Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dioghluim Dána
Title
Dioghluim Dána
Author(s)
Ó Dálaigh, Aonghus Fionn,
Compiler/Editor
Mac Cionnaith, Láimhbheartach
Composition Date
1601
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1938)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
1. Ó DÁLAIGH FIONN cct. A cholann chugat an bás, tuig féin go bhfuil ann uathbhás; ní dáil chosmhail nach cás lat an bás san orsain agat. Creid nach fada uait an t-éag; bí a cholann ar do choimhéad; ná creid don tsaoghal achd seal; a thaobhadh dheid ní dlighthear. Ós éigin duit dul i bhfad féach id dhiaidh is féach romhad féach faoibh is féach ós do chionn féach ar gach taoibh id thimchioll. Féach an óige iar n-imtheacht uaibh, a chroinn an duille dhiombuain, mór n-amhghar id chionn do chuir; dar liom ní hadhbhar uabhair. Imtheacht do chos lúth do lámh féach do chéadfadha ar gclaochládh; cuimhnigh ar dhoille na ndearc moille ar t'fhuighlibh 's ar t'éisdeacht. Féach ar thoradh thig a-mach asad, a cholann chiontach; do chamra d'fhéachain ret ais féachaidh an damhna díomais. Féach na fiacla féach an rosg - ní glic nach gabhann teagosg; ó tá a bhféaghain deid i ndán creid do sgéalaibh an sgáthán. Déana ó tharla mar taoi-se sgáthán dot fhior aonaoise dá bhfaictheá a chneas 's a chruth ní feas an mairfeá a-márach.
Ós innte as éigean duit dul féach an uaigh ar n-a hosgladh; truagh an mhaise méad dod ghráin; féag na taise ar n-a dtógbháil. Féach a-rís - is radharc tinn - pian an anma i n-uaimh Ifrinn; móide as cás an t-anam ann, bás ní fhaghann i nIofrann. Féach na teadhma tá ar do chionn ag díoghailt t-uilc i nIfrionn; ní bhiadh fortacht ar th'olc ann; ort do chonntracht, a cholann. Ní chuireann ort guais ná gráin robhadh gach aonlá d'fhagháil; ní ghabhann tú robhadh riamh, a chnú fholamh na n-ainmhian. Iarraim ar eolach na naomh, Míchéal aingeal an t-ardmhaor, mo bhreith ar lorg naomh nimhe maor na ndeich n-ord n-ainglidhe. Dom chur réidh re rígh nimhe máthair mhic na maighdine díon m'anaim dí gidh docar taghaim í dom anacal. Saobh nach aithnighe ort féin nach tráth dhuit dul ar díthchéill; lugha sa chách bríogh do bhall, do bhláth do chríon, a cholann. Allus fola Mhic Mhuire Míchéal - maith an teachtaire - rug ar neamh uaidh an t-allus; mo chean fuair an feadhmannas. Ní dheachaidh corp naomhmná ar neamh achd aonchorp Muire Maighdean gidh iomdha bean 'n-a hóigh ann; ar neamh do-chóidh a colann. A cholann.
2. TADHG MAC DÁIRE MAC BRUAIDEADHA cct. A chroch Dé déana mo leigheas, lus na sláinte siridh dhamh; do mhaothbharr fa caomh a chéaddath, a naomhchrann saor géagach glan. Congain liom ag leigheas m'anma; madh áil leat fóir mo chorp; ar ndul i gclí san teagh triallaim; neamh re ngach ní iarraim ort. Dom throsgadh thánag-sa chugad, a chroch Íosa fhóireas mé; dod rodhalta ní dú a dhímheas, tú banaltra dhíleas Dé. Tú d'altrom éinmhic ar seathar sluagh an bheatha bheanfas locht; fir 's mná na cruinne fad chíos-sa a-tá bruinne Íosa it ucht. Duit as mharcach mac na hóighe, a eo corcrach na gcaor ndearg, bhias san bhráth ar mhuin do mharcaigh; tráth sguir ba fortail bhar bhfearg. A abhall na n-ubhall gcumhra, a chrann torthaidh na dtrí mbláth, do fóireadh leat lán na talmhan, a chlár breac ler cabhradh cách. Créad an chúis fa gcantar abhall ret fhiodhbhaidh chorcra, a chroch naomh? congain liom go leanar th'fhoras, a mhionn leabhar solas saor. A ghráinne áluinn d'fhiodh Parrthais, peacadh talmhan tú do shás; ba geall a chlann ris an gcánaidh crann tar ceann n-Ádhaimh do fhás. Is é an crann-soin, a chroch Íosa, t'adhbhar-sa - más fhíor don sdair; fa dearg an crann do chrú a ochta, is tú an call corcra fa chnaibh.
Abhall oile ón ubhall Éabha do orduigh Críosd, a chroch naomh; anmanna cáich uile th'ubhla, a mhuine bhláith chumhra chaomh. Is ionnat do dhoirt an Dúileamh deireadh Carghais - cródha an mhúith - fuil a chridhe ar cuaird dar gcosnamh, a bhile suairc dosghlan dlúith. Muir ghorm do-ghéanta don talamh, talamh don mhuir magh don tráigh, 's do-ghéanta féine, a chroch chéasda, roth gréine is éasga madh áil. Lá áluinn don oidhche gheimhridh do-ghéanta cheana, a chroch Dé; do-ghéanta trá eadh dot aghaidh lá geal gémadh adhaigh é. Ó chéadlá chruithighthe an bheatha dá mbeinn dod luadh go ló an bhráith gémadh mír do ghníomh ní gheallfam do ríomh, a mhín bheannchrann bhláith. A chroch dhearg i ndeachaidh Íosa d'fhagháil báis nachar bhás dó don mhac shaor do bhí ar do bhruinne do fhaomh rí na cruinne a chró. A chroch.
4. FEAR FEASA Ó'N CHÁINTE cct. A shaoghail ón a shaoghail, ó 'd-chím do dhoirse baoghail ar ndéanamh cruidh is ciste nár meallar mi-se a shaoghail.
A bhréagaigh ón a bhréagaigh gidh sáimhe bheith dot fhéagain is tu-sa an mhéirdreach mheangach mairg do mealladh led bhréagaibh. A mheangaigh ón a mheangaigh, gidh lór feabhas do gheallaidh ar Dhia nár dhearnar m'aimhleas ar shaidhbhreas óir ná eallaigh. A chealgaigh ón a chealgaigh, gidh ait le cách do leanmhain is tu-sa an sgáthán bréige; do thréidhe is mairg do mheabhruigh. A chleasaigh ón a chleasaigh, gion go bhfuilingim t'easbhaidh is lámh fa chraoibh nach cromann bheith red chumann, a chleasaigh. A bhrionnaigh ón a bhrionnaigh do-ní cumann an tsionnaigh uait-se gach olc do mhéaduigh, a shaoghail bhréagaigh bhrionnaigh. A mheabhlaigh ón a mheabhlaigh, do thréidhe is mairg do mheabhruigh go bráth mi-se nár meallair, a shaoghail mheangaigh mheabhlaigh. A lúbaigh ón a lúbaigh, gidh tearc duit-se nar umhluigh ó Dhia ghlórmhar níor gealladh nach meallfar fear do chumhdhaigh. A bhaoghlaigh ón a bhaoghlaigh, do chor-sa is adhbhar aonaigh ó taoi go cealgach umam as do chumann, a shaoghail. A shaoghail.
8. ANLUAN MAC AODHAGÁIN cct. Bréagach sin a bhean, ní beag seal don bhaois; smachduigh th'aigneadh óg a bhfuil ród dot aois. Ainic thú ar an éag; cuimhnigh, a ghéag ghlan, bláth an domhain daoir nach sealbh dhaoibh nó dhamh. As do bhais mheir mhaoith ná déin baois, a bhean; gidh bé as bhuaine ré ní mhairfe sé achd seal.
Ná déin eisdibh uaill gearr san uaigh go mbiad na lúba ar lí an óir, ná tug dot óidh iad. Bíodh th'aire ar an uaigh, ná sill an ghruaidh gheal; san tsúil mhairbh ghlais mhuill ná cuir suim ná seadh. San troigh rothruim réidh ná fagh-sa féin fonn; taobh as taise clúmh tuig nach tú do chom. Biaidh mar bhláth an fhiaigh - i gcriaidh ní cóir teann - snuadh t'ochta mar aol, do bhruinne shaor sheang. I dtalmhain - tuar leoin - smuain fa dheoigh do dhul; biaidh a ghné mar ghual an béal go snuadh subh. Ar ndul duit i gcré mi-se gidh mé ann ní thiobhrainn riot taobh, a chúl na gcraobh gcam. Ret fhaicsin, a fholt fiar, do-chuaidh mo chiall uaim; duit, a bhruinneall bhán, badh aithreach lá an Luain. Tuirseach dhamh 'n-a ndeoigh briathra do bheoil bhinn; do ghlór síthe sáimh ní mé a-mháin do mhill. Ná bí baoth do ghnáth cuimhnigh cách ag éag; an folt fleasgach fann ní fhuil ann achd bréag. Bréag.
12. Ó DÁLAIGH FIONN cct Cia le gcoiseontar m'anam? cia éisdfeas rem uraghall? díon m'anman - gá cruaidhe ceisd? - mo thruaighe an t-adhbhar aitheisg. Eagal damh nach diongna achd cóir breitheamh ceart Sléibhe Si-óin lá na coinne an tráth thiocfa cách 'n-a choinne ar chuideachta. Ar an sliabh i gcoinne cáich tiocfa breitheamh laoi an luanbhráith; breath do-bhéara dhóibh ón dligheadh mo sgéala as cóir creidfidhear. Ann do-chífear an chros donn - lá a taobhaidh a-tá romham - ar an luigh cealg ar gcionadh is fuil dhearg an Dúiliomhan.
Fóir dia Luain lá na deaghla d'eagla fheirge an tighearna ar nguais-ne, a mhaoir na meidhe, do thaoibh t'uaisle is t'impeidhe. Go hÍosa an lá do bhí i mbraid ón Athair is tú thánaig; an lá do shil crú a chroidhe a nimh fa tú an teachtaire. Neamh d'fhagháil fa ní do-ním ó nach fiu mi se, a Mhíchíl, cóir fleadh d'fhagháil it ainm-se neamh it anáir iarraim-se. M'anam thuas dá chur i gcion i nglóir airdríogh na n-aingeal, faghar thú mar dhuais dána ó tú i nguais mo ghabhála. Déin ar síodh a Aingil fhinn re mac inghine Iaichim; mo chean tharla i dtréan t'itche re béal m'anma ar imirce. Iarrfaidh éiric ann for-íor oram do mheas mo mhíghníomh labhradh san Luan ar a pháis, mo-nuar, is adhbhar uathbháis. Biaidh lá na breithe buaine - mór an t-adhbhar anbhuaine - a chion ar comhair gach fhir omhain don fhior nach airigh. Muna fhuilnge Íosa ar m'olc cara éigin dom fhurtocht mairg a-tá ag teacht im eolas a cheart an lá laibheoras. A-tá 's ní feitheamh fallsa cara m'anma agam-sa gach aon dá thoghairm fa thréan darab comhainm maor Míchéal. Bíom 'n-a leith i ló an bhrátha dom dhíon ar eagla an ursgátha; an maor do char dom choimhdhe damh ní taobh re tollairbhe.
Do bhualadh séala mun sídh, a mhaoir na meidhe, a Mhíchíl, is tú thaghaim, a chnú chroidhe, gabhaim thú mar theachtaire. Cia re. 13. AONGHUS FIONN Ó DÁLAIGH cct. Cionnus dhíolfad mo luach leighis? an liaigh neamhdha is é rom fhóir; rachaidh sinn do dhíon ar ndocra dá dhíol do rinn molta mhóir. Tuilleadh ré dá ndáile dhamh-sa díoghrais molta as mhó iná so an liaigh neamhdha do-ní ar bhféaghain is í ar meanma a déanaimh dhó. Ní d'iarraidh cruidh ná cuach n-órdha, ní d'iarraidh airgid ná óir, do-ní ar bhfreagrai-ne i ndáil docra fáidh eagnaidhe an mholta mhóir. Annsa leis-sean leathrann molta ná maith bhréige an bheatha bhuain; labhra chaoin is croidhe fialchar ní maoin oile iarrthar uaidh. Fóir, a liaigh chabhra na cruinne, an corp fuar-sa ar a bhfuil sgís; a shaoi leagha an leighis amhra leighis cneadha m'anma ar-ís. A n-imtheacht ní damhna doilghis an déad daithgheal ná an dearc mhall; ní díol uaille an chalann chneasbhán truaighe an t-anam easlán ann. Ós é shire mar luach leighis ní leasg leam-sa cur do chlú; a liaigh mo chridhe as cóir d'adhradh, glóir nimhe is talmhan tú.
Tú an Dia gan deireadh gan tosach tú an ceard do chruthuigh gach dúil a rí na n-uile is na n-aingeal do ghuidhe is í as daingean dúinn. I mbroinn na hóighe is tú tháinig tú do cheannaigh cách led chrú, tú an taitneamh as sia soilse, Dia ar nach faightear tuirse tú. Tú mhínigheas an mhuir anfaidh is arduigheas an mhuir mhín; a liaigh do theilg fhuil an ochta ní fhuil ceird as docra díbh. Do-ghéabh óm liaigh luach a mholta mac na hóighe as airde duas dath a dheilbhe ar na gaoibh goile eidhre saoir an toighe thuas. Dá dtáir mei-se aonuair eile ón éag chinnte tá ar mo thí bíodh mo bhás is bíodh mo bheatha fa ghrás ríogh an bheatha bhí. Beir, a Mhíchíl, mé ar do bhuidhin beag do-ním achd beart bun 's cionn caithfead trá dola ar do dhílse ó tá fola óm rígh-se riom. Cionn. 14. Creidim duit, a abhlann uasal, far snadhmadh ar saoradh, it fhuil it fheoil id dhiadhacht, duid fá dheoigh 's dod dhaonnacht. Creidim mar chreideas an eaglas, ó nach creideamh cumhang creideamh mar as cóir do chaitheamh, cóir creideamh do chumhacht.
Creidim mar Dhia dhuit im intinn, mo chiall is duit dhearbhaim, creidim thú it fhíon is it abhlainn, is tú as Críost i gcearchaill. Creidim thú, a aráin gan ainimh, a chabháin gach chreidimh, gabhaim thú mar bhiadh mar bheathaidh, is tú Dia go deimhin. Creidim deit i n-ainm an Athar 's i n-ainm an Mheic moltar; creidim thú, a Sbiorad naomh neartmhar, do shaor iomad m'fholadh. Creidim, a urradh gach aoncháis, gurab tusa an Tríonóid; creidim duit, a Choimdhe chéillréidh, it oidhre 'gun fhíoróigh. Do bhrath go deimhin dia Céadaoin creidim - is ciall iulcháir - ar ndéanamh ghlóir mheabhlaigh mhaothchruaidh le póig fhealltaigh Iudáis. Creidim dia Dar-daoin do ghabháil - ciall gach aoin ní hainchéim; bíodh nach dingneam creideamh comhchóir ní cheileam do chaithréim. Is ar bhfríoth gan amhras uaibh-se do dhochar dia hAoine; creidim do pheannaid do pháise dá deacair 's dá daoirse. Creidim tú, a Choimdhe, do crochadh, gidh tuar toirse a chreideamh; creidim tú re clár do cheangal má tá nach tú thuilleas. Creidim dula san chroich chéasta duit ar son ar saortha; creidim tú tar ais it Íosa, a fhlaith na ndúl ndaonna. Creidim do chor fa lia lánmhór, glas ar nach bia béalrún; gan chead dod lucht fhaire fhraochlán 's do dhul aisde ar éalúdh.
Creidim dot éirghe dia Domhnaigh - ní ciall déanamh dearmaid - go bhfríoth leat le buain dod bhiodhbhaidh creach as cruaidh do cheannchais. Ar deis t'athar suas go seolta le cruas ghasda gníomha creidim breith creiche na Cásga deit, a eidhre, a Íosa. Creidim duit - ní freagra faille - do theacht, a mheic Muire, a-nuas a-rís do bhreith bhreithe; ag sein chrích an chluiche. Caitir-íona liom ag labhairt ar fheirg Íosa d'fheithimh lá na breithe 'gun óigh iodhain dod threise is cóir creidimh. Creidim.
17. TADHG MAC DÁIRE MAC BRUAIDEADHA cct. Déanadh go subhach síol Ádhaimh! san oidhche a-réir rug ar siur mac ler beanadh dhínn ar ndoirche, leanabh cígh ó n-oighthe an t-iul. Tógbhaim-ne an la-so lá Nodlag, nuachlann Éabha ó mhór go mion, ar gcroidhe suas le méid meanma don ghéig go gcnuas neamhdha a-niogh. Oircheas daoibh déanamh go subhach; suairc an toradh tháinig dínn, leanbh aobhdha do fhóir ar ndoghruing ó óigh mhaordha mhongdhuinn mhín. Inneosad daoibh madh áil éisdeacht iomthús beirthe deighmhic Dé; ní coiscéim ná léim tar líne achd réim soisgéil fhíre é. Do bhí an uair-sin - is é a thosach - troimchíos Séasair ar sliochd fhíor dá dhíol ag gach aon don uile; ní saor do bhíodh duine dhíobh. d'íoc an chíosa i gcathair Dáibhí - diadha an turas - tháinig sí, Muire ógh is í re n-iodhnaibh; ógh do bhí gan iomdhaidh í. Fuair Io-seph ar súr na cathrach ar chionn oidhche dá hucht slim áit i dtigh éandaimh is asail don réadlain ghil fhasaidh fhinn. Beiris Muire ar meadhón oidhche d'éis a haisdir éanmhac Dé gé do bhí uathadh fan aim-sin uathadh ní nar fhaillsigh é. Tug an damh trá tug an t-asal aithne ar an rígh rugadh ann ó chuaird bhúidh thaidhligh an tighe ag ainglibh múir nimhe a-nall.
Tug an talamh, tug an t-ai-éar aithne i n-éinfheachd ar Uan Dé; tearc, gé do bhí i n-adhbhaidh fhalaimh, ní ar talmhain nar adhair é. Do fhoillsigh an réalta ríoghdha do na ríoghaibh ón rann thoir an chéim-se fa céim saortha . . . céim naomhtha a-noir. Lucht coimhéada cruidh na cathrach do-chíd-sean chuice i gcruth neoil an ainnear i n-uair a thuismhidh sluaigh aingeal go gcuislibh ceoil. Do bhí an néal-sain 'n-a néal sholuis - níor shoillse gné iná a ghné sin - oidhche neamhdhubh dhóibh go ndearna dealramh an tslóigh neamhdha ó nimh. Labhrais riu neach as an néal-sain dar nocht an sgéal nar sgéal rúin; ar chan a ghnúis neamhdha ó néallaibh cúis meanma do dhéanamh dhúinn. "Ná bíodh sgáth ná uamhan oraibh" ar an t-aingeal d'aitheasg chaoin "do-bhéar don labhradh dá leanaim sgéal bhus adhbhar deaghfhuinn daoibh. "Rugadh slánuightheoir sluaigh domhain dhaoibh a-niodh mar naoidhin mbig i gcathair Dái-bhíoth - dáil oircheas; láinshíoth cháigh don toircheas thig." An mac rugadh do ráidh sei-sean ós é Críosd ní cóir a chleith, fear feithmhe gach aoin don uile beirthe dhaoibh a bhuidhe a bhreith. Canuid na haingil an uair-sin aointiuin cheoil nach cuala cluas samhail a bhfuinn sin ná a slighe ag druing ó thigh nimhe a-nuas. "Glóir do Dhia is dá dhiongnaibh arda" do b'é labhra lucht an neoil "síodh do lucht daghthaile an domhain" lucht athlaimhe ar choraibh ceoil.
Mar sin do fhoillsigh an t-aingeal ar uair a bheirthe breith Dé; teacht don bhláth neamhdha mar naoidhin fáth meanma gach aoinfhir é. Adhbhar meanman an mac ruig-se ó fhréimh Ádhaimh d'íoc ar gcion gein sin do chothuigh an chruinne gein shochair don uile fhior. Táirtheamar do thaobh an toirchis a-tá ó rug ní ré as sia gnáthaidh aga ghairm a ghuidhe bráthair mar ainm duine ar Dhia. Táirtheamar don toircheas chéadna, a chlann Ádhaimh - ard an cion - rí dín is fear dar bhfine 'n-a rígh ar teagh nimhe a-niodh. Táirtheamar do thaoibh an leinibh; i ló a bheirthei-sean - báidh linn; do leanbh mar é is obar chéillidh - cogadh Dé do réidhigh rinn. Táirtheamar fós - is fáth meanma - don mhac chéadna ar gcrann ós fhiodh; an dún ór fosdadh ar bhfine do hosgladh múr nimhe a-niodh. Táirtheamar de do dhruim toirbhirt; tugsad aingil - ard an bhríogh - ar bhfás d'fhiodh chumhra na cruinne umhla a-niodh do dhuine dhíonn. Táirtheamar de i ndiaidh ar seachráin, sliocht Éabha na n-ainchion dtrom; do mhún dá gach aon dá fhine an raon go múr nimhe a-nonn. Gá dú, ní fhéadfainn a n-áireamh iomad na dtoirbheart thug dúinn an mac do shásógh an uair-se pór na ngrás do b'uaisle úir. Má do-chíthei-se, a chlann Ádhaimh, gurbh adhbhar meanma a maoidh mé lúdh i ngach éantoigh rer n-aoighidh déantair do rún aonfhir é.
I ló a bheirthe bíom go faoilidh, féasda 'n-a ainm dealbhthar dhúinn, bíodh gabháil uainn ris gach n-aoighidh d'anáir dá ghruaidh fhaoilidh úir. Canam molta don mhac oirrdhearc éisdeam briathra beoil an ríogh; oircheas dúnn mun am-sa uile rún almsa ag gach duine dhíonn. Ní craos ní huabhar ní himirt ní huaill meanman mholaim libh; beanaidh an chéill 's fhearr as m'fhuighlibh más dream go méin suilbhir sibh. Caitheam san chruth-sa - cás molta - maith dhiombuan an domhain ché do shúil re hanáir nach athraigh d'fhagháil dúinn i ndaghthaigh Dé. Déanadh.
18. GIOLLA BRIGHDE O hEOGHUSA cct. Dia do bheatha-sa, a Mhuire, a thuile lán do ghrásaibh, a-tá an tighearna it fhochair, a ghein shochair clann nÁdhaimh. Beannuighthe tu-sa tharsa daghmhná na talmhan uile 's is beannuighthe an ghein ríodha Íosa toradh do bhruinne. A naommáthair Dé, a Mhuire, a bhuime mar an gcéadna, guidh orainn-ne na peacaigh 'n-ar mbeathaidh 's i n-am éaga. Amen.
19. AONGHUS FIONN Ó DÁLAIGH cct. Dia do bheatha, a Mhoire mhór, a bheatha as ghloine ná an ghrian; Dia do bheatha, a shúlmhall shaor, a chraobh bheatha, a úrbharr fhiar. Dia do bheatha, a bhuime an ríogh im sheasamh im shuidhe im shuan; Dia do bheatha, a fhabhra úr, a rún m'anma, a bheatha bhuan.
Dia do bheatha, a fholt mar ór, Dia do bheatha, a bhos mar aol, Dia do bheatha, a bhláth na n-ógh, Dia beatha a lón gnáth dod ghaol. Dia do bheatha, a ghruadh mar ghréin, do bhuadh ní measda do mhnáibh; slighe m'anma is déanta id dheoigh, a réalta eoil chabhra cáigh. Dia do bheatha, a bhéal mar rós, Dia do bheatha, a ghéag na ngrás, Dia do bheatha, a chraobh go gcnuas, dod ghaol suas beatha gan bhás. Dia do bheatha, a mhálla mhín, a ré lán le mbearar buaidh; Dia do bheatha i n-am an eoil, a chrann seoil an bheatha bhuain. Dia do bheatha a dhéidgheal dhonn, éinbhean ní curtha ós do chionn ar chombáigh do mhongshúl mall fa bharr thromúr fholláin fhionn. Dia do bheatha, a bhruinneall shaor ler tuilleadh beatha gan bhiadh, a ghnúis ródbhán chneisgheal chaomh a dheisbhean shaor ógnár fhial. Fáilte uaim dod mhalaigh mhín rer samhail snátha seang sróill, nó taoibh ruainne chíordhuibh chaoil far sgaoil buaile d'íornaibh óir. Fáilte uaim dod mhongshúil mhoill, 's dod ghruaidh dhonnúir fháiltigh fhinn, 's dod chéibh ghníomharthaigh thais thruim, 's dod bhais gcuirr síodhshochruidh slim. Fáilte uaim dod bhrághaid bháin ránaig buaidh fháilte gach aoin 's dod shúil ghlais fhorfháiltigh fhéil 's dod bhais réidh chorrfháintigh chaoin. Fáilte uaim dod mhalaigh mhín, do chruth t'aighthe 's dot ucht shéimh, dod throighidh slaitleabhair saoir dtaitneamhaigh gcaoimh roighil réidh.
Fáilte romhat id mháthair mheic - fáilte ón dá chás as cóir duit - sibh it óigh ar meas do mheic; cóir a reic red chneas mar chuip. Tú an fhíorógh gan righe riot, an Tríonóid ar lighe leat tú ar ndaingean ar ghuin a ghlac; aingeal ód mhac ruibh do reac. Tú urra cobhartha cáigh; do rodhalta - is curtha i gcéill, is tú an chraobh do fhás dar n-úir - do ghrás dúinn i n-a raon réidh. Is tú glainghrian nimhe a-nú, tú an bhainliaigh gan righe ria, iomdha ní le a gcuire a chlú, tú do-ní duine do Dhia. Dia do.
20. FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct. Dlighe, a dhuine, déanamh lóin; éirghe amach go Sliabh Si-óin ort, a thruaigh - gá deacra dál? smuain ar t'eachtra gan iompádh. Eachtra bhaoghlach bhíos roithinn leat ní háil a hoirichill; do b'fhearr an chiall ceangal lóin 's do ghealladh go Sliabh Si-óin. Dá lón as fhearr dot aithghin d'fhios an aonaigh anaithnidh an abhlonn rod chuir i gcéim 's a hannlonn d'fhuil an fhíréin. Beir mar lón go Mac Muire déirc is aoine is urnuighe, ó nach fuil aitheachtra ort, 's na haitheanta tre umhlocht.
Beir fós soillse leat mar lón; eadrod agus Sliabh Si-óin is iomdha gleann doirche dubh agus beann fhoirbhthe uathmhar. Ag toigheacht gus an tulaigh glóir an tighe thuas-amhain go mba hí bhar soillse sin; bí le toirrse dá tuillimh. Searc Íosa na n-áladh dtinn go mba hé th'arm 'n-a n-oirchill; lucht do dhiomdha ar gach rian róibh is iomdha go Sliabh Si-óin. Do lucht éinleabtha is iad soin na peacaidh go n-a bpréamhaibh; gér libh iad gus an am-so ná bir iad don aonach-so. Go comhdhál na gceasd ndeacair ná beir leat fiú an éinpheacaidh; do ghuais ríogh an tighe thuas bíodh do chridhe led choguas. Lúisifear an lá do-chuaidh go teaghdhais Ifirnn adhfhuair gé fuair go daor a dheacar smuain nar fhaomh acht éinpheacadh. Ní mó do aontuigh Éabha acht éinpheacadh uaithmhéala laithe a díoghbhóidh druim tar ais as ar choill príomhghlóir Parrthais. Ré cúig n-aimsear - dál deacair - do-chuaidh ar aoi an éinpheacaidh lucht na cruinne - gér chreach throm - fa seach uile go hIofronn. Mór an ghuais iomad na n-olc; a-táid uile tre éanlocht aingle an uabhair - gidh dáil doirbh - i láimh i n-uamhaidh Iofoirn. Mé dá dhíol a-niodh go nua - mar sin bhias m'ua agus m'iarmhua mairg gaollucht dan séala sain - aonlocht Éabha agus Ádhaimh.
Do-ním tráth iomarcaidh olc, níor shmuain m'athair acht aonlocht; d'fhuil Ádhaimh inn is gidh eadh do sháraigh sinn ar sinnsear. Dá nglanainn go hannamh inn do bhiadh an t-aithcheo ar m'intinn; ní ghabhaim fo-ríor robhadh díom ní fhaghaim mh'urdhobhadh. Mó th'annsa iná an uile olc, mó do ghrádh iná ar nguasocht; acht gé tá cló tred chroidhe dá mhó trá do thrócaire. Fóir ar ghuais sinne mar soin; feacht n-aon i bhfoithribh fásaigh iolar slóigh, a chnú chroidhe, do fhóir tú led thrócoire. Do-chuadhais feacht ar fásach i measg fhoithreadh n-uathbhásach a rathal do bhí id bhallaibh ar tí t'athar d'agallaimh. San uaigneas soin iar ndul duid cúig mhíle ó a dtighthibh teagaid dá sgrios ó gach uile olc dot fhios uile tre umhlocht. Do-rónais tre dhúthracht ndil seanmóir bhúidh breithre an Dúilimh dod lucht gaoil d'aithle a n-eachtra dhaoibh iar n-aithne a n-imtheachta. Do na míltibh trá tre thal gé thug sibh sásadh briathar i gceann gach neith níor lór libh gan lón do bheith fa a mbruinnibh. Fuarais ag duine san dáil dá iasg chorcra is cúig aráin, an phroinn-se do phlúr shéanta níor thúr toirrse a taisbéanta. An tan-sain gá dtámaid ris i gcóirchuibhreann do chuiris taobh re taobh uille ar uille an cuire naomh neamdhuidhe.
Na cúig aráin is dá iasg leathnuighid feadh na bhfinnriasg - i ndeoidh cháigh re chais teagar - tre bhais cháidh dá gcoisreagadh. Le beagán do shásadh shéimh tugais a ndaoithin dóibh-séin, a chara ar ar chlaon an bioth, 's ní rabha aon gan fhuighlioch. Na sácramainte is sí an phroinn, an chruinne an t-uaigneas áluinn; uch, is rathruagh sinn mar sain, is inn athshluagh an fhásaigh. Cúig mhíle do mhuin toile do shás tú led thrócaire; beithte ar tí ar sásaidh mar sin led ghrásaibh, a rí an ríchidh. An tí thug san fhásach uaidh an sásadh cumhra an chéaduair urra ar sásaidh-ne is sé sin mo ghrásoidhre Dé Dhúiligh. Ní do phroinn talmhuidhe tám; cuir, a Thríonóid, le teasghrádh teachta ar mo cheann dá roinn rum an phroinn bhus fhearr dom anam. Proinn na n-anmann is sí soin, mar deir an chanóin chubhoidh, a chorp do chaitheamh dá chloinn maitheamh ar n-olc san abhloinn. A fhagháil níor bh'fhiú sinne corp flatha na fírinne do-ghéabha mé maitheamh m'olc dá gcaithear é tre annsocht. Muna raibh an annsa ann Rí nimhe na sé saorchlann budh nimh a chorp do chaitheamh; ag sin an t-olc íocfaithear. Gé chaithim a chorp míolla i ndeoidh dhéanta doighníomha, rí nar chomhuill dá chraidhe oruinn go dtí a thrócaire!
Ní cás damh-sa cur chuige má tú ag iarraidh fochraige; mó a thoradh grás iná a ghoimh tamhan do fhás gan fhachain. Ní hé Críosd do dhiúltfadh dhamh, mé féin trá tá dom dhiúltadh; do mhaith folta a ghlac ngonta mac ochta na humhlochta. Grás maithmheach as mhaith sochair Sbiorad naomh is naomhAthair Mac do ionghuir an uile slat d'fhiodhbhaidh na hionmhuine. Flaith tá agus bhias is do bhaoi, grian órdha dheiridh dheaghlaoi, bas do nigh an uile fhear, duine dil agus Dúileamh. Do éirigh ón lia luighe - ní bás acht bás síordhuidhe; do bhí dá áis crann 'n-a churp iar bpáis níor chall a chumhacht. Tar mo cheann do-chuaidh dá ghoin - dhó ní dhiongnuinn a urdhail gidh ionann fuil dúinn is dó - do luigh san úir is do iompó. An rí rom bhean a báthadh do-chuaidh tre chlí a naomhmáthar an crann do-chuaidh 'n-a chroidhe barr uaidh ar a heolchuire. Níor throma dhó iná dhi-se an líog chomhthrom chloichei-se; do bhí an oil ar muin Mhuire far loigh tuir na trócaire. Maith an fiach fuair i n-a crádh; a-tá ar neamh na naoi naomhghrádh a hiomdhadh mar as dual di; tuar a diomdhadh ní dhlíghe. Dlighe. Fuair flaitheas síor ar a son na déara do dhoirt Peadar; do chomhshnoidh cruaidh a chridhe tromghoin an uain ainglidhe. Dlighe.
25. EOGHAN MAC CRAITH cct. Éisd rem fhuighlibh, a Athair, cuir inn tar eol mearachaidh; suil leanas sé an chalann chuil go mbé an t-anam ar th'ionchaibh. A Athair an Mheic mhuirnigh, iarraim ort an athchuinghidh mar theagh i n-anáir t'oidhre neamh d'fhagháil dar n-anaim-ne. A Athair Críosd cumhdaigh mé, as do láimh ná léig sinne, 's a Mheic do-chuaidh tar ar gceann do ghleic i n-uaigh 's i nIfearn. Ná léig sinn tar an slighidh, libh-se is éidir m'fhóiridhin; dá n-agra coir 'n-ar gcoinne tagra ní fhoil agoinn-ne. Athair Mac is Spiorad Naomh Tríonóid is trí deighphearsain, is creideamh dhóibh mar dhleaghair creideamh dar chóir creideamhain. Gach pearsa ar leith 'n-a Dhia dhíbh 's 'n-a rígh ard ós gach éinrígh triur as lia iul is aithne 's an triur 'n-a Dhia dhearsgnaighthe. Is Éindia an t-Athair neamhdha 's an Mac d'fhiodhbhaidh fhíneamhna mór n-ionad . . . 's an Spiorad neartmhar neamhdha. Ionann iad d'aois is d'fhoghluim triur fhóireas gach aondoghruinn; ionann iul dóibh a-dearair an triur dan cóir creideamhain. Ionnta féin fuaradar sain bheith ó thús 'n-a dtrí tamhnaibh triur as lia ó bhfoighbhthe fios 'n-a Dhia fhoirbhthe gan fhoilchios.
Ní mé do thuill teacht ón tigh ó dtugsad inn ar éigin, achd fearta an té do threoruigh mé ón eachtra aineolaigh. Créad as tús ná as deireadh dháibh ní héidir a fhios d'fhagháil, gidh iad féin a bhfréamha sain, a sgéala go léir dá leantair. Sé féin is fréamh don Athair 's don Mhac rí gan fhréamhfhachain; don Spiorad Naomh iad mar-aon, is iad a-raon 'n-a ríoghnaomh. Ag so a-mháin maitheas an cheirt trí pearsain aoinDia oirrdheirc an tí ó dtoilltear gach teisd rí ó sloinntear gach saoicheisd. Agaill, a ógh, t'oidhre féin; dom breith-se don bhrugh shoiléir ón mbruidhin i mbí an phéisd guidhidh an rí agus ro-éisd. Eisd.
31. FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct. Iomdha fáth ag feirg an Choimdheadh cúis a hadhanta fhuair sí; ní thig lá nach iomdha a hadhbhar más diomdha tá ar adhnadh í. Lúisifear nar loc a aimhleas, an t-aingeal do b'áilne gné, do thuill mo-nuar fheirg ón Athair; níor theilg uadh gan fhachain é.
Le Lúisifear lá na deaghla an deachmhadh ord ar aoi a gcealg do cuireadh mon-uar i nIfreann, bruidhean fhuar na ndrithleann ndearg. Do chur anma i n-áit gach aingil dar imdhigh ó oidhre Dé do smuaintigh sonn deilbh an duine feidhm ler chom an chruinne ché. Ní hionann is aingle an uabhair Éabha is Ádhamh - anba an bhuaidh; do chruthuigh sin iad rer-oile ní thiad dá thigh oile uaidh. Go haithghearr tar éis a ndéanta an dias-sain dar dháil a thail gér chlann fhíre iad don airdrígh do-ríne siad fairbrígh air. I bParrthas na mbileadh dtoirtheach tiomna Críost níor chomhuill siad; do-niad cailg abhla na haithne mairg tamhna dar bh' aithre iad. Ag sin an dara fáth feirge fuair tighearna na dtrí sluagh foghail cnuais na craoibhe corcra daoine i nguais obtha uadh. Céadfháth feirge fuair ó thosaigh tnúth na n-aingeal - anba an call; an dara fáth coill na cánadh ar chách do choill Ádhamh ann. An treas fáth ag feirg an Dúilimh do dhoirt Cái-in - creidim súd - fuil a bhráthar le cnáimh cámhaill báthadh gráidh an ámhaill úd. Do thuill Naoi fós feirg an Athar ón áirc an tan tháinig sé tug a úidh don fhíon do b'uaisle; níor dhíol rúin an uair-se é. D'Forann iar ndol i ndeoidh Maoise san Muir Ruaidh na róideadh nglas, níor thuill sé fholaidh gan adhbhar; roghaimh Dé do hadhnadh as.
Gan luagh ar a leabaidh chéasta, gan chuimhne ar a chur i n-uaigh, gan labhra ar dhiomdha na deilge, iomdha damhna feirge fuair. Ó shíol Ádhaimh d'adhbhar fheirge ní háiréamhthair a n-uair sé áireamh go ndeach ar an duille; breath na bhfáidheadh uile é. Fearg an Choimdheadh créad fár thuillseam? tig uadha le hintinn soirbh sul do-chuaidh i gclí dá chneasghoin gach ní dá bhfuair d'easbhaidh oirn. Muir is talamh tug dá chomhghaol 's an chúirt naomhdha 's gach ní ad-chiad; achd gidh fuar bheirid a bhuidhe do-gheibhid uadh uile iad. Fuil a chroidhe agus crú a dhearnann 's dealbh a aighthe - anba an bhuaidh - 's a theas ghráidh 's a shíodh fa shéala do dháil do shíol Éabha uaidh. Ní dar dtoirbheart do thriath oile do fhuluing Críost - cruaidh an sdair - a ghuin iar dtabhairt a thoile; raghuirt do luigh m'oire air. Ní dar gcur i gcarcair námhad do nocht an Coimdhe a chneas búidh; ní raibhe a thoil ar tí ar ndeaghla ní fhoil ní nach dearna dhúinn. Do sgaoil an tréad nar thréad ceiníl ó chodhnach na cúirte thall a dhá láimh gur leath dá ngabháil; breath báidh ní ba fhaláir ann. Dá chraoibh eolais d'fhios an ríchidh róibh, a dheibhléana Dé bhí, do sgaoil a dhá ríoghbhais romhuibh daoibh nír dhíoghrais fholuigh í. Lucht an fheadhma i n-am na heagla ar na hardaibh éirgheas siad; rí nar choill ar a chloinn ionmhuin i mbarr croinn do ionghuir iad.
Do chlaon an Coimdhe a cheann dúinn-ne ba dian a pháis - pudhar thinn; do fhaomh an umhla do dhlighfeadh craobh chumhra le sirthear sinn. Na flaithe eile achd Uan Muire milse corna chleachtaid so; ní tug fuath go dearbh dá dháileamh gidh cuach searbh do dáileadh dhó. Do íoc na holca do-rónsam rí na glóire - goirt an sdair; fuair a ghuin tre uille an uabhair do luigh truime ar n-ualaigh air. Guidhim thuas baincheann na mbanógh fam breith is-teach do thoil Dé achd gidh iomdha cealg im chroidhe; biodhbha do leanb Moire mé. Guais go gcuirfe an choir nach seachnaim sruth an chígh ós chionn a bhrúigh dá dtí tuile i n-áth an ochta ar sgáth Mhuire is dolta dhúinn. Sí 'n-a máthair is 'n-a maighdin Muire bhúidh na mbachall bhfionn faghadh síoth dhamh tar mo dhoimhéin go rabh fan gcíoch roiréidh riom. Iomdha Ag dúsacht diomdhadh an Dúilimh gach díomas dá ndearna sionn eagal fa-ríor go mba raghairt; bíodh Peadar ag labhairt liom. Iomdha.
33. GOFRAIDH MAC BRIAIN MAC AN BHAIRD cct. Lámh indiu im thionnsgnamh, a Thríonóid; treoruigh mo leas damh-sa, a Dhé; cleachtaim ámhuill ar iul ndíomhaoin sdiur go rághuing míodhaoir mé. Duit as léir mo leas is m'aimhleas, eadráin m'iomruill uaim ar th'iocht, oibrigh im beartaibh, bí im chridhe, neartuigh, a rí nimhe, im niort. Tu-sa do bhris bás an airdríogh san inmhe chéadna is tú tá; fionnam sgiath do chumhacht gceannsa cliath rem urocht leam-sa an lá. Lámh.
38. FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct. Mairg nach diongnadh dán do Dhia is mairg nach diongnadh dán dó; ar tí ar gceannuigh ar do chrú do bhí tú idir cheannuibh cló. Díol a mholta Rí na ríogh; mo Rí go molar ó mhian; a thuilleamh go dtí dom dhán; go dtuillior grádh an tí as triar. An t-éasga lán lán do ghlóir iar mbás do éirigh ón úir; do shúil re grádh créachta an chígh dán don rígh is déanta dhúinn. Tar éis a ghonta go grian dá éis do b'fholamh an uagh; mar so do shéalaigh mo shíodh; do ba díor déanaimh na nduan. Molta séimhe ó gach dhroing dhínn do thuill ar n-éirghe as an uaigh; do mhúch dhe ar ngluasocht le glóir, do fhóir ar ghuasacht sé sluaigh. Lá bloghtha brogha na bpiasd - a mholadh níor mholadh díosg - do-chuaidh ón uaigh ar chreich Chásg, i leith na ngrásd do-chuaidh Críosd. Na haithre umun fios fíor mo chion tharla 'n-a riocht riamh; ionmhuin an lucht thug ón tár rug tre ghrádh ó Phurt na bpian. Do fhágaibh an gcreich nar clódh an ghein dá dtánaig a dtriall i bParrthas na mbile n-úr múr barrghlas fan gile grian. Flaith fial nach neamhchonáigh nós go a dheasghabháil Dia na ngrás go teach Dé ní dheachaidh suas 's é thuas 'n-a bheathaidh iar mbás.
San deasghabháil ma-raon ris don fheadhanfháir far fhaomh crois tug a uille ais re hais; rug lais an cuire re chois. d'éis bháis 'n-a beathaidh do bhaoi an chreach-sain far chráidh a chlí rug iar mbuadh go dúnphort Dé; lé níor bh'fhuar a dhúthracht dí. Urra na creiche Críost mór níor theine gan ghríos a ghrádh; go dtí leam a thoil do thuar 'n-a cheann ba dhual dol re dán. Gréas do naidhm ní neamhchóir dhúinn don chreachthóir do airg an uaimh; lorg na gcló tre choigle cáigh do badh cáir 'n-a oigdhe d'uaim. I gcuilt chumhuing is í fuar dúinn do fhuluing an tí 's triar; ar son roghan ríogh na ndúl díor dún a mholadh ó mhian. Díoghrais . . . is déanta dhúinn 'n-a éaraic dom éasga eoil; tre ar n-olc dá chrochadh do-chuaidh fuair a chorp dochar dá dheoin. Uch nach dán díchill mo dhán don rígh-sin tá i n-a thriar ar son roghan ríogh na ndúl díor dhún a mholadh ó mhian. Móide 's dual déinimh na ngréas don uan do éirigh iar mbás a-tá i neart ar an treibh thuas; ní tearc duas ag gein na ngrás. Urusa duas d'iarraidh air ní tre fhuath tiaghair dá thigh; is é mo rí an rí ag a bhfuil an chré 's an mhuir 's gach ní ar nimh. An t-éasga dearg as dearg snuadh is le ceard déanta na ndúl leis gach lionnmhagh, leis gach sliabh, leis an ghrian 's an fhiodhbhadh úr.
Leis na haingle ó láimh go láimh, 's na maighe 's an tráigh 's an tír, leis na luibhe, leis na heoin, leis na neoil 's gach duine dhínn. Dá mbeinn re ríomh a bhfoil faoi níor leinn soin do ríomh rem ré; mar sin is leis uile í leis gach ní san chruinne ché. Tre ghuin chígh is dearnann dúinn go ndearnam an rígh do réir; ar a thol ó tá gach dúil ní lá dhúinn dom chor ó chéim. Gríos grás ar nach deachaidh dlaoi iar 'n-a bhás do bheathaigh sé; glóir ar marthain uile hí an uile ní ar dhaghthail Dé. Dar gcaomhna do-cháid fan lia le a dhaonnacht do dháil a chrú do bhí a chlí 'n-a cosair chró rí as mhó do chosain a chlú. Do bhí ós chách is é i n-úir, do bhí sé iar mbás fá bhuaidh, fa rí é agus é san óigh an tí do fhóir na sé sluaigh. Do dhearg romhuinn an rian ríogh triall 'n-a cheann dá bhfaghuinn uadh; lorg ceise 'n-a chlí do-chiam rí fial ara treise truagh. Ní hé ar éanchor obus róinn, mo lochta dom éara uaidh; ní ghabhaim mo chor i gcéim; dom thol féin anaim uaidh. Cairt ar gcomhthruim Muire mhór ó athair na n-uile ndúl; níor cailleadh an réalla ríogh; do-ghéabha síodh daingean dún. Maighdean nar bh'iomarcaidh uaill, an mhaighdean bhionnfhoclach bhúidh 'n-a dál go ndighear iar nóin sireadh glóir ar mo dhán dúinn.
An chaor bhuaidh ler saoradh sionn tre dhaonnacht i nduais mo rann, gidh fiú mo choir cor im cheann, go rabh leam is an toigh thall. Ógh ler slonnadh síodh gach uird bíodh dom chosnamh ar an chailg do dháil go lór t'fhuil gan fheirg; guin an deilg is mór an mhairg. M. A sheachna is cumann go gceilg - Peadar umam i ngach aird - mairg danab sódh seachna a uird; seachna a luirg is mór an mhairg. M. 39. FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct. Mairg nach doirteann a dhéara cioth déar do dhruim aithmhéala do bháidhfeadh diomdha an té as triar; do ba diongna é d'aimhríar. Do dhearbhadh ar dhéaraibh Póil san tigh thuas gur thuill onóir fuair a thoil ó thriath nimhe; ag soin fiach a aithrighe. Treall dá aimsir - anba an choir - do bhí Pól, posd an chrábhaidh, - ní hiúl é ag nach aghair fréamh - i n-aghaidh Dé 's a dheibhléan. Beantar dhé lá do na láibh an éaraic uile anbháil a amharc mar badh dual dó; a radharc uadh do éaló. Pól easbal ag iarraidh grás fearais cioth déar tre dhólás; do-ní d'aithrighe ann soin maithmhighe thall gur thobhoigh.
A shíothcháin a dhéar budh-dhéin, tugadh a amharc ainn-séin is glóir bhuan an Dúilimh dhó; a rúinnimh uadh do iompó. Peadar an t-easbal eile fríoth leis luach a aithrighe; a thriath fa thrí an tann do shéan do-chí gur bh'am don Fhíréan. Séana a thíghearna fa thrí le caoi do chuir ar neimhní; osna dhomhuin is dáil déar do bháidh fholaidh an Fhíréan. Fuair fós Muire Magh-da-léan luach a haithrighe ón Fhíréan; do thuill choróin san tigh thall; do bhir onóir dá hanam. Le huisge a nuaidhéar do nigh Muire lá do na laithibh troigheach naomhdha ríogh na ríogh do bhíodh aobhdha re a heissíodh. Na seacht ndeamhain - díochra an tsearc - do bhean Críosd eisde i n-aoinfheacht; do radadh luagh a deor dhí ar n-a leodh d'Uan na hóighe. Loingíonus fós feacht oile dhó ar n-osgladh a uchtchroidhe fuair a shíoth do dhruim a dhéar, gé do thuill fhíoch ón Fhíréan. Gach neach dá dtug triath nimhe flaitheas Dé ar aoi a n-aithrighe - a ghuidhe is díor dá gach dhruing - a ríomh uile ní fhéadfuinn. Go ndearnar aithrighe im ulc mar na deibhléana a-dubhart; laithe a bháis do hoirneadh inn páis an Choimdheadh go gcaoininn. An lucht fuair flaitheas nimhe le hiomarcaidh aithrighe, fa dheireadh gomadh díobh sinn; geimheal far-íor ar mh'inntinn.
An glas cruaidh-se dom chridhe go mbeana braon aithrighe; fuaire mo bhéas ag reodh riom mo dheor do ghréas i ngéibheann. An cioth do chuir Dar-daoin de do ghuais péine na páise - cioth mo shúl do budh lór lais - gomadh lón dún an díoghrais. Uisge glas do-ghéabha uam tighearna na dtrí mórshluagh fan fhuil dheirg dhamh-sa do dháil do sheilg ar mh'annsa d'fhagháil. Fliuchad aighthe anba an grádh - níor bhréag é bláth an domhnán - 's an chlí do thiormuigh dar dtal ar tí ionnluigh gach anman. Ar ndáil a fhola uile dia hAoine dar n-ionghuire ní raibhe ann aonbhraon d'fhuil; an taobhghaol thall do thiormuigh. Le haonbhraon d'fhearthain dá fhuil do cheinneochadh clann Ádhaimh 's gan chrú a chlí d'fhearthain uile; do bhí an fhearthain iomuin-ne. Níor bh'fhiú a dtáinig 's a dtiocfa fuil an Choimdheadh choisreagtha sileadh phinn do dhortadh dhí gan sinn dom fholcadh eisde. Gér lór aonbhraon dhíobh dom dhíon cuirim m'fhaosamh tar m'eissíodh ar gach bhraon dar dhoirt damh-sa; do sgoilt a thaobh treamhum-sa. Cuirim m'fhaosamh ar a fhuil, 's ar a bhás 's ar a bheathaidh, 's ar chúig croidhibh ríogh na reann; síodh an troighigh go dtuaiream. Cuirim ar an gcoróin sbín mo chomairce ar aoi m'eissídh, 's ar an digh dhomblais ad ibh, 's ar donnbhais dhil an Dúilimh.
Ar an gceann do chlaon re chrois cuirim mo dhíon tre dhíoghrais ar ndín-ne ar an troigheach thinn do ríne an t-oineach inghill. Tuir chothuighthe na córa m'fhaosamh re hucht n-iarnóna; is díon mo mhíothaom go moch bíodh ar a chlíothaobh chréachtach. An crann i ndeachaidh dar ndíon is nochtadh oidhre an Airdríogh do shaor tre chonnailbhe ar gcoir; mo chomairghe ar-aon orraibh. Dá fhaosamh daoine an domhain do shaor a uaigh fhíordhomhuin 's a eisléine an uile fhear cneischéile Muire maighdean. M'fhaosamh ar a éirghe ón uaigh is ar chreich Ifrinn adhfhuair; mo choimhdhe ar leic far luigh; a reic oirn-ne do fhuasguil. An toil thug Críosd dar gcabhair ag sin éideadh m'anaghail = anacal grádh buan an Dúilimh dhamh-sa mar lúirigh uadh umam-sa. Muire óg earla glúineach damh-sa gomadh díonlúireach ó tharla a lán d'éigion ann a grádh 'n-a éidiodh umum. Muire corm an chrábhaidh the ní daorfuidhear sinn seice; earla glan na ngéigfhiodh bhfionn budh éideadh dhamh a dícheall. Do gonadh is i n-a ghoin dia hAoine í ar a aghaidh an choirpsheang tre chailg an gha; mairg nach doirteann a dhéara. M. Ainm Beadair na mbriathar nglic carrag chothuighthe an chreidimh fuair is-tigh an-uas an ainm sgaradh ris ro bu romhairg. Mairg.
42. GIOLLA BRIGHDE Ó hEOGHUSA cct Meitheal do bhí ag Dia na ndúl - cia ar nach breitheamh rí na ríogh? - coibhéis ga roinn ón rígh mhór nír lór le droing díbh mar dhíol. Dream fa phríomh don phobal fhionn gus an ríogh gan chogar gcam, lór ríoghdhacht a cheirt 'n-a gceann dream san bhfíonghort fa theirt thall. Toradh abaidh fhuair an rí ón madain ga bhuain do bhaoi ní dheachaidh a bhuain do bhreith Dé tar an té fhuair i leith laoi. Tig i gceann nóna dream díbh - nochan ónna earr mo sgeoil; nocha sia a-nonn iná nóin do-chóidh go Dia an drong fa dheoidh. Coibhéis tug díbh dá gach dreim dá rug gun rígh ar a phroinn; meitheal Dé gomadh díbh inn go mbé sinn gun rígh fa roinn.
Ar an chéaddrong ann tré éad ón géaglom gach crann do-chiad: "meitheal dar bh'aghaidh sinn súd grúg linn ar samhail is siad." "Créad an tnúth do bhí ar dhreim díbh gé do-neinn" ar an rí "a réir; cóir congbháil gach chuir go cóir do-chóidh dhuibh ar bhformháil féin." Cia an chéaddrong fhormhála úd nach éadtrom gcomhdhála ad-chiad? dream do chinn crábhadh go hóg nach sgirr fód go háradh iad. Cia tháinig i leath an laoi dá nach ráinig neach gan ní? dream théid tar bloigh dá n-aois é do thoigh Dé ón mbaois i mbí. Cia tháinig i dtráth re sgur dá ráinig mar chách a gcor a itghe fhíre ghearr ghlan? dream do sgar críne re col. Dream ó nóin díbh, dream go moch, nír fhearr a mír dóibh ná a deoch; cidh óg cidh sean thí 'n-a theach is í bhreath neamh dá gach neoch. Neamh i n-a dhíol ó Dhia ar ndul fear gá mbia críon as a chul; ní fhuighe ar aba ní achd neamh fear ga mbí aga as a ugh. . . . . . . bearar an bhuain a-deir an leabhar go léir na soisgéala i n-a gcurp chóir dóigh lucht nach coisgéara a gcéill. Mairg nach do mheithil Dé ar ndul, sé re a mheithil nocha mion bronnta ó leagar neach ar neamh; meadh na mbreath is eagal d'fhior. Nocha beir Dia cách ó chiort i meidh an tráth bhus lia a locht; mo shoighníomh a Dhé ba dheacht gomadh seacht gcoimhlíon é is m'olc.
Olc m'ar agus olc mo thuar, isam gort nach gabh a shíol; go mbé a Dhé gráinne dod ghrádh ar lár gach áighe, a Dhé, dhíom. Fóir a Dhé m'anmain is air, is mé an chré 'n-a talmhain tigh; a mbí im thromcholuinn d'fheoil oimh fuin, a eoin ghormcholuim ghil. Glan mo chridhe, a Dhé na ndúl, ag snighe go mbé do bhraon im inchinn im churp im chliabh; iadh fam ucht, timchill mo thaobh. Mo mheanma - is tobar fuar fliuch - ag luadh meabhla ag cogar creach; mo chaoin ar n-a cur a-mach dubh mo dhath don taoibh is-teach. Mé dom breith do-chí gun gcurp ní bhí achd gar mbreith ó chiort; a pholl camra, a chalann bhocht olc tharla an t-anam ar th'iocht. . . . . . . fallsa a neimh fuaradh dhamh-sa agus a ndoigh; bréaga doilbhthe muin ar muin géaga do chuir toirthe im thoigh. . . . . . . measgadh a méar cam mo sheasamh is mo sheol; comuil dom dhéad do bhas bhán lágh blas na mbréag as mo bheol. . . . . . . is each nocha cóir is mo chré fliuch fearthain i n-eas ruaidh mo rath clach i dteas go n-uair do fhiuch. . . . . . . do dhál nach anfuidhe ó dhún do dhún a thruaigh, ná toirche gan lón, smuain gan do chlódh choidhche ar gcúl. . . . . . . cat ach a mbí ar láthair láimh riut; tiomna th'each do bhó 's do bhrat dod mhac is breath do ró riut.
. . . . . . . . . . . . . . . . . . . croig is fíor Dé nochar dhú dhuid an dtuig tú do ghné dhá goid. Seang san Aoine is eadh nach dú an naoidhe 's an bhean ga mbia ní dhleiseadh naoidhe ní dhó san ló do bhí daoire ar Dhia. Trí sáir do fulngadh le ar bhflaith - ar gcunnradh ní cáir do chleith - a thaobh geal do chur fa chloich, dul i gcroich, is bean dá bhreith. Dá ró 'n-ar ndáil-ne Dia féin ní bhia bó ná áirghe ar m'óidh; adhbhar teasbhruithne a-tá im dháil is gráin lá an mheasroighthe mhóir. Ní rí a-dearam gidh eadh é re fear agus fearann faoi; re a thabhairt d'aoidh is é is rí an té do-ní craoibh don chnaoi. Do dhealbh ar rí-ne an mhuir mór do shnoigh na tíre gan tál; talamh neamh do-roighne a-raon doilghe craobh le a bhfear i bhfál. Tug gréin thoir sa mbioth dar mbraith tar gach toigh 'n-a rioth do reich; tar gach n-uilinn siar do soich grian 'n-a cloich muilinn ar mleith. Dá léasboire Dhé na ndúl, ar n-éasgai-ne a ghné is grian; an bioth dá loinnir do líon dá choinnil ríogh 'n-a rioth riamh. Ro badh iongnadh le gach fear gémadh fiodhbhadh tres an ar; dámadh neamhghnáth éan a hubh nó sméar dubh a gealbhláth ghlan. Do shuidhigh Dia re gach ndúil i n-a suidhidh Dia ba-dhéin an talamh chongbhas go cóir nó an gabhal óir ghabhlas gréin.
An saor do shuidhigh gréin ngil a réir nocha duiligh dhuibh; a chumhang gidh cia do-bheir do-gheibh Dia ar ubhall nó ar uibh. Le Dia is annsa íorna mná ná almsa ríoghdha dá ria; táin ríoghna ná raighne bó mó an t-íorna ó mhnáibh daidhbhre ag Dia. Comhairle uaim dá gach fhior - ní comhairle ar n-uair bhus omh - gan eallach san chró do char; ní mhar dó a cheannach 's a chrodh. A dtabhair duine do Dhia maraidh san chuile gan cheo; mairg nach tabhair bloigh na bó san chró a dtaraidh 'n-a boin bheo. Leiseochaidh Dia cisde ar gcradh; brisge nocha bia 'n-a fhiodh; cisde damh-sa créad a chan? ní mhar séad achd almsa d'fhior. Ba le marbh don chill ad-chiu is a fhadhbh linn mar is leo an almsa do budh fhearr dó ná bó ón marbh-sa 's a beann bheo. Laogh dhamh-sa agus céad bó mbliocht m'almsa rem éag budh mó mart; maith an chuire 's a chéad torc do dhuine ar dtocht d'éag do-n-ort. Ní beag le laoch ar nimh naomh an ghaoth i n-a digh gá diul; ní háil fromhadh ní háil ól, lór dáibh a bholadh do bhiudh. Sruth fíona sruth meadha mall, sruth meala bhus míolla leam, tobar trí gcíoch ar mo cheann lionn nach fríoth cogal 'n-a cheann. Mór an baoghal m'ord gach laoi - is faobhar go gcolg mo chré; lór a-tám 'n-ar mbeithidh bhí lágh a rí ar do mheithil mé. Meith.
Brighid Bhreagh as bharr na n-ógh 'n-a teagh tall gurab mór mé; gnáth rádh a gille 'gar ngairm ní nár linne mar ainm é. Meith.
43. AONGHUS FIONN Ó DÁLAIGH cct Ná déana díomas, a dhuine; deimhin go bhfríoth fios do locht, fogus daoibh for-íor an t-uamhan ná bíodh dá thaoibh uabhar ort. A dhuine bhoicht ná bí díomsach, do dheireadh féin féach a-nú; a-tá sealbh ag an éag oraibh, is dearbh nach géag thoraidh thú. Rachthair a-rís san gcriaidh gcéadna - a criaidh ar dtús tháinig sibh; an t-uabhar dá thaoibh níor thréigis; uamhan daoibh ar léigis libh. Cairde aithghearr is eadh fhuarais, ní fada ón chriaidh a cur ort; dá mbé go bhfuil do ré romhaibh ní fhuil sé gan omhain ort. d'éis an bháis ní bhéara sibh-se síos fan dtalmhain a-tá fóibh - uch, a thruaigh, is truagh an mealladh - buar ná cuaigh ná earradh óir. Ní bhia achd aonbhrat is é cumhang fad chorp ar gcaitheamh do ré; tú mar chraoibh ar gcur a duille ar ndul daoibh don chruinne ché. Mór an truaighe mar tá sibh-se, seargfaidh do chlí claonfaidh t'fholt; mór an béad mar taoi id thoirrchim 's an t-éag gach laoi ag oirchill ort.
Brisfidh do dhearc - ba dáil baoghail - biaidh do bhéal ar dhath an ghuail; ná bí gan omhan t'fhir chagaidh; ag sin robhadh agaibh uaim. An troightheach - is tráth dá fhógra - re hucht an bháis - is beart truagh - creidthe dhíobh i gcriaidh an Choimdheadh biaidh fo-ríor 'n-a oighreadh fhuar. Rachaidh claochlódh ar chruth t'aighthe, d'éis t'éaga do b'olc do niamh, biaidh do bhéal mar an ngual ngabhann, ba tuar déar, a chalann chriadh. A dhuine, ná déana fallsacht; is fíor damh a ndubhairt mé, a chroinn 's a fhréamh a húir Éabha, is sgéal rúin ná déana dhe. Féach orm, a dhoirseoir Dé athar, a hucht Críost ler ceannchadh sinn; ná léig im cheann cíogh an álaidh i ngeall re gníomh Ádhaimh inn. Ná.
45. FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct. Ní díol grádha gleann na ndeor ná lean a chádhas go cian; cia an dúil nar ghortuigh go géar? dúinn is léan a rochtain riamh. Ná cluintear fíoch feasda fúibh a shíol Eabha, a fhuigheal áir; do-chím-se nach teann bhar dtóir; gleann an bhróin an tír-se i dtáir. Gleann na ndéar an talamh trom, do ghréas nochan antar ann, dá lár is soibheirthe sionn, is crádh liom m'oilithre ann. Fan lucht toice fhuil san úr toirrse ní fhuil ar a n-ór; beag bhar ngaol re gleann na ndéar, a dhream do fhéagh an raon róm. Fa chloich ó do-chuaidh do chlí ní fhoil groigh ná cuaich dod chaoi; ní libh dod chrodh acht an chré, a fhir a-né ar ndol fa dhlaoi.
A fhir dar bh'earradh an t-ór, ní libh d'earradh acht an uagh; san tír dar ghoire do ghrádh lámh ag rígh oile mon-uar. Mac Muire nar an fa fhád don chruinne ná car acht súd; níor leat do chríoch áluinn óg, ní bhíoth acht fód fábhuill fúd. Do-chuaidh d'fhuil Ádhaimh fa úr, iar 'n-a ghuin tánaig i dtréan; is fiú a ghaolmhaith drud 'n-a dhál; tug grádh do naomhfhlaith na néall. Ní théid ar a dhiadhacht dlaoi; ná tréig ar an iasacht hé, flaith as fhearr fan uile ní, rí ar ar fheall an chruinne ché. Tiad na toirthe mar théid clú, ná tréig an Coimdhe ar cheo; táinig mar chiaigh tre chlí mná; biaidh mar tá mar do bhí beo. Tuille grás nach téid i dtrágh ná tréig do ghnáth Muire mhór earla fionn as daingean dún, mionn súl na n-aingeal 's na n-ógh. Ar n-eochair, ar n-eite lúidh, red bheathaidh seice ná sín: bheith ar a tí tug dot óidh 's í 'n-a hóigh agus rug rígh. Ná tréig Muire Máthair Dé, táthaigh a croidhe red chlí; ná gabh mearbhall tar an mnaoi saoi glan as neamhghann im ní. Ní. Peadar easbal do b'úr dlaoi ag túr na beathadh do bhí; tug a chaolchorp fa chuing nDé do thuill sé ar naomhthacht gach ní. Ní.
46. FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct. Ní maith altuighim m'anáir tríd nar bh'oircheas m'iongabháil; ní altuighim a n-uair mé ó ghartfhoirinn bhruaigh Bhóinne. Feadhmannaigh dhó an uile fhear; mo dhuasa ó mhacaibh Míleadh triath na dtriath dhamh-sa do dháil; is liach gan annsa d'admháil. Fa-ríor níor altuigh sinn-ne le hanuabhar intinne ar chreid damhradh Dúine Breagh dúin-ne agus adhbhar oideadh. Níor altuigheas - olc an sduaim - m'ísliughadh innte an athuair Fódla linnte na learg sean ná mo cheard innte d'oirneadh. Ar n-ionnarbadh ó iath Ír níor altuigheas rem Airdrígh, mo thriall go Labháin tar linn, dom anáir thiar ar dtoirling. Ní hionann inn is I-óib; an fortún fuair ón Tríonóid do altaigh ris an té 's triar; do sgé antail na n-ainmhian. Clann oirrdhearc, táinte agus tír fríoth le hI-óib ón Airdrígh 's groighe is tréada is cuirn corcra cuirm is séada saoghalta. Níor chuir toice i n-uabhar é I-óib dil - díochra an fínné; níor ghrádhuigh sé an saoghal bocht; do naomhadh é as a umhlocht. Do shmuain Íosa dá éis soin fulung a óglaoich d'fhéachoin; an uile ní badh ní lais do bhí uile 'n-a éagmhais.
Do ráidh I-óib "ó thoil Dé Dia thug Dia rug a-ríse"; do-chuala a chloinn láimh do láimh ad-chuala coill a chonáigh. An tuile easláinte air do chuir Airdrí fhear ndomhain; do fhéag ar n-uair a fhulung bréag ní fhuair 'n-a urughull. "Beirim a bhuidhe rem ching" do ráidh I-óib tre uirrim "ró cráidh do chara ar mo chorp ba mana gráidh mo ghuasocht." Do bhíodh do dhalta an Dúilimh gur chneasuigh a chréachtchrúinimh ag súr déirce ó bhrugh do bhrugh a shéitche ar cúl na comhladh. Do haltuigheadh re Dia ndil 's ris an óigh mhilis mhuirnigh tabhairt coda déirce dhí nó a shéitche d'oba impe. Níor chaoin I-óib a othra féin go fagháil cobhartha 's do-níodh caoi i gcróluighe a chneadh ar aoi clóghuine an Choimdheadh. Níor chaoin a ghalar goirt gnáth, 's níor chaoin a chlann ná a chonách gér chaoi croidhe caoi I-óib ar aoi thoile don Tríonóid. Fríoth aisiog na sláinte iar sin, fríoth tír is clann ón Choimdhidh, fríoth a shealbh mar thuile ag tocht, mar do dhearbh uile a annsocht. Do ráidh mar do ráidh reimhe go búidh umhal ainglidhe: "an tí rug re ré ar ndeacra is é thug na toirbhearta." Níor mhóide a bhrón a bharr croidh 's níor mhóide a mheanma a fhagháil a tháinte is a threoid troma, a shláinte, a sheoid shaoghalta.
Ón uair-sin go héag idir mar éaruic 'n-a fhoighidin fuair sé an talamh ar a thal 's gidh é toradh na talmhan. Fós mar éaruic 'n-a fhulung an ghlóir naomhtha neamhchumhung fuair ó thriath an tighe thuas; fa sgiath dá chridhe a choguas. Ní altuighim mar I-óib boichte ná toice, a Thríonóid; uch, nach déinim a ndearna go dtéighinn rem Thighearna. Mar I-óib do b'fhoirbhthe cuing gá fios nach d'fhéachain m'fhuluing fríoth an saidhbhreas muin ar mhuin is fríoth daidhbhreas 'n-a dheaghuidh. Eadamar is dom fhéagain do gadadh dom ghaoilghéagaibh na Conuill badh díonbhun damh; do díoghladh oruinn m'uabhar. Eadamar is dom fhéasgain mo bhuar mo ghroigh gnímhéasgaidh rugais a Dhé uile uam níor bh'é an duille nar dhiombuan. Eadamar is dom fhéagain do beanadh mo bhruittéagair, mo dhán is mo dhúthaigh dhíom; cúthail mo dhál ón dimbríogh. Go n-altuighear a rí ribh bheith gan bhuar bheith gan mhuinntir, 's a brígh do bhreith óm meanma, 's bheith gan tír gan tighearna. Go n-altuighear, a rí, ribh; a-tá i gcúirtibh clann Mílidh fál allmhurach druim ar dhruim im chlár gcamdharach gCriomhthainn. Go n-altuighear, a rí, ribh mé gan fiú an bhaird do bhuidhin i Labháin fa cheo cumhadh; ní beo anáir m'ealadhan.
Ionann is altuighthe dhamh cách dom dhíol nó dom dhiúltadh, nó bheith ós chách ceann i gceann, nó bheith fa chách go coitcheann. Ionann is altuighthe dhamh bheith fa dhiombuaidh san domhan nó bheith fa bhuaidh nó bheith slán nó bheith ar n-uair go heaslán. Ionann is altuighthe dhamh mo bheith rem beo i mbeirt mhoghadh nó beirt ríogh do chur fam chneas badh díon damh ar mo dhímheas. Ionann is altuighthe dhúinn bheith go maidin ar mhaothchlúimh nó bheith i lionnmhuir gan luing nó bheith i n-iomdhaidh iaruinn. Ionann is altuighthe dhúin bheith im luighe ar lár m'fhortúin nó siobhal sneachta ar sliabh lom nach biadh ag ealta a fhulong. Ionann is altuighthe dhúin luighe idir mo lucht míorúin nó luighe idir mo lucht gráidh dom churp croidhe gach chompáin. Ní fáth faoilte, ní fáth bróin clann oirrdhearc, earradh deargóir, nó bheith gan choim idir chách, nó bheith gan chloinn gan chonách. Ní fáth faoilte, ní fáth bróin cúirt áluinn iomad comhóil nó iomad tarta is teach lom, nó neach gan acra d'fhearann. Cré gach colann san chruinne; breith nó oighidh éanduine ní fáth faoilte ní fáth bróin; ní caointe cách i gcéadóir. Dá ndídean do dhoirt a fhuil; níor chaointe do chloinn Ádhaimh rí n-a dheoidh ná rí reimhe le a dheoin acht rí an ríthighe.
An rí tá is bhias is do bhaoi is tríd ba dhéanta déarchaoi; ceo gach triath acht triath na ndúl, beo mo thriath ar n-a théarnúdh. Mairg nach caoinfeadh an chruinne; a bhás ní bás éanduine do b'é uile an uile fhear; ní duine an té nach tuigfeadh. Mairg nach caoinfeadh iad uile tráigh, tír, coillte claonbhuidhe, éisg na mara is neamh na néall, 's an lear uile is an t-ai-éar. Do gonadh an ghrian 's an ré is buidhne an bheatha sheinché lá fuile an tairnge do theacht 's na haingle uile i n-éinfheacht. Ann sin do saobhadh síona, do bhéicsead na bleidhmhíola, agus an fhairrge re headh is na cairrge dá chaoineadh. Do chaoinsead saor a gceangail na huisge is na hairdreannaigh, is eoin lúdhmhara deoidh i ndeoidh, is neoil úrghlana an ai-eoir. Níor dhiongna a dhúile féine do chaoineadh a gcoigcéile; do-róine gach ní fa nimh rí na glóire rí an ríchidh. Ní fhuil thuas ar neamh na néall dúil acht ar dhealbh an fíréan; dúil mar soin acht dúil do chum fúinn nochan fhuil i nIofrunn. Ó fhlaitheamhnas Dé budh-dhein síos go híochtar an aigéin ní fhuil dúil acht dúil do chum do mhuir ná d'úir ná d'fhochann. Ón bhreac bheag gus an míol mór tighearna na dtrí bpríomhshlógh don duine do dhealbh gach dúil; ar sealbh uile do b'iontnúidh.
Uaidh fhuaramar neamh na néall, 's an bioth uile is an t-aigéan, uaidh fhuaramar an t-anam, uaidh fhuaramar uraghall. Rí gach dhúine téid 'n-a theagh; uaidh fhuaramar an t-aingeal ar leathláimh gach duine dhíonn; neamhcháir don duine a dhimbríogh. Uaidh fhuaramar - foirbhthe an tsearc - a dhealbh féin - gá fearr toirbheart; uaidh ...... inn féin do rala sinn ar saoibhchéill. Gér ghabh sin caomhchorp dar gcionn naomhthacht ar nach fuil foircheann dar sdiúir gus an bhflaith bhfíre ré iúil na sé seinlíne. ..... ..... do thoirling san óigh iodhain coimhling dan cóir creidiomhain. Do b'fhiú an toircheas tharla dhí ar sgaoileadh cáigh ó chéile gur tháthuigh an uile fhear Muire an mháthair 's an mhaighdean. Ógh iodhan dar bh'ainm Muire, máthair an Mheic shíordhuidhe, do b'é rí na soillse sin, do bhí 'n-a broinn-se ó bréithir. Talamh í as airde ná neamh bainríoghan máthair maighdean mionn órdha fhuile hÉabha Muire óghdha fhíréanna. Tríd do fhágbhas Inis Bhreagh m'onóir do dhiúlt maic Míleadh flaith d'Íbh Airt agus Oilill ní maith ní huilc altoighim. Teach na n-ógh is na n-easbal, teach daoineach an Dúileamhan, easbal as tréan an tighe Peadar fréamh na fírinne. Ní.
47. FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct. Ní rí fíre acht flaith nimhe, rí fíre flaith na cruinne; do bhí ar neamh fan lia lighe fear fine, Dia agus duine. Ar chléith dhoinnbhear dia hAoine do coinnmheadh Dia dar ndín-ne; daor do bhraith an raon róin-ne laogh na hóighe, an flaith fíre. Rí fíre an fear nar chronuigh cneadh na cíche dar gcabhair; a chóir is é ar n-a oighidh oidhir Dé tóir a tabhaigh. Tar a thal tiad a dhaoine níor mhiadh le mac na hóighe dá chíos ní um chneidh na cíghe rí fíre, gein na glóire. Tug malairt do Mhac Moire slat do agair . . . ar aoi a dhéire mar dhlighe caoi cridhe déine, a dhuine. A Pheadair, déaghaidh dhúin-ne, déanaidh, a easbail fhíre, guidhe ar mo chrú le chéile; tú féine id dhuine dhínn-ne. Ní.
51. TADHG MAC DÁIRE cct. Rogha gach beathadh bheith bocht neach ag a thogha acht gidh tearc - uirre gan bhréig ní léir locht - san phort nach téid céim tar ceart.
Bheith gan toice ní díoth dhún mar íoc im olcaibh mar chrádh nó bheith bocht do réir mo ríogh díol a locht ní léir dá lán. A uan fionn do fhás ón óigh, uad i ngioll red ghrás a-táim; asad gan bhréig fa dú dóigh; is tú an ghlóir nach téid i dtráigh. Red thocht i dtionól an Luain an chroch 's an choróin red thaoibh tiocfa sé 'n-a shochar dhúinn dúil don rothal, a Dé, dhaoibh. Ní fhuil ag neach grádh dá ghaol - uch! ní neamh a-tám do thúr; ar dtréidhe mo nuar is nár; grádh dá chéile badh dual dún. Go dtí so gan doilgheas daoibh - ós ort as oircheas a úidh - suas don deaghbhragh, a shiur shéimh, an t-iul réidh do dhearbhadh dhúin. Gan luaghall éithigh ós aird, gan uabhar, gan bhréithir bhuirb, mar luagh i ndearnain an deilg dual, a leinb, leanmhain do luirg. A óigmheic arsaidh dar siair mo chasbhraid go bhfóire féin 's ná leig m'anam uaibh dá thaoibh sgaoil uainn mo ralam go réidh. A Choimdhe do-chí mo riocht, dar gcoimhdhe do bhí go bocht, go fóil ná cinn ar an gceart; fóir led neart inn ó gach olc. Ós í ceard chosmhail a clódh sul thí th'fhearg chum dochair dhún dá bhar dtol, a rí na ríogh, go dtí dhíom a chor ar gcúl. A bhfuaras don chruinne ché uaibh-se dá gach uile ní bean dot fhiortaibh dhíom, a Dhé, más díol é i gciontaibh mo chlí.
57. EOCHAIDH Ó hEOGHUSA cct Táinig ceo tar an gcreidimh; móide feidhm 'n-a faoisidin, teirce a-chách an creideamh cóir, beigsheadh ag cách san chanóin. An creideamh ó chloinn Eabha do-chuaidh dá chion tuigseana muna chreideadh Muire mhór an creideamh uile ar n-iompódh. A-tá mei-se is ní mé a-mháin le feadh m'aimsire i n-urláimh; 's an líon tarraing i dtá sinn go lá a tharraing ní thuigim. Tualaing gach duine ar domhan glóir a anma d'ardoghadh; déana féin, a dhuine, dhuid nach fuighe péin ná peannaid.
Dom shaoradh ar Dhia na ndúl do chaithfinn mh'aigneadh d'iompúdh; a-tám nó go dteagmha dhamh gan ghrádh gan eagla an Athar. Ní lugha do loit Éabha a clann - is cúis aithmhéala; maith do bhábhar muna bheath; ar chaith Ádhamh is aithreach. Lasfaid na clocha is na croinn, lasfaidh an fhairrge iomainn; dlighid leinibh oirchill air toirrchim dheiridh an domhain. An crann chuirthear 'n-a chuaille is é, a dhuine, as diombuaine; ní fhuil acht préamha an chroinn chuir fa chloinn Éabha agus Ádhaimh. An focal badh nár le neach is mairg nach téid 'n-a thaithleach; do-chí Rí nimhe a námhaid ó 'd-chí fhine an fhanámhaid. Olc an tslighe go Dia dhamh bheith ar thoradh mo theangadh; ní mhaithfeadh sé a n-abraim d'ulc gion go n-abraim é acht d'ábhacht. Naomhuidhe ar an éag ní fhuil idir óg agus arsaidh; don leanbh is gabhtha ar a ghuth ní dearbh go marfa a-márach. Tiocfa lá bhus aithreach d'fhior deachmhadh na gcnó do chaithiomh; ní leat acht ní, a dhuine, dhe; ná bí uile don eitne. An breac as lugha san líon do-bheirthear d'oidhre an Airdríogh; cnú bhuidhe dá mbia 'sna cnoibh ní fhuighe Dia san deachmhaidh. Do rochtain Ríogh na glóire bronndalta na banóighe tiocfa lá far dhéanta dhuid gach lá dá n-éadfa an éanchuid.
Gach éigean dar fhulaing sibh gion gur hurusa a n-áirimh beid a dhaoine do ló an Luain nar mhó san aoine d'anbhuain. Do Mhuire ní bhí buidheach dá bhfreagra an chlí chomhuidheach an chalann nach uair-se d'ulc nach uaisle an t-anam d'fhurtocht. "An lá fá mbearthar an bhreath" is ionráidh re Dia ndúileach "ní tú bhus mó cuid don chloinn, ní ró dhuid acht a ndíoghluim." Leanfaidh Críosd ar chloinn nEabha na heacha is na háirgheadha; tar ceann a gcaithimh i-bhus is gearr go gcaithir cunndus. Rachaid mar théid an tuile gach dúil chriadh dá Cruthuidhe; do badh oirchilleach dhamh druim re magh dtoirrchimeach dtadhaill. Biaidh, a Chríosd, an gcéin mharas neach gach éanlá i n-amharas; is rioth, a Dhé, don duine ar bhioth ché 'n-a chomhnuidhe. Is tú bhus aigne, a Dhé, dhúinn re hucht aingil an iomthnúidh; iomdha fear aimhleasa ann feadh th'aighneasa 'mun anam. Éad le dtéid go teagh nimhe cóir don fheadhain fhúigfidhe; go bhfaicear cách 'n-a ndá gcuid ní fhaiceabh fháth an fhormaid. Sgéarad, a Choimdhe, rem chloinn mar sgaras cnú re crobhuing; mé mar dhéis ar ndol a gráin, mo chrodh tar m'éis dá fhágbháil. A n-áireamh ní badh éidir damh a lán dá leithéidibh; beanaidh tú call as an gcnaoi an chnú as a barr mar beantaoi.
Do ním-se mar do-ní Pól gidh eadh ní fhóbraim iompódh; rugas geall Phóil ar pheacthaibh gearr do-chóid im chuideachtain. 'N-a gciontaibh ar chloinn Éabha ní iarrfadh acht aithmhéala; braithreas dó ris an duine mó tháirfeas dá thrócuire. Dá saoileadh Dia m'fagháil as do mhaithfeadh dham a ndearnas; ar ndéanamh na n-uile olc do-ghéabhadh duine ó dhúthrocht. Is ionann fuil dá bhfuil sinn mei-se agus inghean Iaichim; lór guidhe na n-ógh eile Muire ógh is áiridhe. Breath do bhreith ní dlighthear dhamh idir íseal is uasal; ní bhiú ag meas an té as táire, ní feas nach é as iomláine. I luach a ndearnabhar dhó gach ní fhuarais ó Íosa beir a bhuidhe gidh bé thug gur bh'é, a dhuine, do dhearlag. Gur ghin Athair na n-uile gan neamh d'fhagháil d'éanduine; do bás gan chabhair 'gá chloinn bás 'n-a aghaidh gur fhuluing. Do fhéadfadh dámadh áil lais gan bheith d'Íosa 'n-a éagmhais; faicsin Dé do badh dána is é i ngaisdibh gabhála. Is mairg duine ar nach bí i-bhus eagla na breithe bhéaras; ar gcaoine a-tá gan toradh lá na ndaoine do dhealoghadh. Eagail leam lá na meidhe go dtiocfa fam thairngeire fáth aithmhéile dhamh-sa ar ndul, bainchéile fhallsa ag Ádhamh.
Seoid na cruinne is cleas meallta; ní fhuil cúis a gcoigealta; dá bhfaghainn céad dá gach chrodh méad a n-aghaim is eagal. Ionadh an chuirp ó chianaibh ag curp eile an aithbhliadhain; ní bhí acht uain an tí nach tig don uaigh ag an tí tháinig. Ní tháinig do thigh nimhe neach d'fheabhas a aithrighe dá bhfuair bás don uile fhear nó gur fhás Muire maighdean. Inghean Anna is Mac Muire, lóchrainn na sé sochuidhe, ní thánaig is ní thiocfa cáraid mar an gcuidiochta. Táinig.
63. EOGHAN RUADH MAC AN BHAIRD cct. A bhráighe tá i dtor London, a ua Chonaill chaomhGhulbon, do gheimhil-se is lór do léan ar shlógh seinInse Saimhéar. I ndiaidh ar gcarad do chaill a-nois, a Néill Í Domhnaill, is é an bann dar mbreith ar gcúl; níor am dod bheith i mbríosún.
Ní tu-sa a-mháin, a mheic Cuinn, don chur-sa i láimh i Lonnuinn; sliocht bhar n-iarnaigh ar fhóir mBreagh do iarnaigh ghlóir na nGaoidheal. An feadh nach fuil ar do thol iomdha ó Bhóinn go Beinn Gulbon i ndaoirsine 'ma-raon ruibh gan shaoirsine ag aon d'Ultaibh. A-táid eidir thuaith is chill, eidir fhuil aird is ísill, ag roinn bhar rodhochair ruibh boill comhothair dod chneadhaibh. Na mná, na boicht, na brughaidh, na huird is na hollumhain, gach mac robhras, gach rinn áigh, id chomhghlas, a chinn Cruacháin. Ionann ualach, ionann cneadh, ionann cóir dhaoibh is dóibh-sean, ionann innreamh, ionann ceas, ionann imneadh is áineas. Do ghabháil, a ghéag Eanaigh, - lór do ghlas ar Ghaoidhealaibh, cách uile i láimh as do los - ní le duine a-bháin bheanas. Dóchas laochradh Leithe Cuinn gaisgeadh curadh chlann gConuill, a-táid, a Néill Ghairbh, id ghlas a n-ainm, a gcéim, a gceannas. An glas re fada i bhfuil sibh ní glas é ar Rígh an ríchidh do bhreith as dámadh é a dheoin dá gach ghlas ós sé as seighleoir. Ós sé seighleoir gach geimhle Rí nimhe ar gceann coimeirghe do dhruim do ghiallchuibhrigh guidh, a thriathbhuidhnigh Fhuinn Fhiachuidh. Le guidhe Meic Dé na ndúl mór mbráighe do bhí i mbríosún romhaibh do saortha mar sain ar modhaibh naomhtha a-nall-ain.
Do bhí - ní cúis as ceilte - neach róibh fa rígh Éighipte nar tharbha an chóir ar a chúl go ndamhna bróin i mbríosún. An chúis do cuireadh 'n-a leith ar n-a dealbhadh i ndíchleith - ní chuala an rí an failcheas fill - do bhí i n-aincheas a hinnill. An Patri-arca Ios-éabh ar ar chum méirdreach mísgéal dar leathnaigh gnaoi Dé na ndúl is é do bhaoi san bhríosún. Le toil Athar na n-uile táinig dá thaom trócaire an rí ar gcromadh ar an gcoir sí ar 'n-a lomadh dá láthair. An rí Forann mar fhuair fhios nach dearnadh air acht aimhleas do saoradh é as a haithle is é i mbaoghal básaighthe. Ní hé amháin gur saoradh sin rí Éighipt trá ar n-a thuigsin ar feadh a thíre do thogh 'n-a fhear ríghe do riaghladh. Ar gclos do neamhghair, a Néill, mar so ar aithris an fhíréin a-tá ar ndóigh a Dia na ndúl nach a-mháin nach bia i mbríosún; Acht go gcuimhneocha an choróin duit a-rís le ro-onóir gach a bhfuair sibh ar a son is gach buaidh libh dar leanadh. Ar an bhfáth fa bhfuile i nglas acht go gcroma Cing Séamas ná meas nach saorfaidhe sibh 's ar leas fraochmhuighe Fuinidh. Súil Banbha red bheith a-muigh, a mheic Cuinn mheic an Chalbhaigh, ag cur beochroidhe i gcloinn Cuinn 's ag buing eolchoire oruinn.
Do thoil aonMheic Dé na ndúl biaidh trá, a thriath Seandún, do dhaoirsine rú 'ga roinn 'n-a saoirsine ag crú Chonuill. Rí nimhe, a Néill Í Domhnaill, ad-chluin th'osnaidh n-éagcomhlainn, ad-chí ar gcruth, do-chí bhar snaidhm, a ghuth go dtí fan dtoghairm. Dóchas cháich ar chanas rut; nár léige Dia a dul seachat an tsúil chabhra ad-chualaidh mé ag sluaghaibh Banbha, a bhráighe. A bhráighe. Mó an príosún fós i n-a bhfuil inghean ríogh fhréimhe Dálaigh a bhfuilnge ag crádh a cridhe doilghe dál a daoirsine. Dá mbeith nach biadh do dhochar do chách uile it iarnochadh acht an brón i n-a mbí soin do budh mór an ní a-nall-oin. Ní hionann tuirrse is tuirrse, ní grádh grádh 'n-a fochair-se, ní himneadh as doghrainn dí inghean Í Domhnaill Daoile. Fa sgaoileadh Néill is Neachtain muna bheith sunn saoileachtain do bhiadh an brón mar nach fuil, ní bhiadh clódh ar cumhaidh. Nár tháire - ná táire mé - Aodh Ó Domhnaill i ndaoirse; nár chluineam i láimh re a linn ar bhfuigheall áir dá fhoirinn.
68. EOCHAIDH Ó hEOGHUSA cct. An tú ar gcéadaithne, a charrag, a ráith éigneach eatharrod; cách ód chéadaithne do chur ní fáth méadaighthe meanman. An tú bhíodh i mbéalaibh sgol, do measdaoi re múr Cruachan? a phuirt ghil fan rionnghlan rosg, más ibh is iongnadh t-éagcosg! Do chlaochlóidh do chruth dealbhghlan, do imthigh bhar n-óirthreabhradh dod mhúr ghlan thaoibhleabhar the; ní mhar aoilghreanadh th'aighthe. Níor deargadh le hingnibh each, níor loiteadh le lorg nuaichreach, do leirg dtonnbháin ngairthe ngil, congháir t'fhaighthe do uaignigh. Tugais cruth naoidhe ar neamhchruth amhail do bhiadh baintreabhthach; a chúirt orrdhraic thirmgheal thiogh, do chomhloit imneadh th'aigneadh. Éagcóir do haithneadh oraibh cúis imnidh dá bhfuarobhair, a threabh na gcaithreann gcorcra re seal n-aithghearr n-iasochta. Dá dtuigthea mar táid re treall sé ríoghphuirt fhoirbhthe Éireann i n-éagcruth, a róimh na ríogh, níor chóir éagnach ar th'imshníomh. A-tá Teamhair teaghdhais Chuinn ó reimheas ríghmheic Cearbhuill mar gach dtealaigh - níor dhleacht di - gan mheadhair achd teacht tairse. Ó ré Mhuircheartaigh mheic Néill a-tá ráth Oiligh fhóidréidh - leis do-roighneadh dimbrígh dhi - gan deighrígh d'oirdneadh innte.
Ní fhuair Caiseal - cúis diombáigh - d'éis Chormaic mheic Cuilionáin rí do fhréimh chéadfadhaigh Chuirc don ghéagthulaigh fhéil orrdhuirc. Ó aimsir Fhearghuis Fhogha do mharbhsad meic Eochadha níor fhaoi Eamhain fhéirmhín fhionn le héinrígh d'fhearaibh Éireann. Ríoghraidh Laighean na leas gcorr ón tráth fá dtorchair Cearbhall a-tá Nás na mboilgshreabh mbinn 'n-a fhoirgneadh fhás ón fhoirinn. A-tá iosdadh Cruachna Cuinn ó ré Raghallaigh rosgcuirr, múr aolbhláth do thobhaigh toil, 'n-a mhaolráth fholaimh fhásaigh. Aithnim nach fuileongtha i bhfad do bheith san chruth-so, a charrag, na hardphuirt-se ór clódh a gcruth mór an antuigse d'éagnach. Gidh eadh ní hiongantach linn a bhfuil d'athtuirse ar th'intinn; gan fháth níor claochládh do chruth, a ráth na n-aolchlár n-amhlach. A-taoi re treimhse bhfada, a chéadráith chlann nDiarmada - an ríghe réidh ní rabha - ód fhréimh fhíre i n-aontamha. I n-aimhriocht dot fhoirinn féin a-taoi re treimhse n-imchéin, a chúirt ródghlan choillbhleacht chorr, ó fhoirneart ógbhadh n-eachtrann. Foirneart eachtrann is é thug do chur sa chruth-so, a charrag, a ráth thoghtha bheannbhláth bhog far neamhghnáth orchra orad. Níor ghnáth leat-sa achd re linn Ghall gur bearnadh séan bhar saorchlann, a linngheal taobhuaine tiogh, imneadh aonuaire ar th'aigneadh.
Do chleachtais fleadh is fiadhach is graifne greagh n-óirshrianach ór dhiombuan iarann bhar n-each, a niamhfhonn lionnfhuar loinnreach. Ní caithtí lá id longphurt shean gan reic ndréacht nó nduan bhfileadh re glór bhar síodhchraobh seanma fa ól bhfíonchaor bhfíneamhna. Meinic thigdís teachta síth d'fhoráil chomhadh ó choigcrích dod chúirt ghairthe thaobhaird the 's raibhthe i ngach aonaird uaibh-se. Fa gnáth ar leirg do leasa lucht sgaoilte craobh gcoibhneasa ag maoidhimh uaisle gach fhir; aoighidh uaibh-se agus innibh. Fiu an céadaoibhneas do chleachtais, fiu a-rís do ró éigeantais, a phuirt úir na ngoirmeas nglan, doilgheas ar t'úidh nach iongnadh. Achd a-mháin nach maoidhte dhuit ró buaidhreadh nó barr iomluit, a shlóighfheithmheach na dtreabh dtais, fear d'fhóirithneach ó fhuarais. Tarla do chéile cubhaidh riot, a sheanráth shéanamhail d'uaislibh caithchéile chláir Fhreing; ná báidh d'aithmhéile th'intinn. Mac Diarmuda díoghbhadh cath fuarais tar éis do dheacrach, a bhraontana na mbeann dtais, aontagha as fhearr dá n-uarais. Tréig an gcumhaidh do chleachtais, eirg it earraidh oireachtais, lí bróin ná haithintear ort, a róimh chlaichfhinntreabh Chonnacht. Ní hathtuirse as oircheas duit ó fhuair tú tar éis th'iomluit, a fhéirmhín na sídheas sean, th'éinrígh ndíleas fa dheireadh.
Rod chuirfe a-rís id riocht féin oidhre Taidhg na dtreas n-aigmhéil, a linngheal na gclár gcorcra, slán ret imneadh iasochta. Teas gréine is gar do dhubhadh; gearr go gcuirfe Conchubhar do bhláth ionghnáth ar th'aghaidh, a ráth fhionnbhláth éagsamhail. Budh iomdha amhladh dh'ór ceard ós shleasaibh do chlár gcraoibhdhearg is ceird shaothrach druim ar druim ós leirg bhar n-aolchlach n-áluinn. Gártha caismeart agus crot budh iomdha i n-aoinfheacht iomut, a thonnnuaigheal na dtreabh bhfionn, combuaidhreadh fleadh is fithcheall. Ní fuighthear ón uair-se a-mach teimheal ar thaobhaibh th'aolchlach, a cholggairthe na gcíoch ngeal. ná díoth ordaighthe ar th'fhoirgneadh. Bhar n-ainm féile re fada méadóchaidh Mac Diarmada ag aos ghnáthmholta Ghuirt Néill, a phuirt bhláthchorcra bheinnréidh. A charrag na gcuan sreibhshídh is é oidhre Eibhilín, a ráth gheal na ngéigleas gcorr, fear do chéidgheas do chomholl. Do cleachtadh dhuit, a dhúin shídh, iocht is oineach it airdrígh; geis duid éara re n-aoighidh; sgéala nach cuid commaoidhimh. Dod gheasaibh bhós tre bhith síor th'iadhadh ar ionchaibh th'airdríogh, fa chliathfhroighibh do chraobh mbreac ná aon d'fhiafroighidh inneat. Ní chuala éingheis fholaigh nach í intinn Chonchobhair ort, a bhrugh na mbeann gcorcra, dul i gceann a gcaomhanta. An.
Baincheann bhrogha na cairrge, inghean ríogh fhóid fhionnChairbre na geasa céadna congbhoidh, réalta an leasa leabarghloin. Rún toirbheartach teagar séad, an céadchlú cuirfidh Mairghréag ar an ráith mbreacthana mbinn beantagha cháich i gcoitchinn. Gruaidh thibhreach gan toil bhfolaigh, sgath saorbhan síol gConchobhair, troigh bhoinnleasg as comhdha cean, toirmeasg foghla na bhféinneadh. An tú.
73. FEAR FEASA ÓN CHÁINTE. Bean dá chumhadh críoch Ealla; a-tá - ní taom soineanda - neoil éachta impe re headh, linnte téachta 'n-a timcheal. Síona corracha ceatha, saighnéin lonna loisgeacha, tuile chumhadh ós a ceann nach duibhe dubhadh díleann.
A-tá re hathaidh d'aimsir 'n-a tír dhorcha dhoghailsigh nar bhean a déarchuladh dhi; ní bean éanchumhadh i-se. I gcrích Ealla na n-eas nglan iomdha comhartha cumhadh táraidh dá tochrádh re treall gur sháraigh ochlán Éireann. A haibhne i dteirce torchar; ní trom féar a fanntolchadh; iúl fraochmhar a slighthe sain; sirthe faolchon 'n-a fiodhbhaidh. A-tá - ní cumha chuimse - dá adhbhar 'gá hathtuirse; gibh bé dhíobh as dimbhríogh dhi do líon sé d'imshníomh i-se. I nEallaibh d'éis a leonta aimrid gach craobh cheineolta, luath ar an gcioth mheasdar mall, ní easgar ioth 'n-a ionam. Do cailleadh le crích Ealla - tug dorcha a dreach shoineanda - tuir iorghuile achaidh Fhinn, nathair ionghuire a himill. Do cailleadh fós - fada a ghomh - a mionn adhartha, a hollamh, caitheamh aimsire a sluagh sain; truagh an ainnsile d'Eallaibh. Domhnall Ó Caoimh creach brughadh, Ó Dálaigh díoth ollamhan, a mbeith mar táid 'n-a dtaisibh dá chreich an fháid Eallai-sin. Dá leonadh a fhlaith ngoile, dá bhuaidhreadh a mbanchoire, dá chúis daghra leasChláir Luirc dá dhamhna an easráin d'adhuint. Mór as easbhaidh d'iath Ealla, mór as díoth d'fhuil Oilealla, dá phudhair luighe gach lis don Mhumhain uile is éisleis.
Díoth dá marcraidh mac Í Chaoimh; díoth dá n-ollamhnaibh d'aontaoibh - ní léir sreath adhmholaidh as - creach dá n-adhbhoraibh Aonghus. A-táid mar a-tá an Mhumha fa ndíth-sin ag déardhubha beithre fhoraire Fhóid Bhreagh, sgolaidhe na gcóig gcúigeadh. Gér mhór ag sgaoileadh don sgoil a n-orchra i ndiaidh Í Dhálaigh, níor lugha ag deaghail don droing a gcumha i ndeaghaidh Domhnaill. Ní bhíodh sgolaidhe don sgail dá mbíodh i mbaile Í Dhálaigh gan chomaoin éigin ón fhior d'fhorraoin nar bh'éidir d'áiriomh. Chuige do ghabhdaois trá ag teacht, do bhídís aige ag imtheacht go hionbhuidh sgaoilte don sgail, faoilte ionmhuin re a n-aghaidh. Oide sgagtha na sgoile 's a gcompánach comhnoidhe re linn sídh nó i gcailg chagaidh mairg an tír re a dtéarnadair. Díoth don mholadh, olc don aoir, bás Aonghusa mheic Amhlaoibh; saoth don ghaisgeadh líomhtha lonn an baisgeadh díochra Domhnall. Mac Í Chaoimh ceardcha goile díobhadh uaisle a fhaonloighe, áladh doiligh dá gach dháimh, bádhadh oinigh is easráin. Níor mhian leis an lá do mhair gan chuaird ollaimh 'n-a fhochair; an fáidh ó bhfuair gach oideacht cáir do-chuaidh 'n-a chomhoideacht. Domhnall mhac Airt 's a ollamh dóibh is aoibhne - adamar - béine nar an ar-oile; gar dá chéile a gcomhnoidhe.
A-táthar leo - leor do shníomh - ar gach thaobh d'fheart na n-airdríogh; tarthaidh sinne ar ndíobhdhúdh dhe i ríoghmhúr Cille Créidhe. Sáith Í Dhálaigh do dhamhna i nDomhnall dreach nathardha; sáith an donnaghaidh shing shéimh dar linn d'ollamhain ainn-séin. Suaimhneach dá gach dhuine dhíobh gan marthain d'fhulang fairbríogh i ndiaidh an chomthaigh ro chleacht; liaigh dá n-orchraibh a n-imtheacht. Ionnshamhail Domhnall dreach bhras ní dóigh go bhfuigheadh Aonghus; fa chrích ndaithghil mbraonghlais mBreagh aithghin Aonghais ní fhuigheadh. Bíoth gur mhaith le mac Í Chaoimh bheith is ollamh d'éantaoibh meisde é dul d'Ú Dhálaigh sé ag cur ar a chompánaibh. Do b'easbhaidh duas d'Ú Dhálaigh díoth céile agus compánaigh bás an fhialruire shéimh shing tar féin Fhiadhmhuighe Fhéilim. Is toirmeasg sgéal do sgaoileadh díoth dréacht agus duanlaoidheadh fa Chlár nOiligh dtonnmhall dtais do Dhomhnall oighidh Aonghais. Mór gcompánach croidhe Dhé do-chuaidh ag iarraidh éigse - ró doghruinne nar líoth lais - do dhíoth fhoghluime Aonghais. Gréas marbhnaidhe meic mheic Airt dámadh beo an t-oide orrdhairc do snoighfidhe 'n-a ghréas ghlan gréas badh sgoithghile sgiamhadh. Níor ghuais dí 'n-a dheaghaidh sain toibhéim oide ná adhbhair; níor bheag d'fheitheamh, a Dhé, dhi gomadh breitheamh é uirre.
Do bhí - níor bheag do thuigse, níor ghuth dhóibh é an ionbhuidh-se - geall gach oide 'ga ucht shlim a hucht a oige n-inghill. Do nós Í Dhálaigh sa dán do bhí Domhnall díon forrán re súr feadh, re feitheamh cruidh, 'n-a bhreitheamh cean is coguidh. 'N-a láimh leadartha biodhbhadh, 'n-a ghríbh chuirthe caithiorghal, 'n-a dhóigh oinigh, 'n-a eo ghlan, 'n-a dhoighir bheo gan bháthadh. Mac Í Chaoimh, cuingidh Ealla, troigh luaimneach lá doineannda, bas dána dhíobhraigthe sleagh, brágha míonmhaicne Míleadh. Ursa troda, túr deabhtha, fuigheall iarainn aithleaghtha, lámh éachtach áladh docrach bádhadh céadchath gcumhachthach. Mac Eilionóir, abhra slim, ní hé a inmhe acht a inntinn thug ainm d'iomarcaidh gach fhir don bhaidhbh iongantaigh éigsigh. Rogha foghluma fríoth lais, cur feadhma, foghal ionnmhais, cosg díbheirge cháigh dá chrích, rímheirge áigh is eissíth. Geall gach oide taoibh re taoibh mar fhuair Aonghus mhac Amhlaoibh geall gach ríodhamhna rug sin ar fud fhíonadhbha Éibhir. Ó Dálaigh an dréachta ghloin, mac ochta chloinne Carthaigh, dalta an chróchshlóigh mhálla mhir, órthóir an dána dhírigh. Bádhadh tnútha, tobar fis, cosg dubha, dúsgadh áinis, léaghadh meall nglanrolla ngeal, ceann foghloma na bhfileadh.
Ursa breithnighthe gréas ngill, sgolaidhe d'ollamh inghill, altra cháigh i n-ar gceird-ne, fáidh glanta na Gaoidheilge. Dursan, a Dhé, a ndeaghail ruinn mh'oide, mo chéile cumuinn; san gcruth i rabhadar rum uch nar anadar agam! Géarsam uaibhreach orra sain mo lucht comtha, mo chomthaigh, teidhm as tinne do threaghd mé a bhfearg rinne ní raibhe. Bean.
79. EOCHAIDH Ó hEÓGHUSA cct. Dealg athálaidh othras Taidhg; dar n-antráthaibh tochta an tuilg; créacht oile ar fheolfhoghail ndeilg loighe an deirg bheoghonaigh bhuirb. Ar n-eagla tar éis gach chráidh an té ro budh teasgadh dhúin; is sádhadh deilg deoidh i ndeoidh i n-áladh bheoil dheirg nar dhúin. Rugadh uain-ne - anba an choill - na huaisle fa hannsa linn; fuighleach áir chathshlóigh Ó gCuinn do bháidh i dtuinn athbhróin inn. An Aodhchlann rer dheacar dréim do heasgradh go haonchrann siuil; damhraidh as daithe do-chuaidh saithe sluaigh bharrghlain Ó mBriúin. Gan iarsma leanfas a lorg ar ealbha na ngliadhchath ngarg ní tearc m'aithghin trá ro threaghd dealg san aithchneidh mar tá Tadhg.
Táinig d'othras eidhre Briain gan dochar eile ar ar n-úidh - ar dtreabhlaid fa súgradh sáimh - dúbladh cráidh gur dhearlaig dhúinn. Níor theinn go heasgar an fhir; níor theidhm achd teasgadh mar sein, beag más tinne an tí ar a bhfuil; níor doigh linn-ne ní achd a neimh. Ní rángas deacar go a dháil, go a theasgadh ní tángas fúinn; do b'í an chreach-sain críoch ar leoin; easbhaidh 'n-a dheoidh ní díoth dhúinn. Beo ar n-aignidh, éanlaogh ar léis, ar ngéagcraobh go n-aibche fháis, snáithe ar saoghail, seadh ar gcruais, ar nguais, ar gcneadh bhaoghail bháis. Ar meadhar, ar macámh búidh, ar mbradán beathadh, ar mbrígh, ar n-aon d'fhine, iarsma ar n-áir, dile ar ngráidh, ar siansa sídh. Iomdha cruth i n-éagcruth uadh is céadfadh dá cur ar gcúl, títhe greanta ar mhíonbhun méar, dearca fréamh gcíordhubh dá gcrúdh. Ní tearc triathfhlaith gan chur gcrú is fiallach nach glac a ngó 'n-a los-sain 'n-a loighe a-tá 's croidhe mná 'n-a chosair chró. Ní cleachtar corma ná ceol, leantar don orchra mon uar folcadh feadh gciabhchorach gclaon niamhthonach taobh ngeal na ngruadh. Iomdha ó leathbhruach Léime an Chon go hÉirne na ngealchuan ngeal beochroidhe ar n-a ghoin ón ghal goil ban is eolchuire fhear. Le dubhadh eagla mon uar don chur-so ní leagar lámh; níor fheac sinn le sealadh fúnn ní bearar glún linn do lár.
Ní dó uile is eagal linn a thuisle achd go dteasgfa sinn, buille ar mbuana, béim ar gcroinn; fa coill gan fhréimh uadha inn. Ní hé caointear achd cách féin; dá gach aoinneach do b'fháth bróin; do sheich sna croidhibh ro chráidh gráin gach neith badh doiligh dhóibh. Ní hiongnadh go gcaoinfeadh cách fraoichneimh na bhfionghal 's na bhfuath, fearg na síon, catha na gcríoch, fíoch na ríogh, tacha na dtuath. Gár mheisde don mhac-sain Briain a sgarad re a mbeirtibh bróin mar shompla cobhartha cháigh; nochttha dháibh comhartha cóir. Is iad caointear ceann i gceann gion go saoiltear gan iad ann, súgh talmhan, tromthoirthe coll, torchairthe tonn marbhghlan mall. 'N-a othraisbheirt faghthar faill, ná hadmhadh othairchneidh dtruim; sgiamh aithmhéile ní háil linn ar rinn áigh caithfhréimhe Ó gCuinn. Éirgheadh sunna ar chomhair cháigh i gcosmhaile a chrotha féin; sgaradh sé a dhíchealtair ndúir re a ghné mbúidh síthshearcaigh séimh. Ní hoircheas a bheith - ní bhia - mar sein san troimcheas i dtá; cuirthe do ghríbh ghroighigh Chua brígh nua sna croidhibh do chná. Gan dulann re dathadh colg, fulang gan amharc na n-ard, gan fhaghla, gan iomramh sealg - iongnadh an cheard tharla ar Thadhg. Ní sgíos comhnuidhe do chleacht, ní sníomh tromthuirse, ní tocht, oigheadh cnámhtha cruaidhe cniocht - gé thártha ~ tar riocht nuaidhe a-nocht.
Meince a aghadh ar fhál reann go dtrásd iná i dtathamh throm bas daithgheal le ndeargthair lann bann tre cheardchaibh caithshleagh gcorr. A chos chuinge catha Ó mBriuin, do luighe is tacha dar dtreoir, a chisde na gcianbhann lúidh nach brisde fúibh fiarbharr feoir. Táirtheabhar ~ tar - gá truaighe treas - táithcheangal go nuaidhe a-nos; cúis tuirse mar táithe i nglas fa gnáithe i n-as cuisne an chos. Mac Máire ar n-annsacht - liach linn - Tadhg mhac Briain, ar mbráighe ghill, ar gclár tilte, ar dtuir gan bhuing, ar nguin buinn, ar dticne tinn. Ar ndá Aoidh-ne an Eanaigh bhí a n-imtheacht do mhearaigh mé; deacar meas m'inshníomha ar aoi rom chnaoi i gceas dimbhríogha a Dhé. Dealg.
81. FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct. Do bháidh teine Tír Chonuill; táinig díoth don déathoruinn; gríos beo do bháidh ar dtreise do-cháidh tre bheo ar mbaitheise. Cia do shluagh Bearnais nar bháidh lasair innighthe anbháil? do loisg thall seanróimh ar sean; ar neamhghlóir ann do hoirneadh. Árus diadha Dhúin na nGall lá a dheargtha - doirbh an fulang - táinig thoruinn tuile bróin do robhuing uile ar n-onóir. Doire Choluim Chille cian ó shoin do loisg teine é amhlaidh; do bháidh grísneimh dá uair inn; suail nar ísligh ar n-uirrim. Rí Éireann - anba an t-eineach - do bhronn Aodhmhac Ainmhireach naomhDhoire na bhféarmhagh bhfionn d'éarlamh raonmhoighe Raoileann. Re mac Ainmhireach ann soin rug buidheachas a bhronnaidh Colum cráibhtheach craobh shéanta naomh na bhfáithbhreath bhfíréanta. An lá-sain féin - fíor an dáil - do éirigh - anba an diombáigh - lasair bhras teinntrighe te dar las deirgtheine Doire. Tre losgadh longphuirt Choluim do ghabh brón síol saorChonuill; brón a ionnshamhla re headh ar shlógh lionnadhbha Lighean. Doire d'éirghe an dara huair táinig d'fhuil Chonuill chrannruaidh d'árus séimh na sreabh leisggeal badh-éin is eadh innisdear.
Córaide a uaim amhlaidh sin; an rath céadna ar chath Leithbhir fo-ríor ní raibhe dá n-éis a mbíodh i mbaile Bhroinséis. Róimh chrábhaidh catha Éirne cóir do Dhia í d'aithéirghe; nír bh'é tol a mbráthar mbocht báthadh do dhol san diadhacht. Dá ndíoghbháil táinig thoruinn uile i n-ar síol saorChonuill tonn bháidhte - is béad lem chridhe - tréad na háite hainglidhe. Móide as díoth a ndul seacha, fa crábhadh a gcéidbheatha - dóibh do b'aithbheatha a n-umhla - aithreacha na healadhna. Budh tréad gan bhuachaill crú Cuinn nó go gcruinnighid chuguinn tre annsa i gceann a chéile dream ler bh'annsa an aithmhéile. Gér bhocht nír bhocht a gcridhe ord na háite hainglidhe; ní bhíodh a lógh orra ar-ís gidh mór dtonna do thráighdís. Ní d'iarraidh chlú ar chathaibh Breagh do cheannchaidis fíon fuairmhear 's ní do ghrádh comhóil cheana acht d'onóir an fhoirghneamha. Teach aoigheadh coitcheann do chách, moladh Íosa i ngach éantráth, fa gnáth aca ucht re hucht, slata dar bhláth an bhochtacht. Tréad báidh dar bheatha an bhochta fuair do dhruim a dhaonnachta glóir shaoghalta mar nar shir i róimh chaomhanta an chreidimh. San eaglais bhoicht nar bhocht céim go bhfaiceam ar-ís iaid-séin ar éinshlighidh sonn fa seach an drong chéimrighin chráibhtheach.
Smuain mar tá Éire dá n-éis cuir tre sheirc, a Shan Phroinséis, ar Impire na n-aingeal impidhe nach éadaingean. An coimhthionól nar chleacht sgís togbháil an bhaile i mbídís sir ó chroidhe ar Cheard na ndúl danab goire a fhearg d'iompúdh. A Shan Phroinséis nar mhuidh mhóid, guidh fa leith thuas an Tríonóid; sul thuga sí éara ort fa thrí déana do dhúthrocht. Fa fhurtocht ar th'árus féin nocht ar a aghaidh iaid-séin a chóig chomhartha ar do churp róid nach doghabhtha ó dhúthrocht. Ar deis Dé go ndeachaidh sibh dot ísliughadh dar-íribh do shíor do chráidhis do chorp; ní gníomh áinis an umhlocht. Do thréig tu-sa do thír ghnáth agus innile is órshnáth is leabtha suain ar bheith bocht go breith buaidh ar an mbochtacht. Do thréigis fós - foirbhthe an ghlóir - beirt órdha ar éadach ndeargóir, is fíon ar an uisge fhuar; a bhríogh dhuid-se ní diombuan. Dar ndóigh ní dhiongna an Coimdhe th'oba ar aoi na connailbhe; do-rala Rí an bheatha bocht 's do bh'í do bheatha an bhochtacht. Ná léig feasd ní as sia ná so ó tá th'impidhe ar Íosa san Bhanbha fa ealta éan leabtha falmha na bhfíréan. Córaide a chur 'n-a chruth féin dá snadhmthar ar-ís ei-séin teach suidhe na mbráthar mbocht; báthadh ní fhuighe a n-umhlocht.
Go gcluine sinne sonna san mhainisdir mhíorbhalda faoidh bróin mar do bhí reimhe; fa róimh hí don aithrighe; Ag moladh Dé leath ar leath go gcluineam ceol a haithreach, is ceol abaigh a héan mbinn; ní cagail déar do dhlighfinn. Go bhfaiceam a hiobhra ar-ís fa bhláth mbuan mar do bhídís 's a habhla feactha fanna; balbha a n-ealta eatorra. Do b'iongnadh Ultaigh dá héis treabh shuaitheanta Shan Phroinséis; gnáth éagnach ar ar gan fhál; do ghabh ar gcéadrath claochládh. Samhail dúinn iar n-a dol síos ceardcha gabhann gan ghuailghríos; beich gan mhil, teach gan tughaidh, nó each gan idh n-urchumhail. Guidh ar a son san tigh thuas, a Phroinséis fa cruaidh coguas, na guaisbheithre ó Ghurt Eine lucht uaislighthe th'aitreibhe. Conallaigh dá ngarmthaoi Glais fiallach uaislighthe th'árais, guidh go síordhuidhe ar a son, cuir th'fhíorghuidhe let fhocal. Guidh le laochraidh Fhóid Eine, guidh leam i n-am d'áiridhe, a chraobh dhíona an duille ghloin, a Mhuire mhíolla mhiochuir. A úir as airde ná neamh, a bhean rúin Ríogh na n-aingeal, a ghlór nachar ghnáthuigh coir, a mháthair, a ógh ionmhuin. A ghéag fhíthe as uaisle bpóir, lá na breithe ar Sléibh Si-óin ag toigheacht dún i gcionn cáigh nach liom do rún tre robháidh.
A Easbal dan hainm Peadar, a dhoirseoir an Dúileamhan, uch gan sinn-ne id ghar do ghnáth; rinn-ne go rabh do robhádh. Do bháidh.
83. GOFRAIDH MAC BRIAIN MAC AN BHAIRD cct. Doirbh don chéidsheal cinneamhuin tairngeartaigh; indearaidh d'airmbeartaibh a héigean d'fheadhmfhortail; fiu a heire éara dá hilreachtaibh dá minleantair fréamha a neimhe go a neamhdhocruibh. Deacair snámh an anfaidh iodhlannaigh; tarthair dá hiodhlannuibh dán gach doirbh-iomaidh; iomdha i ndiaidh na toice do theadhmannaibh do chiaigh mhearbhallaigh nach croidthe dá coimhleangaibh. Rian tairngeartaigh gémadh tál roimheanma doidheaghla re a lán d'airmbeartaibh oiliomdha; dá measdar fádha ratha gach rodhamhna is comhardha tacha a ndála doigheamla. Dál ríghe go roichthir 'n-a hinmhighe timdhibhe díne i ndoighthibh a doirbhneimhe; mór dar dhearbh doghruing a furnaidhe, gidh Rudhraidhe Ó Domhnaill do dhearbh a doinmhighe; ní theasda uaidh é dá hamhghoire tarngoire a bhfuair sé dá soinmhighe. A ghairm Iarla fan iothmhuigh n-Eamhna-sa griangha Bearnasa ioma bhfiochthair folfhrasa do ibh do ghuaisibh na garma-sa an t-uai-sin Maghnasa digh ndomlasa. Suil tháireas gus a-noise a-nallamhain loise mhallshubhaigh a háineas 'n-a hiomairibh iomdha d'fhairbrígh a holc n-indearaidh do nocht an chinneamhain d'airdrígh fhionnOiligh. Do throighibh do thomhais a haobhdhocra soighin mhaordhachta fhorais na hiarlachta; níor bh'fharáil 's a bhfuair dá fírdheacra do sduaidh ríghbhearta d'agháil a hiarmarta.
Do b'iad fádha a ratha 'n-a ríodhamhna dála sníomholla catha chianfhoghla, drud re roibhthibh, cúilte cróbhodhbhdha, dúinte sróllamhla i bhfoithribh fiadhamhla, tar a shúile gan oba ó éiniomdha troda géiriomdha fúin-ne i bhFianadhbha. Fa meinic i dtruaill earnaigh áitheamhdhlúith ar sduaidh gach bhláitheangbhrúich go Teamhraigh dtréithfhionnmhaoith, nó slios seada an chogthaigh ón Chruachanráith ar leaba luacharbhláith i bhfolchaibh nó i bhféith-iomghaoith. A bheart iarna re rochtain 'n-a rioghruire ag Iarla mhíonDuibhe 'n-a somplaibh sróillfhighe, a mhéara ó gháibh ar n-a ngrianshnoighe táir d'fhiadhaidhe Ó Éanna na hóirrighe; a bhfuair do thacha um Thulaigh nIughoine do sdiuraidhe an ratha is cabhair ar chróilighe. Áineas raith an tagaidh thalmhaidhe ag flaith ballDaile as abaigh n-urlaidhe; balg fis na tarbha do thairngire an dainmhighe tharla ris 'n-a Rudhraidhe. Tairreasdair athaidh d'imshníomh foraire finnghríobh Toraighe gan fhachain n-airighe; díol 'n-a fhorbhais iar n-uair dá urfhaire fuair do shubhaighe dhomhnais a dhaighfhine. Fa hiad aidhme a adhbhadh n-aolamhail mainnre do chaolfhoghaibh dá n-adhnadh re nuaidhghealaigh; flaith Lighean ag áineas fa fhíneamhain tháireas do mhímheadhair a n-ibheadh d'fhuairshreabhaibh; a bhfríoth le rígh Ó gConuill do chróilighibh fóiridhin ar dodhuing don tír thuaidheamhain. Biseach síne i n-aimsir earrchamhail 'n-a ríghe ag an ghealchladhaigh thaidhbhsigh thorcharaigh 'n-a tuinn oir gan fholta gan aincheanaibh gan mhoir n-ainbhtheanaigh do thochta achd re torcharaibh.
Gan tuir achd crodh ortha um fhearannaibh, fearannaigh ag ar gach dhromchla dhaghaghaidh, fáth an díona do gháibh goilearraigh fa chloidheangaibh síodha an chláir Chonallaigh. Tréigis a dúire dá deirc ríoghnaidhe míondruine núidhe i mbeirt na bánghoile; mogail na gcnó ar inneal n-óirbhleidhe; inneamh póirghine gach cnó dá clárshnoighe; gréas meachda ar fholt gach fhiardhoire; dearca ar n-Iarlai-ne lucht a lámhdhaighe. A snigh do bhraonaibh le feadhaibh fannáille 'n-a gcraobhaidh amáille i sreabhaibh seanGhuaire; céir ag tál le slatchoill slimfheoighe ag tacmhoing gach mildeoire mar badh grán gealnuaidhe. Coill eatha ós gach bhfionnmhuigh bhfóidfhéardha; 'n-a bhfiodhbhaidh róiddéanmha mar badh sreatha síodórdha do thamhnuibh a dhuilghe idir gháibh géigiarna fa chéidIarla chláir Luighne líogómra. Breitheamh as aibche le a n-uirríoghaibh, feitheamh ar uillíoghuin d'aicme fhionnDálaigh, fear neamhshocra an raith do rinnfhéaghain, flaith indéanaimh fhearachta an Iollánaigh. Críochbhun coinne clann bhfionnLogha, bann iomramha ón moille síothladh seanmhara, dreach gheal dar bh'aoincheol na hurbhadha, gaoithreodh turnamha fhear an eangnamha. Óradh na gcladhocht um Dheirg ndalldamhaigh dar cheird an-allamhain falocht i bhfinnfheadhaibh, dreach shoirbh as éideadh i n-iomomhain, beach rionnamhail fa doirbh don chéidsheal cinneamhain. Doirbh.
87. DOMHNALL MAC TAIDHG Ó DÁLAIGH cct Duine deighmhisnigh Dái-bhíoth; mór fhuair d'ulc is d'fhíorláindíoth budh toirrseach le triath oile fa iath gcoimseach gConaire.
Mór n-adhbhar ler chuir i gcéill mac Séamuis nar thuill toibhéim, pór glainshlisnigh, an mear mín, ar bhfear daighmhisnigh Dáibhídh. Do dhoirt Dáibhídh as mhaith modh a dhóchas i nDia Athar; do ghlac fírmhisneach nach fann slat do shídhshlisneach Sagsan. Do thuig i dtós a aoise triath Barrach - beart roghaoise - rosg mear as creachthóir ar chrodh gur neamhchóir seadh sa saoghal. Níor ghlac sé ó soin i-le ró sgíse im sgéal dá dhoilghe dá mbeath go mothuigh sé sin acht rothuil Dé do dhéinimh. An lá do-chluin cúis toirrse far dhéanta dhó doghoillse ní feas doimheanma ann air an mall soidhealbha sochruidh. Ní faicthear a bhrón go bráth, ní théid caitheamh 'n-a chonách marcach gruaidhmhear as ghlan cruth níor ghabh buaidhreadh an Barrach. Meinic fhuair-sean fheidhm docrach troid leathtrom gleo guasachtach, gidh eadh níor theith, níor thuill guth go breith gach bhoill don Bharrach. Iomdha troid 'n-ar toillead lais clú le misneach mheic Séamais fir cholgshnasda nach uar ail do shluagh bhorbghasda an Bharraigh. Fuair iar n-éag a athar dhil go lór imshníomha is aisdir fonn cathardha na síodh sean ag díon athardha a aithreadh. Tugsad aighthe i n-aoinfheacht air Goill is Gaoidhil Ghuirt Fhionntain fear séimh nach sochlaointe brígh an réidh dochlaoidhte Dái-bhídh.
Do chuirsead Goill - is é a fhíor - le neart dá neimhdheoin Dái-bhíodh sduaidh chneasaolta go ngné ghloin i n-easaonta é orthaibh. Nó gur bh'éigean dó fa dheoidh dul 'n-a n-aghaidh dá aindeoin a bheith umhal do b'é a rún go ré an churadh do chlaochlúdh. Rug air - is ní hé do thuill - d'fhoirneart is d'iomad leathtruim aigneadh sídhe múinte mear cúirte a thíre gur thréig-sean. An ló nar ghabhsadar Goill úmhlacht mo chéile chumoinn téid ar dhíon an déadbhláith dil; ní gníomh éadtláith do fhoillsigh. Ní toirrse, ní trom lighe, ní meathtacht, ní meirtnighe do ghlac an ghéag fheardha fhir, acht méad meanma is misnigh. Gairid dó 'n-a dheaghaidh sin go bhfuair sé ar son a mhisnigh fógra síothchána sluaigh Gall gruaidh fhíochdhána nach anbhfann. Aoincheann Barrach na mbreath séimh beirthear leis - lán do dheighchéill - cuairt aithghearr le bhfuair a thoil go baincheann sluaigh na Sacsan. Fríoth leis aiseag a fhola; fuair Dái-bhídh dreach neamhdhona gnúis fheardha ar nar braitheadh béim maitheadh a ndearna doi-séin. Ní fhuil aonfhód tiar ná toir ná cíos i gcairt an Bharraigh nar fríoth le grásaibh Dé dhó rer chásaigh é fan am-sa. Do budh mó sa chách a chion ar ndol Dái-bhídh fa dheireadh ruire suairc nach saoibhthim gus ar cuairt go saoirching Séamus.
Neimhiongnadh - dia do rath - roimhisneach Bhíocont Barrach 's nach fuil díobh obar nar fhéag síodh nó cogadh do choimhéad. Mar an gcéadna a chéile dil Oiléan óg aigneadh suilbhir gruaidh soidheargtha as séimh breath doimheallta a méin 's a misneach. Níor chuir-se i gcéill do neach go mbíodh cás trom ná tuirrseach ná anbhuain ar a gnúis ghloin fá chúis amhluaidh dá bhfaghaibh. Inghean Dái-bhídh - Dia dá díon - maith chongbhas aithne an Airdríogh; ní thuillfe ar neamh diúltadh dhi bean leis nach diúltar duine. Duine.
89. FEAR FLATHA Ó GNÍMH cct. Éireannaigh féin fionnLochlannaigh dá bhfréimh ó na finnghealChollaibh, an fheadhain shaor shuilbhearchonnail nar thaobh Eamhain innbhearthonnaigh. Aicme ad-roigh re robhuanaimsir tar moir ngoilthe ngoibhéilinnsigh, lucht sealbha na seinÉireann-soin ó Ghurt Eamhna oiléininnsigh. Triallaid tar cuan gcormbogabaigh sluagh dá bhfianaibh formaideagair do ládh druim gér dhearmadobair le clár Cuinn far chomhraigeadair. Dronga go gcéill chomhairleimhir do fhréimh Cholla chridhiorghalaigh ó shoin um fhád n-oirearMhonaidh a-tád thoir 'n-a dtighearnadhaibh. Ré cian fa chuing fhéinnidheachta ó fhiadh Fhloinn don leomhainealta deighsheal raith an ríoghoireachta; maith deireadh na deoraidheachta.
Tír dúthaigh chláir chríchfhionnMhonaidh dháibh níor dhúthaigh mhátharbhunaidh; fan tír fhoirbhthe fhéithinnbhearaigh díbh níor ghoirthe achd gnáthAllmhuraigh. Fillid díobh táin tromthuinighthe go Tír bhFáil na fearchoinshirthe do léim tar fhál n-anfadhaithbhe i gClár Néill is neamhchoimhighthe. Gasraidh do dhruim dúthrachttogha tar tuinn anfaidh áithneartmhara fád Dá Thí ar tí a luathrochtana 's a-tád ar tí a tháirtheachtana. Banbha Chuinn badh críochcoganta do dhruim fhaghla 's éachtaigeanta sirthe ón bannbhras bárccuideachta adhnas crithre a gcéadchaigealta. Críoch réidh maicne mearRudhraidhe fan aicme ós fhéin bhfionnAlmhaine don eing cheathraigh cheallainglidhe beanfaidh greim na giollanraidhe. Mo chean báighfhir beoighleacacha, fir go bhfáinnibh órshlatacha, drong gan sháir gan tshaoibhfhreiteacha do sháidh sonn a sróllbhratacha. Caor shlóigh don fhréimh ríoDhomhnallaigh nach dóigh dréim re a ndírimdhreamaibh do shín i-le i léibheannlongaibh gus an dtír dte dtírimghleannaigh. Ceann brughadh is breitheamhmaicne, ceann na gcuradh gcaithinnilte, ceann riaghla agus rochomairce, fearr ón Iarla an aithimirce. Éan d'ealta na heoMhodhairne do fhéagh reampa a róimhfhleidhinmhe mac Máire mac saorShomhairle slat fháinne dar n-óiridhibh-ne. Cú do-chóidh ós chuainfhearchonaibh, ar gcnú óir ar n-aonaithmheadhair, Raghnall griangha an Ghaoidhilchinidh Iarla garmann ngaolaithreamhail.
Bláth cnó ar dteachta ó thréanCholladhaibh ní dhearca a chló ar chaorthandoraigh; do-chuas ler gcéir lóchrannamhail céim suas tar na saorchlannadhaibh. Sruth mion ní meadh d'iomuislinnidh; d'fhior Bhreagh ní bhean tomhaschomaidh; ré do só tar soluisreannaibh is é a chló ós chomhursannaibh. Do sgaoil d'fhádh snaidhm seantarngaireadh; lán dá ainm an Fhionntanmhaighean; gidh bé ad-cheadh a chointinnmheadhair fear is é ná hionntamhlaigheadh. Tugar pár mín meamramrulla ón rígh do rádh tingheallranna lá garma i gceann coimhdhioghluma Gleann Arma agus innbhearBhanna. Dún libhse na leathanghormmagh múr nach brisfe brathairminnleadh gan gheis ann dá athoirbhearnadh a-nall leis is Lathairninnbhear. Beantar smuais faoi 's fearainnfhiadhuil, gach sgaoi cnuais do chrobhuingéirigh, tug burba ar bhóid neamhaindeonuigh, róid chumhga do chonuirréidhigh. Lán arbha i ngach iothlannchuilidh fa chlár n-Arma n-eathbhairrshleamhain; tug tír d'or ar eachradhghroighibh sgor síl ar na seanchaibhdheanaibh. Sgotha cnuais 'n-a gcoillfhiarghobhlaibh srotha um Bhuais do bheangáingheimhligh; bric chorcra ar taoi a dtiománghoibhngidh gach laoi ar dtochta a dteannáilgheimhridh. Dreach úr shéimh mar shomplaichrithre don fhréimh gan rún gconntarchaithmhe; tonn do líon do lonntorchairthe síol na gConn gcomparchairthe. Múr seang aige 's aontachosmhail le Dún na reann réaltachobhsaidh; mar tá sonn mí Mártaitheasbhaigh do bhí fan gConn gCéadchathach-sain.
Glóir na gcuach níor chaomhchoraighe ó Bhóinn go bruach saorthoraighe, níor ghairde an mhaith mhórthoghaidhe i bhflaith Chairbre 's caomhChonaire. Gach ceall i bhfuair áladhdoirse uaidh as fhearr a haoileagair-se; searc gach baothmhná brághadshoillse ní chlaochlá neart naoimheagailse. Sine cóir síl seinFhéidhlimidh ar an mBóinn mín mainéirreannaigh; aoighe thall í i n-oiléineangaibh an chlann do bhí ag bainÉireannaigh. Éireannaig.
90. FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct. Éisd rem éagnach, a fhir ghráidh; is tús damh ó Dhia an domhnáin i ndiamhair le dlús guidhe iarraidh ar tús trócuire. Tug an toice re haimsir druim riom san chrích Chonaill-sin; im aghaidh is ionnsa í; liom-sa labhair, a Fhlaithrí. Do chailleas onóir mh'anma 's mo bhuar 's mo lucht leanamhna 's mo dhúthchas - gidh dál pudhair - i gclár chlúmhchas Chonchubhair. Fás slios agam re hathaidh d'easbhaidh shíl Chuinn Chéadchathaigh; am slat chroimcheannach re headh i ngoirmtheallach mac Míleadh. A chara - ós dá chasaoid ruibh - Goill dom athchur 's dom arguin rom thug go Labháin tar linn; rug a hanáil óm intinn.
Ainm uasal san Eoruip ort, tú airdeasbag Chláir Chonnocht; déana báidh is robháidh rinn; is cáir dot onáir mh'fhaithchill. Ní maith mo dhóigh, a dhearc mhall, díoth toice má tug oram teacht ó chaithÉirne an chlúimh thruim, súil re haithéirghe aguinn. An bláth chuireas an choill di tig a ionnshamhail uirthe; re ndul dúinn go cathmhúr gCuinn súil ris an athchlúmh aguinn. Tig teas iomarcach d'éis reoidh; glanaidh grian i ndiaidh duibhneoil; fásaidh slios ré ar n-a raghuin; gá fios nach é mh'ionnshamhail. Cuirfe as mo chroidhe a chumhga; a-tá iomad th'ealadhna 's do rífhréamha dom reic ribh, a mheic fhíréanna Fhíthil. Maine mac Néill, Niall féin, Eochaidh Muighmheadhón maoithréidh, drong Fuineadhach nar bh'olc n-áigh. 's Muireadhach ort dom fhuráil. Fiacha Sraibhthine, súil ghlas, Cairbre Lifeachair lúthbhras, agus Cormac dom char ort, donnghlac nachar ghabh guasocht. Art Éinfhear, Conn na gcéad gcath, Féilim Reachtmhar rí Teamhrach, is Tuathal dom fhuráil ort, a bhranáin Chruachan Connocht. Biaidh a bhfuil ó Thuathal thiar go hÉireamhón ar éinrian ag labhairt leam ais re hais, a cheann-adhairt gach eolais. Dlighe ó chrú Chormaic mheic Airt, 's ód ghairm onóraigh orrdhairc, is ót sheanathair láimh linn báidh ret ealathain inghill.
Do sheanathair san aois óig do chuir geall - dar ghar urchóid - fa dhán re hadhbhar eile glár far hadhnadh oirbhire. An uair-sin ó thír do thír do-chuaidh Muirgheas mhac Paidín a-nonn i gceann mo chinidh, drong ór fhearr a fhóiridhin. Tug mh'aicme iar sin láimh do láimh le Muirgheas do mhuin roghráidh cuairt cheiníl go Cruachain gCuinn ó thuathaibh Ceiníl Chonuill. Rug mh'aicmei-se - iúl go bhfios - breath san mhórdháil le Muirgheas an uair-sin féin druim ar druim - céim do uaisligh a fhoghluim. Ris an bhfine dá bhfuil sionn mac Paidín oide Éirionn ceangal síor ó soin i-le ag a síol i Moigh Mheidhbhe. Sliocht Eoghain Mhóir Mheic an Bhaird, sliocht Muirghis ón mBúill mbraonaird, fa mhóid gráidh shíordhuidhe ó shoin tar dáimh fhíonMhuighe Fhionntain. A airdeasbaig fhóid Aidhne mar chairt ar ar gconnailbhe - ní cóir blagh do dhul di-se - an i mbun na báidhei-se. A mheic Fhíthil, adhair dhi baidh ar n-aicmeadh rer-oile; buail séala ar mh'annsa as a hucht déana dhamh-sa do dhúthrocht. Ag sin an pháirt 'n-a páirt te cuir a hucht ar dá n-aicme, a ghéag abhla ó Thoigh Dhá Thí, do thoil led labhra, a Fhlaithrí. A mheic Onóra éisd rinn gé táim ann nochan fhuilim; ó theasda mh'ana éisd mh'uch; a chara éisd rem éagnach.
Sir síoth dhamh ar dhaonnacht Dé gion go ndearnas a dheighréir rem ré san bheathaidh i-bhus, a Pheadair, éisd rem éagnach. Éisd.
92. EOCHAIDH Ó hEÓGHUSA cct. Fód codarsna críoch Bhanbha; mór d'uaislibh na hathardha taoth ar sgáth oiléin na n-olc fan gnáth doimhéin do dhúsocht. Iomdha leacht Ghoill is Ghaoidhil, iomdha éacht do b'ionmhaoidhimh, iomdha oil úir san eing-se re goimh thnúidh 'n-a timchill-se. Ríoghraidh Ghall, Gaoidhil Bhanbha, gnáth leo lot na hathardha re gomh croidhe dá chéile; blogh oile dá haimhréidhe. Meinic a-niodh 's a-nallain miosgais chroidhe ag cniochtGhallaibh do chloinn mhéirsheing Ghaoidhil Ghlais fa Éirinn bhfaoilidh bhfoltchais. Meanma chroidheamhail chogthach, aigneadh doiligh díoghaltach dóibh sin ag saorchath Banbha fir na n-aolchlach nAllmhardha. Lucht inghreama Innse Fáil 's clann mhillteach Mhíleadh Easbáin casmhail a rún dá-roile fa Mhúr n-arsaidh n-Úghoine. Eagla cniochtGhall re a gceanaibh eagla Ghall ar Ghaoidhealaibh 's gan ghlas fa éineing orra ní has d'Éirinn eatorra. Gidh eadh ní hionann gach olc is anbhuain fhairche Chonnocht, achadh cuaingheal na gcall sean, ó bhuaidhreadh Ghall is Ghaoidheal. Sluagh Danar ar dhruim a cean ar olc re huaislibh Ghaoidheal tír na sruth bhfaoilidh bhfosaidh, Gaoidhil san chruth chéadna-sain.
Tnúthach bhfoghla re fada Goill is mac Meic Diarmada - mór d'éintír ionnramh a n-olc - fa fhionnmhagh gcéichtmhín gConnocht. Ní choisgid aonlá d'fhoghail Goill Fhódla d'fhuath Chonchobhair; bídh amhlaidh ar fhuath na nGall faghlaidh a dtuath 'n-a dtiomchall. Ní lugha as mhillteach mac Taidhg ar iath Cruachna an chláir mhínaird tír bhreaclongach na mbruach slim d'fhuath eachtronnach 'n-a inntinn. Mór longphort do leagadh lais feadh cogaidh an duinn dearcglais 's níor tógbhadh dún ná diongna san mhúr fhódghlan oireaghdha. Gidh eadh is easbhaidh air féin gach cion gnáth, gach greas aigmhéil, gach díbhearg dá ndéanann sain, fa réadhfhonn mhíndearg MaonMhaigh. Budh aithreach leis uair éigin iath Cruachna an chláir mhínghéiggil muighe slaitgheala síon dte gan aitreabha ríogh roimhe. Caithfidh cuingidh Cláir Meadhbha bheith ag ól fleadh bhfíneamhna - náir don tairngeartach ros togh - fa ghairbhleachtach cláir Chruachan. Gach brugh dar bhris go talamh, gach lios dar loisg Conchabhar budh saothrach ar a ghruaidh ngil ag uaim aolchloch 'n-a n-áitibh. Adamar tar éigceart nGall budh fuar do dhruim a ndéanann ráth shéadChruachan na sreabh dte fa éadnuachar ngeal nGaillmhe. Seinbhean na ríogh, Ráth Cruachan, go mbia cuimhne a chreachruathar saoilim - gion go saoiltir lais - 'gun mhaoilinn bhraointigh bheannghlais.
Tuigthe dhamh gé deirim sain do nós bhan nach bí Cruachain iosdadh úr oileamhna Chuinn; roidhiomdha dhún mar dearaim. Luighfidh air d'éis a ndearna; ní bhia cuimhne a céidmheanma glac as créachtdomhain ó chath ag séantolaigh mhac Mághach. Ráth Meadhbha na múr líggeal fiú a bhfuair d'ulc dá himdhídean do bhiodhbhaidh Bruighne na bhFionn cuimhne ar dhiomdhaidh nach dligheann. Meinic riamh do rinneadh sain ag díon Chonnacht d'Ú Eoghain gníomh neamhthláith i n-uair fheadhma fa chreachráith bhfuair bhfinnMheadhbha. Meinic lingeas leirg dtroda re cathaibh chlann nDiarmuda tre bhróin ngéirreann síothghlan sean ar léibheann bhfíochmhar bhféinneadh. Meinic dhoirtear i ndeabhaidh d'fhuil chodhnaigh chlann Muireadhaigh ceatha braon ndorus ndomhain fan dtaobh solus síodhamhail. Adhbhar omhain dá dhreich dhuinn a bhfuil d'airrdhíbh Chon Culuinn san ghríbh dhreachmhaordha ón Mhuaidh mhir dá neamhchaomhna ar uair éigin. Cú Chulainn an chroidhe mhir níor chuir riamh i rinn éigin bríogh i gcréachtnughadh a chuirp síol na n-éachtchuradh n-orrdhuirc. An tráth fa dtigdis uile i gCúigeadh chlann Rudhraidhe níor bh'uamhan le beithir mBreagh sluaghadh na gceithir gcóigeadh. Fir Éireann d'aonrún cogaidh d'éis na Tána tángadair d'fhios Eamhna na mbánshroth mbinn ealbha ánrath fa Oilill.
Lingis i lámhaibh Ultach an Cú fíochdha fóbartach tré bhróin gcrannruaidh choille reann i gcoinne armshluaigh Éireann. Innlid ar Choin na ceardcha a gcleasa áigh inneallta uaisle an chuire chneisghil chaoimh sa bhreisligh uile d'aontaoibh. Leathtrom muinntire Meidhbhe don chur-sa ar Magh Muirtheimhne téid soin ar chéadfaidh catha do Choin éachtaigh fhionnMhacha. Gidh eadh tar éis a ndearna ar chathaibh Chláir seinMheadhbha do créichtchiorrbhadh cneas an Chon sa treas éichtiongnadh uathmhar. Cuiris láimh - lór do phudhar - d'éis a chuirp do chréachtnughadh slat do b'orsa d'fhine Ír ar cridhe an Chon-sa an chleitín. "An croidhe ad-chiú ar n-a tholladh go dul orm ní fheadamar gur neamhchruaidhe ná cur cloch" ar cur fearchuaine Ultach. "Gé a-tá a-niogh 'n-a chosair chró ní shaoil mé - móide mh'iarghnó - narbh iarann cruaidh mo chridhe" ar sduaidh ghrianfhonn Gháiridhe. "Bheith dom chroidhe d'fheoil nó d'fhuil dá saoilinn" ar Cú an chleasraigh "fa chlár sreabhghlas na mbeach mbinn leath a ndearnas ní dhingninn." Mar sin narab séad samhail bheith i gcath, a Chonchabhair, gan ghuais fhuileachaidh d'arm ort, a bhadhbh fhuireachair éadtrocht. Saoiltear leat le linn deabhtha croidhe iarainn aithleaghtha 's gan sgáth a chréachtghoine id chorp, a bhláth céachtMhoighe Connocht.
Dar leat bídh lúireach Logha i gcath fad chneas míontana red dhimbríogh i ndíon do chuirp, a ghríobh na n-ilghníomh n-orrdhuirc. Nó saoilidh tu-sa, a thaobh slim, go mbí airm Uair mheic Tuirinn id bhais tslim ghéiggealtais ghloin i rinn éigeantais agaibh. Munab eadh, is iongnadh linn mar thig tu-sa toisg innill saor i gcéidrinn gach chatha, a chraobh ghéigshlim ghormMacha. A aigneadh fosaidh feithmheach, a ghus reachtmhar ríbheithreach, a dhreach shlim níamhsholuis náir, a ghrianfhorais fhinn Fhuaráin. A éigne ón Charraig chladhaigh, a phosd catha, a Chonchobhair, a ghnúis ghairthe re dtéigh tol, a réim aithbhe dá hanfadh. A leac thairsigh na troda, a choiléin chlann nDiarmoda, a bholg fichigh fionnshroth dtréan, a chrithir shiobhlach shoighnéan. A-tá im chunnradh re a chéibh dtigh rann do ghnáth d'Aodh Mhág Uidhir, géag armghonta ón mhínFhinn mhuill d'fhírrinn adhmholta oruinn. Fiacha oram-sa amhlaidh sin inghean Domhnaill, dreach fhaoilidh, dlighidh sin míonrais molta dá síodhbhais dhil dhonnchorcra. Díoghrais mholta dá dreich dhuinn ní fuláir d'inghin Domhnaill; clú a saorathar is dual dí sduadh ó chaomhachadh Chairbre. Fód.
93. FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct. Fogus furtacht don tír thuaidh, fogus furtacht dí dom dhóigh, tiocfa d'Aodh rer-oile a huaim; don taobh thuaidh is goire an ghlóir. Broid an chóigidh saorfaidh súd; fóirfidh ar ghaoltaibh a ghéag an t-Iarla oirbheartach óg griangha ó fhód ghoirmealtach Ghréag. Dá dhaghfhádh fa díleas rún Fítheal is Dallán na ndámh i gcuimhne ríomhthair a-raon fíorfaidh Aodh fuighle na bhfádh. Muaidh is Doire is Dún na nGall agus múr Oiligh 's an Fhionn 's ní sa mhó - ní míobháidh leam - dó do gheall an fíorfháidh Fionn. Na Conaill fhíre as fhearr buaidh dar gheall Coluim ríghe róinn ná saoilidh nach ba dhíobh dhúinn; bíodh súil gach Gaoidhil re glóir. Ar labhair Cormac Ó Cuinn ní samhail d'orchar re haill; d'Aodh Bhreagh acht go triall tar tuinn Treabh Chuinn ní ba fiadh ar faill. Glóir a gharma iarrfaidh Aodh, triallfaidh le chabhlach tar cuan, líonfaidh beannBhanbha na mBrian, fíorfaidh thiar seanlabhra suadh. Géisfidh an Ana re n-Aodh, na slata géisfid dá ghrádh, géisfidh gach ní do-ní nuall, géisfidh an cuan dá dtí i dtrágh. An Loch Léin-se léigfidh gháir an Éirne géisfidh re a ghlóir; cuirfidh meanma ar gach dúil díbh Súir mhín agus Bearbha is Bóinn.
Mar bhóchna bhailbh briathar mall an griangha dá ghairm a-nonn ar tí a gharma ceann i gceann budh teann labhra na dTrí dTonn. Na feadha ag claonadh dá gcloinn, na gaotha ag gealladh Í Chuinn, tug a dháil go domhan Finn foghar binn re tráigh ag tuinn. Don sgoith Bhreagh-sa do bhí i ndán gach ní do gealladh dá ghaol; an cuire do imthigh uainn fillfidh a mbuaidh uile ar Aodh. Clann Dálaigh fan teo gach toil do-chádair mar cheo do mhuigh; do sóigh an chrobhuing ór chein glóir i dtreibh Chonuill do chuir. Go bhfagha tuir Tholcha Floinn do chomhdha a chuirp ar gach chaill an ré do bhean Dia don druing nach bia d'íbh Cuinn fear ar faill. Lór go fóill a ndeachaidh dhíbh pór budh tóir ar Thealaigh bhFáil, an choimhdhe ar ar cuireadh uaigh; nár thoirne uainn m'fhuigheal áir. Creach eile ní fhuighe an tnúth; meinic budh cuirthe do chách, fa ruire tilidh na dtuath sighin luath is guidhe ghnáth. Lór don fhormad teacht rer dtréan, 's ar gcomhlot do theacht dá thaobh, rogha ar gcuaine aga i n-úr; nár ghada an tnúdh uainne Aodh. Do bhí sochar bánfhuinn Briain ó Chonga go Máluinn mín síos re fánaidh ar feadh fúinn gur bhean tnúidh Í Dhálaigh dhínn. Dá fhoichne a haonchrobhuing iad naomhCholuim roimhe i ngach ród Críosd cáidh le griangha na nGréag; ní dáigh d'éad an t-Iarla óg.
Flaith dan cóire Teach Dá Thí ná meas ar a óige é; gach glóir fa dheoidh fearfaidh faoi; leathfaidh a ghnaoi do dheoin Dé. Dá mhórrath budh fogus fás is dá mhórdhacht dola i ndlús; teas caol do-ghabhar re ngríos; caol bhíos gach tamhan ar tús. Ní i n-aoinfheacht ghealas an ghrian, ní i n-aoinfheacht treabhthar an tuar, biaidh neart Ó nEachaidh ag Aodh; teacht caol ag deathaigh is dual. Beanfaidh a chasnaidh d'Fhód Ír; gidh óg budh harsaidh a threoir; ar Bhanbha thonnmhaill budh tóir glóir garma Í Domhnaill fá dheoidh. Do chleacht go dlúith doghraing reann ceap Í Domhnaill Dhúin na nGall; ag uaim róidlearg na dTrí dTonn do bhí Conn 'n-a óigleanbh ann. Conn Céadchathach ceann gach slóigh fa teann ar éachtAchadh n-Ír rí Breagh do hanadh re a uaim; 'n-a thamhan fuair Teagh an Trír. Posd cothuighthe na gcóig sgol Conaire Mór fa mór seadh fuair glóir dá thaghadh ó thal do ghabh 'n-a thamhan Bóinn Bhreagh. Fós ós chách do-chuaidh 'n-a am go hág ar an uair do b'fhearr Iath Breagh do chosain dá chionn do gheabh Fionn ó thosaigh teann. Ar an nós-sain - ní nós nár - acht gidh óg órfaidh a ghaol; cia an fádh nar tharngair a thréan séan 'n-a bhládh amhlaidh ar Aodh? An dream fhuair go hóg tre aoibh gach fód um Bhuais is um Bhúill is Cliodhna is Bóinn is Teach Táil mar do-chóidh dháibh go ndeach dhúinn.
Gar dar ndoghraing dola ar gcúl; fogas d'Ú Domhnaill ar ndíon; leathfaidh ar gcomhtha um gach gcuan, beanfaidh ar snuadh dorcha dhíonn. Snuadh dorcha ar gach aoinneach uaidh orchra Gaoidheal diaidh i ndiaidh; bláth gach abhla ag dubhadh dhóibh culadh bróin fa Bhanbha Bhriain. Snuadh na horchra ar Thealaigh dTé le dorchacht ní dhealaigh sí; meadh do Bhóinn tairthigh an Traoi; do mhnaoi bhróin is aithghin í. I mbrón na Traoi tarla ciall an tann-sa do bhaoi gan bhríogh; múradh a clach damhna déar tarla léan do rath a ríogh. Fóir Gréag iar ngabháil na Traoi dá hanáir nochar fhéach sí; dá port úr do b'eagar clé, do leagadh lé go húr í. Bile réidh dá fiodhbhaidh féin is é do b'ionchuir dá huaim; an obair do bhí gan bhrígh do thogaibh Prímh hí ar n-uair. Toigéabhaidh toimhse na múr, toigéabhaidh toighe na naomh, tulach sgaithmhín Dá thí thiar dí ar dtriall budh haithPhrímh Aodh. Cosmhail re cóirgheadh na Traoi mar fhóirfeas ar Tulaigh dTé; tír 'n-a loighe tír Dá thí, dí goma Prímh oile é. Bóinn bhordbhláith na seintreabh séimh do thogbháil a teinnteach mbúidh le grádh tar grinneal an chuain filleadh fa bhuaidh i ndán dúinn. A-táid na toirthe a-tá an úr mar tá gach foichne 's gach fádh 's an ghaoth ghuithbhinn dár súr siar; triall tar sruithlinn dún i ndán.
Cuireadh le mbréagfa i mbrugh Floinn tug an Téamhagh go n-a thuinn is na neoil fhlatha re a linn 's na heoin do rinn catha ó gCuinn. Mar sin do Laoi 's do Loch Cuan 's don Bhaoill i nglas acht a ghlár; ón Deirg bhailbh ad-bhath a bríogh; clach na ríogh dá ghairm tre ghrádh. Aodh Lighean dá ngabhar greim dá ndlighthear ragha agus roinn - bíodh a chiall ag cathair Chuinn - rachaidh tar tuinn go Fiadh Floinn. Iar ndul tar lear béaraidh buadh, géabhaidh gach ar ghabh a ghaol, cuirfidh na talmha fa thréan; luighfidh séan a anma ar Aodh. A-tá lais go Fiadh na bhFionn cairt ó Niall is cairt ó Chonn; ní bhia taobh re cúirttreibh crann; fúigfidh thall gach aon 'n-a fhonn. Fillfid a bhrughaidh le báidh fillfid a urraidh tre aoibh go fleisg Éadair san taoibh thuaidh 's ar sgaoil uaidh dá ghéagaibh gaoil. Biaidh roineart ag dáimh fa dheoidh, biaidh gach oireacht 'n-a n-áit féin, biaidh ana ar adhbha gach naoimh, gabhla im chraoibh dá chara i gcéill. A croidhibh cáigh cuirfidh fíoch, suidhfidh le cáir idir chách; le reacht bhinn báithfidh an fuath; cinn a thuath táithfidh 'n-a thráth. Caor bhuadha ler tuilleadh toil ní chluinim, ní chuala, a sdair, fíor flatha nach fuair a fhuil; ní fhuil buaidh gan fhatha air. Iúl fíorghlan le bhfuigthir saoi, do ríoghadh re gcuingidh Cé don tréad darbh iomchubhaidh í céad acht rí ós thiormThulaigh Té.
Gach annáil dá laoidheadh linn branáin Gaoidheal druim ar dhruim a-táid fa Mhál Fine Floinn 's na Goill as sine i gclár Chuinn. Mac Brighde fa mbloghthar dair budh hinmhe an bronnadh do-bheir; treabh seanAirt ó mhuir go muir do gheabh fuil Gearailt ór ghein. Gnáth méin gach con i n-a cuan; a-tá ag dréim re dol tar sál; do Rudhroidhe do oir Aodh craobh chumhraidhe re bhfoil fádh. Fogus.
95. TADHG MAC DÁIRE MAC BRUAIDEADHA cct. Fóiridh mo leisge, a Leath Chuinn, ní haimhleisge gan fhochuinn; an leisge labharthar linn leisge ón hanathlamh mh'intinn. Tugabhair adhbhar aoire dúinn - is damhna éagcaoine; leasg linn gan deighfhéagsain duibh neimhéasgaidh inn fa aoruibh. Do creachadh gion gur chead ribh sinn re dreim dá bhar ndaoinibh; glacadh mo chruidh munar chead bacadh ní fhuil ar mh'aiseag. Leasg liom uaisle Gaoidheal nglan d'imdheargadh uaim nó d'aoradh; 's is leasg maitheamh mo mhasla nó go n-aithear m'adhbhar-sa. Do-bhéar an chairde as dual damh; do-rinne mé bhar moladh; ag so an breacadh san bhagar bhar bhfeacadh má fuaradar. Troisgfead oruibh as a haithle mar tá ag éigsibh ordaighthe; do-ghéan trá romhoille ruibh mar tá oruinn-ne d'fhiachaibh. Tar ceann mo leisge, a Leath Chuinn, fa dheoidh dá ndeachadh thoruinn gid bé neamhfhaomhadh do-near bhar ndeaghaoradh a dheireadh. Dá sgaoiltí aonrann don aoir fa chách - ní cluiche díomhaoin - ní bhiadh neart anacail air; radhacair teacht óm theangaidh. An gcéin mhéaras Gaoidhealg ghlic mar ghlóir i n-Éirinn orrdhreic biaidh a gcanfuim-ne ar chuimhne; ní hanchuimhne m'fhorfhuighle.
Mar sgaoilid crithre a ceardcha dh'iarann d'éis a dheighdheargtha sgeinnfid drithle uaim dom aoir nach sirthe uaidh bhar n-athmhaoin. Ní bháidhfeadh Búill mhear ná Muaidh ná Éirne an oirir ionfhuair neimh ar saighnéin as sia goimh go ria daighfhréimh nDálaigh. Ní chuirfe fuarshruth Finne ná linnte im Loch nAilinne ar ndrithleanna druim tar ais, ná flichbheanna fhuinn Iorrais. Deargfaid gruaidhe gille mbras im Shliabh Badhna is im Bhearnas re a n-aigmhéile mun mBaoill mbuig im thaobh Braidshléibhe, im Bhuanaid. Sgeinnfid uaim aoibhle nimhe don tsoighnéan trom theintrighe le ndreachlas gruadh gach ghille do shluagh neamhchas Neimhthinne. Béad gruaidhe nach teo teine, béad óm briathraibh frithire, drúchtbhraoin ris gach ndreich d'Íbh Cuinn is don Bhúrccraoibh fan gcreich chanaim. Biaidh ó gach dhruing thoir is thiar do shíol Chuinn, do chloinn Uilliam óm cháir dá gcongbhaighthear mé tromaithbhear cháigh dá chéile. Biaidh "mairg do-chonnairc a chrodh" dá rádh - ní rádh gan adhbhar; i ndiaidh a gcaithréime ar chách biaidh a n-aithmhéile i n-antráth. Biaidh mallughad mór a nimh ag cloinn Aoidh ar a n-aithribh tre choimhtheas ngruadh ngnéadhonn thoillfeas uam a n-aibéaram. Más d'iarraidh clú do chuirsead an chuairt nach cuairt turuisbheag is 'n-a mhionchlú mharfas sin ar fhionnchrú ghlanchas Ghaoidhil.
Ní fás ríghe ná ratha ná buadh trod ná tréanchatha bhias don tí ar a n-iméar m'aoir; a ndingéan dí ní díomhaoin. Biaidh an chóir ag congnamh leam; biaidh congnamh ardnaomh Éireann ar shluagh bhonnghlan chaomh Ó gCuinn mar aon is congnamh Coluim. Aigeoraidh tre bhar n-ainiocht Colam i n-a choraighiocht na sluaigh-se ar a dteagmhuinn teann eadruinn is uaisle Éireann. Ní heagla nach géabhadh greim - biaidh 'n-a eisiomláir d'Éirinn - tre m'aoir a fholaidheacht sin coraigheacht an naoimh neimhnigh. Sul thí an dál-so mar deirim daoibh, a Leath Chuinn, cuimhnighim; bean far dtoirmisg-ne far dtoil; dar dtroimleisge féin féachaidh. Cuiridh fos dá bhfagham cead do chor airde ar ar n-aiseag orm a dtuaidh, a chaoimhLeath Chuinn; ní daoirbhreath uaim a n-abruim. An t-oireacht rer chead mo chrodh aca agus ibh-se d'aoradh faghthar ón oireacht díol damh; fíor nach doibheart a dhéanamh. Mo chúis im cheann mo leisge - anois tráth ar dtoirmeisg-ne - ní cneasda nach cuimhnidh sibh; fuilngidh feasda nó fóiridh. Fóirid.
102. EOGHAN MAC AN BHAIRD cct. Leannáin fileadh síol Suibhne treoin nach tráigh le cianchuimhne caor shlóigh ren doiligh deabhaidh, róimh an oinigh d'oileamhain. Lóchrainn oinigh Éireann Cuinn, sliocht an Athlamháin áluinn, an táin ó Thulaigh na n-Art, curaidh gan ghráin re nguasocht. Ní chlaochlóidh cuing a n-oinigh 's iad don éigse as fhóiridhin ioldánaigh gan oil 'n-a gceann le goimh iombádhaidh Éireann. Is riú bheanas a bhríogh sin "gnáth rath re cois an chaithimh"; tréad Suibhneach na saoirfhear mbras fuighleach aoigheadh a n-ionnmhas. Laoich as cisde do chliaraibh, leomhain síl Néill Naoighiallaigh, slata cumhraidhe Crú Airt, as urlaimhe clú ó ar gcosaint. Na Suibhnigh-se ó Bhrogh Banbha téid tar cách a gcomhardha, fréamh ríogh ar nach ceiltear cion, síol ó ngeintear an gaisgeadh.
Eangnamh is oineach Gaoidheal, tréidhe as cóir do chommaoidheamh, slata nach claon re comhaidh aca ar-aon ar arodhain. Mairidh aca go nua a-niodh flaith leanas lorg na sinnsear ar chuing réidhe a nduas do dhíol ar fhéile 's ar chruas gcaithghníomh. Ruaidhrí mac meic Mhaol Mórdha d'éifeacht is d'ainm onórdha is oidhre don chuaine ór chin ar choimhdhe uaille an oinigh. Méin oinigh aicme Suibhne fa ngaisgeadh ar ghlanchuimhne; is sgath uaisleachta Chláir Chuinn fa nguaisbhearta áigh d'acmhuing. Arsaidh cródha an chroidhe bhí dan hainm Ruaidhrí mac Ruaidhrí, aoibhealltuir dar ghiall an gal, saoileachtain cliar is curadh. Airrdheanna flatha fíre 's fós rath a fhréimhdhíne aobhghlac dá n-aghthar gach ní i saormhac rathmhar Ruaidhrí. Réim tairrngeartaidh tarla faoi ó aois leinbh an duinn dreachnaoi; toil úr 'n-a mhéin mar mheasdair; céim ar gcúl níor chuireasdair. Aitheantar 'n-a fhéile sin bheith dó ag diall re a aithribh 'n-a dhearbhghoil lúidh is lámhaigh 's 'n-a mheanmain úir ioldánaigh. Síol Suibhne na dtachar dte mar bhíos 'n-a bheartaibh féile dá dteinnleanmhain ní treoir ghearr i seinleabhraibh eoil Éireann. Sgéal fiadhnaighthe fada ó shoin fhríoth ar féile na bhfear-soin; ní sgéal é ar nach cleachtar cion 's ar fheartaibh Dé dá ndídion.
Ua Mhurchaidh Mhir Maol-Mhuire lá éigin ar amhsoine do-chí cléir 'n-a aghaidh air; fa dainimh céim 'n-a gcomhair. Iar dteacht leo dá láthair sin ráidhid ris an bhfial bhfaoilidh nach géabhdais gan fhíon 's gan ór 's gach díol 'n-a éagmhais d'urmhór. "Tigidh don treibh i bhfuil m'ionnmhus liom" ar an t-óg aisdearbhras "ní cuibhidh ibh d'éara dhamh 's do-ghéabha sibh bhar sásadh." Diúltaid uile deoidh i ndeoidh dul leis ar áis ná ar aindeoin muna aomhadh gidh bé a mbreath acht é d'aoradh gan fhuireach. "Fíon ná ór, ionnmhus ná crodh, ní fhuil agam ar iomchar ní do dhíoladh dhámh budh dhéin" ar an ríodhamh sámh soiléir. "Do chím-se" ar duine don dáimh "fáinne óir fad mhéir mheadháin; ód ghruadh ghléadhonn go ngné bháin ní ghéabham gan é d'fhagháil." Cloch uasal go n-iomad buadh do bhí san bhfáinne bhfionnfhuar is fa séad ríogh an chlach chorr dá dhíon i gcath nó i gcomhlonn. "Badh libh" ar sé "choidhche, a chliar, mo chloch is m'fháinne ar aoinrian 's gan mh'aoradh dá aithle dhuibh do shaoradh m'aighthe oruibh. Ann sin do rad Maol Muire a láimh 'mun idh órdhuidhe 's níor fhéad cor do chur dhi ar gcur a chrobh 'n-a chéile. "A bhuain díot dá ndeachadh dhuit" ar duine don dáimh orrdhruic "is í ar mionaithne, a ghruaidh gheal, nach tiobhairthe uaibh ei-sean."
Imdeargthar im Mhaol Mhuire re comhrádh an chliaruidhe nach biadh sgéal 'mun fháinne air méar a láimhe gur leadair. Tug a mhéar 's a fháinne óir re cois a chéile i gcéadóir do réir a oinigh fhortuil don chléir dhoiligh dhíogholtaigh. "Do-chímid i gcomhghar dhuibh cuideachta, a mheic mheic Murchaidh, ag so ar gcomairce far gcoir ón ollaicme" ar na hollaimh. "Bíodh libh comairce agus ceall" ar sé ag silleadh 'n-a thimcheall "a dhreichfheadhna go ngné ghil, gidh bé ceithearna ad-chíthir." Sillis ar an gcléir gcéadna 's ní fhuair an geal gnúisdéadla ar ndéicsin fa seach mar sain neach dá éigsibh 'n-a fhochair. Mar do fhéach ar a ghlaic ngil iar n-imtheacht don dáimh dhoiligh fuair méar a láimhe ar a láimh 's a fháinne - fa séan sodháin. Geall oinigh tar gach aicme fhuair ei-sean 's a thiodhlaigthe - níor thais a ndéagsain don dáimh - 's an séad-sain ar ais d'fhagháil. Clann Shuibhne na dtachar dte ag leanmhain luirg a chéile laoich as cruaidhe ar chúl a gcleath ón húr gach n-uaire an t-oineach. Aithbheodhadh guail a ghrís-se a-nois do-ní an Ruaidhrí-se ón beo a-nú a hanam uaidhe dá marann clú an chéadchuaine. Ar tí óigfhir Aird na nGlas ní tearc le n-iarrthar ionnmhas ag so cailg na fine ó bhfuil file gach aird dá fhéachain.
Lorg a shean - ghá niamhdha ní - leanaidh Ruaidhrí mac Ruaidhrí cruth fial ón faide meabhail dial aige re a n-airrdheanaibh. Mian leis-sean ar chóir gconfaidh dáil a airm ar eachtronnaibh; 's í áil an diombrais donnghloin dáil a ionnmhais d'ollamhnaibh. Ní theasda ó bheithir Bhanbha bheith lán d'eagna ughdardha - ceadh acht túr teasda dá rath - 's ní theasda lúdh ná lámhach. Ní theasda oineach iomlán ón óg fhaoilidh aighiodhnár gnúis ghruadhnocht go bhfáilte ag fleidh is láinte a ghruamdhacht gaisgidh. Lámh thréan as tréithe le fann, múr cloiche le hucht n-eachtrann, troigh sheangbhán as tromdha i dtreas comhla is dearbhfhál re ndoilgheas. Bás cró ar a gceiltear fala, mionn curadh Chláir ríoghLogha, gus draige óna deacar dul gan fheacadh aige acht d'ollamh. Fuil Néill Naoighiallaigh na gcath, fuil Briain Mhóir mheic Eachach id ghruadh mhíonghlan eang ar eing - gá ríoghradh do b'fhearr d'Éirinn. A mheic Máire nach muidh mionn, rogha Gaoidheal tá id thimchioll coill gan chuimhne crann dtoraidh clann Shuibhne is clann Chonchobhair. A sbraic ó n-anann t'fhoghlaidh, a thráigh toraidh d'ollamhnaibh. dan deoin gan éinfhear d'oba, a threoir fhéineadh n-ánroda. A mhealltóir seirce seangbhan, a dhraig as cian cheileabhradh, a chongbháil na gcleas ngoile, a sheas urláir iorghoile.
Cairt 'ga féile ar fagháil gill Mairghréag óg inghean Féilim, doighir do dhoinnfhiodh ó nAirt coinneall an oinigh d'adhaint. Cur a clú rug do roghain pailm chubhra chlann gConchobhair ciabh chloidheach dan cóir moladh soidheach óir na n-ollamhan. Leannáin.
107. FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct. Mór an lucht arthraigh Éire; siar tar sleasaibh seinBhéirre do-chuaidh an tonnbhán tráichtte uainn i n-urlár éinbháirce.
Do ghad a hanam aisde Éire na gcuan gciomhaiste dá éan uachtair chuaine Chuinn do ruachtain uain-ne i n-aonluing. Dá eite lúith Leithe Chuinn rugadar san bháirc bheannchuirr, críoch na Niall d'éanlucht uile, siar ó fhéarGhurt Úghoine. Ó Néill, Ó Domhnaill díon sgol, Ó Domhnaill, Ó Néill neartmhar, glóir Banbha i mbáirc na deise; tráicht fhalmha dá inneise. Aodh rathmar, Rudhraidhe dil, do-chuaidh 's gan iad-san d'áirimh cuire san luing-sin tar linn do thuirrsigh uile Éirinn. Rugsad Éirinn is iad sain, rugsad leo ar fhuirigh uathaibh, an dá iarla d'fhuil na bhFionn tre a bhfuil an ghriangha i ngéibhionn. Bíd cách a bhaile i mbí a dtail; ana Gaoidheal Ghuirt Fhionntain is toirthe craobh Fhuinn Uisnigh ar-aon san luing luchtmhair-sin. A bhfuil san luing-sin do lucht ní dhearna - dia do chumhucht - ar Mhúr Dá Thí Teach Lughaidh; creach mar í ní hionnshamhail. A leithéid d'éinchreich oile níor ghluais Conn ná Conaire Fád Fuinidh ó thráigh go tráigh le Mág Uidhir don Easbáin. Caithréimeach an chreach-sa siar le codhnach catha Oirghiall; rug dá choróin Chláir na bhFionn don Sbáin is onóir Éirionn. Caithréim mar an gcreich-se a-nonn ní dhearna Tuath Dhé Danann fa chreachBhanbha na gcall sean ná clann mhearchalma Mhíleadh.
An chreach rothrom rug tar muir ní thiocfadh aon dá hiarraidh sgiath comhairghe crú na neart tre chonnailbhe acht Cú Connacht. Fa truagh leis cheana a chomhghaol fa ainbhreith eachtronnmhaor dá dtug Mág Uidhir a ucht ar Fhád Fuinidh dá bhfurtocht. Fa truagh leis treabhadh Teamhra 's clann Mhíleadh fa mhímheanma dar ghluais tuir fionnMhuighe Fáil do mhuin ionmhuine ón Easbáin. Gá dás acht an tráth tánaig cuirthear leis ó leachtFhánaid - eachtra do uaisligh a rath - teachta ar uaislibh na nUltach. Conall Eoghan Inse Breagh gluaisid ainn-séin ós íseal fa fhios caithleomhain Cláir Sreing - dáil do aithbheodhaigh Éirinn. Do roighnibh Éireann ann sin Cú Connacht Óg Mág Uidhir rug lucht a mhórluinge a-mach tar ucht glórbhuinne ngrianach. Do shaor Mág Uidhir oile a rug leis d'fhuil Úghoine 's a bhfuil dí san Bhanbha a-bhus; go dtí tarbha dá thurus. Tar bóchna na mbuinneadh ngeal táinig d'fhurtocht mac Míleadh long Naoi nó a aithghin oile le flaithghin Craoi Conaire. Eathar muirneach badh mhó fiach long neartmhar Naoi mheic Láimhfhiach re mbraondortadh do bhuain de do-chuaidh aonochtar innte. Long Naoi ó gach linn do lionn ar fheadh dháilte na díleann níor léig braon tuile tairsibh dar shaor uile an t-ochtair-sin.
Fearg Íosa fo-deara a dáil - neach beo ar an talmhain tonnbháin níor léig an tuile throm-sa don uile acht an t-ochtar-sa. Sgaoilid ochtar na hÁirce lán d'aoibhneas is d'fhorbhfháilte iar ndílinn fan gcruinne gcé; na sgríbhinn uile mh'fhínné. Lucht na loingei-se an lucht thall, an díle fós fearg eachtrann; an Áirc reimhe an bhárc a-bhus teine i ngach trácht ó a thurus. Ar dhílinn feirge Fian nGall do chaomhuin sí sluagh Fréamhann 's na cúig tíre im Fhonn nUisnigh an long shídhe shiobhlaigh-sin. Gidh ionmhuin ní hionann sin - do shaor míle do mhíltibh fan ngortmhagh do ghabh re hArt dar an ar n-ochtar d'fhurtocht. Long eile as aithghin di-se Argho saor a snoighei-se - ní riar far dhual a dearadh - uadh do iarr a hainmneaghadh. Tríd sin fhuair an t-ainm oirrdheirc bárc nar lia lucht uabhairneirt; "long Argho" ón uair-sin i-le tarla ag na huaislibh uirthe. "Long Mhéig Uidhir" amhla sain bhias ar an athluing éachtaigh fuair ón Mhanchach baisdeadh binn arthrach na n-aisdear n-aoibhinn. I luing Argho - anba an rath - do-chuaidh an ghasradh Ghréagach caor chonfaidh fa teo tionól dá dtorchair leo Laimheadhón. Bárc nar bh'fhéidir righe ria aisde do hionnradh Aissia le neart slóigh ghasraidhe Gréag, amhsaine as cóir do choimhéad.
Innte do-chuaidh cian ó shain an lucht do b'fhearr d'fhuil Ádhaimh ag dul do thaghail na Traoi; cur 'n-a aghaidh ní fhéadtaoi. Caithréim eile amhla sain do-ghéantar más fhíor d'eolchaibh le géagaibh Moighe Midhe, Gréagaigh oile a n-aimsire. Do-chuaidh athfhoireann eile i luing Argho a haimsire do Ghréagachaibh ó Ghurt Airt lucht céaddachair do chosaint. Ón lucht-sain luinge hArgho níor iomchuir bárc bheannamhra lucht mar cholumhna Chláir Bhreagh; comhumhla dháibh do dligheadh. Muna bheath innte acht iad sin dá phrímhIarla mac Mílidh sgoth luinge le lucht badh mhó tar ucht tuinne ní théarnó. Do chuir fháilte ar croidhibh cáigh toisg na nIarladh don Easbáin; 's tug a ndul tar fairrge bhfinn gul gacha hairde i nÉirinn. Mar mheasdar trá a dtocht le séan nó a n-anamhain madh éidtréan bídh don chuir-sin glóir is gruaim ar fhóir Uisnigh i n-éanuair. An long-sa do imdhigh uann cluinnsin a heachtra n-ionnfhuar tug a bhríogh im churp do chlódh; a lucht fa-ríor is romhór. Mór.
108. EOCHAIDH Ó hEOGHUSA cct. Ní dhlighim aithfear ar fheirg; toil liom ar las dá díbheirg; níor chuir sí i n-aithmhéile inn ní asan aithréidhe mh'intinn. Do-rinneas - do-rinneadh rinn - fearg nach aithreach rem intinn; ní caigealta a chor i mbríogh, gomh ar n-aigeanta ar n-eissíodh. Ní cúis nach beartha a bhuidhe m'fhíoch-sa is fíoch fir ionmhuine; a ndéabhradh leam agus leis is téarnamh i gceann cairdeis. Maith séan dar síoladh an fhearg eadrom is mac mhic Risdeard; tonn éagbháthaidh í ar ar ndoirr is í ar gcéadmháthair chumoinn. D'Uilliog a Búrc níor bheag liom bheith dó mar chách go coitchionn gur chomhlas mar chrithir dte domlas fichidh ar bhfeirge. Do-bheirim mo bheannacht dí; táinig do thaoibh na goimhe dul i n-ainm rónadhmuidh ruinn do bhaidhbh órarmaigh Umhaill. Dá taoibh fhuaramair fhear gráidh; dí thárrthus togha compáin; gríos fheirge as uaibhrighe bruth feirrde luaimnighe a lasrach. Créad acht taithbheodhadh toile fearg an aosa ionmhuine? ní ceisd codal ar chneidh sláin mar sein do chogadh compáin. Mo chean fhuair an fhear grádha dá ndearnas dóigh teagmhála; do thuig mé nar dheacar dhamh feacadh an té re dtarladh.
Gé a-déarthaoi gomadh dóigh mé níor nár leis a los mh'éigse bheith tréith oirmheathta rem ucht do sgéith choinghleaca Chonnocht. Mi-se foirniata fraochdha, ei-sean go meirbh míolaochdha; rinn ar mbeodhachta gidh beag Leomhanta inn ar Uilleag. Fillim ar mh'ais, anaim thall ón ruaig nach rachadh romham, gidh doifhreasdail inn re headh i rinn coimheasgair cairdeadh. Aithnidh dhamhsa mo dhóigh gliadh, teann mé ar mhac meic Uilliam; na fiallaigh as ísle d'fhuil bím-se ciallaidh fa gcomhuir. Gidh iomdha iomlaoid ghoine fríoth leis ar lorg n-amhsoine mó a ghráin-sean a ghuin dom ghaoibh a fhuil ná táirseadh tathaoir. I n-iomghoin ánradh bhfromhtha múintear mo mhic fhoghlomtha; ní har dhaorchloinn Bhanba Bhreagh do mhaolfoinn arma fhileadh. Gidh bé ar nach bím-se dána do-bhéaruinn buaidh dteagmhála d'fhuil ghliadhBhúrcach na dtreas dte ó eas ngriandrúchtach Gaillmhe. Seach sliocht gConaill chrainnghéir ná adhmad ón Eoghainfhréimh bheith fam dhaorchuing madh díoth lais ná bhíoth do shaorchloinn Shearlais. Fine Ghaoidheal mo Ghoill féin dá mbeith nach biadh dar ndeighréir ar síoth dá gcuireadh 'n-a gcead gan díoth ní fhuigheadh Uilleag. Aicme Bhriain 'ma bharr ndosghlan 's fréamh do theacht 'n-a dtiomchall-san do chloinn bhuig armghonaigh Ír is cuid d'adhbhoraibh d'fhairbrígh.
Soruidh lé - ní luaithe mh'fhearg budh-easda re hUa Risdeard; do-bhéara - budh tuar toile - 's do-ghéabha uam ionmhoine. Ní dhlighim.
110. FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct. Ní tráth aithreachais d'fhuil Conaill a gcloch chúil an gcéin do mhair; lor do bhoing casnadh do chroidhibh - do choill gasradh Oiligh air. Ar chosnamh cádhais an tuaisgirt an tighearnas do thuill sé ní fhuair guaisghin Chaithreach Cearmna; aithreach d'uaislibh Eamhna é. Ní hiontaobhtha aicme Conaill a gceannas dó ó nar dháil siad, níor ghabh guaisneimh re nguin mbaoghlaigh, do uaisligh tuir Aolmaigh iad. An lá nach fuair flaitheas Conaill ceann rodhamhnadh Rátha Té is ann badh caointe clann Fhéilim; níor bh'am faoilte d'Éirinn é. Bás Aodha is gan é do ríoghadh ríoghradh éachtach Átha Liag ó Theamhraigh chlaoin na gcoll leonta do sgaoil fa fhonn Eorpa iad.
A chur fa úir Innse Luighdheach 's gan fhlaith do ghairm do ghríbh Luain dá ní do sgaoil cách ó chéile an tráth do shaoil Éire a huaim. Gan chur ris um ríoghacht Éirne do b'fhiu othair aidhbhle a chró; do bhí sé idir chách 'n-a Chormac, do sgé bláth na ndonnshlat dó. Ó chur na gcrú is chur na gcathadh creideamh d'Aodh an uair do mhair fa shíol n-Éanna do b'fhiu a dhochar; do-chiu séala a othar air. Do b'fhiu a fhuarbhoth oidhche shoighnéan 's a shuan corrach ós chionn sdéad do b'fhiu a dhochar i gcoill chaoilshleagh gur thuill sochar Gaoidheal nGréag. Le móradh tuath do thuill flaitheas le fírinne - foirbhthe an chairt - le rath ríogh, le coingheall gcroidhe, le sníomh goirmreann d'Fhine Airt. Fós ag cosnamh catha Éirne uatha gion go n-uair a luagh níor thearc ag teacht as gach tachar feart is leacht is athar uadh. Fa múr cloiche do chrích Leithbhir a bhas fhuilteach do b'fhearr séan; do chathaibh Breagh fa ceall chomhdha a ghreagh seang is a ghormgha géar. Ó nar leis Cruacha is cuan Feabhail ní fríoth leis-sean luach ar thuill; do b'é fál a gcreach do chaomhna each is lámh is caolgha Í Chuinn. Gion gur hoirdneadh - anba an mhíobháidh - mac Í Dhomhnaill Dúin na Sgiath ní budh cóir achd caoineadh flatha ar róimh aoigheadh chatha Cliach. Le huaithnibh catha Cláir Laighean 's i Leith Chuinn iar gcrích a ré 's i ngach aointeagh do mhín Mhumhan caointear 'n-a rígh Uladh é.
Gaisgeadh na cruinne ar n-éag Earchail do aithbheodhuigh i n-a fhonn ní hé féine a-mhán do mhéaduigh; dá chrádh céille éadair ann. Ní hionmhaoidhte i nInis Luighdheach ar lucht caointe na gcóig n-iath caoi do dhéanamh go ndeoir dhatha tre réallain eoil catha Cliach. Na cúig cúigidh-se clann Luighdheach lán d'eolchuire druim ar dhruim; fa léan ní dhiongna na daoine, iomdha néal ag caoine Í Chuinn. Ceithre searbhghaotha iar slait Raoileann is réalta dhonn as dearg snas ag drud re caithimh a chéile tug ar laithibh gréine glas. Siansa cumhadh ceol na Finne; fachain tuirse tá 'gun Mhuaidh; ar chuan Daoile ní fhuil áineas; faoidhe guil ag ráimhEas Ruaidh. Cuiridh athtuirse ar fhior gcuarta an ceol tuirse tá san gcuan; do-bheir caoine ar fhior ainiuil faoidhe na sriobh dtaidhiuir dtruagh. Ag caoine laoich Locha Feabhail faoidhe truagha tógbhaidh sí; is lór do mhaoithe do mhúsgladh glór na gaoithe ag dúsgadh dhí. Ag dúilibh balbha iar mbás Aodha, gidh iomdha cheana caoi thruagh, is lia faoidhe badhbh is brainéan ag caoine a arm raighéar ruadh. Do b'iad trí bhrughaidh na mbrainéan a bhas fhuilteach nar fhosd séad, a dhornchar, 's a dhoire caoilshleagh, Murchadh oile Gaoidheal nGréag. Murchadh Siuire, seabhac Muimhneach, mac Briain Bhóruimhe, barr Té, níor ghabh for-íor adhbha Cormaic gér dhamhna ríogh orrdhraic é.
'N-a dhamhna téarna - tuar neamháidh - Naoise éachtach na n-each mbras; níor léigeadh faoi róimh na ríghe gé do bhaoi dóigh fhíre as. Do thuit fós suil fuair a ríoghadh i Ráith Dá Choga cian uaidh Cormac na Loingse, lámh éachtach; fa dál toirse an t-éachtbhrath fhuair. Mac Carraigh chalma an cur éachtach, Aonghus Cláire rer chóir súil do chall ar dhóthchas a dhraoidheadh barr órchas far saoileadh Súir. Mar na damhna tú do thuireamh tug cinneamhain bhus cian goimh d'Aodh Eilge gan táth a thíre; fáth feirge na síne soin. Timcheall tighearnais an tuaisgirt ní turbhaidh tharla ar tuir mBaoi achd olc d'Ibh Cobhthaigh a gcinneadh; níor locht orthaibh filleadh faoi. Ar olc re hógaibh an tuaisgirt nar toghadh oirn Aodh 'n-a rígh; ar n-eite lúith do chloinn Chraoidhe do bhuing tnúith na ndaoine dhínn. Guais gur díoghladh do dhigh tnútha le taobh míleadh Mhúir Dá Thí an feidhm do-níodh gleolucht gaisgidh; fa beodhacht i n-aisgidh í. Na catha do chuirdis Ultaigh i n-aoinfheacht le háirsidh Liag le hAodh Fáil do-bheirthí a mbuidhe, fa neimhní dháibh uile iad. Do-ghéanadh sei-sean sluagh d'aoinneach Aodh Bearnais ar bruinne slóigh; muna mbeath a each is a ara do ba a leath cleath dala dhóibh. Glún deireanach gaisgidh Gaoidheal a ghaol ón tráth tharla i n-uaigh mar fhine Róigh iar gCoin gCuluinn ó do roigh róimh fhuluing uainn.
Dínn do-roighneadh ríoghradh Uisnigh iar n-Art Aoinfhear - anba an clódh - nó fiodh críon nó tráigh gan torchar nó síol dTáil iar Murchadh mór. Nó Tuatha Dé na nduas líonmhar ar Lugh Láimhchian dar an linn, nó fine Néill iar Niall n-Oiligh nó a fhian féin iar n-oighidh Fhinn. Nó an Róimh phortghlas iar bPoimp Máighe múr duaitheanta Dúin na nGall; iar ndul faoi dá fláithibh dílse caithir na Traoi an tír-se thall. Nó an Fhrainc iar Searlas sluaigh Gaoidheal, nó an Ghréag uma ngéisid cuill do bhí fa bhrón iar n-éag n-Aichil - is mór an béad - caithir Chuinn. Aichill mhac Péil na mbeart mbaoghlach do bhí thoir go dteasda sé neimh ón ghrian áigh ar a armaibh; níor dháigh gliadh dá fhaghlaidh é. Níor leighis liaigh ná luibh dhíleas duine ar ar dhearg - dia do ghlóir - Aichill mhac Péil posd an ghaisgidh nar fhosd ó chléir aisgidh óir. Níor leigheasadh go lá a éaga éachta a chaolgha ná a chuilg dhuinn; do bhí Aodh amhla 'n-a Aichil damhna ler fhaomh caithir Chuinn. Neimh a láimhe ón ló do imthigh d'Ultaibh uile is adhbhar cráidh - an ceas naoidhean do fhás ortha - tre a bhás aoinfhear Tolcha Táil. Na toirthe ar dtréigean a ndatha - ní daoine a-mháin - mór an bhroid; a-ta ót éag fa cheas cumhad meas na ngéag ar ndubhadh dhoid. Le glór dhuaibhseach dhíoghlas borbghaoth ar bhalbh oighreadh d'fhuighlibh cuain; a-tá a luach d'fhailmhe san fhiodhbhaidh aibhne ós bhruach re n-iodhnaibh uaibh.
Diasa fása is fiodhbhadh fholamh d'easbhaidh eire ag éirghe suas a luach soin d'ísle san fhochan go ngoil tríbh-se ag crothadh cnuas. Soighnéan fiuchaidh, aoibhle teine, fan dtuaisgeart ag téaghadh líog, a-tá a lógh d'fhuaire san oighreadh; lór do thruaighe ar toirneadh tríod. A sil a innibh an aieoir d'fhearthain líonmhair san leith thall teasda soin do bhliocht ón bhuarchrodh; ní fhuil achd riocht uathmhar ann. Éachta mionca, míne is burba, boga is cruas, is cumann sáimh, na síona dá gcaoi ó chroidhe, a dhlaoi dhíona Mhoighe Máil. A mhaoidheamh beag iar mbreith cosgair a chnú chroidhe, a chathach Ché, a leonadh gnáth daoine ndearbhtha, a bhláth naoidhe Tealcha Té. A Aodh Óg mhac Aodha Í Dhomhnaill nar dhiult iorghail, nar éar duain; a dhúsgadh cealg, a cheo shídhe, a bhreo dhearg an tíre thuaidh. A mheic Máire, a mhóradh éigeas, an uaigh i bhfuile, a fhleasg lí, ní beag do mheath fuile Féilim; is creach uile d'Éirinn í. Mág Aonghusa ón uair do imthigh an t-eineach uile fuair bás, iomdha gan riar dámh dá dhearbha; triall tre Chlár Teamra ní tráth. Teasda gaisgeadh Ghaoidheal gConnacht Conn Aolmhuighe mar fhuair bás; ní cluintear tnúdh le cor gcosgair; dol do thúr tochair ní tráth. Fuair a oirdneadh i n-áit Pápa Peadar cráibhtheach, ceann na ngrás, lán do bhuaidh do bhaoi san ríoRóimh fuair gnaoi ón Tríonóid 'n-a thráth. Ní tráth.
112. BRIAN Ó CORCRÁN cct. Rí con Éireann Ábhartach coiléan ciuin cruadhbhánaltach; is tuar clú a hoirbhearta áigh cú bhus oirrdhearca n-iomráidh. Iomdha cáil inar chóir geall don cheannphurt-sain con n-Éireann; barr clú ní diommoltair dhi an cú im fhionnochtaibh Éirne. Mac Ioldathaigh na n-arm nocht, fuair do chú-sa, a Chú Chonnacht, ainm agus a clú re a cois, an cú gidh airm i n-uarais. Uasal an treabh dá dtá sin; is mac Ábhartach d'Fhinngil; fuair a sbairn caithréim don choin Caithréim do b'ainm dá hathair. Bíoth nach béaradh buadh ndealbha an cú cumtha croibhfheardha dul rompa ní clú don choin cú as corcra crú i gconaibh. Ní cú más fhíor a heachtra achd duine i ndeilbh draoidheachta - is tearc lá nach dearbhthar dhuibh - a-tá mar fhearchoin agaibh.
Cú le mórthar gach meadhair, cú as ghrádhmhar le Gaoidhealaibh, cú as toileamhla fa dtád Goill an tsoidhealbhdha ág áluinn. Is d'iarrsma na gcon gcalma an cú céillidh cathardha ag Fionn reachtmhar rí na n-óg do bhí neartmhar a-nall-ód. Nó is í cú mheic Morna mhir dar bh'ainm Iorghal an uair-sin ba caithleomhan re cneas Goill bheas do haithbheodhadh eadroinn. Nó is í Foirneart cruaidh calma an cú ceannard cathardha, cú Osgair na gcuach gcam ba luath gcosgair i gcomhlann. Nó cú mheic Lughach na learg dar bh'ainm chubhaidh an Ceinndearg, an cú glan seamfhaobhrach seang ór ghearrshaoghlach damh díleann. Gá dtám, do choimmeas na gcon do bhádar ag airdrígh Almhan, Bran féin as daghshamhail di; baramhail as léir linne. An Bran oirrdheirc-sin Finn féin d'Ábhartach ní thuill toibhéim tarraidh clú dá cosgar soin cú mar Osgar i n-iorghoil. Ní fhuil fa néallaibh a-nocht ag do choin-se, a Chú Chonnacht, gníomh doidhéanta re damh ndonn, roiréalta do char comhlann. A bhfuil ó Dheirg go Drobhaois dá n-iarrthar gach aonfhoraois más fíor is folamh 'n-a gar, 's ní foghar míol 'n-a mothar. Ó bhéal Allta go hIasgaigh tearc ann do na hilphiastaibh, nó im bhruach roigheal líonmhar Luirg nó im oirear míonghlan Miodhbhuilg.
Seachnóin Bréifne an bhruaich sgathaigh cuairt Ábhartaigh ioldathaigh - budh cuimhneach thiar agus thoir - gidh fiadh d'fhuighleach níor fhágaibh. Im nónaidh nochtaidh a fearg ag Sligeach, ag Sliabh gheildearg; fa díoghlach an deinmne soin ag síodhLoch Meilghe ar madain. I nGleann Ghaibhle druim ar druim tug so is ag Sliabh an Iarainn fros mílealbha muin ar muin is prímhealmha os n-allaidh. Ó tháinig i n-iath Ultach ní hannamh ar Ábhartach - ní fhuighinn a ríomh go réidh - gníomh nach cuirim 'n-a caithréim. Ón mbuime do oil i-se ní hiongnadh ádh uirrei-se ler sighneadh coiléan d'Ú Chuinn ar n-Oiléan inghean Éamoinn. Do Bhran is oidhir i-se; d'Fhionn an cú óg eilei-se; a Dhé, caomhain clú na gcon ar bhrú baoghail gan bhearnadh. d'iarsma na féinnei-se Finn cáraid na gcéimeann bhfoirtill; deacair righe rú fa rath; mo chride an cú is a codhnach. Coin Éireann ó thuinn go tuinn is coin codhnaigh crú Ríoghdhuinn ramharcach Tolcha Dá Thí Abhartach ortha is airdrí. Rí.
118. FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct. Teasda easgcara an fhiadhaigh; tug ar chroidhibh ceoidhiamhair; easgcara ní fhuil ag oigh i Muigh chneastana Criomhthoin. Easgcara fhiadhaigh Éireann Ábhartach na n-airdchéimeann; níor ghein cú a sáruighthe sain i gcrú fhánfhoirbhthe Fhionntain. Fáth tuirrse aca ní fhuil subhach feasda na faolchoin i gcrích mhín bhánacraigh Bhreagh do bhrígh Ábhartaigh d'oigheadh. Do-ghéabhtha ar faighthibh a bhfios; ag mucaibh allta i n-uaigneas ní ba hiomdha feasda fail ó theasda a mbiodhbha bunaidh. Cnuic oireachtais fhóid na bhFionn leabtha suain fhiadhaigh Éireann; daimh Chláir Chodhail tres an gcoin dáibh ní homhain acht urchoir. Níor bh'iongnadh buaidh do bhreith dhí; uasal an t-altrom fhuair-se; ar ghlúin bheithreach bhruaigh Eanaigh feithmheach fhuair a hoileamhain. Díol a caointe í as a n-ucht ar ghlúin 's ar ucht Chon Chonnacht - dá ní do dhúisigh mo dhéar - do bhí an chúi-sin 'n-a coiléan. Níor chuir Mág Uidhir fhuair clú dalta ortha acht an t-éanchú; clann Cholla fa dine dhó; righe orra ag a n-iarghnó. Dalta oile acht coiléan con nó leanbh budh oidhre d'ollamh brón do shíor orra re headh ar shíol gColla ní chuirfeadh.
Cú dearg Osgair nar ob cath, nó Sgeolang, nó Bran buadhach, nó Adhnuall do b'aithghin dí ag flaithghin armshluagh nÉirne. Re linn Ghofraidh fháthaigh Fhinn san Mhumhain na múr n-aoibhinn do bhí cú ren samhail sain do thabhaigh chlú d'Íbh Carrthaigh. Cú Mhéig Carthaigh Chuain Line iomad a héacht n-oirdnidhe don triathchoin do thobhaigh geall ó chonaibh iarthair Éireann. Ar dhumha sealga ós Loch Léin tuitid lá - lór do chaithréim - ceithre doimh ós gheilleirg ghlain leis an gcoin gceinndeirg gcréachtaigh. Faolchú neimhe d'éis an áir tarla dhi - dia do neambáidh - tug ar an gcoin créacht go neimh; a goin níor bh'éacht i n-aisgidh. Tuitid ar-aon - anba an ghomh; do dhoirt sí fuil na faolchon 's do dhoirt an faolchú a fuil gér ghoirt le caomhchrú Charrthaigh. Mág Carthaigh do chosain seilbh tug dealbh dearsgaighthe ar dhoidheilbh; néal bróin fan éachtchoin do b'fhearr do sóigh ós réaltain Raoileann. Gofraidh Fionn do ullmhuigh í marbhna na con ad-chluintí; táinig d'oide Tighe Táil a fighe d'oige iomshláin. Do mharbhnaidh chomthaigh chiallaidh do chuir drong rann roidhiamhair fáthGhofraidh Fionn muin ar mhuin; snáthghlanfaidh sionn a samhail. Do chumas don choin-se thoir marbhna do Ghaoidhilg ghréasaigh mar chéadmharbhna na con thiar ar son gréagdhamhna Ghailian.
Ar measadh don mharbhnaidh thiar dá maireadh tuir fhear nOirghiall a buaidh do-bhéarainn dá thail do-ghéabhainn uaidh a urdhail. Ní marbhnaidh í gan fhachain; cú cnis Í Chuinn Chéadchathaigh tug fa fhonn n-easbhán nEamhna teasghrádh trom dá tighearna. Cuarta meince - mór an tsearc - dá iarraidh iar n-a imtheacht tug an cú croibhdhearg corcra fa bhrú bhfoinnlearg bhfochanta. Lé do cuartuigheadh na cnuic 's na tighe óil d' Ú Cormuic agus bruaigh na dtiormshroth dte 's gach uaimh fa fhionnLoch Éirne. Níor fhágaibh leaba 'n-ar luigh fa Loch Éirne gan iarraidh ná mín ná suidhe seilge do ghríbh Muighe mínDeirge. Fa dheoidh teasda - tuar déire = gu de 'déar' - do chumhaidh a cneischéile; gá dú acht do-chuaidh as a cruth mar nach fuair an cú a caomthach. Teasda an chú-sa iar gcéibh na sgath; ní hamhlaidh d'uaislibh Teamhrach feasda im Bhóinn mbliochtchraobhaigh mBreagh; ní hiontaobhaidh glóir Gaoidheal. Ionann fáth bróin dóibh is dí Ábhartach cú fhir Éirne; fada iar gcraoibh Line gach lá; a fhine dá thaoibh teasdá. Teasda. Mág Aonghusa do dháil dhamh a chú 's a each 's a órbhrat a-tá craobh Céise dom chrádh; an fhéile dá thaobh teasdá. Ní dhiúltfadh Conn Maisdean mé um choin ná um bhrat ná um bhuairsbré; a-tá craobh Cruachan dom chrádh ar n-uabhar dá thaobh teasdá.
Ní bás don té théid dá fhios flaitheas na n-óg 's na n-aingeal; mairidh Beadar iar n-a bhás acht gé theasda ní theasdá. Teasda.
121. FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct. Turnamh dóchais díoth muirne, muirn docar i ndíothainmne; lór do chládh uabhair tar ais is uamhain dál an dóchais. Sealg thorthach níor tuirmheadh dhí an chú cuirthear i neimhní; muna rabh anáir ar each ní gar a fhagháil uaibhreach. An treabhadh ar nach téid leas ní hé trá as taosga gheineas; gort gan fhál is é ar slighidh dá mbé slán ní saoilfidhir. Saidhbhreas díomhaoin do dhuine innile gan aoghaire; ní fhuil tarbha 'n-a dtairthibh abhla cuir nach cumhdaighthir. Gabháil fa chuirm go gcuirthir a hibhe ní horduighthir; bídh gríos an ghuail gan ghoradh an uair bhíos gan bheathoghadh. Baramhail damh-sa is dom dhán a ndubart - dia do chlaochládh; cnú fholamh nó each gan srian neach nó domhan fa dhímhiadh.
Ní théighim mar badh díor dham tar ollamh ná tar ánradh - sé 'n-a chréachtghoin im chroidhe - éantroigh re ré Rudhroidhe. Náir dhúinn - 's ní dúinn as ranáir - mo sgol más iad m'uachtaráin tre ghoimh míleadh Mhuighe Fhloinn gach duine ag síneadh seachoinn. Ós chionn éigeas fhear nUladh teacht san tuighnigh ollamhan ní thig díom, gidh dainimh dhún, sion im aighidh ag iompúdh. Do mheas éirghe amhlaidh soin os chionn airdríogh fhear ndomhain Poimp mearchalma fa mó seadh gér neamhtharbha dhó a dheireadh. Ag Séasar na siorthadh mbras, ag Poimp Máighe is ag Marcas do bhí an cruinne ó mhuir go muir; ní rí duine gan dúthaigh. Riasan dá áirsidh oile Marcas Cras ceann sochuidhe - iul re bhfaghar gach fádh fis - do ládh an talamh thairis. Fan treas rann don talmhain tais do éirigh ar n-éag Marcais fíoch an dá ursan oile; dursan críoch a gcéalmhoine. Poimp agus Séasar sluaighmhear do chuireadar combuaidhreadh i ngach leith don chruinne ché do bhreith an uile fhínné. An cath cathardha do chuir dá uaitne theanna an talaimh do b'é críochrún a gcagaidh dé ón fhíochrún do adhnadair. "Uch! gan mé" ar Poimp "ós chionn cháigh dom fhaicsin d'fhearaibh domhnáin" glóir na flatha fhuair umhla uair an chatha chathardha.
Bheith uiríseal 'n-a dhiaidh sain gairid d'aimsir gur orduigh; do radadh fatha déar dhó a shéan catha do chlaochlódh. Mé an Poimp dá dtarla an tuisle, an t-Iarla is sé an Séasair-se, ar bhfearg rer-oile is é an cath gomadh hé ar gcroidhe an caomhthach. Mar Phoimp Maighe ag teacht san treas, bheith céim ós chionn na n-éigeas do bhí uair 's do aontaigh mé; claontair gach uaill dá háirde. Mar Phoimp a-rís d'aithle an áir, bheith íseal - anba an diombáigh - dar m'éig-se do ba lór linn, ór ar m'éigse ó nach aithnim. Ó tá an maidhm oruinn badh-éin aontuighim tre Ua saoirNéill beith fa oideadhaibh Craoi Chuinn; faoi ní hoideamhail m'urruim. Tuir fhuluing fhola Dálaigh ní fiu dá méin mórdhálaigh - ní hé an doigh nach dursan linn - a bhfuil d'osnadh im intinn. Náir dói-séin agus damh-sa a bhfuil d'anaoibh oram-sa ar dheoradhacht - dáil nar dhligh - i n-Eoghanacht Cláir Chaisil. Dá gcuireadh díoth toice treall ollamh flatha ar fud Éireann ní cóir dhó ar a dhán diomdha; dá mhó a thár dá thighearna. Do dhearbh sé seanfhocal cáigh - do léig an t-Iarla ar n-anáir uile fa lár as a los - "ní fádh duine 'n-a dhúthchas." Iarla Ó gConaill, slios re saoidh, ní fhuil fáth ag a anaoibh; im dhán níor dheargas duine do Chlár leargglas Laoghaire.
Ar airdríoghaibh Inse Néill a ndearnadar do dhíthchéill ar maithe trá druim ar druim a-tá dá aithe oruinn. Cuirm Éingrinde is an t-each geal, súil Eochaidh, ainnre Laighean, - ní théid mo sheise ríogh róm - mei-se dá dhíol 'n-a dhobrón. Shleagh na Con, 's an Chearc Bhoirche, flaitheas Banbha beannfhoirbhthe rug sé don dul-sa ar a ndíol an té as ursa don imshníomh. A-tá uabhar m'aicme féin ar chloinn Chonaill mheic mhóirNéill fa phosd ríoghshluaigh fola Floinn dá shíorbhuain uile asuinn. Groighe is táinte clann gConuill tús is earr an uraghuill - fa-ríor níor haltoigheadh liom - im ghortoirear ríogh Raoilionn. Ag íoc na muirne nach mé fhuair ó phór chaithreach claoinTé a-tá sé ag crádh mo chroidhe mar táim re ré Rudhroidhe. Buain a dhúthchais do dhuine ní breath ríogh do Rudhroidhe; is liom-sa a chogar ó chiort ionnsa m'obadh óm oidhreacht. Go buan is fearr an fonn-sa; ní hé a-tá d'fheidhm oram-sa muirn mar shriobh tuile ag toigheacht ná cion duine ar deoroidheacht. Mac éachtach Aodha Í Dhomhnaill Ua Séamuis, tuir treasfhorlainn, mo rí go rabh ar mo shon; ná tí a thal ar mo thurnamh. Turnam.
122. LOCHLANN ÓG Ó DÁLAIGH cct. Uaigneach a-taoi, a theach na mbráthar, beag dod bhuidhnibh tairise do-chí tu-sa i ndáil do dhorchla; ní náir orchra ar th'airei-se. Do díbreadh uait - uch mo thruaighe - do theaghlach bocht bráithreamhail; do-chím sibh gan fhear dot ionnramh, a threabh bhionnghlan bhláithshleamhain. Ionmhuin drong do díbreadh asat, a eaglas bhláith bhúidhiodhan, buidhean tromdha chomhthrom chiallda, modhchlann diadha an Dúiliomhan. A mhainisdear an mhúir shleasaigh sloinntear ó Sliabh Fhorannáin, caoinidh an flaith 's an saoi suilbhir mar taoi it fhuilngidh anfhorráin. Fuarais cleachtadh céile n-iodhan, a adhbha an fhuinn ghlaintealchaigh; bheith it aonar níor dhual deit-se; truagh do bheith-se id bhaintreabhthaigh. d'éis na gcéile do chleacht tu-sa a-taoi - truagh an mhalairt-se - gan chluinsin sgéal gcean ná gcliathcha gan fhear iarrtha th'amhairc-se. Cuimhneach mé gur mheince leat-sa líon áigh ógbhadh gcaithreannach ag líonadh is-teagh id thiomchall, a threabh fhionnchorr Aifreannach. d'éis díbearta na n-ord uile i n-iath Éireann eangfhoirbhthe dé an chreidimh do bhaoi gan bháthadh gach laoi id bhláthar bheannuighthe. d'aithle a n-uarais d'aoibhneas ghnáthach do ghlóir nar ghlóir dhiombaltach ar uaigneas t'árais má féachtar tárrais éachtchor iongantach.
Tu-sa it árus ealtan gcíocrach ar gcaill th'aosa ionmhuine; briseadh croidhe an tolg dá dtárras t'ord i n-áras fhiodhbhuidhe. T'altóra gan earradh gcrábhaidh, do chluig chaoine cheolmhara, mar dhúil mbailbh gach laoi gan labhra mar taoi is damhna deordhubha. Iomdha coireach cionntadh n-iomdha d'fheadhnaibh Fódla fionnshoillse fhuair ar dtadhall bhar sleas samhghlan leas a n-anman ionnaibh-se. Iomdha cuideachta clann bhflaitheadh le bhfríoth féasda soineamhail idir shleasaibh do choim chláirthigh ón droing chráibhthigh chroidheamhail. Iomdha bocht do biathtaoi it orsain 'gun ord shochruidh shéimhidhe; dursan linne a lorg 's a láithreach gan ord gcráibhtheach gcéillidhe. Glan an bhuidhean do bhí id ghrinneall - níor ghloine géis ealashroth - cuire diadha caoimhghrinn ceolach saoirbhinn eolach ealadhnach. Gairid gach lá ag an lucht chéadna; níor chian adhaigh fhírleabhar; ní feas ní 'n-a aincheas orra d'ailcheas rolla ríghleabhar. Mairg ler díbreadh an ndruing bhfosaidh; ní feas cread a gcionta-san; mór a gcrábhadh, deas a ndaonnacht, ni feas aonolc ionnta-san. An t-Airdrí dan hainm an Tríonóid go dtí dá thoil ghrásamhail tabhairt an chuire mhóir mhallghloin róin don adhbhaidh fhásfhollaimh. Clann Phroinnsiais na bhfuighleadh dtaidhiuir fill don teaghdhais naoimhiodhain; a Mhuire mhór féag bhar bhfearta fan dtréad searcdha saoidheamhail.
A Phroinnsiais, a phlannda gheanmnaidh, guidh Dia deaghmhac fionnMhuire fa fhurtocht ar do chloinn choirmigh; roinn ret oidhribh t'ionmhuine. Ó tá treimhse 'n-a treibh uaignigh an áit ghrianach ghlanuaidneach tar neart cumhacht na bhfear bhfraochdha rob teagh naomhtha neamhuaigneach. Uaigneach. ...
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services