Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Trompa na bhFlaitheas
Title
Trompa na bhFlaitheas
Author(s)
Ó Conaill, Tadhg,
Compiler/Editor
O'Rahilly, Cecile
Composition Date
1755
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1955)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DO MHÚISGLEAS NA PEACAIG AGUS DO BHROSTAIGHEAS IAD DOCHUM IOMPAIGHTHE AR DHIA. Arna chur i n-eagar a chéile agus dá thiompsughadh as láimhsgríbhinn an Athar dheársgna rófhoghlamtha, Antoin Yvan, arna cheartughadh agus dá fhosguint ó gach locht do fríth ann leis an eaglaiseach oirdheirc uasal deighthréightheach Máighistir De Lorgues, Sagart agus Dochtúir Diadhachta. Agus anois arna chur i nGaoidheilge go nuadh le Réamonn mac Naoimh Pádraig, alias Tadhg Ó Conuill, bráthair bocht d'Órd Mhuire nó na gCarambhrógacha agus príór neamhthairbheach éid-dhignideach úiríseal Mhainistir Cheanna Sáile.
Don fhlaith fhial fhairsing fhulúirsig oirdheirc mhórchéimeamhuil árdfholamhuil, Séamus mac Eadbháird Buitléir an Chláir, sagart diadha riaghalta cráibhtheach, easbog úmhal urramach úiríosal aobhdha dearsgna carthanach ceannsa caoinbhriarthach fíorfhoghlamtha, feitheoghmhair agus riaghlathóir Imlig Iodhbhair, áirdeasbog Chaisil agus príomhfháidh dhá Chóige mhórdhálach Mumhan. Go doilbhiosach, maise, is fíor léan' innsin, a Thighearna ró-dhearsgna, gur fhás an oiread sin ainbhfis i n-aois óig, agus fáraoir! i ndaoinibh eile, san tír bhoicht dhíbiorrtha so, nách é amháin ná fuilid foghlamtha deaghthóigthe amhuil budh chuibhe agus budh chóir dá samhuil agus do budh fhéidir do lucht a n-intleachta dá bhfaighdís a dteagasg do bheith, acht fós go bhfuil rómhórán, mo thruaidh! ainbhfiosach ar na neitibh budh riachtanach dóibh dochum a n-anma do shábháil agus sin do bhrígh an léirsgris do-rineadh le hainneart eachtrann eiriceach ar na hoideadha don eagluis agus don tuaith léarbh fhéidir agus léar ghnáth a múineadh agus a dteagasg, agus saoisgéal agus reacht agus aitheanta an Tighearna do chraobhsgaoile agus d'fhoillsioghadh dhóibh go fonnamhar fiúntach croidheamhuil, agus an beagán do gach drong díobhso do fágbhag san ríoghacht fá annródh, do bheith fá a níbhus mó d'annsmacht, do
chruadhtan, do mhoghsuine agus do sglábhadhacht ag na heirceidhibh réamhráidhte ná dobhí Clann Israel faoi Shalmanasar nó an chine Iúdaighe faoi Nabuchodonozar, ar mhodh nách féidir, faoi phéin báis, príosúntacht nó díbiorrtha, nuimhir aco do theacht i bhfochair a chéile ar aonbhall chum fundameint a gcreidimh agus slighe a slánaighthe do chlos agus d'fhagháil ón mbeagán dárab eól a dteagasg, do-chonnarcas dam, dá bhrígh sin, a Thighearna, (ar aithris mórnuimhir d'aithreachaibh fíorfhoghlamtha d'Órd naomhtha Naomh Proinsias d'fhág mórán agus do chuir amach do leabhraibh deightheagaisg Críostamhla deighriartha i nGaoidheilge nó i dteangain ár máthar ar reacht Dé do choiméad agus a shlighte do shiubhal ar an modh do theagaisg Críost), an leabhrán beag Fraincise si dá ngoirthear “La Trompette du Ciel”, nó “Trompa na bhFlaithios” do mhúisglis na peacaig agus do bhrostuigheas iad dochum iompaighthe ar Dhia”, do chur síos ar an seóladh do-chí sibh reomhaibh i ndóith go dtiucfadh liom read éigin d'fhágbháil mar chomaoin, do réir mo bheg-dhíthchill, mar chách ar mo dhúthaidh. Cóimhrithim, ar an adhbhar san, a Thighearna ró-dhearsgna, fá bhúr sgiathánaibh, dam choimeirce agus dam imdhíghion ar gach namhaid dá mbiadh ag an lagshaothar so, mar is í an charthanacht bun agus fullang bhúr ngnáithghníomhartha, ag síorthabhairt cabhartha do na fannlagaibh míthreóracha, dá chur i n-bhúr bhfiaghnaise dochum bhúr mbreitheamhantais do thabhairt air. Ar an adhbhar gurab iontsamhuil mo dhíthchioll annso i ngazophylacium na heaglaise le minutum na baintreabhthuighe úd ag Lúcás, caib. XXI. Acht cheana, guidhim sibh, a Thighearna chaomhcharthanaidh, fá bhúr gcoimeirce agus bhúr síorchoiméad, dochum gomadh dheóghnadhthach le Dia deaghthairbhe agus críoch mhaith do theacht ar mhinutum mo bheag-shaothair
annso, dochum glóire Dé agus leasa anma gach druinge dár thionnsguin agus dár dhealbhaigh mé é, agus i ndóith go bhfaighmís mar mhír cheannaidh díbhsi, dam féin agus do chách uile, na grása abhus maille háirighthe na beatha síorraidhe san tír thall. Amen. bhúr mbochtcharaid agus bhúr searbhóntaidhe an feadh bhus mé Tadhg Ó Conaill A. Domni 1755
Trompa na bhFlaitheas AN CHÉAD RANN NA MEODHAIN DO BUDH CHEART DO NA PEACACHAIBH DO THABHAIRT FÁ NDEARA DOCHUM IOMPAIGHTHE AR DHIA. Imperitos docete libere. AN CHÉAD CHAIBIDIL ionna gcurthar síos na comhairleacha is ionghlactha don pheacach dochum na bpeacadha do thréigion, d'eagla báis d'fhagháil ionnta agus a dhamaint shíorruighe do theacht asda. Surge qui dormis et exurge a mortuis, Eph.v.14. A pheacaig, noch (amhuil Ionais an Fháig do chodail ar íochtar loinge cia go raibh anfa rabhartha na mara dá chómhluasga tré éigean storma) do chodlas tré iomarca suain i gceartmheadhon do mhórchorrthacha, cia go bhfuil tú ar do chómhbhuaireamh tré chreime dhomhúisgilte do choinnsiais, éirigh suas agus triall i n-imgcian ó staid ghlonnmhair an bháis ionna bhfuilir múchta. Ná fan leis
an am úd ionar éigean duit éisteacht re guth bhorbghlórmhar uathbhásach an trompa úd do ghéimfeas ort lá an bhreitheamhnuis dod ghlaodhach os comhair bhara an Fhírchirt Diadha dochum do dhamanta. Acht tabhair cluas do theagaisg shéimhe agus do chómhairleacha searcamhla búig an bharabuabhuill bhínnghlóraigh so do mhúisgleas dochum na haithrighe, dod ghairm dochum cathaoir ghlémhaiseach na Trócuire Díadha dochum maitheamhnuis d'fhagháil duit tré dhlúithchuir thillimh Íosa Críost ár dTighearna, ag síorthathaigh a shacrámeinteadha agus ag síorghlaca a Naoimhspioraide seicréidighe ionnat. Tabhair dot aire nách do nuímhir na muintire úd thú do chaithios a mbeatha amhuil agus mar ná bíodh anam ionnta, do chleachtas an uile shórt glóire dhíomhaoin agus do leanas an uile shórt uilc agas feilebhearta, amhuil agus mar gurab é Sátan do chruitheóghadh íad, ag tabhairt táir agas tarcuisne ar dhleaghthaibh agus ar rachtaibh Dé, ag fonómhad 's a' maga fána cheartbhreitheamhantuis. Má gheabhair tú féin annsa staid so atá cómh tiubuisteach so, múisgil tú féin aiste, do bhrígh, má fhuilingir do chroidhe do chrannrughadh annsa bpeaca, gurab áidhbhseach na huilc agus na mí-fhoirtiúin dobhias ar dheire do bheatha, Eccli.III.27. Och! mo chreach! Ní smúingir ar an mbreith ndéaghnig agus gomadh fhéidir ná mairfeá ar maidin. An féidir leat fulang choidhche ag osnaghail fá thromualach do-iompchair na mallacht ndiadha, i ndamaint tsíorraidhe ad dheargnamhaid ag Dia mar dheamhuin agus dhiabhail ifrinn? Is mó dhamneóghach onóir, saidhbhrios, dearsgnacht, neart, cumas, pléasúir agus aoibhnios an tsaoghail si thú iná d'fhóirfeadaois ort. Ní thabharaid aon tsuaibhnios ná
síothcháin, an deaghcháil ná tréithe dhuit, acht a chonntrárdhacht, fuadeóchaid uait an uile shórt compóird agus méid meanmain agus Dia féin fá dheóig. Is feárr beagán d'eagla Dé ionná meas, oghamós, coróinneadha, toice agus saidhbhreas an oiread eile domhan agus atá do dheóraibh uisge san bhfairge. Glac mo chómhairle, seachuin gach locht do sgarfadh Dia leat, tréig anois an peacadh agus gach nídh do chuirfeadh toirmeasg ar shláinte an anma, iompaigh gan stad ar an adhbhar ná fuil léas agad ar do bheatha agus nách cínnte thú nách i bhfodhomhuin ifrinn do múchfaoi thú fá mhaidin. Ná cuir do leas ar cáirde ó lá go lá dochum iompaighthe ar an dTighearna, do bhrígh go dtiucfa a mhór-fhearg d'aontaoisg iongantaig ós do cheann, Eccli.v.9. Tréig an peaca sul do thréigfeas an peaca thú, nó is conntabharthach thú do bheith ollamh dochum a dhéanta an lá céadna dogheabhair bás nó fós tú do bheith do thoil aonta chum tuitim ann. Is mór do Chríostaighthibh ag ar éirgh an mí-fhoirtiún céadna so dhóibh, ag síorchleachta peacadha agus tromchurrtha do dhéanamh, agus ag buaintseasamh ionnta go críoch dhéadhnaig a mbáis ionnas gur éagadar i bhfeirg agus i n-eascáirdeas Dé. Arbh fhéidir le neach easba, dobrón, doilbhios nó cathughadh budh mhó d'fhaicsin ná é, mar d'imthig ar Pháro, Rígh uaibhreach annfhlathach na hÉigipte, do theilg é féin go toileamhuil san Muir Ruadh, agus amhuil Achitophel agus Iúdáis do chroch iad féin tré éadóchas. Leasaig tú féin, dá bhrígh sin, gan mhoill, mar Chríostaigh dheighbheathach lán do ghrádh agus d'eagla Dé. Acht marab miann leat, d'éis Dé agus do thréanchorrthach d'aithint duit, cúl-iompóghadh ód pheacadhaibh agus an aithrighe do dhéanamh, cuimhnig agus smúinig ar an mór-fhírinne
so: amhuil agus mar do chruthmhalartaighthear na naoimh ar neamh i nDia, dá fhaicsint aghaidh ar aghaidh i n-iomshláine a nirt is a ghlóire, go gcóimhshloigfear tusa i n-uaigh ghlonnmhar iomdhoibhinn ifrinn, lán do bhuile agus d'éadóchas, lán do ghráin agus do mhallachtaibh, i measg lasarthacha domhúchta agus phianntaibh dochoimsighthe Lucifeir, mar aon le daosgarshluadh deamhnaidhe dubhghnúisig diablaidhe ifrinn go síorruighe. Mara bhfuil sé ar gcumas duit na mór-phianta neamh-chríochnaighthe so d'fhulang, amhairc ort féin agus féach ar staid thiubuistig h'anma; glac fuath agus gráin ar do pheacadhaibh, guil go faoidheach ar Dhia fó fheirg do chuir air do dhoirt srotha a fhíorghrádh ort, déin faoisidin iomshlán do locht gan aith-thuitim ionnta feasda, agus ós cionn gach nídh, síorghnáthaigh deaghthorrtha dignideacha truisge, úrnaighthe agus déarca, ag gnáthughadh 's a' buan-tseasamh ionnta go fóircheann do bheatha, ag céimniughadh ar choiscéimadhaibh na cómhairle so, ag síormholadh Dé fána glacadh, ag smúineamh ná fuil ann do laethaibh acht gal nó gaoth do shéideas gan stad, Iob,vii.7. AN DARA CAIBIDIL ionna gcurthar síos gurab mian le Dia léirsgrios an pheaca dochum an pheacaig do shábháil. Ní bhfuil in gach mórbhagar agus tréan-díoghaltas dá ndeárna Dia ó thúis an domhuin go so acht dochum
léirsgris agus díthcheanna do dhéanamh ar an bpeacadh as an bpeacach agus dochum do thabhairt fá ndeara air a dhíbhirt as' anam tré fhíor-iompógh ar Dhia trésan aithrighe. Níor tugag racht ná dlighe na nádúire ar aon chonnradh eile dhúinn acht dochum toirmisgithe an pheaca ionna bhreith, nó dochum a thachtaighthe d'éis a bheartha dho. Ní raibh i dtonnaibh borbrabharta na mara ná i srothaibh garbha do-ionngabhálta na dílionn, ná i mórlosga na dtréanchathracha Sodom agus Gomorrah, ná i léirsgrios iomdha eile dá samhuil, acht dochum an pheacadh do thafann as an duine. Ní raibh mar an gcéadna i bhfothram iongantach na tóirnighe ná i nguith bhorbghlórmhar na dtrómpadha do-rin Dia ar Chnoc Sinai an tan tug sé an racht sgríobhtha dá phobal, acht dochum mór-eagla an Tighearna mar aon lena bhreitheamhantuis agus lena ghéar-dhíoghaltais do chur i n-achrann ionna gcroíthibh i gcló, dochum siubhalta go díreach ionna shlightibh agus a aitheannta do choingbháil agus dochum gan an peaca do dhéanamh. Ní raibh fós annsna huile gheallamhna agus tréanbhagair, annsna huile fhadhbhair agus deighbheannacht, annsna huile phátriairceadha agus fháigeadha dár furáladh san tseannracht, ná i dteacht Íosa Críost ár dTighearna, ná i bhfíor-leanamhaint na n-eabstal, ná i míniughadh an tsuibhisgéil, ná i gcraobhsgaoile na sácramuinteadha ná i sírshile na ngrás, ná i dtréantuile sgiúrsadha, iarnaigheadha, príosún, aicídeadha agus fiabhrais ghéarfhulangtha do-iompchair dá ndoirteann Dia oruinn ar an saoghal so acht dochum léirsgris do thabhairt ar an bpeaca agus an peacach do shábháil má dhéingean an aithrighe, do bhrígh gurab trésan aithrighe go haonreacánta do léirsgriostar an ollaphiast amhuathbhar so agus do niamhghlantar go sgiubalta na croidhtheacha do truailligheag lé. “Ní maith liom,” adeir Dia, “bás an pheacaig”, Nolo mortem peccatoris, “acht iompaigheadh tar ais agus sgriosach as an peaca dochum go mairfeadh
dá éis,” Ezech.XXXIII.11. Táthaig ar an adhbhar sin agus cómhcheangal tú féin re Dia, ag síorchoga go sparaingeamhuil i n-aghaidh an pheaca, dá léirsgriosa asad agus dod thoirmeasg féin ar dhamainnt tsíorraidhe. Do b'fhonn leis an bpeacadh Dia do threasgairt ar an adhbhar nách miann leis an bpeacach gomadh léir le Dia a pheacadha ná go ndamnóghadh é ná go dtabhradh pionós ar bith dho dá gcionn. Dá bhrígh sin budh mhiann leis an bpeacadh tuigsint, ceart agus uile-chómhachtacht Dé agus fá dheóigh Dia féin do léirsgrios agus do leagadh, ar an adhbhar gur Dia gach nídh dá bhfuil i nDia. Ionna chonntrárdhacht, budh mhiann le Dia léirsgrios agus díthcheanna do thabhairt ar an bpeacadh, ag múisgilt an uile shórt créatúra dochum a dhíbeartha agus fós ag cur a Aon-Mhic fhíorghrádhaig féin, Íosa Críost ár dTighearna, dochum báis ar chrann sgannalach na croiche dochum na deargnamhad so, an peaca, do ruagaint asuinn tré thoradh a bháis agus a pháise. Treasgarann fós ionnstrumeinteadha an pheacadh amhuil agus mar d'éirigh do Chloinn Israel iar n-adhradh an laoigh órdha, gur bhris agus gur bhlodhaigh Maoise é, do bhrígh gurab é budh chúis dóibh dochum an pheacadh do dheanamh, Exod.XXXI.20. Mar an gcéadna do raob Áirc an Reachta nó an Chonnra íomháigh iolchrothach Dhagon i dteampoll na bhFilistíneach tréna bheith 'na chúis thuibistig dá n-íodhaladhracht. Do leanadar na naoimh na coiscéimeadha céadna, ar an adhbhar, d'éis an pheacadh do niamhghlana as a gcroidhtheachaibh, do threasgaradar a gcéadfadha 's a mbaill corpardha le míle gnaé phionnóis agus aithrighe, dá slatbhualadh agus dá n-oirleach féin tré iomad sgiúrsadha, troisge agus úrnaighthe, ag síorsmachtughadh anuaille na colna do bhrígh gurab í budh adhbhar aco dochum feirge do chur ar Dia. Do chéasadar fós radharc a súl, éisteacht
a gcluas, boladh na srón, labhradh an bheóil, glaca na lámh, luadhaill na gcos agus smúinntighthe an chroidhe, agus gach nídh dob' adhbhar dhóibh dochum an pheacadh do dhéanamh. Acht monuar! déintí-si a chonntrárdhacht, dá bhúr n-únfairt féin i mbeatha tadhaill an tsaoghail so, ag dorta bhar ndianghrádh air, ag coigilt gach ócáid peacadh ionnaimh agus fós an peacadh féin is námhaid aonreacánta ag Dia. Nách eagal díbh, ar an adhbhar sin, go léirsgriosa agus go ndíthcheannóigh Dia sibh an tan ná ruaigeann sibh a dheargnámhaid, an peacadh, uaibh? Dothug Dia fá deara ar Cháin a pheacadha d'athuint, dá gcur in' fhiaghnaise d'éis a dhearbhráthar Abel do mharbhadh dho, dochum go nglacfadh fuath agus gráin é dá gcion agus go léirsgriosach as ' anam iad tré shrothaibh shearbh-dhéara tréanáidhbhseacha na hairthighe fíre; acht do chruaidh agus do chrannraigh an truaghán bocht mí-fhortiúnach so ionna lochtaibh agus do neartaig ionna pheacadha, agus fós do mhéadaig iad tréan ' éadóchas, agus an tan nár fhéad an Fírcheart Diadha an peacadh do threasgairt i gCáin tré aintreise a chruaidh-mhuinéaltacht, do leag, do threasgair, do léirsgrios agus do dhíthcheann é féin mar aon lena pheacadhaibh. Is gnáth leis na dochtúireadhaibh an uile shórt trosguir agus leighis do chuir leis an láimh nó leis an gcois nó le ciabé ball eile don chorp ionna mbíonn an canncar dochum a leighiste; acht má bhíon cómh do-leighiste sin agus ná fuil ar gcumas dóibh buadh do bhreith ar an aicíd channcraig sin trésna meodhanaibh réamhráidhte, gearaid an ghéag channcrach as an gcorp go huile sul do loitfaoi an t-othar uile lé. Iar ndul do chathair ar bith i dtréatúireacht i n-aghaidh a Rígh nó a Prionnsa, iarann agus cuarduighean an Rígh céadna an uile shórd meadhoin agus sligh dochum an rebellionntacht sin do stopa agus dochum na cathrach mar aon lena lucht áitribh do shábháil. Muna dtig leis teacht dochum críche ar an modh sin, briseann agus raobann an chathair
's a traosan ón gceann gcurradh go chéile. Och monuar! d'éis tuitim díbh annsa bpeaca, corraigheann, múisgleann agus brostaigheann Dia iargcuimhne dorcha bhúr gcoinnsiasa dochum a ruaigthi agus a léirsgriosta asaibh, acht má sheastaoi go cruaidhmhuinghéalach in' adhaigh, ag cur toirmisg ar a ghrásaibh 's gan aithrighe do dhéanamh, sgriosaig, traochaig agus ruaigfig sibh féin mar aon léanbhar bpeacadhaibh as a radharc go fóircheann na beatha tré bhith shíor agus feadh dobhias Dia ag caitheamh na glóire. Is sibhse, fáraor! na géaga púghraoi dreóighte lobhtha canncracha, is sibh na méirlig neamhoghamósacha tréanbhár neamhúmhlaigheacht do dhleaghthaibh agus do reachtaibh Dé, agus créad é an nídh ná déingean Dia dochum bhúr leighis agus dochum buadh do bhreith ar bhar dtréatúireacht, ag síorshéide a Naoimhspiride seicréidighe ionaimh, dá bhar dtarang tréna dheagh-theagasgaibh suairce, ag síorgheallamhuin na bhflaithios tréanbhar ndeaghoibreacha dhíbh, ag bagairt mór-phiannta tréanáidhbhseach ghéarlasracha domhúchta na teine ifrionnda oruibh tréanbhar ndroichghníomhartha, dá bhar leighios ón uile shórt galair, aincise agus easláinte tré thoradh a bháis agus a pháise agus éifeacht a naomhshácrámuinteadha agus tré mhíle meadhon eile dochoimsighthe. O a thruaghánacha bochta mí-fhoirtiúnacha do chrannraigheann ionnbhar n-uilc agus do chruaghan ionnbhar bpeacadhaibh! an tan nách féidir leis an bhFíorcheart nDiadha (tréanbhar gcruaidhmhuinéaltacht) bhar bpeacadha do sgiomara agus do niamhghlana asaibh, sgriosfaidh, ruaigfidh agus díthcheannfaidh fá dheóigh sibh féin mar aon leanbhar bpeacadhaibh as a radharc gan truaidh, gan charrthanacht, gan trócaire: Abscondam faciem meam ab eo, (Deut.XXXI.17). Is breath gan ghairim tar ais a rádh gurab éigion don
pheacach a pheacadha do leagadh, do threasgairt agus do thraocha tré sguabaibh sgoithnímhneacha slat-ghéara agus tré sgiúrsadhaibh briochtfhaobhracha na haithrighe, no é féin mar aon lena pheacadhaibh do léirsgrios agus do dhíthcheanna tré mhór-phionóis dochoimsighthe do-úngabhála tréanáidhbhseacha an Fhíorchirt Dhiadha. Iar dtuitim do Ezechias i dtréatúireacht i n-aghaidh Dé, do thriall an fháig Isaias in' fhurraid, dá fhuráileamh air go bhfaghag bás an lá arna mháireach. Do chómhrith an rígh oirdheirc so fó ghéin thobair ghéar-nímhnig na haithrighe, do ghuil, do chaoidhaig, do bhlaghair, d'iar párdún ar Dhia agus do-rin combrúghadh croidhe ionna pheacadhaibh, dá ndiansgriosa as ar mhodh gur hiompaigheadh na mórbhagarthadha sin Isaias uaig, do bhrígh, trésan aithrighe do-rinn, gur aisig Dia a shláinte air agus gur gheall do go mbeadh a bheatha fadshaoghalach. Conntrárdha do-rin Pháro, Rígh uaibhreach annfhlathach na hÉigipte. Do chuir Dia Maoise fána ghéin maille re cómhachtaibh mór-nimhir míorbhuilligheadha do dhéanamh. Do chuir Maoise a chómhachta i gníomh, ag oibriughadh uathbhás míorbhuilligheadha do budh chúis iongna ag an ndomhan mór agus do budh adhbhar eagla agus cómhluasga don Éigipt uile agus dá lucht cómháitribh. Ní raibh ionnta so uile acht dochum cruaidhmhuinéaltacht Pháro agus a phobail do dhíbirt agus dochum do thabhairt fá deara air géille do ghluaiseacht Chloinne Israel as a' ngéibhionn ionna rabhadar. Acht do chruaidh an rígh so in' olc agus do chrannraigh iona dhroch-ghníomhartha ar mhodh nár mhiann leis bás do thabhairt dá pheacadhaibh nó go dtug Dia bás do féin dá gcionn, dá bhághadh i dtonnaibh borbrabharta na Mara Ruadh mar aon lena dhaosgarshluagh deamhnuighe iffrionnda. Atá sibhse luchtmhar díngthe dá bhar bpeacadha, do bhréagaibh, do mhionnaibh móra, do naomhaithis, d'uabhar, do shainnt, do mhiosguis, d'éagcóir, do neamhcharthanacht, do leisge agus do
shaobhchrábhadh fhallsa fá chómhair Dé, ionnas gibé cith d'fhearann Dia oraibh, má olc maith é, gur dochum do thabhairt fá deara oraibh bhar bpeacadha is bhar n-annlochtaoi do thréigean do chuireann fá bhár n-ionnsadha iad. Acht monuar! má dhéantaoi mar Pháro, ag cur bhar leasa ar cáirde ó lá go lá, nách eagal díbh an mí-fhoirtiún céadna do bhain do-san do theangbháil díbh féin? Más fáth-chiallach glic thú, céimneóchair ar choiscéidhmadhaibh an Rígh Ezechias, ag gul 's a' caoi fód pheacadhaibh, agus budh ceannsa deaghmhaiseach Dia duit. AN TREAS CHAIBIDIL ionna gcurthar i dtuigsint dúinn, an peacach nách miann leis léirsgrios a pheacadha do thabhairt, go léirsgriosfa an Fírcheart Diadha é féin. Do bhagair an fháig Ionas mar theachtaire ó Dhia ar an gcathair Ninive go dtiúrfadha a ndeargár i ndoichead lá, agus do chreid féin an nídh céadna iarna thriall i bhfód fó leith dho i n-ionad uaigneach ag feithiomh ar chríochnughadh na dtréanbhagarthacha dochoimsighthe sin do-rinn ortha. Ionnsan am gcéadna do sábhálag an chathair mar aon lena lucht áitribh, do bhrígh gur dhiansgrios an Rígh agus a ghéillighthóireadha a bpeacadha tré ghéaraithrighe phuibillighe dheaghshomplaigh ionnas gomadh shásaighthe Dia dhe sin agus do dtug párdún dóibh. Maise, nár chomhartha cínnte an furógra so tug Dia dhóibh gomadh mhiann leis a sábháil agus gurab tréna bpeacadha amháin go haonreacánta dobhí i bhfeirg leo? Do bhrígh dámadh mhiann leis a gcailleamhuint, créad
fá n-a dtug rabhadh dhóibh? Ná fuil sé uile-chómhachtach agus in' árdmháighistir ar na huile? Dobheir Dia, ar an adhbhar sin, rabhadh don pheacach dochum iompaighthe tar ais agus a pheacadha do thréigean. Acht mar miann leis sin do dhéanamh, ag cuir toirmisg ar na grásaibh do-gheibh ó Dhia, is fíor nách fiú é mórcharthannacht Dé d'fhagháil agus go dtuilleann piannta tréanáidhbhseacha éadtrócaireacha doichríochnaighthe na teine ifrionnda go síorruighe: Quid est quod debui facere ultra vineae meae et non feci ei? (Isai.V.4). Do pheacaighdar clann an árdshagairt Heli go trom agus go sgannaileamhuil, ag cuir toirmisg ar an bpobal seirbhís Dé do dhéanamh, do bhrígh, an tan dothugadís an ofráil leó dochum a híodhbartha do Dhia, d'fhuadighdís clann Heli le los a nirt agus a luas a lámh an mhír dob fheárr don íodhbairt leó chúcha féin, ar mhodh ná fágbhadís ina ndiaig acht an mhír budh mheasa, ní do thromaigh go mór agus do mhéadaigh a gcorrtha. Ní dheárna Dia gan stad léirsgrios orrtha, do bhrígh nách maith leis bás an pheacaig: Nolo mortem peccatoris, acht muna cionntach é féin. Dothug le tuigsint dá n-athair, trésan fháig noch do chuir d'aoin-fheidhim fána ghéin, créad méid na dia-aithise do-rineadar, gomadh dhobhuidheach Dia dhíobh dá cheann, agus muna leasaighdís iad féin go bhfearthach an Fíorcheart Diadha tréancheatha do-iompchair a mhór-fheirge orra agus air-sion mar an gcéadna. Do chuir an dara rabhadh chúcha leis an ógánach Samuel tré sholas ós ceann nádúra. Budh chómhartha bithchinnte so gomadh mhiann le Dia maitheamhnas do thabhairt dóibh gidh fionnas agus gomadh dheóghnaightheach leis raé aimsiordha do thabhairt dochum a leasaighthe. Níor bhac Heli leó, gan smachtughadh gan toirmeasg do chuir orra ionna ndroch-ghníomharthaibh, a' rille ruaille ó olc go holc: De vitio rotant in vitium. Agus an tan nár chumasach Dia tréna gcruadhmhuinéaltacht léirsgrios a bpeacadha do
thabhairt, d'aimhdheóin a theachtaireacht 's a rabhadh, do léirsgrios, do díthcheannaigh agus do threasgair iad féin, ag tabhairt báis obainn anabaidh dhóibh, mar aon lena n-athair do bhris a phlatuinn tré thuitim ó mhullach árd go clár talmhan. Amharcaidh féin agus féachaidh, a pheacacha, an annsa libh bhúr bpeacadha ná sibh féin, agus más miann libh a bheith gan snáighthe amaibh ós cómhair theintreacha na feirge diadha agus fhóirnirt a chréatúireadha, ag coigilt bhar n-annlocht ar Dhia agus dá gceilt ionnbhar gcoím. d'éis bháis Absolom agus a mhórdhronga do dhíthcheanna tré aineart thréanchalma Dháibhiodh agus a thréannmhíleadh cródhacha cathbhuadhacha, do chóimhrith an fionnghalach Seba, an Captaoin, mar aon le mórnuimhir eile dá mhuintir go cathair ródhaingion i bhfogas dóibh dochum a rebeilliontacht do leanmhuin. Do lean Ioab connstábla Dháibhidh, iad agus dotháinig i bhfoslongphort go rófhogas ar gach taoibh díobh, ar mhodh gur fhiafruigheadar lucht áitribh an bhaile dhe créad dobhí uaidh nó créad é an fáith n-a dtáinig i bhfoslongphort dóibh. Do fhreagair dhóibh agus do dheibhnig nár bhaoghal dóibh agus nách orra dobhí a thriall acht ar Sheba, an fionghalach, agus cómhluaith agus do thabhraidís do é fána smacht go n-iompóghadh tar ais gan doladh ná díth do dhéanamh dhóibh, nídh do chuir sé i ngníomh gan mhoill do réir a gheallamhna. Is é an peacadh an namhaid aonrecánta do thuiteas i dtréatúireacht i n-aghaidh Dé. Do dhiansgrios, do dhíbir agus do theilg Dia as na flathais, as an ngáirdín dtalmhadha agus as an uile áit é. Do ghaibh an tréatúir agus an fionnghalach so ionnad suighte agus áitribh ionnbhar measg so agus do ghlacamhair ionnbhar gcruaidhmhuinéaltacht réan ais é fán bhar gcoimeirce. An bhfuil sibh i n-bhar n-easgcaraid cómhmór sin ag Dia agus go dtiubhradh sibh ionnad cómhnaighthe dá dheargnamhaid?
Och monuar! Tiucfa an uair, tiocfa an tráth, tiocfa an t-am ionna dtiucfa an Fíorcheart Diadha i n-iomshláine a nirt 's a chumuis i bhfoslongphort díbh. Cuirfidh a champthaoi 's a mhórthrúip re bhar n-ucht. Ní thabhraidh aon tsos ná suaibhneas ón bhár ngéar-phiannta ar feadh na síorradhachta dhíbh acht muna ruagfaoi gan stad, gidh fionnas agus é ar gcumas díbh, an nídh so do mhéadaigheas a fhearg, do bhrígh nách iaran an ní bhus mó oraibh acht sin dochum na mórghrás do dhorta oraibh agus bhar dtarang fána sgiathána. Ná hobaidh ar an adhbhar sin gan fille tar ais go prap agus iompódh gan fuireach ar Dhia. d'imir drong éigin do threibh Chanaan dobhí i measg threibh Beniamin fóirneart agus cóimhéigean neamhgheanmaigh truaillighthe ar mhnaoi d'aon do na Levítig ionnas agus go bhfuair bás dá chionn. Do gheárr an fear céadna so .i. an Levíteach do budh fhear dhi, an bhean 'na mionspólaighibh agus do chuir cuid nó mír dhi fó ghéin gach treibh do na treabhacha dochum a músgailte, a mbrostaighthe agus a ngríosaighthe dochum díoghailtis do dhéanamh ar son bháis a mhná. Do thionóladar cheana Clann Israel uile ar aon láthair, agus iar n-aithne an ghnímh fheilebheartaigh réamhráidhte sin dóibh, do chuireadar teachta gusna Beniamítig agus d'iaradar orra an mhuintir do-rin an chuir neamhdhuineanta thruaidhmhéileach sin do thabhairt dóibh go n-imridís an díoghaltas do thoíll a ngníomh dhóibh orra. Acht dála na mBeniamíteach, i n-ionnad iad féin dá gcur dochum báis, do chongmhadar ionna measg iad agus do chosnaighdar le fóirneart feirge agus brúideamhlachta iad, ionnas agus gur ghabhadar a n-airm ionna láimh i n-aghaidh a ndearbhráthaireacha dochum lámh chosanta agus díonaighthe do thabhairt do na fionnghalaigh so do budh namhaid fhollas díthchreidmheach do Dhia agus dóibh féin. Do budh thréanmhar cathbhuadhach iad i dtúis an chogaidh nó gur hiompaghag
orra fá dheóigh agus gur gearradh 'na mionghreamannaibh iad féin 's a mná 's a gclann mar aon leis an tréatúiradhaibh do budh chúis tosnaighthe ag an gcoinbhleacht sin. Do-rineadar (agus do-níghid go laetheamhuil) na peacaig agus na méirlig fheilebheartacha cos ar bolg ar Íosa Críost ár dTighearna, dá chur dochum báis go neamhonóireach maslaightheach cruadhchroidheach neamhthrócuireach. Do chuir an t-Athair Síorruighe a Aonmhac féin lán d'fhuil agus d'fhollracht ar chrann sganalach na croiche fánár ndéin dochum sinn do ghríosughadh agus do chóimhneartughadh dochum go sgriosamaois agus go ruagfamaois a dheargnamhaid, an peaca, uainn. Acht ar a shon sin agus uile cosnaghamaoid an peaca do bhrígh gurab mór ár ngrádh air, ag fulang do maireachtuin agus riaghlughadh ionnár measg mar shúil go bhfaghmaois luaigheacht saothair mór nó onóir iongantach as gach aoibhneas salach nó pléadhsiúr tiubuisteach mhóimeinta dhá dtig as. Acht monuar! fá dheógh ag bun na sríbe, créad é an tora is miann linn d'fhagháil as acht ifrionn agus damuint tsíorraidhe muna gcómh-rightheam go díthchiollach fá chomeirce an Athar Neamhdha dochum troda go cródha i n-aghaidh na haithreach nimhe so, agus frasa diana géara do dhéaraibh guirte na hairthighe fíre do shile go faoidheach trénár bhfeilebheartaibh. AN .4. CAIBIDIL ionna gcurthar síos gomadh chóir go gcuirfeadh truaillaigheacht, mórgraigheacht, bréantas agus gráineamhlacht an pheaca fá deara oruinn a dhiansgriosa asuinn. Do chruthaigh Dia an duine do réir a íomháigh agus a chosmhalacht féin, agus sin ar mhodh ná raibh nídh ar
bith budh bhreaghtha agus budh dhathamhla ionná anam Adaim an feadh dobhí ar staid na neamh-chionntacht, do bhrígh gurab é íomháigh agus ionchrotha dheallrachta agus bhreághthachta Dé é. Budh gheanamhuil grádhmhar Dia dho agus do budh róshásaighthe é tréna chruthughadh. Acht d'éis toil do thabhairt don pheaca d'Adam agus tuitim ann, do chaill, do thréig agus d'imig a uile bhreághthacht, sgéimh, dheallracht agus ghile uaidh, iar gcailleamhaint na ngrás ndiadha dho, ar mhodh gur thuit dochum bheith cómh húrghrána mísgiamhach sin gomadh náireach leis é féin d'fhaicsint agus gur fhuiligh sé é féin ó radharc Dé. Do budh iolchruthaighe go mór (tréna neamhumhlacht) agus do budh mhísgiamhaighe fós i láthair Dé é ar an adhbhar gur chosmhail nár aithin é an tan d'fhiafraigh cá áit ionna raibh Adam: Ubi es? Ní bhfuil gráineamhlacht, mórgraidhtheacht ná dofhaicsint ar dtalamh ná fós i n-ifrionn ionchosamhuil nó ionntsamhuil le mísgéimheacht an anma ar staid an pheacadh mharbhtha, atá sé cómh grána agus cómh huathbhásach sin, ar mhodh, dá mb'éidir a fhaicsint re súile corpardha, ná fuil duine ar bith nárbh fheárr leis bás d'fhagháil míle uair ná amharc aon tsúl' amháin do thabhairt air, amhuil adeir Ieremiah,II.11: “Féach, a Thighearna, agus machtnaimh féin mar do-rin an peacadh dofhaicsionta mísgiamhach úrghránna re faicsint mé.” Máiseadh, creidthí-se so, a Chríostaighthe, agus ar a shon sin agus uile, fantaoi go toileamhuil annsa bpeaca d'iompaighean sibh dochum bheith ionnbhúr n-adhbhar uathbháis agus miosguis' ag Dia agus ag an uile chréatúir, agus ní bhrostaighthí dochum a léirsgriosta ná a dhíbirt asaibh le tréanbhualadh sgiúrsadha briocht-fhaobhracha sgoithnimhneacha do sguabaibh sgoithghéara ar chroidhtheachaibh cruadha clochacha bhar gcoinnsiais dochum go
silfidís ceatha lánáidhbhseacha do dhéaraibh géara searamha na fíoraithrighe do nighfeach agus do sgriosfach an peaca asaibh. Nách nár libh teacht cómh húrghránna modartha mísgiamhach sin do láthair Dé agus a aingle? Nách eagal díbh sibh do bheith ionnbhúr n-adhbhar uathbháis agus miosguis' aige, mar cheap díoghailtis ós comhair na feirge diadha agus fóirneart a chréatúireadha? Ignis et sulphur et spiritus procellarum pars calicis eorum, (Ps.x.7). Féachaidh amhuil mar do-chonnarcas gráinneacht agus mí-dhathamhlacht an pheaca i Lucifer noch do chuir buairt agus cathughadh ar Eva agus ar Adam dochum tuitim ann. An spioraid so dobhí roimhe sin cómh onóireach críochnamhuil neamheasbaightheach agus saidhbhir i dtréighthibh gur thaobhaigh agus gur shanntaigh éirghídh suas agus suidhe ar chathaoir i gcóimheas le cathaoir Dé, an tan do thaisbeáin sé é féin don duine dochum a tharang dochum peacadh, i n-ionnad radhairc do thabhairt air féin fá sgéimh éigin áluinn mhaorgha onóraigh mar fhiolar ríoga nó mar leóghan uasal nó ar chruith aingil, och monuar! do budh éigean do é féin do thaisbeáint fó fhíghir agus ionchrothacht aithir nimhe uathbhásaighe úrghráinne. Ó créad mar mhalartughadh iongantach! Aingeal, seraphin, substainnt spioradálta ghlan gan tíomhal arna hiompóghadh le hosgailt na súl dochum athrach nimhe déanta do lobhthacht, do mhórgaightheacht agus do bhréantas, arna líona don uile shórt nimhe, aisnic agus aingcise, an bhrúid is measa san mbith, an ainmhidhe is measa san saoghal agus loch glothair an uile ghalair. Dá bhfanfadh ar staid na ngrás, go ngeabhach do cosaibh agus go siubhlach suas ar phéarladhaibh mórchostasacha agus ar chlochaibh uaisle an domhain mhóir, do budh é ceól, oirfeadas agus socamhail suairc na bhflaithios do
budh bhiadh dho, do budh é glóire, soillse agus radharc Dé do budh éadach dho, 'na shuighe i gcathaoir ghlaémhaisigh ar nimh. Acht d'éis tuitim do annsa bpeaca, ag sin é in' oll-phiast lothardha úrghránna, ag triall roimhe ar a chrobh 's a' snámh ar a bholg ós cionn gach otuir is bhréantuis, ag slogadh gach nimhe is aingcis, dá fholach féin i n-uadhannaibh 's i bpruasachaibh na talmhan mar bheathadhach chrosta mhallaighthe choinneallbháighte. Ag sin d'fhinechroth agus do dhealbh-sa, a pheacaig, má atá tú ar staid an pheaca, agus is gráinne fós 's is míle lobhtha thú ná an athair nimhe agus ná an diabhal féin do bhrígh nár pheacaidh seision acht aon uair amháin agus gur pheacaigh tusa míle uair. Cionnas do reacha tú i láthair Dé annsa staid thiubuistig so mara n-iompóghair go prap tré dhian-tsile searbh-dhéara na haithrighe fíre? Do díbreadh, do sgriosag agus do ruaigeadh lucht na laibhre agus an ghalair annsa tseanreacht as na cathracha agus as na bailtibh amach tréna n-aicíd agus a mí-ghnaoi. d'órdaigh Dia Muire, deirbhshiúr Mhaoise, do chuir amach as camptha a phobuil an feadh dobheadh sí annsa laibhre. Monuar! is líonta thú go mór do ghalar iar mbeith dhuit i bpeaca ná lucht na laibhre go huile. Do gearadh thú do chomaoin agus do chomhluadar na naomh mar ghéig phúrraoi lobhtha dhreóighte, do bhrígh gur deidhleadh tréasa' bpeaca thú ó dheaghoibreacha deigh-ghníomharthacha dignideacha na haithrighe. Créad fáth ná cóimhrightheann tú fó ghéin Íosa Críost? Créad fáth ná silir ceatha agus frasa diana do dhéaraibh atuirseach tromchúmhacha, amhuil lucht laibhre an tsuibhisgéil, air ag iara do leighis? Muna smúingir air so, ag dearmad t'aicídeadha dhuit agus gan an oileamhuin cheart do ghlaca dochum do leighis, créad do dhóchas ná do mhuinghín acht tuitim ad mhionghreamanaibh as a chéile, bás
d'fhagháil in do ghalar agus do theilgean i ndiaigh do chinn go huaidh ghlúnnmhar ifrinn mar chonablach lobhtha lán do thuibuist agus d'aincis? Nách náireach an gníomh go ndéantaoi suim cómh beag-éifeachtach so dá bhar n-anma do chosain fuil daorluaidh Íosa Críost ár dTighearna, agus gur lugha an spéis do-níghthí dhíobh go mór ná dá bhar gcuirp agus fós ná dá bhar n-éadaighibh? Má atá salchar, tíomhal, seilgear ná craintilleadha ná an iontsamhuil eile ar bhar n-éadach, is léir deithionnsach díthchiollach do sgriosfaoi is do ghlanfaoi asta iad. Ag sin bhar n-anma lán don ghalar 's don aincis, d'uabhar is do shainnt, do dhrúis is do chraos, d'fheirg, d'fhormad agus do leisge, do bhrise saoire agus troisge, do bhréaga agus do mhionna móra. Atáid uile arna n-éadughadh don láib agus don dríb iffrionnda so do mhí-ghnaoigheann, do léirsgriosann agus do mhilleann íomháigh agus ionnchrothacht Dé go huile ionnta, dá n-iompóghadh dochum oll-phiast iolchrothach uathbhásach úrghránna re faicsint. Créad é an fáth ná cóimhrightheann sibh fá choimeirce fola daorluaidh Chríost, an t-aon tSlánaightheóir searcamhuil grádhmhar sin d'fhág tobar glaémhaiseach na hairthighe agaibh dochum bhar n-anma do sgiomaradh agus do nighe agus dochum a bpríomháilleacht 's a gcéadbhreághthacht do thabhairt dóibh? Nó fá dheóigh guilidh tré chroidhbhrúghadh, doirtig bhúr ndéara bhus uisge do sgiomaras, do ghlanfas agus do nighfeas agus do-dhéanfas sibh a níbhus gile go mór ná an sneachta. “Iomchraithfe tú híosóip oram, a Thighearna, agus bia mé arnam ghlana; ionnfhuilfe tú mé agus budh gile mé ná an sneachta:” Asperges me hyssopo et mundabor, Ps.L.9. Dá mbiadh lot nó cneadh mharbhthach ar bhar gcolainn, ní hé an liaig is táire agus is measa do ghlacfadha
dá bhar leigheas. Monuar! ag sin an peacadh i n-achrann i n-bhar n-anma mór-chionntacha a níbhus líonmhaire agus a níbhus gráinne go mór ná seanghearadh mórchanncrach ag brúchtaighil do chnuighthibh, a níbhus bréine ná an camara agus a níbhus lobhtha ná conablach seanchapuill dobhiadh dá strille idir chonairt ar charnaoile. Bíodh truagh agaibh ar an adhbhar sin díbh féin agus glacaidh leigheas an chroidhbhrúghadh, na faoisidine agus an leóirghníomha .i. an aithrighe, an leigheas aonrecánta d'órdaigh Críost in' Eaglais. AN .5. CAIBIDIL do chuireas i dtuigsint ná fuil trúgh san mbith is cruadhchroidheadha neamhthrócaireadha ná tíoránach is do-úngabhálta ná an peaca. Is mór an donas díbh ná tugan sibh dá bhar n-aire agus nách léir dhíbh mailís agus úrghráinneacht na bpeacadha do-nígheann sibh. Abarthaoi mar an mí-fhortiúnach úd an Bhíobla ar a dtráchtann an Spioraid Naomh: Peccavi, et quid mihi accidit triste? Eccli.v.4, “Do pheaca mé agus créad d'éirghe dham dá cheann?” Boch! mo chreach! is mór é bhar nduille marab léir dhíbh méid bhar ndíoghbhála. Dá gcailleadh sibh radharc an chuirp d'éis tuitim annsa bpeacadh dhíbh mar aon leanbhar maoin tsaoghalta agus bhar sláinte, dob' éagmhaiseach an chailleamhuint dhíbh iad agus do budh rómhór bhar gcathughadh tríotha. Is sladaighe creach-reilgeach an peaca do sgaran sibh leis na grásaibh, do chianruaigeas uaibh an charthanacht, do dhiansgriosann asaibh dlúthchur thuillimh Íosa Críost ár dTighearna agus d'éimghíos oraibh an uile shórt maitheas tsíorraidhe nó sochair ós ceann nádúra. Is gríobh é is
cruadhchroidheadha agus is neamhatruaighe ná na tígears agus ná na diabhail féin, d'fhuadaigheas uaibh beatha an chuirp d'éis báis do thabhairt dá bhar n-anma. Is complocht nó cómhchruinniughadh é atá déanta d'athracha nimhe do chealgan sibh i gceartmheadhon bhúr gcroidhtheacha agus do ghoineann Críost mar an gcéadna, dá chur dochum báis an athuair ionnaibh. Nách náireach libh na péiste lothordha úrghrána agus na gríobhadha gnímhéachtacha so do chuma ionnbhúr n-anma tréas na haonta agus na toile dothugabhar dochum an pheaca do dhéanamh? Agus fós, níis measa go mór, beathaigheann agus cothaigheann sibh iad le smior agus smúsach bhár gcnámh (mar adéarfá) tréanbhár neamhaithrighe agus bhár gcruadhmhuinéaltacht. Brisig agus raobaig iad ar an adhbhar sin i gcuinne na caraige úd, Críost, dá bhfuathughadh tré fhíorchathughadh fó fheirg do chuir ar Dhia, mar ghrádh air féin, do réir bhréithre an Ríghfháig Dábhídh, Ps.cxxxvi.8,9: Filia Babylonis misera, maledicta concupiscentia ... Beatus qui tenebit et allidet parvulos tuos ad petram, “A inghion mhí-fhoirtiúnaig na Baibilóine, a andúil mhallaighthe ... Is beannaighthe an té d'fhuathóchas agus do bhriseas do chlann bheag i n-aghaidh charaige na hairthighe”, d'éis a dteacht amach agus an feadh dobhiaid fós lag, do bhrígh an tan do neartóghaid trésan dtaithighe, ah! créad é a dheacaracht buadhchant ortha! Is tíoránach cruadhchroidheach neamhthrócuireach do-úmpchair é an peaca. Créad é an riocht ionnar iompaigh sé sibh? Féachaidh agus amharcaidh féin oraibh féin. Do dhíbir agus do dhiansgrios fighir agus íomháigh Dé asaibh. Do shocraigh agus do phlanndaigh cosmhulacht agus ionchrothacht phóirc shalaig, mhuice bréine, athrach nimhe agus an diabhail féin ionnbhar gcroidhtheacha. Do leag agus do bhain bárthuisle asaibh ó dhignid agus ó mhórdhacht chloinne Dé dochum bheith mar sglábhaighthe fó chrúbaibh cíordhubha an diabhail i n-iffrionn. do n-bhár mbeith táthaighthe don Spiorraid Naomh do-rinn díbh méirdrig agus stráillighthe cruadh-cheangailte dosna
gríobhaighthe is uathbhásaigh ghráineamhla shalaighthe dob fhéidir d'fhagháil. I n-ionad bhar mbeith i n-bhár n-oighreadhaibh ar nimh, do damnaigheadh sibh fá dhubhsglábhadhacht neamhfhiúntaig nairéomhail sgannalaig an tsaoghail so agus fá mhór-phianntaibh neamháirmheaca dochoimsighthe na síorraigheachta annsa tsaoghal eile. “Is sglábhadha don pheaca an té do-ghnígheas an peaca”: Qui facit peccatum, servus est peccati, Ioan.viii.34. Agus an té bhus sglábhaidhe don pheaca, is sglábhaidhe é mar an gcéadna agus fear feadhma don diabhal, dá mhailís, dá mhallaightheacht, dá mhire agus dá éadóchas ar feadh na síorraigheachta muna bhfille tar ais go prap tré bhealach deilgneach cnámh-dhíreach na hairthighe fíre. Creideann agus is dóith libh go bhfuil gach uile shórt plaésiúir agus tairbhe annsa bpeaca, agus an drong dobhíon tuca do na lochtaibh agus do na feilebheartaibh, ná faghaid acht rósaighthe, pósaighthe agus pingcínighe agus gach nídh dá chompórdaighe ann. Is mór an mealla agus an dall-íntleacht díbh sin do thuigsint! Is geárr go bhfeicfighe féin (d'éis bhúr súl d'osgailt díbh i n-ifrionn) créad é a ghuirte agus a sheirbhe doní dhíbh bhar nDia agus bhar n-aon-chríoch do thréigion. Ní bhfuil bealach ar bith is deilgnighe aimhréightighe ná casán na locht. Lassati sumus in via iniquitatis et perditionis, Sap.(v.7.). “Do ritheamair i ndiaigh ár gcinn i mbealach na mallacht 's i gcasán na locht agus do coireag sinn ionnta”, amhuil agus mar adeir na damantaig. Ní bhfuil fós máighistir a ní bhus guasachtaigh ghéarsmachtaighthe dho-úngabhálta dhoiriartha ná an peaca. Is glinn deallraightheach géar-radharcach fírinneach an sómpla do-bheir an Spioraid Naomh annsa Scriptiúir nDiadha dhúinn air sin i bpearsain an mhic dhiablásaig úd do thuit cómh mí-fhortiúnach dochum bheith cómh húirísiol tarcuisneach sin agus gomadh éigean do bheith 'na mhuicighe a' coiméad muc, gan
phiuc don bhiadh ná braon don dig ná fiú na meas dochum a shásaighthe. Arbh fhéidir droch-chumann budh mhó do bheith i neach ar bith ná mar dobhí ionna mháighistir .i. an peaca, do threóraig dochum slighe chothaighthe cómh húirísiol tarcuisneach sin é agus fá dheóig léigeann do bás d'fhagháil don ghorta, don uireasba agus don annrógh? Is measa go mór bhár staid-se ionná sin, agus dá bhrígh sin déinig bhúr ndíthchioll dochum claochló do chuir ar bhar ndroichbheatha i n-am, ag admháilt bhár bpeacadha agus ag tréigion bhúr n-annlocht mar an mac ndiablásach úd. Cuimhnighidh ar shaidhbhrios agus ar mhórmhaithios Íosa Críost bhúr n-Athair, agus ar gach tairbhe, seirbhís agus compórd dá gcuireann ar a shearbhóntaithibh féin. Bíodh sé do choráiste agus do dhóthchas agaibh ann teacht fána choimeirce go tapa. Is grádhmhaire go mór do gheabha sé sibh léan' ais ná is fonnamhar sibhse dochum teacht dá láthair, agus do-bhéarfa dhíbh tar ais gach ní dár chailleamhuir trésa' bpeaca. Marbhaidh sé an laogh biata dochum fleadh agus féasta do thabhairt dhíbh, agus ós a cheann sin do-bhéarfa é féin díbh idir fhuil, fheóil, chorp, anam agus diadhacht, dochum bhar gcothaighthe annsa tsíorraigheacht. Úmhlaighidh sibh féin, dá bhrígh sin, maille re dóthchus agus muinghín láidir ann, tré dhianghrádh air féin go haonrecánta, le rún diongbhálta gan a thréigion feasta, ag admháilt bhár bpeacadha agus ag tréigion na locht tré chroidhbhrúghadh agus ghéarthuirse bhár n-anma. Agus 'na dhiaig sin, ní heagal díbh má chailleamhar cáiliodhacht chloinne Dé trésan bpeacadh; do-gheabhthaoi nár chaill Dia a ghrádh ná a charthanacht athardha díbhse, iar n-iompóghadh air féin trésan aithrighe. Ní léigion an peacadh don anam choidhche stad i suaibhnios, i socamhuil ná i síothcháin, acht dá bhuairiughadh, dá ghreada 's dá phiana tré neamhórdughadh
mhíriaghalta a ainmhianna. Ní beag aon pheaca amháin dochum an anma so do theilgionn i bhfodhomhuin neamhghrionnalaig an éadóchais. An tan budh mhiann leis an Righ Achab, tré shainnt iomarcaig nó tré aindréim neamhriaghalta, fíonamhuin Nabot do chuir fá aon iadhaig rena gháirdín nó rena luibh-ghort féin, do ghlac buairt aigne agus trioblóid intinne cómh mór sin é ar mhodh nár fhan caithiomh bídh ná digh ann ná fós an tionúra is lugh ar bith do cholla do dhéanamh. Do chorruigh agus do bhuair a aigne ar mhodh nár mhiann leis aonneach d'fhaicsint. Budh sgannalach lena prionnsadhaibh agus lena chúirtéaraidhibh uile é d'fhaicsint cómh doilbhiosach cómh dobrónach sin mar gheall ar aon fhíonamhuin bheag bhocht amháin, an té a raibh an oiread sin do pháláis, d'oighreacht áluinn agus an ríoghacht uile fána smacht féin. Maise, nách cuirfeadh so truaidhmhéil iongantach oraibh ar fhaicsint luigeacht na nádúire, ulmhóireacht na bhfeilebheart agus tíorántacht an pheacadh? Agus ar a shon sin agus uile, grádhann sibh é, dá chonnlughadh agus dá thathlughadh ionnbhár gcroidhthibh agus dá shárchoiméad ar chostas bhúr mbeatha agus bhúr sláinte shíorruighe. Créad é bhúr réasún dochum bhúr leithsgéil do ghabháil acht leithsgéal lucht buile, lucht mire nó éadóchais? Is cosmhuil na peacadha reis na beitheadhachaibh cuíbhtheacha agus na gaoithe uathbhásacha úd do-chonnairc Daniel do shrac croinn agus clocha as a bpriamhachaibh agus dothug léirsgrios agus deargár ar an uile nídh, iv Reg.ix.36. Is é an peaca an poc gabhair úd an fhásaig do thacht agus do strac as a chéile na caoire gan atruaigh
ná trócuire, Apocal.vi.8. Ó má fhuilingin sibh é do dhul asteach ionnbhúr gcroidhthe, créad mar do stracfas agus do shraoilfeas iad as a chéile! Is cosmhuil é leis na gadhair úd d'ith Iezabel 'na mionghreamannaibh as a chéile. Is cosmhuil é fós leis an capoll mílítheach úd na n-Apocalips nó na dTaisbeánaighthe do tharaing 'na dhiaig gorta, pláig, bás, ifrionn agus an uile shórt uilc, mallacht agus mí-fhoirtiúin. Is cosmhuil é leis an gcloichshneachta úd na hÉigipte do leighig agus do loit an uile shórt dá dtáinig trí thalamh. Is cosmhuil é le teine Shodom agus Ghomorrtha do dhóig agus do dhubhloisg na huile nidhthe. Ní thuigeann inntleacht agus ní labharfadh teanga méid na n-olc agus na mí-fhoirtiún do tharngeas an peaca san anam. Maise, muna bhfuathaighthí gan stad an peaca agus muna ruaigfidhe uaibh i n-imgcian é maille ris an uile ghráin do bheith agaibh air mar an olc is mó ar bith, méadóighfidhe go mór bhúr gcuir agus ní bhiadh sibh ar aonmhodh inleithsgéil. AN .6. CAIBIDIL ionna suightear gurab é an peacadh olc is mó do na huilc agus cosbóir aonrecánta fhuatha agus fheirge Dé. Do na huilc go huile ní bhfuil aon olc ann is mó iná an peacadh, do bhrígh gurab é athair agus tobar an uile uilc é. Ní bhfuil olc ar bith ar neamh ar an adhbhar ná deachaidh an peaca asteach ann. Ní bhfuil olc ná amhgar ar bith acht i n-ifrionn do bhrígh gurab é an peaca do riaghlas
agus do stiúraigheas ann agus go bhfuil gach nídh dá bhfuil ann luchtmhar dingthe lomlán de. Da mbiadh gan an peacadh do theacht asteach san domhan agus dá bhfanfadh Adam ar staid na neamh-chionnta, do budh ionad cómhnaighthe shocair shuairc aoibhnis agus plaésiúir an talamh mar na flathais. Acht do tharaing an peacadh an uile shórt uilc agus feilebhearta, boichtineacht agus annródh, pláig, cogadh, feall, murdar agus tnáith, plé, clampar agus achrann, troid, bruighean agus ceannairic, cailleamhaint, gorta, ruathar agus tóiteán, agus an uile shórt donuis, tiubuiste agus doghruinn oruinn ar an dtalamh. Dámadh fíréin sibh, do budh coróineadha órdha agus óirchisteadha neamhfholamha dhíbh gach donas agus doghrann agus gach peannaid, pionnós agus piannta dá bhfaghaig sibh. Is iad bhúr bpeacadha is bun agus is adhbhar dá bhúr n-uilc. Níor cheart díbh aon nídh d'fhuathughadh acht an peaca féin go haonrecánta, ná gearán do dhéanamh acht air, ná labhairt go trom acht in' aghaidh, ar an adhbhar, iar dtreasgairt an pheaca dhíbh, léirsgriosa sibh bhúr ndeargnamhaid agus do-bhéarfaidhe bás dá bhar n-uilc, más miann libh a dhiansgriosa asaibh tré thréantsrotha tréanáidhbhseacha na hairthighe fíre. Is mó go mór dh' olc an peaca ná an bás agus ifrionn cidh fionnas agus gur clann agus daltadha cíoch do iad. “An t-anam do pheacóghas, do-gheabhaidh an bás síorraidhe,” Anima quae peccaverit, ipsa morietur in aeternum, Ezech.xviii.20. Is é Dia an t-aonmhaith aonrecánta, maitheas na maithios, ina bhfuil an uile shórt maithis, maitheas dochoimsighthe neamh-chríochnaighthe. Ní bhfuil ar neamh ná ar dtalamh, i measg aingiol ná daoine, an teanga ag a bhfuil sé ar gcumas di leath ná trian maitheasa Dé d'ínsint. Amharcaig féin agus féachaig don taoibh eile créad é mar olc an peaca. Atá sé ar mhodh éigin cómh mór ionna mhailís agus ionna phiannta, ionna úrghráinneacht, ionna úirlísleacht agus ionna tharcuisneacht,
le Dia ionna mhaitheas agus ionna mhórdhacht, ionna ghlóire agus ionna bheannaightheacht, ar an adhbhar go bhfuil an peaca ionn gach uile phoínte conntrárdha do Dhia agus go bhfuil 'na dheargnamhaid aige agus ag gach uile nídh dá bhfuil i nDia. Dá bhrígh sin, is é an t-aon olc aonrecánta é, olc na n-olc, do choimsigheas na huilc go huile, smior agus smúsach na n-olc, olc síorraidhe, olc dochoimsighthe neamh-chríochnaighthe dh'ainglibh agus do dhaoinibh, ar mhodh ná tig le créatúir san mbith leath uilc agus mailíse an pheacadh d'ínsint. Ar an adhbhar sin, is neamhthuigsint ionngantach agus dall-inntleacht chailleamhnach díbh uamhan, eagla ná faitchíos ar bith dá bhar nglaca roimh na huilc eile iar dtabhairt dearmoid annsa bpeaca is athair agus is bun dóibh agus is olc aonrecánta agus an t-olc bhus mó do na huilc. Agus má tá uamhan ná eagla agaibh roimhe, créad é an fáth n-a nglacthaoi leis ná n-a gconnlaigheann sibh é ná n-a dtugathaoi lóistín nó ionnad cómhnaighthe ionbhár n-anma dhó? Agus créad é an fáth ná scriosan agus ná ruaigeann sibh é agus ná díbearthaoi a phriamhacha as bhar gcroidhtheacha cruadha clochacha? Is deimhin gurab mór an namhaid dá bhár n-anma féin agus dá bhár maith aonrecánta .i. Dia, sibh, do bhrígh an té ghrádhaigheas an mhallaightheacht go bhfuathigheann a anam féin, do réir bhréithre an Righfháig Dáibhí,Ps.x.6. Ní bhfuil fuath ag Dia agus ní féidir leis do bheith do nídh san mbith acht don pheaca féin go haonrecánta, do bhrígh go ngrádhaigheann Dia gach nídh san mbith agus ní fhuathaigheann nídh dár chrutaig sé, Sap.x.25. Grádhaigheann ar an adhbhar sin Dia gach uile chréatúir dár chruthaig sé. Ní bhfuil ann acht an t-aonmhallacht aonrecánta, an peacadh, nár chruthaig sé ag árab é an diabhal agus droch-ghníomhartha na ndaoine is úghdar dho. Atá grádh, searc agus gean ag Dia don diabhal agus do na damanntaig mar a chréatúireadha agus oibreacha a lámha féin. Coiméadan agus cosanan iad. Ní fhuathaigheann nídh ar bith ionnta acht an peacadh. Ní chuirionn
peannaid ná piannta ortha acht 'na dhiaigh, ní ruaigeann as a radharc iad acht ar a shon. Mar an gcéadna do Dhia do thaoibh na bpeacach: ní fuathmhar leis nídh dhá bhfuil ionnta acht an peaca, agus d'éis iad dá dhiansgrios asda tré shrothaibh tréanáidhbhseacha na fíoraithrighe, grádhann Dia agus gabhan lean' ais iad mar a chloinn toghbhtha dílios féin, mar d'éirig do Naomh Matha do bhí 'na phuibliocánach sgannaileach agus don mhnaoi pheacamhuil, Muire Mhaghdalen, dobhí 'na lóistín tsalach agus 'na camara bhracach ag deamhain agus ag diabhail ifrinn; mar ghadaighe na láimhe deise d'ionntaig agus d'adamhaig Críost, nó mar Naomh Pól dobhí 'na leóghan fheargach agus 'na sgriostóir airigtheach ar eaglais Chríost, atá annois 'na réalta eólais agus 'na lóchrann soillseach san eaglais chéadna. Is dochoimsighthe an mhiosguis atá ag Dia don pheacadh ar mhodh gur fuathmhaire leis é go mór agus gurab áidhbhsighe ná an searc atá aige ar na Seraphin, do bhrígh d'éis Lucifer 's a chúmplacht do thuitim san bpeacadh gur theilg Dia iad ó fhlaitheas i ndiag mhullaig a gcinn go hifrionn. Is mó go mór a mhiosguis ar an bpeacadh ná a ghrádh ná a shearc don duine ná do na créatúireadha. O! is maith do chuir i n-úmhail a fhuath ar an bpeaca an tan, tré neart miosguis' air, do bhádhaig an domhan uile le tréantuile na dílionn, gan féachuin do dhuine ná do bheathadhach, d'ealtain ná d'éanlaith, do phlannda ná do fhéar ghlas, do mhullaighe cnoc ná sléibhte ná do nídh ar an saoghal so, le méid a ghránach ar an bpeacadh. Is fíor gurab mór grádh agus gean Dé ar na naoimh, a shearbhóntaighthe féin, agus go gcoiméadan iad mar mac imearsan a shúl, acht is mó go mór a fhuath ar an bpeacadh ná an grádh atá aige dóibh-sean, do bhrígh d'éis tuitim do
na naoimh i bpeaca mharbhtha, go ruaigeann Dia as a radharc iad mar a dheargnamhaid, imighean uatha, tugan cúl a chinn dóibh, gearann uatha a ghrása, ritheann i n-imchian uatha ionnas agus ná beith a níbhus mó 'na Dhia, 'na riaghailtheóir, in' athair, 'na stiúraightheóir ná 'na shlánaightheóir aco, ar mhodh go ndéarfadh Dia mór na n-uile-chómhacht, cruthaightheóir nimhe agus talmhan, ag iompóghadh a chúil reó: Abscondam faciem meam ab eo, Deut.xxxi.17, “Foileóghadh mé m'aghaidh air agus ní fheice sé mé a níbhus mó”. Budh naomh Saul an tan do toghag é dochum a bheith 'na rígh, I Reg.xxxi.4, acht gan stad ionnar thuit san bpeaca, tréana phoimp agus tréna neamhúmhlaigheacht, do thréig Dia é, agus fá dheóigh, tréna chruadhmhuinéaltacht, do léig dho tuitim i n-éadóchas. Cuireann fós an fuath atá ag Dia ar an bpeaca fá deara air gan suim ná éifeacht do chuir i dtrosga, i ndéirc ná i n-úrnaighthe, i n-ofráil, i n-íodhbairt, i n-Aifreann ná i n-órd, i dturais, i n-eileirtheacht ná i nídh ar bith do mhaithghníomharthaibh do-ghnídheann sibh ar staid an pheacadh, do bhrígh, má dhéantaoi iad-so agus sibh in bhúr bhfeilebheartaig annsa bpeaca, nách fiú náda dhíbh iad dochum na bhflaitheas mar is oibreacha marbh leis an bpeacadh iad. Agus bíodh go ndéantaoi iad iar mbeith dhíbh ar staid na ngrás, níorbh ursa iad dochum fuatha ná feirge Dé do dhíbirt uaibh ná chum sibh d'anacal ar phianntaibh síorraidhe ifrinn dá bhfaghadh sibh bás annsa bpeaca. Amharcaidh féin agus féachaidh créad é méid na gránach budh dhual díbh do bheith agaibh ar an bpeaca más ciallmhar fáth-ghlic sibh, ag leanamhuin do chómhairleacha an Tighearna nách féidir do mhealla agus ná feallfaidh.
AN .7. CAIBIDIL do thaisbeánann go gcuireann bás agus páis Íosa Críost mar aon le géarfhulang na naomh gráineamhlacht an pheacadh i dtuigsin dúinn. Is mór é bhár gcathughadh agus bhúr mbuaireamh má chailltí nidhthe beaga diombuana teamporálta nó aimseardha an tsaoghail so, agus ní chuireann sibh suim ná cás i saidhbhreas, i stór ná i n-ionnbhas síorraidhe na bhflaitheas do thréigeann trésan bpeaca. Dá ndeachadh feidhim dlighe ar bith ionnbhar n-aghaidh, dá mbriseach beansglábhaidhe sgáthán nó gloine, dá ndiúltaghadh bhár gcaraid seirbhís do dhéanamh dhíbh nó dá dtugach bhár bhfaightéireadha nó bhár leacaíghe neamhshuim ionnbhúr ngnóthaighibh, dob uathbhásach bhar gcailleamhuint agus dob áidhbhseach bhár n-easbaghaibh. Osglaigh bhúr súile agus guilig agus caoinígí bhár ndall-inntleacht. Do chailleamhair bhár n-anma do chosain fuil uasal Íosa Críost ár dTighearna, agus ní dhéantaoi acht neamh-nídh dhe sin. Do raobamhair na cóimhcheangail do-rineadar na grása idir sibhse agus Dia. Do-níthí gach nídh conntrárdha dhá órdughadh, éimigheann sibh bhúr ndeóra do dhorta tré chroidhbhrúghadh agus tré thuirse ná siubhal go díreach ionna shlightibh ná a aitheannta do choiméad, agus ní bhfuil binn ná éifeacht agaibhse ionnsin. Acht bíodh a fhios agaibh go láimheóghaidh Dia sibhse amhuil agus mar do lámhaig sibhse eision. Ar mhodh an tan do bhias díth coda agus carad oraibh, dá bhár gcúl-gheara le cúlchainnt agus le murmur, an tan do-gheabhthaoi bás obann anabaidh gan ollmhughadh ná aithrighe, i ndamaint tsíorraidhe i n-iffrionn, ní dhéanfaidh buairt ar bith ná trioblóid do Dhia do bhrígh go méadaigheann sin a ghlóire. Dá bhrígh sin, déingidh cás mór agus suim iongantach do
ghnóthaibh Dé agus déanfa seision an nídh céadna dá bhár ngnóthaibh-se. Tugaidh oghamós agus onóir do ar an saoghal so agus do-bhéarfaidh seision an bheatha shíorruighe dhíbhse ar an saoghal eile. Oh! is úrghrána donaoi tuibisteach doghrannach an nídh é an peacadh do bhrígh go dtáinig an oiread san uilc dá dhruim. Dothug aon pheaca aonrecánta Adaim an bás do féin agus dá shliocht 'na dhiaigh, ar mhodh dá mbeadh a mhíle oiread eile nó nuimhir dochoimsighthe ann díobh, nách rachach naoín aonoidhche as díobh gan pianta na cuire so d'iompchar. Acht is mó go mór ná sin do foillsighthear mailís an pheaca dhúinn annsa leóirghníomh do-rin Críost ar ár soinne. Ó! dámadh nídh cómh beag-éifeachtach sin an peacadh, budh thíoránta cruadhchroidheach an nídh don Athair Síorruighe a Aonmhac Íosa Críost do chur dochum báis comh sgannalach sin dochum leóirghnímh agus sásaimh do thabhairt ann, amhuil agus mar gomadh neamhthrócuireach tur éadtruadhach an nídh do athair a aonmhac sár-ghlic iomshlán dilghrádhach féin do chuir dochum báis ar neamh-nídh. Do chuir an t-Athair Síorruighe Íosa Críost ár dTighearna, a Aonmhac fíorghrádhach féin, dochum báis ar son an pheacadh. Do rugadh é i measg na mbeathadhach n-allta i mboichtineacht 's i n-annródh, ag fullang fuachta, gortadh, masla agus mí-mhodh nó go dtug leóirghníomh agus sásamh annsa bpeacadh i gcrann sgannalach na croiche. Do bhrígh nárbh fhéidir le naomh ná bannaomh, le duine ná le haingeal an sásamh so do thabhairt uaidh, níorbh fhuláir beatha agus sláinnte, fuil agus follracht Dé ionchollaighthe mar Íosa Críost, Dia fíre agus duine iomshlán, dochum a dhéanta. Maise, créad é an nídh ná dearna Críost ag fulang agus ag iompchar an uile shórt peannaid agus piannta dochum sásaibh do thabhairt san bpéin do budh dhual don pheaca d'fhagháil? Agus ní deónuightheach libhse an uiread sin
agus bhár nglúine d'fhille, an deóir is lughadh do ghul ná guidhe dochum Dé ná deaghoibreacha ar bith do dhéanamh ná bhúr gcoirtheacha d'admháil dochum léirsgris an pheaca do thabhairt ná leóirghníomh ná sásamh do thabhairt don Fhíorcheart nDiadha ionnta. Tugaidh aire mhaith dhíbh féin. Dobhí áirc Noé i gconntabhairt an bhara uisge na dílionn ag tóirnig agus ag tíntreacha, ag stoirm agus ag rabhartha, ionn an uile shórt phriocail agus dainséir, dochum an mhéid dobhí innte do chosnamh ar a mbáthadh. Mar an gcéadna dothug daonacht Íosa Críost í féin suas do ruathar tuile dílionn phianta agus pheannaid, ghuirteamuis agus tseirithin agus bháis sgannalaig na croiche dochum sinne do shábháil ar an bpeacadh. Dobhádar na haingil d'fhuasgail Loth as méirliochas Shodaim fá mhíghníomh agus fá mhurmur, fá bhuile agus fá mhímheas na Sodomíteach, Gen.xix.4.9, agus mar an gcéadna d'Íosa dobhí fó mhoghsuine agus fá dhaoirse, fá bhuile agus fá mhímheas, fá neamhthruaigh agus fá neamhthrócuire na gceasadúnach úd do chuir dochum báis é, dochum sinne d'fhuasgailt ón bpeaca. Do teilgeadh Ionas fán bhfairge dochum a storma do thraocha. Do teilgeadh Íosa i measg mara do-úngabhálta na croiche, na bpeannaid, na bpiannta, na mímheas agus na martara, dochum mór-fhearg a Athar do loighdughadh do thuilleamair tré ár bpeacadhaibh. Do chuir Dáibíodh é féin i gcúntabhairt a shloigthe ag Goliath dochum a phobuil d'fhóirighthin ó léirsgrios agus ó ghéar-leanamhuin an athaig chéadna, I Reg. xvii.40. Créad iad na cruaidhshlighte nár ghaibh Críost tríotha dochum sinne d'fhuasgailt ó annsglábhadhacht an pheacadh? Maise, tugaidh fá deara, ar an adhbhar sin, méid agus úrghráinneacht an pheacadh, cia fionnas agus gomadh éigean saothar agus bás Dé agus iomshlán a choda fola fíoruaisle dochum a léirsgriosta asuinn.
Agus anois féin, an tan do chuireamaoid fearg air, ní bhfuil ar gcumas do chréatúir san mbith párdún aon pheacadh amháin mharbhtha do thuilliomh dhúinn. Ní fuláir d'fhuil Chríost agus dá mhórshaothar sin d'fhagháil dhúinn. An nídh suarach beg-éifeachtach ar an adhbhar sin an peaca do chosain beatha agus sláinte, fuil agus folracht Dé, noch nách féidir do mhaitheamh acht tré dhlúthchuir thuillimh Íosa Críost ár dTighearna agus na fola céadna? Do bhronadar na naoimh ar na boicht a maoin agus a substainnt, a n-ór agus a n-airgead agus a n-ullamhaithios, agus d'fhuilingeadar an uile pheannaid agus phianta, bhoichtineacht agus annródh dochum an pheaca do sheachuint. Do cuireadh Naomh Peadair dochum báis ar an gcruis buinisgionn. Do chaill Naomh Pól a cheann. Do-rineadh carn cloch do Naomh Stiabhna. Do róstag Naomh Labhrás. Agus fá dheóigh d'fhuiling nuimhir neamhchinnte eile do naoimh míle gné pheannaid agus phianta cómh cruadhálach leó-so. Créad é an fáth, ar an adhbhar sin, ionnar fhuiling an uiread sin naomh pianta ar an modh sin acht dochum mór-fheirge Dé do sheachna? Do bhrígh, dá séanadís na mairtíreadha creidiomh Chríost, ná héireóghach nídh ar bith dhóibh, agus créad é an fáth nár mhiann leó a shéana? Atá, go dtoillfidís fearg agus eascáirdeas Dé dhá chionn. Do ghabhadar ar an adhbhar sin trésan uile shórt cruatain agus annródh i gcontabhairt a mbeatha, fá mhímheas agus tarcuisne, ar díth coda agus carad, dochum an pheaca do sheachna. Cuimhnighidh ar an adhbhar sin nách nídh beag-éifeachtach an peaca nó budh lucht mire agus díthcéille na naoimh do chaill a maoin agus a mbeatha, a bhfonn agus a bhfearann tréna dtoil féin go haonrecánta mar gheall ar neamh-nídh. Do budh
chathaightheach dobrónach neamhshuairc Dábhíodh tré bhás Absolom. “A Absoloim a mhic,” ar sé, “a mhic Absoloim, créad fáth ná fadhaim bás dochum tusa d'aithbheóghadh!” ii Reg.xviii.33. Do ghoill bás Ionathais agus Shauil air mar an gcéadna ar mhodh gur mhallaigh na sléibhte tré mar nár chaoigheadar iad, ii Reg.1.17. Ó maise, créad na srotha tréanáidhbhseacha deór do budh cheart díbhse do shile tré bhás do thabhairt do Chríost, tré bhár n-anma do chailleamhuint agus Dia féin bhus beatha dhóibh, túis a ndeaghfhoirtiúin agus an chríoch fánar cruthaigheadh iad. CAIBIDIL 8 ionna bhfoillsighthear gurab mó do ghoilleas peacadha na gcreidmheach ar Dhia ná peacadha na bpágánach agus na ndíthchreidiomhach. An tan do bhagair Naomh Eóin Baiste mór-fhearg Dé ar na Giúdaighthibh muna ndéingidís aithrighe, adubhairt: “Cia do-bhéarfaidh dhíbhse éifeacht fheirge Dé do sheachna?” Math.III.7. Do ghabhadar a leithsgéil, ag rádh gomadh chlann d'Abraham iad, acht do fhreagair Eóin agus adubhairt ná saorfadh an cháil sin iad ó fhíoch ná ó fheirg Dé do bhrígh go m'fhéidir leis na clocha d'iompóghadh dochum na mbeith 'na gcloinn ag Abraham agus muna ndéingidís aithrighe go ndamnóghfaoi iad cia bé ar bith cáil nó coinghiol iona mbiaidís. Déingidh-se an nídh céadna ag rádh gurab Críostaighthe sibh agus mar sin nách eagal díbh. Teangmhóidh a chonntrárdhacht díbh do bhrígh gur pianmhaire do leagfas Dia a thréanbhuille
oraibh tréanbhúr bpeacadhaibh ná dámadh Turcaig, díthchreidmhig nó Giúdaighthe sibh, do bhrígh gurab áidhbhsighe mhó mhailísighe bhúr gcorrthacha-sa ná peacadha na muintire úd ná haithnigheann Dia ar aon mhodh mar sibhse. Is mó an díol do baintear do na sladaighthibh tighthe ionna bhfeilebheartaibh agus na pionóis do-gheibhid iona bhfiolúntacht ná na strainséirighthe nó an mhuintior ná bíonn fios imighthe an áruis aco. Agus fós is mó ghoillios an éagcóir agus an anabhreath dobheirionn ár gcaraid oruinn ná an t-inghreim agus an t-éagceart is mó is féidir lenár namhaid d'imirt oruinn, mar is follas i bpearsain Dáibhí trésan ngearán cruaidh do-ghnídheas ar a sheiribhíseacha d'éis iad dá thréigion, an tan adeir: “Dá mallaigheach mo namhaid mé d'fhuileóghnainn é, acht tusa do shuigheann mar aon riom dochum mo chláir, agá raibh mo mhuinghín agus mo dhóthchas ionnad agus agár ghabhas leat mar ghiolla, créad fáth ar thréigis agus n-ar dhíolais mé?” Ps.LIV.13-15. Créad é mar dhólás agus mar dhobrón! Do budh é an t-aon-phionós agus an t-aon-mhartra is mó d'fhuiling Críost ionna pháis mar do thréig agus do dhíol Iúdás, a dheisgiobol féin agus aon dá apstalaibh, é, agus ní bhfuil nídh ar bith is mó ghoilleas air anois ná a mhioncaigheacht do thuillid na Críostaighthe, a shearbhóntaighthe agus a chlann, a fhearg 's a dhobhuidheachas, dá gcoiméad san eaglais 'na theaghlach féin, dá gcothughadh 's dá mbiathadh lena chorp agus lean' fhuil daorluaidh féin, d'éis a bháis do thabhairt ar an gcruis agus dá íodhbairt féin go laéthamhuil ar an altóir ar a son; agus 'na dhiagh sin, ní úmhlaighid iad féin dá láthair acht dá aithisiughadh agus dá imdheargadh amhuil agus mar gomadh dheargnamhaid
dho iad. Ó! is mó go mór do ghoilleas a bpeacadha air ná uile dhia-aithis na ndamanntach agus ná géar-leanmhuin na ndíthchreidmheach. Budh chúis dobróin agus tuirse mhór do Noé a mhac féin, Cam, noch do threóraigh gan bhádha tré thonna na dílionn, do bheith ag fonamhad 's a' maga faoi, Gen.ix.25. Do threóraigh agus do shaor Críost sibhse ó dhamaint tsíorraidhe tréna chrois, agus tarcuisnigheann sibh é tré shlightibh conntrárdha dá bheatha sin; agus an féidir leis sin d'fhulang ná d'iompchar gan fearg? Budh mhór cuthach agus buile fheirge Ioseph mac Iacob d'éis a dhearbhráithreacha dá dhíol leis na strainséaracha, Gen.xxxvii.28, do bhrígh go raibh d'oibliogáid agus d'éadualang orrtha a chosnamh dá ndearnthaoi fóirneart air agus a fhuasgailt gion go mbiadh 'na sglábhadha; agus ar a shon sin agus uile do ghabhadar féin do nó gur dhíoladar é. Ó créad sin mar chruadhchroidheacht! Sibhse, a Chríostaighthe, do-ghnídhthí an nídh céadna le Críost, bhúr ndearbhráthair ioncholnaighthe féin, agus i n-ionnad a onóra agus a mhórdhachta do chosnamh i n-aghaidh na bhfeilebheartach, tréigthí agus díoltaoi é go mí-onóireach mí-oghmósach mí-urramach, dá aithisiughadh agus dá imdhearga tré andúil shanntaig iomarcaig diombuain an tsaoghail so. Amharcaidh, dá bhrígh sin, ar Chríost agus féachaidh air maille re truaigh dho ionnaimh féin, agus gabhaigh coimeirce aige go sochroidheach trésan aithrighe. Adeireadh Saul gomadh í an chómhthuigsint do bhíodh idir é féin agus Dáibhí do budh namhaid fhollas dho, caduaic budh mhó leis, I Reg.xviii, agus gomadh é do-riarthacht agus cadrann budh mhó le
Sampson an tan do ghearradar na Filistínig a ghruaig agus do raobadar a shúile, mar do thréig agus do dhíol Dalila é ar a dtug searc a chroidhe agus rún a chléibh, Iud.xvi. Do-rinne Íosa Críost a chlann féin agus a leanba dílis díbhsi trésan mbaiste, ag tabhairt beatha na ngrás díbh agus 'na dhiaig sin go gcómhcheangaltaoi sibh féin risan ndiabhal, resan saoghal agus reisan gcolainn bhus naimhde aonrecánta aige, d'éis bhar ngeallamhna san mbaiste go séanfadh sibh iad. An measan sibh nách mór a fhearg tríd sin? Tug an Slánaightheóir dianmhaith so é féin díbh amhuil Shamson re Dalila. d'fhág a chorp naomhtha féin mar aon rena chuid fola fíoruaisle agus an Sgrioptúir Diadha agus gach nídh dá raibh aige mar oighreacht agaibh dochum bhar gcothughadh, agus cailltí ar a shon sin é trésan bpeacadh, tré mhí-órdughadh agus tré mhallaightheacht, tré uabhar agus tré shainnt, tré chraos agus tré leisge, tré dhrúis agus tré mheisge, dá imdhearga agus dá ghearadh, dá ithe agus dá ghreada le lagachar creidimh agus le saobhchrábhadh fallsa. Ó! an féidir ná bainfidh díol díbh lá éigin ionnbhár bhfeilebheartaibh muna gcóimhrighthí go prap gan stad fó ghéin tobair fhíorghloin na haithrighe dochum bhúr n-anma truaillighthe d'fhothragan go glé-ghlan aiste. Is mó d'éadualang ar dhignid Chríostaighe a bheatha do chaithiomh a níbhus naomhtha ná do budh éigion do phátriarceadha agus d'fháigeadha an tseannreachta do dhéanamh cia fionnas agus go ndeir Críost, muna cirte sibh ná na Sgríobaidhe agus na Pharaisínig, ná rachtaoi asteach choidhche go ríoghacht Dé, Math.v.20. Agus 'na dhiaigh sin is cian sibh ó shómpla na bpátriarcadha agus na bhfáigeadha do leanamhuin 'na mbeatha agus 'na dtréithe,
acht ag ruille ruaille ó olc go holc, a tréan-rith re faill mhara na bhfeilebheart a níbhus measa ná págánaig agus díthchreidmhig. Do budh chóir gomadh eisiompláir dheaghthairbheach sibh don uile chréatúir dá bhfeicfeach bhúr súil dochum glóire agus mórdhacht Dé do mhéadughadh, acht a chonntráil, tugthaoi dia-aithis agus sgannail do naomhainim an Tighearna tré bhúr mbeatha mhallaighthe, Rom.v.24. Budh cheart gomadh fhusa díbh bás d'fhagháil agus bhar maith agus bhár maoin tsaoghalta do chailleamhuint mar do-rineadar na mairtíreadha a níbhus túisge ná do-bhéarfeach sibh toil dochum an pheaca do dhéanamh. Budh chóir go léigfeach sibh don domhan uile dul ar ceal sol do chuirfeach sibh fearg ar Dhia, do réir na mbriathra so Íosa Críost .i. “An té ná tréigfidh a bhfuil 'na sheilbh sol chuirfeas fearg orm, ní féidir dho bheith 'na dheisgiobal agam,” Luc.xiv.33. Agus mar ghrádh ar stór agus ar thoice bheag bhocht dhiombuan an tsaoghal so, tréigthí bhár n-Athair Síorraidhe tré pheacadh, iar sgaramhuin na ngrás ndiadha ribh, ionnbhúr ndeargnamhaid ag Dia mar dheamhain agus mar dhiabhail ifrinn. Ó créad é ' mhéid mar mhí-fhoirtiún! CAIBIDIL 9 Is úrghráinnigh go mór agus is ionphionósta peacadha na gcreidmheach, tré oibliogáideadha agus éadualang na Catoileacachta, ná peacadha na dTurcach agus na nGiúdaigheach. Do budh cheart díbh, gé fionnas agus sibh do bheith ionnbhúr gCríostaighthe, beatha naomhtha do bheith agaibh
ionnas gomadh léir dhúinn tré bhúr ngníomhartha naomhthacht an chreidimh Chríostamhuil do leanan sibh, amhuil agus mar aitheantar an deagh-cheárdaoi ón' oibreachaibh. Ní hiongna na págánaig do bheith mallaighthe do bhrígh go bhfuil a ndlighe coineallbháidhte; acht táid bhár reachta agus bhúr ndlighthe-se naomhtha, agus mar sin cionnas do bhiadh sibhse ionleithsgéil gan a gcoiméad gan bheárna? Is dual don Chríostaighe ionchrotha Chríost do bheith air ar mhodh ar a fhaicsint air, gomadh fhéidir le neach ionchosmhulacht Chríost do ghlaca air féin, mar adeir Naomh Pól: “Amhuil agus mar d'iompramair-ne íomháigh an Adaim thalmhuighe tré bheatha thalamhuighe, mar an gcéadna iompramaoid íomháigh Íosa Críost do thúirling ó nimh tré bheatha neamhdha,” I Cor.xv.49. “Má labhran aoineach, greamaoidheach sé d'fhoclaibh Dé,” adeir Naomh Peadair, I Pet.iv.11. Mo thruaigh! Dá dtarngthaoi bhúr gclódh amhuil agus mar budh dhual, ní bhiadh acht mar chlódh Lucifer re huabhar, nó Cháin agus Iúdáis re sainnt agus re craos, nó cló muice re bréantas, re salachar agus re móraigraightheacht. Cionnas mar sin d'aithneódhachas Críost sibh mar Chríostaighthibh .i. a íomháigh féin ionnaibh, mara rabhair cosmhulach ris i modh éigin? Acht in' aghaidh sin, bíonn sibh ionn gach pointe conntrárdha dho, agus dá bhrígh sin, aire mhaith dhíbh air i n-am. Is mó go mór, is cosmhuil, do ghoill ar Dhia murmur agus doiriarthacht Chloinne Israel ar an bhfásach, noch do threóraig sé as daorbhruid Rígh Pharao, ná uile iodhaladhracht agus géar-leanmhuin lucht áitribh na hÉigipte, do bhrígh gur ghlac an oiread sin feirge é ionnas agus nár mhiann leis cluas, aire ná éisteacht do thabhairt do ghuidhe ná d'athchnuighthibh Mhaoise, do bhrígh nárbh aithnid do na hÉigiptig é agus gur ró-mhinic do nocht agus d'fhoillsig sé é féin do Chloinn Israel tré mhíorbhuilligheadha mionaca
do-insteana, agus ag sin an t-abhar n-a raibh i bhfeirg 's i bhfíoch leó. Ní thigid agus ní aithnighid na fiaghantaig, na Turcaig ná na díthchreidmhig eile Dia acht tré lonnradh agus tsolas na nádúire agus mar sin ná fuilid a bpeacadha cómh mór sin tré easba a gcaidribh ar Dhia agus tré loighead a n-aitheantais air. Acht sibhse, na Críostaighthe, leith amuith do bhár raésún agus bhár dtuigsint, atá radharc, lonnra agus solas an chreidimh, na fáigeadha, na suibhisgéalaidhthe, an seanreacht agus an reacht nuadh, na comhairleadha, na dochtúireadha, na seanmóntaighthe agus na deighleabhair aguibh dochum tuigsint, éifeacht agus aitheantas gach nídh bhus riachtanas dhíbh dochum an pheaca do sheachaint d'fhagháil, agus muna dtréigthí é, nách móide bhár gcuir agus bhár milleán é? Is milleánaighe agus is mó do dhíol pionóis an seirbhíseach ná déanfadh toil a mháighistir agus a fhios aige cionnas, ná an té úd ná fuil a fhios aige ar aonchor, Luc.xii.47. Leanaig don bhfírinne so agus cuiridh í i gcómhthuigsin díbh agus smúinigí muna mbiaithí ionnbhúr ndeighChríostaighthibh, gur móide go mór do thoillfidhe pionós é. Adeir Dia gurab peacadha tréana láidre peacadha na gcreidmheach Amos v. 12, agus gurab peacadha laga faona peacadha na ndíthchreidmheach, do bhrígh ná troidid peacadha na ndíthchreidmheach acht i n-aghaidh an raésúin nádúrtha ná fuil acht ró-lag innte féin ó thuitim Adaim. Acht na Giúdaighthe, ní hé amháin gur thuiteadar i méirleachas i n-aghaidh an réasúin neartmhair féin acht gur chlaonadar fós an dlighe thug Dia dhóibh agus do chóimhneartaig sé tré an oiread sin míorbhuilleadha agus geallamhna agus bagairt i n-aghaidh lucht a raobtha. A!
monuar! is mó go mór fós ná so agus is neartmhaire i gcian peacadha na gCríostaighthe do bhrígh go gcóimhrithid tríd an uile shórt bacall agus toirmisg dár cuireadh ortha, ag léimnig tré mhíle racht dá ndeárnadh, mar atá dlighe Dé agus na heaglaise, míorbhuilleadha Chríost ár dTighearna, a shómpladha, a bhás, a pháis, a thuilliomh, a shacrameinteadha, reacht na heaglaise, sómpladha na ndeighbheathach agus an oiread sin teagaisg, cómhairleach agus labhartha tug dhóibh tréna ghuth naomhtha féin. Léimid fós tar mhór-eagla bhreitheamhnuis Dé gan éifeacht do chur i ngeallamhna an bhaistighe noch do hathnuadhag cómh minic sin san bhfaoisidin, agus cognamh chnuimhe an choinnsiais, agus fá dheóigh raobuid trésan uile ghrás agus tréighthe agus trésan uile mheadhon dár fhág Críost agus an naomh-eaglais aguinn dochum buadhchaint ar an bpeacadh. Téid bhár gcurtha agus bhár bpeacadha-sa thársta-so. Nách teann láidir neartmhar ar an adhbhar sin iad? Is géiride mar sin do pianfaighear sibhse dá gceann i n-ifrionn. “Ó! is pianmhaire threise go mór do láimheóighfíor an mhuintir budh mhailísighe agus budh neartmhaire i n-uilc ná an mhuintir ná raibh i gcóimhmeas leó,” Sap.vi.7. Ar an adhbhar sin, silig bhár ndeóir, buailig bhár n-ucht, déinig an aithrigh do chómhneartóghaigh sibh i n-aghaidh nirt agus fhórsa bhár bpeacadha. CAIBIDIL 10 Ní maithfighear peacadha an ghníomha .i. na peacadha iar mbaiste, acht trésan aithrighe. d'órdaigh Dia annsa tseanreacht lá féasta dá ngoirthí Lá an Sgiomartha, lá oirdhirc ró-naomhtha ionna raibh
d'oibliogáid agus d'éadualang ar Chloinn Israel fá phéin bháis d'fhagháil dámadh mhainneachtnach iad fá theacht gusan bhféasta sin agus dobrón agus doilbhios inmheadhonach dá nglacadh maille re hiad féin do ghríosughadh dochum aithmhéala do bheith ortha fána liacht uair do chuireadar fearg ar Dhia riamh ar feadh a mbeatha. Do bhrígh go raibh an bhagairt soléir glinn re faicsint aco: “An té ná biaidh croidhbhrúghach ná tuirseach annsa ló so aniu, geárrfadhar é dá phobul,” Levit. xxiii. 29. Is fíghir é do chuirios i n-umhail dúinn go fírinneach an riachtanas dobhíos ris an aithrighe fá phéin damaint tsíorraidhe dhon mhuintir (d'éis tsacramuinte ró-naomhtha an bhaistighe do ghlaca) d'fhuiliongus iad féin do thuitim go mífhoirtiúnach i bpeacadh mharbh, do bhrígh ná fuil meadhon ar bith eile aco dochum buadhchaint ar an bpeacadh ná éirghe as ná párdún d'fhagháil ann acht trésan aithrighe amháin go haonrecánta. Do bhrígh go sgríobhtar san Sgrioptúir nDiadha: “Gach n-aon, gibé ar bith é, gach anam gan eidirdhealamh idir aon, ná gearánfaig air féin go cruaidh trésan aithrighe iar gcur feirge ar Dhia, go gcaillfighear é go síorraidhe.” Smuaingidh go dian ar an bhfírinne so, agus gé fionnas go bhfuiltí cionntach i bpeacadha iomdha, déinig aithrighe ionnta i n-am, agus ní hé amháin i n-aon lá riaghalta mar lá an tseanreachta acht i n-iomshlán bhár laéthaibh agus ar feadh bhár mbeatha, do bhrígh go bhfuilid bagartha an Tighearna neamhfhaillightheach. Ar mhéinn libh, ar an adhbhar sin, sibh féin do dhamainnt fá fhuaire, fá mhainneachtnaighe nó fó gan deaghfhaoisdin nó aithrighe bhríoghmhar ghéar-nimhneach tré bhúr bpeacadha do dhéanamh? d'fhág réimh-fhaicsint tsíorraidhe athardha Dé an uile shórt luibhe riachtanuis aguinn dochum aicídeadha an chuirp do leighios, agus mar an gcéadna tug a mhórthrócaire leigheas dúinn dochum an uile luit, othair, luigeacht agus
míthreóir dá mbíonn ar an anam (ag árab iad na peacadha cuid is dainséaraigh dhíobh) do leigheas. Ó! ní bhfuil aguinn féin acht an deaghúsáid do dhéanamh dhíobh, agus má gheibhmíd bás ionnár bpeacadha, ní ar na leighis is ceart dúinn milleán do bheith acht oruinn féin ag ár mhaith linn a leithéid do imtheacht oruinn. d'fhág ár Slánaightheóir Íosa Críost ár dTighearna sacrámuint ró-naomhtha an bhaistighe aguinn dochum peacadh an tsínnsir do niamhghlanadh asuinn agus dochum sinn do shaora agus d'fhuasgailt ó annsglábhadhacht an áidhbhirseóra. Acht má thuiteamaoid d'éis an bhaistighe i nuadh-pheacadha ar bith, ní bhfuil aguinn acht an aithrighe amháin go haonrecánta trénarbh fhéidir linn súil do bheith aguinn párdún ná maitheamhnas d'fhagháil ionnta. Níor órdaig Críost a malairt agus ní heól dár Naomh-Mháthair, an Eaglais, a hatharach do leigheas, agus ó thúis an domhuin go so, gach n-aon ar mhiann leis mórthrócaire Dé agus maitheamhnas a pheacadha d'fhagháil, ní raibh 'atharach do mheódhan aige ná leigheas eile lean' fhagháil acht an aithrighe. Léidhig agus aithléidhig an Sgriptiúir agus amharcaidh an bhfaghaidh sibh ann aon mheadhon eile dochum an Fhírchirt Diadha do chlaochlódh acht an aithrighe. Iompaighidh thoraibh mágcuaird gach uile shórt cúntuis agus breithnighidh ar mhaith Dia d'aon pheacach ná raibh croidhbhrúghadh, tuirse nó dobrón air fána pheacadhaibh nó ná deárna aithrighe ionnta. Agas mar sin créad fáth ionna bhfantaoi ionnbhár mbeatha churrthaidh mhíriaghalta gan binn agaibh ar iompóghadh ar Dhia ná an aithrighe do dhéanamh? An dóith libh go ndéanfa Dia ar bhúr son-sa an nídh ná dearrna d'aonneach riamh agus nách déanfaidh go brách .i. maitheamhnas na bpeacadha gan aithrighe do dhéanamh ionnta ar dtúis? Bígí cinnte, ar
an adhbhar sin, gia fionnas agus a fhios do bheith agaibh gurab mór do pheacadhbhair, bhúr rogha do bheith agaibh: gan maitheamhnas d'fhagháil ionnta agus fá dheóigh bhar ndamaint go síorraidhe nó aithrighe ghéar-nímhneach thréanláidir do dhéanamh ionnta agus a bheith choidhche sábhálta deaghfhoirtiúnach. Is iomdha leighios d'órdaigh Dia annsa tseannreacht dochum maitheamhnais d'fhagháil i bpeacadh an tsinnsir, mar atá ofráil agus sacráfice i ndlighe na nádúire, an timpchioll-ghearra annsa dlighe sgríobhtha agus an baiste i ndlighe na ngrás. Acht dochum maitheamhnais i bpeacadha an ghníomha do-ghnídheas an duine, níor órdaigh Dia riamh a atharach do leighios riachtanasamhuil dochum párdúin d'fhagháil ionnta ná an aithrighe. Móidighionn agus geallann i n-iomad d'áitibh don Sgriptiúir nách maith leis bás an pheacaig agus go bhfuil go ró-ollamh dochum a pheacadha do mhaithiomh, agus sin ar chonntar go n-iompóghaig ar n-ais agus go ndéanfaig an aithrighe. Si autem impius egerit poenitentiam ab omnibus peccatis suis quae operatus est, et custodierit omnia praecepta mea, et fecerit judicium et justitiam, vita vivet et non morietur, Ezech xviii.21. “Má ghnídh an feilebheartach aithreachas”, adeir an Sgriptiúir, “nó dá liacht agus dá mhioncacht do ghoilfeas an peacach tré dhul i n-aindreise oramsa, do-bhéarfad maitheamhnus do.” Do-rin Dia gach nídh dá ndubhairt sé. Dothug maitheamhnas na bpeacadha uaidh .i. dóibh-so do-rin an aithrighe agus ní dhóibh-siúd nár iarr párdún air. Do sábhálag Adam an chéad-pheacach, acht créad iad na treán-cheatha deór tré aithrighe ar feadh naoi gcéad bliadhain ná deárna sé iarna theilgean as an ngáirdín talmhuidhe, ceangailte fá thromualach an uile shórt uilc agus buartha? Dofuair an ríghfháidh Dáibhí párdún ionna adhaltarnas agus ionna dhunmharbhadh, acht créad iad na gread-phianta d'fhuiling sé trésan aithrighe? d'admhaigh gan stad a chorthacha. Do bhéic agus do bhlaghair cómh forleathadach sin gurab
iad a dhéara do budh dhig aige, mar adeir féin. Do chuir an luaithre ar a arán agus d'iompchair an tsuirsinn. Quia cinerem tamquam panem manducabam, et potum meum cum fletu miscebam, Ps.ci.10. Agus fá dheóigh ná raibh i n-iomshláine a bheatha ar fad, ó thuitim do i bpeaca, acht aon aithrighe amháin chómhnaightheach bhuan-tseasamhach, ar mhodh go gcuireach cuimhne na mórchorthacha do-rin sé fó deara air tréancheatha móráidhbhseacha dian-tsrotha déar do dhorta do lá agus d'oidhche fá mhéid a pheacadha. “Guillionn”, ar sé, “an t-achbhusán do chuirios mo choinnsias riom gach lá fá ghrása Dé do chailleamhuint tréam pheacuidhibh cómh mór sin oram go silim am braonachaibh do lá agus d'oidhche”. Quasi lugens et contristatus humiliabar, Ps.xxxiv.14. Fuerunt mihi lacrymae panes die ac nocte, Ps.xli.4. Quantas ostendisti mihi tribulationes multas et malas: et conversus vivificasti me et de abyssis terrae iterum reduxisti me, Ps.lxx.20. Na peacaig eile dofuair trócuire agus maitheamhnas ó Dhia ionna bpeacadhaibh, do-rineadar uile aithrighe ionnta: Nebuchadonosar, Manasses, na Ninivítig, Naomh Peadair, Naomh Pól, Naomh Máire ón Éigipt. Ní mar sin don mhuintir d'éimig a dhéanamh ná do chuir í ó ló go ló ná d'fhan cian d'aimsir annsna lochtaibh: do fuaradar bás ionna bpeacadhaibh agus i ndiosgrás Dé, mar Pháro, Antiochus, Saul, na Sodomítig agus lucht áitribh chathrach Ierusalem. Amharcaidh féin go glinn agus féachaig cia aca nuimhir ionna mbeithí, ionnbhúr bpeacachaibh aithrigheacha sábhálta nó ionnbhúr bpeacachaibh cruaidhmhuinéalta damannta. Nár mhiair sgigeamhail an gnódh dhíbh do mheas go mairfeach neach gan bhiadh gan dig, do bhrígh gurab iad na meódhain riachtanasamhuil iad d'órdaig Dia dhúinn dochum ár gcothaighthe.
Nách miaire go mór sibhse ionná so, iar gcailleamhuin na ngrás ndiadha dhíbh bhus beatha don anam, gomadh dhóith libh maitheamhnas d'fhagháil ionnbhúr bpeacadhaibh gan an aithrighe (an meodhan aonrecánta riachtanasamhuil d'fhág Dia aguinn ó thúis an domhuin dochum ár niamhghlana asta) do dhéanamh? Monuar! is leór bréithre Íosa Críost ár dTighearna, béal na fírinne, dochum riachtanais na haithrighe do chuir i n-umhail dúinn: “Muna ndéintí an aithrighe”, ar sé, “caillfidhear sibh uile i n-aoinfheacht”, Si poenitentiam non egeritis, omnes similiter peribitis, Luc.xiii.5. Sibh uile: ag sin le rádh gan dul as d'aonneach, ciabé deighghníomhartha do-dhéanfadh sibh ná deighmhéinn dá mbeadh agaibh, má dhéintí an peaca agus gan aithrigh do dhéanamh ann, biadh sibh uile caillte. Innsionn agus ath-innisionn an Slánaightheóir grádhmhar so go minic dhúinn dochum a churtha i n-achrann go daingion ionnár gcroidhthibh i gclódh. Do hinnisiog dho gur chuir Pioláid dochum báis na Gaililéanaig annsan am gcéadna n-a rabhadar ag ofráil na sacráfís. Dothug re tuigsinn rena fhreagara gurab ar son a bpeacadha do cuireadh dochum báis iad agus do dheibhnig sin ag rádh: “Muna ndéintí-se aithrighe, caillfighear sibhse uile mar an gcéadna,” Nisi poenitentiam habueritis, omnes similiter peribitis, Luc.xiii.3. Tug fós sómpla na n-ocht bhfear ndéag anuas do brúdhag fá fhalla Thúir Siloe mar gheall ar a bpeacadhaibh, agus d'aithbheólaig an bhagairt chéadna: “Muna ndéintí-se aithrighe, caillfiodhar sibh ar an modh gcéadna.” Ar an adhbhar sin, créad é an andánacht ná an mhire dhúinn a thuigsin ná 'smuaineamh go bhfaighmís maitheamhnas ná párdún annár bpeacadhaibh gan aithrighe do dhéanamh? Do chómhshnadhaim an Slánaightheóir céadna a bhás leis an aithrighe an tan adubhairt nárbh fhuláir go bhfuileóngach Críost agus go n-aithéirgheóch sé agus go gcraobhsgaoilfeadh an aithrighe: Nonne haec oportuit pati Christum et ita
intrare in gloriam suam? Luc.xxiv.26. Is dochum a chuir i n-umhail dúinne, má budh éigean do bás d'fhagháil dochum párdúin ár bpeacadha do thuilleamh dhúinn, nách fuláir dhúinne aithrighe thréanláidir ghéirnímhneach do dhéanamh dochum torrtha a bháis sin do thuilliomh nó nách fiú brobh dhúinn é ar aon tslighe eile. Cóimhcheanglaighidh ar an adhbhar sin bhár ndeóra re fuil Chríost, bhár gcaduaic rean' fhuilingthibh, agus fadhaig bás ón bhár bpeacadhaibh tré bhúr n-aithrighe mar ghrádh do Chríost, mar do éag seision ar an gcruis mar ghrádh dhíbhse. CAIBIDIL 11. Do-ghníghid na hachmhusáin do curthar leis na damantaig tré fhailligh do thabhairt san aithrighe an pian is mó dá bpiantaibh. Créad é an fáth ná déingeann sibh aniu an nídh do budh mhiann libh do dhéanamh san tsíorríodhacht. Cuireann sibh an aithrighe agus na meadhoin is inleanta dhíbh dochum iompaighthe ar Dhia thar ceal, dá bhúr gcur féin i gcúntabhairt báis d'fhagháil ionnbhár bpeacadhaibh agus a bheith i ndamainnt go síorraidhe. Má éirghion an drochuair agus an mí-fhoirtiún so dhíbh, tugaidh dá bhár n-aire agus smúinigí go glinn ná faighthí agus ná teangmhóghaidh mí-chompórd ná dólás a níbhus doimhne díbh ná an t-achmhusán do-gheabhthaoi ó Dhia, uaibh féin agus ó dheamhuin agus ó dhiabhail ifrinn. “A! a mhallaightheóir, créad é an fáth ionna bhfuil tú damannta?
Atá, mar nár iompaigh tú ar Dhia, mar do-rin tú fadchómhnuighe ann do pheacadhaibh agus ná deárna tú aithrighe ionnta. Dá ndéingitheá an aithrighe an tan do shéid Dia agus do bhrostaigh chúighche thú agus d'fhuráil sé ort a ghrása cómh minic sin dochum a dhéanta, dobhiadhthá aniu as baoghal ad shuidhe go socair ionnsna flathais i measg na ndeaghfhoirtiúnach. Ag sin tú annois i measg lasaracha ndomhúchta ifrinn mar aon leis an ndiabhal agus len' aingealaibh tré gan aithrighe do dhéanamh at annlochta, gan iompóghadh ar Dhia. Ag sin tú caillte go síorraidhe, gan fagháil leighis ort feasta, gan súil le compórd ná méid meanamna an feadh agus dobhias Dia ag caitheamh na glóire.” Biadh radharc, gnúis agus láthardhacht Dé, uair an bháis, do-úngabhálta don pheacach ná hiompaigheann air trésan aithrighe mar gheall ar na hachmhusáin do-dhéanfas ris tréna neamhshuim i leas 'anama agus gan éirighe as a mhórchurthachaibh. Monuar! ag so an t-achmhusán is géire sheirbhe agus bhus mó do bhrise croidhe dho .i. “A mhallaightheóir, créad é an fáth ná deárna tú aithrighe dochum maitheamhnais do pheacadha d'fhagháil?” Ní thabhraidh milleán fá pheacadhaibh dáirighthe dhúinn do bhrígh go bhfuil fios ár luigeacht agus ár mí-threóir aige agus gur soithighe briosga so-bheárna so-bhriste sinn. Go deimhin dob fhéidir leis an bpeacach an freagra so do thabhairt ar Dhia: “A Thighearna, dobhí mé lag míthreórach; do-rineadh cathughadh, teamptásiúin agus buaireamh mór dhamh; ní dheárna mé nídh ar bith acht nídh dobudh fhéidir do chasa le na naoimh bhus mó dá dtáinig agus dobhí 'na bpeacachaibh mar mise, mar atá Naomh Peadair, Naomh Pól, Naomh Augustín.” O! créad adéarfas an peacach an tan do labhras Críost ris ag rádh: “Gia fionnas agus go rabhais lag míthreórach, créad fáth
n-a dtugais neamhshuim ionn tú féin do chóimhneartughadh leis na sacrameinteadha d'fhág mise in m'eaglais? Iar dtuitim duit ionnsan olc, créad fá ar éimighis eiséirghe as trésan aithrighe d'fhuráilios ort cómh minic sin dochum do shaortha agus tré shíor-shéide na ngrás tugas duit dochum do choghanta? Dobhí tú lag treóthir breóite: níorbh fhiú leat leigheas mo choda fola fíoruaisle do ghlaca do caithtear san bhfaoisidin d'órdaigh mé do ghlana na bpeacadha. Dobhí tú ad chaoire chlamh i n-imchian ón dtréada; créad fáth n-a ndeárna tú cluas bhoghar do thabhairt dom ghuith an tan do ghlaodhas ort agus an tan do ritheas ad dhiaigh réam ghrásaibh mar dheagh-thréadaidhe dochum do thabhartha tar n-ais ionnsa mbealach gcóir? Do pheacaidh tú am aghaidh: créad fáth nár ghlac tú an íocshláinte d'fhág mé ann m'eaglais? Do bhrostaigh tú fíoch agus fearg Fhíorchirt Dhiadha m'Athar; créad fáth nár chlaochlaigh tú í tré dhlúith-chuir thuillimh mo pháise d'fhág mé agat? Do las tú lasarthacha domhúchta ifrinn ad haghaidh, gread-dhóig agus dubhloisg thú féin ionnta annois agus ar feadh na síorruigheachta. Créad fáth nár mhúch tú iad re deóra agus re hosnaghal an chroidhbhrúghadh agus na tuirse maille re haithrighe do dhéanamh ann do pheacadhaibh i n-am? Do leanais Peadair ag séana Chríost, Pól ionna ghéar-leanamhuin, an bhean pheacamhuil ionna striapachas agus an puibliocánach ionna bhithionntacht. Do budh inleanta dhuit iad, dá bhrígh sin, ionna n-aithrighe. Acht iar leanamhuin an diabhail duit san bpeaca, do lean tú é mar an gcéadna ionna chruadhmhuinéaltacht neamhaithrigheach. Taraing leat, ar an adhbhar sin, agus lean é, a mhallaightheóir, i measg lasaracha domhúchta ifrinn go síorruighe.” Créad é an freagra do-bhéarfas an peacach ar na bréithribh marbhthacha so Chríost? Ó mar athchuinighe oruibh agus seachnaígí an drochuair mhí-fhoirtiúnach so gia
fionnas agus go bhfuil an aimsir agaibh annois dochum a dhéanta. Is é an crádh croidhe fá gan aithrighe do dhéanamh mar is cuibhe agus i n-am bhus cnuimh do na damantaig, dá ngeara agus dá gcognamh go síorraidhe. Cuirfe cuimhne na bpeacadha do-rineadar ar mire iad an tan do smúinfid gur mar gheall ar phlaésiúr nó aoibhnios beag bocht salach móimeinteamhuil an tsaoghail si, tré óinbhideacht úiríslig neamhthuigsionaig beag-éifeachtamhuil, do chuireadar fearg ar Dhia, do chailleadar an ghlóire shíorraidhe agus do thuilleadar pianta dochoimsighthe neamhchríochnamhuil ifrinn d'fhagháil. O! is mó go mór a n-éadóchas ionná so do bhrígh, iar bhféachaint ar a bpeacadhaibh dhóibh, dá mhéid iad, go mb'éidir leó a n-anmna do shábháil dá ndéingidís an aithrighe, gia fionnas agus Dia ag furálamh maitheamhnuis agus trócuire dhóibh dámadh mhiann leó féin a nglacadh. Acht níor thaobhadar sin do dhéanamh tréna bhfailligh agus tréna mailís mheangtha agus gurab é easba na haithrighe cúis phrinnsiopálta a ndamanta. Ó! a mhire gan choimsigh agus a éadóchas gan sómpla! Biaidh an chuimhne so mar cheasadúnach go gnáthach dá bpiana, mar leóghan dá sloga gan adthruadh, mar thígar dá sraca 'na mionghreamannaibh, mar aithinne dá ngreadlosga gan chríoch agus mar dhragún dá n-ithe do ghnáth. Budh mhiann leó an chnuimh so do mhúcha agus na hachmhusáin iongantacha do-ghníd gach n-aon díobh orra féin do dhiansgrios as a n-aigne: “A mhallaightheóir, créad é an fáth ionnar pheaca tú? Agus ar neamhbhrígh do thabhairt san aithrighe, créad é an fáth ionnar leanais na meodhain dochum do dhamannta? Créad é an fáth ionnar chaillis na grása agus nár thuillis a bhfagháil tar ais tréad hiompóghadh ar Dhia?” Is cruthughadh air so briathra Abraham re Dives .i. an toiceach mí-fhoirtiúnach úd an tsuibhisgéil, an tan d'iar air braon beag don uisge
do léigionn do bhár a mheóir ar bhun a theangan mar fhionnfhuara ionnsna lasarachaibh. “Cuimhnig, a mhic, go bhfuair tú do chompórd agus do mhaith ar feadh do bheatha ar mbeith dhuit ar an saoghal”: Filii, recordare quia recepisti bona in vita tua et Lazarus similiter mala: nunc autem hic consolatur, tu vero cruciaris, Luc.xvi.25. Do budh chrústa dophollta uathbhásach piantamhuil do na briathra so: Filii, recordare, “cuimhnig, a mhic.” Créad é an fáth n-a gcuimhneóghain-se air? Do bhrígh gurab bár pionóis dam é agus go bpianfaidh mé mar cheasadúnach agus gurab é peannaid is mó agus is géire dam é. A! budh rómhaith liom gan cuimhneachtain air. Créad é an fáth n-a nguireann a mhac díom agus annsan am gcéadna go lámhaighean mar sglábhadha, mar tharcuisneach, mar námhaid agus mar an ndiabhal mé? An tan do mhair mé ar an saoghal, dobhí go leór do thoice agam. Ó! a shaidhbhris mhallaighthe do tharaing an coinneallbhádha so orm fá dhrochúsáid do dhéanamh dhíot! Sibhse ar an adhbhar sin, a pheacacha mar atáthí, aire dhíbh ar an bhfírinne so agus bíodh critheagla agus uathbhás oraibh roimh an achmhusán cruaidh adhuathmhar so na ndamantach, agus ná cuirig bhár leas ar cáirde ó lá go lá, gan iompógha ar Dhia mar Naomh Peadair, Naomh Pól, Naomh Máire na hÉigipte, agus do-gheabhthaoi-si mar an gcéadna an socamhal síorraidhe atá aca-san mar aon leó ionnsna flaithis. CAIBIDIL 12 An mhuintear d'fhuilingios do Bhaibiolóin an tsaoghail buadh do bhreith orra, caillfiodhar iad mar aon lé. Is é is stuidéar cínte dá bhar námhaid d'fhéachuint cionnas nó créad é an modh ar a mbéarfaidís oraibh san bpeaca dochum báis d'fhagháil díbh i n-eascáirdeas bhúr
gCruthaghthóra. Do-ghníd a n-uile dhíthchioll dochum cuimhne an bháis, smúineamh bhreitheamhnuis Dé agus eagla an damaint shíorraidhe do dhiansgriosa as bhár n-aigeantaibh dochum bhar gcoingmhithe a níbhus fuide ionnbhar mallaightheacht agus dochum nuadh-pheacadha do dhéanamh. Adeirid libh, mar adubhairt an oll-phiast re Adam agus re hÉabha, nár ghábha dhíbh eagla do bheith oraibh ris an mbás, go bhfuiltí go maith ionnbhár sláinte agus gurab fada uaibh fós bhúr gcrích. Do chreid Adam agus Éabha do ráidhtibh na hathrach, do chuireadar i n-uimhil dóibh féin ná faghadís bás siúd agus go n-íosfaidís ubhall na haithne. Acht dofuaradar an bás, ní hé amháin bás an chuirp acht fós bás an anma, cailleamhuint an chirt shinnseardha agus easba dhúithche fhlaitheamhnais mar aon le an uile shórt tubuist agus annródh, mallacht agus iríre na nádúire soibhriste ciontaighthe do thuitim orra. Ná mealltar sibhse ar aonchor. Fairig agus forcamhásaig, luathaighig oraibh go prap agus ná caillig go brách an aimsir dochum na haithrighe do dhéanamh. Do mheall an mhéirleach mhallaighthe mhí-chlúmhail úd ar a sgríobhann Naomh Eóin ionna Thaidhbhrighthe, Apocal.xviii, agus do bhuail cluain ar mhathaibh an domhain, ag tabhairt aoibhnis an tsaoghail dóibh lean' ól, ar na canadhaibh meisge re sásamh agus re aiteas an domhain, arna líona d'onóir agus do phoimp a mórdhacht nó gur thuit caor thinntighe mhóirfheirge Dé uirthe agus gur teilgeag i ndiaigh mhullaig a cinn go hifrionn í mar aon le gach n-aon dár lean í tréna hilchleasaibh. Is í an Bhaibiolóin úd dobhí 'na suighe ar an ndragún úd na seacht gceann agus na ndeith n-adharca bhár nádúir-se agus bhár ngrádh propordha ionnsa saoghal so inna riaghalaighid na seacht gcinnpheaca marbhtha agus neamhúmhlacht
do dheith n-aitheanntaibh Dé. Leanan gach n-aon luaghaill a ghrádh propardha féin agus claona na nádúire soibhriste; ólan an uile dhuine lán a chupa do nimh mharbhthach an pheaca fá sgéimh mhillseáin mhailísig na beatha so, agus créad bhus miann leó d'fhagháil as acht críoch atchumhach mhallaighthe na Baibiolóine do sloigeag fá ualach do-úngabhálta mhóirfheirge Dé go síorraidhe? Dothug Baibiolóin na dTaidhbhrighthe, Apocal xvii, fá deara ar gach n-aon a grádhughadh, a tathlughadh agus a hadhradh, dá portbhiathadh i measg lucht an chraois, ar meidhir i measg lucht meisge, 'na rásaidhe i measg striapach, 'na dia-aithis ag lucht mionn mór, 'na fochmhuide ag lucht fonómhaid, 'na haithinne ag lucht bruighne, 'na hanndánacht ag mallaightheóiribh agus 'na feirig ag lucht imiortha, agus mar sin di ar marthuinn i measg na muinntire ná creidionn go bhfuil creideamh, riaghaltacht ná Dia ar bith ann. Is mar so do-ghníd na mór-pheacaig uile, acht monuar! créad ar a bhfuilid ag smaoineamh acht munab miann leó iad féin d'adhara agus d'árdughadh suas mar Lucifer tréna luaighill agus tréna bpoimp nó iad féin do chaocha tré aoibhneas agus tsólás na beatha so, ag calcughadh iona bhfeilebheartaibh agus ionna n-annlochtaibh, ionna gcloinn díleas na mórBhaibiolóine, ní 'na lucht toghtha chathrach neamhdha Ierusalem acht 'na ndeargnamhaid ag Dia, do gach deagh-thréightheach deagh- ghníomharthach, ag tuilliomh móirphiannta do-chríochnaighthe na síorraigheachta tréna bpeacadhaibh. Sgríobhtar i Leabhar na dTaidhbhrighthe, Apocal,xvi, gur ghearadar agus gur dhíthcheannadar na haingil (do dhoirt phiola mhór-fheirge Dé nó do chuir i ngníomh órdaighthe tóirneamhla an Fhírchirt Diadha i n-aghaidh na bpeacach cruaidhmhuinéalacha) gach n-aon dár iompchair
cómhartha an bheathadhaig .i. na Baibiolóine. Amharcaidh féin agus féachaidh an don tsuim nó don nuimhir úd sibh d'iomparas ionchrotha nó cómharthaoi an bheathadhaig ionnbhár gcroidhthe .i. searc agus grádh an díomhaointis, an uabhair agus na sainnte, na drúise agus an chraois, feirge, formaid agus leisge agus gach droichbhearta eile dá ndéingithí. Dobudh fhéidir muna bhfuiltí cómh holc so go bhfuiltí fós neamh-dhúthrachtach i ndeabhóideacht, fuar faillightheach spadánta, ag marthuinn do réir na nádúire, an tsaoighil agus na colla. Muna bhfuiltí go hiomshlán fuar siocamhuil, ní bhfuiltí fós dá bhár ngrianlosga le teas grádh Dé, acht taoduighthe allabhog maraliobarach, agus fá dheóigh i ndainséar bhúr ndianruaigthe as radharc Dé agus sgartha lena ghlóire. Diansgriosaig asaibh, ar an adhbhar sin, tré shearbh-dheóra na haithrighe, gach cosmhúlacht agus gach cómhartha do budh iontsamhuil do Bhaibiolóin na beatha lochtaighthe so, agus i n-ionnad tséala na péiste so do bheith oraibh mar urmhór an tsaoighil uile, iomparaig cros Chríost, Tau slánaighthe na cruinne, do chuirfeas grádh na haithrighe, na ngéarfhulangtha agus na naoimh-chroiche i n-úimhil dúinn tré aithris ar Chríost, agus mar sin is iondóthchais díbh go bhfuaisgleófar sibh as láimh diansgriosta an aingil dochum bhar n-ainmneacha do sgríobh i leabhar cúntais na beatha síorraidhe. CAIBIDIL 13. do chuireas i dtuigsin dúinn, an té do-dhéanfas aithris ar an ndiabhal agus do leanfas é ionna neamhaithrighe, go bpianfadhar é leis an bpeannaid gcéadna. Dobhádar na Philistínig i n-aonfheacht i gcómhdháil i bhfochair a chéile, go luathgháireach ag caitheamh fleadh
agus féasta i dteampoll Dagon, a mbréag-dhia, an tan do mhionbhrúig Sampson iad fá thromualach an teampuill chéadna. Et principes Philistinorum convenerunt in unum ut immolarent hostias magnificas deo suo Dagon, et epularentur, dicentes etc., Iud.xvi.23 ad 30. Dobhádar ag ól, ag ithe agus ag adharadh a mbréag-dhéeibh, ag maga 's ag fonomhaid faoi Shamson do chaochadar, ag tabhairt an uile shórt tarcuisne agus mí-mhodh air, an tan do léig reó ná raibh acht ag cur a thuirse dhe nó ag déanamh a sgíthe ionna sheasamh re colamhuin don teampoll, nó go rug go daingion cruaidh air agus gur chroith ionna thímpchioll é agus gur bhris agus gur réab, gur leag agus gur thraost é ó mhullach go clár talmhan, ar mhodh nár fhág neach díobh gan treasgairt dá raibh ann. Níor fágbhag aoinneach do lucht áitribh na hÉigipte do lean Clann Israel trésan Muir Ruaidh gan bághadh agus múcha fá thonnaibh na mara céadna: Reversaeque sunt aquae et operuerunt currus et equites cuncti exercitus Pharaonis qui sequentes ingressi fuerant mare: nec unus quidem superfuit ex eis, Exod.xiv.28. Do briseag agus do mionbhrúghag cnámha chloinne Iob, cia gomadh chlann do naomh oirdheirc iad, fá thúrnamh a dtighe féin agus an greim ionna mbeál i gceartmheódhan a gcóisreach, Iob i.18, gan smuaineamh aco ar a shamhail do theangmhail dóibh: Filiis tuis et filiabus vescentibus et bibentibus vinum in domo fratris sui primogeniti, repente ventus vehemens irruit a regione deserti, et concussit quatuor angulos domus quae corruens oppressit liberos tuos, et mortui sunt, et effugi solus ut nuntiarem tibi, Iob i.18-19. Nár dhóith libh go ndéanfach Dia éagcóir ró-iomarcach ar an ndroing úd ar ar labharamair agus fós ar gach peacach eile dár sgiúrsaig sé go samplamhuil soiléir don tsaoghal muna mbuailfeadh a thréanbhuille oraibhse le hiomshlán a nirt agus a chumais, do bhrígh gur measa sibhse go mór
agus gur miaire bhúr gcorrthacha ná iad. Budh chosmhuil fós gomadh éagceart ionngantach don bhFíorcheart nDiadha pianta éagsamhla dochoimsighthe d'imirt ar dhiabhail ifrinn mar do-ghnídh, muna ndoirteach tréantonna domhúchta a mhór-fheirge oraibhse tré n-bhúr bpeacadhaibh, do bhrígh gomadh aingle deallracha fíorárachtacha iad-sin agus ar a shon sin agus uile, iar dtuitim dóibh i bpeaca tré thoil do thabhairt do luaighil agus do phoimp Lucifeir, do fuadaigheadh iad agus do hadhnacag le hosguilt na súl i bhfodhomhain mhallachtaig dhochoimsighthe na bpianta síorraidhe i n-ifrionn, gan teasargan tar n-ais, gan cumas dóibh airthighe do dhéanamh. Céimníghthí-se agus leanann sibh iad, ag aithris ortha tréan bhár n-uabhar, bhár bpoimp agus bhár rebeilliontacht i n-aghaidh Dé, ag dianraoba 's ag brise a aitheannta. Munab croidhbhrúghach briste-chroidheach atchúmhach airthigheach deóirshillteach sibh, is miann libh ionad cómhnaighthe do ghlaca mar aon le mór-pheacacha iomdha eile, ceangailte ar shlabhra fheirge agus éadóchais i measg dheamhan agus dhiabhal ifrinn go síorraidhe. Budh chóir an t-achmhusán céadna do chuir Naomh Stiabhna ris na Giúdaighthe do chuir libhse agus le n-bhúr samhuil eile: “A namhaid Dé ag a bhfuil an ceann cruaidh neamh-iompaghthach agus na croidhtheacha neamhúmhla gan tímpchioll-gheara, ag síorchuir go laétheamhuil i n-aghaidh Spioraide Dé”: Dura cervice et incircumcisis cordibus et auribus, vos semper Spiritui Sancto resistitis; sicut patres vestri, ita et vos, Act.vii.51. Do-bheir Dia searbhóghantaighthe agus coinfeasóireadha díbh dochum bhár stiúraighthe, agus mórán do lucht deagh-thréighthe dochum bhar mbrostaighthe dochum na subháilceadha tréna ndeaghshómpla amhuil agus do chuir na fáidheadha agus na heabstail fá ghéin na nGiúdaigheach dochum a
n-iompaighthe ar an tslighe dhírig. Acht leanann sibhse iad-sin iona ndoille chroidhe agus ionna gcruadhmhuinéaltacht, ag cnáid agus ag sgige fá sheirbhíseachaibh Dé, ag léirsgrios agus ag géar-leanamhuin orra tré bhúr bhfeilebheartaibh, ag buan-tseasamh go gnáitheamhuil ionnbhar ndroichghníomhartha. Créad bhus miann libh d'fhagháil tríd sin acht an léirsgrios céadna dofuaradar na Giúdaighthe? Do thréig Dia iad, dotháinig a namhaid i bhfoslongphort le cathair Ierusalem, níor fágbhag cloch ar dhruim a chéile dhi gan diansgrios agus raoba, do thuit gorta, pláig, teine agus cloidheamh ar gach n-aon dá lucht áitribh, agus an méid do theith díobh ón lomarguin sin 'na sglábhaighthe ar feadh an domhuin go so, 'na stoc magaidh fá tharcuisne agus mhímheas san uile chrích, Luc.ix. Is baoghal díbhse léirsgrios agus lomargoin is mó go mór ionná so do thuitim oraibh d'éis bhár mbáis muna n-iompaighthaoi gan stad ar Dhia, do bhrígh nách é amháin sibh do bheith mar sglábhaighthe ag an saoghal ná mar ádhbhar magaig ag críochaibh acht go mbiadhthaoi mar lucht feadhma ag an ndiabhal i ndearglasarachaibh ifrinn, mar stoc magaig ag damantaig, má gheibhthí bás ionnbhár bpeacadha gan an aithrighe do dhéanamh. Do chuir Cáin go dian díthchiollach i n-aghaidh spiorraide Dé do ghlaodhaig air chum aithrighe tré mhodhaibh ionganntacha éagsamhla: Dixitque Dominus ad eum: quare iratus es? et cur concidit facies tua? Gen.iv.6. An chéaduair an tan d'fhiafraigh de créad fáth n-a raibh cómh crom-cheannach sin, agus sin dochum go dtugach fá deara air go bhfeicfeach an fuath, an ghráin agus an mhiosguis dobhí aige fán am sin ar a dhearbhráthair Abel. An dara feacht an tan, d'éis marbhadh a dhearbhráthar dho, d'fhiafraig dhe: “Cá áit a bhfuil do dhearbhráthair Abel?” Et ait Dominus ad Cain: ubi est frater tuus Abel? Gen.iv.9. Agus sin fós dochum go n-adhmhadh an chuir .i. gur mhairbh é, dochum go n-iarfach an párdún agus an maitheamhnas ar Dhia dobhí ollamh réig licthe dochum
a thabhartha dho dámadh atchúmhach doilbhiosach croidhbhristeach é trésan aithrighe. Acht do chruaidh an mallathóir si ionna lochtaibh agus do-chuaidh i n-aindreise ar Dhia. Níor labhair gíog san chéad-fheacht tré náire nó neamhshuim agus i n-ionnad a fhuaithe do loigheadughadh do mhéadaigh é go mór. Do fhreagair an tara feacht go poimpeamhuil neamhurramach: “An mise is cúghdaightheóir ar mo dhearbhráthair?” Qui respondit: Nescio. Num custos fratris mei sum ego? Gen.iv.9. Créad táinig air iar n-aithint a choire dho agus d'éis Dé dá chasa leis? I n-ionnad sléachtaighthe agus úmhlaighthe dá láthair agus a thrócaire dh'iaraidh, do thuit i n-éadóchas as sin go lá a bháis, ar baillechrith tré eagla agus uathbhás ghnáthamhuil. Ag sin an chríoch do theangmhas don mhuintir dobhíon buan-tseasamhach ionna bpeacadhaibh agus do chuireas go cruadhmhuinéalach i n-aghaidh shíor-shéide deagh-iompaightheacha na Naomh-Spioraide diadha. Bígí a níbhus ciallmhaire, a níbhus glioca agus a níbhus oghamósaighe, agus mar adeir an Sgríbhinn Diadha, ná cuirig cathughadh ar Spioraid Dé tré bhár neamhúmhlaigheacht: Et nolite contristare Spiritum Sanctum Dei, in quo signati estis in diem redemptionis, Ephes.iv.30. Acht méadaighidh úrgháirdeas na bhflaitheas tré bhúr n-aithiompóghadh ar Dhia mar an mac ndiablásach úd do mhéadaig luathgháir a athar tréna fhille ar n-ais ar a cheart dhúthchais. CAIBIDIL 14 Brostaighid agus soigheadaid na peacadha an Ceart Diadha dochum na bpeacach do phianadh. Soighidid agus brostaighid ár bpeacadha an Fíorcheart Diadha dochum ár bpianta, mar is follas a ráidhtibh an
Ríghfháig Dáibhí ris na briathraibh so: “A Thighearna, ná dearmaid go brách guth do námhad: atá uabhar na druinge úd d'fhuathaigheas tú ag éirghidhe go laéthamhuil”: Ne obliviscaris voces inimicorum tuorum: superbia eorum qui te oderunt ascendit semper, Ps.lxxiii.23. Ní féidir le Dia an peacadh do dhearmad do bhrígh gurab Dia ceart naomhtha é agus go bhfuil fuath agus miosguis dearbhtha nádúrtha bhuan-tseasamhach aige dho, ar mhodh ná cuimhneóchadh féin gurab é féin Dia muna mbainfeadh díol géar-nímhneach do na feilebheartaig ionna bpeacadhaibh. Agus súd agus gomadh mhiann leis a ndearmad, do mhúisgileóidís na peacadha féin a chuimhne agus do bhrostóghadís é dochum fóirnirt a mhór-fheirge domhúchta do dhorta orra, ar an adhbhar go nglaoidhid, go mbéicid agus go ngárthaid ar na flaithis dochum caor theintighe a fheirge agus a thréan-díoghaltuis do thuitim orra. Ní labhrann an peacach aon ghíog le Dia, acht ní lia peaca dá ndeárna sé ná glaodh, béice agus géim do chuirid asta ar Dhia, ag iaraidh díoghaltais do dhéanamh amhuil agus do-rin fuil Abel i n-aghaidh Cháin. Cómh luath agus dothug Lucifer aonta dá luaighill, dá uabhar, dá mhéirliochas agus dá thraotúireacht, tug a pheaca rabhadh ar feadh na bhflaitheas, nó mar adéarfadh neach, do mhúisgil sé an Fíorcheart Diadha dobhí ar feadh na síorruigheachta 'na chodladh gan buairt ná trioblóid; ar mhodh gur theilg an Fíorcheart céadna sin i ndiaigh mhullaig a chinn go hifrionn é, gan fuasgailt, gan dáil cabhartha, carthanachta ná trócuire an feadh agus dobhias Dia ag caitheamh na glóire. Do chruadar na spioraidighe méirliocha so agus do chrannraghdar san olc, ar mhodh nár mhiann leó géille do Dhia ná iad féin do úirísliughadh dá láthair, agus mar an gcéadna d'fhosgail Dia geataoi a mhór-fheirge orra-sin dochum a bpiannta ar feadh na síorruigheachta, gan súil le párdún ná maitheamhnas d'fhagháil go fóircheann na beatha suthaine. Ó! is aobhdha agus is saordhálaighe ná sin dobhíonn
Dia leis na daoine an tan do pheacadhaid ar an adhbhar go bhfurálann a ghrása orra, go gcoruigheann agus go mbrostaighean iad dochum triallta air féin agus dochum iompuighthe air trésan athrighe, do bhrígh go bhfuil a fhios aige, amhuil agus mar d'iompaighmíd-ne ón maith go holc trésan bpeaca do dhéanamh, gur féidir linn mar an gcéadna iompóghadh ón olc go maith le congnamh a ghrása sin an tan is miann linn aonta nó toil do thabhairt dochum a dhéanta. Aire mhaith dhíbh, ar an adhbhar sin, gan bheith cruaidhmhuinéalach ionnbhúr staid mhallaighthe; do bhrígh, má chrannraighean sibh mar na diabhail ionnbhár bhfeilebheartaibh, go dtréigfe Dia sibh mar iad-sin i n-éadóchas i measg lasarthacha domhúchta na teine síorruighe. Do bhrostaigh agus do mhúsguil neamhurraim agus mí-oghmós Adaim an Fíorcheart Diadha dochum a léirsgriosta agus a dhíbeartha as an bparthas dtalmhuidhe agus dochum é féin agus a chloinn-mhaicne uile do threórughadh tré mhórán duadh, doghruinne, trioblóide, buartha agus brise croidhe do-chríochnaighthe ar feadh a mbeatha. Is fíor go deimhin gur thairg Dia párdún do agus maitheamhnas agus go bhfuair é fá dheóigh. Och, mo chreach agus monuar! sin d'éis naoi gcéad bliadhan d'airthighe, d'aithreachas, do throm-dhéaraibh, do chlaonmharbhadh agus d'osnaghal trom-mharbhthach, do throsga, do dhéirc, do thréanghnas agus d'úrnaighthibh, agus fós níorbh fhuláir go dtúirlinnfeach an Friotal Diadha, an dara pearsa don Tríonóid ró-neamhdha, Íosa Críost ár dTighearna, Mac aonrecánta an Athar Síorruighe, agus go ngabhadh colann daonna air i mbroinn na Naoimh Mhaighdine Muire, go nglacfadh an iomad duadh, trioblóide agus saothair ar feadh a bheatha agus go bhfaghadh bás tíoránta sganaileach na croiche fá dheire dochum sásaimh do thabhairt san pheacadh sin Ádhaimh. Ar an adhbhar sin, má budh éigion d'Adam aithrighe cómh fada, cómh géar-nimhneach sin do dhéanamh tré aon pheacadh amháin aonrecánta,
siúd agus gur básaigheadh tríd Íosa Críost ár dTighearna, an Messias .i. an t-Ongothóir, an dóith libhse go bhfaghaidh sibhse párdún agus maitheamhnas ionnbhár bhfeilebheartaibh iomdha do-innistionna, gan cathughadh, doilbhios, tréaghnus, trosga, déirc, úrnuighthe agus aithrighe ghéar-nimhneach thréanáidhbhseach do dhéanamh dochum sásaimh do thabhairt don Fhíorcheart Diadha tréna mhionacaigheacht agus do chuireamhair fearg uirthe tré áidhbhseacht agus líonmhuireacht bhár gcorrthacha? Más dóith, is mór sibh meallta, do bhrígh gurab é an Dia agus an Fíorcheart céadna é. Smuainighidh oraibh féin, ar an adhbhar sin, má atá sibh ar staid thiubistig an pheacadh, gan fadcholladh do dhéanamh ann. Do iar dunmharbhadh Cháin ar a dhearbhráthair Abel díoghaltas, agus do bhrostaig agus dothug fá deara ar Dhia túrnamh do neamh ar dtalamh dochum a dhíoghailt. Dothug fuathmhaireacht, gráineamhlacht, déisdin agus feilebhearta na muintire úd aimsire Noé fá deara ar an dTighearna a múchadh agus a mbághadh fá thréantonna na dílionn, idir bheathadhach allta agus altuin an aédhir, gan truadh, teasargan ná trócuire, acht aon ochtar amháin na háirce dofríth cneasda i láthair Dé. An dóith libhse go dtiucfaidhe féin as a níbhus feárr ná iad-san, gia fionnas agus gurab measa sibhse go mór ná iad? A chonntrárdhacht, is truime leagfadhar lámh oruibhse má thugthaoi faillighe agus tarcuisne san airthighe, gan párdún agus maitheamhnas d'iaraidh i n-am d'eagla mór-fheirge Dé do thuitim oruibh san gcrích ndéadhnaigh. Dobhí an oiread sin do mhearughadh, do bhuairt, do chorraighe aigne agus do dhall-inntleacht ar an muintir úd dobhí ag tógbháil Túir Bhábel ar mhodh ná tuigeach neach díobh féin a chéile ar aonchor, do bhrígh an tan d'iarach aon díobh uisge gur cloch dotugthaoi chuige, agus an tan d'iaradh cloch gur muirtaol dobeirthí dho. Tugaig-si aire mhaith dhíbh féin mar an gcéadna ná
teangmhadh a shamhuil súd do mhearathall díbh i bponc déadhnach an bháis, do bhrígh, iar mbeith dhíbh ar feadh bhar mbeatha i múisiún trom-mharbhthach na bpeacadha, gan suim ná éifeacht do bheith agaibh i nDia ná i leas bhár n-anma, ná biadh suim ná éifeacht aige-sion ionnaibhsi i n-am bhocht chritheaglach an bháis, agus sin mar phionós oraibh ar an adhbhar, ar feadh bhar mbeatha, i n-ionnad teampoill an Spiorruid Naoimh do thógbháil ar charraig na humhlaigheachta, gurab é do-rinneabhair srian do léigean lean bhár n-uile shórt uilc agus annlochta, ag brise dhlighe agus reachta Dé. Ar mbeith dár Slánaightheóir Íosa Críost i gcrann na croiche i riocht pheacaig, ní bhfuair sé an read a dh'iar sé acht a chonntráil, ar an adhbhar gur iar uisge dochum a óla agus gurab é deoch dothugadar na Giúdaighthe dho diomblas agus vinéigre. Muna gcuirfe sibhse anois bhúr dtoil le toil Dé, gia fionnas agus é ar gcumas díbh, is baoghal liom, i n-uair an bháis, ná cuirfe seision a thoil le bhár dtoilse, ar mhodh an tan d'iarfaidhe cabhair agus congnamh, ná fadha sibh acht buairt, doghruinn agus trioblóid agus tuitim i n-éadóchas: i n-ionnad bhár n-iompaighthe ar Dhia gurab é do-dhéanfaidhe fanamhuin ionnbhár gcruadhmhuinéaltacht agus ionnbhár gcadrann, agus fós gomadh fhéidir bhár mbeith go síorruighe fá ualach do-úngabhálta neimhiompchair fheirge an Fhíorchirt Diadha. Do bhrostaig an fuath agus an mhiosguis dobhí ag Aman do Mhardochee trésan órdughadh daordhálach do thug fá deara ar an rígh do thabhairt i gcoinnimh na nGiúdaighthe dochum iad uile do léirsgrios agus do dhíthcheanna, Esther: Esther iii.9, Si tibi placet, decerne ut pereat, ionnas gur mhúisgil an bhanrighean Esther as an suaimhneas agus as an socamhal ionna raibh ar mhodh gur ghlac sí i láimh cobhair agus furtacht a muintire cómh
mór sin agus nár stad do ló ná d'oidhche acht ag agallamh 's ag athchuinghe ar an Rígh Assuerus, gur chas tar ais an t-órdughadh folamhuil sin tug 'na n-aghaidh agus go dtug fá deara Aman, an té dob' úghdar leis an órdughadh réamhráidhte sin, do chrocha annsna brannradhaibh céadna d'ollmhaig sé féin fá chomhair Mhardochee. Suspensus est itaque Aman in patibulo quod paraverat Mardochaeo et regis ira quievit, Esther vii.10. Do budh é an truadhán tiubuisteach mí-fhortúineach Aman an té budh chumusaoi agus budh mhó cómhachta dá raibh i gcúirt nó i bhflaitheas an Rígh, dob é ceann feadhna an uile órdaighthe é, is aige dobhí an rachtmas is mó, an chreideamhuint is tréine agus na hionnmhais budh líonta. Budh mhiann leis a fhaltanas d'agairt ar Mhardochee agus ar na Giúdaighthibh tré ainiomarca puimpe agus uaille dochum a thréanchumuis do chuir i n-umhail dóibh, ionnas agus gur tharaing tíntreacha mhór-fheirge Dé air féin go cailleamhuint a mhaise agus a onóra, a bheatha, a mhaoine 's a shubstainte, ionnas gur cuireag a chuallacht 's a theaghlach don uireasbadh is don dítheacht ag iaraidh déarca. Do budh éigion do Iudith gheanmnaighe ghlan-mhiannaig, tré neamhthruaidhe agus tíorántacht Holofernes i n-aghaidh chathrach Bhetulia, triall roimpe as a seómra agus óna húrnaighthibh agus dul fá ghéin a champtha agus fós asteach ionnsa bhfianbhoith ionna raibh. Acht do budh mhí-fhoirtiún mór do sin do bhrígh gur theasg sí an ceann de lena chloidheamh féin i gceartmheadhon a mhórarmála, gur chuir iad uile ar mí-áird. Creidig ná fadha sibh do thoradh bhár bpeacadha go brách acht an uile shórt uilc agus tubuiste, éadóchas agus damainnt shíorraidhe. Abyssus abyssum invocat, Ps.xli.8. Glaodhan agus
cómhaircionn an duibheagán ar an nduibheagán mar adeir Dáibhí Rígh, agus tarangion ionna dhiaigh é .i. targionn duibheagán olc na locht .i. na peacadha do-rineamair, duibheagán uilc an díoghaltais agus na péine .i. pláidh, gorta, cogadh, ruathar, tótán agus léirsgrios agus an uile shórt díthcheanna is léir don Fhíorcheart Diadha d'imirt oruinn ar an saoghal so nó ar an saoghal eile. Má tá ciall agaibh, seachónfuidhe na peacadha, agus mar sin seachónaidh sibh an léirsgrios agus an tréan-dhíoghaltas atá ionna ndiaigh. Agus má tá duaidh, doghruinn, sglábhadhacht, trioblóid, saothar ná brise croidhe dleacht nó ceart oraibh, ní huilc iad acht mór-ionmhas na bhflaitheas agus stór-chiste na ngrás acht a nglacadh go foidhneach ó láimh Dé. Ní bhéarfa aon mhí-fhortún buadh, treise ná greim oruibh dá mbeadh an peacadh gan bheith ag riaghlughadh ionnuibh. Do-rineadar na hEabhraigh, an feadh dobhí Maoise ar mhullach Chnuic Sinai ag glaca an reachta 's a' dlighe ó láimh Dé dochum a thabhartha dóibh-sean, laodh órdha agus do chromadar ar a bheith ag ríngce, ag píobaireacht agus ag pléireacht ionna thímpchioll dá adharadh agus dá onórughadh mar dhia: Surgentesque mane, obtulerunt holocausta et hostias pacificas, et sedit populus manducare et bibere, et surrexerunt ludere, Exod.xxxii.6. Och monuar! Ní luaithe do-chuala Maoise a n-íodhaladharthacht, a rínnce, a ndansa, a bpíobaireacht ná a bpléireacht ná do bhris sé agus do raeb sé le fóirneart feirge agus díoghaltuis an dá chlár chloiche ionna raibh an racht sgríobhtha, agus do mhairbh, do léirsgrios agus do dhíthceann an chuid budh mhó dhíobh tréna n-íodhaladharthacht, agus fós níor shásaimh sin Dia agus níor mhaith dhóibh: Feceruntque filii Levi juxta sermonem Moysis, cecideruntque in die illa quasi viginti tria milia hominum, ib.xxxii.28. Is fíor
gur chuir Maoise athchuinghthe dochum Dé agus gur ghuidh é cómh mór sin ionnas gur gheall do ná leagfach a lámh orra an tan sin, agus adubhairt: “Léigfad dóibh annois, acht i ló an bhreitheamhantais agus an díoghaltais, fiosaireóghad agus breithneóchaidh mé an peaca so”: Ego autem in die ultionis visitabo et hoc peccatum eorum, Exod.xxxii.34. Maise, mar athchuinighe oraibh, innisig dhamh, sibhse atá annois annsa bpeacadh, créad bhus miann libh do dhéanamh iar mbeith dhíbh a níbhus measa go mór ionnbhár gcoirtheacha ná na hEabhraigh? Is mó do-rin Dia ar bhár son-sa ná ar a son-súd, ar an adhbhar má fhuaisgil sé iad-sin as annbhruid agus sglábhadhacht na hÉigipte tré bhás chéad-mhic Rígh Pharao, d'fhuasgail, do chaomhnaigh agus do shaor sibhse ó annsglábhadhacht an diabhail agus phiannta síorruighe ifrinn tré bhás a Aon-mhic aonracánta féin, Íosa Críost ár dTighearna. Agus ar a shon sin agus uile, i n-ionad buidheachuis do thabhairt do, a adharughadh, a onórughadh, a ghrádhughadh, a lorg ionn gach uile neithibh agus a dheaghthoil do dhéanamh ionn gach aoinchéim, tugan sibh mí-oghmós, mí-onóir, mí-chás agus tarcuisne dho ionnbhár bpeacadhaibh, ag déanamh bréigdhéithe do n-bhár gconách agus do n-bhár saidhbhrios saoghalta, lán do aindréim iongantaig, ag cúiliompóghadh ó Dhia agus ag aghaidhiompóghadh ar an gcréatúir, ar bhár smúintighthe neamhghlana, ar bhár méinn mailísig agus ar bhár dtoil ndo-úngabhálta. Muna miann libh airthighe do ghlaca chúghaibh agus do dhéanamh, is cosmhuil gurab maith libh bás d'fhagháil i n-eascáirdeas agus i ndiosgrás Dé, damannta ar feadh na síorraidheachta mar dhíthchreidmhig, mar íodhaladharthaig nó mar dhiabhail neamh-adthruadhacha ifrinn. Monuar! Bíodh carthanacht agaibh díbh féin, glacaidh chúghaibh aonuair amháin truaidhmhéil dá bhar n-anamnachaibh, agus ná déinig
éirleach oraibh féin comh cruadhálach sin agus go gcaillfeach sibh an ghlóire shíorraidhe tré bhúr bhfeilebheartaibh. CAIBIDIL 15 Ollmhuighid na peacaig agus na feilebheartaig a bpionós féin agus do-ghníghid iad féin mí-fhoirtiúnach tréna gcómhairleacha propartha féin. Budh mhaith a fhios ag cloinn Amon, arna bheith do Dháibhí onóireach tréanchumasach, ná fuileóngach éigceart ar bith ar a choróinn gan díoghaltas agus díthcheanna do dhéanamh ionna dhiaig. Do thuit amach, ar a shon sin, gomadh mhiann leis an rígh so muintearthas agus cáirdeas d'athnuadhchant leó, agus ar gcur teachta agus leagáideadha fána dtuaraim dochum na críche sin, i n-ionnad oghamóis, onóra agus urruma do thabhairt dóibh mar budh chuibhe, ii Reg. x.4, do leagadar go heasonóireach neamhurramach lámh throm thiubisteach orra, dá n-imdhearga agus dá n-aithisiughadh go sprionnlaighthe tarcuisneach go n-uiread leath a n-éadaig 's a bhfiasóige do shraca agus do stathadh dhíobh, agus a gcur tar n-ais ar an modh sin dá ndúithe féin fán gcrot thiubuistig mhórtharcuisnig sin. Tríd sin lingionn Dáibhí orra gona mhórshluagh oirdheirc tréanláidir, ii Reg.x.7, agus d'éis an iomad cogaig, coinbhliocht agus géarchatha do thabhairt dóibh, níor fhág neach i bhfochair a chéile dhíobh gan sgrios, díbirt agus díthcheanna, tré iomad ruathair, teine agus tótáin, go bhfiú na mbeathadhach n-allta gan léigean as, gan truadh, gan teasargan, gan trócuire. Léigeann Dia a mhórghrása chúghaibhse agus treóraighean a theachtaireadha fá bhár ndéin dochum bhár dteagaisg. Acht is ró-mhinic go thugthaoi fá tharcuisne
a ghrása, ag fonomhuid 's a' maga fána shearbhóntaighthe dothigeas chúghaibh lena theachtaireacht, gan suim, spéis ná éifeacht do chuir ionna thruadh, ionna thaise ná ionna thrócuire. Tugaidh aire dhíbh féin dá bhrígh sin ná sínfidh Dia a lámh dhíoghaltais chúghaibh go hathghairid an tan is ró-lugha do shílfaidhe é, go trom anafach léirsgriosach. Ní 'na chodladh do chaitheann a aimsear do ghnáth do bhrígh go lingfig fá dheóigh oraibh go luath nó go mall dochum bhár bhfeilebhearta agus bhár saobhchrábhadh do dhíoghalt oraibh. An tan do-chonnairc Iezabel, noch dothug fá deara í féin d'adhradh mar dhia, gur bhuadhaig Iehu ar an uile rígh ionna thímpchioll, do smuain go mbuaidhfeadh féin air lena féachaint dhrúiseamhuil agus lena hamharca claon, ag péinteáil a héadain, ag deisiughadh a mailighe 's ag ceartughadh a ciabh, iv Reg.ix.33. Acht d'éis Iehu dá faicsint, ag tuigsint a feileghníomhartha, d'órdaig a teilgean trésna fuinneógaibh gur mionbhrúghadh a cnámha gan fuireach agus gur shracadar madradha as a chéile í agus gur ithiodar , do réir bhréithre an naomhfháigh Elias: In agro Iesrahel comedent canes carnes Iezabel, iii Reg.xxi.23. Ó a Dhia! créad é mar chúnntabhairt duine dá ghrádhchant féin, dá adharadh féin agus dá shearcughadh féin a níbhus mó ná do-ghnídhean le Dia! Ó créad mar mhí-fhortiún do é féin do chreideamhuint, a mhiann do leanamhuint, a dhóthchas do chuir ionna chómhairle féin, a smúintighthe agus a phlaésiúir do ghlaca go lochtach, ag tréigean a chéille, ag luighe ar a chéadfadhaibh agus dá únfhairt féin i srúill shailig na drúise i n-aghaidh órdaighthe agus reachta Dé, mar dheamhuin nó mar dhiabhail ifrinn! Ó nách mórchurrthach an nídh sin agus nách damannta? Má bhiathaidhe san staid so uair an bháis agus na gcéad-éagaibh, cia do chaomhnóghas sibh ó Fhíorcheart Dé agus óna thréan-fheirg? “Atá Dia mór, tréanchómhachtach agus uathbhásach; do-ghnídhean ceart gan féachuin do
neach ná do shaidhbhrios ná do thabharthas”: Deus magnus et potens et terribilis qui personam non accipit nec munera, Deut.x.17. Do chuireadar prionnsadha na Baibiolóine, riaghlaightheóirighe agus stúirtheóiridhe eile na cúirte cogadh ar an naomhfháidh Daniel dobhí do ghnáth i ngrásaibh Dé, fá sgiathánaibh a chumais agus a chaomhnacht: Tunc principes et satrapae surripuerunt regi et locuti sunt ei, Dan.vi.6, ionnas agus go bhfuaradar meadhon dochum a chaillte agus dochum a theilgthe go carcair na leómhan dochum a shracaighthe 's a straca as a chéile. Acht níorbh éifeacht dóibh cinneadh ar an gcómhairle sin ar an adhbhar gur mhéadaig go mór a bpéin 's a réim dochum a gcaillte, do bhrígh, an tan ionnar aithin an rígh agus ionnar thuig neamh-chionntacht Dhomhnaill trésan míorbhuill do-rin Dia air, gan na leóghain dá dhíthcheanna agus dá mhionbhrúghadh idir a bhfiacla, agus gur tré iomthnúth dotugag fá deara a theilgean eatorrtha, go dtug órdughadh gach n-aon budh chionntach le Dómhnall do dhíthcheanna do theilgean gan stad i measg na leóghan dochum na críche céadna d'imtheacht orra féin agus do mheasadar-sin d'imirt ar Dhómhnall. Is mar sin d'éirgheódhas do na peacachaibh so do chalcaigheas agus do chruadhmhuinéalas i n-aghaidh dhleaghtha agus reachta Dé, do leanas a slighte féin 's a gcómhairleacha, ag tabhairt dearsgnacht Dé i dtarcuisne atá go ró-árd os cionn intleachta dhaonnaigh ar bith do thuigsint. Créad é an tairbhe do neach é féin do chuir i gcontabhairt Dia dá thréigean dochum a chaillte idir anam agus chorp? Créad é bhár bpraitinneamhlacht, bhár ndóthchas, bhár gcómhairle ná bhár dtréighthe dá bhúr gcur féin i gcontabhairt bhár ndamannta agus bhár léirsgriosta go síorraidhe mar dheamhain nó mar dhiabhail ifrinn? Ó creidig i n-Íosa Críost, bhár nDia agus bhar gcoróinn tsíorraidhe má thuilltí é. Iompaighidh gan stad dochum na haithrighe
go prap, do bhrígh go n-abair go dtiocfaidh féin mar do thiocfadh sladaighe san oidhche agus nách feas díbh an tráith, an uair ná an nóment do thriallfaidh oraibh: Quia dies Domini sicut fur in nocte ita veniet, 1 Thess.v.2. Ar fhaicsint do na Sgríobaidhibh agus do na Phairisínig mar aon le tuismeightheóireadhaibh chathrach Ierusalem méid na míorbhuilleadha do-rin Críost ár dTighearna, do chineadar ar chómhairle eatortha féin, dá fhéachaint créad d'iarfadís nó do-dhéanfaidís leis. “Créad do-dhéanfam? Do-ghnídh an fear so mórán míorbhuilleadha”: Quid facimus, quia hic homo multa signa facit? Ioan.xi.47. Budh cheart dóibh a ghlaca mar an Messias do bhrígh go bhfacadar a chómharthaoi ionna thímpchioll tréna mhíorrbhuilleadhaibh. Do budh é a sábháilt é agus coiméad a mbaile. Acht do chinneadar ar a chonntrárdhacht, ag rádh gomadh chóir a chur dochum báis d'eagla na Rómhánach do theacht do léirsgrios na cathrach. Créad mar mhí-fhortún dóibh! I n-ionnad a gcathrach do chaomhna ar lot, gur leagag agus gur traostag í ón gceann gcura go chéile agus iad féin mar aon lé, do bhrígh le méid na neamhdhuininteacht agus na cruadhála lenar ghlacadar i láimh an Slánaightheóir, gur threóraig Dia na Rómhánaig fána ndéin dochum ruathair, léirsgriosta agus traochta do thabhairt dóibh, go nár fágbhadh bean, fear, buachaill ná cailín, óg ná ársa, páiste ná gárlach, rígh ná árdfhlaith dhíobh gan díthcheanna, léirsgrios agus traocha le briochtfhaobhar cloidhimh agus le géarlasaracha domhúchta teine. Ag sin mar d'imigheas ar chómhairleacha na bpeacach agus na bhfeilebheartach tréna dtuigsint féin go mí-fhoirtiúnach. Ar an adhbhar sin, aire dhíbh d'eagla tuitimtha san dtubuist gcéadna tré bhár saobhchómhairle féin, iar dtréigean Dé agus a aitheanta, ag siobhal i mbealach na locht agus na n-aindlighthe.
CAIBIDIL 16 Pionósan agus pianan Dia go gér-nímhneach na peacaig agus do-bheir luaidheacht saothair uaidh go fóirleathan dá shearbhóntaighthibh féin. Ná smúinigí go mbiadh aon pheaca ná aon mhionlocht ar dearmad i láthair Dé. Do-chídh a dhearsgnacht gach feilebheart dá ndeárnamhar, agus ní fhágfaidh a Fhíorcheart aonread gan díoghailt ar an adhbhar nách fuláir go ndéanfadhar leórghníomh ionnta trésan aithrighe go luaith nó go mall, ionnsa tsaoghal so nó ionnsa tsaoghal eile, trésan leórfhulang cruaidh docht do-iompchair d'ollmhaigheas a ghéar-dhíoghaltas, do réir mar sgríobhtar san XII Eccli.7, go dtabhraidh Dia do na feilebheartaig agus do na peacachaibh an díoghaltas do thuilleadar d'fhagháil: Quoniam et altissimus odio habet peccatores, et impiis reddet vindictam. Má thugamaoid fá deara go n-ollmhaigheann Dia tréanbhagartha agus géar-sgúirseadha fá chómhair na naomh agus a dhiancháirde féin, ag buain díoghla dhíobh ionns gach mionlocht agus beag-pheacadh do-ghníd in' aghaidh féin ionnsa tsaoghal so, agus bíodh go ndearnadar deighghníomhartha, géaraithrighe agus claonmharbhadh tríotha, ná léigfig an Fíorcheart Diadha aonread dhíobh thairis gan díoghalt, do réir bhréithre Naomh Pól gusna hEabhraigh, xii.6: “Sgiúrsadhan Dia an té is ionmhuin leis agus slataigheann gach n-aon dá ngabhan leis mar leanabh”, Quem enim diligit Deus castigat, flagellat autem omnem filium quem recipit; Ó máiseadh, créad a mhéid agus a uathbhásaigh do ghlacaidh i láimh lucht briste a dhlighe ionns gach slighe, i n-uabhar 's i sainnt, i ndrúis 's i gcraos, i bhfeirg, i bhformad 's i leisge agus ionn gach uile olc agus feilebheartaibh eile dá ndéingid, ag brostughadh a fheirge, ag árdughadh 's ag méadughadh a choinntinne
tréna mórchurrthaibh, gan trosga, déirc, féile ná daonacht do dhéanamh ionnta, ná claonmharbhadh ar bith dá gcosg ar shómpla na naomh dochum sásaimh do thabhairt do Dhia, amhuil mar dhearbhuigheas Naomh Peadair: “Más ar éigion do sábhálfadhar an fíoraon, mo chreach! créad éirgheódhas don pheacach?” Et si justus vix salvabitur, impius et peccator ubi parebunt? 1 Pet.iv.18. Atá Dia libearálta sochroidheach móraigiontach fairsing fial fulúirseach dochum dualguis do thabhairt do gach n-aon do thuillios é ar an saoghal so nó d'éis bháis. Agus dá loighead an deighghníomh do-ghnígheas neach, dá ndearna í ar son Dé go haonrecánta, do-bhéarfaidh luadhacht saothair uaidh dá chionn. Dothug dualgas don bhaintreabhthaigh úd an tsuibhsgéil fán dá fheóirlinn do chur i gcongnamh dochum an Teampaill do thógbháilt, ag rádh gurab mó dothug sí uaithe dá boichtineacht ná na toicig dá saidhbhrios. Geallan Íosa Críost dúinn, ciabé thabharas oiread agus deoch don uisge fhuar ar son Dé, ná caillfidh sé a luaidheacht saothair: Et quicumque potum dederit uni ex minimis istis, calicem aquae frigidae tantum in nomine discipuli: amen dico vobis, non perdet mercedem suam, Math.x.42. Is beag le a rádh, dar leat, deoch don uisge fhuar do bhrígh go bhfachtar é anns gach aon áird, agus adubhairt don uisge fhuar d'eagla dá ndéarfadh deoch don uisge bhog gomadh leathsgéal é do chách d'easbadh teine do bheith aco dochum a théighte. Do-bheir luadhacht uaidh fós ar son na deaghaigne dobhíos ag neach dochum na maitheasa do dhéanamh dá mbiadh ar gcumas do, amhuil agus mar dodhéingion an ríghfháigh do dheimhniughadh dhúinn, ag rádh go n-éisteann Dia le deighmhéinn na mbocht agus lena bhfonn croidhe dochum na maitheasa do dhéanamh: Desiderium pauperum exaudivit Dominus: praeparationem cordis eorum audivit auris tua, Ps.ix.17. Créad é an fáth, ar an adhbhar sin, iona bhfuilimíd cómh faillightheach sin gan deighghníomhartha ar bith do dhéanamh mar ghrádh do Dhia? Ná fuilid na meódhain
agus na hócáideadha aguinn go laetheamhuil dochum a ndéanta? Nách sin iad na daill, na bacaig agus na cláirínig dochum déarca do dhéanamh orra? Is féidir linn fós deaghoibreacha do dhéanamh ar ár son féin, ag ár gclaonmharbhadh féin, dár n-úmhlughadh agus dár n-úirísliughadh féin do láthair Dé. Nách féidir linn mar an gcéadna Dia do ghuidhe, a ghrádhchant os cionn an uile nídh, a mholadh tré iomshláine ár nirt agus ár gcumuis, deighmhéinn do bheith aguinn dochum na maitheasa do dhéanamh? Is neidhthe mórluaidh iad. Atámaoid cómh cúramach sin i ngnóithighe saoghalta agus cómh neamhchúramach sin i neithibh neamhdha gurab mó de spéis do-ghnímíd dár gcurip agus don toice dhiombuan tsoibhriste ná do-ghnímíd do Dhia ná do leas ár n-anma. Má tá Dia carthanach brontach cabharthach trócaireach dochum luaidheacht saothair do thabhairt don té do-ghnídh an mhaith, atá sé aoígair feargach tréan-díoghaltach uathbhásach dochum sásaimh do bhuain amach san olc. Caithfig cúntas d'fhagháil go bhfiú na bhfocal neamh-éifeachtach do labharthar, do réir bhréithre an tsuibhsgéil naomhtha ag Matha,xii.36: Dico autem vobis, quoniam omne verbum otiosum quod locuti fuerint homines, reddent rationem de eo in die judicii. Agus má bhainfig cúntas cruaidh ionnsna focail sin, créad é a ghéire do bhainfig cúntas i ndrúis, i n-uabhar, i bhfeirg, i mbréagaibh, i mionnaibh móra, i n-éigceart, i mallachtaibh, i gcúlchainnt, i neamhaithrigh agus i saobhchrábhadh? An té adéarfaidh lena dhearbhráthair, is amadán thú, nó fós ráic nó a ionshamhuil sin d'fhocal ghraosta, bia cionntach tré bhreitheamhnas agus damnóchfar é go teine ifrinn, amhuil mar dheibhnigheas an Spioraid Naomh i mbeál Mhatha san v ca.22: Ego autem dico vobis; quia omnis qui irascitur fratri suo, reus erit judicio; qui autem dixerit fratri suo, Raca, reus erit concilio; qui autem dixerit, fatue, reus erit Gehennae ignis. Má tá pianta le cuir i ndiaigh na neithe éadthroma so do-dhéantar i n-aghaidh na cómharsan, ná fuilid pianta is mó ionná sin i ndiaigh bharbairtheacht,
ghraostacht, éigceart, ghadaigheacht, fhuadaig agus rabálacha agus gach uile olc eile agus feilebheart dá ndéighiontar, cia fionnas agus go gcasfadhar libh agus go gcaithfidhe cúntas do thabhairt ionns gach friotal nó focal suarach dá laibheórfar? Budh dhochroidheach cruaidh an díol do baineadh do Mháire, deirbhshiúr Mhaoise maille ris an laibhre do chuir uirrthe agus a díbirt as an gcamptha ar feadh seacht lá, mar dobhiadh neach fá bhang eagaillse nó gearrtha amach as an dteampoll, ar son murmuir do dhéanamh i n-aghaidh Mhaoise fá mhnaoi dhuibh nó ón Eitiopia do phósadh, Numer.xii.1: Locutaque est Maria — contra Moysen propter uxorem ejus Aethiopissam. Agus muna mbiadh gur ghuidh Maoise go dúthrachtach ar a son, siúd agus gurab do phrímhphearsanaibh an phobuil í agus gurab í do chúm agus do chuir i n-eagar a chéile an Chaintig luathghára bhuadhchais d'éis gabhtha trésan Muir Ruaidh, do léireóghach Dia go hiomshlán í agus do dhíthcheannóghach trésan aon-pheacadh sin an mhurmuir do-rin sí. Bíodh gurab í dearbhshiúr stúirtheóra phobuil Dé agus Aaroin, prímhíodhbartheóra agus an árdshagairt, í, ní chuirfeadh sin uile toirmeasg ar Fhíorcheart nDé gan sómpla saoghalta do dhéanamh di, dá cuir dochum báis do láthair. Féachaidh, ar an adhbhar sin, an dtabharfaidh Dia párdún ná maitheamhnas dá dheargnamhaid ionnsna tréanchurrthaibh do-ghnídhid siad in' aghaidh, cia fionnas agus go n-agrann a dhíoghaltas cómh géar-nímhneach so ar a cháirdibh trés gach mionlocht dá ndéingid. d'éis a ndeárna Maoise do mhíorbhuilleadhaibh san Éigipt a' méadughadh glóire Dé, d'éis a raibh do mhuintirtheas,
do shaoirse agus do cháirdeas aige le Dia ar mhullach Chnuic Sinai, ag labhairt fris aghaidh ar aghaidh mar do-dhéanfadh caraid le caraid, d'éis dá chorghas do throsga, d'éis an iomad buadhartha, trioblóide agus casaoide d'fhulang ar an bhfásach mar ghrádh agus mar ghean ar Dhia, do bhuail Maoise, adeirim, an mhórfháigh churanta chumasach mhórthréightheach so, dá bhuille don tslait do read Dia do dochum míorbhuilleadha do dhéanamh tríghthe, ar charuig chloiche dochum uisge do tharang aisde don phobal; agus níor dheachtaig Dia dho do bhualadh uirthe acht aon bhuille amháin. Agus mar gheall ar a órdughadh do bhrise tréna neamhúmhlaigheacht dá thoil, do bhain de gan dul 'na bheathadh asteach go Talamh na Geallamhna. Acht do thaisbeáin do é i gcian uaidh agus adubhairt leis ná cuirfeadh bonn a choise air go bráth tré bhrise na haithne tug do do thaoibh na caraige, gan do bhualadh uirthe acht an t-aonbhuille. Agus bíodh gur ghoil Maoise go cruaidh guirt fliuchshúileach trésan bpeaca sin, ní bhfuair párdún ann riamh san mbeatha so do bhrígh go bhfuair bás gan dul asteach go Talamh na Geallamhna. Budh chóir go gcuirfeadh so critheagla agus uathbhás oraibh, a cháirde, agus go bhfaicfeadh sibh go glanradharcach glinn-rosgach ná léigfidh Dia aon read thairis gan díoghailt ionnsa tsaoghal so nó ionnsa tsaoghal eile agus fós ná féachaidh dá dhiancháirde dilghrádhaig féin gan géar-bhuille a fhíor-fheirge do bhualadh orra tréna gcionntaibh. Ó maise, créad é méid an díoghaltuis do-dhéanfaidh ar a dheargnamhaid! Nách amadáin neamhthuigsionacha gan mhothughadh iad? Nách lán do mhire agus do bhuile atáid, ag smaoineamh ná bainfidh Dia díoghal díobh go síorraidhe tréna bhfeilebheartaibh i n-iffrionn muna ndiansgriosaid iad asda san tsaoghal so trésan aithrighe roimh anam do sgarabhuin re coluinn aco.
CAIBIDIL 17 Tairingion an peacach do chuireann i n-aghaidh na ngrás pionóis uathbhásacha do-iompchair air féin. Ar n-aithint agus ar gcloisint do na chúig righthibh díthchreidmhig, Numer.xxiv, gur cheangaladar na Gabaonites cáirdeas agus muintirtheas le pobal Dé, do thángadar i bhfoslongphort dóibh le harmáil mhóir thréanchumasaig. Acht dotháinig Iosue, an captaoin cródha agus an míleadh curanta agus an triath meanmnach móraigionntach, i gcabhair do na Gabaonites, gur bhuaidh ar na chúig rígh réamhráidhte sin ionnas agus gomadh éigion dóibh go claon náireach tarcuisneach mímheasda teighthe agus iad féin d'fholach i n-uaidh nó i bpuathuis talmhan, arna mheas dóibh go rabhadar as baoghal san ionnad sin, ionnas an tan d'imtheóghach Iosue go dtiucfadh leó-san imtheacht tré éalóghadh. Acht do ruaigeadh as a' bpuathais le hiomarca anfhórlainn agus fhóirnirt iad, gur gabhadh do chosaibh ionnta san lathaig agus gur crochadh le hiomad mórtharcuisne agus mímheas iad, agus gur teilgeadh a gcuirp fán gcamara dochum a dtaraingthe 's a stracaighthe as a chéile. Ó a Chríostaighthe! ná troideamaois-ne a níbhus fuide i n-aghaidh Íosa Críost ár dTighearnna! Ná tarangamois cloidheamh na n-annlocht atá fuilighthe le follracht na bhfeilebheart amach i n-aghaidh a ghrása! Ná déangamís maga ná fonomhuid fá gach oilbhéim, gach truailleaghthacht, gach tarcuisne ná gach boichtine dár fhuiling sé! Ná déangam sgige fána bhás ná fá gach géarchruatan dár iompchair sé, ná fá gach deaghchómhairle shuibhsgéalda dá dtug uaidh! Ná bímís, ar an adhbhar sin, a níbhus fuide ionnár ndeargnamhaid age, mar na Giúdaighthe nó na díthchreidmhig, trénár ndroichbheatha mí-iompcharaig, conntrárdha dhá riaghail is dá dheaghtheagasg!
An mhuintir do leanan do chlaonta na colla .i. an mhuintir do mhairionn do réir na nádúire, gan duadh, gan saothar, gan géar-leanamhuin, gan claonmharbhadh, gan deabhóideacht ná caoin-dúthracht, gan iaraidh ná lorg do chuir ar aon cháil Chríostamhuil deagh-thréighthig san mbith, acht ag leanamhuin a gclaonta truaillighthe neamhórdaighthe féin, tugaid-sin, adeirim, mí-mhodh agus tarcuisne dár Slánaightheoir Críost, dá aitheanntaibh agus dá naomhchómhairleacha, ag maireachtuin go cóntrárdha do na deaghshómpladhuibh tug dúinn ionna phearsain féin ar feadh a bheatha agus mar an gcéadna do na sómplaidh budh dheóghnaightheach leis do thabhairt dúinn i bpearsain na naomh, a shearbhóntaighthe féin, do shiubhail ionna shlighe agus do choiméad a aitheannta. Dá bhrígh sin is deargnamhaid iad-sin do Dhia agus dá naoimh, agus ní budh dual dóibh 'atharach do bhás d'fhagháil acht bás tubuisteach mí-fhoirtiúnach, acht muna leasaíd iad féin i n-am tré shruith déar tréanáidhbhseach na haithrighe fíre. Acht is baoghal a gcúl-iompógha ó na peacadha do bheith ró-dheacamhlach, do bhrígh go dtugadar mí-mhodh agus tarcuisne do mhaitheas agus do mhórthrócuire Dé. Agus is ró-eaglach dhóibh gur túisge iad cruadhchroidheach cruadhmhuinéalach neamhfhonnmhar dochum fillte tar n-ais óna gcurrthachaibh ná fonnamhar dochum na haithrighe do dhéanamh. Más mainneachtnach neamhfhonnmhar iad, créad na meodhain is miann leó do ghlaca dochum a n-anacail ar dhamaint shíorraidhe? Níor éist Iudás agus níor thug aire do gach caomh-theagasg ná caoinbhriathra dá dtugag dho tré bhéal Chríost. Níorbh fhéidir leis an Slánaightheóir caoin grádhmhar so a níbhus mó do dhéanamh dá dheisgiobal (do thréig agus dothug suas dá dheargnamhaid é) dochum a tharang chum leasa a anma ó na mórlochtaibh claonbheartacha ná mar do-rin. d'fhuiling ionna chuideachtain é cia go raibh a fhios aige go dtréigfeach é agus go bhfeallfach air. Do ghlac dochum a chláir é ar a shuipéar déadhnach. Dothug do a chorp ró-naomhtha agus a
chuid fola daorluaig féin mar phroinn. Do ghlan agus do sgiumair a chosa, agus fós ní thug táir ná tarcuisne dho i nGáirdín na n-Oladha an tan táinig i measg na saoighdeóiridhe agus lucht na n-arm n-aithghéar eile dá ghabháil, acht do ghlac go búch milis é, do phóg é agus do ghairm a dhuine muinteardha dhe, agus do labhair le ceannsaightheacht an uain leis dochum a chroidhe do bhoga agus do mhaothughadh dochum aithrighe do dhéanamh. Do chruaidhsheasaimh agus do chrannraigh do shíor an mí-fhoirtiúnach so ionna pheacadhaibh, ag cur i n-aghaidh ghrása Dé agus a mhaitheas go huile ar gach aonmhodh. Dobhí go dearbhtha 'na dhiaig sin claonchorrughadh beag suarach don aithrighe ann ná deacha dochum leasa dho acht dochum a phianta do mhéadughadh agus a theilgion i n-éadóchas tubuisteach do-iompchair ar easba ghrádh Dé do bheith ionna chroidhe ná dóthchas ná muinghín ionna ghrásaibh, imshníomh ná eagla roimh n-a dhíoghaltas, acht amháin imshníomh, eagla nó cúram sglábhadha mar na damantaig. Ná leanaig dá bhrígh sin míréir agus cruadhmhuinéaltacht an tréatúra so acht muna méinn libh a bhéith i gcúntabhairt tuiteamtha go mí-fhoirtiúnach ionna samhuil sin do phianntabh agus do sgiúrsadhaibh. Is mór do ghearánas Dia ar an modh ionna gcuireann sibh i n-aghaidh a naomh-shéide, a ghrása, a fhriotail diadha agus an uile mheódhan dá dtugan a charthanacht agus a mhórthrócaire go laetheamhuil díbh dochum bhar slánaighthe. “Créad é an nídh ná dearna dam fhíonamhuin dobudh fhéidir liom a dhéanamh dhi?” Quid est quod debui facere vineae meae quod non feci? Isai.v.4, do réir mar chanas an fháidh do thaoibh Dé, nó mar is cóir do rádh, do réir mar adeir Dia ag labhairt tré bhéal na fáige. Is sibhse fíonamhuin an Tighearna Críost. Do phlandaig sibh lena mhórsglábhadhacht agus lean' allas, do shaorthaig
agus do cheannaig sibh tréna chruis, do chroith úrmhaireacht a choda fola daorluaig féin mar uisge oruibh, do leasaig agus do bhiathaig sibh lena bhréithribh neamhdha, lena ghrásaibh agus lena shácrameinnteadha, agus caomhnann, cosnann agus coiméadan sibh lena choimeirce. Máiseadh, i n-ionnad gach toradh deaghoibreacha, tréighthe agus naomhthacht budh dhóith leis d'fhagháil uaibh dá gcionn, ní bhfaghann acht peacadha, mallaightheacht, neamhdhuineanthacht agus mí-iompchar dochoimsighthe ag fás gach nómet asaibh. Créad é bhar muinghín i nDia acht bhár lámhughadh mar do-rin rean' fhíonamhuin noch d'fhág fá fhóirneart na mbeitheamhnach agus fá fhíoch fheirge na mbeathadhach n-allta dochum a stracaighthe. Amhuil sin díbhse ar uair bhár mbáis: tabhraidh sibh suas don diabhal d'fhuadóchas sibh go huaidh ghlonmhar ifrinn leis. Ar an adhbhar sin, iompaighidh ar Dhia, ag úmhlugha dhá ghrásaibh, ag cur suas do bhár ndroichbheartaibh agus ag tréigean gach nídh do chuirfeach fearg ná fuasaoid air. CAIBIDIL 18 do thráchtann ar an adhbhar gcéadna. An mhuintir dofuair cuire teacht dochum an fhéasta úd an tsuibhsgéil agus nár mhiann leó a ghlaca, ag tabhairt iomad leithsgéil uatha, Luc.xiv.18, aon díobh dá rádh gur cheannaigh teach tuatha, fear eile gur cheannaigh chúig padhaire bulán agus fá dheóig an treas fhear go ndubhairt gur phós bean agus ar an adhbhar san ná raibh ar gcumas do triall fá dhéin na cuire; do díbreag, do sgriosag agus do ruaigeag go fuathmhar feargach fíochmhar iad-súd uile agus an méid dobhí mainneacht leisgeamhuil, i n-imchian ó halla na cóisreach, gan fagháil
furthacht, cabhartha ná fóirighthin. Monuar! is sibhse féin ar a gcurthar cuire teacht go fleadh na glóire síorruighe nó go tairbhe naomhshacrameinnteadha na heaglaise, agus éimighinn sibh naomhghuth an Tighearna atá a' síor-ghlaodhach oraibh dochum teacht dá ghlaca. Caitheann sibh bhúr n-aimsir a' cnuasach, ag bailiughadh 's ag tiomarga mhaithis agus tsaidhbhris diombuain an tsaoghail so mar thoiceacha sanntacha, ag cothughadh is ag biathadh bhár gcéadfadha agus bhár n-antoile iomarcaig tré anndúil ionngantaig ar nós na mbeathadhach n-allta, do bhúr sásamh féin tré uabhar, phoimp agus andréim mar na diabhail, agus fá-ríor! nídh is measa iná sin go mór, ag dearmad na haithrighe gan suim ná éifeacht do chuir innte. Béarfaidh an bás ionnbhúr gcodladh oraibh, agus i n-ionnad bhúr rochtuin go flathas, halla bhainnse ghlóire shíorraidhe an Uain trócairig, teileógfar go cnámh-dhíreach i measg lasarthacha domhúchta uaigh ghlonnmhar ifrinn sibh gan teasargan. Ó mo thruagh sibh! Tréigeadha an saoghal, iompaighidh ar Dhia, séanaig an iomlán dochum bhúr leighiste ó ghalar gháibhtheach na bpeacadha, gidh fionnas agus gurab air go haonrecánta atá bhár sábháil go bithbhuan. Ó créad é 'liacht Críostaidhe dobhias arna mealla i bponc dhéadhnach an bháis ag árab dóith leó linge asteach go halla cóisreach na ndeaghfhoirtiúnach bhfíoraonda, agá n-iadhfaighear dorus pharthais lena n-ucht, dá ndíbirt go heasaontach fá dhoircheadas imchian na ndeamhan, mar an mí-fhoirtiúnach úd an tsuibhisgeóil dobhí cómh dána sin agus dul asteach gan chead gan cheileabhra go halla cóisreach an rígh úd do-rin banais phósda dhá mhac, gan culaith phósda ná róba bhainnise an mhic sin uime, agá dtugag breith air, iar gceangal a chosa agus a lámha dhá
chéile, a theilgean i ndiaigh a chinn i measg lasarthacha domhúchta ifrinn i ndoircheadas fhoirmleach, i mball ná cloisfiodhar aoinnídh acht golghártha agus díosgán fiacal: Ibi erit fletus et stridor dentium, Luc.xiii.28. Budh dheoghnaightheach leis an Athair Síorraidhe an róba oirdheirc so .i. na grása, do thabhairt díbh ionnbhár mbaiste. Do chailleabhair í tré bhúr bpeacadha. Ní glacfadhar go flaitheas sibh gan í do bheith oraibh uair bhár mbáis. Créad é an freagra do-bhéarfaidhe ar Chríost an tan d'fhiafróghas díbh créad fá inna dtángamhuir ionna láthair gan na grása agus maitheamhnas na bpeacadha, Math.xxii 12, mar adubhairt cheana leis an mí-fhoirtiúnach úd an tsuibhisgéil? “Créad fá ar leóghais teacht annso gan culaith phósda nó an róba bhainise iomut?” Is libhse laibheóra sé an uair sin i n-iomshláine a nirt agus a fheirge, ag tabhairt milleáin oraibh san am gcéadna. “Créad fá dtugabhar i dtarcuisne í, gan a gairm tar n-ais tré cheatha tréanáidhbhseacha na haithrighe do cheapas díbh do dhéanamh?” Monuar! biadh an oiread sin d'eagla, d'anamhóin agus d'imshníomh oraibh trésan milleán so, agus a níbhus mó ionná sin d'anshuairceas tréanbhúr gcoinnsias dílios féin, ar mhodh ná biadh focal agaibh le rádh ná meón ar bith réasúnta dochum bhúr leithsgéil do ghabháil. Acht dá mhéid bhar gcathughadh agus bhar mbuairt aigne, fuileóingfidhe do na diabhail bhúr bhfuadach leó go doircheadas foirmleach ifrinn, ionnad atá ar an dtaoibh amuith do thrócaire, mar a mbiadh gul agus gramhascáil fhiacal, ar an adhbhar go dteileógfar na damantaig ó theas do-iompchair na lasarthacha go fuacht do-úngabhálta le fulang. Ná meallaig sibh féin, a cháirde, ar an adhbhar sin, ag rádh ná deárnabhair mórán peacadha. Is leór aon pheaca amháin marbh do dhéanamh dochum toradh na ngrás, na subháilceadha agus na ndeaghoibreacha do dhíbirt as an
anam agus dochum a bheith in' adhbhar feirge agus míchéata ag Dia muna sgriosa an díbhfeirg sin de tré dhéaraibh atchúmhacha na haithrighe fíre roimh bhás d'fhagháil do. An searbhóntaidhe úd an tsuibhsgéil ag ná raibh ní ar bith do dhíolfach a fhiacha lena mháighistir agus agár mhaith an máighistir céadna na fiacha i n-iomláine dho, ag tabhairt cead bealaig dho triall cia bé áit ionnar mhiann leis féin, acht do bhrígh nár thaisbeáin seisean an charthanacht chéadna dá chóimhsheirbhíseach féin, gan maitheamhnas do thabhairt dá chómharsain amhuil agus mar do mhaith a mháighistir féin do-san an nóiment roimhe sin, do chaill na grása dofuair, do budh fhuathmhaire dho go mór a mháighistir 'na dhiaigh sin ná roimhe. Do lámhaigheag go neamhatruadhach é, do bualadh, do ceanladh, do cuibhrigheag agus do teilgeag go príosún é, gomadh éigion do an fheóirling dhéadhnach do dhíol go heasaontach sgannalach náireamhuil. Is iomdha modh ar a maslaigheann sibhse Dia, dá bhár ndéanamh féin milleánach do láthair a Fhíorchirt Diadha tré mhórán peannaid shíorraidhe do-innisteana lena n-ádhbhseacht. Leanaig comhairle Íosa Críost ár dTighearna. “Mathaig agus mathfaig Dia díbhse”: Dimittite et dimittemini, Luc.vi,37. Ná déinigh díoghaltas ionnsna cuirtheacha do-rineadh oraibh, ionnsa drochúsáid dofuaramhar ná ionnsna hadhmhilleadh do-rin daoine oraibh, agus ní dhéanfa Dia díoghaltas oraibhse ionnsna tréanchorrthachaibh do-rineamhair-se in' aghaidh más doilbhiosach cathach libh é tré chroidhbhrúghadh agus tuirse dá bhár nglaca fó fheirg do chuir air riamh trésan bpeacadh do dhéanamh. Ní leór dhúinn dochum gan tuitim fá ghéirsgiúrsadhaibh bhreitheamhantais ár dTighearna gan peacadh do dhéanamh. Ní foláir fós na deaghoibreacha d'órdaigheas aitheanta Dé agus na heaglaise dhúinn fá oibliogáid do dhéanamh, agus
ár n-aimsear, ár n-anam gona uile bhrígh, ár gcorp gona chéadfadha, ár maoin tsaoghalta, ár n-éifeacht, ár dtuigsint, ár gcómhachta, ár gcumas, ár ngrása agus ár dtréighthe agus gach uile nídh dá bhfuil aguinn, fá phéin damanta, do chaithiomh i seirbhís Dé na n-uile-chómhacht. Ní dhearna an seiribhíseach neamhthairbhtheach díomhaoin úd an tsuibhisgéil olc ar bith dá mháighistir. Níor sgaip a shaidhbhrios, níor labhair go holc air is ní dhearna cúlchaint ná murmur air. Acht níor chuir an talant nó an tsuim airgid d'fhág aige dochum tairbhe, acht do chuir san talamh é gan feóirling do bhaint as, go cruaidh gortach doghrachtach. Agus is leis sin dotugag breith dhamanta air mar chionntach, dá thabhairt suas do na ceasadúnacha do bhrígh gomadh mhainneachtnach leisgeamhuil é dochum tairbhe do tharang as na tiodhlaiceadha dothug a mháighistir do, gur leis sin adubhradh leis, Math.xxv.30: “Caithtear an seirbhíseach neamhthairbhtheach sin fán ndoircheadas fhoirmleach”, Mittite eum in tenebras exteriores. Ó créad d'éirgheós don mhuintir úd noch i n-ionnad a maoin is a bpearsain do chaitheamh i seirbhís Dé, ag úmhlughadh dho agus dá shásughadh, ag árab é a stuidéar cinnte an uile shórt uilc agus feilebhearta do dhéanamh, ag caitheamh a maoine, a gcuirp, a substainnt, a n-inntleacht agus a dtuigsint i seirbhís an diabhail i n-aghaidh Dé uilechómachtaig, ag tabhairt táir, tarcuisne agus mí-mhodh agus mí-onóra dho tréna mallaightheacht chreachreilge, dhia-aithis agus mhí-iompchair, an mhuintir, adeirim, do mhaireann amhuil agus mar gur dóibh féin do cruthaigheadh iad, ag rith i ndiaigh a gcinn ionna slightibh féin i mórgraightheacht nó ag fóghnamh do Lucifer, athair na mallacht is an aimhlis, tréna mbeatha mhí-fhoirtiúnaigh uaibhrigh chlaoin chaim chailleamhnaig. Más don droing
úd sibh, bíodh carthanacht agus truaidhmhéil agaibh dhíbh féin, glacach critheagla agus uathbhás sibh, guilig go faoidheach tré bhár bpeacadhaibh, guidhigí go dúthrachtach dochum Dé ag déanamh na haithrighe fíre, ag iompóghadh go prap tar n-ais ar a ghrásaibh. Do chuireadar mar an gcéadna dubhealadhantóireadha easarlaigheachta na hÉigipte i n-aghaidh Naoimhspioraide Dé an tan budh mhiann leó samhuil mhíorbhuilleadha Mhaoise, noch d'oibrig go fírinneach iad, do dhéanamh, acht ós a chionn sin adubhradar, an tan ná ráinig leó iomshlán na míorbhuilleadha dochoimsighthe sin Mhaoise do chlaondhéanamh, d'admhuigheadar mórchómhachta Dé, ag rádh: “Atá meór Dé annso”, Digitus Dei est hic, Exod.viii.19. Agus ar a shon sin do sheasamhadar agus d'fhanadar go cruadhmhuinéalach neamhurramach mar Pharao, gan iompógha ar Dhia ná oghmós do thabhairt do, nó gur cailleadh go tubuisteach agus gur bádhag go mí-fhoirtiúnach iad mar aon le Pharao san Muir Ruaidh. Atá aithne agaibhse ar Dhia do bhrígh go bhfuil an creidiomh agaibh do nochtas díbh go bhfuil sé uile-chómhachtach, mór-cheart agus ró-naomhtha agus ná fuilingean aon pheaca gan díoghalt, mar do dhearbhaigheas an Ríghfháig Dáibhí i n-aon do na Psalma: “Ó a Thighearna, mo Dhia féin, ní féidir leis an bpeaca tiodhacht i ngaor dhuit”, Ps.xc.10. Smachtaighean Dia sibh amhuil agus mar do-ghnídhean athair maith lena chloinn, dochum go dtabhradh fá ndeara oraibh fille tar n-ais agus bhár ndiútaé do dhéanamh. Mothaighean sibh go léir truime agus ualach a láimhe ionnbhúr mboichtineacht, agus 'na dhiaig sin agus fanann sibh go laéthamhuil dá imdhearga iarna mbeith dhíbh sanntach uaibhreach neamhdheabhóideach mionnach mór salach tútach sprionnlaighthe drochsmuainteaghthach drúiseamhuil. Monuar! nách eagal
díbh bheith sgartha re'n uile shórt compóird agus méid meanmuin? Nách baoghal díbh bheith caillte mar Pharao i Muir Ruadh na mailíse gia fionnas agus gur leanamhuir é ionna chruadhmhuinéaltacht gan aithrighe? Má tá breitheamhantas maith nó tuigsint agaibh, muna bhfuiltí gan chéill i n-éadóchas gan creideamh nó a ní bhus neamhfhoghlamtha dothuigsionta ná na beithidhigh allta, dobhiadh eagla oraibh roimh chómhachtaibh agus roimh fhíorcheart nDé. Budh cheart gomadh mhór bhúr gcathughadh fá fheirg do chuir air agus gomadh mhór bhúr n-eagla fá bheith damannta agus dá bhúr ngread-phianna i n-ifrionn. An dóith libh ná fuil ifrionn ann agus annsan ifrionn sin piannta do-áirmhithe dochoimse agus diabhail do phionósan na damantaig mar cheasadúnaig agus shearbhóntaighthe Fhíorchirt Dé? Má chreidin sibh an mhór-fhírinne so, créad é an fáth n-a bhfuiltí, amhuil agus mar ná biadh aon chreidiomh agaibh, ag maireachtain i gcraos agus i meisge, i n-uabhar is i n-ainmhiannaibh, i mbréaga is i mallaightheacht, cómh maith agus ná biadh Dia ann do-chífeadh bhúr bhfeilebheartaibh nó gomadh Dia maide nó cloiche é ná féadfadh critheagla ar bith do chuir oraibh ná peannaid do thabhairt díbh tré bhár mí-oghmós dá reachtaibh? Múisglidh as an múisiún domhúsgailte sin na bpeacadha ionna bhfuiltí do chuireann sibh as an uile shórt réasúin, do thoirmeasgan oraibh fírinne bhúr sláinte d'athaint ná do thabhairt fá deara agus do threóraigheas sibh i gan fhios díbh an tslighe dhíreach go hifrionn. Muna bhfuiltí ceannasach tréan láidir asaibh féin ar iompóghadh tar n-ais ar Dhia agus más riachtanas díbh cabhair, congnamh agus neart d'fhagháil tréna ghrásaibh, triallaig fá dhéin choinfeasóra nó athair faoisidine éigin atá foghlamtha deighbheathach dearsgna diadha riaghalta cráibhtheach (dá bhúr meas féin), faghaigí absolóid uaig, leanaig dá chómhairle
agus umhlaighidh sibh féin dá theagasg, do bhrígh go bhfuil an tsláinte san anam sin do stiúraigheas í féin agus d'oibrighean tré chómhairle na naomh, Prov.xi.14. Déinig-se mar an gcéadna agus ollmhuighidh sibh féin dochum teacht asteach i ngrásaibh Chríost, ag iaraidh párdúin air, ag maireachtain ionna dhligh 's ag coiméad a aitheannta, agus 'na dhiaig sin ní heagal díbh gan párdún d'fhagháil. Is fonnamhaire go mór é dochum maitheamhnais do thabhairt díbh ná sibhse dochum triallta fána dhéin dochum párdúin agus maitheamhnuis na bpeacadha d'fhagháil uaidh. Do mhóidig Dia nár mhaith leis bás an pheacaig. “Do-chídhim mé féin”, ar sé, “móidighim ar mo bheatha nách maith liom bás an pheacaig acht a chasa tar n-ais dochum gomadh fhéidir liom annois beatha na ngrás do thabhairt do, agus 'na dhiaig so, lá éigin, an ghlóire shíorraidhe i bParthas”, Ezechiel xxxiii.11. Móidigheann agus mionnaigheann Dia i bhfádhbhar na bpeacach dochum a dtarangtha dochum na haithrighe. Ó créad í mar charthanacht! Créad í mar thrócaire! Créad é mar shiúráil do na peacachaibh go bhfuil maitheamhnas i n-áirighthe aco má thigid leis na coinghíl riachtanach dá iaraidh, gia fionnas agus go ngeallan Dia dhóibh é agus fós go móidigheann leis! Ó créad é méid bhar mí-fhoirtiúin muna gcreidthí an gheallamhuin so dothug Dia díbh agus muna gcuirthí bhár ndóthchas san tsiúráil tug díbh risan ndeimhin do-rin dá dhearbhadh! Dá bhrígh sin, a dhearbhráithre, glacaig misneach, téigí ar bhár n-aghaidh ionnsna deaghoibreacha, glacaig an chómhairle so, éistig lé agus bainig bhar dtairbhe aiste.
CAIBIDIL 19. do thaisbeánann dúinn go ndéingean Dia úsáid do na créatúireadhaibh is ró-lugha dochum díoghaltais do dhéanamh ar na peacachaibh. Cuimhnighidh agus bíodh a fhios agaibh, i n-ainm Dé, ná léigfig a Fhíorcheart Diadha aon nídh thairis gan cuardughadh fríochnamhach agus amharc géar glinn díreach do dhéanamh air, maille re pionós trom tréanáidhbhseach guirtdheórach atairseach d'imirt ar lucht annlocht agus feilebheart an domhain ionnsna corrthacha is mine agus is ró-lugha dá ndéingid, gan féachuinn do neach dá mhéid i gcéim, i ngradam, i réim, i gcoinghíol ná i n-éifeacht seach a chéile, Rom.ii.11, acht do réir mar do thuillionn, go dtabharfar breitheamhnas ar gach neach do réir a ghníomhartha, Rom.ii.6, go n-iomprógha gach n-aon an t-ualach do chnuasa sé ar feadh a bheatha, Gal.vi.5. Mionsgrúdfadhar, uair an bháis, agus cuardóghfadhar ar an bpeacach ionnsna huile neithibh, olc agus maith, mar atá smuaintighthe, dúil, aigne, toil, labhartha, gníomhartha, díomhaointios, fuilingthe, foidhne, cómhairle, sómpla agus fá dheóigh ann gach uile shórt neidhthe budh chuibhe agus budh cheart do do dhéanamh. Má faighthear aige an úirísleacht is an aithrighe, grádh Dé agus na comharsan, an creideamh láidir marthannach, an fhoidhne, an claonmharbhadh, an úmhluidheacht agus gach tréighthe eile is riachtanas dochum na bhflaitheas do rochtuin, é so adeirim d'iompróghas an bheart so, glacfadhar é gan fuireach san ghlóire shíorraidhe. Acht má bhíonn an annuaill 's a' phoimp aige, an neamhdheabhóideacht, an tsainnt, an mhiosguis, fuath na cómharsan, rún díoghaltais agus faltanais, tarcuisne ar neighthibh neamhdha, aindréim, neamhghluine, calcughadh san bpeaca maille re neamhaithrighe i n-am an éaga, monuar! ag so an raon díreach go hifrionn agus do threóraigheas lucht iompchair na bhfeilebheart
so fá ualach do-iongabhálta na n-annlocht go huaidh ghlonnmhar Lucifeir i n-aointígheas leis na diabhail. Agus bíodh go ndearna neach mórán deaghoibreacha, tréighthe agus deighghníomhartha, acht má dobhíd arna gcoimleasg agus líonta do phoimp, do ghlóire dhíomhaoin, do ghrádh propartha ag neach air féin agus do chlaontaibh iomdha eile, muna sgriostar agus muna niamhghlantar iad tré thromdhéara na haithrighe ar an saoghal so, ní foláir go ró-loisgfíor agus go ruadh-dhóithfiodhar re druithlingthibh géarlasaracha grod-ghreadaighthe géar-nímhneacha mhór-thíntreacha Phurgadóra iad ar an saoghal eile .i. na currthacha do réir bhar meas féin ná fuil anois acht beagthabhachtach re faicsint acht monuar! san am úd dobhias trom toirteamhuil do-iompchair. Amharcaidh féin agus breithnighidh go maith annois gach salachar, morgraidheacht agus bréantas dá bhfuil ionnbhár n-anamnacha. Diansgriosaig agus cianruagaig asta an uile smáilc agus mórfhochall dá bhfuil ionnta go dian dithionnsach díthcheallach, gan cailleamhuint aimsire, do bhrígh ná fuil a fhios agaibh nách anocht féin do thabhrach an bás síth amasach aingidhe grodgháibhtheach oraibh, dá bhár bhfuadach leis do láthair an bhreitheamhantais agus ón mbreitheamhantas go huaidh ghlonnmhar ifrinn, gan teasargan, gan fagháil furtachta ná fóirighthin. Greadan agus pianann agus slatbhuaileann mór-fhearg agus díoghaltas Dé na tréan-pheacacha leis na créatúireadha is ró-lugha agus is neamh-éifeachtaoi san mbith dochum go nglacfamís eagla agus anmhóin roimh na peacadha is ró-lugha agus dochum go dtaisbeánfach dúinn gur ró-bhaoghal na peacadha solaghthacha, dár dtaraing dochum ár n-aimhleasa dochum gan leas ár n-anma do dhéanamh, do bhrígh go bhfuilid go bithdhíreach i n-aghaidh Dé. Mar an gcéadna atáid na créatúireadha is ró-lugha agus is tarcuisneamhla ar bith marbhthach ró-bhaoghalach do na peacachaibh an tan do shoigheadann, do bhrostaighean
agus d'árdaigheann lámh neamheasbathach mhórthrócaireach Dé 'na gcoinnimh iad. Do chreimidar, d'itheadar agus do shloigeadar na corra-mhíola Antiochus, Rígh uaibhreach annfhlaitheach na Baibiolóine. An prionnsa so, adeirim, do chuir critheagla go huile ar an Asia agus do bhagair cómh ceann-tréan sin ar phobal Dé, do thuit fá fhóirneart na bhfeithidighe mbeag so ionnas agus gur shracadar 'na mhionghreamannaibh as a chéile 'na dheighbheathaig é gan a gcumas do é féin do theasargan orra. Féachaidh agus breithnighidh féin go fírinneach annois an féidir libh cuir i n-aghaidh mhórchómhachta Dé, gia fionnas agus gur léir dhíbh nár neartmhar rígh oirdheirc tréanchumasach ar bhuadhchant ar fheithideadhaibh beaga neamh-éifeachtacha, agus fós amharcaig agus tugaig fá deara an ceart eagla do beith roimh neithe neamhshuimeamhla, go háirighthe an tan do bhainid re Dia, ii Machab.ix.5. Do phiannadar agus do chéasadar cuileóga agus siotacháin lucht áitribh na hÉigipte mar aon re Pharao iar gcuir dóibh i n-aghaidh thoile Dé, an tan nár mhiann leó sgaoile do Chloinn Israel as a' ndaorbhruid ionna rabhadar ar a shon go ndeárna Maoise iomad míorbhuilleadha agus iongantais iomdha, ar mhodh go dtugadar na hainmhighthe so fá deara orra mórdhacht, cómhachta agus mór-cheart Dé d'aithint agus iad féin d'úiríslioghadh agus do chúbadh fána láimh neartmhair thréanchumasaig, Exod.viii.24. Bíodh eagla Dé ionn gach aon chéim oruinn agus fós ionnsna neithibh so budh dhóith linn do bheith beg-éifeachtach neamhshuimeamhuil úirísiol gan tábhacht, do bhrígh gurab é Dia do chruthaig iad agus go bhfoillsighid a mhaitheas agus a mhórdhacht dúinn, go gcuirid mar an gcéadna ionnár bhfiaghnaise an t-oghamós budh cheart dúinn do bheith aguinn dár gCruthaightheóir, dá dhligh, dá reacht
agus dá dheaghthoil, agus ós cionn an uile nídh gan a fhearg do thuilliomh choidhche maille re peaca do dhéanamh. Dá mhéid muinghín Heroid i muintirdheas agus i gcaomhnacht impireadha na Rómha, agus d'aimhdheóin a uaille, a phoimpe agus a theannais ionna chuid stóir, ionnmhais agus tsaidhbhris, ionna fhóirneart, ionna fhórsadhaibh, ionna chumas, ionna chéill, ionna eagna agus ionna thuigsint, agus ar a shon go raibh an lámh uachtarach aige ar na Giúdaighthibh, gur bhain an ceann d'Eóin Baiste, go ndearna maga, fochmhuid, agus fonamhuid fá Íosa Críost ár dTighearna, agus gomadh mhiann leis go dtabharfaoi fá ndeara gur dhia é do bhrígh an chómhrádh do-rin i bhfiaghnuise an phobuil, do labhair cómh hoirdhirc sin gur mholadar i gcomparáid le Dia é ar mhodh, i n-ionad Dé do mholadh dá chionn, gurab i bpoimpeamhlacht go mór do-chuaidh, do lámhaig Dia é dochum sásaimh do bhaint de (nídh iongantach éagsamhuil!) i n-iomshláine a nirt agus a fheirge, ní le fóirneart cogaig ná ruathair acht le sgao cnuimh agus piastaidhe do geineadh agus d'fhás i gcorp mhí-fhoirtiúnach an truadháin so do chreim, d'ith agus do shrac as a chéile 'na dheighbheathaidh é, go bhfuair bás obann anaba lán do bhuile agus d'éadóchas mar dhamanntach. An té úd dobhí ó chianaimh i ngradam mar Dhia, ag sin é annois dá straoille idir chnumhaibh mar dobhiadh conoblach ar charnaoile. Ó créad é mar bhreitheamhantas iongantach uathbhásach! Agus 'na dhiaigh so agus uile créad d'éirgheós don mhuintir cheann-dána thréanphuimpeamhuil so nách miann leó eagla do bheith orra roimh Dhia, ní hé amháin ionnsna neighthibh mór-éifeachtacha acht fós ionnsna neidhthibh neamhshuimeamhla, gia fionnas agus go bhfuilid uile léirsgriosach tréan-díoghaltach an tan is miann le Dia a soigheada, a mbrostughadh agus a n-árdughadh ionnár n-aghaidh dochum díoghaltais do dhéanamh oruinn ionna liacht uair agus do-rinneamair
drochúsáid díobh in' aghaidh féin riamh ar feadh ár mbeatha? AN .20. CAIBIDIL. Is éigean do Dhia na peacacha ceann-tréana anndána neamhaithrigheach do ruaga, do léirsgrios, do dhíthcheanna agus do dhíbirt as an saoghal mar aon leana bpeacadhaibh. Do-rineadar Clann Israel murmur cómh mór sin i n-aghaidh Dé ar an bhfásach, ar son do dtug dhóibh oileamhuin neamhdha an Mhanna agus mórnuimhir iomdha grása eile agus tíodhlaiceadha laétheamhla do léig chúghtha as a láimh charthanaigh, Numer.xxi. Níor léigeadar dá murmur no gur árdaig a mhór-fhearg dochoimsighthe cómh mór sin gur fhear tréan-cheatha móráibhseacha d'athracha nímhe tinteamhla teine orra do loit, do mhill agus do shloig an chuid budh mhó dhíobh. Do-rineadar feacht eile murmur i n-aghaidh Mhaoise, dá aithisiughadh agus dá imdhearga cómh mór sin ar mhodh gur thuit caor thinntighe as na flaithis orrtha do mhairbh agus do dhubhloisg tuille agus cheithre mhíle dhéag dhíobh, Numer.xvi. Féachaig cionnas do thairngeann ár bpeacadha tréan-díoghaltas oruinn, ag brostughadh Fhíorchirt Dé dochum na dteintreacha so do dhorta oruinn, dár dteilgeann ionna mhór-fheirg i ndiaig ár gcinn go réimdhíreach go hifrionn. An maith libhse a shamhuil sin do mhí-fhortiún agus do thubuist do theangmháil díbh féin? Muna maith agus go bhfuil eagla oruibh go dteangmhadh, tugaig aire dhíbh féin go fáithghlic ciallmhar aireach, ag iompóghadh ar Dhia agus dá bhár gcoiméad féin go buan-tseasamach i ngrásaibh agus i nglóire Dé do shíor. Ar mbeith do Rabsaces, connsaléir Shennacherib i bhfoslongphort nó ag siege le hucht chathrach Ierusalem,
do labhair do ghuith árd sholasghlan ag dia-aithisiughadh ainme ró-naomhtha an Tighearna ionnas agus gomadh éigion don Archaingeal Mícheál túirling ó neamh agus céad agus cheithre fithchid míle dhá armáil mhórnuimhrigh do mharbhadh, do léirsgrios agus do dhíthcheanna ar an láithir i n-aonmhóiment, Isaias, xxxvii.36. Éirighthí go ceann-tréan i n-aghaidh Dé tré bhúr bpeacadha agus adaighthí teine agus fíoch a mhór-fheirge go laétheamhuil ionnbhár n-aghaidh. Amharcaig agus machtnaighidh, iar mbeith dhíbh i n-eascáirdeas Dé, a' bhfuil sé do neart ionnaibh ionnbhár n-aoinfhear buadhchant ar mhórdhacht agus ar mhórmhaithios chritheaglaidh an Athar Neamhdha. Féachaidh créad é an modh arbh'fhéidir libh teighthe ó chloidheamh aon aingil amháin aonrecánta, gidh fionnas agus nár fhiad armáil mhór-éachtaig thréanchumasaig Shennacherib ná fós a bhfuil san domhan treise do bhreith air. Damnaighidh agus cionntaighidh ar an adhbhar sin sibh féin, ag admháilt ná fuil ionaibh acht mí-fhoirtiúnaig thiubuisteach nó bochtáin thruaidh nochtaighthe neamhchumasacha i n-aonnídh, nó creidig agus bíodh a fhios agaibh go bhfuiltí teilgthe go síorruighe. I n-aimsir an fháig Daniel d'éirig stoirm iomarcach agus gaoth anfath anfhoirlingtheach ar an bhfairge ionnas agus go dtug fá deara ar cheathrar ainmheinte tréan-iomarcacha móráidhbhseacha tréanláidre, lánchumasach ar an ndomhan uile do chraostsloga, do dhiansgrios agus do charta riompa, do theacht aiste. Is leór bhúr bpeacadha féin go haonrecánta dochum cogaig, ruathair, gorta, léire, léirsgrios agus pláig agus gach uile shórt uilc, tubuiste agus míghrinn do theacht oraibh. Agus muna mbeadh ann acht sin do budh fhoirtiúnach deaghuaireach an nídh dhíbh é. Acht iarna aithint agus iar dtabhairt fá deara díbh gur thuilleamhuir
san mbeatha neamhbhuan ghiorrshaoghalaig so mór-fhearg agus fíoch Dé tré bhár mailís, bhár n-anndánacht agus bhár ndroichiompchar féin, go dtuitfidhe, uair chritheaglach an bháis, i measg mhórnuimhir neamhchoimsighthe na ndiabhal gan fuireach do thóg agus do bhrostaig gaoth agus anfath na hanuaille, na poimpe agus na neamhurrama aníos as fíor-íochtar ifrinn dá bhúr bhfuadach. Dobudh fhéidir go mo dhóith libh gur bhréagráidhtibh nó fabhall-sgéil filigheachta iad-so. Má is dóith, ní bhfuil creidiomh agaibh, ar an adhbhar sin, eagla roimh Dhia, géille, oghomós ná umhlaigheacht don Eagluis. Mo thruaidh! is lughadh ionná sin dobhias agaibh dhe uair an bháis acht muna deóghnaightheach le Dia grása spesialta do thabhairt díbh san bpónc sin, gur baoghlach go bhfaghaidh sibh bás mar Thurcach, mar phágánach nó mar dhíthchreidiomhach. Guidhigí dochum Dé fá bhár bhfile tar n-ais agus sin go luaith, do bhrígh go n-abair Ioel go bhfuil lá doirchidis agus gruamachta, lá sgamail agus ceófráin an Tighearna ag teacht: Dies tenebrarum et caliginis, dies nubis et turbinis venit, Ioelii.2. Amharcaig agus féachaig an Breithiomh. Ag sin é ag an ndorus dochum breith dhamannta do thabhairt oraibh, Iac:v.9. An té úd do ghrádhan an dainséar, an té úd do thuiteann ann go toileamhuil agus ná tréigeann é agus é ar gcumas do, cailltear go deimhin ionnsa gconntabhairt é, amhuil agus mar do chuireann an Sgriptiúir Diadha i n-uimhil dúinn é: Qui amat periculum, peribit in eo, Eccli.iii.27. Do chuir Lucifer agus a shluagh ifrionnda riómpa neamhshuim do chuir i nDia, in' onóir, 'na ghlóire is 'na thréanchumas. Ó créad é mar dhainnséar! Atá mar an gcéadna an mí-fhortún agus an drochuair ionnar thuiteadar doichríochnaighthe agus biadh amhla go síorraidhe. Agus éirgheóidh an nídh céadna don mhuintir do leanas iad agus
fós a níbhus measa, do bhrígh ná géillid do bhréithribh Mhic Dé an Athar Síorraidhe agus ná leanaid sómpla na húmlaidheachta d'fhág aguinn acht go ngéillid do shoigheadaibh ilchleasacha an áidhbhirseóra agus go leanaid é in' uabhar, 'na phoimp agus ionna neamhurruim, ar a shon go bhfuil a fhios aco go ró-mhaith gur damannta an nídh dhóibh é, agus muna ndéingid leóirghníomh agus aithrighe ann, gur géar-nímhneach tromagarthach greadbhuailteach do-bhéarfaidh díol agus sásamh ann. Ní raibh náire ná faitchíos ar Absolon a thuigsint ná a chuir i n-úimhil do féin gomadh fheárr é féin go mór dochum riaghlaighthe agus stiúraighthe ar an ríoghacht ná a athair Dáibhí. Agus ar an adhbhar sin do leómhaig, do thairig agus do chuir roimhe an choróinn ríghtheamhuil agus a anam mar aon lé do bhain de. Do bhrostaig, do chorraig agus do spriocnaig an cómh-thionól coitchean nó an pobal in' aghaidh. Do throid 'na choinnimh agus tug cath fuileach feargach fealltach fíochmhar drochaigeanntach do agus dá thréanthrúpaibh mar aon leis. Do chaomhnaig agus do chosain Dia an t-athair, do crochadh an mac as ghéig chrainn lena ghruaig féin agus do gabhadh do chraoiseachaibh crainnreamhra bláithshliupa agus do shleaghaibh rinn-ghéara briochtfhaobhracha tréna chorp, agus do adhlacag fá charn cloch é mar chuirpeóir mhallaighthe do mharbheódhach a athair, I Reg. xviii.14: In omnibus quoque viis suis Dauid prudenter agebat, et Dominus erat cum eo: “d'iompchair Dáibhí é féin go glic ionna shlightibh uile agus dobhí an Tighearna maille ris.” An drong do chuirionn buairt agus fearg ar Dhia go toileamhuil agus thugan iad féin go meardhánta aimhghlic do dhainséar dochum mórchurrthacha agus peacadha do dhéanamh, ní bhfaghaid 'na dháil do shíor acht buairt, cathughadh, osnaghal agus trioblóid do láthair Dé, na n-aingeal agus an domhain uile. An tan dobhiadh neach
cómh beagnáireach sin agus go raobfadh tré dhlighe agus tré aitheantaibh Dé le hiomarca díthchoisge agus sgannalach phuiblighe, gan suim ná eagla roimh Dhia, is éigion do Dhia ar son a onóra is a ghlóire léirsgrios, pionós agus díthcheanna d'imirt air, mar do-rin leis na Sodomítig do pheacaigh cómh gráineamhuil cómh mallaighthe sin agus gomadh mhéinn leó do thabhairt fá deara ar a' bpátriarc Loth an dias ógánach dobhí in' fhochair i bpearsain aingeal do thabhairt dhóibh dochum a mallaightheacht agus a míghníomh d'imirt orra, Gen.xix.5: Vocaveruntque Lot et dixerunt ei: Ubi sunt viri qui introierunt ad te nocte? educ illos huc ut cognoscamus eos: “Agus do ghoireadar ar Loth agus adubhradar ris: Cá háit ionna bhfuilid na daoine dotháinig chúghad anocht? tabhair amach chúghainn iad dochum go ndéangam toil ár meanmuin reó.” Do chaomhnadar agus do chosnadar na haingil so Loth. Do bhuaileadar le duille na Sodomítig uile, agus arna mháireach do theilgeadar iad i ndiaigh mhullaigh a gcinn go hifrionn tré thréan-cheathaibh raibhe agus brimstóin ar feadh na síorruigheachta. Dixerunt autem ad Lot: Habes hic quem piam tuorum? generum aut filios aut filias omnes, qui tui sunt educ de urbe hac, Gen xix.12. Delebimus enim locum istum, eo quod increverit clamor eorum coram Domino, qui misit nos ut perdamus illos, ib.13. Igitur Dominus pluit super Sodomam et Gomorrham sulphur et ignem a Domino de coelo, ib.24. “Agus adubhradar na fir le Loth: An bhfuil agad annso aonneach eile, do chliabhain, do chlann mhac agus t'inghionacha go huile, gibé ar bith atá agad annsa chathair, tabhair iad amach as an áit seo. Sgriosfam-na an áit seo do chionn gur fhás a ngártha go mór i láthair an Tighearna, agus do chuir an Tighearna sinne dá léirsgrios. Annsin d'fhear Dia ar Shodom agus ar Ghomorrtha raibh, brimstón agus teine ón dTighearna amach as flaitheamhnas.” Iar mbeith do Bhaltasar, Rígh annfhlaitheach na hAssyria, i gcúngrach mhór maille re foslongphort nó siege
do bheith ag armáil mhórthrúpaig Dharius Rígh na Media ris, i n-ionnad Dé do ghuidhe dochum fuasgailt, cabhartha agus conganta do thabhart do ionnsa ngábha ionna raibh, do thuit i mallaightheacht agus i mí-mhodh a níbhus mó go mór 'na dhiaigh sin ionná roimhe, ionnas agus gur órdaig na soithighe beannaighthe do robálag agus do hairgeag as teampoll Sholomoin do thabhairt dochum cláir chuige i measg a ghéillightheóireadha, a phrionnsadha agus a striapacha nó banntracht ban gcoitcheann dochum go n-ólfadís fíon asta. Do-rinn sé an mhallaightheacht nó an chuiripeóireacht mhí-riaghalta so gan eagla, náire ná sgrupull san mbith ar mhodh san oidhche gcéadna gur agair Dia air é, dá leaga, dá thraocha, dá léirsgrios agus dá dhíthchur, gan impireacht, gan ríoghacht, gan flaitheas, gan tighearnas ag a namhaid dá thuarghabháil ionnas agus gur cuireadh dochum báis é féin agus gach n-aon dá raibh ionna thímpchioll. Eadem nocte interfectus est Baltassar Rex Chaldaeus, Dan.v.30: “An oidhche chéadna sin féin do marbhadh Baltasar, Rígh na Caldea.” Et Darius Medus successit in regnum annos natus sexaginta duos, ib.31: “Agus do ghlac Darius an Mediánach an ríoghacht ar mbeith dho trí fithchid agus dá bhliadhain d'aois.” Ná meallaig sibh féin agus ná tuigig go maithfe Dia na mór-pheacadha agus na tréanchurrthacha do-ghnídhthear in' aghaidh gan fadaithrighe thréanláidir mhórchumasach úirísiol chroidhbhrúghach dheóirshilteach bhochtchúmhach fhliuchshúileach osnamhuil do dhéanamh ionnta. Dobhí Ieroboam cómh neamhthuigsionach cómh díthcéillighe agus cómh neamhaireach sin air féin agus gur iompaigh a chúl le Dia agus gur threóraig 'na dhiaig an pobal dochum íodhaladharthachta, ag tabhairt fá deara
ortha sléachtain don laogh órdha d'órdaigh do cheapa. Et excogitato concilio fecit duos vitulos aureos et dixit eis: Nolite ultra ascendere in Ierusalem: Ecce dii tui Israel qui te eduxerunt de terra Aegypti. Posuitque unum in Bethel et alterum in Dan,iii Reg.xii.28-29: “Do-rin an rígh cómhairle air sin agus do-rin sé dhá laogh óir, agus adubhairt sé riú: Ná téigí a níbhus mó suas go Ierusalem, féachaidh bhúr ndéithe, a Israel, dothug sibh amach as críoch na hÉigipte. Agus do chuir sé aon díobh go Bethel agus do chuir sé an laogh eile go Dan.” Níor fhíll tar n-ais ar Dhia ar a shon do dtug rabha dho tré bhéal an fháidh Ahias, ar mhodh fá dheóidh gur thuit mór-fhearg Dé ionna chochall agus léirsgrios an Fhíorchirt Diadha ionnas agus nár fágbhag bean ná clann ná fear innisint sgéil, oidhre ná lorg ná mac a' gabháil ríoghachta ar a shliocht gan trasgairt agus díthcheanna trésan bhfeilebheart sin. Idcirco ecce ego inducam mala super domum Ieroboam et percutiam de Ieroboam mingentem ad parietem et clausum et novissimum in Israel; et mundabo reliquias domus Ieroboam, sicut mundari solet fimus usque ad purum, iii Reg.xiv.10: “Ar an adhbhar sin féach, do-bhéarfa misi olc ar thig Ieroboam agus géarfa mé amach ó Ieroboam an té mhúnas i n-aghaidh an bhalla agus an té do cuireadh fá iadhadh agus do fágbhadh i n-Israel; agus do-bhéarfa mé liom fuighioll tigh Ieroboam mar bheirios duine aoileach leis go grinnioll nó go n-imthigh sé uile.” Do treasgaradh mar an gcéadna agus do traochadh na Madianítig, na hAmmanítig agus na Moabítig, iar dteacht dóibh go neamhchuranta éigciallaidhe i bhfoslongphort le Ierusalem agus le mórmhaoidheamh tréanbhagarthach ar an rígh naomhtha Iosaphat maille re hiomad easarabhuis agus dé-aithis i n-aghaidh Dé, ar mhodh gur dhiansgriosadar agus gur mharbhadar féin a chéile gan aon neach do léigion ón gcath iona mbeathaidh dhíobh. Namque filii Ammon
et Moab consurrexerunt adversum habitatores Montis Seir ut interficerent et delerent eos: cumque hoc opere perpetrassent etiam in semetipsos versi mutuis concidere vulneribus, ii Paralip.xx.23: “Óir do sheasaighdear clann Amon agus Mhoab suas i n-aghaidh lucht áitribh Shléibhe Seir, dá marbha agus dá léirsgrios, agus an tan do chríochnaighdear an obair sin, tug gach aon aco féin díthchioll ar a chéile do mharbhadh.” An té ghráidhios an dainséar agus an pheiriacuil, cailleann innte a thairbhthe, a mhaithios, a mhaoin tsaoghalta agus a anam ar feadh na síorruigheachta. Bíodh aire mhaith agaibh oraibh féin agus ná bígí cómh ceann-tréan sin agus gomadh dhóith libh gur tuigsionaighe sibh ionná na damantaig dobhí reómhaibh ar an saoghal so dobhí eagnuidhe fáithghlic do réir a dtuigsiona féin agus do cailleadh annsa gcéadfadh sin. Monuar! Budh mhór na hamadáin agus na ríoghóinmhideadha iad dobhí comh neamhthuigsionach sin gan an aithrighe do dhéanamh seoch iad do bheith ós cómhair thinnteacha na feirge diadha dá ngread-phiana i n-ifrionn go síorraidhe. AN .21. CAIBIDIL do chuireas síos dúinn go bhfaghaid na peacaig chruadhmhuinéalach neamhaithrigheach bás lán do mhallachtaibh agus d'fheilebheartaibh a mbeatha. An tan do chuireas neach droichshíol iona fhearann, ní ceart do lá an fhóghmhair súil do bheith aige deaghthora do theacht as, muna dtairge as a phréachaibh é i n-am agus deighshíol do chur in' ionnad. Quae enim seminaverit homo haec et metet. Quoniam qui seminat in carne sua, de carne et metet corruptionem. Qui autem seminat in spiritu
de spiritu metet vitam aeternam, Galat.vi.8: “Ar an adhbhar an síol do chuireas neach, bainfidh an síol céadna etc.” Is í ár mbeatha ar an saoghal aimsir na síolchora, agus am an bháis aimsir an fhóghmhair. Is iad do uile ghníomhartha, do uile smaointe, do uile labhartha agus do uile iarachtaoi an síol do theilgean tú i n-ithir t'anma, síol, adeirim, d'fhásan go buacach agus do ghluaisean go tairbhtheach nó go neamhthairbhtheach ar feadh do raé ar an saoghal so. Má mharthaoi mar dheighChríostaighthe i n-eagla Dé agus a bhreitheamhantais, i n-úmhlacht d'aitheanntaibh Dé agus na heaglaise, i n-úirísleacht, i gcarthannacht, i millseacht, i socaracht, i suairceas agus i bhfoidhne, ag so, a cháirde, síolta na ngrás agus na beannaightheachta. Ó créad feabhas an fhóghmhair do-dhéanfa sibhsi, uair an bháis! Acht muna gcuirfe sibhsi mar shíol acht peacadha, feilebhearta agus annlochta, acht má shiubhlann sibh i ród lánfhairsing na glóire díomhaoine, an ghrádh propartha, an mhóiriomarcaidh meas oraibh féin, ag céimniughadh i mbealach lánfhairsing neamhchumhang na haindréime is a n-ionshamhuil eile sin do thréanlochtaibh, nách eagal díbh ná bainfidh sibh lá an fhóghmhair .i. uair an bháis, acht mór-fhearg Dé, sgiúrsadha briochtfhaobhracha a Fhíorchirt agus an uile shórt mallachtadha agus coinneallbháthadh, acht muna dtarngthaoi i n-am as a bpréamhchaibh iad, muna léirsgriostaoi agus muna ndíbiorthaoi bhúr bpeacadha i n-imchian uaibh tré dheóraibh géar-nímhneacha na fíoraithrighe, agus muna leantaoi do shíorthaithighe na ndeighthréighthe. Do shíolchuir Lucifer fuath, miosguis agus mí-modh i measg na spriodagha neamhdha .i. na haingil. Ní bhainfidh mar fhóghmhar ar feadh na síorruigheachta acht buairt, trioblóid agus sgaramhuin le Dia d'éis a theilgthe i ndiaidh a smúrla go hifrionn i measg chogadh, ruathair agus coinbhliochta go síorraidhe, lán do thubuist agus d'éadóchas. Do shíolchuir mar an gcéadna agus do sgaip Adonibezec
míothrócuireacht, neamhthruaidhmhéileacht, míonádúrthacht, fíochmhaireacht, coímhtheacht agus neamhdhuineanntacht i measg gach n-aon dár ghaibh treise ortha, ag gearradh troightheacha a gcos agus crobhanna a lámh do mhórán righthe dobhí aige mar sglábhaghthaibh, dá mbeathughadh mar ghaidhir leis an mbriosgar do thuiteach dá chlár iona phroinnteach. Do-rineadh an díoghaltas céadna air féin, do bhrígh, iar mbuadhchant air, do ghabhadar Clann Israel é agus do ghearadar órdóga a chos agus a lámh mar an gcéadna de, agus ní thugadar mar phroinn do len'ithe acht an brusgar do thuiteach dá gclár. Fugit autem Adonibezec quem persecuti comprehenderunt caesis summitatibus manum ejus ac pedum, Iudic.i.6: “Acht do theith Adonibezec, do leanadar é agus do rugadar air, agus do ghearadar órdóga a lámh agus a chos de.” d'admhaigh gurab é ceartbhreitheamhantas Dé é agus gur thuill sé an díoghaltas daordhálach critheaglach uathbhásach sin. Dixitque Adonibezec: Septuaginta reges amputatis manum ac pedum summitatibus colligebant sub mensa mea ciborum reliquias: feci ita reddidit mihi Deus. Adduxeruntque eum in Ierusalem et ibi mortuus est, ib.7: “Agus adubhairt Adonibezec: Deith rígh agus trí fithchid dár bhaineas órdóga a lámha agus a gcos díobh, do chruinnioghdar an brúsgar faoi mo bhórd sa: mar do-rinn misi, is mar sin tug Dia díoghaltas orm. Agus tugadar leó go Ierusalem é agus dofuair bás ann.” Acht budh ró-dhéaghnach an admháil do-rinn agus budh chóimhéigneach ar an adhbhar nárbh fhiú brobh dho í acht dochum milleáin mhóir do chur 'na cheann agus neamhthruadh agus truaighmhéileacht budh lugha go mór d'fhagháil mar luadhacht saothair. Tómhaisig Dia chúghaibhsi an tómhas céadna do-bhéarfa sibhse dá bhár gcomharsain, agus tabhraidh dhíbh
a' neamhdhuineantacht chéadna dothugamhair-se do Íosa Críost ár dTighearna, dá chur dochum báis an athuair ionnbhár gcroidhtheachaibh tré ainiomarca bhár bpeacadha. Aithneóigh sibh Fíorcheart Dé, uair an bháis, iar mbeith díbh damannta. Acht ná fanaidh cómh fada sin do bhrígh nách tairbheach díbh bhúr n-aithint an tan sin. Bíodh aithne agaibh anois ar Fhírcheart Dé, agus má chuireamhair fraoch ná fearg uirthe riamh, dianfháisgidh lé bhúr gcroidhtheacha annois an aithrighe, an croidhbhrúghadh, na deaghoibreacha agus an claonmharbhadh dochum a sásaighthe. Do líon Athalia, bainríoghain chathrach Ierusalem, a cúirt agus a mórbhaile d'fheall, do mhurdar, do dhunmharbhadh agus do thnáith, ag cur a cloinne féin dochum báis, dochum na coróinneach do ghlaca uirthe féin go haonreacánta d'éis bháis a fir. Athalia vero mater Ochoziae videns mortuum filium suum, surrexit et interfecit omne semen regium, iv Reg.xi.1: “Agus an tan do-chonnairc Athalia, máthair Ochozia, go raibh a mac marbh, d'éirighe sí agus do mhairbh sí an síol ríogdha uile.” Do bhain sí annsa bhfoghmhar budh neasa dhi an síol do chuir sí annsan earach do-chuaidh tháirste, ar an adhbhar gomadh dheóghnaightheach le Dia aon do chloinn an rígh .i. Ioas, do dhul ón ár tré éalóghadh, iar mbeith dho i bhfolach agus dá oileamhuin go seicréideach go dtáinig i gcaindigheacht fhir agus gur ríogadh é agus gur chuir Athalia .i. a mháthair, dochum an bháis chéadna dár chuir sisi a clann féin roimhe sin chuige, ag tabhairt órdaighthe dá shoighdiúireadha stéig bhrághad do ghabháil aice agus a treasgairt gan atruagh. Tulitque centuriones et Cerethi et Phelethi legiones, et omnem populum terrae; deduxeruntque regem de domo domini; et venerunt per viam portae scrutariorum in palatium, et sedit super thronam regum. Laetatusque est omnis populus terrae, et civitas conquievit: Athalia autem occisa est gladio in domo regis, ib.19-20: “Agus tug leis uachtaráin na gcéad .i. fir chómhlainn céad, agus soigheadóireadha
na gcaptaoineadha .i. Cerethi agus Pheleti, agus an ghárda agus daoine na tíre go huile agus tugadar anuas an rígh ó thig an tighearna agus táinig sé i slighe gheata na gárda go tig an rígh, agus do shuig sé i gcathaoir an rígh. Agus budh luathgháireach daoine na tíre go huile agus dobhí an chathair suaibhneach; agus do marbhadh Athalia le cloidheamh i dteach an rígh.” Tarcuisnighean sibhsi go mór agus tugthaoi míomhodh do bhúr gcómhachtaibh agus do bhár n-úghdarás saoghalta, ag luighe go trom ar na bochtaibh, ag déanamh míle mícheart agus éagcóra orra dochum bhúr bpoimpe agus bhúr n-anndréim féin go haoinreacánta do shásughadh. Teangmhóidh oraibh, uair an bháis, na mí-fhoirtiúin chéadna dá rabhair tuctha dhóibh ar feadh bhúr mbeatha muna ndiansgriostaoi uaibh iad ar dtúis tré dheóraibh tréanchathacha na fíoraithrighe. Bo mhór tráth éad agus iomthnúth prionnsadha na Baibiolóine leis an fháidh Dómhnall an tan do thóg an rígh dochum gradaim agus dignide é. Do chumadar agus do chuireadar míle mísgéal agus bréag air dochum a chaillte, ionnas agus go dtugadar fá deara ar an rígh órdughadh do thabhairt uaidh an fháidh oirdheirc do theilgean i n-uaidh nó i bpruathais na leómhan dochum a chraostsloigthe nó a shracadh as a chéile, agus mar sin gur chuireadar go sonnradhach síol an mhíchirt, na cruadhála, na miosguise, an rúin díoghaltais agus mórán eile d'fheilebheartaibh, do mhí-thrócaire agus do pheacadhaibh iomdha. Nunc itaque, rex, confirma sententiam et scribe decretum; ut non immutetur quod statutum est a Medis et Persis, nec praevaricari cuiquam liceat, Dan. vi. 8; Tunc rex praecepit; et adduxerunt Danielem, et miserunt eum in lacum leonum, ib.16: “Annois, a rígh, daingnidh an t-órdughadh agus cuir séala ar an sgríbhinn ionnas nách athruighthear é do réir dhlighe na Medianach agus na bPeirsianach nách athruigheann. Annsin d'órdaigh an rígh agus tugadar
Domhnall leó agus do theilgeadar i n-uaimh na leómhan é.” d'úmhlaigh an fháidh Dómhnall d'órdughadh an rígh go húirísiol foidhneach, lán do mhuinghín agus do dhóthchas i nDia, go húrnaightheach fíorchráibhtheach. Do shíolchuir sé oibreacha an Tighearna an feadh dobhí a namhaid ag cuir síolta na diablaigheachta. Do fhreagair an fóghmhar don tsíolchur ar an adhbhar gur caomhnadh, gur díonadh agus gur fuaisgleadh ar Dhómhnall go caithréimeach glórmhar, ar mhodh, an drong do-rin casaoid air, go dtug an rígh fá deara iad féin do chaithiomh san uaimh chéadna dochum na leómhan dá gcreime, go n-iomad iachtach, osnadhal agus dobróin fána gcur dochum báis cómh fóiréigneach fóirneartmhar sin. Iubente autem rege, adducti sunt viri illi qui accusaverant Danielem; et in lacum leonum missi sunt, ipsi et filii et uxores eorum; et non pervenerunt usque ad pavimentum laci donec arriperent eos leones, et omnia ossa eorum comminuerunt, ib.24: “Agus ar órdughadh an rígh dotugadh an mhuinntir sin do-rin casaoid ar Dhomhnall agus do teilgeadh i n-uaimh na leómhan iad féin, a mná is a gclann: agus do chómhbhriseadar na leómhain a gcnámha sul do rángadar go híochtar na huamha.” An tan budh mhiann le Menelaus aradhnacha stiúraighthe agus riaraighthe chathrach Ierusalem do ghabháil go hannfhlaitheach air féin, do phlanndaigh, do shíolchuir agus do sgaip aimhréighteacht, buairt agus achrann i measg na gcatharánach. Commiscuit autem se illis et Menelaus; et cum multa fallacia deprecabatur Antiochum, non pro patriae salute, sed sperans se constitui in principatum, ii Machab.xiii.3: “Agus mar an gcéadna táinig fós Menelaus ar aon taoibh leis; agus do ghuidh go claon mailíseach chum Antiochus, ní dochum sábhálta ná maithis na críche acht do shúil go bhfadhadh féin a bheith in' árduachtarán innte.” Créad dofuair mar luaidheacht saothair acht bás sganalach mímheasda? Sed Rex regum suscitavit animos Antiochi in peccatorem; et suggerente Lysia hunc esse causam omnium malorum, iussit (ut eis est consuetudo) apprehensum in eodem
loco necari, ib.4: “Acht do ghríoslaidh Rígh na righthe anam agus croidhe Antiochus i n-aghaidh an pheacaigh; agus ar suighiomh agus ar n-innsint do Lysias gurbh é so budh chúis agus do budh adhbhar don uile olc dá dtarla dhóibh, d'órdaigh (mar budh dhleacht) breith air agus a chur dochum báis ar an láthair gcéadna.” Bíodh an tsíorruigheacht annbhúr gcuimhne agaibh agus ná cuiridh aon tsíol ar feadh bhúr mbeatha acht mar is miann libh tairbhe do bhaint as, lá an fhóghmhair. Ná déinigí ar feadh bhúr raé ar an saoghal so nídh ar bith conntrárdha don luaidheacht saothair is miann libh d'fhagháil ó Dhia i n-aimsir an éaga. Agus má dobhádhmhuir go so lán do olc agus d'fheilebheartaibh, a' treabha, a' cur is ag fuirsi an droichshíl, sracaidh, léirsgriosaig, díbrig agus loisgig an iomshlán de le croidhbhrúghadh agus le tuirsi fá fheirg do chur ar Dhia, ag iompóghadh go prap tar ais gan stad trésan bhfíoraithrighe. AN .22. CAIBIDIL Na taomanna éigciallaidhe neamhmaitheacha agus an iachtach agus an t-anfadh uathbhásach ionna mbíon an peacach cruadhmhuinéalach neamhaithrigheach uair an bháis. Budh mhaith agus d'iar Balaam, an fháidh fhallsa, bás na naomh agus na bhfíoraon d'fhagháil, amhuil agus mar do dheimhnigh féin an tan adubhairt: Moriatur anima mea morte justorum et fiant novissima mea horum similia, Num.xxiii 10: “Go bhfaghadh m'anam-sa bás na bhfíoraon agus go raibh mo chríoch dhéadhnach cosmhuil reó” .i. i suaibhnios, i síothcháin agus i socamhlacht. Acht do bhrígh go raibh sé go holc agus go dtug drochómhairleacha uaidh, ag tabhairt fá deara ar rígh Moab mná
do chur d'ionnsuighe Chloinne Israel dochum peacughadh leó ionnas agus go dtréigfidís slighte Dé tré bhrise a aitheannta, dofuair bás na bhfeileghníomharthacha agus na bpeacach mallaighthe .i. bás obann anabaidh gan aithrighe, ar an adhbhar gur chreachadar, gur thraochadar agus gur léirsgriosadar, agus gur mharbhadar Clann Israel é mar aon leis na Moabítig. Et reges eorum, Evi et Recem et Sur et Hur et Rebe, quinque principes gentis, Balaam quoque filium Beor interfecerunt gladio, Num.xxxi.8: “Agus a righthe, Evi agus Recem agus Sur agus Hur agus Rebe, chúig Mhadian .i. na gcineadhach: Balaam mar an gcéadna mac Bheor, do mharbhadar le cloidheamh é.” Et omnes urbes campestres, universaque regna Sehon, regis Amorrhaei, qui regnavit in Hesebon, quem percussit Moyses cum principibus Madian: Hevaeum et Recem et Sur et Hur et Rebe duces Sehon habitatores terrae. Et Balaam filium Beor ariolum occiderunt filii Israel gladio cum caeteris interfectis, Ios.xiii.21-22: “Agus cathracha na críche go huile, agus ríoghacht Sehon, rígh na n-Amairíteach go hiomlán noch do ríoghaidh i n-Hesebon, noch do bhuail Maoise maille ré prionnsadha Mhadian Evi agus Recem agus Sur agus Hur agus Rebe, diúiceadha Sehon d'áitreabhadh annsa tír. Balaam fós mac Bheóir, an fear fáistine, noch do mharbhadar Clann Israel leis an gcloidheamh i measg an mhéid do treasgaradh leó.” Bíonn bás na bpeacach neamhaithrigheach do ghnáth anfhóirlinneach cóimhéigneach, agus is é sin pionós agus díol an éigin do-ghníd i n-aghaidh Dé ag tarcaisniughadh a aitheannta, i n-aghaidh na cómharsan ag déanamh na n-éigceart míle uair 'na gcoinnimh agus 'na n-aghaidh féin ag tabhairt cead ratha dá gcoinnsias, gan féachuin dá gcogús acht ag peacughadh do shíor gan toirmiosg. Ionntaígí oraibh féin agus féachaidh créad í an staid iona bhfuilin sibh, ar an adhbhar má ndéin sibh aithris ar
na feilebheartaibh ar feadh bhúr mbeatha, lán do bhúr gclaonta fóiréigneacha míriaghalta creidig agus bíodh a fhios agaibh go leanfaidh sibh iad i bhfóirneart agus i n-anfhóirlingtheacht a mbáis muna bhfille sibh ar Dhia, párdún d'iaraidh air agus an aighrighe do dhéanamh i n-am. Atá bás na bpeacach neamhaithrigheacha gcruadhmhuinéalacha bhfadadhraoineacha iona bpeacadhaibh do shíor fóiréigneach ar gcoinnleacht d'iríre, do mhíghreann agus do mhallachtaibh, do bhrígh go bhfaghaid uile bás obann anabaidh i bpionós agus i ndíoghailt a dtréanlochta, mar adeir an ríghfháidh Dáibhíodh linn: Viri sanguinum et dolosi non dimidiabunt dies suos, Ps.liv.24: “Ní mhairfid lucht na fola ná na ceilge leath na laetheadh d'ollmhaigh Dia dhóibh dá mbiaidís mar budh chóir nó dá ndéingidís an aithrighe i n-am.” Báidhtear cuid díobh fá thonnaibh borbrabhartacha na mara, mar Pharao is a shluaighthe. Reversaeque sunt aquae et operuerunt currus et equites cuncti exercitus Pharaonis qui sequentes ingressi fuerant mare: nec unus quidem superfuit ex eis, Exod.xiv.28: “Agus d'fhilleadar na huisgeadha agus d'fhoiligheadar na carbaid agus marcshluagh Pharao go huile do tháinig san bhfairge 'na ndiaigh: níor fágbhadh aoineach díobh 'na bheathaidh.” Craostsloigeann, léirsgriosann agus itheann an talamh drong dhíobh, mar atá Core, Datan agus Abiron. Et aperiens terra os suum devoravit Core morientibus plurimis quando combussit ignis ducentos quinquaginta viros, Num.xxvi.10: “Agus do osgail an talamh a béal agus do shloig sí iad maille re Core, ar n-éag na cuideachtan sin fán am ionnar loisg an teine dá chéad agus caogad fear.” Diansgriostar agus ruaigthear le caora tinntighe agus le tinntreachaibh ó nimh drong eile dhíobh, mar na Sodomítig. Igitur Dominus pluit super Sodomam et
Gomorrham sulphur et ignem a Domino de coelo. Et subvertit civitates has et omnem circa regionem universos habitatores urbium et cuncta terrae viventia, Gen.xix.24-25: “Annsin d'fhear Dia ar Shodom agus ar Ghomorrtha ruibh agus teintreacha ón dTighearna as na flathais. Agus do theilg seochad na cathracha sin agus an fearann uile agus lucht áitribh na gcathrach go hiomshlán agus gach nídh dár fhás tré thalamh.” Dóightear agus dubhloisgthear aicme eile dhíobh, mar d'imthig ar bhaightéireadha Nabuchodonozor d'aidhin an teine san bhfúirnéis do loisg iad lena lasarachaibh. Fornax autem succensa erat nimis, porro viros illos qui miserant Sidrach, Misach et Abdenago interfecit flamma ignis, Dan.iii.22: “Do bhrígh go raibh an fhúirnéis teith go hiomarcach, do mhairbh lasair na teine an drong do theilg Sidrach, Misach agus Abdenago innte.” Agus fá dheóigh mórán eile dá dtuitean an t-anam do láthair asda, amhuil Ananias agus Sapphira do thuit marbh ag cosaibh Pheadair Asbol. Audiens autem Ananias haec verba cecidit et expiravit, Act.v.5. Confestim cecidit ante pedes ejus et expiravit, ib.10. “Acht ar gcloistin na mbriartha sin d'Ananias, do thuit sé agus dofuair bás.” “Agus gan stad do thuit sí agá chosaibh agus dofuair bás.” Ó maise, mar athchuinighe oraibh, insig dhamh nách fuil an ionshamhuil so do bhás ró-mhíofhoirtiúnach don mhuintir do chaitheann a mbeatha i bpeaca agus don droing úd ná déingean an aithrighe ar aonchor? Och monuar! Ní bhfaghaid aga ar smaoineamh ortha féin dochum aithreachais do ghlaca, acht ar an adhbhar sin bás damannta d'fhagháil i n-eascáirdeas Dé. Maise, nárbh fheárr dhíbh go mór gan bhár mbreith riamh nó sibh do thachta ionnsa tsligh ag teacht díbh ar an saoghal? Glacaidh chúghaibh na cómhairleacha so agus déinigí machtnamh fírinneach ortha. Déinigí fóirneart dochum
fillte tar n-ais agus bhúr leas do dhéanamh agus ní bhiaidh aon doghruinn oruibh uair chritheaglach an bháis. Agus bíodh go n-éagfadh an peacach ionna leaba maille re an uile shórt cabhartha agus conganta saoghalta, ní lughaide ar a shon sin d'fhaghan bás anfhóirlingtheach é mar gheall ar an bhfóiréigean is dual do d'fhulang an tan do sgarann anam re colainn aige. Ní féidir dá mhír do bhíonn go nádúrtha ceangailte dá chéile do sgaramhuin gan fóirneart ionganntach agus piannta móra. Agus mar sin an tan taircthior fiacal nó sracathar na hingne nó fuadaighthear meór do neach, is teinn dofhuilingeach an nídh leis é. Ó créad é mar chóimhéigion don pheacach chruadhmhuinéalach an tan is éigean do a chroidhe do sgaramhuin leis an saidhbhrios do ghrádhaig sé a níbhus mó ná Dia, an tan do thréigfidh sé a cháirde ionnar chuir sé a dhóthchas go huile ionnta, an tan d'imtheóghas anghrádh ainiomarcach an chuirp sin uaidh ag a raibh sé cómh cúramach sin ann, agus fá dheóigh an tan do thabhraidh cúl don uile aoibhneas dá ndearna sé féin íoladharthach dhóibh! Do chóimhcheangail sé é féin annsin ar feadh a bheatha, do theilg sé annsin a éifeacht, a ghrádh, a ghean agus searc iomshlán a chroidhe. Do chruthmhalartaigh sé é féin dochum an neithe sin do ghrádhaigh sé. I n-uair an bháis ní fuláir go dtréigfidh agus go sgarfaidh leis an iomshláine sin go síorraidhe. Ó créad an fóiréigean nách fuláir don tsanntach do dhéanamh an tan do sgarfaidh lena shaidhbhrios! Agus don drúiseach dochum sgaramhuin le taithnniomh graosta na colna! Cleachtaigh sgaramhuin le taithniomh agus le grádh na gcréatúireadha, agus ní budh eagal díbh piannta na huaire déanuidhe. Tréigid agus cuirid na daoine a n-iorradh nó a n-éadach go ró-fhurais díobh do bhrígh go mbíd deaghlaighthe lena gcuid feóla, agus ní féidir sin do dhéanamh leis na gadhair
ná leis na beathadhaig allta éigciallaidhe eile gan an croiceann do shracadh agus do ghearadh dhíobh, ar mbeith do ceangailte dá gcuid feóla. Sgaraid agus tréigid na deighbheathaig, uair an bháis, leis na huil neithibh gan péin ná doghruinn san mbith do bhrígh ná fuil cóimhcheangal ná tabhacht aco i n-aonnídh. Acht an tan is éigean díbhse sgaramhuin leis na neithibh ionnar chuireamhuir bhúr séad cómh airgneach cómh cúramach sin, tuitfe sibh i míodhóthchas iarna mbeith dhíbh cóimhcheangailte ionnta mar na croicinn ar na beathadhchaibh. Sginnid, lingid agus léimid na máirnéalaidh do bhórd nó do shleasaibh na long nó na mbarc iona mbíd ar muir go luathgháireach gan docamhal, ar an adhbhar gurab ar bara uisge bhíd agus nách faoi. Mar sin do na fíoraoin. Triallaid go mómhrach gealgháireach ó ghleann bhocht na ndeór go parthas do bhrígh gur thréigeadar an saoghal agus nár sloigeadh iad ionna chraos. Maise, an t-iasg do bhíonn san uisge agus ná sgarann leis do shíor, ní féidir a tharaint dochum tíre acht le fóirneart, le líontaibh nó le ruaimnig, agus ní luaithe ar talamh é ioná marbh. Má atá sibh múchta i ngrádh iomarcach an tsaogail si, ionna thoice, ionna ghlóire dhíomhaoin, nó mór-amharcach oraibh féin, créad fáth ná tréigeann sibh i n-am é trésan aithrighe, gia fionnas agus é ar gcumas díbh annois? In' ionnad má fhanann sibh go huair an bháis, ní dhéanfaidhe é acht tré iomarca buile agus éadóchais gan míorbhuilt, nídh noch nách ceart díbh súil do bheith leis. AN .23. CAIBIDIL D'anmhóin, do chritheagla, do chómhbhuaireamh, do bhuairt intinne agus d'uathbhás na bpeacach uair an bháis. Bona et mala, vita et mors, paupertas et honestas a Deo sunt, Eccli.xi.14: “Atá an t-olc 's an mhaith, beatha
agus bás, boichtineacht, macántacht agus ceannsacht mar a chéile i gcómhachtaibh Dé.” Dominus mortificat et vivificat, deducit ad inferos et reducit, i Reg.ii.6: “Is é an Tighearna do mharbhas agus d'aithbheódhas, beirionn sé síos chum na huaighe agus do-bheir aníos.” Ar mhodh go mórmhór gur cosmhuil go léigeann dúinn ár mbeatha do chaithiomh do réir ár dtoile féin dochum gia bé nídh is miann linn féin do dhéanamh, giabé aco é olc nó maith, ar mhodh go bhfuil sé ar gcumas dúinn na lochtadha nó na tréighthe, na grása nó an peaca do leanmhuin. Acht coiméadann sé a thréanchómhachta lánmhóra féin go haoinreacánta ionna láimh uair an bháis. Ag sin an t-am ná biam ionár máighistireadha oruinn féin ar aonchor, acht tuitimíd idir a lámha gan ar gcumas d'aonneach sinn do chaomhna ar a mhór-fheirg ar mbeith dhúinn cionntach gan leóirghníomh do dhéanamh lena fhíorcheart. Ar an adhbhar sin déinigí an uile shórt feilebhearta, mallaightheachta, ainshriantachta agus míbhéasa an méid is maith libh annois ar feadh bhúr mbeatha i n-iomshláine bhúr nirt agus bhúr gcumuis, acht uair an bháis biadh sibh neamhchumasach, do bhrígh nách sibh is máighistireadha, agus is leis an am sin atá sé ag fuireach dochum go dtabharfaidh sibh do bhúr n-aire a thréanchumas, a chómhachta agus a fhíorcheart, muna léir dhíbh roimhe sin é agus muna rabhair umhal dochum a bhreithnighthe. Mo chreach! Ollmhuidhgeadha sibh féin i n-am agus ná léigeadha do bhúr n-ainshrianntacht buaidh do bhreith oraibh d'eagla bhúr ndamaint go síorraidhe. Atáid ionnaid agus baill fhoirmleach ann gach ríoghacht mar a n-órduighid na righthe agus na prionnsadha púirt agus daingneacha do thógbháil ionna mbíonn iomurca gárdadha agus soigheadóireadha do ghnáth dochum gach n-aon dogheabhadh an tslighe do stopa agus a
dtabhairt dochum cúntais, ag cuardughadh a n-ualaighe agus a bpacadha dochum go mbiadh a fhios aco cia aca iad caraid nó namhaid nó an mbiadh aonnídh conntrárdha do reacht nó do riaghail an rígh aco. Ann gach aon áit eile don ríoghacht, taguid agus imthighid daoine gan toirmeasg; ceannaighid, díolaid, bronnaid, gabhaid annso agus annsúd, stadaid, suighid, éirghid agus déingid gach nídh mar is miann leó féin. Acht an tan dothagaid dochum na mbruach nó na mbailte puirt so, beirid an ghárda ortha, stopaid iad, ní foláir dhóibh freagra do thabhairt orra agus cibé ar bith nídh atá aco do thaisbeánadh. Agus má bhíonn leitreacha ná teachtaireacht ón námhaid aco, nó muna bhfuil pas nó cead taisdil na slighe ón riarughadh aco, cuirfíor don phríosún agus láimheófar mar dhaoirsig iad. Labhrann sibhsi, machtnaigheann, smuainigheann agus déinionn sibh gach nídh do réir bhúr gclaonta, bhúr dtoile agus bhúr ngrádh propardha féin ar feadh bhúr mbeatha, agus maireachtuin gan eagla roimh Dhia ná suim iona ghéirbhreitheamhantas. Acht fá dheóigh triallfaidhe go cuan an bháis .i. pórt foirmleach an tsaoghail thall. Annsin tiucfaid na haingil agus na diabhail agus geabhaid sibh. Sgrúdfaid agus cuardóghaid gach nídh dá bhfuil agaibh: bhúr sbriod, bhúr gcroidhe, bhúr gcoinsias, bhúr smaointe, bhúr labhartha, bhúr n-oibreacha agus bhúr bhfaillighe. Amodh! má atá sibh fós i bpeacadhaibh .i. i n-uabhar, i sainnt, i ndrúis, i gcraos, i bhfeirg, i bhformad agus i leisge, i mbrise saoire agus troisge, i bhfuath is i ngráin don chómharsain, i gceangal i dtoice an tsaoghail agus tugtha dá ilchleasa, ag so iad bagáiste, cuairsgidh agus ceangaltáin ifrinn nó leitreaca an diabhail, deargnamhaid fhollas Dé Uilechómhachtaig. Créad adéarfaidh
sibhsi an tan teilgeófíor sibh idir chrobhna leadarthacha na gceasdúnach síorraidhe? Loirgfear oraibh cead taisdil an Teampoill .i. absolóid iomshlán na bpeacadha, agus gan sin atá sibh caillte. A dhearbhráithreacha an chroidhe agus a cháirde na sgart, déinidh díthchioll croidhbhrúghadh nó comórughadh croidhe do bheith agaibh dochum faoisdine agus aithrighe ghlan do dhéanamh dochum maitheamhnais na bpeacadha d'fhagháil roimh an mbás do theacht dá bhúr bhfios, agus ag sin pas nó cead slighe Chríost do osgólfas geatadha deaghfhoirtiúnacha na síorruigheachta dochum bhúr nglacaighthe chum na glóire agus a sealbhaighthe go bithshíor. Do thriall Balaam do thabhairt cómhairle don rígh Balac i n-aghaidh an órdaighthe dothug Dia dho. Meadh do ghlac uamhain agus imeagla mhór ar an slighe é ar bhfaicsin aingil ag feitheamh ris ionna sheasamh i gcasán chaol chúmhang idir dhá fhalla ar bhruach dá fhaill mhara, agus cloidheamh nochtaighthe ionna láimh. Protinus aperuit Dominus oculos Balaam et vidit angelum stantem in via evaginato gladio, adoravitque pronus in terram, Num.xxii.31: “Annsin d'osguil an Tighearna súile Bhalaam agus do-chonnairc aingiol ionna sheasamh san tslighe agus cloidheamh taraingthe ionna láimh, agus do adhair sé é síos go talamh.” Is í an chosmhuileacht chéadna so do theangmhóidh díbhsi uair an bháis muna leasaighthí sibh féin i n-am fá dheifir dochum iompaighthe ar Dhia. Triallann sibh agus céimnigheann sibh annois i n-aghaidh thoile Dé, cia fionnas agus go raobann sibh 'aitheannta is a reacht, ag dul i n-aois díbh gan smachtughadh. Fá dheóigh fanfaidh aingiol an bháis libh annsa chasán chaol chúmhang chruaidh uathbhásach so agus cloidheamh an díoghaltais diadha nochtaighthe ionna láimh, idir dhá fhalla an tsaoghail so do críochnóchfadhar do bhúr ndáil-si agus bhúr gcuirp do
léirsgriosfadhar ar bhruach na faille mara sin ifrinn. Budh mhór an fhearg dobhí ar Bhalaam chum an asail 'chionn ná deacha sí ar a haghaidh, agus ní thug fá deara an t-aingiol dobhí ar buile chuige sin agus gurab é féin do budh adhbhar tréna neamhúmhlacht. A pheacacha mar atáthaoi, an tan dothugann sibh milleán ar an aicíd, ar an liaigh nó ar dhaoinibh eile, an tan dobhiadh sibh i nguaiseacht an chasáin dhéanaig so .i. bhúr bpeacadha agus go háirighthe bhúr neamhaithrighe re linn báis, cá ngeabhaidh bhúr gcritheagla, bhúr n-uathbhás, bhúr mbuairt aigne agus bhúr gcómhbhuaireamh? Ar an adhbhar sin fillig tar ais agus ná cuiridh bhúr leas ar cáirde. Dothug Achitophel cómhairle d'Absolom a athair Dáibhíodh do ghéirleanmhuin agus do threasgairt sul do rachach fá sgéith dhíon nó chosannta i n-aon anach, agus an tan do thuig nár leanadh a chómhairle agus iar mbeith d'fhios aige dá dtagach Dáibhíodh tar ais go Ierusalem ná leófadh féin a cheann do thógbháil innte, do dhíthcheannaigh agus do chiorraigh féin a laéthe le siolán do chur fána bhrághaid ionnas agus gur chroch sé é féin. Porro Achitophel videns quod non fuisset factum consilium suum stravit asinum suum surrexitque et abiit in domum suam et in civitatem suam; et disposita domo sua suspendio interiit, et sepultus est in sepulchro patris sui, ii Reg.xvii.23: “Agus an tan do-chonnairc Achitophel nár leanadh a chómhairle, do chuir sé culaith mharcuidheachta ar 'asal, d'éirig agus do-chuaidh dá bhaile .i. a chathair féin, agus do chuir a thig i n-órdughadh agus do-rinn a uadhacht, agus do chroch sé é féin agus do hadhlaiceadh é i n-uaigh a athar.” Bíonn cathughadh, doithchíos agus neamhshásdacht ar neach an tan ná héirgheann na neithe do chuireann roimhe leis, amhuil agus mar dobhiadh rígh an tan do chaillfeadh an machaire nó connsaléir an tan do buaidhfidhe an chúis air. Ó créad é méid an mhí-chompóird nó an dóláis do bhiadh ar an bpeacach cruadhmhuinéalach i bpunc an bháis an tan chíthfidh ná rachaidh ar aghaidh annsna
neithe budh mhiann leis agus budh mhiann le Dia, ar an adhbhar gurab é miann agus dúil Dé gach n-aon do shábháil agus gur dochum tuillimh agus tuarasdail na glóire síorraidhe do chruthaig sibh tréna ghrásaibh agus tré bhúr gcómhoibriughadh féin ag síordhéanamh deaghoibreacha agus naoimhthréighthe maille ris na grásaibh céadna. Is miann le Dia bhúr slánughadh cibé coinghíol, reacht, rachmas, aois ná gradam ionna mbiadh sibh. Is é sin a dhúil agus a thoisg agus miann gach créatúra do leanann aigne agus intinn Dé. Do-chídhfidh sibh i bpunc déadhnach an bháis ná héirgheóghaidh an toisg, an mhéinn ná an dúil so libh mar gheall ar bhúr mbeatha aimhshrianta neamhaithrighidh, acht a chonntrárdhacht, go mbiadh sibh ollamh dochum bheith damannta teilgthe go síorraidhe tré bhúr ndrochúsáid do ghrásaibh Dé agus do na huile neithibh dá dtug díbh. Créad é méid an éadóchais agas an fraoch feirge ionna mbiaidh sibh san phunc úd muna bhféachaidh sibh i n-am dochum an mhí-fhoirtiúin sin tré shile deór an chroidhbhrúghadh agus na haithrighe fíre! AN .24. CAIBIDIL Don léirmhille adhuathmhar agus don chómhbhuaireamh iomarcach ionna mbiadh an peacach ionna dhúil, ionna thoil agus ionna mhianngus, mar phionós agus mar dhíoghaltas air tré chur i n-aghaidh ghotha Dé dobhíonn ag síorghlaodhach air dochum na haithrighe. Seasamhann sibhsi go tréan láidir fortamhuil fóirneartmhar i n-aghaidh agus i gcoinimh ghotha agus aithne Dé noch do shíorghlaodhan oraibh dochum na haithrighe, ag tabhairt cuire agus furfhógradh díbh go laetheamhuil maireachtuin go Críostamhuil. Déingean sibh fós na huile nidhthe contrárdha dá reacht agus don órdughadh tug díbh, ar an adhbhar, ag buaintseasamh díbh annbhúr
bpeacadhaibh, go leanan sibh beatha lochtach chuirtheach mhíriaghalta mar phágánach, dhíthchreidmheach nó mhallaightheóir. Muna gclaochlódh sibh bhúr ndroch-chlaonta i n-am, geallaim-si dhíbh mar theachtaire ó Dhia agus insim go lámhóghaidh a fhírcheart sibhsi ar an modh gcéadna, agus an tan do ghuidhfidh sibh é ná héistidh libh, agus an tan do loirgfidhe aon read air ná tabhraidh díbh acht a chonntrárdhacht. Ag so na briathra do labhras rinn tré bhéal na fáidhe Isaias an tan do theagasgann an fháidh chéadna sinn agus dothugan rabha dúinn ag bagairt oruinn, iarna mbeith dho líonta do Spioraid Dé, annsna briathraibh marbhthacha so mar leanas annsa chéadchaibidil agus annsa .15.v.: Et cum extenderitis manus vestras, avertam oculos meos a vobis; et cum multiplicaveritis orationem, non exaudiam; manus enim vestrae sanguine plenae sunt: “Agus an uair do leathfaidh sibh bhúr lámha amach, foileóghaidh mé mo shúile oraibh; fós an uair do-dhéanfaidh sibh mórán úrnaighthe, ní éistfidh misi libh: atáid bhúr lámha lán d'fhuil na mbochtán do thréinsgriosamhuir nó d'fhuil Chríost do chéasamhair annbhúr gcroidhtheachaibh tré líonmhuireacht bhúr bpeacadha.” Do loirg, do iar agus do shanntaigh Lucifer an t-ionad budh ró-aoirde i bhflaitheas an tan budh mhiann leis bheith iona shuighe i gcathaoir i gcóimheas le suigheachán Dé. Quomodo cecidisti de coelo, Lucifer qui mane oriebaris! Corruisti in terram qui vulnerabas gentes! Isa.xiv.12. “Cionnas do thuit tusa anuas ó fhlaitheas, a Lucifer d'éirig i moch na maidne! Cionnas do gearradh síos tú go nuige an dtalamh, tusa do chneadhaidh, do chnáimhgheárr agus do ghoin na cineadhacha!” Do teilgeadh i ndiaigh mhullaigh a chinn go fíoríochtar ifrinn é, lán do dhonas agus do dhoghruinn, lán do thubuist agus do mhí-ghnaoi, i measg
an uile shórd seirighthin agus piannta, iar gcur suas d'aon úmhlaigheacht ná oghamós do thabhairt do Naomh-Spriod Dé, acht leanamhuin a thoile agus a mhiann féin go haoinreacánta. Tugaidh aire dhíbh féin ar an adhbhar sin do bhrígh má leanann sibh bhúr gcéadfadha agus bhúr slighte féin ionnbhúr luaghaill, i n-aindréim agus i miangas bhúr gclaonta colnaidhe, ag tabhairt táir, tarcaisne agus mí-mhodh do naomh-shéide na ngrás ndiadha, ar gcur bhúr n-athchuineadha dochum Dé sibh d'árdughadh go parthas, go dtraostaidh a Fhírcheart Diadha sibh agus go n-úirísleóghaidh agus go dteilgfidh go gcómhbhuaireamh adhuathmhar iongantach go síorraidhe sibh. An t-Amalecíteach dothug coróinn Shaul dochum Dáibhíodh agus an dís fhear eile dotháinig le sgéala bháis mhic Shaul chuige ag a raibh ar gcumas do buairt do dhéanamh dho ionna ríoghacht, dobhí súil ag an dtriúr so gomadh mhór a luaidheacht saothair agus a mbronntas ó Dháibhí trésan mórmhaitheas sin do-rineadar do dochum a shuaibhnis agus a ghlóire, dar leó féin, do mhéadughadh. Do chuir Dáibhíodh ar a shon sin agus uile an triúr so dochum báis ar an láthair gan stad, gan truadh, taise ná trócuire. Do dhíthcheann an chéidfhear ar son lámh do bheith aige i gcuid fola Shaul, ongthach nó gillightheach an Tighearna. Vocansque Dauid unum de pueris suis ait: Accedens irrue in eum. Qui percussit illum et mortuus est, ii Reg.i.15: “Agus do ghoir Dauid aon dá ógánchaibh agus adubhairt leis: Ling air agus mairbh é. Agus do bhuail seisean é ionnas agus go bhfuair bás.” Agus d'órdaigh bás do thabhairt don dias eile ar son feille do dhéanamh ar Isboseth do budh namhaid ag Dáithbhídh féin, ar a shon gur shíleadar gur chomaoin mhór ar Dháibhíodh é sin do chur dochum báis. Atá Dia fírcheart agus ró-naomhtha. Ní fuláir go mbiam gléigeal gan tíomhal ná spota, deighmhéinneach gan
chlaon, triall go réimdhíreach in' aitheanntaibh, más miann linn luacht saothair ár ndeighghníomhartha d'fhagháil uaidh, nó leagfaidh a thréanbhuille oruinn an t-am céadna ionnar dóith linn cúitioghadh, luadhacht saothair nó cumaoin d'fhagháil uaidh. D'iar Adonias, dearbhráthair Sholomoin, Abisag, an bhean tSunamíteach, dochum a pósta, agus do ghuir Bethsabe an bhainríoghain, máthair Sholomoin, agus do chuir a hathchuinighe chuige dochum na críche céadna. Praecor ut dicas Salomoni regi (neque enim negare tibi quidquam potest) ut det mihi Abisag Sunamitidem uxorem. Et ait Bethsabee: Bene, ego loquar pro te regi. Quae ait: Detur Abisag Sunamitis Adoniae fratri tuo uxor, iii Reg.ii.17-18,21: “Guidhim thú, labhair le Solamh an rígh (óir ní dhiúltóigh sé thú) go dtugaidh sé Abisag an Sunamíteach 'na mnaoi dhamhsa. Agus adubhairt Bethsabe: Leór a fheabhas, laibheóra misi ar do shon ris an rígh. Agus adubhairt sisi: Tugthar Abisag an Sunamíteach dod dhearbhráthair Adonias 'na mnaoi.” Agas ar a shon go dtug Solomon dá mháthair an athchuinighe budh thoil lé d'iaraidh, do chuir dochum báis a dhearbhráthair Adonias ar an adhbhar gomadh mhiann leis an ríoghacht do rochtuin go ladrannach earáideach éagcórach. Misitque rex Salomon per manum Banaiae filii Ioiadae, qui interfecit eum et mortuus est, ib.25: “Agus do chuir an rígh Solamh le láimh Benaiah mac Eoiada, agus do ling air gur mhairbh é.” Do thriall bean Ieroboam, Rígh Chloinne Israel (i mbréigriocht) ar an fháidh Ahias dochum go bhfaghadh a fhios uaidh créad an feadh do mhairfeadh a mac dobhí go dainséarach cróilinnte 'na luighe i leaba an bháis. Tolle quoque in manu tua decem panes et crustulam et vas melli, et vade ad illum: ipse enim indicabit tibi quid eventurum sit puero huic, iii Reg.xiv.3: “Agus beir leat mar an gcéadna ann do láimh deich mbuilíneadha agus cáca agus crúiscín meala, agus triall air: ineósaidh sé dhuit créad
imeóghas ar an leanbh so.” Agus d'innis an fháidh dhi go bhfaghadh an leanbh bás, agus d'innis di mar an gcéadna go gcaillfidhe a daoine agus go dtabharfaidhe léirsgrios iomshlán a muinntire mar dhíoghaltas annsan iodhalaidhreacht ionna raibh a fear cionntach. Tu igitur surge, et vade in domum tuam; et in ipso introitu pedum tuorum in urbem, morietur puer. Et tradet Dominus Israel propter peccata Ieroboam qui peccavit et peccare fecit Israel, iii Reg.xiv.12,16: “Éirig-si ar an adhbhar sin agus imthig dod thig féin, agus an tan do chuirfidh tú do chos asteach san chathair, dogheabhaidh an leanbh bás. Agus do-bhéarfa sé Israel uaidh ar son pheacadha Ieroboam, noch do-rinn peaca agus tug ar Israel peaca do dhéanamh.” Do theilg agus do chaith Aman, caraid Rígh Assuerus, é féin ar leaba na bainríoghain oirdheirc Esther dochum truadh, carthannacht agus trócaire do dhéanamh air agus d'fhéachaint ar dheóghnathach lé párdún an rígh d'fhagháil do. Rex autem iratus surrexit, et de loco convivii intravit in hortum arboribus consitum. Aman quoque surrexit ut rogaret Esther reginam pro anima sua, intellexit enim a rege sibi paratum malum, Esther vii.7: “Agus d'éirigh an rígh i bhfeirg ó ionnad an fhéasda agus do-chuaidh go gáirdín an pháláis. Agus do-chuaidh Aman do ghuidhe na bainríoghain Esther fána anam, óir do thuig sé go raibh olc ag an rígh dá ollmhughadh dho.” Qui cum reversus esset de horto nemoribus consito et intrasset convivii locum, reperit Aman super lectulum corruisse in quo jacebat Esther, ib.8: “Annsin d'fhill an rígh as gáirdín an pháláis go hionnad na fleidhe agus do thuit Aman ar an leaba ar a raibh Esther.” Acht i n-ionnad maitheamhnais nó párdúin d'fhagháil do ón rígh, d'órdaigh a dhamnughadh agus a chur dochum báis gan stad, agus a chrocha as an gcroich chéadna d'ollaimh Aman do Mhardocheus aga aimsire roimhe sin. Agus mar sin d'iar trócaire acht do héimeadh é ar an adhbhar gur labhair go ró-dhéadhnach agus tré
anfhorlann nó cóimhéigion nó éadualang iongantach an tan do-chonnairc go raibh sé caillte. Suspensus est itaque Aman in patibulo quod paraverat Mardochaeo: et regis ira quievit, ib.10: “Agus mar sin do crochadh Aman ar an gcroich do-rinn sé féin do Mhardocai, agus annsin do sguir fearg an rígh.” Acht is baoghal liom go n-éirgheódh an mí-fhortún céadna díbhsi muna leasaighthí sibh féin i n-am ag iompóghadh ar Dhia trésan aithrighe. Is eagal liom gur mallacht do bhuaidhfigh sibh an tan is miann libh párdún d'iaraidh agus ná teangmhóidh oraibh acht an bás ar lorg na beatha dhíbh, go háirighthe an tan do léigfidh sibh don aithrighe rith gus na laethibh déadhnacha iarna mbeith dhíbh ar feadh bhúr raé annbhúr n-íodhaladhrathaig dhíbh féin, do bhár n-onóir, dá bhúr dtoice agus do gach créatúir eile ar ar chaitheamhair bhár n-anntoil. Cuiridh sibh féin, ar an adhbhar sin, ar aontaoibh lé Dia, ag géille dá reacht agus dá dhlighthibh, ag déanamh an uile neithe do réir a thoile, agus geallaim-si dhíbh go n-umhalóghaidh seision do bhúr dtoil-si agus go dtabhraidh dhíbh gach nídh dá n-iarfaidh sibh air. Ní iarann oraibh acht deóra an chroidhbhrúghadh agus na tuirse, agus bhúr mbeatha lochtach do chlaochlódh. Ná héimidhidh ar aonchor é agus éistig lé bhúr n-athchuinighe an tan d'iarfaidhe a ghrása is a ghlóire. An .25. CAIBIDIL Do-gheibhid na peacaig neamhaithrigheacha chruadhmhuinéalacha bás lán do dhoilbhios agus do dhobrón do-innisteanna. Tairngion ar uairibh luathgháir ainiomarcach neach dochum gola, cuireann buaireamh ar na céadfadhaibh,
doirchigheann an spioraid, tairngionn é dochum aicíde, agus go ró-mhinic fós fuadaighean dochum na huaighe é. Tugann cathughadh ainmheasardha toradh agus éifeacht uaidh is treise thréine agus is dainséirighe go mór ioná é, go sonnrach an cathughadh, an doilbhios agus an dobrón d'fhuilingfios an peacach cruadhmhuinéalach neamhaithrigheach i bpongc an bháis. Is gnáthach leis an ndoilbhios, leis an ndobrón agus leis an gcathughadh bheith i gcomhthrom nó i gcompráid leis an olc d'fhuilingmaoid nó ag árab eagal dúinn a thuitim orainn. Is féidir le neach a rádh ná fuil ann gach olc agus mí-fhoirtiún dá dteagmhann dúinn ar feadh ár mbeátha, mar atá cailleamhuin ár gcoda agus ár gcarad, gach guilimne, gach galar, aingcis agus easláinte dá dtuitimíd ann, acht beag-nídh neimhéifeachtach nó nídh nách fiú é trácht air, do bhrígh go bhfuil míle slighe aguinn dochum triallta thársa, mórchuid leighis iona gcoinimh agus mórán meódhan eile dochum ár sásaighthe. Acht uair an bháis mothóchaidh an peacach agus aireóchaidh tromán mhóirfheirge Dé ar dearglasa in' aghaidh, agus maille re tromualach na tréinfheirge si, mothóchaidh fós agus aireóchaidh go géarfhuilingtheach méid agus gráineamhlacht a mhór-pheacadha is uilc agus mí-fhoirtiúin dochuimsighthe neamh-chríochnaighthe. Fá dheóigh do-chídhfidh sé é féin ar bruach bheith sgartha go síorraidhe re grásaibh Dé, go bithshíor adeirim, a bheith damannta go géarlasarachaibh domhúchta ifrinn, gan cabhair, gan congnamh, gan teacht as, gan leighios ar a mhórghalar, gan compórd, gan méid meanmuin, gan luathgháir. Nách é so an t-adhbhar dóláis agus doilbhis is mó is féidir le neach do bheith aige, agus ar mbeith dho annsa staid so, créad an duadh agus an trioblóid ná haireóghaidh agus ná fuilingeóchaidh sé? Créad an mí-órdughadh agus an gile guaire d'aireóghaidh agus do mhothóchaidh sé iona chéadfadhaibh agus iona
spioraid? Agus créad é an nídh dárab oireamhnach? Atá, don éadóchas, mar Iudás, Act.i.18, agus mar Cháin, Gen. iv.13, ag ár lean iad ionna neamhaithrighe tar éis a leanta ionna bhfeilebheartaibh. Ó mo thruadh! Ná taobhnochtaidh agus ná tabhraidh suas sibh féin dochum an doilbhis sin .i. an t-éadóchas, do bheith agaibh, noch is deirbhshiúr gar chéile do dhobrón na ndamanntach. Acht bíodh cathughadh, doilbhios agus dobrón na naomh oraibh ag árab é an doilbhios is mó ortha fearg do chur ar Dhia agus ag árab é fós a stuidéar cinnte cathughadh do ghlaca dochum a gcoraighthe agus a múisgilte dochum na haithrighe do dhéanamh. Má bhrostaghan sibh an naomhdhoilbhios so annbhúr gcroidhtheachaibh, iarna mbeith dhi arna gcoinnleacht do ghrádh Dé agus do mhórdhóthchas ionna thrócaire, tabhraidh fá deara oraibh bhúr bpeacadha do thréigean, cuirfidh luathgháir ar Dhia gona aingiolaibh amhuil agus mar go ghlac Naomh Pól luathgháir, compórd agus méid meanman fá dhoilbhios, dhobrón agus chathughadh na gCoirintíneach, ii Cor.vii.9. “Is luathgháireach liom,” ar sé, “sibh do bheith i gcómhdhoilbhios, i gcómhchathughadh, adeirim, tré dhoilbhios tslánaighthe dochum bhúr mbrostaighthe dochum aithrighe do dhéanamh, dochum fuatha agus gránach bhúr bpeacadha do bheith oraibh agus dochum foinn friochnaimh dá bhúr nglaca maireachtain go Críostamhuil feasda go pongc déadhnach an bháis.” Féachaidh, amharcaidh agus déinigí machtnamh fírinneach ar mhéid an doilbhis agus an dobróin dobhí ar ár Slánaghthóir Íosa Críost ár dTighearna i nGáirdín na n-Olladha an tan do shléacht é féin dochum úrnaighthe, dá ollmhughadh féin dochum báis ar ár sonna, Marc.xiv 33.
Dotháinig crith chos agus lámh air, do chaill a chruith, a ghnúis agus a dheilbh, do ling an duadh, an doilbhios, an dobrón, an cathughadh agus an brise croidhe air is mó dobudh fhéidir le créatúir ar bith d'fhulang ionnas agus gur thuit i dtáimhnéalaibh anfhóirlingtheacha do-innistiona le tuirse, ionnas agus ná raibh órlach dá chorp ró-naomhtha gan tréantuilteadha frasfhola donnruadh ag sile asda, ar mhodh gur thuit annsna céidéagaibh ag rádh: “Atá doilbhios agus dobrón ar m'anam gusan mbás,” Luc. xxii.44, Marc xiv.34, Tristis est anima mea usque ad mortem. Do thionnsgaigh sé agus do thosanaidh sé a pháis annsa mhartra pheanadaig bhuartha thrioblóidig so; do chothaigh, do bhuaintseasaimh agus do lean inte go nuig an móiment déadhnach dá bhás. Smúinigí agus deinigí machtnamh fírinneach nách ar a shon féin go haoinreacánta d'fhuiling sé é féin do chur annsna rachtaibh so, do bhrígh ná raibh easbadh nirt, fórsa ná tréanchumais air ná teirce ar bith grádh dá Aithir ná don chine daona uile air; acht ar an adhbhar gur ghaibh tromualach ár bpeacadh-na air, do ghlac fuirim agus cosmhulacht an pheacaig air ionnas agus trésan ndobrón sin go gcuirfeadh i n-uimhil dúinne doilbhios, dobrón, cathughadh, lionndubh agus brise croidhe an fheilebheartaig sin do chuirios an aithrighe tar ceal agus ná cuirionn suim inte go pongc déadhnach an bháis. Amharcaidh ar an adhbhar sin agus smaoingeadha oraibh féin agus ná mairig i mblaidearacht bhréige dá bhúr mealla féin le hilchleasaibh an ádhbhairseóra. Má bhí an oiread sin eagla agus uathbháis ar an neimhchionntach, Críost, ar fhaicsin an bháis do, ar an adhbhar gur ghlac foirm an pheacaig air agus gomadh mhiann leis díol ar son ár bpeacadha, créad d'éirgheós do lucht an uabhair, na sainnte, na drúise, na naomhaithise agus na mionn mór, agus do na peacaig eile atá tugtha don uile shórt uilc agus feilebhearta, mallachtaoi agus míréire?
Má thuition mór-thintreacha fheirge an Tighearna cómh anfhóirlingeach sin ar an neimhchionntach nách oireamhnach do sgiúrsadha dá pheannaid, créad é an modh ar a dtuitfidh an teine chéadna sin mhóiriríre an Fhírchirt Diadha 'na caoraibh tintighe domhúchta agus 'na frasaibh mongruadh dearglasracha ar mhullach na bpeacach neamhaithrigheacha bhus adhbhar ceart oireamhnach do pheannaid agus do phianntaibh, amhuil agus mar is adhbhar dlistionach an t-adhmad tirm dochum a loisgithe, do réir mar do chuireas Naomh Lúcás i dtuigsin dúinn é san 23. caib. agus san 31.f.: Quia si in viridi ligno haec faciunt, in arido quid fiet? “Má do-ghníd so san adhmad úr, créad do-dhéanfadhar san adhmad tirm?” AN .26. CAIBIDIL do chuirios i dtuigsin dúinn go bhfaghann an drong do chaith a mbeatha ris an aithrighe bás lán do luathgháir, do shubhachas agus do mhéid mheanma do-insteana. Má gheibhid na feilebheartaig d'éimig iompóghadh tar a n-ais agus an aithrighe do dhéanamh bás i ndoilbhios chritheaglach uathbhásach noch atá arna gcoinnleacht (go neimhtheibioghthach) don éadóchas, do-gheibhid na fíoraithrighig, ar an dtaoibh eile, do ghuil agus do ghéarchaoidhig a dtréanlochta, bás agus amharcaid air maille re luathgháir tréanláidir agus le dóthchas móramaracach. Glacaid go ró-thoiltionnach é maille re sólás agus compórd ró-áidhbhseach, ag cur a dtoile go ró-dhíthchiollach re mórthoil agus re deighphléasúr an Tighearna do chruthaigh iad. Is é an bás so na bhfíoraon d'iar agus budh mhiann le Balaam d'fhagháil an tan adubhairt: Moriatur anima
mea morte iustorum, Num.xxiii.10: “Go bhfaghaidh m'anm-sa bás na bhfíoraon.” Éighmhid, guilid agus caoighid na fíoraoin a bpeacadha ar feadh a mbeatha, fuilingid mórán trioblóide agus annró ar feadh a saoghail, do réir bhriathra an ríoghfháidh Dáibhíodh, Ps.XXXIII.20. Ar an dtaobh eile, bíonn mórán aitis, luathghára agus compóird ar lucht na mallacht agus na bhfeilebheart. Ní bhíonn trioblóid, doithchíos, doghruinn ná buaireamh ar bith ortha acht iad do shíor lán do shoilbhireacht, do shúgaidheacht agus do mhóraoibhnios gan docamhuil. Ní bhíd ar aonchor i nduadh, i ndaoirse ná i moghsaine chách, ní bhíonn doilbhios ná dobrón ná cathughadh na ndaoine ag breith treise orra do bhrígh go lámhaighean Dia iad amhuil alltáin nó beathadhaig allta, ag fulang dhóibh maireachtuin do réir a dtoile féin, ag leanmhuin a míbhéas agus a ndrochlaonta ann gach aoinchéim agus cam-shligh dá ngabhaid. Acht uair an bháis iompóghaid agus aistreóchaid na neithe so go grod a gclódh. Tuitfe cathughadh, doilbhios agus dobrón na bhfíoraon ar an saoghal so agus iompóghaidh go móraoibhnios na naomh ar neamh. “Ó a dheisgiobla,” adeir Críost, “iompóighfíor bhúr ndoilbhios agus bhúr ndobrón go luathgháir pharthais, agus malairteóghfíor compórd na bhfeilebheartach agus iompóidhfíor go dobrón na ndamanntach”: Vos autem contristabimini, sed tristitia vestra convertetur in gaudium, Ioan.xvi.20. Atá luathgháir, compórd agus méid meanman an tsaoghail so arna gcoinleacht agus arna leanmhuin do dhobrón, d'osnaghal agus do ghulghárthaibh síorraidhe. Amharcaidh agus féachaidh cia aco is mian libh do leanmhuin ar an adhbhar gurab anois atá an t-am agaibh dochum bhúr rogha do ghlaca, ar mbeith díbh annbhúr dtoil tsaor ar feadh bhúr mbeatha. Acht bíodh aire agus forcamhás maith agaibh oruibh féin d'eagla bhúr
meallta agus bhúr mbeith gan compórd, gan méid meanman, gan luathgháir i bpongc déadhnach an bháis trésan bhfaillighe dothugamhair annbhúr leas do dhéanamh ar feadh bhúr mbeatha. Toghaigeadha agus bíodh agaibh ar an adhbhar sin gol, golán, caoi agus tréanaithrighe na naomh dochum a mórluathghára d'fhagháil díbh i bpongc déadhnach an bháis. Seachanaidh, fuathaighidh agus tréigeadha compórd agus luathgháir na ndroichbheathach d'eagla báis d'fhagháil i n-éadóchas mar iad-sin. Bíd na diabhail lomlán do náire agus do mhíothapa an tan do-chíd a fhonnmhaire dothugaid na fíoraon agus na peacaig d'iompuigheas trésan aithrighe iad féin suas do Dhia agus d'fhuilingid go foideach a ndeacracha, dá dteilgean féin idir lámha an Fhír-Dhé i measg a mbuairimh, a dtrioblóideadha is a gcathaighthe, i measg a bpéine, a bpiannta 's a nguirteamuis, lán do dhoilbhios, do bhuairt agus do chaduaic fá fhearg do chur ar an nDia sin do chruthaig iad ar a chosmhulacht féin dochum buadh do bhreith ar trí heasgáirdibh an anma .i. an diabhal, an saoghal agus an cholann, dochum lingthe tar anfhoirleannaibh an bháis annsa bpongc déadhnach sin na beatha. Budh mheata claon fann mánta agus budh bhuadhartha Sátan an tan do-chonnairc móraithrighe Iob ag á chur féin i n-oireamhuin do naomhthoil Dé iar gcailleamhuin a mhaithios', a mhaoine is a shláinte i measg móirphiannta dofhuilingthe géirnímhneach a chuirp go huile, líonta don uile shórt uilc agus easláinte. Ní raibh freagra ag an aithid árrachta so dochum a thabhairt ar Dhia an tan do thaisbeáin do neart, cródhacht agus buan-tseasamh a fhírsheirbhísig, acht d'fhuilig sé é féin go claon náireach
beg-mhisnig arna mbeith a fhios aige gur buadhadh air i measg an uile shórt mailísi dár thionnsgain. Ag sin luaidheacht, tuilleamh agus tuarasdal na deighbheatha do readas Dia trésan bhfóirneart dothugann dá dheighsheirbhíseachaibh dochum buadh do bhreith ar ilchleasaibh an ádhbharsóra i bpongc an bháis i measg a móirphiannta is a ngéar-leanamhna, i gcoinnimh is i n-aghaidh gach bárthuisle agus gach amuis dá dtugan a namhaid orra. Agus is ceart iomchuibhe sin do dhéanamh do bhrígh go mbainion le mórdhacht agus le mórmhaithios Dé luadhacht saothair móráidhbhseach do thabhairt do na naoimh agus do na fíoraoin do chaith a mbeatha le fóirneart iomshlán a neirt agus a gcumais ionna sheirbhís agus ag fóghnamh dho. Ar an adhbhar sin, iarna mbeith dhóibh i bpongc dhéadhnach an bháis, arna dtímpchiolladh don uile shórt buairimh agus neamhaitis, triallan Dia fána ndéin, dá gcosnamh, dá gcaomhna agus dá bhforchoiméad léan' uilechómhachtacht thréanchumais, dá gcóimhneartughadh ionna luigíodhacht agus ionna míthreóir, ar an adhbhar, do réir an Sgrioptúra i Leabhar na hEagna: Justorum animae in manu Dei sunt, Sap.iii.1: go mbíd anama na bhfíoraon i láimh Dé tréna n-úirísleacht agus a mórúmhladhacht dá thréanchumas diadha, tré fhírthréigion an iomshláine ar a shon agus tréna gcaoinoireamhuin neimheasbaghthach dá naomhthoil, ar mhodh, an tan dothagan an bás dá rochtuin, ná beirionn buaireamh a shoigheada briochtfhaobhracha, cúngrach an éadóchais, ilchearda ná mailís na ndiabhal ar aonchor greim ortha do bhrígh go bhfuilid go bithshíor idir dhá láimh Dé, iona choimeirce agus ionna chaomhnacht. Ó créad mar fhortún agus mar chompórd bás d'fhagháil i n-ionnad cómh foirtil cómh daingion sin agus mar atá ucht agus coimeirce Dé! Ó! acht ní foláir buaintseasamh ann go síorraidhe agus gan maireachtain go ceangailte don diabhal, don tsaoghal ná don cholainn, ag siubhal tré shlightibh na nádúire, ag leanamhuin do na claonta is ag calcughadh annsna peacadhaibh.
Ní raibh trioblóid, doghruinn, anfadh ná uathbhás ar bith ar na trí hógánachaibh Eabhracha, Ananias, Azarias agus Misael, an tan d'órdaig Nabuchodonozar iad do theilgean san bhfúirnéis lasardha. d'fhuilingeadar a gcosa agus a lámha do cheangal dá chéile, agus do ritheadar agus do thrialladar i gcoinimh agus i rochtuin an bháis go fonnamhar tré luathgháir, do bhrígh go rabhadar neimhchionntach ag fagháil bháis mar ghrádh agus mar ghean ar Dhia. Ó! Dobhí a fhios aco go maith ná tréigfeach Dia choidhche an drong do-dhéanach fóghnamh don Tighearna ar feadh a mbeatha. Fá dheóigh do chuir an Tighearna aingiol fána ndéin dochum a gcabhartha agus dá gcaomhna ar mhodh gur shéid na lasaracha uatha agus nár loisgeadh oiread agus an ruainne budh lughadh dá bhfolt ná snáithe dá gcuid éadaig. Níor leómhaidh an teine baint leó ná fós doilbhios, doithchíos ná dobrón do chur ortha, amhuil agus mar d'áitioghan an Sgrioptúir Diadha é: Et non tetigit eos omnino ignis neque contristavit, nec quidquam molestiae intulit, Dan.iii.50: “Agus níor bhain an teine reó ar aonmhodh agus níor chuir doilbhios ná dobrón ortha.” Mar an gcéadna d'éirghe don fháidh bheannaighthe Daniel an tan do teilgeadh i ndiaigh a chinn go huaidh nó go pruathais na leómhan é. Ní raibh eagla ná faithchíos ar bith air, ní mó fós do goirtigheadh é. Níor thángadar na leómhain in' fharraid nó fána dhéin acht dochum onóra, oghamóis agus urrama do thabhairt do, do bhrígh go n-abair féin nár fríth aoinéagceart ann. Deus meus misit angelum suum et conclusit ora leonum, et non nocuerunt mihi: quia coram eo justitia inventa est in me, sed et coram te Rex delictum non feci, Dan.vi.22: “Do chuir mo Dhia aingiol agus do dhruid sé béal na leómhan ionnas nár
ghoirtigheadar mé, do bhrígh gur fríth neimhchionnta ionnam dá láthair, agus fós ad fhiaghnaise-si, a Rígh, ní dheárna mé urchóid ar bith.” Más drong nó daoine sibhsi atá neimhchionntach, lán do ghrádh agus d'eagla Dé, ar dearglasa a' méadughadh a ghlóire agus leasa bhúr n-anma féin, mar Ananias, mar Azarias agus mar Dhómhnall, ní heagal díbh an bás ar aonmhodh. Ní baoghal díbh fós saoighead, buairt, galar ná cómhrac éislingtheach briochtfhaobharach ná foslongphort ar bith eile dá dtabharfaidh fúibh ná dá gcuirfidh le bhúr n-ucht dochum bhúr dtraochta, agus guirfidh Dia sibh as an saoghal so, sásda i ngrásaibh Íosa Críost, lán do luathgháir agus do shólás neamhdha. Agus muna bhfuil aon read ionnaibh conntrárdha d'fhírcheart agus do naomhthacht Dé, ní bhiadh a fhíorcheart ná a naomhthacht sin conntrárdha dhíbhsi, agus biaidh sí ar bhúr son .i. dá bhúr gcaomhna agus dá bhúr gcosaint dochum luadhacht saothair na ndeaghoibreacha do-rineamhair do thabhairt díbh. Glacaidh misneach maith ar an adhbhar sin, leanaig na naoimh ionna ndeighbheatha, agus muna ndearnamhair sin go so, tosnaighidh ó so amach ar bhúr bpeacadha do thréigion, ag tabhairt cúil don diabhal, don tsaoghal agus don cholainn, gan suim ná éifeacht do chur i n-aon read acht i nDia agus annsa ghlóire shíorraidhe. Agus i bpongc an bháis do-chífidhe agus blaisfidhe millseacht agus maithios an Tighearna don droing dhíreach dheaghchroidheach, amhuil agus mar chanas an ríoghfháidh Dáibhíodh annsa .72.ps. agus annsa chéad fearsa: Quam bonus Israel Deus his qui recto sunt corde! “Ó créad feabhas Dé Israel don droing ag á mbí an croidhe díreach aco!” Ní bhfuil nídh ar bith san domhan is iongantaoi agus is mó dh'alltacht ná fonnamhaireacht Isaac an tan budh mhiann lena athair Abraham an ceann do theasga nó do
bhain de, dochum d'éis na sacrafís go loisgfeach é mar ofráil lán-íodhbartha do Dhia. Níor chuir an t-óigfhear so i gcoinnimh a athar ar aonmhodh do bhrigh, cómh luaith agus d'innis do gur mhaith le Dia é 'íodhbairt do, níor chuir i n-aghaidh toile Dé, níor fhiafraigh amháin créad é an fáth fár órdaigh Dia é 'chur chum báis ar mhodh cómh éagsamhlach sin agus a athair féin dá dhíthcheanna. Do ghéill chuige mar uan caorach, d'fhuiling a lámha is a chosa do chuibhreach agus do chruaidhcheangal dá chéile agus a theilgion ar chuail nó ar bhrosna connaig dochum a dhubhloisgithe. Agus ar chúba a mhuinghíl go húirísiol, d'fhuir agus d'fhan go foidhneach síothchánta go mbuailfeadh a athair buille déadhnach an bháis air. Ó créad mar úmhlacht iongantach agus mar fhonnamhuireacht uathbhásaig! Do ghabh lean' ais a chur chum báis le luathgháir, mar mhóroghmós agus lánúmhlacht do Dhia agus ag méadughadh a ghlóire. Ó! d'fhuiling an leanbh beannachtach agus an beagadán grásamhuil so é féin do threasgairt agus do thaobhlot mar uan chiúin tsimplidhe úirísiol, úmhal ollamh freagarthach do dheaghthoil Dé agus dá athair! Dofríth an uile shórt deighthréighthe ionna bhás do bhrígh go raibh grádh Dé agus searc a mhuinntire ionna chroidhe ar feadh a bheatha, Gen. xxii.7,8,9. A bhráithreacha ionnamhuine, créad é an bás is dóith libh d'fhagháil? Do-gheabhthaoi é do réir mar do chaitheamhair bhúr mbeatha. Má mhaireamhuir agus má chaitheamhair bhúr mbeatha mar ullghadhair, mar mhactíribh, mar leómhain shanntacha uaibhreacha phoimpeamhla fheargacha dhíothchoisge nó mar phórc mhuice shailig thútaig sprionnlaighthe spadánta nó mar dheamhan neamhchráibhtheach neamhaithridheach neamheaglach roimh Dhia ná roimh dhuine, ní féidir libh gan bás d'fhagháil mar ollghadhair, mar mhachtaoire, mar leóghan, mar
mhuic, mar dhiabhal nó mar dheamhan, gan aithrighe, gan suim i maithios Dé ná ionna thrócaire, i measg gulghártha, béiceadha agus éadóchais. Mairigeadha agus cathaig bhúr mbeatha ar feadh bhúr raé ar an saoghal so mar uain neimhchionntacha nó mar chuilm nó cholúir neimhfheargacha, lán do mhillseacht, do atruadh agus do umhlaoidheacht, agus do-gheabhthaoi bás mar na naomh dheaghfhoirtiúnaidh, lán do luathgháir agus do mhórdhóthchas, lán do ghrásaibh, do ghrádh agus d'eagla Dé. Fá dheóigh cathaidh bhúr mbeatha agus mairidh mar na mairtíridh, ag leanmhuin, ag céimniughadh agus ag siubhal ar coiscéimeadhaibh agus ar athanntaibh an tsaoisgéil mar dheighChríostaighthibh ag buan-tseasamh is ag troid go foirtil láidir ar son Dé 's a thiodhlaiceadha, ag tabhairt do rogha an iomshláine do chailleamhuin seoch bheith sgartha leis na grásaibh agus míréir an uile chréatúra do dhéanamh seach fearg do chur ar Dhia, agus do-gheabhthaoi bás mar na mairtíridh, lán do mhéid mheanman, do luathgháir agus do ghrádh Dé, i nglóire na naomhchroiche, i n-aondacht agus i gcruthmhalairt i n-Íosa Críost ár Slánaighthóir. Arbh fhéidir libh bás nó críoch a níbhus naomhtha, a níbhus breaghtha, a níbhus suairce shuilbhire ionná é d'fhagháil? Feitheann an bás sin ar an modh ar a gcaitheann sibh bhúr mbeatha. Dá bhrígh sin, bíodh aire dhíthchiollach chianradharcach amharcach agaibh air.
AN DARA RANN NA TOIRMISG DO BUDH CHEART DON PHEACACH DO THABHAIRT FÁ DEARA AGUS BUADHCHAN ORRA DOCHUM LINGTHE THÁRSTA DOCHUM TRIALLTA AR NEAMH. AN CHÉADCHAIBIDIL do thaisbeánann an fóirneart ionganntach agus an buaireamh iomarcach léna dtoirmiosgan ár ndeargnamhaid .i. an diabhal, sinn an tan budh mhiann linn iompóghadh ar Dhia. Budh dhaor do lámhaig agus do budh olc an ceann do Chlainn Israel Pharao, Rígh uaibhreach annfhlaitheach na hÉigipte, dá gcoingeamháil 'na sglábhathaibh agus i ndaormhoghsuine le hoibreachaibh diana doichríochnaighthe, ag dúbailt an chruatain ortha an tan do thuig gomadh mhiann leó a thréigean ag dul ag íodhbairt don Tighearna amhuil agus mar d'órdaigh Maoisi dhóibh do dhéanamh, Exod.v.9. Ar an adhbhar gur órdaig an rígh an duadh, an obair agus an sglábhadhacht do dhúbailt ortha, ag éimeachtain agus ag tarang uatha gach congnamh agus gach meadhon dá raibh aco roimhe sin dochum na hoibre do chríochnughadh, ar mhodh gur cuireadh an pobal bocht úiríseal annsa riocht budh chruadhálaighe neamhchompórdaighe dá mb' éidir d'fhagháil. Is fíghir é so agus is sómpla don mhíofhoirtiún do theangmhas do na peacachaibh. Olc an ceann dóibh an diabhal, dá gcianruagadh ó Dhia agus dá gcoingmháil
anna bpeaca do ghnáth, dá múchadh i n-amhrógh an tsaoghail nó i nglóire dhíomhaoin na colna. Acht an tan is miann leis an bpeacach a thréigean dochum iompaighthe ar Dhia, méadaigheann sé a fhearg, dúblaigheann a bhuaireamh agus iompaigheann mágcuaird é, ar an adhbhar, an uair sin, brostaighean a réasún, gríosan a thuigsin, corraigheann a chlaonta, múisgleann míle toirmeasg agus docamhal chuige ar mhodh ná fuil aon mheadhon ná fóirneart san mbith ná cuardaighean agus ná loirgean dochum toirmisg do chur ar an bpeacach dochum filte tar ais dochum a leasa do dhéanamh. Dá bhrígh sin, is cómhartha dianmhaith dhíbh oraibh féin an tan do bhraithfidhe go mbiadh sibh i mbuaireamh, i dtrioblóid ná i dtiomptásúin ar bith a níbhus mó ioná mar budh ghnáthach libh do bheith, iar mbeith dhíbh fonnmhar dochum lingthe tar cheangaltáin an ádhbharsóra, dá mbrise tré fhíor-iompóghadh ar Dhia, do bhrígh gur cómhartha cinte dhíbh gur bhuadhamhair air agus gur thréigeamhair a líonta agus go ndeárna seision a dhíthchioll dochum cuibhreach do chur oruibh. Glacaidh dóthchas maith agus misneach chúghaibh ar an adhbhar ná léigfidh Dia do bhúr ndeargnamhaid treise do bhreith oraibh má bhíonn sibh dílios do. Acht fuaisgleóigh sibh ó ansglábhaoícht an pheaca tré fhóirneart na ngrás mar d'fhuasgail Clann Israel tré shlait mhíorbhuilig Mhaoisi. Cómh luath agus do-rineadar na Gabaonítig síothcháin agus cáirdeas le pobal Dé, d'éirgheadar na hAmarítig agus na Canaanítig agus mórlucht adhbhalmhór eile dobhí roimhe sin 'na gcaraid agus 'na lucht cabhartha agus conganta aco dochum léirsgris agus díoghaltais d'imirt ortha fán gcaradas sin do dhéanamh, Iosue x.5. Is lucht cabhartha agus conganta agus caraid ionmhuin don diabhal, don tsaoghal agus don choluinn sibhsi an feadh do
mhairfidhe annsa pheacadh, i n-uaill, i saint, i ndrúis, i gcraos, i bhfearg, i móirleisge bhúr n-anma do shábháil, ag calcughadh ann gach uile shórt uilc agus feilebhearta agus mí-bhéas eile iliomarcacha do-áirmhighthe. Cuimhnígí agus bíodh a fhios agaibh go gcuirfidh an diabhal, an saoghal agus an cholann cogadh agus géar-ruathar oraibh, ag teacht i bhfoslongphort díbh tréna n-ilchleasaibh iomarcacha dosgaoilte agus tréna mbuairimh neartmhara craostsloigitheacha ealadhanta dochum bhúr leagtha, iar nglacadh aithreachais díbh fá 'olcas agus do chaitheamhair bhúr mbeatha, ag diúltughadh do na heascáirdibh réamhráidhte, ag greamughadh do shlightibh Dé ó so amach is ag céimniughadh go neamhmiollamach ionnta tré fhíor-iompóghadh ar Dhia, ag geallamhuin go fírinneach gan a fhearg do thuilliomh feasda, ag buantseasamh ionna ghrásaibh, ag déanamh cáirdis agus muinntiorthais leis tré shíoraithrighe atuirsig ar aithris na naomh is ar lorg a ndeighthréighthe. Agus dá bhrígh sin is ceart oireamhnach dhíbh sibh féin d'úmhlughadh agus d'úirísliughadh dá láthair, lán d'eagla agus d'imshníomh roimh cheart-bhreitheamhantas an Tighearna. Acht ná bíodh eagla ná uabhain ar bith roimh na buarthaibh ná na hilchleasaibh réamhráidhte úd oraibh d'éis Críost do bhúr ngabháil réan' ais, ag dul fána choimeirce agus fána dhíon mar na Gabaonítig do chóimhrith fá bhrataig chathbhuadhaig thréanchumasaig Iosue. Agus do-chífidhe cad é a neartmhaire threise thréine chumasaighe do thabhraidh Críost lámh libh dochum lingthe thársta, dochum buadhchan ortha go caithréimeach mar na Gabaonítig dothug léirsgrios ar a ndeargnamhaid tré chomairce an chaithmhíle oirdheirc Iosue.
Adubhairt an ríoghfháidh Dáibhíodh i psalm cxviii.106: “Do mhóidighis agus do chuireas reómham ann mo chroidh, Ó a Thighearna, a bheith fírinneach dhíbh agus bhúr n-athanta do chongmháil.” Agus gan stad iona dhiaigh sin adubhairt arís: “Dobhí mé go mór arnam úmhlughadh,” ib.107. Créad é an fáth ionna raibh cómh húirísiol úmhal sin d'éis a churtha roimhe bheith cómh díleas sin 'na sheirbhíseach ag Dia i n-ionnad é do bheith cómh neartmhar coráisteamhuil dochum sin do dhéanamh? Atá, cómh luath agus do bhraith an diabhal gomadh mhiann leis a líonnta do shraca agus linge trína cheangaltáin tré fhíor-iompóghadh ar Dhia, do thur-thímpchioll ar gach taoibh é léan' ilchleasaibh ealadhanta dochum gomadh mhóide d'fhéadfadh a leagadh agus bárthuisle do bhaint as dochum aitheanta Dé do bhrisi agus neamhshuim do dhéanamh dá dhlíghe. Ní bhiadh sibh choidhche a níbhus mó ar bhúr gcómhbhuaireamh le tiomptásúin ná toirmisg ag cur i n-aghaidh na ndeighthréighthe ná an tan is mó bhus miann libh iad do lorg, do leanamhuin agus do chur i ngníomh. Agus fós ní raibh bhúr ngrádh agus bhúr ngean ar na feilebheartaibh riamh a níbhus treise thréine chumasaighe ionná an tan is lugha bhus miann libh a dtréigean ná éirghe asda. D'fhuiling Mac Dé, Íosa Críost ár dTighearna, ag Naomh Marc,c.ix.25, ar bheith dho ag díbirt an diabhail as corp duine mhíofhoirtiúnaigh bhoicht dobhí boghar balbh, d'fhuiling sé, adeirim, don ainspioraid mhallaighthe so an truaghán tuibisteach úd do shraca, do chiapa, do phianna agus do chéasa cómh iomarcach uathbhásach sul do thréig sé é ionnas agus gur síliog é do bheith marbh gan anam. Nárbh fhéidir le Críost do thabhairt fá dearadh ar an ainspioraid so triall ón bhfear úd gan
anfhorlainn ar bith d'imirt air? Dob fhéidir agus do-rin é an tan budh mhiann leis a dhéanamh. Acht d'fhulaing do an choraigheacht agus an iomarasgáil iomarcach sin d'imirt air mar shómpla dhúinne i bpearsain an truagháin úd dochum go dtugamaois fá deara ná corraigheann agus ná buaireann an t-ádhbharsóir an t-anam i n-am ar bith a níbhus mó ionná an tan bhíonn ar bruach é do bheith sgartha leis trésan bhfíoraithrighe ag iompóghadh ar Dhia. Ar an adhbhar sin, má theangmhann buaireamh ná cathughadh ar bith oraibh, ná glacaidh míothapa ná eagla ar bith roimh an ndiabhal, do bhrígh gur treisi Dia ionná é. Guilidh ar Chríost, guidhgeadha é agus cuiridh bhúr ndóthchas ann. Dá bhrígh sin díbreódhaig, diansgriosaig agus cianruaigfig uaibh an deargnamhaid fhollas úd agus tabhraidh díbh gan fuireach sláinte anama agus chuirp, agus leighisfidh sibh go hiomshlán ón uile shórt galair agus easláinte mar do-rin leis an bhfear úd dobhí ceangailte cruadhchuibhrighthe ar dhéirnín ag an ndiabhal. Tairgion agus sraoileann an leóghan a phroinn nó a sholáthar go neamhthuairmeach neamhshuimeamhuil ionna dhiaigh an tan nách baoghal leis aoinread dá bhain de. Acht an tan do léigfeach neach air a fhuadach uaidh, is tréan dian deithionsach díthchiollach d'iadhfach a chrobhanna go hairciosach ionna thímpchioll lé hiomshláine a nirt agus a chumais dá chongmháil. Mar an gcéadna do-ghnídhid na fiacha dubha, na fiolair, na maictíreadha agus gach beathadhach eile allta mórchraosach agus gach uile eóin eile fheóil-itheach iomdha dá mbíonn ann. Och mo chreach! Créad é an nídh an diabhal acht leóghan craosach lonnardhach, machtíre fuathmhar neamhcharthannach, fiach dubh diabluighe ifrinn agus fiolar fuadaightheach neamhthrócaireach do choinnghionn sibh go dian docht sithghreamaighthe dosgaoilte iona chrobhannaibh
an feadh do mhairionn sibh annsa bpeaca, ag géille agus ag úmhlughadh dá bhuaireamh agus ag leanamhuin gach uilc agus gach feilebhearta agus gach sligh eile thubaisteach dhonaoi dá bhfuláran oraibh do dhéanamh. Agus an uair sin, iarna mbeith dhíbh ceangailte ar dhéirnín aige, is cosamhuil go léigionn díbh bhúr suaibhnios do ghlaca gan buairt, cathughadh, trioblóid, doilbhios ná dobrón ar bith do chuir oraibh, acht an uile shórt socamhuil, pléasúir agus méid meanman d'fhuráil oraibh dochum cuimhne bhúr ndroichbhearta do ruagadh uaibh go pongc déadhnach an bháis, ionnas go dtiocfadh sé gan fhios oraibh agus go mbéarfadh ar sgórnaidh oraibh agus go bhfuadódhach leis sibh gan ollmhughadh, gan aithridhe, do láthair an bhreitheamhantais agus ón mbreitheamhantas go lasaracha domhúchta ifrinn. Acht cómh luath agus dothugann fá dearadh gur miann libh sibh féin do sgaoile óna ghéibhionnaibh agus do réighteach óna gheibhleachaibh, ag tréigion an pheaca agus ag cóimhrith dochum na hairthighe, créad é an bhuairt, an trioblóid, an buaireamh, an cathughadh, an teamptásúin agus an docamhal do-innistiona ná teilgion oraibh dochum bhúr gcongmháil i n-achrann agus i nglasaibh aige féin go síorraidhe? Acht ar a shon sin agus uile níor chóir go mbuaidhfeadh a ilchleasa ealadhanta oraibhse dochum fanamhna annsa bpeaca, gia fionnas agus nách cumasach é dochum fóirnirt ar bith ná cóimhéigin d'imirt oraibh, ó atá sibh go bithshíor saor agus ar bhúr dtoil féin dochum a thréigthe agus ó táid na grása dá síorfhuráil oraibh má iarann sibh go friochnamhach croidheamhuil iad dochum buadhchant ar an ndeargnamhaid so. Agus is leis sin ná fuil sibh inleithsgéil ar aonchor acht inmhilleáin go mór agus go cian cionntach má thréigionn sibh bhúr ndeighmhéinn ná bhúr ndeighthréighthe, a' géille don olc agus gan an aithrighe do chur ar ceal mar gheall ar a
rádh go ndeárna an ainspioraid buaireamh, cathughadh ná teamptásúin díbh dochum tuitim annsa bpeaca. Ó créad mar do chlaonfaid na leithsgéil so sibh agus do chiontóghaid do láthair Dé, dá bhúr ndamnughadh go pianntaibh do-instionna géarfhulangtha ifrinn! Dá bhrígh sin déinigí machtnamh díreach ar an mór-fhírinne so, tugaidh aire dhíbh agus smuaingeadha ortha i n-am. AN DARA CAIBIDIL Ní ghníd na buairimh, na teamptásúin ná na cathaighthe do chuirionn an diabhal ar an bpeacach inleithsgéil ar aonchor é. Atá a sháirfhios agaibh gurab é an diabhal bhúr ndeargnamhaid fhollas mharbhthach, do bhrígh sibh do bheith cruthaighthe do réir dheilbh agus chosmhulacht an Tighearna agus gurab é stuidéar Dé go cinnte gach uile shórt maithiosa agus seirbhísi do dhéanamh dhíbh agus coróinn na glóire do shocrughadh ar bhúr gcinn, noch do chaill an t-ádhbharsóir tréna mhallaightheacht ar an adhbhar nárbh fhéidir leis díoghaltas budh mhó do dhéanamh ar Dhia (do bhrígh go bpianann a fhíorcheart go diachrach é) ná a fhuath agus 'fhaltanas, 'fhala agus a fhíoch do bhrostughadh go laethamhuil agus d'árdughadh dochum íomháigh Dé atá ar an nduine iona chruthughadh do léirsgrios agus do dhíthcheanna, do shraca agus do shraoille as a chéile, ag tabhairt fá deara air an peacadh do dhéanamh. Tugan fós a mhiosguis chum an duine air an uile shórt
ilchleasa agus ealadhan, cumais agus fóirnirt (dá dtig leis) d'imirt air dochum a thraochta, ionnas agus nách tiocfadh leis dul i seilbh na glóire síorraidhe do chaill seision tréna phoimp. Monuar! créad é an díthchioll ná déinionn dochum ár gcaillte mar namhaid dho-iompathach fhíor-fheargach nó mar árachtaidhe iongantach claonmhailíseach! Cia fionnas agus gurab aithnid díbh ar an modh sin é, créad é an fáth ionna n-éistean sibh leis ag síor-shéide na locht annbhúr gcorpaibh? Créad é an fáth iona leanan sibh a shlighte ag céimniughadh ionna órdaighthibh? Créad é an fáth ná gabhann sibh conntrárdha dá rialachaibh ag éimeachtain a thoile do dhéanamh? Ná fuil a dheibhinfhios agaibh gurab é bhúr ndamaint is miann leis agus ná fuil nídh ar bith ar a aire acht bhúr míofhoirtiúin tsíorraidhe do theacht de? Nách sibh ar an adhbhar sin na fionghalaidh, na cladhairí agus na mór-chionntaig fá éisteacht ná cluas lé haire do thabhairt dá bhuairimh dochum bhúr gcaillte agus bhúr léirsgrios tsíorraidhe do theacht don chonntabhairt ionna gcuirionn sibh sibh féin tré bhúr bhfonn agus bhúr gclaona dochum a thoile do dhéanamh? Nách náireach mímheasda óinmhideach amadánta an meas díbh oraibh féin leithsgéal bhúr locht agus bhúr bpeacadha do ghabháil ag cur a mhilleáin ar na teamptásúin do-ghnídheas an diabhal agus an t-ádhbhairseóir díbh? Cómh math agus dá ndéarfach neach: “Do ghabhas do chloidheamh ionnam féin do bhrígh gur chómhairligh mo namhaid dam a dhéanamh.” Monuar! Níor shaor an leithsgéal dothug Ébha do Dhia gurab í an athair nimhe do mheall í, níor shaor í, adeirim, ó riachtanas do bheith aice le haithrighe mhórosnadhaig thréindhíthchiollaig fhadaradhnaig ghuirtdheóraig atuirsig do dhéanamh ná fós Críost ó bhás d'fhulang ar chrann sganaileach
na croiche ar bhúr son, Gen.iii.13. Machtnaighidh, féachaig, breithnidhig ar an adhbhar sin agus tugaidh fá deara gan bhúr leithsgéal do ghabháil ar aonmhodh ná seasamh suas go cruadhmhuinéalach annsa neamhaithrighe go haimsir an éaga. Atá an t-ádhbharsóir, an diabhal, athair na mbréag, cómh mór sin 'na namhaid aguinn ar mhodh go dtug an bás dúinn uile ó thúis domhain i bpeaca ár gcéadathar .i. Adam, sul rugadh sinn. An uair sin do léirsgrios agus do thárnocht ó ár neimhchionntacht sínnseardha agus do chianruaig ó pharthas sinn. Do chromnaisg agus do cheangail sinn fá an uile shórt boichtineachta agus míofhoirtiúin, agus annois tímpchiollan sinn ar gach taoibh agus glacan léan' ais an uile shórt ilchleasa agus meabhlacht dochum go dtabharfach fá deara oruinn sgaramhuin le Dia tré raoba a athannta agus tré ár míréir dá naomhthoil agus ag tréigion a ghrása. Do leath ár namhaid a líonta go fóirleathan iomuinn dochum sinn do thraocha agus do leagadh fá thromualach do-iongabhálta na bpeacadha, dochum go dtabharfadh fá dearadh oruinn tuitim ionnta. Do shíolchuir an tsainnt i measg lucht an tsaidhbhris; do choimlisg an phoimp is an ghlóire dhíomhaoin leis an onóir; do choimil an leisge leis an bhfuadar; do bhuair an creidiomh leis an mallaightheacht agus do líon fhíor-adhracht dhiadha leis an asarlaidheacht. Do-ghnídh fós úsáid do gach nídh do bhaineas le Dia agus dá acfuinneadhaibh dochum sinn do leagadh. Do-ghnídh toiltionaig dínn do bhrígh gur trócuireach é Dia. Do-ghnídh anndóthchasaig dhíothchoisgig chinntréana dínn do bhrígh gur fadfhoideach fuilingtheach é. Do-ghnídh tarcaisnig dhobhuidheachuiseach dínn do bhrígh go bhfuil Dia fiúntach deaghthabharthais. Tugan fá dearadh oruinn dia-aithis agus neamhshuim do thabhairt do na sacramuinteadha, agus fá dheóigh ní bhfuil san mbith nídh ná
hiompaghan ionár n-aghaidh dochum ár gcaillte. Agus iona dhiagh sin agus uile, éistionn sibh lena mhealltóireacht do bhúr mealla, cómh maith agus dámadh é bhúr gcaraid ionmhuin é, gan a chianruagadh agus a dhíbirt gan stad mar athair nimhe nimheamhuil nó mar ghríobh neamhdhuineanta éadtrócaraig dobhiadh gach móimeant ar tinnioll dochum bhúr dtreasgartha. Is cosmhuil ar an adhbhar sin gur d'aonbhuidhin sibh agus gur miann libh bhúr gcailleamhuin mar aon leis go síorraidhe gan tabhacht do chur i gcomhairle Naomh Séam san gceathramha caibidil dá litir agus annsa .7. fearsa: “Cathaighidh agus troidig go calma tréanchumasach mórláidir i n-aghaidh an diabhail agus teithfidh sé uaibh”, Iac.iv.7. Do budh iontuigsiona díbh gur buairt, brionglóid, taibhrighthe, cathaighthe agus teamptásúin gach nídh do mheallfadh ná do chuirfeadh cluain ar an gcolainn ná ar na siansadhaibh nó na céadfadhaibh, ar an adhbhar gurab é obair, gnáthaighthe agus aire an ádhbharsóra sibh do tharang chuige féin tré iomarca caoinis, seasgaireachta agus caoinbhriathra. Do mheall an diabhal Eva (an tan d'fhuráil uirthe ubhall na haithne d'ithe) lé dóthchas ná fadhadh sí bás ar aonchor acht go mbiadh lán d'fhoghluim, d'fhios, d'eagna agus d'eólas mar Dhia féin, Gen.iii 5. Do mheall agus do tharaing Absolon Clann Israel ar a thaoibh féin, agus air sin do mhairbh, do mheill agus do léirsgrios armáil thréanchumasaig mhóráidhbhsig an rígh oirdheirc Dáibhíodh deith míle fhithchiod i n-aonló díobh, ii Reg. xviii.7. An tan budh mhiann le Cáin a dhearbhráthair Abel do thorchur, do threasgairt agus do thaobhghoin, do chuir cluain air dá mhealla leis fá uaigneas mhágha mhín-sgotha lán-réig na tíre, Gen.iv.8. Do tharaing agus do shraoill Core dá chéad dá lucht leanamhna, dá
mealla leis 'na ndeighbheathaig go huaidh ghlonnmhar ifrinn, Num xvi.33. Iar mhealla Sizara do Iael, ag tabhairt leamhnachta léan' ól do gur thuit a chodla air, gan stad do mhairbh é tré uisionaibh a chinn le tairinge athgharbh iarainn dobhí ionna fhianbhoth féin, Iud.iv.21. Ní bhfuil ionnta so uile acht fíogharacha nó cosmhúlacht do mhealltóireacht an diabhail. Dá bhrígh sin, tugaidh aire mhaith dhíbh féin agus ná léigidh dho buadh do bhreith oraibh tréna mhealltóireacht, ag geallamhuin pléasúir bhig dhiombuain an tsaoghail so dhíbh dochum a leanamhna. Acht glacaidh critheagla cos agus lámh má bhraithí aon tsaoidhille, luadhaill aigne ná méid meanma fhollas ar bith a' greamughadh díbh d'fhaitchíos gomadh bhuairt, brionglóid ná teamptásúin ar bith ón ádhbharsóir iad. Budh mhiann le hAon-Mhac Dé, Íosa Críost ár dTighearna, Naomh na Naomh, agus budh mhaith leis cathughadh, buaireamh agus teamptásúin d'fhulang dochum curáiste agus foinn do chur orainne tréna bhuaireamh-san dochum buadh agus treise do bhreith go croidheamhuil cródha (ag leanamhuin dá shómpla-san) ar gach buairt, trioblóid, cathughadh ná teamptásúin dá dteagmhadh dúinn, Math.iv.1. Do thóg an diabhal leis é ar spíngc uachtaraig an teampoill, agus annsin d'iar air é féin do theilgean fá chlár talmhan. Créad é an fáth nár theilg féin ar lár é gia fionnas agus gomadh chómhachtach é lena bhreith leis gan a thoil? Atá dochum a thabhartha le tuigsin dúinn gur féidir leis an mallaghthóir sinn do theilgion i n-ócáideadhaibh agus i ndainséar an pheacadh do dhéanamh, acht ní bhfuil ar gcumas do tréna thoil féin a thabhairt fá dearadh orainn an peacadh do dhéanamh muna toil linn féin é agus muna rabham fonnmhar dochum tuitim ann. Is féidir leis ár gcomhairliughadh, ar mbrostughadh agus ar dtarang chuige lena chuireadhaibh searcamhla amaracacha caoinbhriathracha dochum a
dhéanta, acht atá sé cómh lag tréith meirthneach míothapa sin ná fuil neart ná cumas ar bith ann acht a bhfaghan de uainn féin. Is donuighe tubuisteach doghrannach míofhoirtiúnach an nídh dhúinn cabhair, furtacht, congnamh ná fóirithin do thabhairt dár ndeargnamhaid dochum ár gcaillte i n-ionnad sinn féin do dhíon, do theasargan, do chosaint, d'anacal ná do chaomhna air. Ó a pheacacha dúra cruadhmhuinéalacha neamhshuimeamhla! is míofhoirtiúnaig mhóra agus is cionntaig sibh ó bheith ar lorg agus ag cuardughadh i ndiaigh na mbuaireamh dochum teamptásúin do chur oraibh féin. An é ná déingion sibh é an tan d'fhéachan sibh ar neithibh le súilibh claona mailíseacha, ag amharc go drúiseamhuil orra? An é ná déingin sibh é an tan do chaithean sibh bhúr n-aimsir ag léaghadh na leabhar graosda toirmisgthe i n-ionnad na leabhar ndiadha? An é ná déingin sibh é an tan do ghlacan sibh cúram phoimpeamhla uaibhreacha oraibh do thairnngion go glóire dhíomhaoin sibh? Seachnaidh, ar an adhbhar sin, fuaithígeadha agus tréigeadha gach ócáid do-dhéanfadh buaireamh dhíbh, agus má curthar cathughadh oraibh leath amuich don ócáid mar dh'imthig ar Chríost ar an bhfásach, ná cuiridh suim ná éifeacht ann, ag leanamhuin don tsómpla tug féin díbh san áit gcéadna. d'iar an diabhal air annsan uaignios arán do dhéanamh do na clochaibh; ní dheárna seision a chómhairle. Do iar air é féin do chaitheamh do mhullach an teampoill; níor éist leis. Agus fá dheóigh d'fhuráil air é féin do shléachtain dá láthair agus adharadh do dhéanamh dho, acht do chianruaig, do léirsgrios agus do dhíbir as a radharc é ionnas gomadh éigion do teighthe. Déingeadha, a cháirde, gach nídh conntrárdha do na cathaighthe mar do-rin bhúr Máighistir Críost. Má bheirionn anuaill ná poimp greim oraibh, úmhluighidh sibh féin; má shéidion gaoth anfath
na sainnte annbhúr gcroidhtheachaibh, déingeadha trosga, déirc agus úrnaighthe, agus ní bhéarfaid na teamptásúin buadh oraibh, agus budh mór é bhúr luadhach saothair. Ní fuláir go gcuirfiom ár muinghín agus ár ndóthchas go teann i nDia agus ní fhuileóingfe ár mbuaireamh ós cionn ár gcumuis, i Cor.X.13, ar chúntar go seachnógham na hócáideadha agus go rabham dílios dár dtaoibh féin. AN TREAS CHAIBIDIL Ní bhfuil san mbith nídh is baoghalaighe dhainséirighe chailleamhnaighe agus is measa ná comhluadar na bhfeilebheartach. Ní bhfuil nídh san mbith is eaglaighe agus is conntabharthaighe ionná an droch-chomhluadar ar an adhbhar gur buaireamh, cathughadh agus teamptásúin ró-neartmhara iad agus gurab deacra go mór buadhchant orra agus linge thárrsa ná ar na huile amuis agus aimsighthe dá dtugann an t-ádhbhairseóir oruinn. Ó is doilbh diachrach dian-bhristeach croidhe leis ná déantar feilebheartaig díbhse an tan do thaithigheann sibh cuideachta na ndroichbheartach siúd fós agus gomadh naoimh sibh nó aingil. Agus bíodh gur feilebheartaig sibh annois, ní bhfuil leasughadh ionnbhúr gceann ná gairm tar ais oraibh choidhche nó go dtréige sibh comhluadar na droch-chuideachtan. Ná mealltar sibh ar aonchor tré mhéid bhúr bhfoghlamtha, tré ghlinn-roisgeacht bhúr soillse, tré fheabhas bhúr gcéadfadha ná tré naomhthacht bhúr ndeighmhéinne. Do cailleadh an tríomhadh cuid do na haingil (lucht áitribh na bhflaitheas) i gcuideachtain Lucifer, ag tuitim i méirleachas
i n-aghaidh Dé tré dhrochshómpla na hainspioraide so. An bhfuil sibh cómh glanrosgach, cómh foirtil agus cómh naomhtha agus dobhádar na haingil? Is ró-fhada uaibh é. Agus bíodh go rabhair, do budh eagal díbh agus budh bhaoghal mór go dtuitfeadh sibh mar iad-san dochum bheith i n-bhúr ndeargnamhaid ag Dia ó bheith i dtathaighe na muinntire do leanas cómhairleacha an diabhail, ag maireachtain do réir na colna, ar dheachtughadh shómpla mhailísig an tsaoghail, ag céimniughadh ar chosán na locht, ag codla i gcamchuan na n-olc ar bruach na deirce ifrionnda nó go bhfuadaighthear go grinnioll innte iad. An feadh do mhair Adam agus Ébha 'na n-aonar i bparthas, dobhádar neimhchionntach éadmhailíseach i gcomhluadar na n-aingiol, 'na luathgháir agus 'na mórthaithniomh ag Dia. Acht cómh luath agus do-chuaidh Eva i gcaoineas cómhráidh leis an ainspioraid, do thuit sí óna príomhstaid, do thréig agus do chaill sí a breadhthacht, a deallracht, a deiseacht, a gile agus a huile sgéimheacht, agus ag labhairt lena céile, do cailleadh é mar an gcéadna agus do thuit óna staid ionnracuis go naimhdeacht easurramamhuil neamhmhuinntiordha agus go heasúmhlacht neamhshuimeamhuil chadaránta eascáirdeamhuil i n-aghaidh Dé, Gen.iii.7. D'iompaghdar clann na naomh, agá ngairmthí clann Dé dhíobh do thoisg naomhthacht a n-aithreacha, 'na ndia-shéantaig ag cur cúil rena gcreidiomh agus ag leananhuin gach droch-dhéata i gcuideachtain chlainne inghion Cháin dobhí 'na lántoiltinig fheilebhéasacha tugtha don uile shórt uilc, mallaightheachta agus feileghníomhartha. Budh mhór an cion, an grádh agus an t-oghmós dobhí ag Ruben agus ag Iuda
ar Ioseph mar gheall ar a athair Iacob. Acht ar a shon sin agus uile, ar mbeith dhóibh i gcómhluadar a ndearbhráithreacha dobhí fuathmhar feargach leis an neimhchionntach bocht neamhmhailíseach so, do theilgeadar mar an gcéadna, do chionntaigheadar agus do dhamnaigheadar i n-aoinfheacht leó é agus d'aontaigheadar a dhíol mar sglábhadha le ceannaighthibh strainnséartha, Gen.xxxvii.22. d'iompaigh an rígh Achab cia go raibh 'na mhac annsa líne dhírig ag mórán do righthibh oirdheirce deighchreidmheacha d'adhair agus dobhí 'na searbhóntaithe ag an bhFír-Dhia, súd fós agus go raibh an fháidh fhoirtil oirdheirc ghnímheáchta Elias aige dochum a chómhairlighthe, ar a shon sin agus uile do thuit i n-íodhaladharthacht i gcuideachtuin Iezabel, bean droich-chreidmheach phágánta iodhaladharthach, III Reg.xvi.31. Amharcaidh annois, féachaidh agus tugaidh fá dearadh créad é a bhaoghaluighe maireachtuin ná bheith i measg lucht na bhfeilebheart agus na ndroichghníomhartha, ag coiméad cuideachtan dóibh. Glacaidh dá bhrígh sin eagla riómpa más miann libh bhúr maithios tsíorraidhe do theacht de: “An té bhus caraid do na droichbheathachaibh, biadh féin i gcosmhulacht leó,” Prov.xiii.20; “An té do bhainfeas leis an bpic, leanfa sí dá chuid éadaig,” Eccli.xiii.1. Do thuit Solomon fós, an té budh dhearsgna ghlanradharcaighe thuigsionaghe fhoghlamtha dá raibh i measg bhfear ndomhan, annsa mallaightheacht ionganntaig úrghránna uathbhásaig so, ag losga incens .i. túis, agus ag dóigh íodhbartha do na bréigdhéithe bodhra balbha do bhí déanta do chloich nó do chrann agus ag adhradh na ndeamhan, do bhrígh go raibh mórnuimhir do mhnáibh íodhaladharthacha aige ionnar ghlac mórán taithnimh agus pléasúir a bheith ionna gcuideachtain agus i gcomhluadar leó, iii Reg.xi.7. Air mbeith do Naomh Peadair i measg na soigheadóireadha do naomhaithis Críost, do dhia-aithis
féin mar an gcéadna ar a n-aithris é, dá shéana an oidhche chéadna do chómhghuidh in' fhochair i nGáirdín na n-Oladha, iar gclos tseanmóra diolmhaisighe glórchaoine as a bhéal beannaighthe ró-dhiadha tar éis an tSuipéir Dhéighionaigh, an oidhche chéadna, adeirim, do sgiumair, d'ionnlaigh agus do ró-nig a chosa agus tug a chorp oirdheirc ró-naomhtha féin mar aon lena chuid fola daorluaig mar phroinn do. Do gheall, do mhionaig agus do mhóidig an ceannurraid so na n-apstal go bhfadhach bás agus go bhfuilingfeach go ró-fhonnamhar toiltineach croidheamhuil i bhfochair Chríost. Acht d'aimhdheóin gach geallamhna agus móirléaspairt dá ndearna, do shéan, do thréig, do dhia-aithis agus do léirmhionnaig ar an bhfriotal is ró-lugha dár labhradh leis nár aithin a Mháighistir do bhrígh é do bheith i gcuideachtain ró-mhallaighthe thréanmhailísig na soigheadóireadha gceannaraiceacha réamhráidhte sin, Math. xxvi.69,70,72,75. Agus leómhan sibhsi agus curthaoi reómhaibh go díthchéillighe meardhána maireachtuin, congmháil suas agus seasamh go foistineach diongmhálta i measg an droch-chómhluadair sin do thaithioghan sibh. An measan sibh ar an adhbhar sin gur fonnamhaire neartmhaire threisi thréine fhoirtillighe bhuaintseasamhla sibh féin annbhúr gcreidiomh ionná Naomh Peadair? Nó go bhfuiltí a níbhus eagnaighe ghéar-radharcaighe ghlanfhoghlamtha ioná Solomon? Ná a níbhus naomhtha thréin-neartmhaire chumasaighe ioná an oiread sin agus go leór eile do mhór-sheirbhísig an Tighearna do cailleadh i measg na droch-chuideachtan? Nách óinmhideadha ró-uaibhreacha uathbhásacha sibh agus sin do mheas? Ná tuillfeadh an aindréim mhallaighthe agus an anuaill iomarcach so fearg Dé dhíbh, dá bhúr dtréigion go síorraidhe
agus dá bhúr gcailleamhuin i n-bhár n-andánacht amadánta óinmhideamhuil neamhthuigsionnta? Machtnamhaig, amharcaidh agus féachaidh air sin i n-am agus glacaidh go fáithghlic céillighe tuigsionnach chúghaibh gach cómhairle do stiúróchaig sibh go cian ó chuideachta na bhfeilebheartach agus do dhian-sgriosach uaibh gach meadhon do threóireóch sibh dochum comhluadair do bheith agaibh leó ar aonchor ná tuitim ionna measg. Adeir Naomh Pól, I Cor.v.6, go ngéaraigheann beagán don laibhín an t-arán go uile. Mar an gcéadna, loiteann agus millean aoinfheilebheartach amháin go haoinreacánta iomlán na cuideachtan iona mbíonn. Sleamhnuighean agus rithion an t-olc asteach gan fhios gan aireachtuin annbhúr n-anmnacha, tré bhúr súilibh, tré bhúr gcluasaibh agus tré mhíle do shlightibh eile iomarcacha dochoimsighthe. Agus an tan dobhíonn astig ar lóistín agaibh dá altrom, ní deacra dhíbh an nimh d'ólfach sibh d'aisiog ná é do dhian-sgriosa ná do chianruagadh asaibh d'éis a phriamhcha do chur i n-achrann i n-bhár gcroidhtheacha. Bígeadha ar an adhbhar sin ar bhúr n-aire agus bíodh a fhios agaibh cia ar a gcuirfidhe taithighe. Seachnaidh, tréigeadha agus fuathaighidh an uile fheilebheartach, na mallaightheóireadha, na sgabhallóireadha, na mórthoilltinig, na méirlig ná aoinneach eile dobhiadh 'na namhaid ná i n-easgcáirdeas do chaondúthracht, do dheaghoibreachaibh, do deaghbhóideacht ná do dheighthréighthe. Níor mhaith le Sara ar aonchor go ndéanfadh Isaac cuideachta, caithiomh aimsire ná cómhluadar ar bith do chongbháil d'Ismael do bhí cheana 'na chrostóir mheabhlach, d'eagla go n-iompóghadh, go loiteach ná go dtabharfach fá deara air tuitim óna neimhchionntacht, ar mhodh ná raibh sásamh, socamhuil ná suaibhneas ar bith uirthe nó gomadh éigion
d'Ismael an teach do thréigionn. Ar mhodh gur órdaigh Dia do Abraham (do-rin iomad dochma agus docamhuil dá dhíbirt do bhrígh go raibh searc ainiomarcach aige ar Ismael) a bhean do shásamh ar an bpointe sin agus Agar, a bheansglábhadha, do dhíbirt agus a mhac Ismael mar an gcéadna, Gen.xxi.12. Níorbh fhéidir le hÁirc an Chonnrachta agus le hiodhal nó íomháigh Dhagon seasamh i n-aointeach, I Reg.v.3. Más seirbhíseacha dílios ionnraic do Dhia sibh agus gur miann libh a ghlóire do mhéadughadh, ní féidir libh maireachtain, cothughadh ná fulang i measg cuideachtan na bhfeileghníomharthach acht amháin muna mbiadh sibh ar tí a dtairngthe dochum a leasa do dhéanamh, agus cionnas dothiocfadh sin libh muna n-iompóghadh sibh féin ar dtúis? Ó monuar! Glacaidh uabhain agus eagla mhór sibh do bheith a níbhus measa agus a níbhus ceann-tréine chruadhchroidhthighe go fada ná iad san, do bhrígh gur fusa lenár nádúir lochtach bhriste chlaon shoibheárnaighthe tuitim ná éirghe, gur fusa lé lot, cneadh agus gearadh do ghlaca agus d'iompchar ná leigheas d'fhulang ná do ghlaca air, gur fearr lé sleamhnughadh a' ruille ruaille ar lochán fíordhoimhin na locht ionná buadhchant ar an olc a' greamughadh do subháilceadhaibh. AN .4. CAIBIDIL Más miann le neach a leas do dhéanamh agus teacht dochum maithiosa, ní fuláir dho cuideachta na bhfeilebheartach agus lucht na hurchóide do thréigean agus do sheachnadh. Is róimhinic is cionntach na drochdhaoine agus lucht na hurchóide le díoghaltas trom agus léirsgrios ionganntach do thuitim ar na deaghdhaoine neamhurchóideacha an tan do
lonaighid lucht na deighmhéinne iona measg ag coiméad cuideachtan ná cómhluadair dóibh. Is mar sin dóbair go gcaillfidhe armáil chathbhuaidh cheanntréana mhóirneartmhara Chlainne Israel tré mhéirliochas aontsoigheadóra amháin dárbh ainm Achan, ag tabhairt easamhlacht do Dhia agus ag cur neamhshuim ionna reacht, Ios.vii.26. Is beag nár sloigeag fá thonnaibh mór-rabhartha tréanchuthacha na mara fairsinge géaranfathacha fíordhoibhnne tré éigean storma na máirnéalaigh do ghlac Ionas ar bórd chúcha ó é do bheith i gcuideachtain agus i n-aointslighe leó, tré a easúmhlacht do Dhia, ag éimeachtain a thoile do dhéanamh, ar mhodh ná raibh aon tsuaibhnios ná réighteach aco ó aintséide na garbhghaoithe ná sgíth ar an bhfairge nó gomadh éigean dóibh a theilgean i ndiaigh a chinn ar fad síos fán gcuilighthe, Ionas i.15. Tugaidh fá deara agus machtnaghaidh go fírinneach créad é a dhainséaraighe, a bhaoghaluighe, 'eaglaighe agus a dhíobhálaighe mar nídh bheith i gcuideachtuin na ndrochdhaoine ná cómhluadar ar bith ná cumann do bheith leó. Níor mhaith le Iacob agus níor mhiann leis ar aonmhodh bheith i gcuideachtain ná i gcómhluadar a dhearbhráthar Esau, ar a shon gur ghuidh Esau é agus gur iar air teacht go minic dochum na críche sin, ag tairgsin gárdadha ró-fhádhbharacha dho dochum a chaomhnaighthe agus a choimeirce ar gach olc ar bith corpardha dá dteangmhach do, ar an adhbhar go gcuirfeach seasamh agus pearsa Esau (peacach agus deargnamhaid Dé) do thoirmeasg agus d'éadualang air neimhnídh do dhéanamh dá ghníomharthaibh deaghbhóideacha caondúthrachtacha agus gomadh fhéidir go dtairngeódhach agus go dtuitfeadh mallacht agus móiriríre an Fhírchirt Diadha ar a mhullach dá gcoinnmheadh
cuideachta dho, Gen.xxxii.8. Cianruaigeadha ar an adhbhar sin i n-imchian uaibh na mallaightheóireadha neimdhiadha, na huaibhrig, na sainntig, na drúisig, na méirlig, na craosaig, na bitheamhnaig, na toiltionaig chlaona agus gach n-aon don aicme sin d'eagla bhúr dtraochta mar aon leó i n-ifrionn ná go gcuirfidís toirmeasg ar na grásaibh ró-naomhtha budh dheóghnaightheach le Dia do dhorta oraibh agus do bhronadh dhíbh dá dtréigfeach sibh cómhluadar na n-uile neithe dothabharfach fá deara oraibh a fhearg ná a dhobhuidheachas do thuilliomh ná gan a thoil ró-dhiadha do dhéanamh do réir mar budh chuibhe. An feadh do mhair agus d'fhan an pátriarc Abraham i gcríoch na Chaldea, a dhúithig ceart dílios féin, ní thángadar na haingil dá fhios ná ar cuaird chuige agus ní mó dofuair oghamós, gradam ná fádhbhar ó neamh mar budh ghnáthach leis. Ní fheacaidh fós Maoise taisbeánadh, taidhbhrighthe ná aislingeadha neamhdha ar bith ó neamh an gcian do chaith aimsior i gcúirt Pharao i measg na n-urchóideach feilebheartacha droichmhéinneacha, ag coiméad cuideachtan dóibh. Acht ní luaithe d'imthig Abraham agus do thriall as an ndúthaig íodhaladharthach ionna rugadh é ná dothángadar na haingil dá fhios agus ar cuaird chuige agus dá choimhdeacht anns gach slighe dá ngabhach sé, Gen.xii. Agus Maoise mar an gcéadna, iar ndul do annsan uaigneas san bhfásach agus ar thréigion an tsaoighil agus gach nídh dá mbainean leis, do-chonnairc an tum loisgneach nó an sgeach thinteamhuil, do labhair leis na haingil agus do-rineadh árdtaoiseach, tréoraighe agus uachtarán tréanchumasach ar champadhaibh an Tighearna dhe agus Dia ós cionn Pharao, Exod.iii. Más miann libh grása pairticúlártha speisialta d'fhagháil ó Dhia agus leanamhuin díobh, seachnaidh, tréigeadha agus
séanaidh an droch-chómhluadar. Ná stadaidh ionna bhfochair ná i gcuideachta na bhfeilebheartach míbhéasacha d'eagla bhúr mbeith dúr docht cruadhmhuinéalach mímhéinneach droichbheathach mar iad go malluighthe. Níor aithin an fear úd dobhí dall ó bhroinn, ar mbeith dho i measg na bhFairisíneach, Críost ar aonchor; ní mó budh dheisgiobal do é, siúd agus go dtug do a radharc agus gur leighis go míorbhuilleach é, nó gur dhíbreadar na Fairisínig agus gur chianruaigeadar óna gcuideachtain é mar neach choinneallbháidhte ar a mbiadh bang eaglaisi. Agus annsin do theangaidh do agus do sheas as a chómhair. Dothug fá deara air é d'aithinnt agus d'adharadh, agus do ghlac fána choimeirce go diolghrádhmhar é mar aon dá dheisgioblaibh searc-chumanacha fíormhuinteartha, Ioan.ix. Mo thruadh ná leirsgriosan agus ná díbreann lucht na hurchóide sibhse óna gcómhluadar amhuil agus mar do-rineadar na Fairisínig leis an ndall mar gheall ar Chríost dá leigheas! Agus do-chídhfidh sibh féin créad áidhbhseacht, líonmhuireacht agus méid na ngrás do dhoirtfeach Dia oraibh dá chionn. Acht ná fanaidh lenabhúr ndíbirt. Teithig féin i n-am mar ghrádh do Dhia agus mar leigheas ar bhúr n-easláinte. Muna mbiadh gur thriall agus gur imthig an bhean Chanaainíteach ó lucht na gcathrach mallaighthe Tyre agus Sidon agus gur theith i n-imchian ó theórannaibh na dtalamhuinte íodhaladharthach so, ní bhiadh cómh foirtiúnach deaghuaireach sin agus Críost d'fhaicsin ná labhairt ris, agus fós ní éisteach réna húrnaighthibh agus ní bhfaghadh an athchuinge d'iar air, Math.xv. Más miann libh aithne do chur ar Chríost agus leigheas ghalar iomdha mórnuimhreacha dainséaracha bhúr n-anma d'fhagháil uaidh, fágbhaidh cómhluadar na n-urchóideach, séanaidh glóire dhíomhaoin agus míghníomhartha an tsaoghail, tréigeadha gach ócáid
do chuirfeach fearg ar Dhia, ciansgriosaig agus díbrig uaibh bhúr ndroch-chlaonta agus bhúr ngnáithpheacadha, agus sábhálfadhar sibh. Muna méinn libh sin do dhéanamh, éirgheóchaidh bhúr n-uilc ós bhúr gcionn agus béarfaid buadh oraibh, agus tuitfighe go laothamhuil dochum bheith a níbhus measa go mór agus níbhus cionntaigh i láthair Dé. Ar dtiomarga agus ar chnuasach do Shául ar armáil iomarcaig chinntréine mhórghuilig ghaisgeamhuil ar dheachtughadh Dé i n-aghaidh na n-Amalecíteach dochum léirsgris d'imirt orra, do chuir sgéala agus teachta dochum Cinoen dobhí ionna measg a bheith ar siubhal agus triall uatha d'eagla a chaillte mar aon leó san árghoin agus annsa díthcheanna d'imeóghach agus do thuitfeach orra, Reg.xv. Do thoguir an Fírcheart Diadha agus do chur roimpe na feilebheartaig agus lucht na n-olc agus na hurchóide ná cuireann suim i nDia ná i leas a n-anma do threasgairt. Agus do shocraidh a shoigheada neimhtheibightheacha iona bhoghadh cruinnbhuilleach fírdhíreach dothabharfas an bás síorraidhe do gach n-aon dá gcaithfiodhar iona ndáil iad ná dá mbainfid leis, Ps.vii.13-14. Agus monuar! sin do na peacachaibh cruadhmhuinéalacha neamhaithrigheacha cinntréana neamhfhonnamhara dochum iompaighthe ar Dhia atá ag síorghlaodhach agus dá iaraidh orra sin do dhéanamh. Coiméadaidh oraibh féin ar an adhbhar sin agus bígeadha ar bhúr n-aire, do bhrígh má lonaighean sibh iona measg gomadh eagal díbh bheith mar iad léirsgriosta go bithshíor as radharc an Tighearna, ó shuaibhneas chaoimhneasa na cathrach neamhdha, ó ghrádh, páirt agus muinntearthas ár Slánaghthóra, Íosa Críost ár dTighearna, agus ó chómhluadar na n-aingiol. Is mar sin d'éirigh don dá chéad pearsa dobhí i bhfochair Chore do sloigeadh 'na ndeighbheathaig go huaidh ghlonnmhar ifrinn, Num.xvi.31-33. Do dóg, do greadag, do dubhloisgeadh agus do-rineadh luathráin
le tréancheathaibh fearthanna raibhe agus brimstóin chaorlasaracha theintighe ó neamh do na fir dobhí dochum bheith 'na gcliabhnaighthe ag Lot mar aon leis na Sodomítig an tan nár mhiann leó a gcuideachta do thréigean ar chómhairle na n-aingeal dothug rabha dhóibh. Agus níor lugha le Lot, léna mhnaoi ná léna chloinn inghion é; do caillfidhe iad mar an gcéadna go míofhoirtiúnach muna mbiadh a luaithe do thrialladar ar a' ndeaghuair go tapa mear léirdhíthchiollach ar fhoinnsiughadh an lae i n-imchian ón gcathair ar fhuráileamh na n-aingeal, Gen.xix.14. Créad é bhúr réasún gan uamhan, eagla agus imshníomh do bheith oraibh i measg na bhfeileghníomharthacha, cia fionnas agus gur baoghal sibh do thuitim i gcuideachta na ndeighbheathach, amhuil agus mar d'imthig ar Iudás do-chuaidh i méirliochas agus i n-éadóchas i gcómhluadar na n-apstal mbeannaighthe? AN .5. CAIBIDIL Is ró-mhór an toirmeasg do chuireann buairt, achrann agus ceannairig chómhluadair an tsaoghail so ar neach iompóghadh ar Dhia. An tan budh mhiann le Eliseus mac an tSunamítig d'aithbheódhchant, d'órdaig do gach n-aon dá raibh san tseómradh mar a raibh an marbh dul amach, agus do dhruid an doras iona ndiaigh, agus annsin, ar mbeith dho in' aoinfhear in' fhochair, d'aithbheódhaig agus do thóg ón mbás é. iv Reg.iv.32. Atá sibhsi marbh tré bhúr bpeacadha iliomarcacha gráineamhla. Is éigion do Dhia, ar an adhbhar sin, mór-mhíorbhuill iongantach do dhéanamh annbhúr gcáil dochum beatha na ngrás do thabhairt díbh tréna chómhluadar. Ní fuláir dho bheith in' aonar annbhúr
bhfochair. Ní fuláir díbhse fós mar an gcéadna bhúr gcúl do thabhairt do shocamhlacht an tsaoghail mar aon lena chuideachtain agus cur suas d'aimsighthibh an diabhail agus d'aoibhnios na colna, agus go n-iaidhfidh sibh dóirse fóirleathana claona bhúr gcogúis chealgaigh ionna n-aghaidh dochum bheith annbhúr n-aonar i bhfochair Dé, an té sin do chruthaig sibh. Do sheinnidís agus do shéididís sagairt íomhágha Bhel galltrompadha agus do bhuailidís dromadha ag déanamh fothroim agus fuarmála iongantaig ar mbeith dhóibh ag íodhbairt naoidhean agus ag ofráil leanbh do loisgidís 'na ndeighbheathaig don íodhal chéadna sin, d'eagla go gcluinfeadh aithireacha na leanbh sin a ngulghártha ná a dtrom-bhéiceach annsna pianntaibh iomarcacha neamhdhuineannta éagsamhail sin agus go dtiucfaidís fána dtuairim tré chompáis agus atruadh dochum a bhfuasgailte as an anfhorlainn deachrach sin iona mbídís. Ó mo dhianchreach atuirseach ghuirtdheórach! Íodhbrean, bronann agus ofrálan sibhsi bhúr n-anma do chosain fuil daorluaidh Íosa Críost ár dTighearna do dhiabhal an uabhair, na huaille agus na poimpe, d'ainspriod na sainnte, an chraois agus na drúise, agus do dheamhan an fhuatha, na miosguisi agus na hanntoile, dá ndóith agus dá ndianlosgadh i lasaracha domhúchta na feirge, an chadruinn agus na cadabhuaice. Atáid go cráidhte céasda greadaighthe, ag gul, ag caoi agus ag gearán oraibhsi, ag tabhairt milleáin díbh mar is cuibhe tré olcas bhúr gcoinnsiais. Acht cuireann fogharmhongar, fothrom agus fuaim ghlórtha an tsaoghail, tathuidhe an chómhluadair agus taithneamh na saobh-nidhthe do leanann sibh, go diolghrádhach searc-chumannach dá lorg, d'éadualang
agus do thoirmeasg oraibh gan a gclos, ná staid ghlonnmhar dhorcha iargcaoineach bhur ndroch-chogúis do thabhairt fá deara. Nó más léir libh iad, ní chuirionn sibh suim ná éifeacht ionnta, acht go síorraidhe dhá dtachta le hainiomarca bhúr locht agus bhúr bhfeilebhearta, agus mar sin nách miann libh a niamhghlana ná a sgiomara tré shrothaibh uisge íocshláintig na haithrighe, nó gur baoghalach a mbeith caillte go bithshíor i lasarachaibh domhúchta géirnimhneacha ifrinn tré bhúr neamhshuim agus bhúr neamhfhonn dochum bhúr leasa do dhéanamh. Machtnaighidh agus tugaidh fá deara na briathra so do labhraim ribh. Triallaidh ar feadh sealaid aimsire ar fhásach iarthair uaigneach bhúr gcogúis, ag glinnfhéachuint agus ag mionbhreithnioghadh ar bhúr mbeatha lochtaig dochum gomadh léir dhíbh go fírinneach staid thiubuisteach bhúr n-anma dochum leighis d'fhagháil ón bhfírliaig orra. d'fhan inghion phrionnsa na sionagóige marbh nó go dtug ár Slánaghthóir fá dearadh na píopaireadha agus an chomplucht uile dobhí ag déanamh buartha agus gáróide annsa tseómra iona raibh do dhíbirt. Agus 'na dhiaigh sin do leighis agus d'aithbheódhaig í, Math.ix.23,25. Ní aithbheódhfar sibhse choidhche as suan marbhthach bhúr bpeacadha agus ní múisgleódhfar as bhúr gcleachtaoi taithightheacha ná as bhúr ndroch-chlaonta mallaighthe feileghníomharthacha sibh nó go dtreigfidhe ceól, spórt, luathgháir, méid meanman agus caithiomh aimsire saoghalta agus go dteithfighe i gcian ó chómhluadar na cuideachtan do-bhéarfadh cúis díbh a bheith annbhúr ndeargnamhaid ag Dia, dá bhúr dtoirmeasg ar na deigh-ghníomhartha dochum iompaighthe air. Do threóraig agus dothug Íosa Críost ár dTighearna an truaghán bocht míofhoirtiúnach úd an tsuibhsgéil dobhí boghar balbh agus agá raibh an diabhal ionna chorp, leis amach ón gcóimhthionól dochum a leighiste, agus do labhair leis in' aonar go haoinreacánta agus sin i n-ionnad
deighilte agus i bhfód fá leith ón bpobal: Et apprehendens eum de turba seorsum, Marc.vii.33. Dobudh fhéidir leis a shlánughadh agus a leigheas i measg na ndaoine cómh maith agus do-rin in' aonar acht gomadh mhiann leis trésan ngníomh sin a chuir i dtuigsin dúinne go gcuirean buairt, achrann agus cionnairic chómhluadair an tsaoghail so, cúl-iompóghadh ó Dhia agus aghaidh-iompóghadh, ceangal, searc agus grádh ar an gcréatúir, stopa agus toirmeasg mór oruinn gan leigheas d'fhagháil ar aicídeadhaibh spioradálta ár n-anma. Ar ndul do Ghedeon ag troid, ag cogadh, a' coinbhliocht agus ag coimheasgar (ar dheachtughadh an Tighearna) i n-aghaidh na Madianíteach, do ruaig, do chian-sgrios agus do dhíbir óna thrúpadhaibh gach n-aon dár léig a ghlún faoi ar an dtalamh ná do stad ag an abhuinn ag ól uisge, do bhrígh gur chómhartha lag meirthneach leisgeamhuil míothapa neamhshuimeamhuil é, cia fionnas agus gomadh fhéidir leó an t-uisge d'ól dá mbasaibh 'na seasamh iona ngluaiseacht. Cumque descendisset populus ad aquas dixit Dominus ad Gedeon: Qui lingua lambuerint aquas sicut solent canes lambere separabis eos seorsum; qui autem curvatis genibus biberint in altera parte erunt, Iud.vii.5. D'éis na méirthneach lag míthreóireach neamhfhonmhara agus na bhfuadrach teann bhforusda láidir do dheighilt ar an modh sin ó chéile, do bhuaidh an captaoin oirdheirc tréanchródha caithmhíleadh mór-neartmhar so ar a namhaid ar mhodh aidhbhéil ionganntach mhóirmhíorbhuillig ar a shon ná raibh ar a thaoibh acht fírbheagán .i. trí chéad fear d'ól an t-uisge dá mbasaibh, amhuil agus mar adubhairt an Tighearna leis annsa .7. fearsa: Et ait Dominus ad Gedeon: In trecentis viris qui lambuerunt aquas liberabo vos, agus go raibh mórnuimhir neamhchoimsighthe dá easgáirdibh ar an dtaoibh eile as a chómhair iona seasamh ar an machaire in' aghaidh. An miann libh buadh
agus treisi do bhreith ar an ndiabhal, ar an saoghal agus ar bhúr nádúir chlaon shoibhriste shoibheárnaighthe féin? Más maith, cianruaigeadha, díbrig agus sgriosaig i n-imchian uaibh gach uile charaid tsearcach agus duine muinnteardha don tsaoghal ná dobhiadh buaintseasamhach ceangailte ann, ná meiletheóireadha dobhiadh ar tí bhúr meallta agus an uile dhuine do-bhéarfadh drochshómpla ná drochoideas dhíbh tré bhréithre, labhartha ná gníomhartha; ós cionn an uile nídh, bíodh eagla, uamhain agus faitchíos oraibh roimh an ndroch-chómhluadar. Do thuit Iudas mac Iacob i bpeaca cuil lé bean a mhic tré chómhluadar nó tathaighe do chur uirthe, nídh dobudh fhéidir leis do sheachna. Quam cum vidisset Iudas, suspicatus est esse meretricem: operuerat enim vultum suum ne agnosceretur, Gen.xxxviii.15. Do thuit Amnon fós annsa pheaca ghráineamhuil uathbhásach mhallaighthe chéadna sin lena dhearbhshiúr féin Thamar trésan droch-chuideachta do choinnimh dhi, dá tarang dochum an fheileghnímh sin, ii Reg.xiii. Budh chosamhuil gur chaill Mac Dé, Íosa Críost ár dTighearna, féin a chlú agus a dheightheist i measg na bpuibliocánach agus na bpeacach eile dobhí sé ar tí do tharang ar a leas ó gach olc agus dubháilceadha dá rabhadar tugtha, cia fionnas agus gur cuireadh 'na leith a bheith iona fhear carabhuis agus meisge, lán do shearc d'fhíon agus do ghrádh do chómhluadar do chongbháil do na puibliocánachaibh. Agus is leis sin adubhradar na Pharaisínig leis na deisgiobla, Math.ix.11: “Créad é an fáth ionna gcaitheann bhúr Máighistir-si a phroinn maille ris na puibliocánachaibh?” Má bhíonn sibh go minic i measg na droch-chuideachtan, caillfighe innte grása Dé, na deighthréighthe agus gach subháilce eile dá bhfuil agaibh, nó is baoghalach sibh bhúr gclú dá bhúr dtréigean i n-ionnad deaghcháil d'fhagháil díbh, nídh
do budh cheart díbh do chongbháil gan tuisle, gan toibhéim, ní ar bhúr son féin go haoinreacánta acht ar son glóire Dé agus tairbhe agus maitheas na gcómharsan. AN .6. CAIBIDIL Ní fuláir go gcuirfeadhar suas agus go dtréigfighear go hiomlán slighte, riaghlacha agus saobhshómpladha an tsaoighil go huile dochum iompaighthe go maith foistineach diongbhálta ar Dhia. Is beannaighthe deaghfhoirtiúnach an té ná mairionn do réir cómhairle ná teagaisg lucht na mallaightheachta ná na míghníomh, do réir Dháibhíodh Rígh: Beatus vir qui non abiit in consilio impiorum, Ps.i.1. Mo dhiombádh! Is mó go mór nuimhir na n-urchóideach agus na bhfeilebheartach ná na ndeighthréightheach bhfíoraonda, ar an adhbhar go bhfuil sé arna sgríobhadh go bhfuil nuimhir na bpeacach atá 'na ríoghóinmhideadha agus 'na n-amadánaibh dochoimsighthe, Eccles.i.15. Má leanann sibh a gcómhairle ná a sómpla, ní iompóghaidh sibh ar Dhia go fírinneach díleas fírcheart choidhche ar aonchor. Adéarfaidh an saoghal meangach buadhartha saobhchleasach libh nách fuláir dhíbh déanamh go súghach, nách fuláir dhíbh maireachtuin agus bhúr mbeatha do chaitheamh dá réir agus bhúr n-aoibhneas agus bhúr bpléasúir do ghlaca, agus go ndéingean an domhan uile amhla é. Is fíor sin agus is amhla do réamhráidh ár Slánaightheóir é ag Naomh Eoin san xvi.20. Ní iaran an saoghal agus ní loirgion aoinread acht súbhchas, soilbhreas, compórd, ceól, oirfideas aoibhneas, méid meanman agus socamhal, agus gach mín-tslighte saobhnósacha eile dá samhail do leanann é. Ar mhiann libh go fírinneach an saoghal do
leanamhuin agus maireachtain dá réir? Más miann, ní bhfuil ann acht dall do threóróghchas sibh go bruach pruathais neamhshoillseach ifrinn. Ní bhfuil ann acht droichphiolóide do stúireóghaig sibh dochum loingbhrise do dhéanamh agus dothabharfas fá dearadh oraibh bhúr n-earadha daorluaig go huile do chailleamhuin san anfadh go hiomlán. Ní bhfuil ann fós acht liaig d'órdaigh nimh dhíbh agus aisnic do ghlaca mar leigheas, do bhrígh gach n-aon do lean do shlightibh an tsaoghail gur cailleadh go míofhoirtiúnach tiubuisteach iad. Do lean Cáin é: do mhallaig Dia dhá chionn é, Gen. Do leanadar na fathaig é agus do bádhag iad, Gen.; do thuiteadar caora teinntighe ó neamh ar na Sodomítig, Gen.; do múchadh Pharao fá thonnaibh na Mara Ruadh, Exod.; do craostsloigeadh agus do súghadh fán dtalamh Core agus Datan, Num., ar an adhbhar gur leanadar don tsaoghal, dá aoibhneas agus dá ainréim. Machtnaighidh ar bhúr mbéasaibh, tugaidh fá dearadh cá hionnad ionna bhfuil bhúr dtriall agus féachaidh ar bhúr stúirtheóir ar an adhbhar go n-abair Mac Dé annsa tsuibhsgéal, má bhíonn dall i gcionn daill dá stiúrughadh, go dtuitfid araoin san deirc, Math.xv.14. Dá ndéarfach neach go mairion i n-uabhar, i luaghaill is i bpoimp, i bpléasúr, i gcaitheamh aimsire, ag ól, ag cearúchas agus ag imirt, i saint, i ndrúis agus i bhfeilebheartaibh do bhrígh gurab amhla do-ghnídheas an saoghal go huile é agus gach n-aon dá mbíonn ann, is currthach ró-mhór agus is cionntach iongantach é ar dhá mhodh. An chéadmhodh do bhrígh mar is duine é .i. ainmhidhe réasúnta arna chruthughadh do réir fhíghir agus chosmhulacht Dé, gomadh cheart do an réasún agus an eagna do leanamhuin agus maireachtain dá réir agus gan slighte mailíseacha droichmhéinneacha an tsaoghail ná a lucht áitribh do leanamhuin, mar a gcaitheann a bhfurmhór a mbeatha mar bheathadhacha allta na machaire ag aithris
go dall-intleachtach ar gach nídh dá bhfaicid ag cách dá dhéanamh, amhuil na ngabhar, an tan do-bheir aon díobh baoth-léim go gcromuid an iomshláine dhíobh ar bhoicléimnig ar aithris na coda eile. An dara modh mar is Críostuighe é do chuir suas don tsaoghal an tan do thréig don diabhal agus dá phoimp ionna bhaisde. Créad é an fáth, ar an adhbhar sin, ionna leanann sibh agus ionna dtugann sibh toil don ghníomh sin do thoirmeasgan agus do chrosan an Chríostamhlacht oraibh do dhéanamh? Ná fuil a fhios agaibh gur deargnamhaid fhollas do Chríost an saoghal mar adeir féin, Ioan.vii.7, dá dheimhnioghadh dhúinn annsna briathraibh so: “Fuathaigheann an saoghal mé”? Ar an adhbhar gur gníomh mallaighthe miosguiseach coinneallbháighte fuaith do bheith d'Íosa Críost .i. grádh, searc agus cumann aoinreacánta an Athar Síorruighe. d'fhuathaig an saoghal ár Slánaightheóir cómh mór sin agus tug an oiread sin do mhiosguis do ionnas agus gur ghéirlean é, dá inghreim ar feadh a bheatha nó gur chuir go tarcuisneach neamhatruadhach dochum báis ar chrann sganaileach na croiche é. Ar mhaith libhsi, dá bhrígh sin, searc, muinntiordhas agus cumann, grádh, páirt agus caoineas do thabhairt do namhaid aoinreacánta Íosa Críost ár dTighearna ná dá cheasadúnach? Atáid sómpladha an tsaoghail si agus a shlighte go huile conntrárdha do shlightibh Chríost ar an adhbhar ná teagasgan suibhsgéal Íosa acht grádh agus gean na boichtineachta agus na haithrighe, agus an fuath, an mhiosguis agus an tarcuisne do budh cheart dúinn do bheith aguinn oruinn féin. Ní theagasgan an saoghal meangach cleasach soghluaiste si, iona choinnimh sin, dúinn acht grádh agus searc ainiomarcach an tsaidhbhris, na poimpe, na hanuaille agus na glóire díomhaoine. Ní féidir libh, ar an adhbhar sin, greamughadh agus leanamhuin don tsaoghal, don diabhal agus don cholainn gan annsan am gcéadna seasamh go fosgailte foirleathan annbhúr ndeargnamhaid
i n-aghaidh theagaisg agus bhréithre Chríost, coinneallbháighte ar mhodh éigin cia fionnas agus go gcoinneallbhághan Críost an saoghal, dá dhiansgriosa agus dá dhíbirt uaidh, dochum gan tairbhthe d'fhagháil tré thoradh a úrnaighthe, ag rádh: “Ní ghuidhim-si ar aonchor ar son an tsaoghail,” Ioan.xvii.9, .i. ná guidhion ar son na muinntire d'fhanann go cruadhmhuinéalach ceangailte cruadhchuibhrighthe i n-achrann i ngrádh shaidhbhris, ghlóire dhíomhaoin, mhórguidhtheacht bhrocaidh shailig agus mhallaightheóireachta an tsaoghail si. Is inmhilleáin sibh, ar an adhbhar san, agus is cian cionntach ag rádh go mairfidh sibh san bpeacadh do bhrígh gur mair sin do-ghnídh an saoghal go huile é, go mbiadh sibh tugtha do bhréagaibh, d'éitheach agus do mhionaibh móra, d'fhuath, do léirsgrios agus do dhíoghaltas do bhrígh go maireann an saoghal uile ann, amhuil agus mar adéarfach neach: “Gabhaim san tslighe dhainséaraig si do bhrígh gur thríghthe do thriallaid na hamadáin; ólaim nimh ar aithris na ríoghóinmhideadha d'ólas í; séanaim Dia agus ní admhaoighim é mar do-ghnídhid na dia-shéantaig uile é.” Má thriallan agus má chéimnioghan sibhse ar lorg agus ar choiscéimeadhaibh lucht ghrádh tharcuisnig fhíorbhoicht an tsaoghail si, créad an luach saothair is miann libh d'fhagháil acht damainnt shíorraidhe agus cianruaigtheacht go bithshíor as radharc Dé, adhlaicthe fá thromualach mhóirfheirge an Tighearna i n-uaidh ghlonnmhar ifrinn do ghnáth? Abraidh in' aghaidh sin: “Déinim déirc, trosga agus úrnaighthe; maithim dam namhaid agus do lucht géirleanamhna agus inghreamtha do dhéanamh orm ar son Dé do mhaithiomh mo pheacadha agus mo mhórchurrthacha dam féin; déingim an aithrighe ar aithris na naomh do-rinn í mar an gcéadna do bhrígh gur órdaigh Críost dóibh a déanamh agus gur ghuidh féin ar son a
namhad: Pater, dimitte illis, Marc xxiii.34”. Ag so na réasúin is ionghlacaighthe díbh dochum réir Dé do dhéanamh agus ríoghacht na bhflaitheas do thuilliomh. Do ghaibh Dia i gcoinimh Elias an tan adubhairt ná raibh san domhan uile acht iodhaladhrthaig agus ná raibh aon fhíoraon ann acht é féin amháin. “Do chaomhnaigheas am fhochair”, adeir Dia, “seacht míle fíoraon ná dearna íodhaladharthacht ar aonmhodh,” iii Reg.xix.18. Adeirthí-se go bhfuil lucht an tsaoghail uile go holc agus go feilebheartach agus gur leis sin atá sibh féin ar a n-aithris amhla, ag leanamhuin d'úghdarás na mórnuimhire do thriall reóimh san gconair gcéadna. Acht is mór atá sibh ar bhúr mealla. Atá mórán do dheaghshagartaibh diadha agus do naoimhchléir ann. Atá mórán do bhráithribh agus do mhnáibh riaghalta ann. Atá nuimhir dochoimsighthe iliomarcach tuatadha ann nár mhair cómh míriaghalta libhsi agus nár chaith a mbeatha cómh neamhórdaighthe acht ag tabhairt as go haireach modhamhuil deabhóideach, lán do ghrádh agus d'eagla Dé. Agus bíodh go rachach an saoghal go huile a' ruille ruaille ó olc go holc, níor shómpla sin díbhse dochum a leanamhna, do bhrígh go gcrosan agus go dtoirmeasgan Dia oraibh sin do dhéanamh agus gur móráidhbhseach tréanláidir díthcheannach an léirsgrios d'imreann ar lucht déanta na locht agus na bhfeilebheart. Dobudh fhéidir leis an muinntir úd do bághag fá thonnaibh tréanchuthacha móirneartmhara na dílionn na leithsgéil chéadna do thabhairt uatha agus do thugamhair-si, ag rádh ná deárnadar féin acht mar do-rin cách .i. maireachtain ar shrúill shalaig ró-dhoimhinn ifrinn agus ar mhúillig bhrocaig na locht agus na bhfeilebheart, Gen. Fiosraígheadha dhíobh annois, d'éis a ndíthcheanna, a léirsgriosta agus a gcianruagtha, an bhfuil sé foirtiúnach sona foistineach deaghuaireach iad do leanamhuin fán mbealach gcéadna ionnar ghabhadar reómhainn. Do budh fhéidir fós le lucht áitribh na dtréanchathrach Sodom
agus Gomorrha na briathra céadna do chanadh, ar an adhbhar ná raibh aoinneach geanmnuighe eatortha acht Loth amháin go haoinreacánta, Gen. Ar mhian libh iad do leanamhuin do chongbháil cuideachtan ná cómhluadair leó? Nách oirdheirc móirghníomhach tréanáidhbhseach feidhim-láidir an luach saothair sin dofuaradar? Leanaig, ar an adhbhar san, teagasg agus cómhairleacha is feárr ná sómpladha agus oideas an tsaoghail .i. briathra, tréighthe agus gníomhartha Íosa Críost agus na naomh archeana, ag déanamh aithrighe ar aithris Dháibhíodh Rígh, Mhanasses agus Naomh Peadair, agus do-gheabhaidh sibh an luadhach saothair céadna dofuaradar-sin tréna ngrádh agus a ngean agus a n-umhladhacht do Dhia. AN .7. CAIBIDIL Neartuighthear go tréanchumasach feidhim-láidir mórchuranta an peacach atá lag meirthneach anbhúinneach míothapa ann féin ó nádúir dochum reachta Dé do leanamhuin agus athannta do chongbháil atá go ró-fhurusta socamhuil soidhéanta aige le congnamh na ngrás ndiadha má iarann go ceart fírinneach foistineach neamh-mhiollamach iad. Ní thagan bhúr gcailleamhuin ná bhúr ndamaint ar aonmhodh do dhocamhlacht reachta Dé ná do chruadhacht a aitheannta do chongbháil acht dá bhúr n-uabhar, dá bhúr bpoimp agus dá bhúr neamhshuim féin ag éimeachtain bhúr leasa do dhéanamh, nó dá bhúr mailís nách miann libh an peaca do thréigean, nó dá bhúr leisge neamhfhuadraig taoibhrighin neamhshuimeamhuil dochum reachta agus dlighe Dé do leanamhuin agus aitheannta do chongbháil. Ní bhfuil dlighe ná reacht Dé ar aonchor doidhéanta ná docamhlach, acht a chonntrárdhacht, atá sé ró-fhuiris socamhuil a chongbháil agus siubhal dá réir maille rena
ghrásaibh féin ná héimiodhan go brách a ndorta go tréanáidhbhseach fulúirseach mórchumasach anuas ar an ndroing d'iaras ionna riachtanas go humhal urramach úirísiol mar is ceart iad. Dá bhrígh sin cionnas do chuirfeadh oibliogáid ná éadualang oruinn a thabhairt fá dearadh munarbh fhéidir linn a dhéanamh? Nách fírinne fhollas shoiléir i measg an domhain uile ná fuil sé d'oibliogáid ar aoinneach nídh do dhéanamh ná fuil ar a chumas? Agus mar sin ná fuil sé ceangailte ar aon duine dlighe nó reacht Dé do leanamhuin dá mbiadh sé cómh hárd sin ós a chionn agus ná fadhadh sé neart, fórsa ná cumas tré chongnamh na ngrás ndiadha dá n-iarfadh é. Dob amadánta fós óinmhideamhuil neamh-réasúnta a mheas go gceangólfach an reacht sin duine léan' órdaighthibh tréanbhagartha agus ná biadh bainte air, san am gcéadna, sin do thabhairt fá dearadh tréna dhocamhlacht doidhéanta, do bhrígh ná fuil oibliogáid ar dhuine an nídh sin do dhéanamh ná fuil ar gcumas do. Amharcaidh féin, ar an adhbhar san, machtnaighidh agus féachaidh créad a fhaid do thriallas bhúr neimhdhiadhacht mhallaighthe má deir sibh go bhfuilid reacht, dlighe agus aitheannta Dé dochonghmhálach docht dian doidhéanta docamhlach réna leanamhuin, cia fionnas agus go ruaigean, go ndíbreann agus go léirsgriosann sibh iad tré bhúr ndroch-bheatha lochtaig mhailísig agus annsan am gcéadna go séanann sibh úghdarás an Tighearna, ag léirsgrios agus ag lot a dhlighe. Tugann sibh milleán fós dá ghliocas agus dá réamhthuigsin diadha cómh maith agus ná biadh a fhios aige cionnas do chuirfeadh a reacht i n-oireamhuin do neart, d'fhórsa ná do chumas na muinntire dá dtugann é. Nó cuireann sibh tíorántacht chruadhálach dodhuineanta neamhthrócaireach ionna leith, ag rádh go dtugann pionós, peannaid agus pian dochoimsighthe don tsaoghal uile fá mar ná congmhíd a aitheannta agus ná siubhlaid ionnta, súd agus ná fuil sé ar gcumas dóibh
sin do dhéanamh: dia-aithis mhallaighthe i n-aghaidh mhórdhacht agus mhaithios an Tighearna. Nách eagal díbh go dtuitfeadh móirfhearg agus díoghaltas Dé ar bhúr mullach dá bhúr léirsgrios, dá bhúr milleadh agus dá bhúr dteilgean seochad i n-éiric gach masla dá dtugann sibh dho? Úmhlaighidh, cromaidh agus úiríslig sibh féin; guilig, caoidhig, guidhig agus iaraidh na grása agus grádh Dé; fuathaighidh bhúr mailís agus do-gheabhthaoi go bhfuilid a aitheannta suairc socamhlach soidhéanta ró-ghrádhmhar, ar shómpla an ríoghfháidh Dáibhíodh, arna mbeith dho 'na sheirbhíseach dílios don Tighearna, d'adabhaidh go rabhadar a ní budh mhillsi ioná mil agus gomadh chóra go mór a lorg ioná ór agus ioná clocha uaisle dá onóirighe ar bith, Ps.xviii.11. Atá reacht agus dlighe Dé folláin díreach fírinneach fírcheart do bhrígh go bhfuil ar bun i bhfundameint agus i mbunúghas dhlighe agus reacht na nádúire, agus dlighe na nádúire ar bhunúghas an réasúin, ar mhodh, dámadh mhaith libh dlighe nó reacht do cheapa asaibh féin, nárbh fhéidir libh an reacht sin do cheap Dia agus do sgríbh sé annbhúr gcroidhtheachaibh i gclódh tré shíth agus instinct bhúr réasúin, d'aistirioghadh, d'atharughadh ná do mhalartughadh seach mar atá sé craobhsgaoilte síos annsna deich n-athannta. Ar mhiann libh an aithne sin d'órdaghann dúinn Dia d'adharadh agus d'onórughadh agus do ghrádhchant ós cionn an uile nídh agus a thoil do dhéanamh, do shéana, do léirsgrios agus do dhíbirt uainn? Más miann, éirgheóchaidh an uile chréatúir annbhúr gcoinnimh: Et pugnabit orbis terrarum contra insensatos, Sap.v.21, agus déanfaidh sibh camrasáin, bulabáisín agus ciple ó cip re hiomad buadhartha agus trioblóide don uile ríoghacht agus eastát ná maireann acht tré chreidiomh agus eagla Dé.
Ar mhiann libh bréag, éitheach, mionna móra agus bréigfhiadhnaisi do thabhairt asteach? Más miann, cá ngeabhaidh díol, reic nó ceannaigheacht? Créad d'éireóghas do lucht deighlála ná slighte sibhialta an tsaoghail ná seasamhann acht ar shiúráil agus ar gheallamhna, ar bhannadhaibh agus ar mhóidibh dlisteanacha na muinntire do réighios leó? An leóighfidh sibh an aithne sin d'órdaighean dúinn grádh do thabhairt dár n-aithreacha, dár máithreacha, dár n-uachtaráin, dár bhfearaibh, dár mnáibh agus dár leinbh do theilgean uainn? Más maith, Ó créad an mí-órdughadh agus an chíorrthuathail ionngantach uathbhásach do-dhéanfaidh sibh do gach aoinnidh! Má fhuiling sibh dunmharbhadh, feall, murdar agus tnáth, guid, fuadach agus robáil, agus fiadhnaise bhréige ann gach aon chúis, cionnas dobhiadh an saoghal uile acht in' aondoire amháin choille bitheamhnach, ropaireadha agus murdaraoraidhibh? Cionnas do mhairfeas an domhan uile, adeirim, acht i mbuairt, i gceannaraic, i dtrioblóid, i mbuaireamh, i gcointinn, i gcoga, i mallaightheacht, i gcoinneallbhádhacht agus i n-ifrionn ionna ndeighbheathaig? Machtnaighidh, ar an adhbhar sin, agus breithnighidh ar an éagcóir iongantach sin do-ghnídhthí ar Dhia, ag tabhairt milleáin air fána dhlighe agus fána reacht atá cómh réasúnta sin agus nách ceadaightheach don réasún féin a n-aistrioghadh ná rádh ionna gcoinnimh. Ó gearánaig oraibh féin, ar bhúr ndobhuidheachas agus ar bhúr ndíthchreidiomhacht gan toil nó réir an Dé sin do dhéanamh ag a bhfuil an oiread sin d'oibliogáidibh agus d'éadualang do-insteana oraibh! Agus gearánaig fós oraibh féin, d'éis gach stuidéir chinnte dá ndéingeann Dia dochum an uile
shórt maithis do thabhairt díbh chum oighreadha do dhéanamh dhíbh ar ríoghacht neimhe agus coróinn na glóire do shocarughudh ar bhúr gcinn, gurab é do-ghnídhean sibh in' aghaidh sin an uile shórt mí-oghamóis, tarcuisne agus mí-mhodh do thabhairt do dhá chionn. Ní féidir le Dia sibh do mhealla ná bheith bréagach ionna gheallamhna i dtaoibh na ngrás do thabhairt díbh bhus riachtanach dochum a dhlighe do thabhairt fá dearadh agus a reachta do chongbháil dá n-iarrfaidhe iad mar budh cheart a dhéanamh. Dá bhrígh sin, créad is miann leis na briathraibh so Ezechiel,xi.20: “do-dhéanfaidh misi go siubhalfaidhe go díreach am' aitheanntaibh”, acht go dtabharfaidh mé díbh na grása is riachtanasamhuil dochum oghamóis do thabhairt dam dhlighe agus óighréir dam reacht? Agus má bhiadhthaoi neamhurramamhuil d'aitheannta Dé, ní hé sin rena rádh go bhfuilid ró-dhocamhuil doidhéanta siubhal ionnta ná a dtabhairt fá dearadh maille ris na grásaibh, nó go bhfuilid na grása so 'na n-easbadh oraibh, acht go bhfuilionn sibh meirthneach neamhfhonnmhar ró-leisgeamhuil dochum cómhoibrighthe leó agus a n-iaraidh mar is ceart. Éistig le briathraibh Naoimh Póil gusna hEabhraigh, xii.15: “Aire mhaith dhíbh nách fuil neach éigin annbhúr measg ná cómhoibrighean leis na grásaibh.” Ná fós go bhfuil sibh ró-cheangailte cruadhchuibhrighthe i nglasaibh an diabhail, an tsaoghail agus na colna, i bpoimp, i sainnt agus i nglóire dhíomhaoin, diantugtha dá bhúr n-anntoil agus dá bhúr ndroichghníomharthaibh, agus mar sin do-gheibhionn sibh iad so cruaidh docamhlach doidhéanta do bhrígh go bhfuilid i n-aghaidh dhlighe Dé, an tsaoisgéil naomhtha agus aitheannta an Tighearna. Ó ná habraidh go mbiadh sibh fann lag ná méirthneach cia fionnas agus sibh do bheith
dian docht cruadhmhuinéalach míréireach ag seasamh suas go neamhurramach i n-aghaidh dhlighe agus thoile Dé. Géillidh an uile chréatúir dár cumadh do Dhia. Tugaid umhla agus urruim dho agus leanaid a órdaighthe. Ní bhfuil ann acht sibhsi, a lucht na gcroidhtheacha cruadhchlochacha do loiteann bhúr dtoil tsaor, do chuirionn i n-aghaidh Dé agus i n-aghaidh gach créatúra dámadh mhiann leis urraim, onóir agus oghamós do thabhairt do. Aithnígheadha bhúr mailís agus bhúr ndobhuidheachas, breithnígeadha agus tugaidh fá dearadh í. Gabhadh taise, náire agus caduaic sibh fá smuaineamh ar bheith saor ó dhlighe agus ó reacht Dé, nídh ná fuair Críost féin ó an Athair a níbhus mó ioná aon naomh eile deighbheathach dá raibh ann ó thúis creidimh go so. Arbh fhéidir le géilletheóir ar bith milleán do thabhairt don rígh sin do-dhéanfadh an nídh céadna iona dháil agus do-dhéanfadh dá phrionnsadhaibh cumainn agus dá lucht grádh féin? Gearánaig-si oraibh féin, ar an adhbhar sin, agus déingeadha an aithrighe. Cuiridh iomuibh éadach nuadh na ngrás agus teilgidh uaibh droich-cheartacha na locht agus seanchroicinn seirgthe na bpeacadha. Iompaighidh go fírinneach ar Dhia agus ná sgaraidh leis a níbhus mó. AN .8. CAIBIDIL Is deacra go mór agus is docamhla chruadh' dhoidhéanta go fada buadh do bhreith ar na sanntaig thoiceacha dochum aithrighe agus iompaighthe ar Dhia óna lochtaibh feilebheartacha míghníomharthacha ná ar aon drong eile peacach dá bhfuil ann. Is cruadh' dheacra dhocamhla go mór buadh nó treisi do bhreith ar an sanntach sin do shlámas agus do shúghan,
do dheólas agus do shladan chuige, le hioncam, úsaireacht nó interest, cuid, tairbhe, nó maoin a chómharsan dochum saidhbhris agus toice do dhéanamh do féin de; is deacra go fada, adeirim, é do tharang dochum iompaighthe go foistineach fírinneach diongbhálta ar Dhia ná an díthchreideamhach is mó san mbith nó an Críostaighe is graosta neimhgheanmuighe is mó dobudh fhéidir d'fhagháil. Ar an adhbhar, dochum an díthchreidmhig do tharang, ní bhfuil acht fírinne an chreidimh do chur go solasmhar glinn díreach fíorghlan as a chómhair, agus cómh luaith agus is léir dho é agus adéarfas: “Creidim”, iompóghaidh go prap óna dhíthchreidmheacht gan stad an tan sin. Ní bhfuil fós le déanamh leis an ngraostach neamh-gheanmuighe acht truallaightheacht, spadántacht, éadghlaine, móragraidhtheacht agus uathbhásacht ghráineamhlacht a pheacadh do chuir in' fhiadhnaisi agus oideas, teagasg agus cómhairle do thabhairt do dochum a dtréigthe tré aithrighe. Iar n-osgailt a shúl agus ar fhaicsin staid ghlonnmhar a anma, cuirfidh roimhe as sin suas buadh, neart agus treisi do bhreith orra le rún diongbhálta gan ath-thuitim ionnta, agus ag sin é iompaighthe ar Dhia. Acht ní leór fírinne agus solusmhaireacht na n-annlocht do chuir i n-úimhil don tsanntach, ná méid, ollmhaireacht ná neamhghloine a mhórchurrthacha do spreagadh dho, ná a chroidhe, 'intinn ná 'aigne do bhrostughadh, do mhúisgilt ná do ghríosughadh dochum croidhbhrúghadh ná tuirse do ghlaca; ní fuláir fós go leagfaidh a lámh dhoghrachtach chrobhdhúnta ar a throncaibh daingne glastsnaidhiomtha agus ar a bhursaibh cruaidhcheangailte dochum an leóirghníomha do dhéanamh. Agus ag sin an docamhlacht, an duadh agus an brise croidhe .i. sgaramhuin lena shaidhbhrios, do bhrígh gur ró-bheag do-ghnídhios leóirghníomh agus do chuireas tar ais an tsloid do-dhéantar go lochtach ar an gcómharsain, agus gan sin ná fuil slánughadh le fagháil dóibh ná dóthchas
dul dá rochtuin. Is mór an tairbhe dhíbh, dar libh féin, a bheith ag síorthaithighe ar shácráimeintadhaibh ár Naomh-Mháthar, an Eaglais, dá nglaca, trosga, déirc, úrnaighthe, gul, caoidh, guidhe, gearán agus osnaghal laothamhuil do dhéanamh agus bhúr súile do thógbháil go ró-mhinic chum na bhflaitheas, agus an uile shórt cómhartha dhoilbhiosaig adchumhaig dheighChríostamhuil aithrighig do bheith oraibh. Ní shaorfaid sin uile sibh ó dhamaint shíorraidhe gan teasargan muna ndéinge sibh (cia fionnas agus é do bheith ar gcumas díbh) leóirghníomh agus sásamh ann gach nídh dá bhfuil agaibh go haindleaghthach bréagach bradach ná lochtach do chuid bhúr gcómharsan, nídh ná tairgean sibh do dhéanamh go brách. Budh chóir go gcuirfeach eachtra agus fabhall-sgéal Achan uamhain, faitchíos, uathbhás agus critheagla cos agus lámh ar fheilebheartachaibh toiceacha an domhain uile do-ghnídhios olc ar Dhia agus díoghbháil don chomharsain tré mhéid a n-andúileacht agus a ngrádh ainmheasardha agus a saint ainiomarcach dochum saidhbhris. Tug Dia órdughadh follas soiléir geinearálta do shoigheadóireadhaibh armála Chloinne Israel, tré bhéal an árdtaoisig oirdheirc Iosue, gan nídh ar bith dá loighead do sgabáiste Iericho do shanntughadh, do bhreith leó ná do thógbháil fá phéin gabháil do chlochaibh iona n-éadain agus a mbagáiste do losgadh. Agus d'aimhdheóin an órdaighthe sin do thóg Achan, tré iomarca a shainnte, riaghail óir, clóicín sgárlóide agus roinnt airgid dofuair sé, agus tug leis iad dá fhianbhoth féin. Agus go hathchumair ionna dhiaig sin, do chuir Iosue trí mhíle fear d'arguin an bhaile fá neasa dho. Acht do léirsgriosag, do díbreadh agus do díthcheannadh an chuid budh mhó dhíobh, ar mhodh gomadh éigion do Iosue a ghearán do chur dochum Dé gur thréig sé a phobal. Do fhreagair Dia dho agus adubhairt go dtugadh tarcuisne, neamhshuim agus míomhodh dá aithne agus gur ghuid
soigheadóir éigin don armáil nídh éigin i gcathair Iericho. “Mar gur bithbheó é Dia”, ar Iosue, “cibé neach san mbith do-gheabhaidh mé cionntach annsa gcuir si, cuirfidh mé dochum báis go sganalach as cómhair an phobail é.” Do-chuala Achan an tréanbhagairt iongantach sin Iosue agus d'fhan go buaintseasamhach cruadhmhuinéalach gan suim do chuir innte. Do cuireadh crannchuir ar dhá threibh dhéag Israel d'fhéachuin cia sháraig reacht an Tighearna, agus do thuit ar threibh Iudah dárab di Achan. Agus d'fhan fós go díothchoisge gan staona dochum freagra do thabhairt uaidh. Do teilgadh fá dheóigh í fá thuairim gach droinge fá leith dhá raibh ar threibh Iudah agus do stiúraigheadh í tré láimh ró-bheannaighthe mhórchómhachtaig an Tighearna ar mhuinntir Charmi ag árab uaidh do tháinig buidhean agus muinntir Achan. Do thionnsguin ar chóimhchrith ó bhonn go baithios agus do chonsguir, agus d'fhan mar chruadhcharaig mharmoir agus níor adamhaig a bhitheamhantacht nó gur thuit an crann air féin. Ag sin é ar baillichrith tré iomad uathbháis agus eagla. Agus as a haithle sin do thóg an riaghail óir, an clóicín dearg agus gach nídh dár ghoid agus tug leis iad i bhfiaghnaise Iosue,vii,26. d'adamhaig an chuir, do ghaibh párdún agus d'iar maitheamhnas. Agus ar a shon sin agus uile, do deárnadh leacht mór-adhbhéil ainmheasardha dochoimsighthe cloch de féin agus dá mhuinntir agus do dubhloisgeadh a mbogáiste, do bhrígh gur fhan leis an bpongc déadhnach agus nár fhéad leóirghníomh do dhéanamh i mbás na droinge sin do cailleadh tré dhíoghaltas na bradaigheachta san do-rin seision. Crosan agus toirmeasgan Dia oraibh gan a bheag ná a mhór d'olc d'imirt ar bhúr gcomharsain ionna maoin, saidhbhrios ioná substainnt ná aoinnídh eile dá mbaineann
ria, tré fhóirneart ná chumas, tré mhiollam ná ghanguid, tré ghoid ná fhuadach, chladhaireacht, chleasadhacht ná reógaireacht, ús, ioncam ná úsaireacht, fá phéin bhúr ndamaint shíorraidhe do theacht de. Agus ar a shon sin agus uile, guideann, sladan agus coinnigheann sibh go meangach meabhlach séitéartha neamhfhulláin éagcórach agaibh cuid na mbocht bhfann, na mbaintreabhach agus na ndíleachtadha. Órdaigheann agus aithnigheann Dia dhíbh leóirghníomh agus sásamh do thabhairt dóibh .i. an phrinciopáil, an t-ioncam 's an t-interest, agus gach dola, díoghbháil, díth ná domáiste dá dtáinig tré bhúr gcionntaibh orra, acht déingeann sibh cluas bhoghar mar Achan. Tugaidh dá bhar n-aire, tuitfidh crann díreach an Fhírchirt Diadha annbhúr mullach. Béarfaig an bás ar sgórnaig oraibh. Budh maith libh leóirghníomh annsin do dhéanamh agus ní bhiadh an t-am agaibh. Ní haimsior síothchána ná cáirdis do dhéanamh ris an namhaid é an tan dobhias an machaire aco féin. Agus mair sin ní ham lóirghníomha do dhéanamh pongc déadhnach an bháis: Quia tempus non erit amplius, Apocal,x.6. Ar an adhbhar an tan sin nách leat féin do thoice ná do stór; ní fuláir dhuit a dtréigion agus sgaramhuin leó go síorraidhe, má holc maith leat é. “Is beannaighthe an té ar a mbiadh eagla Dé,” adeir an ríoghfháidh Dáibhíodh, Ps.cxi.1. Créad é an fáth? Do bhrígh go n-ollmhaighean é féin i n-am, go socraighean a shaidhbhreas, go dtairgion a chúntas agus go ndéingean a thiomna an feadh dobhíonn a thuigsin cheart agus a chiall nádúrtha aige, agus má gheibh aoinread do chuid na cómharsan ar a láimh, go gcuirfidh uaidh gan stad é. Mo dhiombádha agus mo
dhian-chreach atuirseach bhrónach dheacarach! Créad é 'dhocamhlacht mar nídh an lóirghníomh do dhéanamh! Cuirfidh an diabhal, an saoghal agus an cholann míle béalshrang dhaingean agus ceangaltáin chruadhálacha oraibh dá bhúr dtoirmeasg agus dá bhúr dtarang tar ais dochum gan smuaineamh air ná tairigsin a dhéanamh, mar atá (adéarfaidh sibhsi) cailleamhuin a bhfuil agaibh agus brise bhúr muinntire do theacht de; a tharcuisneamhla mhí-onóirighe mar nídh tuitim dochum boichtneachta dá éis; imtheacht bhúr n-árdghraduim uaibh; agus fá dheóigh ná biadh ar gcumas díbh aoibhnios agus pléasúir an tsaoghail si do ghlacadh go hanfhlaitheach ana-cheart éagcórrach mar budh ghnáth libh. Ó créad géibhinne agus cruadhálacht na ndocamhlacht do-iompchair si! Is fíor so agus is leis sin d'aithrisid na naomhaithre go huile dhúinn agus do-chímíd féin go laothamhuil gur nídh ró-dheacamhuil do-dhéanta gan míorbhuil ionngantach neamhghnáthach ó neamh buadh ná treisi do bhreith ar an sanntach toiceach sin do chruaidhcheanglas 'anam i nglasaibh dosgaoilte a shaidhbhris, dochum iompaighthe ar Dhia trésan aithrighe dochum a leasa do dhéanamh. Ar a shon sin agus uile, déanfaidh Dia an mhíorbhuil sin annbhúr gcáil-se má iarann sibh í i n-am agus má chómhoibrighean sibh lena ghrásaibh, mar na naoimh oirdheirce Matha agus Zachee do-rin lóirghníomh agus sásamh ann gach olc dá ndeárnadar ionnas agus gur toghag iad dochum bheith 'na réaltain eólais agus 'na lóchrannaibh lántsoillseacha aniu ar neamh. Maise, bíodh go bhfaghaidh sibh bhúr gcuid óir, airgid agus ollmhaithios gan locht, gan ghanguid, gan chladhaireacht san mbith, má adhlacan sibh bhúr gcroidhtheacha go hainiomarcach ionnta agus má dhoirtean sibh bhúr ndianghrádh agus bhúr searc orra cómh mór sin agus go séanfaidh sibh bhúr gcarthanacht ar na boicht, gan cobhair ná
furtacht do thabhairt dóibh, is ró-chonntabharthach díbh bás damanta bithshíorraidhe d'fhagháil gan truadh, gan taise, gan trócuire. Nách é so an sómpla atá aguinn annsa Sgríbhinn nDiadha i bpearsain an tsaidhbhir sháthaidh úd do chuirion ionár bhfiaghnuise? Ní abair an saoisgéal linn gur bitheamhnach, cladhaire, ropaire nó rógaire é, ná gur fhuadaig sé cuid a chómharsan go haindlistineach leis, Luc.xvi.19-25. Acht adeir linn gur chaith a shaidhbhrios i n-éadaghaibh purpuir agus sróill, ag ól, ag ithe agus ag faistím, gan déirc, daonacht ná carthanacht do thabhairt do na bochtaibh, ar mhodh gur éimig sé an brúsgar do thuiteach dá chlár do léigion dochum an truagháin bhoicht Lazarus dobhí sínte san lathaig ag a gheata, lomlán do ghearbaibh agus do niosgóideadhaibh. Dofuair an toiceach saidhbhir sin bás agus do fuadaigheadh ar mhullach a chinn go hifrionn é agus do hadhlacadh i measg lasaracha domhúchta na teine síorraidhe é, gan teasargan, furtacht ná cobhair, ná súil leis an ndeóir is ró-lugha d'uisge fhionnfhuar na ngrás ndiadha d'fhagháil an feadh dobhiadh Dia ag caitheamh na glóire, ná fuarthan, stad, fuireach ná sgíth óna phianntaibh, acht ag gulghártha, ag béicig agus ag bladharaig is ag dian-bhrise a chroidhe gan tairbhe, súighte go bithshíor i ndruithlinn ghéirthintreachaibh Lucifer. Agus is é réasún do-bheir Dia dho leis go raibh sé saidhbhir toiceach lántsásta ar feadh a raé ar an saoghal agus go raibh Lazarus bocht anmhúinneach lag. Ó a shaidhbhris mhallaighthe d'éag, do leighig agus d'imthig ar dimbrígh i n-aoinfheacht ris féin, agus do dhamnaigh dochum na mórolc do-úngabhálta do-iompchair sin é ná sgarfaidh leis go brách! Nárbh fhearra dhon truaghán tubuisteach úd gurbh é an bochtán budh mhó san domhan é nó ná béarfaidhe ar aonchor é? Féachaidh agus amharcaidh go glinn annois créad é a
dhainséaraighe mar nídh dúil do bheith ag neach teacht dochum cumais agus saidhbhris, agus créad é a dhocamhlacht do a aghaidh, a rádha agus 'aigne do tharang uaidh dochum gluaiste tar ais dochum a leasa do dhéanamh agus iompaighthe ar Dhia. AN .9. CAIBIDIL Is maith leis an ndroing sin do chuireann an aithrighe tar ceal Dia do thréigean agus gan suim do chuir in' aitheanntaibh. An drong sin d'éimioghas iompóghadh ar Dhia ar feadh a n-aoise óige i n-iomshlán a nirt, a gcumais agus a sláinte agus do chuireas an aithrighe tar ceal go pongc déadhnach an bháis go mbeith dhóibh cianaosda aimhghlic foirfe liath, gan tamuid dá dtuigsin ná dá gcéill nádúrtha, agus ná tréigean an peaca nó go dtréigean an peaca iad, is maith agus is mórshásta leó, adeirim, lá léirsgriosta agus díbhfeirge an Tighearna, bheith caillte damannta go síorraidhe agus bás d'fhagháil gan truadh, gan taise, gan trócaire. “Ní dhéanfaidh Dia truadh,” adeir Solamh, “taise ná trócaire ar aoinneach agus ní thabharfaidh párdún ná maitheamhnas uaidh lá cúntais a mhór-fheirge ná a dhíoghaltais,” Prov.vi,34. Is iad laethana na beatha laethana na trócaire do bhrígh gur chum trócaire d'iaraidh tugthar dúinn iad agus dochum a faghála tré chleachta agus tsíorthaithighe na ndeaghoibreacha agus na ndeighthréighthe. “Cuardaígheadha,” adeir an fháidh, “agus loirgeadha an Tighearna an feadh dobhiadh sé agaibh léan ' fhagháil”: Quaerite Dominum dum inveniri potest, Isaias LV.6. Do-geachtar
Dia ann gach aonbhall agus fós i n-ifrionn, acht ní fachtar é ann gach aonbhall mar Dhia, Athair na Trócaire, ii Cori.3. Ní iompcharann an tiodal sin go prinnsiopálta acht ar feadh laethana ár mbeatha, do bhrígh gur breithiomh é i bpongc dochraideach an bháis agus gúistís géar-radharcach fírdhíreach glan dochum a mhór-fheirge d'agairt ar an ndroing sin dobhiadh do shíor ag caismirt ris, ag séanadh agus ag éimeachtain na ngrás do ghlaca uaidh dochum iompaighthe tar ais agus a leas do dhéanamh. “Do ghoireas oraibh agus do ghlaodhas,” adeir Solamh, “dochum na haithrighe ar feadh bhúr mbeatha dochum trócaire do dhéanamh oraibh, agus d'éimíomhair iompóghadh orm ná teacht chúgham,” Prov.i.24. Agus bainfead díol díbh am an bháis. “Do bhrígh go ndearnamhair-se maga fúmsa ag cur na haithrighe ó lá go lá, do-dhéan-sa maga fúibhse ag cur m'iríre agus m'fheirge i n-umhail díbh i n-ionad trócaire ná truadh do dhéanamh oraibh,” ib. 26. Ó! ná fanaidh leis an tráith ioná biadh ar gcumas díbh tuilleamh ná tuarasdal ná neamhthuilleamh do dhéanamh, ar an adhbhar, an uair sin, ní bhiadh admháil bhúr bpeacadha soghlacaighthe ar aonmhodh. An tan do thóg Achan, mar adubhart cheana, riaghail óir agus clóicín sgárlóide i sgabáiste nó i mbrise Iericho, i n-aghaidh an órdaighthe dotugadh amach gan read dá loighead do thógbháil ann, do ghlac fearg adhbhéil-mhór dochoimsighthe an Tighearna ar mhodh gur fhuiling Clann Israel do léirsgriosa agus do dhíthcheanna le fóirneart agus treise a namhad, tré bhrise na cánach sin. Do ghuidh Iosue agus d'fhiafraigh go dubhach doilbh dólásach diachrach dianbhriste croidhe don Tighearna tré iomad deór, créad dob adhbhar don sgúirse sin nó créad as a dtáinig sí. Do
fhreagair Dia agus adubhairt gur briseag a dhlighe, gur raobadh a cháin agus go dtugadh neamhshuim ionna reacht. Ar gcuardughadh an chorrthaigh dóibh dochum sásaimh do thabhairt i ndlighe agus i bhfírcheart Dé, do-chuaidh Achan ar ceal agus d'fhoilig é féin. Ó! dá n-admhadh go húirísiol urramach umhal an choir agus dá n-iarfadh párdún, do-gheabhadh trócaire do dhéanamh air. Acht d'fhan go cruadhmhuinéalach tinneasnach lán-righin gan cúbadh nó gur thuit an crann ionna mhullach, agus annsin d'admhaidh an choir i n-antráth, agus sin le corp fóirnirt agus fóiréigin an tan nárbh fhéidir leis a shéana a níbhus fuide ná dul ar gcúl innte, ionnas agus gur cuireadh dochum báis go sganalach é, gan truadh, taise ná trócaire, fá charnn cloch mar aon lena mhnaoi, lena chloinn agus lena theaghlach uile, Ios.vii.26. Níor adamhaig Adam ná Eva mar an gcéadna agus níor léigeadar 'na ngoire gur itheadar ubhall na haithne nó gur chruthaig agus gur áitig Dia ortha é tré a neamhúmhlaigheacht agus a míréir dá aithne. Agus fós budh mhiann leó a leithsgéal do ghabháil le hiomad andánacht, docamhuil, adhnáireacht agus eagla i n-admháil na coire nó an fheileghnímh sin do-rineadar. Och! Níorbh fhuláir d'Íosa Críost, aonmhac dil-ghrádhach ár dTighearna, agus dob éigion do párdún agus maitheamhnas do thuilliomh agus d'fhagháil dóibh tré iomarcadh duadh, aistir, siubhail agus brise croidh, agus fulang fuachta agus gorta, masla, buaireamh, tarcuisne agus mí-mhodh, ag séide agus ag dorta a choda fola fíoruaisle ar chrann sganaileach na croiche 'na srotha ar a son, nó ní déanfaidhe truadh, taise, trócaire ná grása orra. Tugaig fá deara, féachaig agus breithnígheadha an dainséar, an docamhlacht agus an chruadhálacht iona ritheann sibh ag maireachtain gan eagla Dé ná suim ann, gan trosga, déirc, féile ná daonacht, úrnaighthe ná eilirtheacht do dhéanamh dá naomhthoil, acht ag cur bhúr leasa ó lá go lá agus ag cur na haithrighe ar cáirde. Más eagalach céillighe glic fíoraireach sibh,
cóimhrithfidhe gan fuireach go staid ghléamhaisig na ngrás, ag admháil bhúr locht agus bhúr bhfeilebhearta mar aon le bhúr bhfeileghníomhartha, ag gol, ag caoi, ag osnadhal agus ag trom-shile deór fá 'olcas agus do chaitheamhair bhúr mbeatha go so, agus geallaim dhíbh go maithfig Dia na tréinpheacadha agus na mórchurrthacha sin do-rineamhair díbh, amhuil agus mar do mhaith don rígh oirdheirc áirdchéimeach Manasses. Dothug Dia párdún don phrionnsa so in' íodhaladharthacht, iona fheall, iona mhurdar agus iona thnáith, do bhrígh, ar mbeith dho i gceartlár agus i measg a namhad, do thuig a mhíréir agus a olc, do ghuil, do chaoidhig agus do shil a dheóir, agus d'iompaigh go fírinneach le hiomshlán a neirt ar Dhia. Maithfidh Dia dhíbh mar do mhaith do Naomh Peadair noch, iar n-aithint a bhuigeacht agus a shilteacht féin tré shéana a dheaghmháighistir Críost, nár chailc ionna thocht agus nár stad ar aonchor gur iar trócaire. Do ghuil go faoidheach le hiomad seirighthin, ag tréigean na hócáide tug fá deara air a shéana. Maithfidh Dia dhíbh fós amhuil mar do mhaith do Naomh Pól dobhí in' inghreimtheach ghéirleanamhnach chruadhchroidheach ar eaglais Chríost agus 'na dhia-aithiseach iongantach ar ainm Íosa Críost. Agus ar a shon sin agus uile, is móráidhbhseach caithréimeach caithiseach an t-abstal agus an soightheach toghtha ag Dia é, do bhrígh, cómh luaith agus do budh léir dho a locht, gur fhreagair do ghuith Chríost do ghoir air, amhuil agus mar do chanann féin annsa chéadchaibidil gus na Galat.: “Do thréigeas gan mhoill go prap d'fhuil agus d'fheóil agus do na huile neithibh dochum iompaighthe ar mo leas.” Do-rin an bhean pheacamhuil mar an gcéadna. Do thréig gan stad a feilebhearta, a huabhar, a saint, a drúis, a luaghaill, a glóire dhíomhaoin, a cuideachta agus a cómhluadar agus fós í féin ag faicsin staid ghlonnmhar a hanma agus ar bhlaise mhórmhaithis agus charthanacht Chríost di. An bhean so, adeir saoisgéal Lúcáis, d'éis gur
thuig nárbh fhuláir di an aithrighe do dhéanamh, do phóg go dúthrachtach agus do bhrásáil go mullachrach luathgháireach Críost, dá sléachtain féin ionna fhiaghnaisi, ar mhodh gur thuill a bheith mar chompánach dílios agus mar inghin diolghrádhaig aige. Dá léigfeach an uain sin táirste gan freagra d'Íosa, dobudh fhéidir di gan a samhuil d'fhagháil go foircheann na beatha suthaine acht fanamhuin go ceangailte cruadhchuibhrighthe go bithshíor annsa bpeaca do ghnáth. Glacadh eagla, uathbhás, uamhain agus imshníomh sibh. Brostaighidh, luathaighig agus cóimhrithig gan fuireach fá dhéin na ngrás. Ná stadaidh a níbhus mó annbhúr dtocht agus ná cuiridh bhúr leas ar cáirde dochum bhar slánaighthe do theacht de, an obair is cúramaighe agus is mó éifeacht dá bhfuil san domhan mhór ná fós ar druim talmhan. AN .10. CAIBIDIL Beirthear ar sgórnaig agus i n-amus ar an bpeacach gcruadhmhuinéalach neamhaithrigheach an tan is ró-lugha do shíleann é. An tan tángadar na Madianítig go dúithche Chlainne Israel dochum léirsgris, díthcheanna agus teilgean seochad do dhéanamh orra, dá n-éirleach, dá mille, dá lot agus dá n-athchuma, ag maga, ag fonamhad 's a' fochmhuide fá luige, mhíthreóir agus neamhchumas na n-Eabhradhach nár leómhaig cur 'na gcoinnimh acht dá bhfolach féin ar fuaid chnoc, choillte, churraighthe, bhogaighthe agus
uamhana agus phruasacha na talmhan, Iud.vi.2, do chuir an deargnamhaid so phobuil Dé a muinghin agus a ndóthchas cómh foistineach sin i mórnuimhir a gcóisteadha is a gcarbad catha, i méid a dtrúip is i bhfóirneart a dtréinfhear gur cholladar gan uabhain, eagla ná imshníomh ar bith dá nglacadh i gceartmheadhon a bhfuirinne san gcamptha nó go dtáinig Gedeon dá n-ionnsuighe arna gcoinnleacht do ró-bheagán soigheadóireadha agus gur ling orra uile d'aonmhaidhm, gur raob, gur bhris, gur dhíthcheannaigh, gur mheill, gur loit agus gur chuir chum briste iad uile, lomlán d'eagla agus d'uathbhás, ar mhodh gur thairngeadar féin na hairm amach ag tabhairt a n-aghaidh ar a chéile ionnas agus nár fhan a bheag ná a mhór díobh gan marbhadh ar an láthair. Ag sin piann, peannaid agus pionós laothamhuil na bpeacach gcruadhmhuinéalach neamhaithrigheacha: an tan do chreidid agus is dóith leó a bheith i gceartmheadhon a luathghárach, a maithis agus a maoine agus a sláinte, tuiteann móirfhearg agus fíoch Dé cómh huathbhásach tréanchumasach san orra ar mhodh go gcaillid a gciall, a dtuigsin agus a réasún go buadhartha cathaightheach neamhchompórdach, ag dul i n-éadóchas go ró-mhinic mar Iudás. Dorugadh mar an gcéadna go hionngantach uathbhásach i n-amus ar chloinn Iambri, an drong budh mhó, budh threise agus budh thréine dá raibh i measg na gCanaaníteach, ar mbeith dhóibh i gcoinleacht bhean-phrionnsa ó Mhadaba, dá tabhairt chum cóisir a pósta le cómhgháir ionngantaig agus le mórmhórtais iomarcaig maille re fuaim ceóil ghalltrompadha, dromadha agus píobaireachta, gan nídh ar bith ar a n-aire acht pléasúr, méid meanma agus caithiomh aimsire, nó gur ling Ionathas orra an tan is
ró-lugha do shíleadar é, dá ngeara agus dá n-athchuma nó go ndearna greamana seabhaic dhíobh agus blúireacha beaga leis an léirsgrios bhfollas gcoitcheann uathbhásach dothug orra, 1.Machab.IX.40. Maireann agus caitheann sibhsi bhúr n-aimsir gan eagla Dé ná duine annbhúr neimhdheabhóideacht agus annbhúr bhfeilebheartaibh amhuil agus mar ná biadh breitheamh ann dochum luadhach saothair bhúr míghníomh do thabhairt díbh an lá déaghnach. Ní smúingean sibh acht ar aoibhneas agus ar chaithiomh aimsire, súd agus gur thuilleamhair míle léirsgrios agus díthcheanna tré 'mhioncadhacht agus do thuiteamhair annsa bpeacadh agus go mb' éidir go dtuitfeach fíoch agus móirfhearg Dé agus caor theintighe an Tighearna aniu féin ar bhúr mullach dá bhúr sraca agus dá bhúr dtarang as a chéile. Is dóith libh go rachaidh sibh asteach go halla na cóisreach dochum aoibhnis agus aitis na colna d'fhagháil agus leanamhuin dá bhúr n-anntoil, agus gomadh fhéidir (d'aontaoisg) go mbéarfach an bás ar sgórnaig oraibh an tan is ró-lugha budh dhóith libh é, dá bhúr bhfuadach leis gan ollmhughadh, gan aithrighe, do láthair an bhreitheamhantais agus ón mbreitheamhantas go hifrionn. Atá bhúr n-aindréim agus bhúr n-andóthchas ró-churrthach ró-chionntach. Is siúráilte fhoistinighe chruadh dhiongabhálta cheangailte sibh go mór annbhúr bpeacadhaibh go fada ná atáid na fíoraoin i dtathaoi agus i gcleachta na ndeighthréighthe. Mo chreach! is mór é eagla na bhfíoraon go dtuitfidís. “Bíodh uabhain, eagla agus uathbhás ar an té sin atá iona sheasamh annsna grásaibh go dtuitfeadh sé annsa bpeaca,” 1 Cor.x.12. Amhuil agus mar do theagasgan Naomh Peadair don uile chreideamhach é .i. “leas a n-anma do dhéanamh le huathbhás agus le critheagla,” Philipp.ii.12. Agus mairionn sibhsi agus fantaoi i lán-tsiúráil dheimhnighthe siúd agus go bhfuilid bhúr gcorthacha ag béicig is ag bladharaig ar
Dhia ag iaraidh léirsgris do theacht oraibh. Bígeadha cómh holc agus cómh mallaighthe cómh fada agus is maith libh é nó gus an phuith dhéighionuig dá bhúr mbeatha, ní bhfuil imtheacht agaibh ó na pianntaibh atá Dia d'ollmhughadh díbh. I n-éiric bhur réasúin fhallsa éagcóracha neimhfhírinneacha, tuitfidh an tubuist chruadhfhoirtiúnach neimhtheibightheach nách léir dhíbh ar aonmhodh oraibh an tan is ró-lugha do shílfidh sibh é, mar adeir Dia ag Isaias,XLVII. 11. Agus má atá ná buailean Dia agus ná leagan a thréanbhuille feidhm-láidir mór-dhíoghaltasach oraibh gan stad ionna dtuilean sibh a mhíghreann, bíodh a fhios agaibh gurab é is adhbhar do sin go bhfuil a fhírcheart móráidhbhseach neamhchuimsighthe deallraightheach mórshoillseach glinn-rosgach fíorghlan re faicsin agus nách leór leis beigdhíoghaltas saobhnósach d'imirt oraibh, gan aghaidh a chaoir thintighe agus 'fheirge, 'fhoirnirt agus a chumais do thabhairt d'aontaoisg ar bhúr mullach go follas soiléir don tsaoghal go huile, tré mhéid bhúr bhfeilebhearta ag caithiomh an iomad bliadhan annbhúr míghníomharthaibh, ag ruille ruaille ó olc go holc gan aithrighe do dhéanamh ionnta. “Sgríobhann sibh,” adeir Iob ré Dia, “nidhthe ró-shearbha am aghaidh,” Iob xiii.26. Sgríobhann an ceannuighe agus cuirionn síos ionna leabhar cúnntais gach earadh dá dtugann uaidh ar cáirde do gach n-aon d'iarann air iad, nó go dtagann aimsir dochum díol fiach do dhéanamh leis, agus annsin cuirionn dochum suime an iomshláine ó thúis ar mhodh gur mór le lucht na creideamhna méid an éilimh an lá déadhnach. Mar an gcéadna tuiteann sibhsi go laothamhuil i bpeacadhaibh gan aithrighe do dhéanamh ionnta. Sgríobhann an Fírcheart Diadha i leabhar cúntais na síorruigheachta iad agus iarfaidh sásamh agus lóirghníomh ionnta. An tan is ró-lugha do shílfidh sibh é, ní fuláir díol fiach agus cúntas do dhéanamh leis:
Redde rationem villicationis tuae, Luc.xvi.2, ní hé amháin annsna mórchorrthachaibh do-rinneamhair ar feadh bhúr mbeatha acht annsna smúintighthibh is ró-lugha annbhúr n-intinn agus annsa ruainne is caoile dá bhúr bhfolt, i láthair naomh agus bannaomh na cruinne, aingeal agus archaingeal na bhflaitheas, ar mhodh go dtuitfidh piann, peannaid agus pionós bhúr mór-pheacadha dtiubuisteacha gráineamhla neamhdhuineanta ó Dhia agus ón bhFírcheart nDiadha d'aontulmas annbhúr mbathas. Agus ní bhfuil dá fhaid d'fhanan Dia gan a sgiúrsadha briochtfhaobhracha géirnímhneacha do bhualadh ar bhúr gcorpaibh cruadhchlochacha agus ar bhúr gcroidhtheachaibh righne droch-choinghíleacha caraigeach nách déinide threise thréine uathbhásaighe do bhainfeas a Fhírcheart Diadha díol agus sásamh díbh annbhúr n-annlochtaibh, do bhrígh, tré dho-iompchair na mór-phiannta dochoimsighthe d'fhuileóingfidhe san tsíorruigheacht muna leasaighthí bhúr mbeatha i n-am, go dtabharfaidh dhíbh an luadhach saothair is dual tré bhúr neamhshuim san aithrighe ar feadh bhúr mbeatha. AN .11. CAIBIDIL Do-gheibh an drong san do chuireas an aithrighe ar cáirde ó lá go lá bás go bhformhór agus go ró-mhinic gan a déanamh ar aonchor. Is cómhartha cinnte dhuine leisgeamhuil fhatfhuair neimhdheabhóidig éadchráibhthig spadánta neamhshuimeamhuil i nDia ná i leas a anma do dhéanamh an té sin do chuireann an aithrighe ar cáirde dochum iompaighthe ar Dhia agus adeir go laothamhuil: “Cras, cras, amáireach, amáireach,” dobhíos go bithshíor lán do ghrádh propartha
agus dá shearc féin, gan binn ná éifeacht ar shearc Dé ná ar a ghean ná fonn san mbith dochum sláinte 'anma d'fhagháil uaidh. Is ró-bhaoghal ná déanfaidh nídh ar bith dárab fiú é trácht ná luadhchant air, ar an adhbhar, dá dtosanaigheach an fear sin, ní buan a sheasamh acht tré ró-dheacamhlacht, buartha, trioblóideadha agus dian-bhrise croidhe fá an aithrighe do thionnsguin. Agus má chothaighean annsan úrnaighthe, i mbeagán aimsire dá éis d'easbadh an fhoinn agus an fhriochnamh fhírinnig do bheith aige, rachaidh ar gcúl agus coirfíoghar ar shlighe na caondúthrachta go ró-fhuras é, maille re peiriocuil mhór agus le dainséar iongantach go n-éimeófadhar i bpongc déadhnach an bháis ar thrócaire d'fhagháil é an tan do sgreadfaidh agus d'iarfaidh ar an dTighearna na grása do dhéanamh air, amhuil agus mar d'imthig ar Achan an tan do ghaibh coimeirce ag Iosue agus d'iar maitheamhnas agus párdún air, acht níor héistig leis do bhrígh gur iar go ró-dhéadhnach é. “Éirgheóghaid go moch na maidne,” adeir Dia, “dochum mo loirgthe, agus ní bhfaghaid mé ar aonchor: do bhrígh gur fhuathaigheadar an smachtughadh,” Prov.i. 28-29. Agus i n-ionnad iad féin do leasughadh go prap luath deithionnsach díthchiollach ó na peacadhaibh agus na mórchurrthacha do cuireadh i n-umhail orra, léigid díobh sin do dhéanamh acht ag cur na hathrighe ó lá go lá. Agus ná fuil annsin go huile acht maga, sgige, fonamhad, fochmhuide, dia-aithis, tarcuisne, neamhurraim agus neamhshuim i nDia, cailleamhuin aimsire agus drochúsáid mhór do thabhairt do Naomh-Spioraid Dé dobhíonn ag síorghlaodhach agus ag iaraidh oruinn iompóghadh tar ais agus ár leas do dhéanamh dámadh mhiann linn féin éisteacht leis ná a chomhairle do ghlaca dochum na haithrighe do dhéanamh. Níor glacadh fá choimeirce agus níor gabhadh le hais
don deichneamhar maighdean úd dobhí ag faire, ag forcamhás agus a' bhfaightéireacht ar a gcéile pósda do theacht dochum dul asteach go halladh cóisreach na glóire síorraidhe mar aon leis, acht cúigear, do bhrígh gur fríth ollamh iad agus a soillse ar lasa aco .i. go raibh a gcoinnsias ar deaghstaid, an tan dotháinig a gcéile pósda dá n-iaruidh. An bhantracht sin dofríth ullamh, do-chuadar asteach mar aon leis go halla na cóisreach, Math.xxv. Ní dheachaidh an drong eile nár chuir suim san oíle do cheannach dochum a soillse do bheith ar lasa aco asteach don halladh i n-aoinfheacht lena gcéile, do bhrígh gur hiadhag na dóirse orra. Dá mhionncacht agus dá liacht uair do ghoireadar, do bhuileadar agus d'iaradar a n-osgailt dóibh, do fhreagair an céile agus adubhairt nárbh aithnid do iad ar aonmhodh. Nídh ionngantach uathbhásach éagsamhlach! Níorbh fhiú brobh dhóibh agus ní raibh acht neimhnídh iona n-óigheacht, iona maighdeanas ná i n-aon deaghcháil eile dá raibh aco do bhrígh nár fríth ullamh iad dochum dul asteach. Monuar! Créad é a liacht pearsa do cuirfeadhar ar gcúl i bpongc déadhnach an bháis tré mar nár ollamhuigheadar iad féin ar feadh a mbeatha i n-iomshláine a neirt is a gcumuis, an tan dobhí ar gcur dóibh leas a n-anma do dhéanamh! Do bádhag, do sloigeag, do foilceag agus do múchadh go tubuisteach donaoi doghrannach mí-fhoirtiúnach fá thonnthaibh tréanchuitheacha na mara fíordhoimhnne móranathamhla an drong úd do-rinn suas agus d'oibrig áirc Noé mar gheall ar a sithléigeacht mhóirleisgeamhuil mhíothapa féin. d'innseach an naomhphátriarc Noah go ró-mhinic agus go laothamhuil dóibh go raibh an Tighearna i n-easgcáirdeas mhóirfheargach ris an ndomhan uile tré
mhéid a bpeacadha, a bhfeilebhearta agus a mórchurrthacha, gur mhiann leis a dtreasgairt, a léirsgrios agus a ndíthcheanna tré mar nár mhaith leó fille ar a leas agus párdún d'iaraidh, agus gomadh fhonn leis an bhFírcheart nDiadha a mbághadh fá thonnaibh tréinneartmhara na mórfhairge. “Déingeamaoid ar an adhbhar san agus críochnuighmís go luath dian deithionnsach díthchiollach ár n-áirc dochum ná biadh aoinread i n-easbadh oruinn ar theacht lá cúntais chritheaglaig an Tighearna.” Níor chuireadar na saoir ná an lucht oibre suim na éifeacht ionna ghlórtha acht ag maga agus ag fonomhad faoi, ag obair gach lá go righin sithléigeach neamhshuimeamhuil. Fá dheóigh dotháinig lá léirsgriosta an Tighearna. Do lingeadar aibhneacha beaga agus móra an domhain tar port, d'at an fhairge thréinleathan cómh huathbhásach áibhseach sin ar mhodh agus gur rith ré móirneart ionngantacht foirneamhuil tréanchumasach fán gcruinne chláirleathan talmhan so ionnas agus gur fuadaigheadh gan tuairisg ná cúntas na bochtáin mhíofhoirtiúnacha réamhráidhte sin gan sligh san áirc ná fagháil aco ar thrócaire, Gen. Créad an fios atá agaibhse ná teangmhach an míofhoirtiún céadna oraibh féin, nó a níbhus measa, i bpongc déadhnach an bháis? Cuireann ár Naomh-Mháthair an Eaglais áirc ionnraic na haithrighe annbhúr bhfiaghnaise dochum bhúr gcaomhna ar dhílinn mhóirfheirge an Tighearna do thuilleamhair go ró-mhinic tré bhúr bpeacadhaibh. Éimighionn agus cuireann sibh tar ceal dul asteach innte agus gomadh fhéidir, uair an bháis, ná biadh aimsear, spás ná cead aithrighe agaibh ná meadhon ar bith dochum leighis d'fhagháil ar chneadhaibh marbhthacha doileighis bhúr n-annlocht agus go gcaillfidhe sibh gan truadh, taise ná trócaire. Bíodh eagla oraibh, ar an adhbhar san, agus ná cuirig bhúr leas ar cáirde ó lá go lá.
Adubhradar na haingil do chuir Dia dochum léirsgris agus díthcheanna do dhéanamh agus d'imirt ar na tréanchathracha Sodom agus Gomorrha le Loth dul agus insin dá chliabhnaighthe go dtángadar féin dochum luaithreán agus púdar do dhéanamh don chathair agus dá lucht áitribh go huile, gur neartaigheadar a bpeacadha agus gur fhásadar cómh hárd tréanchumasach sin agus gur éirgheadar suas ós cómhair Dé ar mhodh ná fuileóingfeach an Fírcheart Diadha a níbhus fuide gan díoghaltas do dhéanamh orra. “Agus amáireach féin go dtuitfigh móircheatha raibhe, briomstóin, teine agus caora teinntighe domhúchta tréanlasaracha dochoimsighthe ó neamh orra do dhóithfeas, do dhubhloisgfeas agus do léirsgriosaig an iomshláine dhíobh. Abair reó fós, más miann leó triall ann do chuideachtain-si, go sábhálfam-na iad mar ghrádh, mar gheall agus mar ghean ortsa.” D'úmhlaigh Loth agus do ghéill dóibh, acht a chliabhnaighthe i n-ionnad a chómhairle do ghlacadh, is é do-rineadar croma ar mhaga agus ar sgige faoi agus meas amadáin nó ríoghóinmhide do thabhairt air agus fós ar na haingil féin mar an gcéadna. Acht monuar! an lá arna mháireach, do fuadaigheadh agus do sloigeadh i bhfodhoimhin ghrodlasaracha domhúchta theinntreacha síorraidhe ifrinn gan teasargan iad, Gen. Agus muna mbiadh sibhse a níbhus céillighe ghlioca chríonna urramamhla uimhle ná iad sin, caillfighear sibh mar dheamhain agus mar dhiabhail ifrinn, go háirighthe agus go speisialta muna gcreidthí go pairticúlártha gach fírinne dá dtagan chúghainn do thaoibh Dé. An té adéarfadh a chonntrárdhacht libh, is ar tí bhúr meallta dobhiadh, amhuil agus mar do mheall an athair nimhe Adam agus Eva an tan do gheall dóibh ná faighdís bás chuige acht go mairfidís choidhche mar Dhia féin agus
go mbiadh fios uilc agus maithis aco dá n-ithidís ubhall na haithne. Agus dá chómhartha gur mealladh iad, do chailleadar agus do thréigeadar íomhágha, ionnchrotha agus cosmhulacht Dé mar aon le beatha na ngrás, dá ndéanamh féin 'na mórchorrthachaibh, 'na bhfionghalaidh agus 'na bhfíorchladharaibh tré mhéid chánach na feilebheirte sin mar na diabhail féin. Bíodh cuimhne agaibh ar na neidhthe so do-chuadh thoraibh agus ná déinidh dearmad do na neidhthe atá re teacht, Eccli.XLI.5. AN .12. CAIBIDIL Beireann an bás ar sgórnaig ar an bpeacach dá thachta an tan is ró-lugha do shíleann é. Is cruadh docht doilbhiosach dobrónach fliuchshúileach bocht atuirseach atruadhach an nídh re faicsin an chruadhmhuinéalacht agus an dall-inntleacht ghnáth ionna mbíonn an peacach go laothamhuil do chuireann a leas ar cáirde agus an aithrighe ó lá go lá amhuil agus ná faghadh bás go brách, nó cómh maith agus dá ndéingeach acht, marga nó connradh leis gan teacht fána dhéin ar aonchor, nó amhuil agus mar do ghlacfach léas, aimsir nó téarma ar a bheatha dochum aithrighe agus lóirghníomh do dhéanamh agus sásamh do thabhairt don Fhírcheart Diadha ann gach mór-pheacadh feilebheartach fíorghrána mailíseach tubuisteach doghrannach dá ndearnaidh i n-aghaidh dhlighe agus reachta Dé. Is bharántas neimhtheibightheach fírdhíreach gan fille tar ais bharántas an bháis nách féidir le haonduine teighthe uaidh ná dul i bhfolach air. Goireann an fháidh oirdheirc Isaias agus tugann mar ainm air “pláigh nó sgiúirsi na tréantuile,” Isai.XXVII.15, do sgéitheann
agus do ritheann tar gach aonphort ionna mhór-thíompchall do lot, do ruathar agus do lán-mhille ar gach taoibh dá ngabhann a níbhus mó ionná aon ruathar eile, cogadh, pláig nó gortadh dá dtagann oruinn, do bhrígh gur féidir le mórán faire, forchoiméad agus aireachas do dhéanamh i n-oirchill na dtréinsgiúrsadha ndéanach so maille re leighios d'fhagháil i n-aghaidh na plágha, lónchruinnioghadh agus stóirchiste fá chómhair na gorta, púirt, daingneacha agus longphort i gcoinnimh na namhad. Acht ní bhfuil aontsórd leighis, cabhartha, stóir, lóin, fóirnirt ná airm ar bith aguinn dochum troda ná bualadh machaire do thabhairt don bhás ar aonmhodh. Atáid eitidhe agus sgiatháin air d'fhuadaigheas ar feadh gach ríoghachta é, agus speal ghéar fhaghartha lán d'fhulang ionna láimh aige do ghearras na huil nidhthe ar gach taoibh dhe. Atá sé dall gan radharc ná súil ionna cheann dochum ná biadh suim, éifeacht ná binn aige ar neach dá threisi, luige ná thréine, uasal, ísiol ná ársadh, bean, fear, buachaill ná gárlach, rígh, ridire, prionnsa ná pápa, tuata, sagart ná bráthair. Atá gan cluasa dochum gan éisteacht ná aire do thabhairt ré guidhe, úrnaighthe ná athchuinge dhuine ar bith don tsaoghal teacht chuige ná fanamhuin uaidh. Dá bhrígh sin is díthcéillighe neimhghlic baoth amadánta óinmhideamhuil an nídh dhúinn gan bheith réig ollamh glan fá chómhair an bháis maille re deighbheatha do bheith aguinn tré fhíoraithrighe atuirsig dhobrónaig chathaighthig, cia fionnas agus gurab í do-dhéanfas eidirdhealbhadh idir shíorruigheacht na bpian agus flaithios na glóire. Dá dtagadh an bás le greadbhualadh agus dian-phliasga dromadha agus sírshéide galltrompadha agus le móirghéimnig
adharc fhiadh agus le gach fuarmáil, fogharmhongar agus mórthoruinn eile dá mhéid dochum rabha agus furfhógradh do thabhairt uaidh go raibh féin ar an mbealach ag triall chúcha, dobhiadh leithsgéal éigin ag an bpeacach dochum na haithrighe do chur ar cáirde gusan uair sin, do bhrígh go mbiadh súil agus dóthchas aige go bhfaghadh rabhadh dochum a bheith ar aireachas. Acht ní bhfuil nídh san mbith is mó do thréatúir, d'fhionghalach, do reógaire ná do chladhaire ioná an bás, ná nídh is mó do bheirionn i n-ambus ná d'iarann caodh nó bontáiste ar neach an tan is ró-lugha do smuaintear air ioná é. Tagan chúghainn, amhuil adeir Naomh Pól, 1 Thess.v.2, mar ghaduighe annsan oidhche an tan budh mhiann leis an teach do shloid, ag togha na haimsire innar dóith leis an mhuinntear do bheith ionna gcodla agus ionnar lugha do smúingid ar a theacht, ag brise agus ag raobadh trésan ionnad is ró-lugha don teaghlach, amhuil mar chanann ár Slánaightheóir Críost san tsuibhsgéal, dá chómhairlioghadh dhúinn faire agus úrnaighthe do dhéanamh do bhrígh ná bíonn fios an lae ná na huaire aguinn, Math.xxv.13. Ó créad í mar náire agus mar aithis dhíbhsi bhúr gcúram agus bhúr n-aigne do bheith annbhúr maoin tsaoghalta agus annbhúr dtoice aimseardha ghiorradh dhiombuain a níbhus mó go mór ioná i nglóire Dé d'fhagháil ná annsna grása do thuilliomh, agus gur lia faire, forchoiméad agus díthchioll do-ghnídhthí tímpchioll bhúr gcrónchorpa salacha smeartha créimeacha somharbhtha atá lán do dhruíb agus do ghalar na bhfeilebheart agus na n-annlocht do-rineamhuir ioná an tsuim, an éifeacht ioná an cion atá agaibh ar bhúr n-anma do mhairios go bithshíor agus do chosain an méid fola daorluaidh dobhí i gcuislionnaibh Chríost dochum a sábhála. Dá bhfaghadh
sibh sgéala go raibh ropaireadha, bitheamhnaig ná sladaighthe ar tí bhúr gcreachta nó feill, murdair nó tnáth do dhéanamh oraibh, d'fhairfeadh sibh go caoin fírinneach aireach do lá agus d'oidhche, do chómhchruinneóghach sibh bhúr n-uile fhórsa, neart, cumais agus tréanmhaireacht dá bhúr gcosaint dochum ná béarfaidhe annbhúr gcodladh oraibh, amhuil mar curthar síos annsa Sgríbhinn nDiadha ag Matha Suibhsgéaluighe, xxiv.43: “Dá mbiadh a fhios ag an athair muinntire créad an t-am dothiocfadh an gadaighe, do-dhéanfadh faire”: Si sciret pater familias qua hora fur veniret, vigilaret utique. Atáimsi dá innisin díbh mar theachtaire ó Dhia go bhfuil an bás ag triall chúghaibh ag eitiollaig dochum bhúr bhfuadaighthe an tan nách dóith libh é, agus má bheirionn oraibh i múisiún suanmharbhthach na bpeacadha go bhfuil sibh caillte, agus 'na dhiaigh sin agus uile, ní móide bhúr ndeithionas dochum iompaighthe ar Dhia, dá fhuigseacht díbh ná dá ghuireacht dá bhfuil sé. Arbh fhéidir le neach san mbith cuimhneachtain, le croidhe do smuaineamh, le teanga do labhairt, le hintinn do thuigsin, cruadhchroidheacht budh mhó, cruadhmuinéaltacht budh threise ná dall-inntleacht budh chaoiche agus cuir dob uathbhásaighe iongantaighe ioná bhúr ndall-chiach agus bhúr n-easbadh radhairc-se? Cia liacht duine ag a rug an bás ar sgórnaig air i gceartmheadhon phlaésiúir, aoibhnis agus socamhlacht na beatha so? Do-rineadh mionrabh, minghreamanna agus ceapaireadha do chloinn Iob ar gcaithiomh proinne agus sómhaltais dóibh i bhfochair a chéile. Do thuit an tig d'aontolmas iona mullach orra ansan am is lugha do shíleadar é, i lár a gcompóird agus a gcaitheamh aimsire, ag ól sláinte agus fadshaoghal chum a chéile, Iob i.13-16. Iar ndul do Shizara dochum suaibhnis i bhfianbhoth Iael, d'éis trioblóide móire agus sglábhadhacht iongantaig
d'fhagháil san gcath as a ráinig leis a anam do thabhairt, dothug Iael, mar dhúthracht, leamhnacht réan' ól do. Dofuair an bás annsa tsocamhlacht iona raibh tré láimh Iael do mhairbh é tré uisionnabh a chinn le tairnge athgharbh iaruinn agus é iona chodladh, Iud.iv.19-21. Atá sibhsi go laothamhuil i gcath, i gcoimheasgar agus i gcoga ghnáitheamhuil reanbhúr gclaontaibh dobhíonn do shíor dá bhúr mbuaireamh agus dá bhúr gcorruighe gan fuireach, stad, suaibhneas ná cómhnaighe. Loirgean sibh do shíor gach socamhlacht agus gach sástacht is mó bhus taithniomhuighe libh d'fhagháil. Ag sin é an saoghal briste meangach claontoilteach ag tairigsin bhainne mhilis chaoin a mhórshocamhlacht agus a árdaoibhnis díbh, agus annsan am gcéadna ionar dóith libh a ól go mear súgach meanmnach, annbhúr gcodladh i gceartmheadhon bhúr bhfeilebhearta, tiucfaidh an bás a gan fhios oraibh mar leóghan chraosach chritheaglach. Loitfidh sé an corp agus na baill fhoirmliocha lena shoigheadaibh agus lena ghaothaibh nimhe. Ní fhágfaidh lúth ná brígh iona theangain dochum Dé do ghuidhe ná do mholadh. Fágfaidh an croidhe cruaidh fuar siocamhuil dochum na haithrighe nó leas an anma do dhéanamh. Ag so an pongc iona dtig Lucifer agus a shlóighte ifrinn mar sgaodh beach innár dtímpchioll: Circumdederunt me sicut apes, Ps.cxvii.12. Sgaoilfidh gach diabhal aco a gha nimhe ris an anam. Do-ghníd fál agus mainnir ionna thímpchioll mar shúil go dtiocfaidh leó gách grása agus gach teagasg dogheibh an duine ar feadh a bheatha do mhúcha: Circumdederunt me dolores mortis et pericula inferri invenerunt me, Ps.cxiv.3. Ó a dhrong mhallaighthe do-bheir bhúr gcorp agus bhár n-anam míle uair don diabhal, tiucfaidh sé an lá úd ag glacadh seilbh ar an mbronntas. Tiucfaidh i n-aoinfheacht ris diabhal na drúise agus na sainte, diabhal an fhuatha agus na feirge, diabhal an uabhair agus na leisge, agus
diabhal na meisge agus na míochaoiseachta, agus gach ainspioraid eile dá ndearnamhair seirbhís riamh ar feadh bhúr mbeathadh. Aigeóraidh gach ainspioraid mhallaighthe dhíobh a ceart ar bhúr n-anm-sa. Monuar, mo bhuaireamh agus mo chreach ghéar! Créad é an riocht iona mbiadh sibhsi an uair sin! Do theasg, d'fhuadaigh agus do sgoith Iudith an ceann do Holofernes iar mbeith ar meighir mheisgeamhuil do i measg a thréinfhear agus a mhórthaoiseach ag proinn oirdheirc do hollmhuigheadh do ionna fhianbhoth féin, Iudith XIII.10. Codlann agus fanann sibhsi go suaibhneasach réig neamhbhuadhartha i múisiún thromchodlatach mharbhthach bhúr bpeacadh, bhúr n-olc agus bhúr n-annlocht, gan faitchíos ar bith roimh Dhia ná tulamuidhe ionna thrócaire. Agus cia do-dhéanfas deibhin díbh ná béarfaidh an bás ar bhraighdel oraibh dá bhúr dtachta sol d'éirgheas an ghrian ar maidin oraibh? Nách mór í bhúr gcuir, ar an adhbhar san, do láthair Dé agus nách beag is fiú sibh a ghrása ná a thrócaire d'fhagháil, cia fionnas agus go gcaithean agus go mbronann sibh an chuid is feárr dá bhúr mbeatha a' seirbhís agus ag fóghnamh don diabhal, don tsaoghal agus do cholainn .i. bhúr n-aois óige, ag fanamhuin agus ag calcughadh ó lá go lá annbhúr ngráineamhlacht tsalaig bhrocaig mhóragraighthe thruaillighthe, agus ag tabhairt na coda is measa dá bhúr n-aimsir do Dhia .i. an aois ársa agus an tseanóireacht .i. an aois ionnar thréigeadar na peacadha sibh agus nách sibhsi do thréig iad? An tan do-dhéintí íodhbairt nó ofráil do Dhia annsa tseinreacht, níorbh fhuláir leis ceann, earboll agus ineathar na mbeathadhach d'fhagháil, dá chur i dtuigsin dúinn annsa reacht nuadh nárbh fhuláir dhúinn túis, meadhon agus deire ár saoghail
do thabhairt go laothamhuil do féin do bhrígh gurab uaidh go haoinreacánta dofuaramair é, agus mar sin gur dobhuidheachasach an nídh dúinn an dualgas sin do thabhart don pheacadh, deargnamhaid an Tighearna. Is follas as an iv caib. Gen.4-5 f. an milleán míchéatamhuil dobhuidheachuis iríreach dobhí ag Dia ar Cháin trésan ndroichíodhbairt do-rinn do, agus an buidheachas mór dobhí aige ar Abel mar d'ofráil mír do gach nídh dá fheabhas dá raibh aige don Tighearna. Do cailleadh go míofhoirtiúnach tubuisteach clann Heli fós mar an gcéadna agus gach n-aon dá dtreibh tré chongbháil na coda dob fheárr don íodhbairt aco féin agus ag tabhairt na coda budh mheasa dhi do sheirbhís Dé, 1 Reg.ii.12-17. Má thriallann sibhsi agus má leanann sibh a slighte, tuitfigh an mhallacht chéadna oraibh agus do thuit orra-san, agus éagfaidh sibh annbhúr bpeacadha. Ní raibh naomh ná bannaomh ann ó thúis d'aithin Dia agus d'fhóghain do ná raibh lán do chritheagla agus d'uathbhás cos agus lámh ag smuaineamh, ag machtnamh agus ag meadhchant ar pheacadhaibh agus ar mhailís na haoise óige do budh adhbhar déar, doilbhis agus síorchathaighthe dhóibh, amhuil mar adeir an ríoghfháidh Dáibhíodh é, Ps. xxiv. 7: “Ná cuimhnigh, a Thighearna,” adeir sé, “ar pheacadhaibh m'aoise óige.” Agus Iob ag gul, a' caoi agus ag ochlán ar Dhia, Iob xiii.26: “Is cosmhuil, a Thighearna, gur miann libh truimeadhacht agus mórualach pheacadha agus bhaoise na haoise óige do chur i n-umhail damh, dam sgiúirsioghadh tríoghtha.” Do budh léir dhóibh agus do-chonnarcadar gur mhóráidhbhseach gráineamhuil iad peacadha agus tréanlochta na haoise óige tré mar nár chaitheadar a saoghal agus a mbeatha roimhe sin i seirbhís Dé mar budh chuibhe dhóibh do dhéanamh. Is cruadh dheacamhla dhainséaraighe
dhíbhse go mór i bpongc an bháis ioná dhóibh-sin muna ndéinge sibh an aithrighe gan fuireach, cia fionnas agus gurab uirthe amháin go haoinreacánta atá bhúr leigheas. Nisi poenitentiam egeritis, simul omnes peribitis, Luc. xiii.5. AN .13. CAIBIDIL Is cruaidh deacair docamhlach an nídh do neach é féin do chosg ar na peacadhaibh cleachtamhla nó is gnáthach leis do leanamhuin. Má budh chleachtach libh maireachtain do réir an tsaoghail, na colna agus na nádúire, ní iompóghaidh sibh ar Dhia acht tré mhíorbhuilteadha, ar mhodh gur ró-chonntabharthach díbh bás damannta dá bhúr rochtain tré iomarca, lánmhaireacht agus gráineamhlacht bhúr bpeacadha. Ní bhfuil annsa ngnáitheamhlacht ná annsa gcleachta do thaithghionn agus do leanann sibh annsa bpeacadh acht slabhradha, ceangaltáin agus líonta do cheanglan, do chruadhchuibhrigheann, do shracan agus do straoillean do ghnáth sibh i n-bhúr n-olcaibh agus ná fuilngeann díbh bhúr leas do dhéanamh. Ó créad é a dhocamhlacht buadh ná treisi do bhreith ar sheantathaighe ghnáitheamhuil na bpeacadha! Ní fuláir grása speisialta d'fhagháil dochum buadhchant ar an bpeacadh agus an cleachta do thréigean, agus má thugan sibh cúl do ar feadh sealaid trésa bhfaoisdin do dhéanamh, is cruaidh docamhlach dochraideach an nídh libh, is geall le martra d'imirt oraibh, buadhchan ar bhúr gcleachta dochum gan ath-thuitim ann. Tairngeóchaidh, sraoillfidh agus fuadóghaidh bhúr gclaonta toilteannacha saora féin sibh do shíor dochum an chleachta sin budh ghnáthach libh do chur i ngníomh, agus ní bhfuil dá mhéid dobheidh sibh ar bhúr n-aire, muna ndéinge sibh fóirneart agus díthchioll ionngantach,
nách lé cruadhtan mór agus uathbhás péine do thuitfidh sibh tar ais annbhúr ndroichbhéasa cleachtamhla mallaighthe nó fós dochum bheith a níbhus measa go mór ná mar dobhádhbhair roimhe sin. An tan díbiorthar agus ruaigthear an diabhal (mar adeir ár Slánaightheóir Críost) as aointeach ionna mbiadh ar lóistín ann, tagan tar ais arna gcoinnleacht d'anntsluadh iomarcach deamhan is measa threise fhíochmhaire fheargaighe go mór ná é féin, ionnas agus go ngabhann seilbh ann agus go ndéingin máighistir agus sirriam teallaigh de féin san áitreamh sin, ar mhodh gur measa go mór agus gur mallaighthe staid an árais sin 'na dhiaigh sin ná roimhe, Math.xii.45: Et fiunt etc. Is fighir agus cosmhulacht é so ar an bpeacach sin dobhíonn go bithshíor gnáitheamhuil i n-earraid ré Dia, dá imdheargadh tréan' fheilebheartaibh. An tan do-ghnídh an fhaoisdin go maith, cianruaigean, léirsgriosan agus díbrean i n-imchian uaidh as 'anam an ainspioraid tré bhrígh agus éifeacht naomhshacrámeinte na haithrighe. Acht filleann an diabhal so tar ais, mar adubhart cheana, i n-aoinfheacht le mórthrúp eile deamhan .i. gnáthchustaim chleachtamhla mhallaighthe an pheacaig. Brostaighean, corraighean agus múisgleann an t-ádhbhairseóir iad agus déingean feidhm agus úsáid díobh dochum an aithleaga do bhaint as an bpeacach agus fille ar a dhroichghníomhartha agus dochum go dtabhairfeach chum milleáin chuirtheamhail budh mhó do láthair an Fhírchirt Diadha é trésan ath-thuitim sin ná mar dobhí roimhe: Et fiunt novissima hominis illius pejora prioribus, Math.xii.45. Ar chor gur measa mhallaighthe choinneallbháidhte an peacach iona staid, ag síorghnáthamh na locht agus na bhfeilebheart, ag tuitim i seirglighe, i luige agus i n-anmhúinneadha tré ainiomarca a mhórchurrthacha
agus a thréanlochta, agus gur conntabharthaighe dho fós go mór bás d'fhagháil i n-easgcáirdeas agus i ndiosgrás Dé agus annsa mallaightheacht shíorraidhe sin ná aithrighe do dhéanamh tré fhaid a thathaighthe agus a chleachta annsna peacadhaibh. Ó créad an pian, an duadh agus an brise croidhe, an liúnn dubh, an cathughadh, an doilbhios agus an dobrón do bhíonn ar an ndroing sin do leanann dá gclaontaibh, dá gcéadfadhaibh, dá dtuigsin féin agus dá gcleachtadhaibh dona míofhoirtiúnacha agus do chruadhann iona lochtaibh agus do chrannroigheann iona bhfeilebheartaibh lobhtha bréana móragraighthe, a mbeatha do leasughadh ná dul ar an slighe dhírig! Agas créad iad na grása mórchumasacha feidhm-láidire tréan-neartmhara ó Dhia ná fuil do riachtanas orra dochum sin do dhéanamh! D'aithbheódhaig Íosa Críost, ár Slánaightheóir, aonmhac na baintreabhuighe úd chathrach Naim le trí nó ceathair do bhriathraibh dár labhair, Luc.vii.11. Do chuir an t-ath-anam i n-inghín phrionnsa na sinagóige ag breith ar láimh uirthe, Math.ix.24-25. Acht dochum Lazarus do thógbháil ón mbás dobhí marbh curtha trothlaighthe annsan uaigh ar feadh cheithre lá, níorbh fhuláir dho duaidh mór éagsamhlach do ghlacadh ag siubhal síos suas tré iomad buadhartha agus trioblóide, ag gul, ag caoi agus ag ochlán, agus ag labhairt do ghuith árd sholasghlan, ag glaodhach agus ag gairm air: Lazare, veni foras, Ioan.xi.43. Agus fós ní tháinig Lazarus amach as an uaidh fána dhéin acht go cruaidhchuibhrighthe ceangailte i nglasaibh, ar mhodh gomadh éigean dóibh a sgaoile agus a réighteach asda. Ní ghéillfeadh agus ní umhalóghadh Pharao ar aonchor do Mhaoise dá liacht furfhógra agus rabhadh dá dtug do, dobhí a leithéid sin do thathaighe agus do chleachta aige ar bheith ag tabhairt táir, tarcuisne agus mí-mhodh do Dhia, ag leanamhuin claonta, toile, méinne, meanmna agus intinne ann gach aon chéim i n-aghaidh dhlighe
agus reachta an Tighearna. Níor mhaothaigheadar agus níor chorraigheadar plághadha, gulghárrtha ná bladhaireach a mhuinntire agus níor bhain aon mhíorbhuill mhórthabhachtach thréanáidhbhseach dá ndeárnadh ós a chómhair aon spreaga ná múisgilt as a chroidhe dochum aithreachuis, acht do cruadhchroidheadh iona mhailís agus do crannraigheadh iona chruadhmhuinéaltacht é, Exod., ar mhodh gomadh fheárr leis go mór a bhághadh fán Muir Ruaidh ná na hEabhraigh do léigeann as an moghsuinne agus na cruaidhgheibhleacha ionna rabhadar dochum íodhbartha do dhéanamh don Tighearna i n-aghaidh a thoile. Dobhí a leithéid sin do ghnáthchustam ag Nabuchodonozor fós tré mar go dtugthaoi ómós, onóir agus adharadh dho mar Dhia féin, nár mhéinn leis úirísliughadh ar bith ná úmhlughadh do thabhairt don Cheard Chómhachtach nó gur hiompaigheadh dochum staid, cosmhulacht agus fíghir bheathaidhaigh bhrúideamhuil neamhghluin é, Dan.iv.30. Do budh fheárr le Cáin féin mallacht agus iríre Dé do thuitim air, a mharbhadh, a dhamnughadh agus a theilgean go síorraidhe i bhfodhoimhin ifrinn ná párdún agus maitheamhnas d'iaraidh ná do lorg ar an bhFírcheart nDiadha dothug rabhadh agus furfhógradh do agus do chas leis an feall agus an murdar do-rinn ar a dhearbhráthair Abel, ag tabhairt agus ag tairgsin na ngrás do dochum iompaighthe ar a leas dámadh mhiann leis a nglaca agus a thoil d'úirísliughadh dochum an haithrighe do dhéanamh, Gen. Níor mhaith le cloinn Heli, an t-árdshagart, smacht ná braidhgeill ar bith do ghlacadh orra féin ar aonchor ná éirghe don chraos mhallaighthe chreach-reilgeach dhia-aithiseach dá rabhadar tugtha tré ainiomarca an chleachta agus na tathaighe dobhí aco, ag fuadach leó le neart lámh agus cruadhas ball, ag tógbháil agus ag breith
na coda nó na míre do budh fheárr do gach íodhbairt dá n-ofráladh an pobal don Tighearna, agus sin do dhéanamh gan suim ná éifeacht i n-aon sgannail ná tarcuisne dá dtugadar do Dhia ná don phobal chéadna, 1 Reg.ii.15. Tug Dia rabhadh agus furfhógra dhóibh trésan fháidh agus fós d'innis Samuel óg go ró-mhinic dhóibh go dtuitfeadh iríre agus mallacht Dé orra féin agus ar a n-athair muna leasaighdís a mbeatha agus éirghe as a gcleachta. Agus iona dhiadh sin agus uile, níor chuireadar suim, binn ná éifeacht i n-aon rabhadh, furfhógra, teagasg ná cómhairle dá bhfuaradar nó gur cailleadh go donaighe tubuisteach doghrannach míofhoirtiúnach iad mar aon lena n-athair, ibid. Níor éisteadar na Sodomítig, níor thugadar aire ná cluas do ráitibh, do bhréithribh, d'fhurfhógraidhibh ná do rabha ar bith dá dtug Loth dóibh, ná fós géille d'aonbhagairt ná mór-dhíoghaltas dár inniseadar na haingil do láthair dhóibh do thuitfeadh orra, le méid a dtathaighthe, a gcleachta agus a ngnáthchustaim ionna bhfeilebheartaibh mallaighthe míréireach. Do budh fheárr agus do budh aite leó go mór tréanlasaracha groidghreadaightheacha mórloisgneamhla teinntighe dochuimsighthe na bhflaitheas do thuitim d'aontaoisg ionna mullach orra agus a bhfuadach gan tásg ná tuairisg go grinnioll fhodhoimhin ifrinn do shíor ná géille, éifeacht ná cluas le haire do thabhairt do Loth ná dá bhriathraibh. Maise, éistig le hÍosa Críost adeir libh muna ndéinfig sibh aithrighe go bhfuiltí uile caillte gan stad ar phrap na súl. Glacaidh chúghaibh na grása, guilig, caoidhig agus admhuighidh bhúr gcionnta. Déinig trosga, déirc agus úrnaighthe agus deaghoibreacha eile na haithrighe. Éagaidh agus faidhgeadha bás d'oibreachaibh
agus do ghníomharthaibh an diabhail, an tsaoghail agus na colna, dá dtréigean tré shíorthathaighe agus chleachta, ag siubhal go díreach i slighe Dé agus ag coiméad na n-athannta. Críoch an Dara Leabhair.
AN TREAS RANN NA MEADHOIN IS CEART DON PHEACACH DO THABHAIRT FÁ DEARA AGUS DO CHUR I NGNÍOMH DOCHUM IOMPAIGHTHE AR DHIA. AN CHÉADCHAIBIDIL Ní reachaidh aonduine go rígheacht na bhflaitheas muna dtuillfidh sé le deaghoibreachaibh ar an saoghal so é. Is í aimsir na beatha agus an feadh do caitear ar an saoghal so an t-am cóir agus an lá trócaireach agus aimsir thuillimh na bhflaitheas ionna bhfuil sé ar gcumas díbh, tré chongnamh na ngrás, bheith d'fhoirtiún oraibh go mb' fhiú sibh a bheith i seilbh Dé go síorraidhe. Acht ní fuláir ná glacfaidh leisge, taghdaightheacht, fatfhuaire ná mainneachtnaighe ar bith sibh fá bhúr ndíthchioll do dhéanamh dochum teacht chum na críche sin, do bhrígh nách fuláir dhíbh bhúr n-anma do shábháil le dúthracht mór agus le coiméad iongantach, Dia d'adhradh, d'onórughadh agus glóire do thabhairt do, do réir mar adeir Naomh Pól, Cor.xv.58: “Oibrighidh, a dhearbhráithreacha, go dian neamhthuirseach díthchiollach, ag déanamh na ndeaghoibreacha ar son Dé, ag fulang go foideach ar son a ghlóire. Bíodh a fhios agaibh go maith ná biadh bhúr saothar neamhthairbheach do láthair
Dé ar an adhbhar go bhfaghaidh sibh bhúr luadhach saothair go fial fairsing fulúirseach.” Tug Dia na laothana so díbh dochum na síorruigheachta léirbheanaighthe do thuilleamh go foirtiúnach, ag déanamh na ndeaghoibreacha d'órdaig agus d'aithin féin díbh do dhéanamh. Is ar an gconradh so do geallag na flaithis díbh agus ní roichfidhe iad choidhche acht tré thuilleamh luadhach mhór na ndeaghoibreacha do budh cheart díbh do dhéanamh, maille ré congnamh Dé agus ar staid na ngrás. I sinn, dá bhrígh sin, na cionntaig chuirtheacha agus na fionnghalaidh dhíthchreidmheacha tré ár mbeatha do chaitheamh go fuar faillightheach spadánta, gan maithios ar bith do dhéanamh ná fóghnamh don Tighearna, ar an adhbhar gur chum a réire do dhéanamh agus dochum na bhflaitheas do thabhairt dúinn, dá dtuilleamaois é, do chruthaig sinn. Agas is deargnamhaid fhollas sinn dár maitheas biothbhuan deaghfhoirtiúnach féin cia fionnas agus gur léir dhúinn gur dár n-olc féin nó dár maith dothiucfas linn a bheith i nglóire nó i bpian tsíorraidhe. “Tabharfaidh Dia do gach n-aon luadhach saothair do réir a ngníomhartha,” Rom.ii6, agus is fusa linn go mór an t-olc do dhéanamh ná an mhaith, fearg do chuir ar Dhia ná a claochlóghadh ná buidheachas ar bith do thuilleamh uaidh. Ó créad é so acht cur suas go toileamhuil do na flathais agus triall i ndiaigh ár gcinn go fonnamhar go géarlasaracha domhúchta ifrinn? Féachaidh agus amharcaidh mair sin ar bhúr míofhoirtiún thubuisteach dhainséarach. Ní dheárnaidh Dia tréanobair ná saothar ar bith dochum glóire d'fhagháil do féin, do bhrígh gur leis féin ó nádúir í agas go bhfuil sí aige go buaintseasamhach ó thúis. Is é féin go haoinreacánta a ghlóire féin agus a bheannaightheacht. Budh riachtanach do na haingil go huile meadhon d'iaraidh dochum triallta uirthe, a tuilleamh dochum a faghála, ar an adhbhar nár dhleacht dhóibh a bheith aco
go nádúrtha, agus mair sin ná raibh ionnta acht traibhléaraighthe nó taisdealaig mar sinne. Acht do bhrígh iad-san do bheith deallraightheach glanradharcach luaghailleach beódha druithlingeach do bhreis oruinne, ní raibh acht aonmhóiment amháin aco dochum na bhflaitheas do thuilliomh nó pian ifrinn go síorraidhe. Annsa bpongc aimsire sin d'aithnigheadar agus do thuigeadar an t-eidirdhealbhadh dobhí idir an t-olc agus an mhaith; do-chonnairceadar agus budh léir dhóibh a gcríoch féin agus gach slighe agus meadhon budh riachtanach dóibh chuige sin. Agas do chinneadar ar ciabé aco budh mhiann leó féin do leanamhuin: do cheapadar na deaghaingil iad féin dochum Dé 'ghrádhchant agus a thoile agus a réir do dhéanamh, agas d'éirgheadar na drochaingil mhallaighthe go cruadhmhuinéalach tinneasnach aghaidh-dhána i rebeillióntacht ionna choinnimh. Agus gan stad i mbeagán aimsire dá éis sin do chailleadar agus d'imthig am thuillimh nó neamhthuillimh uatha. Do chóimneartaigheadar na deaghaingil i ngrásaibh arna slánughadh an tan do léirsgriosadh agus do díbreadh na drochaingil a parthas arna ndamnughadh. Ní hamhla sin do lámhaigheas Dia na daoine do bhrígh go bhfuilid trom liosda éadthuigseantach díthchéillighe lag meirthneach míothapa neamhfhuadrach. Dobheir Dia laothana ár mbeatha dhúinn dochum ár leasa nó ár n-aimhleasa do dhéanamh. Tugann aimsir go leór dochum foghlamtha dhúinn, raé fhada dochum righin-mhachtnaimh ar ár ngníomharthaibh agus uain mhaith dochum rogha agus togha do dhéanamh tré eidirdhealbhughadh idir gach olc nó maith dá ndeárnadh linn. Ní bhacann dínn agus ní chuireann cronadh ná toirmeasg orainn seo nó súd do dhéanamh do réir ár dtoile féin tréna ghrásaibh. Acht tar éis na beatha so, ní bhfuil aimsir thuillimh ná neamhthuillimh ann. Ní fuláir go ndéanfam an mhaith sul dothiocfas an bás dár rochtuin do bhrígh
nách dual dúinn nídh ar bith d'fhagháil d'éis bháis nár thuilleamair ar feadh ár mbeatha. Adeir Críost ag Naomh Eóin,IX.4, go dtiucfaidh an oidhche ionnách féidir le haoinneach obair ná gnóthaighe do dhéanamh: Venit nox quando nemo potest operari. “An feadh agus dobhias an solas ar lasa agaibh, déingeadha saothar d'eagla an doirchidis agus na neamhshoillse do theacht ionnbhur dtímpchioll,” Ioan. XII.35. Ó! ar aonchor ná fanaidh le hoidhche dhorcha an bháis ná le doircheadas síorraidhe na bpian. Déingeadha saothar agus obair dhian dheithionsach dhíthchiollach ar feadh laothana socair suairc bhúr mbeatha dochum bhúr leasa do dhéanamh agus Dia do ghrádhughadh mar budh chuibhe. Ó créad mar bhuaireamh, mar liúnn dubh, mar chathughadh, mar dhuaidh, mar bhrise croidhe, mar dhoilbhios agus mar dhobrón do-ghnídh do Lucifer agus dá sgaodh deamhan an neamhshuim agus an neimhbhrígh do-rineadar don aimsir sin tug Dia dhóibh dochum sealbh na bhflaitheas do thuilleamh i n-ionnad phianta dochoimsighthe ifrinn iona bhfuilid go síorraidhe! Créad bhus miann libh d'fhagháil acht an damaint nó an staid chuthaig bhuile chéadna sin iona bhfuilid sínte i n-éadóchas má leanann sibh iad iona bhfeilebheartaibh? d'órdaig an t-athair muinntire úd an tsuibhsgéil agus d'achtaig an lucht oibre do ghairm chuige ar deire an laé dochum a dtuarasdail do thabhairt dóibh, Math xx.8. Órdaigheann agus gairmeann Dia an cinéal daonna go huile in' fhiaghnaise uair an bháis dochum an tuarasdail do thuilleadar ar feadh a mbeatha do thabhairt dóibh, ibid. Is mór an luathgháir agus an méid meanma don deighsheirbhíseach sin d'oibrigheas go maith fírinneach neamhthuirseach gan mhiollam agus ag árab é a stuidéar cinnte réir agus toil a mháighistir do fhreasdal ann gach céim, do
bhrígh gur deibhnightheach leis a thuarasdal d'fhagháil go maith mar aon le grádh, cion agus searc a thighearna. Agas ag sin é bealach, slighe, ród agus compórd na naomh. “Tabharfaidh,” adeir an fháidh, “an Tighearna luadhach saothair a seirbhíse dá naomhaibh,” Sap.x.17, Ps.cxxvii.2. Ó a anam chreidmheach Chríostamhuil, d'oibrigheas go humhal úirísiol fírinneach ar son Dé! créad é méid do shéin agus t'fhoirtiúin! Éireóchaidh gach nídh go maith leat, mairfidh tú tré shaothar do lámha féin, do bhrígh go bhfaghair mar dhualgas an bheatha shíorraidhe. A chonntrárdhacht, créad mar mhíofhoirtiún agus mar thubuist don té úd do chaith laothana a bheatha ag codla i suaibhneas agus ag imirt i socamhuil agus i n-aoibhneas an tsaoghail i n-ionnad saothair ná maitheasa an Áirdrígh ná an anma do dhéanamh. Iom thráthnóna gheimhre fhealltaig an bháis ní bhfuil a thuarasdal lean' fhagháil do. Díbreóghfar go díbhfeargach mar sheirbhíseach neamhthairbheach é amhuil agus mar theangmhuig don tseirbhíseach úd an tsaoibhsgéil do cheil agus do chuir i bhfolach tadhlaice a thighearna agus ná deárnaidh nídh ar bith dá loighead do Dhia. “Teilgthear agus caitear,” adeir ár dTighearna, “an seirbhíseach neamhthairbheach i ndoirchideas foirmlioch,” Math. xxv.30, .i. go hifrionn, i gcian ó choímbhrollach charthannach mhórthrócaireach Dé, i measg gach doighir-lasair domhúchta tinteamhuil grodloisgidhthe dá bhfuil ann. Amharcaidh féin agus féachaidh annois ar an bpionós sin. Acht is mó ná sin an t-éadóchas iona mbiadh an drong úd nách fuilingtheach agus nách fiúntach agus nách fóghanta dochum aonmhaitheasa ar bith do dhéanamh, do chaitheas a n-aimsir ag rille ruaille ann gach cuir, peaca, tréanlocht agus feilebhearta, don droing so, adeirim, do mhairionn amhuil agus mar ná biadh Dia, flaithios ná
ifrionn ann. Goirfidhear orra ar theacht na hoidhche .i. i bpongc critheaglach an bháis, dochum tuarasdail a ngníomhartha do ghlaca. Acht créad an díol is dual dóibh d'fhagháil acht a gcianruagairt i n-imchian a radharc ghléamhaisig Dé, mallacht shíor agus móirthinntreacha agus tréanlasaracha domhúchta ifrinn do ghnáth? Ní maith le Dia a dteacht ionna radharc ná iona láthair ar aonchor, acht le móirneart feirge agus cuthaidh agus furántachta chúcha go ruaigfidh agus go sgriosfaidh óna chaomhchómhluadar iad, ag rádh: “Triallaidh uaim, a dhrong dhéanta na bhfeilebheart”: Discedite a me qui operamini iniquitatem, Math.vii.23. “Taraigeadha libh, a lucht na mallacht agus na míghníomh, go teine ifrinn go síorraidhe atá ollamh don diabhal agus dá aingiolaibh”: Discedite a me, maledicti, in ignem aeternum qui paratus est diabolo et angelis suis, Math.xxv.41. Muna gcreidthí an mhór-fhírinne so, ní féidir a rádh gur deighChríostaighthe sibh, go bhfuil binn agaibh ar Dhia ná tiollamaighe lena thrócaire, acht a chonntrárdhacht, is díthchreideamhaig sibh nó lucht do shéanfadh an reacht, ag troid is a' coinbhleacht fá bhrataing an diabhail i n-aghaidh fhlaithis na glóire. Agas má chreideann sibh gurab í an fhírinne do habarthar libh, créad é an fáth ná caitheann sibh iona sheirbhís í mar budh dhleacht díbh do dhéanamh? Créad é bhúr n-óinbhideacht agus bhúr ndall-inntleacht gur fearra libh agus gur rogha go mór mallacht Dé ionna an bheannacht shíorruighe do thuilleamh! Dámadh mhaith libh cómhoibrioghadh do dhéanamh leis na grásaibh neamhdha, dothiucfadh libh seilbh Dé do thuilliomh dámadh mhiann libh féin é 'dhéanamh. Ó créad í mar dheaghuair agus mar mhórfhoirtiún! Ó dá mbiadh an bhonntáiste si ag na diabhail, créad an díthchioll ná déanfaidís dochum a roichsint! Acht dobudh fhéidir libh Dia do chailleamhuin gach móimeint muna mbiadh sibh ar bhúr bhfaire agus muna ndéinge sibh fórchoiméad
maith dochum gan fearg ná amhluadh ar bith do chuir ar an Áirdrígh agus muna ndéinge sibh díthchioll friochnamhach deithionsach fuadrach dochum éirghe agus múisgilt as na feilebheartaibh d'éis tuitim ionnta. Ní thig le haoinneach agus ní bhfuil ar gcumas do dul asteach annsa ghlóire shíorraidhe gomadh naomh é. Ní féidir aoinneach do naomhughadh ar an saoghal eile; ní fuláir sin do dhéanamh ar an saoghal so ar feadh na haimsire do caithfiodhar ann tré shíoraithrighe, tré dheaghoibreachaibh, tré úrnaighthe, tré fhulang, tré fhoidhne agus tré chlaonmharbhadh, tré charthanacht, tré throsgadh tré umhalacht agus úirísleacht, ag cómhghluaiseacht agus ag céimnioghadh tré an uile dheighthréighthe Chríostamhuil, go háirighthe agus go sonnradhach ag greamughadh do leanamhuin do bheatha agus do staid Chríost an feadh agus do mhair ar an saoghal so. Muna mbiadh aon chosmhulacht ag bhúr mbeatha le beatha Chríost ar uair bhúr mbáis, ní fogas díbh furtacht ná cabhair, acht a chonntrárdhacht, biadh sibh uile caillte muna mbiadh ionnuibh acht cosamhulacht agus maireachtuin do réir riaghalacha an diabhail, an tsaoghail agus na colna. Och mo chreach! Nárbh fheárr go mór dhíbh ná béarfaoi riamh sibh ná maireachtain agus bhúr ndamnughadh mar na hoiristínibh, agus caora teintighe domhúchta tréinfheirge an Tighearna do thuitim d'aontulmas ionnbhúr mullach mar aon leó dochum fanamhna go bithshíor i measg lasaracha dochuimsighthe géirnimhneacha na teine ifrionnda go síorraidhe? AN DARA CAIBIDIL Múisgleann, brostaigheann agus corraigheann an creidiomh, agus tugan cabhair agus congnamh do na peacachaibh dochum iompaighthe ar Dhia. “An tan dothiocfas Mac Dé ar chríochnamhadh an domhain, an dóith libh go bhfaghaidh sé an creidiomh i measg na ndaoine?” amhuil agus mar chanas an Mac
céadna sin na briathra so ag Naomh Lúcás,xviii.8. Agus dá dtagach annois féin, an measann sibh nó an dóith libh go bhfadhach annbhúr measg é? Do-gheabhadh i measg na n-anm ndeabhóideach gcaondúthrachtach sin do-ghnídheas a réir agus do thréigean, do shéanas agus do chuireann suas do reachmas, d'aoibhneas agus do shlightibh an tsaoghail agus do mhaireas agus do chaitheann a mbeatha do réir dlighe agus reachta an chreidimh .i. do réir phrincíp agus thuismidheacht an chreidimh, agus do réir reachta agus aitheanta an tsuibhsgéil. Acht an bhfaghfar é i measg na bhfeilebheartach sin d'fhanan go toileamhuil, do ló agus d'oidhche, fá thromualach a bhfeileghníomhartha, amhuil agus mar ná creidfidís go mbiadh aon Dia ann dochum a smachtaighthe ná sásamh do bhaint díobh iona mallaightheacht? Monuar! Do chailleadar an creidiomh nó do-chuaidh sé cómh mór sin ar bághadh uatha gur éag sé agus go bhfuil marbh iona n-anma, ar mhodh ná tugann múisgilt ná corruighe ar bith ar a gcroidhtheacha cruadhchlochacha, ar an adhbhar, dá mbiadh an creidiomh ar marthuin aco, go dtabharfadh fá deara orra cuimhne do bheith aco ar cheartbhreitheamhnas an Tighearna agus critheagla agus uabhain do ghlaca roimh an bhFírcheart nDiadha; ionnas agus go dtabharfadh an faitchíos sin fá deara orra iompóghadh go fírinneach ar Dhia agus maitheamhnas d'iaraidh air, mar na Ninibhítig do chreid gach mórbhagairt agus tréindíoghaltas dá raibh Dia dochum agairt orra, amhuil mar chan Ionas an fháidh an friotal leó, ionnas agus gur ghlac anamhóin agus uathbhás iad agus go dtug an chritheagla sin fá deara orra a bpeacadha do thréigean agus trosga, úrnaighthe, déirc agus sléachtuin do dhéanamh do Dhia, ag iaraidh trócaire air, nídh dofuaradar.
Ciabé staid ionna bhfuil sibh, ná caillig choidhche an creidiomh, agus creidig go bithshíor gach pongc d'órdaigheas agus do chreideas ár Naomh-Mháthair, an Eaglais Chatoilice Rómhánach. Déingeadha fós gníomhartha is iomchuibhe agus is oireamhnach don mór-fhírinne si do bhaineas cómh fogus sin díbh féin .i. machtnamh go bhfuil Dia do-chríochnaighthe fírcheart agus mórthrócaireach, go bhfuil ifrionn ann fá chómhair na bpeacach ndúra gcruadhmhuinéalacha drochrúnacha, go bhfuil Íosa Críost ollamh do shíor dochum na n-aithrigheach do ghlaca fána choimeirce. Ó créad mar do chóimhneartóchas an creidiomh so sibh mar aon ris na grásaibh agus do bhrostóghas oraibh dochum iompaighthe go fírinneach ar Dhia! An feadh do mhairean fundament nó íochtar falla tighe ar bith teann láidir tréanchumasach iona sheasamh, is ró-fhuras an chúirt nó an teaghlach d'ath-thógbháil, siúd agus go mbiadh an díon, an tsling agus na falladha ar neamhórdughadh. Acht an tan dobhíonn an t-íochtar lochtach, ní fuláir go dtuitfidh an teach fá chlár talmhan, ar mhodh ná fuil bail ar an obair gan aithfhiorra do ghabháil aice. Is é an creideamh fundaiment, bun, íochtar agus taca an uile thréighthe, riaghaltacht agus beannaightheacht, colamhuin, posta agus neart na sláinte síorraidhe. Goireann Naomh Pól agus tugan mar ainm ar an gcreideamh “substainnt nó fundameint na neidhthe is iondóthchais dúinn”: Est autem fides sperandarum substantia rerum, argumentum non apparentium, Heb.xi.1. An feadh do choiméadfas an peacach an creidiomh ionna chroidhe agus do chreidean sé, súd fós agus go gcaillfeadh an charthanacht agus go tréigfeadh na deighthréighthe agus na subháilceadha eile, ní bhfuil a aghaidh-iompóghadh ná a aithfhille ar Dhia cómh docamhalach sin. Do bhrígh go
bhfuil spréidh bheag éigin do theine na sláinte síorraidhe agus lonradh do shíol na ngrás neamhdha gan múcha ar fad ann fós, atá an fulang agus an taca ann fós ar ar féidir leis a thig saothair do dhéanamh, tré chongnamh na ngrás. Och mo chreach! An tan atá an creidiomh lochtach, cionnas do mheasfaidhe go n-iompóghadh an peacach go fírinneach ar Dhia? Ní bhfuil aithne aige air ar aonchor. Créad é an modh (ar an adhbhar san) ar a nguidhfidh sé é dochum párdún agus maitheamhnas d'fhagháil uaidh? Agas cionnas do-gheabhaidh trócaire muna n-iarfaidh í cia fionnas agus go n-abair Críost nách fuláir go loirgfeadhar í? “Iaraidh agus do-gheabhthaoi”: Usque modo non petistis quidquam in nomine meo; petite et accipietis, ut gaudium vestrum sit plenum, Ioan.xvi.24. Cionnas nó créad an modh ar ar miann libh iompógha nó fille go fírinneach ar Dhia muna gcreidfidh dho? Cia fionnas, do réir mar adeir Naomh Lúcás, gur measa sibh go mór ná na diabhail féin do chreideas agus do chóimhchritheas roimh fhírcheart Dé: Et daemones credunt et contremiscunt, Iac.ii.19. D'fhanadar na Sodomítig go tinneasnach aghaidh-láidir andána cruadhmhuinéalach díothchoisge ionna ndrabhaoigheal bhréantais mhóragraighthe fheilebheartacha mhíochaoiseacha nó gur thuiteadar tréincheatha domhúchta mhórlasaracha grodloisgidhthe teintighe ó neamh orra tré neamhshuim agus neamhthabhacht do thabhairt do ráidhtibh Loth d'innis dóibh go dtiucfach agus go dtuitfeadh an léirsgrios diadha orra. Ní chreidfidís do agus do cailleadh iad. Bíodh uamhain, anmhóin, uathbhás agus critheagla cos agus lámh oraibhsi roimh an sómpla gcéadna má leanan sibh iad ionna ndíthchreidmheacht. Do-chonnairc Nabuchodonozor ionna aisling crann ag ár
éirig a bhár cómh huathbhásach sin ós cionn gach fíodhbha dár fhás agus do sgar agus do leath a ghéaga cómh fairsing sin ionnas agus gur fhoiligheadar aghaidh chláirleathan na talmhan go huile agus go dtagaidís éanlaighthe beaga agus móra an domhain fána bhrainseadhaibh agus beathadhacha brúideamhla an tsaoghail dochum codalta agus fanamhuin fána sgáile. Tug Dia órdughadh an crann so do ghearadh agus an phréamh d'fhágbháil 'na beathaidh ionnas tré úrmhuireacht na fearthanna agus mhéid an drúchta go n-athfhásach an phréamh. Is fíghir, sómpla agus cosmhulacht so don anam sin agá bhfuilid na grása aice, do chailleas iad tréna faillighe féin agus agár féidir lé a bhfagháil tar ais más miann lé féin a dtuilleamh. An feadh do mhairfidhe ar staid na ngrás, biadh bhúr ndeigh-ghníomhartha infheadhma agus tairbheach díbh dochum na bhflaitheas do roichsin agus d'fhagháil. Biadh bhúr gcarthanacht go fóirleathan feidhm-láidir ann gach áird. Is féidir libh bheith ró-thairbheach don droing fhóghanta is ionntuigse ris na héanaibh úd an aodhair, agus don droing aimhleasta neamhfhóghanta mar an gcéadna is ionntuigse dhúinn ris na beathadhchaibh allta úd an tailimh do luadhmair. Acht d'éis tuiteama díbh annsna peacadha marbhthacha, gearrthar an crann so, ar an adhbhar go gcailleann sibh na grása agus an charthanacht mar aon leó agus gach nídh dár thuilleamhair d'fhagháil roimhe sin mar luadhach saothair. An ceart díbh ar a shon sin dul i n-éadóchas fá mhéid na mórchailleamhna sin d'imthig oraibh fá tharang na ngrás uaibh? Ní ceart ar aonchor ar chonntar go mbiadh an creidiomh .i. an bun, an fundament, an taca, an fulang agus an phréamh, ar marthuinn agus 'na bheathaidh annbhúr n-anma, ar an adhbhar, d'éis tréinfhearthanna mhórchumasaig agus drúcht saidhbhir na ngrás ndiadha do thuitim ar an
gcreidiomh, dá fholca dochum úrmhaireacht, go n-athfhásfaig fonn friochnamhach fíorfhuadrach searc-chumanach deaghsmúintightheach ionnaibh d'aithbheódhachas ó bhás an pheacadh agus do stiúróchas dochum bhúr bpríomhstaid neimhchionntach sibh. Machtnaigheadha, ar an adhbhar sin, agus tugaidh fá deara créad é a mhéid mar thairbhe an creidiomh do bheith agaibh d'éis na ngrása féin agus na carthanachta do chailleamhuin díbh. Is féidir an creidiomh do chur i gcomparáid agus i gcosmhulacht leis an ógmhnaoi úd do chloinn Israel do bhí fá mhoghsuine agus i mbraighdeanas i dteach nó i dteaghlach Naaman, an t-iodhaladharthach agus prionnsa agus árdtaoiseach armála Rígh na Siria, iv Reg. v.2. Monuar agus m'uathbhás géarghoineadach! Is mórsglábhadha dá bhúr n-anma an creidiomh agus bíonn ar staid ró-thruadhmhéilig fhíoratuirsig thréith-luig dhiandhochraig 'na luighe i gconntabhairt bháis an cian do mhairionn sibhsi ag únfhairt gan múisgilt a suan mharbhthach bhúr bpeacadha. Do budh chongnamh iongantach éagsamhuil neamhmhaoidhteach an bheansglábhadha úd do chloinn Israel dochum na luibhre sin dobhí ar Naaman do leighios agus do dhíbirt uaigh, do bhrígh gur nocht agus gur chuir i dtuigsin do go raibh fáidh i measg chloinne Israel do leighisfeadh an luibhre. Do thriall an prionnsa so fána dhéin agus do leighiseadh ón aicíd é iarna nighe dho fó sheacht i n-abhainn nó i sruith Iordan tré dheachtughadh órdaighthe agus chómhairle na fáidhe Elizee. Mar an gcéadna an cian d'fhanann sibhsi truaillithe i n-aicíd luibhre na bpeacadha agus na bhfeilebheart, bíonn
an creidiomh do ló agus d'oidhche go tréan díthchiollach ag obair agus ag sglábhadhacht dochum bhúr leighiste, do bhrígh go gcuirean i dtuigsin agus i naith dhíbh go bhfuilid sagairt san eaglais ag a bhfuilid na cómhachta dochum maitheamhnais na bpeacadha do thabhairt díbh, go ngoireann Críost gan osadh oraibh dochum na fíoraithrighe do dhéanamh, go bhfuilid a ghéaga ar dian-leatha aige dochum bhúr gcurtha fána choimeirce, ag tairgsin agus ag tabhairt na ngrás díbh. Ní bhfuil agaibh mair sin le déanamh, más miann libh bhúr sláinte d'fhagháil thar ais, acht an chómhairle sin d'fhurálan an creidiomh oraibh do ghlacadh. Acht ní fuláir go n-éistfíodhar leis an gcreidiomh agus go ngéillfíodhar do na sagairt sin d'ainmnigheas díbh. Ní fuláir dhíbh sibh féin do dhian-sgrios agus do sgiumara ó annlochtaibh bhúr bhfeilebhearta tré fhíoruisge ionuillte na haithrighe, tré chroidhbhrúghadh, lóirghníomh agus admháil beóil, mar do éist Naaman le cómhairleacha a bheanfheadhma, a' géille don fháidh oirdheirc Elizee. Agus muna ndéinge sibh so, do-gheabhthaoi bás annbhúr bpeacadha, amhuil Naaman do bhiadh caillte iona luibhre muna mbiadh gur ghéill go fonnamhar do gach nídh dár luadhadh leis agus dár hórdaigheadh do do dhéanamh. AN TREAS CHAIBIDIL Is mó do tharuingeann Dia na peacacha dochum aithrighe tré aobhdhacht, bhúidheacht agus socamhlacht a mhórmhaithis ná tré dheacamhlacht agus ghéire thréinsgiúrsadha briochtfhaobhracha a fhírchirt. Ó thúis domhain is mó do thaisbeáin Dia do thruadh agus do thrócaire do na peacachaibh ná d'fhírcheart dochum a dtairngthe chum na haithrighe tré dhóthchas
agus mhuinghín phárdúin agus mhaitheamhnais d'fhagháil uaidh iona n-annlochtaibh feilebheartacha díothchúiseacha. Acht is mó go mór agus is deallraighthe léirghlinnthe do-chonnarcas agus do-cídhtear í ó theacht Chríost chúghainn i gcolainn daona, ar mhodh go dtug agus gur thaisbeáin an Slánaghthóir deaghbhuadhach searc-chumannach so an oiread sin grádh, searc, cumainn, truaidh, carthanachta agus muintearthais do gach peacach dár thriall air, dá nglacadh fána choimeirce, dá gcaomhna, ar mhodh gur mheasa sibh go mór ná na diabhail uile dá dtuitfeadh sibh annois i n-éadóchas, súd agus go mbiadh sibh ar na peacachaibh is mallaighthe dár shiubhail agus dár mhair ar an dtalamh riamh, gan bhúr ndóthchas agus bhúr muinghín do chur go fírdhíreach iona mhórmhaitheas neamhchoimsighthe. Do ghearánadar fáigeadha ró-naomhtha an tseinreachta agus do chuireadar i n-umhail go ró-thruadhmhéileach gur iadhaig Dia beagnach inneadha a mhórthrócaire, Isaias LXIII.15. Acht d'osguil Aon-Mhac an Athar Síorraidhe, ar ghlaca na colna daonna air, iad cia fionnas agus go dtáinig dár n-ionnsuighe agus ag triall oruinn tré inniodhabih ró-thrócairig Dé, a Athar féin, Luc.i.78. Ní bhfuil do thoirmiosg oraibh, mair sin, feasda acht dul asteach fá tharmuinn na n-inneadha gcéadna sin dochum párdúin d'fhagháil ionnta ar choinghíol go dtiocfaidhe le fíoch fuath agus mórghráin ar bhúr bpeacadha, ag cur bhúr ndóthchais mhórmhuinínig thréanláidir mar bhúr gcrích ndéanaig aoinreacánta ann. Deimhnigheann an Slánaightheóir searc-chumanach búidh si dhúinn i mballaibh iomdha don Sgrioptúir nDiadha ná táinig féin go prinsiopálta ó thúis acht dochum na bpeacach do ghairm chum na haithrighe agus maitheamhnas
a bpeacadha do thairgsin agus do thabhairt dóibh. Adeir linn gur mar liaig do chuir a Athair ag triall oruinn é dochum gach peacaig bhoicht thuibistig mhíofhoirtiúnaig do bhrisfeach agus do raobfach a chroidhe agus ní hé a chuid éadaig le tromshrothaibh tréanchathaigheacha móráidhbhseacha na fíoraithrighe do leighios, agus mar fhuasgailteóir dochum na bpeacach dobhí ceangailte ar dhéirnín mar sglábhaighthe ag an ndiabhal do réighteach, Isaias LXI.1. Acht labhrann go ró-shoiléir agus go glinn ag Naomh Lúcás xix.10, ag rádh: “Dotháinig Mac an Duine ag lorg agus ag cuardughadh na droinge úd dobhí arna gcailleamhuin dochum a sábhála.” Agus ag Naomh Matha, ix.13: “Is taithnniomhuighe liom agus is grádhmhaire go mór trócaire ná íodhbairt, do bhrígh nách dochum na bhfíoraon do ghairm dotháinig mé acht dochum na bpeacach.” Dotháinig, ar an adhbhar sin, ag lorg gach n-aon dá bhfuil ar an saoghal 'na pheacach, dá ngairm dochum aithrighe, cia fionnas agus gan sin go rabhadar uile caillte. Dotháinig Críost, ar an adhbhar san, dochum bhúr loirgthe agus bhúr sábhála, agus tagan dá mhioncacht agus do thréigean sibh é tré bhúr bhfeilebheartaibh. Agus dá bhrígh sin fuilngig agus léigig don tSlánaghthóir ró-dhiadha so sibh do lorg agus d'fhagháil. Triallaidh fána dhéin agus ná bíodh eagla oraibh go n-éimeóchaidh sibh cia fionnas agus go dtáinig dá bhúr n-iaraidh. Cuiridh dóthchas agus muinghín tréindíthchiollach láidir ann agus bíodh a dheimhinfhios agaibh ná tréigfe sé sibh choidhche an tan do chóimhrithfidhe fána dhéin trésan bhfíoraithrighe, ar an adhbhar, an tan d'fhuathaidhean agus do thréigion sibh é tré bhúr bpeacadhaibh, go luathadhan, go mbrostaighean agus go ritheann ionnbhúr ndiaigh tré naoimhshéideadha searc-chumannacha fíorghrádhmhara a
mhórghrása ró-thrócaireach, mar thréadaighe nó shípéir do rithfeadh i ndiaigh a chaorach do reachach uaidh tar ceal nó amugha i measg dhrisleach nó acharainn na gcoillte. An cosmhuil nó an dóith libh go n-éimeóghach nó go séanfach tréadaighe ciallmhar glic ar bith ag árab é a ghnáthaighe agus a obair laothamhuil a chaoire do lorg agus do choiméad, an measann sibh, adeirm, ná déanfadh a dhíthchioll dochum na caorach sin d'imeóghadh uaigh ar fán do lorg agus d'fhagháil, agus dá nglaodhfach uirthe, go bhfreagóradh é, ar aithint a ghutha dhi, agus go dtriallfadh go fonamhar fána dhéin dochum a caomhnaighthe ar gach olc? Nách é so an buaireamh, an cathughadh, an teamptásún agus an bhuairt fhiúranta dhainséarach ón ndiabhal agus ón' ilchleasaibh a chuir i n-umhail díbh séanfaidh Críost sibh agus ná geabhaidh libh fána choimeirce an tan do ghéillfidh sibh dá ghuith, ag triall fána dhéin le croidhe cómhbhrúighte úirísiol umhal? Cia fionnas agus an tan do churthaoi sibh féin i n-imchian uaidh, ag triall reómhaibh i mbealach na locht agus ag céimnioghadh i ród na bpeacadha, go leanan sibh go dian deithionsach díthchiollach, dá bhár ngairm tar ais tréna naomh-shéideadha searcamhla, tréna shuairc-chorraighthe grásamhla, tréna fháidheadhaibh ró-bheannaighthe, tréna shuibhsgéil ró-oirdheirce, tréna gheallamhna neamh-mhiollamacha, tréna thréanbhagarthacha neimhtheibightheacha, tré dheaghshómpladhaibh lucht deaghmhaithiosa agus tré ghuith, ghairm agus ghlaodhach an uile chréatúra dár cruthaigheadh. Dá mhéid docamhlacht, cruatan, cogadh, ruathar,
coingtinn, coinbhliocht inntinne, cóntrárdhacht, aithreachas, faillitheacht agus drochsmuaintighthe éadóchais dá mbraithfidhe ionnaibh go hinmheadhonach, ná caillidh choidhche coráiste, acht corraígeadha, brostaígeadha agus múisglig sibh féin go bithshíor, ag cur bhúr ndóthchais go muinghíneach tinneasnach tréindíthchiollach feidhm-láidir i mórthrócaire nDé tré dhlúth-thuilliomh Chríost ár dTighearna. Fillidh agus triallaig fána dhéin go húirísiol urramach umhal tré chroidhbhrúghadh agus atuirse fá fheirg do chur ar Dhia, do bhrígh, i n-ionnad sibh do chianruagairt ná do dhíbirt uaidh mar dobhí a fhearg libh tré bhúr mí-iompchar, go n-osgólfaidh a lámha reómhaibh, go ndianfháisgfidh sibh lena chroidhe go ró-thrócaireach ionnas agus go gcuirfidh i n-umhail gur mó a luathgháir fá bhúr n-aithfhille ná tré bhuantseasamhacht fhadardhanta na bhfíoraon nár thuit. Is mór-fhírinne í so do theagaisg féin dúinn tré fhíghireachaibh agus chosmhulacht an mhic dhiablásaig sgapaighthig úd an tsuibhsgéil, Luc.xv.12, na caorach úd d'imthig ar fán, Math.xviii.12, agus an fháinne úd do chaill an bhean, Luc.xv.8. Do-rin athair an mhic sgapaighthig sin a níbhus mó do chaithréim, do luathgháir, do mhéid meanman agus do chaithis fána chómhair, bíodh agus gur theilg seochad agus gur chuir amugha a mhaoin agus a shubstaint go huile, ná do chuir do spéis ná do shuim annsa mhac eile leis nár chuir fearg air ar aonchor. Do ghabh an oiread sin luathghára agus méid meanman an tréadaighe iar bhfagháil a chaorach dho d'imthig uaidh ar mhodh gur chosamhuil gur dhearmuid an chuid eile díobh tré iomarcadh gáirdeachuis. Agus an bhean, ar fhagháil a seóide, do chómhchruinnig a mná comharsana uile ionna
tímpchioll dochum cómhluathghára dá nglacadh tríd. Créad é an t-athair, an tréadaighe agus an bhean so acht Íosa Críost ár dTighearna? Agus créad é an mac sgapaightheach, an chaoire fáin agus an fáinne so do cailleadh acht an peacach? Ó créad é an fáth iona gcreidfidh sibh ná geabhadh an t-Athair fíor-mhilis fíorghrádhmhar agus an Tréadaighe searc-chumanach caoin-mhuinteardha so, Críost, libh gach uair, tráth agus am do thriallfaidh sibh go fonnamhar croidheamhuil fána dhéin, cia fionnas agus gur grádhmhaire leis sibh go mór ná le haon athair san mbith a chlann agus gur chosnamhair dho a níbhus daoire ná a chaoira don tréadaighe, ná cró, fail nó fáinne ná séad do mhnaoi san mbith dá shuimeamhla dá raibh ar druim talmhan ná dá mbiadh? AN .4. CAIBIDIL Brisfeadhar, raobfadhar agus teilgeófar ar seachad andóthchas agus aindréim na bpeacach gcruadhmhuinéalach bhfeilebheartacha neamhaithrigheacha i n-aimsir an éaga nó i bpongc déadhnach an bháis. Labhraig, déingeadha agus smuaingeadha gach nídh is miann agus is taithniomhuighe libh san mbith an feadh agus dobhiadh sibh i n-iomshláine bhúr nirt agus bhúr gcumais, óg, láidir, tréanchumasach, fuineamhuil, neartmhar, fuadrach. Abraidh fós mar aon leis na feilebheartaig mhallaighthe: “Cuireamaois amuinn coróinneadha do rósaibh agus do phincíneadhaibh; ná bíodh mágh, áit,
áird, tír ná dúithche ná rithfidh ár n-ainmhiann tríthe,” Sap.ii.8. Glacam ár bpléasúr agus ár gcaitheamh aimsire annsna huile neidhthe mar is maith linn féin do dhéanamh. Do-gheabhaidh Dia, ar a shon sin, agus glacaidh aimsear féin dochum sinn do stopa agus toirmeasg do chur oruinn innár bhfóirneart reatha agus aoibhnis. An bhfuil sibh cómh mór sin ionnbhúr n-óinmhideadha agus go gcreidfeadh sibh nárbh fhéidir libh tuitim idir lámha díbhfeargaig an Tighearna? Rom.ii.3. An dóith libh go bhfuil ar gcumas díbh dul i bhfolach óna radharc ró-dheallraightheach léirghlinnteach, ná buadhchant ar a chuislinn ró-neartmhar thréanchumasaig uile-chómachtaig nó a fhíorcheart glan-díreach do chúba dochum géille dá bhúr bhfeilebheartaibh? Bíodh a fhios agaibh mar fhírinne neamh-mhiollamaig go dtreórfadhar agus gurab éigean díbh teacht ós cómhair cathaoireach cheartbhreitheamhantais Dé dochum cúntais na n-uile neidhthibh dá ndeárnamhair, dár labhramhair, dár smuaingeamhair ná dár chuimhneamhair do dhéanamh ar feadh bhúr mbeatha do thabhairt uaibh, Eccli.xi.9, agas go n-aireóchaidh sibh i bpongc déadhnach an bháis piannta briochtfhaobhracha géirnímhneacha .i. corraigh, múisgilt agus critheagla na bochtuaire sin an tan bhus léir dhíbh an staid dhoilbhiosach dhobrónach iona mbiadh sibh, ag tabhairt dá bhúr n-aire créad é an mhire agus an díthcéille, an dall-inntleacht agus an neamhthuigsint díbh leanamhuin do shóigh, d'aoibhnios, do phléasúr agus do mhealltóireacht an diabhail, an tsaoghail agus na colna, ag dearmad réir Dé agus leasa bhúr n-anma do dhéanamh. Biadh Dia a' maga, ag fochmhuid agus ag fonamhuid fá bhúr mórdhacht, bhúr bhfórsa, bhúr neart, bhúr gcumas, bhúr dtoice, bhúr saidhbhrios, bhúr sláinte, bhúr gcaraid,
bhúr muinntearthas, bhúr nglóire, bhúr mórtais agus fá gach nídh dá bhfuil agaibh muna mairfidhe agus muna gcaithfidhe bhúr laethe agus bhúr n-aimsir in' eagla agus muna siobhalfaidhe go fírinneach ionna shlightibh agus a aitheanta do choiméad agus muna bhfanfaidhe go fírinneach dílios buaintseasamhach ionna ghrásaibh. Ar an adhbhar, an tan is ró-lugha do shílfidh sibh é, fuadóchaidh uaibh agus sgarfaidh libh gach nídh dá dhísle agus dá cheanamhla dá bhfuil agaibh san mbith, agus fágfaidh sibh ar na créatúireadha is boichte thruaillighthe thruaghánta mhíofhoirtiúnaighe dá bhfuil ná dá mb'éidir do bheith i measg clannmhaicne Ádhamh ar talamh. “Úmhlaighean Dia agus árdaighean; do-bheir saidhbhrios uaidh agus boichtinigheann; úirísleann go ró-íochtarach agus tugan tar ais,” Reg.ii.6-7. Ó bíodh eagla Dé go haoinreacánta oraibh! Ná cuirig bhúr spéis i n-aoinread eile. Ná déingeach an toiceach mórtais as a shaidhbhrios, ná an cumasach maoidheamh as a neart, ná an foghlamthach mór-as-fiú as a chuid léighinn ná tuigsiona. “Boichtnigheann na toiceacha mórshaibhre” an tan is miann leis é, “laguigheann na tréanchumasaig fhóirneartmhara,” Luc.i.53. “Teilgeann i ndiaidh a gcinn lucht na poimpe dá suidheacháin”, ib. 52, agus do-ghnídh amadáin do lucht dearsgnadh. “D'iompaig Dia,” amhuil agus mar adeir Naomh Pól, “dochum óinmhideachta foghlaim agus dearsgnacht an tsaoghail so,” Cor.iii.19. Ní fiú faice aoinread gan grása Dé, agus atá cúis agus adhbhar eagla ag an bpeacach roimh Dhia agus roimh na créatúireadhaibh, agus fós roimh an gcuid is ró-lugha dhíobh ar an adhbhar go léirsgriosaid agus go ndíthcheannóchaid é an tan is maith le Dia úsáid do dhéanamh díobh dochum na bhfeilebheartach do sgiúirsioghadh. Do chuir Goliath a dhóthchas agus a mhuinghín go
mórmhórtaiseach in' fhearántas fhearamhuil, i méid a neirt agus a chumais, ionna chródhacht neimh-mheata, i ngéire a chloidhimh, i bhfeabhas a chlogaid, i gcumas a sgéithe, i dtreise a lámh agus i gcruadhas a bhall. d'fhógair cath aoinfhir ar champa Sháuil, do chuir critheagla agus uathbhás cos agus lámh ar a lucht goile agus gaisge, agus faitchís ainiomarcach ar gach soigheadúir agus fear cuinne dá raibh san gcomplacht go huile. Do leag Dia ar a chúl agus do threasgair é tré láimh shípéir nó tréadaighe bhig neamhthabhachtaig nár iompchair clogad riamh, cloidheamh ná sgiath .i. an t-ógánach Dáibhíodh ná dearna cogadh, coinbhliocht ná cuimheasgar acht i n-aghaidh mhachtaoireadha agus mhadraoi allta agus gach beathadhach namhdach eascáirdeamhuil eile dothiucfadh a' buaireamh nó ag déanamh toirmisg do chaoraibh a athar. d'umhlaidh an Dáibhíodh so an Goliah nó an t-athach mórphuimpeamhuil tréanchumasach feidhm-láidir úd gan d'arm aige acht maide iona láimh agus sgeatachán, cranntabhaill nó sligire agus cloichín iona bhárr, ionnas gur aimsig ionna cheartaghaidh é agus gur iompoig mágcuaird agus gur threasgair dochum clár talmhan agus gur theasg agus gur sgoith a cheann de lena chloidheamh dílios féin. Muna n-umhalóchaidh sibhsi sibh féin do láthair Dé, aimseóchaidh a mhór-neart tréanchalma fíorfhuránta gaisgeamhuil sibh, dá bhúr stopadh, dá bhúr mbasga agus dá bhúr dtoirmeasg i gceartmheadhon bhúr n-aoibhnis agus bhúr n-aitis tré fhurántacht agus mhórchalmacht na gcréatúireadha is ró-lugha le rádh agus is tarcuisneamhla libh san mbith, tré bhúr ndroch-chogús mailíseach féin agus tré gach nídh dá thaithniomhaighe libh féin agus ar ar dhoirteamhair bhúr searc ar feadh bhúr raé ar an saoghal so.
Bíodh go rabhair cómh caithréimeach tréanchumasach fóirneartamhuil fíorárachta feidhm-láidir cróga gaisgeamhuil arna bhúr n-adhradh le gach aoinneach mar íomháigh iolchrothaig Nabuchodonozor; bíodh fós bhúr gcinn déanta d'ór .i. bhúr dteacht d'fhuil mhóir thréanchalma phoimpeamhuil chathaisig árdonóraig mhórdhálaigh arna gcoinleacht do gach dignid agus árdchumas dá mhéid; bhúr n-ucht agus bhúr mbruinne déanta d'airgead .i. stór, toice, saidhbhrios, ullamhaithios agus mórmhaoin dochoimsighthe an tsaoghail dá bhúr rochtain; bhúr sliasda d'fhionndruinn agus do chopar .i. meas agus suim mhór ionganntach éagsamhuil, creideamhuin uathbhásach ughdarásach áirdchéimeach do bheith agaibh; bhúr luirgne d'iarann .i. neart, dearsgnacht agus cródhacht, urraim, umhalacht agus oghamós d'fhagháil ón uile dhuine ionnbhúr móirthímpchioll, cuimhnígheadha fós agus tugaidh fá deara go bhfuilid bhúr dtroightheacha déanta do chriadh, do láib agus do lathaig, agus go gcaithfidhe triall tar ais annsa draoib agus annsa ruide chéadna mar an íomhágh úd do luadhmair do léirmhilleadh, do raobadh agus do briseadh le cloich bhig do thuit agus do thúrnuidh uirthe do shliabh agus d'iompaig í ar phrap na súl go lán duirn do phúdar agus do luaithreán. Acht níor aimsig an cloichín si agus níor ghoin an ceann óir ná an t-ucht airgid ná na sliasda umha ná na luirgne iaruinn dobhí ar an íomhágh úd, acht linge go fóirneartamhuil fíorárachtach feidhm-láidir furántach fá na troightheacha criadh dobhí uirthe agus mair sin go ndeárna mionrabh, greamanna seabhaic agus beagbhlúireacha don íodhal sin uile gan bith a dtuairisg. Atá
iomshláine bhúr mórdhacht, bhúr n-onóra, bhúr n-áirdchéime, bhúr dtoice, bhúr saidhbhris, bhúr neirt, bhúr gcalmacht, bhúr gcumais, bhúr n-údaráis agus bhúr n-uile bhonntáiste agus mhóirspéis eile an tsaoghail si ar fundameint, bun, taca agus fulang throightheacha thalmhuin neamhthabhachtaig bhúr mbeatha neamhshuimeamhuil bhegéifeachtach bhriste bheárnaidh sho-ghluaiste mar luaithre na ród nó mar cheó phúdair nó smúiteán do séitear le gaoith, gan taca, fuinneamh ná brígh, fulang, fundameint ná forastacht. An tan do thriallfas an bás oraibh tré ghalar, aingcis ná easláinte nó chinneamhuin ar bith eile, ní thabharfaidh foghadh fá bhúr mórfholaigheacht, bhúr n-onóir ná bhúr saidhbhrios, fá dhéin bhúr ndignid ná bhúr ngradaim, acht tuitfidh d'aontulmas lena speil ghéir ar bhúr laothaibh somharbhtha. Fuadóchaidh, sraoillfig agus gearrfaidh leis iad agus gach nídh dá raibh agaibh mar aon le bhúr n-anma muna ndearnamhair aithrighe annbhúr bhfeilebheartaibh i n-am agus munar chóimhritheamhair fá bhrataig mhórcharthanach an Tighearna, ag iaraidh trócaire air ar feadh bhúr mbeatha, do bhrígh, i bponc chritheagluig uathbhásaig anfhórlannaig an bháis, gur mór an duadh, an pian, an doilbhios, an lionn dubh agus an brise croidhe libh dul i bhfogas do Dhia ná triall air má do chaitheamhair bhúr laethe ag dian-rith agus ag sírimtheacht i n-imchian uaidh. Agus ní chuirfidh Dia suim, spéis ná éifeacht ionnuibhsi an uair sin acht oiread agus do chuireamhair-si annsin ar feadh bhúr mbeatha agus muna ndearnamhair
díthchioll searc, grádh, cumann, cáirdios agus muinnteardhas do bheith dho agus urraim, oghamós agus umhlacht do thaisbeáint dá mhórdhacht ar feadh bhúr raé ar an saoghal so. AN .5. CAIBIDIL Is mór an dall-inntleacht, an neamhthuigsin agus an easbadh céille dhúinn gan maireachtain go bithshíor i n-uabhain, i n-eagla agus i bhfaitchíos ghéirbhreitheamhantais an Tighearna. Is doilbhiosach bocht atchúmhach duairciseach an nídh dhíbh leanamhuin do na neidhthe is luige, is neamhthabhachtaighe agus is míthreóirighe san mbith agus dárab baoghalaighe dhainséaraighe bhur gcailleamhuin shíorraidhe do theacht asda ná a chonntrárdhacht. Is iomdha rabha agus furfhógra dofuaradar na fathaigh roimh theacht dílionn ar an ndomhan go raibh fíoch fhurántachta ró-fheirge Dé ag triall chúcha dochum tuitim d'aontaoisg orra, tré léirfheicsin ghlinn-radharcaig an Fhírchirt Diadha, dochum a léirsgriosta agus a ndíthcheanna muna gclaochlóighdís a mbeatha thubuistig mhíofhoirtiúnaigh. Do sheanmóir, do chraobhsgaoil agus d'inniseadar na fáidheadha go ró-mhinic dóibh é. Níor choisg Noé agus níor stad dá dteagasg tré bhriathraibh agus ghníomharthaibh ar feadh an chéad bliadhain dobhí ag déanamh agus ag cumadh na háirce, Gen.vii. Acht d'fhanadar-sin go laothamhuil go cruadhmhuinéalach tinneasnach aghaidh-dhána ag maireachtain gan suim, spéis ná éifeacht do chur i rabhadh, i bhfurfhógra ná i mbagairt ar bith dá ndearnadh orra, gan creideamhuin do
thabhairt do ráidhtibh Dé ná na bhfáigeadha d'innis dóibh go dtiucfadh an díle chómhchoitcheann gheinearálta agus go dtuitfeadh annsna ceannaibh orra, nó go bhfacadar léna súilibh féin go raibh an mhórfhairge iomdhoibhin thréinleathan mhórchuthaig sin ar gach taoibh ionna mór-thíompchall d'éis éirghe an iomad cúibiod os cionn gach cnuic agus sléibhe dá aoirde, agus ná raibh meadhon ná slighe ar bith aco dochum iad féin do chosaint, do theasargan ná do chaomhna ar thréantonnaibh na móirdhílionn sin. Bagrann Dia a thréinfhearg oraibhsi i bpongc anathamhuil an bháis tréan' fháigeadhaibh. Taisbeánann an Sgriptiúir agus cuireann i n-umhail agus i dtuigsin dúinn i n-iomad d'áitibh gurab éigion díbh cúntas léir díreach cruaidh cruinn baileach do thabhairt uaibh annbhúr n-uile ghníomharthaibh, agus muna ndeárnamhair aithrighe annbhúr bhfeilebheartaibh ar feadh bhúr raé ar an saoghal so, ná fuil maith dhíbh súil do bheith agaibh le maitheamhnas d'fhagháil ionnta d'éis bháis. Agus ar a shon sin agus uile caithionn sibh bhúr mbeatha go dúr duairc neamhaithrigheach gan binn ar Dhia, eagla roimh n-a bhreitheamhantas ná tiullamaighe léna thrócaire, acht bhúr gcoinsiais loma-dhingthe plucaighthe deaghlán do na peacadhaibh, ag fanamhuin agus ag fuireach go síorraidhe fá thromualach na locht agus an bás ag eitiollaig chúghaibh; sibhsi gan fonn aithrighe oraibh, gan cómhartha ar bith dobróin, doilbhis ná atuirse do thaisbeáint tré bhúr bhfeileghníomharthaibh. An mair sin is dóith libh trócaire d'fhagháil ó Dhia ná maitheamhnas? Is cómhartha mór dall-inntleachta agus neamhthuigsiona díbh sibh féin do chur i gconntabhairt agus i ndainséar damnaighthe go síorraidhe ar an modh sin. Ar a shon agus gur bhagair Maoise go ró-mhinic go cruaidh docht anbhrostaighthe ar Pharao agus ar a mhuinntir go muirfeach aingiol an léirsgriosta mic oighreachta
na críche muna léigidís do Chloinn Israel gluaiseacht, agus siúd agus gur thaisbeáin agus gur chuir i n-umhail dóibh mórán do chómharthadhaibh mhóirnirt thréanchumuis uile-chómhachtaig mhóirfheirge an Tighearna, níor ghéill agus níor chreid Pharao dhóibh, acht d'fhan go síorraidhe buaintseasamhach iona chruadhmhuinéaltacht dhíthchreidmhig nó go bhfeacaidh a mhac féin mar aon le mic oighreachta na ríoghachta uile díthcheannach marbh treasgartha gan phreab ionnta. Bíonn dóthchas agus muinghín do shíor ag an bpríosúnach go bhfuaisgleóidh neach éigin as a bhraighdeanas é, siúd agus go bhfuil a dheimhinfhios aige go bhfuil cionntach annsa gcoir do cuireadh iona leith, go dtugadar na fínnithe a dteastas iona aghaidh agus gur háitigheadh air í, agus bíodh go dtugadh breith bháis air agus gur teilgeadh é, bíonn súil aige fós fuasgailt d'fhagháil as a ghéibhionn agus as an gcarcair iona mbíon sé. Meadh, maise, dá bhúr ndall-inntleacht-sa agus dá bhúr neamhthuigsint. Bíonn uamhain, eagla agus faitchíos oraibh roimh na neithibh dár cheart díbh gan bheith .i. boichtineacht, pláigh, sganaill, gorta agus droichmheas, dlighe, clampar agus pléid, galar, aingcis agus easláinte; agus ní bhíon eagla, suim ná imshníomh oraibh roimh na neithibh budh chóra díbh do thabhairt fá deara .i. na peacadha, na feileghníomhartha agus na tréanlochta, géirbhreitheamhantas Dé, fírcheart agus fearg an Tighearna. Is ro-fhurus 'aithint ná fuil suim agaibh ann ná eagla ar bith roimhe do bhrígh go n-imdheargann sibh go ró-thoiltineach é, ag raoba a dhlighe agus ag brise a aitheannta, ag corruighe, ag brostughadh agus ag múisgilt 'fheirge gach am, tráth agus nóimeint dá bhúr mbeatha. Máiseadh, créad is miann libh? Ná tugann sibh dá bhúr n-aire méid bhúr mire
agus bhúr mí-iompchair? Nách léir dhíbh creád í an tslighe do thoghfach sibh dochum na beatha síorraidhe do budh sláinte don anam do rochtuin? Atá an Fírcheart Diadha ag toirléasbadh tintighe fogharmongair tóirnighe ós bhúr gcionn. Do-chídhean sibh go laothamhuil agus do shíorghnáith bríghéifeacht an Chirt si agus mar do lámhuighean an mhuinntir do thuillean a mhí-ghnaoi agus a mhallacht. Atá an Sgríbhinn Diadha fóirlíonta do theistiméireacht chorrughais agus mhóirfheirge an Tighearna i n-aghaidh na bpeacach. Léigheann sibh é agus cloistí trácht air, agus 'na dhiaidh sin agus uile ní bhfuil uabhain, eagla ná faitchíos oruibhsi. Is cosamhuil go bhfuil sibh deimhnightheach do na flaithis, agus is dóith libh a seilbh d'fhagháil gan úmhluigheacht ar bith do thaisbeáint do dhlighe Dé ná dá reacht, gan maitheamhnas do thabhairt do chách mar is miann libh d'fhagháil ó Dhia, gan croidhbhrúghadh ná tuirse dá bhúr nglacadh tré bhúr bhfeilebheartaibh móiriomarcacha ná aithrighe ar bith do dhéanamh ionnta. Máiseadh creidion ár Naomh-Mháthair an Eagluis i ráidhtibh agus i bhfriotal Chríost adeir nách féidir aoinneach do shábháil muna gcoiméadaig aitheannta Dé: Si autem vis ad vitam ingredi, serva mandata, Math.xix.17; nách fuláir dhúinn maitheamhnas do thabhairt uainn más maith linn maitheamhnas d'fhagháil ó Dhia: Facite ergo fructus dignos poenitentiae, Luc.iii.8; Dimittite et dimittemini, ib.vi.37; Eadem quippe mensura qua mensi fueritis, remetietur vobis, ib.vi.38; nách fuláir dhúinn aithrighe do dhéanamh agus sin fá phéin ár ndamanta: Nisi poenitentiam egeritis, similiter omnes peribitis, Luc.xiii.3. Creidionn sibhsi an mhóirfhírinne si. Má chreidionn sibh, créad é an fáth ná déingean sibh úsáid di? Créad as ná bíonn critheagla agus uathbhás oruibh? Créad is adhbhar iona gcaithionn sibh bhúr mbeatha lán d'aindréim agus do ghlóire dhíomhaoin, do dhíomas agus d'anuaill, amhuil agus mar dobhiadh
d'oibliogáid, do chonnradh, d'acht, d'éadualang agus do mhargadh agaibh ar Dhia spioraid na humhlaigheachta agus na haithrighe, an chroidhbhrúghadh agus na hatuirse do thabhairt díbh gach am, uair agus tráith don ló do budh thoil libh féin a hiaradh? Do chosnadar na flaithis mórán iliomarcach do chéadaibh bliadhain d'aithrighe atuirsig fhliuchdheóraig do Adam agus do na céadphaitriairceadha. Do chosnadar mar an gcéadna mórán do bhliadhantaibh uaignis, troisge, righin-mhachtnaimh agus d'úrnaighthibh do Naomh Pól an t-Eilirtheach, do Naomh Antoin, don bhannaomh Pelagie, do Naomh Máire Magdaléan ón Éigipt agus don uile naomh eile. Do chosnadar na flaithis a gcuid fola do na mairtíridh agus an bás féin d'Aon-Mhac Dé, cia fionnas agus mar adubhairt féin nárbh fhuláir go bhfuileóingfeach sé bás ar son pheacadhaibh na cine daona ar chrann sganalach na croiche, Luc.xxiv.46. An dóith libh mar sin go bhfaghaidh sibhsi seilbh na bhflaitheas agus na cúirte neamhdha gan nídh ar bith do thuilliomh ná d'fhulang ar son Dé agus nách beag díbh aon pheccavi amháin do rádh dochum dul ar neamh? Máiseadh, nách mó do thuill Dáibhíodh an t-aithrigheach agus Naomh Laoiseach an troisgidheach claonmharbhthach ná Sardanapalus feilebheartach iona chaithiomh aimsire agus ná Balthazar mallaighthe iona fhéasdadhaibh? Más leór aon pheccavi amháin dochum na bhfaithios do rochsuin, do budh amadáin mhóra agus do budh ríoghóinmhideadha iongantacha na mairtíridh, na hancoireadha agus na naoimh uile. Is mór do mheallfadh Dia iad muna raibh riachtanas orra nídh ar bith do dhéanamh ná d'fhulang dochum seilbh ríoghachta neimhe d'fhagháil. Ag sin an nídh nách féidir do bheith. Acht is sibhsi an bhuidhean do mheallas go ró-thruaidhmhéileach mí-fhoirtiúnach sibh féin agus do theilgeas i ndiaigh bhúr gcinn sibh féin go hifrionn
gan uamhain, eagla ná imshníomh ná machtnamh, smuaineamh ná righinbhreithnioghadh ar bith do dhéanamh ar an aithrighe. Filligh tar ais agus breithnígheadha go fírinneach ar shláinte bhúr n-anma agus ar an gcúntas géar cruaidh is éigion díbh do thabhairt uaibh, ag cur bhúr móirpheacadha annlochtacha i n-eagar a chéile, dá n-admháil tré fhaoisidin ghlain dhírig chirt fhírinnig gan cheilg. AN .6. CAIBIDIL Cuireann buairt, cantlamh, cathughadh, boichtineacht, annródh, galar, aingcis agus easláinte, pláigh, sganaill agus droichmheas agus gach móirthrioblóid agus aicíd eile is clann agus is lucht leanamhna do na peacadhaibh, dá bhfuilingion sibh go foidhneach iad, a n-athair .i. an peaca, dochum báis. Is follas go ndearnaigh an Rígh Manasses mórnuimhir dochoimsighthe d'fheilebheartabh mallaighthe éadchráibhtheacha, ag tuitim i n-íoladharthacht agus ag líona na cathrach sin Ierusalem d'fhuil neimhchionntaig. Ar a shon sin agus uile, níor thuig agus níor léir dho méid, áidhbhseacht, aoirde ná lánmhaireacht na staide mallaighthe coinneallbháighte sin iona raibh a anam ceangailte cruadhchuibhrighthe ar dhéirnín ag an ndiabhal, tar éis ar chuir Dia do theachtaireacht, do rabha agus d'fhurfhógradh chuige lena fháigeadhaibh. Fá dheóigh do bhuadar a namhaid air. Do gabhadh, do ceangaladh, do cruadhchuibhreadh agus do cuireadh i ngéibhinn righin-tslabhradha daingne dosgaoilte iarnuighe é, agus do hiompaghadh dochum na
boichtine, moghsuine agus na daoirsi agus dochum na peanaide is mó dobudh fhéidir le hintinn dhaona ar bith do thuigsin é. Do ghlaodhaig, do bhéic, do ghoir, d'athchuir agus do chuir a dhóthchas agus a mhuinghín annsna dééibh fallsa boghra balbha sin uile dá n-adhradh roimhe sin. Ní bhfuair éisteacht, éifeacht ná maithios uatha, congnamh, furtacht ná cabhair. d'iompaidh air féin go hinmheadhanach, do bhreithnig, do thuig agus d'fhéach ar a mhíghníomharthaibh. Dothug fá deara agus d'aithin gach feilebheart mhallaighthe dhíothchúiseach dá ndeárnaidh i gcoinnimh an Fhír-Dhé. Do ghlac doilbhios, lion dubh agus dobrón, croidhbhrúghadh agus atuirsi fá gach móirpheacadh gráineamhuil dá ndearnaidh é. Do bhuail a ucht, d'fhill a ghlún, do shil a dheóir agus d'iar párdún le mórdhóthchas agus tréanmhuinghín annsa Tighearna, ionnas agus gomadh dheóghnaightheach le Dia maitheamhnas do thabhairt do agus fuasgailt, caomhna agus a bhreith saor óna naimhdibh, agus a shocrughadh arís iona chathaoir ríogdha iona ríoghacht féin tar ais, ii Paralip.xxxiii.13. Amharcaidh féin annois agus féachaidh ar fheabhas, ar mhaithios agus ar sheirbhís na ngéarfhuilingeadha do thúrras oruibh ó Dhia acht a n-iompchar agus a bhfulang go foidhneach urramach úirísiol ar son Dé. Dá maireadh agus dá bhfanadh an rígh so go bithshíor iona dheaghfhoirtiún mhórshaidhbhris agus iona chaithréim thréinneartmhar lánchumasaig, ní thabharfadh fá dearadh choidhche a pheacadh, ní fhéachach orra agus ní bhreithneóghadh iad, agus mar sin ní iarfadh párdún ná maitheamhnas ionnta agus ní dhéanfadh aithrighe, agus do-gheabhadh bás cruadhmhuinéalach damannta mar dheamhuin agus mar dhiabhail ifrinn. Nárbh é so an mí-fhoirtún agus an tuibist is mó dobudh fhéidir le neach tuitim ann? Agus cia fionnas agus gur thuiteamhair-si annsna peacadhaibh cómh minic sin, molaidh Dia agus bígeadha fuilingtheach
fá n-bhúr slatbhualadh lena sgiúrsadhaibh briochtfhaobhracha rínghéara ar an saoghal so tríotha, dochum go mbreithneódhach sibh iad agus go dtabharfadh sibh fá dearadh a n-olcas agus a méid tré iomad na sgiúrsadha, an smachtaighthe, an fhuiling agus an anfhórluing do buailfear oruibh, dá bhfuathughadh agus dá ndiansgrios i n-imchian uaibh trésan aithrighe, dochum peannaid, pian agus pionós síorraidhe an tsaoghail eile do sheachna. Níor amhairc Nabuchodonozor féin, níor aithin agus níor thug fá dearadh a mhallaightheacht, 'anuaill ná a phoimp, a íodhaladharthacht ná feileghníomhartha dochoimsighthe iomdha eile dá ndearnaidh ar feadh a bheatha nó gur umhlaigh lámh oirdheirc thréanchumasach mhórchomhachtach an Athar Síorraidhe ar mhodh ró-iongantach éagsamhail é, dá iompóghadh i mbeathadhach alpuiseach airciseach bhrúideamhuil iolchrothach anchúmtha ag cóimhrith agus ag maireachtain i measg chnoc, choillte agus churruighthe, bhogaighthe, achrainn agus mhóinteacha, deargnochtaighthe gan snáithe uime fá an uile shórt cruadhtain, boichtineachta agus annródh. Do budh léir leis féin ainsein agus dothug fá dearadh go léirghlinn glanradharcach a dhaille féin agus a chaoiche annsan úirísleacht thruaidhmhéilig atuirsig dheóirfhliuchaidh sin ionar cuireadh é, agus sin mar gheall gur thogair sé agus go dtug fá dearadh ar a ghéillidhtheóireadha é féin d'adhradh mar Dhia agus gan ann annsan am gcéadna acht duine bocht lag somharbhaighthe, lán duirn do chriadh, sac lán do lobhthacht agus biadh piast agus chnumh. Do budh léir leis a pheacadha uile, do-chonnairc agus d'aithin iad, agus d'iar párdún ar Dhia. Do-rinn leóirghníomh agus aithrighe ionnta ionnas agus gur thuill caradas, muinntearthas agus mórthrócaire Dé d'fhagháil i bpongc dhéadhnach chritheaglach an bháis, Dan.iv.33.
Leanan agus déingion sibhsi aithris ar an ríogh so le bhúr n-anuaill phoimpeamhuil aindréimig, ag tabhairt géille dá bhúr gclaonta go hainiomarcach lánuaibhreach, ag greamughadh dá bhúr gcéadfadhaibh go hannlochtach agus ag cur i n-umhail agus i dtuigsin do gach n-aon gur mór garabhuacach, dar libh féin, ós cionn chách an drong sibh agus gan ionnaibh annsan am gcéadna acht créatúireadha bochta míthreóireacha beigéifeachtacha úirísle agus cionntaig mhórlochtacha neimhbhríoghmhara tharcuisneamhla gan fuinniomh, forastacht ná fuadar, gan modh, béasa ná tuigsin, radharc, eólas ná tabhairt suas. Ó! créad na grása fíorcharthanacha grádhmhara searcamhla móráidhbhseacha do dhoirteas Dia oruibh má úmhaluigheann sibh tré aon chruatan ionganntach uathbhásach éagsamhuileach ar bith is deóghnaightheach leis féin do ghreadbhualadh oruibh! Má theangmhann a shamhuil díbh, ná déinigí murmur, casaoid ná siansán ar bith in' aghaidh, acht adharaidh agus onóraidh fírcheart an Tighearna go n-iomad umhlacht agus úirísleacht, ag adhmháil bhúr n-annlocht agus bhúr bhfeilebhearta. Guilig, caoidhig agus guidhigí tré mhórdhóthchas agus mhuinghín agus iompuighidh go fírinneach ar Dhia mar Nabuchodonozor. Acht tugaidh fá deara gan fuireach go ró-dhéadhnach dochum fillte tar ais d'eagla bhúr ndíbeartha i n-imchian ó ghrásaibh amhuil mar d'imthig ar Antiochus, prionnsa mí-fhoirtiúnach na Baibilóine. Adeir Dia, ag cur ceiste tré bhéal na fáidhe Ieremias,ix.12: “Créad é an fáth iona bhfuil an domhan uile dá chailleamhuin” tré an oiread sin do léirsgriosaibh díbhfeargacha agus do pheannadaibh tréanáibhseacha dochoimsighthe an Fhírchirt Diadha? Bíonn cogadh, ruathar, coimheasgar agus caoinsgleódh ann d'iompaghan síos suas agus ceann tar ais na ríoghachta, pláigh, gorta, galar,
aingcis agus easláinte do-ghnídheas deargfhásach do na cóigeadhaibh, agus corrughadh agus crith talaimh do chómhshloigeas cathracha, bailte puirt agus cuanta. Créad is miann don líon mhíofhoirtiún dochoimsighthe éadtruadhach so? “Atá”, adeir Dia, “mar nár choiméadadar mo dhlighe ná mo reacht-sa,” Ierem.xvi.11. Amharcaidh féin annois agus féachaidh go glinn ar an nídh sin do budh mhaith le Dia sibh do thabhairt fá deara. Ná loirgeadha agus ná hiaraidh cúis mhí-fhoirtiúin ar bith eile acht bhúr neamhumhaladhacht féin agus bhúr neamhurruim dá aitheanntaibh. Ná cuiridh milleán feasda ar thréinfheirg bhúr n-eascarad ná ar 'olcas dobhíos an fóghmhar agaibh ná ar gach éagcóir throm-dhíoghaltasaig dá dtagan do thaoibh an dlighe ná an riaraighthe oraibh. Má bhíthí bocht éagcruaidh easbuightheach tréalag uiriosbach, dá bhúr gcómhbhuaireamh agus ar díth lóin, ní hiad is cúis ná is adhbhar dóibh. Ní bhfuil ionnta uile acht instruimeinteadha, teannachuireadha agus tréan-sgúirseadha briochtfhaobhracha rínghéara mhóirfheirge an Tighearna do mhúisgleamhair go ró-mhinic tré bhúr bpeacadhaibh. Bíodh ar an adhbhar san cúram, suim agus imshníomh oruibh an tréinfhearg dhochoimsighthe mhóráidhbhseach dhiadha sin do chlaochlóghadh tré fhíorchathughadh ghéirnimhneach chroidhbhrúighte atuirsig, ag admháil bhúr gcoirtheacha go fírinneach tré fhíriompóghadh ar Dhia, ag dlúthdhruidim leis tré aithrighe. Agus iompóghaidh bhúr n-annlochta feilebheartacha go fírleighis íocshláintig neimhtheibighthig bhríghéifeachtaig do thabharfas beatha na ngrás díbh agus do chaomhnóghas agus do choiméadfas sibh ar aimsighthibh bhúr n-eascarad,
ar ilchleasaibh an áidhbhirseóra agus ar anfhorlanaibh an bháis tsíorraidhe. Ionnas agus gomadh mhóide budh léir do na feilebheartaig a bpeacadha go fírinneach glanradharcach tré gach peannaid, piann, pionós agus géarsmachtughadh dá dtuitionn orra tríotha ó Dhia, is gnáthach leis a ngreadbhualadh, a smalca agus a léirphianadh trésna nidhthibh céadna lenar pheacuigheadar roimhe sin, Sap.xi.17, amhuil agus mar do theangmhuig do lucht áitribh na hÉigipte an tan do budh éigion do Chlann Israel agus do budh éadualang dóibh, tré iomad moghsuinne agus daoirse, bríc do bhruith agus d'ollmhughadh dhóibh dochum a gcathracha agus a mórbhailte do thógbháil. Do pheannaid, do phiann agus do dhian-ghread Dia iad le luaithghríosaig agus sméaróideadha greadloisgidhthe na fúirnéise, Exod.ix.10. Do bhrígh gur órduig Maoise an luaithghríosach do theilgean san aédhar ionnas agus gur fhás iomad adhbhair, niosgóideadha agus mórthulcadha brachaig agus aicídeadha i measg lucht áitribh na hÉigipte uile agus fós ar na beathadhaig allta tré chaithiomh na luaithghríosuighe sin. Do pheacuigheadar an drong chéadna sin ag báthadh clann mhac na n-Isralíotach i sruith Níl gan truadh, teasargan ná trócaire, binn, suim ná éifeacht i ndaonnacht na leanbh sin ná i mbuairt, i gcathughadh ná i neamhchompórd a n-aithreacha ná i ngol, i mbladharaidh ná i sgréachaidh a máithreacha. d'iompaigh an Fírcheart Diadha uisge na habhann céadna sin i bhfuil dochum go ndéanfadh nimh dhóibh, agus do mhéaduigheadar fragadha na habhann céadna sin annsan uile áird gomadh chómhlán a dtighthe agus a seómradha, ag cur agus ag casa na ndroichghníomhartha feilebheartacha uathbhásacha sin leó do ló agus d'oidhche, d'uair agus do thráith agus go bithshíor, Exod.vii.20, viii.5.
An tan do chuir an fháidh i n-umhail ar Ieroboam agus do chas leis gomadh íodhaladharthach é, do shín amach a lámh dochum príosúnaidh do dhéanamh don fháidh oirdheirc. Do chrap an lámh chéadna sin gan stad, gan tapadh, neart ná brígh ar bith, ionnas agus go dtug fá dearadh air gur thuig agus gomadh léir dho an fheilebheart pheacamhuil sin do ráinig leis do dhéanamh. Do ghuil, do chaoidhig agus do bhéic, agus d'achuir ar an bhfáidh gcéadna sin a ghuidhe agus 'úrnaighthe do chur dochum an Tighearna ar a shon dochum maitheamhnuis d'fhagháil uaig annsan mórchuir sin do-rin in ' aghaidh, iii Reg.xiii.4. Do pheacaigh Ezechias, Rígh mhórchathrach Ierusalem, an tan do thaisbeáin agus tug radharc tré anuaill agus mhórphuimp ar a chuid stóir agus ollamhaithis do thaistiolaidh strainséartha, ar mhodh agus go dtángadar na taistiolaigh chéadna sin le fóirneart thréanchumasach mhóráibhseach armála, nó gur fhuaduigheadar leó go fóiréigneach easgcáirdeamhuil neamhcharthanach an stór agus an toice sin uaidh, iv Reg.xx.13. Do pheacaidh Dáibhíodh an Rígh i n-aghaidh Dé tré mhórtas agus ghlóire dhíomhaoin, ag maoidheamh tré ainiomarca agus mhéid nuimhreach a ghéilletheóireadha. Do ghreadbhuail agus do sgiúrsig Dia annsa bpoimp gcéadna sin é, ag cur na míllte dhíobh dochum báis le pláigh dhíoghaltais dholeighis, ii Reg.xxiv.15. Do chuireadar na Giúdaighthe na soigheadóireadha Rómhánacha ag gabháil Chríost ár dTighearna agus do stiúir Dia chúcha-san agus fána ndéin an armáil mhóráibhseach ghnímhéachtach Rómhánda chéadna sin dochum lomargoin agus léirsgrios do thabhairt orra féin trésan bhfeileghníomh sin. Peanaideann agus pianann Dia sinn, ar an adhbhar san, leis na neidhthibh céadna sin trénar pheacuigheamair roimhe sin, Sap.xi.17. Ar mhodh ná fuil i n-aon olc dá mbainionn dúinn acht fíghir-chosmhulacht agus ionchrotha
na bpeacadha sin do-rinneamair cheana nó gluineadha do chuirios ionnár bhfiaghnuise iad dochum féachain orra. Agas is mair sin an tan do thuig Dáibhíodh agus d'aithin sé gur thruallaidh Absolom agus gur shailig sé a leaba, adubhairt: “Ag sin,” ar sé, “peannaid, pionós agus pian an pheacadh sin an adhaltarnuis do-rine mé.” Agus go grod ionna dhiaigh sin, ar fhaicsin bháis agus dunmharbhaighthe a mhic Absolom ar a shon agus gur órdaig gan bás d'imirt air: “Ag sin,” ar sé, “fighir, ionchrothacht agus cosmhuileacht an fheill agus an dunmharbhaighthe sin dá dtugas fá dearadh do thabhairt ar Urias. Ní ghearánfad ar aonchor ar mhéirliochas mo ghéillightheóireadha ná ar fhionghalacht neamhoghamósamhuil mo mhic, acht cuirim a mheilleán ar mo pheacadhaibh aoinreacánta féin is cúis agus is túis dam uile olc.” Leanaidh sómpla agus slighte an rígh oirdheirc fháigeamhuil si annsan aithrighe. Féachaidh, amharcaidh agus breithnighidh ar bhúr bpeacadhaibh i n-bhúr mbuaireamh, agus fuathuighidh go croidheamhuil fonnamhar iad. An úmhluighean Dia sibh tré tharcuisne? Creididh gurab é a réasún sin do bhrígh sibh do bheith poimpeamhuil garabhuacach aindréimeach re honóir. An mboichtinghean Dia sibh? Dobudh fhéidir sibh do thiomsughadh bhúr dtoice go haindlightheach neamhfhulláin nó go sgaipionn sibh go neimhfhiúntach tubuisteach doghrannach é. An bhfuil teinnios, trioblóid, tréaluige, anbhfúinneacht, annródh ná a n-ionshamhuil eile d'aicídeadhaibh iomdha ar bhúr gcuirp? Má atá, ní bhfuil ionnta acht i ndíoghal gach aitis, aoibhnis, seirce, grádh agus pléasúir dár chaitheamhair go lochtach orra. Agus is amhla sin mar an gcéadna do theangmhas díbh do thaoibh bhúr n-aithreacha, bhúr máithreacha, bhúr ndaoine muinnteardha, bhúr lucht cabhartha agus conganta agus bhúr n-uile
chréatúireadha an tan do chaillionn sibh go mí-fhoirtiúnach tuibiostach iad. Má dhéingeimíd-na úsáid díobh-so i n-aghaidh dhlighe Dé, do-dhéanfaidh Dia úsáid díobh-san go ceart díreach ionnár n-aghaidh-na dochum go dtugaimís fá dearadh agus go bhfuathóighmís ár bpeacadha. Abraidh go bithshíor, dá bhrígh sin, mar aon le Dáibhíodh: “Ní hiad mo namhaid do-ghnídheas géirleanamhuin ná inghreim orm, mo leanba do bhuairios mé, teinnios, trioblóid ná easláinte do ghoilleas orm, feidhim dhlighe, achrann ná pléid is measa liom, acht mo pheacadha go haoinreacánta is cúis agus is túis dom uile olc,” Ps.L.5. Ní bhfuil nídh ar bith lena chur annbhúr leith acht bhúr bpeacadha feilebheartacha gráineamhla. Tugaidh fá deara iad go glinn agus féachaidh orra, agus i n-ionnad murmuir ná casaoide do dhéanamh, fuaithígeadha go fírinneach iad tré fhíoraithrighe chroidhbhrúghaidh atuirsig, ag claochlóghadh mhóirfheirge an Tighearna tré bhúr ndeighiompchar go fuilingtheach. AN .7. CAIBIDIL Claochluidhean an peacach sin d'úirísleann agus d'úmhluighean é féin do láthair Dé móirfhearg agus fíoch an Tighearna. Ó is é an t-uabhar túis do gach uile pheacadh, Eccli.x.15, ní fuláir ar an adhbhar sin gurab í an úmhaluigheacht is túis don fhíriompóghadh dochum Dé agus don uile shórt deighthréighthe agus naomhshubháilceadha, cia fionnas agus
go bhfuil túis nó princíp agus éifeacht chonntrárdha ag na neidhthibh dobhíos conntrárdha dá chéile. Is léir dhúinn agus do-chímíd an mhóirfhírinne shoiléir si ann gach leathanach do Naomh Bhíobla an Tighearna do theagasgas dúinn, má chianruaigean an anuaill agus an phoimp agus má léirsgriosan an peacach é féin i n-imchian ó Dhia agus má thairngion a thréindíoghaltas móirfheargach dochoimsighthe ró-fhiúranta ionna mhullach air, dlúthdhruideann agus triallann an Rígh Neamhdha fána dhéin iar n-iompóghadh don bpeacach gcéadna sin tar ais tré úirísleacht, chroidhbhrúghadh agus atuirsi fá fheirg do chur air, agus doirtean tréincheatha móráidhbhseacha ró-fhulúirseach na ngrás ndiadha ionna chroidhe chuige. Féachann Dia go míchiatach sgoranamhuil i bhfad uaidh ar lucht an uabhair agus na poimpe do chóimhéirghios iona choinnimh, Ps.cxxxvii.6, do bhrigh go ndíbreann as a radharc iad mar do léirsgrios agus do dhíbir aingil an uabhair as na flaithis agus Adam agus Eve as an bparthas talmhuighe. Acht féachann go searc-chumanach fíorfháilteach ró-thrócaireach ar an ndroing umhal uramamhuil úiríseal d'amharcan go hatchúmhach, do-chídh agus do bhreithníoghan a bhfeilebhearta agus d'fhuathuigheas iad, dá sléachtain féin in' fhiaghnuise agus ag iaraidh a ghrása. Amharcann agus féachann Dia orra go fogas do amhuil adhbhair nó cosbóireadha ró-thaithniomhacha do thuillfeadh a ghrádh, a charthanacht agus a thrócaire d'fhagháil. Ó! nách iongantach míorbhuilleach uathbhásach an nídh ná fuilingean Dia atá cómh hárd tréanchumasach móráibhseach dochoimsighthe sin an drong phoimpeamhuil mhórdhálach áirdchéimeach aghaidh-dhána gharabhuacach san d'éirghios go hanndána móruaibhreach neamhurramach tinneasnach in' aghaidh agus go ngabhan lean' ais an drong úirísiol urramach umhal d'iompuigheas agus d'fhillios air tré dheóraibh atchúmhacha croidhbhristeach na fíoraithrighe. “Cia hé
sin is cosmhuil renár nDia-na d'áitioghas annsan ionnad is ró-aoirde agus do chómhnuigheas i mórghradam? Agus ar a shon sin agus uile, ní taithniomhach leis acht na beagadáin agus na húiríslig,” Ps.cxii.5-6. Ní hamhla sin do-ghnídh drong chealgach an tsaoghail si acht onóir mhór agus mórdhacht iongantach do thabhairt do na feilebheartachaibh, agus tarcuisne, neimhbhrígh, mímheas agus neamhurruim go bithshíor do na fíoraonaibh. Ag so an meadhon mór ró-fhoirtiúnach agaibh .i. an úirísleacht, dochum párdúin agus maithiomhnais bhúr bpeacadha d'fhagháil. Buailidh bhúr n-ucht, silidh bhúr ndeóir, fillidh bhúr nglún, sgreadaig ar Dhia agus iaraidh an trócaire. Ní bhfuil meadhon ar bith is siúráilte dhiongmhálta dochum fíoch agus móirfhearg an Tighearna do chlaochlóghadh ná úirísleacht agus umhalacht fhírinneach an chroidhe. An tan d'aithisig agus do mhaslaigh an Rígh Achab an Tighearna agus do pheacaidh go ró-iomarcach amhchaoin i n-aghaidh Dé tréan ' íoladharthacht agus tréna ainbhreithibh iliomarcacha éagcóracha, do bhagair Elias an fháidh air mar theachtaire ó Dhia, ag insin do go raibh tréindíoghaltas agus mórmhallacht an Tighearna dochum tuitim air tréna fheilebheartaibh. Do chomhsgair an rígh oirdheirc si agus do chóimhchrith, d'aimhdheóin a mhallaightheachta, iar dtuigsin éifeacht na mórbhagartha so. Do shrac, do raob agus do léirbhris a chuid éadaig tré dhian-bhrise doilbhiosach croidhe agus atchúmhadh. Do ghabh uime a chorp iorradh nó brat ruainne tré iomad cathaighthe agus dobróin, ag imtheacht roimhe agus a cheann faoi, líonta do chritheagla agus d'uathbhás, dá shléachta féin go n-iomad úirísleachta agus urrama fá fheirg do chur ar Dhia. Ó créad é méid neirt, cumuis agus fórsa na húmhluigheachta! Do ghoir gan stad agus do ghairm tar ais Dia an tréanbhagairt mhóirdhíoghaltasach
sin do mheas d'imirt air. Do gheall do agus do mhóidig ná leagfadh a lámh mhóráibhseach thréindíoghaltasach air ar feadh a raé do bhrígh gur úiríslig sé é féin cómh fonamhar sin in' fhiadhnuise. “Elie,” ar an Tighearna, “ná tug tú fá deara gur úmhlaigh Achab im' láthair-se? Agus do bhrígh go ndeárnaidh sin im' fhiadhnaise, ní sgiúirsfead-sa é ar feadh a bheatha,” iii Reg.XXI.29. Tugaidh fá deara ná breithnighean Dia agus ná féachann ar aoinread i n-Achab acht an úirísleacht agus an umhluigheacht amháin go haoinreacánta, agus ná labhrann gíog ar éadach róin, ar throsgadh, ar dhéirc, ar úrnuighthe ná ar aon aithrighe eile dá ndeárnaidh ná ar chruatan ar bith dár ghabh thríd, agus sin dochum go gcuirfeadh i dtuigsin agus i n-umhail dúinn nách fuláir tosanughadh dochum iompuighthe go fírinneach ar Dhia tré úirísleacht agus umhaluigheacht bhúr gcroidhtheacha agus nách fiú náda aon ghníomh eile dá ndéantar libh muna gcianruaigfidhe agus muna dtachtfaidhe ionnuibh féin an ghríobh ionngantach mhórphuimpeamhuil éagsamhuil sin .i. an t-uabhar, tré fhíorurraim úirísiol umhal do reacht agus do dhlighthibh an Tighearna. Ó! má dobhí an oiread sin éifeacht agus fóirnirt ag úirísleacht agus úmhlacht an rígh si ag á mbudh chosmhula í do theacht do dhruim cóimhéigin tréineagla agus faithchís ná do thoisg foinn friochnaimh ar bith eile do bhrígh nár fhill go fírinneach ó thúis, ar mhóirfheirg agus ar fhíoch an Tighearna do stopadh, créad an éifeacht, an fóirneart agus an cumas ná biadh ag úirísleacht, umhlacht agus urruim an anma san atá lán d'fhíorchrábhadh, do chroidhbhrúghadh agus d'atuirse, arna gcoinleacht do dhianghrádh agus do mhórdhóthchas an Tighearna? Do roinn Dia fós anallúd na grása céadna leis an Rígh Roboam agus lena phrionnsadhaibh an tan do chuir Sesac Rígh na hÉigipte fána ndéin le harmáil thréan-neartmhar
mhórchumasaig dhochoimsighthe dochum léirsgris agus díthcheanna d'imirt orra tréna bhfeilebheartaibh. D'úmhlaigh an rígh agus a phrionnsadha go húirísiol urramach agus d'adamhuigheadar gomadh fhírcheart é Dia, amhuil agus mar chanas an Sgriptiúir, ii Paral.xii.6. Agas gan stad do mhaolaidh Dia agus do chlaochluidh a mhóirfhearg agus do gheall dóibh ná tréigfeadh iad, ag rádh: “Ní léirsgriosad iad,” ar sé, “do bhrígh gur umhaluigheadar am láthair.” Ar mhodh agus gur fhill a namhaid tar ais dá ndúithche féin agus gur imthig uatha. Mar an gcéadna ar fhaicsin don bhainríoghan oirdheirc mhórchródha chalma sin Iudith go raibh a baile puirt agus a cathair ríoghdha i n-ucht agus i gconntabhairt a beith tugtha raobtha briste caillte ag a deargnamhaid Holofernes dobhí i bhfoslongphort di, d'achuir, do ghuidh agus d'fhógair dá muinntir go huile iad féin d'úmhlughadh go bhfonn friochnaimh do láthair Dé agus a admháil gur thuilleadar na mór-sgúirseadha géirnimhneacha briochtfhaobharacha san thréinfheirge an Tighearna tréna bpeacadhaibh, Iudith viii.16-18. Budh ró-thairbhtheach subháilceach sábhálta deaghfhoirtiúnach an meadhon dóibh sin do bhrígh go dtug Dia an meadhon agus an buadh dhóibh ar an namhaid ionnas agus gur chuireadar an brise orra agus gur chianruaigeadar uatha iad. Ar an modh gcéadna do na Ninibhítig d'éis Ionas an fháidh do bhagairt orra ná fágfadh Dia cloch ar dhruim a chéile ionna gcathair. d'úmhlaigheadar iad féin go n-iomad úirísleachta agus urrama. Dotháinig an Rígh agus do thúirling dá ionnad luite agus do shléacht é féin fá chlár talmhan. Do ghabh uime brat róin agus luaithreán. Do throisg, do ghuidh agus do-rinn úrnaighthe, agus do thug fá dearadh ar a ghéillidhthóireadha go huile an
nídh céadna do dhéanamh, ionnas agus gomadh léir don Tighearna a n-aithreachas ar mhodh agus gomadh dheónaghthach leis párdún a bhfeilebhearta do thabhairt dóibh trésan úirísleacht sin do-rineadar, Ionas iii.10. Agus an bhainríoghain Esther féin, iar dtuigsin di go dtug an Rígh Assuerus aithne agus órdughadh an chine Iúdaighe do chur dochum báis, d'úiríslig agus d'úmhlaidh í féin go ró-fhonnamhar i láthair Dé. Do ghoil, do chaoidhig, do throisg agus do-rinn úrnaighthe ar mhodh tréna himpeadhaibh ró-urramacha go dtug fá dearadh ar an rígh an reacht, an dlighe agus an t-acht sin do-rin i n-aghaidh na nGiúdaighthe do ghairm tar ais agus Aman, an té sin do thionnsguin é, do chur dochum báis agus an buadh do thabhairt do na Giúdaighthe os cionn a n-eascarad go huile, Esther vii.10. Ó! máiseadh, cia fionnas agus go bhfuil fíoch, fiúrantacht agus móirfhearg an Tighearna dá bagairt oruibh cómh minic sin tré bhúr bpeacadhaibh feilebheartacha ollghrána do-insteana, agus go bhfuil sibh ar bhúr dtíompchiolladh do gach taoibh re buairt, boichtineacht agus annródh, galar, aingcis agus easláinte agus míle neamchompórd agus míphléasúr eile dá dteangmhann díbh, créad é an fáth ná cóimhrithean sibh fá dhéin an leighis so? Créad é an fáth ná humhluigheann sibh sibh féin do láthair Dé le hiomshláine bhúr neirt go fonnamhar croidheamhuil? Créad as ná hadamhuighean sibh bhúr gcorrthacha agus ná deireann sibh gur thuilleamhair go fírinneach ceart-bhreitheamhantasach gach mórolc agus gach annródh dár theangmhuig díbh? Créad is cúis aguibh gan géille go hurramach úirísiol d'órdaighthibh agus do thoil an Tighearna annsna huile neidhthibh? Trésan meadhon so ní hé amháin sibh do bhreith saor ó mhóirthintreacha mhóirfheirge an Fhírchirt Diadha, acht fós go dtairngeóidh agus go dtabharfaidh chúghaibh buidheachas agus léirbheannacht mhórthrócaire agus charthanacht an Tighearna. Is fíor gur úmhlaigh agus gur úiríslig an Rígh Saul é