Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Bheatha Chrábhaidh

Title
An Bheatha Chrábhaidh
Author(s)
Mághnus Ó Domhnaill,
Compiler/Editor
Ó Domhnaill, Mághnus
Composition Date
1824
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1938)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



AN BHEATHA CHRÁBHAIDH.



Is leór mar dhearbhadh ar an leabhar sármhaith seo, a
threasbhéarlughadh is gach teangain séimh ar feadh na
hEórpa go huile agus a liadhacht (liacht) clódhughadh do ghabh
sé thríd a mBeurladh Saxon, a ffaraid gach árdmholadh dá
ndeárnadar éigse deaghfhoghlumtha agus árdbhreitheamhain
foghluma air, chum aire gach naoin agus na nÉireannach
go háirighthe do tharraint air. Atá an uile nídh dá dhoimhne
agus dá fhriochnamhaighe a mbeathaidh spioradálta, aithriste
chomh soiléir chomh hósgach agus sin, ionnas go ffaghadh an
uile dhuine idir chléir is tuaith, uasal agus ísiol, aosta
agus óg, an fear ealadhan agus an mogha, rian chinnte,
domheallta chum maireachtain go naomhtha ionn a shlighe
chomhchuibhe féin. Atá an leughan chomh sámh, gach aon
cheacht chomh so-thuigse, an suibheachann (suidheamhchan), na
fátha agus na hiomarbhádha chomh foillseach agus san, nách
féidir le duine ar bith gan tuitim a ngrádh leis an eachtra,
agus machtnamh air, agus fós gean a thabhairt don ughdar,
a mhalairt duine dhiúltóchadh go hiomlán do chreidiomh
agus deighbheus fhírinneach.



Is é is ughdar do, a leughthóra dhílios, an naomh groidhe
úd Proinsias, Easbog agus Flaith Geneva. Dotugadh


L. 8


an ainm sin air ag an ttobar baistighe a nonóir do N.
Proinsias Assisium, naomhathair oirdheirc agus tionn-
sgnathóir na mBráthar Mionúr. Dothugadar a thréithe
agus a cháilidheachta, mar aon le na inntleacht bheómhar,
eusga, aptha, lonnra, dá athardha árdchéimeach, mar atá
muinntir uasal oirdheirc De Sales agus do ghabhadar
so fós breis soillse agus bisigh ó chleachta gach uile ghné
shubháilce ionn a óige. Budh hadhbhar iongantais le cathair
na Pairíse an saothar dorine sé a ffeallsamhnacht
agus a ndiaghacht. Dorineadh dochtúir Dlighe Tíre
agus Eaglaise dhe a bPadua le hiomad caithréime. Do
mhaoidh agus do mhol an Fhraingc, an Eadáil agus a thír
dhúthchais féin, Savoy, a ínntleacht bhorfach (bhorrfadhach)
agus a chrábha bhláithsgiamhach. Do chuir an mhóid gheanm-
naigheacht dorin sé ós ísiol an feadh dobhí sé ag deunamh
a fhoghluma, agus do hathnuadhadh arís leis a neaglais
Loretto agus an fonn teasaighe do ghaibh é chum dol a
nórd Eaglaise, gach uile iarracht d'ár tugadh air, dá
chiapadh ag iarraidh air ionad onóireach do ghlacadh a
cComhdháil Savoy. Go grod ina dhiaigh sin do glacadh a
ngrádh eaglaise é agus dofuair mar onóir agus san a
naghaidh a thoile, oifig Uachtaráin a nEagluis Geneva
d'á ndeárnaidh sé feidhm chomh seasamhach, chomh dúthrachtach,
chomh deigh-iomcharach agus san, gur mheas an tEasbog
ná raibh aon duine budh iomchubhaidh ioná é chum Chelebais
agus a teóranna do thabhairt chum creidimh ó'n seachrán
ionn a rabhadar fán am soin. An lúthgháir agus an
soilbhrios le ar ghabh sé an turas soin air féin, do threisigh
sé ar gach deacair agus dócamhal d'á raibh ionn a shlighe,
do réir mar concus (chonnacthas) do gach aon acht do féin.
Contabhairtighe, paintéir, luigheacháin, anchainnt agus an
bás féin a bagairt air do ghnáth. Gidheadh, níor chuir
ceachtar díobh a bheag ná a mhór de bhroid air, acht is mó


L. 9


an neart a ghaibh sé ó bhaoghal, misneach ó bhagair, deighíntinn
ó dhroch-úcáid, cródhacht agus calmacht ó adhbhar euga
agus níor thaisbeán gnúis chomh taithniomhach riamh leis an
uair is mó bhíodh dubhneull feill agus iomcháine ós a chionn.
Ar mbeith dho ina thighearna air é féin do thaisbeánadh
fial síoreólach, maille re hiomchar thaithniomhach mhaiseamhail
agus re deaghbheusaibh mhíne geanamhla neamhchoitchiona,
do bhuaidh sé ar an drong budh dhúire aigne agus
d'fhosgail a shlighe chun na ccroidhthibh budh chruadha agus
mar dobhí tearmain na fflaithios go follus aige,
d'iompuigh sé chum an chreidimh Chatoilicigh dá mhíle ar
sheachtmhodh duine, agus mórán díobh san ina ndaoinibh
comhachtacha a maoin agus a leughann. Dofuair sé
easbogóideacht Gheneva a ndiaigh Ghrainier Bhuidhe, gurab
annsan do sgaip leósmhaireacht a naomhthachta a ffad
agus a ngearr, ionnas gur dhall sé gach clé-aicme agus
gur chlaoidh sé gach ainrianach. Cheana féin d'fhógair a
dhíograis shárdhian chum beus a cheartughadh, an duadh
neamh-thuirseach le ar shocradh (-ruigh) sé síth agus deighmhéin
ionn a nuile áit, an taithreachas aithreamhail dobhí aige
ar na bochtaibh, agus gach saothar agus subháilce eile
dealrach d'ár shealbhaidh sé, ina naomh é ameasg na
ffíoraon agus gairm deagh-dhuine dhiagha ameasg naimhdibh
drochaigeanta.



Dochum breis onóra do Dhia, do thionnsgain sé órd
nuadh banriaghalta fá ghairm chuairde na hóighe neamhcháidheach
Muire, fá riaghail N. Abhaistín, dár leag sé amach dóibh
chum a leanamhaint maille re dlighthe oile eagnaidhe
geurchúiseacha róthaithniomhacha do cheap sé féin dóibh.
Fá dheoigh do chuir sé comaoin ar an eaglais le sgríbhinibh
atá lán de theagasgaibh neamhdha, go háirighthe an trácht
so, do rianuigheann amach slighe shámh, shábhálta, réidh chum
foirfeachta chríostamhail.



d'eug ár naomh glórmhar san seisiughadh bliadhain ar


L. 10


chaogad d'á aois a Lions agus do hadhlacadh é a Naneisy,
áit ar dearbhadh le míorbhúiltibh nár fféidir a chur fá cheist
é bheith rómhuinntiordha ag Dia, ionnas gur chuir an Pápa
Alexander VII a nuimhir na naomh é, agus do bheartaigh
an 29 lá de Iadhnair chum a fhéile do choimheud. Ag sin a
ndéarfam ar a bheathaidh, agus go mórmhór ó úghdarás
shár-mholta an Phortús Rómhánach, do bhrígh gidhbé le ar
mian a bheatha róiongantach a leughadh go líonmhar, go ffuil
a ttrí ccuairsgíbh clódhbhuailte a Longduin aga éigin
ó shoin.


L. 11


TULRÁDH AN UGHDAIR.



A leughthóra chroidhe, guidhim tú an tulrádh so do
leughadh, mar shásamh duit féin agus dhómhsa.



Dobhí cnuaisteoir na mbláth ccumhra, Glycera, chomh
háiriteamhail sin timchioll a ccur a nórdughadh ar ghoithighibh
eugsamhlacha go ndeunach (dh) sí iomad deasgán neamh-
ionann de na bláthaibh céadna ar mhódh gur mheas an
dealbhóir Pausias aithris do dheunadh ar an eugsamhlacht
san, acht theib sé air, óir ní fheudfach (dh) sé a chuid daitheanna
do chlaochlódhadh ionn a noiread cosmhúileachtaibh agus
dodheunach (dh) Glycera a cuid bláthanna. Is mar sin a
bheartuigheann agus a órduigheann an Spiorad Naomh le
hilomad eugsamhlacht teagaisg an chrábhaidh, noch
dobheir sé dhúinne le teangthaibh agus (le) pinn a sheirbhíseach,
gé gurab ionann an foircheadal gurab neamh-ionann na
comhráidhte do réir na slighte neugsamhlach ionn a ccurthar
a ccionn a chéile iad. Ní féidir liom, ní dheunfad, agus
ní cóir dom a dheunadh, nídh ar bith do sgríobhadh san leabhar
so acht mar do sgríobhadar an drong do ghabh rómhainn
ar an eachtra so. Isiad na blátha céadna atáimsi a
thairgsint duit, a leughthóra ionmhuin, acht atá an díosgán
dorinneas díobh a neamhchosmhúil le na ccuid sin, mar is
ar ghoithe oile atá sé cúmtha.



Is tearc duine dár sgríobh ar chrábhaidh (adh) nách teagasg
dhaoine do théarnaidh go hiomlán ó chomhluadar an tsaoghail
dob ínntinn leó, nó ar a loighead, crábhaidh (adh) do theagasg


L. 12


do rianfach (dh) chum uaignis de'n tsamhuil seo. Gidheadh
is é is mian liomsa gach a ccomhnuigheann a mbailtibh, a
ccaithreachaibh agus a ndúntaibh ríogh do theagasg, ar a
ffuil d'fhiachaibh do réir a ccoinghil, beatha phoiblidhe do
leanamhaint, agus a chuirionn a numhail dóibh féin go minic
go ffuil an chrábhadh do-chleachtuighthe aca, ionnas ná
smaoinighid siad amháin ar a ghabháil orra féin, ag
creidmheáil ó nách lámhfaidh ainmhidhe ar bith an luibh Palma
Christi a bhlas, nách ceart do dhuine ar bith cur asteach
ar phailm na crábhaidh (an chrábhaidh) Críostaighe, an feadh
atá sé tóigthe (tógtha) suas le gnódhthaibh saoghalta. Dóibh
sin is meabhair liom a chur a ccéill do réir mar mhairid
péarlaidhe san muir, gan aon bhraon amháin sáile do ghlacadh,
agus do réir mar atáid tobracha fíoruisge ann lár na
fairrge ar chionntair oileán Chelidonia, agus do réir
mar eitiollann an chuil theintighe ann lár na lasarach gan
a sgiatháin a losgadh, is féidir iomurro, do anam chródha
sheasamhach maireachtain ionn sa saoghal gan a bheag
d'urchóid a theacht do ó na dubháilcíbh saoghalta, gur féidir
leis fíorthobracha chrábhaidh mhilis do dheunadh amach ameasg
lingtibh (linntibh) buaidheartha gnódhthaighe na beatha seo,
eitiolladh ameasg lasarach na nanmhian ttalamhaighe,
gan eitighe miana naomhtha na beathadh crábhaighe do losgadh.
Is fíor go bhfuil so ródhocamhlach, agus is uime sin do
mholfainn do mhórán gabháil thimpchioll air níos grion-
galaighe ioná mar dorinneadar go ttrásta, agus
deunfadsa, gé anbhfann, mo dhíthchioll féin leis an obair
seo chum cuidiughadh leo ar mhódh, maille re croidhe
fonnmhar, go ngeabhaid re nais an obair ionmholta so do
chur a ngníomh.



Tairis sin, níorbh'é m'ínntinnsi ná m'aigne an obair
seo do theacht chaoidhche chum poibligheachta, acht duine
áirighthe a bhí lán d'onóir agus de shubháilcíbh, dofuair
de ghrásaibh ó Dhia, tréimhse ó shoin, céim beatha chrábhaigh


L. 13


do shanntughadh, gur shir cabhair ormsa chum na críche sin.
Agus ar mbeith de dhualgas ormsa, a niliomad de shlightibh,
mo dhíthchioll conganta thabhairt do, agus mar do bhraitheas
a ffad roimhe sin, an dúil mhór dobhí aige an céim sin
do rochtain, dobhíos róchúramach a ttímchioll a theagasg
go maith, agus taréis é ghiollacht tré gach freachnughadh
budh riachtanach d'á mhian agus d'á shlighe bheathaidh, d'fhágbhas
mórán riaghail scríobhtha aige chum a meabhraighthe an am
gábhadh (aidh). Do léig an duine seo a rún a ccionn tréimhse
le duine oirdheirc foghlumtha dobhí críostamhail cráibhtheach,
do leugh na comhairleacha céadna, agus arna mheas do
san gur mór an tairbhe do bhainfeach (dh) go leór asta, do
sháraigh sé orm go ródhian, a ttabhairt amach, agus
dob fhurus do buaidh orm chum san do dheunadh, do bhrígh
go raibh comhachta móra ag á chairdios ar mo thoil agus
ughdarás mór ag á bhreitheamhnas tar mo bhreitheamhnas-sa.



Anois, ionnas gur fearrde thaithneamhachadh sé agus
gurab amhlaidh budh thairbhighe é, do chuireas tharm arís é,
agus do chuireas a neagair éigin é, ag cur mórán comhair-
leach agus foirceadal leis do fhreagair dom ínntinn féin,
acht atáim réidh leis sin do bhrígh gur beag an uain agam,
gurab ar an adhbhar san ná fuil le fagháil agat ann acht
tionól de chomhairleachaibh shothuigsi a mbriathraibh lán-
tsoillseacha soléire; ar aon chuma is amhlaidh is mian
liom a dheunadh. A ccás deis-chainnte, ní smaoineochainn
air amháin, mar is iomdha neithe oile agam le deunadh.



Philotea, is leis a labhraim (ní deuntar feidhm de'n
ffocal so san obair Ghaodhlach), do bhrígh gur chum socair
na nanam a ccoitchionn is maith liom é a dhol, an nídh do
sgríobhas do aon duine amháin ar ttúis, ar a nglaodhaim
ainm atá coitchionn do gach aon le ar mian a bheith cráibhtheach,
óir is é míniughadh an fhocal Philotea, anam a ghrádhuigheas,
nó atá i ngrádh le, Dia. Ag tagradh san obair seo d'anam
a shanntuigheann Dia a ghrádhughadh le mian crábhaidh, do


L. 14


roinneas an obair seo a ccúig rannaibh. San ccéad
roint feuchaim leis an anam do tharraint le briathraibh
agus freachnamha (dh) áirighthe ionn a mhian símplidhe, chum
foinn dhaingin iomlán noch do dheunann ar a loighead
tar éis a fhaoisdin gheinearálta le rún doimhinn solamanta
sárdhaingean maille re comaoin rónaomhtha ina dhiaigh,
ionn a ttugann sé é féin d'á Shlánuightheoir, agus le na
ghlacadh go ngabhann sé seilbh ionn a ghrádh naomhtha. Ar
mbeith do'n méid sin deunta, d'á threórughadh níos sia,
taisbeánaim do dhá shlighe oile speisialta le a ttáthóchadh
sé é féin níos mó fós le na mhórdhacht dhiadha .i. freachnughadh
na Sacramaint le a ttagann an Dia mór maith seo
chughainn, agus úrnaighthe naomhtha le a ttarraingeann
sé chuige féin sinn; agus ag sin brígh an dara rainn.
San treas rann taisbeánaim do cionnas is cóir dho
freachnughadh do dheunadh dhe sna subháilcíbh is mó is
iomchubhaidh dá chur ar aghaidh gan sgíth, acht ag comhairleachaibh
áirighthe nách beith le fagháil aige go hurus ar a mhalairt
uaidh féin. San cceathramhadh rann nochtaim do an-bheart-
uigheacht a namhad d'á leagan amach do cionnas d'fheudfadh
sé dul as uatha agus triall roimhe. San ccúigmheadh
rann dobheirim sgíth dho chum teacht chuige féin, anál do
tharraint agus a mhisneach a neartughadh ionnas go
ffeudfaidh sé 'na dhiaidh sin gluaiseacht níos dásachtaighe
agus dol ar aghaidh san mbeathaidh chrábhaigh.



Is róbhaosradhach an saoghal é seo agus faicthear dhom
go ndéarfadh mórán gurab le daoine riaghalta amháin
agus lucht crábhaigh, a bhainionn an rian sunrádhach so do
leanmhuint, gur mó an aimsir a iarraidh sé ioná atá dhe
uain ag Easbog a mbeith fairce ar a chúram chomh liosta
agus tá agamsa, gur mór a bhuaireann sé an tuigsint
féin dár chóir a chaithiomh le neidhthibh budh mhó tábhacht.
Gidheadh, adeirimsi leat, a leughthóra chroidhe, mar adubhairt
an N. Oirdheirc Donchadh, gur do Easboig go háirighthe


L. 15


do bhaineann a nanamna do tharraint chum foirfeachta,
ó tá a nórd san róárd ameasg daoine, mar atáid na
Seiriphínidhe ameasg na nAingeal. Dá réir sin nár
fféidir leo a naimsir a chaithiomh ní bfhearr ioná san.
Dobhádar Easboig agus Naomhaithre na heaglaise anallód,
an chuid is lugha dhe, chomh haireach linne ar a ccúram, ar
a shon soin, níor dhiúltuigheadar aire ar leith a thabhairt
d'anamnachaibh áirighthe do stiúrughadh an tráth d'iarradaois
a ccabhair, mar is follus ionn a litreachaibh ar aithris na
nApstol noch do chruinnigh roinnt dias suathantaiseach
ameasg fóghmhair choitchionn (-inn) an tsaoghail, le hamarac
ar leith tar chách, arna meas dóibh a mbeith níos deársgnaighe.
Cia nách aithneóchadh gur bh'iad clann dílios Naoimh Pól,
Tumultach, Philemon, Oneisimus, Teacla agus Appia,
amhuil dobhí Marcus agus Petronilla, Naoimh, ag N.
Peadar. Petronilla adeirim, noch (do réir mar dhearbhaid
Barius agus Gulonius go fíor-eolgach), nár bh'inghean
collaighe do N. Peadar, acht inghean spioradálta, agus
dar linn sgríobhann N. Eoin litir d'á chuid chum na
baintighearna Electa.



Admhaim gur doilg an nídh anamna do stiúradh fó
leith; gidheadh is doilghíos sásamhuil é mar shaothar na
mbuanaighe san ffóghmhar, nách ffuil aon am is sásta a
mbíd ioná an tam is déine an obair agus is troime an
tualach. Mar is ualach é dobheir neart agus meanmain
do'n ínntinn leis an sult dogheibh sé ionn a thairbhe, mar
dobheir an Cinamon do lucht a iomchair tré thír Arabia.
Adeirthear an tráth gheibheann an tsogh Anchon an coileán
a theilgeann an fiaguidhe ionn a slighe, chum í chosg de féin
an feadh do bheith sé ag breith as leis an ccuid eile dhe'n
ccuaine, go niomchrann sí í, dá mhéid é, agus fós nách
troimide é ar son é bheith mór, acht gur eudtroma é agus
gur eusga a riothann sí an sgríb leis chum í féin d'fholacha (dh)
ionn a gnáis, mar seo go ttugann a grádh nádúrtha


L. 16


aobhuigheacht di fá na hualach. Nách mó go mór uime sin
an fonn a bhias ar chroidhe aithreamhail ag gabháil cúraim
anama air, le ar mian teacht chum foirfeachta Naomhtha?
Dá iomchar chomh fonnmhar agus iomchrann bean a leanabán,
gan suim a chur ionn a liostacht, do bhrígh go ffuil grádh
aici air. Acht ní fuláir dho so a bheith ina chroidhe aithreamhail
dáríre, agus is ar an adhbhar nách iad a cclann amháin a
ghoirid na hApstail agus na daoine Apstolda dá
ndeisgioblaibh, acht níos grádhmhaire ioná san, isé ghlaodhaid
siad orra, a cclann bheag.



Mar chríoch ar mo chomhrádh dhuit, a leughthóra chroidhe,
admhaim duit gur sgríobhas ar bheathaidh chrábhach (aigh) agus
gan mé féin cráibhtheach, gé go ffuil sé de fhonn orm a
bheith, agus isé an fonn so dobheir misneach dhom tusa
do theagasgughadh, óir do réir mar adeir duine árd-
léaghanta: “Is maith an tslíghe chum foghluma a bheith
ag meabhrughadh, is feárr ioná san a bheith ag éistiocht,
acht isí slighe is feárr díobh uile, a bheith ag teagasgughadh.”
Is minic do theagmhas, adeir N. Abhaistín, ag sgríobhadh
chum Florentine chrábhaigh, “an té a mbeith cumas ronnta
aige, go mbíonn cumas glacaighthe aige mar an ccéadna;
agus an té bhias ag teagasgughadh go mbiaidh sé a slighe
mhaith chum foghluma.” D'fhuláir Alasdrum Mór gaon
(gan) aon duine a tharraint deallradh Champaspe sgiamhach
do, ar a raibh róghrádh aige, acht amháin Apelles oirdheirc,
mar gur bh'éigionn do san an ríoghain réamhráidhte do
bhreathnughadh go sár-gheur, do réir mar tharraing sé gach
stríoc d'á clódh ar a chlár. Do luigh sé chomh daingionn
agus san ar a chroidhe, agus do ghlac sé a leithéid sin do
ghean d'á sgéimh, go ttug Alastrum d'á aire an grádh
eugmhuiseach d'adhain sí a ccroidhe an phinteóra, gur ghabh
truaighe dho é, agus tug an bhean le pósadh dho, agus leis
an ngníomh san gur sgar sé leis an tí do b'annsa leis
ar an saoghal ar a shon, ionn ar thaisbeán sé meud a


L. 17


mheanmain, do réir mar adeir Pliny, chomh mór le haon
bhuaidh chosgair dá ndeárnadh riamh.



Anois, a leughthóra cháirdeamhail, is é mo thuairim gurab
é mo dhualgas féin, mar Easbog, a chur ina luighe ar
chroidheachaibh an phobail, ní amháin subháilce coitchionna,
acht fós an (ch) caoindúthracht is annsa leis ar domhan,
agus gabhaim orm é go toiltionnach chomh maith le
humhluigheacht agus chum mo dhualgas do chomhlíonadh,
agus le súil an feadh atáim ag tarraint an tsubháilce
áluinn seo ar chroidheachaibh cháich, go nglacfadh mo chroidhe
féin taithniomh do. Agus má fhaiceann an tÁrdfhlaith
diagha chaoidhche go mbiaidh grádh eugmhaiseach agam do,
ní heagal liom nách tiubhradh sé dhom mar nuadhchar é a
ppósadh síorruidhe. Do cinneadh dho Rebecca mhiochair
dhathamhuil a bheith ina mnaoi ag Isaac, ar ttabhairt uisge
d'á áirnéis, agus do ghlac sí uaidh fáinnidhe cluas agus
bráisléid óir. Geallaimse féin, umurro, tré mhór-
mhaithios do-chríochnaighthe Dé, ar ttreórughadh a threuda
ionmhuine dhom chum uisge shláinteamhuil an chrábhaigh, go
nglacfadh sé m'anam mar nuadhchar, ag cur bhriathra
órdha a ghrádha naomhtha am chluasaibh, agus cumus am
gheugaibh chum freachnaighe do dheunadh dhíobh, ionn a ffuil
brígh an chrábhaidh fhírinnigh, noch do shirim ar a Mhórdhacht
dhiadha a thabhairt dom agus d'iomlán chlainne a Naoimh-
Eaglaise, an Eaglais úd dá ttaobhaim mo sgríbhinn, mo
ghníomhartha, mo bhriathra, mo thoil agus mo smaointe go
deoigh.


L. 18


ÚRNAIGH AN UGHDAIR.
Ag toirbhirt a oibre.



A Íosa mhilis, Ó mo Thighearna, mo Shlánuightheoir
agus mo Dhia, dearc orm annso sléachta a láthair
hÁrdfhlaithios dhiagha, ag móidiughadh agus ag coisreagann
na hoibre seo chum do ghlóire, tabhair beodhacht do na
briathraibh red bheannocht, ionnas go ffaghach (dh) na hanamna
úd d'ár cheapas í na smaointe naomhtha do thograim dóibh
uaithe, agus go háirighthe a athchaingeadh ort do thrócaire
do-chríochnaighthe a roint liomsa, ionnas, an feadh atáim
ag rianughadh na slighe do chách chum crábhaigh ar an saoghal
so, nách diúltóthaoi dhom féin go síorruidhe agus a bheith
caillte san saoghal oile, acht go ccanfainn mar aon leó
san, mar abhrán mhaoidhte buaidh, an focal so adeirim ó
chroidhe mar fhiadhnaise ar mo dhísligheacht ameasg
chontabhairtíbh na beathaidh (adh) soghluaiste seo. Marthainn
duit, a Íosa, marthainn duit, a Íosa, mair agus riaghlaigh
ionn ár ccroidhthibh go bráth agus chaoidhche. Amen.


L. 19


A nAINM DÉ, AMEN.



Ag seo, a leughthóra, an leabhar darab ainm Franciscus
de Sales, roinnte a ndá leabhar. An chéad
leabhar roinnte a ccúig ranaibh. An chéad rann
thráchtann do theacht asteach ar an mbeathaidh chrábhaigh ann
a ccurthar síos comhairleacha agus freacair, ionnus gur
d'á réir is cóir do'n anam (ó do thionnsgain ar ttús
beatha spioradálta leanmhuint), é féin do threórughadh,
go ttigeadh chum foirfeachta innte. An dara rann ann
a ttráchtar ar theagasgaibh agus ar chomhairleachaibh
dochum an anama dá thógbháil féin suas chum Dé, re
húrnaighthibh agus re freachnughadh na Sacramainte. An
treas rann ionn a ttráchtar ar mhórán comhairleach agus
teagasg mhaith ar fhreachnughadh na subháilceadh. An
ceathramhadh rann ann a ttráchtar ar theagasgaibh agus
ar chomhairleachaibh riachtanacha a naghaidh na ccathaighthe is
gnáth do theacht ar dhaoinibh. An cúigeadh rann ann a
ttráchtar ar fhreachnughadh agus ar theagasgaibh tairbhtheacha
dochum na hínntinne d'athnughadh agus do dhaingniughadh
san ccrábhaigh.



An dara leabhar, ann a ttráchtar ar an mbeathaidh
dhiagha, nó ar an tslighe a ngnódhthuighthear í: arna tharraing
a nGaoidheilge as Laidion (in), leis an Athair Filip Ua
Raghallaigh, Bráthair bocht d'órd S. Proinnsias agus
Gáirdian na mbráthar nÉirionnach a bPráig san mBóhémia,
an bhliadhain d'aois an Tighearna 1670, aithsgríobhtha le


L. 20


hEoghan Ó Raghallaigh, mac d'órd a fFlóndras
1710. San mbliadhain ccéadna thionnsgain an Pairliamaint
Persecution do chur ar an eaglais agus na mionna
díoblaidhe dá ngoirthear The Oath of Abjuration do
thabhairt ar gach aon fó seach re ling (línn) My Lord
Wharton a theacht ina Ghiúistís go hÉirinn. Agus is as
a sgríbhinn sin do tharraing mise an leabhar so.


L. 21


AN CHÉAD LEABHAR.
An Chéad rann.
De theacht asteach ar an mbeathaidh chrábhaidh, ann
a ccurthar síos comhairleacha agus freacair, ionnas
gur dá réir is cóir don anam, ó do thionnsgain ar
ttús beatha spioradálta do leanmhúint, é féin do
threórughadh go ttigeadh chum foirfeacht innte.



Caibidil 1.
Ionn a ffoillsighthear cread é an crábhadh fíor.



A dhuine, ag a bhfuil grádh agat ar Dhia, is mian leat
a bheith cráibhtheach agus do bhrígh gur Críostaighe thú,
is feas dhuit gur subháilce í sin ar a ffuil taithniomh ró
mhór ag an Mhórdhacht dhiagha; gidheadh, seachrán dá loighead
ag tionnsgnamh neithe ar bith, ag dul ar aghaidh dho, fásuigh é
(fásfaidh sé) go fóirchionn, agus fá dheoigh ní mór gur
féidir breith ar a leasughadh nó ar a cheartughadh. Ar
an adhbhar san roimh an uile nídh, is cóir fios do bheith agat
cread é an crábhadh, óir ní ffuil ann acht aon ghné amháin
crábhaidh fhíre agus iliomad crábhadh fhallsa dhíomhaoin.
Mar sin, muna budh feas duit an crábhadh fíor, is féidir
do mhealladh agus do dhul ar seachrán nó thú do leanmhuint
do chrábhadh piseógach ag caithiomh haimsire gan toradh,
gan tairbhe.



2. Gach íomháigh d'á ndeunach (dh) an pinteoir Aurelius,


L. 22


do chumhach (dh) iad ar chosmhulacht na mban ar a raibh grádh
aige. Mar an ccéadna cumaid mórán crábhadh dhóibh
féin do réir a cclaonta féin. Gidhbé bhíonn ullamh nó
fonnmhar re trosgadh do dheunadh, ar son go mbeith lán
d'fhuath agus de mhiosgais, measann é féin a bheith ró
chráibhtheach, mar nách lámhann, re measardhacht agus re
fonn an troisge, braon fíona nó uisge do chur ar a
theangaidh. Acht ní cás ris é féin do bháthadh a ffuil a
chomharsan, ag deunadh murmair agus ithiomrádh air.
Measann duine oile é féin a bheith cráibhtheach má
doghnidhionn mórán úrnaighthe, ar son nách ccoiglionn briathra
troma, borba, gearánacha, maslaightheacha, do rádh a
naghaidh a lucht aontighe agus a chomharsan. Bíonn duine
oile ann, duine ann doghnidh déirc ar bhochtaibh go fonnmhar;
gidheadh ní thugann maitheamhnas ó chroidhe d'á eascáirdibh.
Bíonn duine oile ann do mhaithionn go hurus an éagcóir
doghnidhthear air, acht is deacair leis a fhiacha do dhíol
muna ttugadh an breithiomh dá aimhdheoin air a ndíol.
Meastar go coitchionn go bhfuilid seo uile cráibhtheach,
gidheadh, ní crábhadh fíor atá aca.



3. Dobhádar soighdiúiridhe an Righ, Saul, ag iarraigh
Dháibhí ionn a thigh féin, agus do chuir Mical, a bhean, deilbh
mhaide agus éadach Dháibhí uirthi san leabain, agus do
chreid siad gurab é Dáibhí dobhí tinn san leabain; ar
an módh céadna cuirid mórán folacha orra féin re
hoibreachaibh foiriomlacha bhainios re crábhadh agus re
Devotion, agus creidid na daoine as sin go ffuilid
cráibhtheach spioradálta; gidheadh ní bhfuil ionnta acht
deilbh chrábhaidh bréige.



4. Iomurro an crábhadh beodha fíor, grádh Dé is
fundamaint do, agus ní ffuil ann acht grádh fírinneach
Dé amháin. Gidheadh, ní grádh mar gach grádh oile é, do
bhrígh, an grádh diagha, an mhéid go ccuirionn gnaoi agus
sgéimh ar an anam doghnidh sinn taithniomhach re Dia,


L. 23


agus grása goirthear de, fós an mhéid go ttugann brígh
agus neart dúinn dochum deagh-oibreach ar bith,
carrthannacht adeirthear ris. Gidheadh, an uair dothig-
eamaoid dochum céime na foirfeachta, nách é amháin
deagh-oibreacha do dheunadh dhúinn, acht go ttugann dhúinn
a ndeunadh go friochnamhach díthchiollach, buan, ullamh.
Is annsin goirthear crábhadh dhe.



5. Ní dheunann strutio (ostrich) eitiolla ós cionn
talmhan. Fós ní dheunann an chearc acht eitioll ísioll
go mall nó go socair, agus sin go hanamh; gidheadh
an fiolar, an colum, an áinleóg agus an seabhac, éirighid
go hárd, go luath agus go minic. Ar an módh ccéadna
bhíd na peacaig. Ní dheunaid eitiolla árd suas dochum
Dé, acht bíd an uile fhonn agus a stuidear ceangailte
do'n ttalamh agus ar son na talmhon. Na daoine maithe
nách ttáinigh fós dochum foirfeachta an chrábhaidh re na
ndeagh-oibreachaibh, doghnidhid eitiolla dochum Dé ar
son gur mall trom é; acht an drong a bhíos cráibhtheach
dáríre, is minic, lúthmhar, árd, an teitioll dobheirid
dochum Dé, ionnus gurab é is crábhadh ann lúthmhaireacht
agus beodhacht spioradálta le na ccuirionn an grádh a
oibreacha féin a ngníomh, nó re a ttugann orainn na
hoibreacha céadna do dheunadh go fonnmhar, beodha;
agus mar is ris an ngrádh do bhainionn, sinn do choimheud
Aitheanta Dé go coitchionn, geinearálta, mar an
ccéadna is ris an ccrábhadh do bhainionn ár ndúsgadh agus
ár mbrostughadh dochum a ccoimheudta go friochnamhach,
dúthrachtach. Uime sin, gidhbé nách ccoimheudann Aitheanta
Dé go hiomlán, ní duine maith ná cráibhtheach é. Acht
chum duine a bheith go maith, is éigion do grádh Dé do
bheith aige; tairis sin dochum a bheith cráibhtheach, is
riachtanach dho beodhacht agus friochnamh do bheith aige,
dochum oibreacha an ghrádh do chur a ngníomh.



6. Do bhrígh gur ab é an crábhadh céim uachtarach an


L. 24


ghrádh, ní hé amháin go ndeunann díthchioll dúthrachtach
dochum Aitheanta Dé do chomhlíonadh, acht fós brosduigheann
sinn chum mórán deagh-oibreacha oile do dheunadh go
heusgadh, fonnmhar, ar son nách beidís d'fhiachaibh orainn
acht amháin ó chomhairle, nó gur thaisbeán Dia dhúinn go
rabhadar go maith re a ndeunadh, óir is mar a bhíonn duine
tairéis éirghe as thinnios mharbhthach, throm, ag nách bíonn
acht siubhal mall meirtneach, agus sin féin re na riachtanas;
ar an módh ccéadna do'n bpeacach ar néirghe dho go nuadh
as ghalar na ndubháilceadh, bíonn air siubhal an mhéid go
ccuirionn Dia d'fhiachaibh air é, nó go ttigionn dochum
a bheith foirfe ionn sna subháilcíbh, agus annsan, amhail
duine láidir beodha, ní hé amháin go siubhluigheann ann
slightibh Aitheanta nDé, acht fós dothéighionn tríotha go
luath, lúthmhar, agus mar an ccéadna tré chosánaibh na
ccomhairleach agus na smaointe neamhdha, gan tuisliughadh
ar bith.



7. Dá bhrígh sin ní ffuil de dhifir idir an grádh agus
an crábhadh, acht mar atá idir an teine agus an lasair,
óir ní ffuil san ngrádh acht teine spioradálta, agus an
tan lasann go neartmhar do goirthear crábhadh dhi, ionnas
nách ccuirionn ar nó ris an ngrádh acht lasair re a ndeunann
an grádh réidh, ullamh, díthchilleach, dúthrachtach, ní hé amháin
dochum Aitheanta Dé do choimhlíonadh, acht fós dochum
gach comhairleach agus gach smaointe dá ttig ó Dhia do chur
a ngníomh.



Caib. 2.
Do dhleacht agus de dheársgnaigheacht an chrábhaidh.



An drong dobhí ag cur toirmisg ar Chlainn Israel fá
dhul go Tír Tarrangaire, adeiridís go mbadh thalamh í
do mharbhuigheach (dh) a háiteoiridhe féin, .i. go raibh aer
mí-fhuláin ann, ionnas nár fféidir le haon-neach a


L. 25


bheith beo a ffad ann; do'n taobh oile, go rabhadar na
daoine dobhí ann chomh huathbhásach barbardha agus san,
go nithidís a chéile. Ar an módh so do labhraid na daoine
atá tabhartha do'n tsaoghal, ar an ccrábhaidh beannaighthe,
ag rádh go mbíd na daoine cráibhtheacha de ghnáth ag dortadh
tuirse, lán d'imshníomh agus go líonann an chrábhadh féin
de lionndubh iad. Gidheadh, mar dorinne Josue agus
Caleb fiadhnaise an uair sin go raibh Tír Tarrangaire
ina talamh mhaith, aoibhinn, fhuláin, agus gur shámhasach
taithneamhach a bheith ina seilbh, mar sin dfhoillsigh an Spiorad
Naomh tré bheul an uile naomh, agus ár Slánuightheoir le
na bheul féin dúinn, gur milis sonadh sámhasach beatha an
chrábhaidh.



Dochí an saoghal na daoine crábhtheacha ag deunadh
troisge, úrnaighthe, ag fulaing masla, ag deunadh seirbhíse
d'aois ghalair agus easláinte, ag tabhairt aoidheacht do
bhochtaibh, ag deunadh na hiarmheirghe, ag claoidh a cclaonta,
ag cur sriain re na bhfeirg, ag cur neamhshuime a sólás
an chuirp agus a samhail sin de dheagh-oibribh eile, meastar
a bheith cruaidh do-ghabhálach ag an ccorp; gidheadh, an
crábhadh fírinneach, doghnidh sé iad so uile sámh, milis,
ró-urus. Tarraingeann an bheach súgh searbh as an tím,
agus doghnidh mil a ccoir dhe, do bhrígh gurab í sin is nádúir
do féin. Admhuim duit, a dhuine shaoghalta, go ffaghaid
na daoine cráibhtheacha dócabhal ann gach freacair ann a
mbiaidh duadh do'n ccorp; gidheadh ar bheagán agus ar
bheagán doghnidhthear milis, sámhasach iad, mar dobhí roimhe
seo teinte, lasaracha, riothaighe cloiche agus gach ínstraimint
oile dá raibh ag pianadh na mairtíreach, acht do réir a
measa nách raibh ionnta acht luibhionna sámhasacha, deagh-
bhlasta, deaghbholaidh, do bhrígh go rabhadar féin ar lasadh
le grádh Dé. Uime sin má thug an crábhadh sámhas agus
mílseacht do na piantaibh róbhorba so, agus fós don
mbás féin, cread nách déanadh an nídh céadna a


L. 26


ngníomharthaibh na subháilce, ann nách bhfuil saothar, duadh
ná dócamhail rómhór.



Cuireann an siúicre blas milis ar an toradh an-abai
agus fós bainionn blas geur nó guirt de'n tora abthai;
is é an crábhadh is siúicre spioradálta do na nidhthibh seo,
óir is é doghnidh duadh nó dochar an choirp, sámh, agus is
é do choimheudann ar dhochar sinn a naimsir ár sóláis,
agus na boicht ó ithiomrádh tuirseach, agus na daoine
saidhbhre ó dhíomas, agus na daoine ar a mbí leathtrom
ó dhólás agus ó dhobrón, agus na daoine comhachtacha ó
fhóirneart agus dobheir sólás do na haonracánaibh, agus
deighbheusa do'n tí bhíos a ccomhluadar. Is teine é a
naghaidh an fhuachta, agus sgáile a naghaidh an teasa, agus
is feas dó boichteacht agus saidhbhrios d'fhulaing; is
ionann tairbhe do bhainionn as onóir agus tarcaisne,
agus is ionann do ghabhann chuige sólás agus dólás,
agus dobheir aoibhneas agus iolgháirdios iongantach
dúinn do ghnáth.



3. Smaoin ar an dréimire dochonairc Jacob ó thalamh
go neamh (óir is é íomháigh fíre na beathaidh adh chrábhaidh é).
Dá thaobh an dréimire seo agus dá ffuil a easnach
ceangailte a núrnaighe re a niarrthar grádh Dé, agus na
Sácramainte re a ffaghthar é, chialluighidh (d). Na heasnacha
fós, do réir mo mheassa, ní bhfuil ionnta acht céime
eugsamhla an ghrádh, re a ttéighimíd ó shubháilce go subháilce
re gníomh ag dul síos do thabhairt furtachta dár
ccomharsain, agus re a ttéighimíd suas tré smaointibh
diagha grádhacha dár cceangal féin re Dia. Guidhim tú,
feuch ar an ndroing bhíos san dréimire, daoine iad, go
deimhin, ag a bhfuil croidheacha ainglighe, nó is aingil iad i
ccorpaibh daon. Ní ffuilid óg ó aois acht dochídhthear
go ffuilid amhlaidh, óir go bhfuilid lán de bhrígh agus de
lúth spioradálta. Atáid sgiatháin orra re a ndéinid
eitioll .i. a núrnaighthe naomhtha re a ttoghbhaid


L. 27


iad féin chum Dé. Atáid fós cosa aca, re a siubhlaid
idir na daoinibh re comhluadar naomhtha milis do dheunadh.
Atá gnúis bheódha dheaghmhaiseach aca, do bhrígh go ngabhaid
gach nídh chúcha re hínntinn mhaordha shoineanta; atáid a
loirgne agus a raightheacha nochtaighthe, ar amharc an uile
dhuine, do bhrígh nách ffuil de chrích ag á smaointibh, ag á
ffonn, ná ag á ngníomharthaibh acht a taithniomh re Dia amháin.
Atá cuid oile dá ccorp a ffolach re heudach éadrom
sgiamhach, do bhrígh nách ccuirid suim ionn sna nidhthibh
saoghalta acht do réir a riachtanais, agus amhuil dobheidís
ag gabháil thríd, agus an méid do chuirios iomchúbhaigheacht
a staide d'fhiachaibh orra.



Mar so dobhíd na daoine cráibhtheacha, agus is dearbhtha
nách bhfuil milseacht ar bith is deaghbhlasta ioná an chrábhadh,
óir is í is ban-ríoghain ar na nuile (huile) shubháilcibh.
Is é an chrábhadh is uachtar do más bainne é; más luibh
é is í an chrábhadh a bláth, más liag loghmhar é, is é an
chrábhadh a dealbh lasair; más balsam nó spiosartha é,
is é an chrábhadh a bholadh 'sa bhlas rómhilis, dobheir neart
do na daoinibh agus do chuirionn lúthgháir ar na hainglibh.



CAIB. 3
Mar atá an chrábhadh iomchubhuidh do na nuile ghairm
agus ealadhann.



An tan do chruthaigh Dia an domhain d'órdaigh Dia do'n
uile phlannda toradh do thabhairt uaidh do réir a chinéil
féin; mar an ccéadna d'órdaigh Sé do na críostaighthibh,
mar is iad planndaighe beodha na heaglaise iad, toradh
an chrábhaidh do thabhairt, gach naon do réir a cháiligheacht,
a staide agus a gharma. Óir ní hionann is cóir do'n
duine uasal agus do'n cheárdaighe, do'n tseirbhíseach agus


L. 28


do'n tighearna, do'n mbaintreabhach (aigh) agus do'n maighdin
nó (agus) do'n duine pósta, an chrábhadh do chleachtadh.
Fós ní leór so, acht is cóir freacair an chrábhaidh do chur
a noireamhuint do neart, d'oifig agus do dhualgas gach
aon duine fó leith, óir an measann tú, a chríostuighe, gur
bh'oireamhnach d'easbog a bheatha do chaithiomh chomh huaigneach
le Carthusian nó díthreabhach? Do lánamhain phósta gan
aon chúram do bheith aca fá na ttigh acht oiread re bráthair
bocht? Nó do lucht oibre an lá do chaithiomh san eaglais
mar dhaoinibh riaghalta? Nó do dhuine riaghalta a bheith
réidh chum gearáin gach aoin d'éisteacht mar Easbog?
Budh mhí-chéillighe éigríona lag agus do-fhulaing an crábhadh
é seo, gé gur minic a thuitionn an seachrán so amach do
dhaoinibh, agus bíonn an saoghal, nách tugann fá near
(dear) fíorchrábhadh seach mealltóireacht na muinntire
léigeann orra féin a bheith cráibhtheach, ag munbar agus
ag cur mileáin ar an ccrábhaidh nách feudann na galair
seo do liaighios.



2. Ní mhilleann an fíorchrábhadh dlisdionnach nídh ar
bioth, acht dobheir chum foirfeachta agus deighchríche iad,
agus má tá a naghaidh garma dlisdionaigh aon duine, is
dearbh gur crábhadh bréige é nách fuil fuláin. Adeir
Aristotle go mbainionn an bheach mil as an mbláth gan
lot ar bith do dheunadh air, agus go ffágbhann é chomh
iomlán agus dobhí roimhe. Is feárr ná san doghnidh an
chrábhadh fhírinneach so, do bhrígh nách toirmiosg do chuirionn
ar aon neach fá na ghnódhthaibh ná a órd oifige, acht fós go
ttugann congnamh agus deaghmhaise dhóibh.



3. Mar dobhíonn an liag loghmhar (cloch uasal) má
curthar a mil í, biaidh a dath nádúrtha níos soillsighe agus
níos dealraighe, gach cloch ionn a gné dhathaidh (dhatha)
féin, mar sin a bhíonn gach naon a tháthuigheann crábhadh
le na ngairm shaoghalta, níos foirfe agus níos taith-


L. 29


niomhaighe. Is é an crábhadh dobheir ciúnas do chúram an
tighe agus na muintire, dobheir grádh dílios fírinneach
idir an lánamhuin phósta, a dhualgas féin a thabhairt gan
tormas do'n Tighearna agus doghnidh an uile chúram níos
sáimhe agus níos mílse.



4. Is seachrán fós agus eiriceacht, a rádh nách beith áit
ag an ccrábhadh idir shluaighibh soighdiúir, a siopadhaibh lucht
céirde, a bpálásaibh (a ndúntaibh) ríogh, nó ameasg
lánamhnacha pósta ar a ffuil cúram muintire agus
teaghais. Admhaim gur deacair an crábhadh do thógbhas
an ínntinn go hiomlán dochum Dé, aire do bheith ar nídh
saoghalta ar bith d'fhagháil, acht amháin daoine riaghalta
do thréig an saoghal; atáid, ar a shon san, iomad oile de
mhódhaibh crábhaidh ag an mhuintir dobhíonn a ccuing
phósta dochum iad féin a dheunadh foirfe. Fiadhnaise
air seo san tsean-tiomna, Abraham, Isaac, Jacob,
Dáibhí, Job, Tobias, Sara, Rebecca agus Iudit agus
fós ionn sa Tiomna Nuaidh dobhí Joseph, Lidia agus M.
Crispin sárchráibhtheach, agus iad ina lucht céirde. Do
bhádar na naoimh Anna, Marta, Monioca, Arvila (Avila)
agus Prisilla ina lucht crábhaidh ameasg a muintire.
Dobhádar na naoimh Cornelius, Sebastianus agus Muiris
cráibhtheach san arm; Constaintín, Helena, Laoiseach,
Anna agus Eadbhart ar a ccathaoireacha ríogha, dobhádar
cráibhtheach. Do chaill fós, mórán ar uaigneas, ó 'sé is mó
iomchúbhaidhe, spirid na foirfeachta agus drong oile ameasg
trioblóide iomad gnódhthaighe, buaidheartha agus comh-
luadair, do choimheudadar teas crábhaidh san áit is mó
ionn ar bhéidir leó a chailleamhaint. Mar sin thárlaidh
do Lot, mar adeir St. Greagóir, an feadh dobhí sé san
ccathair mhallaighthe Sodom, dobhí beatha fhíoraonta chráibh-
theach aige, agus ar an ffásach do thuit go truaillighthe.
Mar sin níl áit ar bith nách féidir agus nách cóir dhúinn
díthchioll do dheunadh, beatha chráibhtheach do bheith againn.


L. 30


Caib. 4.
Dochum an chrábhaidh do thionsgnadh agus dochum
duine do dhul ar a aghaidh ann, is riachtanach dó
treóruightheoir maith do bheith aige.



An tan adubhairt Tobias re na mhac imtheacht do'n
mbaile dárbh ainm Rages, do fhreagair an mac é nách
raibh eólus na slighe aige. “Imthigh,” ar an tathair “agus
fagh duine dílios a rachas leat.” An nídh céadna adeirim
riot, a Chríostaighe re ar mian a bheith cráibhtheach dáríribh.
Fagh duine éigin díreach dílios dodheunfas treoir dhoit,
agus is í seo príomh-chomhairle is feárr is féidir a thabhairt
annso. Dá mhéid díthchill a dheunfaidh tú a lorgaireacht,
adeir an dochtúir diagha, Avila, ní ffaghaidh tú toil Dé
amach chaoidhche chomh cinnte leis an tslighe seo na
humhluigheachta úirísiol so do mhol agus do chleacht na
naoimh, .i. tú féin a chur go hiomlán faoi réir dhuine oile.
Ar bhfaicsin do'n Naomh-mháthair Teresa go raibh Caitríona
ó Chorduba ag tabhairt iomad duadh d'á corp féin, do
ghabh fonn adhbhal í aithris do dheunadh uirthe, a naghaidh
comhairle a hoide faoisdine, noch do thoirmisg uirthe é,
agus san am a raibh cathughadh uirthe gan a chomhairle do
ghlacadh, acht do thaisbein Dia dhi cread budh chóir di a
dheunamh ag rádh ria: Is maith sábhálta an tslighe atá
agat, a inghin (ean) feuch cruadhas na beathadh atá aice
siúd eile; gidheadh, is mó an meas atá agam-sa ar
túmhluigheacht-sa. Uime sin, tug sí an oiread san de
ghrádh do'n tsubháilce seo, go ndeárnaidh móid, ní hé
amháin úmhla do thabhairt d'á huachtaránaibh, acht fós
dorinne sí móid áirighthe do dhuine éigin do bheith críona
sáreólach, ag gealladh a threórughadh, a chomhairle agus
a theagasg do leanmhuint ó ffuair sí sólás mór
spioradálta; agus do lean mórán de dhaoinibh subháil-
ceacha roimpe agus ina diaidh an tslighe chéadna, agus is


L. 31


mór do mholann Caitríona ó Sienna ionn a comhlabhairt
féin (í). An ríoghain chráibhtheach St. Elisabet, do chuir
sí í féin go hiomlán faoi threórughadh an dochtúra,
Conradus, re sompla oirdheirc úmhlachta. Idir gach
comhairle dá ttug an rí beannaighthe Laoiseach d'á mhac,
a naimsir a bháis, adubhairt ris: Deuna faoisdin go
minic agus togh oide faoisdine dhuit a bhias iomchúbhaigh (dh),
deighbheusach, críonna re ar ffeadar teagasg a thabhairt
duit go cinnte neamheaglach, cread is cóir dhuit do
dheunadh, agus do sheachnadh. Caraid dhílios, ar an
tEagnaighe, dídion foirtil, agus gidhbé dogheabhas é,
dogheabhaidh sé óirchiste. Caraid dhílios íoc-shláinte na
beathaidh (adh) agus na marthannachta, agus gidhbé ar a
mbiaidh eagla an Tighearna dogheabhaidh é ... Is ar
mharthannacht is mó tharraingid na briathra diagha so, mar
a chí tú, d'á ffuil riachtanas leis an ccaraid dhílios so go
háirighthe, chum sinn a threórughadh re na theagasg agus re
na chomhairle ann ár ngníomhartha, agus d'á bhíthin sin go
ccaomhnóchadh sinn ar chealg agus ar mhealltóireacht an
diabhail. Biadh an charaid seo againn mar óirchisde eagna
san uile bhruid, buaidhre agus leatrom. Biadh
fós mar liaighios againn a naghaidh an uile éagcruais
agus galair spioradálta dochum furtachta agus sáimhe
do thabhairt d'ár nínntinn. Dobheuradh fós dídion dúinn
ó an uile olc agus dodheunadh ár ndeaghoibreacha níos
feárr, agus ní léigfeadh tinnios bháis dár ngaire do bhrígh
go ccuirfeadh liaighios fó cheudóir air.



3. Acht cia dogheabhaidh an charaid seo? Freagrann
an tEagnaigheach. An té ar a mbiaidh eagla an Tighearna
.i. an duine úmhal re ar mian dul ar aghaidh san ffoirfeacht
spioradálta. Anois ó dochí tú an riachtanas atá ort
re treóraightheoir san turas naomhtha so an chrábhaidh,


L. 32


guidh Dia go dúthrachtach duine éigin do réir a chroidhe
féin do chur chughat, agus budh cinnte go néistfeadh tú
dá mbadh éigionn aingeal ó neamh do chur chughat a bhias
dílios duit, mar do chuir go Tobias óg, níos túsga ioná
d'fhágfadh sé gan giolla dílios tú.



4. Déis an duine seo d'fhagháil duit, bíodh meas aingil
agat air, agus nárab meas daondha amháin. Ná bíodh do
mhuinghín ann féin, ná ionn a fhoghluim acht an oiread leis
sin, acht ann Dia do chuideóchas leat-sa le hínntinn agus
le machtnamh an duine seo, ó sé bhéarfas air smaoineamh
agus labhairt leatsa mar is riachtanach chum do thairbhesi,
agus chum maiteasa do choirp agus tanama: uime sin
éist leis amhail go mbadh aingeal do thúirleóngach (dh)
ó neamh é, dhod threórughadhsa go Flaitheamhnas. Imthigh
ris go díreach le croidhe osgailte, agus ná ceil do rún
air má holc maith é, acht nocht taigne dho le fírinne agus
le dílseacht, gan caime gan claonadh, agus ris sin biaidh
fios do mhaithiosa aige dochum a cur ar a haghaidh, agus
fios toilc dochum a cheartaighthe agus a leasaighthe.
Dobheurfar fuaradh agus furtacht dhuit ann do bhuaidhreadh;
dodheunfar fós do shólás measardha deaghórdaighthe.
Cuir do dhóthchas go hiomlán ann, mar aon le naomhfhómós
ar mhódh nách ccuirfeadh an uraim aon nídh síos de'n
mhuintiordhas, agus nách ccuirfeadh an muinteardhas
toirmiosg ar an uraim is dual do uait. Cuir an
dóthchas ann a chuirfeach (dh) deighinghean ionn a hathair, agus
tabhair uraim do leis an muinghín chéadna do bheith ag
deaghmhac ionn a mháthair. A naon fhocal, bíodh an cáirdios
so uile sámh, seasamhach, naomhtha, beannaighthe, diadha
agus spioradálta. Chum na críche seo togh aon as mhíle
duine mar adubhairt an dochtúir diagha Abhila, acht
adeirimse leat duine a thoghadh as deich míle, óir is lugha
go fada ioná is dóigh le daoinibh atá i niúil chum na slighe
seo do theagasg. Ní mór dho a bheith lán de charrthannacht,


L. 33


d'eólus agus de chríonnacht, óir má bhíonn aon chuid díobh
so d'easbaidh air, atá an chúis peiriaclach: agus d'á
bhrígh sin adeirim leat arís Dia do ghuidheadh fá dhuine mar
so do chur chughat; agus ar a fhagháil duit, altaigh le na
Mhórdhacht Dhiagha; bí buan-tseasamhach agus ná hiarr
aon eólaighe eile, acht imthigh ar haghaidh leis go neamh-
urchóideach, go húmhal agus go dóthchaiseach, óir is mar
sin a bhias do shlighe go sonaidhe.



CAIB. 5.
Go ccaithfeamaoid tionnsgnadh leis an anam do
ghlanadh.



Taisbeánaid na bláthanna iad féin ionn ár ttalamh
(adeir an céile Diagha), dotháinigh aimsir na fineamhna
do ghlanadh agus do leasughadh. Cia hiad bláthanna ár
nanama acht ár ndeagh-mhiana agus chomh luath agus
dothiucfaid chughainn, ní mór dhúinn sgian gheur do ghabháil
chughainn agus an uile an-obair mharbh do sgathadh d'ár
ccoinsiasaibh. San tseanaimsir an tan dobhíodh cailín
eachtrannach ar tí a pósta le duine de Chlainn Israel,
do b'éigionn a heudach laimhdeanais (nó braighdionais)
a chur di agus a hingine agus a gruag a ghearradh; mar an
ccéadna an tanam re ar mian a bheith ina chéile ag Mac Dé,
ní mór an seanduine a bhí ann a chur de, agus duine nuadh
do chur mar mhalairt air, an peaca do theilgean de, agus
annsan gearrach (dh) agus bearrach (dh) an uile nídh do
chuirfeadh toirmiosg idir é féin agus grádh Dé. Isé is
tosach sláinte dhúinn ár nglanadh ó leanntaibh urchóideacha.
Do glanadh an tAbstol, Pól, ann aon nómaint amháin
le glanadh iomlán: mar an ccéadna Caitríona ó Genoa,
Muire Maigdelena, Naomh Pelagia agus mórán oile.


L. 34


Gidheadh dobhí an phurgóid seo ró-mhíorbhúileach neamh-
ghnáthach a ttaobh na ngrás, mar atá an tath-bheodha a ttaobh
na nádúire, ionas nách cóir dhúinne fuireachras do bheith
againn re na shamhail sin de liaghios. Ní gnáthach aon
liaighios, bé aca don ccorp nó dhon anam é, a dheunamh
acht ar bheagán agus ar bheagán, le dul ar aghaidh ó chéim
go céim re saothar agus re haimsir.



2. Na haingil dochonnairc Jacob san dréimire do
bhí sgiatháin orra. Gidheadh, ní rabhadar ag eitiollaigh acht
ag imtheacht suas agus síos ó chéim go céim. An tanam
fhágbhas staid an pheacadh (aidh) agus re ar mian a bheith
cráibhtheach, curthar a ccosmhalacht é le breacadh an lae
nách glanann an dorchadas a naoinfheacht acht a náit a
chéile, mar sin ní éidir an ceó fhágbhann na peacaidhe ina
ndiaigh do sgaoileadh acht ar bheagán agus ar bheagán.
Adeirid na liagha gurab é an slánughadh doghnidhthear go
mall diaigh a ndiaigh is cinnte. Tigid galair an anama
chomh maith le galair an choirp le luas marcaigh, gidheadh,
imthighid le mailleacht coisidhe leisgeamhuil. Is riachtanach
dhúinn san ccás so, misneach cródha agus foighne do bheith
againn. Monuar! nách mór an truaigh na hanamna so
tairéis freachair do dheunadh san mbeathaidh spioradálta,
go nglacaid siad buaidhreamh, míchiúnas agus meathtachas
ar fhaicsint roint lochta orra féin, ionnas nách mór ná
téid a neudóchas, ag cailleamhuint a misnigh agus ag
filleadh tar a nais. Acht ar an ttaobh oile nách mór an
chontabhairt ionn a mbíonn an drong do mheasann
agus a chuireann a númhail dóibh féin go mbíd glan ó na
nanlochtaibh an lá céadna thosnaighid ar iad féin do
ghlanadh ó na bpeacadhaibh, agus ag meas go ffuilid foirfidh
(foirfe) gabhaid orra féin eitioll gan sgiatháin.



3. Ó, a chríostaighe, nách mór an baoghal aithiompaighthe
atá orra sa (so) ar an adhbhar gur tharraingeadar iad féin
róluath ó lámhaibh an liagha? Ah! ná héirghidh roimh an


L. 35


solas, ar an Fáidh, acht éirghidh déis duit suan do dheunamh,
agus tair éis do féin a bheith nighte niamhghlanta, do chleacht
sé an teagasg sa agus budh mhian leis é féin a ghlanadh
níos feárr.



4. Freachair an anama do ghlanadh níor chóir go mbeith
críoch air gus an mbás. Uime sin ná glacamaois mí-
shuaimhneas ar son ár neamhfhoirfeachta, do bhrígh gurab
ionn ár ccathughadh do dheunadh ina naghaidh atá ár
ffoirfeacht, agus ní féidir linn cathú do dheunadh ina
naghaidh muna ffaiceam iad, nó a cclaoidh muna rabhaid
do láthair againn, agus ní hann atá buaidh do bhreith orra
gan mhothughadh, acht gan ár ttoil do thabhairt dóibh go
bráth.



5. Tairis sin dá ttugamaois toil dóibh ar uairibh ní
cóir dúinn ár misneach do chailleamhuin, óir dochum na
húmhaluigheachta do chur a ffreachnughadh ní théid a nolc
dhúinn ár loit ar uairibh san ccath spioradálta so, óir ní
ffuileamaoid claoidhte go hiomlán an feadh bhiamaoid
beó, do bhrígh nách bainid na peacaidhe sologhtha beatha
spioradálta ár nanama dhínn, acht na peacaidhe marbhthacha
bhainionn dínn í. Uime sin ná leigeamaois ár misneach
dínn go bráth. Saor me, a Thighearna, ar Dáibhí, Rí, ar
dhroichmhisneach agus ar ghealtacht. Is mór an séun dúinn
san ccathughadh so ris na lochtaibh go mbiaidh buaidh againn
más mian linn troid mhaith do dheunadh.



CAIB. 6.
A ccéadóir sinn féin do ghlanadh ó na peacadhaibh
marbhtha.



An chéad phurgóid is cóir dhúinn do ghlacadh a naghaidh
na bpeacadh marbhthach .i. Sacraimint na hAithrighe. Uime
sin togh dhuit féin oide faoisdine ró-iomchúbhaidh agus ina
dhiaigh sin, gabh chughat leabhar éigin (más leughthóir thu),


L. 36


do theagasgóchas dhuit cionas is cóir dhuit faoisdin
do dheunadh, agus do choinsias do sgrúdadh agus feuch
ó phongc go pongc gach saobhnós dár chuir ar Dhia ó'n uair
a tháinigh ciall chughat gus an aimsir atá láthair agat, agus
sgríobh gach pongc díobh muna ffuil cuimhne mhaith agat,
agus an tan a bheidh na droichleannta so, agus easláinte
do choinsiais cruinn agat, gabhach (dh) gráin agus fuath
adhbhal orra thú an mhéid gur féidir leat é, ó neart do
chroidhe, agus bíodh mí-ghean agat orra le croidhe-bhrughadh
geur, láidir, á ccur as do choinsias, ag smaoineadh ar
na cheithre hoilc dorine an peaca dhuit .i. gur chaill tú
grása Dé an mhéid gur bhain leat féin, gur thréig tú
neamh, gur thuillis piana síorruidhe a nIfrionn, agus
gur chuiris suas de Ghrádh Dé gan fóirchionn. Ionnso
atáim ag labhairt ar fhaoisdin gheinearálta do bheatha
uile, ar son nách fuil sí de riachtanas ar gach aon. Gidheadh,
is maith tairbheach an chomhairle a deunadh, do bhrígh go
tteagbhann go minic faoisdin na muinntire ag a mbíonn
beatha choitchionn, gan a bheith iomlán. Óir teagbhann nách
ullmhuigheann duine é féin chúiche, nó gur beag é, nó nách
fuil an doilghíos iomchúbhaidh fá na peacadhaibh, nó nách
fuil rún daingeann aige siocair na bpeacadh do
sheachnadh, agus ionn gach cás aca so, is riachtanas
faoisdin gheinearálta do dheunadh, dochum ciúnais anama
d'fhagháil agus sgrupal coinsiais do chur dhínn, agus fós
foillsigheann an fhaoisdin gheinearálta so dhúinn cia sinn
féin, agus cionas atámaoid anois, ionnas go mbadh
nár linn ar chaitheamaoir d'ár mbeatha go holc, is go
mbadh iongna rinn meud foighne Dé linn, ag tabhairt
rae naithrighe dhúinn. Tairis sin dobheir ciúnas d'ár
ccroidhthibh, sólás d'ár spioraid agus músglann ár
ndeaghrún. Ionann dobheir fós úcáid d'ár nathair spiora-
dálta teagasg agus comhairleacha do thabhairt dúinn do
réir ár staide, agus dobheir misneach dhúinn sinn féin


L. 37


d'fhoillsiughadh ionn gach faoisdin oile go neamheaglach
iomlán. Ar an adhbhar san, gidhbé le ar mian a chroidhe
d'athnuadhadh agus filleadh ar Dhia uilechomhachtach go
hiomlán, agus sin ag tionnsgnadh beatha an chrábhaidh, is
maith an chomhairle dho an fhaoisdin gheinearálta so do
dheunadh.



CAIB. 7.
Do'n dara purgóid dochum duine dá ghlanadh féin
ó mhian agus ó chlaonadh na bpeacadh.



Dothángadar Clann Israel uile as an Égypt, gidheadh,
níor fhágbhadar uile í re fonn agus toil agus ris sin do
rine mórán díobh murmur ar an ffásach, agus dobhí
doilghíos orra mar nách raibh gáirleóg agus corcáin
feóla na hÉgipte aca. Mar sin dobhíonn mórán
doghníodh aithrighe ion a bpeacadh agus do thréigionn iad do
láthair; gidheadh ní chuirid rómpa gan peacadh do dheunadh
ar son go mbiaidh doilghíos orra gurab éigion dóibh
sgaramhuint re sámhas agus re hantoil thruaillighthe an
pheacaidh, cuirid suas do'n bpeacadh ó ínntinn, agus
tarraingid iad féin as, ar a shon san, feuchaid tar a nais,
amhail agus go mbadh mhian leó filleadh air, mar dorinne
bean Lot d'fheuch ina diaigh ar Shodom. Mar sin is cosmhail
iad le hothar ar a ttoirmisgeann an liaigh miolún d'itheadh,
do bhrigh go mbíodh a bhás ar ithe. Ní ithidh an miolún, gidheadh,
bíonn mí-chiúnas air ag labhairt go minic agus ag fiafruighe
an miste é bhlas, nó a bholath do fhromhadh, agus measaidh
gur shonadh an drong d'ár ceaduigheadh ithe. Ar an módh
so bíd na daoine dobhíos lag, fann san aithrighe; ar feadh
aimsire seachnaid iad féin ar an bpeacaidh (adh) re spairnn,
d'á naimhdheoin, agus budh mhian leó an peacadh do dheunadh
acht nách beith pian shíorruidhe ina dhiaigh. Gheibhid blas éigin
air, labhraid go fonnmhar air, agus measaid gurab aoibhinn
do'n droing nách ccuirionn suim ionn a ndeunamh. Gidh-


L. 38


bé do chuir roimhe díoghaltus a dheunadh ar a namhuid,
ag teacht dochum na faoisdine do dheunadh, claochlódha
a ínntinn, acht ar a shon san ameasg a charad ina dhiaigh
sin, is ait leis a bheith ag labhairt ar an imreasán dobhí
idir é féin agus a chomharsain, agus adeir: “Muna mbeith
eagla Dé orm, dodheunfainn so nó súd air, agus is
cruaidh an pongc de dhlighe Dé gan cead díoghaltais
dodheunadh ar an té doghnidh an eugcóir, nó dobheir masla
do dhuine.” Cia nách measfadh anois, ar son gur thréig
an fear so an peaca, go ffuil sé claon chuige? Ar son
go ttáinigh as an Égypt, go ffuil a chroidhe agus a ínntinn
ceangailt dhi, agus fonn mór aige san mbiadh fá gnáth
ris d'itheadh innte. Mar bhíos an bhean dobhíos cortha
de na grádh neamhdhlisdionnach re ar b'ait grádh do bheith
ag á leanánaibh uirthe, agus iad do bheith ina tímchioll.
Feuch gur mór an pheiriacail ionn a ffuil an drong
dobhíos ar an módh so!



2. Adeirim riot, a dhuine le 'rab mian a bheith cráibhtheach,
nách leór dhuit an peaca do thréigeann acht fós t'ínntinn
do ghlanadh ó'n uile fonn agus ó an uile dhúil ann; óir
ní hé amháin go ffuil tú a ppeiriacail tuitioma arís san
ppeacadh, acht doghníodh an drochchlaona so dho spioraid
anbhfann, agus cuirionn toirmiosg uirthe fá na dheagh-
oibreachaibh do dheunadh go díthcheallach, minic, ionn a
ffuil substaint an chrábhaidh go fírinneach. An tanam
do thréig an peacadh agus ag a ffuil an claonadh so
chuige, is cosmhail é re cailín mí-ghnaoidheach nách ffuil
tinn, acht go ffuil an uile ghníomh d'á ndeunann, meirbh
lag. Itheann biadh gan bhlas, codlann gan chiúnas,
doghníodh gáire gan iolgháirdeas ínntinne, agus siubhlann
go mall. Mar sin a bhíos an tanam úd; gidhbé maith
doghníodh ní dheunann í acht go fann, mí-mhisnigh, agus
bainionn a ttoradh agus a luaidheacht de gach freacair
maith d'á ndeunann, gé gur beag mí-thairbheach iad.


L. 39


CAIB. 8.
An módh ar ar cóir an dara glana so do dheunadh.



An príomhmhódh chuige seo, smaoineadh go daingeann
ar an olc doghníodh an peacadh dhúinn, agus ris sin
dothigeamaoid chum croidh-bhrughadh éigin do bheith aguinn
fá'n bpeacaidh (adh) óir doghnidh an croidh-bhrughadh
fíor, dá loighead dá mbíodh, má ceangaltar é re brígh
na Sacraiminte, duine saor ó an uile pheacadh, agus
má tá bríoghmhar láidir, glanann sinn ó an uile fhonn do
leanann do'n bpeacadh; agus má bhíonn fonn nó mí-ghean
éadrom aguinn ar dhuine, seachnamaoid a chomhluadar,
agus má tá fuath marbhthach nimhneach aguinn air, ní hé
amháin é féin do sheachnadh, acht fós comhluadar a cháirde
(carad) agus a dhaoine muintiordha, agus tairis sin ní maith
linn a íomháigh ná nídh dá mbainionn ris d'fhaicsin. Mar
an ccéadna bhíos an duine doghníodh aithrighe éadrom,
agus ar son go mbíonn fíor agus go mbíonn fuath aige
ar an bpeacadh, agus go ccuirionn roimhe gan tuitim
ionn níosa mhó, ní bhíonn fuath aige ar gach nídh dobhíos a
ndiaigh an pheacadh (aidh). Gidheadh an tí ag a mbíodh aithrighe
neartmhar láidir, ní hé amháin go mbíonn fuath aige ar an
bpeacaidh (adh) féin acht fós ar gach nídh ag a mbíonn gaol
nó comhgas ris, agus d'á réir sin is cóir do gach aon a
dheunamh. Is mar sin dorine Muire Maigdelean an
tan do chuir droim ris na peacadhaibh; do chuir sí suas
mar aon do na nuile fhonn, shámhus agus thaithniomh d'á
ffuair ionnta riamh, agus níor smuain orra ó shoin amach.



2. Adeir Dáibhí fós nách é amháin go raibh fuath aige
ar an ppeacadh, acht fós ar an uile shlighe agus chosán
chuige. Is mar so hathnuaidhthear an tanam, amhuil
doghnidhthear an fiolar óg arís. Ionnas go ttigeamaois
chum ár ppeacaidhe d'aithint, agus croidh-bhrughadh do bheith
aguinn, mar adubhras roimhe, is riachtanas dúinn freacair


L. 40


díthchilleach do dheunadh de na hath-smaointibh seo síos,
agus má ghnímíd sin go hiomchúbhaidh, sgriosfadh, ní hé
amháin an peaca, acht fós an uile chlaona chuige
as ár ccroidhthibh, agus chum na críche sin do chuirios síos
iad, agus glac gach freacair díobh as diaigh a chéile ar an
módh a ffuilid síos. Glac aon díobh gach aon lá, agus sin,
más féidir, ar maidin, do bhrígh gurab í sin an aimsir is
iomchuibhe dochum gach freacair, agus bí ag smaoineadh
air ionn gach aon nídh ar feadh an lae, agus muna fios
duit cionas is cóir an tathsmaoinea seo dheunadh,
feuch an dara rann de'n leabhrán so.



CAIB. 9.
An chéad athsmuaine. Ar do chruthughadh.



Ar ttúis, cuir tú féin a ffiadhnaise Dé. An dara
nídh, guidh fá thabhairt duit na neithe ar ar cóir dhuit
smaoineadh, agus gabh na poingc seo síos chughat. Smaoin
ar tús nách fuil acht an uiread san bliadhan ó tháinigh tú
ar an tsaoghal, agus gus an aimsir sin nách raibh ionnat
acht neamhnídh. Ó, a anam! cá rabhamairne gus an aimsir
úd? Óir dobhí an saoghal ann an uiread san d'aimsir,
agus gan cuimhne ar bith orainne.



2. Smaoin arís gurab é Dia do thogh is do tharraing
tú as an neamhnídh sin, ionnas go ttugadh dhuit a bheith
ann. Ní hé go raibh riachtanas aige riot, acht amháin as
a mhaith agus as a thrócaire féin.



3. Tabhair fá deara an treas feacht an bheith ann do
thug Dia dhuit, re ar féidir leat an saoghal so uile do
thuigsin agus a bheith gabháltach ar thú féin do cheangal re
Dia san mbeatha shíorruidhe.



Gabh annso foinn agus deaghrún. Ar tús úirísligh
tú féin go ró-umhal a ffiadhnaise Dé agus abair ris an
fFáigh ríogha: Ní ffuilim acht mar neamhnídh a


L. 41


ccomóra ribhse, a Thighearna, agus cionnas dobhí
cuimhne agat orm dochum mo chruthaighthe? Ó, m'anam,
dobhí tú ad neamhnídh, agus dobheitheá amhlaidh fós muna
mbeith go ttug Dia as tú, agus cread dodheunthá dá
mbeitheá go síor ar neamhnídh?



An dara nídh, tabhair buidheachas do Dhia ag rádh: Ó, a
chruthaightheóra mhóirthiodhlaicidh! cread é mhéid na ffiach
atá agat orm fá gur iarr tú mé as neamhnídh, ionnas
go ttug tú dhom a bheith ionn mar atáim anois, re'd
thrócaire féin. Guidhim tú cread dodheunfad go bráth
dochum hanama rómhóir do bheannughadh agus do mholadh,
go diongmhálta agus mar is cóir? Nó cionas
dobhéarfad buidheachas iomchubhaidh dhot Mhórmhaithios gan
fóirchionn?



An treas nídh, gabhach (dh) imshníomh tú ag rádh: Ó mo
chruthaightheoir! is truaigh nár cheanglas me féin leat le
grádh agus le seirbhís do dheunadh dhuit, acht gur leanas
mo dhrochchlaonta féin agus gach fonn mailíseach dá
ttáinigh chugham, ionnas go rabhas contrárdha dhuit agus
gur thréig me thú, dom tharraint féin uait agus dom
cheangal ris an bpeacaidh (adh) agus nách ttug me onóir
ná umhla dhuit acht amhuil nách tú do chruthaigh me.



An ceathramhadh feacht, teilg tú féin a ffiadhnaise Dé
ag rádh: Bíodh a fhios agat, áh, m'anam! gurab é Dia
do Thighearna, gurab é do chruthaigh tú agus nách tú féin;
agus gurab í obair a lámha féin tú. Uime sin cuir rómhat
gan taithniomh do bheith agat ort féin ó so amach, do bhrígh
ad thaobh féin, nách ffuil ionnat acht neamhnídh. Godé
an díomus atá ort, a chré agus a luaithreamháin, cread
dobheir tú dhod árdughadh féin, agus gan ionnat acht
neamhnídh dáríribh? Agus ionnas go ndeuntá thú féin
úirísiol úmhal, is mian leat so agus súd do dheunadh,
masla, tarcuisne agus anchainnt d'fhulaing, agus do
bheatha do chlaochlódh agus do chruthaightheoir a leanmhuin


L. 42


ó so amach, agus tú féin a cheangal de, agus a mheas agat
féin go ffuil tú sona seunmhar ar son go ttug dhuit a
bheith ann. Má chaitheann tú thú féin go hiomlán re toil
Dé do chomhlíonadh, agus sin re gach módh ar a ccuirionn
Dia ionn do chuimhne, nó do theagasgann hathair spioradálta
dhuit.



Ina dhiaigh sin tabhair buidheachas do Dhia ar tús ag rádh:
Ó m'anam, beannaigh do'n Tighearna agus an uile bhrígh
dá ffuil ionnat dá naomhainm féin, ar an adhbhar gurab
í a mhaith do tharraing as neamhnídh thú, agus gurab í a
thrócaire do cruthaigh thú.



An dara feacht, ofráil tú féin do Dhia ag rádh: Ó mo
Dhia, ofráilim me féin uile agus an bhith dothugais dom,
ó chroidhe agus ó ínntinn, mar íodhbairt agus mar shacrafís
duit féin, a Thighearna.



An treas feacht, Ó mo Dhia, guidhim thú, ó mo Dhia,
neartaigh agus daingnigh me ionn gach deaghrún agus ionn
gach fonn maith dá ffuil agam ó thrócaire do Mhic rónaomhtha
féin, agus taobhaidh me ria agus gach aon duine
oile ar ar mian liom guidhe, srl.



Abair ionnso Paidior agus Ave Mairia: ar ccríoch-
nughadh na húrnaighe dhuit ag spaisdeoireacht go ciúin.
Cruinnigh dhuit féin as na smaointibh maithe dobhí agat,
glaic (dh) deaghbholaigh a bhias agat ar feadh an lae, ionnas
go mbeith a bolath ionn do shrón ar eagla an dearmoid.



CAIB. 10.
An dara hathsmuaineadh. Ar an ccrích dochum
ar cruthuigheadh sinn.



Cuir tú féin a ffiadhnaise Dé agus guidh é fá smaointibh
maithe do thabhairt duit. Ag seo na poingc ar ar cóir
dhuit smaoineadh.



1. Ar an adhbhar nách uime chuir Dia ar an saoghal so


L. 43


thú, ar son aon riachtanais a bheith aige féin leat, nó go
mbainfeadh sochar ar bith asat acht amháin dochum a mhaithiosa
féin do thaisbeánadh ionnat, ag tabhairt grása agus glóire
dhuit, agus is chuige sin dothug tuigse dhuit dochum go
naitheantá É agus meabhair dochum cuimhne do bheith agat
air, toil dochum grádh do thabhairt do, brígh mheasa dochum
a thiodhlaice dhuit do thabhairt fá dear, súile dochum a
oibreacha iongantacha d'fhaicsin, teanga dochum a mholta
agus mar sin do gach céadfadh oile dá ttug dhuit.



2. An dara feacht, do bhrígh gur chum na críche seo
do chruthaigh Dia agus do chuir sé ar an saoghal so thú, an
uile nídh atá contrárdha do'n chrích seo, is cóir dhuit a
sheachnadh agus fós an uile nídh nách ffuil dod tharraing
chúiche, mar atá na neithe díomhaoine do tharcaisniughadh.



3. An treas feacht. Smaoin agat féin boichteacht
agus daille an tsaoghail agus na maointire (muinntire)
leanas de, nách smaoinid ar an ccrích seo acht amhuil agus
gurab uime do chruthaigh Dia iad dochum páláis do chur
suas, crainn a chur, saidhbhris do chruinniughadh agus sólás
an tsaoghail do leanmhúin.



Ionnso gabh fonn maith agus deaghrún chughat, do túirís-
leadh féin fá'n mbochtaine agus fá'n ndaille dobhí ort
gus an am sin, mar nár smaoinighis acht go hanbhfann
orra so, nó fós riamh, agus abair: Mo thruaighe! Ó mo
Dhia, cread dobhí me a dheunadh an tan nách raibh me ag
smaoineadh ort-sa? Nó godé an nídh ar a raibhe cuimhne
agam an tan dorine me dearmod dhíot? Och! cread
ar a raibh grádh agam an uair nách raibhe mo ghrádh ort-sa:
Och! an tan budh chóir dhom me féin do bheathughadh agus
do fhásughadh ris an ffírinne, do líonainn me féin re
díomhaoineas ag fóghnamh do'n tsaoghal do chruthaigh Dia
chum seirbhíse do dheunadh dhom.



2. Arís gabhach (dh) gráin tú ar an mbeatha do chaithis go


L. 44


holc ag rádh: Diúltuighim díbh a smaointe díomhaoine
neamhthairbheacha. Cuirim suas díbh, a chumannnacha gráin-
eamhla breugacha, do gach searc fallsa, do gach seirbhís
do léigeas díom go lochtach, do gach tiodhlaicthe ionn a
rabhas díombuidheach, agus do gach greann mhí-thaithniomhach.



3. An treas feacht. Fill ar Dhia ag rádh: Mo Dhia agus
mo Choimhdhe! Is tú féin a bhias a taon chosbóir ag mo
smaointibh, agus ní léigfead dom ínntinn aire do thabhairt
do smaointibh go bráth ar a mbeith mí-thaithniomh agat, agus
ní bhiaidh ionn mo chuimhne ar feadh mo bheatha acht meud
do mhaithiosa go trócaireach orm, agus is tú féin amháin
a bhias a haonar ag mo chroidhe, agus ina mhilseacht ag
m'uile fhonn, agus d'á bhrígh sin biaidh gráin agam ó so
suas ar an uile dhíomaoineas d'á ttug me aire go ttrasda,
agus ar an uile fhreachnughadh mí-thairbheach re a ccaithinn
na laethe go hiomlán, agus ar an uile fhonn mhailíseach
dobhí ag tarraing mo chroidhe chuige, agus dochum na
críche seo gheabhadh (aidh) me móide iomchúbhaidh.



Ionnso tabhair buidheachas do Dhia do chruthaigh tú chum
críche chomh deársgnaighe agus sin, ag rádh: do chruthaigh
tú me a Thighearna, ar do shon féin agus dochum glóire
shíorraidhe gan chrích gan fóirchionn do thabhairt dom. Cá
huair dobhéarad buidheachas duit mar is cóir, agus mar
atá dfhiachaibh orm?



4. Arís íodhbraim duit, a chruthaightheóra ghrádhaigh,
na foinn agus na deagh-rúin seo uile ó neart agus ó
bhrígh m'anama agus mo chroidhe. Fós águidhim thú, a
Thighearna, gabh chughat go toiltheanach m'osna agus mo
rún.



Do naomh-bheannacht dom anam ionnas, go mfhéidir
liom iad so do chur a ngníomh tré luaidheacht fola do
Mhic féin do doirteadh san ccroich, srl. Paidir agus
Ave Maria. Ionnso deuna pousae crábhaidh dhuit féin
mar adubhramar shuas.


L. 45


CAIB. 11.
An treas athsmaoineadh. Ar thiodhlaicthibh Dé.



Ar túis cuir tú féin a ffiadhnaise Dé. Arís guidh é fá
smaointe maithe do thabhairt duit. Ag so na poingc:



1. An cheud uair, tabhair fá deara na tiodhlaicthe
corpardha dothug Dia dhuit, mar atá, do cholan agus gach
nídh dá ttug dhuit re na hoileamhuin, gach sógbháil, gach
sláinte, gach sólás dlisdionach, gach cáirde agus gach
congnamh d'á ttug dhuit. A chríostaighe, ag a ttabhairt seo
fá deara dhuit, smaoin fós go ffuil mórán de dhaoinibh is
fearr ioná thú nách fuair na tiodhlaicthe sin, do bhrígh go
ffuil drong díobh ag á ffuilid colna ciorruimeacha,
drong eile easlán, drong eile gan lúth ionn a mballaibh,
drong oile faoi mhasla agus tharcaisne, drong oile arna
ccrádh le bochtaine, agus náchar léig Dia aon nídh dhíobh
so ortsa, tré na thrócaire féin.



2. An dara huair. Meas na tiodhlaicthe anama thug
Dia dhuit, agus a liacht duine atá ar feadh an domhain ar
mire, ar buile, gan mhothughadh nó ar díth céille, agus
gurab é Dia do choimheud tusa gan a bheith de'n nuimhir
sin, agus fós godé mhéid de dhaoinibh an-ffiosacha ar
dhrochthógbháil suas, atá ar an saoghal, agus go ttug
Dia dhuitse, tré na thrócaire agus tré na fhor-amharc
féin, tógbháil suas iomchúbhaidh mhacánta nách tug dóibh sin.



3. An treas feacht. Cuimhnigh ar na tiodhlaicthibh spiora-
dálta dothug Dia dhuit, óir is de chlainn na heaglaise
tú, agus dothug eólus air féin duit ó haois óig. Dothug
sé grása na sacramainte dhuit go minic, dothug
sólás agus smaointe maithe ionn hínntinn dochum do
bheatha a leasughadh agus na ppeacadh do sheachnadh. Do
mhaith sé dhuit go minic is do tharraing tú ó pheiriacail
do bháis shíorruidhe, agus dothug sé aimsir go leór dhuit
chum leasa hanama do dheunadh. Feuch anois go mín


L. 46


soiléir godé chomh trócaireach agus chomh tabharthach agus
dobhí Dia dhuit.



Ionnso gabh fonn maith agus deaghrún chughat, ar tús
go mbadh iongnadh leat meud maithiosa Dé ort, ag rádh;
godé a fheabhas agus a thoirbheartaigh atá Dia leam
(liom). Ó, a Thighearna, is adhbhal saidhbhrios do thrócaire
agus do thiodhlaice tabharthach dhom. Ó, m'anam, bíodh
cuimhne againn do shíor ar meud tiodhlaicthe Dé dhúinn.



2. An dara feacht. Gabhach (dh) iongantas thú fád dhíom-
buidheachas féin ag rádh: a Thighearna, cia me go mbeith
cuimhne agatsa orm? Och, ní fiú me aon nídh óir dothug
me mímheas dod thiodhlaicibh. Dothug me easonóir dod
ghrásaibh agus do tharcaisnigheas iad, agus do chuireas
sármheud mo mhí-chumainn a naghaidh iomadamhlacht do
ghrás agus do thabharthais dhom.



3. An treas feacht. Músgail tú féin chum buidheachais
a thabhairt do Dhia ag rádh: Ó, mo chroidhe, ná bí neamh-
dhíleas neamh-thairise ná mí-chumannach níos sia don tí
thug na tiodhlaicthe móra so dhuit, agus go raibhe m'anam
ó so amach, úmhal do Dhia, noch dothug na tiodhlaicthe
iongantacha san dom.



4. An ceathramhadh feacht. Seachain anntoil uile do
choirp, agus deun searbhfhóghantaighe dhíot féin do Dhia
dothug na tiodhlaicthe móra san duit. Tóg tínntinn dochum
aire thabhairt do Dhia agus eóluis do bheith agat air
re freachnughadh iomchúbhaidh chuige sin. Gabh chughat fós
go díthchilleach dúthrachtach gach módh dá ffuil san eaglais
chum sláinte hanama, agus chum Dé do ghrádhughadh ós
cionn gach uile nídh. Uime sin, cuir rómhat úrnaighthe do
dheunadh go minic, na sacramainte do thathaighe, briathra
Dé d'éisteacht, agus gach rún maith dobhéarfas Dia dhuit
re na ccur a ngníomh.



Arna ccríochnughadh san duit, tabhair buidheachas do
Dhia, ar tús, go ttug fios duit cread is cóir dhuit a


L. 47


dheunadh ar son gach maithios dá ttug dhuit.



2. Arís, ofráil do chroidhe agus do dheaghrún do Dhia.



3. Agus fá dheoigh, guidh é tré bhás a Mhic féin, brígh
agus neart a thabhairt duit re iad san do chur a ngníomh,
agus ina dhiaigh sin, iarr congnamh Mhuire agus na naomh
uile. Paidior agus Ave Maria agus deuna pousae
mar atá shuas.



CAIB. 12.
An ceathramhadh athsmuaineadh. Ar an bpeacaidh (adh).



Ar túis cuir tú féin a ffiadhnaise Dé, agus guidh é
fá na neithibh ar ar cóir duit smaoineadh do thabhairt ionn
tínntinn, ag rádh na ppongc.



1. Ar túis tabhair fá deara cá fad aimsire ó thionnsgain
tú peaca do dheunadh, agus godé a mhionca do pheacaidh
tú ó shoin anuas, agus cionnas do mheudaigh tú do pheacaidhe
gach aon lá a naghaidh Dé, a taghaidh féin agus do chomharsan,
ó smaoineadh, ó bhréithir, agus ó ghníomh.



2. An dara huair, sgrúd do dhrochchlaonta agus cionnas
do leanais iad. As an dá phongc so dogheabhaidh tú gur
lia peaca dorinne tú ioná ruibe gruaige ar do cheann,
agus fós gur sháruigheadar gainimh na mara.



3. An treas uair, smaoin ar pheacadh an mhí-
chumainn agus an díombuidheachais dobhí agat ar Dhia
féin, do bhrigh gur peaca geinearálta é, do roigeann
tar na peacadhaibh oile go léir, dá ndeunadh a ffad níos
troime agus níos gráineamhla. Uime sin, feuch meud na
ttiodhlaicthe dothug Dia dhuit, re a ndeárnaidh tú cogadh
ina aghaidh féin. Fós cá mheud smaoineadh maith dothug
dhuit ar nár chuir tú suim? agus bruidiughadh beannaighthe
dothug ionn do chroidhe do léig tú thort go díomhaoin?
Agus níosa mhó ioná san, a mhionca do ghlacais na Sacra-


L. 48


mainte beannaighthe agus na seoide uaisle thug céile
hanama dhuit, do chuir tú a ndímbrígh tréd chionnta féin.
Smaoin arís ar an ullmhughadh ínntinne dobhí agat an
tan do ghlacais iad, agus feuch go grinn ar an mí-chumann
so go raibh Dia go díthchilleach ag tabhairt slighiughadh dhuit
tú féin do shlánadh, agus tusa ag teitheadh uaidh go héig-
críonadh chum do bháis shíorruidhe féin.



Ionnso gabh foinn agus deaghrúin. Ar túis bíodh náire
agus aithmhéaltas ort fád' dhíombuidheachas agus fád'
dhíth céille ag rádh: Ó mo Dhia, cionnas is féidir dhom
teacht dod' láthair? Acht ní ffuil ionnam acht ball
lothfa (lobhtha) de'n tsaoghal, agus soightheach lán d'olc
agus de dhíombuidheachas. An féidir go rabhas chomh
neamh-dhílios san agus nár fhágbhaidh me céadfadh ionn mo
chorp ná comhachta ionn m'anam náchar thruailligh me;
fós náchar léig me aon lá amháin dem' shaoghal tharm gan
míghníomh éigin do dheunadh. Acht an é seo fiacha atá ag
mo chruthaightheoir orm ar son a thiodhlaicthe dhom? Nó
díoluigheacht is cóir dhom a thabhairt ar son fola mo
Shlánaightheora do doirteadh dhom?



2. An dara feacht. Iarr maitheamhnas ar Dhia agus
teilg tú féin fá chosaibh an Tighearna mar mhac do chaith
a shaoghal agus a aimsir uile go holc, mar Mhuire
Magdalen, nó mar an mhnaoi úd do chaith aimsir fhada
re hadhaltranus ag rádh: Ó, a Thighearna, deuna trócaire
ar an ppeacach ttruaillighthe. Ó, a thobair na ngrás deuna
trócaire ar an ccionntach bocht do bhris do dhlighe.



3. An treas feacht. Cuir rómhad do bheatha leasughadh
ag rádh: Ó, a Thighearna, ní thiubhradh me mo chroidhe do
pheacadh ar bith ó so suas agus is truaigh fhaid do leanas
de. Anois gabhaim riotsa, a Athair na trócaire, is mian
liom a bheith beó feasda agus bás d'fhagháil dod réir.



4. An ceathramhadh feacht. Dochum na ppeacadh dorineadh
(rinne) me do sgrios uaim, deunfad gearán


L. 49


láidir deónach orm féin, agus ní fhúigfead aon pheacadh
gan aithreachas iomlán do dheunadh ar a shon.



5. An cúigeadh feacht. Dodheuna me an uile dhíthchioll
freumha na ppeacadh do tharraing as mo chroidhe agus go
háirighthe na ppeacadh is mó do chuir buaidhreadh agus
caithidhe orm, mar atáid seo agus seo oile.



6. An seisiughadh feacht. Ionnas gur feairrde do
chuirfinn so a ngníomh, geabhaidh me go seasamhach gach
comhairle agus gach teagasg spioradálta dá ttiubhrair
dhom, agus ní bhiaidh meas agam go bráth go ndeunfad
leoirghníomh iomlán tré mheud mo chionnta.



Faoi dheoigh, tabhair buidheachas do Dhia ar tús, a dfhoighnidh
leat gus an uair sin, mar dothug na deaghrúin sin ionn do
chroidhe arís, ofráil do chroidhe dho dochum iad san do
chur a ngníomh, agus guidh é tré luaidheachtaibh a Mhic féin,
Mhuire Mháthair agus na naomh uile, re brígh agus re neart
do thabhairt duit chuige sin. Paidior agus Ave Maria.
Deuna pousae spioradálta mar adubhramair shuas.



CAIB. 13.
An cúigeadh athsmuaineadh. Ar an mbás.



Ar túis cuir tú féin a ffiadhnaise Dé. 2. Arís iarr
grása air. 3. Ina dhiaigh sin meas tré mheud do thinnis
go ffuil tú ag tarraint ar an am deighionnach, ad
luighe a leabain an bháis, agus gan súil le sláinte corpardha
agat. Ag so na puinnc.



1. Ar túis tabhair fá dear neamh-chinnteacht lae do
bháis. Ó, a anam seo agam-sa, is éigionn duit sgaramhuint
uair éigin ris an ccorp, gan fios cá huair sin, a
ngeimhre nó a samhra san ccathair nó san tuaith,
san oidhche nó san ló, go hobann nó go haireach, le galar
nó le bás cineamhnach, an mbiaidh faill faoisdine agat
nó nách mbiaidh, an mbiaidh hathair spioradálta do láthair


L. 50


agat nó nách mbiaidh. Faraoir! atáid seo uile neamh-
chinnte; gidheadh, atá so cinnte go ttiucfaidh an bás
uair éigin, agus a ccomhnaidhe níos luaithe ioná mheasa-
maoid nó shileamaoid.



2. An dara feacht. Smaoin go ffuil deire leis an
saoghal uile ad thaobh féin ar fagháil bháis doit, agus nách
ffuil cuid agat de níosa mhó, a ccor go mbiaidh arna
chlaochlóghadh ós coinne do shúl ar son go mairfidh ionn
féin. Is dearbhtha ionnsan go ffaicfeadh (fidh) tú nách
ffuil san uile antoil, a n-eólbhaois, agus a n-iolgháirdios
an tsaoghail acht brionglóideach nó neull a tóigthear
le sith-gaoithe. Och! godé a mhionca chuir tú fearg ar
Dhia fán sgáile bhréige seo; óir dochídhfeadh tú annsan
gurab ar son neamhneithe do thréig tú Dia; dochídhfeadh
tú fós gur maith an chrábhaidh agus na deaghoibreacha.
Cread an fáth nách leanamaoid an tslighe aoibhinn thaith-
niomhach so? Dochídhfeadh tú na peacaidhe nách raibh acht
meas éadrom agat orra, oiread sléibhe ionnta agus
do chrábhadh go suathrach gan bhrígh.



An treas feacht, smaoin ar an slán deighionach tuirseach
do chuirfeadh an tanam ris an saoghal so, óir cuirfidh sé
druim re na shaidhbhrios, ris an eólbhaois, ris an ccomh-
luadar bréige, re himirt, re hantoil agus re gach sólás
oile, agus fós re na cháirdibh, re na chomharsanaibh, re na
ghaol, re na chlainn, re na mhnaoi phósta, agus faoi dheoigh
ris an uile chréatúir, agus re na chorp féin a bhias ina
thruaill gan ghnaoi gan sgéimh dá éis, acht ina athrach
ghráineamhail dhéisdionach.



An ceathramhadh feacht. Smaoin ar an diffir (deifir)
agus ar an díthchioll a dheunfaid do cháirde fán ccorp
marbh do chur as a ffiadhnaise, agus arna chur faoi chré
agus iairna adhlacadh do choirp dóibh, nách biaidh de
chuimhneadh ná dhe smaoineadh ag aon neach ort níos mó,
acht an oiread agus dobhí agat-sa ar na marbhaibh a d'imthigh


L. 51


rómhat féin. “Suai nios síorruidhe go dtugadh (aidh)
Dia dho,” adéarfaid, agus sin a mbias ann. Och! a bháis,
godé chomh beag de thruaigh ná thaiseadh ionnat! Godé
iomchúbhuidheacht cuimhne do bheith aguinn ort, do bhrígh
nách féidir do cheannsughadh, ná sásughadh a thabhairt duit.



An cúigeadh feacht. Ar fhágbháil an choirp do'n anam,
gan fios cá a ngeabhaidh sé, do'n ttaobh clí nó do'n ttaobh
deas. Och! cá angeabhaidh sé? Nó cia an tslighe? Is
dearbh nách aon tslighe a mhalairt na slighe do thionnsgain
sé ar an saoghal so.



Ionnso glac foinn mhaithe agus deagh-rún. Ar tús
guidh Dia agus cuir tú féin idir a lámhaibh ag rádh: “Ó,
a Thighearna, gaibh me fád' sgéith agus fád' dhíon san lá
baoghalach úd, agus deuna san am chéadna go sona fabharrach
dhom, a ccás go mbeith an chuid oile dhe mo shaoghal go
searbh tuirseach.”



Arís tabhair tarcaisne ar an saoghal ag rádh: Ó nách
fios dhom cá huair do thréigfeas me thú, a shaoghail, ní
bhiadh me ceangailte dhíot ó so amach. Guidhim sibh, a
cháirde ghrádhach agus a dhaoine muintiordha, ná hiarruighe
(aidh) cion ná grádh do bheith agam oraibh acht ar son Dé
amháin, óir is é sin an grádh do mhairfios do shíor, agus is
ionnsan a bhiadsa ceangailte dhíbh, óir ní budh héigion
dhúinn a bhriseadh go bráth, agus is mian liom me féin
d'ullmhughadh agus do ghleus dochum uair an bháis, ris
an ndíthchioll agus ris an ndúthracht do hiarrthar dochum
báis mhaith. Agus cuirfead rómham, an mhéid gurab féidir
dhom é, mo choinsias do leasughadh agus a bheith glan do
ghnáth, agus gach locht dá ffuil ionnam do leasughadh.



Fá dheoigh tabhair buidheachas do Dhia do chuir na deagh-
rúin seo ionn do chroidhe agus ofráil do iad agus guidh é
fá dheaghbhás do thabhairt duit. Iarr eadarghuidhe Mhuire
agus na naomh, ag rádh Pater Noster, Ave Maria. Deun
pousae srl.


L. 52


CAIB. 14.
An seisiughadh hathsmaoineadh. Ar an mbreitheamhnas
deighionnach.



Ar ttús, meas go ffuil tú a ffiadhnaise Dé. 2. Arís
guidh é fá na ttabhairt ionn hínntinn na neithe ar ar cóir
dhuit smaoineadh. Ag seo na poingc.



1. Smaoin ar tús ar tteacht do dheire an domhain,
do réir mar d'órdaigh Dia, go ttiucfadh iomad de chomhar-
thadhaibh agus d'airrgheanaibh uathbhásacha, ionnas go seargfadh
na daoine re huamhan agus re heagla. Óir tiucfadh (aidh)
caorthuinn theine mar robhartha dílinne, re a loisgfear
clár na cruinne uile, agus dodheuntar luaithreabhán
de, ionnas nách rachadh (aidh) aon nídh d'á ffaiceamaoidne
saor uaithe.



2. An dara feacht. Smaoin tairéis na díliona
lasrach agus teintrighe seo, nách biaidh corp a nuaigh gan
aithbheodha re guth an árdaingil, go ttiucfaid uile go
Gleann Josaphat. Acht, mo thruaighe! is mór an difir
a bhias eadorra, óir biaidh drong díobh ionn a ccorpaibh
glórmhara, agus drong oile ina ccorpaibh gráineamhla
ró-thruaillighthe.



3. An treas feacht. Smaoin ar an mhórdháil re a
ttiucfadh an tardbhreithiomh agus na haingil uile ina
thímchioll, an chroch naomhtha dá hiomchar roimhe amach, níos
dealraighe ioná an ghrian, mar chomhartha grás agus
trócaire do lucht na mbeannocht, agus ina chomhartha
díoghaltais agus daor-chirt do lucht na mallocht.



4. An ceathramhadh uair. Smuain go ccuirfighear le
hórdughadh an Árd-bhreitheamhuinan, d'á ngéillfear gan
mhaill, lucht na mbeannocht ar a láimh dheis agus lucht na
mallocht ar a láimh chlí, agus go mbeid sgartha re chéile
tré bhioth shíor. Och, a sgaramhuint shíorruidhe! sgaramhuint


L. 53


(mh) mairgneach, a ndiaigh nách faicfid an dá chuideachta
so a chéile go deoigh arís, agus nách tiucfaid ar aon bhall.



An cúigeadh huair. Iar ndeunadh an sgaramhuint seo
agus ar ffosgladh leabhair an choinsiasa, chídhfidhear go
follas mailís na cciontach agus an tarcaisne
dothugadar ar Dhia, agus don ttaobh oile aithreachas na
ffíoraon agus an toradh do bhaineadar as a ghrásaibh,
ionnas nách biaidh nídh dá dhiamharaighe dá ndeunaid nách
tiucfadh (aidh) dochum soluis, agus ní (foil) fuilleóchthar
aon nídh. Ó, a Thighearna, godé an tadhbhar lúthghára
dodheunfadh so do lucht na mbeannocht, agus an dólás
síorruidhe do na mallaightheoiríbh.



An seisiughadh uair. Smuain ar an mbreitheamhantas
deighionnach dobhéar an Breitheamh ar lucht na mallocht,
ag rádh; “Imthighe (idh), a lucht na mallocht, san teine
shíorruidhe atá arna hullmhughadh fá chomhair diabhlaibh
agus a nainglibh.” Budh chóir do gach aon machtnamh go
grinn ar na briathraibh tromdha so. Imthighe (idh), adeir
an Breitheamh .i. tréigim sibh go síorruidhe a dhaoine
mallaighthe, agus ní thiucfaidh sibh am fhiadhnaise tré bhioth
shíor. Adeir gur daoine mallaighthe iad. Ó m'anam,
ag so an mallacht ionn a ffuil an uile olc, agus nách
goirfighear ar ais, acht a mhairfeas tré shaoghal na saoghal,
agus ina dhiaigh sin adeir leó dul a tteine shíorruidhe.
Ó, a anam, feuch go grinn ar fhaid na síorruigheachta so.
Ó, a shíorruigheacht na bpian, godé meud an adhbhair
uamhan (ain) agus imeagla thú!



7. An seachtmhadh uair. Smuain ar an mbreath dobhéarfar
ar na deaghdhaoinibh ina haghaidh sin. Adéaraidh
an breithiomh leó: “Tigidhe.” Ag so briathra millse na
sláinte re a ttarraingeann Dia chuige féin sinn, dár
nglacadh asteach a nucht a thrócaire. “A dhaoine
beannaighthe” ag so an bheannocht ghrádhach thaithniomhach,
ionn a ffuil an uile mhaithios, seun agus sonas. “Gabhaighe


L. 54


an ríoghacht atá arna hullmhughadh dhíbh ó thús an domhain.”
Ó, a Dhé ionmhuin godé a mheud so mar thiodhlacadh .i.
ríoghacht lán do shólás ar nách biaidh críoch ná foirchionn.



Ionnso gabhaidh (adh) miana agus foinn mhaithe thú. Ar
tús gabhach (dh) criothnughadh agus uamhain (an) thú ag rádh:
Ó m'anam, an tan do chuimhneóchas tú orra so! Ó, mo
Dhia, cia dobheurfas díon dom an lá úd, agus go mbeid
collamhuin na fflaithios ar crith re heagla agus re
huathbhás!



2. An dara huair. Glac fuath agus gráin ar do
pheacadhaibh, do bhrígh gur leó amháin is féidir do mhilleadh
agus do dhamnughadh san lá baoghlach úd, ag rádh: “Is
mian liom me féin do thabhairt breatha orm anois ionnas
nách tiubhraidhe orm an uair úd í. Anois feuchfad ar mo
choinsias agus dodheuna me gearán orm féin, agus
daorfad me féin agus cuirfead rómham me féin do
leasughadh, ionnas nách damanóchaidh an Breitheamh me san
ló uathbhásach úd. Óir dodheunadh (aidh) me faoisdin
anois, agus glacfad gach comhairle is maith dochum sláinte
m'anama.”



Faoi dheoigh. Tabhair buidheachas do Dhia go ttug módh
agus úcáid duit re thú féin do shlánughadh san lá úd,
agus go ttug aimsir dhuit dochum aithrighe do dheunadh.
Ofráil do chroidhe dho chum aithrighe fhírinneach do dheunadh,
agus guidh é fá ghrása do thabhairt dhuit dochum gach nídh
is cóir dhuit do dheunadh. Pater Noster, Ave Maria.
Deuna pousae, srl.



CAIB. 15.
An seachtmhadh hathsmuaineadh. Ar Ifrionn.



1. Meas go ffuil tú a ffiadhnaise Dé. Úirísligh tú féin
do, agus iarr a chongnamh. Ionnsan cruthaigh ad mheanmain
cathair ar dearglasadh le ruibh agus le pic breunbholaigh


L. 55


agus (í) lán de dhaoinibh agus gan ar ccumus aon díobh
a fhagbháil amach. Ag seo na puinnc.



1. An chéad uair. Tabhair fá dearaidh gurab amhlaidh
atáid na daoine damanta ionn uaimh ifrinn, amhail do
bheidís san ccathair mhallaighthe úd do smaoinís shuas, ag
fullang pian ródhaorálach san uile chéadfadh agus san
uile bhall dá ccorpaibh, óir is do réir mar dorineadar
na peacaidhe re na ccéadfadhaibh agus re na mballaibh,
a bhias pianta orra. Na súile, fá na silleadh saobh
mailíseach, beid dá bpianadh re hamharc uathbhásach ifrinn
agus na ndiabhal. Mar an ccéadna na cluasa ar son
éisteachta na neithean toirmiosgtha, agus na hantola do
bhaineadar asta, beid ag éisteacht re gul, re gártha, agus
re naomhaithis na neudóthchasach, agus mar sin do gach
céadfadh oile.



2. An dara huair. Smaoin ar phéin is mó agus is
troime ioná iad so uile .i. easbaidh na glóire síorruidhe
go suthain. Más mó do chuir ar Absalom gan radharc
a athar do bheith aige, ioná é féin do bheith ar díbirt, Ó,
a Dhia ghlórmhair, godé a mhéid d'ádhbhar tuirse gan radharc
d'fhagháil tré bhioth shíor ar do ghnúis neamhdhasa!



3. An treas uair. Meas síorruigheacht na bpian
agus ifrionn d'fhulang. Muna mbeith acht cuil ionn do
chluais, nó teas fiabhrais ort, dodheunfaidís oidhche d'á
ghiorracht fada buartha dhuit, godé uathbhás mhairfios an
fad dobhias san oidhche shíorruidhe, maille re piana ró
iomarcacha! As an tsíorruigheacht so dothig eudóthchas
do-chríochnaighthe.



Ionnso gabh miana maithe agus deaghrúin, agus gabhadh
uathbhás tú, ag rádh na mbriathar úd Job. Och, a anam, an
féidir leat na lasracha síorruidhe úd d'fhulang tré bhioth
shíor, agus an teine nách ccaithtear? An mian leat do
Dhia a thréigean agus a chailleamhuint go síorruidhe?
Admhaidh féin gur thuill tú ifrionn, agus san go minic,


L. 56


acht ó so amach gabh slighe oile ionnas nách rachfadh (aidh)
tú do'n phríosún doimhinn úd. Uime sin, cuir rómhat,
ar an uile mhódh, an peacadh do sheachnadh ós leis amháin
is féidir bás shíorruidhe do thabhairt duit.



Tabhair buidheachas do Dhia. Ofráil tú féin do agus
guidh é mar adubhramair shuas.



CAIB. 16.
An hochtmhadh athsmuaineadh. Ar Fhlaitheamhnas.



Ar tús cuir tú féin a ffiadhnaise Dé agus iarr a
chongnamh. Ag so na poingc.



1. Smaoin ar ttús, ar oidhche aoibhinn shoineanta,
an taer uile soillseach re hiomad na réaltan, agus tabhair
fá deara gur róthaithniomhach radharc na réaltan neug-
samhlach niomdha san. Cuir le sgéimh na hoidhche sin, lá
álainn soineanta ar mhódh nách ccuirfeadh soillse na
gréine toirmiosg ar radharc na réaltan ná an éasga,
agus smaoin agat féin, gan chontabhairt ar bith, a ffuil
de sgéimh ionnta so uile, nách ffuil acht neamhnídh ionnta,
a ccomórtas sgéimhe fhlaithis nDé. Ó, godé fonnmhaire
agus aoibhinne na háite sin, agus godé a huaisle de chathair!



2. An dara huair. Smaoin ar bhreághthacht agus ar
sgéimh chualachta na cathrach céadna, óir atá milliún de
mhilliúnaibh aingeal innte, maille re sluaigh Apstol agus
Mairtíreach, Coinfeasóir, óigh agus ban-naomh. Ó, godé
beannaightheacht agus sáimhe an chomhluadair seo, ar mhódh
gur mhó an sámhus an tanam is lugha dhíobh dfhaicsin ioná
an domhain seo uile. Dá bhrígh sin godé an tadhbhar
lúthghára iad go léir dfhaicsin? Ó, a Dhia íodhain, godé
a bheannaightheacht attáid uile ag cantain caintice ceól-
mhaire an ghrádh shíorruidhe do ghnáth go lúthgháireach, lán


L. 57


de shólás, agus iad féin ag tabhairt sóláis d'á chéile,
ionn a ccumann nách féidir a sgaoile chaoidhche.



3. An treas uair. Smuain meud na maithiosa atá
aca as seilbh Dé, atá ag tabhairt glóire agus sóláis
dóibh as a radharc róthaithniomhach féin, agus atá ag dortadh
srotha sóláis gan fóirchionn ionn a ccroidhthibh. Godé
a mheud d'onóir a bheith do ghnáth ad láthair, a Thighearna.
Beid fós ionnsúd, mar do bheith eunlaith róaoibhinne
a naer a dhiadhachta, ar lúth ag seinm ceoil gan traochadh
d'aonghuth, gan tnúth ag aon díobh re roile, agus gach aon
díobh ag moladh Dé do réir a acfuinne féin, ag rádh!
Go mbadh beannaighthe thú, a Chruthaightheoir agus a Shlánaigh-
theoir íodhain mhilis, dorine trócaire orainn, agus
dobheir cumann do ghlóire dhúinn chomh tabharthach so. Biaidh
Dia fós dá mbeannughadh san go síorruidhe dá rádh:
Is beannaighthe sibhsi, mo chréatúiridhe róghrádhacha, dorine
seirbhís dom ón bhúr mbeathaidh, agus biaidh sibh
dom mholadh re fíorghrádh go suthain síorruidhe.



Ionnso gabh miana agus deaghrúin agus bíodh iongna
ort, agus mol an dúithche neamhdha ag rádh: Godé do
bhréaghthacht, a chathair neamhdha, agus godé chomh beannaighthe
agus gach naon atá ina chomhnaighe ionnat.



An dara huair. Tabhair aithis agus imdhearga
dhuit féin fád' neamh-mhisneach agus fád' bheag-chroidhe
gus an am san, do bhrígh gur sheachain tú an tslighe do
threóruigheann chum an Dúin ghlórmhair seo. Och, cread
fár chlaon me chomh fada agus san ó'n nglóire agus ó'n
mbeathaidh shíorruidhe! Och, is truaigh me, óir do thréig me
míle agus míle uair an sólás gan fóirchionn ar son an-
toile bhig thruaillighthe. Godí an ínntinn dobhí agam an
tan dothugas tarcaisne ar mhaith chomh fonnmhar agus san,
dochum miana dhíomhaoin do chur a ngníomh.



An treas feacht. Gabhach (dh) fonn tú re neart agus
re brígh hínntinne re teacht dochum an chiúnais agus an


L. 58


tsóláis úd. A Thighearna thrócairigh, ó do thaithin leat sa
mo chur ar shlighe na fírinne, ní fheuchfadh (aidh) me ar m'ais,
agus ní rachaidh me troigh ar mo chúl. Ó, a anam, triall-
amaoid don chiúnas gan fóirchionn, agus gluaiseamaoid
don ttalamh beannaighthe úd atá geallta dhúinn. Cread
támaoid do (dh) deunadh san áit seo ionn a ffuileamaoid
ar díbirt? Dá bhrígh sin seachnóchaidh me an uile nídh do
chuirfeadh toirmiosg nó maill orm san tslighe seo, agus
dodheuna me gach nídh dobhéarfas congnamh dhom chum
na críche seo do rochtain. Tabhair buidheachas do Dhia
annso, agus guidh é mar a dubhramair shuas.



CAIB. 17.
An naomhadh hathsmuaineadh. Ar an módh ar ar
cóir do dhuine an ghlóir neamhdha do bhreith de roghain
agus a mian do bheith aige arna fagháil do.



1. Ar tús, meas go ffuil tú a ffiadhnaise Dé, arís
úmhlaigh tú féin do, agus guidh é fá smaointe maithe do
thabhairt duit.
Ag so na poingc:



1. Smaoin go ffuil tú at aonar maille re tAingeal
Coimhdeachta, ar chlár mháighe réigh (dhe), mar dobhí Tobias
óg ag triall go Rages na Médi, agus tú ag cainnt agus
ag comhluadar leis, agus é ag taisbeánadh dhuit as an
Mágh Flaithis Dé osgailte, maille re a ffuil de shólás
agus d'iolgháirdios ann, ar ar smaoin tú roimhe seo. Arís
é ag taisbeánadh ifrinn shíos osgailte dhuit maille re a
ffuil de phiantaibh ann, mar do smaoin tú shuas. Tairéis
tú dá smaoineadh san a ffiadhnaise an Aingil Choimhdeachta.



Smaoin ar ttús, go ffuil tú féin idir neamh agus ifrionn,
agus iad araon osgailte rómhat chum do ghlacaighthe,
gidhbé dhíobh a gheabha tú de roghain, agus go mairfid
tré bhioth shíor.


L. 59


2. Smaoin arís, ar son go ffuil gach áit aca so réigh (dh)
chum do ghlacaidh do réir do thogha féin, séineach atá Dia
ullamh re hifrionn a thabhairt duit re ceart, nó neamh
re trócaire, agus atá fonn adhbhalmhór air tú do ghabháil
neimhe mar roghain. Atá fós t'aingeal coimhdeachta dod
bhrostughadh chuige seo ar iomad de mhódhaibh, re grása
agus re cuidiughadh Dé, ionnas maille re na chongnamh,
go rachaidh tú suas ar neamh.



3. An treas uair. Smaoin go ffuil ár tTighearna
Íosa Críost ag feuchain anuas ó neamh go trócaireach ort,
ag rádh: “Ó mo ghrádh, gluais dochum an tsuaimhnis
shíorruidhe agus cuir tú féin idir mo dhá láimh, do bhrígh
gur ullmhaigh iomad mo ghrádh ort, sólás gan foirchionn
duit.” Feuch arís re súilibh na tuigse an Mhaighdion
Bheannaighthe, Máthair Dé, ag gairm ort dá rádh riot:
Ó mo ghrádh, ná tabhair tarcaisne ar mhian mo Mhicsi, ná
ar gach osnadh dá léigimsi asam mar aon leis sin, ag
iarraidh go ródhian do shláinte shíorruidhesi. Ná déin
maill. Feuch fós neamh agus miliún d'anamnaibh
beannaighthe ag gairm ort go grádhach carrthannach, ionnas
nách fuil nídh is mó atá de mhian orra ioná do chroidhese
a bheith ceangailte d'á ccroidhthibh féin, ionnas go mbeith
sibh a naoinfheacht ag moladh Dé tré shaoghal na saoghal.
Dearbhaid fós go cinnte dhuit, nách ffuil an tslighe go
Flaitheamhnas chomh cruaidh ná chomh dócamhlach agus mheasaid
an drong do leanann d'á nantoil féin. Ó, gluais,
adeirid, a chara ionmhuin, agus gidhbé leanas de shlighe
na crábhaidh (an chr-) (re a ttángamairne ionnso),
dochídhfeadh go deimhin gur sáimhe, gan chompráid, an tslighe
í dochum an tsóláis atá againne, ioná sólás an tsaoghail
uile ar aon bhall.



4. An ceathramhadh feacht. Ó so amach cuirim go
síorruidhe droim leat-sa, a ifrinn. Atá agus biaidh gráin


L. 60


agus fuath agam ort féin agus ar do phianaibh, agus ar do
shíorruidheacht mhallaighthe gan seun, agus tar gach nídh,
biaidh an ghráin agam ar do naomhaithis shíorruidhe ó rún
mo chroidhe, agus ar na mallochta déisdionamhla do
sgéithios tú do ghnáth a naghaidh mo Dhia. Ó, fillim ar
neamh aoibhinn áluinn, agus mo chroidhe agus m'anam
chughat, a ghlóire shíorruidhe, agus a shéin mharthannaighe,
go ffaghaidh mé áitreamh agus comhnuighe ionn do longphort
sgiamhach beannaighthe, agus toghaim tú tré bhioth shíor.
Ó, mo Dhia, molaim agus beannuighim do thrócaire, agus
gabhaim an rogha atá tú do thairgsint dom. Ó, a Íosa, mo
Shlánaightheoir, gabhaim red ghrádh shíorruidhe agus ris an
áit d'ullmhaigh tú dhom a ríoghacht na fFlaithios, agus ní
ar son neithe ar bith eile, acht chum a bheith dhod' mholadh féin
tré bhioth shíor.



5. An cúigeadh huair. Gabh fadhbhar na Naomhóigh,
Máthair Dé, agus re deaghthoil na naomh uile, agus geall
dóibh go fírinneach tarraint go díreach fá na ndéighin,
agus tabhair do lámh do tAingeal Coimhdeachta dochum
do threóraighthe, agus dúisg tanam chum na roghain seo
do chur a ngníomh.



CAIB. 18.
Tráchtar ionnso ar an módh a ngabhann an tanam
beatha chrábhaidh de roghain.



Ar ttús, cuir tú féin a ffiadhnaise Dé. 2. Úirísligh
tú féin, agus iarr grása agus congnamh air.



1. An chéad uair. Meas go ffuil tú féin agus
tAingeal Coimhdeachta arís, ar mhágh fhairsing libh féin,
agus dod thaobh clí go ffaicionn tú an diabhal ann a
ccathaoir árd ina shuighe, agus iomad de spiridíbh ifrinn
ina thimchioll, agus sluaigh adhbhal de dhaoinibh an tsaoghail
ina fhiadhnaise agus ag gabháil ris mar Thighearna, agus iad


L. 61


san mar sheirbhíseachaibh ag deunadh adhartha agus onóra
dho, drong le peaca agus drong le peaca oile. Feuch
godé mar atáid an teaghlach coirpthe mallaighthe seo a
dheunadh. Atá drong díobh re fuath agus re tnúth, nó re
feirg ar mire; drong oile ag marbhadh a chéile, dream
oile tuirseach tochtach, go mí-fhiúntach ag cruinniughadh
saidhbhris gan fhóirsheasamh gan chomhnuighe. Dream oile
dhíobh ag imtheacht le na nantoil agus re díomhaoineas gan
toradh gan tairbhe. Drong oile ag lobha agus ag
únfart ionn a nanmhiana brúideamhla. Gidheadh, feuch
anois nách fuil ciúnas ar bith aca so, agus nách fuil réir ná
órdughadh ar bith eadorra go ffuilid lán de tharcaisne ar
a chéile, agus gan grádh fíor ag aon díobh do'n dara duine.
chífeadh (fidh) tú fós aco so bruid agus boichteacht maille
re mórán anacra oile, gan seun gan sonas, fá dhaorsmacht
ag an rí mallochtach so, do bhogfas chum truaighmhéile tú.



2. An dara huair. Feuch ar do láimh dheis agus amharc
ar Íosa Críost san ccroiche ag guidhe a Athar re grádh a
chroidhe ar son na mbochtán úd atá ag fóghnamh do'n diabhal,
ionnas go saorfadh iad ó na thighearnas tíoránta, agus
go ttigidís chuige féin atá ag gairm orra.



Feuch fós uimhir do-áirmhighthe de dhaoinibh cráibhtheacha
diagha ina thímchioll, agus tabhair fá dear sgéimh, taithniomh
agus sámhus na ríoghachta so .i. sluaigh óigh, fear agus
ban dfhaicsin níos geile ioná lile, cuideachta baintreabhach
lán de umhaile agus de chlaonmharbhthacht naomhtha; uimhir
fós de lánamhnacha pósta go ciúin síothchánta agus teacht
re chéile a ngrádh agus a ccarrthannacht, nídh nách féidir
a dheunadh gan grása speisialta ó Dhia. Feuch anois
cionas do chuirid na daoine cráibhtheacha so a ccúram
saoghalta agus seirbhís Dé anaice a chéile; grádh aca
féin d'á chéile, agus grádh Dé ós a chionn san aca. Tabhair
aire dhóibh seo uile, agus chífeadh (fidh) tú gur sámh milis


L. 62


naomhtha a ccomhluadar agus a mbeusaibh, ag éisteacht re
briathraibh Dé go róaireach, ionnas gur mhian re gach aon
díobh Dia do bheith ina chomhnaighe ionn a chroidhe do shíor.
Atáid lán de shólás ghrásamhail carrthannach róórduighthe
agus atáid lán de ghrádh gheanmnaighe bheannaighthe ar a
chéile. Má thig bruid nó buaidhre ar aon díobh, ní ghabhann
tuirse iad ná claochlódh ínntinne ná beusa. Atáid súile
Dé ag feuchain do ghnáth orra dochum sóláis do thabhairt
dóibh, agus iad san mar an ccéadna ag feuchain ar Dhia.



3. An treas uair. Ar son gur ghlac tú fonn agus
rún mhaith ionnso, agus gur thréigis an diabhal agus a
chuideachta ghráineamhuil mhallaighthe, níor tháinigh tú fós
go nuige an Rígh, Íosa Críost, agus níor cheangail tú
thú féin re na Theaghlach naomhtha, chráibhtheach, acht atá
tú idir an dá theaghlach so.



4. An ceathramhadh nídh. Atá Máthair Dé agus a céile
Joseph, N. Lodobhic Rí, N. Moinica, agus mórán oile
ar a raibh cúram an tsaoghail, dod ghairm agus a
tabhairt misnigh duit tú féin do tháthughadh leó.



5. An cúigeadh nídh. Atá Críost san ccroich ag gairm
ort as hainm féin ag rádh: “Ó, mo ghrádh, gluais chughamsa
dochum coróineach do chur ort san nglóir shíorruidhe.”
Gabh rogha ionnso ag rádh ó thúis: Ó, a shaoghail agus a
chuideachta mhallaighthe, ó so amach ní fhaicfidh sibh me fá
bhúr mbrataibh tré bhioth shíor, agus tréigim go hiomlán
bhúr neólbhaois agus bhúr mire bhréige. Diúltuighim duit
fós, a dhíomuis, a Rígh an uile mhíséin, a spioraid dheamhnaighe
mhallaighthe, maille red' phoimp agus maille red'
hoibreachaibh.



6. Abair an dara huair. Fillim ortsa, a Íosa íodhain
mhilis, a rí an tséin agus na glóire síorruighe, agus
gabhaim riot le huile bhrígh m'anama, agus adharaim tú
ó rún croidhe, agus toghaim tú ó so suas mar Rí dhom


L. 63


féin tré bhioth shíor, agus geallaim go daingionn diong-
mhálta, seirbhís do dheunadh dhuit go dílios, agus ní
ghoirfeadh (fidh) me an gealladh san ar ais. Geallaim dhuit
fós do dhlighe agus haitheanta do choimheud.



7. Abair an treas huair. Ó, a Mhaighdin (dean) ró
naomhtha, a bhaintighearna róghrádhach, iniugh gabhaim leat
mar threóraighe, agus toghaim a bheith fád' bhratach, agus
geallaim seirbhís agus onóir speisialta do dheunadh dhuit.
Tusa fós, a naoimh-aingil coimhdeachta, beir me do láthair
na cuideachtan bheannaighthe úd, agus ná tréig me go
ttigeadh (idh) me dochum a ccomhluadair. Agus do
chomhartha gurab í seo mo thogha agus mo rogha, adeirim
agus adéarfad do shíor: “Is beannaighthe Íosa agus is
beannaighthe Íosa.” Pater Noster. Ave Maria. Deuna
pousae, srl.



CAIB. 19.
Cionas is cóir faoisdin gheinearálta do
thionnsgnadh agus do dheunadh.



A dhuine re ar mian beatha chráibhtheach do bheith agat,
is riachtanach dhuit na hathsmaointe shuas a chur a ffreach-
nughadh go maith, agus ina dhiaigh sin, tionnsgain go
deighmhisneamhuil neamheaglach, re spioraid na humhluigh-
eachta, faoisdin gheinearálta do dheunadh.



Guidhim tú ionnso, ná cuireach (dh) eagla ar bith buairt
nó droichmhisneach ort. Bíonn nimh ar ghreidhm na buaire
(Joad). Gidheadh, má bruighthear é (í) féin ina holadh, is
maith an liaighios a naghaidh na nimhe céadna í. Mar sin
don ppeacadh. Atá nimh air an tan doghnidhthear é, acht
tairéis a bhruighte re faoisdin agus re haithrighe níl brígh
ar bith ionn a nimh, agus tig fós maith ina dhiaidh. Atá
brígh liaighis ag an ffaoisdin agus ag an aithrighe, ionnas


L. 64


go nglanaid truailligheacht an pheacadh (aidh), agus le na
ndeaghbholath go ttógbhaid breuntas an pheacaidh as an
anam. Adubhairt Naomh Siomon, Lobhar, gur pheacach
Muire Maigdelen, acht ní hé sin breitheamhnas Chríst
uirthe, bíodh gur pheacaigh sí roimhe sin, acht do réir méid
an ghrádh dobhí aice, agus na holadh do dhoirt sí ar a
chosaibh féin.



Má bhímíd umhal go fírinneach, biaidh fuath agus gráin
againn ar an ppeacaidh (adh), do bhrígh go ccuirionn fearg
ar Dhia, agus biaidh gean againn ar ghearán do dheunadh
air, do bhrígh go ttugamaoid onóir do Dhia ris sin. Is
mór an cuidiughadh do'n othar gan aon nídh dá easláinte
do cheilt ar an liaigh. Uime sin, an tan dothiucfas tú
do láthair na nAithreach spioradálta, meas go ffuil tú
ar chnoc na Croiche faoi chosaibh Íosa Críost, agus a fhuil
uasal dá dortadh ina tonnaibh ad thímchioll dochum do
ghlanta agus do nighte, agus ar son nách ffuil do
Shlánaightheoir Íosa ar hamharc, atá a bhrígh agus a luaigheacht
dá ndortadh go róacfuinneach ionn ár nanamnaibh a
naimsir na faoisdine. Dá bhrígh sin osgail do chroidhe
san ffaoisdin, go róiomlán, agus díbir na peacaidhe
as, óir ní ffuil dá mheud agus rachaid amach nách dá réir
sin a thiucfas luaidheacht pháise Chríst ina náit, ionas
go líonfadh (aidh) é re na bheannughadh féin.



Tairis seo, nocht agus foillsigh staid hanama go glan
símplidhe díreach, agus tairéis tfhaoisdin do dheunadh,
bíodh coinsias ciúin soineanta agat, agus ina dhiaigh
sin tabhair aire do gach comhairle dá ttiubhradh (aidh)
Biocáire Dé dhuit, agus abair ionn do chroidhe: “Labhair
liom, a Thighearna, atá do shearbhfhóghantaighe ag éistiocht
riot.”



Agus bí dearbhtha gurab é Dia atá ag labhairt
ann, do bhrígh go ndubhairt re na bhiocáiribh: “Gidhbé
éistfeas sibhse, mise éistfidh sé.” Gabh chughat


L. 65


ina dhiaidh sin, an gheallamhaint seo síos agus cuir críoch
ar do chroidhebhrughadh ris tairéis a fhromhtha agus a thabhairt
fá deara dhuit, go grádhach, fonnmhar, ó rún croidhe.



CAIB. 20.
Geallamhaint daingeann agus rún sire seirbhís
do dheunadh do Dhia, maille re gníomhartha na haithrighe
do sgríobhadh san ccroidhe.



Geallaim a ffiadhnaise Dé agus na cúirte neamhdha
uile, ó dothug me dom aire mór-thrócaire Dé orm féin,
atá an chreutúir bhocht thruaillighthe, óir do chruthaigh sé
me as neamhnídh, agus do choimheud me gus anois, agus
dorinne foighid riom agus do shaor me ar gach peiriacail ionn
a rabhas agus dothug tíodhlaicthe móra dhom. Agus ar tús,
iar smuaineadh dhom ar an ttrócaire nách féidir a mheas re
a ndeárnadh (aidh) an Choimdhe foighid leam ionn mo chionnta,
agus é dom ghairm go minic go grádhach, carrthannach,
dochum mo bheathadh do leasughadh, agus ag iomchur leam
go foighdeach gus an mbliadhain seo dem' aois, ar son
go rabhas crosta mí-chumannach neamh-dhílios do, ag cur
mo leasa féin ar cáirde agus ag cur feirge air lem'
dhroch-chomhairle féin, go héigcríona, amadánach, agus
an tan dobheirim fám' aire an uair do ghlac me baiste,
gur hofráladh do Dhia me, ionnas go mbeinn d'á chlainn
dílios féin, agus a naghaidh an gheallta dotugadh ionn
m'ainim an uair sin, gur thrualligh me m'anam go ró-mhinic,
ag cionntughadh a naghaidh Dé. Acht anois, ar mo ghlúinibh
a ffiadhnaise bhreitheamhnais chirt Dé, ag smaoineadh orm
féin, agus ag admháil go ffuilim cionntach a naghaidh Dé,
bháis agus pháise Íosa Críost, agus san ar son na ppeacadh
dorine me. Agus ionnas gur bh'éigionn do bás agus
piana na croiche dfhulaing ar mo shon, agus uime sin
gur thuill me pian síorruidhe do thabhairt dom. Acht


L. 66


fillim ar mhórthrócaire Dé, agus dothug me fuath agus
gráin óm' chroidhe agus óm' uile bhrígh do gach cionnta dá
ndeárnas go ttí so, guidhim é go humhal maitheamhnas
agus logha mo pheacaidh do thabhairt dom, agus gan cuimhne
do bheith aige orra níosa mhó, agus san tré bhrígh bháis agus
pháise mo Thighearna agus fuasglaightheóra m'anama, óir
isiad san is fíorbhun don ngeallamhuint dílios agus don
tsacramaint dothug mo Dhia ar mo shon san mBaiste,
agus athnuadhaim féin anois an gheallamhuin chéadna agus
diúltuighim don diabhal, don tsaoghal agus don ccolainn,
agus do gach drochsmaointe dá ttugaid dom, dá neólbhaois
agus dá nan-mhianta, ar feadh mo bheathaidh (adh) agus tré
shaoghal na saoghal, agus cuirim suas dóibh agus fillim
ar mo Dhia beannaighthe trócaireach féin, agus cuirim
rómham anois agus go síorruidhe seirbhís do dheunadh dho,
agus grádh do bheith agam air: agus dochum na críche
seo tairgim mo spioraid do maille re na ffuil de bhrígh
innte, agus m'anam maille re na uile neart, agus mo
chroidhe maille re na uile fhonn, agus mo chorp maille re
na chéadfadhaibh.



Geallaim fós nách deunfad nídh ar bith go bráth a naghaidh
a thoile agus a mhórdhacht dhiadha, agus toirbhrim me féin
do mar íodhbairt, ionnas go mbeinn am chréatúir úmhal
dhílios do go síorruidhe, agus ní ghoirfead an rún so ar
ais go bráth, ná ní bhiaidh aithreachas orm fám' gheallamhuint,
agus fós dá tteagmhadh dham re cathaighe mo namhad, as
laige dhaonda teacht a naghaidh an rúin seo nó nídh ar bith
do dheunadh contrárdha dho, geallaim anois agus cuirim
rómham chomh luath agus thuigfeas me mo lochta, maille
re grása an Spiorad (aid) Naoimh, éirghe asta gan mhoill
agus me féin do chur ar chomaraighe thrócaire nDé maille
re haithrighe.



Ag seo mo thoil agus m'ínntinn, agus mo rún daingionn,


L. 67


nách mian liom a ghairm ar ais, atáim do dheunadh gan
choinghioll ar bith foluidheach a ffiadhnuise Dé agus teaghlaigh
na fflaithios agus mo naomhmháthar an Eaglais, atá ag
gabháil an rúin seo uaim a bpearsain shearbhfhóghantaighe
ag éistiocht leam. Ó, a Dhé shíorruidhe uilechomhachtach (aigh),
a Athair, a Mhic agus a Spiorad (aid) Naoimh, daingnigh
an rún so ionnam, agus gabh chughat seirbhís agus fonn
mo chroidhe mar íodhbairt deaghbholaigh dhuit féin. Agus
mar dothugais ínntinn agus toil dhom an gheallamhuint
seo do dheunadh guidhim tú go húmhal re neart, re brígh
agus re grása do thabhairt dom chum a ccomhlíonta. Ó,
mo Dhia, is tusa mo Dhia, Dia mo chroidhe, Dia m'anama,
Dia mo spioraide, agus mar sin admhaim tú agus adhraim
tú tré bhioth shíor. Is beannaighthe ainm Íosa agus go raibh
go síor mar sin.



CAIB. 21.
Conchlúid nó críoch ar an nglanadh so.



Tairéis an gheallamhuint seo do dheunadh tabhair fá
dear agus fosgail éistiocht do chroidhe dochum éistiochta
agus gabhála ris an mbreitheamhnas dothug an sagart ort,
an tan adubhairt na briathra ós do chionn, do bhrígh go
ttugann Críost féin, ina shuidhe a ccathaoir na trócaire
ar neamh, a ffiadhnaise Naomh agus Aingeal, an uair
chéadna absolóid duit, ar mhódh go ffuil an méid atá a
tteaghlach fhlaitheamhnais uile lán de lúthgháir agus d'iolgháir-
deas, agus caintic ceoilbhinn aca dá rádh, agus gach aon
díobh ag tabhairt póige síothchumainn dhod' chroidhe, atá
anois arna naomhadh re grásaibh Dé. Feuch anois, a charaid
ghrádhach, an ceangal agus an connradh dorinne tú re
Dia, óir an tan a thug tú tú féin do Dhia, atá Dia agat
agus tú féin fós san mbeathaidh shíorruidhe. Agus ní
ffuil d'easbaidh ort ionnso acht do gheallamhuin do


L. 68


sgríobhadh ionn do chroidhe go fonnmhar, lúthgháireach, agus
ina dhiaidh sin dul dochum na haltórach mar a
ndaingneóchaidh Dia do gheallamhuint, agus a ccuirfidh
seula ar habsolóid, ag geallamhuint a fhlaithis féin duit,
dá thabhairt féin duit san tSacramaint mar chomhartha
go ffuilir anois ar nathnuadha. Ar an módh so is dearbh
liom go mbiaidh tanam arna ghlanadh ó an uile pheacadh,
agus ó an uile fhonn pheacadh (aidh). Acht mar atá ár nádúir
lag agus ár nan-mhiana iomarcach agus gur féidir linne
srian do chur leó, gidheadh, an feadh dobhiam beo, mairfid
agus éirgheóchaid go hurus. Uime sin dobhéaradh (aidh)
me teagaisg agus comhairleacha dhuit, agus má choimheudann
tú iad, saorfaid tú ó an uile pheacadh marbhthach, agus ó
an uile fhonn chuige, ionnas nách biaidh áit aca ionn do
chroidhe níosa mhó; agus do bhrígh go ffuil áit ag na
teagaisg seo san nglanaidh (adh) foirfe, uime sin, roimh
a ttabhairt duit, déarfad nídh éigin ar an ffoirfeacht
dochum ar mian liom do theacht.



CAIB. 22.
Cionas is cóir fonn na bpeacadh sologhtha do
sgrios agus do dhíbirt as an ccroidhe.



Dá shoillsigh dá mbiaidh an lá agus dá mheud éirghíos,
re feuchain ionn a sgáthán, dochídhmíd níos so-léire gach
sal agus gach gráin dá mbiaidh ar a ghnúis. Mar sin dá
mheud dá ttugann grása an Spiorad (aid) Naoimh solus
agus soillse dár ccoinsias, is móide thugamaoid fá
dear ár bpeacaidhe, ár cclaonta, agus ár neamh-fhoirfeacht,
atá dár ttoirmiosg a slighe an chrábhaigh (dh) agus na grása
céadna dobheir solus dúinn dochum gach smáil dá mbiaidh
ar ár nanam dfhaicsin, agus dúisgeadh fonn ionnainn
an sal céadna do thógbháil agus do ghlanadh go luath.


L. 69


Le congnamh na ngrás so, chídhfir, a dhuine mhuintiordha,
leith amuich de na peacadhaibh marbhthacha agus do dhíon
ionnta, (re ar saoradh thú re gach freacair dá ndubhramair
shuas), go mbíonn fonn agus claonadh dochum na
ppeacadh sologhtha. Ní abraim riot na peacaidhe so do
thabhairt fá dear, acht na foinn agus na claonta chúcha,
do bhrígh nách féidir linn a bheith saor go hiomlán ó na
peacadhaibh sologhtha, nó go háirighthe a bheith a ffad saor
uatha, an feadh bhiamaoid ar an saoghal so; gidheadh, is
féidir linn a bheith saor ó fhonn do bheith ionnta. Óir is
nídh ar leith duine do dheunadh bréige díomhaoine as
eudroime nó as sughachas, agus taithniomh do bheith ag
duine ar an mbréig nó bheith claon chúiche.



Adeirim anois gur cóir an tanam do ghlanadh ón uile
chlaona dochum na bpeacadh solaighthe (sologhtha) .i.
gan toil do bheith agat peaca sologhtha ar bith do dheunadh
dhod' dheoin, nó fuireach ann. Agus is deimhin gur mór
an mhaineachtna agus an spadántacht dúinn nídh ar bith
do choimheud ionn ár ccoinsiasa ar a mbeith mí-ghean ag
Dia; mar atá fonn do bheith againn ionn nídh ar bith ar a
mbeith gráin aige. Do bhrígh go ffuil gráin ag Dia ar an
uile pheacaidh (adh) sologhtha dá loighead, ar son nách ffuil
fuath chomh mór agus sin aige air, gur mhian ris ár
ndamnughadh go síorruidhe ar a shon, agus má tá fuath
aige dhon bpeacaidh (adh) sologhtha, re fonn nó re toil do
bheith ag duine dho, ní ffuil ann acht mí-thaithniomh do ghnáth,
re Dia. Uime sin, an féidir do anam mhaith deagh-eaglach
ar bith fonn do bheith a mí-thaithneamh re Dia, nó lúthgháire
do bheith air, mí-ghean Dé do thuilleamh? Atáid na foinn
seo san bpeacadh sologhtha go díreach anaghaidh na crábhaidh
(an chr-) mar atá fonn an pheacaidh mharbhthach (aigh) anaghaidh
ghrádh Dé. Óir bainid a neart agus a brígh as an spirid
agus cuirid toirmiosg ar sholas spirideálta dfhagháil
ó Dhia. Fós osglaid dorus do na cathaidhibh, agus ar son


L. 70


nách marbhaid an tanam, doghnidhid tinn lag é. “Na
cuile ag fagháil bháis, millid blas na hola,” ar an
tEagnaidhe, amhuil adéaradh: “An chuil nách blaisionn
an ola acht go héadtrom, agus í ar eitiolladh, ní mhillionn
de'n ola acht an méid do chaithionn sí dhi, agus fágbhann
an chuid oile dhi iomlán. Gidheadh, má luigheann ar an ola
agus comhnuighe do dheunadh uirthe, millionn a blas agus
truailligheann í.”



Ar an módh céadna do na peacadhaibh sologhtha. Má
thuitid a nanam cráibhtheach agus ná deunaid comhnaighe
ann, ní mór an dochar doghnidhid do, acht má doghnidhid
comhnaighe ann re greann d'fhagháil ionnta, .i. an (c) chrábhadh
naomhtha, millid a blas agus a brígh.



Ní mharbhaid na dubháin alladh na beacha, gidheadh, millid
agus truaillighid an mhil, agus cuirid a líonta timchioll
chriathar na mbeach ionnas nách féidir leó críoch do chur
ar a nobair, agus is móide doghnidhid sin má bhíonn
áitreabh aca a ffogus do churraiceógaibh na mbeach. Mar
sin don pheacadh sologhtha, ní mharbhann ár nanam, gidheadh
millionn ár ccrábhadh agus re drochghnás cuireann toir-
miosg ar chomhachtaibh ár nanmann, ionnas nách bíonn
grádh eusga réigh (dh) aige, ionn a ffuil brígh an chrábhaidh,
ionnas nách féidir ris an anam freacair iomchúbhaidh do
dheunadh dhe. Is cóir seo do thuigsin ar an bpeacaidh (adh)
sologhtha do ghabhus freumh san ccoinsias agus ionn a
mbíonn fonn aguinn.



Ní mór an nídh breug eudtrom díomhaoin do dheunadh,
nó mórán briathar, gníomh nó amharc, imirt, eudach deas
nó súgra macánta, acht gan iomarca do bheith ionnta, má
curthar as an ccoinsias go luath iad agus gan leigeann
do na dubhánaibh allaidh spioradálta so neid do dheunadh
ann, acht mar do dhíbríos na beich (beacha) na dubháin alla
corpardha. Gidheadh, má leigeamaoid dóibh comhnaighe
do dheunadh ionn ár ccroidhthibh, agus a bpreumha do chur,


L. 71


fonn agus taithniomh do bheith aguinn ionnta, truaillighid
mil ár ccoinsiasa agus líonaid é re na nimh féin. Adeirim
arís gur neamh-iomchubhaidh agus go ffuil a naghaidh réasúin,
an tanam uasal, ar son antoile gan fheidhm, a bheith a
naghaidh thoile Dé, nó greann dfhagháil a nídh ar bith ar a
ffuil mí-ghreann ag Dia.



CAIB. 23.
Cionas nách cóir do dhuine fonn do bheith aige ann
neithibh mí-thairbheacha nó peiriaclacha: súgradh, damhsa,
cúrtacha, taisbeánadh, aosa cleasuigheachta? Ní ffuil
locht ionnta so uatha féin, óir is féidir a ndeunamh gan
mailís ar bith; gidheadh, atáid peiriaclach, do bhrígh gur
féidir olc do theacht asta. Agus bíd níosa pheiriaclaighe
ioná san, má bhíonn rófhonn ag duine ionnta. Uime sin,
adeirim, bíodh nách ffuilid lochtach ionnta féin, le ró-
ghean do bheith orra nó re claonadh do bheith chúcha, go ffuilid
bun-ós-cionn don ccrábhaidh (adh) agus ródhíobhálach agus
rópheiriaclach do.



Ní holc iad féin ar uairibh, acht is olc fonn díomhaoin
éigcríona do ghabháil fréimhe san ccroidhe, óir gabhaid
áit na ffonn maith, agus cuirid toirmiosg ar ár nanam,
ionas nách féidir ris é féin do dhortadh ar na deagh-
chlaontaibh.



Na Nasarei san tsean-reacht, ní hé amháin nách ibhidís
deoch ar bith do chuirfeadh meisge orra, acht fós ní ithidís
rísínighe ná aon bhiadh ar a ccuirfidhe iad; ní hé go raibh
brígh meisge ionnta so, acht d'eagla, dá nithidís an biadh,
go ngeabhadh fonn na rísín d'itheadh iad, agus as itheadh
na rísín, go ngeabhaidh (adh) fonn iad grapuidhe agus fíon
do fhromhadh. Ní abraim nách éidir linne na neithe peiriac-
lacha so do fhromhadh go dlisdionnach, acht nách féidir


L. 72


linn dúil do bheith aguinn ionnta, gan dochar do dheunadh
don ccrábhaidh (adh).



An tan dobhíos an fiaigh (fiadh) nó an fearbog trom nó
ramhar, iarrann uaigneas agus coillte diamhara, ar eagla
dá mbeith seilg orra, go ccuirfeadh a ramhaireacht san
toirmiosg ar a rioth. Croidhe an duine bhíos lán dfhonn
dhíomhaoin, neamhthairbheach, pheiriaclach, ní féidir leis é
féin do thógbháil go heusgaidh, réidh, urus dochum Dé,
atá ina chrích fhírinneach (igh) ag an ccrábhaidh (adh). Bíd
na leinbh ag iarraidh balóg agus bíd lán de ghrádh orra,
acht ní locht orra é, do bhrígh gur leinibh iad. Ní hadhbhar
magaidh acht adhbhar truaighe duine a ttáinigh a chiall agus
a aois, do fhaicsint ceangailte do neithibh díomhaoine,
mar atáid na neithe adubhramair anois. Óir ní hé amháin
go ffuilid mí-thairbheach, acht atá peiriacail do dhuine
leanmhuint díobh ar eagla a niomarca do dheunadh dho.
Uime sin is riachtanach na foinn seo do dhíbirt as an anam,
agus, ar son nách fuilid bun-ós-cionn don ccrábhaidh (adh)
freachair do dheunadh dhíobh, atá sé ró-dhíoghbhálach dá grádh
fonn do bheith aige orra.



CAIB. 24.
Claonta neamhórdaighthe.



Atáid claonta nádúrtha aguinn agus do bhrígh nách
as ár bpeacadhaibh féin atá freumha aca, ní peacaidhe
marbhthacha ná sologhtha iad uatha féin, acht neamhfhoirfeacht
agus easbaidh neirt nádúrtha is cóir do ghairm díobh.
Paula Romana bheannaighthe, ag a rabhadar claonta móra
chum tuirse agus leanna duibh, mar adeir Ieronimus
Naomh, ionnas re bás a fir agus a clainne go tteagbhaidh
ananmhuine (a nanbhfainne) ionn gach am díobh, agus go
mbíodh peiriacail bháis uirthe. Ní peaca so acht neamh-


L. 73


fhoirfeacht agus laige nádúrtha, do bhrígh nách dá deoin
do thuiteach (dh) san anmhuine (anbhfainne) sin.



Atáid daoine éadtrom ó nádúir, daoine oile borb
do-smachtaighthe, daoine oile ceangailte dá mbreitheamhnas
féin, daoine mí-fhoighdeach agus daoine oile feargach,
ionnas gur ró-annamh dogheibhthear duine gan neamh-
fhoirfeacht éigin do bheith ionn. Agus ar son gur neithe
iad so atá do réir nádúra gach aoin, is féidir a cceartughadh
re díthchioll contrárdha agus measardhacht do chur orra,
agus fós duine dá ghlanadh agus dá shaoradh féin uatha,
agus adeirim gur cóir a dheunadh air sin. Dofríth
módh re hinnte (einte?) searbha do dheunadh milis le
poll tarrathair do dheunadh a mbun an chrainn, agus an
subha (súgh) searbh a bhíos ionn do leigean as. Mar sin
godé an fáth as nách féidir le duine a dhrochchlaonta
féin do chur as, ionnas go ttiucfadh claonta maithe ionn a
náit? Ní ffuil nádúir ar bith dá fheabhus nách féidir a
dheunadh lochtach le droch-ghnás, mar an ccéadna, ní ffuil
nádúir dá ghairbhe nó dá dho-cheannsaighe nách féidir, maille
re grásaibh Dé ar ttúis, agus re díthchioll an duine féin,
a sárughadh. Uime sin dobhéaradh (aidh) me comhairle mhaith
agus teagasg duit anois, agus maille re na ccuidiughadh
agus re na ffreachnughadh, budh féidir leat tanam do
chongbháil glan saor ó an uile fhonn pheiriaclach, agus ó
neamh-fhoirfeacht agus chlaonadh dochum na ppeacadh
sologhtha, ionnas go mbeitheá caomhanta ar na peacadhaibh
marbhthacha, agus go ttugadh Dia grása dhuit freach-
nughadh iomchúbhaidh do dheunadh dhíobh.


L. 74


AN DARA RANN.
Ionn a ttráchtar ar theagasgaibh agus ar chomhair-
leachaibh dochum an anama dá thógbháil féin suas
chum Dé re húrnaighthibh agus re freachnughadh na
Sacramaint.



CAIBIDIL 1.
Do riachtanas na húrnaighthe.



Ní ffuil nídh ar bith is mó do ghlanas an tuigse ó ainbhfios,
agus an toil ó dhroch-chlaontaibh ioná an úrnaighthe, do
bhrígh go ttugann dealradh agus solus don ínntinn
agus don tuigse, agus go lasann grádh neamhdha san
ttoil. Ní ffuil san úrnaighthe acht uisge beannaighthe do
dhoirteann é féin ar phlanntuíbh ár ndeaghfhoinn, agus
dobheir orra bláth agus torradh do thabhairt uatha, agus
ghlanann an tanam ó na neamhfhoirfeacht, agus do shaorann
an croidhe ó na dhroch-chlaontaibh.



An dara huair. Dobheirim comhairle dhuit an úrnaighthe
do dheunadh, maille re smaointibh ionn do chroidhe, go
speisialta ar bheatha agus ar pháis ár tTighearna, Íosa
Críost, agus má smuainigheann tú go minic air, biaidh
tanam líonta dá ghrádh, agus teagasgóchaidh dhuit an módh
ar ar cóir dhuit gach gníomh do dheunadh, agus biaidh sé
féin ina shompla agus ina riaghail agat san uile ghníomh,
óir isé féin sólás an domhain. Uime sin is uaidh agus
ar a shon is cóir dhúinn gach sólás do ghlacadh. Isé fós


L. 75


tobar fíoruisge Jacob é, ionn ar cóir dhúinn gach sal
agus gronn dá mbí orainn do nigheadh dhínn. Na leinibh,
re bheith ag comhrádh go minic re na máithreachaibh, ar son
nách bíonn leath a tteangtha aca, foghlumuighid siad béarla
a máthar, mar sin, duine ag athsmaoineadh ar ár Slánaigh-
theoir, ag tabhairt a bhriathar, a ghníomhartha agus an ghrádh
atá aige orainn fá ndeara, maille re na ghrásaibh féin,
biaidh fios aguinn labhairt, gníomh, toil agus fonn do bheith
aguinn mar dobhí aige sin. Leanamaois an tslighe seo
go díreach, óir ní ffuil slighe oile aguinn dochum teachta
chum an Athar Neamhdha acht í. Mar nách taisbeánann an
sgáthán ár ngnúis nó ár súile dhúinn muna raibh luadh nó
stán ar dhroim an ghlaine, mar an ccéadna níor fféidir
linn an diaghacht do thabhairt fá ndear go maith ar an
saoghal so, muna mbeith sí ceangailte do dhaonacht ár
Slánaightheóra, ionnas go ffuil a bheatha agus a bhás ina
ccosbóiribh chomh iomchuibhe agus sin dúinn, nách ffuil nídh
ar bith eile is sáimhe agus is tairbhighe re smaoineadh ioná
iad. Dá bhrígh sin, ní gan adhbhar adubhairt ár Slánaightheoir
“gurab é féin an tarán a tháinigh ó neamh.” Óir, mar is
cóir an tarán do bheith ris an uile bhiadh oile, mar sin is
cóir dhúinn san uile úrnaighthe, agus ionn gach uile nídh
dá ndeunamaoid smuaineadh ar ár Slánaightheoir, agus
a thabhairt dár naire, mar dorinneadar mórán ughdar
beatha agus bás ár Slánaightheóra ionn a bpongcaibh
eugsamhla re smaoineadh orra, mar atá N. Bonaventura
agus ughdair oile.



An treas comhairle, caith aon uair amháin san ló le
smaoineadh ar bheathaidh Chríst, agus mar is cóir dhuit
seirbhís do dheunadh dho, agus sin, más féidir leat é, ar
maidin; óir isin é an tam is lugha atá an spioraid
buaidheartha agus is bríoghmhaire í tairéis ciúnais na hoidhche,
agus is leór dhuit an aimsir sin muna ccuiridh hathair
spirideálta dfhiachaibh ort é.


L. 76


An ceathramhadh comhairle. Más féidir leat an freach-
nughadh so do dheunadh san eaglais, ionnas go ffuighe
tú ciúnas go leór innte, is ann is cóir dhuit a dheunamh
go hurus, mar nách ccuirfeadh athair ná máthair, fear ná
bean, ná duine oile toirmiosg ort fá aon uair amháin
san ló do chaithiomh san eaglais. Óir, má tá tú fá smacht
dhuine oile, ní móide go ffaghair uair saor uaidh san tigh.



An cúigeadh comhairle. An uile úrnaighthe do thionnsgnadh
a ffiadhnaise Dé, más ó bheul nó ó ínntinn dobhiaidh sí,
agus coimheud an riaghail seo gan faillíth (ighe) ar bith,
agus chídhfeadh (idh) tú go haithghearr gur mór an mhaith
dothiucfas dhuit as.



An seisiughadh comhairle. Más a Laidion (in) adéaras
tú do phaidior, Fáilte an Aingil agus do Chré, deuna
díthchioll ar chéill gach bréithir díobh, ionnas go mbadh féidir
leat ionn do chroidhe agus ionn tínntinn, ciall agus
blas sámh milis na húrnaighthe do mhothughadh, agus fonn
mhaith do fhagháil aiste. Ná deuna deifir fá mhórán do
rádh acht deuna díthchioll gidhbé adéaras tú a rádh ó chroidhe
agus ó ínntinn, do bhrígh gur mó is fiú aon phaidior amháin
do rádh go haireach ioná céad paidir do rádh go neamh-
fhaireamhuil.



An seachtmhadh comhairle. Úrnaighthe róthairbheacha
róiomchúbhaidh .i. an Phaidior do rádh, má deirthear í mar
is cóir, agus ionnas go ndéantá a rádh mar sin, foghluim
ó Athair spioradálta nó ó dhuine éigin foghlumtha muna
bhfuil leabhar agat. Is tairbheach fós Liodáin Íosa, Mhuire
agus na Naomh do rádh go minic, agus fós an paidrín
pártach (páirteach) agus gach úrnaighe oile dá ffuil ionn
sna leabhraibh a ttug an Eaglais ughdarás dóibh; gidheadh,
má táid grása agat úrnaighthe inmheodhanacha do dheunadh,
bíodh an chéad áit aice, ionnas, ina dhiaigh sin, go mbeith
toradh ar úrnaighthibh do bheoil. Nó má bhíonn iomad gnódh-
thaighe agus cúraim ort, ná bíodh tuirsi ná cantal ort,


L. 77


acht go mbadh leór leat, déis na smaointe maithe so do
bheith agat, Paidior, Ave Maria agus Cré do rádh.



An tochtmhadh comhairle. Má's úrnaighthe beoil a bhias
tú dheunamh, agus go mbiaidh do chroidhe dod' tharraing
dochum úrnaighthibh ínntinne re deaghsmaointe do dheunadh,
léig ris an ffonn san go sámh, agus ná bíodh ceasna ar
bith ort fá gan a rádh gach úrnaighthe beoil budh mhian leat
nó dár chuir tú rómhat, do bhrígh gur thaithniomhaighe re Dia
agus gur tairbhighe don anam an úrnaighe doghnidhthear
le deaghsmaointe san ccroidhe, ioná an úrnaighe beoil,
acht muna raibh an Oific Chanónta dfhiachaibh ort.



An naomhadh comhairle. Má théidheann an aimsir roimh
an meodhan lae thort, tré thoirmiosg, nách féidir leat
smaointe maithe do chruinniughadh, deuna díthchioll a
mbeith agat déis mheodhan lae, agus sin aga mhaith déis
bídh. Óir go grod déis bídh ní fuláin saothar do chur
ar an ttuigsi ná ar an ttoil, agus bíonn an duine ag
tuitim ina chodla má ghnidh ciúnas ar bith.



Má théidhionn an lá uile thort gan faill do bheith agat
an freachnughadh so do dheunadh, déin mian úrnaighe go
minic ar a son, nó leugh leabhar éigin spioradálta, nó
cuir duadh éigin oile ort féin; agus d'eagla an toirmisg
sin do theagbháil duit go minic, arna mháireach athnuadhaigh
do rún go daingeann, a naghaidh an uile thoirmiosg (isg).



CAIB. 2.
Módh aithghearr ar úrnaighe inmheadhonach do dheunadh
ó chroidhe, agus ar ttúis ar fhiadhnaise Dé, mar
adubhramair shuas san ccéad phongc de'n ullmhughadh
is cóir a dheunamh dochum na húrnaighthe seo.



Muna ffuil fios agat cionnas is cóir an úrnaighe seo
do dheunadh, nó do thionnsgnadh, do bhrígh go ffuil sé dhe
mhí-ágh (dh) ar an aimsir seo gur róbheag ag a mbíonn eólas


L. 78


úrnaighe mar so do dheunadh, dobhéarsa módh aithgheárr
urus dhuit chúiche. Ionnas go ffuighe eólus iomlán uirthe
as gnás leughthóireacht leabhar, ar tús dobheirim dhuit
ullmhughadh atá a ndá phongc. An cheud phongc, tú féin
a chur a ffiadhnaise Dé; an dara pongc, cuidiughadh
d'iarraidh air. Agus ionnas go mbadh fios duit tú féin
do chur a ffiadhnaise Dé, coimheud na cheithre riaghlacha
so síos, agus deuna gnás díobh.



Ar ttúis, tabhairt fá dear go grinn, aireach, go ffuil
Dia do láthair san uile áit, agus nách ffuil áit ar bith nách
fuil sé ionn, go fírinneach. Mar dogheibh an teun aer
ionn gach taobh dá ngabhann, mar an ccéadna atá Dia
do láthair aguinn san uile áit. Atá fios na fírinne ag
gach aon, gidheadh, ní hé gach aon duine dobheir fá n'aire í.
Na daill, ní fhaicid a tTighearna, acht má deirthear leo
é bheith do láthair, doghnidhid onóir agus óghmós do, agus
mar nách faicid é, doghnidhid dearmod go hurus é bheith
do láthair aca; mar an ccéadna léigid díobh onóir nó
óghmós do dheunadh dho. Och! ní fhaicimíd Dia atá do
láthair aguinn do ghnáth, agus ar son go ndearbhann ár
ccreidiomh san dúinn, mar nách ffaicimíd re ár súilibh
corpardha é, léigeamaoid ar dearmod é, amhuil do bheith
a ffad uainn; agus ar son gur feas dúinn é bheith do
láthair san uile áit, an tan nách smaoinigheamaoid air,
is ionann dúinn é agus gan an fios san do bheith aguinn.
Ar an adhbhar san is cóir dhúinn roimh an uile úrnaighthe,
a thabhairt dár naire go friochnamhach grinn go ffuil Dia
do láthair aguinn. Is uime sin adubhairt Dáibhí, Rí, “Ó,
mo Dhia, má théighim suas ar neamh atá tú ann, agus má
théighim síos go hIfrionn, atá tú do láthair agam.” Dá
bhrígh sin abramaois na briathra úd an Phatriairc Jacob,
ar bhfaicsin an dréimire dho ó thalamh go neamh, agus
adubhairt: “Godé uathbhásaighe na háite seo: is dearbhtha


L. 79


go ffuil an Tighearna san ionad so, agus ní raibh a fhios
agamsa, óir níor thug me fám' aire É.”



Acht ní raibhe a nainffios ar an Naomhathair, Dia do bheith
a láthair san uile áit. Uime sin, ag dul dochum na
húrnaighthe dhuit, abair ó rún croidhe re tanam féin: Is
dearbhtha go ffuil Dia san áitsi.



2. An dara riaghail dochum tú féin a chur a ffiadhnaise
Dé, a smaoineadh go ffuil Dia ag feuchain ar an uile
ghníomh dá ndéan tú, agus nách é sin amháin acht go ffuil
a meadhoin do chroidhe agus tanama go hamarcach (hiom-),
ag tabhairt beodhacht do, ar mhódh gurab é a chroidhe do
chroidhesi, agus a anam tanamsa. Ionnas mar atá an
tanam ionn gach aon chuid de'n ccorp agus go sunradhach
(sonn-) san ccroidhe, go ffuil Dia san uile nídh, agus
go speisialta san ccroidhe agus san anam, agus uime
sin a ghoirios Dáibhí Dia a chroidhe dhe; agus adeir Pól
gurab a nDia atámaoid beo agus ghluaisigheamaoid, agus
ris an ffírinne seo do thabhairt dár naire go maith, dúisg-
feadh grádh agus óghmós do Dhia ionn do chroidhe.



An treas riaghail. Ár Slánaightheóir Íosa Críost a
thabhairt fá deara, atá ionn a dhaonacht ag feuchain
anuas as Neamh ar dhaoinibh an domhain, agus go háirighthe ar
na Críostaighthibh, atá ina cclainn aige, agus go mór mhór
ar an ndroing bhíos ag deunadh úrnaighthe, ag tabhairt a
ngníomh, a módha agus a mbeus dá aire. Ní finnsgeul so,
acht dearbh-fhírinne, óir ar son nách ffaicimíd é, dochídh
sé sin sinne go rómhaith. Mar sin dochonairc N.
Stiaphán é, an tan dobhí ag fulaing bháis ar a shon, ionnas
gur fféidir linn a rádh go maith ris an mbainchéile dhiadha:
Ag siúd é ina sheasamh ar chúla an bhalla, ag feuchain tríd
an fhuinneóg (óig) agus trí sgáinte na ccláracha ceangailte
re chéile.



An ceathramhadh riaghail. A mheas agat go réigh símplidhe,
go ffuil ár Slánaightheoir ionn a cholann (inn) daona


L. 80


beannaighthe, do láthair aguinn, amhuil do bheith ag
comhluadar linn, ar an módh ar a ccuimhnigheamaoid ar ár
ccáirdibh, amhuil dochídhfeamaois iad ag déanamh an
ghníomha so nó an ghníomha san oile.



Agus dá mbadh ós coinne Naomh-Shacramaint na
hAltórach do bheith an smaoine seo aguinn dáríribh,
do bheith Críost do láthair aguinn, agus ní bheith gné agus
cáindiacht an aráin, agus mar bhroth a ffuil an Tighearna
ar a sgáth ag feuchain orainn, ar son nách ffaiceamaoid
ionn a fhoirm féin é. Deuna úsáid de riaghail éigin díobh
so, dochum hanama féin do chur a ffiaghnaise Dé roimh
an úrnaighthe, agus ní hiomchubhuidhe dhuit a nglacadh uile
a naoinfheacht, acht aon díobh fá seach, agus sin go haithgheárr.



CAIB. 3.
Cionnas is cóir Dia do ghairm. An dara pongc
de'n Ullmhughadh.



Ag seo an módh ar ar cóir dhúinn cuidiughadh diarraidh
ar Dhia. An tan dobheir tú fá deara thú féin do bheith
a ffiaghnuise Dé, úirísligh tú féin dho, maille re humhla
mhóir ag meas nách fiú tú féin a theacht do láthair na mór-
dhachta atá chomh mór agus chomh hárd re mórdhacht Dé.
Gidheadh, bíodh a fhios agat go ffuil Dia chomh trócaireach
agus san, gur maith ris tú bheith ag iarraidh grása air chum
seirbhíse do dheunadh dho, agus a adhradh mar Thighearna.
Ionnso is éidir leat úrnaighthe aithghearra beoil do dheunadh,
mar atáid na briathra so Dháibhí: “Ná díbir me, ó, mo
Thighearna, as do radharc féin agus ná beir do spioraid
naomhtha uaim. Tabhair soillse do ghnúise dhom anam,
agus dobhéara me do mhíorbhúile dom aire. Tabhair
tuigse dhom re smaoineadh ar do reacht, agus coimheudfadh
(faidh) me é re neart mo chroidhe. Is me do shearbh-


L. 81


fhóghantaighe, tabhair do ghrása dhom' nó samhuil sin de
bhriathraibh oile. Budh tairbheach fós dhuit cuidiughadh
d'iarradh (aidh) ar haingeal coimhdeacht, agus ar gach
naomh oile re a mbainionn an nídh ar a ffuil tú a
smuaineadh .i. más ar Pháis Chríst atáir ag smuaineadh,
iarr cuidiughadh ar Mhuire Mháthair, ar Eoin Soisgeuluighe
ar Mhuire Mhaigdelen, ar ghaduighe na láimhe deise, dochum
go ffaghdaois smaointe maithe agus grása dhuit, mar
dofuaradar féin a naimsir na páisi. Más ar do bhás féin
a bhias tú ag smaoineadh, guidh haingeal coimhdeachta
fá chuidiughadh do thabhairt duit san riachtanus deigheannach
san, agus mar sin ionn gach rúindiamhair oile ar a ndeun-
fair smuaineadh.



CAIB. 4.
An treas pongc. Cionnas is cóir dúinn an
rúindiamhair ar a mbiam a smaoineadh do chur
ionn ár ffiadhnaise.



Tairéis an dá phongc ar ar labhramair san dá chaibidil
seo shuas, atá coitchionn do na nuile smaoineadh, ag so
an treas pongc nách fuil mar sin, agus nách iomchubhaidh a
mbeith amhlaidh, agus ní ffuil ann acht an rúindiamhair ar a
mbiaidh tú ag smaoineadh do chur ós coinne do thuigsiona,
amhuil do do bheith do láthair agat .i. más ar pháis Chríst ár
tTighearna atá tú ag smaoineadh, meas go ffuil tú féin do
láthair aige ar an ccnoc ar ar crochadh é, agus go ffaicionn
tú red' shúilibh féin gach pian agus gach dochar dár fhulaing
sé a naimsir na Páise, do réir mar do sgríobhadar na
Soisgeulaighthe. An nídh céadna is cóir a dheunadh an tan
a bhias tú ag smaoineadh ar an mbás do réir mar
adubhramair ag tráchtadh ar Athsmaoineadh an bháis. Ar
an módh céadna, más ar Ifrionn a bhias tú a smuaineadh,


L. 82


agus mar sin ar gach athsmuaineadh dá mbias agat, ar na
neithibh dob éidir a fhaicsint ná a mhothughadh, dá mbeidís
do láthair againn. Gidheadh, más Rúindiamhair nách féidir
duit dfhaicsin a bhias tú a smaoineadh, ná cúm go ffuil
an nídh féin do láthair agat, mar atá, más ar mhórdhacht
Dé nó ar a shubháilcíbh, nó ar gach céim foirfeachta dá
ffuil ionn, a bhias tú ag smaoineadh, nó ar an ccrích
dochum ar cruthuigheadh sinn, do bhrígh go ffuilid seo uile do-
fhaicsionna. Is féidir ionnta sa (so) féin sompla nó
cosmhúlacht éigin do ghlacadh. Gidheadh, ná glac saothar
dá hiarraigh do bhrígh nách furus a fagháil. Cuirionn an
meas i ccéill dúinn go ffuil an nídh ar a ffuileamaoid
a smaoineadh do láthair aguinn, agus cuirionn srian
ris an spirid, ionnas nách biaidh aire aici acht ar an rúin-
diamhair atá ós coinne a súl agus a croidhe, amhuil do bheith
eun i ccliabhán. Adéarfadh daoine leat gurab iomchúbhaidh
smaoineadh ar an rúindiamhair le solus an chreidimh, go
réigh, símplidhe, ionn hínntinn go spirideálta, amhuil
is gurab ionn do chroidhe a bheitheá dá dheunamh. Is maith
sin, gidheadh, is í mo chomhairlesi dhuit, nó go ttugadh (aidh)
Dia níosa mhó de sholus dhuit, fuireach san ngleann ísioll.



CAIB. 5.
Do na neithibh is cóir dhuit a thabhairt fá deara san
dara rann de'n athsmaoineadh.



Tairéis meas do thabhairt ar an rúindiamhair ar ar mian
leat smaoineadh red' thuigsi, léig don tuigsin a hoibriughadh
do dheunadh, agus is de seo do ghairm Athsmaoineadh, agus
níl ionn acht oibriughadh na tuigsi re a ttugthar í dochum
Dé, is ris na neithe diadha do thabhairt fá ndear, agus
isé sin deifir atá idir é féin agus gach stuideur oile
nách ar son grádh Dé doghnidhthear iad, acht dochum críche


L. 83


éigin oile. Uime sin, tairéis do thuigse agus do spioraide
do cheangal ris an nídh ar ar mian leat smaoineadh, ag
meas go ffuil a láthair agat más nídh do-fhaicsiona é,
nó muna mbeith re hoibriughadh na tuigsiona amháin,
tabhair fá dear agus sgrúd iad do réir an mhódh a tugadh
dhuit ar an Athsmuaineadh, san ccéad rann de'n leabhar.
Má gheibh do spioraid blas, sólás agus tairbhe go leór
le haon nídh amháin do thabhairt fá ndear, fan aige, mar
doghnidh an bheach nách tréigionn an bláth ar a luigheann,
an feadh dogheibhionn mil re na bhuain as. Acht muna
ffaghaidh tú taithniomh san bpongc san do ghlacais chughat,
tairéis fuireach tamall aige, gabh pongc oile chughat.
Gidheadh, ná déin sin go meardhánta re luaithínntinn, acht
go fosuidhe, símplidhe.



CAIB. 6.
An treas cuid de'n athsmuaineadh. Ar na neithibh
is cóir do dhuine a chur roimhe ionn; agus ar an
ngrádh is cóir do bheith orra.



Gluaiseann an tathsmuaineadh ionnsa toil, foinn mhaithe,
mar atá, grádh Dé agus na comharsan, fonn na glóire
shíorruidhe agus fhlaitheamhnais, fonn sláinte na nanaman,
fonn loirg Chríst do leanamhuint, comhthruaighe,
iongantas, sólás, eagla, mí-thaithniomh re Dia, an
breitheamhnas déighionnach, ifrionn, dóthchus a ttrócaire
Dé, agus náire fá'n aimsir a chaithiomh go holc. Sínionn
an spioraid í féin chúcha so, agus gidhbé re ar mian níosa
mhó eólais dfhagháil, leughach (dh) sé na hughdair.



Ní hiomchubhaidh a bheith dá ttabhairt seo go geinearálta
fá ndear, acht aire do thabhairt do gach aon díobh fá seach,
dochum tairbhe do bhuain asta .i. an chéad bhriathar adubhairt
ár tTighearna san ccroich, músglaidh fonn mhaith ionn do
chroidhe lorg Chríst do leanmhuint, agus maitheamhnas


L. 84


do thabhairt dhod' naimhdibh. Adeirim nách leór san muna
raibh rún speisialta agat ar an módh so. Cuirim rómham
ó so amach, gan saobhnós do chur ar aon neach le focal
searbh ná salach, agus gan duine do chur feirge ná saobhnóis
orm, ní dheuna me olc a naghaidh oilc ar dhuine ar bith,
acht gidhbé dorine olc orm, dodheunfad díthchioll
a anam do shábháil. Mar so re beagán aimsire, ceartócha
tú do dhrochchlaonta agus do neamhfhoirfeacht,
nídh nách féidir leat a dheunadh go hurus le fonn amháin
do bheith agat.



CAIB. 7.
Cionas is cóir críoch do chur ar an athsmuaineadh,
agus pousae spioradálta do dheunadh.



Is cóir críoch do chur ar an ffreachnughadh spioradálta
so re trí neithibh, agus iad san re húmhla rómhóir. An
chéad nídh, buidheachas a thabhairt do Dhia ar son gach fonn
maith agus gach deagh-rún dá ttug dhuit. Fós ar mheud
a mhaithiosa agus a thrócaire do thaisbeánadh dhuit, a rúin-
diamhair an athsmuaineadh. An dara nídh, a mhaith agus a
thrócaire féin, bás fós, fuil agus subháilce Íosa Críost,
gach rún agus gach fonn maith dá raibh aguinn féin do
fhoráil do Dhia. An treas nídh, úrnaighe do dheunadh chum
Dé, go dúthrachtach, re grásaibh agus re subháilcibh a Mhic
féin do roint linn, agus a bheannocht do thabhairt dár
ffonn agus dár mian. Ina dhiaigh sin, guidhe ar son na
heaglaise, ar son na naodhaire, ar son ár sínnsior agus
ár ccáirde, gach duine ar ar mian guidhe ar a shon, ag
iarraidh eadarghuidhe Mhuire, na nAingeal agus na
Naomh uile, agus fá dheoigh Paidior agus Ave Maria
do rádh.



Atáid úrnaighthe coitchiona riachtanach ag an uile
chríostaighe agus chreidmheach. Asda so uile, is cóir pousae


L. 85


dheaghbholadh do chruinniughadh, ar an módh ar a ndeunaid
an mhuintir theagmhas a ngáirdín ionn a mbíonn a lán
de luibhionnaibh uaisle eugsamhla, nách mian leó a fhágbháil
gan cuid de na luibhionnaibh céadna do bhreith leó, agus
a mbeith ionn a láimh aca ar feadh an laoi (lae), chum deagh-
bholaigh do bhuain asta. Ar an módh céadna, tairéis sinn
do chur críche ar rúindiamhair an athsmaoineadh dobhí
againn, is cóir dúinn pongc áirighthe éigin do thogha, is mó
do thaithneóchas linn, agus is mó do mheasamaoid a dhul
a ttairbhe dúinn, ionnus go mbeith cuimhne againn orra
an chuid oile de'n lá, agus go mbeith a mbolaith spioradálta
ionn ár ccroidhthibh. Deuntar san san áit chéadna a raibh
an tathsmaoineadh agat, ar tteagbháil duit ar uaigneas,
nó ag spaisdeoireacht leat féin.



CAIB. 8.
Teagasg thairbheach ar an ffreachnughadh ccéadna.



Ag so an chéad nídh is cóir dhuit a dheunadh iar ccríoch-
nughadh an athsmaoineadh dhuit, gach rún maith dár chuir tú
rómhat ionn a mbeith de mheabhair agat chum freachnughadh
do dheunadh dhíobh ar feadh an laoi (lae). Ag so mórthoradh
an athsmuaineadh, agus muna ttigiodh an toradh so as,
ní hé amháin go ffuil mí-thairbheach, acht fós atá díogh-
bhálach, do bhrígh na subháilce ar a smaoinigheamaoid agus
nách deunamaoid freachair díobh, lasaid siad ár spioraid
an tan a mheasamaoid sinn féin a bheith do réir mar do
smaoinigheamair, nó do chuireamair rómhainn, nídh nách
tteagbhann muna raibhe na rúin beodha daingean. Gidheadh,
ní ffuilid beodha acht díomhaoin, peiriaclach, muna
ndeuntar freachair díobh. Uime sin is cóir, ar an uile
mhódh, díthchioll do dhéanadh iad so do chur a ngníomh, agus
a ffreachnughadh, agus an uile úcáid chuige sin d'iarraidh.
Má do chuir me rómham ar maidin an drong do chuir


L. 86


saobhnós orm do tharraing chum muinntiordhais, iarrfaidh
me slighe éigin dochum teagmháil leo uair éigin san ló,
chum beannughadh dhóibh go muinntiordha, carthannach,
agus muna budh féidir liom teagbháil dóibh, laibheóra
me go maith orra, agus guidhfidh me Dia ar a son, dochum
mo pheacaidhe do mhaithiomh dhom. Tairéis an úrnaighe
seo do dheunadh ionn hínntinn dhuit, tabhair fá dear
agus feuch go grinn gan nídh ar bith borb do thionnsgnadh
go luath, ionnas gur féidir leat an balsom a chruinnigh
tú do chongmháil gan truailleadh. Uime sin ná deuna
mórán cainnte ar feadh tamaill, agus ina dhiaigh sin tionns-
gain do ghnódhthaigh go ciúin sámh, agus deuna díthchioll,
an mhéid gur féidir leat, an chiall agus an deaghrún nó
an deagh-fhonn do chruinnigh tú as an úrnaighthe do choimheád.
Gidhbé ag a mbeith fíon uasal dá iomchur ionn a shoightheach
beul-fhairsing gan dúnadh, ní ffuil contabhairt go
siubhalfaidh sé go mall socair nách ffeuchfadh (aidh) don taobh
so ná don taobh oile acht roimhe go díreach d'eagla cloiche
nó maide do theagmháil fá na chosaibh, agus feuchann arís
ar an soightheach, dá fheuchain an ffuil sé dá iomchur go
cothrom. Ar an módh céadna, is cóir dhuitsi do dheunadh,
ag éirghe ón Athsmaoineadh, do dhíthchioll a dheunadh tú féin
d'iomchur go ciúin macánta. Agus má theagmhann duine
riot ag a mbiaidh gnódh dhíot, ná tarraing tú féin uaidh
go sgrupalach, acht éist le na riachtanas, ar módh go mbiaidh
cúram agat fád chroidhe féin, ionnas nách ccailfeadh (idh)
tú an toradh maith do bheanis (bhainis) as an úrnaighthe.
Foghluim ar bheagán is ar bheagán imtheacht ón úrnaigh
dochum na ngnódh is iomchubhaidh dhuit a dheunadh go dlis-
dionnach, do réir do staide agus do choinghill. Is
riachtanach dhuit, a ccás go mbeidís a ffad ó gach deagh-
rún dár ghabh tú san úrnaighe. Bíodh a fhios ag an ffear
dlighe agus ag an adhbhacóid, ag fágbháil na húrnaighe
dhóibh, cionnas is cóir dóibh a ccúis do thagradh; ag an


L. 87


cceannaighe ag dul chum a mhargála; ag an mhnaoi phósta
ag dul dochum a tighis, agus san go ciúin milis ionnas
nách ccuirfeadh buairt ar a spioradaibh crábhaighe, ar an
adhbhar, gach nídh dá ndeunam gurab do réir thoile Dé
is cóir dhúinn a dheunadh. Má sé seo nó súd é, téighmaois
go humhal cráibhtheach ó fhreachnughadh go freachnughadh.
Teagbhann ar uairibh, tairéis duine do dheunamh ullmhaighthe
air féin dochum na húrnaighthe, go ngluaisionn grádh
Dé a chroidhe dochum aire do thabhairt do féin amháin agus
an tan do theagbhas san léigthear a réim féin leis, agus
ní riachtanas módh ar bith do leanmhuin, acht mar do
dhoirteas Dia féin san ccroidhe an uair sin, do bhrígh
gurab iomchúbhaidh do dhuine feuchain go maith ar a rún
roimhe, má bheir an Spiorad Naomh fonn mhaith dhuit,
leanmhuint de, do bhrígh gurab uime dobheirmíd na neithe
fá ndear, ionnas go ndúisgfidís fonn mhaith agus grádh
ionn ár ccroidhthibh. Mar sin, más roimhe nó a ndiaigh na
neithean do thabhairt fá ndear, a thiucfas na foinn, tugthar
áit dóibh. Ar son gur chuireamair síos shuas na neithe
do thabhairt fá ndear roimh na foinn, agus roimh na deagh-
rúin, is uime dorineadh sin ionnas go mbeith an úrnaigh
roinnte go hórduighthe. Gidheadh, bíodh so ina riaghail
gheinearálta aguinn, gan cosg ná toirmiosg do chur go
bráth ar an ffonn maith, ná ar an deaghrún, gidhbé uair do
thiucfaid siad, acht leigion dóibh dul ar a naghaidh. An
nídh céadna is cóir dhuit a dheunadh más ag altughadh re
Dia a bhias tú, do réir mar adubhramair shuas, nó más
ag deunadh forálaidh dhíot féin do a bhias tú, do bhrígh
nách cóir san do chur leo so, acht mar gach rún oile, gé
gur cóir cuimhne do bheith orra ar ccríochnughadh na
húrnaighthe agus an Athsmaoineadh.



Taréis gach rún maith dá mbeith aguinn roimh an úrnaigh
agus an Athsmaoineadh, is cóir dhúinn athnuadhadh do
dheunadh orra re críochnughadh na húrnaigh, óir dá mbadh


L. 88


mhian linn iad so do chur ameasg na smuainte a bhíos
aguinn ar ghrádh Dé, do chuirfidís buairt ar ár nínntinn,
do bhrígh gurab ar neithibh spioradálta a bhainios rinn
féin do thráchtadh an tan a bhias duine san Athsmuaineadh
seo, ag tógbháil a chroidhe dochum Dé. Is iomchubhaidh
labhairt, ar uairibh, re ár Slánaightheoir Íos Críost, ar
uairibh oile ris na hainglibh, ar uairibh ris na pearsonaibh
bhainios ris an rúindiamhair ar a ffuil tú ag tráchtadh, ar
uairibh oile re naomhaibh fhlaitheamhnais, ar uairibh rinn féin
agus re ár ccroidhthibh, uair oile ris na peacadhaibh
(peacachaibh?), agus ní hé sin amháin, acht ar uairibh gairm
ar na créatúiríbh éigcialluighe gan mhothughadh, mar
dorine Dáibhí ionn sna Salmaibh, agus fós naoimh oile
ionn a núrnaighthibh agus ionn a nAthsmuaintibh féin.



CAIB. 9.
Don tiormach a theagbhus a naimsir na húrnaighe.



A ccás ná faghthá sólás ná blas ar bith a naimsir na
húrnaigh nó na hathsmaointe, ná cuireadh san buairt
ort, acht labhair leis an Tighearna go truaighmhéileach agus
admhaidh dho nách fiú thú sólás ar bith dfhagháil uaidh, agus
guidh é fá chongnamh a thabhairt duit, agus má tá a íomháigh
agat tabhair póg di, á rádh ris an naomhathair Jacob:
“Ní léigfeadh (idh) me uaim tú, a Thighearna, go ttugadh (aidh)
tú do bheannocht dhom.” Agus ris an mnaoi Canánach
“Is fios dhom gur madra me, gidheadh, ithid na coin bheaga
an spruileach do thuitionn de bhórd a tTighearna!” Gabh
chughat, ar uairibh, leabhar spioradálta agus leughaidh
(léigh) go haireach é, ionnas go ndúisgighthear do spioraid
as a codla agus go ffillidh sí uirthe féin. Uair oile léig
tú féin ar an ttalamh, agus cuir do lámha a ccros ar
hucht, nó beir ar chrois cheusta idir do lámhaibh, más a
náit uaigneach a bhias tú.


L. 89


Tairéise sin uile, muna ffagha tú sólás spioradálta,
agus dá mheud tiormach dá mbiaidh ort, ar a shon san fan
ar mhódh éigin corpardha go cráibhtheach a ffiadhnaise Dé.
Is iomdha duine bhíos a tteaghlach Ríogh dothéighionn ceud
uair san mbliaghain ar a amharc, gan aon fhocal do labhairt
riu, acht dochum go ffaicfidís iad, ag taisbeánadh go
ffuilid réigh chum a sheirbhíse. Ar an módh céadna is cóir
dhúinne teacht dochum na húrnaighthe re hínntinn seirbhíse
do dheunadh do Dhia, agus ár ndísleacht féin do thaisbeánadh
dho, agus má sí toil a mhórdhacht dhiagha labhairt linn, ag
tabhairt sóláis spioraideálta dár ccroidhthibh, is mór an
onóir dúinne é, agus muna budh thoil leis na grása san
do dheunadh orainn, acht amhuil agus nách ffaicfeadh sé
sinn, nó nách beith cuimhne aige orainn, ní cóir dhúinn sinn
féin do tharraint uaidh ná druim do chur leis, acht fuireach
ar mhódh chiúin chráibhtheach a ffiadhnaise na mórdhachta mór-
mhaithe, nó go ffeuchfadh go trócaireach ar ár ffoighid
agus ar ár seasamhuigheacht, ionnas an uair dothiucfam
ionn a fhiadhnaise arís, go ffeuchfadh go trócaireach orainn
ag tabhairt sóláis agus solais dúinn re na ffaicfeam
aoibhneas agus sgéimh na húrnaighthe beannaighthe, agus
a ccás nách ffuighmís solus ar bith uaidh, fá leór d'onóir
dúinn a bheith ina fhiadhnaise ag iarraidh grása air.



CAIB. 10.
An freachnughadh is cóir do dheunadh ar maidin.



Tairéis úrnaighthe an athsmaointe, is cóir a bheith iomlán
diongbhála. Úrnaighthe beoil is éigion a dheunadh san ló.
Atáid úrnaighthe oile ar chúig mhódhaibh atá níosa aithghiorra
ionnta féin, ar son gurab iad is bun agus tús don
úrnaighthe atá níos mó agus níos faide. Eadorra so
atá an chéad áit ag úrnaigh na maidne, mar fhundamaint


L. 90


agus mar ullmhughadh dochum saothair an lae uile, agus
ag so an módh ar ar cóir a deunadh agus a tionnsgnadh.



Ar tús, re humhla rómhór (mhóir), tabhair buidheachas
do Dhia agus deuna adhradh dho, do bhrígh gur choimheud
sé slán an oidhche sin tú tré mheud a thrócaire féin, agus
má thárlaidh dhuit peacadh ar bith do dheunadh, guidh Dia
fá mhaitheamhnas do thabhairt duit.



2. An dara feacht. Smaoin gurab uime thug Dia
an lá so dhuit, ionnas go ndéantá gníomh éigin ann, re
a ttuillfeá sólás na síorruidheachta. Dá bhrígh sin gabh
rún daingeann an lá uile do chaithiomh re teacht dochum
na críche sin.



3. An treas feacht. Feuch rómhat go grinn ar gach
úcáid dá mbiaidh agat chum seirbhíse do dheunadh do Dhia,
nó fós chum saobhnóis do chur air re caithighibh, re feirg,
re heólbhaois, nó re mí-ghníomh ar bith oile, agus gabh rún
deighmhisnigh chughat go ndeunfadh (aidh) tú an uile nídh do
chur a ngníomh dá mbiaidh chum seirbhíse Dé, agus chum
do chaoindúthracht féin do chur ar aghaidh, agus seachnóchadh
(aidh) tú agus go mbéarfaidh tú buaidh ar an uile nídh a
bhias a naghaidh sláinte hanama agus ghlóire Dé. Ní leór
dhuit an rún so do chur rómhat, acht is riachtanach dhuit an
módh re a ccuirfear a ngníomh é d'ullmhughadh .i. más re
duine lasánta bhias tú ag fóghnamh nó ag deighleáil an
lá san, ní leór dhuit a chur rómhat gan saobhnós do chur
air le bréithir, acht fós briathra mílse carrthannacha
d'ullmhughadh dochum a labhartha ris, ionnas nách budh féidir
ris saobhnós do ghlacadh chuige, nó duine éigin do thabhairt
leat le ar féidir cosg do chur ar a fheirg. Nó más ar
cuaird an duine thinn is mian leat dul, meas na briathra
adéarfair leis do thabhairt an tsóláis agus na fortachta
is mó is féidir leat san aimsir sin do. Agus mar an
ccéadna ionn gach aon nídh oile.



4. An ceathramhadh feacht. Úmhlaigh tú féin a ffiadhnaise


L. 91


Dé ag admháil gach rúin dár chuir tú rómhat dochum na
lochta do sheachnadh, agus na subháilceadh do chur a ngníomh,
nách féidir leat ceachtar díobh a dheunadh ar do threoir
féin, agus amhuil do bheith do chroidhe idir do lámhaibh
agat tairg suas é don Mhórdhacht dhiagha maille re gach
rún maith dá raibh agat, agus guidh é re na ngabháil ionn a
chuimhne féin, agus fós re neart agus brígh do thabhairt
duit dochum dul ar haghaidh ionn a sheirbhís féin, ag rádh
na mbriathar so nó a samhuil eile ionn hínntinn. Feuch,
a Thighearna, ar an ccroidhe truaigh bocht so do ghabh, red'
thrócaire, air féin mórán fonn mhaith agus deagh-rún;
gidheadh, ní ffuil de bhrígh ná de neart ionn, na miana
san atá aige do chur a ngníomh, muna ttugadh (aidh) sibhsi
bhúr mbeannocht naomhtha dho. Uime sin, guidhim tú, a
Athair thrócairigh, tré pháis do Mhic dhílis, gurab ionn honóir
is mian liom an lá aniugh (indiu) agus laethe mo bheathaidh (adh)
uile do chaithiomh, agus an bheannocht san do thabhairt dom.
Iarr ionnso congnamh na Naomh-mhaighdine Muire, haingil
cuimhdeachta, agus do naomh-pátrúin.



Deuna an tullmhughadh spioradálta so go beodha aith-
gheárr, sul fá ttéigheadh tú amach as do sheómra, más
féidir leat é, ionnas re congnamh na ffreachnughadh so,
go mbeith beannocht Dé mar dhrúcht neamhdha ar gach gníomh
dá ndeuna tú ar feadh an lae. Guidhim tú go dúthrachtach,
gan an freachnughadh so do léigion díot, ná dearmod do
dheunadh dhe.



CAIB. 11.
Don ffreachnughadh is cóir do dheunadh um nóin, agus
do sgrúdadh an choinsiasa.



Mar doghnidh tú roimh do dhínéar corpardha díneur
spioradálta, agus sin re smuaineadh éigin cráibhtheach;
roimh do shuipeur is cóir dhuit an nídh céadna do dheunadh.


L. 92


Uime sin, gabh roimhe do shuipéar, aimsir éigin, maille
re faill do bheith agat, agus cuir tú féin a ffiadhnaise
Dé, agus cruinnigh do smaointe maithe uile a ffiadhnaise
Íosa Críost, ag meas agat féin go ffuil sé san ccroich
ós coinne súl do chroidhe, agus dúisg ionnat féin gach
deagh-rún teasaighe, agus gach smaoineadh maith dá raibh
agat ar maidin, agus umhlaigh tú féin maille le grádh
lasardha a ffiadhnaise do Shlánaightheóra, ag tógbháil do
chroidhe chuige le soigheadaibh grádha. Nó tabhair ionn do
chuimhne na poingc is mó ar a ffuair tú blas ar maidin,
ionn san Athsmaoineadh dobhí agat, amhuil dobheitheá ag
deunadh aithfhreachnughadh orra, nó gabh módh éigin nuadh
ar a ffaghaidh tú blas agus dhúisgeochas do spirid
dochum grádh Dé.



2. An sgrúdughadh is cóir do gach aon a dheunamh
ar a choinsias ag dul do luigheadh dho, is feas do gach
aon cionnas is iomchubhaidh so do dheunadh. Ar ttús
is cóir buidheachas a thabhairt do Dhia fá ár ccoimhead slán
an lá san, ina dhiaigh sin feuchamaoid go grinn cionnas do
chaitheamair gach aon uair de'n lá céadna, agus
smuainigheamaoid ar an ccomhluadar agus ar na
gnódhthaighibh dobhí againn.



3. An treas feacht. Má gheibhmíd go ndeárnamair
gníomh maith ar bith, tugamaoid buidheachas do Dhia ar son
a dheunta, agus má rineamair locht ar bith le smaoineadh,
le bréithir, nó le gníomh iarramaoid maitheamhnas ar Dhia
ionnta, agus bíodh rún againn faoisdin do dheunadh an
uair is féidir linn, agus ár mbeatha do leasughadh ó sin
suas.



4. An ceathramhadh feacht. Taobhamaoid le réamh-
radharc Dé agus re na mhórthrócaire, ár ccoirp agus ár
nanamna, an Eaglais agus ár sínnsiora, ár ngaolta agus
ár ccáirde. Guidheamaoid Muire, ár nAingeal Coimh-
deachta agus an chúirt neamhdha uile, eadarghuidhe do


L. 93


dheunadh ar ár son agus ár ndídionn, agus beannocht Dé
dfhagháil dúinn dochum an chiúnais atá de riachtanas orainn,
agus dochum a ffuileamaoid ag triall. Is cóir dúinn
an freachnughadh so do dheunadh chomh dúthrachtach agus
dorinneamair freachnughadh na maidne, do bhrígh, ar maidin,
muna ffosgaltar fuinneóga an anama, dochum dealradh
gréine an chirt do theacht chuige, is baoghal re freachnughadh
na (an) tráthnóna go ndruidfighthear na fuinneóga céadna
re ceó dorcha ifrinn.



CAIB. 12.
Cionnas is cóir ciúnas spioradálta do ghabháil.



Is cóir dhúinn go ródhúthrachtach aire do thabhairt don
airtiogal so, do bhrígh gur comhartha róchinnte é, ar sinn
do dhol ar ár naghaidh a slighe an chrábhaidh. Is nídh é seo
is féidir a dheunadh go minic ionnsa lá, ag tabhairt d'ár
naire cread é an nídh atámaoid do dheunadh, agus cread
atá Dia do dheunadh, agus dochídhfeadh (fidh) tú go ffuil
Dia ag feuchaint ort go díreach, maille re grádh adhbhal-
mhór. Uime sin, abair ris: Ó mo Dhia, ní ffuil aire agam
ort mar atá agat orm. Ó, a Thighearna, cread dobheir
tú ag smaoineadh orm do ghnáth, agus a anamhuigheacht a
smaoinim ort. Ó m'anam, cá ffuileamaoid? Óir isé
féin ár náit comhnaighthe, agus cread atámaoid do dheunadh
gan tarraint air? Mar dobhíos nid ag eunaibh ionn a
ccrannaibh áirde, ionn a ndeunaid comhnaidhe re na
riachtanas, agus mar dobhíos foraois ag an ffiadhach a
ccoilltibh dlúithe, ionn a ffaghaid sgáth ó theas an tsamhraidh,
agus ionn a ccuirid iad féin a ffolach, is mar sin is cóir
dhúinne do dheunadh, áit éigin do thoghadh d'ár ccroidhthibh
féin go laetheamhuil, nó ar an ccnoc ar ar crochadh Críost,
nó a ccreuchtaibh ár Slánaightheóra, nó a náit éigin eile
a ffogus do, ionn ar féidir linn ciúnas do dheunadh ó


L. 94


an uile ghnódhtha, agus ionn a ffagham sámhus agus sólás;
a bhias againn mar dhaingean comhnaighthe a naghaidh an
uile chaithighibh. Ba beannaighthe an tanam le ar féidir a
rádh go fírinneach ris an Tighearna: Is tusa mo thigh
coimirce, mo dhaingeann sábhálta, mo dhídion ar dhoininn,
agus mo sgáth ar theas.



Ná léig as do chuimhne áiteanna uaigneacha do bheith
ionn do chroidhe ionn a mbiaidh Críost ina chomhnaighe, dá
mheud cúram nó gnódhtha saoghalta dá mbiaidh ar haire
ionnas, dá mheud cúraim dá mbiaidh ar an ccorp, go mbiaidh
an croidhe amháin ag Dia.



Ag so an freachnughadh adeir Dáibhí, Rí, go minic do
bheith ionn sna Salmaibh aige ag rádh: A Thighearna, atáim
agat do ghnáth; dochídhim an Tighearna do ghnáth am
fhiadhnaise. Ó, mo Thighearna atá ar neamh, do thóig me
mo shúile chughat; atáid mo shúile ag feuchain ar an
Tighearna do ghnáth, agus ní bhiaidh gnódhtha ar bith
laetheamhuil chomh tábhachtach agus san aguinn, nách budh
féidir linn ar uairibh ár nínntinn do tharraint dochum
an uaignis dhiagha so.



An tan do bhain a haithreach de'n bhannaomh Caitríona
Senensis, an uile áit agus aimsir iomchubhaidh dochum
úrnaighthe agus chum smaoineamh ar Dhia, do mhúin Dia
féin di áit úrnaighthe do dheunamh, .i. a croidhe féin astigh,
ionn ar bhféidir lé dá mbadh ameasg gach comhluadair,
dá bhuaidheartha do bheith, Dia do ghuidhe ó ínntinn agus
smaoineadh air do ghnáth. As san tháinigh dhi, dá mheud
buaidhre nó dochar shaoghalta dá ttárlaigh dhi ina dhiaigh
sin, nách deárnaidh dochar ná díoghbháil di, acht, mar adeire
sí féin, go raibh a rún a ffolach ionn seómra a croidhe,
mar a ttugadh a céile neamhdha sólás di. Uime sin,
dobheireadh comhairle dá clainn spioradálta, seómraighe
uaigneacha do chur suas ionn a ccroidhthibh féin, agus
ciúnas do ghlacadh ionnta go minic.


L. 95


Ar an adhbhar san, tarraing ar uairibh, hínntinn asteach
ann do chroidhe, mar a mbiaidh croidhe hanama ag labhairt
le croidhe Dé go hamarcach (hiom-), agus abair mar aon
le Dáibhí, Rí: “Do mhúsgail me agus dorinneadh me
cosmhúil re heun fásaigh, nó re hulchaoidh a ccliabhán, nó
mar ghealbhann (-an) a naonar ar dhroim tighe.” Tar an
ccéill liteardha atá ag na briathraibh seo, foillsighid go
mbadh gnáth ris an Rígh comhachtach so, uair éigin chinnte do
ghabháil do féin ionn a mbíodh sé go huaigneach, ag
athsmaoineadh ar na neithibh spioradálta. Atáid
rúindiamhair trí ccinéil ionnta, nó trí tighthe fásaigh ionn
ar féidir linn a lorg, agus le sompla ár Slánaightheóra,
freachair mhaith do dheunadh d'ár nuaigneas. Dobhí Íosa
ar an ccnoc ar ar crochadh é, cosmhúil ris an eun fásaigh
darab ainm peiliocánach, aithbheodhas a clann mharbh, le
na fuil féin. Ionn a gheineamhuin, arna chur a stábla
fuar, dobhí mar ulchaoidhe a ccliabhán, ag caoineadh ár
bpeacadh agus ár ccionnta. Faoi dheoigh, ag deunadh an
deasghabhála dho, dobhí mar ghealbhann (-an) ag éirghe go
huachtar na fflaithios, óir, mar is é mullach an tighe cuid
is uachtaraighe dhe, mar sin atá neamh ós cionn na coda
oile de'n domhain (-an); agus dá mhéid buairt dá ccuirfid
gnódhtha an tsaoghail seo orainn, is féidir linn ár ccroidhthe
do bheith a náit éigin díobh so le deagh-smaointibh.



An tan thárlaigh don Iarla beannaighthe, Elsearius,
a bheith aimsir fhada a neughmais a chéile dhiagha gheanmnaighe,
Delfina, do chuir teachta d'aontosg chúiche, dfheuchaint
cionas dobhí a sláinte. Ag seo an freagra do chuir
sí chuige: “Atá me slán, a chéile ghrádhach, agus más
mian leat me dfhaicsin, iarr me a ccneádhaibh Íosa íodhain
mhilis, óir is ionnta san atáim am chomhnaighe, agus is ann
dogheabhas tú me, agus is díomhaoin duit me d'iarraigh
a náit ar bith eile.” Ag so an duine agus an Críostaighe
dáríribh.


L. 96


CAIB. 13.
Do thógbháil an chroidhe dochum Dé, do mhian na
húrnaighe mionca agus do na deaghsmuaintibh.



Cuirionn duine é féin asteach a nDia an tan do thógbhann
a chroidhe chuige, agus re tógbháil an chroidhe chuige
doghnidh comhnaighe ionn, ionnas go ttig gach cuid díobh as
an ccuid oile, agus as smaointe maithe a geintear iad
araon. Uime sin, tóig do chroidhe go minic chum Dé re
soigheadaibh grádh, go teasaighe, aithgheárr, ag deunadh
iongantais de mhaith agus de sgéimh Dé, agus iarr congnamh
air. Cuir tú féin fá bhun na croiche ionn do spirid, agus
deuna adhradh do Dhia, agus taobhaidh sláinte hanama
agus do choirp ris. Tairg tú féin dó an uile uair san
ló, agus bíodh súile hínntinne sáite ann, ag feuchain
ar a mhórthrócaire do ghnáth, agus sín do lámh chuige, mar
doghnidh an leanabh ag síneadh a láimhe dochum a athar,
ionnas go ttreóruighidh thú. Cuir é, gach uair, ar hucht
agus ar do chroidhe, mar phousae deaghbholaigh agus mar
chomhartha, agus ina bhratach buaidh ar hanam, agus gluais
do chroidhe chuige ar mhórán de shlightibh oile, chum tú féin
do dhúsgadh dochum grádh Dé, agus spor tú féin dochum
grádh a bheith agat ar do Shlánaightheoir, do cheannaigh tú
ar a fhuil féin.



Ag seo an módh ar ar cóir an úrnaighe mion minic do
dheunadh. Do mhol N. Abhaistín í seo go ródhúthrachtach,
do mhnaoi chráibhtheach dárbhainm Proba, .i. ár spioraid
a bheith do ghnáth ionn a muinntiordhas ró-cheangailte agus
ionn a ccomhluadar le Dia, ag smaoineadh do shíor ar gach
foirfeacht dá ffuil ionn, agus dá sughadh chughat féin.
Níl dócamhal san ffreachnughadh so, do bhrígh nách ccuirionn
toirmiosg ar ghníomh ná ar ghnódhthaibh dá mbiaidh againn,
acht gur féidir linn a bheith go ró-iomchúbhaidh ionn a ccuid-
eachta. Fós cuirionn an úrnaigh aithgheárr so, agus na


L. 97


smaointe spioradálta an uile nídh dá ndeunamaoid
ar a naghaidh go rómhór. Ibhionn an tí dobhíonn ar aistior,
deoch fíona, dochum brígh a chur ionn a chorp, agus má
doghnidh comhnaidhe tamall, ní chuirionn toirmiosg ar a shlighe,
acht gabhann brígh agus neart nuadh dochum dul ar aghaidh
go díreach biorrbach.



Do chruinnigh mórán úghdar mórán de'n úrnaigh aithghiorr
so, agus gé go ffuilid maith tairbheach, ní riachtanas dhuit
a bheith ceangailte do bhriathraibh áirighthe ar bith, acht abair
ó bheul nó ó chroidhe, na briathra a chuirfios grádh Dé ionn
hínntinn, ar son go ffuilid briathra ann is mó brígh ioná
chéile, mar atá go minic ionn sna Salmaibh agus a ccaintic
na ccaintic, re a ccialluighthear teasghrádh agus ainm
Íosa do ghairm go minic. Is maith fós chuige seo laoidhthe
agus rainn spirideálta do rádh ó ínntinn.



Na daoine ag á mbíonn grádh daondha nó nádúrtha
aca ar nídh ar bith, nó ar dhuine, bíd ag smaoineadh air
do ghnáth re fonn a ccroidhe, agus bíd dá mholadh, agus
muna raibh do láthair aca, sgríobhaid chuige. Ní léigid
ócáid díobh ar nídh ar bith gan a ngrádh dfhoillsiughadh air,
muna raibh dóibh acht a ainm do sgríobhadh a ccroicionnaibh
crann. Ar an módh céadna, gidhbé ag á mbíonn grádh
fíor ar Dhia, biaidh ag smaoineadh air do ghnáth, agus
tógbhann a chroidhe chuige, agus labhrann air go minic,
agus budh mhian leis ainm naomhtha beannaighthe Íosa a bheith
sgríobhtha a ccroidhthibh dhaoine an domhain.



Ní ffuil créatúir ar bith nách ttugann cionnfátha agus
adhbhar dúinn smaoineadh ar Dhia, mar adeir N. Abhaistín
agus an Naomh Antonius. Níl nídh ar domhan, ar son nách
labhraid linn, nách ttugann dhúinn re na thuigsin gur cóir
dhúinn grádh a bheith aguinn ar Dhia, agus músglaid sinn
dochum ár ccroidhthe do thógbháil chuige.



Ag so somplaidhe air sin. Adeir N. Greagóir Nasiansen,
ag seanmóir dá phobul, ag siubhal do ar bhruach na fairge,


L. 98


go ttug dá aire cionas dobhádar na tonna ag teilgionn
sliogán oisrí, freumhach luibhiona, agus neithe beaga
oile, a ttír agus dá ffágbháil ionnsan. Agus arís tonna
oile ag teacht agus ag breith coda dhíobh san leó tar ais,
agus iad a ceangal do chairrgibh daingiona gan comh-
sgrughadh, dá mheud dá mbíodh neart na ttonn dá mbualadh
agus dá ttuargain. Arna fhaicsint sin dó, do smaoin
aige féin gur mar sin a bhíd na daoine anbhanna laga,
go ffuadaighthear iad ris an ccinneamhuint dochum dóláis
nó sóláis, agus na hínntinneadha uaisle, feardha, nách
gluaistear iad le cinneamhuin dá chruaidhe, acht go ffanaid
mar chairrig dhílionna gan comhsgrughadh. Agus as san
do léig osnadh, ag rádh le Dáibhí, Rí: “Sábháil me, a
Thighearna, dochuaidh an tuisge asteach ionn manam. Saor
me, a Thighearna, a íochtar na nuisgeadha agus as dhoimhne
na fairge, óir do bháith an stoirm me.” Dobhí an duine
beannuighthe an uair seo a mbroid, do bhrígh go raibh
Maximus re fóirneart ag buain a Easbogóideacht de.
Fulgensius Ruspensis Easbog, ag faicsint mórdhála
uaisle na Rómha dho, an gleus ar a rabhadar ina suighe,
agus gach poimp dá raibh aca: “Ó, a Dhia íodhain,” ar
sé, “godé breághthacht an teaghlaigh neamhdha má tá a leithéid
seo de phoimp agus de ghlóir san Róimh talamhaighe, agus
má dothug Dia ar an saoghal so í don lucht a leanas an
ghlóir dhíomhaoin, godé an ghlóir nách fuláir atá aige san
saoghal oile fá choinne lucht leanamhna na fírinne!”



Dobhídís na deaghsmaointe seo ina ffreachnughadh
ghnáthach ag N. Anselmus, Árdeasbog Chanterberi, agus
thárlaigh uair éigin do a bheith ag dol ó bhaile, gur dhúisgigh-
eadar na gadhair dobhí ag a mhuinntir, gearrfhiaigh, agus
an tan dochonairc nách raibh dul as aige uatha, do chuir
é féin idir chosaibh an eich ar a raibhe an preláid naomhtha,
amhuil do bheith ag iarraidh coimirce, agus na gadhair ag
tafann ina thímchioll, agus níor lámhadar an cadhus san


L. 99


do bhriseadh, agus budh hiongnadh le na raibh san ccuideach-
tain an nídh neamh-ghnáthach san, agus dobhádar ag gáiridhe
faoi, nó gur léig an tÁrdeasbog osna as, agus ne (na)
deóra le na ghruaidhibh, ag rádh: “Atá sibhse a gáiridhe,
agus níl an beathaigheach bocht a gáiridhe. Mar súd a
bhias an tanam atá lán de pheacadh agus de chionnta, a
naimsir a bhruide, agus an bháis, agus a naimhde ina thímchioll
ar tí a fhuadaigh leó agus a shlogadh, agus annsin biaidh
lán d'uamhain (an) agus d'eagla, ag feuchain ina thímchioll
ar gach taobh, dfheuchain an ffagha congnamh, cadhus nó
sólás ar bith, agus muna ffaghaidh, biaidh a naimhde ag
fochmhaide faoi, agus biaidh mar éadáil aca?” Agus
tairéis sin do rádh dho, do léig osna mhór as, agus do
thriall san tslighe.



Do sgríobh Constansius Mór litreacha onóireacha
dochum an Aba Naomhtha, S. Antonius, agus budh hiongna
ris na manchaibh sin. Adubhairt an naomh leo: Is
iongna libh Rí do sgríobhadh chum duine, acht is mó ioná
san an tiongantas Dia síorruidhe marthannach do sgríobhadh
a dhlighe féin do na daoinibh, agus fós gur labhair leo re
beul a aoinmhic féin.



Dochonairc N. Proinsias, uair éigin, aon chaora
amháin ameasg treuda mbig, agus adubhairt re na
chompánach: “Feuch gur ciúin ceannsaighe atá an chaora
bhocht ameasg na mbeg (mbeithidheach) úd. Mar súd do
bhí ár Slánaightheoir ceannsa úmhal ameasg na cineadh
Iúdaighe.” Agus uair oile dochonnairc uan dá mharbhadh
ag muc (muic) adubhairt ag caoidh: “Ó, a uain bhoicht, is
maith do thaisbeánas tú bás mo Shlánaightheóra go fírinneach
dhom.”



Duine ródheársgnaidhe, Proinsias Borgia, an tan
dobhí ina Dhiúice Caindie, an uair do thrialladh dochum
fiadhaig nó seilge, dobhídís mórán de na smaointighthibh
seo aige. Budh hiongna liom, ar sé féin, ina dhiaigh sin,


L. 100


godé a ghastacht a fhillid na seabhaic ar lámhaibh na
sealgaire, agus léigid brat do chur ar a súilibh, agus a
cceangal do chuaile; agus na daoine, go mbíd easumhal
do ghuth Dé.



Ag so an leughan dobheir an rósa dfhásas idir dhealg-
aibh na spíne, do na daoinibh, mar adeir N. Basilius:
“Ó, a dhaoine, an nídh is mílse agus is sáimhe ar an saoghal
so, atá a thuirse féin ceangailte dhe, agus ní ffuil gar
ann gan amhgar ina chuideachta, do bhrígh go ttig tuirse a
ndiaigh a lúthgháire, agus dólás a ndiaigh a shóláis, a ndiaigh
chuinge phósta baintreabhchas, a ndiaigh clainne cúram,
a ndiaidh ghlóire mí-chlú, a ndiaigh onóra costus, a ndiaigh
sámhus (uis), neamhfhonn, i ndiaigh sláinte galar.” “Is
breágha sgiamhach é an rósa,” ar an duine búidhe, “gidheadh,
is mór an tuirse do chuireas orm, an tan dobheir mo
pheacaighe féin ionn mo chuimhne, óir is iad is cionntach
le deilg agus drisleach do bheith ar an ttalamh.”



Duine éigin diagha ag feuchaint a sgáile dho, oidhche
shoineanta, a nabhainn chiúin agus an taer nó na
fiormamaint lán de réaltaibh ós a chionn, adubhairt:
A Thighearna, beid na réalta so fám' chosaibhsi, an uair
a ghlacfas tú me asteach ionn do thigh beannaighthe féin,
agus mar a taisbeántar réalta na fflaithios ar an ttalamh,
is mar sin dochídhfighear daoine na talmhonn (an) ar neamh
a ttobar síorruidhe ghrádh Dé.



Duine oile, ag feuchain srotha dho, dobhí ag imtheacht
go rótheann, adubhairt: “Mar súd ní bhiaidh ciúnas ag
m'anamsa go ndoirtear é a muir na diaghachta as a
ttáinigh sé.”



Agus N. Fransisca, ag deunadh úrnaighthe dhi láimh re
sruthán dobhí ag imtheacht go ciúin socair, do fuaduigheadh
í a ttáimh spioradálta, agus adeireadh ós ísioll aice féin,
go minic: “Is ar nós an tsrotháin seo dhoirteas Dia
go ciúin san anam.”


L. 101


Duine oile ag faicsin crainn lán de bhláth, adubhairt,
ag léigeann osnaigh as: “Créad fá a ffuilimse amháin
a neaglais Dé gan bhláth gan toradh?” Duine oile ag
faicsint eunlaith circe dá ccur féin fá sgiathánaibh a
máthar, adubhairt: “A Thighearna, dídin me faoi sgáth
do sgiathán féin.” Duine oile, ag feuchain ar nóinín do
léig osnadh as ag rádh: “Ó, mo Dhia, cá huair a leanfas
manamsa do chomhairlesi, agus do threóradh, mar leanas
an nóinín an ghrian?”



Duine oile ag faicsin bláithe a ngáirdín, dá ngoirthear
bíol nó lusrachán - bíonn an bláth sin taithniomhach re
súil, acht ní bhíonn bolath ar bith air - adubhairt: “Mar
súd a bhíd mo smaointesi, óir adeirid neithe maithe acht
ní oibrighid iad.”



Feuch anois, a dhuine, gur féidir as an uile nídh dá
eugsamhlacht dá ttagmhann dúinn ar an saoghal so,
smaoineadh maith do bhuain as re a ttógbham ár ccroidhthe
dochum Dé.



Is truaigh an drong do tharraingios a chréatúirighe
féin ón cCruthaightheoir, agus doghnídh adhbhar peacadh
dhíobh. Agus is beannaighthe sonaighe an drong do bhainios
glóir an chruthaightheóra as an uile nídh, agus bhainios
onóir Dé as eólbhaois na neithean saoghalta.



“Is gnáth liom,” ar Greagóir Nasiansen, “an uile nídh
do chur a sochar spioradálta dhom féin.” Gidhbé do
leughfadh an marbhnaidh diagha do sgríobh N. Hiaronimus
don mhnaoi bheannaighthe, Paula, dogheabhaidh mórán de
smaointighthibh maithe uaithe re a ttógbhaigh sí a croidhe go
rómhinic dochum Dé, san uile ócáid dá tteagbhaidh dhi.



Is mór an chuid de'n chrábhaidh (adh) atá san ffreachnughadh
so, agus fóirigh (fidh) sé ar son gach úrnaigh eile. Gan
a bheith fós ann, is deacair do dhuine dol ar aghaidh san
mbeathaidh spioradálta, do bhrígh nách deunann úrnaighthe


L. 102


ar bith oile a áit seo. An bheatha ghníomhach fós, is deacair
toradh do theacht aiste gan an freachnughadh so do bheith
ina cuideachta, agus gan é ní bhfuil san saothar acht buairt
agus toirmiosg, ná san cciúnas acht díomhaoineas. Uime
sin, guidhim tú, gabh an freachnughadh chughat ó chroidhe agus
ó ínntinn, agus deuna gnás de agus ná tréig go bráth é.



CAIB. 14.
Tráchtar annso ar Íodhbairt an Aifrinn agus
cionnas is cóir a éistiocht.



Níor thrácht me gus anois ar ghréin phrionsapálta an
uile fhreachnughadh spirideálta, mar atá Sacramaint
rónaomhtha, ródhiagha, róbheannaighthe na hAltórach. Ag
seo ceartlár an chreidimh Chatoilicigh, croidhe an chrábhaidh,
anam na búidheacht, agus rúindiamhair nách féidir a
fhoillsiughadh le bréithir agus ionn a ffuil duibheacán
ghrádh Dé ar na daoinibh, agus ionn a ttugann Dia é féin
dáríribh dóibh, ag roint a ghrás agus a thiodhlaicthe leó
go mórálta.



An dara feacht. Is rómhór an bhrígh atá ag an úrnaigh
doghnidhthear ceangailte don Íodhbairt seo, ionnas go
ffaghann an tanam tabharthas agus tiodhlaicthe móra
naomhtha ria, amhuil do bheith fá chuim Íosa Críost agus é
dá líonadh le balsaim íocshláinte, lán de dheaghbholath,
ar módh go mbíd cosmhuil re buinneanna deunta de
mhiora agus de thúis agus de na nuile phúdar deaghbholath,
mar adeirthear ionn sna Cainticíbh.



An treas feacht. Deuna díthchioll Aifrionn déisteacht
go laetheamhuil, ionnas mar aon ris an sagart go ndeuntá
toirbhirt íodhbartha do Shlánaightheóra dho Dhia Athair,
ar do shon féin, agus ar son na heaglaise uile. Óir, mar


L. 103


adeir N. Eoin Chriosostom, bíd na mílte aingeal a
ttímchioll na Sacramainte seo, ag tabhairt onóra agus
adhra (adhartha) dhí, agus an tan dobhímídne mar aon leo,
agus re haonínntinn leó, a láthair, as an ccuideachta
agus as an ccomhludar san ní féidir linn gan trom-
thoradh grás nDé do theacht orainn. Óir atá cóire cúirte
fhlaitheamhnais agus cóire na hEaglaise ar an ttalamh
so mar aon leo, a ccuideachta agus a ttímchioll na
híodhbartha (airte) so, ionnas, maille ris sin, go ttarraing-
idís croidhe agus trócaire an Athar neamhdha dochum
feuchana orainn. Acht godé an sonas is mó don anam
ioná a uile ghrádh agus a uile fhonn do thabhairt ar son
maithiosa chomh uasal agus chomh fonnmhar ria sin.



An ceathramhadh feacht, dá tteagmhadh dhuit, re fíor-
riachtanas, gan a bheith ar do chumas teacht do láthair na
mór-íodhbartha diagha, bíodh do chroidhe agus hínntinn
uirthe, agus deuna díthchioll a bheith dá láthair go spiora-
dálta, agus, muna budh féidir leat níosa mhó do dheunadh,
gluais uair éigin ar maidin don eaglais ó chroidhe, agus
ceangail hínntinn ris an uile Chríostaighe, agus gach nídh
dá ndeuntá san eaglais ag éistiocht an Aifrinn, deuna
é san áit ionn a mbiaigh tú.



An cúigeadh feacht, iomorro, éist an tAifrionn mar
is cóir, ó ghníomh agus ó ínntinn. Ar ttúis ó thionnsgnas
an Sagart, nó go ttéighidh ar an Altóir, ullamhuigh tú féin
mar aon ris, agus sin amhuil dobheitheá ag dol do láthair
Dé. Smuain nách fiú thú teacht dá láthair agus guidh é fád
pheacaidhibh do mhaithiomh dhuit, agus hínntinn do thógbháil
chuige féin.



Déis an sagart do dhol ar an Altóir go nuige an
tSoisgéil, smuain go símplighe geinearálta ar theacht
ár Slánaightheóra, agus ar a bheathaidh ar an saoghal so,
agus ón tsoisgeul go nuige forálughadh an aráin agus


L. 104


an fhíona, smaoin mar dobhí Críost ag seanmóir ar an
ttalamh, agus cuir rómhat annsan re geallamhuin daingeann,
fuireach ar feadh do bheathaidh (adh) a ccreidiomh, agus do
réir bréithre Dé, agus a ccumann na heaglaise
Catoilicigh.



Ó sin amach nó go mbeith don tSagairt (art) ag rádh na
paidre, smaoin ar rúindiamhair bháis agus pháise an
Tighearna, do taisbeánadh dhuit san íodhbairt naomh-
choisreagtha so, agus tairg suas í mar aon ris an sagart
agus ris an bpobal uile, don Athar neamhdha, chum glóire
agus onóra dho, agus chum do thairbhe agus do shláinte féin.



An úrnaighe dodheun an Sagart, an rae go ndeunaidh
comaoineacha, tóig do chroidhe le róiomad foinn agus
grádh a bheith ag teacht ar do Shlánaightheoir, maille re fonn
tú féin do cheangal ris go síorruidhe.



As sin go ccurthar críoch ar an Aifrionn, tabhair
buidheachas dá mhórdhacht dhiagha ar son theacht a ccolainn
daondha, ar son a bheatha, a bháis, a pháise agus an ghrádh
adfhoillsigh sé san íodhbairt naomhtha san, agus guidh é
tré bhrígh na Sacramainte sin, trócaire do dheunadh ort
féin, ar do shínsioraibh, ar do cháirdibh agus ar an eaglais
uile. Úmhlaigh tú féin ó chroidhe, agus an bheannocht dhiadha
atá an Tighearna do thabhairt duit tré na shearbh-
fhóghantaidhe féin, gabh chughat go cráibhtheach í, agus tabhair
buidheachas do Dhia.



Más mian leat a naimsir an Aifrinn, smaoineadh ar
rúindiamhair éigin dá mbíonn agat go laetheamhuil, do
réir eugsamhlacht gacha lae, ní riachtanas dhuit tú féin
do cheangal do na smuaintibh speisialta so adubhramair,
acht is leór dhuit tínntinn do threóradh ó thúis, gur
mian leat le freachnughadh na húrnaighe agus do dheagh-
smaoineadh an íodhbairt seo do dheunadh agus dfhoráil,
ar an adhbhar go ffuil an bhrígh sin san uile úrnaigh.


L. 105


Caib. 15.
DO NA FREACHNAIBH PHOIBLIDHE AGUS CHOITCHIONNA.



Tar a ndubhramair, is cóir dhuit gach Domhnach agus
gach lá saoire, na huaireanta canóna agus Easbairt
d'éistiocht, an mhéid go mbiaidh faill nó cumus agat
air, do bhrígh na laethe seo atá coisreagtha do Dhia, gurbh
iomchúbhaidh níosa mhó do dheunadh ionnta dochum glóire
agus onóra dho, ioná doghnidhthear laethe oile. Ris seo
dogheabhaidh róiomad mílseachta, crábhaigh, agus sámhuis
spioradálta, mar do sgríobhann N. Aibhistín air féin,
iar ndeunamh Catoilicigh dhe go nuadha, ag éisteacht na
hoifige diagha, go mbíodh a chroidhe dá leaghadh ionn tré
mhéid na mílseachta do dhoirteadh ina ínntinn, agus go
mbíodh a shúile ina ling (linn) uisce re teas crábhaidh.
Adeirim anois, ionnas nách budh riachtanach a rádh arís,
gur mó an sochar agus an sólás dogheibh duine as úrnaighthibh
phoiblighe na hEaglaise, ioná as an úrnaigh phríobháidigh,
do bhrígh gur órdaigh Dia féin an mhaithios phoiblighe agus
choitchionna do bheith ós cionn na maithiosa príobháidigh.
Gidhbé Sodailidhe nó comhbhráithreachas a bhíos san áit
ionn a ffuil tú, cuir tainm ionnta go toiltionnach, go
speisialta gidhbé dhíobh is mó luaidheacht, óir is gníomh
san atá róthaithniomhach ag Dia, gion nách é féin tug aithne
a mbeith ann, acht gurab í an eaglais d'órdaigh iad, agus
ionnas go ttaisbeánadh gur mian lé mórán do chur
a nanmona (nanmanna) ionnta, tug logha pribhléide dhóibh.
Fós is mór an comhartha carrthannachta, cuideachta do
cheangal re daoinibh oile, agus congnamh do thabhairt dóibh
san ffreachnughadh maith dobhíos aca do chur a ngníomh,
agus ar son gur féidir le duine freachnughadh chomh maith
leó do dheunadh, a naonarán, agus dodheunfaidh sé a
ccuideachta a chomhbhráthar, agus a ccás fós go mbadh


L. 106


taithniomhaighe agus go mbadh sáimhe ris a ndeunadh go
príomháideach, doghniodhmaoid a ccuideachta ár mbráthar
agus ár ccomharsan, agus ris an ccomh-cheangal dobhíos
againn leó, dobheireamaoid níos mhó glóire agus onóra
do Dhia mhór uilechomhachtach.



An nídh céadna do mheasaim is cóir a dheunadh san uile
úrnaighe agus crábhaidh poiblighe, do bhrígh, an mhéid gur
féidir linn, go ttugamaoid sompla maith dár ccomharsain,
agus gur mian linn ár ffonn agus ár ttoil do thaisbeánadh
dochum glóire Dé do mheudughadh, agus sinn féin do chur
a noireamhuin don mhaith choitchionn (inn) phoiblidhe.



Caib. 16.
GUR CÓIR ONÓIR A THABHAIRT DO NA NAOMHAIBH AGUS
A NGUIDHE.



Mar do chuirionn Dia go minic re na Ainglibh féin,
deaghsmaointe ionn ár nínntinn, is iomchubhaidh dhúinn,
mar an ccéadna, ár núrnaighthe agus ár ndeaghsmaointe
do chur tar ais arís, leis na teachtaireadhaibh chéadna.
Fós anamna na naomh atá ar neamh a ccomhluadar na
nAingeal, agus atá mar Ainglibh Dé ann, mar adeir
an Tighearna san Soisgeul, doghnidhid oific na nAingeal
dúinn a guidhe ar ár son, agus ag breith ár nguidhe chum
Dé.



Ceanglamaoid ris na spioradaibh beannaighthe, agus
ris na hanamnaibh neamhdha so, agus mar fhoghlumas
an Philomela óg ó na mháthair, ceól do dheunadh, is mar
sin is cóir dhúinne le comhluadar beannaighthe na naomh,
foghluim do dheunadh ar Dhia do mholadh níos feárr. Mol-
fadh (-faidh) me tú agus dodheuna me ceól duit a ffiadhnaise
na nAingeal, ar an Sailmceadlach.



Tabhair grádh agus onóir speisialta don Óigh naomhtha


L. 107


ghlórmhar (air) Muire, agus deuna óghmós di ionn a nuile
áit, óir isí Máthair ár nAthar Íosa í, agus, mar sin, ár
sean-mháthair féin. Gabhmaoid a coimirce agus a
tearmainn (onn), agus cuireamaoid sinn féin ionn a
hucht mar leanabhaibh beaga san uile chás agus riachtanas,
re dóthchus iomlán. Guidheamaoid an mháthair shár-
thrócaireach so, agus bíodh grádh aguinn oirthe, mar bhíos
ag clainn ar mháithreachaibh ó fonn agus ó chroidhe. Bíodh
rómhuinnteardhas againn ris na hAinglibh, go speisialta
bíodh grádh agus onóir aguinn don Aingeal atá ós cionn
na heasbogóideachta ionn a mbíonn tú, fós ainglibh
an chomhluadair ionn a mbíonn tú go laetheamhuil, agus
go sonnrádhach, dho taingeal coimhdeachta féin. Guidh
iad so go minic, mol agus onóraigh iad, agus ionn a
nuile ghnódhthaibh spioradálta agus saoghalta dá mbíodh
agat, guidh iad fá chongnamh agus fá fhortacht do thabhairt
duit, ionnas go ndéanfadaois comhoibriughadh leat san
uile ghníomh.



Athair onóireach dárbh' ainm Petrus Faber, an chéad
chompánach dobhí ag N. Ignasius, an chéad shagart, an cheud
sheanmóntaighe agus an chéad dhochtúir dobhí dá órd féin,
uair éigin do san nGearmáine, agus é ag gabháil
thríd an tír ionn ar rugadh é, tairis sin ag siubhal ameasg
na neiriceach mar a ndeárnaidh mórán maithiosa dochum
glóire Dé, go ffuair sóláis rómhóra do bhrígh, gach
parráisde ionn a ttagmhadh, go nguidheach (dh) an taingeal
pátrúin dobhíodh ag an áit chéadna, ionnas gur mhothaigh
go rabhadar fabharach dho dáríribh, agus ní hé amháin dá
choimheud ar mhí-rún na neiriceach, acht fós ag gluaiseacht
mhórán anam dochum a theagaisg do ghlacadh go fonnmhar,
agus ris sin do ghluais mórán chum na ffreachnughadh
ccéadna so do ghnáthughadh, agus dotháinigh tairbhe adhbhal
spioradálta dhóibh as. Deuna fós togha duit féin ar
naomhaibh éigin, go speisialta mar phátrúnaibh, agus cur


L. 108


(cuir) rómhat a mbeatha agus a lorg do leanmhuin, an
mhéid gur féidir leat é, agus bíodh muinghín agat congnamh
dfhagháil re na neadarghuidhe. Deuna onóir speisialta
don naomh a ffuil a ainm ort, óir is é a tugadh do phátrún
dhuit an tan do baisteadh thú.



Caib. 17.
CIONAS IS CÓIR BRIATHRA DÉ D'ÉISTIOCHT AGUS DO LEUGHADH.



Is cóir dhuit briathra Dé d'éistiocht go rófhonnmhar,
más ionn a ccomhrádh red' cháirdibh spirideálta, nó ag
éistiocht re seanmóraighe a bhias tú, tabhair aire dhóibh go
díthchilleach, dúthrachtach, agus bain tairbhe agus toradh
éigin asta, agus ná leig tuitim fá lár dhóibh, acht gabh
iad mar bhalsom uasal ionn do chroidhe, re sompla na
Maighdine, Máthair Dé, do choimheudadh go daingeann
ionn do chroidhe, gach briath (-ar?) dá ccluineadh do
théigheach (dh) ionn á mholadh agus a nonóir dá Mac, agus
bíodh a fhios agat go mbíonn cuimhne ag Dia ar gach briathar
dá nabramaoid ionn ár núrnaighthibh chuige, do réir mar
dobhíos cuimhne againne ar gach nídh dá labhrann Dia linn,
tré bheul an tseanmóntaidhe.



Más duine foghluma thú, bíodh leabhar éigin spioradálta
ad thimchioll agat do ghnáth, mar atáid leabhráin N.
Bonaventura, Joannes Gerson, Dionisius Cardisiam,
Ludovicus Blos, Grantensis, Didaci Stella, Ludovici
de Ponte Piolli, Abila, Laota Spirituali, Confessiones
Augustini, Epistola Hieronim, etc.



Agus leugh nídh éigin ann go laetheamhuil, go róaireach,
amhuil go mbadh litreacha dothiucfadh chughat ó neamh iad,
ó na naomhaibh, ag múnadh (múineadh) eóluis duit go
Flaithis Dé, agus ag tabhairt misnigh dhuit an tslighe do
thionnsgnadh. Leugh fós staracha agus beatha na naomh


L. 109


mar a ffaiceadh (idh) tú, amhuil sgáile ionn sgáthán, íomháigh
na beathaidh (adh) chríostaidhe, agus deuna díthchioll a
noibriughadh do réir na garma dobhí aca, do ghnódhthaigh
féin a dheunadh do réir do staide féin, agus ar son nách
féidir leis na daoinibh nár thréig an saoghal, oilithreacha
na naomh do leanmhuint ionn gach aon nídh, agus go ffuil
cuid aca ionn nách féidir aithris orra, tairis sin is féidir
le gach aon, nídh éigin dá mbeathaidh do leanmhuint.
Uaigneas N. Pól, an chéad díthreabhach, is féidir a leanmhuint
ar chaoi éigin ionn do smaoineadh spioradálta, leat féin,
mar adubhramair roimhe seo, agus adéaram arís. Fós
is féidir ar mhódh éigin boichteacht N. Proinséis do
leanmhuin, do réir na ffreachnaighe adéaram ina dhiaigh
seo, ionn a náit féin.



Idir na starthacha is mó dobhéaras solus dúinn dochum
ár mbeathaidh (adh) féin do threórughadh agus do riaghlughadh
go maith, atá beatha N. Teresia orra, beatha na ccéad aithreach
dobhí de na Iesuite, beatha Carroli Boromei, Árdeasbog
Milan, beatha N. Lodobhic, Rí na Fraingce, Cronacil
Óird N. Proinsias, agus a samhuil oile sin. Atáid
beatha naomh oile ionn ar córa iongantas do dheunadh
ina ttímchioll ioná duine ar bith dá leanmhuint, mar atá
beatha Mhuire na hÉigipte, dobhí mórán bliadhan gan snáithe
eudaigh uirthe. Síomon Stillites dobhí seasgad bliaghain
ina sheasamh ar chollamhuin chloiche. An dá Chaitríne
Senensis, N. Angela, agus dronga oile. Gidheadh,
gheibhthear blas adhbhall naomhghrádh Dé as leughthóireacht
a mbeathaidh (adh) seo.



Caib. 18.
CIONNAS IS CÓIR DHÚINN NA SMAOINTE DIAGHA DO GHABHÁIL.



Isé is smaointe ionn, gach nídh do dhoirtios Dia ionn ár
ccroidhthibh dár ttarraint chuige féin le cúram athardha,


L. 110


dár mbrostughadh re na ghrásaibh go hinmheodhnach, re
gluaiseacht, le spreagann agus le greim do bhuain as
ár ccoinsiasa, nó re solas feasa do thabhairt dúinn cread
is cóir dhúinn a dheunadh, ionnas go ngríosfadh agus go
ttarraingeadh sinn dochum naoimhshubháilceadh do
leanmhuint, agus grádh Dé do dhúsgadh ionnainn, agus gach
maith oile do threóruigheas sinn chum na beathadh shíorruidhe.



Is é seo fós a chialluigheann briathra na caintice: an
céile do bheith ina sheasamh ag an ndorus dá bhualadh
dochum labhartha le croidhe a bhainchéile, dá dúsgadh as a
codla, ag gairm uirthi chum é féin d'iarraidh, agus isé
an nídh céadna tuigthear an tan dobheir cuire dhi
dochum meala, ubhall agus torthadh a gháirdíne féin do
chruinniughadh, ionnas go ccluineadh a chluasa fuaim a
gotha róbhinn.



Atáid trí coinghil do thaobh na hógmhná a bhias dá
pósadh, atá riachtanach, más mian re na haithreachaibh an
pósa do bheith iomlán, dlisdionnach. An chéad nídh,
a fhoillsiughadh dhi cia an fear dá ffuil sí dá tabhairt;
an dara nídh, an bhfuil gean aice air; an treas nídh, a
toil do thabhairt go hiomlán do. Mar sin doghnidh Dia
uilechomhachtach linn an tan is mian leis gníomh oirdheirc
do dheunadh dhúinn, maille re na chongnamh féin. Ar
ttúis cuirionn smaointe maithe ionn ár ccroidhthibh. Arís
iarrann orainn fonn taithniomhach do bheith aguinn don
nídh ceudna, agus fá dheoigh ár ttoil do thabhairt dochum
an ghníomha féin do dheunadh; óir mar atáid trí céimionna
síos dochum an pheacadh do dheunadh .i. cathaidhe, taithniomh,
agus toil do thabhairt chun a deunta, atáid trí céimionna
re a ttéid neach suas dochum na subháilce, mar atá
smaoineadh maith atá contrárdha don ccathughadh, arís
taithniomh dfhagháil ar an nídh ar ar smuaineadh tú agus
atá so contrárdha dho thaithniomh dfhagháil san bpeacadh,


L. 111


agus fá dheoigh, taithniomh agus toil do thabhairt don nídh
maith ar ar smaoineadh tú, do chur a ngníomh, agus atá
contrárdha don toil re a ndeuntar an peacadh.



Dá maireach (dh) smaointe maithe dúinn ar feadh ár
saoghail, agus gan taithniomh do bheith aguinn ar an nídh
féin, ní bheith fonn ag Dia ionnainn, acht fós do bheith
mí-ghean rómhór aige orainn agus saobhnós linn, mar
dobhí tréibhse ó shoin le clainn Israel, dá raibh sé dá
fhithchid bliadhain ag tabhairt sanuis dóibh iad féin do
leasughadh, agus nách rabhadar umhal do mar adeir féin.
Uime sin do dhearbh dóibh tré fheirg, nach rachadaois chaoidhche
go Tír Tarrangaire, mar a rabhadar ag triall, ionnas
go mbadh cosmhúil é re hógánach uasal do bheith ag suirghe,
nách léigfeadh dhe seirbhís ar bith budh chóir do a dheunadh
don ógmhnaoi dobhí d'iarraidh re pósadh, nách deunadh
dhi, agus faoi dheoigh go ttug diúltadh dho.



An tan dogheibhmíd gean ar an sámhus dobheir Dia
dhúinn, téighmíd céim ar ár naghaidh, agus tionnsgnamaoid
taithniomh re na mhórdhacht ar son nách toil iomlán an gean
san, acht amháin slighe dochum ár ttoile do thabhairt. Is
maith an comhartha agus atá fós tairbheach, briathra Dé
d'éistiocht go toiltionnach. Ar an ffonn so a labhrann
an céile beannaighthe an tan adubhairt: dobhí m'anam a
leaghadh an uair do labhair mo ghrádh liom. Budh mór an
sásughadh ris an duine uasal ar ar labhramair, má ghabhann
an óigbhean ar a mbídh a bhraith, gach seud suirghe dá
ccuireann chúiche, go taithniomhach.



An toil iomlán isí doghnidh an gníomh go maith foirfe,
ar son go ttiubhradh Dia sanus dúinn agus go ffaghmaois
fonn agus taithniomh air, agus ina dhiaigh sin náchar mhian
linn ár ttoil féin do chur go hiomlán re toil Dé.
Atámaoid ródhíombuidheach dá mhórdhacht dhiagha agus
tuilleamaoid a dhíomdha do bhrígh go ttugamaoid tarcaisne
ar an sanus maith dothug dúinn. Is mar sin do leughmaoid


L. 112


ionn sna Cainticíbh ar son go ffuair an bhainchéile taithniomh
a croidhe ar ghuth a céile, gidheadh, mar nár osguil an
dorus do, acht gur ghaibh leithsgeul dhíomhaoin leis, uime
sin do ghabh tháirsi agus do thréig í, mar doghnídh
an fear suirghe uasal déis ghean na hógmhná do tharraint
air re gach seirbhís dá ndearnadh (aidh) dhi, acht fá dheoigh
má gheibh diúltadh, is mó an tadhbhar saobhnóis a bhias aige
ioná dá mbeith gan seirbhís ar bith do dheunadh dhi ó thúis.



Ar an adhbhar san cuireamaois rómhainn ó rún croidhe
gach sánus maith dá ttiubhradh Dia dhúinn do ghabháil chughainn
re hínntinn mhaith, amhuil agus gurab iad teachtairighe
Rígh na fflaithios iad ag iarraidh ár nanma do phósadh
ris féin. Éisteamaois ris na teachtaibh seo go fonnmhar
agus tugamaois aire do gach nídh dá niarraid orainn,
agus do chuirid chughainn, agus measamaois an grádh re
ar cuireadh an sánus céadna chughainn agus gabhmaois
chughainn ionn ár ccroidhthibh é go grádhach, agus cuireamaois
ár ttoil féin go hiomlán, grádh seasamhach re gach sánus
dobheir Dia dhúinn, ionnas, ar son nách féidir linn sásughadh
a thabhairt do Dhia ar son a thiodhlaicthe dhúinn, go ngabhann
ár ndeaghthoil mar shásadh uainn. Gidheadh, más sánus é
tharraing chughainn ar nídh mór neamhghnáthach, ná tabhair
do thoil go hiomlán do, ar eagla do mheallta, nó go
ndéanadh (aidh) tú comhairle re tathair spioradálta, ionnas
go ffeuchfadh sé an sánus maith nó olc é; do bhrígh an tan
dochí ár namhaid gur furus linn ár ttoil do thabhairt don
uile shánus, dobheir sánuis fhallsa dochum ár meallta
dhúinn. Gidheadh, ní féidir ris ár mealladh an feadh do
leanfam comhairle ár nathar spioradálta go húmhal.



Ar ttabhairt do thoile uait go hiomlán is cóir dhuit an
sánus dotugadh dhuit a chur a ngníomh re díthchioll
dúthrachtach do bhrígh gurab ionnsan atá suim agus comh-
líonadh na subháilceadh. Acht led thoil do thabhairt agus
gan an gníomh do dheunadh, ní ffuil ann acht mar do


L. 113


chuirfeá fineamhuin agus nár mhian leat toradh do theacht
uirthe. Iomorro, is rómhór an congnamh chúcha so uile
freachair na maidne do dheunadh mar is dual agus mar
is cóir a dheunadh, agus freachnughadh maith do dheunadh
de gach athsmaoineadh spioradálta ar ar labhramair
roimhe seo, do bhrígh, ris sin, go nullmhaighmíd sinn féin
chum gach deigh-ghníomha, ní hé amháin go geinearálta acht
fós go speisialta.



Caib. 19.
DON FHAOISDIN.



Is uime dothug Dia Sacramaint na haithrighe agus na
faoisdine don eaglais ionnas dá mhionca agus do
shaileochadh smál an pheacaidh sinn, nó do chuirfeadh gron
nó gráin ar ár nanam, gur féidir linn sinn féin do ghlanadh
agus do nigheadh ris an Naomhshácramaint seo. Uime sin
ní cóir dúinn smál an pheacadh (aidh) dfhulaing ar ár nanam
an tan atá liaighios furus aguinn do láthair. An uair
doghnídh an leopard feis leis an leomhan bainionn, dothéid
go luath dá nigheadh féin dochum srotha ionnas go ccuirfeadh
drochbholath na feise sin di, agus ar eagla ar tteacht
don leomhan firionn go ffaghach (dh) an bolath céadna
uirthe. Mar sin an tanam do thruailligheann é féin leis
an bpeacadh is cóir dho gráin do bheith aige air féin, agus
é féin do ghlanadh go luath, agus san ar son na honóra
agus na huruma is cóir dho do thabhairt do Dhia. Agus
cread fáth ar mian linn fuireach a ffad a mbás spiora-
dálta agus liaighios againn do láthair air?



Ar an adhbhar san is cóir do gach aon faoisdin do
dheunadh go minic agus san go humhal cráibhtheach, agus
fós gan dol do ghlacadh Choirp Chríst gan faoisdin
do dheunadh, a ccás ná beith aige acht peaca sologhtha,
ar an adhbhar go ffaghann ris an absolóid brígh agus neart


L. 114


adhbhalmhór dochum a sheachanta ó shoin amach, agus fós
solus dochum a ttabhairt fá ndear, grása dochum gach
díoghbhála agus gach dochair dá ndeárnadar dhó, do thabhairt
thar nais. Is iomdha fós gníomh subháilceach doghnídh duine
san ffaoisdin, mar atá é féin d'umhlughadh, réir Dé do
dheunadh, a rún do thaisbeánadh gan cheilg, agus grádh
Dé - ionnas gur lia freachnughadh subháilceach doghnidhthear
san ffaoisdin ioná ionn aon ghníomh oile ar bith. Fós
gach peaca dá loighead do chuirfios tú a ffaoisdin, bíodh
gráin agus fuath agat air, agus cuir rómhat le rún
daingeann gan tuitim ionn go bráth. Teagmhann do
mhórán as gnás a bpeacaidhe sologhtha do chur a ffaoisdin
agus ní smaoinighid iad féin do leasughadh ná na peacaidhe
céadna do sheachnadh; uime sin bíonn smál na bpeacadh
san orra do ghnáth agus caillid mórán maithiosa spiora-
dálta agus toradh deaghoibreach leó. Má dorinne tú
breug dhíomhaoin, nó go ndubhairt tú focal neamh-
iomchubhaidh, nó go rabhais a ffad ag imirt agus go
ccuirfeadh tú iad san a ffaoisdin bíodh aithreachas ort
agus bíodh rún agat tú féin do leasughadh, óir is earráid
agus mí-ghnás peaca marbhthach nó sologhtha do chur a
ffaoisdin agus gan rún do bheith ag duine a seachnadh ó
sin suas, do bhrígh gur dochum na críche sin d'órdaigh
Dia an fhaoisdin.



Ní leór dhuit gearán geinearálta do dheunadh ort féin
mar doghnídhid mórán go minic ag rádh; Ní raibh grádh
ar Dhia agam mar budh chóir dhom; ní raibh aire ar an
úrnaighthe agam go cráibhtheach, ní raibh grádh agam ar mo
chomharsain mar budh dhual, níor ghlac me na Sácramainte
leis an uraim budh hiomchubhaidh dhom, agus a samhuil
oile sin. Isé is adhbhar do san, nách abair tú nídh ar bith
speisialta as a ttuigfeadh an toide faoisdine staid do
choinsiasa, óir budh féidir le na ffuil de naomhaibh ar
neamh agus de dhaoinibh ar talamh an nídh céadna do rádh


L. 115


dá ttigidís dochum faoisdine. Dá bhrígh sin, feuch cread
an chúis speisialta do ghluais tú dochum gearáin do
dheunadh ort féin, agus an tan dobheuras tú san fá dear
deuna gearán ar do lochtaibh gan aon nídh do cheilt .i.
má deir tú nách raibh grádh do chomharsan agat mar budh
chóir, budh féidir gur déirc do dhiúltaidh tú a thabhairt
do dhuine bhocht agus é ionn a fhíorriachtanas, agus gur
fféidir leat fortacht a thabhairt dho agus nách dearnadh (aidh)
tú trócaire air. Ar an neamh-thrócaire seo deuna gearán
speisialta ag rádh; dochonairc me bochtán a riachtanas
mór agus níor thug me fortacht do re maineachtna nó
le mí-thrócaire, nó le tarcaisne, nó gidhbé hadhbhar eile
dobhí agat. Ar an módh céadna ná habair nách raibh tú
cráibhtheach a naimsir na húrnaighe, acht abair go símplidhe
follus más dod' dheoin féin é nách ttug tú aire dhi, nó
náchar iarr tú áit agus aimsir chúiche, nó nár chuir tú
suighiughadh iomchúbhaidh ar do chorp dochum aire do thabhairt
di, (gidh) gebé aca so, do réir do chuimhne, ionn a ndeárnadh
(aidh) tú an mhaineachtna, abair é. Óir ní ffuil feidhm
ar bith ar ghearán gheinearálta san ffaoisdin. Ní leór
dhuit fós na peacaidhe sologhtha féin do chur a ffaoisdin
acht foillsigh fós an chúis agus an tadhbhar dobhí agat,
agus nár budh leór leat a rádh go ndeárnaigh tú breug
ionn nách raibh díoghbháil, acht abair fós más as ghlóir
dhíomhaoin nó dhod' mholadh féin dobhí tú, nó ag gabháil
do leithsgéil, nó as sólás dhíomhaoin, nó as an-sheasamh,
nó má dorine tú iomarca a nimirt. Feuch an saint
eudála nó re fonn comhluadair dorine tú é agus
mar sin do gach nídh eile.



Admhaidh fós, má dfhan tú a ffad ionn sa bpeacadh, do
bhrígh go meudaigheann ar mhódh éigin troime an pheacaidh
fuireach a ffad ionn, óir is mór atá idir an ghlóir
dhíomhaoin a léigeas duine dhe a cceart uair agus fonn
dfhagháil innti aimsir fhada. Mar sin is cóir an gníomh


L. 116


féin dfhoillsiughadh agus an tadhbhar dobhí agat, agus cá
fad dfhan tú san bpeacadh. Ar son nách gábha dhúinn a
bheith scrupallach ionn sna peacadhaibh sologhtha, agus nách
ffuil dfhiachaibh orainn a ccur a ffaoisdin gidhbé le ar
mian a anam do ghlanadh go maith, agus teacht chum a bheith
cráibhtheach, an uile locht dá loighead dá mbiaidh ionnat
agus ó ar mian leat tú féin do leasughadh, is cóir dhuit
a fhoillsiughadh dhod liaigh spioradálta, gan aon nídh do
cheilt air.



Ná bíodh náire ort a fhoillsiughadh do tathair spioradálta
an nídh chaithfear a fhoillsiughadh faoi dheoigh. Uime sin
ionnas go ttuigfeadh go maith thú, abair go so-léir an
nídh do ghluais tú chum feirge, nó cread an fáth nách ttug
tú comhairle dhod' chomharsain an uair dochonairc tú é
ag deunadh an pheacadh (aidh) .i. má tá duine éigin nách
fuil róghean agat air, adubhairt focal tré shúgra leat
agus gur ghabh tú san chughat go holc agus go ndeárnaidh
tú saobhnós ris. Gidheadh, dá nabradh duine oile ar a
mbeith gean agat focal budh ghairbhe ioná san leat,
dogheabhfá chughat go maith é. Uime sin, abair san ffaoisdin:
do labhair me go feargach le duine éigin ag gabháil chugham
go holc an nídh adubhairt sé liom, agus ní hé gur thuill
a bhriathra san acht mar ná raibh gean agam air féin; agus
más riachtanach é is maith na briathra féin adubhairt go
holc, dfhoillsiughadh san ffaoisdin, ionnas go mbeith
fios staide do choinsiais go hiomlán ag tathair spiora-
dálta, agus ris sin ní hé amháin go ffoillsigheann duine
na peacaidhe dorine sé, acht fós a dhrochchlaonta agus
a dhrochghnás agus a dhrochbheus is freumh do na peacaidhibh;
agus ionn fós a bhíos fios hínntinne agus do choinsiais
go hiomlán ag hathair spioradálta agus an liaighios
iomchubhaidh do thabhairt duit. Gidheadh, bí ar do choimheud
go grinn gan an dara duine dothug cionfátha peacaidh
duit dfhoillsiughadh ar chor ar bith, óir atá dfhiachaibh ort


L. 117


a chlú do choimheud. Teagbhaidh go minic mórán peacaidh (adh)
do bheith beó san ccoinsias nach ttugamaoid fá ndear
agus gur riachtanach a ccur a ffaoisdin agus sinn féin
do ghlanadh uatha agus sinn do dhéanadh go maith. Leughmaois
go haireach na caibidileacha so síos .i. an 6, an 27, an 28,
an 29, an 35 agus an 36 de'n treas rann de'n leabhar so
agus an seachtmhadh c. de'n cceathramhadh rann.



Ná tréig go hurus an toide faoisdine do thogh tú dhuit
féin acht tabhair cúntas do choinsiais do na laethe atá
cinnte agat chuige sin, agus ná ceil aon nídh dá ndeunadh
(aidh) tú air, agus inis do cá fad ó dorinnis faoisdin
roimhe sin .i. má tá mí nó dhá mhí ó shoin a leith. Foillsigh
fós do chlaonta, a ccás nách deárnais peaca leó, mar
atá, go raibh tú claon dochum leanna duibh, mall dochum
sóláis a ghlacadh, nó claon dochum saidhbhris a chruinniughadh,
agus ar an módh ccéadna le gach claonadh agus le gach
fonn dá ttáinigh chughat.



Caib. 20.
DO CHOMAOINEACHA DO DHEUNADH GO MINIC.



Aithristear ar an Rí, Mithridates, go ffuair íoc-
shláinte róuasal dárbh' ainm Mithridaticum re ar near-
taigh a chorp ar mhódh ina dhiaigh sin an tan budh mhian leis bás
do thabhairt do féin re nimh ionnas nách beith a mbraighdionas
ag Rómhánachaibh, nár fféidir leis an nimh urchóid do dheunadh
dho. Ár Slánaightheoir Íosa Críost a dfhágbhadh Sacramaint
mórdhálach na hAltóra aguinn, ionn a ffuil a fhuil agus a
fheoil féin go fírinneach, ionnas, gidhbé chaithios í go mbiaidh
sé beó go bráth. Uime sin gidhbé ghlacas go minic í, maille
re crábhadh, dobheir brígh agus neart dá anam ar mhódh gur
ródheacair do nimh an pheacaidh dochar do dheunadh dho,
nó do dhrochchlaonadh ar bith buaidh do bhreith air, óir ní
féidir do dhuine ar bith a bhias dá oileamhuint le feoil na


L. 118


beathaidh (adh) fonn peacaidh do bheith air, ionnas gurab
ar an módh ar a rabhadar na daoine san bparrthus talmhaidhe
a bhíd, nár fféidir leó bás corpordha dfhagháil tré bhrígh
chrainn na beathaidh (adh) do chuir Dia ionn a lár. Ar an
módh ccéadna ní féidir leo bás spioradálta dfhagháil
tré bhrígh na Sacramainte seo na beathaidh (adh). Más
féidir na tortha so is furus do mhorgadh, mar atá
siridínighe, úbhla agus sugha talmhonn (an), do choimheud
gan truaileadh bliadhain iomlán má curthar siúcra nó
míl ina ttímchioll, ní hiongnadh go ccoimheudfadh fuil
agus feoil Mhic Dé ár ccroidheacha, dá laige agus dá an-
bhainne dá ffuilid, ó an uile thruailleadh, an tan do
cuirfighear siúcra agus mil fola agus feola Mhic nDé orra.
Gidhbé ar bith Críostaighe a daimneóchthar, ní féidir leó a
leithsgeul féin do ghabháil an tan do thaisbeánas an
breitheamh rócheart dóibh gurab le na maineachtna féin
do léigeadar díobh gan sláinte coirp agus anama do
bheith aca, an tan do ghlacadar an Sacramaint seo mar
budh chuibhe. Och! adéarfadh (aidh) sé, a dhaoine bochta,
cread fár léig sibh díbh féin bás dfhagháil agus toradh
bídh na beathaidh (adh) ar bhúr ccómhacht agus idir bhúr lámhaibh
féin. An Sacramaint do ghlacadh go laetheamhail, ní
mholaim agus ní dhíomolaim é, acht a glacadh gacha Domhnach
is maith an chomhairle í, do réir theagaisg N. Abhaistín,
má bhíonn an tanam saor ó an uile fhonn peacaidh. Uime
sin gidhbé duine bhíos claon dochum comaoineach do
dheunadh go laetheamhuil gabhach (dh) sé comhairle an athar
Spioradálta atá aige, do bhrígh gur mór an tullmhughadh
is riachtanach dochum comaoineach do dheunadh chomh minic
agus sin. Acht ní hiomchúbhaidh a tabhairt de chomhairle
geinearálta do gach aon duine; fós ar son go ffuil an
tullmhughadh so féin róaonracánach dogheibhthear a mórán
d'anamnaibh beannaighthe é. Uime sin ní cóir toirmiosg
geinearálta do chur (ar ?) gach aon duine fá na dheunamh,


L. 119


acht cómhairle do thabhairt do gach aon do réir a staide
féin a dheunamh nó gan a dheunamh. Budh mhór an cómhartha
éigcríonachta cómhairle thabhairt do dhuine ar bith teacht
dochum comaoineach chomh minic agus san, gan feuchain
ar a staid ar ttúis. Mar an ccéadna budh héigcríonna
toighbhéim do dheunadh ar dhuine ar bith fá na dheunamh,
má sí comhairle an treóruightheóra mhaith chríona atá do
leanamhuint. Is eagnaidhe an freagra thug Caitríona
Senensis ar an mhuinntir dobhí ag tabhairt achmhusáin
di fá chomaoineach do dheunadh go laetheamhuil, do bhrígh
nár mhol agus nár dhíomol N. Abhaistín é, ag rádh: Munar
dhíomol N. Abhaistín é, guidhim sibhsi ná díomolaighe (aidh)
é, agus is leór liom san. Dochídhimíd anois gurab í
cómhairle N. Abhaistín, comaoineach do dheunadh gacha
Domhnach; is iomchubhaidh dhúinn an chomhairle seo do
leanamhuint go díthchilleach; do bhrígh, mar a mheasaim,
nách ffuil peaca marbhthach ar bith agat, ná fós claonadh
dochum na bpeacadh soloighthe (so-loghtha), agus gurab
é sin ullmhughadh iarras N. Abhaistín. Ná bíodh an-cheas
ort fá dhol dochum comaoineach gacha Domhnach agus níosa
mhionca, má sí cómhairle hathar spioradálta í.



Ar a shon san is mó toirmiosg dlisdionnach is féidir
a theagbháil náchar bh'iomchubhaidh comaoineach do dheunadh
chomh minic agus san, do réir comhairle do threóruightheora
chríonna, agus ní ar do shonsa acht ar son an chomhluadair
atá agat .i. má tá tú fá chómhachta dhuine oile, nó má táid
na daoine atá ós do chionn chomh mí-reusúnta san go
ngeabhaidís chúcha go holc, nó go mbainfidís adhbhar
sgannlach as tú do dheunadh comaoineach go rómhinic.
Uime sin is maith an chómhairle gan cionfátha buaidheartha
do thabhairt dóibh acht comaoineach do dheunadh a ccionn
gacha cúigeadh lá deug, muna budh féidir leat sásamh do
thabhairt dóibh ar mhódh oile. Ní féidir riaghail chinnte do
thabhairt go comhchoitchionn ionnso, acht gach aon do lean-


L. 120


mhuint cómhairle a athar spioradálta; acht adeirim so
go dearbhtha, gidhbé re ar mian seirbhís Dé do dheunadh
go cráibhtheach, gur cóir do comaoineach do dheunadh uair
san mí. Má tá tú críonna, ní chuirfeadh athair ná máthair,
bean phósta ná duine ar bith toirmiosg ort comaoineach
do dheunadh go minic, an tan dodheunas tú gach nídh dá
mbainionn leat an lá céadna go hiomchubhaidh, agus a
mbias tú níos subháilcidhe an lá san ioná lá oile, ag deunadh
seirbhíse is cóir dhuit a dheunadh, muna budh daoine gan
chéill iad, agus san ccás so cuir tú féin re na ttoil,
do réir cómhairle tathar spioradálta.



Ag seo cómhairle mhaith dona lánamhnachaibh pósta. Do
thoirmisg Dia san tsean-reacht duine ar bith d'iarraigh
fiacha ar fheitheamhnach lá saoire, gidheadh, níor chuir ar an
ffeitheamh a fhiacha do dhíol lá saoire má iarrthar air iad.
Uime sin ní hiomchubhaidh ceart an phósta d'iarraidh laethe
comaoineach ar son nách mór an peaca é. Gidheadh,
má hiarrthar é is cóir na fiacha do dhíol agus biaidh
luaidheacht aige ar son an díol. A ttús na heaglaise,
a naimsir na nApstol agus tréimhse ina dhiaigh, doghnídís
na Críostaighthe comaoineach go laetheamhuil ar son go
mbíodh drong díobh pósta agus clann dá mbreith dhóibh,
agus uime sin adubhairt me nách deunann comaoineacha
do dheunadh go minic mí-chómhgar dfhear nó mhnaoi, má tá
críonna discréideach. Ní chuirionn galar ar bith corpardha
toirmiosg comaoineach do dheunadh má tá an duine saor
ó thilgionn. Comaoineacha do dheunadh gacha Domhnach,
is riachtanach duine do bheith saor ó an uile pheacadh marbhthach
agus ó an uile chlaonadh dochum peacadh sologhtha, agus
fonn rótheasaighe corp Chríst do ghlacadh. Acht
dochum comaoineach do dheunadh go laetheamhuil is riachtanach
do gur chlaoidh sé cheana an chuid is mó dá dhrochchlaontaibh
agus ní cóir do tionnsgnadh acht le toil agus le cómhairle
hathar spioradálta.


L. 121


Caib. 21.
CIONAS IS CÓIR DUL DOCHUM COMAOINEACH.



A nóin an lae roimhe comaoineach do dheunadh dhuit,
tionnsgain tú féin d'ullmhughadh red' chroidhe do thógbháil
dochum Dé re smaointibh friochnamhach grádhach agus éirghidh
(éirigh) as do chodladh níosa luaithe dochum éirghe go moch
ar maidin, agus má mhúsglann tu san oidhche, cuimhnigh
úrnaigh éigin spioradálta do dheunadh do chuirfios deagh-
bholath ar do spioraid dochum céile hanama do ghlacadh,
ó sé an tam a mbiaidh tusa ad chodladh a bhiaidh sé sin ina
dhúsgadh, réigh dochum iomad tiodhlaicthe spioradálta
do thabhairt duit, má tá tusa réigh ullamh dochum a ngabhála
uaidh.



Éirghidh (éirigh) go moch ar maidin go sólásach lúthgháireach
do bhrígh gur rómhór an tiodhlaice atá ar fagháil agat an
lá san, agus iar ndeunadh faoisdine dhuit, éirghidh (éirigh)
le dóthchus mór maille re húmhlaigheacht inntinne do ghlacadh
an bhídh neamhdha so dobhéarfas oileamhuint na marthannacht
dhuit, agus iar rádh na mbriathar úd dhuit: “A Thighearna,
ní fiú me tú a theacht dom thigh, srl.” ná coruigh do cheann
ná do bheul chum úrnaigh ná osnaidh, acht osgail do bheul
go macánta measardha, agus tóig do cheann an méid
gur riachtanach é, ionnas go ffaicfeadh an Sagart an nídh
atá do dheunadh. Annsan glac do Thighearna le creidiomh
iomlán, le dóthchus agus le grádh, óir is ionn féin a chreidios
tú, agus is as atá do dhóthchus agus is air atá do ghrádh.
Tabhair fá dear ionnso, mar doghnídh an bheach, do bhainios
sugha maith as bhláth gacha luibhe is feárr dogheibh, nó go
ndeunann mil de, agus go ccuirionn í a ttaisge a
ccriatharaibh; mar sin doghnídh an Sagart, cuirionn sé
Mac fírinneach Dé agus na hÓighe, agus Slánaightheoir an
domhain, do thuit mar dhrúcht neamhdha a mbroinn na hÓighe,


L. 122


agus a tháinigh as mar bhláth fhíoráluinn, cuireann sé é
féin asteach ionn do chorp ar ndeunamh comaoineach
dhuit. Músgail do chroidhe chum onóra do thabhairt
don Rí mór san a tháinigh ar cuiridh (eadh) chughat, agus
bí ag trácht arís ar Shlánaightheoir hanama agus tabhair
fá dear go ffuil sé ionnat astigh, dochum mórmhaithiosa
do dheunadh dhuit. Uime sin coimheud é go grádhach
carrthannach agus iomchair tú féin ionn gach aon ghníomh
ionnas go mbadh follus go ffuil Dia ina chomhnaidhe ionn
do chroidhe dhod' theagasg.



An uair nách deunann tú comaoineach go corpardha ag
an Aifrionn deuna é go spioradálta ó inntinn re fonn
teasaighe tú féin a tháthughadh re corp do Shlánaightheora
ionn a ffuil beatha hanama, óir ní cóir dhuit inntinn oile
do bheith agat ag deunadh comaoine dhuit, acht tú féin do
chur ar haghaidh a ngrádh Dé agus neart agus sólás dfhagháil
as. Agus is éigion duit grádh do bheith agat air, ar an
adhbhar gurab é an grádh dothug dhuit é. Ní ffuil nídh ar
bith is mó ionn ar thaisbeán ár Slánaightheoir a ghrádh fíre
féin dúinn ioná san tSacramaint seo, ionn ar úirísligh
é féin chomh mór agus san gur chlaochlaigh é féin mar bhiadh
dhúinn, ionnas go ttéigheach (dh) a nanamnaibh agus a
ccroidhthibh na ccreidmheach, agus go cceanglóchadh ris
féin iad go daingeann do-sgaoilte.



Má fhiafruigheann duine ar bith dhíot, atá tabhartha don
tsaoghal, cread fá ttéighionn chum comaoineach chomh minic
agus sin, freagair é ag rádh gurab uime doghnídh tú san,
ionnas go ndéantá foghluim ar ghrádh do bheith agat ar
Dhia, dochum tú féin do ghlanadh ó gach neamhfhoirfeacht
dá ffuil ionnat, dochum saortha ar bhoichteacht hanama,
dochum sóláis do fhagháil a naimsir do bhruide agus
fortacht do bheith agat a naghaidh gach éagcruais. Abair
fós go ffuil dá dhrong de dhaoinibh ann, dár budh cóir
teacht dochum comaoineach go minic. Ar ttúis na daoine


L. 123


atá foirfe do bhrígh go ffuil ullmhughadh maith aca so de
ghnáth, agus is olc dodheunfaidís gan taithighe mhinic do
dheunadh ar thobar agus ar fhréimh na foirfeachta. Arís
na daoine atá neamhfhoirfe, ionnas go ttigidís dochum
a bheith foirfe. Fós na daoine láidre d'eagla éagcruais
do theacht orra, agus na daoine laga dochum a mbeith
láidir, agus na daoine easlána dochum a sláinte dfhagháil.
Fós na daoine slána d'eagla a ttuitim a neasláinte,
agus tú féin atá neamhfhoirfe, éagcruaidh, easlán agus
gurab éigion duit go minic dul go nuige an liaigh dochum
foirfeachta agus neirt dfhagháil. Abair mar an ccéadna
na daoine is lugha ar a ffuil toirmiosg ó ghnódhaibh saoghalta
gur cóir dóibh comaoineacha do dheunadh go minic, agus
níosa mhionca do bhrígh go ffuil aimsir aca go leór
dochum iad féin d'ullmhughadh. Fós an drong ag á mbíd
iomad gnóthaighe, atá an riachtanas céadna orra, mar is
riachtanach don mhuinntir doghnídh an iomad saothair
biadh substainteach d'itheadh nó do chaithiomh. Abair fós
gurab uime dothéighionn tú féin dochum comaoineach
go minic, ionnas go m'eól duit an Sacramaint
róbheannaighthe seo do chaithiomh go maith diongmhála, mar nách
féidir gníomh ar bith do dheunadh go rómhaith agus mar is
cóir muna ndeuntar freachnughadh agus gnáthughadh dhe.
Mar sin guidhim tú, deuna comaoineach do réir chomhairle
tathar spioradálta dhuit, agus creid mar dobhíos an
gearr-fhiaidh bán a naimsir sneachtaigh (idh), mar nách bíonn
re na fhaicsin ná re na itheadh aige acht sneachta féin, mar
sin duitsi, re taithighe chinnte na naomhshacramainte seo,
dá glacadh agus dá hadhradh go minic, dogheabhadh (aidh)
tu an uile sgéimh rósgiamhach róghlan, agus maith adhbhal,
ionnas go mbiaidh tú uile rósgiamhach, róghlan agus
rómhaith.


L. 124


AN TREAS RANN.
Ionn a ffuil mórán cómhairleach agus Teagasg maith
ar fhreachnughadh na Subháilceadh.



CAIBIDIL 1.
Don togha is riachtanach do dheunadh ar fhreachnughadh
na Subháilceadh.



Ní théighionn Rí na mbeach amach go bráth gan an saithe
uile do bheith ina thimchioll; ar an módh céadna ní théighionn
an Grádh, noch is bainríoghain do na Subháilcíbh, asteach
san anam, gan na subháilce oile do bheith mar aon ris,
óir isé an Grádh, mar chaptaoin ós cionn soighdiúr,
doghnídh freachnughadh orra agus dobheir gníomh dóibh re a
dheunamh, ar son nách ar aon mhódh amháin, ná a naoinfheacht,
ná a naon aimsir, ná a naon áit a bhíd. Bíonn an fíoraon
mar chrann ar bhruach srotha dobheir a thoradh uaidh ina
aimsir féin. An tan a doirtear an Grádh ar an anam,
dobheir oibreacha gacha subháilce uaidh ionn a aimsir féin,
mar adeir an seanfhocal: “Is bínn taithniomhach ceól
an oirfidigh acht ní hiomchubhaidh é a naimsir thuirsi ná
dobróin.” Is mór an earráid a bhíos ar dhrong de dhaoinibh
an tan dobhíd tabhartha do shubháilce éigin speisialta agus
gur mian leó freachnughadh do dheunadh dhi san uile
am agus ar an uile úcáid, már dobhídís an dís sean-


L. 125


fhallsamhain dobhíodh a gul nó a gáireadh do ghnáth,
agus, nídhis measa ioná san, dobhídís ag munbar ar gach
duine nách deunfach (dh) freachnughadh de'n tsubháilce sin
do leanaidís féin; acht ní mar sin is cóir, mar adeir
an tApstol, acht a bheith súgach ris an mhuinntir atá go
súgach agus a bheith tuirseach ris an muinntir atá go
tuirseach. Atá an grádh foighdeach, trócaireach,
daonachtach, discréideach, agus cuirionn é féin a
noireamhuint do gach am mar is iomchubhaidh. Tar a chionn
san atáid subháilceadha ann dár féidir freachnughadh do
dhéanadh go coitchionn, ní hé amháin leó féin ná go
príobháideach, acht doirtid a ccáiligheachta féin ar ghníomh
gach subháilce oile. Ní gach aon uair a bhíos aca so a neart
nó a meanma nó a mórdhacht do thaisbeánadh. Gidheadh,
deighinntinn, measardhacht, macántacht, úmhaile agus a
samhuil sin oile de shubháilcíbh, cuirid snuadh agus maise
ar an uile ghníomh dá ndeunamaoid. Atáid subháilceadha
is uaisle go mór ioná iad so, gidheadh is mó an riachtanas
atá re a ffreachnughadh so. Is uaisle an siúcra ioná an
salann, gidheadh, is mó an riachtanas atá ris an salann a
ccoitchinne ioná leis an siúcra. Uime sin is riachtanach
don uile dhuine a bheith foghlumtha go maith ionn sna
subháilcíbh geinearálta so, do bhrígh nách fuil aimsir ná áit
ionn nách féidir freachnughadh do dheunadh orra.



Is é freachnughadh is cóir do gach aon a thogha, cinneadh
ar na subháilcíbh atá oireamhnach dá staid féin agus ní
hiad na subháilce is mó dochum a ffuil claonadh nó fonn
príobháideach aige. Dobhí rófhonn ag N. Paula duadh
agus ceusadh do thabhairt dá corp féin, ionnas go
ttiubhrach (dh) Dia solas spioradálta dhi. Gidheadh, budh
feárr ioná san cómhairle na nUachtarán do leanamhuint.
Uime sin adeir N. Jeronimus nách raibh sí ionmholta, do
bhrígh, a naghaidh chómhairle a hAthar spioradálta, go mbíodh
sí dá crádh féin re hiomarca troisge. Acht isé a


L. 126


chontrárdha san dorineadar na hApstoil go
críona glic, ag dol do sheanmóradh an tSoisgéil agus
na beathaidh (adh) neamhdha dhóibh, ar son gur subháilce rómhaith
an trosgadh níor mheasadar go mbadh cóir dhóibh féin a
bheith ceangailte dhe agus cúram na mbocht agus a sean-
móra do léigion díobh.



Atá de riachtanas ar gach aon staid freachnughadh
subháilceadh éigin speisialta do bheith aige. Gidheadh, ní
hionann freachnughadh is iomchubhaidh do Phrealáid Eaglaise
agus do phrionnsa saoghalta, ioná do mhnaoi phósta agus
do bhaintreabhach, agus ar son gurab iomchubhaidh do gach
aon na subháilce uile do bheith aige, ní hionann freachnughadh
is cóir a dheunadh orra, acht go prionnsapálta ar na
subháilcíbh do bhainios re na staid féin do réir na garma
atá aige.



Na subháilce nách bainionn re ár staid féin go speisialta,
toghamaoid asta na subháilce is oireamhnaighe dhúinn, agus
ní hiad na subháilce is mó meas ionnta féin. Measamaoid
go coitchionn gur mó an Cometa (réalt lasarach) ioná
na réalta oile, agus gur mó an áit a ngabhann do réir
breitheamhnais ár súl, ar son nách fuil comóra idir í féin
agus na réalta oile ar mheud ná ar cháiligheacht ná ar
nádúir, agus isé a reusún so go ffaicthear dhúinn í do
bheith mór, do bhrígh go ffuil ionn a neul dlúth reamhar.
Ar an módh céadna na subháilce is so-fhaicse dhúinn agus
is cómhfhoigse, bíonn meas mór againn orra tar na subháilce
is uaisle ioná iad. Uime sin, is mó an meas a bhíos ag
an ppobal choitchionn ar dhéirc chorpardha ioná ar dhéirc
spioradálta, fós ar throsgadh agus ar chrádh corpardha
ioná ar cheannsaigheacht, ar mhacántas agus ar dheighinntinn
nó a samhuil oile de shubháilcíbh do bhainios ris an anam,
agus atá níos róuaisle ioná iad san. Uime sin, togh
duit féin na subháilce is feárr agus ní hiad na subháilce


L. 127


is mó meas ag daoinibh oile, fós ní hiad na subháilce is
coitchinne acht na subháilce is uaisle ionnta féin.



Is iomchúbhaidh don uile dhuine freachnughadh subháilceadh
éigin speisialta do chur roimhe, ar mhódh nách léigfeadh
freachnughadh na subháilceadh oile dhe. Do thaisbéin cailín
óg rósgiamhach í féin, maille re soillse gréine ina
timchioll, a neudach banríoghna, agus coróin de chrann
oladh ar a ceann, d'árd-Easbog Alexandria dárbhainm
Johannes, agus adubhairt ris: Mise inghean an Árd-
Rígh, agus más mian leat gabháil leam mar charaid
dobhéara me leam ar amharc thu. Acht do thuig sé gurab í
sin buidhe thrócaireach na mbocht do thaobh Dia ris do
bheith ina freachnughadh aige féin, agus do lean di ó shoin
amach, ionnas gurab é is ainm coitchionn do Johannes
an déircigheach. Duine oile as an mbaile céadna dárbh
'ainim Eulogius, le ar mhian seirbhís éigin do dheunadh
do Dhia, acht ní raibh brígh ná neart ionn re ar fféidir leis
dol ar an ffásach nó é féin do chur faoi smacht dhuine oile,
acht do ghabh chuige dochum a thighe féin, duine bocht dobhí
lán do lubhradh róghráineamhuil dochum carrthannachta
do dheunadh air, agus chum duadh do thabhairt do féin.
Ionnas gur feáirrde dodheunfaidh (adh) sé san, dothug
móid seirbhís agus onóir do dheunadh dho mar dodheunfadh
searbhfóghantaighe dá thighearna. Acht do ghabh cathughadh
an lobhar fá Eulogius do thréigion, agus fós ní lugha
re Eulogius fán lobhar do léigion uaidh. Dochuadar
araon mar a raibh an tAbba beannaighthe N. Antoin agus
adubhairt leó: A cháirde grádhach ná dealaighe (idh)
re na chéile óir ní fada uaibh an bás, agus má gheibh Aingeal
Dé sibh a naghaidh a chéile, atá sibh a nguasacht mhór (mhóir)
bhúr ccoróineach do chailleamhuint.



An Rí, Lodobhic, budh ghnáthach leis cuaird ródhíthchilleach
do dheunadh ag daoinibh tinne agus friothálamh do dheunadh
dóibh re na lámhaibh féin, amhuil do bheith tuarasdal do


L. 128


ar son a dheunta. Dobhí grádh ag N. Proinsias ar an
mboichteacht tar gach subháilce oile, agus do ghoireadh a
bhaintighearna féin di. Dobhí N. Doiminic tabhartha do
sheanmóir agus as san dofuair a órd ainm agus tiodal.
Dobhí N. Greagóir tabhartha ar maith do dheunadh ar
dheóraighibh mar dobhí an naomhAthair Abraham, agus is
uime sin do ghabh sé Dia féin chuige a riocht deoraigh (idhe).
Dobhí Tobias tabhartha d'adhlacadh na marbh. N. Elisabet,
ar son go raibh ina hinghean Rígh agus ina bainphrionnsa
oirdheirc, ní raibh nídh is mó ionn a raibh fonn aice ioná í
féin d'úirísliughadh. Naomh Caitríona Senensis, iar mbás
a fir, do chuir sí í féin do dheunadh seirbhíse do dhaoinibh
tinne. Adeir Casianus go raibh bean bheannaighthe ag
iarraidh úcáide freachnughadh do dheunadh ar an ffoighid
agus dochuaidh d'iarraidh cómhairle ar N. Atanasius,
agus dothug san a fonn féin di ag cur cúraim bain-
treabhaighe boichte uirthe dobhí rófheargach, gearánach,
tuirseach do-ionghabháladh, agus mar dobhí sí de ghnáth
ag maslughadh agus cáineadh na Maighdine beannaighthe, agus
tug úcáid go leór di ceannsaigheacht agus foighid
dfhoghluim. Ar an módh so dobhíd searbhfhóghantaighthe
dísle Dé, óir bíd drong díobh ag seirbhís d'aos easláinte,
drong oile ag fortacht do bhochtaibh, drong oile do
dhithleachtaibh agus do bhaintreabhachaibh, drong oile a
múnadh (múineadh) an Teagasg Chríostaighe, drong oile
ag tarraing na bpeacach dochum slighe a slánaighthe, drong
oile ag tógbháil teampoll agus altórach, drong oile ag
deunadh síothchána agus réightigh idir lucht éisíodh (éisíthe)
agus imreasána.



Ionnso do leanaid lorg na muinntire doghníodh brait
bhreaghtha re snáithe óir, mar do tharraingid seo re
heugsamhlacht ródheis an uile ghné blátha le síoda, le
hór nó le hairgiod, ar an adhbhar dobhíos aca. Is mar
sin doghnídhid daoine diagha, gabhaid freachnughadh éigin


L. 129


speisialta crábhaidh chúcha dobhíos mar adhbhar bunadh (aidh)
aca. Agus eugsamhlacht gacha subháilceadh oile mar
órshnáithe air, agus as a thig go mbíonn gach gníomh dá
ndeunaid sárórdaighthe, sárórdha, an tan do tharraingid
iad féin dochum na freachnughadh prionnsapálta atá aca,
agus mar sin a fhoillsighid an spiorad (aid) mhaith atá
aca, amhuil do bheith greas ar an figheadh le síoda, le
hairgiod agus le hórshnáithe.



An tan do chuirios peaca ar bith cathughadh orainn,
gabhamaois chughainn freachnughadh atá contrárdha dho, an
mhéid gur féidir linn é, agus tarraingeamaois na
subháilce oile do chongamh linn, agus leis sin doracham
ar ár naghaidh go mór ionn gach aon tsubháilce. Má
chuirionn díomus nó fearg buairt ort claon tu féin
dochum a bheith umhal, ciúin, deighinntinneach, agus gach
freachnughadh oile gabh chughat iad, mar atá, úrnaigh, Sacra-
maint, críonnacht, neart, measardhacht, agus béarfadh (aidh)
tu buaidh ar do namhaid. Na muca allta dochum faobhair
do chur ar na fiacla fada bhíos aca (stairfhiacla) cumluid
(cuimlid) agus líomhthaid iad ris na fiacla oile bhíos aca,
ionnas go mbíd iomchubhaidh le géire dochum neithe do
ghearraidh (adh) leo. Ar an módh céadna is cóir don duine
cráibhtheach do dheunadh, an uair is mian leis a bheith foirfe
ionn sa tsubháilce atá ina bhunudhas aige dochum é féin
a chomhdach, is cóir dho a líobhthadh agus a gheuradh le freach-
nughadh na subháilceadh oile níos líobhsa agus níos
dearsgnaidhe. Mar sin a thárlaidh do Job Naomhtha, an
tan dorinne freachnughadh rómhaith air féin san ffoighid
a naghaidh gach bruide dá ttáinigh air, go ffuair as san
a bheith naomhtha go hiomlán, agus ina shompla fhoirfeachta
san uile shubháilce. Adeir fós N. Greagóir Nasiansen
go tteagmhann do dhuine as aon ghníomh amháin oirdheirc
subháilceach do dheunadh, teacht chum a bheith foirfe san uile
shubháilce, agus cruthaigheann san re sompla Rahab do


L. 130


tháinigh ar son oidheachta do thabhairt uaithe, re carrthannacht
agus re hiomchubhaidheacht, chum glóire móire agus onóra;
gidheadh, is amhlaidh is cóir so do thuigsint an tan do
bhíonn an gníomh oirdheirc agus dothig sé as teasghrádh
do Dhia agus don ccómharsain.



CAIB. 2.
Ionn a ttráchtar ar an nídh ccéadna .i. ar togha
na Subháilceadh.



Do sgríobh N. Abhaistín a náit áirithe go fírinneach, na
daoine thionnsgnas iad féin a thabhairt do chrábhadh go
ndeunaid nídh éigin earráide ionn a thúis, ionnas dá
leantaíghe (dhe) cruadhas dlighe na foirfeachta orra go
mbiú iad achmhusán do thabhairt dóibh; gidheadh, atáid
ionmholta ar son na ccómhartha dobheirid uatha, ionnas
gur mhian leo a tteacht dochum foirfeachta an chrábhaidh
agus go mbíd ag iarraigh slighe chuige, agus an eagla
ainmheasardha fós dobhíos ar an ndroing do thréigionn
go nuadh staid an pheacaidh agus chuirios iomarca sgrupail
orra, is ionmholta an tsubháilce ionnta é; agus is cómhartha
cinnte é gur mian leó glaine coinsiasa do bheith aca.
Acht an eagla chéadna do bheith ar an mhuinntir dochuaidh
a ffad ar a naghaidh san ffoirfeacht a seirbhís Dé, ní ffuil
ionmholta, óir is grádh clainne ar a nathair is cóir dhóibh
seo do bheith aca ar Dhia, agus ní heagla mar do bheith ar
shearbhfoghantaighe roimh a thighearna. Dobhí N. Bearnárd
ar ttúis róbhorb róchruaidh re gach duine dá ttigiodh fá
na chuing agus fá na smacht, dá tteagasg go mbadh
chóir dhóibh a ccoirp féin do thréigion agus gan a bheith
ionnta acht spioraid amháin, agus an tan doghnídís
a ffaoisdin ní bhíodh locht dá loighead ionnta nách ttugadh
spreagadh borb geur dóibh ar a shon, ionnas dá mheud
sporadh agus brostughadh dá ttugadh do na daoinibh óga


L. 131


bochta dochum foirfeachta, nách móide dobhádar ag dul
ar a ccúl agus a neudóthchas é, óir do chaillidís a misneach
agus a neart an tan dochídís iad féin dá ttiomáint
ar éigion a ccéim chomh árd, chomh deocamhlach agus san,
re baoghal tuitioma. Isé an fonn rótheasaighe dobhí ag
an Naomh oirdheirc seo do ghluais é chum gach aoin do
tharraint chum foirfeachta iomláine, agus budh mhaith an
tsubháilce í, acht ar a shon san ní raibh ionmholta, agus dá
bhrígh sin dotháinigh an Tighearna féin chuige agus do
chionntaigh an cruadhas mór san, agus do dhoirt spioraid
mhaith cheannsa mhilis ionn a anam, ionnas, maille re na
chongnamh, gur chlaochlaigh é féin go hiomlán agus
dorine féin gearán go minic ina dhiaigh sin ar an iomarca
cruadhais dobhí ionn ar ttúis, agus dobhí ó shoin amach
ceannsaigh (-sa) dá chur féin le nádúir agus le coimpleisg
gach aon duine.



N. Jeronimus, iar naithris do go raibh N. Paula ar a
raibh róghean aige, chomh tabhartha agus sin do chrádh a coirp
féin, nách é amháin go ccongbhaidh measardhacht ionn, acht
fós go raibh iomarcach ionn, agus dá cómhairleach ionnas
nách geabhaidh cómhairle an Easboig Epiphanius dobhíodh
dá thoirmiosg uirthe. Dobhíodh fós chomh tuirseach agus
sin fá bhás a cáirde go mbíodh féin a ccontabhairt bháis.
Adeir fá dheoigh: Adeirid liom nách mó atáim dá moladh
ioná dá ndíomoladh ag sgríobhadh ar a neamhfhoirfeacht,
cuirim a fhiadhnaise ar Íosa dá ndeárnaidh sí seirbhís agus
dár mian liom féin seirbhís do dheunadh, nách deárnaidh
me breug annsúd ná ionnso, acht gach nídh dá raibh agam
re na rádh uirthi do chur síos go símplidhe díreach mar
Chríostaighe ar Chríostaighe oile.



Stair atáim a sgríobhadh agus ní duain mholta, agus
na lochta dobhí innte seo, budh féidir leó a bheith ina
subháilcíbh a ndaoinibh oile. Isé nidh is mian leis a rádh,
na lochta dobhí san mnaoi naomhtha go mbadh subháilcidhe


L. 132


iad a nduine nách beith chomh foirfe agus dobhí sisi. Mar
atá anois mórán de ghníomharthaibh atá ina neamhfhoirfeacht
a ndaoinibh foirfe agus gur shubháilceadha iad a ndaoinibh
neamhfhoirfe. Is maith an cómhartha ar dhuine ag éirghe
dho as easláinte má bhíonn at a ttímchioll a mhúrnadh, óir
foillsigheann sé go ffuil brígh ionnsa nádúir, na droch-
lionnta do chlaoidh, gidheadh, a ttúis a thinnis is olc an
cómhartha é, do bhrígh go ffoillsigheann nách ffuil neart
san nádúir na droichlionnta do dhíbirt. Uime sin is
cóir dhúinn meas maith do bheith aguinn ar an uile dhuine
doghnídh freachnughadh air féin, ionn sna subháilcíbh, bíodh
go mbeith neamhfhoirfeacht éigin ina ccumusg, óir ní
rabhadar na naoimh féin ar uairibh saor uatha san. Isé
do bhaineas linne sinn féin d'iomchur go críonna céillidhe
ionnso, agus cómhairle an eagnaidhe do ghabháil .i. gan
ró-mheas do bheith againn ar ár ccríonnacht féin, acht
cómhairle do ghlacadh ón ttí dothug Dia mar threóruightheoir
dúinn.



Atáid mórán de neithibh a mheasann an pobal ain-ffiosach
do bheith ina subháilcíbh agus nách subháilcidhe iad, mar
atá neull spirideálta, taisbeánta iomdha, mothughadh
do bheith san duine, comh-cheangal re Dia, taisbeánadh
neamhdha agus a samhuil oile sin dfhoirfeacht, ag á ffuil
leabhartha líonta dhíobh, ag teagasg cionnas is cóir don
anam le radharc na glantuigse amháin, éirghe dochum é
féin do cheangal re Dia agus chum céime róuachtaraighe
do bheith aige san mbeathaidh spirideálta. Dochímíd anois
na grása speisialta so nách subháilcidhe iad, acht luaidheacht
dobheir Dia uaidh ar an saoghal so ar fhreachnughadh na
subháilceadh, nó comhartha an tsonais shíorruidhe atá
chughainn, agus an adhbhar oile dobheirthear do dhuine iad,
ionnas go mbeith an uile fhonn agus grádh dá tharraing ar
an sólás síorruidhe atá fá na choinne ar neamh. Uime
sin ní hiomchubhaidh don nduine a bheith ar a aire na grása


L. 133


so dfhagháil ná d'iarraidh, do bhrígh nách riachtanach iad
dochum an taon nídh is cóir dúinn d'iarraigh, mar atá seirbhís
do dheunadh do Dhia agus grádh do bheith aguinn air. Fós
ní grása iad is féidir le duine a fhagháil re na dhíthchioll
féin, ar an adhbhar nách gníomh acht páis is féidir linn do
ghabháil chughainn, is féidir linn féin do dheunamh ionann.
Tairis sin isé is scópa dhúinn ionnso, daoine do dheunadh
diagha cráibhtheach, agus dá bhrígh sin an uile dhíthchioll do
dheunadh ar a bheith amhlaidh, agus más toil le Dia grása
agus foirfeacht ainglidhe do thabhairt dúinn, bíodhmaois
mar ainglibh maithe, agus go nuige sin deunamaois
freachnughadh ar na mionsubháilcíbh d'órdaigh Dia dhúinn
re ár saothar féin, mar atá, foighid, ceannsacht, crádh
coirp, úmhaile, réir, boichte, geanmnaigheacht, truaigh dár
ccomharsain agus iomchur le na neamh-fhoirfeacht, díthchioll
agus fonn teasaighe seirbhís do dheunadh do Dhia, agus
san do dheunadh go húmhal cráibhtheach, agus fágamaois
na grása sármhóra úd ag na hanamnaibh naomhtha, óir ní
fiú sinne agus níor thuilleamair céim chomh árd agus sin
a seirbhís Dé. Acht ní hé (sin) amháin, is mór an sonus
dúinn má doghníodhmaoid seirbhís ar bith dá tharcaisnighe
nó dá uirísle dho, dochum a ghrása do thuilleamhuint ar mhódh
éigin, aige féin atá, ina dhiaigh sin, ár léigeann asteach
ionn a sheomra nó dá chómhairle phríobháidigh. Bíodh a fhios
agat fós, an Rí glórmhar úd, nách do réir na dignite ná
dignite na hoifige bhíos ag neach dobheir tuarasdal
do, acht do réir an ghrádh agus na húmhaile re a ndeunann
an oific atá de chúram air. Saul, ag iarraidh asal a athar,
dofuair sé ríoghacht Israel. Rebecca ag tabhairt dighe
uisge do chamal Abraham dofuair a bheith ina mnaoi
ag á mhac. Rút, ag tiomsughadh dias a ndiaigh meithle
Bhoos, agus í ag codladh fá na chosaibh, do chuir le na thaoibh
í agus do phós í. Is dearbhtha gidhbé ar bith re ar mian
teacht dochum na neithe neamhghnáthaighe ar ar labhramair


L. 134


shuas, go ffuil a mbaoghal an diabhal dá mhealladh re cluain
agus re cleasuigheacht. Teagbhann go measaid daoine
iad féin do bheith ina nAinglibh, agus nách bíd ná ionn a
ndaoinibh maithe, agus gur mó an tromdha agus an tais-
beánadh dobhíonn ionn a mbriathraibh agus ionn a módh
labhartha ioná bhíonn ionn a niomchur, nó bhíonn ionn a
ccéadfadh ioná ionn a ngníomh. Acht ní cóir breitheamhantas
meardhánta do thabhairt ar nídh ar bith, ná toighbhéim, acht
Dia do mholadh ar son na ngrás agus na mórshubháilceadh
dothug do dhaoinibh oile, agus leanamaoisne dár slighe
ísioll chaomhanta féin, agus gé gurab í is lugha is oirdheirc,
isí is iomchubhaidh dár staid uirísioll, agus má leanamaoid
di go dílios úmhal, dobhéarfadh (faidh) Dia grása móra
fá dheoigh dhúinn.



CAIB. 3.
Don Fhoighid.



Atá an fhoighid riachtanach aguibh ionnas go ttugadh sibh
libh an nídh do gealladh dhíbh. Ag so briathra fírinneacha
an Apstoil, óir mar adubhairt ár Slánaightheoir Íosa:
Ionn bhúr ffoighid atá seilbh bhúr nanamann féin aguibh.
Is adhbhal an mhaith do dhuine seilbh a anama féin a bheith
aige agus ní ffuil dá mheud do bheith an fhoighid aguinn
nách móide atá seilbh ár nanaman aguinn é.



Smaoin go minic gur le foighid agus le fulaing do
shlánaigh ár tTighearna sinn, agus as san is iomchubhaidh
dhúinn ár slánughadh síorruidhe féin do shaothrughadh agus
re na iomchur go foighdeach deaghthoiltionnach gach saothar,
gach bruid, gach ceusa, gach eugcóir agus gach nídh
contrárdha dá tteagbhann dúinn.



Ná ceangail foighid don nídh seo ná don nídh úd oile,
acht sín í dochum an uile bhuaidheartha agus trioblóide
dá léigfeas Dia ort. Atáid daoine ann nách mian leó
nídh ar bith dfhulaing go foighdeach muna raibh a nonóir
féin air, mar atá, cneadh dfhulaing a ccath nó a ccómhlainn


L. 135


nó a ngabháil a ccath, nó a ccúis do chailleamhuint ar son
a ccreidimh, bíodh gurab aca dobhí an ceart agus gur
bochtanuigheadh iad. Acht iad so, ní foighid a bhíonn aca
san ttrioblóid acht grádh a bhíonn aca ar an onóir a thig
dhóibh aiste. Acht searbhfoghantaighe dílios Dé, atá
foighdeach dáríribh, óir is comh-ionann iomchras gach buairt
dá ttig air, bé aca onóir nó mí-chlú atá ceangailte dhi,
masladh, fós tarcaisne agus toighbhéim dfhagháil ó dhroch-
dhaoinibh, isé is taithniomhach re na mhór-chroidhe uasal, acht
toighbhéim agus tarcaisne dfhagháil ó na ghaol agus ó na
cháirde, go maith foighdeach, is gníomh dhuine rófhoirfe é.
Is mór an meas is cóir a bheith ar cheannsaigheacht agus
ar fhoighid N. Carolus Boromeus d'fhulaing aimsir fhada
re hachmhusánaibh geura a sheanmóntaighe oirdheirc d'Órd
Riaghalta, go poiblidhe as a chathaoir, ionnas gur mó do
thaisbeán a shubháilce féin ionnsan ioná ionn gach buairt
oile dár fhulaing. Óir mar is mó an nimh dobhíos a ccealg
na mbeach ioná na ccuileóg, mar an ccéadna is mó an
masla dogheibhthear ó dhuine mhaith ioná masla oile.
Teagbhann go minic, dias de dhaoinibh maithe a bheith bun-ós-
cionn dá chéile agus gach aon díobh ag leanmhuint a bhreith-
eamhnais féin agus ag meas go ffuil an dara duine ar
seachrán. Is cóir dhúinn a bheith foighdeach, ní hé amháin
san ccás prionnsapálta do theagmhas dúinn, acht fós
ionn gach nídh oile do leanas de. Is iomdha daoine le
ar mhian olc dfhulaing agus diomchur acht gan díoghbháil
ar bith do theacht dóibh as. Uime sin adeir duine, ní cás
liom me féin do bheith bocht, gidheadh, cuirionn orm go
mór nách féidir liom maith do dheunadh dom cháirdibh ná
mo chlann do thógbháil suas go honóireach agus beatha
mhórdhálach do bheith agam féin. Agus adeir duine oile:
Ní cás liom a bheith bocht acht go measaid na daoine gur
trém' chionnta féin atáim amhlaidh. Bíonn lúthgháir ar
dhuine oile go labharthar go holc air, agus bíonn foighid


L. 136


aige leis an anchainteach acht gan duine ar bith dá
chreideamhuint. Bíonn foighid ag daoinibh oile a ccásaibh
ar son go ttig doilghíos nó dochar dóibh asda acht ní
bhíonn ionn gach aon chás. Bíonn foighid aca ris an ttinnios
agus goillionn orra gan airgiod do bheith aca
dobhéarfadaois don liaigh, nó ar son na muinntire atá ina
ttímchioll do bheith míchiúin. Adeirim, umurro, gur cóir
dhúinn iomchur go foighdeach ní hé amháin an tinneas do
léigfeas Dia orainn, acht fós gurab é a leithéide sin
de thinnios do léig orainn mar budh mhian leis féin, agus
ionn san áit agus idir an chómhluadar budh mhian leis,
maille re gach mí-chómhgar oile budh thoil leis agus mar
sin do gach trioblóid oile. Gidhbé aicíd do theagbhas
dhuit deuna díthchioll do réir thoile Dé, ar a chur dhíot,
agus gidhbé le ar mian a atharughadh san do dheunadh do
chuirfeadh cathughadh ar Dhia. Agus iar ndeunamh an díthchill
sin duit cuir tu féin ar láimh Dé má sí a thoil an liaighios
do bhreith buaidh ar an ngalar, agu sin go ró-úmhal, nó
má sí a thoil an galar do bhreith buaidh ar an liaghios,
tabhair buidheachas mar an ccéadna do Dhia go foighideach.



Gabh cómhairle N. Greagóir má dogheibh tu spreagann
fá na cionntaibh dorinne tu, uirísligh tu féin go húmhal
agus admhaidh go hullamh gur thuill tu an timdheargadh
san dfhagháil, nó más breug atá dá chur ort, gabh do
leithsgeul go hiomchubhaidh ag foillsiughadh nách deárnadh (aidh)
tu na cionnta san, ar an adhbhar gur cóir an onóir seo
do thabhairt don fhírinne agus do dheaghshompla ár
ccómharsan. Acht má leantar ag deunadh gearáin ort
déis do leithsgéil do thabhairt uait go fírinneach, dlis-
dionnach, ná cuireach (dh) róbhuairt ort, agus ná deuna
ródhíthchioll ar iad dhod chreideamhuint, acht mar dothug
tu a cuid féin don fhírinne tabhair a ccuid féin don
cceannsacht agus don fhoighid. Ar an módh san ní dheunfair
dochar dod' chlú, dho tonóir, dhod' chéim, dhod túmhladh ná
dho tfhoighne.


L. 137


Ná deuna mórán gearáin fán eugcóir do dheunadh
ort, óir is annamh doghnídhthear an gearán san gan
peacadh, ar an adhbhar go ttugann ár ngrádh féin orainn
a mheas go ffuil an eugcóir níosa mhó agus níosa
throime ioná atá sí innte féin, agus mar sin gabhmaoid
chughainn go holc í. Roimh an uile nidh bí ar do choimeud
gan gearán do dheunadh re daoinibh a bhíos claon chum
feirge nó chum oilc do dheunadh. Más iomchubhaidh an
gearán do dheunadh, deuna é re daoinibh síothchánta socra
ag á mbí grádh Dé, agus re ar féidir cómhairle mhaith do
thabhairt duit fá liaighios agus fá shólás inntinne a naghaidh
na buaidheartha atá ort. Ar mhódh oile ní thiubhraid
sólás ná eudtroma inntinne dhuit, acht cuirfid níosa
mhó de bhuairt agus de mhí-chiúnas ort, agus ní hé amháin
ná bainfid an dealg atá dhod ghortughadh as do chois, acht
go ccuirfid innte níosa dhaingne é.



Mórán de dhaoinibh, an tan bhíos tinnios nó buairt
orra nó fhullaingid eugcóir, ní mian leo a fhoillsiughadh
d'aoinneach, ionnas nách ttaisbeánfadaois a maothchroidhe
féin, do bhrígh go measfaighe go mbadh chómhartha droch-
mhisnigh agus neamhuaisle sin do dheunadh, acht ar a shon
san budh mhaith leó agus doghnídhid díthchioll cách do
tharraint chum truaighe do dheunadh dhóibh, agus ní hé
amháin a mheas go bhfuil buaidhirt orra acht fós go ffuilid
foighdeach deighmhisnig. Is foighid sin acht ní foighid
fhírinneach í, óir ní ffuil innte dáríribh acht fonn geur-
chúiseach glóire dhíomhaoine. “Atá glóire aca,” ar an
tApstol, “acht ní do réir Dé.” An duine fíorfhoighdeach
ní dheunann gearán ar an duadh dobhíos air, agus ní
bhíonn ina chás air gan duine oile dá eugcaoine, agus ní
labhrann air acht go réigh, símplighe fírinneach gan iomarca
briathar, agus má ghnídh duine eile truaigh dho éisdionn
go ciúin foighdeach ris, muna nabradh sé locht do bheith


L. 138


air nách ffuil fírinneach, óir ionnsan, cuirionn a ccéill go
macánta nách fuil an locht san air, agus mar sin congmhann
meodhain idir an fhírinne agus an fhoighid ag admháil na
duaigh atá air agus gan gearán do dheunadh ar a son.



Ionn gach dócamhal dá tteagmhann dhuit a ffreachnughadh
an chrábhaidh cuimhnigh ar bhriathraibh ár tTighearna mar a
nabair: an tan dobhíos bean a breith chlainne go mbíonn
doilghíos uirthe, do bhrígh go ttáinigh a haimsir, acht iar
bhreith mic di ní chuimhnigheann ar an mbruid dobhí uirthe.
Do ghabh tusa ann tanam an Mac is uaisle dá ttáinigh
ar an ndomhain riamh .i. Íosa Críost, agus roimh a bhreith
dhuit go hiomlán, ní féidir dhuit gan doilghíos mór agus
bruid do bheith ort, acht glac misneach ionnso, óir déis
an dóláis sin dogheabhaidh tú sólás síorruidhe do chion
gur rug tú an toirchios beannaighthe sin, agus isé uair
dobhéarfas tu é go hiomlán an tan fhoillseóchas tu ó chroidhe
agus ó ghníomh go ffuil tu ag leanmhuint a bheathaidh (adh).



An tan a bhias tu tinn, gach doilghíos, gan pian, gach
laige dá mbiaidh ort, foráil iad dochum grádh Dé agus
a sheirbhíse, agus guidh é fá iad san do cheangal ris na
pianaibh dfhulaing Críost ar do shon. Deuna réir an
liaigh, gabh gach biadh agus gach liaighios dobhéarfadh (aidh)
sé dhuit ar son ghrádh Dé, maille re cuimhne do bheith agat
ar an ndomblas do bhlais sé ar do shon, agus nár budh
mian leat sláinte dfhagháil acht amháin dochum seirbhíse
Dé do dheunadh, nó má sí a thoil tinnios do léigionn ort
gabh chughat go maith é dochum réire Dé do dheunadh, agus
más mian leis tu dfhagháil bháis, ullmhaigh tu féin dochum
a bheith ag moladh Dé ar neamh tré bhioth shíor. An uair a
bhíd na beich ag deunadh meala ithid sugha searbh, ar an módh
céadna ní féidir linne mílseacht agus foighid nó mil
shubháilceach oirdheirc do chruinniughadh níos feárr ioná
an tan itheamaoid biadh searbh na bruide agus na páise,
agus mar nách fuil mil is feárr ioná an mhil do


L. 139


cruinnighthear as bhláth na tíme .i. luibh ísiol róshearbh,
mar sin ní ffuil subháilce is uaisle ná is oirdheirce ioná
an tsubháilce ar a ndéantar freachnughadh a naimsir ár
mbruide, ár mbuaidheartha agus gach tarcaisne dá mheud.



Feuch re súilibh na tuigse Íosa Críost san ccroich agus
é nochtaighthe le naomhaithis, arna nuadhlagadh re cionntaibh
breugacha, arna thréigionn ó an uile dhuine agus gan
gné bhuaidheartha, doilghis ná bruide ar bith nách ttáinigh
air; agus feuch gach pian dá ffuil ort féin, nách compráid
iad a ccáil ar bith re na phianaibh sion, agus nách féidir
leatsa nídh ar bith dfhulaing ar a shon, agus gur mó ioná
san dfhulaing sé re grádh ar do shonsa. Smaoin arís ar
na piantaibh dfhulaingeadar na Mairtíreacha, agus fós
ar na piantaibh dfhulaingid mórán anois féin, agus admhaidh
go fíor nách fuil comóra ar bith ag an nduadh atá ort
féin leo agus abair: Ní ffuil ionn mo shaotharsa acht
sólás, ná ionn mo phianaibh acht sámhas má chuirim a
ccompráid iad re pianaibh na muinntire atá gan sólás
ar bith agus fós gan congnamh gan osadh, ag fagháil bháis
do ghnáth dá cceusadh féin gan chrích gan fhoirchionn.



CAIB. 4.
Don Úmhaile is cóir dhúinn a bheith ionn ár
ngníomharthaibh corpardha.



Adubhairt Eliseus le baintreabhach (aigh) bhocht (bhoicht)
éigin mórán de shoighthighibh folmha d'iarraidh ar a
cómharsanaibh agus ola do chur ionnta. Gidhbé re ar
mian grása Dé do ghabháil ionn a anam is riachtanach dho
é do bheith folamh ó an uile ghlóir dhíomhaoin. Atá eun
beag ann darab ainm a Laidion (in) Tiniculus, agus an
tan dochídh éin chraosacha ar bith léigidh srótha as agus brígh
fholuighthe a nádúire, chuirionn eagla orra. Uime sin
bíos gean ag na colmaibh air tar gach eun oile, óir measaid


L. 140


nách ffuil baoghal orra an feadh a bhíos ina ccuideachta.
Mar an ccéadna cuirionn an úmhluigheacht an diabhal
ar tteitheadh agus coimheudann grása agus tiodhlaicthe an
Spiorad (aid) Naomh ionainn. Uime sin dorinneadar
na Naoimh uile agus Rí na Naomh .i. Íosa Críost, agus
a Mháthair bheannaighthe, freachnughadh speisialta ar an
tsubháilce oirdheirc seo thar an uile shubháilce morálta
(deighbheusach).



Is do ghoirim glóir dhíomhaoin .i. an ghlóir iarramaoid
dhúinn féin ar son na neitheann nách fuil aguinn, nó má
atáid aguinn nách uainn féin atáid, nó fós má táid aguinn
uainn féin, nách fiú iad glóir ná díomus do dheunadh asta.
Uaisle fola, fadhbhar daoine móra, onóir an phobaill
ní hionnainn féin atáid sin acht ionn ár sínsioraibh.
Bíd daoine oile ag deunadh uabhair ar son go mbíd
eachraighe maithe aca, nó go ffuil suathantas ar a hataighibh
nó ar son éadaighe breághtha do bheith orra, acht cia nách
ffaicionn gur mór an éigcríonacht san, óir gidhbé
nídh a bhias ionnta san, ní do neach ar bith is cóir í, nó don
eun ionn a raibh an cleite, nó don táilliúir dorinne an
teudach. Nách truaillighe tarcaisneach do dhuine gan de
chlú nó de ghlóir a bheith aige acht mar dogheibh ó each, ó
chleite nó ó éadach? Aibíd dhaoine oile, ag deunadh
glóire díomhaoin as fhéasógaibh deasa a bhíos go caoin
cíortha, as ghruaig cuirmnig, as lámhaibh fíneálta, as
damhsa cliste, as imirt nó as chantaireacht? Nách gan
chéill a bhíd seo uile? Ag iarraigh clú nó moladh dhóibh
féin as nidhthibh chomh díomhaoin leó san. Daoine oile,
ar son má tá aon onnsa amháin de leughan aca gur
mian leó onóir agus meas do bheith ag gach aon orra, agus
iad a theacht do dheunadh cómhairle leó amhuil go mbadh
oracail iad, agus foghluim do ghlacadh uatha amhuil agus
go mbadh dochtúirighe iad. Budh leór dhóibh leanaba do
theagasg. Measaid daoine oile gur cóir onóir agus grádh


L. 141


do bheith orra ar son sgéimhe a ccoirp, acht ní ffuil ionnta
so uile acht neithe díomhaoine éigcríonna nách bainionn
re cúis, agus an ghlóir dogheibhthear asta níl innte acht
glóir dhíomhaoin, éigcríonna, amadánach.



Aitheantar an mhaith fhírinneach ar an módh ar a naitheantar
an balsom maith. Isé módh ar a naitheantar an balsom
fíor, braon ar bhraon do dhortadh a nuisge dhe, agus má
théid ar íochtar is balsom maith uasal é. Mar an
ccéadna dochum an duine críonna, foghlumtha, uasal
deighinntinneach do aithniughadh, níl acht feuchain ar a
ghníomharthaibh, a ttaisbeánaid úmhaile, uaisle, macántacht,
agus má táid sin ceangailte dhe is dearbh go ffuil go
maith, acht má tá ag snámh ar uachtar agus é ag iarraigh
éirghe ar uachtar agus é féin do thaisbeánadh ní deagh-
oibreacha fíora iad. Na péarlaidhe a geintear a naimsir
stoirme nó tóirnighe, bíd croicinn phéarladh orra acht
ní bhíonn substaint ar bith astigh ionnta. Mar sin do na
subháilcibh, cáiligheachta maithe na ndaoine agus tiodhlaicthe
na nádúire; más re gaoith na glóire díomhaoine nó an
díomuis do geintear iad nó doghnídhthear a noileamhuint,
níl ionnta acht sgáile na maithiosa, agus astigh atáid gan
chnáimh, gan sugha, gan smior.



Atáid onóir, tiodail, gairm, céim agus dignit cosmhúil
ris an ccrócha, óir is móide fhásas má saltrar (sataltar)
air. Is breágha duine do bheith onóireach, gidheadh, má tá
ag deunadh uaille as a ghné, ní ffuil acht glóir dhíomhaoin
ann. Óir, ionnas go mbeith grása ag an sgéimh agus meas
do bheith uirthe, ní cóir an cúram san do bheith ina tímchioll.
Mar sin don fhoghluim cuirionn gráin agus mí-ghean ar
na daoinibh doghní uaill aiste; ní bhíonn meas daoine
foghlumtha orra an tan do chuirid duadh nó saothar orra
féin ag iarraidh onóra, céime, garma nó áit suidhe, agus
ní hé amháin acht go ccuirid a meas agus a cclú féin fá
bhreitheamhnas agus chonspóid dhaoine oile agus doghnídhid


L. 142


iad féin truaillighe tarcaisneach. An onóir dogheibhthear
gan iarraidh atá sí onóireach, acht má gheibhthear le saint
agus le saothar í atá sí truaillighthe salach. An phéacóig (óg),
an tan a thaisbeann a hearboll taisbeánann don mhuinntir
a bhíos ina diaigh na dathanna breághtha bhíos ionn a
cleiteachaibh, agus don mhuinntir a bhíos ar a haghaidh gach
mísgéimh dá ffuil innte. Bíonn an rósa sgiamhach an
feadh dobhíonn ar an ccrann, gidheadh, má bhíonn a ffad
ionn do láimh seargfaidh sé. Adeirthear gidhbé mhothuighios
bolath an toradh (tortha) dá ngoirthear Mandagrósa a
ffad uaidh go mbíonn róshámh, acht má bhíonn a ffogus
do tamall, go mbainionn a bhrígh as an nduine agus
go ccuirionn codla agus galar air.



Mar sin dobhíonn an onóir. An tí dogheibh a bolath
a ffad uaidh agus go héadtrom, dogheibh sólás aiste,
acht an mhuinntir a bhíonn dá hiarraidh le duadh agus le
saothar, agus dogheibh fonn mór agus taithniomh innte is
mí-chlú agus tarcaisne dogheibhid aisti fá dheoigh. Fonn
agus grádh na subháilceadh isiad doghnídh an duine go
maith, agus fonn na honóra doghnídh an duine tarcaisneach
lochtach. Uime sin, an inntinn uasal, tar an ccéim is
dual di, ní bhíonn cás ar bith aice a nonóir bhréige ná a
nglóir dhíomhaoin éigcríonna, óir ní bhíonn fonn ionnta
san acht ag daoine baotha gan chéill. Gidhbé re ar féidir
péarlaidhe dfhagháil ní chuirionn sé ualach sligeán (sliogán)
air féin. Mar sin, gidhbé re ar mian a bheith subháilceach
ní chuirionn saothar ar bith air féin ag iarraigh glóire
dhíomhaoine. Is féidir le gach aon imtheacht do réir a
ghraduim agus a áite suidhe féin, agus fuireach innte
agus gan subháilce na húmhlaigheachta do chailleamhuint,
acht sin do dheunadh go hiomchubhaidh gan chonspóid re
haon duine. Na ceannaighthe dothig as an India don
Eóruip, maille re hór agus le hairgiod do thabhairt leo,
dobheirid ápaighe agus pioróidighe leó dogheibhid ar


L. 143


shaorluach, do bhrígh nách bíd na nualach trom ionn a loing;
mar an ccéadna gidhbé re ar mian a bheith subháilceach
ní ffuil toirmiosg air a ghradam agus a onóir féin do
ghlacadh más féidir leis a dheunadh gan bhuairt, gan
trioblóid, gan chonspóid, gan chointinn, gan díoghbháil
oile do theacht do as. Ní ffuilim a labhairt ionnso ar an
muinntir a ccásaibh áirighthe a mbainionn a nonóir agus
a ndignit ris an mhaith phoiblighe, ná fós ar dhaoinibh
príobháideacha as a ttiucfadh olc nó maith dhóibh, óir is
féidir le gach aon duine ionnta so a cheart féin do
leanmhuint agus do chomhdach go críonna discréideach
maille re carrthannacht agus le macántacht.



CAIB. 5.
Don Umhaile inmheodhannach is cóir dhúinn a bheith
aguinn ionn ár ccroidhthibh agus ionn ár ninntinn.



A ndubhramair go nuige seo is iomchubhaidh eagna nó
críonnacht do ghairm de ioná úmhluigheacht. Uime sin
is cóir dhúinn tuille do labhairt ar shlighe na humhluigheachta.
Bíd daoine ann nách lámhann na grása dogheibhid go
príobháideach ó Dhia a thabhairt fá ndear ná smaoineadh orra
ar eagla glóire dhíomhaoin a ghlacadh asta. Acht atáid
ar seachrán go mór, mar adeir an dochtúir Naomhtha
N. Tomás. Isí an tslighe fhírinneach re teacht dochum
grádh Dé, na tiodhlaicidhe neamhdha do thabhairt fá ndear
go grinn, do bhrígh dá mhéad dobhéaramaoid dár naire
iad agus a smaoineóchamaoid orra, gurab amhlaidh is
móide théighmíd ar ár naghaidh a ngrádh Dé, agus mar is
mó a ghluaisid na tiodhlaicthe príobháideacha ioná na
tiodhlaicthe poiblidhe coitchionna is móide is cóir iad so
a thabhairt fá ndear agus meas a bheith orra. Is dearbhtha
nách fuil nídh ar bith as ar córadh dhúinn sinn féin d'umhlughadh
a ffiadhnaise Dé ioná meud na ttiodhlaicthe dothug


L. 144


dhúinn, mar nách ffuil nídh ar bith is mó dobheir táire agus
tarcaisne dhúinn a ffiadhnaise Dé ioná meud ár ccionnta
agus ár ndrochghníomhartha. Uime sin tugamaois dár
naire cread dorinne Dia ar ár son agus gach a
ndeárnamairne a naghaidh Dé; agus ar smaoineadh dhúinn
ar ár bpeacadhaibh féin fá seach, tugamaois fá ndear gach
grás agus gach tiodhlaicthe dá ffuaramar ó Dhia. Ná
bíodh eagla orainn go ccuirfeadh cuimhne na ngrás
dothug Dia dhúinn díomus orainn, má bhíonn cuimhne againn
do ghnáth nách uainn féin atá maith ar bith aguinn. Bíonn
múinle na mbeach bruideamhuil dá uaisle ualach do
cuirfighear air. Godé an nídh atá aguinn, ar an tApstol,
acht an nídh dotugadh dhúinn nó fuaramair? Agus má
sé a thabhairt dúinn dorinneadh, cread dobheir ag deunadh
glóire as sinn amhuil agus gur uainn féin do bheith aguinn?
Má bheireamaoid fá ndear go beodha fírinneach na grása
fuaramair is éigion dúinn buidheachas do thabhairt ar a
son. Má dothig gaoth ná glóire díomhaoin orainn
an tan do smaoinigheamaoid ar thiodhlaicthibh Dé dúinn
acht atá liaighios againn do láthair ar a naghaidh sin .i. ár
mí-chumann, ár neamhfhoirfeacht agus ár lochta féin do
chur ós cuinne (co-) ár súl. Agus má bheireamaoid dár
naire cread dorinneamair an uair nách raibh Dia linn
dochífeam go maith gach nídh dá ndéanamaoid an feadh do
bhíos a chuidiughadh linn. Fós nách uainn féin dothig aon
nídh dhe, agus is annsan amháin do bhaineamaoid toradh
agus tairbhe as thiodhlaicthibh Dé dhúinn an tan
dobheireamaoid glóir, onóir agus moladh dho féin ar a son.
Mar sin dorineadh Máthair Dé, Muire, ag admháil
go ffuair tiodhlaicthe móra ó Dhia dochum í féin dhúmhlughadh,
mar adeir féin ag rádh: Adhmholaidh m'anam Dia do bhrígh
go ttug tiodhlaicthe móra dhom. Adeireamaoid go minic
nách ffuil ionnainn acht neamh-nídh, boichteacht, truaillighteacht
agus sgéim na talmhonn, acht do bheith doilghíos orainn dá


L. 145


nabradh duine oile na briathra céadna linn go coitchionn,
agus ní hé amháin acht go léigfeamaois orainn a bheith
ag teitheadh agus dár cceilt féin, ionnas go mbeidís
dár niarraidh, agus iomchramaoid sinn féin amhuil agus go
mbadh mhian linn a bheith ár ndaoinibh déigheannacha, ár suigheadh
ar earboll bóird, agus isí críoch a bhíos againn, meas
do bheith ag cách uile orainn. Acht an duine fíorumhal
ní chumann sé é féin do bheith umhal, agus ní thaisbeánann
sé ó ghníomh ná ó bhréithir, agus ní cheileann sé fós na
subháilcidhe oile agus mar atáid ionn a inntinn. Fós
dá mbadh ceadaightheach do dhuine umhal breug do dheunadh,
nó nídh do chumadh, nó sgannail do thabhairt dá chómharsain,
nó gníomh meardhánta andóthchaiseach do dheunadh dochum
na humhaile do cheilt. Uime sin is maith an chómhairle
dhúinn gan mórán do labhairt ar ár númhluigheacht féin,
nó má labhramaoid, tigiodh ár mbriathra agus ár ccroidhthe
re chéile, agus ná bíodh ár cceann crom ag feuchain ar an
ttalamh muna raibh ár ccroidhe ag feuchain ar Dhia go
haireach. Ná léigeamaois orainn gur mian linn an áit
is úirísle do bheith againn, muna bhfuil ár ninntinn leis.
Measaim fós an riaghail seo do bheith chomh geinearálta
agus san nách ffuil athsgrúdadh ar bith uaidh. Cuirim ris
sin ó shirialtacht gurab iomchúbhaidh ar uairibh, an chéad
áit dfhuláiriomh ar an mhuinntir nách geabhaidh í, agus ní
humhluigheacht bréige sin .i. an áit is onóirighe dfhuráil
orra, agus ní ffuil ann acht taisbeánadh go ffuil fonn
orainn onóir éigin do thabhairt dóibh, ó nách féidir linn
an tiomlán do thabhairt dóibh. Uime sin ní holc donídh
an tí dfhuráilios cuid éigin di. An meas céadna atá
agam ar mhórán de bhriathraibh onóireacha a deirthear le
macántacht re duine oile, ar son nách ffaicfeadh iad do
bheith rófhíor ionnta féin, má sí inntinn an tí atá dá rádh,
onóir dáríribh a thabhairt don dara duine, do bhrígh, ar son
go mbeith breug éigin ionn sna briathraibh féin, más


L. 146


gnás choitchionn é, ní ffuil locht ionnta. Ar son gur mhó
budh hiomchubhaidh, do réir na humhaile fíre símplidhe,
gan nídh ar bith a rádh acht do réir mar atá san ccroidhe
agus ionn san inntinn. An duine umhal dáríribh, budh
feárr leis daoine oile dá lochtughadh ag rádh: nách fiú
nídh ar bith é, agus más feas do gurab é sin meas atá
ag cách uile air, ní chuirionn ina naghaidh, acht dothig leó
go toiltionnach, agus fós bíonn lúthgháir air an meas atá
aige féin air, do bheith ag cách uile air. Adeir daoine
nách fiú iad úrnaigh ná Athsmaoineadh inntinne do dheunadh,
agus gurab ris na daoinibh atá foirfe do bhainios san.
Duine oile nách deunann comaoineach go minic adeir
nách faghann sé é féin glan ná iomchubhaidhe chúiche. Daoine
oile nách deunann comaoineach, do bhrígh go ffuilid claon
chum peacaidh do dheunadh agus d'eagla tarcaisne a
thabhairt don ccrábhaidh (adh) fhírinneach. Ní háil le daoinibh
oile an tallann atá aca do chaithiomh le seirbhís Dé ná na
cómharsan, ag rádh nách feas dóibh measardhacht do chongbháil,
agus go ffuil eagla orra dá ndeunadaois maith ar bith,
nó dá ttugadaois teagasg do dhaoinibh oile go ngeabhadh
uabhar as san iad, nó go ndéanadaois peacadh. Níl
ionnta so uile acht cumadóireacht agus umhluigheacht
bhréige mhailíseach, re a léigid orra féin agus le na ttugaid
go geurchúiseach tarcuisne agus neamhshuim ar na neithibh
do bhainios re Dia, nó gur mian leó an grádh bhíonn aca
ar a mbreitheamhnas féin agus ar a cclaontaibh, ar leisge
agus ar uabhar, bheith ag iarraidh iad féin dfholacha (dh) faoi
bhrat sgiamhach na húmhaile.



“Iarr cómhartha dhuit féin a níochtar ifrinn nó a nuachtar
neimhe ar do Thighearna Dia,” ar an Fháidh Isaias ag labhairt
leis an rígh mallaighthe Acas, agus dfhreagair sé sion
ag rádh: Ní iarrfad agus ní chuirfead cathughadh ar mo
Thighearna. Feuch ionnso an duine mallaighthe ag leigean
air féin gurab le reverens do Dhia agus fá bhrat úmhaile


L. 147


nách áil leis na grása atá Dia dfhuláiriomh air do ghabháil
nó diarraidh. As so thuigeamaoid an uair is mian le
Dia grása do thabhairt dúinn gur mór an tuabhar a
thiodhlaicthe do dhiúltadh nó cur suas dóibh. Tairis sin is
maith an cómhartha umhluigheachta agus réire Dé do dheunadh,
ár ttoil féin do chur le na thoil sin, an méid gur féidir
linn é. Is í toil agus mian Dé sinn do bheith foirfe agus
sinn féin do cheangal ris agus a lorg do leanmhuint
mar is feárr is féidir linn. An duine díomasach do
chuirionn a dhóthchus uile ionn féin, ní ffaghann aige féin
nídh maith ar bith do thionnsgnadh, acht an té bhíos úmhal,
glacann misneach agus dá mheud do mheasann é féin a
bheith gan bhrígh ar bith, is móide a bhíonn sé dána neartmhar
é, do bhrígh go ffuil a dhóthchus uile a nDia, re mian a
mhórchomhacht san do thaisbeánadh an tan is eugcruaidh
sinn, agus a mhórthrócaire an tan is mó ár riachtanas.
Uime sin tionnsgnamaois go húmhal deighmhisnigh gach nídh
do dheunamh a bhainios re ár maith féin agus re sláinte
ár nanaman do réir chómhairle agus bhreitheamhnais ár
ttreóruightheóra spioradálta.



A mheas go ttuigionn tu an nídh atá a nainffios ort,
is amadántacht follas é .i. a leigionn ort féin fios
neitheann do bheith agat nách feas duit, is díomhaoineas
gan chéill é, agus ní hé amháin ní hiomchubhaidh duit an
teolus atá agat go cinnte a leigionn ort go minic,
agus go speisialta gan a leigionn ort ar aon chor an
nídh atá a nainffios. Dá bhrígh sin, do réir riaghlach na
carrthanachta, léig re do chómharsain go muinnteardha
díreach, ní hé amháin gach nídh is riachtanach dochum teagaisg
a thabhairt do. An umhluigheacht do cheilionn na subháilceadha
dochum a ccoimeádta, an tan iarras an charrthannacht,
foillsighidh agus taisbeánaidh iad, ionnas go meudóchaidh
iad agus go ttugadaois a ttoradh ionn a nam féin;
ionnas gur cosmhúil an umhluigheacht leis an ccrann fhásas


L. 148


a nínse díle, a dhruidios san oidhche an bláth breágh dearg
dothig air, agus nách osglann é go héirghe gréine, ionnas
go nabraid daoine an oileáin go mbíonn ina chodladh
san oidhche. Mar an ccéadna don úmhaile, a folcadh gach
subháilceadh (ce) agus gach foirfeacht dhaonadh dá mbíonn
san nduine, agus ní thaisbeánann agus ní nochtann iad
acht an tan iarrann grádh Dé nó na cómharsan é. Is
subháilce neamhdha an grádh agus ní subháilce dhaonda;
ní subháilce morálta fós é, acht subháilce diagha, ar mhódh
gurab é an grádh grian agus tighearna an uile shubháilce
oile, ionnas nách fíorúmhluigheacht úmhaile ar bith muna
raibh cceangailte ris an ngrádh.



Ní hiomchubhaidh do dhuine é féin do thaisbeánadh go
heagnaidhe ná go héigcríonna, óir má chuirionn an
úmhluigheacht toirmiosg air é féin do thaisbeánadh
éigcríonadh, cuirionn an tsímpligheacht ghlan d'fhiachaibh
air gan a leigionn air go ffuil éigcríonna, agus mar
atá an ghlóir dhíomhaoin a naghaidh na humhluigheachta, is
mar sin atá gach ball di a naghaidh na símpligheachta
fírinneigh (ighe); agus má léigeadar naoimh oirdheirce
orra féin ar uairibh a bheith éigcríonna, ionnas nách beith
meas ag an saoghal orra is córa iongna do dheunadh
dhíobh ioná a lorg do leanamhuint. Dobhí fáth éigin
speisialta aca san dochum sin do dheunadh nách iomchubhaidh
do dhaoinibh oile aithris do dheunadh orra muna raibh na
fátha céadna aca. Dorinne Dáibhí raingce roimh Arca
an Reachta, níosa mhó ioná mar budh hiomchúbhaidh dá
thromdhacht ríoghdha, acht ní hé gur meas amadáin budh
mhian leis do bheith air féin, acht re hiomarca na lúthghára
agus an ghrádh dobhí a gluaiseacht a chroidhe, agus maille
re símpligheacht nádúrtha, dorine é. Uime sin an uair
dobhí a bhean féin, Micol, ag tabhairt tarcaisne air,
dochum na lúthghára o bhí air dfhoillsiughadh, dochuaidh
ar aghaidh go seasamhach agus dobhí sólás mór air a ttaobh


L. 149


tarcaisne agus mímheas dfhulaing ar son a Thighearna.
Dá bhrígh sin, má bhíonn tarcaisne nó mímheas ag daoinibh
oile ort fá sheirbhís Dé do dheunadh go humhal re cráibh-
theacht, dobhéarfadh an umhluigheacht fhírinneach ort a bheith
lán de shólás agus de lúthgháire ar son na maslaidh (adh)
nár thuill tu agus do thuill an mhuinntir atá ag tabhairt
tarcaisne agus toighbhéime ortsa.



CAIB. 6.
Cionnas dobheir an umhluigheacht orainn grádh a bheith
againn ar ár nuirísle agus ar ár mí-mheas féin.



Adeirim leat gur cóir dhuit gean agus grádh do bheith
agat ar huirísleacht féin, agus má fhiafruigheann tu dhíom
cread í an uirísle, adeirim leat gurab ionann an uirísle
agus an úmhaile, an umhaile agus an uirísle. Uime sin
an tan adubhairt an Mhaighdion bheannaighthe Muire an
caintic naomhtha, go naibeóradh gach líne ina diaigh gur
beannaighthe í do bhrígh gur fhéuch Dia ar úmhluigheacht a
chumuil féin, amhuil adéarfadh gurab uime dfheuch Dia
uirthe agus tug tiodhlaicthe móra agus grása dhi go
trócaireach tré mheud a humhluigheachta agus a huirísleacht
agus a mímheas uirthe féin.



Ar a shon san atá difir éigin idir shubháilce na
humhluigheachta agus an uirísle, óir bímíd uirísiol gan
fhios dúinn féin an tan dobhíomaoid beag tarcaisneach
uainn féin, acht ní bhíomaoid umhal go subháilceach acht
an tan aithnigheamaoid ár nuirísle féin agus ghabhamaoid
sin chughainn go maith dár ndeoin féin. Umurro, is ann
atá foirfeacht na humhluigheachta ní hé amháin gur toil
linn a bheith uirísioll, acht fós go mbíonn taithniomh agus
grádh againn ar a bheith amhlaigh (idh). Ní d'easbaidh uaisle
inntinne deighmhisnigh nó croidhe onóraigh, acht ionnas


L. 150


gur móide an meas do bheith againn ar Dhia é, agus ar ár
ccómharsain ionn ár ccomóra féin, agus isí seo an
umhluigheacht is cóir a leanmhuint. Agus ionnas go
ttuigfeá so go maith bíodh a fhios agat go tteagbhann olc
dúinn ar uairibh ann a mbíonn tarcaisne agus mímheas
ceangailte dhe, agus olc oile a mbíonn onóir ina diaigh
agus is furus iad so dfhulaing, acht ní mian re haon duine
iad súd do theacht air. Má chídhionn tu Angcaire cráibhtheach
diagha a sean-cheirteachaibh bhriste agus é lán dfhuacht
biadh (biaidh) onóir ag gach aon don cheirteach féin agus go
háirighthe biaidh truaigh aca don duine. Gidheadh, más
fear bocht oibre, nó duine uasal nó bean uasal atá ionn
a leithéid sin d'eudach, biaidh tarcaisne orra, agus mar
sin atá mímheas ceangailte dá mboichteacht. Má deir
uachtarán focal garbh nó borb le duine riaghalta atá
fá na smacht, nó má deir athair é re na mhac, agus iad dá
iomchar san go húmhal foighdeach, adéaradh (aidh) gach aon
neach nách fuil ionnsan acht claonmharbhadh, úmhluigheacht
agus críonnacht. Gidheadh, má deirthear focal tarcuisneach
nó spídeamhuil le duine uasal nó le baintighearna agus
go mbeith foighid aca ris a ccás gurab ar son Dé féin
fhulaingeódaois, ní bheith acht meas droichmhisnigh agus
díoghbhála croidhe agus inntinne orra. Ag sin olc oile
a ffuil tarcaisne agus uirísle ina dhiaigh: má tá cangcar
ar dhuine ionn a láimh agus é ar dhuine oile ionn a ghruaidh
ní ffuil ar fhear na láimhe acht an tinneas amháin, agus atá
gráin agus tinneas agus tarcaisne ar an ffear oile.
Dá bhrigh sin adeirim nách é amháin gur cóir dhúinn gean
do bheith againn ar an nduadh do leigios Dia orainn, dá
hiomchur go foighdeach, acht fós ar an ttarcaisne dothig
dhúinn as re subháilce na humhluigheachta.



Atá gné de na subháilcibh féin a mbíonn tarcaisne
na diaigh agus gné oile ionn a mbíonn meas onóireach
air. Ní bhíonn meas ag na daoinibh a bhíos tabhartha don


L. 151


tsaoghal ar an fhoighid, ar an cceannsacht ná ar an
umhluigheacht. Acht bíonn mór-mheas aca ar chríonnacht,
ar ghliocas, ar uaisle, ar neart, ar thabharthas agus re
cúis fá tiodhlaice, agus fós bíd gníomhartha aon tsubháilce
amháin .i. gníomh díobh tarcaisneach agus gníomh oile
onóireach. Is ón ccarrthannacht dothig an déirc do dheunadh
ar bhochtaibh. Measaid gach aon gurab onóireach san;
is uaisle fós a thig maithiomh na heugcóra don ccomharsain,
agus do réir mheasa na ndaoine atá san tarcaisneach.
Má bhíonn ógán nó óigbhean uasal a ccómhluadar sgaoil-
teach, muna leanaidh béasa an chómhluadair sin ionn a
ccainnt, a nimirt, a raingce, a nól, a néadach, biaidh
tarcaisne aca orra agus a déarfaid nách fuill ionn a
macántacht acht fimíneacht agus crábhadh bréige, acht re
neamhshuim do thabhairt ar an mbreitheamhantas meardhánta
san foillsighid go ffuil grádh aca ar an uirísleacht féin.
Ag seo sompla oile dhuit: má curthar me féin agus duine
oile dfheuchain aosa galair agus mise do chur chum an
tí is mó agus is truaillighthe galar díobh, atá tarcaisne
dhom ionnsoin do réir breitheamhnuis an tsaoghail; uime
sin bíonn fonn ormsa an tarcaisne sin dfhagháil tar dol
ar cuairt dochum duine onóraigh ionn a mbeith glóir
shaoghalta dhom. Má thuitionn duine ar shráid, leith amuich
dá dhoilghios atá mí-onóir aige ann, acht ní chuirionn an
úmhluigheacht cás ionnsoin.



Atáid fós mórán de ghníomharthaibh nách fuil locht ar
bith ionnta acht amháin go mbíd mí-iomchúbhaidh; ar a shon
san ní cóir don duine úmhal a ndeunamh as a riocht ná dá
dheoin. Gidheadh, dá ndeunadh duine re tabóg iad, is
cóir dho gan buairt do bheith air ar a son, mar atá súgra
beag éadtrom, neamh-shímpligheacht nó neamhaire. Is cóir
dhuine a bheith ar a choimheud orra so agus a seachnadh,
acht má theagbhaid do, gabhaidh (adh) an mímheas atá ina ndiaigh
chuige go foighdeach ar ghrádh na húmhaile. Má theagbhann


L. 152


dhom tré fheirg nó as neamhchoimheud briathra do thuitim
uaim re ar chuirios saobhnós ar Dhia agus ar mo chómharsain,
biaidh aithreachas agus doilghios orm ar son an pheacadh (aidh),
agus iomchróchad go foighdeach umhal an tarcaisne agus
an mímheas dothig dhom as, agus dá mbéidir leam a
sgaradh re chéile do sgriosfainn uaim an peaca agus
do choingmheóchainn an tarcaisne.



Acht gé gur cóir dhúinn gean do bheith aguinn ar an
ttarcaisne dothig dhúinn as ár lochtaibh féin, is cóir
dhúinn an uile dhíthchioll do dheunadh ar leigheas do chur
ar na lochtaibh. Dá mbeith cneádh ghránna am eudan
dodheunfainn díthchioll ar a liaighiosadh agus ní léigfinn ar
dearmod an tarcaisne dofuair me ar a son. Má do
rinne me gníomh neamh-iomchubhaidh ar bith nár chuir saobhnós
ar aon duine, ní gheabhaidh me mo leithsgeul ar son gur
neamhfhoirfeacht é. Ní fhanann a ffad agus dob'éidir
liom mo leithsgeul do ghabháil muna mbeith an umhluigheacht
ag cur toirmiosg orm; acht má dorine mé gníomh
eudtrom nó maineachtnach, nó as ar bhain sé fáth sganlaigh
(sgannaile) geabhaidh me mo leithsgeul go fírinneach
dochum sásaimh a thabhairt dom chómharsain do réir
carrthannachta, do bhrígh gur locht é re ar féidir fuireach
a ffad. Uime sin atá dfhiachaibh orm me fhéin do leasughadh,
agus cuirionn an charrthannacht dfhiachaibh orainn ar uairibh
gan ár ffaicsin uirísioll nó tarcaisneach, óir is riachtannach
dhúinn meas maith do bheith ag an ccomharsain orainn, agus
ionn sa ccás so is cóir dhúinn bheith tarcaisneach a súilibh
ár ccómharsan ionnas nách ttugamaois adhbhar sganlaigh
(sgannaile) dhóibh, acht deaghshompla.



Más mian leat a fhios do bheith agat cia hí an úmhluigheacht
nó an tarcaisne is mó sochar dhuit, adeirim leat go follas
nách ffuil uirísle is tairbhighe don anam ná is taithniomhaighe
le Dia ioná an tan do theagbhas dúinn go cinneamhnach,
do réir ár staide féin, neithe, agus nách sinn féin do thogh


L. 153


ná d'iarr iad, acht Dia dá léigeann orainn, ag ar feárr
atá fios cread is maith dhúinn, agus ní ffuil contabhairt
gurab í sin cómhairle is tairbhighe ar son nách fuil tarcaisne
is mó linn ioná an tarcaisne atá buinsgionn (bun-ós-cionn)
dár cclaontaibh féin, a ccás go mbeith oireamhnach
dár staid. Má gheibhmíd gach nídh is mian re ár ttoil
féin is baoghal dúinn brígh gach subháilce dá ffuil againn
do chailleamhuint. Go ttugadh (aidh) Dia dhúinn gur budh
féidir linn a rádh go fírinneach ris an Rí mór Dáibhí:
do thogh me a bheith tarcaisneach a ttigh Dé tar a bheith am
chomhnaighe a náitreabh na ppeacach. Ní féidir le neach
ar bith so do thabhairt dúinn, acht ris an tí dobhí uirísiol
ionn a bheathaidh agus ionn a bhás idir na daoinibh, agus
tarcaisneach san bpobal. Adubhairt me mórán annso
atá cruaidh dócamhlach re smaoineadh orra; gidheadh, má
ghnídhmíd freachnughadh dhíobh agus a ccur a ngníomh creid
me go mbadh milsi leat iad ioná mil agus siúcra.



CAIB. 7.
Cionnas is féidir freachnughadh do dheunadh ar an
umhluigheacht, agus clú agus ainm mhaith do choimheud.



Ní ar son mion-shubháilcibh gan ró-bhrígh dogheibhid daoine
go coitchionn moladh, glóir ná onóir, acht ar son na
subháilce noirdheirc, óir ní le duine do mholadh is mian
linn meas mór do bheith ag daoinibh oile air. Le honóir
a thabhairt do iseadh chuireamaoid a ccéill go ffuil meas
mór aguinn féin air. San nglóir, do réir mo
bhreitheamhnais, ní ffuil innte acht dealradh mór-mheasa
dothig as iomad molaidh agus onóra ceangailte re chéile
mar aon, ionnas nách fuil a nonóir ná ionn moladh acht
mar chlochaibh uaisle ceangailte dá chéile ar na ffuil an
ghlóir mar ghilteáil órdha. Acht ní fhulaingionn an umhaile


L. 154


dhúinn meas do bheith aguinn féin orainn, gurab oirdheirce
nó gurab feárr sinn ioná daoine oile. Ní fhulaingionn
sí fós fonn do bheith aguinn a moladh, a nglóir ná a nonóir
ná san moladh a dlighthear do dhaoinibh oirdhearca ar son
go molann an tEagnaighe cúram do bheith againn fár
cclú. Is maith an chlú agus an ainm do dhuine a bheith
símplidhe, macánta, réidh, díreach ionn a ngníomh agus ionn a
bheathaidh, agus ní bhacann an úmhluigheacht dúinn an meas
san do bheith aguinn orainn féin agus a chongmháil, agus
gan iarraigh a bheith oirdheirc tairis sin. Ní bheith cás ag
an úmhluigheacht a cclú muna ccuireadh an charrthannacht
dfhiachaibh orainn a choimheud, acht mar is aon fhundamaint
é chum na ndaoine do bheith ceangailte a ccómhluadar a
chéile agus ionnas nách beith ina mballaibh díoghbhálacha
ná mí-thairbheacha, agus nách ttugadaois sganail don
tairbhe phoiblidhe. Mar sin iarrann an charrthannacht orra
clú mhaith do bheith aca agus a choimheud go díthchilleach, agus
ní fuil an úmhluigheacht ina aghaidh ná contrárdha dho.



Bíonn duileabhar na ccrann gan mórán meas, ar
a shon san atá tairbhe éigin ionn. Ní hé amháin go ccuirionn
deaghmhaise ar na crannaibh, acht fós dobheir díon don
toradh a bhíos orra a naghaidh gaoithe agus doininne.
Mar sin dobhíos an chlú agus an ainm mhaith; ar son nách
cóir dhúinn meas mór do bheith aguinn orra, agus nách
mór is fiú iad, atáid siad tairbheach dhúinn. Ní hé amháin
go ccuirid deaghmhaise ar ár mbeathaidh, acht fós go ttugaid
croidhe agus misneach dhúinn re dul ar ár naghaidh a slighe
na subháilceadh an tan do thionnsgnamaoid í, agus
coimheudaid dúinn na subháilceadha ná táinigh dochum
foirfeachta ionnainn. Ár nainm mhaith agus ár cclú do
choimheud, do réir an mheasa is iomchubhaidh dhúinn a bheith
orainn go coitchionn, agus atá dfhiachaibh orainn re
fóirneart sámh-chomhachtach inntinne uaisle. Coimheud-
amaois fós gach subháilce dá ffuil ionnainn, ionnas go


L. 155


mbeith taithniomh ag Dia orra, ar an adhbhar gurab é is
cóir dhúinn a bheith ina aonchosbóir ag ár nuile ghníomh, mar
nách leór leis an tí le ar mian tortha an tsamhradh (aidh)
do choimheud chum an gheimhre (ridh), siúcra do chur ina
ttímchioll, acht fós a ccur a ccásaibh agus a soighthighibh;
mar an ccéadna, ar son gurab é grádh Dé do choimheudann
an uile shubháilce dhúinn, is riachtanach dhúinn clú mhaith do
bheith againn mar aon ris. Ar a shon san ní cóir dhúinn
griogal nó cúram ró-sgrupalach a bheith aguinn fár cclú
nár fár nainm, óir gidhbé duine ag a mbeidh is cosmhuil
é leis an duine iarras liaighios ar a eugcruas, dá loighead
dá mbeith air, an tan shíleas a shláinte dfhagháil, acht
caillionn í. Mar sin dobhíd na daoine róchúramach fá
na cclú féin, caillid é go hiomlán. Óir ní bhíonn de
mheas ag cách oile orra acht gurab daoine buaidheartha iad
bhíos ag iarraigh troda agus nách cóir foighid do dheunadh
leo, agus as san a thig dhóibh droichmheas a bheith ag gach aon
orra.



Tarcaisne do thabhairt ar an eugcóir agus ar an masla
agus neamhshuim do dheunadh dhíobh bainionn a mbrígh asta,
agus is feárr an liaghios san ioná a ngabháil chughat go
holc agus troid agus díoghaltas do dheunadh ina naghaidh,
óir is re tarcaisne do thabhairt orra dothéid ar dearmod,
acht má do ghaibh tu chughat go holc iad admhaidh féin gur
masla fírinneach dofuair tu agus gurab eugcóir
dorinneadh ort.



Ní dheunann an crocadíl olc d'aon duine acht don tí
ar a mbíonn eagla roimhe. Mar an ccéadna ní dheunann
ithiomrádh ná anchainnt olc d'aon duine acht don tí do
ghabhann chuige go holc é agus doghnídh cás de.



An té ar a mbíonn iomarca eagla ar a chlú do
chailleamhuint, taisbeánann neamhdhóthchus mór nách fuil
fundamaint fírinneach ag an cclú, mar atá beatha mhaith.
Na caithreacha dobhíos láimh le sruth rótheann agus gan


L. 156


aca acht droithchid adhmaid, bíonn eagla ortha neart an
tsrotha dá mbriseadh, nó más droithchid cloithche dobhíos
aca, muna ttigidh neart an-mheasardha ionn ní bhíonn baoghal
orra. Mar sin atá ainm maith an chríostaighe, ag a ffuil
fundamaint daingionn, a nanchaint theangtha dá ngéire;
agus an tí nách fuil díleas ar a chlú féin bíonn buaidheartha
míchiúin. Gidhbé re ar mian ainm maith agus meas do bheith
ag an uile dhuine air, caillionn go hiomlán é, agus ní
fiú onóir do bheith ag an tí bhíos dá hiarraidh ar dhroch-
dhaoinibh. Ní ffuil san cclú agus san meas maith acht
cómhartha go ffuil subháilce san duine. Uime sin is cóir
an tsubháilce do chur roimh an uile nídh. Dá bhrígh sin, má
deirthear leat gurab fírinneach tu ar son a bheith cráibhtheach
dhuit, nó gur meathtacht agus easbaidh croidhe dothug ort
gan díoghaltus do dheunadh san maslaidh (adh) dotugadh
dhuit, ná cuir suim ionnsan, óir ní bhíonn an breitheamhnas
san acht ag daoinibh éigcríonna amadánach. Dá mbeith
fós baoghal ar dhuine a chlú shaoghalta do chailleamhuint,
ní cóir dho ar a shon soin slighe na subháilceadh do thréigionn,
óir atá uiread agus atá idir thoradh an chrainn agus an
duilleabhar idir an mhaith spioradálta agus an mhaith
shaoghalta. Is cóir dhúinn gean do bheith ar ár cclú againn,
gidheadh, ní cóir dhúinn dia bréige do dheunadh dhe, agus
mar nách cóir dhúinn mí-thaithniomh dhaoine maithe do thuilliomh,
ní cóir dhúinn a iarraidh taithniomh do bheith ag drochdhaoinibh
orainn. Is deaghmhaise ar fhear féasóg do bheith air;
mar an ccéadna is deaghmhaise ar mhnaoi gruag mhaith do
bheith ar a ceann. Má do tharraing tu gruag nó féasóg
as a mbun is deacair leó fás arís, acht má bearrthar
iad fásaid go furus. Ar an módh céadna bhíos an chlú;
má bearrthar é le teangain mhallaighthe a bhíos, mar adeir
an fháigh ríoghdha, mar sgian bhearrtha lán-gheur, ní cóir do
dhuine buairt do bheith air ar a shon, óir fásann arís níos
oirdheirce ioná mar dobhí ar ttúis, acht más re droich-


L. 157


bheathaidh nó re míghníomh an duine féin do chaill sé a chlú,
is deacair a thabhairt ar ais go bráth, óir isí freumh an chlú
an deighbheatha mhacánta, agus an feadh bhíos san againn,
má bearrtar an chlú, ní ffuil baoghal ann nách ffásadh (aidh)
an onóir ina dhiaigh arís go grod. Más mian leat do chlú
do choimheud seachain an cómhluadar díomhaoin nó taithighe
ar neithibh neamhthairbheacha, cáirdios éigcríonna agus
muinteardhas amadánach. Is mó is fiú an chlú ioná
caithiomh aimsire, nó sólás dhíomhaoin ar bith, agus má
theagbhann go mbeid daoine a murmur ort ar son a bheith
diagha, nó ag labhairt go holc ort fá na bheith ag dol ar
haghaidh a slighe na crábhaidh nó ag deunadh anchainnte
fá chúram mór do bheith agat fán mbeathaidh shíorruidhe, ná
cuir suim ionnta acht mar do chuirfeá a madra bheith ag
dranntán nó ag amhasdraigh ar an ngealaigh, agus bíodh
go ccuirfidís mímheas éigin ar an cclú agus go mbeárr-
faidís ár ngruag nó ár fféasóg, ná cuireach (dh) san buairt
orainn, óir fásfadh (aidh) ár cclú arís go haithgheárr agus
dobhéarfadh (aidh) sgian bhearrtha an mhurmair agus na
hanchainnte dár meas maith, an nídh dobheir an corán
don ffineamhuin a bearrtar ris .i. go ffásann níos feárr,
agus go ttugann toradh níos iomadamhla.



Feuchamaoid ar Íosa Críost san ccroich, maille re
dóthchus agus re símplidheacht agus deunamaoid seirbhís
do go críonna discréideach, agus biaidh sé féin ag comhdach
agus ag cosnamh ár cclú dhúinn, agus má léigionn sé a
bhaint dínn, ní ar mhódh oile a dheunfadh (aidh) san acht
dochum clú is feárr ioná é do thabhairt dúinn, nó dochum ár
ccongmhála san umhluigheacht naomhtha dár feárr onnsa
dhi ioná míle pont (púnt) onóra. Más go heugcórach
agus gan sinn féin dá thuilleamh dofuaramair an masla,
cuireamaois an fhírinne mar sgéith dhídin a naghaidh na
bréige, agus muna cclaoidhtear an bhréig (bhréag) leis
sin, coimheudamaois an umhluigheacht agus taobhamaois


L. 158


ár nanam agus ár cclú re Dia, óir ní féidir linn cadhus
ná comraighe is feárr ioná san dfhagháil dóibh. Deunamaois
fós seirbhís do Dhia tré chlú agus tré mhí-chlú, mar adeir
an tApstol, ionnas go mbadh féidir a rádh ris an fháigh
ríoghdha: dfhulaing me, Ó mo Dhia, anchaint, agus do
líonadh me le masladh.



Atáid cionnta agus peaca chomh trom agus chomh
déisdionnamhuil agus san ann, nách cóir d'aon duine
neamhfhoighid do dheunadh le na ccur ina leith, acht a leith-
sgeul do ghabháil ionnta, an mhéid gur féidir leis agus
módh iomchubhaidh d'iarraigh dochum na bréige do chur
ar ccúl. An nídh céadna is cóir do phearsonaibh poiblighe
do dheunadh ar a ffuil dfhiachaibh ainm agus clú mhaith do
bheith aca dochum deaghshompla do thabhairt do chách uile.
San ccás só atá dfhiachaibh orra a cclú do chosnamh ar
éagcóir go ciúin síothchánta mar adeirid na diaghairidhe.



CAIB. 8.
Don cceannsacht agus don mhórdhacht is cóir dhúinn
a bheith aguinn re ár ccómharsain, agus atá ina slighe
agus ina liaighios rómhaith a naghaidh na feirge.



An ola choisreagtha atá ar gnáthughadh san Eaglais, mar
dothugadar na hApstoil di, as ola crainn agus as
bhalsom doghnídhthear í, dochum daoine do chur fá láimh
Easboig agus neithe oile do bheannughadh. Cialluigheann
an ola so, idir mhórán de neithibh oile, an dá shubháilce
rómhilis róghrádhach úd do dhealraigh daonacht
Coisreagtha Íosa Críost, ionnas gur thaobhaigh linn ar
mhódh speisialta agus do thaisbeán dúinn iad, amhuil
agus go mbadh leó budh chóir ár ccroidhe do choisreagann
chum seirbhíse do dhéanadh dho, dochum a loirg do leanmhuint,
an úmhluigheacht adeirim agus an cheannsacht. Órduigheann


L. 159


an umhluigheacht sinn dochum réire Dé do dheunadh agus
an cheannsacht chum réire ár ccómharsan. An balsom do
théighionn go híochtar an uile leannta, cialluigheann an
úmhaile, agus an ola dfhanas ar uachtar an uile leannta,
cialluigheann sí an mhórdhacht agus an cheannsacht, dothéid
ós cionn an uile shubháilce agus do ghabhann ríoghdhacht
agus tighearnas orra, ar an adhbhar gurab í is bláth agus is
toradh don ngrádh, mar adeir N. Bearnárd. Is innte
bhíos an grádh foirfe iomlán, ní hé amháin an uair a bhíonn
foighdeach, acht fós an uair a bhíonn maordha ceannsa. Is
uime sin adubhairt Críost féin: gabhaidhe foghluim uaimse
do bhrígh go ffuilim maordha úmhall. Is cóir do gach aon
díthchioll do dhéanadh an ola bheannaighthe atá arna cumasg
mar aon as an úmhaile agus as an cceannsacht, do bheith
aige ionn a chroidhe, óir cleachtann an diabhal an uile
díthchioll do dheunadh gan aon de na subháilcíbh seo do bheith
ag mórán acht ó bheul agus ó bhréithir amháin, agus le tais-
beánadh éigin. Agus mar nách deunaid an fonn
inmheodhanach atá aca do sgrúdadh go maith, measaid féin
go ffuilid umhal ceannsa, mar nách fuilid ar aon chor,
nídh is féidir a fhaicsint re súil, óir ar son go mbíonn
an cheannsacht fhoiriomlach san aca, agus gan ionn acht
sgáile, má chluinid focal dá luighead, nách taithniomhach
leó, nó do chuirios saobhnós orra, dochídhfeadh tú go
lasfaid suas go huaibhreach díomsach. Adeirthear go
coitchionn gidhbé do ghlacann an leigheas dá ngoirthior
ola N. Pól nách deunann Arc sléibhe dochar do, más
ola fhírinneach í. Ar an módh ccéadna, má tá an umhluigheacht
agus an cheannsacht fhírinneach aguinn, ní lasfaimíd an
tan dogheibhmíd masla; gidheadh, muna ffuilid againn,
líonfamaoid agus lasfamaoid an tan do bhainfeadh an
teangaidh mhallaighthe greim asainn le hanchainnt, agus
isé sin an cómhartha cinnte nách raibh againn acht sgáile
agus fimineacht a náit na humhaile, na ceannsachta agus
na maordhachta.


L. 160


An naomhathair beannaighthe oirdheirc, Joseph ag leigionn
a dhearbhráithreach uaidh as an Egypt go tigh a nathar isí
aithne dothug dóibh gan feirg ná troid do dhéanadh san
tslighe. An chómhairle chéadna is cóir dhúinne uile do
ghabháil, óir ní ffuil san mbeathaidh bhocht so an tsaoghail
acht slighe dochum na beathaidh (adh) shíorruidhe, agus dá
bhríghe sin ná deunamaois fearg ná saobhnós re na chéile
san tslighe, acht bímís a ccoideachta ár ndearbhráithreach
agus ár ccompánach, go réidh, ceannsaigh, síothchánta,
muinntiordha. Adeirim leat fós, gan fearg do dheunadh
ar chor ar bith, ná doras do chroidhe d'osgladh dhi. Adeir
N. Seum, gan athsgrúdadh ar bith, nách fuil an fhearg do
réir chirt ná thoile Dé. Ní abraim nách cóir cur go
seasamhach láidir a naghaidh na locht, agus go speisialta
lochta na muinntire atá fár ccúram, re na smachtughadh
go geur, agus sin féin do dheunadh le briathraibh mílsi.
Níl nídh ar bith is mó do chlaoidheas fearg an troid
(Elephant) ioná uan do thaisbeánadh dho, agus níl nídh
ar bith is mó do bhainionn a bhrígh as pileur an ghonaidh
(ghunna) mhóir ioná paca olla do chur roimhe. An ceartughadh
doghnídhthear le feirg, ar son go mbeith ag teacht le réasún,
ní bhíonn brígh aige mar dobhíonn ag an cceartughadh
dothig ón réasún féin amháin. Atá an tanam ó nádúir faoi
threórughadh na céille agus an réasúin, agus an tíorántacht
do chuirionn an fhearg air, an tan do chuirionn faoi na
smacht féin é. Uime sin, biaidh míghean ar an réasún
má bhíonn an fhearg ina chuideachtain, agus caillionn
nídh éigin dá úghdarás. Dobheir an prionnsa sólás mór
dá mhuinntir an tan dothig le cuideachta iomchúbhaidh
shíothchánta ar cuaird chúcha, acht má dothig re sluaigh
armálta, bíodh go mbeith sin de riachtanas ar an mhaith
phoiblighe, biaidh mí-thaithniomh aca ar a theacht chúcha mar sin,
bíodh go ccuirfeadh dfhiachaibh gan eugcóir do dheunamh ar
aon duine. Ar a shon san ní féidir dho gach neamhchionntach


L. 161


do chomhdach gan díoghbháil a bhaint do dhuine éigin díobh.
Ar an módh ccéadna, an feadh dobhíonn an réasún ag
stiúradh go socair céillidhe, an ceartughadh agus an
smachtughadh doghnídhid, bíodh go mbeith cruaidh nó geur,
molann gach aon é, ar son go ndeárnaidh é go maordha
ceannsaigh. Gidheadh, má dothug ris mar shoighdiúiríbh fearg,
boirbe nó rún díoghaltais, mar adubhairt N. Abhaistín,
taisbeánann gurab córa eagla agus uathbhás do bheith
roimhe ioná grádh do bheith air; bíonn fós a chroidhe féin
dá bhriseadh agus dá phianadh ionn. d'órdaigh Dia go ceart,
agus atá amhlaigh (dh), an uile dhroich-inntinn do bheith ina
péin aice féin. Is feárr, ar N. Abhaistín, an dorus do
dhruideadh roimh an uile fheirg a ccás go mbeith sí ceart
nó do réir réasúin, ioná fearg dá loighead do leigionn
asteach ionn ár ccroidhe, agus má léigthear asteach í aon
uair amháin is ródhoilg a cur amach, óir téidhionn ar ttúis
ina plannda bheag agus fásann re mómaint ina crann
mhór, agus má do léigeamaoid di cómhnaighe do dheunadh
aguinn aon oidhche amháin, nó go ttuitig (dh) an ghrian uirthe,
(nídh do thoirmisg an tApstol orainn) ionnas go ttiucfaidh
sí chum a bheith ina fuath, is deacair módh ar bith dfhagháil
chum a díbiortha, óir beid míle baramhuil agus slighteacha
dá noileamhuint ionn; agus ní mheasann duine ar bith
gurab eugcóir a bhíonn fearg air féin. Ar an adhbhar
san is feárr dhúinn gan aon fhearg do léigionn dár ngoire
ná do chur rómhainn a fhios do bheith againn cionnas do
stiúrfam í go críonna measardha, agus má dochídhmíd
gur ghabh fearg sinn, is feárr dhúinn a cur dínn a ccéadóir
ioná bheith ag deunadh connartha ria, óir ní ffuil moill
dá loighead dá léigfeam di nách móide do ghabhann
tighearnas orainn. An nathair nimhe dá ngoirthear Coluibe,
cuireann a chorp uile san áit a ttéighionn a cheann asteach
thríd agus is mar sin a bhíonn an fhearg.



Má fhiafruigheann tu cionnas a chuirfeas tu an fhearg


L. 162


díot, chomh luath agus bheirios tú fá dear í, cruinnigh
brígh agus neart do chéadfaidh inmheodhanaighe uile, agus
re fóirneart, nó d'aimhdheoin, acht go sámh socair, óir
dochídhmíd go minic a ccómhdháil nó a mórdháil na hoifigidhe
bhíonn ionnta re haghaidh tochta nó éistiochta do chongmháil,
gur mó na gárrtha doghníd ag cur chách uile ina ttocht
ioná doghnídh an mhuinntir a mbíd a cur cosga orra. Mar
sin do theagbhas don fheirg; an tan is mian linn a cosg
le fóirneart agus re haimhdheoin, cuirionn níosa mhó de
bhuairt ionn ár ninntinn ioná bhíonn innte roimh an fheirg
féin, agus mar sin ón mbuairt ní féidir ris an inntinn
a ciúnas féin dfhagháil.



Tairéis an fhóirneirt sháimh seo do dheunadh ort féin,
gabh cómhairle N. Abhaistín do sgríobh dochum Easboig
óig agus é féin ina sheanduine: deuna, ar sé, gach nídh
is cóir do dhuine a dheunadh, agus a ccás go tteagmhaidh
dhuit an nídh admhais, dobhí do réir chroidhe Dé do theagmháil
duit féin, ag rádh san tsailm: do bhuair an mhire (nó
an fhearg) mo shúil. Cuir comruighe ar Dhia agus abair
ris: Deuna trócaire orm, Ó mo Dhia, dochum go síneadh
sé a dheas-lámh chum na feirge do chosg. Isé nídh is mian
liom a rádh gur cóir dhúinn congnamh d'iarraidh gach uair
a mhothóchamaois fearg ag teacht orainn mar dorineadar
na hApstoil an tan dobhádar ar lár na fairge dá
ttuargain le gaoith agus re hanfadh ag gairm ar a
tTighearna, óir is leis is féidir ciúnas do thabhairt dár
ninntinn chum a bheith ciúin ceannsaigh. Bheirim de chómhairle
dhuit an úrnaighthe agus gach liaighios oile a gheabhas tu a
naghaidh ghluaiseachta na feirge, atá ag cur buaidhre ort,
do dheunadh go ciúin socair, gan fóirneart ná aimhdheoin
do dheunadh ort féin.



An uair dobhéaras tu fá deara go ndeárnaidh tu
gníomh ar bith re ar chuir tu saobhnós ar aon duine, nó
fós má do chuir sé saobhnós ort, taisbeán a ccéadóir


L. 163


cómhartha éigin grádh agus muinnteardhais dochum an
tsaobhnóis do chur a leathtaoibh. Óir, mar is liaighios
maith a naghaidh na bréige, chomh luath agus aithneóchamaoid
go ndeárnamair breug, a ghairm ar nais gan mhaill ar
bith san áit chéadna, agus mar sin is rómhaith an liaighios
a naghaidh na feirge cómhartha maordhachta agus ceann-
sachta do thaisbeánadh gan mhaill ina diaigh, mar adeir
an seanfhocal: gurab usa cneadh úr do liaighios ioná
seanchneadh.



An uair a bhias tu ciúin socair agus gan úcáid ar bith
feirge agat, ionnsan cuir rómhat a bheith ceannsaigh agus
gach gníomh dá ndeunadh (aidh) tu a dheunadh go
róthaithniomhach.



Cuimhnigh, mar a deirthear ionn sna cainticibh, nách é
amháin go raibh ag an mbainchéile, mil ionn a beul, acht
ar bhárr a teangann agus fós faoi na teangain .i. ionn a
croidhe; agus ní hé amháin mil acht bainne, óir ní leór
dhúinn briathra agus beul milis a bheith aguinn dár ccómhar-
sain, acht fós ár ccroidhe agus ár ninntinn a bheith ceannsa
grádhach ina thímchioll, agus ní hé amháin mílseacht meala
ar a mbeith deaghbholath cómhchúiseach, do chialluigheann
comhluadar sámh le hachtrannchaibh acht fós mílseacht
bainne re ár lucht aontighe agus re ár ccómharsain. Is
mór do pheacuighionn ionnso an drong a bhíonn mar ainglibh
amuigh ar an tsráid agus bhíonn astigh idir bhalladhaibh
mar dhiabhalaibh.



Caib. 9.
Don cceannsacht is cóir dhúinn a bheith aguinn ár
ttimchioll féin.



Idir gach freachnughadh maith is féidir linn a dheunadh
ar cheannsacht, ní hé amháin nídh deaghnach atá ionn, an
nídh bheanas linn féin ar son neamhfhoirfheacht ar bith,


L. 164


.i. (gan fearg nó saobhnós do bheith orainn linn féin) dá
mbíonn ionnainn, ar son gur chóir dhúinn agus go ffuil
do réir réasúin míghean do bheith againn ar ár lochtaibh
agus doilghíos do bheith orainn ar a son, is cóir dhúinn
gan an doilghíos san a bheith róshearbh, feargach ná
buaidheartha. Nídh é ionn a ttéid mórán ar seachrán,
dá mbíd feargach leó féin a ttaobh mar go rabhadar
feargach le daoinibh oile roimhe sin, agus cuirid níosa
mhó de bhuairt ar a ninntinnibh féin ioná dobhí orra roimhe
sin, agus má mheasaid go múchfaid an chéad fhearg ris an
dara fearg (feirg) osglaid an tslighe dochum feirge do
ghlacadh arís ris an ccéad úcáid dogheibhid, ar an adhbhar
go ndeunaid gnás de bheith furus dochum feirge. Fós
an fhearg agus iomarca ár ngrádh orainn féin do chuirionn
buairiomh agus míchiúnas orainn. Uime sin isé mí-ghean
is cóir dhúinn a bheith aguinn ar ár lochtaibh agus ar ár
neamhfhoirfeacht féin .i. míghean thromdha dhaingeann,
shíothchánta, shoineannta. Óir mar is feárr do cheartuigheann
an breithiomh an cionntach an uair dobheir breitheamhnas
maille re spioraid chiúin, do réir réasúin, ioná an uair
dobheir é le feirg agus fóirneart; óir, mar seo, ní
pian do chuirionn sé do réir mar thuillid na cionntaigh
acht do réir mar atá a inntinn féin astigh go buaidheartha
feargach. Mar sin dúinne. Is feárr doghnídhimíd aithrighe
ionn ár bpeacaidhibh re doilghíos iomchúbhaidh, shocair,
chéillighe, ioná re fóirneart nó aimhdheoin do dheunadh
orainn féin. Má tá fonn mór ort a bheith geanmnaighe,
ní ffuil locht dá loighead dá ndeunadh (aidh) tu ina haghaidh
nách ccuirfeadh doilghíos ort, agus má labhrann tu go holc
ar dhuine oile agus ar a chlú ní dhéanann tu acht adhbhar
gáire dhe. Ina haghaidh sin, gidhbé ag a mbiaidh fuath agus
gráin air fá labhairt go holc ar dhuine oile ar bith, ionnsa
murmur is lugha dá ndeun sé cuirionn cantal agus
doilghíos air, agus má pheacuigheann go trom a naghaidh


L. 165


na geanmnuigheachta, ní chuirionn suim ann, agus mar
sin do gach subháilceadh agus do gach locht oile. Acht isé
is adhbhar do so, mar nach stiúraid a ccoinsiasa do réir
réasúin acht do réir a cclaonta féin agus do réir na
ffonn a bhíonn aca.



Creid dhom, mar is mó do ghluaisioghann an mac ris
an achmhusán chineálta ghrádhach dobheir a athair do, ioná
re hachmhusán bhorb fheargach, gur mar sin dúinne an tan
doghníodhmaoid peacadh, gur mó do leasuighmíd é le
ceartughadh ciúin sámh, maille re níosa mhó de thruaighe
do bheith aguinn dúinn féin ioná dfheirg nó de shaobhnós,
acht sinn féin do sporadh chum ár leasuighthe, agus an
doilghíos dothig as san dúinn isé is doimhne dothéighionn
san ccroidhe, agus is feárr do thollann é, agus ní an
doilghíos do gabhthar as fheirg nó as uabhar.



Má tá gráin agat ar ghlóir dhíomhaoin agus fonn mór
gan tuitim innte, ná cáin agus ná tabhair achmhusán duit
féin ar an módh so síos. Nách bocht truaillighthe me taréis
cur rómham go minic gan glóir dhíomhaoin do léigeann
am ghoire, gur thuiteas innte. Dogheabhaidh me bás re
náire. Ní thóigfead mo shúile dochum Dé. Och! mo
dhaille, mo mhí-náire agus mo bhreuga agus a leithéide
sin oile de bhriathraibh; acht deuna san go réasúnta ag
deunadh truaigh dhuit féin ag rádh: Och! do thuit mo
chroidhe mí-thapaidh san nídh ar chuir me rómham a sheachnadh,
acht eirghidh (éirigh) anois agus seachain go síorruidhe é.
Guidh trócaire Dé agus cuir do dhóthchus ann, ionnas go
ttugadh congnamh duit, ionnas go mbeitheá níosa
sheasamhuighe ionn gach rúin dá raibh agat agus fill arís
ar shlighe na húmhaile. Ón ló so amach bí ar do choimheud go
fuireachair agus dobhéarfadh (aidh) Dia congnamh dhuit.
Mar seo is feárr dhúinn do dheunadh: ar an mbonn so do
chuireamaoid rómhainn rún daingeann do bheith againn
gan tuitim san locht chéadna go bráth, agus gach módh, gach


L. 166


slighe, gach cómhairle dá ttiubhradh (aidh) ár nathair
spirideálta dhúinn do leanmhuint.



A ccás go ffaicfeadh duine nách beith a chroidhe dá
ghluaiseacht go leór leis an spreagann so, is féidir
achmhusán agus spreagann geur borb a thabhairt do féin
dochum náire do chur air féin, acht cuireadh críoch air
sin go sámh socair, ag cur a dhóthchais a nDia, agus ris sin
cuirfighear críoch ar a fheirg agus a dhoilghíos re sompla
na haithrighe oirdheirce. Adubhairt an duine maith ar
fhaicsint a anama féin arna cheusadh agus arna chlaoidh
le tuirse, ag labhairt leis agus ag tabhairt sóláis dho:
Ó m'anam, cread fáth a ffuil tu tuirseach agus ag cur
buaidheartha orm? Cuirfead mo dhóthchus a nDia, óir
molfad é fós, slánaightheoir mo ghnúise agus mo Dhia
féin. Iar ttuitim dhuit, tóig do chroidhe go sámh cineálta
agus umhluigh tu féin go ródhoimhinn a ffiadhnaise Dé ar
son do chionnta, agus ná bíodh uathbhás rómhór ort ar
son gur thuitis, óir ní ffuil iongna ar bith an laige do
bheith lag, nó an nídh so-bhriste do bhriseadh, nó an truaighe
do bheith truaigh. Ar a shon san gabh fuath agus gráin ar
an ppeaca dorinnis a naghaidh Dé, agus san le huile
neart agus brígh do chroidhe, agus gabh misneach uasal
agus dóthchus daingionn a ttrócaire Dé agus fill arís
ar slighe na subháilce do thréigis.



CAIB. 10.
Cionnas is cóir na gnóthaigh do dheunadh go díthchilleach
gan bhruid gan bhuairt.



An cúram agus an díthchioll is iomchubhaidh dhúinn a
bheith aguinn ag deunadh ár ngnódh, is mór atá idir iad
agus na gnódhtha do dheunadh go buaidheartha critheaglach.
Atá cúram díthchilleach ag ár nainglibh coimhdeacht fár


L. 167


sláinte. Gidheadh, doghníd sin gan bhuairt, gan trioblóid,
gan toirmiosg do chur orra a ngníomh ar bith oile. An
cúram agus an díthchioll doghníd, as an ngrádh agus as
an ccarrthannacht dothig; acht bruid, criotheagla nó buairt
do bheith orra, atá sé a naghaidh na beathaidh (adh) beannaighthe
atá aca. Is féidir dhúinn nídh do dheunadh go cúramach
díthchilleach agus ár spioraid do bheith ciúin socair, acht
ní féidir dhi a bheith amhlaigh (dh) má bhíonn bruid nó buairt
orainn.



Ionn sa nuile nídh agus ionn gach gnódh dár thaobh Dia
leat, bí go díthchilleach dúthrachtach ina ttimchioll agus ná
tionnsgain iad go neamh-chiúin teasaighe, agus ná cuir
buairt ort féin dá ndeunamh, óir bainionn an bhuairt
agus an critheagal a bhreitheamhnas féin de'n réasún,
agus cuirid toirmiosg orainn gan an nídh féin do dheunadh
mar is iomchubhaidh nó mar budh mhian linn a dheunadh.



An tan dothug an Tighearna achmhusán do Mharta,
adubhairt: Ó, a Mharta, a Mharta, atá tú ró-ghriongalach
buairdheartha a ttímchioll na seirbhíse coitchinne. Feuch
anois, dá mbeith sí díthchilleach dúthrachtach amháin nách
beith buairt ar bith uirthe, acht mar dobhí ró-ghriongalach
míchiúin, go raibh broid agus buairt uirthe, agus as san
dothug an Tighearna achmhusán di. Na srotha d'imthighionn
go ciúin cothrom iomchraid loingios fhairsionga agus
earraidhe uaisle, agus an fhearthainn do thuitionn braon
ar bhraon ar an ffearonn, fásann feur agus geamhar
lé, acht na srotha bhíonn ag imtheacht go rótheann re
fóirneart, doghníd dochar do na háiteachaibh is foigse
dhóibh, agus ní bhíd iomchubhaidh dochum loingis d'iomchur
ná chum earraidh ar bith do thaobhadh leó. Mar sin do na
ceathaibh troma; millid na léanta agus na fearainn. Ní
dheárnadh gnódhtha ar bith go maith ariamh, dodeuntaoi
re buairt nó re fóirneart, mar adeir an seanfhocal:
an deifir mall gurab í is feárr. Agus mar adeir Solamh:


L. 168


gidhbé shiubhlas go deifreach atá sé a mbaoghal a chos do
ghortughadh. Is leór a luaithe doghnídhthear gach nídh a
déantar go maith. Is mó an tormán doghnídh an ladrán
saeth agus is mó an bhuairt doghnídh ioná na fíor-bheich,
acht ní dheunann sé mil, acht céir féin amháin. Mar sin
don mhuinntir a thionnsgnann a ngnódh go rótheasaighe
agus re tormán bhuaidheartha; má dheunaid aon nídh, ní
go maith é.



Na cuile, ní le na mbrígh ná le na neart do chuirid
buairt orainn acht le na niomad, agus mar sin ní hiad
na nidhthe móra is mó do chuirionn buairt orainn, acht na
nidhthe beaga, ar an adhbhar go mbíd seo againn go
hiomadamhuil minic. Dá bhrígh sin, na gnódhtha atá de
chúram ort a dheunadh, tionnsgain iad a ndiaigh a chéile,
acht más mian leat iomad gnódh do dheunadh a naoinfheacht
gan órdughadh ar bith, tionnsgnadh tu neithe ar nách féidir
leat críoch do chur, agus bainid a brígh as do spirid, agus
tuitfeadh (fidh) tu fá dheoigh go cortha fán ualach, ionnas
nách féadfadh tu an nídh do chur a ccrích. Taobh an uile
ghnódh dá mbiaidh agat le Dia, óir is uaidh féin do
thionnsgnas an uile ghníomh, agus cuir an uile thionnsgnadh
dá mbiaidh agat ar a choimirce, agus déin do dhíthchioll
chum tu féin a thabhairt dochum cómhoibriughadh do dheunadh
le Dia, agus bíodh a dheimhin agat má bhíonn do dhóthchus
a nDia go mbiaidh críoch mhaith ar do ghnódhthaibh, a bhias
róthairbheach dhuit. A ccás nách beith taithniomh agat uirthe
do réir do bhreitheamhnais féin, deuna aithris ar an leanbh
a mbíonn lámh ris a láimh a athar, agus an lámh oile ag
buain sugha talmhon nó monóg. Ar an módh céadna
bíodh leathlámh leatsa ag cruinniughadh maithiosa an tsaoghail,
an lámh oile a láimh an Athar neamhda ag filleadh agus
ag feuchain air go minic, ionnas go mbadh fios duit an
ffuil gean nó taithniomh aige ar do ghnódhthaibh, nó ar an
módh ar a ffuil tu dá ndéanamh. Bí ar do choimheud, tar


L. 169


an uile nídh, gan lámh Dé ná a choimirce do thréigionn go
bráth, ag meas gur mó is féidir leat do chruinniughadh
agus do dheunadh at aonar ioná le congnamh Dé, óir má
thréigeann Dia thu ní ghluaisfeadh (fidh) tu cos ná lámh acht
go míthapaidh. Ionn sna gnódhthaibh coitchionna, nách
iarrann aire rómhór inntinne do bheith orra, tabhair aire
níosa mhó do Dhia ioná bhéaras tu do na gnódhthaibh, agus
tóig hintinn chuige níosa mhionca, agus re shompla na
muinntire bhíos ar fairge agus ar a mbíonn ró-fhonn
teacht chum na tíre a mbíonn a ttriall chúiche, is mionca
fheuchaid ar neamh ioná ar an ffairge ar a ffuilid a
loingseoireacht; agus ris sin biaidh Dia maille riot,
fós dobhéarfadh (aidh) congnamh dhod shaothar, agus fós
dobhéarfadh (aidh) sólás duit agus dodheunfadh (aidh)
do shaothar éattrom.



Caib. 11.
Trácht ionnso ar an réir nó ar an úmhluigheacht.



An grádh amháin doghnídh foirfe sinn, gidheadh, an
umhluigheacht, an gheanmnuigheacht agus an bhoichteacht isiad
is slighe dochum an ghrádh. Óir ullmhuigheann an úmhluigheacht
an croidhe, an gheanmnuigheacht an corp, agus an bhoichteacht
ár maoin dochum grádh agus seirbhíse Dé. Isiad so trí
beangáin na croiche spioradálta agus isé bun agus freumh
atá aca an umhluigheacht. Ní laibheora me aon nídh ar
na trí subháilcíbh ró-oirdhearca so, an mhéid go ngealltar
iad a móid solamanta, ar an adhbhar gurab re daoinibh
riaghalta amháin do bhainionn san, ná fós ar mhóid shímplidhe,
óir ar son gur mór na grása agus an luaidheacht a bhíonn
ag an mhóid, gidhbé subháilce re a ndéantar í, ní riachtanach
do dhuine chum a bheith foirfe ceangal móide do bheith air
féin, má choimheádann na subháilceadha mar is cóir; agus


L. 170


ar son go ccuirid na móide solamanta duine a staid
na foirfeachta, gidheadh, chum duine do bheith foirfeadh
is leór dho freachnughadh maith na subháilceadh, óir is mór
atá idir staid na foirfeachta agus a bheith foirfe; óir
atáid an uile Easbog agus an uile dhuine riaghalta a staid
na foirfeachta, acht ní ffuil gach aon díobh foirfe mar
dochímíd go laetheamhuil. Uime sin deunach (dh) gach aon
againn díthchioll do réir a staide agus a gharma féin
freachnughadh do dheunadh ar na subháilcíbh seo; ar son
nách ccuirfid a staid na foirfeachta sinn dobhéarfaid
chum a bheith foirfe sinn. Atá fós dfhiachaibh orainn an
uile fhreachnughadh do dheunadh ar na trí subháilcíbh seo, ar
son nách ar aon mhódh atáid dfhiachaibh ar gach aon.



Atáid dá ghné úmhluigheachta ann, gné dhíobh atá riachtanach
agus gné oile atá do réir ár ttoile féin. An umhluigheacht
.i. a bheith umhal dár nuachtaránaibh eaglaise, mar atá, an
Pápa, ár nEasbog, ár sagart paráiste agus do gach
biocáir dá mbíonn fútha; fós dár nuachtaránaibh tuaithe,
mar atá, ár bprionnsa, agus do gach duine oile dá
ttugann ughdarás ós ár ccionn; fós dár naithreachaibh
agus dár máithreachaibh; dár ttighearnadhaibh agus dár
mbaintighearnadhaibh dá ffuileamaoid ag deunadh seirbhíse.
Atá an úmhluigheacht so de riachtanas, óir ní féidir le
haon duine é féin do tharraint ó réir na nuachtarán do
dheunadh, do bhrígh gurab ó Dhia atá cómhacht agus ughdarás
aca re smachtughadh agus re stiúradh do dheunamh orainn
do réir oifige gach aoise dhíobh. Is riachtanach dúinn
aitheanta agus órdaighthe na nUachtarán úd uile do
choimheud, agus más mian linn a bheith foirfe, gabhamaoid
a ccómhairle agus cuireamaois sinn féin re na ffonn
agus re na cclaontaibh an mhéid do léigfeadh críonnacht
dhúinn é. Deuna fós a réir an tam adeirid leat neithe
do dheunadh dá mbiaidh taithniomh ag do chéadfadhaibh dóibh,
mar atá biadh d'itheadh, caithiomh aimsire do dheunadh srl.


L. 171


Ar son nách mór an tsubháilce a réir do dheunadh ionnsoin,
is mór an locht dul a naghaidh a ttoile. Tabhair
fós umhluigheacht dóibh ionn sna neithibh nách fuil olc ná
maith ionnta, mar atá cantaireacht do dheunadh nó a bheith
ad thocht agus is maith so do dheunadh. Tabhair fós
úmhluigheacht dóibh ionn sna neithibh cruaidhe garbha díogh-
bhálacha, agus isí seo an úmhluigheacht fhoirfe. Faoi dheoigh
deuna go sámh gan mhurmur, go réidh gan mhaill, go
lúthgháireach gan míluinn, agus roimh an uile nídh go
carrthannach, ar ghrádh an Tí do chomhaill an umhluigheacht
go bás na croiche ar son do ghrádh; agus mar adeir N.
Bearnárd go rug de roghain bás dfhulaing tar gan an
umhluigheacht do chómhlíonadh. Ionnas go mbadh fios duit
réir huachtaráin do dheunadh déin réir na muinntire
atá a naon chéim leat féin, agus cuir tu féin re na ttoil
ionn gach nídh nách biaidh olc ná dubháilce ann, agus ná bí
rócheangailte dhod' bharamhuil, agus ná deuna ... leo san
fá na mbaramhuil féin do leanmhuint, agus cuir tu féin
go furus le fonn agus le claontaibh na muinntire is
lugha céim ioná tu féin, an méid gurab iomchúbhaidh dhuit
é ó réasún, agus ná taisbeán úghdarás ar bith re fóirneart
orra an feadh bheid féin go maith ná go subháilceach.



Atáid ar seachrán go mór an mhuinntir a mheasann,
dá mbeidís féin ina ndaoinibh riaghalta, go ndéanfadaois
go róréidh réir a nuachtarán; acht ar a shon san ní dheunaid
réir an uachtaráin do chuir Dia féin ós a ccionn. Is di
do ghoirim úmhluigheacht, do réir ár ttoile féin, an
úmhluigheacht do thoghmaoid féin, agus gan Dia ná duine
dá chur dfhiachaibh orainn. Ní sinn féin go mór-mhór do
thoghann Prionnsa, Easbog, athair ná máthair dhúinn féin.
Fós is minic nách í an bhean a thoghas fear di féin, acht is
ar ár láimh féin atá oide faoisdine agus treóruightheoir
ár ccoinsiasa do thogha dhúinn. Umurro, má ghnídhmíd
de thogha a bheith dá réir, mar a deirthear go ndeárnaidh


L. 172


an Mháthair bheannaighthe N. Treasa ag gealladh úmhluigheachta
dá hoide faoisdine, nó gur chuireamair rómhainn gan
móide ar bith umhluigheachta a thabhairt do dhuine oile,
adeirthear gurab umhluigheacht í seo, do réir ár ttoile
féin, do bhrígh gur dár ndeoin féin do chuireamaoid
orainn í. Atá dfhiachaibh orainn umhluigheacht a thabhairt
dár nuachtarán do réir na garma atá aige ionn sna
neithibh do bhainios ris an tuaith agus ris an bpoibligheacht,
agus dár bprionnsa saoghalta. Fós ris na neithibh a
bhainios ris an Eaglais agus dár bprealáidibh. Arís
san ttigh dfhear an tighe, dár naithreachaibh agus dár
máithreachaibh, don mhnaoi dá fear pósta, don óglách dá
Thighearna, dár noide faoisdine agus do threóruightheoir
ár nanaman go speisialta. Iarr ar hathair spioradálta
freachnughadh éigin a thabhairt duit is féidir leat a chur
a ngníomh go laetheamhuil, óir isiad san is feárr, agus
dogheabhaidh tu grása dúbalta: ar ttúis go mbiaidh an
gníomh ionn féin buidheach, agus arís go mbiaidh luaidheacht
na humhluigheachta le a ndeuntar é aige. Is beannaighthe
an drong a leanas de'n úmhluigheacht, óir ní léigionn Dia
dhóibh dul ar seachrán ná tuitim.



CAIB. 12.
Do riachtanas na Geanmnuigheachta.



An gheanmnuigheacht lile na subháilceadh, agus isí do
chuirionn na daoine a naonchéim agus a ccosúmhlacht ris
na hainglibh le sgéimh agus le glaine, óir isí an
gheanmnuigheacht glaine na ndaoine. Atá sí séimh, macánta,
onóireach, atá sí fós iomlán, gan truailliughadh agus atá
an truailligheacht contrárdha dhi. Atá fós an ghlóire
speisialta so aici, gur subháilce í doghnídh an tanam agus
an corp go breágh sgiamhach. Ní féidir le duine sal


L. 173


truaillighthe na hantoile do sgaradh go bráth le na chorp
féin, gidhbé ar bith módh a ccurtar a ngníomh í, muna
raibh pósadh dlisdionnach ann, óir cuirionn naomhthacht
an phósta liaighios ar shámhus na hantoile. Is cóir fós
don lánamhuin phósta deighinntinn mhacánta do bheith aca,
agus gan nídh neamhiomchúbhaidh do dheunadh an tan do
theagbhaid re chéile.



An croidhe glan geanmnaighe is cosmhúil é re sligeán
(sliogán) ionn a mbeith cloch uasal, agus nách gabhann
braon uisge ar bith acht an drúcht do thuitionn ó neamh.
Mar sin ní ghabhann antoil ar bith na colna, acht mar
dothig as an bpósadh a dórdaigh Dia, agus tairis sin ní
ceadaightheach do dhuine smaoineadh ar bith neamhghlan ná
mí-náireach do léigionn dá dheoin nó as a riocht, ionn a
chroidhe.



An chéad chéim de'n tsubháilce so, gan antoil ar bith
toirmisgthe léigionn dod' ghaor, mar atá an uile nídh
doghnídhthear acht a staid phósta amháin, ná ionnso féin acht
do réir riaghlacha an phóstadh.



An dara céim de'n tsubháilce so, an uile shámhas mí-
thairbheach iomarcach do sheachnadh, a ccás nách beith toirmiosg
orra.



An treas céim, an sámhus nó an antoil do ghabh tu go
dlisdionnach gan fonn nó dúil mhór do bheith agat ionnta,
agus bíodh gur riachtanach a ngabháil dochum críche an
phósta, ná bíodh do chroidhe ná do spioraid ceangailte
dhíobh.



Níl duine ar bith nách fuil riachtanas aige ris an
tsubháilce seo. Na daoine atá a mbaintreabhchas, is
riachtanach dóibh geanmnaigheacht fheardha mhórchroidheach a
bheith aca, nách léigfeadh dhóibh fonn dfhagháil a nídh ar bith
dá mbeith do láthair, ná dá mbeith chúcha, acht fós gan fonn
do bheith aca ná smaoineadh ar an sámhus dobhí aca an tan
dobhádar pósta, ar an adhbhar gur minic is féidir leis


L. 174


do theacht ionn a ccuimhne agus cathughadh do chur orra.
Uime sin is éigionn seasamh leó go feardha. As so budh
hiongna le N. Abhaistín agus molann go mór,
geanmnaigheacht duine muintiordha do féin ar a raibh
grádh rómhór aige, do ghnáthuigheadh léigionn re na antoil
a naois na hóige, agus ar cclaochlóghadh a staide dho, nách
raibh cuimhne ná blas aige uirthe. Mar a bhíd na tortha,
má bhíd gan bhreoghadh, is furas a ttaisgeadh, cuid dhíobh
a ttuighe, cuid a ngainimh agus cuid oile ionn a
nduileabhar féin. Acht má breoightear iad ní féidir a
ccoimheud acht muna ccurthar mil agus siúcra ina
ttimchioll. Mar sin don ngeanmnuigheacht nár cailleadh
agus nár breoghadh, is iomdha módh ar ar féidir a coimhead,
acht má cailleadh í aon uair amháin ní féidir a coimheud
acht re díthchioll rómhór crábhaidh, óir is é (is í) is mil agus
is siúcra don anam. Is riachtanach do na maighdionnaibh
geanmnaigheacht shárghlan do bheith aca, mar atá gan
smaointe ciúirialta ar bith do léigionn ionn a ccroidhthibh,
tarcaisne, fuath agus gráin a bheith acu ar an uile shólás
neamhghlan, do bhrígh nách iomchubhaidh fonn nó meas do
bheith aca orra, óir is re beathadhachaibh éigciallaidhe bhainios
fonn do bheith aca san ttruailligheacht soin. Bíodh na
hanamna glana so ar a ccoimhead, gan contabhairt a
bheith aca go bráth gur feárr an gheanmnaigheacht ioná nídh
ar bith atá buinsgionn (bun-ós-cionn) di, nách
ffuilingeann í do bheith iomlán. Óir, mar sgríobhann
Jeronimus Mór, go ccuirionn an diabhal cathaighe móra
ar na maighdionnaibh agus go mbrosduigheann iad dochum
antoile do chur a ngníomh aon uair amháin, a cumadh
agus ag taisbeánadh dhóibh go ffuil an nídh sin níosa mhilse
agus níosa rósháimhe ioná atá ionn féin, nídh do chuirionn
róbhuairt orra go minic, an tan do mheasaid gur milis an
nídh nár bhlaiseadar, mar adeir an naomh céadna. Mar
doghnídh an féileacán, an tan dochídh lasair, bíonn a


L. 175


gabháil ina tímchioll go ró-chiúirialta dá fheuchain an ffuil
chomh milis agus atá a breághthacht agus cuirionn sí
dfhiachaibh air gan sgur nó go ttugann bás do féin
san lasair ccéadna. Mar sin do theagbhann do na
daoinibh óga go minic, ag meas go héigcríonna agus
ag cur a ccéill dóibh féin go hamadánach go ffuil sámhus
mór agus mílseacht san antoil chollaighe agus léigid
mar sin na smuainte seo ar a naghaidh nó go ttuitid go
truaillighthe ionnta, agus go mbeirthear buaidh orra, agus
is éigcríonna iad ionnso, mar atá an lasair breágh,
dealrach, go ffuil sámh milis re na blas. Acht iad
súd, atá a fhios aca an nídh sin ionn a ffuil fonn aca,
go ffuil ar ttúis mí-mhacánta, acht ar a shon san gabhaid
de roghain an sámhus brúideamhuil tar an mhacántacht.
Is deacair a chreidiomh gur riachtanach do lánamhuin phósta
a bheith geanmnaidhe; gidheadh, ní hí is geanmnaigheacht
dóibh gan feis chollaighe do dheunadh, acht congmháil leó
féin gan an antoil do leanmhuint. Is cruaidh an aithne
“Bíodh fearg oraibh is ná deunaighe peaca,” óir is
usa go mór an fhearg uile do sheachnadh ioná srian do chur
lé; mar an ccéadna is usa go mór antoil na colna
do sheachnadh go hiomlán ioná measardhacht nó riaghail
do chongmháil innte. Atá brígh adhbhalmhór ag an bpósadh
naomhtha a naghaidh teasa na hantoile; ar a shon san tig
as laige na nádúra go ttuitionn duine go minic ón nídh
bhíos ceadaightheach aige, dochum na neitheann dobhíos
toirmisgthe air, agus go ndeunann mí-ghnás de'n ngnás;
agus mar dochídhmíd daoine saidhbhre a goid a ccoda ó na
ccómharsain, agus nách as riachtanas acht as sainnt, is
mar sin dochídhmíd fir agus mná, ar son go mbíd pósta,
re hiomarca antoile go mbrisid a ccuing, ar son go
mbfhéidir leó feis dlisdionnach do dheunadh ionn a ttigh
féin. Bíd an mhuinntir seo mar theine ag imtheacht le
gaoith, ag lasadh gach neithe dá tteagmhann leó agus gan


L. 176


fuireach ar aon áit. Is mór an pheiriacail liaighios borb
do ghlacadh, má glacthar iomad de, nó muna nullmhuighthear
go maith é, ar an adhbhar go ndeunann dochar mór don tí
do ghlacann é.



Níl liaighios ar bith is feárr a naghaidh antoile na colna
ioná pósa beannaighthe; ar a shon is liaighios róbhorb
rópheiriaclach é muna ndeuntar gnás maith dhe mar is
iomchúbhaidh. Teagbhann fós ó iliomad gnódh an tsaoghail
na fir a bheith a neugmais a mban phósta a ffad, ní labhraim
ar thinnios ná ar easláinte fhada, dá mbeith ar cheachtar
díobh. Uime sin is riachtanach do na lánamhnachaibh pósta
geanmnaigheacht dúbalta a bheith aca. Ar ttúis gan feis
ar bith collaighe do dheunadh an feadh dobheid a ffad ó
na chéile, agus fós gan a dheunadh acht go measardha an
feadh dobheid a naon áit re chéile.



Dochonairc Caitríona Sinensis iomad de dhaoinibh
damanta dá bpianadh go róchruaidh tré bhriseadh dhlighe
an phósta bheannaighthe, agus ní ar son troime an pheacaidh
ionn féin dobhádar na pianta orra, do bhrígh gur troime
go mór de pheaca an naomhaithis agus an dúnmharbhadh
ioná é, acht ar son an mhuinntir doghnídh é nách ccuirid
cás ann agus nách deunaid sgrupal de, agus go ffanaid
ionn nó go loghaid. Anois dochídh tu go follas go ffuil
an gheanmnuigheacht riachtanach ag an uile dhuine.



“Lean do shíothcháin agus do naomhthacht, óir gan í seo
ní fhaicfeadh (fidh) aon neach Dia,” ar an tApstol. Agus
a deirid Jeronimus agus Criosostomus gurab é do
thuigeann an tApstol san naomhthacht, an gheanmnuigheacht.
Uime sin, is dearbhtha nách ffaicfeadh aon neach Dia muna
raibh geanmnaighe agus nách biaidh aon neach a náitreabh
Dé ag nách biaidh deaghchroidhe glan, mar adeir ár Slánaigh-
theoir féin. Ní bhiaidh madradh ná lucht drúise a tteaghlach
Dé. Acht is beannaighthe lucht an deaghchroidhe ghlain.
Isiad dogheabhas radharc Dé.


L. 177


Caib. 13.
Teagaisg agus cómhairleacha dochum na
geanmnuigheachta do choimheud.



Seachain an uile nídh do tharraingeann duine dochum
truailligheachta collaighe, nó dobhéarfadh beatha nó
oilleamhuint di. Dubháilce í do shnadhmas go caol gan
mhothughadh agus as tosaighe beaga fásann go mór agus
dothéighionn ar a haghaidh, agus is fusa teitheadh roimpe ioná
liaighios do chur uirthe ar mbreith greadhma dhi.



Is cosmhuil na cuirp dhaona re soighthighibh glaine,
óir má bhainid seo re na chéile, atáid a mbaoghal a mbriste.
Na tortha fós, dobhíos iomlán, má curthar iad féin ar
mhuin a chéile, milltear iad. Nó má curthar uisge nuadh
a soidhtheach agus go ttuitfeadh piast ar bith talamhaighe
ionn, ní chongbhann a shásughadh nó a bhlas a ffad. A
mhaighdin (ean) gheanmnaighe, ná léig le súgra ná le
muinntiordhas, dfhior ar bith breith ar do chorp; ar son
gur féidir leis an ngeanmnuigheacht a bheith slán iomlán
ameasg na ngníomhartha so, is mó atá éattrom ioná is
mailíseach, ar a shon san, doghnídhthear dochar éigin dá
sgéimh agus dá bláth. Gidheadh, má leigionn tu glacaireacht
mhí-mhacánta do dheunadh ort, atá milleadh agus
cailleamhuint na geanmnaigheachta go hiomlán air.



As an ccroidhe fhásann an gheanmnaigheacht agus isé is
freumh di, agus atá an corp uile ina áit suighe aici, agus as
san dothig go ccailltear í rís na céadfadh corpardha,
ris na smaointibh, agus re mian agus fonn an chroidhe.
Is drúis fós amharc, éisteacht, labhairt, bolath nó
glacaireacht mhí-mhacánta an tan dogheibh an inntinn
fonn ionnta, agus do ghabhann antoil asta. Uime sin
adubhairt an tApstol: Ná hainmnighthear drúis eadraibh
ar aon chor. Ní bhainionn an bheach le corp marbh ar bith,


L. 178


agus ní hé amháin, acht seachnann agus teithionn ó an uile
dhrochbholath dá ttig asta. Agus adeirthear ionn sna
cainticibh go rabhadar lámha na bainchéile ag sileadh miorra.
Is súgha san do chomhduigheas an corp ó thruailliughadh.
A beul arna cheangal le lása dearg is cómhartha náire
agus macántacht: atáid a súile mar shúile coluim
le hiomláine agus le glaine, agus clocha uaisle órdha as
a cluasaibh mar comhartha nách éisdionn acht neithe
geanmnaidhe. Curthar a srón a ccompráid le séadair
Shléibhe Liobáin. An ghné chrainn seo ní lobhann sé go
bráth. Ar an módh so is cóir don anam cráibhtheach a bheith
.i. a bheith geanmnaighe, sgiamhach, macánta ionn a lamhaibh,
ionn a shúilibh, ionn a bheul, ionn a chluasaibh agus ionn
gach ball oile dá chorp.



Is maith dothig ris seo ráidhte Chassiani agus Bhasili
a dubhart: “Ní raibh bean agam riamh, agus ní ffuilim
am mhaighdion (in) ar a shon san.” Ní lia módh ar a ndeunann
duine gníomh mí-náireach nó drúiseamhuil, ioná módh oile
ar a ccaillionn a gheanmnuigheacht; agus mar atá iomad
módh dhíobh súd ann, acht más beag nó mór é, lagaighid
an gheanmnuigheacht nó brisid go hiomlán í. Atáid
cómhluadair agus muinntiordhais neamhdhiscréideach ann,
atá díomhaoin collaighe, do ghluaisionn duine, agus ar
son nách ccaillionn a gheanmnuigheacht go hiomlán
doghnídhid meirbh anffann í, agus bainid a sgéimh agus a
deisi dhi. Atá cómhluadar ann nách é amháin atá mí-
dhiscréideach acht fós atá lochtach, agus ní hé amháin acht
mí-mhacánta drúiseamhuil agus doghnídh seo níosa lugha
dochair go mór don ngeanmnuidheacht. Adeirim go
ccailltear í go hiomlán an tan do tharraingeann an
drochchómhluadar so an duine chum a thoile do thabhairt
don ngníomh chollaighe, agus cailltear í go truaillighthe
an tan doghnídhthear an gníomh féin. Ní ffuil san ngníomh
acht peaca; gidheadh, an mhí-náire agus an mhí-mhacántacht


L. 179


dothéighionn roimhe, atáid ró-ghráineamhuil mar adeir
Tertullianus san leabhar do sgríobh ar an ngeanm-
nuigheacht. Ní cóir a mheas go ndearnaidh N. Basilius
gníomh mí-náireach ar bith, gidh go ndubhairt sé gur chaill
sé a óghdhacht, óir is dearbh nár thruailligh a chorp féin riamh;
gidheadh, má do léig smuaineadh neamhghlan ionn a inntinn
uair éigin, is air dobhí ag labhairt, óir is nár le hanam
uasal ar bith áit do thabhairt do smaoineadh neamhghlan
a ccás nách raibh a thoil leis. An mhéid gur féidir leat
cómhluadar na muinntire a bhíos neamh-gheanmnaighe go
speisialta má bhíd mí-náireach, is cóir a seachnadh, óir
mar doghnídh teanga na hinnte (heinte) milse searbh, an
tan do bhainionn riu, mar sin is anamh nách deunann
cómhluadar na ndaoine neamhghlana, ag a mbíonn croidhe
truaillighthe, sal éigin do chur ar an ngeanmnuigheacht, ar
an adhbhar go mbíonn nimh ar a súilibh agus ar a tteangthaibh,
mar dobhíonn ar an mbaisiliosc. Bíodh do chumann do
ghnáth le daoinibh geanmnaighe subháilceacha, agus smuain
go minic ar na neithibh diagha nó leugh leabhar a bhíos ag
trácht orra. Atáid briathra Dé geanmnaidhe, agus gidhbé
do thráchtas ionnta doghnídhid geanmnaidhe é. Is
uime sin do chuirionn Dáibhí a ccompráid iad ris an
ccloch (oich) uasal (ail) Topasius, ag a ffuil de bhrígh agus
de nádúir, ainmhian na colna do chlaoidh, nó do chosg.



Ná sgar go bráth re hÍosa Críost san ccroich, gan a
bheith ag smaoineadh air go spioradálta, agus fós ag
deunadh comaoineach go minic. Mar theagbhann don tí
doghnídh cómhnaighe ar an luibh darab ainm Uan, go ttugann
do a bheith geanmnaighe; mar sin, gidhbé doghnídh
cómhnaidhe ar Íosa Críost, an tUan fíorghlan gan sal gan
smál, biaidh saor ó an uile anmhian ná truailligheacht
collaighe.


L. 180


Caib. 14.
Tráchtar ionnso cionnas is féidir spioraid na
mbocht do chongmháil maille re saidhbhrios.



Is beannaighthe na boicht a spioraid, óir is leó ríoghacht
na fflaithios, agus is dona an drong a bhíonn saidhbhir
ó spioraid, óir is leó pianta ifrinn. Isé atá saidhbhir
ó spioraid an tí ag a ffuil a shaidhbhrios ionn a spioraid,
nó a anam agus a chroidhe ionn a shaidhbhrios. Agus isé
atá bocht a spioraid an té nách ffuil a chroidhe ionn a
shaidhbhrios ná a shaidhbhrios ionn a chroidhe. Doghnídhid na
faoileana nid ar cuma pailme, ar mhódh nách bíonn acht
dóirse cumhanga orra shuas ós a ccionn, agus cuirid iad
an bhruach na fairge agus bíd chomh daingionn agus san
nách féidir le toinn dá láidre a ttolladh ná a mbriseadh,
acht snámhaid ar uachtar na ttonn agus na fairge gan
baoghal briste. Sompla na nead so is cóir dhuit a
leanmhuint .i. do chroidhe a bheith osgailte do neamh amháin
ionnas nách budh féidir le maoin ná le saidhbhrios a tholladh
ná dul asteach ann; agus má theagmhann duit saidhbhrios
do bheith agat, ná bíodh do chroidhe ceangailte dhe, acht
deuna snámh ós a chionn agus bí ad' Thighearna air, agus
an Spioraid dofuair tú ó neamh, ná ceangail re maithios
talamhuighe ar bith, acht bí ós a ccionn agus ní hionnta.



Is mór atá idir nimh do bheith agat agus a caithiomh,
óir bíonn nimh go mór-mhór ag an mhuinntir ar a mbíonn
cúram liaighios nó cucais orra, dochum feadhma do dheunadh
dhi ionn a ham féin, acht ní chaithid féin í, óir ní hionn a
ccorpaibh dobhíonn sí aca acht a soighthíbh oile. Mar an
ccéadna is féidir leat saidhbhrios do bheith agat agus gan
an nimh atá air d'ibheadh. Is féidir leat san do dheunadh
maith má bhíonn agat ionn do thigh agus ionn do sparán
acht gan a bheith agat ionn do chroidhe: “A bheith saidhbhir


L. 181


ó mhaoin agus a bheith bocht ó fhonn.” Is mór an sonas do
dhuine é óir is mar so atá sochar na maoine aige ar an
saoghal so agus luaigheacht na boichteacht san saoghal
oile.



Ní admhann aon duine é féin a bheith sanntach, óir measann
gach aon gur nár do féin an meas truaillighe sin do bheith
air, acht má bhíonn ag cruinniughadh saidhbhris adéarfadh
sé go ffuil mórán clainne aige, agus gur críonnacht
maoin do chruinniughadh dhóibh, ionnas go mbeith nídh cinnte
ag gach aon díobh, acht ní abair aon duine go ffuil go leór
aige, acht dogheibh leithsgeul do ghnáth go ffuil feidhm
air tuille do bheith aige; agus an duine is sanntaighe
ar bith, ní hé amháin go nabrann nách ffuil féin sanntach,
acht fós measann ionn a choinsias nách ffuil amhlaidh.



Is ró-iongantach fiabhras na sainte, óir dá mhéad
brígh agus teas dá mbiaidh ionn, is lughaide mothuighthear é.
Dochonairc Maoise an tum (tom) ar lasadh le teine
dhiagha, agus gan é dá losgadh nó dá chaithiomh. A chodarsna
so doghnídh teine mhallaighthe na sainte, óir loisgeann
agus caitheann sí an sanntach, agus ní thugann sí solas
ná lasair uaithe; agus an uair is mó a bhíonn dá losgadh
le teas measann féin go ffuil lán dfhuacht, agus an
bruthadh is mó bhíonn air, measann féin nách ffuil acht
tart sámh nádúrtha air. Uime sin, más mian leat an
mhaoin nách fuil agat d'iarraigh agus do chruinniughadh le
saothar agus le mí-chiúnas inntinne, is breugach duit a
rádh nách fuil tu sanntach, nó nách fuil fonn agat a
saidhbhrios. Agus is dearbhtha go ffuil tu sanntach, óir
gidhbé bhias ag iarraidh dighe go neamhfhoighdeach mí-chiúin,
is cómhartha é go ffuil fiabhras air.



Ní feas dhom an féidir linn ó cheart fonn do bheith
againn ann nídh atá a seilbh dhuine oile go ceart, a bheith
againn go dlisdionnach. ris an ffonn so is mian linn


L. 182


dochar an duine oile do theacht as ár sochar féin. Gidhbé
nídh atá a seilbh dhuine oile go ceart is mó an ceart atá
aige a chongmháil aige féin, ioná atá aguinne mian do bheith
orainn a bheith aguinn féin ó cheart. Uime sin, ní cóir
dhúinn ár ffonn féin do shíneadh dochum dochair dhuine
oile. Agus a ccás nách beith an fonn aguinn éigceart,
atá sé níosa lugha a naghaidh carrthannachta, agus níor
mhian linn féin fonn do bheith ag duine oile san nídh do
bhainfeadh linn féin do bheith aige ó cheart, óir is mian linn
féin an nídh do bhainfeadh linn féin ó cheart do chongmháil
aguinn.



Ag seo an peacadh dorinne Acab ag iarraidh fineamhna
Naboitéir do bheith aige go ceart, acht badh mhó an fonn
dobhí ag Naboitear a chongmháil aige féin. Acht do bhrígh
gur shanntuigh sé í go mór agus go raibh a ffad dá hiarraidh,
maille re buairt inntinne, do chuir fearg ar Dhia. chídheann
tu anois nách cóir dhúinn cuid ár ccómharsan do shanntughadh,
fós le ceart, an feadh is mian leis féin a bheith ina seilbh.
Gidheadh, is féidir leat le ceart, fonn do bheith agat a
ccuid do chómharsan, an tan is mian leis féin a léigeann
uaidh. Ní hé amháin annsoin go ffuil do mhian go ceart,
acht ní ffuil toirmiosg ort do mhaoin a mheudughadh go
ceart, agus breis a chur ar do shaidhbhrios, acht fós go
ndeuntar é go carrthannach.



Má tá grádh iomarcach agat ar an maoin atá ionn do
sheilbh, agus tu lán de bhruid agus de chúram ina timchioll,
ionnas go ffuil hinntinn uile ceangailte dhí, agus go
ffuil tu lán d'eagla fá na cailleamhuint, creid dhom
go ffuil fiabhras ort. Bíonn fonn adhbhal agus mian
iomarcach ag lucht an fhiabhrusa deoch uisge dfhagháil
dochum faoisidhe agus fuaire do thabhairt don an-teas a
bhíos orra; acht ní bhíd na daoine slána mar sin. Is
deacair go mbiaidh fonn mór aca a nídh ar bith de'n tsórt
san. Má chaill tu cuid dhed' mhaoin agus go ffuil tuirse


L. 183


agus buadhaire (buaidhre) ar a son ort, is dearbh go raibh
grádh mór agat uirthe, óir ní ffuil cómhartha is cinnte go
raibh grádh ag duine ar an nídh do chaill sé, ioná doilghios
do bheith air ina dhiaigh.



Ná bíodh do chroidhe go hiomlán ag iarraidh an nídh nách
fuil agat, agus ná bíodh do chroidhe ceangailte don mhaoin
atá agat, ná fós doilghios ort fá nídh ar bith dár dhealaigh
leat, agus ionnsan is féidir leat a chreidiomh, ar son do
bheith saidhbhir, nách fuil do ghrádh ceangailte dhe, acht go
ffuil tu bocht ó spioraid, agus dá réir sin beannaighthe,
óir is leat Ríoghacht fhlaitheamhnais mar adubhairt Críost
féin.



Caib. 15.
Cionnas is féidir do dhuine freachnughadh do dheunadh
ar an mboichteacht, gé go mbeith saidhbhir.



Do chúm an pinteoir dárbhainm Arresius, go
hinntleachtach, pobal chathrach na hAithne a naon chlár
amháin go ró-eugsamhuil, go feargach, neamh-cheart, neamh-
sheasamhach, daona, buidheach, trócaireach, uaibhreach,
díomsach, umhal, mór-ghlórach, gealtach, spleadhach, bladh-
monnach, beagmhaithiosach. Annso 'seadh chídhfeadh (fidh)
tu cionnas is féidir saidhbhrios agus bochtaine do chur le
chéile, cúram maith do bheith fá na neithibh saoghalta agus
tarcaisne mar aon do bheith orra. Ris an leughann so
do chur ad chroidhe is mó an díthchioll is cóir dhuit a dheunadh
chum tairbhe do bhuain as do shaidhbhrios, ioná do bhainid
na daoine atá tabhartha don tsaoghal as a saidhbhrios féin.
Is mó an díthchioll doghnídhid garraidheadóirighe phrionnsa
fán ngarradha nó fán ngáirdín do thaobh riu do threabhadh
nó do dheasughadh, ioná dá mbadh leó féin iad, agus isé
adhbhar fá ndeunaid sin do bhrígh go ttuigid gur gáirdín
rígh nó prionnsa é, dár mian leó é do thaithniomh ris agus


L. 184


buidheachas do thuilliomh. Gach maoin agus gach saidhbhrios
dá ffuil againn, ní linn féin iad, acht isé Dia dothug
dhúinn iad, agus is mian leis sinn dá ndeunadh go torthach
tairbheach, agus doghnídhmíd seirbhís ró-thaithniomhach dho
má bhíonn cúram ina ttimchioll againn.



Dá bhrígh sin is mó an cúram is cóir dhúinne do bheith
aguinn fá na neithibh do thaobh Dia linn, ioná mar dobhíonn
ar na daoinibh saoghalta fá na neithibh do bhainionn leó
féin, óir ní bhíonn cúram aca so ar aon nídh acht ar a ngrádh
féin. Gidheadh, is ar ghrádh Dé amháin is cóir dhúinne saothar
do dheunadh. Fós mar dobhíos grádh air féin lán de bhuairt,
de bhruid agus de mhíchiúnas, is mar sin dobhíos an cúram
do ghabhann duine ar a shon; acht mar atá grádh sámh,
taithniomhach, ciúin, is mar sin a bhíos an cúram a gabhthar
as, a ccás gur a ttimchioll na neitheann saoghalta a bhíonn
sé. Isé an cúram sámh so is cóir dhúinne do bheith againn
fá ár maoin shaoghalta, dá comhdach agus dá coimheud nó
dá meudughadh do réir mar dobhíos úcáid iomchubhaidh
againn, agus mar iarrann ár staid agus ár ccoinghioll
orainn, óir is mar sin is mian le Dia an cúram saoghalta
dhúinn do dheunadh.



Bí ar do choimheud nách meallfadh do ghrádh féin tu,
óir cuirionn ar uairibh, foirm agus gné grádh Dé air féin,
ionnas gur ró-dheacair a naithniughadh tar a chéile. Acht
ar chur (chor) nách meallfadh do ghrádh féin tu, agus fós
nách rachadh cúram na neitheann saoghalta dochum sainte
dhuit, a ttaobh saidhbhris do bheith agat, is iomchúbhaidh dhuit
boichteacht dáríre dfhulaing agus freachnughadh do dheunadh
dhí, amhuil agus nách beith saidhbhrios agat. Dá bhrígh sin cuir
cuid éigin ded' mhaoin ar leith agus tabhair do na bochtaibh
í, agus ní ffuil nídh dá ttiubhradh (aidh) tu uait nách móide
bhias tu bocht é, gidheadh, dobhéarfadh (aidh) Dia a ceud
uiriod san duit, ní hé amháin san saoghal thall acht fós
ar an saoghal so féin, óir ní ffuil nídh ar bith is mó doghnídh


L. 185


duine acfainneach ar an saoghal so ioná an déirc, agus
an feadh dobhias tu ag feithiomh re Dia dá thabhairt sin
duit, biaidh tu níosa bhoichte an fad soin. Ó, is beannaighthe
an bhoichteacht dothig as dheunamh na déirce! Bíodh gean
agus grádh agat do bhochtaibh agus ar an mboichteacht
féin agus ris an ngrádh soin biaidh tu féin bocht. Óir
mar adeir an Sgruiptiúir go mbíonn gach duine cosmhuil
ris an nídh ag á mbíonn grádh aige air, agus cuirionn
dfhiachaibh ar dhuine é féin a chur do réir na neithe dá mbíonn
grádh aige. “Gidhbé bhíos lag nó tinn,” ar an tApstol
Pól, “bímse tinn ris”. Béidir a rádh gidhbé bhíos bocht
bímse bocht ris, óir isé a ngrádh doghnídh cosmhuil riu é.
Uime sin, má bhíonn grádh agat ar na bochtaibh roinnfid
a mboichteacht féin leat, agus biaidh tu bocht mar gach
aon díobh.



Má tá grádh agat, umurro, ar na bochtaibh, deuna
comhluadar leo, agus bíodh fonn agat a ffaicsint, agus
deuna cuairt aca ionn a ttighthibh féin, agus bíodh fonn
ort a tteagmháil leat, agus bíodh sólás ort an uair
iarrfaidh déirc ort san tsráid nó san tteampoll nó a
naon áit oile, agus bí bocht leó ó bheul ag labhairt leó
mar chompánachaibh, agus bí tabharthach ar do láimh a tabhairt
déirce dhóibh dhed' mhaoin, mar dhuine shaidhbhir acfainneach.



Más mian leat dol ar haghaidh níosa mhó nár budh leor
leat a bheith bocht mar atáid na boicht féin, acht bí níosa
bhoichte ioná iad. Gidheadh, cionnas dodheunfas tu san?
Is boichte an giolla ioná an Tighearna. Bídhsi ad ghiolla
agus ad shearbhfhoghantaighe aca so agus deuna seirbhís
dóibh an tan a bheid tinn, cóirigh leabaigh dhóibh, ceannaigh
agus gleus biadh dhóibh red' lámhaibh féin, glan a neudach
agus cuir le gréin é; is uaisle agus is onóirighe an
tseirbhís seo ioná ríoghdhacht ar bith. Is adhbhal iongantais
godé a dhíthchillighe do lean N. Ludovicus, dobhí ag ríoghaibh
móra an domhain, an chómhairle seo. Rí mór san uile


L. 186


ghníomh ríoghdha. Na boicht dobhíodh aige dá mbeathughadh,
doghníodh féin seirbhís dóibh go minic ar a mbórd, agus
dobhíodh triúr de dhaoinibh bochta aige go laetheamhuil
ar a bhórd féin, agus ní bhíodh glún (glonn) air an fuighioll
dobhíodh ar mhéis na mbocht d'itheadh re hiomad a ghrádh
orra. Dothéigheach (dh) ar cuaird go minic mar a mbídís
aos galair, do dheunamh seirbhíse dhóibh, agus san don
ccuid fá gráineamhla tinnios díobh, agus é sin ar a ghlúinibh
ag tabhairt Chríst fá na naire ionnta, agus níor fféidir
le máthair níosa mhó de ghrádh a thaisbeánadh dá haonmhac
ioná mar do thaisbeánach (dh) dóibh. Is mór an dúil dobhí
ag N. Elisabet, inghean Rígh na Hungarí, a ccómhluadar
na mbocht agus dogheibheach (dh) sólás mór ann, agus do
chuireach (dh) ar uairibh ameasg a bantrachta féin, éadach
mná boichte uirthe ag rádh: Dá mbeinn bocht is mar so
dobhí an Rí agus an bhainríoghain úd agus iad lán de
shaidhbhrios, acht godé a shaidhbhriocht dobhádar, ar son go
rabhadar bocht.



Is beannaighthe an drong a bhíonn bocht ar an módh so,
is leo ríoghacht na fflaithios. Adéarfadh (aidh) Rí na Ríogh
agus na mbocht san mbreitheamhnas déighionnach: “Do
bhí ocras orm agus thugabhair biadh dhom, dobhí me nochtaighthe
agus do chuireabhair éadach orm; gabhaighe seilbh na
ríoghachta atá arna hullmhughadh dhíbh ó chruthughadh an domhain.”



Ní ffuil ar bith duine nách beith easbaidh nó mí-chómhgar
air, uair éigin; teagmhann fós go ttig aoidhe chughainn
nách bíonn furachas againn ris, agus go mbadh mhian linn,
agus go mbadh hiomchubhaidh a ghlacadh go honóireach agus
nách ffuil aimsir ná gleus againn ar nídh ar bith do
shaláthar dho, atá éad aige, deas ag duine a náit éigin,
agus an tan budh maith leis a mbeith san áit a mbeith
riachtanas leo ní ffuil siad aige. Teagmhann ar uairibh,
go cclaochluigheann na fíonta maithe a mblas agus a
mbolath, agus go ccongbhaid na fíonta searbha a nádúir


L. 187


féin. Budh héigionn do dhuine a bheith uair oile san oidhche
a ccrum-thigh bodaigh, gan leabaigh, gan seomra, gan bórd,
gan seirbhís oile aige. Ionnas go tteagbhann do dhuine
dá shaidhbhre a bheith go minic a riachtanas, agus is ionann
san agus a bheith bocht an méid a bhainios ris an nídh atá
d'easbaidh air. Bíodh lúthgháire ort an tan do theagbhas
aon nídh aca so dhuit agus gabh chughat go taithniomhach é
maille re gnúis shoilbhir shoineannta ó láimh Dé. Má do
thárlaidh cás duit re ar thuit tu a mboichteacht bhig nó
mhóir, mar atá doineann, losgadh, salc, nó ris an ttalamh
do mheath agus gan toradh do thabhairt uaithe, re goid nó
re conspóid, ag sin an tam ar cóir dhuit freachnughadh
do dheunadh ar spioraid na bochtaine .i. cailleamhuint
do mhaoine d'iomchur agus dfhulaing go foighdeach.
Dotháinigh Esau a ffiadhnaise a athar re na lámhaibh fiomhacha,
tháinigh Jacob mar an ccéadna, acht dobhí diffir eadorra,
.i. an fionadh dobhí ar lámhaibh Jacob, nách ar a lámhaibh
féin dobhí acht ar a lamhainibh (laimhníbh), ionnas gur
bhéidir a bhuain dá lámhaibh gan dochar ar bith do dheunadh
dhóibh; acht ní mar sin dobhí Esau, mar is ar a lámhaibh
féin dfhás an fionnadh, níor fféidir a tharraingt asta
gan phéin mhóir do thabhairt dó, agus doghnídh díthchioll
ar é féin a chosaint.



An uair dobhíonn ár ccroidhe ceangailte dár maoin
gidhbé módh ar a ccailleamaoid aon chuid dhi bíodhmaoid
lán de mhífhoighid, de bhuairt agus de ghearán, acht má tá
cúram againn amháin fá ár maoin do réir mar d'órdaigh
Dia dhúinn, má fuadaighthear nó má baintear le fóirneart
dínn í, ná bíodh buairt ná mí-chiúnas orainn, muna ffuil
ár ccroidhe agus ár ninntinn ceangailte dhí. Ag seo an
difir idir na beathaidheachaibh brúideamhla agus na daoine,
óir go mbíonn eudaighe na mbeathadhach so ceangailte
dá ccroicionnaibh agus dá ffeoil agus éadaighe na ndaoine
don taobh amuigh orra, ionnas gur féidir a mbuain díobh
agus a ccur orra mar is mian leo.


L. 188


Caib. 16.
Cionnas is féidir linn saidhbhrios spioradálta do
bheith aguinn agus a bheith bocht ó mhaoin shaoghalta.



A ccás go ffuil tu bocht ó mhaoin shaoghalta, guidhim thu,
bí bocht ó spiorad, agus deuna subháilce de'n riachtanas,
agus bíodh meas agat ar an séad uasal so na boichteachta,
do réir a luacha féin. Ní thuigionn agus ní fhaicionn an
saoghal an dealrughadh agus an briocht sgiamhach atá
air; ar a shon san atá, ionn féin, dealraightheach,
luachmhór.



Bíodh foighid agat. Is maith an chuideachta agus an
comhluadar atá agat, .i. Ár Slánaightheóir, Íosa Críost,
a Mháthair Bheannaighthe, na hApstoil agus mórán eile
de'n chineul feardha agus banda dobhí rónaomhtha, agus
do thogh a bheith bocht, ar son go mfhéidir leó a bheith
saidhbhir. Is iomdha daoine oirdheirce, saidhbhre, do thréig
an saoghal, agus a ndaoine muinnteardha féin ag cur
ina ccoinne agus ag labhairt go holc orra, do ghabh de
roghain a bheith go bocht ionna mainistreachaibh nó ag
deunadh seirbhíse d'aos galair, le saothar agus le hallus
go grádhach fonnmhar.



Sompla air seo Alexius, Paula, Paulinus, Angelus
agus iliomad oile, acht atá so níosa mhuintiordha
agatsa ioná san, óir atá so dá fhuráil ortsa gan duadh
gan saothar dhuit féin, agus gan tu dá hiarraidh. Uime
sin, gabh chughat í mar charaid ró-ionmhuin Íosa Críost
dorugadh, dobhí beo, dofuair bás a mbochtaine agus ag a
raibh sí ina cuideachta agus ina máthair ar feadh a
bheathaidh (adh).


L. 189


An bhochtaine dothig ort ó chineamhuin atá dá mhaith
ceangailte dhi, ionnas, le na ccuidiughadh, gur féidir
mórán luaidheacht do thuilliomh. Ar ttúis, an chéad mhaith,
nách tu féin do thogh ná d'iarr dhuit féin í, acht gurab ó
thoil Dé amháin dotháinig duit a bheith bocht, gan cuid ar
bith a bheith ag do thoil féin de. Gach nídh dá ttig chughainn
ó thoil Dé amháin, agus do ghabhamaoid chughainn go maith
ó chroidhe agus ó inntinn, dochum toile Dé a chóimhlíonadh,
atá sé ró-thaithniomhach ag Dia. Ní ffuil dá loighead dá
mbiaidh dár ttoil féin ionn aon nídh, nách móide an taith-
niomh dobhias ag Dia air é. Gabháil thoile Dé go símplidhe
glan agus diúltadh dár ttoil féin, isé doghnídh an fhoighid
fhíorghlan agus an fhulaing ró-thaithniomhach le Dia.



An dara maith na bochtaine seo, go ffuil riachtanach
dáríribh. An bhoichteacht do moltar, ar a ffuil meas agus
ag a ffuil congnamh agus cuidiughadh, ní boichteacht dáríribh
í, óir atá go leór saidhbhris ceangailte dhi, acht an
bhoichteacht atá tarcaisneach agus atá faoi mhí-mhódh agus
atá gan áird ag aon duine uirthe, ag sin an bhoichteacht
dháríre. Ag so go mór-mhór boichteacht na ndaoine
saoghalta, óir ní le na ttogha féin, acht le riachtanas agus
le cineamhuin dobhíd bocht, mar sin go mbíd faoi
tharcaisne agus nách mór go mbíonn meas orra, agus
as san dothig dhóibh gur boichte iad ioná na daoine riaghalta
ar mhódh éigin, ar son go ffuil luaidheacht mór aici seo
do thaobh oile, agus gurab í is oirdheirce agus is dear-
sgnaighthe, do bhrígh na móide agus na hinntinne re a
ngabhann duine air féin í.



Ná deuna gearán go bráth ar do bhoichteacht óir ní
gnáth linn gearán do dheunadh acht ar an nídh a mbíonn
míghean aguinn. Uime sin má tá míghean agus mí-thaithniomh
againn ar a bheith bocht, ní ffuil tu bocht ó spioraid, acht
atá tu ó mhian agus ó fhonn lán de shaidhbhrios.


L. 190


Ná bíodh tuirse ná doilghíos ort muna ttugthar congnamh
nó fortacht dhuit do réir do riachtanais, óir is ionnsan
atá onóir agus caithréim na bochtaine. Go mbadh mian
le duine bheith bocht agus gan mí-chómhgar ar bith dfhulaing
ní ffuil ionn acht saint ró-iomarcach, do bhrígh gurab
ionan san agus go mbadh mhian leis onóir na bochtaine
do bheith aige, agus sámhus agus sochar an tsaidhbhris.



Nár budh nár leat a bheith bocht agus déirc d'iarraidh,
agus má dogheibh tu í, gabh í go húmhal, agus má dogheibh
tu diúltadh bíodh foighid agat. Smaoin go minic cionnas
dobhí an Mhaighdion Bheannaighthe, Máthair Dé, ag teitheadh
re na Mac don Egypt, godé a liacht tarcaisne agus
riachtanas budh héigionn di a fhulaing, agus má chuirionn
tusa do bheatha ris seo, agus tu féin d'iomchur mar sin,
biaidh tu ró-shaidhbhir san mbochtaine.



Caib. 17.
Don ccumann, agus ar ttúis don ccumann fhallsa
mhailíseach.



Idir gach brígh dá ffuil san anam atá an chéad áit ag
an ngrádh agus isé is Prionnsa ar an uile ghluaiseacht
dá mbiaidh ionn, agus tarraingeann ina dhiaigh féin iad
uile, agus doghnídh sé an duine cosmhuil ris an nídh ar
a mbíonn grádh aige. Uime sin, tabhair dot aire gan
droch-ghrádh ar bith do bheith agat, óir má bhíonn
dodheunfach (dh) sé tu féin go holc mailíseach, óir ní ffuil
grádh ar bith is peiriaclaighe ioná grádh an chumainn, óir
is féidir linn an uile ghrádh eile do bheith aguinn gan cuid
a thabhairt do dhuine eile dhe, acht grádh an chumainn nách
féidir. As san a thig gur deacair cumann do bheith idir
dhaoinibh nách beith ar aon bheusa agus ar aon cháiligheacht.


L. 191


Ní hé gach aon ghrádh an cumann, óir is féidir linn grádh
do bheith againn ar an tí nách ffuil grádh aige orainn,
agus ionnsan atá an grádh agus ní ffuil cumann ionn,
óir ní ffuil san ccumann acht cómh-ghrádh díse ar a chéile,
agus muna ffuil sé mar sin ní cumann é.



An dara nídh, ní leór dhóibh grádh do bheith aca ar a chéile,
acht fós is riachtanach a fhios san do bheith ag gach rann díobh.
Óir muna ffuil an fios san aca, mar atá a ngrádh ar a
chéile, acht gidheadh ní ffuil cumann eadorra. Is riachtanach
fós taithighe a bheith aca ar a chéile dochum a rúin dfhoill-
siughadh dá chéile, agus isé seo is príomh-adhbhar don
ccumann.



Do réir na taithighe a bhias aca ar a chéile, is mar sin
a bhias an cumann. Má's taithighe bhreugach dhíomhaoin
a bhias aca, biaidh an cumann breugach díomhaoin, nó má's
go subháilceach fírinneach doghnídhid taithighe ar a chéile,
biaidh an cumann mar an ccéadna, agus ní ffuil dá
shubháilcighe dá mbiaidh a ccaidreamh nách móide bhias an
cumann go subháilceach é; agus mar isí an mhil is feárr
an mhil a chruinnighid na beacha as an mbláth is cubhra bolath,
mar sin isé an grádh is feárr agus is dísle an grádh
dothig as an ccaidreamh subháilceach, agus mar sin dogheibhthear
mil ar a mbíonn nimh a Ríoghacht Phontuis san mbaile
darab ainm Heraclea, ionnus, gibhdé itheas í, go mbídhid
ar mire; agus isé is adhbhar do san do bhrígh gurab as
luibheanaibh nimhe atá go formhór san áit sin, do chruinnigh-
thear í; is mar sin dobhíos an cumann so dothig as an
ccaidreamh fhallsa dhíomhaoin mhailíseach, bíonn sé ró-
dhíoghbhálach.



Caidreamh antoile chollaighe agus na leanánacht bhrúid-
eamhuil, bíonn sé do réir thoile an dá rann, acht ní cóire
cumann do ghairm de idir dhaoinibh ioná a ghairm de
chaidreamh asal agus gadhar re chéile ionn a samhuil sin
de ghníomh; agus muna mbeith a atharach san de chaidreamh


L. 192


san bpósadh, ní bheith cumann ar bith ann, acht mar atá
caidreamh beatha, saothair, deagh-ghrádh agus dísligheacht
nách féidir a sgaoileadh. Dá bhrígh sin atá cumann an
phósta ina chumann fhírinneach bheannaighthe.



An cumann dothig as shámhus na ccéadfadh ccorpardha
atá sé ró-thámhánta, agus ní fiú é cumann do ghairm de,
mar nách fiú fós an cumann nách ffuil de bhunadhas aige
acht subháilceadha beaga eadroma díomhaoine nách fuil
acht ionn sna céadfadhaibh féin amháin; agus is de do
ghairmim Sámhus na ccéadfadh .i. an sámhus do ghabhann
an tsúil re faicsint coirp bhreágha nó sgiamhaighe, an chluas
as guth sámh binn do chloinsin, an lámh as glacadh maith,
agus gach céadfadh oile den tsórt soin is díobh do ghairmim
subháilceadha díomhaoine. Na cumais nó na cáiligheachta
bhíos a ndaoinibh dá measaid daoine ainbhfiosacha gur
subháilceadha iad, is mar sin adeirid go coitchionn mná,
cailínighe agus ógánaigh, agus ní nár leó a rádh: Is
subháilceach an duine uasal úd, is iomdha tiodhlaicthe
maithe aige agus foirfeacht atá ionn, óir is deas an
damhsóir é agus atá eolach san uile shórt imeartha. Fós
is deas a ghabhann a iorradh agus a éadach air, agus is
cumasach a shinneann (sheinn-) agus is greannmhar a labhrann
agus is deas a ghluaisigheann a bhaill. Agus mar sin idir
lucht magaidh agus cleasuigheachta, isé is mó meas an té
is feárr doghnídh aithris ar amadán. Acht iad so uile,
mar isiad do bhainios ris na céadfadhaibh corpardha, gach
cumann dá ttig asta, budh chóra amadántacht agus éig-
críonnacht do ghairm de ioná cumann nó cáirdios. Agus
mar sin do dhaoinibh leamha óga do chuirionn brígh mhór
a ngruagaibh cúirníneacha agus a fféasógaibh deasa, a
silleadh súl, a lúth a mball, a neudaighibh sgafánta, agus
a mbriathraibh blasta gan de bhrígh ionnta acht sin féin.
Gidheadh, ní ffuilid na neithe seo iomchúbhaidh do dhuine ar
bith acht do lucht suirghe agus éigcríonnachta, ag nách fuil


L. 193


subháilce ná breitheamhnas idir olc ná mhaith agus a chaithionn
a naimsir le na nantoil féin, agus ionnso ní bhíonn acht
cumann aithghearr aca do leaghann mar shneachta le teas
gréine.



Caib. 18.
Do ghean bréige an aos grádh ar a chéile.



An uair a thagann cumann éigcríonna idir fhear agus
mhnaoi, agus gan rún pósta a chéile aca, adeirthear go
ffuil gean beag aca ar a chéile; gidheadh, mar nách fuil
ionn acht sgáile cumainn, ní fiú é grádh ná cumann do
ghairm de tré mheud na heolbhaoise agus na mailíse atá
ann. Ris an ngean bréige seo do mealltar fir agus
mná, óir is ris an ccaidreamh éigcríonna agus ris an
muinntiordhas eólbhaoiseach agus ris an ttaithniomh
neamhghlan dobheirid dá chéile, a bhíd ceangailte ag á
nantoil féin; agus ar son go ttuigid seo go minic
ionn a ngníomh thruaillighthe, ní hé sin céad chríoch a bhíonn
aca, óir dá mbadh é ní gean beag budh chóir a ghairm de,
acht mí-náire agus antoil fhollus, do bhrígh go ccaithid na
daoine éigcríonna so go minic mórán dá mbliadhnaibh
agus nách deunaid gníomh ar bith a bhíos a naghaidh na
geanmnaigheacht chorpardha, ar an adhbhar gurab é is
rún dóibh a bheith a tabhairt sásaimh agus sámhuis dá
ninntinnibh féin le guidhe, le fonn, le seudaibh suirghe,
le briathraibh grádhacha agus re gach eolbhaois oile de'n
tsórt san, agus ag glacadh sóláis agus taithniomhaigh
as an eólbhaois sin.



Ní bhíonn de chrích ag drong oile acht go ttaisbeán-
adaois go ffuil grádh aca agus go ffuil an céadna
orra a leanmhuint a cclaonta féin ionnso, gan feuchain
do nídh ar bith oile acht dhóibh amháin. Uime sin, má theagmhann


L. 194


pearsa ar bith leo ar a ffaghaid taithniomh gan cheist do
chur ar a bheusaibh ná ar a inntinn, tionnsgnaid an caidreamh
soghrádhach so agus cuirid iad féin go minic ionn a líon,
as nách féidir leo iad féin do réidhteach acht re saothar
agus le dochar.



Drong oile do thionnsgain an caidreamh so as ghrádh
ghlóire dhíomhaoin amháin ag meas gur glórmhar onóireach
dhóibh má tharraingid grádh pearsan ar bith orra, agus
mar nách bíonn de chrích aca acht an ghlóir dhíomhaoin seo
amháin, is mian leo a líonta agus a ngaistighe do chur a
náitibh breághtha, árda, uaigneacha, oirdhearca.



Drong oile ag á mbíonn claonadh dochum an chaidrimh
seo, gidheadh, ní chuirid iad féin ann acht muna ffaicid
go mbiaidh glóire éigin ceangailte dhe.



Atáid na cumainn seo uile mailíseach, éigcríonna,
eolbhaoiseach, do bhrígh go ffuilid ag tarraint dochum
peacaidh na colna, agus an grádh agus an croidhe budh
chóir a thabhairt do Dhia, don mhnaoi, nó don fhior phósta,
go mbaintear dhíobh é. Atáid éigcríonna do bhrígh nách
fuil bunudhas ar bith aca, agus nách ffuilid do réir réasúin.
Atáid fós eolbhaoiseach do bhrígh nách ttig sochar, clú ná
onóir asta. Arís atá cailleamhuint aimsire ionnta agus
fós mí-chlú don tí do leanann de'n eólbhaois sin agus
níl ffuil sólás ar bith ionn acht dóthchas a bhíos lán de
bhruid agus de chritheagla, agus gan fios aca fá dheoigh
godé an chrích a thiucfas ar an nídh atáid a dheunadh. Bíd
na daoine bochta ag meadhamh do ghnáth go ffuil nídh éigin
faoi na cómharthadhaibh grádh dogheibhid ar gach taobh, gur
fiú é fonn do bheith ionn, gidheadh, ní féidir leo a rádh
godé an nídh é, ionnas nách bíonn críoch go bráth ar an ffonn
a bhíos aca, acht a ccroidhthe dá ngearradh agus dá ppianadh
re héad, re héadóthchas agus re mí-chiúnas. N. Greagóir
Nasiansen, ag labhairt ar na mnáibh, a sgríobhaidh sé neithe
oirdheirce do bhainionn le mnáibh agus le fearaibh, ar son


L. 195


gurab ar na mnáibh amháin atáid siad a labhairt. Ag
seo mar adeir: Is leór do sgéimh nádúrtha dho tfhear
féin, gidheadh, má's mian leat a síneadh mar a síntear
líon dochum éin do ghabháil agus más mian leat taithneamh
le mórán dfhearaibh, cread dothiucfas as san? Biadh
taithniomh agat ar an tí dogheabhas taithniomh ar do sgéimh,
féuchfadh (aidh) tu air, do chion gur fheuch ort,
cuirfeadh (fidh) tu do shúil ionn do bhrígh gur chuir a shúil
ionnat agus as san tiucfadh (aidh) fáth gáire agus briathra
geanamhla, ar ttúis ós ísiol agus gan fhios, agus ní fada
ina dhiaigh sin go ndeuntar muintiordhas éigin leo,
agus as san tiucfadh (aidh) dochum cómhráidhte agus cainnte
díomhaoine. Ó mo theangaidh labharthach! Ar a shon san
a déaradh (aidh) me an fhírinne seo nách ffuil aon nídh dá
labhraid ógánaigh agus mná re chéile nó dá ndeunaid
as an ngean amaideach san dobheirid dá chéile, saor aca
ó pheacadh, óir greamuighid dá chéile leis an ngean mbeag
ndíomhaoin so mar do leanas an tiarann don Maignéit
(d'bhonn). Is maith oirdheirc na briathra úd an Easboig
naomhtha. Cread is mian leat do dheunamh annso? An
mian leat grádh do ghluaiseacht a nduine oile? Ní mian.
Bíodh a fhios agat gidhbé do ghluaisfeas duine oile
dochum grádh a bheith aige, go ngeabhthar é féin san líon
céadna go haithghearr! San imirt seo gidhbé dobhéarfas
caillfidh. An tan do curthar teine a ngar don luibh darab
ainm Aproxis gabhann í a ccéadóir. Mar sin a bhíonn
croidhe an duine ar ttabhairt fá dhear dho go ffuil duine
oile lán dá ghrádh mar an ccéadna. Acht adéaradh (aidh)
tu nách mian leat acht grádh beag éadtrom do ghabháil.
Och! atá tu ar seachrán óir is gníomhaighe agus is mó do
thollann an teine seo an ghrádh nách measann agus nách
saoileann tu a bheith san ndrithle, acht budh hiongna
leat le nómaint gur ghabh tighearnas ar do chorp uile,
agus go ndéanann luaithreamhán agus gaoth ded' chlú


L. 196


agus ded' dheagh-rún. Ag seo mar adeir an tEagnaidhe:
“Cia ag a mbiadh truaigh don fhior ceoil do loit an nathar
nimhe nó má loit an nathar nimhe é. Agus adeirim ribh
gurab amadáin éigcríonna sibh má mheasann sibh ceól
agus caithiomh aimsire do dheunadh leis an ngrádh mar is
mian libh féin. An tan is mian libh súgradh agus caithiomh
aimsire do dheunadh ris an ngrádh cuirfeadh sé cealg
ionnaibh, agus bainfeadh sé greim asaibh. An feas díbh
cread adeirid daoine oile libh, beid a magaidh (adh) oraibh
ar an adhbhar gur mian libh caithiomh aimsire do dheunadh
de'n ngrádh, gurab nathar nimhe díoghbhálach é atá a ffolach
ionn bhúr nucht agus do chuirfeas nimh ar bhúr nanam agus
ar bhúr cclú.



A Dhé! cread é an díthcéille, an brígh is uaisle atá
ionn ár nanam do chur ionn a leithéide sin de chontabhairt
a bpeiriacail a chailleamhuint ar aon urchur dísle. Is
dearbhtha gurab ar son a anama atá gean ag Dia ar an
duine, agus ar an anam ar son na toile, agus ar an ttoil
ar son an ghrádh. Och, mo thruaighe! godé a fhaid atámaoid
ón ngrádh budh chóir dhúinn a bheith againn ar Dhia! Och!
ní ffuil críoch ar fhaid atámaoid uaidh! Agus ní leór
linn sin, acht re mire agus mí-chéill caitheamaoid ár ngrádh
a neithibh eolbhaoiseacha, amadánacha, nách bíonn sochar ar
bith ionnta amhuil agus go mbeith fuighioll mór de'n
ngrádh aguinn; acht Dia mór atá ag iarraidh grádh ár
nanamann uile do bheith aige féin do bhrígh gurab é féin
do chruthaigh, do choimheud agus do cheannaigh iad, bainfeadh
(fidh) sé cúntas cruaidh geur dhinn ar son gach grádh
díomhaoin dá mbiadh againn, agus má bhainionn sé
cúntas de dhuine ar son gach bréithir díomhaoin dá
laibheoradh (aidh) sé ar an saoghal so, godé chomh cruaidh
agus an cúntas a bhainfeadh (fidh) sé dhinn ar son an
chumainn fhallsa bhreugaigh, éigcríonna, díoghbhálaighe?


L. 197


Atá an coll díoghbhálach don fhineamhuin agus don ttalamh
ionn a ccurthar é, do bhrígh an tan fhásann go hárd go
ttarraingeann sugha na talmhon chuige féin, ionnas nách
féidir lé oileamhuint do thabhairt do luibhionnaibh ná
do phlanndadhaíbh oile. Fós atá a dhuilleabhar tiugh leathan,
ionnas go ndeunann sgáile mór, agus tarraingionn fós
na daoine bhíonn a gabháil an tslighe, dochum na ccnódh
a bhíonn air do leagadh le clochaibh agus le maidighibh,
ionnas go millid re na ccosaibh gach nídh dá mbíonn
curtha ina thimchioll. Mar sin a bhíd na mion-ghrádha
so bhíonn ionnsa ccroidhe, doghnídhid dochar mór agus
díoghbháil, óir líonaid é go hiomlán agus tarraingid
a bhrígh agus a ghluaiseacht uile chúcha féin, ar módh nách
bíonn iomchúbhaidh dochum deigh-ghníomha ar bith do dheunadh.
Isé is duilleabhar dóibh caidreamh agus cómhluadar
díomhaoin agus finnsgeula le a ccuirid a ngrádh féin
a ccéill dá chéile, agus le a ccaithid a naimsir gan toradh
gan tairbhe, agus ina dhiaigh sin dothig an oiread san de
chaithighibh orra agus de bhuairt, go múchtar agus go
sgriostar an croidhe go hiomlán. Fá dheoigh díbrid na
mionghrádha so, ní hé amháin grádh na neitheann neamhdha,
acht fós eagla Dé go hiomlán as a nanam, lagaigheann
agus bainionn a brígh as a spioraid, agus d'aon fhocal,
(is?) an-mhian cúirteoir iad, agus bás anama.



Caib. 19.



Bíodh grádh carrthannach agat go coitchionn ar an uile
dhuine, acht ná deuna cumann speisialta re duine ar bith,
acht ris an tí do laibheoras leat ar neithibh maithe spiora-
dálta, agus ní ffuil, dá oirdheirce dá mbeid na
subháilceadha ar a mbiaidh sibh a trácht, nách móide a bhias
an cumann foirfe subháilceach é. Má's ar neithibh foghluma


L. 198


a bhiaidh sibh a trácht is maith é. Gidheadh, is feárr an cumann
a bheith ag labhairt ar na subháilcibh .i. an gliocas gan cheilg,
neart gan fóirbhrígh, ceart gan locht, agus measardhacht.
Acht má's ar an ngrádh, ar an ccrábhaidh (adh) agus ar an
ffoirfeacht croidhe a bhias sibh a tráchtadh ionn bhúr ccómh-
luadar, Ó a Dhé íodhain, godé uaisle an chómhluadair
sin agus an chumainn! Is dearbh go mbiaidh sé ró-mhaith,
óir is ó Dhia dothig, ós ar Dhia atá sibh ag tráchtadh, agus
isé féin do cheanglas é, agus mairfeadh (fidh) go síorruidhe
a nDia. Godé a ghlórmhaire agus a onóirighe grádh a
bheith ag duine ar an ttalamh mar dobhíos aige ar neamh,
agus foghluim ar an saoghal so grádh do bheith againn dá
chéile mar dobhias againn tré bhioth shíor. Ní ffuilim ag
trácht ionnso ar an ngrádh choitchionn is cóir dhúinn a
bheith aguinn do na nuile dhuine, acht ar an ccumann
spioradálta ionn a cceanglann dís nó triúr, nó uimhir
is mó ioná san re chéile a ccrábhaidh (adh) agus a ngrádh
spioradálta, ag léigeann a rúin le chéile, amhail agus
ná beith acht aon chroidhe agus aon anam amháin ionnta,
ionnas go mbadh féidir leó a rádh ris an Salmadóir:
godé sáimhe agus taithniomhaighe do dhearbhráithreachaibh
a bheith mar aon, agus sin go fírinneach, óir go ndoirtid
balsom deaghbholaigh an chrábhaidh ó chroidhe go croidhe, ar
mhódh gur féidir linn a rádh gur dhoirt Dia a bheannocht
ar an ccumann so tré shaoghal na saoghal.



An uile chumann eile ina chompráid seo, ní ffuil ionnta
acht sgáile cumainn agus cuibhreach deunta dhe ghlainíbh
nó de theudaibh dubhán alladh, acht amháin an cumann so
an naomh-chrábhaidh atá arna cheangal re slabhradhaibh órdha
do-bhriste.



Ná togh cumann ar bith oile dhuit féin acht an cumann
so; gidheadh, ná tréig agus ná tabhair tarcaisne ar an
ccumann atá dfhiachaibh ort ó nádúir, ná don mhuinntir
do chuir comaoin ort, mar atá do shinnsiordha, do lucht


L. 199


gaoil agus na daoine dorine maith ort, óir ní tu féin
do thogh na cumainn seo dhuit.



Adéaraid mórán leat nách cóir dhuit grádh ná cumann
do bheith agat re haon duine fo leith, do bhrígh go mbiaidh
hinntinn uile gabhtha ris sin, agus go ccuirfeadh (fidh)
buairt ar a spioraid, agus go ttiubhradh (aidh) tu adhbhar
tnútha do dhaoinibh oile; acht gidhbé dobheir an chómhairle
sin duit, atá sé ar seachrán, óir, an nídh do leughadar
ionn a leabhraibh spioradálta, ag Ughdaraibh naomhtha diagha,
do bheith toirmiosgtha ar dhaoinibh riaghalta .i. cumann
speisialta nó grádh neamhghnáthach do bheith ag cuid díobh
ar a chéile, agus measaid go ffuil áit aige idir dhaoinibh
oile. Acht is mór an difir atá eadorra, do bhrígh gurab
a mainistir riaghalta ionn a ffuilid beusa maithe ar
ccongmháil, atáid na daoine riaghalta uile go coitchionn
ag tarraingt ar shlighe (an chr) na crábhaidh, ionnas nách
dlisdionach dóibh an cumann speisialta so do dheunadh,
d'eagla go mbeith aon duine aca go haonracánach an nídh
(i ní?) atá go coitchionn ag cách uile, agus as san go
ttiucfadh dhóibh cliath ar leith do dheunadh, agus cuid ar
leith agus cuibhrionn d'iarraidh. Acht gebé atá san saoghal
agus re ar mian dol ar aghaidh san ccrábhaidh (adh) agus a
subháilcíbh, is riachtanach do an cumann so do bheith aige re
duine oile ag á mbiaidh an fonn céadna, ionnas go
ttugadaois misneach agus congnamh dá chéile dochum
neithe maithe do chur a ccrích. Agus mar nách bíonn
riachtanas ag an muinntir a bhíonn ag siubhal ar an ttalamh
tirim socair re na lámhaibh a thabhairt dá chéile dochum
fuireach ina seasamh, mar dobhíonn ag an mhuinntir a bhíonn
a siubhal ar thalamh bhog shleamhuin, dochum a ccos do chur
a ngreim, is mar sin nách riachtanas don mhuinntir atá
a ttighthibh riaghalta, an cumann speisialta so do bheith
aca. Acht is riachtanach do na daoinibh riaghalta é darab
éigionn slightheacha contabhairteacha an tsaoghail do shiubhal.


L. 200


Ní haon scópa amháin atá ag daoinibh an tsaoghail, agus
ní hionann rún agus spioraid atá aca; dá bhrígh sin is
riachtanach dhúinn cumann d'iarraidh a bhias oireamhnach
dár rún agus dár ninntinn féin, agus ar son go mbeith
aonracántacht éigin ionnso, atá sí sin beannaighthe naomhtha,
agus ní ffuil deaghlughadh ná sgaramhuint ann acht mar do
sgartar an tolc ris an mhaith, na caoire ris na gabhraibh,
na ladráin saithe ris na fíorbheachaibh.



Ní féidir le duine ar bith a rádh nách mó an cumann agus
an grádh do thaisbeán ár Slánaightheoir d'Eoin Soisgeulaighe,
do Lasarus, do Mharta, do Mhuire Mhaigdelean, ioná
thaisbeán do mhórán oile. Is follus fós go raibh grádh
ag Peadar ar Marcas Soisgeulaighe, agus ar Phetronila,
mar dobhí ag Pól ar Thimoteus agus ar Theacla. Molann
go minic N. Greagóir Nasiansen an cumann agus an
grádh dobhí aige féin agus ag N. Basilus ar a chéile. Ag
seo mar do labhrann air: Dar leat ní raibh acht anam
ionnainn araon ag tabhairt beatha dár ccoirp. Agus ar
son nách cóir a chreideamhuin go ffuil an uile nídh ionn
gach aon nídh, gidheadh, is féidir a chreideamhuin go
rabhamairne ionn a chéile agus gach duine san duine oile,
óir is ionann scópa dobhí againn .i. freachnughadh na
subháilceadh agus rún ár mbeathaidh (adh) do cheangal ris
an mhaith shíorruidhe, agus an talamh marbhthach do thréigionn
roimh ár mbás. Adeir N. Abhaistín go raibh grádh
eugmhaiseach ag N. Ambrós ar N. Moinioca ar son na
subháilce speisialta dobhí innte, agus go raibh an grádh
céadna aicisi ar N. Ambrós, amhuil agus go mbadh
haingeal ó Neamh é.



Acht cad ? fá na ffuilim a dheunadh de mhaill ag nídh
ró-fhollas, an uair dobhí an cumann speisialta so ag na
daoinibh naomhtha so síos .i. Jeronimus, Augustinus,
Gregorius, Bernardus agus mórán oile. A deir fós
N. Tomás agus na feallsamhuin go coitchionn gur subháilce


L. 201


an cumann. Is ar an ccumann áirithe atáid ag labhairt,
óir ní mheasann sé gur féidir do mhórán de dhaoinibh
cumann iomlán do bheith aca; dá bhrígh sin ní ffuil foir-
feacht ar bith do dhuine gan cumann do bheith aige, acht gan
a bheith aige muna raibh go maith beannaighthe.



Caib. 20.
Don diffir atá idir an Cumann fírinneach agus an
Cumann eolbhaoiseach.



Is maith oirdheirc an teagasg dobheirim dhuit annso,
óir mar is peiriaclach do dhuine mil ar a mbeith nimh do
ghlacadh a riocht mealla fulláine, nó iad araon do ghlacadh
arna ccumasg, d'eagla na droichmheala do bhreith buaidh
ar an mil mhaith; is mar sin is cóir dhúinn a thabhairt dár
naire go grinn nách biadhmaois meallta ionn ár ccumann,
go háirighthe san ccumann a bhíos idir fhearaibh agus
mhnáibh, óir gidhbé cúis as a ttionnsgnaid a ccumann,
is minic do chlaochlós an diabhal grádh na muinntire ag a
mbíodh gean ar a chéile. Tionnsgnaid ar ttúis le grádh
agus muna raibh ar a ccoimheud go maith do deuntar
grádh eolbhaoiseach go haithghearr de; ina dhiaigh sin grádh
baoth, agus fá dheoigh grádh collaighe. Ionnsa spioradáltacht
féin fós, atá peiriacail muna raibh an duine forachair
coimheudthach, ar son gurab anamh a bhíonn; do bhrígh,
tré ghlaine na deighinntinne dobhíonn faoi, ar an adhbhar
go mbraitheann cealga an diabhail agus gach truailligheacht
is mian leis do chumasg ionn, agus uime sin tionnsgnann
go caol geurchúiseach an duine do tharraint gan fhios gan
mhothughadh dho féin, nó go raibh meallta.



Ag seo an módh ar a naitheantar an cumann saoghalta
tar an ccumann subháilceach, mar a haitheantar an mhil


L. 202


ar a mbíonn nimh tar an mhil fhulláin, óir bíonn sí níosa
mhilse agus níosa deaghbhlasta ris an tteangain ioná
an mhil choitchionn, do bhrígh an dathogha (dáthabha) as a
ccruinnighthear í, go ttugann mílseacht di thar mhil oile.
Is mar sin a bhíonn cumann an tsaoghail; bíonn taithniomhach
re hiomad cómhráidhte agus briathar milis re a mbíonn
an dá rann ag foillsiughadh a ngrádh agus a ngeana dá
chéile. Dobheir fós an sgéimh corpardha agus gach tiodhlaice
nádúrtha dá mbíonn ag duine, congnamh grása dho. Acht
an Cumann beannaighthe ag á mbíonn teangaidh ghlan
fhírinneach, ní feas dó nídh ar bith eile do mholadh acht na
subháilce agus grása Dé, óir isiad san is aon bhunudhas
do, agus mar do chuirionn an mhil nimhe ar ar labhramair
shuas, buairt ar an cceann an tan dothéighionn sí san
ngaile, is mar sin do chuireann an cumann fallsa buairt
ar an spioraid, agus fós cuirionn an gheanmnuigheacht
agus an chrábhaidh (crábhadh) a ccontabhairt, ionnas
go ttarraingeann an duine diagha a ndiaigh a chéile dochum
amhairc chiúirialta, mhailísigh, ghrádhaigh, mhí-órdaighthe, agus
dochum a lámha do chur fá bhrághaid a chéile, dochum
cómharthaighe fábhair do thaisbeánadh dá chéile, .i. osnadhach
éigcríonna agus mion-ghearán, amhuil agus nách beith
grádh aca ar a chéile, dochum mion-chleasuigheachta
geanamhla, dochum foinn dfhagháil ionnta, mar atá deagh-
labhairt do thaisbeánadh, póg d'iarraigh agus do ghlacadh,
muinnteardhas agus fadhbhar neamh-órdaighthe, ar mhódh
gur cómhartha cinnte iad san go ffuil an gheanmnaigheacht
a nguais a caillte. Acht cumann naomhtha, ní ffuil aige
acht súile beannaighthe náracha, agus ní ffuil cómhartha
grádh aige, acht cómharthaighe glana geanmnaighe; óir ní
ffuil muinntiordhas aige, acht an méid do bhainionn ris
an spioraid, ní ffuil gearán aige acht fá gan a ghrádh do
bheith ar Dhia, agus ní ffuil aon nídh díobh so nách cómhartha
cinnte macántacht é.


L. 203


An mhil ar a ndubhramair an nimh do bheith, cuireann sí
ceó ar na súilibh, agus mar sin is cómhartha í ar an ccumann
shaoghalta; ionnas gidhbé do ghabhthar leis, bíodh gurab
olc an nídh dobhias sé a dheunadh, go measann gur nídh
maith é, agus ní mheasann ciall ar bith do bheith ina aghaidh,
ná leithsgeul, agus na briathra do chúm as féin, bíonn
fuath aige ar an solus agus grádh ar an ndorchadas. Acht
an Cumann naomhtha, atá súil gheur aige, agus ní cheileann
é féin ar dhaoinibh maithe. Faoi dheoigh fúigfeadh (fidh)
an mhil úd ar a mbíonn an nimh, an beul searbh, agus mar
an ccéadna doghnídh an cumann fallsa, óir tuitfeadh (fidh)
sé a mbriathraibh agus a ccómhluadar chollaighe; agus
má gheibhionn diúlta ionnso, tionnsgnann sé re heud,
re masladh, re hanchainnt, re tuirse agus re buairt,
ionnas go ttig mire bhrúideamhuil ar uairibh as. Acht
an cumann geanmnaighe, bíonn sé sármhacánta, so-
ghrádhach, soineanta de ghnáth, agus dothéighionn ar
aghaidh a ffoirfeacht agus a ccomh-cheangal an dá rann le
chéile, ionnas nách fuil ionn acht deallradh fhírinneach an
chumainn bheannaighthe le a ffuilid caithreoirighe na fflaithios
a ccomh-cheangal re na chéile.



Sgríobhann N. Greagóir Nasiansen, an tan do thógbhann
coileach na péacóige a earboll, agus doghnídh rioth dhe,
agus ris an nguth do léigionn as annsoin, go ngluaiseann
na cearca chum drúise. Mar sin, an tan dochídhmíd fear
ar bith dá thaisbeánadh féin go deas deigheudaighthe, agus
(ag) dol ris an ccumadh soin ag caint agus ag
cómhluadar le mnaoi, nó le cailín nách beith dúil aige
ionn a pósadh, acht a cluasa do líonadh le briathraibh
suirgheacha, is dearbh gurab é is rún do a mealladh agus
a tarraint dochum an-toile collaighe, acht druidfeadh
an bhean mhacánta a cluasa d'eagladh go ccluinfeadh
fuaim gutha na péacóige nó an mhealltóra so atá ag iarraidh
a mealladh go cealgach. Gidheadh, má éistionn ris, is


L. 204


cómhartha é go ffuil a hanam a nguais a chaillte. Na
daoine óga doghnídh gníomhartha éadroma, dobheir
cómhartha grádh uatha re bréithribh agus nách maith leó a
nathair nó a máthair, nó a ffear pósta nó a mbean phósta,
nó a noide faoisdine dá ffaicsint ná dá ccluinsint,
acht ris sin braithid iad féin nách nídh macánta atáid do
rádh ná do thriall (-ail). An Mhaighdionn bheannaighthe
Muire, ar fhaicsint an Aingil di a cclódh fir, do chriothnaigh
sí, mar dobhí ina haonar, agus go raibh dá moladh go
ró-mhór, ar son gur moladh neamhdha dobhí sé a thabhairt
di. A Dhé íodhain, má dobhí faitchíos ar an nGeanmnaigheacht
fhíorghlain roimh an Aingeal dochonairc sí a cclódh fir,
cread an fáth nách beith eagla agus criothnughadh ar an
nGeanmnaigheacht nách fuil glan, dá ffaicfeadh sí fear
a cclódh aingil ag tabhairt molta dhaona nó eolbhaoisigh
dhi.



Caib. 21.



Acht godé an liaighios atá a naghaidh na ccumann cclaon
agus na ngrádh neamhghlan so atá ina ffréamha ag iliomad
olc oile? Atá, chomh luath agus a mhothóchas tu iad ag
tionnsgnadh, fill tu féin don ttaobh oile gan mhaill agus
gabh fuath agus gráin adhbhalmhór ar an ndíomhaoineas agus
teith ar choimirce chroiche ár Slánaightheora, agus beir
greim ar an ccoróin spíne agus didhin do chroidhe lé,
ionnas nách ttiucfadh na seanagha beaga san a ffogus
duit. Ná deuna connradh ná tráchtughadh ar bith ris an
namhaid seo, agus ná habair: “Éistfeadh (fidh) me ris,
gidheadh, ní chuirfead aon nídh a ngníomh dá ndéarfadh (aidh);
dobhéarfad mo chluas do acht druidfead mo chroidhe.”
Bíodh a fhios agat ar son Dé, gach nídh dá ttéighionn asteach
ar an ccluais, go ttéighionn gus an ccroidhe, agus nách
deacra an sruth do thuiteas de mhaoil sléibhe do thoirmiosg,


L. 205


ioná an grádh do ghabhann an chluas a thoirmiosg go ttéighionn
san ccroidhe. Sgríobhann Abineon gurab as a ccluasaibh
a léigid na gabhair a nanál amach, acht diúltann
Aristotelus san; gidheadh, bé atá ag á ffuil an fhírinne,
atá so dearbhtha, mar is le ár tteangthaibh a léigeamaoid
ár rún le daoinibh oile, mar sin gurab ar ár ccluasaibh
do ghabhmaoid agus thuigeamaoid rún cháich oile. Uime
sin coimheudamaois go maith ár ccluasaibh ionnas nách
rachaidh aon nídh daor ná briathar díomhaoin éigcríonna
asteach ar a ndóirsibh, óir má théid, dodheunadh (faidh) a
ngaoth agus a nanál an croidhe truaillighthe a ccéadóir.
Ná héist go bráth le cómhrádh mí-mhacánta ar bith, gidhbé
hadhbhar nó úcáid as a mbiaidh dá rádh. Ionnsa ccás so
amháin, ní holc acht is maith, duine do bheith iarccúlta
mí-chineálta.



Cuimhnigh gur fhoráil tu do chroidhe do Dhia agus gur gheall
tu do ghrádh uile dhó, dá bhrígh sin, ní ffuil acht slad neitheann
choisreagtha (ceallargain), cuid dá loighead do bhaint
díobh so, agus ní hé sin amháin, acht déin míle rún agus
móid go nuaidh re foráil agus le híodhbairt do dheunadh
dhíot féin do; agus, mar dobheitheá ar uaigneas, guidh
congnamh Dé agus dobhéarfadh (aidh) gan chontabhairt,
fortacht duit; agus biaidh an grádh atá ag Dia ort, mar
sgéith dod chaomhnadh chum do ghrádh a bheith beó go síorruidhe.



Má do thuitis ionn sna líontaibh seo an chumainn fhallsa
agus an ghrádh eolbhaoisigh, is deacair dhuit tu féin a
réighteach asta. Uime sin cuir tu féin a ffiaghnaise na
Mórdhachta diagha agus admhaigh go humhal meud do
bhoichteacht agus do laige, agus t'eólbhaoise éigcríonna,
agus an mhéid gur féidir leat é, le brígh agus neart
hanama, fuath do thabhairt don ngrádh eólbhaoiseach do
thionnsgnais, agus cuir droim ris an ccumann fhallsa
agus diúltaigh do gach gealladh dá ndeárnais nó dá
ndeárnadh dhuit, agus re toil agus re misneach uasal


L. 206


bríoghmhar, ceangail agus cuibhrigh hinntinn féin agus
gabh rún daingeann gan filleadh go bráth ar an ccumann
ccéadna.



Is maith fós an chómhairle, gidhbé céile cumainn agus
grádh dobhí agat do sheachnadh, an méid gur féidir leat é,
óir gidhbé ar a mbiaidh loit ó nathar nimhe, ní furas a
liaighios má bhíonn aon duine a láthair do loiteadh roimhe
sin ó nathair nimhe; mar sin gidhbé atá loitighthe ón ngrádh,
ní furas a liaighios an feadh bhias do láthair an duine ar
a ffuil an nídh céadna.



An áit do chlaochlódha, dobheir congnamh mór dochum
teasa an ghrádh, an mhíchiúnais, agus an doilghís do
thraothughadh agus do chosg. An tógánach eolbhaoiseach
ar a labhrann N. Ambrós san dara leabhar de'n aithrighe,
iar fhágbháil a dhúthaigh agus a thalmhon féin do tréimhsi
fhada, na grádha eolbhaoiseacha dá raibh tabhartha, do dhíbir
iad go hiomlán, ionnas ar tteacht abhaile dho, agus ar
tteagmháil don leanán dobhí aige roimhe sin ris, d'fhiafraigh
sí dhe ar aithin sé í, ag rádh ris: “Mise atá agat.”
“Creidim,” ar sé, “gur tusa thu féin, acht ní mise me féin.”
Is deimhinn gurab é a bheith a ffad as a hamharc dorinne
an claochló sona so ionn. Sgríobhann N. Abhaistín
air féin, dochum an doilghís dobhí air fá bhás a athar do
loigheadughadh, gur fhág an áit ionn a ffuair bás, agus go
ndeachaidh go Cartage.



Acht cread dodheunfas an tí nách féidir leis an áit
dfhágbháil ná do sheachnadh? Seachnach (dh) sé an uile chumann
agus chomhluadar phríomháideach ós ísioll, mar atá, sméide
súl agus an uile chaidreamh agus chumtha geana, do
dhúisgfeach (dh) an teine thruaillighthe sin na hantoile, agus
fós an uile nídh do ghluaisfeach (dh) chúiche é do thréigion,
acht má's riachtanach do labhairt ris an dara rann, ná
bíodh atharughadh d'inntinn aige, acht dochum a chur a
ccéill do go tromdha aithghearr, gur dhealaigh re na chumann


L. 207


go síorruidhe. Uime sin deirim ris an uile dhuine do
thárlaigh ionn a ccochall, nó a líon na ngrádh neamhghlan
so, agus adeirim arís go follus, an cuibhreach atá orra
do sgaoileadh, do bhriseadh agus do ghearradh. Ní ar
bheagán agus ar bheagán is cóir an cumann fallsa do
sgaoileadh acht a raobadh, agus ní snaidhm is cóir do bhuain
de acht a ghearraidh (adh) agus a bhriseadh, óir níl feidhm
ar bith ar a théadrach ná ar a cheangal, agus ní cóir imtheacht
go cineálta ris an ngrádh atá bun-ós-cionn do ghrádh Dé.



Má deir tu, iar mbriseadh na slabhradh mallaighthe agus
na nglas ttruaillighthe seo dhom, an ffúigfid a lorg
fealltach agus a ccómharthaighe ar mo chosaibh .i. go ffanfadh
nídh éigin dá ffonn ceangailte dom inntinn? Acht is
dearbh nách fhanfadh má ghabhann tu an oiread fuaithe agus
gránach ar an olc dorinne tu agus do thuill tu, agus
má bhíonn an fuath agus an ghráin mar sin, ní mhothóchadh (aidh)
tu gluaiseacht ar bith ionnat nách biaidh onóireach, re a
mbiaidh fuath agat ar an ngrádh coirpthe úd agus ar gach
nídh dá mbaineann ris, agus biaidh tu saor ó an uile fhonn
agus claonadh dá raibh agat don dara rann, agus ní
mhothóchaidh tu acht fonn agus grádh fíorghlan ar son Dé.
Acht má dothig as neamhfhoirfeacht an doilghíosa dobhí
agat, gur fhan claonadh ar bith ionnat, gaibh uaigneas éigin
spioradálta dhuit féin chomh minic agus is féidir leat é
do réir an teagaisg a fuair tu shuas, agus ionnsan
tóig tinntinn go minic dúthrachtach dochum Dé agus
diúltaigh agus cur suas ód chroidhe agus ó inntinn de
na claontaibh sin. Leugh leabhar spioradálta agus deuna
faoisdin agus comaoineach níosa mhionaca ioná budh
ghnáthach leat, agus léig do rún go húmhal glan le toide
faoisdine nó le duine éigin oile iomchubhaidh críonna,
má's féidir leat é, agus ná ceil aon nídh orra dá ffuil
ag cur buaidheartha nó cathaighthe ort, agus bí dearbhtha


L. 208


go saorfadh (aidh) Dia thu ód' bhruid má leanann tu go
seasamhach don ffreachnughadh san.



Acht adéarfadh (aidh) tu gur mór an díombuidheachas
agus an mí-chineál an cumann a cheangail tu a bhriseadh
go hobann. Is taithniomhach beannaighthe an díombuidheachas
so, doghnídh sinn taithniomhach do Dhia, agus ní díom-
buidheachas é acht tiodhlaice mór dhon té ag á raibh grádh
ort, óir an tan do bhris tu do chuibhreacha féin, do bhris
tu an ceangal dobhí air sin, do bhrígh go rabhadar coitchionn
díbh araon. Agus bíodh nách ttugann sé dá aire do láthair,
an sochar dothig do as, tuigfeadh (fidh) é ina dhiaigh sin
agus dobhéarfadh (aidh) buidheachas do Dhia mar aon leatsa
ag rádh: “Do bhris tu mo chuibhreach, a Thighearna, dodheuna
me íodhbairt molta dhuit agus goirfead ar hainm
beannaighthe naomhtha ar feadh mo shaoghail.”



CAIB. 22.
Teagaisg oile do thráchtann ar an ccúis ccéadna
so an Chumainn.



Is mór an caidreamh iarras an cumann ar an aos grádh,
agus gan san ní féidir do bheith ann, agus as san dothig
go léigid as an ccaidreamh gnáthach san an chumainn,
mórán dá rún le chéile, agus go ndoirtid a ngrádh a
ccroidhe a chéile, agus isé uair is mó doghnídhid sin, an
tan dobhíos meas mór aca ar an tí dá ttugadar a ngrádh,
agus annsan nochtaid a ccroidhe dho, ionnas go ttarraing-
idís a rún agus a ghrádh orra, má olc nó maith iad. Na
beich doghnídh an mhil ar a mbíonn nimh, ní mian leó a
dheunadh acht mil. Gidheadh, sughaid gan mhothughadh dhóibh
féin, brígh agus cáiligheacht na luibhe nimhe. Uime sin is
cóir dhúinn freachnughadh maith do dheunadh de'n ccómhairle
úd ár Slánaightheóra, adeirim go minic: “Bhidhighe mar


L. 209


cheárdaibh maithe” amhuil adéarfach (dh) leo: “Ná gabhaidhe
ór ná airgiod fallsa a náit óir nó airgid mhaith.” Is maith
an chómhairle sin, óir is tearc duine ar bith nách fuil neamh-
fhoirfeacht éigin ionn. Dá bhrígh sin is cóir dhúinn neamh-
fhoirfeacht ár ccompánach, mar aon re na ccumann, gan
diffir ar bith, do ghabháil chughainn.



Má tá compánach agat bíodh grádh agat air, agus ná
bíodh grádh agat ar lochtaibh ar bith dá ffuil ionn. An
cumann fírinneach, caidreamh na maithiosa iarrann sé,
agus ní hé caidreamh an oilc. Mar doghnídh an mhuintir
a bhíonn a cruinniughadh óir as sruth, tógbhaid an ghainimh
agus an tór ar an bport, agus sgaraid ó na chéile iad,
beirid an tór leó agus fágaid an ghainimh ina ndiaigh.
Ar an módh céadna gebé ag á mbiaidh cumann le na chéile
aca a maith éigin, ná leanach (dh) ceachtar díobh neamh-
fhoirfeacht an dara rann, acht sgaraid an ghainimh agus an
salchar uatha, agus ná léigid iad ionn a nanamnaibh.
Sgríobhann N. Greagóir Nasiansen ar dhaoinibh ag á
raibh grádh ar N. Basilius, agus re ar mhian iad féin
do chur a naon fhoirm leis go ccuiridís rómpa a bheusa
do leanmhuint san uile nídh, ní hé amháin san ffoirfeacht
dobhí ionn, acht fós san neamhfhoirfeacht, mar atá, labhairt
go mall agus nách bíodh a fhios aige cread dobhíodh a
dheunadh, agus ionn sa ccumadh dobhíodh ar a fhéasóig
agus ionn a shiubhal, ar an módh dochimíd fir phósta agus
mná pósta, clann agus aos cumainn, iliomad de neamh-
fhoirfeacht agus de chlaoncháiligheachtaibh beaga dá ngabháil
chúcha as fonn taithniomhach ris an ccuid eile, nó a lorg do
leanmhuint. Óir ní bhfuil duine ar bith nách fuil neamh-
fhoirfeacht éigin ionn féin, ionnas nách riachtanach dho
mionlochta dhuine oile do ghlacadh air, agus ní iarrfadh (aidh)
an cumann so, acht cuirionn dfhiachaibh orainne gach neamh-
fhoirfeacht dá ffuil ionnainn ar gach taobh, do leasughadh
agus do cheartughadh. Má tá neamhfhoirfeacht ionn do


L. 210


chompánach, iomchair leis go sámh, agus ná tabhair congnamh
dho chúiche, agus ná gabh féin uaidh ar aon chor í.



Ní ffuilim a labhairt annso ar an neamhfhoirfeacht
amháin, óir ní cóir dhuit peaca dfhulaing ná d'iomchar
ionn do chompánach, do bhrígh nách cumann ceart ná fírinneach
é. An tan dochí tu do chompánach ag déanadh peacadh
(aidh) agus gan furtacht do thabhairt do, mar nách compánach
fírinneach an liaigh dochídhionn duine ag fagháil bháis agus
é ar a láimh leigheas do thabhairt dó, agus nách ttugann
do é. An cumann beó, fírinneach, ní fhulaingeann sé
peaca a cceachtar de'n dá rann.



An tan do luigheann an Salamandar ar an tteine,
múchann í, mar sin, má dothig peacadh san ccumann,
brisionn agus sgaoileann é, acht má's peaca éadrom
é, cuireann an cumann féin ar ccúl a ccéadóir é, acht
má ghlacann freumh, agus cómhnaidhe do dheunadh san
nduine, ní ffuil cumann níosa mhó ann, muna raibh subháilce
fírinneach dá cheangal agus dá choimheud, ar mhódh nách
cóir do dhuine peaca do dheunadh ar son cumainn nó
cáirdis ar bith. Bíodh do charaid ina namhuid agat, an
tan is mian leis tu tharraingt dochum peacaidh, agus
abair nách fiú é cumann do chomhall do, gidhbé re ar mian
a chompánach do mhilleadh agus do tharraint ar shlighe a
dhamanta. Ní ffuil fós cómhartha is cinnte ar chomann
fhallsa ioná a dheunamh re duine lochtach, atá tabhartha
do pheacaidh, gidhbé ar bith gné pheaca é, óir má tá
an té re a ffuil cumann agat lochtach, is éigion an cumann
mar an ccéadna a bheith lochtach, do bhrígh nách fuil subháilce
ar bith mar bhunudhas aige.



An cumann dobhíos idir cheannaighibh chum sochair nó
éadála dfhagháil, ní ffuil ionn acht sgáile cumainn fhírinnigh,
do bhrígh nách de ghrádh na ppearsan féin doghnídhthear é,


L. 211


acht de ghrádh an tsochair agus na héadála. Faoi dheoigh
isiad na ráidhte seo an Sgruiptiúra naomhtha is fíorbhun
agus is uaithne fulaing do bheathaidh an Chríostaighe. A
haon díobh, adeir an tEagnaidhe: Gidhbé ar a mbiaidh
eagla Dé is maith an cumann dobhias aige. A dó dhíobh,
a deir N. Seum, eascairid do Dhia cumann agus cáirdios
an tsaoghail seo.



Caib. 23.
Do thráchtann ar fhreachnughadh chrádh an Choirp.



An mhuinntir a sgríobhann ar luibheadóireacht, adeirid
má ghabhann tu éinte iomlán agus focal éigin do sgríobhadh
air, agus a chur asteach ionn a bhlaosg féin arís agus a
dhruideadh air go deas cineálta, agus a chur a ttalmhuin
mar is iomchúbhaidh, iar ndeunamh crainn de nách biaidh
éinte dá ffásfadh (aidh) air nách beidh an focal céadna
sgríobhtha air. Uime sin, ní féidir liom teacht le módh
na muinntire re ar mian duine do cheartughadh nó do
leasughadh, do thionnsgnas ar ttúis le na ghruaig nó le na
éadach. Gidheadh, gidhbé le ar mian a bheatha féin do
leasughadh, tionnsgnach (dh) sé ó sna neithibh inmheodhanacha,
óir adeir a Thighearna: “Fillidh chughamsa ó bhur nuile
chroidhe.” Agus arís: “A mhic, bíodh do chroidhe dearbhtha
agam.” Do bhrígh mar isé an croidhe is tobar agus is freumh
dár nuile ghníomhartha, do réir mar dobhias an croidhe,
gur mar sin a bheid ár ngníomhartha. A deir an Céile
Diagha ag brostughadh ar an anam dochum grádha; cuir
me mar chómhartha ar do chroidhe agus mar chómhartha ar
do láimh. Is fíor san, óir, gidhbé ag a mbiaidh Críost
astigh ionn a chroidhe, biaidh sé aige san uile ghníomhartha
dá ndeunaidh sé don taobh amuigh. Dá bhrígh sin, is mian
liom roimh an uile nídh, na briathra beannaighthe naomhtha


L. 212


so do bheith sgríobhtha ionn do chroidhe: “Beatha agus sláinte
d'Íosa,” agus atá me dearbhtha, do bheatha a geintear as
do chroidhe, mar a geintear an tinnte as an mblaosg,
go mbiaidh an tainm céadna sgríobhtha ar gach gníomh dá
ndéanadh (aidh) tu, óir is iad is toradh dhi, agus má bhíonn
Íosa íodhain mhilis beó ionn do chroidhe, biaidh mar an
ccéadna san uile chor dá ccuirfeadh (fidh) tu dhíot, ionn
do bhéasaibh, ionn do lámhaibh, ionn do bheul agus ionn do
shúilibh, ionnas go mbadh féidir leat a rádh le Pól Apstol:
Atá mise beó, anois ní me acht Íosa Críost atá beó
ionnam. Faoi dheoigh, gidhbé dobheir buaidh ar chroidhe an
duine, dobheiridh sé buaidh ar an duine uile go hiomlán.
Acht an croidhe seo ó ar mian linn tionnsgnadh, is cóir a
theagasg agus a mhúnadh (mhúineadh) cionnas is cóir dho
gníomhartha uile an choirp do chumadh agus do cheartughadh,
ar mhódh go mbadh féidir linn a thabhairt dár naire nách é
amháin go ffuil crábhadh naomhtha ann, acht fós go ffuil
mar aon eagna oirdheirc agus discréid ionn. Dá bhrígh
sin gabh chughat go haithghearr na cómhairleacha agus na
haitheanta so síos.



Má's féidir leat trosgadh diomchur is maith le na
dheunamh é, fós a laethibh nách cuirfeadh an Eaglais dfhiachaibh
ort, tar an ccrích dochum ar órdaigh an Eaglais an trosgadh,
mar atá an spioraid do neartughadh a naghaidh anmhiana
na colna, agus iad do lagughadh; freachnughadh do dheunadh
ar an tsubháilce, agus níosa mhó de ghlóir do thuilliomh ar
neamh. Is mór an mhaith buaidh do bhreith ar an ccraos
agus sealbh na buaidh sin do chongmháil agus an corp
do chur faoi dhlighe an anama, a ccás nách déanamaois
iomad troisge, biaidh níosa mhó d'eagla ag ár namhuid
rómhainn ar son gur féidir linn trosgadh do dheunadh.
Budh ghnáth leis na Críostaighthibh a ttúis na hEaglaise gan
feoil d'itheadh Dia Céadaoin, Dia hAoine ná Dia Sathairn;
uime sin, gabhsa chughat lá éigin díobh san dochum troisge


L. 213


do réir cómhairle hathar spioradálta, agus mar do
tharraingios do dhúthracht féin chuige thu.



Adeirim annso an nídh do sgríobh N. Jeronimus dochum
mná dárbhainm Teta: “Ní thaithnigheann lem”, ar sé,
“trosga fada mí-mheasardha, go speisialta a ndaoinibh
óga nó maotha. Dochídhmíd gur gnáthach leis an asal a
bhíos cortha, an tslighe choitchionn do sheachnadh, agus dol
do leathtaoibh má's féidir leis é. Mar sin do na daoinibh
óga; dothéid a laige as iomarcadh troisge, go léigid
ina dhiaigh sin an srian go furas ris an ccraos. Bíonn
an fiaidh a ndá chás neamh-iomchubhaidh chum reatha. Ar
ttúis an tan dobhíos rómhéith, arís an tan dobhíos ró
thruaighe. Mar sin dúinne. Ní ffuil cás ar bith is mó
ionn a ttig caithighe orainn ioná an uair dobheireamaoid
an-shógh dár ccorpaibh, nó do lagaighimíd iad go hiomarcach,
óir doghnídh an sógh uaibhreach iad le saghail (? saill) agus
cuireann an laige le dochar iad a neudóthchas agus mar
nách féidir linn a smachtughadh an tan a bhíd lán dfhuil
agus dfheoil; mar sin ní féidir leó smacht diomchur ná
dfhulaing an tan a bhíd cnaoite breoighte. Easbaidh
na measardhacht so an troisge, an éadaigh róin agus
gach duaigh oile dorine mórán neamh-iomchubhaidh iomad
de bhliadhnaibh, chum oibreacha na carrthannachta agus
seirbhíse Dé agus na cómharsan do dheunadh, mar do
thárlaigh do N. Bearnárd agus do dhaoinibh oile, dothug
duadh agus crádh dá ccorpaibh féin ar ttúis, ionnas go
mbadh héigionn dóibh ina dhiaigh sin sógh agus saghail do
thabhairt dóibh. Is nídh so do cháineann N. Bearnárd go
mór dá thaobh féin. Is feárr dodhéanfadaois imtheacht
go measardha iomchubhaidh ris an ccorp, agus gan ualach
do chur air nách féidir leis diomchur, acht saothar iomchúbhaidh
do bhuain as, do réir choinghill gach aon duine.



Ní hé amháin an trosgadh, acht fós an saothar, do
bhreoghann agus do laguigheann an corp. Uime sin má


L. 214


tá an saothar atá agat riachtanach nó tairbheach dochum
glóire Dé, is feárr liom an saothar do ghlacadh dhuit ioná
pian an troisge, agus isí seo tuairim na heaglaise go
coitchionn, do shaorann duine ó na throsgadh ar a aithine
má bhíonn a deunadh saothair dothéighionn a nonóir do Dhia
nó a ttairbhe dá chómharsain. Bíonn duine le ar deacair
trosgadh do dheunadh, duine oile re ar deacair seirbhís
do dheunadh d'aos easláinte, cuaird do dheunadh ag
braghaibh, faoisdin d'éistiocht, seanmóin do dheunadh,
sólás a thabhairt do lucht dobróin, úrnaighthe do dheunadh
ná freachnughadh oile de'n tsórt san. Gidheadh, is tairbhighe
agus is mó luaidheacht gach saothar dhíobh so ioná an trosgadh.
Bíodh go ccuirionn gach cuid díobh so duadh ar an ccorp,
is mó an tairbhe atá ionn sa saothar a bhainios re hoibreachaibh
na trócaire. Uime sin, go geinearálta, is feárr brígh
agus neart an choirp do choimhéad ioná a chlaoidh go
hiomarcach, óir is féidir linn gach uair is mian linn, an
corp do lagughadh, acht ní féidir linn neart agus brígh
do thabhairt do mar is mian linn, má bhíonn cnaoidhte
nó breoighte.



Is mór an meas is cóir dhúinn do bheith againn ar na
briathraibh do labhair ár Slánaightheoir Íosa Críost re na
dheisgiolaibh féin, ag rádh: “Ithigidhe gach biadh dá
ccuirfior ionn bhúr ffiadhnaise.” Uime sin, measaim gur
mó an tsubháilce duine d'itheadh an bhídh dá ccuirfior
chuige go hórdaighthe, má dogheibh blas nó neamhbhlas air,
ioná biadh is measa ioná é d'iarraidh.



Ar son gurab é an módh deighionnach so is mó duadh
don ccorp, is ionn sa módh oile is lugha atá dá thoil féin
ag duine, óir, diúltaighean ris sin, ní hé amháin dá
bhlas féin acht fós dá roghain. Ní beag fós an duadh a
bhlas agus a fhonn féin do chur ris an uile bhiadh is luaithe
chuige. Fós ní ffuil so ró-dhíoghbhálach agus atá sé
ró-iomchúbhaidh don mbeathaidh choitchinn mhacánta. Biadh


L. 215


do dhiúltadh chum bídh eile dfhagháil, agus blas gach aon
bhídh dfheuchaint agus gach aon chuid de dfhagháil bruithte
go maith, nó deasaighthe go glan, agus breath ar leith do
thabhairt ar gach aon ghreim, is cómhartha dhuine shéimh bhanda
é, atá tabhartha dá bholg féin. Is feárr dorine N.
Bearnárd a d'ibh ola a riocht uisge nó fíona, ag meas
gurab uisge searbh dobhí aige, agus is cómhartha san náchar
fheuch cread a dh'ól, agus is freachnughadh iomlán na
mbriathar úd: ithe gach nídh cuirfighear ionn bhúr ffiadhnaise,
is ionn neamhshuim agus neamhchás do dheunadh de'n mbiadh
atá sé. Ní ffuilim ag labhairt annso ar an mbiadh do bheith
a naghaidh shláinte dhuine, nó fós dodheunfadh dochar dá
spioraid, óir is deimhin gurab iomdha sórt bídh doghnídh
dochar do dhuine agus nách deunann dochar do dhuine oile.
Ní labhraim fós ar mhórán de chásaibh oile ionn ar cóir
neart brígh a chur san nádúir, ionnas go m'fhéidir
lé saothar éigin dfhulaing dorachadh a nglóir do Dhia.
Is feárr measardhacht ghnáthach ioná trosgadh fada amh-
dheónach, agus ina dhiaigh sin, a rian féin do léigionn
ris an ccolainn a mbiadh nó a ndig. Sgiúirse a thabhairt
do chorp is adhbhal an brígh atá aige chum crábhaidh do
dhúsgadh san duine má gabhthar go measardha é. Is mór do
cheannsuigheann an téadach róin an corp acht cleachta
do dheunadh dhe. Ní ffuil sé iomchúbhaidh ag daoinibh atá
pósta nó ag á ffuil coimpléasg lag nó darab éigionn
saothar mór do dheunadh. Ar a shon san ionn sna laethibh
áirighthe dobhias aca le haithreachas do dheunadh, is féidir
leó a chur orra do réir chómhairle a nAthar sprideálta.
Atá an oidhche againn dochum ciúinis agus codlata
do réir mar is riachtanach do choimpléasg gacha duine,
dochum a bheith ina dhúsgadh go tairbheach san ló, agus ar an
adhbhar go nabair an Sgrioptúir go minic, agus go ffuil
sompla na naomh agus ár cciall nádúrtha féin dá theagasg
agus dá thaobhadh linn, éirghe go moch ar maidin, do bhrígh


L. 216


gurab í sin cuid is feárr agus is tairbhighe de'n lá uile,
fós san Sgríbhinn dhiagha go ngoirthear an ghrian ag éirghe,
dár tTighearna, agus an mhaidin go moch ag cómh-éirghe,
dá Mháthair bheannaighthe, measaim gurab iomchúbhaidh maith
re a dheunadh dol do chodladh a nam chum éirghe go moch
ar maidin, do bhrígh gurab í seo an aimsir is taithniomhaighe,
is fonnmhaire, is milse agus is lugha toirmiosg, ionn a
ffuil an éanlaith féin dár mbrostughadh dochum éirghe
agus Dia do mholadh, ionnas gur congnamh mór do shláinte
agus do naomhthacht éirghe ar maidin go moch, gidhbé
dodheunas gnás de.



Dochuaidh Balaam ar mhuin asail dochum dol fá dhéin
an Rígh Balac, acht mar nách raibh rún ná inntinn mhaith aige,
dobhí Aingeal Dé roimhe ar an tslighe agus cloidheamh
nochtaighthe ionn a láimh aige, chum a mharbhtha. Ar fhaicsin
an Aingil don asal do stad sé fá thrí, amhuil do bheith
easumhal. Ris sin dobhí Balaam ag bualadh an asail
go ró-ghéar dochum a chur ar aghaidh, gur thuit an tasal
faoi, agus maille re hiongna neamh-ghnáthach gur labhair
leis ag rádh: Cread dorinne me ort, cread fáth a ffuil
tu dhom bhualadh an treas uair? Do hosgladh súile
Balaam agus dochonairc an tAingeal, ag rádh ris:
Cread fár bhuail tu an tasal trí huaire? Muna mbeith
gur sheachain an tasal an tslighe re heagla rómham-sa, do
mhuirfinn tu, agus do bheith an tasal beo. Ionnsan
adubhairt Balaam ris an Aingeal: do pheacaigh me, agus
ní raibh a fhios agam go raibh tusa rómham. Feuch anois
gurab é Balaam budh chionntach ris an olc uile, agus ar a
shon san go raibh ag gabháil ar an asal bocht agus dá
bhualadh nó gur thuit faoi d'easbaidh brígh agus neirt.
Teagmhann so dhúinne go laetheamhuil. Má chídheann bean
a fear nó a mac tinn ar ball doghnídh trosgadh, cuirionn
éadach róin uirthe, dobheir sgiúirse dá corp féin mar
dorinne an Rí, Dáibhí, ionn a shamhuil sin de chás. Annso


L. 217


biaidh tu ag bualadh an asail .i. dobheir tu duadh dhod
chorp féin agus ní hé is cionntach ris an olc; agus Dia,
le feirg leat do tharraing cloidheamh amach at aghaidh.
Ceartaigh hinntinn agus an grádh éigcríonna atá agat ar
fhear, agus do léig iomad locht led' mhac, agus do chuidigh
ris a bheith uaibhreach, díomhaoin, sanntach. Duine oile, ar
ttuitim do a bpeacadh na colna, an tan a bhíos a choinsias
dá ghearradh astigh, dá spreagadh agus ag bagair cloidhimh
Dé air dochum eagla bheannaighthe do ghluaiseacht ann,
adeir sé: Ó, a chollainn (cholann) mhallaighthe! Ó, a choirp
neamhdhílis, is tu atá cionntach agus is tu do bhraith me,
agus ris sin tionnsgnann a chorp féin do sgiúrsadh go
cruaidh le hiomarca troisge agus duaigh oile do thabhairt
do. Ó, a anam bhoicht, dá mbeith caint ag an ccolainn,
mar dobhí ag asal Bhalaim, a déarfaidh (fadh) leat gan
chontabhairt: Ó, a anaim mhallaighthe, cread fá ffuil tu
dhom bhualadh? Ortsa atá Dia a bagairt díoghaltais do
dheunadh, agus is tu atá cionntach. Cread fár tharraing
tu me dochum luadair mhallaighthe, mhailísigh, thoirmisgthe?
Cread fár ghluais tu mo shúile, mo lámha agus mo bheul
dochum neitheann collaighe do thráchtadh? Cread an fáth
fá ccuirionn tu buairt orm le droch-smaointibh? Smaoin-si
ar neithibh maithe do ghnáth agus ní bhiaidh droch-chlaonta
ionnamsa. Déuna taithighe ar dhaoinibh geanmnaighe
macánta, agus ní ghluaisfidh antoil ar bith misi. Och, mo
thruaighe, is tusa do theilg me san lasair agus ní háil
leat í dom losgadh! Is tu do chuir an deatach fám'
shúilibh agus ní háil leat í dom dhalladh. Is dearbhtha go
naibeóradh Dia san ccás so: Buailighe bhúr ccroidhthe,
brisighe, gearraidhe agus brughaidhe iad óir is ina naghaidh
atá m'fhearg. Gidhbé re ar mian carra gearb do bhuain
dá chorp, ní hé amháin gur riachtanach do a chorp do nigheadh
agus fothraga do chur air, acht fós an fhuil agus na
féithe do ghlanadh. Mar sin, dochum ár nglanta ó na


L. 218


dubháilcíbh, is maith crádh agus duadh a thabhairt don ccorp,
acht roimhe fós, ní cóir dhuinn aon duadh do chur ar an
ccorp acht do réir chómhairle ár nAthar Spioradálta.



CAIB. 24.
Don ccómhluadar agus don Uaigneas.



Cómhluadar agus mórán muinnteardhais na ndaoine
d'iarraigh, agus an uile chómhluadar do sheachnadh, dá nídh
deighionnacha atá a naghaidh an chrábhaidh choitchionn ar a
ffuileamaoid a labhairt annso go sunnrádhach. Seachna
an uile chómhluadair, atá gné mí-gheana agus tarcaisne
ann don ccómharsain. A bheith fós ag iarraidh
muinntiordhais agus cómhluadair go saothrach is obair
dhuine fhallsa dhíomhaoin é. Atá dfhiachaibh orainn grádh
do bheith againn ar ár ccómharsain mar dobhíos againn
orainn féin, agus ionnas go ttaisbeánfamaois an grádh
san do, ná seachnaidheamaois a chómhluadar. Ionnas
go ttaisbeánfamaois grádh do bheith againn orainn féin,
gabhamaois uaigneas ar uairibh, óir is annsan atámaoid
againn féin an tan a bhíomaoid gan cómhluadar. Bíodh
cúram agat, ar N. Bearnard, adthimchioll féin ar ttúis,
agus ina dhiaigh sin fá chách uile, agus muna ffuil riachtanas
agat tu féin do chur ionn a ccómhluadar, ná cómhluadar
do ghlacadh, fan agat féin agus bíodh do shólás agat ionn
do chroidhe féin. Agus má theagmhann cúis dlisdionnach
ar bith atá dod' ghairm chum cómhluadair, gabh chughat é
agus taisbeán grádh agus muinnteardhas dhod chómharsain.
Isé is droch-chómhluadar ann, an cómhluadar a thionns-
gnaighthear le hinntinn mhailísigh, nó bhíonn ag cuid éigin dá
mbíonn ann a ndubháilcíbh mí-bheusacha neamh-dhiscréideacha,
agus is cóir iad so do sheachnadh mar do sheachnadh na beich
na faccóga buidhe agus na ladráin saoth, nó mar


L. 219


doghníd seilighe, anál nó alus na ndaoine ar a mbíd loit
ó mhadradhaibh gaoithe, doghnídh dochar do dhaoinibh óga,
nó ag a mbíonn coimpléasg lag maoth, is mar sin
(doghnídh) cómhluadar na ndaoine dubháilceacha mí-bheusacha,
dochar don tí nách fuil foirfe san ccrábhadh.



Atáid cómhluadair oile ann nách fuil tairbhe ar bith
ionnta acht amháin duine do dheunadh súgach agus sólás
éigin do thabhairt dá nádúir taréis saothair nó gnódhtha
éigin tábhachtach do dheunadh, agus mar nách cóir do aon
neach ró-dhúil do bheith aige ionnta so, níl toirmiosg air
a nglacadh san aimsir atá saor aige ó ghnódhthaibh riachtanacha.



Atáid cómhluadair oile ann ag á ffuil críoch mhaith
mhacánta, mar atá cuairt do dheunadh ag an ccómharsain
agus cuairt do ghabháil uatha, agus cómhdhála oile do
hórduighthear dochum onóra do thabhairt dóibh. Agus
mar is cóir freachnughadh do dheunadh dhíobh so go neamh-
iomchúbhaidh, ní cóir tarcaisne do thabhairt orra, acht duine
dá thaisbeánadh go ffuil sé féin sírialta ionnas nách
measfaidhe é bheith éadtrom nó baoth.



Anois laibheóramaoid ar an ccómhluadar ionn a mbíonn
tairbhe agus sochar, mar dobhíonn idir dhaoinibh cráibhtheacha
subháilceacha. Is tairbheach don tí theagmhann san ccómh-
luadar so go minic. An fhineamhuin a bhíonn idir chrannaibh
oladh, bíd grápa maithe uirthe, agus nídh éigin de bhlas na
holadh orra. Mar sin don anam a bhíonn a ccómhluadar
dhaoine cráibhtheacha, tarraingeann cuid dá ccáiligheachta
chuige féin. Ní dheunaid na ladráin saoth mil, acht
dobheirid cuidiughadh do na fíorbheachaibh a dheunamh. Mar
sin dochum go ndeunamoisne freachnughadh maith orainn
féin san ccráibhtheacht, is mór an congnamh agus an
cuidiughadh dhúinn cómhluadar dhaoine subháilceacha. Is
mór a moltar san uile chómhluadar duine do bheith díreach,
símplidhe, milis, macánta, agus atáid daoine ann nách
cuireann cor dá ccorp ná gluaiseacht acht go baiscionta


L. 220


neamhiomchúbhaidh ionnas go mbíonn mí-ghean ag gach aon
orra. Mar a bhíonn na daoine le nách mian siubhal acht
le háireamh a ccoiscéim, ná labhairt gan fonn pungcamhuil
do chur le gach aon fhocal mí-gheanamhuil; agus mar sin
an tí nách cuireann aon chor de acht go baisceanta agus
nách labhrann acht go púngcamhuil, atá sé mí-ghrásamhuil
ionn a chómhluadar, agus na daoine bhíos mar sin, tais-
beánaid go ffuilid an-dóthchaiseach mór-mheasamhuil orra
féin. Uime sin is cóir dhúinn soilibhriocht mheasardha do
thaisbeánadh ionn ár ccómhluadar. Is mór a moltar
N. Antoin agus N. Romualdas ar son go ttugadaois
crádh ró-mhór dá ccorpaibh féin, go ttaisbeánadaois
soilibhreacht macánta do ghnáth, ionn a ngnúisibh agus
ionn a ccómhráidhtibh. Bí soilbhir ris na daoinibh soilibhre,
agus a deirim leat arís, mar adubhairt an tApstol,
a bheith soilbhir do ghnáth as ionn sa Tighearna, agus tu féin
a thaisbeánadh go macánta don uile dhuine. Agus ionnas
go mbeith lúthgháire ort san Tighearna bíodh adhbhar do
lúthgháire, ní hé amháin go ceadaightheach, acht fós go
subháilceach. Agus chum do mhacántacht féin do
thaisbeánadh do chách uile, coimheud tu féin ar an uile
dhánacht agus mhí-iomchúbhuidheacht óir is locht iad ionn an
uile dhuine, do bhrígh saobhnóis do chur ar dhuine ionnas
go ndéanaidh sé mí-thapadh éigin, masladh do thabhairt
do nó focal geur do rádh ris, nó magadh do dheunadh ar
amadán, is súgra agus caithiomh aimsire sin, gidheadh,
atáid amadánach, éigcríonna, neamhiomchubhaidh do dhuine
thromdha.



Tar an uaigneas inntinne, ar an labhramair shuas, is
féidir leat a bheith agat ameasg an uile chómhluadair,
gabh chughat ar uairibh áit uaigneach (ní dá rádh leat atáim
dul ar an ffásach, mar dochuaidh Máire na hÉgypte,
N. Pól an díthreabhach, N. Antoin, N. Arsemus agus
mórán oile de na sean-naomhaibh), acht dol a seómra nó


L. 221


a náit uaigneach éigin oile iomchubhaidh at aonar, ionn ar
féidir leat do chroidhe agus tinntinn do thabhairt do
smaointibh maithe, nó leughthóireacht leabhair éigin spiora-
dálta dobhéarfas sólás do tanam, agus re sompla an
Easboig Naomhtha N. Greagóir Nasiansen a deir ag
labhairt air féin: Dobhínn a siúbhal am aonar le luighe
gréine ar bhruach na fairge ag mealladh na haimsire,
agus is uime do ghabhainn an caithiomh aimsire seo, chum
m'inntinne do neartughadh agus a tharraint ó na cúramaibh
gnáthacha. Agus beagán ina dhiaigh sin aithriseann an
smaoineadh maith dobhí aige ar ar labhramair a náit oile.
Nó le sompla N. Ambrós ar a sgríobhann N. Abhaistín:
go ndeachaidh féin go minic dá sheómra (óir ní bhíodh toir-
miosg ar bith ar aon duine fá dhul go ttí é) agus go
ffaicfeadh é ag leughthóireacht, agus an uair dfhanach (dh)
ann tamall dochum labhartha leis, go ffilleach (dh) tar
ais arís gan aon fhocal do labhairt, ag meas an beagán
aimsire sin dobhí ag an aodhaire mór maith tairéis na
ngnódha troma do chríochnughadh, dochum brígh agus sóláis
do thabhairt dá inntinn, nár chóir a buaint de. Mar sin
fós lá éigin dothángadar na hApstoil mar a raibh an
Tighearna dá fhaisnéis do mar dorinneadar teagasg
agus seanmóir le saothar mór. Adubhairt an Tighearna
leó: Tigidhe ar leith a náit uaigneach agus deunaigh
ciúnas agus cómhnaidhe.



CAIB. 25.
Do mhacántacht agus d'iomchúbhaidheacht an éadaigh.



Adeir an tApstol Pól ris na mnáibh maithe cráibhtheacha,
agus an nídh céadna ris na fearaibh .i. éadach iomchubhaidh
macánta do bheith orra, agus a ghabháil úmpa go náireach
measardha. Is ionn a bhíos iomchúbhuidheacht agus


L. 222


macántacht an éadaigh ionn a adhbhar, ionn a chumadh, agus
ionn a bheith glan do, óir ní cóir dhúinn a bheith salach ná
broghach. Taisbeánann an ghlaine fhoiriomalach an
ghloine inmheodhanach. Uime sin iarrann Dia féin glaine
corpardha san mhuinntir dobhíonn ag deunadh seirbhíse
dho ag an Altóir, dár chóir níosa mhó de chúram a bheith
aca san ccrábhaidh (adh) ioná do bheith ag daoinibh oile.



A ttímchioll adhbhar agus cumadh an éadaigh, is iomdha
nídh is cóir a thabhairt fá near ann, .i. an aimsir, an
aois, an cháiligheacht, an chuideachta agus an úcáid. Is
gnáth re daoinibh go coitchionn iad féin do dheasughadh
beatha dhóibh a laethibh saoire thar laethibh oile do réir
sholamantacht an fheusta, agus léigid dóibh é a naimsir
aithrighe, mar atá, an Carghas. Ar bhainis cuirid éadaighe
bainisi úmpa, ar thórramh éadaighe cumha. An bhean phósta
a naice a fir, congmhann sí í féin a neudach go mórdhálach
glan, an mhéid gur féidir lé é do réir a cumais agus
a cáiligheachta, agus, acht muna raibh a fear do láthair aice,
fiafruighim di cia hiad na súile re ar mian léi taithniomh
le heudach mórdhálach do chur uirthe. Ní cóir a chur a
niongnadh ar chailín óg imtheacht a néadach deas óirneálta,
ionnas go mbeith gean ag mórán uirthe, acht amháin go
mbadh hé is inntinn di gan taithniomh acht le haon fhear
amháin is mian lé a phósadh. Ní dhíomolaim fós do na
baintreabhachaibh le ar mian athphósa do dheunadh, má
ghabhaid iad féin go deas, acht gan iomarca ar bith eolbhaoise
do dheunadh, ar an adhbhar go rabhadar ina mnáibh tighe
roimhe, agus gur fhulaing siad doilghíos a mbaintreabhachais.
Bíonn meas orra go coitchionn gur cóir dhóibh a bheith
níos tromdha ioná na mná oile. Acht an bhaintreabhach
fhírinneach, ní hé amháin ó chorp acht fós ó inntinn, ní
hiomchubhaidh dhi poimp ar bith do bheith ionn a héadach, acht
uirísleacht, macántacht, agus crábhadh do thaisbeánadh
ionn gach aon ghníomh, acht má's mian lé gean na ffear


L. 223


do tharraint uirthe, ní fíor-bhaintreabhach í, agus munar
mian lé taithniomh leo, cread é an feithiomh atá aice
ar phoimp éadaigh nó earraigh dhíomhaoin? Gidhbé le ar
mian gan aoidhe do theacht dá thigh, ní cóir dho cómhartha
leanna raca do bheith shuas aige. Fós na seandaoine
chuireann éadaighe poimpeamhuil orra, isé is mian leó
a thaisbeánadh go ffuilid óg. Uime sin biaidh mí-mheas
orra agus biaidh gach aon a magaidh (adh) orra, óir ní ffuil
acht amadánacht agus éigcríonnacht ionn, ar son gur
féidir a fhulaing a ndaoinibh óga.



Bíodh héadach nidhte glan agus ná bíodh aon nídh briste
ná sgaoilte ná mí-chúmtha ann. Is tarcaisneach le cómh-
luadar tu a bheith ina measg le droichéadach mí-chúmtha,
acht coimheud, ar a shon san, tu féin ar an uile dhéanmhus
eolbhaoiseach, chiúirialta, agus ar an uile mhí-iomchúbhuidheacht
an mhéid gur féidir leat é. Bí claon dochum héadaighe
a bheith símplighe macánta, óir cuirid geanamhlacht ró-mhór
ar an sgéimh, agus is leithsgeul maith é gur mian le duine
é féin do chur le na chómhluadar: Dobheir N. Peadar
teagasg do na mnáibh óga go sonnrádhach, gan a ngruag
do bheith bachalach, casta, cúirníneach, ná lúbtha níosa
mhó ioná an chóir, agus fós na fir a bhíonn chomh banda
agus san, go ndeunaid aithris ar mhnáibh san obair chéadna,
acht ní bhíonn acht meas banda orra, agus ní bhíonn meas
ar gheanmnaigheacht na mban a bhíos amhlaigh, agus a ccás
go mbeidís geanmnaighe, bíonn amhrus orra gur dá reic
féin a bhíd tré mheud an díomhaoinis a thaisbeánaid ionn
a niomchur, agus má deirid nách fuil droch-inntinn aca,
dobheirimsi freagra orra, muna ffuil aca san go ffuil
ag an diabhal, re ar mian iad san agus daoine oile do
mhealladh. Budh mhian liom an uile fhear agus bean atá
cráibhtheach a bheith éadaighthe go ró-dheas, acht gan poimp
ná deunmhus d'iarraidh, acht mar adeir an Sgruiptiúir,
iad a bheith óirneálta re deaghmhaiseadh agus re fiúntacht


L. 224


ghrása. Is maith adubhairt an Rí, Laoiseach, gurab iomchúbhaidh
do gach aon eudach do chur air do réir a staide féin,
ionnas nách féidir le duine críonna a rádh leó: Atá
sibh ag deunadh na hiomarcaigh; ní hiomchúbhaidh do dhaoinibh
óga eudach tarcaisneach do chur orra faoi na staid, agus
munar mian le daoinibh aosta a bheith réidh le heudach
iomchubhaidh macánta, budh chóir dhóibh cómhairle dhaoine
críonna do ghabháil.



CAIB. 26.
Don ccómhrádh agus ar ttúis cionnas is cóir labhairt
le Dia.



Bainid na liagha as fheuchaint ar theangaidh an duine,
baramhuil nó fios a shláinte nó a easláinte. Mar sin
dúinne. As ár mbriathraibh a haitheantar staid fírinneach
ár nanamann, mar adubhairt ár Slánaightheoir: As do
bhriathraibh a bhiaidh tu saor nó cionntach. Mar do
chuireamaoid ár lámh go heusga ar an áit a mbíonn ár
ttinnios, is mar sin fhoillsigheann ár tteangtha an grádh
atá ionn ár ccroidhe.



Má tá grádh ionmhuin agat ar Dhia san uile chómhluadar,
astigh agus amuigh, biaidh tu ag labhairt air, óir ní mheadhann
beul an fhíoraoin acht breath cheart, agus mar doghnídhid
na beich ris an bpóig dobheirid don luibh nó don mbláth,
mil do chruinniughadh, is mar sin is cóir dhuitsi mil agus
milseacht do bheith ar do theangain ó bheith ag labhairt ar
Dhia, agus ní bhfuil milseacht ar bith is mó ioná moladh
anma (ainme) Dé do bheith ag snámh ar feadh do bheoil.
Leughthar ar N. Proinsias, an tan a deireach (dh) sé ainm
Íosa, go mbíodh ag sughadh agus ag ligheadh a chruiméil tré
mheud na milseachta do tharraingeach (dh) sé as an ainm
bheannaighthe sin.


L. 225


Bíodh do chómhrádh ag teacht ar Dhia mar is iomchúbhaidh
labhairt air, .i. go humhal cráibhtheach agus ní dhod thais-
beánadh féin foghlumtha acht do dheunadh seanmóireacht
re spirid mhilseachta, grádha agus úmhaile, agus a dortadh
braon ar bhraon a ccluasaibh gach duine dá mbeith ag
éistiocht leat. Is mil sháimh thaithneamhach na neithe diadha
agus slighe an chrábhaidh, agus ag guidhe Dé ionn do chroidhe
agus ionn hinntinn fán ndrúcht neamhdha so do dhortadh
ar anam agus ar chroidhe gach duine atá ag éisteacht leat.



Roimh an uile nídh freachnaigh an oific ainglidhe seo go
sámh milis, agus ní ag tabhairt achmhusáin d'aon duine
acht dá seóladh go cráibhtheach carrthannach, óir is mór
an brígh a bhíos ag an tteagasg agus is adhbhal do ghluaisionn
inntinn an duine an tan dobheirthear amach é go sámh,
muinntiordha, carrthannach.



Ní cóir cómhrádh do thionnsgnadh ar Dhia nó ar neithe
oile bhainios le crábhadh go díomhaoin, ná a módh caithiomh
aimsire, acht go haireach cráibhtheach. Is uime a deirim
seo dochum go seachantá an nídh ionn a ttéid mórán
le ar mian a bheith cráibhtheach, ar seachrán, mar atá an
mhuinntir nách léigeann áit ná aimsir társa nách mian
leó labhairt ar bhriathraibh maithe deasa go héadrom
neamhaireach, gan feuchain don nídh a deirid, agus tairéise
sin do rádh dhóibh, measaid go ffuilid féin mar do thaisbeán
a mbriathra iad, acht atáid ró-fhada ua.



CAIB. 27.
De mhacántacht na mbriathar agus don onóir is cóir
a thabhairt do na daoinibh.



Gidhbé nách ccuirionn saobhnós ar aon duine re bréithir,
ar an tApstol, N. Seum, is duine foirfe é. Uime sin,


L. 226


deuna díthcheall gan briathar neamh-iomchubhaidh ná mí-
mhacánta ar bith do rádh ná do labhairt, óir a ccás nách le
droichinntinn do labhartá é, is féidir leis an té atá ag
éistiocht leat a ghabháil chuige go holc. Aon fhocal mí-
mhacánta do thuitios a ccroidhe an-bhfann an bheag-neartaigh,
leathnuigheann sé é féin mar do leathnuigheann braon ola
do thuitionn ar éadach, agus gabhann an croidhe ar uairibh
greim de, ar mhódh go líonann é le mórán de smaointibh
truaillighthe mí-mhacánta, agus mar is ionn sa mbeul
asteach dothéighionn an nimh doghnídh dochar don ccorp,
is mar sin a théighionn an nimh le a marbhthar an croidhe
asteach ar na cluasaibh, ón tteangain ar a mbíonn an nimh,
agus a ccás nách deárnaidh an nimh seo dochar, do bhrígh
gur ghlac an mhuinntir dobhí ag éistiocht lé leighios
maith roimhe sin, ní ó na holcaibh seo ná ó na mailís
dotháinig náchar marbhadh iad. Agus ná habradh aon duine
liom nách raibh rún aige féin dochar do dheunadh do dhuine
oile, óir adeir ár Slánaightheoir gurab as rún an chroidhe
do labhrann an beul, agus a ccás nách smaoinighmíd ar
mhailís ar bith, smaoinigheann an diabhal ar iomad mailíse,
agus bíonn an cómhrádh agus an briathar mailíseach mí-
mhacánta aige mar shoigheadaibh le a ttollann croidhe dhuine
éigin. Adeirid daoine gidhbé itheann an luibh Angelica
go mbíonn bolaith maith ar a anáil, mar sin don mhuinntir
ag á mbíonn macántacht agus geanmnaigheacht ionn a
ccroidhthibh, atá an uile shubháilce geanmnaighe ainglidhe
aca; ní labhraid acht briathra glana geanmnaidhe. Toir-
miosgann an tApstol Pól orainn briathra neamh-
iomchúbhaidh magamhla do theacht tar ár mbeul amach, ag
foillsiughadh dhúinne go follas nách ffuil ar bith nídh is
mó do mhilleann na deighbheusa ioná na cómhráidhte
mí-mhacánta, neamh-iomchubhaidh.



Má táid na briathra mí-mhacánta dá rádh ar nod, le
tímchiolladh briathra go caol nó go geur, is mar sin is


L. 227


mó doghnídhid dochar, óir ní ffuil dá ghéire dá mbeith an
t-arm nách usaide leis an corp do lot é; mar sin ní
ffuil dá ghéire dá mbeith an briathar mailíseach nách móide
dothéighionn go doimhinn san ccroidhe é.



An mhuinntir do mheasann iad féin a bheith líomhtha gasta,
an tan do labhraid a samhuil sin de bhriathraibh a
ccómhluadar, is dearbhtha nách feas dóibh cread fár
hórduigheadh an cómhluadar idir dhaoinibh, óir is amhlaidh
is cóir an cómhluadar do bheith mar shaithe beach ag
cruinniughadh meala, a ccómhráidhte do bheith sámh, naomhtha,
agus ní mar dobhíd na feitheóga agus na ceirneamháin
a bhíonn a luidhe ar neithibh salcha agus ag cruinniughadh
charcras marbh nó truaillighthe. Má deir duine focal
mí-mhacánta at fhiadhnaise, taisbeán go ffuil mí-ghean agat
ar a chómhrádh, le tu féin a tharraint as an áit, nó ar mhódh
éigin oile.



Ní ffuil nídh ar bith is mó atá díomolta a ninntinn nó
a ninntleacht duine ioná a bheith a fonamhaid nó a magadh
ar daoinibh oile, agus atá fuath agus gráin ag Dia ar an
locht so agus do chuir roimhe seo pian ró-mhór ina diaigh.
Ní ffuil fós nídh ar bith is mó atá a naighidh (naghaidh) na
carrthannachta agus an chrábhaidh ioná mí-mheas do thabhairt
ar an ccómharsain; ní deuntar, umurro, fochmhaid nó
magadh ar an ccómharsain gan tarcaisne do thabhairt air.
Dá bhrígh sin is ró-throm an peacadh é, ar mhódh go nabraid
dochtúirighe nách féidir masla is mó do thabhairt le
bréithir don ccómharsain ioná magadh do dheunamh air,
do bhrígh ionn gach masla oile go ffuil gné mheasa
innte don tí dogheibh í, acht an magadh féin amháin, óir ní
deuntar é acht le tarcaisne agus le mí-mheas air.



An súgra doghnídhthear le briathraibh soineamhla idir
dhaoinibh macánta le caithiomh aimsire maille re soilbhreacht
thaithniomhaighe, is ris an tsubháilce dá ngoirid na
Greugaigh Eutrapelia do bhainionn sé, agus dár féidir


L. 228


linn deaghchómhluadar do ghairm, agus ris na cómhráidhtibh
muinntiordha macánta so dogheibhmíd caithiomh aimsire
macánta le a mbímíd saor ó an iomad de chaithighibh
díomhaoine mí-thairbheacha do chuirionn ár neamhfhoirfeacht
daonna ionn ár ninntinn. Acht so amháin, is cóir dhúinn
a sheachnadh san ccaithiomh aimsire mhacánta féin, .i. gan
léim do thabhairt chum magadh nó fochmhaide do dheunadh
ar aon duine. Dobheir fochmhaide agus magaidh (adh)
adhbhar gáire don ccómhluadar. Gidheadh, bíonn tarcaisne
éigin ina chuideachtain. Gluaisidheann fós an súgra
macánta an cómhluadar chum gáirighe. Gidheadh, is le
measaracht agus le saoitheamhlacht do dhuine ar bith
doghnídhthear é.



Adubhairt an Rí, Laoiseach, lá éigin déis dinéir le
daoinibh riaghalta do thionnsgain a bheith ag labhairt ar
neithibh árda duibheacánta: Ní tráth so dho san, acht
deunamaois caithiomh aimsire éigin shúgach mhacánta agus
abrach (dh) gach duine an nídh is mian leis go macánta.
Ar son na ttighearna agus na ndaoine uaisle dobhí ina
thímchioll do labhair sé dochum sóláis agus caithiomh
aimsire do thabhairt dóibh. Dá bhrígh sin deunamaois ár
ccaithiomh aimsire ar mhódh nách ccaillfiom an tsíorruigheacht
bheannaighthe ná ár ccrábhadh.



CAIB. 28.
Don mBreitheamhnas meardhánta.



Adubhairt ár Slánuightheoir ionn sa Soisgeul: “Ná
tugaidhe breath agus ní tiubhrar breath oraibh, ná
damnaighe agus ní damnóchthar sibh.” Agus adeir an
tApstol, Pól: Ná tugaidhe breath roimh an am, nó go
ttigiodh an Tighearna agus go ttugadh (aidh) sé chum soluis
na neithe atá a ffolach a ndorchadas agus go ffoilsigheadh


L. 229


(ghidh) sé cómhairle gach croidhe. Och! is mór an mí-
thaithniomh atá ag Dia ar an mbreitheamhnas meardhánta.
Is uime atá breitheamhnas na ndaoine meardhánta, do
bhrígh nách breithiomh duine ar dhuine oile, agus an mhuinntir
dobheir an bhreath go ngabhaid oifig an Tighearna do láimh.
Atáid fós meardhánta ar son go ttugaid siad breath
ar na croidhthibh agus ar na hinntinníbh a bhíos a ffolach
orra ag na daoinibh, agus ionn a ffuil mailís an
pheacadh (aidh) go sunnrádhach. Agus atáid meardhánta
fós do bhrígh go ffuil go leór ag gach duine le breath
do thabhairt air féin ionnas nách riachtanach do breath do
thabhairt ar a chómharsain. Chum gan breath do thabhairt
orainn ní mó an riachtanas atá againn breath do thabhairt
orainn féin ioná gan breath do thabhairt ar dhuine oile,
agus mar aithnigheann ár Slánaightheoir dhúinn gan breath
do thabhairt ar dhuine oile. Adeir an tApstol linn:
Má beireamaoid féin breath orainn, ní tiubharthar breath
orainn. Ó, mo Dhia! isé a chodarsna so doghnídhmíd
ionn an uile áit do ghnáth, agus ionn an uile aimsir, óir
dobheireamaoid breitheamhnas ar ár ccómharsain agus ní
thugamaoid breath orainn féin.



Do réir mar atá adhbhar nó cionnfátha ag an mbreith-
eamhantas meardhánta, is dá réir sin is cóir liaighios
do chur orra. Bíd daoine ó nádúir domblasta, searbh,
mí-chineálta, fetheamhanta agus doghníd seo an uile
nídh dochídhid nó dochluinid searbh domblasta, ionnas
gur fírinneach a labhrann an fháigh (fáidh) orra, ag rádh go
ndeunaid gafann de an uile bhreitheamhnus, ag tabhairt
breatha chruaidhe mí-chineálta ar an ccómharsain. Is
riachtanach dóibh seo ar ttúis teagmháil le liaigh éigin maith
spioradálta; do bhrígh go ffuil an míchineál so ó nádúir
ionnta is ró-dheacair a chlaoidh, agus ar son nách peacadh
na drochchlaonta so, acht neamhfhoirfeacht, atáid ró-
pheiriaclach, óir dobheirid breitheamhantas meardhánta


L. 230


agus mí-mheas na cómharsann a ninntinn an duine, agus
go mbeathaighid iad féin innte.



Atáid daoine dobheir breitheamhantas meardhánta agus
ní ó nádúir dhordha nó dhomblasta a bheith acu, acht re
huabhar, ag meas gur móide a nonóir féin tarcaisne do
bheith aca ar dhaoinibh oile, .i. na daoine uaibhreacha an-
dóchaiseacha lán dá ccion féin agus mheasann gur tarcais-
neach an uile dhuine a ccomóra leó féin, agus adeir
mar adubhairt an pinseur amadánach: “Ní duine mar
chách mise.” Bíd daoine oile ann nách bíonn uabhar follus
ionnta, acht uabhar folaightheach beag a bhíos ionn a ccroidhthibh
as a ngabhaid fonn agus taithniomh as lochtaibh dhaoine oile,
ionnas go ffaghaid fonn agus taithniomh orra féin, do
bhrígh go measaid iad féin a bheith saor ó na lochtaibh
céadna agus subháilce codarsna do bheith ionnta, agus
mar dogheibhid féin blas milis ar an meas san, léigid
mar rún le daoinibh eile é. Atá an fonn agus an taithniomh
so fulaingtheach, agus is deacair a thabhairt fá ndear,
acht re feuchaint go grinn ar mhódh na muinntire ag á
mbíonn sé, nách aithnighid féin é muna ccurthar ós coinne
a súl é, ar mhódh go mbadh féidir leó breith le na lámhaibh air.



Daoine oile ag deunadh blanndair leó féin agus chum
a leithscéil féin do ghabháil leó féin, agus ionnas nách
beith a ccoinsias dá ngearradh, is maith leó breitheamhantas
do thabhairt ar dhaoinibh oile go ffuilid na lochta céadna
ionnta nó lochta is mó ioná iad, agus measaid a bpeacaidhe
féin do bheith níos éadroma as iomad na bpeacach agus
na ccionntach oile.



Gabhaid mórán fonn breitheamhantais do bhreith as a
mbaramhuil féin, amhuil agus go mbeith fáistine aca, agus
má éirghionn dóibh a ccás dona éigin baramhuil fírinneach
do thabhairt, gabhaid dánacht as san re dhol ar a naghaidh
ionn sna breitheamhnaisíbh meardhánta, agus dogheibhid
fonn ionnta ionnas gur deacair a ttarraint uatha.


L. 231


Dobheir daoine oile breath do réir a cclaonta féin, ar mhódh
go mbíonn meas maith aca ar an muinntir ar a mbíonn
grádh aca, agus droichmheas ar an muinntir ar a mbíonn
a ffuath. Acht a naon chás amháin ró-iongantach ionn a
ttugann iomarca an ghrádh orainn breitheamhantas
meardhánta do thabhairt ar an tí ar a ffuil grádh aguinn,
agus is iongantach an chríoch í, acht ní thig as acht grádh
salach, neamhfhoirfe, buaidheartha, beagneartach, .i. eud,
óir mar is follas go coitchionn as silleadh símplidhe súl,
nó as fidiughadh gáire a beirthear breitheamhnas an fhir
sin, nó na mná san a bheith mailíseach, nó ar tí oilc do
dhéanadh. Faoi dheoigh eagla, saint, fonn onóra, agus
galair oile de'n tsórt san a bhíonn ar inntinn an duine,
dobheirid congnamh mór dochum breitheamhnais meardhánta
do thabhairt.



Acht godé an liaighios is cóir do chur ar na holcaibh
seo, mar dobhíonn an mhuinntir ibhios sugha na luibhe dá
ngoirthear ophiusa na hEtiopia, go measaid go ffaicid
athracha nimhe san uile áit a mbíd, agus beathadhaigh uath-
bhásacha oile, is mar sin a bhíonn an mhuinntir a bhíonn
líonta d'uabhar, de shaint, de thnúth agus dfhuath, ní
fhaicid nídh ar bith nách measaid gurab olc é, nó gur fiú é
mímheas do thabhairt air. Is riachtanach do gach drong
díobh so fíon na carrthannachta d'ibheadh dochum sláinte
dfhagháil. Uime sin ibhidís an méid is féidir leó dhe,
dochum na ndroch-lionnta so do chlaoidh dobhíonn dá ttarraint
chum na mbreitheamhnas meardhánta so do thabhairt. Ní
mian leis an ccarrthannacht olc ar bith dfhaicsint, agus
is lugha ioná san dothéighionn dá iarraidh, agus a ccás
go ffaicfeadh é go cinneamhnach, casann a haghaidh uaidh
agus druidionn a súile roimhe ar eagla a fhaicsin ón
ccéad radharc amach dobheir air, agus measann le
símplidheacht naomhtha, nách olc dobhí ann acht sgáile
amháin; agus má's éigionn di a admháil gurab olc atá


L. 232


ann, casann í féin uaidh ar ball agus doghnídh díthchioll
a íomháigh do chur as a cuimhne. Is maith an liaighios an
grádh agus an charrthannacht a naghaidh an uile locht, agus
go háirighthe a naghaidh an lochta so ar a ffuileamaoid
a trácht.



An mhuinntir ar a mbíonn an galar buidhe, dochídhthear
dhóibh gach nídh dá ffaicid do bheith buidhe nó órdha. Gidh-
bé le ar mian a shaoradh ón olc so, ceanglach (dh) sé an
luibh darab ainm Celidonius do bhonn a choise, ionnas go
mbeith ar iomchur aige do ghnáth. Peaca an
bhreitheamhnais mheardhánta, ní ffuil ionn acht galar
buidhe spioradálta, dobheir ar gach duine ar a mbíonn
gan nídh ar bith dfhaicsint nách measann a bheith lochtach,
agus gidhbé le ar mian é féin do shlánughadh uatha san,
ní ar a shúilibh ná ar a thuigsint is cóir dho an liaighios do
chur, acht ar a fhonn agus ar a chlaontaibh, óir isiad is cosa
don anam; acht má tá tfhonn agus do chlaonta maordha
soineamhuil, biaidh do bhreitheamhnas amhlaigh; má táid
lán de ghrádh agus de charrthannacht biaidh do bhreitheamhnas
mar an ccéadna. Dobhéara me trí shompla iongantacha
dhuit air seo. Mar adubhairt Isaac gur dheirbhshiúr dó
Rebecca, a bhean phósta, agus mar dochonairc an Rí,
Abimelec, é ag súgradh lé, mar dobheith fear le na
mhnaoi phósta, agus as san do thuig sé gurab í a bhean í,
acht dá ffaicfeadh duine mailíseach iad mar sin, adéarfadh
gur ina leanán aige do bheith sí, nó dá mbadh deirbhshiúr
dó í, gur grádh mí-nádúrtha dobheith aca ar a chéile, acht
do bhain Abimelec an bharamhuil do bfheárr agus budh
charrthannaighe as. Is mar sin is cóir dhúinne a bheith,
agus an bharamhuil is feárr do bhuain as an uile ghníomh
dá ndeun ár ccómharsa, agus má's féidir a leithsgeul
do ghabháil ar mhódh ar bith, gan droichbhreitheamhnas do
thabhairt air.


L. 233


Dochonairc Joseph naomhtha, céile beannaighthe
na Maighdne Muire, go raibh sí torthach, agus mar
budh feas do go raibh sí ró-naomhtha, ró-ghlan, agus beatha
ainglidhe aici, níor thug baramhuil di go ndeárnaidh feill-
ghníomh ar bith. Uime sin do chuir roimhe a tréigionn agus
an chúis do thaobhadh le Dia, ar son go raibh fáth ró-láidir
aige dochum amhruis a bheith uirthe; acht ar a shon san, níor
fféidir leis a thabhairt ina inntinn daor-bhreith a thabhairt
uirthe. Acht godé an fáth? Do bhrígh, mar adeir an
Spiorad Naomh, go raibh sé ina dhuine fhíreunta naomhtha,
agus mar sin doghnídh an uile fhíoraon an uair nách
ttuigionn sé an gníomh ná an inntinn re a ndeuntar é,
agus don ttaobh oile, go ffuil meas maith macánta ar
an duine, ní thugann breitheamhantas air, acht doghnídh
díthchioll ar an nídh sin do chur as a chuimhne agus taobhann
an breitheamhnas le Dia.



Ár Slánaightheoir, Íosa Críost, an tan nár fféidir leis
leithsgeul na muinntire dobhí dá chrochadh do ghabháil,
óir go raibh an peacadh ró-fhollas, ionnas go luigheadóchadh
sé a mhailís adubhairt nách raibh fios acu cread dobhádar
a dheunadh. Uime sin, munar féidir linn leithsgeul
peacaidh ár ccómharsan do ghabháil, bíodh truaigh againn
do, agus tarraingeamuis cách uile chum truaigh do dheunadh
dho, agus measamaois gurab ainffios nó laige brigh
budh chionntach ris. Má deir tu: “Mar sin ní féidir
liom go bráth breitheamhantas do thabhairt ar mo chómharsain.”
Agus ní féidir ar aon chor, óir isé Dia amháin is breitheamh
ceart ar an uile chionntach, ar son go labhrann sé linn
tré bheul na nUachtarán agus na mbreithiomh a chuirionn
sé ós ár ccionn, ionnas go ttuigeamaois gach nídh is mian
leis. Is iad so is teachta dho, a foillsiughadh a thoile dhúinn,
agus ní cóir dhóibh aon nídh a rádh acht mar dofuaradar
uaidh, agus má doghnídhid a chodarsna san, ag leanmhuint
a ffonn agus a cclaonta féin, isiad féin dobheir


L. 234


breitheamhnas ionnsan agus ní hé Dia. Uime sin
dobhéarfadh (aidh) Dia breath orra san. An duine, an mhéid
gur duine é, ní cóir dho breitheamhantas a thabhairt ar a
chómharsain. Nídh dfhaicsint nó d'aithniughadh, ní
breitheamhnas é, acht breath do thabhairt. Atá deócamhal
éigin faoi sin, nó saoiltear go ffuil, is cóir a leasughadh
do réir mar labhrann an Sgríbhinn Dhiagha, adeir; gidh-
bé nách ccreideann, dotugadh breath air. Isé sin, níl
amhrus go ffuil sé damanta. Ní holc contabhairt do
chur a ngníomh na cómharsan, óir ní ffuil san toirmisgthe
orainn, acht mar atá breath do thabhairt air. Ní ceadaigh-
theach dhúinn contabhairt nó amhrus do bheith againn ar an
ccómharsain, muna ffuil adhbhar daingean dár ttarraint
chuige. Ar mhódh oile bíd meardhánta. Gidhbé duine
mailíseach dochídhfeadh Jacob ag tabhairt póige do Rachel
ag an ttobar, nó Rebecca a glacadh seoid ó Eliesar, nách
raibh fios san áit sin cia hé, níl contabhairt go ttiubhrach (dh)
drochbharamhuil don dís bhan san dobhí ina sompla macán-
tachta agus geanmnuigheachta, ar son nách beith bunudhas
ná fáth aige; óir drochbharamhuil do bhuain as an ngníomh
nách ffuil olc ná maith ionn uaidh féin, atá sé meardhánta
muna ffuil cómhartha éigin ina thimchioll nách féidir a
leithsceul do ghabháil. Fós is breitheamhnas meardhánta
baramhuil do bhuain as nídh ar bith as a mbeith magadh nó
fochmhaid dá dheunadh ar an tí dorine é, acht laibh-
eóradh (aidh) me air seo arís, go líonmhar follus.



An mhuinntir ag á ffuil cúram mór fá na ccoinsias
féin, ní thugaid breitheamhantas meardhánta ar aon duine,
óir doghnídhid ar nós na mbeach an uair dochídhid an
aimsir dorchadh, nó neullta dubha ag éirghe; fanaid ionn
a ccurraiceógaibh féin ag roinnt a meala. Is mar sin
doghnídhid na daoine maithe an tan dochíd aon nídh dubh ná
dorcha a ngníomh a ccómharsan, fanaid astigh aca féin
d'eagla sin dfhaicsin, agus cruinnighid a smaointe uile


L. 235


asteach ionn a ccroidhthibh, agus gabhaid foinn mhaithe chum
iad féin a choimheud, a leasughadh agus a cheartughadh.



Obair dhuine dhíomhaoin fhallsa a bheith ag tabhairt aire
do bheathaidh dhuine oile do cheartughadh, acht amháin an
mhuinntir ar a ffuil cúram a ttighe agus a ccualacht féin
orra, nó cúram an tairbhe phoiblighe, do bhrígh go ffuil
dfhiachaibh orra ó choinsias, aire do thabhairt don mhuinntir
atá fá na ccúram, agus ar ndéanamh a noifige féin dóibh
go grádhach, carrthannach, tugadaois aire dhóibh féin agus
ná fiafruighidís go coitchionn cread atá an fear so nó
an fear oile úd do dheunadh.



CAIB. 29.
Don Mhurmur agus don Ithiomrádh.



As an mbreitheamhnas meardhánta doghnídhthear mí-
chiúnas, tarcaisne na cómharsan, uabhar, meas mór do
bheith ag duine air féin agus mórán de dhrochcháiligheachtaibh
oile. Agus eadorra san atá an chéad áit ag an ithiomrádh
agus ag an anchaint atá ina bpláigh ag an uile
chómhluadar. Och! nách fuil agam aon smíoróid (sméaróid)
amháin ón Altóir naomhtha re na cuimilt do bheul na
ndaoine, ionnas, maille re na chongnamh, go mbainfinn
a lochta dhíobh agus go nglanfainn a bpeacaidhe, ar an
módh ar ghlan an Seiriphín beul an fháidh Isaias. Gidhbé
re ar féidir an tithiomrádh do thógbháil as an saoghal, is
mór an chuid de pheacadhaibh an domhain do thóigfeach (dh) sé.



Gidhbé do bhainfeas a chlú dá chómharsain le héigceart
le hithiomrádh tar go ndéanann peaca atá dfhiachaibh
air aisioc a chlú do thabhairt do réir cháilidheacht an
ithiomrádh (áidh), óir ní rachaidh aon duine go flaithis Dé
agus cuid duine eile go heugcórach aige. Agus ní ffuil
maoin ná saidhbhrios ar an saoghal ag duine ar bith, is mó
ioná clú agus ainm mhaith. Is gné dúnmharbhtha an tithiomrádh,


L. 236


óir atáid trí bheatha ag an duine, .i. beatha spioradálta,
an tan a bhíos a ngrásaibh Dé; beatha chorpardha, an feadh
dobhíos an tanam ceangailte don ccorp, agus beatha
shírialta, do bhainios re na chlú. Bainionn an peacadh an
chéad bheatha dhínn, an bás an dara beatha, agus an tithiomrádh
an treas beatha. Trí dúnmharbhtha doghnídhfear go minic
a nithiomrádh, óir marbhann sé go spioradálta a anam
féin agus anam an tí atá ag éistiocht ris. Marbhann sé
go sírialta anam an tí a ffuil sé ag gearradh a chlú agus
a anama re na theangain mhallaighthe. Adeir N. Bearnard
go minic go mbíonn an diabhal a tteangain an tí doghnídh
ithiomrádh agus a ccluasaibh an tí dobhíonn ag éistiocht ris.
Adeir an fháidh ríoghamhuil, ag labhairt ar lucht an ithiomráidh
gur ghearradar a tteangthaibh féin mar naithreachaibh nimhe.
Adeir fós Aristotel go mbíonn teangaidh an nathar
nimhe sgoiltighthe nó go mbíonn dá rinn uirthe. Is mar
sin a bhíonn teangaidh lucht an ithiomrádh (áidh), re haon
bhuille amháin cuirionn nimh ar chluasaibh an tí éisdios iad,
agus ar chlú an tí ar a labhrann go holc. Guidhim tu ná
deuna ithiomrádh go cam ná go díreach, ar dhuine ar bith,
agus ná cuir breug go bráth ar do chómharsain ná labhair
ós árd ná go follus ar neithibh folaightheacha, agus ná
labhair go trom ar lochtaibh poiblighe: ná bain droich-chiall
as deigh-ghníomh ar bith: ná ceil agus ná seun subháilce
ar bith is feas duit a bheith ionn do chómharsain, agus ná
luigheadaigh le do bhriathraibh í, óir bíonn saobhnós mór
ag Dia leat fá gach aon nídh dhíobh so, go háirighthe fá choir
bhréige do chur ar do chómharsain, nó an fhírinne do sheunadh
maille re na dochar, do bhrígh go mbíonn peacadh dúbalta
ionnsoin, ar dtúis go ndeunann tu breug, agus arís
go ndeunann tu dochar dot chómharsain. Ní ffuil de
lucht an ithiomráidh drong is gáibhthighe agus is mailísighe
ioná an mhuinntir a thionnsgnann ar ttúis re labhairt go
honóireach ar a ccómharsain agus do tharraingeann súgradh
agus deaghlabhairt asteach, agus ina dhiaidh sin adeir mar


L. 237


so: Atá grádh agam air, agus admhaim gur duine
iomchubhaidh dearsgnaidhe é, gidheadh, is mór an mí-ghníomh
dorinne an tan do mheall an duine maith oile seo. Is
fíor gur maith macánta an cailín í siúd, acht dorugadh
uirthe a náit nach abraim. Iad san agus reamhráidhte
oile dá sórt, ní ffuil ionnta acht céird agus cumadóireacht
mheallta. Mar doghnídh fear an bhogha an uair is mian
leis an tsoighead do chaithiomh, tarraingeann an tsrang
chuige go teann, ionnas go sgaoilfeadh sé níos neartmhaire
í. Is mar sin doghnídh an drong ar ar labhramair shuas.
Tarraingid an tithiomrádh chúcha ar ttúis ionnas go
sgaoilidís é go neartmhar agus go ngeabha greidhm
níos daingne a ccroidhthibh na ndaoine bhíos dá éistiocht.



An tithiomrádh doghnídhthear le greann nó le súgra,
atá sé ró-bhaoghalach, ró-dhíoghbhálach, mar atá an luibh
darabh ainm Sicuta. Ní ffuil nimh uirthe mharbhann duine
do láthair, acht go mall, agus is furus liaighios do chur
uirthe, gidheadh, má glactar í ar fhonn, ní ffuil leigheas
ar bith uirthe. Mar sin don ithiomrádh. Dá mbeith sé ris
féin ní luaithe dorachadh ar chluais ioná dorachaidh (adh)
amach ar an ccluais oile, (adeirimíd go coitchionn).
Gabhann greim daingion a ninntinn na muinntire a bhíonn
ag éistiocht ris, an uair a deirthear é le briathraibh saothamhla
greannmhara. Leó so adeir an Fháidh ríoghamhail go mbíonn
nimh Aispis ar a tteangthaibh. An nathar nimhe dá
ngoirthear aispis, bainionn greidhm as dhuine ar módh nách
mór go mothuigheann é, agus cuirionn an nimh ar ttúis
tothchas ró-shámhasach ionn, ionnas go ttugann slighe don
nimh ar dhol go nuige an chroidhe ar mhódh nách féidir a
liaighios.



Ná habair gur duine meisgeamhuil an fear úd a ccás
go ffacaidh tu deoch air, ná gur striapach an fear oile úd
ar son go ffacaidh tu é ag luighe le mnaoi go neamh-
dhlisdionnach, óir ní dheunann aon ghníomh amháin gnás


L. 238


de nídh. Do stad an ghrian aon uair amháin, dochum go
ccuireadh Iosue críoch ar an ccosgair (ar) dobhí sé a
leanmhuint, agus do dhoirchidh sí aon uair amháin an tan
dorug ár Slánaightheoir buaidh ar an saoghal agus ar an
ndiabhal, acht ar a shon san, ní féidir linn a rádh go ffuil
an ghrian dorchadh ná ina cómhnaidhe do ghnáth.



Dobhí Naoi ar meisge ó fhíon aon uair amháin. Ar a
shon san ní féidir a rádh go raibh sé tabharthach do cheachtar
de'n dá locht san. Fós do dhoirt Peadar fuil aon uair
amháin, agus ní féidir a rádh go raibh sé fuilteach.
Dorinne fós naomhaithis ag seunadh Chríst, acht ní raibh
naomhaithiseach ar a shon san. Chum duine dfhagháil ainme ó
shubháilce nó ó dhubháilce, ní leór aon ghníomh amháin, acht is
riachtanach gnáth do dheunadh dhe. Dá bhrígh sin ní ffuil acht
breug follus a rádh gur duine feargach an tí ar a raibh
fearg aon uair amháin, nó gur bitheamhnach an tí dorinne
goid aon uair amháin. Fós dá mbeith duine dubháilceach
aimsir fhada, ní féidir a rádh gan peiriacail bhréige go ffuil
sé anois dubháilceach. Do ghoir Síomon lobhair(ar) peacach
do Mhuire Mhaigdelean, do bhrígh go raibh amhlaigh roimhe
sin, acht ar a shon san dorinne breug óir ní raibh an uair
sin acht ina haithrigheach ró-naomhtha. Uime sin do ghabh
an Tighearna í fá na choimirce féin. An Pháirisíneach
bladhmannach do mheas gur pheacach mór an puibliocánach,
agus dobfhéidir fós gur mheas go raibh ina úsmhuire,
ina ghadaidhe, agus ina striapaigh, acht dochuaidh ar seachrán
go mór, óir dorineadh fíoraon san áit chéadna dhe.
An tan atá Dia chomh maith agus sin, ionnas gur leór
aon mhómaint amháin chum grása d'iarraigh agu dfhagháil
uaidh, cionnas is féidir linn a bheith cinnte go ffuil ina
pheacach aniugh, an tí dobhí amhlaigh ané (indé)? Ní cóir
don lá ané (indé) breath do thabhairt ar an lá aniugh,
ná don lá aniugh ar an lá ané (indé), óir isé an lá
déighionnach amháin dobhéaras breath ar an uile lá. Uime


L. 239


sin, ní féidir linn gan pheiriacail bhréige a rádh gurab
olc ná gur lochtach duine ar bith. Acht so amháin is féidir
a rádh, go ndeárnaidh sé a leithéide seo de dhroch-nídh
uair éigin, nó go raibh droich-bheatha aige ionn a leithéide
seo d'aimsir, nó gurab olc an gníomh dorine sé aniugh,
acht ní féidir linn breitheamhantas do thabhairt air anois
a naon neith dorine cian ó shoin, agus is lugha ioná
san is féidir breitheamhantas do thabhairt air fán aimsir
atá roimhe. Ar son gur cóir dhúinn a bheith ar ár ccoimheud
go díthchilleach ar ithiomrádh do dheunadh ar ár ccómharsain,
is cóir dhúinn mar an ccéadna gan na lochta atá ionn do
mholadh ná labhairt go honóireach orra, mar doghnídh
mórán de dhaoinibh. Má chídhionn tú duine anchainteach
dochum a leithsgéil féin do ghabháil, ná habair gur duine
díreach é nách cceilionn an fhírinne, nó má chídhionn tu é
tabhartha go follus do ghlór dhíomhaoin, ná habair gurab
inntinn uasal onóireach atá aige. Ná habair fós le
muinnteardhas pheiriaclach gur deaghchroidheacht ná dísleacht
é, ná le heasúmhluigheacht gur deagh-inntinn í, ná le
handóthchus gur deagh-mhisneach é, ná le cumann collaighe
gur muinnteardhas macánta é. Ní cóir, an tan is mian
leat an tithiomrádh do sheachnadh, peaca ar bith oile do
mholadh ná do dhídion, acht go díreach le meas do bheith
agat ar na lochtaibh, agus na neithe nách ffuil ionmholta
do dhíomoladh. Má doghniimíd sin dobhéaramaoid
glóire do Dhia maille ris na coinghiollachaibh seo síos do
bheith againn. Dochum go labhramaois go géar ar lochtaibh
dhuine oile maille re sochar, is riachtanach go ffuil ár
ccaint tairbheach don tí ar a ffuileamaoid a labhairt,
nó don tí a ffuileamaoid a labhairt ris .i. aithriosann
duine éigin dom go ffuil cumann ag maighdionnaibh agus
ag mnáibh óga re fearaibh maille re peiriacail a ngeanm-
nuigheachta do chailleamhuint, agus go ffoilsigheann a
módh agus a mbriathraibh neamh-ghlana san go follus, muna


L. 240


ttugadh (aidh) me spreagann agus achmhusán dhóibh seo
go follus díreach, acht muna mian liom a leithsgeul do
ghabháil, atáid na hanamna maotha so a bpeiriacail tuitim
a bpeacadh na colna. Uime sin dobhéara me sanus
dóibh gan mhaill, muna ffuil réasún agam fuireach le
húcáid is iomchúbhaidh ioná mar atá do láthair agam,
ionnas ris an nídh is mó sochar agus is lugha dochar don
mhuinntir is mian liom a leasughadh, go ttiubhrad sanus
dóibh.



Bainionn liom ar uairibh labhairt ar lochtaibh daoine
oile, an tan atá an chéad áit agam a ccruinniughadh nó a
ccómhdháil, agus muna labhrach (dh) me saoilfid cách go mbiaidh
taithniomh agam ar na lochtaibh. Gidheadh, má's de na
daoinibh déigheanacha me, ní bhaineann liom labhairt
orra. Is cóir dhom fós gan aon fhocal do rádh go
hiomarcach, má tá cumann nó cómhluadar ógánaigh agus
óigmhná re chéile, ioná labhairt go mídhiscréideach dochum
sanuis do thabhairt dóibh. A Dhé íodhain, cionnas is cóir
dhom a bheith ar mo chosaint agus mo bhriathra do chur a
ccothrom, d'eagla go ndeunainn aon fhocal iomarcaigh
(ach)? Muna ffuil ionn acht cosmhúlacht éigin mhailíse ní
chuirfead aon fhocal leis; muna ffuil ionn acht éig-
críonnacht shímplidhe ní dhéarfad nídh ar bith ris, agus muna
ffuil ionn acht éigcríonnacht féin, nó cosmhúlacht mhailíse
acht amháin go mbéidir le duine mailíseach droch-
bharamhuil do bhaint as nó labhairt go holc air, má labhraim,
ní aibeóra aidh me acht san féin amháin. An tan a bhiaidh
me a labhairt ar mo chómharsain biaidh mo theangaidh ionn
mo bheul, amhuil a bhíonn sgian bheárrtha a láimh bearbóra
ag gearradh na feóla bhíonn idir na maothánaibh agus na
féitheacha. Dá bhrígh sin is riachtanach dhom an gearraidh (adh)
atá me do dheunadh a bheith measardha inmheodhannach, gan
nídh ar bith do chur leis ná do bhuain de, acht mar atá an


L. 241


nídh ionn féin. Fós is cóir so do choimheud an tan a bhias
tu a labhairt ar lochtaibh ar bith, an méid gur féidir leat é,
agus gan labhairt ar an bpearsain ar a ffuil.



Níl toirmiosg labhairt ar an bpeacach bpoiblighe do
chaill a chlú, acht sin do bheith le carrthannacht agus le truaigh
dho agus ní le huabhar ná le tarcaisne air, ná le fonn a
lochtaibh dhuine oile, óir is cómhartha inntinne truaillighthe
aon chuid díobh so. Ní ffuilim a labhairt annso ar an
mhuinntir atá ina naimhdibh follus ag Dia, agus ag an
Eaglais, mar atáid eiricighe agus gach drong oile nách
ttugann umhla don bPápa. Orra so agus ar gach ceann
feadhna dá ffuil aca, is féidir leat labhairt go trom,
óir bainionn le carrthannacht an faolchú dfhógradh ón
ttreud san uile áit ar féidir é.



Bíonn daoine ann re huadhbhar agus le héadóthchas
nách deunann sgrupal labhairt go holc ar righthibh nó ar
phrionnsadhaibh ríoghachta go cómhchoitchionn do réir a
cclaonta féin, agus ní ceadaightheach do dhuine ar bith
sin do dheunadh, óir tuillid fearg Dé ris agus go ttugaid
adhbhar troda agus conspóide dhóibh féin agus do dhaoinibh
oile.



Má dochluin tu anchaint nó gearán dá dheunamh ar
dhuine oile, deuna díthchioll má's féidir leat é go dlis-
dionnach, contabhairt do chur ann. Munab féidir leat
san gabh leithsgeul inntinne, agus munab féidir leat
so, bris an cómhrádh agus taisbeán go ffuil truaigh agat
do, agus tabhair ionn do chuimhne féin agus a ccuimhne
gach duine oile dá ffuil ag éistiocht leat, gur grása
speisialta ó Dhia gan duine do thuitim a bpeacadh go
minic. Má chluin tu ithiomrádh dá dheunadh re blanndar
briathar, cuir toirmiosg air; má tá a fhios agat subháilce
ar bith do bheith san duine ar a ffuilid a labhairt, foillsigh í.


L. 242


CAIB. 30.
Teagaisg oile do bhainionn le caint agus le
cómhrádh.



Bíodh do theangaidh go sámh, glan, díreach, símplidhe
nádúrtha, dílios, fírinneach, agus bíodh gurab iomchúbhaidh
an uile fhírinne do rádh ann gach aon áit, ná bíodh teangaidh
liom-leat agat, agus ná ceil an fhírinne ionn a ham féin,
óir ní ceadaightheach cur a naghaidh na fírinne uair ar bith.
Deuna gnás gan breug do dhéanadh go bráth, as a riocht,
ag gabháil do leithsgéil féin nó a ccúis ar bith oile, agus
bíodh cuimhne agat gurab é Dia Dia na Fírinne, agus má
theagmhann duit a nan-riocht, breug do rádh, má's féidir
leat é, ceartaigh tu féin san áit chéadna ar ball. Atá
brígh mór ag an leithsgeul fírinneach dochum leithsgeul
na bréige do ghabháil.



Ar son gur ceadaightheach ar uairibh, dath agus cuma
go críonna discréideach do chur ar bhriathraibh dochum
na fírinne dfholacha, is anamh is cóir sin do dheunadh
muna raibh cúis tábhachtach ann .i. an tan iarras glóir
nó seirbhís Dé go follus é. Ar mhódh oile is peiriaclach
an chumadóireacht san mar adeir an Sgriobtúir naomhtha:
Ní dheunann an Spiorad Naomh cómhnaidhe san anam nách
bíonn díreach ionn a chómhrádh. Agus ní ffuil cumadóireacht
ar bith chomh maith ná chomh hionmholta ris an tsímpligheacht
dhíreach. Críonnacht shaoghalta agus cumadóireacht
dhaondha, re na chlainn a bhainid, acht clann Dé, imthighid
go réidh díreach. Ní ghabhaid tímchioll agus ní bhíonn croidhe
dúbalta aca. Gidhbé imthighionn go símplidhe, ar an
tEagnaidhe, imthigheann sé go dóthchaiseach. Na bréaga,
an teangaidh liom-leat agus feimineacht, foillsighid
inntinn thruaillighthe. Sgríobhann N. Abhaistín, leabhar 4,
go raibh a anam féin agus anam carad dobhí aige, chomh


L. 243


ceangailte agus sin dá chéile ionnas nách raibh acht aon
anam amháin ionnta, agus ar fhagháil bháis dá charaid, go
raibh gráin aige ar an mbeatha so, do bhrígh nách raibh a leath
beo, agus go ngabhadh eagla é, dá ffaghach (dh) féin bás
nách beith aon nídh beo dá chompánach. Acht ina dhiaigh sin,
an uair dochonairc gur le mearghrádh agus le cuma-
dóireacht do sgríobh sé an chumadóireacht san, do ghoir
ar ais iad, san leabhar do sgríobh ag gairm ar ais gach
neithe ionn a ndeachaidh ar seachrán. Dochídhmíd as so
godé an sgrupall dobhí ar an duine seo a ttimchioll
cumadóireacht briathar, agus cionnas dobhí ar a choimheud
gan droichmheas dfhagháil asta. Is dearbhtha gur mór an
deaghmhaise ar bheathaidh Chríostaighe teangaidh dhíreach
dhílios ghlan. Uime sin adubhairt an Salm-cheolach:
Adubhairt me go ccoimheádaim mo shlightheacha uile dochum
gan peaca do dheunadh lem' theangain: A Thighearna,
cuir coimheud ar mo bheul agus doras coimheudaighthe
ar mo phuisíníbh.



Cómhairle an Rí, N. Laoiseach, gan cur a naghaidh ráidhte
nó bréithir dhuine ar bith muna ffuil dochar nó peaca
teacht ris; agus is uime sin dothug an chómhairle sin
uaidh, ionnas go seachantaoi an uile úcáid throda agus
chonspóide. Fós an uair is iomchúbhaidh cur a naghaidh
dhuine oile, nó ár mbaramhuil féin do chur ós cionn a
bharamhla, is go cineálta macánta is cóir sin a dheunadh
ar mhódh nách mian leis gan a chur dfhiachaibh ar an duine a
theacht ar aon mhéinn linn, óir ní ffuil tairbhe ar bith labhairt
go borb nó go garg ag cur a naghaidh dhuine ar bith.



Do mholadar go mór seanfheallsamhuin beagán a labhairt,
acht ní hé is cóir a thuigsint as san, nách cóir dhúinn acht
beagán briathar do labhairt, acht gan briathra eolbhaoiseacha,
mí-thairbheacha ná iomarcacha do labhairt, óir an tan do
labhrann duine, ní hé amháin an méid a deir sé is cóir a
thabhairt fá ndear, acht fós cáiligheacht na mbriathar a deir.


L. 244


Atáid dá nídh codarsna dá chéile dár cóir do dhuine a
bheith ar a choimheud orra; óir gidhbé do thaisbeánas é
féin a ccómhluadar mhuinnteardha ró-thromdha foghlumtha
ionnas nách ttugann freagra ar chaint cháich oile acht
go gruama, taisbeánann sé nách ffuil sé dílios as
an ccómhluadar, nó go ffuil tarcaisne aige orra. Ina
aghaidh sin arís, gidhbé bhias ag síorchaint agus nách
ttugann stad dá theangain, ar mhódh nách ttugann faill,
uain, ná aimsir do chuid eile dá chómhluadar re haon
fhocal do rádh, foillsigheann gur duine éadtrom é. Do
dhíomolach (dh) N. Laoiseach, a ccómhluadar mhórán daoine,
duine ar bith do bheith ag labhairt ós ísiol leis an duine
oile, go háirighthe ar bórd, d'eagla cúise amhrais a thabhairt
do chách oile agus gurab orra dobheidís a labhairt go holc.
Gidhbé atá ar bórd, ar sé, a ccómhluadar dhaoine
maithe, má tá nídh ar bith saoitheamhuil aige re a rádh, ionn
a mbeith caithiomh aimsire, abrach (dh) amach é, ar mhódh go
ttuigfeadh an tiomlán é; acht má tá gnódh aige nách
mian leis a ffios do bheith ag cách uile bíodh ina thocht, agus
ná labhrach (dh) focal air annsan.



CAIB. 31.
Don ccaithiomh aimsire ceadaightheach ionmholta.



Ar ttús is riachtanach dhúinn ar uairibh sólás éigin do
thabhairt dár ninntinnibh agus dár ccorpaibh, agus sin
re caithiomh aimsire éigin.



Adeir Cassianus go ffuair sealgaire lá éigin Eoin
Soisgeulaidhe agus patraisg aige ionn a láimh agus é
ag súgra ré, agus dfhiafraigh an sealgaire dhe, cionnas
dobhí duine chomh naomhtha agus chomh ainmneamhuil ris
sin ag caithiomh aimsire re freachnughadh chomh mí-thairbheach
leis sin. Adubhairt Eoin leis sin: “Cread fáth nách


L. 245


bíonn do bhogha teann agatsa do ghnáth?” “Atá,” ar an
sealgaire, “dá mbeith an bogha teann nó ar a tharraing
do ghnáth, go rachadh mórán dá neart as, agus le sgaoileadh
na soighde nách ttiubhradh brígh dhi re na dol a ffad.”
“Mar sin ná bíodh iongna ortsa,” ar Eoin, “má léigimse
nídh éigin díom de chruadhas (an chr-) na crábhaidh, ag
deunamh caithiomh aimsire tamal, ionnas go mfhéidir
liom filleadh arís níosa bríoghmhaire ar gach ffreachnughadh
spioradálta dá mbiaidh agam.” Is locht agus dubháilce
do dhuine ar bith a bheith chomh durdha (dorrdha), borb,
gruama, talamhaighe agus sin, náchar mhian leis caithiomh
aimsire ar bith do dheunadh, dho féin ná do dhuine eile,
an uair is iomchúbhaidh a dheunadh. Dol amach do spais-
teoireacht, cuid de'n aimsir a chaithiomh le cómhráidhtibh
saoitheamhla sultmhara, ceól do dheunadh nó d'éistiocht,
dol do sheilg, is caithiomh aimsire gach nídh dhíobh so, ionnas
chum gnáis mhaith do dheunadh dhíobh nách ffuil d'easbaidh
orra acht módh agus measardhacht do chongmháil ionnta
do réir mar d'órduigheann saoichiall, agus do réir na
haimsire agus na háite agus staide na ndaoine.



A nimirt, a ccás go mbeith éadáil innte, beirthear de
luach ar son lúith an choirp, nó inntleachta na tuigsi, mar
atá imirt ar liathróid bhig nó mhóir, imirt ar bhatadhaibh,
fáinne do thógbháil, thabhchrann, fithchioll nó branna ;
is maith agus is macánta an caithiomh aimsire iad uatha
féin, acht gan iomarca aimsire ná airgid do chaithiomh leó.
Má caithtior níosa mhó d'aimsir leó ioná is iomchúbhaidh
ní sólás dogheibhthear asta acht dólás, agus ní faoiseamh
dobheirid don ccorp ná don anam, acht bainid a mbrígh
agus a neart asta. Má bhíonn tu a cúig nó a sé d'uairibh
a ndiaigh a chéile ag imirt ar tachrann, ag éirghe uaidh
biaidh do spioraid claoidhte cortha. Nó a bheith a ffad
ag imirt balla nó liathróide, is mó do choireann sé an
corp ioná dobheir sé sólás do. Fós má bhíonn cuainse


L. 246


na himeartha níosa mhó ioná is iomchúbhaidh, tarraingeann
sé fonn agus dúil na muinntire bhíonn ag imirt, tar
riaghail an chaithiomh aimsire. Fós atá a naghaidh cirt agus
céille cuainse róiomarcach do chur ar son neitheann
chómh mí-thábhachtach ris an inntleacht, agus ris an
ealaidhann (ain) a foillsighthear san imirt. Ní abraim
nách cóir sólás éigin do ghlacadh as an imirt, acht ar a
mhalairt ní budh caithiomh aimsire í, acht gan ródhúil ná
fonn do bheith ag duine innte, ná gnás do dheunadh dhi
mar chéird bheathadh.



CAIB. 52.
Don Imirt atá toirmisgthe.



Imirt chárduidhe agus díslighe agus a shamhuil oile a
ffuil an éadáil ag teacht, go mórmhór ó chás nó ó
chineamhuin, is caithiomh aimsire pheiriaclach iad, mar
atá an damhsa, agus ní hé amháin, acht atáid go holc
ionnta féin agus toirmisgthe ó dhlighe tuaithe agus eaglaise.
Má fhiafruigheann tu godé an tolc atá ionnta, a deirim
leat go ffuil an éadáil a baintear amach leis an imirt
seo, nách do réir chirt ná fáthchéille do theagmhann sé, acht
na cinneamhna doghnídh foghar (fabhar) go minic don tí is
lugha do thuillfeadh é re hinntleacht ná le cumas. Acht
adéarfadh tusa: Is é sin mo chonnradh leat. Is fíor san.
Gidheadh, ní ffuil de shochar san cconnradh san acht gan an
tí dobhéaras í do dheunadh ceilge ná mealltóireacht ar
an mhuinntir oile. Ar a shon san ní feas nách fuil an
connradh féin a naghaidh fáth-chéille, mar atá an imirt,
agus an luach atá agus budh chóir don chumus agus don
inntleacht dfhagháil, dogheibh an chinneamhuin nách ttuillionn
luach ar bith é, agus ar nách fuil comaoin ar bith ag duine
féin.


L. 247


Na gnéithe imeartha so a deirthear gur caithiomh aimsire
agus gurab chum sóláis do thabhairt do na daoinibh
dofríth iad. Gidheadh, ní sólás iad acht cúram foiréigneach
do chongmhas inntinn an duine do ghnáth lán d'aire agus
de dhóthchus, lán de mhíchiúnas agus de bhruid, agus an
ffuil cúram ar bith is mó tuirse, míluinn agus dobrón
ioná cúram na ccearbhach, ionnas an feadh dobhíd ag imirt,
gurab adhbhar troda agus conspóide leó é, má doghnídh
tu gáire, má labhrann tu, nó muna mbeire tu í, agus nách
neamhcheart an sólás san nách féidir leat a bheith agat
acht le dochar agus le mí-thaithniomh do chompánach? Is
truaillighthe an sólás san. Ar na trí hadhbharaibh sin atá
an imirt toirmisgthe. N. Laoiseach, Rí Mór na Fraingce,
ar cclos do go raibh a dhearbhratháir féin agus tighearna
oile ag imirt le díslibh ar fhithchill, ar son go raibh tinn,
agus nách mór go raibh ionn seasamh ar a chosaibh re laige,
d'éirghidh (-righ) as a leabain agus dochuaidh don tseómra
ionn a rabhadar agus do theilg go saobhnósach feargach
an fiothchall, na díslighe agus cuid mhaith de'n airgiod
dobhí ar an cclár, amach tríd an fhuinneoig san tsruth
dobhí láimh leó. An bhean thromdha, naomhtha, gheanmnaighe,
Sára, ag admháil a neamhurchóide féin do Dhia, adubhairt:
Atá a fhios agat, a Thighearna, nár chuirios-sa me féin
riamh ameasg na ccearbhach.



CAIB. 33.
Don Damhsa agus do gach caithiomh aimsire oile ar
nách ffuil toirmiosg ar son go ffuilid peiriaclach.



Ní bhfuil olc uaidh féin san damhsa; acht freachnughadh
coitchionn do dheunadh dhe atá rópheiriaclach, óir atá
róchlaon dochum mailíse agus do bhrígh gurab ionn san
oidhche is gnáth dá dheunadh, an uair a bhíonn an dorchadas


L. 248


ann, is furus le hoibreachaibh an dorchadais slighe dfhagháil
chum teacht asteach san ffreachnughadh atá gabhálta orra.
A ngeall ar an damhsa, bíonn daoine a ffad ina ndúsgadh
agus caillid freachnughadh iomchubhaidh na maidne, ionnas
nách féidir leó aire do thabhairt do fhreachnughadh na subháilce.
Adeirim leat d'aon fhocal gur mór an díth céille an lá
do mhalartughadh ar an oidhche, nó solus ar dhorchadas,
nó deaghoibreacha ar dhíomhaoineas. Is gnáth le gach duine
ag dol chum damhsa dho, nídh éigin de ghlóir dhíomhaoin do
bhreith leis, agus fós tnúth agus fonn do bheith air gan
aon duine do dhol ós a chionn annsoin, acht is follus
go ffuil an ghlóir dhíomhaoin róchlaon dochum lochta,
agus dochum an ghrádh dhímolta pheiriaclaich do
chruinniughadh, ar mhódh gur furus iad so uile do theacht as
an damhsa.



Ag seo mar adeirim leat ar an ndamhsa, an nídh a
deirid clann na liaigha le fás na haon oidhche, .i. an chuid
is feárr díobh so nách fiú nídh ar bith iad. Is mar sin a
deirimsi leis an damhsa is feárr ar bith, nách mór is fiú
é! Más éigionn duit fás na haon oidhche ditheadh, tabhair
fá dear a ghléas go maith; más éigionn duit dol do dhamhsa,
feuch go grinn do dhamhsa bheith gleusta go ró-iomchúbhaidh.
Má deir tu liom: cionnas san? Mo fhreagra ort
imtheacht re macántacht, re tromdhacht agus re deaghinntinn.
Cómhairle na liagha, beagán dfhás na haon oidhche do chaithiomh
agus sin go hanamh, óir dá fheabhas dá mbíd gléasta
ní ffuil acht nimh mórán díobh d'itheadh. Ná déin damhsa
acht beagán, agus sin go hanamh, nó ar mhódh oile,
cuirfeadh (fidh) tu a bpeiriacail dúil agus fonn dfhagháil
ionn agus leanmhuint de go hiomarcach. Adeir Pliní,
mar dobhíonn fás na haon oidhche maoth, bog, go ttarraing-
eann chuige go hurus gach cáiligheacht dá mbíonn san nídh
a bhíonn re na thaobh, agus má bhíd naithreacha nimhe a ffogus
do, go ngabhann sé nimh asta. An damhsa agus gach gné


L. 249


oile cómhluadair doghnídhthear san oidhche agus a
ndorchadas, gabhaid chúcha na lochta agus na peacaidhe
a bhíonn san áit, mar atá, troid, bruighin (bruighean),
tnúth, magadh agus grádh díomhaoin, collaighe; agus mar
osglaid na freachnaighthe seo siúntaigh an choirp, osglaid
mar an ccéadna siúntaighe an anama, ionnas má shéidionn
athar nimhe ar bith marbhthach dá mbeith san áit, briathar
díomhaoin mí-mhacánta nó cómhrádh collaighthe ionn sna
cluasaibh, nó má bheir baisiliosc ar bith sméide mínáireach
nó silleadh collaighthe dá shúil, dothéid asteach go hurus
ar dhóirsibh an anama, ionnas go líonann de nimh é.



Na caithiomh (-imh) aimsire seo nách ffuil tábhacht ionnta,
is gnáthach leó a bheith peiriaclach le spioraid an chrábhaigh (dh),
leagaid brígh spioradálta an anama agus músglaid
iliomad de dhrochchlaontaibh ionn. Uime sin is riachtanach
gan buain leó acht go róaireach agus re duine dfheuchain
ina thimchioll go críonna.



Isé cómhairle na liagha roimh an uile nídh, tairéis fáis
na haon oidhche d'itheadh, fíon maith uasal d'ól. Mar
sin déis an damhsa is cóir do dhuine smaointe maithe do
thabhairt ionn a inntinn, a spréidhfeas agus a sgagfas
gach smaoineadh peiriaclach agus gach sólás díomhaoin
dár ghabh sé as. Acht cionnas do deuntar san?



Ar ttúis smaoin an feadh dobhí tu féin a damhsadh, go
raibh iomad anamann dá bpianadh a nifrionn ar son na
bpeacadh dorineadar san ndamhsa ar an saoghal so.
Arís smuain an feadh dobhí tu a damhsadh go raibh mórán
de dhaoinibh riaghalta agus de dhaoinibh oile beannaighthe
ag caint re Dia agus dá mholadh, ag feuchain re súilibh
a ttuigsiona ar a sgéimh, agus meas annsan godé
fheabhas do chaitheadar a naimsir thar mar a chaithis féin
haimsir, gan toradh do bhuain aiste.



An treas nídh. Smaoin an feadh dobhí tu féin a damhsadh,
go ffuair mórán bás a mbroid rómhór (óir), agus go ffuilid


L. 250


na mílte fear agus bean dá bpianadh le galar agus le
heugcruas; cuid díobh ar a leapachaibh galair, cuid oile
ar shráid nó ar shlighe gan tigh gan díon .i. daoine ar a
ffuil galar na nalt, pailiris nó fiabhras tíntighe.
Och! ní raibh ciúnas ar bith aca ar an ffaid sin agus ní
raibh truaigh ar bith agatsa dhóibh. Nách smuainigheann tu
go mbiaidh tu féin uair éigin mar an ccéadna, a mbruid
dhod cheusadh agus daoine oile a raingce agus a damhsadh
mar atá tusa anois.



An ceathramhadh nídh, smuain go raibh do Thighearna Dia
agus Muire Óigh, Aingil agus naoimh ag feuchain ort
an feadh dobhí tu a damhsadh agus godé an doilghíos do
chuir tu orra fán aimsir do chaithiomh go díomhaoin ionn
ar fféidir leat nídh éigin do dheunadh.



An cúigeadh nídh, smuain an feadh dobhí tu a raingce
go ndeachaidh an aimsir thort agus gur dhruid an bás
leat. Feuch nách bainfeadh (idh) sé rínnce asat san am
nách biaidh ceól agat acht osnadhach agus gul do dhaoine
muinntiordha agus do charad. Ní bhainfid acht aon chor
amháin asad agus ris sin rachaidh tu ó bheathaidh go bás.
Ag seo ringce déighionnach dhaoine an tsaoghail seo,
.i. a naimsir do chaithiomh agus dol ré nómaint ón aimsir
dochum na síorruidheachta a ccómhluadar mhaith nó olc
gan fóirchionn. Ag seo na smuainte is iomchubhaidh dhoit
a bheith agat, agus má bhíonn eagla Dé ort, dobhéarfadh
sé smaointe oile maithe dhuit san ccás so.



CAIB. 34.
Cá huair is ceadaightheach imirt nó damhsa do
dheunadh.



Dochum imeartha agus damhsa do dheunadh go
dlisdionnach mar chaithiomh aimsire, nó más fonn nó dúil
ionnta féin agus sin go haithgheárr le beagán aimsire


L. 251


ionnas nách beitheá cortha ná claoidhte dá ffágbháil, agus
sin féin fós do dheunadh go hanamh, óir gidhbé doghnídh
gnás díobh, ní caithiomh aimsire dho iad acht gnódhtha. Acht
godí an úcáid ar ceadaightheach imirt nó damhsa do
dheunadh? Is iomdha úcáid is féidir a bheith gan urchóid
ag imirt agus a damhsa, acht is anamha ioná san a bhíos
úcáid ag imirt atá toirmisgthe, do bhrígh gurab í is
peiriaclaighe. Adeirim leat d'aon fhocal, imir agus déin
damhsa do réir na ccoingiolach adubhairt (art) leat
an tan is iomchubhaidh dhuit tu féin do chur ris an ccómh-
luadar mhacánta atá agat agus taithniomh do thabhairt dóibh
do réir céille agus críonnachta, theacht go discréideach
le cómhluadar maith agus is gné carrthannachta é. Agus
na neithe nách bíonn olc ionnta féin, doghníd maith; agus
na neithe peiriaclacha ceadaightheacha, agus fós dá mbeith
mailís ionnta, baineann díobh é. Ní mian liom a rádh
go ffuil imirt ar bith dothig ó chrannchur nó ó chineamhuin
ionmholta acht go ffuilid gan locht ionnta féin an tan
do ghabhann duine iad chum é féin do chur le na chómhluadar
mhaith mhacánta.



Is taithniomhach liom an nídh a leughtar a mbeathaidh
N. Carolus Boromeus .i. na neithe ionn a ccuireann
smacht gheur ar daoinibh oile, d'iomchran é go foighdeach
re pobal Helbhesia. Agus N. Ignasius Loiola, an tan
dothug duine éigin cuireadh dho chum imeartha, níor
dhiúltaigh é chum é féin do chur ris ar feadh na huaire sin.



Leughtar fós ar N. Elisabet, inghean Rígh na Hungaria,
go ccuireach (dh) í féin ar uairibh a ccómhluadar agus a
ccaithiomh aimsire, go nimireach (dh), go ndeunach (dh) súgra
agus damhsa, gan dochar ar bith do dheunadh dá crábhadh,
óir do chuir an chrábhaidh (crábhadh) a fréamha (fhr-) chomh
doimhinn agus san ionn a croidhe, ionnas go mbadh riachtanach
di do réir a staide, a bheith ameasg poimpe agus eolbhaoise
an tsaoghail seo, acht is biseach dobhíodh ag teacht ar a


L. 252


crábhadh, mar do bheith an ccairrgeach a bhíos a ttimchioll
locha Rietta a bhíos ag fás re tuargain na ttonn orra.
Na tínte (teinte) móra, lasaid níosa mhó re séideadh na
gaoithe agus múchtar an teine bheag muna raibh cumhdach
ón ngaoith uirthe.



CAIB. 35.
Gur riachtanach a bheith dílios san uile úcáid bhig
agus mhóir.



A deir an céile beannaighthe ionn sna cainnticíbh, gur
chréachtnaigh an bhainchéile a chroidhe le haon tsúil dá
súilibh, agus le haon ruibe dá gruaig; a muineul umorro;
ní ffuil idir bhallaibh foirmealacha an choirp dhaonna, ball
is uaisle le brígh agus le deunamh ioná an tsúil. Ní
ffuil fós de'n duine, cuid is lugha brígh agus is neamh-
uaisle ioná an ghruag. Ris sin do chuirionn an chéile
dhiagha a ccéill nách é amháin go ffuil taithniomh ar na
gníomharthaibh móra oirdhearca doghnídhid na daoine
cráibhtheacha, acht fós ar gach gníomh dá loighead nó dá
tharcaisnighe; agus ionnas go ndeunamaois seirbhís do
mar is dual, ní hiad ár ngníomhartha oirdheirce amháin
is cóir dhúinn a dheunamh dá onóir, acht fós gníomh dá
loighead, óir is féidir linn re gach cuid díobh, a ghrádh do
tharraint orrainn agus a chroidhe do chreuchtnughadh.



Dá bhrígh sin, ullmhaigh tu féin chum gach neithe dá
dhocamhladh dfhulaing ar son Dé, dá mbadh éigion duit
mairtíreacht nó bás dfhulaing ar a shon. Bí réidh fós
ar gach nídh dá mhúirnigh agus dá fheabhus dá ffuil agat
do thréigion ar son Dé, mar atá hathair agus do mháthair,
tfhear pósta nó do bhean phósta, do chlann agus do shúile
agus beatha do choirp más mian le Dia a ttógbháil uait.
Acht an feadh nách mian le Dia céasadh ná doilghíos ná
dochar chomh mór agus sin do chur ort, ná do shúile do


L. 253


bhuain díot, tabhair do ghruag do .i. fulaing go foighdeach
an masladh éadtrom an mí-chongar beag nó an díoghbháil
nách mór do theagmhas duit go laetheamhuil, óir má
fhulaingeann tu na neithe beaga so le grádh agus le
carrthannacht, claoidhfeadh (fidh) tu croidhe Dé agus
tarraingeochaidh tu ar do thaoibh féin é. Ris na freachnaíbh
laetheamhla so dfhulaing go foighdeach ar ghrádh Dé, bíodh
gur beag iad, mar atá tinnios cínn nó broinne, dorta
flidheacht, gruaim do chompánaigh, brise glaine,
fochmhaid eattrom, lamhainnighe, pícín nó coileur do
chailleamhuint; is beag an díoghbháil iad, ionnas nách
cóir do dhuine úrnaighthe ná comaoineach do léigeann
de ar a son. Fós má thig mí-mheas ar son deaghoibreach
ar bith air, nó gidhbé ar bith buaidhre oile dá loighead dá
tteagbhadh do dhuine agus do ghabhann sé chuige ar son Dé
go fonnmhar, atá luaidheacht mór ó Dhia aige, mar do gheall
ar son dighe uisge dobhéarthaoi amach ar a ghrádh féin.
Ó, godé seo theagmhas dhúinn go minic, agus má
doghníomaoid gnás mhaith dhíobh is mór an saidhbhrios spiora-
dálta is féidir linne do chruinniughadh leó.



Ní ffuil contabhairt ar bith, an tan do thuiteach (dh)
N. Caitríona Senensis a neull spioradálta go rómhinic
agus do thógbhach (dh) a spioraid dochum Dé, agus a
deireach (dh) briathra lán d'eagna agus dobheireach (dh)
teagaisg rómhaithe uaithe, go ccasach (dh) agus go ttar-
raingeach (dh) croidhe a céile neamhdha chúiche féin; mar
an ccéadna is mór do tharraingeach (dh) grádh agus gean
Dé uirthe an tan dobhíodh a ccisdeanaigh a hathar ag
iompóghadh an bheara go húmhal, ag fadóghadh na teine,
ag faineadh (fui-) an aráin agus ag déanadh gach seirbhíse
oile dár bhain leis an ttigh go deighmhisnigh, ionnas nách
mó an meas is cóir do bheith ar gach neull spioradálta
dá ffaghach (dh) go minic, ioná ar gach deaghsmaoineadh
agus ar gach midheamhain dá mbíodh aici ag deunadh na


L. 254


ngníomh mbeag nuirísiol ttarcaisneach úd, ar mhódh gur
chosmhúil gurab ar son na smaointe maithe dobhíodh aice
san úmhaile agus ar son na huirísle sin, dofuair na
grása móra do dáileadh dhi ina dhiaigh sin. Ag seo an
mhidhamhain dobhíodh aice ag gleus bídh dá hathair, ag
meadhadh aici féin gurab don tTighearna dobhíodh dá
ghleus mar dobhíodh Marta uair éigin, agus gurab í
Muire a máthair féin, agus gurab iad a dearbhráithreacha
dobhí an áit na nApstol; agus ris sin do mhúsglach (dh)
a spioraid féin agus do thionnsgnach (dh) an tseirbhís
uirísiol san amhuil do bheith ag fritheólamh don ccúirt
neamhdha uile, do bhrígh go raibh a fhios aici gur bhudh í sin
toil Dé. Is uime sin dothug me an sompla so anuas,
ionnas go mbeith fios againn méad na brighe atá san uile
ghníomh dá uirísle do dheunadh go hiomchúbhaidh dochum
glóire agus onóra Dé. Dá bhrígh sin dobheirim go
dúthrachtach dhuit mar chómhairle aithris do dheunadh ar an
mnaoi láidir úd do mholann Solamh go mór, mar go
ccuireach (dh) a lámh a neithibh móra árda, mar adeir sé,
ar a shon san go mbeireach (dh) ar an ccoigéil agus go
sníbheach (sníomhadh) an snáithe. Ar aithris na mná so,
cuir do lámh a neithibh tábhachtacha, a núrnaighthibh, a ttaithighe
na Sacramaint, a dortadh grádh Dé a nanam na cómharsan,
agus ag séideadh deaghsmaointe ionn a ccroidhthibh agus
ionn a ninntinnibh. Fá dheoigh deuna oibreacha uaisle
tábhachtacha do réir do staide. Ar a shon soin ná dearmod
tfhearsad ná do choigíl (eal), taithig subháilce beaga uaisle
uirísle fhásfas mar bhláithe (bhlátha) beaga fá bhinn na
Croise, mar atá seirbhís do dheunadh do bhochtaibh, cuairt
ag aos galair, cúram do thighe agus do mhuinntire, agus
gach nídh dá mbainionn leo agus gabh cúram éigin tairbheach
nách léigfeadh dhuit a bheith díomhaoin; mar dobhí ag N.
Caitríona ionn gach cúram dá raibh uirthe, bíodh smaointe
maithe agat an feadh dobhiaidh tu dá ndeunadh san. Is


L. 255


anamh a theagmhann dúinn siocair seirbhíse móire do
dheunadh dho Dhia, acht is minic dobhíonn siocair againn
mion-sheirbhís do dheunadh dho. Mar adubhairt ár
Slánaightheoir: gidhbé a bhias dílios a neithibh beaga
cuirfeadh (-idh) Dia ós cionn neithe móra é. Uime sin
tionnsgain an uile nídh a nainm Dé agus biaidh gach nídh
dá ndeuna tu go maith. Más ag ól nó ag itheadh a bhias
tu, nó más ad chodladh nó ag caithiomh aimsire, nó ag
iompóghadh an bheara, má tá fios agat do ghnódhtha féin a
dheunadh go maith, dogheabhaidh tu luaidheacht ó Dhia ar a shon,
óir is uime atá tu dá dheunadh, do bhrígh gur mar sin is
mian le Dia tu dá dheunadh.



CAIB. 36.
Gur cóir do dhuine inntinn mhaith do bheith aige agus
treórughadh na céille do leanmhuint.



Ní daoine sinn muna ffuil ciall againn, acht, faraoir!
is anamh dogheibhthear daoine ciallmhara a leanann an
treorughadh san, acht go ttarraingeann a ngrádh féin
iad ó shlighe agus ó riaghail na céille agus do chuirionn
dfhiachaibh orra ró-iomad mion-eugcóra agus cionnta
do dheunadh gan mhothughadh dhóibh féin, mar na seannaigh
úd ar a labharthar isna Cainticíbh, do mhilleann an
fhíneamhuin, agus mar a bhíd beag ní mór go ttugann
duine aire dhóibh, agus dobhíonn iomad díobh ann
doghnídhid díoghbháil mhór. Meas féin an eugcóir nó an
díth céille na neithe a dearas me leat annso síos.



As cúis bheag gan tábhacht doghnídhmíd casaoid ar ár
ccómharsain, agus a neithibh móra gabhmaoid ár leithsgeul
féin. Is mian linn ár nearraidh do reic go daor agus
earraidh cháich oile do cheannach go saor, óir is mian linn
ceartughadh do dheunamh ar chách oile, agus iomchar linn


L. 256


féin go trócaireach gach nídh dá ndéanam. Is mian linn
cách oile do ghlacadh ár mbriathar chúcha go maith, agus
bímíd féin go geurchúiseach ag tabhairt breithe ar bhriathraibh
cháich oile. Is mian linn duine oile do reic a choda féin
ar a luach. Nách mó ioná san an ceart atá aige sin a chuid
féin do chongmháil aige, nó airgiod do ghabháil uainne.
Bíonn saobhnós orainn muna ttugadh (-ann) duine oile
iasacht dúinn. Nách mó ioná san an tadhbhar saobhnóis
atá aige sin, gur mian linn mí-chomhgar do chur air: Má
tá dúil nó fonn againn a ffreachnughadh ar bith,
díomolaimíd, maille re tarcaisne, an uile fhreachnughadh
oile ná bíonn dúil againn ann. Muna ffuil taithniomh
againn ar íochtarán ar bith, nó má ghlacamair fuath nó
míghean do aon uair amháin, ní bhíonn meas aguinn ar
aon nídh dá ndeunann. Cuireamaoid buairt agus tuirse
air agus díomolamaoid gach nídh dá ndeunann. A
chodarsna so: gidhbé ar a mbiaidh gean againn do réir
ár cclaonta féin, a ccás nách fiú é gean do bheith air,
munar féidir linn gach nídh dá ndeunann a mholadh,
gabhmaoid a leithsgeul. Bíonn buachaillidhe macánta
subháilceacha ann, agus ar son cirthime (ciothraime-) éigin
corpardha ní bhíonn gean ag á naithreachaibh orra. A
naghaidh sin má bhíonn mac dubháilceach aca, ar thréithibh
éigin corpardha biaidh róghean air. Cuireamaoid na daoine
saidhbhre roimh na bochtaibh san uile nídh, ar son nách iad
is uaisle ná is subháilcidhe. Fós gidhbé is feárr éadach,
dobheireamaoid an chéad áit dho. Is mian linn ár cceart
féin dfhagháil gan easbaidh agus is mian linn cách oile do
bheith réidh maineachtnach fá na cceart féin. Is mian linn
ár módh, ár maith agus ár staid féin do chongmháil go
róchúramach, agus is mian linn cách oile do bheith go húmhal
ar an áit dogheibhid. Is furas linn gearán do dheunadh
ar ár ccómharsain, agus ní mian linn aon duine do
dheunadh gearáin orainn féin. Is mór linn gach nídh dá


L. 257


ndeunamaoid ar son duine oile, agus ní bhíonn meas
againn ar aon nídh dá ndeunaid ar ár son, ionnas gur
cosmhuil sinn faoi dheoigh le patruisge na Paphlagonia
ionn a mbíonn croidhe dúbalta, óir atá croidhe aguinn
trócaireach fabharthach dúinn féin, agus croidhe oile cruaidh
borb mí-thrócaireach dár ccomharsain. Atá fós dá
chomthrom againn: a haon díobh re a ttomhaiseamaoid
ár ccomhgar agus ár sochar féin agus atá san róthrom;
ris an dara comhthrom do thomhaiseamaoid comhgar ár
ccomharsan, agus atá san róéadtrom. Adeir, umurro,
an Sgrioptúir naomhtha go mbíd béil chealgacha ag an
ccroidhe agus go labhraid as an ccroidhe; is é sin go ffuil
an croidhe dúbalta agus go ffuil dá chomhthrom aige:
A haon díobh chum neithean do cheannach agus do ghabháil,
agus atá san trom. Comhthrom oile éadtrom dochum
neithean a reic agus a thabhairt uaidh; agus atáid sin
mallaighthe a ffiadhnaise Dé.



Dá bhrígh sin, bísi go ceart comhthrom san uile ghníomh,
agus cuir tu féin do ghnáth a náit do chómharsan agus
do chómharsa ann háit féin; agus ris sin ní thiubhraidh
tu breath chlaon fair. Meas fós gur tu féin a bhias
ag reic an uair a bhiaidh tu ag ceannach, agus gur tu
féin a bhias ag ceannach an uair a bhiaidh tu a reic, agus
as san tiucfadh dhuit reic agus ceannach do dheunadh
go ceart. Is beag an eugcóir a bhíonn ionnta so uile,
agus ní chuirfidh dfhiachaibh orainn aisioc do dhéanadh ionnta,
do bhrígh nách iarramaoid acht an nídh is iomchubhaidh dhúinn
ó cheart, chum ár sochair féin, agus ní théighmid as an
teórainn amach. Acht ar a shon san, atá a naghaidh fáthchéille
agus carrthannachta. Is olc fós an rún iad; gidhbé
imthigheas go díreach, uasal, daondha, ní chaillionn sé aon
nídh dá cheart ná dá úghdarás ná dá dheighinntinn ríoghdha,
má leanann sé an ceart do réir threórughadh na céille.


L. 258


Feuch go minic ar do choinsias, agus tabhair fá dear
an ffuil tu dhot chómharsain mar fá mian leat é do bheith
dhuit, dá mbeitheá féin ina áit, agus ionnso atá brígh na
céille go fírinneach.



Dothugadar a mhuinntir féin achmhusán don Impire
Traianus, go raibh mórdhacht na hImpirigheachta dá cur a
ttarcuisne aige le na usacht leis daoine do léigionn
a caint leis, agus tré mheud an mhuinntiordhais do
thaisbeánadh sé dhóibh. Do fhreagair sé iad ag rádh: “Is
mar sin is cóir dhomhsa do dheunadh re m'íochtaránaibh,
mar budh mhaith liom Impire do dheunadh liom féin dá
mbeinn am íochtarán aige.”



CAIB. 37.
Do Mhianaibh agus dFhonn an Duine.



Ní ffuil a nainffios ar aon duine nách cóir fonn do
bheith a neithibh lochtacha nó mailíseacha ar bith, agus go
ndéinionn fonn feillghníomha an tí ag á mbíonn, go holc
mailíseach. Tairis sin, ná bíodh dúil ná fonn agat a nídh
ar bith atá peiriaclach dhot anam mar atá ringce, imirt,
agus a samhuil eile de chaithiomh aimsire. Fós ná bíodh
dúil agat a nonóir ná a mórdháil ná a ttaisbeánta
dfhagháil ó Dhia dothéighionn ós cionn nádúra, óir is
gnáth peiriacail, cealg agus eolbhaois do bheith ionn sna
neithibh sin. Fós ná bíodh dúil ná fonn agat ionn sna
neithibh atá a ffad uait, .i. nách féidir a tteacht acht tairéis
mhóráin aimsire. Nídh sin doghnídh daoine gan sochar
gan tairbhe dhóibh féin, acht buairt agus mí-chiúnas do chur
ar a ninntinnibh, agus iad féin do chur a bpeiriacail.
Más mian le duine óg mórdháil do rochtain roimh aois
do theacht do, nách díomhaoin an mian san; má tá fonn
ar mhnaoi phósta a bheith ina mnaoi riaghalta nách fonn


L. 259


díomhaoin sin? Más mian liom fearonn mo chómharsan
do cheannach agus gan dúil aige a reic, nách éigcríonna an
mian san? Má táim tinn, nách díomhaoin dom fonn
do bheith orm Aifrionn do rádh, seanmóir do dheunadh,
nó dul ar cuaird dochum duine thinn, nó freachnughadh
oile do bhainios re duine slán, gan aon nídh dhíobh ar mo
chumas? Fós is mí-thairbheach dhom na foinn seo do bheith
agam agus ag gabháil áite na ffonn maith ttairbheach budh
féidir liom do bheith agam an feadh dobheinn ag caithiomh
aimsire leó siúd .i. béidir liom fonn do bheith orm a bheith
foighdeach, ceannsaigh, umhal, agus mo thoil féin do
thréigionn, agus a bheith réidh ar gach bruid agus ar gach
boichteacht dá léigfeadh Dia orm, agus isiad so is mian
le Dia do bheith agam san aimsir ionn a mbíonn smaointe
díomhaoine agam; acht isé a chodarsna so doghnímíd
mar doghnídhid na mná a bhíonn torthach, iarrann sirínidhe
nuadha san ffóghmhar agus grápaighe san earrach.



Ní hí mo chómhairle do dhuine ar bith do ghabh staid nó
oifig, fonn do bheith aige a nídh ar bith nách ffuil iomchubhaidh
don ccoinghioll agus don ccuing atá air, nó atá bun-os-
cionn don staid ionn a ffuil, óir doghnídh so an croidhe
míchiúin, agus bainionn a bhrígh agus a neart as dochum
na ffreachnaighthe riachtanacha do dheunadh. Dá mbadh mhian
liom uaigneas Cairtiúisianach do bheith agam, caillim an
aimsir díomhaoin. Budh chóra dom smaoineadh cionnas
dodhéanfainn mo chúram féin go griongalach. Ní mholaim
fonn do bheith ag duine a ninntleacht nó a mbreitheamhnas
níos feárr do bheith aige ioná mar dothug Dia agus a
nádúir dho, óir is fonn díomhaoin sin agus gabhann
áit an fhoinn budh chóir do bheith aige, .i. freachnughadh do
dheunadh de'n inntleacht a thug Dia dho, gidhbé ar bith mar
atá sí. Ní mian liom fós fonn do bheith ag duine modh
nó gleus eile dfhagháil dochum seirbhíse do dheunadh do


L. 260


Dhia, acht freachnughadh do dheunadh go díleas de'n modh
atá aige.



Ní labhraim ionnso acht ar an ffonn do chuirionn buairt
ar dhuine agus bhíonn ag gearradh a chroidhe, óir ní dheunann
smaoineadh éadtrom dochar, mar atá, gur mhian liom
súd nó so, ní dheunann dochar muna ttig go minic, agus
go ngeabhaidh freumh san ccroidhe.



Ná bíodh fonn agat ceusadh mór do theacht ort; munar
fhulaing tu go foighdeach gach ceusadh dá ttárlaidh dhuit
go nuige sin, is mór an mhíchéill go mbadh mhian leat
mairtíreacht dfhulaing. Is minic do chuirionn an diabhal
cathaighe orainn, dúil agus fonn do bheith againn ionn sna
neithibh atá a ffad uainn, agus nách ffaicfeam go bráth,
ionnas nách ttiubhramaois aire do na neithibh atá do láthair
againn, as ar féidir linn tairbhe éigin do bhuain, dá
loighead dá mbiaidh, acht ionn ár ninntinn féin bíomaoid
ag cómhrac re beathadhachaibh uathbhásacha iongantacha na
hAfraice, agus re díoghbháil air, leigeamaoid d'athrachaibh
nimhe do theagbhann linn ar an tslighe, ár marbhadh a naisge.



Ná bíodh fonn cathaigh do theacht ort, óir do bheith sin
meardhánta, acht ullmhaigh tu féin, má dothigid ort, gan
do thoil a thabhairt dóibh, acht cur ina naghaidh. Éagsamhlacht
an bhídh, má glacthar iomarca dhe, cuirfidh leathtrom ar
an ngaille (ngoile), agus má bhíonn an gaille (goile)
lag, bainfidh a bhrígh as. Ná líon tu féin le hiomad foinn,
óir más ar neithibh saoghalta a bhiaid, millfid tu go
hiomlán; cuirfid buairt agus toirmiosg ort fá na
neithibh budh chóir dhuit a dheunadh más ar neithibh spiora-
dálta a bhíd. An uair a bhias an tanam arna ghlanadh agus
saor ó an uile dhroch-chlaontaibh, annsoin a bhias rófhonn
aige a neithibh diagha spioradálta, agus amhuil go mbeith
gorta air, is mian leis iliomad freachnaighe, luaidheachta,
ceannsaigheacht, aithrighe, umhaile agus úrnaighthe do
dheunadh. Is maith an comhartha mian chomh maith agus sin


L. 261


do bheith aige, acht feuch an féidir leat an méid is mian
leat d'itheadh do ghileadh. Uime sin, do réir chómhairle
hathar spioradálta, togh asta san an freachnughadh is
féidir leat a chur a ngníomh, agus lean de go seasamhach.
Ina dhiaidh sin dobhéaraidh Dia mian oile dhuit do chuirfidh
tu a ngníomh ina am féin, agus ní chaillfidh tu an aimsir
le mianaibh mí-thairbheacha.



Ní abraim leat maineachtna ná tarcuisne do dheunadh
fá mhian ná fhonn maith ar bith, acht a ttabhairt chúghat go
hórdaighthe agus an chuid dhíobh nách féidir a chur a ngníomh
do láthair, cuir a cclúid éigin ded' chroidhe iad nó go
ttigiodh aimsir a ccur a ngníomh, agus go nuige sin, cuir
a ngníomh an nídh atá do láthair agat; agus ní hé amháin
ionn sna neithibh spioradálta, acht fós ionn sna neithibh
saoghalta atá áit aige seo; ar mhodh oile biaidh duine do
ghnáth, lán de bhruid agus de mhíchiúnas.



CAIB. 38.
Cómhairleach do na lánamhnachaibh pósta.



Sacramaint mhór an pósadh a cCríost, agus ionn san
Eaglais. Atá sé onóireach san uile mhodh .i. ionn gach
uile mhódh dá mbainionn ris. Atá sé onóireach do gach
uile dhuine, óir is cóir do mhaighdionn (in) onóir do thabhairt
do go húmhal. Atá sé onóireach ionn gach aon duine, óir
atá beannaighthe ionn sa mbocht agus ionn sa saidhbhir.
Atá sé onóireach ionn féin ó na bhunudhas, ó na chrích,
ó na thairbhe, ó na fhoirm agus ó na adhbhar. Isé is fearonn
don cCríostaigheacht, isé do líonann óstaighe ionnas go
líonadaois fá dheoigh neamh. Baineann ris an ttairbhe
phoiblidhe an pósadh do choimheud, do bhrígh gurab é is
freumh agus tobar dá srothaibh fíorghlana. B'fhearr liom
go ttugthaoi cuiridh (cuireadh) do Mhac Dé chum gach uile


L. 262


bhainse phósta, mar dotugadh dho a cCána na Gailile.
Dá ndeunthaoi sin, ní theastóchadh fíon na mbeannocht
ná an tsóláis uatha.



Is uime do theasdaigheann an fíon so uatha, do bhrígh
gurab é Adonis dogheibh cuireadh a náit Íosa Críost,
agus Uenus a náit Mhuire. Gidhbé re ar mian uain
bhreaghtha, breaca, do bheith aige, cuireann sé slata breaca,
ós coinne na ccaorach an tan dothéid fá reith, mar
dorinne Jacob. Mar sin gidhbé re ar mian críoch mhaith
do bheith ar a phósadh, a naimsir a bhainisi bíodh naomhthacht
agus uaisleacht aige ós coinne a shúl. Acht ní mar sin
doghnídhthear san aimsir seo, acht mórán de neithibh
neamhórdaighthe do dheunadh le ringce, le himirt, le hól
iomarcach, agus le gach caithiomh aimsire oile dobhíos
róneamh-iomchubhaidh, ionnas nách iongnadh gan críoch
mhaith do theacht ar mhórán díobh.



Roimh an uile nídh guidhim na lánamhnacha pósta fá ghrádh
do bheith aca ar a chéile, mar do thaobhann an Spiorad
Naomh leó go minic san Sgruiptiúir diadha. Ó, a dhaoine
pósta, ní leór díbh grádh nádúrtha do bheith aguibh ar a
chéile, óir bíonn san ag na truidein ar a chéile; ní leór
díbh grádh daondha do bheith aguibh ar a chéile, óir go mbíonn
san ag na págánachaibh ar a chéile, acht adeirim libh briathra
an Apstoil do choimheud: “A fheara, bíodh grádh aguibh
ar bhúr mnáibh pósta, mar atá ag Críost ar an Eaglais.
Agus mar an ccéadna, a mhná, bíodh grádh aguibh ar bhúr
ffearaibh mar atá ag an Eaglais ar ár Slánaightheoir.”
Isé Dia féin dothug Éabh dochum Ádhaimh, ár ccéad athair,
agus dothug do í mar mhnaoi phósta. A cháirde ghrádhach,
isé Dia fós do cheanglann snaidhm daingean bhúr
bpósta-sa le na láimh dho-fhaicsiona féin agus do dháileann
dá chéile sibh. Mar sin cread fáth nách beith grádh
beannaighthe, coisreagtha naomhtha aguibh ar a chéile, mar
atá ag Críost agus ag á Eaglais ar a chéile?


L. 263


An chéad mhaith dothig as an ngrádh so, an snaidhm do-
sgaoilte do cheanglann an fear agus an bhean re chéile.
Má ceangaltar dá chlár re chéile, de chrann áirighthe is
cosmhúil re giús, re gliú maith, is usa a sgoilteadh ioná
a sgaoileadh ó na chéile san áit a ffuilid ceangailte
ris an ngliú. Mac Dé féin re na fhuil féin, do cheangail
fear agus bean re chéile, dá bhrígh sin atá an ceangal so
chomh daingean, chomh dosgaoilte agus san, gur túsga
dhealuigheann a nanam re na ccorpaibh ioná sgarann an
lánamhuin phósta re na chéile. Ní tuigthear an ceangal
so do bheith ar a ccorpaibh amháin, acht fós ar a ninntinn
agus ar a ngrádh.



An dara maith thig as an ngrádh so .i. dísligheacht do
chongbháil dá chéile ar gach taobh. Budh ghnáth le daoinibh
cian ó shoin, seula do bheith buailte ar an ffáinne do
bhíodh ar a meuraibh, agus is follus go mbadh ghnás san
aca a naimsir an phósta. Beannaigheann an Eaglais an
fáinne anois, agus dobheir don fhior é ar ttúis, ag cur
a ccéill go ffuil sé ag cur seula ar a chroidhe ris an
tsacramaint seo, chum gan grádh do thabhairt do mhnaoi
ar bith oile, an feadh mhairfeas an bhean san atá do phósadh.
Ina dhiaigh sin cuireann an fear an fáinne ar mheur na
mná ionnas go ttuigfeach (dh) nách cóir di grádh fir oile
do léigeann ionn a croidhe an feadh bhias an fear san atá
Dia a thabhairt di, beo.



An treas maith, an toradh thig as an bpósadh .i. clann
dlisdionnach do dheunadh agus do thabhairt suas ó
lánamhnachaibh. Nách mór an onóir díbh na hanamna is
mian le Dia do chruthughadh dochum é féin a mholadh tré
bhioth shíor, go ngabhann sé bhúr ccongnamhsa agus bhúr
ccomhoibriughadh chum oibre chomh huasal agus sin .i. an
tan do gheineann sibh na coirp ionn a ndoirteann féin
ina dhiaigh sin na hanamna, do chruthuigheann mar bhraonaibh
éigin neamhdha, óir is fíor gurab é órduigheann iad an tan


L. 264


do dhoirteann iad is na corpaibh. Dá bhrígh sin, a fheara,
bídh grádh bhúr ccroidhe aguibh ar bhúr mnáibh pósta. Is
uime sin dorinneadh an chéad bhean riamh de'n asna do
bhí láimh le croidhe an chéad fhir, ionnas go mbeith grádh
aige ó chroidhe uirthe. Uime sin iomchrach (dh) na fir
ciorrthuime (? ciothruime) agus eugcruas a mban, más
corpardha nó spioradálta iad, agus ná gabhadaois fuath
ná tarcaisne dhóibh, acht bíodh truaigh aca dhóibh go grádhach
trócaireach, do bhrígh gurab é Dia do léig sin orra, ionnas
go mbeith níosa mhó d'onóir agus d'umhluigheacht aca dhóibh
le iad féin dfhaicsint ionn bhúr ttuilleamuighe. Bídís
ina ccompánachaibh aguibh ar son gur sibh a cceinn agus a
nuachtaráin. Agus sibhsi, a mhná, bíodh grádh aguibh ó chroidhe
ar bhúr ffearaibh, agus sin lán d'umhluigheacht agus
d'uraim, óir is uime thug Dia níosa mhó d'inntinn agus
de neart don gcineul feardha, ionnas go mbeith
tuilleamuighe ag an mnaoi ris, óir is cnámh dá chnámhaibh
agus feoil dá fheoil féin í, agus is uime do baineadh í
as an asna dobhí fá asgall an fhir, ionnas go ttaisbeánadh
gur fá láimh agus fá smacht an fhir is cóir di a bheith, dá
treórughadh. Taobhann an Sgruiptiuir naomhtha so libh
go dúthrachtach minic, agus doghnídh sé dhíbh é so-iomchair
an tan is mian leis sibh do bheith umhal ó bhur ngrádh orra,
agus sibh féin do chur leó re deaghthoil, agus a chur fós
dfhiachaibh ar na fearaibh urraim d'iarraigh oraibh, acht go
cineálta grádhach measardha. Adeir N. Peadar ris na
fearaibh a bheith a naon áit re na mnáibh pósta go céillidhe
discréideach, ag tabhairt onóra don ccineul is laige.



Mar atáim do bhúr nguidhe grádh a bheith aguibh ar a chéile
agus an grádh san do choimheud go carrthannach, guidhim
sibh mar an ccéadna gan an grádh san do bheith meardhánta
ná éadmhar. Is minic do theagmhann so, mar do geintear
cnumh san úbhall is milse agus is apaighthe, gur mar sin
a geintear éad as grádh teasaighe meardhánta na lánamhna


L. 265


ar a chéile, agus fá dheoigh milleann agus díbrionn an
grádh dobhí aca, agus dothig buairt, imreasán agus achrann
ina áit chúcha, ar mhodh gur mhian leo sgaradh re chéile. Is
deimhin gidhbé lánamhuin nách ttugann áit don eud, gur
grádh subháilceach atá aca ar a chéile. Uime sin, is comhartha
grádh collaighthe ag nách ffuil bunudhas subháilceach, an
teud, acht go neamh-sheasamhach neamh-dhílios, óir, an grádh
do thaisbeánaid re heud ní ffuil ionn acht grádh éigcríonna
amadánach. Is cómhartha an teud go ffuil grádh mór ag
duine ar an dara rann; ar a shon san ní cómhartha é ar
ghrádh mhaith ghlan ná fhoirfe, óir isé is fíorbhun don ngrádh
fhoirfe, cinnteacht, subháilce, agus dísligheacht; an teud,
umurro, neamh-chinnteacht agus neamhdhísligheacht is fíorbhun
do.



An mian libh, a fheara, bhúr mná a bheith dílios díbh?
Tugaidhe sompla dísligheachta dhóibh. “Godé an teud?”
ar N. Greagoir Nasiansen. “Ar féidir libh iarraidh ar
bhúr mnáibh a bheith geanmnaighe muna ffuil sibh féin
geanmnaighe? Cread fá a niarrann sibh orra coinghioll
do chomhall díbh nách ccómh-líonann sibh dóibh? An mian
libh iad a bheith geanmnaighe? Más mian bídhighe féin
geanmnaighe.” Agus mar adubhairt N. Pól, bíodh a bhean
féin ag gach aon duine go naomhtha beannaighthe; acht má
doghnídh sibhsi a chodarsna san, ag tabhairt faraill neamh-
dhísligheachta dhóibh, nár budh hiongnadh libh míchlú dfhagháil
as a mbeith neamh-dhílios.



Agus sibhsi, a mhná, ar a ffuil bhúr nonóir agus bhúr
cclú ar a bheith geanmnaighe, coimheudaighe é go ródhíthchilleach
agus ná léigidhe re sgaoilteacht ar bith mí-mheas do theacht
ar bhúr cclú. Bíodh an uile ionnsaighe dá loighead,
amhrasach aguibh, agus ná fulaing gairm ná ainm ghrádhach
do thabhairt díbh ó fhear ar bith oile, agus gidhbé mholfas
bhúr sgéimh ná bhúr ttréithe corpardha, bíodh amhrus aguibh
air, óir gidhbé mholas earraidh nách féidir leis a cheannach,


L. 266


is cosmhuil leis dúil a bheith aige a ghoid nó a fhuadach.
Fós má bhíonn duine do bhúr moladh, má labhrann go tar-
caisneach nó go holc ar fhear pósta, is dearbh gur mór
an eugcóir doghnídh sé oraibh, óir ní hé amháin gur mhian
leis sibh a mhealladh, acht fós go ffuil sibh leithmhillte do
bhrígh go ngabhann sibh gráin ar an ccéad fhear, acht atá
leath an chonartha deunta ris an dara fear. Budh
ghnáth roimhe seo, agus atá ar congmháil anois ag mnáibh
uaisle, clocha uaisle nó péarlaighe do chrochadh as a
ccluasaibh, ionnas go ffaghdaois sólás éigin an tan do
bhuailid re chéile, mar adeir Pliny. Is cuimhin liom cara
mór do Dhia .i. Isaac, gurab é céad chomhartha do chuir
sé chum Rebecca dobhí sárgheanmnaighe, seoid órdha do
chuirfeadh sí as a cluasaibh; acht measaim go raibh
rúndiamhair faoi na seudaibh seo .i. gurab é céad nídh
is cóir don fhior d'iarraidh ar a mhnaoi, agus is cóir disi
a choimheud do, a cluasa; ionnas nách rachaidh drochchómhrádh
ná caint thruaillighthe asteach ionnta, acht fuaim ghrádhach,
shólásach bhriathar geanmnaighe, óir is iad san is fuaim
do chlochaibh uaisle an tSoisgéil, agus bíodh cuimhne againn
do ghnáth mar is ar an mbeul asteach dothéighionn an nimh
do mharbhann an corp, gurab ar na cluasaibh asteach
dothéighionn an nimh do mharbhas an tanam.



An grádh agus an dísligheacht mar aon, dobheirid
muinntiordhas taobhach idir an lánamhuin. Leughmaoid
ar na lánamhnachaibh naomhtha go mbídís lán de ghean
fhírinneach agus de mhaoth-ghrádh gheanmnaighe ar a chéile.
Is mar sin dobhí Isaac agus Rebecca, dobhí ina lánamhuin
shárgheanmnaighe. An tan dochonnairc Abimelec iad ag
súgradh le na chéile, ar son nách nídh mímhacánta dobhí
aca dá dheunadh, d'aithin sé go mbadh súgra lánamhuin
(-amhna) dobhí aca. An Rí mór N. Laoiseach, ar son go
mbíodh róchruaidh re na chorp féin, do thaisbeánadh maoth-
ghrádh dá mhnaoi phósta, ionnas go raibh meas air go raibh


L. 267


ró-iomarcach ionn a mhian seirbhíse agus sóláis do thabhairt
di, ar son gur moladh budh chóir a thabhairt as san, ar son
go raibh inntinn uasal fheardha aige, nách leigeadh dhe seirbhís
iomchubhaidh do dheunadh dhi chum grádh a mhná do tharraingt
air. Agus bíodh ná ceanglaid na cómharthadha beaga so
muinntiordhas fíorghlan a ninntinne re chéile go hiomlán,
téighid a ffogas do, agus tarraingid go sámh iad
dochum grádh a bheith aca ar a chéile mar is cóir.



Naomh Moinioca, an tan dobhí a mac féin, N. Abhaistín,
ionn a broinn, d'ofrálach (dh) é go ró-mhinic don ccreidiomh
Chatoiliceach agus do sheirbhís Dé, mar admhann N.
Abhaistín féin ina dhiaigh sin, ag rádh gur bhlais sé a mbroinn
a mháthar, salann Dé. Mar sin is cóir do na mnáibh
Críostaighe do dheunadh, .i. toradh a mbronn, sul fá ttig
dochum soluis, d'ofráil dho Dhia. Gabhann Dia go taith-
niomhach ofráil deóntach an chroidhe úmhail, agus éistionn
go mórmhór san aimsir sin deaghthoil agus deaghinntinn
na máithreach. Is fiadhnaise air seo an fáidh Samuel, Naomh
Tomás Aquino, N. Aindrias Fiosola agus mórán oile. Fós
máthair N. Bearnárd, máthair do bfhiú a shamhail sin de
mhac a bheith aici, gach clann dá mbeireadh, do ghabhach (dh) idir
a lámhaibh féin iad, agus do thairgeach (dh) iad dár tTighearna,
Íosa Críost, agus dobhíodh grádh speisialta aice orra
ó shoin amach, mar neithe coisreagtha do thaobhaidh Dia
lé féin do choimheud. Is maith dochuaidh dhi, óir an
mórsheisior clainne dobhí aici, dobhádur uile naomhtha.
An uair dobhíonn an chlann a teacht dochum críonnachta,
is cóir do na haithreachaibh eagla Dé do theagasg dóibh
roimh an uile nídh. Is oirdheirc teasaighe dorine an
bhainríoghain, Blanca, freachnughadh ar an oific seo le na
mac féin, N. Laoiseach, Rí na Frainnce, óir a deireach (dh)
ris go minic go mbfhearr lé a fhaicsint ag fagháil bháis
ioná é do dheunadh aon pheacadh amháin marbhthach.
Dobhí an chómhairle seo na máthar sgríobhtha chomh daingeann


L. 268


agus san a ccroidhe an mhic bheannaighthe, mar d'aithris
féin ina dhiaigh sin, nách bíodh aon lá nách ttugadh ionn a
chuimhne í, ag deunadh díthchill a cur a ngníomh. Sleachta agus
féineacha dá ngoirthear go coitchionn tighthe; dá ngoirid
Clann Israel “tighthe do chur suas” ionnas gurab ionn sa
ccéill seo a deirtear gur chuir Dia tighthe suas do mhnáibh
na hÉigipte, ionnas gur follus as so nách é amháin go
ndeuntar tigh maith an tan do theagmhas mórán saidhbhris
ionn go cóir nó go heugcóir, acht fós an tan a tóigthear
clann an tighe suas a neagla Dé agus a subháilceadhaibh. Dá
bhrígh sin ní cóir do na haithreachaibh coigilt ar son duaigh ná
saothair, chum na clainne do bheith go maith, óir gurab iad is
glóir agus is onóir dóibh. Is mar sin dorineadh N.
Moinioca re na mac féin N. Abhaistín, do lean é ar muir
agus ar tír, chum na ndrochchlaonta dobhí ionn a bhuain as,
ionnas gur seunmhaire dobhí ina mhac aice, ris na deoraibh
do dhoirt ar a shon, ioná dobhí ina mhac fola agus feóla
aice, óir gur leó do tharraing é chum a bheith ina Chríostaighe
agus a bheith naomhtha mar dobhí.



Adeir an tApstol ris na mnáibh, cúram a ttighe agus
a muinntire do bheith aca mar nídh do bhainios leó féin
go dílios. Is uime sin do mheasann mórán go fírinneach,
gur tairbhighe do na tighthibh agus don mhuinntir, subháilce
na mban ioná na ffear, óir ní bhíd na fir astigh do ghnáth,
ioná idir mhuinntir an tighe, ar mhodh nách féidir leó teagasg
subháilceach a thabhairt dóibh mar is féidir leis na mnáibh.
Is air seo, do réir mheasa mhóráin, a dfheuch Solamh, ag
labhairt ar an mnaoi láidir a raibh maith agus sláinte
an tighe uile ag teacht ó na cúram agus ó na díthchioll.



An tan dochonnairc Isaac go raibh a bhean féin, Rebecca,
seasg, do ghuidh Dia ar a son agus do ghuidh sí féin mar
aon ris, agus d'éist Dia iad. As so do thuigeamaoid
nách ffuil ceangal ná caidreamh ar bith is feárr agus
is tairbhighe idir lánamhain ioná an ceangal dobhíonn aca


L. 269


re na chéile san ccrábhaigh (-adh) bheannaighthe, ionnas gur
cóir do gach aon díobh díthchioll do dheunadh ar an dara
rann do shárughadh le crábhaidh (adh). Bíd tortha ann ar a
mbíonn blas searbh, muna ccurthar siuicre ina ttímchioll.
Bíd fós, tortha oile bog deaghbhlasta ann, agus ní féidir
a ccoimheád muna ccurthar siuicre ina ttimchioll. Mar
sin is cóir do na mnáibh díthchioll do dheunadh na fir do
bheith ar maos siuicre an chrábhaidh, óir an fear nách bíonn
cráibhtheach, ní bhíonn ann acht beathaigheach borb durrdha,
do-cheannsaighthe. Mar an ccéadna, is cóir do na fearaibh
díthchioll do dheunadh ar a mnáibh do bheith cráibhtheach, do
bhrígh gur deacair an bhean gan chrábhadh do bheith coinghiollach,
agus fós a bheith a bpeiriacaill slighe na subháilceadh do
sheachnadh. Adeir an tApstol go naomhuigheann an bhean
a bhíonn ina Críostaighe an fear nách bíonn amhlaigh, agus
an fear a bhíonn ina Chriostaighe an bhean nách bíonn
amhlaigh; óir is furus do gach aon díobh, san cceangal
chruadh so an phósta, an dara rann do tharraint chum a
bheith cráibhtheach nó subháilceach. Godé a mhéid de
bheannughadh an tráth bhíonn an fear agus an bhean ina
cCríostaighthibh, ag naomhughadh a chéile maille re heagla
Dé.



Ina chionn so is cóir don lánamhuin gach neamhfhoirfeacht
dá mbiaidh a cceachtar díobh d'iomchar le chéile, ar mhódh
nách cóir dóibh fearg do bheith orra go bráth a naoinfheacht,
d'eagla an imreasáin do theacht chum a bheith ina bhruighin.
Ní chruinnighid na beich mil san áit a mbíonn fuaim mhór
nó macalla. Mar sin ní dheun an Spiorad Naomh cómhnaighe
san tigh ionn a mbíonn fuaim nó macalla na bruighne
idir an fear agus an bhean.



Adeir N. Greagóir Nasiansen go raibh gnás ag na
lánamhnachaibh pósta ionn a aimsir féin, feusta gacha
bliadhain do dheunadh, a ccuimhniughadh an lae do pósadh
iad. Dob fheárr liom go mbeith an gnás san anois ar


L. 270


congmháil, acht amháin nách ina chuirm ná ina chaithiomh aimsire
saoghalta do bheith sé aca, acht na lánamhnacha do dheunamh
faoisdin agus comaoineach, agus Dia do ghuidhe go
dúthrachtach fá chrích mhaith do chur ar an ppósadh, agus
rún maith do ghlacadh chum a bheith grádhach dílios dá chéile
do réir thoile Dé, agus a spiorad d'athnuadhadh chum na
cuinge agus na staide do ghabhadar orra d'iomchur go
naomhtha beannaighthe.



CAIB. 39.
Do mhacántacht agus do ghlaine leapann an
phósta.



Is cóir agus is riachtanach mar adeir an tApstol,
leabadh an phósta do bheith glan gan sal ar bith .i. gan
truailligheacht ar bith do léigeann ina cómhgar agus a bheith
saor ó an uile smál. Uime sin, is a bparrthas do
hórduigheadh an pósadh ar ttúis, a náit nách raibh antoil
chollaighe ar bith, ná aon nídh mí-mhacánta ar fagháil ann.



Dothig antoil thruaillighthe bhrúideamhuil as iomarca
bídh d'itheadh, agus atá cosmhúlacht éigin aca re na chéile,
agus re sámhus na colna do bhainid; ar son gur don
antoil bhrúideamhuil, tré mheud hainmhiana, a goirthear
antoil chollaighthe, agus do bhrígh nách iomchubhaidh labhairt
ar an ttruailligheacht a tuigfighear as laibheóram ar an
mbrúideamhlacht, an meas is cóir do bheith uirthe.



Ar ttúis, nídh d'itheadh dochum ár ccoirp do choimheud
do hórduigheadh é, agus mar is nídh maith biadh d'itheadh
dochum oileamhna dár ccorp, is gur aithin Dia do gach
duine a shláinte do choimheád; mar sin biadh d'itheadh
chum dlighe an phósta do chongmháil is chum clainne do
dheunadh agus an cine daondha do mheudughadh, is nídh
beannaighthe ionmholta é, óir isé críoch fhírinneach an phósta é.


L. 271


An dara huair, is iomchubhaidh agus is ceart biadh, ní
hé amháin dochum oileamhna a thabhairt don ccorp, acht
fós dochum cáirdis agus cómhluadair an phósta agus
chum grádh do choimheud idir an lánamhuin ionnas go
mbfhéidir le cuid díobh sásamh a thabhairt don dara rann
do réir dhlighe an phósta. Ceart agus fiacha do ghoireann
an tApstol de seo, agus atáid na fiacha so chomh daingeann
agus san, nách ceadaightheach do cheachtar de'n dá rann
leithsgeul do ghabháil fá na ndíol muna raibh toil an dara
roinn aige ar son freachnaighe an chrábhaidh, mar adubhramair
shuas ag labhairt ar chomaoineach do dheunadh go minic,
agus is lugha ioná san ar son cumadóireacht nó cineamhnacht
mhion-shubháilceadh oile, nó as diomdha nó saobhnós gan
áird.



An treas uair, gidhbé ithios biadh dochum cirt an phósta
do dhíol, ithidís é go fonnmhar gan glunn (glonn) ar bith.
Fós taisbeánadaois go ffuil fonn aca ann, agus mar
an ccéadna tugach (dh) an lánamhuin ceart an phósta dá
chéile go réidh dílios do ghnáth, amhuil go mbeith dóthchus
aca clann dfhagháil, ar son go ttiucfadh as chúis nó as
thoirmiosg éigin, náchar fféidir leó clann dfhagháil.



An ceathramhadh huair, biadh d'itheadh, ní ar son aon
chúise dá ndubhramair acht amháin duine do thabhairt sásaighthe
dá fhonn féin; ar son nách fuil sin toirmisgthe ní ffuil
sé ionmholta, óir ní leór sámhus an choirp dochum an
ghníomha bheith ionmholta, acht is leór dho gan a bheith
toirmisgthe.



An cúigeadh huair, biadh d'itheadh, ní chum sásaighthe a
thabhairt don fhonn atá ar dhuine acht dochum iomarcaigh
do dheunadh go mí-órdaighthe, an-mheasardha, atá san lochtach
níosa lugha nó níosa mhó do réir mar bhíonn an tiomarca
beag nó mór.



An seisiughadh huair, doghnídhthear iomarca san mbiadh,
ní hé amháin le mórán d'itheadh dhe, acht fós ris an modh


L. 272


a nithtear é. Is iongnadh go dearbhtha, an mhil atá chomh
nádúrtha do na beachaibh, ar mhodh nách ffuil oileamhuint
ar bith is nádúrtha agus is dísle dhóibh ioná í, go ndeunann
tinn iad an tan ithid iomarca dhi san Earrach, agus gabhann
sgaoileadh iad agus dogheibhid bás an tan cheanglas an
mhil astigh dá cceannaibh agus dá sgiathánaibh. Mar sin,
cómhluadar an phósta ionn féin, atá naomhtha, ceart,
ionmholta, agus atá róthairbheach don mhaithios phoiblighe.
Acht a ccásaibh éigin bíonn ródhíoghbhálach freachnughadh do
dheunadh dhe, óir doghnídhid na peacaidhe sologhtha amháin
an tanam eugcruaidh le hiomarcadh neamhdhíoghbhálach nó
simplidhe, agus ar uairibh oile marbhann sé é le peacadh
marbhthach, an tan a claochluighthear modh an gheineamhna
(na geineamhna) do órdaigh Dia chum clainne do dheuandh,
ar mhodh oile nách féidir clann do theacht as; agus do réir
mar claochluighthear an modh so, biaidh an peacadh níosa
mhó nó níosa lugha gráineamhuil acht marbhthach do ghnáth.
Óir isé céad chríoch agus críoch díleas an phósta, clann do
gheineamhuin, agus dá bhrígh sin, ní féidir dealughadh ris
an riaghail órdaighthe chum geineamhna a ccás ar bith, bíodh
nách féidir san am chéadna clann do theacht as tré
chinneamhuin éigin, mar atá an bhean a bheith seasg nó
torthach cheana. Ar a shon san, ionn sna cásaibh seo is
féidir lánamhnacht do dheunadh gan pheacadh ar bith, acht
amháin na riaghlacha agus an modh do chongmháil re ar fféidir
clann do dheunadh, óir ní féidir a ccás ar bith críoch phrionn-
sapálta an phósta do chur ar ccúl. An gníomh gráineamhuil
déisdionamhuil dorine Ónan ionn a phósadh dobhí sé
fuathmhar a láthair Dé, mar a leughtar san naomhcheacht
de'n hochtmhadh caib triachaid (triochad) de leabhar na
nGeinealaigh (-ach). Agus bíodh gur thionnsgain eiriceacha
áirighthe san aimsir dhéighionnach, ní budh mhaidreamhla agus
budh thruaillighthe ioná é do theagasg, .i. gurab uime
dofuair Dia mí-ghean ar Ónan, do bhrígh go raibh droichinntinn


L. 273


aige san ngníomh dorinne, ní mar sin adeir an Sgruiptiúir,
acht go raibh an gníomh féin gráineamhuil fuathmhar a láthair
Dé.



An seachtmhadh huair, is fíorchómhartha direoileacht
inntinne, táire agus beag-mheanman smaoineadh ar
phroinn agus ar bhiadh roimh an am, agus is mó ioná san
an mí-ghean, déis an bhídh, a bheith ag smaoineadh ar gach
greim blasta dár itheadar, agus ag caithiomh aimsire re
smaoineadh orra, mar a bhíonn an mhuinntir a chuirionn
a súil ar maidin san nídh bhíonn ar an mbior, agus déis
dinnéir a bhias ag feuchain ar na miasaibh, ionnas nách
fiú iad acht a bheith ina mbuachaillíbh cisdeanaigh le a nabrann
an tApstol gurab iad a mboilg is Dia dhóibh; acht na
daoine críonna macánta, ní smaoinighid godé an blas
dobhí air. Is beathaigheach mór an trod (Elephant),
agus atá sé róchríonna, ionnas gur fiú é a bheith beó a
ffad tar gach beathaigheach oile. Taisbeánfad dhuit annso
sompla a mhacántacht. Ní chlaochluigheann an bhean dá
ttugann grádh ar ttúis, a ngeall ar mhnaoi ar bith oile,
agus bíonn grádh eugmhaiseach aige uirthe, agus ní dheunann
feis ria acht an treas bliadhain, agus sin ar feadh cúig lá
amháin, agus an uair sin féin chomh huaigneach agus ná
faicthear choidhche san ngníomh é. Acht an seisiughadh lá
taisbeánann sé é féin arís, agus an chéad nídh a dheunann
sé annsoin, dul go réimdhíreach chum srotha éigin, áit
a nigheann sé iomlán a choirp, mar nár bh'áil leis dul
ameasg a chuideachtan go mbeith dho anaicthe glan. Nách
uasal oirdheirc na tréithe iad san a mbeathaigheach mar é?
As ar féidir le lánamhnacha pósta gan a ngrádh ná a searc
a bheith taobh leis an ngreann dogheibhid is na gníomharthaibh
collaighe an-dúilmhara so, noch do réir a ngarma
dorineadar a thaithighe, acht chomh luath agus bheid siad réidh
leó, a ccroidhe agus a ffonn do ghlanadh uatha, agus a
ccur as a ccuimhne, ionnas go mbfhéidir leó, maille re


L. 274


hinntinn lántsaor, freachnughadh do dheunadh ar neithibh
níos uaisle agus níos sárghlaine. Ag seo, umurro,
freachnughadh foirfe an teagaisg agus na cómhairle
sármhaithe úd N. Pól chum na cCoirintíneach, ag rádh:
“Atá an aimsir geárr,” ar sé, “ó so amach, gidhbé dhíbh
ag á ffuilid mná pósta, bídís amhuil agus nách beidís
aca.” Óir do réir mar adeir N. Greagóir, isé an té ag
á ffuil bean amhuil agus go mbeadh sé gan aon bhean, an
té dogheibh greann innte agus ná cuireann toirmiosg
ar fhreachnughadh spioradálta ar a shon san, agus an nídh
adeirthear ris an ffear adeirthear ris an mnaoi mar an
ccéadna. Adeir fós an tApstol céadna gidhbé ar a
ffuil cúram a bheith amhuil agus nách beith a chúram orra.
Bíodh a chúram féin ar gach aon do réir a gharma féin,
acht san ar mhodh go mbeith ullamh réidh chum seirbhíse Dé
do dheunadh, amhuil agus nách beith cúram ar bith saoghalta
air, nó grádh aige ann. “Is é mí-ágha (mí-ádh) is mó ar
dhuine,” adeir N. Abhaistín, “mian a bheith aige na neithe
so do shealbhughadh nár chóir dho acht a ccaithiomh amháin,
nó na neithe do chaithiomh nár chóir dho acht a sealbhughadh.”
Na neithe spioradálta amháin budh chóir dhúinn a shealbhughadh,
agus na neithe corpardha do chaithiomh, agus má ghnídhmíd
a chodarsna san budh cosmhúile sinn le hainmhíntibh
éigcialluighe ioná re daoinibh ciallmhara. Saoilim anois
go ndubhairt me gach nídh budh mhian liom a rádh, agus an
nídh nár mhian liom a rádh go ttug me le tuigsint go
leór é.



CAIB. 40.
Teagaisg agus cómhairleacha do Bhaintreabhachaibh.



Dothug Pól Apstol teagasg don uile Easbog cionnas
is cóir dhóibh iad féin d'iomchur a ttaobh baintreabhachaibh
(-bhach), ag sgríobhadh dochum Thumaltaigh, ris a nabair


L. 275


mar seo: Tabhair onóir do na fíor-bhaintreabhachaibh.
Acht dochum a mbeith ina ffíor-bhaintreabhachaibh bíodh na
coinghill seo síos aca.



An chéad choinghioll, a beith ina baintreabhach (aigh), ní
hé amháin ó chorp acht fós ó inntinn, agus rún daingean
do bheith aici fuireach gan chlaochlódha staide an bhain-
treabhachais gheanmnaighe do bheith aici gus an ccrích dhéigh-
ionnaigh. Na baintreacha le ar mian pósadh an dara
huair, ní ffuil d'easbaidh orra acht fir dá niarraigh, óir
go mbíd ceangailte dhíobh ó thoil agus ó inntinn. Más
mian le baintreabhach (aigh) í féin do dhaingniughadh san
staid ionn a ffuil, agus go ttiubhradh sí móid re na corp
do chongmháil geanmnaighe ó sin suas, is mór an deagh-
mhaiseadh do chuireann sí ar an deaghrún atá aici, ar mhodh
nách féidir léi níos mó daingin do chur air. Óir, ar
fhaicsint di go ttug sí móid gheanmnaidhe agus nách
ceadaightheach di an mhóid sin do bhriseadh, munar mian
léi Dia do thréigean, do dheunadh a móid do choimheud
go díthchilleach ar mhodh nach léigfeadh aon smaoineadh dá
luighead ar phósadh féin cómhnaidhe do dheunadh aon mhómaint
amháin ionn a hinntinn, ionnas go mbeith an mhóid chois-
reagtha so ina sgéith chomhdaigh aice a naghaidh an uile
chathaigh a bhias bunoscionn dá deaghrún re smaoineadh
orra. Dobheir N. Abhaistín cómhairle don mbaintreabhach
(-aigh) Chríostaighe an mhóid seo do thabhairt, agus dobheir
an seandhochtúir, Origen, an chómhairle chéadna do na
mnáibh pósta .i. an mhóid sin do dheunadh re fuireach gean-
mnaighe a ndiaidh a ffear dá ffaghdaois bás rómpa féin,
ionnas go ffaghdaois idir ghreann agus shólás an phósta,
luaidheacht an bhaintreabhachais gheanmnaighe roimh rae (ré).
Doghnídh an mhóid gach deigh-ghníomh níosa taithniomhaighe
a láthair Dé, agus dobheir neart chum a ndeunta, agus
ní hé amháin go ttugann na deaghoibreacha is toradh don
toil, do Dhia, acht fós go ndeunann íodhbairt de'n toil


L. 276


féin do, is freumh dár noibreachaibh uile. Re gean-
mnaigheacht shimplidhe dobheireamaoid ár ccoirp féin
ar mhodh éigin ar iasacht do Dhia, ionnas gur féidir linn
sólás corpardha dfhagháil an uair is mian linn é, do réir
ár ttoile féin, acht re móid gheanmnaigheachta
dobheireamaoid ár ccorp go hiomlán do Dhia, ar mhodh nách
bhfuil ar ár ccumas féin an gheallamhuint sin do ghairm
ar ais uair ar bith. Dá bhrígh sin, ní ffuil sonus is mó
dhúinn ioná seirbhís do dheunadh do Dhia, ag ar feárr dhúinn
a bheith in ár searbhfhóghantaibh ioná dá ffaghmaois ríoghachta
na cruinne. Umurro, mar do mholaim ós meodhain
cómhairle na díse dochtúir noirdheirc úd, budh mhian liom
gach anam beannaighthe do ghabháil a ccómhairle, agus sin
do bheith daingean críonna naomhtha, le na ccumas do
sgrúdadh go maith, Dia do ghuidheadh chum a ninntinn do
spreagadh, agus cómhairle do dheunadh le treoraightheoir
críonna, cráibhtheach, spioradálta, ionnas go ndéantaidhe
gach nídh go tairbheach maille re dóthchus críoch agus toradh
maith do theacht asta.



An dara coinghioll, droim agus diúltadh do thabhairt
le hathphósadh do dheunamh ó chroidhe agus ó inntinn, agus
a grádh do thabhairt do Dhia go ró-ghlan chum a croidhe
féin do cheangal go hiomlán re na thoil dhiagha. Más
uime is mian lé fuireach ina baintreabhach (-aigh), dochum
a clainne do dheunadh saidhbhir, nó as chúis ar bith oile
shaoghalta, dob fhéidir meas do bheith ag daoinibh uirthe,
gidheadh, ní bhíonn meas ag Dia ar nídh ar bith nách ndéantar
ar a shon féin.



An treas coinghioll, gan sámhus ná sólás saoghalta
d'iarraigh acht í féin do tharraint uaidh go fonnmhar
toiltionnach, mar adeir an tApstol: “An bhaintreabhach
ag á ffuil sógh an tsaoghail, atá sí marbh ar son a bheith
beó.” Go mbadh mhian le mnaoi a bheith ina baintreabhach (-aigh)
agus dúil do bheith ag fearaibh innte agus a bheith ag suirghe


L. 277


léi agus a ngrádh uirthe agus dá hiarraidh le briathraibh
collaighe, fós a bheith a láthair rínnce agus damhsa agus
cóisire go deighchóirighthe, agus í féin do ghabháil go
hóirneálta sgiamhach, ní ffuil ionnsan acht a bheith ina baint-
reabhach (-aigh) beo ó chorp agus marbh ó anam. Nách cuma
godé an comhartha a bhias ar aghaidh an ghrádh shaoghalta
dhíomhaoin, an de bhréidibh bána sgaoilte, mar sgiathánaibh
deunta, nó mar líon cuirníneach a ttimchioll a gnúise
agus a brághad, agus a curthar ar uairibh dath dubh ós
cionn an datha bháin, ionnas gur móide do bheith soillseach;
dá bhrígh sin an bhaintreabhach dár fios di re gnáthughadh
cionnas do tharraingid na mná gean na ffear orra, is
peiriaclaighe a cealg ioná cealg mná oile. Uime sin,
an bhaintreabhach a chuireann dúil ionn sna neithibh éig-
críonna díomhaoine seo, atá sí marbh ar son í bheith beo,
dar linn, agus más mian linn an fhírinne do rádh, níl
innte acht deilbh baintreabhaighe.



Adeirthear ionn sna Cainticíbh: Tháinigh aimsir an
fhíneamhna do bhearradh. Dochualadh guth truidean ar an
ttalamh. Gidhbé le ar mian beatha chráibhtheach bheannaighthe
do bheith aige a nÍosa Críost, is riachtanach do iomarca
na neitheann saoghalta do ghearradh agus do bhearradh dhe,
acht atá an bearradh so riachtanach go háirighthe, dho fhíor-
bhaintreabhach (-aigh) atá do nós an truidein gheanmnaighe,
ag caoineadh bháis a fir. An uair dfhill Naomi as Mhoab
go Betlehem, na mná ag á raibh eólas uirthe ar ttúis,
an tan do phós sí, adeiridís le na chéile: An í súd an
Naomi úd? Dfhreagair sisi iad ag rádh: Ná goirighe
Naomi dhíom do chialluigheann breagha nó Sgiamhach, acht
goirighe Mara dhíom, .i. searbh nó doilghíosach, óir gur
líon an tUilechómhachtach me le doilghíos rómhór. Is uime
adubhairt sin, do bhrígh go ffuair a fear pósta bás uaithe.
Mar sin is cóir don mbaintreabhach (-aigh) cráibhtheach do


L. 278


dheunadh, gan fonn do bheith uirthe meas breagh ná taith-
niomhach dfhagháil ó dhuine ar bith, acht a bheith sásta ar an
uile nídh is mian le Dia, agus a bheith uirísiol ionn a súilibh
féin.



An lóchrann ionn a mbiaidh ola dheaghbholaith an tan
do múchtar é, dobhear bolath róthaithniomhach uaidh;
mar sin don mbaintreabhach (aigh) d'iomchrann í féin go
maith an feadh dobhí sí a ccuing phósta, agus grádh glan
aice, an tan do múchtar a solus, .i. an fear, dobheir
bolath cumhra subháilceach uaithe tairéis a bháis. Is nídh
coitchionn idir mhnáibh grádh a bheith aca ar a ffearaibh,
an feadh mhairid aca, acht a ngrádhughadh tairéis a mbáis
ar mhodh gan grádh a thabhairt dfhear oile, ní dhéanann san
acht fíorbhaintreabhach. An feadh bhíos an fear beó mar
uaithne fulaing ag cúram an tighe bíonn dóthchus mór aici
a nDia; gidheadh, má bhíonn an dóthchas céadna aice déis
báis a fir, is mór an moladh is fiú é. Mar sin, déis báis
an fhir, is feárr agus is soléire do haitheantar foirfeacht
gach subháilceadh dá raibh san mnaoi an feadh dobhí sí
pósta.



An bhaintreabhach ag á ffuil clann, atá sí a ngeall
conganta, cuidiughadh agus treórughadh dfhagháil, go háirighthe
ionn sna neithibh do bhaineas re hoileamhuin a ccorp agus
a nanam. Ní cóir di a ttréigion, óir adeir an tApstol
go follus gur cóir dóibh aire bheith ar a cclann (-ainn)
mar dobhí ag á naithreachaibh roimhe sin orra féin; agus
fós gidhbé nách biaidh cúram aige fá na mhuinntir tighe
féin, gur measa é ioná an té atá gan chreidiomh. Acht
má tá an chlann a naois agus a staid nách ffuil riachtanas
conganta ná aire do thabhairt dóibh orra, tugach (dh) an
bhaintreabhach í féin uile do sheirbhís Dé, agus ná
smaoinigheach (dh) ar nídh ar bith oile acht cionnas is féidir
lé taithniomh ris agus a thoil do dheunadh agus do
chóimhlíonadh.


L. 279


Muna ffuil riachtanas mór nó coinsias dá chur dfhiachaibh
ar an mbaintreabhach (-aigh) fhírinnigh, do réir mo chómhairle-si
dhi, ná cuireach (dh) sí í féin a mbuairt ná a ttrioblóid an
tsaoghail, acht tugach (dh) aire dá gnóthaigh féin do dheunadh
go ciúin, réidh, socair, a ccás go mbeith níosa mhó de shochar
a ngluaiseacht sibhte les procès. Is mór an sochar is cóir do
theacht as bhuairt nó as thrioblóid, an tan budh chompráid é re
maith na síothchána beannaighthe. Fós sibhte, conspóid
agus buairt, millid ciúnas an anama, agus fosglaid
doras na geanmnaigheachta go minic dá naimhdibh; óir
an tan is mian le duine taithniomh ris na daoinibh a ffuil
riachtanas aige le na ccongnamh agus re na ffabhar, is
éigion neithe do dheunadh go minic nách ttig ris an ccrábhaidh
(-adh) agus fós ag á mbíonn míghean mór ag Dia orra.



An úrnaighthe an freachnughadh gnáthach is cóir do
bhaintreabhach (-aigh) do bheith aici, do bhrígh nách cóir di grádh
ar bith do bheith aici as san amach, acht ar son Dé amháin.
Ní cóir di acht le riachtanas, nídh ar bith do labhairt acht
le Dia, agus ar son Dé; agus ar nós an iarainn, an
feadh dobhíonn an niamhonn le na ais, nách leanann an
dearbhonn, mar sin do chroidhe na baintreabhaighe
geanmnaighe, nár fféidir leanmhuint do Dhia go hiomlán
le saoghal a fir, ná a ghrádh diagha dfhreagairt, is cóir di a
tharraint go díthchilleach fá dhéin boladh cúmhra na hola
neamhdha san, ghrádh Dé, ar néag a fir, mar do léimeann an
tiarann a ndiaigh an dearbhoinn ar naistriughadh an niamhoinn;
agus a rádh ris an mbainchéile naomhtha: Ó, a Thighearna, do
bhrígh go ffuilim anois agam féin go hiomlán, gaibhsi chughat
féin go hiomlán agus tarraing me ad dhiaigh féin, ionnas
go mbadh fhéidir liom dol am rith fá dháil bholath oladh
do ghrádha.



Ag seo na subháilce ar ar cóir don mbaintreabhach (-aigh)
naomhtha freachnughadh do dheunadh, macántacht fhoirfe,


L. 280


agus onóir, gradam, tiodail, iomarca cómhluadair agus
gach uile eolbhaois de'n tsórt san do sheachnadh; ag
friothálamh na mbocht agus aos galair, sólás do thabhairt
d'orchradhachaibh, mná óga do bhrostughadh chum crábhaidh,
agus a bheith ina sgáthán subháilceadh aca; glaineacht agus
simpligheacht ag sgiamhughadh a gníomhartha, fírinne agus
ceannsacht a sgiamhughadh a súl ionn a ffuil tromadhacht
agus náire; riachtanas agus simpligheacht ag sgiamhughadh
a hoibreacha, umhaile agus carrthannacht sgéimh a teangan,
aon ghrádh Íosa Críost san ccroich a bheith ionn a ccroidhthibh.
Faoi dheoigh, isí an fhíorbhaintreabhach an luibh chumhra violet
an Earraigh san Eaglais, ag dortadh deaghbholath uaithe
le sáimhe, agus milseacht a crábhaidh ar son go mbíonn a
ffolach fá dhuille leathana a huirísle féin, agus le dath
dorcha neamhshoillseach, taisbeánann crádh a coirp; a
nionadaibh uaigneacha dorcha ar nách bíonn tathaighe, is
mian lé a bheith, ar eagla cómhluadair an tsaoghail dá
mealladh ná dá briseadh, ionnas go ccoimheudann a gné
agus a hiomláine ó an uile theasbach, bfhéidir le fonn
nó le saint saidhbhris, nó onóra, nó fós saobhghrádh a
shéideadh ionn a croidhe dochum í féin a chomhdach orra.
Agus biaidh sí beannaighthe (mar adeir an tApstol naomhtha
Pól) má chleachtann sí san go críoch a saoghail.



Is iomdha nídh oile ba féidir a rádh ionnso, acht is leór
a ndubhairt me, má ghabhann an bhaintreabhach ag á ffuil
gean ar a honóir, ar a staid agus ar a coinghioll féin
an chomhairle seo, .i. na heipistiolach do sgríobh N.
Jeronimus dochum Furia Salva agus chum baintreabhaigh
oile Rómhánaighe, do leughadh go haireach, as a ttáinigh
dhóibh an Naomh mór foghlumtha so do bheith ina athair
spioradálta aca. Ní féidir nídh ar bith do chur leis an
tteagasg dothug dóibh, amháin nách cóir don mbain-
treabhach (-aigh) labhairt go holc ar na mnáibh do phósann
an dara huair, ná an treas uair, ná fós an ceathramhadh


L. 281


uair, óir léigeann Dia san do dheunadh a ccásaibh chum
glóire do theacht do féin, agus bíodh an teagasg so ina
sheanmóin ionn bhúr ccuimhne do ghnáth: nách ffaghaidh bhúr
mbaintreabhachas ná bhúr nóghantacht áit oile ar neamh
acht mar dobhéaras a n-umhluigheacht dóibh.



CAIB. 41.
Aon fhocal amháin do Mhaighdionaibh.



A Mhaighdiona le ar mian pósadh saoghalta do
dheunadh, coimheudaighe bhúr ccéadghrádh go fíorghlan do
bhúr ccéad fhearaibh. Is nídh róneamh-iomchubhaidh an croidhe
atá arna chaithiomh agus arna thiormadh le grádha eugsamhla,
gurab é dobhéaras sibh ó bhúr ccéad fhearaibh pósta. Acht
má do ghoir Dia oraibh dochum pósadh geanmnaighe, spiora-
dálta, agus chum bhúr nóghachta do chongbháil go hiomlán,
glan, ná léigidhe grádh oile asteach ionn bhúr ccroidhthibh
acht grádh bhúr ccéile diagha, agus sin go hiomlán glan,
óir, mar isé féin an ghlaine féin, agus nách ffuil nídh ar
bith is maiseamhla ioná é, mar a dleaghthar primhidil an
uile nídh dho, agus mar sin a dleaghthar dho ceudthoradh
an ghrádh.



Teagasgann litreacha N. Hieronimus díbh go fóirlíonta
gach nídh is cóir díbh a choimheud agus do sheachnadh. Agus
mar atá dfhiachaibh oraibh ó bhúr staid agus ó bhúr ccoinghill
a bheith faoi réir agus faoi úmhlacht, toghaighe treóraightheoir
maith, ionnas, maille re na chuidiughadh agus re na chongnamh,
go ttiubhradh sibh bhúr nanam agus bhúr ccoirp do Dhia go
naomhtha beannaighthe.


L. 282


AN CEATHRAMHADH RANN.
Ionn a ttráchtar ar Theagasgaibh agus ar Chómhair-
leachaibh is riachtanach a naghaidh na cCathaighthe is
coitchianta a thagann ar dhaoinibh.



CAIBIDIL 1.
Nách cóir suim do chur a cCómhráidhtibh chlainne an
tsaoghail seo.



Chomh luath agus chluinid na daoine atá tabhartha don
tsaoghal so, gur mian leat beatha chráibhtheach do bheith
agat, sgaoilfid na mílte soighead ithiomrádh (-áidh) agus
anchainte leat. Agus an drong is measa dhíobh, a
déarfaid nách fuil ann do chlaochló beathaidh (-adh) agus
beus acht saobhchrábhaidh (-adh), fimíneacht agus piseóga.
A déarfaid leat gurab é olcas dofuair tu an saoghal
dothug ort a thréigion, re saobhnós, amhuil agus gurab
é do chuir suas díot ar ttúis, agus gurab uime sin
dochuaidh tu a leith Dé. Dobhéarfaid do cháirde cómhairle
dhuit as charrthannacht, mar mheasaid féin go críonna,
ag rádh go ttuitfir a leanndubh agus ní ba féidir leis
na daoinibh iomchur leat agus caillfidh tu hughdardhás
aca agus biaidh mí-ghean aca ort, agus biaidh tu liath lag
roimh an aimsir, agus tiucfaidh dhod thigheas dol do dhíth
as; is iomchubhaidh do gach aon a bheatha do thabhairt suas


L. 283


ar an saoghal mar doghnídhid cách oile go coitchionn, óir
is féidir le gach aon a anam féin do shlánughadh gan mórán
aonracánacht, nó neithe speisialta do dheunadh, nó mórán
oile de'n tsórt san.



Ní ffuil ionnta so uile acht gliogar eolbhaoiseach
gan áird, agus ní ffuil cúram aca fá na neithibh do bhainios
leatsa, ar son go ttaisbeánaid go ffuil. Adubhairt
ár Slánaightheoir: “dá mbadh de'n tsaoghal so sibh, do
bheith grádh ag an saoghal oraibh, acht mar nách de sibh, is
uime sin atá fuath aige oraibh.” Dochonnarcamair daoine
uaisle agus mná uaisle ag imirt ar thachrann joueur aux échecs agus
ar chártaighibh, agus ní haon oidhche amháin go hiomlán acht
iomad de laethibh agus d'oidhchibh gan stad, agus fiafruighim
díot an ffuil cúram ar bith is mó thuirse agus is marbhinn-
tinnighe ioná san? Acht ní labhrann daoine an tsaoghail
aon fhocal ionn a aghaidh seo, agus ní chuirionn doilghíos
ar bith ar a ccáirdibh, acht má dochídhid sinne feadh aon
uaire amháin ag smaoineadh ar Dhia, nó ag éirghe as ár
leabain níosa luaithe ioná fá gnáth linn, dochum sinn
féin d'ullmhughadh chum comaoineach, do riothaidh fá dhéin
dochtúra ag iarraigh liaighis dúinn a naghaidh leanna duibh
nó teinnis éigin oile de'n tsórt san. Biaidh duine
triachad (triochad) oidhche a ríngce agus ag damhsa, agus
ní dheunann sé gearán ar an saothar san, acht má bhíonn
aon oidhche amháin Odhlag la nuit de Noel ina dhúsgadh, biaidh
casachtach agus teinnios marbhthach oile air. Cia nách ffaicionn anois
gurab breithiomh éigceart an saoghal a bhíos fabharthach
trócaireach le na mhuinntir féin, agus a bhíos cruaidh
dorrdha mí-chineálta le clainn Dé.



Ní maith dothigeamaoid féin agus an saoghal re chéile,
muna milleam sinn féin mar aon ris. Ní féidir linn
sásamh a thabhairt do, ná taithniomh ris ann gach aon tslighe,
óir atá sé róeugsamhuil mí-choinghiallach. “Dotháinigh


L. 284


Eóin,” ar an Tighearna, “agus ní raibh ag itheadh ná ag ól,
agus a deirid gur deamhan atá ann. Dotháinigh Mac
an Duine ag itheadh agus ag ól, agus a deirid gur duine
craosach é, bhíos ag ól fíona.” Más mian linn dochum
sinn féin a chur ris an saoghal, a bheith súgach, imirt, ringce
agus damhsa do dheunadh, gabhaidh chuige go holc é, agus
bainionn sgannail as; nó má dhiúltuighimíd aon nídh
aca san a dheunadh, adéaradh (-aidh) sé gur fimíneacht
nó dobrón atá orainn. Má chuireamaoid éadaighe deasa
orainn, adéaraidh sé go ffuil mírún faoi sin againn,
nó má chuireamaoid éadaighe símplidhe orainn, adéaraidh
gur cruadhas croidhe atá orainn. Má ghnídhmíd caithiomh
aimsire súgach, adéarfar gur mí-iomchur sgaoilte sin;
má bheireamaoid crádh dár ccorpaibh, adéarfar nách
fuil ann acht tuirsi agus anshuairceas. Dá bhrígh sin, an
tan nach feuchann orainn go bráth acht go tnúthach mailíseach,
ní féidir linn taithniomh ris a slighe ar bith. Adeir sé
gach neamhfhoirfeacht dá ffuil ionnainn gur peacaidhe iad,
agus gur peacaidhe marbhthacha ár bpeacaidhe sologhtha,
agus na peacaidhe doghnímíd as laige, gurab as mhailís
doghnímíd iad. Mar a deir an tApstol; Atá an grádh
agus an charrthannacht trócaireach; a chontrárdha san
atá an saoghal mailíseach. Ní smaoineann an charrthannacht
ar mhailís ar bith. Ní smaoinigheann an saoghal do ghnáth
acht ar mhailís, agus muna féidir an gníomh do lochtughadh,
lochtuighthear an inntinn re a ndearnaidh é. Bíodh an chaora
bán nó dubh, acht ní léigfeadh an faolchú dhe gan a
marbhadh ar a shon san í, agus a lighe má fheudann sé.



Faoi dheoigh, gidhbé ar bith nídh do dheunam, dogheabhaidh
an saoghal locht air. Má bhíomaoid a ffad dár ffaoisdin,
fiafruigheann cread dobhíonn againn re na ínnsint an
fad san. Nó má doghnídhmíd í go haithghearr, adéaraidh
sé nách dearnamair faoisdin iomlán. Ní chuirfeam cor
dínn nách ttiúbhradh (aidh) drochbharamhuil dúinn. Má


L. 285


deireamaoid aon fhocal amháin feargach as saobhnós,
adéaraidh sé nách féidir le cómhluadar ar bith theacht linn.
Má tá cúram fá ár maoin againn, is saint sin; má
támaoid beannaighthe, is amadánacht. Acht a ccás feirge
chlainne an tsaoghail, is cómhartha inntinne uaisle í. Má
bhíonn caidreamh iomarcach idir fhear agus mhnaoi, is
muinnteardhas agus cómhráidhte macánta san. Is mar
sin a bhíd na dubháin allaidh ag milleadh saothair na mbeach
san uile áit.



Léigeamaois don dallacán so bheith ag sgartaidh an
feadh is mian leis féin, agus bíodh sé mar ulchaochán ag
buaidhreadh na neun dobhíonn ag eitiolladh san ló.
Bíomaoisne daingean seasamhach ionn ár rún féin. Ná
claochluigheamaois ár ninntinn ón nídh do chuireamaoid
rómhainn, agus ris sin, taisbeánfam gur dílios fírinneach
dothugamair sinn féin do Dhia agus don ccrábhaidh (adh).
Atáid na comete agus na pláinéide comhshoillseach re
chéile, acht imthighid na comete go luath as ár radharc,
do bhrígh nách bíonn ionnta acht teine a bhíos ar gluaiseacht,
acht bíd na pláinéide soillseach do ghnáth. Ar an módh
ccéadna bhíonn an fhimínteacht (saobh-chrábhadh), agus an
tsubháilce fhírinneach. Bíd cosmhúil re chéile a ffiadhnaise
daoine, gidheadh, is furus a naithint ó chéile, óir ní mhairionn
an tsaobhchrábhaidh (saobhchrábhadh) a ffad, acht spréidhthear
í mar theine éirghíos suas; acht an tsubháilce fhírinneach,
fanann go seasamhach daingean.



Is sármhaith an congnamh chum ár ccrábhadh do dhaing-
niughadh agus do dhídion, a bheith dár ngearradh ag teangthaibh
mailíseacha na nanchainteach, óir coimheudann sinn ó
uabhar agus ó ghlóir dhíomhaoin. Bidhid na teangtha so
mar mhnáibh fritheoilte na mban Égipteach, dár órdaigh
Pharaoh ifrionda dhóibh clann mhac chlainne Israel do chur
chum báis iarna mbreith as broinn a máithreach. Atá-
maoidne crochta ag an saoghal, agus is cóir dhúinn an


L. 286


saoghal do bheith crochta againn. Ní ffuil acht meas amadán
aige orainn, agus bíodh an meas céadna aguinne air sin,
agus go ffuil sé ar buile agus gan chéill.



CAIB. 2.
Ní cóir dhúinn ár misneach do léigean dínn ar son
contrárdhacht gan tábhacht.



Is breagh an nídh é an solus, agus is taithniomhach é
leis an saoghal, acht ar a shon san, cuirionn ceó éigin uirthe,
ar uairibh, go háirighthe má bhíonn duine a ffad a náit
dhorcha. Má thigeamaoid ameasg daoine nách ffuil eólus
aguinn orra, dá dhaondha agus dá dheaghchómhluadair dá
mbeid, bímíd ar ár ccoimheud nó go ttaithigheamaoid iad.
Ar an módh so theagmhas go minic an tan do thionnsgnas
duine a bheatha do chlaochlódh, go néirghionn sideán (sidheán)
míchiúnais ionn a inntinn, agus an diúltadh agus an
cur suas mór meardhachta úd, don uile dhíomhaoineas agus
éigcríonnacht dá ffuil san saoghal cuirfeadh (cuirfidh)
sé buairt agus droch-mhisneach fós air. Má theagmhann
so dhuit, bíodh foighne agat, óir ní ffuil ann acht claochlódh
agus crithniughadh beag dobheir an nuadhacht féin ria, agus
arna ccur san do leathtaobh dhuit, dogheabhaidh tu na
mílte sóláis ina ndiaidh.



Ar ttúis budh deacair leat an ghlóir dofuarais ó haos
molta dhíomhaoin, do thréigion, acht cread an fáth ar mhian
leat an ghlóir shíorruidhe do gheall Dia dhuit do
chailleamhuint? An caithiomh aimsire díomhaoin agus na
sóláis dá ttug tu thu féin roimhe sin, tiucfaid ann do


L. 287


chuimhne, dhod tharraint chúcha féin arís. Acht leansa gan
an tsíorruidheacht bheannaighthe do thréigean ar an sámhus
aithghearr bhreugach san. Creid domhsa, má théighionn tu
ar haghaidh anois, go mothóchaidh tu go haithghearr milseacht
agus sólás croidhe a bhias chomh taithniomhach sámh agus san,
go naibeóra tu nách ffuil san saoghal agus san
tsíorruidheacht acht compráid meala, domblais, agus
gafainn re na chéile; agus gur sáimhe taithniomhaighe
aon lá amháin crábhaidh ioná míle lá de shólás agus
d'aoibhneas na beatha saoghalta.



Acht dochidhfeadh (chífidh) tu sliabh na foirfeachta
Críostaighe do bheith róárd. Adéarfaidh tu: Ó, a Dhia
íodhain, cionnas is féidir liomsa dol suas air? Gaibh
misneach. An tan geintear na beich óga mar chnumhaibh
beaga, bíd chomh beag agus san nách féidir leó dol ar
chnoc ná ar shliabh do dheunadh cnuasaigh dóibh féin, ná sugha
do bhuain as bhláth ar bith, acht gabhaid oileamhuint bheag
ar bheagánaibh as an mhil dorineadar a máithreacha,
ionnas go ttig sgiatháin orra agus brígh ionnta, ar mhódh
go ttéid ina dhiaigh sin, mar aon re na máithreachaibh, do
chruinniughadh meala ar feadh na tíre. Atámaoidne fós
mar na beich bheaga so, bíodh go ffuil fonn orainn dul go
mullach an tsléibhe seo na foirfeachta Críostuidhe, ní
féidir linn dol suas ná eitiolla do dheunadh; acht má
bhíonn fonn agus rún maith aguinn do ghnáth, tiucfadh (-aidh)
foirm orainn agus fásfaid ár sgiatháin agus biaidh
dóthchus againn go mbiam lá éigin ár mbeachaibh spiora-
dálta agus go mbiaidh eitiolla againn; acht go nuige
sin, tugamaois sinn féin suas re mil-theagaisg agus
chómhairleach dhaoine chráibhtheach dochuaidh romhainn, agus
guidheamaois Dia fá sgiathánaibh do thabhairt dúinn, mar
cholum, dochum eitiollaidh do dheunadh san saoghal so,
re cómhnaidhe do dheunadh san tsíorruidheacht atá chughainn.


L. 288


CAIB. 3.
De nádúir na ccathaighe, agus den difir atá idir
a mothughadh agus toil nó aonta do thabhairt dóibh.



Smaoin agat féin ar óigbhean uasal do bheith arna
pósadh go nuadh agus róghean do bheith ag á fear féin
uirthe; agus smuain arís duine éigin coirpe do chur
teachta chúiche dochum míghníomha do dheunadh ris féin.
Dorinne an teachta mar adubhradh ris, agus fuair an bhean
uasal taithniomh nó mí-thaithniomh san ccaint. Arís
dothug sí aonta nó easaonta dho. Ar an módh san doghníd
an diabhal, an saoghal agus an cholann ris an anam a
bhias pósta le Mac Dé. Cuirid cathaighe ar ttúis air,
ag taisbeánadh na bpeacaigh dho agus dogheibh an tanam
taithniomh nó mí-thaithniomh air, agus fá dheoigh dobheir
aonta nó easaonta dho. Ag so na trí céimionna re a
ttigthear dochum an pheacadh do dheunadh, eadhoin, cathughadh,
taithniomh agus aonta, agus ar son nách ttugthar fá dear
iad go follus a ngnéidhthibh oile peacadh, tairis sin atáid
re faicsint go so-léir a bpeacadhaibh móra troma nách
deuntar go hobann.



Dá mbeith cathughadh ag leanmhuint dínn ar feadh ár
mbeatha agus gan taithniomh ná aonta do thabhairt don
bpeacadh, ní thuillfeamaois fearg ná saobhnós Dé ris.
Is é is ciall do san, gur mó fhuilingidheamaoid ris an
ccathughadh ioná doghnídhmíd, agus an tan nách ffaghmaoid
taithniomh air, ní bhíonn aon nídh dár ccionnta ris. Do
bhádar cathaighe na collaigh (colna) a ffad ar Naomh Pól,
agus ní hé amháin nár mí-thaithn le Dia ar a shon sin, acht
fós go ttug glóir agus onóir do ar son na foighide do
bhí aige ris na cathaighibh.



N. Angela de Fulgino, sgríobhthar uirthe féin go mbíodh
cathughadh na colna chomh borb agus chomh geur san uirthe,


L. 289


go mbeith truaigh ar an leughthóir do bheith dá leughadh.
Dobhíodh cathaighe mar an ccéadna ar N. Beinéad, ionnas
gur chuir sé é féin nochtaighthe a sgailp fairdhreise,
dochum a claoidh. N. Proinsias fós, do chuir sé é féin a
sneachta dhoimhinn dochum teas an chathaighe dobhí air a
chlaoidh, acht níor chaill aon duine dhíobh aon phongc de
ghrásaibh Dé ris sin acht do thuilleadar níosa mhó do
thabhairt dóibh.



Dá bhrígh sin, ní cóir dhúinn droich-mhisneach do bheith
orainn ann sna cathadhaibh ná ár nairm do leagan amhuil
agus go mbiamaois claoidhte an feadh dobhiaidh mí-
thaithniomh aguinn orra, acht bíodh a fhios againn gur mór
an difir atá idir cathaighe do mhothughadh agus aonta do
thabhairt dóibh; óir is féidir linn a mothughadh agus
mí-thaithniomh do bheith againn orra, óir ní ffuil san ttaith-
niomh agus san ffonn acht céim dochum ár ttoile do
thabhairt go hiomlán. Dá mhéid cathaighe dá ccuirfeadh (-fidh)
ár namhaid orainn, go minic ag tairgsint gach baighte
(nó ailpe) dhúinn ag cur an uile shámhuis ós ár ccoinne, an
feadh nách biaidh taithniomh againn ar aon nídh dhíobh, ní
bhiaidh Dia díombuidheach dínn, mar nách féidir le fear
na mná uaisle ar ar labhramair roimhe seo díombuidheachas
do bheith aige uirthe ar son na teachtaireachta dotháinigh
chúche, muna ffuair taithniomh nó fonn innte. Acht atá
so ina dhifir idir an tanam agus an bhean uasal, gur féidir
leis an mnaoi an teachtaire do chur uaithe le masladh,
agus gan éistiocht ris níosa mhó más mian léi é, acht ní
bhíonn ar chumas an anama gan éistiocht ris na cathadhaibh
go minic, bíodh go ffuil ionn a chómhacht gan aonta do
thabhairt dóibh. Dá bhrígh sin ní féidir ris na cathaighibh dochar
do dheunadh dhúinn an feadh nách biaidh gean ná taithniomh
againn orra, dá mairidís ar feadh ár saoghail dúinn.



An mhéid do bheanas ris an ttaithneamh nó ris an sámhas
dothig a ndiaidh an chathaighthe, atáid dá rann san anam


L. 290


.i. rann íochtarach agus rann uachtarach, agus ní leanann
an rann íochtarach seóladh ná treórughadh na rainne
uachtaraighe go minic, acht leanann dá chlaonadh féin, agus
dothig as san go minic, go ffaghann an rann íochtarach
taithneamh ar na cathaighibh d'aimhdheoin na rinne uachtaraighe.
Ag so an cath agus an troid ar a labhrann Pól Apstol
ag rádh go sanntuigheann an cholann a naghaidh na spioraide
agus an spioraid a naghaidh na colna, agus go ffuilid
dlighthe cléith san ccorp agus dlighthe oile san spioraid
agus neithe oile de'n tsórt soin.



An ffacaidh tu riamh teine mhór dá coigilt agus na
smíoróidighe (sméar-) dá ccur fán luaith? Agus gidh-
bé dothiucfadh dá uair deug ina dhiaigh sin d'iarraigh teine,
ní ffaghadh sé annsan acht drithleach beag beo a lár na
háite. Acht dogheibhthear iad ar a shon san, óir bíd ann
ar mhodh gur féidir na sméaróidighe dochuaidh as d'athlasadh
leó. Ar an modh ccéadna atá grádh Dé, óir is teine
spioradálta dhúinne é ameasg na ccathaighe borba neart-
mhara dothig orainn, óir an tan do chuirid a ffonn agus
a ttaithniomh féin san rann íochtarach de'n anam, cuirid
é uile faoi smál ionnas, dar leat, nách fuil teine ghrádh
Dé beó ann ar mhodh nách maireann acht drithle dhe a
meodhain an chroidhe agus na hinntinne, agus ní mór
gur féidir a fhaicsin ná a fhagháil annsan féin. Acht
atá sé annsan gan amhrus, agus an feadh dobhias rún
daingean againn gan aonta do thabhairt don bpeacadh
ná do na cathaighibh, ar son ár nanam agus ár ccorp do
bheith buartha, ní ffuil baoghal orainn teine an ghrádh do
dhol as; ar son go ffaghann an rann íochtarach agus na
céadfaidhe taithniomh san ccathughadh, ní thugann an rann
uachtarach aonta dho, bíodh go mbíonn sí ag gabháil timchioll
na toile ní thugann sí taithniomh féin do. As so is follus
nách bíonn ár ttoil ris an ttaithniomh úd; mar sin nách
ffuil peacadh ar bith ann.


L. 291


CAIB. 4.
Dá shompla róoirdheirc ar an nídh céadna so.



Dochum a ndubhras do thuigsin go maith, leanfadh (-faidh)
me dhe níos sia. Náchar mhothaigh an tógánach úd ar a
labhrann N. Ieronimus, cathaighe iongantacha na colna,
an tan dobhí ceangailte re téadaibh síoda ina luighe ar
a dhroim ar leabain aoibhinn shámh (sháimh); agus bean mhí-
náireach re na thaobh dá chigilt agus dá bhrostughadh dochum
míghníomha do dhéanadh ria, agus ní féidir nách raibh taithniomh
éigin ionn a chéadfadhaibh corpardha tré mheud na ccathaighthe
sin dobhí air, agus na húcáide dobhí aige. Ar a shon san
uile, thaisbeán sé nách ttug a chroidhe ná a thoil aonta
dochum an oilc, agus dochum cathaighe na colna do chlaoidh,
ar son gan ball dá bhallaibh do bheith ar a chumus acht an
teanga amháin, do gheárr le na fhiaclaibh í agus do bhuail
í a neudan na mná coirpe dobhí ag cur cathaighthe air,
ionnas gur mheas an tíoránach, ó nár fféidir leis croidhe
an ógánaigh do chlaoidh re pianaibh corpardha ar bith, do
mheas go cclaoidhfighe é ar uaigneas re hantoil na colna.



A shamhuil seo de chath cruaidh, san ccúis ccéadna, do
thárlaidh do Chaitríona Sinensis, mar atá annso síos. Do
léig Dia do dhiabhal cathaighthe do chur ar an mnaoi
bheannaighthe fá na geanmnaigheacht, ar chonnradh gan buaint
le na corp. Do thionnsgain an droichspirid go róbhorb,
teann, geur, an uile shórt truailligheachta do thabhairt
ionn a cuimhne, agus dochum gur móide do ghluaisfeadh í,
dothug cuideachta mhallaighthe oile ris a ffoirm fear
agus ban, ag deunamh iliomad de ghníomharthaibh truaillighthe
collaighthe a ffiadhnaise a súl. Do chuir fós mórán de
bhriathraibh mí-mhacánta ris sin, dá tarraing agus dá
brostughadh, agus ar son go rabhadar so uile don ttaobh
amuigh, do chuireadar iad féin chomh daingean doimhinn sin


L. 292


ionn a céadfadhaibh, go ndeachadar timchioll a croidhe
agus ar a hanam, ionnas go rabhadar líonta dhíobh, mar
do admhaidh sí féin; agus nách raibh aon chuid dhi nách raibh
arna buaidhreadh le stoirm na truailligheachta collaighthe
so, acht amháin an chuid uachtarach dá toil gheanmnaidhe.
Do mhaireadar na cathaighe seo a ffad, nó go ttáinigh,
lá éigin, gur thaisbeán ár Slánaightheoir é féin di, go
ndubhairt ris: A Thighearna íodhain mhilis, cá rabhais an
tan dobhí mo chroidhe arna thimchiollughadh le ceó dhorcha
shalach? A inghin (-ghean), ar an Tighearna, dobhíos ann
do chroidhesi. Adubhairt sisi: Cionnas, a Thighearna, do
bhí tu ann mo chroidhesi dobhí lán de shalchar agus de
thruailligheacht, nó a mbíonn tusa ad chómhnaidhe a náitibh
gránna salacha?



Dfhiafraigh an Tighearna dhi an raibh gean nó míghean
aice ar na drochsmaointibh salacha san. Do fhreagair sisi
dho, ag rádh go raibh tuirse rómhór, domblas, agus mí-
ghean ionn a croidhe orra. Dfhiafraigh an Tighearna annsan:
cia do chuir iad san ann do chroidhe acht mise dobhí a
ffolach a meodhain hanama. Agus creid dhom, a
inghin (-ghean), muna mbeith mise do láthair agat, go mbéar-
fadaois na smaointighthe dobhí a ttimchioll do chroidhe
buaidh ort, agus go ttabharthá aonta dhóibh re do thoil
shaor féin, ar mhodh go ttiubhradaois bás dho tanam;
acht dobhí misi astigh agus is me do chuir an mí-ghean agus
an seasamh maith sin ann do chroidhe, ionnas go mbfhéidir
leis seasamh do réir a dhíthchill ris na cathaighibh, agus mar
nár fféidir leis gráin do bheith aige mar budh mhian leis,
is móide an ghráin agus an fuath dobhí aige orra é, agus
air féin. Dá bhrígh sin, an bhuairt sin dfhulaing tusa,
biaidh sí ina hádhbhar luaidheachta agus saidhbhris mhóir
spioradálta agat, agus dogheabhaidh tu brígh agus neart
aisti a naghaidh na ccathaighthe.


L. 293


Feuch anois cionnas dobhí an teine beó faoi an luaith,
agus mar dobhádar na cathaighthe a ttimchioll an chroidhe
agus na toile, maille re cuidiughadh an tSlánaightheóra,
a seasamh gan aonta do thabhairt don bpeacaidh (-adh)
tré mheud na tuirsi agus na grána dobhí aici air. Ó! an
tanam ag á mbíonn grádh ar Dhia godé meud an domblais
agus na mí-luinne dobhíos air, an tan nách fios do go
ffuil grádh Dé aige nó nách ffuil, óir gurab é tobar
fíorghlan foirfeachta grádh Dé é. Dobheir an té ag á
mbíonn an grádh féin amháin re nídh dfhulaing agus troid
do dheunadh ar son an ghrádh agus nách fios do an grádh
do bheith aige, bíodh go ffuil sé ag troid agus a fulaing
ar a shon.



CAIB. 5.
An misneach is cóir do dhuine bheith aige ionn sna
cathaighibh.



Ní léigeann Dia na cathaighe borba uathbhásacha so acht
ar na daoine re ar mian leis grádh fíorghlan do bheith
aca air féin, agus ní ffuilid deimhin ar a shon san go
ttiucfaid dochum na céime sin. Óir teagbhann go minic
do dhaoinibh a bheith rósheasamhach a ccathaighibh geura borba,
agus ina dhiaigh sin, do bhrígh nách deunaid maith de na
grásaibh dobheir Dia dhóibh, go cclaoidhtear iad le cathaighibh
beaga éattroma. Is uime a deirim seo, ionnas dá
tteagmhaidh dhuit cathaighe móra borba do chlaoidh, go mbeith
a fhios agat go ttug Dia grása speisialta neamhghnáthacha
dhuit sul do thaisbeán gur mhian leis tu a dheunadh oirdheirc
ionn a shúilibh féin, agus go mbeitheá úmhal oirdheirc ar
a shon san, agus gan an dóthchus do bheith agat gach cathaighthe
dá loighead a chlaoidh, ar son gur sháraidh (uigh) tu cathaighe
móra, acht a mheas gurab uime dothug Dia congnamh dhuit


L. 294


dochum iad so do shárughadh agus do chlaoidh, ionnas go
mbeitheá dílios do féin do ghnáth.



Gidhbé cathaighthe ar bith dothiucfas ort, nó má dothig
taithniomh ar bith ina ndiaigh, ná cuiridís buaidhreadh ort
muna ttugair toil agus aonta dhóibh, óir ní bhiaidh fearg
ag Dia leat ar a son. An uair dothéighionn duine a neull
agus nách ttugann cómhartha ar bith beathaidh (-adh) uaidh,
cuirid na daoine bhíos ina láthair aige lámh ar a chroidhe,
agus má gheibhid brígh dá loighead ann, aithnighid go ffuil
sé beo, agus cuirid uisge deaghbholaith nó balsom le
na shrón, ionnas go ttiucfadh a chéadfaidhe chuige. Mar
sin do theagmhas dúinne ar uairibh, go ttig as neart na
ccathaighthe ár nanam do bheith gan bhrígh gan neart, amhuil
agus go mbeith a neull nó marbh go hiomlán gan gluaiseacht
ar bith spioradálta ann, acht más mian linn feuchain an
ffuil sé beó, cuireamaois lámh ar an ccroidhe agus
feuchamaois an ffuil gluaiseacht ar bith spioradálta ann
féin nó san toil, nó an ndearnadar cómhrag (c) mar
budh chóir a naghaidh na ccathaighthe nó an taithniomhaigh
dotháinigh asta. Óir, an feadh a bhias an ghluaiseacht so beo
ionn ár ccroidhe, bíomaoid deimhin go maireann grádh
Dé, noch is beatha don anam, ionn ár ninntinn, agus go
ffuil Íosa Críost dá choimheud ar son nách faicthear é,
ar mhodh, re freachnughadh na húrnaighthe, re dóthchas a nDia
agus re tathaighe na Sacramaintighe, go ttiucfaidh neart
agus brígh ionn ár ninntinn, agus go mbiaidh beatha shámh
shólásach againn ó shoin amach.



CAIB. 6.
Don modh ar a mbíd na cathaighe agus an taithniomh
dothig asda, ina bpeacadhaibh.



An bhean ar ar labhramair shuas, ní raibh cuid ar bith
aice de'n tsuirghe dotháinigh chúiche ón tí dothug grádh


L. 295


collaighthe dhi, do bhrígh nách dá deoin dorinneadh í, acht
dá mbadh í féin dobhéarfadh cúis dochum an chathaighthe
do chur uirthe, do bheith sí cionntach, agus dá mbeith go
ccuirfeadh sí ina aghaidh ina dhiaigh sin, nó go ttaisbeánfach (dh)
sí a míghean don nídh féin, do bheith sí cionntach agus do
thuillfeadh sí masla d'fhagháil. Ar an modh ccéadna do
theagbhas dúinne ar uairibh, go mbíd na cathaighe féin ina
bpeacadhaibh dhúinn, an tan dobheireamaoid cúis dóibh
.i. más fios dom an tan dobhím ag imirt, fearg nó
naomhaithis do dheunadh, nó má doghnídhim féin úcáid do
na cathaighibh do theacht orm, doghnídhim peacadh dá mhionca
dá ttugaim an úcáid sin uaim. Mar an ccéadna, má
tá a fhios agam gach uair dá tteagmhaidh ann a shamhuil sin
de chómhluadar, cathaighthe do theacht orm, agus tuitim
dhom, má chuirim me féin san ccómhluadar san dom dheoin,
gan amhrus is me féin is cionntach le gach cathaighthe agus
peacadh dá ttig asda, do bhrígh go ffuilim cionntach.
An uair is féidir gan taithniomh ar bith do ghabháil as
chathaighibh, agus a gabhthar é, atá peacadh ceangailte dhe,
mar atá an taithniomh féin agus an aonta dobheirthear
dho; má beag nó mór, gearr nó fada do mhairfeas, is
dá réir sin atá an peaca. An bhean uasal ar ar labhramair,
ní hé amháin go ttuillfeadh masla, dá ffaghadh sí taithniomh
ar an tteachtaireacht thruaillighthe do cuireadh chúiche, acht
dá mbeith fonn aice éistiocht ria, ag smaoineadh go fonnmhar
uirthe go minic, ar son nách ttug aonta an gníomh féin
do dheunadh, dobheir aonta don ttaithniomh dogheibh sí
as a bheith ag smaoineadh air. Is mí-mhacántacht grádh nó
fonn do thabhairt ó inntinn nó chorp do nídh truaillighthe
ar bith.



Gidheadh, an mhí-mhacántacht dobhíonn san ccroidhe agus
san inntinn, ar mhodh, muna ffaghaid seo fonn nó taithniomh
san nídh sin, nách ffuil peacadh a ffonn an choirp. An
uair dothig cathughadh ort chum peacadh do dheunadh, feuch


L. 296


go grinn an ttug tu féin cúis nó adhbhar dod dheoin féin,
don ccathughadh san do theacht ort, agus má dothugais,
atá tu cionntach, do bhrígh gur chuiris tu féin a bpeiriacail
pheacaidh do dheunadh dod dheoin féin. Is amhlaigh is cóir
seo do thuigsint, má budh féidir leat an úcáid do
sheachnadh go hiomchubhaidh, nó an ttug tu fá dear, nó nách
raibh dfhiachaibh ort a thabhairt fá dear go ttiucfadh cathughadh
ort as an úcáid, agus muna ttug tu cionnfátha ar bith
uait, ní ffuil peaca ar bith dhuit san ccathughadh.



An uair is féidir an taithniomh dothig a ndiaigh an
chathaighthe do thoirmiosg, agus nách deunann duine sin,
atá peaca mór nó beag ann do réir mar fuair fonn ann,
nó do réir mar dothug cúis dochum fuireach a ffad aige.
An bhean nach ttug cionnfátha dfhear oile a hiarraidh, má
dogheibh taithniomh ann a hiarraidh, atá sí cionntach, bíodh
ná raibh cúis oile aici acht amháin gur hiarradh í; acht dá
tteagmhaidh (-adh) don fhior a diarr í a bheith ag seinm ar
adhbha éigin ceoil, agus ise do bheith ag éistiocht leis an
cceól, agus gan aon chúis acht le taithniomh don cceól, ní
ffuil peaca ann ar son gur iarr í. Gidheadh, ní cóir fuireach
a ffad san ttaithniomh san féin, ar eagla go ttiucfadh as
san di taithniomh do ghabháil as gur hiarraidh (adh) í dochum
mí-ghníomha do dheunamh léi. Mar sin, má dothug duine modh
agus slighe inntleachtach dhom dochum díoghaltais do
dheunadh ar an tí dorine eugcóir orm, má gheibhim
taithniomh ar inntleacht an duine agus gan aonta do
thabhairt don díoghaltas a dheunadh, ní dhearnaidh me
peacadh; acht ar a shon san is maith an chómhairle dhom gan
fuireach san ttaithniomh san féin, d'eagla fonn an
díoghaltais do theacht chugham.



Teagbhann ar uairibh, go ffaghann duine fonn éigin san
ttaithniomh dothig déis an chathaighthe, agus sin sul fá
ttugann é féin fá dear, agus ní ffuil annsan acht peaca
eudtrom sologhtha, acht meudaigheann sé má fhanann duine


L. 297


ag smaoineadh ar an ttaithniomh déis a thabhairt fá dear,
mar do bheith ag deunadh connartha ris, re diúltadh nó
re haontadh do thabhairt do; acht tairéis a thabhairt fá
dear agus duine dá léigean de le maineachtnaigh, gan
rún do ghlacadh a chur uaidh, is mó ioná san an peacadh
doghnídh; acht má gheibhmíd fonn ionn sa taithniomh dár
ndeoin féin agus as a riocht, atá sé ina pheacadh throm
má tá an nídh ar a ffuil cúis an taithniomhaigh ina pheacadh
mharbhthach. Is mór an locht a mnaoi gean do bheith ionn a
croidhe ar ghrádh mhí-mhacánta neamh-dhlisdionnach, a ccás
nách budh mian ria an gníomh do dheunadh go bráth.



CAIB. 7.
Liaighios na ccathaighe mór ttrom ppeiriaclach.



An tan dochídhid leanaba faolchú nó beathaigheach borb
oile, teithid fá choim a nathar ag iarraigh fortachta air.
Mar sin is cóir dhúinne do dheunadh, an tan dothig cathaighthe
orainn, dol ar chuimrighe Dé, trócaire agus congnamh
d'iarraidh air. Ag seo an liaighios rómhaith d'órdaigh
an Tighearna féin dúinn, ag rádh: deunaigh úrnaighthe a
naghaidh na ccathaighthe.



Muna ccoisgidh na cathaighthe ris sin, gabh le croidhe
agus le misneach mór ceusadh Chríost idir do lámhaibh,
amhuil go mbeith ár Slánaightheoir, Íosa Críost, san ccroich
a ffiadhnaise do shúl, agus sin an uair is mó bhias an
cathughadh ag cur buaidheartha ort; agus gabh rún daingean
gan aonta do thabhairt do na cathaighibh. Iarr congnamh
ar Chríost, agus an feadh do mhairfid na cathaighthe bíodh
an rún san agatsa ar marthain.



An feadh dobhias an rún agus an mhóid sin agat dá
dheunadh, ná tabhair t'aire don ccathughadh do nár mhian
leat aonta do thabhairt, acht feuch ar do Thighearna san


L. 298


ccroich, óir má bheir tu aire don ccathughadh a bhias borb
neartmhar, cuirfeadh (-fidh) sé criothnughadh ort, agus
cuirfeadh (-fidh) sé a ccontabhairt tu aonta do thabhairt do.
Gabh chughat cúram nó gnódhtha éigin macánta subháilceach,
do bhainfeas díot aire do thabhairt don ccathughadh, agus
an uair dorachaid seo abhaile ann tinntinn, cuirfid
na cathaighe ar ccúl. Is liaighios róbhríoghmhar a naghaidh
an uile chathaighthe dothig ort, do chroidhe a léigion go
hosgailte díreach le tathair spioradálta, do bhrígh gurab
é ceud chonnradh doghnídh an diabhal ris an anam is mian
leis a mhealladh, gan a rún do léigean le haon neach,
agus gan labhairt ar aon nídh dá ccuireann nó dá séideann
ionn ár ccroidhthibh, mar doghnídhid na fir a bhíos ag mealladh
ógbhan. Adeirid leó gan aon nídh dá labhraid leó do
léigean le duine ar bith. A chodarsna so doghnídh Dia,
ag rádh linn gach sanus dá ttig uaidh féin chughainn do
léigean re ár nuachtarán agus re ár nAthair spioradálta.



Má theagmhann ina dhiaigh seo uile, nách ccoisgfidh na
cathaighe gan a bheith ag cur buaidheartha orainn, cuireamaois
rómhainn go daingean seasamhach gan aonta do thabhairt
dóibh go bráth, óir mar nách ffaghann maighdion fear an
feadh nách ttugann aonta dho, mar sin don anam nách
ttugann aonta do na cathaighibh ná do na peacadhaibh, ní
ffuil dá mheud buairt nó míchiúnas chuirfid air, nách
féidir leó dochar ná díoghbháil do dheunadh dho.



Ná deuna mórán cainnte re do namhuid, agus ní hé
amháin acht ná labhair aon fhocal ris acht na briathra úd ár
Slánaightheóra an uair dobhí ag cur cathaighthe air, agus
re ar chuir a tteitheamh é. Fág mé, a dhiabhail; atá
sgríobhtha: deuna adhradh dod' Thighearna Dia, agus
deuna seirbhís do san amháin. Agus mar budh chóir
do mhnaoi onóireach a dheuandh re teachtaire do
laibheóradh léi ar mhígheanmnaigheacht, gan oiread le haon-
fhocal amháin freagra do thabhairt air, ná fós feuchain


L. 299


san aghaidh air, acht í féin do tharraint uaidh, grádh agus
gean nuadh do thabhairt dá fear pósta, agus móid a
thabhairt a bheith dílios do - Is mar sin is cóir don anam
cráibhtheach do dheunadh an uair dothig cathaighe air, gan
freagra ar bith do thabhairt orra, acht aghaidh do thabhairt
ar a chéile beannaighthe Íosa Críost, agus geallamhuint
nuadh do thabhairt do re a bheith dílios do ar feadh do
bheathaidh (-adh), agus tré shaoghal na saoghal.



CAIB. 8.
Gur cóir na cathaighe eudtroma do fhrithseasamh.



Ar son gur maith seasamh do dheunadh go láidir deigh-
mhisnigh a naghaidh na ccathaighthe móra dothig orainn, agus
gur róthairbheach buaidh do bhreith orra, ar uairibh is tairbhighe
ioná san buaidh do bhreith ar na mion-chathaighibh, óir, bíodh go
sáruighid na cathaighe móra a ccáiligheacht na mion-chathaighe,
sáruighid na mion-chathaighe iad ionn a nuimhir, ionnas gurab
aon chomóradh mar sin an buaidh dobheirthear orra araon.
Is baoghlaighe go mór na faolchoin agus na leomhain ioná
na cuileóga. Gidheadh, is iad so is mó do chuireann
buaidhirt orainn, tré na líonmhaireacht, agus dobheir
adhbhar foighde dhúinn. Is furas do dhuine gan marbhadh do
dheunadh, acht is deacair do gan fearg do ghlacadh an tan
dogheibh siocair mhinic. Is furus dfhior agus do mhnaoi gan
adhaltranas do dheunadh. Gidheadh ní furas dóibh an sileadh
súl do sheachnadh, nó gan briathra eolbhaoiseacha grádh
d'éistiocht. Is furus dfhear nó do mhnaoi phósta an fear
nó an bhean dá ttugadar grádh roimhe sin do sheachnadh.
Gidheadh, is deacair a ccuimhne do chur as a ccroidhe. is
furus dfhear agus do mhnaoi gan leaba an phósta do
thruailleadh. Gidheadh, is deacair dhóibh gan iomarca do
dheunadh ar a chéile ionn a ngrádh féin. Is furus gan maoin


L. 300


duine oile do ghlacadh go holc. Gidheadh, is deacair gan
fonn nó dúil dfhagháil ann. Is furus gan fiadhnaise bhréige
do dheunadh a láthair an bhreithimh, agus is ródheacair gan
breug éigin do dheunadh a ccómhluadar. Is furus gan
meisge do dheunadh, agus is deacair a bheith measardha do
ghnáth. Is furus gan bás duine oile do iarraidh, agus is
deacair gan taithniomh dfhagháil ar dhochar nó ar mhí-ghar éigin
dá néirgheann do. Is furus gan a chlú nó a onóir do bhuain
de'n ccómharsain, agus is deacair gan locht éigin dfhagháil
air ar uairibh, ionnas na cathaighe beaga so dothig dochum
feirge, amhrais, tnúithe (-útha), gearáin, eolbhaoise, súgartha,
calaoise, cumadóireacht, miana, smaointe mí-mhacánta
agus gach neithe oile de'n tsórt san, dobheirid freachnughadh
do na daoinibh cráibhtheacha ag á mbíonn inntinn uasal
onóireach. Dá bhrígh sin ullmhaigh ina naghaidh seo agus creid
dhom nách ffuil dá mheud buaidh dá mbeireamaoid ar na
naimhdibh beaga so, nách biaidh ina líogaibh lóghmhara san
ccoróin glóire dogheabham shuas ó Dhia ar neamh. Uime sin,
an feadh nách ttiucfaid cathaighthe troma orainn deunamaois
cómhrag láidir a naghaidh na naimhde neugcruaidhe so.



CAIB. 9.
Cionnas is cóir na cathaighthe beaga so do
chlaoidheadh.



An méid do bheanas ris na cathaighibh beaga so, eadhoin,
eud, eólbhaois, amhrus, tnúth, míluinn, gean agus a samhuil
oile sin a bhíos mar chuileóga nó mar mhíoltóga ag
eitiollaidh in ár ttimchioll agus ag creimeadh ár sróin
(srón), agus uaireanta, ár leacan nó ár lámh, agus an
uair nách féidir linn a bheith saor óna mbuairt agus
ó na míchiúnas, ní ffuil modh is feárr ioná neamhshuim
agus neamhchás do dheunadh dhíobh; óir, ar son go ccuirid


L. 301


buairt orainn, ní dheunaid díoghbháil dúinn an feadh a
bhias rún daingean againn gan aonta do thabhairt dóibh.
Dá bhrígh sin, tugamaois tarcaisne dhóibh, agus ná
tugamaois meas orra le smaoineadh ar aon nídh dá
ccuirid ionn ár ninntinn dá mheud dursan dá ndéanaid
a ttímchioll ár ccluas, acht má bhainid greim asainn, nó
gur mian leó cómhnaidhe do dheuandh ionn ár ccroidhe,
ruaigeamaois uainn iad mar mhíoltóga. Ná deuna
cómhrag leó, agus ná tabhair freagra orra, acht tabhair
smaointe codarsna dhóibh ann hinntinn agus gabh grádh
Dé ann do chroidhe ós cionn an uile nídh. Creid dhom
nách cóir dhuit fuireach a ffad ag smaoineadh ar an
tsubháilce atá bunoscionn don ccathughadh, óir níl annsan
acht amhuil agus gur mhian leat troid nó cómhrac do
thabhairt do, acht iarr ndeunamh aon ghníomha amháin de
fhreachnughadh na subháilce atá bunoscionn do agus do
cháiligheachta an chathaighthe, iompaigh do chroidhe dochum
Chríst san ccroich agus tabhair grádh dho agus póg a chosa,
óir ní ffuil modh is feárr ioná so dochum an uile chathaighthe
dho chlaoidh, má beag nó mór iad, óir atá foirfeacht ann
subháilce a ngrádh Dhé amháin níosa róoirdheirce ioná
ionnta féin. Uime sin, ní ffuil liaighios is feárr ioná é
ar an uile locht.



An uair a dheunas tu gnáthughadh san uile chathughadh re
teacht ar choimirce ghrádh Dé, ní riachtanach dhuit feuchain
cread iad na cathaighe a bhíos ort, acht gidhbé ar bith iad,
dogheabhaidh tu ciúnas agus fortacht uatha ris an liaighios
oirdheirc seo. Atá fós grádh Dé chomh fuathmhar agus chomh
eaglach san don diabhal, ar mhodh, an tan dochidheann sinn
ag dol a leith ghrádh Dé a naghaidh na ccathaighthe do chuireann
orainn, go sguireann díobh. Ag seo do na cathaighibh beaga
so dothig go minic, óir, dá mbadh mian le duine labhairt
orra so fá seach, nó suim do chur ionnta, do chaithfeach (dh)
sé é féin leo agus ní bheadh sochar aige ann.


L. 302


CAIB. 10.
Cionnas is cóir an tanam do neartughadh a
naghaidh na ccathaighthe.



Tabhair fá dear ó aimsir go haimsir, na dubháilce is
mó dochum a ffuil claonadh agat, agus togh dhuit féin
modh bunoscionn dóibh, ó smaoineadh, ó bhréithir agus ó
ghníomh, .i. má tá tu claon dochum glóire díomhaoine,
smaoin go minic ar ghiorracht agus ar bhoichte na
beathaidh (-adh) seo, agus godé an buaidhreadh dobhias
ar do choinsias lá do bháis, tu do bheith tabhartha do ghlóire
dhíomhaoin. Smaoin fós ann do chroidhe, gur nár do inntinn
uasal aire do thabhairt di, agus gan innte acht súgradh
nó magadh buachalla óig. Díomol fós go minic, an ghlóir
dhíomhaoin, bíodh nách beith sé dfhonn ort, agus deuna
díthchioll labhairt go tarcaisneach uirthe. Ar an modh
so biaidh meas ag daoinibh oile ort, a ccás go ffuilid
féin tabhartha do ghlóir dhíomhaoin.



An uair a labhramaoid go holc ar nídh ar bith
deunamaoid, diaigh a ndiaigh, fuath do thabhairt don ghnás
san, a ccás go mbeith fonn agus taithniomh againn do thaobh
oile air. Deuna fós gnás oibreacha agus gníomhartha
uirísle do dhéanamh, bíodh go mbeidís a naghaidh do chlaonta
féin, a ccás go mbeith neamhfhonn agat ionnta, óir
dodheuna tu ris an ngnás san neamh-shuim do bheith agat san
nglóir dhíomhaoin, ar mhodh dá ccuireadh cathughadh ort go
mbiaidh tu níosa láidre chum cur ina haghaidh re gan aonta
do thabhairt di. Más dochum sainnte atá tu claon,
smaoin go minic ann do chroidhe go ndeunann searbh-
foghantaighe de na neithibh dár chóir a mbeith a seirbhís againn,
agus do chruthaigh Dia dochum seirbhíse do dheunadh dhúinn;
fós, a naimsir an bháis, go ttréigfeam gach a mbiaidh againn
ar an saoghal, agus go ffúigfighear é ag an té dob éidir a


L. 303


chaithfeach (dh) go holc é, agus ag á mbeith ina chúis dhamainte
go síorruidhe, maille re smaointibh oile de'n tsórt soin.
Labhair go holc ar an tsainnt, agus sin go minic. Mol
tarcaisne an tsaoghail. Iarr siocair go minic re déirc,
tré charrthannacht do dheunadh ar dhaoinibh bochta, agus léig
díot, dhod' dheoin féin, gan iomarca saidhbhris do
chruinniughadh más féidir leat é.



Má tá tu claon chum geana daoine do tharraint ort
agus an grádh céadna do bheith agat orra, meas agat féin
gur ródhíomhaoin na gnóthaigh agus na foinn sin, agus
go ffuilid peiriaclach dhuit féin agus do dhaoinibh oile;
fós gur neamh-iomchúbhaidh an brígh agus an fonn is uaisle
atá san anam do thruailliughadh agus do chaithiomh re
taithniomh dhíomhaoin, ionnas nách bíonn meas ag duine
críonna ar bith ar chlaonadh de'n tsórt san, acht meas
inntinne gan foras. Uime sin, mol go minic inntinn
ghlan dhíreach, agus deuna díthchioll red' ghníomharthaibh
do chur le do bhriathraibh, agus an uile shiocair ghrádh
dhíomhaoin do thréigion. Ina dhiaigh sin, an uair a bhias tu
saor ó na cathaighibh do chuir buairt ort, deuna freachnughadh
go minic de'n tsubháilce atá codarsna dho, agus muna
ffaghaidh tu siocair chuige sin, gabh féin aimsir éigin re
freachnughadh do dheunadh uirthe, óir is ris dogheibh an tanam
brígh agus neart a naghaidh na ccathaighthe ccéadna má
dothigid arís.



CAIB. 11.
Do mhíchiúnas na hinntinne.



An míchiúnas, ní haon locht amháin atá ann; is tobar
agus freumh é as a ttig iomad de chathaighthibh. Dá bhrígh
sin laibheóraidh me nídh éigin air annso. Is í is tuirse
ann, an doilghíos fán olc do theagbhas a naghaidh ár ttoile


L. 304


agus ár ninntinne, más dár ccorp do bheanas, mar atá
boichteacht, galar, nó tarcaisne, nó dár nanam, mar atá
ainffios, easbaidh grás, cointinn nó cathaighthe. Agus
an tan do theagbhas olc ar bith do dhuine, dogheibh mí-ghean
air, agus as san dothig tuirse agus doilghíos do, agus
mar budh mhian leis a bheith saor uatha, iarrann modh
dochum é féin do shaoradh uatha, agus is do réir fáth-chéille
nádúrtha so, óir is ón nádúir is mian ris an uile dhuine
an mhaith, agus biaidh fuath agus gráin aige ar an olc.
Gidhbé re ar mian a anam féin do shaoradh ar olc, iarraidh
(adh) sé é go foighdeach as thrócaire Dé go sámh úmhal
maille re ciúnas croidhe, agus cuiridh (-eadh) níosa mhó
de dhóthchus a nDia ioná mar do chuirionn ionn a dhíthchioll
nó ionn a dhúthracht féin. Más ar a ghrádh féin is mian
leis é féin do shaoradh, dogheabhaidh saothar agus
deócamhal (dóc-) mór, do bhrígh go measann gurab aige
féin agus nách ag Dia atá fortacht do thabhairt do. Ní
abraimse go smaoinigheann aon duine ar seo do rádh,
acht go mbíd chomh cúramach agus san amhuil a déarfadaois
é; agus ar uairibh muna ffaghaid an nídh is mian leó,
tuitid a míchiúnas agus a mí-fhoighid. Ní hé amháin nách
bainionn aon nídh dá mbroid díobh, acht go meuduigheann
é go mór, agus as san go ttuitionn an tanam a ndobrón,
a mbruid agus a ndroich-mhisneach róiomarcach, ar mhodh
go measann nách féidir liaighios do chur ar a olc. Feuch
anois an tuirse dobhí ar ttúis gan olc gan mailís, mar
do gheineann sí míchiúnas san anam, agus mar do gheineann
an míchiúnas tuirse is mó agus is measa, agus atá lán
de pheiriacail.



Ní féidir olc do theagmháil dúinn is measa ioná an
míchiúnas, acht amháin an peacadh marbhthach, óir mar do
sgriostar an uile thairbhe poiblidhe le buairt agus le
cointinn idir a bhallaibh féin, ar mhodh nách féidir riu iad
féin do chomhdach ar a naimhdibh, mar sin dúinne. An


L. 305


uair a bhíonn ár ninntinn buaidheartha míchiúin, cailleann
sí a brígh agus a neart dochum na subháilce atá aice do
choimheud, agus chum seasta a naghaidh chathaighthe na namhad
dobhíos ag iasgaireacht san uisge bhuaidheartha, do réir
na seanfhocal nách sáruighthear. Geintear an míchiúnas
as fhonn neamhórdaighthe a bhíos ar dhuine é féin do shaoradh
ón olc dothig air, nó as fhonn iomarcach an mhaith is mian
leis dfhagháil. Ar a shon san, ní fuil nídh ar bith is mó do
mheuduigheann an tolc dotháinigh air, agus is mó do
chuireann an mhaith is mian leis a ffad uaidh, ioná an
míchiúnas agus an bhruid chúramach a bhíos air ina thimchioll.
An teun noch do gabhthar a líon nó a ndul, ní ffuil dá
mheud saothar dá ccuirionn air féin chum é féin dfhuasgailt
as, nách móide dobhíos ceangailte é. Mar sin don duine.
Ní ffuil, dá theasaigheacht fonn dá mbeith aige an tolc
a thig air do chur de, nó an mhaith is mian leis dfhagháil,
nách móide an míchiúnas dobhíos air é. Dá bhrígh sin, an
tan bhus mian leat nídh ar bith, roimh an uile nídh deuna
hinntinn ciúin socair, agus cuir measardhacht ar do
bhreitheamhnas agus ar do thoil, agus ina dhiaigh sin deuna
díthchioll ar an nídh is mian leat do chur a ccrích go sámh
fóisdineach deaghórdaighthe. An tan a deirim leat sin
do dheunaidh (-adh) go sámh, ní hé is mian liom tu do bheith
go maineachtnach, acht gan bruid, buaidhre ná míchiúnas a
bheith ort; nó ar mhodh eile, ní hé amháin nách ttiucfaidh
tu dochum na críche is mian leat, acht fós go mbiaidh
níosa mhó de bhuairt ort agus de dheócamhal (dhóc-).



A dubhairt an Salmcheólach roimhe seo: A Thighearna,
atá m'anam agam ann mo lámhaibh féin do ghnáth, agus
ní dhearnaidh me dearmod ded' dhlighesi. Sgrúdaigh do
choinsias go minic agus go speisialta ar maidin agus
um nóin, agus feuch an ffuil tanam agat ar do láimh féin
nó ar bhain buairt nó míchiúnas ar bith dhíot é, agus feuch
an ffuil do chroidhe deighbheusach umhal nó ar tharraing


L. 306


sé é féin as do lámhaibh le fonn neamhórdaighthe ar bith,
grádha, fuaithe (-atha) tnúithe (-útha), sainte, eagla, dobróin
nó lúthgáire, agus má dogheibh tu go ndeachaigh sé as an
tslighe dhírigh, iarr é agus deuna díthchioll a thabhairt leat
a ffiadhnaise Dé go sámh socair, ag cur do thoile féin
go hiomlán, agus gach miana dá mbiaidh agat faoi réir
thoile Dé; óir gidhbé ag á mbíonn nídh maith múirneach,
congmhann é go daingean idir a lámhaibh. Is mar sin
is cóir dhúinne do dheunadh, do réir shompla an Righ
chómhachtaigh úd, ag rádh: A Thighearna, atá m'anam a
bpeiriacail anois, agus dá bhrígh sin biaidh sé agam ann
mo lámhaibh, agus ní leigfidh me do dhlighe beannaighthesi
go bráth ar dearmod.



Ná léig go bráth do na foinn dothig ort, dá loighead
tábhacht dá mbiaidh ionnta, míchiúnas do chur ort, óir is
a ndiaigh na ffonn mbeag so dothigid na foinn mhóra
do chuirionn buairt agus trioblóid ar hinntinn, má
gheibhid go maineachtnach í ionn sna neithibh beaga. Uime
sin, an uair dothig míchiúnas ar bith ann do chroidhe, taobh
thu féin re Dia ar tús, agus cuir rómhat go daingean
bríoghmhar gan aon nídh atá dfhonn ort a chur a ngníomh,
nó go sguireadh (idh) an míchiúnas san díot, muna ar nídh
nách féidir do chur ar cáirde, agus annsan féin, cuir
srian go ciúin sámh re fóirneart an fhoinn atá ort, agus
cuir measardhacht air, an méid gur féidir leat é, agus
annsan cuir an nídh a ngníomh, agus ní do réir mar atá
an fonn d'iarraigh, acht do réir threóraighthe na céille.



Más féidir leat míchiúnas hinntinne do nochtadh dhod
threóraightheoir spioradálta, nó do charaid oile
chrábhthach a bhias dílios duit, déin, agus bí deimhneach
go mbiaidh do choinsias ciúin soineanta ris sin, mar
dobhíos fear fiabhrasa le cuislinn do sgaoileadh dho,
agus ní ffuil liaighios ar bith is fearr ioná so. Uime sin
idir gach cómhairle oile dá ttug an Rí, N. Laoiseach, dá


L. 307


mhac, adubhairt sé ris: an uair dobhias bruid nó míchiúnas
ar do chroidhe, nocht é dhod Oide Faoisdine nó do dhuine
mhaith éigin oile, agus ris sin, agus ris an ccómhairle
dobhéaras sé dhuit, iomchraigh tu an nídh atá ag cur ort níos
foighdighe.



CAIB. 12.
Don ttuirse nó don doilghíos.



“An tuirse dobhíos do réir Dé, oibrigheann sí tríotha
dochum ár slánaighthe,” ar an tApstol, acht tuirse an
tsaoghail, oibrigheann sí ár mbás. Dá bhrígh sin bíonn
an tuirse maith nó olc, do réir na ffonn do ghluaisigheann
sí ionnainn, ar son gur lia drochfhonn do ghluaisigheann
ionnainn ioná fonn maith. Óir ní ghluaisighionn ionnainn
acht dhá fhonn mhaithe, mar atá aithrighe agus trócaire;
agus gluaisionn sé drochairgheanta ionnainn .i. broid,
leisge, mío-ghnaoi, eud, tnúth agus mí-fhoighid. Uime
sin adubhairt an teagnaightheach: is mór do mharbhas an
tuirse, agus ní ffuil tairbhe ar bith innte, óir mar nách
ttig as thobar na tuirse acht dá shruthán mhaithe, agus chídhmíd
go ttig sé drochshrotha aiste.



Doghnídh an diabhal ionstramainte (oirníse) den ttuirse
chum cathaighthe agus buaidheartha do chur ar na daoinibh
maithe. Óir mar doghnídh an uile dhíthchioll ris na droch-
dhaoinibh do bheith sásta, sólásach, ann sna peacadhaibh;
mar an ccéadna doghnídh díthchioll re droichmhisneach agus
re míchiúnas do chur ar na daoinibh maithe re tuirse agus
re dobrón; agus mar nách féidir leis duine do tharraint
chum peacaidh acht re na chur a ccéill do go ffuil sé sámh
taithniomhach, is mar sin nách féidir leis toirmiosg do
chur ar dhuine ó dheighghníomh do dheunadh acht re na chur a
ccéill do go ffuil tuirseach dobrónach, agus mar atá


L. 308


an diabhal féin lán de thuirse agus de dhobrón agus go
mbiaidh mar sin go síorruidhe, budh mhian leis an uile
dhuine do bheith amhlaigh.



Cuirionn an tuirse mailíseach buairt agus míchiúnas
ar an anam, agus cuirionn eagla neamhórdaighthe san
ccroidhe, dobheir an úrnaighthe gan bhlas, agus cuirionn
an inchinn ina codladh, agus bainionn a brígh aisti;
baineann a chómhairle, a mhisneach agus a bhreitheamhnas
as an anam, baineann a brígh agus a neart as an inntinn.
Biaidh fá dheoigh mar an ngeimhreadh cruaidh do bhaineann
an uile sgéimh de'n ttalamh, agus do chuirionn an uile
mhí-ghnaoi ar gach aon bheathadhach, do bhrígh go ndíbrighionn
an uile shástacht ón anam, agus go ffágbhann meirbh gan
bhrígh, gan neart, gan chumas é.



Má theagmhann duit an tuirse mhailíseach seo do theacht
ort, cuir liaighios uirthe. “Má tá aon duine dhíbh tuirseach,”
ar N. Seum, Apstol, “Deunadh sé úrnaighthe,” óir ní
ffuil liaighios is feárr ioná í, do bhrígh go ttógbhann sí an
inntinn dochum Dé, óir is é is sólás agus is iolgháirdios
don anam. Agus ag deunadh na húrnaighthe dhuit, abair
na briathra so ó bheul agus ó chroidhe, le a ttaisbeánadh
tu do ghrádh agus do dhóthchus a nDia: “Ó! a Dhé
thrócairigh! Ó! a Dhé íodhain! Ó! a shláinte m'anama!
Ó! a Shlánaightheoir bheannaighthe! Ó! a Dhia mo chroidhe!
Ó! mo shólás! Ó! mo dhóthchas! Ó! a chéile mhilis
agus a ghrádh m'anama!” srl.



Cómhraic re an uile bhrígh hanama a naghaidh na cclaonta
bhíos dhod' tharraint dochum tuirse, agus ar son go
ffaicthear dhuit nách ffuil tu ag deunadh aon nídh acht
go fuar, spadánta, maineachtnach, ná gabhach (dh) eagla
thu agus ná léig do mhisneach díot. Óir, an namhaid le
ar mhian ár ndeunamh spadánta mí-luinneach ionn ár
ndeaghoibreachaibh, an tan dochídhionn sé go ffuileamaoid
dá ndeunamh, is móide an luaidheacht atá againn meud


L. 309


an tsaothair do chuireamaoid orainn féin dá ndeunamh,
sguireann sé de chathaighibh agus de bhuairt do chur orainn.
Abair fós caintic spioradálta, óir is minic do chuireadh
an diabhal a tteitheadh leó, mar is follus san spioraid
dobhíodh ag cur buaidheartha ar an Rí Saul, do choisgeach (dh)
de rádh na Salm. Is maith an chómhairle fós, oibreacha
corpardha do dheunadh agus eugsamhlacht díobh do ghabháil
chughat, ionnas mar sin go ttarraingtheá an tanam ó na
bheith ag tabhairt aire don nídh atá ag cur buaidheartha
air, agus go ttugadh brígh agus teas do na céadfadhaibh,
óir doghnídh an tuirse an coimpléasg fuar, tirim.



Deuna na hoibreacha corpardha úd go friochnamhach,
a ccás nách beith fonn ar bith agat ionnta. Bíodh croich
naomhtha agat ann do láimh agus teann í re tucht. Tabhair
póg dá cosaibh agus dá lámhaibh. Tóig do shúile agus do
lámha suas dochum Dé ar Neamh. Abair briathar éigin
a fhoillseóchas grádh Dé go mór agus dóthchus do bheith
agat ann mar atáidsi: Mo ghrádh! Biaidh ina chómhnaidhe
ann m'ucht. Atáid mo shúile ag féuchain ort do ghnáth,
a Thighearna. Ag rádh: Cá huair a bhéaras tu sólás dom,
Ó, a Íosa! Bí ad Shlánaightheoir agam! Tigiodh, a Íosa
chugham agus biaidh m'anam beó. Cia do sgarfas me le
grádh Dé! Nó a samhuil sin oile d'úrnaighthibh. Is maith
an liaighios crádh éigin corpardha do ghabháil a naimsir
na tuirse, ionnas go ttugadh Dia, ar son na péine
corpardha san, sólás inntinne don duine, agus go mbadh
lughaide pian an anama, pian do bheith ar an ccorp mar
aon ris.



Is maith an liaighios comaoineach do dheunadh go minic,
óir dobheir an biadh neamhdha so brígh, neart agus sólás
don spioraid agus don inntinn. Deuna cómhairle re
tOide Faoisdine nó re do threoraightheoir spioradálta
san uile úcáid thuirse dá mbiaidh agat, agus deuna tathaighe
go mórmhór orra san aimsir sin. Faoi dheoigh, tabhair tu


L. 310


féin go hiomlán ar láimh Dé dochum grása do thabhairt
duit ris an ttuirse bhuaidheartha fhuathmhair atá ort do
iomchur go foighdeach a leorghníomh gach sóláis díomhaoin
dá raibh agat roimhe sin, agus ná bíodh contabhairt agat,
tairéis a fhoighde do chruthughadh, go saorfaidh Dhia thu.



CAIB. 13.
Do na sólásaibh spioradálta do mhothuighmíd, agus
cionnas is cóir dhúinn sinn féin d'iomchur ionnta.



Coimheudann Dia an saoghal re hatharrdha agus re
heugsamhlacht síorruidhe, ar mhódh go ttig an oidhche déis
an lae agus an tearrach d'éis an gheimhre (-ridh), re claochlódh
ghnáthach, ar mhodh nách bíonn aon lá amháin cosmhúil ris an
dara lá, óir bíd laethe dorcha, laethe fliucha, laethe tiorma
agus laethe gaothmhara ann, ionnas go ttugann an eugsamh-
lacht agus an claochlódh so sgéimh agus deaghmhaise mhór
don ccruinne. An nídh céadna is féidir dfhaicsin san
duine, atá ina dhomhan bheag, do réir ráidhte na sean, óir
ní fhanann sé a naon staid amháin do ghnáth, agus ní ffuil
a bheatha ar an ttalamh acht mar uisge srotha ag imtheacht
go ciúin anois, go borb ar ball, lán de chlaochlódha agus
d'eugsamhlacht síorruidhe; ar uairibh lán de dhóthchus, ar
uairibh lán d'eagla agus de dhroichmhisneach, ar uairibh
lán de shólás ag claonadh chum na láimhe deise, agus ar
uairibh oile lán d'amhgar, dá fhuadach ar an ttaobh cclé,
ar mhodh nách bíonn dhá lá ná dhá uair cosmhúlach re na chéile
aige.



Ní ffuil cómhairle is feárr ann gach cás agus ann gach
eugsamhlacht dá ttig ar an saoghal ná orainn féin, ioná
díthchioll dúthrachtach do dheunadh re ár ccroidhe do chongmháil
a naon staid amháin go ciúin socair gan chlaochlódh, ag
feuchain ar Dhia, ag cur ár ndóthchais ann, agus ag triall


L. 311


chuige a ccás go mbeith an domhan uile dá iompóghadh agus
ag dol tríd a chéile.



Gidhbé ar bith taobh a mbiaidh an long ag triall, soir
nó siar, do thuaidh nó do dheas, ní chlaochluigheann
snáthaid (thad) na máirneulacht a staid féin, acht a bheith
ag feuchain do ghnáth ar an réaltann (-ainn) budh thuaigh (dh).
Uime sin, a ccás go mbeith an uile nídh ár ttimchioll
buaidheartha, nó go mbeith ár nanam tuirseach nó
lúthgháireach, lán de mhilseacht nó de dhomblas, nó go
mbeith síth nó cogadh, lán de cheó nó de shoillse, lán de
chathaighthibh nó de chiúnas, lán de shólás nó de dhólás, bíodh
tirim nó fliuch, lán de dheaghfhonn, lá dá losgadh le gréin
nó dá fhuarughadh le drúcht na maidne: bíodh rinn na
coda uachtaraighe dhed' chroidhe, dhed' spioraid agus dhed'
thoil (is snáthaid thad máirneulacht agus is réalt eóluis
duit) ag feuchain ar ghrádh Dé, do chruthaightheoir agus do
Shlánaightheoir, ionn a ffuil an uile mhaith agat, agus ná
hiompaigh uaidh go bráth. “Och! má beó nó marbh sinn,”
ar an tApstol, “is ris an Tighearna sinn, agus cia do
sgarfas sinn le grádh Dé?” Ní sgarfadh (-faidh) nídh ar
bith leis an ngrádh so sinn - buairt nó bruid, bás nó
beatha, tuirse fá nídh dá ffuil ar an saoghal, nó eagla
fá aon nídh dá ffuil chughainn, sólás dá aoirde nó dólás
dá dhoimhne, tiormacht nó maothacht, ní budh féidir leó
ár sgaradh le grádh Dé.



An rún daingean do-bhriste seo, gan Dia do thréigion
go bráth, ná sgaradh le na ghrádh, biaidh sé ina leathualach
ag ár nanam dá chongmháil a ccothrom cheart bheannaighthe
a naghaidh gach gluaiseacht eugsamhuil dá tteagmhann dúinn
as choinghioll na beathaidh (-adh) so. Mar doghnídhid na beich,
an tan dothig gaoth orra, beirid ar chlochaibh beaga do
bhíos aca mar chothrom, ionnas nách ffuadóchadh an ghaoth
iad don ttaobh so ná don ttaobh oile; mar sin dár
nanam arna cceangal féin, maille re rún uasal fheardha,


L. 312


do ghrádh Dé. Idir gach eugsamhlacht dhóláis nó sóláis
spioradálta nó corpardha, inmheodhnach nó foiriomlach
dá ttiucfaidh air, biaidh go ciúin seasamhach. Acht tar
an teagasg chómhchoitchionn so, atáid teagaisg oile agus
aitheanta sunnrádhacha de riachtanas orainn.



Dá bhrígh sin, adeirim ar ttúis nách a maothchroidheacht,
a míne, a sólás ná a ccaomhacht croidhe dá mothuigheann
duine, agus a bhaineann deór nó osnadh as, nó a ndeaghbhlas
taithniomhach dogheibhmíd ar uairibh, ag deunadh freachnughadh
éigin spioradálta, nó a sólás nó a milseacht dá
mothuigheann duine atá brígh an chrábhaidh, óir ní hionann
iad san agus an chrábhaidh (crábhadh). Acht dogheibhid daoine
an mhaothchroidheacht so, gion go mbíd dubháilceach agus
ná bíonn grádh Dé go fírinneach aca. Dobhí an Rí Saul
ag iarraidh Dháibhí, agus é neamhchionntach, re na chur
dochum báis; acht do theith uaidh ar fásach, agus do lean
Saul annsan é, agus dochuaidh ina aonar asteach san
uaimh ionn a raibh Dáibhí agus a mhuinntir a ffolach, agus
ar son go mbfhéidir le Dáibhí a mharbhadh níor chuir lámh
ann, agus níor chuir eagla amháin air, acht dfhoillsigh dho
ina dhiaigh sin a dhísligheacht féin, agus go raibh ar a chumus
a anam do bhuain as. Acht isé dorine Saul ina dhiaigh
sin, ionnas go ttaisbeánadh a dheighinntinn do Dháibhí,
acht a mhac de ghairm de, agus do dhoirt déara súl agus
do ghuil go garg, ag moladh a thrócaire agus a cheann-
saigheacht, agus do ghuidh Dia ar a shon, agus dorine
fáistine dho a bheith ina Rí mhórdhálach, agus do thaobh a
chlann agus a shliocht ris tairéis a bháis féin. Acht gé
nár fféidir le Saul deighinntinn ná grádh budh mhó ioná
san do thaisbeánadh, níor chlaochlaidh sé a dhroch-inntinn
a ttaobh Dháibhí, acht dobhí fuath agus miosgais aige dho,
mar dobhí roimhe, nó níosa mhó. Ar an modh céadna a bhíd
daoine, an tan do smaoinighid ar mhaith Dé agus ar pháis
an Tighearna; mothuighid maothghrádh agus doghnídhid


L. 313


osnadh agus deóra agus guidhid Dia go teasaighe, agus
beirid buidheachas ris, ar mhodh go measaid go ffuilid
a ccroidheacha ar fiuchadh le crábhaidh (-adh); acht an uair
a feuchtar cuislionna na droinge céadna, dogheibhthear
nách ffuil ann a ndéanaid uile acht mar chith fearthanna
a samhradh rótheith, nách ttéid síos san ttalamh agus nách
ttig de thoradh ina diaigh acht fás na haon oidhche. Is
mar sin a bhíd déara agus maothchroidhe na hinntinne nách
ffuil freumh shubháilce ar bith innte. Ní thig toradh ná
tairbhe ina ndiaigh, agus ní dheunaid aisioc ann aon
phinnin (phinginn) dá ffuaradar go holc, agus ní mó do
léigid aon chlaonadh dá mbiaidh aca dhíobh, agus ní mian
leó mí-ghar ar bith dfhulaing ar son a tTighearna dá
ndoirtid siad a ndeóra ar a shon, ionnas nách ttig de
thoradh asta acht samhuil fáis na haon-oidhche, ar mhodh nách
é amháin nách crábhaidh (-adh) fírinneach é, acht fós gur meall-
tóireacht ón diabhal a bhíos ann go minic, ag mealladh
na nanman ris na sólásaibh beaga so, dochum go mbeidís
sásta leo, agus go mbeith fonn agus taithniomh aca annta,
agus sin d'eagla go niarrfaidís slighe an chrábhaidh
fhírinnigh dhaingin a bhíos ann a rún seasamhach láidir re
an uile nídh do dheunadh. Is feas dúinn gurab í toil
Dé sinn dá dheunadh mar is mian ris féin. Doghnídh
leanbh gul (gol) má dochídh cuisle dá sgaoileadh ag á
mháthair, agus sin re neart grádh uirthe, acht san am ccéadna
má iarrann sí an tubhall nó an greim siúcra a bhíos aige
- ionn a láimh, dobhéaradh (-aidh) diúltadh dhi, gé go raibh
a gul (gol) roimhe sin ar a son. Is mar sin is gnáthach
leis an maothchrábhadh beag a bhíos againn, an tan dochídhmíd
an ga re ar tolladh croidhe Chríst san ccroich, guileamaoid
go haibhseach. Is maith sin, caoi agus gul (gol) do
dheunadh fá pháis agus fá bhás doilghíosach ár nAthar agus
ár Slánaightheóra, acht cread fáth nách ttugamaoid an
tubhall atá ionn ár láimh do, atá sé d'iarraigh orainn go


L. 314


ródhíthchilleach .i. ár ccroidhe? Óir isé an taon-úbhall
amháin grádh atá ár Slánaightheoir róghrádhach d'iarraidh
orainn. Cread fá nách ttugamaoid do na taithniomhacha
agus na foinn bheaga a bhíos againn, budh mhian leis a
fhuadach as ár lámhaibh, agus nách féidir leis é do bhrígh
go ffuil blas siúcra againn orra, agus gur mó ár ngean
orra ioná ar ghrásaibh neamhdha ár tTighearna? Ní ffuil
ionnta so acht cáirdeas agus cumann leanabántacht,
óir atáid gan bhrígh gan tábhacht, agus iad maoth díomhaoin.
Uime sin, ní san maothchroidheacht so do mhothuigheann
duine ann féin atá brígh an chrábhaidh, óir dothig go minic
as choimpléasg nádúrtha a bhíos maoth soghluaiste, agus
ghabhus chúiche go furus gach nídh dá tteagbhann di.
Dothig fós, ar uairibh, as chathaighthibh an diabhail, do chuireas
dath dhúinn ar na neithibh beaga leanabaighe seo, agus
dobheir orainn fonn dfhagháil ionnta, amhuil agus go
mbeith brígh mhór ionnta, agus nách iarrfamaois an crábhadh
fíor.



Adeirim an dara huair go ffuil an mhaothchroidheacht
so, na foinn agus an mhilseacht dothig asta go rómhaith
róthairbheach ar uairibh, óir go ndúisgid fonn maith
san anam, go ttugaid brígh agus neart don inntinn,
go ffosglaid an croidhe dochum an chrábhaidh fhírinnigh,
agus go ttugaid sólás agus misneach do, agus fós go
ccuirid deaghmhaise ar ár ngníomharthaibh foiriomlacha, ar
mhodh go ffaghann Dia taithniomh orra. Ag so an deaghbhlas
do mhothaigh Dáibhí an tan adubhairt: Godé a mhilseacht
do bhréithir do mo bhrághaid, óir is milse é ioná mil;
ionnas gur mó aon tsólás amháin dá loighead de'n
ccrábhaidh -adh fhírinnigh ioná an sólás is mó ar an saoghal
so uile, óir an bainne .i. an sólás dobheir an céile neamhdha
don anam, is fearr é ioná an fíon is uaisle fhásas ar
an ttalamh. Gidhbé do bhlaisionn é, ní bhíonn aige acht
meas domblais agus gafainn ar an uile shólás oile, ar


L. 315


nós na luibhe Scitic, gidhbé ag á mbiaidh ionn a bheul nách
mothuigheann sé tart ná ocras tré mheud a milseachta.
Mar sin, gidhbé a ndoirteann Dia ionn a chroidhe, drúcht
neamhdha an tsóláis agus na milseachta spioradálta, ní
bhíonn suim aige agus ní ffaghann blas ar shólás shaoghalta
ar bith an feadh dobhíd aige. Isiad so réamhbhlas na
milseachta agus an tsóláis mharthannaigh, dobheir Dia
dá aos grádha. Siúicre iad re a ttarraingeann agus
re a meallann Dia na daoine beag-neartmhara so chuige.
Uisge croidhe dobheir Dia do na daoinibh re na ól dochum
brígh do chur ionnta agus is lánmhinic iad ina ngealltaibh
ar na luaidheachtaibh síorruidhe.



Sgríobhthar ar Alastrom Uaibhreach, ar mbeith ar fairrge
dho a ffad ó thalamh, gur mhothaigh sé an bolath sámh dobhí
an ghaoth do shéideadh ionn a shróin, as an tír darab ainm
Arabia, thoirtheach nó shona, agus as san go dtug
misneach do féin agus dá mhuinntir re ndol asteach innti.
Ar an modh ccéadna dhúinne, ar mhuir na beatha boichte
neamhmharthannaighe seo. Ar uairibh mothuigheamaoid
bolath sámh milis ríoghachta fhlaitheamhnais, ionn a ffuil-
eamaoid uile ag triall, agus brostuigheann Dia sinn an
tan dobheir blas éigin an tsóláis shíorruidhe dhúinn.



An treas uair, má fhiafruigheann tu dhíom an tan atáid
sóláis somhothaighthe ann dothig ó Dhia, agus sóláis eile
bunoscionn dóibh, dobhíos peiriaclach, nó fós díoghbhálach,
dothig ón nádúir, nó fós ón aidhbhirseoir, nó namhaid ár
slánaighthe, cionnas budh éidir liom aithniughadh idir gach
sólás díobh. Ag seo dhuit teagasg agus riaghail chómh-
choitchionn: gurab as an ttoradh dothig orra is cóir dhúinn
a aithniughadh an maith nó an olc na foinn nó na claonta
a bhias aguinn. Atáid ár n-anamna agus ár n-inntinneacha
mar chrannaibh agus isiad is geuge dhóibh, ár ndúil agus
ár ffonn, agus is iad is toradh dhóibh ár ngníomhartha. Dá
bhrígh sin, má doghnídh an mhilseacht, an mhaothchroidheacht


L. 316


agus na sóláis dogheibhmíd, sinn níos úmhaile, níos
foighide, níos beannaighthe, níos ceannsa agus níos
carrthannaighe dár ccómharsain, agus níos friochnamhaighe
dochum smachta do chur ar ár nanmhianaibh agus ar ár
ndrochchlaontaibh, dochum réir ár nuachtarán do dheunadh,
fá dheoigh go ffuil ár rún níosa dhaingne againn dochum
sinn féin do chur le toil Dé ann gach aon nídh, is comharthadha
san gurab ó Dhia thángadar na sóláis agus an mhaoth-
chroidheacht dobhí againn. Acht má gheibh tu thu féin, déis
na sólás sin, lán de ghean ort féin, ciuirialta, míluinneach,
borb, neamhfhoighdeach, ceanntreun, uaibhreach, andóthchusach,
neamhcheannsa ris an ccómharsain, agus meas mór do bheith
agat ort féin, amhuil agus go mbadh naomh beag thu, ar
mhodh nách budh mian leat a bheith faoi smacht dhuine oile,
ó shoin suas bí deimhneach gurab urchóideach na sóláis
dofuair tu, óir ní thugann an crann maith uaidh acht
deaghthoradh.



Dá bhrígh sin, ar ttúis, an tan do mhothuighmíd milseacht
ar bith, umhluigheamaois sinn féin a láthair Dé agus
bíodhmaois ar ár ccosnamh féin gan a rádh mar gheall ar
na sóláis seo: Ó, nách deas dom é! Nách maith atáim
anois! Acht ní mar sin é. Ní maith dhúinn aon nídh ná
deunann sinn níos feárr, agus mar adubhairt me roimhe,
ní hionnta súd atá brígh an chrábhaidh, acht abramaois:
Ó, godé chomh maith agus atá Dia don té do chuireas a
dhóthchus ann, agus don anam a bhíos dá iarraidh! Gidhbé
ag á mbiaidh siúicre ionn a bheul, ní féidir leis a rádh
gurab é an beul atá milis, acht an siúicre. Mar sin, ar son
gur maith an mhilseacht spioradálta, agus gur maith Dia
dobheir uaidh í, tairis sin ní féidir a rádh go ffuil an té
dogheibh í go maith. 2. Measamaois gur naoidheanáin sinn, agus
gur riachtanach dhúinn bainne, ionnas gurab uime tugthar
an siuicre seo dhúinn, do bhrígh go ffuil ár spioraid maoth,
beag-neartach, ag á ffuil riachtanas le hoileamhuint


L. 317


iomchubhaidh, dobhéaradh brígh agus neart di, agus
dochum Dé do ghrádhughadh ós cionn na huile neithe. 3. Acht
tairéise sin, ag labhairt san ngnáithshlighe, an tan
dogheibhmíd na grása agus na cabhartha so, gabhamaois chughainn
iad go húmhal, agus ní ar a son féin, acht ar son gurab
ó láimh Dé dothigid mar doghnídh máthair le na leanabán,
do chuireann greim beag siúicre diaigh a ndiaigh ionn a
bheul, dá bhreugann. Acht dá mbeith ciall nó tuigsin
san leanabán, is mó an meas do bheith aige ar ghean a
mháthar air, ioná ar mhilseacht an tsiúicre. Ar an modh
céadna, is mór an nídh milseacht agus sóláis spioradálta
dfhagháil. Gidheadh, is í milseacht na milseachta, a thabhairt
fá dear gurab í lámh ghrádhach thrócaireach nDé do dhoirt
iad ann ár mbéal, ann ár ccroidhe, ann ár nanam, ann
ár spioraid agus ann ár ninntinn. 4. Déis sóláis ar
bith dfhagháil dúinn, agus sinn dá ngabháil go húmhal,
deunamaois freachnughadh dhíobh do réir thoile Dé dothug
dhúinn iad. Cread fá a ttug Dia dhúinn iad, acht dochum
sinn féin d'iomchur go beannaighthe ris an uile dhuine,
agus dochum ár ttarraing chum grádh do bheith air féin?
Is uime dobheir an mháthair siúicre dá leanbh, chum go
ttugadh póg di. Is uime dobheir ár Slánaightheoir sóláis
dúinne, ionnas go ttugamaois póg do. Ní ffuil a
bpóig a thabhairt don tSlánaightheoir acht a bheith umhal do,
a aitheanta do choimheud agus a thoil do dheunadh, a bheith
réidh ar an uile nídh is mian leis, agus grádh dílios do
bheith againn air. Uime sin, an tan dogheibhmíd sólás
ar bith spioradálta, deunamaois díthchioll an lá san do
chaithiomh níosa dhúthrachtaighe le deaghoibreachaibh, ioná
budh ghnáth linn, agus re sinn féin d'uirísliughadh. 5. Is
iomchubhaidh dúinn ar uairibh, cur suas do na sólásaibh
sin agus neamhchás do dhéanadh dhíobh, ag tarraint ár
ccroidheachaibh agus ár ninntinnibh uatha, ag rádh: ar son
go ngabhmaoid chughainn go humhal iad, gurab uime atá


L. 318


grádh againn orra, do bhrígh gurab ó Dhia dothigid, agus
go mbrostuighid sinn chum grádh do bheith againn air, agus
nách iad atámaoid d'iarraidh acht Dia féin agus a naomh-
ghrádh, agus ní hiad na sóláis acht an Cómhfhortóir, gurab
mó an gean a bhias ar ár Slánaightheoir milis ioná ar an
mhilseacht dobheir sé dhúinn, do bhrígh gurab é féin sólás
fhlaitheamhnais agus talmhan, agus ris an rún so cuireamaois
rómhainn go seasamhach dol ar ár naghaidh a ngrádh Dé,
agus gan a léigean dínn go bráth, a ccás nách ffaghmaois
milseacht ná sólás oile ar feadh ár mbeathaidh (-adh), ag
rádh: Más ar chnoc Chalbhairi nó ar shliabh Tabor dhuit,
a thighearna, is maith dhúinn a bheith a tfhochair, nó más ag
fagháil bháis san ccroich atá tu, nó ag deallrughadh do
ghlóire. 6. A ffoirchionn dobheirim mar chómhairle dhuit, dá
tteagmhaidh go ndoirtfeadh Dia iomad sólás, milseacht,
deór agus maothchroidheacht ort, nó nídh neamhghnáthach
ar bith do theagmháil dhuit, deuna cómhairle le do threóruigh-
theoir spioradálta ionnas go mbadh fios dhuit cionnas
budh chóir duit tu féin d'iomchur, agus an mheasardhacht
budh chóir duit do chongmháil, óir atá sgríobhtha: má fuair
tu mil, ná ith acht an méid atá riachtanach di.



CAIB. 14.
Ar thiormach agus ar thart Spioradálta.



An tan a bhias sólás spioradálta agat, deuna
freachnughadh dhe mar do theagaisg me dhuit anois agus
lean díobh. Acht mar nách fada sheasas an tsoineann
ghrádhach thaithniomhach úd, gan a theagmháil dhuit ar uairibh
nách biaidh mothughadh ar bith chrábhaidh ná sóláis agat, agus
go mbiaidh tanam mar fhásach gan toradh, ionnas go
measaidh tu nách ffuil ann acht gréach gan chosán gan
slighe chum Dé dfhagháil, agus gan braon de ghrásaibh dá


L. 319


dhortadh air, drisleach agus fiadhaile ag fás air, tré
easbaidh úireacht na ngrás. Is mór an truaigh, faraoir!
an tanam bocht atá san riocht so, go mórmhór an tan
atá an tolc borb iomarcach ann, óir is annsan, mar
adubhairt Dáibhí, nách ffuil de bhiadh aige do ló ná d'oidhche
acht deóra. Annsan biaidh a naimhde ag séideadh fán
anam, a magadh agus ag rádh ris: Cá ffuil do Dhia anois?
Cá ffaghaidh tu é? Cia dobhéarfas duit sólás na ngrás
dobhí agat? Godé dodheunas tu annso? Feuch
go maith cread is freumh don olc so, óir dobheireamaoid
féin go minic cionnfhátha don tiormach so.



Ar ttúis, mar doghnídh an mháthair le na leanbh nach
ttugann siúicre dho, an uair aithnigheas go ffuil piasta
ag deunadh dochair do, is mar sin do bhainios Dia, go
minic, ár sólás dínne an tan dogheibhmíd féin taithniomh
díomhaoin ann, agus fhásann piasta, uabhar agus glóire
dhíomhaoin as. A Thighearna, is maith dhom gur uirísligh
tu me, óir sul fár uirísligheadh me, do chuir me fearg
agus saobhnós ort go minic. An dara huair, do bhrígh
go rabhamair maineachtnach re freachnughadh maith do
dheunadh dhe mhilseacht ghrádha Dé, ann a aimsir féin, agus
tríd sin gur tharraing sé é féin agus a shóláis uainn. An
uair do léigeach (dh) Clanna Israel díobh an Manna do
chruinniughadh ar maidin go moch, níor fféidir leó a fhagháil
tairéis éirghe gréine, óir do leaghach (dh) sé mar chéir leis
an ngréin. 3. An treas uair, leigeamaoid sinn féin,
ar uairibh, ar na sólásaibh do mhothughadh, amhuil agus go
mbiadhmaois ar suan ar leabain shocair, mar dobhí an
bhainchéile bheannaighthe ionn sna Cainticíbh, acht súd an
céile beannaighthe neamhdha ag bualadh ár ndorais agus
ag séideadh ionn ár ccroidhe ár ffreachnughadh spioradálta
d'athnuadhadh; acht is leisg linn an doras dosgladh dho, do
bhrígh gur deacair linn an sanus díomhaoin a bhíos againn
do léigionn dínn, agus as san dothig go ttarraingeann


L. 320


sé é féin uainn go saobhnósach, agus go léigeann dúinn
a bheith ag snámhachán ionn ár naindeise féin, agus an tan
is mian linn a iarraidh, ní ffaghmaoid é acht le saothar
mór; agus ní gan adhbhar, do bhrígh ná rabhamair dílios
do ionn ár ngrádh, acht dá dhiúltadh air, le taithniomh do
eolbhaois shaoghalta. Má tá aon nídh agat de mhaoin na
hAegypte, bí deimhneach nách ttiucfadh Manna as na
flaithis chughat. Teithid na beich ó an uile bholath
doghnídhthear le cumasg, mar sin ní dheunann an Spioraid
Naomh cómhnaidhe mar a mbíd sámhus nó sólás nách bíonn
réir thoile Dé.



4. Dothig tiormach agus tart spioradálta nách léigionn
do dhuine a rún go hiomlán a leigeann re na Oide
Faoisdine, acht go cceilionn air go cealgach an nídh do
bhíos ionn a chroidhe, agus an uair doghnídh tu breug ris
an Spiorad Naomh, ní hiongna go ttarraingeann a shólás
féin uait. Muna raibh tu réidh díreach mar leanabán
gan urchóid, ní thiubhradh an Spiorad Naomh siúicre a
shóláis féin duit, acht dobhéaradh é do na leanabaibh
simplidhe gan cheilg gan urchóid.



5. Má tá ceas ort ó shámhus agus ó shólásaibh shaoghalta,
ní hiongna nách ffuil blas agat ar shólásaibh spioradálta,
mar a deir an seanfhocal; an uair a bhias an tasal sáthach,
ní ithionn sé na fothbhanáin, óir ní bhíonn spéis ag an
ngaille (goile) bhíos lán a mbiadh. Adubhairt an Mhaighdion
Bheannaighthe Muire: Do líon sé an mhuinntir ar a raibh
ocras le neithibh maithe, agus do leig sé na saidhbhre uaidh
folamh; óir an mhuinntir a bhíos lán de shólás an tsaoghail,
ní ghabhaid na sóláis spioradálta chúcha.



5. 6. Má do bhain tu toradh maith as na sólásaibh do
thug Dia dhuit, do thuill tu sóláis nuadha dfhagháil. An
té ag á mbíonn nídh maith, isé dogheibh tuille, agus gidh-
bé nár choimheud an nídh dotugadh dho, ní ffaghann sé nídh
ina áit, .i. na grása dobhí re na ttabhairt do, ní ffaghadh


L. 321


sé iad. Dobheir an fhearthainn, mar dochídhmíd, oileamhuin
agus beatha do na crannaibh úra, agus bainionn an bheatha
nách ffuil ag na crannaibh críonna dhíobh, agus loghann (lobh-)
iad. Ar mhórán adhbharaibh den tsamhuil seo, cailleam-
aoidne go minic mórán de na sólásaibh spioradálta
dár ninntinn, agus dothig tart agus tiormach mór orainn.
Dá bhrígh sin feuchamaois go grinn ar ár ccoinsiasa, an
as ár cclaontaibh féin dotháinigh gan sólas spioradálta
do bheith againn. Acht ní cóir an sgrúdadh so do dheunadh
le míchiúnas ná re cantal, acht déis ár cclaonta agus
ár ngníomhartha do sgrúdadh dhúinn go maith, má gheibhmíd
gur sinn féin is cionntach re ár nolc, tugamaois buidheachas
do Dhia, agus atá leath ár noilc liaighiosta an tan dofríth
a fhreumh. Acht muna ffaghaidh tu cúis speisialta ar bith
as a ttáinigh an tiormach spioradálta san ort, ná sgrúd
an chúis go ciúirialta níosa mhó, acht go réidh díreach, gabh
na teagaisg agus na cómhairleacha dobheirim dhuit annso
síos.



Ar ttúis, an méid gur féidir leat é, úmhlaigh tu féin
a ffiadhnaise Dé; ag admháil nách ffuil ionnat acht neamhnídh
agus truaighe bhocht, ag rádh: A Thighearna, godé me an feadh
a bhias me mar seo? Ní ffuil ionnam acht talamh thirim
atá arna sgoilteadh gach aon taobh, ionnas go ffuil a
róriachtanas fearthanna neamhdha do theacht air, agus atá
sé dá hiarraidh, ar son go ffuil an ghaoth dá fhuadach uaidh
ar mhodh nách féidir a tuitim air.



Arís iarr congnamh ar Dhia re sólás do thabhairt duit,
ag rádh: A Thighearna, tabhair dhom sólás do ghrása féin.
A Athair Neamhdha, más féidir é, bain díom an phian atá
orm agus imthidheach (dh) uaim an ghaoth attuaidh neamh-
thorthach do thiormaigh m'anam, agus éirghiodh dhom gaoth
shámh andeas, agus tabhair sólás dom anam, dochum
deaghbholath sámh do thabhairt uaidh.


L. 322


An treas uair, deuna cómhairle re tOide Faoisdine
agus ná ceil aon nídh air dá ffuil ann hinntinn, agus
gabh re croidhe maith, úmhal, réidh, díreach, fírinneach, gach
cómhairle dá ttiubhra dhuit, óir doghnídh Dia ag á ffuil
gean agus grádh speisialta ar an umhluigheacht, tairbheach
dhúinn an chómhairle dogheibhmíd ó dhuine oile do leanmhuint
go háirighthe ó ár ttreóraightheoir spioradálta, a ccás
ar mhodh oile nách beith brígh mhór ionnta, mar do thárlaigh
dho Naman Sírus, dá rabhadar uisgeadha srotha Iordan
dochum sláinte, mar do lean sé cómhairle Eliseus, ar
son nách raibh fáth ar bith céille ris.



An ceathramhadh huair. Ní ffuil nídh ar bith is tairbhighe
dhúinn agus is mó sochar san ccás so ioná gan saothar
mór nó buairt do chur orainn ag iarraidh ár saoradh ón
ttart a thagann orainn. Ní hé amháin nách féidir linn fonn
do bheith orainn a bheith saor uaidh, acht gan an fonn san do
bheith orainn maille re mí-fhoighid, acht sinn féin do chur
go réidh le toil Dé, ionnas, an feadh is mian leis ár
ffágbháil ann sa mbroid, a thoil naomhtha do dheunadh, agus
a rádh le hinntinn uasail: A Athair Neamhdha, tóig me
as an mbroid atá orm más féidir é, acht ní hí mo thoilsi
a deuntar, acht do thoilsi, a Thighearna. Óir an uair a
chídh Dia sinn réidh ar a thoil féin do dheunadh, dobheir
fábhar agus sólás mór dhúinn, mar dothug do Abraham
an tan dochonnairc é réidh dochum a mhic féin, Isaac,
do íodhbairt. Acht budh leór leis go raibh an toil sin
aige, agus uime sin do thaisbeán iomad de rúndiamharaibh
do, agus dothug tiodhlaicthe móra spioradálta dho.
Dá bhrígh sin, san uile bhroid spioradálta nó corpardha
dá ttig orainn, nó do theagmhas dhúinn, gan blas dfhagháil
ar an ccrábhadh féin, abramaois go húmhal agus le
tréigion ár ttoile féin go hiomlán: Is é Dia dothug
sólás dom, agus is é do bhain díom é, agus go raibh
Ainm an Tighearna beannaighthe. Agus má fhanamaoid


L. 323


go seasamhach san umhluigheacht so, dobhéarfadh Dia
faoi dheoigh sólás a ghrás féin dúinn, mar dothug sé do
Iób, a deireadh na briathra céadna san uile bhroid dá
ttáinigh air.



5. 7. Dá mheud tart nó tiormach dá ttiucfadh orainn,
ná léigeamaois ár misneach dínn, acht iomchramaois go
foighdeach, ag súil le fortacht, agus ná léigeamaois ár
ffreachnughadh gnáthach dhínn, acht fós an mhéid gur féidir
linn, ár ndeaghoibreacha do mheudughadh, agus an uair
nách féidir linn biadh méith milis do thabhairt dár ccéile
neamhdha, tugamaois an tarán tur tirim féin do, agus
geabhaidh chuige go maith é, má tá ár ccroidhe réidh díreach
dochum grádh do thabhairt do. An uair a bhíos an tearrach
soineanta grianach, is ann is mó doghnídhid na beich mil,
agus is lugha doghnídhid de bheachaibh óga, ar mhodh go
ttarraingeann soineann na haimsire iad dochum a bheith
ag cruinniughadh meala, agus nách ttugaid aire do bheachaibh
óga do gheineamhuin. Acht an tan a bhíos an aimsir gruama
doineanta, nách féidir leó dol do chruinniughadh meala,
dobheirid aire do gheineamhuin óigbheach, ionnas go mbeith
sliocht mór orra, agus ní chruinnighid acht beagán meala.
Teagmhann an nídh céadna go minic, an tan a bhíos soineann
mhór na sólás spioradálta ag an anam, go ndeunann
saothar ródhíthchilleach re hiad sin do chruinniughadh agus
do choimheud, agus tré mheud an tsámhuis dogheibh ionnta,
go léigeann de mórán deaghoibreacha do dheunadh. Ina
aghaidh sin, an tan a bhíonn lán de thart agus de thiormach
spioradálta, agus dochídh sé é féin gan sámhus ná sólás
ar bioth chrábhaidh aige, meudaigheann sé freachnughadh na
subháilce fírinnigh, mar atá, an fhoighid, an úmhaile, an
uirísle, tréigean ár ttoile féin agus ár ngrádh, noch is
adhbhar don uile olc.



Annso dothéid mórán ar seachrán, agus go mór mhór
na mná, do mheasann nách bíonn blas ag Dia ar sheirbhís


L. 324


ar bith dá ndeuntar dho, muna ndeuntar í le fonn agus
le maothchroidheacht; acht is é a mhalairt sin atá fíor;
óir atáid ár ngníomhartha ar nós an rósa, an tan do
bhíonn nuadh, bíonn sé níos sgiamhaighe agus níos breaghtha
agus an tan do chríonann go mbíonn níosa mhó de bholath
air agus de bhrígh ann. Mar sin dúinne, nách bíonn taith-
niomh ar nídh ar bith againn muna ffaghmaoid sámhas nó
sólás as, agus gach nídh dá ndeunamaoid le fonn nó le
maothchroidheacht, is é is taithniomhaighe linn, acht na
gníomhartha doghnídhmíd san aimsir nách ffuil sólás ar
bith inntinne againn, is iad is mó luaidheacht a ffiadhnaise
Dé. Is dearbhtha, an tan doghnídh an toil éigion uirthe
féin dochum seirbhíse do dheunadh do Dhia san aimsir
nách bíonn sólás spioradálta aici, gurab annsan is mó
do thaisbeánann í féin go bríoghmhar seasamhach, agus nách
í an uair a bhíonn sólás aici. Ní mór an buidheachas do
thuillionn an té doghnídh seirbhís do rí nó do phrionnsa
ameasg a theaghlaigh féin a naimsir síothchána agus ameasg
sóigh agus sóláis na cúirte, acht is é do thaisbeánann é
féin dílios do, an té nách ttréigeann é a naimsir na
buaidheartha agus na cruadhála.



Uime sin a dear an bhean naomhtha bheannaighthe Angela
de Falgino, nách ffuil urnaighthe is taithniomhaighe le Dia
ioná an úrnaighthe doghnídhthear le héigionn agus le
fóirneart, do bhrígh gur dochum go ttaithneamhadh le Dia
amháin doghnídhthear í, agus nách ar son blais dá ffaghmaoid
féin uirthe, nó foinn nó claonadh do bheith againn chúiche,
ar mhodh gurab í ár ttoil féin do tharraing sinn re fóir-
neart, agus dár naimhdheoin chum buaidh do bhreith ar an
ttiormach agus ar an ttoirmiosg atá orainn. Is é an
meas céadna atá agam ar an uile dheaghobair oile dá
ndeunamaoid re deócamhal (dóc-) nó re saothar ár ccorp
gur móide ár luaidheacht a ffiadhnaise Dé, gach codarsnacht
inntinne dá ffaghmaoid dá ndeunamh. Ní ffuil dá loighead


L. 325


sochar dá niarramaoid dúinn féin a ffreachnughadh na
subháilceadh, nách móide do thaisbeánamaoid grádh fírinneach
do bheith againn ar Dhia é. Is furus le leanbh póg a thabhairt
dá mháthair an uair dobheir greim milis do, acht má
dobheir greim searbh do, agus go ttiubhradh (-aidh) póg di
ina dhiaigh, is cómhartha é go ffuil róghrádh aige uirthe.



CAIB. 15.
Foillsighthear a ndubhramair le sompla
oirdheirc.



Ionnas go mbadh follus an teagasg dothugamair
uainn, cuirfeadh (fidh) me sompla annso síos as bheathaidh
N. Bearnard, mar do sgríobhas ughdar foghlumtha, a
bhias tairbheach do gach duine thionnsgnas Dia d'iarraidh,
agus nách ffuil eólus aige godé an nídh na grása do
tharraing uaidh gach claochlódh dá ttig san mbeathaidh
spioradálta, óir is gnáth má theagmhann go minic, an tan
nách ffaghann daoine blas ar an ccrábhaidh, agus nách bíonn
an sólás aca dobheir Dia do dhaoinibh ar an saoghal so,
dá ttarraing agus dá seóladh ar shlighe an chrábhaidh, go
ttuitionn a ninntinn nó go léigid a misneach díobh agus
go mbíd lán de thuirse. Is é fáithchiall dobheirid na
daoine ag á mbíonn eólus ar na neithibh spioradálta
ris seo, .i. nách féidir ris an nádúir chialluighe a bheith a
ffad gan sólás éigin spioradálta nó saoghalta do bheith
aici. As san dothig don anam ag á mbíonn sólás
spioradálta, nách bíonn cás aige a sólás saoghalta acht
an uair is toil le Dia an sólás spioradálta do tharraint
uaidh, agus nách ffuil sólás saoghalta ar bith aige, agus
nách ffuil grás aige re foighid do dheunadh go héirighe
na gréine fírinnighe arís. Ní feas do an ar neamh nó ar
talamh atá, agus ní ffuil acht amhuil agus go mbeith a


L. 326


nuaimh dhorcha gan sólás ar bith, agus bíonn
mar leanbh arna chosg ó chíoch (chích) a mháthar, lán de mhíluinn,
de thuirsi, de mhíchiúnas do chách agus go háirighthe dho féin.



Ag seo an sompla dochum a ffuilim ag triall: do
thárlaidh do dhuine áirithe dárbh ainm Gofra, do thréig an
saoghal go gairid roimhe sin agus dorinne manach de
féin; do thárlaidh dho go hobann gur baineadh an uile
shólás spioradálta dhe, agus go raibh a inntinn lán de
cheó, agus go ttáinigh ann a chuimhne na cáirde dobhí aige
san tsaoghal, a ghaolta agus an saidhbhrios do thréig sé,
ionnas go ttáinigh cathaighthe chomh mór agus san air, nár
fféidir leis a dhobrón do cheilt re na chómhrádh ná re na
ghnúis. Do aithin an charaid budh mhuinntiordha aige go
raibh san riocht soin, agus do labhair leis go cineálta
grádhach, ag rádh: A dhearbhráthair Gofra, cread dobheir
chomh míoghnaoidheamhuil agus chomh tuirseach agus san tu?
Do fhreagair é ag léigeann osnadh throim as: An feadh
a bhias me beó ní bhiaidh sólás ná lúthgháire orm. Do thuig
an manach oile an bhuairt dobhí air, agus re truaigh dho
dochuaidh mar a raibh N. Bearnárd agus d'aithris do an chúis
uile. Ar ttuigsin do N. Bearnárd an pheiriacail ionn a
raibh Gofra, dochuaidh don eaglais budh fhoigse dho, do
ghuidhe Dé ar a shon. Acht mar dobhí chroidhe Ghofraidh dá
bhriseadh le tuirse, do chlaon a cheann ar chloich agus do
chodail. Ní fada ina dhiaigh sin gur éirghidh N. Bearnárd
ó na úrnaighthibh agus Gofra as a chodladh maille re gnúis
shoilbhir shúgaigh, óir a déist Dia úrnaighthe N. Bearnáird
ar a shon. Arna thabhairt fá ndear dá chompánach, agus
ar fhaicsint an chlaochlaigh obainn dotháinigh dhe, dothug
achmhusán carrthannach dho ar son na cainte dorine
sé roimhe sin. Adubhairt Gofra annsan: Má dubhairt
me roimhe seo nách beith lúthgháire orm re mo shaoghal,
dearbhaim dhuit anois nách biaidh tuirse orm re mo bheo.


L. 327


Ag sin críoch an chathaighthe dobhí ar an duine maith riaghalta
so.



Acht is é seo an nídh is cóir a thabhairt fá deara san
stair. Ar ttúis gur gnáth le Dia blas éigin an tsóláis
neamhdha do thabhairt don mhuinntir a thionnsgnas iad féin
a thabhairt do chrábhaidh, dá ttarraing ó shámhus na sólás
saoghalta agus dá sporadh chum grádh agus toile Dé
d'iarraidh agus do leanmhuint, mar doghnídh an mháthair
le na naoidheanán, ionnas gur mhóide an fonn do bheith
air a cíocha do dhiúl, cuimlionn mil díobh. Arís bainionn
Dia, do réir a órdaighthe róeagnaidhe féin, milseacht
na sólás spioradálta dhínn, mar do baintear leanabán
de chíoch (chích) a mháthar, ionnas go mbeith gnás againn ar
bhiadh láidir d'itheadh, agus ar arán tur an ghéarchrábhaidh,
agus go mbadh féidir linn na cathaighthe agus an tiormach
spioradálta dothagann orainn d'iomchur agus dfhulaing
go maith. An treas nídh, ar uairibh, an uair nách bíonn
sólás éigin againn, dothig tonna troma cathaighthe orainn.
Gidheadh, is cóir dhúinn cómhrag go feardha deighmhisneamhuil
ina naghaidh, óir ní ó Dhia dothigid, gé gur ceart dúinn
an díthiughadh so dfhulaing go foighdeach, do bhrígh gurab
é Dia do léigeann orainn iad chum freachnughadh do
dheunadh orainn leó. An ceathramhadh nídh, ní cóir dhúinn
dá mheud míoluinn nó bruid dá mbiaidh ionn ár ccroidhe,
ár misneach do léigionn dínn, ná a rádh mar adubhairt
Gofra ó Pheronne, nách biaidh sólás ar bith againn go
bráth, óir ní thig oidhche dá dhoirche nach ttig lá ina diaigh,
ná lá nách ttig oidhche ina dhiaigh, agus dá mheud sólás
spioradálta dá mbeith againn, ní cóir dhúinn a rádh:
Anois ní bhiaidh me tuirseach go bráth arís. Óir, mar adeir
an Tighearna, ionn sna laethibh maithe nach cóir dhúinn
dearmod do dheunadh de na laethibh doineanta. San
aimsir a mbeid na neithe bunoscionn dúinn, bíodh dóthchus
againn aimsir is feárr ioná san do theacht orainn ina


L. 328


diaigh, agus bíodh eagla orainn a naimsir ár sonais. Dá
bhrígh sin is ionnta so is cóir dhúinn sinn féin d'umhlughadh
a ffiadhnaise Dé. An cúigeadh nídh, is liaighios rómhaith an
bhuairt atá orainn do léigionn le caraid éigin spiora-
dálta ionn a mbiaidh muinghín againn, go ffagham sólás
agus congnamh uaidh.



Faoi dheoigh, ionnas go ccuirinn críoch ar an tteagasg
atá róriachtanach dobheirim fá dear san uile nídh, nách
ionann críoch nó rún dobhíos ag Dia, agus ag an ndiabhal
atá ina namhaid againn. Is é is rún do Dhia, an tan do
léigionn nó do chuirionn buairt orainn, ag tarraint
ár sóláis uainn, ár ccroidhe do ghlanadh go hiomlán ó
ár ngrádh féin, agus gan ár sochar féin d'iarraidh a slighe
ar bith, acht a seirbhís agus a nglóire Dé amháin, agus dár
ttarraint dochum ár ttoile féin do thréigion go hiomlán.
An diabhal, umurro, is é is mian leis, ár misneach do bhaint
dínn, agus ár ttarraing agus ár cclaonadh dochum
sóláis an chuirp agus na collaighe, agus fá dheoigh, ar
mbeith míluinneach tuirseach do-iomchair dhúinn féin agus
do dhaoinibh oile, ionnas go ttugamaois ris sin fuath
agus mímheas ar an ccrábhadh beannaighthe. Acht gidhbé
do choimheudas na teagaisg dothug me uaim, ní
chaillfeadh (-fidh) sé aon nídh dá fhoirfeacht acht cuirfeadh
(-fidh) ar a aghaidh é go mór re tathaighe na ffreachnaighe
a dubhramair. Cuirfeadh (-fidh) me so leis an nídh sin ar
a ffuilim ag trácht sul chríochnóchadh é .i. go ttig tart,
tiormach agus míluinn ann sna neithibh spioradálta as
laige chorpardha ar uairibh, an tan a bhíonn duine arna
chaithiomh le háirneán, le saothar, le trosgadh, as a ttig
do bheith cortha, meirbh, fann agus tinneas cínn do bheith
air nó eugcruas éigin oile do chuireann tuirse air, agus
ar son gurab ón ccorp dothigid sin agus gurab ann
atáid, cuirid dochar agus duadh ar an spioraid atá
ceangailte dhe. An uair do theagmhann so dhúinn, bíonn


L. 329


cuimhne againn mórán de ghníomharthaibh subháilceacha do
dheunadh, re ár spioraid agus re ár ttoil, maille re
congnamh ón rainn uachtaraigh dár nanam. Óir, bíodh
go mbeith ár nanam uile ina chodladh agus fá imshníomh,
ar a shon san biaidh taithniomh ag Dia ar ár ndeaghfhonn
agus ar ár ndeaghthoil, ionnas go mbadh féidir linn a
rádh ris an mbainchéile bheannaighthe: Atá mise am chodladh
agus atá mo chroidhe ina dhúsgadh. Agus mar adubhairt
me shuas, ar son nách ffaghmaoid blas ná taithniomh ar an
ffreachnughadh doghnídhmíd mar sin, atá níosa mhó de
luadhacht saothair aige, agus fós atá ina úcáid shubháilceach
níosa mhó. Agus is rómhaith an liaighios annsin, caithiomh
aimsire éigin macánta do ghlacadh, a bhéaras brígh don
ccorp dochum go ttigiodh sé chuige féin. Uime sin budh
mian le N. Proinsias duadh agus saothar corpardha do
dheunadh dá bhráithribh féin, ar mhodh nách múchfaidís spioraid
an chrábhaidh agus nách rachfadh a bhrígh as an ccorp.



Dobhí an tAthair Naomhtha Proinsias uair éigin arna
mhúchadh re tuirse míluinne agus dobróin, nár fféidir
leis a cheilt gan a aithniughadh air, óir an tan budh mhian leis
cómhluadar a dheunadh ris na bráithribh, nár fféidir leis
é féin do tharraint chuige, agus an tan do sheachnadh sé
a ccómhluadar, dobhíodh a ttuirse níosa mhó, óir do
bhaineach (dh) an trosgadh agus crádh an choirp a brígh as an
spioraid, agus ní thugach (dh) an urnaighthe éadromadh
ná fortacht do. Dobhí mar sin dá bhliadhain go hiomlán,
ionnas, dar leat, gur thréig Dia é, acht d'iomchair an
bhuairt mhór agus an timshníomh san go foighdeach úmhal,
go ttug Dia soineann agus ciúnas inntinne a naon
mhómaint amháin do. Is uime d'aithris me seo, ionnas
go mbadh feas dúinn go léigionn Dia buairt agus cómh-
mheasgadh inntinne ar na seirbhíseachaibh is cródha agus is
díliosa aige, gurab ar an adhbhar san nách cóir iongnadh
do bheith ar na seirbhíseachaibh is lugha ioná san, a tteacht
orra féin ar uairibh.


L. 330


AN CÚIGEADH RANN.
Ann a ttráchtar ar fhreachnughadh agus ar
theagasgaibh tairbheacha chum na hinntinne d'ath-
nuadhadh agus do dhaingniughadh san ccrábhaidh (-adh).



CAIBIDIL 1.
Gur cóir dhúinn ár ffoinn mhaithe d'athnuadhadh
gach bliadhain leis na freachnuighthibh seo leanas.



An chéad phongc de na freachnaighthibh seo, fios do bheith
againn meud na brighe agus an tairbhe atá ionnta. Atá
ár nádúir dhaondha tré anffainne na colna agus tré na
claonta chum oilc, róobann chum tuitioma ó na deagh-
fhoinn, ionnas go ccuirionn sí leathtrom ar an anam, dá
tharraint chum a hanmhiana féin do leanmhuint, muna
ndeunadh an tanam fóirneart uirthe, dá tarraint suas
ris na deaghoibreachaibh do ghlac sé. Agus gan san, do
chaillfeadh go hurus na deaghfhoinn dobhí aige, agus
dodheunfadh dearmod díobh, agus do thuitfeadh a ndiaigh
chlaonta na colna ar an modh a ttuitionn an téan ar an
ttalamh muna raibh ag craitheadh is ag luasgadh a sgiathán
do ghnáth. Dá bhrígh sin is riachtanach dhúinn na rúin mhaithe
do ghabhamair dochum seirbhíse do dheunadh do Dhia
d'athnuadhadh go minic, agus gidhbé dodhéanadh maineachtna
ionnta so, atá a mbaoghal tuitioma annsa staid is ró


L. 331


mheasa ioná í, óir is gnáthach gidhbé do thuitios as an
ffreachnughadh spioradálta do chur roimhe, go ttuitionn
sé níosa dhoimhne ioná bhí roimhe ann sna peacaíbh.



Ní ffuil clog-uaire ar bith, dá fheabhas dá mbiaidh
gleusta, nách riachtanach dho fá dhó sa ló .i. ar maidin agus
um nóin, na comhthruim a bhíos air a chur ina suidhe. Is
riachtanach fós, níosa lugha dhe, uair san mbliadhain, a
sgaoileadh go hiomlán dochum na meirge bhíos air do
bhuain de, nó má tá iarann briste nó sgaoilte ann, do
leasughadh, agus gidhbé nídh atá caithte ris an aimsir sin,
d'athnuaidheadh. Ar an modh ccéadna gidhbé ag á ffuil
cúram griongalach fá na chroidhe féin, is cóir dho a thógbháil
ar maidin agus um nóin dochum Dé, fós a staid dfheuchain,
agus má tá mí-ghleus uirthe, a leasughadh. Ina dhiaigh sin
is cóir dho uair san mbliadhain a sgaoileadh go hiomlán
agus gan clúid dfhágbháil gan cuardughadh go mion agus
go grinn .i. gach fonn agus gach claonadh dá raibh aige
agus gach neamhfhoirfeacht dá ttáinigh air, dochum liaighis
do chur orra. Agus mar ungas an tuaradóir le gréise
rómhaoth, róthana, riothaighe an chloig, a phoill, agus gach
nídh dá mbí ar gluaiseacht ann, agus ag fulaing ann as
a ngluaistear iad, ionnas go mbeith siubhal an chloig níos
sáimhe agus gur lughaidhe dogheabhas an tiarann meirg é.
Mar sin don duine cráibhtheach, déis a chroidhe agus a
choinsiais a spiúnadh agus a sgrúdadh mar so, athnuadhann
agus ungann é le Sacramaint na Faoisdine agus Choirp
Chríst, agus ris an ffreachnughadh so dogheabhaidh brigh
agus neart aimsir fhada, óir dobhéaradh teas dod'
chrábhaidh (-adh), agus dobhéaradh ar ais gach nídh dá
ndeachadh thart. Budh ghnáth ris na Críostaighthibh a ttúis
na heaglaise, a ccómhainm an lae do baisteadh ár Slánaigh-
theoir, Íosa Críost, an freachnughadh so do dheunadh go
ródhúthrachtach, agus mar a deir N. Greagóir Nasiansen,
go mbadh ghnáth leó a móid agus a ngeallamhuint d'athnuadhadh


L. 332


re solamainn mhóir agus san ag glacadh na Sacramaint
réamhráidhte. Deunamaoisne an nídh céadna go toil-
tionnach, agus ullmhuighmís sinn féin ar ttúis, agus ina
dhiaigh sin gabhamaois an freachnughadh chughainn go
hiomchubhaidh díthchilleach. Tairéis cómhairle do dheunadh
re tAthair Spioradálta fá aimsir iomchubhaidh do thoghadh,
gabh chughat ar uaigneas spioradálta dáríre, níosa mhó
ioná fá budh ghnáth leat do dheunadh, agus annsan deuna
miodhamhain (midheamhain) nó dhó, nó thrí, ar na pongcaibh
do thagras san dara rann.



CAIB. 2.
Tráchtar annso godé a mheud de thiodhlaice ó Dhia
gairm orainn dochum a sheirbhísi fíri, do réir mar do
háir igheadh shuas.



Tabhair fá dear ar ttúis an gheallamhuint dothug tu
do Dhia. An chéad uair gur chuir tu droim agus go ttug
tu freiteach go síorruidhe ris an uile pheacadh marbhthach,
gur dhiúltaigh tu dhóibh maille re gráin do bheith agat orra.



2. Go ndearnaidh tu íodhbairt de tanam, ded' chroidhe,
de d'chorp agus de gach nídh dá mbainionn leo, dá ghrádh
agus dá sheirbhís. 3. Gur gheall tu a ccás go ndéantá
mí-ghníomh ar bith, éirghe as, maille re grásaibh Dé fá
cheudóir. Nách maith, ceart, iomchubhaidh, uasal na foinn
agus na geallamhnacha? Smaoin agat féin gur naomhtha
réasúnta an gheallamhuint seo.



Tabhair fá dear an dara huair cia dá ttug tu an gheall-
amhuint seo .i. do Dhia, agus má tá dfhiachaibh orainn an
gheallamhuint réasúnta thugamair do dhuine a chómhlíonadh,
nách mó ioná san atá dfhiachaibh orainn an nídh do gheallamair
dho Dhia a chómhaill. Adeir an Rí Dáibhí: Adubhairt mo
chroidhe leat, do bhrúcht mo chroidhe briathar maith, ní bhiaidh
dearmad agam ort tré shaoghal na saoghal.


L. 333


An treas uair, tabhair fá dear cia hiad na fiadhnaise
dobhí ort ag deunadh an gheallta so dhuit .i. fiadhnaise
na cúirte neamhdha uile, Muire Mháthair, haingeal coimh-
deachta, agus na naomh uile dobhí ag feuchain ort lán
de shólás ag moladh do bhréithir, le ar chuiris do chroidhe
ar láimh do Shlánaightheóra, Íosa Críost, do chum seirbhíse
do dheunadh dho go dílios, ionnas go raibh sólás nuadh agus
lúthgháire adhbhal ar an ccualacht neamhdha go hiomlán,
agus biaidh ionn a ccuimhne gach lá dá ndéanadh (aidh) tu
athnuadhadh ar na deaghrúnaibh céadna.



An ceathramhadh huair, tabhair fá dear an modh ar a
ttugais an gheallamhuin seo uait agus godé mheud na
trócaire dorine Dia ort san aimsir sin. Nách iad
grása an Spioraid Naoimh do tharraing tu go fírinneach?
Nách iad teuda an ghrádha agus na carrthannachta do
tharraing do long go cuan a sábhála? Nách é siúicre
diagha na Sácramainte .i. leughthóireacht spioradálta
agus úrnaighthe, do bhrost agus do tharraing tu? Och!
dobhí tu ad chodladh agus dobhí Dia ag faire dhuit, agus
is smaointe síothchána agus mídheamhain ghrádh dobhí sé
d'athsmuaineadh dhuit chum do tharraing agus do threórughadh
chuige féin.



An cúigeadh huair, tabhair fá dear an aimsir ar ghoir
Dia ort dochum na ngeallta maithe so do thabhairt do,
.i. a naois hóige agus do neirt, nó godé an seun agus
an sonas gur fhoghluim tu go luath, an nídh nách féidir a
fhoghluim acht go mall. N. Abhaistín, an tan do ghoir Dia
air agus é triachad bliadhain d'aos, adubhairt: Ó a
Sgéimh shíorruidhe, godé a dheigheannaighe dofuair me
eolus ort, agus bíodh go ffaicinn thu ní thugainn fá ndear
thu. Is féidir leatsa a rádh: Ó, a mhilseacht shíorruidhe,
cread an fáth nár bhlais me níos luaithe thu agus nách ffuair
me eolus ort? Acht ní móide gur thuilleas a fhagháil
an tan dofuaras é. Dá bhrígh sin, aithin anois meud na


L. 334


ngrás dorine Dia ort, re do tharraint chuige féin
a ttús haoise, agus abair ris an Rí Dáibhí: A Dhé do
theagaisg tu me, agus dothug tu solus dom ann m'aois
óig, agus laibheóraidh me anois ar do thrócaire. Más
ann haois ársaigh do ghoir Dia ort, ag sin a ghrás féin
déis haoise go nuige sin, do chaithiomh go dubháilceach;
ar a shon san gur ghoir ort roimhe do bhás agus gur shaor
sé thu ón mbás shíorruidhe dochum a raibh tu ag triall,
ionnas muna ccuireadh sé toirmiosg ort gur imthigh tu
tré bhioth shíor gan dáil fortachta ná cabhra.



An seisiughadh huair, tabhair fá dear an sochar dotháinigh
dhuit as an ngairm seo, agus dogheabhaidh tu go ttáinigh
claochlódh oirdheirc ort, má chuireann tu an staid ionn a
ffuil tu anois agus an staid ionn a rabhais roimhe sin a
ccompráid le na chéile. Óir is mór an seun duit gur
feas duit anois a bheith ag labhairt le Dia san úrnaighthe,
agus go ffuil claonadh agat agus fonn ort grádh do
thabhairt do gur chlaoidh tu mórán dobhí ag cur cathaighthe
agus míchiúnas ort ar mhodh go ffuilir saor uatha, agus
gur sheachain tu iomad peacadh agus buaidheartha agus
caise coinsiasa. Faoi dheoigh, gur ghlac tu Corp Chríst
go minic, agus gur cheangail tu thu féin le príomhthobar
na ngrás, nídh nár ghnáth leat a dheunadh roimhe sin. Nách
mór oirdheirc na grása iad soin? Re cothrom tighe Dé
budh chóir iad do thómhas, óir is í lámh Dé féin dorine
iad so uile. “Lámh dheas Dé dorinne an gníomh oirdheirc,”
ar an Salmcheólach, “lámh dheas an Tighearna do thóig me;
ní ffaghaidh me bás, acht biaidh me beó, agus inneósa
me ó chroidhe ó bheul agus ó ghníomh, míorbhúileadha
iongantacha Dé.”



Tairéis iad so uile do thabhairt fá dear, noch dobhéaradh
mórán deaghrún agus deaghfhonn ann do chroidhe, mar is
follus duit, cuir críoch orra maille re buidheachas do
thabhairt do Dhia agus re hurnaighthibh géir, ag iarraigh ár


L. 335


sochair do mheudughadh, agus ina dhiaigh sin, eirghidh go ró
úmhal maille re dóthchus mór a nDia, do dheunadh do ghnódh,
ag cur dearbhadh do rúin d'athnuadhadh ar ceal go ttí
tairéis an dara poingc de'n ffreachnughadh so.



CAIB. 3.
Cionnas is cóir staid ár nanama do sgrúdadh agus
a fheuchain godé an biseach dotháinigh orainn san
ccrábhadh.



Atá an dara pongc de'n ffreachnughadh so, nídh éigin
níos faide. Uime sin, ní a naoinfheacht is cóir a dheunadh,
acht fá seach, .i. ar ttúis, a fheuchain cionnas a d'iomchair
tu thu féin do thaobh Dé; an dara huair, cionnas d'iomchair
tu thu féin dod thaobh féin; an treas uair, cionnas re
do chómharsain; an ceathramhadh huair, cionnas atáid
tfhoinn agus do chlaonta. Ní riachtanach an sgrúdadh so
do dheunadh ar do ghlúinibh uile, acht a thús nó a dheire ionn a
ffuil brígh na mian. Óir is féidir leat ag spaisteoireacht
nó fós go tairbheach ar do leabain, má fheudann tu
fuireach ad dhúsgadh, na poingc oile do sgrúdadh, acht
dochum san do dheunadh mar is cóir, is riachtanach a leughadh
ar ttúis go haireach. Iarrthar trí lá dochum smaoineadh
ar an dara pongc so, agus uair nó aimsir iomchúbhaidh
do chaithiomh gach lá dhíobh. Muna ndeuntar an freachnughadh
so go minic, caillfeadh (-fidh) sé a bhrígh agus a bhlas.
Tair éis gach aon phongc do sgrúdadh go maith duit, feuch
go grinn cá ndeachaidh tu ar ccúl nó ar seachrán, agus
cia hiad na neithe is mó do chuir toirmiosg ort, ionnas
go mbadh féidir leat cómhairle do threóraightheóra
Spioradálta d'iarraidh, agus rún maith do bheith agat
chum brígh agus neirt do thabhairt dod' spioraid. Agus
ar son nách riachtanach dhuit na laethe a bhias tu ag deunadh


L. 336


na ffreachnaighthe seo, cómhluadar daoine do sheachnadh,
tairis sin, tarraing tu féin uatha um nóin, dochum ciúnais
coirp agus anama do ghlacadh ionn a nam féin, mar is
riachtanach don ffreachnughadh atá tu do dheunadh. San
ló fós, tóig do chroidhe dochum Dé, chum Mhuire, chum
na nAingeal agus chum na cualachta neamhdha uile, agus
san go léir le dúil anama a nDia agus ionn a fhoirfeacht
féin.



Agus ionnas go ndéantá san go hiomchúbhaidh, cuir
tu féin ar ttúis a ffiadhnaise Dé, agus arís, guidh an
Spiorad Naomh fá chongnamh sóláis agus soillsi do
thabhairt dhuit chum tu féin d'athnuadhadh mar aon le N.
Abhaistín le spioraid na humhluigheachta, a deireach (dh)
go minic le Dia: A Thighearna, go raibh fios agam cia
thusa agus cia me féin; agus re N. Proinsias ag rádh;
A Thighearna, cia thusa agus cia me? Tabhair móid agus
geallamhuint annso nách uime atá tu ag feuchain ná ag
cómharthughadh godé an biseach dotháinigh ort chum taith-
niomhaighe éigcríonna do bheith agat ort féin, acht dochum
buidheachais a thabhairt do Dhia, fós nách ffuil tu ag iarraidh
glóire dhíomhaoin, acht chum glóire agus onóra do
thabhairt do Dhia ar son a thiodhlaicthe dhuit.



Má gheibh tu go ttáinigh biseach ar olcas ort, nó go
ndeachaidh tu ar ccúla, tabhair móid agus geallamhuint
nach caillfeadh (-fidh) tu do mhisneach, agus nach léigfir
fuaradh dhuit féin le leisge ná le spadántacht, acht go
nglacfadh tu misneach agus inntinn is mó; agus maille
re grásaibh Dé, go mbiaidh tu níos úmhaile agus níos
dúthrachtaighe ioná mar dobhí tu roimhe. Ina dhiaigh sin,
tabhair fá dear go ciúin síothchánta agat féin, cionnas a
d'iomchair tu thu féin le Dia, led' chómharsain agus leat
féin, gus an aimsir sin.


L. 337


CAIB. 4.
An modh ar cóir an tanam do sgrúdadh, cionnas a
d'iomchair sé é féin re Dia.



Cionnas atá do chroidhe do thaobh pheacaigh (dh) marbhthach
(aigh)? Nach dearnaidh tu rún daingean gan tuitim ann
go bráth re siocair ar bith? Ar chomhaill tu an rún so
ón ccéad uair dorinne tu é gus aniugh? Ann sa rún
so atá bunudhas na beatha spioradálta.



An dara huair, cionnas atá do chroidhe do thaobh
Aitheanta Dé? An ffuil meas maith agat orra go ffuilid
go maith, sámh, taithniomhach? Ah! mo dhianghrádh, gidhbé
ag á mbíonn blas agus gaille (goile) maith, bíonn dúil
aige a mbiadh maith, agus neamhdhúil a ndroichbhiadh.



An treas uair, feuch an ffuil do chroidhe claon dochum
na bpeacadh sologhtha, bíodh nách féidir linn a bheith saor
uatha go hiomlán, acht feuch an ffuil tu claon chúcha ar
mhodh éigin, nó, nídhis measa ioná san, má tá fonn ná
dúil agat a naon árd díobh?



An ceathramhadh huair. Cionnas atá do chroidhe ris
na freachnaighthibh spioradálta? An ffuil fonn nó grádh
agat orra? Nó an ccuirid tuirse nó míluinn ort? Nó
an ffuil neamhdhúil agat ionnta? Nó cia aca is mó nó
is lugha dochum a ffuil tu claon? An mian leat briathra
Dé d'éistiocht nó do leughadh? Labhairt ar Dhia go minic
nó smaoineadh air agus do chroidhe a thógbháil chuige?
Faosdin do dheunadh agus Corp Chríst do ghlacadh
agus do chlaonta féin do chlaoidh? Nó an ffuil neamh-
fhonn agat a naon nídh dhíobh so? Agus má gheibheann
tu go ffuil neamhfhonn ag do chroidhe chum aon nídh dhíobh
so, sgrúd go maith an chúis agus an tádhbhar as a raibh gach
neamhfhonn dá loighead agat.


L. 338


An cúigeadh huair. Cionnas atá do chroidhe do thaobh
Dé? An taithniomhach leat cuimhniughadh air, nó an
ffaghann tu sólás ná milseacht as an ccuimhne sin?
Adubhairt an Fháig Ríogha: “Do chuimhnigh me ar Dhia, agus
dofuair me sólás as.” An furas leat grádh do thabhairt
dho Dhia, nó an mbíonn milseacht éigin ann do chroidhe re
na ghrádhughadh? Nach bíonn sólás agus lúthgháire an do
chroidhe an tan do smaoinigheann sé ar Mhaith ar Mhórdhacht
agus ar Mhilseacht Dé? Fós an ttig a chuimhne ann do
chroidhe an uair a bhíos tu ameasg díomhaoinis nó a ngnóthaibh
an tsaoghail seo, agus an ttugaid na smaointe oile áit
do an uair sin, ionnas go nglacaidh do chroidhe cuimhne
Dé go hiomlán? Nó an ffuil do chroidhe claon re hairchis
do thabhairt do Dhia an tan do ghoireann ort? Óir
dogheibhthear na mná ag á mbíonn grádh ar a ffearaibh, dá
ccluinid a tteacht tar nais as turas fada, go ndeunaid
dearmad de na nuile (huile) ghnódhthaibh, dá mhéad cúram
dá mbeith aca ina ttimchioll, ar ccluinsin dóibh a ffir
phósta do theacht as an tturas fada san uile, do ghrádh
na ffear. Mar an ccéadna na hanamna ag á mbíonn
grádh fíor ar Dhia, a ccás go mbeidís go gnódhthach a neithibh
oile, an tan dothig cuimhne Dé ionn a ccroidhthibh, ní mór
go ttugaid aire do nídh ar bith oile an tan san, tré iomad
lúthgháire tréas an ccuimhne charrthannach sin do theacht
chúcha, agus is rómhaith an cómhartha so.



An seisiughadh huair. Cionnas atá do chroidhe le hÍosa
Críost, Dia agus Duine? Nach sámh leat a bheith ina chómh-
luadar? Bíd na beich go rófhonnmhar a ttimchioll na
meala, agus bíd na cearnabháin cúramach a ttimchioll
na bualtraighe. Ar an modh céadna na hanamna
beannaighthe, is sámh leó a bheith a ccómhluadar Íosa agus
bíonn grádh éagmhaiseach aca air, acht na hanamnacha
lochtacha maineachtnacha, ní iarraid acht eolbhaois.


L. 339


An seachtmhadh huair. An ffuil grádh agat ar Naomh-
Mháthair Dé, ar na naomhaibh, ar haingeal coimhdeachta?
An ffuil grádh dáríre orra agat? An mbíonn dóthchus
speisialta agat ionn a ccabhair agus ann a n-eadarghuidhe?
An mbíonn taithniomh agat ionn a n-íomhághaibh, ionn a
mbeathaidh agus ionn a n-adhmholadh?



An tochtmhadh huair. Cionnas do labhras tu ó bheul
ar Dhia? An mbíonn taithniomh agus fonn agat labhairt
air do réir do chumais agus do choinghill féin? An
taithniomhach leat dréachta agus amhráin molta do ghabháil
do?



An naomhadh huair. Smaoin a mbíonn lúthgháire ort
fá ghníomh corpardha do dheunadh dochum glóire Dé, óir
gidhbé ag á mbiaidh grádh ar Dhia bíonn fonn air glóire
agus onóir do thabhairt do. Feuch ar léig tu nídh ar bith
dhíot ar son Dé ag á raibh dúil agat féin ann, óir is maith
an cómhartha grádha, nídh éigin do léigeann díot agus
do thréigionn ar son an té ar a ffuil do ghrádh.



CAIB. 5.
Cionnas atá an tanam dá thaobh féin?



Ar ttúis, cionnas atá grádh agat ort féin nó an ar
son an tsaoghail seo atá grádh agat ort féin? Acht más
ar son ríoghachta neimhe atá grádh agat ort féin, biaidh
tu réidh ar an saoghal do thréigionn an lá is mian le Dia
glaodhach ort.



An dara huair, an ccongmhann tu órdughadh maith ann
do ghrádh féin? Óir mealltar sinn le grádh neamhórdaighthe
do bheith againn orainn féin. Iarrann an grádh órdaighthe
níosa mhó de ghrádh a bheith againn ar ár nanam ioná do
bheith againn ar ár ccorp, agus níosa mhó de dhíthchioll a


L. 340


dheunadh ar na subháilcibh do chruinniughadh ioná dodheun-
amaois fá neithibh ar bith oile, agus níosa mhó de chúram
a bheith againn fá na neithibh neamhdha ioná do bheith againn
fá na neithibh saoghalta. An croidhe atá órdaighthe go
maith a déarfadh ann féin go minic, dá smaoinidís na
haingil ar an nídh seo, ní hionann breitheamhnas do bheith
aca air agus atáid na daoine do thabhairt air.



An treas uair. Godé an grádh atá agat ar do chroidhe
féin? An leisgeamhuil leat a sheirbhís do dheunadh ionn
a eugcruas? Nó an ttugann tu fortacht do go cineálta
an uair a bhíonn sé dá bhuaidhreadh ag drochchlaontaibh?
Nó an léigeann tu an uile ghnódhtha oile dhíot a ngeall
ar chabhair do thabhairt do?



An ceathramhadh huair. Godé do mheas ort féin a
ffiadhnaise Dé? Is dearbhtha nach ffuil ionnat acht neamh-
nídh. Ní hiongna meas beag do bheith ag cuil uirthi féin
a ccompráid sléibhe, nó ag braon uisge air féin a ccómh-
mheas na mara móire, nó ag drithle uirthe féin a ccómh-
mheas na gréine. Acht is ionnso atá an umhluigheacht
fhírinneach gan sinn féin do chur roimh duine ar bith, ioná
meas do bheith againn gur fearr sinn ioná é. Fós gan
fonn do bheith orainn ár ccur roimh dhaoinibh oile. Feuch
cionnas atá tiomchur san ppongc so?



An cúigeadh huair. A ttaoibh do theangan. An ndearnaidh
tu sgléip nó blámás as ghníomh ar bith nó an mbíonn
taithniomh nó fonn agat daoine oile do labhairt go maith
ort?



An seisiughadh huair, do thaobh do shaothair. An leanann
tu de chaithiomh aimsire a bhíonn bunoscionn nó díogh-
bhálach dod' shláinte, mar atá caithiomh aimsire eolbhaoiseach
mí-thairbheach, iomarca áirneáin gan adhbhar agus a samhuil
sin.


L. 341


CAIB. 6.
Cionnas atá staid ár nanama do thaobh ár
ccómharsan.



Is cóir don fhear phósta agus dá mhnaoi grádh sámh, ciúin,
seasamhach do bheith aca ar a chéile do ghnáth, óir d'órdaigh
Dia féin sin. An nídh céadna adeirim do thaobh na clainne,
lucht gaoil agus muinnteardhais, gach naon do réir a
chéime.



Acht ag labhairt ar chómharsain a ccoitchinne, an ffuil
grádh agat air ó chroidhe ar son Dé? Ionnas go mbadh
feas dhuit sin go maith, cuir rómhat daoine éigin gruama,
míluinneach, do-iomchair do ghrádhughadh, óir is cóir grádh
cómharsan do bheith orra so, agus, níosa mhó ioná san,
is cóir dhuit grádh cómharsan do bheith agat ar an mhuinntir
do chuir saobhnós ort ó bhréithir nó ó ghníomh. Feuch agus
sgrúd an ffuil do chroidhe go geal dóibh, nó an ffuil
fuath aige orra, nó an ffaghann tu deócamhal (dóc-) nó
neamhfhonn ionnat féin le grádh do bheith agat orra? Feuch
an ffuil tu claon dochum labhartha go holc ar do
chómharsain, agus ar ttúis ar an mhuinntir nach ffuil grádh
aca ort, nó an ffuil tu a deunadh dochair dóibh a slighe
ar bith, agus má tá do chiall ad thiomchioll is furus duit
do lochtaighe d'aithint.



CAIB. 7.
Do sgrúdughadh ár cclaonta agus ár ffonn
féin.



Ann sna pongcaibh seo do sgrúdadh go maith atá fios
an tsochair spioradálta. Is uime sin do lean me orra
níos faide, óir is ris an ndrong ag nach fuil róchúram


L. 342


fá dhol ar a naghaidh san mbeathaidh spioradálta, do
bhainionn sgrúdadh na bpeacadh an tan is mian leó
faoisdin do dheunadh.



Ní riachtanach dhúinn saothar mór do ghlacadh orainn
ag deunadh an sgrúdadh so, acht a dheunamh go sámh réidh,
ag tabhairt staide ár ccroidhe fá dear ón uair dhéighionnach
do ghabhamair deaghrún, agus cread iad na neithe ionn a
ndeachamair ar seachrán níosa mhó ionnta, ag leanmhuint
ár cclaonta féin.



Agus ionnas go mbeidís seo aithghearr againn, is féidir
linn an sgrúdadh so do dheunadh ar ár cclaontaibh amháin,
agus más buaidheartha linn gach aon nídh dfheuchain
fá seach, is féidir linn sinn féin do sgrúdadh ar an modh
so síos.



Cionnas dobhí ár ngrádh ar Dhia, orainn féin nó ar ár
ccómharsain? Cionnas dobhí ár ffuath ar an bpeacadh
dorineamair féin nó duine eile, do bhrígh gur cóir
dhúinn gach cuid dhíobh do sgrios? Cionnas dobhí ár
ffonn nó ár ndúil a maoin nó a saidhbhrios do chruinniughadh,
nó a sólás nó a nonóir shaoghalta d'iarraigh? Cionnas
dobhí eagla orainn fán bpeaca do dheunadh, nó an rabhamair
róeaglach fá ár maoin shaoghalta do chailleamhuint?
Cionnas dobhí ár ttuirse fá na neithibh eolbhaoiseacha
saoghalta? Cionnas do ghabhamair sólás as neithibh beaga
neamh-iomchúbhaidh? Cia hiad na foinn nó na claonta is
mó do chuirionn toirmiosg ar ár ccroidhthibh, nó cia dhíobh
ionn a ndeachamair ar seachrán? Is féidir staid agus
claonta an anama d'aithniughadh go maith, re sgrúdadh
agus re feuchain orra fá seach, mar doghnídh an fear ceoil
ag feuchain gach aon téid dá mbíonn ionn a chláirsigh,
agus má dogheibh aon teud innte nach ttig ris na teudaibh
oile, ceartuigheann í, dá deunadh lag nó teann, do réir
gutha na tteud oile. Mar sin má fheuchamaoid go maith
ar an ngrádh, ar an ffuath, ar an ndóthchus, ar an ffonn,


L. 343


ar an ttuirse agus ar lúthgháire ár nanama, dogheabham
amach cia dhíobh nach ffuil ag teacht re na chéile dochum
glóire agus onóra Dé, agus maille re na ghrásaibh féin
agus re congnamh ár nathar spioradálta, dobhéaram
iad uile chum teachta re chéile mar is iomchubhaidh do réir
ceirt.



CAIB. 8.
An rún agus na deagh-fhoinn is cóir do ghlacadh déis
an sgrúdadh so do dheunadh.



Tairéis gach pongc dá ndubhramair a sgrúdadh go sámh,
measardha, agus ar ttuigsint ár staide féin ann gach
aon phongc díobh, gabhamaois rún agus deaghfhoinn ar
an modh so síos. Tabhair buidheachas do Dhia ar son gur
leasaigh tu nídh éigin de do bheathaidh, ón aimsir fár chuir
tu rómhat seirbhís do dheunadh do Dhia, agus admhaidh go
ró-úmhal gurab ó na thrócaire dotháinigh dhuit gach biseach
dá ffuil ort, gurab í a lámh dobhí ag cuidiughadh leat.
Umhlaidh tu féin a ffiadhnaise Dé go róuirísiol, agus muna
ndeachaidh tu ar haghaidh acht beagán, admhaidh gur ded'
choirthibh féin dotháinigh sin, do bhrígh nachar chuir tu a
ngníomh go dílios, bríoghmhar, seasamhach, gach nídh do chuir
Dia ann do chroidhe, nó do thaisbeán sé dhuit ionn
húrnaighthibh. Nó ar mhodh oile, geall do a bheith dá mholadh
go síorruidhe ar son na trócaire agus na ngrás dothug
dhuit dochum do chlaonta a leasughadh ar mhodh éigin. Guidh
é fá mhaitheamhnas do thabhairt duit nachar fhreachair tu
mar budh chóir, gach smaoineadh dá ttug dhuit, agus ofráil
do chroidhe dho mar íodhbairt shíorruidhe, agus guidh é fá
do dheunadh dílios do féin ó shoin amach. Iarr congnamh
na Naomh-mháthar Muire, haingil coimhdeachta, N. Ioseph
agus gach pátrúin oile dá ffuil agat.


L. 344


CAIB. 9.
Léir-smaointe iomchubhaidh chum ár ndeaghrúin
d'athnuadhadh.



Tairéis gach sgrúdadh dá ndubhramair do dheunadh go
maith, agus cómhairle do dheunadh le stiuirtheoir éigin
eagnaidhe críonna, ann gach locht agus ann gach neamh-
fhoirfeacht dá ffaghann tu ionnat, tabhair na neithe seo
síos fá dear gach aon lá, ag smaoineadh orra a naimsir
húrnaighthe, do réir na riaghlach dofuarais san ccéad
rann de'n leabhar so, ag tráchtadh ar na hathsmuaintibh
nó ar an midheamhain. Fós, roimhe an uile nídh, cuir tu
féin a ffiadhnaise Dé, agus iarr grása air re do
dhaingniughadh ionn a ghrádh agus ionn a sheirbhís féin.



CAIB. 10.
An chéad mhachtnamh. Ar sháruaisle an anama.



Feuch mórluach agus uaisle tanama, go ffuil tuigsin
aige le a ttuigionn sé, ní hé amháin an domhan mór so
dochídhmíd, acht fós go ffuilid aingil, flaitheamhnas agus
Dia féin ann, go sármhaith, sárchómhachtach, ionnas nách
féidir a fhoillsiughadh le bréithir, go ffuil síorruigheacht
ann, agus fós go ttuigionn gach nídh atá riachtanach
dochum beatha mhaith do bheith agat ar an saoghal so, dochum
teachta a ccaidreamh na naingeal agus na glóire
síorruidhe.



Atá fós toil ag tanam, atá uasal, saor, le ar féidir
grádh do thabhairt do Dhia agus gan fuath do bheith aige
air. Feuch anois godé uaisle do chroidhe, agus mar nach
luigheann an bheach ar áit shalach ar bith, acht ar bhláth ghlan,
mar sin ní ffaghann an croidhe ciúin fonn a nídh ar bith


L. 345


acht a nDia amháin, ar mhodh nach féidir le creutúir ar bith
a shásamh go hiomlán. Smaoin agat féin go fírinneach,
an caithiomh aimsire agus an taithniomh is mó ionn a ffuair
do chroidhe sámhus agus sásamh ar an saoghal so, agus
má bheir tu breitheamhnas díreach ceart orra, dogheabhair,
a náit an chiúnais do thabhairt dhod' chroidhe, gur míchiúnas,
buairt, smaointe culóideacha (call-) agus cúram anshásta
dobhí ionnta, re na raibh do chroidhe dá ghearraigh (-adh),
ionnas go mbadh truaigh é.



Mo thruaighe gheur! an tan do mheasann ár ccroidhe é
féin do shásamh go hiomlán ann sna créatúiríbh dá raibh
ag leanmhuint le broid agus le cúram mór, acht iar fhagháil
a mhiana agus a fhoinn féin do, dogheibh nach fuil ionnta
uile acht neamh-nídh, agus nach féidir le haon nídh dhíobh
sásamh iomlán a thabhairt do. An tan do léig Naoi an
colum as an Árc, ní ffuair áit cómhnaighthe gur fhill chuige
féin arís. Mar sin don ccroidhe do chruthaigh Dia; ní
féidir leis ciúnas iomlán dfhagháil go ffillionn air féin.
Ó! godé mheud sgéimhe agus uaisle ár ccroidhe! Agus
cread fá ttugamaoid air dá amhdheoin a bheith ag seirbhís
do na créatúiríbh? Dá bhrígh sin, is féidir leat labhairt
le tanam féin mar so: Ó, a anaim, is féidir leat a
thuigsin go ffuil Dia ann agus grádh do thabhairt do.
Cread fá a ffuil fonn ná dúil agat a nídh ar bith is lugha
ioná é? Is féidir leat aire do thabhairt don tsíorruigheacht
agus do na neithibh síorruighe, cread fá a sanntuigheann
tu na neithe díombuana, nach mairionn acht mómaint?
Uime sin, an Mac diombaileach, idir gach nídh oile ar
a raibh a ghearán, adubhairt go raibh sógh agus bórd maith
a ttigh a athar, agus nach raibh aige féin acht measa agus
triosg dá itheadh ris na mucaibh. Ó, m'anam! le ar
féidir Dia dfhaicsint, do ghlacadh agus do bheith agat,
cread fá a mbíonn tu deóntach ar nídh ar bith is lugha
ioná é?


L. 346


Ris an smaoineadh seo, músgail agus brostaigh t'anam
féin, agus taisbeán do gur fiú é an tsíorruigheacht agus
na neithe síorruidhe dfhagháil, agus tabhair misneach dho
mar sin.



CAIB. 11.
An dara machtnamh. Ar sháruaisle na
Subháilceadh.



Smaoin gurab iad na subháilce amháin agus an
crábhaidh (-adh) dobheir sólás iomlán don anam ar an
saoghal so, agus dobheir sásamh dho. Feuch sgéimh na
subháilceadh, agus cuir a ccothrom iad leis na lochtaibh
atá bunoscionn dóibh, agus tabhair fá dear an sólás
atá san ffoighid a ccompráid na feirge agus foinn an
díoghaltais, san deaghthoil thromdha a ccompráid an
mheardhántacht, san umhaile a ccompráid an uabhair agus
na hanmhiana, san daonnacht a ccompráid na sainte,
san mheasardhacht a ccompráid na leisge agus na hantoile.
Atá so de ghrásaibh speisialta a ffreachnughadh na subháil-
ceadh, nídh is cóir a thabhairt fá dear, go ttugann sólás
iomlán don anam, agus go líonann é de mhilseacht agus
de shámhus iongantach, agus na lochta, go ffágbhaid tuirse
agus dobrón ina ndiaigh. Dá bhrígh sin, cread fá nách
deunamaoid díthchioll ar an mhilseacht agus ar an sámhas
úd do shaothrughadh dhúinn féin.



Más beag nó mór a bhias ag duine de na lochtaibh, biaidh
sé míchiúin, acht dá loighead a bhias ag duine de na subháilcibh
biaidh ciúnas agus sólás aige, agus dá mheud dorachaidh
ar aghaidh ionnta, is móide a shólás é. Ó, a bheatha chrábh-
thach, atá tu sgiamhach, taithniomhach, fonnmhar; is tu
doghnídh an uile amhgar so-iomchair, is tu doghnídh an uile
shólás sámh, deagh-bhlasta, agus gan tu a bheith ann, bheadh


L. 347


an mhaith ina holc agus bheadh an uile shólás lán de mhí-
chiúnas, de bhuairt agus de thuirse. Gidhbé ag á mbiaidh
eólus ort, do ba féidir do a rádh ris an Samaratánach,
“A Thighearna, tabhair an tuisge úd dómhsa,” mar a deiridís
go minic N. Teresa agus N. Caitríona Genoa.



CAIB. 12.
An treas machtnamh. Ar fharall nó shompla na
Naomh.



Smuain ar shompla na Naomh, gidhbé ar bith gné daoine
iad, godé mheud an díthchill dorineadar chum grádh
do bheith aca ar Dhia, agus iad féin do bheith ina searbh-
fhóghantaibh agus ina ccáirdibh aige. Feuch an rún daingean
agus an seasamh láidir dobhí ag Mairtíribh ann gach uile
phéin agus gach peannaid dár tugadh dhóibh. Agus ar ttúis,
tabhair fá dear na maighdiona maithe, uaisle, do-chlaoidhte,
dobhí níosa ghile ioná an lile re glaine, agus níosa dheirge
ioná an rósa le grádh Dé. Cuid díobh so a naois a dó
dheug, cuid a trí deug, cuid oile ionn a ccúig deug,
árd oile a cúig fithchiod, do ghaibh do roghain na mílte
mílte pian dfhulaing, ní hé amháin ar son a ccreidimh, acht
fós níosa luaithe ioná do léigfidís freachnughadh an
chrábhaidh dhíobh; árd díobh d'eagla go ccaillfidís a
nóghdhacht, cuid oile nach leigfeadh dhíobh seirbhís do dheunadh
do na Críostaighthibh dobhíodh fá úrchrádh, agus sólás don
mhuinntir dobhíodh a bpéin, nó mairbh d'adhlacadh. A Dhé
íodhain, godé a mhionca do thaisbeán an cinéal banda iad
féin lag, droichmhisneamhuil, agus uaisle na hinntinne
re ar thaisbeánadar iad féin san obair seo. Feuch na
mílte Coinfeasóir, godé a fheardhacht do tharcaisnigheadar
an saoghal, agus godé a dhaingne agus a dhochlaoidhte
bhádar san rún do chuireadar rómpa, ionnas nár fféidir


L. 348


le nídh ar bith a ttarraing uaidh, agus do sheasuigheadar
mar sin gus an mbás. Sgríobhann N. Abhaistín ar a
mháthair féin, Monica, an rún daingean do chuir sí roimpe
re seirbhís do dheunadh do Dhia, gur chongmhaidh é ina cuing
phósta, agus ina dhiaigh sin an feadh dobhí ina baintreabhach
(-aigh). Godé do sgríobhann Ieronimus ar a inghean
caomh (inghin chaoimh) spioradálta, N. Paula, an seasamh
agus an misneach dobhí aici, ann gach cás dá ttárlaigh dhi
re buairt an tsaoghail seo. Cread is cóir dhúinne do
dheunadh re faicsint na sompladha oirdheirce seo ós coinne
ár súl? Budh dhaoine iad so mar atámaoidne, agus ar
son Dé agus re freachnughadh na subháilceadh,
dorineadar gach gníomh dá ndearnadar, agus cread fá
nach deunamaoisne do réir ár staide agus ár ngarma
féin, díthchioll re gach rún agus re gach geallamhuint mhaith
dá ttugamair do Dhia do choingmheáil.



CAIB. 13.
An 4 Machtnamh. Don ngrádh dothug ár
Slánaightheoir, Íosa Críost dúinn.



Smaoin godé mheud dfhulaing ár Slánaightheoir, Íosa
Críost, ar ár son ar an saoghal so, go bás croiche, amhuil
agus gurab ort féin amháin dobhí a ghrádh, ag feuchain
annso, ann gach duadh agus ann gach saothar dár fhulaing
sé dochum go ffaghadh ón Athair Neamhdha geallamhuint
agus rún maith do thabhairt dod' chroidhe, mar aon le gach
nídh is riachtanach dhuit chum an rúin sin do choimheud agus
do neartughadh, re na chur a ngníomh. Ó, godé uaisle an
rúin mhaith darab máthair Muire, agus do geineadh as
Pháis ár tTighearna Íosa Críost. Ó, m'anam, godé an
meas is cóir dhuit a bheith agat ort féin an tan dobhí grádh
chomh hadhbhal agus san ag mo Shlánaightheoir ort? Ó, a


L. 349


Shlánaightheoir m'anama, dfhulaing bás chum na ndeaghrún
so dfhagháil dom, tabhair dhom bás dfhulaing níos luaithe
ioná do leigfinn uaim na deaghrúin chéadna.



Feuch anois an ffuil deimhin agat go ffuil croidhe Íosa
Críost ag feuchain ar do chroidhesi as chrann na croiche,
agus go ttug grádh dhuit agus go ffuair bás ar do shon,
agus tréas an ngrádh san go ffuair tu an uile mhaith dá
ffaghaidh tu go bráth, agus idir gach nídh oile, gach deagh-
rún dá ffuil agat. Ar an modh gur féidir linn a rádh:
gach maith dá ffuil ionnainn, gur uaitsi atá sí, a Thighearna.
Agus ris an fháigh Ieremias: “Dochonnairc tu me roimh
a bheith ann domh, agus dothug tu m'ainm féin orm,”
ionnas gur ullmhaigh an Mhaith dhiagha agus an Trócaire
shíorruidhe an uile mhodh geinearálta nó speisialta budh
riachtanach chum ár slánaighthe, agus idir gach nídh oile, an
rún is cóir dhúinn do bheith againn. Is deimhin, do réir
mar doghnídh an bhean a bhíos torrach, roimh a clann do
theacht ar an saoghal, go ngléasann cliabhán, bruit bheaga
agus líneudach fá chómhair na clainne nach rugadh fós;
mar sin dorine ár Slánaightheoir Íosa Críost a ccrann
na Croiche, amhuil agus go mbeitheá ionn a bhroinn féin,
mar dobhí tu ionn a chroidhe, agus gan tu ar an saoghal.
Do ghleus sé gach nídh budh riachtanach dhuit chum do
shlánaighthe. Do chuir sé ort brat glan na ngrás san
mbaiste. Do chuir a sheula féin mar chrios ceangail ort.
Dothug sé an Eaglais dhuit mar bhuime agus a huachtaráin
duit mar oideadhaibh. Dorinne sé dhuit gach nídh budh
chóir do Mháthair mhaith a dheunadh dá clainn. Do ghoir sé
ort; do cheannaigh sé thu go daor ar a fhuil féin, ionnas
go mbeith grádh agat air, agus go mbeitheá dá chlainn
féin. Ó, a Íosa íodhain, godé a dhoimhne budh chóir dhúinn
iad so do chur ionn ár ccuimhne, agus do sgríobhadh ionn
ár ccroidhthibh. An féidir gur thréig mo Thighearna Íosa
me an tan dobhí cuimhne aige orm, go háirighthe ann gach


L. 350


modh agus ann gach cás dá ndubhramair? Cionnas agus
godé an grádh budh chóir dhúinn do bheith againn orra súd
uile, dochum a ccur a sochar dúinn féin. Is rómhilis,
róghrádhach, róthaithniomhach dobhí cuimhne ag croidhe Dé
orainn, óir dothug sé míle modh agus slíghe dhúinn chum
ár slánaighthe, amhuil agus nach beith ar an domhan acht
anam gach aon dínn a nanár (n-aonar), re cuimhne agus re
cúram do bheith aige ina thimchioll. Mar dobheir an ghrian
solus do chuid de'n ttalamh, amhuil agus nach ttiubhradh
solus don ccuid oile, acht ní lughaide dobheir solus
d'iomlán na talmhon uile é, ar an modh céadna dár
Slánaightheoir Íosa Críost, bíodh go ffuil cúram grion-
galach aige fá na chlann uile, ní lughaide atá cúram aige
fá gach aon díobh fá leith, amhuil agus nach beith aon chuimhne
aige ar an ccuid oile dhíobh. Uime sin adeir an tApstol:
“Dothug sé grádh dhom agus dothug sé é féin ar mo shon”;
amhuil a déarfadh sé: “Ar mo shon féin amháin chomh maith
agus nach beith cúram aige fá chách oile.” Is cóir dhuit
so do bheith sgríobhtha ann do chroidhe, ionnas an rún do
ghlacais, .i. an tanam ar a raibh grádh eugmhaiseach ag ár
Slánaightheoir, go mbeith grádh agus meas agatsa air,
dochum a dhídin ó an uile olc.



CAIB. 14.
An 5 Machtnamh. Ar an ngrádh dothug Dia dhuit
ón tsíorruidheacht.



Feuch an grádh síorruidhe thug Dia dhuit, ar an modh,
roimh Mhac Dé do theacht a ccolann daondha agus bás
croiche dfhulaing, go ttug a Mhórdhacht Dhiagha amharc ort,
agus go ttug grádh rómhór dhuit. Acht cá huair do
thionnsgain grádh do bheith aige ort? An tan do
thionnsgain Dia! Cá huair do thionnsgain Dia? Níor


L. 351


thionnsgain sé riamh, óir atá sé ann riamh gan túis gan
deireadh, agus dothug sé grádh dhuitsi san tsíorruidheacht
uile. Uime sin adubhairt an Fháigh: A nainm Dé
dothug me grádh síorruidhe dhuit, agus do tharraing me
tu, ag deunadh trócaire ort; agus an nídh adubhairt
leatsa fó leith adubhairt sé go comhchoitchionn re gach
aon eile é, agus idir gach nídh eile, d'ullmhaigh sé duit
gach deaghrún dár ghlac tu riamh, dochum seirbhíse do
dheunadh do féin ar feadh do bheathaidh (-adh).



A Dhia íodhain, godé luach na rún so ar ar smuainis
a ttúis na síorruidheachta, agus do chuiris rómhat a thabhairt
dúinne. Nách mór an grádh agus an meas is cóir dhúinn
do bheith orra aguinn? Acht cread budh chóir dhúinn a
dheunadh níosa luaithe ioná do léigfeamaois dínn iad?
Agus ní hé sin amháin, acht dá mbeith an chruinne cheathardha
uile uainn air, óir is mó is fiú aon anam amháin ioná is fiú
an domhan uile, agus muna raibh rún maith san anam, ní
fiú nídh ar bith é, óir atá sé marbh, gan bhrígh gan neart.



CAIB. 15.
Foinn chomhchoitchionna grádh do ghlacadh as na
smaointibh a dubhramair, mar aon le foirchionn
na ffreachnaighe seo.



Ó, a rúna chumainn chroidhe! Is sibh crann beannaighthe
na beathaidh (-adh), do cuireadh le láimh Dé a meodhain an
chroidhe ar ar dhoirt ár Slánaightheoir a fhuil féin, ionnas
go ttugadh toradh éigin uaidh. Is mian liom míle bás do
fhulaing, níosa luaithe ioná do léigfinn do ghaoith
chathaighthe dá thréine bhúr ttarraing as bhúr ffreumhach, agus
geallaim go deimhin fírinneach nach léigfead díom na
rúin do chuireas rómham ar son díomhaoinis, saidhbhris,
sóláis, ná buaidheartha dá mhéid. Is tusa, a Thighearna,


L. 352


do chuir an crann breágh agus do choimheud é ann do
chroidhe athardha le haghaidh m'ubhallghoirte-se. Och! godé
a liacht duine atá, do nach ttugais an tiodhlaicthe ná an
trócaire seo? Uime sin, cionnas is féidir liomsa me
féin d'umhlughadh a ffiadhnaise Dé ná a ffiadhnaise a
ghrás? Ó, a rúna álainne naomhtha, má choimheudaim sibh,
coimheudfaidh sibhse mesi; má bhíonn sibh beó ann m'anam,
biaidh m'anam beó ionnaibhsi; bídhisi beó go bráth
ionnamsa; Uime sin, a rúna beannaighthe, sibhsi atá tré
bhioth shíor a ttrócaire Dé; mairigidhe agus cómhnaighidhe
go síorruidhe ionnamsa, óir ní thréigfeadsa sibh go bráth.



Tairéis na ffonn so do dhúsgadh duit, feuch agat féin
gach modh speisialta ar ar féidir na deaghrúin seo do
choimheud, agus a gheallamhuint a ffiadhnaise Dé agus a
chur rómhat go fírinneach, gnás do dheunadh dhíobh, mar
atá úrnaighthe mionca, tathaighe na Sacramainte agus na
ndeaghoibreach, leasughadh gach locht ar ar labhramair shuas
san dara pongc agus seachnadh gach droch-shiocair agus
ceangal do gach deaghchómhairle dá ffuighe tu. Iarna
ndeunamh san duit, amhuil agus dogheabhthá spioraid
agus neart nuadh, geall, agus tabhair míle móid gur
mian leat gach rún dár chuir tu rómhat do chomhaill, agus
amhuil go mbeith do chroidhe, tanam agus do thoil agat
ar do bhais, deuna íodhbairt agus toirbhirt díobh do Dhia
ag geallamhuint nach iarrfaidh tu go bráth ar ais iad, acht
go ffúigfir iad ar láimh Dé dochum a aitheanta agus a
thoil do chóimhlíonadh san uile nídh. Guidh Dia do spioraid
d'athnuadhadh re na bheannocht do fhagháil, re brígh agus le
neart do thabhairt duit ann gach nídh dár gheall tu do
chomhaill: iarr congnamh Mhuire, haingil coimhdeachta,
agus gach naoimh oile is pátrún dhuit. An tan do mhúsgail
tu do chroidhe mar so, agus atá ar lasadh, léig tu féin
go humhal a ffiadhnaise hathar spioradálta, agus admhaidh
dho ann tfhaoisdin gach peaca dá ndeárnais ó tfhaoisdin


L. 353


déighionnach, agus glac absolóid ionnta, agus athnuadhaigh
an mhóid agus an gheallamhuint dorine tu a ffiadhnaise
Dé, agus cuir seula síorruidhe orra, agus ina dhiaigh sin
ceangail tu féin led' Shlánaightheoir, ag glacadh Shacramaint
na hAltórach.



CAIB. 16.
Na céadfaighe agus na gluaiseachta is cóir do bheith
san anam, tairéis na ffreachnaighe seo do dheunadh.



An lá céadna tairéis do spioraide d'athnuadhadh agus
laethe oile ina dhiaigh, abair ó chroidhe agus ó bheul go minic,
na briathra teagaisg úd N. Pól agus N. Abhaistín agus
na naomh oile: “Ní liom féin me féin má beó nó marbh
me, acht lem Shlánaightheoir me. Ní ffuilim féin agam
féin níosa mhó; ní ffuil cuid agam díom féin, acht gur
le hÍosa me. Ó, a shaoghail, is tusa tu féin do ghnáth,
agus budh mise me féin go nuige seo. Acht ó so amach,
ní budh me me féin. Ní bhiaidh me feasta mar dobhí me,
acht biaidh croidhe nuadh agam, agus an saoghal do mheall
me gus anois, biaidh sé anois meallta ionnam, óir ní
thuigfeadh (-fidh) sé acht beagán ar bheagán, an claochlódh
do-tháinigh orm, agus measfadh (-faidh) gurab me Esau,
acht biadsa am Iacob.” Is riachtanach na freachnaighe seo
dfhuireach ina ccómhnaidhe san ccroidhe, ionnas, ag éirghe
dhuit ó gach smaoineadh dá raibh agat, agus ó gach nídh dá
ttugais fá dear ionnta, téarnaidh beagán ar bheagán,
go socair sámh, chum do ghnódh agus chum do chomhluadair,
deagla fíona uasail na ndeaghrún do dhortadh, nó go
líonaidh sé gach aon chuid de'n anam. Ar a shon san, is
riachtanach san do dheunadh gan duadh ná saothar mór ar
do chorp, ná ar do spioraid.


L. 354


CAIB. 17.
Dobheirthear freagra annso ar dhá nídh is féidir a
chur a naghaidh na slighe seo an chrábhaidh.



Adéarfaidh an saoghal leat ar ttúis, go ffuilid na
freachnaighe agus na cómhairleacha chomh hiomadamhuil
agus san, ionnas gidhbé le ar mian a ccoimheud nó a
ccur a ngníomh, nach budh féidir leis go furus, aire thabhairt
do nídh ar bith oile, agus gan do dheunadh dho acht iad súd
amháin, dodheunfadh go leór, do bhrígh gur riachtanach
dhúinn a ndeunadh. Nách ffaicionn tu fós cealg bhreugach
an tsaoghail? Óir, ní cóir dhúinn na freachnaighe seo uile
do dheunadh go laetheamhuil, do bhrígh go ccuirfidís toir-
miosg orainn ó ghnódhthaibh oile, acht gach freachnughadh dhíobh
do dheunadh fá seach, do réir na haimsire, na háite, agus
na húcáide dobhíos againn. Is iomdha dlighe sirialta agus
canónta a leabharaibh na (an) Reachta is cóir do chongmháil
go maith, acht ar a shon soin, atá a aimsir féin agus a áit
ag gach aon dlighe dhíobh, ionnas nách cóir feuchain ar gach
aon dlighe dhíobh go laetheamhuil. An Rí Dáibhí, ar a raibh
cúram rómhór a ríoghachta, is lia freachnughadh doghnídheach (dh)
sé ioná atá sgríobhtha san leabhar so. Dobhí N. Laoiseach
ina Rígh róiongantach a síth agus a ccogadh, agus ar son
go raibh róchúramach fá ghnódhthaibh a rígheachta, ar mhodh
nár chodrama neach ar bith oile leis, a roinnt chirt agus
riaghlughadh a phobail, d'éisteach (dh) dá Aifrionn gach aon
lá, a deireach (dh) Easbairt agus Complin canónta mar
aon le n-a shagart méisi, doghníodhach (dh) úrnaighthe
inmheodhnacha, dothigiodh go tigh an aos galair gacha hAoine,
do thaithigheach (dh) sé an fhaoisdin, dobheireach (dh) sé crádh
dá chorp, adeireach (dh) briathra Dé agus do labhrach (dh)
go minic ar neithibh spioradálta, agus tairis sin go léir,
ní dheunach (dh) maineachtna ar bith fá ghnódhthaibh poiblighe


L. 355


na rioghachta. Dobhí a theaghlach níosa oirdheirce agus
níosa ríoghdha ioná mar dobhí ag aon nduine dá ttáinigh
roimhe. Glacsa chughat go deighmhisnigh, na freachnaighe
seo, mar do sgríobh me dhuit iad, agus dobhéaraidh Dia
neart agus aimsir duit go leór chum do ghnódhtha do
dheunadh, mar dothug do na Ríoghaibh úd, dá mbadh riachtanach
an ghrian do chur ina seasamh, mar dorineadh cian ó
shoin do Iosue. Doghnídhmíd go leór an tan dobhíos
Dia ag congnamh linn.



Adéaraidh an saoghal fós go measann go ffuil an
teagasg so ag gach aon, grása, úrnaighthe inntinne, nó
athsmuaineadh do dheunadh, agus nách gnáthach na grása
san a thabhairt do gach aon a ccoitchinne; dá bhrígh sin nach
fuil an teagasg so tairbheach do gach aon nduine, agus
nach ffóireann sé dhóibh. Admhaim nach fuil na grása
san ag gach aon nduine, gidheadh, is tearc duine dá
thamhanta, má bhíonn treóraightheoir maith aige, re nach
féidir iad do bheith aige má doghnídh an díthchioll is cóir
dhó do dheunadh. Acht dá mbeith duine ann ag nach beith
nídh ar bith de na grásaibh seo, nídh do theagbhas go ró
anamh, is féidir le hAthair spioradálta glic, foghlumtha,
san do leasughadh, re haire mhaith do thabhairt do na neithibh
is cóir a thabhairt fá ndear san úrnaigh seo, do réir mar
sgríobhamair shuas ag labhairt orra.



CAIB. 18.
Trí príomhchómhairleacha agus trí príomhaitheanta
na hoibresi.



An gheallamhuint agus an mhóid atá san ccéad rann
de'n leabhar déis na nathsmaoineadh, athnuadhaigh iad an
chéad lá de gach mí, agus geall gur mian leat a ccoimheud
ar feadh do shaoghail, ag rádh ris an Salmcheadhlach: A


L. 356


Thighearna, ní dheunfaidh me dearmod de taitheantaibh tré
bhith shíor, do bhrígh gurab ionnta dothugais beatha dhom.
Agus má bhíonn spadántacht ag teacht ort, gabh an
gheallamhuint úd ad lámhaibh, agus léig tu féin ar do
ghlúinibh, le spioraid umhal, agus abair amach ó bheul agus
ó chroidhe é, agus bhí deimhneach go ffaghaidh tu éadtromadh
agus sólás as.



Admhaidh go follus gur mian leat a bheith cráibhtheach,
acht ná habair go ffuil tu cráibhtheach, acht gur mian leat
a bheith amhlaidh, agus nár budh nár leat oibreacha coitchionna
do dheunadh is riachtanach dhuit, dhod tharraint dochum
grádh Dé. Admhaidh fós, go dána, gur mian leat
athsmuainte agus úrnaighthe inmheodhnacha do dheunadh,
agus gur rogha leat bás dfhulaing ioná tuitim a bpeacadh
marbhthach, agus gur mian leat na Sacramainte do thaithighe
agus cómhairle do threóraightheóra spioradálta do lean-
mhuint. Ann san admháil shaoir, réidhsi (seo) gur mian leat
seirbhís a dheunadh dho Dhia, agus gur mian leat le fonn
speisialta grádh do bheith agat air, atá gníomh ró
thaithniomhach dá Mhórdhacht Dhiagha, óir ní mian leis náire
do bheith orainn ina thimchioll féin ná a ttimchioll a chroiche.
Fairis sin, druidionn so as shlighe chathaighthe an tsaoghail
agus a mhealltóireacht sinn, agus dobheir brígh dhúinn
chum ár ndeaghoibreacha do chur a ngníomh, agus cuirionn
dfhiachaibh orainn gan dochar a dheunadh dár cclú. Is uime
d'admhadar na feallsamhuin iad féin do bheith ina ffeall-
samhnaibh, ionnas go léigfí dhóibh beatha agus beusa feall-
samhan do bheith aca. Mar sin is cóir dhúinne a admháil
go ffuil grádh againn ar an ccrábhaidh, ionnas go léigfí
dhúinn beatha chráibhtheach do bheith againn. Acht má deir
duine leat gur féidir leat a bheith cráibhtheach agus gan
na freachnaighthe so do dheunadh, admhaidh gur fíor dho san,
acht go ffuil tu féin chomh hanbhfann mí-threórach san,


L. 357


gur riachtanach dhuit iomad conganta do bheith agat tar
dhaoinibh oile.



Faoi dheoigh, guidhim tu, tré na ffuil de neithibh
beannaighthe ar neamh agus ar talamh, tré bhrígh do bhaistighe,
tréas na cíochaibh tré ar hoileadh ár Slánaightheoir, Íosa
Críost, tré na chroidhe dothug grádh adhbhal dhuit, tré
na mhórthrócaire as a ffuil dóthchus agat re dul ar haghaidh
san rún beannaighthe do chuiris rómhat re beatha chrábhaidh
do thionnsgnadh, óir atáid ár laethe ag dol tharainn, atá
an bás ag an ursain againn, atá an stoc dá bhualadh, N.
Greagóir Nasiansen ag iarraidh orainn filleadh ar ár
nais agus sinn féin d'ullmhughadh chum a bheith ar siubhal,
óir atá an breitheamhnas ag teannadh linn. An tan
dochonnairc Máthair N. Sempronius a mac dá thógbháil chum
mairtíreacht, dfhógair air go láidir ag rádh: “A mhic,
cuimhnigh ar an mbeathaidh shíorruidhe neamhdha. Feuch ar
neamh agus bíodh Rí na fFlaithios ós coinne do shúl, óir
atá an chríoch dheigheannach a ngar dhuit, agus cuirfeadh (-fidh)
tu críoch go haithghearr ar bheatha an tsaoghail seo.”
An nídh céadna a deirimsi leatsa: Feuch ar neamh agus
ná tréig é ar son na talmhonn (-mhan) uile. Feuch fós ar
ifrionn, agus ná teilg tu féin ann ar son neitheann nach
mairfeadh (-fidh) a ffad. Feuch ar Íosa Críost, agus ná
tréig é ar an saoghal uile. Má mheasann tu an bheatha
chráibhtheach a bheith saothrach, cruaidh, nó deócamhlach (dóc-),
smaoin ar bhriathraibh N. Proinsiasa, a deir: “Is taith-
niomhach liom an uile shaothar, an tan dobheirim dom aire
an sólás le a ffuilim ag fuireach, óir atá an ghlóir comh-
mheud soin, gur sámh liom pian dfhulaing ar a son.



Glóir, onóir agus moladh do'n Athair, don Mhac, Íosa
Críost, don Spiorad Naomh, anois agus tré shaoghal na
saoghal. Amen.


L. 358


AG SO DEASGÁN DE RIAGHLACHAIBH SÁRMHAITHE
AN UGHDAIR, A TTAOBH ÁR NDUALGAIS
CHRÍOSTAMHUIL.



Ar ttúis a ttaobh Dé.



1. Má curthar lorg ar an tslighe chóir chum dul ar
aghaidh san ffoirfeacht, ní heól domhsa a mhalairt seo,
.i. Dia a ghrádhughadh le hiomlán ár ccroidhe, agus ár
ccómharsa mar sinn féin.



2. Congmhaigh do shúile go seasamhach ar Dhia agus
ort féin, agus ní fhaicfeadh (-fidh) tu Dia choidhche gan
feabhus, ná tu féin gan anacra.



3. Mar nách faicfidh aon duine choidhche Dia chomh
mórdhálach agus atá sé le faicsin, ní ghrádhóchaidh aon
neach choidhche é chomh heugmhaiseach agus atá sé geanamhuil.



4. An té nach santuigheann Dia a ghrádhughadh níos
mó do shíor, ní ghrádhóchaidh sé choidhche go ceart é; ná
habrach (dh) sé nách beag dho a mbias aige dhe'n ffreachnughadh
dhiagha so, agus gur leór leis é agus stad annsan chomh
maith is go mbeith sé sáraighthe uaidh.



5. An té dheunfas a chuid de Dhia, níor chóir dho dada
a mheas don tsaoghal.



6. Bíodhmaois mar is toil le Dia, acht amháin gur leis
féin sinn, agus ná bíodhmaois mar is toil linn féin, a
naghaidh thoile Dé.



7. Níl aon nídh chomh suathrach agus gur chóir a tharcais-
niughadh a seirbhís Dé.



8. Ní ann smaoineadh ar Dhia is mó a théighionn an
tanam ar aghaidh in sna subháilcibh, acht ionn a ghrádhughadh
go mór.



9. Atá dfhiachaibh orainn gan seirbhís Dé do thréigean,
ná staonadh ó dheaghoibreachaibh do dheunadh, dá mheud
aighneas nó míochumann do theagmhas dúinn, óir gidhbé


L. 359


iarras Dia, ní ghlacann sé meatachas chaoidhche tré lochtaibh
dhaoine oile.



10. An áit a ccómhlíontar toil Dé, ní theastaigheann
arán laetheamhuil chaoidhche.



11. An té le ar taithniomhach Dia amháin, ní bhíonn mí-
thaithniomh aige ann aon nídh acht san nídh is mí-thaithniomhach
le Dia.



12. Is maith an cómhartha dhúinn nách ffuil aguinn acht
Dia san uile nídh, an tan do ghrádhuighmíd é san uile nídh,
óir, ar mbeith dho san cómh-ionann leis féin do ghnáth,
ní féidir neamh-ionannas ár ngrádh-ne a gheineamhuint
as aon nídh oile a mhalairt machtnamh ar nídh éigin nách Dia.



13. A tagairt do nidhthibh diagha, níl dá dheócamhlacht
(dóc-) iad nach amhlaidh is móide an sásamh dogheibh inntinn
uasal ionn a ccreideamhuint.



14. Is do réir mar a thigid ár ngníomhartha le toil
Dé, atá luaidheacht aca.



15. Níl íodhbairt ar bith is taithniomhaighe le Dia, ioná
sinn dá ghrádhughadh agus deacracha dfhulaing, mar is le
grádh agus le peannaid do shaor sé féin sinne.



16. Níl aon duine is feárr a dheunfas réir Dé ioná
an té is lugha dheun a réir féin.



A ttaobh ár cCómharsan.



1. Is é is riaghail a ttaobh ár ccómharsan, Crann an
Eólais nó na (an Fh-) Feasa, atá sé toirmisgthe orainne
baint leis, do réir breitheamhnais, do bhrígh gur thaisg
Dia san do féin.



2. Is cóir dhúinn ár ccómharsa do ghrádhughadh ar talamh
mar dodhéunfamaois ar neamh.



3. Ní féidir linn iomarca grádh bheith againn dár
ccómharsain, acht is féidir linn ár ngrádh dho do thais-
beánadh go hiomarcach.


L. 360


4. Foighne le lochtaibh ár ccomharsan, is aon de na
príomhphongcaibh grádh atá dfhiachaibh aige orainn, é.



5. Ní ceart dúinn chaoidhche, foighne le trácht go holc
ar aon duine acht orainn féin.



6. Ní cóir aon duine do dhímheasadh. Ní thaithnigheann
leis an ffear oibre a shaothar do lochtughadh ina láthair.
Atá Dia, umurro, a láthair ann gach uile áit, agus is
de obair Dé gach aon duine.



7. Is éagcóir spioradálta bheith ag iarraidh fios aigne
dhaoine oile dfhagháil amach, agus gan ár rún féin do
leigean leó.



8. Ní ceart dúinn ár ccómharsa do ghrádhughadh a ttaobh
é bheith subháilceach, ná a ttaobh súil a bheith aguinn go mbeith
sé amhlaidh, acht a ttaobh go ffuráileann Dia orainn é.



9. A ccás deaghoibreacha, caithfeamaoid beagán a
rádh, beagán a smaoineadh, agus mórán a dheunadh.



10. Is mór an tolc gan maith a dheunadh.



11. Ní ffaghaidh an fíoraon bás chaoidhche neamhullamh,
óir, an té atá seasamhach a ffíoraontacht chríostamhuil
go ttí an deire, níl baoghal air gan a bheith ullamh don
mbás.



12. Gidhbé le ar mian teacht ar bheathaidh nuaidh, caithfidh
sé gabháil tar bhás na sean-bheathaidh (-adh).



13. An té atá fíorumhal, ní mheasann sé go ndeuntar
eugcóir choidhche air.



In ár ttaobh féin.



1. Chum ár nanam do stiúrughadh go maith, caithfeamaoid
a chur dfhiachaibh air a ghníomhartha uile do dheunadh a
ffiadhnaise Dé.



2. Chum maireachtain go sásta a staid uirísiol, ná
bíodh tnúth againn leis an mhuinntir ag á ffuil cuid mhór,


L. 361


acht gur móide a thiubhramaoid dár naire an mhuinntir
is táire ioná sinn.



3. An té is mó a chlaoidheann a chlaonta nádúrtha,
is mó dogheibh dhe spreagann diagha.



4. Machtnaigh go minic ar an tsíorruigheacht, agus
ní chuirfidh míothapaidh an tsaoghail seo chaoidhche ort.



5. Ní leór dhúinn cómhairle d'iarraidh. Ní fuláir
dhúinn í leanmhuint, agus ár mbreitheamhnas féin do thabhairt
fá bhreitheamhnas chách go fonnmhar.



6. Atá an uile chrábhadh fallsa atá a naghaidh ár slighe
bheatha.



7. Is mór an mí-ádh do dhuine bheith ag iarraidh seilbh
na neitheann nár chóir do acht a ccaithiomh.



8. A bheith ag cur a ndiaidh boichteacht agus gan gabháil
re na mí-chómhgair, níl ann acht uaillmhian, óir níl ann acht
ag iarraidh onóra bochtaine agus cómhgair an tsaidhbhris.



9. A bheith saidhbhir a maoin agus bocht ó inntinn, níl
sonas donas? is mó ioná é do Chríostaighe; óir, leis sin atá
cómhgar an tsaidhbhris aige ar an saoghal so, agus luaidheacht
na bochtaine fá chómhair an tsaoghail oile.



10. Níl aon tslighe is feárr chum beatha spioradálta
chríochnughadh go sonaidhe, ioná tosnughadh leis go
laetheamhuil.



12. Gidhbé le ar mian a bheith pártach le hÍosa
ionn a ghlóire, caithfidh sé ar ttúis a bheith pártach leis
ionn a cheusadh.



13. A mbás ár nainmhianta atá beatha ár nanamann.



14. Ní uirísleacht a admháil go ffuileamaoid anacrach;
níl annsan acht gan a bheith in ár nainmhíntibh, acht is é is
uirísleacht ann, go measfach (dh) daoine oile sinn do bheith
amhlaidh.



15. Ní ffuil ár saorthoil chaoidhche chomh saor leis an uair
a bhíonn sí ina sglábhaidhe ag toil Dé, ioná ina sglábhaidhe


L. 362


chaoidhche chomh mór leis an uair a bhíonn sí ag fóghnamh dár
nainmhian féin. Ní beó í chaoidhche acht an uair d'éugann
sí dá taobh féin; ná marbh chaoidhche acht an feadh mhairionn
sí ar a son féin.



16. Níl adhbhar ar bith leis an locht doghnídhmíd ag
déanadh peacadh, óir ní bheith an locht ina pheacadh muna
mbeith sé a naghaidh adhbhair agus céille.



17. Ní riachtann subháilceadh a lán-neart go ngeinid
siad miana chum dul ar a naghaidh; fóghnaid mar shíolta
spioradálta chum céimionn nuadh subháilceadh do thabhairt.



RIAGHLACHA OILE SÁRMHAITHE DO TARRAINGEADH
ÓN UGHDAR CCÉADNA.



1. Ní cóir dhúinn trácht ar Dhia chaoidhche, ná ar aon nídh
a bhainionn re na ógláchas, go neamhfhaireamhuil, ná ar shlighe
cómhluadair ná caithiomh aimsire, acht go bráth le hiomad
ómóis agus umhailinntinne.



2. Caithfeamaoid eagla a bheith orainn roimh
bhreitheamhantas Dé, acht gan ár misneach do chailleamhuint,
agus sinn féin do laodhughadh, acht gan a bheith andóthchaiseach.



3. Ná bíodh meas chaoidhche agat ar bhrígh aon neithe,
acht ar an onóir atá aca a bheith taithniomhach ag Dia.



4. Ní hait liom a rádh ná a chlos; caithfeamaoid so
nó súd a dheunadh, do bhrígh go ffuil níos mó luach saothair
ann. Deuntar an uile nídh chum glóire Dé.



5. Má gheibhmíd freachnughadh cathaighthe, ní ceart dúinn
a bheith mí-fhoighdeach, acht fuireach go sochma, dár ttabhairt
féin suas go soilbhir do thoil Dé.



6. Ní bhiamaoid a síothcháin linn féin chaoidhche acht an
tan a bhiamaoid a síothcháin le Dia.



7. Gidhbé ar bith gníomh dá naomhthacht a dheunamaoid,
ní sháisigheamaoid Dia muna ndeunamaoid an nídh iarrann


L. 363


sé orainn, acht an uiread leis an bpinteoir a dhealbhann
fiolar dhon duine dhiarrann air beach a dhealbhadh.



8. Ná feuchamaois chaoidhche ar ár ccrosaibh, acht tré
chrois cheust ár Slánaightheóra, agus gheabhmaoid mar
sin iad chomh sámh agus san, gur mó an dúil a bhias againn
a nanacra, ná a sámhas an tsaoghail seo ar fad.



9. Ní ann ár ccillín, ann san eaglais, a midheamhain,
a núrnaighthibh, ná a miana maithe amháin is cóir dár ccrábhadh
a bheith, acht caithfeamaoid a ccur a ngníomh, agus cuimhneadh
ar mhaireachtain do réir na móid a rineamair a tteas
an chrábhaidh.



10. Cuireann mian-ghrádh Dé dfhiachaibh orainn bheith
ag machtnamh, acht má ghnódhaigheamaoid an grádh san aon
uair amháin, cuireann sé dfhiachaibh orainn bheith a
rinnfheithiomh.



11. An tráth theangmhann ár ttoil re Dia, glacann
sí a suaimhnios ann, mar is ann is mó atá a dúil, gidheadh,
ní stadann sí ó ghluaiseacht roimpe ionn a mian, acht ó
sé a mian a bheith ag grádhughadh, isé a grádh mar an ccéadna
a bheith dúilmhear. Atá dúil aice a ngrádh, agus grádh
ar dhúil.



12. Glacaid na huile dhaoine fonnmhar chum tiodhlaicidhe
a ghlacadh. Gidheadh, ní ghabhann aon duine le hamhgar acht
amháin an té atá foirfe san ngrádh, agus is móide a ghrádh
mar nach ffuil súil aige le cúitiughadh acht ón láimh chéadna
do thiodhlaiceann iad.



13. A ttigh an fhíoraoin atá an uile nídh gnódhthach, níl
aon nídh mí-thairbheach, ná aon nídh leisgeamhuil.



14. Atá sé ceart againn dualgus ár ngarma do
chómhlíonadh, gan a thabhairt dár nuidhe (úidh) cread a
thiucfas de.



15. Chum umhluigheacht foirfe, is riachtanach dhúinn ár
mbreitheamhnas ceart féin do dhiúltadh.


L. 364


16. Is mór an bhrígh agus an lonnra atá ann ciall
a bhíos cóirighthe le ceannsacht agus le deighinntinn, acht
cailltear iad araon le fraoch feirge.



17. Ní ceart dúinn sinn féin do bhuaidhreadh ionn ár
ccathaighthibh ná ionn ár n-othras, acht go mbadh rogha linn
ár n-anbhfainne do mhaoidheamh, ionnas go ttiucfaidh
cómhachta Dé dár ccabhair, chum cuidiughadh linn a naghaidh
fóirneirt na ccathaighthibh.



18. Taisbeántar slánughadh anama dho chreidiomh,
ullmhuighthear é do dhóthchus; gidheadh, is leis an
ccarrthannacht do buaidhthear é.



19. Níl dá uirísleacht agus bhias an tanam nach amhlaidh
is móide a mhisneach, óir má ghéilligheann sé nach fuil ar a
chumas féin dada a dheunadh, admhann sé Dia a bheith uile-
chómhachtach, agus ar a chur feidhm a dheunadh dhe féin mar
óirnis ann aon tslighe is toil leis, gur minic a dheunann
sé rogha dhe'n ndroing is laige, nó mheasann aca féin
go ffuilid lag.



20. An té thugann é féin suas go hiomlán do Dhia,
neartuighthear leis sin é chum míle gníomh maith do dheunadh,
agus ar ttabhairt an uile onóra dho san go dílios, atá
sé díthchreidte na hiongantais ádhbhal a oibrigheann Dia
do dheasgaibh an duine sin.



21. Ní chuireann spioraid an duine fhíoraonda roimhe
mórán a dheunadh, ná ní háil leis mórán torainn ná
glugair a dheunadh, acht le fírinne agus le simpligheacht
ar fad, saothruigheann sé le gach nídh dá ngabhann sé air
féin do dheunadh go ceart, agus san ar ghrádh Dé amháin.



22. Grádhaigh cómhairle dhaoine oile do leanmhuint
níos túsga ioná do chómhairle féin, agus ná déin nídh ar
bith gan ceadughadh, óir isin í an tslighe chum gan dul
ar seachrán, acht a bheith a suaimhneas bhiothbhuan do ghnáth.


L. 365


AG SEO CÓMHAGALLAMH DOBHÍ IDIR DHOCHTÚIR
THAULERUS AGUS DHUINE BHOCHT DÉIRCEACH IONN
A FFRITHEAR FARALL DHUINE FHOIRFE, AGUS MAR
BUDH CHÓIR DHÚINN ÁR TTOIL DO CHUR LE TOIL DÉ
SAN UILE NÍDH.



Dobhí san ann, feacht naon, diaghaire oirdheirc do ghuidh
chum Dé ar feadh ocht mbliadhan, go mbadh é a thoil naomhtha
é stiúrughadh a ccóir dhuine éigin do mhúinfeach (dh) agus
theagasgóchadh é a slighe na subháilceadh; agus thárlaidh
ar mbeith dho ag machtnamh ar an nídh budh mhian leis, go
ccualaidh guth ó neamh, dá rádh ris: Imthigh go póirse a
leithéid seo d'eaglais, agus gheabhaidh tu annsan, duine
noch do theagasgóchas tu san mbeathaidh spioradálta.
Ag imtheacht do a ccionn na heaglaise réamhráidhte,
dofuair sé déirceoir bocht ag á raibh a chosa salach, brocach,
nochtaighthe, go nár ffiú leithphinnin a raibh d'eudach uime,
agus do bheannaigh dho fón samhuil seo: “Go ttugaidh
Dia lá maith dhuit.” Do fhreagair an bochtán: “A Shaoi,
ní cuimhin liom go ffacaigh me riamh drochlá.” Adubhairt
an dochtúir: “Go ttugaidh Dia beatha mhaith shonaidhe dhuit.”
“Cread fá a nabrann tu san?” ar an bochtán, “ar an
adhbhar ná rabhas mí-ádhmharach riamh?” Níor thuig an dochtúir
an cómhrádh san, agus adubhairt arís: “Beannocht Dé
ort, a chara, agus guidhim tu foillsigh dhom do mheon.”
d'fhreagair an bochtán: “A dheaghmháighistir, a dhochtúir,
deunfad san go fonnmhar. Atá a fhios agat gur iarr
tu lá maith dhom, dár fhreagair misi nach raibh drochlá
riamh agam, óir an tráth bhím ocrach, molaim Dia. Bíodh
sioc, sneachta, fearthainn, gaillshíon, soineann nó
doineann, altuighim le Dia; bídhim bocht anacrach, tarcais-
neach ar talamh, altuighim le Dia, agus uime sin ní mheasaim
go ttáinigh drochlá riamh orm. d'iarrais deighbheatha
shonaidhe dhom mar an ccéadna, dár fhreagair mise dhuit,


L. 366


ná rabhas riamh mí-ádhmharach, do bhrígh go ttugas me féin
suas do thoil Dé gach aon lá riamh, ar mbeith dhom deimhneach
nach féidir le na oibreachaibh uile gan a bheith go sármhaith;
gurab ar an adhbhar san do ghlacaim an uile nídh dá
tteagmhann dhom dá dheoin sin, sonas nó donas, milis nó
searbh, ó na láimh sin le hiomad lúthghára agus sástacht,
agus dá bhrígh sin ní rabhas riamh mí-ádhmharach, óir níor
iarras aon nídh riamh a naghaidh thoile Dé.”



Ar ccríochnughadh an chómhrádh san don mbochtán,
adubhairt an dochtúir: “Acht dá ttuitfeadh amach go
ndamnóchadh Dia thu, cread a déarfá?” “Dá ndaorfach (dh)
Dia mise,” ar an duine bocht, “go deimhin dá mbeith sé
chomh cruaidh sin liom atáid dá lámh agam re a dhlúthughadh
liom, aon díobh an úmhluigheacht thromdha le a ffuilim a
naondacht le na dhaonnacht naomhtha san; is í an lámh oile,
grádh agus carrthannacht, do nasgann me le na dhiaghacht,
le a ngreamóchainn é ar mhodh go mbadh éigion do túirlint
liom síos go hifrionn, agus dob fhearr liomsa gan
comóradh, a bheith a nifrionn a ffochair Dé ioná a fflaith-
eamhnas ina eugmais.” d'fhoghluim an Diaghaire as an
ccómhagallamh so, gurab í slighe is giorra chum teacht ar
ghrádh Dé, a bheith gabhthach le na thoil, maille re humhluigheacht
fíordhoimhinn croidhe. Ina dhiaigh sin, do fhiafraigh sé arís,
cread as a ttáinigh sé? d'ár fhreagair sésion gur chuir
Dia uaidh é. d'fhiafraigh an Diaghaire fós de, cá ffuair
sé Dia? Adubhairt sésion: “Dofuaras é chomh luath
agus dhiúltuigheas do na nuile chréatúir.” “Agus c'áit
ar fhágbhais é?” ar an Diaghaire. “d'fhágbhas,” ar an
bochtán, “a ffochair na mbocht agus na nglan a ccroidhe.”
“Acht cia thusa féin, a chara?” ar an Diaghaire. A
dfhreagair an duine bocht do, gur Rí é, agus dfhiafraigh
san de cá raibh a rígheacht. “Atá sé ann m'anam,” ar sé,
“óir, feudaim riaghlughadh a leithimioll chomh maith agus
deunaim leithstigh ionnas go ngéillighid mo mhiana agus


L. 367


mo chlaonta uile dom fháthchiall; agus is fearr gan
chontabhairt de ríoghacht é sin ioná ríoghachta na cruinne
go huile. Dfhiosraigh, tráth, an Diaghaire dhe, cia dothug
chum foirfeacht chomh mór agus san é. “Ciúnas,” ar an
duine bocht, “mar aon lem' athsmaointibh árdchéimionnacha,
agus an pháirtigheacht dobhí agam le Dia. Ní raibh sásamh
ná fortacht liom a ccréatúir ar bith, gur mar sin
dofuaras mo Dhia noch dobhéarfas fortacht dhom feadh
saoghail gan chrích.” Amen.
Laus Deo.
Foirchionn 1824.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services