Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dioghluim Dána

Title
Dioghluim Dána
Author(s)
Ó Dálaigh, Aonghus Fionn,
Compiler/Editor
Mac Cionnaith, Láimhbheartach
Composition Date
1601
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1938)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

1.



Ó DÁLAIGH FIONN cct.



A cholann chugat an bás,
tuig féin go bhfuil ann uathbhás;
ní dáil chosmhail nach cás lat
an bás san orsain agat.



Creid nach fada uait an t-éag;
bí a cholann ar do choimhéad;
ná creid don tsaoghal achd seal;
a thaobhadh dheid ní dlighthear.



Ós éigin duit dul i bhfad
féach id dhiaidh is féach romhad
féach faoibh is féach ós do chionn
féach ar gach taoibh id thimchioll.



Féach an óige iar n-imtheacht uaibh,
a chroinn an duille dhiombuain,
mór n-amhghar id chionn do chuir;
dar liom ní hadhbhar uabhair.



Imtheacht do chos lúth do lámh
féach do chéadfadha ar gclaochládh;
cuimhnigh ar dhoille na ndearc
moille ar t'fhuighlibh 's ar t'éisdeacht.



Féach ar thoradh thig a-mach
asad, a cholann chiontach;
do chamra d'fhéachain ret ais
féachaidh an damhna díomais.



Féach na fiacla féach an rosg
- ní glic nach gabhann teagosg;
ó tá a bhféaghain deid i ndán
creid do sgéalaibh an sgáthán.



Déana ó tharla mar taoi-se
sgáthán dot fhior aonaoise
dá bhfaictheá a chneas 's a chruth
ní feas an mairfeá a-márach.


L. 8


Ós innte as éigean duit dul
féach an uaigh ar n-a hosgladh;
truagh an mhaise méad dod ghráin;
féag na taise ar n-a dtógbháil.



Féach a-rís - is radharc tinn -
pian an anma i n-uaimh Ifrinn;
móide as cás an t-anam ann,
bás ní fhaghann i nIofrann.



Féach na teadhma tá ar do chionn
ag díoghailt t-uilc i nIfrionn;
ní bhiadh fortacht ar th'olc ann;
ort do chonntracht, a cholann.



Ní chuireann ort guais ná gráin
robhadh gach aonlá d'fhagháil;
ní ghabhann tú robhadh riamh,
a chnú fholamh na n-ainmhian.



Iarraim ar eolach na naomh,
Míchéal aingeal an t-ardmhaor,
mo bhreith ar lorg naomh nimhe
maor na ndeich n-ord n-ainglidhe.



Dom chur réidh re rígh nimhe
máthair mhic na maighdine
díon m'anaim dí gidh docar
taghaim í dom anacal.



Saobh nach aithnighe ort féin
nach tráth dhuit dul ar díthchéill;
lugha sa chách bríogh do bhall,
do bhláth do chríon, a cholann.



Allus fola Mhic Mhuire
Míchéal - maith an teachtaire -
rug ar neamh uaidh an t-allus;
mo chean fuair an feadhmannas.



Ní dheachaidh corp naomhmná ar neamh
achd aonchorp Muire Maighdean
gidh iomdha bean 'n-a hóigh ann;
ar neamh do-chóidh a colann.
A cholann.


L. 9


B 1652ob 17L
U 0012
2.



TADHG MAC DÁIRE MAC BRUAIDEADHA cct.



A chroch Dé déana mo leigheas,
lus na sláinte siridh dhamh;
do mhaothbharr fa caomh a chéaddath,
a naomhchrann saor géagach glan.



Congain liom ag leigheas m'anma;
madh áil leat fóir mo chorp;
ar ndul i gclí san teagh triallaim;
neamh re ngach ní iarraim ort.



Dom throsgadh thánag-sa chugad,
a chroch Íosa fhóireas mé;
dod rodhalta ní dú a dhímheas,
tú banaltra dhíleas Dé.



Tú d'altrom éinmhic ar seathar
sluagh an bheatha bheanfas locht;
fir 's mná na cruinne fad chíos-sa
a-tá bruinne Íosa it ucht.



Duit as mharcach mac na hóighe,
a eo corcrach na gcaor ndearg,
bhias san bhráth ar mhuin do mharcaigh;
tráth sguir ba fortail bhar bhfearg.



A abhall na n-ubhall gcumhra,
a chrann torthaidh na dtrí mbláth,
do fóireadh leat lán na talmhan,
a chlár breac ler cabhradh cách.



Créad an chúis fa gcantar abhall
ret fhiodhbhaidh chorcra, a chroch naomh?
congain liom go leanar th'fhoras,
a mhionn leabhar solas saor.



A ghráinne áluinn d'fhiodh Parrthais,
peacadh talmhan tú do shás;
ba geall a chlann ris an gcánaidh
crann tar ceann n-Ádhaimh do fhás.



Is é an crann-soin, a chroch Íosa,
t'adhbhar-sa - más fhíor don sdair;
fa dearg an crann do chrú a ochta,
is tú an call corcra fa chnaibh.


L. 10


Abhall oile ón ubhall Éabha
do orduigh Críosd, a chroch naomh;
anmanna cáich uile th'ubhla,
a mhuine bhláith chumhra chaomh.



Is ionnat do dhoirt an Dúileamh
deireadh Carghais - cródha an mhúith -
fuil a chridhe ar cuaird dar gcosnamh,
a bhile suairc dosghlan dlúith.



Muir ghorm do-ghéanta don talamh,
talamh don mhuir magh don tráigh,
's do-ghéanta féine, a chroch chéasda,
roth gréine is éasga madh áil.



Lá áluinn don oidhche gheimhridh
do-ghéanta cheana, a chroch Dé;
do-ghéanta trá eadh dot aghaidh
lá geal gémadh adhaigh é.



Ó chéadlá chruithighthe an bheatha
dá mbeinn dod luadh go ló an bhráith
gémadh mír do ghníomh ní gheallfam
do ríomh, a mhín bheannchrann bhláith.



A chroch dhearg i ndeachaidh Íosa
d'fhagháil báis nachar bhás dó
don mhac shaor do bhí ar do bhruinne
do fhaomh rí na cruinne a chró.
A chroch.




L. 14


B 1601fl 17T
U 0035
4.



FEAR FEASA Ó'N CHÁINTE cct.



A shaoghail ón a shaoghail,
ó 'd-chím do dhoirse baoghail
ar ndéanamh cruidh is ciste
nár meallar mi-se a shaoghail.


L. 15


A bhréagaigh ón a bhréagaigh
gidh sáimhe bheith dot fhéagain
is tu-sa an mhéirdreach mheangach
mairg do mealladh led bhréagaibh.



A mheangaigh ón a mheangaigh,
gidh lór feabhas do gheallaidh
ar Dhia nár dhearnar m'aimhleas
ar shaidhbhreas óir ná eallaigh.



A chealgaigh ón a chealgaigh,
gidh ait le cách do leanmhain
is tu-sa an sgáthán bréige;
do thréidhe is mairg do mheabhruigh.



A chleasaigh ón a chleasaigh,
gion go bhfuilingim t'easbhaidh
is lámh fa chraoibh nach cromann
bheith red chumann, a chleasaigh.



A bhrionnaigh ón a bhrionnaigh
do-ní cumann an tsionnaigh
uait-se gach olc do mhéaduigh,
a shaoghail bhréagaigh bhrionnaigh.



A mheabhlaigh ón a mheabhlaigh,
do thréidhe is mairg do mheabhruigh
go bráth mi-se nár meallair,
a shaoghail mheangaigh mheabhlaigh.



A lúbaigh ón a lúbaigh,
gidh tearc duit-se nar umhluigh
ó Dhia ghlórmhar níor gealladh
nach meallfar fear do chumhdhaigh.



A bhaoghlaigh ón a bhaoghlaigh,
do chor-sa is adhbhar aonaigh
ó taoi go cealgach umam
as do chumann, a shaoghail.
A shaoghail.


L. 27


B 16-- 17T
U 0011
8.



ANLUAN MAC AODHAGÁIN cct.



Bréagach sin a bhean,
ní beag seal don bhaois;
smachduigh th'aigneadh óg
a bhfuil ród dot aois.



Ainic thú ar an éag;
cuimhnigh, a ghéag ghlan,
bláth an domhain daoir
nach sealbh dhaoibh nó dhamh.



As do bhais mheir mhaoith
ná déin baois, a bhean;
gidh bé as bhuaine ré
ní mhairfe sé achd seal.


L. 28


Ná déin eisdibh uaill
gearr san uaigh go mbiad
na lúba ar lí an óir,
ná tug dot óidh iad.



Bíodh th'aire ar an uaigh,
ná sill an ghruaidh gheal;
san tsúil mhairbh ghlais mhuill
ná cuir suim ná seadh.



San troigh rothruim réidh
ná fagh-sa féin fonn;
taobh as taise clúmh
tuig nach tú do chom.



Biaidh mar bhláth an fhiaigh
- i gcriaidh ní cóir teann -
snuadh t'ochta mar aol,
do bhruinne shaor sheang.



I dtalmhain - tuar leoin -
smuain fa dheoigh do dhul;
biaidh a ghné mar ghual
an béal go snuadh subh.



Ar ndul duit i gcré
mi-se gidh mé ann
ní thiobhrainn riot taobh,
a chúl na gcraobh gcam.



Ret fhaicsin, a fholt fiar,
do-chuaidh mo chiall uaim;
duit, a bhruinneall bhán,
badh aithreach lá an Luain.



Tuirseach dhamh 'n-a ndeoigh
briathra do bheoil bhinn;
do ghlór síthe sáimh
ní mé a-mháin do mhill.



Ná bí baoth do ghnáth
cuimhnigh cách ag éag;
an folt fleasgach fann
ní fhuil ann achd bréag.



Bréag.


L. 38


B 1601-10ob 17T
U 0017
12.



Ó DÁLAIGH FIONN cct



Cia le gcoiseontar m'anam?
cia éisdfeas rem uraghall?
díon m'anman - gá cruaidhe ceisd? -
mo thruaighe an t-adhbhar aitheisg.



Eagal damh nach diongna achd cóir
breitheamh ceart Sléibhe Si-óin
lá na coinne an tráth thiocfa
cách 'n-a choinne ar chuideachta.



Ar an sliabh i gcoinne cáich
tiocfa breitheamh laoi an luanbhráith;
breath do-bhéara dhóibh ón dligheadh
mo sgéala as cóir creidfidhear.



Ann do-chífear an chros donn
- lá a taobhaidh a-tá romham -
ar an luigh cealg ar gcionadh
is fuil dhearg an Dúiliomhan.


L. 39


Fóir dia Luain lá na deaghla
d'eagla fheirge an tighearna
ar nguais-ne, a mhaoir na meidhe,
do thaoibh t'uaisle is t'impeidhe.



Go hÍosa an lá do bhí i mbraid
ón Athair is tú thánaig;
an lá do shil crú a chroidhe
a nimh fa tú an teachtaire.



Neamh d'fhagháil fa ní do-ním
ó nach fiu mi se, a Mhíchíl,
cóir fleadh d'fhagháil it ainm-se
neamh it anáir iarraim-se.



M'anam thuas dá chur i gcion
i nglóir airdríogh na n-aingeal,
faghar thú mar dhuais dána
ó tú i nguais mo ghabhála.



Déin ar síodh a Aingil fhinn
re mac inghine Iaichim;
mo chean tharla i dtréan t'itche
re béal m'anma ar imirce.



Iarrfaidh éiric ann for-íor
oram do mheas mo mhíghníomh
labhradh san Luan ar a pháis,
mo-nuar, is adhbhar uathbháis.



Biaidh lá na breithe buaine
- mór an t-adhbhar anbhuaine -
a chion ar comhair gach fhir
omhain don fhior nach airigh.



Muna fhuilnge Íosa ar m'olc
cara éigin dom fhurtocht
mairg a-tá ag teacht im eolas
a cheart an lá laibheoras.



A-tá 's ní feitheamh fallsa
cara m'anma agam-sa
gach aon dá thoghairm fa thréan
darab comhainm maor Míchéal.



Bíom 'n-a leith i ló an bhrátha
dom dhíon ar eagla an ursgátha;
an maor do char dom choimhdhe
damh ní taobh re tollairbhe.


L. 40


Do bhualadh séala mun sídh,
a mhaoir na meidhe, a Mhíchíl,
is tú thaghaim, a chnú chroidhe,
gabhaim thú mar theachtaire.
Cia re.



13.



AONGHUS FIONN Ó DÁLAIGH cct.



Cionnus dhíolfad mo luach leighis?
an liaigh neamhdha is é rom fhóir;
rachaidh sinn do dhíon ar ndocra
dá dhíol do rinn molta mhóir.



Tuilleadh ré dá ndáile dhamh-sa
díoghrais molta as mhó iná so
an liaigh neamhdha do-ní ar bhféaghain
is í ar meanma a déanaimh dhó.



Ní d'iarraidh cruidh ná cuach n-órdha,
ní d'iarraidh airgid ná óir,
do-ní ar bhfreagrai-ne i ndáil docra
fáidh eagnaidhe an mholta mhóir.



Annsa leis-sean leathrann molta
ná maith bhréige an bheatha bhuain;
labhra chaoin is croidhe fialchar
ní maoin oile iarrthar uaidh.



Fóir, a liaigh chabhra na cruinne,
an corp fuar-sa ar a bhfuil sgís;
a shaoi leagha an leighis amhra
leighis cneadha m'anma ar-ís.



A n-imtheacht ní damhna doilghis
an déad daithgheal ná an dearc mhall;
ní díol uaille an chalann chneasbhán
truaighe an t-anam easlán ann.



Ós é shire mar luach leighis
ní leasg leam-sa cur do chlú;
a liaigh mo chridhe as cóir d'adhradh,
glóir nimhe is talmhan tú.


L. 41


Tú an Dia gan deireadh gan tosach
tú an ceard do chruthuigh gach dúil
a rí na n-uile is na n-aingeal
do ghuidhe is í as daingean dúinn.



I mbroinn na hóighe is tú tháinig
tú do cheannaigh cách led chrú,
tú an taitneamh as sia soilse,
Dia ar nach faightear tuirse tú.



Tú mhínigheas an mhuir anfaidh
is arduigheas an mhuir mhín;
a liaigh do theilg fhuil an ochta
ní fhuil ceird as docra díbh.



Do-ghéabh óm liaigh luach a mholta
mac na hóighe as airde duas
dath a dheilbhe ar na gaoibh goile
eidhre saoir an toighe thuas.



Dá dtáir mei-se aonuair eile
ón éag chinnte tá ar mo thí
bíodh mo bhás is bíodh mo bheatha
fa ghrás ríogh an bheatha bhí.



Beir, a Mhíchíl, mé ar do bhuidhin
beag do-ním achd beart bun 's cionn
caithfead trá dola ar do dhílse
ó tá fola óm rígh-se riom.
Cionn.



14.



Creidim duit, a abhlann uasal,
far snadhmadh ar saoradh,
it fhuil it fheoil id dhiadhacht,
duid fá dheoigh 's dod dhaonnacht.



Creidim mar chreideas an eaglas,
ó nach creideamh cumhang
creideamh mar as cóir do chaitheamh,
cóir creideamh do chumhacht.


L. 42


Creidim mar Dhia dhuit im intinn,
mo chiall is duit dhearbhaim,
creidim thú it fhíon is it abhlainn,
is tú as Críost i gcearchaill.



Creidim thú, a aráin gan ainimh,
a chabháin gach chreidimh,
gabhaim thú mar bhiadh mar bheathaidh,
is tú Dia go deimhin.



Creidim deit i n-ainm an Athar
's i n-ainm an Mheic moltar;
creidim thú, a Sbiorad naomh neartmhar,
do shaor iomad m'fholadh.



Creidim, a urradh gach aoncháis,
gurab tusa an Tríonóid;
creidim duit, a Choimdhe chéillréidh,
it oidhre 'gun fhíoróigh.



Do bhrath go deimhin dia Céadaoin
creidim - is ciall iulcháir -
ar ndéanamh ghlóir mheabhlaigh mhaothchruaidh
le póig fhealltaigh Iudáis.



Creidim dia Dar-daoin do ghabháil
- ciall gach aoin ní hainchéim;
bíodh nach dingneam creideamh comhchóir
ní cheileam do chaithréim.



Is ar bhfríoth gan amhras uaibh-se
do dhochar dia hAoine;
creidim do pheannaid do pháise
dá deacair 's dá daoirse.



Creidim tú, a Choimdhe, do crochadh,
gidh tuar toirse a chreideamh;
creidim tú re clár do cheangal
má tá nach tú thuilleas.



Creidim dula san chroich chéasta
duit ar son ar saortha;
creidim tú tar ais it Íosa,
a fhlaith na ndúl ndaonna.



Creidim do chor fa lia lánmhór,
glas ar nach bia béalrún;
gan chead dod lucht fhaire fhraochlán
's do dhul aisde ar éalúdh.


L. 43


Creidim dot éirghe dia Domhnaigh
- ní ciall déanamh dearmaid -
go bhfríoth leat le buain dod bhiodhbhaidh
creach as cruaidh do cheannchais.



Ar deis t'athar suas go seolta
le cruas ghasda gníomha
creidim breith creiche na Cásga
deit, a eidhre, a Íosa.



Creidim duit - ní freagra faille -
do theacht, a mheic Muire,
a-nuas a-rís do bhreith bhreithe;
ag sein chrích an chluiche.



Caitir-íona liom ag labhairt
ar fheirg Íosa d'fheithimh
lá na breithe 'gun óigh iodhain
dod threise is cóir creidimh.
Creidim.


L. 47


B 1652ob 17L
U 0012
17.



TADHG MAC DÁIRE MAC BRUAIDEADHA cct.



Déanadh go subhach síol Ádhaimh!
san oidhche a-réir rug ar siur
mac ler beanadh dhínn ar ndoirche,
leanabh cígh ó n-oighthe an t-iul.



Tógbhaim-ne an la-so lá Nodlag,
nuachlann Éabha ó mhór go mion,
ar gcroidhe suas le méid meanma
don ghéig go gcnuas neamhdha a-niogh.



Oircheas daoibh déanamh go subhach;
suairc an toradh tháinig dínn,
leanbh aobhdha do fhóir ar ndoghruing
ó óigh mhaordha mhongdhuinn mhín.



Inneosad daoibh madh áil éisdeacht
iomthús beirthe deighmhic Dé;
ní coiscéim ná léim tar líne
achd réim soisgéil fhíre é.



Do bhí an uair-sin - is é a thosach -
troimchíos Séasair ar sliochd fhíor
dá dhíol ag gach aon don uile;
ní saor do bhíodh duine dhíobh.



d'íoc an chíosa i gcathair Dáibhí
- diadha an turas - tháinig sí,
Muire ógh is í re n-iodhnaibh;
ógh do bhí gan iomdhaidh í.



Fuair Io-seph ar súr na cathrach
ar chionn oidhche dá hucht slim
áit i dtigh éandaimh is asail
don réadlain ghil fhasaidh fhinn.



Beiris Muire ar meadhón oidhche
d'éis a haisdir éanmhac Dé
gé do bhí uathadh fan aim-sin
uathadh ní nar fhaillsigh é.



Tug an damh trá tug an t-asal
aithne ar an rígh rugadh ann
ó chuaird bhúidh thaidhligh an tighe
ag ainglibh múir nimhe a-nall.


L. 48


Tug an talamh, tug an t-ai-éar
aithne i n-éinfheachd ar Uan Dé;
tearc, gé do bhí i n-adhbhaidh fhalaimh,
ní ar talmhain nar adhair é.



Do fhoillsigh an réalta ríoghdha
do na ríoghaibh ón rann thoir
an chéim-se fa céim saortha
. . . céim naomhtha a-noir.



Lucht coimhéada cruidh na cathrach
do-chíd-sean chuice i gcruth neoil
an ainnear i n-uair a thuismhidh
sluaigh aingeal go gcuislibh ceoil.



Do bhí an néal-sain 'n-a néal sholuis
- níor shoillse gné iná a ghné sin -
oidhche neamhdhubh dhóibh go ndearna
dealramh an tslóigh neamhdha ó nimh.



Labhrais riu neach as an néal-sain
dar nocht an sgéal nar sgéal rúin;
ar chan a ghnúis neamhdha ó néallaibh
cúis meanma do dhéanamh dhúinn.



"Ná bíodh sgáth ná uamhan oraibh"
ar an t-aingeal d'aitheasg chaoin
"do-bhéar don labhradh dá leanaim
sgéal bhus adhbhar deaghfhuinn daoibh.



"Rugadh slánuightheoir sluaigh domhain
dhaoibh a-niodh mar naoidhin mbig
i gcathair Dái-bhíoth - dáil oircheas;
láinshíoth cháigh don toircheas thig."



An mac rugadh do ráidh sei-sean
ós é Críosd ní cóir a chleith,
fear feithmhe gach aoin don uile
beirthe dhaoibh a bhuidhe a bhreith.



Canuid na haingil an uair-sin
aointiuin cheoil nach cuala cluas
samhail a bhfuinn sin ná a slighe
ag druing ó thigh nimhe a-nuas.



"Glóir do Dhia is dá dhiongnaibh arda"
do b'é labhra lucht an neoil
"síodh do lucht daghthaile an domhain"
lucht athlaimhe ar choraibh ceoil.


L. 49


Mar sin do fhoillsigh an t-aingeal
ar uair a bheirthe breith Dé;
teacht don bhláth neamhdha mar naoidhin
fáth meanma gach aoinfhir é.



Adhbhar meanman an mac ruig-se
ó fhréimh Ádhaimh d'íoc ar gcion
gein sin do chothuigh an chruinne
gein shochair don uile fhior.



Táirtheamar do thaobh an toirchis
a-tá ó rug ní ré as sia
gnáthaidh aga ghairm a ghuidhe
bráthair mar ainm duine ar Dhia.



Táirtheamar don toircheas chéadna,
a chlann Ádhaimh - ard an cion -
rí dín is fear dar bhfine
'n-a rígh ar teagh nimhe a-niodh.



Táirtheamar do thaoibh an leinibh;
i ló a bheirthei-sean - báidh linn;
do leanbh mar é is obar chéillidh -
cogadh Dé do réidhigh rinn.



Táirtheamar fós - is fáth meanma -
don mhac chéadna ar gcrann ós fhiodh;
an dún ór fosdadh ar bhfine
do hosgladh múr nimhe a-niodh.



Táirtheamar de do dhruim toirbhirt;
tugsad aingil - ard an bhríogh -
ar bhfás d'fhiodh chumhra na cruinne
umhla a-niodh do dhuine dhíonn.



Táirtheamar de i ndiaidh ar seachráin,
sliocht Éabha na n-ainchion dtrom;
do mhún dá gach aon dá fhine
an raon go múr nimhe a-nonn.



Gá dú, ní fhéadfainn a n-áireamh
iomad na dtoirbheart thug dúinn
an mac do shásógh an uair-se
pór na ngrás do b'uaisle úir.



Má do-chíthei-se, a chlann Ádhaimh,
gurbh adhbhar meanma a maoidh mé
lúdh i ngach éantoigh rer n-aoighidh
déantair do rún aonfhir é.


L. 50


I ló a bheirthe bíom go faoilidh,
féasda 'n-a ainm dealbhthar dhúinn,
bíodh gabháil uainn ris gach n-aoighidh
d'anáir dá ghruaidh fhaoilidh úir.



Canam molta don mhac oirrdhearc
éisdeam briathra beoil an ríogh;
oircheas dúnn mun am-sa uile
rún almsa ag gach duine dhíonn.



Ní craos ní huabhar ní himirt
ní huaill meanman mholaim libh;
beanaidh an chéill 's fhearr as m'fhuighlibh
más dream go méin suilbhir sibh.



Caitheam san chruth-sa - cás molta -
maith dhiombuan an domhain ché
do shúil re hanáir nach athraigh
d'fhagháil dúinn i ndaghthaigh Dé.
Déanadh.



B 1614ob 17T
U 0031
18.



GIOLLA BRIGHDE O hEOGHUSA cct.



Dia do bheatha-sa, a Mhuire,
a thuile lán do ghrásaibh,
a-tá an tighearna it fhochair,
a ghein shochair clann nÁdhaimh.



Beannuighthe tu-sa tharsa
daghmhná na talmhan uile
's is beannuighthe an ghein ríodha
Íosa toradh do bhruinne.



A naommáthair Dé, a Mhuire,
a bhuime mar an gcéadna,
guidh orainn-ne na peacaigh
'n-ar mbeathaidh 's i n-am éaga.
Amen.


L. 51


B 1601-10ob 17T
U 0017
19.



AONGHUS FIONN Ó DÁLAIGH cct.



Dia do bheatha, a Mhoire mhór,
a bheatha as ghloine ná an ghrian;
Dia do bheatha, a shúlmhall shaor,
a chraobh bheatha, a úrbharr fhiar.



Dia do bheatha, a bhuime an ríogh
im sheasamh im shuidhe im shuan;
Dia do bheatha, a fhabhra úr,
a rún m'anma, a bheatha bhuan.


L. 52


Dia do bheatha, a fholt mar ór,
Dia do bheatha, a bhos mar aol,
Dia do bheatha, a bhláth na n-ógh,
Dia beatha a lón gnáth dod ghaol.



Dia do bheatha, a ghruadh mar ghréin,
do bhuadh ní measda do mhnáibh;
slighe m'anma is déanta id dheoigh,
a réalta eoil chabhra cáigh.



Dia do bheatha, a bhéal mar rós,
Dia do bheatha, a ghéag na ngrás,
Dia do bheatha, a chraobh go gcnuas,
dod ghaol suas beatha gan bhás.



Dia do bheatha, a mhálla mhín,
a ré lán le mbearar buaidh;
Dia do bheatha i n-am an eoil,
a chrann seoil an bheatha bhuain.



Dia do bheatha a dhéidgheal dhonn,
éinbhean ní curtha ós do chionn
ar chombáigh do mhongshúl mall
fa bharr thromúr fholláin fhionn.



Dia do bheatha, a bhruinneall shaor
ler tuilleadh beatha gan bhiadh,
a ghnúis ródbhán chneisgheal chaomh
a dheisbhean shaor ógnár fhial.



Fáilte uaim dod mhalaigh mhín
rer samhail snátha seang sróill,
nó taoibh ruainne chíordhuibh chaoil
far sgaoil buaile d'íornaibh óir.



Fáilte uaim dod mhongshúil mhoill,
's dod ghruaidh dhonnúir fháiltigh fhinn,
's dod chéibh ghníomharthaigh thais thruim,
's dod bhais gcuirr síodhshochruidh slim.



Fáilte uaim dod bhrághaid bháin
ránaig buaidh fháilte gach aoin
's dod shúil ghlais fhorfháiltigh fhéil
's dod bhais réidh chorrfháintigh chaoin.



Fáilte uaim dod mhalaigh mhín,
do chruth t'aighthe 's dot ucht shéimh,
dod throighidh slaitleabhair saoir
dtaitneamhaigh gcaoimh roighil réidh.


L. 53


Fáilte romhat id mháthair mheic
- fáilte ón dá chás as cóir duit -
sibh it óigh ar meas do mheic;
cóir a reic red chneas mar chuip.



Tú an fhíorógh gan righe riot,
an Tríonóid ar lighe leat
tú ar ndaingean ar ghuin a ghlac;
aingeal ód mhac ruibh do reac.



Tú urra cobhartha cáigh;
do rodhalta - is curtha i gcéill,
is tú an chraobh do fhás dar n-úir -
do ghrás dúinn i n-a raon réidh.



Is tú glainghrian nimhe a-nú,
tú an bhainliaigh gan righe ria,
iomdha ní le a gcuire a chlú,
tú do-ní duine do Dhia.



Dia do.



B 1618obc 17T
U 0007
20.



FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.



Dlighe, a dhuine, déanamh lóin;
éirghe amach go Sliabh Si-óin
ort, a thruaigh - gá deacra dál?
smuain ar t'eachtra gan iompádh.



Eachtra bhaoghlach bhíos roithinn
leat ní háil a hoirichill;
do b'fhearr an chiall ceangal lóin
's do ghealladh go Sliabh Si-óin.



Dá lón as fhearr dot aithghin
d'fhios an aonaigh anaithnidh
an abhlonn rod chuir i gcéim
's a hannlonn d'fhuil an fhíréin.



Beir mar lón go Mac Muire
déirc is aoine is urnuighe,
ó nach fuil aitheachtra ort,
's na haitheanta tre umhlocht.


L. 54


Beir fós soillse leat mar lón;
eadrod agus Sliabh Si-óin
is iomdha gleann doirche dubh
agus beann fhoirbhthe uathmhar.



Ag toigheacht gus an tulaigh
glóir an tighe thuas-amhain
go mba hí bhar soillse sin;
bí le toirrse dá tuillimh.



Searc Íosa na n-áladh dtinn
go mba hé th'arm 'n-a n-oirchill;
lucht do dhiomdha ar gach rian róibh
is iomdha go Sliabh Si-óin.



Do lucht éinleabtha is iad soin
na peacaidh go n-a bpréamhaibh;
gér libh iad gus an am-so
ná bir iad don aonach-so.



Go comhdhál na gceasd ndeacair
ná beir leat fiú an éinpheacaidh;
do ghuais ríogh an tighe thuas
bíodh do chridhe led choguas.



Lúisifear an lá do-chuaidh
go teaghdhais Ifirnn adhfhuair
gé fuair go daor a dheacar
smuain nar fhaomh acht éinpheacadh.



Ní mó do aontuigh Éabha
acht éinpheacadh uaithmhéala
laithe a díoghbhóidh druim tar ais
as ar choill príomhghlóir Parrthais.



Ré cúig n-aimsear - dál deacair -
do-chuaidh ar aoi an éinpheacaidh
lucht na cruinne - gér chreach throm -
fa seach uile go hIofronn.



Mór an ghuais iomad na n-olc;
a-táid uile tre éanlocht
aingle an uabhair - gidh dáil doirbh -
i láimh i n-uamhaidh Iofoirn.



Mé dá dhíol a-niodh go nua
- mar sin bhias m'ua agus m'iarmhua
mairg gaollucht dan séala sain -
aonlocht Éabha agus Ádhaimh.


L. 55


Do-ním tráth iomarcaidh olc,
níor shmuain m'athair acht aonlocht;
d'fhuil Ádhaimh inn is gidh eadh
do sháraigh sinn ar sinnsear.



Dá nglanainn go hannamh inn
do bhiadh an t-aithcheo ar m'intinn;
ní ghabhaim fo-ríor robhadh
díom ní fhaghaim mh'urdhobhadh.



Mó th'annsa iná an uile olc,
mó do ghrádh iná ar nguasocht;
acht gé tá cló tred chroidhe
dá mhó trá do thrócaire.



Fóir ar ghuais sinne mar soin;
feacht n-aon i bhfoithribh fásaigh
iolar slóigh, a chnú chroidhe,
do fhóir tú led thrócoire.



Do-chuadhais feacht ar fásach
i measg fhoithreadh n-uathbhásach
a rathal do bhí id bhallaibh
ar tí t'athar d'agallaimh.



San uaigneas soin iar ndul duid
cúig mhíle ó a dtighthibh teagaid
dá sgrios ó gach uile olc
dot fhios uile tre umhlocht.



Do-rónais tre dhúthracht ndil
seanmóir bhúidh breithre an Dúilimh
dod lucht gaoil d'aithle a n-eachtra
dhaoibh iar n-aithne a n-imtheachta.



Do na míltibh trá tre thal
gé thug sibh sásadh briathar
i gceann gach neith níor lór libh
gan lón do bheith fa a mbruinnibh.



Fuarais ag duine san dáil
dá iasg chorcra is cúig aráin,
an phroinn-se do phlúr shéanta
níor thúr toirrse a taisbéanta.



An tan-sain gá dtámaid ris
i gcóirchuibhreann do chuiris
taobh re taobh uille ar uille
an cuire naomh neamdhuidhe.


L. 56


Na cúig aráin is dá iasg
leathnuighid feadh na bhfinnriasg
- i ndeoidh cháigh re chais teagar -
tre bhais cháidh dá gcoisreagadh.



Le beagán do shásadh shéimh
tugais a ndaoithin dóibh-séin,
a chara ar ar chlaon an bioth,
's ní rabha aon gan fhuighlioch.



Na sácramainte is sí an phroinn,
an chruinne an t-uaigneas áluinn;
uch, is rathruagh sinn mar sain,
is inn athshluagh an fhásaigh.



Cúig mhíle do mhuin toile
do shás tú led thrócaire;
beithte ar tí ar sásaidh mar sin
led ghrásaibh, a rí an ríchidh.



An tí thug san fhásach uaidh
an sásadh cumhra an chéaduair
urra ar sásaidh-ne is sé sin
mo ghrásoidhre Dé Dhúiligh.



Ní do phroinn talmhuidhe tám;
cuir, a Thríonóid, le teasghrádh
teachta ar mo cheann dá roinn rum
an phroinn bhus fhearr dom anam.



Proinn na n-anmann is sí soin,
mar deir an chanóin chubhoidh,
a chorp do chaitheamh dá chloinn
maitheamh ar n-olc san abhloinn.



A fhagháil níor bh'fhiú sinne
corp flatha na fírinne
do-ghéabha mé maitheamh m'olc
dá gcaithear é tre annsocht.



Muna raibh an annsa ann
Rí nimhe na sé saorchlann
budh nimh a chorp do chaitheamh;
ag sin an t-olc íocfaithear.



Gé chaithim a chorp míolla
i ndeoidh dhéanta doighníomha,
rí nar chomhuill dá chraidhe
oruinn go dtí a thrócaire!


L. 57


Ní cás damh-sa cur chuige
má tú ag iarraidh fochraige;
mó a thoradh grás iná a ghoimh
tamhan do fhás gan fhachain.



Ní hé Críosd do dhiúltfadh dhamh,
mé féin trá tá dom dhiúltadh;
do mhaith folta a ghlac ngonta
mac ochta na humhlochta.



Grás maithmheach as mhaith sochair
Sbiorad naomh is naomhAthair
Mac do ionghuir an uile
slat d'fhiodhbhaidh na hionmhuine.



Flaith tá agus bhias is do bhaoi,
grian órdha dheiridh dheaghlaoi,
bas do nigh an uile fhear,
duine dil agus Dúileamh.



Do éirigh ón lia luighe
- ní bás acht bás síordhuidhe;
do bhí dá áis crann 'n-a churp
iar bpáis níor chall a chumhacht.



Tar mo cheann do-chuaidh dá ghoin
- dhó ní dhiongnuinn a urdhail
gidh ionann fuil dúinn is dó -
do luigh san úir is do iompó.



An rí rom bhean a báthadh
do-chuaidh tre chlí a naomhmáthar
an crann do-chuaidh 'n-a chroidhe
barr uaidh ar a heolchuire.



Níor throma dhó iná dhi-se
an líog chomhthrom chloichei-se;
do bhí an oil ar muin Mhuire
far loigh tuir na trócaire.



Maith an fiach fuair i n-a crádh;
a-tá ar neamh na naoi naomhghrádh
a hiomdhadh mar as dual di;
tuar a diomdhadh ní dhlíghe. Dlighe.



Fuair flaitheas síor ar a son
na déara do dhoirt Peadar;
do chomhshnoidh cruaidh a chridhe
tromghoin an uain ainglidhe. Dlighe.


L. 73


B 16-- 17T
U 0013
25.



EOGHAN MAC CRAITH cct.



Éisd rem fhuighlibh, a Athair,
cuir inn tar eol mearachaidh;
suil leanas sé an chalann chuil
go mbé an t-anam ar th'ionchaibh.



A Athair an Mheic mhuirnigh,
iarraim ort an athchuinghidh
mar theagh i n-anáir t'oidhre
neamh d'fhagháil dar n-anaim-ne.



A Athair Críosd cumhdaigh mé,
as do láimh ná léig sinne,
's a Mheic do-chuaidh tar ar gceann
do ghleic i n-uaigh 's i nIfearn.



Ná léig sinn tar an slighidh,
libh-se is éidir m'fhóiridhin;
dá n-agra coir 'n-ar gcoinne
tagra ní fhoil agoinn-ne.



Athair Mac is Spiorad Naomh
Tríonóid is trí deighphearsain,
is creideamh dhóibh mar dhleaghair
creideamh dar chóir creideamhain.



Gach pearsa ar leith 'n-a Dhia dhíbh
's 'n-a rígh ard ós gach éinrígh
triur as lia iul is aithne
's an triur 'n-a Dhia dhearsgnaighthe.



Is Éindia an t-Athair neamhdha
's an Mac d'fhiodhbhaidh fhíneamhna
mór n-ionad . . .
's an Spiorad neartmhar neamhdha.



Ionann iad d'aois is d'fhoghluim
triur fhóireas gach aondoghruinn;
ionann iul dóibh a-dearair
an triur dan cóir creideamhain.



Ionnta féin fuaradar sain
bheith ó thús 'n-a dtrí tamhnaibh
triur as lia ó bhfoighbhthe fios
'n-a Dhia fhoirbhthe gan fhoilchios.


L. 74


Ní mé do thuill teacht ón tigh
ó dtugsad inn ar éigin,
achd fearta an té do threoruigh
mé ón eachtra aineolaigh.



Créad as tús ná as deireadh dháibh
ní héidir a fhios d'fhagháil,
gidh iad féin a bhfréamha sain,
a sgéala go léir dá leantair.



Sé féin is fréamh don Athair
's don Mhac rí gan fhréamhfhachain;
don Spiorad Naomh iad mar-aon,
is iad a-raon 'n-a ríoghnaomh.



Ag so a-mháin maitheas an cheirt
trí pearsain aoinDia oirrdheirc
an tí ó dtoilltear gach teisd
rí ó sloinntear gach saoicheisd.



Agaill, a ógh, t'oidhre féin;
dom breith-se don bhrugh shoiléir
ón mbruidhin i mbí an phéisd
guidhidh an rí agus ro-éisd.
Eisd.


L. 94


B 1618obc 17T
U 0007
31.



FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.



Iomdha fáth ag feirg an Choimdheadh
cúis a hadhanta fhuair sí;
ní thig lá nach iomdha a hadhbhar
más diomdha tá ar adhnadh í.



Lúisifear nar loc a aimhleas,
an t-aingeal do b'áilne gné,
do thuill mo-nuar fheirg ón Athair;
níor theilg uadh gan fhachain é.


L. 95


Le Lúisifear lá na deaghla
an deachmhadh ord ar aoi a gcealg
do cuireadh mon-uar i nIfreann,
bruidhean fhuar na ndrithleann ndearg.



Do chur anma i n-áit gach aingil
dar imdhigh ó oidhre Dé
do smuaintigh sonn deilbh an duine
feidhm ler chom an chruinne ché.



Ní hionann is aingle an uabhair
Éabha is Ádhamh - anba an bhuaidh;
do chruthuigh sin iad rer-oile
ní thiad dá thigh oile uaidh.



Go haithghearr tar éis a ndéanta
an dias-sain dar dháil a thail
gér chlann fhíre iad don airdrígh
do-ríne siad fairbrígh air.



I bParrthas na mbileadh dtoirtheach
tiomna Críost níor chomhuill siad;
do-niad cailg abhla na haithne
mairg tamhna dar bh' aithre iad.



Ag sin an dara fáth feirge
fuair tighearna na dtrí sluagh
foghail cnuais na craoibhe corcra
daoine i nguais obtha uadh.



Céadfháth feirge fuair ó thosaigh
tnúth na n-aingeal - anba an call;
an dara fáth coill na cánadh
ar chách do choill Ádhamh ann.



An treas fáth ag feirg an Dúilimh
do dhoirt Cái-in - creidim súd -
fuil a bhráthar le cnáimh cámhaill
báthadh gráidh an ámhaill úd.



Do thuill Naoi fós feirg an Athar
ón áirc an tan tháinig sé
tug a úidh don fhíon do b'uaisle;
níor dhíol rúin an uair-se é.



D'Forann iar ndol i ndeoidh Maoise
san Muir Ruaidh na róideadh nglas,
níor thuill sé fholaidh gan adhbhar;
roghaimh Dé do hadhnadh as.


L. 96


Gan luagh ar a leabaidh chéasta,
gan chuimhne ar a chur i n-uaigh,
gan labhra ar dhiomdha na deilge,
iomdha damhna feirge fuair.



Ó shíol Ádhaimh d'adhbhar fheirge
ní háiréamhthair a n-uair sé
áireamh go ndeach ar an duille;
breath na bhfáidheadh uile é.



Fearg an Choimdheadh créad fár thuillseam?
tig uadha le hintinn soirbh
sul do-chuaidh i gclí dá chneasghoin
gach ní dá bhfuair d'easbhaidh oirn.



Muir is talamh tug dá chomhghaol
's an chúirt naomhdha 's gach ní ad-chiad;
achd gidh fuar bheirid a bhuidhe
do-gheibhid uadh uile iad.



Fuil a chroidhe agus crú a dhearnann
's dealbh a aighthe - anba an bhuaidh -
's a theas ghráidh 's a shíodh fa shéala
do dháil do shíol Éabha uaidh.



Ní dar dtoirbheart do thriath oile
do fhuluing Críost - cruaidh an sdair -
a ghuin iar dtabhairt a thoile;
raghuirt do luigh m'oire air.



Ní dar gcur i gcarcair námhad
do nocht an Coimdhe a chneas búidh;
ní raibhe a thoil ar tí ar ndeaghla
ní fhoil ní nach dearna dhúinn.



Do sgaoil an tréad nar thréad ceiníl
ó chodhnach na cúirte thall
a dhá láimh gur leath dá ngabháil;
breath báidh ní ba fhaláir ann.



Dá chraoibh eolais d'fhios an ríchidh
róibh, a dheibhléana Dé bhí,
do sgaoil a dhá ríoghbhais romhuibh
daoibh nír dhíoghrais fholuigh í.



Lucht an fheadhma i n-am na heagla
ar na hardaibh éirgheas siad;
rí nar choill ar a chloinn ionmhuin
i mbarr croinn do ionghuir iad.


L. 97


Do chlaon an Coimdhe a cheann dúinn-ne
ba dian a pháis - pudhar thinn;
do fhaomh an umhla do dhlighfeadh
craobh chumhra le sirthear sinn.



Na flaithe eile achd Uan Muire
milse corna chleachtaid so;
ní tug fuath go dearbh dá dháileamh
gidh cuach searbh do dáileadh dhó.



Do íoc na holca do-rónsam
rí na glóire - goirt an sdair;
fuair a ghuin tre uille an uabhair
do luigh truime ar n-ualaigh air.



Guidhim thuas baincheann na mbanógh
fam breith is-teach do thoil Dé
achd gidh iomdha cealg im chroidhe;
biodhbha do leanb Moire mé.



Guais go gcuirfe an choir nach seachnaim
sruth an chígh ós chionn a bhrúigh
dá dtí tuile i n-áth an ochta
ar sgáth Mhuire is dolta dhúinn.



Sí 'n-a máthair is 'n-a maighdin
Muire bhúidh na mbachall bhfionn
faghadh síoth dhamh tar mo dhoimhéin
go rabh fan gcíoch roiréidh riom. Iomdha



Ag dúsacht diomdhadh an Dúilimh
gach díomas dá ndearna sionn
eagal fa-ríor go mba raghairt;
bíodh Peadar ag labhairt liom.
Iomdha.


L. 102


B 1603-07fl 17T
U 0008
33.



GOFRAIDH MAC BRIAIN MAC AN BHAIRD cct.



Lámh indiu im thionnsgnamh, a Thríonóid;
treoruigh mo leas damh-sa, a Dhé;
cleachtaim ámhuill ar iul ndíomhaoin
sdiur go rághuing míodhaoir mé.



Duit as léir mo leas is m'aimhleas,
eadráin m'iomruill uaim ar th'iocht,
oibrigh im beartaibh, bí im chridhe,
neartuigh, a rí nimhe, im niort.



Tu-sa do bhris bás an airdríogh
san inmhe chéadna is tú tá;
fionnam sgiath do chumhacht gceannsa
cliath rem urocht leam-sa an lá.
Lámh.


L. 114


B 1618obc 17T
U 0007
38.



FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.



Mairg nach diongnadh dán do Dhia
is mairg nach diongnadh dán dó;
ar tí ar gceannuigh ar do chrú
do bhí tú idir cheannuibh cló.



Díol a mholta Rí na ríogh;
mo Rí go molar ó mhian;
a thuilleamh go dtí dom dhán;
go dtuillior grádh an tí as triar.



An t-éasga lán lán do ghlóir
iar mbás do éirigh ón úir;
do shúil re grádh créachta an chígh
dán don rígh is déanta dhúinn.



Tar éis a ghonta go grian
dá éis do b'fholamh an uagh;
mar so do shéalaigh mo shíodh;
do ba díor déanaimh na nduan.



Molta séimhe ó gach dhroing dhínn
do thuill ar n-éirghe as an uaigh;
do mhúch dhe ar ngluasocht le glóir,
do fhóir ar ghuasacht sé sluaigh.



Lá bloghtha brogha na bpiasd
- a mholadh níor mholadh díosg -
do-chuaidh ón uaigh ar chreich Chásg,
i leith na ngrásd do-chuaidh Críosd.



Na haithre umun fios fíor
mo chion tharla 'n-a riocht riamh;
ionmhuin an lucht thug ón tár
rug tre ghrádh ó Phurt na bpian.



Do fhágaibh an gcreich nar clódh
an ghein dá dtánaig a dtriall
i bParrthas na mbile n-úr
múr barrghlas fan gile grian.



Flaith fial nach neamhchonáigh nós
go a dheasghabháil Dia na ngrás
go teach Dé ní dheachaidh suas
's é thuas 'n-a bheathaidh iar mbás.


L. 115


San deasghabháil ma-raon ris
don fheadhanfháir far fhaomh crois
tug a uille ais re hais;
rug lais an cuire re chois.



d'éis bháis 'n-a beathaidh do bhaoi
an chreach-sain far chráidh a chlí
rug iar mbuadh go dúnphort Dé;
lé níor bh'fhuar a dhúthracht dí.



Urra na creiche Críost mór
níor theine gan ghríos a ghrádh;
go dtí leam a thoil do thuar
'n-a cheann ba dhual dol re dán.



Gréas do naidhm ní neamhchóir dhúinn
don chreachthóir do airg an uaimh;
lorg na gcló tre choigle cáigh
do badh cáir 'n-a oigdhe d'uaim.



I gcuilt chumhuing is í fuar
dúinn do fhuluing an tí 's triar;
ar son roghan ríogh na ndúl
díor dún a mholadh ó mhian.



Díoghrais . . . is déanta dhúinn
'n-a éaraic dom éasga eoil;
tre ar n-olc dá chrochadh do-chuaidh
fuair a chorp dochar dá dheoin.



Uch nach dán díchill mo dhán
don rígh-sin tá i n-a thriar
ar son roghan ríogh na ndúl
díor dhún a mholadh ó mhian.



Móide 's dual déinimh na ngréas
don uan do éirigh iar mbás
a-tá i neart ar an treibh thuas;
ní tearc duas ag gein na ngrás.



Urusa duas d'iarraidh air
ní tre fhuath tiaghair dá thigh;
is é mo rí an rí ag a bhfuil
an chré 's an mhuir 's gach ní ar nimh.



An t-éasga dearg as dearg snuadh
is le ceard déanta na ndúl
leis gach lionnmhagh, leis gach sliabh,
leis an ghrian 's an fhiodhbhadh úr.


L. 116


Leis na haingle ó láimh go láimh,
's na maighe 's an tráigh 's an tír,
leis na luibhe, leis na heoin,
leis na neoil 's gach duine dhínn.



Dá mbeinn re ríomh a bhfoil faoi
níor leinn soin do ríomh rem ré;
mar sin is leis uile í
leis gach ní san chruinne ché.



Tre ghuin chígh is dearnann dúinn
go ndearnam an rígh do réir;
ar a thol ó tá gach dúil
ní lá dhúinn dom chor ó chéim.



Gríos grás ar nach deachaidh dlaoi
iar 'n-a bhás do bheathaigh sé;
glóir ar marthain uile hí
an uile ní ar dhaghthail Dé.



Dar gcaomhna do-cháid fan lia
le a dhaonnacht do dháil a chrú
do bhí a chlí 'n-a cosair chró
rí as mhó do chosain a chlú.



Do bhí ós chách is é i n-úir,
do bhí sé iar mbás fá bhuaidh,
fa rí é agus é san óigh
an tí do fhóir na sé sluaigh.



Do dhearg romhuinn an rian ríogh
triall 'n-a cheann dá bhfaghuinn uadh;
lorg ceise 'n-a chlí do-chiam
rí fial ara treise truagh.



Ní hé ar éanchor obus róinn,
mo lochta dom éara uaidh;
ní ghabhaim mo chor i gcéim;
dom thol féin anaim uaidh.



Cairt ar gcomhthruim Muire mhór
ó athair na n-uile ndúl;
níor cailleadh an réalla ríogh;
do-ghéabha síodh daingean dún.



Maighdean nar bh'iomarcaidh uaill,
an mhaighdean bhionnfhoclach bhúidh
'n-a dál go ndighear iar nóin
sireadh glóir ar mo dhán dúinn.


L. 117


An chaor bhuaidh ler saoradh sionn
tre dhaonnacht i nduais mo rann,
gidh fiú mo choir cor im cheann,
go rabh leam is an toigh thall.



Ógh ler slonnadh síodh gach uird
bíodh dom chosnamh ar an chailg
do dháil go lór t'fhuil gan fheirg;
guin an deilg is mór an mhairg. M.



A sheachna is cumann go gceilg
- Peadar umam i ngach aird -
mairg danab sódh seachna a uird;
seachna a luirg is mór an mhairg. M.



39.



FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.



Mairg nach doirteann a dhéara
cioth déar do dhruim aithmhéala
do bháidhfeadh diomdha an té as triar;
do ba diongna é d'aimhríar.



Do dhearbhadh ar dhéaraibh Póil
san tigh thuas gur thuill onóir
fuair a thoil ó thriath nimhe;
ag soin fiach a aithrighe.



Treall dá aimsir - anba an choir -
do bhí Pól, posd an chrábhaidh,
- ní hiúl é ag nach aghair fréamh -
i n-aghaidh Dé 's a dheibhléan.



Beantar dhé lá do na láibh
an éaraic uile anbháil
a amharc mar badh dual dó;
a radharc uadh do éaló.



Pól easbal ag iarraidh grás
fearais cioth déar tre dhólás;
do-ní d'aithrighe ann soin
maithmhighe thall gur thobhoigh.


L. 118


A shíothcháin a dhéar budh-dhéin,
tugadh a amharc ainn-séin
is glóir bhuan an Dúilimh dhó;
a rúinnimh uadh do iompó.



Peadar an t-easbal eile
fríoth leis luach a aithrighe;
a thriath fa thrí an tann do shéan
do-chí gur bh'am don Fhíréan.



Séana a thíghearna fa thrí
le caoi do chuir ar neimhní;
osna dhomhuin is dáil déar
do bháidh fholaidh an Fhíréan.



Fuair fós Muire Magh-da-léan
luach a haithrighe ón Fhíréan;
do thuill choróin san tigh thall;
do bhir onóir dá hanam.



Le huisge a nuaidhéar do nigh
Muire lá do na laithibh
troigheach naomhdha ríogh na ríogh
do bhíodh aobhdha re a heissíodh.



Na seacht ndeamhain - díochra an tsearc -
do bhean Críosd eisde i n-aoinfheacht;
do radadh luagh a deor dhí
ar n-a leodh d'Uan na hóighe.



Loingíonus fós feacht oile
dhó ar n-osgladh a uchtchroidhe
fuair a shíoth do dhruim a dhéar,
gé do thuill fhíoch ón Fhíréan.



Gach neach dá dtug triath nimhe
flaitheas Dé ar aoi a n-aithrighe
- a ghuidhe is díor dá gach dhruing -
a ríomh uile ní fhéadfuinn.



Go ndearnar aithrighe im ulc
mar na deibhléana a-dubhart;
laithe a bháis do hoirneadh inn
páis an Choimdheadh go gcaoininn.



An lucht fuair flaitheas nimhe
le hiomarcaidh aithrighe,
fa dheireadh gomadh díobh sinn;
geimheal far-íor ar mh'inntinn.


L. 119


An glas cruaidh-se dom chridhe
go mbeana braon aithrighe;
fuaire mo bhéas ag reodh riom
mo dheor do ghréas i ngéibheann.



An cioth do chuir Dar-daoin de
do ghuais péine na páise
- cioth mo shúl do budh lór lais -
gomadh lón dún an díoghrais.



Uisge glas do-ghéabha uam
tighearna na dtrí mórshluagh
fan fhuil dheirg dhamh-sa do dháil
do sheilg ar mh'annsa d'fhagháil.



Fliuchad aighthe anba an grádh
- níor bhréag é bláth an domhnán -
's an chlí do thiormuigh dar dtal
ar tí ionnluigh gach anman.



Ar ndáil a fhola uile
dia hAoine dar n-ionghuire
ní raibhe ann aonbhraon d'fhuil;
an taobhghaol thall do thiormuigh.



Le haonbhraon d'fhearthain dá fhuil
do cheinneochadh clann Ádhaimh
's gan chrú a chlí d'fhearthain uile;
do bhí an fhearthain iomuin-ne.



Níor bh'fhiú a dtáinig 's a dtiocfa
fuil an Choimdheadh choisreagtha
sileadh phinn do dhortadh dhí
gan sinn dom fholcadh eisde.



Gér lór aonbhraon dhíobh dom dhíon
cuirim m'fhaosamh tar m'eissíodh
ar gach bhraon dar dhoirt damh-sa;
do sgoilt a thaobh treamhum-sa.



Cuirim m'fhaosamh ar a fhuil,
's ar a bhás 's ar a bheathaidh,
's ar chúig croidhibh ríogh na reann;
síodh an troighigh go dtuaiream.



Cuirim ar an gcoróin sbín
mo chomairce ar aoi m'eissídh,
's ar an digh dhomblais ad ibh,
's ar donnbhais dhil an Dúilimh.


L. 120


Ar an gceann do chlaon re chrois
cuirim mo dhíon tre dhíoghrais
ar ndín-ne ar an troigheach thinn
do ríne an t-oineach inghill.



Tuir chothuighthe na córa
m'fhaosamh re hucht n-iarnóna;
is díon mo mhíothaom go moch
bíodh ar a chlíothaobh chréachtach.



An crann i ndeachaidh dar ndíon
is nochtadh oidhre an Airdríogh
do shaor tre chonnailbhe ar gcoir;
mo chomairghe ar-aon orraibh.



Dá fhaosamh daoine an domhain
do shaor a uaigh fhíordhomhuin
's a eisléine an uile fhear
cneischéile Muire maighdean.



M'fhaosamh ar a éirghe ón uaigh
is ar chreich Ifrinn adhfhuair;
mo choimhdhe ar leic far luigh;
a reic oirn-ne do fhuasguil.



An toil thug Críosd dar gcabhair
ag sin éideadh m'anaghail = anacal
grádh buan an Dúilimh dhamh-sa
mar lúirigh uadh umam-sa.



Muire óg earla glúineach
damh-sa gomadh díonlúireach
ó tharla a lán d'éigion ann
a grádh 'n-a éidiodh umum.



Muire corm an chrábhaidh the
ní daorfuidhear sinn seice;
earla glan na ngéigfhiodh bhfionn
budh éideadh dhamh a dícheall.



Do gonadh is i n-a ghoin
dia hAoine í ar a aghaidh
an choirpsheang tre chailg an gha;
mairg nach doirteann a dhéara. M.



Ainm Beadair na mbriathar nglic
carrag chothuighthe an chreidimh
fuair is-tigh an-uas an ainm
sgaradh ris ro bu romhairg. Mairg.




L. 129


B 1614ob 17T
U 0031
42.



GIOLLA BRIGHDE Ó hEOGHUSA cct



Meitheal do bhí ag Dia na ndúl
- cia ar nach breitheamh rí na ríogh? -
coibhéis ga roinn ón rígh mhór
nír lór le droing díbh mar dhíol.



Dream fa phríomh don phobal fhionn
gus an ríogh gan chogar gcam,
lór ríoghdhacht a cheirt 'n-a gceann
dream san bhfíonghort fa theirt thall.



Toradh abaidh fhuair an rí
ón madain ga bhuain do bhaoi
ní dheachaidh a bhuain do bhreith Dé
tar an té fhuair i leith laoi.



Tig i gceann nóna dream díbh
- nochan ónna earr mo sgeoil;
nocha sia a-nonn iná nóin
do-chóidh go Dia an drong fa dheoidh.



Coibhéis tug díbh dá gach dreim
dá rug gun rígh ar a phroinn;
meitheal Dé gomadh díbh inn
go mbé sinn gun rígh fa roinn.


L. 130


Ar an chéaddrong ann tré éad
ón géaglom gach crann do-chiad:
"meitheal dar bh'aghaidh sinn súd
grúg linn ar samhail is siad."



"Créad an tnúth do bhí ar dhreim díbh
gé do-neinn" ar an rí "a réir;
cóir congbháil gach chuir go cóir
do-chóidh dhuibh ar bhformháil féin."



Cia an chéaddrong fhormhála úd
nach éadtrom gcomhdhála ad-chiad?
dream do chinn crábhadh go hóg
nach sgirr fód go háradh iad.



Cia tháinig i leath an laoi
dá nach ráinig neach gan ní?
dream théid tar bloigh dá n-aois é
do thoigh Dé ón mbaois i mbí.



Cia tháinig i dtráth re sgur
dá ráinig mar chách a gcor
a itghe fhíre ghearr ghlan?
dream do sgar críne re col.



Dream ó nóin díbh, dream go moch,
nír fhearr a mír dóibh ná a deoch;
cidh óg cidh sean thí 'n-a theach
is í bhreath neamh dá gach neoch.



Neamh i n-a dhíol ó Dhia ar ndul
fear gá mbia críon as a chul;
ní fhuighe ar aba ní achd neamh
fear ga mbí aga as a ugh.



. . . . . . bearar an bhuain
a-deir an leabhar go léir
na soisgéala i n-a gcurp chóir
dóigh lucht nach coisgéara a gcéill.



Mairg nach do mheithil Dé ar ndul,
sé re a mheithil nocha mion
bronnta ó leagar neach ar neamh;
meadh na mbreath is eagal d'fhior.



Nocha beir Dia cách ó chiort
i meidh an tráth bhus lia a locht;
mo shoighníomh a Dhé ba dheacht
gomadh seacht gcoimhlíon é is m'olc.


L. 131


Olc m'ar agus olc mo thuar,
isam gort nach gabh a shíol;
go mbé a Dhé gráinne dod ghrádh
ar lár gach áighe, a Dhé, dhíom.



Fóir a Dhé m'anmain is air,
is mé an chré 'n-a talmhain tigh;
a mbí im thromcholuinn d'fheoil oimh
fuin, a eoin ghormcholuim ghil.



Glan mo chridhe, a Dhé na ndúl,
ag snighe go mbé do bhraon
im inchinn im churp im chliabh;
iadh fam ucht, timchill mo thaobh.



Mo mheanma - is tobar fuar fliuch -
ag luadh meabhla ag cogar creach;
mo chaoin ar n-a cur a-mach
dubh mo dhath don taoibh is-teach.



Mé dom breith do-chí gun gcurp
ní bhí achd gar mbreith ó chiort;
a pholl camra, a chalann bhocht
olc tharla an t-anam ar th'iocht.



. . . . . . fallsa a neimh
fuaradh dhamh-sa agus a ndoigh;
bréaga doilbhthe muin ar muin
géaga do chuir toirthe im thoigh.



. . . . . . measgadh a méar
cam mo sheasamh is mo sheol;
comuil dom dhéad do bhas bhán
lágh blas na mbréag as mo bheol.



. . . . . . is each
nocha cóir is mo chré fliuch
fearthain i n-eas ruaidh mo rath
clach i dteas go n-uair do fhiuch.



. . . . . . do dhál
nach anfuidhe ó dhún do dhún
a thruaigh, ná toirche gan lón,
smuain gan do chlódh choidhche ar gcúl.



. . . . . . cat
ach a mbí ar láthair láimh riut;
tiomna th'each do bhó 's do bhrat
dod mhac is breath do ró riut.


L. 132


. . . . . . . . . . . . .
. . . . . . croig
is fíor Dé nochar dhú dhuid
an dtuig tú do ghné dhá goid.



Seang san Aoine is eadh nach dú
an naoidhe 's an bhean ga mbia
ní dhleiseadh naoidhe ní dhó
san ló do bhí daoire ar Dhia.



Trí sáir do fulngadh le ar bhflaith
- ar gcunnradh ní cáir do chleith -
a thaobh geal do chur fa chloich,
dul i gcroich, is bean dá bhreith.



Dá ró 'n-ar ndáil-ne Dia féin
ní bhia bó ná áirghe ar m'óidh;
adhbhar teasbhruithne a-tá im dháil
is gráin lá an mheasroighthe mhóir.



Ní rí a-dearam gidh eadh é
re fear agus fearann faoi;
re a thabhairt d'aoidh is é is rí
an té do-ní craoibh don chnaoi.



Do dhealbh ar rí-ne an mhuir mór
do shnoigh na tíre gan tál;
talamh neamh do-roighne a-raon
doilghe craobh le a bhfear i bhfál.



Tug gréin thoir sa mbioth dar mbraith
tar gach toigh 'n-a rioth do reich;
tar gach n-uilinn siar do soich
grian 'n-a cloich muilinn ar mleith.



Dá léasboire Dhé na ndúl,
ar n-éasgai-ne a ghné is grian;
an bioth dá loinnir do líon
dá choinnil ríogh 'n-a rioth riamh.



Ro badh iongnadh le gach fear
gémadh fiodhbhadh tres an ar;
dámadh neamhghnáth éan a hubh
nó sméar dubh a gealbhláth ghlan.



Do shuidhigh Dia re gach ndúil
i n-a suidhidh Dia ba-dhéin
an talamh chongbhas go cóir
nó an gabhal óir ghabhlas gréin.


L. 133


An saor do shuidhigh gréin ngil
a réir nocha duiligh dhuibh;
a chumhang gidh cia do-bheir
do-gheibh Dia ar ubhall nó ar uibh.



Le Dia is annsa íorna mná
ná almsa ríoghdha dá ria;
táin ríoghna ná raighne bó
mó an t-íorna ó mhnáibh daidhbhre ag Dia.



Comhairle uaim dá gach fhior
- ní comhairle ar n-uair bhus omh -
gan eallach san chró do char;
ní mhar dó a cheannach 's a chrodh.



A dtabhair duine do Dhia
maraidh san chuile gan cheo;
mairg nach tabhair bloigh na bó
san chró a dtaraidh 'n-a boin bheo.



Leiseochaidh Dia cisde ar gcradh;
brisge nocha bia 'n-a fhiodh;
cisde damh-sa créad a chan?
ní mhar séad achd almsa d'fhior.



Ba le marbh don chill ad-chiu
is a fhadhbh linn mar is leo
an almsa do budh fhearr dó
ná bó ón marbh-sa 's a beann bheo.



Laogh dhamh-sa agus céad bó mbliocht
m'almsa rem éag budh mó mart;
maith an chuire 's a chéad torc
do dhuine ar dtocht d'éag do-n-ort.



Ní beag le laoch ar nimh naomh
an ghaoth i n-a digh gá diul;
ní háil fromhadh ní háil ól,
lór dáibh a bholadh do bhiudh.



Sruth fíona sruth meadha mall,
sruth meala bhus míolla leam,
tobar trí gcíoch ar mo cheann
lionn nach fríoth cogal 'n-a cheann.



Mór an baoghal m'ord gach laoi
- is faobhar go gcolg mo chré;
lór a-tám 'n-ar mbeithidh bhí
lágh a rí ar do mheithil mé. Meith.


L. 134


Brighid Bhreagh as bharr na n-ógh
'n-a teagh tall gurab mór mé;
gnáth rádh a gille 'gar ngairm
ní nár linne mar ainm é. Meith.



B 1601-10ob 17T
U 0017
43.



AONGHUS FIONN Ó DÁLAIGH cct



Ná déana díomas, a dhuine;
deimhin go bhfríoth fios do locht,
fogus daoibh for-íor an t-uamhan
ná bíodh dá thaoibh uabhar ort.



A dhuine bhoicht ná bí díomsach,
do dheireadh féin féach a-nú;
a-tá sealbh ag an éag oraibh,
is dearbh nach géag thoraidh thú.



Rachthair a-rís san gcriaidh gcéadna
- a criaidh ar dtús tháinig sibh;
an t-uabhar dá thaoibh níor thréigis;
uamhan daoibh ar léigis libh.



Cairde aithghearr is eadh fhuarais,
ní fada ón chriaidh a cur ort;
dá mbé go bhfuil do ré romhaibh
ní fhuil sé gan omhain ort.



d'éis an bháis ní bhéara sibh-se
síos fan dtalmhain a-tá fóibh
- uch, a thruaigh, is truagh an mealladh -
buar ná cuaigh ná earradh óir.



Ní bhia achd aonbhrat is é cumhang
fad chorp ar gcaitheamh do ré;
tú mar chraoibh ar gcur a duille
ar ndul daoibh don chruinne ché.



Mór an truaighe mar tá sibh-se,
seargfaidh do chlí claonfaidh t'fholt;
mór an béad mar taoi id thoirrchim
's an t-éag gach laoi ag oirchill ort.


L. 135


Brisfidh do dhearc - ba dáil baoghail -
biaidh do bhéal ar dhath an ghuail;
ná bí gan omhan t'fhir chagaidh;
ag sin robhadh agaibh uaim.



An troightheach - is tráth dá fhógra -
re hucht an bháis - is beart truagh -
creidthe dhíobh i gcriaidh an Choimdheadh
biaidh fo-ríor 'n-a oighreadh fhuar.



Rachaidh claochlódh ar chruth t'aighthe,
d'éis t'éaga do b'olc do niamh,
biaidh do bhéal mar an ngual ngabhann,
ba tuar déar, a chalann chriadh.



A dhuine, ná déana fallsacht;
is fíor damh a ndubhairt mé,
a chroinn 's a fhréamh a húir Éabha,
is sgéal rúin ná déana dhe.



Féach orm, a dhoirseoir Dé athar,
a hucht Críost ler ceannchadh sinn;
ná léig im cheann cíogh an álaidh
i ngeall re gníomh Ádhaimh inn.
Ná.




L. 137


B 1618obc 17T
U 0007
45.



FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.



Ní díol grádha gleann na ndeor
ná lean a chádhas go cian;
cia an dúil nar ghortuigh go géar?
dúinn is léan a rochtain riamh.



Ná cluintear fíoch feasda fúibh
a shíol Eabha, a fhuigheal áir;
do-chím-se nach teann bhar dtóir;
gleann an bhróin an tír-se i dtáir.



Gleann na ndéar an talamh trom,
do ghréas nochan antar ann,
dá lár is soibheirthe sionn,
is crádh liom m'oilithre ann.



Fan lucht toice fhuil san úr
toirrse ní fhuil ar a n-ór;
beag bhar ngaol re gleann na ndéar,
a dhream do fhéagh an raon róm.



Fa chloich ó do-chuaidh do chlí
ní fhoil groigh ná cuaich dod chaoi;
ní libh dod chrodh acht an chré,
a fhir a-né ar ndol fa dhlaoi.


L. 138


A fhir dar bh'earradh an t-ór,
ní libh d'earradh acht an uagh;
san tír dar ghoire do ghrádh
lámh ag rígh oile mon-uar.



Mac Muire nar an fa fhád
don chruinne ná car acht súd;
níor leat do chríoch áluinn óg,
ní bhíoth acht fód fábhuill fúd.



Do-chuaidh d'fhuil Ádhaimh fa úr,
iar 'n-a ghuin tánaig i dtréan;
is fiú a ghaolmhaith drud 'n-a dhál;
tug grádh do naomhfhlaith na néall.



Ní théid ar a dhiadhacht dlaoi;
ná tréig ar an iasacht hé,
flaith as fhearr fan uile ní,
rí ar ar fheall an chruinne ché.



Tiad na toirthe mar théid clú,
ná tréig an Coimdhe ar cheo;
táinig mar chiaigh tre chlí mná;
biaidh mar tá mar do bhí beo.



Tuille grás nach téid i dtrágh
ná tréig do ghnáth Muire mhór
earla fionn as daingean dún,
mionn súl na n-aingeal 's na n-ógh.



Ar n-eochair, ar n-eite lúidh,
red bheathaidh seice ná sín:
bheith ar a tí tug dot óidh
's í 'n-a hóigh agus rug rígh.



Ná tréig Muire Máthair Dé,
táthaigh a croidhe red chlí;
ná gabh mearbhall tar an mnaoi
saoi glan as neamhghann im ní. Ní.



Peadar easbal do b'úr dlaoi
ag túr na beathadh do bhí;
tug a chaolchorp fa chuing nDé
do thuill sé ar naomhthacht gach ní. Ní.


L. 139


46.



FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.



Ní maith altuighim m'anáir
tríd nar bh'oircheas m'iongabháil;
ní altuighim a n-uair mé
ó ghartfhoirinn bhruaigh Bhóinne.



Feadhmannaigh dhó an uile fhear;
mo dhuasa ó mhacaibh Míleadh
triath na dtriath dhamh-sa do dháil;
is liach gan annsa d'admháil.



Fa-ríor níor altuigh sinn-ne
le hanuabhar intinne
ar chreid damhradh Dúine Breagh
dúin-ne agus adhbhar oideadh.



Níor altuigheas - olc an sduaim -
m'ísliughadh innte an athuair
Fódla linnte na learg sean
ná mo cheard innte d'oirneadh.



Ar n-ionnarbadh ó iath Ír
níor altuigheas rem Airdrígh,
mo thriall go Labháin tar linn,
dom anáir thiar ar dtoirling.



Ní hionann inn is I-óib;
an fortún fuair ón Tríonóid
do altaigh ris an té 's triar;
do sgé antail na n-ainmhian.



Clann oirrdhearc, táinte agus tír
fríoth le hI-óib ón Airdrígh
's groighe is tréada is cuirn corcra
cuirm is séada saoghalta.



Níor chuir toice i n-uabhar é
I-óib dil - díochra an fínné;
níor ghrádhuigh sé an saoghal bocht;
do naomhadh é as a umhlocht.



Do shmuain Íosa dá éis soin
fulung a óglaoich d'fhéachoin;
an uile ní badh ní lais
do bhí uile 'n-a éagmhais.


L. 140


Do ráidh I-óib "ó thoil Dé
Dia thug Dia rug a-ríse";
do-chuala a chloinn láimh do láimh
ad-chuala coill a chonáigh.



An tuile easláinte air
do chuir Airdrí fhear ndomhain;
do fhéag ar n-uair a fhulung
bréag ní fhuair 'n-a urughull.



"Beirim a bhuidhe rem ching"
do ráidh I-óib tre uirrim
"ró cráidh do chara ar mo chorp
ba mana gráidh mo ghuasocht."



Do bhíodh do dhalta an Dúilimh
gur chneasuigh a chréachtchrúinimh
ag súr déirce ó bhrugh do bhrugh
a shéitche ar cúl na comhladh.



Do haltuigheadh re Dia ndil
's ris an óigh mhilis mhuirnigh
tabhairt coda déirce dhí
nó a shéitche d'oba impe.



Níor chaoin I-óib a othra
féin go fagháil cobhartha
's do-níodh caoi i gcróluighe a chneadh
ar aoi clóghuine an Choimdheadh.



Níor chaoin a ghalar goirt gnáth,
's níor chaoin a chlann ná a chonách
gér chaoi croidhe caoi I-óib
ar aoi thoile don Tríonóid.



Fríoth aisiog na sláinte iar sin,
fríoth tír is clann ón Choimdhidh,
fríoth a shealbh mar thuile ag tocht,
mar do dhearbh uile a annsocht.



Do ráidh mar do ráidh reimhe
go búidh umhal ainglidhe:
"an tí rug re ré ar ndeacra
is é thug na toirbhearta."



Níor mhóide a bhrón a bharr croidh
's níor mhóide a mheanma a fhagháil
a tháinte is a threoid troma,
a shláinte, a sheoid shaoghalta.


L. 141


Ón uair-sin go héag idir
mar éaruic 'n-a fhoighidin
fuair sé an talamh ar a thal
's gidh é toradh na talmhan.



Fós mar éaruic 'n-a fhulung
an ghlóir naomhtha neamhchumhung
fuair ó thriath an tighe thuas;
fa sgiath dá chridhe a choguas.



Ní altuighim mar I-óib
boichte ná toice, a Thríonóid;
uch, nach déinim a ndearna
go dtéighinn rem Thighearna.



Mar I-óib do b'fhoirbhthe cuing
gá fios nach d'fhéachain m'fhuluing
fríoth an saidhbhreas muin ar mhuin
is fríoth daidhbhreas 'n-a dheaghuidh.



Eadamar is dom fhéagain
do gadadh dom ghaoilghéagaibh
na Conuill badh díonbhun damh;
do díoghladh oruinn m'uabhar.



Eadamar is dom fhéasgain
mo bhuar mo ghroigh gnímhéasgaidh
rugais a Dhé uile uam
níor bh'é an duille nar dhiombuan.



Eadamar is dom fhéagain
do beanadh mo bhruittéagair,
mo dhán is mo dhúthaigh dhíom;
cúthail mo dhál ón dimbríogh.



Go n-altuighear a rí ribh
bheith gan bhuar bheith gan mhuinntir,
's a brígh do bhreith óm meanma,
's bheith gan tír gan tighearna.



Go n-altuighear, a rí, ribh;
a-tá i gcúirtibh clann Mílidh
fál allmhurach druim ar dhruim
im chlár gcamdharach gCriomhthainn.



Go n-altuighear, a rí, ribh
mé gan fiú an bhaird do bhuidhin
i Labháin fa cheo cumhadh;
ní beo anáir m'ealadhan.


L. 142


Ionann is altuighthe dhamh
cách dom dhíol nó dom dhiúltadh,
nó bheith ós chách ceann i gceann,
nó bheith fa chách go coitcheann.



Ionann is altuighthe dhamh
bheith fa dhiombuaidh san domhan
nó bheith fa bhuaidh nó bheith slán
nó bheith ar n-uair go heaslán.



Ionann is altuighthe dhamh
mo bheith rem beo i mbeirt mhoghadh
nó beirt ríogh do chur fam chneas
badh díon damh ar mo dhímheas.



Ionann is altuighthe dhúinn
bheith go maidin ar mhaothchlúimh
nó bheith i lionnmhuir gan luing
nó bheith i n-iomdhaidh iaruinn.



Ionann is altuighthe dhúin
bheith im luighe ar lár m'fhortúin
nó siobhal sneachta ar sliabh lom
nach biadh ag ealta a fhulong.



Ionann is altuighthe dhúin
luighe idir mo lucht míorúin
nó luighe idir mo lucht gráidh
dom churp croidhe gach chompáin.



Ní fáth faoilte, ní fáth bróin
clann oirrdhearc, earradh deargóir,
nó bheith gan choim idir chách,
nó bheith gan chloinn gan chonách.



Ní fáth faoilte, ní fáth bróin
cúirt áluinn iomad comhóil
nó iomad tarta is teach lom,
nó neach gan acra d'fhearann.



Cré gach colann san chruinne;
breith nó oighidh éanduine
ní fáth faoilte ní fáth bróin;
ní caointe cách i gcéadóir.



Dá ndídean do dhoirt a fhuil;
níor chaointe do chloinn Ádhaimh
rí n-a dheoidh ná rí reimhe
le a dheoin acht rí an ríthighe.


L. 143


An rí tá is bhias is do bhaoi
is tríd ba dhéanta déarchaoi;
ceo gach triath acht triath na ndúl,
beo mo thriath ar n-a théarnúdh.



Mairg nach caoinfeadh an chruinne;
a bhás ní bás éanduine
do b'é uile an uile fhear;
ní duine an té nach tuigfeadh.



Mairg nach caoinfeadh iad uile
tráigh, tír, coillte claonbhuidhe,
éisg na mara is neamh na néall,
's an lear uile is an t-ai-éar.



Do gonadh an ghrian 's an ré
is buidhne an bheatha sheinché
lá fuile an tairnge do theacht
's na haingle uile i n-éinfheacht.



Ann sin do saobhadh síona,
do bhéicsead na bleidhmhíola,
agus an fhairrge re headh
is na cairrge dá chaoineadh.



Do chaoinsead saor a gceangail
na huisge is na hairdreannaigh,
is eoin lúdhmhara deoidh i ndeoidh,
is neoil úrghlana an ai-eoir.



Níor dhiongna a dhúile féine
do chaoineadh a gcoigcéile;
do-róine gach ní fa nimh
rí na glóire rí an ríchidh.



Ní fhuil thuas ar neamh na néall
dúil acht ar dhealbh an fíréan;
dúil mar soin acht dúil do chum
fúinn nochan fhuil i nIofrunn.



Ó fhlaitheamhnas Dé budh-dhein
síos go híochtar an aigéin
ní fhuil dúil acht dúil do chum
do mhuir ná d'úir ná d'fhochann.



Ón bhreac bheag gus an míol mór
tighearna na dtrí bpríomhshlógh
don duine do dhealbh gach dúil;
ar sealbh uile do b'iontnúidh.


L. 144


Uaidh fhuaramar neamh na néall,
's an bioth uile is an t-aigéan,
uaidh fhuaramar an t-anam,
uaidh fhuaramar uraghall.



Rí gach dhúine téid 'n-a theagh;
uaidh fhuaramar an t-aingeal
ar leathláimh gach duine dhíonn;
neamhcháir don duine a dhimbríogh.



Uaidh fhuaramar - foirbhthe an tsearc -
a dhealbh féin - gá fearr toirbheart;
uaidh ...... inn féin
do rala sinn ar saoibhchéill.



Gér ghabh sin caomhchorp dar gcionn
naomhthacht ar nach fuil foircheann
dar sdiúir gus an bhflaith bhfíre
ré iúil na sé seinlíne.



.....
.....
do thoirling san óigh iodhain
coimhling dan cóir creidiomhain.



Do b'fhiú an toircheas tharla dhí
ar sgaoileadh cáigh ó chéile
gur tháthuigh an uile fhear
Muire an mháthair 's an mhaighdean.



Ógh iodhan dar bh'ainm Muire,
máthair an Mheic shíordhuidhe,
do b'é rí na soillse sin,
do bhí 'n-a broinn-se ó bréithir.



Talamh í as airde ná neamh
bainríoghan máthair maighdean
mionn órdha fhuile hÉabha
Muire óghdha fhíréanna.



Tríd do fhágbhas Inis Bhreagh
m'onóir do dhiúlt maic Míleadh
flaith d'Íbh Airt agus Oilill
ní maith ní huilc altoighim.



Teach na n-ógh is na n-easbal,
teach daoineach an Dúileamhan,
easbal as tréan an tighe
Peadar fréamh na fírinne. Ní.


L. 145


47.



FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.



Ní rí fíre acht flaith nimhe,
rí fíre flaith na cruinne;
do bhí ar neamh fan lia lighe
fear fine, Dia agus duine.



Ar chléith dhoinnbhear dia hAoine
do coinnmheadh Dia dar ndín-ne;
daor do bhraith an raon róin-ne
laogh na hóighe, an flaith fíre.



Rí fíre an fear nar chronuigh
cneadh na cíche dar gcabhair;
a chóir is é ar n-a oighidh
oidhir Dé tóir a tabhaigh.



Tar a thal tiad a dhaoine
níor mhiadh le mac na hóighe
dá chíos ní um chneidh na cíghe
rí fíre, gein na glóire.



Tug malairt do Mhac Moire
slat do agair . . .
ar aoi a dhéire mar dhlighe
caoi cridhe déine, a dhuine.



A Pheadair, déaghaidh dhúin-ne,
déanaidh, a easbail fhíre,
guidhe ar mo chrú le chéile;
tú féine id dhuine dhínn-ne.
Ní.


L. 153


B 1652ob 17L
U 0012
51.



TADHG MAC DÁIRE cct.



Rogha gach beathadh bheith bocht
neach ag a thogha acht gidh tearc
- uirre gan bhréig ní léir locht -
san phort nach téid céim tar ceart.


L. 154


Bheith gan toice ní díoth dhún
mar íoc im olcaibh mar chrádh
nó bheith bocht do réir mo ríogh
díol a locht ní léir dá lán.



A uan fionn do fhás ón óigh,
uad i ngioll red ghrás a-táim;
asad gan bhréig fa dú dóigh;
is tú an ghlóir nach téid i dtráigh.



Red thocht i dtionól an Luain
an chroch 's an choróin red thaoibh
tiocfa sé 'n-a shochar dhúinn
dúil don rothal, a Dé, dhaoibh.



Ní fhuil ag neach grádh dá ghaol
- uch! ní neamh a-tám do thúr;
ar dtréidhe mo nuar is nár;
grádh dá chéile badh dual dún.



Go dtí so gan doilgheas daoibh
- ós ort as oircheas a úidh -
suas don deaghbhragh, a shiur shéimh,
an t-iul réidh do dhearbhadh dhúin.



Gan luaghall éithigh ós aird,
gan uabhar, gan bhréithir bhuirb,
mar luagh i ndearnain an deilg
dual, a leinb, leanmhain do luirg.



A óigmheic arsaidh dar siair
mo chasbhraid go bhfóire féin
's ná leig m'anam uaibh dá thaoibh
sgaoil uainn mo ralam go réidh.



A Choimdhe do-chí mo riocht,
dar gcoimhdhe do bhí go bocht,
go fóil ná cinn ar an gceart;
fóir led neart inn ó gach olc.



Ós í ceard chosmhail a clódh
sul thí th'fhearg chum dochair dhún
dá bhar dtol, a rí na ríogh,
go dtí dhíom a chor ar gcúl.



A bhfuaras don chruinne ché
uaibh-se dá gach uile ní
bean dot fhiortaibh dhíom, a Dhé,
más díol é i gciontaibh mo chlí.


L. 168


B 1612ob 17T
U 0002
57.



EOCHAIDH Ó hEOGHUSA cct



Táinig ceo tar an gcreidimh;
móide feidhm 'n-a faoisidin,
teirce a-chách an creideamh cóir,
beigsheadh ag cách san chanóin.



An creideamh ó chloinn Eabha
do-chuaidh dá chion tuigseana
muna chreideadh Muire mhór
an creideamh uile ar n-iompódh.



A-tá mei-se is ní mé a-mháin
le feadh m'aimsire i n-urláimh;
's an líon tarraing i dtá sinn
go lá a tharraing ní thuigim.



Tualaing gach duine ar domhan
glóir a anma d'ardoghadh;
déana féin, a dhuine, dhuid
nach fuighe péin ná peannaid.


L. 169


Dom shaoradh ar Dhia na ndúl
do chaithfinn mh'aigneadh d'iompúdh;
a-tám nó go dteagmha dhamh
gan ghrádh gan eagla an Athar.



Ní lugha do loit Éabha
a clann - is cúis aithmhéala;
maith do bhábhar muna bheath;
ar chaith Ádhamh is aithreach.



Lasfaid na clocha is na croinn,
lasfaidh an fhairrge iomainn;
dlighid leinibh oirchill air
toirrchim dheiridh an domhain.



An crann chuirthear 'n-a chuaille
is é, a dhuine, as diombuaine;
ní fhuil acht préamha an chroinn chuir
fa chloinn Éabha agus Ádhaimh.



An focal badh nár le neach
is mairg nach téid 'n-a thaithleach;
do-chí Rí nimhe a námhaid
ó 'd-chí fhine an fhanámhaid.



Olc an tslighe go Dia dhamh
bheith ar thoradh mo theangadh;
ní mhaithfeadh sé a n-abraim d'ulc
gion go n-abraim é acht d'ábhacht.



Naomhuidhe ar an éag ní fhuil
idir óg agus arsaidh;
don leanbh is gabhtha ar a ghuth
ní dearbh go marfa a-márach.



Tiocfa lá bhus aithreach d'fhior
deachmhadh na gcnó do chaithiomh;
ní leat acht ní, a dhuine, dhe;
ná bí uile don eitne.



An breac as lugha san líon
do-bheirthear d'oidhre an Airdríogh;
cnú bhuidhe dá mbia 'sna cnoibh
ní fhuighe Dia san deachmhaidh.



Do rochtain Ríogh na glóire
bronndalta na banóighe
tiocfa lá far dhéanta dhuid
gach lá dá n-éadfa an éanchuid.


L. 170


Gach éigean dar fhulaing sibh
gion gur hurusa a n-áirimh
beid a dhaoine do ló an Luain
nar mhó san aoine d'anbhuain.



Do Mhuire ní bhí buidheach
dá bhfreagra an chlí chomhuidheach
an chalann nach uair-se d'ulc
nach uaisle an t-anam d'fhurtocht.



"An lá fá mbearthar an bhreath"
is ionráidh re Dia ndúileach
"ní tú bhus mó cuid don chloinn,
ní ró dhuid acht a ndíoghluim."



Leanfaidh Críosd ar chloinn nEabha
na heacha is na háirgheadha;
tar ceann a gcaithimh i-bhus
is gearr go gcaithir cunndus.



Rachaid mar théid an tuile
gach dúil chriadh dá Cruthuidhe;
do badh oirchilleach dhamh druim
re magh dtoirrchimeach dtadhaill.



Biaidh, a Chríosd, an gcéin mharas
neach gach éanlá i n-amharas;
is rioth, a Dhé, don duine
ar bhioth ché 'n-a chomhnuidhe.



Is tú bhus aigne, a Dhé, dhúinn
re hucht aingil an iomthnúidh;
iomdha fear aimhleasa ann
feadh th'aighneasa 'mun anam.



Éad le dtéid go teagh nimhe
cóir don fheadhain fhúigfidhe;
go bhfaicear cách 'n-a ndá gcuid
ní fhaiceabh fháth an fhormaid.



Sgéarad, a Choimdhe, rem chloinn
mar sgaras cnú re crobhuing;
mé mar dhéis ar ndol a gráin,
mo chrodh tar m'éis dá fhágbháil.



A n-áireamh ní badh éidir
damh a lán dá leithéidibh;
beanaidh tú call as an gcnaoi
an chnú as a barr mar beantaoi.


L. 171


Do ním-se mar do-ní Pól
gidh eadh ní fhóbraim iompódh;
rugas geall Phóil ar pheacthaibh
gearr do-chóid im chuideachtain.



'N-a gciontaibh ar chloinn Éabha
ní iarrfadh acht aithmhéala;
braithreas dó ris an duine
mó tháirfeas dá thrócuire.



Dá saoileadh Dia m'fagháil as
do mhaithfeadh dham a ndearnas;
ar ndéanamh na n-uile olc
do-ghéabhadh duine ó dhúthrocht.



Is ionann fuil dá bhfuil sinn
mei-se agus inghean Iaichim;
lór guidhe na n-ógh eile
Muire ógh is áiridhe.



Breath do bhreith ní dlighthear dhamh
idir íseal is uasal;
ní bhiú ag meas an té as táire,
ní feas nach é as iomláine.



I luach a ndearnabhar dhó
gach ní fhuarais ó Íosa
beir a bhuidhe gidh bé thug
gur bh'é, a dhuine, do dhearlag.



Gur ghin Athair na n-uile
gan neamh d'fhagháil d'éanduine;
do bás gan chabhair 'gá chloinn
bás 'n-a aghaidh gur fhuluing.



Do fhéadfadh dámadh áil lais
gan bheith d'Íosa 'n-a éagmhais;
faicsin Dé do badh dána
is é i ngaisdibh gabhála.



Is mairg duine ar nach bí i-bhus
eagla na breithe bhéaras;
ar gcaoine a-tá gan toradh
lá na ndaoine do dhealoghadh.



Eagail leam lá na meidhe
go dtiocfa fam thairngeire
fáth aithmhéile dhamh-sa ar ndul,
bainchéile fhallsa ag Ádhamh.


L. 172


Seoid na cruinne is cleas meallta;
ní fhuil cúis a gcoigealta;
dá bhfaghainn céad dá gach chrodh
méad a n-aghaim is eagal.



Ionadh an chuirp ó chianaibh
ag curp eile an aithbhliadhain;
ní bhí acht uain an tí nach tig
don uaigh ag an tí tháinig.



Ní tháinig do thigh nimhe
neach d'fheabhas a aithrighe
dá bhfuair bás don uile fhear
nó gur fhás Muire maighdean.



Inghean Anna is Mac Muire,
lóchrainn na sé sochuidhe,
ní thánaig is ní thiocfa
cáraid mar an gcuidiochta.
Táinig.


L. 188


B 1609ob 17T
U 0006
63.



EOGHAN RUADH MAC AN BHAIRD cct.



A bhráighe tá i dtor London,
a ua Chonaill chaomhGhulbon,
do gheimhil-se is lór do léan
ar shlógh seinInse Saimhéar.



I ndiaidh ar gcarad do chaill
a-nois, a Néill Í Domhnaill,
is é an bann dar mbreith ar gcúl;
níor am dod bheith i mbríosún.


L. 189


Ní tu-sa a-mháin, a mheic Cuinn,
don chur-sa i láimh i Lonnuinn;
sliocht bhar n-iarnaigh ar fhóir mBreagh
do iarnaigh ghlóir na nGaoidheal.



An feadh nach fuil ar do thol
iomdha ó Bhóinn go Beinn Gulbon
i ndaoirsine 'ma-raon ruibh
gan shaoirsine ag aon d'Ultaibh.



A-táid eidir thuaith is chill,
eidir fhuil aird is ísill,
ag roinn bhar rodhochair ruibh
boill comhothair dod chneadhaibh.



Na mná, na boicht, na brughaidh,
na huird is na hollumhain,
gach mac robhras, gach rinn áigh,
id chomhghlas, a chinn Cruacháin.



Ionann ualach, ionann cneadh,
ionann cóir dhaoibh is dóibh-sean,
ionann innreamh, ionann ceas,
ionann imneadh is áineas.



Do ghabháil, a ghéag Eanaigh,
- lór do ghlas ar Ghaoidhealaibh,
cách uile i láimh as do los -
ní le duine a-bháin bheanas.



Dóchas laochradh Leithe Cuinn
gaisgeadh curadh chlann gConuill,
a-táid, a Néill Ghairbh, id ghlas
a n-ainm, a gcéim, a gceannas.



An glas re fada i bhfuil sibh
ní glas é ar Rígh an ríchidh
do bhreith as dámadh é a dheoin
dá gach ghlas ós sé as seighleoir.



Ós sé seighleoir gach geimhle
Rí nimhe ar gceann coimeirghe
do dhruim do ghiallchuibhrigh guidh,
a thriathbhuidhnigh Fhuinn Fhiachuidh.



Le guidhe Meic Dé na ndúl
mór mbráighe do bhí i mbríosún
romhaibh do saortha mar sain
ar modhaibh naomhtha a-nall-ain.


L. 190


Do bhí - ní cúis as ceilte -
neach róibh fa rígh Éighipte
nar tharbha an chóir ar a chúl
go ndamhna bróin i mbríosún.



An chúis do cuireadh 'n-a leith
ar n-a dealbhadh i ndíchleith
- ní chuala an rí an failcheas fill -
do bhí i n-aincheas a hinnill.



An Patri-arca Ios-éabh
ar ar chum méirdreach mísgéal
dar leathnaigh gnaoi Dé na ndúl
is é do bhaoi san bhríosún.



Le toil Athar na n-uile
táinig dá thaom trócaire
an rí ar gcromadh ar an gcoir
sí ar 'n-a lomadh dá láthair.



An rí Forann mar fhuair fhios
nach dearnadh air acht aimhleas
do saoradh é as a haithle
is é i mbaoghal básaighthe.



Ní hé amháin gur saoradh sin
rí Éighipt trá ar n-a thuigsin
ar feadh a thíre do thogh
'n-a fhear ríghe do riaghladh.



Ar gclos do neamhghair, a Néill,
mar so ar aithris an fhíréin
a-tá ar ndóigh a Dia na ndúl
nach a-mháin nach bia i mbríosún;



Acht go gcuimhneocha an choróin
duit a-rís le ro-onóir
gach a bhfuair sibh ar a son
is gach buaidh libh dar leanadh.



Ar an bhfáth fa bhfuile i nglas
acht go gcroma Cing Séamas
ná meas nach saorfaidhe sibh
's ar leas fraochmhuighe Fuinidh.



Súil Banbha red bheith a-muigh,
a mheic Cuinn mheic an Chalbhaigh,
ag cur beochroidhe i gcloinn Cuinn
's ag buing eolchoire oruinn.


L. 191


Do thoil aonMheic Dé na ndúl
biaidh trá, a thriath Seandún,
do dhaoirsine rú 'ga roinn
'n-a saoirsine ag crú Chonuill.



Rí nimhe, a Néill Í Domhnaill,
ad-chluin th'osnaidh n-éagcomhlainn,
ad-chí ar gcruth, do-chí bhar snaidhm,
a ghuth go dtí fan dtoghairm.



Dóchas cháich ar chanas rut;
nár léige Dia a dul seachat
an tsúil chabhra ad-chualaidh mé
ag sluaghaibh Banbha, a bhráighe.
A bhráighe.



Mó an príosún fós i n-a bhfuil
inghean ríogh fhréimhe Dálaigh
a bhfuilnge ag crádh a cridhe
doilghe dál a daoirsine.



Dá mbeith nach biadh do dhochar
do chách uile it iarnochadh
acht an brón i n-a mbí soin
do budh mór an ní a-nall-oin.



Ní hionann tuirrse is tuirrse,
ní grádh grádh 'n-a fochair-se,
ní himneadh as doghrainn dí
inghean Í Domhnaill Daoile.



Fa sgaoileadh Néill is Neachtain
muna bheith sunn saoileachtain
do bhiadh an brón mar nach fuil,
ní bhiadh clódh ar cumhaidh.



Nár tháire - ná táire mé -
Aodh Ó Domhnaill i ndaoirse;
nár chluineam i láimh re a linn
ar bhfuigheall áir dá fhoirinn.


L. 207


B 1600c 17T
U 0002
68.



EOCHAIDH Ó hEOGHUSA cct.



An tú ar gcéadaithne, a charrag,
a ráith éigneach eatharrod;
cách ód chéadaithne do chur
ní fáth méadaighthe meanman.



An tú bhíodh i mbéalaibh sgol,
do measdaoi re múr Cruachan?
a phuirt ghil fan rionnghlan rosg,
más ibh is iongnadh t-éagcosg!



Do chlaochlóidh do chruth dealbhghlan,
do imthigh bhar n-óirthreabhradh
dod mhúr ghlan thaoibhleabhar the;
ní mhar aoilghreanadh th'aighthe.



Níor deargadh le hingnibh each,
níor loiteadh le lorg nuaichreach,
do leirg dtonnbháin ngairthe ngil,
congháir t'fhaighthe do uaignigh.



Tugais cruth naoidhe ar neamhchruth
amhail do bhiadh baintreabhthach;
a chúirt orrdhraic thirmgheal thiogh,
do chomhloit imneadh th'aigneadh.



Éagcóir do haithneadh oraibh
cúis imnidh dá bhfuarobhair,
a threabh na gcaithreann gcorcra
re seal n-aithghearr n-iasochta.



Dá dtuigthea mar táid re treall
sé ríoghphuirt fhoirbhthe Éireann
i n-éagcruth, a róimh na ríogh,
níor chóir éagnach ar th'imshníomh.



A-tá Teamhair teaghdhais Chuinn
ó reimheas ríghmheic Cearbhuill
mar gach dtealaigh - níor dhleacht di -
gan mheadhair achd teacht tairse.



Ó ré Mhuircheartaigh mheic Néill
a-tá ráth Oiligh fhóidréidh
- leis do-roighneadh dimbrígh dhi -
gan deighrígh d'oirdneadh innte.


L. 208


Ní fhuair Caiseal - cúis diombáigh -
d'éis Chormaic mheic Cuilionáin
rí do fhréimh chéadfadhaigh Chuirc
don ghéagthulaigh fhéil orrdhuirc.



Ó aimsir Fhearghuis Fhogha
do mharbhsad meic Eochadha
níor fhaoi Eamhain fhéirmhín fhionn
le héinrígh d'fhearaibh Éireann.



Ríoghraidh Laighean na leas gcorr
ón tráth fá dtorchair Cearbhall
a-tá Nás na mboilgshreabh mbinn
'n-a fhoirgneadh fhás ón fhoirinn.



A-tá iosdadh Cruachna Cuinn
ó ré Raghallaigh rosgcuirr,
múr aolbhláth do thobhaigh toil,
'n-a mhaolráth fholaimh fhásaigh.



Aithnim nach fuileongtha i bhfad
do bheith san chruth-so, a charrag,
na hardphuirt-se ór clódh a gcruth
mór an antuigse d'éagnach.



Gidh eadh ní hiongantach linn
a bhfuil d'athtuirse ar th'intinn;
gan fháth níor claochládh do chruth,
a ráth na n-aolchlár n-amhlach.



A-taoi re treimhse bhfada,
a chéadráith chlann nDiarmada
- an ríghe réidh ní rabha -
ód fhréimh fhíre i n-aontamha.



I n-aimhriocht dot fhoirinn féin
a-taoi re treimhse n-imchéin,
a chúirt ródghlan choillbhleacht chorr,
ó fhoirneart ógbhadh n-eachtrann.



Foirneart eachtrann is é thug
do chur sa chruth-so, a charrag,
a ráth thoghtha bheannbhláth bhog
far neamhghnáth orchra orad.



Níor ghnáth leat-sa achd re linn Ghall
gur bearnadh séan bhar saorchlann,
a linngheal taobhuaine tiogh,
imneadh aonuaire ar th'aigneadh.


L. 209


Do chleachtais fleadh is fiadhach
is graifne greagh n-óirshrianach
ór dhiombuan iarann bhar n-each,
a niamhfhonn lionnfhuar loinnreach.



Ní caithtí lá id longphurt shean
gan reic ndréacht nó nduan bhfileadh
re glór bhar síodhchraobh seanma
fa ól bhfíonchaor bhfíneamhna.



Meinic thigdís teachta síth
d'fhoráil chomhadh ó choigcrích
dod chúirt ghairthe thaobhaird the
's raibhthe i ngach aonaird uaibh-se.



Fa gnáth ar leirg do leasa
lucht sgaoilte craobh gcoibhneasa
ag maoidhimh uaisle gach fhir;
aoighidh uaibh-se agus innibh.



Fiu an céadaoibhneas do chleachtais,
fiu a-rís do ró éigeantais,
a phuirt úir na ngoirmeas nglan,
doilgheas ar t'úidh nach iongnadh.



Achd a-mháin nach maoidhte dhuit
ró buaidhreadh nó barr iomluit,
a shlóighfheithmheach na dtreabh dtais,
fear d'fhóirithneach ó fhuarais.



Tarla do chéile cubhaidh
riot, a sheanráth shéanamhail
d'uaislibh caithchéile chláir Fhreing;
ná báidh d'aithmhéile th'intinn.



Mac Diarmuda díoghbhadh cath
fuarais tar éis do dheacrach,
a bhraontana na mbeann dtais,
aontagha as fhearr dá n-uarais.



Tréig an gcumhaidh do chleachtais,
eirg it earraidh oireachtais,
lí bróin ná haithintear ort,
a róimh chlaichfhinntreabh Chonnacht.



Ní hathtuirse as oircheas duit
ó fhuair tú tar éis th'iomluit,
a fhéirmhín na sídheas sean,
th'éinrígh ndíleas fa dheireadh.


L. 210


Rod chuirfe a-rís id riocht féin
oidhre Taidhg na dtreas n-aigmhéil,
a linngheal na gclár gcorcra,
slán ret imneadh iasochta.



Teas gréine is gar do dhubhadh;
gearr go gcuirfe Conchubhar
do bhláth ionghnáth ar th'aghaidh,
a ráth fhionnbhláth éagsamhail.



Budh iomdha amhladh dh'ór ceard
ós shleasaibh do chlár gcraoibhdhearg
is ceird shaothrach druim ar druim
ós leirg bhar n-aolchlach n-áluinn.



Gártha caismeart agus crot
budh iomdha i n-aoinfheacht iomut,
a thonnnuaigheal na dtreabh bhfionn,
combuaidhreadh fleadh is fithcheall.



Ní fuighthear ón uair-se a-mach
teimheal ar thaobhaibh th'aolchlach,
a cholggairthe na gcíoch ngeal.
ná díoth ordaighthe ar th'fhoirgneadh.



Bhar n-ainm féile re fada
méadóchaidh Mac Diarmada
ag aos ghnáthmholta Ghuirt Néill,
a phuirt bhláthchorcra bheinnréidh.



A charrag na gcuan sreibhshídh
is é oidhre Eibhilín,
a ráth gheal na ngéigleas gcorr,
fear do chéidgheas do chomholl.



Do cleachtadh dhuit, a dhúin shídh,
iocht is oineach it airdrígh;
geis duid éara re n-aoighidh;
sgéala nach cuid commaoidhimh.



Dod gheasaibh bhós tre bhith síor
th'iadhadh ar ionchaibh th'airdríogh,
fa chliathfhroighibh do chraobh mbreac
ná aon d'fhiafroighidh inneat.



Ní chuala éingheis fholaigh
nach í intinn Chonchobhair
ort, a bhrugh na mbeann gcorcra,
dul i gceann a gcaomhanta. An.


L. 211


Baincheann bhrogha na cairrge,
inghean ríogh fhóid fhionnChairbre
na geasa céadna congbhoidh,
réalta an leasa leabarghloin.



Rún toirbheartach teagar séad,
an céadchlú cuirfidh Mairghréag
ar an ráith mbreacthana mbinn
beantagha cháich i gcoitchinn.



Gruaidh thibhreach gan toil bhfolaigh,
sgath saorbhan síol gConchobhair,
troigh bhoinnleasg as comhdha cean,
toirmeasg foghla na bhféinneadh.
An tú.


L. 223


B 1601fl 17T
U 0035
73.



FEAR FEASA ÓN CHÁINTE.



Bean dá chumhadh críoch Ealla;
a-tá - ní taom soineanda -
neoil éachta impe re headh,
linnte téachta 'n-a timcheal.



Síona corracha ceatha,
saighnéin lonna loisgeacha,
tuile chumhadh ós a ceann
nach duibhe dubhadh díleann.


L. 224


A-tá re hathaidh d'aimsir
'n-a tír dhorcha dhoghailsigh
nar bhean a déarchuladh dhi;
ní bean éanchumhadh i-se.



I gcrích Ealla na n-eas nglan
iomdha comhartha cumhadh
táraidh dá tochrádh re treall
gur sháraigh ochlán Éireann.



A haibhne i dteirce torchar;
ní trom féar a fanntolchadh;
iúl fraochmhar a slighthe sain;
sirthe faolchon 'n-a fiodhbhaidh.



A-tá - ní cumha chuimse -
dá adhbhar 'gá hathtuirse;
gibh bé dhíobh as dimbhríogh dhi
do líon sé d'imshníomh i-se.



I nEallaibh d'éis a leonta
aimrid gach craobh cheineolta,
luath ar an gcioth mheasdar mall,
ní easgar ioth 'n-a ionam.



Do cailleadh le crích Ealla
- tug dorcha a dreach shoineanda -
tuir iorghuile achaidh Fhinn,
nathair ionghuire a himill.



Do cailleadh fós - fada a ghomh -
a mionn adhartha, a hollamh,
caitheamh aimsire a sluagh sain;
truagh an ainnsile d'Eallaibh.



Domhnall Ó Caoimh creach brughadh,
Ó Dálaigh díoth ollamhan,
a mbeith mar táid 'n-a dtaisibh
dá chreich an fháid Eallai-sin.



Dá leonadh a fhlaith ngoile,
dá bhuaidhreadh a mbanchoire,
dá chúis daghra leasChláir Luirc
dá dhamhna an easráin d'adhuint.



Mór as easbhaidh d'iath Ealla,
mór as díoth d'fhuil Oilealla,
dá phudhair luighe gach lis
don Mhumhain uile is éisleis.


L. 225


Díoth dá marcraidh mac Í Chaoimh;
díoth dá n-ollamhnaibh d'aontaoibh
- ní léir sreath adhmholaidh as -
creach dá n-adhbhoraibh Aonghus.



A-táid mar a-tá an Mhumha
fa ndíth-sin ag déardhubha
beithre fhoraire Fhóid Bhreagh,
sgolaidhe na gcóig gcúigeadh.



Gér mhór ag sgaoileadh don sgoil
a n-orchra i ndiaidh Í Dhálaigh,
níor lugha ag deaghail don droing
a gcumha i ndeaghaidh Domhnaill.



Ní bhíodh sgolaidhe don sgail
dá mbíodh i mbaile Í Dhálaigh
gan chomaoin éigin ón fhior
d'fhorraoin nar bh'éidir d'áiriomh.



Chuige do ghabhdaois trá ag teacht,
do bhídís aige ag imtheacht
go hionbhuidh sgaoilte don sgail,
faoilte ionmhuin re a n-aghaidh.



Oide sgagtha na sgoile
's a gcompánach comhnoidhe
re linn sídh nó i gcailg chagaidh
mairg an tír re a dtéarnadair.



Díoth don mholadh, olc don aoir,
bás Aonghusa mheic Amhlaoibh;
saoth don ghaisgeadh líomhtha lonn
an baisgeadh díochra Domhnall.



Mac Í Chaoimh ceardcha goile
díobhadh uaisle a fhaonloighe,
áladh doiligh dá gach dháimh,
bádhadh oinigh is easráin.



Níor mhian leis an lá do mhair
gan chuaird ollaimh 'n-a fhochair;
an fáidh ó bhfuair gach oideacht
cáir do-chuaidh 'n-a chomhoideacht.



Domhnall mhac Airt 's a ollamh
dóibh is aoibhne - adamar -
béine nar an ar-oile;
gar dá chéile a gcomhnoidhe.


L. 226


A-táthar leo - leor do shníomh -
ar gach thaobh d'fheart na n-airdríogh;
tarthaidh sinne ar ndíobhdhúdh dhe
i ríoghmhúr Cille Créidhe.



Sáith Í Dhálaigh do dhamhna
i nDomhnall dreach nathardha;
sáith an donnaghaidh shing shéimh
dar linn d'ollamhain ainn-séin.



Suaimhneach dá gach dhuine dhíobh
gan marthain d'fhulang fairbríogh
i ndiaidh an chomthaigh ro chleacht;
liaigh dá n-orchraibh a n-imtheacht.



Ionnshamhail Domhnall dreach bhras
ní dóigh go bhfuigheadh Aonghus;
fa chrích ndaithghil mbraonghlais mBreagh
aithghin Aonghais ní fhuigheadh.



Bíoth gur mhaith le mac Í Chaoimh
bheith is ollamh d'éantaoibh
meisde é dul d'Ú Dhálaigh
sé ag cur ar a chompánaibh.



Do b'easbhaidh duas d'Ú Dhálaigh
díoth céile agus compánaigh
bás an fhialruire shéimh shing
tar féin Fhiadhmhuighe Fhéilim.



Is toirmeasg sgéal do sgaoileadh
díoth dréacht agus duanlaoidheadh
fa Chlár nOiligh dtonnmhall dtais
do Dhomhnall oighidh Aonghais.



Mór gcompánach croidhe Dhé
do-chuaidh ag iarraidh éigse
- ró doghruinne nar líoth lais -
do dhíoth fhoghluime Aonghais.



Gréas marbhnaidhe meic mheic Airt
dámadh beo an t-oide orrdhairc
do snoighfidhe 'n-a ghréas ghlan
gréas badh sgoithghile sgiamhadh.



Níor ghuais dí 'n-a dheaghaidh sain
toibhéim oide ná adhbhair;
níor bheag d'fheitheamh, a Dhé, dhi
gomadh breitheamh é uirre.


L. 227


Do bhí - níor bheag do thuigse,
níor ghuth dhóibh é an ionbhuidh-se -
geall gach oide 'ga ucht shlim
a hucht a oige n-inghill.



Do nós Í Dhálaigh sa dán
do bhí Domhnall díon forrán
re súr feadh, re feitheamh cruidh,
'n-a bhreitheamh cean is coguidh.



'N-a láimh leadartha biodhbhadh,
'n-a ghríbh chuirthe caithiorghal,
'n-a dhóigh oinigh, 'n-a eo ghlan,
'n-a dhoighir bheo gan bháthadh.



Mac Í Chaoimh, cuingidh Ealla,
troigh luaimneach lá doineannda,
bas dána dhíobhraigthe sleagh,
brágha míonmhaicne Míleadh.



Ursa troda, túr deabhtha,
fuigheall iarainn aithleaghtha,
lámh éachtach áladh docrach
bádhadh céadchath gcumhachthach.



Mac Eilionóir, abhra slim,
ní hé a inmhe acht a inntinn
thug ainm d'iomarcaidh gach fhir
don bhaidhbh iongantaigh éigsigh.



Rogha foghluma fríoth lais,
cur feadhma, foghal ionnmhais,
cosg díbheirge cháigh dá chrích,
rímheirge áigh is eissíth.



Geall gach oide taoibh re taoibh
mar fhuair Aonghus mhac Amhlaoibh
geall gach ríodhamhna rug sin
ar fud fhíonadhbha Éibhir.



Ó Dálaigh an dréachta ghloin,
mac ochta chloinne Carthaigh,
dalta an chróchshlóigh mhálla mhir,
órthóir an dána dhírigh.



Bádhadh tnútha, tobar fis,
cosg dubha, dúsgadh áinis,
léaghadh meall nglanrolla ngeal,
ceann foghloma na bhfileadh.


L. 228


Ursa breithnighthe gréas ngill,
sgolaidhe d'ollamh inghill,
altra cháigh i n-ar gceird-ne,
fáidh glanta na Gaoidheilge.



Dursan, a Dhé, a ndeaghail ruinn
mh'oide, mo chéile cumuinn;
san gcruth i rabhadar rum
uch nar anadar agam!



Géarsam uaibhreach orra sain
mo lucht comtha, mo chomthaigh,
teidhm as tinne do threaghd mé
a bhfearg rinne ní raibhe.
Bean.


L. 249


B 1604c 17T
U 0002
79.



EOCHAIDH Ó hEÓGHUSA cct.



Dealg athálaidh othras Taidhg;
dar n-antráthaibh tochta an tuilg;
créacht oile ar fheolfhoghail ndeilg
loighe an deirg bheoghonaigh bhuirb.



Ar n-eagla tar éis gach chráidh
an té ro budh teasgadh dhúin;
is sádhadh deilg deoidh i ndeoidh
i n-áladh bheoil dheirg nar dhúin.



Rugadh uain-ne - anba an choill -
na huaisle fa hannsa linn;
fuighleach áir chathshlóigh Ó gCuinn
do bháidh i dtuinn athbhróin inn.



An Aodhchlann rer dheacar dréim
do heasgradh go haonchrann siuil;
damhraidh as daithe do-chuaidh
saithe sluaigh bharrghlain Ó mBriúin.



Gan iarsma leanfas a lorg
ar ealbha na ngliadhchath ngarg
ní tearc m'aithghin trá ro threaghd
dealg san aithchneidh mar tá Tadhg.


L. 250


Táinig d'othras eidhre Briain
gan dochar eile ar ar n-úidh
- ar dtreabhlaid fa súgradh sáimh -
dúbladh cráidh gur dhearlaig dhúinn.



Níor theinn go heasgar an fhir;
níor theidhm achd teasgadh mar sein,
beag más tinne an tí ar a bhfuil;
níor doigh linn-ne ní achd a neimh.



Ní rángas deacar go a dháil,
go a theasgadh ní tángas fúinn;
do b'í an chreach-sain críoch ar leoin;
easbhaidh 'n-a dheoidh ní díoth dhúinn.



Beo ar n-aignidh, éanlaogh ar léis,
ar ngéagcraobh go n-aibche fháis,
snáithe ar saoghail, seadh ar gcruais,
ar nguais, ar gcneadh bhaoghail bháis.



Ar meadhar, ar macámh búidh,
ar mbradán beathadh, ar mbrígh,
ar n-aon d'fhine, iarsma ar n-áir,
dile ar ngráidh, ar siansa sídh.



Iomdha cruth i n-éagcruth uadh
is céadfadh dá cur ar gcúl,
títhe greanta ar mhíonbhun méar,
dearca fréamh gcíordhubh dá gcrúdh.



Ní tearc triathfhlaith gan chur gcrú
is fiallach nach glac a ngó
'n-a los-sain 'n-a loighe a-tá
's croidhe mná 'n-a chosair chró.



Ní cleachtar corma ná ceol,
leantar don orchra mon uar
folcadh feadh gciabhchorach gclaon
niamhthonach taobh ngeal na ngruadh.



Iomdha ó leathbhruach Léime an Chon
go hÉirne na ngealchuan ngeal
beochroidhe ar n-a ghoin ón ghal
goil ban is eolchuire fhear.



Le dubhadh eagla mon uar
don chur-so ní leagar lámh;
níor fheac sinn le sealadh fúnn
ní bearar glún linn do lár.


L. 251


Ní dó uile is eagal linn
a thuisle achd go dteasgfa sinn,
buille ar mbuana, béim ar gcroinn;
fa coill gan fhréimh uadha inn.



Ní hé caointear achd cách féin;
dá gach aoinneach do b'fháth bróin;
do sheich sna croidhibh ro chráidh
gráin gach neith badh doiligh dhóibh.



Ní hiongnadh go gcaoinfeadh cách
fraoichneimh na bhfionghal 's na bhfuath,
fearg na síon, catha na gcríoch,
fíoch na ríogh, tacha na dtuath.



Gár mheisde don mhac-sain Briain
a sgarad re a mbeirtibh bróin
mar shompla cobhartha cháigh;
nochttha dháibh comhartha cóir.



Is iad caointear ceann i gceann
gion go saoiltear gan iad ann,
súgh talmhan, tromthoirthe coll,
torchairthe tonn marbhghlan mall.



'N-a othraisbheirt faghthar faill,
ná hadmhadh othairchneidh dtruim;
sgiamh aithmhéile ní háil linn
ar rinn áigh caithfhréimhe Ó gCuinn.



Éirgheadh sunna ar chomhair cháigh
i gcosmhaile a chrotha féin;
sgaradh sé a dhíchealtair ndúir
re a ghné mbúidh síthshearcaigh séimh.



Ní hoircheas a bheith - ní bhia -
mar sein san troimcheas i dtá;
cuirthe do ghríbh ghroighigh Chua
brígh nua sna croidhibh do chná.



Gan dulann re dathadh colg,
fulang gan amharc na n-ard,
gan fhaghla, gan iomramh sealg -
iongnadh an cheard tharla ar Thadhg.



Ní sgíos comhnuidhe do chleacht,
ní sníomh tromthuirse, ní tocht,
oigheadh cnámhtha cruaidhe cniocht
- gé thártha ~ tar riocht nuaidhe a-nocht.


L. 252


Meince a aghadh ar fhál reann
go dtrásd iná i dtathamh throm
bas daithgheal le ndeargthair lann
bann tre cheardchaibh caithshleagh gcorr.



A chos chuinge catha Ó mBriuin,
do luighe is tacha dar dtreoir,
a chisde na gcianbhann lúidh
nach brisde fúibh fiarbharr feoir.



Táirtheabhar ~ tar - gá truaighe treas -
táithcheangal go nuaidhe a-nos;
cúis tuirse mar táithe i nglas
fa gnáithe i n-as cuisne an chos.



Mac Máire ar n-annsacht - liach linn -
Tadhg mhac Briain, ar mbráighe ghill,
ar gclár tilte, ar dtuir gan bhuing,
ar nguin buinn, ar dticne tinn.



Ar ndá Aoidh-ne an Eanaigh bhí
a n-imtheacht do mhearaigh mé;
deacar meas m'inshníomha ar aoi
rom chnaoi i gceas dimbhríogha a Dhé.
Dealg.


L. 257


B 1600c 17T
U 0007
81.



FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.



Do bháidh teine Tír Chonuill;
táinig díoth don déathoruinn;
gríos beo do bháidh ar dtreise
do-cháidh tre bheo ar mbaitheise.



Cia do shluagh Bearnais nar bháidh
lasair innighthe anbháil?
do loisg thall seanróimh ar sean;
ar neamhghlóir ann do hoirneadh.



Árus diadha Dhúin na nGall
lá a dheargtha - doirbh an fulang -
táinig thoruinn tuile bróin
do robhuing uile ar n-onóir.



Doire Choluim Chille cian ó shoin
do loisg teine é amhlaidh;
do bháidh grísneimh dá uair inn;
suail nar ísligh ar n-uirrim.



Rí Éireann - anba an t-eineach -
do bhronn Aodhmhac Ainmhireach
naomhDhoire na bhféarmhagh bhfionn
d'éarlamh raonmhoighe Raoileann.



Re mac Ainmhireach ann soin
rug buidheachas a bhronnaidh
Colum cráibhtheach craobh shéanta
naomh na bhfáithbhreath bhfíréanta.



An lá-sain féin - fíor an dáil -
do éirigh - anba an diombáigh -
lasair bhras teinntrighe te
dar las deirgtheine Doire.



Tre losgadh longphuirt Choluim
do ghabh brón síol saorChonuill;
brón a ionnshamhla re headh
ar shlógh lionnadhbha Lighean.



Doire d'éirghe an dara huair
táinig d'fhuil Chonuill chrannruaidh
d'árus séimh na sreabh leisggeal
badh-éin is eadh innisdear.


L. 258


Córaide a uaim amhlaidh sin;
an rath céadna ar chath Leithbhir
fo-ríor ní raibhe dá n-éis
a mbíodh i mbaile Bhroinséis.



Róimh chrábhaidh catha Éirne
cóir do Dhia í d'aithéirghe;
nír bh'é tol a mbráthar mbocht
báthadh do dhol san diadhacht.



Dá ndíoghbháil táinig thoruinn
uile i n-ar síol saorChonuill
tonn bháidhte - is béad lem chridhe -
tréad na háite hainglidhe.



Móide as díoth a ndul seacha,
fa crábhadh a gcéidbheatha
- dóibh do b'aithbheatha a n-umhla -
aithreacha na healadhna.



Budh tréad gan bhuachaill crú Cuinn
nó go gcruinnighid chuguinn
tre annsa i gceann a chéile
dream ler bh'annsa an aithmhéile.



Gér bhocht nír bhocht a gcridhe
ord na háite hainglidhe;
ní bhíodh a lógh orra ar-ís
gidh mór dtonna do thráighdís.



Ní d'iarraidh chlú ar chathaibh Breagh
do cheannchaidis fíon fuairmhear
's ní do ghrádh comhóil cheana
acht d'onóir an fhoirghneamha.



Teach aoigheadh coitcheann do chách,
moladh Íosa i ngach éantráth,
fa gnáth aca ucht re hucht,
slata dar bhláth an bhochtacht.



Tréad báidh dar bheatha an bhochta
fuair do dhruim a dhaonnachta
glóir shaoghalta mar nar shir
i róimh chaomhanta an chreidimh.



San eaglais bhoicht nar bhocht céim
go bhfaiceam ar-ís iaid-séin
ar éinshlighidh sonn fa seach
an drong chéimrighin chráibhtheach.


L. 259


Smuain mar tá Éire dá n-éis
cuir tre sheirc, a Shan Phroinséis,
ar Impire na n-aingeal
impidhe nach éadaingean.



An coimhthionól nar chleacht sgís
togbháil an bhaile i mbídís
sir ó chroidhe ar Cheard na ndúl
danab goire a fhearg d'iompúdh.



A Shan Phroinséis nar mhuidh mhóid,
guidh fa leith thuas an Tríonóid;
sul thuga sí éara ort
fa thrí déana do dhúthrocht.



Fa fhurtocht ar th'árus féin
nocht ar a aghaidh iaid-séin
a chóig chomhartha ar do churp
róid nach doghabhtha ó dhúthrocht.



Ar deis Dé go ndeachaidh sibh
dot ísliughadh dar-íribh
do shíor do chráidhis do chorp;
ní gníomh áinis an umhlocht.



Do thréig tu-sa do thír ghnáth
agus innile is órshnáth
is leabtha suain ar bheith bocht
go breith buaidh ar an mbochtacht.



Do thréigis fós - foirbhthe an ghlóir -
beirt órdha ar éadach ndeargóir,
is fíon ar an uisge fhuar;
a bhríogh dhuid-se ní diombuan.



Dar ndóigh ní dhiongna an Coimdhe
th'oba ar aoi na connailbhe;
do-rala Rí an bheatha bocht
's do bh'í do bheatha an bhochtacht.



Ná léig feasd ní as sia ná so
ó tá th'impidhe ar Íosa
san Bhanbha fa ealta éan
leabtha falmha na bhfíréan.



Córaide a chur 'n-a chruth féin
dá snadhmthar ar-ís ei-séin
teach suidhe na mbráthar mbocht;
báthadh ní fhuighe a n-umhlocht.


L. 260


Go gcluine sinne sonna
san mhainisdir mhíorbhalda
faoidh bróin mar do bhí reimhe;
fa róimh hí don aithrighe;



Ag moladh Dé leath ar leath
go gcluineam ceol a haithreach,
is ceol abaigh a héan mbinn;
ní cagail déar do dhlighfinn.



Go bhfaiceam a hiobhra ar-ís
fa bhláth mbuan mar do bhídís
's a habhla feactha fanna;
balbha a n-ealta eatorra.



Do b'iongnadh Ultaigh dá héis
treabh shuaitheanta Shan Phroinséis;
gnáth éagnach ar ar gan fhál;
do ghabh ar gcéadrath claochládh.



Samhail dúinn iar n-a dol síos
ceardcha gabhann gan ghuailghríos;
beich gan mhil, teach gan tughaidh,
nó each gan idh n-urchumhail.



Guidh ar a son san tigh thuas,
a Phroinséis fa cruaidh coguas,
na guaisbheithre ó Ghurt Eine
lucht uaislighthe th'aitreibhe.



Conallaigh dá ngarmthaoi Glais
fiallach uaislighthe th'árais,
guidh go síordhuidhe ar a son,
cuir th'fhíorghuidhe let fhocal.



Guidh le laochraidh Fhóid Eine,
guidh leam i n-am d'áiridhe,
a chraobh dhíona an duille ghloin,
a Mhuire mhíolla mhiochuir.



A úir as airde ná neamh,
a bhean rúin Ríogh na n-aingeal,
a ghlór nachar ghnáthuigh coir,
a mháthair, a ógh ionmhuin.



A ghéag fhíthe as uaisle bpóir,
lá na breithe ar Sléibh Si-óin
ag toigheacht dún i gcionn cáigh
nach liom do rún tre robháidh.


L. 261


A Easbal dan hainm Peadar,
a dhoirseoir an Dúileamhan,
uch gan sinn-ne id ghar do ghnáth;
rinn-ne go rabh do robhádh. Do bháidh.


L. 266


B 1603 17T
U 0008
83.



GOFRAIDH MAC BRIAIN MAC AN BHAIRD cct.



Doirbh don chéidsheal cinneamhuin tairngeartaigh;
indearaidh d'airmbeartaibh a héigean d'fheadhmfhortail;
fiu a heire éara dá hilreachtaibh
dá minleantair fréamha a neimhe go a neamhdhocruibh.



Deacair snámh an anfaidh iodhlannaigh;
tarthair dá hiodhlannuibh dán gach doirbh-iomaidh;
iomdha i ndiaidh na toice do theadhmannaibh
do chiaigh mhearbhallaigh nach croidthe dá coimhleangaibh.



Rian tairngeartaigh gémadh tál roimheanma
doidheaghla re a lán d'airmbeartaibh oiliomdha;
dá measdar fádha ratha gach rodhamhna
is comhardha tacha a ndála doigheamla.



Dál ríghe go roichthir 'n-a hinmhighe
timdhibhe díne i ndoighthibh a doirbhneimhe;
mór dar dhearbh doghruing a furnaidhe,
gidh Rudhraidhe Ó Domhnaill do dhearbh a doinmhighe;
ní theasda uaidh é dá hamhghoire
tarngoire a bhfuair sé dá soinmhighe.



A ghairm Iarla fan iothmhuigh n-Eamhna-sa
griangha Bearnasa ioma bhfiochthair folfhrasa
do ibh do ghuaisibh na garma-sa
an t-uai-sin Maghnasa digh ndomlasa.



Suil tháireas gus a-noise a-nallamhain
loise mhallshubhaigh a háineas 'n-a hiomairibh
iomdha d'fhairbrígh a holc n-indearaidh
do nocht an chinneamhain d'airdrígh fhionnOiligh.



Do throighibh do thomhais a haobhdhocra
soighin mhaordhachta fhorais na hiarlachta;
níor bh'fharáil 's a bhfuair dá fírdheacra
do sduaidh ríghbhearta d'agháil a hiarmarta.


L. 267


Do b'iad fádha a ratha 'n-a ríodhamhna
dála sníomholla catha chianfhoghla,
drud re roibhthibh, cúilte cróbhodhbhdha,
dúinte sróllamhla i bhfoithribh fiadhamhla,
tar a shúile gan oba ó éiniomdha
troda géiriomdha fúin-ne i bhFianadhbha.



Fa meinic i dtruaill earnaigh áitheamhdhlúith
ar sduaidh gach bhláitheangbhrúich go Teamhraigh
dtréithfhionnmhaoith,
nó slios seada an chogthaigh ón Chruachanráith
ar leaba luacharbhláith i bhfolchaibh nó i bhféith-iomghaoith.



A bheart iarna re rochtain 'n-a rioghruire
ag Iarla mhíonDuibhe 'n-a somplaibh sróillfhighe,
a mhéara ó gháibh ar n-a ngrianshnoighe
táir d'fhiadhaidhe Ó Éanna na hóirrighe;
a bhfuair do thacha um Thulaigh nIughoine
do sdiuraidhe an ratha is cabhair ar chróilighe.



Áineas raith an tagaidh thalmhaidhe
ag flaith ballDaile as abaigh n-urlaidhe;
balg fis na tarbha do thairngire
an dainmhighe tharla ris 'n-a Rudhraidhe.



Tairreasdair athaidh d'imshníomh foraire
finnghríobh Toraighe gan fhachain n-airighe;
díol 'n-a fhorbhais iar n-uair dá urfhaire
fuair do shubhaighe dhomhnais a dhaighfhine.



Fa hiad aidhme a adhbhadh n-aolamhail
mainnre do chaolfhoghaibh dá n-adhnadh re nuaidhghealaigh;
flaith Lighean ag áineas fa fhíneamhain
tháireas do mhímheadhair a n-ibheadh d'fhuairshreabhaibh;
a bhfríoth le rígh Ó gConuill do chróilighibh
fóiridhin ar dodhuing don tír thuaidheamhain.



Biseach síne i n-aimsir earrchamhail
'n-a ríghe ag an ghealchladhaigh thaidhbhsigh thorcharaigh
'n-a tuinn oir gan fholta gan aincheanaibh
gan mhoir n-ainbhtheanaigh do thochta achd re torcharaibh.


L. 268


Gan tuir achd crodh ortha um fhearannaibh,
fearannaigh ag ar gach dhromchla dhaghaghaidh,
fáth an díona do gháibh goilearraigh
fa chloidheangaibh síodha an chláir Chonallaigh.



Tréigis a dúire dá deirc ríoghnaidhe
míondruine núidhe i mbeirt na bánghoile;
mogail na gcnó ar inneal n-óirbhleidhe;
inneamh póirghine gach cnó dá clárshnoighe;
gréas meachda ar fholt gach fhiardhoire;
dearca ar n-Iarlai-ne lucht a lámhdhaighe.



A snigh do bhraonaibh le feadhaibh fannáille
'n-a gcraobhaidh amáille i sreabhaibh seanGhuaire;
céir ag tál le slatchoill slimfheoighe
ag tacmhoing gach mildeoire mar badh grán gealnuaidhe.



Coill eatha ós gach bhfionnmhuigh bhfóidfhéardha;
'n-a bhfiodhbhaidh róiddéanmha mar badh sreatha síodórdha
do thamhnuibh a dhuilghe idir gháibh géigiarna
fa chéidIarla chláir Luighne líogómra.



Breitheamh as aibche le a n-uirríoghaibh,
feitheamh ar uillíoghuin d'aicme fhionnDálaigh,
fear neamhshocra an raith do rinnfhéaghain,
flaith indéanaimh fhearachta an Iollánaigh.



Críochbhun coinne clann bhfionnLogha,
bann iomramha ón moille síothladh seanmhara,
dreach gheal dar bh'aoincheol na hurbhadha,
gaoithreodh turnamha fhear an eangnamha.



Óradh na gcladhocht um Dheirg ndalldamhaigh
dar cheird an-allamhain falocht i bhfinnfheadhaibh,
dreach shoirbh as éideadh i n-iomomhain,
beach rionnamhail fa doirbh don chéidsheal cinneamhain.
Doirbh.


L. 283


B 1617c 17T
U 0019
87.



DOMHNALL MAC TAIDHG Ó DÁLAIGH cct



Duine deighmhisnigh Dái-bhíoth;
mór fhuair d'ulc is d'fhíorláindíoth
budh toirrseach le triath oile
fa iath gcoimseach gConaire.


L. 284


Mór n-adhbhar ler chuir i gcéill
mac Séamuis nar thuill toibhéim,
pór glainshlisnigh, an mear mín,
ar bhfear daighmhisnigh Dáibhídh.



Do dhoirt Dáibhídh as mhaith modh
a dhóchas i nDia Athar;
do ghlac fírmhisneach nach fann
slat do shídhshlisneach Sagsan.



Do thuig i dtós a aoise
triath Barrach - beart roghaoise -
rosg mear as creachthóir ar chrodh
gur neamhchóir seadh sa saoghal.



Níor ghlac sé ó soin i-le
ró sgíse im sgéal dá dhoilghe
dá mbeath go mothuigh sé sin
acht rothuil Dé do dhéinimh.



An lá do-chluin cúis toirrse
far dhéanta dhó doghoillse
ní feas doimheanma ann air
an mall soidhealbha sochruidh.



Ní faicthear a bhrón go bráth,
ní théid caitheamh 'n-a chonách
marcach gruaidhmhear as ghlan cruth
níor ghabh buaidhreadh an Barrach.



Meinic fhuair-sean fheidhm docrach
troid leathtrom gleo guasachtach,
gidh eadh níor theith, níor thuill guth
go breith gach bhoill don Bharrach.



Iomdha troid 'n-ar toillead lais
clú le misneach mheic Séamais
fir cholgshnasda nach uar ail
do shluagh bhorbghasda an Bharraigh.



Fuair iar n-éag a athar dhil
go lór imshníomha is aisdir
fonn cathardha na síodh sean
ag díon athardha a aithreadh.



Tugsad aighthe i n-aoinfheacht air
Goill is Gaoidhil Ghuirt Fhionntain
fear séimh nach sochlaointe brígh
an réidh dochlaoidhte Dái-bhídh.


L. 285


Do chuirsead Goill - is é a fhíor -
le neart dá neimhdheoin Dái-bhíodh
sduaidh chneasaolta go ngné ghloin
i n-easaonta é orthaibh.



Nó gur bh'éigean dó fa dheoidh
dul 'n-a n-aghaidh dá aindeoin
a bheith umhal do b'é a rún
go ré an churadh do chlaochlúdh.



Rug air - is ní hé do thuill -
d'fhoirneart is d'iomad leathtruim
aigneadh sídhe múinte mear
cúirte a thíre gur thréig-sean.



An ló nar ghabhsadar Goill
úmhlacht mo chéile chumoinn
téid ar dhíon an déadbhláith dil;
ní gníomh éadtláith do fhoillsigh.



Ní toirrse, ní trom lighe,
ní meathtacht, ní meirtnighe
do ghlac an ghéag fheardha fhir,
acht méad meanma is misnigh.



Gairid dó 'n-a dheaghaidh sin
go bhfuair sé ar son a mhisnigh
fógra síothchána sluaigh Gall
gruaidh fhíochdhána nach anbhfann.



Aoincheann Barrach na mbreath séimh
beirthear leis - lán do dheighchéill -
cuairt aithghearr le bhfuair a thoil
go baincheann sluaigh na Sacsan.



Fríoth leis aiseag a fhola;
fuair Dái-bhídh dreach neamhdhona
gnúis fheardha ar nar braitheadh béim
maitheadh a ndearna doi-séin.



Ní fhuil aonfhód tiar ná toir
ná cíos i gcairt an Bharraigh
nar fríoth le grásaibh Dé dhó
rer chásaigh é fan am-sa.



Do budh mó sa chách a chion
ar ndol Dái-bhídh fa dheireadh
ruire suairc nach saoibhthim gus
ar cuairt go saoirching Séamus.


L. 286


Neimhiongnadh - dia do rath -
roimhisneach Bhíocont Barrach
's nach fuil díobh obar nar fhéag
síodh nó cogadh do choimhéad.



Mar an gcéadna a chéile dil
Oiléan óg aigneadh suilbhir
gruaidh soidheargtha as séimh breath
doimheallta a méin 's a misneach.



Níor chuir-se i gcéill do neach
go mbíodh cás trom ná tuirrseach
ná anbhuain ar a gnúis ghloin
fá chúis amhluaidh dá bhfaghaibh.



Inghean Dái-bhídh - Dia dá díon -
maith chongbhas aithne an Airdríogh;
ní thuillfe ar neamh diúltadh dhi
bean leis nach diúltar duine. Duine.




L. 290


B 1620c 17T
U 0030
89.



FEAR FLATHA Ó GNÍMH cct.



Éireannaigh féin fionnLochlannaigh
dá bhfréimh ó na finnghealChollaibh,
an fheadhain shaor shuilbhearchonnail
nar thaobh Eamhain innbhearthonnaigh.



Aicme ad-roigh re robhuanaimsir
tar moir ngoilthe ngoibhéilinnsigh,
lucht sealbha na seinÉireann-soin
ó Ghurt Eamhna oiléininnsigh.



Triallaid tar cuan gcormbogabaigh
sluagh dá bhfianaibh formaideagair
do ládh druim gér dhearmadobair
le clár Cuinn far chomhraigeadair.



Dronga go gcéill chomhairleimhir
do fhréimh Cholla chridhiorghalaigh
ó shoin um fhád n-oirearMhonaidh
a-tád thoir 'n-a dtighearnadhaibh.



Ré cian fa chuing fhéinnidheachta
ó fhiadh Fhloinn don leomhainealta
deighsheal raith an ríoghoireachta;
maith deireadh na deoraidheachta.


L. 291


Tír dúthaigh chláir chríchfhionnMhonaidh
dháibh níor dhúthaigh mhátharbhunaidh;
fan tír fhoirbhthe fhéithinnbhearaigh
díbh níor ghoirthe achd gnáthAllmhuraigh.



Fillid díobh táin tromthuinighthe
go Tír bhFáil na fearchoinshirthe
do léim tar fhál n-anfadhaithbhe
i gClár Néill is neamhchoimhighthe.



Gasraidh do dhruim dúthrachttogha
tar tuinn anfaidh áithneartmhara
fád Dá Thí ar tí a luathrochtana
's a-tád ar tí a tháirtheachtana.



Banbha Chuinn badh críochcoganta
do dhruim fhaghla 's éachtaigeanta
sirthe ón bannbhras bárccuideachta
adhnas crithre a gcéadchaigealta.



Críoch réidh maicne mearRudhraidhe
fan aicme ós fhéin bhfionnAlmhaine
don eing cheathraigh cheallainglidhe
beanfaidh greim na giollanraidhe.



Mo chean báighfhir beoighleacacha,
fir go bhfáinnibh órshlatacha,
drong gan sháir gan tshaoibhfhreiteacha
do sháidh sonn a sróllbhratacha.



Caor shlóigh don fhréimh ríoDhomhnallaigh
nach dóigh dréim re a ndírimdhreamaibh
do shín i-le i léibheannlongaibh
gus an dtír dte dtírimghleannaigh.



Ceann brughadh is breitheamhmaicne,
ceann na gcuradh gcaithinnilte,
ceann riaghla agus rochomairce,
fearr ón Iarla an aithimirce.



Éan d'ealta na heoMhodhairne
do fhéagh reampa a róimhfhleidhinmhe
mac Máire mac saorShomhairle
slat fháinne dar n-óiridhibh-ne.



Cú do-chóidh ós chuainfhearchonaibh,
ar gcnú óir ar n-aonaithmheadhair,
Raghnall griangha an Ghaoidhilchinidh
Iarla garmann ngaolaithreamhail.


L. 292


Bláth cnó ar dteachta ó thréanCholladhaibh
ní dhearca a chló ar chaorthandoraigh;
do-chuas ler gcéir lóchrannamhail
céim suas tar na saorchlannadhaibh.



Sruth mion ní meadh d'iomuislinnidh;
d'fhior Bhreagh ní bhean tomhaschomaidh;
ré do só tar soluisreannaibh
is é a chló ós chomhursannaibh.



Do sgaoil d'fhádh snaidhm seantarngaireadh;
lán dá ainm an Fhionntanmhaighean;
gidh bé ad-cheadh a chointinnmheadhair
fear is é ná hionntamhlaigheadh.



Tugar pár mín meamramrulla
ón rígh do rádh tingheallranna
lá garma i gceann coimhdhioghluma
Gleann Arma agus innbhearBhanna.



Dún libhse na leathanghormmagh
múr nach brisfe brathairminnleadh
gan gheis ann dá athoirbhearnadh
a-nall leis is Lathairninnbhear.



Beantar smuais faoi 's fearainnfhiadhuil,
gach sgaoi cnuais do chrobhuingéirigh,
tug burba ar bhóid neamhaindeonuigh,
róid chumhga do chonuirréidhigh.



Lán arbha i ngach iothlannchuilidh
fa chlár n-Arma n-eathbhairrshleamhain;
tug tír d'or ar eachradhghroighibh
sgor síl ar na seanchaibhdheanaibh.



Sgotha cnuais 'n-a gcoillfhiarghobhlaibh
srotha um Bhuais do bheangáingheimhligh;
bric chorcra ar taoi a dtiománghoibhngidh
gach laoi ar dtochta a dteannáilgheimhridh.



Dreach úr shéimh mar shomplaichrithre
don fhréimh gan rún gconntarchaithmhe;
tonn do líon do lonntorchairthe
síol na gConn gcomparchairthe.



Múr seang aige 's aontachosmhail
le Dún na reann réaltachobhsaidh;
mar tá sonn mí Mártaitheasbhaigh
do bhí fan gConn gCéadchathach-sain.


L. 293


Glóir na gcuach níor chaomhchoraighe
ó Bhóinn go bruach saorthoraighe,
níor ghairde an mhaith mhórthoghaidhe
i bhflaith Chairbre 's caomhChonaire.



Gach ceall i bhfuair áladhdoirse
uaidh as fhearr a haoileagair-se;
searc gach baothmhná brághadshoillse
ní chlaochlá neart naoimheagailse.



Sine cóir síl seinFhéidhlimidh
ar an mBóinn mín mainéirreannaigh;
aoighe thall í i n-oiléineangaibh
an chlann do bhí ag bainÉireannaigh.
Éireannaig.



B 1618obc 17T
U 0007
90.



FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.



Éisd rem éagnach, a fhir ghráidh;
is tús damh ó Dhia an domhnáin
i ndiamhair le dlús guidhe
iarraidh ar tús trócuire.



Tug an toice re haimsir
druim riom san chrích Chonaill-sin;
im aghaidh is ionnsa í;
liom-sa labhair, a Fhlaithrí.



Do chailleas onóir mh'anma
's mo bhuar 's mo lucht leanamhna
's mo dhúthchas - gidh dál pudhair -
i gclár chlúmhchas Chonchubhair.



Fás slios agam re hathaidh
d'easbhaidh shíl Chuinn Chéadchathaigh;
am slat chroimcheannach re headh
i ngoirmtheallach mac Míleadh.



A chara - ós dá chasaoid ruibh -
Goill dom athchur 's dom arguin
rom thug go Labháin tar linn;
rug a hanáil óm intinn.


L. 294


Ainm uasal san Eoruip ort,
tú airdeasbag Chláir Chonnocht;
déana báidh is robháidh rinn;
is cáir dot onáir mh'fhaithchill.



Ní maith mo dhóigh, a dhearc mhall,
díoth toice má tug oram
teacht ó chaithÉirne an chlúimh thruim,
súil re haithéirghe aguinn.



An bláth chuireas an choill di
tig a ionnshamhail uirthe;
re ndul dúinn go cathmhúr gCuinn
súil ris an athchlúmh aguinn.



Tig teas iomarcach d'éis reoidh;
glanaidh grian i ndiaidh duibhneoil;
fásaidh slios ré ar n-a raghuin;
gá fios nach é mh'ionnshamhail.



Cuirfe as mo chroidhe a chumhga;
a-tá iomad th'ealadhna
's do rífhréamha dom reic ribh,
a mheic fhíréanna Fhíthil.



Maine mac Néill, Niall féin,
Eochaidh Muighmheadhón maoithréidh,
drong Fuineadhach nar bh'olc n-áigh.
's Muireadhach ort dom fhuráil.



Fiacha Sraibhthine, súil ghlas,
Cairbre Lifeachair lúthbhras,
agus Cormac dom char ort,
donnghlac nachar ghabh guasocht.



Art Éinfhear, Conn na gcéad gcath,
Féilim Reachtmhar rí Teamhrach,
is Tuathal dom fhuráil ort,
a bhranáin Chruachan Connocht.



Biaidh a bhfuil ó Thuathal thiar
go hÉireamhón ar éinrian
ag labhairt leam ais re hais,
a cheann-adhairt gach eolais.



Dlighe ó chrú Chormaic mheic Airt,
's ód ghairm onóraigh orrdhairc,
is ót sheanathair láimh linn
báidh ret ealathain inghill.


L. 295


Do sheanathair san aois óig
do chuir geall - dar ghar urchóid -
fa dhán re hadhbhar eile
glár far hadhnadh oirbhire.



An uair-sin ó thír do thír
do-chuaidh Muirgheas mhac Paidín
a-nonn i gceann mo chinidh,
drong ór fhearr a fhóiridhin.



Tug mh'aicme iar sin láimh do láimh
le Muirgheas do mhuin roghráidh
cuairt cheiníl go Cruachain gCuinn
ó thuathaibh Ceiníl Chonuill.



Rug mh'aicmei-se - iúl go bhfios -
breath san mhórdháil le Muirgheas
an uair-sin féin druim ar druim
- céim do uaisligh a fhoghluim.



Ris an bhfine dá bhfuil sionn
mac Paidín oide Éirionn
ceangal síor ó soin i-le
ag a síol i Moigh Mheidhbhe.



Sliocht Eoghain Mhóir Mheic an Bhaird,
sliocht Muirghis ón mBúill mbraonaird,
fa mhóid gráidh shíordhuidhe ó shoin
tar dáimh fhíonMhuighe Fhionntain.



A airdeasbaig fhóid Aidhne
mar chairt ar ar gconnailbhe
- ní cóir blagh do dhul di-se -
an i mbun na báidhei-se.



A mheic Fhíthil, adhair dhi
baidh ar n-aicmeadh rer-oile;
buail séala ar mh'annsa as a hucht
déana dhamh-sa do dhúthrocht.



Ag sin an pháirt 'n-a páirt te
cuir a hucht ar dá n-aicme,
a ghéag abhla ó Thoigh Dhá Thí,
do thoil led labhra, a Fhlaithrí.



A mheic Onóra éisd rinn
gé táim ann nochan fhuilim;
ó theasda mh'ana éisd mh'uch;
a chara éisd rem éagnach.


L. 296


Sir síoth dhamh ar dhaonnacht Dé
gion go ndearnas a dheighréir
rem ré san bheathaidh i-bhus,
a Pheadair, éisd rem éagnach.
Éisd.


L. 302


B 1600c 17T
U 0002
92.



EOCHAIDH Ó hEÓGHUSA cct.



Fód codarsna críoch Bhanbha;
mór d'uaislibh na hathardha
taoth ar sgáth oiléin na n-olc
fan gnáth doimhéin do dhúsocht.



Iomdha leacht Ghoill is Ghaoidhil,
iomdha éacht do b'ionmhaoidhimh,
iomdha oil úir san eing-se
re goimh thnúidh 'n-a timchill-se.



Ríoghraidh Ghall, Gaoidhil Bhanbha,
gnáth leo lot na hathardha
re gomh croidhe dá chéile;
blogh oile dá haimhréidhe.



Meinic a-niodh 's a-nallain
miosgais chroidhe ag cniochtGhallaibh
do chloinn mhéirsheing Ghaoidhil Ghlais
fa Éirinn bhfaoilidh bhfoltchais.



Meanma chroidheamhail chogthach,
aigneadh doiligh díoghaltach
dóibh sin ag saorchath Banbha
fir na n-aolchlach nAllmhardha.



Lucht inghreama Innse Fáil
's clann mhillteach Mhíleadh Easbáin
casmhail a rún dá-roile
fa Mhúr n-arsaidh n-Úghoine.



Eagla cniochtGhall re a gceanaibh
eagla Ghall ar Ghaoidhealaibh
's gan ghlas fa éineing orra
ní has d'Éirinn eatorra.



Gidh eadh ní hionann gach olc
is anbhuain fhairche Chonnocht,
achadh cuaingheal na gcall sean,
ó bhuaidhreadh Ghall is Ghaoidheal.



Sluagh Danar ar dhruim a cean
ar olc re huaislibh Ghaoidheal
tír na sruth bhfaoilidh bhfosaidh,
Gaoidhil san chruth chéadna-sain.


L. 303


Tnúthach bhfoghla re fada
Goill is mac Meic Diarmada
- mór d'éintír ionnramh a n-olc -
fa fhionnmhagh gcéichtmhín gConnocht.



Ní choisgid aonlá d'fhoghail
Goill Fhódla d'fhuath Chonchobhair;
bídh amhlaidh ar fhuath na nGall
faghlaidh a dtuath 'n-a dtiomchall.



Ní lugha as mhillteach mac Taidhg
ar iath Cruachna an chláir mhínaird
tír bhreaclongach na mbruach slim
d'fhuath eachtronnach 'n-a inntinn.



Mór longphort do leagadh lais
feadh cogaidh an duinn dearcglais
's níor tógbhadh dún ná diongna
san mhúr fhódghlan oireaghdha.



Gidh eadh is easbhaidh air féin
gach cion gnáth, gach greas aigmhéil,
gach díbhearg dá ndéanann sain,
fa réadhfhonn mhíndearg MaonMhaigh.



Budh aithreach leis uair éigin
iath Cruachna an chláir mhínghéiggil
muighe slaitgheala síon dte
gan aitreabha ríogh roimhe.



Caithfidh cuingidh Cláir Meadhbha
bheith ag ól fleadh bhfíneamhna
- náir don tairngeartach ros togh -
fa ghairbhleachtach cláir Chruachan.



Gach brugh dar bhris go talamh,
gach lios dar loisg Conchabhar
budh saothrach ar a ghruaidh ngil
ag uaim aolchloch 'n-a n-áitibh.



Adamar tar éigceart nGall
budh fuar do dhruim a ndéanann
ráth shéadChruachan na sreabh dte
fa éadnuachar ngeal nGaillmhe.



Seinbhean na ríogh, Ráth Cruachan,
go mbia cuimhne a chreachruathar
saoilim - gion go saoiltir lais -
'gun mhaoilinn bhraointigh bheannghlais.


L. 304


Tuigthe dhamh gé deirim sain
do nós bhan nach bí Cruachain
iosdadh úr oileamhna Chuinn;
roidhiomdha dhún mar dearaim.



Luighfidh air d'éis a ndearna;
ní bhia cuimhne a céidmheanma
glac as créachtdomhain ó chath
ag séantolaigh mhac Mághach.



Ráth Meadhbha na múr líggeal
fiú a bhfuair d'ulc dá himdhídean
do bhiodhbhaidh Bruighne na bhFionn
cuimhne ar dhiomdhaidh nach dligheann.



Meinic riamh do rinneadh sain
ag díon Chonnacht d'Ú Eoghain
gníomh neamhthláith i n-uair fheadhma
fa chreachráith bhfuair bhfinnMheadhbha.



Meinic lingeas leirg dtroda
re cathaibh chlann nDiarmuda
tre bhróin ngéirreann síothghlan sean
ar léibheann bhfíochmhar bhféinneadh.



Meinic dhoirtear i ndeabhaidh
d'fhuil chodhnaigh chlann Muireadhaigh
ceatha braon ndorus ndomhain
fan dtaobh solus síodhamhail.



Adhbhar omhain dá dhreich dhuinn
a bhfuil d'airrdhíbh Chon Culuinn
san ghríbh dhreachmhaordha ón Mhuaidh mhir
dá neamhchaomhna ar uair éigin.



Cú Chulainn an chroidhe mhir
níor chuir riamh i rinn éigin
bríogh i gcréachtnughadh a chuirp
síol na n-éachtchuradh n-orrdhuirc.



An tráth fa dtigdis uile
i gCúigeadh chlann Rudhraidhe
níor bh'uamhan le beithir mBreagh
sluaghadh na gceithir gcóigeadh.



Fir Éireann d'aonrún cogaidh
d'éis na Tána tángadair
d'fhios Eamhna na mbánshroth mbinn
ealbha ánrath fa Oilill.


L. 305


Lingis i lámhaibh Ultach
an Cú fíochdha fóbartach
tré bhróin gcrannruaidh choille reann
i gcoinne armshluaigh Éireann.



Innlid ar Choin na ceardcha
a gcleasa áigh inneallta
uaisle an chuire chneisghil chaoimh
sa bhreisligh uile d'aontaoibh.



Leathtrom muinntire Meidhbhe
don chur-sa ar Magh Muirtheimhne
téid soin ar chéadfaidh catha
do Choin éachtaigh fhionnMhacha.



Gidh eadh tar éis a ndearna
ar chathaibh Chláir seinMheadhbha
do créichtchiorrbhadh cneas an Chon
sa treas éichtiongnadh uathmhar.



Cuiris láimh - lór do phudhar -
d'éis a chuirp do chréachtnughadh
slat do b'orsa d'fhine Ír
ar cridhe an Chon-sa an chleitín.



"An croidhe ad-chiú ar n-a tholladh
go dul orm ní fheadamar
gur neamhchruaidhe ná cur cloch"
ar cur fearchuaine Ultach.



"Gé a-tá a-niogh 'n-a chosair chró
ní shaoil mé - móide mh'iarghnó -
narbh iarann cruaidh mo chridhe"
ar sduaidh ghrianfhonn Gháiridhe.



"Bheith dom chroidhe d'fheoil nó d'fhuil
dá saoilinn" ar Cú an chleasraigh
"fa chlár sreabhghlas na mbeach mbinn
leath a ndearnas ní dhingninn."



Mar sin narab séad samhail
bheith i gcath, a Chonchabhair,
gan ghuais fhuileachaidh d'arm ort,
a bhadhbh fhuireachair éadtrocht.



Saoiltear leat le linn deabhtha
croidhe iarainn aithleaghtha
's gan sgáth a chréachtghoine id chorp,
a bhláth céachtMhoighe Connocht.


L. 306


Dar leat bídh lúireach Logha
i gcath fad chneas míontana
red dhimbríogh i ndíon do chuirp,
a ghríobh na n-ilghníomh n-orrdhuirc.



Nó saoilidh tu-sa, a thaobh slim,
go mbí airm Uair mheic Tuirinn
id bhais tslim ghéiggealtais ghloin
i rinn éigeantais agaibh.



Munab eadh, is iongnadh linn
mar thig tu-sa toisg innill
saor i gcéidrinn gach chatha,
a chraobh ghéigshlim ghormMacha.



A aigneadh fosaidh feithmheach,
a ghus reachtmhar ríbheithreach,
a dhreach shlim níamhsholuis náir,
a ghrianfhorais fhinn Fhuaráin.



A éigne ón Charraig chladhaigh,
a phosd catha, a Chonchobhair,
a ghnúis ghairthe re dtéigh tol,
a réim aithbhe dá hanfadh.



A leac thairsigh na troda,
a choiléin chlann nDiarmoda,
a bholg fichigh fionnshroth dtréan,
a chrithir shiobhlach shoighnéan.



A-tá im chunnradh re a chéibh dtigh
rann do ghnáth d'Aodh Mhág Uidhir,
géag armghonta ón mhínFhinn mhuill
d'fhírrinn adhmholta oruinn.



Fiacha oram-sa amhlaidh sin
inghean Domhnaill, dreach fhaoilidh,
dlighidh sin míonrais molta
dá síodhbhais dhil dhonnchorcra.



Díoghrais mholta dá dreich dhuinn
ní fuláir d'inghin Domhnaill;
clú a saorathar is dual dí
sduadh ó chaomhachadh Chairbre.
Fód.


L. 307


B 1618obc 17T
U 0007
93.



FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.



Fogus furtacht don tír thuaidh,
fogus furtacht dí dom dhóigh,
tiocfa d'Aodh rer-oile a huaim;
don taobh thuaidh is goire an ghlóir.



Broid an chóigidh saorfaidh súd;
fóirfidh ar ghaoltaibh a ghéag
an t-Iarla oirbheartach óg
griangha ó fhód ghoirmealtach Ghréag.



Dá dhaghfhádh fa díleas rún
Fítheal is Dallán na ndámh
i gcuimhne ríomhthair a-raon
fíorfaidh Aodh fuighle na bhfádh.



Muaidh is Doire is Dún na nGall
agus múr Oiligh 's an Fhionn
's ní sa mhó - ní míobháidh leam -
dó do gheall an fíorfháidh Fionn.



Na Conaill fhíre as fhearr buaidh
dar gheall Coluim ríghe róinn
ná saoilidh nach ba dhíobh dhúinn;
bíodh súil gach Gaoidhil re glóir.



Ar labhair Cormac Ó Cuinn
ní samhail d'orchar re haill;
d'Aodh Bhreagh acht go triall tar tuinn
Treabh Chuinn ní ba fiadh ar faill.



Glóir a gharma iarrfaidh Aodh,
triallfaidh le chabhlach tar cuan,
líonfaidh beannBhanbha na mBrian,
fíorfaidh thiar seanlabhra suadh.



Géisfidh an Ana re n-Aodh,
na slata géisfid dá ghrádh,
géisfidh gach ní do-ní nuall,
géisfidh an cuan dá dtí i dtrágh.



An Loch Léin-se léigfidh gháir
an Éirne géisfidh re a ghlóir;
cuirfidh meanma ar gach dúil díbh
Súir mhín agus Bearbha is Bóinn.


L. 308


Mar bhóchna bhailbh briathar mall
an griangha dá ghairm a-nonn
ar tí a gharma ceann i gceann
budh teann labhra na dTrí dTonn.



Na feadha ag claonadh dá gcloinn,
na gaotha ag gealladh Í Chuinn,
tug a dháil go domhan Finn
foghar binn re tráigh ag tuinn.



Don sgoith Bhreagh-sa do bhí i ndán
gach ní do gealladh dá ghaol;
an cuire do imthigh uainn
fillfidh a mbuaidh uile ar Aodh.



Clann Dálaigh fan teo gach toil
do-chádair mar cheo do mhuigh;
do sóigh an chrobhuing ór chein
glóir i dtreibh Chonuill do chuir.



Go bhfagha tuir Tholcha Floinn
do chomhdha a chuirp ar gach chaill
an ré do bhean Dia don druing
nach bia d'íbh Cuinn fear ar faill.



Lór go fóill a ndeachaidh dhíbh
pór budh tóir ar Thealaigh bhFáil,
an choimhdhe ar ar cuireadh uaigh;
nár thoirne uainn m'fhuigheal áir.



Creach eile ní fhuighe an tnúth;
meinic budh cuirthe do chách,
fa ruire tilidh na dtuath
sighin luath is guidhe ghnáth.



Lór don fhormad teacht rer dtréan,
's ar gcomhlot do theacht dá thaobh,
rogha ar gcuaine aga i n-úr;
nár ghada an tnúdh uainne Aodh.



Do bhí sochar bánfhuinn Briain
ó Chonga go Máluinn mín
síos re fánaidh ar feadh fúinn
gur bhean tnúidh Í Dhálaigh dhínn.



Dá fhoichne a haonchrobhuing iad
naomhCholuim roimhe i ngach ród
Críosd cáidh le griangha na nGréag;
ní dáigh d'éad an t-Iarla óg.


L. 309


Flaith dan cóire Teach Dá Thí
ná meas ar a óige é;
gach glóir fa dheoidh fearfaidh faoi;
leathfaidh a ghnaoi do dheoin Dé.



Dá mhórrath budh fogus fás
is dá mhórdhacht dola i ndlús;
teas caol do-ghabhar re ngríos;
caol bhíos gach tamhan ar tús.



Ní i n-aoinfheacht ghealas an ghrian,
ní i n-aoinfheacht treabhthar an tuar,
biaidh neart Ó nEachaidh ag Aodh;
teacht caol ag deathaigh is dual.



Beanfaidh a chasnaidh d'Fhód Ír;
gidh óg budh harsaidh a threoir;
ar Bhanbha thonnmhaill budh tóir
glóir garma Í Domhnaill fá dheoidh.



Do chleacht go dlúith doghraing reann
ceap Í Domhnaill Dhúin na nGall;
ag uaim róidlearg na dTrí dTonn
do bhí Conn 'n-a óigleanbh ann.



Conn Céadchathach ceann gach slóigh
fa teann ar éachtAchadh n-Ír
rí Breagh do hanadh re a uaim;
'n-a thamhan fuair Teagh an Trír.



Posd cothuighthe na gcóig sgol
Conaire Mór fa mór seadh
fuair glóir dá thaghadh ó thal
do ghabh 'n-a thamhan Bóinn Bhreagh.



Fós ós chách do-chuaidh 'n-a am
go hág ar an uair do b'fhearr
Iath Breagh do chosain dá chionn
do gheabh Fionn ó thosaigh teann.



Ar an nós-sain - ní nós nár -
acht gidh óg órfaidh a ghaol;
cia an fádh nar tharngair a thréan
séan 'n-a bhládh amhlaidh ar Aodh?



An dream fhuair go hóg tre aoibh
gach fód um Bhuais is um Bhúill
is Cliodhna is Bóinn is Teach Táil
mar do-chóidh dháibh go ndeach dhúinn.


L. 310


Gar dar ndoghraing dola ar gcúl;
fogas d'Ú Domhnaill ar ndíon;
leathfaidh ar gcomhtha um gach gcuan,
beanfaidh ar snuadh dorcha dhíonn.



Snuadh dorcha ar gach aoinneach uaidh
orchra Gaoidheal diaidh i ndiaidh;
bláth gach abhla ag dubhadh dhóibh
culadh bróin fa Bhanbha Bhriain.



Snuadh na horchra ar Thealaigh dTé
le dorchacht ní dhealaigh sí;
meadh do Bhóinn tairthigh an Traoi;
do mhnaoi bhróin is aithghin í.



I mbrón na Traoi tarla ciall
an tann-sa do bhaoi gan bhríogh;
múradh a clach damhna déar
tarla léan do rath a ríogh.



Fóir Gréag iar ngabháil na Traoi
dá hanáir nochar fhéach sí;
dá port úr do b'eagar clé,
do leagadh lé go húr í.



Bile réidh dá fiodhbhaidh féin
is é do b'ionchuir dá huaim;
an obair do bhí gan bhrígh
do thogaibh Prímh hí ar n-uair.



Toigéabhaidh toimhse na múr,
toigéabhaidh toighe na naomh,
tulach sgaithmhín Dá thí thiar
dí ar dtriall budh haithPhrímh Aodh.



Cosmhail re cóirgheadh na Traoi
mar fhóirfeas ar Tulaigh dTé;
tír 'n-a loighe tír Dá thí,
dí goma Prímh oile é.



Bóinn bhordbhláith na seintreabh séimh
do thogbháil a teinnteach mbúidh
le grádh tar grinneal an chuain
filleadh fa bhuaidh i ndán dúinn.



A-táid na toirthe a-tá an úr
mar tá gach foichne 's gach fádh
's an ghaoth ghuithbhinn dár súr siar;
triall tar sruithlinn dún i ndán.


L. 311


Cuireadh le mbréagfa i mbrugh Floinn
tug an Téamhagh go n-a thuinn
is na neoil fhlatha re a linn
's na heoin do rinn catha ó gCuinn.



Mar sin do Laoi 's do Loch Cuan
's don Bhaoill i nglas acht a ghlár;
ón Deirg bhailbh ad-bhath a bríogh;
clach na ríogh dá ghairm tre ghrádh.



Aodh Lighean dá ngabhar greim
dá ndlighthear ragha agus roinn
- bíodh a chiall ag cathair Chuinn -
rachaidh tar tuinn go Fiadh Floinn.



Iar ndul tar lear béaraidh buadh,
géabhaidh gach ar ghabh a ghaol,
cuirfidh na talmha fa thréan;
luighfidh séan a anma ar Aodh.



A-tá lais go Fiadh na bhFionn
cairt ó Niall is cairt ó Chonn;
ní bhia taobh re cúirttreibh crann;
fúigfidh thall gach aon 'n-a fhonn.



Fillfid a bhrughaidh le báidh
fillfid a urraidh tre aoibh
go fleisg Éadair san taoibh thuaidh
's ar sgaoil uaidh dá ghéagaibh gaoil.



Biaidh roineart ag dáimh fa dheoidh,
biaidh gach oireacht 'n-a n-áit féin,
biaidh ana ar adhbha gach naoimh,
gabhla im chraoibh dá chara i gcéill.



A croidhibh cáigh cuirfidh fíoch,
suidhfidh le cáir idir chách;
le reacht bhinn báithfidh an fuath;
cinn a thuath táithfidh 'n-a thráth.



Caor bhuadha ler tuilleadh toil
ní chluinim, ní chuala, a sdair,
fíor flatha nach fuair a fhuil;
ní fhuil buaidh gan fhatha air.



Iúl fíorghlan le bhfuigthir saoi,
do ríoghadh re gcuingidh Cé
don tréad darbh iomchubhaidh í
céad acht rí ós thiormThulaigh Té.


L. 312


Gach annáil dá laoidheadh linn
branáin Gaoidheal druim ar dhruim
a-táid fa Mhál Fine Floinn
's na Goill as sine i gclár Chuinn.



Mac Brighde fa mbloghthar dair
budh hinmhe an bronnadh do-bheir;
treabh seanAirt ó mhuir go muir
do gheabh fuil Gearailt ór ghein.



Gnáth méin gach con i n-a cuan;
a-tá ag dréim re dol tar sál;
do Rudhroidhe do oir Aodh
craobh chumhraidhe re bhfoil fádh.
Fogus.


L. 314


<B 1599 <17>
U 0012
95.



TADHG MAC DÁIRE MAC BRUAIDEADHA cct.



Fóiridh mo leisge, a Leath Chuinn,
ní haimhleisge gan fhochuinn;
an leisge labharthar linn
leisge ón hanathlamh mh'intinn.



Tugabhair adhbhar aoire
dúinn - is damhna éagcaoine;
leasg linn gan deighfhéagsain duibh
neimhéasgaidh inn fa aoruibh.



Do creachadh gion gur chead ribh
sinn re dreim dá bhar ndaoinibh;
glacadh mo chruidh munar chead
bacadh ní fhuil ar mh'aiseag.



Leasg liom uaisle Gaoidheal nglan
d'imdheargadh uaim nó d'aoradh;
's is leasg maitheamh mo mhasla
nó go n-aithear m'adhbhar-sa.



Do-bhéar an chairde as dual damh;
do-rinne mé bhar moladh;
ag so an breacadh san bhagar
bhar bhfeacadh má fuaradar.



Troisgfead oruibh as a haithle
mar tá ag éigsibh ordaighthe;
do-ghéan trá romhoille ruibh
mar tá oruinn-ne d'fhiachaibh.



Tar ceann mo leisge, a Leath Chuinn,
fa dheoidh dá ndeachadh thoruinn
gid bé neamhfhaomhadh do-near
bhar ndeaghaoradh a dheireadh.



Dá sgaoiltí aonrann don aoir
fa chách - ní cluiche díomhaoin -
ní bhiadh neart anacail air;
radhacair teacht óm theangaidh.



An gcéin mhéaras Gaoidhealg ghlic
mar ghlóir i n-Éirinn orrdhreic
biaidh a gcanfuim-ne ar chuimhne;
ní hanchuimhne m'fhorfhuighle.


L. 315


Mar sgaoilid crithre a ceardcha
dh'iarann d'éis a dheighdheargtha
sgeinnfid drithle uaim dom aoir
nach sirthe uaidh bhar n-athmhaoin.



Ní bháidhfeadh Búill mhear ná Muaidh
ná Éirne an oirir ionfhuair
neimh ar saighnéin as sia goimh
go ria daighfhréimh nDálaigh.



Ní chuirfe fuarshruth Finne
ná linnte im Loch nAilinne
ar ndrithleanna druim tar ais,
ná flichbheanna fhuinn Iorrais.



Deargfaid gruaidhe gille mbras
im Shliabh Badhna is im Bhearnas
re a n-aigmhéile mun mBaoill mbuig
im thaobh Braidshléibhe, im Bhuanaid.



Sgeinnfid uaim aoibhle nimhe
don tsoighnéan trom theintrighe
le ndreachlas gruadh gach ghille
do shluagh neamhchas Neimhthinne.



Béad gruaidhe nach teo teine,
béad óm briathraibh frithire,
drúchtbhraoin ris gach ndreich d'Íbh Cuinn
is don Bhúrccraoibh fan gcreich chanaim.



Biaidh ó gach dhruing thoir is thiar
do shíol Chuinn, do chloinn Uilliam
óm cháir dá gcongbhaighthear mé
tromaithbhear cháigh dá chéile.



Biaidh "mairg do-chonnairc a chrodh"
dá rádh - ní rádh gan adhbhar;
i ndiaidh a gcaithréime ar chách
biaidh a n-aithmhéile i n-antráth.



Biaidh mallughad mór a nimh
ag cloinn Aoidh ar a n-aithribh
tre choimhtheas ngruadh ngnéadhonn
thoillfeas uam a n-aibéaram.



Más d'iarraidh clú do chuirsead
an chuairt nach cuairt turuisbheag
is 'n-a mhionchlú mharfas sin
ar fhionnchrú ghlanchas Ghaoidhil.


L. 316


Ní fás ríghe ná ratha
ná buadh trod ná tréanchatha
bhias don tí ar a n-iméar m'aoir;
a ndingéan dí ní díomhaoin.



Biaidh an chóir ag congnamh leam;
biaidh congnamh ardnaomh Éireann
ar shluagh bhonnghlan chaomh Ó gCuinn
mar aon is congnamh Coluim.



Aigeoraidh tre bhar n-ainiocht
Colam i n-a choraighiocht
na sluaigh-se ar a dteagmhuinn teann
eadruinn is uaisle Éireann.



Ní heagla nach géabhadh greim
- biaidh 'n-a eisiomláir d'Éirinn -
tre m'aoir a fholaidheacht sin
coraigheacht an naoimh neimhnigh.



Sul thí an dál-so mar deirim
daoibh, a Leath Chuinn, cuimhnighim;
bean far dtoirmisg-ne far dtoil;
dar dtroimleisge féin féachaidh.



Cuiridh fos dá bhfagham cead
do chor airde ar ar n-aiseag
orm a dtuaidh, a chaoimhLeath Chuinn;
ní daoirbhreath uaim a n-abruim.



An t-oireacht rer chead mo chrodh
aca agus ibh-se d'aoradh
faghthar ón oireacht díol damh;
fíor nach doibheart a dhéanamh.



Mo chúis im cheann mo leisge
- anois tráth ar dtoirmeisg-ne -
ní cneasda nach cuimhnidh sibh;
fuilngidh feasda nó fóiridh.
Fóirid.


L. 344


B 1600-50 17L
U 0005
102.



EOGHAN MAC AN BHAIRD cct.



Leannáin fileadh síol Suibhne
treoin nach tráigh le cianchuimhne
caor shlóigh ren doiligh deabhaidh,
róimh an oinigh d'oileamhain.



Lóchrainn oinigh Éireann Cuinn,
sliocht an Athlamháin áluinn,
an táin ó Thulaigh na n-Art,
curaidh gan ghráin re nguasocht.



Ní chlaochlóidh cuing a n-oinigh
's iad don éigse as fhóiridhin
ioldánaigh gan oil 'n-a gceann
le goimh iombádhaidh Éireann.



Is riú bheanas a bhríogh sin
"gnáth rath re cois an chaithimh";
tréad Suibhneach na saoirfhear mbras
fuighleach aoigheadh a n-ionnmhas.



Laoich as cisde do chliaraibh,
leomhain síl Néill Naoighiallaigh,
slata cumhraidhe Crú Airt,
as urlaimhe clú ó ar gcosaint.



Na Suibhnigh-se ó Bhrogh Banbha
téid tar cách a gcomhardha,
fréamh ríogh ar nach ceiltear cion,
síol ó ngeintear an gaisgeadh.


L. 345


Eangnamh is oineach Gaoidheal,
tréidhe as cóir do chommaoidheamh,
slata nach claon re comhaidh
aca ar-aon ar arodhain.



Mairidh aca go nua a-niodh
flaith leanas lorg na sinnsear
ar chuing réidhe a nduas do dhíol
ar fhéile 's ar chruas gcaithghníomh.



Ruaidhrí mac meic Mhaol Mórdha
d'éifeacht is d'ainm onórdha
is oidhre don chuaine ór chin
ar choimhdhe uaille an oinigh.



Méin oinigh aicme Suibhne
fa ngaisgeadh ar ghlanchuimhne;
is sgath uaisleachta Chláir Chuinn
fa nguaisbhearta áigh d'acmhuing.



Arsaidh cródha an chroidhe bhí
dan hainm Ruaidhrí mac Ruaidhrí,
aoibhealltuir dar ghiall an gal,
saoileachtain cliar is curadh.



Airrdheanna flatha fíre
's fós rath a fhréimhdhíne
aobhghlac dá n-aghthar gach ní
i saormhac rathmhar Ruaidhrí.



Réim tairrngeartaidh tarla faoi
ó aois leinbh an duinn dreachnaoi;
toil úr 'n-a mhéin mar mheasdair;
céim ar gcúl níor chuireasdair.



Aitheantar 'n-a fhéile sin
bheith dó ag diall re a aithribh
'n-a dhearbhghoil lúidh is lámhaigh
's 'n-a mheanmain úir ioldánaigh.



Síol Suibhne na dtachar dte
mar bhíos 'n-a bheartaibh féile
dá dteinnleanmhain ní treoir ghearr
i seinleabhraibh eoil Éireann.



Sgéal fiadhnaighthe fada ó shoin
fhríoth ar féile na bhfear-soin;
ní sgéal é ar nach cleachtar cion
's ar fheartaibh Dé dá ndídion.


L. 346


Ua Mhurchaidh Mhir Maol-Mhuire
lá éigin ar amhsoine
do-chí cléir 'n-a aghaidh air;
fa dainimh céim 'n-a gcomhair.



Iar dteacht leo dá láthair sin
ráidhid ris an bhfial bhfaoilidh
nach géabhdais gan fhíon 's gan ór
's gach díol 'n-a éagmhais d'urmhór.



"Tigidh don treibh i bhfuil m'ionnmhus
liom" ar an t-óg aisdearbhras
"ní cuibhidh ibh d'éara dhamh
's do-ghéabha sibh bhar sásadh."



Diúltaid uile deoidh i ndeoidh
dul leis ar áis ná ar aindeoin
muna aomhadh gidh bé a mbreath
acht é d'aoradh gan fhuireach.



"Fíon ná ór, ionnmhus ná crodh,
ní fhuil agam ar iomchar
ní do dhíoladh dhámh budh dhéin"
ar an ríodhamh sámh soiléir.



"Do chím-se" ar duine don dáimh
"fáinne óir fad mhéir mheadháin;
ód ghruadh ghléadhonn go ngné bháin
ní ghéabham gan é d'fhagháil."



Cloch uasal go n-iomad buadh
do bhí san bhfáinne bhfionnfhuar
is fa séad ríogh an chlach chorr
dá dhíon i gcath nó i gcomhlonn.



"Badh libh" ar sé "choidhche, a chliar,
mo chloch is m'fháinne ar aoinrian
's gan mh'aoradh dá aithle dhuibh
do shaoradh m'aighthe oruibh.



Ann sin do rad Maol Muire
a láimh 'mun idh órdhuidhe
's níor fhéad cor do chur dhi
ar gcur a chrobh 'n-a chéile.



"A bhuain díot dá ndeachadh dhuit"
ar duine don dáimh orrdhruic
"is í ar mionaithne, a ghruaidh gheal,
nach tiobhairthe uaibh ei-sean."


L. 347


Imdeargthar im Mhaol Mhuire
re comhrádh an chliaruidhe
nach biadh sgéal 'mun fháinne air
méar a láimhe gur leadair.



Tug a mhéar 's a fháinne óir
re cois a chéile i gcéadóir
do réir a oinigh fhortuil
don chléir dhoiligh dhíogholtaigh.



"Do-chímid i gcomhghar dhuibh
cuideachta, a mheic mheic Murchaidh,
ag so ar gcomairce far gcoir
ón ollaicme" ar na hollaimh.



"Bíodh libh comairce agus ceall"
ar sé ag silleadh 'n-a thimcheall
"a dhreichfheadhna go ngné ghil,
gidh bé ceithearna ad-chíthir."



Sillis ar an gcléir gcéadna
's ní fhuair an geal gnúisdéadla
ar ndéicsin fa seach mar sain
neach dá éigsibh 'n-a fhochair.



Mar do fhéach ar a ghlaic ngil
iar n-imtheacht don dáimh dhoiligh
fuair méar a láimhe ar a láimh
's a fháinne - fa séan sodháin.



Geall oinigh tar gach aicme
fhuair ei-sean 's a thiodhlaigthe
- níor thais a ndéagsain don dáimh -
's an séad-sain ar ais d'fhagháil.



Clann Shuibhne na dtachar dte
ag leanmhain luirg a chéile
laoich as cruaidhe ar chúl a gcleath
ón húr gach n-uaire an t-oineach.



Aithbheodhadh guail a ghrís-se
a-nois do-ní an Ruaidhrí-se
ón beo a-nú a hanam uaidhe
dá marann clú an chéadchuaine.



Ar tí óigfhir Aird na nGlas
ní tearc le n-iarrthar ionnmhas
ag so cailg na fine ó bhfuil
file gach aird dá fhéachain.


L. 348


Lorg a shean - ghá niamhdha ní -
leanaidh Ruaidhrí mac Ruaidhrí
cruth fial ón faide meabhail
dial aige re a n-airrdheanaibh.



Mian leis-sean ar chóir gconfaidh
dáil a airm ar eachtronnaibh;
's í áil an diombrais donnghloin
dáil a ionnmhais d'ollamhnaibh.



Ní theasda ó bheithir Bhanbha
bheith lán d'eagna ughdardha
- ceadh acht túr teasda dá rath -
's ní theasda lúdh ná lámhach.



Ní theasda oineach iomlán
ón óg fhaoilidh aighiodhnár
gnúis ghruadhnocht go bhfáilte ag fleidh
is láinte a ghruamdhacht gaisgidh.



Lámh thréan as tréithe le fann,
múr cloiche le hucht n-eachtrann,
troigh sheangbhán as tromdha i dtreas
comhla is dearbhfhál re ndoilgheas.



Bás cró ar a gceiltear fala,
mionn curadh Chláir ríoghLogha,
gus draige óna deacar dul
gan fheacadh aige acht d'ollamh.



Fuil Néill Naoighiallaigh na gcath,
fuil Briain Mhóir mheic Eachach
id ghruadh mhíonghlan eang ar eing
- gá ríoghradh do b'fhearr d'Éirinn.



A mheic Máire nach muidh mionn,
rogha Gaoidheal tá id thimchioll
coill gan chuimhne crann dtoraidh
clann Shuibhne is clann Chonchobhair.



A sbraic ó n-anann t'fhoghlaidh,
a thráigh toraidh d'ollamhnaibh.
dan deoin gan éinfhear d'oba,
a threoir fhéineadh n-ánroda.



A mhealltóir seirce seangbhan,
a dhraig as cian cheileabhradh,
a chongbháil na gcleas ngoile,
a sheas urláir iorghoile.


L. 349


Cairt 'ga féile ar fagháil gill
Mairghréag óg inghean Féilim,
doighir do dhoinnfhiodh ó nAirt
coinneall an oinigh d'adhaint.



Cur a clú rug do roghain
pailm chubhra chlann gConchobhair
ciabh chloidheach dan cóir moladh
soidheach óir na n-ollamhan.
Leannáin.


L. 363


B 1607c 17T
U 0007
107.



FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.



Mór an lucht arthraigh Éire;
siar tar sleasaibh seinBhéirre
do-chuaidh an tonnbhán tráichtte
uainn i n-urlár éinbháirce.


L. 364


Do ghad a hanam aisde
Éire na gcuan gciomhaiste
dá éan uachtair chuaine Chuinn
do ruachtain uain-ne i n-aonluing.



Dá eite lúith Leithe Chuinn
rugadar san bháirc bheannchuirr,
críoch na Niall d'éanlucht uile,
siar ó fhéarGhurt Úghoine.



Ó Néill, Ó Domhnaill díon sgol,
Ó Domhnaill, Ó Néill neartmhar,
glóir Banbha i mbáirc na deise;
tráicht fhalmha dá inneise.



Aodh rathmar, Rudhraidhe dil,
do-chuaidh 's gan iad-san d'áirimh
cuire san luing-sin tar linn
do thuirrsigh uile Éirinn.



Rugsad Éirinn is iad sain,
rugsad leo ar fhuirigh uathaibh,
an dá iarla d'fhuil na bhFionn
tre a bhfuil an ghriangha i ngéibhionn.



Bíd cách a bhaile i mbí a dtail;
ana Gaoidheal Ghuirt Fhionntain
is toirthe craobh Fhuinn Uisnigh
ar-aon san luing luchtmhair-sin.



A bhfuil san luing-sin do lucht
ní dhearna - dia do chumhucht -
ar Mhúr Dá Thí Teach Lughaidh;
creach mar í ní hionnshamhail.



A leithéid d'éinchreich oile
níor ghluais Conn ná Conaire
Fád Fuinidh ó thráigh go tráigh
le Mág Uidhir don Easbáin.



Caithréimeach an chreach-sa siar
le codhnach catha Oirghiall;
rug dá choróin Chláir na bhFionn
don Sbáin is onóir Éirionn.



Caithréim mar an gcreich-se a-nonn
ní dhearna Tuath Dhé Danann
fa chreachBhanbha na gcall sean
ná clann mhearchalma Mhíleadh.


L. 365


An chreach rothrom rug tar muir
ní thiocfadh aon dá hiarraidh
sgiath comhairghe crú na neart
tre chonnailbhe acht Cú Connacht.



Fa truagh leis cheana a chomhghaol
fa ainbhreith eachtronnmhaor
dá dtug Mág Uidhir a ucht
ar Fhád Fuinidh dá bhfurtocht.



Fa truagh leis treabhadh Teamhra
's clann Mhíleadh fa mhímheanma
dar ghluais tuir fionnMhuighe Fáil
do mhuin ionmhuine ón Easbáin.



Gá dás acht an tráth tánaig
cuirthear leis ó leachtFhánaid
- eachtra do uaisligh a rath -
teachta ar uaislibh na nUltach.



Conall Eoghan Inse Breagh
gluaisid ainn-séin ós íseal
fa fhios caithleomhain Cláir Sreing
- dáil do aithbheodhaigh Éirinn.



Do roighnibh Éireann ann sin
Cú Connacht Óg Mág Uidhir
rug lucht a mhórluinge a-mach
tar ucht glórbhuinne ngrianach.



Do shaor Mág Uidhir oile
a rug leis d'fhuil Úghoine
's a bhfuil dí san Bhanbha a-bhus;
go dtí tarbha dá thurus.



Tar bóchna na mbuinneadh ngeal
táinig d'fhurtocht mac Míleadh
long Naoi nó a aithghin oile
le flaithghin Craoi Conaire.



Eathar muirneach badh mhó fiach
long neartmhar Naoi mheic Láimhfhiach
re mbraondortadh do bhuain de
do-chuaidh aonochtar innte.



Long Naoi ó gach linn do lionn
ar fheadh dháilte na díleann
níor léig braon tuile tairsibh
dar shaor uile an t-ochtair-sin.


L. 366


Fearg Íosa fo-deara a dáil -
neach beo ar an talmhain tonnbháin
níor léig an tuile throm-sa
don uile acht an t-ochtar-sa.



Sgaoilid ochtar na hÁirce
lán d'aoibhneas is d'fhorbhfháilte
iar ndílinn fan gcruinne gcé;
na sgríbhinn uile mh'fhínné.



Lucht na loingei-se an lucht thall,
an díle fós fearg eachtrann;
an Áirc reimhe an bhárc a-bhus
teine i ngach trácht ó a thurus.



Ar dhílinn feirge Fian nGall
do chaomhuin sí sluagh Fréamhann
's na cúig tíre im Fhonn nUisnigh
an long shídhe shiobhlaigh-sin.



Gidh ionmhuin ní hionann sin -
do shaor míle do mhíltibh
fan ngortmhagh do ghabh re hArt
dar an ar n-ochtar d'fhurtocht.



Long eile as aithghin di-se
Argho saor a snoighei-se
- ní riar far dhual a dearadh -
uadh do iarr a hainmneaghadh.



Tríd sin fhuair an t-ainm oirrdheirc
bárc nar lia lucht uabhairneirt;
"long Argho" ón uair-sin i-le
tarla ag na huaislibh uirthe.



"Long Mhéig Uidhir" amhla sain
bhias ar an athluing éachtaigh
fuair ón Mhanchach baisdeadh binn
arthrach na n-aisdear n-aoibhinn.



I luing Argho - anba an rath -
do-chuaidh an ghasradh Ghréagach
caor chonfaidh fa teo tionól
dá dtorchair leo Laimheadhón.



Bárc nar bh'fhéidir righe ria
aisde do hionnradh Aissia
le neart slóigh ghasraidhe Gréag,
amhsaine as cóir do choimhéad.


L. 367


Innte do-chuaidh cian ó shain
an lucht do b'fhearr d'fhuil Ádhaimh
ag dul do thaghail na Traoi;
cur 'n-a aghaidh ní fhéadtaoi.



Caithréim eile amhla sain
do-ghéantar más fhíor d'eolchaibh
le géagaibh Moighe Midhe,
Gréagaigh oile a n-aimsire.



Do-chuaidh athfhoireann eile
i luing Argho a haimsire
do Ghréagachaibh ó Ghurt Airt
lucht céaddachair do chosaint.



Ón lucht-sain luinge hArgho
níor iomchuir bárc bheannamhra
lucht mar cholumhna Chláir Bhreagh;
comhumhla dháibh do dligheadh.



Muna bheath innte acht iad sin
dá phrímhIarla mac Mílidh
sgoth luinge le lucht badh mhó
tar ucht tuinne ní théarnó.



Do chuir fháilte ar croidhibh cáigh
toisg na nIarladh don Easbáin;
's tug a ndul tar fairrge bhfinn
gul gacha hairde i nÉirinn.



Mar mheasdar trá a dtocht le séan
nó a n-anamhain madh éidtréan
bídh don chuir-sin glóir is gruaim
ar fhóir Uisnigh i n-éanuair.



An long-sa do imdhigh uann
cluinnsin a heachtra n-ionnfhuar
tug a bhríogh im churp do chlódh;
a lucht fa-ríor is romhór.
Mór.


L. 368


B 1612ob 17T
U 0002
108.



EOCHAIDH Ó hEOGHUSA cct.



Ní dhlighim aithfear ar fheirg;
toil liom ar las dá díbheirg;
níor chuir sí i n-aithmhéile inn
ní asan aithréidhe mh'intinn.



Do-rinneas - do-rinneadh rinn -
fearg nach aithreach rem intinn;
ní caigealta a chor i mbríogh,
gomh ar n-aigeanta ar n-eissíodh.



Ní cúis nach beartha a bhuidhe
m'fhíoch-sa is fíoch fir ionmhuine;
a ndéabhradh leam agus leis
is téarnamh i gceann cairdeis.



Maith séan dar síoladh an fhearg
eadrom is mac mhic Risdeard;
tonn éagbháthaidh í ar ar ndoirr
is í ar gcéadmháthair chumoinn.



D'Uilliog a Búrc níor bheag liom
bheith dó mar chách go coitchionn
gur chomhlas mar chrithir dte
domlas fichidh ar bhfeirge.



Do-bheirim mo bheannacht dí;
táinig do thaoibh na goimhe
dul i n-ainm rónadhmuidh ruinn
do bhaidhbh órarmaigh Umhaill.



Dá taoibh fhuaramair fhear gráidh;
dí thárrthus togha compáin;
gríos fheirge as uaibhrighe bruth
feirrde luaimnighe a lasrach.



Créad acht taithbheodhadh toile
fearg an aosa ionmhuine?
ní ceisd codal ar chneidh sláin
mar sein do chogadh compáin.



Mo chean fhuair an fhear grádha
dá ndearnas dóigh teagmhála;
do thuig mé nar dheacar dhamh
feacadh an té re dtarladh.


L. 369


Gé a-déarthaoi gomadh dóigh mé
níor nár leis a los mh'éigse
bheith tréith oirmheathta rem ucht
do sgéith choinghleaca Chonnocht.



Mi-se foirniata fraochdha,
ei-sean go meirbh míolaochdha;
rinn ar mbeodhachta gidh beag
Leomhanta inn ar Uilleag.



Fillim ar mh'ais, anaim thall
ón ruaig nach rachadh romham,
gidh doifhreasdail inn re headh
i rinn coimheasgair cairdeadh.



Aithnidh dhamhsa mo dhóigh gliadh,
teann mé ar mhac meic Uilliam;
na fiallaigh as ísle d'fhuil
bím-se ciallaidh fa gcomhuir.



Gidh iomdha iomlaoid ghoine
fríoth leis ar lorg n-amhsoine
mó a ghráin-sean a ghuin dom ghaoibh
a fhuil ná táirseadh tathaoir.



I n-iomghoin ánradh bhfromhtha
múintear mo mhic fhoghlomtha;
ní har dhaorchloinn Bhanba Bhreagh
do mhaolfoinn arma fhileadh.



Gidh bé ar nach bím-se dána
do-bhéaruinn buaidh dteagmhála
d'fhuil ghliadhBhúrcach na dtreas dte
ó eas ngriandrúchtach Gaillmhe.



Seach sliocht gConaill chrainnghéir
ná adhmad ón Eoghainfhréimh
bheith fam dhaorchuing madh díoth lais
ná bhíoth do shaorchloinn Shearlais.



Fine Ghaoidheal mo Ghoill féin
dá mbeith nach biadh dar ndeighréir
ar síoth dá gcuireadh 'n-a gcead
gan díoth ní fhuigheadh Uilleag.



Aicme Bhriain 'ma bharr ndosghlan
's fréamh do theacht 'n-a dtiomchall-san
do chloinn bhuig armghonaigh Ír
is cuid d'adhbhoraibh d'fhairbrígh.


L. 370


Soruidh lé - ní luaithe mh'fhearg
budh-easda re hUa Risdeard;
do-bhéara - budh tuar toile -
's do-ghéabha uam ionmhoine.
Ní dhlighim.


L. 373


B 1618c 17T
U 0007
110.



FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.



Ní tráth aithreachais d'fhuil Conaill
a gcloch chúil an gcéin do mhair;
lor do bhoing casnadh do chroidhibh -
do choill gasradh Oiligh air.



Ar chosnamh cádhais an tuaisgirt
an tighearnas do thuill sé
ní fhuair guaisghin Chaithreach Cearmna;
aithreach d'uaislibh Eamhna é.



Ní hiontaobhtha aicme Conaill
a gceannas dó ó nar dháil siad,
níor ghabh guaisneimh re nguin mbaoghlaigh,
do uaisligh tuir Aolmaigh iad.



An lá nach fuair flaitheas Conaill
ceann rodhamhnadh Rátha Té
is ann badh caointe clann Fhéilim;
níor bh'am faoilte d'Éirinn é.



Bás Aodha is gan é do ríoghadh
ríoghradh éachtach Átha Liag
ó Theamhraigh chlaoin na gcoll leonta
do sgaoil fa fhonn Eorpa iad.


L. 374


A chur fa úir Innse Luighdheach
's gan fhlaith do ghairm do ghríbh Luain
dá ní do sgaoil cách ó chéile
an tráth do shaoil Éire a huaim.



Gan chur ris um ríoghacht Éirne
do b'fhiu othair aidhbhle a chró;
do bhí sé idir chách 'n-a Chormac,
do sgé bláth na ndonnshlat dó.



Ó chur na gcrú is chur na gcathadh
creideamh d'Aodh an uair do mhair
fa shíol n-Éanna do b'fhiu a dhochar;
do-chiu séala a othar air.



Do b'fhiu a fhuarbhoth oidhche shoighnéan
's a shuan corrach ós chionn sdéad
do b'fhiu a dhochar i gcoill chaoilshleagh
gur thuill sochar Gaoidheal nGréag.



Le móradh tuath do thuill flaitheas
le fírinne - foirbhthe an chairt -
le rath ríogh, le coingheall gcroidhe,
le sníomh goirmreann d'Fhine Airt.



Fós ag cosnamh catha Éirne
uatha gion go n-uair a luagh
níor thearc ag teacht as gach tachar
feart is leacht is athar uadh.



Fa múr cloiche do chrích Leithbhir
a bhas fhuilteach do b'fhearr séan;
do chathaibh Breagh fa ceall chomhdha
a ghreagh seang is a ghormgha géar.



Ó nar leis Cruacha is cuan Feabhail
ní fríoth leis-sean luach ar thuill;
do b'é fál a gcreach do chaomhna
each is lámh is caolgha Í Chuinn.



Gion gur hoirdneadh - anba an mhíobháidh -
mac Í Dhomhnaill Dúin na Sgiath
ní budh cóir achd caoineadh flatha
ar róimh aoigheadh chatha Cliach.



Le huaithnibh catha Cláir Laighean
's i Leith Chuinn iar gcrích a ré
's i ngach aointeagh do mhín Mhumhan
caointear 'n-a rígh Uladh é.


L. 375


Gaisgeadh na cruinne ar n-éag Earchail
do aithbheodhuigh i n-a fhonn
ní hé féine a-mhán do mhéaduigh;
dá chrádh céille éadair ann.



Ní hionmhaoidhte i nInis Luighdheach
ar lucht caointe na gcóig n-iath
caoi do dhéanamh go ndeoir dhatha
tre réallain eoil catha Cliach.



Na cúig cúigidh-se clann Luighdheach
lán d'eolchuire druim ar dhruim;
fa léan ní dhiongna na daoine,
iomdha néal ag caoine Í Chuinn.



Ceithre searbhghaotha iar slait Raoileann
is réalta dhonn as dearg snas
ag drud re caithimh a chéile
tug ar laithibh gréine glas.



Siansa cumhadh ceol na Finne;
fachain tuirse tá 'gun Mhuaidh;
ar chuan Daoile ní fhuil áineas;
faoidhe guil ag ráimhEas Ruaidh.



Cuiridh athtuirse ar fhior gcuarta
an ceol tuirse tá san gcuan;
do-bheir caoine ar fhior ainiuil
faoidhe na sriobh dtaidhiuir dtruagh.



Ag caoine laoich Locha Feabhail
faoidhe truagha tógbhaidh sí;
is lór do mhaoithe do mhúsgladh
glór na gaoithe ag dúsgadh dhí.



Ag dúilibh balbha iar mbás Aodha,
gidh iomdha cheana caoi thruagh,
is lia faoidhe badhbh is brainéan
ag caoine a arm raighéar ruadh.



Do b'iad trí bhrughaidh na mbrainéan
a bhas fhuilteach nar fhosd séad,
a dhornchar, 's a dhoire caoilshleagh,
Murchadh oile Gaoidheal nGréag.



Murchadh Siuire, seabhac Muimhneach,
mac Briain Bhóruimhe, barr Té,
níor ghabh for-íor adhbha Cormaic
gér dhamhna ríogh orrdhraic é.


L. 376


'N-a dhamhna téarna - tuar neamháidh -
Naoise éachtach na n-each mbras;
níor léigeadh faoi róimh na ríghe
gé do bhaoi dóigh fhíre as.



Do thuit fós suil fuair a ríoghadh
i Ráith Dá Choga cian uaidh
Cormac na Loingse, lámh éachtach;
fa dál toirse an t-éachtbhrath fhuair.



Mac Carraigh chalma an cur éachtach,
Aonghus Cláire rer chóir súil
do chall ar dhóthchas a dhraoidheadh
barr órchas far saoileadh Súir.



Mar na damhna tú do thuireamh
tug cinneamhain bhus cian goimh
d'Aodh Eilge gan táth a thíre;
fáth feirge na síne soin.



Timcheall tighearnais an tuaisgirt
ní turbhaidh tharla ar tuir mBaoi
achd olc d'Ibh Cobhthaigh a gcinneadh;
níor locht orthaibh filleadh faoi.



Ar olc re hógaibh an tuaisgirt
nar toghadh oirn Aodh 'n-a rígh;
ar n-eite lúith do chloinn Chraoidhe
do bhuing tnúith na ndaoine dhínn.



Guais gur díoghladh do dhigh tnútha
le taobh míleadh Mhúir Dá Thí
an feidhm do-níodh gleolucht gaisgidh;
fa beodhacht i n-aisgidh í.



Na catha do chuirdis Ultaigh
i n-aoinfheacht le háirsidh Liag
le hAodh Fáil do-bheirthí a mbuidhe,
fa neimhní dháibh uile iad.



Do-ghéanadh sei-sean sluagh d'aoinneach
Aodh Bearnais ar bruinne slóigh;
muna mbeath a each is a ara
do ba a leath cleath dala dhóibh.



Glún deireanach gaisgidh Gaoidheal
a ghaol ón tráth tharla i n-uaigh
mar fhine Róigh iar gCoin gCuluinn
ó do roigh róimh fhuluing uainn.


L. 377


Dínn do-roighneadh ríoghradh Uisnigh
iar n-Art Aoinfhear - anba an clódh -
nó fiodh críon nó tráigh gan torchar
nó síol dTáil iar Murchadh mór.



Nó Tuatha Dé na nduas líonmhar
ar Lugh Láimhchian dar an linn,
nó fine Néill iar Niall n-Oiligh
nó a fhian féin iar n-oighidh Fhinn.



Nó an Róimh phortghlas iar bPoimp Máighe
múr duaitheanta Dúin na nGall;
iar ndul faoi dá fláithibh dílse
caithir na Traoi an tír-se thall.



Nó an Fhrainc iar Searlas sluaigh Gaoidheal,
nó an Ghréag uma ngéisid cuill
do bhí fa bhrón iar n-éag n-Aichil
- is mór an béad - caithir Chuinn.



Aichill mhac Péil na mbeart mbaoghlach
do bhí thoir go dteasda sé
neimh ón ghrian áigh ar a armaibh;
níor dháigh gliadh dá fhaghlaidh é.



Níor leighis liaigh ná luibh dhíleas
duine ar ar dhearg - dia do ghlóir -
Aichill mhac Péil posd an ghaisgidh
nar fhosd ó chléir aisgidh óir.



Níor leigheasadh go lá a éaga
éachta a chaolgha ná a chuilg dhuinn;
do bhí Aodh amhla 'n-a Aichil
damhna ler fhaomh caithir Chuinn.



Neimh a láimhe ón ló do imthigh
d'Ultaibh uile is adhbhar cráidh
- an ceas naoidhean do fhás ortha -
tre a bhás aoinfhear Tolcha Táil.



Na toirthe ar dtréigean a ndatha
- ní daoine a-mháin - mór an bhroid;
a-ta ót éag fa cheas cumhad
meas na ngéag ar ndubhadh dhoid.



Le glór dhuaibhseach dhíoghlas borbghaoth
ar bhalbh oighreadh d'fhuighlibh cuain;
a-tá a luach d'fhailmhe san fhiodhbhaidh
aibhne ós bhruach re n-iodhnaibh uaibh.


L. 378


Diasa fása is fiodhbhadh fholamh
d'easbhaidh eire ag éirghe suas
a luach soin d'ísle san fhochan
go ngoil tríbh-se ag crothadh cnuas.



Soighnéan fiuchaidh, aoibhle teine,
fan dtuaisgeart ag téaghadh líog,
a-tá a lógh d'fhuaire san oighreadh;
lór do thruaighe ar toirneadh tríod.



A sil a innibh an aieoir
d'fhearthain líonmhair san leith thall
teasda soin do bhliocht ón bhuarchrodh;
ní fhuil achd riocht uathmhar ann.



Éachta mionca, míne is burba,
boga is cruas, is cumann sáimh,
na síona dá gcaoi ó chroidhe,
a dhlaoi dhíona Mhoighe Máil.



A mhaoidheamh beag iar mbreith cosgair
a chnú chroidhe, a chathach Ché,
a leonadh gnáth daoine ndearbhtha,
a bhláth naoidhe Tealcha Té.



A Aodh Óg mhac Aodha Í Dhomhnaill
nar dhiult iorghail, nar éar duain;
a dhúsgadh cealg, a cheo shídhe,
a bhreo dhearg an tíre thuaidh.



A mheic Máire, a mhóradh éigeas,
an uaigh i bhfuile, a fhleasg lí,
ní beag do mheath fuile Féilim;
is creach uile d'Éirinn í.



Mág Aonghusa ón uair do imthigh
an t-eineach uile fuair bás,
iomdha gan riar dámh dá dhearbha;
triall tre Chlár Teamra ní tráth.



Teasda gaisgeadh Ghaoidheal gConnacht
Conn Aolmhuighe mar fhuair bás;
ní cluintear tnúdh le cor gcosgair;
dol do thúr tochair ní tráth.



Fuair a oirdneadh i n-áit Pápa
Peadar cráibhtheach, ceann na ngrás,
lán do bhuaidh do bhaoi san ríoRóimh
fuair gnaoi ón Tríonóid 'n-a thráth. Ní tráth.


L. 387


B 1608c 17T
U 0024
112.



BRIAN Ó CORCRÁN cct.



Rí con Éireann Ábhartach
coiléan ciuin cruadhbhánaltach;
is tuar clú a hoirbhearta áigh
cú bhus oirrdhearca n-iomráidh.



Iomdha cáil inar chóir geall
don cheannphurt-sain con n-Éireann;
barr clú ní diommoltair dhi
an cú im fhionnochtaibh Éirne.



Mac Ioldathaigh na n-arm nocht,
fuair do chú-sa, a Chú Chonnacht,
ainm agus a clú re a cois,
an cú gidh airm i n-uarais.



Uasal an treabh dá dtá sin;
is mac Ábhartach d'Fhinngil;
fuair a sbairn caithréim don choin
Caithréim do b'ainm dá hathair.



Bíoth nach béaradh buadh ndealbha
an cú cumtha croibhfheardha
dul rompa ní clú don choin
cú as corcra crú i gconaibh.



Ní cú más fhíor a heachtra
achd duine i ndeilbh draoidheachta
- is tearc lá nach dearbhthar dhuibh -
a-tá mar fhearchoin agaibh.


L. 388


Cú le mórthar gach meadhair,
cú as ghrádhmhar le Gaoidhealaibh,
cú as toileamhla fa dtád Goill
an tsoidhealbhdha ág áluinn.



Is d'iarrsma na gcon gcalma
an cú céillidh cathardha
ag Fionn reachtmhar rí na n-óg
do bhí neartmhar a-nall-ód.



Nó is í cú mheic Morna mhir
dar bh'ainm Iorghal an uair-sin
ba caithleomhan re cneas Goill
bheas do haithbheodhadh eadroinn.



Nó is í Foirneart cruaidh calma
an cú ceannard cathardha,
cú Osgair na gcuach gcam
ba luath gcosgair i gcomhlann.



Nó cú mheic Lughach na learg
dar bh'ainm chubhaidh an Ceinndearg,
an cú glan seamfhaobhrach seang
ór ghearrshaoghlach damh díleann.



Gá dtám, do choimmeas na gcon
do bhádar ag airdrígh Almhan,
Bran féin as daghshamhail di;
baramhail as léir linne.



An Bran oirrdheirc-sin Finn féin
d'Ábhartach ní thuill toibhéim
tarraidh clú dá cosgar soin
cú mar Osgar i n-iorghoil.



Ní fhuil fa néallaibh a-nocht
ag do choin-se, a Chú Chonnacht,
gníomh doidhéanta re damh ndonn,
roiréalta do char comhlann.



A bhfuil ó Dheirg go Drobhaois
dá n-iarrthar gach aonfhoraois
más fíor is folamh 'n-a gar,
's ní foghar míol 'n-a mothar.



Ó bhéal Allta go hIasgaigh
tearc ann do na hilphiastaibh,
nó im bhruach roigheal líonmhar Luirg
nó im oirear míonghlan Miodhbhuilg.


L. 389


Seachnóin Bréifne an bhruaich sgathaigh
cuairt Ábhartaigh ioldathaigh
- budh cuimhneach thiar agus thoir -
gidh fiadh d'fhuighleach níor fhágaibh.



Im nónaidh nochtaidh a fearg
ag Sligeach, ag Sliabh gheildearg;
fa díoghlach an deinmne soin
ag síodhLoch Meilghe ar madain.



I nGleann Ghaibhle druim ar druim
tug so is ag Sliabh an Iarainn
fros mílealbha muin ar muin
is prímhealmha os n-allaidh.



Ó tháinig i n-iath Ultach
ní hannamh ar Ábhartach
- ní fhuighinn a ríomh go réidh -
gníomh nach cuirim 'n-a caithréim.



Ón mbuime do oil i-se
ní hiongnadh ádh uirrei-se
ler sighneadh coiléan d'Ú Chuinn
ar n-Oiléan inghean Éamoinn.



Do Bhran is oidhir i-se;
d'Fhionn an cú óg eilei-se;
a Dhé, caomhain clú na gcon
ar bhrú baoghail gan bhearnadh.



d'iarsma na féinnei-se Finn
cáraid na gcéimeann bhfoirtill;
deacair righe rú fa rath;
mo chride an cú is a codhnach.



Coin Éireann ó thuinn go tuinn
is coin codhnaigh crú Ríoghdhuinn
ramharcach Tolcha Dá Thí
Abhartach ortha is airdrí.
Rí.


L. 408


B 1608c 17T
U 0007
118.



FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.



Teasda easgcara an fhiadhaigh;
tug ar chroidhibh ceoidhiamhair;
easgcara ní fhuil ag oigh
i Muigh chneastana Criomhthoin.



Easgcara fhiadhaigh Éireann
Ábhartach na n-airdchéimeann;
níor ghein cú a sáruighthe sain
i gcrú fhánfhoirbhthe Fhionntain.



Fáth tuirrse aca ní fhuil
subhach feasda na faolchoin
i gcrích mhín bhánacraigh Bhreagh
do bhrígh Ábhartaigh d'oigheadh.



Do-ghéabhtha ar faighthibh a bhfios;
ag mucaibh allta i n-uaigneas
ní ba hiomdha feasda fail
ó theasda a mbiodhbha bunaidh.



Cnuic oireachtais fhóid na bhFionn
leabtha suain fhiadhaigh Éireann;
daimh Chláir Chodhail tres an gcoin
dáibh ní homhain acht urchoir.



Níor bh'iongnadh buaidh do bhreith dhí;
uasal an t-altrom fhuair-se;
ar ghlúin bheithreach bhruaigh Eanaigh
feithmheach fhuair a hoileamhain.



Díol a caointe í as a n-ucht
ar ghlúin 's ar ucht Chon Chonnacht
- dá ní do dhúisigh mo dhéar -
do bhí an chúi-sin 'n-a coiléan.



Níor chuir Mág Uidhir fhuair clú
dalta ortha acht an t-éanchú;
clann Cholla fa dine dhó;
righe orra ag a n-iarghnó.



Dalta oile acht coiléan con
nó leanbh budh oidhre d'ollamh
brón do shíor orra re headh
ar shíol gColla ní chuirfeadh.


L. 409


Cú dearg Osgair nar ob cath,
nó Sgeolang, nó Bran buadhach,
nó Adhnuall do b'aithghin dí
ag flaithghin armshluagh nÉirne.



Re linn Ghofraidh fháthaigh Fhinn
san Mhumhain na múr n-aoibhinn
do bhí cú ren samhail sain
do thabhaigh chlú d'Íbh Carrthaigh.



Cú Mhéig Carthaigh Chuain Line
iomad a héacht n-oirdnidhe
don triathchoin do thobhaigh geall
ó chonaibh iarthair Éireann.



Ar dhumha sealga ós Loch Léin
tuitid lá - lór do chaithréim -
ceithre doimh ós gheilleirg ghlain
leis an gcoin gceinndeirg gcréachtaigh.



Faolchú neimhe d'éis an áir
tarla dhi - dia do neambáidh -
tug ar an gcoin créacht go neimh;
a goin níor bh'éacht i n-aisgidh.



Tuitid ar-aon - anba an ghomh;
do dhoirt sí fuil na faolchon
's do dhoirt an faolchú a fuil
gér ghoirt le caomhchrú Charrthaigh.



Mág Carthaigh do chosain seilbh
tug dealbh dearsgaighthe ar dhoidheilbh;
néal bróin fan éachtchoin do b'fhearr
do sóigh ós réaltain Raoileann.



Gofraidh Fionn do ullmhuigh í
marbhna na con ad-chluintí;
táinig d'oide Tighe Táil
a fighe d'oige iomshláin.



Do mharbhnaidh chomthaigh chiallaidh
do chuir drong rann roidhiamhair
fáthGhofraidh Fionn muin ar mhuin;
snáthghlanfaidh sionn a samhail.



Do chumas don choin-se thoir
marbhna do Ghaoidhilg ghréasaigh
mar chéadmharbhna na con thiar
ar son gréagdhamhna Ghailian.


L. 410


Ar measadh don mharbhnaidh thiar
dá maireadh tuir fhear nOirghiall
a buaidh do-bhéarainn dá thail
do-ghéabhainn uaidh a urdhail.



Ní marbhnaidh í gan fhachain;
cú cnis Í Chuinn Chéadchathaigh
tug fa fhonn n-easbhán nEamhna
teasghrádh trom dá tighearna.



Cuarta meince - mór an tsearc -
dá iarraidh iar n-a imtheacht
tug an cú croibhdhearg corcra
fa bhrú bhfoinnlearg bhfochanta.



Lé do cuartuigheadh na cnuic
's na tighe óil d' Ú Cormuic
agus bruaigh na dtiormshroth dte
's gach uaimh fa fhionnLoch Éirne.



Níor fhágaibh leaba 'n-ar luigh
fa Loch Éirne gan iarraidh
ná mín ná suidhe seilge
do ghríbh Muighe mínDeirge.



Fa dheoidh teasda - tuar déire = gu de 'déar' -
do chumhaidh a cneischéile;
gá dú acht do-chuaidh as a cruth
mar nach fuair an cú a caomthach.



Teasda an chú-sa iar gcéibh na sgath;
ní hamhlaidh d'uaislibh Teamhrach
feasda im Bhóinn mbliochtchraobhaigh mBreagh;
ní hiontaobhaidh glóir Gaoidheal.



Ionann fáth bróin dóibh is dí
Ábhartach cú fhir Éirne;
fada iar gcraoibh Line gach lá;
a fhine dá thaoibh teasdá. Teasda.



Mág Aonghusa do dháil dhamh
a chú 's a each 's a órbhrat
a-tá craobh Céise dom chrádh;
an fhéile dá thaobh teasdá.



Ní dhiúltfadh Conn Maisdean mé
um choin ná um bhrat ná um bhuairsbré;
a-tá craobh Cruachan dom chrádh
ar n-uabhar dá thaobh teasdá.


L. 411


Ní bás don té théid dá fhios
flaitheas na n-óg 's na n-aingeal;
mairidh Beadar iar n-a bhás
acht gé theasda ní theasdá.
Teasda.


L. 419


B 1608c 17T
121.



FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.



Turnamh dóchais díoth muirne,
muirn docar i ndíothainmne;
lór do chládh uabhair tar ais
is uamhain dál an dóchais.



Sealg thorthach níor tuirmheadh dhí
an chú cuirthear i neimhní;
muna rabh anáir ar each
ní gar a fhagháil uaibhreach.



An treabhadh ar nach téid leas
ní hé trá as taosga gheineas;
gort gan fhál is é ar slighidh
dá mbé slán ní saoilfidhir.



Saidhbhreas díomhaoin do dhuine
innile gan aoghaire;
ní fhuil tarbha 'n-a dtairthibh
abhla cuir nach cumhdaighthir.



Gabháil fa chuirm go gcuirthir
a hibhe ní horduighthir;
bídh gríos an ghuail gan ghoradh
an uair bhíos gan bheathoghadh.



Baramhail damh-sa is dom dhán
a ndubart - dia do chlaochládh;
cnú fholamh nó each gan srian
neach nó domhan fa dhímhiadh.


L. 420


Ní théighim mar badh díor dham
tar ollamh ná tar ánradh
- sé 'n-a chréachtghoin im chroidhe -
éantroigh re ré Rudhroidhe.



Náir dhúinn - 's ní dúinn as ranáir -
mo sgol más iad m'uachtaráin
tre ghoimh míleadh Mhuighe Fhloinn
gach duine ag síneadh seachoinn.



Ós chionn éigeas fhear nUladh
teacht san tuighnigh ollamhan
ní thig díom, gidh dainimh dhún,
sion im aighidh ag iompúdh.



Do mheas éirghe amhlaidh soin
os chionn airdríogh fhear ndomhain
Poimp mearchalma fa mó seadh
gér neamhtharbha dhó a dheireadh.



Ag Séasar na siorthadh mbras,
ag Poimp Máighe is ag Marcas
do bhí an cruinne ó mhuir go muir;
ní rí duine gan dúthaigh.



Riasan dá áirsidh oile
Marcas Cras ceann sochuidhe
- iul re bhfaghar gach fádh fis -
do ládh an talamh thairis.



Fan treas rann don talmhain tais
do éirigh ar n-éag Marcais
fíoch an dá ursan oile;
dursan críoch a gcéalmhoine.



Poimp agus Séasar sluaighmhear
do chuireadar combuaidhreadh
i ngach leith don chruinne ché
do bhreith an uile fhínné.



An cath cathardha do chuir
dá uaitne theanna an talaimh
do b'é críochrún a gcagaidh
dé ón fhíochrún do adhnadair.



"Uch! gan mé" ar Poimp "ós chionn cháigh
dom fhaicsin d'fhearaibh domhnáin"
glóir na flatha fhuair umhla
uair an chatha chathardha.


L. 421


Bheith uiríseal 'n-a dhiaidh sain
gairid d'aimsir gur orduigh;
do radadh fatha déar dhó
a shéan catha do chlaochlódh.



Mé an Poimp dá dtarla an tuisle,
an t-Iarla is sé an Séasair-se,
ar bhfearg rer-oile is é an cath
gomadh hé ar gcroidhe an caomhthach.



Mar Phoimp Maighe ag teacht san treas,
bheith céim ós chionn na n-éigeas
do bhí uair 's do aontaigh mé;
claontair gach uaill dá háirde.



Mar Phoimp a-rís d'aithle an áir,
bheith íseal - anba an diombáigh -
dar m'éig-se do ba lór linn,
ór ar m'éigse ó nach aithnim.



Ó tá an maidhm oruinn badh-éin
aontuighim tre Ua saoirNéill
beith fa oideadhaibh Craoi Chuinn;
faoi ní hoideamhail m'urruim.



Tuir fhuluing fhola Dálaigh
ní fiu dá méin mórdhálaigh
- ní hé an doigh nach dursan linn -
a bhfuil d'osnadh im intinn.



Náir dói-séin agus damh-sa
a bhfuil d'anaoibh oram-sa
ar dheoradhacht - dáil nar dhligh -
i n-Eoghanacht Cláir Chaisil.



Dá gcuireadh díoth toice treall
ollamh flatha ar fud Éireann
ní cóir dhó ar a dhán diomdha;
dá mhó a thár dá thighearna.



Do dhearbh sé seanfhocal cáigh
- do léig an t-Iarla ar n-anáir
uile fa lár as a los -
"ní fádh duine 'n-a dhúthchas."



Iarla Ó gConaill, slios re saoidh,
ní fhuil fáth ag a anaoibh;
im dhán níor dheargas duine
do Chlár leargglas Laoghaire.


L. 422


Ar airdríoghaibh Inse Néill
a ndearnadar do dhíthchéill
ar maithe trá druim ar druim
a-tá dá aithe oruinn.



Cuirm Éingrinde is an t-each geal,
súil Eochaidh, ainnre Laighean,
- ní théid mo sheise ríogh róm -
mei-se dá dhíol 'n-a dhobrón.



Shleagh na Con, 's an Chearc Bhoirche,
flaitheas Banbha beannfhoirbhthe
rug sé don dul-sa ar a ndíol
an té as ursa don imshníomh.



A-tá uabhar m'aicme féin
ar chloinn Chonaill mheic mhóirNéill
fa phosd ríoghshluaigh fola Floinn
dá shíorbhuain uile asuinn.



Groighe is táinte clann gConuill
tús is earr an uraghuill
- fa-ríor níor haltoigheadh liom -
im ghortoirear ríogh Raoilionn.



Ag íoc na muirne nach mé
fhuair ó phór chaithreach claoinTé
a-tá sé ag crádh mo chroidhe
mar táim re ré Rudhroidhe.



Buain a dhúthchais do dhuine
ní breath ríogh do Rudhroidhe;
is liom-sa a chogar ó chiort
ionnsa m'obadh óm oidhreacht.



Go buan is fearr an fonn-sa;
ní hé a-tá d'fheidhm oram-sa
muirn mar shriobh tuile ag toigheacht
ná cion duine ar deoroidheacht.



Mac éachtach Aodha Í Dhomhnaill
Ua Séamuis, tuir treasfhorlainn,
mo rí go rabh ar mo shon;
ná tí a thal ar mo thurnamh.
Turnam.


L. 423


B 1601c 17T
U 0027
122.



LOCHLANN ÓG Ó DÁLAIGH cct.



Uaigneach a-taoi, a theach na mbráthar,
beag dod bhuidhnibh tairise
do-chí tu-sa i ndáil do dhorchla;
ní náir orchra ar th'airei-se.



Do díbreadh uait - uch mo thruaighe -
do theaghlach bocht bráithreamhail;
do-chím sibh gan fhear dot ionnramh,
a threabh bhionnghlan bhláithshleamhain.



Ionmhuin drong do díbreadh asat,
a eaglas bhláith bhúidhiodhan,
buidhean tromdha chomhthrom chiallda,
modhchlann diadha an Dúiliomhan.



A mhainisdear an mhúir shleasaigh
sloinntear ó Sliabh Fhorannáin,
caoinidh an flaith 's an saoi suilbhir
mar taoi it fhuilngidh anfhorráin.



Fuarais cleachtadh céile n-iodhan,
a adhbha an fhuinn ghlaintealchaigh;
bheith it aonar níor dhual deit-se;
truagh do bheith-se id bhaintreabhthaigh.



d'éis na gcéile do chleacht tu-sa
a-taoi - truagh an mhalairt-se -
gan chluinsin sgéal gcean ná gcliathcha
gan fhear iarrtha th'amhairc-se.



Cuimhneach mé gur mheince leat-sa
líon áigh ógbhadh gcaithreannach
ag líonadh is-teagh id thiomchall,
a threabh fhionnchorr Aifreannach.



d'éis díbearta na n-ord uile
i n-iath Éireann eangfhoirbhthe
dé an chreidimh do bhaoi gan bháthadh
gach laoi id bhláthar bheannuighthe.



d'aithle a n-uarais d'aoibhneas ghnáthach
do ghlóir nar ghlóir dhiombaltach
ar uaigneas t'árais má féachtar
tárrais éachtchor iongantach.


L. 424


Tu-sa it árus ealtan gcíocrach
ar gcaill th'aosa ionmhuine;
briseadh croidhe an tolg dá dtárras
t'ord i n-áras fhiodhbhuidhe.



T'altóra gan earradh gcrábhaidh,
do chluig chaoine cheolmhara,
mar dhúil mbailbh gach laoi gan labhra
mar taoi is damhna deordhubha.



Iomdha coireach cionntadh n-iomdha
d'fheadhnaibh Fódla fionnshoillse
fhuair ar dtadhall bhar sleas samhghlan
leas a n-anman ionnaibh-se.



Iomdha cuideachta clann bhflaitheadh
le bhfríoth féasda soineamhail
idir shleasaibh do choim chláirthigh
ón droing chráibhthigh chroidheamhail.



Iomdha bocht do biathtaoi it orsain
'gun ord shochruidh shéimhidhe;
dursan linne a lorg 's a láithreach
gan ord gcráibhtheach gcéillidhe.



Glan an bhuidhean do bhí id ghrinneall
- níor ghloine géis ealashroth -
cuire diadha caoimhghrinn ceolach
saoirbhinn eolach ealadhnach.



Gairid gach lá ag an lucht chéadna;
níor chian adhaigh fhírleabhar;
ní feas ní 'n-a aincheas orra
d'ailcheas rolla ríghleabhar.



Mairg ler díbreadh an ndruing bhfosaidh;
ní feas cread a gcionta-san;
mór a gcrábhadh, deas a ndaonnacht,
ni feas aonolc ionnta-san.



An t-Airdrí dan hainm an Tríonóid
go dtí dá thoil ghrásamhail
tabhairt an chuire mhóir mhallghloin
róin don adhbhaidh fhásfhollaimh.



Clann Phroinnsiais na bhfuighleadh dtaidhiuir
fill don teaghdhais naoimhiodhain;
a Mhuire mhór féag bhar bhfearta
fan dtréad searcdha saoidheamhail.


L. 425


A Phroinnsiais, a phlannda gheanmnaidh,
guidh Dia deaghmhac fionnMhuire
fa fhurtocht ar do chloinn choirmigh;
roinn ret oidhribh t'ionmhuine.



Ó tá treimhse 'n-a treibh uaignigh
an áit ghrianach ghlanuaidneach
tar neart cumhacht na bhfear bhfraochdha
rob teagh naomhtha neamhuaigneach.
Uaigneach.



...



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services