Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Teagasg Criosduidhe do reir ceasda agus freagartha
Title
An Teagasg Criosduidhe do reir ceasda agus freagartha
Author(s)
Ó Duinnshléibhe, A.,
Composition Date
1742
Publisher
(Páras: Seumus Guerin, 1742)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N L062} {L i} {B 1742 18L} {G L} {U 0278} {C Prós} {M 8} AN TEAGASG CRÍOSDUIDHE DO RÉIR CEASDA AGUS FREAGARTHA. {L ii} AN TEAGASG CRÍOSDUIDHE DO RÉIR CEASDA AGUS FREAGARTHA, air na tharruing go bunudhasach as Bréithir hSoilléir Dé, agus As Toibreachaibh Fíorgh-lana Oile. Eísd re Comhairle, agus glac Teagasg, chum go mbia tu glic ann do Chrích dhéighionuigh. Prov.19.20. A bPAIRÍS, Air na chur a gClódh re Seumus Guerin, ag San-Tomás ó Acuin, a Sráid Sain-Seum. M.D.CC.XLII. Ré Cead an Rígh, agus re Déightheisd na nOllamhun re Diaghacht. {L iv} FORFHÓGRA. Cuirfidh, do réir chosamhlachta, Toirt an Teagaisg Chríosduighe-se, air an gCeud Amharc, Criothnughadh air an Dream do chleacht amháin Geirr-theagasga beaga do cumadh agus do ceapadh re hAghaidh Tionsgontóirigheadh, agus go mormhór re hAghaidh Leanabh air a gCláirín, no fá'n Tuairim sin. Acht, air na fhosgladh, do chífid go bhfuilid dha hTeangaidh ann; agus nach bhfuil aca, dá bhrigh sin, acht leath na hOibre re deunadh: Fionnfuid re dul thríd, gur ab iomhda Ní is an leath-so féin, nach ar hOllmhuigheadh chum Muiríghine do chur air an Meabhair, ach do chum na Tuigse do shoillsiugh- adh, agus chum na Tola do ghluasacht chum na Subháilce do ghnáith-chleachtadh, agus an Du- bháilce do sheachnadh; agus go bhfuilid Gníomha cumtha Caondúthrachta, agus Urnaighthe ath- chumuiire síos agus suas na mheasg, noch is indeunta an Aimsiribh eugsamhla, agus go hAírigh roimhe agus a ndiaigh Faoisidine agus Cumaoine, air Maidin agus Tráth-nóna, agus ann Amaibh eile; air chor, go bhfóirfidh sé mar Leabhrán-Urnaighthe do'n Mhuintir ag nach bhfuil a shárughadh, ná fós Mórán Aimsire air a láimh: Do chífid mar an gCeudna, go bhfuil Lán-súl is an gClódh, agus gur cailleadh {L v} Mórán Páipéir, tre shuíghiughadh Ceasdadh agus Freagarthadh an da (1) theangtha go beacht as coinne a chéile; agus go bhfuil Cuid dhe air na líonadh ré Ráidthibh o'n Sgríbhinn Dhiagha, etc agus re Comhfhoclaibh mínighthe na Gaoidheilge. Fa dheoigh, teigmheoghuid, air Deireadh, re hAith- ghiorra an Teagaisg Chríosduighe a nDán, air na chumadh, tuilleadh re ceud bliadhain o shoin, le bONAUENTURA O hEODhUSA, bráthair díoghraiseach, foghlumtha d'Ord San- Phroinsias: Agus fós ré Tosuighibh na Teang- tha Gaoidheilge, mar gheall air an lucht re ar mian a léigheadh, chum conganta re na gCo- mharsain: Aít fós, ann a dTugthar Contus air son an leithid bhig do glacadh síos agus suas air feadh an Leabhair-se, do thaobh an Nóis air a sgríobhthar (2) Corr-fhocla agus Coirr-li- treacha gaoidheilge. Gidheadh, tar cheann iomud- amhlachta na Neitheadh eugcosamhla-sa, ni bhfuil Aoin leath don Leabhar-so, láimh re bheith leath comhfada ris an Teagasg do rinneadh suas an Aoin-teangaidh amháin, re hOrdughadh Chomairle hTrent, agus do dírigheadh chum gach uile Dhuine air a bhfuil Coimheud Anmann cháich oile, da ghreamughadh dhíobh a mhúnadh do'n Pho- bul, iar na chur is an Teangaidh choitchinn: Ní, do chítear, nach ar bhféidir do dheunadh go fóill an EÍRINN. Agus go dearbhtha is baoghlach agus is mill- (1) theangan. (2) Corr-fhocail. a iii {L vi} teach an Mearbhall tuatamhail, tré measdar gur leór na Ceud thosuighe, do cuireadh an Oireamhuin d'Aois bhoig, mhaoith na leanabh, mar theagasg do Dhaoinibh is ársuighe ioná iad; no nach beag an Chré, na hAitheanta, Urnaigh an Tighearna, agus Anmanna amháin na seacht Sácramuinteadh agus na seacht bPeacaidheadh marbhtha a rádh do Mheabhair, air Nós leanabh, gan fios a gCéille, ná a Réime, ná fós na gCoinghioll a ta riachtanach chum na Sácra- muinteadh úd féin, noch thaithighid, do ghlacadh mar is cóir, gídh gur air a nGlacadh go maith tá a Slánughadh. Ní foláir go deimhin do na Leinibh, nach eug- cruaighe a gColann ioná a gCiall, agus fós do gach uile Nuaidh-thionsgantóir na Mion- tosuighe-se d'fághail a meabhair, amhuil do ghei- bhid an (1) Aibghidil, gidh nach dTuigid iad; óir is buille air aghaidh é. Acht is mór an Daille, agus an tAdhbhar Truaighe agus Gola a mheas, gur dlisdionach dhóibh fuireach na bhun sin, no go bhfuil fios a gCreidimh aca, agus gur féi- dir dhóibh na Sácramuinte do ghlacadh gan Eolus is foirleathaduighe ioná sin air na Neithibh, do bheanas re Sláinte an Anma, eadhon, air a nDualgas do thaobh Dé, do thaobh a gComharsan, agus d'a dTaobh féin. Ní lúgha is díthchéillighe é ioná do mheas, gur féidir ré leinibh do beathui- ghear re bainne, agus do ní lámhacán beag, (1) Aibghitir. {L vii} biadh bríoghmhar do dhíleághadh, agus rioth síos agus suas; nó go dTig leo-san agus re Tionsgantóiribh oile Leabhra do léigheadh agus do thuigsin, an tan is eol dóibh an Aibghi- dil amháin. Ní thig re Macaoimhibh foghlumtha féin, eadhon, re lucht léighinn, an Chré, na hAitheanta, ná na Sácramuinte do thuigsin, muna mínighthear dhóibh iad: Ni mó ioná sin is féidir dhóibh Sochar air bith do bhuain as na Sá- cramuintibh, muna rabhaid ullmhuighthe, mar is dual, chum a nGlactha: Ní féidir dhóibh a bheith ullmhuighthe, mar is cóir, muna feas dóibh creud e an tUllmhughadh is riachtanach: Ní féidir dhóibh Fios a bheith aca air an Ull- mhughadh-so, muna múintear iad, mar a dlighthear. Oír, is "tré Eísdeacht do thig an Creideamh," gidh Subháilce neamhdha e, "agus tré bhréithir Chríosd thigeas Eísdeacht;" is e sin re rádh, gur o bheul na nDaoineadh do gheibhthear Fios na Neitheadh is inchreidthe agus is indeunta, maille re Congnamh Ghrásadh Dé. Uime so, do chaith ar SLANUIGhthEOIR Féin, an tArd-shagart Síorruidhe, Aodhaire agus Easbog ar nAnmann, Mórán Aimsire agus Saothair ag múnadh na nAbsdol, agus na dhiaidh sin, ag á gCur "fá'n Domhan, do ghreamuigh dhíobh na hUile Chineadhacha do thea- gasg, da mbaisdeadh an Ainim an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh; agus do "mhúnadh dhóibh GACH UILE NI, DAR "AIThIN SE DhÍObh-SAN, DO ChOIMhEUD. {L viii} Is riachtanach mar so, an Drong, do thig chum Céille, do mhúnadh; ní foláir dhóibh briathar Dé do chlos, agus na Neithe úd d'fhoghluim, noch a ta d'fhiachaibh ortha do chreideamhuin agus do choimheud; agus fós ní foláir dhóibh fhoghlum cionnas is cóir a gCoimheud; gan sin, amhuil mar chruthuigheas Gníomh go laetheamhul, ni féi- dir dhóibh, da madh Eígse iad, Fios na Rúindia- mhar, ta is an gCré, ná na Slightheadh iomad- amhla re mbrisdear na hAitheanta, a bheith aca: is lúgha ioná sin is féidir dhóibh fios a bheith aca, creud is Ciall, brígh, agus Toradh do na Sácramuintibh; no creud e an tUllmhugh- adh is riachtanach chum a nGlactha: Ní mó ioná sin is féidir dhóibh Fios a bheith aca, creud e an tUalach, do ghabhuid ortha féin, an tan do ghlacuid na Sácramuinte; ná creud e Riachta- nus, Coingioll agus Tairbhe na nUrnaighthe, mura múintear dhóibh iad go maith, air shlighe éigin. A nois, mádh is e so Cor na nDaoineadh tuigsionacha, foghlumtha féin, is dearbhtha nach féidir do'n Mhuintir, a ta gan léighionn, gan Eólus, Fios na Neitheadh riachtanacha-so, ná, dá bhrígh sin, Fios a gCreidimh bheith aca, gidh go nDeuraidís, do mheabhair go beacht, an Chré, na hAitheanta, na Sácramuinte, etc mura mínighthear dhóibh iad go sothuigsionach agus go líonmhar, agus fós muna gCuirthear do dheoin no air éigean a gCéill dóibh iad: is fíor nach uras so dheunadh, agus nach foláir {L ix} Mórán Saothair agus Foigide do ghlacadh; gí- dheadh a ta sé riachtanach: is mó ioná sin uile, is fiú an tAnam: Do chosuin sé níos mó go mór do Mhac Dé: "Do ceannuigheadh sinn uile, deir an tAbsdal," air Luach mhór: gídheadh ní fhóghanfuidh an Fuasgladh mór-so, ea- dhon, bás agus Ceusadh IOSA CRÍOSD, do'n Dream a ta aineólach is an gCreideamh, agus do chomhnuigheas ann a nAinbhfhios: Caithfid a Saoghal, agus do gheabhuid bás a bPeacadh, gídh ghlacaid na Sácramuinte: is mó an Tarcuis- ne agus an Mhíochlu do bheuraid, agus an Do- char do dheunaid d'Eaglais Dé, re na mbeatha agus re na mbeusaibh truaillighthe, ioná gach Ancháineadh gráineamhul da sgeithid amach na hiúduighe, na Turcaigh, agus Díthchreidmheacha oile go laethamhuil na hAghaidh; óir ni bhfhuil Ni air bith is mó mhasluigheas CRÍOSD agus a NAOIMh ChEILE, an EAGLUIS, ioná Droich- iomchar oilbhéimeach Anmhóráin do na Catoi- licibh; dá bhfuil Cuid, mar is ro fheasac, fa- raor, do Chách, tugtha do Chraos, no d'Ola- chán: Cuid, do mhalluígheas agus do mhiannuigh- eas go (1) diorruisge, díthchéilligh: Cuid aca, graosda ós áird, agus drúiseamhuil go mío- náireach: Cuid ithiomráidhteach, ro bhreugach, cealgach: Cuid dhíobh uaibhreach, feargach, bruígh- neach, aindíoghaltach: Cuid oile, do mheallas agus shladas a gComharsa coimhminic agus mheasuid, go rachaidh sé leo gan Míochomhgar air a tSaoghal so: Agus a tá an iomarcaidh (1) Giorruisge, no mearrdhánta {L x} dhíobh ceanghailte go follas do Neithibh Saoghal- ta, agus ag rioth na nDiaidh comhamplach re Turcuigh agus Págánuigh. Gidheadh, do níd na Catoilicighe lochtacha-so uile, air Nós na nIúdaigheadh, "Maoidhfeachus as an Dlígheadh, agus tré bhriseadh an Dlí- ghidh tarcuisnighid Dia," agus an Eagluis. Maoidhid, gur Clann do'n Eagluis fhíre iad; agus go dTugaid, Uair sa mbliadhain, Ur- raim éigin, agus Teisbeánadh Aithríghe uadh- tha; acht "ní thugaid Aon-toradh, is iomchubhaidh don Aithrighe, uadhtha:" Abhfad uadh, do théid, mar so, o bhliadhain go bliadhuin, ag cárnadh Peacaidh air Pheacadh, Ualaigh air Ualach, ag tuitim agus ag éirghe, mádh is fíor dhóibh, gan leasughadh soilléir air bith, no go dTigidh an bás gan fhios ortha; Ní do bheir Cionfátha do Dhrungaibh áirighe a rádh, go dTugann an EAGLUIS ChATOILICE, URSA AGUS DAINGEAN NA FÍRINNE, Cead Pea- caidh dhúinn; gidh is follas gur ab é Ainbhfhios agus Daille codcha da Cloinn (1) dhrobhlásaigh is ciontach ris an Neamhchrábhadh uathbhásach-so do chur na leith; agus nách e a Teagasg-san is Adhbhar dhó; óir a ta sé comhglan, coimhneamh- ghronach agus do fuair si é o na Tuismigh- theoir agus a Cúmhduightheoir Neamhda IOSA CRÍOSD; amhuil bhus follas do'n Droing do ghlacfas a láimh, gan Fuath nó Grádh, a ghéar-lorg, fós is an Mion-tsaothar-so ar nDiaidh. (1) Mhíriaghalta, no Droichbheusaígh {L xi} Agus, chum gan a GCur níos faide air Cáir- de, da thaobh so: Teagasgaidh sí gan sgur, gan Chlaochló, "gan Ní Naomhtha do thabhairt do Mhadruighibh; agus gan Clocha uaisle do theilgion a bhfiadhnuise na Muc", eadhon, gan na Sácramuinte do thabhairt do'n Dream nach ar múineadh, mar is dual; nach bhfuil fíor- dhoilghíosach agus Ullmhuighthe go maith; gan fós an baisdeadh féin, do thabhairt do'n Mhuin- tir, do tháinig chum Céille; Agus d'a dTaobh- soin a deir sí, "nach foláir dhóibh bheith air na dTeagasg, agus na Neithe, d'fóillsigh agus do gheall Dia, do chreideadh, maille re Cong- namh na nGrás neamhdha; agus tar gach Ní, gur ab é Dia do shaoras re na Ghrásaibh an Peacach, trés an bhfuasgladh do rinneadh re hIOSA CRÍOSD: gur cóir dhóibh, air thuigsin dóibh, go bhfuilid a bPeacadh, crioth- nughadh roimh Cheirt-bhreitheamhnus Dé; Súil do thabhairt suas air thrócaire an Tighear- na, Dóthchas agus Muinighin do bheith aca, go mbiadh trócaireach leo, air son Chríosd; agus tionsgnadh air Dhia do ghrádhughadh, mar hTobar, na huile fhíreuntachta. Os a chionn sin, ní foláir dhóibh Fuath agus Gráin do bheith aca air an bPeacadh, eadhon, an Aithrighe úd, is riachtanach roimh baisdeadh, do dheunadh. Fa dheoidh, go bhfuil d'Ualach ortha, an tan do chuirid (1) rompa baisdeadh (1) reompa {L xii} do ghlacadh, Nuaidh-bheatha do thosughadh, agus na hAitheanta do choimhlíonadh. Is tar éis an Ullmhuighthe-se, agus go coitchionn, tar éis diúltadh ós áird d'Ollás agus d'Oibribh an Diabhuil, do thig an Fhíreuntacht féin, noch do chialluigheas ni hE amháin Maitheamhnus na bPeacadh, acht fós Naomhadh, agus Athnuadh- ughadh an Duine Taobh a sdigh, tré ghlacadh Ghrás agus hTíodhlaiceadh an SPIORAID NAOIMh go toilteanach." Go nuige so Foir- cidiol na hEagluise, do thaobh bhaisdidh na Droinge do tháinig chum Tuigse. Do thaobh na Muintire, "dó thuit, fós tar éis gur soillsigheadh iad aon Uair amháin, agus gur bhlaisiodar an Tíodhlaice Neamh- dha, agus gur roinneadh an SPIORAD NAOMh leo," múinidh an Eagluis Chatoilice, nach foláir dhóibh níos mó go mór ioná an tUllmhughadh reumhráidthe is riachtanach roimh baisdeadh; "nach foláir a nAithrighe a bheith eugcosmhuil re hAithrighe an bhaisdidh; nach féidir air Aon-chor a (1) nAthshuidhiugheadh agus a (2) nAthnuadhughadh a mbeatha na ngrás gan Dobrón Croidhe, agus Gráin air a bPeacaidhibh; ná fós gan Mórán Do- chair agus Doilghís; ná gan Rún neartmhar an Peacadh do sheachnadh o sin suas, air mbeith d'fír-cheart Dé da ghreamughadh so dhíobh. Uime sin, nach gan Adhbhar do ghoirid (1) nAthshuigheachan. (2) nAthnuachan {L xiii} na hAithreacha naomhtha baisdeadh (1) anacrach do'n Aithrighe." Ní hE so fós an tiomlán da niarrthar air "an Droing a ta, tar éis gur ghabhadar Críosd iompa, agus go nDeárnadh (2) Nuadh-Dhúil ionn-san díobh," coimhdiombhuidheach sin agus troid an Aghaidh Dé mhóir na nUile Chumhachtadh: "Ní féidir dhóibh (ar an Eagluis) Maitheamhnus d'fághail ann Aoin-pheacadh marbhtha, muna bhfhoillsi- ghid, an tan is féidir leo, gach uile Pheacadh Marbhtha is feasach dhóibh, tar éis a (3) gCo- guais do mhionchuartughadh; fós na Peacaidhe; do rinneadar re Smuaineadh agus Miangus amháin, noch is doimhne, air Uairibh, do loi- teas an tAnam, agus is baoghluighe ioná na Peacaidhe do nithear ós áird;" muna bhfoill- sighid iad (ar an Eagluis) "go soilléir, adh- náireach do'n Dream le a nDúbhairt Críosd: "Gabhaidh-si an Spiorad Naomh: Gidh bé da maithfidh sibh a bPeacaidhe a táid siad maith- feach aca; agus gidh bé da gCeangólthaoi a bPeacaidhe, a táid siad ceangailte." Ní dlighthear dhóibh, fós tar éis an Fhaoisidin oirí- seal, iocshláinteach-so do dheunadh, agus tar éis gach Comhartha Fíor-aithreachuis, is iniarr- ta go céillighe ortha, do thaisbeánadh, "an Absolóid, ann a bhfuil go bunudasach brigh hSacramuinte na hAithrighe," d'fághail no go (1) Dócamhlach, saothrach. (2) Nuaidh-chréatúr. (3) gCoinsiais {L xiv} nGéillid go hOirísiol, agus go nAontuighid d'Oibreachaibh an Leoirghníomha agus na hAith- ríghe, eadhon, Trosghadh, Déirc, Urnaigh, etc. noch do greamuighthear dhíobh, ní hE amháin chum a ndroichchleachtadh do sgrios, agus a gCur air a gCoimheud agus air a nAire níos feárr, o sin suas, an Aghaidh Aththui- time tubaistígh; acht fós chum na Coirthe chuaidh thort, do dhíoghailt. Agus go deimhin, (deir fós an Eagluis) do chítear nach oireamh- nach do Cheirt-bhreithamhus Dé, an Dream, do chiontuigh, tre Ainbhfhios, roimh baisdeadh, do ghlacadh faoi na Sgéith air aon tSlighe ris an Droing úd, do bhí comhdána sin agus Team- poll no ionad Comhnuighe Dé do thruailliu- ghadh, agus iargnó do chur go bhfios dóibh, air an SPIORAD NAOMh, tar éis gur fuas- gladh iad o Dhaor-smacht an Pheacaidh agus an Diabhuil, agus gur ghlacadar Tíodhlaice an SPIORAID NAOIMH". Ag sin Teagusg na hEagluise Catoilice, air na coimhthionól a dTrent; ni do thaob na Muintire a ta oilbhéimeach agus droichbheusach ós áird; óir tar chionn an iomláin de so, orduighe-si iad-so do chur faoi bhreitheamhnus Aithrighe (1) Oireach- tuis, do réir hToile an Easboig: Ná fós do thaobh na bPeacach cruadh-mhuinéalacha chomhnui- gheas ann a Míghníomhaibh agus a bhfaillighe choir- theach a nDualgais, d'aimhdheóin gur ghealla- (1) Puiblidhe {L xv} dar go meinic Aisioc agus Aithrighe do dheu- nadh; óir congmhuighe si iad-so uile o Chomhroinn na Sácramuinteadh, no go gCruthuighid re na nGníomharthaibh, go nDeunaid Aithrighe da ríribh; agus go nAthruighid a mbeusa: Acht fós do thaobh na hUile Dhroinge, do saoiltear do chách a bheith Cneasda, gidheadh do thruailligh go daoith- eamhuil, tar éis theacht chum Tuigse Uilc agus Maitheasa, an Ghloine agus an Sgéimh inmhea- dhónach úd, do fuaradar tré Ghrasa an bhaisdidh: Agus ionnas nach rachadh an chuid-se da (1) Foircheadal air Aon-chor faoi lár; agus nach mbiadh Aoin-neach aineólach na thaobh, do bhrigh gur ab air Eolus so, agus air a chur a nGníomh, mar is dual, a ta Slánughadh fhur- mhóir an Domhain; greamuighe sí, air tús, do na hUile Oidighibh Faoisidine breitheamhnus Aith- ríghe do chur air Lucht na hAithrighe do réir Ghné a bPeacadh, agus a gCumais no a Neirt chum a choimhlíonta; air Eagla, go mbeidís rann-páirteach a bPeacaidhibh Cháich oile, fa na bPeacaidhe do Léigion thortha go réigh, agus fa bheith ro shéimh ris an Aithri- gheach. Is an dara feacht, orduighe-si a míl- tibh d'Aítibh, agus go hAírighe is an Teagusg Críosduighe Fhíor-mhaith, fhoirleitheadach úd, do cuireadh amach re na hUghdarás, na Neithe a ta ann, agus "do bheanas re Sacramuint na hAithríghe, agus re gach Rann di fa leith, do mhúnadh air chor, nach hE amháin go dTuig- feadh na Críosduighthe iad go diongmhálta, (1) Teagasg {L xvi} acht fós chum go nGlacfaidís Rún da ríribh, maille re Grásaibh Dé, a gCur a nGníomh go cráibhtheach, diagha. A nois is deimhin, nach gabháil go réigh thar an bPeacadh, ná Misneach chum a dheunta, an Teagasg-so; is lúgha ioná sin go mór is Cead Peacaidh é; o aimsigheas sé (1) Préamh an Uilc, eadhon, Smuaintighthe toilteanacha agus Miangusa féin an Pheacaidh; agus o is fol- lasach, gur ab é is Réim dhó, "an Croidhe do thimchill-ghearradh is an Spiorad", agus an Duine do ghlanadh taobh a sdigh; Ní, ann a bhfuil go sunradhach Naomhadh an Chríosduighe: O ta go gCuireann d'Ualach air an bPeacach, tar éis a Choguais do mhion-chuartúghadh go dúth- rachtach, agus tar éis Móráin Saothair agus Dobróin, a Chionta go léir d'admháil go fírinneach, da ghráineamhla agus da uaig- nighe iad, don bhreitheamh da dTug Críosd Cúmhachta Peacaighe do mhaitheadh, no gan a maitheadh, an nAinim féin, agus re n'Ughda- rás; a léigion chum na Sácramuinteadh, no gan a Léigion; agus breath-Aithríghe do chuir air, do réir mar is ceart, agus do réir Acfuinne an Chiontaigh: O ta go gCuireann d'fhiachaibh air an Aithrigheach an breitheamhnus Aithrighe, do chuirthear air, chum a Mhíghníomh do dhíoghailt, agus chum a smachtaighthe, no a leighis; agus chum go dTiúbhradh se tortha budh hiomchubhaidh do'n Aithrighe uadh, do ghlacadh air féin go fonnmhar, chum a choimhlíonta go (1) Fréamh {L xvii} Fírinneach, fa phéin a bheith díbeartha o na Sácramuintibh, agus fós o Fhlaithios Dé: O ta, fa dheoigh, go nAithnighear do'n Oide Spioradálta a Dhualgas do chóimhlíonadh go beacht, fa cháin a bheith rann-pháirteach agus ciontach a gCoirthigh Dhuine oile: Neithe go léir, nach nGlacann Aon-sgáile Eagluise oile, da bhfuil is an Eóroip, Saothar air bith na dTimchioll; ní hE sin amháin, acht cáinid uile na Neithe-si, ag rádh, gur Cuing chruaidh, agus luighe a sdeach air Shaoirse an tSoisgéil iad. Air an Adhbhar-so, is ró mhíocharthannach, agus fós is ro éigceart a chur a leith na hEag- luise, go dTugann sí Cead do Chách Dlígh- eadh Dé do bhriseadh, fa Dhroichiomchar bea- gáin do Dhaoinibh áirighe, a ta faoi Mhórán Leathtroim agus Míochomhgair do thaobh Oidis agus Teagaisg thráthamhuil; no do theigeomhadh a bheit domhúinte, droichmhéineach, mar IUDAS a measg an Dá Absdol deug. Is deimhin nach lugha is eugcóraigh é ioná an Aithis úd, do bheiridís Díth-chreidmheacha a nallód do Dhia féin, fa Chionta a Phobuil thoghtha, noch do thug Siocair go meinic do Naimhdibh Dé, a "Ainm naomhtha do mhaslughadh agus do chái- neadh". Gidheadh, ni hi an Mhíochlu-so, a bhearthar do'n Eagluis, is mó do ghoilleas oirthe; acht Cailleamhuin na beatha Síorruidhe d'Anmhórán da Cloinn mhíodhúthchusuigh, agus an Toir- measg do chuirid go laetheamhuil, tré na {L xviii} mbeatha oilbhéimigh, air Leathnúghadh an Chrei- dimh fhírinnigh. Agus ní hE an Truailleadh lomnocht-sa na mbéas an tAon-olc amháin, fhásas go mormhór o Easbhuidh Teaguisg agus Deaghoidis ann Aois na hOíge: Cailltear na Mílte, nach measuid Cách bheith lochtach, fa bheith an Ainbhfios a nDualgais, tré na gCoir féin: is ro mhinic do bhíd Daoine óga, dár mó eugas roimh Aois a bhfithchid bliadhain ioná do'n Chineadh Daonna go hiomlán na dhiadh sin, sáithte go domhuin, o'n gCeud Am ar thosuigh- eadar Drochchlaonta a nGeineamhna air bhor- radh suas, a Morán do Pheacaidhibh foluighthe Námhaduis, (1) Tnúith, Drúise, Díoghaltuis, baois, Leisge, etc. agus comhnuighid ionta d'Easbhuidh Oidis agus Aire thráthamhuil, go bhfuadaigheann bás Anapuidh air siúbhal iad, a nDíoghaltas a Míghníomh: "A táid Ceudfadh agus Smuaineadh Chroidhe an Duine, claon chum oilc o Aois na hOíge"; agus ni gnáthach go dTeipeann air an gClaonadh urchóideach- sa, do bhíos air na bhrosdughadh agus air na ghríosúghadh le Tuile dhásachtaigh an Droch- shompla, an tAos-óg aibhriosg, bháirr-eud- trom do theilgean a nDiaidh a gCinn a mbea- lach a mbasgaidhthe, suil fós do sháruighid fithche bliadhain, an tan nach bhfairthear go dúthrach- tach, agus nach gCoisgthear go moch a Námhuid chnise-si, re Teagasg agus Smachtughadh oir- eamhnach. Nó ma theagmhann do'n Chuid díobh (1) Formaid {L xix} fágthar, beagnach go léir; air Láimh na Ná- mhad milltighe-si do rugadh leo, fithche bliadhain do shárughadh, tosuighid go coitchionn ann sin, air bheith (1) creapalta go léir re Gnothuighibh na beatha boichte-si, agus air bheith dhá líonadh féin re Saobhnósaibh an tSaoghuil-se: Ní cuibhe leo, tré Uabhar, an Teagasg Críosduighe d'fhoghluim, gidh gur ab é is Dualgas do'n uile Neach ta n'Uireasbhuidh, biodh gur Rígh no Ard-Fhlaith é: Ní mó fós a táid a gCruth, Sochar do bhuain as Seanmóir no Comhrádh fada foghlumtha, ma theagmhann dóibh a shamhuil d'éisdeacht, do dhíoghbháil Deaghoidis agus blais d'fághail a riamh air Neithibh diagha, no Spiora- dálta: Calcuid ann sna Droichchleachtadhaibh do thugadar cheana dhóibh féin; agus sluigid go coitchionn gach Ní, do shásuigheas a nAnmhiana anchumhachtacha, no mheuduigheas a Maoin shao- ghalta; air chor, go dTéighid na Drochnósa-so a bPréimh comhdomhain sin is an Anam, gur le sárshaothar, le Comhrac, agus le Míorbhuilibh follasacha Ghrás Dé amháin, is féidir buaidh do bhreith ortha: Neithe d'fhionn go léir an Naomh oirdheirc Aibhistín ionn a Cholainn féin, amhuil mar fhoillsigheas se ós áird do'n Dómhan, a LEABHAR na nAdmhálach; agus ní hEaguil ris a rádh, "go bhfásuid Droichmhianta o An- toil, agus go bhfásann Cleachtadh o na Droichmhianaibh, an tan nach gCuirthear Srian leo, agus Riachtanus o'n gCleachtadh nach gCoisgthear". (1) Tógtha suas. {L xx} So mar níd na trí Naimhde sean-fhalta- nacha-so an Anma, eadhon, an Cholann, an Saoghul, agus an Diabhal, Coimhcheangal, mar déarthá, agus Conradh Ceilge re chéile, chum na nÓg, agus an Cineadh daonna go hiomlán do (1) dhíth-cheannughadh a mborradh agus a bláth na hOíge: So mar tiomáintear ris na trí Naimhdibh díochoisgithe-se an Chuid is mó do'n Aos-óg, na ruathar chum a nAimhleis: So mar thréigid Dia, an tan budh riachtanach dhóibh tosughadh air a riar: So mar a táid an Ainbh- fhios, no a nDearmad dhiombhuidheach na ngealla- mhun, do thugadar ós áird uatha, an tan do ghlacadar baisdeadh; agus na tTíodhlaicea- dhadh doimheasda, do fuaradar o Mhaitheas dhochoimsighthe an Choimhdhe: Noch is Urchóid choitchionn, fa ar chóir do gach Críosduighe maith briseadh amach ansna briathraibh-se hIere- mias, an Fáidh: "Uch nach uiisgeadha mo Cheann, agus nach bhfuil Tobur Deór ionn mo shúilibh, chor go nGuilfinn do Ló agus d'Oídhche fa Dhíthcheannadh Chlainne mo Mhuin- tire": Oír is mar so truaillighthear agus eas- muiltear re hAinbhfhios agus re Peacadh an cuid is neimhchiontuighe da'r nAois, agus an Roinn is áille d'Eagluis Dé, dreas tré Fhaillíghe, no Ainbhfhios agus Neamhchrábhadh an Athar agus na Máthar, noch do bheir go coitchionn d'á nAire amháin, a gClann do tha- bhairt suas a mbaos, a mbárr-ghlór, agus a nGrádh Neitheadh talmhuighe: Dreas tre Easbhuidh {L xxi} Deaghoidigheadh Foghluma, no Deaghdhaoineadh oile da'r ghnothuighe, a nAimsir agus a Saothar do chaitheadh go teas-ghrádhach re hEólus na beatha síorruidhe do thabhairt do'n Aos-óg: Dreas tré chionta na Leanabh féin; óir ní mór a mbeann air Oideas, agus fós is minic do thei- thid uadh, an mhéid is féidir leo, chum iad féin do mhilleadh go bráthach: Dreas fós tré Uir- easbhaidh Leabhrán nDiagha, as ar bhféidir a dTeagasg agus a gCeapadh chum Caon-dhú- thrachta, chomhluath agus bhíd ionmhúinte, agus a gCruth blais d'fághail air Neithibh Neamdha: Oír, mar deir an SPIORAD NAOMh, "An leanabh tabharthar suas ann sa mbealach ann ar cóir dhó siúbhal, an tan féin bhias ársuidh, ní imeochaidh sé as". Déir mar an gCeudna an ionad oile: "A Mhic, Glac Teagasg o d'Oíge, agus do gheabhair Eagna go Dei- readh do shaoghuil". Ise (1) Mór-ghantanus na dTeagasg Críos- duighe leitheadacha do (2) sgapadar amach bráithre Saothracha, foghlumtha Oird SAN-FROINSIAIS a LOBhAN, tuilleadh air cheud bliadhain o shoin; agus Géir-bhreathnughadh na Mór-olc fhásas o Ainbhfhios, dreas tré Easbhaidh Leabrán Oidis; maraon re Mian mór cuidiúghadh éigin do tha- bhairt re hAos-óg leathtromach na hEÍRIONN do theagasg, do (3) thuismigh an Teagasg Críos- dúghe-si, nar nDiaidh; ann a mínighthear na (1) Teirce. (2) Sgaipeadar. (3) Ghein {L xxii} hAitheanta, na Sácramuinte, an Urnaigh; etc. níos foirleithne ioná ann Aoin-Teagasg Críosduighe gaoidheilge, ná bféidir béarla, dar cuireadh a gClódh go nuige so: Agus tré ar féidir do Dhoinibh óga, agus árshuighe féin, fhoghluim a mbeatha, maille re Grásaibh Dé, do chaitheadh go Críosdamhuil, agus a "bheith ullamh do ghnáth re Sásamh éigin do tha- bhairt do gach aon, do shireas ortha Adhbhar na Muinighine a ta aca". Do rinneadh Dithchioll air Fhoclaibh coimhidh- theacha do sheachnadh, leath-amuigh amháin do'n chuid díobh do thug an Creideamh a sdeach, agus do dísligheadh dhó. Is i an Ghaoidheilg is sothuig- sighthe, agus is coitchinne do cuireadh síos ann, ag breith do Roghuin, air lorg Aibhistín naomh- tha, Diomoladh na nEolghach d'fulang, tar a bheith dorcha air Chách. Tugadh fós Aire le Corr-fhocail, nach bhfuil coitchionn a mbeagán do mhion rannaibh do'n Ríoghacht, do mhíniúghadh; Ag so a gComhartha, (1)etc. noch do gheibhthear roimh na Focail, do mhínigheas iad, a nDeireadh na nDuilleog. Do thaobh na Coda dhe, a ta mbéarla, is air Athsmuaineadh do tarruing- eadh í go ro bheacht as an ngaoidheilg, mar gheall air an Dream do labhras béarla amháin. Do measadh nach ar bheag na hAíte don Sgrí- bhinn Dhiágha, etc. as ar tiomsuigeadh an Tea- gasg-so, do chur síos ann Aoin-teangaidh, da bhrígh go gCoimhfhreagraid Fiosruighthe agus Freagartha an dá theangtha go comhthrom re {L xxiii} chéile: is léor mar Leith-sgéal air son locht na dTeangthadh agus an Chlódha, imtheacht an Tiomsuightheóra as a hTír Dhúthchais, tuil- leadh re bliadhain air thríochad o shoin, agus Dubh-ainbhfhios an Chlódhadóra, ná'r thuig aon fhocal amháin do cheachtar do'n dá theangaidh. O is ionann Réim no Eagar do'n Teagasg- so agus do hTeagasg Críosduighe Chomhairle hTRENT; agus ó's as an Sgríbhinn Dhiagha, as leabhraibh na nAithreach naomhtha, agus as Sanasánaibh na hEagluise do Cruinnigheadh a bhunúdhas, ní cóir a mheas, gur re Duine ainneiseach, acht re Dia Féin, agus re na hSearbhfhóghantuighibh toghtha do hOibrigheadh e. Iarthar go dúthrachtach mar Athchuinge air gach aon d'á rachaidh se a dTairbhe, guidhe le Duine uasal Sáirmheasamhuil, eadhon PhILIP JOSEPh PERROT, Tighearna Mhainéir bAR- MON, agus Dúithchidheadh oile, Ridire dOrd Ríogha Naoimh Michíl, etc. le ar ab ionmhuin Clanna Gaoidheal re seal fada, agus o bhfua- radar go minic Mórán díobh Comharthaidhe Ceana: Agus gan a Chongnamh ni thiucfadh an Mion-shaothar-so choídhche chum an tSoluis. A ta Muinighin ag an bhfear Díoluma, go dTais- beánfuidhthear an Muintirdheas céadna dhó féin. Da thaobh-san de, ni dheuna Faillidhe, a Chroidhe d'ardughadh go laetheamhuil chum na bhflaithios, ag sirim go hOiríseal air Dhia, Athair na hUile thócaire, gan a Ainneis fein do chur Toir- misg air thíodhlaicidhibh Righ na Féile; no do chosg {L xxiv} air an bhfoircheadal neamhdha-so, na Tortha, is dual dó, do thabhairt uadh ann Anmannaibh Cháich; go madh toil le ar gCuthuightheóir agus le ar bFuasguilteóir trócuireach, briathra an leabhair-se, eadhon, a theagasg diagha féin, do bheodhughadh re na Spiorad Naomh, agus do thabhairt air an Droing dá'r dealbhadh é, ad- mháil air na léigheadh, no air na chlos dóibh, go bhfuil sé d'Ualach dosgaoilte ortha, eision do riar; agus a bheith dearbhtha gur ab é Gnotuighe a nAnma a nAon-ghnothuighe, agus an tAon- ádhbhar fá'r cruthuigheadh iad: Go mádh áill ris an Spiorad Naomh labhairt re na gCroidhthibh, is an Am gCeudna a léighfid, no a gCloinfid na briathra-so, agus a nGluasacht re na Ghrásaibh chum an Eóluis neamhdha, do ghea- bhaid ann, do chur a nGníomh: Go nDeonuighe ar Slánuightheoir IOSA CRíOSD an Teas-ghrádh mór, do thaisbéin se féin go minic do thaobh Sláinte shíorruidhe na nDaoineadh óga, d'aith- bheodhughadh a gCroidhthibh na nUile, dá'r Dual- gas a dTeagasg agus a smachtughadh: Agus gan léigean na hAnmanna, d'fuasgail se re na fhuil mhór-luaigh féin, do chailleadh, ná a fhu- lang dóibh "siúbhal, mar shiúbhlaid na Págánuigh a mbaos a nAignidh, agá bhfuil a dTuigse air na dalladh re Dorchadus, air na mbeith sgartha o bheatha Dé, do bhrigh an Ainbhfis a ta ionnta, tré Dhall-Radharc a gCroidhe. {L lv} Tugadh an Léightheoir fa deara, gur bhudh éigean an Síneadh fada do chur go meinic ós cionn an ghotha bhig, do leanas an guth mór dá'r dual é, do bhrígh nach ar cumadh ceann- ghuth air bioth maille re Síneadh fada, an Am chumtha na Litreachadh: gidheadh ni cúis seach- ráin na Eágnaigh é.
AN TEAGASG CRíOSDUIDHE DO RÉIR CEASDA AGUS FREAGARTHA. Do mhór-thádhbhacht an Teagaisg Chríosduidhe, agus Do'n Mhodh air a nEísdfidhear go tairbheach ris. Ceisd. Creud é an ní an Teagasg Críos- duidhe? Freagra. A tá Míniughadh soilléir, sothuig- siona air (1) Altaibh an Chreidimh Chríosdamhuil, noch a tá riachtanach chum Sláinte an Anma; agus air Neithibh oile do bheanas ré Gnothuighibh Dé. (1) Airtiogalaibh.
C. An éigean Meas mór a bheith air an dTeagasg Críosduidhe, agus éisdeacht leis go dúthachtach? F. Is éigean go deimhin; do bhrígh go bhfuil ro mhaith ann féin, agus fós tairbheach agus riactanach dhúinne. C. Cionnas is maith é ann féin? F. An mhéid gur ab ionann é agus an Tea- gasg, do mhúin Críosd agus na hAbstoil dhúinn. C. Cionnas is tairbheach agus is riachtanach dhúinn Aire thabhairt do'n Teagasg Críosduidhe? F. Do bhrígh go bhFodhlumann Neach gach Ní a tá riachtanach chum a shlánuighthe, an tan do bheir Aire dhó; agus gan sin, go mbiaid na nAinbhfhios, agus damanta go síorruidhe. C. Cred is éigion do dheunamh, chum Tairbhe do bhuain as an dTeagasg Críosduidhe? F. Ní foláir Néithe aírighthe do dheunamh roi- mhe, ré na linn, agus na dhiaidh. C. Creud is coír do dheunamh roimhe? F. Air (1) dTús, is cóir theachd dhá fhodh- luim maille lé Rún gnódhughadh air; an dara Ní, Dia d'adhradh agus do ghuidhe, an tan thiugfas chum na hAíte, ionn a mbiaidh an Teasasg Críosduidhe dhá mhúnadh. 3. E feín d'iomchur go ciuin, (2) cuibhiosach. C. Creud eile is cóir fós do dheunamh? F. Is cóir Urnaidh do dheunamh an aoin-fheacht (1) dTuis. (2) Discréideach
ris an tSagart, no ré Fear mhúinte an Teag- aisg Chriosduidhe. C. Creud í an Urnaidh do ní tú? F. Deirim; "O a hTighearna, tré do Mhór- thrócaire, múin damh gach Ní a ta riachtanach chum Eoluis d'fhághail ort, chum do ghrádhuighthe, agus chum do Naomh-thola do dheunamh." C. Creud is coír do dheunamh an Aimsir an Teagaisg do mhúnadh? F. Is cóir eísdeacht ris go hAireach, ma- canta, modhamhuil, amhuil is dá mbeith ar dTi- ghearna Iosa Críosd ag caint. C. Creud is cóir do dheunamh tar éis an Teagaisg Chríosduidhé. F. Is cóir buidheachas do bhreith ré Dia agus Grása iarruidh air chum coimhnighthe air a gCualaidh, agus chum (1) Déighfhéidhme do dheu- namh dhe. C. Ga mhéid Cuid a rointear an Teagasg Críosduidhe? F. A gCeithre Codcha. Labharthar is an gCeud Chuid air (2) Altaibh an Chreidimh; is an dara Cuid air Aithéantaibh Dé agus na hEagluise; is an dTreas Rann air na Sácramuintibh; is an gCeathramhadh Cuid air an Dóthchas agus air an Urnaigh. (1) DeághUsaíde. (2) Airtiogalaibh
AN 1. RAN d'ALTAIBH AN CHREIDIMH. AN 1. LÉIGHIONN. Do Chruthughadh agus do Chrích an Duine. C. Cia chruthaigh agus do chuir air an (1) tSaoghal hTú? F. Dia uilea-Chumhachtach. C. Creud é an Mhaith do rinne Dia dhuit, an tan do chuir sé air an tSaoghal hTú? F. Do thug sé dhamh mar aon leis an gCorp, Anam (2) Tuigsionach, Spioradálta, domhar- bhtha, lé ar ab fhéidir é Féin do shealbhughadh go síorruidhe. C. Creud F'ar chuir Dia air an tSaoghal thú? F. Do chum Eoluis do chur air, chum a ghrá- dhuíghthe, chum a hTola do dheunamh, agus chum na beatha siórruidhe do shaothrughadh leis an Meodhain-si. C. Creud is éigion do Dhuine a dheunamh chuige sin? F. Is éigion ceithre Neithe do dhéunamh. C. Creud é an ceud Ní? F. Gach Ní dhár fhoillsigh Dia, agus gach a múineann an Eagluis dhúinn, do chreideamh go diongmhála. C. Creud é an dara Ní? (1) Saoghal. (2) Céillidhe
F. Aitheanta Dé agus na hEagluise do choimhlíonadh. C. Céud é an treas Ní? F. Na Sacramuinte do ghlacadh maille ris an Ollmhúghadh is riachtanach. C. Ca bhfuil an cheathramhadh Ní? F. A tá Dóthchas a chur a nDia agus a dhul fá na Chumairce go minic treas an Urnaigh. Toradh an Léighinne-se. Ní foláir dhúinn (1) smuaineadh go minic creud f'ár chuir Dia air an tSaoghal sinn; agus (2) féidhm do dheunamh d'ár gCorp, d'ár nAnam agus do gach Tíodhlaice eile dá bhFua- ramar, do reír Intinne agus thola ar gCruthuightheora. AN 2. LÉIGHIONN. Do'n Chreideamh. C. Creud é an Ní an Creideamh? F. A Tá Subháilce dhiadha agus Solas neamhdha tré a gCreidmid gach uile Ní d'fhoill- sigh Dia don Eagluis. (1) smaoineadh. (2) úsáid
C. Creud Fá nGoirthear Subháilce dhiagha agus Solus neámhdha do'n Chreideamh? F. Do bhrígh gur ab é Dia, tre na mhór- thrócaire, do dhóirteas ann ar gCroidhthibh an mhór-thíodhlaice-si, ré bhfoillsigheann é Féin dhúinn. C. An riachtanach do Neach Creideamh do bheith aige? F. Is riachtanach; do bhrígh nach féidir Aoin- Neach do shlánughadh gan Creideamh. C. Deuna Gníomh Creidimh? F. "O a thighearna, creidim go diongmhálta gach Ní d'foillsighis, agus gach a múineánn tú treas an Náomh Eagluis chatoilice; do bhrígh go bhfuil tú ro fhírnneach ionn do bhria- thraibh." C. An bhfuil sé d'fhiachaibh oruinn Gníomh Crei- dimh do dheunamh ó Am go hAm? F. A tá d'fhiachaibh air gach Neach dár ghlac baisdeadh, an tan do thig (1) Ciall agus Coimhne chuige, gach Ní, d'fhoillsigh Dia do'n Eagluis, do chreideadh ó na chroidhe go daing- ion; agus a Chreideamh do chur a nGníomh go laetheamhuil, ag caitheamh a bheatha do reír dhlíghidh Dé. C. Creud eile a tá d'fhiachaibh oruinn do dheú- nadh? F. A tá d'fhiachaibh oruinn go cinnte (2) bun- Ailt an chreidimh d'fhodhlaim agus do chreideadh (1) reaSún nádúrta. (2) príomhAirtiogail
go daingion; go hAíridhe an tan is Mian linn ná Sacramuinte do ghlacadh. C. Ca bhfuilid na bun-Ailt sin, a tá d'fhiachaibh oruinn d'fhodhluim agus do chreideadh? F. A gCré na nAbsdol. C. An bhfuil d'fhiachaibh oruinn Fios Chré na nApsdol do bheith aguinn? F. A tá d'fhiachaibh oruinn ní hEadh amháin a Fios do bheith aguinn, acht Fós fios chéille na nAirtiogul, a tá innte. C. Abair an Chré? F. Creidim a nDia Athair uilea-chumhachtach, Cruthuightheoir Neimhe agus Talmhan: agus an Iosa Críosd a Aon-Mac sin ar dTighearna, do gabhadh o'n Spiorad Naomh, do geiniodh o Mhuire Oígh, d'fulaing Páis Faoi Phoint Phío- láid, do crochadh, do Fuair bás, do hAdhlacadh; do chuaidh Siós go hIfrionn; d'éirghidh an treas Lá ó mharbhuibh; do chuaidh suas air Neamh; a tá na shuidhe air Deis Dé Athair uilea- chumhachtaigh; as sin tiocfas do bhreith breithe air bheodhaibh agus air Mharbhaibh. Creidim san Spiorad Naomh; an Naomh Eagluis Cha- toilice; Cumonn na Naomh; Maitheamh na bPeacadh, Eiséirghe na gCorp, agus an bhea- tha (1) hSuthain. Amen. Creud fá bhfuil d'fiachaibh oruinn na Neithe-si uile do chreideadh? F. Do bhrígh gur fhoillsigh Dia iad, agus nach (1) shiórruidhe
féidir dhó a bheith meallta, na Aoin-Neach do mhealladh. C. Cionnas a tá a fhios aguinne go cinnte, gur fhoillsigh Dia iad? F. A tá a fhios aguinn o'n Naomh Eagluis Chatoilice, dár aithin Dia dhínn bheith umhal, agus dár gheall sé a bheith na fochair go Dei- readh an Domhuin; agus gach uile fhírinne do mhúnadh dhi. Toradh an Léighinn-se. Air dTús, buidheachas do thabhairt do Dhia fa shubháilce an Chreidimh do fuaramar san mbaisdeadh; Gníomh Creidimh do dheunamh go mi- nic; Rún do ghlacadh gach uile Lá, ar mbeatha do chaitheamh, agus bás d'fhághail san gCreideamh Chatoilice Rómhánach; gan ar gCreideamh do sheunadh go bhráth ré bréithir na ré Gníomh. 2. A bheith dithchiollach fa'n d'Teagasg Críos- duidhe d'fhoghluim, agus do mhúnadh do'n mhuintir a tá f'ar Smacht. 3. Grádh agus Meas mór de bheith aguinn air Eagluis Dé, agus fós guidhe agus cong- nadh ré Lucht theagaisgthe an tSoisgéil.
AN 3. LÉIGHIONN. Do Dhia. C. Creud é an ceud Ní is éigion do gach uile Chríosduidhe do chreideadh? F. Go bhfuil Aoin-Dia amháin ann. C. Cia hE Dia? F. Cruthaightheoir Neimhe agus Talmhan, agus Aírd-rígh gach uile Neithe. C. An féidir leat a mhíniughadh, air mhodh eile, creud é an Ní Dia? F. Is féidir liom; is eadh is Dia ann, Spio- rad siórruidhe, ró mhaith, ró iomlán, uilea- chumhachtach; a tá ann gach uile Aít, do chí gach uile Ní, agus do stiúras iad uile. C. Creud fá nDeir tú gur Spiorad Dia? F. Do bhrígh nach bhfuil Corp na Aoin-ní cor- pordha aige. C. Creud fá nDeir tú, go bhfuil sé ró mhaith agus ro (1) iomlán? F. Do bhrígh go bhfuil Maith ós cionn gach Maitheasa aige; agus nach féidir Aoin-ní do bheith chomaith, no choimhiomlán ris. C. Creud fá nDeir tú, go bhfuil sé uilea- chumhachtach? (1) fhoirbhthe
F. Do bhrígh gur ab féidir leis gach Ní is Mian leis do dheunadh. C. Creud fá nDeirir, go bhfuil sé síor- ruidhe? F. Do bhrígh go bhfuil gan Tús gan Deir- eadh. C. An bhfuil Dia ann gach uile Aít? F. A ta; óir a tá sé air Neamh agus air Talamh agus ann gach ball do'n Domhan. C. An bhfaiceann Dia gach uile Ní? F. Ní féidir aion-ní do bheith a bhfolach air, go fíu an Smuainidh is (1) uaignidhe a gCroi- dhe an Duine. C. Creud fá nAbrann tú go stíurann sé gach uile Ní? F. Do bhrígh go bhfuil Cúram agus Aire aige air gach Ní, agus go dTugann Luach a Saothair do na deághdhaoinibh, agus Piana do na drochdhaoinibh; agus fós do bhrígh nach dTui- teann Aoin-ní amach ach ré n'Ordughadh, nó ré na chead. C. Creud iad na Fiacha dlighthear dhínn do dhíol ré Dia? F. A tá d'fiachaibh oruinn a Mhórdhacht ghlór- mhar d'adhradh, agus a ghrádhughadh ós cionn gach uile Neithe. C. Creud iad fós Fiacha an gCruthaightheo- ra oruinn? (1) folúghthe
F. A tá d'fiachaibh oruinn bheith umhal dó ann gach uile Ní; Eagla mhór bheith oruinn fhearg- san do thuilleadh; agus gach Anró agus buai- readh, do chuirfeadh oruinn, d'fulang go foidh- ideach. C. Creud eile a tá d'fiachaibh oruinn do dheunadh? F. Gan labhairt choídhche air Dhia acht maille ré Meas agus Modh ró mhór; cuimhniughadh go minic go bhfaiceann sé sinn ann gach Aít, agus gach Am; agus dá bhrígh sin, gan Aoin-ní do dheunamh an Aghaidh a thola. AN 4. LÉIGHIONN. D'Aondhacht Dé agus do'n Tríonnoíd ro naomhtha. C. Ca mhéid Dia ann? F. Aoin-Dia amháin. C. Ca mhéid Pearsa a nDia? F. A táid trí Pearsona, iodhón, an tA- thair, agus an Mac, agus an Spiorad Naomh. C. An Dia an tAthair? F. Is eadh go deimhin. C. An Dia an Mac? F. Is eadh go dermhin.
C. An Dia an Spiorad Naomh? F. Is eadh go deimhin. C. An trí (1) Dée iad? F. Ní hEadh, acht aoin-Dia amháin a dTrí bPearsonaibh; do bhrígh nach bhfuil aca acht Aon nádúir amháin agus (2) Aon-tádhbhacht, nó Aon-bhunadhas diagha. C. Creud is Ainm do na trí Pearsonaibh- si an aoin fheacht? F. An Tríonnóid ró Naomhtha, nó Aoin- Dia amháin a dTrí bPearsonaibh eidir-dhealbh- tha. C. An bhfuil an tAthair níos feárr, níos críonna, nó níos cumhachtaigh iona an Mac agus iona an Spiorad Naomh? F. Ní bhfuil; do bhrígh go bhfuilid na trí Pearsona diagha-sa coimhionann ann gach uile Ní; óir is Aoin-Dia amháin iad. C. An sine an tAthair iona an Mac agus iona an Spiorad naomh? F. Ní sine; do bhrígh go bhfuilid na dTriuir ó'n tSíorruidheacht. C. Creud is éigion do dheunamh chum na Tríonnóide ro naomhtha d'onórughadh? F. Is éigion dhúinn creideadh go daingion ionsa bhfírinne ró dhorcha-sa; buidheachas a bhreith ré Dia f'án nEolus-so do thabhairt dhúinn; agus Dia glórmhar d'adhradh a dTrí bPearsonaibh, go hAíridhe air Maidin agus (1) Déithe. (2) aon tSubstaint
Tráthnóna, agus a dTús gach Urnaighthe. C. Creud eile is indeunta? F. Is cóir dhúinn Dúthracht do dheunamh chum na Móir-fhírinne-si do mhúnadh, nó thabhairt fa deara a múnadh do'n Druing a tá na hAinbhfhios. AN 5. LÉIGHIONN. D'Ioncholnughadh Mhic Dé, an Dara Pearsa do'n Tríonnóid Naomhtha. C. Creud é thuigeas tú re ioncholnughadh? F. Coimhcheangal na Nádúire diagha agus na Nádúire daonna ré chéile an Aoin phear- sainn dhiadha. C. Cia do Phearsonaibh na Tríonnóide ro Naomhtha do ghlac Colann daonna? F. Mac Dé, an dara Pearsa do'n Tríon- nóid ró Naomhtha. C. Creud chialluigheas sin, Colann daonna do ghlacadh? F. Cialluighe sé Corp agus Anam, mar a tá aguinne, do ghlachad. C. Ca hAít ann ar ghlac sé an Corp agus an tAnam-so. F. A mbroinn na Maighdine glórmhaire Muire, a Mháthair. C. Cionnas do thárlaidh so?
F. Le hOibriúghadh an Spioraid Naoimh do cumadh Corp IOSA CRÍOSD d'fhíor-fhuil na Naomh-Oíghe. C. Cia hE CRÍOSD? F. An dara Pearsa do'n Tríonnóid ro Naomhtha, do ghlac Colann Daonna. C. Creud é chialluigheas an Focal IOSA? F. Slánúghtheoir. C. Nach dlighthear Onóir áiridhe do'n Ainm- si? F. Dlighthear, óir órduighthear gach Glún do chlaonadh d'Ainm IOSA. C. Creud chialluigheas an Focal CRÍOSD? F. Ungtha nó Olaighthe. C. Creud ré ar hUngadh é, nó ré ar cui- readh Ola air? F. Ré gach uile ghrás neamhdha, agus ré hiomláine na Diaghachta féin. C. An Dia IOSA CRÍOSD? F. Is eadh go cinnte. C. An bhfuil fós na Dhuine? F. A tá sé na Dhia agus na Dhuine an Aoin-fheacht. C. Ga mhéid Nádúir ionn IOSA CRÍOSD? F. A táid dhá Nádúir, iodhon, Nádúir dhia- gha agus Nádúir dhaonna, óir a ta sé na Dhia agus na Dhuine. C. Ga mhéid Pearsa ionn IOSA CRÍOSD? F. Ní bhfuil acht Aoin-phearsa, eadhon, Pear- sa Mhic Dé amháin.
C. C'áit a bhfuil ar dTighearna IOSA CRÍOSD? F. An mhéidh gur Dia é, a tá sé ann gach uile Aít; acht an mheíd gur Duine é, a tá sé air Neamh amháin, agus a Naomh-shacramuint na hAltóra. C. Creud iad na Fiacha is ceart dhuinn e do dhíol lé ar dTighearna IOSA CRÍOSD? F. A tá d'fiachaibh oruinn a adhradh agus a mholadh mur ar nDia, agus buidheachas bhreith ris fá cholann daonna do ghlacadh mar gheall oruinn-e. C. Creud eile a tá d'fiachaib oruinn do dheunamh? F. Is ceart dhúinn sinn féin d'umhlughadh air a shon-san, noch a d'ísligh a Mhórdhacht dho choimsighthe mar gheall oruinn-e, an tan do choimhcheangail ar Nádúir bhocht ré na Phear- soin dhiadha féin.
AN 6. LÉIGHIONN. D'Fuasgladh an duinne. C. Creud fár ghlac Mac Dé Colann daon- na? F. Do chum sinn-e d'fhuasgladh agus do shlá- nughadh. C. Creud é sin lé rádh, sinn-e d'fuas- ghladh? F. Cialluighé sé, ar saoradh ó pheacadh agus ó dhamnughadh síorruidhe. C. Creud fár damnuígheadh an Cineadh daon- na mur sin? F. Fá Easúmhlacht ar gCeud Athar Adhaimh, agus fós fá na Peacaidhibh do (1) thoilighea- mar féin do dheunamh. C. Creud do rinne ar dTighearna Iosa Críosd, chum sinn-e d'fhuasgladh. F. 1. Do rugadh é a Stábla a measg Ain- mhinteadh (2) éigcéillighe. 2. Do chaith trí bliad- na deug agus fithche ann gach uile ghné Uirís- leachta agus (3) bochtachta. 3. Do fuair bás fá dheoidh a gCrann na Croiche air ar Soinn-e. C. Creud é an lá do rugadh é? (1) d'Aontuígheamar. (2) bruideamhla. (3) bochtuineachta
F. Lá Nodhlac timchioll an mheodhain-oídhche. C. Creud é an Ní do rinne ar Slánuigh- theoir IOSA CRÍOSD go hAois a dheich mbliaghan fithchead? F. Do chaith sé a bheatha go hUaigneach, agus beagnach gan fhios do'n tSaoghal, a gComh- luadar a Mhátar beannaighthe. C. Ceud do rinne sé ó Aois a dheich mbliaghan fithchead go hAimsir a bháis? F. Do mhúin sé do na daoinibh Slíghe a Slá- nuighthe maille ré na theagasg agus lé na dheághshompla; agus fós do rinnidh an iomad Móir-mhíorbhuileadh chum a theagaisg do chruth- ughadh agus do choimhneartughadh. C. Creud é an lá do fuair sé bás? F. Aoine an Cheusda. C. Cia air a shon a bhfuair sé bás? F. Air son an chinidh daonna go hiomlán, agus air son gach Críosduidhe fá leith. C. Creud fá bhfuair sé bás? F. Cum Leoir-ghníomha do dheunadh air son ar bPeacaidh-ne, chum Aoibhnis agus Sonuis Síorruidhe do thuilleadh dhúinn, agus fós na Grása is riachtanach dhúinn chuige so. C. Creud iad na Fiacha a tá ag ar dTigh- earna IOSA CRÍOSD oruinn fa bheith na hSlánuightheoir aguinn? F. A tá d'fhiachaibh oruinn a ghrádhugh- adh, agus buídheachas do bhreith leis f'an
Mhórmhaith-si; ar nDóthchas go léir do chur ann, agus a Lorg do leanamhuin. AN 7. LÉIGHIONN. Do RúinDiamharaibh ar dGighearna IOSA CRÍOSD. C. Ca hAít ar cuireadh Corp IOSA CRÍOSD tar éis a bháis? F. Ionnsa an Uaigh. C. Creud do chialluighid na Focail-si do'n Chré: "Do chuaidh síos go hIfrionn?" F. Cialluighid go nDeachaigh Anam ar Slá- nuightheora go hIfrionn na nAithreach naomhtha, chum Anmanna na bhfíreun d'fuasgladh as a nGéibhionn ann a rabhadar. C. Nach ar éirghe sé tár éis a bháis? F. D'éirghe sé go glórmhar, neamh-mharbhtha. C. Cá Tráth d'eiséirghe sé? F. Air an treas lá tar éis a bháis, ea- dhón, Domhnach Cásga. C. An nDeachaidh sé suas air Neamh? F. Do chuaidh, lé na Chumhacht féin amháin. C. Cá Tráth do chuaidh suas air Neamh? F. A gCionn dá fhithchid Lá iar nEírge ó mharbhaibh dhó, eadhón Diardaoin Deas-ghabhála.
C. An dTiocfaidh CRÍOSD ar Slánuigh- theoir air dheireadh an Domhain? F. Tiocfaidh sé go soilléir do bhreith breath- amhnuis air gach uile Dhuine do réir a ghnío- mharthadh. C. An léigfidhear go Deireadh an tSaogh- uil breathamhnus an Cinidh dhaonna? F. Léigfidhear an breathamhnus (1) coitch- eann go nuige sin. C. An bhfuil breathamhnus air bith eile ann leath a muigh do'n bhreathamhnus choitcheann- soin? F. A tá breathamhnus (2) áiridhe ann, noch do bheurthar air gach Aon air Uair a bháis. (1) genearálta. (2) pairtioculárdha AN 8 LÉIGHIONN. Do'n Spiorad Naomh, do'n Eagluis, agus do'n tSaidhbhrios neámhdha do (1) ghlacthar innte. C. Cia hE an Spiorad Naomh? F. An treas Pearsa do'n Tríon- nóid ro Naomhtha. C. Cá Trách do thuirling an Spiorad (1) gheibhthear
Naomh chum na hEagluise? F. A gCionn dheich lá tar éis Deas-ghabhá- la, eadhon Domhnach Cingcighise. C. An dTugthar an Spiorad Naomh dhúinn a nois? F. Do bheirthear é do ghnáth air Mhodh dhofhaic- sionna do'n Mhuintir bhíos ollmhuighe mar is cóir chum a ghlactha. C. An bhfuil sé d'fhiachaibh oruinn ar nDóth- chas do chur ann, agus a ghuidhe mar do ghuidh- mid an tAthair agus an Mac? F. A tá go dearbhtha; óir is Aoin-Dia amháin na trí Pearsona diagha-sa. C. Creud é an mhaith do nídh an Spiorad Naomh dhúinn? F. Naomhaidh agus neartuighe sé sinn; agus Soillsighe agus treoruighe sé an Eagluis air chor, nach rachaidh sí air Seachrán go bráth. C. Creud é an Ní an Eagluis? F. A tá Comhchruinniughadh na gCreidmhigh- each go léir faoi IOSA CRÓISD, a gceann dofhaicsiona; agus faoi na bhiocáire air Ta- lamh, eadhon, an Pápa. C. Cia hE an Pápa? F. Ceann sofhaicsionna na hEagluise, Comh- arba naoimh Peadair, agus (1) biocáire Chríosd air Talamh. C. Cia hí an Eagluis fhírinneach? (1) fear ionaid.
F. A tá an naomh Eagluis Chatoilice Ró- mhánach, d'ar Ceann sofhaicsiona an Pápa. C. An riachtanach do Neach bheith san Eag- luis? F. Is riachtanach, do bhrígh nach bhfuil (1) Slán- ughadh ré fághail a múgh as an Eagluis; óir ní bhfuil acht Aoin-Dia amháin, Aoin-chreideamh amháin, agus Aon-Bhaisdeadh amháin ann. C. Creud é cialluigheas Cumann na Naomh? F. Cialluighe sé, go bhfuilid fíor-chlann CRÍOSD uile rann-pháirteach ann ionmhus spioradálta na hEagluise. C. Creud é an Saidhbhrios spioradhálta-so ann a bhFuilid boill na hEagluise rann-pháir- teach? F. Na Sacramuinteadha, Naoimh-iodhbuirt an Aifrinn, Urnaigh na hEagluise, agus deágh-Oibre na bhFíreun. C. Nach bhfuil Coimhcheanghal éigin eidir na Críosduidhthibh air Talamh agus na Naomhaibh air Neamh? F. A tá; do bhrígh go nDéanamaoid-ne Urnaighthe chuca-san, agus go bhfághaid-sion Congnamh ó Dhia dhúinn-e, tré IOSA CRÍOSD. C. An dTéid an Saidhbhrios spioradálta-so na hEagluise a Sochar do na hAnmannaibh, a tá a bPurgadóir? (1) Sábháil.
F. Do théid; óir do gheibhid Sólás agus For- tacht tré Naoimh-iodhbairt an Aifrinn, tré Urnaigh, agus dheághoibre na gCríosduigh- theadh. C. Creud é a tá d'fhiachaibh air fhíor-chlainn na hEagluise do dheunamh? F. Is cóir dhóibh buidheachas ró mhór do tha- bhairt do Dhia, fa Chloinn do dheunamh dhíobh do Mháthair chomór agus chomaith ris an Eag- luis; air nach féidir lé na Naimhdibh uile buaidh do bhreith. C. Creud thuigeas tú lé Maitheadh na bPea- cadh? F. Tuigim, go dTug IOSA CRÍOSD Cumhachta dh'á Eagluis na Peacaidhe do mhai- theadh, agus Slíghe (1) bhríoghmhar tré naomhthar na Daoine. (1) éifeachtach.
AN 9 LÉIGHIONN. D'Eiséirghe na gCorp agus don bheatha shíorruidhe. C. Creud chialluigheas Eiséirghe na gCorp? F. A tá, go nEireochaid na Daoine go hUile maille ris na Corpuibh ceádhna, do bhí aca air an tSaoghal-so. C. An eiséireochaid an Drung dhamanta mar aon ris na Fíreunaibh? F. Eiséireochaid; acht biaid Coirp ghlór- mhara ag na Fíreunaibh, agus Coirp ghráin- eamhla, uathbhásacha, ag an Druing dhaman- ta. C. Creud é an Luach-Saothair do bheuras Dia do na deághdhaoinibh tar éis a mbáis? F. Glóir Neimhe, agus an bheata Mharthun- nach. C. Creud is beatha mharthunnach ann? F. A tá bheith ag feuchain air Dhia Aghaidh air Aghaidh; bheith fós ghá ghrádhughadh, agus ghá mholadh tré shaoghal na Saoghal an Aoibhnios agus a Sonas síorruidhe. C. Ca rachaid an Drung lochtach do gheibh bás a bPeacadh mharbhtha? F. Cuirfidhear go hIfrionn iad, eadhón, Aít ann nach bhfuíghid Radharc Dé go bráth;
agus biaid ghá losgadh feadh na Síorruidh- eachta mar aon ris na Deamhnaibh. C. Cá hAít a dTéid na Daoine, do gheibh bás a bPeacadh sologhtha amháin, nó an mhuin- tir nach déarnaidh Leoir-ghniómh iomlán air son a (1) bPeacadh. F. Go Purgadóir, chum Ceirt Dé do shás- ughadh tréas na Pianta íocfaid ann. C. Creud é an Tairbhe is cóir dhúinn-e do bhuain as an Léighionn-so? F. Is cóir dhúinn Smuaineadh go minic air Luach-Saothair dolabhartha na bhFíreuin, agus air phiantaibh siórruidhe na bPeacach; ionnas go nGlacfadhmaois Meisneach chum na Subháil- ce do leanamhuin, agus chum an Pheacaidh do sheachnadh. (1) bPeacaidheadh.
AN 2 RANN. D'AITHEANTAIBH DE AGUS NA hEAGLUISE. AN 1 LÉIGHIONN. D'Aitheantaibh Dé a gCoitchinne. C. Creud é an dara Ní is riachtanach do chum ar slánuighthe? F. A tá Aitheanta Dé agus na hEagluise do choimheud. C. Creud, fá dTug Dia a Naomh-aitheanta dhúinn? F. Cum go mbéidís na Riaghuil d'ár nGnío- mharthaibh, ag tabhairt Eoluis dhúinn air na Lochtaibh, is éigion do sheachnadh, agus air na Subháilcibh is éigion dhúinn do thaithighe. C. Ga mhéid Aithne do thug Dia dhúinn? F. Deich nAitheanta?. C. Abair iad. F. "Creid, a Mhic, a nDia go glan. Na tabhair Ainim Dé gan (1) Fáth. Coimhéid an tSaoire mar is cóir. Tabhair dod hAthair Onóir. Na deun Marbhadh, Goid, na Drúis, (1) Adhbhar.
Na Fiaghnuise bhréige an Aon-chúis. Na santaidh bean, nach leat féin, Clann Duine eile, na Aírnéis". C. Creud é an tSlíghe do ghlacas tú, do chum thú Féin do bhrosdughadh chum Aitheanta Dé do choimhlíonadh? F. Do bheirim fá deara, gurab é Dia m'Aírd- rígh, d'ar cóir dhamh géilleadh, agus go bhfuilid a Aitheanta-son ro dhlistionach, agus sochoimh- líonta maille ré na ghrásaibh. C. An nDeunann tú (1) Féidhm do hSlíghe air bioth eile? F. Do ním; smuainim air an Luach Saothair mór; do bheir Dia do'n mhuintir, do choimhlío- nas a Aitheanta-san; agus air na Piantaibh dochríochnuighthe ré gCeustar an Drung nach gCoimheudann iad. C. An riachtanach a gCoimheud go hUile? F. Is riachtanach; óir gidh bé do bhriseas Aon-aithne amháin tré pheacadh marbhtha, tuil- lidh sé Damnughadh síorruidhe. C. Ga bhfuil Suim, nó Aithghiorra na nAith- eantadh? F. A tá Dia do ghrádhughadh ós cionn gach uile Néithe, agus ar gComharsa mar sinn féin; óir is é so Coimhlíonad an Dlíghe. (1) Usáid.
AN 2 LÉIGHIONN. DO'N CHEUD AITHNE. Creid, a Mhic, a nDia go glan. C. Creud é chuireas an cheud Aithne d'Ua- lach oruinn do dheunamh? F. Cuiridh sí d'Ualach oruinn creideamh a nDia; ar nDothchas do chur ann; a adhradh, agus Grádh ar gCroidhe go hiomlán do tha- bhairt dó. C. Creud é sin, Dia d'adhradh? F. A tá admháil gur ab é ar gCruthaigh- theoir agus ar nAírd-rígh é; agus gach Onóir agus gach Moladh, dhá mheud, do thabairt dhó. C. Deuna gníomh Adhraidh? F. A Dhé mhóir, agus a hTighearna uilea- chumhachtaigh, adhraim thú, agus admhughim gur tú mo Chruthaightheoir agus m'Aírd- righ. C. Creud chialluigheas Dia do ghrádhughadh ó ar gCroidhe go hiomlán? F. Ciallaigh sé a ghrádhughadh ós cionn gach uile Néithe, agus bheith toiltionach air bhás d'fulang níos taoisge, iona chuirfeadh Fearg air.
C. Deuna Gníomh Ghrádha Dé? F. O a hTighearna, bheirim grádh ó mo chroidhe go hiomlán, agus ós cionn gach uile Néithe- dhuit; do bhrígh go bhfuil tú ro mhaith agus ró gheanamhail; agus go mbronnann tu do ghnáth mórán Tíodhlaiceadh oram. C. An gCoisgeann an Aithne-si Onóir do thabhairt do na Naomhaibh? F. Ní choisgheann; do bhrígh nach ionann an Onóir do bheirmíd dhóibh agus do Dhia; óir onóramaoid amháin iad mar Cháirde agus mar shearbhfóghantuighe díleasa Dé, agus mar gheall air-sion amháin. C. An bhfuil sé dlisdionach Onóir nó Modh air bith do thabairt do (1) Dheilbhibh Chríosd agus na Naomh? F. A tá, mar gheall air Chríosd agus air na Naoimh, do chuirid a gCuimhne dhúinn; amhail mar do nímid do thaobh Anma IOSA; gidheadh, ní chreidmid go bhfuil buaidh air bith a bhfuaim an fhocail, ná a nDeilbhibh Chríosd ná na Naomh. C. Gídheadh, nach ar thoirmisg Dia ni hE amháin Onóir nó Modh do thaisbeánadh dho Dheil- bhibh, acht Fós Cosamhlacht Aoin-neithe do dhéa- nadh, dá bhfuil air Neamh shuas, nó air Ta- lamh shíos, nó is an Uisge Faoi an Talamh? F. Is deimhin gur thoirmisg sé go soilléir (1) d'Iomháighibh
air na hIúdaighibh, noch do bhí anchlaon do Dhéibh bréige, Aon-chosamhlacht féin don tSamhuil- sin do dheunadh, air Eagla go nAdharfuidís iad, agus go bhFoghanfuidís dóibh mar Dhéibh, agus go mbiadh, mar so, Dée coimhightheacha aca a láthair an Tighearna, air Nós na gCineadhachadh uile na dTimchioll fa gCuairt, noch d'adhradh agus do riaradh Clocha agus Crainn, Dée d'Or agus d'Airgiod, etc acht, ní mheasann Dream air bioth anois, go gCui- reann an Toirmiosg-sa d'Ualach ná d'Fia- chaibh ortha gan Cosamhlacht Neithe air bioth do dhéanadh. C. Creud uime-sin? F. Do bhrígh nach baoghlach is an Aimsir-se, go nAdharfuid nó go riarfuid na Críosduigh- the Toirt no Cosamhlacht Aoin-neithe air Neamh no air Talamh; ni Cloch, ná Crann, ná leach- ta Oir ná Airgid, acht Anghrádh an tSaoghoil, baosradh, Aincheangal d'ar mbaramhuil féin, agus Ainmhiana eile is Dée bréige do na Críosduighthibh a niugh. C. Cionnas do chruthuigheas tu, gur is an gCéill-sin, do thoirmisg Dia air na hIúduighibh Cosamhlacht Neithe air bith, dá bhfuil air Neamh nó air Talamh, do dhéanadh? F. Ata sé air na chruthughadh go soilléir ré briathruibh De Féin, is an Aít cheudhna, agus ann iomad d'áitibh oile don Sgríbhinn dhiagha, ann a nAbrann sé; Ní dheuntaoi Dée d'Air- giod, ni mó dheuntaoi Dée d'ór; noch is ionann
re rádh agus so: Ni bhiaidh Dée coimhightheacha agad an mo láthair-se, ni adharfair agus ni riarfair Aoin-ní (1) greanta nó Cosamh- lacht Aoin-neithe dá bhFuil air Neamh no air Talamh: air chor gur follas nach bhfuil is ann iomlán acht Aon-aithne, air na míniughadh agus air na cur síos go leathadach. C. Creud é an Cruthughadh oile a tá agad ris? F. A tá go nDeuntaoi, do réir Aithne Dé, féidhm do Dheilbhibh a measg na nIúduighadh féin, gé gur mhór a gClaon do Dhéibh bréi- ge; óir d'Aithin Dia do Mhaoise dha Cherubim nó dhá Aingeal do dhéanadh d'ór bhuailte agus a gCur go hOnórach air dhá chionn Chathaoire na Trócaire, noch d'foluigh an Aírc; d'aithin dó, mar an gCeudna, Nathair Neimhe do dhéa- nadh do Phrás, agus a cur air chrann, ion- nas go bhfeuchadh gach Duine, do loitfidís na Naithreacha Nimhe tintíghe, uirthe, agus go leigheostaoi é; noch budh Reumhchomhartha air Chríosd árduighthe air an gCroich, amhuil fhoillsigheas sé féin is an tSoisgheul. Do ghrean fós Solamh dhá Cherub d'Obuir dheilbhthe air bhalladhaibh hTighe an Tighearna, (1) Ceirbheálta, grabhálta
agus d'foluig iad ré hOr; d'oibrigh sé, mar an gCeudna, Cherubínigh air fholach thighe Dé; air chor go mbidís na Deilbhibh breaca-so a gComhnuidhe os coinne cháich, gach Am do léi- gidís iad féin air a nGlúinibh, agus do ní- dís Urnaigh is an Tigh naomhtha-so. C. An é nach nGuidhid agus nach riaruid na Catoilicigh Deilbhe Chríosd agus na Naomh? F. Ni dheunmaoid air Aon-chor: léigimíd go deimhin sinn féin air ar nGlúinibh agus do ní- mid urnaigh os a gCoinne, dár gCoimheud air bhuaireadh; gidheadh ni ghuidhimíd iad, níos mó iona ghuigheadar Ioshua agus Sinsir Chloinne Israel Aírc an Chonnartha, an tan do luigheadar, sléachta go Talamh, ag guídhe go tráth nóna as a coinne; ná fós níos mó iona ghuidhid Cách oile bórd na Com- aoine, an tan do ghuidhid air a nGlúinibh os a choinne: agus o támuid-ne deághchroidheach ré na ghlacadh air a bhFocal-san, nach nGuidhid agus nach nAdhruid bórd na Comaoine, ná an tAran agus a Fíon do chaithid air a nGlúnibh; mar an gCeudna, do chítear, gur chóir dhóibh- sionn bheith sothchroidheach dar dTaoibh-ne, o thárla go bhfuil an Eagluis uile, air na comh- chruinniughadh a dTrente, agus fós an tiom- lán dín o fhear, agus o mhnaoi go leanbh, ag foillsiughadh go hArd, agus ag admháil go buan, nach nguidhimíd agus nach nAdhramuid Deilbhe; go bhfuil fhios aguinn go dearbhtha, nach féidir leo ar bhfaicsin, ná ar gClos,
ná ar bhfortacht; go gCreidimid go daing- ion, nach cóir Muinighin air bith do chur ionnta ná Aoin-ní d'iarraidh ortha; agus nach ceart, air Aon-chor, an Onóir dlighthear do Dhia, do thabhairt do Ní air bith dá bhfuil beodh no marbh, air Neamh no air Talamh. C. Maiseadh creud é an Sochar do bheana- muid asda? F. Taisbheánuid dhúinn go (1) mothuightheach RúinDiamhra Pháise, agus bháis Chríosd, agus (2) Ceusadh na Naomh; Fóghnuid mar Leabhra do na Tuataighibh; agus gluaisid sinn uile chum loirg hSearbhfhóghantuígheadh oirdheir- ce Dé do leanmhuin. C. Ach o tá nach bhfuil Diaghacht ná Cumas aca, creud é an Onóir nó an Modh is féidir a thabhairt dhóibh? F. An Mod ceudna, do réir a gCéime, noch do bheirthear d'Ainim IOSA; óir is fír- ionnan Deilbh naomtha Chríosd don tsúil, agus a Naomh-ainm don Chluais. C. Tabhair dhúinn Cosamhlacht éigin oile? F. An Modh ceudna do thaisbeánas gach uile Dhream do thighthibh Eagluise agus Urnaighe, an tan do nochtuid a gCinn ag dul a steach ionnta; an Modh ceudna do bheir an Drong úd do (3) Chuid Oídhche an Tighearna, nach gCrei- deann go bhfuil ann acht Arán agus Fíon, (1) bheodhmhar. (2) Fulongtha. (3) do shuipéar
Comhartha amháin Fula agus Feola Chríosd; agus gidheadh, do ghlacas é air a nGlúinibh; an Modh ceudna agus an Onóir d'Aithin Dia do Mhaoise a thaisbeánadh don Talamh air ar sheas sé, ag rádh: "Cuir dhíot do bhróga dod chosuibh; óir an Aít air a bhfuilir do sheasadh, is Talamh naomhtha é". C. An gComhnuigheann an Modh-so ann sna Neithibh dá dTaisbeántar é? F. Ni chomhnuigheann, bhearthar é gan mhoill do Chríosd agus d'á Naomhuibh, amhuil mar is don Righ féin, do réir bhreathnuighe gach uile dhuine, do bheirthear an Modh gnáthuigthear do thaisbeánadh don Chathaoir Ríogha agus do Leachta nó do Dheilbh an Rígh; agus ni meas- dar choíche gur do phápeur ná do chloich nó do chrann, ach do Phearsain an Rígh féin do bheirthear an Míomhodh taisbeántar do Dheilbh an Rígh. C. Nach ionmholta Modh do thabhairt do hTai- sibh na Naomh? F. Is ionmholta; do bhrígh go rabhadar a gCoirp na mboill ag IOSA CRÍOSD, agus na nionad Comhnuidhe ag an Spiorad Naomh; agus go mbiaid Fós lá éigin go glórmhar air Neamh. C. Creud chuige fós a dtugthar Modh do hTaisibh na Naomh? F. Do bhrígh go nDeárnaidh Dia (1) Féidhm (1) Usáid
dhíobh chum Móráin Maitheasa do dheunamh do'n Mhuintir do bheir Modh dóibh. C. An bhfuil sé an Aghaidh na hAithene-si Comhairle d'iarraidh air lucht Fáisdine, Draoidheachta, nó Piseóg, noch do ní Cunn- radh ris an Diabhal? F. A tá gan Amhrus; do bhrígh gur ab o'n Diabhal gheibhid gach Eolus, da mbí aca. C. Creud is Piseóga ann? F. Briathra do rádh, nó Comharrtha do dheu- namh chum Críche, do chum nach bhful brígh na buaidh aca ó Nádúir, ó Dhia, ná ó an Eag- luis. C. An bPeacaidhid na hEithricheadha an Aghaidh na hAithne-si? F. Peacaidhid go cinnte; do bhrígh nach gCreidid ó chroidhe gach Ní chreideas an Eag- luis Chatoilice Rómhánach, peacaighe fós gach Duine do thaisbeánas ó Ghníomh nó ó bhréi- thir Claonadh nó Aontughadh chum Eiriceachta, tré éisdeacht an Urnaighe, nó a dTeagaisg, nó air Aon-mhodh eile. C. An bhfuil sé ceaduigheach Leabhair Eith- riceachta do léigheadh? F. Ní bhfuil, ná a mbeith agad air Aon-chor gan Cead; ní cóir fós Geur-sgrúdadh do dheunamh air Rúin diamhraibh an Chreidimh, ná Amhras do bheith agad fá Alt air bith dhe. C. An bPeacaigheann an té, bhíos, tré na
choir féin an Ainbhfhios na Paidre, Chré na nAbsdol, Aitheantadh Dé, nó na hEagluise, an Aghaidh na hAithne-si? F. Peacaighe gan Amhras; agus fós gach Duine, nach dTuigeann iad, tré na mhainneach- tnaidh féin. C. An bhfuil sé an Aghaidh na hAithne-si; Munbhar nó Gearán do dheunamh air Dhia? F. A tá go dearbhtha; do bhrígh go nDeunann Dia gach Ní mar is cóir; agus ní hEadh amháin gearán, acht a tá sé fós an Aghaidh na hAithne-si, air dTús, Mighean do bheith agad air Dhia nó air Neithibh diadha. 2. Aim- sir fhada do léigion thort gan smuaineadh air Dhia, nó air an Dualgas a dlighthear dhó. 3. Toirmiosg do chur air dhaoinibh eile fá Neithibh air bith do dheunamh, do rachadh an Onóir do Dhia. C. An dToirmeasgann an Aithne-si Mío- mhodh do thabhairt do na Naomhaibh? F. Toirmeasgaidh sí Easonóir do thabhairt ní hEadh amháin do na Naomhaibh, acht fós d'á dTaisibh, d'á niomhaighibh, nó d'Aoin-ní naomh- tha, mar a tá briathar Dé, Tigh na hEag- luise, etc. C. Creud eile thoirmeasgas an Aithne-si? F. 1. Dul an Eudóthchas ar slánuighthe, nó mhaitheamhnuis ar bPeacaidheadh. 2. Andóthchas do ghlacadh go sláineochthar sinn maille ré Trócuire Dé amháin, gan deághoibre air bioth do dheunamh.
3. Ar nDóthchas do chur a gCréatúir air bioth ni sa mó iona a nDia. 4. Peacadh air bioth do dheunamh nó fuireach ann, tré Andóthchas a dTrócuire Dé. AN 3 LEIGHIONN. DO'N DARA hAITHNE, Na tabhair Ainm Dé gan Fáth. C. Creud do thoirmeasgas an dara hAith- ne oruinn? F. Toirmeasgaidh sí oruinn, air dTús, mionnughadh an Aghaidh na Fírinne, nó Fós air mbeith dhúinn an Amhras na Fírinne. 2. Mionna Fírinneach do thabhairt gan Riach- tanas. 3. Mionnughadh Ní do dheunamh, (1) agus gan a Rún fúinn; nó léigean dínn Mionna dlisdionach do chomhall, agus é air ar gCu- mas. 4. Mionnughadh droichní do dheunamh, nó nach nDeuntá Ní maith. 5. An fhírinne do cheilt air ar nUachta- rán dlisdionach, an tan fhiosruigheas i dhinn; (1) gan Aigneadh a choimhlíonta
is an gCás-so, ní hE amháin go nDeuntar Peacadh, acht fós a tá d'fhiachaibh air Neach, gach Díoghbháil do thárlaigh do'n chomarsain fá gan an fhírinne do dheunamh, do leasughadh. 6. Fuil no boill Dé nó na Naomh do tha- bhairt. 7. Sinn féin, ar nAnam nó ar gCorp, ar gClann, ar Searbhfhóghantuighe, ar nAírnéis, nó Ní air bioth eile do thabhairt do'n Diabhal, nó do mhallughadh air aon-chor. 8. Olc Cuirp nó Anma d'iarraidh dúinn féin nó do Neach eile. 9. Móid do thabhairt gan Rún a comhall; nó fá dhroichní do dheunamh. 10. Móid dhlisdionach do bhriseadh. C. Air an Adhbhar sin, is olc an Cleachtadh a bheith tugtha do Mhionnaibh móra? F. Is ró olc; is uime sin, is mór do phea- cugheas an Drung éigcríonna nach gCuireann Suim an Fírinne nó breug do bhiós aca; nó mhionnuigheas an fhírinne féin gan Riachta- nas. C. Creud is ionráidthe dhúinn, ionnas nach bPeacóchamaois? F. Is eadh, is eadh; ní hEadh, ní hEadh: mar do theagaisg agus mar d'aithin Críosd dhínn; óir "gidh be Ní bías ós a gCionn-so, is ó an Olc a tá sé".
AN 4 LÉIGHIONN. DO'N TREAS AITNE. Coimhéid an tSaoire mar is cóir. C. Creud é an Ní hOrduíghthear ris an Aithne- si? F. Ordhuighthear dhúinn an Domhnach, Lá an Tighearna do choimheud agus do naomhadh, do réir mar órduígheas Dia agus an Eagluis. C. Creud iad na (1) hOibre a tá toirmisg- the oruinn annsa Naomh-Lá-so? F. Oibre saothracha nó corpordha mar a tá, Treabhadh agus Foirseadh; Reic agus Ceannach; agus a leitheide eile, go hAírighe gach uile ghné Peacaidh. C. An dToirmisgthear Oibreacha air bith eile leath a muigh do na hOibribh ro shaothracha- soin? F. Toirmisgthear mar an gCeudhna gach uile Obair shaoghalta air a nGnódhuigheamuid Aoin- ní talmhuighe, nó do tharruingeas sinn ó ghnoth- uidh Dé gan fír-riachtanas. C. An dToirmisgthear thabhairt air dhaoinibh eile Aon-obair dhíobh-so do dheunamh? (1) hOibreacha
F. Toirmisgthear mar an gCeudna, agus fós a tá d'fiachaibh oruinn a gCosg air an Muintir a tá faoi ar Smacht. C. An briseadh Saoire na hOibre corpordha, do bheanas ré (1) Gnothuidhe Dé? F. Ní hEadh; más Oibre iad air nach bhfuil breith Uair eile. C. An briseadh Saoire biadh do dheasughadh, Aírnéis do riar, agus a leithide sin? F. Ní hEadh, ná Aoin-ní eile da mbeanann ré beatha an lae-sin, agus nach féidir do dheunamh go comhgarach an Lá roimhe. C. Creud é is cóir dhúinn do dheunamh an La-so tar Lá eile? F. Urnaighthe agus Oibre diagha; mar a tá Aifrionn go cinnte, agus Seanmóir d'éisdeacht, leabhair spioradálta do léigh- eadh, an Paidrín do rádh, nó deághoibre éigin eile do dheunamh. C. An briseadh Saoire Aire thabhairt do chomhrádh, nó do Smuaintighthibh díomhaoine an Aimsir an Aifrinn, na Seanmóra, nó an Teagaisg chríosduidhe? F. Is eadh go cinnte; do bhrígh go niarran Dia oruinn a (2) ghnothuidhe do dheunamh go dhúthrachtach ó croidhe agus ó inntinn. (1) Seirbhís. (2) hSeirbhís
C. An gCoimheudann Neach an tSaoire, an tan do chaitheas an chuid is mó do'n Lá ag imirt, ag ól, ag Macnas, nó go díomhaoin- each? F. Ní choimheudann; do bhrígh gur ab uime d'órduigh Dia agus an Eagluis an tSaoire, chum go dTiúbhramaois Furmhór an Lae do Dhia, agus do shláinte ar nAnma; agus go bhfuilid Anmhacnus, Díomhaoineas agus gach Míghníomh eile níos míothaithneamhla go mór a Láthair Dé, ionna Obair shaothrach, thair- bheach. AN 5 LÉIGHIONN. Do na hAitheantaibh do bheanas ris an gComharsain a gCoitchinne; agus do'n cheathramhadh hAithne fá leith. Tabhair do d'Athair Onóir. C. Creud air a labhruid na hAitheanta do bheanas ris an gComharsain? F. Air gach Dualgus agus go hAírighe air an ghrádh do dhlíghmíd d'ar gComharsain. C. Cionnas is cóir dhúinn ar gComharsa do ghrádughadh? F. Mar sinn féin; iodhón, gach Maith d'iar- raidh dhi, mar iarramaoid dhúinn féin; gan Olc
do dheunamh ná d'iarraidh dhi, acht mar budh Mian linn dhúinn féin; agus congnadh lé an Aimsir a Riachtanais. C. Cia is Comharsa dhúinn? F. Gach uile Dhuine, fós ar Námhaid. C. Creud fá bhfuil d'fiachaibh oruinn ar gCo- mharsa do ghrádhughadh? F. Do bhrígh go bhfuil sí do réir chosamhlach- ta Dé; agus fós do bhrígh go nGradhuígheann Dia í, agus go nOrduígheann dhúinne a grá- dhughadh mar inn féin. C. Creud órduigheas an ceathramhadh hAithne dhúinn? F. Grádh agus Onóir do thabhairt d'ar (1) nAithribh, dár (2) Máithribh, do'n uile Uachta- rán do bhíos ós ar gCionn, do chill nó do thuaith; a bheith umhal dhóibh ó bhréithir agus ó ghníomh; agus cuidiughadh leo san uile Riachtanas cor- pordha agus spioradálta; agus an tiomlán do dheunamh go suilbhir, súghach. C. Creud ann a bhfuil d'fiachaibh oruinn a bheith umhal dóibh? F. Ann gach uile Ní nach bhfuil an Aghaidh Aitheantadh Dé ná na hEagluise; óir dá mbeith an Aghaidh cheachtair dhíobh-so, níor chóir a bheith umhal dóibh air Aon-chor. C. Creud a tá d'fiachaibh air an Athair agus air an Máthair do dheunamh d'á gCloinn? F. A nOileamhain, beusa, Fogluim, agus (1) nAithreachaibh. (2) Máithreachaibh
Ealadha nó Ceird bheatha do réir a gCumhach- ta, do thabhairt dóibh; os Cionn gach uile Néi- the, a dTabhairt suas an Eagla agus a nGrádh Dé; agus deághshompla do thaisbeá- nadh dhóibh. C. An mbeanann an Aithne-si ré Dualgas an fhir do thaobh a mhná pósda, nó na Mná do thaobh a Fir? F. Beanaidh cheana. C. Cionnas is cóir do'n fhear é féin d'iom- char do thaobh a mhná pósda? F. Mar iomcharas Críosd é féin do thaobh na hEagluise, eadhón, go grádhach cúrumach; óir is ball do bhallaibh an fhir a bhain-chéile, amhail is boill do Chríosd sinn uile. C. Cionnas is cóir do'n mhnaoi í féin d'iom- char do thaobh a Fir phósda? F. Is cóir dhi a bheith lán do ghrádh agus d'Urraim dhó, mar a tá an Eagluis do Chríosd. C. An gCuireann an Aithne-si Coinghioll air bioth air an Lánamhain do thaobh na Muin- tire a tá faoi na Smacht? F. Cuiridh sí do choinghioll orrtha gach Duine dhá bhfuil faoi na Smacht, do sthiúradh do réir thola Dé; agus air gach Duine dha bhfuil faoi na Smacht-son, do bheith umhal urramach dhóibh san uile Ní nach bhfuil go follas an Aghaidh thola Dé, nó a leasa féin.
C. Creud é leanas as a nDubhramar an so? F. Is follas, air dTús, gur trom do pheacaighid an Chlann a bheir Easurraim, Masla nó Tarcuisne ré Smuaineadh, ré bréi- thir nó ré Gníomh d'a nAithribh nó d'a Máith- ribh; agus go cinnte, gur gnáth Míorath bheith orrtha san tSaoghal-so, agus Ainneise shíorruidhe san tSaoghal eile. 2. Mar an gCeunna is mór do pheacaighid an Drung, do bheir Masla nó Míomhodh d'a Maighistribh nó d'a nUachtaránaibh dlisdionach, Cille nó Tuaithe. 3. Peacaighid fós go mór na hAithre agus na Máithre agus gach uile Uachtarán, nach stiúrann a gClann agus a dTeaghlach a nGrádh agus an Eagla Dé; nó ma bheirid Anmhasla nó Antarcuisne d'a gCloinn, nó d'a Muintir. 4. Peacaighid go mór an Lánamhain phósda, ma bhíd ag gríosughadh agus ag gearradh a chéile, nó fuathmhar feargach ré chéile.
AN 6 LÉIGHIONN. DO'N CÚIGHEADH hAITHNE. Na deuna Marbhadh. C. Creud iarras an cúigeadh hAithne or- uinn? F. Gan Duine dhúnmharbhadh; gan bás Aon- Duine do shantúghadh: gan Aoin neach do bhua- ladh; gan Comhrag iarraidh nó fhreagra; gan diúltadh Maitheamhnas iarraidh air an té d'á dTugais Masla; nó Maithfeachas do thabhairt don té thug Easonóir, Masla, nó Míochlú dhuit. C. Creud fa bhfuil d'fiachaibh oruinn Maith- feachas do thabhairt do'n mhuintir do bheir Mas- la nó Míochlú dhúinn? F. Do bhrígh go nOrduigheann ar Slánuigh- theoir IOSA CRÍOSD é; agus go nDeár- na sé féin an Ní céanna, órduigheas dhúinne. C. Nach measuid na Catoilicigh gur dlis- dionach dhóibh Eiricigh do dhúnmharbhadh? F. Ní mheasuid air aon chor: a bhfad uadh sin, a tá fhios aguinn, go bhsuil d'fiachaibh oruinn conghnadh leo ann a Riachtanus, agus gach Maith dár mian linn dhúinn féin d'iarraidh
dhóibh; an tan féin do bhrúighfidís agus do géirleanfuidís sinn; óir is Comharsa dhúinn iad a gComhnuidh. Os a chionn sin, amhuil do ghuidheas an Eag- gluis ortha, agus air gach uile Dhream dhá bhfuil air seachrán, ionnas go niompóighidís; mar sin is cóir dhúinn e, air Lorg na Naomh uile, agus ar Slánuightheora féin, Truaighe mhór do bheith aguinn dhóibh, agus Dia do ghuidhe go meanmnach fá na Soillsiughadh, agus a dTabhairt uile go trócaireach chum Eoluis na Fírinne, ionnas go nDeunamaois uile go léir aon Chró faoi aon Aodhaire. C. Creud eile iarras an Aithne-si oruinn? F. Air dTús, gan Fuath ná (1) Fal do bheith aguinn d'Aoin-neach. 2. Gan imriosan ná Ceannairge do chur eidir daoinibh air bioth. 3. Gan Luathgháire ghlacadh fá bhás Duine, ná Tuirse fá na bheit beo. 4. Gan Masla ná Míochlú do thabhairt d'Aoin- neach air a chúl na air Aghaidh. 5. Gan Anam Duine do mharbhadh, dha ghluas- acht chum Peacaidh mharbhtha. 6. Gan léigean d'Aon-neach Peacadh marbh- tha do dheunamh agus a thoirmiosg air do láimh go hUras; go hAírighe má bhíonn faoi do Smacht. 7. Gan Congnamh, ná Cobhair, ná Dídion (1) Faladh
do thabhairt do Lucht Dúnmharbhtha, Loisgthe; nó Míghníomh eile. An Aon-fhocal, gan Olc air bioth do dheunamh, ná d'iarraidh do Neach eile ré Smuaineadh, ré bréithir, nó ré Gníomh. C. Creud é an Mhaith chuireas an Aithne- si d'Ualach oruinn do dheunamh? F. A bheith grádhach, ceannsa; Maith do dheu- namh an Aghaidh an Uilc, agus guidhe air Lucht ar (1) ninghreama, mar d'aithin Críosd dhínn. (1) nGéir-Leanmhana. AN 7 LÉIGHIONN. DO'N SEISEADH AGUS DO'N NAOMHADH hAITHNE. Na deuna Drúis. Na santaidh bean nach leat féin. C. Creud é thoirmisgid an seiseadh agus an naomhadh hAithne oruinn? F. Toirmiosguid air fhear, Cuid a bheith aige do mhnaoi air bioth, acht d'a mhnaoi phós- da; agus air mhnaoi buain d'fhear air bioth, ach d'a Fear féin; agus fós a leitheid sin do dhrochchaidreadh do shantughadh no d'iarraidh. C. An bhfuil Feuchain mhíonáireach, nó Póga
drúiseamhla an Aghaidh na hAithne-si? F. A tá: agus fós (1) glacaireacht thruail- lighe do dheunamh air féin nó air Neach eile, a shíol do dhórtadh tré na chionta féin, Comhradh graosda, Abhráin shalcha, Leabhair shuirgheacha do leaghadh agus gach Gníomh míonáireach eile. C. An bhfuilid Smuaintighe neimhgheanmnuighe an Aghaidh na hAitne-Si, biodh nach mbeith Rún ag Duine a gCur a nGníomh? F. A táid, ma Glacthar iad maille ré (2) Taithneamh nó Sámhas. C. An troime an Peacadh buain re Neach an Ord choisreagtha, no re Fear no Mnaoi riagh- alta iona ré Neach eile? F. Is troime go mór, agus is gráineamhla; is measa mar an gCeudna buain ré Mnaoi nó Fear Cuil, no ré Mnaoi nó ré Fear pósda, iona ré Cách eile. C. Creud é a tá d'fhiachaibh air an Lánamhain do bhrigh na hAithne si? F. Dísleacht agus Comhaontughadh dhá chéile, mar do ghealladar san bPósadh. C. Cionnas do seachantar an Peacadh gráineamhuil-se na Colna? F. Ni bhfhuil Slíghe air bith chum a sheachanta is feárr iona drochchomhluadar agus (3) Sio- cair an pheacaidh do sheachnadh; Anmheasar- dhacht bídh agus Díghe, agus go hAírighe (1) Láimhsiughadh neimgheanmnuigh. (2) Pléisiúr
Díomhaoineas do sheachnadh; Ainmhian agus Claonta na Colna do chlaoi ré Trosgadh agus ré hUrnaigh; Faoisidin do dheunamh go minic, agus Corp Críosd do ghlacadh le hiomad Crádhbhaidh. AN 8 LÉIGHIONN. DO'N SEACHTMHADH AGUS DON DEACHMHADH hAITHNE. Na deuna Goid. Na santaidh Clann Duine eile na Airnéis. C. Creud é Toirmisgthear oruinn ris an dá Aithte-si? F. Toirmisgthear oruinn Ní air bith do chuid na Comharsan do thógbháil, do ghlacadh, do chongbháil, ná fós do shantughadh, gan fhios ná ós áird, dá Neamhthoil. C. Cionnas fós do peacaighthear an Aghaidh na nAitheantadh-so? C recte F. Peacaidh gách Duine ré nach áill a fhiacha, nó Tuarasdal a Mhuntire do dhíol, afus é air a chumas. 2. An té do chongmhas aige Ní do chuaidh a múgha, gan Cuartughadh nó Lorgaireacht do dheunamh cia d'ar Cóir é. 3. An té do ní Mealltóireacht lé Tomhas
Lochtach, ré himirt maille ré Cárdaoibh geárr- tha, lé Díslibh meallta, ré Comhartha Sóirt, nó tré Ainbhfhios an Cheárrbhuidh. 4. An té thoirmisgeas air Neach eile lé Meanguibh nó lé Cluanaibh, Ní air bith noch do budh fhéidir dhó fhághail go dlisdionach. 5. An té ghlacas Aoin-ní an Aisgidh nó ré Ceannach, ó dhuine nár inmheasda gur leis féin é. 6. Peacuighe an Searbhfhóghantuigh mainneacht- nach agus an Fear (1) Tuarasdail do chaith- eas an Aimsir go díomhaoineach, no nach d'Tugann Aire do na Neithibh do taobhthar ris. 7. Peacuighid an Chlann do ghoideas Aoin-ní ó na nAithribh agus ó na Máithribh chum a (2) chaithte go leamh. 8. Peacuighid na hAithreacha agus na Maith- reacha, an tan do scapuid na Neithe a tá d'fhiachaibh ortha do choigilt d'á gCloinn. 9. Peachaidhe fós an té bheir Congnamh, Comhairle nó Toil Aoin ní da nDúbhramar, do dheunamh, gidh nach gCuirfidhe an drochrún a nGníomh choídhche. C. An bhfuil Usuireacht an Aghaidh na hAithne- si? F. A tá gan Amhras. C. Creud is Usuireacht ann? (1) Pághaidhe. (2) chaithmhe
F. A tá Aírliogadh Airgid, Arbhair, Eime, Mine, agus a macasamhala-son do thabhairt d'Aoin-neach, go mórmhór air shúil luach, nó Tairbhe shaoghalta air bith d'iarradh nó d'fhághail air a shon. C. Cionnas aithneochas Neach, nach mar gheall go mórmhór air shochar shaoghaltha éigin, do bheir sé Aírliogan uadh? F. Ma tá nach niarrann sé Aoin-ní air a shon; agus ma tá sé ollmhuigh nó réigh chum an Aírleagain do thabhairt uadh, biodh nach mbeith Sochar saoghalta air bith, re fághail aige air a shon, is dearbhtha, nach mar gheall go mórmhór air thairbhe an tSaoghail, do bheir sé uadh é. C. Nach bhfuil sé ceadaightheach Dligheadh agus Nós na Tíre, ann a mbímíd, do leanmhain san gCás-so? F. Ní bhfuil, mar a táid an Aghaidh dhlighidh Dé; óir ní bhfuil sé a gCumhachta Tighearna nó Tíre air Talamh, Cead do thabhairt dhúinn, Aitheanta Dé do (1) shárughad. C. Ar aithin Dia dhínn gan Airliogadh do thabhairt do'n Chomharsain, go mórmhor air shúil ré hAoin-ní talmhuighe d'fhághail air a shon? F. D'aithin gan Amhras, a Móran d'Aítibh do'n Scríbhinn dhiadha, go hAírighe ansa tSoisgeul; agus is uime sin, do dhamnuighid (1) bhriseadh
na hAithreacha naomhtha, na Pápaidhe, Comh- airleacha na hEagluise, agus na Diaghairidhe go coitchionn, an Usuireacht agus na hUsuir- idhe a raon. C. An bhfuil sé toirmisgthe oruinn Luach air bith do ghlacadh, nó d'iarraidh air Aonchor? F. Ní toirmisgthear Luach na Tairbhe, nó na hEudála cinnte do chaillimíd; nó na Díogh- bhála do thárla dhúinn treas an Airleagan, d'éiliughadh agus do ghlacadh, do réir bhreith- eamhnuis Dhuine eagnaidhe, ma chuireamar an Chaill nó an Díoghbháil-se an umhail do'n té dá dTugamar an tAírleagan, sul do ghlac sé é; agus sós muna raibh sé air ar gCumas an (1) bhreis-sin do sheachnadh. C. Creud chuige ar cóir dhúinn Aírleagan do thabhairt uainn? F. Do chum Trócaire, Cáirdis nó Cineál- tais do thaisbeánadh d'ar gComharsain; óir is Usuire an té, ag a mbíonn atharrach so do phríomhaigneadh, no iarras Aoin-ní, leath a muigh amháin, mar dubhramar shuas, a gCúis Díoghbhála nó Caillte Eudála, Ní do theagmhas (1) Dochar
go minic a measg Ceannuightheadh. C. Nach nDeuntar air Uairibh Usuireacht a Margadh agus a gCunradh? F. Do nithear, agus fós go minic; óir is Usuireacht Aoin-ní do dhíol níos daoire iona is fiú é a láthair, mar gheall amháin air Cháirde ann a Luach. C. Cionnas aithneochas Neach nach bhfuil a Mhargadh nó a Chonradh lochtach? F. Iarradh sé Comhairle air Dhuine dhiagha, eolach; agus breathnuigheadh, nach bhfuil Tarbha dhó an Domhan uile do ghnódhughadh, agus Anam féin do chailleadh. C. An bPeacuigheann an té, do dhíolas luach Aírleagann? F. Ní pheacuigheann, ma bhí Riachtanas air a ghlacadh; acht muna raibh, do pheacuigh sé fá chathughadh do chur air a Chomharsain, ag ta- bhairt Siocra Peacaidh dhi. C. Creud a tá d'fhiachaibh air na hUsuiridhibh, agus air lucht bhriste na seachtmhadh hAithne? F. A tá d'fhiachaibh orrtha, ní hE amháin Aithridhe do dhéanamh fa thuitim ansa bPea- cadh, acht fós an uile Ní, do fuaradar go hOlc, d'aisioc; agus gach Dochar agus Díogh- bháil dá nDeárnadar a gClú nó a Maoin d'á gComharsain, do leasughadh go dúthrachtach. C. Biodh, nach nDeunaidís Aisioc a gCuid na Comharsan? F. A tá sé d'fhiachaibh air a gCloinn, nó air a nOighridhibh, do réir mar ghnódhuighid air
Eígceart a Sinsior, agus a Luicht Gaoil. C. Sud agus, nach mbiadh sé air ar gCu- mas ar gComharsa do shásughadh go hiomlán? F. Deunam Aisioc do réir ar gCúmhachta, agus biodh Rún Aguinn an tiomlán d'ioc comh- luath agus Féidir rinn. C. Cia d'ar Ceart an Sásughadh-so do tha- bhairt? F. Do'n té d'a nDeárnadh an Dochar nó an Díogbháil, nó d'a Oighridhibh: ma a tá nach bhfuil- id a Oighridhe air fághail, iarradh an tAisio- cóir Comhairle air an Uachtarán Cille. AN 9 LÉIGHIONN. DO'N OCHDMHADH hAITHNE. Na deuna Fiaghnuise bhréige an Aon-chúis. C. Creud é Toirmisgthear ris an Aithne- si? F. Eugcóir air bith do dheunamh air an gComharsain, lé Fiaghnuise bhréige a mbreith- eamhnus, nó a gCúis air bith eile, do théid an Urchóid dhi. C. Cia pheacaigheas an Aghaidh na hAithne-si a gCúis breitheamhnuis? F. An té chuireas Coir bhréighe air Neach eile; an té neartuigheas an bhreug; do chosnas
an Eugcóir, nó nach bhfoillsigheann an fhírin- ne, an tan iarrthar air a Foillsiughadh. C. Cia hEile pheacaigheas a mbreitheamhnus? F. Na breitheamhnuin, do bheir Claoin-bhreith, nó shaoras an Ciontach, agus do dhaoras an Neimhchiontach. C. Cia pheacaigheas na hAghaidh an Eugmas breitheamhnuis nó imreasain? F. An té a fhoillsigheas, gan Riachtanas, Lochta (1) uaigneacha Dhuine eile; do cháineas é, do chuireas breug air, nó do ní ithiomrádh, nó Easgcoine; an té fós do bhriseas a gheall- amhuin gan ádhbhar dlisdionach; fhosglas lit- reacha Dhuine eile, nó do bheir drochbharamhail do Neach, ag tabhairt na Céille is measa d'á ghníomh, nó d'á chomhrádh, an tan do budh fhéidir déighchiall do bhuain asda. C. An bhfuil sé na hAghaidh breug do dheu- namh? F. A tá go cinnte. C. Creud is breug ann? F. Is breug Aoin-ní do rádh nó d'fhoillsiugh- adh an Aghaidh Eoluis ar gCogúis, maille ré Rún Neach eile do mhealladh. C. An féidir breug do dheunamh go dlis- dionach chum Maitheasa do dheunamh? F. Ní féidir, óir gidh bé air bioth Cúis fa nDeuntar í, a tá na Peacadh; do bhrígh go bhfuil si an Aghaidh na Fírinne, an Aghaidh Dé; (1) Folaighthe nó príobháideacha
óir is Fírinne Dia, agus is Dia an fhírinne. C. Ma mheallaim Neach, ré briathraibh amháin, chum Maitheasa do dheunamh dhó, an féidir gur Peacadh sin? F. Ní cóir Olc do dheunamh, ionnas go dTiocfadh Maith dhe; acht is Olc gach uile bhreug, do bhrígh go bhFuil an Aghaidh na Fírinne. C. Creud is ithiomrádh ann? F. Gach uile chomhrádh, go fiu Aon-fhocail amháin, nó an iomchuir féin, do laghduigheas Clú nó Meas na Comharsan. C. An Peacadh trom an tithiomrádh? F. Is eadh, deimhnighe an Spiorad Naomh nach measa Naithir Nimhe do ghoineas an sa Dorch- udas, iona an Duine ithiomráidhteach no cúl- chainteach. C. An bPeacaighid an mhuintir éisdeas ré lucht ithiomráidh? F. Gan Amhras, ma éisdid go toilteanach agus go luathgháireach leo. C. Cionnas is cóir do Neach é féin d'iom- char a gComhluadar luicht ithiomráidh? F. Is cóir dhó an tithiomrádh do chosg an mhéid is féidir leis, ag cur luicht tharcuis- nidh na Comharsan na (1) dTocht, ma a tá Uachtaránacht nó Cumhachta aige ós a gCionn; ag cur an chomhráidh thort go (2) cuibhiosach; ag taisbeánadh a mhíothaitneimh ré na thocht (1) dTosd. (2) discréideach
agus ré na ghnúis; nó Fa dheoigh, an Comhlua- dar cúl-chainteach d'fhágbháil go léir. C. An bhfuil sé ceadaightheach air Aón-chor, labhairt go hOlc air Neach eile? F. A tá sé dlisdionach, agus fós riachta- nach air Uairibh labhairt air locht na Comhar- san; air tús, ma a tá an Peacadh cinnte agus (1) ós áird, is féidir labhairt air, acht amháin nach ré drochaigneadh, acht ré Deágh- rún, nó tré Riachtanas éigin do laibheorthar air. 2. Is féidir, agus is cóir Peacadh uaig- neach na Comharsan d'fhoillsiughadh go caoidh- eamhail, cuibheasach do'n té, lé ar ab fhéidir an Peacach do (2) chruthnughadh nó do chosg o'n bPeacadh. 3. Is féidir Fós, agus is riachtanach Neach do chur air a choimheud an Aghaidh an Oilc nó na hUrchóide, do tionsgnadh, agus do hOllmhuighthear dhó: acht coimheudadh an Fear Faisnéise é féin air Rún Díoghaltais, air shúil Eudála, agus air gach drochaigneadh eile. C. An bhfuil an (3) Spleadhachas an Aghaidh na hAithne-si? F. A tá go cinnte. C. Creud is Spleadhachas ann? F. Moladh breugach, nó iomarcach. (1) puiblighe. (2) cheartughadh. (3) bladur
C. Creud fa nDeirir go bhfuil Spleadha- chas na pheacadh? F. Do bhrígh go bhfuil, go coitchionn, an Aghaidh na Fírinne, agus go bhfóireann sé chum Uabhair, Glóire dhíomhaoin, agus Lochtadh eile an té moltar go hIomarcach, d'oileamhuin agus do chothughadh. AN 10 LÉIGHIONN. D'Aitheantaibh na hEagluise. C. An bhfuil fós d'fiachaibh oruinn Aitheanta na hEagluise do choimheud, mar aon ré hAitheantaibh Dé? F. A tá; do bhrígh go nOrduigheann Dia dhúinn, fá phéin dhamunta, bheith umhal d'ar Naomh- mháthair an Eagluis; óir greamuighe ar Slán- uightheoir dhínn Meas Páganuigh agus Puiblio- cánuigh do bheith aguinn air gach Duine, do dhiúltas éisdeacht ris an Eagluis. C. An eadh nach leor dhúinn, chum na beatha síorruidhe d'fhághail, Aitheanta Dé do choimh- líonadh? F. Is leor go dearbhtha, acht ní bhfuilmid umhal go hiomlán do Dhia, muna bhfuilmid fós umhal do'n Eagluis; óir do réir bhréithir Dé, Gidh bé tharcuisnígheas an Eagluis, tarcuisnighe sé Dia féin. C. Creud fa dTug an Eagluis Aitheanta dhúinn?
F. Chum Aitheanta Dé do choimhlíonadh níos achmuire agus níos sócumhaluigh. C. Abair Aitheanta na hEagluise? F. 1. Coimhéid gach Saoire go beacht, As deun Aifrionn innte d'éisdeacht. 2. Troisg an Corghas go glan glan, An bhigil agus Trosgadh na (1) hAnman. 3. Na (2) tomhail Feoil air do phroinn, Dia hAoine ná dia Sathroinn. 4. (3) Tré bhiotha Síor ná bíodh sibh Aoin-bhliaghain gan fhaoisidin. 5. Corp Críosd o'n Domhnach roimh Cháisg, Caith Lá éigin go Mion-cháisg. 6. Na deun banais iar nDáil O thús Corghais go Mion-cháisg, Ná o thús Aidbheint (4) go grod, Go dá Lá dheug déis Nodhlog. C. Creud órduigheas an Eagluis ansa gCeud Aithne? F. Do labhramar cheana air gach Ní iar- ras an Eagluis ansan Aithne-si, an tan do mhíníoghmar an treas Aithne d'Aitheantaibh Dé; óir ní fhaicthear, go nDéanann an Ea- gluis Eidirdhealbhadh eidir shaoire an Domhnuigh, agus laetheadh eile. C. Creud órduigheas an dara hAithne dhúinn, eadhón, "Troisg an Corghas go glan glan, An bhigil agus Trosgadh na hAnman"? F. Orduighe sí dhúinn biadh áirighe do sheach- (1) Cataoir thimpire. (2) hIth. (3) go bráth. (4) gan Mhoill
nadh, agus Aon-chuid d'ithe sa ló go nOídhche; air feadh an Chorghais, a laethibh throsgaidh na hAnman agus na bigile. C. Creud é an biadh a tá d'fhiachaibh oruinn do sheachnadh? F. Uighe agus Feoil Eunlaithe an Aedheir, agus bheathach na Talmhan: acht amháin, an tan do bheirid na hUachtaráin Cille Cead Uighe d'ithe, etc. C. An bhfuil sé dlisdionach, mar so, biadh do sheachnadh tar bhiadh oile? F. A ta; óir ma is dlisdionach air Aon-chor Trosgadh do dhéanadh, agus an Cholann maille ré na lochtaibh agus ré na Miangh- usaibh do chrádhadh, Ní is dearbhtha, nach láimh- eochaidh Críosduighe air bith do sheunadh, o thárla go bhfuil síos go líonmhar, soilléir is an Sgríbhinn Dhiagha, ni foláir gur ro dhlis- deanach agus gur ab ionmholta an biadh úd do sheachnadh, noch is mó chothuigheas an Cholann agus a hAinmhiana. C. An é nach nAbrann an Naomh Apsdol Pól, gur Teagasg Deamhan Eidir-dhealughadh bídh? F. A deir: agus a deirmíd-ne mar an gCeud- na gur Teagasg Deamhnuidhe é, a gCéill na Mainicheanadh agus Eireceach oile, noch do theagasgadh gur ab é an Diabhol do chruthaigh biadh áirighe, agus dá bhrígh sin go raibh olc ann féin; acht do thaobh an bhídh do sheachnamuid- ne, a tá fhios aguinn gur o Dhia a tá, agus
gur maith é ann féin; ithimíd é go hAlthúgh- adhach an lá roimhe an Trosgadh agus a lá na dhiaidh; Measamuid gur ab é beatha is tádhbhachtuigh agus is mó Oileamhain é, Fáth amháin, fa Seachnamuid é tar bhiadh oile, do chum Ainmhianadh na Colna do chlaoi, nó chum Aithrighe do dheunadh ann ar bPeacaidhibh; agus ni dhúbhairt an tApsdol mór-so riamh, ná Aoin-neach do thuigeas agus do leanas é, gur Teagasg Deamhnuighe an tEidir-dhealbhadh ion- mholta cráibhtheach-so; óir is follas gur dlis- deanach do gach uile Dhuine gach biadh, is mian ris, do sheachnadh mar gheall air shláinte a choirp nó Anma; a deir fós an tApsdol féin; "Ni íosaidh mé Feoil go bráth, ionnas nach dTiúbhrainn Adhbhar Oilbhéime do mo dhearbhráth- air". C. Cionnas do chruthuigheas tu gur an Aghaidh na nEiriceach-soin do labhras an tAps- dol? F. Air tús, cruthuighthear é as an Aít cheud- na, ann a nDeir sé, gur chruthaigh Dia gach uile bhiadh chum a chaithmhe maille re hAltughadh, agus gur maith gach uile Ní dár chruthuigh Dia; deirmid-ne an Ní ceudna, agus ní dhúbhairt acht Eiricigh don tSamhuil-sin atharrach so riamh. Is an dara Feacht, dá mbeith gach Eidir- dhealughadh bídh mídhlisdeanach, do bhiadh an Naomh oirdheirc Eoin baisde ciontach a dTeagasg Deamhan, óir níor ibh sé Fíon ná Deoch láidir;
agus do beathuigheadh é is an bhfásach ré lóc- uistibh agus ré Mil fhiadháin; agus "do tháinic sé" a deir ar Slánuightheoir, "ni ag ithe ná ag ól". Do bhiadh an Fáigh Daniel ciontach, óir a deir sé na thimcheall féin; "ni dheachaigh Feoil nó Fíon ann mo bheul air feadh thrí Seacht- mhuinidh". Do bheidís na Recabitighe agus a Sliocht ciontach; óir tré Aithne an Athar, do sheachnu- dar Fíon do ghnáth; gidheadh is mór do mhol Dia iad, agus do thug sé luach Saothair dhóibh air a shon. Do bheidís na hApsdoil féin agus na Sin- sir ro chiontach; óir ní hE amháin gur sheach- nadar gach biadh dár Foráladh do Dhéibh bréi- ge, Fuil agus Neithe (1) tachtuighthe, acht fós d'Orduigheadar do na ceud Chríosdhuighibh a seachnadh; gidheadh is é an Spiorad Naomh do threoruigh iad is an Ní se. C. Gidheadh, nach nAbrann an Naomh Aps- dol Pól: "Ithidh gach Ní reacthar is an Mar- gadh gan Fiafruighe air bith mar gheall air (2) Choguas"? F. A Deir; óir gidh gur toirmiosgadh an biadh do Foráladh do Dheibh bréige, d'ithe, gi- dheadh níor mhian ris an Apsdol na Críosduighe bheith co Mion-chúiseach sin agus Fiafruighe an (1) múchta. (2) choinsias
ar Foráladh an Damh-so, nó an Laogh-so do (1) Dhéibh bréige suil do tugadh é chum an mhargaidh, o is dearbhtha gur ab é Dia chruth- uigh an biadh féin, do foráladh do Dhéibh bréige, agus go bhfuil sé maith ann féin; acht a deir sé is an áit cheudna, dá ninniseadh Aoin- neach don Chríosduigh, gur toirbhreadh an biadh do Dhéibh bréige, "gur chóir dhó air son Cog- úis, gan a ithe; nach raibh sé tairbheach ná follamhnach;'agus nach ar cheart Adhbhar Oil- bhéime do thabhairt do na hIuduigheadhuibh, ná do na Cinedheachaibh, ná d'Eagluis Dé." Is fada maiseadh ó an Apsdol chur an Aghaidh Aithean- tadh na hEagluise, agus a tá sé comh-fada sin uadha, go nOrduigheann sé dhúinn "Urraim do thabhairt d'ár nUachtaránuibh, agus sinn féin d'ísliughadh dhóibh; óir bíd ag faire, mar a táid chum Cuntuis do thabhairt uathadh air son ar nAnmann". C. Creud é deirir do thaobh an Rádha so an Apsdoil: "Ná damnuigheadh Aoin-neach sibh fá bhiadh ná fá dhigh, ná a dTaobh lae saoire, ná fá'n Rae nuadh, ná a dTaobh na Sabóideadh"? F. Deirim, gur follas as na Foclaibh-se, "Rae nuadh" agus Sábóid, go labhrann sé air an Eidir-dhealughadh do nídís na hIúduighe eidir bhiadh ghlan agus neamhghlan, do réir Aithne Dé is an tSein-Reacht, noch do cuireadh, an Tráth- so, air gCuil go hiomlán, a leith a muigh do (1) Dhéithibh
shíor, mar dúbhradh shuas, d'fuil agus do bhiadh tachtuighe, gé gur reacadh iad sá Marg- adh; óir ni bhfuil so an Aghaidh an Rádha úd an Apsdoil "Ithidh gach Ní reachtar sa Margadh". C. Nach nDeir ar Slánuightheoir féin, nach é an Ní theid a sdeach is an mbeul do shaluigheas an Duine? F. Is deimhin gur ab iad-soin a bhriathra; ach ni bheanuid ré hAdhbhar ann so; agus ni mhaoidhfidh, go dearbhtha, Aoin-neach an Rádh so, noch do bfhéidir a mheas a bheith an Aghaidh gach uile throisge, ach Drung gan Chuing, gan chrábhadh, do bheir láin-réim d'á nAinmhianuibh, agus le ar mhian gach Cosg agus Claon-mhar- bhadh na Colna do tharchuisniughadh; noch do mheallas na Daoine ainbhfhiosach agus anbhfhann, agus mhasluigheas go follasach briathar Dé, ag cur rompa a dheunadh a mach, gur fhoillsigh Críosd gur díomhaoin, agus gur neamhthairbheach Trosgadh do dheunadh; an tan do mholas ar Slánuightheoir Dubh-throsgadh agus Cruadh-chrádh oile Naoimh Eoin baisde, agus gur throisg sé féin dhá fhichiot Lá agus dhá fhichiot Oídhche, do chum sinn-e do mhúnadh; an tan fós innseas sé dhúinn, go bhfuilid Deamh- ain áirighe ann (no Ainmhiana neartmhara) nach féidir a chlaoi ré Ní air bith, acht re hUrnuigh agus Trosgadh; agus go dTroisg- fidís Clann nó Compánuighe an fhir Nuadh- phósda, eadhon, a Dhisciobuil nó a lucht lean- amhna féin, an tan d'imeochadh sé uatha, noch
do rinneadar gan Amhras, Fiadhnuise air, an Ní a deir an Naomh Apsdol Pól, ag sgríobhadh chum na gCoirintineach, na thim- cheall féin agus a dTimcheall luicht theagaisg an tSoisgéil: d'Aon-fhocal, éireochaidh bun- adhas na Sgríbhinne Diagha, Gnáith-chleachtadh shearbhfhóghantuigheadh Dé, fós, leabhar Ur- nuighe Coitchinne Nuaidh Eagluise na Sacson a mbreathamhnuis an Aghaidh na druinge droich- bheusaigh-se, ag ar ab é a nDia a mbolg, agus Damnughadh a gCríoch dhéigheanach. C. Maiseadh, creud is Ciall do bhriathraibh Chríosd? F. Do bhíodar na Sgríobuighe agus na Phair- isinigh, Drong thógbhálach, fhuar-cráibhtheach, ro aireach air a lámha, air a Miasa, agus air a gCupáin do nighe suil do chaithidís biadh ná Deoch, gé go mbídís Taobh a stigh lán do shalchar agus d'Eígceart: do choncadar Dis- ciobuil ar Slánuightheora ag ithe Arain gan a Lámha d'ionnladh, agus fá sin d'imdhearga- dar é go dána; do fhreagair seision, ag rádh; "Ni hE an Ní théid a sdeach ann sa mbeul, shaluigheas an Duine, acht an Ní thig as an mbeul, agus ó'n gCroídhe, is é shal- uigheas an Duine; óir is ó an gCroídhe thigid na Drochsmuaintighthe, Dúnmharbhadh, Adhal- trannas, Stríopachas, Gaduigheacht, Fiadh- nuise bhréige, etc. is iad so na Neithe shal- uigheas an Duine; acht biadh d'ithe le lámhaibh gan ionnladh, ni shaluigheann sé an Duine".
A nois is follas, nach nAbrann ar Slánuigh- theoir Aoin-ní ann so an Aghaidh an Troisge, nár cuireadh air bun acht chum leoirghníomha do dheunadh, nó chum Sriain do chur ris na hAinmhianaibh-se do shaluigheas an tAnam; óir tairéis gur labhair Críosd na briathra reumhráidhte, do shaileochadh ithe, Muic-Fheola Anmanna na nApsdol agus an chinidh Iúduighe uile; do Saileochaidhe na Ceud Chríosduighthe tre ithe Fola, na Feola tachtuighe; agus biodh go bhfuil gach uile bhiadh glan ann féin, gi dheadh, salchaidh Caitheamh an bhidh, a tá toirmisg- the, an tAnam; amhuil do shaluigh an tUbhall Anam Adhaimh; agus mar shaluigheas iomar- caidh Díghe an Fear Meisge. Dá bhrigh sin, is é is Ciall do bhriathraibh ar Slánuightheora, agus an tOideas íocshláin- teach is cóir dhúinne, do bhuain asda, gur díomhaoin dúinn ar gCorp do ghlanadh, nó fós Trosgadh nó Saoire do choimheud; go mbiadh ar dTrosgadh adhfhuathmhar a Láthair an Tighear- na; agus gur féidir ar dTrosgadh do chur a gComhmórtus ré Trosgadh na nDeamhan, nach gCaitheann biadh ná Deoch, muna nDeu- nam dá ríribh Dithchioll air an gCuid is tábhachtuigh don Dligheadh do choimhlíonadh; mar a ta Srian do chur ré ar nAinmhianuibh, ar gCroidhthe do ghlanadh, agus ar gComharsa do ghrádhughadh etc. ach gidh gur ab é an Trosgadh air pheacadh an tArd-throsgadh ó nach bFuil Saoirse ná Faoisiughadh an Am air bhith re
fághail, gidheadh deir Críosd, gur "cóir dhúinn an chuid is tábhachtuigh don Dligheadh do dheu- nadh, agus gan an chuid oile d'fhágbháil gan Deunadh; óir an Té a tá ionnruic an sa Ní is lúgha; a tá sé mar an gCeudna ionnruic sa Ní is mó; agus an té a tá eugcórach sa Ní is lúgha, a tá sé fós eugcórach an sa Ní is mó". C. A nois gidh do chím go soilléir, gur dlis- dionach agus gur ionmholta Trosgadh do dheu- nadh, agus biadh áirighe Fós do sheachnadh; gidheadh ni maith is léir dhamh gur ab shéidir don Eagluis Aithne do thabhairt dhúinn fá throsgadh do dheunadh. F. D'orduigh an Eagluis Iúduighe Trosgadh go minic, d'aithin Muintir Ninive don bheag agus don mhór Trosgadh do dheunadh; For- fhuagraid agus orduighid air uairibh Nuaidh- Eagluisi na Sacson agus na Hollónda Tros- gadh; is follas dá bhrigh-sin, gur ab ughdar- rásuigh iona sin, is féidir don Eagluis Cha- toilice, ria a nDubhairt Críosd, "Gidh bé air bith Neithe do cheagaltaoi air Talamh, biad siad ceangailte air Neamh, agus gidh bé air bith Neithe do sgaoilfidhe air Talamh, biad siad sgaoilte air Neamh", a chur d'Ualach oruinn Trosgadh do dheunadh, air lorg Choimh- thionóil Ierusalem, noch d'aithin do na Ceud Chríosduighibh Fuil agus Feoil thachtuighe do sheachnadh. C. Cia a tá saor o'n Trosgadh?
F. Daoine tinne, Sean-daoine lag-bhríoghach, Daoine óga nar sháruigh bliaghain air fhithchid, Mná trom-thorracha, agus Lucht Mór-oibre. C. Ca hUair is cóir an Aon-chuid do dheu- namh? F. Timchioll an mheodhan Lae, nó gach Aon- am na dhiaigh. C. An bhfuil an Deoch toirmisgthe an Aim- sir an Troisge? F. Ní measdar go coitchionn, gur briseadh Troisgidh Deoch bheag ré hAntart, ré hAnbh- fhainne, nó ré Fír-riachtanas; gidheadh ní hinmheasda, go bhfuil sé ceaduigheach suidhe síos, na seasadh a mbun Oíl, tré Ainmhian na Dighe, nó mar gheall air chomhluadar, air chaitheamh Aimsire, nó air ghnothaighe Saogh- alta. C. Creud fa measann tú go bhfuil Olachán gan Fír-riachtanas, an Aghaidh an Trois- gidh? F. Do bhrígh gur mó bhrosduigheas agus ghríosuigheas Deoch bhríoghmhar Ainmhian na Colna, iona biadh; agus fós do bhrígh gur órduigh an Eagluis an Trosgadh, chum go smaichteochamaois ar nAntoil, agus go nDéan- fadhmaois, ag fulang Tairt agus Ocrais, Aithrighe agus Leoir-ghníomh air Son ar gCion- tadh. Ós a chionn sin, a tá Olachán gan Riach- tanus air bith, an Aghaidh na Measardhachta. C. An bhfuil sé ceaduigheach Oileamhain air bith do chaitheamh leith a muigh do'n Aon-chuid?
F. Ní toirmisgthear (1) Mion-chuid ró mheas- ardha do chaitheamh go mall san Oídhche, nó a dTráthnóna an Lae fhada: acht ní cóir Feoil, iasg, Uigheacha, ná báin-bhiadh air bith d'ithe air an nGann-chuid-si, gan Cead o'n Uachta- rán Cille, no gan gnás re bhfuil Ughdurrás go leor. (1) Coláision. AN TREAS AITHNE. Na tomhail Feoil air do (1) Phroinn, Dia hAoine na dia Sathroinn. C. Creud f'ár hToirmisg an Eagluis Feoil d'ithe dia hAoine agus dia Sathroinn? F. Do chum nach mbeith aoin tSeachtmhuin saor ó Oibribh na hAithridhe; agus fós a gCuimhne bháis ar Slánuightheora dia hAoine, agus a bheith dhó an san Uaigh dia Sathroinn. (1) Chuid, Mhéile.
AN 4 AITHNE. Trá bhiotha Síor ná biodh sibh Aoin-bhliaghain gan fhaoisidin. C. Creud é an tUalach nó an Coinghioll chui- reas an Aithne-si orainn? F. Faoisidin do dheunamh ionn ar bPeacaidhibh uair sa mbliaghain, an chuid is Lugha dhe. C. Cia lé ar cóir dhúinn ar bhfaoisidin bhliagh- antamhuil do dheunamh? F. Lé ar Sagart féin, nó re Sagart air bioth eile, ag a mbídh Cumhacht agus Cead an fhaoisidin-se d'éisdeacht. C. Cia hE ar Sagart féin? F. Ar nEasbog, nó ar Sagart Parrois- de, an Aon-fhocal, ar nAodhaire, cidh bé air bioth is Gairm dhó; óir is air ar nAodhaire a tá d'Ualach ó Dhia agus ó'n Eagluis, a threud do choimheud go hAireach, a threorughadh chum na beatha síorruidhe, agus do bheathu- ghadh go dúthrachtach ansa tSlíghe chum na bheatha úd, ré bréithir Dé, agus ris na Sácramuintibh. C. Creud é ar nDualgas do thaobh ar dTreu- duighe nó ar Sagairt féin? F. A tá d'fhiachaibh orainn Umhlacht agus
Urraim do thaisbeánadh dhó, a theagasg agus a Aifrionn d'éisdeacht go minic, agus a chomhairle do leanmhain go diothchiollach. C. Cá hAois ann a bhfuil d'fhiachaibh oruinn Faoisidin do dhéanamh? F. An tan do thiogmaoid chum Tuigse Uilc agus Maitheasa, agus do thuitmíd a bPea- cadh. C. An dearbhtha nach bhfuil d'Ualach oruinn a dhul chum Faoisidine, acht Aon-uair amháin sa mbliaghain. F. Ní bhfuil ní as mó d'fhiachaibh orainn ó'n Eagluis; gidheadh, is Duine fír-leamh gan chéill gan (1) choguas an Peacach, do chuir- feadh a Leas air Cáirde ó Lá go Lá, agus ó sheachtmhuin go Seachtmhuin: an tan a tá air a Láimh féin, maille ré Grásaibh Dé, Aithridhe agus Faoisidin do dhéanamh; agus fós is ró bhaoghlach, agus is gnáthach, Gur lochtach Faoi- sidin na Druinge díthchéillighe, nach nDeunann í acht Uair nó dhó sa mbliaghain. (1) Coinsias.
DO'N CÚIGEADH hAITHNE. Corp Críosd o'n Domhnach ria gCáisg; Glac Lá éigin go Mion-cháisg. C. Creud orduigheas an cúigeadh hAithne dhúinn? F. Orduighe sí dhúinn Comaoineach do ghlacadh go cráibhtheach an Aimsir na Cásg ó ar Sa- gart Parroisde, nó ó ar nAodhaire, gidh bé air bioth é. C. Creud í an Aois ann ar cóir dhúinn Naomh-chorp Chríosd do ghlacadh? F. An tan do thigmíd chum Críonnachta agus Tuigse; acht ní foláir an Teagasg Críosduidhe d'foghluim roimh-rae go maith. C. Creud í an cháin do chuireas an Eagluis air an té, nach gCoimhlíonann an Aithne-si agus an Aithne, air ar labhradh go déighea- nach? F. Orduighe sí a dhíbirt as Tigh na hEagluise, agus gan Adhlacadh Críosdamhuil do thabhairt dhó. Gidheadh ní thuiteann an Coinneall-bháthadh- so air an té do chuireas an tAodhaire air Cáirde, chum Aithridhe do dheunamh, agus chum é féin d'ullmhughadh mar is cóir. C. An bhfuil d'fhiachaibh oruinn Comaoineacha do ghlacadh acht Aon-uair amháin sa mblia- ghain?
F. Ní chuireann an Eagluis ní is mó iona sin d'Ualach orainn; gidheadh, brosduighe sí sinn chum Naomh-choirp ar Slánuightheora do ghlacadh go minic, maille ris na Coingiollaibh a tá riachtanach. C. Creud Fá mbrosduígheann an Eagluis sinn chum na Naomh-shácramuint-se do ghlacadh go minic? F. Do bhrígh gur mór an Toradh do gheibhthear as an Oileamhain neámhdha-sa; agus gur baoghlach nach mór an tSuim do chuireas an té úd a Sláinte a Anma féin, nach dTaithigheann biadh na beatha síorruidhe, acht Uair nó dhó sa mbliaghain. C. Creud é toirmiosgthar ris an seiseadh hAithne? F. Banais Phósda do dheunamh ann Aimsir na hAidbheinte, agus an Chorghais. C. Creud fár thoirmisg an Eagluis banais Phósda do dheunamh an Aimsir na hAidbhente agus an Chorghais? F. Do bhrígh gur chinn sí na hAimsiora-so d'Urnaigh agus d'Aithrighe. C. An eadh nach ar aithin an Eagluis an Deachmhaidh do dhíol? F. D'aithin gan Amhras; acht ni Féidir dhúinn a niugh, a díol ré ar gCléir féin: gidh- eadh a tá d'fhiachaibh oruinn ar gCliar do choth- ughadh agus do chongbhál suas air mhodh éigin eile; óir órduighe ar dTighearna beatha do thabhairt do'n Druing fhriothólas an Altóir,
agus fhoillsigheas an Soisgeul. C. An bhfuil d'fhiachaibh oruinn Aitheanta air bioth eile do choimhlíonadh? F. A tá d'Ualach oruinn Dualgas aíridhe ar gCeirde, nó ar nGarma do choimhlíonadh. C. An bhfuil d'fhiachaibh oruinn Fios dhualghais ar gCeirde nó ar nGarma do bheith aguinn? F. A tá go deimhin; óir is ro annadh is inleithsgéil Ainbhfhios do'n tSamhuil-si. C. Nach dTug ar Slánuightheoir leith a muigh do na hAitheantaibh, Comhairleacha áirighe dhúinn, dá nGoirthear Comhairleacha an tSois- géil? F. Do thug sé trí Comhairleacha bunáiteacha dhúinn. 1. Bochtacht thoiltionach, is é sin, gach uile Ní saoghalta do thréigion, chum Críosd do lean- mhuin. 2. Maighdeanus, nó geanmnuigheacht fhíor- ghlan go hEug, eadhon, diúltadh go hiomlán d'Aiteas agus do shámhus na Colna. 3. Urraim dheontach do thoil Dhuine eile, ann gach uile Ní nach bhfuil na pheacadh; ionnus go nDiúltfamaois, mar so, ní as iomláine d'ar dToil agus d'ar gClaontaibh féin.
AN 11 LÉIGHIONN. Do'n Pheacadh. C. Creud is Peacadh ann? F. Easumhlacht an Aghaidh Aitheantadh Dé, na hEagluise, nó na nUachtarán. C. An éigion an Peacadh do sheachnadh, ós Cionn gach uile Neithe? F. Is éigion: óir ní bhfuil Urchóid air bioth co mór ris. C. Creud é an Fáth? F. Do bhrígh gurab é an Peacadh amháin do ní Námhaid dhínn do Dhia, agus do dhamnuigh- eas sinn go síorruidhe. C. Ca mhéid Cineul Peacaidh ann? F. Dá chineul, eadhon, Peacadh na Sinnsior, agus Peacadh Gníomha. C. Creud is Peacadh na Sinnsior ann? F. A tá Peacadh, ionn a nGeintear sinn uile, tré Easumhlacht ar gCeud Athar Adhaimh. C. Creud iad na hOilc do thig dhúinn as? F. Bás cinnte, iomad Saothair agus Eas- láinte, Claonadh agus Eusguigheacht chum Oilc, Spadántacht agus Dócamhul Deágh-oibreacha do dheunamh; agus fa dheoigh (1) Damnughadh (1) Damuint
síorruidhe, muna nGlanaidh an baisdeadh sinn. C. Creud is Peacadh Gníomha ann? F. A tá an Peacadh do nímid féin, mur a tá breug, gaduigheacht, etc. C. Cá mhéid Modh air a nDeuntar Peacadh Gníomha? F. Air ceithre mhodh, eadhon, le Smuaineadh, le bréithir, le Gníomh, agus le Mainneachtnaigh nó Faillighe. C. Cia hiad na lochta is baoghluigh air bioth? F. Peacaidhe na Faillighe, air an Adhbhar go mbíd ní as Foluighthe, agus gur lúgh cuirthear a Suim iad iona Lochta eile. C. Cia dá nGoireann tú Peacadh Main- neachtnaigh nó Faillighe? F. Do'n Pheacadh do nímid ag léigean ar nDualgais faoi lár gan deunamh, amhuil mur a tá Peacadh an Athar agus na Máthar nach múineann agus nach smachtuigheann go dith- chiollach a gClann agus a dTeaghlach; nach gCuireann d'Ualach orrtha Urnaigh Neoin agus Maidne do dheunamh, Aifrionn d'éisdeacht air Laethib Saoire, an Teagasg Críosduidhe d'fhogh- luim go beacht. C. Tabhair dhúinn Cosamhlacht oile do'n tSamhuil-sin? F. Peacaidhid go trom an Chlann nach nDeunann Toil an Athar agus a Máthar; nó nach gCuidigheann leo ionn a leatrom agus ionn a nArsuigheacht. Peacaidhid mar an gCeudna na Searbh-
fhóghantaidhe nach saothruigheann go dúthrachtach a dTuarasdal, nó a (1) Luach Saothair. (1) Paghaidh. AN 12 LÉIGHIONN. Do'n Pheacadh Mharbhtha agus hSologhtha agus do'n Mheodhain ré seachantar iad. C. Ca mhéid Cineul Peacaidh Gníomha ann? F. Dhá chineul, eadhon, Peacadh Marbhtha agus Peacadh Sologhtha. C. Creud is Peacadh Marbhtha ann? F. Peacadh, ré gCaillmíd Grása agus Grádh Dé, agus tré dTuillmid dhúinn féin Damnughadh síorruidhe ionn Ifrionn. C. Creud fá dTugthar Peacadh Marbhtha air? F. Do bhrígh go marbhann an tAnam. C. Cionnas sin, agus go bhfuil an tAnam neamhmharbhtha? F. Air an Adhbhar gur (1) f'an bPeacadh do chailleas an tAnam Grása Dé, noch is beatha spioradálta dhó. C. An féidir Neach do dhamnughadh fá Aon- pheacadh Marbhtha amháin? (1) thrés an.
F. Is féidir go cinnte: agus do damnuigh- eadh na Deamhain fá Aon-dhroch-Smuaineadh amháin. C. Creud is Peacadh Sologhtha ann? F. Peacadh éadtrom, tré nach gCailltear Grása Dé; acht laghduighe sé a ghrádh ionn ar gCroidhe. C. An cóir dhúinn an Peacadh Sologhtha do sheachnadh? F. Is cóir dhúinn a sheachnadh, do bhrígh go laguigheann agus go gClaonann an Toil chum an pheacaidh mharbhtha; agus fós do bhrígh go laghduigheann sé Grása Dé, agus go dTuil- leann dhúinn Piana troma, noch is éigion dhúinn d'fhulang, a bPurgadóir, mura nDeu- nam Leoirghníomh sa tSaoghal-so. C. Ca mhéid Ceinn-pheacadh Marbhtha ann? F. A seacht, eadhón, Díomas, Saint, Drúis, Tnúth, Craos, Fearg agus Leisge. C. Creud fá nGoirthear Ceinn-pheacaidhe Marbhtha dhíobh? F. Do bhrígh gur ab iad so Tiobruid agus (1) Preumha gach uile Pheacaidh oile. (1) Freumha.
DO'N DÍOMAS. C. Creud is Díomas nó Uabhar ann? F. Grádh iomarcach an Duine air féin, agus Fonn ainmheasarrdha a bheith ós Cionn cháich eile. C. An mór an Peacadh an tUabhar? F. Ní bhfuil Peacadh air bioth is taosga, is mó, agus is baoghluigh iona é; óir is sé Peacadh na nDeamhan agus an cheud Duine é; is air is deacra dhúinn sinn féin do choi- mheud, agus is air is déighionaigh do bheirmid buaidh. C. Cá mhéid Cineul Uabhair ann? F. A ceathair; air tús, Ollás, nó baosradh do dheunamh ré Smuaineadh, ré bréithir, nó ré Gníomh, fá thiodhlaicibh air bith Coirp nó Anma, dá bhfuil againn. 2. A mheas gur fíu sinn Tíodhlaice air bioth d'fághail ó Dhia, nó go bhfuilid Fiacha air bioth aguinn air. 3. Dúil do bheith againn, go measfadh Cách eile, go bhfuilid Subháilceadha nó Tréithe aguinn, nach bhfuil air Aon-chor aguinn. 4. Tarcuisne nó Mímheas do thabhairt d'Aoin- neach. C. Creud iad na Peacaidhe, do thig go hAírighe ó'n Uabhar? F. Ge gur ab é an Díomas Tobar gach uile
Pheacaidh; gidheadh, a táid Peacaidh aírighe ann, noch do shileas go fíor-ghar uadh; mar a táid glóir dhíomhaoin, Easumhlacht, Rún Díoghaltais, é féin do mholadh, gan Riachta- nas mór; Fuar chrádhbhadh, noch is Peacadh ró ghráineamhail a Láthair Dé; Comórtus, An- chaint, Cáineadh, agus gach Aimhreíteach nó Imreas, nach dTosuighthear, agus nach gCo- thuighthear maille ré Riachtanas, ré Fírinne agus ré Carthunnacht: Cruadh-mhuinéalacht, nó Aincheangal d'a bharamhuil agus dá chomhairle féin, gan mórán Céille; Aírd-mheanmna, Mórdháil, Aírd-mhiangus. C. Creud is leigheas do'n Uabhar? F. Umhlacht nó Uirísle. C. Creud is Umhlacht nó Uirísle ann? F. Subháilce, do bheir dhúinn Mímheas do bheith aguinn orúnn féin; gan Meas nó Modh d'iar- raidh air chách eile; gan Aoin-neach do thar- cuisneadh, agus Tarcuisne agus Míomhodh d'fhulang go foighideach, soineanta. C. An bhfuil an Uirísle riachtanach? F. A tá sí co riachtanach-sin, nach féidir Aoin-neach do shlánughadh gan í, do réir Rádha ar Slánuightheora IOSA CRÍOSD féin.
DO'N tSAINT. C. Creud is Saint ann? F. A tá Grádh ainmheasarrdha air mhaoin shaoghalta. C. Cá hUair bhíos Grádh an tSaoghail ain- mheasardha? F. An tan a bhíos Croidhe an Duine ceang- ailte ionn. C. Cionnas is féidir aithneadh, go bhfuil an Croidhe ceangailte do'n tSaoghal? F. Aithnidhear é ré Comhartha éigin do na ceithre Comharthaibh-si: air dTús, an tan a bhíos Neach anluathgháireach fa na bheith a Seilbh Aoin ní saoghalta, nó ró dhoilghíosach fa Aoin-ní do chailleadh. 2. An tan do sholáthras, nó do choingmheas Neach Ní air bioth go hEugcórach. 3. An tan iarras Duine Neithe saoghalta go hAmplach, nó do choingmheas iad go hAn- toileamhail. 4. An tan nach bhfuil déirceach ris na boch- taibh, do réir a Acfuinne. C. Cionnas aithneochas Duine, nach bhfuil a chroidhe ceangailte san tSaoghal? F. Air dheunadh gach uile Ní a tá contrár- dha do na Comharthaibh air ar labhramar a nois. C. Más fíor sin, is annadh Duine, nach bhfuil santach.
F. Is ró annadh; óir is Duine santach gach aon, a tá ceangailte d'a chuid do'n tSaoghal- so, gé gur dlisdionach do fuair é. C. An féidir do'n bhochtán a bheith santach? F. A tá an té is boichte air bioth santach, ma ghrádhuigheann sé an Saidhbhrios nach bhfuil aige; nó ma mheasann sé gur míorathamhúil dhó bheith bocht, agus ma bhíonn míofhoighideach fá'n mbochtacht. C. An Peacadh trom an tSaint? F. Is eadh go cinnte; óir a deir an Spiorad Naomh, gur ab í an tSaint Préamh gach uile Oilc; agus go hAírighe an Mhíochoinghill, na mbreug, na Mealtórachta, na Mionnadh Eíthidh, an fhoiréigin, an bhuairidh intinne, an chrua- dhais Croidhe do thaobh na mbocht. C. Creud is leigheas do'n tSaint? F. Féile agus Urnaigh. C. Creud is Féile ann? F. Subháilce do dhealuigheas ar gCroidhe ó Neithibh talmhuighe, agus do chuireas Fonn oruinn ar Maoin do roinn go fialmhar, ní ré lucht Sóigh nó Saidhbhris, acht ris na bochtaibh. C. Cionnas is leigheas an Urnaigh an Aghaidh na Sainte? F. An mhéid gur tré Urnaigh dhúthrachtaigh do gheibhthear Grása, agus Subháilce na Féile ó Dhia. C. An maith an Urnaigh, smuaineadh air an mbás?
F. Is fíor-mhaith, ma smuainimid air go grinn agus go minic: cuirfe an bás an umhail dhúinn, gur ab éigion sgaradh re gach uile Ní talmhuighe. "Ní thugamar Ní air bioth linn air an tSaoghal-so, agus is follas nach féidir linn Aoin-ní do bhreith as". DO'N DRÚIS. C. Creud is drúis ann? F. Fonn Pheacaidh na Colna, Peacadh gráin- eamhail, nach cóir urad agus a ainmniughadh amháin a measg Críosduidheadh. C. Cá hUair do bhíos Neach cionntach ansa bPeacadh fhuathmhar-so? F. Do labhramar air so go Foirleathan, ag míniughadh na seiseadh agus na naomhadh hAith- ne; uime sin, ní beag a rádh a nois, go mbídh- thear cionntach ann, ní hE amháin, gach Uair do ní Neach an gníomh, acht fós, an tan éis- deas, fheuchas nó smuainigheas dá dheoin, maille ré Aiteas nó Sámhas, air Ní air bioth, do ghluaiseas Duine air Aon-chor do chum an phea- caidh ghráineamhail-si. C. Creud í an tSubháilce ré gClaoitear an Drúis? F. An gheanmnuigheacht. C. Creud is Geanmnuigheacht ann? F. Gloine Coirp agus Anma, Suibháilce Aing- lighe, do bheir Dia do Lucht na hUrnaighe, na hUmhlachta agus na hUirísle.
DO'N CHRAOS. C. Creud is Craos ann? F. Fonn mímheasardha bídh nó Díghe. C. Cá hUair thuiteas Neach a gCraos? F. Air Tús, an tan itheas, nó ólas sé iomarcaidh. 2. An tan do bhíos ainchíocrach. 3. An tan do chosnas a chuid bídh agus Díghe Anmhórán dhó, agus nach biadh sé sásda gan Togha bídh agus Díghe. 4. An tan do ní iomarcaidh bídh, nó Díghe tinn é. C. Creud í an ghné do'n chraos is measa agus is milltighe? F. Meisge. C. Creud is Meisge ann? F. Olachán re a gCailleann Neach Aon-chuid d'a cheill, nó d'a cheudfaidhibh. C. An bhfuil an Craos na pheacadh ro throm? F. A tá; óir a deir an Spiorad Naomh, gur ab é a mbolag is Dia do lucht an chraois, agus gur mhallaigh Dia iad. C. Cionnas do claoitear an Craos? F. Le Measarrdhacht. C. Creud is Measarrdhacht ann? F. Subháilce do chuireas Srian re hAntoil chum bídh agus Díghe agus fós ré gach Ain- mhian oile.
DO'N TNÚTH. C. Creud is Tnúth ann? F. Doilgheas fa mhaith shaoghalta nó spiora- dálta na Comharsan, nó Luathgháire fa na díoghbháil nó fa na Leathtrom. C. Creud is Adhbhar do'n Tnúth? F. An tUabhar Adhbhar is líonmhaire dhó; óir is uime bhíos Doilgheas orainn fa mhaith, nó Luathghaire fa Leathtrom na Comharsan, do bhrígh go saoilmid go laghduigheann Maith agus Agh na Comharsan ar Meas féin, agus go meudaigheann a Donas agus a Míodhágh é. C. Creud fár riachtanach dhúinn Fuath mór do bheith aguinn air an bPeacadh-so? F. Do bhrígh gur ab é, do ní comh-chosmhail sinn ris na Deamhnaibh nó droichspioraduibh, do bhíos ag sír-shiuibhal chum Urchóide do dhéa- namh Dhúinn-e; óir is ionann leo agus a mbás, an Duine do bheith ní as sona agus ní as seunmhaire ioná iad féin. C. Creud í an tSubháilce ré a gClaoitear an Tnúth? F. Searc-chomann nó Grádh na Comharsan. C. Creud is Searc-chomann ann? F. Maith do dheunamh agus d'iarraidh do'n chomharsain, mur budh mhian linn Cách eile do dheunadh dhúinn féin. C. Creud í an tSubháilce eile ré a gClaoi-
tear an Dubháilce ghráineamhail-si? F. Ré hUmhlacht; óir gidh be Duine bhíos umhal, ní ghoilleann air a chomharsa do bheith ní as saidhbhre, ní as fodhlumtha, agus ní as (1) measamhla ioná é Féin. (1) déigh-mheasda. DO'N FHEIRG. C. Creud is Fearg ann? F. Gluasacht ainmheasardha nó (1) anlasán- ta an chroidhe an Aghaidh na nDaoine nó na (2) Neitheann nach dTaithnigheann rinn. C. Nach féidir Gluasacht lasánta do bheith gan pheacadh? F. Is féidir, an tan gur chum Maitheasa do dheunamh nó chum Uilc do thoirmeasg do ghlacas Duine Fearg mheasardha. C. Cá hUair is cóir an Lasán measardha- so do thaisbeánadh? F. An tan bhíos Cosumhlacht, go rachadh a Sochar d'Aoin-neach; acht is cóir a bheith ró choimheudach, d'Eagla gur mó an tOlc do dhéan- fadh ioná an mhaith. C. Creud iad na lochta do geintear o'n bhfeirg? F. Fuath, Námhadus, Miosguis, Ciapáil, Díoghaltus, Cuthach, (3) Gártha, bagairt, (1) ainigidhe. (2) Neitheadh. (3) Collóid
Ceannairg, Masla, Cáineadh, Mallughadh; bruighin, bualadh, Marbhadh agus Dúnmharbhadh; noch a tá go léir na bPeacaidh troma a láthair Dé. C. Creud í an tSubháilce re gClaoitear an fhearg? F. Foighid. C. Creud is Foighid ann? F. Fulang deontach gach Eugcóra gach Cruaghóige, gach Ainneise, gach buaidheartha, gach Saothair agus gach bochtaine air Son Dé, amhail do rinne Críosd. C. Creud oile is Leighios air an bhfeirg? F. Gach uile Ní do bhreathnughadh agus do dheunamh go céillighe, ceudfadhach maille ré Súilibh agus ré Solas an chreidimh; agus Grása Dé iarraidh go dithchiollach chum so do dheunamh. DO'N LEISGE. C. Creud is Leisge ann? F. A tá Fallsacht agus Spadántacht do bheir orainn (1) Gnothuighe Dé do léigeann dínn, nó a nDeunamh go mall, mainneachtnach. C. Ca hUair bhíos Neach cionntach a bPeacadh na Leisge? F. Air dTús. An tan nach dTugann sé Aire mhaith dá fhíor-ghnothuighibh féin. (1) Seirbhís.
2. An tan nach nGlacann Neach Saothar chum (1) Feasa gach Neithe is riachtanach do gach Críosduidhe, nó do bheanas d'a ghairm bheata, do bheith aige; nó an tan nach gCuireann a nGníomh ná dTairbhe an tEolas a tá aige. 3. An tan eitigheas sé an ghairm chum ar ghoir Dia air, agus a fhios só aige. 4. An tan bhíos (2) tabhartha do Dhíomhaoi- neas, d'fhallsacht nó do cholladh fhada. 5. An tan do chaitheas sé a Aimsir lé Nei- thibh gan Suim gan Tábhacht, mar a tá Cuar- tuigheacht, Comhrádh gan Tairbhe agus imirt. 6. An tan bhíos Neach faillidhtheach a (3) nGno- thuighibh Dé, agus nach nDeunann Dúthracht chum buadha do bhreith air a Lochtaibh, nó chum dul air Aghaidh ansna Subháilcibh. C. An Peacadh mór an Leisge? F. Is Peacadh í thuilleas Teine ifrinn, mar a deir ar Slánuightheoir. C. Creud í an tSubháilce ré a gClaoitear an Leisge? F. Ré Caon-dúthracht. C. Creud is Caon-dúthracht ann? F. Dithchioll diagha agus (4) Griongal cráibh- theach timchioll ghnothuighe Dé, agus gach Gno- thuighe bheanas d'ar nGairm agus d'ar nDual- gas. (1) Fis. (2) tugtha. (3) Seirbhís. (4) Cúram.
C. Cionnas aithneocham, go bhfuil an tSu- bháilce si aguinn? F. Ní bhfuil Comhartha air bioth is feárr ioná ar nDualgas do choimlíonadh go hEasguidh, soilbhir. AN 13 LÉIGHIONN. Do na Peacaidhibh bhíos an Aghaidh an Spioraid Naoimh. C. Cá mhéid Peacadh an Aghaidh an Spioraid Naoimh? F. A sé: Air dTús, Eudóthchas Slánuighthe. 2. Andóthchas as Trócaire Dé. 3. Cur an Aghaidh na Firinne as a Riocht. 4. Iomthnuth fa mhaith spioradálta dhuine oile. 5. Calcadh air Staid Peacaidh. 6. Neamh-aithrighe (1) fá dheoigh. C. Creud is Eudóthchas ann? F. A tá Míomhuinighin as Trócaire agus as Cumhacht Dé, agus fós as luaigheacht IOSA CRÍOSD; amhuil agus nach mbéidis neart- mhar go leor, ré ar slánughadh. C. Creud is Andhóthchas ann? F. Muinighin leamh as Trócaire Dé, amhuil agus go sláineochadh sé sinn gan deágh-oibribh, nó gan beinn air bith air na hAitheanta do (1) dhéigheanach
choimheud; mar a tá ag an Dream do mheasas go sláineochthar iad ré Creideamh amháin, gan Deágh-oibreachaibh. C. Creud é sin, cur an Aghaidh na Fírinne as a Riocht? F. (1) Tagra go dalba an Aghaidh Aon-ailt Creidimh go bhfios dhúinn; nó Slíghe an Tighear- na do chur air Anáird ré Saoibhchiallaibh agus ré breugaibh; mar do níd an Drong do thea- gasgas do na hAinbhfhiosánaibh, go dTugaid na Catoilicighe an Modh agus an Onóir a dligh- thear do Dhia amháin, d'iomháighibh, do Naomhaibh agus d'Ainglibh; nó go dTugann an Pápa, air Airgiod, Cead dhúinn gach Peacadh, is áill linn, do dheunamh: gidh a tá hSáirfhios aca nach féidir breuga air bith, is mó iona an tiomlán díobh-so, do chumadh. C. Creud thuigeas tú ré (2) hiomthnúth fá mhaith spioradálta Dhuine oile? F. Doilgheas agus brón fá Neach oile dhul air Aghaidh ansna Subháilcibh; mar is gnáthach ré gach Dream bhíos ag fonómhuid agus air na mbuaidhreadh fá liacht Trosgadh, Urnaigh, Saoire, Déirc agus Naomh-ghnás oile da bhfuil san Eagluis. C. Creud chialluigheas Calcadh a bPeacadh? F. Comhnuige agus Cruadhughadh go toiltea- nach is an Olc, ag rioth ó pheacadh go Peacadh (1) Aighneas ceinn-treun. (2) Tnúth, Formad
tar éis Teagaisg agus Comhairle go leor d'fhághail. C. Creud is Neamhaithrighe fá dheoigh ann? F. Bás gan faoisidin nó fíor-aithrighe ann ar bPeacaidhibh. C. Creud fá nDeirthear, nach maithtear choídhche na Peacaidhe an Aghaidh an Spioraid Naoimh ann sa tSaoghal-sa ná ann sa tSaoghal oile. F. Do bhrígh gur ró dheacair Maithfeachus d'fhághail ionta; óir is ró annadh do níd Cách Aithrighe fhírinneach ionta. C. Is féidir mar sin ré Dia agus ris an Eagluis a maitheadh, má nímid Aithrighe fhírin- neach? F. Is féidir gan Amharus, an tiomlán, leith a muigh do'n Neamhaithrighe fá dheoigh. AN 14 LÉIGHIONN. Do na Peacaidhibh éigheas air Dhia ag iarraidh Díoghaltais. C. Cá mhéid Peacadh éigheas air Dhia ag iarraidh Díoghaltuis? F. Ceithre Peacaidh. C. Creud é an ceud pheacadh? F. Dúnmharbhadh toilteanach. C. Creud é an dara Peacadh?
F. Peacadh Sodoim, eadhon, Drúis ádhfhuath- mhar, mhíonádúrtha na Colna. C. Creud é an treas Peacadh? F. Daoirse na mbocht, eadhon, leathtrom nó Eugcóir do dheunamh air bhaintreabhachaibh, air Dhílleachtaibh, nó air íochtaránaibh. C. Creud é an ceathramhadh Peacadh? F. A dTuarasdal do chongbháil ó Lucht Oibre. C. Nach féidir do Neach a bheith rannpháir- teach agus ciontach a bPeacadh Dhuine oile? F. Is féidir gan Amharus; óir is cinnte go bPeacuigheann gach Duine, do chomhairligheas, iarras, aontuigheas, mholas nó do bheir Cead an Peacad do dheunamh. Peacuighe fós an Té bhrosduigheas Neach eile chum Uilc; do chuidigheas a dhéanamh; do chosnas é, nó nach dToirmis- geann é, an tan a tá sé air a Láimh agus d'fhiachaibh air a chosg. C. Creud is cóir dhúinn do dheunamh chum na bPeacaidheadh ádhfhuathmhara air ar labhra- mhar, agus gach Peacadh marbhtha oile, do sheachnadh? F. Is cóir Cionfátha nó Siocair an Phea- caidh do sheachnadh; na Sacramuinte do thathai- ghe, agus na Subháilcighe-si a tá contrárdha dhóibh do leanmhuin, iodhón, Umhlacht, Féile, Geanmnuigheacht, Grádh, Measardhacht, Foi- ghid, agus Caon-dúthracht no Crábhadh. C. Creud eile do ní tú, chum nach dTuitfeá a bPeacadh?
F. Do bheirim fa deara go bhfaiceann Dia mé; smuainighim fós air Pháis ar Slánuigh- theora IOSA CRÍOSD, agus air cheithre Críochaibh déigheanach an Duine. AN 15 LÉIGHIONN. Do cheithre Críochaibh déigheanach an Duine. C. Creud is ceithre Críocha déigheanach ann? F. Bás, breitheamhnas, ifrionn agus Flai- thios. C. Cionnas is cóir dhúinn smuaineadh air an mbás? F. Is cóir dhúinn, Air dTús, a smuaineadh agus a chreideamh go daingion, gur ab éigion dhúinn go cinnte bás d'fhághail. 2. Go bhfuil an Uair, an Aít, agus an Modh air a bhfuigheam bás neimhchinnte. 3. Go nAithnigheann Dia dhínn a bheith ullamh, agus air ar gCoimheud a gComhnuighe; agus go nDearbhann dhúinn, go dTiugfaidh an bás, gan fhios agus gan mórán Moille, air an Druing dhíth-chéillighe do chodlas agus do chomhnuigheas is an bPeacadh. 4. Nach bhfuigheam bás acht Aon-uair amháin. 5. Gur ró chosmhuil, go bhfuigheam bás amhail
do chaithfeam ar mbeatha; má chaitheamuid í air Staid na nGrás, go bhfuigheam bás, do réir Lánchosamhlachta, air Staid na nGrás; nó más air Staid an pheacaidh do chaithfeam ar mbeatha, go bhfuígheam bás, do réir Lán- bharamhla, san bPeacadh. 6. Gur air Uair an bháis a tá breith nó (1) Caill na Glóire agus Aoibhnis shíorruidhe fhlaithis Dé. C. Cionnas is cóir dhúinn smuaineadh air an mbreitheamhnas? F. Is cóir dhúinn a smuaineadh agus a chrei- deamh go daingion, air dTús, go mbéarthar breitheamhnas fá leith orainn air Uair ar mbáis, agus breitheamhnas coitchionn air dheireadh an tSaoghail. 2. Go mbéarthar breitheamhnas air gach Smuaineadh, air gach briathar, air gach Gníomh agus air gach Faillíghe da nDeárnamar ó tháinig Ciall (2) chugainn. 3. Nach féidir gairm thar ais do dheunamh air cheachtar don dá bhreitheamhnas. 4. Gur ab é Dlígheadh Dé, beatha agus bria- thra ar Slánuightheora IOSA CRÍOSD is Riaghuil dár mbreitheamhnas-so. 5. Go gCuirfidhear a nGníomh é air a mball, gan Truaighe gan Trócaire do thaisbeánadh dhúinn. 6. Go mbiaid na Pianta agus an Luach Sao- (1) Cailleamhain. (2) Dúinn
thair óirdeochas ar mbreitheamh dhúinn, do- chríochnuighthe. C. Cionnas is cóir dhúinn ifrionn do tha- bhairt fá deara? F. Is cóir dhúinn a smuaineadh, agus a chrei- deamh go daingion, air dTús, nach bhfaicfid an Drung dhamanta Gnúis Dé go bráth. 2. Go mbiaid dhá losgadh agus dhá gCeusadh eidir Chorp agus Anam air feadh na Síor- ruidheachta. 3. Go bhfuileongaid gach Olc, agus gach Ainneise air ar Féidir smuaineadh, gan (1) fortacht ná Suaimhneas air bith. 4. Go mbiaidh Cnúmh an (2) choguais dá gCreinn agus dá reubadh an feadh bhias Dia na Dhia. C. Cionnas is cóir dhúinn dearcadh air fhlai- theas Dé? F. Is cóir smuaineadh go minic, air dTús, nach bhfuileongaid an Drong bheannuighthe Olc air bioth, do thaobh Anma ná Coirp. 2. Go mbiaid líonta do gach uile mhaith. 3. Go bhfaicfid Dia Aghaidh air Aghaidh, IOSA CRÍOSD, Muire Oígh agus na Naoimh uile. 4. Go mbiaid a gCoirp ro ghlórmhar, do- mharbhtha, cliste, cumasach, soillseach. 5. Go mbiaid ann Aoibhneas agus a Seun (1) Sólás. (2) Choinsiais
síorruidhe, gan baoghal na Eagla a (1) gCail- leadh: ann Aon-fhocal, "nach bhfacaidh Súil, nach gCualaidh Cluas, agus nach ar smuain Croidhe an Duine na Neithe d'ullmhaigh Dia do'n Droing ghrádhuigheas é". Toradh na mbreathnuigheadh-so. 1. A hTighearna, tabhair Grása dhamh smuai- neadh go tairbheach gach uile lá, Maidin agus Tráthnóna, air na ceithre Críochaibh déighio- nacha so. 2. Tabhair dhamh tré do Mhór-thrócaire, a bheith ollamh chum báis d'fhághail air Staid na nGrás. 3. Tairgfead Aithrighe do dheunamh air Son mo pheacadh san tSaoghal-so, chum do Chruaidh-bhreitheamhnais do sheachnadh, agus chum nach dTeilgfide síos go hifrionn mé. 4. Claon-mharbhfaidh mé m'Ainmhianta agus do dheunad Dithchioll air mo bheatha do chaitheamh go naomhtha, chum go mfiu mé, tré luaigheacht IOSA CRÍOSD, Sonas agus Seun d'fhághail a bhflaitheamhnas Dé, go Saoghal na Saoghal. (1) gCailleamhuin.
AN 16 LÉIGHIONN. Do na Subháilcighibh Críosdamhla agus do na Deághoibribh. C. Creud is Subháilce Chríosdamhuil ann? F. A tá Cumas agus Eásguidheacht do gheibhmid, tré ghrása Dé, chum na nDeágh- Oibreachadh, agus gach Gníomha bhíos taitnea- mhach, a láthair Dé, do dheunamh go soilbhir. C. Cá mhéid Subháilce dhiagha ann? F. A trí, Creideamh, Dóthchas agus Grádh. C. Creud is Creideamh ann? F. Do labhramar air cheana; agus laibheo- ram air an Dóthchas is an gCeathramhadh Rann. C. Creud is grádh nó Carthunnacht ann? F. A tá Subháilce do gheibhmid o'n Spiorad naomh, agus do bheir dhúinn Dia do ghrádhughadh ós Cionn gach uile Neithe, mar gheall air féin; agus fós ar gComharsa mar sinn féin, air Son Dé. C. An bhfuil d'fhiachaibh orainn an tSubháilce- si do bheith aguinn? F. A tá go cinnte; óir ní féidir Aoin-neach do shlánughadh gan í. C. Cionnas aithneocham go nGrádhuigheamuid Dia ós Cionn gach uile Neithe?
F. Ní bhfuil Comhartha air bith is feárr ioná ar gComharsa do ghrádughadh mar sinn féin; óir is breugach a rádh, go nGrádhuigheamuid Dia, an tan nach nGrádhuigheamuid ar gCo- mharsa. C. Cionnas fós aithneocham, go bhfuil Grádh aguinn air Dhia, agus air ar gComharsain? F. Aithneocham é air ar nDeághoibribh; óir mar aithnighthear an Crann air a thoradh, mar an gCeudna, aithneochar an Deághdhuine air a Urraim do'n Eagluis, agus air a dheághoib- reachaibh. C. Cá mhéid Cineul Deághoibre ann? F. A trí go (1) sunradhach, eadhón, Tros- gadh, Déirc agus Urnaigh. C. Creud do na Deághoibreachaibh-si ré gCru- thuigheamaoid, go ngrádhuigheamuid ar gComhar- sa. F. Ris an Déirc, eadhon, ré hOibribh na Tró- caire. C. Cá mhéid Obair thrócaireach nó Cineul Déirce ann? F. A ceathair deug, eadhon, seacht nOibre corpordha, agus seacht nOibre spioradálta. C. Abair Oibre corpordha na Trócaire? F. Air dTús, biadh do thabhairt do'n Ocrach. 2. Deoch do'n (2) íotach. 3. Eudach do'n Nochd. 4. (3) Aoidheacht do'n (4) Choigrigheach. 5. Cuairt (1) Prionsapálta. (2) Tartmhar. (3) Lóisdín. (4) Deoruigh
ag Easlánaibh. 6. Cuairt ag braighdibh, agus a bhfuasgladh. 7. na Mairbh d'adhlacadh. C. Abair Oibreacha spioradálta na Tró- caire. F. 1. An tAinbhfhiosach do theagasg. 2. An Peacach do spreagadh. 3. Comhairle thabhairt do'n Té a tá na Riachtanas. 4. Eugcóir d'fhu- lang go foighideach. 5. Gach Olc dá nDeuntar dhúinn do mhaitheadh. 6. Sólás nó Meisneach tha- bhairt do lucht an Dobróin. 7. Guidhe air bheodh- aibh agus air mharbhuibh, agus air lucht ar ninghreama. C. Cá hUair is mó Luaigheacht Oibre na Tró- caire? F. An tan nithear í air Son Dé dá ríribh, agus do'n Té is mó Riachtanas. C. Creud é an tOlc is cóir dhúinn do mhai- theadh? F. Gach uile Olc agus Eugcoir, dá mheud, agus dá mhionca iad. C. Creud é is Luach d'Oibribh na Trócaire? F. Trócaire ó Dhia ansa tSaoghal-so, agus Ríoghacht Neimhe ansa tSaoghal eile. C. Creud is Cinneamhuin do'n Droing bhíos Cruadh-chroidheach ré bochtaibh? F. Deimhnighe Dia, go gCinntear breitheamh- nas gan Trócaire, agus Teine shíorruidhe ifrinn do'n Mhuintir, nach nDéunann Trócaire air dhaoinibh leathtromacha.
AN 17 LÉIGHIONN. Do na Subháilcighibh (1) bunadhusacha. C. Cá mhéid Subháilce bhunadhusach ann? F. Ceithre Subháilcidhe, eadhón, (2) Gliocas, Ceart, Neart agus Measardhacht. C. Creud fá dTugthar Subháilcidhe bunadh- usacha ortha? F. Do bhrígh gur ab iad is Toibreacha, bun, agus, mar a déarthaoi, (3) Uaithnighe do mhórán Subháilceadh oile. C. Creud is Gliocas ann? F. Subháilce do chuireas sinn air ar gCoi- mheud, chum nach meallfuighe sinn féin, agus nach meallfamaois Cách oile; agus chum gach Neithe do dheunamh ann a Am féin mar is (4) cuibhe. C. Creud is Ceart ann? F. Subháilce do bheir oruinn a Chuid féin do thabhairt do gach aon. C. Creud is Neart ann? F. Subháilce do bheir Meisneach dhúinn chum gach Dochair, gach Guaise, agus chum báis féin (1) Cairdionálta. (2) Críonnacht. (3) Tuislidhe. (4) cóir
d'fhulang air Son ar gCreidimh agus ghnothuighe Dé. C. Creud is Measardhacht ann? F. Subháilce tré gCuirimid Srian ré ar nAinmhianaibh?. C. Creud iad na Súbháilcidhe oile, is mó iar- ras ar Slánuightheoir oruinn do leanmhuin? F. Uirísle, Foighid, Ceannsacht, Geanmnuigh- eacht, agus Aireachas. AN 18 LÉIGHIONN. Do na hOcht mbeannachaidhibh. C. Creud dá nGoireann tú na hOcht mbean- nachadha? F. Do na hOcht mbeannachtaibh, do bheir Críosd do lucht na Subháilceadh, agus na nDeághoib- reachadh. C. Abair iad mar a táid síos is an tSois- geul? F. 1. "Is beannuighthe na boicht a Spiorad; óir is leo Ríoghacht Neimhe". 2. "Is beannuighthe na Daoine ceannsuighthe; óir biaidh Seilbh na Talmhan aca". 3. "Is beannuighthe an Drong do ní Dobrón; óir cuirfidhear Sólás ortha".
4. "Is beannuighthe an Dream air a bhfuil Ocras agus Tart na Córa; óir sáiseochar iad". 5. "Is beannuighthe lucht na Trócaire, óir do gheubhaid siad Trócaire". 6. "Is beannuighthe lucht an Chroidhe ghloin; óir do chífid siad Dia". 7. "Is beannuighthe lucht dheunta na Síothchá- na; óir goirfidhear Clann Dé dhíobh". 8. "Is beannuighthe an Dream fhuilingeas in- ghreim air Son na Córa; óir is leo Ríoghacht Neimhe". C. Cia hiad na boicht a Spiorad? F. An mhuintir a tá uiríosal a gCroidhe, agus nach bhfuil ceangailte do Neithibh sao- ghalta. C. Cia hiad an Drong cheannsuighe? F. Na Daoine fhuilingeas Masla agus Eug- cóir go foighideach, agus d'ár luach Saothair Talamh na mbeodh, eadhón, Ríoghacht Neimhe. C. Cia hiad an Drong dhobrónach? F. An mhuintir do chaoineas go geur a bPea- caidhe féin, agus Peacaidhe Cháich oile; agus do gheubhas, dá bhrigh-sin, Aoibhneas (1) dolabhar- tha air Neamh. C. Cia air a mbíonn Ocras agus Tart na Córa? F. Air an Dream, air a bhfuil Fonn mór dhul air an Aghaidh go laetheamhuil is na Subháilcighibh. (1) do-airiste.
C. Cionnas a sáiseochar iad? F. Ré hiomadamhlacht shaidhbhris agus Aoibh- nis fhlaithis Dé. C. Cia dhá nGoireann tú lucht na Tró- caire? F. Do na Daoinibh do bheir maitheamhnas d'á gComharsain, do bhíos déirceach, cunghantach ré lucht leathtroim; agus d'ar Luach Saothair Maitheamhnas agus Trócaire ó Dhia. C. Cia hiad lucht an chroidhe ghloin? F. An mhuintir gan (1) ghoimh, gan Urchóid, ag nach bhfuil Croidhe tugtha do pheacadh air bith; agus dá bhrígh sin, do chífeas agus do sheilbheochas Dia go síorruidhe. C. Cia hiad lucht dheunta na Síothchána? F. Na Daoine do smachtuigheas a nAinmhian- ta chomhmaith sin, go mbíd a Síothcháin ré Dia, ris an gComharsain, agus leo féin; agus do ní Dithchioll air shíothcháin do dheunamh idir Chách oile; agus dá nGoirthear, uime sin, Clann Dé agus Comhoighridhe Chríosd air Neamh. C. Cia hiad sin fhuilingeas inghreim air Son an Cheirt? F. An Dream air a gCuirthear Díbirt, nó buaireadh fá an gCreideamh (2) fíre do chos- nadh, nó fá na Subháilceadha do leanmhuin; nó a tá ullamh chum báis féin d'fhulang, suil chionntóchaidís an Aghaidh cheachtair dhíobh. C. An bhfuil sé air ar láimh-ne na Subháil- (1) Mhailís. (2) Fírinneach
ceadha agus na Deághoibreacha-so uile do lean- mhun, agus na Peacaidhe gráineamhla, air ar labhramar do sheachnadh? F. A tá gan Amharus, maille ré Grásaibh Dé. AN 19 LÉIGHIONN. Do ghrásaibh Dé. C. Creud is Ciall do ghrásaibh Dé? F. Cialluighid a gCoitchinne gach uile thabhar- tus da bhfághamuid an Aisge ó Dhia; agus gach uile mhaith da nDeárnaidh go Fialmhar dhúinn, agus nach ar thuilleamar air Aon-chor uadh. C. Cá mhéid Cineul Grás ann? F. Is iomdha sin; a tá Cuid dhíobh Nádúrtha, mar a táid Saoghal, Sláinte, Neart, Tuigse, etc. Cuid oile ós Cionn Nádúire, mar a táid ioncolnughadh Mhic Dé, Fuasgladh an Chinidh Daonna, etc. a tá Cuid dhíobh a Taobh a muigh dhínn, mar a táid Teagasg an tSoisgéil, ar nGairm chum an Chreidimh etc. agus Cuid oile immheadhónach nó Taobh a stigh dhínn, mar a táid Creideamh, Dóthchas, Grádh, etc. C. Creud go sunradhach thuigeas tú ré Grá- saibh Dé? F. Tuigim na Tíodhlaiceadha neámhdha, do
dhóirteas Dia, tre na Mhór-thrócaire féin, agus mar gheall air luaigheacht IOSA CRÍOSD, ann ar gCroidhe, chum ar nGlanta ó Pheacadh, agus chum go saoithreachamaois an bheatha mhar- thunnach. C. Cá mhéid Cineul Grás do dhóirteas Dia ann ar gCroidhe? F. Dhá Chineul, eadhón, Grasa Comhnuigheacha agus Grása Gníomharthacha. C. Creud thuigir ré Grásaibh Comhnuigh- eacha? F. Na Grása fhanas agus chomhnuigheas ann ar nAnam, mar a táid na trí Subháilceadha diadha, Creideamh, Dóthchas, agus Grádh; nó na Grása do ghlanas sinn ó pheacadh, agus do naomhas sinn. C. Creud thuigeas tú ré grásaibh Gníomhar- thacha? F. Na Grása (1) luaimneacha, do thigeas agus imthigheas, do shoillsigheas ar dTuigse, agus ghluaiseas ar dToil chum an Uilc do sheachnadh, agus chum Maitheasa do dheunamh. C. An bhfuil na Grása riachtanach chum gach Deághoibre? F. A táid ró riachtanach chum gach Oibhre agus gach Gníomha, do théid a Sochar d'ar nAnam. C. Nach féidir dhúinn Creideamh do ghlacadh, (1) Umhlóideacha
an tan teagasgthar dhúinn é, gan Congnadh na nGrás. F. Ní féidir dhúinn Creideamh, Dóthchas, ná Grádh bheith aguinn, mar is riachtanach, gan Grása oile, noch ollmhuigheas agus neartuigh- eas an tAnam chum na Subháilceadh diadha-so do ghlacadh. C. Nach féidir dhúinn, má tá Creideamh, Dóthchas, agus Grádh aguinn, Aitheanta Dé agus na hEagluise do choimheud, gan Grása Gníomha? F. Ní féidir dhúinn Gníomh air bith, do rachadh a Sochar do shláinte ar nAnma, do thionsgnadh ná do chríochnughadh, gan Congnadh Gníomhach ó Dhia, tré IOSA CRÍOSD. C. An é nach féidir dhúinn, an chuid is lugha dhe, Urnaigh do dheunamh air ar dTreoir féin chum Dé, agus Grása d'iarraidh air, agus d'fhághail uadha? F. Ní féidir; óir gan Grása an Spioraid Naoimh, "ní bhfuil fhios aguinn creud d'iarrfadh- maois ann Urnaigh, mar budh chóir. C. An é nach bhfuil Toil shaor aguinn? F. A tá go cinnte; gidheadh ó pheacaigh ar gCeud Athair Adhamh, a tá sí laig-bhrígheach agus claon chum Uilc. Ós a chionn sin, dá mbeith ar dToil shaor ann a ceud Neart, ní fheudfamaois Aon-choiscéim do dheunamh chum Rioghachta Neimhe, gan Congnadh neámhdha; uime sin nach iongnadh a nois, "nach bhfuilmid cuma-
sach air Aoin-ní smuaineadh uain Féin, mar uain féin; acht gur ab ó Dhia a tá ar gCu- mas". C. Cionnas, más fíor sin, a tá Toil shaor aguinn? F. An mhéid go mormhór, gur ab fhéidir dhúinn comhoibriughadh ré Grásaibh Dé, nó cur na nAghaidh agus diúltadh dóibh; óir ní bhfuilmid faoi Riachtanas air bith do thaobh cheachtair dhíobh. C. An dearbhtha, gur féidir linn cur an Aghaidh Ghrás Dé? F. Is ró dhearbhtha; óir farraor! cuirmid na nAghaidh go laetheamhuil, agus comh minic agus nach leanmaoid na Deághsmuaintighe, do bheir Dia dhúinn. C. An bhfuil sé air ar gCumas, maille ré Cungnadh na nGrás, na hAitheanta do choimh- líonadh? F. A tá go dearbhtha; "óir do thig linn na hUile Neithe do dheunamh ionn IOSA CRÍOSD, noch do neartuigheas sinn ré na Ghrásaibh. Do bhádar Sacarias agus Elisabet araon fír- eunta a bhfiadhnuise Dé, ag siúbhal gan Tobhéim ann uile Aitheantaib agus Ordhuigh- thibh an Tighearna. C. An dTugann Dia (1) leor-ghrása dhúinn chum a Aitheantadh do choimheud. (1) Grása go leor.
F. Do bheir go cinnte; óir a tá Dia ro cheart agus ró thrócaireach ré hUalach air bith do chur oruinn, nach Féidir dhúinn d'iomchur; gi- dheadh ní féidir dhúinn Aitheanta-san do choimh- líonadh, mar is cóir, ná buaidh do bhreith air Chathuighthibh an Diabhuil, an tSaoghail agus na Colna, gan Cungnamh neámhdha ó Dhia, tré IOSA CRÍOSD; ionnas gur Follas, go dTu- gann Dia leor-chunghnamh dhúinn ré na Dhlígh- eadh do choimhlíonadh. C. Nach ar bhféidir ré Dia, gan Eígceart air bith, ar bhfágbháil a nDorchadas, agus a gCoir Pheacaidh na Sinnsear; agus dá bhrígh sin, a Ghrása agus Fios a dhlighidh do dhiúl- tadh oruinn? F. Do bféidir gan Amharus; amhuil mar d'fhág sé na hAingil Easurrumacha: gidheadh ní dheárnaidh amhluidh sin ris ar gCineadh daon- na; óir "níor choigil sé aon Mhac díleas féin, acht do thug air ar Soin-ne uile é; agus ní air Son ar bPeacaidh-ne amháin, acht fós air Son pheacadh an Domhuin uile"; uime sin, bheir sé a Reacht naomhtha dhúinn, agus Grása ré na choimhlíonadh. C. Nach féidir ré Dia, a nois féin, gan Eugcóir air bith do dheunamh oruinn, Eolus a Dhlíghidh, agus a ghrása do dhiúltadh orainn? F. Is féidir go dearbhtha; óir níor ghrása, ná (1) bronntanus na Grása, ach Fiacha nó (1) bronnthachas
Luach Saothair, dá mbeith d'Ualach air Dhia a dTabhairt dhúinn. Gidheadh, tré na Mhór-thró- caire féin agus Luaigheacht IOSA CRÍOSD, ní mar sin do ní; acht do réir a gheallamhna, do bheir Cuireadh dhúinn uile, ag rádh: "Tigidh chugam-sa uile a bhfuilti corrtha, agus fá Ualach, agus do bheuraidh mé Fuarughadh daoibh. Tógbhuidh mo Chuing-si oraibh, agus foghla- muigh uaim, do bhrígh go bhfuilim ceannsaighe agus umhal a gCroidhe: agus do gheubhthaoi Suaimhneas dá bhur nAnmaibh; óir a tá mo Chuing-si Sáimh, agus m'Ualach eadtrom". C. An fíor, nach dTréigeann Dia sinn tar éis gur ghoir oruinn mar so, agus gur ghabh linn mar Chloinn dhó féin? F. Is cinnte, nach dTréigeann sé sinn, nó go dTréigimid-ne air dTús é; óir a tá Dia ró thrócaireach agus ró fhírinneach ann a gheallamhnaibh. C. Creud fá dTréigeann Dia sinn? F. Fá thuitim a bPeacadh marbhtha. C. An féidir na Grása, do tharruingeas Dia uainn, d'fhágail air ais? F. As féidir gan Amharus; gidheadh, air a shon sin, ná breugadh Aoin-neach é féin go diorruisge; óir is minic do theagmhas, nach bhfaghthar air ais iad, do bhrígh go bhfuilid mó- rán nach nDeunann Aithrighe, mar is dual. C. An dTréigeann Dia sinn go hiomlán, an tan do thuitmíd a bPeachad marbhtha?
F. Ní thréigeann; ní chaillimid ar gCrei- deamh acht ré hEígcreideamh, ná ar nDóthchas acht ré hEudóthchas. Ós a chionn sin, bí Dia d'ar nAthghairm, agus d'ar mbrosdughadh go minic, ré na ghrasaibh, chum Urnaighe agus chum Aithrighe. C. An fíor, go músglann agus go mbros- duigheann Dia an Peacach go minic chum Ur- naighe agus Aithrighe? F. Is fíor, amhuil mar dhearbhuigheas sé féin dhúinn, ag rádh: "Feuch, seasaim ag an Do- ras, agus bím dhá bhualadh, má éisdeann Aoin-neach ré mo ghuth, agus go bhfoisgeolaidh an Doras, racha mé a steach chuige". Tairis sin, cia hE an Peacach; nach nGoineann a Chroidhe é go minic, agus nach mothuigheann guth Dé dhá dhúsacht agus dhá ghluasacht chum Urnuighe agus Aithrighe? C. Creud é deirir ris an Droing, do bheir Cluas bhoghar do ghuth agus do ghairm Dé; do mhasluigheas Spiorad na nGrás, agus do tharcuisnigheas Saidhbhreas mhaitheasa agus fhoighide an Tighearna?" F. A deir an Spiorad Naomh, go "dTaisgid dóibh féin Fearg do réir Chruais a gCroidhe Neamhaithrighigh, fá chomhair Lae na Feir- ge, agus na hAimsire a bhfoillseochar Ceirt-bhreitheamhnus Dé, agus gur Ní ró bhaoghlach tuitim a Lámhaibh an Dé bhí". C. An dTuillid Pionús mór fá bheith ag síor- chur an Aghaidh ghotha agus ghrás Dé?
F. Ní bhfuil Pionús dá mheud, nach dTuillid; óir tarcuisnighid Dia féin, an tan do níd Neamhshuim d'á ghrásaibh agus d'á Mhórthró- caire. "Saltraid Mac Dé faoi na gCosaibh", agus do bheirid Dímheas d'á fhuil ró naomhtha, noch do dórtadh air a Son; do ghlan iad ó phea- cadh, agus do thuill dhóibh ó nAthair Neámhdha- san na Tíodhlaicidhe agus na Grása-so, dá nDiúltaid go coirbthe. C. Creud a deirir ris an Dream do gheibh mórán Grás ó Dhia, agus do bhíos ag síor- thuitim a bPeacadh mharbhtha; agus ag sír- éirghe as, más fíor dhóibh, gan Toradh na nGrás ná na fíor-aithrighe do thaisbeánadh? F. Cuiridh an Spiorad Naomh a gCosamhlacht iad ré "Duine bhreathnuigheas a ghnúis a Sgá- than, imthigheas roimhe, agus dhearmadas air ball a chruth féin; agus fós ré Talamh do shúigheas an fhearthuinn thig go minic air, do bheir gidheadh Sgeathach agus Driseach uadha, agus d'ar Críoch a losgadh". C. Cionnas is féidir dhúinn an Ceirt- dhioghaltas-so do sheachnadh, agus gnodhughadh mar is cóir air ghrásaibh Dé? F. Ní foláir dhúinn comhoibriughadh go hEás- guidh, dúthrachach ré Grásaibh Dé, ag lean- mhuin na nDeághsmuainteadh, do gheibhmid uadh, go soilbhir; gan ar gCroidhe "do chruadhughadh go bráth an Aghaidh gharma agus ghotha an Tighearna, ná a thiodhlaicidhe neámhdha do gha- bháil chugainn go díomhaoin, air Eagla go
gCuirfiomaois Doilgheas nó Fearg air an Spiorad Naomh", go gCaillfeamaois na Ta- bhartuis do bhronn sé go fialmhar oruinn, agus "go dTiúbhradh sé suas sinn d'Ainmhianaibh gráineamhla ar gCroidhe féin". C. Creud eile is cóir dhúinn a dheunadh? F. Is riachtanach dhúinn Aire mhór do tha- bhairt do Smuaintighthibh agus do ghluasacht ar nAnma, agus ar gCroidhe do dhúnadh go deif- reach an Aghaidh na nDrochchlaontadh do mhothuigh- eamuid ag fás ionnuinn; óir is cinnte go gCailltear an Chuid is mó do'n Domhan do dhíoghbháil a Smuaintighe agus a gCroidhthe féin do choimheud agus do stiúradh; agus nach gComhnuighid Grása Dé is an Anam a tá faoi (1) mhursantacht an Pheacaidh, do bhrígh "nach féidir Comhar ná Ceangal a bheith idir an Solas agus an Dorchadas", iodhon, idir na Grása agus an Peacadh. C. Creud eile fós is cóir dhúinn do dheunadh? F. Ní foláir dhúinn "ar gCroidhe d'umhlughadh faoi Láimh chumhachtaigh Dé, noch do chuireas an Aghaidh na nUaibhreach, agus do bheir Grása do'n Umhal; agus ar Slánughadh do shaothru- ghadh maille ré Faitcheas agus Criothnughadh; óir is é Dia oibrigheas ionnuinn an Toil agus an Gníomh do réir a Dheághthola féin; aguis ní feas d'Aoin-neach an Grádh nó Fuath is fiu é. (1) Mhoghsuine.
C. Creud oile fá dheoigh is cóir dhúinn a dheu- namh? F. Más Mian linn Grása Dé do tharruing go líonmhar oruinn, agus a gCumhdach agus a meudughadh ionnuinn; is éigion dhúinn na Sacra- muinteadh do thaithighidh, agus Urnaigh do dheu- namh go minic. C. Nach nDúbhrais cheana, nach féidir dhúinn Grása Dé do thulleadh? F. Dúbhras amháin, nach féidir dhúinn a dTuilleadh air ar dTreoir féin; gidheadh is cinnte, gur féidir dhúinn, maille ré Congnamh na nGrás, Tuilleadh Grás d'fhághail ó Dhia, agus dul ó Ghrásaibh go Grása, ó shubháilce go Subháilce, tré thaithighe na Sacramuinteadh, tré Urnuigh, agus tré Dheághoibreacha oile.
AN 3 RANN. DO'N TEAGASG CHRÍOSDUIDHE. Do na Sacramuintibh. C. Creud é an treas Ní a tá riachtanach chum ar slánuighthe? F. A tá na Sacramuinteadh do ghlacadh mar is dual; gidh nach bhfuilid uile riachtanach do gach uile dhuine. C. Creud is Sacramuint ann? F. A tá Comhartha sofhaicsiona na nGrás dofhaicsiona, noch d'órduigh ar Slánuightheoir IOSA CRÍOSD chum sinne do shaoradh, agus do naomhadh. C. Cá mhéid Sacramuint ann? F. A seacht; iodhon, baisdeadh, Dul faoi Láimh Easbuig, Sacramuint Choirp Chríosd, Sacramuint na hAithrighe, Ola dhéidheanach, Ord, agus Pósadh. C. Creud is cóir do dheunamh, chum na Sa- cramuinteadh do ghlacadh maille re Toradh nó Tairbhe? F. Is éigion dúinn sinn féin d'ollmhuighadh go dúthrachtach, agus do theacht d'á nGlacadh go cráibhtheach. Is cóir fós Moladh mór agus bui- dheachas do thabhairt d'ar Slánuightheoir, fá na Naomh-thoibreacha-so na nGrás d'fhágbháil ag
an Eagluis, do chum an Chinidh daonna do ghla- nadh ó shal an pheacaidh, agus do neartughadh a Slíghe na beatha síorruidhe. AN 1 LÉIGHIONN. Do'n bhaisdeadh. C. Creud is baisdeadh ann? F. A tá Sácramuint do ghlanas sinn ó phea- cadh na Sinnsear, agus do ní Clann do Dhia agus do'n Eagluis dínn. C. Nach saorann an baisdeadh Neach ó phea- caidhibh oile leith a muigh do Pheacadh na Sinn- sear? F. Saoraidh sé gach Duine ó gach Peacadh, do rinnidh sé suil do ghlac baisdeadh; agus ó phéin an pheacaidh; má ollmhuigheann é féin mar is cóir: agus dóirtidh sé iomad Grás agus Tíodhlaiceadh ionn sa nAnam. C. An bhfuil an baisdeadh riachtanach? F. A tá gan Amharus; óir gan baisdeadh, nó Mian baisdidh maille ré Teas-ghrádh Dé, ní féidir Aoin-neach do shlánughadh; muna Mair- tíreach é, do baisdear ré na Chuid Fola féin. C. An féidir lé gach Aoin-neach baisdeadh do dheunamh?
F. Is féidir, an Am Riachtanais amháin, agus an tan nach bhfuil Sagart ré fágháil; acht ní bhfuil Cead ag Mnaoi a dheunamh a Lá- thair Fir, ná ag Tuata a Láthair dhuine Ea- gluise, etc. C. Creud é an Ní hiarrthar chum an bhaisdidh do dheunamh? F. Ní foláir do Neach, Rún do bheith aige an baisdeadh do dheunamh dha ríribh, agus Uisge nádúrtha do dhórtadh air Cheannn (más féidir é) an Té baisdthear, ag rádh na mbriathar- so: "baisdim thú an Ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh. Amen". C. An bhfuil sé dlisdionach baisdeadh do ghla- cadh Faoi dhó? F. Ní ceart a ghlacadh, air Aon-chor, acht Aon-uair amháin; do bhrígh go bhfágann sé Co- mhartha spioradálta ansa nAnam, nach sga- rann ris go bráth. C. Creud é hiarrthar air an Té, lé ar Mian baisdeadh do ghlacadh? F. Iarrthar air, agus geallaidh sé do Dhia, diúltadh do'n Diabhal, d'á Oibribh, d'á mhórdháil agus d'á dhíomhaoineas go hUile. Tar a chionn sin, ni foláir do'n Té, do thaínig chum Céille suil do ghlacas baisdeadh, Creideamh a bheith aige, Aithrighe do dheunamh ann a pheacaidhibh; agus tosughadh air Dhia do ghrádhughadh. C. Creud thuigeas tú ré hOibribh an Dia- bhail?
F. Gach uile ghné Peacaidh. C. Creud thuigeas tú ré Mórdháil agus Dío- mhaoineas an Diabhail? F. Tuigim ris Glóir dhíomhaoin, Aird-mhiangh- us saoghalta, agus gach gné oile do'n Uabhar. C. Cionnas do baisdear na leinibh, ó nach gCreidid, agus nach nGeallaid Aoin-ní suil do ghlacaid baisdeadh? F. Creidid agus Gealluid an Eagluis agus na Cáirdeasa Críosd air a Son. C. Creud fá dTugthar Cáirdeasa Críosd dhúinn? F. Ionnas go bhfreagóraidís air ar Son, agus go múinfidís sinn, dá mbéidís ar nAithre agus ar Máithre mainneachtnach, nó marbh. C. Cá mhéid do Cháirdeasaibh Críosd is cóir do bheith ann? F. Dias, an chuid is mó dhe, iodhon, Fear agus bean; araon do'n Eagluis Chatoilice, agus gan Míochlú. C. Nach bhfuil Gné Gaoil nó Cleamhnuis spio- radálta ag na Cáirdeasaibh Críosd agus ag an Neach do bhaisdeas, ris an Té ghlacas baisdeadh? F. A tá gan Amhrus; agus fós ré nAthair agus ré na mháthair: is uime sin, toirmisg- thear ortha a chéile do phósadh. C. An bhfuil sé d'fhiachaibh oruinn gach Ní dar ghealladar ar gCáirdeasa Críosd air ar Son, do choimhlíonadh go díleas?
F. A tá go cinnte; óir is air an gConradh- soin, do tugadh baisdeadh dhúinn, agus do rin- neadh boill do'n Eagluis agus Oighridhe air Ríoghacht Neimhe dhínn. C. Creud é an tUalach do chuireas an bais- deadh oruinn? F. A tá, ar Saoghal do chaitheamh ansa gCrei- deamh chatoilice, Aitheanta Dé do choimhlíonadh, agus Lorg ar Slánuightheora IOSA CRÍOSD, agus na Naomh do leanmhuin go dúthrachtach. AN 2 LÉIGHIONN. Do'n tSacramuint air a dTugthar, Dul faoi Láimh Easbuig. C. Creud is Dul faoi Láimh Easbuig ann? F. A tá Sacramuint do bheir Grása móra dhúinn, Meisneach agus Neart spiora- dálta do chum ar gCreidimh d'admháil, agus chum Loirg Chríosd do leanmhuin ós áird, gé go gCuirfidhe chum báis sinn air a shon. C. An eadh nach bhfágann an tSacramuint- si Comhartha an sa nAnam, amhail mar fhágas an baisdeadh? F. Fágaidh gan Amharus; agus is uime sin, nach dlisdionach a glacadh acht Aon-uair amháin.
C. Cia do bheir an tSacramuint-si dhúinn? F. An tEasbug amháin. C. Cionnas do bheir sé uadh í? F. Cuiridh sé a dhá Láimh ós Cionn an Té, lé ar Mian an tSacramuint-si do ghlacadh; agus cuiridh Ola choisrigthe air Chlár a Eudain, ag rádh briathar áirighe, do chialluigheas brígh agus Toradh na Sacramuinte-si. C. Cia dá'r cóir a glacadh? F. Do gach Críosduidhe, do ghlac baisdeadh, más féidir é go comhgarach; óir peacaighe go trom an Té, do ní Neamhshuim do'n tSacra- muint-si. C. Cá Tráth is cóir a glacadh? F. An tan do thig Neach chum Céille nó Críonnachta, agus go hAírighe, an tan do nithear géir-leanmhain air fá na Chreideamh. C. Creud é an tOllmhughadh is riachtanach do'n Té, ré ar Mian dul faoi láimh Easbuig? F. Is riachtanach dhó, Fios (1) bhun-alt an Chreidimh do bheith aige; Gníomh Creidimh do dheunamh; agus a (2) Choguas do ghlanadh ó gach uile pheacadh marbhtha. C. Creud is cóir do dheunamh tar éis a dhul faoi Láimh Easbuig? F. Is cóir do Neach, buidheachas mór do bhreith ré Dia fá iomad na nGrás, do fuair uadh; (1) phríomh-Airtiogal. (2) Choinsias
Rún daingion do ghlacadh, a bheatha do chaitheamh go críosdhamhuil; agus a Chreideamh d'admháil ó bheul; "óir ris an gCroidhe creidthear chum Fíreuntachta, agus ris an mbeul nithear Admháil cum Slánughthe. C. Creud oile is cóir dhúinn a dheunamh? F. Is cóir dhúinn fós Tortha an Spioraid Naoimh d'iarraidh air Dhia go dithchiollach, mar a táid, Carthunnacht, Gáirdeachas, Síoth- cháin, Foighid, Fad-fhulang, Maitheas, Deágh- thoil, Ceannsacht, Creideamh, Macántas, Measardhacht, agus Geanmnuigheacht. C. Creud oile is cóir a dheunamh? F. Tíodhlaiceadh an Spioraid Naoimh d'iar- raidh go dithchiollach air Dhia, mar a táid, Eagna; Tuigse, Comhairle, Neart, Fios, Buidhe agus Eagla an Tighearna. C. Creud is Eagna ann? F. Tíodhlaice ó'n Spiorad Naomh, tré nDeun- maoid Neamhshuim do Neithibh saoghalta, agus tré (1) mbeirmíd Dúil agus Grádh do Dhia, agus do gach Ní bheanas ré Dia. C. Creud is Tuigse ann? F. Tíodhlaice ó'n Spiorad Naomh, tré dTuig- míd, agus tré leanmaoid go hEasguidh gach Rúin-diamhair agus gach Fírinne bheanas do'n Chreideamh. C. Creud is Comhairle ann? F. Tíodhlaice ó'n Spiorad Naomh, do bheir (1) dTugmaoid
dhúinn na Neithe, do théid a nGlóir do Dhia, agus a leas d'ar nAnam, do thoghadh dhúinn féin, agus do chomhairleadh do Chách eile. C. Creud is Neart ann? F. Tíodhlaice, do chuidigheas rinn gach buai- readh agus gach Leaththrom d'fulang air Son Chríosd, agus buaidh do bhreith air Naimhdibh ar nAnma. C. Creud is Fios ann? F. Tíodhlaice o'n Spiorad Naomh, do thais- beánas dhúinn an tSlíghe chum Ríoghachta Neimhe, agus gach Toirmiosg, do chuirfeadh air Sea- chrán sinn. C. Creud is buidhe nó Cráibhtheacht ann? F. Tíodhlaice o'n Spiorad Naomh, tré nDeun- maoid go hUmhal, éasguidh gach ní, do théid a (1) Mórdháil agus a Moladh do Dhia. C. Creud is Eagla an Tighearna ann? F. A tá Tíodhlaice o'n Spiorad Naomh, tré a gCriothnuighmid fá Aoin-ní do dheunamh, nach taithneamhach ré Dia. (1) nGlóir.
AN 3 LÉIGHIONN. Do Naomh-shácramuint Choirp Chríosd. C. Creud is Sacramuint Choirp Chríosd ann? F. A tá Sacramuint, ionn a bhfuilid, go cinnte, fírinneach, Corp agus Anam, Fuil agus Feoil, Daonnacht agus Diadhacht ar Slá- nuightheora IOSA CRÍOSD, a láthair, faoi ghné Aráin agus Fíona. C. Creud thuigeas tú ré Gné Aráin agus Fíona? F. Tuigim an Ní oibrigheas air ar gCeud- faidhibh corpordha, mar a táid blas, boladh, Dath agus Cumadh Aráin. C. An bhfuil Arán nó Fíon, a Sacramunt na hAltóra? F. Ní bhfuil; óir iompoighthear (1) Tábhacht nó bunadhas an Aráin agus an fhíona go hiom- lán, a bhfuil agus a bhFeoil IOSA CRÍOSD, tré bhrígh na mbriathar ró bheannuighthe do chanas an Sagart, an tan do Naomh-choisreagas sé an tArán agus an Fíon an Ainm agus a bPearsoin Chríosd. C. Cionnas iompoighthear an tArán agus, (1) Substaint
an Fíon a bhfuil agus a bhFeoil Chríosd? F. Ré Cúmhachtaibh Dé; tré ar cruthuigheadh an Domhan do Neimhní; tré ar iompoigh Maoise na hAibhne a bhfuil; tré nDeárna ar Slánuigh- theoir Fíon do'n Uisge; agus tré nDeuntar go laetheamhuil mórán do Neithibh iongantacha, nach féidir linn-e do choimsiughadh, ná do thuig- sin. C. An bhfuil Fuil Chríosd faoi ghné an Aráin, agus a fheoil faoi ghné an fhíona? F. A táid: óir a tá Críosd, gan Roinn, faoi gach gné dhíobh. C. An bhfuil ar Slánuightheoir ionn gach (1) Abhlann choisrigthe? F. A tá go cinnte, bíodh gur beag nó mór an Abhlann. C. An tan a bristear an Abhlann chois- rigthe, an mbristear fós Corp ar dTighear- na? F. Ní bristear air Aon-chor; óir gidh go bhfuair sé bás Aon-uair amháin, d'a thoil féin, mar gheall orainn-e; ní féidir feasda, a Chorp Glórmhar do bhriseadh, do lot, ná do bhásughadh. C. O nach féidir Naomh-chorp Glórmhar ar Slánuightheora do bhriseadh; agus nach bhfuil Arán ná Fíon ann, ré na mbriseadh, na ré na roinn; creud oile bristear nó roinntear? F. Roinntear Gné nó Tais an Aráin agus an fhíona. (1) Abhlainn.
C. An bhfuil Corp Chríosd ionn gach Cuid, tar éis an Abhlann choisrigthe do bhriseadh? F. A tá Críosd go hiomlán, eidir Dhaon- nacht agus Dhiadhacht, ionn gach Mion-chuid do'n Abhlann, amhuil san Chuid is mó. C. An bhfágbhann Críosd Ríoghacht Neimhe, an tan a thig chugainn-e ansa'n tSácra- muint si? F. Ní fhágbhann; óir a tá sé is an Am gCeudna, air Neamh agus air Talamh, ann gach uile Aít a nDeirthear Aifrionn, agus ann gach ionad a bhfuil Sácramuint a Naomh- choirp féin. C. Cionnas is féidir sin do bheith? F. Lé Mór-chumhachtaibh Dé, dá nach bhfuil Aoin-ní doidheunta; agus dár ab uras ni as mó do dheunamh ioná is féidir linn e do thuigsin. C. An Té ghlacas an tSácramuint-si faoi ghné an Aráin amháin, nó faoi ghné an fhíona amháin, an nGlacann sé Críosd go hiomlán, mar an Té ghlacas í faoi an dá ghné? F. Is cinnte go nGlacann; do brígh go bhfui- lid Fuil agus Feoil, Daonnacht agus Diadhacht ar Slánuightheora dosgartha ó chéile; óir "ní bhfuil Tighearnus, no Cumhacht feasda ag an mbás air". C. Nach ar aithin Críosd dhínn uile, a gla- cadh faoi an dá ghné? F. Níor aithin; óir an tan do chuir sé an tSácramuint-se air bun, agus d'órduigh d'a
raibh a láthair, an Chailís d'ól, ní raibh ann acht na hAbsdoil amháin; agus air Eagla go saoilfidhe gur aithin sé dhínn uile, a glacadh faoi an dá ghné, geallaidh sé an bheatha shíor- ruidhe do'n Té ghlacas Í faoi ghné an Aráin amháin, ag rádh: "an Té itheas an tArán-so, mairfidh sé go bráth". C. Cá hUair do chuir ar Slánuightheoir an tSácramuint-se air bun? F. An Oídhche roimhe a Pháis agus a bhás air Son an Cheinidh daonna. C. Creud fá dTug sé an tSácramunt-se dhúinn? F. Air cheithre hAdhbhraibh; air dTús, chum a Mhór-ghrádha do chur an umhail dúinn. C. Creud é an dara hAdhbhar? F. Cum go mbiadh gnáth-chuimhne aguinn air an mbás, d'fhuluing sé mar gheall orainn-e. C. Cionnas do chuireas Naomh-shácramuint na hAltóra bás ar Slánuightheora a gCuimhne dhúinn? F. An mhéid go bhfuil ar dTighearna air an Altóir amhail (1) Marbháin; agus go gCui- reann Sgaradh ghné an Aráin, do chialluigheas a Naomh-chorp, ó ghné an fhíona, do chialluigheas a fhuil ró Uasal-san, a gCuimhne dhúinn, gur sgaradh a chorp agus a Anam, a fhuil agus a fheoil-sion ó chéile, a gCrann na Croiche. (1) Marbhán.
C. Creud é an treas Adhbhar far fhág ar Slánuightheoir an Naomh-shácramuint-se aguinn? F. Do chum go mbeith na biadh spioradálta d'ar nAnam, agus do chum beatha na ngrás do mheudughadh agus do neartughadh ionnainn-e. C. Creud é an ceathramhadh hAdhbhar? F. Do chum go mbeith Geall, agus Comhartha cinnte aguinn, gur Mian leis dá ríribh, Eis- éirghe ghlórmhar, agus beatha shíorruidhe do thabhairt dhúinn. C. Creud fá gCreideann tú na Neithe-se go hUile? F. Do bhrígh gur fhoillsigh Dia iad d'ar Naomh- mháthair an Eagluis. C. Creud leanas as a nDubhramar? F. Leanaidh as, go bhfuil d'fhiachaibh oruinn ar nDia agus ar Slánuightheoir ró thrócaireach IOSA CRÍOSD d'adhradh, do ghrádhughadh agus do mholadh ansa Naomh-shácramuint-si, amhuil do níd na Naoimh agus na hAinglibh air Neamh. C. Creud oile fós do leanas as? F. Leanaidh as mar an gCeudna, gur cóir dhúinn sinn féin d'ollmhughadh go dithchiollach, chum na Naomh-shácramuinte-se do ghlacadh go minic maille ré Creideamh agus ré Crábhadh.
Do'n Ollmhughadh is indeunta do chum Comaoineach. C. Creud thuigeas tú ré (1) Comaoineach? F. Tuigim Glacadh nó Caitheamh Fola agus Feola, Daonnachta agus Diadhachta ar Slá- nuightheora IOSA CRÍOSD, go fírinneach, faoi ghné Aráin, nó Fíona. C. Gá mhéid Coinghioll, riachtanach do chum Deághchomaoineach do dheunamh? F. A tá dhá (2) ghné dhíobh ann, iodhon, Gné do bheanas ris an gCorp, agus gné eile bheanas ris an Anam. C. Creud é an tOllmhughadh bheanas ris an gCorp? F. A tá gan biadh, ná Deoch, ná Leigheas do chaitheamh ó Mheodhan-oidhche, do bheith go ciuin cuibheasach; agus go tromdha, dóigheamhuil ann Eudach. C. Nach bhfuil sé ceaduigheach air Uairibh Co- maoineach do ghlacadh, gidh nach biadh Neach air Ceudlongadh? F. Is féidir do'n Té, a tá a gContabhairt báis, Comaoineach do ghlacadh mar lón chum na beatha síorruidhe, gidh gur chaith Oileamhuin éigin roimhe. C. Creud é an tOllmhughadh is riachtanach do thaobh an Anma? (1) Comaoin. (2) shórt.
F. Is riachtanach bheith saor ó gach uile pheacadh marbhtha; do bheith a nGrádh ré Dia agus ris an gComharsain; agus d'á bhrígh sin Síocháin do dheunamh ré ar nEascáirdibh, más féidir é; agus do theacht chum na hAltóra go tromdha cráibhtheach; óir "gidh bé íosas an tArán-so, nó ibhfeas Cailís an Tighearna go mífhiúghan- tach, biaidh sé cionntach do Chorp agus d'fhuil an Tighearna". C. An nGlacann an Drung, a tá a bPeacadh marbhtha, Corp Críosd? F. Glacaid; acht is do chum iad féin do dhamnughadh go síorruidhe, do ghlacaid é; amhail mar do rinne Iúdás. C. Creud f'ar Cúis Damanta dhóibh é? F. Do bhrígh go nGlacaid é air dhrochstaid. C. An Peacadh mór a ghlacadh air dhroch- staid? F. Ní féidir do Neach tuitim a bPeacadh is mó ioná é. C. An féidir do'n Té, a tá a bPeacadh sologhtha, Comaoineach do ghlacadh go tair- bheach? F. Is cóir do gach Neach a dhithchioll do dheu- namh air a bheith saor ó pheacadh sologhtha; agus go hAirighe, gan a bheith claon ná ceangailte dhó, air Eagla go gCaillfeadh Toradh na Deághoibre-si. C. Creud é an Caon dúthracht nó an Crábhadh- soin, is cóir do Neach a bheith aige, do chum Deághchomaoineach do dheunamh?
F. Ní foláir dhó, Gníomha áirighe do dheunamh roimhe, agus a nDiaigh Comaoineach. Do na Gníomhaibh is cóir a dheunamh roimh Comaoineach. C. Creud iad na Gníomhartha, is cóir a dheunamh roimh Naomh-chorp Chríosd do ghlacadh? F. Gníomha Creidimh, Umhlachta, Croidhe- bhrúighidh, Dóthchais, agus Grádha. C. Deuna Gníomh Creidimh. F. "A hTighearna, mo Dhia, creidim o mo Chroidhe go daingion, diongmhálta, go bhfuilid d'fhuil, agus d'fheoil-se, do Dhaonnacht gan Roinn, agus do Dhiadhacht a láthair go deimhin, dearbhtha ann sa Naomh-shácramuint-se, faoi ghne Aráin agus Fíona; do bhrígh go nDúbhrais féin é. C. Deuna Gníomh Umhlachta? F. "A hTighearna, ní fiú mise, thusa, Rígh Neimhe agus Talmhan, do theacht chugam, do bhrígh gur Creatúr ró bhocht, agus ró thar- cuisneach mé; agus gur thuilleas d'Fearg-sa go minic, tré mo ró Choir féin". C. Deuna Gníomh Croidhe-bhrúighidh. F. "O a hTighearna is, ró mhór do ghoilleas air mo Chroidhe tFearg-so do thuilleadh, do bhrígh go bhfuil tú ró mhaith, agus ró gheana- mhail; agus do bhrígh go bhfuilir ró ghnásamhuil agus ró thrócuireach riomsa, an Peacthach
bocht, a tá Rún daingion agum, maille ré Congnamh do ghrás, gan tFearg-so do thuil- leadh ó so suas. C. Deuna Gníomh Dóthchais? F. "O a hTighearna, a tá Súil agus Muini- ghin mhór agam, go saorfair mé ó pheacadh, tréas an tSácramuint-se; go líonfaidh tú mé ré do ghrásaibh; agus go (1) dTaibheor- fair Glóir Neimhe dhamh". C. Deuna Gníomh Grádha? F. "O a hTighearna, grádhuighim thú ó mo Chroidhe go hiomlán agus ós Cionn gach uile Ní; do bhrígh go bhfuil tú ró mhaith agus ró gheanamhail; agus gur tú m'Aoibhneas agus mo shonas síorruidhe". Do na Gníomhaibh, is cóir do dheunadh tar éis Comaoineach. C. Creud iad na Gníomha, is inDeunta a nDiaidh Comaoineach? F. Gníomha Adhraidh, buidheachais, Toirbhirthe, Athchuingidh, agus Deághrúin. C. Cionnas do ní tú Gníomh Adhraidh? F. A deirim: "A hTighearna, adhraim agus moluim thú ansa tSácramuint dhiadha-so; agus admhuighim, gur tú mo Chruthaightheoir, mo shlánuightheoir, m'Aird-thighearna-sa, agus Aird-Rígh an Domhain uile". (1) dTiúbhrair.
C. Deuna Gníomh buidheachais. F. "Do bheirim míle buidheachas dhuit, ó mo Chroidhe go hiomlán, fá mar dheonaighis, tré do Mhór-ghrásaibh, thú féin do thabhairt dhamh". C. Deuna Gníomh Toirbhirthe? F. "A hTighearna, toirbhirim agus tiomnui- ghim dhuit mo Smuaintighe, mo bhriathra, mo ghníomhartha agus mé féin go hiomlán, do chum go madh leat féin go léir mé". C. Deuna Gníomh athchuingidh? F. "A hTighearna, guidhim thú go ró úmhal, gach Ní, a tá do Riachtanas oram, do tha- bhairt dhamh; agus go hAirighe, Grása neart- mhara, chum nach gCuirfinn Fearg ort go hEug". C. Deuna Gníomh Deághrúin? F. "A hTighearna, do budh fheárr liom mo bhás ioná tuitim a bPeacadh, tar éis ar thaisbheánais do thrócaire agus do ghrádh dhamh". C. Creud is inDeunta Lá na gComaoineach? F. Is cóir dhúinn iomad Comhluadair agus Cainnte do sheachnadh; ar gCeudfadha do choi- mheud go hAireach; Aifrionn, Teagasg agus Urnaigh choitchionn (1) an pharráisde nó na hEagluise d'éisdeacht; agus an Chuid is mó do'n Lá-soin, do chaitheamh go ciúin, cráibh- theach. (1) na Parráisde.
C. Creud é an Dualgas bunadhasach do bhíos air an Té do ghlacas Comaoineach? F. A tá d'fhiachaibh air a shaoghal agus a shláinte do chaitheamh go diagha, amhail do chaith IOSA CRÍOSD agus na Naoimh a mbeatha air Talamh. C. Cá hUair a tá d'fhiachaibh oruinn Comaoi- neach do ghlacadh? F. An Aimsir na Cásga, an Chuid is lugha dhe; agus a gContabhairt báis. C. Nach cóir Comaoineach do ghlacadh ní as (1) mionca ioná aon Uair amháin ansa mblia- ghain? F. Do bfeárr ré Dia agus ris an Eagluis; go mbeith gach Críosduidhe ollamh chum na Naomh- shácramuinte-si do ghlacadh go laetheamhuil. C. An cóir a chomhairleadh do gach uile Chríos- duidhe, Comaoineach do ghlacadh go laetheamhuil? F. Ní cóir; óir is annamh Duine ollmhuigheas é féin; mar is cuibhe, chum na Naomh-shácra- muinte-si do ghlacadh go minic. C. Cionnas mar sin, is cóir do Neach é féin d'iomchar, do thaobh thaithighe na Mór-shácra- muinte-si? F. Tairgeadh gach Duine go dithchiollach a bheatha do chaitheamh go hionraic, agus go (1) Líonmhaire
chráibhtheach, ionnas go mfiú é, air mhodh éigin, Comaoineach do ghlacadh go minic. Gidheadh, deu- nadh an tiomlán, do réir Chomhairle Oide Faoisidine, bhias diagha, foghlumtha. C. Creud is cóir dhúinn do dhéanamh, an tan nach nGlacmuid an Naomh-shácramuint-se? F. Is cóir dhúinn Comaoineach spioradálta do dheunamh. C. Creud a thuigeas tú ré Caitheamh Comaoi- neach spioradálta? F. Tuigim ris, gur cóir dhúinn Fonn do bheith oruinn an Naomh shácramuint-se do ghlacadh; Doilgheas fós do bheith oruinn f'an bPeacadh, noch do thoirmiosgas sinn ó an Oileamhain Neámhdha-so do ghlacadh; agus a iarraidh go hUmhal mar Athchuingidh air ar Slánuightheoir, a theacht chugainn, agus áitreabhadh ionn ar gCroidhthibh re na ghrásaibh. AN 4 LÉIGHIONN. Do hSácramuint na hAithrighe. C. Creud is Sácramuint na hAithrighe ann? F. A tá Sácramuint ré maithtear dhúinn na Peacaidhe, do nímid tar éis baisdidh. C. Cionnas a maithtear na Peacaidhe ris an tSácramhuint-se?
F. Maithtear iad tré Aithrighe na bPeacach, agus ré (1) Saoir-bhreith an tSagairt. C. An Féidir leis an (2) tSagart Pecaidhe do mhaitheamh? F. Is féidir, do bhrígh go dTug IOSA CRÍOSD na Cumhachta-so dhó. C. An bhfuil Sácramuint na hAithrighe riach- tanach chum ar slánuighthe? F. A tá sí coimhriachtanach re baisdeadh, do thaobh gacha Duine, do thuiteas a bPeacaidh marbhtha tar éis baisdidh. C. Ann maitheann Dia ar bPeacaidhe dhúinn ris an tSácramuint-se, air an gConradh gCeudna, air ar mhaith iad is an mbaisdeadh? F. Go dearbhtha ní mhaitheann; óir do réir "cheirt-bhreitheamhnuis Dé, ní maithtear dhúinn na Peacaidhe marbhtha, do rinneamar tar éis baisdidh, Gan mórán Doilghis agus Saothair". C. An é nach bhfághann gach uile dhuine, do thig chum na Sácramuinte-si, Maitheamhnas ann a pheacaidhibh? F. Ní fhághann; do bhrígh nach dhTugaid na (1) Absolóid. (2) Sagart
Coinghill leo, noch iarras ar Slánuightheoir orrtha. C. Cá mhéid Coinghioll is riachtanach do'n Aithrigheach? F. Cúig Coinghill; air dTús, a Choguas do mhion-sgrúdadh. 2. An Peacadh d'fhuathughadh; agus Doilgheas do bheith air fá thuitim ionn, agus fá fheirg Dé do thuilleadh. 3. Rún dain- gion do ghlacadh gan peacughadh ní sa mó an Aghaidh Naomh-thola Dé. 4. Faoisidin ghlan do dheunamh ionn a Pheacaidhibh go hUile, ré Sa- gart, ag a bhfuilid Cumhachta o'n Eagluis. 5. Rún Leoir-ghníomh do dheunamh ré Dia agus ris an gComharsain, do réir a Chumais. Do Sgrúdadh an Choguais. C. Creud is Sgrúdadh Coguais ann? F. A tá Cuartughadh dúthrachtach, do ní Neach ionn intinn féin, do chum go gCuimhneochadh air a Pheacaidhibh, go dTiúbhradh Gráin agus Mío- dhúil dhóibh, agus chum go gCuirfeadh sé a bhfaoi- sidin iad. C. Creud é an Dithchioll is riachtanach dhúinn do dheunamh na thaobh so? F. An Dithchioll agus an Dúthracht cheudna, do dheunmaois a dTimchioll ghnothuidheadh móra, tairbheacha an tSaoghail. C. An nDeunaid an Dream, nach sgrúdann a gCoguas, faoisidin mhaith? F. Ní dheunaid; óir ni cosmhuil air Aon-chor,
gur féidir dhóibh, Fios a bPeacaidheadh do bheith aca, ná a gCur a bhfaoisidin. C. Creud is cóir dhúinn a dheunamh, chum grinn-Eoluis d'fhághail air ar bPeacaidhibh? F. Is cóir dhúinn iarraidh mar ghrása air Dhia, Fios ar bPeacaidheadh do thabhairt dhúinn, agus na dhiaidh sin, ar gCoguas do mhion- sgrúdadh, do thaobh Aitheanta Dé agus na hEagluise; agus do thaobh na gCinn-pheacai- dheadh marbhtha, air ar labhramar roimhe so go foirleathan. C. Cionnas do ní tú an Mion-sgrúdadh-so? F. Más annamh is an mbliaghain do ním Faoisidin, smuainim air gach Ní dhíobh-so fá leith, agus féachaim go grinn creud ionn, agus gá mhéid Uair do chuireas Fearg air Dhia lé Smuaineadh, lé bréithir, lé Gníomh, nó lé Faillighe. C. Nach bhfuilid Peacaidh áirighe ann, air ar cóir dhúinn ar gCoguas do mhion-sgrudadh, go ró dhúthrachtach? F. A táid, iodhon, na Peacaidhe do bheanas ré ar (1) nGairm bheatha, agus na Peacaidhe is mó d'a bhfuilmíd claon, nó tugtha. C. Creud is inDeunta do Neach chum gur bhféirde choimhneochadh sé air a pheacaidhibh? F. Is cóir dhó smuaineadh air na hAítibh, agus air na Comhluadraibh, ionn a raibh; agus (1) Staid
fós cionnas do chaith sé a Aimsir, nó do choimhlíon Dualgas a ghairme, do thaobh Dé agus na Comharsan. AN 5 LÉIGHIONN. Do'n Chroidhe-bhrúghadh. C. Creud é an dara Ní, is riachtanach chum Sácramuinte na hAithrighe? F. Croidhe-bhrúghadh; nó Croidhe bhriseadh. C. Creud is Croidhe-bhrúghadh ann? F. A tá Doilgheas Croidhe fá thuitim san bPeacadh; agus Fuath air na Peacaidhibh, maille ré Rún fírinneach sinn féin do leasughadh. C. An nDeunaid an Drong úd Faoisidin mhaith, air nach mbí Doilgheas fá thuitim san bPeacadh? F. Ní dheunaid; oir a tá an Doilgheas-so ró riachtanach. C. Creud iad na Coinghill iarras an Deágh- dhoilgheas-so? F. Is éigion dó bheith, air dTús, (1) inmheo- dhónach. 2. ós Cionn na Nádúire. 3. Coitchionn. 4. An Aird-chéim, nó ós Cionn gach Doilgheasa. C. Creud chialluigheas a rádh, gur cóir do'n Doilgheas-so a bheith "inmheodhónach"? (1) taobh a stigh.
F. A tá, nach foláir a theacht o'n gCroidhe go fírinneach. C. Creud chialluigheas a rádh, "ós Cionn na Nádúire"? F. A tá, gur ab éigion gur ó Ghluasacht ghrás an Spioraid Naoimh; agus fá na hAbhbraibh, do mhúineas an Creideamh dhúinn, do thriallfas an Doilgheas-so. C. Creud iad na hAdhbhair-sin, do mhúineas an Creideamh dhúinn? F. A tá Eagla roimh theine Ifrinn; Fuath air ghráineamhlacht an pheacaidh; (1) Caill Ríogh- achta Neimhe; agus Maitheas Dé. C. Nach leor do Neach Doilgheas do bheith air f'an bPeacadh, do bhrígh go do Tuilleann dó Achmhusán agus Mímheas ó'n gComharsain, nó Díoghbháil shaoghalta air bioth? F. Ní fhóireann; do bhrígh nach mar gheall air Dhia, ná air na Neithibh, do mhúineas an Crei- deamh dhúinn, acht mar gheall air an tSaoghal, do bhíos an Doilgheas truaillighe-se air Neach. C. Creud fá nAbair tú, gur cóir dhó bheith Coitcheann? F. Do bhrígh, gur riachtanach, an Doilgheas- so a bheith fá gach uile pheacadh marbhtha, an chuid is lugha dhe. C. Creud fá nAbrann tú, gur cóir dhó bheith ann Aírd-chéim? (1) Cailleamhuin.
F. Do bhrígh, gur riachtanach dhúinn, Fuath do bheith aguinn air an bPeacadh ós Cionn gach uile Neithe dha Olcas; óir ní bhfuil Olc ann comhr- leis. C. Cá mhéid Cineul Croidhe-bhruighidh ann? F. Dá Chineul; Croidhe-bhrúghadh iomlán agus Croidhe-bhrúghadh Neimhiomlán. C. Creud is Croidhe-bhrúghadh iomlán ann? F. A tá Doilgheas fá fheirg do chur air Dhia, do bhrígh go bhfuil sé ró mhaith ionn féin, agus go bhfuil Gráin aige air an bPeacadh. C. Deun Gníomh Croidhe-bhrúighidh iomláin? F. "A hTighearna, is mór do ghoilleas oram d'fhearg-so do thuilleadh, do bhrígh go bhfuil tú ró mhaith agus ró gheanamhail. A tá Rún agam, maille ré do Ghrásaibh, mo bheatha do leasughadh". C. Creud is Croidhe-bhrúghadh Neimhiomlán ann? F. A tá Doilgheas Croidhe fá thuitim san bPeacadh, tré na ghráineamhlacht; nó air Eagla roimh theinidh Ifrinn; maille ré Fuath air an bPeacadh, agus ré Dóthchas, Maitheamhnus d'fhághail ó Dhia. C. Deun Gníomh Croidhe-bhrúighidh Neimhiom- láin? F. "A hTighearna, is ró mhór do ghoilleas oram Fearg do chur ort, do bhrígh go bhfuil an Peacadh ró ghráineamhuil, agus go gCui- reann mé a gConntabhairt do Radharc agus do fhlaitheas Neámhdha do chailleadh go bráth;
agus mé féin do dhamnughadh go síorruidhe. A tá Rún agum, maille ré do ghrásaibh, mo bheatha do leasughadh". C. An maithtear a pheacaidhe do'n Té, a tá Croidhe-bhrúigthe go hiomlán, an tan nach bhfuil sé air a Chumas faoisidin do dheunamh? F. Maithtear; má tá Rún Faoisidine aige. C. An leor an Croidhe-bhrúghadh Neimhiomlán maille ré Sácramuint na hAithrighe, chum Mai- theamhnais d'fhághail ann ar bPeacaidhibh? F. Is leor, an tan nach dTasduighe ann Aon- choinghioll do na ceithre Coinghillibh, air ar la- bhramar shuas; agus má "toisigheann an tAithrigheach air Dhia, Tobar gach uile fhí- reuntachta, do ghrádhughadh". Do Neithibh áirighthe fhoghnas go mór, chum an Peacach do neartughadh agus do ghluasacht chum Croidhe-bhruighidh. C. Creud is cóir do'n pheacach do dheunamh, chum go mbiadh sé fíor-dhoilgheasach, Croidhe-bhriste fá na pheacaidhibh? F. Is cóir dhó an Tuirse Neámhdha-so d'iar- ruidh air Dhia go dithchiollach, agus na Neithe, do ghríosóchadh é chuige, do bhreathnughadh go dúthrachtach. C. Creud iad na Neithe-sin, is cóir dhó do bhreathnughadh? F. Dearcadh, air dTús, air mhórdhacht agus air mhaith Dé, air ar chur sé Fearg. 2. Dear-
cadh air gach Maith dá nDeárnaidh dhó. 3. Dear- cadh air Pháis nó air Cheusadh IOSA CRÍOSD air a shon. C. Creud oile is inDeunta dhó, chum é féin do ghluasacht chum Tuirse agus Doilghis fá na pheacaidhibh? F. Smuaineadh, air Tús, air Uimhir agus air ghráineamhlacht a pheacaidheadh. 2. Air a Dhiombhuidheachas, agus air a dhánacht dhíthchéil- ligh ag deunamh na bPeacaidheadh. C. Nach bhfuil (1) Slíghe éigin eile ann fós, as ar ab fhéidir dhó Tairbhe do bhuain? F. A tá; is féidir dhó a thabhairt fá deara, gur thuill sé Díoghaltas Dé, agus Pianta Ifrinn. C. Creud oile fós is cóir dhó do dheunamh, tar éis na Neithe-si, air ar Labhramar, do bhreath- nughadh agus do mheádhachan ionn a (2) Aigneadh go dúthrachtach? F. Is cóir dhó é féin do bhrosdughadh go díth- chiollach, chum Dé, Athair na hUile thrócaire, a Chruthaightheoir, a shlánuightheoir, agus a Cho- thuightheoir do mholadh agus do ghrádhughadh ós Cionn gach uile Ní, air Son, ní hE amháin an Rae Aithrighe, agus gach Tíodhlaice eile, do fuair sé uadh; acht fós do chionn go bhfuil sé ró mhaith agus ró gheanamhail ionn féin. (1) Meodhain. (2) Intinn.
Do'n Rún daingion. C. Creud é an treas Ní, is riachtanach chum Sácramuinte na hAithrighe do ghlacadh go tairbheach? F. Rún daingion, láidir gan Aoin-ní do dheunadh an Aghaidh thola Dé ó sin suas. C. Creud é deir tú ris an Té a tá gan an Rún daingion-sa? F. Ní bhfuil Foghnamh air a fhaoisidin; do bhrígh go bhfuil an Rún-so ró riachtanach. C. Deuna Gníomh Rún daingin? F. "A hTighearna, a tá Rún agus Dóthchas daingion agum, maille ré Congnamh do ghrás, gan tFearg-so do thuilleadh ní sa mó?; do budh fheárr liom mo bhás do theacht ioná tuitim ansa bPeacadh ó so a mach". C. Cionnas aithneochas Neach, go raibh an Rún-so aige? F. Aithneochaidh sé é air dhá phríomhchomhartha, iodhon, seachnadh (1) Chionfátha an pheacaidh, agus Leasughadh na beatha. (1) Ocáide, Siocra.
AN 6 LÉIGHIONN. Do'n Fhaoisidin. C. Creud é an ceathramhadh Ní, is riachta- nach chum Sácramuinte na hAithrighe? F. Faoisidin. C. Creud is Faoisidin ann? F. A tá Casaoid agus Foillsiughadh Pea- cadh, do níos an tAithrigheach an a Aghaidh Féin, a Láthair Sagairt, ag a bhfuil Ughdarrás ré breitheamhnus Aithrighe do chur air, agus ré Léigheas agus (1) Maitheamhnas do thabhairt dhó. C. Cionnas is cóir an Foillsiughadh-so do dheunamh? F. A tá d'fhiachaibh oruinn, tar éis gur mhion-sgrúdamar sinn féin go dúthrachtach, gach uile pheacadh marbhtha air a gCoimhnighmid, d'innisin gan iomarcaidh gan Easbuidh; agus fós gach Gné Peacaidh; cá mhéid Uair do thui- teamar ann; agus gach Modh air a nDeár- namar é, más Modh é do mheuduigheas go mór an Peacadh. C. An bhfuil sé riachtanach go cinnte, gach (1) Absolóid
uile pheacadh marbhtha, da nDeárnamar, agus air a gCoimhnighmid, do chur a bhfaoisidin? F. A tá gan Amharus; óir gidh bé cheileas Aoin-Pheacadh, cuiridh sé, ag maslughadh na Sácramuinte-si, agus ag deunamh bréige ní ré Duine, acht ré Dia féin, Mór-pheacadh marbhtha a gCeann an iomláin da chionntaibh. C. Creud é thoirmisgeas oruinn ar bPea- caidhe go hUile do chur a bhfaoisidin? F. A tá go coitchionn Eagla nó Náire. C. An riachtanach do Neach diúltadh d'on Droicheagla agus do'n Leamh-náire-si? F. Is riachtanach; óir gan sin, biaidh da- manta go síorruidhe; agus ann Aít na Náire, do dhiúilt sé d'fhulang ann Uaigneas, do gheu- bhaidh Náire agus imdheargadh go hOsgailte, a bhfiaghnaise an Domhain mhóir, Lá an bhrei- theamhnais. C. Nach baoghlach dhúinn, go ninneosadh an tOide Faoisidine ar bPeacaidhe do dhuine éigin eile? F. Ní baoghlach; óir a tá d'fhiachaibh air, fá phéin a bheith damanta go síorruidhe, bás d'fhu- lang suil d'fhoillseochadh Aoin-pheacadh dhíobh; Os a chionn sin, do thuitfeadh sé ó na Chéim san Eagluis.
AN 7 LÉIGHIONN. Do'n Mhodh air ar cóir Faoisidin do dheunamh. C. Tar éis gur thiomsuighis do pheacaidhe, agus gur chuiris ad Chuimhne iad; tar éis fós thú féin do ghluasacht, agus do bhros- dughadh chum fíor-dhoilghis fá theagmháil ionnta; cionnas iomcharair thú féin a bhfiaghnaise an tSagairt? F. Air mbeith dhamh go tromdha, tuirseach, léigim mé féin air mo Ghlúinibh; coisreagaim mé féin, agus iarraim go hUmhal beannacht an Athar Faoisidine. C. Creud iad na briathra is gnáthach leat a rádh, an tan iarras tú a bheannacht-son? F. A deirim: bENEDIC MIHI PATER, QUIA PEACCAVI, iodhon, "beannaidh mé a Athair, óir do pheacaigheas". C. Creud do ní tú na dhiaidh sin? F. A deirim an CONFITEOR a Laidion, go nuige MEA CULPA, más Duine mé do thuigeas Laidion; mun ab eadh, a deirim é a nGaoidhlig, gus an bhFocal-so, "Tré mo Choir féin". C. Abair an CONFITEOR a Laidion. F. "Confiteor Deo Omnipotenti, beatae Ma- riae semper Virgini, beato Michaeli Ar- changelo, beato Ioanni Baptistae Sanctis
Apostolis Petro et Paulo, omnibus sanc- tis, (et tibi, Pater), quia peccavinimis cogi- tatione, Verbo et opere, mea cupla, mea culpa, mea maxima culpa. Ideo precor bea- tam Mariam semper Virginem, beatum Mi- chaelem Archangelum, beatum Ioannem Bap- tistam, Sanctos Apostolos Petrum et Pau- lum, omnes Sanctos (et te Pater,) orare pro me, ad Dominum Deum nostrum. C. Abair é a nGaoidheilg? F. Admhuighim do Dhia Uileachumhachtach, do Naomh Muire do bhí riamh na hOígh, do Naomh Mí- cheál Archaingeal, do naomh Eoin baisde, do na naom-Absdolaibh Peadar agus Pól, do na hUile Naomhaibh (agus dhuit-si, a Athair,) gur pheacuigheas go triom lé Smuaineadh, lé bréi- thir agus lé Gníomh, tré mo Choir féin, tré mo Choir féin, tré mo ró Choir féin. Uime sin ghuidhim Naomh Muire an tSíor-óigh, naomh Mícheál Archaingeal, naomh Eoin baisde, na naomh-Absdoil Peadar agus Pól, na hUile Naomha, (agus tusa, a Athair,) fá ghuidhe air mo shon chum ar dTighearna Dia. C. Creud is cóir do dheunamh na dhiaidh sin? F. Is éigion damh innisin, cá fhad ó rinne mé Faoisidin; agus mé féin do chionntughadh go hAírighe ann gach Peacadh marbhtha dhá nDeárnas o shoin a leith; agus fós is na Pea- caidhibh marbhtha do dhearmadas roimhe sin. C. Creud is cóir dhuit do dheunamh, an tan chuirfeas an tOide Faoisidine Ceisd ort?
F. A tá d'fhiachaibh oram a fhreagra go fí- rinneach agus go hUmhal. C. Creud do ní tú tar éis do pheacaidheadh d'admháil? F. Críochnuighim an CONFITEOR; agus éisdim go hAireach leis an gComhairle, do bheir an tOide Faoisidine dhamh, agus leis an mbreitheamhnas Aithrighe, do chuireas oram. C. Cionnas iomcharair thú féin, an tan do bheir an tAthair Faosidine (1) Saoir-bhreith ort, nó Maitheamhnas dhuit? F. Do ním gníomh Croidhe-brúighidh ansa nAm gCeudna, iodhon, glacaim Tuirse agus Doilgh- eas mór fá mo pheacaidhibh; agus glacaim an Saoir-bhreitheamhnas go Croim-cheannach, uirí- sioll. C. Creud is inDeunta dhuit tar éis na Faoi- sidine? F. As cóir dhamh buidheachas mór do thabhairt do Dhia fá mhaitheamhnas mo pheacaidheadh do thabhairt dhamh; is cóir dhamh fós mo dheághrún (2) d'athnuaghadh, agus mo bhreitheamhnas Aith- righe do choimhlíonadh go cráibhtheach, buidheach, comhluath agus is féidir é. C. Nach tarbhach do'n pheacach, air Uairibh, an tSaoir bhreith do chur air Cáirde? F. Is tarbhach, agus fós is fír-riachtanach dhó, air Uairibh, a cur air Athlá. (1) Absolóid. (2) d'athnuachan.
C. Cia d'ar riachtanusach, an tSaoir-bhreith do chur air Athlá dhó? F. Do'n Droing, a tá an Ainbhfhios na Nei- theadh, a tá d'Ualach air gach Críosduidhe d'fhoghlaim, agus do bheith aige, nó an Ainbhfhios dhualgais a Ghairme: do'n Droing, a tá mainneachtnach, tar éis fuagartha, fá na gCloinn agus a dTeaghlach do theagasg agus do stiúradh go Críosdamhuil: do'n Dream mar an gCeudna ré nach áill (1) Cionfátha ro fhogus an pheacaidh do sheachnadh. C. Creud é sin Cionfatha, nó Siocair ro fhogus an pheacaidh? F. Gach Ní, lé ar gnáthach, Neach do thar- ruing chum Peacaidh; mar a tá Taithighe Tighe nó Comhluadair, do tharruingeas Neach go coitcheann chum Peacaidh; Léightheoracht Leabhar nGársamhla nó Suirghe; leanmhuin do ghairm nó do Cheird, tré ar gnáthach ré Neach tuitim a bPeacadh. C. An féidir, go bhfuil d'fhiachaibh oruinn, air Chor air bith, ar lucht Gaoil agus Páirte, nó ar gCeird bheatha do sheachnadh agus do thréi- geann? F. Go deimhin is féidir; óir is dearbhtha, go bhfuil d'Ualach oruinn a seachnadh, an tan do chímid, tár éis gacha Comhairle dá bhfuara- mar, agus gacha Dithchill dá nDeárnamar, go dTarruingid sinn do ghnáth chum Peacaidh; (1) Ocáid ro ghar
óir ní foláir dhúinn sgor do'n pheacadh, nó an Cionfátha do sheachnadh. C. Cia thug an Aithne-si dhúinn? F. Ar Slánuightheoir, ag rádh: "Más ciontach do shúil, nó do Lámh dheas ré hOilbhéim d'fhághail dhuit, bean asad an tSúil, nó geárr dhíot an Lámh, agus teilg uait í; óir is feárr dhuit Aon-bhall do do bhallaibh do chailleadh, ioná do Chorp uile do theilgean go hIfrionn". C. Cia hEile d'ar riachtanach, an tSaoir- bhreith do chur air Athlá. F. Do'n mhuintir, ag a bhfuil droichchleachtadh agus Leannán Peacaidh, nó go leasuighid a mbeatha: do'n Droing mar an gCeudna, ré nach áill Maitheamhnas do thabhairt d'á gCo- mharsain, no Síothcháin do dheunamh. C. Cia hIad fós d'ar riachtanasach a diúl- tadh, nó a cur air Cáirde? F. Do'n Dream ag a bhfuil Cuid na Comhar- san, nó do rinnidh Díoghbháil do mhaoin nó do Chlú na Comharsan, agus ré nach Mian Aisioc do dheunamh do réir a gCumais. C. Cia hEile fós d'ar cóir a diúltadh nó a cur air Athlá? F. Do'n mhuintir do pheacaigh ós áird, agus do dhiúltas Leoir-ghníomh nó Aithrighe do dheu- namh ós áird, do réir Nóis na Tíre, agus
Aithne an Easboig nó an Uachtaráin. C. Cia fá dheoigh d'ar riachtanach, a cur air Cáirde? F. Do'n Droing, do thig chum Faoisidine gan Ullmhuighadh gan Chuartughadh Coguais, gan Doilgheas fá na bPeacaidhibh, gan Rún fírin- neach iad féin do leasughadh; agus fós do'n mhuintir, nach nDeunann faoisidin iomlán, nó ré nach áill an breitheamhnus Aithrighe, do chui- reas an Sagart ortha, do choimhlíonadh. C. An leor do na Drongaibh-si uile an Ucht do bhualadh go teann, agus gealladh go láidir gach uile Ní, is riachtanach, do dheunamh? F. Ní leor sin do'n Druing ainbhfhiosaigh, do thig chum Faoisidine gan Ullmhughadh; ná do'n Dream do mheall cheana ré na nGeallamhnaibh an Oide Faoisidine, nó iad féin, budh córa a rádh; muna bhfuilid a nGuais báis, agus muna nUllmhughthear Lucht an Ainbhfhis, mar is cóir, suil do bheirthear Saoir-bhreith orrtha; óir ní ré briathraibh ná re Geallamhnaibh acht ré Gníomh- arthaibh do faghthar Flaitheas Dé. C. Creud é thigeomhadh, dá dTugadh an tOide Faoisidine Saoir-bhreith air an Muintir, do chí se air Easbhuidh na gCoinghioll riach- tanach? F. Do thigeomhadh, go mbiadh an tSaoir- bhreith-sin gan bhrigh, gan Rath; agus go nDeu-
nuidís a raon, an tOide Faoisidine agus an Peacach, Coir mhór an Aghaidh Dé. C. Creud é is cóir a rádh ris an Druirg dhíth-chéilligh, do ghlacfadh Daoir-bhreith nó Diúl- tadh an tSagairt go hOlc; agus a déaradh, gur ab Eagul leo go bhfuighidís bás obann ann a bPeacaidhibh? F. Is chóir a chur an umhail dóibh, a bhfad ó shochar air bith do deunamh dhóibh, go Tar- róngadh Saoir-bhreith mhídhlisdionach Mallacht Dé ortha; agus nach dTréigfidh Dia iad ann Am na (1) Cruadhóige, madh níd féin Dithchioll air Aithrighe agus air shíothcháin do dheunamh ré Tighearna na Trócaire. (1) Riactanuis. AN 8 LÉIGHIONN. Do'n Leoir-ghníomh. C. Creud é an cúigeadh Ní is riachtanach chum Sácramuinte na hAithrighe? F. Leoir-ghníomh, iodhon, Cúitiughadh air Son na Masla, do tugadh do Dhia ris an bPea- cadh; agus air Son na hEugcóra, do rin- neadh air an gComharsain. C. Nach féidir dhúinn Faoisidin mhaith do dheu- namh gan Rún Leoir-ghníomh do dheunadh do réir ar nAcfuinne?
F. Ní fhéidir; óir a tá an Rún-so riachta- nach air gach uile Chor. C. Nach maithtear an Pionús, a dlighthear do'n pheacadh, an tan a maithtear an Peacadh féin? F. Maithtear an Pionús síorruidhe, ghidheadh, ní gnáthach go maithtear an Pionús aim- siordha. C. Nach nDeárnaidh Críosd Leoir-ghníomh air ar Son? F. Do rinnidh go cinnte; gidheadh ní racha a Leoir-ghníomh ró líonmhar-son a Sochar dhúinn, muna gComhoibrigheamuid féin ré na ghrásaibh, agus muna nDeunmuid ar nDithcheall air shá- sadh do thabhairt "do Dhia a gCRÍOSD, agus TRE ChRÍOSD", noch do bheir Maise agus Luai- dheacht d'ar nGníomharthaibh-ne a Láthair Dé: agus "ann a gCuirmid ar nDóthchas agus ar Muinighin go hIomlán"; óir gidh gur fhulaing agus gur "Ísligh ar Slánuightheoir é féin gus an mbás air ar Son"; ní foláir dhúinn-e fós sinn féin d'Ísliughadh, agus fulaing "mar aon ris", más Mian rinn a bheith "comhchosamhuil ris", nó rann-pháirteach ann Eiséirghe agus ann Aoibhneas síorruidhe-sion. C. Cionnas do nithear Leoir-ghníomh ré Dia? F. Ré coimhlíonadh an bhreitheamhnuis Aithrighe do chuireas an tOide Faoisidine orainn, agus fós ré Claon-mharbhadh na Colna go toiltionach, ré Déirc, Trosgadh agus Urnaigh; agus ré
fulang gach Masla agus buaidheartha go foi- ghideach air son Dé. C. An bhfuil Cumhacht ag na Sagairt ré breitheamhnus Aithrighe do chur oruinn? F. A tá go fírinneach; óir do thug Críosd Cumacht dhóibh, ni hE amhín ré ar sgaoileadh, acht fós ré ar gCeangal. C. Creud é deir tú ris an Dream, do bhíos ag gearán air a nOide Faoisidine fá throim-bhreitheamhnuis Aithrighe do chur ortha; gidh go bhfuil sé oireamhnach d'a ghCiontaibh, agus air a gCumas a choimhlíonadh? F. Deirim, go nDeunuid Eugchóir mhór air an Oide Faoisidine; agus gur cosamhuil nach bhfuil fhios aca creud é is maith dhóibh féin. C. Creud fá nDeirir go nDeunuid Eugchóir air an Oide Faoisidine? F. Do bhrígh gur dearbhtha go bhfuil d'fhiachaibh air, breitheamhnus Aithrighe oireamhnach do Choirthibh agus do dhrochchlaontaibh na nAithri- gheac, do chur ortha, do chum ní hE amháin a dTárthála air Aththuitim ansna Lochtaibh ceud- na, acht fós chum na gCoirthe chuaidh thort do dhíoghailt; agus dá mbeith sé ró (1) sháimh na éasguidh leo, do bhiadh sé rann-pháirteach ann a bPeacaidhibh. C. Creud fá nDeirir, gur cosamhuil nach bhfuil fhios aca creud é is maith dhóibh féin? F. Air an Adhbhar gur féarr dhóibh go mór (1) shéimh
Dithcheall do dheunamh, maille ré Grásaibh Dé, air Leoir-ghníomh do dheunamh an sa tSaoghul-so air Son a gCiontadh, ioná an Pionús a dhligh- thear dhóibh, d'fhulang a dTeinidh Phurgadóra. Tairis sin, is mór fhóireas breitheamhnus Aithrighe oireamhnach, íocshláinteach chum a gCurtha air a gCoimheud, agus chum a gCumh- duighthe air Aththuitim thiobuisdigh, agus air dhamuint shíorruidhe. C. An mór an Peacadh gan an breitheamhnus Aithrighe do choimhlíonadh? F. Is mór; do bhrígh go bhfuil d'fhiachaibh oruinn "Toradh bhus iomchubhuigh do'n Aithrighe" do tha- bhairt uainn; agus go dTugthar Mímheas do Dhia, an tan nach mbiothar umhal do'n Oide Faoisidine, Fear Ionaid Dé. C. Cionnas do nithear Leoir-ghníomh ris an gComharsain? F. Ré hAisioc, nó Cúitiughadh san Díoghbháil Do níthear dhi ann a Maoin, ann a Meas, nó ann a Clú. C. Nach bhfuil Meodhain air bith an san Ea- gluis, do chongnas linn Ceart Dé do shásu- ghadh? F. A tá, iodhon, Loghadh.
AN 9 LÉIGHIONN. Do'n Loghadh. C. Creud is Loghadh ann? F. A tá Tíodhlaice nó Trócaire ó Uachtará- naibh na hEagluise, tré maithtear dhúinn na Piana aimsiordha, a tá d'fhiachaibh oruinn d'íoc an sa tSaoghal-so, nó an sa tSaoghal oile, air Son na bPeacaidheadh do maitheadh dhúinn tré shácramuint na hAithrighe. C. An é nach maitheann an Lán-loghadh gach uile pheacadh dhúinn? F. Ní mhaitheann dhúinn acht an Phian aim- siordha amháin; óir ní ar maitheadh a riamh, agus ní maithfidhear go bráth Aoin-pheacadh marbhtha d'Aoin-neach, tár éis baisdidh, gan Doilgheas Croidhe fá thuitim ann; agus fós gan Rún fírinneach a bheatha do leasughadh ó sin amach. C. An maitheann gach uile Loghadh na Pianta aimsiordha go hIomlán, noch a dlighthear d'ar bPeacaidhibh? F. Maithidh, do réir fhormhóir na nDiaghai- readh, más Lán-Loghadh é; muna ab eadh, ní
mhaitheann acht Cuid do na Piantaibh. C. An saorann mar sin an Eagluis sinn ó Leoir-ghníomh do dheunamh, an tan do bheir sí Lán-loghadh dhúinn? F. Ní shaorann go hIomlán; óir órduigh ar Naomh-Athair an Pápa dhúinn Deirc, Tros- gadh, agus Urnuigh do dhéanamh go cráibhtheach; a tá d'fiachaibh oruinn fós an breitheamhnus Aithrighe, do chuireas an tOide Faoisidine oruinn, do choimhlíonadh go diagha dúthrachtach; agus Leoir-ghníomh nó Aisioc do dheunamh a gCuid agus a gClú na Comharsan, do réir ar nAcfuinne. Tar a chionn so, mar nach Feas d'Aoin-neach, an bhfuilid na Coinghill aige, a tá riachtanach chum an Lóghaidh do ghnodhughadh, do níd na Críosduidhthe críonna, is ann Am gCéudna, Dithchioll air Leoir-ghníomh do dheu- namh air Son a bPeacadh. C. Nach bhfuil fós d'fiachaibh oruinn Rún a bheith aguinn Dia do shásughadh agus do riar go nuige an bás? F. A tá gan Amhrus; óir aithnighe Dia dhínn, "Dithcheall do dheunamh air dhul a sdeach sa Doras (1) chumhan, an bheatha shíorruidhe do shaothrughadh dhúinn féin maille ré Faitcheas agus ré Criothnughadh", agus é féin do ghrá- dhughadh ré ar gCroidhe go hIomlán, agus ós Cionn gach uile Neithe. Os a chionn so, "budh (1) chumhag
cóir gur síor-aithrighe beatha an Chríosduidhe air Talamh". C. An saorann Lán-loghadh sinn ó choimhlíonadh na nAitheantadh, agus ó Smachtughadh na nAin- mhian? F. Is díth-chéillighe agus is (1) malluigh a rádh ná mheas, go saorann sinn ó cheachtar dhíobh; óir is fíor agus is follas as bhriathraibh soil- léir an Spioraid Naoimh, gur "Cogadh agus Cathughadh beatha an Duine air Talamh"; agus fós is cinnte, nach maithtear an Peacadh ná an phian aimsiordha do'n Dream, ré nach "Rún da ríribh" an Aimsir an Loghaidh, a Maoin, a Saoghal agus a Sláinte do chaitheamh do réir Dhlíghe Dé agus na hEagluise. C. An dearbhtha, go bhfuilid Cumhachta ag an Eagluis lóghadh do thabhairt amach? F. Is ró dhearbhtha, óir do thug Críosd na Cumhachta-so dhí, an tan a dubhairt; "gidh bé air bith Neithe do cheangaltaoi air Talamh, biaid siad ceangailte air Neamh, agus gidh bé air bith Neithe do sgaoilfidhe air Talamh, biaidh siad sgaoilte air Neamh". C. Cia ansa'n Eagluis, ag a bhfuilid Cu- mhachta Lóghadh do thabhairt amach? F. A táid Cumhachta ag na hEasbugaibh Cuid dhíobh do thabhairt amach; acht a táid Lán- chumhachta ag an bPápa gach uile Lóghadh do (1) Malluighthe
thabhairt uadh, do réir gheallamhna Chríosd do Pheadar naomhtha faoi leith. C. Cionnas do mhaitheas an Eagluis Pianta na bPeacach tréas an Lóghadh? F. Ag tabhairt Sochair nó Tairbhe "Mhór- shásaidh agus Mhór-luaidheachta IOSA CRÍOSD" agus na Naomh, dá nGoirthear "Oirchisde na hEagluise", dhúinn go fialmhar. C. Creud is cóir do dheunamh, chum an Loghaidh d'fhághail? F. Ní foláir gach Ní órduigheas an Eagluis do thaobh sin, do dheunamh go dúthrachtach cráibh- theach, do réir Rúin na hEagluise; agus a bheith air Staid na nGrás. C. Creud f'ar ab éigion do Neach a bheith air Staid na nGrás, chum Tairbhe an Loghaidh d'fhághail? F. Do bhrígh nach maithtear dhúinn an phian aimsiorrdha, do thuilleamar air Son an phea- caidh, acht tár éis ar Síodhchána do dheunamh ré Dia. C. An féidir do'n Druing nach bhfuil ullamh a láthair; agus do chuireas a nOide Faoisidine air cáirde, an Lóghadh do ghnódhughadh ann Am oile? F. Is féidir dhoibh gan Amharus an Loghadh da nGoirthear iubilé, go ghnódhughadh, má ullmhuighid iad féin chuige mar is cóir, do réir Chomhairle an Oide Faoisidine.
C. Creud é an Ní órduigheas an Eagluis, cum an Loghaidh do ghlacadh go tairbheach? F. Orduighe sí Aithrighe fhírinneach, Faoisidin, Comaoineach agus Deághoibreacha áirighe oile do dheunamh go dúthrachtach. C. Creud is Rún do'n Eagluis ag tabhairt an Loghaidh a mach? F. Is é is Mian ris an Eagluis Fearg Dé do mhaolughadh; Sásadh do thabhairt dhó air Son ar bPeacaidheadh, ag cur Luaidheacht Chríosd a bhféidhm dhúinn; agus Grása d'fhághail uadh dhúinn-e, agus do'n Eagluis go hIomlán. C. Creud é an Tairbhe do budh chóir dhúinn do bhuain as an Míniughadh-sa an Loghaidh? F. A tá air dTús, Meas mór do bheith aguinn air an Loghadh. 2. buidheachas do thabhairt do Dhia fá mheodhain comhshofhághala-so do tha- bhairt dhúinn chum Luaidheachta a Chuid Fola fíor-uaisle do dhul a Sochar dhúinn. 3. Dithchioll do dheunamh air Loghadh do ghlacadh coimh-líonmhar agus is féidir é; go hAírighe air Uair an bháis, chum go saorfuidhe sinn ó theinidh Phur- gadóra.
AN 10 LÉIGHIONN. Do na Lochtaibh do chuireas Drochbhail air an bhfaoisidin; agus do'n tSlighe ré a leasuigh- thear í tré fhaoisidin bheatha. C. Cá hUair bhíos an Fhaoisidin gan bail? F. An tan do thasduigheas Aon-choinghioll do na cúig (1) Coinghillibh is riachtanach chum Sá- cramuinte na hAithrighe do ghlacadh go dlisdio- nach. C. Ca hUair a bhíos Adhbhar Faitchis ag Neach go bhfuilid a fhaoisidinibh gan bhail gan Rath? F. An tan nár sheachain sé Siocair nó Cion- Fatha fogus an pheacaidh; agus nach nDeárna Dúthracht ná Dithchioll air a bheatha do leasu- ghadh, ná air dhualgas an Chríosduidhe agus a ghairme féin d'fhodhluim. C. An bhfuil Ní air bioth eile, as Cúis Amh- ruis do Neach, nach raibh Rath air na Faoisidi- nibh do rinne? F. A tá; iodhon, an tan nach nDeárna Sioth- cháin ré na Námhuid, nó ré n'Eascaraid; nó nach nDeárna Aisioc a gCuid na Comharsan, agus é air a Chumas. C. Creud í an mhéodhain riachtanach le ar ab fhéidir na drochfhaoisidineadha do leasughadh? (1) Coinghiollaibh.
F. Faoisidin mhaith bheatha. C. Creud is cóir do dheunamh chuige sin? F. Is riachtanach na Faoisidineadha do chuaidh thort d'aithdheunamh, agus gach locht dá raibh ortha d'innisin do'n Oide Faoisidine; agus gach Ní, dha nOirdeochaidh sé, do choimhlíonadh. C. Cionnas is féidir do Neach an fhaoisidin bheatha-so do dheunamh go dóigheamhuil, tairbheach? F. Ní foláir dhó dhul an Uaigneas, agus a shaoghal do roinn a gCodchaibh do réir Eugsamha- lachta na ngnothuigheadh do bhí air a Láimh; agus na nIonadadh ionn ar chomhnuigh sé. C. Creud eile is inDeunta do Neach? F. Ní foláir dhó Aimsir do ghlacadh, ní lá ná dhá lá; acht an Aimsir a tá riachtanach chum a Choguais do sgrúdadh go grinn, do réir na Ronna, air ar labhramar shuas; agus do réir imtheachta nó Réime Aitheantadh Dé agus na hEagluise, agus na bPeacai- dheadh marbhtha. C. Creud eile fós is cóir dhó a dheunamh? F. Is cóir dhó Solas an Spioraid Naoimh d'iar- ruidh go hUmhal dúthrachtach, chum go bhFaicfeadh sé a Chionnta: tar éis na hUrnaighe-se, tairgiodh go dithchiollach coimhniughadh air na Comhluadraibh, do thaithidh sé ó Am go hAm, agus ó Aít go hAít; agus creud ionn, agus cá minic do chionntuidh sé an Aghaidh Dlíghidh Dé. C. Creud eile fá dheoigh is riachtanach do Neach do dheunamh? F. Tiomsuigheadh sé ionn a Choimhne, chomaith
agus is féidir leis, nó sgríobhadh síos, madh is Duine leiteardha é, Gné agus Uimhir an iomláin: iarradh sé Trócaire air Dhia; agus gríosuigheadh é féin chum mór-thuirse agus mór-Dhoilghis fá na pheachaidhibh; glacadh se Fíor- rún a bheatha do leasughadh; ionnsuigheadh sé go dóthchasach Cathaoir na Trócaire, chum Mai- theamhnuis d'fhághail ansa'n iomlán, agus coimh- líonadh go cráibhtheach an breitheamhnus Aithri- ghe, do chuirfidhear air. AN 10 LÉIGHIONN. Do'n Ola dhéidheanaigh. C. Creud is Ola dheidheanach ann? F. A tá Sácramuint do chuir IOSA CRÍOSD air bun, agus do neartuigheas sinn chum buadha do bhreith air Cheilg agus air Chathuighibh an Diabhail an Uair an bháis; agus fós do chong- nas linn chum deághbháis d'fhághail. C. Nach dTugann an tSácramuint-se, air, Uairibh, Sláinte an Choirp do'n Easlán? F. Do bheir, an tan bhíos tairbheach chum Sláinte an Anma. C. Cionnas is cóir do Neach é féin d'ollmhu- ghadh chum na Sácramuinte-si? F. Is éigion dó Faoisidin do dheunamh, ma a
tá se a bPeacadh marbhtha: is cóir dhó fós Gníomh Croidhe-bhrúighidh do dheunamh, an tan bhíos dá glacadh; agus Maitheamhnus d'iarraidh air Dhia ann sna Peacaidhibh, do rinnidh sé ré gach ball air a gCuirthear Ola. C. Cionnas is cóir do'n mhuintir, do bhíos a Láthair ag friothólamh na Sácramuinte-si, iad féin d'iomchar? F. Is cóir dhóibh Aire do thabhairt d'Urnaigh na hEagluise; agus guídhe air an Easlán: na dhiaidh sin, is cóir dhóibh smuaineadh ortha féin, agus a bhreathnughadh gur diombhuan an Saoghal- so, agus nach foláir dhóibh iad féin d'ullmhu- ghadh, roimhe Rae, chum na Síorruidheachta. C. Cá hAm is cóir an Ola dheidheanach do ghla- cadh? F. An gach Galar contabhairteach: gidheadh ní cóir a tabhairt do Naoidheanaibh, d'Amadánaibh, nó do Lucht síor-bhuile. C. An cóir fuireach ré hUair nó ré (1) hAgmhallaigh an bháis? F. Ní cóir; óir is tairbhighe go mór do'n Easlán an tSácramuinte-si do ghlacadh, an tan a táid Faill, Ciall agus Cuimhne aige chum é féin d'ullmhughadh chuigthe, mar is cuibhe, ioná a glacadh go mall, antráthach. C. Dá gCailleadh Neach a (2) Urlabhar, agus (1) hAradhana. (2) Urlabhra
d'á bhrígh sin nar bhFéidir leis Faoisidin do dheunamh; creud is cóir dhó a dheunamh? F. Deunadh sé Gníomh Doilghís, nó Croidhe- bhrisidh fa na pheacaidhibh; agus tugadh Comhar- tha uadha, gur Mian ris Maitheamhnas d'fhá- ghail ionta, agus an Ola dhéidheanach do ghla- cadh. C. Cia uadh ar cóir dhúinn an tSácramuint- si do ghlacadh? F. Uadh hSagart an pharráisde, nó uadh hSa- gart air bioth oile, ré na Chead-san, más féidir é. C. Cionnas do friothóltar an tSácramuint- si? F. Ungaidh an Sagart ré hOla choisreagtha na Súile agus na boill eile do fhreasdalas d'ár gCeudfadhaibh corpordha, ag rádh: "trés an Ungadh naomhtha-so agus tré na thrócaire ró (1) chaonrusach féin, go maithidh an Ti- ghearna dhuit gach Peacadh, dhá nDeárnais ré do Radharc. Agus mar sin do na Ceud- faidhibh oile". C. Cá mhéid Ceudfadh corpordha ann? F. A cúig, iodhon, Glacadh, baladh, blas, Eisdeacht agus Amharc. C. Creud fá nUngthar na boill úd tar bhal- laibh eile an Choirp? F. Do bhrígh gur tré ar gCéadfadhaibh cor- pordha is Líonmhaire do pheacaigheamaoid. (1) chinéalta.
C. Cionnas is cóir do'n Easlán é féin d'iomchar tar éis an Ola dhéidheanach do ghla- cadh? F. Is cóir dhó gan é féin do bhuaireadh feas- da fa Neithibh saoghalta; a bheit foighideach agus séimh re na Lucht Freasduil, agus a thoil do chur ré Toil Dé, an gach uile Ní; óir "más beo nó marbh dhúinn, is leis an Tighearna sinn". C. Creud oile is cóir dhó a dheunamh? F. Is cóir dhó gach a maireann d'á bhríogh agus d'á Aimsir, do chaitheamh ré hUrnuigh, ré Smuaintighibh diadha; re breith buidheachuis ré Dia, fá shochar na Sácramuinte-si do tha- bhairt dhó; ré breathnughadh air an mbás agus air an tSíorruidheacht; ré cur a mhuinighine go léir a dTrócaire Dé agus a gCeusadh IOSA CRÍOSD air a shon. AN 12 LÉIGHIONN. Do hSácramuint an (1) Oird Choisreagtha. C. Creud is Ord nó Grádha Coisreagtha ann? F. A tá Sácramuint, do bheir Cumhachta agus Grása d'on Chléir re hÍodhbairt an Aifrinn d'fhoráil go diagha, agus ris na Sá- cramuinteadha agus briathar Dé d'fhriothóladh go dúthrachtach, cráibhtheach. (1) Uird.
C. Cia uadh a tTigid na Cumhachta-so? F. Uadh Chríosd, noch do thug iad air dTús do na hAbsdalaibh, maille re hUghdarrás agus Aithne a dTabhairt do dhaoinibh eile. C. Cia fhriothólas, nó bheireas an tSácra- muint-se uadha? F. Easbog amháin. C. Cá mhéid Coinghioll is riachtanach do'n Té, a tá air tí, an tSácramuint-si do ghla- cadh? F. Is iomdha iad; acht is ró riachtanach dhó "cúig príomhchoinghill" do bheith aige. C. Creud é an cheud choinghioll? F. Ní foláir dhó, gur ab é Dia, nó Fear ionaid Dé, do ghoirfeas air; agus nach as a cheann féin do thoghfas an ghairm naomhtha- so, oir mar deir ar Slánuightheoir, "gidh bé nach dTéid a sdeach tríd an nDorus go Cró na gCaorach, acht tríd suas a dTaobh eile, is Gaduidhe é agus biothamhnach". C. Nach leor, go bhfuil Fonn mór air dhul is an Eagluis? F. Ní leor; óir is líonmhar nach ó Dhia do thig an Fonn mór-so, ach ó ghrádh Díomhaoinis agus Sóigh; nó ó shúil re Meas agus Onóir d'fhághail is an tSáoghal; nó ó Ainmhian éigin oile, noch do thuilleas Mallacht Dé.
C. An leor, go gCinnid a Athair agus a mháthair do'n Eagluis é? F. Ní leor; óir is minic nach saoghalta agus nach baoithe an chlann ioná a nAthair agus a Máthair; ós a chionn so ní gnáthach gur feas dóibh creud é Dualgas na Cléire, ná créad é baoghal na hArd-ghairme-si; ionnas mar a dubhairt ar Slánuightheoir re Cloinn Sebedi, agus re na Máthair, "nach bhfuil fhios aca creud iarruid". C. Maiseadh cionnas aithneochas Neach, go nGoireann Dia air? F. Ma a tá na Coinghill aige, air a labhra- muid air nDiaidh, agus ma ghoireann Fear io- naid Dé air, tar éis a dhearbhtha a bhfad, agus mar is dual; nó ma chomhairligheann amháin dó, dul is an Eagluis; is ró inmheasda, go nGoi- reann Dia air: gidheadh air a shon sin, biodh Faitcheas agus Crith-eagla air; óir gidh gur ghoir Dia féin air Iúdás, do damnuigheadh é go tubuisdeach. C. Cia thuigeas tú re Fear Ionaid Dé? F. An tEasbog go sunradhach, agus gach Duine diagha, foghlumtha, d'a dTugann sé Cumhacht ré Cách do theagasg agus do threo- rughadh chum na beatha síorruídhe; agus d'a nach bhfuil fós breith na Caill, no sásadh saoghalta air bith, fá an Té, do threoruighe sé, do dhul no gan a dhul is an Eagluis. C. Creud é an dara Coinghioll?
F. Rún agus Fonn fírinneach a shaoghal agus a shláinte do chaitheamh chum Glóire Dé do mheu- dughadh, agus chum é féin agus a Chomharsa do shlánughadh. C. Creud é an treas Coinghioll? F. Beatha chneasda, dhéighbhéasach agus dheágh- shomplach. C. Creud é an ceathramhadh Coinghioll? F. Ní foláir dhó bheit saor fós ó gach uile pheacadh marbhtha folaighthe, an chuid is lúgh dhe, re Seal fada roimhe an tSácramuint-se do ghlacadh, agus a bheith a nGrádh agus a Síoth- cháin re Dia agus re Duine; óir is ris an gCléir do labhras Dia, gha rádh: "bithí-se glan, noch iomchras soighthe an Tighearna". C. Creud é an cúigeadh Coinghioll? F. Foghluim agus Eolus go leor, chum Cáich oile do theagasg agus do threorughadh re na dhéighiomchar, do réir dhlíghidh Dé agus na hEagluise; óir forfhógraidh Dia do'n Ainbh- fhiosán, ag rádh: "Do bhrígh gur chuir tu an tEolus air gCúl, cuirfe mise thusa air gCúl mar an gCeudna, ionnas nach biaidh tu ad hSagart agum": Agus ris an gCléir a deir Críosd, "is sibh-se solus an Domhain ... go nDealruighe bhur Solus a bhfiaghnuise na nDaoine, air chor go bhfaicfid siad bhur
nDeághoibreacha, agus go dTiúbhraid Glóir d'a bhur nAthair, a ta air Neamh". C. Creud iad na Subháilcidhe is mo is riach- tanuighe don Té re ar Mian dul is an Ea- gluis? F. Spiorad no Grádh Urnuighe, Geanmnuigh- eacht, Measardhacht, Gliocas gan cheilg, Umh- lacht, Neamhshuím is an tSaoghul, Foighid ann Am Cruadhóige, Meisneach no meanmna, Dúil Uaignis, a beith saothrach agus tugtha d'Fogh- luim. C. Creud é leanus as a dDúbhramar ann so? F. Leanaidh as, Air dtús, go bhfuil d'fhír- fhiachaibh air na (1) Tuismeoirighibh Aire mhór bheith aca, fá dheághoideas fír-chríosdamhuil, agus Foghluim thábhachtach do thabhairt don chuid da gCloinn, noch budh mhian leo do chur is an Eagluis; óir mar deir an Pápa oirdheirc do shuigheas a niugh a gCathaoir Pheadair naomhtha, "Ní féidir a luadh, ca mór is riachtanach, an Dream do goirthear chum Oighreachta an Ti- ghearna, do cheapadh o Aois Leinibh go diagha déighbheusach do réir Dhlighidh na hEagluise". 2. A bhfad o chomhairleadh amháin do'n chuid úd da gCloinn, nach bhfuil tuigsionach, Diagha, Dúthrachtach, do dhul is an Eagluis, go bhfuil sé d'fiachaibh ortha a dToirmeasg, air gach uile chor, o bhuain (2) ann; óir ni féidir Tio- (1) na hAithreachaibh agus na Máithreachaibh (2) ris
buisde ná Donas is mó do theagmháil d'a gCloinn ionná Grádha Coisreagtha do ghlacadh gan na Tréithe riachtanacha. 3. Gur cóir dhóibh an chuid is tuigsionuighe, is déighbheusuighe agus is diagha da gCloinn do thoirbhirt do Dhia, ma chinnid Aoin-neach dhíobh do'n Eagluis; óir ni thaithnigheann ré Dia ná ris an Eagluis, an Daill-inntleachtach, an Neamhchráibhtheach, an (1) Ciorrumach, an tEaslán, no Díobhad na Cloinne d'foráil dóibh. 4. Gan Cuing air bith do chur air an gCuid úd féin da gCloinn, noch do mheasuid a bheith diagha, dúthrachtach, do dhul no gan dul is an Eagluis; acht a dToil go léir do thabhairt dhóibh, agus a bhfágbháil go hIomlán air Ucht an Easboig agus a nOidigheadh Spioradálta; óir is do Dhia agus do'n Eagluis, agus ni d'aoin- neach oile, do bheanas a nGairm chum na Naomh- staide-se. 5. Go bhfuil d'fhíor-ualach air gach Ogán, do smuaineas air dhul Lá éigin is an Eagluis, a Chreideamh d'foghluim go maith; Peacadh agus Drochchomhluadar do sheachnadh; Deághoide faoisidine do thoghadh, agus a bheith urrumach dhó an gach uile Ní; ná Sácramuintighe do thai- thighidh; Mórán Urnuighe do dheunadh, do chum Tola Dé d'fághail a mach, agus nach meall- fuighe é an sa Rogha a tá roimhe, ag rádh go lionmhar so ló: "Foillsigh, a hTighearna, (1) Ciorrbhuighthe
do shlighthe dhamhsa; taisbéin damh do chosáin; treóruigh mé an d'fírinne, agus teagaisg mé; óir is tú mo Dhia agus mo hSlánuigh- theoir". 6. Nach foláir dhó, Sochar agus Dochar, no Guais na Garma-so d'foghluim agus do bhreath- nughadh go grinn; ionnas nach dToghfadh í go daill-bheartach, agus nach mbiadh Aithreachas air an Antráth; óir gidh iomdha a Sochair, is iomdha fós agus is mór a Dualgas, a Dochar agus a Guais. 7. Gur fír-riachtanach dhó, Comhairle d'iar- raidh go minic, ni air an gCeud Duine theag- mhas ann a bhealach, acht air "aon a measg Míle", aon ag á bhfuilid na Coinghill air ar labhramur cheana; agus da nochtfuidh sé ó Am go hAm a Rún, a dhócamhul agus a Chlaonta, ma is olc maith iad; Rún Amháin a bheith aige Toil Dé do dheunamh, agus é féin agus a Chomharsa do shlánughadh; ann Aon- fhocal, a shaoghal do chaitheadh go diagha; Fogh- luim do shaothrughadh go dithchiollach; a bheith urrumach d'a Easbog go bás; agus a bheith dearbhtha, gur "bhfeárr dhó", mar deir ar Slánuightheoir "Cloch Mhuillinn do chrochadh fa na mhuineul, agus a bháthadh a nDuibheagán na Fairrge ioná (1) Oilbhéim do thabhairt d'Aoin-neach" ré na dhroichbheatha nó ré n'Ainbhfios. (1) scannuil.
AN 13 LÉIGHIONN. Do'n Phósadh. C. Creud is Pósadh ann? F. A tá Sácramuint, do naomhas Comhchai- dreadh dlisdionach Aoin-fhir agus Aon-mhna; agus do bheir Grása dhóibh ré na gCloinn do thabhairt suas an Eagla agus a nGrádh Dé; ré hAnacar an Phósda d'iomchur; agus ré bheith díleas dá chéile go nuige an bás. C. Creud iad na Coinghill is riachtanach chum na Sácramuinte-si do ghlacadh go Críosda- mhuil? F. A táid ceithre choinghill ró riachtanach. C. Creud é an ceud choinghioll? F. A tá Coguas glan ó gach Peacadh marbh- tha; uime sin, is cóir Faoisidin agus Comaoineach do dheunamh Lá nó dhó roimhe Rae. C. Creud é an dara Coinghioll? F. Ní foláir bheith saor ó gach Toirmeasg Pósda; mar a tá Col Gaoil, Cleamhnuis, nó Uisge; Díoghbháil Aoise, Móid gheanmnuigheach- ta, agus tuilleadh oile do'n tSamhuil-sin. C. Cionnas is féidir do Neach fhághail amach, nach bhfuil Toirmeasg air bith air?
F. Nochtadh sé a Rún agus a chor d'Oide Faoisidine foghlumtha, sealud roimhe an bPó- sadh. C. Biodh go bPósfadh Neach, air a mbeith Toirmeasg, creud é an Dochar sin? F. Is mór an Peacadh é; ós a chionn sin, a táid Toirmeisg ann, do bhriseas an Pósadh go hiomlán; agus do tharruingeas Mallacht agus iomad Tubaisde air an Lánamhain, má chaidrighid re chéile. C. Creud fá nDeir tú, gur cóir "Faoisidin do dheunamh, agus Comhairle d'iarraidh roi- mhe Rae air Oide fhoghlumtha"? F. Do bhrígh go dTig Toirmeasg Pósda go minic ó pheacaidhibh (1) uaigneacha na hAimsire do chuaidh thort. C. Creud fá nDeirir, gur ceart sin do dheunamh, "sealad roimhe an bPósadh"? F. Chum go mbeith (2) Faill ag Neach, (3) Cead Pósda d'fhághail o'n Easbug, nó air shlíghe éigin eile do ghlacadh, do réir chomhairle an Oide Faoisidine. C. Creud é an treas Coinghioll? F. A tá a glacadh maille re Rún, Dligheadh Dé agus na hEagluise do choimhlíonadh ann sa (4) nGairm-se. C. Creud é an ceathramhadh Coinghioll? F. A tá a glacadh go cráibhtheach, macanta, adhnáireach. (1) Folaigheacha, secréideachá. (2) Am, Uain. (3) Dispionsáid. (4) Staid-se.
C. Cia uadh is cóir an tSácramuint-si do ghlacadh? F. O hSagart an Pharráisde, a bhfiaghnuise deise nó triair; nó uadh hSagart eile, maille re Láin-chead an Easbuig, nó an tSagairt Parráisde. C. An bPeacaighid an tAosóg, do phósas nó do ghlacas re chéile gan fhios do'n tSagart Parráisde; gan Toil a nAthar agus a Má- thar; agus gan Fiaghnuise deise nó triair? F. Is deimhin go bPeacuighid go trom; agus fós is dearbhtha, nach Pósadh dlisdionach ná seasmhach an Coimhcheangal do nithear gan fhios do'n tSagart Parráisde, agus gan Fiaghnuise deise nó triair, ionn sna hiona- daibh ann ar glacadh Dlígheadh na hEagluise go hIomlán. C. Creud é Dualgas na Lánamhna pósda? F. Air dTús, Coimhcheangal agus Cai- dreamh do bheith eatorra air feadh a mbea- tha. 2. Bheith díleas dá chéile, do réir mar gheal- ladar ann sa bPósadh. 3. Congnamh re chéile ann a Leatrom; An- tuigse, Eagcruas agus (1) Ualaidhe a chéile d'iomchar go foighideach. 4. Do thabhairt fa deara a gClann do bhais- (1) Muirighin
deadh chomhluath is féidir é; agus a múnadh agus a sdiúradh go Críosdamhuil. C. Creud iad na Lochta, nó na Dubháilcea- dha, is riachtanach do'n Lánamhain phósda do sheachnadh? F. Eád, Searbhus, Fuath, (1) Imdheargadh, Ceannairg, Cáineadh, Aingidheacht, Masla, Anghrádh d'á gCloinn, nó do'n tSaoghal; agus fós Grádh ainmheasardha, gan chéill gan chui- bheas, air a chéile, tré a gCuirid Dligheadh agus Grádh Dé a (2) nDimbhrígh. C. Creud é Dualgas na Mná pósda fá leith? F. A tá d'Ualach oirrthe, air dTús, bheith urramach d'á Fear ann gách uile Ní, nach bhfuil- an Aghaidh thola Dé; óir is é an Fear Ceann na Mná, amhuil is é Críosd Ceann na hEa- gluise. 2. A bheith air a Coimheud gan a Toirrcheas do chailleadh tré na Coir féin. 3. Anacar a Toirrchis, agus Tinneas a Cloinne d'iomchar go foighideach, agus mar cháin an pheacaidh. 4. Gan léigean do'n Naoidheanán codladh an Aoin-Leabaidh ria féin ná re na Bhuime go Cionn bliaghna, air Eagla go múchfuidhe é, agus go mbeith an bhuime nó an mháthair cionn- tach a mbás an leinibh. (1) Aithis (2) Neamhshuim.
5. Is cóir dhi, más féidir é, a Clann féin d'oileamhuin, air Nós na mban naomhtha (1) a nol- lód, agus mar chomhairlighid na hAithreacha naomhtha dóibh go dithchiollach. C. Creud oile is Dualgas di? F. Amhuil a tá d'fhiachaibh air an bhfear So- láthar do dheunamh d'á theaghlach, agus Aire thabhairt d'á ghnothuighibh amuigh go meinic; a tá mar an gCeudna d'Ualach oirrthe-si Aire mhaith do thabhairt do ghnothuighibh a bunaidh Taobh a stigh dhoras; gan dul fa gCuairt go bíodanach ó (2) thigh go Tigh, agus gan Aoin-ni do dheunamh, ná d'fhulang a dheunamh, do chuirfeadh Fearg air Dhia, óir "ci bé nach dTugann Aire d'á dhaoinibh Féin, agus go mórmhór do Lucht a thighe, do sheun sé a Chreideamh, agus is mea- sa é ioná Neach gan Creideamh". C. Creud oile a tá d'fhiachaibh orrtha a raon do dheunamh? F. Deághshompla do thabhairt d'á gCloinn agus d'á dTeaghlach uile; agus do chur fá dea- ra air an Iomlán, Dia do riar agus do ghui- dhe, go hAirighe air Maidin agus Tráthnóna. (1) na Sean-aimshire. (2) O theach go teach.
AN 4 RANN. DO'N TEAGASG CRÍOSDUIDHE. Do'n Dóthchas agus do'n Urnaigh. AN 1 LÉIGHIONN. Do'n Dóthchas agus do'n Urnaigh a gCoitchinne. C. Creud é an ceathramhadh Ní bunadhusach is riachtanach do gach Críosduidhe do dhéa- namh, chum é féin do shlánughad? F. A tá a Dhóthchas do chur a nDia, Cong- namh iarraidh air, agus a Ainm Naomhtha do mholadh. C. Creud is Dóthchas ann? F. Subhláilce dhiadha, do bheir dhúinn Súil do bheith againn maille re Muinighin mhóir, Trócai- re agus Grása d'fhághail o Dhia ann sa tSao- ghal-so, agus Aoibhneas síorruidhe ann sa tSaoghal oile. C. Creud as a bhfuil ar nDóigh, nó ar nDóth- chas? F. As geallamhnaibh Dé, noch do dhearbhaidh, go dTiúbhradh sé Sonus síorruidhe do'n Dream do choimhlíonfas a dhlígheadh nó a Aitheanta. C. Creud as fós a bhfuil ar nDóthas?
F. As Mór-Luaigheacht ar Slánuightheora IOSA CRÍOSD, tre dTugann Dia a ghrása dhúinn ann sa tSaoghal-so, agus tré a nGeallann dhúinn Flaitheas agus Aoibhneas síorruidhe ann sa tSaoghal oile. C. Creud é an Coinghioll air ar gheall Dia an Sonus síorruidhe-si dhúinn? F. Air choinghioll go gCoimheudfam Aitheanta- san, agus go nDeunam Deághoibreacha maille re Congnamh a ghrás. C. Cionnas do cionntuighthear an Aghaidh an Dóthchais? F. Air dhá mhodh. C. Creud é an ceud mhodh air a bPeacuighthear an Aghaidh? F. Re hEudóthchas, an tan do chuireas Neach a gCéill dó féin go meallta, nach féidir dhó an bheatha shíorruidhe d'fhághail; agus dá bhrígh sin, gur díomhaoin dó, Deághoibreacha nó Aith- righe do dheunamh. C. Creud é an dara Modh air a bPeacuigh- thear an Aghaidh an Dóthchais? F. Ré hAndóthchas, an tan do chuireas Neach a dhóigh go díthchéillighe ann a chumas féin, nó a dTrócaire Dé; agus do léigeas, da bhrígh sin, a leas air Cáirde, ag cruadhughadh ann sa bPeacadh. C. Deun Gníomh Dóthchais. F. "A hTighearna, mo Dhia, a tá Mór-mhui- nighin agam, tré do mhor-thrócaire, agus
tré mhór-Luaigheacht mo shlánuightheora IOSA CRÍOSD, go dTiúbhrair Congnamh do ghrás dham ann sa tSaoghal-so, agus an bheatha mharthannach ann sa tSaoghal eile, má choimh- líonaim hAitheanta agus do dhlígheadh". C. Cionnas do cuirthear an Dóthchas a (1) bhféidhm nó a a dTairbhe. F. Ag deunamh Urnaidhe uirísill go minic chum Dé. C. Creud is Urnaigh ann? F. A tá Ardughadh ar gCroidhe chum Dé, ag tabhairt Ardmhodha, Molta, nó buidheachuis dhó; nó ag iarraidh air, gach Ní, is riachtanach, nó fós is tairbheach chum Sláinte ar nAnma, do thabhairt dhúinn. C. Nach bhfuil sé fós ceaduightheach ag Neach, na Neithe saoghalta, a tá do Riachtanas air, d'iarraidh air Dhia? F. A tá, mas Rún dó Féidhm do dheunamh dhíobh chum glóire Dé, agus chum Sláinte a Anma féin. C. An bhfuil sé d'fhiachaibh air gach Críos- duidhe Urnaigh do dheunamh? F. A tá, óir ní foláir do gach Duine Modh, Moladh agus buidheachas do thabhairt do Dhia; agus fós Trócaire agus Grása d'iarraidh air. C. An éisdionn Dia ar nUrnaigh do ghnáth? F. Ní éisdionn; do bhrígh nach nDeunmuid í a gComhnuigh mar is ceart. (1) Usáid
C. Cionnas is cóir Urnaigh do dheunamh? F. Is cóir a deunamh go hUmhal, módhamhuil, coimheudach, cráibhtheach. C. Creud thuigeas tu "re Urnaigh do dheu- namh go hUmhal"? F. Tuigim ris, gur ab inmheasda dhúinn, nach fiú sinn labhairt re Dia, ná Toradh ar nUrnaighthe d'fhághail uadha; agus má gheibhmid Aoin-ní dá nIarrmuid air, gur "tré na mhór- thrócaire do bheir dhúinn é". C. Creud thuigeas tú re "Urnaigh do dheunamh go módhamhail"? F. Tuigim ris, nach foláir dhúinn, ar dTi- ghearna Dia do ghuidhe maille re Módh mór, agus re Deághfhaitcheas. C. Creud thuigeas tú re "hUrnaigh do dheu- namh go coimheudach"? F. Tuigim, go bhfuil d'fhiachaibh orainn ann Aimsir na hUrnaighthe, ar dTuigse agus ar dToil do choimheud comaith agus is féidir dhúinn, ní hEadh amháin air cheilg agus air chaithighibh an Diabhuil, acht fós "air Smuainti- ghibh agus air chlaontaibh saoghalta", noch a ra- chadh eadruinn agus Dia, nó do chuirfeadh air Seachrán sinn ann ar nUrnaigh. C. Creud air ar cóir dhúinn smuaineadh ann Am Urnaighe? F. Air Dhia, air chéill na mbriathar do chanmaoid, nó air na Neithibh iarrmaoid air Dhia.
C. Creud thuigeas tú re "hUrnaigh do dheu- namh go cráibhtheach"? F. Tuigim ris, gur ab éigion dúinn an Ur- naigh do dheunamh go dúthrachtach, ionnas go dTéighfeadh ar gCroidhe re Dia, nó ris na Nei- thibh ollmhuigheas agus threoruigheas sinn chum na beatha síorruidhe. C. Nach bhfuilid Coinghill eile riachtanasach chum Urnaighthe do dheunamh go tairbheach? F. A táid fós trí Coinghill riachtanach. C. Creud é an ceud Coinghioll? F. A bheith air Staid na nGrás; nó an chuid is Lúgha dhe, a bheith fonnmhar "da ríribh", air shíothcháin do dheunamh ré Dia. C. Creud é an dara Coinghioll? F. Muinighin mhór a bheith againn, go dTiú- bhraidh Dia dhúinn an Ní iarrmuid air, ma a tá sé oireamhnach d'a ghlóir agus do leas ar nAnma. C. Creud as a mbeith an mhór-muinighin-si aguinn? F. As Mór-luaigheacht IOSA CRÍOSD; óir is "ann Ainm-sion" iarrmaoid gach Athchuinge air Dhia. C. Cia do mhúin dúinn guidhe ann "Ainm Chríosd"? F. Do mhúin sé féin, ag rádh ann sa tSois- geul: "Gidh bé iarrfuidhe ionn m'Ainm-si air
an Athair, do bheura sé dhíbh é". Múinidh fós an Eagluis dhúinn guidhe ann "Ainm Chríosd"; óir críochnuighe sí go coitcheann a hUrnaighthe ris na briathraibh-si: "Tré ar dTighearna IOSA CRÍOSD, Per Dominum nostrum Iesum Christum". C. Creud fá ar ab éigion dúinn guidhe "tré IOSA CRÍOSD"? F. Do bhrígh gur ab é ar "Slánuightheoir" é, agus gur thríd-sion a tá Slíghe aguinn re dul chum an Athar Neámhdha. C. Creud é an treas Coinghioll? F. Buain-sheasadh a nGuidhe Dé. C. Creud thuigeas tú ré "buain-sheasadh ann Urnuigh", nó a nGuidhe Dé? F. Tuigim, gur cóir dhúinn leanamhain do'n Urnuigh; agus gan a bheith tuirseach do ghuidhe Dé, biodh go gCuirfeadh sé ar nIarratus air Cáirde. C. An fíor go nEísdionn Dia do ghnáth re ar nUrnuigh, an tan do ghuidhmid é mar is cóir? F. Is cinnte go dTugann Dia gach uile Ní dhúinn, a tá riachtanach chum Sláinte ar nAnma, má iarrmuid é dhúinn féin "go buain-sheas- mhach, agus mar is cóir," an tan a támuid a nGrádh re Dia. C. Cia gheall, go nEísdfidhthear ar nUrnuigh do ghnáth air na Coinghillibh-se? F. Ar Slánuightheoir IOSA CRÍOSD féin, do gheallas dhúinn é; óir a deir sé san tSois-
geul: "iarruidh, agus do bheurthar dhaoibh; (1) Lorgairigh, agus do gheubhthaoi; buailidh an Dorus, agus oisgeoltar dhaoibh". C. Creud fá leanann tú comhfada-so Léi- ghion na hUrnuighe? F. Do bhrígh nach bhfuil Teagasg air bith is riachtanuighe ioná é; óir níor damnuigheadh a riamh, agus ní daimneochthar go bráth, Aoin- neach d'ár ghlac baisdeadh, acht do dhíoghbháil Urnuighe do dheunamh mar is cóir, nó do dheu- namh go leor. C. Creud é an Ní, is (2) Líonmhaire is cóir dhúinn d'iarraidh air Dhia? F. Eagla agus Grádh Dé air feadh ar mbea- tha, agus Deághbhás fá dheoigh. C. Cia chuige a nDírighmid ar nUrnuigh? F. Do chum Dé, agus fós chum na Naomh; acht ní air an Modh gCeudna. C. Cionnas do dhírighmid ar nUrnuigh chum Dé? F. Amhuil "chum Aírd-righ agus Ard-uachta- ráin gach uile Neithe", le ar ab fhéidir gach Aoin- ní dhá nIarrmuid do thabhairt dhúinn, "tré na mhór-chumhachta féin". C. Cionnas do ghuidhmid na Naoimh? F. Amhuil Searbhfhóghantuighe agus Cáirde Dé, le ar ab fhéidir Grása agus Trócaire d'fhághail dhúinn ó Dhia, "tré mhór-luaigheacht IOSA CRÍOSD". (1) Loirgighidh. (2) mionaca.
C. Nach bhfuil "an Urnuigh-se chum na Naomh" an Aghaidh an (1) mhodha do dhlíghmíd do Dhia, agus fós an Aghaidh na Mór-mhuinighine, a tá d'fhia- chaibh oruinn do bheith aguinn as "ar Slánuigh- theoir IOSA CRÍOSD"? F. Ní bhfuil air Aon-chor; óir, da mbeith Ur- nuigh chum na Naomh easonórach do Dhia, nó d'ar Slánuightheoir, amhuil mar is Mian le Lucht Seachráin a chur a gCéill do na (1) hAinbhfhio- sánaibh, ní iarrfadh "Naomh Pól Absdal" air na Críosduidhibh guidhe air féin, agus air a chéile. C. Cia air ar chóir dhúinn guidhe? F. Air an gCineadh Daonna go hIomlán; air ar nUachtaránaibh Cille agus Tuaighe; air na Deághdhaoinibh, agus air na Drochdhaoinibh; air na Págánachaibh, agus air gach Druing eile, atá air Seachrán Creidimh; air ar gCáirdibh, agus air ar Naimhdibh; air bheodhaibh fós agus air mharbhaibh. C. Cia aca is feárr Urnuigh do dheunadh fá leith, ioná a gCuideachta cháich eile? F. Is gnáthach gur feárr an Urnuigh do ni- thear a gCuideachta nó a gComann ré Cách. C. Creud chuige sin? F. Do bhrígh go nDeir Críosd, go mbíonn sé a measg deise nó triair, do chruinnigheas a gCeann a chéile ann Ainm-sion. C. Creud chuige fós gur feárr an Urnuigh pháirteach? (1) Tuatuighibh.
F. Do bhrígh go nDeunaid mórán, do ghuidheas Dia ann Aoin-fheacht, amhuil agus Foiréigion naomhtha air; agus go bhfághaid a nimpíghe uadha níos eusguighthe. AN 2 LÉIGHIONN. Do'n Phaidir. C. Creud í an Urnuigh is feárr agus is bríoghmhaire air bioth? F. A tá an Phaidir, dá ngoirthear Urnuigh an Tighearna. C. Creud fá nGoirthear Urnuigh an Tighear- na do'n Phaidir? F. Do bhrígh gur ab é ar "dTighearna IOSA CRÍOSD féin" do rinne í. C. Abair í a Laidion. F. "Pater Noster, qui es in Coelis, sanc- tificetur Nomen tuum; adveniat regnum tuum; fiat Voluntas tua, sicut in Coelo, et in Terra. Panem nostrum quotidianum da nobis hodie; et dimitte nobis Debita nostra, sicut et nos dimittimus Debito- ribus nostris; et ne nos inducas in Ten- tationem; sed libera nos a Malo. Amen". C. Abair í a nGaoidhilg. F. "Ar nAthair a tá air neamh, naomhthar hAinm, tigiodh do Ríoghacht; deuntar do thoil
air an Talamh, mar do nithear air Neamh. Ar nArán laetheamhuil tabhair dhúinn a niudh; agus maith dhúinn ar bhfiacha, mur mhaith- míd-ne d'ar bhféithamhnuibh féin; agus na léig inn a gCathughadh; acht saor inn ó Olc. Amen". Do Mhíniughadh na Paidre. C. Cá mhéid "Athchuinge" san bPaidir? F. A táid seacht nAthchuingeadha. C. Cia dá ngoirmíd "Ar nAthair"? F. Do Dhia an tAthair, do Dhia an Mac, agus do Dhia an Spiorad Naomh. C. Creud fá nach nAbrann tú "m'Athair" ann Aít "Ar nAthair"? F. Do bhrígh gur ab é ar nAthair coitchionn é, agus gur Dearbhráithreacha dhá chéile sinn; agus fós do bhrígh go bhfuil d'fhiachaibh oruinn guidhe air ar Son féin, agus air Son na Co- mharsan. C. Cionnas a tá Dia n'Athair aguinn-e? F. Do bhrígh gur ab é do chruthaigh, do chean- naidh agus do thogh sinn mar chloinn dhó féin. C. Creud fá nAbrann tú, "A ta air Neamh," óir a tá Dia ann gach uile Aít? F. Do bhrígh gur air Neamh, is mó thaisbeá- nas sé a "Mhórdhacht ghlórmhar"; agus do bhrígh gur air Neamh a tá Oighreacht agus Flaitheas a chloinne-sion. C. Creud iarrmaoid san gCeud Athchuinge, "Naomhthar hAinm"?
F. Iarrmaoid Aithne agus Eolus a bheith air Dhia air Feadh an Domhain uile; agus Onóir, Moladh agus Grádh do thabhairt dhó go Saoghal na Saoghal. C. Cia hiad do naomhas "Ainm Dé"? F. An Dream do chreideas agus do ghéilleas dó. C. Cia hiad do mhasluigheas Ainm Dé? F. An Drong do bhriseas a dhlígheadh, nó do pheacuigheas an Aghaidh Aitheantadh Dé. C. Creud iarrmaoid san dara hAthchuinge, "Tigeadh do Ríoghacht"? F. Iarrmaoid air Dhia, a ghrása do dhór- tadh ann ar gCroidhthibh san tSaoghal so, agus Glóir shíorruidhe do thabhairt dhúinn san tSaoghal oile. C. Creud iarrmaoid san treas Athchuinge, "Deuntar do thoil air an talamh, mar do ni- thear air Neamh"? F. Iarrmaoid air, Grása do thabhairt dhúinn, chum a thola do dheunamh san tSaoghal-so, mar do níd na hAingil air Neamh. C. Creud é chialluigheas "Toil Dé do dheu- namh"? F. Cialluighe sé na hAitheanta do choimhlío- nadh, agus a bheith foighideach ann gach buair- eadh agus leathtrom theigeomhas dhúinn. C. Creud é is cóir dhúinn a mheas nó do smuaineadh, an tan chuireas Dia Leaththrom nó buaireadh oruinn?
F. Is inmheasda dhúinn, go bhfuil Dia fír- cheart, agus go dTuillmid níos mó go mór do'n tSamhuil-sin. C. Creud é is cóir a rádh ann Am buaidh- eartha nó Leathtroim? F. "A hTighearna, go nDeuntar do thoil; go naomhthar hAinm". C. Creud iarrmaoid san gCeathramhadh Ath- chuinge, "Ar nArán laetheamhuil tabhair dhúinn a niudh"? F. Gach Ní a tá na Riachtanus oruinn, do thaobh Anma agus Coirp, iodhon, na Sácra- muinteadha, briathar agus Grása Dé, biadh fós agus Eudach. C. Creud fá nDeirir "Tabhair dhúinn a niudh"? F. Dá chur a gCéill dhúinn, gur mídhlisdio- nach a bheith anchúramach timchioll an Lae má- ruigh; agus gur cóir dhúinn ar Muinighin do chur a bhforfhaire ar "nAthar Neámhdha, noch do bheathuigheas Eunlaith an Adhair". C. Creud iarrmaoid san gCúigeadh Athchuin- ge, "Mhaith dhúinn ar bhfiacha, mar mhaithmíd-ne d'ar bhféitheamhnuibh féin"? F. A tá Maitheamhnus ar bPeacadh do tha- bhairt dhúinn, "do réir mar mhaithmíd féin d'ar Naimhdibh", óir ní féidir dhúinn-e Maitheamh- nas d'fághail ó Dhia, muna "maitheam gach Olc, dhá mheud, do chách oile". C. Creud é iarras an té ré nach áill Mai- theamhnus do thabhairt d'a Naimhdibh?
F. Iarruidh sé air Dhia gan Maitheamhnus do thabhairt dhó. C. Creud chialluigheas "Maitheamhnus do tha- bhairt do'n té do rinnigh Urchóid dhúinn"? F. A tá diúltadh do gach uile Rún Díoghal- tais, agus a bheith fonnmhar air mhaith do dheu- namh an Aghaidh an Oilc. C. An féidir dhúinn Maitheamhnas do tha- bhairt d'ar nEascaruid, agus fós Sásugh éi- gin d'iarraidh air Son na Díoghbhála do rin- neadh dhúinn? F. Is féidir, má iarrmaoid é go céillighe agus do réir an Dlíghe; agus má tá ar gCroidhe saor ó fhuath agus ó ghráin air an Druing éilighmíd. C. An dTugann an té úd, nach bhfuilingionn Radharc nó Comhluadar na Muintire do rin- nidh Urchóid dhó, "Fíor-mhaitheamhnas dóibh"? F. Ní thugann; óir ní leanann sé Lorg Dé, noch fheuchas oruinn go geanamhuil, agus ghla- cas chuige sinn go trócaireach grádhach, an tan do bheir Maitheamhnas dhúinn. C. Creud iarrmaoid san seiseadh Athchuin- ge, "Ná léig inn a gCathughadh"? F. Iarrmaoid air, buaidh do thabhairt dhúinn air chathuighibh an Diabhail, an tSaoghail agus na Colna. C. An fíor go gCuireann Dia Cathaighe oruinn air Uairibh? F. Ní fíor: ach is malluigh a rádh ná mheas
go gCuireann Dia Cathaighe air Aoin-neach chum Oilc; gidheadh is fíor go nDearbhann sé sinn air Uairibh re bochtacht, re hEasláinte nó re buadhairt éigin eile. C. Creud fá nDearbhann sé sinn re hAnró agus re hAinnise? F. Chum ar nGlanta ó Smál an pheacaidh, amhuil mar ghlantar an tOr re Tinnidh; nó do chum Luach Saothair doimheasda do thabhairt dhúinn air Neamh, air Son ar bhfoighide. C. An nDearbhann Dia sinn air Aon-mhodh eile? F. Dearbhaidh sé fós sinn re Saidhbhrios, re Saoghal fada, re Sláinte agus ris na Tíodh- laicibh eile do bheir dhúinn, mar chongnamh chum Deághoibreachadh do dheunamh, agus na beatha síorruidhe do thuilleadh. C. Creud is Adhbhar do na Cathaighibh, do ghluaiseas sinn chum Oilc? F. An Diabhal, an Saoghal agus an Cholann. C. Creud fá bhfuilingeann Dia do Naimhdibh ar nAnma, Cathuighe do chur oruinn? F. Do chum Slíghe do thabhairt dhúinn air mhór- luaidheacht do thuilleadh re troid go meisnea- mhuil an Aghaidh ar Námhad. C. An bPeacuigheann an té do bhrosduigheas an Diabhal, an Saoghal, nó an cholann chum Uilc? F. Ní pheacuigheann, muna dTarruingeann
sé na Cathaighe-se air féin; nó muna nAon- tuigheann dhóibh. C. Cionnas aithneochas Neach, nár aontuigh sé do'n chathughadh? F. Má dhiúlt sé dhó go (1) prab; nó má thairg gan mhoill, Aire a thabhairt do Ní eile; má bhí buaireadh nó Doilghios air, an fad do mhair an Droch-smuaineadh; nó má d'iarr go dithchiol- lach Congnamh air Dhia, nó Eidiorghuidhe Naoimh nó Aingil, is deimhin nár aontuigh sé dhó. C. Cionnas aithneochas Neach gur aontuigh sé? F. Má d'fhuiling sé go suaibhneach an Droch- smuaintiughadh, tár éis gur airigh é, is fíor gur aontuigh sé dhó. C. Creud iarrmaoid san seachtmhadh Athchuin- ge, "Ach saor inn ó Olc"? F. Iarrmaoid air Dhia, ar saoradh ó gach Ní do dheunfadh Dochar nó Urchóid dhúinn, do thaobh, choirp nó Anma, agus go (2) sunradhach ó gach Ní a tá an Aghaidh shláinte ar nAnma. C. Creud chialluigheas an Focal-so, "AMEN"? F. Cialluighe sé, "bíodh mar sin". C. Creud fá gCríochnuighthear Urnaigh an Tighearna ris na briathraibh-se, "bíodh mar sin"? F. Do thaisbeánadh, gur Mian linn na hAth- chuingeadha-so uile d'fhághail ó Dhia. (1) tapuidh. (2) hAírighe.
AN 3 LÉIGHIONN. Do'n AVE MARIA, iodhon, d'fháilte an Aingil. C. Creud thuigeas tú re (1) "Fáilte an Aing- il", nó ris an AVE MARIA? F. Tuigim, gur ab Urnuigh í do cumadh do bhriathraibh an Aingil, do bhriathraibh ELIZA- BETH fós agus na hEagluise; Urnuigh, do thaitnigheas go mór ris an "Naomh-Oígh Muire," agus is gnáthach a rádh tar éis "Urnuighe an Tighearna". C. Creud fá nGoirthear "Fáilte an Aingil" di? F. Do bhrígh, gur ab é an "tAingeal Ga- briel" do rinne an cheud chuid di, ag beannu- ghadh agus ag fáiltiughadh do "Mhuire Oígh", an tan tháinig sé re Teachdaireacht chuigthe ó Dhia, go nGlacfadh an dara Pearsa do'n Tríonóid "Colann daonna fó na broinn". C. Abair "Fáilte an Aingil" a Laidion. F. "Ave Maria, Gratia plena: Dominus tecum: benedicta tu in Mulieribus, et be- nedictus Fructus Ventris tui JESUS. Sancta Maria, Mater Dei, ora pro nobis (1) beannúghadh
Peccatoribus, nunc et in Hora Mortis nostrae. Amen". C. Abair í a nGaoilig. F. "Dia do bheatha a Mhuire, a tá lán do na Grásaibh: a tá an Tighearna maille riot: is beannuighthe thú tar na Mnáibh, agus is bean- nuighthe Toradh do bhronn IOSA. A Naomh-Muire, a mháthair Dé, guidh oruinn-e na Peacaigh a nois, agus ann Am ar mbáis. Amen. Biodh mar sin". C. Creud í Cuid an Aingil do'n Urnuigh-si? F. "Dia do bheatha, a Mhuire, a tá lán do na Grásaibh: a tá an Tighearna maille riot: is beannuighthe thú tar na Mnáibh". C. Creud a dubhairt ELIZABETH naomh- tha re "Naomh-Muire Oígh"? F. "Is beannuighthe thú tar da Mnáibh, agus is beannuighthe Toradh do bhronn IOSA". C. Cá Tráth do labhair sí mar sin? F. An tan do chuaidh an "Naomh-Oígh" air Cuairt fá na déighin. C. Creud í Cuid na "hEagluise" do'n Urnuigh- si? F. "A Naomh-Muire, a mháthair Dé, guidh oruinn-e na Peacuigh, a nois agus ann Am ar mbáis. Bíodh mar sin". C. Creud fá nDubhairt an tAingeal, go raibh "Muire Oígh lán do na Grásaibh? F. Do bhrígh gur ab mó fuair sí do shubháilcibh agus do thíodhlaicibh ó Dhia, ioná Aingeal agus ioná Naomh air bioth oile.
C. Creud eile fós fá nDubhairt sé, go raibh sí "lán do ghrásaibh"? F. Do bhrígh gur ghabh gan mhoill, agus gur iomchair sí "Ughdar na nGrás" ann a broinn. C. Creud fá nDubhairt an tAingeal ria: "A tá an Tighearna maille riot"? F. Do bhrígh gur chumhduigh Dia Í ó gach uile pheacadh, agus gur threoruigh sé Í do ghnáth. C. Cionnas a tá an "Naomh-Oígh Muire bean- nuighthe ó's Cionn na mban go hUile"? F. Do bhrígh gur chumhduigh Diá Í ó gach uile Locht; agus go raibh sí na "Máthair agus na Maighdin" an Aoin-fheacht, gan caill a "hOgh- achta air Aon-chor" roimhe ná nDiaidh a (1) Tuismidh: Tíodhlaice, nach bhfuair bean air bioth a riamh ó Dhia, agus nach bhfuighe go bráth. C. Creud fá nDeirmid, gur "beannuighthe Toradh bhronn na Naomh-Oíghe Muire"? F. Do bhrígh gur ab é "Críosd, a Mac-san, Tobar na Naomhthachta agus na mbeannacht". C. Creud fá nGoirmid "Máthair Dé" do'n Naomh-Oígh? F. Air an Adhbhar gur ab ise amháin "fíor- mháthair IOSA CRÍOSD," noch a tá na Dhia agus na dhuine. C. Creud fá nIarrmaoid air an Naomh-Oígh guidhe air ar Son "ann Aimsir an bhais", go (2) sunradhach? (1) hIodhnuibh, beriotuis. (2) speisialta.
F. Do bhrígh gur mó go mór ar Riachtanas re Grásaibh agus re Trócaire Dé, an tan sin, ioná ann Aon-am oile. C. Cionnas sin? F. Do bhrígh gur neartmhaire agus gur baogh- luighe Cathuighe an Diabhail ann Aimsir an bháis, ioná ann Aon-am oile; agus fós do bhrígh go gCinneann Dia Ríoghacht Neimhe, nó Ifrionn síorruidhe do gach Duine, an tan do sgaras an tAnam ris an gCorp. C. Creud fá moltar dhúinn, an Urnaigh si do rádh go minic? F. Do chum go smuaineochmaois go minic air thrí Neithibh. C. Creud é an ceud Ní? F. Ioncholnughadh Aoin-mhic Dé, a mbroinn "Mhuire Oígh," mar gheall oruinn-e. C. Creud é an dara Ní? F. Subháilceadha na "Naomh-Oíghe", eadhon, a Creideamh, a Carrthunnacht; a Foighid, a Geanmnuigheacht, a hOirísle, agus a hUmh- lacht. C. Creud é an treas Ní? F. Eidiorghuidhe chumhachtach "Mháthar De," air Son na Druinge, do ghoireas oirthe; agus do (1) thairgeas, dá ríribh, a béasa-san do leanmhuin. C. Cia hiad a measg na gCatoiliceach Féin, noch do tharcuisnigheas an "Naomh-óigh", agus (1) thogras
chailleas Toradh na beag-urnuighe, do níd chuig- the. F. A tá an Drung leamh, do mheasas, gur leor dhóibh chum Flaithis Dé d'fhághail, Muinighin mhór do chur innte, fa an mbeagán Troisge nó Fuar-urnuighe, do níd chuigthe; gidh go bhfuilid, san Am gCeudna, tugtha d'á nAinmhianaibh; agus nach (1) dTairgid amháin, a mbeatha do leasughadh go dithchiollach; ná lorg na "Naomh- oíghe" do leanmhuin air Aon-chor. D'Aimsir na hUrnuighe. C. Cá hUair a tá d'fhiachaibh oruinn, Dia do ghuidhe. F. Ann Am Cathaighidh, Contabhairte, agus gach uile Riachtanais Coirp agus Anma; agus fós, an tan do bheir Dia Nuadh-thabhartus air bioth dhúinn. C. Cia hIad na Laetha ann ar mó a tá d'fhia- chaibh oruinn, Urnuigh do dheunamh chum Dé? F. An "Domhnach, agus gach Lá Saoire eile"; do bhrígh gur chum Dé do ghuidhe, do mholadh agus do riar, do saorthar na "Laethe-se" ó ghnothui- ghibh saoghalta. C. Nach éigion fós Dia do ghuidhe gach uile Lá? F. Is éigion go cinnte; óir budh mhór, agus budh Diombhuidheach an Dearmad dhúinn, Aon-Lá (1) dTogruid
amháin do léigean thoruinn, gan Dia do ghuidhe; nó do mholadh go dúthrachtach. C. Cá hUair san La, is cóir dhúinn go mór- mhor, Urnuigh do dheunamh chum Dé? F. Air Maidin agus Tráth-Nóna, roimhe agus a nDiaidh bídh, agus ag tionsgnadh gach Oibre, do réir mar cuirthear síos é na dhiaidh so. Dualgas Laetheamhuil an Chríosduidhe. AN 4 LÉIGHIONN. Do'n Chríosduidhe agus do Chomhartha na Croiche. C. An "Críosduidhe" thú? F. Is eadh, maille re Grásaibh Dé. C. Creud fá nDeirir, "maille re Grásaibh Dé"? F. Do bhrígh nach ar thuill mé, agus nach ar bhféidir dhamh an Mhór-mhaitheas-sa do thuilleadh ua Dhia, noch do rinne Críosduidhe dhíom, "tré na Mhór-thrócaire féin". C. Cia is "Críosduidhe" ann? F. Gach Duine, iar na bhaisdeadh, do chreidios ann a chroidhe, agus admhuigheas re na bhéal Teagasg agus Dlígheadh IOSA CRÍOSD. C. Creud é an Sochar do Neach a bheith na "Chríosduidhe"?
F. Do gheibh sé trí Mór-shochair as. C. Creud é an ceud shochar? F. A tá, go saorthar an Críosduidhe, tré ghrása agus mór-luaigheacht "ar dTighearna IOSA CRÍOSD" ó'n bPeacadh, agus ó chu- mhachtaibh an Diabhail, ag a raibh sé faoi throm- dhaoirse. C. Creud é an dara Sochar? F. Aithgheintear é, ni d'á Athair talmhuidhe, acht do'n Athair Neámhdha, ionas gur ab fhéidir dhó, "Ar nAthair a tá air Neamh", a rádh go dóthchasach. C. Creud é an treas Sochar? F. A tá, go bhfuil an "Críosduidhe" n'Oighre air Ríoghacht Neimhe, agus go bhfuil Ceart aige chum na beatha síorruidhe. C. Creud thuigeas tú re "Teagasg nó Dlígheadh Chríosd"? F. Tuigim ris, gach uile fhírinne, d'fhoillsidh "Críosd" agus do mhúineas an "Naomh-Eagluis Chatoilice Rómhánach" dhúinn. C. An bhfuil sé d'fiachaibh oruinn an "Tea- gasg Críosduidhe" do bheith aguinn? F. A tá d'fiachaibh oruinn gan Amhrus, an tiomlán do chreideadh agus Fios bun-alt an "Teagaisg Críosduidhe" do bheith aguinn go sunradhach. C. Creud iad na "bun-alta-soin do'n Tea- gasg Críosduidhe", noch a tá d'fiachaibh oruinn, do bheith aguinn "go beacht"? F. Ruin-diamhra an chreidimh, noch a tá a
"gCré na nAbsdal"; Aitheanta Dé agus na hEagluise; na Neithe bheanas ris na Sácra- muintibh, noch a tá d'Ualach oruinn do ghlacadh: maille ris na Coinghiollaibh, a tá riachtanach chum a nGlactha; "Urnuigh an Tighearna", agus Dualgas áirighthe ar nEaladhan, ar gCeirde nó ar nGarma. C. An bhfuil sé d'Ualach air an té, a tá ann Ainbhfhios na Neitheann-so, Eolus d'iarruidh go dithchiollach? F. A tá gan Amhrus, "faoi choir dhamanta". C. Nach leor do Neach Seanmóir agus "Aifrionn" d'éisdeacht? F. Is deimhin nach leor; óir ní gnáthach, go dTuigeann an té, a tá ainbhfhiosach a "gCeann- altaibh an Teagaisg Críosduidhe", an tSean- móir féin, nó Aírd-theagasg air bith oile. C. Creud is Comhartha do'n Chríosduidhe? F. Comharta na "Croiche". C. Cionnas a deuntar "Comharta na Croi- che"? F. Do cuirthear bárr na boise Deise air chlár an Eudain, ó sin chum na bronn; air an nGualainn chlí agus deis, ag rádh: "Ann Ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh. Amen". C. Creud chuireas "Comhartha na Croiche" a gCéill dhúinn?
F. An "Tríonóid ró Naomhtha"; gur ghlac an dara Pearsa do'n "Tríonóid Colann daonna", agus gur fhuasgail sé sinn-e ó dhaoirse agus ó (1) mhorsuntacht an Diabhail agus an phea- caidh, "ag fulang báis air ar son a gCrann na Croiche". C. Cá hUair is cóir "Comhartha na Croiche" do dheunamh? F. Ag éirghe dhúinn air Maidin, ag dol do cholladh san Oídhche, ag tionsgnadh Urnuighe agus gach Oibre eile. C. Nach maith Comhartha na Croiche do dheu- namh ann Amaibh oile? F. Is maith, agus go hAírighe ann Aimsir Cathaigheadh, nó Conntabhairte air bith. C. An raibh "Comhartha na Croiche" a nGnás a dTosach na hEagluise? F. Do bhí, amhuil is follas as Aibhistín naomhtha, "Muna nDeuntar", a deir an tA- thair oirdheirce-se na hEagluise, "Comhartha Chroiche IOSA CRÍOSD air Eudan na gCreidmheach, air an Uisge ré mbaisdear iad, air an Ola re nUngthar iad, air an Iódhbairt ré nOiltear iad, ni nithear Aoin- cheann do na Neithibh-se, mar is dual". Air an Adhbhar, gur ab o'n "gCroich", iodhon, "ó bhás agus Pháis IOSA CRÍOSD air an gCroich" do thig buaidh agus brioghmhaireacht iomlán na Sacramuinteadh uile. (1) mhoghsuine, Sclábhuigheacht.
C. An né nach nDeunaidís na Ceud Chríos- duighthe "Comhartha na Croiche," acht ag Frio- thólamh na Sacramuinteadh amháin? F. Do nídis, fós air gach Aon-chor oile; amhuil mar dhearbhas TERTULIANUS Ughdar ársuigh, foghlumtha; ag so a bhriathra: "Air gach Coischéim, ag gach dul a sdeach agus a mach, an tan éaduigheamuid sinn féin, an tan ionnlamuid sinn féin, an tan do shuigh- mid síos chum bídh, an tan do lastar Coin- neall, an tan do luighmid síos .... cí bé air bith Comhluadar no Gnothuigh do thógas suas sinn, gearramuid Comhartha na Croiche air ar nEudan". C. Creud fá nDeunmaoid "Comhartha na Croiche"? F. 1. Da chur a gCéill, gur (1) Críosduighea- dha sinn, agus nach bhfuil níos mó Náire oruinn, fa "Chroich Chríosd," ioná do bhí air an Naomh-Apsdol POL, noch do niodh "Mórdháil as Croich ar dTighearna IOSA CRÍOSD". 2. Da admháil go follasach, go gCreidimid a "nDia ar na cheusadh", gídh gur ab "Oilbhéim é do na Iúduighibh, agus Díthcéille do na Ci- neadhachaibh". 3. Do chum conganta linn ré Gnáth-coimhne bheith aguinn air "bhás agus Pháis ar Slá- nuightheora". 4. Do chum an Diabhul do ruagadh uaim, agus (1) Críosduighthe
a Chealgoireacht do dhíosgaoileadh; óir is í "an chroich bratach Chríosd," agus criothnuighe an tAnspiorad roimh "Chomhartha féin na hOirnise ré ar fuasgladh sinn". C. An féidir leat a chruthnughadh go bhfágh- muid Tíodhaice air bith o Dhia tré Chomhartha na Croiche? F. A táid na Mílte Cruthughadh air a Stair- theachaibh Seanda na hEagluise, agus a Leabh- raibh na nAithreach naomhtha, noch budh ro fhada ré na nAíreamh ann so. Luaidhfead amháin, go dTug ar dTighearna IOSA CRÍOSD an Chroich mar Chomhartha agus mar Gheall buaidhe do'n cheud Impire Críosdamhuil, CONS- TANTINUS, an tan do chonnairc sé féin agus a shluadh uile, ag triall an aghaidh an Tíoránuigh MAXENTIUS, Croich cumtha do sho- lus loinnreach, ós cionn na Gréine, air a raibh an Sgríbhinn-se: RIS SO BEIR BUAIDH; agus gur rug sé buaidh RIS gan mhoill air a Naimhdibh: Sgeul, do dhearbhas an Sean-star- thóir EUSEBIUS a mbeatha CHONSTAN- TINUS, d'fághail o bheul an Impire-se féin. C. Cionnas maiseadh theagmhas, gur beag an Sochar do Mhórán, Comhartha na Croiche do dheunadh go meinic? F. Do bhrígh nach niomcharuid í ionn a gCroi- dhe, acht air a nEudan amháin; óir mar dhear- bhas AIBHISTÍN naomhtha, is beag fhóghnas an tEudan bheith Foluighthe ris an gCroich, agus an Croídhe bheith líonta re Lochtaibh. C. Creud é an tOllamh ré ar cóir a dheunadh?
F. Maille re Spiorad Urnuighe agus Crá- bhaidh, maille re Creideamh agus re Muiníghin mhóir aLuaigheacht IOSA CRÍOSD. AN 5 LÉIGHIONN. D'Urnuigh agus do Dheághrún na Maidne. C. Creud is cóir do'n Chríosduidhe a dheu- namh ag éirghe air Maidin? F. Is cóir dhó an ceud Smuaineadh, an ceud fhocal, agus an ceud ghníomh do thabhairt do Dhia. C. Cionnas is cóir sin do dheunamh? F. Tar éis Comhartha na Croiche do dheu- namh, abradh: "A Dhé Uilea-chumhachtaigh, do bheirim mo chroidhe go hiomlán dhuit: A IOSA Congnaidh liom: A Naomh-Mhuire Oígh, guidh oram". C. Creud é do ní an Críosduidhe maith an tan do bhíos ag cur a chuid Eudaidh air? F. Iomcharaighe sé é féin go caoigheamhail, adhnáireach; agus árduighe a chroidhe a nois agus a rís chum Dé. C. Creud is cóir dhó dheunamh, tar éis a chuid Eudaidh do chur air? F. Iar gCrothadh an Uisge choisreagtha air féin, is cóir dhó é féin do léigion air a ghlúi- nibh, agus Urnaigh na Maidne do dheunamh chum Dé go cráibhtheach. C. Cionnas do ní tú Urnuigh na Maidne? F. Do ním Gníomha Adhraidh, Grádha, buidhea-
chais, Toirbhirte, Deághrúin, agus Athchuinge. C. Deuna Gníomh Adhraidh. F. "A Dhé Uilea-chumhachtaigh, adhraim agus molaim do mhórdhacht dhiadha, admhuighim, gur tú mo Chruthaightheoir agus m'Aírd-thi- ghearna: Íslighim mé féin go léir faoi do Smachd". C. Deuna Gníomh Grádha. F. "A hTighearna, grádhuighim thú ó mo chroidhe go hIomlán, ós Cionn gach uile Neithe; do bhrígh go bhfuil tú ró mhaith agus ro gheanamhail". C. Deuna Gníomh buidheachuis. F. "A hTighearna, do bheirim míle buidheachas dhuit fá mo thabhairt ó bhás Codalta; fá mo chruthughadh agus mo cheannach; fá Chríos- duidhe do dheunamh dhíom; agus fá gach Grá- sa, do thugais dhamh go nuige so". C. Deuna Gníomh Toirbhirte. F. "A hTighearna, tiomnuighim dhuit mo Smuaintighthe, mo bhriathra, mo ghníomhartha agus mé féin go léir; ionnas go rachadh an tiomlán a Moladh agus a Mórdháil dhuit-si go síorruidhe". C. Deuna Gníomh Deághrúin. F. "A hTighearna a tá Rún agam, maille re do ghrásaibh, hAitheanta-so do choimheud a niugh, níos feárr ioná rinneas roimhe so; agus gach uile pheacadh do sheachnadh, go hAí- righe na Peacaidhe, is mó d'á bhfuilim claon". C. Deuna Gníomh Athchuinge. F. "A hTighearna, tabhair Congnamh dhamh,
tré do Mhór-thrócaire, ann m'uile Riachtanas Anma agus Coirp; agus saor mé ó gach uile pheacadh. A Dhé mhóir, iarraim so ort go dith- chiollac, tré luaigheacht Fola Fíor-uaisle IOSA CRÍOSD; agus tré impighe na Naomh-mhaighdine, na nAingeal, agus na Naomh uile". C. Nach nDeunann tú Urnuigh air bioth oile? F. Do ním; deirim an chuid is lugha dhe, "an Phaidir, Fáilte an Aingil, an Chré, agus Aitheanta Dé"; agus iarraim Congnamh "m'Aingil Coimhdeachta", mo Char-absdoil, agus mo (1) Naomh-chobhairtheora. C. Cionnas iarras tú Congnamh air hAin- geal Coimhdeachta? F. A deirim, "A Aingil Dé, do choimheu- das mé, tré thrócaire an Tighearna, soill- sigh, treoruigh, caomhnuigh agus cosuin mé a niugh. Amen". C. Creud fós an Urnuigh is indeunta air Maidin? F. Is ró thairbheach Liodáin IOSA do rádh go cráibhtheach gach Aon-mhaidin. C. Cionnas do chríochnuighir Urnuigh na Maid- ne? F. Coimhnighim, agus breathnuighim, air feadh Tamuill, air na ceithre Críochaibh déigheancha, nó air Neithibh diadha eile, agus fá dheoidh, iarraim go hOirísioll air Dhia mo hSaoradh ó (1) Phátrúin
gach uile Olc, ach go hAírighe ó pheacadh, "tré "IOSA CRÍOSD ar dTighearna". AN 6 LÉIGHIONN. D'Urnuigh agus do mhion-sgrúdadh an Tráth-nóna. C. Cionnas do ní tú Urnuigh agus Mion- sgrúdadh an Tráth-nona? F. Tar éis buidheachais do thabhairt do Dhia, iarraim mar ghrása air, fios mo pheacai- dheadh thabhairt dhamh; sgrúdaim mo chogús, agus do ním Gníomh Croidhe-bhrúigh. C. Cionnas iarras tú Fios do pheacaidheadh air Dhia? F. A deirim: "A hTighearna, tré do mhór- thrócaire, tabhair Solas do ghrás dhamh, do chum go madh léir dhamh mo lochta, agus go mbeith Fíor-ghráin agus Fuath (1) diongmhál- ta agam orra". C. Cionnas a sgrúdas tú do chogús? F. Do bheirim fá deara na Peacaidhe do rin- neas re Smuaineadh, re bréithir, re Gníomh, nó re Faillighe; agus go hAírighe na Peacai- dhe, is mó d'á bhfuilim claon. C. Cionnas do ní tú Gníomh Croidhe-bhruigh. F. A deirim ó mo chroidhe: "A hTighearna is (1) diongmhála
mór an tAithreachas a tá oram fá fheirg do chur ort, do bhrígh go bhfuil tú ró mhaith agus ró gheanamhail; agus do bhrígh nach dTaitnigheann an Peacadh leat. Is Rún damh, maille re do ghrásaibh, ó so suas gan d'fhearg do thuilleadh; agus fós Faoisidin do dheunamh comhluath is féidir liom é". C. Creud é deir tú na dhiaidh sin? F. Deirim an CONFITEOR. C. Creud í fós an Urnuigh do ní tú? F. A deirim "Paidir, Fáilte an Aingil, Cré, Aitheanta Dé, Liodáin Naomh-Mhuire Oígh", Urnaigh "m'Aingil Coimhdeachta", mo char-abs- doil, agus mo Naomh-cobhairtheora. C. Nach nGuidheann tú air na hAnmannaibh, a tá a bPurgadóir? F. A deirim DE PROFUNDIS, etc. nó an chuid is lugha dhé: "A hTighearna, tré do mhór-thrócaire, tabhair Cobhair agus Suaimh- neas síorruidhe d'Anmaibh Phurgadóra". C. Creud eile do ní tú? F. Smuainim, agus breathnuighim, feadh Aimsire éigin, air na "ceithre Críochaibh déigheanacha", go hAírighe air "an mbás" agus air "an mbreitheamhnus". C. Cionnas do chríochnuighir Urnuigh na hOídh- che? F. Toirbhirim do Dhia mo shuan, ag rádh: "A hTighearna, toirbhirim dhuit mo chodladh: is chum, do Naomh-thola do riar, is Mian liom an Suaimhneas-so do ghlacadh, caomhnuigh mé
a nocht ó m'Eascáirdibh, tré IOSA CRÍOSD ar dTighearna. Amen". C. Creud do ní tú, ag cur hEudaigh dhíot? F. Iarraim air Dhia, tré Nochtadh IOSA CRÍOSD chum a cheusda, mo Nochtadh go léir ó Ainmhianaibh an tSaoghail agus na Colna. C. Creud air a smuainir, ag luighe dhuit air do Leabaidh? F. Measaim, go madh fhéidir, nach nEírgheo- chuinn aisde go bráth; agus air shocrughadh chum Suain dhamh, a deirim ó mo chroidhe: "Air do láimh, A hTighearna, cuirim Coimheud m'An- ma, ó's tú féin do cheannaigh mé, a Rígh na Caithreach Neámhdha". AN 7 LÉIGHIONN. Do'n Urnaigh nithear roimhe agus a nDiaidh bídh, agus ann Amaibh eile. C. An cóir Urnaigh do dheunamh roimhe agus a nDiaidh bídh? F. Is cóir, óir, gan sin, d'iomchóramaois sinn féin amhuil (1) beathuighe éigcéillighe. C. Creud í an Urnuigh do ní tú roimhe biadh? F. Deirim: "A hTighearna, beannuigh an Oi- leamhain-si, is Mian linn do ghlacadh chum sinn féin do neartughadh, chum do Naomh-thola do (1) beathadhuigh, nó Ainmhintibh
choimlíonadh. Amen. An Ainm an Athar", etc. C. Creud í an Urnaigh do ní tú a nDiaidh bídh? F. Deirim: "A hTighearna, do bheirmid buidheachas dhuit fá'n Oileamhain-si, do thugais dúinn; tabhair dhúinn, tré do ghrása, ar Saoghal, ar Sláinte, agus ar Neart do chai- theamh air chor, go rachadh gach Tíodhlaice dá bhfuaramar uait, a Mórdháil agus a Moladh dhuit, tré IOSA CRÍOSD ar dTighearna. Amen". Deirim fós "Paidir" agus "Fáilte an Aingil". C. Creud is cóir do dheunamh a dTús gach Oibre? F. Is cóir dhúinn ar gCroidhe do thógbháil chum Dé, ag rádh: "A hTighearna, toirbhirim m'O- bair dhuit: is mar gheall ort-sa, is Mian liom a deunamh: beannuigh mé féin agus í, tré do mhór-thrócaire". C. Creud í an Urnuigh do ní tú, chum tú féin do choimheud air pheacadh. F. Deirim: "A hTighearna, soillsigh mé ré do Naomh-sholas; congmhuídh suas mé re do ghrásaibh; agus na léig dhamh tuitim ann Aoin-pheachadh, tré IOSA CRÍOSD ar dTighearna. Amen". C. Creud is inDeunta do Neach, an tan do thiucfas Cathughadh air? F. Is cóir dhó Congnamh iarraidh air Dhia, agus diúltadh go meisneamhail do na Cathui- ghibh.
C. Creud a deir tú, chum an Cathughadh do chlaoi? F. A deirim; "A hTighearna, congnaidh liom re do ghrásaibh: diúltaim do na Cathaighibh- si: is luaithe d'fhuileongainn bás ioná d'aon- tóchainn dhóibh". C. Creud is cóir do Neach a dheunamh, an tan do mheasas, gur thuit se a bPeacadh? F. Is cóir dhó Ghníomh Croidhe-bhruigh do dheu- namh, agus a rádh: "A hTighearna, is mór an tAithreachas a tá oram fá fheirg do chur ort: is Rún damh, re do chongnamh-so, bheith feasda air mo choimheud níos feárr". C. Nach bhfuil sé d'fhiachaibh oruinn Urnuigh do dheunamh ann Amaibh eile? F. A deir ar Slánuightheoir, gur "riachta- nach Urnuigh a dheunamh do ghnáth, agus gan Faillighe do dheunamh" na timchioll. C. Cionnas is féidir dhúinn an Aithne-si do choimhlíonadh? F. Coimhlíonfam í air mhodh éigin, má ár- duighmíd ar gCroidhe chum Dé go minic is an Lá, agus má thoirbhirimid go cráibhtheach ar nGníomhartha dhó. C. An deacair sin do dheunadh? F. Ni deacair: a ta sé comh furas sin agus nach féidir re hAon-neach a rádh go fírinneach, nach bhfuil Am agus Faill aige air a dheunadh; óir is féidir do'n Uasal, do'n Mhac Léighinn, do'n Cheannuíghe, do'n Cheárduíghe, do'n tSearbh- fhóghantuigh, do'n Easlán, do gach uile dhuine
smuaineadh go líonmhar sa ló air Dhia agus air Neithibh Diagha; agus a ghníomhartha uile do naomhadh re na dToirbhirt go buidhe d'a Chru- thuigheoir agus d'a Fhuasgultóir. AN 8 LÉIGHIONN. Do'n Aifrionn Naomhtha agus do'n Mhodh air ar cóir a éisdeacht. C. Creud is AIFRIONN ann? F. A tá Togha Urnuighe, agus "ÍODHBAIRT" ionn a dToirbhirthear "da ríribh" do Dhia "Fuil agus Feoil ar Slánuightheora IOSA CRÍOSD", faoi ghné Aráin agus Fíona, a gCoimhne "a Naomh-pháise agus a bháis air chrann na Croi- che, air ar Soin-ne". C. Creud is iódhbairt ann? F. A tá Tabhartus do Neithib (1) ceudfuighthe nó corpordha, noch órduigheas Dia d'fhoráil dó féin amháin; agus fós do marbhadh nó d'áthru- ghadh air mhodh éigin, chum a Mhór-chumhachta air bheodhaibh agus air mharbhaibh d'admháil (2) ós áird. C. Cionnas is Fír-íodhbairt an tAifrionn? F. Do bhrígh go bhForáltar ann, agus go níodhbairthear do Dhia Fíor-fhuil agus Fír- fheoil IOSA CRÍOSD, faoi ghné Aráin agus Fíona. C. An féidir a rádh, ná mheas, go níodh- (1) ceudfadhacha. (2) go follas
bairthear Corp Glórmhar Domharbhtha ar Slá- nuightheora is an Aifrionn? F. Is féidir agus is riachtanasach a rádh agus a chreideadh go daingion; óir an tan do naomh-choisreagas an Sagart an tArán agus an Fíon, foráluighe CRÍOSD é féin go fí- rinneach d'a Athair Neámhdha; agus taibhsi- ghear dhúinn-e mar sin, go sgarthar a Fhuil agus a Fheoil-sin ó chéile re Cloidheamh na mbriathar, amhail do sgaradh iad dá ríribh ó chéile a gCrann na Croiche. C. Cionnas fós is féidir a rádh, go "níodh- bairthear, nó go sgriostar Fuil agus Feoil Naomhtha Chríosd go furdhorcha is an Ai- frionn"? F. Do brígh go gCaitheann an Sagart "Fuil agus Feoil Fhíor-uasal Mhic Dé"; agus go gCuireann an Caitheamh so mar an gCeud- na "Ceusadh agus bás Chríosd air an gCroich", a gCuimhne dhúinn. C. Cia dh'á dToirbhirthear an Íodhbairt-si? F. Do Dhia Uilea-chumhachtach amháin; do bhrígh gur ab é féin "amháin, Rígh na Ríogh, Tighear- na na dTighearnadh, agus Ard-fhlaith Neimhe agus Talmhan". C. Nach bhForáltar air Uairibh Íodhbairt an Aifrinn do na (1) Naomhaibh? F. Ní foráltar, agus ní dlisdionach a fo- (1) Naoimh
ráil do Naomh, nó d'Aingeal; gidheadh toirbhir- thear í do Dhia amháin, mar bhreith buidhea- chuis air son a Mhóir-thíodhlaiceadh do na "Naomh- aibh"; agus coimhnighthear ortha is an "Aifrionn", ionnas, go rachadh an "Íodbairt Mhór-luaighe- se" an Onóir dhóibh; agus "go nGuidhfidís orainn-e air Neamh, an tan do choimhnighmid- ne ortha-san air Talamh". C. Cia dubhairt an ceud Aifrionn? F. Ar dTighearna IOSA CRÍOSD. C. Cá hAm a nDubhairt sé é? F. An Oídhche cheudna do braitheadh é chum a cheusda. C. Cia deir an tAifrionn, nó thoirbhireas do Dhia an Íodhbairt-si a nois? F. "Críosd, ar nArd-shagart síorruidhe", a deir é, agus do thoirbhireas é féin go lae- theamhail is an "Aifrionn", d'á Athair Neámhdha air ar Soin-ne. C. Nach nDeirid fós na "Sagairt eile Ai- frionn"? F. Deirid gan Amharus; agus foráluid é do Dhia ann "Ainm" Chríosd, d'ar Foghan- tuighe agus Lucht Friothólta iad. C. Cia aige a bhfuil Cumhacht re Aifrionn do rádh? F. Ag an Dream úd amháin, noch do thogh Dia agus an Eagluis amach chum a ráidthe, eadhon, na hEasbuig agus na Sagairt. C. Os dearbhtha, go dToirbhireann CRÍOSD "a Fhuil agus a Fheoil féin" d'á Athair síor-
ruidhe "is an Aifrionn"; nach dearbhtha mar an gCeudna, gur ab ionann Íodhbairt an "Aifrinn" agus Íodhbairt na "Croiche"? C. Is dearbhtha go deimhin, gur ab ionann iad, acht amháin, go raibh Íodhbairt na "Croiche fuilteach", agus go bhfuil Íodhbairt an "Aifrinn Neamhfhuilteach"; is é sin, gur dórtadh Fuil Uasal "Chríosd", agus gur sgaradh dá ríribh a Chorp agus a Anam re chéile a "gCrann na Croiche"; agus nach nDórtar a Fhuil a nois, agus nach gCuirthear chum báis é, acht "go furdhorcha", agus a dTaibhse nó a dTaisbeá- nadh amháin. C. Cia air Son a nDeirthear "an tAifrionn"? F. Air Son na mbeodh agus na Marbh. C. Creud é an Sochar do ní Íodhbairt an "Aifrinn" do na beodhaibh? F. Do gheibh dhóibh ó Dhia Luaigheacht agus To- radh Íodhbairte na "Croiche", eadhon, na Grá- sa, a tá na Riachtanas ortha. C. Cia hiad a measg na mbeodh, d'á dTéid "an tAifrionn" a Sochar? F. Do théid sé a Sochar do bhallaibh na hEa- gluise go coitchionn, agus go (1) sunradhach d'on té air Son a nDeirthear é, do'n "tSagart" a deir é, agus d'on (2) lucht éisdeas é. C. Creud é an Sochar do ní sé do na Marbhaibh? F. Laghduighe sé a bPian a "bPurgadóir", agus luathuighe a bhfuasgladh as. (1) speisialta. (2) Dream.
C. An bhfuil sé d'fhiachaibh oruinn Aifrionn d'éisdeacht go minic? F. Ní bhfuil d'fhiachaibh oruinn a éisdeacht acht air "laethibh Saoire agus Domhnaigh amháin"; gidheadh is ró mhaith agus is ionmholta Aifrionn d'éisdeacht coimhminic agus is féidir é go comhgarach. C. An cóir do Neach Dithchioll do dheunamh air "Aifrionn" d'éisdeacht gach Aon-Lá, nó go minic? F. Is cóir go deimhin; do bhrígh go bhfuil sé ró thaitneamhach a Láthair Dé, agus ró tharbhach do'n té éisdeas é. C. Nach díoghbhálach do chách, "an tAifrionn" a rádh a (1) dTeangaidh nach dTuigid uile? F. Ní díoghbhálach; óir ní bhfuil is an "Ai- frion" acht Urnuigh agus Íodhbairt, a tá d'Ua- lach air an "tSagart amháin" do dheunamh chum Dé air Son an Phobuil. Os a chionn sin, aith- nighe an Eagluis do "gach Sagart Parráis- de", Cuid éigin do'n "Aifrionn" do mhíniughadh do chách, nó thabhairt fa deara a mhíniughadh dhóibh go minic, agus go hAírighe "air laethibh Saoire agus Domhnaigh". A rís, is follas, gé gur Teangaidh mharbh an Laidion, nach bhfuil Teangaidh is an Eóroip is foirleitheaduighe tá air na tuig- sin ioná í; óir is tearc Mion-bhaile gan Neach (1) dTeangain
éigin do hTuigeas í: air cor nach fíor a rádh, gur "Teangaidh choimhightheach" í. C. Creud fá nDeunann an "Eagluis" Féidhm don (1) "Laidion" tar hTeangthaibh oile na "hEórpa"? F. Air tús, do bhrígh gur foirleitheaduighe tá air na tuigsin ioná Aoin Teangaidh oile. Is an dara Feacht, do bhrigh gur "Teangaidh mharbh" í, air nach dTéid Claochlódh, is innte is rofhusa "Urnaigh Choithchionn na hEagluise" do chúmh- dach o Athrughadh agus o hSaoibh-chiallaibh; Ní budh ro dheacair a dheunadh, dá gCuirfidhe an "tAi- frionn" an "gach uile bhéarlagair eugcosmhuil, malartach", dá labharthar ni hE amháin ann gach Tír, acht fós a Mórán do mhin-chríochaibh agus d'iargcúlaibh gacha Ríoghachta, "beag- nach, air Feadh na hEórpa". Tairis sin, is mór an Sochar agus a Sólás do lucht Aisdir agus do Choigcríochuibh, Urnui- ghe Choitchionn na hEagluise d'fhághail "coimh- ionann" a muigh agus a mbaile; ionnas gur ab éigion gur "Fíor-thuatuighe dá ríribh" iad, muna Feas dóibh cá hAm is ionráidhte AMEN, cá hAm is cóir dhóibh a bheith air a nGlúinibh, cá hAm is ceart seasadh, nó gach Ní oile, do bhea- nas leo, nó is oireamhnach dhóibh, do deunadh. C. Cionnas is cóir dhúinn "Aifrionn" déis- deacht? F. Is cóir dhúinn a éisdeacht go hiomlán, go (1) Laidin
hAireach, go módhamhuil, agus go cráibhtheach; óir "is malluighe an té do ní Gnothuidhe Dé go mainneachtnach". C. Cia hiad an Drong éisdeas é go Neamh- aireach? F. A tá an mhuintir do chodlas aige, nó do bheir Aire do Neithibh díomhaoine nó saoghalta. C. Cia hiad an Drong, nach nEísdeann é go módhamhuil? F. An mhuintir fheuchas nó amharcas a nunn agus a nall, ag comhrádh re chéile, nó ag (1) ámhuillidh air feadh Mór-choda do'n Aifrionn; agus fós an Dream éisdeas é air Leath-ghlún, nó air leath-luighe re Taca. C. Creud is indeunta chum Aifrinn d'éis- deacht go cráibhtheach? F. Is cóir do Neach é féin d'iomchar go gnaoidheamhuil, tromdha; agus Dia do ghuidhe ó Chroidhe agus ó Aigneadh; "óir is Spiorad Dia, agus an Dream adhras é, is éigin dóibh a adhradh a Spiorad agus a bhfírinne". C. Creud do ní tú, an Tráth do thionnsgnas an Sagart an tAifrionn? F. Do ním Comhartha na Croiche; agus toirbhirim do Dhia an Naoimh-Íodhbairt, maille ris an Aigneadh agus ris an Rún ceudna, lé ar thoirbhir IOSA CRÍOSD Í ó thús; agus lé a dToirbhireann an Eagluis í ann Ainmsion. C. Creud é an tAigneadh lé ar thoirbhir "ar Slánuightheoir" í? (1) áithleoireacht.
F. Do budh Aigneadh dhó, agus is é fós is Mian leis, Dia d'adhradh agus do mholadh; buidh- eachas do thabhairt dhó; Grása agus Mai- theamhnas ar (1) bPeacadh do thuilleadh dhúinn-e. C. Creud do ní tú, an tan do tógthar suas an tAbhlann Coisreagtha, eadhon, Corp Críosd? F. Deirim: "A hTighearna, creidim go dei- mhin, go bhfuil tú idir Fhuil agus Fheoil, idir Dhaonnacht fós agus Dhiadhacht, go cinnte is an tSácramuint si. Adhraim agus mo- laim thú innte, ó mo chroidhe go hiomlán". C. Creud deirir, an tan do hArduighthear an Chailís? F. Deirim: "A hTighearna, adhraim d'Fhuil Fhíor-uasal; do bheirim míle buidheachas dhuit fá na dórtadh air mo shon a gCrann na Croi- che. Na léig dhamh a Toradh do chailleadh, tré mo pheacaidhibh". C. Creud do ní tú ó sin amach go Deireadh an Aifrinn? F. Bím ag adhradh, ag moladh, agus ag grádhughadh ar dTighearna; agus fós ag umh- lughadh dhó. C. Creud do ní tú ag Deireadh an Aifrinn? F. Do bheirim buidheachas re Dia fá na Mhóir- thíodhlaicibh, go hAírighe air Son an Aifrinn d'éisdeas; agus iarraim Maitheamhnas na Locht, ann ar thuit mé, chomh-fad agus do bhíos d'á éisdeacht. (1) bPeacaidheadh.
C. Cionnaf bheir tú buidheachas do Dhia fá éisdeacht "an Aifrinn"? F. Deirim: "A hTighearna, do bheirim míle buidheachas dhuit, fá mar thugais dhamh, tré do Mhór-thrócaire, an tAifrionn-sa d'éis- deacht; agus air Son na nGrás do fuaras aige". C. Nach gnáthach "Uisge Coisreagtha" do ghlacadh "ag an Aifrionn"? F. Is gnáthach, agus fós a thabhairt a bhaile chum a ghlactha a nois agus a rís, go hAirighthe Maidin agus Tráth-nóna. C. Creud is "Uisge Coisreagtha" ann? F. Uisge do beannuighthear tré bhréithir Dé agus tré Urnuigh. C. Nach Gnás geasrógach Uisge no Neithe gan Anam do bheannughadh, no a mheas go bhfuil Tábhacht air bhith ionnta? F. Ni hEadh: ni geasróg Tíodhlaiceadha Neámhdha d'iarraidh tré Urnuighe "Eagluise Dé"; agus is tré bhrígh "na hUrnuighe-se" bhíos Súil aguinn-e ré Tairbhe do bhuain as na Neithibh-se, an tan do níomuid Féidhm dhíobh maille ré "Creideamh"; agus is iomdha Gníomh dá dhearbhadh, nach díomhaoin ar nDóthchas. Os a chionn sin, d'aithin Dia féin "Uisgea- dha Coisreagtha agus Glanta" do dheunadh is "an tSein-reacht"; agus sin, go dearbhtha, "gan Piseóg na geasróg". C. An dTig leat a thaisbeánadh as an Sgrí-
bhinn Dhiagha, gur féidir go dlisdionach Féidhm do dheunadh d'Uisge, do hSalann, d'Ola agus dá leithéidibh sin, chum Cabhartha air bith dFá- ghail o Dhia? F. Do thig; óir léighmíd ann sa dara agus is an cúigeadh Caibidil don cheathramhadh Lea- bhar do "Leabhraibh na Riogh", gur leighis an Fáigh ELISEUS go míorbhuileach Uisgeadha urchóideacha JERICHO ré teilgean Sa- lainn ann a dTobar; agus gur leighis sé "NAAMAN SIRIANACH" ó Lobhradh re hUisgeadhaibh Abhanna JORDAN. Do chuir ar Slánuightheoir féin, noch do chru- thaigh Neamh agus Talamh ré na bhréithir amháin, "seile air an dTalamh, do rinnidh sé Láib don tSeile, agus do leathnuigh sé an Láib air fhuilibh dhuine do rugadh na dhall", ag rádh ris: "Imthigh, ionnail a Loch SILOE; uime sin d'imthigh sé, d'ionnail sé, agus táinig Glan- radharcach air ais". "D'ungadar fós na hAbsdoil Mórán do dhaoinibh tinne re hOla, agus do shlánuigheadar iad". C. An féidir Uisge agus a leithéide bheith oireamhnach re beannughadh no Naomhthacht air bith do ghlacadh? F. Is féidir, comh maith re biadh agus re Digh, noch do bheannuigheas go laetheamhuil gach Drung iomchras iad féin go Críosdamhuil; óir a deir "ar Slánuightheoir, go naomhann an Al- tóir an Tíodhlaice a tá uirrthe"; agus dear-
bhaidh an Naomh Apsdol POL dhúinn, go "naomh- thar gach Ní do chruthuigh Dia, tré bhréithir Dé agus tré Urnuighe". C. Creud é is Féidhm don "Uisge Chois- reagtha"? F. Beannuighe "an Eagluis" é tré Urnuighe oirrdheirce, chum Coimirce agus beannachta Dé d'iarraidh don Lucht, do ni Féidhm dhe; agus go hAirighe chum go gCoiseonfuidh iad air "chumhachtaibh an Diabhuil". Tairis sin, is maith is féidir dhó fóghnadh chum "an Chonnartha", do rinneamar re Dia an Aghaidh an Diabhuil, an tan do glanadh sinn go trócaireach ó pheacadh tré "Uisge an bhais- didh", do chur a gCuimhne dhúinn; agus chum ar nGeallamhna (1) d'athnuadhadh, no chum Gníomha Croidhe bhruigh do dheunadh. C. An bhfuil Urnuigh "na hEagluise" comh bua- dhach sin a Láthair Dé, agus a chongnadh d'Fá- ghail dhúinn an Aghaidh cheilge agus chumais Na- mhad ar nAnama, an tan do níomuid Féidhm "d'Uisge Coisreagtha maille re Creideamh"? F. Ní bhfuil Ní air bith is mó cuid impídhe air Dhia ioná an Urnuigh go coitchionn; agus dearbhaidh ar Naomh Apsdol Seumus dhúinn, ag ar nGríosughadh "chum guidhe air son a chéile", gur "mór brigh Urnuighe dúthrachtuigh an fhí- réin"; go raibh ELIAS "na dhuine anbhfhann, cosmhuil rinne, agus gur ghuidh sé go dithchiol- lach fá gan Fearthuinn do dheunadh air an dTalamh, agus ni dearnadh Fearthuinn air (1) d'athnuachan
feadh thrí mbliadhan agus sé Míos; gur ghuidh sé a rís, agus tug Neamh Fearthuinn uadha, agus do thug an Talamh a thoradh". A nois, má tá Urnaigh cháich fá leith comh cu- mhachtach so, is follas go sír-éisdear go tró- caireach Gnáth-urnuigh na hEagluise go léir o Eirghe Gréine go Luighe Gréine; agus go dTu- gann Dia do gach Dream, do chomhoibrigheas re na ghrásaibh, Toradh bhuan-urnuighe "na hEa- gluise úd", re a nDúbhairt CRÍOSD: "go deimhin, deimhin a deirim ribh, má iarrfuidhe Ní air bith air an Athair ann m'ainmse, do bheura sé dhíbh é". C. An bhfuil Gnáthughadh an "Uisge chois- reagtha" ársuigh ann "Eagluis Dé"? F. A tá sé ro ársuigh, ó thárla go labharthar air a "nDlígheadh na nApsdol", agus a Sgrí- bhinnibh na "nAithreachadh Naomhtha" agus "Star- thóireadh seanda na hEagluise". C. Creud fá mbeannuighthear agus fá gCo- maisgthear "Salann" ris an "Uisge"? F. Dá chur a gCéill dhúinn, gur, amhuil do chumhduigheas "Salann" an biadh (1) o Lobhthadus, agus do bheir sé Deághbhlas dó, mar sin do na "Grásaibh" do gheibhmíd "tré Urnuighe na hEa- gluise", an tan do nímíd Féidhm "don Uisge- se maille ré Creideamh", cosnuid sinn air "na Spioraduibh neamhghlana", agus do bheirid (1) Lobhadh, Mhorgadh
dhúinn Taithneamh do thabhairt do Neithibh neámhdha. C. Creud fá gCleachtann "an Eagluis Co- mhartha na Croiche" do dheunadh ag beannughadh "an tSalainn agus an Uisge", agus an gach "Naomh-choisreagadh" oile? F. Dá chur a dTuigse dhúinn, gur "tré Chríosd ceusda air a gCroich air ar son", chaithfeas gach Ní, is maith d'ár nAnam, do theacht. C. Creud é an Sochar is cóir dhúinn do thar- ruing as a nDúbhradh ann so do thaobh "an Uis- ge choisreagtha"? F. Air dTús, is cóir dhúinn (1) dearcadh air, agus air "gach Deághnós agus Deasgnáth naomhtha oile, dá bhfuil is an Eagluis Chatoilice, maille ris an Modh agus ris an Meas is dual"; do bheith cinnte go bhfuilid go léir air na gCur air bun, "do chum gnothuighe móra ar nAnama do chur air Aghaidh", re cur na dTíodhlaiceadh dolabhartha do fuaramur cheana o Dhia, a gCuimhne dhúinn; no re hArdúghadh ar Meanmna chum Neimhe, ag iarraidh Cúnganta na Trío- nóide go hOiríseal, noch a tá d'easbuidh oruinn gach uile Am dár Saoghul; agus gan Aithris do dheunadh go bhráth air an Druing mhealta úd, "do cháineas na hUile Neithe nach dTuigid". Is an dara Feacht, is cóir dhúinn "Uisge Coisreagtha" do ghnáthughadh "maille re Coi- mheud agus Crábhadh", agus deunadh Dithchill a gComhnuidhe air ghníomh Croidhe-bhrúigh, no Déigh- (1) Feuchuin
ghníomh éigin oile do dheunadh, agus a chrathadh oruinn féin, agus fós air ar nionadaibh Comh- nuidhe o Am go hAm, ag rádh, gan Aon-chomhar- tha do dheunadh acht "Comhartha na Croiche: Iom- chraithfidh tu Íosóip oram, a hTighearna, agus biaidh mé air mo ghlanadh; nighfidh tú mé, agus budh gile mé ioná an Sneachta". AN 9 LÉIGHIONN. Do'n Phaidrín nó do'n Choróin Mhuire, etc. C. Creud í an Urnaigh is gnáth leat do rádh an Onóir "na Naomh-óighe"; agus chum a hEidirghuidhe do thuilleadh? F. Deirim "an Paidrín". C. An bhfuil an Urnuigh-si taithneamhach a Lá- thair "ar Slánuightheora agus a Naomh mháthar"? F. A tá; do bhrígh nach bhfuil innte, acht "an Chré, an Phaidir, agus Fáilte an Aingil", eadhon, Urnaighthe a tá ró thaithneamhach a Lá- thair Dé. C. Creud fá nDeirthear an "Paidrín"? F. Do chum "ar Slánuightheora agus na Naomh- óighe" do mholadh; agus do chum Grás agus Tró- caire d'fhághail ó Dhia "tré Luaigheacht an Mhic, agus tré Eidirghuidhe na Máthar". C. Cionnas deirir "an Paidrín"? F. Tar éis "Comhartha na Croiche" do dheu-
namh, deirim "an Chré a Laidion", nó "a nGaoi- dheilg" air "Chrois mo Phaidrín, Paidir" air na Clochaibh móra, agus "Fáilte an Aingil" air na Clochaibh beaga. C. Creud é ní tú ag rádh do "Phaidrín"? F. Iarraim go meanmnach, oirísioll gach "Athchuinge", dá bhfuil ann sna hUrnuighthibh-si. C. Creud é fós air ar féidir dhuit smuai- neadh, ag rádh "do Phaidrín"? F. Air na Rúin-diamhraibh-si, eadhon, "breith, Anró agus buaireadh, beatha agus bás, Eiséirghe agus Deasgabháil ar Slánuightheo- ra"; nó air Gháirdeachus agus air Dhobrón "na Naomh-óighe" is an tSaoghal-so. C. Nach féidir do Neach Aire thabhairt, air Uairibh, do dheághsmuaintighibh eile? F. Is féidir gan Amharus; uime sin, is ró tharbhach dhúinn ar bPeacuidhe do chaoidh; Rún do ghlacadh gan tuitim ionnta ni sa mó; agus Conghnamh d'iarraidh air Dhia, tré Eidirghuidhe "na Naomh-óighe", chum an Deághrúin-si do chur a nGníomh. C. Cionnas do chríochnuighir "an Paidrín"? F. Deirim trí "Paidreacha", trí "Fáiltidhe an Aingil", agus "Cré", agus do ním "Comhartha na Croiche", ag rádh, mar dúbhras air dTús; "An Ainm an Athar", etc. C. An bhfuil sé tarbhach an Urnaigh cheudna do rádh go minic? F. Is deimhin go bhfuil, ma iarrann an Croidhe go dúthrachtach na Neithe a tá innte.
C. An cóir a mheas, go bhfuil buaidh éigin air Uimhir na "bPaidreachadh" agus na "bhFáil tidheadh", dá nDeuntar suas "an Paidrín"? F. Ní cóir; óir is díomhaoin agus is geas- rógach a leitheide sin do bharamhuil. C. Cia d'ar féidir "an Paidrín" do dhul a Sochar? F. Do gach uile Chríosduidhe; óir ní bhfuil Urnaigh air bith is riachtanasuigh, agus is taitneamhuigh re Dia, ioná na hUrnuighthe dá gCumthar "an Paidrín". C. Cia d'ár mó a bhfóghnann "an Paidrín"? F. Do'n Dream a tá gan léighion, gan fhóghlaim; nó nár chleacht fós Urnuigh do dheu- namh. C. Creud í an Urnuigh, leath-a-muigh d'on mhéid air ar labhramar cheana, do budh mhian leat Cách do chleachtadh? F. Mídheamhuin no Urnugh (1) na Meanmna. (1) An Chroídhe, na hIntinne. AN 10 LÉIGHIONN. Do Mhídheamhuin no d'urnaigh na Meanmna. C. Creud í an Urnaigh sin, air a dTugair Mídheamhuin no Urnaigh na Meanmna? F. Is é is Mídheamhuin no Urnaigh na Meanmna ann, breathnughadh dúthrachtach, líonmhar, do nithear a Láthair Dé, agus ré Congnamh a
Ghrás, air na Neithibh do bheanas re Sláinte an Anma, do chum a bhFoghlumtha go maith, chum a nGrádhuighte, agus chum a gCurtha a nGníomh. C. An mór Tairbhe na hUrnuighe-se? F. Is ró mhór a Tairbhe; óir tré na gnáthu- ghadh, foghlumamaoid na Neithe, do bheanas ré Sláinte ar nAnma, do thuigsin go fíor-mhaith, do ghrádhughadh go díoghraiseach, agus do chur a nGníomh go fírinneach. Ag so trí Toirthe na Mídheamhna, Toirthe is deacair a mheas mar is dual; do bhrígh go gCoimsighid an tiom- lán da bhfuil riachdanach chum ar Slánuighthe. Os a chionn so, múinidh Midheamhuin dúinn labhairt ré Dia, agus éisdeacht ré Dia, an tan do dheonuigheas labhairt rinn. Labhramuid ré Dia, an tan ghuidhimid, agus iarramaoid air, na Neithe tá do riachtanus oruinn, do thabhairt dhúinn: Labhraidh Dia rinn, an tan do shoillsigheas sé ar dTuigse ré Deaghsmuain- tighibh, do bhrosduigheas ar dToil re na Naomh- ghaethibh, agus do mheisnigheas sinn chum a gCurtha a nGníomh. Ag labhairt re Dia, guidhimíd é fá theacht chugainn ré na Ghrásaibh; Ag éisdeacht ris, fosglumuid ar gCroidhe dhó, chum go rachadh sé a sdeach ann: Ag labhairt ris, iarramuid a sholus agus a thíodhlaiceadha: Ag éisdeacht ris, glacamuid iad, agus clúduigheamuid iad ionn ar gCroí- dhe, do chum a dTaisgidhthe agus a gCurtha a nGníomh. Is air an da ghníomh-sa, eadhon, air
Labhairt ré Dia ó ar gCroidhe; agus air éisdeacht ris, an tan do labhras sé ré ar gCroidhe, a ta go léir ar Slánughadh, eadhon, Tosach, Réim, agus Críochnughadh ar Naomh- thachta. C. Nach don Dream amháin a ta iadhta suas, no do thréig an Saoghul, do bheanas an Urnaigh-se a dheunadh? F. Ní dhóibh sin amháin do bheanas sé, acht fós do chách oile; is é gnothuigh gach uile Dhuine briathra na beatha Síorruidhe d'fhoghluim go maith, do ghrádhughadh agus do chur a nGníomh: Is é gnothuigh gach Duine labhairt ó na chroídhe ré Dia ann Urnaigh; agus éisdeacht go hAireach ris, an tan do dheonuigheas sé la- bhairt re na chroidhe: is uime sin do thosuigheas an Fáigh Ríogha a Dhánta Diaghachta re Moladh na Mídeamhna, ag rádh: "Do bheir an Fíreun a dhúil do Dhligheadh an Tighearna, agus grinn-bhreathnóchaidh air a Dhligheadh do ló agus d'Oídhche". A deir fós, go nDeuna an Grinn-bhreathnughadh-so an Fíreun cosmhuil re Crann áluinn planduighthe láimh re hUisge, noch bheuras Toradh uadh ann Am féin; óir mar do ní an tUisge, ag taisliúghadh na Préimhe an Crann torthamhuil, troim-mheasach, mar sin do ní Mídheamhuin air Neithibh naomhtha, ag líonadh an Chroídhe re Smuaintighthibh mai- the, agus re Miangusaibh Diagha, an tAnam saidhbhir a Subháilceadhaibh agus a nDeághoi- bribh. Agus gídh deir an Fáigh, gur ab é an
Deághdhuine do dheunas so, is ró dheárbhtha, gur mó go mór a ta se do dhíth air an bPeacach; fáth fa nAbrann an Fáigh ISAIAS: "A Chiontacha, fillídh air bhur gCroídhe"; is é sin re rádh: A lucht bhrisde an Dlíghidh, smuai- nidh agus breathnuighidh ann bhur gCroídhe, deu- naidh Aithrighe, agus glacaidh Rún neartmhar Dia do riar. C. Cia is Ughdar don Mhídheamhuin no d'Ur- naigh na Meanmna? F. Dia féin; óir an tan do thug sé "an Dlígheadh d'a Mhuintir thoghtha féin", d'aithin díobh a bheith dhá ghrinn-bhreathnughadh do ghnáth, ag rádh: "Biaid na Neithe, aithnighim-se dhíot a niugh, ann do Chroídhe, agus múinfidh tu do do Chloinn iad; agus grinn-bhreathnóchaidh tu iad ag suíghe síos ann do thigh, agus ag siúbhal na Slígheadh, ag luíghe síos agus ag éirghe suas dhuit: agus béid ann do Láimh, agus as coinne do shúl". Agus go hAith- gheárr na dhiaidh, a deir an Tighearna: "Cuirídh mo bhriathra-sa ann bhur gCroidhthibh agus ann bhur nAigneadh; agus biaid ann bhur Lámhaibh, agus as coinne bhur Súl; agus múinidh iad da bhur gCloinn, chum go mbreath- nóchaidís ortha go grinn". C. Nach deacair Mídheamhuin no Urnaidh na Meanmna do dheunadh? F. Ni deacair, amhuil is uras a thaisbeá- nadh: Acht is ro iongantach go saoilid Daoine gur deacrach an Ní, do níthear go laetheamhuil
ann gach uile ghnothuigh leath-a-muigh do Ghnothuigh an Anma. Cia hE an Ceannuighe nach Smuai- neann go dúthrachtach agus go meinic air ghnothuighibh na Ceannuigheachta? Cia aige a bhfuil Cúis Dhlíghe, agus nach mbreathnuigheann ann Aigneadh go laetheamhuil an tSlighe re mbeu- radh buaidh? agus ní go hEudtrom ná go luaith-bheartach do ní se so; acht go dúthrach- tach, aireach, díoghruiseach, agus ag cur gach Slígheadh, dá bhfághann, a nGníomh. Is do Dhith- chioll don tSamhuil-se timchioll shláinte an Anma, do ghoirmid Mídheamhuin. Cia hE an (1) Tíoghúsach nach Smuaineann go dúthrachtach agus go meinic d'Oídhche agus do ló air ghno- thuighthibh a theaghlaigh? Nach nGrinn-bhreathnuígheann an (2) Deágh- mhac Léighinn? Nach smuaineann agus nach nAthsmuaineann sé, an tan a bhíos ós cionn a Leabhair, ag cumadh Aoin-neithe, no ag foghluim Cruaidh-cheasda air bith? Claonaidh se Aigneadh chum go dTuigfeadh í, chum go gCoimhneochadh oirthe, agus chum go mbuain- feadh Tairbhe as a bhfoghlumann sé. Ní bhfuil acht Mídheamhuin no Grinn-bhreathnughadh ann so uile. Nach síor-smuaineann an Drochmhac Léi- ghinn, an tan féin do saoiltear go bhfuil se (1) Tigheasach, Fear Tíghe, no bean Tíghe. (2) Scoláire maith
ós cionn a Leabhair, air Chaitheamh Aimsire agus air shugradh comhdúthrachtach agus coimh- líonmhar sin agus nach dTugann Aire do Ni air bith oile? Nach meabhruigheann an Drochdhuine an tOlc, mar deir briathar Dé? An tan a bhíos Drochrún faoi, síor smuainidh se air, agus ni bhfuil Ní is aite ris ioná Slíghe d'iarraidh agus d'fá- ghail re na chur a nGníomh. Nach féidir agus nach cóir don Chríosduidhe an tSubháilce do mheabhrughadh mar mheabhruighid Lucht na Mí- ghníomh an Dubháilce agus an tOlc? Nach féidir agus nach cóir dhó oiread a dheunadh air son na beatha síorruidhe, agus do níd Cách go laetheamhuil air son Tairbhe agus Aoibhnis shaoghulta? Da bhrígh sin, na measdar go bhfuil Mídheamhuin no Urnaigh na Meanmna deacrach, no dócamhlach. C. Nach (1) furas dhúinn sinn féin do shlánu- ghadh gan Mídheamhuin no Urnaigh na Meanmna? F. Ni hUras go deimhin; óir ó nach bhfuil a Mídheamhuin no a nUrnaigh na Meanmna acht amháin "breathnughadh dúthrachtach, líonmhar air na Neithibh do bheanas ré Sláinte an Anma, chum a bhfoghlumtha, chum a nGrádhuighthe, agus chum a gCurtha a nGníomh", is dearbhtha gur ro dheacair do Neach é féin do shlánughadh gan Mídheamhuin, amhuil nach urus air Aon-chor na Neithe do bheanas re Sláinte an Anma do (1) Uras
chleachtadh, no do chur a nGníomh gan a nGrá- dhughadh; ná a ngrádhughadh gan a bhfoghluim; ná a bhfoghluim gan smuaineadh ortha go dúthrach- tach, agus go meinic, agus gan iarraidh air Dhia go Líonmhar, Grása do thabhairt dhó re na bhfoghluim, re na nGrádhughadh, agus re na gCur a nGníomh. Is uime so a deir an Sgrí- bhinn dhiagha gur do dhíth grinn-bhreathnuighthe do truaighlíghthear na beusa, agus do dam- nuighthear Daoine go laetheamhuil: "A ta an Talamh uile (1) air fágáil, do bhrigh nach nAthsmuaineann Aoin-neach ann a Chroídhe" air Neithibh neamhdha. Is do dhíth go deimhin "a bhreathnughadh go dúthrachtach agus go líonmhar ann ar gCroí- dhe," creud fa dTangamur chum a tSaoghuil, do dhearmadamuid an Teachtoireacht lé ar cuireadh sinn ann so, eadhon, "chum Eoluis d'fághail air Dhia, chum a ghrádhuighthe, agus chum a riartha go fírinneach": is do dhíth "athsmuainighthe go dúthrachtach agus go mei- nic" air dhíomhaoineas agus air dhiombuaine an tSaoghuil-se, air an mbás, air an mbrei- theamhnus, air Neamh agus air Ifrionn, is annsa re Cách Aoibhneas, Saidhbhrios no Maoin na beatha boichte-se ioná IOSA CRÍOSD agus an bheatha shíorruidhe: Is do dhíth smuaintidhthe go laetheamhuil agus da ríribh air Rúindiamh- raibh ar bhfuasgalta, eadhon, ioncholnughadh, (1) Na fhásach
beatha, Páis, bás, Eiséirghe (1) mhórdhálach, Deasgabháil chaithréimeach ar Slánuightheora IOSA CRÍOSD, do ghlacaid Daoine an uraid-sin Saothair air son na beatha truailli- ghe-se, nach mór go smuainid amháin air Ni air bith do dheunadh mar gheall air an té do chru- thaigh agus do "cheannuigh iad, ag fulang báis mhífhiúntaigh na Croiche air a son": Is do dhíth "smuaintighthe go grinn agus go líonmhar" air Mhór-thrócaire agus air Ghéir-bhreitheamh- nus Dé, nach gCoisgeann a Ghrádh no Eagla sinn ó fheirg do chur air: Is do dhíth a tha- bhairt fa deara go dithchiollach agus go mei- nic, gur Riachtanasach dhúinn a bheith oirísioll, urrumach, geanmnuigh, foighideach, measardha, fialmhar re bochtaibh, agus ionruic an gach uile Roinn no ghnothuigh, a táid (2) furmhór an Domhain uaibhreach, easurrumach, drúiseamhuil míofhoighideach, feargach, bruighneach, díoghal- tach, craosach, cruadh-chróidheach re bochtaibh, eugcórach agus míochoinghiollach da chéile, no tugtha d'Ainmhian eígin: is do dhíth "a mheas go meinic agus go suaimhneach", go bhfuil Coinghioll dosgaoilte oruinn uile, Dia do ghrá- dhughadh ó ar gCroídhe go hIomlán agus ós cionn gach uile Neithe, agus ar gComharsa mar sinn féin, air son Dé; a Aitheanta agus Dualgas ar nGarma do choimhlíonadh; a Ghrása d'iarraidh go hOirísioll agus go (1) ghlórmhar. (2) Urmhór
meinic, o nach féidir dhúinn Aon-choiscéim do dheunadh chum Ríoghachta Neimhe gan iad; la- bhairt ris ó ar gCroídhe, agus éisdeacht ris go coimheudach, an tan do ni sé d'Onóir dhúinn labhairt re ar gCroídhe; is do dhíth, a deirim, na Puinc mhór-thádhbhachtacha-so d'ar gCrei- deamh "do ghrinn-bhreathnughadh agus do mheabh- rughadh go dúthrachtach agus go líonmhar ann ar nAigneadh", a táid Og agus Arsuigh, bocht agus Saidhbhir, Ísioll agus Uasal, ann Aon-fhocal, an chuid is ro mhó don Chineadh daonna a nGrádh ris an tSaoghul bhreugach-sa, cúl-chainteach, tugtha da nAinmhianaibh, sluig- the agus báithte ann Ainbhfhios agus a bPea- cadh. A nois, is dearbhtha nach furas agus nach gnáthach gur féidir dhúinn an bheatha shíorruidhe do shaothrughadh gan Urnaigh na Meanmna, no Mídheamhuin do dheunadh air chor éigin; ó is dearbhtha nach leor Fios na subháilce no ar nDualgais, muna gClaonamuid go grádhach chum na Maitheasa is eol dhúinn; agus ni leor Grádh na Maitheasa, gan a chur a nGníomh. Is dearbhtha fós nach gnáthach gur féidir dhúinn ar nDualgas do choimhlíonadh, do ghrádhughadh agus d'fhoghluim go maith gan "breathnughadh no smuaineadh go dúthrachtach agus go mei- nic air, agus gan Congnamh Dé d'iarraidh go hOirísioll, chum an iomláin do dheunadh. C. Nach leor dhúinn ar nGnáth-urnaighthe do rádh, eadhon, "Urnaigh an Tighearna, Fáilte
an Aingill, an Chré, agus Urnaighthe oile (1) an ghotha"? F. Budh leor go deimhin a rádh go meinic ó ar gCroídhe, da nEísdimís fós ré Dia, an tan do dheonuigheas labhairt re ar gCroídhe; da dTairgimís da ríribh, Toil Dé d'fhághail a mach; da nGlacamaois Rún daingion a Thoil do choimhlíonadh; agus da gCuirimís an Rún- sa a nGníomh go fírinneach: Acht faraor! Is ro líonmhar do theagmhas, go nDeirid Cách na hUrnaighthe reumhráidthe do shruith-mheabhair, agus (2) coimhdeithneasach sin, nach smuai- nid air a nAbruid; bí a dTeanguidh ag caint agus air siúbhal mar shruth Abhanna, acht bí a gCroídhe tochtmhar, támhach, ionnas gur ceart is féidir an tAchmhusán ceudna do tabhairt a niugh don Chuid is mó do na Críos- duighthibh, noch do thug Dia do na hIúduighibh, ag rádh, "Onóruighid an Mhuintir-se mé re na bPuisínibh, acht a tá a gCroídhe a bhfad uaim: Gidheadh is é an Croídhe amháin do ghuidheas agus ghnodhuigheas; is d'á ghuth agus d'á Ur- labhradh-san amháin do bheir Dia Uilea-chumhach- tach Eísdeacht: Agus go deimhin is díth-chéil- ligh a meas, go nEísdfidh Dia ris an Druing, nach nEísdeann leo féin. A nois ni bhfuil Lei- gheas is feárr an Aghaidh an Drochnóis anchoit- chinn-se ioná Taithighe na Mídheamhna, tré bhfoghlumamuid labhairt re Dia ó ar gCroídhe, (1) An béil. (2) comhtotálach
agus éisdeacht ris, an tan do labhras sé re ar gCroídhe. C. Creud é an Chaoi no an tOrdughadh air ar cóir dhúinn Mídheamhuin do dheunadh? F. Is iomdha Leabhar maith Urnaighe labhras go (1) foirleathadach air Chaoi na Mídheamhna: fághthar Eolus asda: Ní hAít so re Craobh- sgaoileadh fada do dheunadh air Urnaigh na Meanmna. C. Creud e deirir ris an Dream, a ta gan Léighionn gan Leabhar? F. Air tús: Deirim leo, agus re Cách oile fós, gur cóir dhóibh Teagasg d'iarraidh agus do ghlacadh ó na nOidighibh Spioradálta comh- fonnmhar, an chuid is lugha dhe, agus iarruid agus ghlacaid Airgead agus Or, no Neithe talmhuighe oile; agus nach bhfuil Meodhain air bith is bríoghmhaire chum Urnaighe na Meanmna agus Caoi Mídheamhna d'fhoghluim, ioná Mian agus Dúil mhór an tAnam do shlánughadh: Gidh bé le ar ab ionmhuin Sláinte an Anma, smuain- fidh sé go hEusguidh agus go meinic air; loirgfidh sé go fíor-aireach na Slighthe re sláineochar é; agus cuirfidh se a nGníomh iad go réidh: Ni bhfuil Aoin-ní cruaidh air an té, a ta a nGrádh. 2. Gur cóir dhóibh, má is ionmhuin leo Sláinte shíorruidhe a nAnma, Urnaigh na Meanmna do ghnáthughadh; agus go nDeuna Taithíghe líon- (1) Foirleathan
mhar an Déighghníomha-sa, soilléir, soidheunta é; óir do bheirid Saothar agus Cleachtadh buaidh ann sna hUile Neithibh air gach Dócamhul da mheud, agus do níd soidheunta an Ní do saoi- leadh air tús bheith doidheunta. 3. O is ro dhearbhtha, nach féidir d'Aoin-neach Smuaintighthe maithe do thaobh na beatha Síor- ruidhe, ná Deaghaigneadh, ná Deaghrún do bheith aige, muna soillsighthear, agus muna near- tuighthear é taobh a stigh re grásaibh Athar na Soillse, agus Ughdair gach Déighmhéine agus Deaghrúin, ni foláir dhóibh a nDóigh do chur a gCongnamh Dé níos mó ioná a nDíthchioll daonna air bith: Acht, ionnas nach mbiadh an Mhór-mhuinighin-se as Grásaibh Dé, ós cionn na hUile Neitheadh, andhóthchasach, díthchéilligh; is ro riachtanach dhóibh a iarraidh go hOirísioll agus go líonmhar air Dhia Uilea-chumhachtach, ag rádh ó na gCroídhe go hIomlán, air Lorg na nApsdol: "A hTighearna, múin dhúinn-ne Ur- naigh do dheunadh". Is riachtanach dhóibh fós a bheith coimhimnígheach timcheall Ghrás De, noch is beatha don Anam, agus bhíd Daoine go coitchionn timcheall Oileamhna an Chorpáin thruaillighthe, noch budh biadh do Phéistibh go hAithgheárr; agus a bheith air a gCoimheud go sármhaith gan smuaineadh, amháin, go toiltea- nach air Aoin-ni do dheunadh, no do rádh, noch do chuirfeadh Fearg air Dhia, agus do choisg- feadh Sruth a Ghrás. Má níd mar so, Múin- fidh, mar dhearbhas an tApstol, Ungadh no
Ola naomhtha Ghrás Dé Caoi na Mídheamhna, no Urnuighe na Meanmna dhóibh; agus coimhlíon- far ionnta an Ní, do thairrghiriodar na Fái- ghe agus gheallas CRÍOSD is an tSoisgeul, ag rádh: "béid siad uile ar na dTeagasg le Dia", d'aimhdheoin a mbeith air Easbhuigh Léi- ghinn agus Leabhar; óir is dearbhtha, nach Tuigse mhór, ná Foghluim air bith, taobh a muigh d'fhios Dhualgais an Chríosduighe, acht Grása Dé, agus Fonn fírinneach dul air Aghaidh ann sna Subháilcidhibh, agus an bheatha mhar- thanach d'fhághail, is riachtanach chum na Mí- dheamhna, no Urnaighe na Meanmna do Dheu- nadh. C. Creud í an Chomhairle do bheirir do thaobh Urnaighe na Meanmna? F. Do chomhairleochuinn do gach Aon, timcheall is Leath-uair sa ló do thabhairt d'on Urnaigh- se; agus sin, air Maidin, mar a moltar dhúinn a Morán d'Aítibh do'n Sgríbhinn Dhiagha. C. Creud deirir ris an Muintir, nach bhfá- ghann Faill air? F. Deirim, air dTús, gur ab iongantach agus gur ab uathbhásach an Ní, go bhfághaid Críosduighthe go laetheamhuil Faill air na hUile ghnothuighthe do dheunadh, leath-a-muigh amháin don Aon ghnothuigh riachtanach fá'r cruthuigheadh agus fá'r cuireadh air an tSaoghul-sa iad; agus go nGoilleann ortha Aoin-leath-uair amháin, a gCeithre hUairibh fithchiod, do thabhairt do shláin-
te an Anma, no do ghnothuigh Dé, da'r cóir a nAimsir go léir, a Maoin, a Saothar, agus a Saoghul a bheith tiomunta go hiomlán; óir is í an "cheud Aithne, agus an Aithne mhór, Dia do ghrádhughadh agus do riar lé ar gCroídhe uile, lé ar nAnam uile, le ar nAigneadh uile, agus lé ar mbrigh uile": is féidir, agus is cóir Aire thabhairt go céillighe, measardha do na hUile Ghnothuighthibh dlisdeanacha oile, an mhéid go bhfóghnuid agus go gCuidighid linn Gnothuighe mór an Anma do chur air Aghaidh, agus an tAírd-chíos úd éiligheas ar gCru- thuightheoir agus ar Slánuightheoir go dlisdea- nach oruinn, do dhíol go laetheamhuil: Agus da bhrigh sin, is cóir a gCur a leath-taobh, an tan thoirmeasguid oruinn an Mór-dhualgus riachtanach úd do dhíol go hionruic, ó nach féidir ré gnothuighthibh, no re Cumhachtaibh air bith, da bhfuil air Neamh no air Talamh, ar sao- radh. Is re hAghaidh an Duine do cruthuigheadh an Saoghul sofhaicsighthe-se go léir, chum go nGrái- dheochadh agus go riarfadh sé Dia; agus go sláineochadh sé a Anam féin: Ni cóir maiseadh, Gnothuigh saoghulta air bith do chur a gCoimhmeas ris an Aon-ghnothuigh amháin riach- tanach úd; ni cóir go bhfuígheadh Aon-ghnothuigh Tosach air; óir ma nithear é go maith, a tá an tiomlán deunta go maith; ma léigthear faoi lár é, a tá an tiomlán caillte go bráth. Ach is é is Cúis ann, gur ab é an Saoghul
baoth, breugach-sa, no Ainmhian truaillighe éi- gin, is Dia d'Anmhórán do Chríosduighthibh na hAimsire-se: "Admhuighid", mar deir an tAbs- dol, "go bhfuil Eolus aca air Dhia, gidheadh, ann a nGníomharthaibh seunuid é": is uime sin nach bhfághuid Am air Urnaigh do dheunadh, gidh gur ab Andóthchas agus Mire a mheas, go bhfuíghthear an bheatha shíorruidhe gan Saothar, gan smuaineadh go dútrachtach agus go mei- nic air ghnothuigh an Anma; gan labhairt re Dia go líonmhar o'n gCroídhe; agus gan éis- deacht ris, an tan do labhras se ris an gCroí- dhe. 2. Do thaobh na Druinge, a tá faoi ghéir- leathtrom, no faoi Smacht Cháich oile, agus ag nach bhfuil Mórán Aimsire re caitheadh do réir a dTola féin, déindís Dithchioll air Ur- naigh na Meanmna do dheunadh coimhmeinic is féidir leo, agus go hAírighe air laethibh Saoi- re agus Domhnuigh, agus air laethibh Faoisidi- ne agus Comaoine. A ta d'Ualach air gach Ceann Teaghlaigh Am a thabhairt d'a shearbh- fhóghantuighibh, agus fós a chur fá deara ortha Urnaigh do dheunadh gach Aon lá; agus muna dTugaidh, cionnas is inmheasda dhó, go mbiaid a shearbhfhóghantuighe díleas dhó, an tan nach bhfuil ceachtar dhíobh díleas do Dhia? Tairis sin, biodh nach bhfuígheadh Searbhfhóghan- tuighe no Lucht Oibre, a ta faoi (1) Mhorsan- (1) Mhoghsaine
tacht, Am áirighe air bith, gidheadh is féidir agus is cóir dhóibh Urnaigh na Meanmna do chleachtadh; óir is Féidir le gach Neach, ag Músgladh dhó air Maidin, a cheud (1) Smuaintiú- ghadh, agus a cheud fhocal do thabhairt do Dhia, a Ghrása d'iarraidh, agus buidheachus do bhreith ris: Is féidir dhó, ag cur a Euidaigh uime, na Deághsmuaintighthe ceudna, no a leithéide do mheabhrughadh a rís agus a rís ann a Chroídhe: An sin ni foláir, agus is féidir dhó a nGearr- aimsir, a bhreathnughadh creud is indeunta dhó air feadh an Lae, do thaobh Dé, na Comharsan, agus Dhualgais a Gharma; agus é féin go léir, a Shaothar, agus a Obair d'fhoráil o na Chroídhe uile do Dhia Uilea-chumhachtach, agus a Ghrasa d'iarraidh go hOirísioll, meanmnach; ionnas go gCaithfeadh an Lá go neimhchiontach agus go Críosdamhuil: Is féidir do gach Neach, ann uile Am don lo, gach Obair, do ghla- cas a Láimh, do thoirbhirt d'a Chruthuightheoir, amhuil mar mholas an Naomh Absdol POL do na hUile Chríosduighthibh, ag rádh: "Más ithe no Ol dhíbh, no má ní sibh Ni air bith oile, go madh chum Glóire Dé do dheuna sibh na hUile Neithe": Ni bhfuil Neach re nach féidir Grása Dé iarraidh, agus Gníomha Croídhe-bhrúigh, Creidimh, Dóthchais agus Grádha do dheunadh o Am go hAm: is féidir do gach Neach, air feadh a Lae, a Pheacaidhe do chaoidh, Rún do ghlacadh (1) Smuaineadh
gan tuitim ionta feasda, agus iarraidh mar Athchuinge air Athair na Trócaire a Choirthe do mhaitheadh dhó, a thuigse do shoillsiughadh, a Thoil do neartughadh, a Chroídhe do ghlanadh, a Dheaghrún do chomhdhaingniughadh agus do thabhairt chum Déighchríche: Is féidir agus is riachtanach do gach uile Dhuine, Faire mhaith a dheunadh air a Smuaintighthibh agus air a Chlaontaibh féin, agus diúltadh dhóibh, an tan airigheas sé go bhfuilid go hOlc; nó a Chroídhe d'fhosgladh go fonnmhar dhóibh, an tan aithni- gheas gur maith iad, ag rádh mar aon re SAMUEL óg: "Labhair, a hTighearna, óir éisdidh do Shearbhfhóghantuigh leat". Mar so is féidir do gach Aon, tré Gheárr-urnaighthe, labhairt go dúthrachtach agus go líonmhar o na Chroídhe ré Dia: do thig ris, ann gach Am agus Aít, fós a gComhluadar Leath- shúil, súil an Choirp a bheith aige air a ghnothuigh- thibh saoghulta, agus Súil an Chroídhe air Dhia, air nós an Righ naomhtha Dábhí, noch deir da thaobh féin: "A táid mo shúile a gComhnuighe chum an Tighearna; óir do bheura sé mo chosa as an Líon". Gidheadh is iomdha Cogagh agus Gnothuigh- the móra do bhí air láimh an Righ mhóir-se; Ach a bhfad o'n Naoimh-chleachtadh-sa, Righ, Searbh- fhóghantuigh, Fear Oibre, no Aoin-neach do thoir- measg o na nGnothuighthibh, tairngeonuidh se (1) Rathamhnus Dé ortha féin, agus air gach (1) Rathamhnachas
Ni do ghlacaid a Láimh: Fóghanfuidh an Aim- sir, do chaitheas Mórán re Comhrádh gan tSuim, no ag smuaintiúghadh agus ag ta- bhairt breitheamhnuis mhíocharrthannuigh air a gComharsain, re smuaineadh agus ré dear- cadh ortha féin; ré na Smuaintighthe, a mbria- thra agus a nGníomhartha féin do sgrúdadh agus do dhamnughadh; ré breathnughadh go bhfuilid a Láthair Dé; go bhfaiceann se an ghluasacht is uaignighe ann a gCroídhe, agus go gCaithfid Geur-chuntas do thabhairt uatha Lá an bhreitheamhnuis air son gach Drochsmuain- tighe agus fós gach bréithre díomhaoinigh: Is Adhbhar Sír-mhídheamhna, agus Faitchís agus Crith-eagla don iomlán dín, Láthair chrithreach Dé Uilea-chumhachtuigh, agus an Cruadh-chuntas- so; agus go hAírighe do Druing nach bhfuil air a gCoimheud. A rís, chum an lae do chríoch- nughadh, is féidir agus is cóir do gach aon, san Oídhche, Grása Dé iarraidh go hOirísioll, agus buidheachas do thabhairt dhó fá na Chru- thughadh, fá na Cheannach, fa na Choimheud- beatha, agus fa gach Tíodhlaice do fuair uadh o tháinig se air an tSaoghul, go hAírighe an Lá soin; is féidir agus is cóir dhó a Chogús do sgrúdadh, Gníomh Croídhe-bhrughaidh do dheu- nadh, agus Rún daingion do ghlacadh a dhíth- chioll do dheunadh an Aghaidh a dhrochchlaontadh: Is féidir dhó Urnaigh éigin do rádh, no smuain- tiughadh go dúthrachtach air na ceithre Crío- chaibh déigheanacha, no air Ní dhiagha éigin,
agus an sin, a Anam agus a Chorp, a shuaimhneas agus a shuan do thoirbhirt d'a Chruthuightheoir agus d'a Cheannuightheoir: is féidir dhó, fós air a Leabaidh, é féin do bhiadh- thughadh re Deaghsmuaintighibh éigin; agus ni cóir dhó bheith dearbhtha go bhfaicfidh an Lá air na mhárach; óir do mealladh Morán. A nois, is Urnaigh Meanmna an tiomlán de so, agus ní féidir re hAoin-neach a rádh go fírinneach, nach bhfuil Faill aige air, o is féidir go hUras do'n Dream dá'r ab éigion a mbeatha do shaothrughadh re hAllus a Mail- gheadh, Am d'fagháil air ghreamughadh do'n Chleachtadh Chríosdamhuil-se, gach uile lá air feadh a mbeatha. "Gidh bé bhias seasmhach go Deireadh is é sláineothar". AN CHRIOCH.
SUIM BHUNUDHASACH an Teagaisg Chríosdaighe a nDán, do réir an Athar Bonaventúra O Heoghusa d'órd San Phroinsias. AN CHRÉ. {C Fil.} A Táid trí Doirsi air theach nDé, Ni féidir le Neach fa'n nGréin, Gan dul tríotha so fá seach, Rochtain a nonn do'n Rígh-theach. Na trí Subháilce diadha, Creidiomh, Dóthchas, Grádh cialldha, Is iad na Doirsi a deir mé, Do bheith air Rígh-theach Neimhe. Ní Cás do gach Neach fa Neimh, Triall go Doras an Chreidimh, Eochair gach glais, da bhfuil air, Fuairsiom o na hApsdalaibh. Na hEochracha deirim ribh, Airtioguil chinnte an Chreidimh, A gCré na nEasbal, madh áil, Do gheubhuidh iad go hIomlán.
Teaguid seacht nAirtioguil díobh; Air Dhiadhacht Aírd-righ na Ríogh: Is seacht nAirtioguil eile, Air Dhaonnacht Mhic Mhór-Mhuire. Na seacht nAirtioguil air Túis, Lé a nochtar an Diadhacht dúinn, Atáid sona, bíodh re ais 'Gan té théid d'fios an Dorais. Creid go bhfuil Aoin-dia ann, Tríonóid thréan na dTrí bPearsann, Athair, Mac, Spiorad-Naomh, Go gComh-uaisle, gComh-aosta. O Aoin-neach ní tháinig sin, An Tobar diadha an tAthair; O'n Athair geintear an Mac: Uatha a raon thig an Spiorad. Is Dia an tAthair, 'sas Dia an Mac; Dia fíre fós an Spiorad: Is ní trí Déé iad soin, Acht Aoin-Dia a dTrí bPearsannaibh. Is é an tAoin Dia-sa do chom Neamh, Talamh, agus Ifrionn; 'Sgach a mbí eatorra so, 'Sa mbí ag áitioghadh ionnta.
Uadh do gheabham mas í ar dToil, Grása is Maitheamh ar bPeacadh; Eiséirghe na gCorp lá an Luain Glóir shíor a mbeathuidh bhiothbhuain. Ag sin na hAirtioguil daoibh, Thráchtas air an Diadhacht naoimh; Tigiom a nois do nochtadh, Airtioguil na Daonnochta. Do chéid Neithibh creidte dhúinn, Gur ghabh Muire, a nDíoghrais Rúin, O'n Spiorad Naomh na bruinne, Mac an Athar shíorruidhe. Go nDeárnadh Dia na dhuine; 'Sduine na Dhia shíorruidhe; Go mbeith do'n dá Nádúir-soin Gan comhasg a nAoin-phearsoin. A gCionn naoi Míos da éis sin, Rug an Oigh é 'san mBeithil; Gan chaill a hOghachta dhi Na dhiaigh, roimhe, ná an uair-sin. Aon Mhac Dé, Dia, is Duine, Fuair na Nádúir dhaonnuighe, Bás Croiche, Adhlacadh soin, Tré choirthibh Chloinne Adhaimh.
An bás sin; acht gé do sgar A Chorp naomhtha ré a Anam glan; Nír sgaradh re ceachtar dhíobh, Diadhacht iodhan an Aírd-ríogh. Téid go hIfrionn, da éis so, d'Fuasgladh na nAithreadh naomhtha; Eiséirghios ó mharbhaibh go prap, An treas lá air n'Adhlacadh. A gCeann dá fhithchiod lá lán, Do chuaidh air Neamh na naoi nGrádh; Air dheis a Athar gur shuigh, A nAoin-ghlóir ris an Athuir. Do bhreathnughadh beo agus marbh, Tiocfaidh sé budh Tuirionn-gharbh; Mar a gCuirfidh gach Duine A nGlóir nó a bPéin shíorruidhe. Os cionn a nAbraim a nois, Gach nAibeora an Eaglais, Más sgríobhtha, gCion gur ab eadh, Cóir do'n Chríosduidhe a chreideadh. {C Prós} AN PHAIDIOR. {C Fil.} Dóthchas, an dara Doras, Gí bé thogras triall chuige, Gach Aisge air Dhia as iarrtha, Iarradh, 'smeasadh go bhFuighe.
Gach Itche; is oircheas d'iarraidh, A tá a hIarraidh 'san Phaidir: Abradh í so go minic, Gí bé le sirthir Aisge. Biodh, a Dhé, a Athair neámhdha, A Meamna a mbéal gach Duine; tAinm, ré Saoghal na Saoghal, Dá naomhadh feadh na Cruinne. Tigiodh chuguinn do ríoghacht; Go Rabham síothach, sághal, Gan ghuais Deamhan ná Domhuin; Gam Omhan bhreithe an bhrátha. Do thoil, mar Ainghlibh Neimhe, Déantar linne air Talmhuin. Beatha dá'r gCorp, a Athair, Tabhair a niogh 's Dá'r nAnmain. Maith na Coirthe do niamuid, Gé táid na bhFiachaibh troma; Mar mhaithmid féin a gCoirthe, Do chách uile air do shonsa. Ná Léig Cathaighthe an Diabhail, Do dhul a bhFiachaibh oir ne; Acht saor inn o gach Aon-olc. Déantar a niarrmaid oir bh-si.
{C Prós} AN BEANNCHADH MUIRE. {C Fil.} Dia do bheatha-sa, a Mhuire; A thuile lán do ghrásaibh: A tá an Tighearna ad fhochair, A Ghein shochair chlann nAdhaimh. Beannaighthe thusa tharsda, Deaghmhná na Talmhan uile; 'Sas beannaighthe an Ghein Ríogha, IOSA, Toradh do bhruinne. A Naomh-mháthair Dhé, a Mhuire, A bhuime mar an gCeadna, Guidh orainn-e na Peacuidh, 'Nar mbeathuidh, 'san Am Euga. {C Prós} DEICH nAITHEANTA DE. {C Fil.} Ná hAdhair bréig-Dhia ná iodhal, Ná mionnaigh Ainm Dé gan chúis, Domhnach Lá an Tighearna Críosd, Coimhéid do shíor é go buídh. Onóraigh hAithre gan ghruig, Ná déin Marbhadh, Drúis, ná Goid. Ná déin bréig-fhiaghnaisi air Neach, A mhaoin, ná a bhean ná hiarr dhuit.
{C Prós} AITEANTA NA hEAGLUISI. {C Fil.} Cuir a gCeann a nDubhairt mé, Aitheanta na hEagluisi: Coimhéad gach saoire go beacht, 'Sdéin Aifrionn innte d'eisdeacht. Troisg an Carghas go glan glan, Uigil, 'sTroisge na hAnmann. Ná fromhaigh Feoil air do Phroinn, Dia hAoine ná dia Sathoirn. (Gan Feoil Chéadaoine do bhlas, 'Sgan Uíghe Aoine do chaitheamh; Sean ghnás chleachta Inis Fáil, Sean ghnás is ceart do chongbháil.) Tré bhiotha síor na biodh sibh, Aoin-bhliaghain gan fhaoisidin. Corp Críosd o'n Domhnach roimh Cháisg Caith lá éigin go Mion-Cháisg. Ná deantar banais iar nDáil, O thús Carghais go Mion-Cháisg: O thús Aidbhinte go grod, Go dá lá dheug d'éis Nodhlog. {C Prós} NA SEACHT SACRAMAINTE. {C Fil.} Na seacht Sácramainte dhuit, Baisdeadh, dul fa láimh Easbuig, Corp Críosd, Faosidin ghlan, Ola ria mbás, Ord, Pósadh.
{C Prós} NA TRÍ SUBHÁILCE DIADHA. {C Fil.} A dúbhramar roimhe so, Na trí Subháilce diadha; Creideamh, Dóthchas, agus Grádh, Ga meisde a rís a niomrádh? {C Prós} NA CEITHRE SUBHÁILCE Cairdionálta. {C Fil.} Ceathra Tréghthe is díol Grádha, Na Subháilce prionnsapálta, Gliocas gan cheilg, Ceart gan locht, Neart gan Fairbhríogh, Measardhocht. {C Prós} SEACHT dTIODHLAICTHE AN Spioraid Naoimh. {C Fil.} Seacht dTíodhlaicthe an Spioraid Naoimh, Eagna, Tuigsi Taoibh ré Taoibh, Comhairle, Ceart, Fios neámhdha, Buídheacht, Eagla an Tighearna. {C Prós} SEACHT nOIBRE CORPORDHA na Trócuire. {C Fil.} Seacht nOibre na Trócuire, Da nGoirthear Oibre corp dha; Cosg íota gach ro thartaigh, Biadh do thabhairt do'n Ocrach.