Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Trompa na bhFlaitheas

Title
Trompa na bhFlaitheas
Author(s)
Ó Conaill, Tadhg,
Compiler/Editor
O'Rahilly, Cecile
Composition Date
1755
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1955)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



DO MHÚISGLEAS NA PEACAIG AGUS DO BHROSTAIGHEAS
IAD DOCHUM IOMPAIGHTHE AR DHIA.



Arna chur i n-eagar a chéile agus dá thiompsughadh as
láimhsgríbhinn an Athar dheársgna rófhoghlamtha, Antoin
Yvan, arna cheartughadh agus dá fhosguint ó gach locht do
fríth ann leis an eaglaiseach oirdheirc uasal deighthréightheach
Máighistir De Lorgues, Sagart agus Dochtúir
Diadhachta. Agus anois arna chur i nGaoidheilge go
nuadh le Réamonn mac Naoimh Pádraig, alias Tadhg Ó
Conuill, bráthair bocht d'Órd Mhuire nó na gCarambhrógacha
agus príór neamhthairbheach éid-dhignideach
úiríseal Mhainistir Cheanna Sáile.


L. 2


Don fhlaith fhial fhairsing fhulúirsig oirdheirc mhórchéimeamhuil
árdfholamhuil, Séamus mac Eadbháird
Buitléir an Chláir, sagart diadha riaghalta cráibhtheach,
easbog úmhal urramach úiríosal aobhdha
dearsgna carthanach ceannsa caoinbhriarthach fíorfhoghlamtha,
feitheoghmhair agus riaghlathóir Imlig
Iodhbhair, áirdeasbog Chaisil agus príomhfháidh dhá
Chóige mhórdhálach Mumhan.



Go doilbhiosach, maise, is fíor léan' innsin, a Thighearna
ró-dhearsgna, gur fhás an oiread sin ainbhfis i n-aois óig,
agus fáraoir! i ndaoinibh eile, san tír bhoicht dhíbiorrtha
so, nách é amháin ná fuilid foghlamtha deaghthóigthe
amhuil budh chuibhe agus budh chóir dá samhuil agus do
budh fhéidir do lucht a n-intleachta dá bhfaighdís a dteagasg
do bheith, acht fós go bhfuil rómhórán, mo thruaidh!
ainbhfiosach ar na neitibh budh riachtanach dóibh dochum
a n-anma do shábháil agus sin do bhrígh an léirsgris do-rineadh
le hainneart eachtrann eiriceach ar na hoideadha
don eagluis agus don tuaith léarbh fhéidir agus léar ghnáth
a múineadh agus a dteagasg, agus saoisgéal agus reacht agus
aitheanta an Tighearna do chraobhsgaoile agus d'fhoillsioghadh
dhóibh go fonnamhar fiúntach croidheamhuil, agus
an beagán do gach drong díobhso do fágbhag san ríoghacht
fá annródh, do bheith fá a níbhus mó d'annsmacht, do


L. 3


chruadhtan, do mhoghsuine agus do sglábhadhacht ag na
heirceidhibh réamhráidhte ná dobhí Clann Israel faoi
Shalmanasar nó an chine Iúdaighe faoi Nabuchodonozar, ar
mhodh nách féidir, faoi phéin báis, príosúntacht nó
díbiorrtha, nuimhir aco do theacht i bhfochair a chéile
ar aonbhall chum fundameint a gcreidimh agus slighe a
slánaighthe do chlos agus d'fhagháil ón mbeagán dárab eól
a dteagasg, do-chonnarcas dam, dá bhrígh sin, a Thighearna,
(ar aithris mórnuimhir d'aithreachaibh fíorfhoghlamtha
d'Órd naomhtha Naomh Proinsias d'fhág mórán agus do
chuir amach do leabhraibh deightheagaisg Críostamhla
deighriartha i nGaoidheilge nó i dteangain ár máthar ar
reacht Dé do choiméad agus a shlighte do shiubhal ar an
modh do theagaisg Críost), an leabhrán beag Fraincise si
dá ngoirthear “La Trompette du Ciel”, nó “Trompa na
bhFlaithios” do mhúisglis na peacaig agus do bhrostuigheas
iad dochum iompaighthe ar Dhia”, do chur síos ar an seóladh
do-chí sibh reomhaibh i ndóith go dtiucfadh liom read
éigin d'fhágbháil mar chomaoin, do réir mo bheg-dhíthchill,
mar chách ar mo dhúthaidh.



Cóimhrithim, ar an adhbhar san, a Thighearna ró-dhearsgna,
fá bhúr sgiathánaibh, dam choimeirce agus dam
imdhíghion ar gach namhaid dá mbiadh ag an lagshaothar
so, mar is í an charthanacht bun agus fullang bhúr
ngnáithghníomhartha, ag síorthabhairt cabhartha do na
fannlagaibh míthreóracha, dá chur i n-bhúr bhfiaghnaise
dochum bhúr mbreitheamhantais do thabhairt air. Ar an
adhbhar gurab iontsamhuil mo dhíthchioll annso i
ngazophylacium na heaglaise le minutum na baintreabhthuighe
úd ag Lúcás, caib. XXI.



Acht cheana, guidhim sibh, a Thighearna chaomhcharthanaidh,
fá bhúr gcoimeirce agus bhúr síorchoiméad,
dochum gomadh dheóghnadhthach le Dia deaghthairbhe
agus críoch mhaith do theacht ar mhinutum mo bheag-shaothair


L. 4


annso, dochum glóire Dé agus leasa anma gach
druinge dár thionnsguin agus dár dhealbhaigh mé é, agus
i ndóith go bhfaighmís mar mhír cheannaidh díbhsi, dam
féin agus do chách uile, na grása abhus maille háirighthe
na beatha síorraidhe san tír thall. Amen.



bhúr mbochtcharaid agus bhúr searbhóntaidhe an
feadh bhus mé



Tadhg Ó Conaill
A. Domni 1755


L. 5


Trompa na bhFlaitheas



AN CHÉAD RANN



NA MEODHAIN DO BUDH CHEART DO NA PEACACHAIBH
DO THABHAIRT FÁ NDEARA DOCHUM IOMPAIGHTHE
AR DHIA.



Imperitos docete libere.



AN CHÉAD CHAIBIDIL



ionna gcurthar síos na comhairleacha is ionghlactha don pheacach
dochum na bpeacadha do thréigion, d'eagla báis d'fhagháil ionnta
agus a dhamaint shíorruighe do theacht asda.



Surge qui dormis et exurge a mortuis, Eph.v.14.



A pheacaig, noch (amhuil Ionais an Fháig do chodail
ar íochtar loinge cia go raibh anfa rabhartha na mara dá
chómhluasga tré éigean storma) do chodlas tré iomarca
suain i gceartmheadhon do mhórchorrthacha, cia go bhfuil
tú ar do chómhbhuaireamh tré chreime dhomhúisgilte do
choinnsiais, éirigh suas agus triall i n-imgcian ó staid
ghlonnmhair an bháis ionna bhfuilir múchta. Ná fan leis


L. 6


an am úd ionar éigean duit éisteacht re guth bhorbghlórmhar
uathbhásach an trompa úd do ghéimfeas ort lá
an bhreitheamhnuis dod ghlaodhach os comhair bhara an
Fhírchirt Diadha dochum do dhamanta. Acht tabhair
cluas do theagaisg shéimhe agus do chómhairleacha searcamhla
búig an bharabuabhuill bhínnghlóraigh so do
mhúisgleas dochum na haithrighe, dod ghairm dochum
cathaoir ghlémhaiseach na Trócuire Díadha dochum
maitheamhnuis d'fhagháil duit tré dhlúithchuir thillimh
Íosa Críost ár dTighearna, ag síorthathaigh a shacrámeinteadha
agus ag síorghlaca a Naoimhspioraide seicréidighe
ionnat. Tabhair dot aire nách do nuímhir na muintire
úd thú do chaithios a mbeatha amhuil agus mar ná bíodh
anam ionnta, do chleachtas an uile shórt glóire dhíomhaoin
agus do leanas an uile shórt uilc agas feilebhearta, amhuil
agus mar gurab é Sátan do chruitheóghadh íad, ag tabhairt
táir agas tarcuisne ar dhleaghthaibh agus ar rachtaibh Dé,
ag fonómhad 's a' maga fána cheartbhreitheamhantuis.
Má gheabhair tú féin annsa staid so atá cómh tiubuisteach
so, múisgil tú féin aiste, do bhrígh, má fhuilingir do chroidhe
do chrannrughadh annsa bpeaca, gurab áidhbhseach na
huilc agus na mí-fhoirtiúin dobhias ar dheire do bheatha,
Eccli.III.27. Och! mo chreach! Ní smúingir ar an
mbreith ndéaghnig agus gomadh fhéidir ná mairfeá ar
maidin. An féidir leat fulang choidhche ag osnaghail fá
thromualach do-iompchair na mallacht ndiadha, i ndamaint
tsíorraidhe ad dheargnamhaid ag Dia mar dheamhuin agus
dhiabhail ifrinn?



Is mó dhamneóghach onóir, saidhbhrios, dearsgnacht,
neart, cumas, pléasúir agus aoibhnios an tsaoghail si thú
iná d'fhóirfeadaois ort. Ní thabharaid aon tsuaibhnios ná


L. 7


síothcháin, an deaghcháil ná tréithe dhuit, acht a
chonntrárdhacht, fuadeóchaid uait an uile shórt compóird
agus méid meanmain agus Dia féin fá dheóig. Is feárr
beagán d'eagla Dé ionná meas, oghamós, coróinneadha,
toice agus saidhbhreas an oiread eile domhan agus atá do
dheóraibh uisge san bhfairge. Glac mo chómhairle, seachuin
gach locht do sgarfadh Dia leat, tréig anois an peacadh
agus gach nídh do chuirfeadh toirmeasg ar shláinte an
anma, iompaigh gan stad ar an adhbhar ná fuil léas agad
ar do bheatha agus nách cínnte thú nách i bhfodhomhuin
ifrinn do múchfaoi thú fá mhaidin. Ná cuir do leas ar
cáirde ó lá go lá dochum iompaighthe ar an dTighearna,
do bhrígh go dtiucfa a mhór-fhearg d'aontaoisg iongantaig
ós do cheann, Eccli.v.9.



Tréig an peaca sul do thréigfeas an peaca thú, nó is
conntabharthach thú do bheith ollamh dochum a dhéanta
an lá céadna dogheabhair bás nó fós tú do bheith do thoil
aonta chum tuitim ann. Is mór do Chríostaighthibh ag
ar éirgh an mí-fhoirtiún céadna so dhóibh, ag síorchleachta
peacadha agus tromchurrtha do dhéanamh, agus ag
buaintseasamh ionnta go críoch dhéadhnaig a mbáis ionnas
gur éagadar i bhfeirg agus i n-eascáirdeas Dé. Arbh
fhéidir le neach easba, dobrón, doilbhios nó cathughadh
budh mhó d'fhaicsin ná é, mar d'imthig ar Pháro, Rígh
uaibhreach annfhlathach na hÉigipte, do theilg é féin go
toileamhuil san Muir Ruadh, agus amhuil Achitophel agus
Iúdáis do chroch iad féin tré éadóchas. Leasaig tú féin,
dá bhrígh sin, gan mhoill, mar Chríostaigh dheighbheathach
lán do ghrádh agus d'eagla Dé. Acht marab
miann leat, d'éis Dé agus do thréanchorrthach d'aithint
duit, cúl-iompóghadh ód pheacadhaibh agus an aithrighe
do dhéanamh, cuimhnig agus smúinig ar an mór-fhírinne


L. 8


so: amhuil agus mar do chruthmhalartaighthear na naoimh
ar neamh i nDia, dá fhaicsint aghaidh ar aghaidh
i n-iomshláine a nirt is a ghlóire, go gcóimhshloigfear tusa i
n-uaigh ghlonnmhar iomdhoibhinn ifrinn, lán do bhuile
agus d'éadóchas, lán do ghráin agus do mhallachtaibh, i
measg lasarthacha domhúchta agus phianntaibh dochoimsighthe
Lucifeir, mar aon le daosgarshluadh deamhnaidhe
dubhghnúisig diablaidhe ifrinn go síorruighe. Mara bhfuil
sé ar gcumas duit na mór-phianta neamh-chríochnaighthe
so d'fhulang, amhairc ort féin agus féach ar staid thiubuistig
h'anma; glac fuath agus gráin ar do pheacadhaibh, guil
go faoidheach ar Dhia fó fheirg do chuir air do dhoirt
srotha a fhíorghrádh ort, déin faoisidin iomshlán do locht
gan aith-thuitim ionnta feasda, agus ós cionn gach nídh,
síorghnáthaigh deaghthorrtha dignideacha truisge, úrnaighthe
agus déarca, ag gnáthughadh 's a' buan-tseasamh
ionnta go fóircheann do bheatha, ag céimniughadh ar
choiscéimadhaibh na cómhairle so, ag síormholadh Dé fána
glacadh, ag smúineamh ná fuil ann do laethaibh acht gal
nó gaoth do shéideas gan stad, Iob,vii.7.



AN DARA CAIBIDIL



ionna gcurthar síos gurab mian le Dia léirsgrios an pheaca dochum an
pheacaig do shábháil.



Ní bhfuil in gach mórbhagar agus tréan-díoghaltas dá
ndeárna Dia ó thúis an domhuin go so acht dochum


L. 9


léirsgris agus díthcheanna do dhéanamh ar an bpeacadh
as an bpeacach agus dochum do thabhairt fá ndeara air a
dhíbhirt as' anam tré fhíor-iompógh ar Dhia trésan aithrighe.
Níor tugag racht ná dlighe na nádúire ar aon chonnradh
eile dhúinn acht dochum toirmisgithe an pheaca ionna
bhreith, nó dochum a thachtaighthe d'éis a bheartha dho.
Ní raibh i dtonnaibh borbrabharta na mara ná i srothaibh
garbha do-ionngabhálta na dílionn, ná i mórlosga na
dtréanchathracha Sodom agus Gomorrah, ná i léirsgrios
iomdha eile dá samhuil, acht dochum an pheacadh do
thafann as an duine. Ní raibh mar an gcéadna i
bhfothram iongantach na tóirnighe ná i nguith bhorbghlórmhar
na dtrómpadha do-rin Dia ar Chnoc Sinai an tan
tug sé an racht sgríobhtha dá phobal, acht dochum mór-eagla
an Tighearna mar aon lena bhreitheamhantuis agus
lena ghéar-dhíoghaltais do chur i n-achrann ionna gcroíthibh
i gcló, dochum siubhalta go díreach ionna shlightibh agus
a aitheannta do choingbháil agus dochum gan an peaca do
dhéanamh. Ní raibh fós annsna huile gheallamhna agus
tréanbhagair, annsna huile fhadhbhair agus deighbheannacht,
annsna huile phátriairceadha agus fháigeadha dár
furáladh san tseannracht, ná i dteacht Íosa Críost ár
dTighearna, ná i bhfíor-leanamhaint na n-eabstal, ná i
míniughadh an tsuibhisgéil, ná i gcraobhsgaoile na sácramuinteadha
ná i sírshile na ngrás, ná i dtréantuile sgiúrsadha,
iarnaigheadha, príosún, aicídeadha agus fiabhrais
ghéarfhulangtha do-iompchair dá ndoirteann Dia oruinn ar
an saoghal so acht dochum léirsgris do thabhairt ar an
bpeaca agus an peacach do shábháil má dhéingean an
aithrighe, do bhrígh gurab trésan aithrighe go haonreacánta
do léirsgriostar an ollaphiast amhuathbhar so
agus do niamhghlantar go sgiubalta na croidhtheacha do
truailligheag lé. “Ní maith liom,” adeir Dia, “bás an
pheacaig”, Nolo mortem peccatoris, “acht iompaigheadh
tar ais agus sgriosach as an peaca dochum go mairfeadh


L. 10


dá éis,” Ezech.XXXIII.11. Táthaig ar an adhbhar sin
agus cómhcheangal tú féin re Dia, ag síorchoga go
sparaingeamhuil i n-aghaidh an pheaca, dá léirsgriosa asad
agus dod thoirmeasg féin ar dhamainnt tsíorraidhe.



Do b'fhonn leis an bpeacadh Dia do threasgairt ar an
adhbhar nách miann leis an bpeacach gomadh léir le Dia a
pheacadha ná go ndamnóghadh é ná go dtabhradh pionós
ar bith dho dá gcionn. Dá bhrígh sin budh mhiann leis
an bpeacadh tuigsint, ceart agus uile-chómhachtacht Dé
agus fá dheóigh Dia féin do léirsgrios agus do leagadh, ar
an adhbhar gur Dia gach nídh dá bhfuil i nDia. Ionna
chonntrárdhacht, budh mhiann le Dia léirsgrios agus
díthcheanna do thabhairt ar an bpeacadh, ag múisgilt an
uile shórt créatúra dochum a dhíbeartha agus fós ag cur a
Aon-Mhic fhíorghrádhaig féin, Íosa Críost ár dTighearna,
dochum báis ar chrann sgannalach na croiche dochum na
deargnamhad so, an peaca, do ruagaint asuinn tré thoradh
a bháis agus a pháise. Treasgarann fós ionnstrumeinteadha
an pheacadh amhuil agus mar d'éirigh do Chloinn Israel
iar n-adhradh an laoigh órdha, gur bhris agus gur bhlodhaigh
Maoise é, do bhrígh gurab é budh chúis dóibh dochum
an pheacadh do dheanamh, Exod.XXXI.20. Mar an
gcéadna do raob Áirc an Reachta nó an Chonnra íomháigh
iolchrothach Dhagon i dteampoll na bhFilistíneach tréna
bheith 'na chúis thuibistig dá n-íodhaladhracht. Do
leanadar na naoimh na coiscéimeadha céadna, ar an
adhbhar, d'éis an pheacadh do niamhghlana as a gcroidhtheachaibh,
do threasgaradar a gcéadfadha 's a mbaill
corpardha le míle gnaé phionnóis agus aithrighe, dá
slatbhualadh agus dá n-oirleach féin tré iomad sgiúrsadha,
troisge agus úrnaighthe, ag síorsmachtughadh anuaille na
colna do bhrígh gurab í budh adhbhar aco dochum feirge
do chur ar Dia. Do chéasadar fós radharc a súl, éisteacht


L. 11


a gcluas, boladh na srón, labhradh an bheóil, glaca na
lámh, luadhaill na gcos agus smúinntighthe an chroidhe,
agus gach nídh dob' adhbhar dhóibh dochum an pheacadh
do dhéanamh. Acht monuar! déintí-si a chonntrárdhacht,
dá bhúr n-únfairt féin i mbeatha tadhaill an tsaoghail so,
ag dorta bhar ndianghrádh air, ag coigilt gach ócáid peacadh
ionnaimh agus fós an peacadh féin is námhaid aonreacánta
ag Dia. Nách eagal díbh, ar an adhbhar sin, go léirsgriosa
agus go ndíthcheannóigh Dia sibh an tan ná ruaigeann sibh
a dheargnámhaid, an peacadh, uaibh?



Dothug Dia fá deara ar Cháin a pheacadha d'athuint,
dá gcur in' fhiaghnaise d'éis a dhearbhráthar Abel do
mharbhadh dho, dochum go nglacfadh fuath agus gráin é
dá gcion agus go léirsgriosach as ' anam iad tré
shrothaibh shearbh-dhéara tréanáidhbhseacha na hairthighe
fíre; acht do chruaidh agus do chrannraigh an truaghán
bocht mí-fhortiúnach so ionna lochtaibh agus do neartaig
ionna pheacadha, agus fós do mhéadaig iad tréan '
éadóchas, agus an tan nár fhéad an Fírcheart Diadha an
peacadh do threasgairt i gCáin tré aintreise a chruaidh-mhuinéaltacht,
do leag, do threasgair, do léirsgrios agus do
dhíthcheann é féin mar aon lena pheacadhaibh. Is gnáth
leis na dochtúireadhaibh an uile shórt trosguir agus leighis
do chuir leis an láimh nó leis an gcois nó le ciabé ball eile
don chorp ionna mbíonn an canncar dochum a leighiste;
acht má bhíon cómh do-leighiste sin agus ná fuil ar gcumas
dóibh buadh do bhreith ar an aicíd channcraig sin trésna
meodhanaibh réamhráidhte, gearaid an ghéag channcrach as
an gcorp go huile sul do loitfaoi an t-othar uile lé. Iar
ndul do chathair ar bith i dtréatúireacht i n-aghaidh a Rígh
nó a Prionnsa, iarann agus cuarduighean an Rígh céadna
an uile shórd meadhoin agus sligh dochum an rebellionntacht
sin do stopa agus dochum na cathrach mar aon lena
lucht áitribh do shábháil. Muna dtig leis teacht dochum
críche ar an modh sin, briseann agus raobann an chathair


L. 12


's a traosan ón gceann gcurradh go chéile. Och monuar!
d'éis tuitim díbh annsa bpeaca, corraigheann, múisgleann
agus brostaigheann Dia iargcuimhne dorcha bhúr gcoinnsiasa
dochum a ruaigthi agus a léirsgriosta asaibh, acht
má sheastaoi go cruaidhmhuinghéalach in' adhaigh, ag cur
toirmisg ar a ghrásaibh 's gan aithrighe do dhéanamh,
sgriosaig, traochaig agus ruaigfig sibh féin mar aon
léanbhar bpeacadhaibh as a radharc go fóircheann na
beatha tré bhith shíor agus feadh dobhias Dia ag caitheamh
na glóire. Is sibhse, fáraor! na géaga púghraoi dreóighte
lobhtha canncracha, is sibh na méirlig neamhoghamósacha
tréanbhár neamhúmhlaigheacht do dhleaghthaibh agus do
reachtaibh Dé, agus créad é an nídh ná déingean Dia dochum
bhúr leighis agus dochum buadh do bhreith ar bhar
dtréatúireacht, ag síorshéide a Naoimhspiride seicréidighe
ionaimh, dá bhar dtarang tréna dheagh-theagasgaibh suairce,
ag síorgheallamhuin na bhflaithios tréanbhar ndeaghoibreacha
dhíbh, ag bagairt mór-phiannta tréanáidhbhseach
ghéarlasracha domhúchta na teine ifrionnda oruibh tréanbhar
ndroichghníomhartha, dá bhar leighios ón uile shórt
galair, aincise agus easláinte tré thoradh a bháis agus a
pháise agus éifeacht a naomhshácrámuinteadha agus tré
mhíle meadhon eile dochoimsighthe. O a thruaghánacha
bochta mí-fhoirtiúnacha do chrannraigheann ionnbhar n-uilc
agus do chruaghan ionnbhar bpeacadhaibh! an tan nách
féidir leis an bhFíorcheart nDiadha (tréanbhar gcruaidhmhuinéaltacht)
bhar bpeacadha do sgiomara agus do
niamhghlana asaibh, sgriosfaidh, ruaigfidh agus díthcheannfaidh
fá dheóigh sibh féin mar aon leanbhar bpeacadhaibh
as a radharc gan truaidh, gan charrthanacht, gan trócaire:
Abscondam faciem meam ab eo, (Deut.XXXI.17).



Is breath gan ghairim tar ais a rádh gurab éigion don


L. 13


pheacach a pheacadha do leagadh, do threasgairt agus do
thraocha tré sguabaibh sgoithnímhneacha slat-ghéara agus
tré sgiúrsadhaibh briochtfhaobhracha na haithrighe, no é
féin mar aon lena pheacadhaibh do léirsgrios agus do
dhíthcheanna tré mhór-phionóis dochoimsighthe do-úngabhála
tréanáidhbhseacha an Fhíorchirt Dhiadha. Iar
dtuitim do Ezechias i dtréatúireacht i n-aghaidh Dé, do
thriall an fháig Isaias in' fhurraid, dá fhuráileamh air
go bhfaghag bás an lá arna mháireach. Do chómhrith an
rígh oirdheirc so fó ghéin thobair ghéar-nímhnig na haithrighe,
do ghuil, do chaoidhaig, do bhlaghair, d'iar párdún
ar Dhia agus do-rin combrúghadh croidhe ionna pheacadhaibh,
dá ndiansgriosa as ar mhodh gur hiompaigheadh na
mórbhagarthadha sin Isaias uaig, do bhrígh, trésan aithrighe
do-rinn, gur aisig Dia a shláinte air agus gur gheall do go
mbeadh a bheatha fadshaoghalach. Conntrárdha do-rin
Pháro, Rígh uaibhreach annfhlathach na hÉigipte. Do
chuir Dia Maoise fána ghéin maille re cómhachtaibh mór-nimhir
míorbhuilligheadha do dhéanamh. Do chuir Maoise
a chómhachta i gníomh, ag oibriughadh uathbhás
míorbhuilligheadha do budh chúis iongna ag an ndomhan
mór agus do budh adhbhar eagla agus cómhluasga don
Éigipt uile agus dá lucht cómháitribh. Ní raibh ionnta
so uile acht dochum cruaidhmhuinéaltacht Pháro agus a
phobail do dhíbirt agus dochum do thabhairt fá deara
air géille do ghluaiseacht Chloinne Israel as a' ngéibhionn
ionna rabhadar. Acht do chruaidh an rígh so in' olc agus
do chrannraigh iona dhroch-ghníomhartha ar mhodh nár
mhiann leis bás do thabhairt dá pheacadhaibh nó go dtug
Dia bás do féin dá gcionn, dá bhághadh i dtonnaibh
borbrabharta na Mara Ruadh mar aon lena dhaosgarshluagh
deamhnuighe iffrionnda. Atá sibhse luchtmhar
díngthe dá bhar bpeacadha, do bhréagaibh, do mhionnaibh
móra, do naomhaithis, d'uabhar, do shainnt, do mhiosguis,
d'éagcóir, do neamhcharthanacht, do leisge agus do


L. 14


shaobhchrábhadh fhallsa fá chómhair Dé, ionnas gibé cith
d'fhearann Dia oraibh, má olc maith é, gur dochum do
thabhairt fá deara oraibh bhar bpeacadha is bhar n-annlochtaoi
do thréigean do chuireann fá bhár n-ionnsadha iad.
Acht monuar! má dhéantaoi mar Pháro, ag cur bhar
leasa ar cáirde ó lá go lá, nách eagal díbh an mí-fhoirtiún
céadna do bhain do-san do theangbháil díbh féin? Más
fáth-chiallach glic thú, céimneóchair ar choiscéidhmadhaibh
an Rígh Ezechias, ag gul 's a' caoi fód pheacadhaibh, agus
budh ceannsa deaghmhaiseach Dia duit.



AN TREAS CHAIBIDIL



ionna gcurthar i dtuigsint dúinn, an peacach nách miann leis léirsgrios a
pheacadha do thabhairt, go léirsgriosfa an Fírcheart Diadha é féin.



Do bhagair an fháig Ionas mar theachtaire ó Dhia ar an
gcathair Ninive go dtiúrfadha a ndeargár i ndoichead
lá, agus do chreid féin an nídh céadna iarna thriall i bhfód
fó leith dho i n-ionad uaigneach ag feithiomh ar chríochnughadh
na dtréanbhagarthacha dochoimsighthe sin do-rinn
ortha. Ionnsan am gcéadna do sábhálag an chathair
mar aon lena lucht áitribh, do bhrígh gur dhiansgrios an
Rígh agus a ghéillighthóireadha a bpeacadha tré
ghéaraithrighe phuibillighe dheaghshomplaigh ionnas
gomadh shásaighthe Dia dhe sin agus do dtug párdún
dóibh. Maise, nár chomhartha cínnte an furógra so tug
Dia dhóibh gomadh mhiann leis a sábháil agus gurab tréna
bpeacadha amháin go haonreacánta dobhí i bhfeirg leo?
Do bhrígh dámadh mhiann leis a gcailleamhuint, créad


L. 15


fá n-a dtug rabhadh dhóibh? Ná fuil sé uile-chómhachtach
agus in' árdmháighistir ar na huile? Dobheir Dia, ar an
adhbhar sin, rabhadh don pheacach dochum iompaighthe
tar ais agus a pheacadha do thréigean. Acht mar
miann leis sin do dhéanamh, ag cuir toirmisg ar na grásaibh
do-gheibh ó Dhia, is fíor nách fiú é mórcharthannacht Dé
d'fhagháil agus go dtuilleann piannta tréanáidhbhseacha
éadtrócaireacha doichríochnaighthe na teine ifrionnda go
síorruighe: Quid est quod debui facere ultra vineae meae et
non feci ei? (Isai.V.4).



Do pheacaighdar clann an árdshagairt Heli go trom
agus go sgannaileamhuil, ag cuir toirmisg ar an bpobal
seirbhís Dé do dhéanamh, do bhrígh, an tan dothugadís
an ofráil leó dochum a híodhbartha do Dhia, d'fhuadighdís
clann Heli le los a nirt agus a luas a lámh an mhír dob
fheárr don íodhbairt leó chúcha féin, ar mhodh ná fágbhadís
ina ndiaig acht an mhír budh mheasa, ní do thromaigh go
mór agus do mhéadaigh a gcorrtha. Ní dheárna Dia gan
stad léirsgrios orrtha, do bhrígh nách maith leis bás an
pheacaig: Nolo mortem peccatoris, acht muna cionntach
é féin. Dothug le tuigsint dá n-athair, trésan fháig noch
do chuir d'aoin-fheidhim fána ghéin, créad méid na dia-aithise
do-rineadar, gomadh dhobhuidheach Dia dhíobh dá
cheann, agus muna leasaighdís iad féin go bhfearthach an
Fíorcheart Diadha tréancheatha do-iompchair a mhór-fheirge
orra agus air-sion mar an gcéadna. Do chuir an
dara rabhadh chúcha leis an ógánach Samuel tré sholas
ós ceann nádúra. Budh chómhartha bithchinnte so gomadh
mhiann le Dia maitheamhnas do thabhairt dóibh gidh
fionnas agus gomadh dheóghnaightheach leis raé aimsiordha
do thabhairt dochum a leasaighthe. Níor bhac Heli leó,
gan smachtughadh gan toirmeasg do chuir orra ionna
ndroch-ghníomharthaibh, a' rille ruaille ó olc go holc:
De vitio rotant in vitium. Agus an tan nár chumasach Dia
tréna gcruadhmhuinéaltacht léirsgrios a bpeacadha do


L. 16


thabhairt, d'aimhdheóin a theachtaireacht 's a rabhadh, do
léirsgrios, do díthcheannaigh agus do threasgair iad féin, ag
tabhairt báis obainn anabaidh dhóibh, mar aon lena
n-athair do bhris a phlatuinn tré thuitim ó mhullach árd
go clár talmhan. Amharcaidh féin agus féachaidh, a
pheacacha, an annsa libh bhúr bpeacadha ná sibh féin,
agus más miann libh a bheith gan snáighthe amaibh ós
cómhair theintreacha na feirge diadha agus fhóirnirt a
chréatúireadha, ag coigilt bhar n-annlocht ar Dhia agus dá
gceilt ionnbhar gcoím.



d'éis bháis Absolom agus a mhórdhronga do dhíthcheanna
tré aineart thréanchalma Dháibhiodh agus a
thréannmhíleadh cródhacha cathbhuadhacha, do chóimhrith
an fionnghalach Seba, an Captaoin, mar aon le mórnuimhir
eile dá mhuintir go cathair ródhaingion i bhfogas dóibh
dochum a rebeilliontacht do leanmhuin. Do lean Ioab
connstábla Dháibhidh, iad agus dotháinig i bhfoslongphort
go rófhogas ar gach taoibh díobh, ar mhodh gur fhiafruigheadar
lucht áitribh an bhaile dhe créad dobhí uaidh nó
créad é an fáith n-a dtáinig i bhfoslongphort dóibh. Do
fhreagair dhóibh agus do dheibhnig nár bhaoghal dóibh
agus nách orra dobhí a thriall acht ar Sheba, an fionghalach,
agus cómhluaith agus do thabhraidís do é fána smacht go
n-iompóghadh tar ais gan doladh ná díth do dhéanamh
dhóibh, nídh do chuir sé i ngníomh gan mhoill do réir a
gheallamhna. Is é an peacadh an namhaid aonrecánta do
thuiteas i dtréatúireacht i n-aghaidh Dé. Do dhiansgrios,
do dhíbir agus do theilg Dia as na flathais, as an ngáirdín
dtalmhadha agus as an uile áit é. Do ghaibh an tréatúir
agus an fionnghalach so ionnad suighte agus áitribh
ionnbhar measg so agus do ghlacamhair ionnbhar gcruaidhmhuinéaltacht
réan ais é fán bhar gcoimeirce. An bhfuil
sibh i n-bhar n-easgcaraid cómhmór sin ag Dia agus go
dtiubhradh sibh ionnad cómhnaighthe dá dheargnamhaid?


L. 17


Och monuar! Tiucfa an uair, tiocfa an tráth, tiocfa an
t-am ionna dtiucfa an Fíorcheart Diadha i n-iomshláine a
nirt 's a chumuis i bhfoslongphort díbh. Cuirfidh a
champthaoi 's a mhórthrúip re bhar n-ucht. Ní thabhraidh
aon tsos ná suaibhneas ón bhár ngéar-phiannta ar feadh
na síorradhachta dhíbh acht muna ruagfaoi gan stad, gidh
fionnas agus é ar gcumas díbh, an nídh so do mhéadaigheas
a fhearg, do bhrígh nách iaran an ní bhus mó oraibh acht
sin dochum na mórghrás do dhorta oraibh agus bhar dtarang
fána sgiathána. Ná hobaidh ar an adhbhar sin gan fille
tar ais go prap agus iompódh gan fuireach ar Dhia.



d'imir drong éigin do threibh Chanaan dobhí i measg
threibh Beniamin fóirneart agus cóimhéigean neamhgheanmaigh
truaillighthe ar mhnaoi d'aon do na Levítig
ionnas agus go bhfuair bás dá chionn. Do gheárr an fear
céadna so .i. an Levíteach do budh fhear dhi, an bhean
'na mionspólaighibh agus do chuir cuid nó mír dhi fó ghéin
gach treibh do na treabhacha dochum a músgailte, a
mbrostaighthe agus a ngríosaighthe dochum díoghailtis do
dhéanamh ar son bháis a mhná. Do thionóladar cheana
Clann Israel uile ar aon láthair, agus iar n-aithne an ghnímh
fheilebheartaigh réamhráidhte sin dóibh, do chuireadar
teachta gusna Beniamítig agus d'iaradar orra an mhuintir
do-rin an chuir neamhdhuineanta thruaidhmhéileach sin do
thabhairt dóibh go n-imridís an díoghaltas do thoíll a
ngníomh dhóibh orra. Acht dála na mBeniamíteach, i
n-ionnad iad féin dá gcur dochum báis, do chongmhadar
ionna measg iad agus do chosnaighdar le fóirneart feirge
agus brúideamhlachta iad, ionnas agus gur ghabhadar a
n-airm ionna láimh i n-aghaidh a ndearbhráthaireacha
dochum lámh chosanta agus díonaighthe do thabhairt do
na fionnghalaigh so do budh namhaid fhollas díthchreidmheach
do Dhia agus dóibh féin. Do budh thréanmhar
cathbhuadhach iad i dtúis an chogaidh nó gur hiompaghag


L. 18


orra fá dheóigh agus gur gearradh 'na mionghreamannaibh
iad féin 's a mná 's a gclann mar aon leis an tréatúiradhaibh
do budh chúis tosnaighthe ag an gcoinbhleacht sin. Do-rineadar
(agus do-níghid go laetheamhuil) na peacaig agus
na méirlig fheilebheartacha cos ar bolg ar Íosa Críost ár
dTighearna, dá chur dochum báis go neamhonóireach
maslaightheach cruadhchroidheach neamhthrócuireach. Do
chuir an t-Athair Síorruighe a Aonmhac féin lán d'fhuil
agus d'fhollracht ar chrann sganalach na croiche fánár
ndéin dochum sinn do ghríosughadh agus do chóimhneartughadh
dochum go sgriosamaois agus go ruagfamaois a
dheargnamhaid, an peaca, uainn. Acht ar a shon sin agus
uile cosnaghamaoid an peaca do bhrígh gurab mór ár
ngrádh air, ag fulang do maireachtuin agus riaghlughadh
ionnár measg mar shúil go bhfaghmaois luaigheacht saothair
mór nó onóir iongantach as gach aoibhneas salach nó
pléadhsiúr tiubuisteach mhóimeinta dhá dtig as. Acht
monuar! fá dheógh ag bun na sríbe, créad é an tora
is miann linn d'fhagháil as acht ifrionn agus damuint
tsíorraidhe muna gcómh-rightheam go díthchiollach fá
chomeirce an Athar Neamhdha dochum troda go cródha i
n-aghaidh na haithreach nimhe so, agus frasa diana géara
do dhéaraibh guirte na hairthighe fíre do shile go faoidheach
trénár bhfeilebheartaibh.



AN .4. CAIBIDIL



ionna gcurthar síos gomadh chóir go gcuirfeadh truaillaigheacht,
mórgraigheacht, bréantas agus gráineamhlacht an pheaca fá deara
oruinn a dhiansgriosa asuinn.



Do chruthaigh Dia an duine do réir a íomháigh agus a
chosmhalacht féin, agus sin ar mhodh ná raibh nídh ar


L. 19


bith budh bhreaghtha agus budh dhathamhla ionná anam
Adaim an feadh dobhí ar staid na neamh-chionntacht, do
bhrígh gurab é íomháigh agus ionchrotha dheallrachta
agus bhreághthachta Dé é. Budh gheanamhuil grádhmhar
Dia dho agus do budh róshásaighthe é tréna chruthughadh.
Acht d'éis toil do thabhairt don pheaca d'Adam agus tuitim
ann, do chaill, do thréig agus d'imig a uile bhreághthacht,
sgéimh, dheallracht agus ghile uaidh, iar gcailleamhaint na
ngrás ndiadha dho, ar mhodh gur thuit dochum bheith
cómh húrghrána mísgiamhach sin gomadh náireach leis é
féin d'fhaicsint agus gur fhuiligh sé é féin ó radharc Dé.
Do budh iolchruthaighe go mór (tréna neamhumhlacht)
agus do budh mhísgiamhaighe fós i láthair Dé é ar an
adhbhar gur chosmhail nár aithin é an tan d'fhiafraigh cá
áit ionna raibh Adam: Ubi es? Ní bhfuil gráineamhlacht,
mórgraidhtheacht ná dofhaicsint ar dtalamh ná fós i
n-ifrionn ionchosamhuil nó ionntsamhuil le mísgéimheacht
an anma ar staid an pheacadh mharbhtha, atá sé cómh
grána agus cómh huathbhásach sin, ar mhodh, dá mb'éidir
a fhaicsint re súile corpardha, ná fuil duine ar bith nárbh
fheárr leis bás d'fhagháil míle uair ná amharc aon tsúl'
amháin do thabhairt air, amhuil adeir Ieremiah,II.11:
“Féach, a Thighearna, agus machtnaimh féin mar do-rin
an peacadh dofhaicsionta mísgiamhach úrghránna re faicsint
mé.” Máiseadh, creidthí-se so, a Chríostaighthe, agus ar
a shon sin agus uile, fantaoi go toileamhuil annsa bpeaca
d'iompaighean sibh dochum bheith ionnbhúr n-adhbhar
uathbháis agus miosguis' ag Dia agus ag an uile chréatúir,
agus ní bhrostaighthí dochum a léirsgriosta ná a dhíbirt
asaibh le tréanbhualadh sgiúrsadha briocht-fhaobhracha
sgoithnimhneacha do sguabaibh sgoithghéara ar chroidhtheachaibh
cruadha clochacha bhar gcoinnsiais dochum go


L. 20


silfidís ceatha lánáidhbhseacha do dhéaraibh géara searamha
na fíoraithrighe do nighfeach agus do sgriosfach an peaca
asaibh. Nách nár libh teacht cómh húrghránna modartha
mísgiamhach sin do láthair Dé agus a aingle? Nách eagal
díbh sibh do bheith ionnbhúr n-adhbhar uathbháis agus
miosguis' aige, mar cheap díoghailtis ós comhair na feirge
diadha agus fóirneart a chréatúireadha? Ignis et sulphur
et spiritus procellarum pars calicis eorum, (Ps.x.7).



Féachaidh amhuil mar do-chonnarcas gráinneacht agus
mí-dhathamhlacht an pheaca i Lucifer noch do chuir buairt
agus cathughadh ar Eva agus ar Adam dochum tuitim
ann. An spioraid so dobhí roimhe sin cómh onóireach
críochnamhuil neamheasbaightheach agus saidhbhir i
dtréighthibh gur thaobhaigh agus gur shanntaigh éirghídh
suas agus suidhe ar chathaoir i gcóimheas le cathaoir Dé,
an tan do thaisbeáin sé é féin don duine dochum a tharang
dochum peacadh, i n-ionnad radhairc do thabhairt air féin
fá sgéimh éigin áluinn mhaorgha onóraigh mar fhiolar
ríoga nó mar leóghan uasal nó ar chruith aingil, och
monuar! do budh éigean do é féin do thaisbeáint fó fhíghir
agus ionchrothacht aithir nimhe uathbhásaighe úrghráinne.
Ó créad mar mhalartughadh iongantach! Aingeal,
seraphin, substainnt spioradálta ghlan gan tíomhal arna
hiompóghadh le hosgailt na súl dochum athrach nimhe
déanta do lobhthacht, do mhórgaightheacht agus do
bhréantas, arna líona don uile shórt nimhe, aisnic agus
aingcise, an bhrúid is measa san mbith, an ainmhidhe
is measa san saoghal agus loch glothair an uile ghalair.
Dá bhfanfadh ar staid na ngrás, go ngeabhach do cosaibh
agus go siubhlach suas ar phéarladhaibh mórchostasacha
agus ar chlochaibh uaisle an domhain mhóir, do budh é
ceól, oirfeadas agus socamhail suairc na bhflaithios do


L. 21


budh bhiadh dho, do budh é glóire, soillse agus radharc
Dé do budh éadach dho, 'na shuighe i gcathaoir ghlaémhaisigh
ar nimh. Acht d'éis tuitim do annsa bpeaca,
ag sin é in' oll-phiast lothardha úrghránna, ag triall roimhe
ar a chrobh 's a' snámh ar a bholg ós cionn gach otuir
is bhréantuis, ag slogadh gach nimhe is aingcis, dá
fholach féin i n-uadhannaibh 's i bpruasachaibh na talmhan
mar bheathadhach chrosta mhallaighthe choinneallbháighte.
Ag sin d'fhinechroth agus do dhealbh-sa, a pheacaig, má
atá tú ar staid an pheaca, agus is gráinne fós 's is míle
lobhtha thú ná an athair nimhe agus ná an diabhal féin
do bhrígh nár pheacaidh seision acht aon uair amháin agus
gur pheacaigh tusa míle uair. Cionnas do reacha tú i
láthair Dé annsa staid thiubuistig so mara n-iompóghair
go prap tré dhian-tsile searbh-dhéara na haithrighe fíre?



Do díbreadh, do sgriosag agus do ruaigeadh lucht na
laibhre agus an ghalair annsa tseanreacht as na cathracha
agus as na bailtibh amach tréna n-aicíd agus a mí-ghnaoi.
d'órdaigh Dia Muire, deirbhshiúr Mhaoise, do chuir amach
as camptha a phobuil an feadh dobheadh sí annsa laibhre.
Monuar! is líonta thú go mór do ghalar iar mbeith dhuit
i bpeaca ná lucht na laibhre go huile. Do gearadh thú
do chomaoin agus do chomhluadar na naomh mar ghéig
phúrraoi lobhtha dhreóighte, do bhrígh gur deidhleadh
tréasa' bpeaca thú ó dheaghoibreacha deigh-ghníomharthacha
dignideacha na haithrighe. Créad fáth ná
cóimhrightheann tú fó ghéin Íosa Críost? Créad fáth ná
silir ceatha agus frasa diana do dhéaraibh atuirseach
tromchúmhacha, amhuil lucht laibhre an tsuibhisgéil, air ag
iara do leighis? Muna smúingir air so, ag dearmad
t'aicídeadha dhuit agus gan an oileamhuin cheart do
ghlaca dochum do leighis, créad do dhóchas ná do mhuinghín
acht tuitim ad mhionghreamanaibh as a chéile, bás


L. 22


d'fhagháil in do ghalar agus do theilgean i ndiaigh do
chinn go huaidh ghlúnnmhar ifrinn mar chonablach
lobhtha lán do thuibuist agus d'aincis?



Nách náireach an gníomh go ndéantaoi suim cómh
beag-éifeachtach so dá bhar n-anma do chosain fuil daorluaidh
Íosa Críost ár dTighearna, agus gur lugha an spéis
do-níghthí dhíobh go mór ná dá bhar gcuirp agus fós ná
dá bhar n-éadaighibh? Má atá salchar, tíomhal, seilgear
ná craintilleadha ná an iontsamhuil eile ar bhar n-éadach,
is léir deithionnsach díthchiollach do sgriosfaoi is do ghlanfaoi
asta iad. Ag sin bhar n-anma lán don ghalar 's don aincis,
d'uabhar is do shainnt, do dhrúis is do chraos, d'fheirg,
d'fhormad agus do leisge, do bhrise saoire agus troisge, do
bhréaga agus do mhionna móra. Atáid uile arna
n-éadughadh don láib agus don dríb iffrionnda so do
mhí-ghnaoigheann, do léirsgriosann agus do mhilleann
íomháigh agus ionnchrothacht Dé go huile ionnta, dá
n-iompóghadh dochum oll-phiast iolchrothach uathbhásach
úrghránna re faicsint. Créad é an fáth ná cóimhrightheann
sibh fá choimeirce fola daorluaidh Chríost, an t-aon tSlánaightheóir
searcamhuil grádhmhar sin d'fhág tobar glaémhaiseach
na hairthighe agaibh dochum bhar n-anma do
sgiomaradh agus do nighe agus dochum a bpríomháilleacht
's a gcéadbhreághthacht do thabhairt dóibh? Nó fá
dheóigh guilidh tré chroidhbhrúghadh, doirtig bhúr ndéara
bhus uisge do sgiomaras, do ghlanfas agus do nighfeas
agus do-dhéanfas sibh a níbhus gile go mór ná an sneachta.
“Iomchraithfe tú híosóip oram, a Thighearna, agus bia
mé arnam ghlana; ionnfhuilfe tú mé agus budh gile mé
ná an sneachta:” Asperges me hyssopo et mundabor, Ps.L.9.
Dá mbiadh lot nó cneadh mharbhthach ar bhar
gcolainn, ní hé an liaig is táire agus is measa do ghlacfadha


L. 23


dá bhar leigheas. Monuar! ag sin an peacadh i n-achrann
i n-bhar n-anma mór-chionntacha a níbhus líonmhaire
agus a níbhus gráinne go mór ná seanghearadh mórchanncrach
ag brúchtaighil do chnuighthibh, a níbhus
bréine ná an camara agus a níbhus lobhtha ná conablach
seanchapuill dobhiadh dá strille idir chonairt ar charnaoile.
Bíodh truagh agaibh ar an adhbhar sin díbh féin agus
glacaidh leigheas an chroidhbhrúghadh, na faoisidine agus
an leóirghníomha .i. an aithrighe, an leigheas aonrecánta
d'órdaigh Críost in' Eaglais.



AN .5. CAIBIDIL
do chuireas i dtuigsint ná fuil trúgh san mbith is cruadhchroidheadha
neamhthrócaireadha ná tíoránach is do-úngabhálta ná an peaca.



Is mór an donas díbh ná tugan sibh dá bhar n-aire agus
nách léir dhíbh mailís agus úrghráinneacht na bpeacadha
do-nígheann sibh. Abarthaoi mar an mí-fhortiúnach úd an
Bhíobla ar a dtráchtann an Spioraid Naomh: Peccavi, et
quid mihi accidit triste? Eccli.v.4, “Do pheaca mé agus
créad d'éirghe dham dá cheann?” Boch! mo chreach!
is mór é bhar nduille marab léir dhíbh méid bhar ndíoghbhála.
Dá gcailleadh sibh radharc an chuirp d'éis tuitim annsa
bpeacadh dhíbh mar aon leanbhar maoin tsaoghalta agus
bhar sláinte, dob' éagmhaiseach an chailleamhuint dhíbh
iad agus do budh rómhór bhar gcathughadh tríotha. Is
sladaighe creach-reilgeach an peaca do sgaran sibh leis na
grásaibh, do chianruaigeas uaibh an charthanacht, do
dhiansgriosann asaibh dlúthchur thuillimh Íosa Críost ár
dTighearna agus d'éimghíos oraibh an uile shórt maitheas
tsíorraidhe nó sochair ós ceann nádúra. Is gríobh é is


L. 24


cruadhchroidheadha agus is neamhatruaighe ná na tígears
agus ná na diabhail féin, d'fhuadaigheas uaibh beatha an
chuirp d'éis báis do thabhairt dá bhar n-anma. Is complocht
nó cómhchruinniughadh é atá déanta d'athracha nimhe do
chealgan sibh i gceartmheadhon bhúr gcroidhtheacha agus
do ghoineann Críost mar an gcéadna, dá chur dochum báis
an athuair ionnaibh. Nách náireach libh na péiste lothordha
úrghrána agus na gríobhadha gnímhéachtacha so do chuma
ionnbhúr n-anma tréas na haonta agus na toile dothugabhar
dochum an pheaca do dhéanamh? Agus fós, níis measa
go mór, beathaigheann agus cothaigheann sibh iad le smior
agus smúsach bhár gcnámh (mar adéarfá) tréanbhár neamhaithrighe
agus bhár gcruadhmhuinéaltacht. Brisig agus
raobaig iad ar an adhbhar sin i gcuinne na caraige úd,
Críost, dá bhfuathughadh tré fhíorchathughadh fó fheirg
do chuir ar Dhia, mar ghrádh air féin, do réir bhréithre an
Ríghfháig Dábhídh, Ps.cxxxvi.8,9: Filia Babylonis
misera, maledicta concupiscentia ... Beatus qui tenebit et
allidet parvulos tuos ad petram, “A inghion mhí-fhoirtiúnaig
na Baibilóine, a andúil mhallaighthe ... Is beannaighthe
an té d'fhuathóchas agus do bhriseas do chlann bheag i
n-aghaidh charaige na hairthighe”, d'éis a dteacht amach
agus an feadh dobhiaid fós lag, do bhrígh an tan do
neartóghaid trésan dtaithighe, ah! créad é a dheacaracht
buadhchant ortha!



Is tíoránach cruadhchroidheach neamhthrócuireach do-úmpchair
é an peaca. Créad é an riocht ionnar iompaigh
sé sibh? Féachaidh agus amharcaidh féin oraibh féin.
Do dhíbir agus do dhiansgrios fighir agus íomháigh Dé
asaibh. Do shocraigh agus do phlanndaigh cosmhulacht
agus ionchrothacht phóirc shalaig, mhuice bréine, athrach
nimhe agus an diabhail féin ionnbhar gcroidhtheacha. Do
leag agus do bhain bárthuisle asaibh ó dhignid agus ó
mhórdhacht chloinne Dé dochum bheith mar sglábhaighthe
fó chrúbaibh cíordhubha an diabhail i n-iffrionn. do
n-bhár mbeith táthaighthe don Spiorraid Naomh do-rinn
díbh méirdrig agus stráillighthe cruadh-cheangailte dosna


L. 25


gríobhaighthe is uathbhásaigh ghráineamhla shalaighthe
dob fhéidir d'fhagháil. I n-ionad bhar mbeith i n-bhár
n-oighreadhaibh ar nimh, do damnaigheadh sibh fá dhubhsglábhadhacht
neamhfhiúntaig nairéomhail sgannalaig an
tsaoghail so agus fá mhór-phianntaibh neamháirmheaca
dochoimsighthe na síorraigheachta annsa tsaoghal eile.
“Is sglábhadha don pheaca an té do-ghnígheas an peaca”:
Qui facit peccatum, servus est peccati, Ioan.viii.34. Agus
an té bhus sglábhaidhe don pheaca, is sglábhaidhe é mar
an gcéadna agus fear feadhma don diabhal, dá mhailís, dá
mhallaightheacht, dá mhire agus dá éadóchas ar feadh na
síorraigheachta muna bhfille tar ais go prap tré bhealach
deilgneach cnámh-dhíreach na hairthighe fíre.



Creideann agus is dóith libh go bhfuil gach uile shórt
plaésiúir agus tairbhe annsa bpeaca, agus an drong dobhíon
tuca do na lochtaibh agus do na feilebheartaibh, ná faghaid
acht rósaighthe, pósaighthe agus pingcínighe agus gach
nídh dá chompórdaighe ann. Is mór an mealla agus an
dall-íntleacht díbh sin do thuigsint! Is geárr go bhfeicfighe
féin (d'éis bhúr súl d'osgailt díbh i n-ifrionn) créad é a
ghuirte agus a sheirbhe doní dhíbh bhar nDia agus bhar
n-aon-chríoch do thréigion. Ní bhfuil bealach ar bith is
deilgnighe aimhréightighe ná casán na locht. Lassati
sumus in via iniquitatis et perditionis, Sap.(v.7.). “Do
ritheamair i ndiaigh ár gcinn i mbealach na mallacht 's i
gcasán na locht agus do coireag sinn ionnta”, amhuil agus
mar adeir na damantaig. Ní bhfuil fós máighistir a ní
bhus guasachtaigh ghéarsmachtaighthe dho-úngabhálta
dhoiriartha ná an peaca. Is glinn deallraightheach géar-radharcach
fírinneach an sómpla do-bheir an Spioraid
Naomh annsa Scriptiúir nDiadha dhúinn air sin i bpearsain
an mhic dhiablásaig úd do thuit cómh mí-fhortiúnach
dochum bheith cómh húirísiol tarcuisneach sin agus gomadh
éigean do bheith 'na mhuicighe a' coiméad muc, gan


L. 26


phiuc don bhiadh ná braon don dig ná fiú na meas dochum
a shásaighthe. Arbh fhéidir droch-chumann budh mhó
do bheith i neach ar bith ná mar dobhí ionna mháighistir .i.
an peaca, do threóraig dochum slighe chothaighthe cómh
húirísiol tarcuisneach sin é agus fá dheóig léigeann do bás
d'fhagháil don ghorta, don uireasba agus don annrógh?
Is measa go mór bhár staid-se ionná sin, agus dá bhrígh
sin déinig bhúr ndíthchioll dochum claochló do chuir ar
bhar ndroichbheatha i n-am, ag admháilt bhár bpeacadha
agus ag tréigion bhúr n-annlocht mar an mac ndiablásach
úd. Cuimhnighidh ar shaidhbhrios agus ar mhórmhaithios
Íosa Críost bhúr n-Athair, agus ar gach tairbhe, seirbhís
agus compórd dá gcuireann ar a shearbhóntaithibh féin.
Bíodh sé do choráiste agus do dhóthchas agaibh ann teacht
fána choimeirce go tapa. Is grádhmhaire go mór do
gheabha sé sibh léan' ais ná is fonnamhar sibhse dochum
teacht dá láthair, agus do-bhéarfa dhíbh tar ais gach ní
dár chailleamhuir trésa' bpeaca. Marbhaidh sé an laogh
biata dochum fleadh agus féasta do thabhairt dhíbh, agus
ós a cheann sin do-bhéarfa é féin díbh idir fhuil, fheóil,
chorp, anam agus diadhacht, dochum bhar gcothaighthe
annsa tsíorraigheacht. Úmhlaighidh sibh féin, dá bhrígh
sin, maille re dóthchus agus muinghín láidir ann, tré
dhianghrádh air féin go haonrecánta, le rún diongbhálta
gan a thréigion feasta, ag admháilt bhár bpeacadha agus
ag tréigion na locht tré chroidhbhrúghadh agus ghéarthuirse
bhár n-anma. Agus 'na dhiaig sin, ní heagal díbh má
chailleamhar cáiliodhacht chloinne Dé trésan bpeacadh; do-gheabhthaoi
nár chaill Dia a ghrádh ná a charthanacht
athardha díbhse, iar n-iompóghadh air féin trésan aithrighe.



Ní léigion an peacadh don anam choidhche stad i
suaibhnios, i socamhuil ná i síothcháin, acht dá bhuairiughadh,
dá ghreada 's dá phiana tré neamhórdughadh


L. 27


mhíriaghalta a ainmhianna. Ní beag aon pheaca amháin
dochum an anma so do theilgionn i bhfodhomhuin neamhghrionnalaig
an éadóchais. An tan budh mhiann leis an
Righ Achab, tré shainnt iomarcaig nó tré aindréim neamhriaghalta,
fíonamhuin Nabot do chuir fá aon iadhaig rena
gháirdín nó rena luibh-ghort féin, do ghlac buairt aigne
agus trioblóid intinne cómh mór sin é ar mhodh nár fhan
caithiomh bídh ná digh ann ná fós an tionúra is lugh
ar bith do cholla do dhéanamh. Do chorruigh agus do
bhuair a aigne ar mhodh nár mhiann leis aonneach
d'fhaicsint. Budh sgannalach lena prionnsadhaibh agus
lena chúirtéaraidhibh uile é d'fhaicsint cómh doilbhiosach
cómh dobrónach sin mar gheall ar aon fhíonamhuin bheag
bhocht amháin, an té a raibh an oiread sin do pháláis,
d'oighreacht áluinn agus an ríoghacht uile fána smacht
féin. Maise, nách cuirfeadh so truaidhmhéil iongantach
oraibh ar fhaicsint luigeacht na nádúire, ulmhóireacht na
bhfeilebheart agus tíorántacht an pheacadh? Agus ar a
shon sin agus uile, grádhann sibh é, dá chonnlughadh
agus dá thathlughadh ionnbhár gcroidhthibh agus dá
shárchoiméad ar chostas bhúr mbeatha agus bhúr sláinte
shíorruighe. Créad é bhúr réasún dochum bhúr leithsgéil
do ghabháil acht leithsgéal lucht buile, lucht mire nó
éadóchais?



Is cosmhuil na peacadha reis na beitheadhachaibh
cuíbhtheacha agus na gaoithe uathbhásacha úd do-chonnairc
Daniel do shrac croinn agus clocha as a bpriamhachaibh
agus dothug léirsgrios agus deargár ar an uile nídh,
iv Reg.ix.36. Is é an peaca an poc gabhair úd an fhásaig
do thacht agus do strac as a chéile na caoire gan atruaigh


L. 28


ná trócuire, Apocal.vi.8. Ó má fhuilingin sibh é do
dhul asteach ionnbhúr gcroidhthe, créad mar do stracfas
agus do shraoilfeas iad as a chéile! Is cosmhuil é leis
na gadhair úd d'ith Iezabel 'na mionghreamannaibh as a
chéile. Is cosmhuil é fós leis an capoll mílítheach úd na
n-Apocalips nó na dTaisbeánaighthe do tharaing 'na dhiaig
gorta, pláig, bás, ifrionn agus an uile shórt uilc, mallacht
agus mí-fhoirtiúin. Is cosmhuil é leis an gcloichshneachta
úd na hÉigipte do leighig agus do loit an uile shórt dá
dtáinig trí thalamh. Is cosmhuil é le teine Shodom agus
Ghomorrtha do dhóig agus do dhubhloisg na huile nidhthe.
Ní thuigeann inntleacht agus ní labharfadh teanga méid
na n-olc agus na mí-fhoirtiún do tharngeas an peaca san
anam. Maise, muna bhfuathaighthí gan stad an peaca
agus muna ruaigfidhe uaibh i n-imgcian é maille ris an
uile ghráin do bheith agaibh air mar an olc is mó ar bith,
méadóighfidhe go mór bhúr gcuir agus ní bhiadh sibh ar
aonmhodh inleithsgéil.



AN .6. CAIBIDIL



ionna suightear gurab é an peacadh olc is mó do na huilc agus cosbóir
aonrecánta fhuatha agus fheirge Dé.



Do na huilc go huile ní bhfuil aon olc ann is mó iná an
peacadh, do bhrígh gurab é athair agus tobar an uile uilc é.
Ní bhfuil olc ar bith ar neamh ar an adhbhar ná deachaidh
an peaca asteach ann. Ní bhfuil olc ná amhgar ar bith
acht i n-ifrionn do bhrígh gurab é an peaca do riaghlas


L. 29


agus do stiúraigheas ann agus go bhfuil gach nídh dá bhfuil
ann luchtmhar dingthe lomlán de. Da mbiadh gan an
peacadh do theacht asteach san domhan agus dá bhfanfadh
Adam ar staid na neamh-chionnta, do budh ionad
cómhnaighthe shocair shuairc aoibhnis agus plaésiúir an
talamh mar na flathais. Acht do tharaing an peacadh an
uile shórt uilc agus feilebhearta, boichtineacht agus annródh,
pláig, cogadh, feall, murdar agus tnáith, plé, clampar
agus achrann, troid, bruighean agus ceannairic, cailleamhaint,
gorta, ruathar agus tóiteán, agus an uile shórt donuis,
tiubuiste agus doghruinn oruinn ar an dtalamh. Dámadh
fíréin sibh, do budh coróineadha órdha agus óirchisteadha
neamhfholamha dhíbh gach donas agus doghrann agus gach
peannaid, pionnós agus piannta dá bhfaghaig sibh. Is
iad bhúr bpeacadha is bun agus is adhbhar dá bhúr n-uilc.
Níor cheart díbh aon nídh d'fhuathughadh acht an peaca
féin go haonrecánta, ná gearán do dhéanamh acht air, ná
labhairt go trom acht in' aghaidh, ar an adhbhar, iar
dtreasgairt an pheaca dhíbh, léirsgriosa sibh bhúr ndeargnamhaid
agus do-bhéarfaidhe bás dá bhar n-uilc, más
miann libh a dhiansgriosa asaibh tré thréantsrotha tréanáidhbhseacha
na hairthighe fíre.



Is mó go mór dh' olc an peaca ná an bás agus ifrionn
cidh fionnas agus gur clann agus daltadha cíoch do iad.
“An t-anam do pheacóghas, do-gheabhaidh an bás
síorraidhe,” Anima quae peccaverit, ipsa morietur in aeternum,
Ezech.xviii.20. Is é Dia an t-aonmhaith aonrecánta,
maitheas na maithios, ina bhfuil an uile shórt maithis,
maitheas dochoimsighthe neamh-chríochnaighthe. Ní
bhfuil ar neamh ná ar dtalamh, i measg aingiol ná daoine,
an teanga ag a bhfuil sé ar gcumas di leath ná trian maitheasa
Dé d'ínsint. Amharcaig féin agus féachaig don taoibh
eile créad é mar olc an peaca. Atá sé ar mhodh éigin
cómh mór ionna mhailís agus ionna phiannta, ionna
úrghráinneacht, ionna úirlísleacht agus ionna tharcuisneacht,


L. 30


le Dia ionna mhaitheas agus ionna mhórdhacht, ionna
ghlóire agus ionna bheannaightheacht, ar an adhbhar go
bhfuil an peaca ionn gach uile phoínte conntrárdha do
Dhia agus go bhfuil 'na dheargnamhaid aige agus ag gach
uile nídh dá bhfuil i nDia. Dá bhrígh sin, is é an t-aon
olc aonrecánta é, olc na n-olc, do choimsigheas na huilc go
huile, smior agus smúsach na n-olc, olc síorraidhe, olc
dochoimsighthe neamh-chríochnaighthe dh'ainglibh agus do
dhaoinibh, ar mhodh ná tig le créatúir san mbith leath
uilc agus mailíse an pheacadh d'ínsint. Ar an adhbhar
sin, is neamhthuigsint ionngantach agus dall-inntleacht
chailleamhnach díbh uamhan, eagla ná faitchíos ar bith dá
bhar nglaca roimh na huilc eile iar dtabhairt dearmoid
annsa bpeaca is athair agus is bun dóibh agus is olc
aonrecánta agus an t-olc bhus mó do na huilc. Agus má
tá uamhan ná eagla agaibh roimhe, créad é an fáth n-a
nglacthaoi leis ná n-a gconnlaigheann sibh é ná n-a
dtugathaoi lóistín nó ionnad cómhnaighthe ionbhár n-anma
dhó? Agus créad é an fáth ná scriosan agus ná ruaigeann
sibh é agus ná díbearthaoi a phriamhacha as bhar gcroidhtheacha
cruadha clochacha? Is deimhin gurab mór an
namhaid dá bhár n-anma féin agus dá bhár maith aonrecánta
.i. Dia, sibh, do bhrígh an té ghrádhaigheas an mhallaightheacht
go bhfuathigheann a anam féin, do réir bhréithre
an Righfháig Dáibhí,Ps.x.6.



Ní bhfuil fuath ag Dia agus ní féidir leis do bheith do
nídh san mbith acht don pheaca féin go haonrecánta, do
bhrígh go ngrádhaigheann Dia gach nídh san mbith agus
ní fhuathaigheann nídh dár chrutaig sé, Sap.x.25.
Grádhaigheann ar an adhbhar sin Dia gach uile chréatúir
dár chruthaig sé. Ní bhfuil ann acht an t-aonmhallacht
aonrecánta, an peacadh, nár chruthaig sé ag árab é an
diabhal agus droch-ghníomhartha na ndaoine is úghdar
dho. Atá grádh, searc agus gean ag Dia don diabhal
agus do na damanntaig mar a chréatúireadha agus oibreacha
a lámha féin. Coiméadan agus cosanan iad. Ní fhuathaigheann
nídh ar bith ionnta acht an peacadh. Ní chuirionn


L. 31


peannaid ná piannta ortha acht 'na dhiaigh, ní ruaigeann
as a radharc iad acht ar a shon. Mar an gcéadna do
Dhia do thaoibh na bpeacach: ní fuathmhar leis nídh dhá
bhfuil ionnta acht an peaca, agus d'éis iad dá dhiansgrios
asda tré shrothaibh tréanáidhbhseacha na fíoraithrighe,
grádhann Dia agus gabhan lean' ais iad mar a chloinn
toghbhtha dílios féin, mar d'éirig do Naomh Matha do
bhí 'na phuibliocánach sgannaileach agus don mhnaoi
pheacamhuil, Muire Mhaghdalen, dobhí 'na lóistín tsalach
agus 'na camara bhracach ag deamhain agus ag diabhail
ifrinn; mar ghadaighe na láimhe deise d'ionntaig agus
d'adamhaig Críost, nó mar Naomh Pól dobhí 'na leóghan
fheargach agus 'na sgriostóir airigtheach ar eaglais Chríost,
atá annois 'na réalta eólais agus 'na lóchrann soillseach san
eaglais chéadna.



Is dochoimsighthe an mhiosguis atá ag Dia don pheacadh
ar mhodh gur fuathmhaire leis é go mór agus gurab
áidhbhsighe ná an searc atá aige ar na Seraphin, do bhrígh
d'éis Lucifer 's a chúmplacht do thuitim san bpeacadh gur
theilg Dia iad ó fhlaitheas i ndiag mhullaig a gcinn go
hifrionn. Is mó go mór a mhiosguis ar an bpeacadh
ná a ghrádh ná a shearc don duine ná do na créatúireadha.
O! is maith do chuir i n-úmhail a fhuath ar an bpeaca an
tan, tré neart miosguis' air, do bhádhaig an domhan uile
le tréantuile na dílionn, gan féachuin do dhuine ná do
bheathadhach, d'ealtain ná d'éanlaith, do phlannda ná do
fhéar ghlas, do mhullaighe cnoc ná sléibhte ná do nídh ar
an saoghal so, le méid a ghránach ar an bpeacadh.



Is fíor gurab mór grádh agus gean Dé ar na naoimh, a
shearbhóntaighthe féin, agus go gcoiméadan iad mar mac
imearsan a shúl, acht is mó go mór a fhuath ar an bpeacadh
ná an grádh atá aige dóibh-sean, do bhrígh d'éis tuitim do


L. 32


na naoimh i bpeaca mharbhtha, go ruaigeann Dia as a
radharc iad mar a dheargnamhaid, imighean uatha, tugan
cúl a chinn dóibh, gearann uatha a ghrása, ritheann i
n-imchian uatha ionnas agus ná beith a níbhus mó 'na
Dhia, 'na riaghailtheóir, in' athair, 'na stiúraightheóir ná
'na shlánaightheóir aco, ar mhodh go ndéarfadh Dia mór
na n-uile-chómhacht, cruthaightheóir nimhe agus talmhan,
ag iompóghadh a chúil reó: Abscondam faciem meam ab eo,
Deut.xxxi.17, “Foileóghadh mé m'aghaidh air agus ní
fheice sé mé a níbhus mó”.



Budh naomh Saul an tan do toghag é dochum a bheith
'na rígh, I Reg.xxxi.4, acht gan stad ionnar thuit san
bpeaca, tréana phoimp agus tréna neamhúmhlaigheacht, do
thréig Dia é, agus fá dheóigh, tréna chruadhmhuinéaltacht,
do léig dho tuitim i n-éadóchas. Cuireann fós an fuath
atá ag Dia ar an bpeaca fá deara air gan suim ná éifeacht
do chuir i dtrosga, i ndéirc ná i n-úrnaighthe, i n-ofráil, i
n-íodhbairt, i n-Aifreann ná i n-órd, i dturais, i n-eileirtheacht
ná i nídh ar bith do mhaithghníomharthaibh do-ghnídheann
sibh ar staid an pheacadh, do bhrígh, má
dhéantaoi iad-so agus sibh in bhúr bhfeilebheartaig annsa
bpeaca, nách fiú náda dhíbh iad dochum na bhflaitheas
mar is oibreacha marbh leis an bpeacadh iad. Agus
bíodh go ndéantaoi iad iar mbeith dhíbh ar staid na ngrás,
níorbh ursa iad dochum fuatha ná feirge Dé do dhíbirt
uaibh ná chum sibh d'anacal ar phianntaibh síorraidhe
ifrinn dá bhfaghadh sibh bás annsa bpeaca. Amharcaidh
féin agus féachaidh créad é méid na gránach budh dhual
díbh do bheith agaibh ar an bpeaca más ciallmhar fáth-ghlic
sibh, ag leanamhuin do chómhairleacha an Tighearna
nách féidir do mhealla agus ná feallfaidh.


L. 33


AN .7. CAIBIDIL



do thaisbeánann go gcuireann bás agus páis Íosa Críost mar aon le
géarfhulang na naomh gráineamhlacht an pheacadh i dtuigsin dúinn.



Is mór é bhár gcathughadh agus bhúr mbuaireamh má
chailltí nidhthe beaga diombuana teamporálta nó aimseardha
an tsaoghail so, agus ní chuireann sibh suim ná
cás i saidhbhreas, i stór ná i n-ionnbhas síorraidhe na
bhflaitheas do thréigeann trésan bpeaca. Dá ndeachadh
feidhim dlighe ar bith ionnbhar n-aghaidh, dá mbriseach
beansglábhaidhe sgáthán nó gloine, dá ndiúltaghadh bhár
gcaraid seirbhís do dhéanamh dhíbh nó dá dtugach bhár
bhfaightéireadha nó bhár leacaíghe neamhshuim ionnbhúr
ngnóthaighibh, dob uathbhásach bhar gcailleamhuint agus
dob áidhbhseach bhár n-easbaghaibh. Osglaigh bhúr
súile agus guilig agus caoinígí bhár ndall-inntleacht. Do
chailleamhair bhár n-anma do chosain fuil uasal Íosa Críost
ár dTighearna, agus ní dhéantaoi acht neamh-nídh dhe sin.
Do raobamhair na cóimhcheangail do-rineadar na grása idir
sibhse agus Dia. Do-níthí gach nídh conntrárdha dhá
órdughadh, éimigheann sibh bhúr ndeóra do dhorta tré
chroidhbhrúghadh agus tré thuirse ná siubhal go díreach
ionna shlightibh ná a aitheannta do choiméad, agus ní
bhfuil binn ná éifeacht agaibhse ionnsin. Acht bíodh a
fhios agaibh go láimheóghaidh Dia sibhse amhuil agus
mar do lámhaig sibhse eision. Ar mhodh an tan do
bhias díth coda agus carad oraibh, dá bhár gcúl-gheara le
cúlchainnt agus le murmur, an tan do-gheabhthaoi bás obann
anabaidh gan ollmhughadh ná aithrighe, i ndamaint
tsíorraidhe i n-iffrionn, ní dhéanfaidh buairt ar bith ná
trioblóid do Dhia do bhrígh go méadaigheann sin a ghlóire.
Dá bhrígh sin, déingidh cás mór agus suim iongantach do


L. 34


ghnóthaibh Dé agus déanfa seision an nídh céadna dá bhár
ngnóthaibh-se. Tugaidh oghamós agus onóir do ar an
saoghal so agus do-bhéarfaidh seision an bheatha shíorruighe
dhíbhse ar an saoghal eile.



Oh! is úrghrána donaoi tuibisteach doghrannach an
nídh é an peacadh do bhrígh go dtáinig an oiread san uilc
dá dhruim. Dothug aon pheaca aonrecánta Adaim an
bás do féin agus dá shliocht 'na dhiaigh, ar mhodh dá
mbeadh a mhíle oiread eile nó nuimhir dochoimsighthe ann
díobh, nách rachach naoín aonoidhche as díobh gan pianta
na cuire so d'iompchar. Acht is mó go mór ná sin do
foillsighthear mailís an pheaca dhúinn annsa leóirghníomh
do-rin Críost ar ár soinne. Ó! dámadh nídh cómh beag-éifeachtach
sin an peacadh, budh thíoránta cruadhchroidheach
an nídh don Athair Síorruighe a Aonmhac Íosa
Críost do chur dochum báis comh sgannalach sin dochum
leóirghnímh agus sásaimh do thabhairt ann, amhuil agus
mar gomadh neamhthrócuireach tur éadtruadhach an nídh
do athair a aonmhac sár-ghlic iomshlán dilghrádhach féin
do chuir dochum báis ar neamh-nídh. Do chuir an t-Athair
Síorruighe Íosa Críost ár dTighearna, a Aonmhac fíorghrádhach
féin, dochum báis ar son an pheacadh. Do
rugadh é i measg na mbeathadhach n-allta i mboichtineacht
's i n-annródh, ag fullang fuachta, gortadh, masla agus
mí-mhodh nó go dtug leóirghníomh agus sásamh annsa
bpeacadh i gcrann sgannalach na croiche. Do bhrígh nárbh
fhéidir le naomh ná bannaomh, le duine ná le haingeal an
sásamh so do thabhairt uaidh, níorbh fhuláir beatha agus
sláinnte, fuil agus follracht Dé ionchollaighthe mar Íosa
Críost, Dia fíre agus duine iomshlán, dochum a dhéanta.
Maise, créad é an nídh ná dearna Críost ag fulang agus ag
iompchar an uile shórt peannaid agus piannta dochum
sásaibh do thabhairt san bpéin do budh dhual don pheaca
d'fhagháil? Agus ní deónuightheach libhse an uiread sin


L. 35


agus bhár nglúine d'fhille, an deóir is lughadh do ghul ná
guidhe dochum Dé ná deaghoibreacha ar bith do dhéanamh
ná bhúr gcoirtheacha d'admháil dochum léirsgris an pheaca
do thabhairt ná leóirghníomh ná sásamh do thabhairt don
Fhíorcheart nDiadha ionnta. Tugaidh aire mhaith dhíbh
féin.



Dobhí áirc Noé i gconntabhairt an bhara uisge na dílionn
ag tóirnig agus ag tíntreacha, ag stoirm agus ag rabhartha,
ionn an uile shórt phriocail agus dainséir, dochum an mhéid
dobhí innte do chosnamh ar a mbáthadh. Mar an gcéadna
dothug daonacht Íosa Críost í féin suas do ruathar tuile
dílionn phianta agus pheannaid, ghuirteamuis agus tseirithin
agus bháis sgannalaig na croiche dochum sinne do shábháil
ar an bpeacadh. Dobhádar na haingil d'fhuasgail Loth as
méirliochas Shodaim fá mhíghníomh agus fá mhurmur, fá
bhuile agus fá mhímheas na Sodomíteach, Gen.xix.4.9,
agus mar an gcéadna d'Íosa dobhí fó mhoghsuine agus fá
dhaoirse, fá bhuile agus fá mhímheas, fá neamhthruaigh
agus fá neamhthrócuire na gceasadúnach úd do chuir dochum
báis é, dochum sinne d'fhuasgailt ón bpeaca. Do teilgeadh
Ionas fán bhfairge dochum a storma do thraocha. Do
teilgeadh Íosa i measg mara do-úngabhálta na croiche, na
bpeannaid, na bpiannta, na mímheas agus na martara,
dochum mór-fhearg a Athar do loighdughadh do thuilleamair
tré ár bpeacadhaibh. Do chuir Dáibíodh é féin i
gcúntabhairt a shloigthe ag Goliath dochum a phobuil
d'fhóirighthin ó léirsgrios agus ó ghéar-leanamhuin an athaig
chéadna, I Reg. xvii.40. Créad iad na cruaidhshlighte
nár ghaibh Críost tríotha dochum sinne d'fhuasgailt ó
annsglábhadhacht an pheacadh? Maise, tugaidh fá deara,
ar an adhbhar sin, méid agus úrghráinneacht an pheacadh,
cia fionnas agus gomadh éigean saothar agus bás Dé agus
iomshlán a choda fola fíoruaisle dochum a léirsgriosta asuinn.


L. 36


Agus anois féin, an tan do chuireamaoid fearg air, ní
bhfuil ar gcumas do chréatúir san mbith párdún aon
pheacadh amháin mharbhtha do thuilliomh dhúinn. Ní
fuláir d'fhuil Chríost agus dá mhórshaothar sin d'fhagháil
dhúinn. An nídh suarach beg-éifeachtach ar an adhbhar
sin an peaca do chosain beatha agus sláinte, fuil agus
folracht Dé, noch nách féidir do mhaitheamh acht tré
dhlúthchuir thuillimh Íosa Críost ár dTighearna agus na
fola céadna?



Do bhronadar na naoimh ar na boicht a maoin agus a
substainnt, a n-ór agus a n-airgead agus a n-ullamhaithios,
agus d'fhuilingeadar an uile pheannaid agus phianta,
bhoichtineacht agus annródh dochum an pheaca do sheachuint.
Do cuireadh Naomh Peadair dochum báis ar an
gcruis buinisgionn. Do chaill Naomh Pól a cheann. Do-rineadh
carn cloch do Naomh Stiabhna. Do róstag Naomh
Labhrás. Agus fá dheóigh d'fhuiling nuimhir neamhchinnte
eile do naoimh míle gné pheannaid agus phianta
cómh cruadhálach leó-so. Créad é an fáth, ar an adhbhar
sin, ionnar fhuiling an uiread sin naomh pianta ar an modh
sin acht dochum mór-fheirge Dé do sheachna? Do bhrígh,
dá séanadís na mairtíreadha creidiomh Chríost, ná héireóghach
nídh ar bith dhóibh, agus créad é an fáth nár
mhiann leó a shéana? Atá, go dtoillfidís fearg agus
eascáirdeas Dé dhá chionn. Do ghabhadar ar an adhbhar
sin trésan uile shórt cruatain agus annródh i gcontabhairt
a mbeatha, fá mhímheas agus tarcuisne, ar díth coda agus
carad, dochum an pheaca do sheachna. Cuimhnighidh
ar an adhbhar sin nách nídh beag-éifeachtach an peaca nó
budh lucht mire agus díthcéille na naoimh do chaill a maoin
agus a mbeatha, a bhfonn agus a bhfearann tréna dtoil
féin go haonrecánta mar gheall ar neamh-nídh. Do budh


L. 37


chathaightheach dobrónach neamhshuairc Dábhíodh tré bhás
Absolom. “A Absoloim a mhic,” ar sé, “a mhic Absoloim,
créad fáth ná fadhaim bás dochum tusa d'aithbheóghadh!”
ii Reg.xviii.33. Do ghoill bás Ionathais agus Shauil
air mar an gcéadna ar mhodh gur mhallaigh na sléibhte
tré mar nár chaoigheadar iad, ii Reg.1.17. Ó maise,
créad na srotha tréanáidhbhseacha deór do budh cheart
díbhse do shile tré bhás do thabhairt do Chríost, tré bhár
n-anma do chailleamhuint agus Dia féin bhus beatha dhóibh,
túis a ndeaghfhoirtiúin agus an chríoch fánar cruthaigheadh
iad.



CAIBIDIL 8



ionna bhfoillsighthear gurab mó do ghoilleas peacadha na gcreidmheach
ar Dhia ná peacadha na bpágánach agus na ndíthchreidiomhach.



An tan do bhagair Naomh Eóin Baiste mór-fhearg Dé
ar na Giúdaighthibh muna ndéingidís aithrighe, adubhairt:
“Cia do-bhéarfaidh dhíbhse éifeacht fheirge Dé do
sheachna?” Math.III.7. Do ghabhadar a leithsgéil, ag
rádh gomadh chlann d'Abraham iad, acht do fhreagair
Eóin agus adubhairt ná saorfadh an cháil sin iad ó fhíoch
ná ó fheirg Dé do bhrígh go m'fhéidir leis na clocha
d'iompóghadh dochum na mbeith 'na gcloinn ag Abraham
agus muna ndéingidís aithrighe go ndamnóghfaoi iad cia
bé ar bith cáil nó coinghiol iona mbiaidís. Déingidh-se an
nídh céadna ag rádh gurab Críostaighthe sibh agus mar sin
nách eagal díbh. Teangmhóidh a chonntrárdhacht díbh
do bhrígh gur pianmhaire do leagfas Dia a thréanbhuille


L. 38


oraibh tréanbhúr bpeacadhaibh ná dámadh
Turcaig, díthchreidmhig nó Giúdaighthe sibh, do bhrígh
gurab áidhbhsighe mhó mhailísighe bhúr gcorrthacha-sa ná
peacadha na muintire úd ná haithnigheann Dia ar aon
mhodh mar sibhse.



Is mó an díol do baintear do na sladaighthibh tighthe
ionna bhfeilebheartaibh agus na pionóis do-gheibhid iona
bhfiolúntacht ná na strainséirighthe nó an mhuintior ná
bíonn fios imighthe an áruis aco. Agus fós is mó ghoillios
an éagcóir agus an anabhreath dobheirionn ár gcaraid
oruinn ná an t-inghreim agus an t-éagceart is mó is
féidir lenár namhaid d'imirt oruinn, mar is follas i bpearsain
Dáibhí trésan ngearán cruaidh do-ghnídheas ar a sheiribhíseacha
d'éis iad dá thréigion, an tan adeir: “Dá mallaigheach
mo namhaid mé d'fhuileóghnainn é, acht tusa do
shuigheann mar aon riom dochum mo chláir, agá raibh mo
mhuinghín agus mo dhóthchas ionnad agus agár ghabhas
leat mar ghiolla, créad fáth ar thréigis agus n-ar dhíolais
mé?” Ps.LIV.13-15. Créad é mar dhólás agus mar
dhobrón! Do budh é an t-aon-phionós agus an t-aon-mhartra
is mó d'fhuiling Críost ionna pháis mar do thréig
agus do dhíol Iúdás, a dheisgiobol féin agus aon dá apstalaibh,
é, agus ní bhfuil nídh ar bith is mó ghoilleas air anois ná
a mhioncaigheacht do thuillid na Críostaighthe, a shearbhóntaighthe
agus a chlann, a fhearg 's a dhobhuidheachas,
dá gcoiméad san eaglais 'na theaghlach féin, dá gcothughadh
's dá mbiathadh lena chorp agus lean' fhuil daorluaidh
féin, d'éis a bháis do thabhairt ar an gcruis agus dá íodhbairt
féin go laéthamhuil ar an altóir ar a son; agus 'na dhiagh
sin, ní úmhlaighid iad féin dá láthair acht dá aithisiughadh
agus dá imdheargadh amhuil agus mar gomadh dheargnamhaid


L. 39


dho iad. Ó! is mó go mór do ghoilleas a
bpeacadha air ná uile dhia-aithis na ndamanntach agus ná
géar-leanmhuin na ndíthchreidmheach.



Budh chúis dobróin agus tuirse mhór do Noé a mhac
féin, Cam, noch do threóraigh gan bhádha tré thonna na
dílionn, do bheith ag fonamhad 's a' maga faoi, Gen.ix.25.
Do threóraigh agus do shaor Críost sibhse ó dhamaint
tsíorraidhe tréna chrois, agus tarcuisnigheann sibh é tré
shlightibh conntrárdha dá bheatha sin; agus an féidir
leis sin d'fhulang ná d'iompchar gan fearg? Budh mhór
cuthach agus buile fheirge Ioseph mac Iacob d'éis a
dhearbhráithreacha dá dhíol leis na strainséaracha,
Gen.xxxvii.28, do bhrígh go raibh d'oibliogáid agus
d'éadualang orrtha a chosnamh dá ndearnthaoi fóirneart
air agus a fhuasgailt gion go mbiadh 'na sglábhadha;
agus ar a shon sin agus uile do ghabhadar féin do nó gur
dhíoladar é. Ó créad sin mar chruadhchroidheacht!
Sibhse, a Chríostaighthe, do-ghnídhthí an nídh céadna le
Críost, bhúr ndearbhráthair ioncholnaighthe féin, agus i
n-ionnad a onóra agus a mhórdhachta do chosnamh i
n-aghaidh na bhfeilebheartach, tréigthí agus díoltaoi é go
mí-onóireach mí-oghmósach mí-urramach, dá aithisiughadh
agus dá imdhearga tré andúil shanntaig iomarcaig diombuain
an tsaoghail so. Amharcaidh, dá bhrígh sin, ar Chríost
agus féachaidh air maille re truaigh dho ionnaimh féin,
agus gabhaigh coimeirce aige go sochroidheach trésan
aithrighe.



Adeireadh Saul gomadh í an chómhthuigsint do
bhíodh idir é féin agus Dáibhí do budh namhaid
fhollas dho, caduaic budh mhó leis, I Reg.xviii, agus
gomadh é do-riarthacht agus cadrann budh mhó le


L. 40


Sampson an tan do ghearradar na Filistínig a ghruaig
agus do raobadar a shúile, mar do thréig agus do dhíol
Dalila é ar a dtug searc a chroidhe agus rún a chléibh,
Iud.xvi. Do-rinne Íosa Críost a chlann féin agus a leanba
dílis díbhsi trésan mbaiste, ag tabhairt beatha na ngrás
díbh agus 'na dhiaig sin go gcómhcheangaltaoi sibh féin
risan ndiabhal, resan saoghal agus reisan gcolainn bhus
naimhde aonrecánta aige, d'éis bhar ngeallamhna san mbaiste
go séanfadh sibh iad. An measan sibh nách mór a fhearg
tríd sin? Tug an Slánaightheóir dianmhaith so é féin
díbh amhuil Shamson re Dalila. d'fhág a chorp naomhtha
féin mar aon rena chuid fola fíoruaisle agus an Sgrioptúir
Diadha agus gach nídh dá raibh aige mar oighreacht
agaibh dochum bhar gcothughadh, agus cailltí ar a shon
sin é trésan bpeacadh, tré mhí-órdughadh agus tré mhallaightheacht,
tré uabhar agus tré shainnt, tré chraos agus
tré leisge, tré dhrúis agus tré mheisge, dá imdhearga agus
dá ghearadh, dá ithe agus dá ghreada le lagachar creidimh
agus le saobhchrábhadh fallsa. Ó! an féidir ná bainfidh
díol díbh lá éigin ionnbhár bhfeilebheartaibh muna gcóimhrighthí
go prap gan stad fó ghéin tobair fhíorghloin na
haithrighe dochum bhúr n-anma truaillighthe d'fhothragan
go glé-ghlan aiste.



Is mó d'éadualang ar dhignid Chríostaighe a bheatha
do chaithiomh a níbhus naomhtha ná do budh éigion do
phátriarceadha agus d'fháigeadha an tseannreachta do
dhéanamh cia fionnas agus go ndeir Críost, muna cirte sibh
ná na Sgríobaidhe agus na Pharaisínig, ná rachtaoi asteach
choidhche go ríoghacht Dé, Math.v.20. Agus 'na dhiaigh
sin is cian sibh ó shómpla na bpátriarcadha agus na
bhfáigeadha do leanamhuin 'na mbeatha agus 'na dtréithe,


L. 41


acht ag ruille ruaille ó olc go holc, a tréan-rith re faill
mhara na bhfeilebheart a níbhus measa ná págánaig agus
díthchreidmhig. Do budh chóir gomadh eisiompláir
dheaghthairbheach sibh don uile chréatúir dá bhfeicfeach
bhúr súil dochum glóire agus mórdhacht Dé do mhéadughadh,
acht a chonntráil, tugthaoi dia-aithis agus
sgannail do naomhainim an Tighearna tré bhúr mbeatha
mhallaighthe, Rom.v.24. Budh cheart gomadh
fhusa díbh bás d'fhagháil agus bhar maith agus bhár
maoin tsaoghalta do chailleamhuint mar do-rineadar na
mairtíreadha a níbhus túisge ná do-bhéarfeach sibh toil
dochum an pheaca do dhéanamh. Budh chóir go léigfeach
sibh don domhan uile dul ar ceal sol do chuirfeach sibh
fearg ar Dhia, do réir na mbriathra so Íosa Críost .i. “An
té ná tréigfidh a bhfuil 'na sheilbh sol chuirfeas fearg orm,
ní féidir dho bheith 'na dheisgiobal agam,” Luc.xiv.33.
Agus mar ghrádh ar stór agus ar thoice bheag bhocht
dhiombuan an tsaoghal so, tréigthí bhár n-Athair
Síorraidhe tré pheacadh, iar sgaramhuin na ngrás ndiadha
ribh, ionnbhúr ndeargnamhaid ag Dia mar dheamhain
agus mar dhiabhail ifrinn. Ó créad é ' mhéid mar mhí-fhoirtiún!



CAIBIDIL 9



Is úrghráinnigh go mór agus is ionphionósta peacadha na gcreidmheach,
tré oibliogáideadha agus éadualang na Catoileacachta, ná peacadha na
dTurcach agus na nGiúdaigheach.



Do budh cheart díbh, gé fionnas agus sibh do bheith
ionnbhúr gCríostaighthe, beatha naomhtha do bheith agaibh


L. 42


ionnas gomadh léir dhúinn tré bhúr ngníomhartha naomhthacht
an chreidimh Chríostamhuil do leanan sibh, amhuil
agus mar aitheantar an deagh-cheárdaoi ón' oibreachaibh.
Ní hiongna na págánaig do bheith mallaighthe do bhrígh
go bhfuil a ndlighe coineallbháidhte; acht táid bhár reachta
agus bhúr ndlighthe-se naomhtha, agus mar sin cionnas do
bhiadh sibhse ionleithsgéil gan a gcoiméad gan bheárna?
Is dual don Chríostaighe ionchrotha Chríost do bheith air
ar mhodh ar a fhaicsint air, gomadh fhéidir le neach
ionchosmhulacht Chríost do ghlaca air féin, mar adeir
Naomh Pól: “Amhuil agus mar d'iompramair-ne
íomháigh an Adaim thalmhuighe tré bheatha thalamhuighe,
mar an gcéadna iompramaoid íomháigh Íosa Críost do
thúirling ó nimh tré bheatha neamhdha,” I Cor.xv.49.
“Má labhran aoineach, greamaoidheach sé d'fhoclaibh Dé,”
adeir Naomh Peadair, I Pet.iv.11. Mo thruaigh!
Dá dtarngthaoi bhúr gclódh amhuil agus mar budh dhual,
ní bhiadh acht mar chlódh Lucifer re huabhar, nó Cháin
agus Iúdáis re sainnt agus re craos, nó cló muice re bréantas,
re salachar agus re móraigraightheacht. Cionnas mar
sin d'aithneódhachas Críost sibh mar Chríostaighthibh
.i. a íomháigh féin ionnaibh, mara rabhair cosmhulach ris
i modh éigin? Acht in' aghaidh sin, bíonn sibh ionn gach
pointe conntrárdha dho, agus dá bhrígh sin, aire mhaith
dhíbh air i n-am.



Is mó go mór, is cosmhuil, do ghoill ar Dhia murmur
agus doiriarthacht Chloinne Israel ar an bhfásach, noch do
threóraig sé as daorbhruid Rígh Pharao, ná uile iodhaladhracht
agus géar-leanmhuin lucht áitribh na hÉigipte, do
bhrígh gur ghlac an oiread sin feirge é ionnas agus nár
mhiann leis cluas, aire ná éisteacht do thabhairt do ghuidhe
ná d'athchnuighthibh Mhaoise, do bhrígh nárbh aithnid
do na hÉigiptig é agus gur ró-mhinic do nocht agus d'fhoillsig
sé é féin do Chloinn Israel tré mhíorbhuilligheadha mionaca


L. 43


do-insteana, agus ag sin an t-abhar n-a raibh i bhfeirg
's i bhfíoch leó. Ní thigid agus ní aithnighid na fiaghantaig,
na Turcaig ná na díthchreidmhig eile Dia acht tré
lonnradh agus tsolas na nádúire agus mar sin ná fuilid a
bpeacadha cómh mór sin tré easba a gcaidribh ar Dhia
agus tré loighead a n-aitheantais air. Acht sibhse, na
Críostaighthe, leith amuith do bhár raésún agus bhár
dtuigsint, atá radharc, lonnra agus solas an chreidimh, na
fáigeadha, na suibhisgéalaidhthe, an seanreacht agus an
reacht nuadh, na comhairleadha, na dochtúireadha, na
seanmóntaighthe agus na deighleabhair aguibh dochum
tuigsint, éifeacht agus aitheantas gach nídh bhus riachtanas
dhíbh dochum an pheaca do sheachaint d'fhagháil, agus
muna dtréigthí é, nách móide bhár gcuir agus bhár
milleán é? Is milleánaighe agus is mó do dhíol pionóis
an seirbhíseach ná déanfadh toil a mháighistir agus a fhios
aige cionnas, ná an té úd ná fuil a fhios aige ar aonchor,
Luc.xii.47. Leanaig don bhfírinne so agus cuiridh í i
gcómhthuigsin díbh agus smúinigí muna mbiaithí ionnbhúr
ndeighChríostaighthibh, gur móide go mór do thoillfidhe
pionós é.



Adeir Dia gurab peacadha tréana láidre peacadha na
gcreidmheach Amos v. 12, agus gurab peacadha laga faona
peacadha na ndíthchreidmheach, do bhrígh ná troidid
peacadha na ndíthchreidmheach acht i n-aghaidh an raésúin
nádúrtha ná fuil acht ró-lag innte féin ó thuitim Adaim.
Acht na Giúdaighthe, ní hé amháin gur thuiteadar i
méirleachas i n-aghaidh an réasúin neartmhair féin acht
gur chlaonadar fós an dlighe thug Dia dhóibh agus do
chóimhneartaig sé tré an oiread sin míorbhuilleadha agus
geallamhna agus bagairt i n-aghaidh lucht a raobtha. A!


L. 44


monuar! is mó go mór fós ná so agus is neartmhaire i
gcian peacadha na gCríostaighthe do bhrígh go gcóimhrithid
tríd an uile shórt bacall agus toirmisg dár cuireadh ortha,
ag léimnig tré mhíle racht dá ndeárnadh, mar atá dlighe
Dé agus na heaglaise, míorbhuilleadha Chríost ár dTighearna,
a shómpladha, a bhás, a pháis, a thuilliomh, a shacrameinteadha,
reacht na heaglaise, sómpladha na ndeighbheathach
agus an oiread sin teagaisg, cómhairleach agus labhartha
tug dhóibh tréna ghuth naomhtha féin. Léimid fós tar
mhór-eagla bhreitheamhnuis Dé gan éifeacht do chur i
ngeallamhna an bhaistighe noch do hathnuadhag cómh
minic sin san bhfaoisidin, agus cognamh chnuimhe an
choinnsiais, agus fá dheóigh raobuid trésan uile ghrás agus
tréighthe agus trésan uile mheadhon dár fhág Críost agus
an naomh-eaglais aguinn dochum buadhchaint ar an
bpeacadh. Téid bhár gcurtha agus bhár bpeacadha-sa
thársta-so. Nách teann láidir neartmhar ar an adhbhar
sin iad? Is géiride mar sin do pianfaighear sibhse dá
gceann i n-ifrionn. “Ó! is pianmhaire threise go mór do
láimheóighfíor an mhuintir budh mhailísighe agus budh
neartmhaire i n-uilc ná an mhuintir ná raibh i gcóimhmeas
leó,” Sap.vi.7. Ar an adhbhar sin, silig bhár ndeóir,
buailig bhár n-ucht, déinig an aithrigh do chómhneartóghaigh
sibh i n-aghaidh nirt agus fhórsa bhár bpeacadha.



CAIBIDIL 10



Ní maithfighear peacadha an ghníomha .i. na peacadha iar mbaiste,
acht trésan aithrighe.



d'órdaigh Dia annsa tseanreacht lá féasta dá ngoirthí
Lá an Sgiomartha, lá oirdhirc ró-naomhtha ionna raibh


L. 45


d'oibliogáid agus d'éadualang ar Chloinn Israel fá phéin
bháis d'fhagháil dámadh mhainneachtnach iad fá theacht
gusan bhféasta sin agus dobrón agus doilbhios inmheadhonach
dá nglacadh maille re hiad féin do ghríosughadh
dochum aithmhéala do bheith ortha fána liacht uair do
chuireadar fearg ar Dhia riamh ar feadh a mbeatha. Do
bhrígh go raibh an bhagairt soléir glinn re faicsint aco:
“An té ná biaidh croidhbhrúghach ná tuirseach annsa ló
so aniu, geárrfadhar é dá phobul,” Levit. xxiii. 29.
Is fíghir é do chuirios i n-umhail dúinn go fírinneach an
riachtanas dobhíos ris an aithrighe fá phéin damaint
tsíorraidhe dhon mhuintir (d'éis tsacramuinte ró-naomhtha
an bhaistighe do ghlaca) d'fhuiliongus iad féin do
thuitim go mífhoirtiúnach i bpeacadh mharbh, do bhrígh
ná fuil meadhon ar bith eile aco dochum buadhchaint ar an
bpeacadh ná éirghe as ná párdún d'fhagháil ann acht trésan
aithrighe amháin go haonrecánta. Do bhrígh go sgríobhtar
san Sgrioptúir nDiadha: “Gach n-aon, gibé ar bith é, gach
anam gan eidirdhealamh idir aon, ná gearánfaig air féin
go cruaidh trésan aithrighe iar gcur feirge ar Dhia, go
gcaillfighear é go síorraidhe.” Smuaingidh go dian ar an
bhfírinne so, agus gé fionnas go bhfuiltí cionntach i
bpeacadha iomdha, déinig aithrighe ionnta i n-am, agus
ní hé amháin i n-aon lá riaghalta mar lá an tseanreachta
acht i n-iomshlán bhár laéthaibh agus ar feadh bhár mbeatha,
do bhrígh go bhfuilid bagartha an Tighearna neamhfhaillightheach.
Ar mhéinn libh, ar an adhbhar sin, sibh féin
do dhamainnt fá fhuaire, fá mhainneachtnaighe nó fó
gan deaghfhaoisdin nó aithrighe bhríoghmhar ghéar-nimhneach
tré bhúr bpeacadha do dhéanamh?



d'fhág réimh-fhaicsint tsíorraidhe athardha Dé an uile
shórt luibhe riachtanuis aguinn dochum aicídeadha an
chuirp do leighios, agus mar an gcéadna tug a mhórthrócaire
leigheas dúinn dochum an uile luit, othair, luigeacht agus


L. 46


míthreóir dá mbíonn ar an anam (ag árab iad na peacadha
cuid is dainséaraigh dhíobh) do leigheas. Ó! ní bhfuil
aguinn féin acht an deaghúsáid do dhéanamh dhíobh,
agus má gheibhmíd bás ionnár bpeacadha, ní ar na leighis
is ceart dúinn milleán do bheith acht oruinn féin ag ár
mhaith linn a leithéid do imtheacht oruinn. d'fhág ár
Slánaightheóir Íosa Críost ár dTighearna sacrámuint ró-naomhtha
an bhaistighe aguinn dochum peacadh an tsínnsir
do niamhghlanadh asuinn agus dochum sinn do shaora agus
d'fhuasgailt ó annsglábhadhacht an áidhbhirseóra. Acht
má thuiteamaoid d'éis an bhaistighe i nuadh-pheacadha ar
bith, ní bhfuil aguinn acht an aithrighe amháin go haonrecánta
trénarbh fhéidir linn súil do bheith aguinn párdún ná
maitheamhnas d'fhagháil ionnta. Níor órdaig Críost a
malairt agus ní heól dár Naomh-Mháthair, an Eaglais, a
hatharach do leigheas, agus ó thúis an domhuin go so, gach
n-aon ar mhiann leis mórthrócaire Dé agus maitheamhnas
a pheacadha d'fhagháil, ní raibh 'atharach do mheódhan
aige ná leigheas eile lean' fhagháil acht an aithrighe.
Léidhig agus aithléidhig an Sgriptiúir agus amharcaidh
an bhfaghaidh sibh ann aon mheadhon eile dochum an
Fhírchirt Diadha do chlaochlódh acht an aithrighe. Iompaighidh
thoraibh mágcuaird gach uile shórt cúntuis agus
breithnighidh ar mhaith Dia d'aon pheacach ná raibh
croidhbhrúghadh, tuirse nó dobrón air fána pheacadhaibh
nó ná deárna aithrighe ionnta. Agas mar sin créad fáth
ionna bhfantaoi ionnbhár mbeatha churrthaidh mhíriaghalta
gan binn agaibh ar iompóghadh ar Dhia ná an aithrighe
do dhéanamh? An dóith libh go ndéanfa Dia ar bhúr
son-sa an nídh ná dearrna d'aonneach riamh agus nách
déanfaidh go brách .i. maitheamhnas na bpeacadha gan
aithrighe do dhéanamh ionnta ar dtúis? Bígí cinnte, ar


L. 47


an adhbhar sin, gia fionnas agus a fhios do bheith agaibh
gurab mór do pheacadhbhair, bhúr rogha do bheith agaibh:
gan maitheamhnas d'fhagháil ionnta agus fá dheóigh bhar
ndamaint go síorraidhe nó aithrighe ghéar-nímhneach
thréanláidir do dhéanamh ionnta agus a bheith choidhche
sábhálta deaghfhoirtiúnach.



Is iomdha leighios d'órdaigh Dia annsa tseannreacht
dochum maitheamhnais d'fhagháil i bpeacadh an tsinnsir,
mar atá ofráil agus sacráfice i ndlighe na nádúire, an
timpchioll-ghearra annsa dlighe sgríobhtha agus an baiste i
ndlighe na ngrás. Acht dochum maitheamhnais i bpeacadha
an ghníomha do-ghnídheas an duine, níor órdaigh Dia
riamh a atharach do leighios riachtanasamhuil dochum
párdúin d'fhagháil ionnta ná an aithrighe. Móidighionn
agus geallann i n-iomad d'áitibh don Sgriptiúir nách maith
leis bás an pheacaig agus go bhfuil go ró-ollamh dochum a
pheacadha do mhaithiomh, agus sin ar chonntar go
n-iompóghaig ar n-ais agus go ndéanfaig an aithrighe.
Si autem impius egerit poenitentiam ab omnibus peccatis suis
quae operatus est, et custodierit omnia praecepta mea, et
fecerit judicium et justitiam, vita vivet et non morietur,
Ezech xviii.21. “Má ghnídh an feilebheartach aithreachas”,
adeir an Sgriptiúir, “nó dá liacht agus dá mhioncacht do
ghoilfeas an peacach tré dhul i n-aindreise oramsa, do-bhéarfad
maitheamhnus do.” Do-rin Dia gach nídh dá
ndubhairt sé. Dothug maitheamhnas na bpeacadha
uaidh .i. dóibh-so do-rin an aithrighe agus ní dhóibh-siúd
nár iarr párdún air. Do sábhálag Adam an chéad-pheacach,
acht créad iad na treán-cheatha deór tré aithrighe ar
feadh naoi gcéad bliadhain ná deárna sé iarna theilgean
as an ngáirdín talmhuidhe, ceangailte fá thromualach an
uile shórt uilc agus buartha? Dofuair an ríghfháidh
Dáibhí párdún ionna adhaltarnas agus ionna dhunmharbhadh,
acht créad iad na gread-phianta d'fhuiling sé trésan
aithrighe? d'admhaigh gan stad a chorthacha. Do
bhéic agus do bhlaghair cómh forleathadach sin gurab


L. 48


iad a dhéara do budh dhig aige, mar adeir féin. Do chuir
an luaithre ar a arán agus d'iompchair an tsuirsinn. Quia
cinerem tamquam panem manducabam, et potum meum cum
fletu miscebam, Ps.ci.10. Agus fá dheóigh ná raibh i
n-iomshláine a bheatha ar fad, ó thuitim do i bpeaca, acht
aon aithrighe amháin chómhnaightheach bhuan-tseasamhach,
ar mhodh go gcuireach cuimhne na mórchorthacha
do-rin sé fó deara air tréancheatha móráidhbhseacha dian-tsrotha
déar do dhorta do lá agus d'oidhche fá mhéid a
pheacadha. “Guillionn”, ar sé, “an t-achbhusán do
chuirios mo choinnsias riom gach lá fá ghrása Dé do chailleamhuint
tréam pheacuidhibh cómh mór sin oram go silim
am braonachaibh do lá agus d'oidhche”. Quasi lugens et
contristatus humiliabar, Ps.xxxiv.14. Fuerunt
mihi lacrymae panes die ac nocte, Ps.xli.4. Quantas
ostendisti mihi tribulationes multas et malas: et conversus
vivificasti me et de abyssis terrae iterum reduxisti me,
Ps.lxx.20. Na peacaig eile dofuair trócuire agus maitheamhnas
ó Dhia ionna bpeacadhaibh, do-rineadar uile
aithrighe ionnta: Nebuchadonosar, Manasses, na Ninivítig,
Naomh Peadair, Naomh Pól, Naomh Máire ón Éigipt.
Ní mar sin don mhuintir d'éimig a dhéanamh ná do chuir
í ó ló go ló ná d'fhan cian d'aimsir annsna lochtaibh: do
fuaradar bás ionna bpeacadhaibh agus i ndiosgrás Dé, mar
Pháro, Antiochus, Saul, na Sodomítig agus lucht áitribh
chathrach Ierusalem. Amharcaidh féin go glinn agus
féachaig cia aca nuimhir ionna mbeithí, ionnbhúr bpeacachaibh
aithrigheacha sábhálta nó ionnbhúr bpeacachaibh
cruaidhmhuinéalta damannta. Nár mhiair sgigeamhail
an gnódh dhíbh do mheas go mairfeach neach gan bhiadh
gan dig, do bhrígh gurab iad na meódhain riachtanasamhuil
iad d'órdaig Dia dhúinn dochum ár gcothaighthe.


L. 49


Nách miaire go mór sibhse ionná so, iar gcailleamhuin na
ngrás ndiadha dhíbh bhus beatha don anam, gomadh dhóith
libh maitheamhnas d'fhagháil ionnbhúr bpeacadhaibh gan
an aithrighe (an meodhan aonrecánta riachtanasamhuil
d'fhág Dia aguinn ó thúis an domhuin dochum ár niamhghlana
asta) do dhéanamh?



Monuar! is leór bréithre Íosa Críost ár dTighearna,
béal na fírinne, dochum riachtanais na haithrighe do chuir i
n-umhail dúinn: “Muna ndéintí an aithrighe”, ar sé,
“caillfidhear sibh uile i n-aoinfheacht”, Si poenitentiam non
egeritis, omnes similiter peribitis, Luc.xiii.5. Sibh uile:
ag sin le rádh gan dul as d'aonneach, ciabé deighghníomhartha
do-dhéanfadh sibh ná deighmhéinn dá mbeadh
agaibh, má dhéintí an peaca agus gan aithrigh do
dhéanamh ann, biadh sibh uile caillte. Innsionn agus
ath-innisionn an Slánaightheóir grádhmhar so go minic
dhúinn dochum a churtha i n-achrann go daingion ionnár
gcroidhthibh i gclódh. Do hinnisiog dho gur chuir Pioláid
dochum báis na Gaililéanaig annsan am gcéadna n-a
rabhadar ag ofráil na sacráfís. Dothug re tuigsinn rena
fhreagara gurab ar son a bpeacadha do cuireadh dochum
báis iad agus do dheibhnig sin ag rádh: “Muna ndéintí-se
aithrighe, caillfighear sibhse uile mar an gcéadna,” Nisi
poenitentiam habueritis, omnes similiter peribitis, Luc.xiii.3.
Tug fós sómpla na n-ocht bhfear ndéag anuas do
brúdhag fá fhalla Thúir Siloe mar gheall ar a bpeacadhaibh,
agus d'aithbheólaig an bhagairt chéadna: “Muna ndéintí-se
aithrighe, caillfiodhar sibh ar an modh gcéadna.” Ar an
adhbhar sin, créad é an andánacht ná an mhire dhúinn a
thuigsin ná 'smuaineamh go bhfaighmís maitheamhnas ná
párdún annár bpeacadhaibh gan aithrighe do dhéanamh?
Do chómhshnadhaim an Slánaightheóir céadna a bhás leis
an aithrighe an tan adubhairt nárbh fhuláir go bhfuileóngach
Críost agus go n-aithéirgheóch sé agus go gcraobhsgaoilfeadh
an aithrighe: Nonne haec oportuit pati Christum et ita


L. 50


intrare in gloriam suam? Luc.xxiv.26. Is dochum
a chuir i n-umhail dúinne, má budh éigean do bás d'fhagháil
dochum párdúin ár bpeacadha do thuilleamh dhúinn, nách
fuláir dhúinne aithrighe thréanláidir ghéirnímhneach do
dhéanamh dochum torrtha a bháis sin do thuilliomh nó
nách fiú brobh dhúinn é ar aon tslighe eile. Cóimhcheanglaighidh
ar an adhbhar sin bhár ndeóra re fuil Chríost,
bhár gcaduaic rean' fhuilingthibh, agus fadhaig bás ón
bhár bpeacadhaibh tré bhúr n-aithrighe mar ghrádh do
Chríost, mar do éag seision ar an gcruis mar ghrádh
dhíbhse.



CAIBIDIL 11.



Do-ghníghid na hachmhusáin do curthar leis na damantaig tré fhailligh
do thabhairt san aithrighe an pian is mó dá bpiantaibh.



Créad é an fáth ná déingeann sibh aniu an nídh do budh
mhiann libh do dhéanamh san tsíorríodhacht. Cuireann
sibh an aithrighe agus na meadhoin is inleanta dhíbh dochum
iompaighthe ar Dhia thar ceal, dá bhúr gcur féin i gcúntabhairt
báis d'fhagháil ionnbhár bpeacadhaibh agus a
bheith i ndamainnt go síorraidhe. Má éirghion an
drochuair agus an mí-fhoirtiún so dhíbh, tugaidh dá bhár
n-aire agus smúinigí go glinn ná faighthí agus ná teangmhóghaidh
mí-chompórd ná dólás a níbhus doimhne
díbh ná an t-achmhusán do-gheabhthaoi ó Dhia, uaibh
féin agus ó dheamhuin agus ó dhiabhail ifrinn. “A! a
mhallaightheóir, créad é an fáth ionna bhfuil tú damannta?


L. 51


Atá, mar nár iompaigh tú ar Dhia, mar do-rin tú fadchómhnuighe
ann do pheacadhaibh agus ná deárna tú aithrighe
ionnta. Dá ndéingitheá an aithrighe an tan do shéid
Dia agus do bhrostaigh chúighche thú agus d'fhuráil sé ort
a ghrása cómh minic sin dochum a dhéanta, dobhiadhthá
aniu as baoghal ad shuidhe go socair ionnsna flathais i
measg na ndeaghfhoirtiúnach. Ag sin tú annois i measg
lasaracha ndomhúchta ifrinn mar aon leis an ndiabhal
agus len' aingealaibh tré gan aithrighe do dhéanamh at
annlochta, gan iompóghadh ar Dhia. Ag sin tú caillte go
síorraidhe, gan fagháil leighis ort feasta, gan súil le compórd
ná méid meanamna an feadh agus dobhias Dia ag caitheamh
na glóire.”



Biadh radharc, gnúis agus láthardhacht Dé, uair an
bháis, do-úngabhálta don pheacach ná hiompaigheann air
trésan aithrighe mar gheall ar na hachmhusáin do-dhéanfas
ris tréna neamhshuim i leas 'anama agus gan éirighe as a
mhórchurthachaibh. Monuar! ag so an t-achmhusán is
géire sheirbhe agus bhus mó do bhrise croidhe dho .i. “A
mhallaightheóir, créad é an fáth ná deárna tú aithrighe
dochum maitheamhnais do pheacadha d'fhagháil?” Ní
thabhraidh milleán fá pheacadhaibh dáirighthe dhúinn do
bhrígh go bhfuil fios ár luigeacht agus ár mí-threóir aige
agus gur soithighe briosga so-bheárna so-bhriste sinn. Go
deimhin dob fhéidir leis an bpeacach an freagra so do
thabhairt ar Dhia: “A Thighearna, dobhí mé lag míthreórach;
do-rineadh cathughadh, teamptásiúin agus
buaireamh mór dhamh; ní dheárna mé nídh ar bith acht
nídh dobudh fhéidir do chasa le na naoimh bhus mó dá
dtáinig agus dobhí 'na bpeacachaibh mar mise, mar atá
Naomh Peadair, Naomh Pól, Naomh Augustín.” O! créad
adéarfas an peacach an tan do labhras Críost ris ag rádh:
“Gia fionnas agus go rabhais lag míthreórach, créad fáth


L. 52


n-a dtugais neamhshuim ionn tú féin do chóimhneartughadh
leis na sacrameinteadha d'fhág mise in m'eaglais?
Iar dtuitim duit ionnsan olc, créad fá ar éimighis eiséirghe
as trésan aithrighe d'fhuráilios ort cómh minic sin dochum
do shaortha agus tré shíor-shéide na ngrás tugas duit dochum
do choghanta? Dobhí tú lag treóthir breóite: níorbh
fhiú leat leigheas mo choda fola fíoruaisle do ghlaca do
caithtear san bhfaoisidin d'órdaigh mé do ghlana na
bpeacadha. Dobhí tú ad chaoire chlamh i n-imchian
ón dtréada; créad fáth n-a ndeárna tú cluas bhoghar do
thabhairt dom ghuith an tan do ghlaodhas ort agus an tan
do ritheas ad dhiaigh réam ghrásaibh mar dheagh-thréadaidhe
dochum do thabhartha tar n-ais ionnsa mbealach
gcóir? Do pheacaidh tú am aghaidh: créad fáth nár
ghlac tú an íocshláinte d'fhág mé ann m'eaglais? Do
bhrostaigh tú fíoch agus fearg Fhíorchirt Dhiadha m'Athar;
créad fáth nár chlaochlaigh tú í tré dhlúith-chuir thuillimh
mo pháise d'fhág mé agat? Do las tú lasarthacha
domhúchta ifrinn ad haghaidh, gread-dhóig agus dubhloisg
thú féin ionnta annois agus ar feadh na síorruigheachta.
Créad fáth nár mhúch tú iad re deóra agus re hosnaghal
an chroidhbhrúghadh agus na tuirse maille re haithrighe
do dhéanamh ann do pheacadhaibh i n-am? Do leanais
Peadair ag séana Chríost, Pól ionna ghéar-leanamhuin, an
bhean pheacamhuil ionna striapachas agus an puibliocánach
ionna bhithionntacht. Do budh inleanta dhuit
iad, dá bhrígh sin, ionna n-aithrighe. Acht iar leanamhuin
an diabhail duit san bpeaca, do lean tú é mar an gcéadna
ionna chruadhmhuinéaltacht neamhaithrigheach. Taraing
leat, ar an adhbhar sin, agus lean é, a mhallaightheóir,
i measg lasaracha domhúchta ifrinn go síorruighe.” Créad
é an freagra do-bhéarfas an peacach ar na bréithribh
marbhthacha so Chríost? Ó mar athchuinighe oruibh
agus seachnaígí an drochuair mhí-fhoirtiúnach so gia


L. 53


fionnas agus go bhfuil an aimsir agaibh annois dochum a
dhéanta.



Is é an crádh croidhe fá gan aithrighe do dhéanamh mar
is cuibhe agus i n-am bhus cnuimh do na damantaig, dá
ngeara agus dá gcognamh go síorraidhe. Cuirfe cuimhne
na bpeacadha do-rineadar ar mire iad an tan do smúinfid
gur mar gheall ar phlaésiúr nó aoibhnios beag bocht salach
móimeinteamhuil an tsaoghail si, tré óinbhideacht úiríslig
neamhthuigsionaig beag-éifeachtamhuil, do chuireadar fearg
ar Dhia, do chailleadar an ghlóire shíorraidhe agus do
thuilleadar pianta dochoimsighthe neamhchríochnamhuil
ifrinn d'fhagháil. O! is mó go mór a n-éadóchas ionná
so do bhrígh, iar bhféachaint ar a bpeacadhaibh dhóibh,
dá mhéid iad, go mb'éidir leó a n-anmna do shábháil dá
ndéingidís an aithrighe, gia fionnas agus Dia ag furálamh
maitheamhnuis agus trócuire dhóibh dámadh mhiann leó
féin a nglacadh. Acht níor thaobhadar sin do dhéanamh
tréna bhfailligh agus tréna mailís mheangtha agus gurab
é easba na haithrighe cúis phrinnsiopálta a ndamanta.
Ó! a mhire gan choimsigh agus a éadóchas gan sómpla!



Biaidh an chuimhne so mar cheasadúnach go gnáthach
dá bpiana, mar leóghan dá sloga gan adthruadh, mar
thígar dá sraca 'na mionghreamannaibh, mar aithinne dá
ngreadlosga gan chríoch agus mar dhragún dá n-ithe do
ghnáth. Budh mhiann leó an chnuimh so do mhúcha
agus na hachmhusáin iongantacha do-ghníd gach n-aon
díobh orra féin do dhiansgrios as a n-aigne: “A mhallaightheóir,
créad é an fáth ionnar pheaca tú? Agus ar
neamhbhrígh do thabhairt san aithrighe, créad é an fáth
ionnar leanais na meodhain dochum do dhamannta? Créad
é an fáth ionnar chaillis na grása agus nár thuillis a bhfagháil
tar ais tréad hiompóghadh ar Dhia?” Is cruthughadh air
so briathra Abraham re Dives .i. an toiceach mí-fhoirtiúnach
úd an tsuibhisgéil, an tan d'iar air braon beag don uisge


L. 54


do léigionn do bhár a mheóir ar bhun a theangan mar
fhionnfhuara ionnsna lasarachaibh. “Cuimhnig, a mhic,
go bhfuair tú do chompórd agus do mhaith ar feadh do
bheatha ar mbeith dhuit ar an saoghal”: Filii, recordare
quia recepisti bona in vita tua et Lazarus similiter mala:
nunc autem hic consolatur, tu vero cruciaris, Luc.xvi.25.
Do budh chrústa dophollta uathbhásach piantamhuil do
na briathra so: Filii, recordare, “cuimhnig, a mhic.” Créad
é an fáth n-a gcuimhneóghain-se air? Do bhrígh gurab
bár pionóis dam é agus go bpianfaidh mé mar cheasadúnach
agus gurab é peannaid is mó agus is géire dam é. A! budh
rómhaith liom gan cuimhneachtain air. Créad é an fáth
n-a nguireann a mhac díom agus annsan am gcéadna go
lámhaighean mar sglábhadha, mar tharcuisneach, mar
námhaid agus mar an ndiabhal mé? An tan do mhair
mé ar an saoghal, dobhí go leór do thoice agam. Ó! a
shaidhbhris mhallaighthe do tharaing an coinneallbhádha
so orm fá dhrochúsáid do dhéanamh dhíot!



Sibhse ar an adhbhar sin, a pheacacha mar atáthí,
aire dhíbh ar an bhfírinne so agus bíodh critheagla agus
uathbhás oraibh roimh an achmhusán cruaidh adhuathmhar
so na ndamantach, agus ná cuirig bhár leas ar cáirde ó lá
go lá, gan iompógha ar Dhia mar Naomh Peadair, Naomh
Pól, Naomh Máire na hÉigipte, agus do-gheabhthaoi-si mar
an gcéadna an socamhal síorraidhe atá aca-san mar aon leó
ionnsna flaithis.



CAIBIDIL 12



An mhuintear d'fhuilingios do Bhaibiolóin an tsaoghail buadh do
bhreith orra, caillfiodhar iad mar aon lé.



Is é is stuidéar cínte dá bhar námhaid d'fhéachuint
cionnas nó créad é an modh ar a mbéarfaidís oraibh san
bpeaca dochum báis d'fhagháil díbh i n-eascáirdeas bhúr


L. 55


gCruthaghthóra. Do-ghníd a n-uile dhíthchioll dochum
cuimhne an bháis, smúineamh bhreitheamhnuis Dé agus
eagla an damaint shíorraidhe do dhiansgriosa as bhár
n-aigeantaibh dochum bhar gcoingmhithe a níbhus fuide
ionnbhar mallaightheacht agus dochum nuadh-pheacadha do
dhéanamh. Adeirid libh, mar adubhairt an oll-phiast re
Adam agus re hÉabha, nár ghábha dhíbh eagla do bheith
oraibh ris an mbás, go bhfuiltí go maith ionnbhár sláinte
agus gurab fada uaibh fós bhúr gcrích. Do chreid Adam
agus Éabha do ráidhtibh na hathrach, do chuireadar i
n-uimhil dóibh féin ná faghadís bás siúd agus go n-íosfaidís
ubhall na haithne. Acht dofuaradar an bás, ní hé amháin
bás an chuirp acht fós bás an anma, cailleamhuint an chirt
shinnseardha agus easba dhúithche fhlaitheamhnais mar
aon le an uile shórt tubuist agus annródh, mallacht agus
iríre na nádúire soibhriste ciontaighthe do thuitim orra.
Ná mealltar sibhse ar aonchor. Fairig agus forcamhásaig,
luathaighig oraibh go prap agus ná caillig go brách an
aimsir dochum na haithrighe do dhéanamh.



Do mheall an mhéirleach mhallaighthe mhí-chlúmhail
úd ar a sgríobhann Naomh Eóin ionna Thaidhbhrighthe,
Apocal.xviii, agus do bhuail cluain ar mhathaibh an
domhain, ag tabhairt aoibhnis an tsaoghail dóibh lean' ól,
ar na canadhaibh meisge re sásamh agus re aiteas an
domhain, arna líona d'onóir agus do phoimp a mórdhacht
nó gur thuit caor thinntighe mhóirfheirge Dé uirthe agus
gur teilgeag i ndiaigh mhullaig a cinn go hifrionn í mar
aon le gach n-aon dár lean í tréna hilchleasaibh. Is í an
Bhaibiolóin úd dobhí 'na suighe ar an ndragún úd na
seacht gceann agus na ndeith n-adharca bhár nádúir-se
agus bhár ngrádh propordha ionnsa saoghal so inna riaghalaighid
na seacht gcinnpheaca marbhtha agus neamhúmhlacht


L. 56


do dheith n-aitheanntaibh Dé. Leanan gach n-aon
luaghaill a ghrádh propardha féin agus claona na nádúire
soibhriste; ólan an uile dhuine lán a chupa do nimh
mharbhthach an pheaca fá sgéimh mhillseáin mhailísig na
beatha so, agus créad bhus miann leó d'fhagháil as acht
críoch atchumhach mhallaighthe na Baibiolóine do sloigeag
fá ualach do-úngabhálta mhóirfheirge Dé go síorraidhe?



Dothug Baibiolóin na dTaidhbhrighthe, Apocal xvii,
fá deara ar gach n-aon a grádhughadh, a tathlughadh agus
a hadhradh, dá portbhiathadh i measg lucht an chraois,
ar meidhir i measg lucht meisge, 'na rásaidhe i measg
striapach, 'na dia-aithis ag lucht mionn mór, 'na fochmhuide
ag lucht fonómhaid, 'na haithinne ag lucht bruighne, 'na
hanndánacht ag mallaightheóiribh agus 'na feirig ag lucht
imiortha, agus mar sin di ar marthuinn i measg na muinntire
ná creidionn go bhfuil creideamh, riaghaltacht ná Dia ar
bith ann. Is mar so do-ghníd na mór-pheacaig uile,
acht monuar! créad ar a bhfuilid ag smaoineamh acht
munab miann leó iad féin d'adhara agus d'árdughadh suas
mar Lucifer tréna luaighill agus tréna bpoimp nó iad féin
do chaocha tré aoibhneas agus tsólás na beatha so, ag
calcughadh iona bhfeilebheartaibh agus ionna n-annlochtaibh,
ionna gcloinn díleas na mórBhaibiolóine, ní 'na
lucht toghtha chathrach neamhdha Ierusalem acht 'na
ndeargnamhaid ag Dia, do gach deagh-thréightheach deagh-
ghníomharthach, ag tuilliomh móirphiannta do-chríochnaighthe
na síorraigheachta tréna bpeacadhaibh.



Sgríobhtar i Leabhar na dTaidhbhrighthe, Apocal,xvi,
gur ghearadar agus gur dhíthcheannadar na haingil (do
dhoirt phiola mhór-fheirge Dé nó do chuir i ngníomh
órdaighthe tóirneamhla an Fhírchirt Diadha i n-aghaidh
na bpeacach cruaidhmhuinéalacha) gach n-aon dár iompchair


L. 57


cómhartha an bheathadhaig .i. na Baibiolóine. Amharcaidh
féin agus féachaidh an don tsuim nó don nuimhir úd sibh
d'iomparas ionchrotha nó cómharthaoi an bheathadhaig
ionnbhár gcroidhthe .i. searc agus grádh an díomhaointis,
an uabhair agus na sainnte, na drúise agus an chraois,
feirge, formaid agus leisge agus gach droichbhearta eile dá
ndéingithí. Dobudh fhéidir muna bhfuiltí cómh holc
so go bhfuiltí fós neamh-dhúthrachtach i ndeabhóideacht,
fuar faillightheach spadánta, ag marthuinn do réir na
nádúire, an tsaoighil agus na colla. Muna bhfuiltí go
hiomshlán fuar siocamhuil, ní bhfuiltí fós dá bhár ngrianlosga
le teas grádh Dé, acht taoduighthe allabhog maraliobarach,
agus fá dheóigh i ndainséar bhúr ndianruaigthe
as radharc Dé agus sgartha lena ghlóire. Diansgriosaig
asaibh, ar an adhbhar sin, tré shearbh-dheóra na haithrighe,
gach cosmhúlacht agus gach cómhartha do budh iontsamhuil
do Bhaibiolóin na beatha lochtaighthe so, agus i n-ionnad
tséala na péiste so do bheith oraibh mar urmhór an
tsaoighil uile, iomparaig cros Chríost, Tau slánaighthe na
cruinne, do chuirfeas grádh na haithrighe, na ngéarfhulangtha
agus na naoimh-chroiche i n-úimhil dúinn tré
aithris ar Chríost, agus mar sin is iondóthchais díbh go
bhfuaisgleófar sibh as láimh diansgriosta an aingil dochum
bhar n-ainmneacha do sgríobh i leabhar cúntais na beatha
síorraidhe.




CAIBIDIL 13.



do chuireas i dtuigsin dúinn, an té do-dhéanfas aithris ar an
ndiabhal agus do leanfas é ionna neamhaithrighe, go bpianfadhar é leis
an bpeannaid gcéadna.



Dobhádar na Philistínig i n-aonfheacht i gcómhdháil i
bhfochair a chéile, go luathgháireach ag caitheamh fleadh


L. 58


agus féasta i dteampoll Dagon, a mbréag-dhia, an tan do
mhionbhrúig Sampson iad fá thromualach an teampuill
chéadna. Et principes Philistinorum convenerunt in unum
ut immolarent hostias magnificas deo suo Dagon, et epularentur,
dicentes etc., Iud.xvi.23 ad 30. Dobhádar ag ól, ag
ithe agus ag adharadh a mbréag-dhéeibh, ag maga 's ag
fonomhaid faoi Shamson do chaochadar, ag tabhairt an
uile shórt tarcuisne agus mí-mhodh air, an tan do léig reó
ná raibh acht ag cur a thuirse dhe nó ag déanamh a sgíthe
ionna sheasamh re colamhuin don teampoll, nó go rug go
daingion cruaidh air agus gur chroith ionna thímpchioll é
agus gur bhris agus gur réab, gur leag agus gur thraost
é ó mhullach go clár talmhan, ar mhodh nár fhág neach
díobh gan treasgairt dá raibh ann.



Níor fágbhag aoinneach do lucht áitribh na hÉigipte do
lean Clann Israel trésan Muir Ruaidh gan bághadh agus
múcha fá thonnaibh na mara céadna: Reversaeque sunt
aquae et operuerunt currus et equites cuncti exercitus Pharaonis
qui sequentes ingressi fuerant mare: nec unus quidem
superfuit ex eis, Exod.xiv.28.



Do briseag agus do mionbhrúghag cnámha chloinne Iob,
cia gomadh chlann do naomh oirdheirc iad, fá thúrnamh a
dtighe féin agus an greim ionna mbeál i gceartmheódhan
a gcóisreach, Iob i.18, gan smuaineamh aco ar a shamhail
do theangmhail dóibh: Filiis tuis et filiabus vescentibus et
bibentibus vinum in domo fratris sui primogeniti, repente
ventus vehemens irruit a regione deserti, et concussit quatuor
angulos domus quae corruens oppressit liberos tuos, et mortui
sunt, et effugi solus ut nuntiarem tibi, Iob i.18-19.



Nár dhóith libh go ndéanfach Dia éagcóir ró-iomarcach
ar an ndroing úd ar ar labharamair agus fós ar gach peacach
eile dár sgiúrsaig sé go samplamhuil soiléir don tsaoghal
muna mbuailfeadh a thréanbhuille oraibhse le hiomshlán a
nirt agus a chumais, do bhrígh gur measa sibhse go mór


L. 59


agus gur miaire bhúr gcorrthacha ná iad. Budh chosmhuil
fós gomadh éagceart ionngantach don bhFíorcheart nDiadha
pianta éagsamhla dochoimsighthe d'imirt ar dhiabhail
ifrinn mar do-ghnídh, muna ndoirteach tréantonna domhúchta
a mhór-fheirge oraibhse tré n-bhúr bpeacadhaibh,
do bhrígh gomadh aingle deallracha fíorárachtacha iad-sin
agus ar a shon sin agus uile, iar dtuitim dóibh i bpeaca
tré thoil do thabhairt do luaighil agus do phoimp Lucifeir,
do fuadaigheadh iad agus do hadhnacag le hosguilt na súl
i bhfodhomhain mhallachtaig dhochoimsighthe na bpianta
síorraidhe i n-ifrionn, gan teasargan tar n-ais, gan cumas
dóibh airthighe do dhéanamh. Céimníghthí-se agus
leanann sibh iad, ag aithris ortha tréan bhár n-uabhar, bhár
bpoimp agus bhár rebeilliontacht i n-aghaidh Dé, ag
dianraoba 's ag brise a aitheannta. Munab croidhbhrúghach
briste-chroidheach atchúmhach airthigheach deóirshillteach
sibh, is miann libh ionad cómhnaighthe do ghlaca mar aon
le mór-pheacacha iomdha eile, ceangailte ar shlabhra fheirge
agus éadóchais i measg dheamhan agus dhiabhal ifrinn
go síorraidhe.



Budh chóir an t-achmhusán céadna do chuir Naomh
Stiabhna ris na Giúdaighthe do chuir libhse agus le n-bhúr
samhuil eile: “A namhaid Dé ag a bhfuil an ceann cruaidh
neamh-iompaghthach agus na croidhtheacha neamhúmhla
gan tímpchioll-gheara, ag síorchuir go laétheamhuil i
n-aghaidh Spioraide Dé”: Dura cervice et incircumcisis
cordibus et auribus, vos semper Spiritui Sancto resistitis;
sicut patres vestri, ita et vos, Act.vii.51. Do-bheir Dia
searbhóghantaighthe agus coinfeasóireadha díbh dochum
bhár stiúraighthe, agus mórán do lucht deagh-thréighthe
dochum bhar mbrostaighthe dochum na subháilceadha
tréna ndeaghshómpla amhuil agus do chuir na fáidheadha
agus na heabstail fá ghéin na nGiúdaigheach dochum a


L. 60


n-iompaighthe ar an tslighe dhírig. Acht leanann sibhse
iad-sin iona ndoille chroidhe agus ionna gcruadhmhuinéaltacht,
ag cnáid agus ag sgige fá sheirbhíseachaibh Dé, ag
léirsgrios agus ag géar-leanamhuin orra tré bhúr bhfeilebheartaibh,
ag buan-tseasamh go gnáitheamhuil ionnbhar
ndroichghníomhartha. Créad bhus miann libh d'fhagháil
tríd sin acht an léirsgrios céadna dofuaradar na Giúdaighthe?
Do thréig Dia iad, dotháinig a namhaid i
bhfoslongphort le cathair Ierusalem, níor fágbhag cloch ar
dhruim a chéile dhi gan diansgrios agus raoba, do thuit
gorta, pláig, teine agus cloidheamh ar gach n-aon dá
lucht áitribh, agus an méid do theith díobh ón lomarguin
sin 'na sglábhaighthe ar feadh an domhuin go so, 'na stoc
magaidh fá tharcuisne agus mhímheas san uile chrích,
Luc.ix. Is baoghal díbhse léirsgrios agus lomargoin is
mó go mór ionná so do thuitim oraibh d'éis bhár mbáis
muna n-iompaighthaoi gan stad ar Dhia, do bhrígh nách é
amháin sibh do bheith mar sglábhaighthe ag an saoghal
ná mar ádhbhar magaig ag críochaibh acht go mbiadhthaoi
mar lucht feadhma ag an ndiabhal i ndearglasarachaibh
ifrinn, mar stoc magaig ag damantaig, má gheibhthí bás
ionnbhár bpeacadha gan an aithrighe do dhéanamh.



Do chuir Cáin go dian díthchiollach i n-aghaidh spiorraide
Dé do ghlaodhaig air chum aithrighe tré mhodhaibh
ionganntacha éagsamhla: Dixitque Dominus ad eum: quare
iratus es? et cur concidit facies tua? Gen.iv.6. An
chéaduair an tan d'fhiafraigh de créad fáth n-a raibh cómh
crom-cheannach sin, agus sin dochum go dtugach fá deara
air go bhfeicfeach an fuath, an ghráin agus an mhiosguis
dobhí aige fán am sin ar a dhearbhráthair Abel. An
dara feacht an tan, d'éis marbhadh a dhearbhráthar dho,
d'fhiafraig dhe: “Cá áit a bhfuil do dhearbhráthair Abel?”
Et ait Dominus ad Cain: ubi est frater tuus Abel? Gen.iv.9.
Agus sin fós dochum go n-adhmhadh an chuir
.i. gur mhairbh é, dochum go n-iarfach an párdún agus an
maitheamhnas ar Dhia dobhí ollamh réig licthe dochum


L. 61


a thabhartha dho dámadh atchúmhach doilbhiosach croidhbhristeach
é trésan aithrighe. Acht do chruaidh an
mallathóir si ionna lochtaibh agus do-chuaidh i n-aindreise
ar Dhia. Níor labhair gíog san chéad-fheacht tré náire
nó neamhshuim agus i n-ionnad a fhuaithe do loigheadughadh
do mhéadaigh é go mór. Do fhreagair an tara
feacht go poimpeamhuil neamhurramach: “An mise is
cúghdaightheóir ar mo dhearbhráthair?” Qui respondit:
Nescio. Num custos fratris mei sum ego? Gen.iv.9.
Créad táinig air iar n-aithint a choire dho agus d'éis Dé
dá chasa leis? I n-ionnad sléachtaighthe agus úmhlaighthe
dá láthair agus a thrócaire dh'iaraidh, do thuit i n-éadóchas
as sin go lá a bháis, ar baillechrith tré eagla agus uathbhás
ghnáthamhuil.



Ag sin an chríoch do theangmhas don mhuintir dobhíon
buan-tseasamhach ionna bpeacadhaibh agus do chuireas go
cruadhmhuinéalach i n-aghaidh shíor-shéide deagh-iompaightheacha
na Naomh-Spioraide diadha. Bígí a níbhus
ciallmhaire, a níbhus glioca agus a níbhus oghamósaighe,
agus mar adeir an Sgríbhinn Diadha, ná cuirig cathughadh
ar Spioraid Dé tré bhár neamhúmhlaigheacht: Et nolite
contristare Spiritum Sanctum Dei, in quo signati estis in
diem redemptionis, Ephes.iv.30. Acht méadaighidh
úrgháirdeas na bhflaitheas tré bhúr n-aithiompóghadh ar
Dhia mar an mac ndiablásach úd do mhéadaig luathgháir
a athar tréna fhille ar n-ais ar a cheart dhúthchais.



CAIBIDIL 14



Brostaighid agus soigheadaid na peacadha an Ceart Diadha dochum
na bpeacach do phianadh.



Soighidid agus brostaighid ár bpeacadha an Fíorcheart
Diadha dochum ár bpianta, mar is follas a ráidhtibh an


L. 62


Ríghfháig Dáibhí ris na briathraibh so: “A Thighearna,
ná dearmaid go brách guth do námhad: atá uabhar na
druinge úd d'fhuathaigheas tú ag éirghidhe go laéthamhuil”:
Ne obliviscaris voces inimicorum tuorum: superbia eorum
qui te oderunt ascendit semper, Ps.lxxiii.23. Ní féidir
le Dia an peacadh do dhearmad do bhrígh gurab Dia ceart
naomhtha é agus go bhfuil fuath agus miosguis dearbhtha
nádúrtha bhuan-tseasamhach aige dho, ar mhodh ná cuimhneóchadh
féin gurab é féin Dia muna mbainfeadh díol
géar-nímhneach do na feilebheartaig ionna bpeacadhaibh.
Agus súd agus gomadh mhiann leis a ndearmad, do mhúisgileóidís
na peacadha féin a chuimhne agus do bhrostóghadís
é dochum fóirnirt a mhór-fheirge domhúchta do dhorta
orra, ar an adhbhar go nglaoidhid, go mbéicid agus go
ngárthaid ar na flaithis dochum caor theintighe a fheirge
agus a thréan-díoghaltuis do thuitim orra. Ní labhrann
an peacach aon ghíog le Dia, acht ní lia peaca dá ndeárna
sé ná glaodh, béice agus géim do chuirid asta ar Dhia, ag
iaraidh díoghaltais do dhéanamh amhuil agus do-rin fuil
Abel i n-aghaidh Cháin.



Cómh luath agus dothug Lucifer aonta dá luaighill, dá
uabhar, dá mhéirliochas agus dá thraotúireacht, tug a pheaca
rabhadh ar feadh na bhflaitheas, nó mar adéarfadh neach,
do mhúisgil sé an Fíorcheart Diadha dobhí ar feadh na
síorruigheachta 'na chodladh gan buairt ná trioblóid; ar
mhodh gur theilg an Fíorcheart céadna sin i ndiaigh mhullaig
a chinn go hifrionn é, gan fuasgailt, gan dáil cabhartha,
carthanachta ná trócuire an feadh agus dobhias Dia ag
caitheamh na glóire. Do chruadar na spioraidighe méirliocha
so agus do chrannraghdar san olc, ar mhodh nár
mhiann leó géille do Dhia ná iad féin do úirísliughadh dá
láthair, agus mar an gcéadna d'fhosgail Dia geataoi a
mhór-fheirge orra-sin dochum a bpiannta ar feadh na
síorruigheachta, gan súil le párdún ná maitheamhnas
d'fhagháil go fóircheann na beatha suthaine.



Ó! is aobhdha agus is saordhálaighe ná sin dobhíonn


L. 63


Dia leis na daoine an tan do pheacadhaid ar an adhbhar go
bhfurálann a ghrása orra, go gcoruigheann agus go mbrostaighean
iad dochum triallta air féin agus dochum
iompuighthe air trésan athrighe, do bhrígh go bhfuil a
fhios aige, amhuil agus mar d'iompaighmíd-ne ón maith
go holc trésan bpeaca do dhéanamh, gur féidir linn mar an
gcéadna iompóghadh ón olc go maith le congnamh a ghrása
sin an tan is miann linn aonta nó toil do thabhairt dochum
a dhéanta. Aire mhaith dhíbh, ar an adhbhar sin, gan
bheith cruaidhmhuinéalach ionnbhúr staid mhallaighthe;
do bhrígh, má chrannraighean sibh mar na diabhail
ionnbhár bhfeilebheartaibh, go dtréigfe Dia sibh mar iad-sin
i n-éadóchas i measg lasarthacha domhúchta na teine
síorruighe.



Do bhrostaigh agus do mhúsguil neamhurraim agus
mí-oghmós Adaim an Fíorcheart Diadha dochum a léirsgriosta
agus a dhíbeartha as an bparthas dtalmhuidhe
agus dochum é féin agus a chloinn-mhaicne uile do
threórughadh tré mhórán duadh, doghruinne, trioblóide,
buartha agus brise croidhe do-chríochnaighthe ar feadh a
mbeatha. Is fíor go deimhin gur thairg Dia párdún
do agus maitheamhnas agus go bhfuair é fá dheóigh. Och,
mo chreach agus monuar! sin d'éis naoi gcéad bliadhan
d'airthighe, d'aithreachas, do throm-dhéaraibh, do chlaonmharbhadh
agus d'osnaghal trom-mharbhthach, do throsga,
do dhéirc, do thréanghnas agus d'úrnaighthibh, agus fós
níorbh fhuláir go dtúirlinnfeach an Friotal Diadha, an dara
pearsa don Tríonóid ró-neamhdha, Íosa Críost ár dTighearna,
Mac aonrecánta an Athar Síorruighe, agus go ngabhadh
colann daonna air i mbroinn na Naoimh Mhaighdine Muire,
go nglacfadh an iomad duadh, trioblóide agus saothair
ar feadh a bheatha agus go bhfaghadh bás tíoránta sganaileach
na croiche fá dheire dochum sásaimh do thabhairt
san pheacadh sin Ádhaimh. Ar an adhbhar sin, má budh
éigion d'Adam aithrighe cómh fada, cómh géar-nimhneach
sin do dhéanamh tré aon pheacadh amháin aonrecánta,


L. 64


siúd agus gur básaigheadh tríd Íosa Críost ár dTighearna,
an Messias .i. an t-Ongothóir, an dóith libhse go bhfaghaidh
sibhse párdún agus maitheamhnas ionnbhár bhfeilebheartaibh
iomdha do-innistionna, gan cathughadh, doilbhios,
tréaghnus, trosga, déirc, úrnuighthe agus aithrighe ghéar-nimhneach
thréanáidhbhseach do dhéanamh dochum
sásaimh do thabhairt don Fhíorcheart Diadha tréna
mhionacaigheacht agus do chuireamhair fearg uirthe tré
áidhbhseacht agus líonmhuireacht bhár gcorrthacha? Más
dóith, is mór sibh meallta, do bhrígh gurab é an Dia agus
an Fíorcheart céadna é. Smuainighidh oraibh féin, ar an
adhbhar sin, má atá sibh ar staid thiubistig an pheacadh,
gan fadcholladh do dhéanamh ann.



Do iar dunmharbhadh Cháin ar a dhearbhráthair Abel
díoghaltas, agus do bhrostaig agus dothug fá deara ar Dhia
túrnamh do neamh ar dtalamh dochum a dhíoghailt.
Dothug fuathmhaireacht, gráineamhlacht, déisdin agus feilebhearta
na muintire úd aimsire Noé fá deara ar an
dTighearna a múchadh agus a mbághadh fá thréantonna
na dílionn, idir bheathadhach allta agus altuin an aédhir,
gan truadh, teasargan ná trócuire, acht aon ochtar amháin
na háirce dofríth cneasda i láthair Dé. An dóith libhse
go dtiucfaidhe féin as a níbhus feárr ná iad-san, gia fionnas
agus gurab measa sibhse go mór ná iad? A chonntrárdhacht,
is truime leagfadhar lámh oruibhse má thugthaoi
faillighe agus tarcuisne san airthighe, gan párdún agus
maitheamhnas d'iaraidh i n-am d'eagla mór-fheirge Dé do
thuitim oruibh san gcrích ndéadhnaigh.



Dobhí an oiread sin do mhearughadh, do bhuairt, do
chorraighe aigne agus do dhall-inntleacht ar an muintir úd
dobhí ag tógbháil Túir Bhábel ar mhodh ná tuigeach
neach díobh féin a chéile ar aonchor, do bhrígh an tan
d'iarach aon díobh uisge gur cloch dotugthaoi chuige,
agus an tan d'iaradh cloch gur muirtaol dobeirthí dho.
Tugaig-si aire mhaith dhíbh féin mar an gcéadna ná


L. 65


teangmhadh a shamhuil súd do mhearathall díbh i bponc
déadhnach an bháis, do bhrígh, iar mbeith dhíbh ar feadh
bhar mbeatha i múisiún trom-mharbhthach na bpeacadha,
gan suim ná éifeacht do bheith agaibh i nDia ná i leas bhár
n-anma, ná biadh suim ná éifeacht aige-sion ionnaibhsi i
n-am bhocht chritheaglach an bháis, agus sin mar phionós
oraibh ar an adhbhar, ar feadh bhar mbeatha, i n-ionnad
teampoill an Spiorruid Naoimh do thógbháil ar charraig
na humhlaigheachta, gurab é do-rinneabhair srian do léigean
lean bhár n-uile shórt uilc agus annlochta, ag brise dhlighe
agus reachta Dé.



Ar mbeith dár Slánaightheóir Íosa Críost i gcrann na
croiche i riocht pheacaig, ní bhfuair sé an read a dh'iar sé
acht a chonntráil, ar an adhbhar gur iar uisge dochum
a óla agus gurab é deoch dothugadar na Giúdaighthe dho
diomblas agus vinéigre. Muna gcuirfe sibhse anois bhúr
dtoil le toil Dé, gia fionnas agus é ar gcumas díbh, is baoghal
liom, i n-uair an bháis, ná cuirfe seision a thoil le bhár dtoilse,
ar mhodh an tan d'iarfaidhe cabhair agus congnamh,
ná fadha sibh acht buairt, doghruinn agus trioblóid
agus tuitim i n-éadóchas: i n-ionnad bhár n-iompaighthe
ar Dhia gurab é do-dhéanfaidhe fanamhuin ionnbhár
gcruadhmhuinéaltacht agus ionnbhár gcadrann, agus fós
gomadh fhéidir bhár mbeith go síorruighe fá ualach do-úngabhálta
neimhiompchair fheirge an Fhíorchirt Diadha.



Do bhrostaig an fuath agus an mhiosguis dobhí ag
Aman do Mhardochee trésan órdughadh daordhálach do
thug fá deara ar an rígh do thabhairt i gcoinnimh na
nGiúdaighthe dochum iad uile do léirsgrios agus do dhíthcheanna,
Esther: Esther iii.9, Si tibi placet, decerne ut
pereat, ionnas gur mhúisgil an bhanrighean Esther as an
suaimhneas agus as an socamhal ionna raibh ar mhodh
gur ghlac sí i láimh cobhair agus furtacht a muintire cómh


L. 66


mór sin agus nár stad do ló ná d'oidhche acht ag agallamh
's ag athchuinghe ar an Rígh Assuerus, gur chas tar ais
an t-órdughadh folamhuil sin tug 'na n-aghaidh agus go
dtug fá deara Aman, an té dob' úghdar leis an órdughadh
réamhráidhte sin, do chrocha annsna brannradhaibh céadna
d'ollmhaig sé féin fá chomhair Mhardochee. Suspensus
est itaque Aman in patibulo quod paraverat Mardochaeo et
regis ira quievit, Esther vii.10. Do budh é an truadhán
tiubuisteach mí-fhortúineach Aman an té budh chumusaoi
agus budh mhó cómhachta dá raibh i gcúirt nó i bhflaitheas
an Rígh, dob é ceann feadhna an uile órdaighthe é, is
aige dobhí an rachtmas is mó, an chreideamhuint is tréine
agus na hionnmhais budh líonta. Budh mhiann leis a
fhaltanas d'agairt ar Mhardochee agus ar na Giúdaighthibh
tré ainiomarca puimpe agus uaille dochum a thréanchumuis
do chuir i n-umhail dóibh, ionnas agus gur tharaing
tíntreacha mhór-fheirge Dé air féin go cailleamhuint a
mhaise agus a onóra, a bheatha, a mhaoine 's a shubstainte,
ionnas gur cuireag a chuallacht 's a theaghlach don
uireasbadh is don dítheacht ag iaraidh déarca.



Do budh éigion do Iudith gheanmnaighe ghlan-mhiannaig,
tré neamhthruaidhe agus tíorántacht Holofernes i n-aghaidh
chathrach Bhetulia, triall roimpe as a seómra agus óna
húrnaighthibh agus dul fá ghéin a champtha agus fós
asteach ionnsa bhfianbhoith ionna raibh. Acht do budh
mhí-fhoirtiún mór do sin do bhrígh gur theasg sí an ceann
de lena chloidheamh féin i gceartmheadhon a mhórarmála,
gur chuir iad uile ar mí-áird. Creidig ná fadha sibh do
thoradh bhár bpeacadha go brách acht an uile shórt uilc
agus tubuiste, éadóchas agus damainnt shíorraidhe.
Abyssus abyssum invocat, Ps.xli.8. Glaodhan agus


L. 67


cómhaircionn an duibheagán ar an nduibheagán mar adeir
Dáibhí Rígh, agus tarangion ionna dhiaigh é .i. targionn
duibheagán olc na locht .i. na peacadha do-rineamair,
duibheagán uilc an díoghaltais agus na péine .i. pláidh,
gorta, cogadh, ruathar, tótán agus léirsgrios agus an uile
shórt díthcheanna is léir don Fhíorcheart Diadha d'imirt
oruinn ar an saoghal so nó ar an saoghal eile. Má tá ciall
agaibh, seachónfuidhe na peacadha, agus mar sin seachónaidh
sibh an léirsgrios agus an tréan-dhíoghaltas atá
ionna ndiaigh. Agus má tá duaidh, doghruinn, sglábhadhacht,
trioblóid, saothar ná brise croidhe dleacht nó
ceart oraibh, ní huilc iad acht mór-ionmhas na bhflaitheas
agus stór-chiste na ngrás acht a nglacadh go foidhneach ó
láimh Dé. Ní bhéarfa aon mhí-fhortún buadh, treise ná
greim oruibh dá mbeadh an peacadh gan bheith ag riaghlughadh
ionnuibh.



Do-rineadar na hEabhraigh, an feadh dobhí Maoise ar
mhullach Chnuic Sinai ag glaca an reachta 's a' dlighe ó
láimh Dé dochum a thabhartha dóibh-sean, laodh órdha
agus do chromadar ar a bheith ag ríngce, ag píobaireacht
agus ag pléireacht ionna thímpchioll dá adharadh agus dá
onórughadh mar dhia: Surgentesque mane, obtulerunt
holocausta et hostias pacificas, et sedit populus manducare et
bibere, et surrexerunt ludere, Exod.xxxii.6. Och monuar!
Ní luaithe do-chuala Maoise a n-íodhaladharthacht, a rínnce,
a ndansa, a bpíobaireacht ná a bpléireacht ná do bhris
sé agus do raeb sé le fóirneart feirge agus díoghaltuis an
dá chlár chloiche ionna raibh an racht sgríobhtha, agus do
mhairbh, do léirsgrios agus do dhíthceann an chuid budh
mhó dhíobh tréna n-íodhaladharthacht, agus fós níor
shásaimh sin Dia agus níor mhaith dhóibh: Feceruntque
filii Levi juxta sermonem Moysis, cecideruntque in die illa
quasi viginti tria milia hominum, ib.xxxii.28. Is fíor


L. 68


gur chuir Maoise athchuinghthe dochum Dé agus gur
ghuidh é cómh mór sin ionnas gur gheall do ná leagfach a
lámh orra an tan sin, agus adubhairt: “Léigfad dóibh
annois, acht i ló an bhreitheamhantais agus an díoghaltais,
fiosaireóghad agus breithneóchaidh mé an peaca so”:
Ego autem in die ultionis visitabo et hoc peccatum eorum,
Exod.xxxii.34.



Maise, mar athchuinighe oraibh, innisig dhamh, sibhse
atá annois annsa bpeacadh, créad bhus miann libh do
dhéanamh iar mbeith dhíbh a níbhus measa go mór ionnbhár
gcoirtheacha ná na hEabhraigh? Is mó do-rin Dia ar
bhár son-sa ná ar a son-súd, ar an adhbhar má fhuaisgil
sé iad-sin as annbhruid agus sglábhadhacht na hÉigipte
tré bhás chéad-mhic Rígh Pharao, d'fhuasgail, do chaomhnaigh
agus do shaor sibhse ó annsglábhadhacht an diabhail
agus phiannta síorruighe ifrinn tré bhás a Aon-mhic
aonracánta féin, Íosa Críost ár dTighearna. Agus ar a
shon sin agus uile, i n-ionad buidheachuis do thabhairt
do, a adharughadh, a onórughadh, a ghrádhughadh, a lorg
ionn gach uile neithibh agus a dheaghthoil do dhéanamh
ionn gach aoinchéim, tugan sibh mí-oghmós, mí-onóir, mí-chás
agus tarcuisne dho ionnbhár bpeacadhaibh, ag déanamh
bréigdhéithe do n-bhár gconách agus do n-bhár saidhbhrios
saoghalta, lán do aindréim iongantaig, ag cúiliompóghadh ó
Dhia agus ag aghaidhiompóghadh ar an gcréatúir, ar bhár
smúintighthe neamhghlana, ar bhár méinn mailísig agus ar
bhár dtoil ndo-úngabhálta. Muna miann libh airthighe
do ghlaca chúghaibh agus do dhéanamh, is cosmhuil gurab
maith libh bás d'fhagháil i n-eascáirdeas agus i ndiosgrás
Dé, damannta ar feadh na síorraidheachta mar dhíthchreidmhig,
mar íodhaladharthaig nó mar dhiabhail neamh-adthruadhacha
ifrinn. Monuar! Bíodh carthanacht
agaibh díbh féin, glacaidh chúghaibh aonuair amháin
truaidhmhéil dá bhar n-anamnachaibh, agus ná déinig


L. 69


éirleach oraibh féin comh cruadhálach sin agus go gcaillfeach
sibh an ghlóire shíorraidhe tré bhúr bhfeilebheartaibh.



CAIBIDIL 15



Ollmhuighid na peacaig agus na feilebheartaig a bpionós féin agus
do-ghníghid iad féin mí-fhoirtiúnach tréna gcómhairleacha
propartha féin.



Budh mhaith a fhios ag cloinn Amon, arna bheith
do Dháibhí onóireach tréanchumasach, ná fuileóngach
éigceart ar bith ar a choróinn gan díoghaltas agus díthcheanna
do dhéanamh ionna dhiaig. Do thuit amach, ar
a shon sin, gomadh mhiann leis an rígh so muintearthas
agus cáirdeas d'athnuadhchant leó, agus ar gcur teachta
agus leagáideadha fána dtuaraim dochum na críche sin, i
n-ionnad oghamóis, onóra agus urruma do thabhairt dóibh
mar budh chuibhe, ii Reg. x.4, do leagadar go heasonóireach
neamhurramach lámh throm thiubisteach orra, dá
n-imdhearga agus dá n-aithisiughadh go sprionnlaighthe
tarcuisneach go n-uiread leath a n-éadaig 's a bhfiasóige
do shraca agus do stathadh dhíobh, agus a gcur tar n-ais
ar an modh sin dá ndúithe féin fán gcrot thiubuistig
mhórtharcuisnig sin. Tríd sin lingionn Dáibhí orra gona
mhórshluagh oirdheirc tréanláidir, ii Reg.x.7, agus d'éis
an iomad cogaig, coinbhliocht agus géarchatha do thabhairt
dóibh, níor fhág neach i bhfochair a chéile dhíobh gan
sgrios, díbirt agus díthcheanna, tré iomad ruathair, teine
agus tótáin, go bhfiú na mbeathadhach n-allta gan léigean
as, gan truadh, gan teasargan, gan trócuire.



Léigeann Dia a mhórghrása chúghaibhse agus treóraighean
a theachtaireadha fá bhár ndéin dochum bhár
dteagaisg. Acht is ró-mhinic go thugthaoi fá tharcuisne


L. 70


a ghrása, ag fonomhuid 's a' maga fána shearbhóntaighthe
dothigeas chúghaibh lena theachtaireacht, gan suim, spéis
ná éifeacht do chuir ionna thruadh, ionna thaise ná ionna
thrócuire. Tugaidh aire dhíbh féin dá bhrígh sin ná sínfidh
Dia a lámh dhíoghaltais chúghaibh go hathghairid an tan
is ró-lugha do shílfaidhe é, go trom anafach léirsgriosach.
Ní 'na chodladh do chaitheann a aimsear do ghnáth do
bhrígh go lingfig fá dheóigh oraibh go luath nó go mall
dochum bhár bhfeilebhearta agus bhár saobhchrábhadh do
dhíoghalt oraibh.



An tan do-chonnairc Iezabel, noch dothug fá deara í
féin d'adhradh mar dhia, gur bhuadhaig Iehu ar an uile
rígh ionna thímpchioll, do smuain go mbuaidhfeadh féin
air lena féachaint dhrúiseamhuil agus lena hamharca claon,
ag péinteáil a héadain, ag deisiughadh a mailighe 's ag
ceartughadh a ciabh, iv Reg.ix.33. Acht d'éis Iehu dá
faicsint, ag tuigsint a feileghníomhartha, d'órdaig a teilgean
trésna fuinneógaibh gur mionbhrúghadh a cnámha gan
fuireach agus gur shracadar madradha as a chéile í agus
gur ithiodar , do réir bhréithre an naomhfháigh Elias:
In agro Iesrahel comedent canes carnes Iezabel, iii Reg.xxi.23.
Ó a Dhia! créad é mar chúnntabhairt duine dá
ghrádhchant féin, dá adharadh féin agus dá shearcughadh
féin a níbhus mó ná do-ghnídhean le Dia! Ó créad mar
mhí-fhortiún do é féin do chreideamhuint, a mhiann do
leanamhuint, a dhóthchas do chuir ionna chómhairle féin,
a smúintighthe agus a phlaésiúir do ghlaca go lochtach, ag
tréigean a chéille, ag luighe ar a chéadfadhaibh agus dá
únfhairt féin i srúill shailig na drúise i n-aghaidh órdaighthe
agus reachta Dé, mar dheamhuin nó mar dhiabhail ifrinn!
Ó nách mórchurrthach an nídh sin agus nách damannta?
Má bhiathaidhe san staid so uair an bháis agus na gcéad-éagaibh,
cia do chaomhnóghas sibh ó Fhíorcheart Dé agus
óna thréan-fheirg? “Atá Dia mór, tréanchómhachtach
agus uathbhásach; do-ghnídhean ceart gan féachuin do


L. 71


neach ná do shaidhbhrios ná do thabharthas”: Deus magnus
et potens et terribilis qui personam non accipit nec munera,
Deut.x.17.



Do chuireadar prionnsadha na Baibiolóine, riaghlaightheóirighe
agus stúirtheóiridhe eile na cúirte cogadh ar an
naomhfháidh Daniel dobhí do ghnáth i ngrásaibh Dé, fá
sgiathánaibh a chumais agus a chaomhnacht: Tunc principes
et satrapae surripuerunt regi et locuti sunt ei, Dan.vi.6,
ionnas agus go bhfuaradar meadhon dochum a
chaillte agus dochum a theilgthe go carcair na leómhan
dochum a shracaighthe 's a straca as a chéile. Acht
níorbh éifeacht dóibh cinneadh ar an gcómhairle sin ar an
adhbhar gur mhéadaig go mór a bpéin 's a réim dochum
a gcaillte, do bhrígh, an tan ionnar aithin an rígh agus
ionnar thuig neamh-chionntacht Dhomhnaill trésan míorbhuill
do-rin Dia air, gan na leóghain dá dhíthcheanna
agus dá mhionbhrúghadh idir a bhfiacla, agus gur tré
iomthnúth dotugag fá deara a theilgean eatorrtha, go dtug
órdughadh gach n-aon budh chionntach le Dómhnall do
dhíthcheanna do theilgean gan stad i measg na leóghan
dochum na críche céadna d'imtheacht orra féin agus do
mheasadar-sin d'imirt ar Dhómhnall. Is mar sin d'éirgheódhas
do na peacachaibh so do chalcaigheas agus do
chruadhmhuinéalas i n-aghaidh dhleaghtha agus reachta
Dé, do leanas a slighte féin 's a gcómhairleacha, ag tabhairt
dearsgnacht Dé i dtarcuisne atá go ró-árd os cionn
intleachta dhaonnaigh ar bith do thuigsint.
Créad é an tairbhe do neach é féin do chuir i gcontabhairt
Dia dá thréigean dochum a chaillte idir anam agus chorp?
Créad é bhár bpraitinneamhlacht, bhár ndóthchas, bhár
gcómhairle ná bhár dtréighthe dá bhúr gcur féin i gcontabhairt
bhár ndamannta agus bhár léirsgriosta go síorraidhe
mar dheamhain nó mar dhiabhail ifrinn? Ó creidig i
n-Íosa Críost, bhár nDia agus bhar gcoróinn tsíorraidhe má
thuilltí é. Iompaighidh gan stad dochum na haithrighe


L. 72


go prap, do bhrígh go n-abair go dtiocfaidh féin mar do
thiocfadh sladaighe san oidhche agus nách feas díbh an
tráith, an uair ná an nóment do thriallfaidh oraibh: Quia
dies Domini sicut fur in nocte ita veniet, 1 Thess.v.2.



Ar fhaicsint do na Sgríobaidhibh agus do na Phairisínig
mar aon le tuismeightheóireadhaibh chathrach Ierusalem
méid na míorbhuilleadha do-rin Críost ár dTighearna, do
chineadar ar chómhairle eatortha féin, dá fhéachaint créad
d'iarfadís nó do-dhéanfaidís leis. “Créad do-dhéanfam?
Do-ghnídh an fear so mórán míorbhuilleadha”: Quid
facimus, quia hic homo multa signa facit? Ioan.xi.47.
Budh cheart dóibh a ghlaca mar an Messias do bhrígh go
bhfacadar a chómharthaoi ionna thímpchioll tréna
mhíorrbhuilleadhaibh. Do budh é a sábháilt é agus coiméad
a mbaile. Acht do chinneadar ar a chonntrárdhacht, ag
rádh gomadh chóir a chur dochum báis d'eagla na
Rómhánach do theacht do léirsgrios na cathrach. Créad
mar mhí-fhortún dóibh! I n-ionnad a gcathrach do
chaomhna ar lot, gur leagag agus gur traostag í ón gceann
gcura go chéile agus iad féin mar aon lé, do bhrígh le
méid na neamhdhuininteacht agus na cruadhála lenar
ghlacadar i láimh an Slánaightheóir, gur threóraig Dia na
Rómhánaig fána ndéin dochum ruathair, léirsgriosta agus
traochta do thabhairt dóibh, go nár fágbhadh bean, fear,
buachaill ná cailín, óg ná ársa, páiste ná gárlach, rígh ná
árdfhlaith dhíobh gan díthcheanna, léirsgrios agus traocha
le briochtfhaobhar cloidhimh agus le géarlasaracha domhúchta
teine.



Ag sin mar d'imigheas ar chómhairleacha na bpeacach
agus na bhfeilebheartach tréna dtuigsint féin go mí-fhoirtiúnach.
Ar an adhbhar sin, aire dhíbh d'eagla
tuitimtha san dtubuist gcéadna tré bhár saobhchómhairle
féin, iar dtréigean Dé agus a aitheanta, ag siobhal i mbealach
na locht agus na n-aindlighthe.


L. 73


CAIBIDIL 16



Pionósan agus pianan Dia go gér-nímhneach na peacaig agus do-bheir
luaidheacht saothair uaidh go fóirleathan dá shearbhóntaighthibh féin.



Ná smúinigí go mbiadh aon pheaca ná aon mhionlocht
ar dearmad i láthair Dé. Do-chídh a dhearsgnacht
gach feilebheart dá ndeárnamhar, agus ní fhágfaidh a
Fhíorcheart aonread gan díoghailt ar an adhbhar nách
fuláir go ndéanfadhar leórghníomh ionnta trésan aithrighe
go luaith nó go mall, ionnsa tsaoghal so nó ionnsa tsaoghal
eile, trésan leórfhulang cruaidh docht do-iompchair d'ollmhaigheas
a ghéar-dhíoghaltas, do réir mar sgríobhtar
san XII Eccli.7, go dtabhraidh Dia do na feilebheartaig
agus do na peacachaibh an díoghaltas do thuilleadar
d'fhagháil: Quoniam et altissimus odio habet peccatores, et
impiis reddet vindictam.



Má thugamaoid fá deara go n-ollmhaigheann Dia
tréanbhagartha agus géar-sgúirseadha fá chómhair na
naomh agus a dhiancháirde féin, ag buain díoghla dhíobh
ionns gach mionlocht agus beag-pheacadh do-ghníd in'
aghaidh féin ionnsa tsaoghal so, agus bíodh go ndearnadar
deighghníomhartha, géaraithrighe agus claonmharbhadh
tríotha, ná léigfig an Fíorcheart Diadha aonread dhíobh
thairis gan díoghalt, do réir bhréithre Naomh Pól gusna
hEabhraigh, xii.6: “Sgiúrsadhan Dia an té is ionmhuin
leis agus slataigheann gach n-aon dá ngabhan leis mar
leanabh”, Quem enim diligit Deus castigat, flagellat autem
omnem filium quem recipit; Ó máiseadh, créad a mhéid
agus a uathbhásaigh do ghlacaidh i láimh lucht briste
a dhlighe ionns gach slighe, i n-uabhar 's i sainnt, i ndrúis
's i gcraos, i bhfeirg, i bhformad 's i leisge agus ionn gach
uile olc agus feilebheartaibh eile dá ndéingid, ag brostughadh
a fheirge, ag árdughadh 's ag méadughadh a choinntinne


L. 74


tréna mórchurrthaibh, gan trosga, déirc, féile ná daonacht
do dhéanamh ionnta, ná claonmharbhadh ar bith dá gcosg
ar shómpla na naomh dochum sásaimh do thabhairt do
Dhia, amhuil mar dhearbhuigheas Naomh Peadair: “Más
ar éigion do sábhálfadhar an fíoraon, mo chreach! créad
éirgheódhas don pheacach?” Et si justus vix salvabitur,
impius et peccator ubi parebunt? 1 Pet.iv.18.



Atá Dia libearálta sochroidheach móraigiontach fairsing
fial fulúirseach dochum dualguis do thabhairt do gach
n-aon do thuillios é ar an saoghal so nó d'éis bháis. Agus
dá loighead an deighghníomh do-ghnígheas neach, dá ndearna
í ar son Dé go haonrecánta, do-bhéarfaidh luadhacht
saothair uaidh dá chionn. Dothug dualgas don bhaintreabhthaigh
úd an tsuibhsgéil fán dá fheóirlinn do chur
i gcongnamh dochum an Teampaill do thógbháilt, ag rádh
gurab mó dothug sí uaithe dá boichtineacht ná na toicig
dá saidhbhrios. Geallan Íosa Críost dúinn, ciabé thabharas
oiread agus deoch don uisge fhuar ar son Dé, ná caillfidh
sé a luaidheacht saothair: Et quicumque potum dederit
uni ex minimis istis, calicem aquae frigidae tantum in nomine
discipuli: amen dico vobis, non perdet mercedem suam,
Math.x.42. Is beag le a rádh, dar leat, deoch don uisge
fhuar do bhrígh go bhfachtar é anns gach aon áird, agus
adubhairt don uisge fhuar d'eagla dá ndéarfadh deoch
don uisge bhog gomadh leathsgéal é do chách d'easbadh
teine do bheith aco dochum a théighte. Do-bheir luadhacht
uaidh fós ar son na deaghaigne dobhíos ag neach dochum
na maitheasa do dhéanamh dá mbiadh ar gcumas do,
amhuil agus mar dodhéingion an ríghfháigh do dheimhniughadh
dhúinn, ag rádh go n-éisteann Dia le deighmhéinn
na mbocht agus lena bhfonn croidhe dochum na maitheasa
do dhéanamh: Desiderium pauperum exaudivit Dominus:
praeparationem cordis eorum audivit auris tua, Ps.ix.17.
Créad é an fáth, ar an adhbhar sin, iona bhfuilimíd cómh
faillightheach sin gan deighghníomhartha ar bith do
dhéanamh mar ghrádh do Dhia? Ná fuilid na meódhain


L. 75


agus na hócáideadha aguinn go laetheamhuil dochum a
ndéanta? Nách sin iad na daill, na bacaig agus na
cláirínig dochum déarca do dhéanamh orra? Is féidir
linn fós deaghoibreacha do dhéanamh ar ár son féin, ag
ár gclaonmharbhadh féin, dár n-úmhlughadh agus dár
n-úirísliughadh féin do láthair Dé. Nách féidir linn mar
an gcéadna Dia do ghuidhe, a ghrádhchant os cionn an
uile nídh, a mholadh tré iomshláine ár nirt agus ár gcumuis,
deighmhéinn do bheith aguinn dochum na maitheasa do
dhéanamh? Is neidhthe mórluaidh iad. Atámaoid cómh
cúramach sin i ngnóithighe saoghalta agus cómh neamhchúramach
sin i neithibh neamhdha gurab mó de spéis
do-ghnímíd dár gcurip agus don toice dhiombuan tsoibhriste
ná do-ghnímíd do Dhia ná do leas ár n-anma.



Má tá Dia carthanach brontach cabharthach trócaireach
dochum luaidheacht saothair do thabhairt don té
do-ghnídh an mhaith, atá sé aoígair feargach tréan-díoghaltach
uathbhásach dochum sásaimh do bhuain amach
san olc. Caithfig cúntas d'fhagháil go bhfiú na bhfocal
neamh-éifeachtach do labharthar, do réir bhréithre an
tsuibhsgéil naomhtha ag Matha,xii.36: Dico autem
vobis, quoniam omne verbum otiosum quod locuti fuerint
homines, reddent rationem de eo in die judicii. Agus má
bhainfig cúntas cruaidh ionnsna focail sin, créad é a ghéire
do bhainfig cúntas i ndrúis, i n-uabhar, i bhfeirg, i mbréagaibh,
i mionnaibh móra, i n-éigceart, i mallachtaibh, i
gcúlchainnt, i neamhaithrigh agus i saobhchrábhadh?
An té adéarfaidh lena dhearbhráthair, is amadán thú, nó
fós ráic nó a ionshamhuil sin d'fhocal ghraosta, bia
cionntach tré bhreitheamhnas agus damnóchfar é go teine
ifrinn, amhuil mar dheibhnigheas an Spioraid Naomh i mbeál
Mhatha san v ca.22: Ego autem dico vobis; quia omnis
qui irascitur fratri suo, reus erit judicio; qui autem dixerit
fratri suo, Raca, reus erit concilio; qui autem dixerit, fatue,
reus erit Gehennae ignis. Má tá pianta le cuir i ndiaigh na
neithe éadthroma so do-dhéantar i n-aghaidh na cómharsan,
ná fuilid pianta is mó ionná sin i ndiaigh bharbairtheacht,


L. 76


ghraostacht, éigceart, ghadaigheacht, fhuadaig agus
rabálacha agus gach uile olc eile agus feilebheart dá
ndéighiontar, cia fionnas agus go gcasfadhar libh agus go
gcaithfidhe cúntas do thabhairt ionns gach friotal nó focal
suarach dá laibheórfar?



Budh dhochroidheach cruaidh an díol do baineadh do
Mháire, deirbhshiúr Mhaoise maille ris an laibhre do chuir
uirrthe agus a díbirt as an gcamptha ar feadh seacht lá,
mar dobhiadh neach fá bhang eagaillse nó gearrtha amach
as an dteampoll, ar son murmuir do dhéanamh i n-aghaidh
Mhaoise fá mhnaoi dhuibh nó ón Eitiopia do phósadh,
Numer.xii.1: Locutaque est Maria — contra Moysen
propter uxorem ejus Aethiopissam. Agus muna mbiadh gur
ghuidh Maoise go dúthrachtach ar a son, siúd agus gurab
do phrímhphearsanaibh an phobuil í agus gurab í do
chúm agus do chuir i n-eagar a chéile an Chaintig luathghára
bhuadhchais d'éis gabhtha trésan Muir Ruaidh, do
léireóghach Dia go hiomshlán í agus do dhíthcheannóghach
trésan aon-pheacadh sin an mhurmuir do-rin sí. Bíodh
gurab í dearbhshiúr stúirtheóra phobuil Dé agus Aaroin,
prímhíodhbartheóra agus an árdshagairt, í, ní chuirfeadh
sin uile toirmeasg ar Fhíorcheart nDé gan sómpla saoghalta
do dhéanamh di, dá cuir dochum báis do láthair. Féachaidh,
ar an adhbhar sin, an dtabharfaidh Dia párdún ná maitheamhnas
dá dheargnamhaid ionnsna tréanchurrthaibh do-ghnídhid
siad in' aghaidh, cia fionnas agus go n-agrann a
dhíoghaltas cómh géar-nímhneach so ar a cháirdibh trés
gach mionlocht dá ndéingid.



d'éis a ndeárna Maoise do mhíorbhuilleadhaibh san
Éigipt a' méadughadh glóire Dé, d'éis a raibh do mhuintirtheas,


L. 77


do shaoirse agus do cháirdeas aige le Dia ar mhullach
Chnuic Sinai, ag labhairt fris aghaidh ar aghaidh mar do-dhéanfadh
caraid le caraid, d'éis dá chorghas do throsga,
d'éis an iomad buadhartha, trioblóide agus casaoide
d'fhulang ar an bhfásach mar ghrádh agus mar ghean ar
Dhia, do bhuail Maoise, adeirim, an mhórfháigh churanta
chumasach mhórthréightheach so, dá bhuille don tslait do
read Dia do dochum míorbhuilleadha do dhéanamh
tríghthe, ar charuig chloiche dochum uisge do tharang
aisde don phobal; agus níor dheachtaig Dia dho do bhualadh
uirthe acht aon bhuille amháin. Agus mar gheall ar a
órdughadh do bhrise tréna neamhúmhlaigheacht dá thoil,
do bhain de gan dul 'na bheathadh asteach go Talamh na
Geallamhna. Acht do thaisbeáin do é i gcian uaidh agus
adubhairt leis ná cuirfeadh bonn a choise air go bráth tré
bhrise na haithne tug do do thaoibh na caraige, gan do
bhualadh uirthe acht an t-aonbhuille. Agus bíodh gur
ghoil Maoise go cruaidh guirt fliuchshúileach trésan bpeaca
sin, ní bhfuair párdún ann riamh san mbeatha so do bhrígh
go bhfuair bás gan dul asteach go Talamh na Geallamhna.



Budh chóir go gcuirfeadh so critheagla agus uathbhás
oraibh, a cháirde, agus go bhfaicfeadh sibh go glanradharcach
glinn-rosgach ná léigfidh Dia aon read thairis gan díoghailt
ionnsa tsaoghal so nó ionnsa tsaoghal eile agus fós ná
féachaidh dá dhiancháirde dilghrádhaig féin gan géar-bhuille
a fhíor-fheirge do bhualadh orra tréna gcionntaibh.
Ó maise, créad é méid an díoghaltuis do-dhéanfaidh ar a
dheargnamhaid! Nách amadáin neamhthuigsionacha gan
mhothughadh iad? Nách lán do mhire agus do bhuile
atáid, ag smaoineamh ná bainfidh Dia díoghal díobh go
síorraidhe tréna bhfeilebheartaibh i n-iffrionn muna
ndiansgriosaid iad asda san tsaoghal so trésan aithrighe
roimh anam do sgarabhuin re coluinn aco.


L. 78


CAIBIDIL 17



Tairingion an peacach do chuireann i n-aghaidh na ngrás pionóis
uathbhásacha do-iompchair air féin.



Ar n-aithint agus ar gcloisint do na chúig righthibh
díthchreidmhig, Numer.xxiv, gur cheangaladar na
Gabaonites cáirdeas agus muintirtheas le pobal Dé, do
thángadar i bhfoslongphort dóibh le harmáil mhóir
thréanchumasaig. Acht dotháinig Iosue, an captaoin
cródha agus an míleadh curanta agus an triath meanmnach
móraigionntach, i gcabhair do na Gabaonites, gur bhuaidh
ar na chúig rígh réamhráidhte sin ionnas agus gomadh
éigion dóibh go claon náireach tarcuisneach mímheasda
teighthe agus iad féin d'fholach i n-uaidh nó i bpuathuis
talmhan, arna mheas dóibh go rabhadar as baoghal san
ionnad sin, ionnas an tan d'imtheóghach Iosue go dtiucfadh
leó-san imtheacht tré éalóghadh. Acht do ruaigeadh as a'
bpuathais le hiomarca anfhórlainn agus fhóirnirt iad, gur
gabhadh do chosaibh ionnta san lathaig agus gur crochadh le
hiomad mórtharcuisne agus mímheas iad, agus gur teilgeadh
a gcuirp fán gcamara dochum a dtaraingthe 's a stracaighthe
as a chéile. Ó a Chríostaighthe! ná troideamaois-ne a
níbhus fuide i n-aghaidh Íosa Críost ár dTighearnna! Ná
tarangamois cloidheamh na n-annlocht atá fuilighthe le
follracht na bhfeilebheart amach i n-aghaidh a ghrása!
Ná déangamís maga ná fonomhuid fá gach oilbhéim, gach
truailleaghthacht, gach tarcuisne ná gach boichtine dár
fhuiling sé! Ná déangam sgige fána bhás ná fá gach
géarchruatan dár iompchair sé, ná fá gach deaghchómhairle
shuibhsgéalda dá dtug uaidh! Ná bímís, ar an adhbhar
sin, a níbhus fuide ionnár ndeargnamhaid age, mar na
Giúdaighthe nó na díthchreidmhig, trénár ndroichbheatha
mí-iompcharaig, conntrárdha dhá riaghail is dá dheaghtheagasg!


L. 79


An mhuintir do leanan do chlaonta na colla .i. an
mhuintir do mhairionn do réir na nádúire, gan duadh, gan
saothar, gan géar-leanamhuin, gan claonmharbhadh, gan
deabhóideacht ná caoin-dúthracht, gan iaraidh ná lorg do
chuir ar aon cháil Chríostamhuil deagh-thréighthig san
mbith, acht ag leanamhuin a gclaonta truaillighthe neamhórdaighthe
féin, tugaid-sin, adeirim, mí-mhodh agus tarcuisne
dár Slánaightheoir Críost, dá aitheanntaibh agus dá
naomhchómhairleacha, ag maireachtuin go cóntrárdha do
na deaghshómpladhuibh tug dúinn ionna phearsain féin ar
feadh a bheatha agus mar an gcéadna do na sómplaidh
budh dheóghnaightheach leis do thabhairt dúinn i bpearsain
na naomh, a shearbhóntaighthe féin, do shiubhail
ionna shlighe agus do choiméad a aitheannta. Dá bhrígh
sin is deargnamhaid iad-sin do Dhia agus dá naoimh, agus
ní budh dual dóibh 'atharach do bhás d'fhagháil acht bás
tubuisteach mí-fhoirtiúnach, acht muna leasaíd iad féin i
n-am tré shruith déar tréanáidhbhseach na haithrighe fíre.



Acht is baoghal a gcúl-iompógha ó na peacadha do
bheith ró-dheacamhlach, do bhrígh go dtugadar mí-mhodh
agus tarcuisne do mhaitheas agus do mhórthrócuire Dé.
Agus is ró-eaglach dhóibh gur túisge iad cruadhchroidheach
cruadhmhuinéalach neamhfhonnmhar dochum fillte tar n-ais
óna gcurrthachaibh ná fonnamhar dochum na haithrighe
do dhéanamh. Más mainneachtnach neamhfhonnmhar
iad, créad na meodhain is miann leó do ghlaca dochum a
n-anacail ar dhamaint shíorraidhe?



Níor éist Iudás agus níor thug aire do gach caomh-theagasg
ná caoinbhriathra dá dtugag dho tré bhéal
Chríost. Níorbh fhéidir leis an Slánaightheóir caoin
grádhmhar so a níbhus mó do dhéanamh dá dheisgiobal
(do thréig agus dothug suas dá dheargnamhaid é) dochum
a tharang chum leasa a anma ó na mórlochtaibh claonbheartacha
ná mar do-rin. d'fhuiling ionna chuideachtain
é cia go raibh a fhios aige go dtréigfeach é agus go
bhfeallfach air. Do ghlac dochum a chláir é ar a shuipéar
déadhnach. Dothug do a chorp ró-naomhtha agus a


L. 80


chuid fola daorluaig féin mar phroinn. Do ghlan agus do
sgiumair a chosa, agus fós ní thug táir ná tarcuisne dho i
nGáirdín na n-Oladha an tan táinig i measg na saoighdeóiridhe
agus lucht na n-arm n-aithghéar eile dá ghabháil,
acht do ghlac go búch milis é, do phóg é agus do ghairm
a dhuine muinteardha dhe, agus do labhair le ceannsaightheacht
an uain leis dochum a chroidhe do bhoga agus do
mhaothughadh dochum aithrighe do dhéanamh. Do
chruaidhsheasaimh agus do chrannraigh do shíor an mí-fhoirtiúnach
so ionna pheacadhaibh, ag cur i n-aghaidh
ghrása Dé agus a mhaitheas go huile ar gach aonmhodh.
Dobhí go dearbhtha 'na dhiaig sin claonchorrughadh
beag suarach don aithrighe ann ná deacha dochum leasa
dho acht dochum a phianta do mhéadughadh agus a
theilgion i n-éadóchas tubuisteach do-iompchair ar easba
ghrádh Dé do bheith ionna chroidhe ná dóthchas ná
muinghín ionna ghrásaibh, imshníomh ná eagla roimh
n-a dhíoghaltas, acht amháin imshníomh, eagla nó cúram
sglábhadha mar na damantaig. Ná leanaig dá bhrígh sin
míréir agus cruadhmhuinéaltacht an tréatúra so acht muna
méinn libh a bhéith i gcúntabhairt tuiteamtha go mí-fhoirtiúnach
ionna samhuil sin do phianntabh agus do
sgiúrsadhaibh.



Is mór do ghearánas Dia ar an modh ionna gcuireann
sibh i n-aghaidh a naomh-shéide, a ghrása, a fhriotail
diadha agus an uile mheódhan dá dtugan a charthanacht
agus a mhórthrócaire go laetheamhuil díbh dochum bhar
slánaighthe. “Créad é an nídh ná dearna dam fhíonamhuin
dobudh fhéidir liom a dhéanamh dhi?” Quid est quod
debui facere vineae meae quod non feci? Isai.v.4, do réir
mar chanas an fháidh do thaoibh Dé, nó mar is cóir do
rádh, do réir mar adeir Dia ag labhairt tré bhéal na fáige.
Is sibhse fíonamhuin an Tighearna Críost. Do phlandaig
sibh lena mhórsglábhadhacht agus lean' allas, do shaorthaig


L. 81


agus do cheannaig sibh tréna chruis, do chroith úrmhaireacht
a choda fola daorluaig féin mar uisge oruibh, do leasaig
agus do bhiathaig sibh lena bhréithribh neamhdha, lena
ghrásaibh agus lena shácrameinnteadha, agus caomhnann,
cosnann agus coiméadan sibh lena choimeirce. Máiseadh,
i n-ionnad gach toradh deaghoibreacha, tréighthe agus
naomhthacht budh dhóith leis d'fhagháil uaibh dá gcionn,
ní bhfaghann acht peacadha, mallaightheacht, neamhdhuineanthacht
agus mí-iompchar dochoimsighthe ag fás
gach nómet asaibh. Créad é bhar muinghín i nDia acht
bhár lámhughadh mar do-rin rean' fhíonamhuin noch d'fhág
fá fhóirneart na mbeitheamhnach agus fá fhíoch fheirge na
mbeathadhach n-allta dochum a stracaighthe. Amhuil
sin díbhse ar uair bhár mbáis: tabhraidh sibh suas don
diabhal d'fhuadóchas sibh go huaidh ghlonmhar ifrinn
leis. Ar an adhbhar sin, iompaighidh ar Dhia, ag
úmhlugha dhá ghrásaibh, ag cur suas do bhár ndroichbheartaibh
agus ag tréigean gach nídh do chuirfeach fearg
ná fuasaoid air.



CAIBIDIL 18



do thráchtann ar an adhbhar gcéadna.



An mhuintir dofuair cuire teacht dochum an fhéasta
úd an tsuibhsgéil agus nár mhiann leó a ghlaca, ag tabhairt
iomad leithsgéil uatha, Luc.xiv.18, aon díobh dá rádh
gur cheannaigh teach tuatha, fear eile gur cheannaigh
chúig padhaire bulán agus fá dheóig an treas fhear go
ndubhairt gur phós bean agus ar an adhbhar san ná raibh
ar gcumas do triall fá dhéin na cuire; do díbreag, do
sgriosag agus do ruaigeag go fuathmhar feargach fíochmhar
iad-súd uile agus an méid dobhí mainneacht leisgeamhuil,
i n-imchian ó halla na cóisreach, gan fagháil


L. 82


furthacht, cabhartha ná fóirighthin. Monuar! is sibhse
féin ar a gcurthar cuire teacht go fleadh na glóire síorruighe
nó go tairbhe naomhshacrameinnteadha na heaglaise, agus
éimighinn sibh naomhghuth an Tighearna atá a' síor-ghlaodhach
oraibh dochum teacht dá ghlaca. Caitheann
sibh bhúr n-aimsir a' cnuasach, ag bailiughadh 's ag
tiomarga mhaithis agus tsaidhbhris diombuain an tsaoghail
so mar thoiceacha sanntacha, ag cothughadh is ag biathadh
bhár gcéadfadha agus bhár n-antoile iomarcaig tré anndúil
ionngantaig ar nós na mbeathadhach n-allta, do bhúr
sásamh féin tré uabhar, phoimp agus andréim mar na
diabhail, agus fá-ríor! nídh is measa iná sin go mór, ag
dearmad na haithrighe gan suim ná éifeacht do chuir innte.
Béarfaidh an bás ionnbhúr gcodladh oraibh, agus i n-ionnad
bhúr rochtuin go flathas, halla bhainnse ghlóire shíorraidhe
an Uain trócairig, teileógfar go cnámh-dhíreach i measg
lasarthacha domhúchta uaigh ghlonnmhar ifrinn sibh gan
teasargan. Ó mo thruagh sibh! Tréigeadha an saoghal,
iompaighidh ar Dhia, séanaig an iomlán dochum bhúr
leighiste ó ghalar gháibhtheach na bpeacadha, gidh fionnas
agus gurab air go haonrecánta atá bhár sábháil go
bithbhuan.



Ó créad é 'liacht Críostaidhe dobhias arna mealla i
bponc dhéadhnach an bháis ag árab dóith leó linge asteach
go halla cóisreach na ndeaghfhoirtiúnach bhfíoraonda, agá
n-iadhfaighear dorus pharthais lena n-ucht, dá ndíbirt go
heasaontach fá dhoircheadas imchian na ndeamhan, mar an
mí-fhoirtiúnach úd an tsuibhisgeóil dobhí cómh dána sin
agus dul asteach gan chead gan cheileabhra go halla
cóisreach an rígh úd do-rin banais phósda dhá mhac, gan
culaith phósda ná róba bhainnise an mhic sin uime, agá
dtugag breith air, iar gceangal a chosa agus a lámha dhá


L. 83


chéile, a theilgean i ndiaigh a chinn i measg lasarthacha
domhúchta ifrinn i ndoircheadas fhoirmleach, i mball ná
cloisfiodhar aoinnídh acht golghártha agus díosgán fiacal:
Ibi erit fletus et stridor dentium, Luc.xiii.28. Budh
dheoghnaightheach leis an Athair Síorraidhe an róba
oirdheirc so .i. na grása, do thabhairt díbh ionnbhár mbaiste.
Do chailleabhair í tré bhúr bpeacadha. Ní glacfadhar go
flaitheas sibh gan í do bheith oraibh uair bhár mbáis.
Créad é an freagra do-bhéarfaidhe ar Chríost an tan
d'fhiafróghas díbh créad fá inna dtángamhuir ionna láthair
gan na grása agus maitheamhnas na bpeacadha, Math.xxii 12,
mar adubhairt cheana leis an mí-fhoirtiúnach úd
an tsuibhisgéil? “Créad fá ar leóghais teacht annso gan
culaith phósda nó an róba bhainise iomut?” Is libhse
laibheóra sé an uair sin i n-iomshláine a nirt agus a fheirge,
ag tabhairt milleáin oraibh san am gcéadna. “Créad fá
dtugabhar i dtarcuisne í, gan a gairm tar n-ais tré cheatha
tréanáidhbhseacha na haithrighe do cheapas díbh do
dhéanamh?” Monuar! biadh an oiread sin d'eagla,
d'anamhóin agus d'imshníomh oraibh trésan milleán so,
agus a níbhus mó ionná sin d'anshuairceas tréanbhúr
gcoinnsias dílios féin, ar mhodh ná biadh focal agaibh le
rádh ná meón ar bith réasúnta dochum bhúr leithsgéil
do ghabháil. Acht dá mhéid bhar gcathughadh agus bhar
mbuairt aigne, fuileóingfidhe do na diabhail bhúr bhfuadach
leó go doircheadas foirmleach ifrinn, ionnad atá ar an
dtaoibh amuith do thrócaire, mar a mbiadh gul agus
gramhascáil fhiacal, ar an adhbhar go dteileógfar na
damantaig ó theas do-iompchair na lasarthacha go fuacht
do-úngabhálta le fulang.



Ná meallaig sibh féin, a cháirde, ar an adhbhar sin, ag
rádh ná deárnabhair mórán peacadha. Is leór aon pheaca
amháin marbh do dhéanamh dochum toradh na ngrás, na
subháilceadha agus na ndeaghoibreacha do dhíbirt as an


L. 84


anam agus dochum a bheith in' adhbhar feirge agus
míchéata ag Dia muna sgriosa an díbhfeirg sin de tré
dhéaraibh atchúmhacha na haithrighe fíre roimh bhás
d'fhagháil do. An searbhóntaidhe úd an tsuibhsgéil ag
ná raibh ní ar bith do dhíolfach a fhiacha lena mháighistir
agus agár mhaith an máighistir céadna na fiacha i
n-iomláine dho, ag tabhairt cead bealaig dho triall cia
bé áit ionnar mhiann leis féin, acht do bhrígh nár thaisbeáin
seisean an charthanacht chéadna dá chóimhsheirbhíseach
féin, gan maitheamhnas do thabhairt dá chómharsain
amhuil agus mar do mhaith a mháighistir féin do-san an
nóiment roimhe sin, do chaill na grása dofuair, do budh
fhuathmhaire dho go mór a mháighistir 'na dhiaigh sin
ná roimhe. Do lámhaigheag go neamhatruadhach é, do
bualadh, do ceanladh, do cuibhrigheag agus do teilgeag
go príosún é, gomadh éigion do an fheóirling dhéadhnach
do dhíol go heasaontach sgannalach náireamhuil. Is
iomdha modh ar a maslaigheann sibhse Dia, dá bhár
ndéanamh féin milleánach do láthair a Fhíorchirt Diadha
tré mhórán peannaid shíorraidhe do-innisteana lena n-ádhbhseacht.
Leanaig comhairle Íosa Críost ár dTighearna.
“Mathaig agus mathfaig Dia díbhse”: Dimittite et dimittemini,
Luc.vi,37. Ná déinigh díoghaltas ionnsna
cuirtheacha do-rineadh oraibh, ionnsa drochúsáid dofuaramhar
ná ionnsna hadhmhilleadh do-rin daoine oraibh,
agus ní dhéanfa Dia díoghaltas oraibhse ionnsna tréanchorrthachaibh
do-rineamhair-se in' aghaidh más doilbhiosach
cathach libh é tré chroidhbhrúghadh agus tuirse
dá bhár nglaca fó fheirg do chuir air riamh trésan bpeacadh
do dhéanamh.



Ní leór dhúinn dochum gan tuitim fá ghéirsgiúrsadhaibh
bhreitheamhantais ár dTighearna gan peacadh do dhéanamh.
Ní foláir fós na deaghoibreacha d'órdaigheas aitheanta Dé
agus na heaglaise dhúinn fá oibliogáid do dhéanamh, agus


L. 85


ár n-aimsear, ár n-anam gona uile bhrígh, ár gcorp gona
chéadfadha, ár maoin tsaoghalta, ár n-éifeacht, ár dtuigsint,
ár gcómhachta, ár gcumas, ár ngrása agus ár dtréighthe
agus gach uile nídh dá bhfuil aguinn, fá phéin damanta, do
chaithiomh i seirbhís Dé na n-uile-chómhacht. Ní
dhearna an seiribhíseach neamhthairbhtheach díomhaoin úd
an tsuibhisgéil olc ar bith dá mháighistir. Níor sgaip a
shaidhbhrios, níor labhair go holc air is ní dhearna cúlchaint
ná murmur air. Acht níor chuir an talant nó an tsuim
airgid d'fhág aige dochum tairbhe, acht do chuir san talamh
é gan feóirling do bhaint as, go cruaidh gortach doghrachtach.
Agus is leis sin dotugag breith dhamanta air mar
chionntach, dá thabhairt suas do na ceasadúnacha do
bhrígh gomadh mhainneachtnach leisgeamhuil é dochum
tairbhe do tharang as na tiodhlaiceadha dothug a mháighistir
do, gur leis sin adubhradh leis, Math.xxv.30:
“Caithtear an seirbhíseach neamhthairbhtheach sin fán
ndoircheadas fhoirmleach”, Mittite eum in tenebras exteriores.
Ó créad d'éirgheós don mhuintir úd noch i n-ionnad a
maoin is a bpearsain do chaitheamh i seirbhís Dé, ag
úmhlughadh dho agus dá shásughadh, ag árab é a stuidéar
cinnte an uile shórt uilc agus feilebhearta do dhéanamh, ag
caitheamh a maoine, a gcuirp, a substainnt, a n-inntleacht
agus a dtuigsint i seirbhís an diabhail i n-aghaidh Dé uilechómachtaig,
ag tabhairt táir, tarcuisne agus mí-mhodh
agus mí-onóra dho tréna mallaightheacht chreachreilge,
dhia-aithis agus mhí-iompchair, an mhuintir, adeirim, do
mhaireann amhuil agus mar gur dóibh féin do cruthaigheadh
iad, ag rith i ndiaigh a gcinn ionna slightibh féin i
mórgraightheacht nó ag fóghnamh do Lucifer, athair na
mallacht is an aimhlis, tréna mbeatha mhí-fhoirtiúnaigh
uaibhrigh chlaoin chaim chailleamhnaig. Más don droing


L. 86


úd sibh, bíodh carthanacht agus truaidhmhéil agaibh dhíbh
féin, glacach critheagla agus uathbhás sibh, guilig go
faoidheach tré bhár bpeacadhaibh, guidhigí go dúthrachtach
dochum Dé ag déanamh na haithrighe fíre, ag iompóghadh
go prap tar n-ais ar a ghrásaibh.



Do chuireadar mar an gcéadna dubhealadhantóireadha
easarlaigheachta na hÉigipte i n-aghaidh Naoimhspioraide
Dé an tan budh mhiann leó samhuil mhíorbhuilleadha
Mhaoise, noch d'oibrig go fírinneach iad, do dhéanamh,
acht ós a chionn sin adubhradar, an tan ná ráinig leó
iomshlán na míorbhuilleadha dochoimsighthe sin Mhaoise
do chlaondhéanamh, d'admhuigheadar mórchómhachta
Dé, ag rádh: “Atá meór Dé annso”, Digitus Dei est hic,
Exod.viii.19. Agus ar a shon sin do sheasamhadar
agus d'fhanadar go cruadhmhuinéalach neamhurramach
mar Pharao, gan iompógha ar Dhia ná oghmós do thabhairt
do, nó gur cailleadh go tubuisteach agus gur bádhag go
mí-fhoirtiúnach iad mar aon le Pharao san Muir Ruaidh.
Atá aithne agaibhse ar Dhia do bhrígh go bhfuil an creidiomh
agaibh do nochtas díbh go bhfuil sé uile-chómhachtach,
mór-cheart agus ró-naomhtha agus ná fuilingean aon pheaca
gan díoghalt, mar do dhearbhaigheas an Ríghfháig Dáibhí
i n-aon do na Psalma: “Ó a Thighearna, mo Dhia féin,
ní féidir leis an bpeaca tiodhacht i ngaor dhuit”, Ps.xc.10.
Smachtaighean Dia sibh amhuil agus mar do-ghnídhean
athair maith lena chloinn, dochum go dtabhradh
fá ndeara oraibh fille tar n-ais agus bhár ndiútaé do
dhéanamh. Mothaighean sibh go léir truime agus ualach
a láimhe ionnbhúr mboichtineacht, agus 'na dhiaig sin
agus fanann sibh go laéthamhuil dá imdhearga iarna
mbeith dhíbh sanntach uaibhreach neamhdheabhóideach
mionnach mór salach tútach sprionnlaighthe drochsmuainteaghthach
drúiseamhuil. Monuar! nách eagal


L. 87


díbh bheith sgartha re'n uile shórt compóird agus méid
meanmuin? Nách baoghal díbh bheith caillte mar Pharao
i Muir Ruadh na mailíse gia fionnas agus gur leanamhuir
é ionna chruadhmhuinéaltacht gan aithrighe?



Má tá breitheamhantas maith nó tuigsint agaibh, muna
bhfuiltí gan chéill i n-éadóchas gan creideamh nó a ní
bhus neamhfhoghlamtha dothuigsionta ná na beithidhigh
allta, dobhiadh eagla oraibh roimh chómhachtaibh agus
roimh fhíorcheart nDé. Budh cheart gomadh mhór bhúr
gcathughadh fá fheirg do chuir air agus gomadh mhór bhúr
n-eagla fá bheith damannta agus dá bhúr ngread-phianna
i n-ifrionn. An dóith libh ná fuil ifrionn ann agus annsan
ifrionn sin piannta do-áirmhithe dochoimse agus diabhail
do phionósan na damantaig mar cheasadúnaig agus shearbhóntaighthe
Fhíorchirt Dé? Má chreidin sibh an
mhór-fhírinne so, créad é an fáth n-a bhfuiltí, amhuil agus
mar ná biadh aon chreidiomh agaibh, ag maireachtain i
gcraos agus i meisge, i n-uabhar is i n-ainmhiannaibh, i
mbréaga is i mallaightheacht, cómh maith agus ná biadh
Dia ann do-chífeadh bhúr bhfeilebheartaibh nó gomadh
Dia maide nó cloiche é ná féadfadh critheagla ar bith do
chuir oraibh ná peannaid do thabhairt díbh tré bhár
mí-oghmós dá reachtaibh?



Múisglidh as an múisiún domhúsgailte sin na bpeacadha
ionna bhfuiltí do chuireann sibh as an uile shórt réasúin,
do thoirmeasgan oraibh fírinne bhúr sláinte d'athaint ná do
thabhairt fá deara agus do threóraigheas sibh i gan fhios
díbh an tslighe dhíreach go hifrionn. Muna bhfuiltí
ceannasach tréan láidir asaibh féin ar iompóghadh tar
n-ais ar Dhia agus más riachtanas díbh cabhair, congnamh
agus neart d'fhagháil tréna ghrásaibh, triallaig fá dhéin
choinfeasóra nó athair faoisidine éigin atá foghlamtha
deighbheathach dearsgna diadha riaghalta cráibhtheach (dá
bhúr meas féin), faghaigí absolóid uaig, leanaig dá chómhairle


L. 88


agus umhlaighidh sibh féin dá theagasg, do bhrígh
go bhfuil an tsláinte san anam sin do stiúraigheas í féin
agus d'oibrighean tré chómhairle na naomh, Prov.xi.14.
Déinig-se mar an gcéadna agus ollmhuighidh sibh féin
dochum teacht asteach i ngrásaibh Chríost, ag iaraidh
párdúin air, ag maireachtain ionna dhligh 's ag coiméad
a aitheannta, agus 'na dhiaig sin ní heagal díbh gan párdún
d'fhagháil. Is fonnamhaire go mór é dochum maitheamhnais
do thabhairt díbh ná sibhse dochum triallta fána
dhéin dochum párdúin agus maitheamhnuis na bpeacadha
d'fhagháil uaidh.



Do mhóidig Dia nár mhaith leis bás an pheacaig.
“Do-chídhim mé féin”, ar sé, “móidighim ar mo bheatha
nách maith liom bás an pheacaig acht a chasa tar n-ais
dochum gomadh fhéidir liom annois beatha na ngrás do
thabhairt do, agus 'na dhiaig so, lá éigin, an ghlóire
shíorraidhe i bParthas”, Ezechiel xxxiii.11. Móidigheann
agus mionnaigheann Dia i bhfádhbhar na bpeacach
dochum a dtarangtha dochum na haithrighe. Ó créad
í mar charthanacht! Créad í mar thrócaire! Créad é
mar shiúráil do na peacachaibh go bhfuil maitheamhnas
i n-áirighthe aco má thigid leis na coinghíl riachtanach dá
iaraidh, gia fionnas agus go ngeallan Dia dhóibh é agus
fós go móidigheann leis! Ó créad é méid bhar mí-fhoirtiúin
muna gcreidthí an gheallamhuin so dothug Dia díbh agus
muna gcuirthí bhár ndóthchas san tsiúráil tug díbh
risan ndeimhin do-rin dá dhearbhadh! Dá bhrígh sin, a
dhearbhráithre, glacaig misneach, téigí ar bhár n-aghaidh
ionnsna deaghoibreacha, glacaig an chómhairle so, éistig lé
agus bainig bhar dtairbhe aiste.


L. 89


CAIBIDIL 19.



do thaisbeánann dúinn go ndéingean Dia úsáid do na créatúireadhaibh
is ró-lugha dochum díoghaltais do dhéanamh ar na peacachaibh.



Cuimhnighidh agus bíodh a fhios agaibh, i n-ainm Dé,
ná léigfig a Fhíorcheart Diadha aon nídh thairis gan
cuardughadh fríochnamhach agus amharc géar glinn díreach
do dhéanamh air, maille re pionós trom tréanáidhbhseach
guirtdheórach atairseach d'imirt ar lucht annlocht agus
feilebheart an domhain ionnsna corrthacha is mine agus
is ró-lugha dá ndéingid, gan féachuinn do neach dá mhéid
i gcéim, i ngradam, i réim, i gcoinghíol ná i n-éifeacht seach
a chéile, Rom.ii.11, acht do réir mar do thuillionn, go
dtabharfar breitheamhnas ar gach neach do réir a
ghníomhartha, Rom.ii.6, go n-iomprógha gach n-aon
an t-ualach do chnuasa sé ar feadh a bheatha, Gal.vi.5.
Mionsgrúdfadhar, uair an bháis, agus cuardóghfadhar ar an
bpeacach ionnsna huile neithibh, olc agus maith, mar atá
smuaintighthe, dúil, aigne, toil, labhartha, gníomhartha,
díomhaointios, fuilingthe, foidhne, cómhairle, sómpla agus
fá dheóigh ann gach uile shórt neidhthe budh chuibhe agus
budh cheart do do dhéanamh. Má faighthear aige an
úirísleacht is an aithrighe, grádh Dé agus na comharsan,
an creideamh láidir marthannach, an fhoidhne, an claonmharbhadh,
an úmhluidheacht agus gach tréighthe eile is
riachtanas dochum na bhflaitheas do rochtuin, é so adeirim
d'iompróghas an bheart so, glacfadhar é gan fuireach san
ghlóire shíorraidhe. Acht má bhíonn an annuaill 's a' phoimp
aige, an neamhdheabhóideacht, an tsainnt, an mhiosguis,
fuath na cómharsan, rún díoghaltais agus faltanais,
tarcuisne ar neighthibh neamhdha, aindréim, neamhghluine,
calcughadh san bpeaca maille re neamhaithrighe i n-am
an éaga, monuar! ag so an raon díreach go hifrionn
agus do threóraigheas lucht iompchair na bhfeilebheart


L. 90


so fá ualach do-iongabhálta na n-annlocht go huaidh
ghlonnmhar Lucifeir i n-aointígheas leis na diabhail. Agus
bíodh go ndearna neach mórán deaghoibreacha, tréighthe
agus deighghníomhartha, acht má dobhíd arna gcoimleasg
agus líonta do phoimp, do ghlóire dhíomhaoin, do ghrádh
propartha ag neach air féin agus do chlaontaibh iomdha eile,
muna sgriostar agus muna niamhghlantar iad tré thromdhéara
na haithrighe ar an saoghal so, ní foláir go ró-loisgfíor
agus go ruadh-dhóithfiodhar re druithlingthibh géarlasaracha
grod-ghreadaighthe géar-nímhneacha mhór-thíntreacha
Phurgadóra iad ar an saoghal eile .i. na currthacha do
réir bhar meas féin ná fuil anois acht beagthabhachtach re
faicsint acht monuar! san am úd dobhias trom toirteamhuil
do-iompchair. Amharcaidh féin agus breithnighidh go
maith annois gach salachar, morgraidheacht agus bréantas
dá bhfuil ionnbhár n-anamnacha. Diansgriosaig agus
cianruagaig asta an uile smáilc agus mórfhochall dá bhfuil
ionnta go dian dithionnsach díthcheallach, gan cailleamhuint
aimsire, do bhrígh ná fuil a fhios agaibh nách
anocht féin do thabhrach an bás síth amasach aingidhe
grodgháibhtheach oraibh, dá bhár bhfuadach leis do láthair
an bhreitheamhantais agus ón mbreitheamhantas go huaidh
ghlonnmhar ifrinn, gan teasargan, gan fagháil furtachta ná
fóirighthin.



Greadan agus pianann agus slatbhuaileann mór-fhearg
agus díoghaltas Dé na tréan-pheacacha leis na créatúireadha
is ró-lugha agus is neamh-éifeachtaoi san mbith dochum go
nglacfamís eagla agus anmhóin roimh na peacadha is ró-lugha
agus dochum go dtaisbeánfach dúinn gur ró-bhaoghal
na peacadha solaghthacha, dár dtaraing dochum ár n-aimhleasa
dochum gan leas ár n-anma do dhéanamh, do bhrígh
go bhfuilid go bithdhíreach i n-aghaidh Dé. Mar an
gcéadna atáid na créatúireadha is ró-lugha agus is tarcuisneamhla
ar bith marbhthach ró-bhaoghalach do na
peacachaibh an tan do shoigheadann, do bhrostaighean


L. 91


agus d'árdaigheann lámh neamheasbathach mhórthrócaireach
Dé 'na gcoinnimh iad. Do chreimidar, d'itheadar
agus do shloigeadar na corra-mhíola Antiochus, Rígh uaibhreach
annfhlaitheach na Baibiolóine. An prionnsa so,
adeirim, do chuir critheagla go huile ar an Asia agus do
bhagair cómh ceann-tréan sin ar phobal Dé, do thuit fá
fhóirneart na bhfeithidighe mbeag so ionnas agus gur
shracadar 'na mhionghreamannaibh as a chéile 'na dheighbheathaig
é gan a gcumas do é féin do theasargan orra.
Féachaidh agus breithnighidh féin go fírinneach annois
an féidir libh cuir i n-aghaidh mhórchómhachta Dé, gia
fionnas agus gur léir dhíbh nár neartmhar rígh oirdheirc
tréanchumasach ar bhuadhchant ar fheithideadhaibh beaga
neamh-éifeachtacha, agus fós amharcaig agus tugaig fá
deara an ceart eagla do beith roimh neithe neamhshuimeamhla,
go háirighthe an tan do bhainid re Dia, ii Machab.ix.5.



Do phiannadar agus do chéasadar cuileóga agus siotacháin
lucht áitribh na hÉigipte mar aon re Pharao iar
gcuir dóibh i n-aghaidh thoile Dé, an tan nár mhiann leó
sgaoile do Chloinn Israel as a' ndaorbhruid ionna rabhadar
ar a shon go ndeárna Maoise iomad míorbhuilleadha agus
iongantais iomdha, ar mhodh go dtugadar na hainmhighthe
so fá deara orra mórdhacht, cómhachta agus mór-cheart Dé
d'aithint agus iad féin d'úiríslioghadh agus do chúbadh
fána láimh neartmhair thréanchumasaig, Exod.viii.24.
Bíodh eagla Dé ionn gach aon chéim oruinn agus fós ionnsna
neithibh so budh dhóith linn do bheith beg-éifeachtach
neamhshuimeamhuil úirísiol gan tábhacht, do bhrígh gurab
é Dia do chruthaig iad agus go bhfoillsighid a mhaitheas
agus a mhórdhacht dúinn, go gcuirid mar an gcéadna
ionnár bhfiaghnaise an t-oghamós budh cheart dúinn do
bheith aguinn dár gCruthaightheóir, dá dhligh, dá reacht


L. 92


agus dá dheaghthoil, agus ós cionn an uile nídh gan a
fhearg do thuilliomh choidhche maille re peaca do
dhéanamh.



Dá mhéid muinghín Heroid i muintirdheas agus i
gcaomhnacht impireadha na Rómha, agus d'aimhdheóin a
uaille, a phoimpe agus a theannais ionna chuid stóir,
ionnmhais agus tsaidhbhris, ionna fhóirneart, ionna fhórsadhaibh,
ionna chumas, ionna chéill, ionna eagna agus
ionna thuigsint, agus ar a shon go raibh an lámh uachtarach
aige ar na Giúdaighthibh, gur bhain an ceann d'Eóin Baiste,
go ndearna maga, fochmhuid, agus fonamhuid fá Íosa
Críost ár dTighearna, agus gomadh mhiann leis go dtabharfaoi
fá ndeara gur dhia é do bhrígh an chómhrádh do-rin
i bhfiaghnuise an phobuil, do labhair cómh hoirdhirc sin
gur mholadar i gcomparáid le Dia é ar mhodh, i n-ionad
Dé do mholadh dá chionn, gurab i bpoimpeamhlacht go mór
do-chuaidh, do lámhaig Dia é dochum sásaimh do bhaint
de (nídh iongantach éagsamhuil!) i n-iomshláine a nirt agus
a fheirge, ní le fóirneart cogaig ná ruathair acht le sgao
cnuimh agus piastaidhe do geineadh agus d'fhás i gcorp
mhí-fhoirtiúnach an truadháin so do chreim, d'ith agus
do shrac as a chéile 'na dheighbheathaidh é, go bhfuair
bás obann anaba lán do bhuile agus d'éadóchas mar
dhamanntach. An té úd dobhí ó chianaimh i ngradam
mar Dhia, ag sin é annois dá straoille idir chnumhaibh mar
dobhiadh conoblach ar charnaoile. Ó créad é mar bhreitheamhantas
iongantach uathbhásach! Agus 'na dhiaigh
so agus uile créad d'éirgheós don mhuintir cheann-dána
thréanphuimpeamhuil so nách miann leó eagla do bheith
orra roimh Dhia, ní hé amháin ionnsna neighthibh mór-éifeachtacha
acht fós ionnsna neidhthibh neamhshuimeamhla,
gia fionnas agus go bhfuilid uile léirsgriosach tréan-díoghaltach
an tan is miann le Dia a soigheada, a
mbrostughadh agus a n-árdughadh ionnár n-aghaidh dochum
díoghaltais do dhéanamh oruinn ionna liacht uair agus do-rinneamair


L. 93


drochúsáid díobh in' aghaidh féin riamh ar
feadh ár mbeatha?



AN .20. CAIBIDIL.



Is éigean do Dhia na peacacha ceann-tréana anndána neamhaithrigheach
do ruaga, do léirsgrios, do dhíthcheanna agus do dhíbirt as an saoghal
mar aon leana bpeacadhaibh.



Do-rineadar Clann Israel murmur cómh mór sin i
n-aghaidh Dé ar an bhfásach, ar son do dtug dhóibh
oileamhuin neamhdha an Mhanna agus mórnuimhir iomdha
grása eile agus tíodhlaiceadha laétheamhla do léig chúghtha
as a láimh charthanaigh, Numer.xxi. Níor léigeadar dá
murmur no gur árdaig a mhór-fhearg dochoimsighthe
cómh mór sin gur fhear tréan-cheatha móráibhseacha
d'athracha nímhe tinteamhla teine orra do loit, do mhill
agus do shloig an chuid budh mhó dhíobh. Do-rineadar
feacht eile murmur i n-aghaidh Mhaoise, dá aithisiughadh
agus dá imdhearga cómh mór sin ar mhodh gur thuit caor
thinntighe as na flaithis orrtha do mhairbh agus do dhubhloisg
tuille agus cheithre mhíle dhéag dhíobh, Numer.xvi.
Féachaig cionnas do thairngeann ár bpeacadha tréan-díoghaltas
oruinn, ag brostughadh Fhíorchirt Dé dochum
na dteintreacha so do dhorta oruinn, dár dteilgeann ionna
mhór-fheirg i ndiaig ár gcinn go réimdhíreach go hifrionn.
An maith libhse a shamhuil sin do mhí-fhortiún agus do
thubuist do theangmháil díbh féin? Muna maith agus
go bhfuil eagla oruibh go dteangmhadh, tugaig aire dhíbh
féin go fáithghlic ciallmhar aireach, ag iompóghadh ar
Dhia agus dá bhár gcoiméad féin go buan-tseasamach i
ngrásaibh agus i nglóire Dé do shíor.



Ar mbeith do Rabsaces, connsaléir Shennacherib i
bhfoslongphort nó ag siege le hucht chathrach Ierusalem,


L. 94


do labhair do ghuith árd sholasghlan ag dia-aithisiughadh
ainme ró-naomhtha an Tighearna ionnas agus gomadh
éigion don Archaingeal Mícheál túirling ó neamh agus céad
agus cheithre fithchid míle dhá armáil mhórnuimhrigh do
mharbhadh, do léirsgrios agus do dhíthcheanna ar an
láithir i n-aonmhóiment, Isaias, xxxvii.36. Éirighthí
go ceann-tréan i n-aghaidh Dé tré bhúr bpeacadha agus
adaighthí teine agus fíoch a mhór-fheirge go laétheamhuil
ionnbhár n-aghaidh. Amharcaig agus machtnaighidh,
iar mbeith dhíbh i n-eascáirdeas Dé, a' bhfuil sé do neart
ionnaibh ionnbhár n-aoinfhear buadhchant ar mhórdhacht
agus ar mhórmhaithios chritheaglaidh an Athar Neamhdha.
Féachaidh créad é an modh arbh'fhéidir libh teighthe ó
chloidheamh aon aingil amháin aonrecánta, gidh fionnas
agus nár fhiad armáil mhór-éachtaig thréanchumasaig
Shennacherib ná fós a bhfuil san domhan treise do bhreith
air. Damnaighidh agus cionntaighidh ar an adhbhar sin
sibh féin, ag admháilt ná fuil ionaibh acht mí-fhoirtiúnaig
thiubuisteach nó bochtáin thruaidh nochtaighthe neamhchumasacha
i n-aonnídh, nó creidig agus bíodh a fhios
agaibh go bhfuiltí teilgthe go síorruighe.



I n-aimsir an fháig Daniel d'éirig stoirm iomarcach agus
gaoth anfath anfhoirlingtheach ar an bhfairge ionnas agus
go dtug fá deara ar cheathrar ainmheinte tréan-iomarcacha
móráidhbhseacha tréanláidre, lánchumasach ar an
ndomhan uile do chraostsloga, do dhiansgrios agus do charta
riompa, do theacht aiste. Is leór bhúr bpeacadha féin go
haonrecánta dochum cogaig, ruathair, gorta, léire, léirsgrios
agus pláig agus gach uile shórt uilc, tubuiste agus míghrinn
do theacht oraibh. Agus muna mbeadh ann acht sin do
budh fhoirtiúnach deaghuaireach an nídh dhíbh é. Acht
iarna aithint agus iar dtabhairt fá deara díbh gur thuilleamhuir


L. 95


san mbeatha neamhbhuan ghiorrshaoghalaig so
mór-fhearg agus fíoch Dé tré bhár mailís, bhár n-anndánacht
agus bhár ndroichiompchar féin, go dtuitfidhe, uair
chritheaglach an bháis, i measg mhórnuimhir neamhchoimsighthe
na ndiabhal gan fuireach do thóg agus do
bhrostaig gaoth agus anfath na hanuaille, na poimpe agus
na neamhurrama aníos as fíor-íochtar ifrinn dá bhúr
bhfuadach. Dobudh fhéidir go mo dhóith libh gur
bhréagráidhtibh nó fabhall-sgéil filigheachta iad-so. Má is
dóith, ní bhfuil creidiomh agaibh, ar an adhbhar sin, eagla
roimh Dhia, géille, oghomós ná umhlaigheacht don Eagluis.
Mo thruaidh! is lughadh ionná sin dobhias agaibh dhe
uair an bháis acht muna deóghnaightheach le Dia grása
spesialta do thabhairt díbh san bpónc sin, gur baoghlach
go bhfaghaidh sibh bás mar Thurcach, mar phágánach nó
mar dhíthchreidiomhach. Guidhigí dochum Dé fá bhár
bhfile tar n-ais agus sin go luaith, do bhrígh go n-abair
Ioel go bhfuil lá doirchidis agus gruamachta, lá sgamail
agus ceófráin an Tighearna ag teacht: Dies tenebrarum et
caliginis, dies nubis et turbinis venit, Ioelii.2. Amharcaig
agus féachaig an Breithiomh. Ag sin é ag an ndorus
dochum breith dhamannta do thabhairt oraibh, Iac:v.9.



An té úd do ghrádhan an dainséar, an té úd do thuiteann
ann go toileamhuil agus ná tréigeann é agus é ar gcumas
do, cailltear go deimhin ionnsa gconntabhairt é,
amhuil agus mar do chuireann an Sgriptiúir Diadha i
n-uimhil dúinn é: Qui amat periculum, peribit in eo, Eccli.iii.27.
Do chuir Lucifer agus a shluagh ifrionnda riómpa
neamhshuim do chuir i nDia, in' onóir, 'na ghlóire is 'na
thréanchumas. Ó créad é mar dhainnséar! Atá mar an
gcéadna an mí-fhortún agus an drochuair ionnar thuiteadar
doichríochnaighthe agus biadh amhla go síorraidhe. Agus
éirgheóidh an nídh céadna don mhuintir do leanas iad agus


L. 96


fós a níbhus measa, do bhrígh ná géillid do bhréithribh
Mhic Dé an Athar Síorraidhe agus ná leanaid sómpla na
húmlaidheachta d'fhág aguinn acht go ngéillid do shoigheadaibh
ilchleasacha an áidhbhirseóra agus go leanaid é in'
uabhar, 'na phoimp agus ionna neamhurruim, ar a shon go
bhfuil a fhios aco go ró-mhaith gur damannta an nídh
dhóibh é, agus muna ndéingid leóirghníomh agus aithrighe
ann, gur géar-nímhneach tromagarthach greadbhuailteach
do-bhéarfaidh díol agus sásamh ann.



Ní raibh náire ná faitchíos ar Absolon a thuigsint ná
a chuir i n-úimhil do féin gomadh fheárr é féin go mór
dochum riaghlaighthe agus stiúraighthe ar an ríoghacht ná
a athair Dáibhí. Agus ar an adhbhar sin do leómhaig,
do thairig agus do chuir roimhe an choróinn ríghtheamhuil
agus a anam mar aon lé do bhain de. Do bhrostaig, do
chorraig agus do spriocnaig an cómh-thionól coitchean nó
an pobal in' aghaidh. Do throid 'na choinnimh agus tug
cath fuileach feargach fealltach fíochmhar drochaigeanntach
do agus dá thréanthrúpaibh mar aon leis. Do chaomhnaig
agus do chosain Dia an t-athair, do crochadh an mac as
ghéig chrainn lena ghruaig féin agus do gabhadh do chraoiseachaibh
crainnreamhra bláithshliupa agus do shleaghaibh
rinn-ghéara briochtfhaobhracha tréna chorp, agus do
adhlacag fá charn cloch é mar chuirpeóir mhallaighthe
do mharbheódhach a athair, I Reg. xviii.14: In omnibus
quoque viis suis Dauid prudenter agebat, et Dominus erat
cum eo: “d'iompchair Dáibhí é féin go glic ionna shlightibh
uile agus dobhí an Tighearna maille ris.”



An drong do chuirionn buairt agus fearg ar Dhia go
toileamhuil agus thugan iad féin go meardhánta aimhghlic
do dhainséar dochum mórchurrthacha agus peacadha do
dhéanamh, ní bhfaghaid 'na dháil do shíor acht buairt,
cathughadh, osnaghal agus trioblóid do láthair Dé, na
n-aingeal agus an domhain uile. An tan dobhiadh neach


L. 97


cómh beagnáireach sin agus go raobfadh tré dhlighe agus
tré aitheantaibh Dé le hiomarca díthchoisge agus sgannalach
phuiblighe, gan suim ná eagla roimh Dhia, is éigion do
Dhia ar son a onóra is a ghlóire léirsgrios, pionós agus
díthcheanna d'imirt air, mar do-rin leis na Sodomítig do
pheacaigh cómh gráineamhuil cómh mallaighthe sin agus
gomadh mhéinn leó do thabhairt fá deara ar a' bpátriarc
Loth an dias ógánach dobhí in' fhochair i bpearsain aingeal
do thabhairt dhóibh dochum a mallaightheacht agus a
míghníomh d'imirt orra, Gen.xix.5: Vocaveruntque Lot
et dixerunt ei: Ubi sunt viri qui introierunt ad te nocte?
educ illos huc ut cognoscamus eos: “Agus do ghoireadar ar
Loth agus adubhradar ris: Cá háit ionna bhfuilid na daoine
dotháinig chúghad anocht? tabhair amach chúghainn
iad dochum go ndéangam toil ár meanmuin reó.” Do
chaomhnadar agus do chosnadar na haingil so Loth. Do
bhuaileadar le duille na Sodomítig uile, agus arna mháireach
do theilgeadar iad i ndiaigh mhullaigh a gcinn go hifrionn
tré thréan-cheathaibh raibhe agus brimstóin ar feadh na
síorruigheachta. Dixerunt autem ad Lot: Habes hic quem
piam tuorum? generum aut filios aut filias omnes, qui tui
sunt educ de urbe hac, Gen xix.12. Delebimus enim
locum istum, eo quod increverit clamor eorum coram Domino,
qui misit nos ut perdamus illos, ib.13. Igitur Dominus
pluit super Sodomam et Gomorrham sulphur et ignem a
Domino de coelo, ib.24. “Agus adubhradar na fir le Loth:
An bhfuil agad annso aonneach eile, do chliabhain, do
chlann mhac agus t'inghionacha go huile, gibé ar bith atá
agad annsa chathair, tabhair iad amach as an áit seo.
Sgriosfam-na an áit seo do chionn gur fhás a ngártha go
mór i láthair an Tighearna, agus do chuir an Tighearna
sinne dá léirsgrios. Annsin d'fhear Dia ar Shodom agus
ar Ghomorrtha raibh, brimstón agus teine ón dTighearna
amach as flaitheamhnas.”



Iar mbeith do Bhaltasar, Rígh annfhlaitheach na
hAssyria, i gcúngrach mhór maille re foslongphort nó siege


L. 98


do bheith ag armáil mhórthrúpaig Dharius Rígh na Media
ris, i n-ionnad Dé do ghuidhe dochum fuasgailt, cabhartha
agus conganta do thabhart do ionnsa ngábha ionna raibh,
do thuit i mallaightheacht agus i mí-mhodh a níbhus mó
go mór 'na dhiaigh sin ionná roimhe, ionnas agus gur órdaig
na soithighe beannaighthe do robálag agus do hairgeag
as teampoll Sholomoin do thabhairt dochum cláir chuige i
measg a ghéillightheóireadha, a phrionnsadha agus a
striapacha nó banntracht ban gcoitcheann dochum go
n-ólfadís fíon asta. Do-rinn sé an mhallaightheacht nó an
chuiripeóireacht mhí-riaghalta so gan eagla, náire ná sgrupull
san mbith ar mhodh san oidhche gcéadna gur agair Dia
air é, dá leaga, dá thraocha, dá léirsgrios agus dá dhíthchur,
gan impireacht, gan ríoghacht, gan flaitheas, gan tighearnas
ag a namhaid dá thuarghabháil ionnas agus gur cuireadh
dochum báis é féin agus gach n-aon dá raibh ionna thímpchioll.
Eadem nocte interfectus est Baltassar Rex Chaldaeus,
Dan.v.30: “An oidhche chéadna sin féin do marbhadh
Baltasar, Rígh na Caldea.” Et Darius Medus successit in
regnum annos natus sexaginta duos, ib.31: “Agus do
ghlac Darius an Mediánach an ríoghacht ar mbeith dho
trí fithchid agus dá bhliadhain d'aois.”



Ná meallaig sibh féin agus ná tuigig go maithfe Dia na
mór-pheacadha agus na tréanchurrthacha do-ghnídhthear
in' aghaidh gan fadaithrighe thréanláidir mhórchumasach
úirísiol chroidhbhrúghach dheóirshilteach bhochtchúmhach
fhliuchshúileach osnamhuil do dhéanamh ionnta.



Dobhí Ieroboam cómh neamhthuigsionach cómh díthcéillighe
agus cómh neamhaireach sin air féin agus gur
iompaigh a chúl le Dia agus gur threóraig 'na dhiaig an
pobal dochum íodhaladharthachta, ag tabhairt fá deara


L. 99


ortha sléachtain don laogh órdha d'órdaigh do cheapa.
Et excogitato concilio fecit duos vitulos aureos et dixit eis:
Nolite ultra ascendere in Ierusalem: Ecce dii tui Israel qui
te eduxerunt de terra Aegypti. Posuitque unum in Bethel
et alterum in Dan,iii Reg.xii.28-29: “Do-rin an rígh
cómhairle air sin agus do-rin sé dhá laogh óir, agus adubhairt
sé riú: Ná téigí a níbhus mó suas go Ierusalem, féachaidh
bhúr ndéithe, a Israel, dothug sibh amach as críoch na
hÉigipte. Agus do chuir sé aon díobh go Bethel agus do
chuir sé an laogh eile go Dan.” Níor fhíll tar n-ais ar
Dhia ar a shon do dtug rabha dho tré bhéal an fháidh
Ahias, ar mhodh fá dheóidh gur thuit mór-fhearg Dé
ionna chochall agus léirsgrios an Fhíorchirt Diadha ionnas
agus nár fágbhag bean ná clann ná fear innisint sgéil, oidhre
ná lorg ná mac a' gabháil ríoghachta ar a shliocht gan
trasgairt agus díthcheanna trésan bhfeilebheart sin.
Idcirco ecce ego inducam mala super domum Ieroboam et
percutiam de Ieroboam mingentem ad parietem et clausum et
novissimum in Israel; et mundabo reliquias domus Ieroboam,
sicut mundari solet fimus usque ad purum, iii Reg.xiv.10:
“Ar an adhbhar sin féach, do-bhéarfa misi olc ar thig
Ieroboam agus géarfa mé amach ó Ieroboam an té mhúnas
i n-aghaidh an bhalla agus an té do cuireadh fá iadhadh
agus do fágbhadh i n-Israel; agus do-bhéarfa mé liom
fuighioll tigh Ieroboam mar bheirios duine aoileach leis
go grinnioll nó go n-imthigh sé uile.”



Do treasgaradh mar an gcéadna agus do traochadh na
Madianítig, na hAmmanítig agus na Moabítig, iar dteacht
dóibh go neamhchuranta éigciallaidhe i bhfoslongphort le
Ierusalem agus le mórmhaoidheamh tréanbhagarthach ar
an rígh naomhtha Iosaphat maille re hiomad easarabhuis
agus dé-aithis i n-aghaidh Dé, ar mhodh gur dhiansgriosadar
agus gur mharbhadar féin a chéile gan aon neach do léigion
ón gcath iona mbeathaidh dhíobh. Namque filii Ammon


L. 100


et Moab consurrexerunt adversum habitatores Montis Seir ut
interficerent et delerent eos: cumque hoc opere perpetrassent
etiam in semetipsos versi mutuis concidere vulneribus,
ii Paralip.xx.23: “Óir do sheasaighdear clann Amon
agus Mhoab suas i n-aghaidh lucht áitribh Shléibhe Seir,
dá marbha agus dá léirsgrios, agus an tan do chríochnaighdear
an obair sin, tug gach aon aco féin díthchioll ar a chéile
do mharbhadh.” An té ghráidhios an dainséar agus an
pheiriacuil, cailleann innte a thairbhthe, a mhaithios, a
mhaoin tsaoghalta agus a anam ar feadh na síorruigheachta.



Bíodh aire mhaith agaibh oraibh féin agus ná bígí cómh
ceann-tréan sin agus gomadh dhóith libh gur tuigsionaighe
sibh ionná na damantaig dobhí reómhaibh ar an saoghal
so dobhí eagnuidhe fáithghlic do réir a dtuigsiona féin
agus do cailleadh annsa gcéadfadh sin. Monuar! Budh
mhór na hamadáin agus na ríoghóinmhideadha iad dobhí
comh neamhthuigsionach sin gan an aithrighe do dhéanamh
seoch iad do bheith ós cómhair thinnteacha na feirge
diadha dá ngread-phiana i n-ifrionn go síorraidhe.



AN .21. CAIBIDIL



do chuireas síos dúinn go bhfaghaid na peacaig chruadhmhuinéalach
neamhaithrigheach bás lán do mhallachtaibh agus d'fheilebheartaibh a
mbeatha.



An tan do chuireas neach droichshíol iona fhearann, ní
ceart do lá an fhóghmhair súil do bheith aige deaghthora
do theacht as, muna dtairge as a phréachaibh é i n-am
agus deighshíol do chur in' ionnad. Quae enim seminaverit
homo haec et metet. Quoniam qui seminat in carne sua, de
carne et metet corruptionem. Qui autem seminat in spiritu


L. 101


de spiritu metet vitam aeternam, Galat.vi.8: “Ar an
adhbhar an síol do chuireas neach, bainfidh an síol céadna
etc.” Is í ár mbeatha ar an saoghal aimsir na síolchora,
agus am an bháis aimsir an fhóghmhair. Is iad do uile
ghníomhartha, do uile smaointe, do uile labhartha agus do
uile iarachtaoi an síol do theilgean tú i n-ithir t'anma, síol,
adeirim, d'fhásan go buacach agus do ghluaisean go tairbhtheach
nó go neamhthairbhtheach ar feadh do raé ar an
saoghal so. Má mharthaoi mar dheighChríostaighthe i
n-eagla Dé agus a bhreitheamhantais, i n-úmhlacht d'aitheanntaibh
Dé agus na heaglaise, i n-úirísleacht, i gcarthannacht,
i millseacht, i socaracht, i suairceas agus i bhfoidhne,
ag so, a cháirde, síolta na ngrás agus na beannaightheachta.
Ó créad feabhas an fhóghmhair do-dhéanfa sibhsi, uair an
bháis! Acht muna gcuirfe sibhsi mar shíol acht peacadha,
feilebhearta agus annlochta, acht má shiubhlann sibh i ród
lánfhairsing na glóire díomhaoine, an ghrádh propartha,
an mhóiriomarcaidh meas oraibh féin, ag céimniughadh i
mbealach lánfhairsing neamhchumhang na haindréime is a
n-ionshamhuil eile sin do thréanlochtaibh, nách eagal díbh
ná bainfidh sibh lá an fhóghmhair .i. uair an bháis, acht
mór-fhearg Dé, sgiúrsadha briochtfhaobhracha a Fhíorchirt
agus an uile shórt mallachtadha agus coinneallbháthadh,
acht muna dtarngthaoi i n-am as a bpréamhchaibh iad,
muna léirsgriostaoi agus muna ndíbiorthaoi bhúr bpeacadha
i n-imchian uaibh tré dheóraibh géar-nímhneacha na
fíoraithrighe, agus muna leantaoi do shíorthaithighe na
ndeighthréighthe.



Do shíolchuir Lucifer fuath, miosguis agus mí-modh i
measg na spriodagha neamhdha .i. na haingil. Ní bhainfidh
mar fhóghmhar ar feadh na síorruigheachta acht buairt,
trioblóid agus sgaramhuin le Dia d'éis a theilgthe i ndiaidh
a smúrla go hifrionn i measg chogadh, ruathair agus
coinbhliochta go síorraidhe, lán do thubuist agus d'éadóchas.
Do shíolchuir mar an gcéadna agus do sgaip Adonibezec


L. 102


míothrócuireacht, neamhthruaidhmhéileacht, míonádúrthacht,
fíochmhaireacht, coímhtheacht agus neamhdhuineanntacht
i measg gach n-aon dár ghaibh treise ortha, ag
gearradh troightheacha a gcos agus crobhanna a lámh do
mhórán righthe dobhí aige mar sglábhaghthaibh, dá
mbeathughadh mar ghaidhir leis an mbriosgar do thuiteach
dá chlár iona phroinnteach. Do-rineadh an díoghaltas
céadna air féin, do bhrígh, iar mbuadhchant air, do
ghabhadar Clann Israel é agus do ghearadar órdóga a
chos agus a lámh mar an gcéadna de, agus ní thugadar
mar phroinn do len'ithe acht an brusgar do thuiteach dá
gclár. Fugit autem Adonibezec quem persecuti comprehenderunt
caesis summitatibus manum ejus ac pedum, Iudic.i.6:
“Acht do theith Adonibezec, do leanadar é agus do
rugadar air, agus do ghearadar órdóga a lámh agus a chos
de.” d'admhaigh gurab é ceartbhreitheamhantas Dé é
agus gur thuill sé an díoghaltas daordhálach critheaglach
uathbhásach sin. Dixitque Adonibezec: Septuaginta reges
amputatis manum ac pedum summitatibus colligebant sub
mensa mea ciborum reliquias: feci ita reddidit mihi Deus.
Adduxeruntque eum in Ierusalem et ibi mortuus est, ib.7:
“Agus adubhairt Adonibezec: Deith rígh agus trí fithchid
dár bhaineas órdóga a lámha agus a gcos díobh, do chruinnioghdar
an brúsgar faoi mo bhórd sa: mar do-rinn misi,
is mar sin tug Dia díoghaltas orm. Agus tugadar leó go
Ierusalem é agus dofuair bás ann.” Acht budh ró-dhéaghnach
an admháil do-rinn agus budh chóimhéigneach
ar an adhbhar nárbh fhiú brobh dho í acht dochum
milleáin mhóir do chur 'na cheann agus neamhthruadh
agus truaighmhéileacht budh lugha go mór d'fhagháil
mar luadhacht saothair.



Tómhaisig Dia chúghaibhsi an tómhas céadna do-bhéarfa
sibhse dá bhár gcomharsain, agus tabhraidh dhíbh


L. 103


a' neamhdhuineantacht chéadna dothugamhair-se do
Íosa Críost ár dTighearna, dá chur dochum báis an athuair
ionnbhár gcroidhtheachaibh tré ainiomarca bhár bpeacadha.
Aithneóigh sibh Fíorcheart Dé, uair an bháis, iar mbeith
díbh damannta. Acht ná fanaidh cómh fada sin do bhrígh
nách tairbheach díbh bhúr n-aithint an tan sin. Bíodh
aithne agaibh anois ar Fhírcheart Dé, agus má chuireamhair
fraoch ná fearg uirthe riamh, dianfháisgidh lé bhúr gcroidhtheacha
annois an aithrighe, an croidhbhrúghadh, na
deaghoibreacha agus an claonmharbhadh dochum a
sásaighthe.



Do líon Athalia, bainríoghain chathrach Ierusalem, a
cúirt agus a mórbhaile d'fheall, do mhurdar, do dhunmharbhadh
agus do thnáith, ag cur a cloinne féin dochum
báis, dochum na coróinneach do ghlaca uirthe féin go
haonreacánta d'éis bháis a fir. Athalia vero mater Ochoziae
videns mortuum filium suum, surrexit et interfecit omne semen
regium, iv Reg.xi.1: “Agus an tan do-chonnairc Athalia,
máthair Ochozia, go raibh a mac marbh, d'éirighe sí agus
do mhairbh sí an síol ríogdha uile.” Do bhain sí annsa
bhfoghmhar budh neasa dhi an síol do chuir sí annsan
earach do-chuaidh tháirste, ar an adhbhar gomadh
dheóghnaightheach le Dia aon do chloinn an rígh .i. Ioas,
do dhul ón ár tré éalóghadh, iar mbeith dho i bhfolach
agus dá oileamhuin go seicréideach go dtáinig i gcaindigheacht
fhir agus gur ríogadh é agus gur chuir Athalia .i. a
mháthair, dochum an bháis chéadna dár chuir sisi a clann
féin roimhe sin chuige, ag tabhairt órdaighthe dá shoighdiúireadha
stéig bhrághad do ghabháil aice agus a treasgairt
gan atruagh. Tulitque centuriones et Cerethi et
Phelethi legiones, et omnem populum terrae; deduxeruntque
regem de domo domini; et venerunt per viam portae scrutariorum
in palatium, et sedit super thronam regum. Laetatusque
est omnis populus terrae, et civitas conquievit: Athalia autem
occisa est gladio in domo regis, ib.19-20: “Agus tug leis
uachtaráin na gcéad .i. fir chómhlainn céad, agus soigheadóireadha


L. 104


na gcaptaoineadha .i. Cerethi agus Pheleti, agus an
ghárda agus daoine na tíre go huile agus tugadar anuas
an rígh ó thig an tighearna agus táinig sé i slighe gheata
na gárda go tig an rígh, agus do shuig sé i gcathaoir an
rígh. Agus budh luathgháireach daoine na tíre go huile
agus dobhí an chathair suaibhneach; agus do marbhadh
Athalia le cloidheamh i dteach an rígh.”



Tarcuisnighean sibhsi go mór agus tugthaoi míomhodh
do bhúr gcómhachtaibh agus do bhár n-úghdarás saoghalta,
ag luighe go trom ar na bochtaibh, ag déanamh míle
mícheart agus éagcóra orra dochum bhúr bpoimpe agus
bhúr n-anndréim féin go haoinreacánta do shásughadh.
Teangmhóidh oraibh, uair an bháis, na mí-fhoirtiúin
chéadna dá rabhair tuctha dhóibh ar feadh bhúr mbeatha
muna ndiansgriostaoi uaibh iad ar dtúis tré dheóraibh
tréanchathacha na fíoraithrighe.



Bo mhór tráth éad agus iomthnúth prionnsadha na
Baibiolóine leis an fháidh Dómhnall an tan do thóg an
rígh dochum gradaim agus dignide é. Do chumadar
agus do chuireadar míle mísgéal agus bréag air dochum a
chaillte, ionnas agus go dtugadar fá deara ar an rígh
órdughadh do thabhairt uaidh an fháidh oirdheirc do
theilgean i n-uaidh nó i bpruathais na leómhan dochum a
chraostsloigthe nó a shracadh as a chéile, agus mar sin gur
chuireadar go sonnradhach síol an mhíchirt, na cruadhála,
na miosguise, an rúin díoghaltais agus mórán eile d'fheilebheartaibh,
do mhí-thrócaire agus do pheacadhaibh iomdha.
Nunc itaque, rex, confirma sententiam et scribe decretum;
ut non immutetur quod statutum est a Medis et Persis, nec
praevaricari cuiquam liceat, Dan. vi. 8; Tunc rex praecepit;
et adduxerunt Danielem, et miserunt eum in lacum leonum,
ib.16: “Annois, a rígh, daingnidh an t-órdughadh agus
cuir séala ar an sgríbhinn ionnas nách athruighthear é do
réir dhlighe na Medianach agus na bPeirsianach nách
athruigheann. Annsin d'órdaigh an rígh agus tugadar


L. 105


Domhnall leó agus do theilgeadar i n-uaimh na leómhan
é.” d'úmhlaigh an fháidh Dómhnall d'órdughadh an rígh
go húirísiol foidhneach, lán do mhuinghín agus do dhóthchas
i nDia, go húrnaightheach fíorchráibhtheach. Do shíolchuir
sé oibreacha an Tighearna an feadh dobhí a namhaid
ag cuir síolta na diablaigheachta. Do fhreagair an
fóghmhar don tsíolchur ar an adhbhar gur caomhnadh,
gur díonadh agus gur fuaisgleadh ar Dhómhnall go caithréimeach
glórmhar, ar mhodh, an drong do-rin casaoid air,
go dtug an rígh fá deara iad féin do chaithiomh san uaimh
chéadna dochum na leómhan dá gcreime, go n-iomad
iachtach, osnadhal agus dobróin fána gcur dochum báis
cómh fóiréigneach fóirneartmhar sin. Iubente autem rege,
adducti sunt viri illi qui accusaverant Danielem; et in lacum
leonum missi sunt, ipsi et filii et uxores eorum; et non
pervenerunt usque ad pavimentum laci donec arriperent eos
leones, et omnia ossa eorum comminuerunt, ib.24: “Agus
ar órdughadh an rígh dotugadh an mhuinntir sin do-rin
casaoid ar Dhomhnall agus do teilgeadh i n-uaimh na
leómhan iad féin, a mná is a gclann: agus do chómhbhriseadar
na leómhain a gcnámha sul do rángadar go
híochtar na huamha.”



An tan budh mhiann le Menelaus aradhnacha stiúraighthe
agus riaraighthe chathrach Ierusalem do ghabháil go hannfhlaitheach
air féin, do phlanndaigh, do shíolchuir agus
do sgaip aimhréighteacht, buairt agus achrann i measg na
gcatharánach. Commiscuit autem se illis et Menelaus; et
cum multa fallacia deprecabatur Antiochum, non pro patriae
salute, sed sperans se constitui in principatum,
ii Machab.xiii.3: “Agus mar an gcéadna táinig fós Menelaus ar
aon taoibh leis; agus do ghuidh go claon mailíseach chum
Antiochus, ní dochum sábhálta ná maithis na críche acht
do shúil go bhfadhadh féin a bheith in' árduachtarán innte.”
Créad dofuair mar luaidheacht saothair acht bás sganalach
mímheasda? Sed Rex regum suscitavit animos Antiochi in
peccatorem; et suggerente Lysia hunc esse causam omnium
malorum, iussit (ut eis est consuetudo) apprehensum in eodem


L. 106


loco necari, ib.4: “Acht do ghríoslaidh Rígh na righthe
anam agus croidhe Antiochus i n-aghaidh an pheacaigh;
agus ar suighiomh agus ar n-innsint do Lysias gurbh é so
budh chúis agus do budh adhbhar don uile olc dá dtarla
dhóibh, d'órdaigh (mar budh dhleacht) breith air agus a
chur dochum báis ar an láthair gcéadna.”



Bíodh an tsíorruigheacht annbhúr gcuimhne agaibh agus
ná cuiridh aon tsíol ar feadh bhúr mbeatha acht mar is
miann libh tairbhe do bhaint as, lá an fhóghmhair. Ná
déinigí ar feadh bhúr raé ar an saoghal so nídh ar bith
conntrárdha don luaidheacht saothair is miann libh d'fhagháil
ó Dhia i n-aimsir an éaga. Agus má dobhádhmhuir
go so lán do olc agus d'fheilebheartaibh, a' treabha, a'
cur is ag fuirsi an droichshíl, sracaidh, léirsgriosaig, díbrig
agus loisgig an iomshlán de le croidhbhrúghadh agus le
tuirsi fá fheirg do chur ar Dhia, ag iompóghadh go prap tar
ais gan stad trésan bhfíoraithrighe.



AN .22. CAIBIDIL



Na taomanna éigciallaidhe neamhmaitheacha agus an iachtach agus
an t-anfadh uathbhásach ionna mbíon an peacach cruadhmhuinéalach
neamhaithrigheach uair an bháis.



Budh mhaith agus d'iar Balaam, an fháidh fhallsa, bás
na naomh agus na bhfíoraon d'fhagháil, amhuil agus mar
do dheimhnigh féin an tan adubhairt: Moriatur anima
mea morte justorum et fiant novissima mea horum similia,
Num.xxiii 10: “Go bhfaghadh m'anam-sa bás na
bhfíoraon agus go raibh mo chríoch dhéadhnach cosmhuil
reó” .i. i suaibhnios, i síothcháin agus i socamhlacht.
Acht do bhrígh go raibh sé go holc agus go dtug drochómhairleacha
uaidh, ag tabhairt fá deara ar rígh Moab mná


L. 107


do chur d'ionnsuighe Chloinne Israel dochum peacughadh
leó ionnas agus go dtréigfidís slighte Dé tré bhrise a aitheannta,
dofuair bás na bhfeileghníomharthacha agus na
bpeacach mallaighthe .i. bás obann anabaidh gan aithrighe,
ar an adhbhar gur chreachadar, gur thraochadar agus gur
léirsgriosadar, agus gur mharbhadar Clann Israel é mar aon
leis na Moabítig. Et reges eorum, Evi et Recem et Sur et
Hur et Rebe, quinque principes gentis, Balaam quoque filium
Beor interfecerunt gladio, Num.xxxi.8: “Agus a righthe,
Evi agus Recem agus Sur agus Hur agus Rebe, chúig Mhadian
.i. na gcineadhach: Balaam mar an gcéadna mac Bheor,
do mharbhadar le cloidheamh é.” Et omnes urbes campestres,
universaque regna Sehon, regis Amorrhaei, qui regnavit in
Hesebon, quem percussit Moyses cum principibus Madian:
Hevaeum et Recem et Sur et Hur et Rebe duces Sehon habitatores
terrae. Et Balaam filium Beor ariolum occiderunt
filii Israel gladio cum caeteris interfectis, Ios.xiii.21-22:
“Agus cathracha na críche go huile, agus ríoghacht Sehon,
rígh na n-Amairíteach go hiomlán noch do ríoghaidh i
n-Hesebon, noch do bhuail Maoise maille ré prionnsadha
Mhadian Evi agus Recem agus Sur agus Hur agus Rebe,
diúiceadha Sehon d'áitreabhadh annsa tír. Balaam fós mac
Bheóir, an fear fáistine, noch do mharbhadar Clann Israel
leis an gcloidheamh i measg an mhéid do treasgaradh
leó.”



Bíonn bás na bpeacach neamhaithrigheach do ghnáth
anfhóirlinneach cóimhéigneach, agus is é sin pionós agus
díol an éigin do-ghníd i n-aghaidh Dé ag tarcaisniughadh a
aitheannta, i n-aghaidh na cómharsan ag déanamh na
n-éigceart míle uair 'na gcoinnimh agus 'na n-aghaidh féin
ag tabhairt cead ratha dá gcoinnsias, gan féachuin dá
gcogús acht ag peacughadh do shíor gan toirmiosg. Ionntaígí
oraibh féin agus féachaidh créad í an staid iona
bhfuilin sibh, ar an adhbhar má ndéin sibh aithris ar


L. 108


na feilebheartaibh ar feadh bhúr mbeatha, lán do bhúr
gclaonta fóiréigneacha míriaghalta creidig agus bíodh a
fhios agaibh go leanfaidh sibh iad i bhfóirneart agus i
n-anfhóirlingtheacht a mbáis muna bhfille sibh ar Dhia,
párdún d'iaraidh air agus an aighrighe do dhéanamh i
n-am.



Atá bás na bpeacach neamhaithrigheacha gcruadhmhuinéalacha
bhfadadhraoineacha iona bpeacadhaibh do
shíor fóiréigneach ar gcoinnleacht d'iríre, do mhíghreann
agus do mhallachtaibh, do bhrígh go bhfaghaid uile bás
obann anabaidh i bpionós agus i ndíoghailt a dtréanlochta,
mar adeir an ríghfháidh Dáibhíodh linn: Viri sanguinum
et dolosi non dimidiabunt dies suos, Ps.liv.24: “Ní
mhairfid lucht na fola ná na ceilge leath na laetheadh
d'ollmhaigh Dia dhóibh dá mbiaidís mar budh chóir nó
dá ndéingidís an aithrighe i n-am.” Báidhtear cuid díobh
fá thonnaibh borbrabhartacha na mara, mar Pharao is a
shluaighthe. Reversaeque sunt aquae et operuerunt currus et
equites cuncti exercitus Pharaonis qui sequentes ingressi
fuerant mare: nec unus quidem superfuit ex eis, Exod.xiv.28:
“Agus d'fhilleadar na huisgeadha agus d'fhoiligheadar
na carbaid agus marcshluagh Pharao go huile do
tháinig san bhfairge 'na ndiaigh: níor fágbhadh aoineach
díobh 'na bheathaidh.” Craostsloigeann, léirsgriosann agus
itheann an talamh drong dhíobh, mar atá Core, Datan agus
Abiron. Et aperiens terra os suum devoravit Core morientibus
plurimis quando combussit ignis ducentos quinquaginta viros,
Num.xxvi.10: “Agus do osgail an talamh a béal agus
do shloig sí iad maille re Core, ar n-éag na cuideachtan
sin fán am ionnar loisg an teine dá chéad agus caogad
fear.” Diansgriostar agus ruaigthear le caora tinntighe
agus le tinntreachaibh ó nimh drong eile dhíobh, mar na
Sodomítig. Igitur Dominus pluit super Sodomam et


L. 109


Gomorrham sulphur et ignem a Domino de coelo. Et subvertit
civitates has et omnem circa regionem universos habitatores
urbium et cuncta terrae viventia, Gen.xix.24-25: “Annsin
d'fhear Dia ar Shodom agus ar Ghomorrtha ruibh agus
teintreacha ón dTighearna as na flathais. Agus do theilg
seochad na cathracha sin agus an fearann uile agus lucht
áitribh na gcathrach go hiomshlán agus gach nídh dár fhás
tré thalamh.” Dóightear agus dubhloisgthear aicme eile
dhíobh, mar d'imthig ar bhaightéireadha Nabuchodonozor
d'aidhin an teine san bhfúirnéis do loisg iad lena lasarachaibh.
Fornax autem succensa erat nimis, porro viros illos
qui miserant Sidrach, Misach et Abdenago interfecit flamma
ignis, Dan.iii.22: “Do bhrígh go raibh an fhúirnéis teith
go hiomarcach, do mhairbh lasair na teine an drong do
theilg Sidrach, Misach agus Abdenago innte.” Agus fá
dheóigh mórán eile dá dtuitean an t-anam do láthair asda,
amhuil Ananias agus Sapphira do thuit marbh ag cosaibh
Pheadair Asbol. Audiens autem Ananias haec verba
cecidit et expiravit, Act.v.5. Confestim cecidit ante pedes
ejus et expiravit, ib.10. “Acht ar gcloistin na mbriartha
sin d'Ananias, do thuit sé agus dofuair bás.” “Agus gan
stad do thuit sí agá chosaibh agus dofuair bás.”



Ó maise, mar athchuinighe oraibh, insig dhamh nách
fuil an ionshamhuil so do bhás ró-mhíofhoirtiúnach don
mhuintir do chaitheann a mbeatha i bpeaca agus don
droing úd ná déingean an aithrighe ar aonchor? Och
monuar! Ní bhfaghaid aga ar smaoineamh ortha féin
dochum aithreachais do ghlaca, acht ar an adhbhar sin bás
damannta d'fhagháil i n-eascáirdeas Dé. Maise, nárbh
fheárr dhíbh go mór gan bhár mbreith riamh nó sibh do
thachta ionnsa tsligh ag teacht díbh ar an saoghal?
Glacaidh chúghaibh na cómhairleacha so agus déinigí
machtnamh fírinneach ortha. Déinigí fóirneart dochum


L. 110


fillte tar n-ais agus bhúr leas do dhéanamh agus ní bhiaidh
aon doghruinn oruibh uair chritheaglach an bháis.



Agus bíodh go n-éagfadh an peacach ionna leaba maille
re an uile shórt cabhartha agus conganta saoghalta, ní
lughaide ar a shon sin d'fhaghan bás anfhóirlingtheach é
mar gheall ar an bhfóiréigean is dual do d'fhulang an tan
do sgarann anam re colainn aige. Ní féidir dá mhír do
bhíonn go nádúrtha ceangailte dá chéile do sgaramhuin
gan fóirneart ionganntach agus piannta móra. Agus mar
sin an tan taircthior fiacal nó sracathar na hingne nó
fuadaighthear meór do neach, is teinn dofhuilingeach an
nídh leis é. Ó créad é mar chóimhéigion don pheacach
chruadhmhuinéalach an tan is éigean do a chroidhe do
sgaramhuin leis an saidhbhrios do ghrádhaig sé a níbhus
mó ná Dia, an tan do thréigfidh sé a cháirde ionnar chuir
sé a dhóthchas go huile ionnta, an tan d'imtheóghas
anghrádh ainiomarcach an chuirp sin uaidh ag a raibh sé
cómh cúramach sin ann, agus fá dheóigh an tan do thabhraidh
cúl don uile aoibhneas dá ndearna sé féin íoladharthach
dhóibh! Do chóimhcheangail sé é féin annsin ar
feadh a bheatha, do theilg sé annsin a éifeacht, a ghrádh,
a ghean agus searc iomshlán a chroidhe. Do chruthmhalartaigh
sé é féin dochum an neithe sin do ghrádhaigh
sé. I n-uair an bháis ní fuláir go dtréigfidh agus go
sgarfaidh leis an iomshláine sin go síorraidhe. Ó créad
an fóiréigean nách fuláir don tsanntach do dhéanamh an
tan do sgarfaidh lena shaidhbhrios! Agus don drúiseach
dochum sgaramhuin le taithnniomh graosta na colna!
Cleachtaigh sgaramhuin le taithniomh agus le grádh na
gcréatúireadha, agus ní budh eagal díbh piannta na huaire
déanuidhe.



Tréigid agus cuirid na daoine a n-iorradh nó a n-éadach
go ró-fhurais díobh do bhrígh go mbíd deaghlaighthe lena
gcuid feóla, agus ní féidir sin do dhéanamh leis na gadhair


L. 111


ná leis na beathadhaig allta éigciallaidhe eile gan an
croiceann do shracadh agus do ghearadh dhíobh, ar mbeith
do ceangailte dá gcuid feóla. Sgaraid agus tréigid na
deighbheathaig, uair an bháis, leis na huil neithibh gan
péin ná doghruinn san mbith do bhrígh ná fuil cóimhcheangal
ná tabhacht aco i n-aonnídh. Acht an tan is éigean
díbhse sgaramhuin leis na neithibh ionnar chuireamhuir
bhúr séad cómh airgneach cómh cúramach sin, tuitfe sibh
i míodhóthchas iarna mbeith dhíbh cóimhcheangailte
ionnta mar na croicinn ar na beathadhchaibh.



Sginnid, lingid agus léimid na máirnéalaidh do bhórd nó
do shleasaibh na long nó na mbarc iona mbíd ar muir go
luathgháireach gan docamhal, ar an adhbhar gurab ar bara
uisge bhíd agus nách faoi. Mar sin do na fíoraoin.
Triallaid go mómhrach gealgháireach ó ghleann bhocht
na ndeór go parthas do bhrígh gur thréigeadar an saoghal
agus nár sloigeadh iad ionna chraos. Maise, an t-iasg do
bhíonn san uisge agus ná sgarann leis do shíor, ní féidir a
tharaint dochum tíre acht le fóirneart, le líontaibh nó le
ruaimnig, agus ní luaithe ar talamh é ioná marbh. Má
atá sibh múchta i ngrádh iomarcach an tsaogail si, ionna
thoice, ionna ghlóire dhíomhaoin, nó mór-amharcach oraibh
féin, créad fáth ná tréigeann sibh i n-am é trésan aithrighe,
gia fionnas agus é ar gcumas díbh annois? In' ionnad
má fhanann sibh go huair an bháis, ní dhéanfaidhe é acht
tré iomarca buile agus éadóchais gan míorbhuilt, nídh
noch nách ceart díbh súil do bheith leis.



AN .23. CAIBIDIL



D'anmhóin, do chritheagla, do chómhbhuaireamh, do bhuairt intinne
agus d'uathbhás na bpeacach uair an bháis.



Bona et mala, vita et mors, paupertas et honestas a Deo
sunt, Eccli.xi.14: “Atá an t-olc 's an mhaith, beatha


L. 112


agus bás, boichtineacht, macántacht agus ceannsacht mar a
chéile i gcómhachtaibh Dé.” Dominus mortificat et vivificat,
deducit ad inferos et reducit, i Reg.ii.6: “Is é an Tighearna
do mharbhas agus d'aithbheódhas, beirionn sé síos chum
na huaighe agus do-bheir aníos.” Ar mhodh go mórmhór
gur cosmhuil go léigeann dúinn ár mbeatha do chaithiomh
do réir ár dtoile féin dochum gia bé nídh is miann linn
féin do dhéanamh, giabé aco é olc nó maith, ar mhodh
go bhfuil sé ar gcumas dúinn na lochtadha nó na tréighthe,
na grása nó an peaca do leanmhuin. Acht coiméadann
sé a thréanchómhachta lánmhóra féin go haoinreacánta
ionna láimh uair an bháis. Ag sin an t-am ná biam ionár
máighistireadha oruinn féin ar aonchor, acht tuitimíd idir
a lámha gan ar gcumas d'aonneach sinn do chaomhna
ar a mhór-fheirg ar mbeith dhúinn cionntach gan leóirghníomh
do dhéanamh lena fhíorcheart. Ar an adhbhar sin
déinigí an uile shórt feilebhearta, mallaightheachta, ainshriantachta
agus míbhéasa an méid is maith libh annois ar
feadh bhúr mbeatha i n-iomshláine bhúr nirt agus bhúr
gcumuis, acht uair an bháis biadh sibh neamhchumasach,
do bhrígh nách sibh is máighistireadha, agus is leis an am
sin atá sé ag fuireach dochum go dtabharfaidh sibh do
bhúr n-aire a thréanchumas, a chómhachta agus a fhíorcheart,
muna léir dhíbh roimhe sin é agus muna rabhair
umhal dochum a bhreithnighthe. Mo chreach! Ollmhuidhgeadha
sibh féin i n-am agus ná léigeadha do bhúr
n-ainshrianntacht buaidh do bhreith oraibh d'eagla bhúr
ndamaint go síorraidhe.



Atáid ionnaid agus baill fhoirmleach ann gach
ríoghacht mar a n-órduighid na righthe agus na prionnsadha
púirt agus daingneacha do thógbháil ionna mbíonn
iomurca gárdadha agus soigheadóireadha do ghnáth dochum
gach n-aon dogheabhadh an tslighe do stopa agus a


L. 113


dtabhairt dochum cúntais, ag cuardughadh a n-ualaighe
agus a bpacadha dochum go mbiadh a fhios aco cia aca
iad caraid nó namhaid nó an mbiadh aonnídh conntrárdha
do reacht nó do riaghail an rígh aco. Ann gach aon áit
eile don ríoghacht, taguid agus imthighid daoine gan
toirmeasg; ceannaighid, díolaid, bronnaid, gabhaid annso
agus annsúd, stadaid, suighid, éirghid agus déingid gach
nídh mar is miann leó féin. Acht an tan dothagaid
dochum na mbruach nó na mbailte puirt so, beirid an
ghárda ortha, stopaid iad, ní foláir dhóibh freagra do
thabhairt orra agus cibé ar bith nídh atá aco do thaisbeánadh.
Agus má bhíonn leitreacha ná teachtaireacht ón námhaid
aco, nó muna bhfuil pas nó cead taisdil na slighe ón
riarughadh aco, cuirfíor don phríosún agus láimheófar mar
dhaoirsig iad.



Labhrann sibhsi, machtnaigheann, smuainigheann agus
déinionn sibh gach nídh do réir bhúr gclaonta, bhúr dtoile
agus bhúr ngrádh propardha féin ar feadh bhúr mbeatha,
agus maireachtuin gan eagla roimh Dhia ná suim iona
ghéirbhreitheamhantas. Acht fá dheóigh triallfaidhe go
cuan an bháis .i. pórt foirmleach an tsaoghail thall.
Annsin tiucfaid na haingil agus na diabhail agus geabhaid
sibh. Sgrúdfaid agus cuardóghaid gach nídh dá bhfuil
agaibh: bhúr sbriod, bhúr gcroidhe, bhúr gcoinsias, bhúr
smaointe, bhúr labhartha, bhúr n-oibreacha agus bhúr
bhfaillighe. Amodh! má atá sibh fós i bpeacadhaibh
.i. i n-uabhar, i sainnt, i ndrúis, i gcraos, i bhfeirg, i bhformad
agus i leisge, i mbrise saoire agus troisge, i bhfuath is i
ngráin don chómharsain, i gceangal i dtoice an tsaoghail
agus tugtha dá ilchleasa, ag so iad bagáiste, cuairsgidh
agus ceangaltáin ifrinn nó leitreaca an diabhail, deargnamhaid
fhollas Dé Uilechómhachtaig. Créad adéarfaidh


L. 114


sibhsi an tan teilgeófíor sibh idir chrobhna leadarthacha
na gceasdúnach síorraidhe? Loirgfear oraibh cead taisdil
an Teampoill .i. absolóid iomshlán na bpeacadha, agus gan
sin atá sibh caillte. A dhearbhráithreacha an chroidhe
agus a cháirde na sgart, déinidh díthchioll croidhbhrúghadh
nó comórughadh croidhe do bheith agaibh dochum faoisdine
agus aithrighe ghlan do dhéanamh dochum maitheamhnais
na bpeacadha d'fhagháil roimh an mbás do theacht dá bhúr
bhfios, agus ag sin pas nó cead slighe Chríost do osgólfas
geatadha deaghfhoirtiúnacha na síorruigheachta dochum
bhúr nglacaighthe chum na glóire agus a sealbhaighthe
go bithshíor.



Do thriall Balaam do thabhairt cómhairle don rígh
Balac i n-aghaidh an órdaighthe dothug Dia dho. Meadh
do ghlac uamhain agus imeagla mhór ar an slighe é ar
bhfaicsin aingil ag feitheamh ris ionna sheasamh i gcasán
chaol chúmhang idir dhá fhalla ar bhruach dá fhaill mhara,
agus cloidheamh nochtaighthe ionna láimh. Protinus
aperuit Dominus oculos Balaam et vidit angelum stantem in
via evaginato gladio, adoravitque pronus in terram, Num.xxii.31:
“Annsin d'osguil an Tighearna súile Bhalaam
agus do-chonnairc aingiol ionna sheasamh san tslighe agus
cloidheamh taraingthe ionna láimh, agus do adhair sé é
síos go talamh.” Is í an chosmhuileacht chéadna so do
theangmhóidh díbhsi uair an bháis muna leasaighthí sibh
féin i n-am fá dheifir dochum iompaighthe ar Dhia. Triallann
sibh agus céimnigheann sibh annois i n-aghaidh thoile Dé,
cia fionnas agus go raobann sibh 'aitheannta is a reacht,
ag dul i n-aois díbh gan smachtughadh. Fá dheóigh
fanfaidh aingiol an bháis libh annsa chasán chaol chúmhang
chruaidh uathbhásach so agus cloidheamh an díoghaltais
diadha nochtaighthe ionna láimh, idir dhá fhalla an tsaoghail
so do críochnóchfadhar do bhúr ndáil-si agus bhúr gcuirp do


L. 115


léirsgriosfadhar ar bhruach na faille mara sin ifrinn. Budh
mhór an fhearg dobhí ar Bhalaam chum an asail 'chionn
ná deacha sí ar a haghaidh, agus ní thug fá deara an
t-aingiol dobhí ar buile chuige sin agus gurab é féin do
budh adhbhar tréna neamhúmhlacht. A pheacacha mar
atáthaoi, an tan dothugann sibh milleán ar an aicíd, ar
an liaigh nó ar dhaoinibh eile, an tan dobhiadh sibh i
nguaiseacht an chasáin dhéanaig so .i. bhúr bpeacadha agus
go háirighthe bhúr neamhaithrighe re linn báis, cá ngeabhaidh
bhúr gcritheagla, bhúr n-uathbhás, bhúr mbuairt aigne
agus bhúr gcómhbhuaireamh? Ar an adhbhar sin fillig
tar ais agus ná cuiridh bhúr leas ar cáirde.



Dothug Achitophel cómhairle d'Absolom a athair
Dáibhíodh do ghéirleanmhuin agus do threasgairt sul do
rachach fá sgéith dhíon nó chosannta i n-aon anach, agus
an tan do thuig nár leanadh a chómhairle agus iar mbeith
d'fhios aige dá dtagach Dáibhíodh tar ais go Ierusalem
ná leófadh féin a cheann do thógbháil innte, do dhíthcheannaigh
agus do chiorraigh féin a laéthe le siolán do
chur fána bhrághaid ionnas agus gur chroch sé é féin. Porro
Achitophel videns quod non fuisset factum consilium suum
stravit asinum suum surrexitque et abiit in domum suam et
in civitatem suam; et disposita domo sua suspendio interiit,
et sepultus est in sepulchro patris sui, ii Reg.xvii.23:
“Agus an tan do-chonnairc Achitophel nár leanadh a
chómhairle, do chuir sé culaith mharcuidheachta ar 'asal,
d'éirig agus do-chuaidh dá bhaile .i. a chathair féin, agus
do chuir a thig i n-órdughadh agus do-rinn a uadhacht,
agus do chroch sé é féin agus do hadhlaiceadh é i n-uaigh
a athar.”



Bíonn cathughadh, doithchíos agus neamhshásdacht ar
neach an tan ná héirgheann na neithe do chuireann roimhe
leis, amhuil agus mar dobhiadh rígh an tan do chaillfeadh an
machaire nó connsaléir an tan do buaidhfidhe an chúis
air. Ó créad é méid an mhí-chompóird nó an dóláis do
bhiadh ar an bpeacach cruadhmhuinéalach i bpunc an
bháis an tan chíthfidh ná rachaidh ar aghaidh annsna


L. 116


neithe budh mhiann leis agus budh mhiann le Dia, ar an
adhbhar gurab é miann agus dúil Dé gach n-aon do shábháil
agus gur dochum tuillimh agus tuarasdail na glóire síorraidhe
do chruthaig sibh tréna ghrásaibh agus tré bhúr gcómhoibriughadh
féin ag síordhéanamh deaghoibreacha agus
naoimhthréighthe maille ris na grásaibh céadna. Is miann
le Dia bhúr slánughadh cibé coinghíol, reacht, rachmas,
aois ná gradam ionna mbiadh sibh. Is é sin a dhúil
agus a thoisg agus miann gach créatúra do leanann aigne
agus intinn Dé. Do-chídhfidh sibh i bpunc déadhnach an
bháis ná héirgheóghaidh an toisg, an mhéinn ná an dúil
so libh mar gheall ar bhúr mbeatha aimhshrianta neamhaithrighidh,
acht a chonntrárdhacht, go mbiadh sibh
ollamh dochum bheith damannta teilgthe go síorraidhe
tré bhúr ndrochúsáid do ghrásaibh Dé agus do na huile
neithibh dá dtug díbh. Créad é méid an éadóchais agas
an fraoch feirge ionna mbiaidh sibh san phunc úd muna
bhféachaidh sibh i n-am dochum an mhí-fhoirtiúin sin
tré shile deór an chroidhbhrúghadh agus na haithrighe
fíre!



AN .24. CAIBIDIL



Don léirmhille adhuathmhar agus don chómhbhuaireamh iomarcach
ionna mbiadh an peacach ionna dhúil, ionna thoil agus ionna mhianngus,
mar phionós agus mar dhíoghaltas air tré chur i n-aghaidh ghotha Dé
dobhíonn ag síorghlaodhach air dochum na haithrighe.



Seasamhann sibhsi go tréan láidir fortamhuil fóirneartmhar
i n-aghaidh agus i gcoinimh ghotha agus aithne
Dé noch do shíorghlaodhan oraibh dochum na haithrighe,
ag tabhairt cuire agus furfhógradh díbh go laetheamhuil
maireachtuin go Críostamhuil. Déingean sibh fós na
huile nidhthe contrárdha dá reacht agus don órdughadh
tug díbh, ar an adhbhar, ag buaintseasamh díbh annbhúr


L. 117


bpeacadhaibh, go leanan sibh beatha lochtach chuirtheach
mhíriaghalta mar phágánach, dhíthchreidmheach nó mhallaightheóir.
Muna gclaochlódh sibh bhúr ndroch-chlaonta
i n-am, geallaim-si dhíbh mar theachtaire ó Dhia agus
insim go lámhóghaidh a fhírcheart sibhsi ar an modh
gcéadna, agus an tan do ghuidhfidh sibh é ná héistidh
libh, agus an tan do loirgfidhe aon read air ná tabhraidh
díbh acht a chonntrárdhacht. Ag so na briathra do labhras
rinn tré bhéal na fáidhe Isaias an tan do theagasgann an
fháidh chéadna sinn agus dothugan rabha dúinn ag
bagairt oruinn, iarna mbeith dho líonta do Spioraid Dé,
annsna briathraibh marbhthacha so mar leanas annsa
chéadchaibidil agus annsa .15.v.: Et cum extenderitis
manus vestras, avertam oculos meos a vobis; et cum multiplicaveritis
orationem, non exaudiam; manus enim vestrae
sanguine plenae sunt: “Agus an uair do leathfaidh sibh
bhúr lámha amach, foileóghaidh mé mo shúile oraibh; fós
an uair do-dhéanfaidh sibh mórán úrnaighthe, ní éistfidh
misi libh: atáid bhúr lámha lán d'fhuil na mbochtán do
thréinsgriosamhuir nó d'fhuil Chríost do chéasamhair
annbhúr gcroidhtheachaibh tré líonmhuireacht bhúr
bpeacadha.”



Do loirg, do iar agus do shanntaigh Lucifer an t-ionad
budh ró-aoirde i bhflaitheas an tan budh mhiann leis bheith
iona shuighe i gcathaoir i gcóimheas le suigheachán Dé.
Quomodo cecidisti de coelo, Lucifer qui mane oriebaris!
Corruisti in terram qui vulnerabas gentes! Isa.xiv.12.
“Cionnas do thuit tusa anuas ó fhlaitheas, a Lucifer d'éirig
i moch na maidne! Cionnas do gearradh síos tú go nuige
an dtalamh, tusa do chneadhaidh, do chnáimhgheárr agus do
ghoin na cineadhacha!” Do teilgeadh i ndiaigh mhullaigh
a chinn go fíoríochtar ifrinn é, lán do dhonas agus do
dhoghruinn, lán do thubuist agus do mhí-ghnaoi, i measg


L. 118


an uile shórd seirighthin agus piannta, iar gcur suas d'aon
úmhlaigheacht ná oghamós do thabhairt do Naomh-Spriod
Dé, acht leanamhuin a thoile agus a mhiann féin go
haoinreacánta. Tugaidh aire dhíbh féin ar an adhbhar
sin do bhrígh má leanann sibh bhúr gcéadfadha agus bhúr
slighte féin ionnbhúr luaghaill, i n-aindréim agus i miangas
bhúr gclaonta colnaidhe, ag tabhairt táir, tarcaisne agus
mí-mhodh do naomh-shéide na ngrás ndiadha, ar gcur bhúr
n-athchuineadha dochum Dé sibh d'árdughadh go parthas,
go dtraostaidh a Fhírcheart Diadha sibh agus go
n-úirísleóghaidh agus go dteilgfidh go gcómhbhuaireamh
adhuathmhar iongantach go síorraidhe sibh.



An t-Amalecíteach dothug coróinn Shaul dochum
Dáibhíodh agus an dís fhear eile dotháinig le sgéala bháis
mhic Shaul chuige ag a raibh ar gcumas do buairt do
dhéanamh dho ionna ríoghacht, dobhí súil ag an dtriúr
so gomadh mhór a luaidheacht saothair agus a mbronntas
ó Dháibhí trésan mórmhaitheas sin do-rineadar do dochum
a shuaibhnis agus a ghlóire, dar leó féin, do mhéadughadh.
Do chuir Dáibhíodh ar a shon sin agus uile an triúr so
dochum báis ar an láthair gan stad, gan truadh, taise ná
trócuire. Do dhíthcheann an chéidfhear ar son lámh do
bheith aige i gcuid fola Shaul, ongthach nó gillightheach
an Tighearna. Vocansque Dauid unum de pueris suis ait:
Accedens irrue in eum. Qui percussit illum et mortuus est,
ii Reg.i.15: “Agus do ghoir Dauid aon dá ógánchaibh
agus adubhairt leis: Ling air agus mairbh é. Agus do
bhuail seisean é ionnas agus go bhfuair bás.” Agus d'órdaigh
bás do thabhairt don dias eile ar son feille do dhéanamh
ar Isboseth do budh namhaid ag Dáithbhídh féin, ar a
shon gur shíleadar gur chomaoin mhór ar Dháibhíodh é sin
do chur dochum báis.



Atá Dia fírcheart agus ró-naomhtha. Ní fuláir go
mbiam gléigeal gan tíomhal ná spota, deighmhéinneach gan


L. 119


chlaon, triall go réimdhíreach in' aitheanntaibh, más
miann linn luacht saothair ár ndeighghníomhartha d'fhagháil
uaidh, nó leagfaidh a thréanbhuille oruinn an t-am céadna
ionnar dóith linn cúitioghadh, luadhacht saothair nó cumaoin
d'fhagháil uaidh.



D'iar Adonias, dearbhráthair Sholomoin, Abisag, an
bhean tSunamíteach, dochum a pósta, agus do ghuir
Bethsabe an bhainríoghain, máthair Sholomoin, agus do
chuir a hathchuinighe chuige dochum na críche céadna.
Praecor ut dicas Salomoni regi (neque enim negare tibi
quidquam potest) ut det mihi Abisag Sunamitidem uxorem.
Et ait Bethsabee: Bene, ego loquar pro te regi. Quae ait:
Detur Abisag Sunamitis Adoniae fratri tuo uxor, iii Reg.ii.17-18,21:
“Guidhim thú, labhair le Solamh an rígh
(óir ní dhiúltóigh sé thú) go dtugaidh sé Abisag an Sunamíteach
'na mnaoi dhamhsa. Agus adubhairt Bethsabe:
Leór a fheabhas, laibheóra misi ar do shon ris an rígh.
Agus adubhairt sisi: Tugthar Abisag an Sunamíteach dod
dhearbhráthair Adonias 'na mnaoi.” Agas ar a shon go
dtug Solomon dá mháthair an athchuinighe budh thoil
lé d'iaraidh, do chuir dochum báis a dhearbhráthair Adonias
ar an adhbhar gomadh mhiann leis an ríoghacht do rochtuin
go ladrannach earáideach éagcórach. Misitque rex
Salomon per manum Banaiae filii Ioiadae, qui interfecit
eum et mortuus est, ib.25: “Agus do chuir an rígh Solamh
le láimh Benaiah mac Eoiada, agus do ling air gur mhairbh
é.”



Do thriall bean Ieroboam, Rígh Chloinne Israel (i mbréigriocht)
ar an fháidh Ahias dochum go bhfaghadh a fhios
uaidh créad an feadh do mhairfeadh a mac dobhí go
dainséarach cróilinnte 'na luighe i leaba an bháis. Tolle
quoque in manu tua decem panes et crustulam et vas melli,
et vade ad illum: ipse enim indicabit tibi quid eventurum sit
puero huic, iii Reg.xiv.3: “Agus beir leat mar an
gcéadna ann do láimh deich mbuilíneadha agus cáca agus
crúiscín meala, agus triall air: ineósaidh sé dhuit créad


L. 120


imeóghas ar an leanbh so.” Agus d'innis an fháidh dhi
go bhfaghadh an leanbh bás, agus d'innis di mar an
gcéadna go gcaillfidhe a daoine agus go dtabharfaidhe
léirsgrios iomshlán a muinntire mar dhíoghaltas annsan
iodhalaidhreacht ionna raibh a fear cionntach. Tu igitur
surge, et vade in domum tuam; et in ipso introitu pedum
tuorum in urbem, morietur puer. Et tradet Dominus Israel
propter peccata Ieroboam qui peccavit et peccare fecit Israel,
iii Reg.xiv.12,16: “Éirig-si ar an adhbhar sin agus
imthig dod thig féin, agus an tan do chuirfidh tú do chos
asteach san chathair, dogheabhaidh an leanbh bás. Agus
do-bhéarfa sé Israel uaidh ar son pheacadha Ieroboam,
noch do-rinn peaca agus tug ar Israel peaca do dhéanamh.”



Do theilg agus do chaith Aman, caraid Rígh Assuerus, é
féin ar leaba na bainríoghain oirdheirc Esther dochum
truadh, carthannacht agus trócaire do dhéanamh air agus
d'fhéachaint ar dheóghnathach lé párdún an rígh d'fhagháil
do. Rex autem iratus surrexit, et de loco convivii intravit in
hortum arboribus consitum. Aman quoque surrexit ut rogaret
Esther reginam pro anima sua, intellexit enim a rege sibi
paratum malum, Esther vii.7: “Agus d'éirigh an rígh i
bhfeirg ó ionnad an fhéasda agus do-chuaidh go gáirdín
an pháláis. Agus do-chuaidh Aman do ghuidhe na bainríoghain
Esther fána anam, óir do thuig sé go raibh olc
ag an rígh dá ollmhughadh dho.” Qui cum reversus esset
de horto nemoribus consito et intrasset convivii locum, reperit
Aman super lectulum corruisse in quo jacebat Esther, ib.8:
“Annsin d'fhill an rígh as gáirdín an pháláis go hionnad
na fleidhe agus do thuit Aman ar an leaba ar a raibh
Esther.” Acht i n-ionnad maitheamhnais nó párdúin
d'fhagháil do ón rígh, d'órdaigh a dhamnughadh agus
a chur dochum báis gan stad, agus a chrocha as an gcroich
chéadna d'ollaimh Aman do Mhardocheus aga aimsire roimhe
sin. Agus mar sin d'iar trócaire acht do héimeadh é
ar an adhbhar gur labhair go ró-dhéadhnach agus tré


L. 121


anfhorlann nó cóimhéigion nó éadualang iongantach an
tan do-chonnairc go raibh sé caillte. Suspensus est itaque
Aman in patibulo quod paraverat Mardochaeo: et regis ira
quievit, ib.10: “Agus mar sin do crochadh Aman ar an
gcroich do-rinn sé féin do Mhardocai, agus annsin do sguir
fearg an rígh.”



Acht is baoghal liom go n-éirgheódh an mí-fhortún
céadna díbhsi muna leasaighthí sibh féin i n-am ag iompóghadh
ar Dhia trésan aithrighe. Is eagal liom gur
mallacht do bhuaidhfigh sibh an tan is miann libh párdún
d'iaraidh agus ná teangmhóidh oraibh acht an bás ar lorg
na beatha dhíbh, go háirighthe an tan do léigfidh sibh don
aithrighe rith gus na laethibh déadhnacha iarna mbeith
dhíbh ar feadh bhúr raé annbhúr n-íodhaladhrathaig dhíbh
féin, do bhár n-onóir, dá bhúr dtoice agus do gach créatúir
eile ar ar chaitheamhair bhár n-anntoil. Cuiridh sibh
féin, ar an adhbhar sin, ar aontaoibh lé Dia, ag géille dá
reacht agus dá dhlighthibh, ag déanamh an uile neithe do
réir a thoile, agus geallaim-si dhíbh go n-umhalóghaidh
seision do bhúr dtoil-si agus go dtabhraidh dhíbh gach nídh
dá n-iarfaidh sibh air. Ní iarann oraibh acht deóra an
chroidhbhrúghadh agus na tuirse, agus bhúr mbeatha
lochtach do chlaochlódh. Ná héimidhidh ar aonchor é
agus éistig lé bhúr n-athchuinighe an tan d'iarfaidhe a
ghrása is a ghlóire.



An .25. CAIBIDIL



Do-gheibhid na peacaig neamhaithrigheacha chruadhmhuinéalacha bás
lán do dhoilbhios agus do dhobrón do-innisteanna.



Tairngion ar uairibh luathgháir ainiomarcach neach
dochum gola, cuireann buaireamh ar na céadfadhaibh,


L. 122


doirchigheann an spioraid, tairngionn é dochum aicíde,
agus go ró-mhinic fós fuadaighean dochum na huaighe é.
Tugann cathughadh ainmheasardha toradh agus éifeacht
uaidh is treise thréine agus is dainséirighe go mór ioná é,
go sonnrach an cathughadh, an doilbhios agus an
dobrón d'fhuilingfios an peacach cruadhmhuinéalach neamhaithrigheach
i bpongc an bháis.



Is gnáthach leis an ndoilbhios, leis an ndobrón agus leis
an gcathughadh bheith i gcomhthrom nó i gcompráid leis
an olc d'fhuilingmaoid nó ag árab eagal dúinn a thuitim
orainn. Is féidir le neach a rádh ná fuil ann gach olc
agus mí-fhoirtiún dá dteagmhann dúinn ar feadh ár mbeátha,
mar atá cailleamhuin ár gcoda agus ár gcarad, gach guilimne,
gach galar, aingcis agus easláinte dá dtuitimíd ann, acht
beag-nídh neimhéifeachtach nó nídh nách fiú é trácht air,
do bhrígh go bhfuil míle slighe aguinn dochum triallta
thársa, mórchuid leighis iona gcoinimh agus mórán
meódhan eile dochum ár sásaighthe. Acht uair an bháis
mothóchaidh an peacach agus aireóchaidh tromán mhóirfheirge
Dé ar dearglasa in' aghaidh, agus maille re
tromualach na tréinfheirge si, mothóchaidh fós agus
aireóchaidh go géarfhuilingtheach méid agus gráineamhlacht
a mhór-pheacadha is uilc agus mí-fhoirtiúin dochuimsighthe
neamh-chríochnaighthe. Fá dheóigh do-chídhfidh sé é
féin ar bruach bheith sgartha go síorraidhe re grásaibh Dé,
go bithshíor adeirim, a bheith damannta go géarlasarachaibh
domhúchta ifrinn, gan cabhair, gan congnamh, gan teacht
as, gan leighios ar a mhórghalar, gan compórd, gan méid
meanmuin, gan luathgháir. Nách é so an t-adhbhar
dóláis agus doilbhis is mó is féidir le neach do bheith aige,
agus ar mbeith dho annsa staid so, créad an duadh agus
an trioblóid ná haireóghaidh agus ná fuilingeóchaidh sé?
Créad an mí-órdughadh agus an gile guaire d'aireóghaidh
agus do mhothóchaidh sé iona chéadfadhaibh agus iona


L. 123


spioraid? Agus créad é an nídh dárab oireamhnach?
Atá, don éadóchas, mar Iudás, Act.i.18, agus mar
Cháin, Gen. iv.13, ag ár lean iad ionna neamhaithrighe
tar éis a leanta ionna bhfeilebheartaibh.



Ó mo thruadh! Ná taobhnochtaidh agus ná tabhraidh
suas sibh féin dochum an doilbhis sin .i. an t-éadóchas,
do bheith agaibh, noch is deirbhshiúr gar chéile do dhobrón
na ndamanntach. Acht bíodh cathughadh, doilbhios agus
dobrón na naomh oraibh ag árab é an doilbhios is mó
ortha fearg do chur ar Dhia agus ag árab é fós a stuidéar
cinnte cathughadh do ghlaca dochum a gcoraighthe
agus a múisgilte dochum na haithrighe do dhéanamh.
Má bhrostaghan sibh an naomhdhoilbhios so annbhúr
gcroidhtheachaibh, iarna mbeith dhi arna gcoinnleacht
do ghrádh Dé agus do mhórdhóthchas ionna thrócaire,
tabhraidh fá deara oraibh bhúr bpeacadha do thréigean,
cuirfidh luathgháir ar Dhia gona aingiolaibh amhuil agus
mar go ghlac Naomh Pól luathgháir, compórd agus méid
meanman fá dhoilbhios, dhobrón agus chathughadh na
gCoirintíneach, ii Cor.vii.9. “Is luathgháireach liom,”
ar sé, “sibh do bheith i gcómhdhoilbhios, i gcómhchathughadh,
adeirim, tré dhoilbhios tslánaighthe dochum bhúr
mbrostaighthe dochum aithrighe do dhéanamh, dochum
fuatha agus gránach bhúr bpeacadha do bheith oraibh
agus dochum foinn friochnaimh dá bhúr nglaca maireachtain
go Críostamhuil feasda go pongc déadhnach an
bháis.”



Féachaidh, amharcaidh agus déinigí machtnamh fírinneach
ar mhéid an doilbhis agus an dobróin dobhí ar ár
Slánaghthóir Íosa Críost ár dTighearna i nGáirdín na
n-Olladha an tan do shléacht é féin dochum úrnaighthe,
dá ollmhughadh féin dochum báis ar ár sonna, Marc.xiv 33.


L. 124


Dotháinig crith chos agus lámh air, do chaill a
chruith, a ghnúis agus a dheilbh, do ling an duadh, an
doilbhios, an dobrón, an cathughadh agus an brise croidhe
air is mó dobudh fhéidir le créatúir ar bith d'fhulang ionnas
agus gur thuit i dtáimhnéalaibh anfhóirlingtheacha do-innistiona
le tuirse, ionnas agus ná raibh órlach dá chorp
ró-naomhtha gan tréantuilteadha frasfhola donnruadh ag
sile asda, ar mhodh gur thuit annsna céidéagaibh ag rádh:
“Atá doilbhios agus dobrón ar m'anam gusan mbás,”
Luc. xxii.44, Marc xiv.34, Tristis est anima mea usque ad
mortem. Do thionnsgaigh sé agus do thosanaidh sé a
pháis annsa mhartra pheanadaig bhuartha thrioblóidig so;
do chothaigh, do bhuaintseasaimh agus do lean inte go
nuig an móiment déadhnach dá bhás. Smúinigí agus
deinigí machtnamh fírinneach nách ar a shon féin go
haoinreacánta d'fhuiling sé é féin do chur annsna rachtaibh
so, do bhrígh ná raibh easbadh nirt, fórsa ná tréanchumais
air ná teirce ar bith grádh dá Aithir ná don chine daona
uile air; acht ar an adhbhar gur ghaibh tromualach ár
bpeacadh-na air, do ghlac fuirim agus cosmhulacht an
pheacaig air ionnas agus trésan ndobrón sin go gcuirfeadh i
n-uimhil dúinne doilbhios, dobrón, cathughadh, lionndubh
agus brise croidhe an fheilebheartaig sin do chuirios an
aithrighe tar ceal agus ná cuirionn suim inte go pongc
déadhnach an bháis. Amharcaidh ar an adhbhar sin agus
smaoingeadha oraibh féin agus ná mairig i mblaidearacht
bhréige dá bhúr mealla féin le hilchleasaibh an ádhbhairseóra.



Má bhí an oiread sin eagla agus uathbháis ar an neimhchionntach,
Críost, ar fhaicsin an bháis do, ar an adhbhar
gur ghlac foirm an pheacaig air agus gomadh mhiann leis
díol ar son ár bpeacadha, créad d'éirgheós do lucht an
uabhair, na sainnte, na drúise, na naomhaithise agus na
mionn mór, agus do na peacaig eile atá tugtha don uile
shórt uilc agus feilebhearta, mallachtaoi agus míréire?


L. 125


Má thuition mór-thintreacha fheirge an Tighearna cómh
anfhóirlingeach sin ar an neimhchionntach nách oireamhnach
do sgiúrsadha dá pheannaid, créad é an modh ar a
dtuitfidh an teine chéadna sin mhóiriríre an Fhírchirt Diadha
'na caoraibh tintighe domhúchta agus 'na frasaibh mongruadh
dearglasracha ar mhullach na bpeacach neamhaithrigheacha
bhus adhbhar ceart oireamhnach do pheannaid
agus do phianntaibh, amhuil agus mar is adhbhar dlistionach
an t-adhmad tirm dochum a loisgithe, do réir mar do chuireas
Naomh Lúcás i dtuigsin dúinn é san 23. caib. agus san
31.f.: Quia si in viridi ligno haec faciunt, in arido quid
fiet? “Má do-ghníd so san adhmad úr, créad do-dhéanfadhar
san adhmad tirm?”



AN .26. CAIBIDIL



do chuirios i dtuigsin dúinn go bhfaghann an drong do chaith a
mbeatha ris an aithrighe bás lán do luathgháir, do shubhachas agus do
mhéid mheanma do-insteana.



Má gheibhid na feilebheartaig d'éimig iompóghadh tar a
n-ais agus an aithrighe do dhéanamh bás i ndoilbhios
chritheaglach uathbhásach noch atá arna gcoinnleacht (go
neimhtheibioghthach) don éadóchas, do-gheibhid na
fíoraithrighig, ar an dtaoibh eile, do ghuil agus do ghéarchaoidhig
a dtréanlochta, bás agus amharcaid air maille
re luathgháir tréanláidir agus le dóthchas móramaracach.
Glacaid go ró-thoiltionnach é maille re sólás agus compórd
ró-áidhbhseach, ag cur a dtoile go ró-dhíthchiollach re
mórthoil agus re deighphléasúr an Tighearna do chruthaigh
iad. Is é an bás so na bhfíoraon d'iar agus budh mhiann
le Balaam d'fhagháil an tan adubhairt: Moriatur anima


L. 126


mea morte iustorum, Num.xxiii.10: “Go bhfaghaidh
m'anm-sa bás na bhfíoraon.” Éighmhid, guilid agus
caoighid na fíoraoin a bpeacadha ar feadh a mbeatha,
fuilingid mórán trioblóide agus annró ar feadh a saoghail,
do réir bhriathra an ríoghfháidh Dáibhíodh, Ps.XXXIII.20.
Ar an dtaobh eile, bíonn mórán aitis, luathghára
agus compóird ar lucht na mallacht agus na bhfeilebheart.
Ní bhíonn trioblóid, doithchíos, doghruinn ná buaireamh
ar bith ortha acht iad do shíor lán do shoilbhireacht, do
shúgaidheacht agus do mhóraoibhnios gan docamhuil. Ní
bhíd ar aonchor i nduadh, i ndaoirse ná i moghsaine
chách, ní bhíonn doilbhios ná dobrón ná cathughadh na
ndaoine ag breith treise orra do bhrígh go lámhaighean Dia
iad amhuil alltáin nó beathadhaig allta, ag fulang dhóibh
maireachtuin do réir a dtoile féin, ag leanmhuin a míbhéas
agus a ndrochlaonta ann gach aoinchéim agus cam-shligh
dá ngabhaid. Acht uair an bháis iompóghaid agus
aistreóchaid na neithe so go grod a gclódh. Tuitfe
cathughadh, doilbhios agus dobrón na bhfíoraon ar an
saoghal so agus iompóghaidh go móraoibhnios na naomh
ar neamh. “Ó a dheisgiobla,” adeir Críost, “iompóighfíor
bhúr ndoilbhios agus bhúr ndobrón go luathgháir pharthais,
agus malairteóghfíor compórd na bhfeilebheartach agus
iompóidhfíor go dobrón na ndamanntach”: Vos autem
contristabimini, sed tristitia vestra convertetur in gaudium,
Ioan.xvi.20. Atá luathgháir, compórd agus méid
meanman an tsaoghail so arna gcoinleacht agus arna
leanmhuin do dhobrón, d'osnaghal agus do ghulghárthaibh
síorraidhe. Amharcaidh agus féachaidh cia aco is mian
libh do leanmhuin ar an adhbhar gurab anois atá an t-am
agaibh dochum bhúr rogha do ghlaca, ar mbeith díbh
annbhúr dtoil tsaor ar feadh bhúr mbeatha. Acht bíodh
aire agus forcamhás maith agaibh oruibh féin d'eagla bhúr


L. 127


meallta agus bhúr mbeith gan compórd, gan méid meanman,
gan luathgháir i bpongc déadhnach an bháis trésan
bhfaillighe dothugamhair annbhúr leas do dhéanamh ar
feadh bhúr mbeatha. Toghaigeadha agus bíodh agaibh ar
an adhbhar sin gol, golán, caoi agus tréanaithrighe na
naomh dochum a mórluathghára d'fhagháil díbh i bpongc
déadhnach an bháis. Seachanaidh, fuathaighidh agus
tréigeadha compórd agus luathgháir na ndroichbheathach
d'eagla báis d'fhagháil i n-éadóchas mar iad-sin.



Bíd na diabhail lomlán do náire agus do mhíothapa an
tan do-chíd a fhonnmhaire dothugaid na fíoraon agus
na peacaig d'iompuigheas trésan aithrighe iad féin suas do
Dhia agus d'fhuilingid go foideach a ndeacracha, dá
dteilgean féin idir lámha an Fhír-Dhé i measg a mbuairimh,
a dtrioblóideadha is a gcathaighthe, i measg a bpéine, a
bpiannta 's a nguirteamuis, lán do dhoilbhios, do bhuairt
agus do chaduaic fá fhearg do chur ar an nDia sin do
chruthaig iad ar a chosmhulacht féin dochum buadh do
bhreith ar trí heasgáirdibh an anma .i. an diabhal, an
saoghal agus an cholann, dochum lingthe tar anfhoirleannaibh
an bháis annsa bpongc déadhnach sin na beatha.
Budh mheata claon fann mánta agus budh bhuadhartha
Sátan an tan do-chonnairc móraithrighe Iob ag á chur féin
i n-oireamhuin do naomhthoil Dé iar gcailleamhuin a
mhaithios', a mhaoine is a shláinte i measg móirphiannta
dofhuilingthe géirnímhneach a chuirp go huile, líonta
don uile shórt uilc agus easláinte. Ní raibh freagra ag an
aithid árrachta so dochum a thabhairt ar Dhia an tan do
thaisbeáin do neart, cródhacht agus buan-tseasamh a
fhírsheirbhísig, acht d'fhuilig sé é féin go claon náireach


L. 128


beg-mhisnig arna mbeith a fhios aige gur buadhadh air
i measg an uile shórt mailísi dár thionnsgain. Ag sin
luaidheacht, tuilleamh agus tuarasdal na deighbheatha do
readas Dia trésan bhfóirneart dothugann dá dheighsheirbhíseachaibh
dochum buadh do bhreith ar ilchleasaibh an
ádhbharsóra i bpongc an bháis i measg a móirphiannta is
a ngéar-leanamhna, i gcoinnimh is i n-aghaidh gach
bárthuisle agus gach amuis dá dtugan a namhaid orra.



Agus is ceart iomchuibhe sin do dhéanamh do bhrígh go
mbainion le mórdhacht agus le mórmhaithios Dé luadhacht
saothair móráidhbhseach do thabhairt do na naoimh agus
do na fíoraoin do chaith a mbeatha le fóirneart iomshlán
a neirt agus a gcumais ionna sheirbhís agus ag fóghnamh
dho. Ar an adhbhar sin, iarna mbeith dhóibh i bpongc
dhéadhnach an bháis, arna dtímpchiolladh don uile shórt
buairimh agus neamhaitis, triallan Dia fána ndéin, dá
gcosnamh, dá gcaomhna agus dá bhforchoiméad léan' uilechómhachtacht
thréanchumais, dá gcóimhneartughadh
ionna luigíodhacht agus ionna míthreóir, ar an adhbhar,
do réir an Sgrioptúra i Leabhar na hEagna: Justorum
animae in manu Dei sunt, Sap.iii.1: go mbíd anama
na bhfíoraon i láimh Dé tréna n-úirísleacht agus a mórúmhladhacht
dá thréanchumas diadha, tré fhírthréigion an
iomshláine ar a shon agus tréna gcaoinoireamhuin neimheasbaghthach
dá naomhthoil, ar mhodh, an tan dothagan
an bás dá rochtuin, ná beirionn buaireamh a shoigheada
briochtfhaobhracha, cúngrach an éadóchais, ilchearda ná
mailís na ndiabhal ar aonchor greim ortha do bhrígh go
bhfuilid go bithshíor idir dhá láimh Dé, iona choimeirce
agus ionna chaomhnacht. Ó créad mar fhortún agus mar
chompórd bás d'fhagháil i n-ionnad cómh foirtil cómh
daingion sin agus mar atá ucht agus coimeirce Dé! Ó!
acht ní foláir buaintseasamh ann go síorraidhe agus gan
maireachtain go ceangailte don diabhal, don tsaoghal ná
don cholainn, ag siubhal tré shlightibh na nádúire, ag
leanamhuin do na claonta is ag calcughadh annsna
peacadhaibh.


L. 129


Ní raibh trioblóid, doghruinn, anfadh ná uathbhás
ar bith ar na trí hógánachaibh Eabhracha, Ananias,
Azarias agus Misael, an tan d'órdaig Nabuchodonozar
iad do theilgean san bhfúirnéis lasardha. d'fhuilingeadar a
gcosa agus a lámha do cheangal dá chéile, agus do ritheadar
agus do thrialladar i gcoinimh agus i rochtuin an bháis
go fonnamhar tré luathgháir, do bhrígh go rabhadar
neimhchionntach ag fagháil bháis mar ghrádh agus mar
ghean ar Dhia. Ó! Dobhí a fhios aco go maith ná
tréigfeach Dia choidhche an drong do-dhéanach fóghnamh
don Tighearna ar feadh a mbeatha. Fá dheóigh do chuir
an Tighearna aingiol fána ndéin dochum a gcabhartha agus
dá gcaomhna ar mhodh gur shéid na lasaracha uatha agus
nár loisgeadh oiread agus an ruainne budh lughadh dá
bhfolt ná snáithe dá gcuid éadaig. Níor leómhaidh an
teine baint leó ná fós doilbhios, doithchíos ná dobrón do
chur ortha, amhuil agus mar d'áitioghan an Sgrioptúir
Diadha é: Et non tetigit eos omnino ignis neque contristavit,
nec quidquam molestiae intulit, Dan.iii.50: “Agus níor
bhain an teine reó ar aonmhodh agus níor chuir doilbhios
ná dobrón ortha.”



Mar an gcéadna d'éirghe don fháidh bheannaighthe
Daniel an tan do teilgeadh i ndiaigh a chinn go huaidh
nó go pruathais na leómhan é. Ní raibh eagla ná faithchíos
ar bith air, ní mó fós do goirtigheadh é. Níor thángadar
na leómhain in' fharraid nó fána dhéin acht dochum
onóra, oghamóis agus urrama do thabhairt do, do bhrígh
go n-abair féin nár fríth aoinéagceart ann. Deus meus
misit angelum suum et conclusit ora leonum, et non nocuerunt
mihi: quia coram eo justitia inventa est in me, sed et coram
te Rex delictum non feci, Dan.vi.22: “Do chuir mo Dhia
aingiol agus do dhruid sé béal na leómhan ionnas nár


L. 130


ghoirtigheadar mé, do bhrígh gur fríth neimhchionnta
ionnam dá láthair, agus fós ad fhiaghnaise-si, a Rígh, ní
dheárna mé urchóid ar bith.”



Más drong nó daoine sibhsi atá neimhchionntach, lán
do ghrádh agus d'eagla Dé, ar dearglasa a' méadughadh a
ghlóire agus leasa bhúr n-anma féin, mar Ananias, mar
Azarias agus mar Dhómhnall, ní heagal díbh an bás ar
aonmhodh. Ní baoghal díbh fós saoighead, buairt, galar
ná cómhrac éislingtheach briochtfhaobharach ná foslongphort
ar bith eile dá dtabharfaidh fúibh ná dá gcuirfidh
le bhúr n-ucht dochum bhúr dtraochta, agus guirfidh Dia
sibh as an saoghal so, sásda i ngrásaibh Íosa Críost, lán
do luathgháir agus do shólás neamhdha. Agus muna
bhfuil aon read ionnaibh conntrárdha d'fhírcheart agus
do naomhthacht Dé, ní bhiadh a fhíorcheart ná a
naomhthacht sin conntrárdha dhíbhsi, agus biaidh sí ar
bhúr son .i. dá bhúr gcaomhna agus dá bhúr gcosaint
dochum luadhacht saothair na ndeaghoibreacha do-rineamhair
do thabhairt díbh. Glacaidh misneach maith ar an
adhbhar sin, leanaig na naoimh ionna ndeighbheatha, agus
muna ndearnamhair sin go so, tosnaighidh ó so amach
ar bhúr bpeacadha do thréigion, ag tabhairt cúil don
diabhal, don tsaoghal agus don cholainn, gan suim ná
éifeacht do chur i n-aon read acht i nDia agus annsa ghlóire
shíorraidhe. Agus i bpongc an bháis do-chífidhe agus
blaisfidhe millseacht agus maithios an Tighearna don droing
dhíreach dheaghchroidheach, amhuil agus mar chanas an
ríoghfháidh Dáibhíodh annsa .72.ps. agus annsa chéad
fearsa: Quam bonus Israel Deus his qui recto sunt corde!
“Ó créad feabhas Dé Israel don droing ag á mbí an croidhe
díreach aco!”



Ní bhfuil nídh ar bith san domhan is iongantaoi agus is
mó dh'alltacht ná fonnamhaireacht Isaac an tan budh
mhiann lena athair Abraham an ceann do theasga nó do


L. 131


bhain de, dochum d'éis na sacrafís go loisgfeach é mar
ofráil lán-íodhbartha do Dhia. Níor chuir an t-óigfhear
so i gcoinnimh a athar ar aonmhodh do bhrigh, cómh luaith
agus d'innis do gur mhaith le Dia é 'íodhbairt do, níor
chuir i n-aghaidh toile Dé, níor fhiafraigh amháin créad é
an fáth fár órdaigh Dia é 'chur chum báis ar mhodh cómh
éagsamhlach sin agus a athair féin dá dhíthcheanna. Do
ghéill chuige mar uan caorach, d'fhuiling a lámha is a chosa
do chuibhreach agus do chruaidhcheangal dá chéile agus
a theilgion ar chuail nó ar bhrosna connaig dochum a
dhubhloisgithe. Agus ar chúba a mhuinghíl go
húirísiol, d'fhuir agus d'fhan go foidhneach síothchánta
go mbuailfeadh a athair buille déadhnach an bháis air.
Ó créad mar úmhlacht iongantach agus mar fhonnamhuireacht
uathbhásaig! Do ghabh lean' ais a chur chum
báis le luathgháir, mar mhóroghmós agus lánúmhlacht do
Dhia agus ag méadughadh a ghlóire. Ó! d'fhuiling
an leanbh beannachtach agus an beagadán grásamhuil so
é féin do threasgairt agus do thaobhlot mar uan chiúin
tsimplidhe úirísiol, úmhal ollamh freagarthach do dheaghthoil
Dé agus dá athair! Dofríth an uile shórt deighthréighthe
ionna bhás do bhrígh go raibh grádh Dé agus
searc a mhuinntire ionna chroidhe ar feadh a bheatha,
Gen. xxii.7,8,9.



A bhráithreacha ionnamhuine, créad é an bás is dóith
libh d'fhagháil? Do-gheabhthaoi é do réir mar do
chaitheamhair bhúr mbeatha. Má mhaireamhuir agus má
chaitheamhair bhúr mbeatha mar ullghadhair, mar mhactíribh,
mar leómhain shanntacha uaibhreacha phoimpeamhla
fheargacha dhíothchoisge nó mar phórc mhuice
shailig thútaig sprionnlaighthe spadánta nó mar dheamhan
neamhchráibhtheach neamhaithridheach neamheaglach
roimh Dhia ná roimh dhuine, ní féidir libh gan bás d'fhagháil
mar ollghadhair, mar mhachtaoire, mar leóghan, mar


L. 132


mhuic, mar dhiabhal nó mar dheamhan, gan aithrighe,
gan suim i maithios Dé ná ionna thrócaire, i measg
gulghártha, béiceadha agus éadóchais. Mairigeadha agus
cathaig bhúr mbeatha ar feadh bhúr raé ar an saoghal so
mar uain neimhchionntacha nó mar chuilm nó cholúir
neimhfheargacha, lán do mhillseacht, do atruadh agus do
umhlaoidheacht, agus do-gheabhthaoi bás mar na naomh
dheaghfhoirtiúnaidh, lán do luathgháir agus do mhórdhóthchas,
lán do ghrásaibh, do ghrádh agus d'eagla Dé. Fá
dheóigh cathaidh bhúr mbeatha agus mairidh mar na
mairtíridh, ag leanmhuin, ag céimniughadh agus ag siubhal
ar coiscéimeadhaibh agus ar athanntaibh an tsaoisgéil mar
dheighChríostaighthibh ag buan-tseasamh is ag troid go
foirtil láidir ar son Dé 's a thiodhlaiceadha, ag tabhairt
do rogha an iomshláine do chailleamhuin seoch bheith
sgartha leis na grásaibh agus míréir an uile chréatúra do
dhéanamh seach fearg do chur ar Dhia, agus do-gheabhthaoi
bás mar na mairtíridh, lán do mhéid mheanman, do
luathgháir agus do ghrádh Dé, i nglóire na naomhchroiche,
i n-aondacht agus i gcruthmhalairt i n-Íosa Críost ár
Slánaighthóir. Arbh fhéidir libh bás nó críoch a
níbhus naomhtha, a níbhus breaghtha, a níbhus suairce
shuilbhire ionná é d'fhagháil? Feitheann an bás sin ar
an modh ar a gcaitheann sibh bhúr mbeatha. Dá bhrígh
sin, bíodh aire dhíthchiollach chianradharcach amharcach
agaibh air.


L. 133


AN DARA RANN



NA TOIRMISG DO BUDH CHEART DON PHEACACH DO
THABHAIRT FÁ DEARA AGUS BUADHCHAN ORRA
DOCHUM LINGTHE THÁRSTA DOCHUM TRIALLTA AR
NEAMH.



AN CHÉADCHAIBIDIL



do thaisbeánann an fóirneart ionganntach agus an buaireamh iomarcach
léna dtoirmiosgan ár ndeargnamhaid .i. an diabhal, sinn an tan budh
mhiann linn iompóghadh ar Dhia.



Budh dhaor do lámhaig agus do budh olc an ceann do
Chlainn Israel Pharao, Rígh uaibhreach annfhlaitheach na
hÉigipte, dá gcoingeamháil 'na sglábhathaibh agus i
ndaormhoghsuine le hoibreachaibh diana doichríochnaighthe,
ag dúbailt an chruatain ortha an tan do thuig
gomadh mhiann leó a thréigean ag dul ag íodhbairt don
Tighearna amhuil agus mar d'órdaigh Maoisi dhóibh do
dhéanamh, Exod.v.9. Ar an adhbhar gur órdaig an
rígh an duadh, an obair agus an sglábhadhacht do dhúbailt
ortha, ag éimeachtain agus ag tarang uatha gach congnamh
agus gach meadhon dá raibh aco roimhe sin dochum na
hoibre do chríochnughadh, ar mhodh gur cuireadh an pobal
bocht úiríseal annsa riocht budh chruadhálaighe neamhchompórdaighe
dá mb' éidir d'fhagháil.



Is fíghir é so agus is sómpla don mhíofhoirtiún do
theangmhas do na peacachaibh. Olc an ceann dóibh an
diabhal, dá gcianruagadh ó Dhia agus dá gcoingmháil


L. 134


anna bpeaca do ghnáth, dá múchadh i n-amhrógh an
tsaoghail nó i nglóire dhíomhaoin na colna. Acht an tan
is miann leis an bpeacach a thréigean dochum iompaighthe
ar Dhia, méadaigheann sé a fhearg, dúblaigheann a bhuaireamh
agus iompaigheann mágcuaird é, ar an adhbhar, an
uair sin, brostaighean a réasún, gríosan a thuigsin, corraigheann
a chlaonta, múisgleann míle toirmeasg agus docamhal
chuige ar mhodh ná fuil aon mheadhon ná fóirneart san
mbith ná cuardaighean agus ná loirgean dochum toirmisg
do chur ar an bpeacach dochum filte tar ais dochum a
leasa do dhéanamh. Dá bhrígh sin, is cómhartha dianmhaith
dhíbh oraibh féin an tan do bhraithfidhe go
mbiadh sibh i mbuaireamh, i dtrioblóid ná i dtiomptásúin
ar bith a níbhus mó ioná mar budh ghnáthach libh do
bheith, iar mbeith dhíbh fonnmhar dochum lingthe tar
cheangaltáin an ádhbharsóra, dá mbrise tré fhíor-iompóghadh
ar Dhia, do bhrígh gur cómhartha cinte dhíbh
gur bhuadhamhair air agus gur thréigeamhair a líonta
agus go ndeárna seision a dhíthchioll dochum cuibhreach
do chur oruibh. Glacaidh dóthchas maith agus misneach
chúghaibh ar an adhbhar ná léigfidh Dia do bhúr ndeargnamhaid
treise do bhreith oraibh má bhíonn sibh dílios do.
Acht fuaisgleóigh sibh ó ansglábhaoícht an pheaca tré
fhóirneart na ngrás mar d'fhuasgail Clann Israel tré shlait
mhíorbhuilig Mhaoisi.



Cómh luath agus do-rineadar na Gabaonítig síothcháin
agus cáirdeas le pobal Dé, d'éirgheadar na hAmarítig agus
na Canaanítig agus mórlucht adhbhalmhór eile dobhí
roimhe sin 'na gcaraid agus 'na lucht cabhartha agus
conganta aco dochum léirsgris agus díoghaltais d'imirt
ortha fán gcaradas sin do dhéanamh, Iosue x.5. Is lucht
cabhartha agus conganta agus caraid ionmhuin don diabhal,
don tsaoghal agus don choluinn sibhsi an feadh do


L. 135


mhairfidhe annsa pheacadh, i n-uaill, i saint, i ndrúis, i
gcraos, i bhfearg, i móirleisge bhúr n-anma do shábháil,
ag calcughadh ann gach uile shórt uilc agus feilebhearta
agus mí-bhéas eile iliomarcacha do-áirmhighthe. Cuimhnígí
agus bíodh a fhios agaibh go gcuirfidh an diabhal, an
saoghal agus an cholann cogadh agus géar-ruathar oraibh,
ag teacht i bhfoslongphort díbh tréna n-ilchleasaibh iomarcacha
dosgaoilte agus tréna mbuairimh neartmhara craostsloigitheacha
ealadhanta dochum bhúr leagtha, iar nglacadh
aithreachais díbh fá 'olcas agus do chaitheamhair bhúr
mbeatha, ag diúltughadh do na heascáirdibh réamhráidhte,
ag greamughadh do shlightibh Dé ó so amach is
ag céimniughadh go neamhmiollamach ionnta tré fhíor-iompóghadh
ar Dhia, ag geallamhuin go fírinneach gan a
fhearg do thuilliomh feasda, ag buantseasamh ionna
ghrásaibh, ag déanamh cáirdis agus muinntiorthais leis
tré shíoraithrighe atuirsig ar aithris na naomh is ar lorg a
ndeighthréighthe. Agus dá bhrígh sin is ceart oireamhnach
dhíbh sibh féin d'úmhlughadh agus d'úirísliughadh dá
láthair, lán d'eagla agus d'imshníomh roimh cheart-bhreitheamhantas
an Tighearna. Acht ná bíodh eagla
ná uabhain ar bith roimh na buarthaibh ná na hilchleasaibh
réamhráidhte úd oraibh d'éis Críost do bhúr ngabháil réan'
ais, ag dul fána choimeirce agus fána dhíon mar na
Gabaonítig do chóimhrith fá bhrataig chathbhuadhaig
thréanchumasaig Iosue. Agus do-chífidhe cad é a neartmhaire
threise thréine chumasaighe do thabhraidh Críost
lámh libh dochum lingthe thársta, dochum buadhchan
ortha go caithréimeach mar na Gabaonítig dothug léirsgrios
ar a ndeargnamhaid tré chomairce an chaithmhíle oirdheirc
Iosue.


L. 136


Adubhairt an ríoghfháidh Dáibhíodh i psalm
cxviii.106: “Do mhóidighis agus do chuireas
reómham ann mo chroidh, Ó a Thighearna, a bheith
fírinneach dhíbh agus bhúr n-athanta do chongmháil.”
Agus gan stad iona dhiaigh sin adubhairt arís: “Dobhí
mé go mór arnam úmhlughadh,” ib.107. Créad é an
fáth ionna raibh cómh húirísiol úmhal sin d'éis a churtha
roimhe bheith cómh díleas sin 'na sheirbhíseach ag Dia i
n-ionnad é do bheith cómh neartmhar coráisteamhuil
dochum sin do dhéanamh? Atá, cómh luath agus do
bhraith an diabhal gomadh mhiann leis a líonnta do shraca
agus linge trína cheangaltáin tré fhíor-iompóghadh ar Dhia,
do thur-thímpchioll ar gach taoibh é léan' ilchleasaibh
ealadhanta dochum gomadh mhóide d'fhéadfadh a leagadh
agus bárthuisle do bhaint as dochum aitheanta Dé do
bhrisi agus neamhshuim do dhéanamh dá dhlíghe.



Ní bhiadh sibh choidhche a níbhus mó ar bhúr
gcómhbhuaireamh le tiomptásúin ná toirmisg ag cur i
n-aghaidh na ndeighthréighthe ná an tan is mó bhus miann
libh iad do lorg, do leanamhuin agus do chur i ngníomh.
Agus fós ní raibh bhúr ngrádh agus bhúr ngean ar na
feilebheartaibh riamh a níbhus treise thréine chumasaighe
ionná an tan is lugha bhus miann libh a dtréigean ná
éirghe asda. D'fhuiling Mac Dé, Íosa Críost ár dTighearna,
ag Naomh Marc,c.ix.25, ar bheith dho ag díbirt an
diabhail as corp duine mhíofhoirtiúnaigh bhoicht dobhí
boghar balbh, d'fhuiling sé, adeirim, don ainspioraid
mhallaighthe so an truaghán tuibisteach úd do shraca, do
chiapa, do phianna agus do chéasa cómh iomarcach uathbhásach
sul do thréig sé é ionnas agus gur síliog é do bheith
marbh gan anam. Nárbh fhéidir le Críost do thabhairt
fá dearadh ar an ainspioraid so triall ón bhfear úd gan


L. 137


anfhorlainn ar bith d'imirt air? Dob fhéidir agus do-rin é
an tan budh mhiann leis a dhéanamh. Acht d'fhulaing
do an choraigheacht agus an iomarasgáil iomarcach sin
d'imirt air mar shómpla dhúinne i bpearsain an truagháin
úd dochum go dtugamaois fá deara ná corraigheann agus
ná buaireann an t-ádhbharsóir an t-anam i n-am ar bith
a níbhus mó ionná an tan bhíonn ar bruach é do bheith
sgartha leis trésan bhfíoraithrighe ag iompóghadh ar Dhia.
Ar an adhbhar sin, má theangmhann buaireamh ná
cathughadh ar bith oraibh, ná glacaidh míothapa ná eagla
ar bith roimh an ndiabhal, do bhrígh gur treisi Dia ionná é.
Guilidh ar Chríost, guidhgeadha é agus cuiridh bhúr
ndóthchas ann. Dá bhrígh sin díbreódhaig, diansgriosaig
agus cianruaigfig uaibh an deargnamhaid fhollas úd agus
tabhraidh díbh gan fuireach sláinte anama agus chuirp,
agus leighisfidh sibh go hiomshlán ón uile shórt galair
agus easláinte mar do-rin leis an bhfear úd dobhí ceangailte
cruadhchuibhrighthe ar dhéirnín ag an ndiabhal.



Tairgion agus sraoileann an leóghan a phroinn nó a
sholáthar go neamhthuairmeach neamhshuimeamhuil ionna
dhiaigh an tan nách baoghal leis aoinread dá bhain de.
Acht an tan do léigfeach neach air a fhuadach uaidh, is
tréan dian deithionsach díthchiollach d'iadhfach a chrobhanna
go hairciosach ionna thímpchioll lé hiomshláine a nirt
agus a chumais dá chongmháil. Mar an gcéadna do-ghnídhid
na fiacha dubha, na fiolair, na maictíreadha agus
gach beathadhach eile allta mórchraosach agus gach uile
eóin eile fheóil-itheach iomdha dá mbíonn ann. Och mo
chreach! Créad é an nídh an diabhal acht leóghan
craosach lonnardhach, machtíre fuathmhar neamhcharthannach,
fiach dubh diabluighe ifrinn agus fiolar
fuadaightheach neamhthrócaireach do choinnghionn sibh
go dian docht sithghreamaighthe dosgaoilte iona chrobhannaibh


L. 138


an feadh do mhairionn sibh annsa bpeaca, ag
géille agus ag úmhlughadh dá bhuaireamh agus ag leanamhuin
gach uilc agus gach feilebhearta agus gach sligh
eile thubaisteach dhonaoi dá bhfuláran oraibh do
dhéanamh. Agus an uair sin, iarna mbeith dhíbh
ceangailte ar dhéirnín aige, is cosamhuil go léigionn díbh
bhúr suaibhnios do ghlaca gan buairt, cathughadh, trioblóid,
doilbhios ná dobrón ar bith do chuir oraibh, acht an uile
shórt socamhuil, pléasúir agus méid meanman d'fhuráil
oraibh dochum cuimhne bhúr ndroichbhearta do ruagadh
uaibh go pongc déadhnach an bháis, ionnas go dtiocfadh
sé gan fhios oraibh agus go mbéarfadh ar sgórnaidh oraibh
agus go bhfuadódhach leis sibh gan ollmhughadh, gan
aithridhe, do láthair an bhreitheamhantais agus ón mbreitheamhantas
go lasaracha domhúchta ifrinn. Acht cómh
luath agus dothugann fá dearadh gur miann libh sibh féin
do sgaoile óna ghéibhionnaibh agus do réighteach óna
gheibhleachaibh, ag tréigion an pheaca agus ag cóimhrith
dochum na hairthighe, créad é an bhuairt, an trioblóid, an
buaireamh, an cathughadh, an teamptásúin agus an
docamhal do-innistiona ná teilgion oraibh dochum bhúr
gcongmháil i n-achrann agus i nglasaibh aige féin go
síorraidhe? Acht ar a shon sin agus uile níor chóir go
mbuaidhfeadh a ilchleasa ealadhanta oraibhse dochum
fanamhna annsa bpeaca, gia fionnas agus nách cumasach
é dochum fóirnirt ar bith ná cóimhéigin d'imirt oraibh, ó
atá sibh go bithshíor saor agus ar bhúr dtoil féin dochum
a thréigthe agus ó táid na grása dá síorfhuráil oraibh má
iarann sibh go friochnamhach croidheamhuil iad dochum
buadhchant ar an ndeargnamhaid so. Agus is leis sin
ná fuil sibh inleithsgéil ar aonchor acht inmhilleáin go
mór agus go cian cionntach má thréigionn sibh bhúr
ndeighmhéinn ná bhúr ndeighthréighthe, a' géille don olc
agus gan an aithrighe do chur ar ceal mar gheall ar a


L. 139


rádh go ndeárna an ainspioraid buaireamh, cathughadh ná
teamptásúin díbh dochum tuitim annsa bpeaca. Ó créad
mar do chlaonfaid na leithsgéil so sibh agus do chiontóghaid
do láthair Dé, dá bhúr ndamnughadh go pianntaibh
do-instionna géarfhulangtha ifrinn! Dá bhrígh sin déinigí
machtnamh díreach ar an mór-fhírinne so, tugaidh aire
dhíbh agus smuaingeadha ortha i n-am.



AN DARA CAIBIDIL



Ní ghníd na buairimh, na teamptásúin ná na cathaighthe do chuirionn
an diabhal ar an bpeacach inleithsgéil ar aonchor é.



Atá a sháirfhios agaibh gurab é an diabhal bhúr
ndeargnamhaid fhollas mharbhthach, do bhrígh sibh do
bheith cruthaighthe do réir dheilbh agus chosmhulacht an
Tighearna agus gurab é stuidéar Dé go cinnte gach uile
shórt maithiosa agus seirbhísi do dhéanamh dhíbh agus
coróinn na glóire do shocrughadh ar bhúr gcinn, noch do
chaill an t-ádhbharsóir tréna mhallaightheacht ar an adhbhar
nárbh fhéidir leis díoghaltas budh mhó do dhéanamh ar
Dhia (do bhrígh go bpianann a fhíorcheart go diachrach é)
ná a fhuath agus 'fhaltanas, 'fhala agus a fhíoch do
bhrostughadh go laethamhuil agus d'árdughadh dochum
íomháigh Dé atá ar an nduine iona chruthughadh do
léirsgrios agus do dhíthcheanna, do shraca agus do shraoille
as a chéile, ag tabhairt fá deara air an peacadh do dhéanamh.
Tugan fós a mhiosguis chum an duine air an uile shórt


L. 140


ilchleasa agus ealadhan, cumais agus fóirnirt (dá dtig leis)
d'imirt air dochum a thraochta, ionnas agus nách tiocfadh
leis dul i seilbh na glóire síorraidhe do chaill seision tréna
phoimp. Monuar! créad é an díthchioll ná déinionn
dochum ár gcaillte mar namhaid dho-iompathach fhíor-fheargach
nó mar árachtaidhe iongantach claonmhailíseach!
Cia fionnas agus gurab aithnid díbh ar an modh
sin é, créad é an fáth ionna n-éistean sibh leis ag síor-shéide
na locht annbhúr gcorpaibh? Créad é an fáth iona leanan
sibh a shlighte ag céimniughadh ionna órdaighthibh?
Créad é an fáth ná gabhann sibh conntrárdha dá rialachaibh
ag éimeachtain a thoile do dhéanamh? Ná fuil a dheibhinfhios
agaibh gurab é bhúr ndamaint is miann leis agus
ná fuil nídh ar bith ar a aire acht bhúr míofhoirtiúin
tsíorraidhe do theacht de? Nách sibh ar an adhbhar sin
na fionghalaidh, na cladhairí agus na mór-chionntaig fá
éisteacht ná cluas lé haire do thabhairt dá bhuairimh
dochum bhúr gcaillte agus bhúr léirsgrios tsíorraidhe do
theacht don chonntabhairt ionna gcuirionn sibh sibh
féin tré bhúr bhfonn agus bhúr gclaona dochum a thoile
do dhéanamh? Nách náireach mímheasda óinmhideach
amadánta an meas díbh oraibh féin leithsgéal bhúr locht
agus bhúr bpeacadha do ghabháil ag cur a mhilleáin ar na
teamptásúin do-ghnídheas an diabhal agus an t-ádhbhairseóir
díbh? Cómh math agus dá ndéarfach neach: “Do
ghabhas do chloidheamh ionnam féin do bhrígh gur
chómhairligh mo namhaid dam a dhéanamh.” Monuar!
Níor shaor an leithsgéal dothug Ébha do Dhia gurab í an
athair nimhe do mheall í, níor shaor í, adeirim, ó riachtanas
do bheith aice le haithrighe mhórosnadhaig thréindhíthchiollaig
fhadaradhnaig ghuirtdheóraig atuirsig do
dhéanamh ná fós Críost ó bhás d'fhulang ar chrann sganaileach


L. 141


na croiche ar bhúr son, Gen.iii.13. Machtnaighidh,
féachaig, breithnidhig ar an adhbhar sin agus tugaidh fá
deara gan bhúr leithsgéal do ghabháil ar aonmhodh ná
seasamh suas go cruadhmhuinéalach annsa neamhaithrighe
go haimsir an éaga.



Atá an t-ádhbharsóir, an diabhal, athair na mbréag,
cómh mór sin 'na namhaid aguinn ar mhodh go dtug
an bás dúinn uile ó thúis domhain i bpeaca ár gcéadathar
.i. Adam, sul rugadh sinn. An uair sin do léirsgrios agus
do thárnocht ó ár neimhchionntacht sínnseardha agus do
chianruaig ó pharthas sinn. Do chromnaisg agus do
cheangail sinn fá an uile shórt boichtineachta agus míofhoirtiúin,
agus annois tímpchiollan sinn ar gach taoibh agus
glacan léan' ais an uile shórt ilchleasa agus meabhlacht
dochum go dtabharfach fá deara oruinn sgaramhuin le
Dia tré raoba a athannta agus tré ár míréir dá naomhthoil
agus ag tréigion a ghrása. Do leath ár namhaid a líonta
go fóirleathan iomuinn dochum sinn do thraocha agus do
leagadh fá thromualach do-iongabhálta na bpeacadha,
dochum go dtabharfadh fá dearadh oruinn tuitim ionnta.
Do shíolchuir an tsainnt i measg lucht an tsaidhbhris; do
choimlisg an phoimp is an ghlóire dhíomhaoin leis an onóir;
do choimil an leisge leis an bhfuadar; do bhuair an
creidiomh leis an mallaightheacht agus do líon fhíor-adhracht
dhiadha leis an asarlaidheacht. Do-ghnídh fós
úsáid do gach nídh do bhaineas le Dia agus dá acfuinneadhaibh
dochum sinn do leagadh. Do-ghnídh toiltionaig
dínn do bhrígh gur trócuireach é Dia. Do-ghnídh anndóthchasaig
dhíothchoisgig chinntréana dínn do bhrígh
gur fadfhoideach fuilingtheach é. Do-ghnídh tarcaisnig
dhobhuidheachuiseach dínn do bhrígh go bhfuil Dia
fiúntach deaghthabharthais. Tugan fá dearadh oruinn
dia-aithis agus neamhshuim do thabhairt do na sacramuinteadha,
agus fá dheóigh ní bhfuil san mbith nídh ná


L. 142


hiompaghan ionár n-aghaidh dochum ár gcaillte. Agus
iona dhiagh sin agus uile, éistionn sibh lena mhealltóireacht
do bhúr mealla, cómh maith agus dámadh é bhúr
gcaraid ionmhuin é, gan a chianruagadh agus a dhíbirt gan
stad mar athair nimhe nimheamhuil nó mar ghríobh neamhdhuineanta
éadtrócaraig dobhiadh gach móimeant ar
tinnioll dochum bhúr dtreasgartha. Is cosmhuil ar an
adhbhar sin gur d'aonbhuidhin sibh agus gur miann libh
bhúr gcailleamhuin mar aon leis go síorraidhe gan tabhacht
do chur i gcomhairle Naomh Séam san gceathramha
caibidil dá litir agus annsa .7. fearsa: “Cathaighidh agus
troidig go calma tréanchumasach mórláidir i n-aghaidh an
diabhail agus teithfidh sé uaibh”, Iac.iv.7.



Do budh iontuigsiona díbh gur buairt, brionglóid,
taibhrighthe, cathaighthe agus teamptásúin gach nídh
do mheallfadh ná do chuirfeadh cluain ar an gcolainn ná
ar na siansadhaibh nó na céadfadhaibh, ar an adhbhar
gurab é obair, gnáthaighthe agus aire an ádhbharsóra
sibh do tharang chuige féin tré iomarca caoinis, seasgaireachta
agus caoinbhriathra. Do mheall an diabhal Eva
(an tan d'fhuráil uirthe ubhall na haithne d'ithe) lé dóthchas
ná fadhadh sí bás ar aonchor acht go mbiadh lán d'fhoghluim,
d'fhios, d'eagna agus d'eólas mar Dhia féin, Gen.iii 5.
Do mheall agus do tharaing Absolon Clann Israel ar
a thaoibh féin, agus air sin do mhairbh, do mheill agus do
léirsgrios armáil thréanchumasaig mhóráidhbhsig an rígh
oirdheirc Dáibhíodh deith míle fhithchiod i n-aonló díobh,
ii Reg. xviii.7. An tan budh mhiann le Cáin a dhearbhráthair
Abel do thorchur, do threasgairt agus do thaobhghoin,
do chuir cluain air dá mhealla leis fá uaigneas mhágha
mhín-sgotha lán-réig na tíre, Gen.iv.8. Do tharaing
agus do shraoill Core dá chéad dá lucht leanamhna, dá


L. 143


mealla leis 'na ndeighbheathaig go huaidh ghlonnmhar
ifrinn, Num xvi.33. Iar mhealla Sizara do Iael, ag
tabhairt leamhnachta léan' ól do gur thuit a chodla air,
gan stad do mhairbh é tré uisionaibh a chinn le tairinge
athgharbh iarainn dobhí ionna fhianbhoth féin, Iud.iv.21.
Ní bhfuil ionnta so uile acht fíogharacha nó cosmhúlacht
do mhealltóireacht an diabhail. Dá bhrígh sin,
tugaidh aire mhaith dhíbh féin agus ná léigidh dho buadh
do bhreith oraibh tréna mhealltóireacht, ag geallamhuin
pléasúir bhig dhiombuain an tsaoghail so dhíbh dochum
a leanamhna. Acht glacaidh critheagla cos agus lámh má
bhraithí aon tsaoidhille, luadhaill aigne ná méid meanma
fhollas ar bith a' greamughadh díbh d'fhaitchíos gomadh
bhuairt, brionglóid ná teamptásúin ar bith ón ádhbharsóir
iad.



Budh mhiann le hAon-Mhac Dé, Íosa Críost ár dTighearna,
Naomh na Naomh, agus budh mhaith leis
cathughadh, buaireamh agus teamptásúin d'fhulang dochum
curáiste agus foinn do chur orainne tréna bhuaireamh-san
dochum buadh agus treise do bhreith go croidheamhuil
cródha (ag leanamhuin dá shómpla-san) ar gach buairt,
trioblóid, cathughadh ná teamptásúin dá dteagmhadh
dúinn, Math.iv.1. Do thóg an diabhal leis é ar spíngc
uachtaraig an teampoill, agus annsin d'iar air é féin do
theilgean fá chlár talmhan. Créad é an fáth nár theilg
féin ar lár é gia fionnas agus gomadh chómhachtach é lena
bhreith leis gan a thoil? Atá dochum a thabhartha le
tuigsin dúinn gur féidir leis an mallaghthóir sinn do theilgion
i n-ócáideadhaibh agus i ndainséar an pheacadh do
dhéanamh, acht ní bhfuil ar gcumas do tréna thoil féin a
thabhairt fá dearadh orainn an peacadh do dhéanamh
muna toil linn féin é agus muna rabham fonnmhar dochum
tuitim ann. Is féidir leis ár gcomhairliughadh, ar
mbrostughadh agus ar dtarang chuige lena chuireadhaibh
searcamhla amaracacha caoinbhriathracha dochum a


L. 144


dhéanta, acht atá sé cómh lag tréith meirthneach míothapa
sin ná fuil neart ná cumas ar bith ann acht a bhfaghan de
uainn féin. Is donuighe tubuisteach doghrannach míofhoirtiúnach
an nídh dhúinn cabhair, furtacht, congnamh ná
fóirithin do thabhairt dár ndeargnamhaid dochum ár
gcaillte i n-ionnad sinn féin do dhíon, do theasargan, do
chosaint, d'anacal ná do chaomhna air. Ó a pheacacha
dúra cruadhmhuinéalacha neamhshuimeamhla! is míofhoirtiúnaig
mhóra agus is cionntaig sibh ó bheith ar lorg
agus ag cuardughadh i ndiaigh na mbuaireamh dochum
teamptásúin do chur oraibh féin. An é ná déingion sibh
é an tan d'fhéachan sibh ar neithibh le súilibh claona
mailíseacha, ag amharc go drúiseamhuil orra? An é ná
déingin sibh é an tan do chaithean sibh bhúr n-aimsir
ag léaghadh na leabhar graosda toirmisgthe i n-ionnad na
leabhar ndiadha? An é ná déingin sibh é an tan do
ghlacan sibh cúram phoimpeamhla uaibhreacha oraibh
do thairnngion go glóire dhíomhaoin sibh? Seachnaidh,
ar an adhbhar sin, fuaithígeadha agus tréigeadha gach
ócáid do-dhéanfadh buaireamh dhíbh, agus má curthar
cathughadh oraibh leath amuich don ócáid mar dh'imthig
ar Chríost ar an bhfásach, ná cuiridh suim ná éifeacht ann,
ag leanamhuin don tsómpla tug féin díbh san áit gcéadna.
d'iar an diabhal air annsan uaignios arán do dhéanamh do
na clochaibh; ní dheárna seision a chómhairle. Do iar
air é féin do chaitheamh do mhullach an teampoill; níor
éist leis. Agus fá dheóigh d'fhuráil air é féin do shléachtain
dá láthair agus adharadh do dhéanamh dho, acht do
chianruaig, do léirsgrios agus do dhíbir as a radharc é ionnas
gomadh éigion do teighthe. Déingeadha, a cháirde, gach
nídh conntrárdha do na cathaighthe mar do-rin bhúr
Máighistir Críost. Má bheirionn anuaill ná poimp greim
oraibh, úmhluighidh sibh féin; má shéidion gaoth anfath


L. 145


na sainnte annbhúr gcroidhtheachaibh, déingeadha trosga,
déirc agus úrnaighthe, agus ní bhéarfaid na teamptásúin
buadh oraibh, agus budh mór é bhúr luadhach saothair.
Ní fuláir go gcuirfiom ár muinghín agus ár ndóthchas go
teann i nDia agus ní fhuileóingfe ár mbuaireamh ós
cionn ár gcumuis, i Cor.X.13, ar chúntar go seachnógham
na hócáideadha agus go rabham dílios dár dtaoibh féin.



AN TREAS CHAIBIDIL



Ní bhfuil san mbith nídh is baoghalaighe dhainséirighe chailleamhnaighe
agus is measa ná comhluadar na bhfeilebheartach.



Ní bhfuil nídh san mbith is eaglaighe agus is conntabharthaighe
ionná an droch-chomhluadar ar an adhbhar
gur buaireamh, cathughadh agus teamptásúin ró-neartmhara
iad agus gurab deacra go mór buadhchant orra agus linge
thárrsa ná ar na huile amuis agus aimsighthe dá dtugann
an t-ádhbhairseóir oruinn. Ó is doilbh diachrach dian-bhristeach
croidhe leis ná déantar feilebheartaig díbhse
an tan do thaithigheann sibh cuideachta na ndroichbheartach
siúd fós agus gomadh naoimh sibh nó aingil. Agus
bíodh gur feilebheartaig sibh annois, ní bhfuil leasughadh
ionnbhúr gceann ná gairm tar ais oraibh choidhche nó go
dtréige sibh comhluadar na droch-chuideachtan. Ná
mealltar sibh ar aonchor tré mhéid bhúr bhfoghlamtha, tré
ghlinn-roisgeacht bhúr soillse, tré fheabhas bhúr gcéadfadha
ná tré naomhthacht bhúr ndeighmhéinne. Do cailleadh
an tríomhadh cuid do na haingil (lucht áitribh na
bhflaitheas) i gcuideachtain Lucifer, ag tuitim i méirleachas


L. 146


i n-aghaidh Dé tré dhrochshómpla na hainspioraide so.
An bhfuil sibh cómh glanrosgach, cómh foirtil agus cómh
naomhtha agus dobhádar na haingil? Is ró-fhada uaibh
é. Agus bíodh go rabhair, do budh eagal díbh agus budh
bhaoghal mór go dtuitfeadh sibh mar iad-san dochum bheith
i n-bhúr ndeargnamhaid ag Dia ó bheith i dtathaighe na
muinntire do leanas cómhairleacha an diabhail, ag maireachtain
do réir na colna, ar dheachtughadh shómpla
mhailísig an tsaoghail, ag céimniughadh ar chosán na
locht, ag codla i gcamchuan na n-olc ar bruach na deirce
ifrionnda nó go bhfuadaighthear go grinnioll innte iad.



An feadh do mhair Adam agus Ébha 'na n-aonar i
bparthas, dobhádar neimhchionntach éadmhailíseach i
gcomhluadar na n-aingiol, 'na luathgháir agus 'na mórthaithniomh
ag Dia. Acht cómh luath agus do-chuaidh
Eva i gcaoineas cómhráidh leis an ainspioraid, do thuit
sí óna príomhstaid, do thréig agus do chaill sí a breadhthacht,
a deallracht, a deiseacht, a gile agus a huile
sgéimheacht, agus ag labhairt lena céile, do cailleadh é
mar an gcéadna agus do thuit óna staid ionnracuis go
naimhdeacht easurramamhuil neamhmhuinntiordha agus
go heasúmhlacht neamhshuimeamhuil chadaránta eascáirdeamhuil
i n-aghaidh Dé, Gen.iii.7. D'iompaghdar
clann na naomh, agá ngairmthí clann Dé dhíobh do thoisg
naomhthacht a n-aithreacha, 'na ndia-shéantaig ag cur
cúil rena gcreidiomh agus ag leananhuin gach droch-dhéata
i gcuideachtain chlainne inghion Cháin dobhí 'na lántoiltinig
fheilebhéasacha tugtha don uile shórt uilc, mallaightheachta
agus feileghníomhartha. Budh mhór an cion,
an grádh agus an t-oghmós dobhí ag Ruben agus ag Iuda


L. 147


ar Ioseph mar gheall ar a athair Iacob. Acht ar a shon
sin agus uile, ar mbeith dhóibh i gcómhluadar a ndearbhráithreacha
dobhí fuathmhar feargach leis an neimhchionntach
bocht neamhmhailíseach so, do theilgeadar mar
an gcéadna, do chionntaigheadar agus do dhamnaigheadar
i n-aoinfheacht leó é agus d'aontaigheadar a dhíol mar
sglábhadha le ceannaighthibh strainnséartha, Gen.xxxvii.22.
d'iompaigh an rígh Achab cia go raibh
'na mhac annsa líne dhírig ag mórán do righthibh oirdheirce
deighchreidmheacha d'adhair agus dobhí 'na searbhóntaithe
ag an bhFír-Dhia, súd fós agus go raibh an fháidh
fhoirtil oirdheirc ghnímheáchta Elias aige dochum a
chómhairlighthe, ar a shon sin agus uile do thuit i n-íodhaladharthacht
i gcuideachtuin Iezabel, bean droich-chreidmheach
phágánta iodhaladharthach, III Reg.xvi.31.
Amharcaidh annois, féachaidh agus tugaidh fá dearadh
créad é a bhaoghaluighe maireachtuin ná bheith i measg
lucht na bhfeilebheart agus na ndroichghníomhartha, ag
coiméad cuideachtan dóibh. Glacaidh dá bhrígh sin eagla
riómpa más miann libh bhúr maithios tsíorraidhe do
theacht de: “An té bhus caraid do na droichbheathachaibh,
biadh féin i gcosmhulacht leó,” Prov.xiii.20; “An té
do bhainfeas leis an bpic, leanfa sí dá chuid éadaig,”
Eccli.xiii.1.



Do thuit Solomon fós, an té budh dhearsgna ghlanradharcaighe
thuigsionaghe fhoghlamtha dá raibh i measg
bhfear ndomhan, annsa mallaightheacht ionganntaig
úrghránna uathbhásaig so, ag losga incens .i. túis, agus
ag dóigh íodhbartha do na bréigdhéithe bodhra balbha do
bhí déanta do chloich nó do chrann agus ag adhradh na
ndeamhan, do bhrígh go raibh mórnuimhir do mhnáibh
íodhaladharthacha aige ionnar ghlac mórán taithnimh agus
pléasúir a bheith ionna gcuideachtain agus i gcomhluadar
leó, iii Reg.xi.7. Air mbeith do Naomh Peadair i measg
na soigheadóireadha do naomhaithis Críost, do dhia-aithis


L. 148


féin mar an gcéadna ar a n-aithris é, dá shéana an oidhche
chéadna do chómhghuidh in' fhochair i nGáirdín na
n-Oladha, iar gclos tseanmóra diolmhaisighe glórchaoine
as a bhéal beannaighthe ró-dhiadha tar éis an
tSuipéir Dhéighionaigh, an oidhche chéadna, adeirim, do
sgiumair, d'ionnlaigh agus do ró-nig a chosa agus tug a
chorp oirdheirc ró-naomhtha féin mar aon lena chuid fola
daorluaig mar phroinn do. Do gheall, do mhionaig
agus do mhóidig an ceannurraid so na n-apstal go bhfadhach
bás agus go bhfuilingfeach go ró-fhonnamhar toiltineach
croidheamhuil i bhfochair Chríost. Acht d'aimhdheóin
gach geallamhna agus móirléaspairt dá ndearna, do
shéan, do thréig, do dhia-aithis agus do léirmhionnaig ar
an bhfriotal is ró-lugha dár labhradh leis nár aithin a
Mháighistir do bhrígh é do bheith i gcuideachtain ró-mhallaighthe
thréanmhailísig na soigheadóireadha gceannaraiceacha
réamhráidhte sin, Math. xxvi.69,70,72,75.
Agus leómhan sibhsi agus curthaoi reómhaibh go díthchéillighe
meardhána maireachtuin, congmháil suas agus
seasamh go foistineach diongmhálta i measg an droch-chómhluadair
sin do thaithioghan sibh. An measan sibh
ar an adhbhar sin gur fonnamhaire neartmhaire threisi
thréine fhoirtillighe bhuaintseasamhla sibh féin annbhúr
gcreidiomh ionná Naomh Peadair? Nó go bhfuiltí a
níbhus eagnaighe ghéar-radharcaighe ghlanfhoghlamtha ioná
Solomon? Ná a níbhus naomhtha thréin-neartmhaire
chumasaighe ioná an oiread sin agus go leór eile do
mhór-sheirbhísig an Tighearna do cailleadh i measg na
droch-chuideachtan? Nách óinmhideadha ró-uaibhreacha
uathbhásacha sibh agus sin do mheas? Ná
tuillfeadh an aindréim mhallaighthe agus an anuaill
iomarcach so fearg Dé dhíbh, dá bhúr dtréigion go síorraidhe


L. 149


agus dá bhúr gcailleamhuin i n-bhár n-andánacht amadánta
óinmhideamhuil neamhthuigsionnta? Machtnamhaig,
amharcaidh agus féachaidh air sin i n-am agus glacaidh
go fáithghlic céillighe tuigsionnach chúghaibh gach cómhairle
do stiúróchaig sibh go cian ó chuideachta na bhfeilebheartach
agus do dhian-sgriosach uaibh gach meadhon do
threóireóch sibh dochum comhluadair do bheith agaibh
leó ar aonchor ná tuitim ionna measg.



Adeir Naomh Pól, I Cor.v.6, go ngéaraigheann beagán
don laibhín an t-arán go uile. Mar an gcéadna, loiteann
agus millean aoinfheilebheartach amháin go haoinreacánta
iomlán na cuideachtan iona mbíonn. Sleamhnuighean
agus rithion an t-olc asteach gan fhios gan aireachtuin
annbhúr n-anmnacha, tré bhúr súilibh, tré bhúr gcluasaibh
agus tré mhíle do shlightibh eile iomarcacha dochoimsighthe.
Agus an tan dobhíonn astig ar lóistín agaibh dá altrom,
ní deacra dhíbh an nimh d'ólfach sibh d'aisiog ná é do
dhian-sgriosa ná do chianruagadh asaibh d'éis a phriamhcha
do chur i n-achrann i n-bhár gcroidhtheacha. Bígeadha
ar an adhbhar sin ar bhúr n-aire agus bíodh a fhios agaibh
cia ar a gcuirfidhe taithighe. Seachnaidh, tréigeadha
agus fuathaighidh an uile fheilebheartach, na mallaightheóireadha,
na sgabhallóireadha, na mórthoilltinig, na
méirlig ná aoinneach eile dobhiadh 'na namhaid ná i
n-easgcáirdeas do chaondúthracht, do dheaghoibreachaibh,
do deaghbhóideacht ná do dheighthréighthe. Níor mhaith
le Sara ar aonchor go ndéanfadh Isaac cuideachta, caithiomh
aimsire ná cómhluadar ar bith do chongbháil d'Ismael do
bhí cheana 'na chrostóir mheabhlach, d'eagla go n-iompóghadh,
go loiteach ná go dtabharfach fá deara air
tuitim óna neimhchionntacht, ar mhodh ná raibh sásamh,
socamhuil ná suaibhneas ar bith uirthe nó gomadh éigion


L. 150


d'Ismael an teach do thréigionn. Ar mhodh gur órdaigh
Dia do Abraham (do-rin iomad dochma agus docamhuil
dá dhíbirt do bhrígh go raibh searc ainiomarcach aige ar
Ismael) a bhean do shásamh ar an bpointe sin agus Agar,
a bheansglábhadha, do dhíbirt agus a mhac Ismael mar an
gcéadna, Gen.xxi.12. Níorbh fhéidir le hÁirc an
Chonnrachta agus le hiodhal nó íomháigh Dhagon seasamh
i n-aointeach, I Reg.v.3. Más seirbhíseacha dílios ionnraic
do Dhia sibh agus gur miann libh a ghlóire do mhéadughadh,
ní féidir libh maireachtain, cothughadh ná fulang i
measg cuideachtan na bhfeileghníomharthach acht amháin
muna mbiadh sibh ar tí a dtairngthe dochum a leasa do
dhéanamh, agus cionnas dothiocfadh sin libh muna
n-iompóghadh sibh féin ar dtúis? Ó monuar! Glacaidh
uabhain agus eagla mhór sibh do bheith a níbhus measa
agus a níbhus ceann-tréine chruadhchroidhthighe go
fada ná iad san, do bhrígh gur fusa lenár nádúir lochtach
bhriste chlaon shoibheárnaighthe tuitim ná éirghe, gur
fusa lé lot, cneadh agus gearadh do ghlaca agus d'iompchar
ná leigheas d'fhulang ná do ghlaca air, gur fearr lé sleamhnughadh
a' ruille ruaille ar lochán fíordhoimhin na locht
ionná buadhchant ar an olc a' greamughadh do subháilceadhaibh.



AN .4. CAIBIDIL



Más miann le neach a leas do dhéanamh agus teacht dochum maithiosa,
ní fuláir dho cuideachta na bhfeilebheartach agus lucht na hurchóide do
thréigean agus do sheachnadh.



Is róimhinic is cionntach na drochdhaoine agus lucht na
hurchóide le díoghaltas trom agus léirsgrios ionganntach do
thuitim ar na deaghdhaoine neamhurchóideacha an tan do


L. 151


lonaighid lucht na deighmhéinne iona measg ag coiméad
cuideachtan ná cómhluadair dóibh. Is mar sin dóbair
go gcaillfidhe armáil chathbhuaidh cheanntréana mhóirneartmhara
Chlainne Israel tré mhéirliochas aontsoigheadóra
amháin dárbh ainm Achan, ag tabhairt easamhlacht
do Dhia agus ag cur neamhshuim ionna reacht, Ios.vii.26.
Is beag nár sloigeag fá thonnaibh mór-rabhartha tréanchuthacha
na mara fairsinge géaranfathacha fíordhoibhnne
tré éigean storma na máirnéalaigh do ghlac Ionas ar bórd
chúcha ó é do bheith i gcuideachtain agus i n-aointslighe
leó, tré a easúmhlacht do Dhia, ag éimeachtain a thoile do
dhéanamh, ar mhodh ná raibh aon tsuaibhnios ná
réighteach aco ó aintséide na garbhghaoithe ná sgíth ar an
bhfairge nó gomadh éigean dóibh a theilgean i ndiaigh a
chinn ar fad síos fán gcuilighthe, Ionas i.15. Tugaidh
fá deara agus machtnaghaidh go fírinneach créad é a
dhainséaraighe, a bhaoghaluighe, 'eaglaighe agus a
dhíobhálaighe mar nídh bheith i gcuideachtuin na ndrochdhaoine
ná cómhluadar ar bith ná cumann do bheith leó.



Níor mhaith le Iacob agus níor mhiann leis ar aonmhodh
bheith i gcuideachtain ná i gcómhluadar a dhearbhráthar
Esau, ar a shon gur ghuidh Esau é agus gur iar air teacht
go minic dochum na críche sin, ag tairgsin gárdadha ró-fhádhbharacha
dho dochum a chaomhnaighthe agus a
choimeirce ar gach olc ar bith corpardha dá dteangmhach
do, ar an adhbhar go gcuirfeach seasamh agus pearsa Esau
(peacach agus deargnamhaid Dé) do thoirmeasg agus
d'éadualang air neimhnídh do dhéanamh dá ghníomharthaibh
deaghbhóideacha caondúthrachtacha agus gomadh
fhéidir go dtairngeódhach agus go dtuitfeadh mallacht agus
móiriríre an Fhírchirt Diadha ar a mhullach dá gcoinnmheadh


L. 152


cuideachta dho, Gen.xxxii.8. Cianruaigeadha ar an
adhbhar sin i n-imchian uaibh na mallaightheóireadha
neimdhiadha, na huaibhrig, na sainntig, na drúisig, na
méirlig, na craosaig, na bitheamhnaig, na toiltionaig chlaona
agus gach n-aon don aicme sin d'eagla bhúr dtraochta mar
aon leó i n-ifrionn ná go gcuirfidís toirmeasg ar na grásaibh
ró-naomhtha budh dheóghnaightheach le Dia do dhorta
oraibh agus do bhronadh dhíbh dá dtréigfeach sibh
cómhluadar na n-uile neithe dothabharfach fá deara
oraibh a fhearg ná a dhobhuidheachas do thuilliomh ná
gan a thoil ró-dhiadha do dhéanamh do réir mar budh
chuibhe.



An feadh do mhair agus d'fhan an pátriarc Abraham i
gcríoch na Chaldea, a dhúithig ceart dílios féin, ní thángadar
na haingil dá fhios ná ar cuaird chuige agus ní
mó dofuair oghamós, gradam ná fádhbhar ó neamh mar
budh ghnáthach leis. Ní fheacaidh fós Maoise taisbeánadh,
taidhbhrighthe ná aislingeadha neamhdha ar bith ó neamh
an gcian do chaith aimsior i gcúirt Pharao i measg na
n-urchóideach feilebheartacha droichmhéinneacha, ag
coiméad cuideachtan dóibh. Acht ní luaithe d'imthig
Abraham agus do thriall as an ndúthaig íodhaladharthach
ionna rugadh é ná dothángadar na haingil dá fhios agus
ar cuaird chuige agus dá choimhdeacht anns gach slighe dá
ngabhach sé, Gen.xii. Agus Maoise mar an gcéadna,
iar ndul do annsan uaigneas san bhfásach agus ar thréigion
an tsaoighil agus gach nídh dá mbainean leis, do-chonnairc
an tum loisgneach nó an sgeach thinteamhuil, do labhair
leis na haingil agus do-rineadh árdtaoiseach, tréoraighe
agus uachtarán tréanchumasach ar champadhaibh an
Tighearna dhe agus Dia ós cionn Pharao, Exod.iii.
Más miann libh grása pairticúlártha speisialta d'fhagháil ó
Dhia agus leanamhuin díobh, seachnaidh, tréigeadha agus


L. 153


séanaidh an droch-chómhluadar. Ná stadaidh ionna
bhfochair ná i gcuideachta na bhfeilebheartach míbhéasacha
d'eagla bhúr mbeith dúr docht cruadhmhuinéalach mímhéinneach
droichbheathach mar iad go malluighthe.



Níor aithin an fear úd dobhí dall ó bhroinn, ar mbeith
dho i measg na bhFairisíneach, Críost ar aonchor; ní mó
budh dheisgiobal do é, siúd agus go dtug do a radharc
agus gur leighis go míorbhuilleach é, nó gur dhíbreadar na
Fairisínig agus gur chianruaigeadar óna gcuideachtain
é mar neach choinneallbháidhte ar a mbiadh bang eaglaisi.
Agus annsin do theangaidh do agus do sheas as a chómhair.
Dothug fá deara air é d'aithinnt agus d'adharadh, agus
do ghlac fána choimeirce go diolghrádhmhar é mar aon dá
dheisgioblaibh searc-chumanacha fíormhuinteartha, Ioan.ix.
Mo thruadh ná leirsgriosan agus ná díbreann
lucht na hurchóide sibhse óna gcómhluadar amhuil agus
mar do-rineadar na Fairisínig leis an ndall mar gheall ar
Chríost dá leigheas! Agus do-chídhfidh sibh féin créad
áidhbhseacht, líonmhuireacht agus méid na ngrás do
dhoirtfeach Dia oraibh dá chionn. Acht ná fanaidh
lenabhúr ndíbirt. Teithig féin i n-am mar ghrádh do
Dhia agus mar leigheas ar bhúr n-easláinte. Muna mbiadh
gur thriall agus gur imthig an bhean Chanaainíteach ó lucht
na gcathrach mallaighthe Tyre agus Sidon agus gur theith i
n-imchian ó theórannaibh na dtalamhuinte íodhaladharthach
so, ní bhiadh cómh foirtiúnach deaghuaireach sin
agus Críost d'fhaicsin ná labhairt ris, agus fós ní éisteach
réna húrnaighthibh agus ní bhfaghadh an athchuinge
d'iar air, Math.xv. Más miann libh aithne do chur
ar Chríost agus leigheas ghalar iomdha mórnuimhreacha
dainséaracha bhúr n-anma d'fhagháil uaidh, fágbhaidh
cómhluadar na n-urchóideach, séanaidh glóire dhíomhaoin
agus míghníomhartha an tsaoghail, tréigeadha gach ócáid


L. 154


do chuirfeach fearg ar Dhia, ciansgriosaig agus díbrig
uaibh bhúr ndroch-chlaonta agus bhúr ngnáithpheacadha,
agus sábhálfadhar sibh. Muna méinn libh sin do dhéanamh,
éirgheóchaidh bhúr n-uilc ós bhúr gcionn agus béarfaid
buadh oraibh, agus tuitfighe go laothamhuil dochum bheith
a níbhus measa go mór agus níbhus cionntaigh i láthair
Dé.



Ar dtiomarga agus ar chnuasach do Shául ar armáil
iomarcaig chinntréine mhórghuilig ghaisgeamhuil ar dheachtughadh
Dé i n-aghaidh na n-Amalecíteach dochum léirsgris
d'imirt orra, do chuir sgéala agus teachta dochum Cinoen
dobhí ionna measg a bheith ar siubhal agus triall uatha
d'eagla a chaillte mar aon leó san árghoin agus annsa
díthcheanna d'imeóghach agus do thuitfeach orra, Reg.xv.
Do thoguir an Fírcheart Diadha agus do chur
roimpe na feilebheartaig agus lucht na n-olc agus na
hurchóide ná cuireann suim i nDia ná i leas a n-anma do
threasgairt. Agus do shocraidh a shoigheada neimhtheibightheacha
iona bhoghadh cruinnbhuilleach fírdhíreach
dothabharfas an bás síorraidhe do gach n-aon dá gcaithfiodhar
iona ndáil iad ná dá mbainfid leis, Ps.vii.13-14.
Agus monuar! sin do na peacachaibh cruadhmhuinéalacha
neamhaithrigheacha cinntréana neamhfhonnamhara dochum
iompaighthe ar Dhia atá ag síorghlaodhach agus dá
iaraidh orra sin do dhéanamh. Coiméadaidh oraibh féin
ar an adhbhar sin agus bígeadha ar bhúr n-aire, do
bhrígh má lonaighean sibh iona measg gomadh eagal díbh
bheith mar iad léirsgriosta go bithshíor as radharc an
Tighearna, ó shuaibhneas chaoimhneasa na cathrach
neamhdha, ó ghrádh, páirt agus muinntearthas ár Slánaghthóra,
Íosa Críost ár dTighearna, agus ó chómhluadar na
n-aingiol. Is mar sin d'éirigh don dá chéad pearsa dobhí
i bhfochair Chore do sloigeadh 'na ndeighbheathaig go
huaidh ghlonnmhar ifrinn, Num.xvi.31-33. Do dóg,
do greadag, do dubhloisgeadh agus do-rineadh luathráin


L. 155


le tréancheathaibh fearthanna raibhe agus brimstóin chaorlasaracha
theintighe ó neamh do na fir dobhí dochum
bheith 'na gcliabhnaighthe ag Lot mar aon leis na Sodomítig
an tan nár mhiann leó a gcuideachta do thréigean ar
chómhairle na n-aingeal dothug rabha dhóibh. Agus níor
lugha le Lot, léna mhnaoi ná léna chloinn inghion é; do
caillfidhe iad mar an gcéadna go míofhoirtiúnach muna
mbiadh a luaithe do thrialladar ar a' ndeaghuair go tapa
mear léirdhíthchiollach ar fhoinnsiughadh an lae i n-imchian
ón gcathair ar fhuráileamh na n-aingeal, Gen.xix.14.
Créad é bhúr réasún gan uamhan, eagla agus imshníomh
do bheith oraibh i measg na bhfeileghníomharthacha, cia
fionnas agus gur baoghal sibh do thuitim i gcuideachta na
ndeighbheathach, amhuil agus mar d'imthig ar Iudás do-chuaidh
i méirliochas agus i n-éadóchas i gcómhluadar na
n-apstal mbeannaighthe?



AN .5. CAIBIDIL



Is ró-mhór an toirmeasg do chuireann buairt, achrann agus ceannairig
chómhluadair an tsaoghail so ar neach iompóghadh ar Dhia.



An tan budh mhiann le Eliseus mac an tSunamítig
d'aithbheódhchant, d'órdaig do gach n-aon dá raibh san
tseómradh mar a raibh an marbh dul amach, agus do
dhruid an doras iona ndiaigh, agus annsin, ar mbeith dho
in' aoinfhear in' fhochair, d'aithbheódhaig agus do thóg ón
mbás é. iv Reg.iv.32. Atá sibhsi marbh tré bhúr
bpeacadha iliomarcacha gráineamhla. Is éigion do Dhia,
ar an adhbhar sin, mór-mhíorbhuill iongantach do dhéanamh
annbhúr gcáil dochum beatha na ngrás do thabhairt díbh
tréna chómhluadar. Ní fuláir dho bheith in' aonar annbhúr


L. 156


bhfochair. Ní fuláir díbhse fós mar an gcéadna bhúr gcúl
do thabhairt do shocamhlacht an tsaoghail mar aon lena
chuideachtain agus cur suas d'aimsighthibh an diabhail
agus d'aoibhnios na colna, agus go n-iaidhfidh sibh dóirse
fóirleathana claona bhúr gcogúis chealgaigh ionna
n-aghaidh dochum bheith annbhúr n-aonar i bhfochair Dé,
an té sin do chruthaig sibh.



Do sheinnidís agus do shéididís sagairt íomhágha Bhel
galltrompadha agus do bhuailidís dromadha ag déanamh
fothroim agus fuarmála iongantaig ar mbeith dhóibh ag
íodhbairt naoidhean agus ag ofráil leanbh do loisgidís 'na
ndeighbheathaig don íodhal chéadna sin, d'eagla go gcluinfeadh
aithireacha na leanbh sin a ngulghártha ná a dtrom-bhéiceach
annsna pianntaibh iomarcacha neamhdhuineannta
éagsamhail sin agus go dtiucfaidís fána dtuairim tré
chompáis agus atruadh dochum a bhfuasgailte as an
anfhorlainn deachrach sin iona mbídís. Ó mo dhianchreach
atuirseach ghuirtdheórach! Íodhbrean, bronann
agus ofrálan sibhsi bhúr n-anma do chosain fuil
daorluaidh Íosa Críost ár dTighearna do dhiabhal an
uabhair, na huaille agus na poimpe, d'ainspriod
na sainnte, an chraois agus na drúise, agus do dheamhan
an fhuatha, na miosguisi agus na hanntoile, dá ndóith agus
dá ndianlosgadh i lasaracha domhúchta na feirge, an
chadruinn agus na cadabhuaice. Atáid go cráidhte
céasda greadaighthe, ag gul, ag caoi agus ag gearán oraibhsi,
ag tabhairt milleáin díbh mar is cuibhe tré olcas bhúr
gcoinnsiais. Acht cuireann fogharmhongar, fothrom agus
fuaim ghlórtha an tsaoghail, tathuidhe an chómhluadair
agus taithneamh na saobh-nidhthe do leanann sibh, go
diolghrádhach searc-chumannach dá lorg, d'éadualang


L. 157


agus do thoirmeasg oraibh gan a gclos, ná staid ghlonnmhar
dhorcha iargcaoineach bhur ndroch-chogúis do thabhairt
fá deara. Nó más léir libh iad, ní chuirionn sibh suim
ná éifeacht ionnta, acht go síorraidhe dhá dtachta le hainiomarca
bhúr locht agus bhúr bhfeilebhearta, agus mar sin
nách miann libh a niamhghlana ná a sgiomara tré shrothaibh
uisge íocshláintig na haithrighe, nó gur baoghalach a
mbeith caillte go bithshíor i lasarachaibh domhúchta
géirnimhneacha ifrinn tré bhúr neamhshuim agus bhúr
neamhfhonn dochum bhúr leasa do dhéanamh. Machtnaighidh
agus tugaidh fá deara na briathra so do labhraim
ribh. Triallaidh ar feadh sealaid aimsire ar fhásach iarthair
uaigneach bhúr gcogúis, ag glinnfhéachuint agus ag mionbhreithnioghadh
ar bhúr mbeatha lochtaig dochum gomadh
léir dhíbh go fírinneach staid thiubuisteach bhúr n-anma
dochum leighis d'fhagháil ón bhfírliaig orra.



d'fhan inghion phrionnsa na sionagóige marbh nó go
dtug ár Slánaghthóir fá dearadh na píopaireadha agus an
chomplucht uile dobhí ag déanamh buartha agus gáróide
annsa tseómra iona raibh do dhíbirt. Agus 'na dhiaigh
sin do leighis agus d'aithbheódhaig í, Math.ix.23,25.
Ní aithbheódhfar sibhse choidhche as suan marbhthach
bhúr bpeacadha agus ní múisgleódhfar as bhúr gcleachtaoi
taithightheacha ná as bhúr ndroch-chlaonta mallaighthe
feileghníomharthacha sibh nó go dtreigfidhe ceól, spórt,
luathgháir, méid meanman agus caithiomh aimsire
saoghalta agus go dteithfighe i gcian ó chómhluadar na
cuideachtan do-bhéarfadh cúis díbh a bheith annbhúr
ndeargnamhaid ag Dia, dá bhúr dtoirmeasg ar na deigh-ghníomhartha
dochum iompaighthe air.



Do threóraig agus dothug Íosa Críost ár dTighearna an
truaghán bocht míofhoirtiúnach úd an tsuibhsgéil dobhí
boghar balbh agus agá raibh an diabhal ionna chorp, leis
amach ón gcóimhthionól dochum a leighiste, agus do
labhair leis in' aonar go haoinreacánta agus sin i n-ionnad


L. 158


deighilte agus i bhfód fá leith ón bpobal: Et apprehendens
eum de turba seorsum, Marc.vii.33. Dobudh fhéidir
leis a shlánughadh agus a leigheas i measg na ndaoine
cómh maith agus do-rin in' aonar acht gomadh mhiann
leis trésan ngníomh sin a chuir i dtuigsin dúinne go gcuirean
buairt, achrann agus cionnairic chómhluadair an tsaoghail
so, cúl-iompóghadh ó Dhia agus aghaidh-iompóghadh,
ceangal, searc agus grádh ar an gcréatúir, stopa agus
toirmeasg mór oruinn gan leigheas d'fhagháil ar aicídeadhaibh
spioradálta ár n-anma.



Ar ndul do Ghedeon ag troid, ag cogadh, a' coinbhliocht
agus ag coimheasgar (ar dheachtughadh an Tighearna) i
n-aghaidh na Madianíteach, do ruaig, do chian-sgrios agus
do dhíbir óna thrúpadhaibh gach n-aon dár léig a ghlún
faoi ar an dtalamh ná do stad ag an abhuinn ag ól uisge,
do bhrígh gur chómhartha lag meirthneach leisgeamhuil
míothapa neamhshuimeamhuil é, cia fionnas agus gomadh
fhéidir leó an t-uisge d'ól dá mbasaibh 'na seasamh iona
ngluaiseacht. Cumque descendisset populus ad aquas dixit
Dominus ad Gedeon: Qui lingua lambuerint aquas sicut
solent canes lambere separabis eos seorsum; qui autem
curvatis genibus biberint in altera parte erunt, Iud.vii.5.
D'éis na méirthneach lag míthreóireach neamhfhonmhara
agus na bhfuadrach teann bhforusda láidir do dheighilt ar
an modh sin ó chéile, do bhuaidh an captaoin oirdheirc
tréanchródha caithmhíleadh mór-neartmhar so ar a
namhaid ar mhodh aidhbhéil ionganntach mhóirmhíorbhuillig
ar a shon ná raibh ar a thaoibh acht fírbheagán
.i. trí chéad fear d'ól an t-uisge dá mbasaibh, amhuil agus
mar adubhairt an Tighearna leis annsa .7. fearsa: Et ait
Dominus ad Gedeon: In trecentis viris qui lambuerunt aquas
liberabo vos, agus go raibh mórnuimhir neamhchoimsighthe
dá easgáirdibh ar an dtaoibh eile as a chómhair iona
seasamh ar an machaire in' aghaidh. An miann libh buadh


L. 159


agus treisi do bhreith ar an ndiabhal, ar an saoghal agus
ar bhúr nádúir chlaon shoibhriste shoibheárnaighthe féin?
Más maith, cianruaigeadha, díbrig agus sgriosaig i n-imchian
uaibh gach uile charaid tsearcach agus duine muinnteardha
don tsaoghal ná dobhiadh buaintseasamhach ceangailte
ann, ná meiletheóireadha dobhiadh ar tí bhúr meallta
agus an uile dhuine do-bhéarfadh drochshómpla ná
drochoideas dhíbh tré bhréithre, labhartha ná gníomhartha;
ós cionn an uile nídh, bíodh eagla, uamhain agus faitchíos
oraibh roimh an ndroch-chómhluadar.



Do thuit Iudas mac Iacob i bpeaca cuil lé bean a mhic
tré chómhluadar nó tathaighe do chur uirthe, nídh dobudh
fhéidir leis do sheachna. Quam cum vidisset Iudas,
suspicatus est esse meretricem: operuerat enim vultum suum
ne agnosceretur, Gen.xxxviii.15. Do thuit Amnon
fós annsa pheaca ghráineamhuil uathbhásach mhallaighthe
chéadna sin lena dhearbhshiúr féin Thamar trésan droch-chuideachta
do choinnimh dhi, dá tarang dochum an
fheileghnímh sin, ii Reg.xiii. Budh chosamhuil gur
chaill Mac Dé, Íosa Críost ár dTighearna, féin a chlú agus
a dheightheist i measg na bpuibliocánach agus na bpeacach
eile dobhí sé ar tí do tharang ar a leas ó gach olc agus
dubháilceadha dá rabhadar tugtha, cia fionnas agus gur
cuireadh 'na leith a bheith iona fhear carabhuis agus meisge,
lán do shearc d'fhíon agus do ghrádh do chómhluadar
do chongbháil do na puibliocánachaibh. Agus is leis sin
adubhradar na Pharaisínig leis na deisgiobla, Math.ix.11:
“Créad é an fáth ionna gcaitheann bhúr Máighistir-si
a phroinn maille ris na puibliocánachaibh?” Má bhíonn
sibh go minic i measg na droch-chuideachtan, caillfighe
innte grása Dé, na deighthréighthe agus gach subháilce
eile dá bhfuil agaibh, nó is baoghalach sibh bhúr gclú dá
bhúr dtréigean i n-ionnad deaghcháil d'fhagháil díbh, nídh


L. 160


do budh cheart díbh do chongbháil gan tuisle, gan toibhéim,
ní ar bhúr son féin go haoinreacánta acht ar son glóire Dé
agus tairbhe agus maitheas na gcómharsan.



AN .6. CAIBIDIL



Ní fuláir go gcuirfeadhar suas agus go dtréigfighear go hiomlán slighte,
riaghlacha agus saobhshómpladha an tsaoighil go huile dochum iompaighthe
go maith foistineach diongbhálta ar Dhia.



Is beannaighthe deaghfhoirtiúnach an té ná mairionn do
réir cómhairle ná teagaisg lucht na mallaightheachta ná
na míghníomh, do réir Dháibhíodh Rígh: Beatus vir qui
non abiit in consilio impiorum, Ps.i.1. Mo dhiombádh!
Is mó go mór nuimhir na n-urchóideach agus na bhfeilebheartach
ná na ndeighthréightheach bhfíoraonda, ar an
adhbhar go bhfuil sé arna sgríobhadh go bhfuil nuimhir
na bpeacach atá 'na ríoghóinmhideadha agus 'na n-amadánaibh
dochoimsighthe, Eccles.i.15. Má leanann sibh a
gcómhairle ná a sómpla, ní iompóghaidh sibh ar Dhia go
fírinneach díleas fírcheart choidhche ar aonchor. Adéarfaidh
an saoghal meangach buadhartha saobhchleasach libh nách
fuláir dhíbh déanamh go súghach, nách fuláir dhíbh
maireachtuin agus bhúr mbeatha do chaitheamh dá réir
agus bhúr n-aoibhneas agus bhúr bpléasúir do ghlaca,
agus go ndéingean an domhan uile amhla é. Is fíor sin
agus is amhla do réamhráidh ár Slánaightheóir é ag
Naomh Eoin san xvi.20. Ní iaran an saoghal agus
ní loirgion aoinread acht súbhchas, soilbhreas, compórd,
ceól, oirfideas aoibhneas, méid meanman agus socamhal,
agus gach mín-tslighte saobhnósacha eile dá samhail do
leanann é. Ar mhiann libh go fírinneach an saoghal do


L. 161


leanamhuin agus maireachtain dá réir? Más miann, ní
bhfuil ann acht dall do threóróghchas sibh go bruach
pruathais neamhshoillseach ifrinn. Ní bhfuil ann acht
droichphiolóide do stúireóghaig sibh dochum loingbhrise
do dhéanamh agus dothabharfas fá dearadh oraibh bhúr
n-earadha daorluaig go huile do chailleamhuin san anfadh
go hiomlán. Ní bhfuil ann fós acht liaig d'órdaigh nimh
dhíbh agus aisnic do ghlaca mar leigheas, do bhrígh gach
n-aon do lean do shlightibh an tsaoghail gur cailleadh go
míofhoirtiúnach tiubuisteach iad. Do lean Cáin é: do
mhallaig Dia dhá chionn é, Gen. Do leanadar na fathaig é
agus do bádhag iad, Gen.; do thuiteadar caora teinntighe ó
neamh ar na Sodomítig, Gen.; do múchadh Pharao fá
thonnaibh na Mara Ruadh, Exod.; do craostsloigeadh
agus do súghadh fán dtalamh Core agus Datan, Num., ar
an adhbhar gur leanadar don tsaoghal, dá aoibhneas agus
dá ainréim. Machtnaighidh ar bhúr mbéasaibh, tugaidh
fá dearadh cá hionnad ionna bhfuil bhúr dtriall agus
féachaidh ar bhúr stúirtheóir ar an adhbhar go n-abair
Mac Dé annsa tsuibhsgéal, má bhíonn dall i gcionn daill
dá stiúrughadh, go dtuitfid araoin san deirc, Math.xv.14.



Dá ndéarfach neach go mairion i n-uabhar, i luaghaill
is i bpoimp, i bpléasúr, i gcaitheamh aimsire, ag ól, ag
cearúchas agus ag imirt, i saint, i ndrúis agus i bhfeilebheartaibh
do bhrígh gurab amhla do-ghnídheas an saoghal
go huile é agus gach n-aon dá mbíonn ann, is currthach
ró-mhór agus is cionntach iongantach é ar dhá mhodh.
An chéadmhodh do bhrígh mar is duine é .i. ainmhidhe
réasúnta arna chruthughadh do réir fhíghir agus chosmhulacht
Dé, gomadh cheart do an réasún agus an eagna
do leanamhuin agus maireachtain dá réir agus gan slighte
mailíseacha droichmhéinneacha an tsaoghail ná a lucht
áitribh do leanamhuin, mar a gcaitheann a bhfurmhór a
mbeatha mar bheathadhacha allta na machaire ag aithris


L. 162


go dall-intleachtach ar gach nídh dá bhfaicid ag cách dá
dhéanamh, amhuil na ngabhar, an tan do-bheir aon díobh
baoth-léim go gcromuid an iomshláine dhíobh ar bhoicléimnig
ar aithris na coda eile. An dara modh mar is
Críostuighe é do chuir suas don tsaoghal an tan do thréig
don diabhal agus dá phoimp ionna bhaisde. Créad é an
fáth, ar an adhbhar sin, ionna leanann sibh agus ionna
dtugann sibh toil don ghníomh sin do thoirmeasgan agus
do chrosan an Chríostamhlacht oraibh do dhéanamh?
Ná fuil a fhios agaibh gur deargnamhaid fhollas do Chríost
an saoghal mar adeir féin, Ioan.vii.7, dá dheimhnioghadh
dhúinn annsna briathraibh so: “Fuathaigheann an saoghal
mé”? Ar an adhbhar gur gníomh mallaighthe miosguiseach
coinneallbháighte fuaith do bheith d'Íosa Críost .i. grádh,
searc agus cumann aoinreacánta an Athar Síorruighe.
d'fhuathaig an saoghal ár Slánaightheóir cómh mór sin
agus tug an oiread sin do mhiosguis do ionnas agus gur
ghéirlean é, dá inghreim ar feadh a bheatha nó gur chuir
go tarcuisneach neamhatruadhach dochum báis ar chrann
sganaileach na croiche é. Ar mhaith libhsi, dá bhrígh
sin, searc, muinntiordhas agus cumann, grádh, páirt agus
caoineas do thabhairt do namhaid aoinreacánta Íosa Críost
ár dTighearna ná dá cheasadúnach?



Atáid sómpladha an tsaoghail si agus a shlighte go huile
conntrárdha do shlightibh Chríost ar an adhbhar ná
teagasgan suibhsgéal Íosa acht grádh agus gean na boichtineachta
agus na haithrighe, agus an fuath, an
mhiosguis agus an tarcuisne do budh cheart dúinn do
bheith aguinn oruinn féin. Ní theagasgan an saoghal
meangach cleasach soghluaiste si, iona choinnimh sin, dúinn
acht grádh agus searc ainiomarcach an tsaidhbhris, na
poimpe, na hanuaille agus na glóire díomhaoine. Ní féidir
libh, ar an adhbhar sin, greamughadh agus leanamhuin don
tsaoghal, don diabhal agus don cholainn gan annsan am
gcéadna seasamh go fosgailte foirleathan annbhúr ndeargnamhaid


L. 163


i n-aghaidh theagaisg agus bhréithre Chríost,
coinneallbháighte ar mhodh éigin cia fionnas agus go
gcoinneallbhághan Críost an saoghal, dá dhiansgriosa agus
dá dhíbirt uaidh, dochum gan tairbhthe d'fhagháil tré
thoradh a úrnaighthe, ag rádh: “Ní ghuidhim-si ar aonchor
ar son an tsaoghail,” Ioan.xvii.9, .i. ná guidhion ar son
na muinntire d'fhanann go cruadhmhuinéalach ceangailte
cruadhchuibhrighthe i n-achrann i ngrádh shaidhbhris,
ghlóire dhíomhaoin, mhórguidhtheacht bhrocaidh shailig
agus mhallaightheóireachta an tsaoghail si. Is inmhilleáin
sibh, ar an adhbhar san, agus is cian cionntach ag rádh
go mairfidh sibh san bpeacadh do bhrígh gur mair sin
do-ghnídh an saoghal go huile é, go mbiadh sibh tugtha
do bhréagaibh, d'éitheach agus do mhionaibh móra,
d'fhuath, do léirsgrios agus do dhíoghaltas do bhrígh go
maireann an saoghal uile ann, amhuil agus mar adéarfach
neach: “Gabhaim san tslighe dhainséaraig si do bhrígh
gur thríghthe do thriallaid na hamadáin; ólaim nimh
ar aithris na ríoghóinmhideadha d'ólas í; séanaim Dia
agus ní admhaoighim é mar do-ghnídhid na dia-shéantaig
uile é.” Má thriallan agus má chéimnioghan sibhse ar lorg
agus ar choiscéimeadhaibh lucht ghrádh tharcuisnig
fhíorbhoicht an tsaoghail si, créad an luach saothair is
miann libh d'fhagháil acht damainnt shíorraidhe agus
cianruaigtheacht go bithshíor as radharc Dé, adhlaicthe fá
thromualach mhóirfheirge an Tighearna i n-uaidh ghlonnmhar
ifrinn do ghnáth? Abraidh in' aghaidh sin: “Déinim
déirc, trosga agus úrnaighthe; maithim dam namhaid agus
do lucht géirleanamhna agus inghreamtha do dhéanamh
orm ar son Dé do mhaithiomh mo pheacadha agus mo
mhórchurrthacha dam féin; déingim an aithrighe ar aithris
na naomh do-rinn í mar an gcéadna do bhrígh gur órdaigh
Críost dóibh a déanamh agus gur ghuidh féin ar son a


L. 164


namhad: Pater, dimitte illis, Marc xxiii.34”. Ag so
na réasúin is ionghlacaighthe díbh dochum réir Dé do
dhéanamh agus ríoghacht na bhflaitheas do thuilliomh.



Do ghaibh Dia i gcoinimh Elias an tan adubhairt ná
raibh san domhan uile acht iodhaladhrthaig agus ná
raibh aon fhíoraon ann acht é féin amháin. “Do chaomhnaigheas
am fhochair”, adeir Dia, “seacht míle fíoraon ná
dearna íodhaladharthacht ar aonmhodh,” iii Reg.xix.18.
Adeirthí-se go bhfuil lucht an tsaoghail uile go holc
agus go feilebheartach agus gur leis sin atá sibh féin ar a
n-aithris amhla, ag leanamhuin d'úghdarás na mórnuimhire
do thriall reóimh san gconair gcéadna. Acht is mór atá
sibh ar bhúr mealla. Atá mórán do dheaghshagartaibh
diadha agus do naoimhchléir ann. Atá mórán do bhráithribh
agus do mhnáibh riaghalta ann. Atá nuimhir
dochoimsighthe iliomarcach tuatadha ann nár mhair cómh
míriaghalta libhsi agus nár chaith a mbeatha cómh neamhórdaighthe
acht ag tabhairt as go haireach modhamhuil
deabhóideach, lán do ghrádh agus d'eagla Dé. Agus
bíodh go rachach an saoghal go huile a' ruille ruaille ó olc
go holc, níor shómpla sin díbhse dochum a leanamhna, do
bhrígh go gcrosan agus go dtoirmeasgan Dia oraibh sin do
dhéanamh agus gur móráidhbhseach tréanláidir díthcheannach
an léirsgrios d'imreann ar lucht déanta na locht agus
na bhfeilebheart. Dobudh fhéidir leis an muinntir úd do
bághag fá thonnaibh tréanchuthacha móirneartmhara na
dílionn na leithsgéil chéadna do thabhairt uatha agus do
thugamhair-si, ag rádh ná deárnadar féin acht mar do-rin
cách .i. maireachtain ar shrúill shalaig ró-dhoimhinn ifrinn
agus ar mhúillig bhrocaig na locht agus na bhfeilebheart,
Gen. Fiosraígheadha dhíobh annois, d'éis a ndíthcheanna,
a léirsgriosta agus a gcianruagtha, an bhfuil sé foirtiúnach
sona foistineach deaghuaireach iad do leanamhuin fán
mbealach gcéadna ionnar ghabhadar reómhainn. Do
budh fhéidir fós le lucht áitribh na dtréanchathrach Sodom


L. 165


agus Gomorrha na briathra céadna do chanadh, ar an
adhbhar ná raibh aoinneach geanmnuighe eatortha acht
Loth amháin go haoinreacánta, Gen. Ar mhian libh iad do
leanamhuin do chongbháil cuideachtan ná cómhluadair
leó? Nách oirdheirc móirghníomhach tréanáidhbhseach
feidhim-láidir an luach saothair sin dofuaradar? Leanaig,
ar an adhbhar san, teagasg agus cómhairleacha is feárr ná
sómpladha agus oideas an tsaoghail .i. briathra, tréighthe
agus gníomhartha Íosa Críost agus na naomh archeana,
ag déanamh aithrighe ar aithris Dháibhíodh Rígh, Mhanasses
agus Naomh Peadair, agus do-gheabhaidh sibh an luadhach
saothair céadna dofuaradar-sin tréna ngrádh agus a ngean
agus a n-umhladhacht do Dhia.



AN .7. CAIBIDIL



Neartuighthear go tréanchumasach feidhim-láidir mórchuranta an
peacach atá lag meirthneach anbhúinneach míothapa ann féin ó nádúir
dochum reachta Dé do leanamhuin agus athannta do chongbháil atá
go ró-fhurusta socamhuil soidhéanta aige le congnamh na ngrás ndiadha
má iarann go ceart fírinneach foistineach neamh-mhiollamach iad.



Ní thagan bhúr gcailleamhuin ná bhúr ndamaint ar
aonmhodh do dhocamhlacht reachta Dé ná do chruadhacht
a aitheannta do chongbháil acht dá bhúr n-uabhar, dá
bhúr bpoimp agus dá bhúr neamhshuim féin ag éimeachtain
bhúr leasa do dhéanamh, nó dá bhúr mailís nách miann
libh an peaca do thréigean, nó dá bhúr leisge neamhfhuadraig
taoibhrighin neamhshuimeamhuil dochum reachta agus
dlighe Dé do leanamhuin agus aitheannta do chongbháil.
Ní bhfuil dlighe ná reacht Dé ar aonchor doidhéanta ná
docamhlach, acht a chonntrárdhacht, atá sé ró-fhuiris
socamhuil a chongbháil agus siubhal dá réir maille rena


L. 166


ghrásaibh féin ná héimiodhan go brách a ndorta go
tréanáidhbhseach fulúirseach mórchumasach anuas ar an
ndroing d'iaras ionna riachtanas go humhal urramach
úirísiol mar is ceart iad. Dá bhrígh sin cionnas do
chuirfeadh oibliogáid ná éadualang oruinn a thabhairt
fá dearadh munarbh fhéidir linn a dhéanamh? Nách
fírinne fhollas shoiléir i measg an domhain uile ná fuil sé
d'oibliogáid ar aoinneach nídh do dhéanamh ná fuil ar a
chumas? Agus mar sin ná fuil sé ceangailte ar aon duine
dlighe nó reacht Dé do leanamhuin dá mbiadh sé cómh
hárd sin ós a chionn agus ná fadhadh sé neart, fórsa ná
cumas tré chongnamh na ngrás ndiadha dá n-iarfadh é.
Dob amadánta fós óinmhideamhuil neamh-réasúnta a
mheas go gceangólfach an reacht sin duine léan' órdaighthibh
tréanbhagartha agus ná biadh bainte air, san am
gcéadna, sin do thabhairt fá dearadh tréna dhocamhlacht
doidhéanta, do bhrígh ná fuil oibliogáid ar dhuine an nídh
sin do dhéanamh ná fuil ar gcumas do.



Amharcaidh féin, ar an adhbhar san, machtnaighidh
agus féachaidh créad a fhaid do thriallas bhúr neimhdhiadhacht
mhallaighthe má deir sibh go bhfuilid reacht,
dlighe agus aitheannta Dé dochonghmhálach docht dian
doidhéanta docamhlach réna leanamhuin, cia fionnas agus
go ruaigean, go ndíbreann agus go léirsgriosann sibh iad tré
bhúr ndroch-bheatha lochtaig mhailísig agus annsan am
gcéadna go séanann sibh úghdarás an Tighearna, ag
léirsgrios agus ag lot a dhlighe. Tugann sibh milleán
fós dá ghliocas agus dá réamhthuigsin diadha cómh maith
agus ná biadh a fhios aige cionnas do chuirfeadh a reacht i
n-oireamhuin do neart, d'fhórsa ná do chumas na muinntire
dá dtugann é. Nó cuireann sibh tíorántacht chruadhálach
dodhuineanta neamhthrócaireach ionna leith, ag rádh go
dtugann pionós, peannaid agus pian dochoimsighthe don
tsaoghal uile fá mar ná congmhíd a aitheannta agus ná
siubhlaid ionnta, súd agus ná fuil sé ar gcumas dóibh


L. 167


sin do dhéanamh: dia-aithis mhallaighthe i n-aghaidh
mhórdhacht agus mhaithios an Tighearna. Nách eagal
díbh go dtuitfeadh móirfhearg agus díoghaltas Dé ar bhúr
mullach dá bhúr léirsgrios, dá bhúr milleadh agus dá bhúr
dteilgean seochad i n-éiric gach masla dá dtugann sibh dho?



Úmhlaighidh, cromaidh agus úiríslig sibh féin; guilig,
caoidhig, guidhig agus iaraidh na grása agus grádh Dé;
fuathaighidh bhúr mailís agus do-gheabhthaoi go bhfuilid
a aitheannta suairc socamhlach soidhéanta ró-ghrádhmhar,
ar shómpla an ríoghfháidh Dáibhíodh, arna mbeith dho 'na
sheirbhíseach dílios don Tighearna, d'adabhaidh go rabhadar
a ní budh mhillsi ioná mil agus gomadh chóra go
mór a lorg ioná ór agus ioná clocha uaisle dá onóirighe
ar bith, Ps.xviii.11.



Atá reacht agus dlighe Dé folláin díreach fírinneach
fírcheart do bhrígh go bhfuil ar bun i bhfundameint agus
i mbunúghas dhlighe agus reacht na nádúire, agus dlighe na
nádúire ar bhunúghas an réasúin, ar mhodh, dámadh
mhaith libh dlighe nó reacht do cheapa asaibh féin, nárbh
fhéidir libh an reacht sin do cheap Dia agus do sgríbh sé
annbhúr gcroidhtheachaibh i gclódh tré shíth agus
instinct bhúr réasúin, d'aistirioghadh, d'atharughadh ná
do mhalartughadh seach mar atá sé craobhsgaoilte síos
annsna deich n-athannta.



Ar mhiann libh an aithne sin d'órdaghann dúinn Dia
d'adharadh agus d'onórughadh agus do ghrádhchant ós
cionn an uile nídh agus a thoil do dhéanamh, do shéana,
do léirsgrios agus do dhíbirt uainn? Más miann, éirgheóchaidh
an uile chréatúir annbhúr gcoinnimh: Et pugnabit
orbis terrarum contra insensatos, Sap.v.21, agus déanfaidh
sibh camrasáin, bulabáisín agus ciple ó cip re hiomad
buadhartha agus trioblóide don uile ríoghacht agus eastát
ná maireann acht tré chreidiomh agus eagla Dé.


L. 168


Ar mhiann libh bréag, éitheach, mionna móra agus
bréigfhiadhnaisi do thabhairt asteach? Más miann, cá
ngeabhaidh díol, reic nó ceannaigheacht? Créad
d'éireóghas do lucht deighlála ná slighte sibhialta an
tsaoghail ná seasamhann acht ar shiúráil agus ar gheallamhna,
ar bhannadhaibh agus ar mhóidibh dlisteanacha
na muinntire do réighios leó?



An leóighfidh sibh an aithne sin d'órdaighean dúinn
grádh do thabhairt dár n-aithreacha, dár máithreacha, dár
n-uachtaráin, dár bhfearaibh, dár mnáibh agus dár leinbh
do theilgean uainn? Más maith, Ó créad an mí-órdughadh
agus an chíorrthuathail ionngantach uathbhásach do-dhéanfaidh
sibh do gach aoinnidh!



Má fhuiling sibh dunmharbhadh, feall, murdar agus
tnáth, guid, fuadach agus robáil, agus fiadhnaise bhréige
ann gach aon chúis, cionnas dobhiadh an saoghal uile acht
in' aondoire amháin choille bitheamhnach, ropaireadha agus
murdaraoraidhibh? Cionnas do mhairfeas an domhan
uile, adeirim, acht i mbuairt, i gceannaraic, i dtrioblóid, i
mbuaireamh, i gcointinn, i gcoga, i mallaightheacht, i
gcoinneallbhádhacht agus i n-ifrionn ionna ndeighbheathaig?



Machtnaighidh, ar an adhbhar sin, agus breithnighidh
ar an éagcóir iongantach sin do-ghnídhthí ar Dhia, ag
tabhairt milleáin air fána dhlighe agus fána reacht atá
cómh réasúnta sin agus nách ceadaightheach don réasún
féin a n-aistrioghadh ná rádh ionna gcoinnimh. Ó gearánaig
oraibh féin, ar bhúr ndobhuidheachas agus ar bhúr ndíthchreidiomhacht
gan toil nó réir an Dé sin do dhéanamh
ag a bhfuil an oiread sin d'oibliogáidibh agus d'éadualang
do-insteana oraibh! Agus gearánaig fós oraibh féin, d'éis
gach stuidéir chinnte dá ndéingeann Dia dochum an uile


L. 169


shórt maithis do thabhairt díbh chum oighreadha do
dhéanamh dhíbh ar ríoghacht neimhe agus coróinn na
glóire do shocarughudh ar bhúr gcinn, gurab é do-ghnídhean
sibh in' aghaidh sin an uile shórt mí-oghamóis, tarcuisne
agus mí-mhodh do thabhairt do dhá chionn.



Ní féidir le Dia sibh do mhealla ná bheith bréagach
ionna gheallamhna i dtaoibh na ngrás do thabhairt díbh
bhus riachtanach dochum a dhlighe do thabhairt fá dearadh
agus a reachta do chongbháil dá n-iarrfaidhe iad mar budh
cheart a dhéanamh. Dá bhrígh sin, créad is miann leis
na briathraibh so Ezechiel,xi.20: “do-dhéanfaidh misi
go siubhalfaidhe go díreach am' aitheanntaibh”, acht
go dtabharfaidh mé díbh na grása is riachtanasamhuil
dochum oghamóis do thabhairt dam dhlighe agus óighréir
dam reacht? Agus má bhiadhthaoi neamhurramamhuil
d'aitheannta Dé, ní hé sin rena rádh go bhfuilid ró-dhocamhuil
doidhéanta siubhal ionnta ná a dtabhairt fá dearadh
maille ris na grásaibh, nó go bhfuilid na grása so 'na
n-easbadh oraibh, acht go bhfuilionn sibh meirthneach
neamhfhonnmhar ró-leisgeamhuil dochum cómhoibrighthe
leó agus a n-iaraidh mar is ceart. Éistig le briathraibh
Naoimh Póil gusna hEabhraigh, xii.15: “Aire mhaith
dhíbh nách fuil neach éigin annbhúr measg ná cómhoibrighean
leis na grásaibh.” Ná fós go bhfuil sibh ró-cheangailte
cruadhchuibhrighthe i nglasaibh an diabhail,
an tsaoghail agus na colna, i bpoimp, i sainnt agus i nglóire
dhíomhaoin, diantugtha dá bhúr n-anntoil agus dá bhúr
ndroichghníomharthaibh, agus mar sin do-gheibhionn sibh
iad so cruaidh docamhlach doidhéanta do bhrígh go bhfuilid
i n-aghaidh dhlighe Dé, an tsaoisgéil naomhtha agus
aitheannta an Tighearna. Ó ná habraidh go mbiadh sibh
fann lag ná méirthneach cia fionnas agus sibh do bheith


L. 170


dian docht cruadhmhuinéalach míréireach ag seasamh suas
go neamhurramach i n-aghaidh dhlighe agus thoile Dé.
Géillidh an uile chréatúir dár cumadh do Dhia. Tugaid
umhla agus urruim dho agus leanaid a órdaighthe. Ní
bhfuil ann acht sibhsi, a lucht na gcroidhtheacha cruadhchlochacha
do loiteann bhúr dtoil tsaor, do chuirionn
i n-aghaidh Dé agus i n-aghaidh gach créatúra dámadh
mhiann leis urraim, onóir agus oghamós do thabhairt do.
Aithnígheadha bhúr mailís agus bhúr ndobhuidheachas,
breithnígeadha agus tugaidh fá dearadh í. Gabhadh
taise, náire agus caduaic sibh fá smuaineamh ar bheith saor
ó dhlighe agus ó reacht Dé, nídh ná fuair Críost féin ó an
Athair a níbhus mó ioná aon naomh eile deighbheathach
dá raibh ann ó thúis creidimh go so. Arbh fhéidir le
géilletheóir ar bith milleán do thabhairt don rígh sin
do-dhéanfadh an nídh céadna iona dháil agus do-dhéanfadh
dá phrionnsadhaibh cumainn agus dá lucht grádh féin?
Gearánaig-si oraibh féin, ar an adhbhar sin, agus déingeadha
an aithrighe. Cuiridh iomuibh éadach nuadh na ngrás
agus teilgidh uaibh droich-cheartacha na locht agus
seanchroicinn seirgthe na bpeacadha. Iompaighidh go
fírinneach ar Dhia agus ná sgaraidh leis a níbhus mó.



AN .8. CAIBIDIL



Is deacra go mór agus is docamhla chruadh' dhoidhéanta go fada buadh
do bhreith ar na sanntaig thoiceacha dochum aithrighe agus iompaighthe
ar Dhia óna lochtaibh feilebheartacha míghníomharthacha ná ar aon
drong eile peacach dá bhfuil ann.



Is cruadh' dheacra dhocamhla go mór buadh nó treisi
do bhreith ar an sanntach sin do shlámas agus do shúghan,


L. 171


do dheólas agus do shladan chuige, le hioncam, úsaireacht
nó interest, cuid, tairbhe, nó maoin a chómharsan dochum
saidhbhris agus toice do dhéanamh do féin de; is deacra
go fada, adeirim, é do tharang dochum iompaighthe go
foistineach fírinneach diongbhálta ar Dhia ná an díthchreideamhach
is mó san mbith nó an Críostaighe is graosta
neimhgheanmuighe is mó dobudh fhéidir d'fhagháil. Ar
an adhbhar, dochum an díthchreidmhig do tharang, ní
bhfuil acht fírinne an chreidimh do chur go solasmhar glinn
díreach fíorghlan as a chómhair, agus cómh luaith agus is
léir dho é agus adéarfas: “Creidim”, iompóghaidh go prap
óna dhíthchreidmheacht gan stad an tan sin. Ní bhfuil
fós le déanamh leis an ngraostach neamh-gheanmuighe
acht truallaightheacht, spadántacht, éadghlaine, móragraidhtheacht
agus uathbhásacht ghráineamhlacht a
pheacadh do chuir in' fhiadhnaisi agus oideas, teagasg agus
cómhairle do thabhairt do dochum a dtréigthe tré aithrighe.
Iar n-osgailt a shúl agus ar fhaicsin staid ghlonnmhar a
anma, cuirfidh roimhe as sin suas buadh, neart agus treisi
do bhreith orra le rún diongbhálta gan ath-thuitim ionnta,
agus ag sin é iompaighthe ar Dhia. Acht ní leór fírinne
agus solusmhaireacht na n-annlocht do chuir i n-úimhil don
tsanntach, ná méid, ollmhaireacht ná neamhghloine a
mhórchurrthacha do spreagadh dho, ná a chroidhe, 'intinn
ná 'aigne do bhrostughadh, do mhúisgilt ná do ghríosughadh
dochum croidhbhrúghadh ná tuirse do ghlaca; ní fuláir
fós go leagfaidh a lámh dhoghrachtach chrobhdhúnta ar a
throncaibh daingne glastsnaidhiomtha agus ar a bhursaibh
cruaidhcheangailte dochum an leóirghníomha do dhéanamh.
Agus ag sin an docamhlacht, an duadh agus an brise
croidhe .i. sgaramhuin lena shaidhbhrios, do bhrígh gur
ró-bheag do-ghnídhios leóirghníomh agus do chuireas
tar ais an tsloid do-dhéantar go lochtach ar an gcómharsain,
agus gan sin ná fuil slánughadh le fagháil dóibh ná dóthchas


L. 172


dul dá rochtuin. Is mór an tairbhe dhíbh, dar libh féin,
a bheith ag síorthaithighe ar shácráimeintadhaibh ár
Naomh-Mháthar, an Eaglais, dá nglaca, trosga, déirc,
úrnaighthe, gul, caoidh, guidhe, gearán agus osnaghal
laothamhuil do dhéanamh agus bhúr súile do thógbháil go
ró-mhinic chum na bhflaitheas, agus an uile shórt cómhartha
dhoilbhiosaig adchumhaig dheighChríostamhuil aithrighig
do bheith oraibh. Ní shaorfaid sin uile sibh ó dhamaint
shíorraidhe gan teasargan muna ndéinge sibh (cia fionnas
agus é do bheith ar gcumas díbh) leóirghníomh agus sásamh
ann gach nídh dá bhfuil agaibh go haindleaghthach bréagach
bradach ná lochtach do chuid bhúr gcómharsan, nídh
ná tairgean sibh do dhéanamh go brách.



Budh chóir go gcuirfeach eachtra agus fabhall-sgéal
Achan uamhain, faitchíos, uathbhás agus critheagla cos
agus lámh ar fheilebheartachaibh toiceacha an domhain uile
do-ghnídhios olc ar Dhia agus díoghbháil don chomharsain
tré mhéid a n-andúileacht agus a ngrádh ainmheasardha
agus a saint ainiomarcach dochum saidhbhris. Tug Dia
órdughadh follas soiléir geinearálta do shoigheadóireadhaibh
armála Chloinne Israel, tré bhéal an árdtaoisig oirdheirc
Iosue, gan nídh ar bith dá loighead do sgabáiste Iericho
do shanntughadh, do bhreith leó ná do thógbháil fá phéin
gabháil do chlochaibh iona n-éadain agus a mbagáiste do
losgadh. Agus d'aimhdheóin an órdaighthe sin do thóg
Achan, tré iomarca a shainnte, riaghail óir, clóicín sgárlóide
agus roinnt airgid dofuair sé, agus tug leis iad dá fhianbhoth
féin. Agus go hathchumair ionna dhiaig sin, do chuir
Iosue trí mhíle fear d'arguin an bhaile fá neasa dho.
Acht do léirsgriosag, do díbreadh agus do díthcheannadh
an chuid budh mhó dhíobh, ar mhodh gomadh éigion do
Iosue a ghearán do chur dochum Dé gur thréig sé a phobal.
Do fhreagair Dia dho agus adubhairt go dtugadh tarcuisne,
neamhshuim agus míomhodh dá aithne agus gur ghuid


L. 173


soigheadóir éigin don armáil nídh éigin i gcathair Iericho.
“Mar gur bithbheó é Dia”, ar Iosue, “cibé neach san mbith
do-gheabhaidh mé cionntach annsa gcuir si, cuirfidh mé
dochum báis go sganalach as cómhair an phobail é.” Do-chuala
Achan an tréanbhagairt iongantach sin Iosue agus
d'fhan go buaintseasamhach cruadhmhuinéalach gan suim
do chuir innte. Do cuireadh crannchuir ar dhá threibh
dhéag Israel d'fhéachuin cia sháraig reacht an Tighearna,
agus do thuit ar threibh Iudah dárab di Achan. Agus
d'fhan fós go díothchoisge gan staona dochum freagra do
thabhairt uaidh. Do teilgadh fá dheóigh í fá thuairim
gach droinge fá leith dhá raibh ar threibh Iudah agus do
stiúraigheadh í tré láimh ró-bheannaighthe mhórchómhachtaig
an Tighearna ar mhuinntir Charmi ag árab uaidh do
tháinig buidhean agus muinntir Achan. Do thionnsguin
ar chóimhchrith ó bhonn go baithios agus do chonsguir,
agus d'fhan mar chruadhcharaig mharmoir agus níor
adamhaig a bhitheamhantacht nó gur thuit an crann air
féin. Ag sin é ar baillichrith tré iomad uathbháis agus
eagla. Agus as a haithle sin do thóg an riaghail óir,
an clóicín dearg agus gach nídh dár ghoid agus tug leis
iad i bhfiaghnaise Iosue,vii,26. d'adamhaig an chuir,
do ghaibh párdún agus d'iar maitheamhnas. Agus ar a
shon sin agus uile, do deárnadh leacht mór-adhbhéil ainmheasardha
dochoimsighthe cloch de féin agus dá mhuinntir
agus do dubhloisgeadh a mbogáiste, do bhrígh gur fhan
leis an bpongc déadhnach agus nár fhéad leóirghníomh do
dhéanamh i mbás na droinge sin do cailleadh tré dhíoghaltas
na bradaigheachta san do-rin seision.



Crosan agus toirmeasgan Dia oraibh gan a bheag ná a
mhór d'olc d'imirt ar bhúr gcomharsain ionna maoin,
saidhbhrios ioná substainnt ná aoinnídh eile dá mbaineann


L. 174


ria, tré fhóirneart ná chumas, tré mhiollam ná ghanguid,
tré ghoid ná fhuadach, chladhaireacht, chleasadhacht ná
reógaireacht, ús, ioncam ná úsaireacht, fá phéin bhúr
ndamaint shíorraidhe do theacht de. Agus ar a shon sin
agus uile, guideann, sladan agus coinnigheann sibh go
meangach meabhlach séitéartha neamhfhulláin éagcórach
agaibh cuid na mbocht bhfann, na mbaintreabhach agus na
ndíleachtadha. Órdaigheann agus aithnigheann Dia dhíbh
leóirghníomh agus sásamh do thabhairt dóibh .i. an
phrinciopáil, an t-ioncam 's an t-interest, agus gach dola,
díoghbháil, díth ná domáiste dá dtáinig tré bhúr gcionntaibh
orra, acht déingeann sibh cluas bhoghar mar Achan.



Tugaidh dá bhar n-aire, tuitfidh crann díreach an
Fhírchirt Diadha annbhúr mullach. Béarfaig an bás ar
sgórnaig oraibh. Budh maith libh leóirghníomh annsin do
dhéanamh agus ní bhiadh an t-am agaibh. Ní haimsior
síothchána ná cáirdis do dhéanamh ris an namhaid é an
tan dobhias an machaire aco féin. Agus mair sin ní ham
lóirghníomha do dhéanamh pongc déadhnach an bháis:
Quia tempus non erit amplius, Apocal,x.6. Ar an
adhbhar an tan sin nách leat féin do thoice ná do stór;
ní fuláir dhuit a dtréigion agus sgaramhuin leó go síorraidhe,
má holc maith leat é. “Is beannaighthe an té ar a mbiadh
eagla Dé,” adeir an ríoghfháidh Dáibhíodh, Ps.cxi.1.
Créad é an fáth? Do bhrígh go n-ollmhaighean é féin
i n-am, go socraighean a shaidhbhreas, go dtairgion a
chúntas agus go ndéingean a thiomna an feadh dobhíonn
a thuigsin cheart agus a chiall nádúrtha aige, agus má
gheibh aoinread do chuid na cómharsan ar a láimh, go
gcuirfidh uaidh gan stad é. Mo dhiombádha agus mo


L. 175


dhian-chreach atuirseach bhrónach dheacarach! Créad
é 'dhocamhlacht mar nídh an lóirghníomh do dhéanamh!
Cuirfidh an diabhal, an saoghal agus an cholann míle
béalshrang dhaingean agus ceangaltáin chruadhálacha
oraibh dá bhúr dtoirmeasg agus dá bhúr dtarang tar ais
dochum gan smuaineamh air ná tairigsin a dhéanamh,
mar atá (adéarfaidh sibhsi) cailleamhuin a bhfuil agaibh
agus brise bhúr muinntire do theacht de; a tharcuisneamhla
mhí-onóirighe mar nídh tuitim dochum boichtneachta
dá éis; imtheacht bhúr n-árdghraduim uaibh; agus fá
dheóigh ná biadh ar gcumas díbh aoibhnios agus pléasúir
an tsaoghail si do ghlacadh go hanfhlaitheach ana-cheart
éagcórrach mar budh ghnáth libh. Ó créad géibhinne
agus cruadhálacht na ndocamhlacht do-iompchair si! Is
fíor so agus is leis sin d'aithrisid na naomhaithre go huile
dhúinn agus do-chímíd féin go laothamhuil gur nídh
ró-dheacamhuil do-dhéanta gan míorbhuil ionngantach
neamhghnáthach ó neamh buadh ná treisi do bhreith ar an
sanntach toiceach sin do chruaidhcheanglas 'anam i nglasaibh
dosgaoilte a shaidhbhris, dochum iompaighthe ar Dhia
trésan aithrighe dochum a leasa do dhéanamh. Ar a shon
sin agus uile, déanfaidh Dia an mhíorbhuil sin annbhúr
gcáil-se má iarann sibh í i n-am agus má chómhoibrighean
sibh lena ghrásaibh, mar na naoimh oirdheirce Matha
agus Zachee do-rin lóirghníomh agus sásamh ann gach
olc dá ndeárnadar ionnas agus gur toghag iad dochum
bheith 'na réaltain eólais agus 'na lóchrannaibh lántsoillseacha
aniu ar neamh.



Maise, bíodh go bhfaghaidh sibh bhúr gcuid óir, airgid
agus ollmhaithios gan locht, gan ghanguid, gan chladhaireacht
san mbith, má adhlacan sibh bhúr gcroidhtheacha go
hainiomarcach ionnta agus má dhoirtean sibh bhúr ndianghrádh
agus bhúr searc orra cómh mór sin agus go séanfaidh
sibh bhúr gcarthanacht ar na boicht, gan cobhair ná


L. 176


furtacht do thabhairt dóibh, is ró-chonntabharthach díbh
bás damanta bithshíorraidhe d'fhagháil gan truadh, gan
taise, gan trócuire. Nách é so an sómpla atá aguinn annsa
Sgríbhinn nDiadha i bpearsain an tsaidhbhir sháthaidh úd
do chuirion ionár bhfiaghnuise? Ní abair an saoisgéal
linn gur bitheamhnach, cladhaire, ropaire nó rógaire é, ná
gur fhuadaig sé cuid a chómharsan go haindlistineach leis,
Luc.xvi.19-25. Acht adeir linn gur chaith a shaidhbhrios
i n-éadaghaibh purpuir agus sróill, ag ól, ag ithe
agus ag faistím, gan déirc, daonacht ná carthanacht do
thabhairt do na bochtaibh, ar mhodh gur éimig sé an
brúsgar do thuiteach dá chlár do léigion dochum an
truagháin bhoicht Lazarus dobhí sínte san lathaig ag a
gheata, lomlán do ghearbaibh agus do niosgóideadhaibh.
Dofuair an toiceach saidhbhir sin bás agus do fuadaigheadh
ar mhullach a chinn go hifrionn é agus do hadhlacadh i
measg lasaracha domhúchta na teine síorraidhe é, gan
teasargan, furtacht ná cobhair, ná súil leis an ndeóir is
ró-lugha d'uisge fhionnfhuar na ngrás ndiadha d'fhagháil
an feadh dobhiadh Dia ag caitheamh na glóire, ná fuarthan,
stad, fuireach ná sgíth óna phianntaibh, acht ag gulghártha,
ag béicig agus ag bladharaig is ag dian-bhrise a chroidhe
gan tairbhe, súighte go bithshíor i ndruithlinn ghéirthintreachaibh
Lucifer. Agus is é réasún do-bheir Dia dho
leis go raibh sé saidhbhir toiceach lántsásta ar feadh a raé
ar an saoghal agus go raibh Lazarus bocht anmhúinneach
lag. Ó a shaidhbhris mhallaighthe d'éag, do leighig agus
d'imthig ar dimbrígh i n-aoinfheacht ris féin, agus do
dhamnaigh dochum na mórolc do-úngabhálta do-iompchair
sin é ná sgarfaidh leis go brách! Nárbh fhearra dhon
truaghán tubuisteach úd gurbh é an bochtán budh mhó
san domhan é nó ná béarfaidhe ar aonchor é?



Féachaidh agus amharcaidh go glinn annois créad é a


L. 177


dhainséaraighe mar nídh dúil do bheith ag neach teacht
dochum cumais agus saidhbhris, agus créad é a dhocamhlacht
do a aghaidh, a rádha agus 'aigne do tharang uaidh
dochum gluaiste tar ais dochum a leasa do dhéanamh
agus iompaighthe ar Dhia.



AN .9. CAIBIDIL



Is maith leis an ndroing sin do chuireann an aithrighe tar ceal Dia do
thréigean agus gan suim do chuir in' aitheanntaibh.



An drong sin d'éimioghas iompóghadh ar Dhia ar feadh
a n-aoise óige i n-iomshlán a nirt, a gcumais agus a sláinte
agus do chuireas an aithrighe tar ceal go pongc déadhnach
an bháis go mbeith dhóibh cianaosda aimhghlic foirfe
liath, gan tamuid dá dtuigsin ná dá gcéill nádúrtha, agus
ná tréigean an peaca nó go dtréigean an peaca iad, is maith
agus is mórshásta leó, adeirim, lá léirsgriosta agus díbhfeirge
an Tighearna, bheith caillte damannta go síorraidhe agus
bás d'fhagháil gan truadh, gan taise, gan trócaire. “Ní
dhéanfaidh Dia truadh,” adeir Solamh, “taise ná trócaire
ar aoinneach agus ní thabharfaidh párdún ná maitheamhnas
uaidh lá cúntais a mhór-fheirge ná a dhíoghaltais,” Prov.vi,34.
Is iad laethana na beatha laethana na trócaire
do bhrígh gur chum trócaire d'iaraidh tugthar dúinn iad
agus dochum a faghála tré chleachta agus tsíorthaithighe na
ndeaghoibreacha agus na ndeighthréighthe. “Cuardaígheadha,”
adeir an fháidh, “agus loirgeadha an Tighearna
an feadh dobhiadh sé agaibh léan ' fhagháil”: Quaerite
Dominum dum inveniri potest, Isaias LV.6. Do-geachtar


L. 178


Dia ann gach aonbhall agus fós i n-ifrionn, acht ní
fachtar é ann gach aonbhall mar Dhia, Athair na Trócaire,
ii Cori.3. Ní iompcharann an tiodal sin go prinnsiopálta
acht ar feadh laethana ár mbeatha, do bhrígh gur
breithiomh é i bpongc dochraideach an bháis agus gúistís
géar-radharcach fírdhíreach glan dochum a mhór-fheirge
d'agairt ar an ndroing sin dobhiadh do shíor ag caismirt
ris, ag séanadh agus ag éimeachtain na ngrás do ghlaca
uaidh dochum iompaighthe tar ais agus a leas do dhéanamh.
“Do ghoireas oraibh agus do ghlaodhas,” adeir Solamh,
“dochum na haithrighe ar feadh bhúr mbeatha dochum
trócaire do dhéanamh oraibh, agus d'éimíomhair iompóghadh
orm ná teacht chúgham,” Prov.i.24. Agus
bainfead díol díbh am an bháis. “Do bhrígh go ndearnamhair-se
maga fúmsa ag cur na haithrighe ó lá go lá,
do-dhéan-sa maga fúibhse ag cur m'iríre agus m'fheirge i
n-umhail díbh i n-ionad trócaire ná truadh do dhéanamh
oraibh,” ib. 26.



Ó! ná fanaidh leis an tráith ioná biadh ar gcumas
díbh tuilleamh ná tuarasdal ná neamhthuilleamh do
dhéanamh, ar an adhbhar, an uair sin, ní bhiadh admháil
bhúr bpeacadha soghlacaighthe ar aonmhodh. An tan
do thóg Achan, mar adubhart cheana, riaghail óir agus
clóicín sgárlóide i sgabáiste nó i mbrise Iericho, i n-aghaidh
an órdaighthe dotugadh amach gan read dá loighead do
thógbháil ann, do ghlac fearg adhbhéil-mhór dochoimsighthe
an Tighearna ar mhodh gur fhuiling Clann Israel do léirsgriosa
agus do dhíthcheanna le fóirneart agus treise a
namhad, tré bhrise na cánach sin. Do ghuidh Iosue agus
d'fhiafraigh go dubhach doilbh dólásach diachrach dianbhriste
croidhe don Tighearna tré iomad deór, créad dob
adhbhar don sgúirse sin nó créad as a dtáinig sí. Do


L. 179


fhreagair Dia agus adubhairt gur briseag a dhlighe, gur
raobadh a cháin agus go dtugadh neamhshuim ionna reacht.
Ar gcuardughadh an chorrthaigh dóibh dochum sásaimh
do thabhairt i ndlighe agus i bhfírcheart Dé, do-chuaidh
Achan ar ceal agus d'fhoilig é féin. Ó! dá n-admhadh
go húirísiol urramach umhal an choir agus dá n-iarfadh
párdún, do-gheabhadh trócaire do dhéanamh air. Acht
d'fhan go cruadhmhuinéalach tinneasnach lán-righin gan
cúbadh nó gur thuit an crann ionna mhullach, agus annsin
d'admhaidh an choir i n-antráth, agus sin le corp fóirnirt
agus fóiréigin an tan nárbh fhéidir leis a shéana a níbhus
fuide ná dul ar gcúl innte, ionnas agus gur cuireadh dochum
báis go sganalach é, gan truadh, taise ná trócaire, fá charnn
cloch mar aon lena mhnaoi, lena chloinn agus lena theaghlach
uile, Ios.vii.26.



Níor adamhaig Adam ná Eva mar an gcéadna agus
níor léigeadar 'na ngoire gur itheadar ubhall na haithne
nó gur chruthaig agus gur áitig Dia ortha é tré a neamhúmhlaigheacht
agus a míréir dá aithne. Agus fós budh
mhiann leó a leithsgéal do ghabháil le hiomad andánacht,
docamhuil, adhnáireacht agus eagla i n-admháil na coire nó
an fheileghnímh sin do-rineadar. Och! Níorbh fhuláir
d'Íosa Críost, aonmhac dil-ghrádhach ár dTighearna, agus
dob éigion do párdún agus maitheamhnas do thuilliomh
agus d'fhagháil dóibh tré iomarcadh duadh, aistir, siubhail
agus brise croidh, agus fulang fuachta agus gorta, masla,
buaireamh, tarcuisne agus mí-mhodh, ag séide agus ag
dorta a choda fola fíoruaisle ar chrann sganaileach na
croiche 'na srotha ar a son, nó ní déanfaidhe truadh, taise,
trócaire ná grása orra. Tugaig fá deara, féachaig agus
breithnígheadha an dainséar, an docamhlacht agus an
chruadhálacht iona ritheann sibh ag maireachtain gan eagla
Dé ná suim ann, gan trosga, déirc, féile ná daonacht,
úrnaighthe ná eilirtheacht do dhéanamh dá naomhthoil,
acht ag cur bhúr leasa ó lá go lá agus ag cur na haithrighe
ar cáirde. Más eagalach céillighe glic fíoraireach sibh,


L. 180


cóimhrithfidhe gan fuireach go staid ghléamhaisig na ngrás,
ag admháil bhúr locht agus bhúr bhfeilebhearta mar aon
le bhúr bhfeileghníomhartha, ag gol, ag caoi, ag osnadhal
agus ag trom-shile deór fá 'olcas agus do chaitheamhair
bhúr mbeatha go so, agus geallaim dhíbh go maithfig Dia
na tréinpheacadha agus na mórchurrthacha sin do-rineamhair
díbh, amhuil agus mar do mhaith don rígh oirdheirc áirdchéimeach
Manasses. Dothug Dia párdún don phrionnsa
so in' íodhaladharthacht, iona fheall, iona mhurdar agus
iona thnáith, do bhrígh, ar mbeith dho i gceartlár agus i
measg a namhad, do thuig a mhíréir agus a olc, do ghuil,
do chaoidhig agus do shil a dheóir, agus d'iompaigh go
fírinneach le hiomshlán a neirt ar Dhia. Maithfidh Dia
dhíbh mar do mhaith do Naomh Peadair noch, iar n-aithint
a bhuigeacht agus a shilteacht féin tré shéana a dheaghmháighistir
Críost, nár chailc ionna thocht agus nár stad
ar aonchor gur iar trócaire. Do ghuil go faoidheach le
hiomad seirighthin, ag tréigean na hócáide tug fá deara air
a shéana. Maithfidh Dia dhíbh fós amhuil mar do mhaith
do Naomh Pól dobhí in' inghreimtheach ghéirleanamhnach
chruadhchroidheach ar eaglais Chríost agus 'na dhia-aithiseach
iongantach ar ainm Íosa Críost. Agus ar a
shon sin agus uile, is móráidhbhseach caithréimeach caithiseach
an t-abstal agus an soightheach toghtha ag Dia é,
do bhrígh, cómh luaith agus do budh léir dho a locht, gur
fhreagair do ghuith Chríost do ghoir air, amhuil agus mar
do chanann féin annsa chéadchaibidil gus na Galat.:
“Do thréigeas gan mhoill go prap d'fhuil agus d'fheóil
agus do na huile neithibh dochum iompaighthe ar mo
leas.” Do-rin an bhean pheacamhuil mar an gcéadna.
Do thréig gan stad a feilebhearta, a huabhar, a saint, a
drúis, a luaghaill, a glóire dhíomhaoin, a cuideachta agus
a cómhluadar agus fós í féin ag faicsin staid ghlonnmhar a
hanma agus ar bhlaise mhórmhaithis agus charthanacht
Chríost di. An bhean so, adeir saoisgéal Lúcáis, d'éis gur


L. 181


thuig nárbh fhuláir di an aithrighe do dhéanamh, do phóg
go dúthrachtach agus do bhrásáil go mullachrach luathgháireach
Críost, dá sléachtain féin ionna fhiaghnaisi, ar
mhodh gur thuill a bheith mar chompánach dílios agus
mar inghin diolghrádhaig aige. Dá léigfeach an uain sin
táirste gan freagra d'Íosa, dobudh fhéidir di gan a samhuil
d'fhagháil go foircheann na beatha suthaine acht fanamhuin
go ceangailte cruadhchuibhrighthe go bithshíor annsa bpeaca
do ghnáth.



Glacadh eagla, uathbhás, uamhain agus imshníomh sibh.
Brostaighidh, luathaighig agus cóimhrithig gan fuireach fá
dhéin na ngrás. Ná stadaidh a níbhus mó annbhúr dtocht
agus ná cuiridh bhúr leas ar cáirde dochum bhar slánaighthe
do theacht de, an obair is cúramaighe agus is mó éifeacht
dá bhfuil san domhan mhór ná fós ar druim talmhan.



AN .10. CAIBIDIL



Beirthear ar sgórnaig agus i n-amus ar an bpeacach gcruadhmhuinéalach
neamhaithrigheach an tan is ró-lugha do shíleann é.



An tan tángadar na Madianítig go dúithche Chlainne
Israel dochum léirsgris, díthcheanna agus teilgean seochad
do dhéanamh orra, dá n-éirleach, dá mille, dá lot agus dá
n-athchuma, ag maga, ag fonamhad 's a' fochmhuide fá
luige, mhíthreóir agus neamhchumas na n-Eabhradhach
nár leómhaig cur 'na gcoinnimh acht dá bhfolach féin ar
fuaid chnoc, choillte, churraighthe, bhogaighthe agus


L. 182


uamhana agus phruasacha na talmhan, Iud.vi.2, do
chuir an deargnamhaid so phobuil Dé a muinghin agus a
ndóthchas cómh foistineach sin i mórnuimhir a gcóisteadha
is a gcarbad catha, i méid a dtrúip is i bhfóirneart a
dtréinfhear gur cholladar gan uabhain, eagla ná imshníomh
ar bith dá nglacadh i gceartmheadhon a bhfuirinne san
gcamptha nó go dtáinig Gedeon dá n-ionnsuighe arna
gcoinnleacht do ró-bheagán soigheadóireadha agus gur
ling orra uile d'aonmhaidhm, gur raob, gur bhris, gur
dhíthcheannaigh, gur mheill, gur loit agus gur chuir chum
briste iad uile, lomlán d'eagla agus d'uathbhás, ar mhodh
gur thairngeadar féin na hairm amach ag tabhairt a
n-aghaidh ar a chéile ionnas agus nár fhan a bheag ná a
mhór díobh gan marbhadh ar an láthair. Ag sin piann,
peannaid agus pionós laothamhuil na bpeacach gcruadhmhuinéalach
neamhaithrigheacha: an tan do chreidid
agus is dóith leó a bheith i gceartmheadhon a luathghárach,
a maithis agus a maoine agus a sláinte, tuiteann móirfhearg
agus fíoch Dé cómh huathbhásach tréanchumasach san
orra ar mhodh go gcaillid a gciall, a dtuigsin agus a
réasún go buadhartha cathaightheach neamhchompórdach,
ag dul i n-éadóchas go ró-mhinic mar Iudás.



Dorugadh mar an gcéadna go hionngantach uathbhásach
i n-amus ar chloinn Iambri, an drong budh mhó, budh
threise agus budh thréine dá raibh i measg na gCanaaníteach,
ar mbeith dhóibh i gcoinleacht bhean-phrionnsa ó
Mhadaba, dá tabhairt chum cóisir a pósta le cómhgháir
ionngantaig agus le mórmhórtais iomarcaig maille re fuaim
ceóil ghalltrompadha, dromadha agus píobaireachta, gan
nídh ar bith ar a n-aire acht pléasúr, méid meanma agus
caithiomh aimsire, nó gur ling Ionathas orra an tan is


L. 183


ró-lugha do shíleadar é, dá ngeara agus dá n-athchuma
nó go ndearna greamana seabhaic dhíobh agus blúireacha
beaga leis an léirsgrios bhfollas gcoitcheann uathbhásach
dothug orra, 1.Machab.IX.40. Maireann agus caitheann
sibhsi bhúr n-aimsir gan eagla Dé ná duine annbhúr neimhdheabhóideacht
agus annbhúr bhfeilebheartaibh amhuil
agus mar ná biadh breitheamh ann dochum luadhach
saothair bhúr míghníomh do thabhairt díbh an lá déaghnach.
Ní smúingean sibh acht ar aoibhneas agus ar chaithiomh
aimsire, súd agus gur thuilleamhair míle léirsgrios agus
díthcheanna tré 'mhioncadhacht agus do thuiteamhair annsa
bpeacadh agus go mb' éidir go dtuitfeach fíoch agus
móirfhearg Dé agus caor theintighe an Tighearna aniu
féin ar bhúr mullach dá bhúr sraca agus dá bhúr dtarang
as a chéile. Is dóith libh go rachaidh sibh asteach go
halla na cóisreach dochum aoibhnis agus aitis na colna
d'fhagháil agus leanamhuin dá bhúr n-anntoil, agus gomadh
fhéidir (d'aontaoisg) go mbéarfach an bás ar sgórnaig
oraibh an tan is ró-lugha budh dhóith libh é, dá bhúr
bhfuadach leis gan ollmhughadh, gan aithrighe, do láthair
an bhreitheamhantais agus ón mbreitheamhantas go
hifrionn.



Atá bhúr n-aindréim agus bhúr n-andóthchas ró-churrthach
ró-chionntach. Is siúráilte fhoistinighe chruadh
dhiongabhálta cheangailte sibh go mór annbhúr bpeacadhaibh
go fada ná atáid na fíoraoin i dtathaoi agus i gcleachta
na ndeighthréighthe. Mo chreach! is mór é eagla na
bhfíoraon go dtuitfidís. “Bíodh uabhain, eagla agus
uathbhás ar an té sin atá iona sheasamh annsna grásaibh
go dtuitfeadh sé annsa bpeaca,” 1 Cor.x.12. Amhuil
agus mar do theagasgan Naomh Peadair don uile chreideamhach
é .i. “leas a n-anma do dhéanamh le huathbhás
agus le critheagla,” Philipp.ii.12. Agus mairionn
sibhsi agus fantaoi i lán-tsiúráil dheimhnighthe siúd agus go
bhfuilid bhúr gcorthacha ag béicig is ag bladharaig ar


L. 184


Dhia ag iaraidh léirsgris do theacht oraibh. Bígeadha
cómh holc agus cómh mallaighthe cómh fada agus is maith
libh é nó gus an phuith dhéighionuig dá bhúr mbeatha,
ní bhfuil imtheacht agaibh ó na pianntaibh atá Dia
d'ollmhughadh díbh. I n-éiric bhur réasúin fhallsa
éagcóracha neimhfhírinneacha, tuitfidh an tubuist chruadhfhoirtiúnach
neimhtheibightheach nách léir dhíbh ar aonmhodh
oraibh an tan is ró-lugha do shílfidh sibh é, mar
adeir Dia ag Isaias,XLVII. 11.



Agus má atá ná buailean Dia agus ná leagan a thréanbhuille
feidhm-láidir mór-dhíoghaltasach oraibh gan stad
ionna dtuilean sibh a mhíghreann, bíodh a fhios agaibh
gurab é is adhbhar do sin go bhfuil a fhírcheart móráidhbhseach
neamhchuimsighthe deallraightheach mórshoillseach
glinn-rosgach fíorghlan re faicsin agus nách leór leis
beigdhíoghaltas saobhnósach d'imirt oraibh, gan aghaidh a
chaoir thintighe agus 'fheirge, 'fhoirnirt agus a chumais
do thabhairt d'aontaoisg ar bhúr mullach go follas soiléir
don tsaoghal go huile, tré mhéid bhúr bhfeilebhearta ag
caithiomh an iomad bliadhan annbhúr míghníomharthaibh,
ag ruille ruaille ó olc go holc gan aithrighe do dhéanamh
ionnta. “Sgríobhann sibh,” adeir Iob ré Dia, “nidhthe
ró-shearbha am aghaidh,” Iob xiii.26. Sgríobhann an
ceannuighe agus cuirionn síos ionna leabhar cúnntais gach
earadh dá dtugann uaidh ar cáirde do gach n-aon d'iarann
air iad, nó go dtagann aimsir dochum díol fiach do dhéanamh
leis, agus annsin cuirionn dochum suime an iomshláine ó
thúis ar mhodh gur mór le lucht na creideamhna méid
an éilimh an lá déadhnach. Mar an gcéadna tuiteann
sibhsi go laothamhuil i bpeacadhaibh gan aithrighe do
dhéanamh ionnta. Sgríobhann an Fírcheart Diadha i
leabhar cúntais na síorruigheachta iad agus iarfaidh sásamh
agus lóirghníomh ionnta. An tan is ró-lugha do shílfidh
sibh é, ní fuláir díol fiach agus cúntas do dhéanamh leis:


L. 185


Redde rationem villicationis tuae, Luc.xvi.2, ní hé amháin
annsna mórchorrthachaibh do-rinneamhair ar feadh bhúr
mbeatha acht annsna smúintighthibh is ró-lugha annbhúr
n-intinn agus annsa ruainne is caoile dá bhúr bhfolt, i
láthair naomh agus bannaomh na cruinne, aingeal agus
archaingeal na bhflaitheas, ar mhodh go dtuitfidh piann,
peannaid agus pionós bhúr mór-pheacadha dtiubuisteacha
gráineamhla neamhdhuineanta ó Dhia agus ón bhFírcheart
nDiadha d'aontulmas annbhúr mbathas. Agus ní bhfuil
dá fhaid d'fhanan Dia gan a sgiúrsadha briochtfhaobhracha
géirnímhneacha do bhualadh ar bhúr gcorpaibh cruadhchlochacha
agus ar bhúr gcroidhtheachaibh righne droch-choinghíleacha
caraigeach nách déinide threise thréine
uathbhásaighe do bhainfeas a Fhírcheart Diadha díol agus
sásamh díbh annbhúr n-annlochtaibh, do bhrígh, tré dho-iompchair
na mór-phiannta dochoimsighthe d'fhuileóingfidhe
san tsíorruigheacht muna leasaighthí bhúr mbeatha i n-am,
go dtabharfaidh dhíbh an luadhach saothair is dual tré
bhúr neamhshuim san aithrighe ar feadh bhúr mbeatha.



AN .11. CAIBIDIL



Do-gheibh an drong san do chuireas an aithrighe ar cáirde ó lá go lá bás
go bhformhór agus go ró-mhinic gan a déanamh ar aonchor.



Is cómhartha cinnte dhuine leisgeamhuil fhatfhuair
neimhdheabhóidig éadchráibhthig spadánta neamhshuimeamhuil
i nDia ná i leas a anma do dhéanamh an té sin do
chuireann an aithrighe ar cáirde dochum iompaighthe ar
Dhia agus adeir go laothamhuil: “Cras, cras, amáireach,
amáireach,” dobhíos go bithshíor lán do ghrádh propartha


L. 186


agus dá shearc féin, gan binn ná éifeacht ar shearc Dé ná
ar a ghean ná fonn san mbith dochum sláinte 'anma
d'fhagháil uaidh. Is ró-bhaoghal ná déanfaidh nídh ar
bith dárab fiú é trácht ná luadhchant air, ar an adhbhar,
dá dtosanaigheach an fear sin, ní buan a sheasamh acht
tré ró-dheacamhlacht, buartha, trioblóideadha agus dian-bhrise
croidhe fá an aithrighe do thionnsguin. Agus má
chothaighean annsan úrnaighthe, i mbeagán aimsire dá éis
d'easbadh an fhoinn agus an fhriochnamh fhírinnig do
bheith aige, rachaidh ar gcúl agus coirfíoghar ar shlighe na
caondúthrachta go ró-fhuras é, maille re peiriocuil mhór
agus le dainséar iongantach go n-éimeófadhar i bpongc
déadhnach an bháis ar thrócaire d'fhagháil é an tan do
sgreadfaidh agus d'iarfaidh ar an dTighearna na grása do
dhéanamh air, amhuil agus mar d'imthig ar Achan an tan
do ghaibh coimeirce ag Iosue agus d'iar maitheamhnas agus
párdún air, acht níor héistig leis do bhrígh gur iar go
ró-dhéadhnach é. “Éirgheóghaid go moch na maidne,”
adeir Dia, “dochum mo loirgthe, agus ní bhfaghaid mé ar
aonchor: do bhrígh gur fhuathaigheadar an smachtughadh,”
Prov.i. 28-29. Agus i n-ionnad iad féin do leasughadh
go prap luath deithionnsach díthchiollach ó na peacadhaibh
agus na mórchurrthacha do cuireadh i n-umhail orra, léigid
díobh sin do dhéanamh acht ag cur na hathrighe ó lá go
lá. Agus ná fuil annsin go huile acht maga, sgige, fonamhad,
fochmhuide, dia-aithis, tarcuisne, neamhurraim agus neamhshuim
i nDia, cailleamhuin aimsire agus drochúsáid mhór
do thabhairt do Naomh-Spioraid Dé dobhíonn ag síorghlaodhach
agus ag iaraidh oruinn iompóghadh tar ais agus
ár leas do dhéanamh dámadh mhiann linn féin éisteacht leis
ná a chomhairle do ghlaca dochum na haithrighe do
dhéanamh.



Níor glacadh fá choimeirce agus níor gabhadh le hais


L. 187


don deichneamhar maighdean úd dobhí ag faire, ag
forcamhás agus a' bhfaightéireacht ar a gcéile pósda do
theacht dochum dul asteach go halladh cóisreach na glóire
síorraidhe mar aon leis, acht cúigear, do bhrígh gur fríth
ollamh iad agus a soillse ar lasa aco .i. go raibh a gcoinnsias
ar deaghstaid, an tan dotháinig a gcéile pósda dá n-iaruidh.
An bhantracht sin dofríth ullamh, do-chuadar asteach mar
aon leis go halla na cóisreach, Math.xxv. Ní dheachaidh
an drong eile nár chuir suim san oíle do cheannach dochum
a soillse do bheith ar lasa aco asteach don halladh i
n-aoinfheacht lena gcéile, do bhrígh gur hiadhag na dóirse
orra. Dá mhionncacht agus dá liacht uair do ghoireadar,
do bhuileadar agus d'iaradar a n-osgailt dóibh, do fhreagair
an céile agus adubhairt nárbh aithnid do iad ar aonmhodh.
Nídh ionngantach uathbhásach éagsamhlach! Níorbh fhiú
brobh dhóibh agus ní raibh acht neimhnídh iona
n-óigheacht, iona maighdeanas ná i n-aon deaghcháil eile
dá raibh aco do bhrígh nár fríth ullamh iad dochum dul
asteach. Monuar! Créad é a liacht pearsa do cuirfeadhar
ar gcúl i bpongc déadhnach an bháis tré mar nár ollamhuigheadar
iad féin ar feadh a mbeatha i n-iomshláine a neirt
is a gcumuis, an tan dobhí ar gcur dóibh leas a n-anma
do dhéanamh!



Do bádhag, do sloigeag, do foilceag agus do múchadh
go tubuisteach donaoi doghrannach mí-fhoirtiúnach fá
thonnthaibh tréanchuitheacha na mara fíordhoimhnne
móranathamhla an drong úd do-rinn suas agus d'oibrig
áirc Noé mar gheall ar a sithléigeacht mhóirleisgeamhuil
mhíothapa féin. d'innseach an naomhphátriarc Noah go
ró-mhinic agus go laothamhuil dóibh go raibh an Tighearna
i n-easgcáirdeas mhóirfheargach ris an ndomhan uile tré


L. 188


mhéid a bpeacadha, a bhfeilebhearta agus a mórchurrthacha,
gur mhiann leis a dtreasgairt, a léirsgrios agus a ndíthcheanna
tré mar nár mhaith leó fille ar a leas agus párdún d'iaraidh,
agus gomadh fhonn leis an bhFírcheart nDiadha a
mbághadh fá thonnaibh tréinneartmhara na mórfhairge.
“Déingeamaoid ar an adhbhar san agus críochnuighmís go
luath dian deithionnsach díthchiollach ár n-áirc dochum ná
biadh aoinread i n-easbadh oruinn ar theacht lá cúntais
chritheaglaig an Tighearna.” Níor chuireadar na saoir ná an
lucht oibre suim na éifeacht ionna ghlórtha acht ag maga
agus ag fonomhad faoi, ag obair gach lá go righin
sithléigeach neamhshuimeamhuil. Fá dheóigh dotháinig
lá léirsgriosta an Tighearna. Do lingeadar aibhneacha
beaga agus móra an domhain tar port, d'at an fhairge
thréinleathan cómh huathbhásach áibhseach sin ar mhodh
agus gur rith ré móirneart ionngantacht foirneamhuil
tréanchumasach fán gcruinne chláirleathan talmhan so
ionnas agus gur fuadaigheadh gan tuairisg ná cúntas na
bochtáin mhíofhoirtiúnacha réamhráidhte sin gan sligh
san áirc ná fagháil aco ar thrócaire, Gen. Créad an fios atá
agaibhse ná teangmhach an míofhoirtiún céadna oraibh
féin, nó a níbhus measa, i bpongc déadhnach an bháis?
Cuireann ár Naomh-Mháthair an Eaglais áirc ionnraic na
haithrighe annbhúr bhfiaghnaise dochum bhúr gcaomhna
ar dhílinn mhóirfheirge an Tighearna do thuilleamhair go
ró-mhinic tré bhúr bpeacadhaibh. Éimighionn agus
cuireann sibh tar ceal dul asteach innte agus gomadh
fhéidir, uair an bháis, ná biadh aimsear, spás ná cead
aithrighe agaibh ná meadhon ar bith dochum leighis
d'fhagháil ar chneadhaibh marbhthacha doileighis bhúr
n-annlocht agus go gcaillfidhe sibh gan truadh, taise ná
trócaire. Bíodh eagla oraibh, ar an adhbhar san, agus ná
cuirig bhúr leas ar cáirde ó lá go lá.


L. 189


Adubhradar na haingil do chuir Dia dochum léirsgris
agus díthcheanna do dhéanamh agus d'imirt ar na tréanchathracha
Sodom agus Gomorrha le Loth dul agus insin
dá chliabhnaighthe go dtángadar féin dochum luaithreán
agus púdar do dhéanamh don chathair agus dá lucht
áitribh go huile, gur neartaigheadar a bpeacadha agus gur
fhásadar cómh hárd tréanchumasach sin agus gur éirgheadar
suas ós cómhair Dé ar mhodh ná fuileóingfeach an Fírcheart
Diadha a níbhus fuide gan díoghaltas do dhéanamh orra.
“Agus amáireach féin go dtuitfigh móircheatha raibhe,
briomstóin, teine agus caora teinntighe domhúchta tréanlasaracha
dochoimsighthe ó neamh orra do dhóithfeas,
do dhubhloisgfeas agus do léirsgriosaig an iomshláine
dhíobh. Abair reó fós, más miann leó triall ann do
chuideachtain-si, go sábhálfam-na iad mar ghrádh, mar
gheall agus mar ghean ortsa.” D'úmhlaigh Loth agus do
ghéill dóibh, acht a chliabhnaighthe i n-ionnad a chómhairle
do ghlacadh, is é do-rineadar croma ar mhaga agus ar
sgige faoi agus meas amadáin nó ríoghóinmhide do thabhairt
air agus fós ar na haingil féin mar an gcéadna. Acht
monuar! an lá arna mháireach, do fuadaigheadh agus do
sloigeadh i bhfodhoimhin ghrodlasaracha domhúchta
theinntreacha síorraidhe ifrinn gan teasargan iad, Gen.
Agus muna mbiadh sibhse a níbhus céillighe ghlioca
chríonna urramamhla uimhle ná iad sin, caillfighear sibh
mar dheamhain agus mar dhiabhail ifrinn, go háirighthe
agus go speisialta muna gcreidthí go pairticúlártha gach
fírinne dá dtagan chúghainn do thaoibh Dé. An té
adéarfadh a chonntrárdhacht libh, is ar tí bhúr meallta
dobhiadh, amhuil agus mar do mheall an athair nimhe
Adam agus Eva an tan do gheall dóibh ná faighdís bás
chuige acht go mairfidís choidhche mar Dhia féin agus


L. 190


go mbiadh fios uilc agus maithis aco dá n-ithidís ubhall na
haithne. Agus dá chómhartha gur mealladh iad, do
chailleadar agus do thréigeadar íomhágha, ionnchrotha
agus cosmhulacht Dé mar aon le beatha na ngrás, dá
ndéanamh féin 'na mórchorrthachaibh, 'na bhfionghalaidh
agus 'na bhfíorchladharaibh tré mhéid chánach
na feilebheirte sin mar na diabhail féin. Bíodh cuimhne
agaibh ar na neidhthe so do-chuadh thoraibh agus ná
déinidh dearmad do na neidhthe atá re teacht, Eccli.XLI.5.



AN .12. CAIBIDIL



Beireann an bás ar sgórnaig ar an bpeacach dá thachta an tan is
ró-lugha do shíleann é.



Is cruadh docht doilbhiosach dobrónach fliuchshúileach
bocht atuirseach atruadhach an nídh re faicsin an
chruadhmhuinéalacht agus an dall-inntleacht ghnáth ionna
mbíonn an peacach go laothamhuil do chuireann a leas ar
cáirde agus an aithrighe ó lá go lá amhuil agus ná faghadh
bás go brách, nó cómh maith agus dá ndéingeach acht,
marga nó connradh leis gan teacht fána dhéin ar aonchor,
nó amhuil agus mar do ghlacfach léas, aimsir nó téarma ar a
bheatha dochum aithrighe agus lóirghníomh do dhéanamh
agus sásamh do thabhairt don Fhírcheart Diadha ann gach
mór-pheacadh feilebheartach fíorghrána mailíseach tubuisteach
doghrannach dá ndearnaidh i n-aghaidh dhlighe agus
reachta Dé. Is bharántas neimhtheibightheach fírdhíreach
gan fille tar ais bharántas an bháis nách féidir le haonduine
teighthe uaidh ná dul i bhfolach air. Goireann an fháidh
oirdheirc Isaias agus tugann mar ainm air “pláigh nó
sgiúirsi na tréantuile,” Isai.XXVII.15, do sgéitheann


L. 191


agus do ritheann tar gach aonphort ionna mhór-thíompchall
do lot, do ruathar agus do lán-mhille ar gach taoibh dá
ngabhann a níbhus mó ionná aon ruathar eile, cogadh,
pláig nó gortadh dá dtagann oruinn, do bhrígh gur féidir
le mórán faire, forchoiméad agus aireachas do dhéanamh
i n-oirchill na dtréinsgiúrsadha ndéanach so maille re
leighios d'fhagháil i n-aghaidh na plágha, lónchruinnioghadh
agus stóirchiste fá chómhair na gorta, púirt, daingneacha
agus longphort i gcoinnimh na namhad. Acht ní bhfuil
aontsórd leighis, cabhartha, stóir, lóin, fóirnirt ná airm ar
bith aguinn dochum troda ná bualadh machaire do thabhairt
don bhás ar aonmhodh. Atáid eitidhe agus sgiatháin air
d'fhuadaigheas ar feadh gach ríoghachta é, agus speal ghéar
fhaghartha lán d'fhulang ionna láimh aige do ghearras na
huil nidhthe ar gach taoibh dhe. Atá sé dall gan radharc
ná súil ionna cheann dochum ná biadh suim, éifeacht ná
binn aige ar neach dá threisi, luige ná thréine, uasal, ísiol ná
ársadh, bean, fear, buachaill ná gárlach, rígh, ridire, prionnsa
ná pápa, tuata, sagart ná bráthair. Atá gan cluasa dochum
gan éisteacht ná aire do thabhairt ré guidhe, úrnaighthe
ná athchuinge dhuine ar bith don tsaoghal teacht chuige
ná fanamhuin uaidh. Dá bhrígh sin is díthcéillighe
neimhghlic baoth amadánta óinmhideamhuil an nídh
dhúinn gan bheith réig ollamh glan fá chómhair an bháis
maille re deighbheatha do bheith aguinn tré fhíoraithrighe
atuirsig dhobrónaig chathaighthig, cia fionnas agus gurab
í do-dhéanfas eidirdhealbhadh idir shíorruigheacht na bpian
agus flaithios na glóire.



Dá dtagadh an bás le greadbhualadh agus dian-phliasga
dromadha agus sírshéide galltrompadha agus le móirghéimnig


L. 192


adharc fhiadh agus le gach fuarmáil, fogharmhongar agus
mórthoruinn eile dá mhéid dochum rabha agus
furfhógradh do thabhairt uaidh go raibh féin ar an mbealach
ag triall chúcha, dobhiadh leithsgéal éigin ag an bpeacach
dochum na haithrighe do chur ar cáirde gusan uair sin,
do bhrígh go mbiadh súil agus dóthchas aige go bhfaghadh
rabhadh dochum a bheith ar aireachas. Acht ní bhfuil
nídh san mbith is mó do thréatúir, d'fhionghalach, do
reógaire ná do chladhaire ioná an bás, ná nídh is mó do
bheirionn i n-ambus ná d'iarann caodh nó bontáiste ar
neach an tan is ró-lugha do smuaintear air ioná é. Tagan
chúghainn, amhuil adeir Naomh Pól, 1 Thess.v.2, mar
ghaduighe annsan oidhche an tan budh mhiann leis an
teach do shloid, ag togha na haimsire innar dóith leis an
mhuinntear do bheith ionna gcodla agus ionnar lugha do
smúingid ar a theacht, ag brise agus ag raobadh trésan
ionnad is ró-lugha don teaghlach, amhuil mar chanann
ár Slánaightheóir Críost san tsuibhsgéal, dá chómhairlioghadh
dhúinn faire agus úrnaighthe do dhéanamh do
bhrígh ná bíonn fios an lae ná na huaire aguinn, Math.xxv.13.
Ó créad í mar náire agus mar aithis dhíbhsi
bhúr gcúram agus bhúr n-aigne do bheith annbhúr maoin
tsaoghalta agus annbhúr dtoice aimseardha ghiorradh
dhiombuain a níbhus mó go mór ioná i nglóire Dé d'fhagháil
ná annsna grása do thuilliomh, agus gur lia faire,
forchoiméad agus díthchioll do-ghnídhthí tímpchioll bhúr
gcrónchorpa salacha smeartha créimeacha somharbhtha
atá lán do dhruíb agus do ghalar na bhfeilebheart agus
na n-annlocht do-rineamhuir ioná an tsuim, an éifeacht
ioná an cion atá agaibh ar bhúr n-anma do mhairios go
bithshíor agus do chosain an méid fola daorluaidh dobhí
i gcuislionnaibh Chríost dochum a sábhála. Dá bhfaghadh


L. 193


sibh sgéala go raibh ropaireadha, bitheamhnaig ná
sladaighthe ar tí bhúr gcreachta nó feill, murdair nó tnáth
do dhéanamh oraibh, d'fhairfeadh sibh go caoin fírinneach
aireach do lá agus d'oidhche, do chómhchruinneóghach
sibh bhúr n-uile fhórsa, neart, cumais agus tréanmhaireacht
dá bhúr gcosaint dochum ná béarfaidhe annbhúr gcodladh
oraibh, amhuil mar curthar síos annsa Sgríbhinn nDiadha
ag Matha Suibhsgéaluighe, xxiv.43: “Dá mbiadh a
fhios ag an athair muinntire créad an t-am dothiocfadh
an gadaighe, do-dhéanfadh faire”: Si sciret pater familias
qua hora fur veniret, vigilaret utique. Atáimsi dá innisin
díbh mar theachtaire ó Dhia go bhfuil an bás ag triall
chúghaibh ag eitiollaig dochum bhúr bhfuadaighthe an tan
nách dóith libh é, agus má bheirionn oraibh i múisiún
suanmharbhthach na bpeacadha go bhfuil sibh caillte, agus
'na dhiaigh sin agus uile, ní móide bhúr ndeithionas dochum
iompaighthe ar Dhia, dá fhuigseacht díbh ná dá ghuireacht
dá bhfuil sé. Arbh fhéidir le neach san mbith cuimhneachtain,
le croidhe do smuaineamh, le teanga do labhairt,
le hintinn do thuigsin, cruadhchroidheacht budh mhó,
cruadhmuinéaltacht budh threise ná dall-inntleacht budh
chaoiche agus cuir dob uathbhásaighe iongantaighe ioná
bhúr ndall-chiach agus bhúr n-easbadh radhairc-se?



Cia liacht duine ag a rug an bás ar sgórnaig air i
gceartmheadhon phlaésiúir, aoibhnis agus socamhlacht na
beatha so? Do-rineadh mionrabh, minghreamanna agus
ceapaireadha do chloinn Iob ar gcaithiomh proinne agus
sómhaltais dóibh i bhfochair a chéile. Do thuit an tig
d'aontolmas iona mullach orra ansan am is lugha do
shíleadar é, i lár a gcompóird agus a gcaitheamh aimsire,
ag ól sláinte agus fadshaoghal chum a chéile, Iob i.13-16.
Iar ndul do Shizara dochum suaibhnis i bhfianbhoth Iael,
d'éis trioblóide móire agus sglábhadhacht iongantaig


L. 194


d'fhagháil san gcath as a ráinig leis a anam do thabhairt,
dothug Iael, mar dhúthracht, leamhnacht réan' ól do.
Dofuair an bás annsa tsocamhlacht iona raibh tré láimh
Iael do mhairbh é tré uisionnabh a chinn le tairnge
athgharbh iaruinn agus é iona chodladh, Iud.iv.19-21.
Atá sibhsi go laothamhuil i gcath, i gcoimheasgar agus i
gcoga ghnáitheamhuil reanbhúr gclaontaibh dobhíonn do
shíor dá bhúr mbuaireamh agus dá bhúr gcorruighe gan
fuireach, stad, suaibhneas ná cómhnaighe. Loirgean sibh
do shíor gach socamhlacht agus gach sástacht is mó bhus
taithniomhuighe libh d'fhagháil. Ag sin é an saoghal
briste meangach claontoilteach ag tairigsin bhainne mhilis
chaoin a mhórshocamhlacht agus a árdaoibhnis díbh, agus
annsan am gcéadna ionar dóith libh a ól go mear súgach
meanmnach, annbhúr gcodladh i gceartmheadhon bhúr
bhfeilebhearta, tiucfaidh an bás a gan fhios oraibh mar
leóghan chraosach chritheaglach. Loitfidh sé an corp
agus na baill fhoirmliocha lena shoigheadaibh agus lena
ghaothaibh nimhe. Ní fhágfaidh lúth ná brígh iona
theangain dochum Dé do ghuidhe ná do mholadh. Fágfaidh
an croidhe cruaidh fuar siocamhuil dochum na haithrighe nó
leas an anma do dhéanamh. Ag so an pongc iona dtig Lucifer
agus a shlóighte ifrinn mar sgaodh beach innár dtímpchioll:
Circumdederunt me sicut apes, Ps.cxvii.12. Sgaoilfidh
gach diabhal aco a gha nimhe ris an anam. Do-ghníd
fál agus mainnir ionna thímpchioll mar shúil go dtiocfaidh
leó gách grása agus gach teagasg dogheibh an duine ar
feadh a bheatha do mhúcha: Circumdederunt me dolores
mortis et pericula inferri invenerunt me, Ps.cxiv.3. Ó
a dhrong mhallaighthe do-bheir bhúr gcorp agus bhár
n-anam míle uair don diabhal, tiucfaidh sé an lá úd ag
glacadh seilbh ar an mbronntas. Tiucfaidh i n-aoinfheacht
ris diabhal na drúise agus na sainte, diabhal an fhuatha
agus na feirge, diabhal an uabhair agus na leisge, agus


L. 195


diabhal na meisge agus na míochaoiseachta, agus gach
ainspioraid eile dá ndearnamhair seirbhís riamh ar feadh
bhúr mbeathadh. Aigeóraidh gach ainspioraid mhallaighthe
dhíobh a ceart ar bhúr n-anm-sa. Monuar,
mo bhuaireamh agus mo chreach ghéar! Créad é an
riocht iona mbiadh sibhsi an uair sin!



Do theasg, d'fhuadaigh agus do sgoith Iudith an ceann
do Holofernes iar mbeith ar meighir mheisgeamhuil do i
measg a thréinfhear agus a mhórthaoiseach ag proinn
oirdheirc do hollmhuigheadh do ionna fhianbhoth féin,
Iudith XIII.10. Codlann agus fanann sibhsi go suaibhneasach
réig neamhbhuadhartha i múisiún thromchodlatach
mharbhthach bhúr bpeacadh, bhúr n-olc agus bhúr
n-annlocht, gan faitchíos ar bith roimh Dhia ná tulamuidhe
ionna thrócaire. Agus cia do-dhéanfas deibhin
díbh ná béarfaidh an bás ar bhraighdel oraibh dá bhúr
dtachta sol d'éirgheas an ghrian ar maidin oraibh?



Nách mór í bhúr gcuir, ar an adhbhar san, do láthair
Dé agus nách beag is fiú sibh a ghrása ná a thrócaire
d'fhagháil, cia fionnas agus go gcaithean agus go mbronann
sibh an chuid is feárr dá bhúr mbeatha a' seirbhís agus ag
fóghnamh don diabhal, don tsaoghal agus do cholainn
.i. bhúr n-aois óige, ag fanamhuin agus ag calcughadh ó
lá go lá annbhúr ngráineamhlacht tsalaig bhrocaig mhóragraighthe
thruaillighthe, agus ag tabhairt na coda is
measa dá bhúr n-aimsir do Dhia .i. an aois ársa agus an
tseanóireacht .i. an aois ionnar thréigeadar na peacadha
sibh agus nách sibhsi do thréig iad? An tan do-dhéintí
íodhbairt nó ofráil do Dhia annsa tseinreacht, níorbh fhuláir
leis ceann, earboll agus ineathar na mbeathadhach
d'fhagháil, dá chur i dtuigsin dúinn annsa reacht nuadh
nárbh fhuláir dhúinn túis, meadhon agus deire ár saoghail


L. 196


do thabhairt go laothamhuil do féin do bhrígh gurab uaidh
go haoinreacánta dofuaramair é, agus mar sin gur
dobhuidheachasach an nídh dúinn an dualgas sin do
thabhart don pheacadh, deargnamhaid an Tighearna.



Is follas as an iv caib. Gen.4-5 f. an milleán
míchéatamhuil dobhuidheachuis iríreach dobhí ag Dia ar
Cháin trésan ndroichíodhbairt do-rinn do, agus an buidheachas
mór dobhí aige ar Abel mar d'ofráil mír do gach
nídh dá fheabhas dá raibh aige don Tighearna. Do
cailleadh go míofhoirtiúnach tubuisteach clann Heli fós
mar an gcéadna agus gach n-aon dá dtreibh tré chongbháil
na coda dob fheárr don íodhbairt aco féin agus ag tabhairt
na coda budh mheasa dhi do sheirbhís Dé, 1 Reg.ii.12-17.
Má thriallann sibhsi agus má leanann sibh a slighte, tuitfigh
an mhallacht chéadna oraibh agus do thuit orra-san, agus
éagfaidh sibh annbhúr bpeacadha.



Ní raibh naomh ná bannaomh ann ó thúis d'aithin Dia
agus d'fhóghain do ná raibh lán do chritheagla agus
d'uathbhás cos agus lámh ag smuaineamh, ag machtnamh
agus ag meadhchant ar pheacadhaibh agus ar mhailís na
haoise óige do budh adhbhar déar, doilbhis agus síorchathaighthe
dhóibh, amhuil mar adeir an ríoghfháidh
Dáibhíodh é, Ps. xxiv. 7: “Ná cuimhnigh, a Thighearna,”
adeir sé, “ar pheacadhaibh m'aoise óige.” Agus Iob ag
gul, a' caoi agus ag ochlán ar Dhia, Iob xiii.26: “Is
cosmhuil, a Thighearna, gur miann libh truimeadhacht
agus mórualach pheacadha agus bhaoise na haoise óige
do chur i n-umhail damh, dam sgiúirsioghadh tríoghtha.”
Do budh léir dhóibh agus do-chonnarcadar gur mhóráidhbhseach
gráineamhuil iad peacadha agus tréanlochta na
haoise óige tré mar nár chaitheadar a saoghal agus a
mbeatha roimhe sin i seirbhís Dé mar budh chuibhe dhóibh
do dhéanamh. Is cruadh dheacamhla dhainséaraighe


L. 197


dhíbhse go mór i bpongc an bháis ioná dhóibh-sin muna
ndéinge sibh an aithrighe gan fuireach, cia fionnas agus
gurab uirthe amháin go haoinreacánta atá bhúr leigheas.
Nisi poenitentiam egeritis, simul omnes peribitis, Luc.
xiii.5.



AN .13. CAIBIDIL



Is cruaidh deacair docamhlach an nídh do neach é féin do chosg ar na
peacadhaibh cleachtamhla nó is gnáthach leis do leanamhuin.



Má budh chleachtach libh maireachtain do réir an
tsaoghail, na colna agus na nádúire, ní iompóghaidh sibh ar
Dhia acht tré mhíorbhuilteadha, ar mhodh gur ró-chonntabharthach
díbh bás damannta dá bhúr rochtain
tré iomarca, lánmhaireacht agus gráineamhlacht bhúr
bpeacadha. Ní bhfuil annsa ngnáitheamhlacht ná annsa
gcleachta do thaithghionn agus do leanann sibh annsa
bpeacadh acht slabhradha, ceangaltáin agus líonta do
cheanglan, do chruadhchuibhrigheann, do shracan agus
do straoillean do ghnáth sibh i n-bhúr n-olcaibh agus ná
fuilngeann díbh bhúr leas do dhéanamh. Ó créad é a
dhocamhlacht buadh ná treisi do bhreith ar sheantathaighe
ghnáitheamhuil na bpeacadha! Ní fuláir grása speisialta
d'fhagháil dochum buadhchant ar an bpeacadh agus an
cleachta do thréigean, agus má thugan sibh cúl do ar feadh
sealaid trésa bhfaoisdin do dhéanamh, is cruaidh
docamhlach dochraideach an nídh libh, is geall le martra
d'imirt oraibh, buadhchan ar bhúr gcleachta dochum gan
ath-thuitim ann. Tairngeóchaidh, sraoillfidh agus fuadóghaidh
bhúr gclaonta toilteannacha saora féin sibh do shíor
dochum an chleachta sin budh ghnáthach libh do chur
i ngníomh, agus ní bhfuil dá mhéid dobheidh sibh ar bhúr
n-aire, muna ndéinge sibh fóirneart agus díthchioll ionngantach,


L. 198


nách lé cruadhtan mór agus uathbhás péine do
thuitfidh sibh tar ais annbhúr ndroichbhéasa cleachtamhla
mallaighthe nó fós dochum bheith a níbhus measa go mór
ná mar dobhádhbhair roimhe sin.



An tan díbiorthar agus ruaigthear an diabhal (mar
adeir ár Slánaightheóir Críost) as aointeach ionna mbiadh
ar lóistín ann, tagan tar ais arna gcoinnleacht d'anntsluadh
iomarcach deamhan is measa threise fhíochmhaire fheargaighe
go mór ná é féin, ionnas agus go ngabhann seilbh
ann agus go ndéingin máighistir agus sirriam teallaigh
de féin san áitreamh sin, ar mhodh gur measa go mór
agus gur mallaighthe staid an árais sin 'na dhiaigh sin
ná roimhe, Math.xii.45: Et fiunt etc. Is fighir agus
cosmhulacht é so ar an bpeacach sin dobhíonn go bithshíor
gnáitheamhuil i n-earraid ré Dia, dá imdheargadh tréan'
fheilebheartaibh. An tan do-ghnídh an fhaoisdin go maith,
cianruaigean, léirsgriosan agus díbrean i n-imchian uaidh
as 'anam an ainspioraid tré bhrígh agus éifeacht naomhshacrámeinte
na haithrighe. Acht filleann an diabhal so
tar ais, mar adubhart cheana, i n-aoinfheacht le mórthrúp
eile deamhan .i. gnáthchustaim chleachtamhla mhallaighthe
an pheacaig. Brostaighean, corraighean agus múisgleann
an t-ádhbhairseóir iad agus déingean feidhm agus úsáid
díobh dochum an aithleaga do bhaint as an bpeacach
agus fille ar a dhroichghníomhartha agus dochum go
dtabhairfeach chum milleáin chuirtheamhail budh mhó
do láthair an Fhírchirt Diadha é trésan ath-thuitim sin ná
mar dobhí roimhe: Et fiunt novissima hominis illius pejora
prioribus, Math.xii.45. Ar chor gur measa mhallaighthe
choinneallbháidhte an peacach iona staid, ag síorghnáthamh
na locht agus na bhfeilebheart, ag tuitim i seirglighe, i
luige agus i n-anmhúinneadha tré ainiomarca a mhórchurrthacha


L. 199


agus a thréanlochta, agus gur conntabharthaighe
dho fós go mór bás d'fhagháil i n-easgcáirdeas agus
i ndiosgrás Dé agus annsa mallaightheacht shíorraidhe sin
ná aithrighe do dhéanamh tré fhaid a thathaighthe agus
a chleachta annsna peacadhaibh.



Ó créad an pian, an duadh agus an brise croidhe, an
liúnn dubh, an cathughadh, an doilbhios agus an dobrón do
bhíonn ar an ndroing sin do leanann dá gclaontaibh, dá
gcéadfadhaibh, dá dtuigsin féin agus dá gcleachtadhaibh
dona míofhoirtiúnacha agus do chruadhann iona lochtaibh
agus do chrannroigheann iona bhfeilebheartaibh lobhtha
bréana móragraighthe, a mbeatha do leasughadh ná dul
ar an slighe dhírig! Agas créad iad na grása mórchumasacha
feidhm-láidire tréan-neartmhara ó Dhia ná fuil do riachtanas
orra dochum sin do dhéanamh! D'aithbheódhaig Íosa
Críost, ár Slánaightheóir, aonmhac na baintreabhuighe
úd chathrach Naim le trí nó ceathair do bhriathraibh dár
labhair, Luc.vii.11. Do chuir an t-ath-anam i n-inghín
phrionnsa na sinagóige ag breith ar láimh uirthe, Math.ix.24-25.
Acht dochum Lazarus do thógbháil ón mbás
dobhí marbh curtha trothlaighthe annsan uaigh ar feadh
cheithre lá, níorbh fhuláir dho duaidh mór éagsamhlach do
ghlacadh ag siubhal síos suas tré iomad buadhartha agus
trioblóide, ag gul, ag caoi agus ag ochlán, agus ag labhairt
do ghuith árd sholasghlan, ag glaodhach agus ag gairm
air: Lazare, veni foras, Ioan.xi.43. Agus fós ní tháinig
Lazarus amach as an uaidh fána dhéin acht go cruaidhchuibhrighthe
ceangailte i nglasaibh, ar mhodh gomadh
éigean dóibh a sgaoile agus a réighteach asda.



Ní ghéillfeadh agus ní umhalóghadh Pharao ar aonchor
do Mhaoise dá liacht furfhógra agus rabhadh dá dtug do,
dobhí a leithéid sin do thathaighe agus do chleachta aige
ar bheith ag tabhairt táir, tarcuisne agus mí-mhodh do
Dhia, ag leanamhuin claonta, toile, méinne, meanmna
agus intinne ann gach aon chéim i n-aghaidh dhlighe


L. 200


agus reachta an Tighearna. Níor mhaothaigheadar agus
níor chorraigheadar plághadha, gulghárrtha ná bladhaireach
a mhuinntire agus níor bhain aon mhíorbhuill mhórthabhachtach
thréanáidhbhseach dá ndeárnadh ós a
chómhair aon spreaga ná múisgilt as a chroidhe dochum
aithreachuis, acht do cruadhchroidheadh iona mhailís
agus do crannraigheadh iona chruadhmhuinéaltacht é,
Exod., ar mhodh gomadh fheárr leis go mór a bhághadh fán
Muir Ruaidh ná na hEabhraigh do léigeann as an
moghsuinne agus na cruaidhgheibhleacha ionna rabhadar
dochum íodhbartha do dhéanamh don Tighearna i n-aghaidh
a thoile. Dobhí a leithéid sin do ghnáthchustam ag
Nabuchodonozor fós tré mar go dtugthaoi ómós, onóir agus
adharadh dho mar Dhia féin, nár mhéinn leis úirísliughadh
ar bith ná úmhlughadh do thabhairt don Cheard Chómhachtach
nó gur hiompaigheadh dochum staid, cosmhulacht agus
fíghir bheathaidhaigh bhrúideamhuil neamhghluin é, Dan.iv.30.
Do budh fheárr le Cáin féin mallacht agus iríre
Dé do thuitim air, a mharbhadh, a dhamnughadh agus a
theilgean go síorraidhe i bhfodhoimhin ifrinn ná párdún
agus maitheamhnas d'iaraidh ná do lorg ar an bhFírcheart
nDiadha dothug rabhadh agus furfhógradh do agus do
chas leis an feall agus an murdar do-rinn ar a dhearbhráthair
Abel, ag tabhairt agus ag tairgsin na ngrás do dochum
iompaighthe ar a leas dámadh mhiann leis a nglaca agus
a thoil d'úirísliughadh dochum an haithrighe do
dhéanamh, Gen. Níor mhaith le cloinn Heli, an t-árdshagart,
smacht ná braidhgeill ar bith do ghlacadh orra
féin ar aonchor ná éirghe don chraos mhallaighthe chreach-reilgeach
dhia-aithiseach dá rabhadar tugtha tré ainiomarca
an chleachta agus na tathaighe dobhí aco, ag fuadach leó
le neart lámh agus cruadhas ball, ag tógbháil agus ag breith


L. 201


na coda nó na míre do budh fheárr do gach íodhbairt
dá n-ofráladh an pobal don Tighearna, agus sin do
dhéanamh gan suim ná éifeacht i n-aon sgannail ná tarcuisne
dá dtugadar do Dhia ná don phobal chéadna, 1 Reg.ii.15.
Tug Dia rabhadh agus furfhógra dhóibh trésan fháidh agus
fós d'innis Samuel óg go ró-mhinic dhóibh go dtuitfeadh
iríre agus mallacht Dé orra féin agus ar a n-athair muna
leasaighdís a mbeatha agus éirghe as a gcleachta. Agus
iona dhiadh sin agus uile, níor chuireadar suim, binn ná
éifeacht i n-aon rabhadh, furfhógra, teagasg ná cómhairle
dá bhfuaradar nó gur cailleadh go donaighe tubuisteach
doghrannach míofhoirtiúnach iad mar aon lena n-athair,
ibid. Níor éisteadar na Sodomítig, níor thugadar aire ná
cluas do ráitibh, do bhréithribh, d'fhurfhógraidhibh ná do
rabha ar bith dá dtug Loth dóibh, ná fós géille d'aonbhagairt
ná mór-dhíoghaltas dár inniseadar na haingil do láthair
dhóibh do thuitfeadh orra, le méid a dtathaighthe, a
gcleachta agus a ngnáthchustaim ionna bhfeilebheartaibh
mallaighthe míréireach. Do budh fheárr agus do budh
aite leó go mór tréanlasaracha groidghreadaightheacha
mórloisgneamhla teinntighe dochuimsighthe na bhflaitheas
do thuitim d'aontaoisg ionna mullach orra agus a
bhfuadach gan tásg ná tuairisg go grinnioll fhodhoimhin
ifrinn do shíor ná géille, éifeacht ná cluas le haire do
thabhairt do Loth ná dá bhriathraibh.



Maise, éistig le hÍosa Críost adeir libh muna
ndéinfig sibh aithrighe go bhfuiltí uile caillte gan stad
ar phrap na súl. Glacaidh chúghaibh na grása, guilig,
caoidhig agus admhuighidh bhúr gcionnta. Déinig
trosga, déirc agus úrnaighthe agus deaghoibreacha eile na
haithrighe. Éagaidh agus faidhgeadha bás d'oibreachaibh


L. 202


agus do ghníomharthaibh an diabhail, an tsaoghail agus
na colna, dá dtréigean tré shíorthathaighe agus chleachta,
ag siubhal go díreach i slighe Dé agus ag coiméad na
n-athannta.



Críoch an Dara Leabhair.


L. 203


AN TREAS RANN



NA MEADHOIN IS CEART DON PHEACACH DO THABHAIRT
FÁ DEARA AGUS DO CHUR I NGNÍOMH DOCHUM
IOMPAIGHTHE AR DHIA.



AN CHÉADCHAIBIDIL



Ní reachaidh aonduine go rígheacht na bhflaitheas muna dtuillfidh sé le
deaghoibreachaibh ar an saoghal so é.



Is í aimsir na beatha agus an feadh do caitear ar an
saoghal so an t-am cóir agus an lá trócaireach agus aimsir
thuillimh na bhflaitheas ionna bhfuil sé ar gcumas díbh,
tré chongnamh na ngrás, bheith d'fhoirtiún oraibh go
mb' fhiú sibh a bheith i seilbh Dé go síorraidhe. Acht
ní fuláir ná glacfaidh leisge, taghdaightheacht, fatfhuaire
ná mainneachtnaighe ar bith sibh fá bhúr ndíthchioll do
dhéanamh dochum teacht chum na críche sin, do bhrígh
nách fuláir dhíbh bhúr n-anma do shábháil le dúthracht
mór agus le coiméad iongantach, Dia d'adhradh, d'onórughadh
agus glóire do thabhairt do, do réir mar adeir
Naomh Pól, Cor.xv.58: “Oibrighidh, a dhearbhráithreacha,
go dian neamhthuirseach díthchiollach, ag
déanamh na ndeaghoibreacha ar son Dé, ag fulang go
foideach ar son a ghlóire. Bíodh a fhios agaibh go
maith ná biadh bhúr saothar neamhthairbheach do láthair


L. 204


Dé ar an adhbhar go bhfaghaidh sibh bhúr luadhach
saothair go fial fairsing fulúirseach.” Tug Dia na laothana
so díbh dochum na síorruigheachta léirbheanaighthe do
thuilleamh go foirtiúnach, ag déanamh na ndeaghoibreacha
d'órdaig agus d'aithin féin díbh do dhéanamh. Is ar an
gconradh so do geallag na flaithis díbh agus ní roichfidhe
iad choidhche acht tré thuilleamh luadhach mhór na
ndeaghoibreacha do budh cheart díbh do dhéanamh, maille
ré congnamh Dé agus ar staid na ngrás. I sinn, dá
bhrígh sin, na cionntaig chuirtheacha agus na fionnghalaidh
dhíthchreidmheacha tré ár mbeatha do chaitheamh go fuar
faillightheach spadánta, gan maithios ar bith do dhéanamh
ná fóghnamh don Tighearna, ar an adhbhar gur chum a
réire do dhéanamh agus dochum na bhflaitheas do thabhairt
dúinn, dá dtuilleamaois é, do chruthaig sinn. Agas is
deargnamhaid fhollas sinn dár maitheas biothbhuan deaghfhoirtiúnach
féin cia fionnas agus gur léir dhúinn gur dár
n-olc féin nó dár maith dothiucfas linn a bheith i nglóire
nó i bpian tsíorraidhe. “Tabharfaidh Dia do gach n-aon
luadhach saothair do réir a ngníomhartha,” Rom.ii6,
agus is fusa linn go mór an t-olc do dhéanamh ná an mhaith,
fearg do chuir ar Dhia ná a claochlóghadh ná buidheachas
ar bith do thuilleamh uaidh. Ó créad é so acht cur suas
go toileamhuil do na flathais agus triall i ndiaigh ár gcinn
go fonnamhar go géarlasaracha domhúchta ifrinn? Féachaidh
agus amharcaidh mair sin ar bhúr míofhoirtiún
thubuisteach dhainséarach.



Ní dheárnaidh Dia tréanobair ná saothar ar bith dochum
glóire d'fhagháil do féin, do bhrígh gur leis féin ó nádúir í
agas go bhfuil sí aige go buaintseasamhach ó thúis. Is é
féin go haoinreacánta a ghlóire féin agus a bheannaightheacht.
Budh riachtanach do na haingil go huile meadhon
d'iaraidh dochum triallta uirthe, a tuilleamh dochum a
faghála, ar an adhbhar nár dhleacht dhóibh a bheith aco


L. 205


go nádúrtha, agus mair sin ná raibh ionnta acht traibhléaraighthe
nó taisdealaig mar sinne. Acht do bhrígh
iad-san do bheith deallraightheach glanradharcach luaghailleach
beódha druithlingeach do bhreis oruinne, ní raibh
acht aonmhóiment amháin aco dochum na bhflaitheas do
thuilliomh nó pian ifrinn go síorraidhe. Annsa bpongc
aimsire sin d'aithnigheadar agus do thuigeadar an t-eidirdhealbhadh
dobhí idir an t-olc agus an mhaith; do-chonnairceadar
agus budh léir dhóibh a gcríoch féin agus
gach slighe agus meadhon budh riachtanach dóibh chuige
sin. Agas do chinneadar ar ciabé aco budh mhiann leó
féin do leanamhuin: do cheapadar na deaghaingil iad féin
dochum Dé 'ghrádhchant agus a thoile agus a réir do
dhéanamh, agas d'éirgheadar na drochaingil mhallaighthe
go cruadhmhuinéalach tinneasnach aghaidh-dhána i rebeillióntacht
ionna choinnimh. Agus gan stad i mbeagán
aimsire dá éis sin do chailleadar agus d'imthig am thuillimh
nó neamhthuillimh uatha. Do chóimneartaigheadar na
deaghaingil i ngrásaibh arna slánughadh an tan do léirsgriosadh
agus do díbreadh na drochaingil a parthas arna
ndamnughadh. Ní hamhla sin do lámhaigheas Dia na
daoine do bhrígh go bhfuilid trom liosda éadthuigseantach
díthchéillighe lag meirthneach míothapa neamhfhuadrach.
Dobheir Dia laothana ár mbeatha dhúinn dochum ár leasa
nó ár n-aimhleasa do dhéanamh. Tugann aimsir go leór
dochum foghlamtha dhúinn, raé fhada dochum righin-mhachtnaimh
ar ár ngníomharthaibh agus uain mhaith
dochum rogha agus togha do dhéanamh tré eidirdhealbhughadh
idir gach olc nó maith dá ndeárnadh linn. Ní
bhacann dínn agus ní chuireann cronadh ná toirmeasg
orainn seo nó súd do dhéanamh do réir ár dtoile féin tréna
ghrásaibh. Acht tar éis na beatha so, ní bhfuil aimsir
thuillimh ná neamhthuillimh ann. Ní fuláir go ndéanfam
an mhaith sul dothiocfas an bás dár rochtuin do bhrígh


L. 206


nách dual dúinn nídh ar bith d'fhagháil d'éis bháis nár
thuilleamair ar feadh ár mbeatha. Adeir Críost ag
Naomh Eóin,IX.4, go dtiucfaidh an oidhche ionnách féidir
le haoinneach obair ná gnóthaighe do dhéanamh: Venit nox
quando nemo potest operari. “An feadh agus dobhias an
solas ar lasa agaibh, déingeadha saothar d'eagla an doirchidis
agus na neamhshoillse do theacht ionnbhur
dtímpchioll,” Ioan. XII.35. Ó! ar aonchor ná fanaidh
le hoidhche dhorcha an bháis ná le doircheadas síorraidhe
na bpian. Déingeadha saothar agus obair dhian dheithionsach
dhíthchiollach ar feadh laothana socair suairc
bhúr mbeatha dochum bhúr leasa do dhéanamh agus Dia
do ghrádhughadh mar budh chuibhe. Ó créad mar
bhuaireamh, mar liúnn dubh, mar chathughadh, mar
dhuaidh, mar bhrise croidhe, mar dhoilbhios agus mar
dhobrón do-ghnídh do Lucifer agus dá sgaodh deamhan
an neamhshuim agus an neimhbhrígh do-rineadar don
aimsir sin tug Dia dhóibh dochum sealbh na bhflaitheas do
thuilleamh i n-ionnad phianta dochoimsighthe ifrinn iona
bhfuilid go síorraidhe! Créad bhus miann libh d'fhagháil
acht an damaint nó an staid chuthaig bhuile chéadna sin
iona bhfuilid sínte i n-éadóchas má leanann sibh iad iona
bhfeilebheartaibh?



d'órdaig an t-athair muinntire úd an tsuibhsgéil agus
d'achtaig an lucht oibre do ghairm chuige ar deire an laé
dochum a dtuarasdail do thabhairt dóibh, Math xx.8.
Órdaigheann agus gairmeann Dia an cinéal daonna go
huile in' fhiaghnaise uair an bháis dochum an tuarasdail
do thuilleadar ar feadh a mbeatha do thabhairt dóibh, ibid.
Is mór an luathgháir agus an méid meanma don deighsheirbhíseach
sin d'oibrigheas go maith fírinneach neamhthuirseach
gan mhiollam agus ag árab é a stuidéar cinnte
réir agus toil a mháighistir do fhreasdal ann gach céim, do


L. 207


bhrígh gur deibhnightheach leis a thuarasdal d'fhagháil go
maith mar aon le grádh, cion agus searc a thighearna.
Agas ag sin é bealach, slighe, ród agus compórd na naomh.
“Tabharfaidh,” adeir an fháidh, “an Tighearna luadhach
saothair a seirbhíse dá naomhaibh,” Sap.x.17, Ps.cxxvii.2.
Ó a anam chreidmheach Chríostamhuil,
d'oibrigheas go humhal úirísiol fírinneach ar son Dé! créad
é méid do shéin agus t'fhoirtiúin! Éireóchaidh gach nídh
go maith leat, mairfidh tú tré shaothar do lámha féin,
do bhrígh go bhfaghair mar dhualgas an bheatha shíorraidhe.
A chonntrárdhacht, créad mar mhíofhoirtiún agus mar
thubuist don té úd do chaith laothana a bheatha ag codla
i suaibhneas agus ag imirt i socamhuil agus i n-aoibhneas
an tsaoghail i n-ionnad saothair ná maitheasa an Áirdrígh
ná an anma do dhéanamh. Iom thráthnóna gheimhre
fhealltaig an bháis ní bhfuil a thuarasdal lean' fhagháil do.
Díbreóghfar go díbhfeargach mar sheirbhíseach neamhthairbheach
é amhuil agus mar theangmhuig don tseirbhíseach
úd an tsaoibhsgéil do cheil agus do chuir i bhfolach
tadhlaice a thighearna agus ná deárnaidh nídh ar bith dá
loighead do Dhia. “Teilgthear agus caitear,” adeir ár
dTighearna, “an seirbhíseach neamhthairbheach i ndoirchideas
foirmlioch,” Math. xxv.30, .i. go hifrionn, i
gcian ó choímbhrollach charthannach mhórthrócaireach
Dé, i measg gach doighir-lasair domhúchta tinteamhuil
grodloisgidhthe dá bhfuil ann. Amharcaidh féin agus
féachaidh annois ar an bpionós sin.



Acht is mó ná sin an t-éadóchas iona mbiadh an
drong úd nách fuilingtheach agus nách fiúntach agus
nách fóghanta dochum aonmhaitheasa ar bith do dhéanamh,
do chaitheas a n-aimsir ag rille ruaille ann gach cuir, peaca,
tréanlocht agus feilebhearta, don droing so, adeirim, do
mhairionn amhuil agus mar ná biadh Dia, flaithios ná


L. 208


ifrionn ann. Goirfidhear orra ar theacht na hoidhche
.i. i bpongc critheaglach an bháis, dochum tuarasdail a
ngníomhartha do ghlaca. Acht créad an díol is dual
dóibh d'fhagháil acht a gcianruagairt i n-imchian a radharc
ghléamhaisig Dé, mallacht shíor agus móirthinntreacha
agus tréanlasaracha domhúchta ifrinn do ghnáth? Ní maith
le Dia a dteacht ionna radharc ná iona láthair ar aonchor,
acht le móirneart feirge agus cuthaidh agus furántachta
chúcha go ruaigfidh agus go sgriosfaidh óna chaomhchómhluadar
iad, ag rádh: “Triallaidh uaim, a dhrong dhéanta
na bhfeilebheart”: Discedite a me qui operamini iniquitatem,
Math.vii.23. “Taraigeadha libh, a lucht na
mallacht agus na míghníomh, go teine ifrinn go síorraidhe
atá ollamh don diabhal agus dá aingiolaibh”: Discedite a
me, maledicti, in ignem aeternum qui paratus est diabolo et
angelis suis, Math.xxv.41. Muna gcreidthí an mhór-fhírinne
so, ní féidir a rádh gur deighChríostaighthe sibh,
go bhfuil binn agaibh ar Dhia ná tiollamaighe lena
thrócaire, acht a chonntrárdhacht, is díthchreideamhaig
sibh nó lucht do shéanfadh an reacht, ag troid is a'
coinbhleacht fá bhrataing an diabhail i n-aghaidh fhlaithis
na glóire. Agas má chreideann sibh gurab í an fhírinne
do habarthar libh, créad é an fáth ná caitheann sibh iona
sheirbhís í mar budh dhleacht díbh do dhéanamh? Créad
é bhúr n-óinbhideacht agus bhúr ndall-inntleacht gur
fearra libh agus gur rogha go mór mallacht Dé ionna an
bheannacht shíorruighe do thuilleamh!



Dámadh mhaith libh cómhoibrioghadh do dhéanamh
leis na grásaibh neamhdha, dothiucfadh libh seilbh Dé do
thuilliomh dámadh mhiann libh féin é 'dhéanamh. Ó
créad í mar dheaghuair agus mar mhórfhoirtiún! Ó dá
mbiadh an bhonntáiste si ag na diabhail, créad an díthchioll
ná déanfaidís dochum a roichsint! Acht dobudh fhéidir
libh Dia do chailleamhuin gach móimeint muna mbiadh
sibh ar bhúr bhfaire agus muna ndéinge sibh fórchoiméad


L. 209


maith dochum gan fearg ná amhluadh ar bith do chuir
ar an Áirdrígh agus muna ndéinge sibh díthchioll friochnamhach
deithionsach fuadrach dochum éirghe agus múisgilt
as na feilebheartaibh d'éis tuitim ionnta. Ní thig le
haoinneach agus ní bhfuil ar gcumas do dul asteach annsa
ghlóire shíorraidhe gomadh naomh é. Ní féidir aoinneach
do naomhughadh ar an saoghal eile; ní fuláir sin do
dhéanamh ar an saoghal so ar feadh na haimsire do caithfiodhar
ann tré shíoraithrighe, tré dheaghoibreachaibh, tré
úrnaighthe, tré fhulang, tré fhoidhne agus tré chlaonmharbhadh,
tré charthanacht, tré throsgadh tré umhalacht agus
úirísleacht, ag cómhghluaiseacht agus ag céimnioghadh tré
an uile dheighthréighthe Chríostamhuil, go háirighthe agus
go sonnradhach ag greamughadh do leanamhuin do bheatha
agus do staid Chríost an feadh agus do mhair ar an saoghal
so. Muna mbiadh aon chosmhulacht ag bhúr mbeatha le
beatha Chríost ar uair bhúr mbáis, ní fogas díbh furtacht
ná cabhair, acht a chonntrárdhacht, biadh sibh uile
caillte muna mbiadh ionnuibh acht cosamhulacht agus
maireachtuin do réir riaghalacha an diabhail, an tsaoghail
agus na colna. Och mo chreach! Nárbh fheárr go mór
dhíbh ná béarfaoi riamh sibh ná maireachtain agus bhúr
ndamnughadh mar na hoiristínibh, agus caora teintighe domhúchta
tréinfheirge an Tighearna do thuitim
d'aontulmas ionnbhúr mullach mar aon leó dochum
fanamhna go bithshíor i measg lasaracha dochuimsighthe
géirnimhneacha na teine ifrionnda go síorraidhe?



AN DARA CAIBIDIL



Múisgleann, brostaigheann agus corraigheann an creidiomh, agus tugan
cabhair agus congnamh do na peacachaibh dochum iompaighthe ar Dhia.



“An tan dothiocfas Mac Dé ar chríochnamhadh an
domhain, an dóith libh go bhfaghaidh sé an creidiomh i
measg na ndaoine?” amhuil agus mar chanas an Mac


L. 210


céadna sin na briathra so ag Naomh Lúcás,xviii.8.
Agus dá dtagach annois féin, an measann sibh nó an dóith
libh go bhfadhach annbhúr measg é? Do-gheabhadh i
measg na n-anm ndeabhóideach gcaondúthrachtach sin
do-ghnídheas a réir agus do thréigean, do shéanas agus do
chuireann suas do reachmas, d'aoibhneas agus do shlightibh
an tsaoghail agus do mhaireas agus do chaitheann a
mbeatha do réir dlighe agus reachta an chreidimh .i. do
réir phrincíp agus thuismidheacht an chreidimh, agus do
réir reachta agus aitheanta an tsuibhsgéil. Acht an
bhfaghfar é i measg na bhfeilebheartach sin d'fhanan go
toileamhuil, do ló agus d'oidhche, fá thromualach a bhfeileghníomhartha,
amhuil agus mar ná creidfidís go mbiadh
aon Dia ann dochum a smachtaighthe ná sásamh do bhaint
díobh iona mallaightheacht? Monuar! Do chailleadar
an creidiomh nó do-chuaidh sé cómh mór sin ar bághadh
uatha gur éag sé agus go bhfuil marbh iona n-anma, ar
mhodh ná tugann múisgilt ná corruighe ar bith ar a
gcroidhtheacha cruadhchlochacha, ar an adhbhar, dá mbiadh
an creidiomh ar marthuin aco, go dtabharfadh fá deara
orra cuimhne do bheith aco ar cheartbhreitheamhnas an
Tighearna agus critheagla agus uabhain do ghlaca roimh
an bhFírcheart nDiadha; ionnas agus go dtabharfadh an
faitchíos sin fá deara orra iompóghadh go fírinneach ar
Dhia agus maitheamhnas d'iaraidh air, mar na Ninibhítig
do chreid gach mórbhagairt agus tréindíoghaltas dá raibh
Dia dochum agairt orra, amhuil mar chan Ionas an fháidh
an friotal leó, ionnas agus gur ghlac anamhóin agus
uathbhás iad agus go dtug an chritheagla sin fá deara orra
a bpeacadha do thréigean agus trosga, úrnaighthe, déirc
agus sléachtuin do dhéanamh do Dhia, ag iaraidh trócaire
air, nídh dofuaradar.


L. 211


Ciabé staid ionna bhfuil sibh, ná caillig choidhche an
creidiomh, agus creidig go bithshíor gach pongc d'órdaigheas
agus do chreideas ár Naomh-Mháthair, an Eaglais Chatoilice
Rómhánach. Déingeadha fós gníomhartha is iomchuibhe
agus is oireamhnach don mór-fhírinne si do bhaineas cómh
fogus sin díbh féin .i. machtnamh go bhfuil Dia do-chríochnaighthe
fírcheart agus mórthrócaireach, go bhfuil
ifrionn ann fá chómhair na bpeacach ndúra gcruadhmhuinéalacha
drochrúnacha, go bhfuil Íosa Críost ollamh
do shíor dochum na n-aithrigheach do ghlaca fána choimeirce.
Ó créad mar do chóimhneartóchas an creidiomh so
sibh mar aon ris na grásaibh agus do bhrostóghas oraibh
dochum iompaighthe go fírinneach ar Dhia!



An feadh do mhairean fundament nó íochtar falla tighe
ar bith teann láidir tréanchumasach iona sheasamh, is
ró-fhuras an chúirt nó an teaghlach d'ath-thógbháil, siúd
agus go mbiadh an díon, an tsling agus na falladha ar
neamhórdughadh. Acht an tan dobhíonn an t-íochtar
lochtach, ní fuláir go dtuitfidh an teach fá chlár talmhan,
ar mhodh ná fuil bail ar an obair gan aithfhiorra do ghabháil
aice. Is é an creideamh fundaiment, bun, íochtar agus
taca an uile thréighthe, riaghaltacht agus beannaightheacht,
colamhuin, posta agus neart na sláinte síorraidhe. Goireann
Naomh Pól agus tugan mar ainm ar an gcreideamh
“substainnt nó fundameint na neidhthe is iondóthchais
dúinn”: Est autem fides sperandarum substantia rerum,
argumentum non apparentium, Heb.xi.1. An feadh do
choiméadfas an peacach an creidiomh ionna chroidhe agus
do chreidean sé, súd fós agus go gcaillfeadh an charthanacht
agus go tréigfeadh na deighthréighthe agus na
subháilceadha eile, ní bhfuil a aghaidh-iompóghadh ná a
aithfhille ar Dhia cómh docamhalach sin. Do bhrígh go


L. 212


bhfuil spréidh bheag éigin do theine na sláinte síorraidhe
agus lonradh do shíol na ngrás neamhdha gan múcha ar
fad ann fós, atá an fulang agus an taca ann fós ar ar féidir
leis a thig saothair do dhéanamh, tré chongnamh na ngrás.
Och mo chreach! An tan atá an creidiomh lochtach,
cionnas do mheasfaidhe go n-iompóghadh an peacach
go fírinneach ar Dhia? Ní bhfuil aithne aige air ar
aonchor. Créad é an modh (ar an adhbhar san) ar a
nguidhfidh sé é dochum párdún agus maitheamhnas
d'fhagháil uaidh? Agas cionnas do-gheabhaidh trócaire
muna n-iarfaidh í cia fionnas agus go n-abair Críost nách
fuláir go loirgfeadhar í? “Iaraidh agus do-gheabhthaoi”:
Usque modo non petistis quidquam in nomine meo; petite
et accipietis, ut gaudium vestrum sit plenum, Ioan.xvi.24.
Cionnas nó créad an modh ar ar miann libh iompógha
nó fille go fírinneach ar Dhia muna gcreidfidh dho?
Cia fionnas, do réir mar adeir Naomh Lúcás, gur measa
sibh go mór ná na diabhail féin do chreideas agus do
chóimhchritheas roimh fhírcheart Dé: Et daemones credunt
et contremiscunt, Iac.ii.19. D'fhanadar na Sodomítig
go tinneasnach aghaidh-láidir andána cruadhmhuinéalach
díothchoisge ionna ndrabhaoigheal bhréantais mhóragraighthe
fheilebheartacha mhíochaoiseacha nó gur thuiteadar
tréincheatha domhúchta mhórlasaracha grodloisgidhthe
teintighe ó neamh orra tré neamhshuim agus neamhthabhacht
do thabhairt do ráidhtibh Loth d'innis dóibh
go dtiucfach agus go dtuitfeadh an léirsgrios diadha orra.
Ní chreidfidís do agus do cailleadh iad. Bíodh uamhain,
anmhóin, uathbhás agus critheagla cos agus lámh oraibhsi
roimh an sómpla gcéadna má leanan sibh iad ionna
ndíthchreidmheacht.



Do-chonnairc Nabuchodonozor ionna aisling crann ag ár


L. 213


éirig a bhár cómh huathbhásach sin ós cionn gach fíodhbha
dár fhás agus do sgar agus do leath a ghéaga cómh fairsing
sin ionnas agus gur fhoiligheadar aghaidh chláirleathan na
talmhan go huile agus go dtagaidís éanlaighthe beaga agus
móra an domhain fána bhrainseadhaibh agus beathadhacha
brúideamhla an tsaoghail dochum codalta agus fanamhuin
fána sgáile. Tug Dia órdughadh an crann so do ghearadh
agus an phréamh d'fhágbháil 'na beathaidh ionnas tré
úrmhuireacht na fearthanna agus mhéid an drúchta go
n-athfhásach an phréamh. Is fíghir, sómpla agus cosmhulacht
so don anam sin agá bhfuilid na grása aice, do
chailleas iad tréna faillighe féin agus agár féidir lé a
bhfagháil tar ais más miann lé féin a dtuilleamh. An
feadh do mhairfidhe ar staid na ngrás, biadh bhúr
ndeigh-ghníomhartha infheadhma agus tairbheach díbh dochum
na bhflaitheas do roichsin agus d'fhagháil. Biadh bhúr
gcarthanacht go fóirleathan feidhm-láidir ann gach áird.
Is féidir libh bheith ró-thairbheach don droing fhóghanta
is ionntuigse ris na héanaibh úd an aodhair, agus don
droing aimhleasta neamhfhóghanta mar an gcéadna is
ionntuigse dhúinn ris na beathadhchaibh allta úd an
tailimh do luadhmair. Acht d'éis tuiteama díbh annsna
peacadha marbhthacha, gearrthar an crann so, ar an
adhbhar go gcailleann sibh na grása agus an charthanacht
mar aon leó agus gach nídh dár thuilleamhair d'fhagháil
roimhe sin mar luadhach saothair. An ceart díbh ar a
shon sin dul i n-éadóchas fá mhéid na mórchailleamhna
sin d'imthig oraibh fá tharang na ngrás uaibh? Ní ceart
ar aonchor ar chonntar go mbiadh an creidiomh .i. an bun,
an fundament, an taca, an fulang agus an phréamh, ar
marthuinn agus 'na bheathaidh annbhúr n-anma, ar an
adhbhar, d'éis tréinfhearthanna mhórchumasaig agus
drúcht saidhbhir na ngrás ndiadha do thuitim ar an


L. 214


gcreidiomh, dá fholca dochum úrmhaireacht, go n-athfhásfaig
fonn friochnamhach fíorfhuadrach searc-chumanach
deaghsmúintightheach ionnaibh d'aithbheódhachas
ó bhás an pheacadh agus do stiúróchas dochum
bhúr bpríomhstaid neimhchionntach sibh. Machtnaigheadha,
ar an adhbhar sin, agus tugaidh fá deara créad é
a mhéid mar thairbhe an creidiomh do bheith agaibh d'éis
na ngrása féin agus na carthanachta do chailleamhuin
díbh.



Is féidir an creidiomh do chur i gcomparáid agus i
gcosmhulacht leis an ógmhnaoi úd do chloinn Israel do
bhí fá mhoghsuine agus i mbraighdeanas i dteach nó i
dteaghlach Naaman, an t-iodhaladharthach agus prionnsa
agus árdtaoiseach armála Rígh na Siria, iv Reg. v.2.
Monuar agus m'uathbhás géarghoineadach! Is mórsglábhadha
dá bhúr n-anma an creidiomh agus bíonn ar
staid ró-thruadhmhéilig fhíoratuirsig thréith-luig dhiandhochraig
'na luighe i gconntabhairt bháis an cian do
mhairionn sibhsi ag únfhairt gan múisgilt a suan mharbhthach
bhúr bpeacadha. Do budh chongnamh iongantach
éagsamhuil neamhmhaoidhteach an bheansglábhadha úd
do chloinn Israel dochum na luibhre sin dobhí ar Naaman
do leighios agus do dhíbirt uaigh, do bhrígh gur nocht
agus gur chuir i dtuigsin do go raibh fáidh i measg
chloinne Israel do leighisfeadh an luibhre. Do thriall an
prionnsa so fána dhéin agus do leighiseadh ón aicíd é iarna
nighe dho fó sheacht i n-abhainn nó i sruith Iordan tré
dheachtughadh órdaighthe agus chómhairle na fáidhe Elizee.
Mar an gcéadna an cian d'fhanann sibhsi truaillithe i
n-aicíd luibhre na bpeacadha agus na bhfeilebheart, bíonn


L. 215


an creidiomh do ló agus d'oidhche go tréan díthchiollach
ag obair agus ag sglábhadhacht dochum bhúr leighiste, do
bhrígh go gcuirean i dtuigsin agus i naith dhíbh go bhfuilid
sagairt san eaglais ag a bhfuilid na cómhachta dochum
maitheamhnais na bpeacadha do thabhairt díbh, go
ngoireann Críost gan osadh oraibh dochum na fíoraithrighe
do dhéanamh, go bhfuilid a ghéaga ar dian-leatha aige
dochum bhúr gcurtha fána choimeirce, ag tairgsin agus ag
tabhairt na ngrás díbh. Ní bhfuil agaibh mair sin le
déanamh, más miann libh bhúr sláinte d'fhagháil thar ais,
acht an chómhairle sin d'fhurálan an creidiomh oraibh do
ghlacadh. Acht ní fuláir go n-éistfíodhar leis an
gcreidiomh agus go ngéillfíodhar do na sagairt sin d'ainmnigheas
díbh. Ní fuláir dhíbh sibh féin do dhian-sgrios
agus do sgiumara ó annlochtaibh bhúr bhfeilebhearta tré
fhíoruisge ionuillte na haithrighe, tré chroidhbhrúghadh,
lóirghníomh agus admháil beóil, mar do éist Naaman le
cómhairleacha a bheanfheadhma, a' géille don fháidh
oirdheirc Elizee. Agus muna ndéinge sibh so, do-gheabhthaoi
bás annbhúr bpeacadha, amhuil Naaman do
bhiadh caillte iona luibhre muna mbiadh gur ghéill go
fonnamhar do gach nídh dár luadhadh leis agus dár
hórdaigheadh do do dhéanamh.



AN TREAS CHAIBIDIL



Is mó do tharuingeann Dia na peacacha dochum aithrighe tré aobhdhacht,
bhúidheacht agus socamhlacht a mhórmhaithis ná tré dheacamhlacht
agus ghéire thréinsgiúrsadha briochtfhaobhracha a fhírchirt.



Ó thúis domhain is mó do thaisbeáin Dia do thruadh
agus do thrócaire do na peacachaibh ná d'fhírcheart
dochum a dtairngthe chum na haithrighe tré dhóthchas


L. 216


agus mhuinghín phárdúin agus mhaitheamhnais d'fhagháil
uaidh iona n-annlochtaibh feilebheartacha díothchúiseacha.
Acht is mó go mór agus is deallraighthe léirghlinnthe do-chonnarcas
agus do-cídhtear í ó theacht Chríost chúghainn
i gcolainn daona, ar mhodh go dtug agus gur thaisbeáin an
Slánaghthóir deaghbhuadhach searc-chumannach so an
oiread sin grádh, searc, cumainn, truaidh, carthanachta
agus muintearthais do gach peacach dár thriall air, dá
nglacadh fána choimeirce, dá gcaomhna, ar mhodh gur
mheasa sibh go mór ná na diabhail uile dá dtuitfeadh
sibh annois i n-éadóchas, súd agus go mbiadh sibh ar
na peacachaibh is mallaighthe dár shiubhail agus dár mhair
ar an dtalamh riamh, gan bhúr ndóthchas agus bhúr
muinghín do chur go fírdhíreach iona mhórmhaitheas
neamhchoimsighthe. Do ghearánadar fáigeadha ró-naomhtha
an tseinreachta agus do chuireadar i n-umhail
go ró-thruadhmhéileach gur iadhaig Dia beagnach
inneadha a mhórthrócaire, Isaias LXIII.15. Acht d'osguil
Aon-Mhac an Athar Síorraidhe, ar ghlaca na colna daonna
air, iad cia fionnas agus go dtáinig dár n-ionnsuighe agus
ag triall oruinn tré inniodhabih ró-thrócairig Dé, a Athar
féin, Luc.i.78. Ní bhfuil do thoirmiosg oraibh, mair sin,
feasda acht dul asteach fá tharmuinn na n-inneadha
gcéadna sin dochum párdúin d'fhagháil ionnta ar choinghíol
go dtiocfaidhe le fíoch fuath agus mórghráin ar bhúr
bpeacadha, ag cur bhúr ndóthchais mhórmhuinínig thréanláidir
mar bhúr gcrích ndéanaig aoinreacánta ann.



Deimhnigheann an Slánaightheóir searc-chumanach
búidh si dhúinn i mballaibh iomdha don Sgrioptúir nDiadha
ná táinig féin go prinsiopálta ó thúis acht dochum na
bpeacach do ghairm chum na haithrighe agus maitheamhnas


L. 217


a bpeacadha do thairgsin agus do thabhairt dóibh. Adeir
linn gur mar liaig do chuir a Athair ag triall oruinn é
dochum gach peacaig bhoicht thuibistig mhíofhoirtiúnaig
do bhrisfeach agus do raobfach a chroidhe agus ní hé a
chuid éadaig le tromshrothaibh tréanchathaigheacha
móráidhbhseacha na fíoraithrighe do leighios, agus mar
fhuasgailteóir dochum na bpeacach dobhí ceangailte ar
dhéirnín mar sglábhaighthe ag an ndiabhal do réighteach,
Isaias LXI.1. Acht labhrann go ró-shoiléir agus go
glinn ag Naomh Lúcás xix.10, ag rádh: “Dotháinig
Mac an Duine ag lorg agus ag cuardughadh na droinge
úd dobhí arna gcailleamhuin dochum a sábhála.” Agus
ag Naomh Matha, ix.13: “Is taithnniomhuighe liom agus
is grádhmhaire go mór trócaire ná íodhbairt, do bhrígh nách
dochum na bhfíoraon do ghairm dotháinig mé acht dochum
na bpeacach.” Dotháinig, ar an adhbhar sin, ag lorg gach
n-aon dá bhfuil ar an saoghal 'na pheacach, dá ngairm
dochum aithrighe, cia fionnas agus gan sin go rabhadar
uile caillte.



Dotháinig Críost, ar an adhbhar san, dochum bhúr
loirgthe agus bhúr sábhála, agus tagan dá mhioncacht
agus do thréigean sibh é tré bhúr bhfeilebheartaibh. Agus
dá bhrígh sin fuilngig agus léigig don tSlánaghthóir
ró-dhiadha so sibh do lorg agus d'fhagháil. Triallaidh
fána dhéin agus ná bíodh eagla oraibh go n-éimeóchaidh
sibh cia fionnas agus go dtáinig dá bhúr n-iaraidh. Cuiridh
dóthchas agus muinghín tréindíthchiollach láidir ann agus
bíodh a dheimhinfhios agaibh ná tréigfe sé sibh choidhche
an tan do chóimhrithfidhe fána dhéin trésan bhfíoraithrighe,
ar an adhbhar, an tan d'fhuathaidhean agus do thréigion
sibh é tré bhúr bpeacadhaibh, go luathadhan, go mbrostaighean
agus go ritheann ionnbhúr ndiaigh tré naoimhshéideadha
searc-chumannacha fíorghrádhmhara a


L. 218


mhórghrása ró-thrócaireach, mar thréadaighe nó shípéir
do rithfeadh i ndiaigh a chaorach do reachach uaidh tar
ceal nó amugha i measg dhrisleach nó acharainn na
gcoillte. An cosmhuil nó an dóith libh go n-éimeóghach
nó go séanfach tréadaighe ciallmhar glic ar bith ag árab
é a ghnáthaighe agus a obair laothamhuil a chaoire do
lorg agus do choiméad, an measann sibh, adeirm, ná
déanfadh a dhíthchioll dochum na caorach sin d'imeóghadh
uaigh ar fán do lorg agus d'fhagháil, agus dá nglaodhfach
uirthe, go bhfreagóradh é, ar aithint a ghutha dhi, agus
go dtriallfadh go fonamhar fána dhéin dochum a
caomhnaighthe ar gach olc? Nách é so an buaireamh,
an cathughadh, an teamptásún agus an bhuairt fhiúranta
dhainséarach ón ndiabhal agus ón' ilchleasaibh a chuir
i n-umhail díbh séanfaidh Críost sibh agus ná geabhaidh
libh fána choimeirce an tan do ghéillfidh sibh dá ghuith,
ag triall fána dhéin le croidhe cómhbhrúighte úirísiol umhal?
Cia fionnas agus an tan do churthaoi sibh féin i n-imchian
uaidh, ag triall reómhaibh i mbealach na locht agus
ag céimnioghadh i ród na bpeacadha, go leanan sibh go
dian deithionsach díthchiollach, dá bhár ngairm tar ais
tréna naomh-shéideadha searcamhla, tréna shuairc-chorraighthe
grásamhla, tréna fháidheadhaibh ró-bheannaighthe,
tréna shuibhsgéil ró-oirdheirce, tréna gheallamhna neamh-mhiollamacha,
tréna thréanbhagarthacha neimhtheibightheacha,
tré dheaghshómpladhaibh lucht deaghmhaithiosa
agus tré ghuith, ghairm agus ghlaodhach an uile chréatúra
dár cruthaigheadh.



Dá mhéid docamhlacht, cruatan, cogadh, ruathar,


L. 219


coingtinn, coinbhliocht inntinne, cóntrárdhacht, aithreachas,
faillitheacht agus drochsmuaintighthe éadóchais dá
mbraithfidhe ionnaibh go hinmheadhonach, ná caillidh
choidhche coráiste, acht corraígeadha, brostaígeadha agus
múisglig sibh féin go bithshíor, ag cur bhúr ndóthchais go
muinghíneach tinneasnach tréindíthchiollach feidhm-láidir
i mórthrócaire nDé tré dhlúth-thuilliomh Chríost ár dTighearna.
Fillidh agus triallaig fána dhéin go húirísiol
urramach umhal tré chroidhbhrúghadh agus atuirse fá
fheirg do chur ar Dhia, do bhrígh, i n-ionnad sibh do
chianruagairt ná do dhíbirt uaidh mar dobhí a fhearg
libh tré bhúr mí-iompchar, go n-osgólfaidh a lámha
reómhaibh, go ndianfháisgfidh sibh lena chroidhe go ró-thrócaireach
ionnas agus go gcuirfidh i n-umhail gur mó a
luathgháir fá bhúr n-aithfhille ná tré bhuantseasamhacht
fhadardhanta na bhfíoraon nár thuit.



Is mór-fhírinne í so do theagaisg féin dúinn tré
fhíghireachaibh agus chosmhulacht an mhic dhiablásaig
sgapaighthig úd an tsuibhsgéil, Luc.xv.12, na caorach
úd d'imthig ar fán, Math.xviii.12, agus an fháinne úd
do chaill an bhean, Luc.xv.8. Do-rin athair an mhic
sgapaighthig sin a níbhus mó do chaithréim, do luathgháir,
do mhéid meanman agus do chaithis fána chómhair, bíodh
agus gur theilg seochad agus gur chuir amugha a mhaoin
agus a shubstaint go huile, ná do chuir do spéis ná do
shuim annsa mhac eile leis nár chuir fearg air ar aonchor.
Do ghabh an oiread sin luathghára agus méid meanman an
tréadaighe iar bhfagháil a chaorach dho d'imthig uaidh ar
mhodh gur chosamhuil gur dhearmuid an chuid eile díobh
tré iomarcadh gáirdeachuis. Agus an bhean, ar fhagháil
a seóide, do chómhchruinnig a mná comharsana uile ionna


L. 220


tímpchioll dochum cómhluathghára dá nglacadh tríd. Créad
é an t-athair, an tréadaighe agus an bhean so acht Íosa
Críost ár dTighearna? Agus créad é an mac sgapaightheach,
an chaoire fáin agus an fáinne so do cailleadh acht an
peacach? Ó créad é an fáth iona gcreidfidh sibh ná
geabhadh an t-Athair fíor-mhilis fíorghrádhmhar agus
an Tréadaighe searc-chumanach caoin-mhuinteardha so,
Críost, libh gach uair, tráth agus am do thriallfaidh sibh go
fonnamhar croidheamhuil fána dhéin, cia fionnas agus gur
grádhmhaire leis sibh go mór ná le haon athair san
mbith a chlann agus gur chosnamhair dho a níbhus daoire
ná a chaoira don tréadaighe, ná cró, fail nó fáinne ná
séad do mhnaoi san mbith dá shuimeamhla dá raibh ar
druim talmhan ná dá mbiadh?



AN .4. CAIBIDIL



Brisfeadhar, raobfadhar agus teilgeófar ar seachad andóthchas agus
aindréim na bpeacach gcruadhmhuinéalach bhfeilebheartacha neamhaithrigheacha
i n-aimsir an éaga nó i bpongc déadhnach an bháis.



Labhraig, déingeadha agus smuaingeadha gach nídh is
miann agus is taithniomhuighe libh san mbith an feadh
agus dobhiadh sibh i n-iomshláine bhúr nirt agus bhúr
gcumais, óg, láidir, tréanchumasach, fuineamhuil, neartmhar,
fuadrach. Abraidh fós mar aon leis na feilebheartaig
mhallaighthe: “Cuireamaois amuinn coróinneadha do
rósaibh agus do phincíneadhaibh; ná bíodh mágh, áit,


L. 221


áird, tír ná dúithche ná rithfidh ár n-ainmhiann tríthe,”
Sap.ii.8. Glacam ár bpléasúr agus ár gcaitheamh
aimsire annsna huile neidhthe mar is maith linn féin do
dhéanamh. Do-gheabhaidh Dia, ar a shon sin, agus
glacaidh aimsear féin dochum sinn do stopa agus
toirmeasg do chur oruinn innár bhfóirneart reatha agus
aoibhnis. An bhfuil sibh cómh mór sin ionnbhúr
n-óinmhideadha agus go gcreidfeadh sibh nárbh fhéidir libh
tuitim idir lámha díbhfeargaig an Tighearna? Rom.ii.3.
An dóith libh go bhfuil ar gcumas díbh dul i
bhfolach óna radharc ró-dheallraightheach léirghlinnteach,
ná buadhchant ar a chuislinn ró-neartmhar thréanchumasaig
uile-chómachtaig nó a fhíorcheart glan-díreach do chúba
dochum géille dá bhúr bhfeilebheartaibh? Bíodh a fhios
agaibh mar fhírinne neamh-mhiollamaig go dtreórfadhar
agus gurab éigean díbh teacht ós cómhair cathaoireach
cheartbhreitheamhantais Dé dochum cúntais na n-uile
neidhthibh dá ndeárnamhair, dár labhramhair, dár smuaingeamhair
ná dár chuimhneamhair do dhéanamh ar feadh
bhúr mbeatha do thabhairt uaibh, Eccli.xi.9, agas go
n-aireóchaidh sibh i bpongc déadhnach an bháis piannta
briochtfhaobhracha géirnímhneacha .i. corraigh, múisgilt
agus critheagla na bochtuaire sin an tan bhus léir dhíbh
an staid dhoilbhiosach dhobrónach iona mbiadh sibh, ag
tabhairt dá bhúr n-aire créad é an mhire agus an díthcéille,
an dall-inntleacht agus an neamhthuigsint díbh leanamhuin
do shóigh, d'aoibhnios, do phléasúr agus do mhealltóireacht
an diabhail, an tsaoghail agus na colna, ag dearmad réir
Dé agus leasa bhúr n-anma do dhéanamh.



Biadh Dia a' maga, ag fochmhuid agus ag fonamhuid
fá bhúr mórdhacht, bhúr bhfórsa, bhúr neart, bhúr gcumas,
bhúr dtoice, bhúr saidhbhrios, bhúr sláinte, bhúr gcaraid,


L. 222


bhúr muinntearthas, bhúr nglóire, bhúr mórtais agus fá
gach nídh dá bhfuil agaibh muna mairfidhe agus muna
gcaithfidhe bhúr laethe agus bhúr n-aimsir in' eagla agus
muna siobhalfaidhe go fírinneach ionna shlightibh agus
a aitheanta do choiméad agus muna bhfanfaidhe go
fírinneach dílios buaintseasamhach ionna ghrásaibh. Ar
an adhbhar, an tan is ró-lugha do shílfidh sibh é, fuadóchaidh
uaibh agus sgarfaidh libh gach nídh dá dhísle agus dá
cheanamhla dá bhfuil agaibh san mbith, agus fágfaidh
sibh ar na créatúireadha is boichte thruaillighthe thruaghánta
mhíofhoirtiúnaighe dá bhfuil ná dá mb'éidir do bheith
i measg clannmhaicne Ádhamh ar talamh. “Úmhlaighean
Dia agus árdaighean; do-bheir saidhbhrios uaidh agus
boichtinigheann; úirísleann go ró-íochtarach agus tugan
tar ais,” Reg.ii.6-7. Ó bíodh eagla Dé go haoinreacánta
oraibh! Ná cuirig bhúr spéis i n-aoinread eile. Ná
déingeach an toiceach mórtais as a shaidhbhrios, ná an
cumasach maoidheamh as a neart, ná an foghlamthach
mór-as-fiú as a chuid léighinn ná tuigsiona. “Boichtnigheann
na toiceacha mórshaibhre” an tan is miann
leis é, “laguigheann na tréanchumasaig fhóirneartmhara,”
Luc.i.53. “Teilgeann i ndiaidh a gcinn lucht na poimpe
dá suidheacháin”, ib. 52, agus do-ghnídh amadáin do
lucht dearsgnadh. “D'iompaig Dia,” amhuil agus mar
adeir Naomh Pól, “dochum óinmhideachta foghlaim agus
dearsgnacht an tsaoghail so,” Cor.iii.19.



Ní fiú faice aoinread gan grása Dé, agus atá cúis agus
adhbhar eagla ag an bpeacach roimh Dhia agus roimh na
créatúireadhaibh, agus fós roimh an gcuid is ró-lugha
dhíobh ar an adhbhar go léirsgriosaid agus go ndíthcheannóchaid
é an tan is maith le Dia úsáid do dhéanamh
díobh dochum na bhfeilebheartach do sgiúirsioghadh.
Do chuir Goliath a dhóthchas agus a mhuinghín go


L. 223


mórmhórtaiseach in' fhearántas fhearamhuil, i méid a
neirt agus a chumais, ionna chródhacht neimh-mheata, i
ngéire a chloidhimh, i bhfeabhas a chlogaid, i gcumas a
sgéithe, i dtreise a lámh agus i gcruadhas a bhall. d'fhógair
cath aoinfhir ar champa Sháuil, do chuir critheagla agus
uathbhás cos agus lámh ar a lucht goile agus gaisge, agus
faitchís ainiomarcach ar gach soigheadúir agus fear
cuinne dá raibh san gcomplacht go huile. Do leag Dia
ar a chúl agus do threasgair é tré láimh shípéir nó tréadaighe
bhig neamhthabhachtaig nár iompchair clogad riamh,
cloidheamh ná sgiath .i. an t-ógánach Dáibhíodh ná dearna
cogadh, coinbhliocht ná cuimheasgar acht i n-aghaidh
mhachtaoireadha agus mhadraoi allta agus gach beathadhach
namhdach eascáirdeamhuil eile dothiucfadh a'
buaireamh nó ag déanamh toirmisg do chaoraibh a athar.
d'umhlaidh an Dáibhíodh so an Goliah nó an t-athach
mórphuimpeamhuil tréanchumasach feidhm-láidir úd gan
d'arm aige acht maide iona láimh agus sgeatachán,
cranntabhaill nó sligire agus cloichín iona bhárr, ionnas
gur aimsig ionna cheartaghaidh é agus gur iompoig mágcuaird
agus gur threasgair dochum clár talmhan agus gur
theasg agus gur sgoith a cheann de lena chloidheamh dílios
féin. Muna n-umhalóchaidh sibhsi sibh féin do láthair
Dé, aimseóchaidh a mhór-neart tréanchalma fíorfhuránta
gaisgeamhuil sibh, dá bhúr stopadh, dá bhúr mbasga agus
dá bhúr dtoirmeasg i gceartmheadhon bhúr n-aoibhnis
agus bhúr n-aitis tré fhurántacht agus mhórchalmacht
na gcréatúireadha is ró-lugha le rádh agus is tarcuisneamhla
libh san mbith, tré bhúr ndroch-chogús mailíseach féin
agus tré gach nídh dá thaithniomhaighe libh féin agus ar
ar dhoirteamhair bhúr searc ar feadh bhúr raé ar an
saoghal so.


L. 224


Bíodh go rabhair cómh caithréimeach tréanchumasach
fóirneartamhuil fíorárachta feidhm-láidir cróga gaisgeamhuil
arna bhúr n-adhradh le gach aoinneach mar íomháigh
iolchrothaig Nabuchodonozor; bíodh fós bhúr gcinn déanta
d'ór .i. bhúr dteacht d'fhuil mhóir thréanchalma phoimpeamhuil
chathaisig árdonóraig mhórdhálaigh arna gcoinleacht
do gach dignid agus árdchumas dá mhéid; bhúr
n-ucht agus bhúr mbruinne déanta d'airgead .i. stór, toice,
saidhbhrios, ullamhaithios agus mórmhaoin dochoimsighthe
an tsaoghail dá bhúr rochtain; bhúr sliasda d'fhionndruinn
agus do chopar .i. meas agus suim mhór ionganntach
éagsamhuil, creideamhuin uathbhásach ughdarásach áirdchéimeach
do bheith agaibh; bhúr luirgne d'iarann
.i. neart, dearsgnacht agus cródhacht, urraim, umhalacht agus
oghamós d'fhagháil ón uile dhuine ionnbhúr móirthímpchioll,
cuimhnígheadha fós agus tugaidh fá deara go bhfuilid bhúr
dtroightheacha déanta do chriadh, do láib agus do
lathaig, agus go gcaithfidhe triall tar ais annsa draoib
agus annsa ruide chéadna mar an íomhágh úd do luadhmair
do léirmhilleadh, do raobadh agus do briseadh le cloich
bhig do thuit agus do thúrnuidh uirthe do shliabh agus
d'iompaig í ar phrap na súl go lán duirn do phúdar agus
do luaithreán. Acht níor aimsig an cloichín si agus níor
ghoin an ceann óir ná an t-ucht airgid ná na sliasda umha
ná na luirgne iaruinn dobhí ar an íomhágh úd, acht linge
go fóirneartamhuil fíorárachtach feidhm-láidir furántach
fá na troightheacha criadh dobhí uirthe agus mair sin go
ndeárna mionrabh, greamanna seabhaic agus beagbhlúireacha
don íodhal sin uile gan bith a dtuairisg. Atá


L. 225


iomshláine bhúr mórdhacht, bhúr n-onóra, bhúr n-áirdchéime,
bhúr dtoice, bhúr saidhbhris, bhúr neirt, bhúr
gcalmacht, bhúr gcumais, bhúr n-údaráis agus bhúr n-uile
bhonntáiste agus mhóirspéis eile an tsaoghail si ar fundameint,
bun, taca agus fulang throightheacha thalmhuin
neamhthabhachtaig bhúr mbeatha neamhshuimeamhuil
bhegéifeachtach bhriste bheárnaidh sho-ghluaiste mar
luaithre na ród nó mar cheó phúdair nó smúiteán do
séitear le gaoith, gan taca, fuinneamh ná brígh, fulang,
fundameint ná forastacht. An tan do thriallfas an
bás oraibh tré ghalar, aingcis ná easláinte nó chinneamhuin
ar bith eile, ní thabharfaidh foghadh fá bhúr
mórfholaigheacht, bhúr n-onóir ná bhúr saidhbhrios, fá
dhéin bhúr ndignid ná bhúr ngradaim, acht tuitfidh
d'aontulmas lena speil ghéir ar bhúr laothaibh
somharbhtha. Fuadóchaidh, sraoillfig agus gearrfaidh
leis iad agus gach nídh dá raibh agaibh mar aon le bhúr
n-anma muna ndearnamhair aithrighe annbhúr bhfeilebheartaibh
i n-am agus munar chóimhritheamhair fá
bhrataig mhórcharthanach an Tighearna, ag iaraidh trócaire
air ar feadh bhúr mbeatha, do bhrígh, i bponc chritheagluig
uathbhásaig anfhórlannaig an bháis, gur mór an duadh,
an pian, an doilbhios, an lionn dubh agus an brise croidhe
libh dul i bhfogas do Dhia ná triall air má do chaitheamhair
bhúr laethe ag dian-rith agus ag sírimtheacht i n-imchian
uaidh. Agus ní chuirfidh Dia suim, spéis ná éifeacht
ionnuibhsi an uair sin acht oiread agus do chuireamhair-si
annsin ar feadh bhúr mbeatha agus muna ndearnamhair


L. 226


díthchioll searc, grádh, cumann, cáirdios agus muinnteardhas
do bheith dho agus urraim, oghamós agus umhlacht do
thaisbeáint dá mhórdhacht ar feadh bhúr raé ar an
saoghal so.



AN .5. CAIBIDIL



Is mór an dall-inntleacht, an neamhthuigsin agus an easbadh céille
dhúinn gan maireachtain go bithshíor i n-uabhain, i n-eagla agus
i bhfaitchíos ghéirbhreitheamhantais an Tighearna.



Is doilbhiosach bocht atchúmhach duairciseach an nídh
dhíbh leanamhuin do na neidhthe is luige, is neamhthabhachtaighe
agus is míthreóirighe san mbith agus dárab
baoghalaighe dhainséaraighe bhur gcailleamhuin shíorraidhe
do theacht asda ná a chonntrárdhacht. Is
iomdha rabha agus furfhógra dofuaradar na fathaigh
roimh theacht dílionn ar an ndomhan go raibh fíoch
fhurántachta ró-fheirge Dé ag triall chúcha dochum tuitim
d'aontaoisg orra, tré léirfheicsin ghlinn-radharcaig an
Fhírchirt Diadha, dochum a léirsgriosta agus a ndíthcheanna
muna gclaochlóighdís a mbeatha thubuistig mhíofhoirtiúnaigh.
Do sheanmóir, do chraobhsgaoil agus
d'inniseadar na fáidheadha go ró-mhinic dóibh é. Níor
choisg Noé agus níor stad dá dteagasg tré bhriathraibh agus
ghníomharthaibh ar feadh an chéad bliadhain dobhí ag
déanamh agus ag cumadh na háirce, Gen.vii. Acht
d'fhanadar-sin go laothamhuil go cruadhmhuinéalach
tinneasnach aghaidh-dhána ag maireachtain gan suim,
spéis ná éifeacht do chur i rabhadh, i bhfurfhógra ná i
mbagairt ar bith dá ndearnadh orra, gan creideamhuin do


L. 227


thabhairt do ráidhtibh Dé ná na bhfáigeadha d'innis dóibh
go dtiucfadh an díle chómhchoitcheann gheinearálta agus
go dtuitfeadh annsna ceannaibh orra, nó go bhfacadar
léna súilibh féin go raibh an mhórfhairge iomdhoibhin
thréinleathan mhórchuthaig sin ar gach taoibh ionna
mór-thíompchall d'éis éirghe an iomad cúibiod os cionn
gach cnuic agus sléibhe dá aoirde, agus ná raibh meadhon
ná slighe ar bith aco dochum iad féin do chosaint, do
theasargan ná do chaomhna ar thréantonnaibh na
móirdhílionn sin.



Bagrann Dia a thréinfhearg oraibhsi i bpongc anathamhuil
an bháis tréan' fháigeadhaibh. Taisbeánann an
Sgriptiúir agus cuireann i n-umhail agus i dtuigsin dúinn
i n-iomad d'áitibh gurab éigion díbh cúntas léir díreach
cruaidh cruinn baileach do thabhairt uaibh annbhúr n-uile
ghníomharthaibh, agus muna ndeárnamhair aithrighe annbhúr
bhfeilebheartaibh ar feadh bhúr raé ar an saoghal so,
ná fuil maith dhíbh súil do bheith agaibh le maitheamhnas
d'fhagháil ionnta d'éis bháis. Agus ar a shon sin agus
uile caithionn sibh bhúr mbeatha go dúr duairc neamhaithrigheach
gan binn ar Dhia, eagla roimh n-a bhreitheamhantas
ná tiullamaighe léna thrócaire, acht bhúr gcoinsiais loma-dhingthe
plucaighthe deaghlán do na peacadhaibh, ag
fanamhuin agus ag fuireach go síorraidhe fá thromualach
na locht agus an bás ag eitiollaig chúghaibh; sibhsi gan
fonn aithrighe oraibh, gan cómhartha ar bith dobróin,
doilbhis ná atuirse do thaisbeáint tré bhúr bhfeileghníomharthaibh.
An mair sin is dóith libh trócaire d'fhagháil ó
Dhia ná maitheamhnas? Is cómhartha mór dall-inntleachta
agus neamhthuigsiona díbh sibh féin do chur
i gconntabhairt agus i ndainséar damnaighthe go síorraidhe
ar an modh sin.



Ar a shon agus gur bhagair Maoise go ró-mhinic go
cruaidh docht anbhrostaighthe ar Pharao agus ar a mhuinntir
go muirfeach aingiol an léirsgriosta mic oighreachta


L. 228


na críche muna léigidís do Chloinn Israel gluaiseacht,
agus siúd agus gur thaisbeáin agus gur chuir i
n-umhail dóibh mórán do chómharthadhaibh mhóirnirt
thréanchumuis uile-chómhachtaig mhóirfheirge an
Tighearna, níor ghéill agus níor chreid Pharao dhóibh,
acht d'fhan go síorraidhe buaintseasamhach iona chruadhmhuinéaltacht
dhíthchreidmhig nó go bhfeacaidh a mhac
féin mar aon le mic oighreachta na ríoghachta uile
díthcheannach marbh treasgartha gan phreab ionnta. Bíonn
dóthchas agus muinghín do shíor ag an bpríosúnach go
bhfuaisgleóidh neach éigin as a bhraighdeanas é, siúd agus
go bhfuil a dheimhinfhios aige go bhfuil cionntach annsa
gcoir do cuireadh iona leith, go dtugadar na fínnithe a
dteastas iona aghaidh agus gur háitigheadh air í, agus bíodh
go dtugadh breith bháis air agus gur teilgeadh é, bíonn
súil aige fós fuasgailt d'fhagháil as a ghéibhionn agus as an
gcarcair iona mbíon sé. Meadh, maise, dá bhúr ndall-inntleacht-sa
agus dá bhúr neamhthuigsint. Bíonn uamhain,
eagla agus faitchíos oraibh roimh na neithibh dár cheart
díbh gan bheith .i. boichtineacht, pláigh, sganaill, gorta
agus droichmheas, dlighe, clampar agus pléid, galar,
aingcis agus easláinte; agus ní bhíon eagla, suim ná
imshníomh oraibh roimh na neithibh budh chóra díbh do
thabhairt fá deara .i. na peacadha, na feileghníomhartha
agus na tréanlochta, géirbhreitheamhantas Dé, fírcheart
agus fearg an Tighearna. Is ro-fhurus 'aithint ná fuil
suim agaibh ann ná eagla ar bith roimhe do bhrígh go
n-imdheargann sibh go ró-thoiltineach é, ag raoba a
dhlighe agus ag brise a aitheannta, ag corruighe, ag
brostughadh agus ag múisgilt 'fheirge gach am, tráth agus
nóimeint dá bhúr mbeatha. Máiseadh, créad is miann
libh? Ná tugann sibh dá bhúr n-aire méid bhúr mire


L. 229


agus bhúr mí-iompchair? Nách léir dhíbh creád í an
tslighe do thoghfach sibh dochum na beatha síorraidhe
do budh sláinte don anam do rochtuin?



Atá an Fírcheart Diadha ag toirléasbadh tintighe
fogharmongair tóirnighe ós bhúr gcionn. Do-chídhean
sibh go laothamhuil agus do shíorghnáith bríghéifeacht an
Chirt si agus mar do lámhuighean an mhuinntir do thuillean
a mhí-ghnaoi agus a mhallacht. Atá an Sgríbhinn Diadha
fóirlíonta do theistiméireacht chorrughais agus mhóirfheirge
an Tighearna i n-aghaidh na bpeacach. Léigheann sibh é
agus cloistí trácht air, agus 'na dhiaidh sin agus uile ní
bhfuil uabhain, eagla ná faitchíos oruibhsi. Is cosamhuil
go bhfuil sibh deimhnightheach do na flaithis, agus is
dóith libh a seilbh d'fhagháil gan úmhluigheacht ar bith do
thaisbeáint do dhlighe Dé ná dá reacht, gan maitheamhnas
do thabhairt do chách mar is miann libh d'fhagháil ó Dhia,
gan croidhbhrúghadh ná tuirse dá bhúr nglacadh tré bhúr
bhfeilebheartaibh móiriomarcacha ná aithrighe ar bith do
dhéanamh ionnta. Máiseadh creidion ár Naomh-Mháthair
an Eagluis i ráidhtibh agus i bhfriotal Chríost adeir nách
féidir aoinneach do shábháil muna gcoiméadaig aitheannta
Dé: Si autem vis ad vitam ingredi, serva mandata, Math.xix.17;
nách fuláir dhúinn maitheamhnas do thabhairt
uainn más maith linn maitheamhnas d'fhagháil ó Dhia:
Facite ergo fructus dignos poenitentiae, Luc.iii.8; Dimittite
et dimittemini, ib.vi.37; Eadem quippe mensura qua
mensi fueritis, remetietur vobis, ib.vi.38; nách fuláir
dhúinn aithrighe do dhéanamh agus sin fá phéin ár
ndamanta: Nisi poenitentiam egeritis, similiter omnes
peribitis, Luc.xiii.3. Creidionn sibhsi an mhóirfhírinne
si. Má chreidionn sibh, créad é an fáth ná déingean sibh
úsáid di? Créad as ná bíonn critheagla agus uathbhás
oruibh? Créad is adhbhar iona gcaithionn sibh bhúr
mbeatha lán d'aindréim agus do ghlóire dhíomhaoin, do
dhíomas agus d'anuaill, amhuil agus mar dobhiadh


L. 230


d'oibliogáid, do chonnradh, d'acht, d'éadualang agus do
mhargadh agaibh ar Dhia spioraid na humhlaigheachta
agus na haithrighe, an chroidhbhrúghadh agus na hatuirse
do thabhairt díbh gach am, uair agus tráith don ló do
budh thoil libh féin a hiaradh?



Do chosnadar na flaithis mórán iliomarcach do chéadaibh
bliadhain d'aithrighe atuirsig fhliuchdheóraig do Adam
agus do na céadphaitriairceadha. Do chosnadar mar an
gcéadna mórán do bhliadhantaibh uaignis, troisge, righin-mhachtnaimh
agus d'úrnaighthibh do Naomh Pól an
t-Eilirtheach, do Naomh Antoin, don bhannaomh Pelagie,
do Naomh Máire Magdaléan ón Éigipt agus don uile
naomh eile. Do chosnadar na flaithis a gcuid fola do
na mairtíridh agus an bás féin d'Aon-Mhac Dé, cia
fionnas agus mar adubhairt féin nárbh fhuláir go bhfuileóingfeach
sé bás ar son pheacadhaibh na cine daona ar
chrann sganalach na croiche, Luc.xxiv.46. An
dóith libh mar sin go bhfaghaidh sibhsi seilbh na
bhflaitheas agus na cúirte neamhdha gan nídh ar bith do
thuilliomh ná d'fhulang ar son Dé agus nách beag díbh
aon pheccavi amháin do rádh dochum dul ar neamh?
Máiseadh, nách mó do thuill Dáibhíodh an t-aithrigheach
agus Naomh Laoiseach an troisgidheach claonmharbhthach
ná Sardanapalus feilebheartach iona chaithiomh aimsire
agus ná Balthazar mallaighthe iona fhéasdadhaibh? Más
leór aon pheccavi amháin dochum na bhfaithios do rochsuin,
do budh amadáin mhóra agus do budh ríoghóinmhideadha
iongantacha na mairtíridh, na hancoireadha agus na naoimh
uile. Is mór do mheallfadh Dia iad muna raibh riachtanas
orra nídh ar bith do dhéanamh ná d'fhulang dochum
seilbh ríoghachta neimhe d'fhagháil. Ag sin an nídh
nách féidir do bheith. Acht is sibhsi an bhuidhean do
mheallas go ró-thruaidhmhéileach mí-fhoirtiúnach sibh féin
agus do theilgeas i ndiaigh bhúr gcinn sibh féin go hifrionn


L. 231


gan uamhain, eagla ná imshníomh ná machtnamh, smuaineamh
ná righinbhreithnioghadh ar bith do dhéanamh ar
an aithrighe. Filligh tar ais agus breithnígheadha go
fírinneach ar shláinte bhúr n-anma agus ar an gcúntas
géar cruaidh is éigion díbh do thabhairt uaibh, ag cur
bhúr móirpheacadha annlochtacha i n-eagar a chéile, dá
n-admháil tré fhaoisidin ghlain dhírig chirt fhírinnig gan
cheilg.



AN .6. CAIBIDIL



Cuireann buairt, cantlamh, cathughadh, boichtineacht, annródh,
galar, aingcis agus easláinte, pláigh, sganaill agus droichmheas agus
gach móirthrioblóid agus aicíd eile is clann agus is lucht leanamhna do
na peacadhaibh, dá bhfuilingion sibh go foidhneach iad, a n-athair
.i. an peaca, dochum báis.



Is follas go ndearnaigh an Rígh Manasses mórnuimhir
dochoimsighthe d'fheilebheartabh mallaighthe éadchráibhtheacha,
ag tuitim i n-íoladharthacht agus ag líona na
cathrach sin Ierusalem d'fhuil neimhchionntaig. Ar a shon
sin agus uile, níor thuig agus níor léir dho méid, áidhbhseacht,
aoirde ná lánmhaireacht na staide mallaighthe coinneallbháighte
sin iona raibh a anam ceangailte cruadhchuibhrighthe
ar dhéirnín ag an ndiabhal, tar éis ar chuir Dia
do theachtaireacht, do rabha agus d'fhurfhógradh chuige
lena fháigeadhaibh. Fá dheóigh do bhuadar a namhaid
air. Do gabhadh, do ceangaladh, do cruadhchuibhreadh
agus do cuireadh i ngéibhinn righin-tslabhradha daingne
dosgaoilte iarnuighe é, agus do hiompaghadh dochum na


L. 232


boichtine, moghsuine agus na daoirsi agus dochum na
peanaide is mó dobudh fhéidir le hintinn dhaona ar
bith do thuigsin é. Do ghlaodhaig, do bhéic, do ghoir,
d'athchuir agus do chuir a dhóthchas agus a mhuinghín
annsna dééibh fallsa boghra balbha sin uile dá n-adhradh
roimhe sin. Ní bhfuair éisteacht, éifeacht ná maithios
uatha, congnamh, furtacht ná cabhair. d'iompaidh air
féin go hinmheadhanach, do bhreithnig, do thuig agus
d'fhéach ar a mhíghníomharthaibh. Dothug fá deara
agus d'aithin gach feilebheart mhallaighthe dhíothchúiseach
dá ndeárnaidh i gcoinnimh an Fhír-Dhé. Do ghlac doilbhios,
lion dubh agus dobrón, croidhbhrúghadh agus atuirsi fá
gach móirpheacadh gráineamhuil dá ndearnaidh é. Do
bhuail a ucht, d'fhill a ghlún, do shil a dheóir agus d'iar
párdún le mórdhóthchas agus tréanmhuinghín annsa Tighearna,
ionnas agus gomadh dheóghnaightheach le Dia
maitheamhnas do thabhairt do agus fuasgailt, caomhna
agus a bhreith saor óna naimhdibh, agus a shocrughadh
arís iona chathaoir ríogdha iona ríoghacht féin tar ais,
ii Paralip.xxxiii.13.



Amharcaidh féin annois agus féachaidh ar fheabhas, ar
mhaithios agus ar sheirbhís na ngéarfhuilingeadha do
thúrras oruibh ó Dhia acht a n-iompchar agus a bhfulang
go foidhneach urramach úirísiol ar son Dé. Dá maireadh
agus dá bhfanadh an rígh so go bithshíor iona dheaghfhoirtiún
mhórshaidhbhris agus iona chaithréim thréinneartmhar
lánchumasaig, ní thabharfadh fá dearadh choidhche
a pheacadh, ní fhéachach orra agus ní bhreithneóghadh
iad, agus mar sin ní iarfadh párdún ná maitheamhnas
ionnta agus ní dhéanfadh aithrighe, agus do-gheabhadh bás
cruadhmhuinéalach damannta mar dheamhuin agus mar
dhiabhail ifrinn. Nárbh é so an mí-fhoirtún agus an
tuibist is mó dobudh fhéidir le neach tuitim ann? Agus
cia fionnas agus gur thuiteamhair-si annsna peacadhaibh
cómh minic sin, molaidh Dia agus bígeadha fuilingtheach


L. 233


fá n-bhúr slatbhualadh lena sgiúrsadhaibh briochtfhaobhracha
rínghéara ar an saoghal so tríotha, dochum go
mbreithneódhach sibh iad agus go dtabharfadh sibh fá
dearadh a n-olcas agus a méid tré iomad na sgiúrsadha,
an smachtaighthe, an fhuiling agus an anfhórluing do
buailfear oruibh, dá bhfuathughadh agus dá ndiansgrios i
n-imchian uaibh trésan aithrighe, dochum peannaid, pian
agus pionós síorraidhe an tsaoghail eile do sheachna.



Níor amhairc Nabuchodonozor féin, níor aithin agus níor
thug fá dearadh a mhallaightheacht, 'anuaill ná a phoimp,
a íodhaladharthacht ná feileghníomhartha dochoimsighthe
iomdha eile dá ndearnaidh ar feadh a bheatha nó gur
umhlaigh lámh oirdheirc thréanchumasach mhórchomhachtach
an Athar Síorraidhe ar mhodh ró-iongantach
éagsamhail é, dá iompóghadh i mbeathadhach alpuiseach
airciseach bhrúideamhuil iolchrothach anchúmtha ag
cóimhrith agus ag maireachtain i measg chnoc, choillte
agus churruighthe, bhogaighthe, achrainn agus mhóinteacha,
deargnochtaighthe gan snáithe uime fá an uile shórt
cruadhtain, boichtineachta agus annródh. Do budh léir
leis féin ainsein agus dothug fá dearadh go léirghlinn
glanradharcach a dhaille féin agus a chaoiche annsan
úirísleacht thruaidhmhéilig atuirsig dheóirfhliuchaidh sin
ionar cuireadh é, agus sin mar gheall gur thogair sé agus
go dtug fá dearadh ar a ghéillidhtheóireadha é féin d'adhradh
mar Dhia agus gan ann annsan am gcéadna acht duine
bocht lag somharbhaighthe, lán duirn do chriadh, sac
lán do lobhthacht agus biadh piast agus chnumh. Do
budh léir leis a pheacadha uile, do-chonnairc agus d'aithin
iad, agus d'iar párdún ar Dhia. Do-rinn leóirghníomh
agus aithrighe ionnta ionnas agus gur thuill caradas,
muinntearthas agus mórthrócaire Dé d'fhagháil i bpongc
dhéadhnach chritheaglach an bháis, Dan.iv.33.


L. 234


Leanan agus déingion sibhsi aithris ar an ríogh so le
bhúr n-anuaill phoimpeamhuil aindréimig, ag tabhairt
géille dá bhúr gclaonta go hainiomarcach lánuaibhreach,
ag greamughadh dá bhúr gcéadfadhaibh go hannlochtach
agus ag cur i n-umhail agus i dtuigsin do gach n-aon
gur mór garabhuacach, dar libh féin, ós cionn chách an
drong sibh agus gan ionnaibh annsan am gcéadna acht
créatúireadha bochta míthreóireacha beigéifeachtacha úirísle
agus cionntaig mhórlochtacha neimhbhríoghmhara tharcuisneamhla
gan fuinniomh, forastacht ná fuadar, gan
modh, béasa ná tuigsin, radharc, eólas ná tabhairt suas.
Ó! créad na grása fíorcharthanacha grádhmhara searcamhla
móráidhbhseacha do dhoirteas Dia oruibh má úmhaluigheann
sibh tré aon chruatan ionganntach uathbhásach éagsamhuileach
ar bith is deóghnaightheach leis féin do
ghreadbhualadh oruibh! Má theangmhann a shamhuil
díbh, ná déinigí murmur, casaoid ná siansán ar bith in'
aghaidh, acht adharaidh agus onóraidh fírcheart an
Tighearna go n-iomad umhlacht agus úirísleacht, ag
adhmháil bhúr n-annlocht agus bhúr bhfeilebhearta. Guilig,
caoidhig agus guidhigí tré mhórdhóthchas agus mhuinghín
agus iompuighidh go fírinneach ar Dhia mar Nabuchodonozor.
Acht tugaidh fá deara gan fuireach go ró-dhéadhnach
dochum fillte tar ais d'eagla bhúr ndíbeartha i n-imchian
ó ghrásaibh amhuil mar d'imthig ar Antiochus, prionnsa
mí-fhoirtiúnach na Baibilóine.



Adeir Dia, ag cur ceiste tré bhéal na fáidhe Ieremias,ix.12:
“Créad é an fáth iona bhfuil an domhan uile dá
chailleamhuin” tré an oiread sin do léirsgriosaibh díbhfeargacha
agus do pheannadaibh tréanáibhseacha dochoimsighthe
an Fhírchirt Diadha? Bíonn cogadh, ruathar,
coimheasgar agus caoinsgleódh ann d'iompaghan síos suas
agus ceann tar ais na ríoghachta, pláigh, gorta, galar,


L. 235


aingcis agus easláinte do-ghnídheas deargfhásach do na
cóigeadhaibh, agus corrughadh agus crith talaimh do
chómhshloigeas cathracha, bailte puirt agus cuanta. Créad
is miann don líon mhíofhoirtiún dochoimsighthe éadtruadhach
so? “Atá”, adeir Dia, “mar nár choiméadadar
mo dhlighe ná mo reacht-sa,” Ierem.xvi.11. Amharcaidh
féin annois agus féachaidh go glinn ar an nídh sin do budh
mhaith le Dia sibh do thabhairt fá deara. Ná loirgeadha
agus ná hiaraidh cúis mhí-fhoirtiúin ar bith eile acht
bhúr neamhumhaladhacht féin agus bhúr neamhurruim
dá aitheanntaibh. Ná cuiridh milleán feasda ar thréinfheirg
bhúr n-eascarad ná ar 'olcas dobhíos an fóghmhar
agaibh ná ar gach éagcóir throm-dhíoghaltasaig dá dtagan
do thaoibh an dlighe ná an riaraighthe oraibh. Má bhíthí
bocht éagcruaidh easbuightheach tréalag uiriosbach, dá
bhúr gcómhbhuaireamh agus ar díth lóin, ní hiad is cúis
ná is adhbhar dóibh. Ní bhfuil ionnta uile acht instruimeinteadha,
teannachuireadha agus tréan-sgúirseadha
briochtfhaobhracha rínghéara mhóirfheirge an Tighearna
do mhúisgleamhair go ró-mhinic tré bhúr bpeacadhaibh.
Bíodh ar an adhbhar san cúram, suim agus imshníomh
oruibh an tréinfhearg dhochoimsighthe mhóráidhbhseach
dhiadha sin do chlaochlóghadh tré fhíorchathughadh
ghéirnimhneach chroidhbhrúighte atuirsig, ag admháil
bhúr gcoirtheacha go fírinneach tré fhíriompóghadh ar
Dhia, ag dlúthdhruidim leis tré aithrighe. Agus iompóghaidh
bhúr n-annlochta feilebheartacha go fírleighis
íocshláintig neimhtheibighthig bhríghéifeachtaig do
thabharfas beatha na ngrás díbh agus do chaomhnóghas
agus do choiméadfas sibh ar aimsighthibh bhúr n-eascarad,


L. 236


ar ilchleasaibh an áidhbhirseóra agus ar anfhorlanaibh
an bháis tsíorraidhe.



Ionnas agus gomadh mhóide budh léir do na feilebheartaig
a bpeacadha go fírinneach glanradharcach tré gach
peannaid, piann, pionós agus géarsmachtughadh dá dtuitionn
orra tríotha ó Dhia, is gnáthach leis a ngreadbhualadh, a
smalca agus a léirphianadh trésna nidhthibh céadna lenar
pheacuigheadar roimhe sin, Sap.xi.17, amhuil agus mar
do theangmhuig do lucht áitribh na hÉigipte an tan do
budh éigion do Chlann Israel agus do budh éadualang
dóibh, tré iomad moghsuinne agus daoirse, bríc do bhruith
agus d'ollmhughadh dhóibh dochum a gcathracha agus a
mórbhailte do thógbháil. Do pheannaid, do phiann agus
do dhian-ghread Dia iad le luaithghríosaig agus sméaróideadha
greadloisgidhthe na fúirnéise, Exod.ix.10. Do
bhrígh gur órduig Maoise an luaithghríosach do theilgean
san aédhar ionnas agus gur fhás iomad adhbhair, niosgóideadha
agus mórthulcadha brachaig agus aicídeadha i
measg lucht áitribh na hÉigipte uile agus fós ar na beathadhaig
allta tré chaithiomh na luaithghríosuighe sin. Do
pheacuigheadar an drong chéadna sin ag báthadh clann
mhac na n-Isralíotach i sruith Níl gan truadh, teasargan
ná trócaire, binn, suim ná éifeacht i ndaonnacht na leanbh
sin ná i mbuairt, i gcathughadh ná i neamhchompórd a
n-aithreacha ná i ngol, i mbladharaidh ná i sgréachaidh
a máithreacha. d'iompaigh an Fírcheart Diadha uisge
na habhann céadna sin i bhfuil dochum go ndéanfadh
nimh dhóibh, agus do mhéaduigheadar fragadha na habhann
céadna sin annsan uile áird gomadh chómhlán a dtighthe
agus a seómradha, ag cur agus ag casa na ndroichghníomhartha
feilebheartacha uathbhásacha sin leó do ló agus
d'oidhche, d'uair agus do thráith agus go bithshíor,
Exod.vii.20, viii.5.


L. 237


An tan do chuir an fháidh i n-umhail ar Ieroboam agus
do chas leis gomadh íodhaladharthach é, do shín amach
a lámh dochum príosúnaidh do dhéanamh don fháidh
oirdheirc. Do chrap an lámh chéadna sin gan stad, gan
tapadh, neart ná brígh ar bith, ionnas agus go dtug fá
dearadh air gur thuig agus gomadh léir dho an fheilebheart
pheacamhuil sin do ráinig leis do dhéanamh. Do ghuil,
do chaoidhig agus do bhéic, agus d'achuir ar an bhfáidh
gcéadna sin a ghuidhe agus 'úrnaighthe do chur dochum
an Tighearna ar a shon dochum maitheamhnuis d'fhagháil
uaig annsan mórchuir sin do-rin in ' aghaidh, iii Reg.xiii.4.
Do pheacaigh Ezechias, Rígh mhórchathrach
Ierusalem, an tan do thaisbeáin agus tug radharc tré anuaill
agus mhórphuimp ar a chuid stóir agus ollamhaithis do
thaistiolaidh strainséartha, ar mhodh agus go dtángadar
na taistiolaigh chéadna sin le fóirneart thréanchumasach
mhóráibhseach armála, nó gur fhuaduigheadar leó go
fóiréigneach easgcáirdeamhuil neamhcharthanach an stór
agus an toice sin uaidh, iv Reg.xx.13. Do pheacaidh
Dáibhíodh an Rígh i n-aghaidh Dé tré mhórtas agus
ghlóire dhíomhaoin, ag maoidheamh tré ainiomarca agus
mhéid nuimhreach a ghéilletheóireadha. Do ghreadbhuail
agus do sgiúrsig Dia annsa bpoimp gcéadna sin é, ag cur
na míllte dhíobh dochum báis le pláigh dhíoghaltais dholeighis,
ii Reg.xxiv.15. Do chuireadar na Giúdaighthe
na soigheadóireadha Rómhánacha ag gabháil Chríost ár
dTighearna agus do stiúir Dia chúcha-san agus fána ndéin
an armáil mhóráibhseach ghnímhéachtach Rómhánda
chéadna sin dochum lomargoin agus léirsgrios do thabhairt
orra féin trésan bhfeileghníomh sin.



Peanaideann agus pianann Dia sinn, ar an adhbhar
san, leis na neidhthibh céadna sin trénar pheacuigheamair
roimhe sin, Sap.xi.17. Ar mhodh ná fuil i n-aon olc
dá mbainionn dúinn acht fíghir-chosmhulacht agus ionchrotha


L. 238


na bpeacadha sin do-rinneamair cheana nó gluineadha
do chuirios ionnár bhfiaghnuise iad dochum féachain
orra. Agas is mair sin an tan do thuig Dáibhíodh agus
d'aithin sé gur thruallaidh Absolom agus gur shailig sé a
leaba, adubhairt: “Ag sin,” ar sé, “peannaid, pionós agus
pian an pheacadh sin an adhaltarnuis do-rine mé.” Agus
go grod ionna dhiaigh sin, ar fhaicsin bháis agus dunmharbhaighthe
a mhic Absolom ar a shon agus gur órdaig gan
bás d'imirt air: “Ag sin,” ar sé, “fighir, ionchrothacht
agus cosmhuileacht an fheill agus an dunmharbhaighthe
sin dá dtugas fá dearadh do thabhairt ar Urias. Ní
ghearánfad ar aonchor ar mhéirliochas mo ghéillightheóireadha
ná ar fhionghalacht neamhoghamósamhuil mo mhic,
acht cuirim a mheilleán ar mo pheacadhaibh aoinreacánta
féin is cúis agus is túis dam uile olc.” Leanaidh sómpla
agus slighte an rígh oirdheirc fháigeamhuil si annsan
aithrighe. Féachaidh, amharcaidh agus breithnighidh
ar bhúr bpeacadhaibh i n-bhúr mbuaireamh, agus fuathuighidh
go croidheamhuil fonnamhar iad.



An úmhluighean Dia sibh tré tharcuisne? Creididh
gurab é a réasún sin do bhrígh sibh do bheith poimpeamhuil
garabhuacach aindréimeach re honóir. An mboichtinghean
Dia sibh? Dobudh fhéidir sibh do thiomsughadh
bhúr dtoice go haindlightheach neamhfhulláin nó go sgaipionn
sibh go neimhfhiúntach tubuisteach doghrannach é.
An bhfuil teinnios, trioblóid, tréaluige, anbhfúinneacht,
annródh ná a n-ionshamhuil eile d'aicídeadhaibh iomdha
ar bhúr gcuirp? Má atá, ní bhfuil ionnta acht i ndíoghal
gach aitis, aoibhnis, seirce, grádh agus pléasúir dár
chaitheamhair go lochtach orra. Agus is amhla sin mar
an gcéadna do theangmhas díbh do thaoibh bhúr n-aithreacha,
bhúr máithreacha, bhúr ndaoine muinnteardha,
bhúr lucht cabhartha agus conganta agus bhúr n-uile


L. 239


chréatúireadha an tan do chaillionn sibh go mí-fhoirtiúnach
tuibiostach iad. Má dhéingeimíd-na úsáid díobh-so i
n-aghaidh dhlighe Dé, do-dhéanfaidh Dia úsáid díobh-san
go ceart díreach ionnár n-aghaidh-na dochum go dtugaimís
fá dearadh agus go bhfuathóighmís ár bpeacadha. Abraidh
go bithshíor, dá bhrígh sin, mar aon le Dáibhíodh: “Ní
hiad mo namhaid do-ghnídheas géirleanamhuin ná inghreim
orm, mo leanba do bhuairios mé, teinnios, trioblóid ná
easláinte do ghoilleas orm, feidhim dhlighe, achrann ná
pléid is measa liom, acht mo pheacadha go haoinreacánta
is cúis agus is túis dom uile olc,” Ps.L.5. Ní bhfuil
nídh ar bith lena chur annbhúr leith acht bhúr bpeacadha
feilebheartacha gráineamhla. Tugaidh fá deara iad go
glinn agus féachaidh orra, agus i n-ionnad murmuir ná
casaoide do dhéanamh, fuaithígeadha go fírinneach iad
tré fhíoraithrighe chroidhbhrúghaidh atuirsig, ag claochlóghadh
mhóirfheirge an Tighearna tré bhúr ndeighiompchar
go fuilingtheach.



AN .7. CAIBIDIL



Claochluidhean an peacach sin d'úirísleann agus d'úmhluighean é féin
do láthair Dé móirfhearg agus fíoch an Tighearna.



Ó is é an t-uabhar túis do gach uile pheacadh, Eccli.x.15,
ní fuláir ar an adhbhar sin gurab í an úmhaluigheacht
is túis don fhíriompóghadh dochum Dé agus don uile shórt
deighthréighthe agus naomhshubháilceadha, cia fionnas agus


L. 240


go bhfuil túis nó princíp agus éifeacht chonntrárdha ag
na neidhthibh dobhíos conntrárdha dá chéile. Is léir
dhúinn agus do-chímíd an mhóirfhírinne shoiléir si ann
gach leathanach do Naomh Bhíobla an Tighearna do
theagasgas dúinn, má chianruaigean an anuaill agus an
phoimp agus má léirsgriosan an peacach é féin i n-imchian
ó Dhia agus má thairngion a thréindíoghaltas móirfheargach
dochoimsighthe ró-fhiúranta ionna mhullach air, dlúthdhruideann
agus triallann an Rígh Neamhdha fána dhéin
iar n-iompóghadh don bpeacach gcéadna sin tar ais tré
úirísleacht, chroidhbhrúghadh agus atuirsi fá fheirg do
chur air, agus doirtean tréincheatha móráidhbhseacha ró-fhulúirseach
na ngrás ndiadha ionna chroidhe chuige.
Féachann Dia go míchiatach sgoranamhuil i bhfad uaidh
ar lucht an uabhair agus na poimpe do chóimhéirghios
iona choinnimh, Ps.cxxxvii.6, do bhrigh go ndíbreann
as a radharc iad mar do léirsgrios agus do dhíbir aingil
an uabhair as na flaithis agus Adam agus Eve as an
bparthas talmhuighe. Acht féachann go searc-chumanach
fíorfháilteach ró-thrócaireach ar an ndroing umhal
uramamhuil úiríseal d'amharcan go hatchúmhach, do-chídh
agus do bhreithníoghan a bhfeilebhearta agus
d'fhuathuigheas iad, dá sléachtain féin in' fhiaghnuise
agus ag iaraidh a ghrása. Amharcann agus féachann Dia
orra go fogas do amhuil adhbhair nó cosbóireadha ró-thaithniomhacha
do thuillfeadh a ghrádh, a charthanacht
agus a thrócaire d'fhagháil. Ó! nách iongantach míorbhuilleach
uathbhásach an nídh ná fuilingean Dia atá
cómh hárd tréanchumasach móráibhseach dochoimsighthe
sin an drong phoimpeamhuil mhórdhálach áirdchéimeach
aghaidh-dhána gharabhuacach san d'éirghios go hanndána
móruaibhreach neamhurramach tinneasnach in' aghaidh
agus go ngabhan lean' ais an drong úirísiol urramach
umhal d'iompuigheas agus d'fhillios air tré dheóraibh
atchúmhacha croidhbhristeach na fíoraithrighe. “Cia hé


L. 241


sin is cosmhuil renár nDia-na d'áitioghas annsan ionnad
is ró-aoirde agus do chómhnuigheas i mórghradam? Agus
ar a shon sin agus uile, ní taithniomhach leis acht na
beagadáin agus na húiríslig,” Ps.cxii.5-6. Ní hamhla
sin do-ghnídh drong chealgach an tsaoghail si acht onóir
mhór agus mórdhacht iongantach do thabhairt do na
feilebheartachaibh, agus tarcuisne, neimhbhrígh, mímheas
agus neamhurruim go bithshíor do na fíoraonaibh. Ag
so an meadhon mór ró-fhoirtiúnach agaibh .i. an úirísleacht,
dochum párdúin agus maithiomhnais bhúr bpeacadha
d'fhagháil. Buailidh bhúr n-ucht, silidh bhúr ndeóir,
fillidh bhúr nglún, sgreadaig ar Dhia agus iaraidh an
trócaire.



Ní bhfuil meadhon ar bith is siúráilte dhiongmhálta
dochum fíoch agus móirfhearg an Tighearna do chlaochlóghadh
ná úirísleacht agus umhalacht fhírinneach an
chroidhe. An tan d'aithisig agus do mhaslaigh an Rígh
Achab an Tighearna agus do pheacaidh go ró-iomarcach
amhchaoin i n-aghaidh Dé tréan ' íoladharthacht agus
tréna ainbhreithibh iliomarcacha éagcóracha, do bhagair
Elias an fháidh air mar theachtaire ó Dhia, ag insin
do go raibh tréindíoghaltas agus mórmhallacht an Tighearna
dochum tuitim air tréna fheilebheartaibh. Do chomhsgair
an rígh oirdheirc si agus do chóimhchrith, d'aimhdheóin a
mhallaightheachta, iar dtuigsin éifeacht na mórbhagartha
so. Do shrac, do raob agus do léirbhris a chuid éadaig
tré dhian-bhrise doilbhiosach croidhe agus atchúmhadh.
Do ghabh uime a chorp iorradh nó brat ruainne tré iomad
cathaighthe agus dobróin, ag imtheacht roimhe agus a
cheann faoi, líonta do chritheagla agus d'uathbhás, dá
shléachta féin go n-iomad úirísleachta agus urrama fá
fheirg do chur ar Dhia. Ó créad é méid neirt, cumuis
agus fórsa na húmhluigheachta! Do ghoir gan stad agus
do ghairm tar ais Dia an tréanbhagairt mhóirdhíoghaltasach


L. 242


sin do mheas d'imirt air. Do gheall do agus do mhóidig
ná leagfadh a lámh mhóráibhseach thréindíoghaltasach
air ar feadh a raé do bhrígh gur úiríslig sé é féin cómh fonamhar
sin in' fhiadhnuise. “Elie,” ar an Tighearna, “ná tug
tú fá deara gur úmhlaigh Achab im' láthair-se? Agus do
bhrígh go ndeárnaidh sin im' fhiadhnaise, ní sgiúirsfead-sa
é ar feadh a bheatha,” iii Reg.XXI.29. Tugaidh
fá deara ná breithnighean Dia agus ná féachann ar aoinread
i n-Achab acht an úirísleacht agus an umhluigheacht amháin
go haoinreacánta, agus ná labhrann gíog ar éadach róin,
ar throsgadh, ar dhéirc, ar úrnuighthe ná ar aon aithrighe
eile dá ndeárnaidh ná ar chruatan ar bith dár ghabh thríd,
agus sin dochum go gcuirfeadh i dtuigsin agus i n-umhail
dúinn nách fuláir tosanughadh dochum iompuighthe go
fírinneach ar Dhia tré úirísleacht agus umhaluigheacht
bhúr gcroidhtheacha agus nách fiú náda aon ghníomh eile
dá ndéantar libh muna gcianruaigfidhe agus muna dtachtfaidhe
ionnuibh féin an ghríobh ionngantach mhórphuimpeamhuil
éagsamhuil sin .i. an t-uabhar, tré fhíorurraim
úirísiol umhal do reacht agus do dhlighthibh an Tighearna.
Ó! má dobhí an oiread sin éifeacht agus fóirnirt ag
úirísleacht agus úmhlacht an rígh si ag á mbudh chosmhula
í do theacht do dhruim cóimhéigin tréineagla agus faithchís
ná do thoisg foinn friochnaimh ar bith eile do bhrígh
nár fhill go fírinneach ó thúis, ar mhóirfheirg agus ar fhíoch
an Tighearna do stopadh, créad an éifeacht, an fóirneart
agus an cumas ná biadh ag úirísleacht, umhlacht agus
urruim an anma san atá lán d'fhíorchrábhadh, do chroidhbhrúghadh
agus d'atuirse, arna gcoinleacht do dhianghrádh
agus do mhórdhóthchas an Tighearna?



Do roinn Dia fós anallúd na grása céadna leis an
Rígh Roboam agus lena phrionnsadhaibh an tan do chuir
Sesac Rígh na hÉigipte fána ndéin le harmáil thréan-neartmhar


L. 243


mhórchumasaig dhochoimsighthe dochum léirsgris
agus díthcheanna d'imirt orra tréna bhfeilebheartaibh.
D'úmhlaigh an rígh agus a phrionnsadha go húirísiol
urramach agus d'adamhuigheadar gomadh fhírcheart é
Dia, amhuil agus mar chanas an Sgriptiúir, ii Paral.xii.6.
Agas gan stad do mhaolaidh Dia agus do
chlaochluidh a mhóirfhearg agus do gheall dóibh ná
tréigfeadh iad, ag rádh: “Ní léirsgriosad iad,” ar sé,
“do bhrígh gur umhaluigheadar am láthair.” Ar mhodh
agus gur fhill a namhaid tar ais dá ndúithche féin agus
gur imthig uatha.



Mar an gcéadna ar fhaicsin don bhainríoghan oirdheirc
mhórchródha chalma sin Iudith go raibh a baile puirt
agus a cathair ríoghdha i n-ucht agus i gconntabhairt a beith
tugtha raobtha briste caillte ag a deargnamhaid Holofernes
dobhí i bhfoslongphort di, d'achuir, do ghuidh agus
d'fhógair dá muinntir go huile iad féin d'úmhlughadh go
bhfonn friochnaimh do láthair Dé agus a admháil gur
thuilleadar na mór-sgúirseadha géirnimhneacha briochtfhaobharacha
san thréinfheirge an Tighearna tréna
bpeacadhaibh, Iudith viii.16-18. Budh ró-thairbhtheach
subháilceach sábhálta deaghfhoirtiúnach an meadhon dóibh
sin do bhrígh go dtug Dia an meadhon agus an buadh
dhóibh ar an namhaid ionnas agus gur chuireadar an
brise orra agus gur chianruaigeadar uatha iad. Ar an
modh gcéadna do na Ninibhítig d'éis Ionas an fháidh do
bhagairt orra ná fágfadh Dia cloch ar dhruim a chéile
ionna gcathair. d'úmhlaigheadar iad féin go n-iomad
úirísleachta agus urrama. Dotháinig an Rígh agus do
thúirling dá ionnad luite agus do shléacht é féin fá chlár
talmhan. Do ghabh uime brat róin agus luaithreán.
Do throisg, do ghuidh agus do-rinn úrnaighthe, agus do
thug fá dearadh ar a ghéillidhthóireadha go huile an


L. 244


nídh céadna do dhéanamh, ionnas agus gomadh léir don
Tighearna a n-aithreachas ar mhodh agus gomadh dheónaghthach
leis párdún a bhfeilebhearta do thabhairt dóibh
trésan úirísleacht sin do-rineadar, Ionas iii.10. Agus
an bhainríoghain Esther féin, iar dtuigsin di go dtug an
Rígh Assuerus aithne agus órdughadh an chine Iúdaighe
do chur dochum báis, d'úiríslig agus d'úmhlaidh í féin
go ró-fhonnamhar i láthair Dé. Do ghoil, do chaoidhig,
do throisg agus do-rinn úrnaighthe ar mhodh tréna
himpeadhaibh ró-urramacha go dtug fá dearadh ar an
rígh an reacht, an dlighe agus an t-acht sin do-rin i n-aghaidh
na nGiúdaighthe do ghairm tar ais agus Aman, an té sin
do thionnsguin é, do chur dochum báis agus an buadh do
thabhairt do na Giúdaighthe os cionn a n-eascarad go
huile, Esther vii.10. Ó! máiseadh, cia fionnas agus
go bhfuil fíoch, fiúrantacht agus móirfhearg an Tighearna
dá bagairt oruibh cómh minic sin tré bhúr bpeacadhaibh
feilebheartacha ollghrána do-insteana, agus go bhfuil sibh
ar bhúr dtíompchiolladh do gach taoibh re buairt, boichtineacht
agus annródh, galar, aingcis agus easláinte agus
míle neamchompórd agus míphléasúr eile dá dteangmhann
díbh, créad é an fáth ná cóimhrithean sibh fá dhéin an
leighis so? Créad é an fáth ná humhluigheann sibh
sibh féin do láthair Dé le hiomshláine bhúr neirt go
fonnamhar croidheamhuil? Créad as ná hadamhuighean
sibh bhúr gcorrthacha agus ná deireann sibh gur thuilleamhair
go fírinneach ceart-bhreitheamhantasach gach
mórolc agus gach annródh dár theangmhuig díbh? Créad
is cúis aguibh gan géille go hurramach úirísiol d'órdaighthibh
agus do thoil an Tighearna annsna huile neidhthibh?
Trésan meadhon so ní hé amháin sibh do bhreith saor ó
mhóirthintreacha mhóirfheirge an Fhírchirt Diadha, acht
fós go dtairngeóidh agus go dtabharfaidh chúghaibh buidheachas
agus léirbheannacht mhórthrócaire agus charthanacht
an Tighearna.



Is fíor gur úmhlaigh agus gur úiríslig an Rígh Saul é


L. 245


féin, ag admháil a pheacadha an tan tug Samuel an fháidh
milleán do agus do chas leis nár chuir dochum báis na
hAimelítig uile do réir órdaighthe agus toile an Tighearna,
ar mhodh ná fuair párdún ná maitheamhnas annsa gcuir
sin mar ná raibh san úirísleacht sin acht fuaire, faillidhtheacht
agus spadántacht chlaonaigne neamh-fhiúntaig
gan fuinniomh agus ar bhár a phuis go haoinreacánta. Do
bhrígh an tan adubhairt: “Peccavi,” Reg.xv.30,
annsan am gcéadna do ghuidh, d'achuir agus do chuir
impidhe dochum Samuel onóir, oghamós agus urraim do
thaisbeáint agus do thabhairt do féin ós cómhair agus i
bhfiaghnuise an phobuil d'eagla go measfaidís é do dhéanamh
feileghnímh ar bith ná go dtabharfaidís tár ná tarcuisne
do. Níor fhéach Dia ar an úmhaluidheacht so, níor chuir
suim ná cás innte do bhrígh nách ó chroidhe agus ré fonn
dotháinig, agus ní mó dobhí séan, fortún ná deaghuair
dá coinleacht, acht Saul gach lá ag imtheacht ag ruille
ruaille ó olc go holc tré mhéid chuirtheacha a mhórphoimpe,
ionnas agus gur thuit fá dheire i n-éadóchas. Féachaidh
agus tugaidh fá deara gan bhúr n-úmhaluigheacht do bheith
i gcosmhulacht le bréagúmhaluigheacht Shauil agus fós
gan a bheith fallsa neimhfhírinneach mar úirísleacht na
saobhchráibhtheach d'úirísleas iad féin dochum go
mbreithnigheadh cách iad agus do labhras go holc mí-oghamósach
tarcuisneach orra féin dochum go dtugthaoi
fá deara méid a n-úirísleacht agus a ndeighthréighthe.
Acht dámadh éigean dóibh buairt, boichtineacht agus
annródh, mímheas, tarcuisne agus neamhurraim d'fhulang
mar na fíoraoin, léigheann na fíorumhluigheachta d'fhoghluim,
cur suas, tréigion agus fuaith do thabhairt dá
gclaontaibh toilteannacha, is luaith léir mear tapadh
intinneach d'iompóighdís a gcúl riú agus do chuirfidís i
n-umhail agus do thaisbeáinfidís gach fíorphoimp mhóruaibhreach


L. 246


neamhurramach dá rabhadar tugtha dhóibh
roimhe sin.



Do budh thairbhthighe mhóiréifeachtaighe agus do
budh fheárr go mór úirísleacht agus úmhaluigheacht an
ríoghfháidh Dáibhíodh do-chonnairc aingiol agus cloidheamh
nochtaighthe aige ag léirmhille agus ag díthcheanna a
ghéillidhtheóireadha agus a lucht feadhmadh agus ag cur
na míllte agus na míllte díobh dochum báis agus dá
dtreasgairt. Agus gan stad ná fuireach ar fhaicsin sin
do, do theilg é féin fá chlár talmhan, do ghoil, do chaoidhig,
do bhladhair agus do bhéic ar Dhia, agus d'adamhaidh
a mhórchuir agus a fheilebheart agus adubhairt gurbh é
féin go haoinreacánta do thuill an bás agus nách iad-sin,
ii Reg.xxiv.17. Do chlaochlaidh an úirísleacht sin
móirfhearg agus fiúir an Tighearna ionnas agus gur imthig
an t-aingiol agus gur stad an léirsgrios agus do traochag
an ghéarphláidh mhóirdhíoghaltasach agus an marbhughadh
ionngantach sin.



Úmhaluíghidh, úiríslígeadha agus sléachtaig sibh féin
go n-iomad fírinne agus fuinnimh fhriochnamhaidh do
láthair Dé agus an Tighearna, le mórthár agus tarcuisne
oraibh féin, ag admháil bhúr bhfeileghníomhartha feilebheartacha,
dá bhúr n-umhlughadh féin go fírinneach
annsan uile chéim do thoil Dé, agus go deimhin biadh
sé d'fhortún oruibh lá éigin go ndéarfaidh sibh mar aon le
Dáibhíodh: “d'úmhluigheas mé féin i bhfiaghnuise Dé
agus do shaor sé mé óm pheacadhaibh,” Ps.cxiv.6.



AN .8. CAIBIDIL



Stopaid maithghníomhartha agus deaghoibreacha na bpeacach
n-aithrigheach, cuirid toirmiosg agus claochluighid tréantuillteadha
móráibhseacha neamhchoimsighthe mhóirfheirge an Tighearna.



Iar dtréigion Dé don Rígh Roboam agus dá phrionnsadhaibh
agus iar dtabhairt tár, tarcuisne agus mí-mhodh


L. 247


do dhlighe agus do reacht an Tighearna, do thuilleadar a
léirmhille agus a dtreasgairt tré láimh thréanchumasaidh
an léirsgris diadha. Ar mhodh agus gur chuir Dia Sesac,
Rígh na hÉigipte, le harmáil ghnímhéachtaig thréinneartmhair
mhórchraosaig dá n-ionnsuighe dochum ruathair,
sgrios agus fuadaig do thabhairt ar a gcuid óir, airgid
agus iollmhaitheas uile agus dá gcreacha, ionnas agus go
raibh ar gcumas dóibh an t-anam do thaosga asda uile
agus a ndian-léirsgrios agus a ndíthcheanna. Acht níor
fhuiling Dia dóibh sin do dhéanamh, adeir an Sgrioptúir,
do bhrígh gur úmhluigheadar iad féin agus go ndearnadar
maithghníomhartha. “Mar gheall nó i n-éiric iad féin
d'umhlughadh do thairng Dia a mhóirfhearg uatha ionnas
agus nár cailleadh iad uile, agus fós mar dofuair sé na
deaghoibreacha ionna measg,” ii Paral.XII.12. Agas
bíodh go rabhair ar staid an pheacadh, ná léigeadha dhíbh
ar a shon sin dul d'fhiosarughadh na n-éagcruadhach
bhfann tréathlag, ná ar cuaird dochum tighe na ngalar
agus d'fhéachuin na bpríosúnach. Ná tréigeadha agus ná
léigeadha thoraibh aon ócáid dochum na maithghníomhartha
agus na ndeaghoibreacha do dhéanamh, nó má léigionn
sibh, is mór an milleán dobhias agaibh oraibh féin lá is
sia anonn ioná aniugh tré bhúr bhfaillighe an tan thiocfas
an Tighearna dá bhúr bhfiosrughadh le gach galar, aingcis
agus easláinte agus le gach sgiúirse briochtfhaobhrach
géirnimhneach is miann leis do shlatbhualadh oruibh, do
bhrígh go stopaid agus go maoluighid na maithghníomhartha
agus na deaghoibreacha tréantonnthacha mhóirfheirge an
Tighearna, nó an chuid má lugha dhe, go ndéingeann iad
éadtrom soghluaiste fábhrach so-iompchair dochum gabhtha
tríotha.



Do thuill Iosaphat, Rígh Iuda, ar ndul do i gcabhair
agus i gcongnamh cogaidh d'Achab, Rígh Israel, do thuit
i n-íoladharthacht, a léirsgrios, a dhíthcheanna agus a


L. 248


threasguirt mar aon leis an Achab gcéadna do cailleadh
agus do goineadh le hurchur sleighe annsan ár. Acht do
chaomhnaidh agus do chosain Dia go ró-mhíorbhuilleach
é ar an adhbhar go ndearnaidh mórnuimhir maithghníomhartha
agus deaghoibreacha roimhe sin. Agus is uime sin
adubhairt Dia leis tré bhéal an fháidh Iehu d'éis teacht do
go Ierusalem ón gcath: “Créad so? Tugais cabhair
agus congnamh do mhallaghthóir. Do-rinn tú cáirdios
agus muinntiorthas leis an ndroing sin d'fhuaithioghas an
Tighearna. Bíodh a fhios agat gur thuillis móirfhearg
thréinfhiúranta an Tighearna d'fhulang, do mhothughadh
agus do thuitim ort. Acht do ghlac truadh, taise agus
compáis duit é agus do chaomhnaidh agus do chosain thú
mar luadhach saothair agus i dtuilliomh thuarasdail na
ndeigh-ghníomhartha agus na mórmhaithios sin dofuair
ionnat,” ii Paral.xix.2-3. Cuirid bhúr bpeacadha agus
bhúr bhfeilebhearta fá dearadh agus d'éadualang ar Dhia
bhúr léirsgrios agus bhúr ndíthcheanna gan bith bhúr
dtuairisg. Acht ar a shon sin agus uile bíonn a thruadh,
a thaise agus a thrócaire, ag árab é a stuidéar cinte
sibh d'anacal agus do shaora agus aimsir iomdha do
thabhairt díbh dochum bhúr slánaighthe agus leas bhúr
n-anma do dhéanamh trésan aithrighe, ag cuardughadh
agus ag lorg cúis nó adhbhar leithsgéil éigin dochum cúrsa
anaitheamhuil an Fhírchirt Diadha do chronadh dochum
gan tuitim d'aontaoisg oruibh, dá bhúr ngéarghoin agus
dá bhúr dtreasguirt. Ach! mo chreach! muna ndearnamhair
aoinnídh fiúntach ar son Dé, má chuireamhair
suas go huile dá sheirbhís, má thréigeamhair uile ghníomhartha
thruadh, charthanachta agus thrócaire agus muna
ndéingean sibh acht gach feilebheart agus míghníomh, an
tan d'fhásas tréantuile an Fhírchirt Diadha le mór-fhíoch
annbhúr gcoinnimh, cia d'fhiadfas í do chosg? Cia do
dhíonfas ná do shaorfas sibh? Créad é an port, an trínse
ná an daingion do chuirfios toirmiosg ar a thréantsruith?


L. 249


Agus muna léir nó mona bhfaicthear aoinnídh ionghrásamhuil
ionnuibh, is éigion don mhórshrúill sin an Fhírchirt
Diadha rith go n-iomad fóirnirt, fórsa agus cumuis, dá
bhúr mbáthadh fá thréanthonnaibh gormfhairge fíordhoimhne
thrioblóideadha, ghuirteamuis agus bhuadhartha
an tsaoghail si agus fós a níbhus mó annsa tsíorruigheacht.



Do ghlac an pátriarc naomhtha Loth agus do ghabh
fána choimeirce go honóireach urramach oghamósach dá
aingiol fá ghné, iorradh nó aibíd eileirtheach. Dothug
aoigheacht na hoidhche agus lóistín dóibh agus do chosain
iad go hamarcach ó ionsadhaibh spadánta neamhghlana
graosta na Sodomíteach, ar mhodh agus gur chuireadar
na hangil chéadna sin fána gcaomhna agus gur fhuaisgleadar
Loth, a bhean agus a dhias inghion ó mhórlasarachaibh
domhúchta tréanchuitheacha teintighe greadloisgidhthe an
Fhírchirt Diadha do thuit d'aontulmas ó neamh ar an
gcathair mhallaighthe sin Sodom, Gen.xix 1. Do
sábhálfuidhe a dhias cliabhnaighthe mar an gcéadna mar
ghrádh ar Loth dámadh mhiann leó féin triall ón gcathair.
Agus fós d'fhuasgail agus do shábháil Dia an mhórchathair
sin Segor óna losgadh tré achnuighthe, úrnuighthe agus
impeadhaibh an Loit chéadna sin i gcumaoin agus i luadhach
saothair a mhórcharthanachta, a mhaithghníomhartha agus
a dheaghoibreacha eile. Amharcaidh féin agus féachaidh
annois, tugaidh fá dearadh agus machtnuighidh go fírinneach
créad é méid na maithiosa agus na seirbhísi do-ghníd na
deaghoibreacha agus na maithghníomhartha ní hé amháin
do lucht a ndéanta go haoinreacánta acht fós dá n-aithreacha,
dá máithreacha, dá ndaoine muinnteardha, dá lucht
cabhartha agus conganta agus do gach n-aon do bhaineas
leó as sin amach. Agus breithnígeadha fós, féachaidh
go géar-radharcach agus tugaidh fá dearadh agus fiafruighidh
an dtuillid an drong sin do-ghnídheas neamhshuim


L. 250


díobh agus do léigios thársa na deaghoibreacha do dhéanamh
móirfhearg agus fíoch an Tighearna do thuitim gan
trócaire orra, cia fionnas agus meadhon nó slighe cómh
éasáideach ró-fhuruis sin d'fhagháil dochum tréanchuthach
fiúranta an Fhír-Dhia do thraochadh dá dtograidís a
ngnáthughadh agus úsáid do dhéanamh díobh. Ar an
adhbhar sin, cia hé sin nách riachtanas do deaghobair nó
maithghníomh éigin corpardha nó spioradálta do dhéanamh?



d'éirgheadh Iob ar mhoch na maidne dochum ofráil
agus íodhbairt do dhéanamh don Tighearna an tan do-ghnídís
a chlann feis nó féasda dá chéile, dochum fíoch
agus fearg Dé do mhúchadh dá múisglidís í tréna ndroich-
ghníomharthaibh agus dochum na móirphiannta sin do
thuillfidís trésan bhfeilebhirt sin do stopadh agus do
stiúrughadh uatha, Iob.i.5. Do chuir an bhean ghlic
phraitionnamhuil chéillighe sin Abigail, ar thuigsin di go
raibh Dáibhíodh an Rígh go ró-iomarcach i n-earraid rena
fear Nabal agus go dtáinig le harmáil mhórchumasaidh
thréindíoghaltasaidh dochum léirsgris agus díthcheanna do
dhéanamh air féin agus ar a theadhlach uile, mórán do
sheódaibh ró-shuimeamhla daorluaidh fána choinnimh ar
an slighe iona raibh a' teacht do shásaimh é agus tug fá
dearadh air a ghnúis agus a smuaineamh feargach
d'atharughadh agus d'iompóghadh uatha, I Reg.xxv.18.
Do chuir Iacob mar an gcéadna tré chorp eagla roimh
Esau dotháinig go fóirneartmhar cumasach dochum sin
d'agairt air, mórnuimhir iliomarcach seóide agus iolmhaithios
fána dhéin do mhaolaigh agus d'iompaidh a thréinfhearg
fhuathmhar eascáirdeamhuil mharbhthach go cumann,
searc, agus grádh agus páirteamhlacht charthanacht
bhreádha shoinionta dhearbhráthardha, Gen.xxxii.13-21.
Múisgleann, brostaigheann agus tréanlasan sibhsi
mór-thíntreacha dochoimsighthe fírfhiúranta thréinfheirge


L. 251


an Tighearna tré bhúr mallaightheacht go laothamhuil.
Créad as ná múchann sibh í tré bhúr dtrosga, bhúr ndéirc
agus bhúr n-úrnaighthe, agus bhúr ndeaghoibreachaibh
eile is seóide, brontais agus tabharthais díbh dá gcur
reómhaibh ar an slighe os cómhair an Fhírchirt Diadha
dochum a thréindíoghaltais do stopadh agus d'iompóghadh
uaibh agus dochum a ghrádh, a charthanacht agus a
thrócaire do dhortadh agus do tharng oruibh go
síorruighe?



Do gheall Dia d'Abraham go dtabharfadh sé an
Phaléstín dá shliocht iona dhiagh, ag réimh-fhaicsin go
léirsgriosfach a fhírcheart lucht áitribh na críche sin i
n-éiric a móirpheacadha iliomarcacha feilebheartacha gráineamhla.
Ar a shon sin agus uile, do rith mórán saoghal
sul do chóimhlíon Dia a gheallamhuin do bhrígh go rabhadar
righthe i bhflaithios ann do choisg tréna ndeaghoibreachaibh
léirsgrios agus díthcheanna a ngéillightheóireadha agus do
chuir righneas ar feadh iomad bliadhan ar an dtréanbhagairt
mhóirdhíoghaltasach sin dobhí dochum tuitim
orra, dochum aimsir iomchuibhe do thabhairt dóibh dochum
iompuighthe ar Dhia trésan aithrighe. Do thuilleadar
Clann Israel mar an gcéadna go ró-mhinic fíoch, fiúrantacht
agus mallacht Dé do thuitim orra, a ruathar, a léirsgrios
agus a ndithcheanna ar an bhfásach agus i n-áitibh eile
mar pheannaid, phionós agus phian orra i n-éiric a murmuir,
a gcúlchaint agus a n-íoladharthacht. Ar a shon sin agus
uile, d'fhéach Dia orra agus do chaomhnaidh iad mar
gheall ar gach déirc, trosgadh, úrnaighthe agus ar gach
deaghoibreacha agus maithghníomhartha eile ró-naomhtha
dá ndeárnaidh Abraham, Isaac agus Iacob, a n-aithreacha
dofuair bás agus d'éag i n-iomad agus i gcian d'aimsir
roimhe sin.



Spárálann an Fírcheart Diadha an chlann agus na daoine
muinteardha, agus roinneann leó tuilliomh, tuarasdal agus
maithghníomhartha na n-aithreacha i gcian d'aimsir agus


L. 252


fós i bhfad d'éis a mbáis, siúd agus gur thuill an chlann
móirfhearg agus fíoch an Tighearna do thuitim orra tréna
ndroichghníomhartha. Créad mar chosóinfeas, maise, an
Fírcheart so sibhse féin más miann libh mar ghrádh uirthe
gach uile mhaithios do dhéanamh do budh cheart díbh do
chleachtadh, ag déanamh bhúr ndúité tré charthanacht nó
ag tabhairt cabhartha don chómharsain, le deabhóideacht
ag taithighe deaghoibreacha thruadh, thaise agus thrócaire
agus deigh-ghníomhartha. “Déingimís an mhaith an
feadh dobhiadh an t-am aguinn,” mar adeir an mórapstal
oirdheirc, Naomh Pól, Gal.vi.10.



AN .9. CAIBIDIL



Do budh cheart go neartóghach trosgadh, déirc, úrnaighthe agus
deigh-ghníomhartha eile luige, míthreóir agus neamhchumas na droinge
cianaosda fíorársa sin do léigios díobh na deaghoibreacha agus an
aithrighe do dhéanamh ionna n-aois óige, dá dtograidís a
ngnáthughadh.



D'iompchair an capall stágach camghlúineach droich-chreatach
mílíghtheach san na n-Apocalips, na dTaidhbhrighthe
nó na dTaisbeánaighthe sin Eóin an té sin
dá ngoirthear an Bás. Do shraoill agus do thairng
ifrionn uile iona dhiaigh agus fós dobhí armálta clúdaighthe
ionna mhóirthíomchall mar chlogad le gach pláidh, cogadh,
gorta, ruathar, canntlamh, uireasbadh agus dítheacht agus
le gach gníomh eile neamhthruaidhmhéileach dodhuineanta
na mbeathadhach éadtrócaireach neamhcharthannach
nglonnda ifrionnda ndiabluighe úd, Apocal.vi.8. Is
fíoghair, cosmhulacht agus ionchrotha don aois ársa so.
Bíonn sí bocht mílíghtheach drochdhaitheach, ar mbeith


L. 253


do neart, d'fhórsa agus do chumas na n-acfuinneadha
nách mór cheana múchta. Bíonn sí beagnach leathmharbh
neimhbhríoghmhar ar an adhbhar ná fuil ar gcumas di
ar fóghnamh gníomhartha ná gnóthuigheadha laothamhla
na beatha nó na haimsire si do chaith ar feadh a saoghail
iona haois óige d'oibrioghadh mar do chleachtach, ar
mbeith dá cumus agus dá neart traochta. Bíonn sí
tanuighe truadh teircfheólach gan iomad úrmhuireacht na
ndeighthréighthe ná fonn uirthe mar budh chóir aon
tuarasdal fiúntach do thuilliomh ó Dhia, óna beith nách
mór tréalag neimhbhríoghmhar gan fuinniomh dochum
na ndeaghoibreacha do dhéanamh ná fulang ar son an
Tighearna, ar mhodh fá dheóigh go mbíonn an bás iona
coinnleacht gach nóiment. Ní bhfuil i sláinte an duine
aosda ná i lá glégeal geimhridh ná i maide déanta do
ghluine acht trí neidhthe diombuana soibhriste agus ann
nách ceart d'aoinneach ionntaoibh do thabhairt ná luighe
go trom orra dochum seasaimh ná teannta. Leanann
ifrionn an aois ársa an tan ná déingeann an aithrighe,
agus roimh éag di, lingean pláigh, cogadh, gorta, droichmheas,
uiriosbadh agus riachtanas agus gach uile shórt
uilc agus tuibiste eile uirthi do thuill a feilebhearta agus
a míghníomhartha dhi ionna haois oige. Och! mo
thruaidh! Ní féidir agus ní bhfuil sé ar gcumas don
droing aosda imtheacht ná druidim suas ó bhoichtineacht,
theinneas ná annródh, ó dhoilbhios, dhobrón ná chathughadh,
ó bhuairt, canntlamh ná buaireamh, ná ó thrioblóideadha
mórnuimhir iomdha na beatha so. Agus mar sin ní hí
an aois ársa, d'eagla a beith ró-dhéadhnach, aimsir


L. 254


iompuighthe ar a leas dochum triallta ar na flaithis, d'éis
neamhshuim do dhéanamh don aithrighe ar feadh na haoise
óige, ar an adhbhar nárbh fhuláir aire do thabhairt di ó
thúis maidne earaig na beatha agus gan a léigion go
geimhre fealltach an bháis.



Leanaid na gníomhartha dúthchas agus nádúir na
haoise. Bíd gníomhartha na haoise óige beódha teasaighe
bríoghmhar teintighe neamhstuama; agus gníomhartha
na haoise feardha teann láidir fuinneamhuil neamhmaitheach
aímhshriannta; acht bíd gníomhartha na droinge
aosda tréith lag meirthneach neamhfhuadrach leisgeamhuil
fuar taodaghthach mí-thapadh trom liosda séideánach
gearánach easbuightheach casaoideach critheánach arna
gcoinnleacht do bhuairt, do dhoilbhios agus do dhobrón,
go mormhór arna ndéanamh tré chóimhéigion agus neart
fórsa. Má fhanann sibhsi ris an bpointe chruaidhchéimeach
sin bhúr mbeatha .i. na haoise ársa, gan fille ar Dhia agus
ar bhúr leas, is baoghal díbh go mbiadh bhúr n-aistrioghadh
lag meirthneach gan bhail. Agus iona dhiaigh sin agus
uile cionnas is dóith libh go bhfaghaidh dhíbh maitheamhnas
gach feilebheart peacamhuil tromchoirtheach dá ndeárnamhair
ar feadh bhúr mbeatha ná tuarasdal thuillte na
glóire síorraidhe ná tugamhair dá bhúr n-aire? Féachaidh
mar sin agus tugaidh fá dearadh an fhírinne iongantach
uathbhásach so agus iompuigheadha go prap gan stad ar
Dhia.



Agus bíodh go rabhair cheana cianaosda aimhghlic
liath gan smuaineamh agaibh ar ghnáthadhaibh mór-as-fúdhach
eibirgálach na beatha síorraidhe, ná caillidh
ar fad bhúr gcuráiste ná an dóthchas budh cheart díbh
do bheith agaibh i mórthrócare Dé agus i dtoradh pháise
Íosa Críost ár dTighearna. Leanaidh an chómhairle thug


L. 255


an fháigh Domhnall do Nabuchodonozor. “Fuasgail,” ar
sé, “peacadha t'aoise óige leis an ndéirc agus leis an
gcarthanacht,” Dan.iv.24. “Déin naomhoibreacha na
trócaire.” Ar an adhbhar go bhfuil arna sgríobhadh go
bhfuaisgileóig an charthanacht agus an déirc do-dhéanfa
sibh, adeirim go gcaomhnóghaidh sibh agus go sábhálfaidh
ó bhás tsíorraidhe ifrinn, Tob.xii.9. Tabharfaid
fuarthan mór fós díbh i bpiantaibh purgadóra do bhrígh
go níghfid, go sgiomarfaid agus go niamhghlanfaid sibh ó
shal, tsalchar agus ó smáilc bhúr bpeacadha ar mhodh
agus go bhfaghaid díbh beatha na glóire do chailleamhair
go tuibisteach mar aon leis na grásaibh. Acht ní fuláir
díbh cathughadh, doilbhios agus dobrón dá bhúr nglacadh
tré úirísleacht umhal ó chroidhe, mar aon le bhúr ndéirc
agus i gcoinleacht bhúr gcarthanacht, ag caoine bhúr
bhfeilebhearta agus bhúr ndroichghníomhartha i n-aghaidh
Dé, ar an adhbhar gan an coinghíol riachtanasamhuil sin,
tréigfidh Dia sibh agus éimeóchaidh bhúr gcarthanacht.



Má táthaoi bocht uiriosbach riachtanasamhuil
neamhchumasach i saidhbhrios, déingeadha carthanacht
bhúr n-anma do na neidhthibh is riachtanas dóibh. Atá
gnóthaighe móra aco do ghuirtdheóraibh na haithrighe do
shile dochum gach truailligheacht agus gach smáilc
shalchair dá bhfuil i n-achrann ionnta do niamhghlanadh
agus do sgiumra. Goiligh, caoidhig agus bladharaig
go síorraidhe gan stopa gach móirpheacadh feilebheartach
dá ndearnamhair go n-iomad grádh ar Dhia tré dhoilbhios
fá fheirg do chur air. Bíodh, an chuid má lugha dhe,
fonn díthchiollach oruibh deaghoibreacha agus maithghníomhartha
na haithrighe do dhéanamh, agus muna bhfuil
ar gcumas díbh sin do dhéanamh tré bhúr ndocamhlacht
agus bhúr neamhchumas, cóimhrithig gan fuireach fá dhéin
na húrnaighthe gan osadh, le mórdhóthchas agus tréanmhuinghín


L. 256


san Tighearna. Is airtiogal dár gcreidiomh é
ná fuil neach ar bith d'iompuighios agus do chóimhritheas
dochum Dé le croidh deighinntinneach fonnamhar
friochnamhach fíoraithrigheach agus mar is cóir, ciabé an
tráith, an uair nó an nóimeint don ló dothiocfas fána
choimeirce, go bhfaghaidh trócaire uaidh. “Ciabé ar
bith do ghlaodhfas ar ainm an Tighearna, sábhálfadhar é,”
Act.ii.21. Adubhairt Naomh Peadair so agus deimhnighean
dúinn gur fromhadh leis agus gur aithin é annsa
bhfírinne. Agus adeir fós gur fírinne é ann gach áird
agus i measg an uile shórt droinge ag á bhfuil eagla agus
faithchíos Dé orra. Ag sin le rádh má bhíonn an
dóthchas ceart, an creidiomh fírinneach agus an charthanacht
iomshlán i n-aontslighe aco agus i gcoinleacht a chéile.



AN .10. CAIBIDIL



Ní fiú an té sin do-ghnídheas neimhnídh don úrnaighthe trócaire
d'fhagháil ná grása ó Dhia.



Is measa mhí-fhoirtiúnaidhe thuibistighe sibh go mór ná
Sátan, athair na mbréag .i. an t-ádhbhairseóir, tré bhúr
neimhdheabhóideacht, tré bhúr bhfadfhuaire shilthéigig
neimhimshníomhaig agus trésan dtarcuisne chlaoin chaim
neamhaithrighidh dothugan sibh annsna húrnuighthe agus
i nguidhe dochum Dé. Ní chodlann an diabhal aon
tionúra ná nóimeint ar bith, ní ghlacann sos ná cómhnuighe
chuige acht go bithshíor gan suaibhneas ag obair
dochum gach sóirt neamhchompóird, toirmisg agus
míphléasúir dothiocfadh leis do chur ar Dhia agus anma
an chine dhaona uile do léarghoin, do mhille agus do
dhamnughadh. Agus tugann sibhsi fá thár, fá tharcuisne


L. 257


agus i neimhbhrígh gach slighe, meadhon, bealach agus
ród dá bhfuil agaibh dochum toile Dé do dhéanamh agus
bhúr n-anma do shábháil, cia fionnas agus tarcuisne
fhaillightheach neimhimshníomhach neamhchúramach do
dhéanamh do na húrnaighthibh agus do ghuidhe dochum
Dé atá cóimhéasáideach cómh fuiris sin do dhéanamh.
Ní dhéanfadh an t-áidhbhirseóir olc san mbith acht do-dhéanfadh
an uile shórt maithiosa agus deigh-ghníomhartha
dá mbiadh ar gcumas do iompóghadh tar ais ar Dhia, a
ghuidhe agus éisteacht d'fhagháil uaidh. Atáid siúd uile
ar gcumas díbhsi agus is chum na críche sin do goireadh
oruibh. Múisgleann agus corruighean Dia sibh chuige sin,
ag tabhairt agus ag bronadh a ghrása agus a chabhartha
díbh. Ní bhfuil agaibh acht a n-iaraidh agus a lorg air.
Agus 'na dhiaigh sin agus uile, ní dhéingionn sibh na
deaghoibreacha do-dhéanfadh an diabhal dá mbiadh sé
mar sibhse. Ar an adhbhar san, is mó an milleán is córa
do thabhairt oruibhsi go mór ná air-sion do bhrígh gur
mallaighthe dhíothchoisgithe sibh ná é d'easbadh na
n-úrnaighthe do dhéanamh ná guidhe dochum Dé.
Déinigí, ar an adhbhar san, aireachas, faire agus forcamhás
maith oruibh féin nó biadh sibh caillte leis, do bhrígh
go mbiadh do mhí-fhoirtiún oruibh bheith mar eision
lá éigin ar staid gan congnamh d'fhagháil, furtacht, cabhair
ná trócaire ó Dhia.



Budh naomh an páitriarc oirdheirc Iacob, agus ar a
shon sin féin do-rinn úrnuighthe mhinic agus do ghuidh
dochum Dé. Agus muna mbiadh go ndearnaidh sin, do
láimheóchadh Laban, athair a chéile, go ró-easmuilteach
casaoideach droichiompchair é mar gheall ar sgaramhuin
leis agus deighilt uaidh gan a thoil, agus a chaoire uile, a
thréad, a chródh agus a spré do bhreith leis chuige


L. 258


féin, Gen.xxxi.18. Do-dhéanfadh a dhearbhráthair Esau
géirleanmhuin díthchiollach léirsgriostach air, do mhuirfeadh
a bhean agus a chlann, do chaillfeadh, do léirsgriosfadh,
do mhillfeadh, do chuirfeadh an míorath, sgaipe
agus ruathar ar a mhuintir uile le díbhfeirg air agus le
holc chuige, mar gur rug agus gur ghuid uaidh beannacht
agus buidheachas a athar Isaac, Gen.xxvii.41. Is
tríd sin do ghuidh Iacob go dúthrachtach agus do chuir
athchuinighthe dochum Dé gan stad, osadh ná cómhnuighe
ar feadh na hoidhche nó gur bheannaidh Dia é, gur chuir
rath, séan, áthas agus foirtiún air, ag deimhnioghadh dho
go sábhálfadh é mar aon lena mhuinntir go huile. Do
rachaidís na naoimh agus na fíoraoin ar a gcúl, i seachad
agus amugha i slighe, i ród agus i mbealach Dé muna
mbiadh na húrnaighthe. D'fhuarfaidís go taodathach
fatfhuar liobarnach neimhdheabhóideach mallaighthe
muna ndéingidís gnáthughadh agus úsáid díobh. Agus
ar an dtaoibh eile, iompuighid agus fillid na peacaig agus
na mallaightheóireadha feilebheartacha agus is mí-fhoirtiúnaighe
ar bith ar a leas trésan úrnaighthe agus an
tan do chuirid a n-impidhe go dúthrachtach dochum Dé
iad do stiúradh, ar mhodh agus go ndéantar naoimh díobh
agus daoine beannaighthe, mar Mhanasses Rígh Ierusalem
dobhí in' eascaraid fhuathmhar chealgach dhroichbheartach
ag Dia. d'iompaigh go fírinneach ar ais tré ghuidhe agus
úrnaighthe ionnas agus gomadh chreidiomhach umhal
urramach dho Naomh-Spioraid Dé an duine céadna sin.



Do-gheabhadh an diabhal carthanacht, atruadh agus
trócaire ó Dhia agus d'fhéachadh go miochair muinteardha
grásamhuil searc-chumannach air dámadh fhéidir leis an
bpéist mhallaighthe na húrnaighthe agus an ghuidhe do
dhéanamh go humhal urramach úirísiol. Créad an mí-fhoirtiún


L. 259


agus an drochuair sin do bhuaileann sibhsi
mar gur feárr libh gur rogha libh go mór bás d'fhagháil
mar an urraistín nó a níbhus measa tré bhúr neamhshuim
shilthéigig thuibistig agus le greadghrádh, taithniomh, searc
agus neart amaraca agus móirmheas oruibh féin? Muna
n-iarrfaidhe agus muna loirgeóghaidh sibh acht bhúr
bpléasúr, bhúr n-aitios agus bhúr n-aoibhnios féin ar an
saoghal so agus gan umhaluigheacht, úirísleacht ná claonmharbhadh
ar bith d'iaraidh i n-aoinread eile, ní fhaicfidh
sibh i bpongc dhéadhnach chritheaglaidh uathbhásaidh
anfhorlannaidh an bháis agus ní bhfaghaidh sibh radharc
acht ar dheamhnaibh dubhghnúiseacha uaithbhéalda
díbhfeargacha agus ar dhiabhlaibh dubhghualda glonnmhara
doithíosacha agus ar phianntaibh peannaideacha
sgoithghéara briochtfhaobharacha grodloisgidhthe thinntreacha
síorraidhe ifrinn. Agus an tan dobhéarfas an
Breithiomh fírcheart diadha breith chruaidh dhaordhálach
dhamanta oruibh, tabharfaidh bhúr ngean féin, bhúr
gclaonta, bhúr siansadha, bhúr dtoil agus bhúr dtuigsin,
ceangailte cruadhchuibhrighthe le slabhradhaibh cruadhchasda
daingne dosgaoilte don diabhal sibh i n-ionnad
sibh do sgaoile, do chaomhna agus do theasargan air agus
do léigion as chum siubhail as bhúr ngéibhionaibh. Ó
mo léan! Dá reicinn bréag ná neimhfhírinne libh, budh
dhéanta dhíbh maga fúm, acht is é Dia féin do labhrann
agus adeir an fhírinne si libh: “An t-anam do pheacuigheas,
do-gheibh sé an bás síorraidhe,” Ezech.xviii.20;
Greadfaidh, piannfaidh agus slatbhuailfidh an Fírcheart
Diadha na feilebheartaidh, léirsgriosaidh agus damneoghaidh
iad, Math.xxi.41. As ucht Dé, ar an adhbhar
san, agus pháise Chríost, guígeadha go dúthrachtach agus


L. 260


go bithshíor. Cathaidh bhúr laethe i n-eagla agus i
bhfaithchíos an Tighearna, ag siubhal go díreach iona
shlighthibh agus ag coiméad a aitheannta.



Ar gcloistin do Chlann Israel go raibh an drong sin do
bhí i seilbh Thailimh nó Thír na Geallamhna 'na bhfearaibh
tréanchumasacha fóirneartmhara acfuinneacha feidhim-láidre
anchúinseamhla mórghoileacha gaisgeamhla meara
tapa cathbhuadhacha mar na fathaig, arna gcómhnuidhe
agus ag fuireach do shíor i mbailtibh daingne sochosanta
docamhlacha ró-chruaidh ré leagadh ná brise, do thuiteadar
i n-éadóchas agus i mímhisneach, ag rádh agus ag
smuaineamh nárbh fhéidir leó buadh ná treise do
bhreith orra. Agus i n-ionnad aghaidh do thabhairt
ar Dhia, ag iaraidh cabhartha, dá ghuidhe ná ag cur
úrnaighthe chuige do threóraig iad agus dothug
gan bhéim ó uile aimsighthibh feilebheartacha dochtrúnacha
Pharao trésan Muir Ruaidh agus do chothaidh
iad agus do bhiadhthaidh go míorbhuilleach ar an bhfásach,
budh mhiann leó fille tar ais ar a shon sin do Éigipt, go
lag meirthneach míothapadh droichmhisnig, gan dóthchas
ná muinghín do chur annsa Tighearna d'fhuasgail agus do
shaor iad as gach glas géibhionnach aimhréidh acharnach
dosgaoilte dá rabhadar cheana ceangailte cruadchuibhrighthe
go ró-mhinic roimhe sin. Ó! an mí-fhoirtiún donaoi
tubisteach doghrannach dóibh sin! Dobhádar re
hucht dóirsibh an Tailimh Gheallta agus níor chuireadar
cos asteach ann riamh, do bhrígh gur ghlac Dia fearg
thréanchuthach dhomhúchta chúcha ar mhodh gur cailleadh
agus go ndeachaidh an mí-raith orra uile ar an bhfásach.
Budh mhaith le Dia creideamhuin do thabhairt do ann
gach nídh dá ngeallann sé agus dóthchas tréanláidir agus
muinghín dian-díreach neimhtheibioghthach do chur go
síorraidhe ann. Agus an tan teangmhann neidhthe
docamhlacha cruadhálacha doidhéanta dochta daingne


L. 261


do-iompchair chúghainn, is ró-mhaith taithniomhach agus
is miann leis guidhe, úrnuighthe agus athchuinighthe do
chur chuige, i modh fórsa nó fóirnirt do dhéanamh air tré
chroidhe-bhrúghadh atuirseach fhliuchshúileach, lé
dóthchas dangion charáisteamhuil ionganntach mhisneamhuil,
agus le creidiomh fírdhíreach fulláin síorraidhe
teannláidir tréin-neartmhar biothbhuan buaintseasamhach
marthanach gan múcha.



Is amhla sin do theilig agus do shléacht an bhean
pheacamhuil sin an tsuibhsgéil í féin i bhfiaghnaise agus i
láthair Chríost ár dTighearna, ag dlúthughadh, ag druidim
agus ag sádha leis, dá ghuidhe go fonnamhar friochnamhach
móirdhíthchiollach, dá dheochadh agus dá phógadh gan sos,
suaibhneas ná cómhnuighe, a' gol, a' caoi agus ag ochlán,
ag nighe, ag niamhghlanadh agus ag sgiomra naomhchos
an tSlánaghthóra le freas-cheathaibh guirtdheóra ag
tréinrith agus ag tuitim go bhfóirneart óna gruadhannaibh
dianchaitheacha go n-iomad doilbhis agus dobróin, agus
dá dtiormughadh agus dá gcoimilt lena folt fada leabhair
donnabhuidhe gruaige, nó go gcualaidh na caoinbhriathra
ceannsa aobhdha carthanacha miochuir fíorghrádhmhara
ag teacht as béal naomhtha róibheannaighthe mhórthrócaireach
ghrásamhuil an Rígh Neamhdha, Críost, a Máighistir
dil-ghrádhmhar searc-chumanach fíormhuinntiordha féin:
“Atáid do pheacadha maite agad. Triall reómhad agus
imthig leat i síothcháin. Do shábháil do chreidiomh thú.”
Is amhla sin mar an gcéadna nár sgar agus nár éirghe an
lear ainiomarcach daoine agus an pobal mórnuimhir do-insteanna
sin do lean Críost ar an bhfásach, níor sgaradar
leis, adeirim, cia gurbh fhada na róid agus cia gur mhór
a n-ocras nó gur chothaidh, gur oil agus gur bhiathaidh an
Slánaightheóir búidh marthannach fíormhaith si go


L. 262


ró-mhíorbhuilleach iad san uaignios bhfásamhuil sin tré
mhéadughadh na gcúig n-arán agus an dá iasg do roinn
eatortha go fial fairsing fulúirseach. Na daoine bochta,
an lucht siubhail agus an drong sin d'imighios leis an
gcéad-fhreagra nó diúlta do-gheibhid agus ná léigion faitchíos
dóibh druidim le neach dochum furtacht, cabhair ná
relief ar bith d'fhagháil tré eagla, do-gheibhid bás don
ghorta, don uiriosbadh agus don dítheacht go donaoi
tuibisteach doghrannach tréna gcionntaibh féin. Dá
dtrialladh Cain agus Iudas go húirísiol urramach umhal
fá dhéin Dé ag iaraidh trócaire air agus ag admháil a
gcorrthacha go muinghín dóthchasaig go bhfaighdís
coimeirce, ní bhiaidís damanta aniu i n-ifrionn. Muna
n-iarfaidh sibh trócaire, ní bhfaghaidh sibh í. Do pheacamhair,
ní fuláir dhíbh umhlughadh do Dhia. Más miann
libh a ghrása d'fhagháil, cabhair, furtacht ná congnamh,
budh mhath le Dia sibh dá dhéanamh, agus sin ar chontar
a lorg maille re dóthchas agus croidhbhrúghadh atuirseach
fá fheirg do chur ar Dhia. “Cuardaighidh,” adeir sé,
“agus do-gheabhthaoi, buailigeadha an doras agus
osgólfadhar díbh é,” Math.vii.7.



Má atámaoid bocht mí-fhoirtiúnach, deanocht
lomnochtaighthe gan snáithe umuinn, caoch dall mallaradharcach,
neimhimshníomhach fuar faillightheach
neimhdheabhóideach, mallaighthe feilebheartach coinneallbháighte,
is é a réasún sin agus an t-adhbhar atá aige
a luighead do shuim agus do chás do-ghnídhmíd do Dhia
ná dhá reachtaibh, cia fionnas agus go mbronann agus
go dtabhair a ghrása agus a mhórthoice ionbhuis go
trócaireach neimheasbaightheach flaitheamhuil cómh minic
sin dúinn dá bhfurálamh oruinn agus ná fuil aguinn acht
a n-iaraidh agus a lorg air. Tagaid, silid agus rithid
ár mí-fhoirtiúin donuighe tubuisteach doghrannach


L. 263


oruinn tré mar ná guidheamaoid Dia. Ní iarann read
ar bith oruinn acht sin. Órduighean, achtuigheann agus
furálann oruinn a ghuidhe go dúthrachtach bithshíor
gnáitheamhuil do bhrígh é do bheith lán do mhórmhaithios
charthanaidh ghrásamhuil ró-thrócairig dhúinn. Léigeann
sibh do chruimh bhréin lobhtha dhreóighte dho-riartha
shoilíonta dhoshásaighthe an pheaca sibh do shraca, do
shraoille, do chraostslogadh, do stialla agus do straca as a
chéile tré bhúr maineachtnuighe fhatfhuair shithléigig
neimhimshníomhaidh, gan smuaineamh ar bhúr mór-chneadhaibh
ná machtnamh orra, gan leigheas, furtacht
ná fóirighthin d'iaraidh, do lorg ná d'fhagháil chúcha,
gur feárr libh go mór bás d'fhagháil annbhúr mallaightheacht
ná congnamh, cabhair ná furtacht ná trócaire do lorg,
d'iaraidh ná d'fhagháil ón dTighearna, gan suim, binn ná
féachuin siar ar fhaoisdin, ar chroidhbhrúghadh ná ar
atuirse, gan aisiog, lóirghníomh ná sásamh do thabhairt
annbhúr bhfeilebheartaibh. Nách é so is rogha libh,
maireachtain annbhúr mallaightheacht mhí-fhoirtiúnaidh
dochum báis d'fhagháil i n-éadóchas drochmhuinínig
mhímhisneamhuil mar Iudás do chroch é féin? Och! mo
chreach! Ag so beatha agus staid an diabhail ioncholnaighthe!
Agus nárbh fhearra dhíbh go mór ná béarfaoi
sibh riamh, nó gur phéist adhuathmhar uaithbhéalda
iolchrothach anchúmtha nó gríomh nimhneach chaisingneach
ghéar-fhiaclach uathbhásach urghrána re faicsin
dothabharfach máthair gach n-aon agaibh dochum an
tsaoighil an tan dorugadh sibh?

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services