sé síth agus deighmhéin ionn a nuile áit, an taithreachas aithreamhail dobhí aige ar na bochtaibh, agus gach saothar agus subháilce eile dealrach d'ár shealbhaidh sé, ina naomh é ameasg na ffíoraon agus gairm deagh-dhuine dhiagha ameasg naimhdibh drochaigeanta. Dochum breis onóra do Dhia, do thionnsgain sé órd nuadh banriaghalta fá ghairm chuairde na hóighe neamhcháidheach Muire, fá riaghail N. Abhaistín, dár leag sé amach dóibh chum a leanamhaint maille re dlighthe oile eagnaidhe geurchúiseacha róthaithniomhacha do cheap sé féin dóibh. Fá dheoigh do chuir sé comaoin ar an eaglais le sgríbhinibh atá lán de theagasgaibh neamhdha, go háirighthe an trácht so, do rianuigheann amach slighe shámh, shábhálta, réidh chum foirfeachta chríostamhail. d'eug ár naomh glórmhar san seisiughadh bliadhain ar
chaogad d'á aois a Lions agus do hadhlacadh é a Naneisy, áit ar dearbhadh le míorbhúiltibh nár fféidir a chur fá cheist é bheith rómhuinntiordha ag Dia, ionnas gur chuir an Pápa Alexander VII a nuimhir na naomh é, agus do bheartaigh an 29 lá de Iadhnair chum a fhéile do choimheud. Ag sin a ndéarfam ar a bheathaidh, agus go mórmhór ó úghdarás shár-mholta an Phortús Rómhánach, do bhrígh gidhbé le ar mian a bheatha róiongantach a leughadh go líonmhar, go ffuil a ttrí ccuairsgíbh clódhbhuailte a Longduin aga éigin ó shoin.
TULRÁDH AN UGHDAIR. A leughthóra chroidhe, guidhim tú an tulrádh so do leughadh, mar shásamh duit féin agus dhómhsa. Dobhí cnuaisteoir na mbláth ccumhra, Glycera, chomh háiriteamhail sin timchioll a ccur a nórdughadh ar ghoithighibh eugsamhlacha go ndeunach (dh) sí iomad deasgán neamh- ionann de na bláthaibh céadna ar mhódh gur mheas an dealbhóir Pausias aithris do dheunadh ar an eugsamhlacht san, acht theib sé air, óir ní fheudfach (dh) sé a chuid daitheanna do chlaochlódhadh ionn a noiread cosmhúileachtaibh agus dodheunach (dh) Glycera a cuid bláthanna. Is mar sin a bheartuigheann agus a órduigheann an Spiorad Naomh le hilomad eugsamhlacht teagaisg an chrábhaidh, noch dobheir sé dhúinne le teangthaibh agus (le) pinn a sheirbhíseach, gé gurab ionann an foircheadal gurab neamh-ionann na comhráidhte do réir na slighte neugsamhlach ionn a ccurthar a ccionn a chéile iad. Ní féidir liom, ní dheunfad, agus ní cóir dom a dheunadh, nídh ar bith do sgríobhadh san leabhar so acht mar do sgríobhadar an drong do ghabh rómhainn ar an eachtra so. Isiad na blátha céadna atáimsi a thairgsint duit, a leughthóra ionmhuin, acht atá an díosgán dorinneas díobh a neamhchosmhúil le na ccuid sin, mar is ar ghoithe oile atá sé cúmtha. Is tearc duine dár sgríobh ar chrábhaidh (adh) nách teagasg dhaoine do théarnaidh go hiomlán ó chomhluadar an tsaoghail dob ínntinn leó, nó ar a loighead, crábhaidh (adh) do theagasg
do rianfach (dh) chum uaignis de'n tsamhuil seo. Gidheadh is é is mian liomsa gach a ccomhnuigheann a mbailtibh, a ccaithreachaibh agus a ndúntaibh ríogh do theagasg, ar a ffuil d'fhiachaibh do réir a ccoinghil, beatha phoiblidhe do leanamhaint, agus a chuirionn a numhail dóibh féin go minic go ffuil an chrábhadh do-chleachtuighthe aca, ionnas ná smaoinighid siad amháin ar a ghabháil orra féin, ag creidmheáil ó nách lámhfaidh ainmhidhe ar bith an luibh Palma Christi a bhlas, nách ceart do dhuine ar bith cur asteach ar phailm na crábhaidh (an chrábhaidh) Críostaighe, an feadh atá sé tóigthe (tógtha) suas le gnódhthaibh saoghalta. Dóibh sin is meabhair liom a chur a ccéill do réir mar mhairid péarlaidhe san muir, gan aon bhraon amháin sáile do ghlacadh, agus do réir mar atáid tobracha fíoruisge ann lár na fairrge ar chionntair oileán Chelidonia, agus do réir mar eitiollann an chuil theintighe ann lár na lasarach gan a sgiatháin a losgadh, is féidir iomurro, do anam chródha sheasamhach maireachtain ionn sa saoghal gan a bheag d'urchóid a theacht do ó na dubháilcíbh saoghalta, gur féidir leis fíorthobracha chrábhaidh mhilis do dheunadh amach ameasg lingtibh (linntibh) buaidheartha gnódhthaighe na beatha seo, eitiolladh ameasg lasarach na nanmhian ttalamhaighe, gan eitighe miana naomhtha na beathadh crábhaighe do losgadh. Is fíor go bhfuil so ródhocamhlach, agus is uime sin do mholfainn do mhórán gabháil thimpchioll air níos grion- galaighe ioná mar dorinneadar go ttrásta, agus deunfadsa, gé anbhfann, mo dhíthchioll féin leis an obair seo chum cuidiughadh leo ar mhódh, maille re croidhe fonnmhar, go ngeabhaid re nais an obair ionmholta so do chur a ngníomh. Tairis sin, níorbh'é m'ínntinnsi ná m'aigne an obair seo do theacht chaoidhche chum poibligheachta, acht duine áirighthe a bhí lán d'onóir agus de shubháilcíbh, dofuair de ghrásaibh ó Dhia, tréimhse ó shoin, céim beatha chrábhaigh
do shanntughadh, gur shir cabhair ormsa chum na críche sin. Agus ar mbeith de dhualgas ormsa, a niliomad de shlightibh, mo dhíthchioll conganta thabhairt do, agus mar do bhraitheas a ffad roimhe sin, an dúil mhór dobhí aige an céim sin do rochtain, dobhíos róchúramach a ttímchioll a theagasg go maith, agus taréis é ghiollacht tré gach freachnughadh budh riachtanach d'á mhian agus d'á shlighe bheathaidh, d'fhágbhas mórán riaghail scríobhtha aige chum a meabhraighthe an am gábhadh (aidh). Do léig an duine seo a rún a ccionn tréimhse le duine oirdheirc foghlumtha dobhí críostamhail cráibhtheach, do leugh na comhairleacha céadna, agus arna mheas do san gur mór an tairbhe do bhainfeach (dh) go leór asta, do sháraigh sé orm go ródhian, a ttabhairt amach, agus dob fhurus do buaidh orm chum san do dheunadh, do bhrígh go raibh comhachta móra ag á chairdios ar mo thoil agus ughdarás mór ag á bhreitheamhnas tar mo bhreitheamhnas-sa. Anois, ionnas gur fearrde thaithneamhachadh sé agus gurab amhlaidh budh thairbhighe é, do chuireas tharm arís é, agus do chuireas a neagair éigin é, ag cur mórán comhair- leach agus foirceadal leis do fhreagair dom ínntinn féin, acht atáim réidh leis sin do bhrígh gur beag an uain agam, gurab ar an adhbhar san ná fuil le fagháil agat ann acht tionól de chomhairleachaibh shothuigsi a mbriathraibh lán- tsoillseacha soléire; ar aon chuma is amhlaidh is mian liom a dheunadh. A ccás deis-chainnte, ní smaoineochainn air amháin, mar is iomdha neithe oile agam le deunadh. Philotea, is leis a labhraim (ní deuntar feidhm de'n ffocal so san obair Ghaodhlach), do bhrígh gur chum socair na nanam a ccoitchionn is maith liom é a dhol, an nídh do sgríobhas do aon duine amháin ar ttúis, ar a nglaodhaim ainm atá coitchionn do gach aon le ar mian a bheith cráibhtheach, óir is é míniughadh an fhocal Philotea, anam a ghrádhuigheas, nó atá i ngrádh le, Dia. Ag tagradh san obair seo d'anam a shanntuigheann Dia a ghrádhughadh le mian crábhaidh, do
roinneas an obair seo a ccúig rannaibh. San ccéad roint feuchaim leis an anam do tharraint le briathraibh agus freachnamha (dh) áirighthe ionn a mhian símplidhe, chum foinn dhaingin iomlán noch do dheunann ar a loighead tar éis a fhaoisdin gheinearálta le rún doimhinn solamanta sárdhaingean maille re comaoin rónaomhtha ina dhiaigh, ionn a ttugann sé é féin d'á Shlánuightheoir, agus le na ghlacadh go ngabhann sé seilbh ionn a ghrádh naomhtha. Ar mbeith do'n méid sin deunta, d'á threórughadh níos sia, taisbeánaim do dhá shlighe oile speisialta le a ttáthóchadh sé é féin níos mó fós le na mhórdhacht dhiadha .i. freachnughadh na Sacramaint le a ttagann an Dia mór maith seo chughainn, agus úrnaighthe naomhtha le a ttarraingeann sé chuige féin sinn; agus ag sin brígh an dara rainn. San treas rann taisbeánaim do cionnas is cóir dho freachnughadh do dheunadh dhe sna subháilcíbh is mó is iomchubhaidh dá chur ar aghaidh gan sgíth, acht ag comhairleachaibh áirighthe nách beith le fagháil aige go hurus ar a mhalairt uaidh féin. San cceathramhadh rann nochtaim do an-bheart- uigheacht a namhad d'á leagan amach do cionnas d'fheudfadh sé dul as uatha agus triall roimhe. San ccúigmheadh rann dobheirim sgíth dho chum teacht chuige féin, anál do tharraint agus a mhisneach a neartughadh ionnas go ffeudfaidh sé 'na dhiaidh sin gluaiseacht níos dásachtaighe agus dol ar aghaidh san mbeathaidh chrábhaigh. Is róbhaosradhach an saoghal é seo agus faicthear dhom go ndéarfadh mórán gurab le daoine riaghalta amháin agus lucht crábhaigh, a bhainionn an rian sunrádhach so do leanmhuint, gur mó an aimsir a iarraidh sé ioná atá dhe uain ag Easbog a mbeith fairce ar a chúram chomh liosta agus tá agamsa, gur mór a bhuaireann sé an tuigsint féin dár chóir a chaithiomh le neidhthibh budh mhó tábhacht. Gidheadh, adeirimsi leat, a leughthóra chroidhe, mar adubhairt an N. Oirdheirc Donchadh, gur do Easboig go háirighthe
do bhaineann a nanamna do tharraint chum foirfeachta, ó tá a nórd san róárd ameasg daoine, mar atáid na Seiriphínidhe ameasg na nAingeal. Dá réir sin nár fféidir leo a naimsir a chaithiomh ní bfhearr ioná san. Dobhádar Easboig agus Naomhaithre na heaglaise anallód, an chuid is lugha dhe, chomh haireach linne ar a ccúram, ar a shon soin, níor dhiúltuigheadar aire ar leith a thabhairt d'anamnachaibh áirighthe do stiúrughadh an tráth d'iarradaois a ccabhair, mar is follus ionn a litreachaibh ar aithris na nApstol noch do chruinnigh roinnt dias suathantaiseach ameasg fóghmhair choitchionn (-inn) an tsaoghail, le hamarac ar leith tar chách, arna meas dóibh a mbeith níos deársgnaighe. Cia nách aithneóchadh gur bh'iad clann dílios Naoimh Pól, Tumultach, Philemon, Oneisimus, Teacla agus Appia, amhuil dobhí Marcus agus Petronilla, Naoimh, ag N. Peadar. Petronilla adeirim, noch (do réir mar dhearbhaid Barius agus Gulonius go fíor-eolgach), nár bh'inghean collaighe do N. Peadar, acht inghean spioradálta, agus dar linn sgríobhann N. Eoin litir d'á chuid chum na baintighearna Electa. Admhaim gur doilg an nídh anamna do stiúradh fó leith; gidheadh is doilghíos sásamhuil é mar shaothar na mbuanaighe san ffóghmhar, nách ffuil aon am is sásta a mbíd ioná an tam is déine an obair agus is troime an tualach. Mar is ualach é dobheir neart agus meanmain do'n ínntinn leis an sult dogheibh sé ionn a thairbhe, mar dobheir an Cinamon do lucht a iomchair tré thír Arabia. Adeirthear an tráth gheibheann an tsogh Anchon an coileán a theilgeann an fiaguidhe ionn a slighe, chum í chosg de féin an feadh do bheith sé ag breith as leis an ccuid eile dhe'n ccuaine, go niomchrann sí í, dá mhéid é, agus fós nách troimide é ar son é bheith mór, acht gur eudtroma é agus gur eusga a riothann sí an sgríb leis chum í féin d'fholacha (dh) ionn a gnáis, mar seo go ttugann a grádh nádúrtha
aobhuigheacht di fá na hualach. Nách mó go mór uime sin an fonn a bhias ar chroidhe aithreamhail ag gabháil cúraim anama air, le ar mian teacht chum foirfeachta Naomhtha? Dá iomchar chomh fonnmhar agus iomchrann bean a leanabán, gan suim a chur ionn a liostacht, do bhrígh go ffuil grádh aici air. Acht ní fuláir dho so a bheith ina chroidhe aithreamhail dáríre, agus is ar an adhbhar nách iad a cclann amháin a ghoirid na hApstail agus na daoine Apstolda dá ndeisgioblaibh, acht níos grádhmhaire ioná san, isé ghlaodhaid siad orra, a cclann bheag. Mar chríoch ar mo chomhrádh dhuit, a leughthóra chroidhe, admhaim duit gur sgríobhas ar bheathaidh chrábhach (aigh) agus gan mé féin cráibhtheach, gé go ffuil sé de fhonn orm a bheith, agus isé an fonn so dobheir misneach dhom tusa do theagasgughadh, óir do réir mar adeir duine árd- léaghanta: “Is maith an tslíghe chum foghluma a bheith ag meabhrughadh, is feárr ioná san a bheith ag éistiocht, acht isí slighe is feárr díobh uile, a bheith ag teagasgughadh.” Is minic do theagmhas, adeir N. Abhaistín, ag sgríobhadh chum Florentine chrábhaigh, “an té a mbeith cumas ronnta aige, go mbíonn cumas glacaighthe aige mar an ccéadna; agus an té bhias ag teagasgughadh go mbiaidh sé a slighe mhaith chum foghluma.” D'fhuláir Alasdrum Mór gaon (gan) aon duine a tharraint deallradh Champaspe sgiamhach do, ar a raibh róghrádh aige, acht amháin Apelles oirdheirc, mar gur bh'éigionn do san an ríoghain réamhráidhte do bhreathnughadh go sár-gheur, do réir mar tharraing sé gach stríoc d'á clódh ar a chlár. Do luigh sé chomh daingionn agus san ar a chroidhe, agus do ghlac sé a leithéid sin do ghean d'á sgéimh, go ttug Alastrum d'á aire an grádh eugmhuiseach d'adhain sí a ccroidhe an phinteóra, gur ghabh truaighe dho é, agus tug an bhean le pósadh dho, agus leis an ngníomh san gur sgar sé leis an tí do b'annsa leis ar an saoghal ar a shon, ionn ar thaisbeán sé meud a
mheanmain, do réir mar adeir Pliny, chomh mór le haon bhuaidh chosgair dá ndeárnadh riamh. Anois, a leughthóra cháirdeamhail, is é mo thuairim gurab é mo dhualgas féin, mar Easbog, a chur ina luighe ar chroidheachaibh an phobail, ní amháin subháilce coitchionna, acht fós an (ch) caoindúthracht is annsa leis ar domhan, agus gabhaim orm é go toiltionnach chomh maith le humhluigheacht agus chum mo dhualgas do chomhlíonadh, agus le súil an feadh atáim ag tarraint an tsubháilce áluinn seo ar chroidheachaibh cháich, go nglacfadh mo chroidhe féin taithniomh do. Agus má fhaiceann an tÁrdfhlaith diagha chaoidhche go mbiaidh grádh eugmhaiseach agam do, ní heagal liom nách tiubhradh sé dhom mar nuadhchar é a ppósadh síorruidhe. Do cinneadh dho Rebecca mhiochair dhathamhuil a bheith ina mnaoi ag Isaac, ar ttabhairt uisge d'á áirnéis, agus do ghlac sí uaidh fáinnidhe cluas agus bráisléid óir. Geallaimse féin, umurro, tré mhór- mhaithios do-chríochnaighthe Dé, ar ttreórughadh a threuda ionmhuine dhom chum uisge shláinteamhuil an chrábhaigh, go nglacfadh sé m'anam mar nuadhchar, ag cur bhriathra órdha a ghrádha naomhtha am chluasaibh, agus cumus am gheugaibh chum freachnaighe do dheunadh dhíobh, ionn a ffuil brígh an chrábhaidh fhírinnigh, noch do shirim ar a Mhórdhacht dhiadha a thabhairt dom agus d'iomlán chlainne a Naoimh- Eaglaise, an Eaglais úd dá ttaobhaim mo sgríbhinn, mo ghníomhartha, mo bhriathra, mo thoil agus mo smaointe go deoigh.
ÚRNAIGH AN UGHDAIR. Ag toirbhirt a oibre. A Íosa mhilis, Ó mo Thighearna, mo Shlánuightheoir agus mo Dhia, dearc orm annso sléachta a láthair hÁrdfhlaithios dhiagha, ag móidiughadh agus ag coisreagann na hoibre seo chum do ghlóire, tabhair beodhacht do na briathraibh red bheannocht, ionnas go ffaghach (dh) na hanamna úd d'ár cheapas í na smaointe naomhtha do thograim dóibh uaithe, agus go háirighthe a athchaingeadh ort do thrócaire do-chríochnaighthe a roint liomsa, ionnas, an feadh atáim ag rianughadh na slighe do chách chum crábhaigh ar an saoghal so, nách diúltóthaoi dhom féin go síorruidhe agus a bheith caillte san saoghal oile, acht go ccanfainn mar aon leó san, mar abhrán mhaoidhte buaidh, an focal so adeirim ó chroidhe mar fhiadhnaise ar mo dhísligheacht ameasg chontabhairtíbh na beathaidh (adh) soghluaiste seo. Marthainn duit, a Íosa, marthainn duit, a Íosa, mair agus riaghlaigh ionn ár ccroidhthibh go bráth agus chaoidhche. Amen.
A nAINM DÉ, AMEN. Ag seo, a leughthóra, an leabhar darab ainm Franciscus de Sales, roinnte a ndá leabhar. An chéad leabhar roinnte a ccúig ranaibh. An chéad rann thráchtann do theacht asteach ar an mbeathaidh chrábhaigh ann a ccurthar síos comhairleacha agus freacair, ionnus gur d'á réir is cóir do'n anam (ó do thionnsgain ar ttús beatha spioradálta leanmhuint), é féin do threórughadh, go ttigeadh chum foirfeachta innte. An dara rann ann a ttráchtar ar theagasgaibh agus ar chomhairleachaibh dochum an anama dá thógbháil féin suas chum Dé, re húrnaighthibh agus re freachnughadh na Sacramainte. An treas rann ionn a ttráchtar ar mhórán comhairleach agus teagasg mhaith ar fhreachnughadh na subháilceadh. An ceathramhadh rann ann a ttráchtar ar theagasgaibh agus ar chomhairleachaibh riachtanacha a naghaidh na ccathaighthe is gnáth do theacht ar dhaoinibh. An cúigeadh rann ann a ttráchtar ar fhreachnughadh agus ar theagasgaibh tairbhtheacha dochum na hínntinne d'athnughadh agus do dhaingniughadh san ccrábhaigh. An dara leabhar, ann a ttráchtar ar an mbeathaidh dhiagha, nó ar an tslighe a ngnódhthuighthear í: arna tharraing a nGaoidheilge as Laidion (in), leis an Athair Filip Ua Raghallaigh, Bráthair bocht d'órd S. Proinnsias agus Gáirdian na mbráthar nÉirionnach a bPráig san mBóhémia, an bhliadhain d'aois an Tighearna 1670, aithsgríobhtha le
hEoghan Ó Raghallaigh, mac d'órd a fFlóndras 1710. San mbliadhain ccéadna thionnsgain an Pairliamaint Persecution do chur ar an eaglais agus na mionna díoblaidhe dá ngoirthear The Oath of Abjuration do thabhairt ar gach aon fó seach re ling (línn) My Lord Wharton a theacht ina Ghiúistís go hÉirinn. Agus is as a sgríbhinn sin do tharraing mise an leabhar so.
AN CHÉAD LEABHAR. An Chéad rann. De theacht asteach ar an mbeathaidh chrábhaidh, ann a ccurthar síos comhairleacha agus freacair, ionnas gur dá réir is cóir don anam, ó do thionnsgain ar ttús beatha spioradálta do leanmhúint, é féin do threórughadh go ttigeadh chum foirfeacht innte. Caibidil 1. Ionn a ffoillsighthear cread é an crábhadh fíor. A dhuine, ag a bhfuil grádh agat ar Dhia, is mian leat a bheith cráibhtheach agus do bhrígh gur Críostaighe thú, is feas dhuit gur subháilce í sin ar a ffuil taithniomh ró mhór ag an Mhórdhacht dhiagha; gidheadh, seachrán dá loighead ag tionnsgnamh neithe ar bith, ag dul ar aghaidh dho, fásuigh é (fásfaidh sé) go fóirchionn, agus fá dheoigh ní mór gur féidir breith ar a leasughadh nó ar a cheartughadh. Ar an adhbhar san roimh an uile nídh, is cóir fios do bheith agat cread é an crábhadh, óir ní ffuil ann acht aon ghné amháin crábhaidh fhíre agus iliomad crábhadh fhallsa dhíomhaoin. Mar sin, muna budh feas duit an crábhadh fíor, is féidir do mhealladh agus do dhul ar seachrán nó thú do leanmhuint do chrábhadh piseógach ag caithiomh haimsire gan toradh, gan tairbhe. 2. Gach íomháigh d'á ndeunach (dh) an pinteoir Aurelius,
do chumhach (dh) iad ar chosmhulacht na mban ar a raibh grádh aige. Mar an ccéadna cumaid mórán crábhadh dhóibh féin do réir a cclaonta féin. Gidhbé bhíonn ullamh nó fonnmhar re trosgadh do dheunadh, ar son go mbeith lán d'fhuath agus de mhiosgais, measann é féin a bheith ró chráibhtheach, mar nách lámhann, re measardhacht agus re fonn an troisge, braon fíona nó uisge do chur ar a theangaidh. Acht ní cás ris é féin do bháthadh a ffuil a chomharsan, ag deunadh murmair agus ithiomrádh air. Measann duine oile é féin a bheith cráibhtheach má doghnidhionn mórán úrnaighthe, ar son nách ccoiglionn briathra troma, borba, gearánacha, maslaightheacha, do rádh a naghaidh a lucht aontighe agus a chomharsan. Bíonn duine oile ann, duine ann doghnidh déirc ar bhochtaibh go fonnmhar; gidheadh ní thugann maitheamhnas ó chroidhe d'á eascáirdibh. Bíonn duine oile ann do mhaithionn go hurus an éagcóir doghnidhthear air, acht is deacair leis a fhiacha do dhíol muna ttugadh an breithiomh dá aimhdheoin air a ndíol. Meastar go coitchionn go bhfuilid seo uile cráibhtheach, gidheadh, ní crábhadh fíor atá aca. 3. Dobhádar soighdiúiridhe an Righ, Saul, ag iarraigh Dháibhí ionn a thigh féin, agus do chuir Mical, a bhean, deilbh mhaide agus éadach Dháibhí uirthi san leabain, agus do chreid siad gurab é Dáibhí dobhí tinn san leabain; ar an módh céadna cuirid mórán folacha orra féin re hoibreachaibh foiriomlacha bhainios re crábhadh agus re Devotion, agus creidid na daoine as sin go ffuilid cráibhtheach spioradálta; gidheadh ní bhfuil ionnta acht deilbh chrábhaidh bréige. 4. Iomurro an crábhadh beodha fíor, grádh Dé is fundamaint do, agus ní ffuil ann acht grádh fírinneach Dé amháin. Gidheadh, ní grádh mar gach grádh oile é, do bhrígh, an grádh diagha, an mhéid go ccuirionn gnaoi agus sgéimh ar an anam doghnidh sinn taithniomhach re Dia,
agus grása goirthear de, fós an mhéid go ttugann brígh agus neart dúinn dochum deagh-oibreach ar bith, carrthannacht adeirthear ris. Gidheadh, an uair dothig- eamaoid dochum céime na foirfeachta, nách é amháin deagh-oibreacha do dheunadh dhúinn, acht go ttugann dhúinn a ndeunadh go friochnamhach díthchiollach, buan, ullamh. Is annsin goirthear crábhadh dhe. 5. Ní dheunann strutio (ostrich) eitiolla ós cionn talmhan. Fós ní dheunann an chearc acht eitioll ísioll go mall nó go socair, agus sin go hanamh; gidheadh an fiolar, an colum, an áinleóg agus an seabhac, éirighid go hárd, go luath agus go minic. Ar an módh ccéadna bhíd na peacaig. Ní dheunaid eitiolla árd suas dochum Dé, acht bíd an uile fhonn agus a stuidear ceangailte do'n ttalamh agus ar son na talmhon. Na daoine maithe nách ttáinigh fós dochum foirfeachta an chrábhaidh re na ndeagh-oibreachaibh, doghnidhid eitiolla dochum Dé ar son gur mall trom é; acht an drong a bhíos cráibhtheach dáríre, is minic, lúthmhar, árd, an teitioll dobheirid dochum Dé, ionnus gurab é is crábhadh ann lúthmhaireacht agus beodhacht spioradálta le na ccuirionn an grádh a oibreacha féin a ngníomh, nó re a ttugann orainn na hoibreacha céadna do dheunadh go fonnmhar, beodha; agus mar is ris an ngrádh do bhainionn, sinn do choimheud Aitheanta Dé go coitchionn, geinearálta, mar an ccéadna is ris an ccrábhadh do bhainionn ár ndúsgadh agus ár mbrostughadh dochum a ccoimheudta go friochnamhach, dúthrachtach. Uime sin, gidhbé nách ccoimheudann Aitheanta Dé go hiomlán, ní duine maith ná cráibhtheach é. Acht chum duine a bheith go maith, is éigion do grádh Dé do bheith aige; tairis sin dochum a bheith cráibhtheach, is riachtanach dho beodhacht agus friochnamh do bheith aige, dochum oibreacha an ghrádh do chur a ngníomh. 6. Do bhrígh gur ab é an crábhadh céim uachtarach an
ghrádh, ní hé amháin go ndeunann díthchioll dúthrachtach dochum Aitheanta Dé do chomhlíonadh, acht fós brosduigheann sinn chum mórán deagh-oibreacha oile do dheunadh go heusgadh, fonnmhar, ar son nách beidís d'fhiachaibh orainn acht amháin ó chomhairle, nó gur thaisbeán Dia dhúinn go rabhadar go maith re a ndeunadh, óir is mar a bhíonn duine tairéis éirghe as thinnios mharbhthach, throm, ag nách bíonn acht siubhal mall meirtneach, agus sin féin re na riachtanas; ar an módh ccéadna do'n bpeacach ar néirghe dho go nuadh as ghalar na ndubháilceadh, bíonn air siubhal an mhéid go ccuirionn Dia d'fhiachaibh air é, nó go ttigionn dochum a bheith foirfe ionn sna subháilcíbh, agus annsan, amhail duine láidir beodha, ní hé amháin go siubhluigheann ann slightibh Aitheanta nDé, acht fós dothéighionn tríotha go luath, lúthmhar, agus mar an ccéadna tré chosánaibh na ccomhairleach agus na smaointe neamhdha, gan tuisliughadh ar bith. 7. Dá bhrígh sin ní ffuil de dhifir idir an grádh agus an crábhadh, acht mar atá idir an teine agus an lasair, óir ní ffuil san ngrádh acht teine spioradálta, agus an tan lasann go neartmhar do goirthear crábhadh dhi, ionnas nách ccuirionn ar nó ris an ngrádh acht lasair re a ndeunann an grádh réidh, ullamh, díthchilleach, dúthrachtach, ní hé amháin dochum Aitheanta Dé do choimhlíonadh, acht fós dochum gach comhairleach agus gach smaointe dá ttig ó Dhia do chur a ngníomh. Caib. 2. Do dhleacht agus de dheársgnaigheacht an chrábhaidh. An drong dobhí ag cur toirmisg ar Chlainn Israel fá dhul go Tír Tarrangaire, adeiridís go mbadh thalamh í do mharbhuigheach (dh) a háiteoiridhe féin, .i. go raibh aer mí-fhuláin ann, ionnas nár fféidir le haon-neach a
bheith beo a ffad ann; do'n taobh oile, go rabhadar na daoine dobhí ann chomh huathbhásach barbardha agus san, go nithidís a chéile. Ar an módh so do labhraid na daoine atá tabhartha do'n tsaoghal, ar an ccrábhaidh beannaighthe, ag rádh go mbíd na daoine cráibhtheacha de ghnáth ag dortadh tuirse, lán d'imshníomh agus go líonann an chrábhadh féin de lionndubh iad. Gidheadh, mar dorinne Josue agus Caleb fiadhnaise an uair sin go raibh Tír Tarrangaire ina talamh mhaith, aoibhinn, fhuláin, agus gur shámhasach taithneamhach a bheith ina seilbh, mar sin dfhoillsigh an Spiorad Naomh tré bheul an uile naomh, agus ár Slánuightheoir le na bheul féin dúinn, gur milis sonadh sámhasach beatha an chrábhaidh. Dochí an saoghal na daoine crábhtheacha ag deunadh troisge, úrnaighthe, ag fulaing masla, ag deunadh seirbhíse d'aois ghalair agus easláinte, ag tabhairt aoidheacht do bhochtaibh, ag deunadh na hiarmheirghe, ag claoidh a cclaonta, ag cur sriain re na bhfeirg, ag cur neamhshuime a sólás an chuirp agus a samhail sin de dheagh-oibribh eile, meastar a bheith cruaidh do-ghabhálach ag an ccorp; gidheadh, an crábhadh fírinneach, doghnidh sé iad so uile sámh, milis, ró-urus. Tarraingeann an bheach súgh searbh as an tím, agus doghnidh mil a ccoir dhe, do bhrígh gurab í sin is nádúir do féin. Admhuim duit, a dhuine shaoghalta, go ffaghaid na daoine cráibhtheacha dócabhal ann gach freacair ann a mbiaidh duadh do'n ccorp; gidheadh ar bheagán agus ar bheagán doghnidhthear milis, sámhasach iad, mar dobhí roimhe seo teinte, lasaracha, riothaighe cloiche agus gach ínstraimint oile dá raibh ag pianadh na mairtíreach, acht do réir a measa nách raibh ionnta acht luibhionna sámhasacha, deagh- bhlasta, deaghbholaidh, do bhrígh go rabhadar féin ar lasadh le grádh Dé. Uime sin má thug an crábhadh sámhas agus mílseacht do na piantaibh róbhorba so, agus fós don mbás féin, cread nách déanadh an nídh céadna a
ngníomharthaibh na subháilce, ann nách bhfuil saothar, duadh ná dócamhail rómhór. Cuireann an siúicre blas milis ar an toradh an-abai agus fós bainionn blas geur nó guirt de'n tora abthai; is é an crábhadh is siúicre spioradálta do na nidhthibh seo, óir is é doghnidh duadh nó dochar an choirp, sámh, agus is é do choimheudann ar dhochar sinn a naimsir ár sóláis, agus na boicht ó ithiomrádh tuirseach, agus na daoine saidhbhre ó dhíomas, agus na daoine ar a mbí leathtrom ó dhólás agus ó dhobrón, agus na daoine comhachtacha ó fhóirneart agus dobheir sólás do na haonracánaibh, agus deighbheusa do'n tí bhíos a ccomhluadar. Is teine é a naghaidh an fhuachta, agus sgáile a naghaidh an teasa, agus is feas dó boichteacht agus saidhbhrios d'fhulaing; is ionann tairbhe do bhainionn as onóir agus tarcaisne, agus is ionann do ghabhann chuige sólás agus dólás, agus dobheir aoibhneas agus iolgháirdios iongantach dúinn do ghnáth. 3. Smaoin ar an dréimire dochonairc Jacob ó thalamh go neamh (óir is é íomháigh fíre na beathaidh adh chrábhaidh é). Dá thaobh an dréimire seo agus dá ffuil a easnach ceangailte a núrnaighe re a niarrthar grádh Dé, agus na Sácramainte re a ffaghthar é, chialluighidh (d). Na heasnacha fós, do réir mo mheassa, ní bhfuil ionnta acht céime eugsamhla an ghrádh, re a ttéighimíd ó shubháilce go subháilce re gníomh ag dul síos do thabhairt furtachta dár ccomharsain, agus re a ttéighimíd suas tré smaointibh diagha grádhacha dár cceangal féin re Dia. Guidhim tú, feuch ar an ndroing bhíos san dréimire, daoine iad, go deimhin, ag a bhfuil croidheacha ainglighe, nó is aingil iad i ccorpaibh daon. Ní ffuilid óg ó aois acht dochídhthear go ffuilid amhlaidh, óir go bhfuilid lán de bhrígh agus de lúth spioradálta. Atáid sgiatháin orra re a ndéinid eitioll .i. a núrnaighthe naomhtha re a ttoghbhaid
iad féin chum Dé. Atáid fós cosa aca, re a siubhlaid idir na daoinibh re comhluadar naomhtha milis do dheunadh. Atá gnúis bheódha dheaghmhaiseach aca, do bhrígh go ngabhaid gach nídh chúcha re hínntinn mhaordha shoineanta; atáid a loirgne agus a raightheacha nochtaighthe, ar amharc an uile dhuine, do bhrígh nách ffuil de chrích ag á smaointibh, ag á ffonn, ná ag á ngníomharthaibh acht a taithniomh re Dia amháin. Atá cuid oile dá ccorp a ffolach re heudach éadrom sgiamhach, do bhrígh nách ccuirid suim ionn sna nidhthibh saoghalta acht do réir a riachtanais, agus amhuil dobheidís ag gabháil thríd, agus an méid do chuirios iomchúbhaigheacht a staide d'fhiachaibh orra. Mar so dobhíd na daoine cráibhtheacha, agus is dearbhtha nách bhfuil milseacht ar bith is deaghbhlasta ioná an chrábhadh, óir is í is ban-ríoghain ar na nuile (huile) shubháilcibh. Is é an chrábhadh is uachtar do más bainne é; más luibh é is í an chrábhadh a bláth, más liag loghmhar é, is é an chrábhadh a dealbh lasair; más balsam nó spiosartha é, is é an chrábhadh a bholadh 'sa bhlas rómhilis, dobheir neart do na daoinibh agus do chuirionn lúthgháir ar na hainglibh. CAIB. 3 Mar atá an chrábhadh iomchubhuidh do na nuile ghairm agus ealadhann. An tan do chruthaigh Dia an domhain d'órdaigh Dia do'n uile phlannda toradh do thabhairt uaidh do réir a chinéil féin; mar an ccéadna d'órdaigh Sé do na críostaighthibh, mar is iad planndaighe beodha na heaglaise iad, toradh an chrábhaidh do thabhairt, gach naon do réir a cháiligheacht, a staide agus a gharma. Óir ní hionann is cóir do'n duine uasal agus do'n cheárdaighe, do'n tseirbhíseach agus
do'n tighearna, do'n mbaintreabhach (aigh) agus do'n maighdin nó (agus) do'n duine pósta, an chrábhadh do chleachtadh. Fós ní leór so, acht is cóir freacair an chrábhaidh do chur a noireamhuint do neart, d'oifig agus do dhualgas gach aon duine fó leith, óir an measann tú, a chríostuighe, gur bh'oireamhnach d'easbog a bheatha do chaithiomh chomh huaigneach le Carthusian nó díthreabhach? Do lánamhain phósta gan aon chúram do bheith aca fá na ttigh acht oiread re bráthair bocht? Nó do lucht oibre an lá do chaithiomh san eaglais mar dhaoinibh riaghalta? Nó do dhuine riaghalta a bheith réidh chum gearáin gach aoin d'éisteacht mar Easbog? Budh mhí-chéillighe éigríona lag agus do-fhulaing an crábhadh é seo, gé gur minic a thuitionn an seachrán so amach do dhaoinibh, agus bíonn an saoghal, nách tugann fá near (dear) fíorchrábhadh seach mealltóireacht na muinntire léigeann orra féin a bheith cráibhtheach, ag munbar agus ag cur mileáin ar an ccrábhaidh nách feudann na galair seo do liaighios. 2. Ní mhilleann an fíorchrábhadh dlisdionnach nídh ar bioth, acht dobheir chum foirfeachta agus deighchríche iad, agus má tá a naghaidh garma dlisdionaigh aon duine, is dearbh gur crábhadh bréige é nách fuil fuláin. Adeir Aristotle go mbainionn an bheach mil as an mbláth gan lot ar bith do dheunadh air, agus go ffágbhann é chomh iomlán agus dobhí roimhe. Is feárr ná san doghnidh an chrábhadh fhírinneach so, do bhrígh nách toirmiosg do chuirionn ar aon neach fá na ghnódhthaibh ná a órd oifige, acht fós go ttugann congnamh agus deaghmhaise dhóibh. 3. Mar dobhíonn an liag loghmhar (cloch uasal) má curthar a mil í, biaidh a dath nádúrtha níos soillsighe agus níos dealraighe, gach cloch ionn a gné dhathaidh (dhatha) féin, mar sin a bhíonn gach naon a tháthuigheann crábhadh le na ngairm shaoghalta, níos foirfe agus níos taith-
niomhaighe. Is é an crábhadh dobheir ciúnas do chúram an tighe agus na muintire, dobheir grádh dílios fírinneach idir an lánamhuin phósta, a dhualgas féin a thabhairt gan tormas do'n Tighearna agus doghnidh an uile chúram níos sáimhe agus níos mílse. 4. Is seachrán fós agus eiriceacht, a rádh nách beith áit ag an ccrábhadh idir shluaighibh soighdiúir, a siopadhaibh lucht céirde, a bpálásaibh (a ndúntaibh) ríogh, nó ameasg lánamhnacha pósta ar a ffuil cúram muintire agus teaghais. Admhaim gur deacair an crábhadh do thógbhas an ínntinn go hiomlán dochum Dé, aire do bheith ar nídh saoghalta ar bith d'fhagháil, acht amháin daoine riaghalta do thréig an saoghal; atáid, ar a shon san, iomad oile de mhódhaibh crábhaidh ag an mhuintir dobhíonn a ccuing phósta dochum iad féin a dheunadh foirfe. Fiadhnaise air seo san tsean-tiomna, Abraham, Isaac, Jacob, Dáibhí, Job, Tobias, Sara, Rebecca agus Iudit agus fós ionn sa Tiomna Nuaidh dobhí Joseph, Lidia agus M. Crispin sárchráibhtheach, agus iad ina lucht céirde. Do bhádar na naoimh Anna, Marta, Monioca, Arvila (Avila) agus Prisilla ina lucht crábhaidh ameasg a muintire. Dobhádar na naoimh Cornelius, Sebastianus agus Muiris cráibhtheach san arm; Constaintín, Helena, Laoiseach, Anna agus Eadbhart ar a ccathaoireacha ríogha, dobhádar cráibhtheach. Do chaill fós, mórán ar uaigneas, ó 'sé is mó iomchúbhaidhe, spirid na foirfeachta agus drong oile ameasg trioblóide iomad gnódhthaighe, buaidheartha agus comh- luadair, do choimheudadar teas crábhaidh san áit is mó ionn ar bhéidir leó a chailleamhaint. Mar sin thárlaidh do Lot, mar adeir St. Greagóir, an feadh dobhí sé san ccathair mhallaighthe Sodom, dobhí beatha fhíoraonta chráibh- theach aige, agus ar an ffásach do thuit go truaillighthe. Mar sin níl áit ar bith nách féidir agus nách cóir dhúinn díthchioll do dheunadh, beatha chráibhtheach do bheith againn.
Caib. 4. Dochum an chrábhaidh do thionsgnadh agus dochum duine do dhul ar a aghaidh ann, is riachtanach dó treóruightheoir maith do bheith aige. An tan adubhairt Tobias re na mhac imtheacht do'n mbaile dárbh ainm Rages, do fhreagair an mac é nách raibh eólus na slighe aige. “Imthigh,” ar an tathair “agus fagh duine dílios a rachas leat.” An nídh céadna adeirim riot, a Chríostaighe re ar mian a bheith cráibhtheach dáríribh. Fagh duine éigin díreach dílios dodheunfas treoir dhoit, agus is í seo príomh-chomhairle is feárr is féidir a thabhairt annso. Dá mhéid díthchill a dheunfaidh tú a lorgaireacht, adeir an dochtúir diagha, Avila, ní ffaghaidh tú toil Dé amach chaoidhche chomh cinnte leis an tslighe seo na humhluigheachta úirísiol so do mhol agus do chleacht na naoimh, .i. tú féin a chur go hiomlán faoi réir dhuine oile. Ar bhfaicsin do'n Naomh-mháthair Teresa go raibh Caitríona ó Chorduba ag tabhairt iomad duadh d'á corp féin, do ghabh fonn adhbhal í aithris do dheunadh uirthe, a naghaidh comhairle a hoide faoisdine, noch do thoirmisg uirthe é, agus san am a raibh cathughadh uirthe gan a chomhairle do ghlacadh, acht do thaisbein Dia dhi cread budh chóir di a dheunamh ag rádh ria: Is maith sábhálta an tslighe atá agat, a inghin (ean) feuch cruadhas na beathadh atá aice siúd eile; gidheadh, is mó an meas atá agam-sa ar túmhluigheacht-sa. Uime sin, tug sí an oiread san de ghrádh do'n tsubháilce seo, go ndeárnaidh móid, ní hé amháin úmhla do thabhairt d'á huachtaránaibh, acht fós dorinne sí móid áirighthe do dhuine éigin do bheith críona sáreólach, ag gealladh a threórughadh, a chomhairle agus a theagasg do leanmhuint ó ffuair sí sólás mór spioradálta; agus do lean mórán de dhaoinibh subháil- ceacha roimpe agus ina diaidh an tslighe chéadna, agus is
mór do mholann Caitríona ó Sienna ionn a comhlabhairt féin (í). An ríoghain chráibhtheach St. Elisabet, do chuir sí í féin go hiomlán faoi threórughadh an dochtúra, Conradus, re sompla oirdheirc úmhlachta. Idir gach comhairle dá ttug an rí beannaighthe Laoiseach d'á mhac, a naimsir a bháis, adubhairt ris: Deuna faoisdin go minic agus togh oide faoisdine dhuit a bhias iomchúbhaigh (dh), deighbheusach, críonna re ar ffeadar teagasg a thabhairt duit go cinnte neamheaglach, cread is cóir dhuit do dheunadh, agus do sheachnadh. Caraid dhílios, ar an tEagnaighe, dídion foirtil, agus gidhbé dogheabhas é, dogheabhaidh sé óirchiste. Caraid dhílios íoc-shláinte na beathaidh (adh) agus na marthannachta, agus gidhbé ar a mbiaidh eagla an Tighearna dogheabhaidh é ... Is ar mharthannacht is mó tharraingid na briathra diagha so, mar a chí tú, d'á ffuil riachtanas leis an ccaraid dhílios so go háirighthe, chum sinn a threórughadh re na theagasg agus re na chomhairle ann ár ngníomhartha, agus d'á bhíthin sin go ccaomhnóchadh sinn ar chealg agus ar mhealltóireacht an diabhail. Biadh an charaid seo againn mar óirchisde eagna san uile bhruid, buaidhre agus leatrom. Biadh fós mar liaighios againn a naghaidh an uile éagcruais agus galair spioradálta dochum furtachta agus sáimhe do thabhairt d'ár nínntinn. Dobheuradh fós dídion dúinn ó an uile olc agus dodheunadh ár ndeaghoibreacha níos feárr, agus ní léigfeadh tinnios bháis dár ngaire do bhrígh go ccuirfeadh liaighios fó cheudóir air. 3. Acht cia dogheabhaidh an charaid seo? Freagrann an tEagnaigheach. An té ar a mbiaidh eagla an Tighearna .i. an duine úmhal re ar mian dul ar aghaidh san ffoirfeacht spioradálta. Anois ó dochí tú an riachtanas atá ort re treóraightheoir san turas naomhtha so an chrábhaidh,
guidh Dia go dúthrachtach duine éigin do réir a chroidhe féin do chur chughat, agus budh cinnte go néistfeadh tú dá mbadh éigionn aingeal ó neamh do chur chughat a bhias dílios duit, mar do chuir go Tobias óg, níos túsga ioná d'fhágfadh sé gan giolla dílios tú. 4. Déis an duine seo d'fhagháil duit, bíodh meas aingil agat air, agus nárab meas daondha amháin. Ná bíodh do mhuinghín ann féin, ná ionn a fhoghluim acht an oiread leis sin, acht ann Dia do chuideóchas leat-sa le hínntinn agus le machtnamh an duine seo, ó sé bhéarfas air smaoineamh agus labhairt leatsa mar is riachtanach chum do thairbhesi, agus chum maiteasa do choirp agus tanama: uime sin éist leis amhail go mbadh aingeal do thúirleóngach (dh) ó neamh é, dhod threórughadhsa go Flaitheamhnas. Imthigh ris go díreach le croidhe osgailte, agus ná ceil do rún air má holc maith é, acht nocht taigne dho le fírinne agus le dílseacht, gan caime gan claonadh, agus ris sin biaidh fios do mhaithiosa aige dochum a cur ar a haghaidh, agus fios toilc dochum a cheartaighthe agus a leasaighthe. Dobheurfar fuaradh agus furtacht dhuit ann do bhuaidhreadh; dodheunfar fós do shólás measardha deaghórdaighthe. Cuir do dhóthchas go hiomlán ann, mar aon le naomhfhómós ar mhódh nách ccuirfeadh an uraim aon nídh síos de'n mhuintiordhas, agus nách ccuirfeadh an muinteardhas toirmiosg ar an uraim is dual do uait. Cuir an dóthchas ann a chuirfeach (dh) deighinghean ionn a hathair, agus tabhair uraim do leis an muinghín chéadna do bheith ag deaghmhac ionn a mháthair. A naon fhocal, bíodh an cáirdios so uile sámh, seasamhach, naomhtha, beannaighthe, diadha agus spioradálta. Chum na críche seo togh aon as mhíle duine mar adubhairt an dochtúir diagha Abhila, acht adeirimse leat duine a thoghadh as deich míle, óir is lugha go fada ioná is dóigh le daoinibh atá i niúil chum na slighe seo do theagasg. Ní mór dho a bheith lán de charrthannacht,
d'eólus agus de chríonnacht, óir má bhíonn aon chuid díobh so d'easbaidh air, atá an chúis peiriaclach: agus d'á bhrígh sin adeirim leat arís Dia do ghuidheadh fá dhuine mar so do chur chughat; agus ar a fhagháil duit, altaigh le na Mhórdhacht Dhiagha; bí buan-tseasamhach agus ná hiarr aon eólaighe eile, acht imthigh ar haghaidh leis go neamh- urchóideach, go húmhal agus go dóthchaiseach, óir is mar sin a bhias do shlighe go sonaidhe. CAIB. 5. Go ccaithfeamaoid tionnsgnadh leis an anam do ghlanadh. Taisbeánaid na bláthanna iad féin ionn ár ttalamh (adeir an céile Diagha), dotháinigh aimsir na fineamhna do ghlanadh agus do leasughadh. Cia hiad bláthanna ár nanama acht ár ndeagh-mhiana agus chomh luath agus dothiucfaid chughainn, ní mór dhúinn sgian gheur do ghabháil chughainn agus an uile an-obair mharbh do sgathadh d'ár ccoinsiasaibh. San tseanaimsir an tan dobhíodh cailín eachtrannach ar tí a pósta le duine de Chlainn Israel, do b'éigionn a heudach laimhdeanais (nó braighdionais) a chur di agus a hingine agus a gruag a ghearradh; mar an ccéadna an tanam re ar mian a bheith ina chéile ag Mac Dé, ní mór an seanduine a bhí ann a chur de, agus duine nuadh do chur mar mhalairt air, an peaca do theilgean de, agus annsan gearrach (dh) agus bearrach (dh) an uile nídh do chuirfeadh toirmiosg idir é féin agus grádh Dé. Isé is tosach sláinte dhúinn ár nglanadh ó leanntaibh urchóideacha. Do glanadh an tAbstol, Pól, ann aon nómaint amháin le glanadh iomlán: mar an ccéadna Caitríona ó Genoa, Muire Maigdelena, Naomh Pelagia agus mórán oile.
Gidheadh dobhí an phurgóid seo ró-mhíorbhúileach neamh- ghnáthach a ttaobh na ngrás, mar atá an tath-bheodha a ttaobh na nádúire, ionas nách cóir dhúinne fuireachras do bheith againn re na shamhail sin de liaghios. Ní gnáthach aon liaighios, bé aca don ccorp nó dhon anam é, a dheunamh acht ar bheagán agus ar bheagán, le dul ar aghaidh ó chéim go céim re saothar agus re haimsir. 2. Na haingil dochonnairc Jacob san dréimire do bhí sgiatháin orra. Gidheadh, ní rabhadar ag eitiollaigh acht ag imtheacht suas agus síos ó chéim go céim. An tanam fhágbhas staid an pheacadh (aidh) agus re ar mian a bheith cráibhtheach, curthar a ccosmhalacht é le breacadh an lae nách glanann an dorchadas a naoinfheacht acht a náit a chéile, mar sin ní éidir an ceó fhágbhann na peacaidhe ina ndiaigh do sgaoileadh acht ar bheagán agus ar bheagán. Adeirid na liagha gurab é an slánughadh doghnidhthear go mall diaigh a ndiaigh is cinnte. Tigid galair an anama chomh maith le galair an choirp le luas marcaigh, gidheadh, imthighid le mailleacht coisidhe leisgeamhuil. Is riachtanach dhúinn san ccás so, misneach cródha agus foighne do bheith againn. Monuar! nách mór an truaigh na hanamna so tairéis freachair do dheunadh san mbeathaidh spioradálta, go nglacaid siad buaidhreamh, míchiúnas agus meathtachas ar fhaicsint roint lochta orra féin, ionnas nách mór ná téid a neudóchas, ag cailleamhuint a misnigh agus ag filleadh tar a nais. Acht ar an ttaobh oile nách mór an chontabhairt ionn a mbíonn an drong do mheasann agus a chuireann a númhail dóibh féin go mbíd glan ó na nanlochtaibh an lá céadna thosnaighid ar iad féin do ghlanadh ó na bpeacadhaibh, agus ag meas go ffuilid foirfidh (foirfe) gabhaid orra féin eitioll gan sgiatháin. 3. Ó, a chríostaighe, nách mór an baoghal aithiompaighthe atá orra sa (so) ar an adhbhar gur tharraingeadar iad féin róluath ó lámhaibh an liagha? Ah! ná héirghidh roimh an
solas, ar an Fáidh, acht éirghidh déis duit suan do dheunamh, agus tair éis do féin a bheith nighte niamhghlanta, do chleacht sé an teagasg sa agus budh mhian leis é féin a ghlanadh níos feárr. 4. Freachair an anama do ghlanadh níor chóir go mbeith críoch air gus an mbás. Uime sin ná glacamaois mí- shuaimhneas ar son ár neamhfhoirfeachta, do bhrígh gurab ionn ár ccathughadh do dheunadh ina naghaidh atá ár ffoirfeacht, agus ní féidir linn cathú do dheunadh ina naghaidh muna ffaiceam iad, nó a cclaoidh muna rabhaid do láthair againn, agus ní hann atá buaidh do bhreith orra gan mhothughadh, acht gan ár ttoil do thabhairt dóibh go bráth. 5. Tairis sin dá ttugamaois toil dóibh ar uairibh ní cóir dúinn ár misneach do chailleamhuin, óir dochum na húmhaluigheachta do chur a ffreachnughadh ní théid a nolc dhúinn ár loit ar uairibh san ccath spioradálta so, óir ní ffuileamaoid claoidhte go hiomlán an feadh bhiamaoid beó, do bhrígh nách bainid na peacaidhe sologhtha beatha spioradálta ár nanama dhínn, acht na peacaidhe marbhthacha bhainionn dínn í. Uime sin ná leigeamaois ár misneach dínn go bráth. Saor me, a Thighearna, ar Dáibhí, Rí, ar dhroichmhisneach agus ar ghealtacht. Is mór an séun dúinn san ccathughadh so ris na lochtaibh go mbiaidh buaidh againn más mian linn troid mhaith do dheunadh. CAIB. 6. A ccéadóir sinn féin do ghlanadh ó na peacadhaibh marbhtha. An chéad phurgóid is cóir dhúinn do ghlacadh a naghaidh na bpeacadh marbhthach .i. Sacraimint na hAithrighe. Uime sin togh dhuit féin oide faoisdine ró-iomchúbhaidh agus ina dhiaigh sin, gabh chughat leabhar éigin (más leughthóir thu),
do theagasgóchas dhuit cionas is cóir dhuit faoisdin do dheunadh, agus do choinsias do sgrúdadh agus feuch ó phongc go pongc gach saobhnós dár chuir ar Dhia ó'n uair a tháinigh ciall chughat gus an aimsir atá láthair agat, agus sgríobh gach pongc díobh muna ffuil cuimhne mhaith agat, agus an tan a bheidh na droichleannta so, agus easláinte do choinsiais cruinn agat, gabhach (dh) gráin agus fuath adhbhal orra thú an mhéid gur féidir leat é, ó neart do chroidhe, agus bíodh mí-ghean agat orra le croidhe-bhrughadh geur, láidir, á ccur as do choinsias, ag smaoineadh ar na cheithre hoilc dorine an peaca dhuit .i. gur chaill tú grása Dé an mhéid gur bhain leat féin, gur thréig tú neamh, gur thuillis piana síorruidhe a nIfrionn, agus gur chuiris suas de Ghrádh Dé gan fóirchionn. Ionnso atáim ag labhairt ar fhaoisdin gheinearálta do bheatha uile, ar son nách fuil sí de riachtanas ar gach aon. Gidheadh, is maith tairbheach an chomhairle a deunadh, do bhrígh go tteagbhann go minic faoisdin na muinntire ag a mbíonn beatha choitchionn, gan a bheith iomlán. Óir teagbhann nách ullmhuigheann duine é féin chúiche, nó gur beag é, nó nách fuil an doilghíos iomchúbhaidh fá na peacadhaibh, nó nách fuil rún daingeann aige siocair na bpeacadh do sheachnadh, agus ionn gach cás aca so, is riachtanas faoisdin gheinearálta do dheunadh, dochum ciúnais anama d'fhagháil agus sgrupal coinsiais do chur dhínn, agus fós foillsigheann an fhaoisdin gheinearálta so dhúinn cia sinn féin, agus cionas atámaoid anois, ionnas go mbadh nár linn ar chaitheamaoir d'ár mbeatha go holc, is go mbadh iongna rinn meud foighne Dé linn, ag tabhairt rae naithrighe dhúinn. Tairis sin dobheir ciúnas d'ár ccroidhthibh, sólás d'ár spioraid agus músglann ár ndeaghrún. Ionann dobheir fós úcáid d'ár nathair spiora- dálta teagasg agus comhairleacha do thabhairt dúinn do réir ár staide, agus dobheir misneach dhúinn sinn féin
d'fhoillsiughadh ionn gach faoisdin oile go neamheaglach iomlán. Ar an adhbhar san, gidhbé le ar mian a chroidhe d'athnuadhadh agus filleadh ar Dhia uilechomhachtach go hiomlán, agus sin ag tionnsgnadh beatha an chrábhaidh, is maith an chomhairle dho an fhaoisdin gheinearálta so do dheunadh. CAIB. 7. Do'n dara purgóid dochum duine dá ghlanadh féin ó mhian agus ó chlaonadh na bpeacadh. Dothángadar Clann Israel uile as an Égypt, gidheadh, níor fhágbhadar uile í re fonn agus toil agus ris sin do rine mórán díobh murmur ar an ffásach, agus dobhí doilghíos orra mar nách raibh gáirleóg agus corcáin feóla na hÉgipte aca. Mar sin dobhíonn mórán doghníodh aithrighe ion a bpeacadh agus do thréigionn iad do láthair; gidheadh ní chuirid rómpa gan peacadh do dheunadh ar son go mbiaidh doilghíos orra gurab éigion dóibh sgaramhuint re sámhas agus re hantoil thruaillighthe an pheacaidh, cuirid suas do'n bpeacadh ó ínntinn, agus tarraingid iad féin as, ar a shon san, feuchaid tar a nais, amhail agus go mbadh mhian leó filleadh air, mar dorinne bean Lot d'fheuch ina diaigh ar Shodom. Mar sin is cosmhail iad le hothar ar a ttoirmisgeann an liaigh miolún d'itheadh, do bhrigh go mbíodh a bhás ar ithe. Ní ithidh an miolún, gidheadh, bíonn mí-chiúnas air ag labhairt go minic agus ag fiafruighe an miste é bhlas, nó a bholath do fhromhadh, agus measaidh gur shonadh an drong d'ár ceaduigheadh ithe. Ar an módh so bíd na daoine dobhíos lag, fann san aithrighe; ar feadh aimsire seachnaid iad féin ar an bpeacaidh (adh) re spairnn, d'á naimhdheoin, agus budh mhian leó an peacadh do dheunadh acht nách beith pian shíorruidhe ina dhiaigh. Gheibhid blas éigin air, labhraid go fonnmhar air, agus measaid gurab aoibhinn do'n droing nách ccuirionn suim ionn a ndeunamh. Gidh-
bé do chuir roimhe díoghaltus a dheunadh ar a namhuid, ag teacht dochum na faoisdine do dheunadh, claochlódha a ínntinn, acht ar a shon san ameasg a charad ina dhiaigh sin, is ait leis a bheith ag labhairt ar an imreasán dobhí idir é féin agus a chomharsain, agus adeir: “Muna mbeith eagla Dé orm, dodheunfainn so nó súd air, agus is cruaidh an pongc de dhlighe Dé gan cead díoghaltais dodheunadh ar an té doghnidh an eugcóir, nó dobheir masla do dhuine.” Cia nách measfadh anois, ar son gur thréig an fear so an peaca, go ffuil sé claon chuige? Ar son go ttáinigh as an Égypt, go ffuil a chroidhe agus a ínntinn ceangailt dhi, agus fonn mór aige san mbiadh fá gnáth ris d'itheadh innte. Mar bhíos an bhean dobhíos cortha de na grádh neamhdhlisdionnach re ar b'ait grádh do bheith ag á leanánaibh uirthe, agus iad do bheith ina tímchioll. Feuch gur mór an pheiriacail ionn a ffuil an drong dobhíos ar an módh so! 2. Adeirim riot, a dhuine le 'rab mian a bheith cráibhtheach, nách leór dhuit an peaca do thréigeann acht fós t'ínntinn do ghlanadh ó'n uile fonn agus ó an uile dhúil ann; óir ní hé amháin go ffuil tú a ppeiriacail tuitioma arís san ppeacadh, acht doghníodh an drochchlaona so dho spioraid anbhfann, agus cuirionn toirmiosg uirthe fá na dheagh- oibreachaibh do dheunadh go díthcheallach, minic, ionn a ffuil substaint an chrábhaidh go fírinneach. An tanam do thréig an peacadh agus ag a ffuil an claonadh so chuige, is cosmhail é re cailín mí-ghnaoidheach nách ffuil tinn, acht go ffuil an uile ghníomh d'á ndeunann, meirbh lag. Itheann biadh gan bhlas, codlann gan chiúnas, doghníodh gáire gan iolgháirdeas ínntinne, agus siubhlann go mall. Mar sin a bhíos an tanam úd; gidhbé maith doghníodh ní dheunann í acht go fann, mí-mhisnigh, agus bainionn a ttoradh agus a luaidheacht de gach freacair maith d'á ndeunann, gé gur beag mí-thairbheach iad.
CAIB. 8. An módh ar ar cóir an dara glana so do dheunadh. An príomhmhódh chuige seo, smaoineadh go daingeann ar an olc doghníodh an peacadh dhúinn, agus ris sin dothigeamaoid chum croidh-bhrughadh éigin do bheith aguinn fá'n bpeacaidh (adh) óir doghnidh an croidh-bhrughadh fíor, dá loighead dá mbíodh, má ceangaltar é re brígh na Sacraiminte, duine saor ó an uile pheacadh, agus má tá bríoghmhar láidir, glanann sinn ó an uile fhonn do leanann do'n bpeacadh; agus má bhíonn fonn nó mí-ghean éadrom aguinn ar dhuine, seachnamaoid a chomhluadar, agus má tá fuath marbhthach nimhneach aguinn air, ní hé amháin é féin do sheachnadh, acht fós comhluadar a cháirde (carad) agus a dhaoine muintiordha, agus tairis sin ní maith linn a íomháigh ná nídh dá mbainionn ris d'fhaicsin. Mar an ccéadna bhíos an duine doghníodh aithrighe éadrom, agus ar son go mbíonn fíor agus go mbíonn fuath aige ar an bpeacadh, agus go ccuirionn roimhe gan tuitim ionn níosa mhó, ní bhíonn fuath aige ar gach nídh dobhíos a ndiaigh an pheacadh (aidh). Gidheadh an tí ag a mbíodh aithrighe neartmhar láidir, ní hé amháin go mbíonn fuath aige ar an bpeacaidh (adh) féin acht fós ar gach nídh ag a mbíonn gaol nó comhgas ris, agus d'á réir sin is cóir do gach aon a dheunamh. Is mar sin dorine Muire Maigdelean an tan do chuir droim ris na peacadhaibh; do chuir sí suas mar aon do na nuile fhonn, shámhus agus thaithniomh d'á ffuair ionnta riamh, agus níor smuain orra ó shoin amach. 2. Adeir Dáibhí fós nách é amháin go raibh fuath aige ar an ppeacadh, acht fós ar an uile shlighe agus chosán chuige. Is mar so hathnuaidhthear an tanam, amhuil doghnidhthear an fiolar óg arís. Ionnas go ttigeamaois chum ár ppeacaidhe d'aithint, agus croidh-bhrughadh do bheith aguinn, mar adubhras roimhe, is riachtanas dúinn freacair
díthchilleach do dheunadh de na hath-smaointibh seo síos, agus má ghnímíd sin go hiomchúbhaidh, sgriosfadh, ní hé amháin an peaca, acht fós an uile chlaona chuige as ár ccroidhthibh, agus chum na críche sin do chuirios síos iad, agus glac gach freacair díobh as diaigh a chéile ar an módh a ffuilid síos. Glac aon díobh gach aon lá, agus sin, más féidir, ar maidin, do bhrígh gurab í sin an aimsir is iomchuibhe dochum gach freacair, agus bí ag smaoineadh air ionn gach aon nídh ar feadh an lae, agus muna fios duit cionas is cóir an tathsmaoinea seo dheunadh, feuch an dara rann de'n leabhrán so. CAIB. 9. An chéad athsmuaine. Ar do chruthughadh. Ar ttúis, cuir tú féin a ffiadhnaise Dé. An dara nídh, guidh fá thabhairt duit na neithe ar ar cóir dhuit smaoineadh, agus gabh na poingc seo síos chughat. Smaoin ar tús nách fuil acht an uiread san bliadhan ó tháinigh tú ar an tsaoghal, agus gus an aimsir sin nách raibh ionnat acht neamhnídh. Ó, a anam! cá rabhamairne gus an aimsir úd? Óir dobhí an saoghal ann an uiread san d'aimsir, agus gan cuimhne ar bith orainne. 2. Smaoin arís gurab é Dia do thogh is do tharraing tú as an neamhnídh sin, ionnas go ttugadh dhuit a bheith ann. Ní hé go raibh riachtanas aige riot, acht amháin as a mhaith agus as a thrócaire féin. 3. Tabhair fá deara an treas feacht an bheith ann do thug Dia dhuit, re ar féidir leat an saoghal so uile do thuigsin agus a bheith gabháltach ar thú féin do cheangal re Dia san mbeatha shíorruidhe. Gabh annso foinn agus deaghrún. Ar tús úirísligh tú féin go ró-umhal a ffiadhnaise Dé agus abair ris an fFáigh ríogha: Ní ffuilim acht mar neamhnídh a
ccomóra ribhse, a Thighearna, agus cionnas dobhí cuimhne agat orm dochum mo chruthaighthe? Ó, m'anam, dobhí tú ad neamhnídh, agus dobheitheá amhlaidh fós muna mbeith go ttug Dia as tú, agus cread dodheunthá dá mbeitheá go síor ar neamhnídh? An dara nídh, tabhair buidheachas do Dhia ag rádh: Ó, a chruthaightheóra mhóirthiodhlaicidh! cread é mhéid na ffiach atá agat orm fá gur iarr tú mé as neamhnídh, ionnas go ttug tú dhom a bheith ionn mar atáim anois, re'd thrócaire féin. Guidhim tú cread dodheunfad go bráth dochum hanama rómhóir do bheannughadh agus do mholadh, go diongmhálta agus mar is cóir? Nó cionas dobhéarfad buidheachas iomchubhaidh dhot Mhórmhaithios gan fóirchionn? An treas nídh, gabhach (dh) imshníomh tú ag rádh: Ó mo chruthaightheoir! is truaigh nár cheanglas me féin leat le grádh agus le seirbhís do dheunadh dhuit, acht gur leanas mo dhrochchlaonta féin agus gach fonn mailíseach dá ttáinigh chugham, ionnas go rabhas contrárdha dhuit agus gur thréig me thú, dom tharraint féin uait agus dom cheangal ris an bpeacaidh (adh) agus nách ttug me onóir ná umhla dhuit acht amhuil nách tú do chruthaigh me. An ceathramhadh feacht, teilg tú féin a ffiadhnaise Dé ag rádh: Bíodh a fhios agat, áh, m'anam! gurab é Dia do Thighearna, gurab é do chruthaigh tú agus nách tú féin; agus gurab í obair a lámha féin tú. Uime sin cuir rómhat gan taithniomh do bheith agat ort féin ó so amach, do bhrígh ad thaobh féin, nách ffuil ionnat acht neamhnídh. Godé an díomus atá ort, a chré agus a luaithreamháin, cread dobheir tú dhod árdughadh féin, agus gan ionnat acht neamhnídh dáríribh? Agus ionnas go ndeuntá thú féin úirísiol úmhal, is mian leat so agus súd do dheunadh, masla, tarcuisne agus anchainnt d'fhulaing, agus do bheatha do chlaochlódh agus do chruthaightheoir a leanmhuin
ó so amach, agus tú féin a cheangal de, agus a mheas agat féin go ffuil tú sona seunmhar ar son go ttug dhuit a bheith ann. Má chaitheann tú thú féin go hiomlán re toil Dé do chomhlíonadh, agus sin re gach módh ar a ccuirionn Dia ionn do chuimhne, nó do theagasgann hathair spioradálta dhuit. Ina dhiaigh sin tabhair buidheachas do Dhia ar tús ag rádh: Ó m'anam, beannaigh do'n Tighearna agus an uile bhrígh dá ffuil ionnat dá naomhainm féin, ar an adhbhar gurab í a mhaith do tharraing as neamhnídh thú, agus gurab í a thrócaire do cruthaigh thú. An dara feacht, ofráil tú féin do Dhia ag rádh: Ó mo Dhia, ofráilim me féin uile agus an bhith dothugais dom, ó chroidhe agus ó ínntinn, mar íodhbairt agus mar shacrafís duit féin, a Thighearna. An treas feacht, Ó mo Dhia, guidhim thú, ó mo Dhia, neartaigh agus daingnigh me ionn gach deaghrún agus ionn gach fonn maith dá ffuil agam ó thrócaire do Mhic rónaomhtha féin, agus taobhaidh me ria agus gach aon duine oile ar ar mian liom guidhe, srl. Abair ionnso Paidior agus Ave Mairia: ar ccríoch- nughadh na húrnaighe dhuit ag spaisdeoireacht go ciúin. Cruinnigh dhuit féin as na smaointibh maithe dobhí agat, glaic (dh) deaghbholaigh a bhias agat ar feadh an lae, ionnas go mbeith a bolath ionn do shrón ar eagla an dearmoid. CAIB. 10. An dara hathsmuaineadh. Ar an ccrích dochum ar cruthuigheadh sinn. Cuir tú féin a ffiadhnaise Dé agus guidh é fá smaointibh maithe do thabhairt duit. Ag seo na poingc ar ar cóir dhuit smaoineadh. 1. Ar an adhbhar nách uime chuir Dia ar an saoghal so
thú, ar son aon riachtanais a bheith aige féin leat, nó go mbainfeadh sochar ar bith asat acht amháin dochum a mhaithiosa féin do thaisbeánadh ionnat, ag tabhairt grása agus glóire dhuit, agus is chuige sin dothug tuigse dhuit dochum go naitheantá É agus meabhair dochum cuimhne do bheith agat air, toil dochum grádh do thabhairt do, brígh mheasa dochum a thiodhlaice dhuit do thabhairt fá dear, súile dochum a oibreacha iongantacha d'fhaicsin, teanga dochum a mholta agus mar sin do gach céadfadh oile dá ttug dhuit. 2. An dara feacht, do bhrígh gur chum na críche seo do chruthaigh Dia agus do chuir sé ar an saoghal so thú, an uile nídh atá contrárdha do'n chrích seo, is cóir dhuit a sheachnadh agus fós an uile nídh nách ffuil dod tharraing chúiche, mar atá na neithe díomhaoine do tharcaisniughadh. 3. An treas feacht. Smaoin agat féin boichteacht agus daille an tsaoghail agus na maointire (muinntire) leanas de, nách smaoinid ar an ccrích seo acht amhuil agus gurab uime do chruthaigh Dia iad dochum páláis do chur suas, crainn a chur, saidhbhris do chruinniughadh agus sólás an tsaoghail do leanmhúin. Ionnso gabh fonn maith agus deaghrún chughat, do túirís- leadh féin fá'n mbochtaine agus fá'n ndaille dobhí ort gus an am sin, mar nár smaoinighis acht go hanbhfann orra so, nó fós riamh, agus abair: Mo thruaighe! Ó mo Dhia, cread dobhí me a dheunadh an tan nách raibh me ag smaoineadh ort-sa? Nó godé an nídh ar a raibhe cuimhne agam an tan dorine me dearmod dhíot? Och! cread ar a raibh grádh agam an uair nách raibhe mo ghrádh ort-sa: Och! an tan budh chóir dhom me féin do bheathughadh agus do fhásughadh ris an ffírinne, do líonainn me féin re díomhaoineas ag fóghnamh do'n tsaoghal do chruthaigh Dia chum seirbhíse do dheunadh dhom. 2. Arís gabhach (dh) gráin tú ar an mbeatha do chaithis go
holc ag rádh: Diúltuighim díbh a smaointe díomhaoine neamhthairbheacha. Cuirim suas díbh, a chumannnacha gráin- eamhla breugacha, do gach searc fallsa, do gach seirbhís do léigeas díom go lochtach, do gach tiodhlaicthe ionn a rabhas díombuidheach, agus do gach greann mhí-thaithniomhach. 3. An treas feacht. Fill ar Dhia ag rádh: Mo Dhia agus mo Choimhdhe! Is tú féin a bhias a taon chosbóir ag mo smaointibh, agus ní léigfead dom ínntinn aire do thabhairt do smaointibh go bráth ar a mbeith mí-thaithniomh agat, agus ní bhiaidh ionn mo chuimhne ar feadh mo bheatha acht meud do mhaithiosa go trócaireach orm, agus is tú féin amháin a bhias a haonar ag mo chroidhe, agus ina mhilseacht ag m'uile fhonn, agus d'á bhrígh sin biaidh gráin agam ó so suas ar an uile dhíomaoineas d'á ttug me aire go ttrasda, agus ar an uile fhreachnughadh mí-thairbheach re a ccaithinn na laethe go hiomlán, agus ar an uile fhonn mhailíseach dobhí ag tarraing mo chroidhe chuige, agus dochum na críche seo gheabhadh (aidh) me móide iomchúbhaidh. Ionnso tabhair buidheachas do Dhia do chruthaigh tú chum críche chomh deársgnaighe agus sin, ag rádh: do chruthaigh tú me a Thighearna, ar do shon féin agus dochum glóire shíorraidhe gan chrích gan fóirchionn do thabhairt dom. Cá huair dobhéarad buidheachas duit mar is cóir, agus mar atá dfhiachaibh orm? 4. Arís íodhbraim duit, a chruthaightheóra ghrádhaigh, na foinn agus na deagh-rúin seo uile ó neart agus ó bhrígh m'anama agus mo chroidhe. Fós águidhim thú, a Thighearna, gabh chughat go toiltheanach m'osna agus mo rún. Do naomh-bheannacht dom anam ionnas, go mfhéidir liom iad so do chur a ngníomh tré luaidheacht fola do Mhic féin do doirteadh san ccroich, srl. Paidir agus Ave Maria. Ionnso deuna pousae crábhaidh dhuit féin mar adubhramar shuas.
CAIB. 11. An treas athsmaoineadh. Ar thiodhlaicthibh Dé. Ar túis cuir tú féin a ffiadhnaise Dé. Arís guidh é fá smaointe maithe do thabhairt duit. Ag so na poingc: 1. An cheud uair, tabhair fá deara na tiodhlaicthe corpardha dothug Dia dhuit, mar atá, do cholan agus gach nídh dá ttug dhuit re na hoileamhuin, gach sógbháil, gach sláinte, gach sólás dlisdionach, gach cáirde agus gach congnamh d'á ttug dhuit. A chríostaighe, ag a ttabhairt seo fá deara dhuit, smaoin fós go ffuil mórán de dhaoinibh is fearr ioná thú nách fuair na tiodhlaicthe sin, do bhrígh go ffuil drong díobh ag á ffuilid colna ciorruimeacha, drong eile easlán, drong eile gan lúth ionn a mballaibh, drong oile faoi mhasla agus tharcaisne, drong oile arna ccrádh le bochtaine, agus náchar léig Dia aon nídh dhíobh so ortsa, tré na thrócaire féin. 2. An dara huair. Meas na tiodhlaicthe anama thug Dia dhuit, agus a liacht duine atá ar feadh an domhain ar mire, ar buile, gan mhothughadh nó ar díth céille, agus gurab é Dia do choimheud tusa gan a bheith de'n nuimhir sin, agus fós godé mhéid de dhaoinibh an-ffiosacha ar dhrochthógbháil suas, atá ar an saoghal, agus go ttug Dia dhuitse, tré na thrócaire agus tré na fhor-amharc féin, tógbháil suas iomchúbhaidh mhacánta nách tug dóibh sin. 3. An treas feacht. Cuimhnigh ar na tiodhlaicthibh spiora- dálta dothug Dia dhuit, óir is de chlainn na heaglaise tú, agus dothug eólus air féin duit ó haois óig. Dothug sé grása na sacramainte dhuit go minic, dothug sólás agus smaointe maithe ionn hínntinn dochum do bheatha a leasughadh agus na ppeacadh do sheachnadh. Do mhaith sé dhuit go minic is do tharraing tú ó pheiriacail do bháis shíorruidhe, agus dothug sé aimsir go leór dhuit chum leasa hanama do dheunadh. Feuch anois go mín
soiléir godé chomh trócaireach agus chomh tabharthach agus dobhí Dia dhuit. Ionnso gabh fonn maith agus deaghrún chughat, ar tús go mbadh iongnadh leat meud maithiosa Dé ort, ag rádh; godé a fheabhas agus a thoirbheartaigh atá Dia leam (liom). Ó, a Thighearna, is adhbhal saidhbhrios do thrócaire agus do thiodhlaice tabharthach dhom. Ó, m'anam, bíodh cuimhne againn do shíor ar meud tiodhlaicthe Dé dhúinn. 2. An dara feacht. Gabhach (dh) iongantas thú fád dhíom- buidheachas féin ag rádh: a Thighearna, cia me go mbeith cuimhne agatsa orm? Och, ní fiú me aon nídh óir dothug me mímheas dod thiodhlaicibh. Dothug me easonóir dod ghrásaibh agus do tharcaisnigheas iad, agus do chuireas sármheud mo mhí-chumainn a naghaidh iomadamhlacht do ghrás agus do thabharthais dhom. 3. An treas feacht. Músgail tú féin chum buidheachais a thabhairt do Dhia ag rádh: Ó, mo chroidhe, ná bí neamh- dhíleas neamh-thairise ná mí-chumannach níos sia don tí thug na tiodhlaicthe móra so dhuit, agus go raibhe m'anam ó so amach, úmhal do Dhia, noch dothug na tiodhlaicthe iongantacha san dom. 4. An ceathramhadh feacht. Seachain anntoil uile do choirp, agus deun searbhfhóghantaighe dhíot féin do Dhia dothug na tiodhlaicthe móra san duit. Tóg tínntinn dochum aire thabhairt do Dhia agus eóluis do bheith agat air re freachnughadh iomchúbhaidh chuige sin. Gabh chughat fós go díthchilleach dúthrachtach gach módh dá ffuil san eaglais chum sláinte hanama, agus chum Dé do ghrádhughadh ós cionn gach uile nídh. Uime sin, cuir rómhat úrnaighthe do dheunadh go minic, na sacramainte do thathaighe, briathra Dé d'éisteacht, agus gach rún maith dobhéarfas Dia dhuit re na ccur a ngníomh. Arna ccríochnughadh san duit, tabhair buidheachas do Dhia, ar tús, go ttug fios duit cread is cóir dhuit a
dheunadh ar son gach maithios dá ttug dhuit. 2. Arís, ofráil do chroidhe agus do dheaghrún do Dhia. 3. Agus fá dheoigh, guidh é tré bhás a Mhic féin, brígh agus neart a thabhairt duit re iad san do chur a ngníomh, agus ina dhiaigh sin, iarr congnamh Mhuire agus na naomh uile. Paidior agus Ave Maria agus deuna pousae mar atá shuas. CAIB. 12. An ceathramhadh athsmuaineadh. Ar an bpeacaidh (adh). Ar túis cuir tú féin a ffiadhnaise Dé, agus guidh é fá na neithibh ar ar cóir duit smaoineadh do thabhairt ionn tínntinn, ag rádh na ppongc. 1. Ar túis tabhair fá deara cá fad aimsire ó thionnsgain tú peaca do dheunadh, agus godé a mhionca do pheacaidh tú ó shoin anuas, agus cionnas do mheudaigh tú do pheacaidhe gach aon lá a naghaidh Dé, a taghaidh féin agus do chomharsan, ó smaoineadh, ó bhréithir, agus ó ghníomh. 2. An dara huair, sgrúd do dhrochchlaonta agus cionnas do leanais iad. As an dá phongc so dogheabhaidh tú gur lia peaca dorinne tú ioná ruibe gruaige ar do cheann, agus fós gur sháruigheadar gainimh na mara. 3. An treas uair, smaoin ar pheacadh an mhí- chumainn agus an díombuidheachais dobhí agat ar Dhia féin, do bhrigh gur peaca geinearálta é, do roigeann tar na peacadhaibh oile go léir, dá ndeunadh a ffad níos troime agus níos gráineamhla. Uime sin, feuch meud na ttiodhlaicthe dothug Dia dhuit, re a ndeárnaidh tú cogadh ina aghaidh féin. Fós cá mheud smaoineadh maith dothug dhuit ar nár chuir tú suim? agus bruidiughadh beannaighthe dothug ionn do chroidhe do léig tú thort go díomhaoin? Agus níosa mhó ioná san, a mhionca do ghlacais na Sacra-
mainte beannaighthe agus na seoide uaisle thug céile hanama dhuit, do chuir tú a ndímbrígh tréd chionnta féin. Smaoin arís ar an ullmhughadh ínntinne dobhí agat an tan do ghlacais iad, agus feuch go grinn ar an mí-chumann so go raibh Dia go díthchilleach ag tabhairt slighiughadh dhuit tú féin do shlánadh, agus tusa ag teitheadh uaidh go héig- críonadh chum do bháis shíorruidhe féin. Ionnso gabh foinn agus deaghrúin. Ar túis bíodh náire agus aithmhéaltas ort fád' dhíombuidheachas agus fád' dhíth céille ag rádh: Ó mo Dhia, cionnas is féidir dhom teacht dod' láthair? Acht ní ffuil ionnam acht ball lothfa (lobhtha) de'n tsaoghal, agus soightheach lán d'olc agus de dhíombuidheachas. An féidir go rabhas chomh neamh-dhílios san agus nár fhágbhaidh me céadfadh ionn mo chorp ná comhachta ionn m'anam náchar thruailligh me; fós náchar léig me aon lá amháin dem' shaoghal tharm gan míghníomh éigin do dheunadh. Acht an é seo fiacha atá ag mo chruthaightheoir orm ar son a thiodhlaicthe dhom? Nó díoluigheacht is cóir dhom a thabhairt ar son fola mo Shlánaightheora do doirteadh dhom? 2. An dara feacht. Iarr maitheamhnas ar Dhia agus teilg tú féin fá chosaibh an Tighearna mar mhac do chaith a shaoghal agus a aimsir uile go holc, mar Mhuire Magdalen, nó mar an mhnaoi úd do chaith aimsir fhada re hadhaltranus ag rádh: Ó, a Thighearna, deuna trócaire ar an ppeacach ttruaillighthe. Ó, a thobair na ngrás deuna trócaire ar an ccionntach bocht do bhris do dhlighe. 3. An treas feacht. Cuir rómhad do bheatha leasughadh ag rádh: Ó, a Thighearna, ní thiubhradh me mo chroidhe do pheacadh ar bith ó so suas agus is truaigh fhaid do leanas de. Anois gabhaim riotsa, a Athair na trócaire, is mian liom a bheith beó feasda agus bás d'fhagháil dod réir. 4. An ceathramhadh feacht. Dochum na ppeacadh dorineadh (rinne) me do sgrios uaim, deunfad gearán
láidir deónach orm féin, agus ní fhúigfead aon pheacadh gan aithreachas iomlán do dheunadh ar a shon. 5. An cúigeadh feacht. Dodheuna me an uile dhíthchioll freumha na ppeacadh do tharraing as mo chroidhe agus go háirighthe na ppeacadh is mó do chuir buaidhreadh agus caithidhe orm, mar atáid seo agus seo oile. 6. An seisiughadh feacht. Ionnas gur feairrde do chuirfinn so a ngníomh, geabhaidh me go seasamhach gach comhairle agus gach teagasg spioradálta dá ttiubhrair dhom, agus ní bhiaidh meas agam go bráth go ndeunfad leoirghníomh iomlán tré mheud mo chionnta. Faoi dheoigh, tabhair buidheachas do Dhia ar tús, a dfhoighnidh leat gus an uair sin, mar dothug na deaghrúin sin ionn do chroidhe arís, ofráil do chroidhe dho dochum iad san do chur a ngníomh, agus guidh é tré luaidheachtaibh a Mhic féin, Mhuire Mháthair agus na naomh uile, re brígh agus re neart do thabhairt duit chuige sin. Paidior agus Ave Maria. Deuna pousae spioradálta mar adubhramair shuas. CAIB. 13. An cúigeadh athsmuaineadh. Ar an mbás. Ar túis cuir tú féin a ffiadhnaise Dé. 2. Arís iarr grása air. 3. Ina dhiaigh sin meas tré mheud do thinnis go ffuil tú ag tarraint ar an am deighionnach, ad luighe a leabain an bháis, agus gan súil le sláinte corpardha agat. Ag so na puinnc. 1. Ar túis tabhair fá dear neamh-chinnteacht lae do bháis. Ó, a anam seo agam-sa, is éigionn duit sgaramhuint uair éigin ris an ccorp, gan fios cá huair sin, a ngeimhre nó a samhra san ccathair nó san tuaith, san oidhche nó san ló, go hobann nó go haireach, le galar nó le bás cineamhnach, an mbiaidh faill faoisdine agat nó nách mbiaidh, an mbiaidh hathair spioradálta do láthair
agat nó nách mbiaidh. Faraoir! atáid seo uile neamh- chinnte; gidheadh, atá so cinnte go ttiucfaidh an bás uair éigin, agus a ccomhnaidhe níos luaithe ioná mheasa- maoid nó shileamaoid. 2. An dara feacht. Smaoin go ffuil deire leis an saoghal uile ad thaobh féin ar fagháil bháis doit, agus nách ffuil cuid agat de níosa mhó, a ccor go mbiaidh arna chlaochlóghadh ós coinne do shúl ar son go mairfidh ionn féin. Is dearbhtha ionnsan go ffaicfeadh (fidh) tú nách ffuil san uile antoil, a n-eólbhaois, agus a n-iolgháirdios an tsaoghail acht brionglóideach nó neull a tóigthear le sith-gaoithe. Och! godé a mhionca chuir tú fearg ar Dhia fán sgáile bhréige seo; óir dochídhfeadh tú annsan gurab ar son neamhneithe do thréig tú Dia; dochídhfeadh tú fós gur maith an chrábhaidh agus na deaghoibreacha. Cread an fáth nách leanamaoid an tslighe aoibhinn thaith- niomhach so? Dochídhfeadh tú na peacaidhe nách raibh acht meas éadrom agat orra, oiread sléibhe ionnta agus do chrábhadh go suathrach gan bhrígh. An treas feacht, smaoin ar an slán deighionach tuirseach do chuirfeadh an tanam ris an saoghal so, óir cuirfidh sé druim re na shaidhbhrios, ris an eólbhaois, ris an ccomh- luadar bréige, re himirt, re hantoil agus re gach sólás oile, agus fós re na cháirdibh, re na chomharsanaibh, re na ghaol, re na chlainn, re na mhnaoi phósta, agus faoi dheoigh ris an uile chréatúir, agus re na chorp féin a bhias ina thruaill gan ghnaoi gan sgéimh dá éis, acht ina athrach ghráineamhail dhéisdionach. An ceathramhadh feacht. Smaoin ar an diffir (deifir) agus ar an díthchioll a dheunfaid do cháirde fán ccorp marbh do chur as a ffiadhnaise, agus arna chur faoi chré agus iairna adhlacadh do choirp dóibh, nách biaidh de chuimhneadh ná dhe smaoineadh ag aon neach ort níos mó, acht an oiread agus dobhí agat-sa ar na marbhaibh a d'imthigh
rómhat féin. “Suai nios síorruidhe go dtugadh (aidh) Dia dho,” adéarfaid, agus sin a mbias ann. Och! a bháis, godé chomh beag de thruaigh ná thaiseadh ionnat! Godé iomchúbhuidheacht cuimhne do bheith aguinn ort, do bhrígh nách féidir do cheannsughadh, ná sásughadh a thabhairt duit. An cúigeadh feacht. Ar fhágbháil an choirp do'n anam, gan fios cá a ngeabhaidh sé, do'n ttaobh clí nó do'n ttaobh deas. Och! cá angeabhaidh sé? Nó cia an tslighe? Is dearbh nách aon tslighe a mhalairt na slighe do thionnsgain sé ar an saoghal so. Ionnso glac foinn mhaithe agus deagh-rún. Ar tús guidh Dia agus cuir tú féin idir a lámhaibh ag rádh: “Ó, a Thighearna, gaibh me fád' sgéith agus fád' dhíon san lá baoghalach úd, agus deuna san am chéadna go sona fabharrach dhom, a ccás go mbeith an chuid oile dhe mo shaoghal go searbh tuirseach.” Arís tabhair tarcaisne ar an saoghal ag rádh: Ó nách fios dhom cá huair do thréigfeas me thú, a shaoghail, ní bhiadh me ceangailte dhíot ó so amach. Guidhim sibh, a cháirde ghrádhach agus a dhaoine muintiordha, ná hiarruighe (aidh) cion ná grádh do bheith agam oraibh acht ar son Dé amháin, óir is é sin an grádh do mhairfios do shíor, agus is ionnsan a bhiadsa ceangailte dhíbh, óir ní budh héigion dhúinn a bhriseadh go bráth, agus is mian liom me féin d'ullmhughadh agus do ghleus dochum uair an bháis, ris an ndíthchioll agus ris an ndúthracht do hiarrthar dochum báis mhaith. Agus cuirfead rómham, an mhéid gurab féidir dhom é, mo choinsias do leasughadh agus a bheith glan do ghnáth, agus gach locht dá ffuil ionnam do leasughadh. Fá dheoigh tabhair buidheachas do Dhia do chuir na deagh- rúin seo ionn do chroidhe agus ofráil do iad agus guidh é fá dheaghbhás do thabhairt duit. Iarr eadarghuidhe Mhuire agus na naomh, ag rádh Pater Noster, Ave Maria. Deun pousae srl.
CAIB. 14. An seisiughadh hathsmaoineadh. Ar an mbreitheamhnas deighionnach. Ar ttús, meas go ffuil tú a ffiadhnaise Dé. 2. Arís guidh é fá na ttabhairt ionn hínntinn na neithe ar ar cóir dhuit smaoineadh. Ag seo na poingc. 1. Smaoin ar tús ar tteacht do dheire an domhain, do réir mar d'órdaigh Dia, go ttiucfadh iomad de chomhar- thadhaibh agus d'airrgheanaibh uathbhásacha, ionnas go seargfadh na daoine re huamhan agus re heagla. Óir tiucfadh (aidh) caorthuinn theine mar robhartha dílinne, re a loisgfear clár na cruinne uile, agus dodheuntar luaithreabhán de, ionnas nách rachadh (aidh) aon nídh d'á ffaiceamaoidne saor uaithe. 2. An dara feacht. Smaoin tairéis na díliona lasrach agus teintrighe seo, nách biaidh corp a nuaigh gan aithbheodha re guth an árdaingil, go ttiucfaid uile go Gleann Josaphat. Acht, mo thruaighe! is mór an difir a bhias eadorra, óir biaidh drong díobh ionn a ccorpaibh glórmhara, agus drong oile ina ccorpaibh gráineamhla ró-thruaillighthe. 3. An treas feacht. Smaoin ar an mhórdháil re a ttiucfadh an tardbhreithiomh agus na haingil uile ina thímchioll, an chroch naomhtha dá hiomchar roimhe amach, níos dealraighe ioná an ghrian, mar chomhartha grás agus trócaire do lucht na mbeannocht, agus ina chomhartha díoghaltais agus daor-chirt do lucht na mallocht. 4. An ceathramhadh uair. Smuain go ccuirfighear le hórdughadh an Árd-bhreitheamhuinan, d'á ngéillfear gan mhaill, lucht na mbeannocht ar a láimh dheis agus lucht na mallocht ar a láimh chlí, agus go mbeid sgartha re chéile tré bhioth shíor. Och, a sgaramhuint shíorruidhe! sgaramhuint
(mh) mairgneach, a ndiaigh nách faicfid an dá chuideachta so a chéile go deoigh arís, agus nách tiucfaid ar aon bhall. An cúigeadh huair. Iar ndeunadh an sgaramhuint seo agus ar ffosgladh leabhair an choinsiasa, chídhfidhear go follas mailís na cciontach agus an tarcaisne dothugadar ar Dhia, agus don ttaobh oile aithreachas na ffíoraon agus an toradh do bhaineadar as a ghrásaibh, ionnas nách biaidh nídh dá dhiamharaighe dá ndeunaid nách tiucfadh (aidh) dochum soluis, agus ní (foil) fuilleóchthar aon nídh. Ó, a Thighearna, godé an tadhbhar lúthghára dodheunfadh so do lucht na mbeannocht, agus an dólás síorruidhe do na mallaightheoiríbh. An seisiughadh uair. Smuain ar an mbreitheamhantas deighionnach dobhéar an Breitheamh ar lucht na mallocht, ag rádh; “Imthighe (idh), a lucht na mallocht, san teine shíorruidhe atá arna hullmhughadh fá chomhair diabhlaibh agus a nainglibh.” Budh chóir do gach aon machtnamh go grinn ar na briathraibh tromdha so. Imthighe (idh), adeir an Breitheamh .i. tréigim sibh go síorruidhe a dhaoine mallaighthe, agus ní thiucfaidh sibh am fhiadhnaise tré bhioth shíor. Adeir gur daoine mallaighthe iad. Ó m'anam, ag so an mallacht ionn a ffuil an uile olc, agus nách goirfighear ar ais, acht a mhairfeas tré shaoghal na saoghal, agus ina dhiaigh sin adeir leó dul a tteine shíorruidhe. Ó, a anam, feuch go grinn ar fhaid na síorruigheachta so. Ó, a shíorruigheacht na bpian, godé meud an adhbhair uamhan (ain) agus imeagla thú! 7. An seachtmhadh uair. Smuain ar an mbreath dobhéarfar ar na deaghdhaoinibh ina haghaidh sin. Adéaraidh an breithiomh leó: “Tigidhe.” Ag so briathra millse na sláinte re a ttarraingeann Dia chuige féin sinn, dár nglacadh asteach a nucht a thrócaire. “A dhaoine beannaighthe” ag so an bheannocht ghrádhach thaithniomhach, ionn a ffuil an uile mhaithios, seun agus sonas. “Gabhaighe
an ríoghacht atá arna hullmhughadh dhíbh ó thús an domhain.” Ó, a Dhé ionmhuin godé a mheud so mar thiodhlacadh .i. ríoghacht lán do shólás ar nách biaidh críoch ná foirchionn. Ionnso gabhaidh (adh) miana agus foinn mhaithe thú. Ar tús gabhach (dh) criothnughadh agus uamhain (an) thú ag rádh: Ó m'anam, an tan do chuimhneóchas tú orra so! Ó, mo Dhia, cia dobheurfas díon dom an lá úd, agus go mbeid collamhuin na fflaithios ar crith re heagla agus re huathbhás! 2. An dara huair. Glac fuath agus gráin ar do pheacadhaibh, do bhrígh gur leó amháin is féidir do mhilleadh agus do dhamnughadh san lá baoghlach úd, ag rádh: “Is mian liom me féin do thabhairt breatha orm anois ionnas nách tiubhraidhe orm an uair úd í. Anois feuchfad ar mo choinsias agus dodheuna me gearán orm féin, agus daorfad me féin agus cuirfead rómham me féin do leasughadh, ionnas nách damanóchaidh an Breitheamh me san ló uathbhásach úd. Óir dodheunadh (aidh) me faoisdin anois, agus glacfad gach comhairle is maith dochum sláinte m'anama.” Faoi dheoigh. Tabhair buidheachas do Dhia go ttug módh agus úcáid duit re thú féin do shlánughadh san lá úd, agus go ttug aimsir dhuit dochum aithrighe do dheunadh. Ofráil do chroidhe dho chum aithrighe fhírinneach do dheunadh, agus guidh é fá ghrása do thabhairt dhuit dochum gach nídh is cóir dhuit do dheunadh. Pater Noster, Ave Maria. Deuna pousae, srl. CAIB. 15. An seachtmhadh hathsmuaineadh. Ar Ifrionn. 1. Meas go ffuil tú a ffiadhnaise Dé. Úirísligh tú féin do, agus iarr a chongnamh. Ionnsan cruthaigh ad mheanmain cathair ar dearglasadh le ruibh agus le pic breunbholaigh
agus (í) lán de dhaoinibh agus gan ar ccumus aon díobh a fhagbháil amach. Ag seo na puinnc. 1. An chéad uair. Tabhair fá dearaidh gurab amhlaidh atáid na daoine damanta ionn uaimh ifrinn, amhail do bheidís san ccathair mhallaighthe úd do smaoinís shuas, ag fullang pian ródhaorálach san uile chéadfadh agus san uile bhall dá ccorpaibh, óir is do réir mar dorineadar na peacaidhe re na ccéadfadhaibh agus re na mballaibh, a bhias pianta orra. Na súile, fá na silleadh saobh mailíseach, beid dá bpianadh re hamharc uathbhásach ifrinn agus na ndiabhal. Mar an ccéadna na cluasa ar son éisteachta na neithean toirmiosgtha, agus na hantola do bhaineadar asta, beid ag éisteacht re gul, re gártha, agus re naomhaithis na neudóthchasach, agus mar sin do gach céadfadh oile. 2. An dara huair. Smaoin ar phéin is mó agus is troime ioná iad so uile .i. easbaidh na glóire síorruidhe go suthain. Más mó do chuir ar Absalom gan radharc a athar do bheith aige, ioná é féin do bheith ar díbirt, Ó, a Dhia ghlórmhair, godé a mhéid d'ádhbhar tuirse gan radharc d'fhagháil tré bhioth shíor ar do ghnúis neamhdhasa! 3. An treas uair. Meas síorruigheacht na bpian agus ifrionn d'fhulang. Muna mbeith acht cuil ionn do chluais, nó teas fiabhrais ort, dodheunfaidís oidhche d'á ghiorracht fada buartha dhuit, godé uathbhás mhairfios an fad dobhias san oidhche shíorruidhe, maille re piana ró iomarcacha! As an tsíorruigheacht so dothig eudóthchas do-chríochnaighthe. Ionnso gabh miana maithe agus deaghrúin, agus gabhadh uathbhás tú, ag rádh na mbriathar úd Job. Och, a anam, an féidir leat na lasracha síorruidhe úd d'fhulang tré bhioth shíor, agus an teine nách ccaithtear? An mian leat do Dhia a thréigean agus a chailleamhuint go síorruidhe? Admhaidh féin gur thuill tú ifrionn, agus san go minic,
acht ó so amach gabh slighe oile ionnas nách rachfadh (aidh) tú do'n phríosún doimhinn úd. Uime sin, cuir rómhat, ar an uile mhódh, an peacadh do sheachnadh ós leis amháin is féidir bás shíorruidhe do thabhairt duit. Tabhair buidheachas do Dhia. Ofráil tú féin do agus guidh é mar adubhramair shuas. CAIB. 16. An hochtmhadh athsmuaineadh. Ar Fhlaitheamhnas. Ar tús cuir tú féin a ffiadhnaise Dé agus iarr a chongnamh. Ag so na poingc. 1. Smaoin ar ttús, ar oidhche aoibhinn shoineanta, an taer uile soillseach re hiomad na réaltan, agus tabhair fá deara gur róthaithniomhach radharc na réaltan neug- samhlach niomdha san. Cuir le sgéimh na hoidhche sin, lá álainn soineanta ar mhódh nách ccuirfeadh soillse na gréine toirmiosg ar radharc na réaltan ná an éasga, agus smaoin agat féin, gan chontabhairt ar bith, a ffuil de sgéimh ionnta so uile, nách ffuil acht neamhnídh ionnta, a ccomórtas sgéimhe fhlaithis nDé. Ó, godé fonnmhaire agus aoibhinne na háite sin, agus godé a huaisle de chathair! 2. An dara huair. Smaoin ar bhreághthacht agus ar sgéimh chualachta na cathrach céadna, óir atá milliún de mhilliúnaibh aingeal innte, maille re sluaigh Apstol agus Mairtíreach, Coinfeasóir, óigh agus ban-naomh. Ó, godé beannaightheacht agus sáimhe an chomhluadair seo, ar mhódh gur mhó an sámhus an tanam is lugha dhíobh dfhaicsin ioná an domhain seo uile. Dá bhrígh sin godé an tadhbhar lúthghára iad go léir dfhaicsin? Ó, a Dhia íodhain, godé a bheannaightheacht attáid uile ag cantain caintice ceól- mhaire an ghrádh shíorruidhe do ghnáth go lúthgháireach, lán
de shólás, agus iad féin ag tabhairt sóláis d'á chéile, ionn a ccumann nách féidir a sgaoile chaoidhche. 3. An treas uair. Smuain meud na maithiosa atá aca as seilbh Dé, atá ag tabhairt glóire agus sóláis dóibh as a radharc róthaithniomhach féin, agus atá ag dortadh srotha sóláis gan fóirchionn ionn a ccroidhthibh. Godé a mheud d'onóir a bheith do ghnáth ad láthair, a Thighearna. Beid fós ionnsúd, mar do bheith eunlaith róaoibhinne a naer a dhiadhachta, ar lúth ag seinm ceoil gan traochadh d'aonghuth, gan tnúth ag aon díobh re roile, agus gach aon díobh ag moladh Dé do réir a acfuinne féin, ag rádh! Go mbadh beannaighthe thú, a Chruthaightheoir agus a Shlánaigh- theoir íodhain mhilis, dorine trócaire orainn, agus dobheir cumann do ghlóire dhúinn chomh tabharthach so. Biaidh Dia fós dá mbeannughadh san go síorruidhe dá rádh: Is beannaighthe sibhsi, mo chréatúiridhe róghrádhacha, dorine seirbhís dom ón bhúr mbeathaidh, agus biaidh sibh dom mholadh re fíorghrádh go suthain síorruidhe. Ionnso gabh miana agus deaghrúin agus bíodh iongna ort, agus mol an dúithche neamhdha ag rádh: Godé do bhréaghthacht, a chathair neamhdha, agus godé chomh beannaighthe agus gach naon atá ina chomhnaighe ionnat. An dara huair. Tabhair aithis agus imdhearga dhuit féin fád' neamh-mhisneach agus fád' bheag-chroidhe gus an am san, do bhrígh gur sheachain tú an tslighe do threóruigheann chum an Dúin ghlórmhair seo. Och, cread fár chlaon me chomh fada agus san ó'n nglóire agus ó'n mbeathaidh shíorruidhe! Och, is truaigh me, óir do thréig me míle agus míle uair an sólás gan fóirchionn ar son an- toile bhig thruaillighthe. Godí an ínntinn dobhí agam an tan dothugas tarcaisne ar mhaith chomh fonnmhar agus san, dochum miana dhíomhaoin do chur a ngníomh. An treas feacht. Gabhach (dh) fonn tú re neart agus re brígh hínntinne re teacht dochum an chiúnais agus an
tsóláis úd. A Thighearna thrócairigh, ó do thaithin leat sa mo chur ar shlighe na fírinne, ní fheuchfadh (aidh) me ar m'ais, agus ní rachaidh me troigh ar mo chúl. Ó, a anam, triall- amaoid don chiúnas gan fóirchionn, agus gluaiseamaoid don ttalamh beannaighthe úd atá geallta dhúinn. Cread támaoid do (dh) deunadh san áit seo ionn a ffuileamaoid ar díbirt? Dá bhrígh sin seachnóchaidh me an uile nídh do chuirfeadh toirmiosg nó maill orm san tslighe seo, agus dodheuna me gach nídh dobhéarfas congnamh dhom chum na críche seo do rochtain. Tabhair buidheachas do Dhia annso, agus guidh é mar a dubhramair shuas. CAIB. 17. An naomhadh hathsmuaineadh. Ar an módh ar ar cóir do dhuine an ghlóir neamhdha do bhreith de roghain agus a mian do bheith aige arna fagháil do. 1. Ar tús, meas go ffuil tú a ffiadhnaise Dé, arís úmhlaigh tú féin do, agus guidh é fá smaointe maithe do thabhairt duit. Ag so na poingc: 1. Smaoin go ffuil tú at aonar maille re tAingeal Coimhdeachta, ar chlár mháighe réigh (dhe), mar dobhí Tobias óg ag triall go Rages na Médi, agus tú ag cainnt agus ag comhluadar leis, agus é ag taisbeánadh dhuit as an Mágh Flaithis Dé osgailte, maille re a ffuil de shólás agus d'iolgháirdios ann, ar ar smaoin tú roimhe seo. Arís é ag taisbeánadh ifrinn shíos osgailte dhuit maille re a ffuil de phiantaibh ann, mar do smaoin tú shuas. Tairéis tú dá smaoineadh san a ffiadhnaise an Aingil Choimhdeachta. Smaoin ar ttús, go ffuil tú féin idir neamh agus ifrionn, agus iad araon osgailte rómhat chum do ghlacaighthe, gidhbé dhíobh a gheabha tú de roghain, agus go mairfid tré bhioth shíor.
2. Smaoin arís, ar son go ffuil gach áit aca so réigh (dh) chum do ghlacaidh do réir do thogha féin, séineach atá Dia ullamh re hifrionn a thabhairt duit re ceart, nó neamh re trócaire, agus atá fonn adhbhalmhór air tú do ghabháil neimhe mar roghain. Atá fós t'aingeal coimhdeachta dod bhrostughadh chuige seo ar iomad de mhódhaibh, re grása agus re cuidiughadh Dé, ionnas maille re na chongnamh, go rachaidh tú suas ar neamh. 3. An treas uair. Smaoin go ffuil ár tTighearna Íosa Críost ag feuchain anuas ó neamh go trócaireach ort, ag rádh: “Ó mo ghrádh, gluais dochum an tsuaimhnis shíorruidhe agus cuir tú féin idir mo dhá láimh, do bhrígh gur ullmhaigh iomad mo ghrádh ort, sólás gan foirchionn duit.” Feuch arís re súilibh na tuigse an Mhaighdion Bheannaighthe, Máthair Dé, ag gairm ort dá rádh riot: Ó mo ghrádh, ná tabhair tarcaisne ar mhian mo Mhicsi, ná ar gach osnadh dá léigimsi asam mar aon leis sin, ag iarraidh go ródhian do shláinte shíorruidhesi. Ná déin maill. Feuch fós neamh agus miliún d'anamnaibh beannaighthe ag gairm ort go grádhach carrthannach, ionnas nách fuil nídh is mó atá de mhian orra ioná do chroidhese a bheith ceangailte d'á ccroidhthibh féin, ionnas go mbeith sibh a naoinfheacht ag moladh Dé tré shaoghal na saoghal. Dearbhaid fós go cinnte dhuit, nách ffuil an tslighe go Flaitheamhnas chomh cruaidh ná chomh dócamhlach agus mheasaid an drong do leanann d'á nantoil féin. Ó, gluais, adeirid, a chara ionmhuin, agus gidhbé leanas de shlighe na crábhaidh (an chr-) (re a ttángamairne ionnso), dochídhfeadh go deimhin gur sáimhe, gan chompráid, an tslighe í dochum an tsóláis atá againne, ioná sólás an tsaoghail uile ar aon bhall. 4. An ceathramhadh feacht. Ó so amach cuirim go síorruidhe droim leat-sa, a ifrinn. Atá agus biaidh gráin
agus fuath agam ort féin agus ar do phianaibh, agus ar do shíorruidheacht mhallaighthe gan seun, agus tar gach nídh, biaidh an ghráin agam ar do naomhaithis shíorruidhe ó rún mo chroidhe, agus ar na mallochta déisdionamhla do sgéithios tú do ghnáth a naghaidh mo Dhia. Ó, fillim ar neamh aoibhinn áluinn, agus mo chroidhe agus m'anam chughat, a ghlóire shíorruidhe, agus a shéin mharthannaighe, go ffaghaidh mé áitreamh agus comhnuighe ionn do longphort sgiamhach beannaighthe, agus toghaim tú tré bhioth shíor. Ó, mo Dhia, molaim agus beannuighim do thrócaire, agus gabhaim an rogha atá tú do thairgsint dom. Ó, a Íosa, mo Shlánaightheoir, gabhaim red ghrádh shíorruidhe agus ris an áit d'ullmhaigh tú dhom a ríoghacht na fFlaithios, agus ní ar son neithe ar bith eile, acht chum a bheith dhod' mholadh féin tré bhioth shíor. 5. An cúigeadh huair. Gabh fadhbhar na Naomhóigh, Máthair Dé, agus re deaghthoil na naomh uile, agus geall dóibh go fírinneach tarraint go díreach fá na ndéighin, agus tabhair do lámh do tAingeal Coimhdeachta dochum do threóraighthe, agus dúisg tanam chum na roghain seo do chur a ngníomh. CAIB. 18. Tráchtar ionnso ar an módh a ngabhann an tanam beatha chrábhaidh de roghain. Ar ttús, cuir tú féin a ffiadhnaise Dé. 2. Úirísligh tú féin, agus iarr grása agus congnamh air. 1. An chéad uair. Meas go ffuil tú féin agus tAingeal Coimhdeachta arís, ar mhágh fhairsing libh féin, agus dod thaobh clí go ffaicionn tú an diabhal ann a ccathaoir árd ina shuighe, agus iomad de spiridíbh ifrinn ina thimchioll, agus sluaigh adhbhal de dhaoinibh an tsaoghail ina fhiadhnaise agus ag gabháil ris mar Thighearna, agus iad
san mar sheirbhíseachaibh ag deunadh adhartha agus onóra dho, drong le peaca agus drong le peaca oile. Feuch godé mar atáid an teaghlach coirpthe mallaighthe seo a dheunadh. Atá drong díobh re fuath agus re tnúth, nó re feirg ar mire; drong oile ag marbhadh a chéile, dream oile tuirseach tochtach, go mí-fhiúntach ag cruinniughadh saidhbhris gan fhóirsheasamh gan chomhnuighe. Dream oile dhíobh ag imtheacht le na nantoil agus re díomhaoineas gan toradh gan tairbhe. Drong oile ag lobha agus ag únfart ionn a nanmhiana brúideamhla. Gidheadh, feuch anois nách fuil ciúnas ar bith aca so, agus nách fuil réir ná órdughadh ar bith eadorra go ffuilid lán de tharcaisne ar a chéile, agus gan grádh fíor ag aon díobh do'n dara duine. chífeadh (fidh) tú fós aco so bruid agus boichteacht maille re mórán anacra oile, gan seun gan sonas, fá dhaorsmacht ag an rí mallochtach so, do bhogfas chum truaighmhéile tú. 2. An dara huair. Feuch ar do láimh dheis agus amharc ar Íosa Críost san ccroiche ag guidhe a Athar re grádh a chroidhe ar son na mbochtán úd atá ag fóghnamh do'n diabhal, ionnas go saorfadh iad ó na thighearnas tíoránta, agus go ttigidís chuige féin atá ag gairm orra. Feuch fós uimhir do-áirmhighthe de dhaoinibh cráibhtheacha diagha ina thímchioll, agus tabhair fá dear sgéimh, taithniomh agus sámhus na ríoghachta so .i. sluaigh óigh, fear agus ban dfhaicsin níos geile ioná lile, cuideachta baintreabhach lán de umhaile agus de chlaonmharbhthacht naomhtha; uimhir fós de lánamhnacha pósta go ciúin síothchánta agus teacht re chéile a ngrádh agus a ccarrthannacht, nídh nách féidir a dheunadh gan grása speisialta ó Dhia. Feuch anois cionas do chuirid na daoine cráibhtheacha so a ccúram saoghalta agus seirbhís Dé anaice a chéile; grádh aca féin d'á chéile, agus grádh Dé ós a chionn san aca. Tabhair aire dhóibh seo uile, agus chífeadh (fidh) tú gur sámh milis
naomhtha a ccomhluadar agus a mbeusaibh, ag éisteacht re briathraibh Dé go róaireach, ionnas gur mhian re gach aon díobh Dia do bheith ina chomhnaighe ionn a chroidhe do shíor. Atáid lán de shólás ghrásamhail carrthannach róórduighthe agus atáid lán de ghrádh gheanmnaighe bheannaighthe ar a chéile. Má thig bruid nó buaidhre ar aon díobh, ní ghabhann tuirse iad ná claochlódh ínntinne ná beusa. Atáid súile Dé ag feuchain do ghnáth orra dochum sóláis do thabhairt dóibh, agus iad san mar an ccéadna ag feuchain ar Dhia. 3. An treas uair. Ar son gur ghlac tú fonn agus rún mhaith ionnso, agus gur thréigis an diabhal agus a chuideachta ghráineamhuil mhallaighthe, níor tháinigh tú fós go nuige an Rígh, Íosa Críost, agus níor cheangail tú thú féin re na Theaghlach naomhtha, chráibhtheach, acht atá tú idir an dá theaghlach so. 4. An ceathramhadh nídh. Atá Máthair Dé agus a céile Joseph, N. Lodobhic Rí, N. Moinica, agus mórán oile ar a raibh cúram an tsaoghail, dod ghairm agus a tabhairt misnigh duit tú féin do tháthughadh leó. 5. An cúigeadh nídh. Atá Críost san ccroich ag gairm ort as hainm féin ag rádh: “Ó, mo ghrádh, gluais chughamsa dochum coróineach do chur ort san nglóir shíorruidhe.” Gabh rogha ionnso ag rádh ó thúis: Ó, a shaoghail agus a chuideachta mhallaighthe, ó so amach ní fhaicfidh sibh me fá bhúr mbrataibh tré bhioth shíor, agus tréigim go hiomlán bhúr neólbhaois agus bhúr mire bhréige. Diúltuighim duit fós, a dhíomuis, a Rígh an uile mhíséin, a spioraid dheamhnaighe mhallaighthe, maille red' phoimp agus maille red' hoibreachaibh. 6. Abair an dara huair. Fillim ortsa, a Íosa íodhain mhilis, a rí an tséin agus na glóire síorruighe, agus gabhaim riot le huile bhrígh m'anama, agus adharaim tú ó rún croidhe, agus toghaim tú ó so suas mar Rí dhom
féin tré bhioth shíor, agus geallaim go daingionn diong- mhálta, seirbhís do dheunadh dhuit go dílios, agus ní ghoirfeadh (fidh) me an gealladh san ar ais. Geallaim dhuit fós do dhlighe agus haitheanta do choimheud. 7. Abair an treas huair. Ó, a Mhaighdin (dean) ró naomhtha, a bhaintighearna róghrádhach, iniugh gabhaim leat mar threóraighe, agus toghaim a bheith fád' bhratach, agus geallaim seirbhís agus onóir speisialta do dheunadh dhuit. Tusa fós, a naoimh-aingil coimhdeachta, beir me do láthair na cuideachtan bheannaighthe úd, agus ná tréig me go ttigeadh (idh) me dochum a ccomhluadair. Agus do chomhartha gurab í seo mo thogha agus mo rogha, adeirim agus adéarfad do shíor: “Is beannaighthe Íosa agus is beannaighthe Íosa.” Pater Noster. Ave Maria. Deuna pousae, srl. CAIB. 19. Cionas is cóir faoisdin gheinearálta do thionnsgnadh agus do dheunadh. A dhuine re ar mian beatha chráibhtheach do bheith agat, is riachtanach dhuit na hathsmaointe shuas a chur a ffreach- nughadh go maith, agus ina dhiaigh sin, tionnsgain go deighmhisneamhuil neamheaglach, re spioraid na humhluigh- eachta, faoisdin gheinearálta do dheunadh. Guidhim tú ionnso, ná cuireach (dh) eagla ar bith buairt nó droichmhisneach ort. Bíonn nimh ar ghreidhm na buaire (Joad). Gidheadh, má bruighthear é (í) féin ina holadh, is maith an liaighios a naghaidh na nimhe céadna í. Mar sin don ppeacadh. Atá nimh air an tan doghnidhthear é, acht tairéis a bhruighte re faoisdin agus re haithrighe níl brígh ar bith ionn a nimh, agus tig fós maith ina dhiaidh. Atá brígh liaighis ag an ffaoisdin agus ag an aithrighe, ionnas
go nglanaid truailligheacht an pheacadh (aidh), agus le na ndeaghbholath go ttógbhaid breuntas an pheacaidh as an anam. Adubhairt Naomh Siomon, Lobhar, gur pheacach Muire Maigdelen, acht ní hé sin breitheamhnas Chríst uirthe, bíodh gur pheacaigh sí roimhe sin, acht do réir méid an ghrádh dobhí aice, agus na holadh do dhoirt sí ar a chosaibh féin. Má bhímíd umhal go fírinneach, biaidh fuath agus gráin againn ar an ppeacaidh (adh), do bhrígh go ccuirionn fearg ar Dhia, agus biaidh gean againn ar ghearán do dheunadh air, do bhrígh go ttugamaoid onóir do Dhia ris sin. Is mór an cuidiughadh do'n othar gan aon nídh dá easláinte do cheilt ar an liaigh. Uime sin, an tan dothiucfas tú do láthair na nAithreach spioradálta, meas go ffuil tú ar chnoc na Croiche faoi chosaibh Íosa Críost, agus a fhuil uasal dá dortadh ina tonnaibh ad thímchioll dochum do ghlanta agus do nighte, agus ar son nách ffuil do Shlánaightheoir Íosa ar hamharc, atá a bhrígh agus a luaigheacht dá ndortadh go róacfuinneach ionn ár nanamnaibh a naimsir na faoisdine. Dá bhrígh sin osgail do chroidhe san ffaoisdin, go róiomlán, agus díbir na peacaidhe as, óir ní ffuil dá mheud agus rachaid amach nách dá réir sin a thiucfas luaidheacht pháise Chríst ina náit, ionas go líonfadh (aidh) é re na bheannughadh féin. Tairis seo, nocht agus foillsigh staid hanama go glan símplidhe díreach, agus tairéis tfhaoisdin do dheunadh, bíodh coinsias ciúin soineanta agat, agus ina dhiaigh sin tabhair aire do gach comhairle dá ttiubhradh (aidh) Biocáire Dé dhuit, agus abair ionn do chroidhe: “Labhair liom, a Thighearna, atá do shearbhfhóghantaighe ag éistiocht riot.” Agus bí dearbhtha gurab é Dia atá ag labhairt ann, do bhrígh go ndubhairt re na bhiocáiribh: “Gidhbé éistfeas sibhse, mise éistfidh sé.” Gabh chughat
ina dhiaidh sin, an gheallamhaint seo síos agus cuir críoch ar do chroidhebhrughadh ris tairéis a fhromhtha agus a thabhairt fá deara dhuit, go grádhach, fonnmhar, ó rún croidhe. CAIB. 20. Geallamhaint daingeann agus rún sire seirbhís do dheunadh do Dhia, maille re gníomhartha na haithrighe do sgríobhadh san ccroidhe. Geallaim a ffiadhnaise Dé agus na cúirte neamhdha uile, ó dothug me dom aire mór-thrócaire Dé orm féin, atá an chreutúir bhocht thruaillighthe, óir do chruthaigh sé me as neamhnídh, agus do choimheud me gus anois, agus dorinne foighid riom agus do shaor me ar gach peiriacail ionn a rabhas agus dothug tíodhlaicthe móra dhom. Agus ar tús, iar smuaineadh dhom ar an ttrócaire nách féidir a mheas re a ndeárnadh (aidh) an Choimdhe foighid leam ionn mo chionnta, agus é dom ghairm go minic go grádhach, carrthannach, dochum mo bheathadh do leasughadh, agus ag iomchur leam go foighdeach gus an mbliadhain seo dem' aois, ar son go rabhas crosta mí-chumannach neamh-dhílios do, ag cur mo leasa féin ar cáirde agus ag cur feirge air lem' dhroch-chomhairle féin, go héigcríona, amadánach, agus an tan dobheirim fám' aire an uair do ghlac me baiste, gur hofráladh do Dhia me, ionnas go mbeinn d'á chlainn dílios féin, agus a naghaidh an gheallta dotugadh ionn m'ainim an uair sin, gur thrualligh me m'anam go ró-mhinic, ag cionntughadh a naghaidh Dé. Acht anois, ar mo ghlúinibh a ffiadhnaise bhreitheamhnais chirt Dé, ag smaoineadh orm féin, agus ag admháil go ffuilim cionntach a naghaidh Dé, bháis agus pháise Íosa Críost, agus san ar son na ppeacadh dorine me. Agus ionnas gur bh'éigionn do bás agus piana na croiche dfhulaing ar mo shon, agus uime sin gur thuill me pian síorruidhe do thabhairt dom. Acht
fillim ar mhórthrócaire Dé, agus dothug me fuath agus gráin óm' chroidhe agus óm' uile bhrígh do gach cionnta dá ndeárnas go ttí so, guidhim é go humhal maitheamhnas agus logha mo pheacaidh do thabhairt dom, agus gan cuimhne do bheith aige orra níosa mhó, agus san tré bhrígh bháis agus pháise mo Thighearna agus fuasglaightheóra m'anama, óir isiad san is fíorbhun don ngeallamhuint dílios agus don tsacramaint dothug mo Dhia ar mo shon san mBaiste, agus athnuadhaim féin anois an gheallamhuin chéadna agus diúltuighim don diabhal, don tsaoghal agus don ccolainn, agus do gach drochsmaointe dá ttugaid dom, dá neólbhaois agus dá nan-mhianta, ar feadh mo bheathaidh (adh) agus tré shaoghal na saoghal, agus cuirim suas dóibh agus fillim ar mo Dhia beannaighthe trócaireach féin, agus cuirim rómham anois agus go síorruidhe seirbhís do dheunadh dho, agus grádh do bheith agam air: agus dochum na críche seo tairgim mo spioraid do maille re na ffuil de bhrígh innte, agus m'anam maille re na uile neart, agus mo chroidhe maille re na uile fhonn, agus mo chorp maille re na chéadfadhaibh. Geallaim fós nách deunfad nídh ar bith go bráth a naghaidh a thoile agus a mhórdhacht dhiadha, agus toirbhrim me féin do mar íodhbairt, ionnas go mbeinn am chréatúir úmhal dhílios do go síorruidhe, agus ní ghoirfead an rún so ar ais go bráth, ná ní bhiaidh aithreachas orm fám' gheallamhuint, agus fós dá tteagmhadh dham re cathaighe mo namhad, as laige dhaonda teacht a naghaidh an rúin seo nó nídh ar bith do dheunadh contrárdha dho, geallaim anois agus cuirim rómham chomh luath agus thuigfeas me mo lochta, maille re grása an Spiorad (aid) Naoimh, éirghe asta gan mhoill agus me féin do chur ar chomaraighe thrócaire nDé maille re haithrighe. Ag seo mo thoil agus m'ínntinn, agus mo rún daingionn,
nách mian liom a ghairm ar ais, atáim do dheunadh gan choinghioll ar bith foluidheach a ffiadhnuise Dé agus teaghlaigh na fflaithios agus mo naomhmháthar an Eaglais, atá ag gabháil an rúin seo uaim a bpearsain shearbhfhóghantaighe ag éistiocht leam. Ó, a Dhé shíorruidhe uilechomhachtach (aigh), a Athair, a Mhic agus a Spiorad (aid) Naoimh, daingnigh an rún so ionnam, agus gabh chughat seirbhís agus fonn mo chroidhe mar íodhbairt deaghbholaigh dhuit féin. Agus mar dothugais ínntinn agus toil dhom an gheallamhuint seo do dheunadh guidhim tú go húmhal re neart, re brígh agus re grása do thabhairt dom chum a ccomhlíonta. Ó, mo Dhia, is tusa mo Dhia, Dia mo chroidhe, Dia m'anama, Dia mo spioraide, agus mar sin admhaim tú agus adhraim tú tré bhioth shíor. Is beannaighthe ainm Íosa agus go raibh go síor mar sin. CAIB. 21. Conchlúid nó críoch ar an nglanadh so. Tairéis an gheallamhuint seo do dheunadh tabhair fá dear agus fosgail éistiocht do chroidhe dochum éistiochta agus gabhála ris an mbreitheamhnas dothug an sagart ort, an tan adubhairt na briathra ós do chionn, do bhrígh go ttugann Críost féin, ina shuidhe a ccathaoir na trócaire ar neamh, a ffiadhnaise Naomh agus Aingeal, an uair chéadna absolóid duit, ar mhódh go ffuil an méid atá a tteaghlach fhlaitheamhnais uile lán de lúthgháir agus d'iolgháir- deas, agus caintic ceoilbhinn aca dá rádh, agus gach aon díobh ag tabhairt póige síothchumainn dhod' chroidhe, atá anois arna naomhadh re grásaibh Dé. Feuch anois, a charaid ghrádhach, an ceangal agus an connradh dorinne tú re Dia, óir an tan a thug tú tú féin do Dhia, atá Dia agat agus tú féin fós san mbeathaidh shíorruidhe. Agus ní ffuil d'easbaidh ort ionnso acht do gheallamhuin do
sgríobhadh ionn do chroidhe go fonnmhar, lúthgháireach, agus ina dhiaidh sin dul dochum na haltórach mar a ndaingneóchaidh Dia do gheallamhuint, agus a ccuirfidh seula ar habsolóid, ag geallamhuint a fhlaithis féin duit, dá thabhairt féin duit san tSacramaint mar chomhartha go ffuilir anois ar nathnuadha. Ar an módh so is dearbh liom go mbiaidh tanam arna ghlanadh ó an uile pheacadh, agus ó an uile fhonn pheacadh (aidh). Acht mar atá ár nádúir lag agus ár nan-mhiana iomarcach agus gur féidir linne srian do chur leó, gidheadh, an feadh dobhiam beo, mairfid agus éirgheóchaid go hurus. Uime sin dobhéaradh (aidh) me teagaisg agus comhairleacha dhuit, agus má choimheudann tú iad, saorfaid tú ó an uile pheacadh marbhthach, agus ó an uile fhonn chuige, ionnas nách biaidh áit aca ionn do chroidhe níosa mhó; agus do bhrígh go ffuil áit ag na teagaisg seo san nglanaidh (adh) foirfe, uime sin, roimh a ttabhairt duit, déarfad nídh éigin ar an ffoirfeacht dochum ar mian liom do theacht. CAIB. 22. Cionas is cóir fonn na bpeacadh sologhtha do sgrios agus do dhíbirt as an ccroidhe. Dá shoillsigh dá mbiaidh an lá agus dá mheud éirghíos, re feuchain ionn a sgáthán, dochídhmíd níos so-léire gach sal agus gach gráin dá mbiaidh ar a ghnúis. Mar sin dá mheud dá ttugann grása an Spiorad (aid) Naoimh solus agus soillse dár ccoinsias, is móide thugamaoid fá dear ár bpeacaidhe, ár cclaonta, agus ár neamh-fhoirfeacht, atá dár ttoirmiosg a slighe an chrábhaigh (dh) agus na grása céadna dobheir solus dúinn dochum gach smáil dá mbiaidh ar ár nanam dfhaicsin, agus dúisgeadh fonn ionnainn an sal céadna do thógbháil agus do ghlanadh go luath.
Le congnamh na ngrás so, chídhfir, a dhuine mhuintiordha, leith amuich de na peacadhaibh marbhthacha agus do dhíon ionnta, (re ar saoradh thú re gach freacair dá ndubhramair shuas), go mbíonn fonn agus claonadh dochum na ppeacadh sologhtha. Ní abraim riot na peacaidhe so do thabhairt fá dear, acht na foinn agus na claonta chúcha, do bhrígh nách féidir linn a bheith saor go hiomlán ó na peacadhaibh sologhtha, nó go háirighthe a bheith a ffad saor uatha, an feadh bhiamaoid ar an saoghal so; gidheadh, is féidir linn a bheith saor ó fhonn do bheith ionnta. Óir is nídh ar leith duine do dheunadh bréige díomhaoine as eudroime nó as sughachas, agus taithniomh do bheith ag duine ar an mbréig nó bheith claon chúiche. Adeirim anois gur cóir an tanam do ghlanadh ón uile chlaona dochum na bpeacadh solaighthe (sologhtha) .i. gan toil do bheith agat peaca sologhtha ar bith do dheunadh dhod' dheoin, nó fuireach ann. Agus is deimhin gur mór an mhaineachtna agus an spadántacht dúinn nídh ar bith do choimheud ionn ár ccoinsiasa ar a mbeith mí-ghean ag Dia; mar atá fonn do bheith againn ionn nídh ar bith ar a mbeith gráin aige. Do bhrígh go ffuil gráin ag Dia ar an uile pheacaidh (adh) sologhtha dá loighead, ar son nách ffuil fuath chomh mór agus sin aige air, gur mhian ris ár ndamnughadh go síorruidhe ar a shon, agus má tá fuath aige dhon bpeacaidh (adh) sologhtha, re fonn nó re toil do bheith ag duine dho, ní ffuil ann acht mí-thaithniomh do ghnáth, re Dia. Uime sin, an féidir do anam mhaith deagh-eaglach ar bith fonn do bheith a mí-thaithneamh re Dia, nó lúthgháire do bheith air, mí-ghean Dé do thuilleamh? Atáid na foinn seo san bpeacadh sologhtha go díreach anaghaidh na crábhaidh (an chr-) mar atá fonn an pheacaidh mharbhthach (aigh) anaghaidh ghrádh Dé. Óir bainid a neart agus a brígh as an spirid agus cuirid toirmiosg ar sholas spirideálta dfhagháil ó Dhia. Fós osglaid dorus do na cathaidhibh, agus ar son
nách marbhaid an tanam, doghnidhid tinn lag é. “Na cuile ag fagháil bháis, millid blas na hola,” ar an tEagnaidhe, amhuil adéaradh: “An chuil nách blaisionn an ola acht go héadtrom, agus í ar eitiolladh, ní mhillionn de'n ola acht an méid do chaithionn sí dhi, agus fágbhann an chuid oile dhi iomlán. Gidheadh, má luigheann ar an ola agus comhnuighe do dheunadh uirthe, millionn a blas agus truailligheann í.” Ar an módh céadna do na peacadhaibh sologhtha. Má thuitid a nanam cráibhtheach agus ná deunaid comhnaighe ann, ní mór an dochar doghnidhid do, acht má doghnidhid comhnaighe ann re greann d'fhagháil ionnta, .i. an (c) chrábhadh naomhtha, millid a blas agus a brígh. Ní mharbhaid na dubháin alladh na beacha, gidheadh, millid agus truaillighid an mhil, agus cuirid a líonta timchioll chriathar na mbeach ionnas nách féidir leó críoch do chur ar a nobair, agus is móide doghnidhid sin má bhíonn áitreabh aca a ffogus do churraiceógaibh na mbeach. Mar sin don pheacadh sologhtha, ní mharbhann ár nanam, gidheadh millionn ár ccrábhadh agus re drochghnás cuireann toir- miosg ar chomhachtaibh ár nanmann, ionnas nách bíonn grádh eusga réigh (dh) aige, ionn a ffuil brígh an chrábhaidh, ionnas nách féidir ris an anam freacair iomchúbhaidh do dheunadh dhe. Is cóir seo do thuigsin ar an bpeacaidh (adh) sologhtha do ghabhus freumh san ccoinsias agus ionn a mbíonn fonn aguinn. Ní mór an nídh breug eudtrom díomhaoin do dheunadh, nó mórán briathar, gníomh nó amharc, imirt, eudach deas nó súgra macánta, acht gan iomarca do bheith ionnta, má curthar as an ccoinsias go luath iad agus gan leigeann do na dubhánaibh allaidh spioradálta so neid do dheunadh ann, acht mar do dhíbríos na beich (beacha) na dubháin alla corpardha. Gidheadh, má leigeamaoid dóibh comhnaighe do dheunadh ionn ár ccroidhthibh, agus a bpreumha do chur,
fonn agus taithniomh do bheith aguinn ionnta, truaillighid mil ár ccoinsiasa agus líonaid é re na nimh féin. Adeirim arís gur neamh-iomchubhaidh agus go ffuil a naghaidh réasúin, an tanam uasal, ar son antoile gan fheidhm, a bheith a naghaidh thoile Dé, nó greann dfhagháil a nídh ar bith ar a ffuil mí-ghreann ag Dia. CAIB. 23. Cionas nách cóir do dhuine fonn do bheith aige ann neithibh mí-thairbheacha nó peiriaclacha: súgradh, damhsa, cúrtacha, taisbeánadh, aosa cleasuigheachta? Ní ffuil locht ionnta so uatha féin, óir is féidir a ndeunamh gan mailís ar bith; gidheadh, atáid peiriaclach, do bhrígh gur féidir olc do theacht asta. Agus bíd níosa pheiriaclaighe ioná san, má bhíonn rófhonn ag duine ionnta. Uime sin, adeirim, bíodh nách ffuilid lochtach ionnta féin, le ró- ghean do bheith orra nó re claonadh do bheith chúcha, go ffuilid bun-ós-cionn don ccrábhaidh (adh) agus ródhíobhálach agus rópheiriaclach do. Ní holc iad féin ar uairibh, acht is olc fonn díomhaoin éigcríona do ghabháil fréimhe san ccroidhe, óir gabhaid áit na ffonn maith, agus cuirid toirmiosg ar ár nanam, ionas nách féidir ris é féin do dhortadh ar na deagh- chlaontaibh. Na Nasarei san tsean-reacht, ní hé amháin nách ibhidís deoch ar bith do chuirfeadh meisge orra, acht fós ní ithidís rísínighe ná aon bhiadh ar a ccuirfidhe iad; ní hé go raibh brígh meisge ionnta so, acht d'eagla, dá nithidís an biadh, go ngeabhadh fonn na rísín d'itheadh iad, agus as itheadh na rísín, go ngeabhaidh (adh) fonn iad grapuidhe agus fíon do fhromhadh. Ní abraim nách éidir linne na neithe peiriac- lacha so do fhromhadh go dlisdionnach, acht nách féidir
linn dúil do bheith aguinn ionnta, gan dochar do dheunadh don ccrábhaidh (adh). An tan dobhíos an fiaigh (fiadh) nó an fearbog trom nó ramhar, iarrann uaigneas agus coillte diamhara, ar eagla dá mbeith seilg orra, go ccuirfeadh a ramhaireacht san toirmiosg ar a rioth. Croidhe an duine bhíos lán dfhonn dhíomhaoin, neamhthairbheach, pheiriaclach, ní féidir leis é féin do thógbháil go heusgaidh, réidh, urus dochum Dé, atá ina chrích fhírinneach (igh) ag an ccrábhaidh (adh). Bíd na leinbh ag iarraidh balóg agus bíd lán de ghrádh orra, acht ní locht orra é, do bhrígh gur leinibh iad. Ní hadhbhar magaidh acht adhbhar truaighe duine a ttáinigh a chiall agus a aois, do fhaicsint ceangailte do neithibh díomhaoine, mar atáid na neithe adubhramair anois. Óir ní hé amháin go ffuilid mí-thairbheach, acht atá peiriacail do dhuine leanmhuint díobh ar eagla a niomarca do dheunadh dho. Uime sin is riachtanach na foinn seo do dhíbirt as an anam, agus, ar son nách fuilid bun-ós-cionn don ccrábhaidh (adh) freachair do dheunadh dhíobh, atá sé ró-dhíoghbhálach dá grádh fonn do bheith aige orra. CAIB. 24. Claonta neamhórdaighthe. Atáid claonta nádúrtha aguinn agus do bhrígh nách as ár bpeacadhaibh féin atá freumha aca, ní peacaidhe marbhthacha ná sologhtha iad uatha féin, acht neamhfhoirfeacht agus easbaidh neirt nádúrtha is cóir do ghairm díobh. Paula Romana bheannaighthe, ag a rabhadar claonta móra chum tuirse agus leanna duibh, mar adeir Ieronimus Naomh, ionnas re bás a fir agus a clainne go tteagbhaidh ananmhuine (a nanbhfainne) ionn gach am díobh, agus go mbíodh peiriacail bháis uirthe. Ní peaca so acht neamh-
fhoirfeacht agus laige nádúrtha, do bhrígh nách dá deoin do thuiteach (dh) san anmhuine (anbhfainne) sin. Atáid daoine éadtrom ó nádúir, daoine oile borb do-smachtaighthe, daoine oile ceangailte dá mbreitheamhnas féin, daoine mí-fhoighdeach agus daoine oile feargach, ionnas gur ró-annamh dogheibhthear duine gan neamh- fhoirfeacht éigin do bheith ionn. Agus ar son gur neithe iad so atá do réir nádúra gach aoin, is féidir a cceartughadh re díthchioll contrárdha agus measardhacht do chur orra, agus fós duine dá ghlanadh agus dá shaoradh féin uatha, agus adeirim gur cóir a dheunadh air sin. Dofríth módh re hinnte (einte?) searbha do dheunadh milis le poll tarrathair do dheunadh a mbun an chrainn, agus an subha (súgh) searbh a bhíos ionn do leigean as. Mar sin godé an fáth as nách féidir le duine a dhrochchlaonta féin do chur as, ionnas go ttiucfadh claonta maithe ionn a náit? Ní ffuil nádúir ar bith dá fheabhus nách féidir a dheunadh lochtach le droch-ghnás, mar an ccéadna, ní ffuil nádúir dá ghairbhe nó dá dho-cheannsaighe nách féidir, maille re grásaibh Dé ar ttúis, agus re díthchioll an duine féin, a sárughadh. Uime sin dobhéaradh (aidh) me comhairle mhaith agus teagasg duit anois, agus maille re na ccuidiughadh agus re na ffreachnughadh, budh féidir leat tanam do chongbháil glan saor ó an uile fhonn pheiriaclach, agus ó neamh-fhoirfeacht agus chlaonadh dochum na ppeacadh sologhtha, ionnas go mbeitheá caomhanta ar na peacadhaibh marbhthacha, agus go ttugadh Dia grása dhuit freach- nughadh iomchúbhaidh do dheunadh dhíobh.
AN DARA RANN. Ionn a ttráchtar ar theagasgaibh agus ar chomhair- leachaibh dochum an anama dá thógbháil féin suas chum Dé re húrnaighthibh agus re freachnughadh na Sacramaint. CAIBIDIL 1. Do riachtanas na húrnaighthe. Ní ffuil nídh ar bith is mó do ghlanas an tuigse ó ainbhfios, agus an toil ó dhroch-chlaontaibh ioná an úrnaighthe, do bhrígh go ttugann dealradh agus solus don ínntinn agus don tuigse, agus go lasann grádh neamhdha san ttoil. Ní ffuil san úrnaighthe acht uisge beannaighthe do dhoirteann é féin ar phlanntuíbh ár ndeaghfhoinn, agus dobheir orra bláth agus torradh do thabhairt uatha, agus ghlanann an tanam ó na neamhfhoirfeacht, agus do shaorann an croidhe ó na dhroch-chlaontaibh. An dara huair. Dobheirim comhairle dhuit an úrnaighthe do dheunadh, maille re smaointibh ionn do chroidhe, go speisialta ar bheatha agus ar pháis ár tTighearna, Íosa Críost, agus má smuainigheann tú go minic air, biaidh tanam líonta dá ghrádh, agus teagasgóchaidh dhuit an módh ar ar cóir dhuit gach gníomh do dheunadh, agus biaidh sé féin ina shompla agus ina riaghail agat san uile ghníomh, óir isé féin sólás an domhain. Uime sin is uaidh agus ar a shon is cóir dhúinn gach sólás do ghlacadh. Isé fós
tobar fíoruisge Jacob é, ionn ar cóir dhúinn gach sal agus gronn dá mbí orainn do nigheadh dhínn. Na leinibh, re bheith ag comhrádh go minic re na máithreachaibh, ar son nách bíonn leath a tteangtha aca, foghlumuighid siad béarla a máthar, mar sin, duine ag athsmaoineadh ar ár Slánaigh- theoir, ag tabhairt a bhriathar, a ghníomhartha agus an ghrádh atá aige orainn fá ndeara, maille re na ghrásaibh féin, biaidh fios aguinn labhairt, gníomh, toil agus fonn do bheith aguinn mar dobhí aige sin. Leanamaois an tslighe seo go díreach, óir ní ffuil slighe oile aguinn dochum teachta chum an Athar Neamhdha acht í. Mar nách taisbeánann an sgáthán ár ngnúis nó ár súile dhúinn muna raibh luadh nó stán ar dhroim an ghlaine, mar an ccéadna níor fféidir linn an diaghacht do thabhairt fá ndear go maith ar an saoghal so, muna mbeith sí ceangailte do dhaonacht ár Slánaightheóra, ionnas go ffuil a bheatha agus a bhás ina ccosbóiribh chomh iomchuibhe agus sin dúinn, nách ffuil nídh ar bith eile is sáimhe agus is tairbhighe re smaoineadh ioná iad. Dá bhrígh sin, ní gan adhbhar adubhairt ár Slánaightheoir “gurab é féin an tarán a tháinigh ó neamh.” Óir, mar is cóir an tarán do bheith ris an uile bhiadh oile, mar sin is cóir dhúinn san uile úrnaighthe, agus ionn gach uile nídh dá ndeunamaoid smuaineadh ar ár Slánaightheoir, agus a thabhairt dár naire, mar dorinneadar mórán ughdar beatha agus bás ár Slánaightheóra ionn a bpongcaibh eugsamhla re smaoineadh orra, mar atá N. Bonaventura agus ughdair oile. An treas comhairle, caith aon uair amháin san ló le smaoineadh ar bheathaidh Chríst, agus mar is cóir dhuit seirbhís do dheunadh dho, agus sin, más féidir leat é, ar maidin; óir isin é an tam is lugha atá an spioraid buaidheartha agus is bríoghmhaire í tairéis ciúnais na hoidhche, agus is leór dhuit an aimsir sin muna ccuiridh hathair spirideálta dfhiachaibh ort é.
An ceathramhadh comhairle. Más féidir leat an freach- nughadh so do dheunadh san eaglais, ionnas go ffuighe tú ciúnas go leór innte, is ann is cóir dhuit a dheunamh go hurus, mar nách ccuirfeadh athair ná máthair, fear ná bean, ná duine oile toirmiosg ort fá aon uair amháin san ló do chaithiomh san eaglais. Óir, má tá tú fá smacht dhuine oile, ní móide go ffaghair uair saor uaidh san tigh. An cúigeadh comhairle. An uile úrnaighthe do thionnsgnadh a ffiadhnaise Dé, más ó bheul nó ó ínntinn dobhiaidh sí, agus coimheud an riaghail seo gan faillíth (ighe) ar bith, agus chídhfeadh (idh) tú go haithghearr gur mór an mhaith dothiucfas dhuit as. An seisiughadh comhairle. Más a Laidion (in) adéaras tú do phaidior, Fáilte an Aingil agus do Chré, deuna díthchioll ar chéill gach bréithir díobh, ionnas go mbadh féidir leat ionn do chroidhe agus ionn tínntinn, ciall agus blas sámh milis na húrnaighthe do mhothughadh, agus fonn mhaith do fhagháil aiste. Ná deuna deifir fá mhórán do rádh acht deuna díthchioll gidhbé adéaras tú a rádh ó chroidhe agus ó ínntinn, do bhrígh gur mó is fiú aon phaidior amháin do rádh go haireach ioná céad paidir do rádh go neamh- fhaireamhuil. An seachtmhadh comhairle. Úrnaighthe róthairbheacha róiomchúbhaidh .i. an Phaidior do rádh, má deirthear í mar is cóir, agus ionnas go ndéantá a rádh mar sin, foghluim ó Athair spioradálta nó ó dhuine éigin foghlumtha muna bhfuil leabhar agat. Is tairbheach fós Liodáin Íosa, Mhuire agus na Naomh do rádh go minic, agus fós an paidrín pártach (páirteach) agus gach úrnaighe oile dá ffuil ionn sna leabhraibh a ttug an Eaglais ughdarás dóibh; gidheadh, má táid grása agat úrnaighthe inmheodhanacha do dheunadh, bíodh an chéad áit aice, ionnas, ina dhiaigh sin, go mbeith toradh ar úrnaighthibh do bheoil. Nó má bhíonn iomad gnódh- thaighe agus cúraim ort, ná bíodh tuirsi ná cantal ort,
acht go mbadh leór leat, déis na smaointe maithe so do bheith agat, Paidior, Ave Maria agus Cré do rádh. An tochtmhadh comhairle. Má's úrnaighthe beoil a bhias tú dheunamh, agus go mbiaidh do chroidhe dod' tharraing dochum úrnaighthibh ínntinne re deaghsmaointe do dheunadh, léig ris an ffonn san go sámh, agus ná bíodh ceasna ar bith ort fá gan a rádh gach úrnaighthe beoil budh mhian leat nó dár chuir tú rómhat, do bhrígh gur thaithniomhaighe re Dia agus gur tairbhighe don anam an úrnaighe doghnidhthear le deaghsmaointe san ccroidhe, ioná an úrnaighe beoil, acht muna raibh an Oific Chanónta dfhiachaibh ort. An naomhadh comhairle. Má théidheann an aimsir roimh an meodhan lae thort, tré thoirmiosg, nách féidir leat smaointe maithe do chruinniughadh, deuna díthchioll a mbeith agat déis mheodhan lae, agus sin aga mhaith déis bídh. Óir go grod déis bídh ní fuláin saothar do chur ar an ttuigsi ná ar an ttoil, agus bíonn an duine ag tuitim ina chodla má ghnidh ciúnas ar bith. Má théidhionn an lá uile thort gan faill do bheith agat an freachnughadh so do dheunadh, déin mian úrnaighe go minic ar a son, nó leugh leabhar éigin spioradálta, nó cuir duadh éigin oile ort féin; agus d'eagla an toirmisg sin do theagbháil duit go minic, arna mháireach athnuadhaigh do rún go daingeann, a naghaidh an uile thoirmiosg (isg). CAIB. 2. Módh aithghearr ar úrnaighe inmheadhonach do dheunadh ó chroidhe, agus ar ttúis ar fhiadhnaise Dé, mar adubhramair shuas san ccéad phongc de'n ullmhughadh is cóir a dheunamh dochum na húrnaighthe seo. Muna ffuil fios agat cionnas is cóir an úrnaighe seo do dheunadh, nó do thionnsgnadh, do bhrígh go ffuil sé dhe mhí-ágh (dh) ar an aimsir seo gur róbheag ag a mbíonn eólas
úrnaighe mar so do dheunadh, dobhéarsa módh aithgheárr urus dhuit chúiche. Ionnas go ffuighe eólus iomlán uirthe as gnás leughthóireacht leabhar, ar tús dobheirim dhuit ullmhughadh atá a ndá phongc. An cheud phongc, tú féin a chur a ffiadhnaise Dé; an dara pongc, cuidiughadh d'iarraidh air. Agus ionnas go mbadh fios duit tú féin do chur a ffiadhnaise Dé, coimheud na cheithre riaghlacha so síos, agus deuna gnás díobh. Ar ttúis, tabhairt fá dear go grinn, aireach, go ffuil Dia do láthair san uile áit, agus nách ffuil áit ar bith nách fuil sé ionn, go fírinneach. Mar dogheibh an teun aer ionn gach taobh dá ngabhann, mar an ccéadna atá Dia do láthair aguinn san uile áit. Atá fios na fírinne ag gach aon, gidheadh, ní hé gach aon duine dobheir fá n'aire í. Na daill, ní fhaicid a tTighearna, acht má deirthear leo é bheith do láthair, doghnidhid onóir agus óghmós do, agus mar nách faicid é, doghnidhid dearmod go hurus é bheith do láthair aca; mar an ccéadna léigid díobh onóir nó óghmós do dheunadh dho. Och! ní fhaicimíd Dia atá do láthair aguinn do ghnáth, agus ar son go ndearbhann ár ccreidiomh san dúinn, mar nách ffaicimíd re ár súilibh corpardha é, léigeamaoid ar dearmod é, amhuil do bheith a ffad uainn; agus ar son gur feas dúinn é bheith do láthair san uile áit, an tan nách smaoinigheamaoid air, is ionann dúinn é agus gan an fios san do bheith aguinn. Ar an adhbhar san is cóir dhúinn roimh an uile úrnaighthe, a thabhairt dár naire go friochnamhach grinn go ffuil Dia do láthair aguinn. Is uime sin adubhairt Dáibhí, Rí, “Ó, mo Dhia, má théighim suas ar neamh atá tú ann, agus má théighim síos go hIfrionn, atá tú do láthair agam.” Dá bhrígh sin abramaois na briathra úd an Phatriairc Jacob, ar bhfaicsin an dréimire dho ó thalamh go neamh, agus adubhairt: “Godé uathbhásaighe na háite seo: is dearbhtha
go ffuil an Tighearna san ionad so, agus ní raibh a fhios agamsa, óir níor thug me fám' aire É.” Acht ní raibhe a nainffios ar an Naomhathair, Dia do bheith a láthair san uile áit. Uime sin, ag dul dochum na húrnaighthe dhuit, abair ó rún croidhe re tanam féin: Is dearbhtha go ffuil Dia san áitsi. 2. An dara riaghail dochum tú féin a chur a ffiadhnaise Dé, a smaoineadh go ffuil Dia ag feuchain ar an uile ghníomh dá ndéan tú, agus nách é sin amháin acht go ffuil a meadhoin do chroidhe agus tanama go hamarcach (hiom-), ag tabhairt beodhacht do, ar mhódh gurab é a chroidhe do chroidhesi, agus a anam tanamsa. Ionnas mar atá an tanam ionn gach aon chuid de'n ccorp agus go sunradhach (sonn-) san ccroidhe, go ffuil Dia san uile nídh, agus go speisialta san ccroidhe agus san anam, agus uime sin a ghoirios Dáibhí Dia a chroidhe dhe; agus adeir Pól gurab a nDia atámaoid beo agus ghluaisigheamaoid, agus ris an ffírinne seo do thabhairt dár naire go maith, dúisg- feadh grádh agus óghmós do Dhia ionn do chroidhe. An treas riaghail. Ár Slánaightheóir Íosa Críost a thabhairt fá deara, atá ionn a dhaonacht ag feuchain anuas as Neamh ar dhaoinibh an domhain, agus go háirighthe ar na Críostaighthibh, atá ina cclainn aige, agus go mór mhór ar an ndroing bhíos ag deunadh úrnaighthe, ag tabhairt a ngníomh, a módha agus a mbeus dá aire. Ní finnsgeul so, acht dearbh-fhírinne, óir ar son nách ffaicimíd é, dochídh sé sin sinne go rómhaith. Mar sin dochonairc N. Stiaphán é, an tan dobhí ag fulaing bháis ar a shon, ionnas gur fféidir linn a rádh go maith ris an mbainchéile dhiadha: Ag siúd é ina sheasamh ar chúla an bhalla, ag feuchain tríd an fhuinneóg (óig) agus trí sgáinte na ccláracha ceangailte re chéile. An ceathramhadh riaghail. A mheas agat go réigh símplidhe, go ffuil ár Slánaightheoir ionn a cholann (inn) daona
beannaighthe, do láthair aguinn, amhuil do bheith ag comhluadar linn, ar an módh ar a ccuimhnigheamaoid ar ár ccáirdibh, amhuil dochídhfeamaois iad ag déanamh an ghníomha so nó an ghníomha san oile. Agus dá mbadh ós coinne Naomh-Shacramaint na hAltórach do bheith an smaoine seo aguinn dáríribh, do bheith Críost do láthair aguinn, agus ní bheith gné agus cáindiacht an aráin, agus mar bhroth a ffuil an Tighearna ar a sgáth ag feuchain orainn, ar son nách ffaiceamaoid ionn a fhoirm féin é. Deuna úsáid de riaghail éigin díobh so, dochum hanama féin do chur a ffiaghnaise Dé roimh an úrnaighthe, agus ní hiomchubhuidhe dhuit a nglacadh uile a naoinfheacht, acht aon díobh fá seach, agus sin go haithgheárr. CAIB. 3. Cionnas is cóir Dia do ghairm. An dara pongc de'n Ullmhughadh. Ag seo an módh ar ar cóir dhúinn cuidiughadh diarraidh ar Dhia. An tan dobheir tú fá deara thú féin do bheith a ffiaghnuise Dé, úirísligh tú féin dho, maille re humhla mhóir ag meas nách fiú tú féin a theacht do láthair na mór- dhachta atá chomh mór agus chomh hárd re mórdhacht Dé. Gidheadh, bíodh a fhios agat go ffuil Dia chomh trócaireach agus san, gur maith ris tú bheith ag iarraidh grása air chum seirbhíse do dheunadh dho, agus a adhradh mar Thighearna. Ionnso is éidir leat úrnaighthe aithghearra beoil do dheunadh, mar atáid na briathra so Dháibhí: “Ná díbir me, ó, mo Thighearna, as do radharc féin agus ná beir do spioraid naomhtha uaim. Tabhair soillse do ghnúise dhom anam, agus dobhéara me do mhíorbhúile dom aire. Tabhair tuigse dhom re smaoineadh ar do reacht, agus coimheudfadh (faidh) me é re neart mo chroidhe. Is me do shearbh-
fhóghantaighe, tabhair do ghrása dhom' nó samhuil sin de bhriathraibh oile. Budh tairbheach fós dhuit cuidiughadh d'iarradh (aidh) ar haingeal coimhdeacht, agus ar gach naomh oile re a mbainionn an nídh ar a ffuil tú a smuaineadh .i. más ar Pháis Chríst atáir ag smuaineadh, iarr cuidiughadh ar Mhuire Mháthair, ar Eoin Soisgeuluighe ar Mhuire Mhaigdelen, ar ghaduighe na láimhe deise, dochum go ffaghdaois smaointe maithe agus grása dhuit, mar dofuaradar féin a naimsir na páisi. Más ar do bhás féin a bhias tú ag smaoineadh, guidh haingeal coimhdeachta fá chuidiughadh do thabhairt duit san riachtanus deigheannach san, agus mar sin ionn gach rúindiamhair oile ar a ndeun- fair smuaineadh. CAIB. 4. An treas pongc. Cionnas is cóir dúinn an rúindiamhair ar a mbiam a smaoineadh do chur ionn ár ffiadhnaise. Tairéis an dá phongc ar ar labhramair san dá chaibidil seo shuas, atá coitchionn do na nuile smaoineadh, ag so an treas pongc nách fuil mar sin, agus nách iomchubhaidh a mbeith amhlaidh, agus ní ffuil ann acht an rúindiamhair ar a mbiaidh tú ag smaoineadh do chur ós coinne do thuigsiona, amhuil do do bheith do láthair agat .i. más ar pháis Chríst ár tTighearna atá tú ag smaoineadh, meas go ffuil tú féin do láthair aige ar an ccnoc ar ar crochadh é, agus go ffaicionn tú red' shúilibh féin gach pian agus gach dochar dár fhulaing sé a naimsir na Páise, do réir mar do sgríobhadar na Soisgeulaighthe. An nídh céadna is cóir a dheunadh an tan a bhias tú ag smaoineadh ar an mbás do réir mar adubhramair ag tráchtadh ar Athsmaoineadh an bháis. Ar an módh céadna, más ar Ifrionn a bhias tú a smuaineadh,
agus mar sin ar gach athsmuaineadh dá mbias agat, ar na neithibh dob éidir a fhaicsint ná a mhothughadh, dá mbeidís do láthair againn. Gidheadh, más Rúindiamhair nách féidir duit dfhaicsin a bhias tú a smaoineadh, ná cúm go ffuil an nídh féin do láthair agat, mar atá, más ar mhórdhacht Dé nó ar a shubháilcíbh, nó ar gach céim foirfeachta dá ffuil ionn, a bhias tú ag smaoineadh, nó ar an ccrích dochum ar cruthuigheadh sinn, do bhrígh go ffuilid seo uile do- fhaicsionna. Is féidir ionnta sa (so) féin sompla nó cosmhúlacht éigin do ghlacadh. Gidheadh, ná glac saothar dá hiarraigh do bhrígh nách furus a fagháil. Cuirionn an meas i ccéill dúinn go ffuil an nídh ar a ffuileamaoid a smaoineadh do láthair aguinn, agus cuirionn srian ris an spirid, ionnas nách biaidh aire aici acht ar an rúin- diamhair atá ós coinne a súl agus a croidhe, amhuil do bheith eun i ccliabhán. Adéarfadh daoine leat gurab iomchúbhaidh smaoineadh ar an rúindiamhair le solus an chreidimh, go réigh, símplidhe, ionn hínntinn go spirideálta, amhuil is gurab ionn do chroidhe a bheitheá dá dheunamh. Is maith sin, gidheadh, is í mo chomhairlesi dhuit, nó go ttugadh (aidh) Dia níosa mhó de sholus dhuit, fuireach san ngleann ísioll. CAIB. 5. Do na neithibh is cóir dhuit a thabhairt fá deara san dara rann de'n athsmaoineadh. Tairéis meas do thabhairt ar an rúindiamhair ar ar mian leat smaoineadh red' thuigsi, léig don tuigsin a hoibriughadh do dheunadh, agus is de seo do ghairm Athsmaoineadh, agus níl ionn acht oibriughadh na tuigsi re a ttugthar í dochum Dé, is ris na neithe diadha do thabhairt fá ndear, agus isé sin deifir atá idir é féin agus gach stuideur oile nách ar son grádh Dé doghnidhthear iad, acht dochum críche
éigin oile. Uime sin, tairéis do thuigse agus do spioraide do cheangal ris an nídh ar ar mian leat smaoineadh, ag meas go ffuil a láthair agat más nídh do-fhaicsiona é, nó muna mbeith re hoibriughadh na tuigsiona amháin, tabhair fá dear agus sgrúd iad do réir an mhódh a tugadh dhuit ar an Athsmuaineadh, san ccéad rann de'n leabhar. Má gheibh do spioraid blas, sólás agus tairbhe go leór le haon nídh amháin do thabhairt fá ndear, fan aige, mar doghnidh an bheach nách tréigionn an bláth ar a luigheann, an feadh dogheibhionn mil re na bhuain as. Acht muna ffaghaidh tú taithniomh san bpongc san do ghlacais chughat, tairéis fuireach tamall aige, gabh pongc oile chughat. Gidheadh, ná déin sin go meardhánta re luaithínntinn, acht go fosuidhe, símplidhe. CAIB. 6. An treas cuid de'n athsmuaineadh. Ar na neithibh is cóir do dhuine a chur roimhe ionn; agus ar an ngrádh is cóir do bheith orra. Gluaiseann an tathsmuaineadh ionnsa toil, foinn mhaithe, mar atá, grádh Dé agus na comharsan, fonn na glóire shíorruidhe agus fhlaitheamhnais, fonn sláinte na nanaman, fonn loirg Chríst do leanamhuint, comhthruaighe, iongantas, sólás, eagla, mí-thaithniomh re Dia, an breitheamhnas déighionnach, ifrionn, dóthchus a ttrócaire Dé, agus náire fá'n aimsir a chaithiomh go holc. Sínionn an spioraid í féin chúcha so, agus gidhbé re ar mian níosa mhó eólais dfhagháil, leughach (dh) sé na hughdair. Ní hiomchubhaidh a bheith dá ttabhairt seo go geinearálta fá ndear, acht aire do thabhairt do gach aon díobh fá seach, dochum tairbhe do bhuain asta .i. an chéad bhriathar adubhairt ár tTighearna san ccroich, músglaidh fonn mhaith ionn do chroidhe lorg Chríst do leanmhuint, agus maitheamhnas
do thabhairt dhod' naimhdibh. Adeirim nách leór san muna raibh rún speisialta agat ar an módh so. Cuirim rómham ó so amach, gan saobhnós do chur ar aon neach le focal searbh ná salach, agus gan duine do chur feirge ná saobhnóis orm, ní dheuna me olc a naghaidh oilc ar dhuine ar bith, acht gidhbé dorine olc orm, dodheunfad díthchioll a anam do shábháil. Mar so re beagán aimsire, ceartócha tú do dhrochchlaonta agus do neamhfhoirfeacht, nídh nách féidir leat a dheunadh go hurus le fonn amháin do bheith agat. CAIB. 7. Cionas is cóir críoch do chur ar an athsmuaineadh, agus pousae spioradálta do dheunadh. Is cóir críoch do chur ar an ffreachnughadh spioradálta so re trí neithibh, agus iad san re húmhla rómhóir. An chéad nídh, buidheachas a thabhairt do Dhia ar son gach fonn maith agus gach deagh-rún dá ttug dhuit. Fós ar mheud a mhaithiosa agus a thrócaire do thaisbeánadh dhuit, a rúin- diamhair an athsmuaineadh. An dara nídh, a mhaith agus a thrócaire féin, bás fós, fuil agus subháilce Íosa Críost, gach rún agus gach fonn maith dá raibh aguinn féin do fhoráil do Dhia. An treas nídh, úrnaighe do dheunadh chum Dé, go dúthrachtach, re grásaibh agus re subháilcibh a Mhic féin do roint linn, agus a bheannocht do thabhairt dár ffonn agus dár mian. Ina dhiaigh sin, guidhe ar son na heaglaise, ar son na naodhaire, ar son ár sínnsior agus ár ccáirde, gach duine ar ar mian guidhe ar a shon, ag iarraidh eadarghuidhe Mhuire, na nAingeal agus na Naomh uile, agus fá dheoigh Paidior agus Ave Maria do rádh. Atáid úrnaighthe coitchiona riachtanach ag an uile chríostaighe agus chreidmheach. Asda so uile, is cóir pousae
dheaghbholadh do chruinniughadh, ar an módh ar a ndeunaid an mhuintir theagmhas a ngáirdín ionn a mbíonn a lán de luibhionnaibh uaisle eugsamhla, nách mian leó a fhágbháil gan cuid de na luibhionnaibh céadna do bhreith leó, agus a mbeith ionn a láimh aca ar feadh an laoi (lae), chum deagh- bholaigh do bhuain asta. Ar an módh céadna, tairéis sinn do chur críche ar rúindiamhair an athsmaoineadh dobhí againn, is cóir dúinn pongc áirighthe éigin do thogha, is mó do thaithneóchas linn, agus is mó do mheasamaoid a dhul a ttairbhe dúinn, ionnus go mbeith cuimhne againn orra an chuid oile de'n lá, agus go mbeith a mbolaith spioradálta ionn ár ccroidhthibh. Deuntar san san áit chéadna a raibh an tathsmaoineadh agat, ar tteagbháil duit ar uaigneas, nó ag spaisdeoireacht leat féin. CAIB. 8. Teagasg thairbheach ar an ffreachnughadh ccéadna. Ag so an chéad nídh is cóir dhuit a dheunadh iar ccríoch- nughadh an athsmaoineadh dhuit, gach rún maith dár chuir tú rómhat ionn a mbeith de mheabhair agat chum freachnughadh do dheunadh dhíobh ar feadh an laoi (lae). Ag so mórthoradh an athsmuaineadh, agus muna ttigiodh an toradh so as, ní hé amháin go ffuil mí-thairbheach, acht fós atá díogh- bhálach, do bhrígh na subháilce ar a smaoinigheamaoid agus nách deunamaoid freachair díobh, lasaid siad ár spioraid an tan a mheasamaoid sinn féin a bheith do réir mar do smaoinigheamair, nó do chuireamair rómhainn, nídh nách tteagbhann muna raibhe na rúin beodha daingean. Gidheadh, ní ffuilid beodha acht díomhaoin, peiriaclach, muna ndeuntar freachair díobh. Uime sin is cóir, ar an uile mhódh, díthchioll do dhéanadh iad so do chur a ngníomh, agus a ffreachnughadh, agus an uile úcáid chuige sin d'iarraidh. Má do chuir me rómham ar maidin an drong do chuir
saobhnós orm do tharraing chum muinntiordhais, iarrfaidh me slighe éigin dochum teagmháil leo uair éigin san ló, chum beannughadh dhóibh go muinntiordha, carthannach, agus muna budh féidir liom teagbháil dóibh, laibheóra me go maith orra, agus guidhfidh me Dia ar a son, dochum mo pheacaidhe do mhaithiomh dhom. Tairéis an úrnaighe seo do dheunadh ionn hínntinn dhuit, tabhair fá dear agus feuch go grinn gan nídh ar bith borb do thionnsgnadh go luath, ionnas gur féidir leat an balsom a chruinnigh tú do chongmháil gan truailleadh. Uime sin ná deuna mórán cainnte ar feadh tamaill, agus ina dhiaigh sin tionns- gain do ghnódhthaigh go ciúin sámh, agus deuna díthchioll, an mhéid gur féidir leat, an chiall agus an deaghrún nó an deagh-fhonn do chruinnigh tú as an úrnaighthe do choimheád. Gidhbé ag a mbeith fíon uasal dá iomchur ionn a shoightheach beul-fhairsing gan dúnadh, ní ffuil contabhairt go siubhalfaidh sé go mall socair nách ffeuchfadh (aidh) don taobh so ná don taobh oile acht roimhe go díreach d'eagla cloiche nó maide do theagmháil fá na chosaibh, agus feuchann arís ar an soightheach, dá fheuchain an ffuil sé dá iomchur go cothrom. Ar an módh céadna, is cóir dhuitsi do dheunadh, ag éirghe ón Athsmaoineadh, do dhíthchioll a dheunadh tú féin d'iomchur go ciúin macánta. Agus má theagmhann duine riot ag a mbiaidh gnódh dhíot, ná tarraing tú féin uaidh go sgrupalach, acht éist le na riachtanas, ar módh go mbiaidh cúram agat fád chroidhe féin, ionnas nách ccailfeadh (idh) tú an toradh maith do bheanis (bhainis) as an úrnaighthe. Foghluim ar bheagán is ar bheagán imtheacht ón úrnaigh dochum na ngnódh is iomchubhaidh dhuit a dheunadh go dlis- dionnach, do réir do staide agus do choinghill. Is riachtanach dhuit, a ccás go mbeidís a ffad ó gach deagh- rún dár ghabh tú san úrnaighe. Bíodh a fhios ag an ffear dlighe agus ag an adhbhacóid, ag fágbháil na húrnaighe dhóibh, cionnas is cóir dóibh a ccúis do thagradh; ag an
cceannaighe ag dul chum a mhargála; ag an mhnaoi phósta ag dul dochum a tighis, agus san go ciúin milis ionnas nách ccuirfeadh buairt ar a spioradaibh crábhaighe, ar an adhbhar, gach nídh dá ndeunam gurab do réir thoile Dé is cóir dhúinn a dheunadh. Má sé seo nó súd é, téighmaois go humhal cráibhtheach ó fhreachnughadh go freachnughadh. Teagbhann ar uairibh, tairéis duine do dheunamh ullmhaighthe air féin dochum na húrnaighthe, go ngluaisionn grádh Dé a chroidhe dochum aire do thabhairt do féin amháin agus an tan do theagbhas san léigthear a réim féin leis, agus ní riachtanas módh ar bith do leanmhuin, acht mar do dhoirteas Dia féin san ccroidhe an uair sin, do bhrígh gurab iomchúbhaidh do dhuine feuchain go maith ar a rún roimhe, má bheir an Spiorad Naomh fonn mhaith dhuit, leanmhuint de, do bhrígh gurab uime dobheirmíd na neithe fá ndear, ionnas go ndúisgfidís fonn mhaith agus grádh ionn ár ccroidhthibh. Mar sin, más roimhe nó a ndiaigh na neithean do thabhairt fá ndear, a thiucfas na foinn, tugthar áit dóibh. Ar son gur chuireamair síos shuas na neithe do thabhairt fá ndear roimh na foinn, agus roimh na deagh- rúin, is uime dorineadh sin ionnas go mbeith an úrnaigh roinnte go hórduighthe. Gidheadh, bíodh so ina riaghail gheinearálta aguinn, gan cosg ná toirmiosg do chur go bráth ar an ffonn maith, ná ar an deaghrún, gidhbé uair do thiucfaid siad, acht leigion dóibh dul ar a naghaidh. An nídh céadna is cóir dhuit a dheunadh más ag altughadh re Dia a bhias tú, do réir mar adubhramair shuas, nó más ag deunadh forálaidh dhíot féin do a bhias tú, do bhrígh nách cóir san do chur leo so, acht mar gach rún oile, gé gur cóir cuimhne do bheith orra ar ccríochnughadh na húrnaighthe agus an Athsmaoineadh. Taréis gach rún maith dá mbeith aguinn roimh an úrnaigh agus an Athsmaoineadh, is cóir dhúinn athnuadhadh do dheunadh orra re críochnughadh na húrnaigh, óir dá mbadh
mhian linn iad so do chur ameasg na smuainte a bhíos aguinn ar ghrádh Dé, do chuirfidís buairt ar ár nínntinn, do bhrígh gurab ar neithibh spioradálta a bhainios rinn féin do thráchtadh an tan a bhias duine san Athsmuaineadh seo, ag tógbháil a chroidhe dochum Dé. Is iomchubhaidh labhairt, ar uairibh, re ár Slánaightheoir Íos Críost, ar uairibh oile ris na hainglibh, ar uairibh ris na pearsonaibh bhainios ris an rúindiamhair ar a ffuil tú ag tráchtadh, ar uairibh oile re naomhaibh fhlaitheamhnais, ar uairibh rinn féin agus re ár ccroidhthibh, uair oile ris na peacadhaibh (peacachaibh?), agus ní hé sin amháin, acht ar uairibh gairm ar na créatúiríbh éigcialluighe gan mhothughadh, mar dorine Dáibhí ionn sna Salmaibh, agus fós naoimh oile ionn a núrnaighthibh agus ionn a nAthsmuaintibh féin. CAIB. 9. Don tiormach a theagbhus a naimsir na húrnaighe. A ccás ná faghthá sólás ná blas ar bith a naimsir na húrnaigh nó na hathsmaointe, ná cuireadh san buairt ort, acht labhair leis an Tighearna go truaighmhéileach agus admhaidh dho nách fiú thú sólás ar bith dfhagháil uaidh, agus guidh é fá chongnamh a thabhairt duit, agus má tá a íomháigh agat tabhair póg di, á rádh ris an naomhathair Jacob: “Ní léigfeadh (idh) me uaim tú, a Thighearna, go ttugadh (aidh) tú do bheannocht dhom.” Agus ris an mnaoi Canánach “Is fios dhom gur madra me, gidheadh, ithid na coin bheaga an spruileach do thuitionn de bhórd a tTighearna!” Gabh chughat, ar uairibh, leabhar spioradálta agus leughaidh (léigh) go haireach é, ionnas go ndúisgighthear do spioraid as a codla agus go ffillidh sí uirthe féin. Uair oile léig tú féin ar an ttalamh, agus cuir do lámha a ccros ar hucht, nó beir ar chrois cheusta idir do lámhaibh, más a náit uaigneach a bhias tú.
Tairéise sin uile, muna ffagha tú sólás spioradálta, agus dá mheud tiormach dá mbiaidh ort, ar a shon san fan ar mhódh éigin corpardha go cráibhtheach a ffiadhnaise Dé. Is iomdha duine bhíos a tteaghlach Ríogh dothéighionn ceud uair san mbliaghain ar a amharc, gan aon fhocal do labhairt riu, acht dochum go ffaicfidís iad, ag taisbeánadh go ffuilid réigh chum a sheirbhíse. Ar an módh céadna is cóir dhúinne teacht dochum na húrnaighthe re hínntinn seirbhíse do dheunadh do Dhia, agus ár ndísleacht féin do thaisbeánadh dho, agus má sí toil a mhórdhacht dhiagha labhairt linn, ag tabhairt sóláis spioraideálta dár ccroidhthibh, is mór an onóir dúinne é, agus muna budh thoil leis na grása san do dheunadh orainn, acht amhuil agus nách ffaicfeadh sé sinn, nó nách beith cuimhne aige orainn, ní cóir dhúinn sinn féin do tharraint uaidh ná druim do chur leis, acht fuireach ar mhódh chiúin chráibhtheach a ffiadhnaise na mórdhachta mór- mhaithe, nó go ffeuchfadh go trócaireach ar ár ffoighid agus ar ár seasamhuigheacht, ionnas an uair dothiucfam ionn a fhiadhnaise arís, go ffeuchfadh go trócaireach orainn ag tabhairt sóláis agus solais dúinn re na ffaicfeam aoibhneas agus sgéimh na húrnaighthe beannaighthe, agus a ccás nách ffuighmís solus ar bith uaidh, fá leór d'onóir dúinn a bheith ina fhiadhnaise ag iarraidh grása air. CAIB. 10. An freachnughadh is cóir do dheunadh ar maidin. Tairéis úrnaighthe an athsmaointe, is cóir a bheith iomlán diongbhála. Úrnaighthe beoil is éigion a dheunadh san ló. Atáid úrnaighthe oile ar chúig mhódhaibh atá níosa aithghiorra ionnta féin, ar son gurab iad is bun agus tús don úrnaighthe atá níos mó agus níos faide. Eadorra so atá an chéad áit ag úrnaigh na maidne, mar fhundamaint
agus mar ullmhughadh dochum saothair an lae uile, agus ag so an módh ar ar cóir a deunadh agus a tionnsgnadh. Ar tús, re humhla rómhór (mhóir), tabhair buidheachas do Dhia agus deuna adhradh dho, do bhrígh gur choimheud sé slán an oidhche sin tú tré mheud a thrócaire féin, agus má thárlaidh dhuit peacadh ar bith do dheunadh, guidh Dia fá mhaitheamhnas do thabhairt duit. 2. An dara feacht. Smaoin gurab uime thug Dia an lá so dhuit, ionnas go ndéantá gníomh éigin ann, re a ttuillfeá sólás na síorruidheachta. Dá bhrígh sin gabh rún daingeann an lá uile do chaithiomh re teacht dochum na críche sin. 3. An treas feacht. Feuch rómhat go grinn ar gach úcáid dá mbiaidh agat chum seirbhíse do dheunadh do Dhia, nó fós chum saobhnóis do chur air re caithighibh, re feirg, re heólbhaois, nó re mí-ghníomh ar bith oile, agus gabh rún deighmhisnigh chughat go ndeunfadh (aidh) tú an uile nídh do chur a ngníomh dá mbiaidh chum seirbhíse Dé, agus chum do chaoindúthracht féin do chur ar aghaidh, agus seachnóchadh (aidh) tú agus go mbéarfaidh tú buaidh ar an uile nídh a bhias a naghaidh sláinte hanama agus ghlóire Dé. Ní leór dhuit an rún so do chur rómhat, acht is riachtanach dhuit an módh re a ccuirfear a ngníomh é d'ullmhughadh .i. más re duine lasánta bhias tú ag fóghnamh nó ag deighleáil an lá san, ní leór dhuit a chur rómhat gan saobhnós do chur air le bréithir, acht fós briathra mílse carrthannacha d'ullmhughadh dochum a labhartha ris, ionnas nách budh féidir ris saobhnós do ghlacadh chuige, nó duine éigin do thabhairt leat le ar féidir cosg do chur ar a fheirg. Nó más ar cuaird an duine thinn is mian leat dul, meas na briathra adéarfair leis do thabhairt an tsóláis agus na fortachta is mó is féidir leat san aimsir sin do. Agus mar an ccéadna ionn gach aon nídh oile. 4. An ceathramhadh feacht. Úmhlaigh tú féin a ffiadhnaise
Dé ag admháil gach rúin dár chuir tú rómhat dochum na lochta do sheachnadh, agus na subháilceadh do chur a ngníomh, nách féidir leat ceachtar díobh a dheunadh ar do threoir féin, agus amhuil do bheith do chroidhe idir do lámhaibh agat tairg suas é don Mhórdhacht dhiagha maille re gach rún maith dá raibh agat, agus guidh é re na ngabháil ionn a chuimhne féin, agus fós re neart agus brígh do thabhairt duit dochum dul ar haghaidh ionn a sheirbhís féin, ag rádh na mbriathar so nó a samhuil eile ionn hínntinn. Feuch, a Thighearna, ar an ccroidhe truaigh bocht so do ghabh, red' thrócaire, air féin mórán fonn mhaith agus deagh-rún; gidheadh, ní ffuil de bhrígh ná de neart ionn, na miana san atá aige do chur a ngníomh, muna ttugadh (aidh) sibhsi bhúr mbeannocht naomhtha dho. Uime sin, guidhim tú, a Athair thrócairigh, tré pháis do Mhic dhílis, gurab ionn honóir is mian liom an lá aniugh (indiu) agus laethe mo bheathaidh (adh) uile do chaithiomh, agus an bheannocht san do thabhairt dom. Iarr ionnso congnamh na Naomh-mhaighdine Muire, haingil cuimhdeachta, agus do naomh-pátrúin. Deuna an tullmhughadh spioradálta so go beodha aith- gheárr, sul fá ttéigheadh tú amach as do sheómra, más féidir leat é, ionnas re congnamh na ffreachnughadh so, go mbeith beannocht Dé mar dhrúcht neamhdha ar gach gníomh dá ndeuna tú ar feadh an lae. Guidhim tú go dúthrachtach, gan an freachnughadh so do léigion díot, ná dearmod do dheunadh dhe. CAIB. 11. Don ffreachnughadh is cóir do dheunadh um nóin, agus do sgrúdadh an choinsiasa. Mar doghnidh tú roimh do dhínéar corpardha díneur spioradálta, agus sin re smuaineadh éigin cráibhtheach; roimh do shuipeur is cóir dhuit an nídh céadna do dheunadh.
Uime sin, gabh roimhe do shuipéar, aimsir éigin, maille re faill do bheith agat, agus cuir tú féin a ffiadhnaise Dé, agus cruinnigh do smaointe maithe uile a ffiadhnaise Íosa Críost, ag meas agat féin go ffuil sé san ccroich ós coinne súl do chroidhe, agus dúisg ionnat féin gach deagh-rún teasaighe, agus gach smaoineadh maith dá raibh agat ar maidin, agus umhlaigh tú féin maille le grádh lasardha a ffiadhnaise do Shlánaightheóra, ag tógbháil do chroidhe chuige le soigheadaibh grádha. Nó tabhair ionn do chuimhne na poingc is mó ar a ffuair tú blas ar maidin, ionn san Athsmaoineadh dobhí agat, amhuil dobheitheá ag deunadh aithfhreachnughadh orra, nó gabh módh éigin nuadh ar a ffaghaidh tú blas agus dhúisgeochas do spirid dochum grádh Dé. 2. An sgrúdughadh is cóir do gach aon a dheunamh ar a choinsias ag dul do luigheadh dho, is feas do gach aon cionnas is iomchubhaidh so do dheunadh. Ar ttús is cóir buidheachas a thabhairt do Dhia fá ár ccoimhead slán an lá san, ina dhiaigh sin feuchamaoid go grinn cionnas do chaitheamair gach aon uair de'n lá céadna, agus smuainigheamaoid ar an ccomhluadar agus ar na gnódhthaighibh dobhí againn. 3. An treas feacht. Má gheibhmíd go ndeárnamair gníomh maith ar bith, tugamaoid buidheachas do Dhia ar son a dheunta, agus má rineamair locht ar bith le smaoineadh, le bréithir, nó le gníomh iarramaoid maitheamhnas ar Dhia ionnta, agus bíodh rún againn faoisdin do dheunadh an uair is féidir linn, agus ár mbeatha do leasughadh ó sin suas. 4. An ceathramhadh feacht. Taobhamaoid le réamh- radharc Dé agus re na mhórthrócaire, ár ccoirp agus ár nanamna, an Eaglais agus ár sínnsiora, ár ngaolta agus ár ccáirde. Guidheamaoid Muire, ár nAingeal Coimh- deachta agus an chúirt neamhdha uile, eadarghuidhe do
dheunadh ar ár son agus ár ndídionn, agus beannocht Dé dfhagháil dúinn dochum an chiúnais atá de riachtanas orainn, agus dochum a ffuileamaoid ag triall. Is cóir dúinn an freachnughadh so do dheunadh chomh dúthrachtach agus dorinneamair freachnughadh na maidne, do bhrígh, ar maidin, muna ffosgaltar fuinneóga an anama, dochum dealradh gréine an chirt do theacht chuige, is baoghal re freachnughadh na (an) tráthnóna go ndruidfighthear na fuinneóga céadna re ceó dorcha ifrinn. CAIB. 12. Cionnas is cóir ciúnas spioradálta do ghabháil. Is cóir dhúinn go ródhúthrachtach aire do thabhairt don airtiogal so, do bhrígh gur comhartha róchinnte é, ar sinn do dhol ar ár naghaidh a slighe an chrábhaidh. Is nídh é seo is féidir a dheunadh go minic ionnsa lá, ag tabhairt d'ár naire cread é an nídh atámaoid do dheunadh, agus cread atá Dia do dheunadh, agus dochídhfeadh (fidh) tú go ffuil Dia ag feuchaint ort go díreach, maille re grádh adhbhal- mhór. Uime sin, abair ris: Ó mo Dhia, ní ffuil aire agam ort mar atá agat orm. Ó, a Thighearna, cread dobheir tú ag smaoineadh orm do ghnáth, agus a anamhuigheacht a smaoinim ort. Ó m'anam, cá ffuileamaoid? Óir isé féin ár náit comhnaighthe, agus cread atámaoid do dheunadh gan tarraint air? Mar dobhíos nid ag eunaibh ionn a ccrannaibh áirde, ionn a ndeunaid comhnaidhe re na riachtanas, agus mar dobhíos foraois ag an ffiadhach a ccoilltibh dlúithe, ionn a ffaghaid sgáth ó theas an tsamhraidh, agus ionn a ccuirid iad féin a ffolach, is mar sin is cóir dhúinne do dheunadh, áit éigin do thoghadh d'ár ccroidhthibh féin go laetheamhuil, nó ar an ccnoc ar ar crochadh Críost, nó a ccreuchtaibh ár Slánaightheóra, nó a náit éigin eile a ffogus do, ionn ar féidir linn ciúnas do dheunadh ó
an uile ghnódhtha, agus ionn a ffagham sámhus agus sólás; a bhias againn mar dhaingean comhnaighthe a naghaidh an uile chaithighibh. Ba beannaighthe an tanam le ar féidir a rádh go fírinneach ris an Tighearna: Is tusa mo thigh coimirce, mo dhaingeann sábhálta, mo dhídion ar dhoininn, agus mo sgáth ar theas. Ná léig as do chuimhne áiteanna uaigneacha do bheith ionn do chroidhe ionn a mbiaidh Críost ina chomhnaighe, dá mheud cúram nó gnódhtha saoghalta dá mbiaidh ar haire ionnas, dá mheud cúraim dá mbiaidh ar an ccorp, go mbiaidh an croidhe amháin ag Dia. Ag so an freachnughadh adeir Dáibhí, Rí, go minic do bheith ionn sna Salmaibh aige ag rádh: A Thighearna, atáim agat do ghnáth; dochídhim an Tighearna do ghnáth am fhiadhnaise. Ó, mo Thighearna atá ar neamh, do thóig me mo shúile chughat; atáid mo shúile ag feuchain ar an Tighearna do ghnáth, agus ní bhiaidh gnódhtha ar bith laetheamhuil chomh tábhachtach agus san aguinn, nách budh féidir linn ar uairibh ár nínntinn do tharraint dochum an uaignis dhiagha so. An tan do bhain a haithreach de'n bhannaomh Caitríona Senensis, an uile áit agus aimsir iomchubhaidh dochum úrnaighthe agus chum smaoineamh ar Dhia, do mhúin Dia féin di áit úrnaighthe do dheunamh, .i. a croidhe féin astigh, ionn ar bhféidir lé dá mbadh ameasg gach comhluadair, dá bhuaidheartha do bheith, Dia do ghuidhe ó ínntinn agus smaoineadh air do ghnáth. As san tháinigh dhi, dá mheud buaidhre nó dochar shaoghalta dá ttárlaigh dhi ina dhiaigh sin, nách deárnaidh dochar ná díoghbháil di, acht, mar adeire sí féin, go raibh a rún a ffolach ionn seómra a croidhe, mar a ttugadh a céile neamhdha sólás di. Uime sin, dobheireadh comhairle dá clainn spioradálta, seómraighe uaigneacha do chur suas ionn a ccroidhthibh féin, agus ciúnas do ghlacadh ionnta go minic.
Ar an adhbhar san, tarraing ar uairibh, hínntinn asteach ann do chroidhe, mar a mbiaidh croidhe hanama ag labhairt le croidhe Dé go hamarcach (hiom-), agus abair mar aon le Dáibhí, Rí: “Do mhúsgail me agus dorinneadh me cosmhúil re heun fásaigh, nó re hulchaoidh a ccliabhán, nó mar ghealbhann (-an) a naonar ar dhroim tighe.” Tar an ccéill liteardha atá ag na briathraibh seo, foillsighid go mbadh gnáth ris an Rígh comhachtach so, uair éigin chinnte do ghabháil do féin ionn a mbíodh sé go huaigneach, ag athsmaoineadh ar na neithibh spioradálta. Atáid rúindiamhair trí ccinéil ionnta, nó trí tighthe fásaigh ionn ar féidir linn a lorg, agus le sompla ár Slánaightheóra, freachair mhaith do dheunadh d'ár nuaigneas. Dobhí Íosa ar an ccnoc ar ar crochadh é, cosmhúil ris an eun fásaigh darab ainm peiliocánach, aithbheodhas a clann mharbh, le na fuil féin. Ionn a gheineamhuin, arna chur a stábla fuar, dobhí mar ulchaoidhe a ccliabhán, ag caoineadh ár bpeacadh agus ár ccionnta. Faoi dheoigh, ag deunadh an deasghabhála dho, dobhí mar ghealbhann (-an) ag éirghe go huachtar na fflaithios, óir, mar is é mullach an tighe cuid is uachtaraighe dhe, mar sin atá neamh ós cionn na coda oile de'n domhain (-an); agus dá mhéid buairt dá ccuirfid gnódhtha an tsaoghail seo orainn, is féidir linn ár ccroidhthe do bheith a náit éigin díobh so le deagh-smaointibh. An tan thárlaigh don Iarla beannaighthe, Elsearius, a bheith aimsir fhada a neughmais a chéile dhiagha gheanmnaighe, Delfina, do chuir teachta d'aontosg chúiche, dfheuchaint cionas dobhí a sláinte. Ag seo an freagra do chuir sí chuige: “Atá me slán, a chéile ghrádhach, agus más mian leat me dfhaicsin, iarr me a ccneádhaibh Íosa íodhain mhilis, óir is ionnta san atáim am chomhnaighe, agus is ann dogheabhas tú me, agus is díomhaoin duit me d'iarraigh a náit ar bith eile.” Ag so an duine agus an Críostaighe dáríribh.
CAIB. 13. Do thógbháil an chroidhe dochum Dé, do mhian na húrnaighe mionca agus do na deaghsmuaintibh. Cuirionn duine é féin asteach a nDia an tan do thógbhann a chroidhe chuige, agus re tógbháil an chroidhe chuige doghnidh comhnaighe ionn, ionnas go ttig gach cuid díobh as an ccuid oile, agus as smaointe maithe a geintear iad araon. Uime sin, tóig do chroidhe go minic chum Dé re soigheadaibh grádh, go teasaighe, aithgheárr, ag deunadh iongantais de mhaith agus de sgéimh Dé, agus iarr congnamh air. Cuir tú féin fá bhun na croiche ionn do spirid, agus deuna adhradh do Dhia, agus taobhaidh sláinte hanama agus do choirp ris. Tairg tú féin dó an uile uair san ló, agus bíodh súile hínntinne sáite ann, ag feuchain ar a mhórthrócaire do ghnáth, agus sín do lámh chuige, mar doghnidh an leanabh ag síneadh a láimhe dochum a athar, ionnas go ttreóruighidh thú. Cuir é, gach uair, ar hucht agus ar do chroidhe, mar phousae deaghbholaigh agus mar chomhartha, agus ina bhratach buaidh ar hanam, agus gluais do chroidhe chuige ar mhórán de shlightibh oile, chum tú féin do dhúsgadh dochum grádh Dé, agus spor tú féin dochum grádh a bheith agat ar do Shlánaightheoir, do cheannaigh tú ar a fhuil féin. Ag seo an módh ar ar cóir an úrnaighe mion minic do dheunadh. Do mhol N. Abhaistín í seo go ródhúthrachtach, do mhnaoi chráibhtheach dárbhainm Proba, .i. ár spioraid a bheith do ghnáth ionn a muinntiordhas ró-cheangailte agus ionn a ccomhluadar le Dia, ag smaoineadh do shíor ar gach foirfeacht dá ffuil ionn, agus dá sughadh chughat féin. Níl dócamhal san ffreachnughadh so, do bhrígh nách ccuirionn toirmiosg ar ghníomh ná ar ghnódhthaibh dá mbiaidh againn, acht gur féidir linn a bheith go ró-iomchúbhaidh ionn a ccuid- eachta. Fós cuirionn an úrnaigh aithgheárr so, agus na
smaointe spioradálta an uile nídh dá ndeunamaoid ar a naghaidh go rómhór. Ibhionn an tí dobhíonn ar aistior, deoch fíona, dochum brígh a chur ionn a chorp, agus má doghnidh comhnaidhe tamall, ní chuirionn toirmiosg ar a shlighe, acht gabhann brígh agus neart nuadh dochum dul ar aghaidh go díreach biorrbach. Do chruinnigh mórán úghdar mórán de'n úrnaigh aithghiorr so, agus gé go ffuilid maith tairbheach, ní riachtanas dhuit a bheith ceangailte do bhriathraibh áirighthe ar bith, acht abair ó bheul nó ó chroidhe, na briathra a chuirfios grádh Dé ionn hínntinn, ar son go ffuilid briathra ann is mó brígh ioná chéile, mar atá go minic ionn sna Salmaibh agus a ccaintic na ccaintic, re a ccialluighthear teasghrádh agus ainm Íosa do ghairm go minic. Is maith fós chuige seo laoidhthe agus rainn spirideálta do rádh ó ínntinn. Na daoine ag á mbíonn grádh daondha nó nádúrtha aca ar nídh ar bith, nó ar dhuine, bíd ag smaoineadh air do ghnáth re fonn a ccroidhe, agus bíd dá mholadh, agus muna raibh do láthair aca, sgríobhaid chuige. Ní léigid ócáid díobh ar nídh ar bith gan a ngrádh dfhoillsiughadh air, muna raibh dóibh acht a ainm do sgríobhadh a ccroicionnaibh crann. Ar an módh céadna, gidhbé ag á mbíonn grádh fíor ar Dhia, biaidh ag smaoineadh air do ghnáth, agus tógbhann a chroidhe chuige, agus labhrann air go minic, agus budh mhian leis ainm naomhtha beannaighthe Íosa a bheith sgríobhtha a ccroidhthibh dhaoine an domhain. Ní ffuil créatúir ar bith nách ttugann cionnfátha agus adhbhar dúinn smaoineadh ar Dhia, mar adeir N. Abhaistín agus an Naomh Antonius. Níl nídh ar domhan, ar son nách labhraid linn, nách ttugann dhúinn re na thuigsin gur cóir dhúinn grádh a bheith aguinn ar Dhia, agus músglaid sinn dochum ár ccroidhthe do thógbháil chuige. Ag so somplaidhe air sin. Adeir N. Greagóir Nasiansen, ag seanmóir dá phobul, ag siubhal do ar bhruach na fairge,
go ttug dá aire cionas dobhádar na tonna ag teilgionn sliogán oisrí, freumhach luibhiona, agus neithe beaga oile, a ttír agus dá ffágbháil ionnsan. Agus arís tonna oile ag teacht agus ag breith coda dhíobh san leó tar ais, agus iad a ceangal do chairrgibh daingiona gan comh- sgrughadh, dá mheud dá mbíodh neart na ttonn dá mbualadh agus dá ttuargain. Arna fhaicsint sin dó, do smaoin aige féin gur mar sin a bhíd na daoine anbhanna laga, go ffuadaighthear iad ris an ccinneamhuint dochum dóláis nó sóláis, agus na hínntinneadha uaisle, feardha, nách gluaistear iad le cinneamhuin dá chruaidhe, acht go ffanaid mar chairrig dhílionna gan comhsgrughadh. Agus as san do léig osnadh, ag rádh le Dáibhí, Rí: “Sábháil me, a Thighearna, dochuaidh an tuisge asteach ionn manam. Saor me, a Thighearna, a íochtar na nuisgeadha agus as dhoimhne na fairge, óir do bháith an stoirm me.” Dobhí an duine beannuighthe an uair seo a mbroid, do bhrígh go raibh Maximus re fóirneart ag buain a Easbogóideacht de. Fulgensius Ruspensis Easbog, ag faicsint mórdhála uaisle na Rómha dho, an gleus ar a rabhadar ina suighe, agus gach poimp dá raibh aca: “Ó, a Dhia íodhain,” ar sé, “godé breághthacht an teaghlaigh neamhdha má tá a leithéid seo de phoimp agus de ghlóir san Róimh talamhaighe, agus má dothug Dia ar an saoghal so í don lucht a leanas an ghlóir dhíomhaoin, godé an ghlóir nách fuláir atá aige san saoghal oile fá choinne lucht leanamhna na fírinne!” Dobhídís na deaghsmaointe seo ina ffreachnughadh ghnáthach ag N. Anselmus, Árdeasbog Chanterberi, agus thárlaigh uair éigin do a bheith ag dol ó bhaile, gur dhúisgigh- eadar na gadhair dobhí ag a mhuinntir, gearrfhiaigh, agus an tan dochonairc nách raibh dul as aige uatha, do chuir é féin idir chosaibh an eich ar a raibhe an preláid naomhtha, amhuil do bheith ag iarraidh coimirce, agus na gadhair ag tafann ina thímchioll, agus níor lámhadar an cadhus san
do bhriseadh, agus budh hiongnadh le na raibh san ccuideach- tain an nídh neamh-ghnáthach san, agus dobhádar ag gáiridhe faoi, nó gur léig an tÁrdeasbog osna as, agus ne (na) deóra le na ghruaidhibh, ag rádh: “Atá sibhse a gáiridhe, agus níl an beathaigheach bocht a gáiridhe. Mar súd a bhias an tanam atá lán de pheacadh agus de chionnta, a naimsir a bhruide, agus an bháis, agus a naimhde ina thímchioll ar tí a fhuadaigh leó agus a shlogadh, agus annsin biaidh lán d'uamhain (an) agus d'eagla, ag feuchain ina thímchioll ar gach taobh, dfheuchain an ffagha congnamh, cadhus nó sólás ar bith, agus muna ffaghaidh, biaidh a naimhde ag fochmhaide faoi, agus biaidh mar éadáil aca?” Agus tairéis sin do rádh dho, do léig osna mhór as, agus do thriall san tslighe. Do sgríobh Constansius Mór litreacha onóireacha dochum an Aba Naomhtha, S. Antonius, agus budh hiongna ris na manchaibh sin. Adubhairt an naomh leo: Is iongna libh Rí do sgríobhadh chum duine, acht is mó ioná san an tiongantas Dia síorruidhe marthannach do sgríobhadh a dhlighe féin do na daoinibh, agus fós gur labhair leo re beul a aoinmhic féin. Dochonairc N. Proinsias, uair éigin, aon chaora amháin ameasg treuda mbig, agus adubhairt re na chompánach: “Feuch gur ciúin ceannsaighe atá an chaora bhocht ameasg na mbeg (mbeithidheach) úd. Mar súd do bhí ár Slánaightheoir ceannsa úmhal ameasg na cineadh Iúdaighe.” Agus uair oile dochonnairc uan dá mharbhadh ag muc (muic) adubhairt ag caoidh: “Ó, a uain bhoicht, is maith do thaisbeánas tú bás mo Shlánaightheóra go fírinneach dhom.” Duine ródheársgnaidhe, Proinsias Borgia, an tan dobhí ina Dhiúice Caindie, an uair do thrialladh dochum fiadhaig nó seilge, dobhídís mórán de na smaointighthibh seo aige. Budh hiongna liom, ar sé féin, ina dhiaigh sin,
godé a ghastacht a fhillid na seabhaic ar lámhaibh na sealgaire, agus léigid brat do chur ar a súilibh, agus a cceangal do chuaile; agus na daoine, go mbíd easumhal do ghuth Dé. Ag so an leughan dobheir an rósa dfhásas idir dhealg- aibh na spíne, do na daoinibh, mar adeir N. Basilius: “Ó, a dhaoine, an nídh is mílse agus is sáimhe ar an saoghal so, atá a thuirse féin ceangailte dhe, agus ní ffuil gar ann gan amhgar ina chuideachta, do bhrígh go ttig tuirse a ndiaigh a lúthgháire, agus dólás a ndiaigh a shóláis, a ndiaigh chuinge phósta baintreabhchas, a ndiaigh clainne cúram, a ndiaidh ghlóire mí-chlú, a ndiaigh onóra costus, a ndiaigh sámhus (uis), neamhfhonn, i ndiaigh sláinte galar.” “Is breágha sgiamhach é an rósa,” ar an duine búidhe, “gidheadh, is mór an tuirse do chuireas orm, an tan dobheir mo pheacaighe féin ionn mo chuimhne, óir is iad is cionntach le deilg agus drisleach do bheith ar an ttalamh.” Duine éigin diagha ag feuchaint a sgáile dho, oidhche shoineanta, a nabhainn chiúin agus an taer nó na fiormamaint lán de réaltaibh ós a chionn, adubhairt: A Thighearna, beid na réalta so fám' chosaibhsi, an uair a ghlacfas tú me asteach ionn do thigh beannaighthe féin, agus mar a taisbeántar réalta na fflaithios ar an ttalamh, is mar sin dochídhfighear daoine na talmhonn (an) ar neamh a ttobar síorruidhe ghrádh Dé. Duine oile, ag feuchain srotha dho, dobhí ag imtheacht go rótheann, adubhairt: “Mar súd ní bhiaidh ciúnas ag m'anamsa go ndoirtear é a muir na diaghachta as a ttáinigh sé.” Agus N. Fransisca, ag deunadh úrnaighthe dhi láimh re sruthán dobhí ag imtheacht go ciúin socair, do fuaduigheadh í a ttáimh spioradálta, agus adeireadh ós ísioll aice féin, go minic: “Is ar nós an tsrotháin seo dhoirteas Dia go ciúin san anam.”
Duine oile ag faicsin crainn lán de bhláth, adubhairt, ag léigeann osnaigh as: “Créad fá a ffuilimse amháin a neaglais Dé gan bhláth gan toradh?” Duine oile ag faicsint eunlaith circe dá ccur féin fá sgiathánaibh a máthar, adubhairt: “A Thighearna, dídin me faoi sgáth do sgiathán féin.” Duine oile, ag feuchain ar nóinín do léig osnadh as ag rádh: “Ó, mo Dhia, cá huair a leanfas manamsa do chomhairlesi, agus do threóradh, mar leanas an nóinín an ghrian?” Duine oile ag faicsin bláithe a ngáirdín, dá ngoirthear bíol nó lusrachán - bíonn an bláth sin taithniomhach re súil, acht ní bhíonn bolath ar bith air - adubhairt: “Mar súd a bhíd mo smaointesi, óir adeirid neithe maithe acht ní oibrighid iad.” Feuch anois, a dhuine, gur féidir as an uile nídh dá eugsamhlacht dá ttagmhann dúinn ar an saoghal so, smaoineadh maith do bhuain as re a ttógbham ár ccroidhthe dochum Dé. Is truaigh an drong do tharraingios a chréatúirighe féin ón cCruthaightheoir, agus doghnídh adhbhar peacadh dhíobh. Agus is beannaighthe sonaighe an drong do bhainios glóir an chruthaightheóra as an uile nídh, agus bhainios onóir Dé as eólbhaois na neithean saoghalta. “Is gnáth liom,” ar Greagóir Nasiansen, “an uile nídh do chur a sochar spioradálta dhom féin.” Gidhbé do leughfadh an marbhnaidh diagha do sgríobh N. Hiaronimus don mhnaoi bheannaighthe, Paula, dogheabhaidh mórán de smaointighthibh maithe uaithe re a ttógbhaigh sí a croidhe go rómhinic dochum Dé, san uile ócáid dá tteagbhaidh dhi. Is mór an chuid de'n chrábhaidh (adh) atá san ffreachnughadh so, agus fóirigh (fidh) sé ar son gach úrnaigh eile. Gan a bheith fós ann, is deacair do dhuine dol ar aghaidh san mbeathaidh spioradálta, do bhrígh nách deunann úrnaighthe
ar bith oile a áit seo. An bheatha ghníomhach fós, is deacair toradh do theacht aiste gan an freachnughadh so do bheith ina cuideachta, agus gan é ní bhfuil san saothar acht buairt agus toirmiosg, ná san cciúnas acht díomhaoineas. Uime sin, guidhim tú, gabh an freachnughadh chughat ó chroidhe agus ó ínntinn, agus deuna gnás de agus ná tréig go bráth é. CAIB. 14. Tráchtar annso ar Íodhbairt an Aifrinn agus cionnas is cóir a éistiocht. Níor thrácht me gus anois ar ghréin phrionsapálta an uile fhreachnughadh spirideálta, mar atá Sacramaint rónaomhtha, ródhiagha, róbheannaighthe na hAltórach. Ag seo ceartlár an chreidimh Chatoilicigh, croidhe an chrábhaidh, anam na búidheacht, agus rúindiamhair nách féidir a fhoillsiughadh le bréithir agus ionn a ffuil duibheacán ghrádh Dé ar na daoinibh, agus ionn a ttugann Dia é féin dáríribh dóibh, ag roint a ghrás agus a thiodhlaicthe leó go mórálta. An dara feacht. Is rómhór an bhrígh atá ag an úrnaigh doghnidhthear ceangailte don Íodhbairt seo, ionnas go ffaghann an tanam tabharthas agus tiodhlaicthe móra naomhtha ria, amhuil do bheith fá chuim Íosa Críost agus é dá líonadh le balsaim íocshláinte, lán de dheaghbholath, ar módh go mbíd cosmhuil re buinneanna deunta de mhiora agus de thúis agus de na nuile phúdar deaghbholath, mar adeirthear ionn sna Cainticíbh. An treas feacht. Deuna díthchioll Aifrionn déisteacht go laetheamhuil, ionnas mar aon ris an sagart go ndeuntá toirbhirt íodhbartha do Shlánaightheóra dho Dhia Athair, ar do shon féin, agus ar son na heaglaise uile. Óir, mar
adeir N. Eoin Chriosostom, bíd na mílte aingeal a ttímchioll na Sacramainte seo, ag tabhairt onóra agus adhra (adhartha) dhí, agus an tan dobhímídne mar aon leo, agus re haonínntinn leó, a láthair, as an ccuideachta agus as an ccomhludar san ní féidir linn gan trom- thoradh grás nDé do theacht orainn. Óir atá cóire cúirte fhlaitheamhnais agus cóire na hEaglaise ar an ttalamh so mar aon leo, a ccuideachta agus a ttímchioll na híodhbartha (airte) so, ionnas, maille ris sin, go ttarraing- idís croidhe agus trócaire an Athar neamhdha dochum feuchana orainn. Acht godé an sonas is mó don anam ioná a uile ghrádh agus a uile fhonn do thabhairt ar son maithiosa chomh uasal agus chomh fonnmhar ria sin. An ceathramhadh feacht, dá tteagmhadh dhuit, re fíor- riachtanas, gan a bheith ar do chumas teacht do láthair na mór-íodhbartha diagha, bíodh do chroidhe agus hínntinn uirthe, agus deuna díthchioll a bheith dá láthair go spiora- dálta, agus, muna budh féidir leat níosa mhó do dheunadh, gluais uair éigin ar maidin don eaglais ó chroidhe, agus ceangail hínntinn ris an uile Chríostaighe, agus gach nídh dá ndeuntá san eaglais ag éistiocht an Aifrinn, deuna é san áit ionn a mbiaigh tú. An cúigeadh feacht, iomorro, éist an tAifrionn mar is cóir, ó ghníomh agus ó ínntinn. Ar ttúis ó thionnsgnas an Sagart, nó go ttéighidh ar an Altóir, ullamhuigh tú féin mar aon ris, agus sin amhuil dobheitheá ag dol do láthair Dé. Smuain nách fiú thú teacht dá láthair agus guidh é fád pheacaidhibh do mhaithiomh dhuit, agus hínntinn do thógbháil chuige féin. Déis an sagart do dhol ar an Altóir go nuige an tSoisgéil, smuain go símplighe geinearálta ar theacht ár Slánaightheóra, agus ar a bheathaidh ar an saoghal so, agus ón tsoisgeul go nuige forálughadh an aráin agus
an fhíona, smaoin mar dobhí Críost ag seanmóir ar an ttalamh, agus cuir rómhat annsan re geallamhuin daingeann, fuireach ar feadh do bheathaidh (adh) a ccreidiomh, agus do réir bréithre Dé, agus a ccumann na heaglaise Catoilicigh. Ó sin amach nó go mbeith don tSagairt (art) ag rádh na paidre, smaoin ar rúindiamhair bháis agus pháise an Tighearna, do taisbeánadh dhuit san íodhbairt naomh- choisreagtha so, agus tairg suas í mar aon ris an sagart agus ris an bpobal uile, don Athar neamhdha, chum glóire agus onóra dho, agus chum do thairbhe agus do shláinte féin. An úrnaighe dodheun an Sagart, an rae go ndeunaidh comaoineacha, tóig do chroidhe le róiomad foinn agus grádh a bheith ag teacht ar do Shlánaightheoir, maille re fonn tú féin do cheangal ris go síorruidhe. As sin go ccurthar críoch ar an Aifrionn, tabhair buidheachas dá mhórdhacht dhiagha ar son theacht a ccolainn daondha, ar son a bheatha, a bháis, a pháise agus an ghrádh adfhoillsigh sé san íodhbairt naomhtha san, agus guidh é tré bhrígh na Sacramainte sin, trócaire do dheunadh ort féin, ar do shínsioraibh, ar do cháirdibh agus ar an eaglais uile. Úmhlaigh tú féin ó chroidhe, agus an bheannocht dhiadha atá an Tighearna do thabhairt duit tré na shearbh- fhóghantaidhe féin, gabh chughat go cráibhtheach í, agus tabhair buidheachas do Dhia. Más mian leat a naimsir an Aifrinn, smaoineadh ar rúindiamhair éigin dá mbíonn agat go laetheamhuil, do réir eugsamhlacht gacha lae, ní riachtanas dhuit tú féin do cheangal do na smuaintibh speisialta so adubhramair, acht is leór dhuit tínntinn do threóradh ó thúis, gur mian leat le freachnughadh na húrnaighe agus do dheagh- smaoineadh an íodhbairt seo do dheunadh agus dfhoráil, ar an adhbhar go ffuil an bhrígh sin san uile úrnaigh.
Caib. 15. DO NA FREACHNAIBH PHOIBLIDHE AGUS CHOITCHIONNA. Tar a ndubhramair, is cóir dhuit gach Domhnach agus gach lá saoire, na huaireanta canóna agus Easbairt d'éistiocht, an mhéid go mbiaidh faill nó cumus agat air, do bhrígh na laethe seo atá coisreagtha do Dhia, gurbh iomchúbhaidh níosa mhó do dheunadh ionnta dochum glóire agus onóra dho, ioná doghnidhthear laethe oile. Ris seo dogheabhaidh róiomad mílseachta, crábhaigh, agus sámhuis spioradálta, mar do sgríobhann N. Aibhistín air féin, iar ndeunamh Catoilicigh dhe go nuadha, ag éisteacht na hoifige diagha, go mbíodh a chroidhe dá leaghadh ionn tré mhéid na mílseachta do dhoirteadh ina ínntinn, agus go mbíodh a shúile ina ling (linn) uisce re teas crábhaidh. Adeirim anois, ionnas nách budh riachtanach a rádh arís, gur mó an sochar agus an sólás dogheibh duine as úrnaighthibh phoiblighe na hEaglaise, ioná as an úrnaigh phríobháidigh, do bhrígh gur órdaigh Dia féin an mhaithios phoiblighe agus choitchionna do bheith ós cionn na maithiosa príobháidigh. Gidhbé Sodailidhe nó comhbhráithreachas a bhíos san áit ionn a ffuil tú, cuir tainm ionnta go toiltionnach, go speisialta gidhbé dhíobh is mó luaidheacht, óir is gníomh san atá róthaithniomhach ag Dia, gion nách é féin tug aithne a mbeith ann, acht gurab í an eaglais d'órdaigh iad, agus ionnas go ttaisbeánadh gur mian lé mórán do chur a nanmona (nanmanna) ionnta, tug logha pribhléide dhóibh. Fós is mór an comhartha carrthannachta, cuideachta do cheangal re daoinibh oile, agus congnamh do thabhairt dóibh san ffreachnughadh maith dobhíos aca do chur a ngníomh, agus ar son gur féidir le duine freachnughadh chomh maith leó do dheunadh, a naonarán, agus dodheunfaidh sé a ccuideachta a chomhbhráthar, agus a ccás fós go mbadh
taithniomhaighe agus go mbadh sáimhe ris a ndeunadh go príomháideach, doghniodhmaoid a ccuideachta ár mbráthar agus ár ccomharsan, agus ris an ccomh-cheangal dobhíos againn leó, dobheireamaoid níos mhó glóire agus onóra do Dhia mhór uilechomhachtach. An nídh céadna do mheasaim is cóir a dheunadh san uile úrnaighe agus crábhaidh poiblighe, do bhrígh, an mhéid gur féidir linn, go ttugamaoid sompla maith dár ccomharsain, agus gur mian linn ár ffonn agus ár ttoil do thaisbeánadh dochum glóire Dé do mheudughadh, agus sinn féin do chur a noireamhuin don mhaith choitchionn (inn) phoiblidhe. Caib. 16. GUR CÓIR ONÓIR A THABHAIRT DO NA NAOMHAIBH AGUS A NGUIDHE. Mar do chuirionn Dia go minic re na Ainglibh féin, deaghsmaointe ionn ár nínntinn, is iomchubhaidh dhúinn, mar an ccéadna, ár núrnaighthe agus ár ndeaghsmaointe do chur tar ais arís, leis na teachtaireadhaibh chéadna. Fós anamna na naomh atá ar neamh a ccomhluadar na nAingeal, agus atá mar Ainglibh Dé ann, mar adeir an Tighearna san Soisgeul, doghnidhid oific na nAingeal dúinn a guidhe ar ár son, agus ag breith ár nguidhe chum Dé. Ceanglamaoid ris na spioradaibh beannaighthe, agus ris na hanamnaibh neamhdha so, agus mar fhoghlumas an Philomela óg ó na mháthair, ceól do dheunadh, is mar sin is cóir dhúinne le comhluadar beannaighthe na naomh, foghluim do dheunadh ar Dhia do mholadh níos feárr. Mol- fadh (-faidh) me tú agus dodheuna me ceól duit a ffiadhnaise na nAingeal, ar an Sailmceadlach. Tabhair grádh agus onóir speisialta don Óigh naomhtha
ghlórmhar (air) Muire, agus deuna óghmós di ionn a nuile áit, óir isí Máthair ár nAthar Íosa í, agus, mar sin, ár sean-mháthair féin. Gabhmaoid a coimirce agus a tearmainn (onn), agus cuireamaoid sinn féin ionn a hucht mar leanabhaibh beaga san uile chás agus riachtanas, re dóthchus iomlán. Guidheamaoid an mháthair shár- thrócaireach so, agus bíodh grádh aguinn oirthe, mar bhíos ag clainn ar mháithreachaibh ó fonn agus ó chroidhe. Bíodh rómhuinnteardhas againn ris na hAinglibh, go speisialta bíodh grádh agus onóir aguinn don Aingeal atá ós cionn na heasbogóideachta ionn a mbíonn tú, fós ainglibh an chomhluadair ionn a mbíonn tú go laetheamhuil, agus go sonnrádhach, dho taingeal coimhdeachta féin. Guidh iad so go minic, mol agus onóraigh iad, agus ionn a nuile ghnódhthaibh spioradálta agus saoghalta dá mbíodh agat, guidh iad fá chongnamh agus fá fhortacht do thabhairt duit, ionnas go ndéanfadaois comhoibriughadh leat san uile ghníomh. Athair onóireach dárbh' ainm Petrus Faber, an chéad chompánach dobhí ag N. Ignasius, an chéad shagart, an cheud sheanmóntaighe agus an chéad dhochtúir dobhí dá órd féin, uair éigin do san nGearmáine, agus é ag gabháil thríd an tír ionn ar rugadh é, tairis sin ag siubhal ameasg na neiriceach mar a ndeárnaidh mórán maithiosa dochum glóire Dé, go ffuair sóláis rómhóra do bhrígh, gach parráisde ionn a ttagmhadh, go nguidheach (dh) an taingeal pátrúin dobhíodh ag an áit chéadna, ionnas gur mhothaigh go rabhadar fabharach dho dáríribh, agus ní hé amháin dá choimheud ar mhí-rún na neiriceach, acht fós ag gluaiseacht mhórán anam dochum a theagaisg do ghlacadh go fonnmhar, agus ris sin do ghluais mórán chum na ffreachnughadh ccéadna so do ghnáthughadh, agus dotháinigh tairbhe adhbhal spioradálta dhóibh as. Deuna fós togha duit féin ar naomhaibh éigin, go speisialta mar phátrúnaibh, agus cur
(cuir) rómhat a mbeatha agus a lorg do leanmhuin, an mhéid gur féidir leat é, agus bíodh muinghín agat congnamh dfhagháil re na neadarghuidhe. Deuna onóir speisialta don naomh a ffuil a ainm ort, óir is é a tugadh do phátrún dhuit an tan do baisteadh thú. Caib. 17. CIONAS IS CÓIR BRIATHRA DÉ D'ÉISTIOCHT AGUS DO LEUGHADH. Is cóir dhuit briathra Dé d'éistiocht go rófhonnmhar, más ionn a ccomhrádh red' cháirdibh spirideálta, nó ag éistiocht re seanmóraighe a bhias tú, tabhair aire dhóibh go díthchilleach, dúthrachtach, agus bain tairbhe agus toradh éigin asta, agus ná leig tuitim fá lár dhóibh, acht gabh iad mar bhalsom uasal ionn do chroidhe, re sompla na Maighdine, Máthair Dé, do choimheudadh go daingeann ionn do chroidhe, gach briath (-ar?) dá ccluineadh do théigheach (dh) ionn á mholadh agus a nonóir dá Mac, agus bíodh a fhios agat go mbíonn cuimhne ag Dia ar gach briathar dá nabramaoid ionn ár núrnaighthibh chuige, do réir mar dobhíos cuimhne againne ar gach nídh dá labhrann Dia linn, tré bheul an tseanmóntaidhe. Más duine foghluma thú, bíodh leabhar éigin spioradálta ad thimchioll agat do ghnáth, mar atáid leabhráin N. Bonaventura, Joannes Gerson, Dionisius Cardisiam, Ludovicus Blos, Grantensis, Didaci Stella, Ludovici de Ponte Piolli, Abila, Laota Spirituali, Confessiones Augustini, Epistola Hieronim, etc. Agus leugh nídh éigin ann go laetheamhuil, go róaireach, amhuil go mbadh litreacha dothiucfadh chughat ó neamh iad, ó na naomhaibh, ag múnadh (múineadh) eóluis duit go Flaithis Dé, agus ag tabhairt misnigh dhuit an tslighe do thionnsgnadh. Leugh fós staracha agus beatha na naomh
mar a ffaiceadh (idh) tú, amhuil sgáile ionn sgáthán, íomháigh na beathaidh (adh) chríostaidhe, agus deuna díthchioll a noibriughadh do réir na garma dobhí aca, do ghnódhthaigh féin a dheunadh do réir do staide féin, agus ar son nách féidir leis na daoinibh nár thréig an saoghal, oilithreacha na naomh do leanmhuint ionn gach aon nídh, agus go ffuil cuid aca ionn nách féidir aithris orra, tairis sin is féidir le gach aon, nídh éigin dá mbeathaidh do leanmhuint. Uaigneas N. Pól, an chéad díthreabhach, is féidir a leanmhuint ar chaoi éigin ionn do smaoineadh spioradálta, leat féin, mar adubhramair roimhe seo, agus adéaram arís. Fós is féidir ar mhódh éigin boichteacht N. Proinséis do leanmhuin, do réir na ffreachnaighe adéaram ina dhiaigh seo, ionn a náit féin. Idir na starthacha is mó dobhéaras solus dúinn dochum ár mbeathaidh (adh) féin do threórughadh agus do riaghlughadh go maith, atá beatha N. Teresia orra, beatha na ccéad aithreach dobhí de na Iesuite, beatha Carroli Boromei, Árdeasbog Milan, beatha N. Lodobhic, Rí na Fraingce, Cronacil Óird N. Proinsias, agus a samhuil oile sin. Atáid beatha naomh oile ionn ar córa iongantas do dheunadh ina ttímchioll ioná duine ar bith dá leanmhuint, mar atá beatha Mhuire na hÉigipte, dobhí mórán bliadhan gan snáithe eudaigh uirthe. Síomon Stillites dobhí seasgad bliaghain ina sheasamh ar chollamhuin chloiche. An dá Chaitríne Senensis, N. Angela, agus dronga oile. Gidheadh, gheibhthear blas adhbhall naomhghrádh Dé as leughthóireacht a mbeathaidh (adh) seo. Caib. 18. CIONNAS IS CÓIR DHÚINN NA SMAOINTE DIAGHA DO GHABHÁIL. Isé is smaointe ionn, gach nídh do dhoirtios Dia ionn ár ccroidhthibh dár ttarraint chuige féin le cúram athardha,
dár mbrostughadh re na ghrásaibh go hinmheodhnach, re gluaiseacht, le spreagann agus le greim do bhuain as ár ccoinsiasa, nó re solas feasa do thabhairt dúinn cread is cóir dhúinn a dheunadh, ionnas go ngríosfadh agus go ttarraingeadh sinn dochum naoimhshubháilceadh do leanmhuint, agus grádh Dé do dhúsgadh ionnainn, agus gach maith oile do threóruigheas sinn chum na beathadh shíorruidhe. Is é seo fós a chialluigheann briathra na caintice: an céile do bheith ina sheasamh ag an ndorus dá bhualadh dochum labhartha le croidhe a bhainchéile, dá dúsgadh as a codla, ag gairm uirthi chum é féin d'iarraidh, agus isé an nídh céadna tuigthear an tan dobheir cuire dhi dochum meala, ubhall agus torthadh a gháirdíne féin do chruinniughadh, ionnas go ccluineadh a chluasa fuaim a gotha róbhinn. Atáid trí coinghil do thaobh na hógmhná a bhias dá pósadh, atá riachtanach, más mian re na haithreachaibh an pósa do bheith iomlán, dlisdionnach. An chéad nídh, a fhoillsiughadh dhi cia an fear dá ffuil sí dá tabhairt; an dara nídh, an bhfuil gean aice air; an treas nídh, a toil do thabhairt go hiomlán do. Mar sin doghnidh Dia uilechomhachtach linn an tan is mian leis gníomh oirdheirc do dheunadh dhúinn, maille re na chongnamh féin. Ar ttúis cuirionn smaointe maithe ionn ár ccroidhthibh. Arís iarrann orainn fonn taithniomhach do bheith aguinn don nídh ceudna, agus fá dheoigh ár ttoil do thabhairt dochum an ghníomha féin do dheunadh; óir mar atáid trí céimionna síos dochum an pheacadh do dheunadh .i. cathaidhe, taithniomh, agus toil do thabhairt chun a deunta, atáid trí céimionna re a ttéid neach suas dochum na subháilce, mar atá smaoineadh maith atá contrárdha don ccathughadh, arís taithniomh dfhagháil ar an nídh ar ar smuaineadh tú agus atá so contrárdha dho thaithniomh dfhagháil san bpeacadh,
agus fá dheoigh, taithniomh agus toil do thabhairt don nídh maith ar ar smaoineadh tú, do chur a ngníomh, agus atá contrárdha don toil re a ndeuntar an peacadh. Dá maireach (dh) smaointe maithe dúinn ar feadh ár saoghail, agus gan taithniomh do bheith aguinn ar an nídh féin, ní bheith fonn ag Dia ionnainn, acht fós do bheith mí-ghean rómhór aige orainn agus saobhnós linn, mar dobhí tréibhse ó shoin le clainn Israel, dá raibh sé dá fhithchid bliadhain ag tabhairt sanuis dóibh iad féin do leasughadh, agus nách rabhadar umhal do mar adeir féin. Uime sin do dhearbh dóibh tré fheirg, nach rachadaois chaoidhche go Tír Tarrangaire, mar a rabhadar ag triall, ionnas go mbadh cosmhúil é re hógánach uasal do bheith ag suirghe, nách léigfeadh dhe seirbhís ar bith budh chóir do a dheunadh don ógmhnaoi dobhí d'iarraidh re pósadh, nách deunadh dhi, agus faoi dheoigh go ttug diúltadh dho. An tan dogheibhmíd gean ar an sámhus dobheir Dia dhúinn, téighmíd céim ar ár naghaidh, agus tionnsgnamaoid taithniomh re na mhórdhacht ar son nách toil iomlán an gean san, acht amháin slighe dochum ár ttoile do thabhairt. Is maith an comhartha agus atá fós tairbheach, briathra Dé d'éistiocht go toiltionnach. Ar an ffonn so a labhrann an céile beannaighthe an tan adubhairt: dobhí m'anam a leaghadh an uair do labhair mo ghrádh liom. Budh mór an sásughadh ris an duine uasal ar ar labhramair, má ghabhann an óigbhean ar a mbídh a bhraith, gach seud suirghe dá ccuireann chúiche, go taithniomhach. An toil iomlán isí doghnidh an gníomh go maith foirfe, ar son go ttiubhradh Dia sanus dúinn agus go ffaghmaois fonn agus taithniomh air, agus ina dhiaigh sin náchar mhian linn ár ttoil féin do chur go hiomlán re toil Dé. Atámaoid ródhíombuidheach dá mhórdhacht dhiagha agus tuilleamaoid a dhíomdha do bhrígh go ttugamaoid tarcaisne ar an sanus maith dothug dúinn. Is mar sin do leughmaoid
ionn sna Cainticíbh ar son go ffuair an bhainchéile taithniomh a croidhe ar ghuth a céile, gidheadh, mar nár osguil an dorus do, acht gur ghaibh leithsgeul dhíomhaoin leis, uime sin do ghabh tháirsi agus do thréig í, mar doghnídh an fear suirghe uasal déis ghean na hógmhná do tharraint air re gach seirbhís dá ndearnadh (aidh) dhi, acht fá dheoigh má gheibh diúltadh, is mó an tadhbhar saobhnóis a bhias aige ioná dá mbeith gan seirbhís ar bith do dheunadh dhi ó thúis. Ar an adhbhar san cuireamaois rómhainn ó rún croidhe gach sánus maith dá ttiubhradh Dia dhúinn do ghabháil chughainn re hínntinn mhaith, amhuil agus gurab iad teachtairighe Rígh na fflaithios iad ag iarraidh ár nanma do phósadh ris féin. Éisteamaois ris na teachtaibh seo go fonnmhar agus tugamaois aire do gach nídh dá niarraid orainn, agus do chuirid chughainn, agus measamaois an grádh re ar cuireadh an sánus céadna chughainn agus gabhmaois chughainn ionn ár ccroidhthibh é go grádhach, agus cuireamaois ár ttoil féin go hiomlán, grádh seasamhach re gach sánus dobheir Dia dhúinn, ionnas, ar son nách féidir linn sásughadh a thabhairt do Dhia ar son a thiodhlaicthe dhúinn, go ngabhann ár ndeaghthoil mar shásadh uainn. Gidheadh, más sánus é tharraing chughainn ar nídh mór neamhghnáthach, ná tabhair do thoil go hiomlán do, ar eagla do mheallta, nó go ndéanadh (aidh) tú comhairle re tathair spioradálta, ionnas go ffeuchfadh sé an sánus maith nó olc é; do bhrígh an tan dochí ár namhaid gur furus linn ár ttoil do thabhairt don uile shánus, dobheir sánuis fhallsa dochum ár meallta dhúinn. Gidheadh, ní féidir ris ár mealladh an feadh do leanfam comhairle ár nathar spioradálta go húmhal. Ar ttabhairt do thoile uait go hiomlán is cóir dhuit an sánus dotugadh dhuit a chur a ngníomh re díthchioll dúthrachtach do bhrígh gurab ionnsan atá suim agus comh- líonadh na subháilceadh. Acht led thoil do thabhairt agus gan an gníomh do dheunadh, ní ffuil ann acht mar do
chuirfeá fineamhuin agus nár mhian leat toradh do theacht uirthe. Iomorro, is rómhór an congnamh chúcha so uile freachair na maidne do dheunadh mar is dual agus mar is cóir a dheunadh, agus freachnughadh maith do dheunadh de gach athsmaoineadh spioradálta ar ar labhramair roimhe seo, do bhrígh, ris sin, go nullmhaighmíd sinn féin chum gach deigh-ghníomha, ní hé amháin go geinearálta acht fós go speisialta. Caib. 19. DON FHAOISDIN. Is uime dothug Dia Sacramaint na haithrighe agus na faoisdine don eaglais ionnas dá mhionca agus do shaileochadh smál an pheacaidh sinn, nó do chuirfeadh gron nó gráin ar ár nanam, gur féidir linn sinn féin do ghlanadh agus do nigheadh ris an Naomhshácramaint seo. Uime sin ní cóir dúinn smál an pheacadh (aidh) dfhulaing ar ár nanam an tan atá liaighios furus aguinn do láthair. An uair doghnídh an leopard feis leis an leomhan bainionn, dothéid go luath dá nigheadh féin dochum srotha ionnas go ccuirfeadh drochbholath na feise sin di, agus ar eagla ar tteacht don leomhan firionn go ffaghach (dh) an bolath céadna uirthe. Mar sin an tanam do thruailligheann é féin leis an bpeacadh is cóir dho gráin do bheith aige air féin, agus é féin do ghlanadh go luath, agus san ar son na honóra agus na huruma is cóir dho do thabhairt do Dhia. Agus cread fáth ar mian linn fuireach a ffad a mbás spiora- dálta agus liaighios againn do láthair air? Ar an adhbhar san is cóir do gach aon faoisdin do dheunadh go minic agus san go humhal cráibhtheach, agus fós gan dol do ghlacadh Choirp Chríst gan faoisdin do dheunadh, a ccás ná beith aige acht peaca sologhtha, ar an adhbhar go ffaghann ris an absolóid brígh agus neart
adhbhalmhór dochum a sheachanta ó shoin amach, agus fós solus dochum a ttabhairt fá ndear, grása dochum gach díoghbhála agus gach dochair dá ndeárnadar dhó, do thabhairt thar nais. Is iomdha fós gníomh subháilceach doghnídh duine san ffaoisdin, mar atá é féin d'umhlughadh, réir Dé do dheunadh, a rún do thaisbeánadh gan cheilg, agus grádh Dé - ionnas gur lia freachnughadh subháilceach doghnidhthear san ffaoisdin ioná ionn aon ghníomh oile ar bith. Fós gach peaca dá loighead do chuirfios tú a ffaoisdin, bíodh gráin agus fuath agat air, agus cuir rómhat le rún daingeann gan tuitim ionn go bráth. Teagmhann do mhórán as gnás a bpeacaidhe sologhtha do chur a ffaoisdin agus ní smaoinighid iad féin do leasughadh ná na peacaidhe céadna do sheachnadh; uime sin bíonn smál na bpeacadh san orra do ghnáth agus caillid mórán maithiosa spiora- dálta agus toradh deaghoibreach leó. Má dorinne tú breug dhíomhaoin, nó go ndubhairt tú focal neamh- iomchubhaidh, nó go rabhais a ffad ag imirt agus go ccuirfeadh tú iad san a ffaoisdin bíodh aithreachas ort agus bíodh rún agat tú féin do leasughadh, óir is earráid agus mí-ghnás peaca marbhthach nó sologhtha do chur a ffaoisdin agus gan rún do bheith ag duine a seachnadh ó sin suas, do bhrígh gur dochum na críche sin d'órdaigh Dia an fhaoisdin. Ní leór dhuit gearán geinearálta do dheunadh ort féin mar doghnídhid mórán go minic ag rádh; Ní raibh grádh ar Dhia agam mar budh chóir dhom; ní raibh aire ar an úrnaighthe agam go cráibhtheach, ní raibh grádh agam ar mo chomharsain mar budh dhual, níor ghlac me na Sácramainte leis an uraim budh hiomchubhaidh dhom, agus a samhuil oile sin. Isé is adhbhar do san, nách abair tú nídh ar bith speisialta as a ttuigfeadh an toide faoisdine staid do choinsiasa, óir budh féidir le na ffuil de naomhaibh ar neamh agus de dhaoinibh ar talamh an nídh céadna do rádh
dá ttigidís dochum faoisdine. Dá bhrígh sin, feuch cread an chúis speisialta do ghluais tú dochum gearáin do dheunadh ort féin, agus an tan dobheuras tú san fá dear deuna gearán ar do lochtaibh gan aon nídh do cheilt .i. má deir tú nách raibh grádh do chomharsan agat mar budh chóir, budh féidir gur déirc do dhiúltaidh tú a thabhairt do dhuine bhocht agus é ionn a fhíorriachtanas, agus gur fféidir leat fortacht a thabhairt dho agus nách dearnadh (aidh) tú trócaire air. Ar an neamh-thrócaire seo deuna gearán speisialta ag rádh; dochonairc me bochtán a riachtanas mór agus níor thug me fortacht do re maineachtna nó le mí-thrócaire, nó le tarcaisne, nó gidhbé hadhbhar eile dobhí agat. Ar an módh céadna ná habair nách raibh tú cráibhtheach a naimsir na húrnaighe, acht abair go símplidhe follus más dod' dheoin féin é nách ttug tú aire dhi, nó náchar iarr tú áit agus aimsir chúiche, nó nár chuir tú suighiughadh iomchúbhaidh ar do chorp dochum aire do thabhairt di, (gidh) gebé aca so, do réir do chuimhne, ionn a ndeárnadh (aidh) tú an mhaineachtna, abair é. Óir ní ffuil feidhm ar bith ar ghearán gheinearálta san ffaoisdin. Ní leór dhuit fós na peacaidhe sologhtha féin do chur a ffaoisdin acht foillsigh fós an chúis agus an tadhbhar dobhí agat, agus nár budh leór leat a rádh go ndeárnaigh tú breug ionn nách raibh díoghbháil, acht abair fós más as ghlóir dhíomhaoin nó dhod' mholadh féin dobhí tú, nó ag gabháil do leithsgéil, nó as sólás dhíomhaoin, nó as an-sheasamh, nó má dorine tú iomarca a nimirt. Feuch an saint eudála nó re fonn comhluadair dorine tú é agus mar sin do gach nídh eile. Admhaidh fós, má dfhan tú a ffad ionn sa bpeacadh, do bhrígh go meudaigheann ar mhódh éigin troime an pheacaidh fuireach a ffad ionn, óir is mór atá idir an ghlóir dhíomhaoin a léigeas duine dhe a cceart uair agus fonn dfhagháil innti aimsir fhada. Mar sin is cóir an gníomh
féin dfhoillsiughadh agus an tadhbhar dobhí agat, agus cá fad dfhan tú san bpeacadh. Ar son nách gábha dhúinn a bheith scrupallach ionn sna peacadhaibh sologhtha, agus nách ffuil dfhiachaibh orainn a ccur a ffaoisdin gidhbé le ar mian a anam do ghlanadh go maith, agus teacht chum a bheith cráibhtheach, an uile locht dá loighead dá mbiaidh ionnat agus ó ar mian leat tú féin do leasughadh, is cóir dhuit a fhoillsiughadh dhod liaigh spioradálta, gan aon nídh do cheilt air. Ná bíodh náire ort a fhoillsiughadh do tathair spioradálta an nídh chaithfear a fhoillsiughadh faoi dheoigh. Uime sin ionnas go ttuigfeadh go maith thú, abair go so-léir an nídh do ghluais tú chum feirge, nó cread an fáth nách ttug tú comhairle dhod' chomharsain an uair dochonairc tú é ag deunadh an pheacadh (aidh) .i. má tá duine éigin nách fuil róghean agat air, adubhairt focal tré shúgra leat agus gur ghabh tú san chughat go holc agus go ndeárnaidh tú saobhnós ris. Gidheadh, dá nabradh duine oile ar a mbeith gean agat focal budh ghairbhe ioná san leat, dogheabhfá chughat go maith é. Uime sin, abair san ffaoisdin: do labhair me go feargach le duine éigin ag gabháil chugham go holc an nídh adubhairt sé liom, agus ní hé gur thuill a bhriathra san acht mar ná raibh gean agam air féin; agus más riachtanach é is maith na briathra féin adubhairt go holc, dfhoillsiughadh san ffaoisdin, ionnas go mbeith fios staide do choinsiais go hiomlán ag tathair spiora- dálta, agus ris sin ní hé amháin go ffoillsigheann duine na peacaidhe dorine sé, acht fós a dhrochchlaonta agus a dhrochghnás agus a dhrochbheus is freumh do na peacaidhibh; agus ionn fós a bhíos fios hínntinne agus do choinsiais go hiomlán ag hathair spioradálta agus an liaighios iomchubhaidh do thabhairt duit. Gidheadh, bí ar do choimheud go grinn gan an dara duine dothug cionfátha peacaidh duit dfhoillsiughadh ar chor ar bith, óir atá dfhiachaibh ort
a chlú do choimheud. Teagbhaidh go minic mórán peacaidh (adh) do bheith beó san ccoinsias nach ttugamaoid fá ndear agus gur riachtanach a ccur a ffaoisdin agus sinn féin do ghlanadh uatha agus sinn do dhéanadh go maith. Leughmaois go haireach na caibidileacha so síos .i. an 6, an 27, an 28, an 29, an 35 agus an 36 de'n treas rann de'n leabhar so agus an seachtmhadh c. de'n cceathramhadh rann. Ná tréig go hurus an toide faoisdine do thogh tú dhuit féin acht tabhair cúntas do choinsiais do na laethe atá cinnte agat chuige sin, agus ná ceil aon nídh dá ndeunadh (aidh) tú air, agus inis do cá fad ó dorinnis faoisdin roimhe sin .i. má tá mí nó dhá mhí ó shoin a leith. Foillsigh fós do chlaonta, a ccás nách deárnais peaca leó, mar atá, go raibh tú claon dochum leanna duibh, mall dochum sóláis a ghlacadh, nó claon dochum saidhbhris a chruinniughadh, agus ar an módh ccéadna le gach claonadh agus le gach fonn dá ttáinigh chughat. Caib. 20. DO CHOMAOINEACHA DO DHEUNADH GO MINIC. Aithristear ar an Rí, Mithridates, go ffuair íoc- shláinte róuasal dárbh' ainm Mithridaticum re ar near- taigh a chorp ar mhódh ina dhiaigh sin an tan budh mhian leis bás do thabhairt do féin re nimh ionnas nách beith a mbraighdionas ag Rómhánachaibh, nár fféidir leis an nimh urchóid do dheunadh dho. Ár Slánaightheoir Íosa Críost a dfhágbhadh Sacramaint mórdhálach na hAltóra aguinn, ionn a ffuil a fhuil agus a fheoil féin go fírinneach, ionnas, gidhbé chaithios í go mbiaidh sé beó go bráth. Uime sin gidhbé ghlacas go minic í, maille re crábhadh, dobheir brígh agus neart dá anam ar mhódh gur ródheacair do nimh an pheacaidh dochar do dheunadh dho, nó do dhrochchlaonadh ar bith buaidh do bhreith air, óir ní féidir do dhuine ar bith a bhias dá oileamhuint le feoil na
beathaidh (adh) fonn peacaidh do bheith air, ionnas gurab ar an módh ar a rabhadar na daoine san bparrthus talmhaidhe a bhíd, nár fféidir leó bás corpordha dfhagháil tré bhrígh chrainn na beathaidh (adh) do chuir Dia ionn a lár. Ar an módh ccéadna ní féidir leo bás spioradálta dfhagháil tré bhrígh na Sacramainte seo na beathaidh (adh). Más féidir na tortha so is furus do mhorgadh, mar atá siridínighe, úbhla agus sugha talmhonn (an), do choimheud gan truaileadh bliadhain iomlán má curthar siúcra nó míl ina ttímchioll, ní hiongnadh go ccoimheudfadh fuil agus feoil Mhic Dé ár ccroidheacha, dá laige agus dá an- bhainne dá ffuilid, ó an uile thruailleadh, an tan do cuirfighear siúcra agus mil fola agus feola Mhic nDé orra. Gidhbé ar bith Críostaighe a daimneóchthar, ní féidir leó a leithsgeul féin do ghabháil an tan do thaisbeánas an breitheamh rócheart dóibh gurab le na maineachtna féin do léigeadar díobh gan sláinte coirp agus anama do bheith aca, an tan do ghlacadar an Sacramaint seo mar budh chuibhe. Och! adéarfadh (aidh) sé, a dhaoine bochta, cread fár léig sibh díbh féin bás dfhagháil agus toradh bídh na beathaidh (adh) ar bhúr ccómhacht agus idir bhúr lámhaibh féin. An Sacramaint do ghlacadh go laetheamhail, ní mholaim agus ní dhíomolaim é, acht a glacadh gacha Domhnach is maith an chomhairle í, do réir theagaisg N. Abhaistín, má bhíonn an tanam saor ó an uile fhonn peacaidh. Uime sin gidhbé duine bhíos claon dochum comaoineach do dheunadh go laetheamhuil gabhach (dh) sé comhairle an athar Spioradálta atá aige, do bhrígh gur mór an tullmhughadh is riachtanach dochum comaoineach do dheunadh chomh minic agus sin. Acht ní hiomchúbhaidh a tabhairt de chomhairle geinearálta do gach aon duine; fós ar son go ffuil an tullmhughadh so féin róaonracánach dogheibhthear a mórán d'anamnaibh beannaighthe é. Uime sin ní cóir toirmiosg geinearálta do chur (ar ?) gach aon duine fá na dheunamh,
acht cómhairle do thabhairt do gach aon do réir a staide féin a dheunamh nó gan a dheunamh. Budh mhór an cómhartha éigcríonachta cómhairle thabhairt do dhuine ar bith teacht dochum comaoineach chomh minic agus san, gan feuchain ar a staid ar ttúis. Mar an ccéadna budh héigcríonna toighbhéim do dheunadh ar dhuine ar bith fá na dheunamh, má sí comhairle an treóruightheóra mhaith chríona atá do leanamhuint. Is eagnaidhe an freagra thug Caitríona Senensis ar an mhuinntir dobhí ag tabhairt achmhusáin di fá chomaoineach do dheunadh go laetheamhuil, do bhrígh nár mhol agus nár dhíomol N. Abhaistín é, ag rádh: Munar dhíomol N. Abhaistín é, guidhim sibhsi ná díomolaighe (aidh) é, agus is leór liom san. Dochídhimíd anois gurab í cómhairle N. Abhaistín, comaoineach do dheunadh gacha Domhnach; is iomchubhaidh dhúinn an chomhairle seo do leanamhuint go díthchilleach; do bhrígh, mar a mheasaim, nách ffuil peaca marbhthach ar bith agat, ná fós claonadh dochum na bpeacadh soloighthe (so-loghtha), agus gurab é sin ullmhughadh iarras N. Abhaistín. Ná bíodh an-cheas ort fá dhol dochum comaoineach gacha Domhnach agus níosa mhionca, má sí cómhairle hathar spioradálta í. Ar a shon san is mó toirmiosg dlisdionnach is féidir a theagbháil náchar bh'iomchubhaidh comaoineach do dheunadh chomh minic agus san, do réir comhairle do threóruightheora chríonna, agus ní ar do shonsa acht ar son an chomhluadair atá agat .i. má tá tú fá chómhachta dhuine oile, nó má táid na daoine atá ós do chionn chomh mí-reusúnta san go ngeabhaidís chúcha go holc, nó go mbainfidís adhbhar sgannlach as tú do dheunadh comaoineach go rómhinic. Uime sin is maith an chómhairle gan cionfátha buaidheartha do thabhairt dóibh acht comaoineach do dheunadh a ccionn gacha cúigeadh lá deug, muna budh féidir leat sásamh do thabhairt dóibh ar mhódh oile. Ní féidir riaghail chinnte do thabhairt go comhchoitchionn ionnso, acht gach aon do lean-
mhuint cómhairle a athar spioradálta; acht adeirim so go dearbhtha, gidhbé re ar mian seirbhís Dé do dheunadh go cráibhtheach, gur cóir do comaoineach do dheunadh uair san mí. Má tá tú críonna, ní chuirfeadh athair ná máthair, bean phósta ná duine ar bith toirmiosg ort comaoineach do dheunadh go minic, an tan dodheunas tú gach nídh dá mbainionn leat an lá céadna go hiomchubhaidh, agus a mbias tú níos subháilcidhe an lá san ioná lá oile, ag deunadh seirbhíse is cóir dhuit a dheunadh, muna budh daoine gan chéill iad, agus san ccás so cuir tú féin re na ttoil, do réir cómhairle tathar spioradálta. Ag seo cómhairle mhaith dona lánamhnachaibh pósta. Do thoirmisg Dia san tsean-reacht duine ar bith d'iarraigh fiacha ar fheitheamhnach lá saoire, gidheadh, níor chuir ar an ffeitheamh a fhiacha do dhíol lá saoire má iarrthar air iad. Uime sin ní hiomchubhaidh ceart an phósta d'iarraidh laethe comaoineach ar son nách mór an peaca é. Gidheadh, má hiarrthar é is cóir na fiacha do dhíol agus biaidh luaidheacht aige ar son an díol. A ttús na heaglaise, a naimsir na nApstol agus tréimhse ina dhiaigh, doghnídís na Críostaighthe comaoineach go laetheamhuil ar son go mbíodh drong díobh pósta agus clann dá mbreith dhóibh, agus uime sin adubhairt me nách deunann comaoineacha do dheunadh go minic mí-chómhgar dfhear nó mhnaoi, má tá críonna discréideach. Ní chuirionn galar ar bith corpardha toirmiosg comaoineach do dheunadh má tá an duine saor ó thilgionn. Comaoineacha do dheunadh gacha Domhnach, is riachtanach duine do bheith saor ó an uile pheacadh marbhthach agus ó an uile chlaonadh dochum peacadh sologhtha, agus fonn rótheasaighe corp Chríst do ghlacadh. Acht dochum comaoineach do dheunadh go laetheamhuil is riachtanach do gur chlaoidh sé cheana an chuid is mó dá dhrochchlaontaibh agus ní cóir do tionnsgnadh acht le toil agus le cómhairle hathar spioradálta.
Caib. 21. CIONAS IS CÓIR DUL DOCHUM COMAOINEACH. A nóin an lae roimhe comaoineach do dheunadh dhuit, tionnsgain tú féin d'ullmhughadh red' chroidhe do thógbháil dochum Dé re smaointibh friochnamhach grádhach agus éirghidh (éirigh) as do chodladh níosa luaithe dochum éirghe go moch ar maidin, agus má mhúsglann tu san oidhche, cuimhnigh úrnaigh éigin spioradálta do dheunadh do chuirfios deagh- bholath ar do spioraid dochum céile hanama do ghlacadh, ó sé an tam a mbiaidh tusa ad chodladh a bhiaidh sé sin ina dhúsgadh, réigh dochum iomad tiodhlaicthe spioradálta do thabhairt duit, má tá tusa réigh ullamh dochum a ngabhála uaidh. Éirghidh (éirigh) go moch ar maidin go sólásach lúthgháireach do bhrígh gur rómhór an tiodhlaice atá ar fagháil agat an lá san, agus iar ndeunadh faoisdine dhuit, éirghidh (éirigh) le dóthchus mór maille re húmhlaigheacht inntinne do ghlacadh an bhídh neamhdha so dobhéarfas oileamhuint na marthannacht dhuit, agus iar rádh na mbriathar úd dhuit: “A Thighearna, ní fiú me tú a theacht dom thigh, srl.” ná coruigh do cheann ná do bheul chum úrnaigh ná osnaidh, acht osgail do bheul go macánta measardha, agus tóig do cheann an méid gur riachtanach é, ionnas go ffaicfeadh an Sagart an nídh atá do dheunadh. Annsan glac do Thighearna le creidiomh iomlán, le dóthchus agus le grádh, óir is ionn féin a chreidios tú, agus is as atá do dhóthchus agus is air atá do ghrádh. Tabhair fá dear ionnso, mar doghnídh an bheach, do bhainios sugha maith as bhláth gacha luibhe is feárr dogheibh, nó go ndeunann mil de, agus go ccuirionn í a ttaisge a ccriatharaibh; mar sin doghnídh an Sagart, cuirionn sé Mac fírinneach Dé agus na hÓighe, agus Slánaightheoir an domhain, do thuit mar dhrúcht neamhdha a mbroinn na hÓighe,
agus a tháinigh as mar bhláth fhíoráluinn, cuireann sé é féin asteach ionn do chorp ar ndeunamh comaoineach dhuit. Músgail do chroidhe chum onóra do thabhairt don Rí mór san a tháinigh ar cuiridh (eadh) chughat, agus bí ag trácht arís ar Shlánaightheoir hanama agus tabhair fá dear go ffuil sé ionnat astigh, dochum mórmhaithiosa do dheunadh dhuit. Uime sin coimheud é go grádhach carrthannach agus iomchair tú féin ionn gach aon ghníomh ionnas go mbadh follus go ffuil Dia ina chomhnaidhe ionn do chroidhe dhod' theagasg. An uair nách deunann tú comaoineach go corpardha ag an Aifrionn deuna é go spioradálta ó inntinn re fonn teasaighe tú féin a tháthughadh re corp do Shlánaightheora ionn a ffuil beatha hanama, óir ní cóir dhuit inntinn oile do bheith agat ag deunadh comaoine dhuit, acht tú féin do chur ar haghaidh a ngrádh Dé agus neart agus sólás dfhagháil as. Agus is éigion duit grádh do bheith agat air, ar an adhbhar gurab é an grádh dothug dhuit é. Ní ffuil nídh ar bith is mó ionn ar thaisbeán ár Slánaightheoir a ghrádh fíre féin dúinn ioná san tSacramaint seo, ionn ar úirísligh é féin chomh mór agus san gur chlaochlaigh é féin mar bhiadh dhúinn, ionnas go ttéigheach (dh) a nanamnaibh agus a ccroidhthibh na ccreidmheach, agus go cceanglóchadh ris féin iad go daingeann do-sgaoilte. Má fhiafruigheann duine ar bith dhíot, atá tabhartha don tsaoghal, cread fá ttéighionn chum comaoineach chomh minic agus sin, freagair é ag rádh gurab uime doghnídh tú san, ionnas go ndéantá foghluim ar ghrádh do bheith agat ar Dhia, dochum tú féin do ghlanadh ó gach neamhfhoirfeacht dá ffuil ionnat, dochum saortha ar bhoichteacht hanama, dochum sóláis do fhagháil a naimsir do bhruide agus fortacht do bheith agat a naghaidh gach éagcruais. Abair fós go ffuil dá dhrong de dhaoinibh ann, dár budh cóir teacht dochum comaoineach go minic. Ar ttúis na daoine
atá foirfe do bhrígh go ffuil ullmhughadh maith aca so de ghnáth, agus is olc dodheunfaidís gan taithighe mhinic do dheunadh ar thobar agus ar fhréimh na foirfeachta. Arís na daoine atá neamhfhoirfe, ionnas go ttigidís dochum a bheith foirfe. Fós na daoine láidre d'eagla éagcruais do theacht orra, agus na daoine laga dochum a mbeith láidir, agus na daoine easlána dochum a sláinte dfhagháil. Fós na daoine slána d'eagla a ttuitim a neasláinte, agus tú féin atá neamhfhoirfe, éagcruaidh, easlán agus gurab éigion duit go minic dul go nuige an liaigh dochum foirfeachta agus neirt dfhagháil. Abair mar an ccéadna na daoine is lugha ar a ffuil toirmiosg ó ghnódhaibh saoghalta gur cóir dóibh comaoineacha do dheunadh go minic, agus níosa mhionca do bhrígh go ffuil aimsir aca go leór dochum iad féin d'ullmhughadh. Fós an drong ag á mbíd iomad gnóthaighe, atá an riachtanas céadna orra, mar is riachtanach don mhuinntir doghnídh an iomad saothair biadh substainteach d'itheadh nó do chaithiomh. Abair fós gurab uime dothéighionn tú féin dochum comaoineach go minic, ionnas go m'eól duit an Sacramaint róbheannaighthe seo do chaithiomh go maith diongmhála, mar nách féidir gníomh ar bith do dheunadh go rómhaith agus mar is cóir muna ndeuntar freachnughadh agus gnáthughadh dhe. Mar sin guidhim tú, deuna comaoineach do réir chomhairle tathar spioradálta dhuit, agus creid mar dobhíos an gearr-fhiaidh bán a naimsir sneachtaigh (idh), mar nách bíonn re na fhaicsin ná re na itheadh aige acht sneachta féin, mar sin duitsi, re taithighe chinnte na naomhshacramainte seo, dá glacadh agus dá hadhradh go minic, dogheabhadh (aidh) tu an uile sgéimh rósgiamhach róghlan, agus maith adhbhal, ionnas go mbiaidh tú uile rósgiamhach, róghlan agus rómhaith.
AN TREAS RANN. Ionn a ffuil mórán cómhairleach agus Teagasg maith ar fhreachnughadh na Subháilceadh. CAIBIDIL 1. Don togha is riachtanach do dheunadh ar fhreachnughadh na Subháilceadh. Ní théighionn Rí na mbeach amach go bráth gan an saithe uile do bheith ina thimchioll; ar an módh céadna ní théighionn an Grádh, noch is bainríoghain do na Subháilcíbh, asteach san anam, gan na subháilce oile do bheith mar aon ris, óir isé an Grádh, mar chaptaoin ós cionn soighdiúr, doghnídh freachnughadh orra agus dobheir gníomh dóibh re a dheunamh, ar son nách ar aon mhódh amháin, ná a naoinfheacht, ná a naon aimsir, ná a naon áit a bhíd. Bíonn an fíoraon mar chrann ar bhruach srotha dobheir a thoradh uaidh ina aimsir féin. An tan a doirtear an Grádh ar an anam, dobheir oibreacha gacha subháilce uaidh ionn a aimsir féin, mar adeir an seanfhocal: “Is bínn taithniomhach ceól an oirfidigh acht ní hiomchubhaidh é a naimsir thuirsi ná dobróin.” Is mór an earráid a bhíos ar dhrong de dhaoinibh an tan dobhíd tabhartha do shubháilce éigin speisialta agus gur mian leó freachnughadh do dheunadh dhi san uile am agus ar an uile úcáid, már dobhídís an dís sean-
fhallsamhain dobhíodh a gul nó a gáireadh do ghnáth, agus, nídhis measa ioná san, dobhídís ag munbar ar gach duine nách deunfach (dh) freachnughadh de'n tsubháilce sin do leanaidís féin; acht ní mar sin is cóir, mar adeir an tApstol, acht a bheith súgach ris an mhuinntir atá go súgach agus a bheith tuirseach ris an muinntir atá go tuirseach. Atá an grádh foighdeach, trócaireach, daonachtach, discréideach, agus cuirionn é féin a noireamhuint do gach am mar is iomchubhaidh. Tar a chionn san atáid subháilceadha ann dár féidir freachnughadh do dhéanadh go coitchionn, ní hé amháin leó féin ná go príobháideach, acht doirtid a ccáiligheachta féin ar ghníomh gach subháilce oile. Ní gach aon uair a bhíos aca so a neart nó a meanma nó a mórdhacht do thaisbeánadh. Gidheadh, deighinntinn, measardhacht, macántacht, úmhaile agus a samhuil sin oile de shubháilcíbh, cuirid snuadh agus maise ar an uile ghníomh dá ndeunamaoid. Atáid subháilceadha is uaisle go mór ioná iad so, gidheadh is mó an riachtanas atá re a ffreachnughadh so. Is uaisle an siúcra ioná an salann, gidheadh, is mó an riachtanas atá ris an salann a ccoitchinne ioná leis an siúcra. Uime sin is riachtanach don uile dhuine a bheith foghlumtha go maith ionn sna subháilcíbh geinearálta so, do bhrígh nách fuil aimsir ná áit ionn nách féidir freachnughadh do dheunadh orra. Is é freachnughadh is cóir do gach aon a thogha, cinneadh ar na subháilcíbh atá oireamhnach dá staid féin agus ní hiad na subháilce is mó dochum a ffuil claonadh nó fonn príobháideach aige. Dobhí rófhonn ag N. Paula duadh agus ceusadh do thabhairt dá corp féin, ionnas go ttiubhrach (dh) Dia solas spioradálta dhi. Gidheadh, budh feárr ioná san cómhairle na nUachtarán do leanamhuint. Uime sin adeir N. Jeronimus nách raibh sí ionmholta, do bhrígh, a naghaidh chómhairle a hAthar spioradálta, go mbíodh sí dá crádh féin re hiomarca troisge. Acht isé a
chontrárdha san dorineadar na hApstoil go críona glic, ag dol do sheanmóradh an tSoisgéil agus na beathaidh (adh) neamhdha dhóibh, ar son gur subháilce rómhaith an trosgadh níor mheasadar go mbadh cóir dhóibh féin a bheith ceangailte dhe agus cúram na mbocht agus a sean- móra do léigion díobh. Atá de riachtanas ar gach aon staid freachnughadh subháilceadh éigin speisialta do bheith aige. Gidheadh, ní hionann freachnughadh is iomchubhaidh do Phrealáid Eaglaise agus do phrionnsa saoghalta, ioná do mhnaoi phósta agus do bhaintreabhach, agus ar son gurab iomchubhaidh do gach aon na subháilce uile do bheith aige, ní hionann freachnughadh is cóir a dheunadh orra, acht go prionnsapálta ar na subháilcíbh do bhainios re na staid féin do réir na garma atá aige. Na subháilce nách bainionn re ár staid féin go speisialta, toghamaoid asta na subháilce is oireamhnaighe dhúinn, agus ní hiad na subháilce is mó meas ionnta féin. Measamaoid go coitchionn gur mó an Cometa (réalt lasarach) ioná na réalta oile, agus gur mó an áit a ngabhann do réir breitheamhnais ár súl, ar son nách fuil comóra idir í féin agus na réalta oile ar mheud ná ar cháiligheacht ná ar nádúir, agus isé a reusún so go ffaicthear dhúinn í do bheith mór, do bhrígh go ffuil ionn a neul dlúth reamhar. Ar an módh céadna na subháilce is so-fhaicse dhúinn agus is cómhfhoigse, bíonn meas mór againn orra tar na subháilce is uaisle ioná iad. Uime sin, is mó an meas a bhíos ag an ppobal choitchionn ar dhéirc chorpardha ioná ar dhéirc spioradálta, fós ar throsgadh agus ar chrádh corpardha ioná ar cheannsaigheacht, ar mhacántas agus ar dheighinntinn nó a samhuil oile de shubháilcíbh do bhainios ris an anam, agus atá níos róuaisle ioná iad san. Uime sin, togh duit féin na subháilce is feárr agus ní hiad na subháilce
is mó meas ag daoinibh oile, fós ní hiad na subháilce is coitchinne acht na subháilce is uaisle ionnta féin. Is iomchúbhaidh don uile dhuine freachnughadh subháilceadh éigin speisialta do chur roimhe, ar mhódh nách léigfeadh freachnughadh na subháilceadh oile dhe. Do thaisbéin cailín óg rósgiamhach í féin, maille re soillse gréine ina timchioll, a neudach banríoghna, agus coróin de chrann oladh ar a ceann, d'árd-Easbog Alexandria dárbhainm Johannes, agus adubhairt ris: Mise inghean an Árd- Rígh, agus más mian leat gabháil leam mar charaid dobhéara me leam ar amharc thu. Acht do thuig sé gurab í sin buidhe thrócaireach na mbocht do thaobh Dia ris do bheith ina freachnughadh aige féin, agus do lean di ó shoin amach, ionnas gurab é is ainm coitchionn do Johannes an déircigheach. Duine oile as an mbaile céadna dárbh 'ainim Eulogius, le ar mhian seirbhís éigin do dheunadh do Dhia, acht ní raibh brígh ná neart ionn re ar fféidir leis dol ar an ffásach nó é féin do chur faoi smacht dhuine oile, acht do ghabh chuige dochum a thighe féin, duine bocht dobhí lán do lubhradh róghráineamhuil dochum carrthannachta do dheunadh air, agus chum duadh do thabhairt do féin. Ionnas gur feáirrde dodheunfaidh (adh) sé san, dothug móid seirbhís agus onóir do dheunadh dho mar dodheunfadh searbhfóghantaighe dá thighearna. Acht do ghabh cathughadh an lobhar fá Eulogius do thréigion, agus fós ní lugha re Eulogius fán lobhar do léigion uaidh. Dochuadar araon mar a raibh an tAbba beannaighthe N. Antoin agus adubhairt leó: A cháirde grádhach ná dealaighe (idh) re na chéile óir ní fada uaibh an bás, agus má gheibh Aingeal Dé sibh a naghaidh a chéile, atá sibh a nguasacht mhór (mhóir) bhúr ccoróineach do chailleamhuint. An Rí, Lodobhic, budh ghnáthach leis cuaird ródhíthchilleach do dheunadh ag daoinibh tinne agus friothálamh do dheunadh dóibh re na lámhaibh féin, amhuil do bheith tuarasdal do
ar son a dheunta. Dobhí grádh ag N. Proinsias ar an mboichteacht tar gach subháilce oile, agus do ghoireadh a bhaintighearna féin di. Dobhí N. Doiminic tabhartha do sheanmóir agus as san dofuair a órd ainm agus tiodal. Dobhí N. Greagóir tabhartha ar maith do dheunadh ar dheóraighibh mar dobhí an naomhAthair Abraham, agus is uime sin do ghabh sé Dia féin chuige a riocht deoraigh (idhe). Dobhí Tobias tabhartha d'adhlacadh na marbh. N. Elisabet, ar son go raibh ina hinghean Rígh agus ina bainphrionnsa oirdheirc, ní raibh nídh is mó ionn a raibh fonn aice ioná í féin d'úirísliughadh. Naomh Caitríona Senensis, iar mbás a fir, do chuir sí í féin do dheunadh seirbhíse do dhaoinibh tinne. Adeir Casianus go raibh bean bheannaighthe ag iarraidh úcáide freachnughadh do dheunadh ar an ffoighid agus dochuaidh d'iarraidh cómhairle ar N. Atanasius, agus dothug san a fonn féin di ag cur cúraim bain- treabhaighe boichte uirthe dobhí rófheargach, gearánach, tuirseach do-ionghabháladh, agus mar dobhí sí de ghnáth ag maslughadh agus cáineadh na Maighdine beannaighthe, agus tug úcáid go leór di ceannsaigheacht agus foighid dfhoghluim. Ar an módh so dobhíd searbhfhóghantaighthe dísle Dé, óir bíd drong díobh ag seirbhís d'aos easláinte, drong oile ag fortacht do bhochtaibh, drong oile do dhithleachtaibh agus do bhaintreabhachaibh, drong oile a múnadh (múineadh) an Teagasg Chríostaighe, drong oile ag tarraing na bpeacach dochum slighe a slánaighthe, drong oile ag tógbháil teampoll agus altórach, drong oile ag deunadh síothchána agus réightigh idir lucht éisíodh (éisíthe) agus imreasána. Ionnso do leanaid lorg na muinntire doghníodh brait bhreaghtha re snáithe óir, mar do tharraingid seo re heugsamhlacht ródheis an uile ghné blátha le síoda, le hór nó le hairgiod, ar an adhbhar dobhíos aca. Is mar sin doghnídhid daoine diagha, gabhaid freachnughadh éigin
speisialta crábhaidh chúcha dobhíos mar adhbhar bunadh (aidh) aca. Agus eugsamhlacht gacha subháilceadh oile mar órshnáithe air, agus as a thig go mbíonn gach gníomh dá ndeunaid sárórdaighthe, sárórdha, an tan do tharraingid iad féin dochum na freachnughadh prionnsapálta atá aca, agus mar sin a fhoillsighid an spiorad (aid) mhaith atá aca, amhuil do bheith greas ar an figheadh le síoda, le hairgiod agus le hórshnáithe. An tan do chuirios peaca ar bith cathughadh orainn, gabhamaois chughainn freachnughadh atá contrárdha dho, an mhéid gur féidir linn é, agus tarraingeamaois na subháilce oile do chongamh linn, agus leis sin doracham ar ár naghaidh go mór ionn gach aon tsubháilce. Má chuirionn díomus nó fearg buairt ort claon tu féin dochum a bheith umhal, ciúin, deighinntinneach, agus gach freachnughadh oile gabh chughat iad, mar atá, úrnaigh, Sacra- maint, críonnacht, neart, measardhacht, agus béarfadh (aidh) tu buaidh ar do namhaid. Na muca allta dochum faobhair do chur ar na fiacla fada bhíos aca (stairfhiacla) cumluid (cuimlid) agus líomhthaid iad ris na fiacla oile bhíos aca, ionnas go mbíd iomchubhaidh le géire dochum neithe do ghearraidh (adh) leo. Ar an módh céadna is cóir don duine cráibhtheach do dheunadh, an uair is mian leis a bheith foirfe ionn sa tsubháilce atá ina bhunudhas aige dochum é féin a chomhdach, is cóir dho a líobhthadh agus a gheuradh le freach- nughadh na subháilceadh oile níos líobhsa agus níos dearsgnaidhe. Mar sin a thárlaidh do Job Naomhtha, an tan dorinne freachnughadh rómhaith air féin san ffoighid a naghaidh gach bruide dá ttáinigh air, go ffuair as san a bheith naomhtha go hiomlán, agus ina shompla fhoirfeachta san uile shubháilce. Adeir fós N. Greagóir Nasiansen go tteagmhann do dhuine as aon ghníomh amháin oirdheirc subháilceach do dheunadh, teacht chum a bheith foirfe san uile shubháilce, agus cruthaigheann san re sompla Rahab do
tháinigh ar son oidheachta do thabhairt uaithe, re carrthannacht agus re hiomchubhaidheacht, chum glóire móire agus onóra; gidheadh, is amhlaidh is cóir so do thuigsint an tan do bhíonn an gníomh oirdheirc agus dothig sé as teasghrádh do Dhia agus don ccómharsain. CAIB. 2. Ionn a ttráchtar ar an nídh ccéadna .i. ar togha na Subháilceadh. Do sgríobh N. Abhaistín a náit áirithe go fírinneach, na daoine thionnsgnas iad féin a thabhairt do chrábhadh go ndeunaid nídh éigin earráide ionn a thúis, ionnas dá leantaíghe (dhe) cruadhas dlighe na foirfeachta orra go mbiú iad achmhusán do thabhairt dóibh; gidheadh, atáid ionmholta ar son na ccómhartha dobheirid uatha, ionnas gur mhian leo a tteacht dochum foirfeachta an chrábhaidh agus go mbíd ag iarraigh slighe chuige, agus an eagla ainmheasardha fós dobhíos ar an ndroing do thréigionn go nuadh staid an pheacaidh agus chuirios iomarca sgrupail orra, is ionmholta an tsubháilce ionnta é; agus is cómhartha cinnte é gur mian leó glaine coinsiasa do bheith aca. Acht an eagla chéadna do bheith ar an mhuinntir dochuaidh a ffad ar a naghaidh san ffoirfeacht a seirbhís Dé, ní ffuil ionmholta, óir is grádh clainne ar a nathair is cóir dhóibh seo do bheith aca ar Dhia, agus ní heagla mar do bheith ar shearbhfoghantaighe roimh a thighearna. Dobhí N. Bearnárd ar ttúis róbhorb róchruaidh re gach duine dá ttigiodh fá na chuing agus fá na smacht, dá tteagasg go mbadh chóir dhóibh a ccoirp féin do thréigion agus gan a bheith ionnta acht spioraid amháin, agus an tan doghnídís a ffaoisdin ní bhíodh locht dá loighead ionnta nách ttugadh spreagadh borb geur dóibh ar a shon, ionnas dá mheud sporadh agus brostughadh dá ttugadh do na daoinibh óga
bochta dochum foirfeachta, nách móide dobhádar ag dul ar a ccúl agus a neudóthchas é, óir do chaillidís a misneach agus a neart an tan dochídís iad féin dá ttiomáint ar éigion a ccéim chomh árd, chomh deocamhlach agus san, re baoghal tuitioma. Isé an fonn rótheasaighe dobhí ag an Naomh oirdheirc seo do ghluais é chum gach aoin do tharraint chum foirfeachta iomláine, agus budh mhaith an tsubháilce í, acht ar a shon san ní raibh ionmholta, agus dá bhrígh sin dotháinigh an Tighearna féin chuige agus do chionntaigh an cruadhas mór san, agus do dhoirt spioraid mhaith cheannsa mhilis ionn a anam, ionnas, maille re na chongnamh, gur chlaochlaigh é féin go hiomlán agus dorine féin gearán go minic ina dhiaigh sin ar an iomarca cruadhais dobhí ionn ar ttúis, agus dobhí ó shoin amach ceannsaigh (-sa) dá chur féin le nádúir agus le coimpleisg gach aon duine. N. Jeronimus, iar naithris do go raibh N. Paula ar a raibh róghean aige, chomh tabhartha agus sin do chrádh a coirp féin, nách é amháin go ccongbhaidh measardhacht ionn, acht fós go raibh iomarcach ionn, agus dá cómhairleach ionnas nách geabhaidh cómhairle an Easboig Epiphanius dobhíodh dá thoirmiosg uirthe. Dobhíodh fós chomh tuirseach agus sin fá bhás a cáirde go mbíodh féin a ccontabhairt bháis. Adeir fá dheoigh: Adeirid liom nách mó atáim dá moladh ioná dá ndíomoladh ag sgríobhadh ar a neamhfhoirfeacht, cuirim a fhiadhnaise ar Íosa dá ndeárnaidh sí seirbhís agus dár mian liom féin seirbhís do dheunadh, nách deárnaidh me breug annsúd ná ionnso, acht gach nídh dá raibh agam re na rádh uirthi do chur síos go símplidhe díreach mar Chríostaighe ar Chríostaighe oile. Stair atáim a sgríobhadh agus ní duain mholta, agus na lochta dobhí innte seo, budh féidir leó a bheith ina subháilcíbh a ndaoinibh oile. Isé nidh is mian leis a rádh, na lochta dobhí san mnaoi naomhtha go mbadh subháilcidhe
iad a nduine nách beith chomh foirfe agus dobhí sisi. Mar atá anois mórán de ghníomharthaibh atá ina neamhfhoirfeacht a ndaoinibh foirfe agus gur shubháilceadha iad a ndaoinibh neamhfhoirfe. Is maith an cómhartha ar dhuine ag éirghe dho as easláinte má bhíonn at a ttímchioll a mhúrnadh, óir foillsigheann sé go ffuil brígh ionnsa nádúir, na droch- lionnta do chlaoidh, gidheadh, a ttúis a thinnis is olc an cómhartha é, do bhrígh go ffoillsigheann nách ffuil neart san nádúir na droichlionnta do dhíbirt. Uime sin is cóir dhúinn meas maith do bheith aguinn ar an uile dhuine doghnídh freachnughadh air féin, ionn sna subháilcíbh, bíodh go mbeith neamhfhoirfeacht éigin ina ccumusg, óir ní rabhadar na naoimh féin ar uairibh saor uatha san. Isé do bhaineas linne sinn féin d'iomchur go críonna céillidhe ionnso, agus cómhairle an eagnaidhe do ghabháil .i. gan ró-mheas do bheith againn ar ár ccríonnacht féin, acht cómhairle do ghlacadh ón ttí dothug Dia mar threóruightheoir dúinn. Atáid mórán de neithibh a mheasann an pobal ain-ffiosach do bheith ina subháilcíbh agus nách subháilcidhe iad, mar atá neull spirideálta, taisbeánta iomdha, mothughadh do bheith san duine, comh-cheangal re Dia, taisbeánadh neamhdha agus a samhuil oile sin dfhoirfeacht, ag á ffuil leabhartha líonta dhíobh, ag teagasg cionnas is cóir don anam le radharc na glantuigse amháin, éirghe dochum é féin do cheangal re Dia agus chum céime róuachtaraighe do bheith aige san mbeathaidh spirideálta. Dochímíd anois na grása speisialta so nách subháilcidhe iad, acht luaidheacht dobheir Dia uaidh ar an saoghal so ar fhreachnughadh na subháilceadh, nó comhartha an tsonais shíorruidhe atá chughainn, agus an adhbhar oile dobheirthear do dhuine iad, ionnas go mbeith an uile fhonn agus grádh dá tharraing ar an sólás síorruidhe atá fá na choinne ar neamh. Uime sin ní hiomchubhaidh don nduine a bheith ar a aire na grása
so dfhagháil ná d'iarraidh, do bhrígh nách riachtanach iad dochum an taon nídh is cóir dúinn d'iarraigh, mar atá seirbhís do dheunadh do Dhia agus grádh do bheith aguinn air. Fós ní grása iad is féidir le duine a fhagháil re na dhíthchioll féin, ar an adhbhar nách gníomh acht páis is féidir linn do ghabháil chughainn, is féidir linn féin do dheunamh ionann. Tairis sin isé is scópa dhúinn ionnso, daoine do dheunadh diagha cráibhtheach, agus dá bhrígh sin an uile dhíthchioll do dheunadh ar a bheith amhlaidh, agus más toil le Dia grása agus foirfeacht ainglidhe do thabhairt dúinn, bíodhmaois mar ainglibh maithe, agus go nuige sin deunamaois freachnughadh ar na mionsubháilcíbh d'órdaigh Dia dhúinn re ár saothar féin, mar atá, foighid, ceannsacht, crádh coirp, úmhaile, réir, boichte, geanmnaigheacht, truaigh dár ccomharsain agus iomchur le na neamh-fhoirfeacht, díthchioll agus fonn teasaighe seirbhís do dheunadh do Dhia, agus san do dheunadh go húmhal cráibhtheach, agus fágamaois na grása sármhóra úd ag na hanamnaibh naomhtha, óir ní fiú sinne agus níor thuilleamair céim chomh árd agus sin a seirbhís Dé. Acht ní hé (sin) amháin, is mór an sonus dúinn má doghníodhmaoid seirbhís ar bith dá tharcaisnighe nó dá uirísle dho, dochum a ghrása do thuilleamhuint ar mhódh éigin, aige féin atá, ina dhiaigh sin, ár léigeann asteach ionn a sheomra nó dá chómhairle phríobháidigh. Bíodh a fhios agat fós, an Rí glórmhar úd, nách do réir na dignite ná dignite na hoifige bhíos ag neach dobheir tuarasdal do, acht do réir an ghrádh agus na húmhaile re a ndeunann an oific atá de chúram air. Saul, ag iarraidh asal a athar, dofuair sé ríoghacht Israel. Rebecca ag tabhairt dighe uisge do chamal Abraham dofuair a bheith ina mnaoi ag á mhac. Rút, ag tiomsughadh dias a ndiaigh meithle Bhoos, agus í ag codladh fá na chosaibh, do chuir le na thaoibh í agus do phós í. Is dearbhtha gidhbé ar bith re ar mian teacht dochum na neithe neamhghnáthaighe ar ar labhramair
shuas, go ffuil a mbaoghal an diabhal dá mhealladh re cluain agus re cleasuigheacht. Teagbhann go measaid daoine iad féin do bheith ina nAinglibh, agus nách bíd ná ionn a ndaoinibh maithe, agus gur mó an tromdha agus an tais- beánadh dobhíonn ionn a mbriathraibh agus ionn a módh labhartha ioná bhíonn ionn a niomchur, nó bhíonn ionn a ccéadfadh ioná ionn a ngníomh. Acht ní cóir breitheamhantas meardhánta do thabhairt ar nídh ar bith, ná toighbhéim, acht Dia do mholadh ar son na ngrás agus na mórshubháilceadh dothug do dhaoinibh oile, agus leanamaoisne dár slighe ísioll chaomhanta féin, agus gé gurab í is lugha is oirdheirc, isí is iomchubhaidh dár staid uirísioll, agus má leanamaoid di go dílios úmhal, dobhéarfadh (faidh) Dia grása móra fá dheoigh dhúinn. CAIB. 3. Don Fhoighid. Atá an fhoighid riachtanach aguibh ionnas go ttugadh sibh libh an nídh do gealladh dhíbh. Ag so briathra fírinneacha an Apstoil, óir mar adubhairt ár Slánaightheoir Íosa: Ionn bhúr ffoighid atá seilbh bhúr nanamann féin aguibh. Is adhbhal an mhaith do dhuine seilbh a anama féin a bheith aige agus ní ffuil dá mheud do bheith an fhoighid aguinn nách móide atá seilbh ár nanaman aguinn é. Smaoin go minic gur le foighid agus le fulaing do shlánaigh ár tTighearna sinn, agus as san is iomchubhaidh dhúinn ár slánughadh síorruidhe féin do shaothrughadh agus re na iomchur go foighdeach deaghthoiltionnach gach saothar, gach bruid, gach ceusa, gach eugcóir agus gach nídh contrárdha dá tteagbhann dúinn. Ná ceangail foighid don nídh seo ná don nídh úd oile, acht sín í dochum an uile bhuaidheartha agus trioblóide dá léigfeas Dia ort. Atáid daoine ann nách mian leó nídh ar bith dfhulaing go foighdeach muna raibh a nonóir féin air, mar atá, cneadh dfhulaing a ccath nó a ccómhlainn
nó a ngabháil a ccath, nó a ccúis do chailleamhuint ar son a ccreidimh, bíodh gurab aca dobhí an ceart agus gur bochtanuigheadh iad. Acht iad so, ní foighid a bhíonn aca san ttrioblóid acht grádh a bhíonn aca ar an onóir a thig dhóibh aiste. Acht searbhfoghantaighe dílios Dé, atá foighdeach dáríribh, óir is comh-ionann iomchras gach buairt dá ttig air, bé aca onóir nó mí-chlú atá ceangailte dhi, masladh, fós tarcaisne agus toighbhéim dfhagháil ó dhroch- dhaoinibh, isé is taithniomhach re na mhór-chroidhe uasal, acht toighbhéim agus tarcaisne dfhagháil ó na ghaol agus ó na cháirde, go maith foighdeach, is gníomh dhuine rófhoirfe é. Is mór an meas is cóir a bheith ar cheannsaigheacht agus ar fhoighid N. Carolus Boromeus d'fhulaing aimsir fhada re hachmhusánaibh geura a sheanmóntaighe oirdheirc d'Órd Riaghalta, go poiblidhe as a chathaoir, ionnas gur mó do thaisbeán a shubháilce féin ionnsan ioná ionn gach buairt oile dár fhulaing. Óir mar is mó an nimh dobhíos a ccealg na mbeach ioná na ccuileóg, mar an ccéadna is mó an masla dogheibhthear ó dhuine mhaith ioná masla oile. Teagbhann go minic, dias de dhaoinibh maithe a bheith bun-ós- cionn dá chéile agus gach aon díobh ag leanmhuint a bhreith- eamhnais féin agus ag meas go ffuil an dara duine ar seachrán. Is cóir dhúinn a bheith foighdeach, ní hé amháin san ccás prionnsapálta do theagmhas dúinn, acht fós ionn gach nídh oile do leanas de. Is iomdha daoine le ar mhian olc dfhulaing agus diomchur acht gan díoghbháil ar bith do theacht dóibh as. Uime sin adeir duine, ní cás liom me féin do bheith bocht, gidheadh, cuirionn orm go mór nách féidir liom maith do dheunadh dom cháirdibh ná mo chlann do thógbháil suas go honóireach agus beatha mhórdhálach do bheith agam féin. Agus adeir duine oile: Ní cás liom a bheith bocht acht go measaid na daoine gur trém' chionnta féin atáim amhlaidh. Bíonn lúthgháir ar dhuine oile go labharthar go holc air, agus bíonn foighid
aige leis an anchainteach acht gan duine ar bith dá chreideamhuint. Bíonn foighid ag daoinibh oile a ccásaibh ar son go ttig doilghíos nó dochar dóibh asda acht ní bhíonn ionn gach aon chás. Bíonn foighid aca ris an ttinnios agus goillionn orra gan airgiod do bheith aca dobhéarfadaois don liaigh, nó ar son na muinntire atá ina ttímchioll do bheith míchiúin. Adeirim, umurro, gur cóir dhúinn iomchur go foighdeach ní hé amháin an tinneas do léigfeas Dia orainn, acht fós gurab é a leithéide sin de thinnios do léig orainn mar budh mhian leis féin, agus ionn san áit agus idir an chómhluadar budh mhian leis, maille re gach mí-chómhgar oile budh thoil leis agus mar sin do gach trioblóid oile. Gidhbé aicíd do theagbhas dhuit deuna díthchioll do réir thoile Dé, ar a chur dhíot, agus gidhbé le ar mian a atharughadh san do dheunadh do chuirfeadh cathughadh ar Dhia. Agus iar ndeunamh an díthchill sin duit cuir tu féin ar láimh Dé má sí a thoil an liaighios do bhreith buaidh ar an ngalar, agu sin go ró-úmhal, nó má sí a thoil an galar do bhreith buaidh ar an liaghios, tabhair buidheachas mar an ccéadna do Dhia go foighideach. Gabh cómhairle N. Greagóir má dogheibh tu spreagann fá na cionntaibh dorinne tu, uirísligh tu féin go húmhal agus admhaidh go hullamh gur thuill tu an timdheargadh san dfhagháil, nó más breug atá dá chur ort, gabh do leithsgeul go hiomchubhaidh ag foillsiughadh nách deárnadh (aidh) tu na cionnta san, ar an adhbhar gur cóir an onóir seo do thabhairt don fhírinne agus do dheaghshompla ár ccómharsan. Acht má leantar ag deunadh gearáin ort déis do leithsgéil do thabhairt uait go fírinneach, dlis- dionnach, ná cuireach (dh) róbhuairt ort, agus ná deuna ródhíthchioll ar iad dhod chreideamhuint, acht mar dothug tu a cuid féin don fhírinne tabhair a ccuid féin don cceannsacht agus don fhoighid. Ar an módh san ní dheunfair dochar dod' chlú, dho tonóir, dhod' chéim, dhod túmhladh ná dho tfhoighne.
Ná deuna mórán gearáin fán eugcóir do dheunadh ort, óir is annamh doghnídhthear an gearán san gan peacadh, ar an adhbhar go ttugann ár ngrádh féin orainn a mheas go ffuil an eugcóir níosa mhó agus níosa throime ioná atá sí innte féin, agus mar sin gabhmaoid chughainn go holc í. Roimh an uile nidh bí ar do choimeud gan gearán do dheunadh re daoinibh a bhíos claon chum feirge nó chum oilc do dheunadh. Más iomchubhaidh an gearán do dheunadh, deuna é re daoinibh síothchánta socra ag á mbí grádh Dé, agus re ar féidir cómhairle mhaith do thabhairt duit fá liaighios agus fá shólás inntinne a naghaidh na buaidheartha atá ort. Ar mhódh oile ní thiubhraid sólás ná eudtroma inntinne dhuit, acht cuirfid níosa mhó de bhuairt agus de mhí-chiúnas ort, agus ní hé amháin ná bainfid an dealg atá dhod ghortughadh as do chois, acht go ccuirfid innte níosa dhaingne é. Mórán de dhaoinibh, an tan bhíos tinnios nó buairt orra nó fhullaingid eugcóir, ní mian leo a fhoillsiughadh d'aoinneach, ionnas nách ttaisbeánfadaois a maothchroidhe féin, do bhrígh go measfaighe go mbadh chómhartha droch- mhisnigh agus neamhuaisle sin do dheunadh, acht ar a shon san budh mhaith leó agus doghnídhid díthchioll cách do tharraint chum truaighe do dheunadh dhóibh, agus ní hé amháin a mheas go bhfuil buaidhirt orra acht fós go ffuilid foighdeach deighmhisnig. Is foighid sin acht ní foighid fhírinneach í, óir ní ffuil innte dáríribh acht fonn geur- chúiseach glóire dhíomhaoine. “Atá glóire aca,” ar an tApstol, “acht ní do réir Dé.” An duine fíorfhoighdeach ní dheunann gearán ar an duadh dobhíos air, agus ní bhíonn ina chás air gan duine oile dá eugcaoine, agus ní labhrann air acht go réigh, símplighe fírinneach gan iomarca briathar, agus má ghnídh duine eile truaigh dho éisdionn go ciúin foighdeach ris, muna nabradh sé locht do bheith
air nách ffuil fírinneach, óir ionnsan, cuirionn a ccéill go macánta nách fuil an locht san air, agus mar sin congmhann meodhain idir an fhírinne agus an fhoighid ag admháil na duaigh atá air agus gan gearán do dheunadh ar a son. Ionn gach dócamhal dá tteagmhann dhuit a ffreachnughadh an chrábhaidh cuimhnigh ar bhriathraibh ár tTighearna mar a nabair: an tan dobhíos bean a breith chlainne go mbíonn doilghíos uirthe, do bhrígh go ttáinigh a haimsir, acht iar bhreith mic di ní chuimhnigheann ar an mbruid dobhí uirthe. Do ghabh tusa ann tanam an Mac is uaisle dá ttáinigh ar an ndomhain riamh .i. Íosa Críost, agus roimh a bhreith dhuit go hiomlán, ní féidir dhuit gan doilghíos mór agus bruid do bheith ort, acht glac misneach ionnso, óir déis an dóláis sin dogheabhaidh tú sólás síorruidhe do chion gur rug tú an toirchios beannaighthe sin, agus isé uair dobhéarfas tu é go hiomlán an tan fhoillseóchas tu ó chroidhe agus ó ghníomh go ffuil tu ag leanmhuint a bheathaidh (adh). An tan a bhias tu tinn, gach doilghíos, gan pian, gach laige dá mbiaidh ort, foráil iad dochum grádh Dé agus a sheirbhíse, agus guidh é fá iad san do cheangal ris na pianaibh dfhulaing Críost ar do shon. Deuna réir an liaigh, gabh gach biadh agus gach liaighios dobhéarfadh (aidh) sé dhuit ar son ghrádh Dé, maille re cuimhne do bheith agat ar an ndomblas do bhlais sé ar do shon, agus nár budh mian leat sláinte dfhagháil acht amháin dochum seirbhíse Dé do dheunadh, nó má sí a thoil tinnios do léigionn ort gabh chughat go maith é dochum réire Dé do dheunadh, agus más mian leis tu dfhagháil bháis, ullmhaigh tu féin dochum a bheith ag moladh Dé ar neamh tré bhioth shíor. An uair a bhíd na beich ag deunadh meala ithid sugha searbh, ar an módh céadna ní féidir linne mílseacht agus foighid nó mil shubháilceach oirdheirc do chruinniughadh níos feárr ioná an tan itheamaoid biadh searbh na bruide agus na páise, agus mar nách fuil mil is feárr ioná an mhil do
cruinnighthear as bhláth na tíme .i. luibh ísiol róshearbh, mar sin ní ffuil subháilce is uaisle ná is oirdheirce ioná an tsubháilce ar a ndéantar freachnughadh a naimsir ár mbruide, ár mbuaidheartha agus gach tarcaisne dá mheud. Feuch re súilibh na tuigse Íosa Críost san ccroich agus é nochtaighthe le naomhaithis, arna nuadhlagadh re cionntaibh breugacha, arna thréigionn ó an uile dhuine agus gan gné bhuaidheartha, doilghis ná bruide ar bith nách ttáinigh air; agus feuch gach pian dá ffuil ort féin, nách compráid iad a ccáil ar bith re na phianaibh sion, agus nách féidir leatsa nídh ar bith dfhulaing ar a shon, agus gur mó ioná san dfhulaing sé re grádh ar do shonsa. Smaoin arís ar na piantaibh dfhulaingeadar na Mairtíreacha, agus fós ar na piantaibh dfhulaingid mórán anois féin, agus admhaidh go fíor nách fuil comóra ar bith ag an nduadh atá ort féin leo agus abair: Ní ffuil ionn mo shaotharsa acht sólás, ná ionn mo phianaibh acht sámhas má chuirim a ccompráid iad re pianaibh na muinntire atá gan sólás ar bith agus fós gan congnamh gan osadh, ag fagháil bháis do ghnáth dá cceusadh féin gan chrích gan fhoirchionn. CAIB. 4. Don Úmhaile is cóir dhúinn a bheith ionn ár ngníomharthaibh corpardha. Adubhairt Eliseus le baintreabhach (aigh) bhocht (bhoicht) éigin mórán de shoighthighibh folmha d'iarraidh ar a cómharsanaibh agus ola do chur ionnta. Gidhbé re ar mian grása Dé do ghabháil ionn a anam is riachtanach dho é do bheith folamh ó an uile ghlóir dhíomhaoin. Atá eun beag ann darab ainm a Laidion (in) Tiniculus, agus an tan dochídh éin chraosacha ar bith léigidh srótha as agus brígh fholuighthe a nádúire, chuirionn eagla orra. Uime sin bíos gean ag na colmaibh air tar gach eun oile, óir measaid
nách ffuil baoghal orra an feadh a bhíos ina ccuideachta. Mar an ccéadna cuirionn an úmhluigheacht an diabhal ar tteitheadh agus coimheudann grása agus tiodhlaicthe an Spiorad (aid) Naomh ionainn. Uime sin dorinneadar na Naoimh uile agus Rí na Naomh .i. Íosa Críost, agus a Mháthair bheannaighthe, freachnughadh speisialta ar an tsubháilce oirdheirc seo thar an uile shubháilce morálta (deighbheusach). Is do ghoirim glóir dhíomhaoin .i. an ghlóir iarramaoid dhúinn féin ar son na neitheann nách fuil aguinn, nó má atáid aguinn nách uainn féin atáid, nó fós má táid aguinn uainn féin, nách fiú iad glóir ná díomus do dheunadh asta. Uaisle fola, fadhbhar daoine móra, onóir an phobaill ní hionnainn féin atáid sin acht ionn ár sínsioraibh. Bíd daoine oile ag deunadh uabhair ar son go mbíd eachraighe maithe aca, nó go ffuil suathantas ar a hataighibh nó ar son éadaighe breághtha do bheith orra, acht cia nách ffaicionn gur mór an éigcríonacht san, óir gidhbé nídh a bhias ionnta san, ní do neach ar bith is cóir í, nó don eun ionn a raibh an cleite, nó don táilliúir dorinne an teudach. Nách truaillighe tarcaisneach do dhuine gan de chlú nó de ghlóir a bheith aige acht mar dogheibh ó each, ó chleite nó ó éadach? Aibíd dhaoine oile, ag deunadh glóire díomhaoin as fhéasógaibh deasa a bhíos go caoin cíortha, as ghruaig cuirmnig, as lámhaibh fíneálta, as damhsa cliste, as imirt nó as chantaireacht? Nách gan chéill a bhíd seo uile? Ag iarraigh clú nó moladh dhóibh féin as nidhthibh chomh díomhaoin leó san. Daoine oile, ar son má tá aon onnsa amháin de leughan aca gur mian leó onóir agus meas do bheith ag gach aon orra, agus iad a theacht do dheunadh cómhairle leó amhuil go mbadh oracail iad, agus foghluim do ghlacadh uatha amhuil agus go mbadh dochtúirighe iad. Budh leór dhóibh leanaba do theagasg. Measaid daoine oile gur cóir onóir agus grádh
do bheith orra ar son sgéimhe a ccoirp, acht ní ffuil ionnta so uile acht neithe díomhaoine éigcríonna nách bainionn re cúis, agus an ghlóir dogheibhthear asta níl innte acht glóir dhíomhaoin, éigcríonna, amadánach. Aitheantar an mhaith fhírinneach ar an módh ar a naitheantar an balsom maith. Isé módh ar a naitheantar an balsom fíor, braon ar bhraon do dhortadh a nuisge dhe, agus má théid ar íochtar is balsom maith uasal é. Mar an ccéadna dochum an duine críonna, foghlumtha, uasal deighinntinneach do aithniughadh, níl acht feuchain ar a ghníomharthaibh, a ttaisbeánaid úmhaile, uaisle, macántacht, agus má táid sin ceangailte dhe is dearbh go ffuil go maith, acht má tá ag snámh ar uachtar agus é ag iarraigh éirghe ar uachtar agus é féin do thaisbeánadh ní deagh- oibreacha fíora iad. Na péarlaidhe a geintear a naimsir stoirme nó tóirnighe, bíd croicinn phéarladh orra acht ní bhíonn substaint ar bith astigh ionnta. Mar sin do na subháilcibh, cáiligheachta maithe na ndaoine agus tiodhlaicthe na nádúire; más re gaoith na glóire díomhaoine nó an díomuis do geintear iad nó doghnídhthear a noileamhuint, níl ionnta acht sgáile na maithiosa, agus astigh atáid gan chnáimh, gan sugha, gan smior. Atáid onóir, tiodail, gairm, céim agus dignit cosmhúil ris an ccrócha, óir is móide fhásas má saltrar (sataltar) air. Is breágha duine do bheith onóireach, gidheadh, má tá ag deunadh uaille as a ghné, ní ffuil acht glóir dhíomhaoin ann. Óir, ionnas go mbeith grása ag an sgéimh agus meas do bheith uirthe, ní cóir an cúram san do bheith ina tímchioll. Mar sin don fhoghluim cuirionn gráin agus mí-ghean ar na daoinibh doghní uaill aiste; ní bhíonn meas daoine foghlumtha orra an tan do chuirid duadh nó saothar orra féin ag iarraidh onóra, céime, garma nó áit suidhe, agus ní hé amháin acht go ccuirid a meas agus a cclú féin fá bhreitheamhnas agus chonspóid dhaoine oile agus doghnídhid
iad féin truaillighe tarcaisneach. An onóir dogheibhthear gan iarraidh atá sí onóireach, acht má gheibhthear le saint agus le saothar í atá sí truaillighthe salach. An phéacóig (óg), an tan a thaisbeann a hearboll taisbeánann don mhuinntir a bhíos ina diaigh na dathanna breághtha bhíos ionn a cleiteachaibh, agus don mhuinntir a bhíos ar a haghaidh gach mísgéimh dá ffuil innte. Bíonn an rósa sgiamhach an feadh dobhíonn ar an ccrann, gidheadh, má bhíonn a ffad ionn do láimh seargfaidh sé. Adeirthear gidhbé mhothuighios bolath an toradh (tortha) dá ngoirthear Mandagrósa a ffad uaidh go mbíonn róshámh, acht má bhíonn a ffogus do tamall, go mbainionn a bhrígh as an nduine agus go ccuirionn codla agus galar air. Mar sin dobhíonn an onóir. An tí dogheibh a bolath a ffad uaidh agus go héadtrom, dogheibh sólás aiste, acht an mhuinntir a bhíonn dá hiarraidh le duadh agus le saothar, agus dogheibh fonn mór agus taithniomh innte is mí-chlú agus tarcaisne dogheibhid aisti fá dheoigh. Fonn agus grádh na subháilceadh isiad doghnídh an duine go maith, agus fonn na honóra doghnídh an duine tarcaisneach lochtach. Uime sin, an inntinn uasal, tar an ccéim is dual di, ní bhíonn cás ar bith aice a nonóir bhréige ná a nglóir dhíomhaoin éigcríonna, óir ní bhíonn fonn ionnta san acht ag daoine baotha gan chéill. Gidhbé re ar féidir péarlaidhe dfhagháil ní chuirionn sé ualach sligeán (sliogán) air féin. Mar sin, gidhbé re ar mian a bheith subháilceach ní chuirionn saothar ar bith air féin ag iarraigh glóire dhíomhaoine. Is féidir le gach aon imtheacht do réir a ghraduim agus a áite suidhe féin, agus fuireach innte agus gan subháilce na húmhlaigheachta do chailleamhuint, acht sin do dheunadh go hiomchubhaidh gan chonspóid re haon duine. Na ceannaighthe dothig as an India don Eóruip, maille re hór agus le hairgiod do thabhairt leo, dobheirid ápaighe agus pioróidighe leó dogheibhid ar
shaorluach, do bhrígh nách bíd na nualach trom ionn a loing; mar an ccéadna gidhbé re ar mian a bheith subháilceach ní ffuil toirmiosg air a ghradam agus a onóir féin do ghlacadh más féidir leis a dheunadh gan bhuairt, gan trioblóid, gan chonspóid, gan chointinn, gan díoghbháil oile do theacht do as. Ní ffuilim a labhairt ionnso ar an muinntir a ccásaibh áirighthe a mbainionn a nonóir agus a ndignit ris an mhaith phoiblighe, ná fós ar dhaoinibh príobháideacha as a ttiucfadh olc nó maith dhóibh, óir is féidir le gach aon duine ionnta so a cheart féin do leanmhuint agus do chomhdach go críonna discréideach maille re carrthannacht agus le macántacht. CAIB. 5. Don Umhaile inmheodhannach is cóir dhúinn a bheith aguinn ionn ár ccroidhthibh agus ionn ár ninntinn. A ndubhramair go nuige seo is iomchubhaidh eagna nó críonnacht do ghairm de ioná úmhluigheacht. Uime sin is cóir dhúinn tuille do labhairt ar shlighe na humhluigheachta. Bíd daoine ann nách lámhann na grása dogheibhid go príobháideach ó Dhia a thabhairt fá ndear ná smaoineadh orra ar eagla glóire dhíomhaoin a ghlacadh asta. Acht atáid ar seachrán go mór, mar adeir an dochtúir Naomhtha N. Tomás. Isí an tslighe fhírinneach re teacht dochum grádh Dé, na tiodhlaicidhe neamhdha do thabhairt fá ndear go grinn, do bhrígh dá mhéad dobhéaramaoid dár naire iad agus a smaoineóchamaoid orra, gurab amhlaidh is móide théighmíd ar ár naghaidh a ngrádh Dé, agus mar is mó a ghluaisid na tiodhlaicthe príobháideacha ioná na tiodhlaicthe poiblidhe coitchionna is móide is cóir iad so a thabhairt fá ndear agus meas a bheith orra. Is dearbhtha nách fuil nídh ar bith as ar córadh dhúinn sinn féin d'umhlughadh a ffiadhnaise Dé ioná meud na ttiodhlaicthe dothug
dhúinn, mar nách ffuil nídh ar bith is mó dobheir táire agus tarcaisne dhúinn a ffiadhnaise Dé ioná meud ár ccionnta agus ár ndrochghníomhartha. Uime sin tugamaois dár naire cread dorinne Dia ar ár son agus gach a ndeárnamairne a naghaidh Dé; agus ar smaoineadh dhúinn ar ár bpeacadhaibh féin fá seach, tugamaois fá ndear gach grás agus gach tiodhlaicthe dá ffuaramar ó Dhia. Ná bíodh eagla orainn go ccuirfeadh cuimhne na ngrás dothug Dia dhúinn díomus orainn, má bhíonn cuimhne againn do ghnáth nách uainn féin atá maith ar bith aguinn. Bíonn múinle na mbeach bruideamhuil dá uaisle ualach do cuirfighear air. Godé an nídh atá aguinn, ar an tApstol, acht an nídh dotugadh dhúinn nó fuaramair? Agus má sé a thabhairt dúinn dorinneadh, cread dobheir ag deunadh glóire as sinn amhuil agus gur uainn féin do bheith aguinn? Má bheireamaoid fá ndear go beodha fírinneach na grása fuaramair is éigion dúinn buidheachas do thabhairt ar a son. Má dothig gaoth ná glóire díomhaoin orainn an tan do smaoinigheamaoid ar thiodhlaicthibh Dé dúinn acht atá liaighios againn do láthair ar a naghaidh sin .i. ár mí-chumann, ár neamhfhoirfeacht agus ár lochta féin do chur ós cuinne (co-) ár súl. Agus má bheireamaoid dár naire cread dorinneamair an uair nách raibh Dia linn dochífeam go maith gach nídh dá ndéanamaoid an feadh do bhíos a chuidiughadh linn. Fós nách uainn féin dothig aon nídh dhe, agus is annsan amháin do bhaineamaoid toradh agus tairbhe as thiodhlaicthibh Dé dhúinn an tan dobheireamaoid glóir, onóir agus moladh dho féin ar a son. Mar sin dorineadh Máthair Dé, Muire, ag admháil go ffuair tiodhlaicthe móra ó Dhia dochum í féin dhúmhlughadh, mar adeir féin ag rádh: Adhmholaidh m'anam Dia do bhrígh go ttug tiodhlaicthe móra dhom. Adeireamaoid go minic nách ffuil ionnainn acht neamh-nídh, boichteacht, truaillighteacht agus sgéim na talmhonn, acht do bheith doilghíos orainn dá
nabradh duine oile na briathra céadna linn go coitchionn, agus ní hé amháin acht go léigfeamaois orainn a bheith ag teitheadh agus dár cceilt féin, ionnas go mbeidís dár niarraidh, agus iomchramaoid sinn féin amhuil agus go mbadh mhian linn a bheith ár ndaoinibh déigheannacha, ár suigheadh ar earboll bóird, agus isí críoch a bhíos againn, meas do bheith ag cách uile orainn. Acht an duine fíorumhal ní chumann sé é féin do bheith umhal, agus ní thaisbeánann sé ó ghníomh ná ó bhréithir, agus ní cheileann sé fós na subháilcidhe oile agus mar atáid ionn a inntinn. Fós dá mbadh ceadaightheach do dhuine umhal breug do dheunadh, nó nídh do chumadh, nó sgannail do thabhairt dá chómharsain, nó gníomh meardhánta andóthchaiseach do dheunadh dochum na humhaile do cheilt. Uime sin is maith an chómhairle dhúinn gan mórán do labhairt ar ár númhluigheacht féin, nó má labhramaoid, tigiodh ár mbriathra agus ár ccroidhthe re chéile, agus ná bíodh ár cceann crom ag feuchain ar an ttalamh muna raibh ár ccroidhe ag feuchain ar Dhia go haireach. Ná léigeamaois orainn gur mian linn an áit is úirísle do bheith againn, muna bhfuil ár ninntinn leis. Measaim fós an riaghail seo do bheith chomh geinearálta agus san nách ffuil athsgrúdadh ar bith uaidh. Cuirim ris sin ó shirialtacht gurab iomchúbhaidh ar uairibh, an chéad áit dfhuláiriomh ar an mhuinntir nách geabhaidh í, agus ní humhluigheacht bréige sin .i. an áit is onóirighe dfhuráil orra, agus ní ffuil ann acht taisbeánadh go ffuil fonn orainn onóir éigin do thabhairt dóibh, ó nách féidir linn an tiomlán do thabhairt dóibh. Uime sin ní holc donídh an tí dfhuráilios cuid éigin di. An meas céadna atá agam ar mhórán de bhriathraibh onóireacha a deirthear le macántacht re duine oile, ar son nách ffaicfeadh iad do bheith rófhíor ionnta féin, má sí inntinn an tí atá dá rádh, onóir dáríribh a thabhairt don dara duine, do bhrígh, ar son go mbeith breug éigin ionn sna briathraibh féin, más
gnás choitchionn é, ní ffuil locht ionnta. Ar son gur mhó budh hiomchubhaidh, do réir na humhaile fíre símplidhe, gan nídh ar bith a rádh acht do réir mar atá san ccroidhe agus ionn san inntinn. An duine umhal dáríribh, budh feárr leis daoine oile dá lochtughadh ag rádh: nách fiú nídh ar bith é, agus más feas do gurab é sin meas atá ag cách uile air, ní chuirionn ina naghaidh, acht dothig leó go toiltionnach, agus fós bíonn lúthgháir air an meas atá aige féin air, do bheith ag cách uile air. Adeir daoine nách fiú iad úrnaigh ná Athsmaoineadh inntinne do dheunadh, agus gurab ris na daoinibh atá foirfe do bhainios san. Duine oile nách deunann comaoineach go minic adeir nách faghann sé é féin glan ná iomchubhaidhe chúiche. Daoine oile nách deunann comaoineach, do bhrígh go ffuilid claon chum peacaidh do dheunadh agus d'eagla tarcaisne a thabhairt don ccrábhaidh (adh) fhírinneach. Ní háil le daoinibh oile an tallann atá aca do chaithiomh le seirbhís Dé ná na cómharsan, ag rádh nách feas dóibh measardhacht do chongbháil, agus go ffuil eagla orra dá ndeunadaois maith ar bith, nó dá ttugadaois teagasg do dhaoinibh oile go ngeabhadh uabhar as san iad, nó go ndéanadaois peacadh. Níl ionnta so uile acht cumadóireacht agus umhluigheacht bhréige mhailíseach, re a léigid orra féin agus le na ttugaid go geurchúiseach tarcuisne agus neamhshuim ar na neithibh do bhainios re Dia, nó gur mian leó an grádh bhíonn aca ar a mbreitheamhnas féin agus ar a cclaontaibh, ar leisge agus ar uabhar, bheith ag iarraidh iad féin dfholacha (dh) faoi bhrat sgiamhach na húmhaile. “Iarr cómhartha dhuit féin a níochtar ifrinn nó a nuachtar neimhe ar do Thighearna Dia,” ar an Fháidh Isaias ag labhairt leis an rígh mallaighthe Acas, agus dfhreagair sé sion ag rádh: Ní iarrfad agus ní chuirfead cathughadh ar mo Thighearna. Feuch ionnso an duine mallaighthe ag leigean air féin gurab le reverens do Dhia agus fá bhrat úmhaile
nách áil leis na grása atá Dia dfhuláiriomh air do ghabháil nó diarraidh. As so thuigeamaoid an uair is mian le Dia grása do thabhairt dúinn gur mór an tuabhar a thiodhlaicthe do dhiúltadh nó cur suas dóibh. Tairis sin is maith an cómhartha umhluigheachta agus réire Dé do dheunadh, ár ttoil féin do chur le na thoil sin, an méid gur féidir linn é. Is í toil agus mian Dé sinn do bheith foirfe agus sinn féin do cheangal ris agus a lorg do leanmhuint mar is feárr is féidir linn. An duine díomasach do chuirionn a dhóthchus uile ionn féin, ní ffaghann aige féin nídh maith ar bith do thionnsgnadh, acht an té bhíos úmhal, glacann misneach agus dá mheud do mheasann é féin a bheith gan bhrígh ar bith, is móide a bhíonn sé dána neartmhar é, do bhrígh go ffuil a dhóthchus uile a nDia, re mian a mhórchomhacht san do thaisbeánadh an tan is eugcruaidh sinn, agus a mhórthrócaire an tan is mó ár riachtanas. Uime sin tionnsgnamaois go húmhal deighmhisnigh gach nídh do dheunamh a bhainios re ár maith féin agus re sláinte ár nanaman do réir chómhairle agus bhreitheamhnais ár ttreóruightheóra spioradálta. A mheas go ttuigionn tu an nídh atá a nainffios ort, is amadántacht follas é .i. a leigionn ort féin fios neitheann do bheith agat nách feas duit, is díomhaoineas gan chéill é, agus ní hé amháin ní hiomchubhaidh duit an teolus atá agat go cinnte a leigionn ort go minic, agus go speisialta gan a leigionn ort ar aon chor an nídh atá a nainffios. Dá bhrígh sin, do réir riaghlach na carrthanachta, léig re do chómharsain go muinnteardha díreach, ní hé amháin gach nídh is riachtanach dochum teagaisg a thabhairt do. An umhluigheacht do cheilionn na subháilceadha dochum a ccoimeádta, an tan iarras an charrthannacht, foillsighidh agus taisbeánaidh iad, ionnas go meudóchaidh iad agus go ttugadaois a ttoradh ionn a nam féin; ionnas gur cosmhúil an umhluigheacht leis an ccrann fhásas
a nínse díle, a dhruidios san oidhche an bláth breágh dearg dothig air, agus nách osglann é go héirghe gréine, ionnas go nabraid daoine an oileáin go mbíonn ina chodladh san oidhche. Mar an ccéadna don úmhaile, a folcadh gach subháilceadh (ce) agus gach foirfeacht dhaonadh dá mbíonn san nduine, agus ní thaisbeánann agus ní nochtann iad acht an tan iarrann grádh Dé nó na cómharsan é. Is subháilce neamhdha an grádh agus ní subháilce dhaonda; ní subháilce morálta fós é, acht subháilce diagha, ar mhódh gurab é an grádh grian agus tighearna an uile shubháilce oile, ionnas nách fíorúmhluigheacht úmhaile ar bith muna raibh cceangailte ris an ngrádh. Ní hiomchubhaidh do dhuine é féin do thaisbeánadh go heagnaidhe ná go héigcríonna, óir má chuirionn an úmhluigheacht toirmiosg air é féin do thaisbeánadh éigcríonadh, cuirionn an tsímpligheacht ghlan d'fhiachaibh air gan a leigionn air go ffuil éigcríonna, agus mar atá an ghlóir dhíomhaoin a naghaidh na humhluigheachta, is mar sin atá gach ball di a naghaidh na símpligheachta fírinneigh (ighe); agus má léigeadar naoimh oirdheirce orra féin ar uairibh a bheith éigcríonna, ionnas nách beith meas ag an saoghal orra is córa iongna do dheunadh dhíobh ioná a lorg do leanamhuint. Dobhí fáth éigin speisialta aca san dochum sin do dheunadh nách iomchubhaidh do dhaoinibh oile aithris do dheunadh orra muna raibh na fátha céadna aca. Dorinne Dáibhí raingce roimh Arca an Reachta, níosa mhó ioná mar budh hiomchúbhaidh dá thromdhacht ríoghdha, acht ní hé gur meas amadáin budh mhian leis do bheith air féin, acht re hiomarca na lúthghára agus an ghrádh dobhí a gluaiseacht a chroidhe, agus maille re símpligheacht nádúrtha, dorine é. Uime sin an uair dobhí a bhean féin, Micol, ag tabhairt tarcaisne air, dochum na lúthghára o bhí air dfhoillsiughadh, dochuaidh ar aghaidh go seasamhach agus dobhí sólás mór air a ttaobh
tarcaisne agus mímheas dfhulaing ar son a Thighearna. Dá bhrígh sin, má bhíonn tarcaisne nó mímheas ag daoinibh oile ort fá sheirbhís Dé do dheunadh go humhal re cráibh- theacht, dobhéarfadh an umhluigheacht fhírinneach ort a bheith lán de shólás agus de lúthgháire ar son na maslaidh (adh) nár thuill tu agus do thuill an mhuinntir atá ag tabhairt tarcaisne agus toighbhéime ortsa. CAIB. 6. Cionnas dobheir an umhluigheacht orainn grádh a bheith againn ar ár nuirísle agus ar ár mí-mheas féin. Adeirim leat gur cóir dhuit gean agus grádh do bheith agat ar huirísleacht féin, agus má fhiafruigheann tu dhíom cread í an uirísle, adeirim leat gurab ionann an uirísle agus an úmhaile, an umhaile agus an uirísle. Uime sin an tan adubhairt an Mhaighdion bheannaighthe Muire an caintic naomhtha, go naibeóradh gach líne ina diaigh gur beannaighthe í do bhrígh gur fhéuch Dia ar úmhluigheacht a chumuil féin, amhuil adéarfadh gurab uime dfheuch Dia uirthe agus tug tiodhlaicthe móra agus grása dhi go trócaireach tré mheud a humhluigheachta agus a huirísleacht agus a mímheas uirthe féin. Ar a shon san atá difir éigin idir shubháilce na humhluigheachta agus an uirísle, óir bímíd uirísiol gan fhios dúinn féin an tan dobhíomaoid beag tarcaisneach uainn féin, acht ní bhíomaoid umhal go subháilceach acht an tan aithnigheamaoid ár nuirísle féin agus ghabhamaoid sin chughainn go maith dár ndeoin féin. Umurro, is ann atá foirfeacht na humhluigheachta ní hé amháin gur toil linn a bheith uirísioll, acht fós go mbíonn taithniomh agus grádh againn ar a bheith amhlaigh (idh). Ní d'easbaidh uaisle inntinne deighmhisnigh nó croidhe onóraigh, acht ionnas
gur móide an meas do bheith againn ar Dhia é, agus ar ár ccómharsain ionn ár ccomóra féin, agus isí seo an umhluigheacht is cóir a leanmhuint. Agus ionnas go ttuigfeá so go maith bíodh a fhios agat go tteagbhann olc dúinn ar uairibh ann a mbíonn tarcaisne agus mímheas ceangailte dhe, agus olc oile a mbíonn onóir ina diaigh agus is furus iad so dfhulaing, acht ní mian re haon duine iad súd do theacht air. Má chídhionn tu Angcaire cráibhtheach diagha a sean-cheirteachaibh bhriste agus é lán dfhuacht biadh (biaidh) onóir ag gach aon don cheirteach féin agus go háirighthe biaidh truaigh aca don duine. Gidheadh, más fear bocht oibre, nó duine uasal nó bean uasal atá ionn a leithéid sin d'eudach, biaidh tarcaisne orra, agus mar sin atá mímheas ceangailte dá mboichteacht. Má deir uachtarán focal garbh nó borb le duine riaghalta atá fá na smacht, nó má deir athair é re na mhac, agus iad dá iomchar san go húmhal foighdeach, adéaradh (aidh) gach aon neach nách fuil ionnsan acht claonmharbhadh, úmhluigheacht agus críonnacht. Gidheadh, má deirthear focal tarcuisneach nó spídeamhuil le duine uasal nó le baintighearna agus go mbeith foighid aca ris a ccás gurab ar son Dé féin fhulaingeódaois, ní bheith acht meas droichmhisnigh agus díoghbhála croidhe agus inntinne orra. Ag sin olc oile a ffuil tarcaisne agus uirísle ina dhiaigh: má tá cangcar ar dhuine ionn a láimh agus é ar dhuine oile ionn a ghruaidh ní ffuil ar fhear na láimhe acht an tinneas amháin, agus atá gráin agus tinneas agus tarcaisne ar an ffear oile. Dá bhrigh sin adeirim nách é amháin gur cóir dhúinn gean do bheith againn ar an nduadh do leigios Dia orainn, dá hiomchur go foighdeach, acht fós ar an ttarcaisne dothig dhúinn as re subháilce na humhluigheachta. Atá gné de na subháilcibh féin a mbíonn tarcaisne na diaigh agus gné oile ionn a mbíonn meas onóireach air. Ní bhíonn meas ag na daoinibh a bhíos tabhartha don
tsaoghal ar an fhoighid, ar an cceannsacht ná ar an umhluigheacht. Acht bíonn mór-mheas aca ar chríonnacht, ar ghliocas, ar uaisle, ar neart, ar thabharthas agus re cúis fá tiodhlaice, agus fós bíd gníomhartha aon tsubháilce amháin .i. gníomh díobh tarcaisneach agus gníomh oile onóireach. Is ón ccarrthannacht dothig an déirc do dheunadh ar bhochtaibh. Measaid gach aon gurab onóireach san; is uaisle fós a thig maithiomh na heugcóra don ccomharsain, agus do réir mheasa na ndaoine atá san tarcaisneach. Má bhíonn ógán nó óigbhean uasal a ccómhluadar sgaoil- teach, muna leanaidh béasa an chómhluadair sin ionn a ccainnt, a nimirt, a raingce, a nól, a néadach, biaidh tarcaisne aca orra agus a déarfaid nách fuill ionn a macántacht acht fimíneacht agus crábhadh bréige, acht re neamhshuim do thabhairt ar an mbreitheamhantas meardhánta san foillsighid go ffuil grádh aca ar an uirísleacht féin. Ag seo sompla oile dhuit: má curthar me féin agus duine oile dfheuchain aosa galair agus mise do chur chum an tí is mó agus is truaillighthe galar díobh, atá tarcaisne dhom ionnsoin do réir breitheamhnuis an tsaoghail; uime sin bíonn fonn ormsa an tarcaisne sin dfhagháil tar dol ar cuairt dochum duine onóraigh ionn a mbeith glóir shaoghalta dhom. Má thuitionn duine ar shráid, leith amuich dá dhoilghios atá mí-onóir aige ann, acht ní chuirionn an úmhluigheacht cás ionnsoin. Atáid fós mórán de ghníomharthaibh nách fuil locht ar bith ionnta acht amháin go mbíd mí-iomchúbhaidh; ar a shon san ní cóir don duine úmhal a ndeunamh as a riocht ná dá dheoin. Gidheadh, dá ndeunadh duine re tabóg iad, is cóir dho gan buairt do bheith air ar a son, mar atá súgra beag éadtrom, neamh-shímpligheacht nó neamhaire. Is cóir dhuine a bheith ar a choimheud orra so agus a seachnadh, acht má theagbhaid do, gabhaidh (adh) an mímheas atá ina ndiaigh chuige go foighdeach ar ghrádh na húmhaile. Má theagbhann
dhom tré fheirg nó as neamhchoimheud briathra do thuitim uaim re ar chuirios saobhnós ar Dhia agus ar mo chómharsain, biaidh aithreachas agus doilghios orm ar son an pheacadh (aidh), agus iomchróchad go foighdeach umhal an tarcaisne agus an mímheas dothig dhom as, agus dá mbéidir leam a sgaradh re chéile do sgriosfainn uaim an peaca agus do choingmheóchainn an tarcaisne. Acht gé gur cóir dhúinn gean do bheith aguinn ar an ttarcaisne dothig dhúinn as ár lochtaibh féin, is cóir dhúinn an uile dhíthchioll do dheunadh ar leigheas do chur ar na lochtaibh. Dá mbeith cneádh ghránna am eudan dodheunfainn díthchioll ar a liaighiosadh agus ní léigfinn ar dearmod an tarcaisne dofuair me ar a son. Má do rinne me gníomh neamh-iomchubhaidh ar bith nár chuir saobhnós ar aon duine, ní gheabhaidh me mo leithsgeul ar son gur neamhfhoirfeacht é. Ní fhanann a ffad agus dob'éidir liom mo leithsgeul do ghabháil muna mbeith an umhluigheacht ag cur toirmiosg orm; acht má dorine mé gníomh eudtrom nó maineachtnach, nó as ar bhain sé fáth sganlaigh (sgannaile) geabhaidh me mo leithsgeul go fírinneach dochum sásaimh a thabhairt dom chómharsain do réir carrthannachta, do bhrígh gur locht é re ar féidir fuireach a ffad. Uime sin atá dfhiachaibh orm me fhéin do leasughadh, agus cuirionn an charrthannacht dfhiachaibh orainn ar uairibh gan ár ffaicsin uirísioll nó tarcaisneach, óir is riachtannach dhúinn meas maith do bheith ag an ccomharsain orainn, agus ionn sa ccás so is cóir dhúinn bheith tarcaisneach a súilibh ár ccómharsan ionnas nách ttugamaois adhbhar sganlaigh (sgannaile) dhóibh, acht deaghshompla. Más mian leat a fhios do bheith agat cia hí an úmhluigheacht nó an tarcaisne is mó sochar dhuit, adeirim leat go follas nách ffuil uirísle is tairbhighe don anam ná is taithniomhaighe le Dia ioná an tan do theagbhas dúinn go cinneamhnach, do réir ár staide féin, neithe, agus nách sinn féin do thogh
ná d'iarr iad, acht Dia dá léigeann orainn, ag ar feárr atá fios cread is maith dhúinn, agus ní ffuil contabhairt gurab í sin cómhairle is tairbhighe ar son nách fuil tarcaisne is mó linn ioná an tarcaisne atá buinsgionn (bun-ós-cionn) dár cclaontaibh féin, a ccás go mbeith oireamhnach dár staid. Má gheibhmíd gach nídh is mian re ár ttoil féin is baoghal dúinn brígh gach subháilce dá ffuil againn do chailleamhuint. Go ttugadh (aidh) Dia dhúinn gur budh féidir linn a rádh go fírinneach ris an Rí mór Dáibhí: do thogh me a bheith tarcaisneach a ttigh Dé tar a bheith am chomhnaighe a náitreabh na ppeacach. Ní féidir le neach ar bith so do thabhairt dúinn, acht ris an tí dobhí uirísiol ionn a bheathaidh agus ionn a bhás idir na daoinibh, agus tarcaisneach san bpobal. Adubhairt me mórán annso atá cruaidh dócamhlach re smaoineadh orra; gidheadh, má ghnídhmíd freachnughadh dhíobh agus a ccur a ngníomh creid me go mbadh milsi leat iad ioná mil agus siúcra. CAIB. 7. Cionnas is féidir freachnughadh do dheunadh ar an umhluigheacht, agus clú agus ainm mhaith do choimheud. Ní ar son mion-shubháilcibh gan ró-bhrígh dogheibhid daoine go coitchionn moladh, glóir ná onóir, acht ar son na subháilce noirdheirc, óir ní le duine do mholadh is mian linn meas mór do bheith ag daoinibh oile air. Le honóir a thabhairt do iseadh chuireamaoid a ccéill go ffuil meas mór aguinn féin air. San nglóir, do réir mo bhreitheamhnais, ní ffuil innte acht dealradh mór-mheasa dothig as iomad molaidh agus onóra ceangailte re chéile mar aon, ionnas nách fuil a nonóir ná ionn moladh acht mar chlochaibh uaisle ceangailte dá chéile ar na ffuil an ghlóir mar ghilteáil órdha. Acht ní fhulaingionn an umhaile
dhúinn meas do bheith aguinn féin orainn, gurab oirdheirce nó gurab feárr sinn ioná daoine oile. Ní fhulaingionn sí fós fonn do bheith aguinn a moladh, a nglóir ná a nonóir ná san moladh a dlighthear do dhaoinibh oirdhearca ar son go molann an tEagnaighe cúram do bheith againn fár cclú. Is maith an chlú agus an ainm do dhuine a bheith símplidhe, macánta, réidh, díreach ionn a ngníomh agus ionn a bheathaidh, agus ní bhacann an úmhluigheacht dúinn an meas san do bheith aguinn orainn féin agus a chongmháil, agus gan iarraigh a bheith oirdheirc tairis sin. Ní bheith cás ag an úmhluigheacht a cclú muna ccuireadh an charrthannacht dfhiachaibh orainn a choimheud, acht mar is aon fhundamaint é chum na ndaoine do bheith ceangailte a ccómhluadar a chéile agus ionnas nách beith ina mballaibh díoghbhálacha ná mí-thairbheacha, agus nách ttugadaois sganail don tairbhe phoiblidhe. Mar sin iarrann an charrthannacht orra clú mhaith do bheith aca agus a choimheud go díthchilleach, agus ní fuil an úmhluigheacht ina aghaidh ná contrárdha dho. Bíonn duileabhar na ccrann gan mórán meas, ar a shon san atá tairbhe éigin ionn. Ní hé amháin go ccuirionn deaghmhaise ar na crannaibh, acht fós dobheir díon don toradh a bhíos orra a naghaidh gaoithe agus doininne. Mar sin dobhíos an chlú agus an ainm mhaith; ar son nách cóir dhúinn meas mór do bheith aguinn orra, agus nách mór is fiú iad, atáid siad tairbheach dhúinn. Ní hé amháin go ccuirid deaghmhaise ar ár mbeathaidh, acht fós go ttugaid croidhe agus misneach dhúinn re dul ar ár naghaidh a slighe na subháilceadh an tan do thionnsgnamaoid í, agus coimheudaid dúinn na subháilceadha ná táinigh dochum foirfeachta ionnainn. Ár nainm mhaith agus ár cclú do choimheud, do réir an mheasa is iomchubhaidh dhúinn a bheith orainn go coitchionn, agus atá dfhiachaibh orainn re fóirneart sámh-chomhachtach inntinne uaisle. Coimheud- amaois fós gach subháilce dá ffuil ionnainn, ionnas go
mbeith taithniomh ag Dia orra, ar an adhbhar gurab é is cóir dhúinn a bheith ina aonchosbóir ag ár nuile ghníomh, mar nách leór leis an tí le ar mian tortha an tsamhradh (aidh) do choimheud chum an gheimhre (ridh), siúcra do chur ina ttímchioll, acht fós a ccur a ccásaibh agus a soighthighibh; mar an ccéadna, ar son gurab é grádh Dé do choimheudann an uile shubháilce dhúinn, is riachtanach dhúinn clú mhaith do bheith againn mar aon ris. Ar a shon san ní cóir dhúinn griogal nó cúram ró-sgrupalach a bheith aguinn fár cclú nár fár nainm, óir gidhbé duine ag a mbeidh is cosmhuil é leis an duine iarras liaighios ar a eugcruas, dá loighead dá mbeith air, an tan shíleas a shláinte dfhagháil, acht caillionn í. Mar sin dobhíd na daoine róchúramach fá na cclú féin, caillid é go hiomlán. Óir ní bhíonn de mheas ag cách oile orra acht gurab daoine buaidheartha iad bhíos ag iarraigh troda agus nách cóir foighid do dheunadh leo, agus as san a thig dhóibh droichmheas a bheith ag gach aon orra. Tarcaisne do thabhairt ar an eugcóir agus ar an masla agus neamhshuim do dheunadh dhíobh bainionn a mbrígh asta, agus is feárr an liaghios san ioná a ngabháil chughat go holc agus troid agus díoghaltas do dheunadh ina naghaidh, óir is re tarcaisne do thabhairt orra dothéid ar dearmod, acht má do ghaibh tu chughat go holc iad admhaidh féin gur masla fírinneach dofuair tu agus gurab eugcóir dorinneadh ort. Ní dheunann an crocadíl olc d'aon duine acht don tí ar a mbíonn eagla roimhe. Mar an ccéadna ní dheunann ithiomrádh ná anchainnt olc d'aon duine acht don tí do ghabhann chuige go holc é agus doghnídh cás de. An té ar a mbíonn iomarca eagla ar a chlú do chailleamhuint, taisbeánann neamhdhóthchus mór nách fuil fundamaint fírinneach ag an cclú, mar atá beatha mhaith. Na caithreacha dobhíos láimh le sruth rótheann agus gan
aca acht droithchid adhmaid, bíonn eagla ortha neart an tsrotha dá mbriseadh, nó más droithchid cloithche dobhíos aca, muna ttigidh neart an-mheasardha ionn ní bhíonn baoghal orra. Mar sin atá ainm maith an chríostaighe, ag a ffuil fundamaint daingionn, a nanchaint theangtha dá ngéire; agus an tí nách fuil díleas ar a chlú féin bíonn buaidheartha míchiúin. Gidhbé re ar mian ainm maith agus meas do bheith ag an uile dhuine air, caillionn go hiomlán é, agus ní fiú onóir do bheith ag an tí bhíos dá hiarraidh ar dhroch- dhaoinibh. Ní ffuil san cclú agus san meas maith acht cómhartha go ffuil subháilce san duine. Uime sin is cóir an tsubháilce do chur roimh an uile nídh. Dá bhrígh sin, má deirthear leat gurab fírinneach tu ar son a bheith cráibhtheach dhuit, nó gur meathtacht agus easbaidh croidhe dothug ort gan díoghaltus do dheunadh san maslaidh (adh) dotugadh dhuit, ná cuir suim ionnsan, óir ní bhíonn an breitheamhnas san acht ag daoinibh éigcríonna amadánach. Dá mbeith fós baoghal ar dhuine a chlú shaoghalta do chailleamhuint, ní cóir dho ar a shon soin slighe na subháilceadh do thréigionn, óir atá uiread agus atá idir thoradh an chrainn agus an duilleabhar idir an mhaith spioradálta agus an mhaith shaoghalta. Is cóir dhúinn gean do bheith ar ár cclú againn, gidheadh, ní cóir dhúinn dia bréige do dheunadh dhe, agus mar nách cóir dhúinn mí-thaithniomh dhaoine maithe do thuilliomh, ní cóir dhúinn a iarraidh taithniomh do bheith ag drochdhaoinibh orainn. Is deaghmhaise ar fhear féasóg do bheith air; mar an ccéadna is deaghmhaise ar mhnaoi gruag mhaith do bheith ar a ceann. Má do tharraing tu gruag nó féasóg as a mbun is deacair leó fás arís, acht má bearrthar iad fásaid go furus. Ar an módh céadna bhíos an chlú; má bearrthar é le teangain mhallaighthe a bhíos, mar adeir an fháigh ríoghdha, mar sgian bhearrtha lán-gheur, ní cóir do dhuine buairt do bheith air ar a shon, óir fásann arís níos oirdheirce ioná mar dobhí ar ttúis, acht más re droich-
bheathaidh nó re míghníomh an duine féin do chaill sé a chlú, is deacair a thabhairt ar ais go bráth, óir isí freumh an chlú an deighbheatha mhacánta, agus an feadh bhíos san againn, má bearrtar an chlú, ní ffuil baoghal ann nách ffásadh (aidh) an onóir ina dhiaigh arís go grod. Más mian leat do chlú do choimheud seachain an cómhluadar díomhaoin nó taithighe ar neithibh neamhthairbheacha, cáirdios éigcríonna agus muinteardhas amadánach. Is mó is fiú an chlú ioná caithiomh aimsire, nó sólás dhíomhaoin ar bith, agus má theagbhann go mbeid daoine a murmur ort ar son a bheith diagha, nó ag labhairt go holc ort fá na bheith ag dol ar haghaidh a slighe na crábhaidh nó ag deunadh anchainnte fá chúram mór do bheith agat fán mbeathaidh shíorruidhe, ná cuir suim ionnta acht mar do chuirfeá a madra bheith ag dranntán nó ag amhasdraigh ar an ngealaigh, agus bíodh go ccuirfidís mímheas éigin ar an cclú agus go mbeárr- faidís ár ngruag nó ár fféasóg, ná cuireach (dh) san buairt orainn, óir fásfadh (aidh) ár cclú arís go haithgheárr agus dobhéarfadh (aidh) sgian bhearrtha an mhurmair agus na hanchainnte dár meas maith, an nídh dobheir an corán don ffineamhuin a bearrtar ris .i. go ffásann níos feárr, agus go ttugann toradh níos iomadamhla. Feuchamaoid ar Íosa Críost san ccroich, maille re dóthchus agus re símplidheacht agus deunamaoid seirbhís do go críonna discréideach, agus biaidh sé féin ag comhdach agus ag cosnamh ár cclú dhúinn, agus má léigionn sé a bhaint dínn, ní ar mhódh oile a dheunfadh (aidh) san acht dochum clú is feárr ioná é do thabhairt dúinn, nó dochum ár ccongmhála san umhluigheacht naomhtha dár feárr onnsa dhi ioná míle pont (púnt) onóra. Más go heugcórach agus gan sinn féin dá thuilleamh dofuaramair an masla, cuireamaois an fhírinne mar sgéith dhídin a naghaidh na bréige, agus muna cclaoidhtear an bhréig (bhréag) leis sin, coimheudamaois an umhluigheacht agus taobhamaois
ár nanam agus ár cclú re Dia, óir ní féidir linn cadhus ná comraighe is feárr ioná san dfhagháil dóibh. Deunamaois fós seirbhís do Dhia tré chlú agus tré mhí-chlú, mar adeir an tApstol, ionnas go mbadh féidir a rádh ris an fháigh ríoghdha: dfhulaing me, Ó mo Dhia, anchaint, agus do líonadh me le masladh. Atáid cionnta agus peaca chomh trom agus chomh déisdionnamhuil agus san ann, nách cóir d'aon duine neamhfhoighid do dheunadh le na ccur ina leith, acht a leith- sgeul do ghabháil ionnta, an mhéid gur féidir leis agus módh iomchubhaidh d'iarraigh dochum na bréige do chur ar ccúl. An nídh céadna is cóir do phearsonaibh poiblighe do dheunadh ar a ffuil dfhiachaibh ainm agus clú mhaith do bheith aca dochum deaghshompla do thabhairt do chách uile. San ccás só atá dfhiachaibh orra a cclú do chosnamh ar éagcóir go ciúin síothchánta mar adeirid na diaghairidhe. CAIB. 8. Don cceannsacht agus don mhórdhacht is cóir dhúinn a bheith aguinn re ár ccómharsain, agus atá ina slighe agus ina liaighios rómhaith a naghaidh na feirge. An ola choisreagtha atá ar gnáthughadh san Eaglais, mar dothugadar na hApstoil di, as ola crainn agus as bhalsom doghnídhthear í, dochum daoine do chur fá láimh Easboig agus neithe oile do bheannughadh. Cialluigheann an ola so, idir mhórán de neithibh oile, an dá shubháilce rómhilis róghrádhach úd do dhealraigh daonacht Coisreagtha Íosa Críost, ionnas gur thaobhaigh linn ar mhódh speisialta agus do thaisbeán dúinn iad, amhuil agus go mbadh leó budh chóir ár ccroidhe do choisreagann chum seirbhíse do dhéanadh dho, dochum a loirg do leanmhuint, an úmhluigheacht adeirim agus an cheannsacht. Órduigheann
an umhluigheacht sinn dochum réire Dé do dheunadh agus an cheannsacht chum réire ár ccómharsan. An balsom do théighionn go híochtar an uile leannta, cialluigheann an úmhaile, agus an ola dfhanas ar uachtar an uile leannta, cialluigheann sí an mhórdhacht agus an cheannsacht, dothéid ós cionn an uile shubháilce agus do ghabhann ríoghdhacht agus tighearnas orra, ar an adhbhar gurab í is bláth agus is toradh don ngrádh, mar adeir N. Bearnárd. Is innte bhíos an grádh foirfe iomlán, ní hé amháin an uair a bhíonn foighdeach, acht fós an uair a bhíonn maordha ceannsa. Is uime sin adubhairt Críost féin: gabhaidhe foghluim uaimse do bhrígh go ffuilim maordha úmhall. Is cóir do gach aon díthchioll do dhéanadh an ola bheannaighthe atá arna cumasg mar aon as an úmhaile agus as an cceannsacht, do bheith aige ionn a chroidhe, óir cleachtann an diabhal an uile díthchioll do dheunadh gan aon de na subháilcíbh seo do bheith ag mórán acht ó bheul agus ó bhréithir amháin, agus le tais- beánadh éigin. Agus mar nách deunaid an fonn inmheodhanach atá aca do sgrúdadh go maith, measaid féin go ffuilid umhal ceannsa, mar nách fuilid ar aon chor, nídh is féidir a fhaicsint re súil, óir ar son go mbíonn an cheannsacht fhoiriomlach san aca, agus gan ionn acht sgáile, má chluinid focal dá luighead, nách taithniomhach leó, nó do chuirios saobhnós orra, dochídhfeadh tú go lasfaid suas go huaibhreach díomsach. Adeirthear go coitchionn gidhbé do ghlacann an leigheas dá ngoirthior ola N. Pól nách deunann Arc sléibhe dochar do, más ola fhírinneach í. Ar an módh ccéadna, má tá an umhluigheacht agus an cheannsacht fhírinneach aguinn, ní lasfaimíd an tan dogheibhmíd masla; gidheadh, muna ffuilid againn, líonfamaoid agus lasfamaoid an tan do bhainfeadh an teangaidh mhallaighthe greim asainn le hanchainnt, agus isé sin an cómhartha cinnte nách raibh againn acht sgáile agus fimineacht a náit na humhaile, na ceannsachta agus na maordhachta.
An naomhathair beannaighthe oirdheirc, Joseph ag leigionn a dhearbhráithreach uaidh as an Egypt go tigh a nathar isí aithne dothug dóibh gan feirg ná troid do dhéanadh san tslighe. An chómhairle chéadna is cóir dhúinne uile do ghabháil, óir ní ffuil san mbeathaidh bhocht so an tsaoghail acht slighe dochum na beathaidh (adh) shíorruidhe, agus dá bhríghe sin ná deunamaois fearg ná saobhnós re na chéile san tslighe, acht bímís a ccoideachta ár ndearbhráithreach agus ár ccompánach, go réidh, ceannsaigh, síothchánta, muinntiordha. Adeirim leat fós, gan fearg do dheunadh ar chor ar bith, ná doras do chroidhe d'osgladh dhi. Adeir N. Seum, gan athsgrúdadh ar bith, nách fuil an fhearg do réir chirt ná thoile Dé. Ní abraim nách cóir cur go seasamhach láidir a naghaidh na locht, agus go speisialta lochta na muinntire atá fár ccúram, re na smachtughadh go geur, agus sin féin do dheunadh le briathraibh mílsi. Níl nídh ar bith is mó do chlaoidheas fearg an troid (Elephant) ioná uan do thaisbeánadh dho, agus níl nídh ar bith is mó do bhainionn a bhrígh as pileur an ghonaidh (ghunna) mhóir ioná paca olla do chur roimhe. An ceartughadh doghnídhthear le feirg, ar son go mbeith ag teacht le réasún, ní bhíonn brígh aige mar dobhíonn ag an cceartughadh dothig ón réasún féin amháin. Atá an tanam ó nádúir faoi threórughadh na céille agus an réasúin, agus an tíorántacht do chuirionn an fhearg air, an tan do chuirionn faoi na smacht féin é. Uime sin, biaidh míghean ar an réasún má bhíonn an fhearg ina chuideachtain, agus caillionn nídh éigin dá úghdarás. Dobheir an prionnsa sólás mór dá mhuinntir an tan dothig le cuideachta iomchúbhaidh shíothchánta ar cuaird chúcha, acht má dothig re sluaigh armálta, bíodh go mbeith sin de riachtanas ar an mhaith phoiblighe, biaidh mí-thaithniomh aca ar a theacht chúcha mar sin, bíodh go ccuirfeadh dfhiachaibh gan eugcóir do dheunamh ar aon duine. Ar a shon san ní féidir dho gach neamhchionntach
do chomhdach gan díoghbháil a bhaint do dhuine éigin díobh. Ar an módh ccéadna, an feadh dobhíonn an réasún ag stiúradh go socair céillidhe, an ceartughadh agus an smachtughadh doghnídhid, bíodh go mbeith cruaidh nó geur, molann gach aon é, ar son go ndeárnaidh é go maordha ceannsaigh. Gidheadh, má dothug ris mar shoighdiúiríbh fearg, boirbe nó rún díoghaltais, mar adubhairt N. Abhaistín, taisbeánann gurab córa eagla agus uathbhás do bheith roimhe ioná grádh do bheith air; bíonn fós a chroidhe féin dá bhriseadh agus dá phianadh ionn. d'órdaigh Dia go ceart, agus atá amhlaigh (dh), an uile dhroich-inntinn do bheith ina péin aice féin. Is feárr, ar N. Abhaistín, an dorus do dhruideadh roimh an uile fheirg a ccás go mbeith sí ceart nó do réir réasúin, ioná fearg dá loighead do leigionn asteach ionn ár ccroidhe, agus má léigthear asteach í aon uair amháin is ródhoilg a cur amach, óir téidhionn ar ttúis ina plannda bheag agus fásann re mómaint ina crann mhór, agus má do léigeamaoid di cómhnaighe do dheunadh aguinn aon oidhche amháin, nó go ttuitig (dh) an ghrian uirthe, (nídh do thoirmisg an tApstol orainn) ionnas go ttiucfaidh sí chum a bheith ina fuath, is deacair módh ar bith dfhagháil chum a díbiortha, óir beid míle baramhuil agus slighteacha dá noileamhuint ionn; agus ní mheasann duine ar bith gurab eugcóir a bhíonn fearg air féin. Ar an adhbhar san is feárr dhúinn gan aon fhearg do léigionn dár ngoire ná do chur rómhainn a fhios do bheith againn cionnas do stiúrfam í go críonna measardha, agus má dochídhmíd gur ghabh fearg sinn, is feárr dhúinn a cur dínn a ccéadóir ioná bheith ag deunadh connartha ria, óir ní ffuil moill dá loighead dá léigfeam di nách móide do ghabhann tighearnas orainn. An nathair nimhe dá ngoirthear Coluibe, cuireann a chorp uile san áit a ttéighionn a cheann asteach thríd agus is mar sin a bhíonn an fhearg. Má fhiafruigheann tu cionnas a chuirfeas tu an fhearg
díot, chomh luath agus bheirios tú fá dear í, cruinnigh brígh agus neart do chéadfaidh inmheodhanaighe uile, agus re fóirneart, nó d'aimhdheoin, acht go sámh socair, óir dochídhmíd go minic a ccómhdháil nó a mórdháil na hoifigidhe bhíonn ionnta re haghaidh tochta nó éistiochta do chongmháil, gur mó na gárrtha doghníd ag cur chách uile ina ttocht ioná doghnídh an mhuinntir a mbíd a cur cosga orra. Mar sin do theagbhas don fheirg; an tan is mian linn a cosg le fóirneart agus re haimhdheoin, cuirionn níosa mhó de bhuairt ionn ár ninntinn ioná bhíonn innte roimh an fheirg féin, agus mar sin ón mbuairt ní féidir ris an inntinn a ciúnas féin dfhagháil. Tairéis an fhóirneirt sháimh seo do dheunadh ort féin, gabh cómhairle N. Abhaistín do sgríobh dochum Easboig óig agus é féin ina sheanduine: deuna, ar sé, gach nídh is cóir do dhuine a dheunadh, agus a ccás go tteagmhaidh dhuit an nídh admhais, dobhí do réir chroidhe Dé do theagmháil duit féin, ag rádh san tsailm: do bhuair an mhire (nó an fhearg) mo shúil. Cuir comruighe ar Dhia agus abair ris: Deuna trócaire orm, Ó mo Dhia, dochum go síneadh sé a dheas-lámh chum na feirge do chosg. Isé nídh is mian liom a rádh gur cóir dhúinn congnamh d'iarraidh gach uair a mhothóchamaois fearg ag teacht orainn mar dorineadar na hApstoil an tan dobhádar ar lár na fairge dá ttuargain le gaoith agus re hanfadh ag gairm ar a tTighearna, óir is leis is féidir ciúnas do thabhairt dár ninntinn chum a bheith ciúin ceannsaigh. Bheirim de chómhairle dhuit an úrnaighthe agus gach liaighios oile a gheabhas tu a naghaidh ghluaiseachta na feirge, atá ag cur buaidhre ort, do dheunadh go ciúin socair, gan fóirneart ná aimhdheoin do dheunadh ort féin. An uair dobhéaras tu fá deara go ndeárnaidh tu gníomh ar bith re ar chuir tu saobhnós ar aon duine, nó fós má do chuir sé saobhnós ort, taisbeán a ccéadóir
cómhartha éigin grádh agus muinnteardhais dochum an tsaobhnóis do chur a leathtaoibh. Óir, mar is liaighios maith a naghaidh na bréige, chomh luath agus aithneóchamaoid go ndeárnamair breug, a ghairm ar nais gan mhaill ar bith san áit chéadna, agus mar sin is rómhaith an liaighios a naghaidh na feirge cómhartha maordhachta agus ceann- sachta do thaisbeánadh gan mhaill ina diaigh, mar adeir an seanfhocal: gurab usa cneadh úr do liaighios ioná seanchneadh. An uair a bhias tu ciúin socair agus gan úcáid ar bith feirge agat, ionnsan cuir rómhat a bheith ceannsaigh agus gach gníomh dá ndeunadh (aidh) tu a dheunadh go róthaithniomhach. Cuimhnigh, mar a deirthear ionn sna cainticibh, nách é amháin go raibh ag an mbainchéile, mil ionn a beul, acht ar bhárr a teangann agus fós faoi na teangain .i. ionn a croidhe; agus ní hé amháin mil acht bainne, óir ní leór dhúinn briathra agus beul milis a bheith aguinn dár ccómhar- sain, acht fós ár ccroidhe agus ár ninntinn a bheith ceannsa grádhach ina thímchioll, agus ní hé amháin mílseacht meala ar a mbeith deaghbholath cómhchúiseach, do chialluigheann comhluadar sámh le hachtrannchaibh acht fós mílseacht bainne re ár lucht aontighe agus re ár ccómharsain. Is mór do pheacuighionn ionnso an drong a bhíonn mar ainglibh amuigh ar an tsráid agus bhíonn astigh idir bhalladhaibh mar dhiabhalaibh. Caib. 9. Don cceannsacht is cóir dhúinn a bheith aguinn ár ttimchioll féin. Idir gach freachnughadh maith is féidir linn a dheunadh ar cheannsacht, ní hé amháin nídh deaghnach atá ionn, an nídh bheanas linn féin ar son neamhfhoirfheacht ar bith,
.i. (gan fearg nó saobhnós do bheith orainn linn féin) dá mbíonn ionnainn, ar son gur chóir dhúinn agus go ffuil do réir réasúin míghean do bheith againn ar ár lochtaibh agus doilghíos do bheith orainn ar a son, is cóir dhúinn gan an doilghíos san a bheith róshearbh, feargach ná buaidheartha. Nídh é ionn a ttéid mórán ar seachrán, dá mbíd feargach leó féin a ttaobh mar go rabhadar feargach le daoinibh oile roimhe sin, agus cuirid níosa mhó de bhuairt ar a ninntinnibh féin ioná dobhí orra roimhe sin, agus má mheasaid go múchfaid an chéad fhearg ris an dara fearg (feirg) osglaid an tslighe dochum feirge do ghlacadh arís ris an ccéad úcáid dogheibhid, ar an adhbhar go ndeunaid gnás de bheith furus dochum feirge. Fós an fhearg agus iomarca ár ngrádh orainn féin do chuirionn buairiomh agus míchiúnas orainn. Uime sin isé mí-ghean is cóir dhúinn a bheith aguinn ar ár lochtaibh agus ar ár neamhfhoirfeacht féin .i. míghean thromdha dhaingeann, shíothchánta, shoineannta. Óir mar is feárr do cheartuigheann an breithiomh an cionntach an uair dobheir breitheamhnas maille re spioraid chiúin, do réir réasúin, ioná an uair dobheir é le feirg agus fóirneart; óir, mar seo, ní pian do chuirionn sé do réir mar thuillid na cionntaigh acht do réir mar atá a inntinn féin astigh go buaidheartha feargach. Mar sin dúinne. Is feárr doghnídhimíd aithrighe ionn ár bpeacaidhibh re doilghíos iomchúbhaidh, shocair, chéillighe, ioná re fóirneart nó aimhdheoin do dheunadh orainn féin. Má tá fonn mór ort a bheith geanmnaighe, ní ffuil locht dá loighead dá ndeunadh (aidh) tu ina haghaidh nách ccuirfeadh doilghíos ort, agus má labhrann tu go holc ar dhuine oile agus ar a chlú ní dhéanann tu acht adhbhar gáire dhe. Ina haghaidh sin, gidhbé ag a mbiaidh fuath agus gráin air fá labhairt go holc ar dhuine oile ar bith, ionnsa murmur is lugha dá ndeun sé cuirionn cantal agus doilghíos air, agus má pheacuigheann go trom a naghaidh
na geanmnuigheachta, ní chuirionn suim ann, agus mar sin do gach subháilceadh agus do gach locht oile. Acht isé is adhbhar do so, mar nach stiúraid a ccoinsiasa do réir réasúin acht do réir a cclaonta féin agus do réir na ffonn a bhíonn aca. Creid dhom, mar is mó do ghluaisioghann an mac ris an achmhusán chineálta ghrádhach dobheir a athair do, ioná re hachmhusán bhorb fheargach, gur mar sin dúinne an tan doghníodhmaoid peacadh, gur mó do leasuighmíd é le ceartughadh ciúin sámh, maille re níosa mhó de thruaighe do bheith aguinn dúinn féin ioná dfheirg nó de shaobhnós, acht sinn féin do sporadh chum ár leasuighthe, agus an doilghíos dothig as san dúinn isé is doimhne dothéighionn san ccroidhe, agus is feárr do thollann é, agus ní an doilghíos do gabhthar as fheirg nó as uabhar. Má tá gráin agat ar ghlóir dhíomhaoin agus fonn mór gan tuitim innte, ná cáin agus ná tabhair achmhusán duit féin ar an módh so síos. Nách bocht truaillighthe me taréis cur rómham go minic gan glóir dhíomhaoin do léigeann am ghoire, gur thuiteas innte. Dogheabhaidh me bás re náire. Ní thóigfead mo shúile dochum Dé. Och! mo dhaille, mo mhí-náire agus mo bhreuga agus a leithéide sin oile de bhriathraibh; acht deuna san go réasúnta ag deunadh truaigh dhuit féin ag rádh: Och! do thuit mo chroidhe mí-thapaidh san nídh ar chuir me rómham a sheachnadh, acht eirghidh (éirigh) anois agus seachain go síorruidhe é. Guidh trócaire Dé agus cuir do dhóthchus ann, ionnas go ttugadh congnamh duit, ionnas go mbeitheá níosa sheasamhuighe ionn gach rúin dá raibh agat agus fill arís ar shlighe na húmhaile. Ón ló so amach bí ar do choimheud go fuireachair agus dobhéarfadh (aidh) Dia congnamh dhuit. Mar seo is feárr dhúinn do dheunadh: ar an mbonn so do chuireamaoid rómhainn rún daingeann do bheith againn gan tuitim san locht chéadna go bráth, agus gach módh, gach
slighe, gach cómhairle dá ttiubhradh (aidh) ár nathair spirideálta dhúinn do leanmhuint. A ccás go ffaicfeadh duine nách beith a chroidhe dá ghluaiseacht go leór leis an spreagann so, is féidir achmhusán agus spreagann geur borb a thabhairt do féin dochum náire do chur air féin, acht cuireadh críoch air sin go sámh socair, ag cur a dhóthchais a nDia, agus ris sin cuirfighear críoch ar a fheirg agus a dhoilghíos re sompla na haithrighe oirdheirce. Adubhairt an duine maith ar fhaicsint a anama féin arna cheusadh agus arna chlaoidh le tuirse, ag labhairt leis agus ag tabhairt sóláis dho: Ó m'anam, cread fáth a ffuil tu tuirseach agus ag cur buaidheartha orm? Cuirfead mo dhóthchus a nDia, óir molfad é fós, slánaightheoir mo ghnúise agus mo Dhia féin. Iar ttuitim dhuit, tóig do chroidhe go sámh cineálta agus umhluigh tu féin go ródhoimhinn a ffiadhnaise Dé ar son do chionnta, agus ná bíodh uathbhás rómhór ort ar son gur thuitis, óir ní ffuil iongna ar bith an laige do bheith lag, nó an nídh so-bhriste do bhriseadh, nó an truaighe do bheith truaigh. Ar a shon san gabh fuath agus gráin ar an ppeaca dorinnis a naghaidh Dé, agus san le huile neart agus brígh do chroidhe, agus gabh misneach uasal agus dóthchus daingionn a ttrócaire Dé agus fill arís ar slighe na subháilce do thréigis. CAIB. 10. Cionnas is cóir na gnóthaigh do dheunadh go díthchilleach gan bhruid gan bhuairt. An cúram agus an díthchioll is iomchubhaidh dhúinn a bheith aguinn ag deunadh ár ngnódh, is mór atá idir iad agus na gnódhtha do dheunadh go buaidheartha critheaglach. Atá cúram díthchilleach ag ár nainglibh coimhdeacht fár
sláinte. Gidheadh, doghníd sin gan bhuairt, gan trioblóid, gan toirmiosg do chur orra a ngníomh ar bith oile. An cúram agus an díthchioll doghníd, as an ngrádh agus as an ccarrthannacht dothig; acht bruid, criotheagla nó buairt do bheith orra, atá sé a naghaidh na beathaidh (adh) beannaighthe atá aca. Is féidir dhúinn nídh do dheunadh go cúramach díthchilleach agus ár spioraid do bheith ciúin socair, acht ní féidir dhi a bheith amhlaigh (dh) má bhíonn bruid nó buairt orainn. Ionn sa nuile nídh agus ionn gach gnódh dár thaobh Dia leat, bí go díthchilleach dúthrachtach ina ttimchioll agus ná tionnsgain iad go neamh-chiúin teasaighe, agus ná cuir buairt ort féin dá ndeunamh, óir bainionn an bhuairt agus an critheagal a bhreitheamhnas féin de'n réasún, agus cuirid toirmiosg orainn gan an nídh féin do dheunadh mar is iomchubhaidh nó mar budh mhian linn a dheunadh. An tan dothug an Tighearna achmhusán do Mharta, adubhairt: Ó, a Mharta, a Mharta, atá tú ró-ghriongalach buairdheartha a ttímchioll na seirbhíse coitchinne. Feuch anois, dá mbeith sí díthchilleach dúthrachtach amháin nách beith buairt ar bith uirthe, acht mar dobhí ró-ghriongalach míchiúin, go raibh broid agus buairt uirthe, agus as san dothug an Tighearna achmhusán di. Na srotha d'imthighionn go ciúin cothrom iomchraid loingios fhairsionga agus earraidhe uaisle, agus an fhearthainn do thuitionn braon ar bhraon ar an ffearonn, fásann feur agus geamhar lé, acht na srotha bhíonn ag imtheacht go rótheann re fóirneart, doghníd dochar do na háiteachaibh is foigse dhóibh, agus ní bhíd iomchubhaidh dochum loingis d'iomchur ná chum earraidh ar bith do thaobhadh leó. Mar sin do na ceathaibh troma; millid na léanta agus na fearainn. Ní dheárnadh gnódhtha ar bith go maith ariamh, dodeuntaoi re buairt nó re fóirneart, mar adeir an seanfhocal: an deifir mall gurab í is feárr. Agus mar adeir Solamh:
gidhbé shiubhlas go deifreach atá sé a mbaoghal a chos do ghortughadh. Is leór a luaithe doghnídhthear gach nídh a déantar go maith. Is mó an tormán doghnídh an ladrán saeth agus is mó an bhuairt doghnídh ioná na fíor-bheich, acht ní dheunann sé mil, acht céir féin amháin. Mar sin don mhuinntir a thionnsgnann a ngnódh go rótheasaighe agus re tormán bhuaidheartha; má dheunaid aon nídh, ní go maith é. Na cuile, ní le na mbrígh ná le na neart do chuirid buairt orainn acht le na niomad, agus mar sin ní hiad na nidhthe móra is mó do chuirionn buairt orainn, acht na nidhthe beaga, ar an adhbhar go mbíd seo againn go hiomadamhuil minic. Dá bhrígh sin, na gnódhtha atá de chúram ort a dheunadh, tionnsgain iad a ndiaigh a chéile, acht más mian leat iomad gnódh do dheunadh a naoinfheacht gan órdughadh ar bith, tionnsgnadh tu neithe ar nách féidir leat críoch do chur, agus bainid a brígh as do spirid, agus tuitfeadh (fidh) tu fá dheoigh go cortha fán ualach, ionnas nách féadfadh tu an nídh do chur a ccrích. Taobh an uile ghnódh dá mbiaidh agat le Dia, óir is uaidh féin do thionnsgnas an uile ghníomh, agus cuir an uile thionnsgnadh dá mbiaidh agat ar a choimirce, agus déin do dhíthchioll chum tu féin a thabhairt dochum cómhoibriughadh do dheunadh le Dia, agus bíodh a dheimhin agat má bhíonn do dhóthchus a nDia go mbiaidh críoch mhaith ar do ghnódhthaibh, a bhias róthairbheach dhuit. A ccás nách beith taithniomh agat uirthe do réir do bhreitheamhnais féin, deuna aithris ar an leanbh a mbíonn lámh ris a láimh a athar, agus an lámh oile ag buain sugha talmhon nó monóg. Ar an módh céadna bíodh leathlámh leatsa ag cruinniughadh maithiosa an tsaoghail, an lámh oile a láimh an Athar neamhda ag filleadh agus ag feuchain air go minic, ionnas go mbadh fios duit an ffuil gean nó taithniomh aige ar do ghnódhthaibh, nó ar an módh ar a ffuil tu dá ndéanamh. Bí ar do choimheud, tar
an uile nídh, gan lámh Dé ná a choimirce do thréigionn go bráth, ag meas gur mó is féidir leat do chruinniughadh agus do dheunadh at aonar ioná le congnamh Dé, óir má thréigeann Dia thu ní ghluaisfeadh (fidh) tu cos ná lámh acht go míthapaidh. Ionn sna gnódhthaibh coitchionna, nách iarrann aire rómhór inntinne do bheith orra, tabhair aire níosa mhó do Dhia ioná bhéaras tu do na gnódhthaibh, agus tóig hintinn chuige níosa mhionca, agus re shompla na muinntire bhíos ar fairge agus ar a mbíonn ró-fhonn teacht chum na tíre a mbíonn a ttriall chúiche, is mionca fheuchaid ar neamh ioná ar an ffairge ar a ffuilid a loingseoireacht; agus ris sin biaidh Dia maille riot, fós dobhéarfadh (aidh) congnamh dhod shaothar, agus fós dobhéarfadh (aidh) sólás duit agus dodheunfadh (aidh) do shaothar éattrom. Caib. 11. Trácht ionnso ar an réir nó ar an úmhluigheacht. An grádh amháin doghnídh foirfe sinn, gidheadh, an umhluigheacht, an gheanmnuigheacht agus an bhoichteacht isiad is slighe dochum an ghrádh. Óir ullmhuigheann an úmhluigheacht an croidhe, an gheanmnuigheacht an corp, agus an bhoichteacht ár maoin dochum grádh agus seirbhíse Dé. Isiad so trí beangáin na croiche spioradálta agus isé bun agus freumh atá aca an umhluigheacht. Ní laibheora me aon nídh ar na trí subháilcíbh ró-oirdhearca so, an mhéid go ngealltar iad a móid solamanta, ar an adhbhar gurab re daoinibh riaghalta amháin do bhainionn san, ná fós ar mhóid shímplidhe, óir ar son gur mór na grása agus an luaidheacht a bhíonn ag an mhóid, gidhbé subháilce re a ndéantar í, ní riachtanach do dhuine chum a bheith foirfe ceangal móide do bheith air féin, má choimheádann na subháilceadha mar is cóir; agus
ar son go ccuirid na móide solamanta duine a staid na foirfeachta, gidheadh, chum duine do bheith foirfeadh is leór dho freachnughadh maith na subháilceadh, óir is mór atá idir staid na foirfeachta agus a bheith foirfe; óir atáid an uile Easbog agus an uile dhuine riaghalta a staid na foirfeachta, acht ní ffuil gach aon díobh foirfe mar dochímíd go laetheamhuil. Uime sin deunach (dh) gach aon againn díthchioll do réir a staide agus a gharma féin freachnughadh do dheunadh ar na subháilcíbh seo; ar son nách ccuirfid a staid na foirfeachta sinn dobhéarfaid chum a bheith foirfe sinn. Atá fós dfhiachaibh orainn an uile fhreachnughadh do dheunadh ar na trí subháilcíbh seo, ar son nách ar aon mhódh atáid dfhiachaibh ar gach aon. Atáid dá ghné úmhluigheachta ann, gné dhíobh atá riachtanach agus gné oile atá do réir ár ttoile féin. An umhluigheacht .i. a bheith umhal dár nuachtaránaibh eaglaise, mar atá, an Pápa, ár nEasbog, ár sagart paráiste agus do gach biocáir dá mbíonn fútha; fós dár nuachtaránaibh tuaithe, mar atá, ár bprionnsa, agus do gach duine oile dá ttugann ughdarás ós ár ccionn; fós dár naithreachaibh agus dár máithreachaibh; dár ttighearnadhaibh agus dár mbaintighearnadhaibh dá ffuileamaoid ag deunadh seirbhíse. Atá an úmhluigheacht so de riachtanas, óir ní féidir le haon duine é féin do tharraint ó réir na nuachtarán do dheunadh, do bhrígh gurab ó Dhia atá cómhacht agus ughdarás aca re smachtughadh agus re stiúradh do dheunamh orainn do réir oifige gach aoise dhíobh. Is riachtanach dúinn aitheanta agus órdaighthe na nUachtarán úd uile do choimheud, agus más mian linn a bheith foirfe, gabhamaoid a ccómhairle agus cuireamaois sinn féin re na ffonn agus re na cclaontaibh an mhéid do léigfeadh críonnacht dhúinn é. Deuna fós a réir an tam adeirid leat neithe do dheunadh dá mbiaidh taithniomh ag do chéadfadhaibh dóibh, mar atá biadh d'itheadh, caithiomh aimsire do dheunadh srl.
Ar son nách mór an tsubháilce a réir do dheunadh ionnsoin, is mór an locht dul a naghaidh a ttoile. Tabhair fós umhluigheacht dóibh ionn sna neithibh nách fuil olc ná maith ionnta, mar atá cantaireacht do dheunadh nó a bheith ad thocht agus is maith so do dheunadh. Tabhair fós úmhluigheacht dóibh ionn sna neithibh cruaidhe garbha díogh- bhálacha, agus isí seo an úmhluigheacht fhoirfe. Faoi dheoigh deuna go sámh gan mhurmur, go réidh gan mhaill, go lúthgháireach gan míluinn, agus roimh an uile nídh go carrthannach, ar ghrádh an Tí do chomhaill an umhluigheacht go bás na croiche ar son do ghrádh; agus mar adeir N. Bearnárd go rug de roghain bás dfhulaing tar gan an umhluigheacht do chómhlíonadh. Ionnas go mbadh fios duit réir huachtaráin do dheunadh déin réir na muinntire atá a naon chéim leat féin, agus cuir tu féin re na ttoil ionn gach nídh nách biaidh olc ná dubháilce ann, agus ná bí rócheangailte dhod' bharamhuil, agus ná deuna ... leo san fá na mbaramhuil féin do leanmhuint, agus cuir tu féin go furus le fonn agus le claontaibh na muinntire is lugha céim ioná tu féin, an méid gurab iomchúbhaidh dhuit é ó réasún, agus ná taisbeán úghdarás ar bith re fóirneart orra an feadh bheid féin go maith ná go subháilceach. Atáid ar seachrán go mór an mhuinntir a mheasann, dá mbeidís féin ina ndaoinibh riaghalta, go ndéanfadaois go róréidh réir a nuachtarán; acht ar a shon san ní dheunaid réir an uachtaráin do chuir Dia féin ós a ccionn. Is di do ghoirim úmhluigheacht, do réir ár ttoile féin, an úmhluigheacht do thoghmaoid féin, agus gan Dia ná duine dá chur dfhiachaibh orainn. Ní sinn féin go mór-mhór do thoghann Prionnsa, Easbog, athair ná máthair dhúinn féin. Fós is minic nách í an bhean a thoghas fear di féin, acht is ar ár láimh féin atá oide faoisdine agus treóruightheoir ár ccoinsiasa do thogha dhúinn. Umurro, má ghnídhmíd de thogha a bheith dá réir, mar a deirthear go ndeárnaidh
an Mháthair bheannaighthe N. Treasa ag gealladh úmhluigheachta dá hoide faoisdine, nó gur chuireamair rómhainn gan móide ar bith umhluigheachta a thabhairt do dhuine oile, adeirthear gurab umhluigheacht í seo, do réir ár ttoile féin, do bhrígh gur dár ndeoin féin do chuireamaoid orainn í. Atá dfhiachaibh orainn umhluigheacht a thabhairt dár nuachtarán do réir na garma atá aige ionn sna neithibh do bhainios ris an tuaith agus ris an bpoibligheacht, agus dár bprionnsa saoghalta. Fós ris na neithibh a bhainios ris an Eaglais agus dár bprealáidibh. Arís san ttigh dfhear an tighe, dár naithreachaibh agus dár máithreachaibh, don mhnaoi dá fear pósta, don óglách dá Thighearna, dár noide faoisdine agus do threóruightheoir ár nanaman go speisialta. Iarr ar hathair spioradálta freachnughadh éigin a thabhairt duit is féidir leat a chur a ngníomh go laetheamhuil, óir isiad san is feárr, agus dogheabhaidh tu grása dúbalta: ar ttúis go mbiaidh an gníomh ionn féin buidheach, agus arís go mbiaidh luaidheacht na humhluigheachta le a ndeuntar é aige. Is beannaighthe an drong a leanas de'n úmhluigheacht, óir ní léigionn Dia dhóibh dul ar seachrán ná tuitim. CAIB. 12. Do riachtanas na Geanmnuigheachta. An gheanmnuigheacht lile na subháilceadh, agus isí do chuirionn na daoine a naonchéim agus a ccosúmhlacht ris na hainglibh le sgéimh agus le glaine, óir isí an gheanmnuigheacht glaine na ndaoine. Atá sí séimh, macánta, onóireach, atá sí fós iomlán, gan truailliughadh agus atá an truailligheacht contrárdha dhi. Atá fós an ghlóire speisialta so aici, gur subháilce í doghnídh an tanam agus an corp go breágh sgiamhach. Ní féidir le duine sal
truaillighthe na hantoile do sgaradh go bráth le na chorp féin, gidhbé ar bith módh a ccurtar a ngníomh í, muna raibh pósadh dlisdionnach ann, óir cuirionn naomhthacht an phósta liaighios ar shámhus na hantoile. Is cóir fós don lánamhuin phósta deighinntinn mhacánta do bheith aca, agus gan nídh neamhiomchúbhaidh do dheunadh an tan do theagbhaid re chéile. An croidhe glan geanmnaighe is cosmhúil é re sligeán (sliogán) ionn a mbeith cloch uasal, agus nách gabhann braon uisge ar bith acht an drúcht do thuitionn ó neamh. Mar sin ní ghabhann antoil ar bith na colna, acht mar dothig as an bpósadh a dórdaigh Dia, agus tairis sin ní ceadaightheach do dhuine smaoineadh ar bith neamhghlan ná mí-náireach do léigionn dá dheoin nó as a riocht, ionn a chroidhe. An chéad chéim de'n tsubháilce so, gan antoil ar bith toirmisgthe léigionn dod' ghaor, mar atá an uile nídh doghnídhthear acht a staid phósta amháin, ná ionnso féin acht do réir riaghlacha an phóstadh. An dara céim de'n tsubháilce so, an uile shámhas mí- thairbheach iomarcach do sheachnadh, a ccás nách beith toirmiosg orra. An treas céim, an sámhus nó an antoil do ghabh tu go dlisdionnach gan fonn nó dúil mhór do bheith agat ionnta, agus bíodh gur riachtanach a ngabháil dochum críche an phósta, ná bíodh do chroidhe ná do spioraid ceangailte dhíobh. Níl duine ar bith nách fuil riachtanas aige ris an tsubháilce seo. Na daoine atá a mbaintreabhchas, is riachtanach dóibh geanmnaigheacht fheardha mhórchroidheach a bheith aca, nách léigfeadh dhóibh fonn dfhagháil a nídh ar bith dá mbeith do láthair, ná dá mbeith chúcha, acht fós gan fonn do bheith aca ná smaoineadh ar an sámhus dobhí aca an tan dobhádar pósta, ar an adhbhar gur minic is féidir leis
do theacht ionn a ccuimhne agus cathughadh do chur orra. Uime sin is éigionn seasamh leó go feardha. As so budh hiongna le N. Abhaistín agus molann go mór, geanmnaigheacht duine muintiordha do féin ar a raibh grádh rómhór aige, do ghnáthuigheadh léigionn re na antoil a naois na hóige, agus ar cclaochlóghadh a staide dho, nách raibh cuimhne ná blas aige uirthe. Mar a bhíd na tortha, má bhíd gan bhreoghadh, is furas a ttaisgeadh, cuid dhíobh a ttuighe, cuid a ngainimh agus cuid oile ionn a nduileabhar féin. Acht má breoightear iad ní féidir a ccoimheud acht muna ccurthar mil agus siúcra ina ttimchioll. Mar sin don ngeanmnuigheacht nár cailleadh agus nár breoghadh, is iomdha módh ar ar féidir a coimhead, acht má cailleadh í aon uair amháin ní féidir a coimheud acht re díthchioll rómhór crábhaidh, óir is é (is í) is mil agus is siúcra don anam. Is riachtanach do na maighdionnaibh geanmnaigheacht shárghlan do bheith aca, mar atá gan smaointe ciúirialta ar bith do léigionn ionn a ccroidhthibh, tarcaisne, fuath agus gráin a bheith acu ar an uile shólás neamhghlan, do bhrígh nách iomchubhaidh fonn nó meas do bheith aca orra, óir is re beathadhachaibh éigciallaidhe bhainios fonn do bheith aca san ttruailligheacht soin. Bíodh na hanamna glana so ar a ccoimhead, gan contabhairt a bheith aca go bráth gur feárr an gheanmnaigheacht ioná nídh ar bith atá buinsgionn (bun-ós-cionn) di, nách ffuilingeann í do bheith iomlán. Óir, mar sgríobhann Jeronimus Mór, go ccuirionn an diabhal cathaighe móra ar na maighdionnaibh agus go mbrosduigheann iad dochum antoile do chur a ngníomh aon uair amháin, a cumadh agus ag taisbeánadh dhóibh go ffuil an nídh sin níosa mhilse agus níosa rósháimhe ioná atá ionn féin, nídh do chuirionn róbhuairt orra go minic, an tan do mheasaid gur milis an nídh nár bhlaiseadar, mar adeir an naomh céadna. Mar doghnídh an féileacán, an tan dochídh lasair, bíonn a
gabháil ina tímchioll go ró-chiúirialta dá fheuchain an ffuil chomh milis agus atá a breághthacht agus cuirionn sí dfhiachaibh air gan sgur nó go ttugann bás do féin san lasair ccéadna. Mar sin do theagbhann do na daoinibh óga go minic, ag meas go héigcríonna agus ag cur a ccéill dóibh féin go hamadánach go ffuil sámhus mór agus mílseacht san antoil chollaighe agus léigid mar sin na smuainte seo ar a naghaidh nó go ttuitid go truaillighthe ionnta, agus go mbeirthear buaidh orra, agus is éigcríonna iad ionnso, mar atá an lasair breágh, dealrach, go ffuil sámh milis re na blas. Acht iad súd, atá a fhios aca an nídh sin ionn a ffuil fonn aca, go ffuil ar ttúis mí-mhacánta, acht ar a shon san gabhaid de roghain an sámhus brúideamhuil tar an mhacántacht. Is deacair a chreidiomh gur riachtanach do lánamhuin phósta a bheith geanmnaidhe; gidheadh, ní hí is geanmnaigheacht dóibh gan feis chollaighe do dheunadh, acht congmháil leó féin gan an antoil do leanmhuint. Is cruaidh an aithne “Bíodh fearg oraibh is ná deunaighe peaca,” óir is usa go mór an fhearg uile do sheachnadh ioná srian do chur lé; mar an ccéadna is usa go mór antoil na colna do sheachnadh go hiomlán ioná measardhacht nó riaghail do chongmháil innte. Atá brígh adhbhalmhór ag an bpósadh naomhtha a naghaidh teasa na hantoile; ar a shon san tig as laige na nádúra go ttuitionn duine go minic ón nídh bhíos ceadaightheach aige, dochum na neitheann dobhíos toirmisgthe air, agus go ndeunann mí-ghnás de'n ngnás; agus mar dochídhmíd daoine saidhbhre a goid a ccoda ó na ccómharsain, agus nách as riachtanas acht as sainnt, is mar sin dochídhmíd fir agus mná, ar son go mbíd pósta, re hiomarca antoile go mbrisid a ccuing, ar son go mbfhéidir leó feis dlisdionnach do dheunadh ionn a ttigh féin. Bíd an mhuinntir seo mar theine ag imtheacht le gaoith, ag lasadh gach neithe dá tteagmhann leó agus gan
fuireach ar aon áit. Is mór an pheiriacail liaighios borb do ghlacadh, má glacthar iomad de, nó muna nullmhuighthear go maith é, ar an adhbhar go ndeunann dochar mór don tí do ghlacann é. Níl liaighios ar bith is feárr a naghaidh antoile na colna ioná pósa beannaighthe; ar a shon is liaighios róbhorb rópheiriaclach é muna ndeuntar gnás maith dhe mar is iomchúbhaidh. Teagbhann fós ó iliomad gnódh an tsaoghail na fir a bheith a neugmais a mban phósta a ffad, ní labhraim ar thinnios ná ar easláinte fhada, dá mbeith ar cheachtar díobh. Uime sin is riachtanach do na lánamhnachaibh pósta geanmnaigheacht dúbalta a bheith aca. Ar ttúis gan feis ar bith collaighe do dheunadh an feadh dobheid a ffad ó na chéile, agus fós gan a dheunadh acht go measardha an feadh dobheid a naon áit re chéile. Dochonairc Caitríona Sinensis iomad de dhaoinibh damanta dá bpianadh go róchruaidh tré bhriseadh dhlighe an phósta bheannaighthe, agus ní ar son troime an pheacaidh ionn féin dobhádar na pianta orra, do bhrígh gur troime go mór de pheaca an naomhaithis agus an dúnmharbhadh ioná é, acht ar son an mhuinntir doghnídh é nách ccuirid cás ann agus nách deunaid sgrupal de, agus go ffanaid ionn nó go loghaid. Anois dochídh tu go follas go ffuil an gheanmnuigheacht riachtanach ag an uile dhuine. “Lean do shíothcháin agus do naomhthacht, óir gan í seo ní fhaicfeadh (fidh) aon neach Dia,” ar an tApstol. Agus a deirid Jeronimus agus Criosostomus gurab é do thuigeann an tApstol san naomhthacht, an gheanmnuigheacht. Uime sin, is dearbhtha nách ffaicfeadh aon neach Dia muna raibh geanmnaighe agus nách biaidh aon neach a náitreabh Dé ag nách biaidh deaghchroidhe glan, mar adeir ár Slánaigh- theoir féin. Ní bhiaidh madradh ná lucht drúise a tteaghlach Dé. Acht is beannaighthe lucht an deaghchroidhe ghlain. Isiad dogheabhas radharc Dé.
Caib. 13. Teagaisg agus cómhairleacha dochum na geanmnuigheachta do choimheud. Seachain an uile nídh do tharraingeann duine dochum truailligheachta collaighe, nó dobhéarfadh beatha nó oilleamhuint di. Dubháilce í do shnadhmas go caol gan mhothughadh agus as tosaighe beaga fásann go mór agus dothéighionn ar a haghaidh, agus is fusa teitheadh roimpe ioná liaighios do chur uirthe ar mbreith greadhma dhi. Is cosmhuil na cuirp dhaona re soighthighibh glaine, óir má bhainid seo re na chéile, atáid a mbaoghal a mbriste. Na tortha fós, dobhíos iomlán, má curthar iad féin ar mhuin a chéile, milltear iad. Nó má curthar uisge nuadh a soidhtheach agus go ttuitfeadh piast ar bith talamhaighe ionn, ní chongbhann a shásughadh nó a bhlas a ffad. A mhaighdin (ean) gheanmnaighe, ná léig le súgra ná le muinntiordhas, dfhior ar bith breith ar do chorp; ar son gur féidir leis an ngeanmnuigheacht a bheith slán iomlán ameasg na ngníomhartha so, is mó atá éattrom ioná is mailíseach, ar a shon san, doghnídhthear dochar éigin dá sgéimh agus dá bláth. Gidheadh, má leigionn tu glacaireacht mhí-mhacánta do dheunadh ort, atá milleadh agus cailleamhuint na geanmnaigheachta go hiomlán air. As an ccroidhe fhásann an gheanmnaigheacht agus isé is freumh di, agus atá an corp uile ina áit suighe aici, agus as san dothig go ccailltear í rís na céadfadh corpardha, ris na smaointibh, agus re mian agus fonn an chroidhe. Is drúis fós amharc, éisteacht, labhairt, bolath nó glacaireacht mhí-mhacánta an tan dogheibh an inntinn fonn ionnta, agus do ghabhann antoil asta. Uime sin adubhairt an tApstol: Ná hainmnighthear drúis eadraibh ar aon chor. Ní bhainionn an bheach le corp marbh ar bith,
agus ní hé amháin, acht seachnann agus teithionn ó an uile dhrochbholath dá ttig asta. Agus adeirthear ionn sna cainticibh go rabhadar lámha na bainchéile ag sileadh miorra. Is súgha san do chomhduigheas an corp ó thruailliughadh. A beul arna cheangal le lása dearg is cómhartha náire agus macántacht: atáid a súile mar shúile coluim le hiomláine agus le glaine, agus clocha uaisle órdha as a cluasaibh mar comhartha nách éisdionn acht neithe geanmnaidhe. Curthar a srón a ccompráid le séadair Shléibhe Liobáin. An ghné chrainn seo ní lobhann sé go bráth. Ar an módh so is cóir don anam cráibhtheach a bheith .i. a bheith geanmnaighe, sgiamhach, macánta ionn a lamhaibh, ionn a shúilibh, ionn a bheul, ionn a chluasaibh agus ionn gach ball oile dá chorp. Is maith dothig ris seo ráidhte Chassiani agus Bhasili a dubhart: “Ní raibh bean agam riamh, agus ní ffuilim am mhaighdion (in) ar a shon san.” Ní lia módh ar a ndeunann duine gníomh mí-náireach nó drúiseamhuil, ioná módh oile ar a ccaillionn a gheanmnuigheacht; agus mar atá iomad módh dhíobh súd ann, acht más beag nó mór é, lagaighid an gheanmnuigheacht nó brisid go hiomlán í. Atáid cómhluadair agus muinntiordhais neamhdhiscréideach ann, atá díomhaoin collaighe, do ghluaisionn duine, agus ar son nách ccaillionn a gheanmnuigheacht go hiomlán doghnídhid meirbh anffann í, agus bainid a sgéimh agus a deisi dhi. Atá cómhluadar ann nách é amháin atá mí- dhiscréideach acht fós atá lochtach, agus ní hé amháin acht mí-mhacánta drúiseamhuil agus doghnídh seo níosa lugha dochair go mór don ngeanmnuidheacht. Adeirim go ccailltear í go hiomlán an tan do tharraingeann an drochchómhluadar so an duine chum a thoile do thabhairt don ngníomh chollaighe, agus cailltear í go truaillighthe an tan doghnídhthear an gníomh féin. Ní ffuil san ngníomh acht peaca; gidheadh, an mhí-náire agus an mhí-mhacántacht
dothéighionn roimhe, atáid ró-ghráineamhuil mar adeir Tertullianus san leabhar do sgríobh ar an ngeanm- nuigheacht. Ní cóir a mheas go ndearnaidh N. Basilius gníomh mí-náireach ar bith, gidh go ndubhairt sé gur chaill sé a óghdhacht, óir is dearbh nár thruailligh a chorp féin riamh; gidheadh, má do léig smuaineadh neamhghlan ionn a inntinn uair éigin, is air dobhí ag labhairt, óir is nár le hanam uasal ar bith áit do thabhairt do smaoineadh neamhghlan a ccás nách raibh a thoil leis. An mhéid gur féidir leat cómhluadar na muinntire a bhíos neamh-gheanmnaighe go speisialta má bhíd mí-náireach, is cóir a seachnadh, óir mar doghnídh teanga na hinnte (heinte) milse searbh, an tan do bhainionn riu, mar sin is anamh nách deunann cómhluadar na ndaoine neamhghlana, ag a mbíonn croidhe truaillighthe, sal éigin do chur ar an ngeanmnuigheacht, ar an adhbhar go mbíonn nimh ar a súilibh agus ar a tteangthaibh, mar dobhíonn ar an mbaisiliosc. Bíodh do chumann do ghnáth le daoinibh geanmnaighe subháilceacha, agus smuain go minic ar na neithibh diagha nó leugh leabhar a bhíos ag trácht orra. Atáid briathra Dé geanmnaidhe, agus gidhbé do thráchtas ionnta doghnídhid geanmnaidhe é. Is uime sin do chuirionn Dáibhí a ccompráid iad ris an ccloch (oich) uasal (ail) Topasius, ag a ffuil de bhrígh agus de nádúir, ainmhian na colna do chlaoidh, nó do chosg. Ná sgar go bráth re hÍosa Críost san ccroich, gan a bheith ag smaoineadh air go spioradálta, agus fós ag deunadh comaoineach go minic. Mar theagbhann don tí doghnídh cómhnaighe ar an luibh darab ainm Uan, go ttugann do a bheith geanmnaighe; mar sin, gidhbé doghnídh cómhnaidhe ar Íosa Críost, an tUan fíorghlan gan sal gan smál, biaidh saor ó an uile anmhian ná truailligheacht collaighe.
Caib. 14. Tráchtar ionnso cionnas is féidir spioraid na mbocht do chongmháil maille re saidhbhrios. Is beannaighthe na boicht a spioraid, óir is leó ríoghacht na fflaithios, agus is dona an drong a bhíonn saidhbhir ó spioraid, óir is leó pianta ifrinn. Isé atá saidhbhir ó spioraid an tí ag a ffuil a shaidhbhrios ionn a spioraid, nó a anam agus a chroidhe ionn a shaidhbhrios. Agus isé atá bocht a spioraid an té nách ffuil a chroidhe ionn a shaidhbhrios ná a shaidhbhrios ionn a chroidhe. Doghnídhid na faoileana nid ar cuma pailme, ar mhódh nách bíonn acht dóirse cumhanga orra shuas ós a ccionn, agus cuirid iad an bhruach na fairge agus bíd chomh daingionn agus san nách féidir le toinn dá láidre a ttolladh ná a mbriseadh, acht snámhaid ar uachtar na ttonn agus na fairge gan baoghal briste. Sompla na nead so is cóir dhuit a leanmhuint .i. do chroidhe a bheith osgailte do neamh amháin ionnas nách budh féidir le maoin ná le saidhbhrios a tholladh ná dul asteach ann; agus má theagmhann duit saidhbhrios do bheith agat, ná bíodh do chroidhe ceangailte dhe, acht deuna snámh ós a chionn agus bí ad' Thighearna air, agus an Spioraid dofuair tú ó neamh, ná ceangail re maithios talamhuighe ar bith, acht bí ós a ccionn agus ní hionnta. Is mór atá idir nimh do bheith agat agus a caithiomh, óir bíonn nimh go mór-mhór ag an mhuinntir ar a mbíonn cúram liaighios nó cucais orra, dochum feadhma do dheunadh dhi ionn a ham féin, acht ní chaithid féin í, óir ní hionn a ccorpaibh dobhíonn sí aca acht a soighthíbh oile. Mar an ccéadna is féidir leat saidhbhrios do bheith agat agus gan an nimh atá air d'ibheadh. Is féidir leat san do dheunadh maith má bhíonn agat ionn do thigh agus ionn do sparán acht gan a bheith agat ionn do chroidhe: “A bheith saidhbhir
ó mhaoin agus a bheith bocht ó fhonn.” Is mór an sonas do dhuine é óir is mar so atá sochar na maoine aige ar an saoghal so agus luaigheacht na boichteacht san saoghal oile. Ní admhann aon duine é féin a bheith sanntach, óir measann gach aon gur nár do féin an meas truaillighe sin do bheith air, acht má bhíonn ag cruinniughadh saidhbhris adéarfadh sé go ffuil mórán clainne aige, agus gur críonnacht maoin do chruinniughadh dhóibh, ionnas go mbeith nídh cinnte ag gach aon díobh, acht ní abair aon duine go ffuil go leór aige, acht dogheibh leithsgeul do ghnáth go ffuil feidhm air tuille do bheith aige; agus an duine is sanntaighe ar bith, ní hé amháin go nabrann nách ffuil féin sanntach, acht fós measann ionn a choinsias nách ffuil amhlaidh. Is ró-iongantach fiabhras na sainte, óir dá mhéad brígh agus teas dá mbiaidh ionn, is lughaide mothuighthear é. Dochonairc Maoise an tum (tom) ar lasadh le teine dhiagha, agus gan é dá losgadh nó dá chaithiomh. A chodarsna so doghnídh teine mhallaighthe na sainte, óir loisgeann agus caitheann sí an sanntach, agus ní thugann sí solas ná lasair uaithe; agus an uair is mó a bhíonn dá losgadh le teas measann féin go ffuil lán dfhuacht, agus an bruthadh is mó bhíonn air, measann féin nách ffuil acht tart sámh nádúrtha air. Uime sin, más mian leat an mhaoin nách fuil agat d'iarraigh agus do chruinniughadh le saothar agus le mí-chiúnas inntinne, is breugach duit a rádh nách fuil tu sanntach, nó nách fuil fonn agat a saidhbhrios. Agus is dearbhtha go ffuil tu sanntach, óir gidhbé bhias ag iarraidh dighe go neamhfhoighdeach mí-chiúin, is cómhartha é go ffuil fiabhras air. Ní feas dhom an féidir linn ó cheart fonn do bheith againn ann nídh atá a seilbh dhuine oile go ceart, a bheith againn go dlisdionnach. ris an ffonn so is mian linn
dochar an duine oile do theacht as ár sochar féin. Gidhbé nídh atá a seilbh dhuine oile go ceart is mó an ceart atá aige a chongmháil aige féin, ioná atá aguinne mian do bheith orainn a bheith aguinn féin ó cheart. Uime sin, ní cóir dhúinn ár ffonn féin do shíneadh dochum dochair dhuine oile. Agus a ccás nách beith an fonn aguinn éigceart, atá sé níosa lugha a naghaidh carrthannachta, agus níor mhian linn féin fonn do bheith ag duine oile san nídh do bhainfeadh linn féin do bheith aige ó cheart, óir is mian linn féin an nídh do bhainfeadh linn féin ó cheart do chongmháil aguinn. Ag seo an peacadh dorinne Acab ag iarraidh fineamhna Naboitéir do bheith aige go ceart, acht badh mhó an fonn dobhí ag Naboitear a chongmháil aige féin. Acht do bhrígh gur shanntuigh sé í go mór agus go raibh a ffad dá hiarraidh, maille re buairt inntinne, do chuir fearg ar Dhia. chídheann tu anois nách cóir dhúinn cuid ár ccómharsan do shanntughadh, fós le ceart, an feadh is mian leis féin a bheith ina seilbh. Gidheadh, is féidir leat le ceart, fonn do bheith agat a ccuid do chómharsan, an tan is mian leis féin a léigeann uaidh. Ní hé amháin annsoin go ffuil do mhian go ceart, acht ní ffuil toirmiosg ort do mhaoin a mheudughadh go ceart, agus breis a chur ar do shaidhbhrios, acht fós go ndeuntar é go carrthannach. Má tá grádh iomarcach agat ar an maoin atá ionn do sheilbh, agus tu lán de bhruid agus de chúram ina timchioll, ionnas go ffuil hinntinn uile ceangailte dhí, agus go ffuil tu lán d'eagla fá na cailleamhuint, creid dhom go ffuil fiabhras ort. Bíonn fonn adhbhal agus mian iomarcach ag lucht an fhiabhrusa deoch uisge dfhagháil dochum faoisidhe agus fuaire do thabhairt don an-teas a bhíos orra; acht ní bhíd na daoine slána mar sin. Is deacair go mbiaidh fonn mór aca a nídh ar bith de'n tsórt san. Má chaill tu cuid dhed' mhaoin agus go ffuil tuirse
agus buadhaire (buaidhre) ar a son ort, is dearbh go raibh grádh mór agat uirthe, óir ní ffuil cómhartha is cinnte go raibh grádh ag duine ar an nídh do chaill sé, ioná doilghios do bheith air ina dhiaigh. Ná bíodh do chroidhe go hiomlán ag iarraidh an nídh nách fuil agat, agus ná bíodh do chroidhe ceangailte don mhaoin atá agat, ná fós doilghios ort fá nídh ar bith dár dhealaigh leat, agus ionnsan is féidir leat a chreidiomh, ar son do bheith saidhbhir, nách fuil do ghrádh ceangailte dhe, acht go ffuil tu bocht ó spioraid, agus dá réir sin beannaighthe, óir is leat Ríoghacht fhlaitheamhnais mar adubhairt Críost féin. Caib. 15. Cionnas is féidir do dhuine freachnughadh do dheunadh ar an mboichteacht, gé go mbeith saidhbhir. Do chúm an pinteoir dárbhainm Arresius, go hinntleachtach, pobal chathrach na hAithne a naon chlár amháin go ró-eugsamhuil, go feargach, neamh-cheart, neamh- sheasamhach, daona, buidheach, trócaireach, uaibhreach, díomsach, umhal, mór-ghlórach, gealtach, spleadhach, bladh- monnach, beagmhaithiosach. Annso 'seadh chídhfeadh (fidh) tu cionnas is féidir saidhbhrios agus bochtaine do chur le chéile, cúram maith do bheith fá na neithibh saoghalta agus tarcaisne mar aon do bheith orra. Ris an leughann so do chur ad chroidhe is mó an díthchioll is cóir dhuit a dheunadh chum tairbhe do bhuain as do shaidhbhrios, ioná do bhainid na daoine atá tabhartha don tsaoghal as a saidhbhrios féin. Is mó an díthchioll doghnídhid garraidheadóirighe phrionnsa fán ngarradha nó fán ngáirdín do thaobh riu do threabhadh nó do dheasughadh, ioná dá mbadh leó féin iad, agus isé adhbhar fá ndeunaid sin do bhrígh go ttuigid gur gáirdín rígh nó prionnsa é, dár mian leó é do thaithniomh ris agus
buidheachas do thuilliomh. Gach maoin agus gach saidhbhrios dá ffuil againn, ní linn féin iad, acht isé Dia dothug dhúinn iad, agus is mian leis sinn dá ndeunadh go torthach tairbheach, agus doghnídhmíd seirbhís ró-thaithniomhach dho má bhíonn cúram ina ttimchioll againn. Dá bhrígh sin is mó an cúram is cóir dhúinne do bheith aguinn fá na neithibh do thaobh Dia linn, ioná mar dobhíonn ar na daoinibh saoghalta fá na neithibh do bhainionn leó féin, óir ní bhíonn cúram aca so ar aon nídh acht ar a ngrádh féin. Gidheadh, is ar ghrádh Dé amháin is cóir dhúinne saothar do dheunadh. Fós mar dobhíos grádh air féin lán de bhuairt, de bhruid agus de mhíchiúnas, is mar sin dobhíos an cúram do ghabhann duine ar a shon; acht mar atá grádh sámh, taithniomhach, ciúin, is mar sin a bhíos an cúram a gabhthar as, a ccás gur a ttimchioll na neitheann saoghalta a bhíonn sé. Isé an cúram sámh so is cóir dhúinne do bheith againn fá ár maoin shaoghalta, dá comhdach agus dá coimheud nó dá meudughadh do réir mar dobhíos úcáid iomchubhaidh againn, agus mar iarrann ár staid agus ár ccoinghioll orainn, óir is mar sin is mian le Dia an cúram saoghalta dhúinn do dheunadh. Bí ar do choimheud nách meallfadh do ghrádh féin tu, óir cuirionn ar uairibh, foirm agus gné grádh Dé air féin, ionnas gur ró-dheacair a naithniughadh tar a chéile. Acht ar chur (chor) nách meallfadh do ghrádh féin tu, agus fós nách rachadh cúram na neitheann saoghalta dochum sainte dhuit, a ttaobh saidhbhris do bheith agat, is iomchúbhaidh dhuit boichteacht dáríre dfhulaing agus freachnughadh do dheunadh dhí, amhuil agus nách beith saidhbhrios agat. Dá bhrígh sin cuir cuid éigin ded' mhaoin ar leith agus tabhair do na bochtaibh í, agus ní ffuil nídh dá ttiubhradh (aidh) tu uait nách móide bhias tu bocht é, gidheadh, dobhéarfadh (aidh) Dia a ceud uiriod san duit, ní hé amháin san saoghal thall acht fós ar an saoghal so féin, óir ní ffuil nídh ar bith is mó doghnídh
duine acfainneach ar an saoghal so ioná an déirc, agus an feadh dobhias tu ag feithiomh re Dia dá thabhairt sin duit, biaidh tu níosa bhoichte an fad soin. Ó, is beannaighthe an bhoichteacht dothig as dheunamh na déirce! Bíodh gean agus grádh agat do bhochtaibh agus ar an mboichteacht féin agus ris an ngrádh soin biaidh tu féin bocht. Óir mar adeir an Sgruiptiúir go mbíonn gach duine cosmhuil ris an nídh ag á mbíonn grádh aige air, agus cuirionn dfhiachaibh ar dhuine é féin a chur do réir na neithe dá mbíonn grádh aige. “Gidhbé bhíos lag nó tinn,” ar an tApstol Pól, “bímse tinn ris”. Béidir a rádh gidhbé bhíos bocht bímse bocht ris, óir isé a ngrádh doghnídh cosmhuil riu é. Uime sin, má bhíonn grádh agat ar na bochtaibh roinnfid a mboichteacht féin leat, agus biaidh tu bocht mar gach aon díobh. Má tá grádh agat, umurro, ar na bochtaibh, deuna comhluadar leo, agus bíodh fonn agat a ffaicsint, agus deuna cuairt aca ionn a ttighthibh féin, agus bíodh fonn ort a tteagmháil leat, agus bíodh sólás ort an uair iarrfaidh déirc ort san tsráid nó san tteampoll nó a naon áit oile, agus bí bocht leó ó bheul ag labhairt leó mar chompánachaibh, agus bí tabharthach ar do láimh a tabhairt déirce dhóibh dhed' mhaoin, mar dhuine shaidhbhir acfainneach. Más mian leat dol ar haghaidh níosa mhó nár budh leor leat a bheith bocht mar atáid na boicht féin, acht bí níosa bhoichte ioná iad. Gidheadh, cionnas dodheunfas tu san? Is boichte an giolla ioná an Tighearna. Bídhsi ad ghiolla agus ad shearbhfhoghantaighe aca so agus deuna seirbhís dóibh an tan a bheid tinn, cóirigh leabaigh dhóibh, ceannaigh agus gleus biadh dhóibh red' lámhaibh féin, glan a neudach agus cuir le gréin é; is uaisle agus is onóirighe an tseirbhís seo ioná ríoghdhacht ar bith. Is adhbhal iongantais godé a dhíthchillighe do lean N. Ludovicus, dobhí ag ríoghaibh móra an domhain, an chómhairle seo. Rí mór san uile
ghníomh ríoghdha. Na boicht dobhíodh aige dá mbeathughadh, doghníodh féin seirbhís dóibh go minic ar a mbórd, agus dobhíodh triúr de dhaoinibh bochta aige go laetheamhuil ar a bhórd féin, agus ní bhíodh glún (glonn) air an fuighioll dobhíodh ar mhéis na mbocht d'itheadh re hiomad a ghrádh orra. Dothéigheach (dh) ar cuaird go minic mar a mbídís aos galair, do dheunamh seirbhíse dhóibh, agus san don ccuid fá gráineamhla tinnios díobh, agus é sin ar a ghlúinibh ag tabhairt Chríst fá na naire ionnta, agus níor fféidir le máthair níosa mhó de ghrádh a thaisbeánadh dá haonmhac ioná mar do thaisbeánach (dh) dóibh. Is mór an dúil dobhí ag N. Elisabet, inghean Rígh na Hungarí, a ccómhluadar na mbocht agus dogheibheach (dh) sólás mór ann, agus do chuireach (dh) ar uairibh ameasg a bantrachta féin, éadach mná boichte uirthe ag rádh: Dá mbeinn bocht is mar so dobhí an Rí agus an bhainríoghain úd agus iad lán de shaidhbhrios, acht godé a shaidhbhriocht dobhádar, ar son go rabhadar bocht. Is beannaighthe an drong a bhíonn bocht ar an módh so, is leo ríoghacht na fflaithios. Adéarfadh (aidh) Rí na Ríogh agus na mbocht san mbreitheamhnas déighionnach: “Do bhí ocras orm agus thugabhair biadh dhom, dobhí me nochtaighthe agus do chuireabhair éadach orm; gabhaighe seilbh na ríoghachta atá arna hullmhughadh dhíbh ó chruthughadh an domhain.” Ní ffuil ar bith duine nách beith easbaidh nó mí-chómhgar air, uair éigin; teagmhann fós go ttig aoidhe chughainn nách bíonn furachas againn ris, agus go mbadh mhian linn, agus go mbadh hiomchubhaidh a ghlacadh go honóireach agus nách ffuil aimsir ná gleus againn ar nídh ar bith do shaláthar dho, atá éad aige, deas ag duine a náit éigin, agus an tan budh maith leis a mbeith san áit a mbeith riachtanas leo ní ffuil siad aige. Teagmhann ar uairibh, go cclaochluigheann na fíonta maithe a mblas agus a mbolath, agus go ccongbhaid na fíonta searbha a nádúir
féin. Budh héigionn do dhuine a bheith uair oile san oidhche a ccrum-thigh bodaigh, gan leabaigh, gan seomra, gan bórd, gan seirbhís oile aige. Ionnas go tteagbhann do dhuine dá shaidhbhre a bheith go minic a riachtanas, agus is ionann san agus a bheith bocht an méid a bhainios ris an nídh atá d'easbaidh air. Bíodh lúthgháire ort an tan do theagbhas aon nídh aca so dhuit agus gabh chughat go taithniomhach é maille re gnúis shoilbhir shoineannta ó láimh Dé. Má do thárlaidh cás duit re ar thuit tu a mboichteacht bhig nó mhóir, mar atá doineann, losgadh, salc, nó ris an ttalamh do mheath agus gan toradh do thabhairt uaithe, re goid nó re conspóid, ag sin an tam ar cóir dhuit freachnughadh do dheunadh ar spioraid na bochtaine .i. cailleamhuint do mhaoine d'iomchur agus dfhulaing go foighdeach. Dotháinigh Esau a ffiadhnaise a athar re na lámhaibh fiomhacha, tháinigh Jacob mar an ccéadna, acht dobhí diffir eadorra, .i. an fionadh dobhí ar lámhaibh Jacob, nách ar a lámhaibh féin dobhí acht ar a lamhainibh (laimhníbh), ionnas gur bhéidir a bhuain dá lámhaibh gan dochar ar bith do dheunadh dhóibh; acht ní mar sin dobhí Esau, mar is ar a lámhaibh féin dfhás an fionnadh, níor fféidir a tharraingt asta gan phéin mhóir do thabhairt dó, agus doghnídh díthchioll ar é féin a chosaint. An uair dobhíonn ár ccroidhe ceangailte dár maoin gidhbé módh ar a ccailleamaoid aon chuid dhi bíodhmaoid lán de mhífhoighid, de bhuairt agus de ghearán, acht má tá cúram againn amháin fá ár maoin do réir mar d'órdaigh Dia dhúinn, má fuadaighthear nó má baintear le fóirneart dínn í, ná bíodh buairt ná mí-chiúnas orainn, muna ffuil ár ccroidhe agus ár ninntinn ceangailte dhí. Ag seo an difir idir na beathaidheachaibh brúideamhla agus na daoine, óir go mbíonn eudaighe na mbeathadhach so ceangailte dá ccroicionnaibh agus dá ffeoil agus éadaighe na ndaoine don taobh amuigh orra, ionnas gur féidir a mbuain díobh agus a ccur orra mar is mian leo.
Caib. 16. Cionnas is féidir linn saidhbhrios spioradálta do bheith aguinn agus a bheith bocht ó mhaoin shaoghalta. A ccás go ffuil tu bocht ó mhaoin shaoghalta, guidhim thu, bí bocht ó spiorad, agus deuna subháilce de'n riachtanas, agus bíodh meas agat ar an séad uasal so na boichteachta, do réir a luacha féin. Ní thuigionn agus ní fhaicionn an saoghal an dealrughadh agus an briocht sgiamhach atá air; ar a shon san atá, ionn féin, dealraightheach, luachmhór. Bíodh foighid agat. Is maith an chuideachta agus an comhluadar atá agat, .i. Ár Slánaightheóir, Íosa Críost, a Mháthair Bheannaighthe, na hApstoil agus mórán eile de'n chineul feardha agus banda dobhí rónaomhtha, agus do thogh a bheith bocht, ar son go mfhéidir leó a bheith saidhbhir. Is iomdha daoine oirdheirce, saidhbhre, do thréig an saoghal, agus a ndaoine muinnteardha féin ag cur ina ccoinne agus ag labhairt go holc orra, do ghabh de roghain a bheith go bocht ionna mainistreachaibh nó ag deunadh seirbhíse d'aos galair, le saothar agus le hallus go grádhach fonnmhar. Sompla air seo Alexius, Paula, Paulinus, Angelus agus iliomad oile, acht atá so níosa mhuintiordha agatsa ioná san, óir atá so dá fhuráil ortsa gan duadh gan saothar dhuit féin, agus gan tu dá hiarraidh. Uime sin, gabh chughat í mar charaid ró-ionmhuin Íosa Críost dorugadh, dobhí beo, dofuair bás a mbochtaine agus ag a raibh sí ina cuideachta agus ina máthair ar feadh a bheathaidh (adh).
An bhochtaine dothig ort ó chineamhuin atá dá mhaith ceangailte dhi, ionnas, le na ccuidiughadh, gur féidir mórán luaidheacht do thuilliomh. Ar ttúis, an chéad mhaith, nách tu féin do thogh ná d'iarr dhuit féin í, acht gurab ó thoil Dé amháin dotháinig duit a bheith bocht, gan cuid ar bith a bheith ag do thoil féin de. Gach nídh dá ttig chughainn ó thoil Dé amháin, agus do ghabhamaoid chughainn go maith ó chroidhe agus ó inntinn, dochum toile Dé a chóimhlíonadh, atá sé ró-thaithniomhach ag Dia. Ní ffuil dá loighead dá mbiaidh dár ttoil féin ionn aon nídh, nách móide an taith- niomh dobhias ag Dia air é. Gabháil thoile Dé go símplidhe glan agus diúltadh dár ttoil féin, isé doghnídh an fhoighid fhíorghlan agus an fhulaing ró-thaithniomhach le Dia. An dara maith na bochtaine seo, go ffuil riachtanach dáríribh. An bhoichteacht do moltar, ar a ffuil meas agus ag a ffuil congnamh agus cuidiughadh, ní boichteacht dáríribh í, óir atá go leór saidhbhris ceangailte dhi, acht an bhoichteacht atá tarcaisneach agus atá faoi mhí-mhódh agus atá gan áird ag aon duine uirthe, ag sin an bhoichteacht dháríre. Ag so go mór-mhór boichteacht na ndaoine saoghalta, óir ní le na ttogha féin, acht le riachtanas agus le cineamhuin dobhíd bocht, mar sin go mbíd faoi tharcaisne agus nách mór go mbíonn meas orra, agus as san dothig dhóibh gur boichte iad ioná na daoine riaghalta ar mhódh éigin, ar son go ffuil luaidheacht mór aici seo do thaobh oile, agus gurab í is oirdheirce agus is dear- sgnaighthe, do bhrígh na móide agus na hinntinne re a ngabhann duine air féin í. Ná deuna gearán go bráth ar do bhoichteacht óir ní gnáth linn gearán do dheunadh acht ar an nídh a mbíonn míghean aguinn. Uime sin má tá míghean agus mí-thaithniomh againn ar a bheith bocht, ní ffuil tu bocht ó spioraid, acht atá tu ó mhian agus ó fhonn lán de shaidhbhrios.
Ná bíodh tuirse ná doilghíos ort muna ttugthar congnamh nó fortacht dhuit do réir do riachtanais, óir is ionnsan atá onóir agus caithréim na bochtaine. Go mbadh mian le duine bheith bocht agus gan mí-chómhgar ar bith dfhulaing ní ffuil ionn acht saint ró-iomarcach, do bhrígh gurab ionan san agus go mbadh mhian leis onóir na bochtaine do bheith aige, agus sámhus agus sochar an tsaidhbhris. Nár budh nár leat a bheith bocht agus déirc d'iarraidh, agus má dogheibh tu í, gabh í go húmhal, agus má dogheibh tu diúltadh bíodh foighid agat. Smaoin go minic cionnas dobhí an Mhaighdion Bheannaighthe, Máthair Dé, ag teitheadh re na Mac don Egypt, godé a liacht tarcaisne agus riachtanas budh héigionn di a fhulaing, agus má chuirionn tusa do bheatha ris seo, agus tu féin d'iomchur mar sin, biaidh tu ró-shaidhbhir san mbochtaine. Caib. 17. Don ccumann, agus ar ttúis don ccumann fhallsa mhailíseach. Idir gach brígh dá ffuil san anam atá an chéad áit ag an ngrádh agus isé is Prionnsa ar an uile ghluaiseacht dá mbiaidh ionn, agus tarraingeann ina dhiaigh féin iad uile, agus doghnídh sé an duine cosmhuil ris an nídh ar a mbíonn grádh aige. Uime sin, tabhair dot aire gan droch-ghrádh ar bith do bheith agat, óir má bhíonn dodheunfach (dh) sé tu féin go holc mailíseach, óir ní ffuil grádh ar bith is peiriaclaighe ioná grádh an chumainn, óir is féidir linn an uile ghrádh eile do bheith aguinn gan cuid a thabhairt do dhuine eile dhe, acht grádh an chumainn nách féidir. As san a thig gur deacair cumann do bheith idir dhaoinibh nách beith ar aon bheusa agus ar aon cháiligheacht.
Ní hé gach aon ghrádh an cumann, óir is féidir linn grádh do bheith againn ar an tí nách ffuil grádh aige orainn, agus ionnsan atá an grádh agus ní ffuil cumann ionn, óir ní ffuil san ccumann acht cómh-ghrádh díse ar a chéile, agus muna ffuil sé mar sin ní cumann é. An dara nídh, ní leór dhóibh grádh do bheith aca ar a chéile, acht fós is riachtanach a fhios san do bheith ag gach rann díobh. Óir muna ffuil an fios san aca, mar atá a ngrádh ar a chéile, acht gidheadh ní ffuil cumann eadorra. Is riachtanach fós taithighe a bheith aca ar a chéile dochum a rúin dfhoill- siughadh dá chéile, agus isé seo is príomh-adhbhar don ccumann. Do réir na taithighe a bhias aca ar a chéile, is mar sin a bhias an cumann. Má's taithighe bhreugach dhíomhaoin a bhias aca, biaidh an cumann breugach díomhaoin, nó má's go subháilceach fírinneach doghnídhid taithighe ar a chéile, biaidh an cumann mar an ccéadna, agus ní ffuil dá shubháilcighe dá mbiaidh a ccaidreamh nách móide bhias an cumann go subháilceach é; agus mar isí an mhil is feárr an mhil a chruinnighid na beacha as an mbláth is cubhra bolath, mar sin isé an grádh is feárr agus is dísle an grádh dothig as an ccaidreamh subháilceach, agus mar sin dogheibhthear mil ar a mbíonn nimh a Ríoghacht Phontuis san mbaile darab ainm Heraclea, ionnus, gibhdé itheas í, go mbídhid ar mire; agus isé is adhbhar do san do bhrígh gurab as luibheanaibh nimhe atá go formhór san áit sin, do chruinnigh- thear í; is mar sin dobhíos an cumann so dothig as an ccaidreamh fhallsa dhíomhaoin mhailíseach, bíonn sé ró- dhíoghbhálach. Caidreamh antoile chollaighe agus na leanánacht bhrúid- eamhuil, bíonn sé do réir thoile an dá rann, acht ní cóire cumann do ghairm de idir dhaoinibh ioná a ghairm de chaidreamh asal agus gadhar re chéile ionn a samhuil sin de ghníomh; agus muna mbeith a atharach san de chaidreamh
san bpósadh, ní bheith cumann ar bith ann, acht mar atá caidreamh beatha, saothair, deagh-ghrádh agus dísligheacht nách féidir a sgaoileadh. Dá bhrígh sin atá cumann an phósta ina chumann fhírinneach bheannaighthe. An cumann dothig as shámhus na ccéadfadh ccorpardha atá sé ró-thámhánta, agus ní fiú é cumann do ghairm de, mar nách fiú fós an cumann nách ffuil de bhunadhas aige acht subháilceadha beaga eadroma díomhaoine nách fuil acht ionn sna céadfadhaibh féin amháin; agus is de do ghairmim Sámhus na ccéadfadh .i. an sámhus do ghabhann an tsúil re faicsint coirp bhreágha nó sgiamhaighe, an chluas as guth sámh binn do chloinsin, an lámh as glacadh maith, agus gach céadfadh oile den tsórt soin is díobh do ghairmim subháilceadha díomhaoine. Na cumais nó na cáiligheachta bhíos a ndaoinibh dá measaid daoine ainbhfiosacha gur subháilceadha iad, is mar sin adeirid go coitchionn mná, cailínighe agus ógánaigh, agus ní nár leó a rádh: Is subháilceach an duine uasal úd, is iomdha tiodhlaicthe maithe aige agus foirfeacht atá ionn, óir is deas an damhsóir é agus atá eolach san uile shórt imeartha. Fós is deas a ghabhann a iorradh agus a éadach air, agus is cumasach a shinneann (sheinn-) agus is greannmhar a labhrann agus is deas a ghluaisigheann a bhaill. Agus mar sin idir lucht magaidh agus cleasuigheachta, isé is mó meas an té is feárr doghnídh aithris ar amadán. Acht iad so uile, mar isiad do bhainios ris na céadfadhaibh corpardha, gach cumann dá ttig asta, budh chóra amadántacht agus éig- críonnacht do ghairm de ioná cumann nó cáirdios. Agus mar sin do dhaoinibh leamha óga do chuirionn brígh mhór a ngruagaibh cúirníneacha agus a fféasógaibh deasa, a silleadh súl, a lúth a mball, a neudaighibh sgafánta, agus a mbriathraibh blasta gan de bhrígh ionnta acht sin féin. Gidheadh, ní ffuilid na neithe seo iomchúbhaidh do dhuine ar bith acht do lucht suirghe agus éigcríonnachta, ag nách fuil
subháilce ná breitheamhnas idir olc ná mhaith agus a chaithionn a naimsir le na nantoil féin, agus ionnso ní bhíonn acht cumann aithghearr aca do leaghann mar shneachta le teas gréine. Caib. 18. Do ghean bréige an aos grádh ar a chéile. An uair a thagann cumann éigcríonna idir fhear agus mhnaoi, agus gan rún pósta a chéile aca, adeirthear go ffuil gean beag aca ar a chéile; gidheadh, mar nách fuil ionn acht sgáile cumainn, ní fiú é grádh ná cumann do ghairm de tré mheud na heolbhaoise agus na mailíse atá ann. Ris an ngean bréige seo do mealltar fir agus mná, óir is ris an ccaidreamh éigcríonna agus ris an muinntiordhas eólbhaoiseach agus ris an ttaithniomh neamhghlan dobheirid dá chéile, a bhíd ceangailte ag á nantoil féin; agus ar son go ttuigid seo go minic ionn a ngníomh thruaillighthe, ní hé sin céad chríoch a bhíonn aca, óir dá mbadh é ní gean beag budh chóir a ghairm de, acht mí-náire agus antoil fhollus, do bhrígh go ccaithid na daoine éigcríonna so go minic mórán dá mbliadhnaibh agus nách deunaid gníomh ar bith a bhíos a naghaidh na geanmnaigheacht chorpardha, ar an adhbhar gurab é is rún dóibh a bheith a tabhairt sásaimh agus sámhuis dá ninntinnibh féin le guidhe, le fonn, le seudaibh suirghe, le briathraibh grádhacha agus re gach eolbhaois oile de'n tsórt san, agus ag glacadh sóláis agus taithniomhaigh as an eólbhaois sin. Ní bhíonn de chrích ag drong oile acht go ttaisbeán- adaois go ffuil grádh aca agus go ffuil an céadna orra a leanmhuint a cclaonta féin ionnso, gan feuchain do nídh ar bith oile acht dhóibh amháin. Uime sin, má theagmhann
pearsa ar bith leo ar a ffaghaid taithniomh gan cheist do chur ar a bheusaibh ná ar a inntinn, tionnsgnaid an caidreamh soghrádhach so agus cuirid iad féin go minic ionn a líon, as nách féidir leo iad féin do réidhteach acht re saothar agus le dochar. Drong oile do thionnsgain an caidreamh so as ghrádh ghlóire dhíomhaoin amháin ag meas gur glórmhar onóireach dhóibh má tharraingid grádh pearsan ar bith orra, agus mar nách bíonn de chrích aca acht an ghlóir dhíomhaoin seo amháin, is mian leo a líonta agus a ngaistighe do chur a náitibh breághtha, árda, uaigneacha, oirdhearca. Drong oile ag á mbíonn claonadh dochum an chaidrimh seo, gidheadh, ní chuirid iad féin ann acht muna ffaicid go mbiaidh glóire éigin ceangailte dhe. Atáid na cumainn seo uile mailíseach, éigcríonna, eolbhaoiseach, do bhrígh go ffuilid ag tarraint dochum peacaidh na colna, agus an grádh agus an croidhe budh chóir a thabhairt do Dhia, don mhnaoi, nó don fhior phósta, go mbaintear dhíobh é. Atáid éigcríonna do bhrígh nách fuil bunudhas ar bith aca, agus nách ffuilid do réir réasúin. Atáid fós eolbhaoiseach do bhrígh nách ttig sochar, clú ná onóir asta. Arís atá cailleamhuint aimsire ionnta agus fós mí-chlú don tí do leanann de'n eólbhaois sin agus níl ffuil sólás ar bith ionn acht dóthchas a bhíos lán de bhruid agus de chritheagla, agus gan fios aca fá dheoigh godé an chrích a thiucfas ar an nídh atáid a dheunadh. Bíd na daoine bochta ag meadhamh do ghnáth go ffuil nídh éigin faoi na cómharthadhaibh grádh dogheibhid ar gach taobh, gur fiú é fonn do bheith ionn, gidheadh, ní féidir leo a rádh godé an nídh é, ionnas nách bíonn críoch go bráth ar an ffonn a bhíos aca, acht a ccroidhthe dá ngearradh agus dá ppianadh re héad, re héadóthchas agus re mí-chiúnas. N. Greagóir Nasiansen, ag labhairt ar na mnáibh, a sgríobhaidh sé neithe oirdheirce do bhainionn le mnáibh agus le fearaibh, ar son
gurab ar na mnáibh amháin atáid siad a labhairt. Ag seo mar adeir: Is leór do sgéimh nádúrtha dho tfhear féin, gidheadh, má's mian leat a síneadh mar a síntear líon dochum éin do ghabháil agus más mian leat taithneamh le mórán dfhearaibh, cread dothiucfas as san? Biadh taithniomh agat ar an tí dogheabhas taithniomh ar do sgéimh, féuchfadh (aidh) tu air, do chion gur fheuch ort, cuirfeadh (fidh) tu do shúil ionn do bhrígh gur chuir a shúil ionnat agus as san tiucfadh (aidh) fáth gáire agus briathra geanamhla, ar ttúis ós ísiol agus gan fhios, agus ní fada ina dhiaigh sin go ndeuntar muintiordhas éigin leo, agus as san tiucfadh (aidh) dochum cómhráidhte agus cainnte díomhaoine. Ó mo theangaidh labharthach! Ar a shon san a déaradh (aidh) me an fhírinne seo nách ffuil aon nídh dá labhraid ógánaigh agus mná re chéile nó dá ndeunaid as an ngean amaideach san dobheirid dá chéile, saor aca ó pheacadh, óir greamuighid dá chéile leis an ngean mbeag ndíomhaoin so mar do leanas an tiarann don Maignéit (d'bhonn). Is maith oirdheirc na briathra úd an Easboig naomhtha. Cread is mian leat do dheunamh annso? An mian leat grádh do ghluaiseacht a nduine oile? Ní mian. Bíodh a fhios agat gidhbé do ghluaisfeas duine oile dochum grádh a bheith aige, go ngeabhthar é féin san líon céadna go haithghearr! San imirt seo gidhbé dobhéarfas caillfidh. An tan do curthar teine a ngar don luibh darab ainm Aproxis gabhann í a ccéadóir. Mar sin a bhíonn croidhe an duine ar ttabhairt fá dhear dho go ffuil duine oile lán dá ghrádh mar an ccéadna. Acht adéaradh (aidh) tu nách mian leat acht grádh beag éadtrom do ghabháil. Och! atá tu ar seachrán óir is gníomhaighe agus is mó do thollann an teine seo an ghrádh nách measann agus nách saoileann tu a bheith san ndrithle, acht budh hiongna leat le nómaint gur ghabh tighearnas ar do chorp uile, agus go ndéanann luaithreamhán agus gaoth ded' chlú
agus ded' dheagh-rún. Ag seo mar adeir an tEagnaidhe: “Cia ag a mbiadh truaigh don fhior ceoil do loit an nathar nimhe nó má loit an nathar nimhe é. Agus adeirim ribh gurab amadáin éigcríonna sibh má mheasann sibh ceól agus caithiomh aimsire do dheunadh leis an ngrádh mar is mian libh féin. An tan is mian libh súgradh agus caithiomh aimsire do dheunadh ris an ngrádh cuirfeadh sé cealg ionnaibh, agus bainfeadh sé greim asaibh. An feas díbh cread adeirid daoine oile libh, beid a magaidh (adh) oraibh ar an adhbhar gur mian libh caithiomh aimsire do dheunadh de'n ngrádh, gurab nathar nimhe díoghbhálach é atá a ffolach ionn bhúr nucht agus do chuirfeas nimh ar bhúr nanam agus ar bhúr cclú. A Dhé! cread é an díthcéille, an brígh is uaisle atá ionn ár nanam do chur ionn a leithéide sin de chontabhairt a bpeiriacail a chailleamhuint ar aon urchur dísle. Is dearbhtha gurab ar son a anama atá gean ag Dia ar an duine, agus ar an anam ar son na toile, agus ar an ttoil ar son an ghrádh. Och, mo thruaighe! godé a fhaid atámaoid ón ngrádh budh chóir dhúinn a bheith againn ar Dhia! Och! ní ffuil críoch ar fhaid atámaoid uaidh! Agus ní leór linn sin, acht re mire agus mí-chéill caitheamaoid ár ngrádh a neithibh eolbhaoiseacha, amadánacha, nách bíonn sochar ar bith ionnta amhuil agus go mbeith fuighioll mór de'n ngrádh aguinn; acht Dia mór atá ag iarraidh grádh ár nanamann uile do bheith aige féin do bhrígh gurab é féin do chruthaigh, do choimheud agus do cheannaigh iad, bainfeadh (fidh) sé cúntas cruaidh geur dhinn ar son gach grádh díomhaoin dá mbiadh againn, agus má bhainionn sé cúntas de dhuine ar son gach bréithir díomhaoin dá laibheoradh (aidh) sé ar an saoghal so, godé chomh cruaidh agus an cúntas a bhainfeadh (fidh) sé dhinn ar son an chumainn fhallsa bhreugaigh, éigcríonna, díoghbhálaighe?
Atá an coll díoghbhálach don fhineamhuin agus don ttalamh ionn a ccurthar é, do bhrígh an tan fhásann go hárd go ttarraingeann sugha na talmhon chuige féin, ionnas nách féidir lé oileamhuint do thabhairt do luibhionnaibh ná do phlanndadhaíbh oile. Fós atá a dhuilleabhar tiugh leathan, ionnas go ndeunann sgáile mór, agus tarraingionn fós na daoine bhíonn a gabháil an tslighe, dochum na ccnódh a bhíonn air do leagadh le clochaibh agus le maidighibh, ionnas go millid re na ccosaibh gach nídh dá mbíonn curtha ina thimchioll. Mar sin a bhíd na mion-ghrádha so bhíonn ionnsa ccroidhe, doghnídhid dochar mór agus díoghbháil, óir líonaid é go hiomlán agus tarraingid a bhrígh agus a ghluaiseacht uile chúcha féin, ar módh nách bíonn iomchúbhaidh dochum deigh-ghníomha ar bith do dheunadh. Isé is duilleabhar dóibh caidreamh agus cómhluadar díomhaoin agus finnsgeula le a ccuirid a ngrádh féin a ccéill dá chéile, agus le a ccaithid a naimsir gan toradh gan tairbhe, agus ina dhiaigh sin dothig an oiread san de chaithighibh orra agus de bhuairt, go múchtar agus go sgriostar an croidhe go hiomlán. Fá dheoigh díbrid na mionghrádha so, ní hé amháin grádh na neitheann neamhdha, acht fós eagla Dé go hiomlán as a nanam, lagaigheann agus bainionn a brígh as a spioraid, agus d'aon fhocal, (is?) an-mhian cúirteoir iad, agus bás anama. Caib. 19. Bíodh grádh carrthannach agat go coitchionn ar an uile dhuine, acht ná deuna cumann speisialta re duine ar bith, acht ris an tí do laibheoras leat ar neithibh maithe spiora- dálta, agus ní ffuil, dá oirdheirce dá mbeid na subháilceadha ar a mbiaidh sibh a trácht, nách móide a bhias an cumann foirfe subháilceach é. Má's ar neithibh foghluma
a bhiaidh sibh a trácht is maith é. Gidheadh, is feárr an cumann a bheith ag labhairt ar na subháilcibh .i. an gliocas gan cheilg, neart gan fóirbhrígh, ceart gan locht, agus measardhacht. Acht má's ar an ngrádh, ar an ccrábhaidh (adh) agus ar an ffoirfeacht croidhe a bhias sibh a tráchtadh ionn bhúr ccómh- luadar, Ó a Dhé íodhain, godé uaisle an chómhluadair sin agus an chumainn! Is dearbh go mbiaidh sé ró-mhaith, óir is ó Dhia dothig, ós ar Dhia atá sibh ag tráchtadh, agus isé féin do cheanglas é, agus mairfeadh (fidh) go síorruidhe a nDia. Godé a ghlórmhaire agus a onóirighe grádh a bheith ag duine ar an ttalamh mar dobhíos aige ar neamh, agus foghluim ar an saoghal so grádh do bheith againn dá chéile mar dobhias againn tré bhioth shíor. Ní ffuilim ag trácht ionnso ar an ngrádh choitchionn is cóir dhúinn a bheith aguinn do na nuile dhuine, acht ar an ccumann spioradálta ionn a cceanglann dís nó triúr, nó uimhir is mó ioná san re chéile a ccrábhaidh (adh) agus a ngrádh spioradálta, ag léigeann a rúin le chéile, amhail agus ná beith acht aon chroidhe agus aon anam amháin ionnta, ionnas go mbadh féidir leó a rádh ris an Salmadóir: godé sáimhe agus taithniomhaighe do dhearbhráithreachaibh a bheith mar aon, agus sin go fírinneach, óir go ndoirtid balsom deaghbholaigh an chrábhaidh ó chroidhe go croidhe, ar mhódh gur féidir linn a rádh gur dhoirt Dia a bheannocht ar an ccumann so tré shaoghal na saoghal. An uile chumann eile ina chompráid seo, ní ffuil ionnta acht sgáile cumainn agus cuibhreach deunta dhe ghlainíbh nó de theudaibh dubhán alladh, acht amháin an cumann so an naomh-chrábhaidh atá arna cheangal re slabhradhaibh órdha do-bhriste. Ná togh cumann ar bith oile dhuit féin acht an cumann so; gidheadh, ná tréig agus ná tabhair tarcaisne ar an ccumann atá dfhiachaibh ort ó nádúir, ná don mhuinntir do chuir comaoin ort, mar atá do shinnsiordha, do lucht
gaoil agus na daoine dorine maith ort, óir ní tu féin do thogh na cumainn seo dhuit. Adéaraid mórán leat nách cóir dhuit grádh ná cumann do bheith agat re haon duine fo leith, do bhrígh go mbiaidh hinntinn uile gabhtha ris sin, agus go ccuirfeadh (fidh) buairt ar a spioraid, agus go ttiubhradh (aidh) tu adhbhar tnútha do dhaoinibh oile; acht gidhbé dobheir an chómhairle sin duit, atá sé ar seachrán, óir, an nídh do leughadar ionn a leabhraibh spioradálta, ag Ughdaraibh naomhtha diagha, do bheith toirmiosgtha ar dhaoinibh riaghalta .i. cumann speisialta nó grádh neamhghnáthach do bheith ag cuid díobh ar a chéile, agus measaid go ffuil áit aige idir dhaoinibh oile. Acht is mór an difir atá eadorra, do bhrígh gurab a mainistir riaghalta ionn a ffuilid beusa maithe ar ccongmháil, atáid na daoine riaghalta uile go coitchionn ag tarraingt ar shlighe (an chr) na crábhaidh, ionnas nách dlisdionach dóibh an cumann speisialta so do dheunadh, d'eagla go mbeith aon duine aca go haonracánach an nídh (i ní?) atá go coitchionn ag cách uile, agus as san go ttiucfadh dhóibh cliath ar leith do dheunadh, agus cuid ar leith agus cuibhrionn d'iarraidh. Acht gebé atá san saoghal agus re ar mian dol ar aghaidh san ccrábhaidh (adh) agus a subháilcíbh, is riachtanach do an cumann so do bheith aige re duine oile ag á mbiaidh an fonn céadna, ionnas go ttugadaois misneach agus congnamh dá chéile dochum neithe maithe do chur a ccrích. Agus mar nách bíonn riachtanas ag an muinntir a bhíonn ag siubhal ar an ttalamh tirim socair re na lámhaibh a thabhairt dá chéile dochum fuireach ina seasamh, mar dobhíonn ag an mhuinntir a bhíonn a siubhal ar thalamh bhog shleamhuin, dochum a ccos do chur a ngreim, is mar sin nách riachtanas don mhuinntir atá a ttighthibh riaghalta, an cumann speisialta so do bheith aca. Acht is riachtanach do na daoinibh riaghalta é darab éigionn slightheacha contabhairteacha an tsaoghail do shiubhal.
Ní haon scópa amháin atá ag daoinibh an tsaoghail, agus ní hionann rún agus spioraid atá aca; dá bhrígh sin is riachtanach dhúinn cumann d'iarraidh a bhias oireamhnach dár rún agus dár ninntinn féin, agus ar son go mbeith aonracántacht éigin ionnso, atá sí sin beannaighthe naomhtha, agus ní ffuil deaghlughadh ná sgaramhuint ann acht mar do sgartar an tolc ris an mhaith, na caoire ris na gabhraibh, na ladráin saithe ris na fíorbheachaibh. Ní féidir le duine ar bith a rádh nách mó an cumann agus an grádh do thaisbeán ár Slánaightheoir d'Eoin Soisgeulaighe, do Lasarus, do Mharta, do Mhuire Mhaigdelean, ioná thaisbeán do mhórán oile. Is follus fós go raibh grádh ag Peadar ar Marcas Soisgeulaighe, agus ar Phetronila, mar dobhí ag Pól ar Thimoteus agus ar Theacla. Molann go minic N. Greagóir Nasiansen an cumann agus an grádh dobhí aige féin agus ag N. Basilus ar a chéile. Ag seo mar do labhrann air: Dar leat ní raibh acht anam ionnainn araon ag tabhairt beatha dár ccoirp. Agus ar son nách cóir a chreideamhuin go ffuil an uile nídh ionn gach aon nídh, gidheadh, is féidir a chreideamhuin go rabhamairne ionn a chéile agus gach duine san duine oile, óir is ionann scópa dobhí againn .i. freachnughadh na subháilceadh agus rún ár mbeathaidh (adh) do cheangal ris an mhaith shíorruidhe, agus an talamh marbhthach do thréigionn roimh ár mbás. Adeir N. Abhaistín go raibh grádh eugmhaiseach ag N. Ambrós ar N. Moinioca ar son na subháilce speisialta dobhí innte, agus go raibh an grádh céadna aicisi ar N. Ambrós, amhuil agus go mbadh haingeal ó Neamh é. Acht cad ? fá na ffuilim a dheunadh de mhaill ag nídh ró-fhollas, an uair dobhí an cumann speisialta so ag na daoinibh naomhtha so síos .i. Jeronimus, Augustinus, Gregorius, Bernardus agus mórán oile. A deir fós N. Tomás agus na feallsamhuin go coitchionn gur subháilce
an cumann. Is ar an ccumann áirithe atáid ag labhairt, óir ní mheasann sé gur féidir do mhórán de dhaoinibh cumann iomlán do bheith aca; dá bhrígh sin ní ffuil foir- feacht ar bith do dhuine gan cumann do bheith aige, acht gan a bheith aige muna raibh go maith beannaighthe. Caib. 20. Don diffir atá idir an Cumann fírinneach agus an Cumann eolbhaoiseach. Is maith oirdheirc an teagasg dobheirim dhuit annso, óir mar is peiriaclach do dhuine mil ar a mbeith nimh do ghlacadh a riocht mealla fulláine, nó iad araon do ghlacadh arna ccumasg, d'eagla na droichmheala do bhreith buaidh ar an mil mhaith; is mar sin is cóir dhúinn a thabhairt dár naire go grinn nách biadhmaois meallta ionn ár ccumann, go háirighthe san ccumann a bhíos idir fhearaibh agus mhnáibh, óir gidhbé cúis as a ttionnsgnaid a ccumann, is minic do chlaochlós an diabhal grádh na muinntire ag a mbíodh gean ar a chéile. Tionnsgnaid ar ttúis le grádh agus muna raibh ar a ccoimheud go maith do deuntar grádh eolbhaoiseach go haithghearr de; ina dhiaigh sin grádh baoth, agus fá dheoigh grádh collaighe. Ionnsa spioradáltacht féin fós, atá peiriacail muna raibh an duine forachair coimheudthach, ar son gurab anamh a bhíonn; do bhrígh, tré ghlaine na deighinntinne dobhíonn faoi, ar an adhbhar go mbraitheann cealga an diabhail agus gach truailligheacht is mian leis do chumasg ionn, agus uime sin tionnsgnann go caol geurchúiseach an duine do tharraint gan fhios gan mhothughadh dho féin, nó go raibh meallta. Ag seo an módh ar a naitheantar an cumann saoghalta tar an ccumann subháilceach, mar a haitheantar an mhil
ar a mbíonn nimh tar an mhil fhulláin, óir bíonn sí níosa mhilse agus níosa deaghbhlasta ris an tteangain ioná an mhil choitchionn, do bhrígh an dathogha (dáthabha) as a ccruinnighthear í, go ttugann mílseacht di thar mhil oile. Is mar sin a bhíonn cumann an tsaoghail; bíonn taithniomhach re hiomad cómhráidhte agus briathar milis re a mbíonn an dá rann ag foillsiughadh a ngrádh agus a ngeana dá chéile. Dobheir fós an sgéimh corpardha agus gach tiodhlaice nádúrtha dá mbíonn ag duine, congnamh grása dho. Acht an Cumann beannaighthe ag á mbíonn teangaidh ghlan fhírinneach, ní feas dó nídh ar bith eile do mholadh acht na subháilce agus grása Dé, óir isiad san is aon bhunudhas do, agus mar do chuirionn an mhil nimhe ar ar labhramair shuas, buairt ar an cceann an tan dothéighionn sí san ngaile, is mar sin do chuireann an cumann fallsa buairt ar an spioraid, agus fós cuirionn an gheanmnuigheacht agus an chrábhaidh (crábhadh) a ccontabhairt, ionnas go ttarraingeann an duine diagha a ndiaigh a chéile dochum amhairc chiúirialta, mhailísigh, ghrádhaigh, mhí-órdaighthe, agus dochum a lámha do chur fá bhrághaid a chéile, dochum cómharthaighe fábhair do thaisbeánadh dá chéile, .i. osnadhach éigcríonna agus mion-ghearán, amhuil agus nách beith grádh aca ar a chéile, dochum mion-chleasuigheachta geanamhla, dochum foinn dfhagháil ionnta, mar atá deagh- labhairt do thaisbeánadh, póg d'iarraigh agus do ghlacadh, muinnteardhas agus fadhbhar neamh-órdaighthe, ar mhódh gur cómhartha cinnte iad san go ffuil an gheanmnaigheacht a nguais a caillte. Acht cumann naomhtha, ní ffuil aige acht súile beannaighthe náracha, agus ní ffuil cómhartha grádh aige, acht cómharthaighe glana geanmnaighe; óir ní ffuil muinntiordhas aige, acht an méid do bhainionn ris an spioraid, ní ffuil gearán aige acht fá gan a ghrádh do bheith ar Dhia, agus ní ffuil aon nídh díobh so nách cómhartha cinnte macántacht é.
An mhil ar a ndubhramair an nimh do bheith, cuireann sí ceó ar na súilibh, agus mar sin is cómhartha í ar an ccumann shaoghalta; ionnas gidhbé do ghabhthar leis, bíodh gurab olc an nídh dobhias sé a dheunadh, go measann gur nídh maith é, agus ní mheasann ciall ar bith do bheith ina aghaidh, ná leithsgeul, agus na briathra do chúm as féin, bíonn fuath aige ar an solus agus grádh ar an ndorchadas. Acht an Cumann naomhtha, atá súil gheur aige, agus ní cheileann é féin ar dhaoinibh maithe. Faoi dheoigh fúigfeadh (fidh) an mhil úd ar a mbíonn an nimh, an beul searbh, agus mar an ccéadna doghnídh an cumann fallsa, óir tuitfeadh (fidh) sé a mbriathraibh agus a ccómhluadar chollaighe; agus má gheibhionn diúlta ionnso, tionnsgnann sé re heud, re masladh, re hanchainnt, re tuirse agus re buairt, ionnas go ttig mire bhrúideamhuil ar uairibh as. Acht an cumann geanmnaighe, bíonn sé sármhacánta, so- ghrádhach, soineanta de ghnáth, agus dothéighionn ar aghaidh a ffoirfeacht agus a ccomh-cheangal an dá rann le chéile, ionnas nách fuil ionn acht deallradh fhírinneach an chumainn bheannaighthe le a ffuilid caithreoirighe na fflaithios a ccomh-cheangal re na chéile. Sgríobhann N. Greagóir Nasiansen, an tan do thógbhann coileach na péacóige a earboll, agus doghnídh rioth dhe, agus ris an nguth do léigionn as annsoin, go ngluaiseann na cearca chum drúise. Mar sin, an tan dochídhmíd fear ar bith dá thaisbeánadh féin go deas deigheudaighthe, agus (ag) dol ris an ccumadh soin ag caint agus ag cómhluadar le mnaoi, nó le cailín nách beith dúil aige ionn a pósadh, acht a cluasa do líonadh le briathraibh suirgheacha, is dearbh gurab é is rún do a mealladh agus a tarraint dochum an-toile collaighe, acht druidfeadh an bhean mhacánta a cluasa d'eagladh go ccluinfeadh fuaim gutha na péacóige nó an mhealltóra so atá ag iarraidh a mealladh go cealgach. Gidheadh, má éistionn ris, is
cómhartha é go ffuil a hanam a nguais a chaillte. Na daoine óga doghnídh gníomhartha éadroma, dobheir cómhartha grádh uatha re bréithribh agus nách maith leó a nathair nó a máthair, nó a ffear pósta nó a mbean phósta, nó a noide faoisdine dá ffaicsint ná dá ccluinsint, acht ris sin braithid iad féin nách nídh macánta atáid do rádh ná do thriall (-ail). An Mhaighdionn bheannaighthe Muire, ar fhaicsint an Aingil di a cclódh fir, do chriothnaigh sí, mar dobhí ina haonar, agus go raibh dá moladh go ró-mhór, ar son gur moladh neamhdha dobhí sé a thabhairt di. A Dhé íodhain, má dobhí faitchíos ar an nGeanmnaigheacht fhíorghlain roimh an Aingeal dochonairc sí a cclódh fir, cread an fáth nách beith eagla agus criothnughadh ar an nGeanmnaigheacht nách fuil glan, dá ffaicfeadh sí fear a cclódh aingil ag tabhairt molta dhaona nó eolbhaoisigh dhi. Caib. 21. Acht godé an liaighios atá a naghaidh na ccumann cclaon agus na ngrádh neamhghlan so atá ina ffréamha ag iliomad olc oile? Atá, chomh luath agus a mhothóchas tu iad ag tionnsgnadh, fill tu féin don ttaobh oile gan mhaill agus gabh fuath agus gráin adhbhalmhór ar an ndíomhaoineas agus teith ar choimirce chroiche ár Slánaightheora, agus beir greim ar an ccoróin spíne agus didhin do chroidhe lé, ionnas nách ttiucfadh na seanagha beaga san a ffogus duit. Ná deuna connradh ná tráchtughadh ar bith ris an namhaid seo, agus ná habair: “Éistfeadh (fidh) me ris, gidheadh, ní chuirfead aon nídh a ngníomh dá ndéarfadh (aidh); dobhéarfad mo chluas do acht druidfead mo chroidhe.” Bíodh a fhios agat ar son Dé, gach nídh dá ttéighionn asteach ar an ccluais, go ttéighionn gus an ccroidhe, agus nách deacra an sruth do thuiteas de mhaoil sléibhe do thoirmiosg,
ioná an grádh do ghabhann an chluas a thoirmiosg go ttéighionn san ccroidhe. Sgríobhann Abineon gurab as a ccluasaibh a léigid na gabhair a nanál amach, acht diúltann Aristotelus san; gidheadh, bé atá ag á ffuil an fhírinne, atá so dearbhtha, mar is le ár tteangthaibh a léigeamaoid ár rún le daoinibh oile, mar sin gurab ar ár ccluasaibh do ghabhmaoid agus thuigeamaoid rún cháich oile. Uime sin coimheudamaois go maith ár ccluasaibh ionnas nách rachaidh aon nídh daor ná briathar díomhaoin éigcríonna asteach ar a ndóirsibh, óir má théid, dodheunadh (faidh) a ngaoth agus a nanál an croidhe truaillighthe a ccéadóir. Ná héist go bráth le cómhrádh mí-mhacánta ar bith, gidhbé hadhbhar nó úcáid as a mbiaidh dá rádh. Ionnsa ccás so amháin, ní holc acht is maith, duine do bheith iarccúlta mí-chineálta. Cuimhnigh gur fhoráil tu do chroidhe do Dhia agus gur gheall tu do ghrádh uile dhó, dá bhrígh sin, ní ffuil acht slad neitheann choisreagtha (ceallargain), cuid dá loighead do bhaint díobh so, agus ní hé sin amháin, acht déin míle rún agus móid go nuaidh re foráil agus le híodhbairt do dheunadh dhíot féin do; agus, mar dobheitheá ar uaigneas, guidh congnamh Dé agus dobhéarfadh (aidh) gan chontabhairt, fortacht duit; agus biaidh an grádh atá ag Dia ort, mar sgéith dod chaomhnadh chum do ghrádh a bheith beó go síorruidhe. Má do thuitis ionn sna líontaibh seo an chumainn fhallsa agus an ghrádh eolbhaoisigh, is deacair dhuit tu féin a réighteach asta. Uime sin cuir tu féin a ffiaghnaise na Mórdhachta diagha agus admhaigh go humhal meud do bhoichteacht agus do laige, agus t'eólbhaoise éigcríonna, agus an mhéid gur féidir leat é, le brígh agus neart hanama, fuath do thabhairt don ngrádh eólbhaoiseach do thionnsgnais, agus cuir droim ris an ccumann fhallsa agus diúltaigh do gach gealladh dá ndeárnais nó dá ndeárnadh dhuit, agus re toil agus re misneach uasal
bríoghmhar, ceangail agus cuibhrigh hinntinn féin agus gabh rún daingeann gan filleadh go bráth ar an ccumann ccéadna. Is maith fós an chómhairle, gidhbé céile cumainn agus grádh dobhí agat do sheachnadh, an méid gur féidir leat é, óir gidhbé ar a mbiaidh loit ó nathar nimhe, ní furas a liaighios má bhíonn aon duine a láthair do loiteadh roimhe sin ó nathair nimhe; mar sin gidhbé atá loitighthe ón ngrádh, ní furas a liaighios an feadh bhias do láthair an duine ar a ffuil an nídh céadna. An áit do chlaochlódha, dobheir congnamh mór dochum teasa an ghrádh, an mhíchiúnais, agus an doilghís do thraothughadh agus do chosg. An tógánach eolbhaoiseach ar a labhrann N. Ambrós san dara leabhar de'n aithrighe, iar fhágbháil a dhúthaigh agus a thalmhon féin do tréimhsi fhada, na grádha eolbhaoiseacha dá raibh tabhartha, do dhíbir iad go hiomlán, ionnas ar tteacht abhaile dho, agus ar tteagmháil don leanán dobhí aige roimhe sin ris, d'fhiafraigh sí dhe ar aithin sé í, ag rádh ris: “Mise atá agat.” “Creidim,” ar sé, “gur tusa thu féin, acht ní mise me féin.” Is deimhinn gurab é a bheith a ffad as a hamharc dorinne an claochló sona so ionn. Sgríobhann N. Abhaistín air féin, dochum an doilghís dobhí air fá bhás a athar do loigheadughadh, gur fhág an áit ionn a ffuair bás, agus go ndeachaidh go Cartage. Acht cread dodheunfas an tí nách féidir leis an áit dfhágbháil ná do sheachnadh? Seachnach (dh) sé an uile chumann agus chomhluadar phríomháideach ós ísioll, mar atá, sméide súl agus an uile chaidreamh agus chumtha geana, do dhúisgfeach (dh) an teine thruaillighthe sin na hantoile, agus fós an uile nídh do ghluaisfeach (dh) chúiche é do thréigion, acht má's riachtanach do labhairt ris an dara rann, ná bíodh atharughadh d'inntinn aige, acht dochum a chur a ccéill do go tromdha aithghearr, gur dhealaigh re na chumann
go síorruidhe. Uime sin deirim ris an uile dhuine do thárlaigh ionn a ccochall, nó a líon na ngrádh neamhghlan so, agus adeirim arís go follus, an cuibhreach atá orra do sgaoileadh, do bhriseadh agus do ghearradh. Ní ar bheagán agus ar bheagán is cóir an cumann fallsa do sgaoileadh acht a raobadh, agus ní snaidhm is cóir do bhuain de acht a ghearraidh (adh) agus a bhriseadh, óir níl feidhm ar bith ar a théadrach ná ar a cheangal, agus ní cóir imtheacht go cineálta ris an ngrádh atá bun-ós-cionn do ghrádh Dé. Má deir tu, iar mbriseadh na slabhradh mallaighthe agus na nglas ttruaillighthe seo dhom, an ffúigfid a lorg fealltach agus a ccómharthaighe ar mo chosaibh .i. go ffanfadh nídh éigin dá ffonn ceangailte dom inntinn? Acht is dearbh nách fhanfadh má ghabhann tu an oiread fuaithe agus gránach ar an olc dorinne tu agus do thuill tu, agus má bhíonn an fuath agus an ghráin mar sin, ní mhothóchadh (aidh) tu gluaiseacht ar bith ionnat nách biaidh onóireach, re a mbiaidh fuath agat ar an ngrádh coirpthe úd agus ar gach nídh dá mbaineann ris, agus biaidh tu saor ó an uile fhonn agus claonadh dá raibh agat don dara rann, agus ní mhothóchaidh tu acht fonn agus grádh fíorghlan ar son Dé. Acht má dothig as neamhfhoirfeacht an doilghíosa dobhí agat, gur fhan claonadh ar bith ionnat, gaibh uaigneas éigin spioradálta dhuit féin chomh minic agus is féidir leat é do réir an teagaisg a fuair tu shuas, agus ionnsan tóig tinntinn go minic dúthrachtach dochum Dé agus diúltaigh agus cur suas ód chroidhe agus ó inntinn de na claontaibh sin. Leugh leabhar spioradálta agus deuna faoisdin agus comaoineach níosa mhionaca ioná budh ghnáthach leat, agus léig do rún go húmhal glan le toide faoisdine nó le duine éigin oile iomchubhaidh críonna, má's féidir leat é, agus ná ceil aon nídh orra dá ffuil ag cur buaidheartha nó cathaighthe ort, agus bí dearbhtha
go saorfadh (aidh) Dia thu ód' bhruid má leanann tu go seasamhach don ffreachnughadh san. Acht adéarfadh (aidh) tu gur mór an díombuidheachas agus an mí-chineál an cumann a cheangail tu a bhriseadh go hobann. Is taithniomhach beannaighthe an díombuidheachas so, doghnídh sinn taithniomhach do Dhia, agus ní díom- buidheachas é acht tiodhlaice mór dhon té ag á raibh grádh ort, óir an tan do bhris tu do chuibhreacha féin, do bhris tu an ceangal dobhí air sin, do bhrígh go rabhadar coitchionn díbh araon. Agus bíodh nách ttugann sé dá aire do láthair, an sochar dothig do as, tuigfeadh (fidh) é ina dhiaigh sin agus dobhéarfadh (aidh) buidheachas do Dhia mar aon leatsa ag rádh: “Do bhris tu mo chuibhreach, a Thighearna, dodheuna me íodhbairt molta dhuit agus goirfead ar hainm beannaighthe naomhtha ar feadh mo shaoghail.” CAIB. 22. Teagaisg oile do thráchtann ar an ccúis ccéadna so an Chumainn. Is mór an caidreamh iarras an cumann ar an aos grádh, agus gan san ní féidir do bheith ann, agus as san dothig go léigid as an ccaidreamh gnáthach san an chumainn, mórán dá rún le chéile, agus go ndoirtid a ngrádh a ccroidhe a chéile, agus isé uair is mó doghnídhid sin, an tan dobhíos meas mór aca ar an tí dá ttugadar a ngrádh, agus annsan nochtaid a ccroidhe dho, ionnas go ttarraing- idís a rún agus a ghrádh orra, má olc nó maith iad. Na beich doghnídh an mhil ar a mbíonn nimh, ní mian leó a dheunadh acht mil. Gidheadh, sughaid gan mhothughadh dhóibh féin, brígh agus cáiligheacht na luibhe nimhe. Uime sin is cóir dhúinn freachnughadh maith do dheunadh de'n ccómhairle úd ár Slánaightheóra, adeirim go minic: “Bhidhighe mar
cheárdaibh maithe” amhuil adéarfach (dh) leo: “Ná gabhaidhe ór ná airgiod fallsa a náit óir nó airgid mhaith.” Is maith an chómhairle sin, óir is tearc duine ar bith nách fuil neamh- fhoirfeacht éigin ionn. Dá bhrígh sin is cóir dhúinn neamh- fhoirfeacht ár ccompánach, mar aon re na ccumann, gan diffir ar bith, do ghabháil chughainn. Má tá compánach agat bíodh grádh agat air, agus ná bíodh grádh agat ar lochtaibh ar bith dá ffuil ionn. An cumann fírinneach, caidreamh na maithiosa iarrann sé, agus ní hé caidreamh an oilc. Mar doghnídh an mhuintir a bhíonn a cruinniughadh óir as sruth, tógbhaid an ghainimh agus an tór ar an bport, agus sgaraid ó na chéile iad, beirid an tór leó agus fágaid an ghainimh ina ndiaigh. Ar an módh céadna gebé ag á mbiaidh cumann le na chéile aca a maith éigin, ná leanach (dh) ceachtar díobh neamh- fhoirfeacht an dara rann, acht sgaraid an ghainimh agus an salchar uatha, agus ná léigid iad ionn a nanamnaibh. Sgríobhann N. Greagóir Nasiansen ar dhaoinibh ag á raibh grádh ar N. Basilius, agus re ar mhian iad féin do chur a naon fhoirm leis go ccuiridís rómpa a bheusa do leanmhuint san uile nídh, ní hé amháin san ffoirfeacht dobhí ionn, acht fós san neamhfhoirfeacht, mar atá, labhairt go mall agus nách bíodh a fhios aige cread dobhíodh a dheunadh, agus ionn sa ccumadh dobhíodh ar a fhéasóig agus ionn a shiubhal, ar an módh dochimíd fir phósta agus mná pósta, clann agus aos cumainn, iliomad de neamh- fhoirfeacht agus de chlaoncháiligheachtaibh beaga dá ngabháil chúcha as fonn taithniomhach ris an ccuid eile, nó a lorg do leanmhuint. Óir ní bhfuil duine ar bith nách fuil neamh- fhoirfeacht éigin ionn féin, ionnas nách riachtanach dho mionlochta dhuine oile do ghlacadh air, agus ní iarrfadh (aidh) an cumann so, acht cuirionn dfhiachaibh orainne gach neamh- fhoirfeacht dá ffuil ionnainn ar gach taobh, do leasughadh agus do cheartughadh. Má tá neamhfhoirfeacht ionn do
chompánach, iomchair leis go sámh, agus ná tabhair congnamh dho chúiche, agus ná gabh féin uaidh ar aon chor í. Ní ffuilim a labhairt annso ar an neamhfhoirfeacht amháin, óir ní cóir dhuit peaca dfhulaing ná d'iomchar ionn do chompánach, do bhrígh nách cumann ceart ná fírinneach é. An tan dochí tu do chompánach ag déanadh peacadh (aidh) agus gan furtacht do thabhairt do, mar nách compánach fírinneach an liaigh dochídhionn duine ag fagháil bháis agus é ar a láimh leigheas do thabhairt dó, agus nách ttugann do é. An cumann beó, fírinneach, ní fhulaingeann sé peaca a cceachtar de'n dá rann. An tan do luigheann an Salamandar ar an tteine, múchann í, mar sin, má dothig peacadh san ccumann, brisionn agus sgaoileann é, acht má's peaca éadrom é, cuireann an cumann féin ar ccúl a ccéadóir é, acht má ghlacann freumh, agus cómhnaidhe do dheunadh san nduine, ní ffuil cumann níosa mhó ann, muna raibh subháilce fírinneach dá cheangal agus dá choimheud, ar mhódh nách cóir do dhuine peaca do dheunadh ar son cumainn nó cáirdis ar bith. Bíodh do charaid ina namhuid agat, an tan is mian leis tu tharraingt dochum peacaidh, agus abair nách fiú é cumann do chomhall do, gidhbé re ar mian a chompánach do mhilleadh agus do tharraint ar shlighe a dhamanta. Ní ffuil fós cómhartha is cinnte ar chomann fhallsa ioná a dheunamh re duine lochtach, atá tabhartha do pheacaidh, gidhbé ar bith gné pheaca é, óir má tá an té re a ffuil cumann agat lochtach, is éigion an cumann mar an ccéadna a bheith lochtach, do bhrígh nách fuil subháilce ar bith mar bhunudhas aige. An cumann dobhíos idir cheannaighibh chum sochair nó éadála dfhagháil, ní ffuil ionn acht sgáile cumainn fhírinnigh, do bhrígh nách de ghrádh na ppearsan féin doghnídhthear é,
acht de ghrádh an tsochair agus na héadála. Faoi dheoigh isiad na ráidhte seo an Sgruiptiúra naomhtha is fíorbhun agus is uaithne fulaing do bheathaidh an Chríostaighe. A haon díobh, adeir an tEagnaidhe: Gidhbé ar a mbiaidh eagla Dé is maith an cumann dobhias aige. A dó dhíobh, a deir N. Seum, eascairid do Dhia cumann agus cáirdios an tsaoghail seo. Caib. 23. Do thráchtann ar fhreachnughadh chrádh an Choirp. An mhuinntir a sgríobhann ar luibheadóireacht, adeirid má ghabhann tu éinte iomlán agus focal éigin do sgríobhadh air, agus a chur asteach ionn a bhlaosg féin arís agus a dhruideadh air go deas cineálta, agus a chur a ttalmhuin mar is iomchúbhaidh, iar ndeunamh crainn de nách biaidh éinte dá ffásfadh (aidh) air nách beidh an focal céadna sgríobhtha air. Uime sin, ní féidir liom teacht le módh na muinntire re ar mian duine do cheartughadh nó do leasughadh, do thionnsgnas ar ttúis le na ghruaig nó le na éadach. Gidheadh, gidhbé le ar mian a bheatha féin do leasughadh, tionnsgnach (dh) sé ó sna neithibh inmheodhanacha, óir adeir a Thighearna: “Fillidh chughamsa ó bhur nuile chroidhe.” Agus arís: “A mhic, bíodh do chroidhe dearbhtha agam.” Do bhrígh mar isé an croidhe is tobar agus is freumh dár nuile ghníomhartha, do réir mar dobhias an croidhe, gur mar sin a bheid ár ngníomhartha. A deir an Céile Diagha ag brostughadh ar an anam dochum grádha; cuir me mar chómhartha ar do chroidhe agus mar chómhartha ar do láimh. Is fíor san, óir, gidhbé ag a mbiaidh Críost astigh ionn a chroidhe, biaidh sé aige san uile ghníomhartha dá ndeunaidh sé don taobh amuigh. Dá bhrígh sin, is mian liom roimh an uile nídh, na briathra beannaighthe naomhtha
so do bheith sgríobhtha ionn do chroidhe: “Beatha agus sláinte d'Íosa,” agus atá me dearbhtha, do bheatha a geintear as do chroidhe, mar a geintear an tinnte as an mblaosg, go mbiaidh an tainm céadna sgríobhtha ar gach gníomh dá ndéanadh (aidh) tu, óir is iad is toradh dhi, agus má bhíonn Íosa íodhain mhilis beó ionn do chroidhe, biaidh mar an ccéadna san uile chor dá ccuirfeadh (fidh) tu dhíot, ionn do bhéasaibh, ionn do lámhaibh, ionn do bheul agus ionn do shúilibh, ionnas go mbadh féidir leat a rádh le Pól Apstol: Atá mise beó, anois ní me acht Íosa Críost atá beó ionnam. Faoi dheoigh, gidhbé dobheir buaidh ar chroidhe an duine, dobheiridh sé buaidh ar an duine uile go hiomlán. Acht an croidhe seo ó ar mian linn tionnsgnadh, is cóir a theagasg agus a mhúnadh (mhúineadh) cionnas is cóir dho gníomhartha uile an choirp do chumadh agus do cheartughadh, ar mhódh go mbadh féidir linn a thabhairt dár naire nách é amháin go ffuil crábhadh naomhtha ann, acht fós go ffuil mar aon eagna oirdheirc agus discréid ionn. Dá bhrígh sin gabh chughat go haithghearr na cómhairleacha agus na haitheanta so síos. Má's féidir leat trosgadh diomchur is maith le na dheunamh é, fós a laethibh nách cuirfeadh an Eaglais dfhiachaibh ort, tar an ccrích dochum ar órdaigh an Eaglais an trosgadh, mar atá an spioraid do neartughadh a naghaidh anmhiana na colna, agus iad do lagughadh; freachnughadh do dheunadh ar an tsubháilce, agus níosa mhó de ghlóir do thuilliomh ar neamh. Is mór an mhaith buaidh do bhreith ar an ccraos agus sealbh na buaidh sin do chongmháil agus an corp do chur faoi dhlighe an anama, a ccás nách déanamaois iomad troisge, biaidh níosa mhó d'eagla ag ár namhuid rómhainn ar son gur féidir linn trosgadh do dheunadh. Budh ghnáth leis na Críostaighthibh a ttúis na hEaglaise gan feoil d'itheadh Dia Céadaoin, Dia hAoine ná Dia Sathairn; uime sin, gabhsa chughat lá éigin díobh san dochum troisge
do réir cómhairle hathar spioradálta, agus mar do tharraingios do dhúthracht féin chuige thu. Adeirim annso an nídh do sgríobh N. Jeronimus dochum mná dárbhainm Teta: “Ní thaithnigheann lem”, ar sé, “trosga fada mí-mheasardha, go speisialta a ndaoinibh óga nó maotha. Dochídhmíd gur gnáthach leis an asal a bhíos cortha, an tslighe choitchionn do sheachnadh, agus dol do leathtaoibh má's féidir leis é. Mar sin do na daoinibh óga; dothéid a laige as iomarcadh troisge, go léigid ina dhiaigh sin an srian go furas ris an ccraos. Bíonn an fiaidh a ndá chás neamh-iomchubhaidh chum reatha. Ar ttúis an tan dobhíos rómhéith, arís an tan dobhíos ró thruaighe. Mar sin dúinne. Ní ffuil cás ar bith is mó ionn a ttig caithighe orainn ioná an uair dobheireamaoid an-shógh dár ccorpaibh, nó do lagaighimíd iad go hiomarcach, óir doghnídh an sógh uaibhreach iad le saghail (? saill) agus cuireann an laige le dochar iad a neudóthchas agus mar nách féidir linn a smachtughadh an tan a bhíd lán dfhuil agus dfheoil; mar sin ní féidir leó smacht diomchur ná dfhulaing an tan a bhíd cnaoite breoighte. Easbaidh na measardhacht so an troisge, an éadaigh róin agus gach duaigh oile dorine mórán neamh-iomchubhaidh iomad de bhliadhnaibh, chum oibreacha na carrthannachta agus seirbhíse Dé agus na cómharsan do dheunadh, mar do thárlaigh do N. Bearnárd agus do dhaoinibh oile, dothug duadh agus crádh dá ccorpaibh féin ar ttúis, ionnas go mbadh héigionn dóibh ina dhiaigh sin sógh agus saghail do thabhairt dóibh. Is nídh so do cháineann N. Bearnárd go mór dá thaobh féin. Is feárr dodhéanfadaois imtheacht go measardha iomchubhaidh ris an ccorp, agus gan ualach do chur air nách féidir leis diomchur, acht saothar iomchúbhaidh do bhuain as, do réir choinghill gach aon duine. Ní hé amháin an trosgadh, acht fós an saothar, do bhreoghann agus do laguigheann an corp. Uime sin má
tá an saothar atá agat riachtanach nó tairbheach dochum glóire Dé, is feárr liom an saothar do ghlacadh dhuit ioná pian an troisge, agus isí seo tuairim na heaglaise go coitchionn, do shaorann duine ó na throsgadh ar a aithine má bhíonn a deunadh saothair dothéighionn a nonóir do Dhia nó a ttairbhe dá chómharsain. Bíonn duine le ar deacair trosgadh do dheunadh, duine oile re ar deacair seirbhís do dheunadh d'aos easláinte, cuaird do dheunadh ag braghaibh, faoisdin d'éistiocht, seanmóin do dheunadh, sólás a thabhairt do lucht dobróin, úrnaighthe do dheunadh ná freachnughadh oile de'n tsórt san. Gidheadh, is tairbhighe agus is mó luaidheacht gach saothar dhíobh so ioná an trosgadh. Bíodh go ccuirionn gach cuid díobh so duadh ar an ccorp, is mó an tairbhe atá ionn sa saothar a bhainios re hoibreachaibh na trócaire. Uime sin, go geinearálta, is feárr brígh agus neart an choirp do choimhéad ioná a chlaoidh go hiomarcach, óir is féidir linn gach uair is mian linn, an corp do lagughadh, acht ní féidir linn neart agus brígh do thabhairt do mar is mian linn, má bhíonn cnaoidhte nó breoighte. Is mór an meas is cóir dhúinn do bheith againn ar na briathraibh do labhair ár Slánaightheoir Íosa Críost re na dheisgiolaibh féin, ag rádh: “Ithigidhe gach biadh dá ccuirfior ionn bhúr ffiadhnaise.” Uime sin, measaim gur mó an tsubháilce duine d'itheadh an bhídh dá ccuirfior chuige go hórdaighthe, má dogheibh blas nó neamhbhlas air, ioná biadh is measa ioná é d'iarraidh. Ar son gurab é an módh deighionnach so is mó duadh don ccorp, is ionn sa módh oile is lugha atá dá thoil féin ag duine, óir, diúltaighean ris sin, ní hé amháin dá bhlas féin acht fós dá roghain. Ní beag fós an duadh a bhlas agus a fhonn féin do chur ris an uile bhiadh is luaithe chuige. Fós ní ffuil so ró-dhíoghbhálach agus atá sé ró-iomchúbhaidh don mbeathaidh choitchinn mhacánta. Biadh
do dhiúltadh chum bídh eile dfhagháil, agus blas gach aon bhídh dfheuchaint agus gach aon chuid de dfhagháil bruithte go maith, nó deasaighthe go glan, agus breath ar leith do thabhairt ar gach aon ghreim, is cómhartha dhuine shéimh bhanda é, atá tabhartha dá bholg féin. Is feárr dorine N. Bearnárd a d'ibh ola a riocht uisge nó fíona, ag meas gurab uisge searbh dobhí aige, agus is cómhartha san náchar fheuch cread a dh'ól, agus is freachnughadh iomlán na mbriathar úd: ithe gach nídh cuirfighear ionn bhúr ffiadhnaise, is ionn neamhshuim agus neamhchás do dheunadh de'n mbiadh atá sé. Ní ffuilim ag labhairt annso ar an mbiadh do bheith a naghaidh shláinte dhuine, nó fós dodheunfadh dochar dá spioraid, óir is deimhin gurab iomdha sórt bídh doghnídh dochar do dhuine agus nách deunann dochar do dhuine oile. Ní labhraim fós ar mhórán de chásaibh oile ionn ar cóir neart brígh a chur san nádúir, ionnas go m'fhéidir lé saothar éigin dfhulaing dorachadh a nglóir do Dhia. Is feárr measardhacht ghnáthach ioná trosgadh fada amh- dheónach, agus ina dhiaigh sin, a rian féin do léigionn ris an ccolainn a mbiadh nó a ndig. Sgiúirse a thabhairt do chorp is adhbhal an brígh atá aige chum crábhaidh do dhúsgadh san duine má gabhthar go measardha é. Is mór do cheannsuigheann an téadach róin an corp acht cleachta do dheunadh dhe. Ní ffuil sé iomchúbhaidh ag daoinibh atá pósta nó ag á ffuil coimpléasg lag nó darab éigionn saothar mór do dheunadh. Ar a shon san ionn sna laethibh áirighthe dobhias aca le haithreachas do dheunadh, is féidir leó a chur orra do réir chómhairle a nAthar sprideálta. Atá an oidhche againn dochum ciúinis agus codlata do réir mar is riachtanach do choimpléasg gacha duine, dochum a bheith ina dhúsgadh go tairbheach san ló, agus ar an adhbhar go nabair an Sgrioptúir go minic, agus go ffuil sompla na naomh agus ár cciall nádúrtha féin dá theagasg agus dá thaobhadh linn, éirghe go moch ar maidin, do bhrígh
gurab í sin cuid is feárr agus is tairbhighe de'n lá uile, fós san Sgríbhinn dhiagha go ngoirthear an ghrian ag éirghe, dár tTighearna, agus an mhaidin go moch ag cómh-éirghe, dá Mháthair bheannaighthe, measaim gurab iomchúbhaidh maith re a dheunadh dol do chodladh a nam chum éirghe go moch ar maidin, do bhrígh gurab í seo an aimsir is taithniomhaighe, is fonnmhaire, is milse agus is lugha toirmiosg, ionn a ffuil an éanlaith féin dár mbrostughadh dochum éirghe agus Dia do mholadh, ionnas gur congnamh mór do shláinte agus do naomhthacht éirghe ar maidin go moch, gidhbé dodheunas gnás de. Dochuaidh Balaam ar mhuin asail dochum dol fá dhéin an Rígh Balac, acht mar nách raibh rún ná inntinn mhaith aige, dobhí Aingeal Dé roimhe ar an tslighe agus cloidheamh nochtaighthe ionn a láimh aige, chum a mharbhtha. Ar fhaicsin an Aingil don asal do stad sé fá thrí, amhuil do bheith easumhal. Ris sin dobhí Balaam ag bualadh an asail go ró-ghéar dochum a chur ar aghaidh, gur thuit an tasal faoi, agus maille re hiongna neamh-ghnáthach gur labhair leis ag rádh: Cread dorinne me ort, cread fáth a ffuil tu dhom bhualadh an treas uair? Do hosgladh súile Balaam agus dochonairc an tAingeal, ag rádh ris: Cread fár bhuail tu an tasal trí huaire? Muna mbeith gur sheachain an tasal an tslighe re heagla rómham-sa, do mhuirfinn tu, agus do bheith an tasal beo. Ionnsan adubhairt Balaam ris an Aingeal: do pheacaigh me, agus ní raibh a fhios agam go raibh tusa rómham. Feuch anois gurab é Balaam budh chionntach ris an olc uile, agus ar a shon san go raibh ag gabháil ar an asal bocht agus dá bhualadh nó gur thuit faoi d'easbaidh brígh agus neirt. Teagmhann so dhúinne go laetheamhuil. Má chídheann bean a fear nó a mac tinn ar ball doghnídh trosgadh, cuirionn éadach róin uirthe, dobheir sgiúirse dá corp féin mar dorinne an Rí, Dáibhí, ionn a shamhuil sin de chás. Annso
biaidh tu ag bualadh an asail .i. dobheir tu duadh dhod chorp féin agus ní hé is cionntach ris an olc; agus Dia, le feirg leat do tharraing cloidheamh amach at aghaidh. Ceartaigh hinntinn agus an grádh éigcríonna atá agat ar fhear, agus do léig iomad locht led' mhac, agus do chuidigh ris a bheith uaibhreach, díomhaoin, sanntach. Duine oile, ar ttuitim do a bpeacadh na colna, an tan a bhíos a choinsias dá ghearradh astigh, dá spreagadh agus ag bagair cloidhimh Dé air dochum eagla bheannaighthe do ghluaiseacht ann, adeir sé: Ó, a chollainn (cholann) mhallaighthe! Ó, a choirp neamhdhílis, is tu atá cionntach agus is tu do bhraith me, agus ris sin tionnsgnann a chorp féin do sgiúrsadh go cruaidh le hiomarca troisge agus duaigh oile do thabhairt do. Ó, a anam bhoicht, dá mbeith caint ag an ccolainn, mar dobhí ag asal Bhalaim, a déarfaidh (fadh) leat gan chontabhairt: Ó, a anaim mhallaighthe, cread fá ffuil tu dhom bhualadh? Ortsa atá Dia a bagairt díoghaltais do dheunadh, agus is tu atá cionntach. Cread fár tharraing tu me dochum luadair mhallaighthe, mhailísigh, thoirmisgthe? Cread fár ghluais tu mo shúile, mo lámha agus mo bheul dochum neitheann collaighe do thráchtadh? Cread an fáth fá ccuirionn tu buairt orm le droch-smaointibh? Smaoin-si ar neithibh maithe do ghnáth agus ní bhiaidh droch-chlaonta ionnamsa. Déuna taithighe ar dhaoinibh geanmnaighe macánta, agus ní ghluaisfidh antoil ar bith misi. Och, mo thruaighe, is tusa do theilg me san lasair agus ní háil leat í dom losgadh! Is tu do chuir an deatach fám' shúilibh agus ní háil leat í dom dhalladh. Is dearbhtha go naibeóradh Dia san ccás so: Buailighe bhúr ccroidhthe, brisighe, gearraidhe agus brughaidhe iad óir is ina naghaidh atá m'fhearg. Gidhbé re ar mian carra gearb do bhuain dá chorp, ní hé amháin gur riachtanach do a chorp do nigheadh agus fothraga do chur air, acht fós an fhuil agus na féithe do ghlanadh. Mar sin, dochum ár nglanta ó na
dubháilcíbh, is maith crádh agus duadh a thabhairt don ccorp, acht roimhe fós, ní cóir dhuinn aon duadh do chur ar an ccorp acht do réir chómhairle ár nAthar Spioradálta. CAIB. 24. Don ccómhluadar agus don Uaigneas. Cómhluadar agus mórán muinnteardhais na ndaoine d'iarraigh, agus an uile chómhluadar do sheachnadh, dá nídh deighionnacha atá a naghaidh an chrábhaidh choitchionn ar a ffuileamaoid a labhairt annso go sunnrádhach. Seachna an uile chómhluadair, atá gné mí-gheana agus tarcaisne ann don ccómharsain. A bheith fós ag iarraidh muinntiordhais agus cómhluadair go saothrach is obair dhuine fhallsa dhíomhaoin é. Atá dfhiachaibh orainn grádh do bheith againn ar ár ccómharsain mar dobhíos againn orainn féin, agus ionnas go ttaisbeánfamaois an grádh san do, ná seachnaidheamaois a chómhluadar. Ionnas go ttaisbeánfamaois grádh do bheith againn orainn féin, gabhamaois uaigneas ar uairibh, óir is annsan atámaoid againn féin an tan a bhíomaoid gan cómhluadar. Bíodh cúram agat, ar N. Bearnard, adthimchioll féin ar ttúis, agus ina dhiaigh sin fá chách uile, agus muna ffuil riachtanas agat tu féin do chur ionn a ccómhluadar, ná cómhluadar do ghlacadh, fan agat féin agus bíodh do shólás agat ionn do chroidhe féin. Agus má theagmhann cúis dlisdionnach ar bith atá dod' ghairm chum cómhluadair, gabh chughat é agus taisbeán grádh agus muinnteardhas dhod chómharsain. Isé is droch-chómhluadar ann, an cómhluadar a thionns- gnaighthear le hinntinn mhailísigh, nó bhíonn ag cuid éigin dá mbíonn ann a ndubháilcíbh mí-bheusacha neamh-dhiscréideacha, agus is cóir iad so do sheachnadh mar do sheachnadh na beich na faccóga buidhe agus na ladráin saoth, nó mar
doghníd seilighe, anál nó alus na ndaoine ar a mbíd loit ó mhadradhaibh gaoithe, doghnídh dochar do dhaoinibh óga, nó ag a mbíonn coimpléasg lag maoth, is mar sin (doghnídh) cómhluadar na ndaoine dubháilceacha mí-bheusacha, dochar don tí nách fuil foirfe san ccrábhadh. Atáid cómhluadair oile ann nách fuil tairbhe ar bith ionnta acht amháin duine do dheunadh súgach agus sólás éigin do thabhairt dá nádúir taréis saothair nó gnódhtha éigin tábhachtach do dheunadh, agus mar nách cóir do aon neach ró-dhúil do bheith aige ionnta so, níl toirmiosg air a nglacadh san aimsir atá saor aige ó ghnódhthaibh riachtanacha. Atáid cómhluadair oile ann ag á ffuil críoch mhaith mhacánta, mar atá cuairt do dheunadh ag an ccómharsain agus cuairt do ghabháil uatha, agus cómhdhála oile do hórduighthear dochum onóra do thabhairt dóibh. Agus mar is cóir freachnughadh do dheunadh dhíobh so go neamh- iomchúbhaidh, ní cóir tarcaisne do thabhairt orra, acht duine dá thaisbeánadh go ffuil sé féin sírialta ionnas nách measfaidhe é bheith éadtrom nó baoth. Anois laibheóramaoid ar an ccómhluadar ionn a mbíonn tairbhe agus sochar, mar dobhíonn idir dhaoinibh cráibhtheacha subháilceacha. Is tairbheach don tí theagmhann san ccómh- luadar so go minic. An fhineamhuin a bhíonn idir chrannaibh oladh, bíd grápa maithe uirthe, agus nídh éigin de bhlas na holadh orra. Mar sin don anam a bhíonn a ccómhluadar dhaoine cráibhtheacha, tarraingeann cuid dá ccáiligheachta chuige féin. Ní dheunaid na ladráin saoth mil, acht dobheirid cuidiughadh do na fíorbheachaibh a dheunamh. Mar sin dochum go ndeunamoisne freachnughadh maith orainn féin san ccráibhtheacht, is mór an congnamh agus an cuidiughadh dhúinn cómhluadar dhaoine subháilceacha. Is mór a moltar san uile chómhluadar duine do bheith díreach, símplidhe, milis, macánta, agus atáid daoine ann nách cuireann cor dá ccorp ná gluaiseacht acht go baiscionta
neamhiomchúbhaidh ionnas go mbíonn mí-ghean ag gach aon orra. Mar a bhíonn na daoine le nách mian siubhal acht le háireamh a ccoiscéim, ná labhairt gan fonn pungcamhuil do chur le gach aon fhocal mí-gheanamhuil; agus mar sin an tí nách cuireann aon chor de acht go baisceanta agus nách labhrann acht go púngcamhuil, atá sé mí-ghrásamhuil ionn a chómhluadar, agus na daoine bhíos mar sin, tais- beánaid go ffuilid an-dóthchaiseach mór-mheasamhuil orra féin. Uime sin is cóir dhúinn soilibhriocht mheasardha do thaisbeánadh ionn ár ccómhluadar. Is mór a moltar N. Antoin agus N. Romualdas ar son go ttugadaois crádh ró-mhór dá ccorpaibh féin, go ttaisbeánadaois soilibhreacht macánta do ghnáth, ionn a ngnúisibh agus ionn a ccómhráidhtibh. Bí soilbhir ris na daoinibh soilibhre, agus a deirim leat arís, mar adubhairt an tApstol, a bheith soilbhir do ghnáth as ionn sa Tighearna, agus tu féin a thaisbeánadh go macánta don uile dhuine. Agus ionnas go mbeith lúthgháire ort san Tighearna bíodh adhbhar do lúthgháire, ní hé amháin go ceadaightheach, acht fós go subháilceach. Agus chum do mhacántacht féin do thaisbeánadh do chách uile, coimheud tu féin ar an uile dhánacht agus mhí-iomchúbhuidheacht óir is locht iad ionn an uile dhuine, do bhrígh saobhnóis do chur ar dhuine ionnas go ndéanaidh sé mí-thapadh éigin, masladh do thabhairt do nó focal geur do rádh ris, nó magadh do dheunadh ar amadán, is súgra agus caithiomh aimsire sin, gidheadh, atáid amadánach, éigcríonna, neamhiomchubhaidh do dhuine thromdha. Tar an uaigneas inntinne, ar an labhramair shuas, is féidir leat a bheith agat ameasg an uile chómhluadair, gabh chughat ar uairibh áit uaigneach (ní dá rádh leat atáim dul ar an ffásach, mar dochuaidh Máire na hÉgypte, N. Pól an díthreabhach, N. Antoin, N. Arsemus agus mórán oile de na sean-naomhaibh), acht dol a seómra nó
a náit uaigneach éigin oile iomchubhaidh at aonar, ionn ar féidir leat do chroidhe agus tinntinn do thabhairt do smaointibh maithe, nó leughthóireacht leabhair éigin spiora- dálta dobhéarfas sólás do tanam, agus re sompla an Easboig Naomhtha N. Greagóir Nasiansen a deir ag labhairt air féin: Dobhínn a siúbhal am aonar le luighe gréine ar bhruach na fairge ag mealladh na haimsire, agus is uime do ghabhainn an caithiomh aimsire seo, chum m'inntinne do neartughadh agus a tharraint ó na cúramaibh gnáthacha. Agus beagán ina dhiaigh sin aithriseann an smaoineadh maith dobhí aige ar ar labhramair a náit oile. Nó le sompla N. Ambrós ar a sgríobhann N. Abhaistín: go ndeachaidh féin go minic dá sheómra (óir ní bhíodh toir- miosg ar bith ar aon duine fá dhul go ttí é) agus go ffaicfeadh é ag leughthóireacht, agus an uair dfhanach (dh) ann tamall dochum labhartha leis, go ffilleach (dh) tar ais arís gan aon fhocal do labhairt, ag meas an beagán aimsire sin dobhí ag an aodhaire mór maith tairéis na ngnódha troma do chríochnughadh, dochum brígh agus sóláis do thabhairt dá inntinn, nár chóir a buaint de. Mar sin fós lá éigin dothángadar na hApstoil mar a raibh an Tighearna dá fhaisnéis do mar dorinneadar teagasg agus seanmóir le saothar mór. Adubhairt an Tighearna leó: Tigidhe ar leith a náit uaigneach agus deunaigh ciúnas agus cómhnaidhe. CAIB. 25. Do mhacántacht agus d'iomchúbhaidheacht an éadaigh. Adeir an tApstol Pól ris na mnáibh maithe cráibhtheacha, agus an nídh céadna ris na fearaibh .i. éadach iomchubhaidh macánta do bheith orra, agus a ghabháil úmpa go náireach measardha. Is ionn a bhíos iomchúbhuidheacht agus
macántacht an éadaigh ionn a adhbhar, ionn a chumadh, agus ionn a bheith glan do, óir ní cóir dhúinn a bheith salach ná broghach. Taisbeánann an ghlaine fhoiriomalach an ghloine inmheodhanach. Uime sin iarrann Dia féin glaine corpardha san mhuinntir dobhíonn ag deunadh seirbhíse dho ag an Altóir, dár chóir níosa mhó de chúram a bheith aca san ccrábhaidh (adh) ioná do bheith ag daoinibh oile. A ttímchioll adhbhar agus cumadh an éadaigh, is iomdha nídh is cóir a thabhairt fá near ann, .i. an aimsir, an aois, an cháiligheacht, an chuideachta agus an úcáid. Is gnáth re daoinibh go coitchionn iad féin do dheasughadh beatha dhóibh a laethibh saoire thar laethibh oile do réir sholamantacht an fheusta, agus léigid dóibh é a naimsir aithrighe, mar atá, an Carghas. Ar bhainis cuirid éadaighe bainisi úmpa, ar thórramh éadaighe cumha. An bhean phósta a naice a fir, congmhann sí í féin a neudach go mórdhálach glan, an mhéid gur féidir lé é do réir a cumais agus a cáiligheachta, agus, acht muna raibh a fear do láthair aice, fiafruighim di cia hiad na súile re ar mian léi taithniomh le heudach mórdhálach do chur uirthe. Ní cóir a chur a niongnadh ar chailín óg imtheacht a néadach deas óirneálta, ionnas go mbeith gean ag mórán uirthe, acht amháin go mbadh hé is inntinn di gan taithniomh acht le haon fhear amháin is mian lé a phósadh. Ní dhíomolaim fós do na baintreabhachaibh le ar mian athphósa do dheunadh, má ghabhaid iad féin go deas, acht gan iomarca ar bith eolbhaoise do dheunadh, ar an adhbhar go rabhadar ina mnáibh tighe roimhe, agus gur fhulaing siad doilghíos a mbaintreabhachais. Bíonn meas orra go coitchionn gur cóir dhóibh a bheith níos tromdha ioná na mná oile. Acht an bhaintreabhach fhírinneach, ní hé amháin ó chorp acht fós ó inntinn, ní hiomchubhaidh dhi poimp ar bith do bheith ionn a héadach, acht uirísleacht, macántacht, agus crábhadh do thaisbeánadh ionn gach aon ghníomh, acht má's mian lé gean na ffear
do tharraint uirthe, ní fíor-bhaintreabhach í, agus munar mian lé taithniomh leo, cread é an feithiomh atá aice ar phoimp éadaigh nó earraigh dhíomhaoin? Gidhbé le ar mian gan aoidhe do theacht dá thigh, ní cóir dho cómhartha leanna raca do bheith shuas aige. Fós na seandaoine chuireann éadaighe poimpeamhuil orra, isé is mian leó a thaisbeánadh go ffuilid óg. Uime sin biaidh mí-mheas orra agus biaidh gach aon a magaidh (adh) orra, óir ní ffuil acht amadánacht agus éigcríonnacht ionn, ar son gur féidir a fhulaing a ndaoinibh óga. Bíodh héadach nidhte glan agus ná bíodh aon nídh briste ná sgaoilte ná mí-chúmtha ann. Is tarcaisneach le cómh- luadar tu a bheith ina measg le droichéadach mí-chúmtha, acht coimheud, ar a shon san, tu féin ar an uile dhéanmhus eolbhaoiseach, chiúirialta, agus ar an uile mhí-iomchúbhuidheacht an mhéid gur féidir leat é. Bí claon dochum héadaighe a bheith símplighe macánta, óir cuirid geanamhlacht ró-mhór ar an sgéimh, agus is leithsgeul maith é gur mian le duine é féin do chur le na chómhluadar: Dobheir N. Peadar teagasg do na mnáibh óga go sonnrádhach, gan a ngruag do bheith bachalach, casta, cúirníneach, ná lúbtha níosa mhó ioná an chóir, agus fós na fir a bhíonn chomh banda agus san, go ndeunaid aithris ar mhnáibh san obair chéadna, acht ní bhíonn acht meas banda orra, agus ní bhíonn meas ar gheanmnaigheacht na mban a bhíos amhlaigh, agus a ccás go mbeidís geanmnaighe, bíonn amhrus orra gur dá reic féin a bhíd tré mheud an díomhaoinis a thaisbeánaid ionn a niomchur, agus má deirid nách fuil droch-inntinn aca, dobheirimsi freagra orra, muna ffuil aca san go ffuil ag an diabhal, re ar mian iad san agus daoine oile do mhealladh. Budh mhian liom an uile fhear agus bean atá cráibhtheach a bheith éadaighthe go ró-dheas, acht gan poimp ná deunmhus d'iarraidh, acht mar adeir an Sgruiptiúir, iad a bheith óirneálta re deaghmhaiseadh agus re fiúntacht
ghrása. Is maith adubhairt an Rí, Laoiseach, gurab iomchúbhaidh do gach aon eudach do chur air do réir a staide féin, ionnas nách féidir le duine críonna a rádh leó: Atá sibh ag deunadh na hiomarcaigh; ní hiomchúbhaidh do dhaoinibh óga eudach tarcaisneach do chur orra faoi na staid, agus munar mian le daoinibh aosta a bheith réidh le heudach iomchubhaidh macánta, budh chóir dhóibh cómhairle dhaoine críonna do ghabháil. CAIB. 26. Don ccómhrádh agus ar ttúis cionnas is cóir labhairt le Dia. Bainid na liagha as fheuchaint ar theangaidh an duine, baramhuil nó fios a shláinte nó a easláinte. Mar sin dúinne. As ár mbriathraibh a haitheantar staid fírinneach ár nanamann, mar adubhairt ár Slánaightheoir: As do bhriathraibh a bhiaidh tu saor nó cionntach. Mar do chuireamaoid ár lámh go heusga ar an áit a mbíonn ár ttinnios, is mar sin fhoillsigheann ár tteangtha an grádh atá ionn ár ccroidhe. Má tá grádh ionmhuin agat ar Dhia san uile chómhluadar, astigh agus amuigh, biaidh tu ag labhairt air, óir ní mheadhann beul an fhíoraoin acht breath cheart, agus mar doghnídhid na beich ris an bpóig dobheirid don luibh nó don mbláth, mil do chruinniughadh, is mar sin is cóir dhuitsi mil agus milseacht do bheith ar do theangain ó bheith ag labhairt ar Dhia, agus ní bhfuil milseacht ar bith is mó ioná moladh anma (ainme) Dé do bheith ag snámh ar feadh do bheoil. Leughthar ar N. Proinsias, an tan a deireach (dh) sé ainm Íosa, go mbíodh ag sughadh agus ag ligheadh a chruiméil tré mheud na milseachta do tharraingeach (dh) sé as an ainm bheannaighthe sin.
Bíodh do chómhrádh ag teacht ar Dhia mar is iomchúbhaidh labhairt air, .i. go humhal cráibhtheach agus ní dhod thais- beánadh féin foghlumtha acht do dheunadh seanmóireacht re spirid mhilseachta, grádha agus úmhaile, agus a dortadh braon ar bhraon a ccluasaibh gach duine dá mbeith ag éistiocht leat. Is mil sháimh thaithneamhach na neithe diadha agus slighe an chrábhaidh, agus ag guidhe Dé ionn do chroidhe agus ionn hinntinn fán ndrúcht neamhdha so do dhortadh ar anam agus ar chroidhe gach duine atá ag éisteacht leat. Roimh an uile nídh freachnaigh an oific ainglidhe seo go sámh milis, agus ní ag tabhairt achmhusáin d'aon duine acht dá seóladh go cráibhtheach carrthannach, óir is mór an brígh a bhíos ag an tteagasg agus is adhbhal do ghluaisionn inntinn an duine an tan dobheirthear amach é go sámh, muinntiordha, carrthannach. Ní cóir cómhrádh do thionnsgnadh ar Dhia nó ar neithe oile bhainios le crábhadh go díomhaoin, ná a módh caithiomh aimsire, acht go haireach cráibhtheach. Is uime a deirim seo dochum go seachantá an nídh ionn a ttéid mórán le ar mian a bheith cráibhtheach, ar seachrán, mar atá an mhuinntir nách léigeann áit ná aimsir társa nách mian leó labhairt ar bhriathraibh maithe deasa go héadrom neamhaireach, gan feuchain don nídh a deirid, agus tairéise sin do rádh dhóibh, measaid go ffuilid féin mar do thaisbeán a mbriathra iad, acht atáid ró-fhada ua. CAIB. 27. De mhacántacht na mbriathar agus don onóir is cóir a thabhairt do na daoinibh. Gidhbé nách ccuirionn saobhnós ar aon duine re bréithir, ar an tApstol, N. Seum, is duine foirfe é. Uime sin,
deuna díthcheall gan briathar neamh-iomchubhaidh ná mí- mhacánta ar bith do rádh ná do labhairt, óir a ccás nách le droichinntinn do labhartá é, is féidir leis an té atá ag éistiocht leat a ghabháil chuige go holc. Aon fhocal mí- mhacánta do thuitios a ccroidhe an-bhfann an bheag-neartaigh, leathnuigheann sé é féin mar do leathnuigheann braon ola do thuitionn ar éadach, agus gabhann an croidhe ar uairibh greim de, ar mhódh go líonann é le mórán de smaointibh truaillighthe mí-mhacánta, agus mar is ionn sa mbeul asteach dothéighionn an nimh doghnídh dochar don ccorp, is mar sin a théighionn an nimh le a marbhthar an croidhe asteach ar na cluasaibh, ón tteangain ar a mbíonn an nimh, agus a ccás nách deárnaidh an nimh seo dochar, do bhrígh gur ghlac an mhuinntir dobhí ag éistiocht lé leighios maith roimhe sin, ní ó na holcaibh seo ná ó na mailís dotháinig náchar marbhadh iad. Agus ná habradh aon duine liom nách raibh rún aige féin dochar do dheunadh do dhuine oile, óir adeir ár Slánaightheoir gurab as rún an chroidhe do labhrann an beul, agus a ccás nách smaoinighmíd ar mhailís ar bith, smaoinigheann an diabhal ar iomad mailíse, agus bíonn an cómhrádh agus an briathar mailíseach mí- mhacánta aige mar shoigheadaibh le a ttollann croidhe dhuine éigin. Adeirid daoine gidhbé itheann an luibh Angelica go mbíonn bolaith maith ar a anáil, mar sin don mhuinntir ag á mbíonn macántacht agus geanmnaigheacht ionn a ccroidhthibh, atá an uile shubháilce geanmnaighe ainglidhe aca; ní labhraid acht briathra glana geanmnaidhe. Toir- miosgann an tApstol Pól orainn briathra neamh- iomchúbhaidh magamhla do theacht tar ár mbeul amach, ag foillsiughadh dhúinne go follas nách ffuil ar bith nídh is mó do mhilleann na deighbheusa ioná na cómhráidhte mí-mhacánta, neamh-iomchubhaidh. Má táid na briathra mí-mhacánta dá rádh ar nod, le tímchiolladh briathra go caol nó go geur, is mar sin is
mó doghnídhid dochar, óir ní ffuil dá ghéire dá mbeith an t-arm nách usaide leis an corp do lot é; mar sin ní ffuil dá ghéire dá mbeith an briathar mailíseach nách móide dothéighionn go doimhinn san ccroidhe é. An mhuinntir do mheasann iad féin a bheith líomhtha gasta, an tan do labhraid a samhuil sin de bhriathraibh a ccómhluadar, is dearbhtha nách feas dóibh cread fár hórduigheadh an cómhluadar idir dhaoinibh, óir is amhlaidh is cóir an cómhluadar do bheith mar shaithe beach ag cruinniughadh meala, a ccómhráidhte do bheith sámh, naomhtha, agus ní mar dobhíd na feitheóga agus na ceirneamháin a bhíonn a luidhe ar neithibh salcha agus ag cruinniughadh charcras marbh nó truaillighthe. Má deir duine focal mí-mhacánta at fhiadhnaise, taisbeán go ffuil mí-ghean agat ar a chómhrádh, le tu féin a tharraint as an áit, nó ar mhódh éigin oile. Ní ffuil nídh ar bith is mó atá díomolta a ninntinn nó a ninntleacht duine ioná a bheith a fonamhaid nó a magadh ar daoinibh oile, agus atá fuath agus gráin ag Dia ar an locht so agus do chuir roimhe seo pian ró-mhór ina diaigh. Ní ffuil fós nídh ar bith is mó atá a naighidh (naghaidh) na carrthannachta agus an chrábhaidh ioná mí-mheas do thabhairt ar an ccómharsain; ní deuntar, umurro, fochmhaid nó magadh ar an ccómharsain gan tarcaisne do thabhairt air. Dá bhrígh sin is ró-throm an peacadh é, ar mhódh go nabraid dochtúirighe nách féidir masla is mó do thabhairt le bréithir don ccómharsain ioná magadh do dheunamh air, do bhrígh ionn gach masla oile go ffuil gné mheasa innte don tí dogheibh í, acht an magadh féin amháin, óir ní deuntar é acht le tarcaisne agus le mí-mheas air. An súgra doghnídhthear le briathraibh soineamhla idir dhaoinibh macánta le caithiomh aimsire maille re soilbhreacht thaithniomhaighe, is ris an tsubháilce dá ngoirid na Greugaigh Eutrapelia do bhainionn sé, agus dár féidir
linn deaghchómhluadar do ghairm, agus ris na cómhráidhtibh muinntiordha macánta so dogheibhmíd caithiomh aimsire macánta le a mbímíd saor ó an iomad de chaithighibh díomhaoine mí-thairbheacha do chuirionn ár neamhfhoirfeacht daonna ionn ár ninntinn. Acht so amháin, is cóir dhúinn a sheachnadh san ccaithiomh aimsire mhacánta féin, .i. gan léim do thabhairt chum magadh nó fochmhaide do dheunadh ar aon duine. Dobheir fochmhaide agus magaidh (adh) adhbhar gáire don ccómhluadar. Gidheadh, bíonn tarcaisne éigin ina chuideachtain. Gluaisidheann fós an súgra macánta an cómhluadar chum gáirighe. Gidheadh, is le measaracht agus le saoitheamhlacht do dhuine ar bith doghnídhthear é. Adubhairt an Rí, Laoiseach, lá éigin déis dinéir le daoinibh riaghalta do thionnsgain a bheith ag labhairt ar neithibh árda duibheacánta: Ní tráth so dho san, acht deunamaois caithiomh aimsire éigin shúgach mhacánta agus abrach (dh) gach duine an nídh is mian leis go macánta. Ar son na ttighearna agus na ndaoine uaisle dobhí ina thímchioll do labhair sé dochum sóláis agus caithiomh aimsire do thabhairt dóibh. Dá bhrígh sin deunamaois ár ccaithiomh aimsire ar mhódh nách ccaillfiom an tsíorruigheacht bheannaighthe ná ár ccrábhadh. CAIB. 28. Don mBreitheamhnas meardhánta. Adubhairt ár Slánuightheoir ionn sa Soisgeul: “Ná tugaidhe breath agus ní tiubhrar breath oraibh, ná damnaighe agus ní damnóchthar sibh.” Agus adeir an tApstol, Pól: Ná tugaidhe breath roimh an am, nó go ttigiodh an Tighearna agus go ttugadh (aidh) sé chum soluis na neithe atá a ffolach a ndorchadas agus go ffoilsigheadh
(ghidh) sé cómhairle gach croidhe. Och! is mór an mí- thaithniomh atá ag Dia ar an mbreitheamhnas meardhánta. Is uime atá breitheamhnas na ndaoine meardhánta, do bhrígh nách breithiomh duine ar dhuine oile, agus an mhuinntir dobheir an bhreath go ngabhaid oifig an Tighearna do láimh. Atáid fós meardhánta ar son go ttugaid siad breath ar na croidhthibh agus ar na hinntinníbh a bhíos a ffolach orra ag na daoinibh, agus ionn a ffuil mailís an pheacadh (aidh) go sunnrádhach. Agus atáid meardhánta fós do bhrígh go ffuil go leór ag gach duine le breath do thabhairt air féin ionnas nách riachtanach do breath do thabhairt ar a chómharsain. Chum gan breath do thabhairt orainn ní mó an riachtanas atá againn breath do thabhairt orainn féin ioná gan breath do thabhairt ar dhuine oile, agus mar aithnigheann ár Slánaightheoir dhúinn gan breath do thabhairt ar dhuine oile. Adeir an tApstol linn: Má beireamaoid féin breath orainn, ní tiubharthar breath orainn. Ó, mo Dhia! isé a chodarsna so doghnídhmíd ionn an uile áit do ghnáth, agus ionn an uile aimsir, óir dobheireamaoid breitheamhnas ar ár ccómharsain agus ní thugamaoid breath orainn féin. Do réir mar atá adhbhar nó cionnfátha ag an mbreith- eamhantas meardhánta, is dá réir sin is cóir liaighios do chur orra. Bíd daoine ó nádúir domblasta, searbh, mí-chineálta, fetheamhanta agus doghníd seo an uile nídh dochídhid nó dochluinid searbh domblasta, ionnas gur fírinneach a labhrann an fháigh (fáidh) orra, ag rádh go ndeunaid gafann de an uile bhreitheamhnus, ag tabhairt breatha chruaidhe mí-chineálta ar an ccómharsain. Is riachtanach dóibh seo ar ttúis teagmháil le liaigh éigin maith spioradálta; do bhrígh go ffuil an míchineál so ó nádúir ionnta is ró-dheacair a chlaoidh, agus ar son nách peacadh na drochchlaonta so, acht neamhfhoirfeacht, atáid ró- pheiriaclach, óir dobheirid breitheamhantas meardhánta
agus mí-mheas na cómharsann a ninntinn an duine, agus go mbeathaighid iad féin innte. Atáid daoine dobheir breitheamhantas meardhánta agus ní ó nádúir dhordha nó dhomblasta a bheith acu, acht re huabhar, ag meas gur móide a nonóir féin tarcaisne do bheith aca ar dhaoinibh oile, .i. na daoine uaibhreacha an- dóchaiseacha lán dá ccion féin agus mheasann gur tarcais- neach an uile dhuine a ccomóra leó féin, agus adeir mar adubhairt an pinseur amadánach: “Ní duine mar chách mise.” Bíd daoine oile ann nách bíonn uabhar follus ionnta, acht uabhar folaightheach beag a bhíos ionn a ccroidhthibh as a ngabhaid fonn agus taithniomh as lochtaibh dhaoine oile, ionnas go ffaghaid fonn agus taithniomh orra féin, do bhrígh go measaid iad féin a bheith saor ó na lochtaibh céadna agus subháilce codarsna do bheith ionnta, agus mar dogheibhid féin blas milis ar an meas san, léigid mar rún le daoinibh eile é. Atá an fonn agus an taithniomh so fulaingtheach, agus is deacair a thabhairt fá ndear, acht re feuchaint go grinn ar mhódh na muinntire ag á mbíonn sé, nách aithnighid féin é muna ccurthar ós coinne a súl é, ar mhódh go mbadh féidir leó breith le na lámhaibh air. Daoine oile ag deunadh blanndair leó féin agus chum a leithscéil féin do ghabháil leó féin, agus ionnas nách beith a ccoinsias dá ngearradh, is maith leó breitheamhantas do thabhairt ar dhaoinibh oile go ffuilid na lochta céadna ionnta nó lochta is mó ioná iad, agus measaid a bpeacaidhe féin do bheith níos éadroma as iomad na bpeacach agus na ccionntach oile. Gabhaid mórán fonn breitheamhantais do bhreith as a mbaramhuil féin, amhuil agus go mbeith fáistine aca, agus má éirghionn dóibh a ccás dona éigin baramhuil fírinneach do thabhairt, gabhaid dánacht as san re dhol ar a naghaidh ionn sna breitheamhnaisíbh meardhánta, agus dogheibhid fonn ionnta ionnas gur deacair a ttarraint uatha.
Dobheir daoine oile breath do réir a cclaonta féin, ar mhódh go mbíonn meas maith aca ar an muinntir ar a mbíonn grádh aca, agus droichmheas ar an muinntir ar a mbíonn a ffuath. Acht a naon chás amháin ró-iongantach ionn a ttugann iomarca an ghrádh orainn breitheamhantas meardhánta do thabhairt ar an tí ar a ffuil grádh aguinn, agus is iongantach an chríoch í, acht ní thig as acht grádh salach, neamhfhoirfe, buaidheartha, beagneartach, .i. eud, óir mar is follas go coitchionn as silleadh símplidhe súl, nó as fidiughadh gáire a beirthear breitheamhnas an fhir sin, nó na mná san a bheith mailíseach, nó ar tí oilc do dhéanadh. Faoi dheoigh eagla, saint, fonn onóra, agus galair oile de'n tsórt san a bhíonn ar inntinn an duine, dobheirid congnamh mór dochum breitheamhnais meardhánta do thabhairt. Acht godé an liaighios is cóir do chur ar na holcaibh seo, mar dobhíonn an mhuinntir ibhios sugha na luibhe dá ngoirthear ophiusa na hEtiopia, go measaid go ffaicid athracha nimhe san uile áit a mbíd, agus beathadhaigh uath- bhásacha oile, is mar sin a bhíonn an mhuinntir a bhíonn líonta d'uabhar, de shaint, de thnúth agus dfhuath, ní fhaicid nídh ar bith nách measaid gurab olc é, nó gur fiú é mímheas do thabhairt air. Is riachtanach do gach drong díobh so fíon na carrthannachta d'ibheadh dochum sláinte dfhagháil. Uime sin ibhidís an méid is féidir leó dhe, dochum na ndroch-lionnta so do chlaoidh dobhíonn dá ttarraint chum na mbreitheamhnas meardhánta so do thabhairt. Ní mian leis an ccarrthannacht olc ar bith dfhaicsint, agus is lugha ioná san dothéighionn dá iarraidh, agus a ccás go ffaicfeadh é go cinneamhnach, casann a haghaidh uaidh agus druidionn a súile roimhe ar eagla a fhaicsin ón ccéad radharc amach dobheir air, agus measann le símplidheacht naomhtha, nách olc dobhí ann acht sgáile amháin; agus má's éigionn di a admháil gurab olc atá
ann, casann í féin uaidh ar ball agus doghnídh díthchioll a íomháigh do chur as a cuimhne. Is maith an liaighios an grádh agus an charrthannacht a naghaidh an uile locht, agus go háirighthe a naghaidh an lochta so ar a ffuileamaoid a trácht. An mhuinntir ar a mbíonn an galar buidhe, dochídhthear dhóibh gach nídh dá ffaicid do bheith buidhe nó órdha. Gidh- bé le ar mian a shaoradh ón olc so, ceanglach (dh) sé an luibh darab ainm Celidonius do bhonn a choise, ionnas go mbeith ar iomchur aige do ghnáth. Peaca an bhreitheamhnais mheardhánta, ní ffuil ionn acht galar buidhe spioradálta, dobheir ar gach duine ar a mbíonn gan nídh ar bith dfhaicsint nách measann a bheith lochtach, agus gidhbé le ar mian é féin do shlánughadh uatha san, ní ar a shúilibh ná ar a thuigsint is cóir dho an liaighios do chur, acht ar a fhonn agus ar a chlaontaibh, óir isiad is cosa don anam; acht má tá tfhonn agus do chlaonta maordha soineamhuil, biaidh do bhreitheamhnas amhlaigh; má táid lán de ghrádh agus de charrthannacht biaidh do bhreitheamhnas mar an ccéadna. Dobhéara me trí shompla iongantacha dhuit air seo. Mar adubhairt Isaac gur dheirbhshiúr dó Rebecca, a bhean phósta, agus mar dochonairc an Rí, Abimelec, é ag súgradh lé, mar dobheith fear le na mhnaoi phósta, agus as san do thuig sé gurab í a bhean í, acht dá ffaicfeadh duine mailíseach iad mar sin, adéarfadh gur ina leanán aige do bheith sí, nó dá mbadh deirbhshiúr dó í, gur grádh mí-nádúrtha dobheith aca ar a chéile, acht do bhain Abimelec an bharamhuil do bfheárr agus budh charrthannaighe as. Is mar sin is cóir dhúinne a bheith, agus an bharamhuil is feárr do bhuain as an uile ghníomh dá ndeun ár ccómharsa, agus má's féidir a leithsgeul do ghabháil ar mhódh ar bith, gan droichbhreitheamhnas do thabhairt air.
Dochonairc Joseph naomhtha, céile beannaighthe na Maighdne Muire, go raibh sí torthach, agus mar budh feas do go raibh sí ró-naomhtha, ró-ghlan, agus beatha ainglidhe aici, níor thug baramhuil di go ndeárnaidh feill- ghníomh ar bith. Uime sin do chuir roimhe a tréigionn agus an chúis do thaobhadh le Dia, ar son go raibh fáth ró-láidir aige dochum amhruis a bheith uirthe; acht ar a shon san, níor fféidir leis a thabhairt ina inntinn daor-bhreith a thabhairt uirthe. Acht godé an fáth? Do bhrígh, mar adeir an Spiorad Naomh, go raibh sé ina dhuine fhíreunta naomhtha, agus mar sin doghnídh an uile fhíoraon an uair nách ttuigionn sé an gníomh ná an inntinn re a ndeuntar é, agus don ttaobh oile, go ffuil meas maith macánta ar an duine, ní thugann breitheamhantas air, acht doghnídh díthchioll ar an nídh sin do chur as a chuimhne agus taobhann an breitheamhnas le Dia. Ár Slánaightheoir, Íosa Críost, an tan nár fféidir leis leithsgeul na muinntire dobhí dá chrochadh do ghabháil, óir go raibh an peacadh ró-fhollas, ionnas go luigheadóchadh sé a mhailís adubhairt nách raibh fios acu cread dobhádar a dheunadh. Uime sin, munar féidir linn leithsgeul peacaidh ár ccómharsan do ghabháil, bíodh truaigh againn do, agus tarraingeamuis cách uile chum truaigh do dheunadh dho, agus measamaois gurab ainffios nó laige brigh budh chionntach ris. Má deir tu: “Mar sin ní féidir liom go bráth breitheamhantas do thabhairt ar mo chómharsain.” Agus ní féidir ar aon chor, óir isé Dia amháin is breitheamh ceart ar an uile chionntach, ar son go labhrann sé linn tré bheul na nUachtarán agus na mbreithiomh a chuirionn sé ós ár ccionn, ionnas go ttuigeamaois gach nídh is mian leis. Is iad so is teachta dho, a foillsiughadh a thoile dhúinn, agus ní cóir dhóibh aon nídh a rádh acht mar dofuaradar uaidh, agus má doghnídhid a chodarsna san, ag leanmhuint a ffonn agus a cclaonta féin, isiad féin dobheir
breitheamhnas ionnsan agus ní hé Dia. Uime sin dobhéarfadh (aidh) Dia breath orra san. An duine, an mhéid gur duine é, ní cóir dho breitheamhantas a thabhairt ar a chómharsain. Nídh dfhaicsint nó d'aithniughadh, ní breitheamhnas é, acht breath do thabhairt. Atá deócamhal éigin faoi sin, nó saoiltear go ffuil, is cóir a leasughadh do réir mar labhrann an Sgríbhinn Dhiagha, adeir; gidh- bé nách ccreideann, dotugadh breath air. Isé sin, níl amhrus go ffuil sé damanta. Ní holc contabhairt do chur a ngníomh na cómharsan, óir ní ffuil san toirmisgthe orainn, acht mar atá breath do thabhairt air. Ní ceadaigh- theach dhúinn contabhairt nó amhrus do bheith againn ar an ccómharsain, muna ffuil adhbhar daingean dár ttarraint chuige. Ar mhódh oile bíd meardhánta. Gidhbé duine mailíseach dochídhfeadh Jacob ag tabhairt póige do Rachel ag an ttobar, nó Rebecca a glacadh seoid ó Eliesar, nách raibh fios san áit sin cia hé, níl contabhairt go ttiubhrach (dh) drochbharamhuil don dís bhan san dobhí ina sompla macán- tachta agus geanmnuigheachta, ar son nách beith bunudhas ná fáth aige; óir drochbharamhuil do bhuain as an ngníomh nách ffuil olc ná maith ionn uaidh féin, atá sé meardhánta muna ffuil cómhartha éigin ina thimchioll nách féidir a leithsceul do ghabháil. Fós is breitheamhnas meardhánta baramhuil do bhuain as nídh ar bith as a mbeith magadh nó fochmhaid dá dheunadh ar an tí dorine é, acht laibh- eóradh (aidh) me air seo arís, go líonmhar follus. An mhuinntir ag á ffuil cúram mór fá na ccoinsias féin, ní thugaid breitheamhantas meardhánta ar aon duine, óir doghnídhid ar nós na mbeach an uair dochídhid an aimsir dorchadh, nó neullta dubha ag éirghe; fanaid ionn a ccurraiceógaibh féin ag roinnt a meala. Is mar sin doghnídhid na daoine maithe an tan dochíd aon nídh dubh ná dorcha a ngníomh a ccómharsan, fanaid astigh aca féin d'eagla sin dfhaicsin, agus cruinnighid a smaointe uile
asteach ionn a ccroidhthibh, agus gabhaid foinn mhaithe chum iad féin a choimheud, a leasughadh agus a cheartughadh. Obair dhuine dhíomhaoin fhallsa a bheith ag tabhairt aire do bheathaidh dhuine oile do cheartughadh, acht amháin an mhuinntir ar a ffuil cúram a ttighe agus a ccualacht féin orra, nó cúram an tairbhe phoiblighe, do bhrígh go ffuil dfhiachaibh orra ó choinsias, aire do thabhairt don mhuinntir atá fá na ccúram, agus ar ndéanamh a noifige féin dóibh go grádhach, carrthannach, tugadaois aire dhóibh féin agus ná fiafruighidís go coitchionn cread atá an fear so nó an fear oile úd do dheunadh. CAIB. 29. Don Mhurmur agus don Ithiomrádh. As an mbreitheamhnas meardhánta doghnídhthear mí- chiúnas, tarcaisne na cómharsan, uabhar, meas mór do bheith ag duine air féin agus mórán de dhrochcháiligheachtaibh oile. Agus eadorra san atá an chéad áit ag an ithiomrádh agus ag an anchaint atá ina bpláigh ag an uile chómhluadar. Och! nách fuil agam aon smíoróid (sméaróid) amháin ón Altóir naomhtha re na cuimilt do bheul na ndaoine, ionnas, maille re na chongnamh, go mbainfinn a lochta dhíobh agus go nglanfainn a bpeacaidhe, ar an módh ar ghlan an Seiriphín beul an fháidh Isaias. Gidhbé re ar féidir an tithiomrádh do thógbháil as an saoghal, is mór an chuid de pheacadhaibh an domhain do thóigfeach (dh) sé. Gidhbé do bhainfeas a chlú dá chómharsain le héigceart le hithiomrádh tar go ndéanann peaca atá dfhiachaibh air aisioc a chlú do thabhairt do réir cháilidheacht an ithiomrádh (áidh), óir ní rachaidh aon duine go flaithis Dé agus cuid duine eile go heugcórach aige. Agus ní ffuil maoin ná saidhbhrios ar an saoghal ag duine ar bith, is mó ioná clú agus ainm mhaith. Is gné dúnmharbhtha an tithiomrádh,
óir atáid trí bheatha ag an duine, .i. beatha spioradálta, an tan a bhíos a ngrásaibh Dé; beatha chorpardha, an feadh dobhíos an tanam ceangailte don ccorp, agus beatha shírialta, do bhainios re na chlú. Bainionn an peacadh an chéad bheatha dhínn, an bás an dara beatha, agus an tithiomrádh an treas beatha. Trí dúnmharbhtha doghnídhfear go minic a nithiomrádh, óir marbhann sé go spioradálta a anam féin agus anam an tí atá ag éistiocht ris. Marbhann sé go sírialta anam an tí a ffuil sé ag gearradh a chlú agus a anama re na theangain mhallaighthe. Adeir N. Bearnard go minic go mbíonn an diabhal a tteangain an tí doghnídh ithiomrádh agus a ccluasaibh an tí dobhíonn ag éistiocht ris. Adeir an fháidh ríoghamhuil, ag labhairt ar lucht an ithiomráidh gur ghearradar a tteangthaibh féin mar naithreachaibh nimhe. Adeir fós Aristotel go mbíonn teangaidh an nathar nimhe sgoiltighthe nó go mbíonn dá rinn uirthe. Is mar sin a bhíonn teangaidh lucht an ithiomrádh (áidh), re haon bhuille amháin cuirionn nimh ar chluasaibh an tí éisdios iad, agus ar chlú an tí ar a labhrann go holc. Guidhim tu ná deuna ithiomrádh go cam ná go díreach, ar dhuine ar bith, agus ná cuir breug go bráth ar do chómharsain ná labhair ós árd ná go follus ar neithibh folaightheacha, agus ná labhair go trom ar lochtaibh poiblighe: ná bain droich-chiall as deigh-ghníomh ar bith: ná ceil agus ná seun subháilce ar bith is feas duit a bheith ionn do chómharsain, agus ná luigheadaigh le do bhriathraibh í, óir bíonn saobhnós mór ag Dia leat fá gach aon nídh dhíobh so, go háirighthe fá choir bhréige do chur ar do chómharsain, nó an fhírinne do sheunadh maille re na dochar, do bhrígh go mbíonn peacadh dúbalta ionnsoin, ar dtúis go ndeunann tu breug, agus arís go ndeunann tu dochar dot chómharsain. Ní ffuil de lucht an ithiomráidh drong is gáibhthighe agus is mailísighe ioná an mhuinntir a thionnsgnann ar ttúis re labhairt go honóireach ar a ccómharsain agus do tharraingeann súgradh agus deaghlabhairt asteach, agus ina dhiaidh sin adeir mar
so: Atá grádh agam air, agus admhaim gur duine iomchubhaidh dearsgnaidhe é, gidheadh, is mór an mí-ghníomh dorinne an tan do mheall an duine maith oile seo. Is fíor gur maith macánta an cailín í siúd, acht dorugadh uirthe a náit nach abraim. Iad san agus reamhráidhte oile dá sórt, ní ffuil ionnta acht céird agus cumadóireacht mheallta. Mar doghnídh fear an bhogha an uair is mian leis an tsoighead do chaithiomh, tarraingeann an tsrang chuige go teann, ionnas go sgaoilfeadh sé níos neartmhaire í. Is mar sin doghnídh an drong ar ar labhramair shuas. Tarraingid an tithiomrádh chúcha ar ttúis ionnas go sgaoilidís é go neartmhar agus go ngeabha greidhm níos daingne a ccroidhthibh na ndaoine bhíos dá éistiocht. An tithiomrádh doghnídhthear le greann nó le súgra, atá sé ró-bhaoghalach, ró-dhíoghbhálach, mar atá an luibh darabh ainm Sicuta. Ní ffuil nimh uirthe mharbhann duine do láthair, acht go mall, agus is furus liaighios do chur uirthe, gidheadh, má glactar í ar fhonn, ní ffuil leigheas ar bith uirthe. Mar sin don ithiomrádh. Dá mbeith sé ris féin ní luaithe dorachadh ar chluais ioná dorachaidh (adh) amach ar an ccluais oile, (adeirimíd go coitchionn). Gabhann greim daingion a ninntinn na muinntire a bhíonn ag éistiocht ris, an uair a deirthear é le briathraibh saothamhla greannmhara. Leó so adeir an Fháidh ríoghamhail go mbíonn nimh Aispis ar a tteangthaibh. An nathar nimhe dá ngoirthear aispis, bainionn greidhm as dhuine ar módh nách mór go mothuigheann é, agus cuirionn an nimh ar ttúis tothchas ró-shámhasach ionn, ionnas go ttugann slighe don nimh ar dhol go nuige an chroidhe ar mhódh nách féidir a liaighios. Ná habair gur duine meisgeamhuil an fear úd a ccás go ffacaidh tu deoch air, ná gur striapach an fear oile úd ar son go ffacaidh tu é ag luighe le mnaoi go neamh- dhlisdionnach, óir ní dheunann aon ghníomh amháin gnás
de nídh. Do stad an ghrian aon uair amháin, dochum go ccuireadh Iosue críoch ar an ccosgair (ar) dobhí sé a leanmhuint, agus do dhoirchidh sí aon uair amháin an tan dorug ár Slánaightheoir buaidh ar an saoghal agus ar an ndiabhal, acht ar a shon san, ní féidir linn a rádh go ffuil an ghrian dorchadh ná ina cómhnaidhe do ghnáth. Dobhí Naoi ar meisge ó fhíon aon uair amháin. Ar a shon san ní féidir a rádh go raibh sé tabharthach do cheachtar de'n dá locht san. Fós do dhoirt Peadar fuil aon uair amháin, agus ní féidir a rádh go raibh sé fuilteach. Dorinne fós naomhaithis ag seunadh Chríst, acht ní raibh naomhaithiseach ar a shon san. Chum duine dfhagháil ainme ó shubháilce nó ó dhubháilce, ní leór aon ghníomh amháin, acht is riachtanach gnáth do dheunadh dhe. Dá bhrígh sin ní ffuil acht breug follus a rádh gur duine feargach an tí ar a raibh fearg aon uair amháin, nó gur bitheamhnach an tí dorinne goid aon uair amháin. Fós dá mbeith duine dubháilceach aimsir fhada, ní féidir a rádh gan peiriacail bhréige go ffuil sé anois dubháilceach. Do ghoir Síomon lobhair(ar) peacach do Mhuire Mhaigdelean, do bhrígh go raibh amhlaigh roimhe sin, acht ar a shon san dorinne breug óir ní raibh an uair sin acht ina haithrigheach ró-naomhtha. Uime sin do ghabh an Tighearna í fá na choimirce féin. An Pháirisíneach bladhmannach do mheas gur pheacach mór an puibliocánach, agus dobfhéidir fós gur mheas go raibh ina úsmhuire, ina ghadaidhe, agus ina striapaigh, acht dochuaidh ar seachrán go mór, óir dorineadh fíoraon san áit chéadna dhe. An tan atá Dia chomh maith agus sin, ionnas gur leór aon mhómaint amháin chum grása d'iarraigh agu dfhagháil uaidh, cionnas is féidir linn a bheith cinnte go ffuil ina pheacach aniugh, an tí dobhí amhlaigh ané (indé)? Ní cóir don lá ané (indé) breath do thabhairt ar an lá aniugh, ná don lá aniugh ar an lá ané (indé), óir isé an lá déighionnach amháin dobhéaras breath ar an uile lá. Uime
sin, ní féidir linn gan pheiriacail bhréige a rádh gurab olc ná gur lochtach duine ar bith. Acht so amháin is féidir a rádh, go ndeárnaidh sé a leithéide seo de dhroch-nídh uair éigin, nó go raibh droich-bheatha aige ionn a leithéide seo d'aimsir, nó gurab olc an gníomh dorine sé aniugh, acht ní féidir linn breitheamhantas do thabhairt air anois a naon neith dorine cian ó shoin, agus is lugha ioná san is féidir breitheamhantas do thabhairt air fán aimsir atá roimhe. Ar son gur cóir dhúinn a bheith ar ár ccoimheud go díthchilleach ar ithiomrádh do dheunadh ar ár ccómharsain, is cóir dhúinn mar an ccéadna gan na lochta atá ionn do mholadh ná labhairt go honóireach orra, mar doghnídh mórán de dhaoinibh. Má chídhionn tú duine anchainteach dochum a leithsgéil féin do ghabháil, ná habair gur duine díreach é nách cceilionn an fhírinne, nó má chídhionn tu é tabhartha go follus do ghlór dhíomhaoin, ná habair gurab inntinn uasal onóireach atá aige. Ná habair fós le muinnteardhas pheiriaclach gur deaghchroidheacht ná dísleacht é, ná le heasúmhluigheacht gur deagh-inntinn í, ná le handóthchus gur deagh-mhisneach é, ná le cumann collaighe gur muinnteardhas macánta é. Ní cóir, an tan is mian leat an tithiomrádh do sheachnadh, peaca ar bith oile do mholadh ná do dhídion, acht go díreach le meas do bheith agat ar na lochtaibh, agus na neithe nách ffuil ionmholta do dhíomoladh. Má doghniimíd sin dobhéaramaoid glóire do Dhia maille ris na coinghiollachaibh seo síos do bheith againn. Dochum go labhramaois go géar ar lochtaibh dhuine oile maille re sochar, is riachtanach go ffuil ár ccaint tairbheach don tí ar a ffuileamaoid a labhairt, nó don tí a ffuileamaoid a labhairt ris .i. aithriosann duine éigin dom go ffuil cumann ag maighdionnaibh agus ag mnáibh óga re fearaibh maille re peiriacail a ngeanm- nuigheachta do chailleamhuint, agus go ffoilsigheann a módh agus a mbriathraibh neamh-ghlana san go follus, muna
ttugadh (aidh) me spreagann agus achmhusán dhóibh seo go follus díreach, acht muna mian liom a leithsgeul do ghabháil, atáid na hanamna maotha so a bpeiriacail tuitim a bpeacadh na colna. Uime sin dobhéara me sanus dóibh gan mhaill, muna ffuil réasún agam fuireach le húcáid is iomchúbhaidh ioná mar atá do láthair agam, ionnas ris an nídh is mó sochar agus is lugha dochar don mhuinntir is mian liom a leasughadh, go ttiubhrad sanus dóibh. Bainionn liom ar uairibh labhairt ar lochtaibh daoine oile, an tan atá an chéad áit agam a ccruinniughadh nó a ccómhdháil, agus muna labhrach (dh) me saoilfid cách go mbiaidh taithniomh agam ar na lochtaibh. Gidheadh, má's de na daoinibh déigheanacha me, ní bhaineann liom labhairt orra. Is cóir dhom fós gan aon fhocal do rádh go hiomarcach, má tá cumann nó cómhluadar ógánaigh agus óigmhná re chéile, ioná labhairt go mídhiscréideach dochum sanuis do thabhairt dóibh. A Dhé íodhain, cionnas is cóir dhom a bheith ar mo chosaint agus mo bhriathra do chur a ccothrom, d'eagla go ndeunainn aon fhocal iomarcaigh (ach)? Muna ffuil ionn acht cosmhúlacht éigin mhailíse ní chuirfead aon fhocal leis; muna ffuil ionn acht éig- críonnacht shímplidhe ní dhéarfad nídh ar bith ris, agus muna ffuil ionn acht éigcríonnacht féin, nó cosmhúlacht mhailíse acht amháin go mbéidir le duine mailíseach droch- bharamhuil do bhaint as nó labhairt go holc air, má labhraim, ní aibeóra aidh me acht san féin amháin. An tan a bhiaidh me a labhairt ar mo chómharsain biaidh mo theangaidh ionn mo bheul, amhuil a bhíonn sgian bheárrtha a láimh bearbóra ag gearradh na feóla bhíonn idir na maothánaibh agus na féitheacha. Dá bhrígh sin is riachtanach dhom an gearraidh (adh) atá me do dheunadh a bheith measardha inmheodhannach, gan nídh ar bith do chur leis ná do bhuain de, acht mar atá an
nídh ionn féin. Fós is cóir so do choimheud an tan a bhias tu a labhairt ar lochtaibh ar bith, an méid gur féidir leat é, agus gan labhairt ar an bpearsain ar a ffuil. Níl toirmiosg labhairt ar an bpeacach bpoiblighe do chaill a chlú, acht sin do bheith le carrthannacht agus le truaigh dho agus ní le huabhar ná le tarcaisne air, ná le fonn a lochtaibh dhuine oile, óir is cómhartha inntinne truaillighthe aon chuid díobh so. Ní ffuilim a labhairt annso ar an mhuinntir atá ina naimhdibh follus ag Dia, agus ag an Eaglais, mar atáid eiricighe agus gach drong oile nách ttugann umhla don bPápa. Orra so agus ar gach ceann feadhna dá ffuil aca, is féidir leat labhairt go trom, óir bainionn le carrthannacht an faolchú dfhógradh ón ttreud san uile áit ar féidir é. Bíonn daoine ann re huadhbhar agus le héadóthchas nách deunann sgrupal labhairt go holc ar righthibh nó ar phrionnsadhaibh ríoghachta go cómhchoitchionn do réir a cclaonta féin, agus ní ceadaightheach do dhuine ar bith sin do dheunadh, óir tuillid fearg Dé ris agus go ttugaid adhbhar troda agus conspóide dhóibh féin agus do dhaoinibh oile. Má dochluin tu anchaint nó gearán dá dheunamh ar dhuine oile, deuna díthchioll má's féidir leat é go dlis- dionnach, contabhairt do chur ann. Munab féidir leat san gabh leithsgeul inntinne, agus munab féidir leat so, bris an cómhrádh agus taisbeán go ffuil truaigh agat do, agus tabhair ionn do chuimhne féin agus a ccuimhne gach duine oile dá ffuil ag éistiocht leat, gur grása speisialta ó Dhia gan duine do thuitim a bpeacadh go minic. Má chluin tu ithiomrádh dá dheunadh re blanndar briathar, cuir toirmiosg air; má tá a fhios agat subháilce ar bith do bheith san duine ar a ffuilid a labhairt, foillsigh í.
CAIB. 30. Teagaisg oile do bhainionn le caint agus le cómhrádh. Bíodh do theangaidh go sámh, glan, díreach, símplidhe nádúrtha, dílios, fírinneach, agus bíodh gurab iomchúbhaidh an uile fhírinne do rádh ann gach aon áit, ná bíodh teangaidh liom-leat agat, agus ná ceil an fhírinne ionn a ham féin, óir ní ceadaightheach cur a naghaidh na fírinne uair ar bith. Deuna gnás gan breug do dhéanadh go bráth, as a riocht, ag gabháil do leithsgéil féin nó a ccúis ar bith oile, agus bíodh cuimhne agat gurab é Dia Dia na Fírinne, agus má theagmhann duit a nan-riocht, breug do rádh, má's féidir leat é, ceartaigh tu féin san áit chéadna ar ball. Atá brígh mór ag an leithsgeul fírinneach dochum leithsgeul na bréige do ghabháil. Ar son gur ceadaightheach ar uairibh, dath agus cuma go críonna discréideach do chur ar bhriathraibh dochum na fírinne dfholacha, is anamh is cóir sin do dheunadh muna raibh cúis tábhachtach ann .i. an tan iarras glóir nó seirbhís Dé go follus é. Ar mhódh oile is peiriaclach an chumadóireacht san mar adeir an Sgriobtúir naomhtha: Ní dheunann an Spiorad Naomh cómhnaidhe san anam nách bíonn díreach ionn a chómhrádh. Agus ní ffuil cumadóireacht ar bith chomh maith ná chomh hionmholta ris an tsímpligheacht dhíreach. Críonnacht shaoghalta agus cumadóireacht dhaondha, re na chlainn a bhainid, acht clann Dé, imthighid go réidh díreach. Ní ghabhaid tímchioll agus ní bhíonn croidhe dúbalta aca. Gidhbé imthighionn go símplidhe, ar an tEagnaidhe, imthigheann sé go dóthchaiseach. Na bréaga, an teangaidh liom-leat agus feimineacht, foillsighid inntinn thruaillighthe. Sgríobhann N. Abhaistín, leabhar 4, go raibh a anam féin agus anam carad dobhí aige, chomh
ceangailte agus sin dá chéile ionnas nách raibh acht aon anam amháin ionnta, agus ar fhagháil bháis dá charaid, go raibh gráin aige ar an mbeatha so, do bhrígh nách raibh a leath beo, agus go ngabhadh eagla é, dá ffaghach (dh) féin bás nách beith aon nídh beo dá chompánach. Acht ina dhiaigh sin, an uair dochonairc gur le mearghrádh agus le cuma- dóireacht do sgríobh sé an chumadóireacht san, do ghoir ar ais iad, san leabhar do sgríobh ag gairm ar ais gach neithe ionn a ndeachaidh ar seachrán. Dochídhmíd as so godé an sgrupall dobhí ar an duine seo a ttimchioll cumadóireacht briathar, agus cionnas dobhí ar a choimheud gan droichmheas dfhagháil asta. Is dearbhtha gur mór an deaghmhaise ar bheathaidh Chríostaighe teangaidh dhíreach dhílios ghlan. Uime sin adubhairt an Salm-cheolach: Adubhairt me go ccoimheádaim mo shlightheacha uile dochum gan peaca do dheunadh lem' theangain: A Thighearna, cuir coimheud ar mo bheul agus doras coimheudaighthe ar mo phuisíníbh. Cómhairle an Rí, N. Laoiseach, gan cur a naghaidh ráidhte nó bréithir dhuine ar bith muna ffuil dochar nó peaca teacht ris; agus is uime sin dothug an chómhairle sin uaidh, ionnas go seachantaoi an uile úcáid throda agus chonspóide. Fós an uair is iomchúbhaidh cur a naghaidh dhuine oile, nó ár mbaramhuil féin do chur ós cionn a bharamhla, is go cineálta macánta is cóir sin a dheunadh ar mhódh nách mian leis gan a chur dfhiachaibh ar an duine a theacht ar aon mhéinn linn, óir ní ffuil tairbhe ar bith labhairt go borb nó go garg ag cur a naghaidh dhuine ar bith. Do mholadar go mór seanfheallsamhuin beagán a labhairt, acht ní hé is cóir a thuigsint as san, nách cóir dhúinn acht beagán briathar do labhairt, acht gan briathra eolbhaoiseacha, mí-thairbheacha ná iomarcacha do labhairt, óir an tan do labhrann duine, ní hé amháin an méid a deir sé is cóir a thabhairt fá ndear, acht fós cáiligheacht na mbriathar a deir.
Atáid dá nídh codarsna dá chéile dár cóir do dhuine a bheith ar a choimheud orra; óir gidhbé do thaisbeánas é féin a ccómhluadar mhuinnteardha ró-thromdha foghlumtha ionnas nách ttugann freagra ar chaint cháich oile acht go gruama, taisbeánann sé nách ffuil sé dílios as an ccómhluadar, nó go ffuil tarcaisne aige orra. Ina aghaidh sin arís, gidhbé bhias ag síorchaint agus nách ttugann stad dá theangain, ar mhódh nách ttugann faill, uain, ná aimsir do chuid eile dá chómhluadar re haon fhocal do rádh, foillsigheann gur duine éadtrom é. Do dhíomolach (dh) N. Laoiseach, a ccómhluadar mhórán daoine, duine ar bith do bheith ag labhairt ós ísiol leis an duine oile, go háirighthe ar bórd, d'eagla cúise amhrais a thabhairt do chách oile agus gurab orra dobheidís a labhairt go holc. Gidhbé atá ar bórd, ar sé, a ccómhluadar dhaoine maithe, má tá nídh ar bith saoitheamhuil aige re a rádh, ionn a mbeith caithiomh aimsire, abrach (dh) amach é, ar mhódh go ttuigfeadh an tiomlán é; acht má tá gnódh aige nách mian leis a ffios do bheith ag cách uile bíodh ina thocht, agus ná labhrach (dh) focal air annsan. CAIB. 31. Don ccaithiomh aimsire ceadaightheach ionmholta. Ar ttús is riachtanach dhúinn ar uairibh sólás éigin do thabhairt dár ninntinnibh agus dár ccorpaibh, agus sin re caithiomh aimsire éigin. Adeir Cassianus go ffuair sealgaire lá éigin Eoin Soisgeulaidhe agus patraisg aige ionn a láimh agus é ag súgra ré, agus dfhiafraigh an sealgaire dhe, cionnas dobhí duine chomh naomhtha agus chomh ainmneamhuil ris sin ag caithiomh aimsire re freachnughadh chomh mí-thairbheach leis sin. Adubhairt Eoin leis sin: “Cread fáth nách
bíonn do bhogha teann agatsa do ghnáth?” “Atá,” ar an sealgaire, “dá mbeith an bogha teann nó ar a tharraing do ghnáth, go rachadh mórán dá neart as, agus le sgaoileadh na soighde nách ttiubhradh brígh dhi re na dol a ffad.” “Mar sin ná bíodh iongna ortsa,” ar Eoin, “má léigimse nídh éigin díom de chruadhas (an chr-) na crábhaidh, ag deunamh caithiomh aimsire tamal, ionnas go mfhéidir liom filleadh arís níosa bríoghmhaire ar gach ffreachnughadh spioradálta dá mbiaidh agam.” Is locht agus dubháilce do dhuine ar bith a bheith chomh durdha (dorrdha), borb, gruama, talamhaighe agus sin, náchar mhian leis caithiomh aimsire ar bith do dheunadh, dho féin ná do dhuine eile, an uair is iomchúbhaidh a dheunadh. Dol amach do spais- teoireacht, cuid de'n aimsir a chaithiomh le cómhráidhtibh saoitheamhla sultmhara, ceól do dheunadh nó d'éistiocht, dol do sheilg, is caithiomh aimsire gach nídh dhíobh so, ionnas chum gnáis mhaith do dheunadh dhíobh nách ffuil d'easbaidh orra acht módh agus measardhacht do chongmháil ionnta do réir mar d'órduigheann saoichiall, agus do réir na haimsire agus na háite agus staide na ndaoine. A nimirt, a ccás go mbeith éadáil innte, beirthear de luach ar son lúith an choirp, nó inntleachta na tuigsi, mar atá imirt ar liathróid bhig nó mhóir, imirt ar bhatadhaibh, fáinne do thógbháil, thabhchrann, fithchioll nó branna ; is maith agus is macánta an caithiomh aimsire iad uatha féin, acht gan iomarca aimsire ná airgid do chaithiomh leó. Má caithtior níosa mhó d'aimsir leó ioná is iomchúbhaidh ní sólás dogheibhthear asta acht dólás, agus ní faoiseamh dobheirid don ccorp ná don anam, acht bainid a mbrígh agus a neart asta. Má bhíonn tu a cúig nó a sé d'uairibh a ndiaigh a chéile ag imirt ar tachrann, ag éirghe uaidh biaidh do spioraid claoidhte cortha. Nó a bheith a ffad ag imirt balla nó liathróide, is mó do choireann sé an corp ioná dobheir sé sólás do. Fós má bhíonn cuainse
na himeartha níosa mhó ioná is iomchúbhaidh, tarraingeann sé fonn agus dúil na muinntire bhíonn ag imirt, tar riaghail an chaithiomh aimsire. Fós atá a naghaidh cirt agus céille cuainse róiomarcach do chur ar son neitheann chómh mí-thábhachtach ris an inntleacht, agus ris an ealaidhann (ain) a foillsighthear san imirt. Ní abraim nách cóir sólás éigin do ghlacadh as an imirt, acht ar a mhalairt ní budh caithiomh aimsire í, acht gan ródhúil ná fonn do bheith ag duine innte, ná gnás do dheunadh dhi mar chéird bheathadh. CAIB. 52. Don Imirt atá toirmisgthe. Imirt chárduidhe agus díslighe agus a shamhuil oile a ffuil an éadáil ag teacht, go mórmhór ó chás nó ó chineamhuin, is caithiomh aimsire pheiriaclach iad, mar atá an damhsa, agus ní hé amháin, acht atáid go holc ionnta féin agus toirmisgthe ó dhlighe tuaithe agus eaglaise. Má fhiafruigheann tu godé an tolc atá ionnta, a deirim leat go ffuil an éadáil a baintear amach leis an imirt seo, nách do réir chirt ná fáthchéille do theagmhann sé, acht na cinneamhna doghnídh foghar (fabhar) go minic don tí is lugha do thuillfeadh é re hinntleacht ná le cumas. Acht adéarfadh tusa: Is é sin mo chonnradh leat. Is fíor san. Gidheadh, ní ffuil de shochar san cconnradh san acht gan an tí dobhéaras í do dheunadh ceilge ná mealltóireacht ar an mhuinntir oile. Ar a shon san ní feas nách fuil an connradh féin a naghaidh fáth-chéille, mar atá an imirt, agus an luach atá agus budh chóir don chumus agus don inntleacht dfhagháil, dogheibh an chinneamhuin nách ttuillionn luach ar bith é, agus ar nách fuil comaoin ar bith ag duine féin.
Na gnéithe imeartha so a deirthear gur caithiomh aimsire agus gurab chum sóláis do thabhairt do na daoinibh dofríth iad. Gidheadh, ní sólás iad acht cúram foiréigneach do chongmhas inntinn an duine do ghnáth lán d'aire agus de dhóthchus, lán de mhíchiúnas agus de bhruid, agus an ffuil cúram ar bith is mó tuirse, míluinn agus dobrón ioná cúram na ccearbhach, ionnas an feadh dobhíd ag imirt, gurab adhbhar troda agus conspóide leó é, má doghnídh tu gáire, má labhrann tu, nó muna mbeire tu í, agus nách neamhcheart an sólás san nách féidir leat a bheith agat acht le dochar agus le mí-thaithniomh do chompánach? Is truaillighthe an sólás san. Ar na trí hadhbharaibh sin atá an imirt toirmisgthe. N. Laoiseach, Rí Mór na Fraingce, ar cclos do go raibh a dhearbhratháir féin agus tighearna oile ag imirt le díslibh ar fhithchill, ar son go raibh tinn, agus nách mór go raibh ionn seasamh ar a chosaibh re laige, d'éirghidh (-righ) as a leabain agus dochuaidh don tseómra ionn a rabhadar agus do theilg go saobhnósach feargach an fiothchall, na díslighe agus cuid mhaith de'n airgiod dobhí ar an cclár, amach tríd an fhuinneoig san tsruth dobhí láimh leó. An bhean thromdha, naomhtha, gheanmnaighe, Sára, ag admháil a neamhurchóide féin do Dhia, adubhairt: Atá a fhios agat, a Thighearna, nár chuirios-sa me féin riamh ameasg na ccearbhach. CAIB. 33. Don Damhsa agus do gach caithiomh aimsire oile ar nách ffuil toirmiosg ar son go ffuilid peiriaclach. Ní bhfuil olc uaidh féin san damhsa; acht freachnughadh coitchionn do dheunadh dhe atá rópheiriaclach, óir atá róchlaon dochum mailíse agus do bhrígh gurab ionn san oidhche is gnáth dá dheunadh, an uair a bhíonn an dorchadas
ann, is furus le hoibreachaibh an dorchadais slighe dfhagháil chum teacht asteach san ffreachnughadh atá gabhálta orra. A ngeall ar an damhsa, bíonn daoine a ffad ina ndúsgadh agus caillid freachnughadh iomchubhaidh na maidne, ionnas nách féidir leó aire do thabhairt do fhreachnughadh na subháilce. Adeirim leat d'aon fhocal gur mór an díth céille an lá do mhalartughadh ar an oidhche, nó solus ar dhorchadas, nó deaghoibreacha ar dhíomhaoineas. Is gnáth le gach duine ag dol chum damhsa dho, nídh éigin de ghlóir dhíomhaoin do bhreith leis, agus fós tnúth agus fonn do bheith air gan aon duine do dhol ós a chionn annsoin, acht is follus go ffuil an ghlóir dhíomhaoin róchlaon dochum lochta, agus dochum an ghrádh dhímolta pheiriaclaich do chruinniughadh, ar mhódh gur furus iad so uile do theacht as an damhsa. Ag seo mar adeirim leat ar an ndamhsa, an nídh a deirid clann na liaigha le fás na haon oidhche, .i. an chuid is feárr díobh so nách fiú nídh ar bith iad. Is mar sin a deirimsi leis an damhsa is feárr ar bith, nách mór is fiú é! Más éigionn duit fás na haon oidhche ditheadh, tabhair fá dear a ghléas go maith; más éigionn duit dol do dhamhsa, feuch go grinn do dhamhsa bheith gleusta go ró-iomchúbhaidh. Má deir tu liom: cionnas san? Mo fhreagra ort imtheacht re macántacht, re tromdhacht agus re deaghinntinn. Cómhairle na liagha, beagán dfhás na haon oidhche do chaithiomh agus sin go hanamh, óir dá fheabhas dá mbíd gléasta ní ffuil acht nimh mórán díobh d'itheadh. Ná déin damhsa acht beagán, agus sin go hanamh, nó ar mhódh oile, cuirfeadh (fidh) tu a bpeiriacail dúil agus fonn dfhagháil ionn agus leanmhuint de go hiomarcach. Adeir Pliní, mar dobhíonn fás na haon oidhche maoth, bog, go ttarraing- eann chuige go hurus gach cáiligheacht dá mbíonn san nídh a bhíonn re na thaobh, agus má bhíd naithreacha nimhe a ffogus do, go ngabhann sé nimh asta. An damhsa agus gach gné
oile cómhluadair doghnídhthear san oidhche agus a ndorchadas, gabhaid chúcha na lochta agus na peacaidhe a bhíonn san áit, mar atá, troid, bruighin (bruighean), tnúth, magadh agus grádh díomhaoin, collaighe; agus mar osglaid na freachnaighthe seo siúntaigh an choirp, osglaid mar an ccéadna siúntaighe an anama, ionnas má shéidionn athar nimhe ar bith marbhthach dá mbeith san áit, briathar díomhaoin mí-mhacánta nó cómhrádh collaighthe ionn sna cluasaibh, nó má bheir baisiliosc ar bith sméide mínáireach nó silleadh collaighthe dá shúil, dothéid asteach go hurus ar dhóirsibh an anama, ionnas go líonann de nimh é. Na caithiomh (-imh) aimsire seo nách ffuil tábhacht ionnta, is gnáthach leó a bheith peiriaclach le spioraid an chrábhaigh (dh), leagaid brígh spioradálta an anama agus músglaid iliomad de dhrochchlaontaibh ionn. Uime sin is riachtanach gan buain leó acht go róaireach agus re duine dfheuchain ina thimchioll go críonna. Isé cómhairle na liagha roimh an uile nídh, tairéis fáis na haon oidhche d'itheadh, fíon maith uasal d'ól. Mar sin déis an damhsa is cóir do dhuine smaointe maithe do thabhairt ionn a inntinn, a spréidhfeas agus a sgagfas gach smaoineadh peiriaclach agus gach sólás díomhaoin dár ghabh sé as. Acht cionnas do deuntar san? Ar ttúis smaoin an feadh dobhí tu féin a damhsadh, go raibh iomad anamann dá bpianadh a nifrionn ar son na bpeacadh dorineadar san ndamhsa ar an saoghal so. Arís smuain an feadh dobhí tu a damhsadh go raibh mórán de dhaoinibh riaghalta agus de dhaoinibh oile beannaighthe ag caint re Dia agus dá mholadh, ag feuchain re súilibh a ttuigsiona ar a sgéimh, agus meas annsan godé fheabhas do chaitheadar a naimsir thar mar a chaithis féin haimsir, gan toradh do bhuain aiste. An treas nídh. Smaoin an feadh dobhí tu féin a damhsadh, go ffuair mórán bás a mbroid rómhór (óir), agus go ffuilid
na mílte fear agus bean dá bpianadh le galar agus le heugcruas; cuid díobh ar a leapachaibh galair, cuid oile ar shráid nó ar shlighe gan tigh gan díon .i. daoine ar a ffuil galar na nalt, pailiris nó fiabhras tíntighe. Och! ní raibh ciúnas ar bith aca ar an ffaid sin agus ní raibh truaigh ar bith agatsa dhóibh. Nách smuainigheann tu go mbiaidh tu féin uair éigin mar an ccéadna, a mbruid dhod cheusadh agus daoine oile a raingce agus a damhsadh mar atá tusa anois. An ceathramhadh nídh, smuain go raibh do Thighearna Dia agus Muire Óigh, Aingil agus naoimh ag feuchain ort an feadh dobhí tu a damhsadh agus godé an doilghíos do chuir tu orra fán aimsir do chaithiomh go díomhaoin ionn ar fféidir leat nídh éigin do dheunadh. An cúigeadh nídh, smuain an feadh dobhí tu a raingce go ndeachaidh an aimsir thort agus gur dhruid an bás leat. Feuch nách bainfeadh (idh) sé rínnce asat san am nách biaidh ceól agat acht osnadhach agus gul do dhaoine muinntiordha agus do charad. Ní bhainfid acht aon chor amháin asad agus ris sin rachaidh tu ó bheathaidh go bás. Ag seo ringce déighionnach dhaoine an tsaoghail seo, .i. a naimsir do chaithiomh agus dol ré nómaint ón aimsir dochum na síorruidheachta a ccómhluadar mhaith nó olc gan fóirchionn. Ag seo na smuainte is iomchubhaidh dhoit a bheith agat, agus má bhíonn eagla Dé ort, dobhéarfadh sé smaointe oile maithe dhuit san ccás so. CAIB. 34. Cá huair is ceadaightheach imirt nó damhsa do dheunadh. Dochum imeartha agus damhsa do dheunadh go dlisdionnach mar chaithiomh aimsire, nó más fonn nó dúil ionnta féin agus sin go haithgheárr le beagán aimsire