Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Teagasg Criosduidhe do reir ceasda agus freagartha

Title
An Teagasg Criosduidhe do reir ceasda agus freagartha
Author(s)
Ó Duinnshléibhe, A.,
Composition Date
1742
Publisher
(Páras: Seumus Guerin, 1742)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



AN



TEAGASG



CRÍOSDUIDHE



DO RÉIR



CEASDA AGUS FREAGARTHA.


L. ii


AN



TEAGASG



CRÍOSDUIDHE



DO RÉIR



CEASDA AGUS FREAGARTHA,



air na tharruing go bunudhasach as



Bréithir hSoilléir Dé,



agus



As Toibreachaibh Fíorgh-lana Oile.



Eísd re Comhairle, agus glac Teagasg, chum
go mbia tu glic ann do Chrích dhéighionuigh.
Prov.19.20.



A bPAIRÍS,



Air na chur a gClódh re Seumus Guerin, ag
San-Tomás ó Acuin, a Sráid Sain-Seum.



M.D.CC.XLII.



Ré Cead an Rígh, agus re Déightheisd na
nOllamhun re Diaghacht.


L. iv


FORFHÓGRA.



Cuirfidh, do réir chosamhlachta, Toirt an
Teagaisg Chríosduighe-se, air an gCeud
Amharc, Criothnughadh air an Dream do chleacht
amháin Geirr-theagasga beaga do cumadh agus
do ceapadh re hAghaidh Tionsgontóirigheadh,
agus go mormhór re hAghaidh Leanabh air a
gCláirín, no fá'n Tuairim sin. Acht, air na
fhosgladh, do chífid go bhfuilid dha hTeangaidh ann;
agus nach bhfuil aca, dá bhrigh sin, acht leath na
hOibre re deunadh: Fionnfuid re dul thríd, gur
ab iomhda Ní is an leath-so féin, nach ar
hOllmhuigheadh chum Muiríghine do chur air an
Meabhair, ach do chum na Tuigse do shoillsiugh-
adh, agus chum na Tola do ghluasacht chum
na Subháilce do ghnáith-chleachtadh, agus an Du-
bháilce do sheachnadh; agus go bhfuilid Gníomha
cumtha Caondúthrachta, agus Urnaighthe ath-
chumuiire síos agus suas na mheasg, noch is
indeunta an Aimsiribh eugsamhla, agus go
hAírigh roimhe agus a ndiaigh Faoisidine agus
Cumaoine, air Maidin agus Tráth-nóna, agus
ann Amaibh eile; air chor, go bhfóirfidh sé mar
Leabhrán-Urnaighthe do'n Mhuintir ag nach bhfuil
a shárughadh, ná fós Mórán Aimsire air a
láimh: Do chífid mar an gCeudna, go bhfuil
Lán-súl is an gClódh, agus gur cailleadh


L. v


Mórán Páipéir, tre shuíghiughadh Ceasdadh agus
Freagarthadh an da (1) theangtha go beacht as
coinne a chéile; agus go bhfuil Cuid dhe air na
líonadh ré Ráidthibh o'n Sgríbhinn Dhiagha, etc
agus re Comhfhoclaibh mínighthe na Gaoidheilge.
Fa dheoigh, teigmheoghuid, air Deireadh, re hAith-
ghiorra an Teagaisg Chríosduighe a nDán,
air na chumadh, tuilleadh re ceud bliadhain o
shoin, le bONAUENTURA O hEODhUSA,
bráthair díoghraiseach, foghlumtha d'Ord San-
Phroinsias: Agus fós ré Tosuighibh na Teang-
tha Gaoidheilge, mar gheall air an lucht re ar
mian a léigheadh, chum conganta re na gCo-
mharsain: Aít fós, ann a dTugthar Contus
air son an leithid bhig do glacadh síos agus
suas air feadh an Leabhair-se, do thaobh an Nóis
air a sgríobhthar (2) Corr-fhocla agus Coirr-li-
treacha gaoidheilge. Gidheadh, tar cheann iomud-
amhlachta na Neitheadh eugcosamhla-sa, ni
bhfuil Aoin leath don Leabhar-so, láimh re bheith
leath comhfada ris an Teagasg do rinneadh
suas an Aoin-teangaidh amháin, re hOrdughadh
Chomairle hTrent, agus do dírigheadh chum gach
uile Dhuine air a bhfuil Coimheud Anmann cháich
oile, da ghreamughadh dhíobh a mhúnadh do'n Pho-
bul, iar na chur is an Teangaidh choitchinn: Ní,
do chítear, nach ar bhféidir do dheunadh go fóill
an EÍRINN.



Agus go dearbhtha is baoghlach agus is mill-
(1) theangan. (2) Corr-fhocail. a iii


L. vi


teach an Mearbhall tuatamhail, tré measdar
gur leór na Ceud thosuighe, do cuireadh an
Oireamhuin d'Aois bhoig, mhaoith na leanabh, mar
theagasg do Dhaoinibh is ársuighe ioná iad; no
nach beag an Chré, na hAitheanta, Urnaigh an
Tighearna, agus Anmanna amháin na seacht
Sácramuinteadh agus na seacht bPeacaidheadh
marbhtha a rádh do Mheabhair, air Nós leanabh,
gan fios a gCéille, ná a Réime, ná fós na
gCoinghioll a ta riachtanach chum na Sácra-
muinteadh úd féin, noch thaithighid, do ghlacadh
mar is cóir, gídh gur air a nGlacadh go maith
tá a Slánughadh.



Ní foláir go deimhin do na Leinibh, nach eug-
cruaighe a gColann ioná a gCiall, agus fós
do gach uile Nuaidh-thionsgantóir na Mion-
tosuighe-se d'fághail a meabhair, amhuil do ghei-
bhid an (1) Aibghidil, gidh nach dTuigid iad; óir
is buille air aghaidh é. Acht is mór an Daille,
agus an tAdhbhar Truaighe agus Gola a mheas,
gur dlisdionach dhóibh fuireach na bhun sin, no
go bhfuil fios a gCreidimh aca, agus gur féi-
dir dhóibh na Sácramuinte do ghlacadh gan Eolus
is foirleathaduighe ioná sin air na Neithibh, do
bheanas re Sláinte an Anma, eadhon, air a
nDualgas do thaobh Dé, do thaobh a gComharsan,
agus d'a dTaobh féin. Ní lúgha is díthchéillighe é
ioná do mheas, gur féidir ré leinibh do beathui-
ghear re bainne, agus do ní lámhacán beag,
(1) Aibghitir.


L. vii


biadh bríoghmhar do dhíleághadh, agus rioth síos
agus suas; nó go dTig leo-san agus re
Tionsgantóiribh oile Leabhra do léigheadh agus
do thuigsin, an tan is eol dóibh an Aibghi-
dil amháin. Ní thig re Macaoimhibh foghlumtha
féin, eadhon, re lucht léighinn, an Chré, na
hAitheanta, ná na Sácramuinte do thuigsin,
muna mínighthear dhóibh iad: Ni mó ioná sin is
féidir dhóibh Sochar air bith do bhuain as na Sá-
cramuintibh, muna rabhaid ullmhuighthe, mar is
dual, chum a nGlactha: Ní féidir dhóibh a bheith
ullmhuighthe, mar is cóir, muna feas dóibh
creud e an tUllmhughadh is riachtanach: Ní
féidir dhóibh Fios a bheith aca air an Ull-
mhughadh-so, muna múintear iad, mar a
dlighthear. Oír, is "tré Eísdeacht do thig an
Creideamh," gidh Subháilce neamhdha e, "agus
tré bhréithir Chríosd thigeas Eísdeacht;" is
e sin re rádh, gur o bheul na nDaoineadh do
gheibhthear Fios na Neitheadh is inchreidthe agus
is indeunta, maille re Congnamh Ghrásadh Dé.
Uime so, do chaith ar SLANUIGhthEOIR
Féin, an tArd-shagart Síorruidhe, Aodhaire
agus Easbog ar nAnmann, Mórán Aimsire
agus Saothair ag múnadh na nAbsdol, agus
na dhiaidh sin, ag á gCur "fá'n Domhan, do
ghreamuigh dhíobh na hUile Chineadhacha do thea-
gasg, da mbaisdeadh an Ainim an Athar,
agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh;
agus do "mhúnadh dhóibh GACH UILE NI, DAR
"AIThIN SE DhÍObh-SAN, DO ChOIMhEUD.


L. viii


Is riachtanach mar so, an Drong, do thig chum
Céille, do mhúnadh; ní foláir dhóibh briathar
Dé do chlos, agus na Neithe úd d'fhoghluim, noch
a ta d'fhiachaibh ortha do chreideamhuin agus do
choimheud; agus fós ní foláir dhóibh fhoghlum
cionnas is cóir a gCoimheud; gan sin, amhuil
mar chruthuigheas Gníomh go laetheamhul, ni féi-
dir dhóibh, da madh Eígse iad, Fios na Rúindia-
mhar, ta is an gCré, ná na Slightheadh iomad-
amhla re mbrisdear na hAitheanta, a bheith
aca: is lúgha ioná sin is féidir dhóibh fios a
bheith aca, creud is Ciall, brígh, agus Toradh
do na Sácramuintibh; no creud e an tUllmhugh-
adh is riachtanach chum a nGlactha: Ní mó
ioná sin is féidir dhóibh Fios a bheith aca, creud e
an tUalach, do ghabhuid ortha féin, an tan do
ghlacuid na Sácramuinte; ná creud e Riachta-
nus, Coingioll agus Tairbhe na nUrnaighthe,
mura múintear dhóibh iad go maith, air shlighe
éigin.



A nois, mádh is e so Cor na nDaoineadh
tuigsionacha, foghlumtha féin, is dearbhtha nach
féidir do'n Mhuintir, a ta gan léighionn, gan
Eólus, Fios na Neitheadh riachtanacha-so, ná,
dá bhrígh sin, Fios a gCreidimh bheith aca, gidh
go nDeuraidís, do mheabhair go beacht, an
Chré, na hAitheanta, na Sácramuinte, etc
mura mínighthear dhóibh iad go sothuigsionach
agus go líonmhar, agus fós muna gCuirthear
do dheoin no air éigean a gCéill dóibh iad: is
fíor nach uras so dheunadh, agus nach foláir


L. ix


Mórán Saothair agus Foigide do ghlacadh; gí-
dheadh a ta sé riachtanach: is mó ioná sin
uile, is fiú an tAnam: Do chosuin sé níos mó
go mór do Mhac Dé: "Do ceannuigheadh sinn
uile, deir an tAbsdal," air Luach mhór:
gídheadh ní fhóghanfuidh an Fuasgladh mór-so, ea-
dhon, bás agus Ceusadh IOSA CRÍOSD, do'n
Dream a ta aineólach is an gCreideamh, agus
do chomhnuigheas ann a nAinbhfhios: Caithfid a
Saoghal, agus do gheabhuid bás a bPeacadh, gídh
ghlacaid na Sácramuinte: is mó an Tarcuis-
ne agus an Mhíochlu do bheuraid, agus an Do-
char do dheunaid d'Eaglais Dé, re na mbeatha
agus re na mbeusaibh truaillighthe, ioná gach
Ancháineadh gráineamhul da sgeithid amach na
hiúduighe, na Turcaigh, agus Díthchreidmheacha
oile go laethamhuil na hAghaidh; óir ni bhfhuil Ni
air bith is mó mhasluigheas CRÍOSD agus a
NAOIMh ChEILE, an EAGLUIS, ioná Droich-
iomchar oilbhéimeach Anmhóráin do na Catoi-
licibh; dá bhfuil Cuid, mar is ro fheasac, fa-
raor, do Chách, tugtha do Chraos, no d'Ola-
chán: Cuid, do mhalluígheas agus do mhiannuigh-
eas go (1) diorruisge, díthchéilligh: Cuid aca,
graosda ós áird, agus drúiseamhuil go mío-
náireach: Cuid ithiomráidhteach, ro bhreugach,
cealgach: Cuid dhíobh uaibhreach, feargach, bruígh-
neach, aindíoghaltach: Cuid oile, do mheallas
agus shladas a gComharsa coimhminic agus
mheasuid, go rachaidh sé leo gan Míochomhgar
air a tSaoghal so: Agus a tá an iomarcaidh
(1) Giorruisge, no mearrdhánta


L. x


dhíobh ceanghailte go follas do Neithibh Saoghal-
ta, agus ag rioth na nDiaidh comhamplach re
Turcuigh agus Págánuigh.



Gidheadh, do níd na Catoilicighe lochtacha-so
uile, air Nós na nIúdaigheadh, "Maoidhfeachus
as an Dlígheadh, agus tré bhriseadh an Dlí-
ghidh tarcuisnighid Dia," agus an Eagluis.
Maoidhid, gur Clann do'n Eagluis fhíre iad;
agus go dTugaid, Uair sa mbliadhain, Ur-
raim éigin, agus Teisbeánadh Aithríghe uadh-
tha; acht "ní thugaid Aon-toradh, is iomchubhaidh
don Aithrighe, uadhtha:" Abhfad uadh, do théid,
mar so, o bhliadhain go bliadhuin, ag cárnadh
Peacaidh air Pheacadh, Ualaigh air Ualach,
ag tuitim agus ag éirghe, mádh is fíor dhóibh,
gan leasughadh soilléir air bith, no go dTigidh
an bás gan fhios ortha; Ní do bheir Cionfátha
do Dhrungaibh áirighe a rádh, go dTugann an
EAGLUIS ChATOILICE, URSA AGUS
DAINGEAN NA FÍRINNE, Cead Pea-
caidh dhúinn; gidh is follas gur ab é Ainbhfhios
agus Daille codcha da Cloinn (1) dhrobhlásaigh is
ciontach ris an Neamhchrábhadh uathbhásach-so do
chur na leith; agus nách e a Teagasg-san is
Adhbhar dhó; óir a ta sé comhglan, coimhneamh-
ghronach agus do fuair si é o na Tuismigh-
theoir agus a Cúmhduightheoir Neamhda IOSA
CRÍOSD; amhuil bhus follas do'n Droing do
ghlacfas a láimh, gan Fuath nó Grádh, a
ghéar-lorg, fós is an Mion-tsaothar-so ar
nDiaidh.
(1) Mhíriaghalta, no Droichbheusaígh


L. xi


Agus, chum gan a GCur níos faide air Cáir-
de, da thaobh so: Teagasgaidh sí gan sgur,
gan Chlaochló, "gan Ní Naomhtha do thabhairt do
Mhadruighibh; agus gan Clocha uaisle do
theilgion a bhfiadhnuise na Muc", eadhon, gan
na Sácramuinte do thabhairt do'n Dream nach
ar múineadh, mar is dual; nach bhfuil fíor-
dhoilghíosach agus Ullmhuighthe go maith; gan
fós an baisdeadh féin, do thabhairt do'n Mhuin-
tir, do tháinig chum Céille; Agus d'a dTaobh-
soin a deir sí, "nach foláir dhóibh bheith air na
dTeagasg, agus na Neithe, d'fóillsigh agus
do gheall Dia, do chreideadh, maille re Cong-
namh na nGrás neamhdha; agus tar gach Ní,
gur ab é Dia do shaoras re na Ghrásaibh an
Peacach, trés an bhfuasgladh do rinneadh
re hIOSA CRÍOSD: gur cóir dhóibh, air
thuigsin dóibh, go bhfuilid a bPeacadh, crioth-
nughadh roimh Cheirt-bhreitheamhnus Dé; Súil
do thabhairt suas air thrócaire an Tighear-
na, Dóthchas agus Muinighin do bheith aca, go
mbiadh trócaireach leo, air son Chríosd;
agus tionsgnadh air Dhia do ghrádhughadh,
mar hTobar, na huile fhíreuntachta. Os a
chionn sin, ní foláir dhóibh Fuath agus Gráin
do bheith aca air an bPeacadh, eadhon, an
Aithrighe úd, is riachtanach roimh baisdeadh,
do dheunadh. Fa dheoidh, go bhfuil d'Ualach
ortha, an tan do chuirid (1) rompa baisdeadh
(1) reompa


L. xii


do ghlacadh, Nuaidh-bheatha do thosughadh, agus
na hAitheanta do choimhlíonadh. Is tar éis an
Ullmhuighthe-se, agus go coitchionn, tar éis
diúltadh ós áird d'Ollás agus d'Oibribh an
Diabhuil, do thig an Fhíreuntacht féin, noch
do chialluigheas ni hE amháin Maitheamhnus na
bPeacadh, acht fós Naomhadh, agus Athnuadh-
ughadh an Duine Taobh a sdigh, tré ghlacadh
Ghrás agus hTíodhlaiceadh an SPIORAID
NAOIMh go toilteanach." Go nuige so Foir-
cidiol na hEagluise, do thaobh bhaisdidh na
Droinge do tháinig chum Tuigse.



Do thaobh na Muintire, "dó thuit, fós tar
éis gur soillsigheadh iad aon Uair amháin,
agus gur bhlaisiodar an Tíodhlaice Neamh-
dha, agus gur roinneadh an SPIORAD
NAOMh leo," múinidh an Eagluis Chatoilice,
nach foláir dhóibh níos mó go mór ioná an
tUllmhughadh reumhráidthe is riachtanach roimh
baisdeadh; "nach foláir a nAithrighe a bheith
eugcosmhuil re hAithrighe an bhaisdidh; nach
féidir air Aon-chor a (1) nAthshuidhiugheadh
agus a (2) nAthnuadhughadh a mbeatha na
ngrás gan Dobrón Croidhe, agus Gráin
air a bPeacaidhibh; ná fós gan Mórán Do-
chair agus Doilghís; ná gan Rún neartmhar
an Peacadh do sheachnadh o sin suas, air
mbeith d'fír-cheart Dé da ghreamughadh so
dhíobh. Uime sin, nach gan Adhbhar do ghoirid
(1) nAthshuigheachan. (2) nAthnuachan


L. xiii


na hAithreacha naomhtha baisdeadh (1) anacrach
do'n Aithrighe." Ní hE so fós an tiomlán da
niarrthar air "an Droing a ta, tar éis
gur ghabhadar Críosd iompa, agus go
nDeárnadh (2) Nuadh-Dhúil ionn-san díobh,"
coimhdiombhuidheach sin agus troid an Aghaidh
Dé mhóir na nUile Chumhachtadh: "Ní féidir
dhóibh (ar an Eagluis) Maitheamhnus d'fághail
ann Aoin-pheacadh marbhtha, muna bhfhoillsi-
ghid, an tan is féidir leo, gach uile Pheacadh
Marbhtha is feasach dhóibh, tar éis a (3) gCo-
guais do mhionchuartughadh; fós na Peacaidhe;
do rinneadar re Smuaineadh agus Miangus
amháin, noch is doimhne, air Uairibh, do loi-
teas an tAnam, agus is baoghluighe ioná na
Peacaidhe do nithear ós áird;" muna bhfoill-
sighid iad (ar an Eagluis) "go soilléir, adh-
náireach do'n Dream le a nDúbhairt Críosd:
"Gabhaidh-si an Spiorad Naomh: Gidh bé da
maithfidh sibh a bPeacaidhe a táid siad maith-
feach aca; agus gidh bé da gCeangólthaoi a
bPeacaidhe, a táid siad ceangailte." Ní
dlighthear dhóibh, fós tar éis an Fhaoisidin oirí-
seal, iocshláinteach-so do dheunadh, agus tar
éis gach Comhartha Fíor-aithreachuis, is iniarr-
ta go céillighe ortha, do thaisbeánadh, "an
Absolóid, ann a bhfuil go bunudasach brigh
hSacramuinte na hAithrighe," d'fághail no go
(1) Dócamhlach, saothrach. (2) Nuaidh-chréatúr.
(3) gCoinsiais


L. xiv


nGéillid go hOirísiol, agus go nAontuighid
d'Oibreachaibh an Leoirghníomha agus na hAith-
ríghe, eadhon, Trosghadh, Déirc, Urnaigh,
etc. noch do greamuighthear dhíobh, ní hE amháin
chum a ndroichchleachtadh do sgrios, agus a
gCur air a gCoimheud agus air a nAire
níos feárr, o sin suas, an Aghaidh Aththui-
time tubaistígh; acht fós chum na Coirthe
chuaidh thort, do dhíoghailt. Agus go deimhin,
(deir fós an Eagluis) do chítear nach oireamh-
nach do Cheirt-bhreithamhus Dé, an Dream, do
chiontuigh, tre Ainbhfhios, roimh baisdeadh, do
ghlacadh faoi na Sgéith air aon tSlighe ris an
Droing úd, do bhí comhdána sin agus Team-
poll no ionad Comhnuighe Dé do thruailliu-
ghadh, agus iargnó do chur go bhfios dóibh, air
an SPIORAD NAOMh, tar éis gur fuas-
gladh iad o Dhaor-smacht an Pheacaidh agus
an Diabhuil, agus gur ghlacadar Tíodhlaice
an SPIORAID NAOIMH".



Ag sin Teagusg na hEagluise Catoilice, air na
coimhthionól a dTrent; ni do thaob na Muintire
a ta oilbhéimeach agus droichbheusach ós áird; óir
tar chionn an iomláin de so, orduighe-si iad-so
do chur faoi bhreitheamhnus Aithrighe (1) Oireach-
tuis, do réir hToile an Easboig: Ná fós do
thaobh na bPeacach cruadh-mhuinéalacha chomhnui-
gheas ann a Míghníomhaibh agus a bhfaillighe choir-
theach a nDualgais, d'aimhdheóin gur ghealla-
(1) Puiblidhe


L. xv


dar go meinic Aisioc agus Aithrighe do dheu-
nadh; óir congmhuighe si iad-so uile o Chomhroinn
na Sácramuinteadh, no go gCruthuighid re na
nGníomharthaibh, go nDeunaid Aithrighe da ríribh;
agus go nAthruighid a mbeusa: Acht fós do
thaobh na hUile Dhroinge, do saoiltear do chách
a bheith Cneasda, gidheadh do thruailligh go daoith-
eamhuil, tar éis theacht chum Tuigse Uilc agus
Maitheasa, an Ghloine agus an Sgéimh inmhea-
dhónach úd, do fuaradar tré Ghrasa an
bhaisdidh: Agus ionnas nach rachadh an chuid-se
da (1) Foircheadal air Aon-chor faoi lár; agus
nach mbiadh Aoin-neach aineólach na thaobh, do
bhrigh gur ab air Eolus so, agus air a chur a
nGníomh, mar is dual, a ta Slánughadh fhur-
mhóir an Domhain; greamuighe sí, air tús, do
na hUile Oidighibh Faoisidine breitheamhnus Aith-
ríghe do chur air Lucht na hAithrighe do réir
Ghné a bPeacadh, agus a gCumais no a
Neirt chum a choimhlíonta; air Eagla, go
mbeidís rann-páirteach a bPeacaidhibh Cháich
oile, fa na bPeacaidhe do Léigion thortha go
réigh, agus fa bheith ro shéimh ris an Aithri-
gheach. Is an dara feacht, orduighe-si a míl-
tibh d'Aítibh, agus go hAírighe is an Teagusg
Críosduighe Fhíor-mhaith, fhoirleitheadach úd, do
cuireadh amach re na hUghdarás, na Neithe a
ta ann, agus "do bheanas re Sacramuint na
hAithríghe, agus re gach Rann di fa leith, do
mhúnadh air chor, nach hE amháin go dTuig-
feadh na Críosduighthe iad go diongmhálta,
(1) Teagasg


L. xvi


acht fós chum go nGlacfaidís Rún da ríribh,
maille re Grásaibh Dé, a gCur a nGníomh go
cráibhtheach, diagha.



A nois is deimhin, nach gabháil go réigh thar
an bPeacadh, ná Misneach chum a dheunta, an
Teagasg-so; is lúgha ioná sin go mór is
Cead Peacaidh é; o aimsigheas sé (1) Préamh an
Uilc, eadhon, Smuaintighthe toilteanacha agus
Miangusa féin an Pheacaidh; agus o is fol-
lasach, gur ab é is Réim dhó, "an Croidhe do
thimchill-ghearradh is an Spiorad", agus an
Duine do ghlanadh taobh a sdigh; Ní, ann a bhfuil
go sunradhach Naomhadh an Chríosduighe: O ta
go gCuireann d'Ualach air an bPeacach, tar
éis a Choguais do mhion-chuartúghadh go dúth-
rachtach, agus tar éis Móráin Saothair
agus Dobróin, a Chionta go léir d'admháil
go fírinneach, da ghráineamhla agus da uaig-
nighe iad, don bhreitheamh da dTug Críosd
Cúmhachta Peacaighe do mhaitheadh, no gan a
maitheadh, an nAinim féin, agus re n'Ughda-
rás; a léigion chum na Sácramuinteadh, no
gan a Léigion; agus breath-Aithríghe do chuir
air, do réir mar is ceart, agus do réir
Acfuinne an Chiontaigh: O ta go gCuireann
d'fhiachaibh air an Aithrigheach an breitheamhnus
Aithrighe, do chuirthear air, chum a Mhíghníomh
do dhíoghailt, agus chum a smachtaighthe, no a
leighis; agus chum go dTiúbhradh se tortha budh
hiomchubhaidh do'n Aithrighe uadh, do ghlacadh air
féin go fonnmhar, chum a choimhlíonta go
(1) Fréamh


L. xvii


Fírinneach, fa phéin a bheith díbeartha o na
Sácramuintibh, agus fós o Fhlaithios Dé: O
ta, fa dheoigh, go nAithnighear do'n Oide
Spioradálta a Dhualgas do chóimhlíonadh go
beacht, fa cháin a bheith rann-pháirteach agus
ciontach a gCoirthigh Dhuine oile: Neithe go
léir, nach nGlacann Aon-sgáile Eagluise oile,
da bhfuil is an Eóroip, Saothar air bith na
dTimchioll; ní hE sin amháin, acht cáinid uile
na Neithe-si, ag rádh, gur Cuing chruaidh,
agus luighe a sdeach air Shaoirse an tSoisgéil
iad. Air an Adhbhar-so, is ró mhíocharthannach,
agus fós is ro éigceart a chur a leith na hEag-
luise, go dTugann sí Cead do Chách Dlígh-
eadh Dé do bhriseadh, fa Dhroichiomchar bea-
gáin do Dhaoinibh áirighe, a ta faoi Mhórán
Leathtroim agus Míochomhgair do thaobh Oidis
agus Teagaisg thráthamhuil; no do theigeomhadh
a bheit domhúinte, droichmhéineach, mar IUDAS
a measg an Dá Absdol deug. Is deimhin nach
lugha is eugcóraigh é ioná an Aithis úd,
do bheiridís Díth-chreidmheacha a nallód do Dhia
féin, fa Chionta a Phobuil thoghtha, noch
do thug Siocair go meinic do Naimhdibh Dé, a
"Ainm naomhtha do mhaslughadh agus do chái-
neadh".



Gidheadh, ni hi an Mhíochlu-so, a bhearthar
do'n Eagluis, is mó do ghoilleas oirthe; acht
Cailleamhuin na beatha Síorruidhe d'Anmhórán
da Cloinn mhíodhúthchusuigh, agus an Toir-
measg do chuirid go laetheamhuil, tré na


L. xviii


mbeatha oilbhéimigh, air Leathnúghadh an Chrei-
dimh fhírinnigh. Agus ní hE an Truailleadh
lomnocht-sa na mbéas an tAon-olc amháin,
fhásas go mormhór o Easbhuidh Teaguisg agus
Deaghoidis ann Aois na hOíge: Cailltear
na Mílte, nach measuid Cách bheith lochtach, fa
bheith an Ainbhfios a nDualgais, tré na gCoir
féin: is ro mhinic do bhíd Daoine óga, dár mó
eugas roimh Aois a bhfithchid bliadhain ioná do'n
Chineadh Daonna go hiomlán na dhiadh sin,
sáithte go domhuin, o'n gCeud Am ar thosuigh-
eadar Drochchlaonta a nGeineamhna air bhor-
radh suas, a Morán do Pheacaidhibh foluighthe
Námhaduis, (1) Tnúith, Drúise, Díoghaltuis,
baois, Leisge, etc. agus comhnuighid ionta
d'Easbhuidh Oidis agus Aire thráthamhuil, go
bhfuadaigheann bás Anapuidh air siúbhal iad, a
nDíoghaltas a Míghníomh: "A táid Ceudfadh
agus Smuaineadh Chroidhe an Duine, claon
chum oilc o Aois na hOíge"; agus ni gnáthach
go dTeipeann air an gClaonadh urchóideach-
sa, do bhíos air na bhrosdughadh agus air na
ghríosúghadh le Tuile dhásachtaigh an Droch-
shompla, an tAos-óg aibhriosg, bháirr-eud-
trom do theilgean a nDiaidh a gCinn a mbea-
lach a mbasgaidhthe, suil fós do sháruighid fithche
bliadhain, an tan nach bhfairthear go dúthrach-
tach, agus nach gCoisgthear go moch a Námhuid
chnise-si, re Teagasg agus Smachtughadh oir-
eamhnach. Nó ma theagmhann do'n Chuid díobh
(1) Formaid


L. xix


fágthar, beagnach go léir; air Láimh na Ná-
mhad milltighe-si do rugadh leo, fithche bliadhain
do shárughadh, tosuighid go coitchionn ann sin,
air bheith (1) creapalta go léir re Gnothuighibh na
beatha boichte-si, agus air bheith dhá líonadh
féin re Saobhnósaibh an tSaoghuil-se: Ní cuibhe
leo, tré Uabhar, an Teagasg Críosduighe
d'fhoghluim, gidh gur ab é is Dualgas do'n
uile Neach ta n'Uireasbhuidh, biodh gur Rígh no
Ard-Fhlaith é: Ní mó fós a táid a gCruth,
Sochar do bhuain as Seanmóir no Comhrádh
fada foghlumtha, ma theagmhann dóibh a shamhuil
d'éisdeacht, do dhíoghbháil Deaghoidis agus blais
d'fághail a riamh air Neithibh diagha, no Spiora-
dálta: Calcuid ann sna Droichchleachtadhaibh
do thugadar cheana dhóibh féin; agus sluigid go
coitchionn gach Ní, do shásuigheas a nAnmhiana
anchumhachtacha, no mheuduigheas a Maoin shao-
ghalta; air chor, go dTéighid na Drochnósa-so a
bPréimh comhdomhain sin is an Anam, gur
le sárshaothar, le Comhrac, agus le Míorbhuilibh
follasacha Ghrás Dé amháin, is féidir buaidh
do bhreith ortha: Neithe d'fhionn go léir an Naomh
oirdheirc Aibhistín ionn a Cholainn féin, amhuil
mar fhoillsigheas se ós áird do'n Dómhan, a
LEABHAR na nAdmhálach; agus ní hEaguil
ris a rádh, "go bhfásuid Droichmhianta o An-
toil, agus go bhfásann Cleachtadh o na
Droichmhianaibh, an tan nach gCuirthear Srian
leo, agus Riachtanus o'n gCleachtadh nach
gCoisgthear".
(1) Tógtha suas.


L. xx


So mar níd na trí Naimhde sean-fhalta-
nacha-so an Anma, eadhon, an Cholann, an
Saoghul, agus an Diabhal, Coimhcheangal, mar
déarthá, agus Conradh Ceilge re chéile, chum
na nÓg, agus an Cineadh daonna go hiomlán
do (1) dhíth-cheannughadh a mborradh agus a bláth
na hOíge: So mar tiomáintear ris na trí
Naimhdibh díochoisgithe-se an Chuid is mó do'n
Aos-óg, na ruathar chum a nAimhleis: So mar
thréigid Dia, an tan budh riachtanach dhóibh
tosughadh air a riar: So mar a táid an Ainbh-
fhios, no a nDearmad dhiombhuidheach na ngealla-
mhun, do thugadar ós áird uatha, an tan do
ghlacadar baisdeadh; agus na tTíodhlaicea-
dhadh doimheasda, do fuaradar o Mhaitheas
dhochoimsighthe an Choimhdhe: Noch is Urchóid
choitchionn, fa ar chóir do gach Críosduighe maith
briseadh amach ansna briathraibh-se hIere-
mias, an Fáidh: "Uch nach uiisgeadha mo
Cheann, agus nach bhfuil Tobur Deór ionn
mo shúilibh, chor go nGuilfinn do Ló agus
d'Oídhche fa Dhíthcheannadh Chlainne mo Mhuin-
tire": Oír is mar so truaillighthear agus eas-
muiltear re hAinbhfhios agus re Peacadh an
cuid is neimhchiontuighe da'r nAois, agus an
Roinn is áille d'Eagluis Dé, dreas tré
Fhaillíghe, no Ainbhfhios agus Neamhchrábhadh
an Athar agus na Máthar, noch do bheir go
coitchionn d'á nAire amháin, a gClann do tha-
bhairt suas a mbaos, a mbárr-ghlór, agus a
nGrádh Neitheadh talmhuighe: Dreas tre Easbhuidh


L. xxi


Deaghoidigheadh Foghluma, no Deaghdhaoineadh oile
da'r ghnothuighe, a nAimsir agus a Saothar do
chaitheadh go teas-ghrádhach re hEólus na beatha
síorruidhe do thabhairt do'n Aos-óg: Dreas
tré chionta na Leanabh féin; óir ní mór a
mbeann air Oideas, agus fós is minic do thei-
thid uadh, an mhéid is féidir leo, chum iad féin
do mhilleadh go bráthach: Dreas fós tré Uir-
easbhaidh Leabhrán nDiagha, as ar bhféidir a
dTeagasg agus a gCeapadh chum Caon-dhú-
thrachta, chomhluath agus bhíd ionmhúinte, agus
a gCruth blais d'fághail air Neithibh Neamdha:
Oír, mar deir an SPIORAD NAOMh, "An
leanabh tabharthar suas ann sa mbealach ann
ar cóir dhó siúbhal, an tan féin bhias ársuidh,
ní imeochaidh sé as". Déir mar an gCeudna
an ionad oile: "A Mhic, Glac Teagasg o
d'Oíge, agus do gheabhair Eagna go Dei-
readh do shaoghuil".



Ise (1) Mór-ghantanus na dTeagasg Críos-
duighe leitheadacha do (2) sgapadar amach bráithre
Saothracha, foghlumtha Oird SAN-FROINSIAIS
a LOBhAN, tuilleadh air cheud bliadhain o shoin;
agus Géir-bhreathnughadh na Mór-olc fhásas o
Ainbhfhios, dreas tré Easbhaidh Leabrán Oidis;
maraon re Mian mór cuidiúghadh éigin do tha-
bhairt re hAos-óg leathtromach na hEÍRIONN
do theagasg, do (3) thuismigh an Teagasg Críos-
dúghe-si, nar nDiaidh; ann a mínighthear na
(1) Teirce. (2) Sgaipeadar. (3) Ghein


L. xxii


hAitheanta, na Sácramuinte, an Urnaigh;
etc. níos foirleithne ioná ann Aoin-Teagasg
Críosduighe gaoidheilge, ná bféidir béarla,
dar cuireadh a gClódh go nuige so: Agus
tré ar féidir do Dhoinibh óga, agus árshuighe
féin, fhoghluim a mbeatha, maille re Grásaibh
Dé, do chaitheadh go Críosdamhuil, agus a
"bheith ullamh do ghnáth re Sásamh éigin do tha-
bhairt do gach aon, do shireas ortha Adhbhar na
Muinighine a ta aca".



Do rinneadh Dithchioll air Fhoclaibh coimhidh-
theacha do sheachnadh, leath-amuigh amháin do'n chuid
díobh do thug an Creideamh a sdeach, agus do
dísligheadh dhó. Is i an Ghaoidheilg is sothuig-
sighthe, agus is coitchinne do cuireadh síos ann,
ag breith do Roghuin, air lorg Aibhistín naomh-
tha, Diomoladh na nEolghach d'fulang, tar a
bheith dorcha air Chách. Tugadh fós Aire le
Corr-fhocail, nach bhfuil coitchionn a mbeagán
do mhion rannaibh do'n Ríoghacht, do mhíniúghadh;
Ag so a gComhartha, (1)etc. noch do gheibhthear
roimh na Focail, do mhínigheas iad, a nDeireadh
na nDuilleog. Do thaobh na Coda dhe, a ta
mbéarla, is air Athsmuaineadh do tarruing-
eadh í go ro bheacht as an ngaoidheilg, mar
gheall air an Dream do labhras béarla amháin.
Do measadh nach ar bheag na hAíte don Sgrí-
bhinn Dhiágha, etc. as ar tiomsuigeadh an Tea-
gasg-so, do chur síos ann Aoin-teangaidh,
da bhrígh go gCoimhfhreagraid Fiosruighthe agus
Freagartha an dá theangtha go comhthrom re


L. xxiii


chéile: is léor mar Leith-sgéal air son locht
na dTeangthadh agus an Chlódha, imtheacht
an Tiomsuightheóra as a hTír Dhúthchais, tuil-
leadh re bliadhain air thríochad o shoin, agus
Dubh-ainbhfhios an Chlódhadóra, ná'r thuig aon
fhocal amháin do cheachtar do'n dá theangaidh.
O is ionann Réim no Eagar do'n Teagasg-
so agus do hTeagasg Críosduighe Chomhairle
hTRENT; agus ó's as an Sgríbhinn Dhiagha,
as leabhraibh na nAithreach naomhtha, agus as
Sanasánaibh na hEagluise do Cruinnigheadh a
bhunúdhas, ní cóir a mheas, gur re Duine
ainneiseach, acht re Dia Féin, agus re na
hSearbhfhóghantuighibh toghtha do hOibrigheadh e.



Iarthar go dúthrachtach mar Athchuinge air
gach aon d'á rachaidh se a dTairbhe, guidhe le
Duine uasal Sáirmheasamhuil, eadhon PhILIP
JOSEPh PERROT, Tighearna Mhainéir bAR-
MON, agus Dúithchidheadh oile, Ridire dOrd
Ríogha Naoimh Michíl, etc. le ar ab ionmhuin
Clanna Gaoidheal re seal fada, agus o bhfua-
radar go minic Mórán díobh Comharthaidhe
Ceana: Agus gan a Chongnamh ni thiucfadh
an Mion-shaothar-so choídhche chum an tSoluis.
A ta Muinighin ag an bhfear Díoluma, go dTais-
beánfuidhthear an Muintirdheas céadna dhó féin.
Da thaobh-san de, ni dheuna Faillidhe, a Chroidhe
d'ardughadh go laetheamhuil chum na bhflaithios, ag
sirim go hOiríseal air Dhia, Athair na hUile
thócaire, gan a Ainneis fein do chur Toir-
misg air thíodhlaicidhibh Righ na Féile; no do chosg


L. xxiv


air an bhfoircheadal neamhdha-so, na Tortha,
is dual dó, do thabhairt uadh ann Anmannaibh
Cháich; go madh toil le ar gCuthuightheóir agus
le ar bFuasguilteóir trócuireach, briathra an
leabhair-se, eadhon, a theagasg diagha féin,
do bheodhughadh re na Spiorad Naomh, agus do
thabhairt air an Droing dá'r dealbhadh é, ad-
mháil air na léigheadh, no air na chlos dóibh, go
bhfuil sé d'Ualach dosgaoilte ortha, eision do
riar; agus a bheith dearbhtha gur ab é Gnotuighe
a nAnma a nAon-ghnothuighe, agus an tAon-
ádhbhar fá'r cruthuigheadh iad: Go mádh áill ris
an Spiorad Naomh labhairt re na gCroidhthibh,
is an Am gCeudna a léighfid, no a gCloinfid
na briathra-so, agus a nGluasacht re na
Ghrásaibh chum an Eóluis neamhdha, do ghea-
bhaid ann, do chur a nGníomh: Go nDeonuighe ar
Slánuightheoir IOSA CRíOSD an Teas-ghrádh
mór, do thaisbéin se féin go minic do thaobh
Sláinte shíorruidhe na nDaoineadh óga, d'aith-
bheodhughadh a gCroidhthibh na nUile, dá'r Dual-
gas a dTeagasg agus a smachtughadh: Agus
gan léigean na hAnmanna, d'fuasgail se re
na fhuil mhór-luaigh féin, do chailleadh, ná a fhu-
lang dóibh "siúbhal, mar shiúbhlaid na Págánuigh
a mbaos a nAignidh, agá bhfuil a dTuigse air na
dalladh re Dorchadus, air na mbeith
sgartha o bheatha Dé, do bhrigh an Ainbhfis
a ta ionnta, tré Dhall-Radharc a gCroidhe.


L. lv


Tugadh an Léightheoir fa deara, gur bhudh
éigean an Síneadh fada do chur go meinic ós
cionn an ghotha bhig, do leanas an guth mór
dá'r dual é, do bhrígh nach ar cumadh ceann-
ghuth air bioth maille re Síneadh fada, an Am
chumtha na Litreachadh: gidheadh ni cúis seach-
ráin na Eágnaigh é.


L. 2


AN
TEAGASG
CRíOSDUIDHE
DO RÉIR
CEASDA AGUS FREAGARTHA.



Do mhór-thádhbhacht an Teagaisg Chríosduidhe,
agus Do'n Mhodh air a nEísdfidhear go
tairbheach ris.



Ceisd. Creud é an ní an Teagasg Críos-
duidhe?



Freagra. A tá Míniughadh soilléir, sothuig-
siona air (1) Altaibh an Chreidimh Chríosdamhuil,
noch a tá riachtanach chum Sláinte an Anma;
agus air Neithibh oile do bheanas ré Gnothuighibh
Dé.
(1) Airtiogalaibh.


L. 4


C. An éigean Meas mór a bheith air an
dTeagasg Críosduidhe, agus éisdeacht leis
go dúthachtach?



F. Is éigean go deimhin; do bhrígh go bhfuil ro
mhaith ann féin, agus fós tairbheach agus
riactanach dhúinne.



C. Cionnas is maith é ann féin?



F. An mhéid gur ab ionann é agus an Tea-
gasg, do mhúin Críosd agus na hAbstoil
dhúinn.



C. Cionnas is tairbheach agus is riachtanach
dhúinn Aire thabhairt do'n Teagasg Críosduidhe?



F. Do bhrígh go bhFodhlumann Neach gach Ní a
tá riachtanach chum a shlánuighthe, an tan
do bheir Aire dhó; agus gan sin, go mbiaid na
nAinbhfhios, agus damanta go síorruidhe.



C. Cred is éigion do dheunamh, chum Tairbhe
do bhuain as an dTeagasg Críosduidhe?



F. Ní foláir Néithe aírighthe do dheunamh roi-
mhe, ré na linn, agus na dhiaidh.



C. Creud is coír do dheunamh roimhe?



F. Air (1) dTús, is cóir theachd dhá fhodh-
luim maille lé Rún gnódhughadh air; an dara
Ní, Dia d'adhradh agus do ghuidhe, an tan
thiugfas chum na hAíte, ionn a mbiaidh an
Teasasg Críosduidhe dhá mhúnadh. 3. E feín
d'iomchur go ciuin, (2) cuibhiosach.



C. Creud eile is cóir fós do dheunamh?



F. Is cóir Urnaidh do dheunamh an aoin-fheacht
(1) dTuis. (2) Discréideach


L. 6


ris an tSagart, no ré Fear mhúinte an Teag-
aisg Chriosduidhe.



C. Creud í an Urnaidh do ní tú?



F. Deirim; "O a hTighearna, tré do Mhór-
thrócaire, múin damh gach Ní a ta riachtanach
chum Eoluis d'fhághail ort, chum do ghrádhuighthe,
agus chum do Naomh-thola do dheunamh."



C. Creud is coír do dheunamh an Aimsir an
Teagaisg do mhúnadh?



F. Is cóir eísdeacht ris go hAireach, ma-
canta, modhamhuil, amhuil is dá mbeith ar dTi-
ghearna Iosa Críosd ag caint.



C. Creud is cóir do dheunamh tar éis an
Teagaisg Chríosduidhé.



F. Is cóir buidheachas do bhreith ré Dia agus
Grása iarruidh air chum coimhnighthe air a
gCualaidh, agus chum (1) Déighfhéidhme do dheu-
namh dhe.



C. Ga mhéid Cuid a rointear an Teagasg
Críosduidhe?



F. A gCeithre Codcha. Labharthar is an gCeud
Chuid air (2) Altaibh an Chreidimh; is an dara
Cuid air Aithéantaibh Dé agus na hEagluise;
is an dTreas Rann air na Sácramuintibh; is
an gCeathramhadh Cuid air an Dóthchas agus
air an Urnaigh.
(1) DeághUsaíde. (2) Airtiogalaibh


L. 8


AN 1. RAN



d'ALTAIBH AN CHREIDIMH.



AN 1. LÉIGHIONN.



Do Chruthughadh agus do Chrích an Duine.



C. Cia chruthaigh agus do chuir air an (1)
tSaoghal hTú?



F. Dia uilea-Chumhachtach.



C. Creud é an Mhaith do rinne Dia dhuit,
an tan do chuir sé air an tSaoghal hTú?



F. Do thug sé dhamh mar aon leis an gCorp,
Anam (2) Tuigsionach, Spioradálta, domhar-
bhtha, lé ar ab fhéidir é Féin do shealbhughadh go
síorruidhe.



C. Creud F'ar chuir Dia air an tSaoghal
thú?



F. Do chum Eoluis do chur air, chum a ghrá-
dhuíghthe, chum a hTola do dheunamh, agus chum
na beatha siórruidhe do shaothrughadh leis an
Meodhain-si.



C. Creud is éigion do Dhuine a dheunamh chuige
sin?



F. Is éigion ceithre Neithe do dhéunamh.



C. Creud é an ceud Ní?



F. Gach Ní dhár fhoillsigh Dia, agus gach a
múineann an Eagluis dhúinn, do chreideamh go
diongmhála.



C. Creud é an dara Ní?
(1) Saoghal. (2) Céillidhe


L. 10


F. Aitheanta Dé agus na hEagluise do
choimhlíonadh.



C. Céud é an treas Ní?



F. Na Sacramuinte do ghlacadh maille ris
an Ollmhúghadh is riachtanach.



C. Ca bhfuil an cheathramhadh Ní?



F. A tá Dóthchas a chur a nDia agus a dhul
fá na Chumairce go minic treas an Urnaigh.



Toradh an Léighinne-se.



Ní foláir dhúinn (1) smuaineadh go minic
creud f'ár chuir Dia air an tSaoghal sinn;
agus (2) féidhm do dheunamh d'ár gCorp, d'ár
nAnam agus do gach Tíodhlaice eile dá bhFua-
ramar, do reír Intinne agus thola ar
gCruthuightheora.



AN 2. LÉIGHIONN.



Do'n Chreideamh.



C. Creud é an Ní an Creideamh?



F. A Tá Subháilce dhiadha agus Solas
neamhdha tré a gCreidmid gach uile Ní d'fhoill-
sigh Dia don Eagluis.
(1) smaoineadh. (2) úsáid


L. 12


C. Creud Fá nGoirthear Subháilce dhiagha
agus Solus neámhdha do'n Chreideamh?



F. Do bhrígh gur ab é Dia, tre na mhór-
thrócaire, do dhóirteas ann ar gCroidhthibh an
mhór-thíodhlaice-si, ré bhfoillsigheann é Féin
dhúinn.



C. An riachtanach do Neach Creideamh do bheith
aige?



F. Is riachtanach; do bhrígh nach féidir Aoin-
Neach do shlánughadh gan Creideamh.



C. Deuna Gníomh Creidimh?



F. "O a thighearna, creidim go diongmhálta
gach Ní d'foillsighis, agus gach a múineánn
tú treas an Náomh Eagluis chatoilice; do
bhrígh go bhfuil tú ro fhírnneach ionn do bhria-
thraibh."



C. An bhfuil sé d'fhiachaibh oruinn Gníomh Crei-
dimh do dheunamh ó Am go hAm?



F. A tá d'fhiachaibh air gach Neach dár ghlac
baisdeadh, an tan do thig (1) Ciall agus
Coimhne chuige, gach Ní, d'fhoillsigh Dia do'n
Eagluis, do chreideadh ó na chroidhe go daing-
ion; agus a Chreideamh do chur a nGníomh go
laetheamhuil, ag caitheamh a bheatha do reír
dhlíghidh Dé.



C. Creud eile a tá d'fhiachaibh oruinn do dheú-
nadh?



F. A tá d'fhiachaibh oruinn go cinnte (2) bun-
Ailt an chreidimh d'fhodhlaim agus do chreideadh
(1) reaSún nádúrta. (2) príomhAirtiogail


L. 14


go daingion; go hAíridhe an tan is Mian linn
ná Sacramuinte do ghlacadh.



C. Ca bhfuilid na bun-Ailt sin, a tá d'fhiachaibh
oruinn d'fhodhluim agus do chreideadh?



F. A gCré na nAbsdol.



C. An bhfuil d'fhiachaibh oruinn Fios Chré na
nApsdol do bheith aguinn?



F. A tá d'fhiachaibh oruinn ní hEadh amháin a
Fios do bheith aguinn, acht Fós fios chéille na
nAirtiogul, a tá innte.



C. Abair an Chré?



F. Creidim a nDia Athair uilea-chumhachtach,
Cruthuightheoir Neimhe agus Talmhan: agus an
Iosa Críosd a Aon-Mac sin ar dTighearna,
do gabhadh o'n Spiorad Naomh, do geiniodh o
Mhuire Oígh, d'fulaing Páis Faoi Phoint Phío-
láid, do crochadh, do Fuair bás, do hAdhlacadh;
do chuaidh Siós go hIfrionn; d'éirghidh an treas
Lá ó mharbhuibh; do chuaidh suas air Neamh;
a tá na shuidhe air Deis Dé Athair uilea-
chumhachtaigh; as sin tiocfas do bhreith breithe
air bheodhaibh agus air Mharbhaibh. Creidim
san Spiorad Naomh; an Naomh Eagluis Cha-
toilice; Cumonn na Naomh; Maitheamh na
bPeacadh, Eiséirghe na gCorp, agus an bhea-
tha (1) hSuthain. Amen.



Creud fá bhfuil d'fiachaibh oruinn na Neithe-si
uile do chreideadh?



F. Do bhrígh gur fhoillsigh Dia iad, agus nach
(1) shiórruidhe


L. 16


féidir dhó a bheith meallta, na Aoin-Neach do
mhealladh.



C. Cionnas a tá a fhios aguinne go cinnte,
gur fhoillsigh Dia iad?



F. A tá a fhios aguinn o'n Naomh Eagluis
Chatoilice, dár aithin Dia dhínn bheith umhal,
agus dár gheall sé a bheith na fochair go Dei-
readh an Domhuin; agus gach uile fhírinne do
mhúnadh dhi.



Toradh an Léighinn-se.



Air dTús, buidheachas do thabhairt do Dhia
fa shubháilce an Chreidimh do fuaramar san
mbaisdeadh; Gníomh Creidimh do dheunamh go mi-
nic; Rún do ghlacadh gach uile Lá, ar mbeatha do
chaitheamh, agus bás d'fhághail san gCreideamh
Chatoilice Rómhánach; gan ar gCreideamh do
sheunadh go bhráth ré bréithir na ré Gníomh.



2. A bheith dithchiollach fa'n d'Teagasg Críos-
duidhe d'fhoghluim, agus do mhúnadh do'n mhuintir
a tá f'ar Smacht.



3. Grádh agus Meas mór de bheith aguinn
air Eagluis Dé, agus fós guidhe agus cong-
nadh ré Lucht theagaisgthe an tSoisgéil.


L. 18


AN 3. LÉIGHIONN.



Do Dhia.



C. Creud é an ceud Ní is éigion do gach
uile Chríosduidhe do chreideadh?



F. Go bhfuil Aoin-Dia amháin ann.



C. Cia hE Dia?



F. Cruthaightheoir Neimhe agus Talmhan,
agus Aírd-rígh gach uile Neithe.



C. An féidir leat a mhíniughadh, air mhodh
eile, creud é an Ní Dia?



F. Is féidir liom; is eadh is Dia ann, Spio-
rad siórruidhe, ró mhaith, ró iomlán, uilea-
chumhachtach; a tá ann gach uile Aít, do chí gach
uile Ní, agus do stiúras iad uile.



C. Creud fá nDeir tú gur Spiorad Dia?



F. Do bhrígh nach bhfuil Corp na Aoin-ní cor-
pordha aige.



C. Creud fá nDeir tú, go bhfuil sé ró mhaith
agus ro (1) iomlán?



F. Do bhrígh go bhfuil Maith ós cionn gach
Maitheasa aige; agus nach féidir Aoin-ní
do bheith chomaith, no choimhiomlán ris.



C. Creud fá nDeir tú, go bhfuil sé uilea-
chumhachtach?
(1) fhoirbhthe


L. 20


F. Do bhrígh gur ab féidir leis gach Ní is
Mian leis do dheunadh.



C. Creud fá nDeirir, go bhfuil sé síor-
ruidhe?



F. Do bhrígh go bhfuil gan Tús gan Deir-
eadh.



C. An bhfuil Dia ann gach uile Aít?



F. A ta; óir a tá sé air Neamh agus air
Talamh agus ann gach ball do'n Domhan.



C. An bhfaiceann Dia gach uile Ní?



F. Ní féidir aion-ní do bheith a bhfolach air,
go fíu an Smuainidh is (1) uaignidhe a gCroi-
dhe an Duine.



C. Creud fá nAbrann tú go stíurann sé
gach uile Ní?



F. Do bhrígh go bhfuil Cúram agus Aire
aige air gach Ní, agus go dTugann Luach a
Saothair do na deághdhaoinibh, agus Piana do
na drochdhaoinibh; agus fós do bhrígh nach dTui-
teann Aoin-ní amach ach ré n'Ordughadh, nó
ré na chead.



C. Creud iad na Fiacha dlighthear dhínn do
dhíol ré Dia?



F. A tá d'fiachaibh oruinn a Mhórdhacht ghlór-
mhar d'adhradh, agus a ghrádhughadh ós cionn
gach uile Neithe.



C. Creud iad fós Fiacha an gCruthaightheo-
ra oruinn?
(1) folúghthe


L. 22


F. A tá d'fiachaibh oruinn bheith umhal dó ann
gach uile Ní; Eagla mhór bheith oruinn fhearg-
san do thuilleadh; agus gach Anró agus buai-
readh, do chuirfeadh oruinn, d'fulang go foidh-
ideach.



C. Creud eile a tá d'fiachaibh oruinn do
dheunadh?



F. Gan labhairt choídhche air Dhia acht maille
ré Meas agus Modh ró mhór; cuimhniughadh go
minic go bhfaiceann sé sinn ann gach Aít,
agus gach Am; agus dá bhrígh sin, gan
Aoin-ní do dheunamh an Aghaidh a thola.



AN 4. LÉIGHIONN.



D'Aondhacht Dé agus do'n Tríonnoíd ro
naomhtha.



C. Ca mhéid Dia ann?



F. Aoin-Dia amháin.



C. Ca mhéid Pearsa a nDia?



F. A táid trí Pearsona, iodhón, an tA-
thair, agus an Mac, agus an Spiorad
Naomh.



C. An Dia an tAthair?



F. Is eadh go deimhin.



C. An Dia an Mac?



F. Is eadh go dermhin.


L. 24


C. An Dia an Spiorad Naomh?



F. Is eadh go deimhin.



C. An trí (1) Dée iad?



F. Ní hEadh, acht aoin-Dia amháin a dTrí
bPearsonaibh; do bhrígh nach bhfuil aca acht
Aon nádúir amháin agus (2) Aon-tádhbhacht,
nó Aon-bhunadhas diagha.



C. Creud is Ainm do na trí Pearsonaibh-
si an aoin fheacht?



F. An Tríonnóid ró Naomhtha, nó Aoin-
Dia amháin a dTrí bPearsonaibh eidir-dhealbh-
tha.



C. An bhfuil an tAthair níos feárr, níos
críonna, nó níos cumhachtaigh iona an Mac
agus iona an Spiorad Naomh?



F. Ní bhfuil; do bhrígh go bhfuilid na trí
Pearsona diagha-sa coimhionann ann gach
uile Ní; óir is Aoin-Dia amháin iad.



C. An sine an tAthair iona an Mac agus
iona an Spiorad naomh?



F. Ní sine; do bhrígh go bhfuilid na dTriuir
ó'n tSíorruidheacht.



C. Creud is éigion do dheunamh chum na
Tríonnóide ro naomhtha d'onórughadh?



F. Is éigion dhúinn creideadh go daingion
ionsa bhfírinne ró dhorcha-sa; buidheachas a
bhreith ré Dia f'án nEolus-so do thabhairt
dhúinn; agus Dia glórmhar d'adhradh a dTrí
bPearsonaibh, go hAíridhe air Maidin agus
(1) Déithe. (2) aon tSubstaint


L. 26


Tráthnóna, agus a dTús gach Urnaighthe.



C. Creud eile is indeunta?



F. Is cóir dhúinn Dúthracht do dheunamh chum
na Móir-fhírinne-si do mhúnadh, nó thabhairt
fa deara a múnadh do'n Druing a tá na
hAinbhfhios.



AN 5. LÉIGHIONN.



D'Ioncholnughadh Mhic Dé, an Dara Pearsa
do'n Tríonnóid Naomhtha.



C. Creud é thuigeas tú re ioncholnughadh?



F. Coimhcheangal na Nádúire diagha agus
na Nádúire daonna ré chéile an Aoin phear-
sainn dhiadha.



C. Cia do Phearsonaibh na Tríonnóide ro
Naomhtha do ghlac Colann daonna?



F. Mac Dé, an dara Pearsa do'n Tríon-
nóid ró Naomhtha.



C. Creud chialluigheas sin, Colann daonna
do ghlacadh?



F. Cialluighe sé Corp agus Anam, mar
a tá aguinne, do ghlachad.



C. Ca hAít ann ar ghlac sé an Corp agus
an tAnam-so.



F. A mbroinn na Maighdine glórmhaire
Muire, a Mháthair.



C. Cionnas do thárlaidh so?


L. 28


F. Le hOibriúghadh an Spioraid Naoimh do
cumadh Corp IOSA CRÍOSD d'fhíor-fhuil na
Naomh-Oíghe.



C. Cia hE CRÍOSD?



F. An dara Pearsa do'n Tríonnóid ro
Naomhtha, do ghlac Colann Daonna.



C. Creud é chialluigheas an Focal IOSA?



F. Slánúghtheoir.



C. Nach dlighthear Onóir áiridhe do'n Ainm-
si?



F. Dlighthear, óir órduighthear gach Glún do
chlaonadh d'Ainm IOSA.



C. Creud chialluigheas an Focal CRÍOSD?



F. Ungtha nó Olaighthe.



C. Creud ré ar hUngadh é, nó ré ar cui-
readh Ola air?



F. Ré gach uile ghrás neamhdha, agus ré
hiomláine na Diaghachta féin.



C. An Dia IOSA CRÍOSD?



F. Is eadh go cinnte.



C. An bhfuil fós na Dhuine?



F. A tá sé na Dhia agus na Dhuine an
Aoin-fheacht.



C. Ga mhéid Nádúir ionn IOSA CRÍOSD?



F. A táid dhá Nádúir, iodhon, Nádúir dhia-
gha agus Nádúir dhaonna, óir a ta sé na
Dhia agus na Dhuine.



C. Ga mhéid Pearsa ionn IOSA CRÍOSD?



F. Ní bhfuil acht Aoin-phearsa, eadhon, Pear-
sa Mhic Dé amháin.


L. 30


C. C'áit a bhfuil ar dTighearna IOSA
CRÍOSD?



F. An mhéidh gur Dia é, a tá sé ann gach
uile Aít; acht an mheíd gur Duine é, a tá sé
air Neamh amháin, agus a Naomh-shacramuint
na hAltóra.



C. Creud iad na Fiacha is ceart dhuinn e
do dhíol lé ar dTighearna IOSA CRÍOSD?



F. A tá d'fiachaibh oruinn a adhradh agus
a mholadh mur ar nDia, agus buidheachas bhreith
ris fá cholann daonna do ghlacadh mar gheall
oruinn-e.



C. Creud eile a tá d'fiachaib oruinn do
dheunamh?



F. Is ceart dhúinn sinn féin d'umhlughadh air
a shon-san, noch a d'ísligh a Mhórdhacht
dho choimsighthe mar gheall oruinn-e, an tan do
choimhcheangail ar Nádúir bhocht ré na Phear-
soin dhiadha féin.


L. 32


AN 6. LÉIGHIONN.



D'Fuasgladh an duinne.



C. Creud fár ghlac Mac Dé Colann daon-
na?



F. Do chum sinn-e d'fhuasgladh agus do shlá-
nughadh.



C. Creud é sin lé rádh, sinn-e d'fuas-
ghladh?



F. Cialluighé sé, ar saoradh ó pheacadh agus
ó dhamnughadh síorruidhe.



C. Creud fár damnuígheadh an Cineadh daon-
na mur sin?



F. Fá Easúmhlacht ar gCeud Athar Adhaimh,
agus fós fá na Peacaidhibh do (1) thoilighea-
mar féin do dheunamh.



C. Creud do rinne ar dTighearna Iosa
Críosd, chum sinn-e d'fhuasgladh.



F. 1. Do rugadh é a Stábla a measg Ain-
mhinteadh (2) éigcéillighe. 2. Do chaith trí bliad-
na deug agus fithche ann gach uile ghné Uirís-
leachta agus (3) bochtachta. 3. Do fuair bás
fá dheoidh a gCrann na Croiche air ar Soinn-e.



C. Creud é an lá do rugadh é?
(1) d'Aontuígheamar. (2) bruideamhla. (3) bochtuineachta


L. 34


F. Lá Nodhlac timchioll an mheodhain-oídhche.



C. Creud é an Ní do rinne ar Slánuigh-
theoir IOSA CRÍOSD go hAois a dheich
mbliaghan fithchead?



F. Do chaith sé a bheatha go hUaigneach, agus
beagnach gan fhios do'n tSaoghal, a gComh-
luadar a Mhátar beannaighthe.



C. Ceud do rinne sé ó Aois a dheich mbliaghan
fithchead go hAimsir a bháis?



F. Do mhúin sé do na daoinibh Slíghe a Slá-
nuighthe maille ré na theagasg agus lé na
dheághshompla; agus fós do rinnidh an iomad
Móir-mhíorbhuileadh chum a theagaisg do chruth-
ughadh agus do choimhneartughadh.



C. Creud é an lá do fuair sé bás?



F. Aoine an Cheusda.



C. Cia air a shon a bhfuair sé bás?



F. Air son an chinidh daonna go hiomlán,
agus air son gach Críosduidhe fá leith.



C. Creud fá bhfuair sé bás?



F. Cum Leoir-ghníomha do dheunadh air son
ar bPeacaidh-ne, chum Aoibhnis agus Sonuis
Síorruidhe do thuilleadh dhúinn, agus fós na
Grása is riachtanach dhúinn chuige so.



C. Creud iad na Fiacha a tá ag ar dTigh-
earna IOSA CRÍOSD oruinn fa bheith na
hSlánuightheoir aguinn?



F. A tá d'fhiachaibh oruinn a ghrádhugh-
adh, agus buídheachas do bhreith leis f'an


L. 36


Mhórmhaith-si; ar nDóthchas go léir do chur
ann, agus a Lorg do leanamhuin.



AN 7. LÉIGHIONN.



Do RúinDiamharaibh ar dGighearna IOSA
CRÍOSD.



C. Ca hAít ar cuireadh Corp IOSA
CRÍOSD tar éis a bháis?



F. Ionnsa an Uaigh.



C. Creud do chialluighid na Focail-si do'n
Chré: "Do chuaidh síos go hIfrionn?"



F. Cialluighid go nDeachaigh Anam ar Slá-
nuightheora go hIfrionn na nAithreach naomhtha,
chum Anmanna na bhfíreun d'fuasgladh as a
nGéibhionn ann a rabhadar.



C. Nach ar éirghe sé tár éis a bháis?



F. D'éirghe sé go glórmhar, neamh-mharbhtha.



C. Cá Tráth d'eiséirghe sé?



F. Air an treas lá tar éis a bháis, ea-
dhón, Domhnach Cásga.



C. An nDeachaidh sé suas air Neamh?



F. Do chuaidh, lé na Chumhacht féin amháin.



C. Cá Tráth do chuaidh suas air Neamh?



F. A gCionn dá fhithchid Lá iar nEírge ó
mharbhaibh dhó, eadhón Diardaoin Deas-ghabhála.


L. 38


C. An dTiocfaidh CRÍOSD ar Slánuigh-
theoir air dheireadh an Domhain?



F. Tiocfaidh sé go soilléir do bhreith breath-
amhnuis air gach uile Dhuine do réir a ghnío-
mharthadh.



C. An léigfidhear go Deireadh an tSaogh-
uil breathamhnus an Cinidh dhaonna?



F. Léigfidhear an breathamhnus (1) coitch-
eann go nuige sin.



C. An bhfuil breathamhnus air bith eile ann
leath a muigh do'n bhreathamhnus choitcheann-
soin?



F. A tá breathamhnus (2) áiridhe ann, noch
do bheurthar air gach Aon air Uair a bháis.
(1) genearálta. (2) pairtioculárdha



AN 8 LÉIGHIONN.



Do'n Spiorad Naomh, do'n Eagluis, agus
do'n tSaidhbhrios neámhdha do (1) ghlacthar
innte.



C. Cia hE an Spiorad Naomh?



F. An treas Pearsa do'n Tríon-
nóid ro Naomhtha.



C. Cá Trách do thuirling an Spiorad
(1) gheibhthear


L. 40


Naomh chum na hEagluise?



F. A gCionn dheich lá tar éis Deas-ghabhá-
la, eadhon Domhnach Cingcighise.



C. An dTugthar an Spiorad Naomh dhúinn
a nois?



F. Do bheirthear é do ghnáth air Mhodh dhofhaic-
sionna do'n Mhuintir bhíos ollmhuighe mar is
cóir chum a ghlactha.



C. An bhfuil sé d'fhiachaibh oruinn ar nDóth-
chas do chur ann, agus a ghuidhe mar do ghuidh-
mid an tAthair agus an Mac?



F. A tá go dearbhtha; óir is Aoin-Dia
amháin na trí Pearsona diagha-sa.



C. Creud é an mhaith do nídh an Spiorad
Naomh dhúinn?



F. Naomhaidh agus neartuighe sé sinn; agus
Soillsighe agus treoruighe sé an Eagluis air
chor, nach rachaidh sí air Seachrán go bráth.



C. Creud é an Ní an Eagluis?



F. A tá Comhchruinniughadh na gCreidmhigh-
each go léir faoi IOSA CRÓISD, a gceann
dofhaicsiona; agus faoi na bhiocáire air Ta-
lamh, eadhon, an Pápa.



C. Cia hE an Pápa?



F. Ceann sofhaicsionna na hEagluise, Comh-
arba naoimh Peadair, agus (1) biocáire Chríosd
air Talamh.



C. Cia hí an Eagluis fhírinneach?
(1) fear ionaid.


L. 42


F. A tá an naomh Eagluis Chatoilice Ró-
mhánach, d'ar Ceann sofhaicsiona an Pápa.



C. An riachtanach do Neach bheith san Eag-
luis?



F. Is riachtanach, do bhrígh nach bhfuil (1) Slán-
ughadh ré fághail a múgh as an Eagluis; óir
ní bhfuil acht Aoin-Dia amháin, Aoin-chreideamh
amháin, agus Aon-Bhaisdeadh amháin ann.



C. Creud é cialluigheas Cumann na Naomh?



F. Cialluighe sé, go bhfuilid fíor-chlann
CRÍOSD uile rann-pháirteach ann ionmhus
spioradálta na hEagluise.



C. Creud é an Saidhbhrios spioradhálta-so
ann a bhFuilid boill na hEagluise rann-pháir-
teach?



F. Na Sacramuinteadha, Naoimh-iodhbuirt
an Aifrinn, Urnaigh na hEagluise, agus
deágh-Oibre na bhFíreun.



C. Nach bhfuil Coimhcheanghal éigin eidir na
Críosduidhthibh air Talamh agus na Naomhaibh
air Neamh?



F. A tá; do bhrígh go nDéanamaoid-ne
Urnaighthe chuca-san, agus go bhfághaid-sion
Congnamh ó Dhia dhúinn-e, tré IOSA CRÍOSD.



C. An dTéid an Saidhbhrios spioradálta-so
na hEagluise a Sochar do na hAnmannaibh,
a tá a bPurgadóir?
(1) Sábháil.


L. 44


F. Do théid; óir do gheibhid Sólás agus For-
tacht tré Naoimh-iodhbairt an Aifrinn, tré
Urnaigh, agus dheághoibre na gCríosduigh-
theadh.



C. Creud é a tá d'fhiachaibh air fhíor-chlainn
na hEagluise do dheunamh?



F. Is cóir dhóibh buidheachas ró mhór do tha-
bhairt do Dhia, fa Chloinn do dheunamh dhíobh do
Mháthair chomór agus chomaith ris an Eag-
luis; air nach féidir lé na Naimhdibh uile buaidh
do bhreith.



C. Creud thuigeas tú lé Maitheadh na bPea-
cadh?



F. Tuigim, go dTug IOSA CRÍOSD
Cumhachta dh'á Eagluis na Peacaidhe do mhai-
theadh, agus Slíghe (1) bhríoghmhar tré naomhthar
na Daoine.
(1) éifeachtach.


L. 46


AN 9 LÉIGHIONN.



D'Eiséirghe na gCorp agus don bheatha
shíorruidhe.



C. Creud chialluigheas Eiséirghe na gCorp?



F. A tá, go nEireochaid na Daoine
go hUile maille ris na Corpuibh ceádhna, do
bhí aca air an tSaoghal-so.



C. An eiséireochaid an Drung dhamanta
mar aon ris na Fíreunaibh?



F. Eiséireochaid; acht biaid Coirp ghlór-
mhara ag na Fíreunaibh, agus Coirp ghráin-
eamhla, uathbhásacha, ag an Druing dhaman-
ta.



C. Creud é an Luach-Saothair do bheuras Dia
do na deághdhaoinibh tar éis a mbáis?



F. Glóir Neimhe, agus an bheata Mharthun-
nach.



C. Creud is beatha mharthunnach ann?



F. A tá bheith ag feuchain air Dhia Aghaidh
air Aghaidh; bheith fós ghá ghrádhughadh, agus ghá
mholadh tré shaoghal na Saoghal an Aoibhnios
agus a Sonas síorruidhe.



C. Ca rachaid an Drung lochtach do gheibh
bás a bPeacadh mharbhtha?



F. Cuirfidhear go hIfrionn iad, eadhón,
Aít ann nach bhfuíghid Radharc Dé go bráth;


L. 48


agus biaid ghá losgadh feadh na Síorruidh-
eachta mar aon ris na Deamhnaibh.



C. Cá hAít a dTéid na Daoine, do gheibh
bás a bPeacadh sologhtha amháin, nó an mhuin-
tir nach déarnaidh Leoir-ghniómh iomlán air
son a (1) bPeacadh.



F. Go Purgadóir, chum Ceirt Dé do shás-
ughadh tréas na Pianta íocfaid ann.



C. Creud é an Tairbhe is cóir dhúinn-e do
bhuain as an Léighionn-so?



F. Is cóir dhúinn Smuaineadh go minic air
Luach-Saothair dolabhartha na bhFíreuin, agus
air phiantaibh siórruidhe na bPeacach; ionnas
go nGlacfadhmaois Meisneach chum na Subháil-
ce do leanamhuin, agus chum an Pheacaidh do
sheachnadh.
(1) bPeacaidheadh.


L. 50


AN 2 RANN.



D'AITHEANTAIBH DE AGUS NA
hEAGLUISE.



AN 1 LÉIGHIONN.



D'Aitheantaibh Dé a gCoitchinne.



C. Creud é an dara Ní is riachtanach
do chum ar slánuighthe?



F. A tá Aitheanta Dé agus na hEagluise
do choimheud.



C. Creud, fá dTug Dia a Naomh-aitheanta
dhúinn?



F. Cum go mbéidís na Riaghuil d'ár nGnío-
mharthaibh, ag tabhairt Eoluis dhúinn air na
Lochtaibh, is éigion do sheachnadh, agus air na
Subháilcibh is éigion dhúinn do thaithighe.



C. Ga mhéid Aithne do thug Dia dhúinn?



F. Deich nAitheanta?.



C. Abair iad.



F. "Creid, a Mhic, a nDia go glan.
Na tabhair Ainim Dé gan (1) Fáth.
Coimhéid an tSaoire mar is cóir.
Tabhair dod hAthair Onóir.
Na deun Marbhadh, Goid, na Drúis,
(1) Adhbhar.


L. 52


Na Fiaghnuise bhréige an Aon-chúis.
Na santaidh bean, nach leat féin,
Clann Duine eile, na Aírnéis".



C. Creud é an tSlíghe do ghlacas tú,
do chum thú Féin do bhrosdughadh chum Aitheanta
Dé do choimhlíonadh?



F. Do bheirim fá deara, gurab é Dia m'Aírd-
rígh, d'ar cóir dhamh géilleadh, agus go bhfuilid
a Aitheanta-son ro dhlistionach, agus sochoimh-
líonta maille ré na ghrásaibh.



C. An nDeunann tú (1) Féidhm do hSlíghe
air bioth eile?



F. Do ním; smuainim air an Luach Saothair
mór; do bheir Dia do'n mhuintir, do choimhlío-
nas a Aitheanta-san; agus air na Piantaibh
dochríochnuighthe ré gCeustar an Drung nach
gCoimheudann iad.



C. An riachtanach a gCoimheud go hUile?



F. Is riachtanach; óir gidh bé do bhriseas
Aon-aithne amháin tré pheacadh marbhtha, tuil-
lidh sé Damnughadh síorruidhe.



C. Ga bhfuil Suim, nó Aithghiorra na nAith-
eantadh?



F. A tá Dia do ghrádhughadh ós cionn gach
uile Néithe, agus ar gComharsa mar sinn
féin; óir is é so Coimhlíonad an Dlíghe.
(1) Usáid.


L. 54


AN 2 LÉIGHIONN.



DO'N CHEUD AITHNE.



Creid, a Mhic, a nDia go glan.



C. Creud é chuireas an cheud Aithne d'Ua-
lach oruinn do dheunamh?



F. Cuiridh sí d'Ualach oruinn creideamh a
nDia; ar nDothchas do chur ann; a adhradh,
agus Grádh ar gCroidhe go hiomlán do tha-
bhairt dó.



C. Creud é sin, Dia d'adhradh?



F. A tá admháil gur ab é ar gCruthaigh-
theoir agus ar nAírd-rígh é; agus gach Onóir
agus gach Moladh, dhá mheud, do thabairt
dhó.



C. Deuna gníomh Adhraidh?



F. A Dhé mhóir, agus a hTighearna uilea-
chumhachtaigh, adhraim thú, agus admhughim
gur tú mo Chruthaightheoir agus m'Aírd-
righ.



C. Creud chialluigheas Dia do ghrádhughadh ó
ar gCroidhe go hiomlán?



F. Ciallaigh sé a ghrádhughadh ós cionn gach
uile Néithe, agus bheith toiltionach air bhás
d'fulang níos taoisge, iona chuirfeadh Fearg
air.


L. 56


C. Deuna Gníomh Ghrádha Dé?



F. O a hTighearna, bheirim grádh ó mo chroidhe
go hiomlán, agus ós cionn gach uile Néithe-
dhuit; do bhrígh go bhfuil tú ro mhaith agus ró
gheanamhail; agus go mbronnann tu do ghnáth
mórán Tíodhlaiceadh oram.



C. An gCoisgeann an Aithne-si Onóir do
thabhairt do na Naomhaibh?



F. Ní choisgheann; do bhrígh nach ionann an
Onóir do bheirmíd dhóibh agus do Dhia; óir
onóramaoid amháin iad mar Cháirde agus
mar shearbhfóghantuighe díleasa Dé, agus
mar gheall air-sion amháin.



C. An bhfuil sé dlisdionach Onóir nó Modh
air bith do thabairt do (1) Dheilbhibh Chríosd
agus na Naomh?



F. A tá, mar gheall air Chríosd agus
air na Naoimh, do chuirid a gCuimhne dhúinn;
amhail mar do nímid do thaobh Anma IOSA;
gidheadh, ní chreidmid go bhfuil buaidh air bith
a bhfuaim an fhocail, ná a nDeilbhibh Chríosd
ná na Naomh.



C. Gídheadh, nach ar thoirmisg Dia ni hE
amháin Onóir nó Modh do thaisbeánadh dho Dheil-
bhibh, acht Fós Cosamhlacht Aoin-neithe do dhéa-
nadh, dá bhfuil air Neamh shuas, nó air Ta-
lamh shíos, nó is an Uisge Faoi an Talamh?



F. Is deimhin gur thoirmisg sé go soilléir
(1) d'Iomháighibh


L. 58


air na hIúdaighibh, noch do bhí anchlaon do Dhéibh
bréige, Aon-chosamhlacht féin don tSamhuil-
sin do dheunadh, air Eagla go nAdharfuidís
iad, agus go bhFoghanfuidís dóibh mar Dhéibh,
agus go mbiadh, mar so, Dée coimhightheacha
aca a láthair an Tighearna, air Nós na
gCineadhachadh uile na dTimchioll fa gCuairt,
noch d'adhradh agus do riaradh Clocha agus
Crainn, Dée d'Or agus d'Airgiod, etc acht,
ní mheasann Dream air bioth anois, go gCui-
reann an Toirmiosg-sa d'Ualach ná d'Fia-
chaibh ortha gan Cosamhlacht Neithe air bioth
do dhéanadh.



C. Creud uime-sin?



F. Do bhrígh nach baoghlach is an Aimsir-se,
go nAdharfuid nó go riarfuid na Críosduigh-
the Toirt no Cosamhlacht Aoin-neithe air Neamh
no air Talamh; ni Cloch, ná Crann, ná leach-
ta Oir ná Airgid, acht Anghrádh an tSaoghoil,
baosradh, Aincheangal d'ar mbaramhuil féin,
agus Ainmhiana eile is Dée bréige do na
Críosduighthibh a niugh.



C. Cionnas do chruthuigheas tu, gur is an
gCéill-sin, do thoirmisg Dia air na hIúduighibh
Cosamhlacht Neithe air bith, dá bhfuil air Neamh
nó air Talamh, do dhéanadh?



F. Ata sé air na chruthughadh go soilléir ré
briathruibh De Féin, is an Aít cheudhna, agus
ann iomad d'áitibh oile don Sgríbhinn dhiagha,
ann a nAbrann sé; Ní dheuntaoi Dée d'Air-
giod, ni mó dheuntaoi Dée d'ór; noch is ionann


L. 60


re rádh agus so: Ni bhiaidh Dée coimhightheacha
agad an mo láthair-se, ni adharfair agus
ni riarfair Aoin-ní (1) greanta nó Cosamh-
lacht Aoin-neithe dá bhFuil air Neamh no air
Talamh: air chor gur follas nach bhfuil is ann
iomlán acht Aon-aithne, air na míniughadh
agus air na cur síos go leathadach.



C. Creud é an Cruthughadh oile a tá agad
ris?



F. A tá go nDeuntaoi, do réir Aithne Dé,
féidhm do Dheilbhibh a measg na nIúduighadh
féin, gé gur mhór a gClaon do Dhéibh bréi-
ge; óir d'Aithin Dia do Mhaoise dha Cherubim
nó dhá Aingeal do dhéanadh d'ór bhuailte agus
a gCur go hOnórach air dhá chionn Chathaoire
na Trócaire, noch d'foluigh an Aírc; d'aithin
dó, mar an gCeudna, Nathair Neimhe do dhéa-
nadh do Phrás, agus a cur air chrann, ion-
nas go bhfeuchadh gach Duine, do loitfidís na
Naithreacha Nimhe tintíghe, uirthe, agus go
leigheostaoi é; noch budh Reumhchomhartha air
Chríosd árduighthe air an gCroich, amhuil
fhoillsigheas sé féin is an tSoisgheul.



Do ghrean fós Solamh dhá Cherub d'Obuir
dheilbhthe air bhalladhaibh hTighe an Tighearna,
(1) Ceirbheálta, grabhálta


L. 62


agus d'foluig iad ré hOr; d'oibrigh sé, mar
an gCeudna, Cherubínigh air fholach thighe Dé;
air chor go mbidís na Deilbhibh breaca-so a
gComhnuidhe os coinne cháich, gach Am do léi-
gidís iad féin air a nGlúinibh, agus do ní-
dís Urnaigh is an Tigh naomhtha-so.



C. An é nach nGuidhid agus nach riaruid na
Catoilicigh Deilbhe Chríosd agus na Naomh?



F. Ni dheunmaoid air Aon-chor: léigimíd go
deimhin sinn féin air ar nGlúinibh agus do ní-
mid urnaigh os a gCoinne, dár gCoimheud
air bhuaireadh; gidheadh ni ghuidhimíd iad, níos
mó iona ghuigheadar Ioshua agus Sinsir
Chloinne Israel Aírc an Chonnartha, an
tan do luigheadar, sléachta go Talamh, ag
guídhe go tráth nóna as a coinne; ná fós
níos mó iona ghuidhid Cách oile bórd na Com-
aoine, an tan do ghuidhid air a nGlúinibh os a
choinne: agus o támuid-ne deághchroidheach ré na
ghlacadh air a bhFocal-san, nach nGuidhid agus
nach nAdhruid bórd na Comaoine, ná an tAran
agus a Fíon do chaithid air a nGlúnibh; mar
an gCeudna, do chítear, gur chóir dhóibh-
sionn bheith sothchroidheach dar dTaoibh-ne, o
thárla go bhfuil an Eagluis uile, air na comh-
chruinniughadh a dTrente, agus fós an tiom-
lán dín o fhear, agus o mhnaoi go leanbh, ag
foillsiughadh go hArd, agus ag admháil go
buan, nach nguidhimíd agus nach nAdhramuid
Deilbhe; go bhfuil fhios aguinn go dearbhtha,
nach féidir leo ar bhfaicsin, ná ar gClos,


L. 64


ná ar bhfortacht; go gCreidimid go daing-
ion, nach cóir Muinighin air bith do chur
ionnta ná Aoin-ní d'iarraidh ortha; agus
nach ceart, air Aon-chor, an Onóir dlighthear
do Dhia, do thabhairt do Ní air bith dá bhfuil
beodh no marbh, air Neamh no air Talamh.



C. Maiseadh creud é an Sochar do bheana-
muid asda?



F. Taisbheánuid dhúinn go (1) mothuightheach
RúinDiamhra Pháise, agus bháis Chríosd,
agus (2) Ceusadh na Naomh; Fóghnuid mar
Leabhra do na Tuataighibh; agus gluaisid sinn
uile chum loirg hSearbhfhóghantuígheadh oirdheir-
ce Dé do leanmhuin.



C. Ach o tá nach bhfuil Diaghacht ná Cumas
aca, creud é an Onóir nó an Modh is féidir
a thabhairt dhóibh?



F. An Mod ceudna, do réir a gCéime,
noch do bheirthear d'Ainim IOSA; óir is fír-
ionnan Deilbh naomtha Chríosd don tsúil, agus
a Naomh-ainm don Chluais.



C. Tabhair dhúinn Cosamhlacht éigin oile?



F. An Modh ceudna do thaisbeánas gach uile
Dhream do thighthibh Eagluise agus Urnaighe,
an tan do nochtuid a gCinn ag dul a steach
ionnta; an Modh ceudna do bheir an Drong
úd do (3) Chuid Oídhche an Tighearna, nach gCrei-
deann go bhfuil ann acht Arán agus Fíon,
(1) bheodhmhar. (2) Fulongtha. (3) do shuipéar


L. 66


Comhartha amháin Fula agus Feola Chríosd;
agus gidheadh, do ghlacas é air a nGlúinibh;
an Modh ceudna agus an Onóir d'Aithin Dia
do Mhaoise a thaisbeánadh don Talamh air ar
sheas sé, ag rádh: "Cuir dhíot do bhróga dod
chosuibh; óir an Aít air a bhfuilir do sheasadh,
is Talamh naomhtha é".



C. An gComhnuigheann an Modh-so ann sna
Neithibh dá dTaisbeántar é?



F. Ni chomhnuigheann, bhearthar é gan mhoill
do Chríosd agus d'á Naomhuibh, amhuil mar
is don Righ féin, do réir bhreathnuighe gach uile
dhuine, do bheirthear an Modh gnáthuigthear do
thaisbeánadh don Chathaoir Ríogha agus do
Leachta nó do Dheilbh an Rígh; agus ni meas-
dar choíche gur do phápeur ná do chloich nó do
chrann, ach do Phearsain an Rígh féin
do bheirthear an Míomhodh taisbeántar do Dheilbh
an Rígh.



C. Nach ionmholta Modh do thabhairt do hTai-
sibh na Naomh?



F. Is ionmholta; do bhrígh go rabhadar a
gCoirp na mboill ag IOSA CRÍOSD, agus
na nionad Comhnuidhe ag an Spiorad Naomh;
agus go mbiaid Fós lá éigin go glórmhar
air Neamh.



C. Creud chuige fós a dtugthar Modh do
hTaisibh na Naomh?



F. Do bhrígh go nDeárnaidh Dia (1) Féidhm
(1) Usáid


L. 68


dhíobh chum Móráin Maitheasa do dheunamh do'n
Mhuintir do bheir Modh dóibh.



C. An bhfuil sé an Aghaidh na hAithene-si
Comhairle d'iarraidh air lucht Fáisdine,
Draoidheachta, nó Piseóg, noch do ní Cunn-
radh ris an Diabhal?



F. A tá gan Amhrus; do bhrígh gur ab o'n
Diabhal gheibhid gach Eolus, da mbí aca.



C. Creud is Piseóga ann?



F. Briathra do rádh, nó Comharrtha do dheu-
namh chum Críche, do chum nach bhful brígh na
buaidh aca ó Nádúir, ó Dhia, ná ó an Eag-
luis.



C. An bPeacaidhid na hEithricheadha an
Aghaidh na hAithne-si?



F. Peacaidhid go cinnte; do bhrígh nach
gCreidid ó chroidhe gach Ní chreideas an Eag-
luis Chatoilice Rómhánach, peacaighe fós gach
Duine do thaisbeánas ó Ghníomh nó ó bhréi-
thir Claonadh nó Aontughadh chum Eiriceachta,
tré éisdeacht an Urnaighe, nó a dTeagaisg,
nó air Aon-mhodh eile.



C. An bhfuil sé ceaduigheach Leabhair Eith-
riceachta do léigheadh?



F. Ní bhfuil, ná a mbeith agad air Aon-chor
gan Cead; ní cóir fós Geur-sgrúdadh do
dheunamh air Rúin diamhraibh an Chreidimh, ná
Amhras do bheith agad fá Alt air bith dhe.



C. An bPeacaigheann an té, bhíos, tré na


L. 70


choir féin an Ainbhfhios na Paidre, Chré na
nAbsdol, Aitheantadh Dé, nó na hEagluise,
an Aghaidh na hAithne-si?



F. Peacaighe gan Amhras; agus fós gach
Duine, nach dTuigeann iad, tré na mhainneach-
tnaidh féin.



C. An bhfuil sé an Aghaidh na hAithne-si;
Munbhar nó Gearán do dheunamh air Dhia?



F. A tá go dearbhtha; do bhrígh go nDeunann
Dia gach Ní mar is cóir; agus ní hEadh
amháin gearán, acht a tá sé fós an Aghaidh
na hAithne-si, air dTús, Mighean do bheith
agad air Dhia nó air Neithibh diadha. 2. Aim-
sir fhada do léigion thort gan smuaineadh air
Dhia, nó air an Dualgas a dlighthear dhó. 3.
Toirmiosg do chur air dhaoinibh eile fá Neithibh
air bith do dheunamh, do rachadh an Onóir do
Dhia.



C. An dToirmeasgann an Aithne-si Mío-
mhodh do thabhairt do na Naomhaibh?



F. Toirmeasgaidh sí Easonóir do thabhairt
ní hEadh amháin do na Naomhaibh, acht fós d'á
dTaisibh, d'á niomhaighibh, nó d'Aoin-ní naomh-
tha, mar a tá briathar Dé, Tigh na hEag-
luise, etc.



C. Creud eile thoirmeasgas an Aithne-si?



F. 1. Dul an Eudóthchas ar slánuighthe, nó
mhaitheamhnuis ar bPeacaidheadh.



2. Andóthchas do ghlacadh go sláineochthar
sinn maille ré Trócuire Dé amháin, gan
deághoibre air bioth do dheunamh.


L. 72


3. Ar nDóthchas do chur a gCréatúir air
bioth ni sa mó iona a nDia.



4. Peacadh air bioth do dheunamh nó fuireach
ann, tré Andóthchas a dTrócuire Dé.



AN 3 LEIGHIONN.



DO'N DARA hAITHNE,



Na tabhair Ainm Dé gan Fáth.



C. Creud do thoirmeasgas an dara hAith-
ne oruinn?



F. Toirmeasgaidh sí oruinn, air dTús,
mionnughadh an Aghaidh na Fírinne, nó Fós air
mbeith dhúinn an Amhras na Fírinne.



2. Mionna Fírinneach do thabhairt gan Riach-
tanas.



3. Mionnughadh Ní do dheunamh, (1) agus
gan a Rún fúinn; nó léigean dínn Mionna
dlisdionach do chomhall, agus é air ar gCu-
mas.



4. Mionnughadh droichní do dheunamh, nó nach
nDeuntá Ní maith.



5. An fhírinne do cheilt air ar nUachta-
rán dlisdionach, an tan fhiosruigheas i dhinn;
(1) gan Aigneadh a choimhlíonta


L. 74


is an gCás-so, ní hE amháin go nDeuntar
Peacadh, acht fós a tá d'fhiachaibh air Neach,
gach Díoghbháil do thárlaigh do'n chomarsain fá
gan an fhírinne do dheunamh, do leasughadh.



6. Fuil no boill Dé nó na Naomh do tha-
bhairt.



7. Sinn féin, ar nAnam nó ar gCorp, ar
gClann, ar Searbhfhóghantuighe, ar nAírnéis,
nó Ní air bioth eile do thabhairt do'n Diabhal,
nó do mhallughadh air aon-chor.



8. Olc Cuirp nó Anma d'iarraidh dúinn féin
nó do Neach eile.



9. Móid do thabhairt gan Rún a comhall; nó
fá dhroichní do dheunamh.



10. Móid dhlisdionach do bhriseadh.



C. Air an Adhbhar sin, is olc an Cleachtadh
a bheith tugtha do Mhionnaibh móra?



F. Is ró olc; is uime sin, is mór do phea-
cugheas an Drung éigcríonna nach gCuireann
Suim an Fírinne nó breug do bhiós aca; nó
mhionnuigheas an fhírinne féin gan Riachta-
nas.



C. Creud is ionráidthe dhúinn, ionnas nach
bPeacóchamaois?



F. Is eadh, is eadh; ní hEadh, ní hEadh: mar
do theagaisg agus mar d'aithin Críosd dhínn;
óir "gidh be Ní bías ós a gCionn-so, is ó an
Olc a tá sé".


L. 76


AN 4 LÉIGHIONN.



DO'N TREAS AITNE.



Coimhéid an tSaoire mar is cóir.



C. Creud é an Ní hOrduíghthear ris an Aithne-
si?



F. Ordhuighthear dhúinn an Domhnach, Lá an
Tighearna do choimheud agus do naomhadh, do
réir mar órduígheas Dia agus an Eagluis.



C. Creud iad na (1) hOibre a tá toirmisg-
the oruinn annsa Naomh-Lá-so?



F. Oibre saothracha nó corpordha mar
a tá, Treabhadh agus Foirseadh; Reic agus
Ceannach; agus a leitheide eile, go hAírighe
gach uile ghné Peacaidh.



C. An dToirmisgthear Oibreacha air bith
eile leath a muigh do na hOibribh ro shaothracha-
soin?



F. Toirmisgthear mar an gCeudhna gach uile
Obair shaoghalta air a nGnódhuigheamuid Aoin-
ní talmhuighe, nó do tharruingeas sinn ó ghnoth-
uidh Dé gan fír-riachtanas.



C. An dToirmisgthear thabhairt air dhaoinibh
eile Aon-obair dhíobh-so do dheunamh?
(1) hOibreacha


L. 78


F. Toirmisgthear mar an gCeudna, agus
fós a tá d'fiachaibh oruinn a gCosg air an
Muintir a tá faoi ar Smacht.



C. An briseadh Saoire na hOibre corpordha,
do bheanas ré (1) Gnothuidhe Dé?



F. Ní hEadh; más Oibre iad air nach bhfuil
breith Uair eile.



C. An briseadh Saoire biadh do dheasughadh,
Aírnéis do riar, agus a leithide sin?



F. Ní hEadh, ná Aoin-ní eile da mbeanann
ré beatha an lae-sin, agus nach féidir do
dheunamh go comhgarach an Lá roimhe.



C. Creud é is cóir dhúinn do dheunamh an
La-so tar Lá eile?



F. Urnaighthe agus Oibre diagha; mar
a tá Aifrionn go cinnte, agus Seanmóir
d'éisdeacht, leabhair spioradálta do léigh-
eadh, an Paidrín do rádh, nó deághoibre
éigin eile do dheunamh.



C. An briseadh Saoire Aire thabhairt do
chomhrádh, nó do Smuaintighthibh díomhaoine an
Aimsir an Aifrinn, na Seanmóra, nó an
Teagaisg chríosduidhe?



F. Is eadh go cinnte; do bhrígh go niarran
Dia oruinn a (2) ghnothuidhe do dheunamh go
dhúthrachtach ó croidhe agus ó inntinn.
(1) Seirbhís. (2) hSeirbhís


L. 80


C. An gCoimheudann Neach an tSaoire, an
tan do chaitheas an chuid is mó do'n Lá ag
imirt, ag ól, ag Macnas, nó go díomhaoin-
each?



F. Ní choimheudann; do bhrígh gur ab uime
d'órduigh Dia agus an Eagluis an tSaoire,
chum go dTiúbhramaois Furmhór an Lae do
Dhia, agus do shláinte ar nAnma; agus go
bhfuilid Anmhacnus, Díomhaoineas agus gach
Míghníomh eile níos míothaithneamhla go mór
a Láthair Dé, ionna Obair shaothrach, thair-
bheach.



AN 5 LÉIGHIONN.



Do na hAitheantaibh do bheanas ris an
gComharsain a gCoitchinne; agus do'n
cheathramhadh hAithne fá leith.



Tabhair do d'Athair Onóir.



C. Creud air a labhruid na hAitheanta do
bheanas ris an gComharsain?



F. Air gach Dualgus agus go hAírighe air
an ghrádh do dhlíghmíd d'ar gComharsain.



C. Cionnas is cóir dhúinn ar gComharsa
do ghrádughadh?



F. Mar sinn féin; iodhón, gach Maith d'iar-
raidh dhi, mar iarramaoid dhúinn féin; gan Olc


L. 82


do dheunamh ná d'iarraidh dhi, acht mar budh
Mian linn dhúinn féin; agus congnadh lé an
Aimsir a Riachtanais.



C. Cia is Comharsa dhúinn?



F. Gach uile Dhuine, fós ar Námhaid.



C. Creud fá bhfuil d'fiachaibh oruinn ar gCo-
mharsa do ghrádhughadh?



F. Do bhrígh go bhfuil sí do réir chosamhlach-
ta Dé; agus fós do bhrígh go nGradhuígheann
Dia í, agus go nOrduígheann dhúinne a grá-
dhughadh mar inn féin.



C. Creud órduigheas an ceathramhadh hAithne
dhúinn?



F. Grádh agus Onóir do thabhairt d'ar (1)
nAithribh, dár (2) Máithribh, do'n uile Uachta-
rán do bhíos ós ar gCionn, do chill nó do thuaith;
a bheith umhal dhóibh ó bhréithir agus ó ghníomh;
agus cuidiughadh leo san uile Riachtanas cor-
pordha agus spioradálta; agus an tiomlán
do dheunamh go suilbhir, súghach.



C. Creud ann a bhfuil d'fiachaibh oruinn a
bheith umhal dóibh?



F. Ann gach uile Ní nach bhfuil an Aghaidh
Aitheantadh Dé ná na hEagluise; óir dá
mbeith an Aghaidh cheachtair dhíobh-so, níor chóir
a bheith umhal dóibh air Aon-chor.



C. Creud a tá d'fiachaibh air an Athair
agus air an Máthair do dheunamh d'á gCloinn?



F. A nOileamhain, beusa, Fogluim, agus
(1) nAithreachaibh. (2) Máithreachaibh


L. 84


Ealadha nó Ceird bheatha do réir a gCumhach-
ta, do thabhairt dóibh; os Cionn gach uile Néi-
the, a dTabhairt suas an Eagla agus a
nGrádh Dé; agus deághshompla do thaisbeá-
nadh dhóibh.



C. An mbeanann an Aithne-si ré Dualgas
an fhir do thaobh a mhná pósda, nó na Mná
do thaobh a Fir?



F. Beanaidh cheana.



C. Cionnas is cóir do'n fhear é féin d'iom-
char do thaobh a mhná pósda?



F. Mar iomcharas Críosd é féin do thaobh
na hEagluise, eadhón, go grádhach cúrumach;
óir is ball do bhallaibh an fhir a bhain-chéile,
amhail is boill do Chríosd sinn uile.



C. Cionnas is cóir do'n mhnaoi í féin d'iom-
char do thaobh a Fir phósda?



F. Is cóir dhi a bheith lán do ghrádh agus
d'Urraim dhó, mar a tá an Eagluis do
Chríosd.



C. An gCuireann an Aithne-si Coinghioll
air bioth air an Lánamhain do thaobh na Muin-
tire a tá faoi na Smacht?



F. Cuiridh sí do choinghioll orrtha gach Duine
dhá bhfuil faoi na Smacht, do sthiúradh do réir
thola Dé; agus air gach Duine dha bhfuil faoi
na Smacht-son, do bheith umhal urramach dhóibh
san uile Ní nach bhfuil go follas an Aghaidh
thola Dé, nó a leasa féin.


L. 86


C. Creud é leanas as a nDubhramar an so?



F. Is follas, air dTús, gur trom do
pheacaighid an Chlann a bheir Easurraim,
Masla nó Tarcuisne ré Smuaineadh, ré bréi-
thir nó ré Gníomh d'a nAithribh nó d'a Máith-
ribh; agus go cinnte, gur gnáth Míorath
bheith orrtha san tSaoghal-so, agus Ainneise
shíorruidhe san tSaoghal eile.



2. Mar an gCeunna is mór do pheacaighid
an Drung, do bheir Masla nó Míomhodh d'a
Maighistribh nó d'a nUachtaránaibh dlisdionach,
Cille nó Tuaithe.



3. Peacaighid fós go mór na hAithre agus
na Máithre agus gach uile Uachtarán, nach
stiúrann a gClann agus a dTeaghlach a
nGrádh agus an Eagla Dé; nó ma bheirid
Anmhasla nó Antarcuisne d'a gCloinn, nó
d'a Muintir.



4. Peacaighid go mór an Lánamhain phósda,
ma bhíd ag gríosughadh agus ag gearradh a
chéile, nó fuathmhar feargach ré chéile.


L. 88


AN 6 LÉIGHIONN.



DO'N CÚIGHEADH hAITHNE.



Na deuna Marbhadh.



C. Creud iarras an cúigeadh hAithne or-
uinn?



F. Gan Duine dhúnmharbhadh; gan bás Aon-
Duine do shantúghadh: gan Aoin neach do bhua-
ladh; gan Comhrag iarraidh nó fhreagra; gan
diúltadh Maitheamhnas iarraidh air an té d'á
dTugais Masla; nó Maithfeachas do thabhairt
don té thug Easonóir, Masla, nó Míochlú
dhuit.



C. Creud fa bhfuil d'fiachaibh oruinn Maith-
feachas do thabhairt do'n mhuintir do bheir Mas-
la nó Míochlú dhúinn?



F. Do bhrígh go nOrduigheann ar Slánuigh-
theoir IOSA CRÍOSD é; agus go nDeár-
na sé féin an Ní céanna, órduigheas dhúinne.



C. Nach measuid na Catoilicigh gur dlis-
dionach dhóibh Eiricigh do dhúnmharbhadh?



F. Ní mheasuid air aon chor: a bhfad uadh
sin, a tá fhios aguinn, go bhsuil d'fiachaibh
oruinn conghnadh leo ann a Riachtanus, agus
gach Maith dár mian linn dhúinn féin d'iarraidh


L. 90


dhóibh; an tan féin do bhrúighfidís agus do
géirleanfuidís sinn; óir is Comharsa dhúinn
iad a gComhnuidh.



Os a chionn sin, amhuil do ghuidheas an Eag-
gluis ortha, agus air gach uile Dhream dhá
bhfuil air seachrán, ionnas go niompóighidís;
mar sin is cóir dhúinn e, air Lorg na Naomh
uile, agus ar Slánuightheora féin, Truaighe
mhór do bheith aguinn dhóibh, agus Dia do ghuidhe
go meanmnach fá na Soillsiughadh, agus a
dTabhairt uile go trócaireach chum Eoluis na
Fírinne, ionnas go nDeunamaois uile go léir
aon Chró faoi aon Aodhaire.



C. Creud eile iarras an Aithne-si oruinn?



F. Air dTús, gan Fuath ná (1) Fal do bheith
aguinn d'Aoin-neach.



2. Gan imriosan ná Ceannairge do chur
eidir daoinibh air bioth.



3. Gan Luathgháire ghlacadh fá bhás Duine,
ná Tuirse fá na bheit beo.



4. Gan Masla ná Míochlú do thabhairt d'Aoin-
neach air a chúl na air Aghaidh.



5. Gan Anam Duine do mharbhadh, dha ghluas-
acht chum Peacaidh mharbhtha.



6. Gan léigean d'Aon-neach Peacadh marbh-
tha do dheunamh agus a thoirmiosg air do
láimh go hUras; go hAírighe má bhíonn faoi do
Smacht.



7. Gan Congnamh, ná Cobhair, ná Dídion
(1) Faladh


L. 92


do thabhairt do Lucht Dúnmharbhtha, Loisgthe;
nó Míghníomh eile. An Aon-fhocal, gan Olc air
bioth do dheunamh, ná d'iarraidh do Neach eile
ré Smuaineadh, ré bréithir, nó ré Gníomh.



C. Creud é an Mhaith chuireas an Aithne-
si d'Ualach oruinn do dheunamh?



F. A bheith grádhach, ceannsa; Maith do dheu-
namh an Aghaidh an Uilc, agus guidhe air Lucht
ar (1) ninghreama, mar d'aithin Críosd dhínn.
(1) nGéir-Leanmhana.



AN 7 LÉIGHIONN.



DO'N SEISEADH AGUS DO'N NAOMHADH
hAITHNE.



Na deuna Drúis.



Na santaidh bean nach leat féin.



C. Creud é thoirmisgid an seiseadh agus
an naomhadh hAithne oruinn?



F. Toirmiosguid air fhear, Cuid a bheith
aige do mhnaoi air bioth, acht d'a mhnaoi phós-
da; agus air mhnaoi buain d'fhear air bioth,
ach d'a Fear féin; agus fós a leitheid sin do
dhrochchaidreadh do shantughadh no d'iarraidh.



C. An bhfuil Feuchain mhíonáireach, nó Póga


L. 94


drúiseamhla an Aghaidh na hAithne-si?



F. A tá: agus fós (1) glacaireacht thruail-
lighe do dheunamh air féin nó air Neach eile, a
shíol do dhórtadh tré na chionta féin, Comhradh
graosda, Abhráin shalcha, Leabhair shuirgheacha
do leaghadh agus gach Gníomh míonáireach eile.



C. An bhfuilid Smuaintighe neimhgheanmnuighe
an Aghaidh na hAitne-Si, biodh nach mbeith Rún
ag Duine a gCur a nGníomh?



F. A táid, ma Glacthar iad maille ré (2)
Taithneamh nó Sámhas.



C. An troime an Peacadh buain re Neach an
Ord choisreagtha, no re Fear no Mnaoi riagh-
alta iona ré Neach eile?



F. Is troime go mór, agus is gráineamhla;
is measa mar an gCeudna buain ré Mnaoi
nó Fear Cuil, no ré Mnaoi nó ré Fear pósda,
iona ré Cách eile.



C. Creud é a tá d'fhiachaibh air an Lánamhain
do bhrigh na hAithne si?



F. Dísleacht agus Comhaontughadh dhá chéile,
mar do ghealladar san bPósadh.



C. Cionnas do seachantar an Peacadh
gráineamhuil-se na Colna?



F. Ni bhfhuil Slíghe air bith chum a sheachanta
is feárr iona drochchomhluadar agus (3) Sio-
cair an pheacaidh do sheachnadh; Anmheasar-
dhacht bídh agus Díghe, agus go hAírighe
(1) Láimhsiughadh neimgheanmnuigh. (2) Pléisiúr


L. 96


Díomhaoineas do sheachnadh; Ainmhian agus
Claonta na Colna do chlaoi ré Trosgadh agus
ré hUrnaigh; Faoisidin do dheunamh go minic,
agus Corp Críosd do ghlacadh le hiomad
Crádhbhaidh.



AN 8 LÉIGHIONN.



DO'N SEACHTMHADH AGUS DON DEACHMHADH
hAITHNE.



Na deuna Goid.



Na santaidh Clann Duine eile na Airnéis.



C. Creud é Toirmisgthear oruinn ris an
dá Aithte-si?



F. Toirmisgthear oruinn Ní air bith do chuid
na Comharsan do thógbháil, do ghlacadh, do
chongbháil, ná fós do shantughadh, gan fhios ná
ós áird, dá Neamhthoil.



C. Cionnas fós do peacaighthear an Aghaidh
na nAitheantadh-so?



C recte F. Peacaidh gách Duine ré nach áill a fhiacha,
nó Tuarasdal a Mhuntire do dhíol, afus é
air a chumas.



2. An té do chongmhas aige Ní do chuaidh
a múgha, gan Cuartughadh nó Lorgaireacht do
dheunamh cia d'ar Cóir é.



3. An té do ní Mealltóireacht lé Tomhas


L. 98


Lochtach, ré himirt maille ré Cárdaoibh geárr-
tha, lé Díslibh meallta, ré Comhartha Sóirt,
nó tré Ainbhfhios an Cheárrbhuidh.



4. An té thoirmisgeas air Neach eile lé
Meanguibh nó lé Cluanaibh, Ní air bith noch do
budh fhéidir dhó fhághail go dlisdionach.



5. An té ghlacas Aoin-ní an Aisgidh nó ré
Ceannach, ó dhuine nár inmheasda gur leis
féin é.



6. Peacuighe an Searbhfhóghantuigh mainneacht-
nach agus an Fear (1) Tuarasdail do chaith-
eas an Aimsir go díomhaoineach, no nach
d'Tugann Aire do na Neithibh do taobhthar
ris.



7. Peacuighid an Chlann do ghoideas Aoin-ní
ó na nAithribh agus ó na Máithribh chum a (2)
chaithte go leamh.



8. Peacuighid na hAithreacha agus na Maith-
reacha, an tan do scapuid na Neithe a tá
d'fhiachaibh ortha do choigilt d'á gCloinn.



9. Peachaidhe fós an té bheir Congnamh,
Comhairle nó Toil Aoin ní da nDúbhramar,
do dheunamh, gidh nach gCuirfidhe an drochrún
a nGníomh choídhche.



C. An bhfuil Usuireacht an Aghaidh na hAithne-
si?



F. A tá gan Amhras.



C. Creud is Usuireacht ann?
(1) Pághaidhe. (2) chaithmhe


L. 100


F. A tá Aírliogadh Airgid, Arbhair, Eime,
Mine, agus a macasamhala-son do thabhairt
d'Aoin-neach, go mórmhór air shúil luach, nó
Tairbhe shaoghalta air bith d'iarradh nó d'fhághail
air a shon.



C. Cionnas aithneochas Neach, nach mar
gheall go mórmhór air shochar shaoghaltha éigin,
do bheir sé Aírliogan uadh?



F. Ma tá nach niarrann sé Aoin-ní air
a shon; agus ma tá sé ollmhuigh nó réigh chum
an Aírleagain do thabhairt uadh, biodh nach
mbeith Sochar saoghalta air bith, re fághail
aige air a shon, is dearbhtha, nach mar gheall
go mórmhór air thairbhe an tSaoghail, do bheir
sé uadh é.



C. Nach bhfuil sé ceadaightheach Dligheadh agus
Nós na Tíre, ann a mbímíd, do leanmhain
san gCás-so?



F. Ní bhfuil, mar a táid an Aghaidh dhlighidh
Dé; óir ní bhfuil sé a gCumhachta Tighearna
nó Tíre air Talamh, Cead do thabhairt dhúinn,
Aitheanta Dé do (1) shárughad.



C. Ar aithin Dia dhínn gan Airliogadh do
thabhairt do'n Chomharsain, go mórmhor air
shúil ré hAoin-ní talmhuighe d'fhághail air a
shon?



F. D'aithin gan Amhras, a Móran d'Aítibh
do'n Scríbhinn dhiadha, go hAírighe ansa
tSoisgeul; agus is uime sin, do dhamnuighid
(1) bhriseadh


L. 102


na hAithreacha naomhtha, na Pápaidhe, Comh-
airleacha na hEagluise, agus na Diaghairidhe
go coitchionn, an Usuireacht agus na hUsuir-
idhe a raon.



C. An bhfuil sé toirmisgthe oruinn Luach
air bith do ghlacadh, nó d'iarraidh air Aonchor?



F. Ní toirmisgthear Luach na Tairbhe, nó
na hEudála cinnte do chaillimíd; nó na Díogh-
bhála do thárla dhúinn treas an Airleagan,
d'éiliughadh agus do ghlacadh, do réir bhreith-
eamhnuis Dhuine eagnaidhe, ma chuireamar
an Chaill nó an Díoghbháil-se an umhail do'n
té dá dTugamar an tAírleagan, sul do
ghlac sé é; agus sós muna raibh sé air ar
gCumas an (1) bhreis-sin do sheachnadh.



C. Creud chuige ar cóir dhúinn Aírleagan
do thabhairt uainn?



F. Do chum Trócaire, Cáirdis nó Cineál-
tais do thaisbeánadh d'ar gComharsain; óir
is Usuire an té, ag a mbíonn atharrach so
do phríomhaigneadh, no iarras Aoin-ní, leath
a muigh amháin, mar dubhramar shuas, a gCúis
Díoghbhála nó Caillte Eudála, Ní do theagmhas
(1) Dochar


L. 104


go minic a measg Ceannuightheadh.



C. Nach nDeuntar air Uairibh Usuireacht a
Margadh agus a gCunradh?



F. Do nithear, agus fós go minic; óir is
Usuireacht Aoin-ní do dhíol níos daoire iona
is fiú é a láthair, mar gheall amháin air
Cháirde ann a Luach.



C. Cionnas aithneochas Neach nach bhfuil a
Mhargadh nó a Chonradh lochtach?



F. Iarradh sé Comhairle air Dhuine dhiagha,
eolach; agus breathnuigheadh, nach bhfuil Tarbha
dhó an Domhan uile do ghnódhughadh, agus Anam
féin do chailleadh.



C. An bPeacuigheann an té, do dhíolas luach
Aírleagann?



F. Ní pheacuigheann, ma bhí Riachtanas air a
ghlacadh; acht muna raibh, do pheacuigh sé fá
chathughadh do chur air a Chomharsain, ag ta-
bhairt Siocra Peacaidh dhi.



C. Creud a tá d'fhiachaibh air na hUsuiridhibh,
agus air lucht bhriste na seachtmhadh hAithne?



F. A tá d'fhiachaibh orrtha, ní hE amháin
Aithridhe do dhéanamh fa thuitim ansa bPea-
cadh, acht fós an uile Ní, do fuaradar go
hOlc, d'aisioc; agus gach Dochar agus Díogh-
bháil dá nDeárnadar a gClú nó a Maoin d'á
gComharsain, do leasughadh go dúthrachtach.



C. Biodh, nach nDeunaidís Aisioc a gCuid na
Comharsan?



F. A tá sé d'fhiachaibh air a gCloinn, nó
air a nOighridhibh, do réir mar ghnódhuighid air


L. 106


Eígceart a Sinsior, agus a Luicht Gaoil.



C. Sud agus, nach mbiadh sé air ar gCu-
mas ar gComharsa do shásughadh go hiomlán?



F. Deunam Aisioc do réir ar gCúmhachta,
agus biodh Rún Aguinn an tiomlán d'ioc comh-
luath agus Féidir rinn.



C. Cia d'ar Ceart an Sásughadh-so do tha-
bhairt?



F. Do'n té d'a nDeárnadh an Dochar nó an
Díogbháil, nó d'a Oighridhibh: ma a tá nach bhfuil-
id a Oighridhe air fághail, iarradh an tAisio-
cóir Comhairle air an Uachtarán Cille.



AN 9 LÉIGHIONN.



DO'N OCHDMHADH hAITHNE.



Na deuna Fiaghnuise bhréige an Aon-chúis.



C. Creud é Toirmisgthear ris an Aithne-
si?



F. Eugcóir air bith do dheunamh air an
gComharsain, lé Fiaghnuise bhréige a mbreith-
eamhnus, nó a gCúis air bith eile, do théid an
Urchóid dhi.



C. Cia pheacaigheas an Aghaidh na hAithne-si
a gCúis breitheamhnuis?



F. An té chuireas Coir bhréighe air Neach
eile; an té neartuigheas an bhreug; do chosnas


L. 108


an Eugcóir, nó nach bhfoillsigheann an fhírin-
ne, an tan iarrthar air a Foillsiughadh.



C. Cia hEile pheacaigheas a mbreitheamhnus?



F. Na breitheamhnuin, do bheir Claoin-bhreith,
nó shaoras an Ciontach, agus do dhaoras an
Neimhchiontach.



C. Cia pheacaigheas na hAghaidh an Eugmas
breitheamhnuis nó imreasain?



F. An té a fhoillsigheas, gan Riachtanas,
Lochta (1) uaigneacha Dhuine eile; do cháineas
é, do chuireas breug air, nó do ní ithiomrádh,
nó Easgcoine; an té fós do bhriseas a gheall-
amhuin gan ádhbhar dlisdionach; fhosglas lit-
reacha Dhuine eile, nó do bheir drochbharamhail do
Neach, ag tabhairt na Céille is measa d'á
ghníomh, nó d'á chomhrádh, an tan do budh fhéidir
déighchiall do bhuain asda.



C. An bhfuil sé na hAghaidh breug do dheu-
namh?



F. A tá go cinnte.



C. Creud is breug ann?



F. Is breug Aoin-ní do rádh nó d'fhoillsiugh-
adh an Aghaidh Eoluis ar gCogúis, maille ré
Rún Neach eile do mhealladh.



C. An féidir breug do dheunamh go dlis-
dionach chum Maitheasa do dheunamh?



F. Ní féidir, óir gidh bé air bioth Cúis fa
nDeuntar í, a tá na Peacadh; do bhrígh go
bhfuil si an Aghaidh na Fírinne, an Aghaidh Dé;
(1) Folaighthe nó príobháideacha


L. 110


óir is Fírinne Dia, agus is Dia an fhírinne.



C. Ma mheallaim Neach, ré briathraibh amháin,
chum Maitheasa do dheunamh dhó, an féidir gur
Peacadh sin?



F. Ní cóir Olc do dheunamh, ionnas go
dTiocfadh Maith dhe; acht is Olc gach uile bhreug,
do bhrígh go bhFuil an Aghaidh na Fírinne.



C. Creud is ithiomrádh ann?



F. Gach uile chomhrádh, go fiu Aon-fhocail
amháin, nó an iomchuir féin, do laghduigheas
Clú nó Meas na Comharsan.



C. An Peacadh trom an tithiomrádh?



F. Is eadh, deimhnighe an Spiorad Naomh nach
measa Naithir Nimhe do ghoineas an sa Dorch-
udas, iona an Duine ithiomráidhteach no cúl-
chainteach.



C. An bPeacaighid an mhuintir éisdeas ré
lucht ithiomráidh?



F. Gan Amhras, ma éisdid go toilteanach
agus go luathgháireach leo.



C. Cionnas is cóir do Neach é féin d'iom-
char a gComhluadar luicht ithiomráidh?



F. Is cóir dhó an tithiomrádh do chosg an
mhéid is féidir leis, ag cur luicht tharcuis-
nidh na Comharsan na (1) dTocht, ma a tá
Uachtaránacht nó Cumhachta aige ós a gCionn;
ag cur an chomhráidh thort go (2) cuibhiosach;
ag taisbeánadh a mhíothaitneimh ré na thocht
(1) dTosd. (2) discréideach


L. 112


agus ré na ghnúis; nó Fa dheoigh, an Comhlua-
dar cúl-chainteach d'fhágbháil go léir.



C. An bhfuil sé ceadaightheach air Aón-chor,
labhairt go hOlc air Neach eile?



F. A tá sé dlisdionach, agus fós riachta-
nach air Uairibh labhairt air locht na Comhar-
san; air tús, ma a tá an Peacadh cinnte
agus (1) ós áird, is féidir labhairt air, acht
amháin nach ré drochaigneadh, acht ré Deágh-
rún, nó tré Riachtanas éigin do laibheorthar
air.



2. Is féidir, agus is cóir Peacadh uaig-
neach na Comharsan d'fhoillsiughadh go caoidh-
eamhail, cuibheasach do'n té, lé ar ab fhéidir
an Peacach do (2) chruthnughadh nó do chosg o'n
bPeacadh.



3. Is féidir Fós, agus is riachtanach Neach
do chur air a choimheud an Aghaidh an Oilc
nó na hUrchóide, do tionsgnadh, agus do
hOllmhuighthear dhó: acht coimheudadh an Fear
Faisnéise é féin air Rún Díoghaltais, air
shúil Eudála, agus air gach drochaigneadh
eile.



C. An bhfuil an (3) Spleadhachas an Aghaidh
na hAithne-si?



F. A tá go cinnte.



C. Creud is Spleadhachas ann?



F. Moladh breugach, nó iomarcach.
(1) puiblighe. (2) cheartughadh. (3) bladur


L. 114


C. Creud fa nDeirir go bhfuil Spleadha-
chas na pheacadh?



F. Do bhrígh go bhfuil, go coitchionn, an
Aghaidh na Fírinne, agus go bhfóireann sé
chum Uabhair, Glóire dhíomhaoin, agus Lochtadh
eile an té moltar go hIomarcach, d'oileamhuin
agus do chothughadh.



AN 10 LÉIGHIONN.



D'Aitheantaibh na hEagluise.



C. An bhfuil fós d'fiachaibh oruinn Aitheanta
na hEagluise do choimheud, mar aon ré
hAitheantaibh Dé?



F. A tá; do bhrígh go nOrduigheann Dia dhúinn,
fá phéin dhamunta, bheith umhal d'ar Naomh-
mháthair an Eagluis; óir greamuighe ar Slán-
uightheoir dhínn Meas Páganuigh agus Puiblio-
cánuigh do bheith aguinn air gach Duine, do
dhiúltas éisdeacht ris an Eagluis.



C. An eadh nach leor dhúinn, chum na beatha
síorruidhe d'fhághail, Aitheanta Dé do choimh-
líonadh?



F. Is leor go dearbhtha, acht ní bhfuilmid umhal
go hiomlán do Dhia, muna bhfuilmid fós umhal
do'n Eagluis; óir do réir bhréithir Dé, Gidh bé
tharcuisnígheas an Eagluis, tarcuisnighe sé
Dia féin.



C. Creud fa dTug an Eagluis Aitheanta
dhúinn?


L. 116


F. Chum Aitheanta Dé do choimhlíonadh níos
achmuire agus níos sócumhaluigh.



C. Abair Aitheanta na hEagluise?



F. 1. Coimhéid gach Saoire go beacht,
As deun Aifrionn innte d'éisdeacht.



2. Troisg an Corghas go glan glan,
An bhigil agus Trosgadh na (1) hAnman.



3. Na (2) tomhail Feoil air do phroinn,
Dia hAoine ná dia Sathroinn.



4. (3) Tré bhiotha Síor ná bíodh sibh
Aoin-bhliaghain gan fhaoisidin.



5. Corp Críosd o'n Domhnach roimh Cháisg,
Caith Lá éigin go Mion-cháisg.



6. Na deun banais iar nDáil
O thús Corghais go Mion-cháisg,
Ná o thús Aidbheint (4) go grod,
Go dá Lá dheug déis Nodhlog.



C. Creud órduigheas an Eagluis ansa
gCeud Aithne?



F. Do labhramar cheana air gach Ní iar-
ras an Eagluis ansan Aithne-si, an tan do
mhíníoghmar an treas Aithne d'Aitheantaibh
Dé; óir ní fhaicthear, go nDéanann an Ea-
gluis Eidirdhealbhadh eidir shaoire an Domhnuigh,
agus laetheadh eile.



C. Creud órduigheas an dara hAithne dhúinn,
eadhón, "Troisg an Corghas go glan glan,
An bhigil agus Trosgadh na hAnman"?



F. Orduighe sí dhúinn biadh áirighe do sheach-
(1) Cataoir thimpire. (2) hIth. (3) go bráth. (4) gan Mhoill


L. 118


nadh, agus Aon-chuid d'ithe sa ló go nOídhche;
air feadh an Chorghais, a laethibh throsgaidh
na hAnman agus na bigile.



C. Creud é an biadh a tá d'fhiachaibh oruinn
do sheachnadh?



F. Uighe agus Feoil Eunlaithe an Aedheir,
agus bheathach na Talmhan: acht amháin, an
tan do bheirid na hUachtaráin Cille Cead
Uighe d'ithe, etc.



C. An bhfuil sé dlisdionach, mar so, biadh
do sheachnadh tar bhiadh oile?



F. A ta; óir ma is dlisdionach air Aon-chor
Trosgadh do dhéanadh, agus an Cholann
maille ré na lochtaibh agus ré na Miangh-
usaibh do chrádhadh, Ní is dearbhtha, nach láimh-
eochaidh Críosduighe air bith do sheunadh, o thárla
go bhfuil síos go líonmhar, soilléir is an
Sgríbhinn Dhiagha, ni foláir gur ro dhlis-
deanach agus gur ab ionmholta an biadh úd do
sheachnadh, noch is mó chothuigheas an Cholann
agus a hAinmhiana.



C. An é nach nAbrann an Naomh Apsdol
Pól, gur Teagasg Deamhan Eidir-dhealughadh
bídh?



F. A deir: agus a deirmíd-ne mar an gCeud-
na gur Teagasg Deamhnuidhe é, a gCéill na
Mainicheanadh agus Eireceach oile, noch do
theagasgadh gur ab é an Diabhol do chruthaigh
biadh áirighe, agus dá bhrígh sin go raibh olc
ann féin; acht do thaobh an bhídh do sheachnamuid-
ne, a tá fhios aguinn gur o Dhia a tá, agus


L. 120


gur maith é ann féin; ithimíd é go hAlthúgh-
adhach an lá roimhe an Trosgadh agus a lá
na dhiaidh; Measamuid gur ab é beatha is
tádhbhachtuigh agus is mó Oileamhain é, Fáth
amháin, fa Seachnamuid é tar bhiadh oile,
do chum Ainmhianadh na Colna do chlaoi, nó chum
Aithrighe do dheunadh ann ar bPeacaidhibh; agus
ni dhúbhairt an tApsdol mór-so riamh, ná
Aoin-neach do thuigeas agus do leanas é, gur
Teagasg Deamhnuighe an tEidir-dhealbhadh ion-
mholta cráibhtheach-so; óir is follas gur dlis-
deanach do gach uile Dhuine gach biadh, is mian
ris, do sheachnadh mar gheall air shláinte a
choirp nó Anma; a deir fós an tApsdol féin;
"Ni íosaidh mé Feoil go bráth, ionnas nach
dTiúbhrainn Adhbhar Oilbhéime do mo dhearbhráth-
air".



C. Cionnas do chruthuigheas tu gur an
Aghaidh na nEiriceach-soin do labhras an tAps-
dol?



F. Air tús, cruthuighthear é as an Aít cheud-
na, ann a nDeir sé, gur chruthaigh Dia gach
uile bhiadh chum a chaithmhe maille re hAltughadh,
agus gur maith gach uile Ní dár chruthuigh Dia;
deirmid-ne an Ní ceudna, agus ní dhúbhairt
acht Eiricigh don tSamhuil-sin atharrach so
riamh.



Is an dara Feacht, dá mbeith gach Eidir-
dhealughadh bídh mídhlisdeanach, do bhiadh an Naomh
oirdheirc Eoin baisde ciontach a dTeagasg
Deamhan, óir níor ibh sé Fíon ná Deoch láidir;


L. 122


agus do beathuigheadh é is an bhfásach ré lóc-
uistibh agus ré Mil fhiadháin; agus "do tháinic
sé" a deir ar Slánuightheoir, "ni ag ithe ná
ag ól".



Do bhiadh an Fáigh Daniel ciontach, óir a
deir sé na thimcheall féin; "ni dheachaigh Feoil
nó Fíon ann mo bheul air feadh thrí Seacht-
mhuinidh".



Do bheidís na Recabitighe agus a Sliocht
ciontach; óir tré Aithne an Athar, do sheachnu-
dar Fíon do ghnáth; gidheadh is mór do mhol
Dia iad, agus do thug sé luach Saothair dhóibh
air a shon.



Do bheidís na hApsdoil féin agus na Sin-
sir ro chiontach; óir ní hE amháin gur sheach-
nadar gach biadh dár Foráladh do Dhéibh bréi-
ge, Fuil agus Neithe (1) tachtuighthe, acht fós
d'Orduigheadar do na ceud Chríosdhuighibh a
seachnadh; gidheadh is é an Spiorad Naomh do
threoruigh iad is an Ní se.



C. Gidheadh, nach nAbrann an Naomh Aps-
dol Pól: "Ithidh gach Ní reacthar is an Mar-
gadh gan Fiafruighe air bith mar gheall air
(2) Choguas"?



F. A Deir; óir gidh gur toirmiosgadh an
biadh do Foráladh do Dheibh bréige, d'ithe, gi-
dheadh níor mhian ris an Apsdol na Críosduighe
bheith co Mion-chúiseach sin agus Fiafruighe an
(1) múchta. (2) choinsias


L. 124


ar Foráladh an Damh-so, nó an Laogh-so
do (1) Dhéibh bréige suil do tugadh é chum an
mhargaidh, o is dearbhtha gur ab é Dia chruth-
uigh an biadh féin, do foráladh do Dhéibh bréige,
agus go bhfuil sé maith ann féin; acht a deir
sé is an áit cheudna, dá ninniseadh Aoin-
neach don Chríosduigh, gur toirbhreadh an biadh
do Dhéibh bréige, "gur chóir dhó air son Cog-
úis, gan a ithe; nach raibh sé tairbheach ná
follamhnach;'agus nach ar cheart Adhbhar Oil-
bhéime do thabhairt do na hIuduigheadhuibh, ná do
na Cinedheachaibh, ná d'Eagluis Dé." Is fada
maiseadh ó an Apsdol chur an Aghaidh Aithean-
tadh na hEagluise, agus a tá sé comh-fada
sin uadha, go nOrduigheann sé dhúinn "Urraim
do thabhairt d'ár nUachtaránuibh, agus sinn
féin d'ísliughadh dhóibh; óir bíd ag faire, mar
a táid chum Cuntuis do thabhairt uathadh air
son ar nAnmann".



C. Creud é deirir do thaobh an Rádha so an
Apsdoil: "Ná damnuigheadh Aoin-neach sibh fá
bhiadh ná fá dhigh, ná a dTaobh lae saoire, ná
fá'n Rae nuadh, ná a dTaobh na Sabóideadh"?



F. Deirim, gur follas as na Foclaibh-se,
"Rae nuadh" agus Sábóid, go labhrann sé air
an Eidir-dhealughadh do nídís na hIúduighe eidir
bhiadh ghlan agus neamhghlan, do réir Aithne Dé
is an tSein-Reacht, noch do cuireadh, an Tráth-
so, air gCuil go hiomlán, a leith a muigh do
(1) Dhéithibh


L. 126


shíor, mar dúbhradh shuas, d'fuil agus do
bhiadh tachtuighe, gé gur reacadh iad sá Marg-
adh; óir ni bhfuil so an Aghaidh an Rádha úd an
Apsdoil "Ithidh gach Ní reachtar sa Margadh".



C. Nach nDeir ar Slánuightheoir féin, nach é
an Ní theid a sdeach is an mbeul do shaluigheas
an Duine?



F. Is deimhin gur ab iad-soin a bhriathra;
ach ni bheanuid ré hAdhbhar ann so; agus ni
mhaoidhfidh, go dearbhtha, Aoin-neach an Rádh so,
noch do bfhéidir a mheas a bheith an Aghaidh gach
uile throisge, ach Drung gan Chuing, gan
chrábhadh, do bheir láin-réim d'á nAinmhianuibh,
agus le ar mhian gach Cosg agus Claon-mhar-
bhadh na Colna do tharchuisniughadh; noch do
mheallas na Daoine ainbhfhiosach agus anbhfhann,
agus mhasluigheas go follasach briathar
Dé, ag cur rompa a dheunadh a mach, gur
fhoillsigh Críosd gur díomhaoin, agus gur
neamhthairbheach Trosgadh do dheunadh; an tan
do mholas ar Slánuightheoir Dubh-throsgadh agus
Cruadh-chrádh oile Naoimh Eoin baisde, agus
gur throisg sé féin dhá fhichiot Lá agus dhá
fhichiot Oídhche, do chum sinn-e do mhúnadh; an
tan fós innseas sé dhúinn, go bhfuilid Deamh-
ain áirighe ann (no Ainmhiana neartmhara)
nach féidir a chlaoi ré Ní air bith, acht re
hUrnuigh agus Trosgadh; agus go dTroisg-
fidís Clann nó Compánuighe an fhir Nuadh-
phósda, eadhon, a Dhisciobuil nó a lucht lean-
amhna féin, an tan d'imeochadh sé uatha, noch


L. 128


do rinneadar gan Amhras, Fiadhnuise air,
an Ní a deir an Naomh Apsdol Pól, ag
sgríobhadh chum na gCoirintineach, na thim-
cheall féin agus a dTimcheall luicht theagaisg
an tSoisgéil: d'Aon-fhocal, éireochaidh bun-
adhas na Sgríbhinne Diagha, Gnáith-chleachtadh
shearbhfhóghantuigheadh Dé, fós, leabhar Ur-
nuighe Coitchinne Nuaidh Eagluise na Sacson a
mbreathamhnuis an Aghaidh na druinge droich-
bheusaigh-se, ag ar ab é a nDia a mbolg, agus
Damnughadh a gCríoch dhéigheanach.



C. Maiseadh, creud is Ciall do bhriathraibh
Chríosd?



F. Do bhíodar na Sgríobuighe agus na Phair-
isinigh, Drong thógbhálach, fhuar-cráibhtheach,
ro aireach air a lámha, air a Miasa, agus
air a gCupáin do nighe suil do chaithidís biadh
ná Deoch, gé go mbídís Taobh a stigh lán do
shalchar agus d'Eígceart: do choncadar Dis-
ciobuil ar Slánuightheora ag ithe Arain gan a
Lámha d'ionnladh, agus fá sin d'imdhearga-
dar é go dána; do fhreagair seision, ag
rádh; "Ni hE an Ní théid a sdeach ann sa
mbeul, shaluigheas an Duine, acht an Ní thig
as an mbeul, agus ó'n gCroídhe, is é shal-
uigheas an Duine; óir is ó an gCroídhe thigid
na Drochsmuaintighthe, Dúnmharbhadh, Adhal-
trannas, Stríopachas, Gaduigheacht, Fiadh-
nuise bhréige, etc. is iad so na Neithe shal-
uigheas an Duine; acht biadh d'ithe le lámhaibh
gan ionnladh, ni shaluigheann sé an Duine".


L. 130


A nois is follas, nach nAbrann ar Slánuigh-
theoir Aoin-ní ann so an Aghaidh an Troisge,
nár cuireadh air bun acht chum leoirghníomha
do dheunadh, nó chum Sriain do chur ris na
hAinmhianaibh-se do shaluigheas an tAnam; óir
tairéis gur labhair Críosd na briathra
reumhráidhte, do shaileochadh ithe, Muic-Fheola
Anmanna na nApsdol agus an chinidh Iúduighe
uile; do Saileochaidhe na Ceud Chríosduighthe
tre ithe Fola, na Feola tachtuighe; agus biodh
go bhfuil gach uile bhiadh glan ann féin, gi
dheadh, salchaidh Caitheamh an bhidh, a tá toirmisg-
the, an tAnam; amhuil do shaluigh an tUbhall
Anam Adhaimh; agus mar shaluigheas iomar-
caidh Díghe an Fear Meisge.



Dá bhrigh sin, is é is Ciall do bhriathraibh ar
Slánuightheora, agus an tOideas íocshláin-
teach is cóir dhúinne, do bhuain asda, gur
díomhaoin dúinn ar gCorp do ghlanadh, nó fós
Trosgadh nó Saoire do choimheud; go mbiadh ar
dTrosgadh adhfhuathmhar a Láthair an Tighear-
na; agus gur féidir ar dTrosgadh do chur
a gComhmórtus ré Trosgadh na nDeamhan,
nach gCaitheann biadh ná Deoch, muna nDeu-
nam dá ríribh Dithchioll air an gCuid is
tábhachtuigh don Dligheadh do choimhlíonadh; mar
a ta Srian do chur ré ar nAinmhianuibh, ar
gCroidhthe do ghlanadh, agus ar gComharsa do
ghrádhughadh etc. ach gidh gur ab é an Trosgadh
air pheacadh an tArd-throsgadh ó nach bFuil
Saoirse ná Faoisiughadh an Am air bhith re


L. 132


fághail, gidheadh deir Críosd, gur "cóir dhúinn
an chuid is tábhachtuigh don Dligheadh do dheu-
nadh, agus gan an chuid oile d'fhágbháil gan
Deunadh; óir an Té a tá ionnruic an sa Ní
is lúgha; a tá sé mar an gCeudna ionnruic
sa Ní is mó; agus an té a tá eugcórach
sa Ní is lúgha, a tá sé fós eugcórach an
sa Ní is mó".



C. A nois gidh do chím go soilléir, gur dlis-
dionach agus gur ionmholta Trosgadh do dheu-
nadh, agus biadh áirighe Fós do sheachnadh;
gidheadh ni maith is léir dhamh gur ab shéidir
don Eagluis Aithne do thabhairt dhúinn fá
throsgadh do dheunadh.



F. D'orduigh an Eagluis Iúduighe Trosgadh
go minic, d'aithin Muintir Ninive don bheag
agus don mhór Trosgadh do dheunadh; For-
fhuagraid agus orduighid air uairibh Nuaidh-
Eagluisi na Sacson agus na Hollónda Tros-
gadh; is follas dá bhrigh-sin, gur ab ughdar-
rásuigh iona sin, is féidir don Eagluis Cha-
toilice, ria a nDubhairt Críosd, "Gidh bé air
bith Neithe do cheagaltaoi air Talamh, biad
siad ceangailte air Neamh, agus gidh bé
air bith Neithe do sgaoilfidhe air Talamh,
biad siad sgaoilte air Neamh", a chur d'Ualach
oruinn Trosgadh do dheunadh, air lorg Choimh-
thionóil Ierusalem, noch d'aithin do na Ceud
Chríosduighibh Fuil agus Feoil thachtuighe do
sheachnadh.



C. Cia a tá saor o'n Trosgadh?


L. 134


F. Daoine tinne, Sean-daoine lag-bhríoghach,
Daoine óga nar sháruigh bliaghain air fhithchid,
Mná trom-thorracha, agus Lucht Mór-oibre.



C. Ca hUair is cóir an Aon-chuid do dheu-
namh?



F. Timchioll an mheodhan Lae, nó gach Aon-
am na dhiaigh.



C. An bhfuil an Deoch toirmisgthe an Aim-
sir an Troisge?



F. Ní measdar go coitchionn, gur briseadh
Troisgidh Deoch bheag ré hAntart, ré hAnbh-
fhainne, nó ré Fír-riachtanas; gidheadh ní
hinmheasda, go bhfuil sé ceaduigheach suidhe
síos, na seasadh a mbun Oíl, tré Ainmhian
na Dighe, nó mar gheall air chomhluadar, air
chaitheamh Aimsire, nó air ghnothaighe Saogh-
alta.



C. Creud fa measann tú go bhfuil Olachán
gan Fír-riachtanas, an Aghaidh an Trois-
gidh?



F. Do bhrígh gur mó bhrosduigheas agus
ghríosuigheas Deoch bhríoghmhar Ainmhian na
Colna, iona biadh; agus fós do bhrígh gur
órduigh an Eagluis an Trosgadh, chum go
smaichteochamaois ar nAntoil, agus go nDéan-
fadhmaois, ag fulang Tairt agus Ocrais,
Aithrighe agus Leoir-ghníomh air Son ar gCion-
tadh. Ós a chionn sin, a tá Olachán gan Riach-
tanus air bith, an Aghaidh na Measardhachta.



C. An bhfuil sé ceaduigheach Oileamhain air
bith do chaitheamh leith a muigh do'n Aon-chuid?


L. 136


F. Ní toirmisgthear (1) Mion-chuid ró mheas-
ardha do chaitheamh go mall san Oídhche, nó a
dTráthnóna an Lae fhada: acht ní cóir Feoil,
iasg, Uigheacha, ná báin-bhiadh air bith d'ithe
air an nGann-chuid-si, gan Cead o'n Uachta-
rán Cille, no gan gnás re bhfuil Ughdurrás
go leor.
(1) Coláision.



AN TREAS AITHNE.



Na tomhail Feoil air do (1) Phroinn, Dia
hAoine na dia Sathroinn.



C. Creud f'ár hToirmisg an Eagluis Feoil
d'ithe dia hAoine agus dia Sathroinn?



F. Do chum nach mbeith aoin tSeachtmhuin saor
ó Oibribh na hAithridhe; agus fós a gCuimhne
bháis ar Slánuightheora dia hAoine, agus a
bheith dhó an san Uaigh dia Sathroinn.
(1) Chuid, Mhéile.


L. 138


AN 4 AITHNE.



Trá bhiotha Síor ná biodh sibh Aoin-bhliaghain
gan fhaoisidin.



C. Creud é an tUalach nó an Coinghioll chui-
reas an Aithne-si orainn?



F. Faoisidin do dheunamh ionn ar bPeacaidhibh
uair sa mbliaghain, an chuid is Lugha dhe.



C. Cia lé ar cóir dhúinn ar bhfaoisidin bhliagh-
antamhuil do dheunamh?



F. Lé ar Sagart féin, nó re Sagart air
bioth eile, ag a mbídh Cumhacht agus Cead an
fhaoisidin-se d'éisdeacht.



C. Cia hE ar Sagart féin?



F. Ar nEasbog, nó ar Sagart Parrois-
de, an Aon-fhocal, ar nAodhaire, cidh bé air
bioth is Gairm dhó; óir is air ar nAodhaire
a tá d'Ualach ó Dhia agus ó'n Eagluis, a
threud do choimheud go hAireach, a threorughadh
chum na beatha síorruidhe, agus do bheathu-
ghadh go dúthrachtach ansa tSlíghe chum na
bheatha úd, ré bréithir Dé, agus ris na
Sácramuintibh.



C. Creud é ar nDualgas do thaobh ar dTreu-
duighe nó ar Sagairt féin?



F. A tá d'fhiachaibh orainn Umhlacht agus


L. 140


Urraim do thaisbeánadh dhó, a theagasg agus
a Aifrionn d'éisdeacht go minic, agus a
chomhairle do leanmhain go diothchiollach.



C. Cá hAois ann a bhfuil d'fhiachaibh oruinn
Faoisidin do dhéanamh?



F. An tan do thiogmaoid chum Tuigse Uilc
agus Maitheasa, agus do thuitmíd a bPea-
cadh.



C. An dearbhtha nach bhfuil d'Ualach oruinn
a dhul chum Faoisidine, acht Aon-uair amháin
sa mbliaghain.



F. Ní bhfuil ní as mó d'fhiachaibh orainn ó'n
Eagluis; gidheadh, is Duine fír-leamh gan
chéill gan (1) choguas an Peacach, do chuir-
feadh a Leas air Cáirde ó Lá go Lá, agus ó
sheachtmhuin go Seachtmhuin: an tan a tá air a
Láimh féin, maille ré Grásaibh Dé, Aithridhe
agus Faoisidin do dhéanamh; agus fós is ró
bhaoghlach, agus is gnáthach, Gur lochtach Faoi-
sidin na Druinge díthchéillighe, nach nDeunann
í acht Uair nó dhó sa mbliaghain.
(1) Coinsias.


L. 142


DO'N CÚIGEADH hAITHNE.



Corp Críosd o'n Domhnach ria gCáisg; Glac
Lá éigin go Mion-cháisg.



C. Creud orduigheas an cúigeadh hAithne
dhúinn?



F. Orduighe sí dhúinn Comaoineach do ghlacadh
go cráibhtheach an Aimsir na Cásg ó ar Sa-
gart Parroisde, nó ó ar nAodhaire, gidh bé
air bioth é.



C. Creud í an Aois ann ar cóir dhúinn
Naomh-chorp Chríosd do ghlacadh?



F. An tan do thigmíd chum Críonnachta
agus Tuigse; acht ní foláir an Teagasg
Críosduidhe d'foghluim roimh-rae go maith.



C. Creud í an cháin do chuireas an Eagluis
air an té, nach gCoimhlíonann an Aithne-si
agus an Aithne, air ar labhradh go déighea-
nach?



F. Orduighe sí a dhíbirt as Tigh na hEagluise,
agus gan Adhlacadh Críosdamhuil do thabhairt
dhó. Gidheadh ní thuiteann an Coinneall-bháthadh-
so air an té do chuireas an tAodhaire air
Cáirde, chum Aithridhe do dheunamh, agus chum
é féin d'ullmhughadh mar is cóir.



C. An bhfuil d'fhiachaibh oruinn Comaoineacha
do ghlacadh acht Aon-uair amháin sa mblia-
ghain?


L. 144


F. Ní chuireann an Eagluis ní is mó iona
sin d'Ualach orainn; gidheadh, brosduighe sí
sinn chum Naomh-choirp ar Slánuightheora do
ghlacadh go minic, maille ris na Coingiollaibh
a tá riachtanach.



C. Creud Fá mbrosduígheann an Eagluis
sinn chum na Naomh-shácramuint-se do ghlacadh
go minic?



F. Do bhrígh gur mór an Toradh do gheibhthear
as an Oileamhain neámhdha-sa; agus gur
baoghlach nach mór an tSuim do chuireas an té
úd a Sláinte a Anma féin, nach dTaithigheann
biadh na beatha síorruidhe, acht Uair nó dhó
sa mbliaghain.



C. Creud é toirmiosgthar ris an seiseadh
hAithne?



F. Banais Phósda do dheunamh ann Aimsir
na hAidbheinte, agus an Chorghais.



C. Creud fár thoirmisg an Eagluis banais
Phósda do dheunamh an Aimsir na hAidbhente
agus an Chorghais?



F. Do bhrígh gur chinn sí na hAimsiora-so
d'Urnaigh agus d'Aithrighe.



C. An eadh nach ar aithin an Eagluis an
Deachmhaidh do dhíol?



F. D'aithin gan Amhras; acht ni Féidir
dhúinn a niugh, a díol ré ar gCléir féin: gidh-
eadh a tá d'fhiachaibh oruinn ar gCliar do choth-
ughadh agus do chongbhál suas air mhodh éigin
eile; óir órduighe ar dTighearna beatha do
thabhairt do'n Druing fhriothólas an Altóir,


L. 146


agus fhoillsigheas an Soisgeul.



C. An bhfuil d'fhiachaibh oruinn Aitheanta air
bioth eile do choimhlíonadh?



F. A tá d'Ualach oruinn Dualgas aíridhe
ar gCeirde, nó ar nGarma do choimhlíonadh.



C. An bhfuil d'fhiachaibh oruinn Fios dhualghais
ar gCeirde nó ar nGarma do bheith aguinn?



F. A tá go deimhin; óir is ro annadh is
inleithsgéil Ainbhfhios do'n tSamhuil-si.



C. Nach dTug ar Slánuightheoir leith a muigh
do na hAitheantaibh, Comhairleacha áirighe
dhúinn, dá nGoirthear Comhairleacha an tSois-
géil?



F. Do thug sé trí Comhairleacha bunáiteacha
dhúinn.



1. Bochtacht thoiltionach, is é sin, gach uile Ní
saoghalta do thréigion, chum Críosd do lean-
mhuin.



2. Maighdeanus, nó geanmnuigheacht fhíor-
ghlan go hEug, eadhon, diúltadh go hiomlán
d'Aiteas agus do shámhus na Colna.



3. Urraim dheontach do thoil Dhuine eile, ann
gach uile Ní nach bhfuil na pheacadh; ionnus go
nDiúltfamaois, mar so, ní as iomláine d'ar
dToil agus d'ar gClaontaibh féin.


L. 148


AN 11 LÉIGHIONN.



Do'n Pheacadh.



C. Creud is Peacadh ann?



F. Easumhlacht an Aghaidh Aitheantadh Dé,
na hEagluise, nó na nUachtarán.



C. An éigion an Peacadh do sheachnadh, ós
Cionn gach uile Neithe?



F. Is éigion: óir ní bhfuil Urchóid air bioth
co mór ris.



C. Creud é an Fáth?



F. Do bhrígh gurab é an Peacadh amháin do ní
Námhaid dhínn do Dhia, agus do dhamnuigh-
eas sinn go síorruidhe.



C. Ca mhéid Cineul Peacaidh ann?



F. Dá chineul, eadhon, Peacadh na Sinnsior,
agus Peacadh Gníomha.



C. Creud is Peacadh na Sinnsior ann?



F. A tá Peacadh, ionn a nGeintear sinn
uile, tré Easumhlacht ar gCeud Athar Adhaimh.



C. Creud iad na hOilc do thig dhúinn as?



F. Bás cinnte, iomad Saothair agus Eas-
láinte, Claonadh agus Eusguigheacht chum Oilc,
Spadántacht agus Dócamhul Deágh-oibreacha
do dheunamh; agus fa dheoigh (1) Damnughadh
(1) Damuint


L. 150


síorruidhe, muna nGlanaidh an baisdeadh sinn.



C. Creud is Peacadh Gníomha ann?



F. A tá an Peacadh do nímid féin, mur
a tá breug, gaduigheacht, etc.



C. Cá mhéid Modh air a nDeuntar Peacadh
Gníomha?



F. Air ceithre mhodh, eadhon, le Smuaineadh,
le bréithir, le Gníomh, agus le Mainneachtnaigh
nó Faillighe.



C. Cia hiad na lochta is baoghluigh air bioth?



F. Peacaidhe na Faillighe, air an Adhbhar go
mbíd ní as Foluighthe, agus gur lúgh cuirthear
a Suim iad iona Lochta eile.



C. Cia dá nGoireann tú Peacadh Main-
neachtnaigh nó Faillighe?



F. Do'n Pheacadh do nímid ag léigean ar
nDualgais faoi lár gan deunamh, amhuil mur
a tá Peacadh an Athar agus na Máthar nach
múineann agus nach smachtuigheann go dith-
chiollach a gClann agus a dTeaghlach; nach
gCuireann d'Ualach orrtha Urnaigh Neoin agus
Maidne do dheunamh, Aifrionn d'éisdeacht air
Laethib Saoire, an Teagasg Críosduidhe d'fhogh-
luim go beacht.



C. Tabhair dhúinn Cosamhlacht oile do'n
tSamhuil-sin?



F. Peacaidhid go trom an Chlann nach
nDeunann Toil an Athar agus a Máthar; nó
nach gCuidigheann leo ionn a leatrom agus
ionn a nArsuigheacht.



Peacaidhid mar an gCeudna na Searbh-


L. 152


fhóghantaidhe nach saothruigheann go dúthrachtach
a dTuarasdal, nó a (1) Luach Saothair.
(1) Paghaidh.



AN 12 LÉIGHIONN.



Do'n Pheacadh Mharbhtha agus hSologhtha agus
do'n Mheodhain ré seachantar iad.



C. Ca mhéid Cineul Peacaidh Gníomha ann?



F. Dhá chineul, eadhon, Peacadh Marbhtha
agus Peacadh Sologhtha.



C. Creud is Peacadh Marbhtha ann?



F. Peacadh, ré gCaillmíd Grása agus
Grádh Dé, agus tré dTuillmid dhúinn féin
Damnughadh síorruidhe ionn Ifrionn.



C. Creud fá dTugthar Peacadh Marbhtha air?



F. Do bhrígh go marbhann an tAnam.



C. Cionnas sin, agus go bhfuil an tAnam
neamhmharbhtha?



F. Air an Adhbhar gur (1) f'an bPeacadh
do chailleas an tAnam Grása Dé, noch is
beatha spioradálta dhó.



C. An féidir Neach do dhamnughadh fá Aon-
pheacadh Marbhtha amháin?
(1) thrés an.


L. 154


F. Is féidir go cinnte: agus do damnuigh-
eadh na Deamhain fá Aon-dhroch-Smuaineadh
amháin.



C. Creud is Peacadh Sologhtha ann?



F. Peacadh éadtrom, tré nach gCailltear
Grása Dé; acht laghduighe sé a ghrádh ionn ar
gCroidhe.



C. An cóir dhúinn an Peacadh Sologhtha do
sheachnadh?



F. Is cóir dhúinn a sheachnadh, do bhrígh go
laguigheann agus go gClaonann an Toil chum
an pheacaidh mharbhtha; agus fós do bhrígh go
laghduigheann sé Grása Dé, agus go dTuil-
leann dhúinn Piana troma, noch is éigion
dhúinn d'fhulang, a bPurgadóir, mura nDeu-
nam Leoirghníomh sa tSaoghal-so.



C. Ca mhéid Ceinn-pheacadh Marbhtha ann?



F. A seacht, eadhón, Díomas, Saint, Drúis,
Tnúth, Craos, Fearg agus Leisge.



C. Creud fá nGoirthear Ceinn-pheacaidhe
Marbhtha dhíobh?



F. Do bhrígh gur ab iad so Tiobruid agus
(1) Preumha gach uile Pheacaidh oile.
(1) Freumha.


L. 156


DO'N DÍOMAS.



C. Creud is Díomas nó Uabhar ann?



F. Grádh iomarcach an Duine air féin, agus
Fonn ainmheasarrdha a bheith ós Cionn cháich
eile.



C. An mór an Peacadh an tUabhar?



F. Ní bhfuil Peacadh air bioth is taosga,
is mó, agus is baoghluigh iona é; óir is sé
Peacadh na nDeamhan agus an cheud Duine
é; is air is deacra dhúinn sinn féin do choi-
mheud, agus is air is déighionaigh do bheirmid
buaidh.



C. Cá mhéid Cineul Uabhair ann?



F. A ceathair; air tús, Ollás, nó baosradh
do dheunamh ré Smuaineadh, ré bréithir, nó
ré Gníomh, fá thiodhlaicibh air bith Coirp nó
Anma, dá bhfuil againn.



2. A mheas gur fíu sinn Tíodhlaice air
bioth d'fághail ó Dhia, nó go bhfuilid Fiacha
air bioth aguinn air.



3. Dúil do bheith againn, go measfadh Cách
eile, go bhfuilid Subháilceadha nó Tréithe aguinn,
nach bhfuil air Aon-chor aguinn.



4. Tarcuisne nó Mímheas do thabhairt d'Aoin-
neach.



C. Creud iad na Peacaidhe, do thig go
hAírighe ó'n Uabhar?



F. Ge gur ab é an Díomas Tobar gach uile


L. 158


Pheacaidh; gidheadh, a táid Peacaidh aírighe
ann, noch do shileas go fíor-ghar uadh; mar
a táid glóir dhíomhaoin, Easumhlacht, Rún
Díoghaltais, é féin do mholadh, gan Riachta-
nas mór; Fuar chrádhbhadh, noch is Peacadh ró
ghráineamhail a Láthair Dé; Comórtus, An-
chaint, Cáineadh, agus gach Aimhreíteach nó
Imreas, nach dTosuighthear, agus nach gCo-
thuighthear maille ré Riachtanas, ré Fírinne
agus ré Carthunnacht: Cruadh-mhuinéalacht, nó
Aincheangal d'a bharamhuil agus dá chomhairle
féin, gan mórán Céille; Aírd-mheanmna,
Mórdháil, Aírd-mhiangus.



C. Creud is leigheas do'n Uabhar?



F. Umhlacht nó Uirísle.



C. Creud is Umhlacht nó Uirísle ann?



F. Subháilce, do bheir dhúinn Mímheas do bheith
aguinn orúnn féin; gan Meas nó Modh d'iar-
raidh air chách eile; gan Aoin-neach do thar-
cuisneadh, agus Tarcuisne agus Míomhodh
d'fhulang go foighideach, soineanta.



C. An bhfuil an Uirísle riachtanach?



F. A tá sí co riachtanach-sin, nach féidir
Aoin-neach do shlánughadh gan í, do réir Rádha
ar Slánuightheora IOSA CRÍOSD féin.


L. 160


DO'N tSAINT.



C. Creud is Saint ann?



F. A tá Grádh ainmheasarrdha air mhaoin
shaoghalta.



C. Cá hUair bhíos Grádh an tSaoghail ain-
mheasardha?



F. An tan a bhíos Croidhe an Duine ceang-
ailte ionn.



C. Cionnas is féidir aithneadh, go bhfuil an
Croidhe ceangailte do'n tSaoghal?



F. Aithnidhear é ré Comhartha éigin do na
ceithre Comharthaibh-si: air dTús, an tan a
bhíos Neach anluathgháireach fa na bheith a
Seilbh Aoin ní saoghalta, nó ró dhoilghíosach fa
Aoin-ní do chailleadh.



2. An tan do sholáthras, nó do choingmheas
Neach Ní air bioth go hEugcórach.



3. An tan iarras Duine Neithe saoghalta
go hAmplach, nó do choingmheas iad go hAn-
toileamhail.



4. An tan nach bhfuil déirceach ris na boch-
taibh, do réir a Acfuinne.



C. Cionnas aithneochas Duine, nach bhfuil a
chroidhe ceangailte san tSaoghal?



F. Air dheunadh gach uile Ní a tá contrár-
dha do na Comharthaibh air ar labhramar a nois.



C. Más fíor sin, is annadh Duine, nach
bhfuil santach.


L. 162


F. Is ró annadh; óir is Duine santach gach
aon, a tá ceangailte d'a chuid do'n tSaoghal-
so, gé gur dlisdionach do fuair é.



C. An féidir do'n bhochtán a bheith santach?



F. A tá an té is boichte air bioth santach,
ma ghrádhuigheann sé an Saidhbhrios nach bhfuil
aige; nó ma mheasann sé gur míorathamhúil dhó
bheith bocht, agus ma bhíonn míofhoighideach fá'n
mbochtacht.



C. An Peacadh trom an tSaint?



F. Is eadh go cinnte; óir a deir an Spiorad
Naomh, gur ab í an tSaint Préamh gach uile
Oilc; agus go hAírighe an Mhíochoinghill, na
mbreug, na Mealtórachta, na Mionnadh Eíthidh,
an fhoiréigin, an bhuairidh intinne, an chrua-
dhais Croidhe do thaobh na mbocht.



C. Creud is leigheas do'n tSaint?



F. Féile agus Urnaigh.



C. Creud is Féile ann?



F. Subháilce do dhealuigheas ar gCroidhe ó
Neithibh talmhuighe, agus do chuireas Fonn oruinn
ar Maoin do roinn go fialmhar, ní ré lucht
Sóigh nó Saidhbhris, acht ris na bochtaibh.



C. Cionnas is leigheas an Urnaigh an Aghaidh
na Sainte?



F. An mhéid gur tré Urnaigh dhúthrachtaigh
do gheibhthear Grása, agus Subháilce na Féile
ó Dhia.



C. An maith an Urnaigh, smuaineadh air an
mbás?


L. 164


F. Is fíor-mhaith, ma smuainimid air go
grinn agus go minic: cuirfe an bás an umhail
dhúinn, gur ab éigion sgaradh re gach uile Ní
talmhuighe. "Ní thugamar Ní air bioth linn air
an tSaoghal-so, agus is follas nach féidir
linn Aoin-ní do bhreith as".



DO'N DRÚIS.



C. Creud is drúis ann?



F. Fonn Pheacaidh na Colna, Peacadh gráin-
eamhail, nach cóir urad agus a ainmniughadh
amháin a measg Críosduidheadh.



C. Cá hUair do bhíos Neach cionntach ansa
bPeacadh fhuathmhar-so?



F. Do labhramar air so go Foirleathan, ag
míniughadh na seiseadh agus na naomhadh hAith-
ne; uime sin, ní beag a rádh a nois, go mbídh-
thear cionntach ann, ní hE amháin, gach Uair
do ní Neach an gníomh, acht fós, an tan éis-
deas, fheuchas nó smuainigheas dá dheoin, maille
ré Aiteas nó Sámhas, air Ní air bioth, do
ghluaiseas Duine air Aon-chor do chum an phea-
caidh ghráineamhail-si.



C. Creud í an tSubháilce ré gClaoitear an
Drúis?



F. An gheanmnuigheacht.



C. Creud is Geanmnuigheacht ann?



F. Gloine Coirp agus Anma, Suibháilce Aing-
lighe, do bheir Dia do Lucht na hUrnaighe, na
hUmhlachta agus na hUirísle.


L. 166


DO'N CHRAOS.



C. Creud is Craos ann?



F. Fonn mímheasardha bídh nó Díghe.



C. Cá hUair thuiteas Neach a gCraos?



F. Air Tús, an tan itheas, nó ólas sé
iomarcaidh.



2. An tan do bhíos ainchíocrach.



3. An tan do chosnas a chuid bídh agus Díghe
Anmhórán dhó, agus nach biadh sé sásda gan
Togha bídh agus Díghe.



4. An tan do ní iomarcaidh bídh, nó Díghe
tinn é.



C. Creud í an ghné do'n chraos is measa
agus is milltighe?



F. Meisge.



C. Creud is Meisge ann?



F. Olachán re a gCailleann Neach Aon-chuid
d'a cheill, nó d'a cheudfaidhibh.



C. An bhfuil an Craos na pheacadh ro throm?



F. A tá; óir a deir an Spiorad Naomh, gur
ab é a mbolag is Dia do lucht an chraois,
agus gur mhallaigh Dia iad.



C. Cionnas do claoitear an Craos?



F. Le Measarrdhacht.



C. Creud is Measarrdhacht ann?



F. Subháilce do chuireas Srian re hAntoil
chum bídh agus Díghe agus fós ré gach Ain-
mhian oile.


L. 168


DO'N TNÚTH.



C. Creud is Tnúth ann?



F. Doilgheas fa mhaith shaoghalta nó spiora-
dálta na Comharsan, nó Luathgháire fa na
díoghbháil nó fa na Leathtrom.



C. Creud is Adhbhar do'n Tnúth?



F. An tUabhar Adhbhar is líonmhaire dhó; óir
is uime bhíos Doilgheas orainn fa mhaith, nó
Luathghaire fa Leathtrom na Comharsan, do
bhrígh go saoilmid go laghduigheann Maith agus
Agh na Comharsan ar Meas féin, agus go
meudaigheann a Donas agus a Míodhágh é.



C. Creud fár riachtanach dhúinn Fuath mór
do bheith aguinn air an bPeacadh-so?



F. Do bhrígh gur ab é, do ní comh-chosmhail
sinn ris na Deamhnaibh nó droichspioraduibh,
do bhíos ag sír-shiuibhal chum Urchóide do dhéa-
namh Dhúinn-e; óir is ionann leo agus a mbás,
an Duine do bheith ní as sona agus ní as
seunmhaire ioná iad féin.



C. Creud í an tSubháilce ré a gClaoitear
an Tnúth?



F. Searc-chomann nó Grádh na Comharsan.



C. Creud is Searc-chomann ann?



F. Maith do dheunamh agus d'iarraidh do'n
chomharsain, mur budh mhian linn Cách eile do
dheunadh dhúinn féin.



C. Creud í an tSubháilce eile ré a gClaoi-


L. 170


tear an Dubháilce ghráineamhail-si?



F. Ré hUmhlacht; óir gidh be Duine bhíos
umhal, ní ghoilleann air a chomharsa do bheith
ní as saidhbhre, ní as fodhlumtha, agus ní as
(1) measamhla ioná é Féin.
(1) déigh-mheasda.



DO'N FHEIRG.



C. Creud is Fearg ann?



F. Gluasacht ainmheasardha nó (1) anlasán-
ta an chroidhe an Aghaidh na nDaoine nó na
(2) Neitheann nach dTaithnigheann rinn.



C. Nach féidir Gluasacht lasánta do bheith
gan pheacadh?



F. Is féidir, an tan gur chum Maitheasa
do dheunamh nó chum Uilc do thoirmeasg do
ghlacas Duine Fearg mheasardha.



C. Cá hUair is cóir an Lasán measardha-
so do thaisbeánadh?



F. An tan bhíos Cosumhlacht, go rachadh a
Sochar d'Aoin-neach; acht is cóir a bheith ró
choimheudach, d'Eagla gur mó an tOlc do dhéan-
fadh ioná an mhaith.



C. Creud iad na lochta do geintear o'n
bhfeirg?



F. Fuath, Námhadus, Miosguis, Ciapáil,
Díoghaltus, Cuthach, (3) Gártha, bagairt,
(1) ainigidhe. (2) Neitheadh. (3) Collóid


L. 172


Ceannairg, Masla, Cáineadh, Mallughadh;
bruighin, bualadh, Marbhadh agus Dúnmharbhadh;
noch a tá go léir na bPeacaidh troma a
láthair Dé.



C. Creud í an tSubháilce re gClaoitear an
fhearg?



F. Foighid.



C. Creud is Foighid ann?



F. Fulang deontach gach Eugcóra gach
Cruaghóige, gach Ainneise, gach buaidheartha,
gach Saothair agus gach bochtaine air Son Dé,
amhail do rinne Críosd.



C. Creud oile is Leighios air an bhfeirg?



F. Gach uile Ní do bhreathnughadh agus do
dheunamh go céillighe, ceudfadhach maille ré
Súilibh agus ré Solas an chreidimh; agus
Grása Dé iarraidh go dithchiollach chum so do
dheunamh.



DO'N LEISGE.



C. Creud is Leisge ann?



F. A tá Fallsacht agus Spadántacht do bheir
orainn (1) Gnothuighe Dé do léigeann dínn,
nó a nDeunamh go mall, mainneachtnach.



C. Ca hUair bhíos Neach cionntach a bPeacadh
na Leisge?



F. Air dTús. An tan nach dTugann sé
Aire mhaith dá fhíor-ghnothuighibh féin.
(1) Seirbhís.


L. 174


2. An tan nach nGlacann Neach Saothar chum
(1) Feasa gach Neithe is riachtanach do gach
Críosduidhe, nó do bheanas d'a ghairm bheata,
do bheith aige; nó an tan nach gCuireann a
nGníomh ná dTairbhe an tEolas a tá aige.



3. An tan eitigheas sé an ghairm chum ar
ghoir Dia air, agus a fhios só aige.



4. An tan bhíos (2) tabhartha do Dhíomhaoi-
neas, d'fhallsacht nó do cholladh fhada.



5. An tan do chaitheas sé a Aimsir lé Nei-
thibh gan Suim gan Tábhacht, mar a tá Cuar-
tuigheacht, Comhrádh gan Tairbhe agus imirt.



6. An tan bhíos Neach faillidhtheach a (3) nGno-
thuighibh Dé, agus nach nDeunann Dúthracht
chum buadha do bhreith air a Lochtaibh, nó chum
dul air Aghaidh ansna Subháilcibh.



C. An Peacadh mór an Leisge?



F. Is Peacadh í thuilleas Teine ifrinn, mar
a deir ar Slánuightheoir.



C. Creud í an tSubháilce ré a gClaoitear
an Leisge?



F. Ré Caon-dúthracht.



C. Creud is Caon-dúthracht ann?



F. Dithchioll diagha agus (4) Griongal cráibh-
theach timchioll ghnothuighe Dé, agus gach Gno-
thuighe bheanas d'ar nGairm agus d'ar nDual-
gas.
(1) Fis. (2) tugtha. (3) Seirbhís. (4) Cúram.


L. 176


C. Cionnas aithneocham, go bhfuil an tSu-
bháilce si aguinn?



F. Ní bhfuil Comhartha air bioth is feárr ioná
ar nDualgas do choimlíonadh go hEasguidh,
soilbhir.




AN 13 LÉIGHIONN.



Do na Peacaidhibh bhíos an Aghaidh an Spioraid
Naoimh.



C. Cá mhéid Peacadh an Aghaidh an Spioraid
Naoimh?



F. A sé: Air dTús, Eudóthchas Slánuighthe.
2. Andóthchas as Trócaire Dé. 3. Cur an Aghaidh
na Firinne as a Riocht. 4. Iomthnuth fa mhaith
spioradálta dhuine oile. 5. Calcadh air Staid
Peacaidh. 6. Neamh-aithrighe (1) fá dheoigh.



C. Creud is Eudóthchas ann?



F. A tá Míomhuinighin as Trócaire agus as
Cumhacht Dé, agus fós as luaigheacht IOSA
CRÍOSD; amhuil agus nach mbéidis neart-
mhar go leor, ré ar slánughadh.



C. Creud is Andhóthchas ann?



F. Muinighin leamh as Trócaire Dé, amhuil
agus go sláineochadh sé sinn gan deágh-oibribh,
nó gan beinn air bith air na hAitheanta do
(1) dhéigheanach


L. 178


choimheud; mar a tá ag an Dream do mheasas
go sláineochthar iad ré Creideamh amháin, gan
Deágh-oibreachaibh.



C. Creud é sin, cur an Aghaidh na Fírinne
as a Riocht?



F. (1) Tagra go dalba an Aghaidh Aon-ailt
Creidimh go bhfios dhúinn; nó Slíghe an Tighear-
na do chur air Anáird ré Saoibhchiallaibh agus
ré breugaibh; mar do níd an Drong do thea-
gasgas do na hAinbhfhiosánaibh, go dTugaid
na Catoilicighe an Modh agus an Onóir a dligh-
thear do Dhia amháin, d'iomháighibh, do Naomhaibh
agus d'Ainglibh; nó go dTugann an Pápa,
air Airgiod, Cead dhúinn gach Peacadh, is áill
linn, do dheunamh: gidh a tá hSáirfhios aca nach
féidir breuga air bith, is mó iona an tiomlán
díobh-so, do chumadh.



C. Creud thuigeas tú ré (2) hiomthnúth fá
mhaith spioradálta Dhuine oile?



F. Doilgheas agus brón fá Neach oile dhul
air Aghaidh ansna Subháilcibh; mar is gnáthach
ré gach Dream bhíos ag fonómhuid agus air na
mbuaidhreadh fá liacht Trosgadh, Urnaigh,
Saoire, Déirc agus Naomh-ghnás oile da bhfuil
san Eagluis.



C. Creud chialluigheas Calcadh a bPeacadh?



F. Comhnuige agus Cruadhughadh go toiltea-
nach is an Olc, ag rioth ó pheacadh go Peacadh
(1) Aighneas ceinn-treun. (2) Tnúth, Formad


L. 180


tar éis Teagaisg agus Comhairle go leor
d'fhághail.



C. Creud is Neamhaithrighe fá dheoigh ann?



F. Bás gan faoisidin nó fíor-aithrighe ann
ar bPeacaidhibh.



C. Creud fá nDeirthear, nach maithtear
choídhche na Peacaidhe an Aghaidh an Spioraid
Naoimh ann sa tSaoghal-sa ná ann sa tSaoghal
oile.



F. Do bhrígh gur ró dheacair Maithfeachus
d'fhághail ionta; óir is ró annadh do níd Cách
Aithrighe fhírinneach ionta.



C. Is féidir mar sin ré Dia agus ris an
Eagluis a maitheadh, má nímid Aithrighe fhírin-
neach?



F. Is féidir gan Amharus, an tiomlán,
leith a muigh do'n Neamhaithrighe fá dheoigh.



AN 14 LÉIGHIONN.



Do na Peacaidhibh éigheas air Dhia ag iarraidh
Díoghaltais.



C. Cá mhéid Peacadh éigheas air Dhia ag
iarraidh Díoghaltuis?



F. Ceithre Peacaidh.



C. Creud é an ceud pheacadh?



F. Dúnmharbhadh toilteanach.



C. Creud é an dara Peacadh?


L. 182


F. Peacadh Sodoim, eadhon, Drúis ádhfhuath-
mhar, mhíonádúrtha na Colna.



C. Creud é an treas Peacadh?



F. Daoirse na mbocht, eadhon, leathtrom nó
Eugcóir do dheunamh air bhaintreabhachaibh, air
Dhílleachtaibh, nó air íochtaránaibh.



C. Creud é an ceathramhadh Peacadh?



F. A dTuarasdal do chongbháil ó Lucht Oibre.



C. Nach féidir do Neach a bheith rannpháir-
teach agus ciontach a bPeacadh Dhuine oile?



F. Is féidir gan Amharus; óir is cinnte go
bPeacuigheann gach Duine, do chomhairligheas,
iarras, aontuigheas, mholas nó do bheir Cead
an Peacad do dheunamh. Peacuighe fós an Té
bhrosduigheas Neach eile chum Uilc; do chuidigheas
a dhéanamh; do chosnas é, nó nach dToirmis-
geann é, an tan a tá sé air a Láimh agus
d'fhiachaibh air a chosg.



C. Creud is cóir dhúinn do dheunamh chum na
bPeacaidheadh ádhfhuathmhara air ar labhra-
mhar, agus gach Peacadh marbhtha oile, do
sheachnadh?



F. Is cóir Cionfátha nó Siocair an Phea-
caidh do sheachnadh; na Sacramuinte do thathai-
ghe, agus na Subháilcighe-si a tá contrárdha
dhóibh do leanmhuin, iodhón, Umhlacht, Féile,
Geanmnuigheacht, Grádh, Measardhacht, Foi-
ghid, agus Caon-dúthracht no Crábhadh.



C. Creud eile do ní tú, chum nach dTuitfeá
a bPeacadh?


L. 184


F. Do bheirim fa deara go bhfaiceann Dia
mé; smuainighim fós air Pháis ar Slánuigh-
theora IOSA CRÍOSD, agus air cheithre
Críochaibh déigheanach an Duine.



AN 15 LÉIGHIONN.



Do cheithre Críochaibh déigheanach an Duine.



C. Creud is ceithre Críocha déigheanach ann?



F. Bás, breitheamhnas, ifrionn agus Flai-
thios.



C. Cionnas is cóir dhúinn smuaineadh air
an mbás?



F. Is cóir dhúinn, Air dTús, a smuaineadh
agus a chreideamh go daingion, gur ab éigion
dhúinn go cinnte bás d'fhághail.



2. Go bhfuil an Uair, an Aít, agus an Modh
air a bhfuigheam bás neimhchinnte.



3. Go nAithnigheann Dia dhínn a bheith ullamh,
agus air ar gCoimheud a gComhnuighe; agus go
nDearbhann dhúinn, go dTiugfaidh an bás, gan
fhios agus gan mórán Moille, air an Druing
dhíth-chéillighe do chodlas agus do chomhnuigheas
is an bPeacadh.



4. Nach bhfuigheam bás acht Aon-uair amháin.



5. Gur ró chosmhuil, go bhfuigheam bás amhail


L. 186


do chaithfeam ar mbeatha; má chaitheamuid í
air Staid na nGrás, go bhfuigheam bás, do
réir Lánchosamhlachta, air Staid na nGrás; nó
más air Staid an pheacaidh do chaithfeam ar
mbeatha, go bhfuígheam bás, do réir Lán-
bharamhla, san bPeacadh.



6. Gur air Uair an bháis a tá breith nó
(1) Caill na Glóire agus Aoibhnis shíorruidhe
fhlaithis Dé.



C. Cionnas is cóir dhúinn smuaineadh air an
mbreitheamhnas?



F. Is cóir dhúinn a smuaineadh agus a chrei-
deamh go daingion, air dTús, go mbéarthar
breitheamhnas fá leith orainn air Uair ar
mbáis, agus breitheamhnas coitchionn air
dheireadh an tSaoghail.



2. Go mbéarthar breitheamhnas air gach
Smuaineadh, air gach briathar, air gach Gníomh
agus air gach Faillíghe da nDeárnamar ó
tháinig Ciall (2) chugainn.



3. Nach féidir gairm thar ais do dheunamh
air cheachtar don dá bhreitheamhnas.



4. Gur ab é Dlígheadh Dé, beatha agus bria-
thra ar Slánuightheora IOSA CRÍOSD is
Riaghuil dár mbreitheamhnas-so.



5. Go gCuirfidhear a nGníomh é air a mball,
gan Truaighe gan Trócaire do thaisbeánadh
dhúinn.



6. Go mbiaid na Pianta agus an Luach Sao-
(1) Cailleamhain. (2) Dúinn


L. 188


thair óirdeochas ar mbreitheamh dhúinn, do-
chríochnuighthe.



C. Cionnas is cóir dhúinn ifrionn do tha-
bhairt fá deara?



F. Is cóir dhúinn a smuaineadh, agus a chrei-
deamh go daingion, air dTús, nach bhfaicfid
an Drung dhamanta Gnúis Dé go bráth.



2. Go mbiaid dhá losgadh agus dhá gCeusadh
eidir Chorp agus Anam air feadh na Síor-
ruidheachta.



3. Go bhfuileongaid gach Olc, agus gach
Ainneise air ar Féidir smuaineadh, gan
(1) fortacht ná Suaimhneas air bith.



4. Go mbiaidh Cnúmh an (2) choguais dá
gCreinn agus dá reubadh an feadh bhias Dia
na Dhia.



C. Cionnas is cóir dhúinn dearcadh air fhlai-
theas Dé?



F. Is cóir smuaineadh go minic, air dTús,
nach bhfuileongaid an Drong bheannuighthe Olc
air bioth, do thaobh Anma ná Coirp.



2. Go mbiaid líonta do gach uile mhaith.



3. Go bhfaicfid Dia Aghaidh air Aghaidh,
IOSA CRÍOSD, Muire Oígh agus na Naoimh
uile.



4. Go mbiaid a gCoirp ro ghlórmhar, do-
mharbhtha, cliste, cumasach, soillseach.



5. Go mbiaid ann Aoibhneas agus a Seun
(1) Sólás. (2) Choinsiais


L. 190


síorruidhe, gan baoghal na Eagla a (1) gCail-
leadh: ann Aon-fhocal, "nach bhfacaidh Súil, nach
gCualaidh Cluas, agus nach ar smuain
Croidhe an Duine na Neithe d'ullmhaigh Dia
do'n Droing ghrádhuigheas é".



Toradh na mbreathnuigheadh-so.



1. A hTighearna, tabhair Grása dhamh smuai-
neadh go tairbheach gach uile lá, Maidin agus
Tráthnóna, air na ceithre Críochaibh déighio-
nacha so. 2. Tabhair dhamh tré do Mhór-thrócaire,
a bheith ollamh chum báis d'fhághail air Staid na
nGrás. 3. Tairgfead Aithrighe do dheunamh
air Son mo pheacadh san tSaoghal-so, chum do
Chruaidh-bhreitheamhnais do sheachnadh, agus
chum nach dTeilgfide síos go hifrionn mé.
4. Claon-mharbhfaidh mé m'Ainmhianta agus
do dheunad Dithchioll air mo bheatha do chaitheamh go
naomhtha, chum go mfiu mé, tré luaigheacht
IOSA CRÍOSD, Sonas agus Seun d'fhághail
a bhflaitheamhnas Dé, go Saoghal na Saoghal.
(1) gCailleamhuin.


L. 192


AN 16 LÉIGHIONN.



Do na Subháilcighibh Críosdamhla agus do na
Deághoibribh.



C. Creud is Subháilce Chríosdamhuil ann?



F. A tá Cumas agus Eásguidheacht
do gheibhmid, tré ghrása Dé, chum na nDeágh-
Oibreachadh, agus gach Gníomha bhíos taitnea-
mhach, a láthair Dé, do dheunamh go soilbhir.



C. Cá mhéid Subháilce dhiagha ann?



F. A trí, Creideamh, Dóthchas agus Grádh.



C. Creud is Creideamh ann?



F. Do labhramar air cheana; agus laibheo-
ram air an Dóthchas is an gCeathramhadh Rann.



C. Creud is grádh nó Carthunnacht ann?



F. A tá Subháilce do gheibhmid o'n Spiorad
naomh, agus do bheir dhúinn Dia do ghrádhughadh
ós Cionn gach uile Neithe, mar gheall air féin;
agus fós ar gComharsa mar sinn féin, air
Son Dé.



C. An bhfuil d'fhiachaibh orainn an tSubháilce-
si do bheith aguinn?



F. A tá go cinnte; óir ní féidir Aoin-neach
do shlánughadh gan í.



C. Cionnas aithneocham go nGrádhuigheamuid
Dia ós Cionn gach uile Neithe?


L. 194


F. Ní bhfuil Comhartha air bith is feárr ioná
ar gComharsa do ghrádughadh mar sinn féin;
óir is breugach a rádh, go nGrádhuigheamuid
Dia, an tan nach nGrádhuigheamuid ar gCo-
mharsa.



C. Cionnas fós aithneocham, go bhfuil Grádh
aguinn air Dhia, agus air ar gComharsain?



F. Aithneocham é air ar nDeághoibribh; óir
mar aithnighthear an Crann air a thoradh, mar
an gCeudna, aithneochar an Deághdhuine air a
Urraim do'n Eagluis, agus air a dheághoib-
reachaibh.



C. Cá mhéid Cineul Deághoibre ann?



F. A trí go (1) sunradhach, eadhón, Tros-
gadh, Déirc agus Urnaigh.



C. Creud do na Deághoibreachaibh-si ré gCru-
thuigheamaoid, go ngrádhuigheamuid ar gComhar-
sa.



F. Ris an Déirc, eadhon, ré hOibribh na Tró-
caire.



C. Cá mhéid Obair thrócaireach nó Cineul
Déirce ann?



F. A ceathair deug, eadhon, seacht nOibre
corpordha, agus seacht nOibre spioradálta.



C. Abair Oibre corpordha na Trócaire?



F. Air dTús, biadh do thabhairt do'n Ocrach.



2. Deoch do'n (2) íotach. 3. Eudach do'n Nochd.
4. (3) Aoidheacht do'n (4) Choigrigheach. 5. Cuairt
(1) Prionsapálta. (2) Tartmhar. (3) Lóisdín. (4) Deoruigh


L. 196


ag Easlánaibh. 6. Cuairt ag braighdibh, agus a
bhfuasgladh. 7. na Mairbh d'adhlacadh.



C. Abair Oibreacha spioradálta na Tró-
caire.



F. 1. An tAinbhfhiosach do theagasg. 2. An
Peacach do spreagadh. 3. Comhairle thabhairt
do'n Té a tá na Riachtanas. 4. Eugcóir d'fhu-
lang go foighideach. 5. Gach Olc dá nDeuntar
dhúinn do mhaitheadh. 6. Sólás nó Meisneach tha-
bhairt do lucht an Dobróin. 7. Guidhe air bheodh-
aibh agus air mharbhuibh, agus air lucht ar
ninghreama.



C. Cá hUair is mó Luaigheacht Oibre na Tró-
caire?



F. An tan nithear í air Son Dé dá ríribh,
agus do'n Té is mó Riachtanas.



C. Creud é an tOlc is cóir dhúinn do mhai-
theadh?



F. Gach uile Olc agus Eugcoir, dá mheud,
agus dá mhionca iad.



C. Creud é is Luach d'Oibribh na Trócaire?



F. Trócaire ó Dhia ansa tSaoghal-so, agus
Ríoghacht Neimhe ansa tSaoghal eile.



C. Creud is Cinneamhuin do'n Droing bhíos
Cruadh-chroidheach ré bochtaibh?



F. Deimhnighe Dia, go gCinntear breitheamh-
nas gan Trócaire, agus Teine shíorruidhe
ifrinn do'n Mhuintir, nach nDéunann Trócaire
air dhaoinibh leathtromacha.


L. 198


AN 17 LÉIGHIONN.



Do na Subháilcighibh (1) bunadhusacha.



C. Cá mhéid Subháilce bhunadhusach ann?



F. Ceithre Subháilcidhe, eadhón, (2) Gliocas,
Ceart, Neart agus Measardhacht.



C. Creud fá dTugthar Subháilcidhe bunadh-
usacha ortha?



F. Do bhrígh gur ab iad is Toibreacha, bun,
agus, mar a déarthaoi, (3) Uaithnighe do mhórán
Subháilceadh oile.



C. Creud is Gliocas ann?



F. Subháilce do chuireas sinn air ar gCoi-
mheud, chum nach meallfuighe sinn féin, agus
nach meallfamaois Cách oile; agus chum gach
Neithe do dheunamh ann a Am féin mar is (4)
cuibhe.



C. Creud is Ceart ann?



F. Subháilce do bheir oruinn a Chuid féin do
thabhairt do gach aon.



C. Creud is Neart ann?



F. Subháilce do bheir Meisneach dhúinn chum
gach Dochair, gach Guaise, agus chum báis féin
(1) Cairdionálta. (2) Críonnacht. (3) Tuislidhe. (4) cóir


L. 200


d'fhulang air Son ar gCreidimh agus ghnothuighe
Dé.



C. Creud is Measardhacht ann?



F. Subháilce tré gCuirimid Srian ré ar
nAinmhianaibh?.



C. Creud iad na Súbháilcidhe oile, is mó iar-
ras ar Slánuightheoir oruinn do leanmhuin?



F. Uirísle, Foighid, Ceannsacht, Geanmnuigh-
eacht, agus Aireachas.



AN 18 LÉIGHIONN.



Do na hOcht mbeannachaidhibh.



C. Creud dá nGoireann tú na hOcht mbean-
nachadha?



F. Do na hOcht mbeannachtaibh, do bheir Críosd
do lucht na Subháilceadh, agus na nDeághoib-
reachadh.



C. Abair iad mar a táid síos is an tSois-
geul?



F. 1. "Is beannuighthe na boicht a Spiorad;
óir is leo Ríoghacht Neimhe".



2. "Is beannuighthe na Daoine ceannsuighthe;
óir biaidh Seilbh na Talmhan aca".



3. "Is beannuighthe an Drong do ní Dobrón;
óir cuirfidhear Sólás ortha".


L. 202


4. "Is beannuighthe an Dream air a bhfuil
Ocras agus Tart na Córa; óir sáiseochar
iad".



5. "Is beannuighthe lucht na Trócaire, óir
do gheubhaid siad Trócaire".



6. "Is beannuighthe lucht an Chroidhe ghloin;
óir do chífid siad Dia".



7. "Is beannuighthe lucht dheunta na Síothchá-
na; óir goirfidhear Clann Dé dhíobh".



8. "Is beannuighthe an Dream fhuilingeas in-
ghreim air Son na Córa; óir is leo Ríoghacht
Neimhe".



C. Cia hiad na boicht a Spiorad?



F. An mhuintir a tá uiríosal a gCroidhe,
agus nach bhfuil ceangailte do Neithibh sao-
ghalta.



C. Cia hiad an Drong cheannsuighe?



F. Na Daoine fhuilingeas Masla agus Eug-
cóir go foighideach, agus d'ár luach Saothair
Talamh na mbeodh, eadhón, Ríoghacht Neimhe.



C. Cia hiad an Drong dhobrónach?



F. An mhuintir do chaoineas go geur a bPea-
caidhe féin, agus Peacaidhe Cháich oile; agus
do gheubhas, dá bhrigh-sin, Aoibhneas (1) dolabhar-
tha air Neamh.



C. Cia air a mbíonn Ocras agus Tart na
Córa?



F. Air an Dream, air a bhfuil Fonn mór dhul
air an Aghaidh go laetheamhuil is na Subháilcighibh.
(1) do-airiste.


L. 204


C. Cionnas a sáiseochar iad?



F. Ré hiomadamhlacht shaidhbhris agus Aoibh-
nis fhlaithis Dé.



C. Cia dhá nGoireann tú lucht na Tró-
caire?



F. Do na Daoinibh do bheir maitheamhnas d'á
gComharsain, do bhíos déirceach, cunghantach
ré lucht leathtroim; agus d'ar Luach Saothair
Maitheamhnas agus Trócaire ó Dhia.



C. Cia hiad lucht an chroidhe ghloin?



F. An mhuintir gan (1) ghoimh, gan Urchóid,
ag nach bhfuil Croidhe tugtha do pheacadh air
bith; agus dá bhrígh sin, do chífeas agus do
sheilbheochas Dia go síorruidhe.



C. Cia hiad lucht dheunta na Síothchána?



F. Na Daoine do smachtuigheas a nAinmhian-
ta chomhmaith sin, go mbíd a Síothcháin ré Dia,
ris an gComharsain, agus leo féin; agus do ní
Dithchioll air shíothcháin do dheunamh idir
Chách oile; agus dá nGoirthear, uime sin, Clann
Dé agus Comhoighridhe Chríosd air Neamh.



C. Cia hiad sin fhuilingeas inghreim air Son
an Cheirt?



F. An Dream air a gCuirthear Díbirt, nó
buaireadh fá an gCreideamh (2) fíre do chos-
nadh, nó fá na Subháilceadha do leanmhuin; nó
a tá ullamh chum báis féin d'fhulang, suil
chionntóchaidís an Aghaidh cheachtair dhíobh.



C. An bhfuil sé air ar láimh-ne na Subháil-
(1) Mhailís. (2) Fírinneach


L. 206


ceadha agus na Deághoibreacha-so uile do lean-
mhun, agus na Peacaidhe gráineamhla, air
ar labhramar do sheachnadh?



F. A tá gan Amharus, maille ré Grásaibh
Dé.



AN 19 LÉIGHIONN.



Do ghrásaibh Dé.



C. Creud is Ciall do ghrásaibh Dé?



F. Cialluighid a gCoitchinne gach uile thabhar-
tus da bhfághamuid an Aisge ó Dhia; agus
gach uile mhaith da nDeárnaidh go Fialmhar
dhúinn, agus nach ar thuilleamar air Aon-chor
uadh.



C. Cá mhéid Cineul Grás ann?



F. Is iomdha sin; a tá Cuid dhíobh Nádúrtha,
mar a táid Saoghal, Sláinte, Neart, Tuigse,
etc. Cuid oile ós Cionn Nádúire, mar a táid
ioncolnughadh Mhic Dé, Fuasgladh an Chinidh
Daonna, etc. a tá Cuid dhíobh a Taobh a muigh
dhínn, mar a táid Teagasg an tSoisgéil, ar
nGairm chum an Chreidimh etc. agus Cuid oile
immheadhónach nó Taobh a stigh dhínn, mar a táid
Creideamh, Dóthchas, Grádh, etc.



C. Creud go sunradhach thuigeas tú ré Grá-
saibh Dé?



F. Tuigim na Tíodhlaiceadha neámhdha, do


L. 208


dhóirteas Dia, tre na Mhór-thrócaire féin,
agus mar gheall air luaigheacht IOSA CRÍOSD,
ann ar gCroidhe, chum ar nGlanta ó Pheacadh,
agus chum go saoithreachamaois an bheatha mhar-
thunnach.



C. Cá mhéid Cineul Grás do dhóirteas Dia
ann ar gCroidhe?



F. Dhá Chineul, eadhón, Grasa Comhnuigheacha
agus Grása Gníomharthacha.



C. Creud thuigir ré Grásaibh Comhnuigh-
eacha?



F. Na Grása fhanas agus chomhnuigheas ann
ar nAnam, mar a táid na trí Subháilceadha
diadha, Creideamh, Dóthchas, agus Grádh; nó
na Grása do ghlanas sinn ó pheacadh, agus do
naomhas sinn.



C. Creud thuigeas tú ré grásaibh Gníomhar-
thacha?



F. Na Grása (1) luaimneacha, do thigeas
agus imthigheas, do shoillsigheas ar dTuigse,
agus ghluaiseas ar dToil chum an Uilc do
sheachnadh, agus chum Maitheasa do dheunamh.



C. An bhfuil na Grása riachtanach chum
gach Deághoibre?



F. A táid ró riachtanach chum gach Oibhre
agus gach Gníomha, do théid a Sochar d'ar
nAnam.



C. Nach féidir dhúinn Creideamh do ghlacadh,
(1) Umhlóideacha


L. 210


an tan teagasgthar dhúinn é, gan Congnadh
na nGrás.



F. Ní féidir dhúinn Creideamh, Dóthchas, ná
Grádh bheith aguinn, mar is riachtanach, gan
Grása oile, noch ollmhuigheas agus neartuigh-
eas an tAnam chum na Subháilceadh diadha-so
do ghlacadh.



C. Nach féidir dhúinn, má tá Creideamh,
Dóthchas, agus Grádh aguinn, Aitheanta Dé
agus na hEagluise do choimheud, gan Grása
Gníomha?



F. Ní féidir dhúinn Gníomh air bith, do rachadh
a Sochar do shláinte ar nAnma, do thionsgnadh
ná do chríochnughadh, gan Congnadh Gníomhach ó
Dhia, tré IOSA CRÍOSD.



C. An é nach féidir dhúinn, an chuid is lugha
dhe, Urnaigh do dheunamh air ar dTreoir féin
chum Dé, agus Grása d'iarraidh air, agus
d'fhághail uadha?



F. Ní féidir; óir gan Grása an Spioraid
Naoimh, "ní bhfuil fhios aguinn creud d'iarrfadh-
maois ann Urnaigh, mar budh chóir.



C. An é nach bhfuil Toil shaor aguinn?



F. A tá go cinnte; gidheadh ó pheacaigh ar
gCeud Athair Adhamh, a tá sí laig-bhrígheach
agus claon chum Uilc. Ós a chionn sin, dá
mbeith ar dToil shaor ann a ceud Neart, ní
fheudfamaois Aon-choiscéim do dheunamh chum
Rioghachta Neimhe, gan Congnadh neámhdha; uime
sin nach iongnadh a nois, "nach bhfuilmid cuma-


L. 212


sach air Aoin-ní smuaineadh uain Féin, mar
uain féin; acht gur ab ó Dhia a tá ar gCu-
mas".



C. Cionnas, más fíor sin, a tá Toil shaor
aguinn?



F. An mhéid go mormhór, gur ab fhéidir
dhúinn comhoibriughadh ré Grásaibh Dé, nó cur
na nAghaidh agus diúltadh dóibh; óir ní bhfuilmid
faoi Riachtanas air bith do thaobh cheachtair
dhíobh.



C. An dearbhtha, gur féidir linn cur an
Aghaidh Ghrás Dé?



F. Is ró dhearbhtha; óir farraor! cuirmid na
nAghaidh go laetheamhuil, agus comh minic agus
nach leanmaoid na Deághsmuaintighe, do bheir
Dia dhúinn.



C. An bhfuil sé air ar gCumas, maille ré
Cungnadh na nGrás, na hAitheanta do choimh-
líonadh?



F. A tá go dearbhtha; "óir do thig linn na
hUile Neithe do dheunamh ionn IOSA CRÍOSD,
noch do neartuigheas sinn ré na Ghrásaibh. Do
bhádar Sacarias agus Elisabet araon fír-
eunta a bhfiadhnuise Dé, ag siúbhal gan
Tobhéim ann uile Aitheantaib agus Ordhuigh-
thibh an Tighearna.



C. An dTugann Dia (1) leor-ghrása dhúinn
chum a Aitheantadh do choimheud.
(1) Grása go leor.


L. 214


F. Do bheir go cinnte; óir a tá Dia ro cheart
agus ró thrócaireach ré hUalach air bith do
chur oruinn, nach Féidir dhúinn d'iomchur; gi-
dheadh ní féidir dhúinn Aitheanta-san do choimh-
líonadh, mar is cóir, ná buaidh do bhreith air
Chathuighthibh an Diabhuil, an tSaoghail agus na
Colna, gan Cungnamh neámhdha ó Dhia, tré
IOSA CRÍOSD; ionnas gur Follas, go dTu-
gann Dia leor-chunghnamh dhúinn ré na Dhlígh-
eadh do choimhlíonadh.



C. Nach ar bhféidir ré Dia, gan Eígceart
air bith, ar bhfágbháil a nDorchadas, agus a
gCoir Pheacaidh na Sinnsear; agus dá bhrígh
sin, a Ghrása agus Fios a dhlighidh do dhiúl-
tadh oruinn?



F. Do bféidir gan Amharus; amhuil mar
d'fhág sé na hAingil Easurrumacha: gidheadh
ní dheárnaidh amhluidh sin ris ar gCineadh daon-
na; óir "níor choigil sé aon Mhac díleas féin,
acht do thug air ar Soin-ne uile é; agus ní
air Son ar bPeacaidh-ne amháin, acht fós air
Son pheacadh an Domhuin uile"; uime sin, bheir
sé a Reacht naomhtha dhúinn, agus Grása ré
na choimhlíonadh.



C. Nach féidir ré Dia, a nois féin, gan
Eugcóir air bith do dheunamh oruinn, Eolus a
Dhlíghidh, agus a ghrása do dhiúltadh orainn?



F. Is féidir go dearbhtha; óir níor ghrása,
ná (1) bronntanus na Grása, ach Fiacha nó
(1) bronnthachas


L. 216


Luach Saothair, dá mbeith d'Ualach air Dhia a
dTabhairt dhúinn. Gidheadh, tré na Mhór-thró-
caire féin agus Luaigheacht IOSA CRÍOSD,
ní mar sin do ní; acht do réir a gheallamhna,
do bheir Cuireadh dhúinn uile, ag rádh: "Tigidh
chugam-sa uile a bhfuilti corrtha, agus fá
Ualach, agus do bheuraidh mé Fuarughadh daoibh.
Tógbhuidh mo Chuing-si oraibh, agus foghla-
muigh uaim, do bhrígh go bhfuilim ceannsaighe
agus umhal a gCroidhe: agus do gheubhthaoi
Suaimhneas dá bhur nAnmaibh; óir a tá mo
Chuing-si Sáimh, agus m'Ualach eadtrom".



C. An fíor, nach dTréigeann Dia sinn tar
éis gur ghoir oruinn mar so, agus gur ghabh
linn mar Chloinn dhó féin?



F. Is cinnte, nach dTréigeann sé sinn, nó
go dTréigimid-ne air dTús é; óir a tá Dia
ró thrócaireach agus ró fhírinneach ann a
gheallamhnaibh.



C. Creud fá dTréigeann Dia sinn?



F. Fá thuitim a bPeacadh marbhtha.



C. An féidir na Grása, do tharruingeas
Dia uainn, d'fhágail air ais?



F. As féidir gan Amharus; gidheadh, air a
shon sin, ná breugadh Aoin-neach é féin go
diorruisge; óir is minic do theagmhas, nach
bhfaghthar air ais iad, do bhrígh go bhfuilid mó-
rán nach nDeunann Aithrighe, mar is dual.



C. An dTréigeann Dia sinn go hiomlán,
an tan do thuitmíd a bPeachad marbhtha?


L. 218


F. Ní thréigeann; ní chaillimid ar gCrei-
deamh acht ré hEígcreideamh, ná ar nDóthchas
acht ré hEudóthchas. Ós a chionn sin, bí Dia
d'ar nAthghairm, agus d'ar mbrosdughadh go
minic, ré na ghrasaibh, chum Urnaighe agus
chum Aithrighe.



C. An fíor, go músglann agus go mbros-
duigheann Dia an Peacach go minic chum Ur-
naighe agus Aithrighe?



F. Is fíor, amhuil mar dhearbhuigheas sé féin
dhúinn, ag rádh: "Feuch, seasaim ag an Do-
ras, agus bím dhá bhualadh, má éisdeann
Aoin-neach ré mo ghuth, agus go bhfoisgeolaidh
an Doras, racha mé a steach chuige". Tairis
sin, cia hE an Peacach; nach nGoineann a
Chroidhe é go minic, agus nach mothuigheann
guth Dé dhá dhúsacht agus dhá ghluasacht chum
Urnuighe agus Aithrighe?



C. Creud é deirir ris an Droing, do bheir
Cluas bhoghar do ghuth agus do ghairm Dé; do
mhasluigheas Spiorad na nGrás, agus do
tharcuisnigheas Saidhbhreas mhaitheasa agus
fhoighide an Tighearna?"



F. A deir an Spiorad Naomh, go "dTaisgid
dóibh féin Fearg do réir Chruais a gCroidhe
Neamhaithrighigh, fá chomhair Lae na Feir-
ge, agus na hAimsire a bhfoillseochar
Ceirt-bhreitheamhnus Dé, agus gur Ní ró
bhaoghlach tuitim a Lámhaibh an Dé bhí".



C. An dTuillid Pionús mór fá bheith ag síor-
chur an Aghaidh ghotha agus ghrás Dé?


L. 220


F. Ní bhfuil Pionús dá mheud, nach dTuillid;
óir tarcuisnighid Dia féin, an tan do níd
Neamhshuim d'á ghrásaibh agus d'á Mhórthró-
caire. "Saltraid Mac Dé faoi na gCosaibh",
agus do bheirid Dímheas d'á fhuil ró naomhtha,
noch do dórtadh air a Son; do ghlan iad ó phea-
cadh, agus do thuill dhóibh ó nAthair Neámhdha-
san na Tíodhlaicidhe agus na Grása-so, dá
nDiúltaid go coirbthe.



C. Creud a deirir ris an Dream do gheibh
mórán Grás ó Dhia, agus do bhíos ag síor-
thuitim a bPeacadh mharbhtha; agus ag sír-
éirghe as, más fíor dhóibh, gan Toradh na
nGrás ná na fíor-aithrighe do thaisbeánadh?



F. Cuiridh an Spiorad Naomh a gCosamhlacht
iad ré "Duine bhreathnuigheas a ghnúis a Sgá-
than, imthigheas roimhe, agus dhearmadas air
ball a chruth féin; agus fós ré Talamh do
shúigheas an fhearthuinn thig go minic air,
do bheir gidheadh Sgeathach agus Driseach
uadha, agus d'ar Críoch a losgadh".



C. Cionnas is féidir dhúinn an Ceirt-
dhioghaltas-so do sheachnadh, agus gnodhughadh
mar is cóir air ghrásaibh Dé?



F. Ní foláir dhúinn comhoibriughadh go hEás-
guidh, dúthrachach ré Grásaibh Dé, ag lean-
mhuin na nDeághsmuainteadh, do gheibhmid uadh,
go soilbhir; gan ar gCroidhe "do chruadhughadh
go bráth an Aghaidh gharma agus ghotha an
Tighearna, ná a thiodhlaicidhe neámhdha do gha-
bháil chugainn go díomhaoin, air Eagla go


L. 222


gCuirfiomaois Doilgheas nó Fearg air an
Spiorad Naomh", go gCaillfeamaois na Ta-
bhartuis do bhronn sé go fialmhar oruinn, agus
"go dTiúbhradh sé suas sinn d'Ainmhianaibh
gráineamhla ar gCroidhe féin".



C. Creud eile is cóir dhúinn a dheunadh?



F. Is riachtanach dhúinn Aire mhór do tha-
bhairt do Smuaintighthibh agus do ghluasacht ar
nAnma, agus ar gCroidhe do dhúnadh go deif-
reach an Aghaidh na nDrochchlaontadh do mhothuigh-
eamuid ag fás ionnuinn; óir is cinnte go
gCailltear an Chuid is mó do'n Domhan do
dhíoghbháil a Smuaintighe agus a gCroidhthe
féin do choimheud agus do stiúradh; agus nach
gComhnuighid Grása Dé is an Anam a tá
faoi (1) mhursantacht an Pheacaidh, do bhrígh
"nach féidir Comhar ná Ceangal a bheith idir
an Solas agus an Dorchadas", iodhon, idir
na Grása agus an Peacadh.



C. Creud eile fós is cóir dhúinn do dheunadh?



F. Ní foláir dhúinn "ar gCroidhe d'umhlughadh
faoi Láimh chumhachtaigh Dé, noch do chuireas an
Aghaidh na nUaibhreach, agus do bheir Grása
do'n Umhal; agus ar Slánughadh do shaothru-
ghadh maille ré Faitcheas agus Criothnughadh;
óir is é Dia oibrigheas ionnuinn an Toil
agus an Gníomh do réir a Dheághthola féin;
aguis ní feas d'Aoin-neach an Grádh nó Fuath
is fiu é.
(1) Mhoghsuine.


L. 224


C. Creud oile fá dheoigh is cóir dhúinn a dheu-
namh?



F. Más Mian linn Grása Dé do tharruing
go líonmhar oruinn, agus a gCumhdach agus a
meudughadh ionnuinn; is éigion dhúinn na Sacra-
muinteadh do thaithighidh, agus Urnaigh do dheu-
namh go minic.



C. Nach nDúbhrais cheana, nach féidir dhúinn
Grása Dé do thulleadh?



F. Dúbhras amháin, nach féidir dhúinn a
dTuilleadh air ar dTreoir féin; gidheadh is
cinnte, gur féidir dhúinn, maille ré Congnamh
na nGrás, Tuilleadh Grás d'fhághail ó Dhia,
agus dul ó Ghrásaibh go Grása, ó shubháilce go
Subháilce, tré thaithighe na Sacramuinteadh,
tré Urnuigh, agus tré Dheághoibreacha oile.


L. 226


AN 3 RANN.



DO'N TEAGASG CHRÍOSDUIDHE.



Do na Sacramuintibh.



C. Creud é an treas Ní a tá riachtanach
chum ar slánuighthe?



F. A tá na Sacramuinteadh do ghlacadh mar
is dual; gidh nach bhfuilid uile riachtanach do
gach uile dhuine.



C. Creud is Sacramuint ann?



F. A tá Comhartha sofhaicsiona na nGrás
dofhaicsiona, noch d'órduigh ar Slánuightheoir
IOSA CRÍOSD chum sinne do shaoradh, agus
do naomhadh.



C. Cá mhéid Sacramuint ann?



F. A seacht; iodhon, baisdeadh, Dul faoi
Láimh Easbuig, Sacramuint Choirp Chríosd,
Sacramuint na hAithrighe, Ola dhéidheanach,
Ord, agus Pósadh.



C. Creud is cóir do dheunamh, chum na Sa-
cramuinteadh do ghlacadh maille re Toradh nó
Tairbhe?



F. Is éigion dúinn sinn féin d'ollmhuighadh go
dúthrachtach, agus do theacht d'á nGlacadh go
cráibhtheach. Is cóir fós Moladh mór agus bui-
dheachas do thabhairt d'ar Slánuightheoir, fá na
Naomh-thoibreacha-so na nGrás d'fhágbháil ag


L. 228


an Eagluis, do chum an Chinidh daonna do ghla-
nadh ó shal an pheacaidh, agus do neartughadh
a Slíghe na beatha síorruidhe.



AN 1 LÉIGHIONN.



Do'n bhaisdeadh.



C. Creud is baisdeadh ann?



F. A tá Sácramuint do ghlanas sinn ó phea-
cadh na Sinnsear, agus do ní Clann do Dhia
agus do'n Eagluis dínn.



C. Nach saorann an baisdeadh Neach ó phea-
caidhibh oile leith a muigh do Pheacadh na Sinn-
sear?



F. Saoraidh sé gach Duine ó gach Peacadh,
do rinnidh sé suil do ghlac baisdeadh; agus ó phéin
an pheacaidh; má ollmhuigheann é féin mar is
cóir: agus dóirtidh sé iomad Grás agus
Tíodhlaiceadh ionn sa nAnam.



C. An bhfuil an baisdeadh riachtanach?



F. A tá gan Amharus; óir gan baisdeadh,
nó Mian baisdidh maille ré Teas-ghrádh Dé, ní
féidir Aoin-neach do shlánughadh; muna Mair-
tíreach é, do baisdear ré na Chuid Fola féin.



C. An féidir lé gach Aoin-neach baisdeadh
do dheunamh?


L. 230


F. Is féidir, an Am Riachtanais amháin,
agus an tan nach bhfuil Sagart ré fágháil;
acht ní bhfuil Cead ag Mnaoi a dheunamh a Lá-
thair Fir, ná ag Tuata a Láthair dhuine Ea-
gluise, etc.



C. Creud é an Ní hiarrthar chum an bhaisdidh
do dheunamh?



F. Ní foláir do Neach, Rún do bheith aige an
baisdeadh do dheunamh dha ríribh, agus Uisge
nádúrtha do dhórtadh air Cheannn (más féidir
é) an Té baisdthear, ag rádh na mbriathar-
so: "baisdim thú an Ainm an Athar, agus an
Mhic, agus an Spioraid Naoimh. Amen".



C. An bhfuil sé dlisdionach baisdeadh do ghla-
cadh Faoi dhó?



F. Ní ceart a ghlacadh, air Aon-chor, acht
Aon-uair amháin; do bhrígh go bhfágann sé Co-
mhartha spioradálta ansa nAnam, nach sga-
rann ris go bráth.



C. Creud é hiarrthar air an Té, lé ar Mian
baisdeadh do ghlacadh?



F. Iarrthar air, agus geallaidh sé do Dhia,
diúltadh do'n Diabhal, d'á Oibribh, d'á mhórdháil
agus d'á dhíomhaoineas go hUile. Tar a chionn
sin, ni foláir do'n Té, do thaínig chum Céille
suil do ghlacas baisdeadh, Creideamh a bheith
aige, Aithrighe do dheunamh ann a pheacaidhibh;
agus tosughadh air Dhia do ghrádhughadh.



C. Creud thuigeas tú ré hOibribh an Dia-
bhail?


L. 232


F. Gach uile ghné Peacaidh.



C. Creud thuigeas tú ré Mórdháil agus Dío-
mhaoineas an Diabhail?



F. Tuigim ris Glóir dhíomhaoin, Aird-mhiangh-
us saoghalta, agus gach gné oile do'n Uabhar.



C. Cionnas do baisdear na leinibh, ó nach
gCreidid, agus nach nGeallaid Aoin-ní suil
do ghlacaid baisdeadh?



F. Creidid agus Gealluid an Eagluis agus
na Cáirdeasa Críosd air a Son.



C. Creud fá dTugthar Cáirdeasa Críosd
dhúinn?



F. Ionnas go bhfreagóraidís air ar Son,
agus go múinfidís sinn, dá mbéidís ar
nAithre agus ar Máithre mainneachtnach, nó
marbh.



C. Cá mhéid do Cháirdeasaibh Críosd is cóir
do bheith ann?



F. Dias, an chuid is mó dhe, iodhon, Fear
agus bean; araon do'n Eagluis Chatoilice,
agus gan Míochlú.



C. Nach bhfuil Gné Gaoil nó Cleamhnuis spio-
radálta ag na Cáirdeasaibh Críosd agus ag
an Neach do bhaisdeas, ris an Té ghlacas
baisdeadh?



F. A tá gan Amhrus; agus fós ré nAthair
agus ré na mháthair: is uime sin, toirmisg-
thear ortha a chéile do phósadh.



C. An bhfuil sé d'fhiachaibh oruinn gach Ní dar
ghealladar ar gCáirdeasa Críosd air ar
Son, do choimhlíonadh go díleas?


L. 234


F. A tá go cinnte; óir is air an gConradh-
soin, do tugadh baisdeadh dhúinn, agus do rin-
neadh boill do'n Eagluis agus Oighridhe air
Ríoghacht Neimhe dhínn.



C. Creud é an tUalach do chuireas an bais-
deadh oruinn?



F. A tá, ar Saoghal do chaitheamh ansa gCrei-
deamh chatoilice, Aitheanta Dé do choimhlíonadh,
agus Lorg ar Slánuightheora IOSA CRÍOSD,
agus na Naomh do leanmhuin go dúthrachtach.



AN 2 LÉIGHIONN.



Do'n tSacramuint air a dTugthar, Dul faoi
Láimh Easbuig.



C. Creud is Dul faoi Láimh Easbuig ann?



F. A tá Sacramuint do bheir Grása
móra dhúinn, Meisneach agus Neart spiora-
dálta do chum ar gCreidimh d'admháil, agus
chum Loirg Chríosd do leanmhuin ós áird, gé
go gCuirfidhe chum báis sinn air a shon.



C. An eadh nach bhfágann an tSacramuint-
si Comhartha an sa nAnam, amhail mar fhágas
an baisdeadh?



F. Fágaidh gan Amharus; agus is uime
sin, nach dlisdionach a glacadh acht Aon-uair
amháin.


L. 236


C. Cia do bheir an tSacramuint-si dhúinn?



F. An tEasbug amháin.



C. Cionnas do bheir sé uadh í?



F. Cuiridh sé a dhá Láimh ós Cionn an Té, lé
ar Mian an tSacramuint-si do ghlacadh; agus
cuiridh Ola choisrigthe air Chlár a Eudain, ag
rádh briathar áirighe, do chialluigheas brígh
agus Toradh na Sacramuinte-si.



C. Cia dá'r cóir a glacadh?



F. Do gach Críosduidhe, do ghlac baisdeadh,
más féidir é go comhgarach; óir peacaighe go
trom an Té, do ní Neamhshuim do'n tSacra-
muint-si.



C. Cá Tráth is cóir a glacadh?



F. An tan do thig Neach chum Céille nó
Críonnachta, agus go hAírighe, an tan
do nithear géir-leanmhain air fá na Chreideamh.



C. Creud é an tOllmhughadh is riachtanach
do'n Té, ré ar Mian dul faoi láimh Easbuig?



F. Is riachtanach dhó, Fios (1) bhun-alt an
Chreidimh do bheith aige; Gníomh Creidimh do
dheunamh; agus a (2) Choguas do ghlanadh ó
gach uile pheacadh marbhtha.



C. Creud is cóir do dheunamh tar éis a dhul
faoi Láimh Easbuig?



F. Is cóir do Neach, buidheachas mór do bhreith
ré Dia fá iomad na nGrás, do fuair uadh;
(1) phríomh-Airtiogal. (2) Choinsias


L. 238


Rún daingion do ghlacadh, a bheatha do chaitheamh
go críosdhamhuil; agus a Chreideamh d'admháil
ó bheul; "óir ris an gCroidhe creidthear chum
Fíreuntachta, agus ris an mbeul nithear
Admháil cum Slánughthe.



C. Creud oile is cóir dhúinn a dheunamh?



F. Is cóir dhúinn fós Tortha an Spioraid
Naoimh d'iarraidh air Dhia go dithchiollach, mar
a táid, Carthunnacht, Gáirdeachas, Síoth-
cháin, Foighid, Fad-fhulang, Maitheas, Deágh-
thoil, Ceannsacht, Creideamh, Macántas,
Measardhacht, agus Geanmnuigheacht.



C. Creud oile is cóir a dheunamh?



F. Tíodhlaiceadh an Spioraid Naoimh d'iar-
raidh go dithchiollach air Dhia, mar a táid,
Eagna; Tuigse, Comhairle, Neart, Fios,
Buidhe agus Eagla an Tighearna.



C. Creud is Eagna ann?



F. Tíodhlaice ó'n Spiorad Naomh, tré nDeun-
maoid Neamhshuim do Neithibh saoghalta, agus
tré (1) mbeirmíd Dúil agus Grádh do Dhia,
agus do gach Ní bheanas ré Dia.



C. Creud is Tuigse ann?



F. Tíodhlaice ó'n Spiorad Naomh, tré dTuig-
míd, agus tré leanmaoid go hEasguidh gach
Rúin-diamhair agus gach Fírinne bheanas do'n
Chreideamh.



C. Creud is Comhairle ann?



F. Tíodhlaice ó'n Spiorad Naomh, do bheir
(1) dTugmaoid


L. 240


dhúinn na Neithe, do théid a nGlóir do Dhia,
agus a leas d'ar nAnam, do thoghadh dhúinn
féin, agus do chomhairleadh do Chách eile.



C. Creud is Neart ann?



F. Tíodhlaice, do chuidigheas rinn gach buai-
readh agus gach Leaththrom d'fulang air Son
Chríosd, agus buaidh do bhreith air Naimhdibh
ar nAnma.



C. Creud is Fios ann?



F. Tíodhlaice o'n Spiorad Naomh, do thais-
beánas dhúinn an tSlíghe chum Ríoghachta Neimhe,
agus gach Toirmiosg, do chuirfeadh air Sea-
chrán sinn.



C. Creud is buidhe nó Cráibhtheacht ann?



F. Tíodhlaice o'n Spiorad Naomh, tré nDeun-
maoid go hUmhal, éasguidh gach ní, do théid a
(1) Mórdháil agus a Moladh do Dhia.



C. Creud is Eagla an Tighearna ann?



F. A tá Tíodhlaice o'n Spiorad Naomh, tré a
gCriothnuighmid fá Aoin-ní do dheunamh, nach
taithneamhach ré Dia.
(1) nGlóir.


L. 242


AN 3 LÉIGHIONN.



Do Naomh-shácramuint Choirp Chríosd.



C. Creud is Sacramuint Choirp Chríosd
ann?



F. A tá Sacramuint, ionn a bhfuilid, go
cinnte, fírinneach, Corp agus Anam, Fuil
agus Feoil, Daonnacht agus Diadhacht ar Slá-
nuightheora IOSA CRÍOSD, a láthair, faoi
ghné Aráin agus Fíona.



C. Creud thuigeas tú ré Gné Aráin agus
Fíona?



F. Tuigim an Ní oibrigheas air ar gCeud-
faidhibh corpordha, mar a táid blas, boladh,
Dath agus Cumadh Aráin.



C. An bhfuil Arán nó Fíon, a Sacramunt na
hAltóra?



F. Ní bhfuil; óir iompoighthear (1) Tábhacht nó
bunadhas an Aráin agus an fhíona go hiom-
lán, a bhfuil agus a bhFeoil IOSA CRÍOSD,
tré bhrígh na mbriathar ró bheannuighthe do chanas
an Sagart, an tan do Naomh-choisreagas sé
an tArán agus an Fíon an Ainm agus a
bPearsoin Chríosd.



C. Cionnas iompoighthear an tArán agus,
(1) Substaint


L. 244


an Fíon a bhfuil agus a bhFeoil Chríosd?



F. Ré Cúmhachtaibh Dé; tré ar cruthuigheadh
an Domhan do Neimhní; tré ar iompoigh Maoise
na hAibhne a bhfuil; tré nDeárna ar Slánuigh-
theoir Fíon do'n Uisge; agus tré nDeuntar
go laetheamhuil mórán do Neithibh iongantacha,
nach féidir linn-e do choimsiughadh, ná do thuig-
sin.



C. An bhfuil Fuil Chríosd faoi ghné an Aráin,
agus a fheoil faoi ghné an fhíona?



F. A táid: óir a tá Críosd, gan Roinn,
faoi gach gné dhíobh.



C. An bhfuil ar Slánuightheoir ionn gach (1)
Abhlann choisrigthe?



F. A tá go cinnte, bíodh gur beag nó mór
an Abhlann.



C. An tan a bristear an Abhlann chois-
rigthe, an mbristear fós Corp ar dTighear-
na?



F. Ní bristear air Aon-chor; óir gidh go
bhfuair sé bás Aon-uair amháin, d'a thoil
féin, mar gheall orainn-e; ní féidir feasda,
a Chorp Glórmhar do bhriseadh, do lot, ná do
bhásughadh.



C. O nach féidir Naomh-chorp Glórmhar ar
Slánuightheora do bhriseadh; agus nach bhfuil
Arán ná Fíon ann, ré na mbriseadh, na ré
na roinn; creud oile bristear nó roinntear?



F. Roinntear Gné nó Tais an Aráin agus
an fhíona.
(1) Abhlainn.


L. 246


C. An bhfuil Corp Chríosd ionn gach Cuid,
tar éis an Abhlann choisrigthe do bhriseadh?



F. A tá Críosd go hiomlán, eidir Dhaon-
nacht agus Dhiadhacht, ionn gach Mion-chuid
do'n Abhlann, amhuil san Chuid is mó.



C. An bhfágbhann Críosd Ríoghacht Neimhe,
an tan a thig chugainn-e ansa'n tSácra-
muint si?



F. Ní fhágbhann; óir a tá sé is an Am
gCeudna, air Neamh agus air Talamh, ann
gach uile Aít a nDeirthear Aifrionn, agus
ann gach ionad a bhfuil Sácramuint a Naomh-
choirp féin.



C. Cionnas is féidir sin do bheith?



F. Lé Mór-chumhachtaibh Dé, dá nach bhfuil
Aoin-ní doidheunta; agus dár ab uras ni as
mó do dheunamh ioná is féidir linn e do thuigsin.



C. An Té ghlacas an tSácramuint-si faoi ghné
an Aráin amháin, nó faoi ghné an fhíona amháin,
an nGlacann sé Críosd go hiomlán, mar an
Té ghlacas í faoi an dá ghné?



F. Is cinnte go nGlacann; do brígh go bhfui-
lid Fuil agus Feoil, Daonnacht agus Diadhacht
ar Slánuightheora dosgartha ó chéile; óir "ní
bhfuil Tighearnus, no Cumhacht feasda ag an
mbás air".



C. Nach ar aithin Críosd dhínn uile, a gla-
cadh faoi an dá ghné?



F. Níor aithin; óir an tan do chuir sé an
tSácramuint-se air bun, agus d'órduigh d'a


L. 248


raibh a láthair, an Chailís d'ól, ní raibh ann
acht na hAbsdoil amháin; agus air Eagla go
saoilfidhe gur aithin sé dhínn uile, a glacadh
faoi an dá ghné, geallaidh sé an bheatha shíor-
ruidhe do'n Té ghlacas Í faoi ghné an Aráin
amháin, ag rádh: "an Té itheas an tArán-so,
mairfidh sé go bráth".



C. Cá hUair do chuir ar Slánuightheoir an
tSácramuint-se air bun?



F. An Oídhche roimhe a Pháis agus a bhás air
Son an Cheinidh daonna.



C. Creud fá dTug sé an tSácramunt-se
dhúinn?



F. Air cheithre hAdhbhraibh; air dTús, chum a
Mhór-ghrádha do chur an umhail dúinn.



C. Creud é an dara hAdhbhar?



F. Cum go mbiadh gnáth-chuimhne aguinn air
an mbás, d'fhuluing sé mar gheall orainn-e.



C. Cionnas do chuireas Naomh-shácramuint
na hAltóra bás ar Slánuightheora a gCuimhne
dhúinn?



F. An mhéid go bhfuil ar dTighearna air an
Altóir amhail (1) Marbháin; agus go gCui-
reann Sgaradh ghné an Aráin, do chialluigheas
a Naomh-chorp, ó ghné an fhíona, do chialluigheas
a fhuil ró Uasal-san, a gCuimhne dhúinn, gur
sgaradh a chorp agus a Anam, a fhuil agus
a fheoil-sion ó chéile, a gCrann na Croiche.
(1) Marbhán.


L. 250


C. Creud é an treas Adhbhar far fhág ar
Slánuightheoir an Naomh-shácramuint-se aguinn?



F. Do chum go mbeith na biadh spioradálta
d'ar nAnam, agus do chum beatha na ngrás
do mheudughadh agus do neartughadh ionnainn-e.



C. Creud é an ceathramhadh hAdhbhar?



F. Do chum go mbeith Geall, agus Comhartha
cinnte aguinn, gur Mian leis dá ríribh, Eis-
éirghe ghlórmhar, agus beatha shíorruidhe do
thabhairt dhúinn.



C. Creud fá gCreideann tú na Neithe-se
go hUile?



F. Do bhrígh gur fhoillsigh Dia iad d'ar Naomh-
mháthair an Eagluis.



C. Creud leanas as a nDubhramar?



F. Leanaidh as, go bhfuil d'fhiachaibh oruinn ar
nDia agus ar Slánuightheoir ró thrócaireach
IOSA CRÍOSD d'adhradh, do ghrádhughadh
agus do mholadh ansa Naomh-shácramuint-si,
amhuil do níd na Naoimh agus na hAinglibh air
Neamh.



C. Creud oile fós do leanas as?



F. Leanaidh as mar an gCeudna, gur cóir
dhúinn sinn féin d'ollmhughadh go dithchiollach,
chum na Naomh-shácramuinte-se do ghlacadh go
minic maille ré Creideamh agus ré Crábhadh.


L. 252


Do'n Ollmhughadh is indeunta do chum
Comaoineach.



C. Creud thuigeas tú ré (1) Comaoineach?



F. Tuigim Glacadh nó Caitheamh Fola agus
Feola, Daonnachta agus Diadhachta ar Slá-
nuightheora IOSA CRÍOSD, go fírinneach, faoi
ghné Aráin, nó Fíona.



C. Gá mhéid Coinghioll, riachtanach do chum
Deághchomaoineach do dheunamh?



F. A tá dhá (2) ghné dhíobh ann, iodhon, Gné do
bheanas ris an gCorp, agus gné eile bheanas
ris an Anam.



C. Creud é an tOllmhughadh bheanas ris an
gCorp?



F. A tá gan biadh, ná Deoch, ná Leigheas do
chaitheamh ó Mheodhan-oidhche, do bheith go ciuin
cuibheasach; agus go tromdha, dóigheamhuil ann
Eudach.



C. Nach bhfuil sé ceaduigheach air Uairibh Co-
maoineach do ghlacadh, gidh nach biadh Neach air
Ceudlongadh?



F. Is féidir do'n Té, a tá a gContabhairt
báis, Comaoineach do ghlacadh mar lón chum na
beatha síorruidhe, gidh gur chaith Oileamhuin
éigin roimhe.



C. Creud é an tOllmhughadh is riachtanach do
thaobh an Anma?
(1) Comaoin. (2) shórt.


L. 254


F. Is riachtanach bheith saor ó gach uile pheacadh
marbhtha; do bheith a nGrádh ré Dia agus ris
an gComharsain; agus d'á bhrígh sin Síocháin
do dheunamh ré ar nEascáirdibh, más féidir é;
agus do theacht chum na hAltóra go tromdha
cráibhtheach; óir "gidh bé íosas an tArán-so,
nó ibhfeas Cailís an Tighearna go mífhiúghan-
tach, biaidh sé cionntach do Chorp agus
d'fhuil an Tighearna".



C. An nGlacann an Drung, a tá a bPeacadh
marbhtha, Corp Críosd?



F. Glacaid; acht is do chum iad féin do
dhamnughadh go síorruidhe, do ghlacaid é; amhail
mar do rinne Iúdás.



C. Creud f'ar Cúis Damanta dhóibh é?



F. Do bhrígh go nGlacaid é air dhrochstaid.



C. An Peacadh mór a ghlacadh air dhroch-
staid?



F. Ní féidir do Neach tuitim a bPeacadh is
mó ioná é.



C. An féidir do'n Té, a tá a bPeacadh
sologhtha, Comaoineach do ghlacadh go tair-
bheach?



F. Is cóir do gach Neach a dhithchioll do dheu-
namh air a bheith saor ó pheacadh sologhtha; agus
go hAirighe, gan a bheith claon ná ceangailte
dhó, air Eagla go gCaillfeadh Toradh na
Deághoibre-si.



C. Creud é an Caon dúthracht nó an Crábhadh-
soin, is cóir do Neach a bheith aige, do chum
Deághchomaoineach do dheunamh?


L. 256


F. Ní foláir dhó, Gníomha áirighe do dheunamh
roimhe, agus a nDiaigh Comaoineach.



Do na Gníomhaibh is cóir a dheunamh roimh
Comaoineach.



C. Creud iad na Gníomhartha, is cóir a
dheunamh roimh Naomh-chorp Chríosd do
ghlacadh?



F. Gníomha Creidimh, Umhlachta, Croidhe-
bhrúighidh, Dóthchais, agus Grádha.



C. Deuna Gníomh Creidimh.



F. "A hTighearna, mo Dhia, creidim o mo
Chroidhe go daingion, diongmhálta, go bhfuilid
d'fhuil, agus d'fheoil-se, do Dhaonnacht gan
Roinn, agus do Dhiadhacht a láthair go deimhin,
dearbhtha ann sa Naomh-shácramuint-se, faoi
ghne Aráin agus Fíona; do bhrígh go nDúbhrais
féin é.



C. Deuna Gníomh Umhlachta?



F. "A hTighearna, ní fiú mise, thusa, Rígh
Neimhe agus Talmhan, do theacht chugam, do
bhrígh gur Creatúr ró bhocht, agus ró thar-
cuisneach mé; agus gur thuilleas d'Fearg-sa
go minic, tré mo ró Choir féin".



C. Deuna Gníomh Croidhe-bhrúighidh.



F. "O a hTighearna is, ró mhór do ghoilleas
air mo Chroidhe tFearg-so do thuilleadh, do
bhrígh go bhfuil tú ró mhaith, agus ró gheana-
mhail; agus do bhrígh go bhfuilir ró ghnásamhuil
agus ró thrócuireach riomsa, an Peacthach


L. 258


bocht, a tá Rún daingion agum, maille ré
Congnamh do ghrás, gan tFearg-so do thuil-
leadh ó so suas.



C. Deuna Gníomh Dóthchais?



F. "O a hTighearna, a tá Súil agus Muini-
ghin mhór agam, go saorfair mé ó pheacadh,
tréas an tSácramuint-se; go líonfaidh tú
mé ré do ghrásaibh; agus go (1) dTaibheor-
fair Glóir Neimhe dhamh".



C. Deuna Gníomh Grádha?



F. "O a hTighearna, grádhuighim thú ó mo
Chroidhe go hiomlán agus ós Cionn gach uile
Ní; do bhrígh go bhfuil tú ró mhaith agus ró
gheanamhail; agus gur tú m'Aoibhneas agus
mo shonas síorruidhe".



Do na Gníomhaibh, is cóir do dheunadh tar éis
Comaoineach.



C. Creud iad na Gníomha, is inDeunta a
nDiaidh Comaoineach?



F. Gníomha Adhraidh, buidheachais, Toirbhirthe,
Athchuingidh, agus Deághrúin.



C. Cionnas do ní tú Gníomh Adhraidh?



F. A deirim: "A hTighearna, adhraim agus
moluim thú ansa tSácramuint dhiadha-so;
agus admhuighim, gur tú mo Chruthaightheoir,
mo shlánuightheoir, m'Aird-thighearna-sa,
agus Aird-Rígh an Domhain uile".
(1) dTiúbhrair.


L. 260


C. Deuna Gníomh buidheachais.



F. "Do bheirim míle buidheachas dhuit, ó mo
Chroidhe go hiomlán, fá mar dheonaighis, tré
do Mhór-ghrásaibh, thú féin do thabhairt dhamh".



C. Deuna Gníomh Toirbhirthe?



F. "A hTighearna, toirbhirim agus tiomnui-
ghim dhuit mo Smuaintighe, mo bhriathra, mo
ghníomhartha agus mé féin go hiomlán, do chum
go madh leat féin go léir mé".



C. Deuna Gníomh athchuingidh?



F. "A hTighearna, guidhim thú go ró úmhal,
gach Ní, a tá do Riachtanas oram, do tha-
bhairt dhamh; agus go hAirighe, Grása neart-
mhara, chum nach gCuirfinn Fearg ort go
hEug".



C. Deuna Gníomh Deághrúin?



F. "A hTighearna, do budh fheárr liom mo
bhás ioná tuitim a bPeacadh, tar éis ar
thaisbheánais do thrócaire agus do ghrádh
dhamh".



C. Creud is inDeunta Lá na gComaoineach?



F. Is cóir dhúinn iomad Comhluadair agus
Cainnte do sheachnadh; ar gCeudfadha do choi-
mheud go hAireach; Aifrionn, Teagasg agus
Urnaigh choitchionn (1) an pharráisde nó na
hEagluise d'éisdeacht; agus an Chuid is mó
do'n Lá-soin, do chaitheamh go ciúin, cráibh-
theach.
(1) na Parráisde.


L. 262


C. Creud é an Dualgas bunadhasach do bhíos
air an Té do ghlacas Comaoineach?



F. A tá d'fhiachaibh air a shaoghal agus a
shláinte do chaitheamh go diagha, amhail do chaith
IOSA CRÍOSD agus na Naoimh a mbeatha
air Talamh.



C. Cá hUair a tá d'fhiachaibh oruinn Comaoi-
neach do ghlacadh?



F. An Aimsir na Cásga, an Chuid is lugha
dhe; agus a gContabhairt báis.



C. Nach cóir Comaoineach do ghlacadh ní as
(1) mionca ioná aon Uair amháin ansa mblia-
ghain?



F. Do bfeárr ré Dia agus ris an Eagluis;
go mbeith gach Críosduidhe ollamh chum na Naomh-
shácramuinte-si do ghlacadh go laetheamhuil.



C. An cóir a chomhairleadh do gach uile Chríos-
duidhe, Comaoineach do ghlacadh go laetheamhuil?



F. Ní cóir; óir is annamh Duine ollmhuigheas
é féin; mar is cuibhe, chum na Naomh-shácra-
muinte-si do ghlacadh go minic.



C. Cionnas mar sin, is cóir do Neach é féin
d'iomchar, do thaobh thaithighe na Mór-shácra-
muinte-si?



F. Tairgeadh gach Duine go dithchiollach a
bheatha do chaitheamh go hionraic, agus go
(1) Líonmhaire


L. 264


chráibhtheach, ionnas go mfiú é, air mhodh éigin,
Comaoineach do ghlacadh go minic. Gidheadh, deu-
nadh an tiomlán, do réir Chomhairle Oide
Faoisidine, bhias diagha, foghlumtha.



C. Creud is cóir dhúinn do dhéanamh, an tan
nach nGlacmuid an Naomh-shácramuint-se?



F. Is cóir dhúinn Comaoineach spioradálta
do dheunamh.



C. Creud a thuigeas tú ré Caitheamh Comaoi-
neach spioradálta?



F. Tuigim ris, gur cóir dhúinn Fonn do bheith
oruinn an Naomh shácramuint-se do ghlacadh;
Doilgheas fós do bheith oruinn f'an bPeacadh,
noch do thoirmiosgas sinn ó an Oileamhain
Neámhdha-so do ghlacadh; agus a iarraidh go
hUmhal mar Athchuingidh air ar Slánuightheoir,
a theacht chugainn, agus áitreabhadh ionn ar
gCroidhthibh re na ghrásaibh.



AN 4 LÉIGHIONN.



Do hSácramuint na hAithrighe.



C. Creud is Sácramuint na hAithrighe ann?



F. A tá Sácramuint ré maithtear dhúinn na
Peacaidhe, do nímid tar éis baisdidh.



C. Cionnas a maithtear na Peacaidhe ris
an tSácramhuint-se?


L. 266


F. Maithtear iad tré Aithrighe na bPeacach,
agus ré (1) Saoir-bhreith an tSagairt.



C. An Féidir leis an (2) tSagart Pecaidhe
do mhaitheamh?



F. Is féidir, do bhrígh go dTug IOSA
CRÍOSD na Cumhachta-so dhó.



C. An bhfuil Sácramuint na hAithrighe riach-
tanach chum ar slánuighthe?



F. A tá sí coimhriachtanach re baisdeadh,
do thaobh gacha Duine, do thuiteas a bPeacaidh
marbhtha tar éis baisdidh.



C. Ann maitheann Dia ar bPeacaidhe dhúinn
ris an tSácramuint-se, air an gConradh
gCeudna, air ar mhaith iad is an mbaisdeadh?



F. Go dearbhtha ní mhaitheann; óir do réir
"cheirt-bhreitheamhnuis Dé, ní maithtear dhúinn
na Peacaidhe marbhtha, do rinneamar tar
éis baisdidh, Gan mórán Doilghis agus
Saothair".



C. An é nach bhfághann gach uile dhuine, do thig
chum na Sácramuinte-si, Maitheamhnas ann a
pheacaidhibh?



F. Ní fhághann; do bhrígh nach dhTugaid na
(1) Absolóid. (2) Sagart


L. 268


Coinghill leo, noch iarras ar Slánuightheoir
orrtha.



C. Cá mhéid Coinghioll is riachtanach do'n
Aithrigheach?



F. Cúig Coinghill; air dTús, a Choguas do
mhion-sgrúdadh. 2. An Peacadh d'fhuathughadh;
agus Doilgheas do bheith air fá thuitim ionn,
agus fá fheirg Dé do thuilleadh. 3. Rún dain-
gion do ghlacadh gan peacughadh ní sa mó an
Aghaidh Naomh-thola Dé. 4. Faoisidin ghlan do
dheunamh ionn a Pheacaidhibh go hUile, ré Sa-
gart, ag a bhfuilid Cumhachta o'n Eagluis.
5. Rún Leoir-ghníomh do dheunamh ré Dia agus
ris an gComharsain, do réir a Chumais.



Do Sgrúdadh an Choguais.



C. Creud is Sgrúdadh Coguais ann?



F. A tá Cuartughadh dúthrachtach, do ní Neach
ionn intinn féin, do chum go gCuimhneochadh air
a Pheacaidhibh, go dTiúbhradh Gráin agus Mío-
dhúil dhóibh, agus chum go gCuirfeadh sé a bhfaoi-
sidin iad.



C. Creud é an Dithchioll is riachtanach dhúinn
do dheunamh na thaobh so?



F. An Dithchioll agus an Dúthracht cheudna,
do dheunmaois a dTimchioll ghnothuidheadh móra,
tairbheacha an tSaoghail.



C. An nDeunaid an Dream, nach sgrúdann
a gCoguas, faoisidin mhaith?



F. Ní dheunaid; óir ni cosmhuil air Aon-chor,


L. 270


gur féidir dhóibh, Fios a bPeacaidheadh do bheith
aca, ná a gCur a bhfaoisidin.



C. Creud is cóir dhúinn a dheunamh, chum
grinn-Eoluis d'fhághail air ar bPeacaidhibh?



F. Is cóir dhúinn iarraidh mar ghrása air
Dhia, Fios ar bPeacaidheadh do thabhairt dhúinn,
agus na dhiaidh sin, ar gCoguas do mhion-
sgrúdadh, do thaobh Aitheanta Dé agus na
hEagluise; agus do thaobh na gCinn-pheacai-
dheadh marbhtha, air ar labhramar roimhe so go
foirleathan.



C. Cionnas do ní tú an Mion-sgrúdadh-so?



F. Más annamh is an mbliaghain do ním
Faoisidin, smuainim air gach Ní dhíobh-so fá
leith, agus féachaim go grinn creud ionn,
agus gá mhéid Uair do chuireas Fearg air
Dhia lé Smuaineadh, lé bréithir, lé Gníomh,
nó lé Faillighe.



C. Nach bhfuilid Peacaidh áirighe ann, air ar
cóir dhúinn ar gCoguas do mhion-sgrudadh, go
ró dhúthrachtach?



F. A táid, iodhon, na Peacaidhe do bheanas
ré ar (1) nGairm bheatha, agus na Peacaidhe
is mó d'a bhfuilmíd claon, nó tugtha.



C. Creud is inDeunta do Neach chum gur
bhféirde choimhneochadh sé air a pheacaidhibh?



F. Is cóir dhó smuaineadh air na hAítibh,
agus air na Comhluadraibh, ionn a raibh; agus
(1) Staid


L. 272


fós cionnas do chaith sé a Aimsir, nó do
choimhlíon Dualgas a ghairme, do thaobh Dé
agus na Comharsan.



AN 5 LÉIGHIONN.



Do'n Chroidhe-bhrúghadh.



C. Creud é an dara Ní, is riachtanach chum
Sácramuinte na hAithrighe?



F. Croidhe-bhrúghadh; nó Croidhe bhriseadh.



C. Creud is Croidhe-bhrúghadh ann?



F. A tá Doilgheas Croidhe fá thuitim san
bPeacadh; agus Fuath air na Peacaidhibh, maille
ré Rún fírinneach sinn féin do leasughadh.



C. An nDeunaid an Drong úd Faoisidin
mhaith, air nach mbí Doilgheas fá thuitim san
bPeacadh?



F. Ní dheunaid; oir a tá an Doilgheas-so ró
riachtanach.



C. Creud iad na Coinghill iarras an Deágh-
dhoilgheas-so?



F. Is éigion dó bheith, air dTús, (1) inmheo-
dhónach. 2. ós Cionn na Nádúire. 3. Coitchionn.
4. An Aird-chéim, nó ós Cionn gach Doilgheasa.



C. Creud chialluigheas a rádh, gur cóir do'n
Doilgheas-so a bheith "inmheodhónach"?
(1) taobh a stigh.


L. 274


F. A tá, nach foláir a theacht o'n gCroidhe
go fírinneach.



C. Creud chialluigheas a rádh, "ós Cionn na
Nádúire"?



F. A tá, gur ab éigion gur ó Ghluasacht
ghrás an Spioraid Naoimh; agus fá na
hAbhbraibh, do mhúineas an Creideamh dhúinn, do
thriallfas an Doilgheas-so.



C. Creud iad na hAdhbhair-sin, do mhúineas
an Creideamh dhúinn?



F. A tá Eagla roimh theine Ifrinn; Fuath
air ghráineamhlacht an pheacaidh; (1) Caill Ríogh-
achta Neimhe; agus Maitheas Dé.



C. Nach leor do Neach Doilgheas do bheith air
f'an bPeacadh, do bhrígh go do Tuilleann dó
Achmhusán agus Mímheas ó'n gComharsain, nó
Díoghbháil shaoghalta air bioth?



F. Ní fhóireann; do bhrígh nach mar gheall air
Dhia, ná air na Neithibh, do mhúineas an Crei-
deamh dhúinn, acht mar gheall air an tSaoghal,
do bhíos an Doilgheas truaillighe-se air Neach.



C. Creud fá nAbair tú, gur cóir dhó bheith
Coitcheann?



F. Do bhrígh, gur riachtanach, an Doilgheas-
so a bheith fá gach uile pheacadh marbhtha, an
chuid is lugha dhe.



C. Creud fá nAbrann tú, gur cóir dhó
bheith ann Aírd-chéim?
(1) Cailleamhuin.


L. 276


F. Do bhrígh, gur riachtanach dhúinn, Fuath do
bheith aguinn air an bPeacadh ós Cionn gach
uile Neithe dha Olcas; óir ní bhfuil Olc ann comhr-
leis.



C. Cá mhéid Cineul Croidhe-bhruighidh ann?



F. Dá Chineul; Croidhe-bhrúghadh iomlán agus
Croidhe-bhrúghadh Neimhiomlán.



C. Creud is Croidhe-bhrúghadh iomlán ann?



F. A tá Doilgheas fá fheirg do chur air
Dhia, do bhrígh go bhfuil sé ró mhaith ionn féin,
agus go bhfuil Gráin aige air an bPeacadh.



C. Deun Gníomh Croidhe-bhrúighidh iomláin?



F. "A hTighearna, is mór do ghoilleas oram
d'fhearg-so do thuilleadh, do bhrígh go bhfuil tú
ró mhaith agus ró gheanamhail. A tá Rún
agam, maille ré do Ghrásaibh, mo bheatha
do leasughadh".



C. Creud is Croidhe-bhrúghadh Neimhiomlán
ann?



F. A tá Doilgheas Croidhe fá thuitim san
bPeacadh, tré na ghráineamhlacht; nó air
Eagla roimh theinidh Ifrinn; maille ré Fuath air
an bPeacadh, agus ré Dóthchas, Maitheamhnus
d'fhághail ó Dhia.



C. Deun Gníomh Croidhe-bhrúighidh Neimhiom-
láin?



F. "A hTighearna, is ró mhór do ghoilleas
oram Fearg do chur ort, do bhrígh go bhfuil
an Peacadh ró ghráineamhuil, agus go gCui-
reann mé a gConntabhairt do Radharc agus
do fhlaitheas Neámhdha do chailleadh go bráth;


L. 278


agus mé féin do dhamnughadh go síorruidhe. A tá
Rún agum, maille ré do ghrásaibh, mo
bheatha do leasughadh".



C. An maithtear a pheacaidhe do'n Té, a tá
Croidhe-bhrúigthe go hiomlán, an tan nach bhfuil
sé air a Chumas faoisidin do dheunamh?



F. Maithtear; má tá Rún Faoisidine aige.



C. An leor an Croidhe-bhrúghadh Neimhiomlán
maille ré Sácramuint na hAithrighe, chum Mai-
theamhnais d'fhághail ann ar bPeacaidhibh?



F. Is leor, an tan nach dTasduighe ann Aon-
choinghioll do na ceithre Coinghillibh, air ar la-
bhramar shuas; agus má "toisigheann an
tAithrigheach air Dhia, Tobar gach uile fhí-
reuntachta, do ghrádhughadh".



Do Neithibh áirighthe fhoghnas go mór, chum an
Peacach do neartughadh agus do ghluasacht
chum Croidhe-bhruighidh.



C. Creud is cóir do'n pheacach do dheunamh,
chum go mbiadh sé fíor-dhoilgheasach,
Croidhe-bhriste fá na pheacaidhibh?



F. Is cóir dhó an Tuirse Neámhdha-so d'iar-
ruidh air Dhia go dithchiollach, agus na Neithe,
do ghríosóchadh é chuige, do bhreathnughadh go
dúthrachtach.



C. Creud iad na Neithe-sin, is cóir dhó do
bhreathnughadh?



F. Dearcadh, air dTús, air mhórdhacht agus
air mhaith Dé, air ar chur sé Fearg. 2. Dear-


L. 280


cadh air gach Maith dá nDeárnaidh dhó. 3. Dear-
cadh air Pháis nó air Cheusadh IOSA CRÍOSD
air a shon.



C. Creud oile is inDeunta dhó, chum é féin
do ghluasacht chum Tuirse agus Doilghis fá
na pheacaidhibh?



F. Smuaineadh, air Tús, air Uimhir agus
air ghráineamhlacht a pheacaidheadh. 2. Air a
Dhiombhuidheachas, agus air a dhánacht dhíthchéil-
ligh ag deunamh na bPeacaidheadh.



C. Nach bhfuil (1) Slíghe éigin eile ann fós, as
ar ab fhéidir dhó Tairbhe do bhuain?



F. A tá; is féidir dhó a thabhairt fá deara,
gur thuill sé Díoghaltas Dé, agus Pianta
Ifrinn.



C. Creud oile fós is cóir dhó do dheunamh, tar
éis na Neithe-si, air ar Labhramar, do bhreath-
nughadh agus do mheádhachan ionn a (2) Aigneadh
go dúthrachtach?



F. Is cóir dhó é féin do bhrosdughadh go díth-
chiollach, chum Dé, Athair na hUile thrócaire, a
Chruthaightheoir, a shlánuightheoir, agus a Cho-
thuightheoir do mholadh agus do ghrádhughadh ós
Cionn gach uile Ní, air Son, ní hE amháin an
Rae Aithrighe, agus gach Tíodhlaice eile,
do fuair sé uadh; acht fós do chionn go bhfuil sé
ró mhaith agus ró gheanamhail ionn féin.
(1) Meodhain. (2) Intinn.


L. 282


Do'n Rún daingion.



C. Creud é an treas Ní, is riachtanach chum
Sácramuinte na hAithrighe do ghlacadh
go tairbheach?



F. Rún daingion, láidir gan Aoin-ní do
dheunadh an Aghaidh thola Dé ó sin suas.



C. Creud é deir tú ris an Té a tá gan an
Rún daingion-sa?



F. Ní bhfuil Foghnamh air a fhaoisidin; do bhrígh
go bhfuil an Rún-so ró riachtanach.



C. Deuna Gníomh Rún daingin?



F. "A hTighearna, a tá Rún agus Dóthchas
daingion agum, maille ré Congnamh do
ghrás, gan tFearg-so do thuilleadh ní sa mó?;
do budh fheárr liom mo bhás do theacht ioná
tuitim ansa bPeacadh ó so a mach".



C. Cionnas aithneochas Neach, go raibh an
Rún-so aige?



F. Aithneochaidh sé é air dhá phríomhchomhartha,
iodhon, seachnadh (1) Chionfátha an pheacaidh,
agus Leasughadh na beatha.
(1) Ocáide, Siocra.


L. 284


AN 6 LÉIGHIONN.



Do'n Fhaoisidin.



C. Creud é an ceathramhadh Ní, is riachta-
nach chum Sácramuinte na hAithrighe?



F. Faoisidin.



C. Creud is Faoisidin ann?



F. A tá Casaoid agus Foillsiughadh Pea-
cadh, do níos an tAithrigheach an a Aghaidh Féin,
a Láthair Sagairt, ag a bhfuil Ughdarrás ré
breitheamhnus Aithrighe do chur air, agus ré
Léigheas agus (1) Maitheamhnas do thabhairt
dhó.



C. Cionnas is cóir an Foillsiughadh-so do
dheunamh?



F. A tá d'fhiachaibh oruinn, tar éis gur
mhion-sgrúdamar sinn féin go dúthrachtach,
gach uile pheacadh marbhtha air a gCoimhnighmid,
d'innisin gan iomarcaidh gan Easbuidh; agus
fós gach Gné Peacaidh; cá mhéid Uair do thui-
teamar ann; agus gach Modh air a nDeár-
namar é, más Modh é do mheuduigheas go mór
an Peacadh.



C. An bhfuil sé riachtanach go cinnte, gach
(1) Absolóid


L. 286


uile pheacadh marbhtha, da nDeárnamar, agus
air a gCoimhnighmid, do chur a bhfaoisidin?



F. A tá gan Amharus; óir gidh bé cheileas
Aoin-Pheacadh, cuiridh sé, ag maslughadh na
Sácramuinte-si, agus ag deunamh bréige ní
ré Duine, acht ré Dia féin, Mór-pheacadh
marbhtha a gCeann an iomláin da chionntaibh.



C. Creud é thoirmisgeas oruinn ar bPea-
caidhe go hUile do chur a bhfaoisidin?



F. A tá go coitchionn Eagla nó Náire.



C. An riachtanach do Neach diúltadh d'on
Droicheagla agus do'n Leamh-náire-si?



F. Is riachtanach; óir gan sin, biaidh da-
manta go síorruidhe; agus ann Aít na Náire,
do dhiúilt sé d'fhulang ann Uaigneas, do gheu-
bhaidh Náire agus imdheargadh go hOsgailte,
a bhfiaghnaise an Domhain mhóir, Lá an bhrei-
theamhnais.



C. Nach baoghlach dhúinn, go ninneosadh an
tOide Faoisidine ar bPeacaidhe do dhuine éigin
eile?



F. Ní baoghlach; óir a tá d'fhiachaibh air, fá
phéin a bheith damanta go síorruidhe, bás d'fhu-
lang suil d'fhoillseochadh Aoin-pheacadh dhíobh; Os
a chionn sin, do thuitfeadh sé ó na Chéim san
Eagluis.


L. 288


AN 7 LÉIGHIONN.



Do'n Mhodh air ar cóir Faoisidin do dheunamh.



C. Tar éis gur thiomsuighis do pheacaidhe,
agus gur chuiris ad Chuimhne iad; tar
éis fós thú féin do ghluasacht, agus do bhros-
dughadh chum fíor-dhoilghis fá theagmháil ionnta;
cionnas iomcharair thú féin a bhfiaghnaise an
tSagairt?



F. Air mbeith dhamh go tromdha, tuirseach,
léigim mé féin air mo Ghlúinibh; coisreagaim
mé féin, agus iarraim go hUmhal beannacht
an Athar Faoisidine.



C. Creud iad na briathra is gnáthach leat a
rádh, an tan iarras tú a bheannacht-son?



F. A deirim: bENEDIC MIHI PATER,
QUIA PEACCAVI, iodhon, "beannaidh mé a
Athair, óir do pheacaigheas".



C. Creud do ní tú na dhiaidh sin?



F. A deirim an CONFITEOR a Laidion, go
nuige MEA CULPA, más Duine mé do thuigeas
Laidion; mun ab eadh, a deirim é a nGaoidhlig,
gus an bhFocal-so, "Tré mo Choir féin".



C. Abair an CONFITEOR a Laidion.



F. "Confiteor Deo Omnipotenti, beatae Ma-
riae semper Virgini, beato Michaeli Ar-
changelo, beato Ioanni Baptistae Sanctis


L. 290


Apostolis Petro et Paulo, omnibus sanc-
tis, (et tibi, Pater), quia peccavinimis cogi-
tatione, Verbo et opere, mea cupla, mea
culpa, mea maxima culpa. Ideo precor bea-
tam Mariam semper Virginem, beatum Mi-
chaelem Archangelum, beatum Ioannem Bap-
tistam, Sanctos Apostolos Petrum et Pau-
lum, omnes Sanctos (et te Pater,) orare
pro me, ad Dominum Deum nostrum.



C. Abair é a nGaoidheilg?



F. Admhuighim do Dhia Uileachumhachtach, do
Naomh Muire do bhí riamh na hOígh, do Naomh Mí-
cheál Archaingeal, do naomh Eoin baisde, do na
naom-Absdolaibh Peadar agus Pól, do na
hUile Naomhaibh (agus dhuit-si, a Athair,) gur
pheacuigheas go triom lé Smuaineadh, lé bréi-
thir agus lé Gníomh, tré mo Choir féin, tré
mo Choir féin, tré mo ró Choir féin. Uime
sin ghuidhim Naomh Muire an tSíor-óigh, naomh
Mícheál Archaingeal, naomh Eoin baisde, na
naomh-Absdoil Peadar agus Pól, na hUile
Naomha, (agus tusa, a Athair,) fá ghuidhe air
mo shon chum ar dTighearna Dia.



C. Creud is cóir do dheunamh na dhiaidh sin?



F. Is éigion damh innisin, cá fhad ó rinne
mé Faoisidin; agus mé féin do chionntughadh
go hAírighe ann gach Peacadh marbhtha dhá
nDeárnas o shoin a leith; agus fós is na Pea-
caidhibh marbhtha do dhearmadas roimhe sin.



C. Creud is cóir dhuit do dheunamh, an tan
chuirfeas an tOide Faoisidine Ceisd ort?


L. 292


F. A tá d'fhiachaibh oram a fhreagra go fí-
rinneach agus go hUmhal.



C. Creud do ní tú tar éis do pheacaidheadh
d'admháil?



F. Críochnuighim an CONFITEOR; agus
éisdim go hAireach leis an gComhairle,
do bheir an tOide Faoisidine dhamh, agus leis an
mbreitheamhnas Aithrighe, do chuireas oram.



C. Cionnas iomcharair thú féin, an tan
do bheir an tAthair Faosidine (1) Saoir-bhreith ort,
nó Maitheamhnas dhuit?



F. Do ním gníomh Croidhe-brúighidh ansa nAm
gCeudna, iodhon, glacaim Tuirse agus Doilgh-
eas mór fá mo pheacaidhibh; agus glacaim an
Saoir-bhreitheamhnas go Croim-cheannach, uirí-
sioll.



C. Creud is inDeunta dhuit tar éis na Faoi-
sidine?



F. As cóir dhamh buidheachas mór do thabhairt
do Dhia fá mhaitheamhnas mo pheacaidheadh do
thabhairt dhamh; is cóir dhamh fós mo dheághrún
(2) d'athnuaghadh, agus mo bhreitheamhnas Aith-
righe do choimhlíonadh go cráibhtheach, buidheach,
comhluath agus is féidir é.



C. Nach tarbhach do'n pheacach, air Uairibh, an
tSaoir bhreith do chur air Cáirde?



F. Is tarbhach, agus fós is fír-riachtanach
dhó, air Uairibh, a cur air Athlá.
(1) Absolóid. (2) d'athnuachan.


L. 294


C. Cia d'ar riachtanusach, an tSaoir-bhreith
do chur air Athlá dhó?



F. Do'n Droing, a tá an Ainbhfhios na Nei-
theadh, a tá d'Ualach air gach Críosduidhe
d'fhoghlaim, agus do bheith aige, nó an Ainbhfhios
dhualgais a Ghairme: do'n Droing, a tá
mainneachtnach, tar éis fuagartha, fá na
gCloinn agus a dTeaghlach do theagasg agus
do stiúradh go Críosdamhuil: do'n Dream
mar an gCeudna ré nach áill (1) Cionfátha
ro fhogus an pheacaidh do sheachnadh.



C. Creud é sin Cionfatha, nó Siocair ro
fhogus an pheacaidh?



F. Gach Ní, lé ar gnáthach, Neach do thar-
ruing chum Peacaidh; mar a tá Taithighe Tighe
nó Comhluadair, do tharruingeas Neach go
coitcheann chum Peacaidh; Léightheoracht Leabhar
nGársamhla nó Suirghe; leanmhuin do ghairm nó
do Cheird, tré ar gnáthach ré Neach tuitim a
bPeacadh.



C. An féidir, go bhfuil d'fhiachaibh oruinn, air
Chor air bith, ar lucht Gaoil agus Páirte, nó
ar gCeird bheatha do sheachnadh agus do thréi-
geann?



F. Go deimhin is féidir; óir is dearbhtha, go
bhfuil d'Ualach oruinn a seachnadh, an tan
do chímid, tár éis gacha Comhairle dá bhfuara-
mar, agus gacha Dithchill dá nDeárnamar,
go dTarruingid sinn do ghnáth chum Peacaidh;
(1) Ocáid ro ghar


L. 296


óir ní foláir dhúinn sgor do'n pheacadh, nó an
Cionfátha do sheachnadh.



C. Cia thug an Aithne-si dhúinn?



F. Ar Slánuightheoir, ag rádh: "Más ciontach
do shúil, nó do Lámh dheas ré hOilbhéim d'fhághail
dhuit, bean asad an tSúil, nó geárr dhíot
an Lámh, agus teilg uait í; óir is feárr dhuit
Aon-bhall do do bhallaibh do chailleadh, ioná
do Chorp uile do theilgean go hIfrionn".



C. Cia hEile d'ar riachtanach, an tSaoir-
bhreith do chur air Athlá.



F. Do'n mhuintir, ag a bhfuil droichchleachtadh
agus Leannán Peacaidh, nó go leasuighid a
mbeatha: do'n Droing mar an gCeudna, ré
nach áill Maitheamhnas do thabhairt d'á gCo-
mharsain, no Síothcháin do dheunamh.



C. Cia hIad fós d'ar riachtanasach a diúl-
tadh, nó a cur air Cáirde?



F. Do'n Dream ag a bhfuil Cuid na Comhar-
san, nó do rinnidh Díoghbháil do mhaoin nó do
Chlú na Comharsan, agus ré nach Mian
Aisioc do dheunamh do réir a gCumais.



C. Cia hEile fós d'ar cóir a diúltadh nó a
cur air Athlá?



F. Do'n mhuintir do pheacaigh ós áird, agus
do dhiúltas Leoir-ghníomh nó Aithrighe do dheu-
namh ós áird, do réir Nóis na Tíre, agus


L. 298


Aithne an Easboig nó an Uachtaráin.



C. Cia fá dheoigh d'ar riachtanach, a cur air
Cáirde?



F. Do'n Droing, do thig chum Faoisidine gan
Ullmhuighadh gan Chuartughadh Coguais, gan
Doilgheas fá na bPeacaidhibh, gan Rún fírin-
neach iad féin do leasughadh; agus fós do'n
mhuintir, nach nDeunann faoisidin iomlán, nó
ré nach áill an breitheamhnus Aithrighe, do chui-
reas an Sagart ortha, do choimhlíonadh.



C. An leor do na Drongaibh-si uile an Ucht
do bhualadh go teann, agus gealladh go láidir
gach uile Ní, is riachtanach, do dheunamh?



F. Ní leor sin do'n Druing ainbhfhiosaigh,
do thig chum Faoisidine gan Ullmhughadh; ná do'n
Dream do mheall cheana ré na nGeallamhnaibh
an Oide Faoisidine, nó iad féin, budh córa a
rádh; muna bhfuilid a nGuais báis, agus muna
nUllmhughthear Lucht an Ainbhfhis, mar is cóir,
suil do bheirthear Saoir-bhreith orrtha; óir ní ré
briathraibh ná re Geallamhnaibh acht ré Gníomh-
arthaibh do faghthar Flaitheas Dé.



C. Creud é thigeomhadh, dá dTugadh an
tOide Faoisidine Saoir-bhreith air an Muintir,
do chí se air Easbhuidh na gCoinghioll riach-
tanach?



F. Do thigeomhadh, go mbiadh an tSaoir-
bhreith-sin gan bhrigh, gan Rath; agus go nDeu-


L. 300


nuidís a raon, an tOide Faoisidine agus an
Peacach, Coir mhór an Aghaidh Dé.



C. Creud é is cóir a rádh ris an Druirg
dhíth-chéilligh, do ghlacfadh Daoir-bhreith nó Diúl-
tadh an tSagairt go hOlc; agus a déaradh,
gur ab Eagul leo go bhfuighidís bás obann ann
a bPeacaidhibh?



F. Is chóir a chur an umhail dóibh, a bhfad ó
shochar air bith do deunamh dhóibh, go Tar-
róngadh Saoir-bhreith mhídhlisdionach Mallacht
Dé ortha; agus nach dTréigfidh Dia iad ann
Am na (1) Cruadhóige, madh níd féin Dithchioll
air Aithrighe agus air shíothcháin do dheunamh
ré Tighearna na Trócaire.
(1) Riactanuis.



AN 8 LÉIGHIONN.



Do'n Leoir-ghníomh.



C. Creud é an cúigeadh Ní is riachtanach
chum Sácramuinte na hAithrighe?



F. Leoir-ghníomh, iodhon, Cúitiughadh air Son
na Masla, do tugadh do Dhia ris an bPea-
cadh; agus air Son na hEugcóra, do rin-
neadh air an gComharsain.



C. Nach féidir dhúinn Faoisidin mhaith do dheu-
namh gan Rún Leoir-ghníomh do dheunadh do réir
ar nAcfuinne?


L. 302


F. Ní fhéidir; óir a tá an Rún-so riachta-
nach air gach uile Chor.



C. Nach maithtear an Pionús, a dlighthear
do'n pheacadh, an tan a maithtear an Peacadh
féin?



F. Maithtear an Pionús síorruidhe, ghidheadh,
ní gnáthach go maithtear an Pionús aim-
siordha.



C. Nach nDeárnaidh Críosd Leoir-ghníomh air
ar Son?



F. Do rinnidh go cinnte; gidheadh ní racha a
Leoir-ghníomh ró líonmhar-son a Sochar dhúinn,
muna gComhoibrigheamuid féin ré na ghrásaibh,
agus muna nDeunmuid ar nDithcheall air shá-
sadh do thabhairt "do Dhia a gCRÍOSD, agus
TRE ChRÍOSD", noch do bheir Maise agus Luai-
dheacht d'ar nGníomharthaibh-ne a Láthair Dé:
agus "ann a gCuirmid ar nDóthchas agus ar
Muinighin go hIomlán"; óir gidh gur fhulaing
agus gur "Ísligh ar Slánuightheoir é féin gus
an mbás air ar Son"; ní foláir dhúinn-e fós
sinn féin d'Ísliughadh, agus fulaing "mar aon
ris", más Mian rinn a bheith "comhchosamhuil ris",
nó rann-pháirteach ann Eiséirghe agus ann
Aoibhneas síorruidhe-sion.



C. Cionnas do nithear Leoir-ghníomh ré Dia?



F. Ré coimhlíonadh an bhreitheamhnuis Aithrighe
do chuireas an tOide Faoisidine orainn, agus
fós ré Claon-mharbhadh na Colna go toiltionach,
ré Déirc, Trosgadh agus Urnaigh; agus ré


L. 304


fulang gach Masla agus buaidheartha go foi-
ghideach air son Dé.



C. An bhfuil Cumhacht ag na Sagairt ré
breitheamhnus Aithrighe do chur oruinn?



F. A tá go fírinneach; óir do thug Críosd
Cumacht dhóibh, ni hE amhín ré ar sgaoileadh,
acht fós ré ar gCeangal.



C. Creud é deir tú ris an Dream, do
bhíos ag gearán air a nOide Faoisidine fá
throim-bhreitheamhnuis Aithrighe do chur ortha;
gidh go bhfuil sé oireamhnach d'a ghCiontaibh,
agus air a gCumas a choimhlíonadh?



F. Deirim, go nDeunuid Eugchóir mhór air
an Oide Faoisidine; agus gur cosamhuil nach
bhfuil fhios aca creud é is maith dhóibh féin.



C. Creud fá nDeirir go nDeunuid Eugchóir
air an Oide Faoisidine?



F. Do bhrígh gur dearbhtha go bhfuil d'fhiachaibh
air, breitheamhnus Aithrighe oireamhnach do
Choirthibh agus do dhrochchlaontaibh na nAithri-
gheac, do chur ortha, do chum ní hE amháin a
dTárthála air Aththuitim ansna Lochtaibh ceud-
na, acht fós chum na gCoirthe chuaidh thort do
dhíoghailt; agus dá mbeith sé ró (1) sháimh na
éasguidh leo, do bhiadh sé rann-pháirteach ann
a bPeacaidhibh.



C. Creud fá nDeirir, gur cosamhuil nach
bhfuil fhios aca creud é is maith dhóibh féin?



F. Air an Adhbhar gur féarr dhóibh go mór
(1) shéimh


L. 306


Dithcheall do dheunamh, maille ré Grásaibh Dé,
air Leoir-ghníomh do dheunamh an sa tSaoghul-so
air Son a gCiontadh, ioná an Pionús a dhligh-
thear dhóibh, d'fhulang a dTeinidh Phurgadóra.
Tairis sin, is mór fhóireas breitheamhnus
Aithrighe oireamhnach, íocshláinteach chum a
gCurtha air a gCoimheud, agus chum a gCumh-
duighthe air Aththuitim thiobuisdigh, agus air
dhamuint shíorruidhe.



C. An mór an Peacadh gan an breitheamhnus
Aithrighe do choimhlíonadh?



F. Is mór; do bhrígh go bhfuil d'fhiachaibh oruinn
"Toradh bhus iomchubhuigh do'n Aithrighe" do tha-
bhairt uainn; agus go dTugthar Mímheas do
Dhia, an tan nach mbiothar umhal do'n Oide
Faoisidine, Fear Ionaid Dé.



C. Cionnas do nithear Leoir-ghníomh ris an
gComharsain?



F. Ré hAisioc, nó Cúitiughadh san Díoghbháil
Do níthear dhi ann a Maoin, ann a Meas, nó
ann a Clú.



C. Nach bhfuil Meodhain air bith an san Ea-
gluis, do chongnas linn Ceart Dé do shásu-
ghadh?



F. A tá, iodhon, Loghadh.


L. 308


AN 9 LÉIGHIONN.



Do'n Loghadh.



C. Creud is Loghadh ann?



F. A tá Tíodhlaice nó Trócaire ó Uachtará-
naibh na hEagluise, tré maithtear dhúinn na
Piana aimsiordha, a tá d'fhiachaibh oruinn
d'íoc an sa tSaoghal-so, nó an sa tSaoghal
oile, air Son na bPeacaidheadh do maitheadh
dhúinn tré shácramuint na hAithrighe.



C. An é nach maitheann an Lán-loghadh gach
uile pheacadh dhúinn?



F. Ní mhaitheann dhúinn acht an Phian aim-
siordha amháin; óir ní ar maitheadh a riamh,
agus ní maithfidhear go bráth Aoin-pheacadh
marbhtha d'Aoin-neach, tár éis baisdidh, gan
Doilgheas Croidhe fá thuitim ann; agus fós
gan Rún fírinneach a bheatha do leasughadh ó
sin amach.



C. An maitheann gach uile Loghadh na Pianta
aimsiordha go hIomlán, noch a dlighthear d'ar
bPeacaidhibh?



F. Maithidh, do réir fhormhóir na nDiaghai-
readh, más Lán-Loghadh é; muna ab eadh, ní


L. 310


mhaitheann acht Cuid do na Piantaibh.



C. An saorann mar sin an Eagluis sinn ó
Leoir-ghníomh do dheunamh, an tan do bheir sí
Lán-loghadh dhúinn?



F. Ní shaorann go hIomlán; óir órduigh ar
Naomh-Athair an Pápa dhúinn Deirc, Tros-
gadh, agus Urnuigh do dhéanamh go cráibhtheach;
a tá d'fiachaibh oruinn fós an breitheamhnus
Aithrighe, do chuireas an tOide Faoisidine
oruinn, do choimhlíonadh go diagha dúthrachtach;
agus Leoir-ghníomh nó Aisioc do dheunamh a
gCuid agus a gClú na Comharsan, do réir ar
nAcfuinne. Tar a chionn so, mar nach Feas
d'Aoin-neach, an bhfuilid na Coinghill aige,
a tá riachtanach chum an Lóghaidh do ghnodhughadh,
do níd na Críosduidhthe críonna, is ann Am
gCéudna, Dithchioll air Leoir-ghníomh do dheu-
namh air Son a bPeacadh.



C. Nach bhfuil fós d'fiachaibh oruinn Rún a bheith
aguinn Dia do shásughadh agus do riar go
nuige an bás?



F. A tá gan Amhrus; óir aithnighe Dia dhínn,
"Dithcheall do dheunamh air dhul a sdeach sa
Doras (1) chumhan, an bheatha shíorruidhe do
shaothrughadh dhúinn féin maille ré Faitcheas
agus ré Criothnughadh", agus é féin do ghrá-
dhughadh ré ar gCroidhe go hIomlán, agus ós
Cionn gach uile Neithe. Os a chionn so, "budh
(1) chumhag


L. 312


cóir gur síor-aithrighe beatha an Chríosduidhe
air Talamh".



C. An saorann Lán-loghadh sinn ó choimhlíonadh
na nAitheantadh, agus ó Smachtughadh na nAin-
mhian?



F. Is díth-chéillighe agus is (1) malluigh a rádh
ná mheas, go saorann sinn ó cheachtar dhíobh;
óir is fíor agus is follas as bhriathraibh soil-
léir an Spioraid Naoimh, gur "Cogadh agus
Cathughadh beatha an Duine air Talamh"; agus
fós is cinnte, nach maithtear an Peacadh ná
an phian aimsiordha do'n Dream, ré nach "Rún
da ríribh" an Aimsir an Loghaidh, a Maoin, a
Saoghal agus a Sláinte do chaitheamh do réir
Dhlíghe Dé agus na hEagluise.



C. An dearbhtha, go bhfuilid Cumhachta ag an
Eagluis lóghadh do thabhairt amach?



F. Is ró dhearbhtha, óir do thug Críosd na
Cumhachta-so dhí, an tan a dubhairt; "gidh bé
air bith Neithe do cheangaltaoi air Talamh,
biaid siad ceangailte air Neamh, agus gidh bé
air bith Neithe do sgaoilfidhe air Talamh,
biaidh siad sgaoilte air Neamh".



C. Cia ansa'n Eagluis, ag a bhfuilid Cu-
mhachta Lóghadh do thabhairt amach?



F. A táid Cumhachta ag na hEasbugaibh Cuid
dhíobh do thabhairt amach; acht a táid Lán-
chumhachta ag an bPápa gach uile Lóghadh do
(1) Malluighthe


L. 314


thabhairt uadh, do réir gheallamhna Chríosd do
Pheadar naomhtha faoi leith.



C. Cionnas do mhaitheas an Eagluis Pianta
na bPeacach tréas an Lóghadh?



F. Ag tabhairt Sochair nó Tairbhe "Mhór-
shásaidh agus Mhór-luaidheachta IOSA CRÍOSD"
agus na Naomh, dá nGoirthear "Oirchisde na
hEagluise", dhúinn go fialmhar.



C. Creud is cóir do dheunamh, chum an Loghaidh
d'fhághail?



F. Ní foláir gach Ní órduigheas an Eagluis
do thaobh sin, do dheunamh go dúthrachtach cráibh-
theach, do réir Rúin na hEagluise; agus a bheith
air Staid na nGrás.



C. Creud f'ar ab éigion do Neach a bheith air
Staid na nGrás, chum Tairbhe an Loghaidh
d'fhághail?



F. Do bhrígh nach maithtear dhúinn an phian
aimsiorrdha, do thuilleamar air Son an phea-
caidh, acht tár éis ar Síodhchána do dheunamh
ré Dia.



C. An féidir do'n Druing nach bhfuil ullamh
a láthair; agus do chuireas a nOide Faoisidine
air cáirde, an Lóghadh do ghnódhughadh ann Am
oile?



F. Is féidir dhoibh gan Amharus an Loghadh da
nGoirthear iubilé, go ghnódhughadh, má ullmhuighid
iad féin chuige mar is cóir, do réir Chomhairle
an Oide Faoisidine.


L. 316


C. Creud é an Ní órduigheas an Eagluis,
cum an Loghaidh do ghlacadh go tairbheach?



F. Orduighe sí Aithrighe fhírinneach, Faoisidin,
Comaoineach agus Deághoibreacha áirighe oile
do dheunamh go dúthrachtach.



C. Creud is Rún do'n Eagluis ag tabhairt
an Loghaidh a mach?



F. Is é is Mian ris an Eagluis Fearg Dé
do mhaolughadh; Sásadh do thabhairt dhó air Son
ar bPeacaidheadh, ag cur Luaidheacht Chríosd
a bhféidhm dhúinn; agus Grása d'fhághail uadh
dhúinn-e, agus do'n Eagluis go hIomlán.



C. Creud é an Tairbhe do budh chóir dhúinn do
bhuain as an Míniughadh-sa an Loghaidh?



F. A tá air dTús, Meas mór do bheith aguinn
air an Loghadh. 2. buidheachas do thabhairt do
Dhia fá mheodhain comhshofhághala-so do tha-
bhairt dhúinn chum Luaidheachta a Chuid Fola
fíor-uaisle do dhul a Sochar dhúinn. 3. Dithchioll
do dheunamh air Loghadh do ghlacadh coimh-líonmhar
agus is féidir é; go hAírighe air Uair an
bháis, chum go saorfuidhe sinn ó theinidh Phur-
gadóra.


L. 318


AN 10 LÉIGHIONN.



Do na Lochtaibh do chuireas Drochbhail air an
bhfaoisidin; agus do'n tSlighe ré a leasuigh-
thear í tré fhaoisidin bheatha.



C. Cá hUair bhíos an Fhaoisidin gan bail?



F. An tan do thasduigheas Aon-choinghioll do
na cúig (1) Coinghillibh is riachtanach chum Sá-
cramuinte na hAithrighe do ghlacadh go dlisdio-
nach.



C. Ca hUair a bhíos Adhbhar Faitchis ag Neach
go bhfuilid a fhaoisidinibh gan bhail gan Rath?



F. An tan nár sheachain sé Siocair nó Cion-
Fatha fogus an pheacaidh; agus nach nDeárna
Dúthracht ná Dithchioll air a bheatha do leasu-
ghadh, ná air dhualgas an Chríosduidhe agus
a ghairme féin d'fhodhluim.



C. An bhfuil Ní air bioth eile, as Cúis Amh-
ruis do Neach, nach raibh Rath air na Faoisidi-
nibh do rinne?



F. A tá; iodhon, an tan nach nDeárna Sioth-
cháin ré na Námhuid, nó ré n'Eascaraid; nó
nach nDeárna Aisioc a gCuid na Comharsan,
agus é air a Chumas.



C. Creud í an mhéodhain riachtanach le ar ab
fhéidir na drochfhaoisidineadha do leasughadh?
(1) Coinghiollaibh.


L. 320


F. Faoisidin mhaith bheatha.



C. Creud is cóir do dheunamh chuige sin?



F. Is riachtanach na Faoisidineadha do chuaidh
thort d'aithdheunamh, agus gach locht dá raibh
ortha d'innisin do'n Oide Faoisidine; agus
gach Ní, dha nOirdeochaidh sé, do choimhlíonadh.



C. Cionnas is féidir do Neach an fhaoisidin
bheatha-so do dheunamh go dóigheamhuil, tairbheach?



F. Ní foláir dhó dhul an Uaigneas, agus a
shaoghal do roinn a gCodchaibh do réir Eugsamha-
lachta na ngnothuigheadh do bhí air a Láimh;
agus na nIonadadh ionn ar chomhnuigh sé.



C. Creud eile is inDeunta do Neach?



F. Ní foláir dhó Aimsir do ghlacadh, ní lá
ná dhá lá; acht an Aimsir a tá riachtanach
chum a Choguais do sgrúdadh go grinn, do
réir na Ronna, air ar labhramar shuas;
agus do réir imtheachta nó Réime Aitheantadh
Dé agus na hEagluise, agus na bPeacai-
dheadh marbhtha.



C. Creud eile fós is cóir dhó a dheunamh?



F. Is cóir dhó Solas an Spioraid Naoimh d'iar-
ruidh go hUmhal dúthrachtach, chum go bhFaicfeadh
sé a Chionnta: tar éis na hUrnaighe-se,
tairgiodh go dithchiollach coimhniughadh air na
Comhluadraibh, do thaithidh sé ó Am go hAm,
agus ó Aít go hAít; agus creud ionn, agus
cá minic do chionntuidh sé an Aghaidh Dlíghidh Dé.



C. Creud eile fá dheoigh is riachtanach do
Neach do dheunamh?



F. Tiomsuigheadh sé ionn a Choimhne, chomaith


L. 322


agus is féidir leis, nó sgríobhadh síos, madh
is Duine leiteardha é, Gné agus Uimhir an
iomláin: iarradh sé Trócaire air Dhia; agus
gríosuigheadh é féin chum mór-thuirse agus
mór-Dhoilghis fá na pheachaidhibh; glacadh se Fíor-
rún a bheatha do leasughadh; ionnsuigheadh sé
go dóthchasach Cathaoir na Trócaire, chum Mai-
theamhnuis d'fhághail ansa'n iomlán, agus coimh-
líonadh go cráibhtheach an breitheamhnus Aithri-
ghe, do chuirfidhear air.



AN 10 LÉIGHIONN.



Do'n Ola dhéidheanaigh.



C. Creud is Ola dheidheanach ann?



F. A tá Sácramuint do chuir IOSA CRÍOSD
air bun, agus do neartuigheas sinn chum buadha
do bhreith air Cheilg agus air Chathuighibh an
Diabhail an Uair an bháis; agus fós do chong-
nas linn chum deághbháis d'fhághail.



C. Nach dTugann an tSácramuint-se, air,
Uairibh, Sláinte an Choirp do'n Easlán?



F. Do bheir, an tan bhíos tairbheach chum
Sláinte an Anma.



C. Cionnas is cóir do Neach é féin d'ollmhu-
ghadh chum na Sácramuinte-si?



F. Is éigion dó Faoisidin do dheunamh, ma a


L. 324


tá se a bPeacadh marbhtha: is cóir dhó fós
Gníomh Croidhe-bhrúighidh do dheunamh, an tan bhíos
dá glacadh; agus Maitheamhnus d'iarraidh
air Dhia ann sna Peacaidhibh, do rinnidh sé
ré gach ball air a gCuirthear Ola.



C. Cionnas is cóir do'n mhuintir, do bhíos a
Láthair ag friothólamh na Sácramuinte-si,
iad féin d'iomchar?



F. Is cóir dhóibh Aire do thabhairt d'Urnaigh
na hEagluise; agus guídhe air an Easlán: na
dhiaidh sin, is cóir dhóibh smuaineadh ortha féin,
agus a bhreathnughadh gur diombhuan an Saoghal-
so, agus nach foláir dhóibh iad féin d'ullmhu-
ghadh, roimhe Rae, chum na Síorruidheachta.



C. Cá hAm is cóir an Ola dheidheanach do ghla-
cadh?



F. An gach Galar contabhairteach: gidheadh ní
cóir a tabhairt do Naoidheanaibh, d'Amadánaibh,
nó do Lucht síor-bhuile.



C. An cóir fuireach ré hUair nó ré (1)
hAgmhallaigh an bháis?



F. Ní cóir; óir is tairbhighe go mór do'n
Easlán an tSácramuinte-si do ghlacadh, an
tan a táid Faill, Ciall agus Cuimhne aige
chum é féin d'ullmhughadh chuigthe, mar is cuibhe,
ioná a glacadh go mall, antráthach.



C. Dá gCailleadh Neach a (2) Urlabhar, agus
(1) hAradhana. (2) Urlabhra


L. 326


d'á bhrígh sin nar bhFéidir leis Faoisidin do
dheunamh; creud is cóir dhó a dheunamh?



F. Deunadh sé Gníomh Doilghís, nó Croidhe-
bhrisidh fa na pheacaidhibh; agus tugadh Comhar-
tha uadha, gur Mian ris Maitheamhnas d'fhá-
ghail ionta, agus an Ola dhéidheanach do ghla-
cadh.



C. Cia uadh ar cóir dhúinn an tSácramuint-
si do ghlacadh?



F. Uadh hSagart an pharráisde, nó uadh hSa-
gart air bioth oile, ré na Chead-san, más
féidir é.



C. Cionnas do friothóltar an tSácramuint-
si?



F. Ungaidh an Sagart ré hOla choisreagtha
na Súile agus na boill eile do fhreasdalas
d'ár gCeudfadhaibh corpordha, ag rádh: "trés
an Ungadh naomhtha-so agus tré na thrócaire
ró (1) chaonrusach féin, go maithidh an Ti-
ghearna dhuit gach Peacadh, dhá nDeárnais
ré do Radharc. Agus mar sin do na Ceud-
faidhibh oile".



C. Cá mhéid Ceudfadh corpordha ann?



F. A cúig, iodhon, Glacadh, baladh, blas,
Eisdeacht agus Amharc.



C. Creud fá nUngthar na boill úd tar bhal-
laibh eile an Choirp?



F. Do bhrígh gur tré ar gCéadfadhaibh cor-
pordha is Líonmhaire do pheacaigheamaoid.
(1) chinéalta.


L. 328


C. Cionnas is cóir do'n Easlán é féin
d'iomchar tar éis an Ola dhéidheanach do ghla-
cadh?



F. Is cóir dhó gan é féin do bhuaireadh feas-
da fa Neithibh saoghalta; a bheit foighideach agus
séimh re na Lucht Freasduil, agus a thoil do
chur ré Toil Dé, an gach uile Ní; óir "más
beo nó marbh dhúinn, is leis an Tighearna sinn".



C. Creud oile is cóir dhó a dheunamh?



F. Is cóir dhó gach a maireann d'á bhríogh
agus d'á Aimsir, do chaitheamh ré hUrnuigh,
ré Smuaintighibh diadha; re breith buidheachuis
ré Dia, fá shochar na Sácramuinte-si do tha-
bhairt dhó; ré breathnughadh air an mbás agus
air an tSíorruidheacht; ré cur a mhuinighine go
léir a dTrócaire Dé agus a gCeusadh IOSA
CRÍOSD air a shon.



AN 12 LÉIGHIONN.



Do hSácramuint an (1) Oird Choisreagtha.



C. Creud is Ord nó Grádha Coisreagtha ann?



F. A tá Sácramuint, do bheir Cumhachta
agus Grása d'on Chléir re hÍodhbairt an
Aifrinn d'fhoráil go diagha, agus ris na Sá-
cramuinteadha agus briathar Dé d'fhriothóladh
go dúthrachtach, cráibhtheach.
(1) Uird.


L. 330


C. Cia uadh a tTigid na Cumhachta-so?



F. Uadh Chríosd, noch do thug iad air dTús
do na hAbsdalaibh, maille re hUghdarrás
agus Aithne a dTabhairt do dhaoinibh eile.



C. Cia fhriothólas, nó bheireas an tSácra-
muint-se uadha?



F. Easbog amháin.



C. Cá mhéid Coinghioll is riachtanach do'n
Té, a tá air tí, an tSácramuint-si do ghla-
cadh?



F. Is iomdha iad; acht is ró riachtanach dhó
"cúig príomhchoinghill" do bheith aige.



C. Creud é an cheud choinghioll?



F. Ní foláir dhó, gur ab é Dia, nó Fear
ionaid Dé, do ghoirfeas air; agus nach as
a cheann féin do thoghfas an ghairm naomhtha-
so, oir mar deir ar Slánuightheoir, "gidh bé
nach dTéid a sdeach tríd an nDorus go
Cró na gCaorach, acht tríd suas a dTaobh
eile, is Gaduidhe é agus biothamhnach".



C. Nach leor, go bhfuil Fonn mór air dhul is
an Eagluis?



F. Ní leor; óir is líonmhar nach ó Dhia
do thig an Fonn mór-so, ach ó ghrádh Díomhaoinis
agus Sóigh; nó ó shúil re Meas agus Onóir
d'fhághail is an tSáoghal; nó ó Ainmhian éigin
oile, noch do thuilleas Mallacht Dé.


L. 332


C. An leor, go gCinnid a Athair agus a
mháthair do'n Eagluis é?



F. Ní leor; óir is minic nach saoghalta agus
nach baoithe an chlann ioná a nAthair agus a
Máthair; ós a chionn so ní gnáthach gur feas
dóibh creud é Dualgas na Cléire, ná créad
é baoghal na hArd-ghairme-si; ionnas mar a
dubhairt ar Slánuightheoir re Cloinn Sebedi,
agus re na Máthair, "nach bhfuil fhios aca
creud iarruid".



C. Maiseadh cionnas aithneochas Neach, go
nGoireann Dia air?



F. Ma a tá na Coinghill aige, air a labhra-
muid air nDiaidh, agus ma ghoireann Fear io-
naid Dé air, tar éis a dhearbhtha a bhfad, agus
mar is dual; nó ma chomhairligheann amháin dó,
dul is an Eagluis; is ró inmheasda, go nGoi-
reann Dia air: gidheadh air a shon sin, biodh
Faitcheas agus Crith-eagla air; óir gidh gur
ghoir Dia féin air Iúdás, do damnuigheadh é
go tubuisdeach.



C. Cia thuigeas tú re Fear Ionaid Dé?



F. An tEasbog go sunradhach, agus gach
Duine diagha, foghlumtha, d'a dTugann sé
Cumhacht ré Cách do theagasg agus do threo-
rughadh chum na beatha síorruídhe; agus d'a nach
bhfuil fós breith na Caill, no sásadh saoghalta
air bith, fá an Té, do threoruighe sé, do dhul
no gan a dhul is an Eagluis.



C. Creud é an dara Coinghioll?


L. 334


F. Rún agus Fonn fírinneach a shaoghal agus
a shláinte do chaitheamh chum Glóire Dé do mheu-
dughadh, agus chum é féin agus a Chomharsa
do shlánughadh.



C. Creud é an treas Coinghioll?



F. Beatha chneasda, dhéighbhéasach agus dheágh-
shomplach.



C. Creud é an ceathramhadh Coinghioll?



F. Ní foláir dhó bheit saor fós ó gach uile
pheacadh marbhtha folaighthe, an chuid is lúgh dhe,
re Seal fada roimhe an tSácramuint-se do
ghlacadh, agus a bheith a nGrádh agus a Síoth-
cháin re Dia agus re Duine; óir is ris an
gCléir do labhras Dia, gha rádh: "bithí-se glan,
noch iomchras soighthe an Tighearna".



C. Creud é an cúigeadh Coinghioll?



F. Foghluim agus Eolus go leor, chum Cáich
oile do theagasg agus do threorughadh re na
dhéighiomchar, do réir dhlíghidh Dé agus na
hEagluise; óir forfhógraidh Dia do'n Ainbh-
fhiosán, ag rádh: "Do bhrígh gur chuir tu an
tEolus air gCúl, cuirfe mise thusa air
gCúl mar an gCeudna, ionnas nach biaidh
tu ad hSagart agum": Agus ris an gCléir
a deir Críosd, "is sibh-se solus an Domhain ...
go nDealruighe bhur Solus a bhfiaghnuise na
nDaoine, air chor go bhfaicfid siad bhur


L. 336


nDeághoibreacha, agus go dTiúbhraid Glóir
d'a bhur nAthair, a ta air Neamh".



C. Creud iad na Subháilcidhe is mo is riach-
tanuighe don Té re ar Mian dul is an Ea-
gluis?



F. Spiorad no Grádh Urnuighe, Geanmnuigh-
eacht, Measardhacht, Gliocas gan cheilg, Umh-
lacht, Neamhshuím is an tSaoghul, Foighid ann
Am Cruadhóige, Meisneach no meanmna, Dúil
Uaignis, a beith saothrach agus tugtha d'Fogh-
luim.



C. Creud é leanus as a dDúbhramar ann so?



F. Leanaidh as, Air dtús, go bhfuil d'fhír-
fhiachaibh air na (1) Tuismeoirighibh Aire mhór
bheith aca, fá dheághoideas fír-chríosdamhuil,
agus Foghluim thábhachtach do thabhairt don chuid
da gCloinn, noch budh mhian leo do chur is an
Eagluis; óir mar deir an Pápa oirdheirc do
shuigheas a niugh a gCathaoir Pheadair naomhtha,
"Ní féidir a luadh, ca mór is riachtanach, an
Dream do goirthear chum Oighreachta an Ti-
ghearna, do cheapadh o Aois Leinibh go diagha
déighbheusach do réir Dhlighidh na hEagluise".



2. A bhfad o chomhairleadh amháin do'n chuid úd
da gCloinn, nach bhfuil tuigsionach, Diagha,
Dúthrachtach, do dhul is an Eagluis, go bhfuil
sé d'fiachaibh ortha a dToirmeasg, air gach
uile chor, o bhuain (2) ann; óir ni féidir Tio-
(1) na hAithreachaibh agus na Máithreachaibh
(2) ris


L. 338


buisde ná Donas is mó do theagmháil d'a
gCloinn ionná Grádha Coisreagtha do ghlacadh
gan na Tréithe riachtanacha.



3. Gur cóir dhóibh an chuid is tuigsionuighe, is
déighbheusuighe agus is diagha da gCloinn do
thoirbhirt do Dhia, ma chinnid Aoin-neach dhíobh
do'n Eagluis; óir ni thaithnigheann ré Dia
ná ris an Eagluis, an Daill-inntleachtach,
an Neamhchráibhtheach, an (1) Ciorrumach, an
tEaslán, no Díobhad na Cloinne d'foráil dóibh.



4. Gan Cuing air bith do chur air an gCuid
úd féin da gCloinn, noch do mheasuid a bheith
diagha, dúthrachtach, do dhul no gan dul is an
Eagluis; acht a dToil go léir do thabhairt
dhóibh, agus a bhfágbháil go hIomlán air Ucht an
Easboig agus a nOidigheadh Spioradálta; óir
is do Dhia agus do'n Eagluis, agus ni d'aoin-
neach oile, do bheanas a nGairm chum na Naomh-
staide-se.



5. Go bhfuil d'fhíor-ualach air gach Ogán, do
smuaineas air dhul Lá éigin is an Eagluis,
a Chreideamh d'foghluim go maith; Peacadh
agus Drochchomhluadar do sheachnadh; Deághoide
faoisidine do thoghadh, agus a bheith urrumach
dhó an gach uile Ní; ná Sácramuintighe do thai-
thighidh; Mórán Urnuighe do dheunadh, do chum
Tola Dé d'fághail a mach, agus nach meall-
fuighe é an sa Rogha a tá roimhe, ag rádh
go lionmhar so ló: "Foillsigh, a hTighearna,
(1) Ciorrbhuighthe


L. 340


do shlighthe dhamhsa; taisbéin damh do chosáin;
treóruigh mé an d'fírinne, agus teagaisg
mé; óir is tú mo Dhia agus mo hSlánuigh-
theoir".



6. Nach foláir dhó, Sochar agus Dochar, no
Guais na Garma-so d'foghluim agus do bhreath-
nughadh go grinn; ionnas nach dToghfadh í go
daill-bheartach, agus nach mbiadh Aithreachas air
an Antráth; óir gidh iomdha a Sochair, is iomdha
fós agus is mór a Dualgas, a Dochar agus
a Guais.



7. Gur fír-riachtanach dhó, Comhairle d'iar-
raidh go minic, ni air an gCeud Duine theag-
mhas ann a bhealach, acht air "aon a measg
Míle", aon ag á bhfuilid na Coinghill air ar
labhramur cheana; agus da nochtfuidh sé ó
Am go hAm a Rún, a dhócamhul agus a
Chlaonta, ma is olc maith iad; Rún Amháin a
bheith aige Toil Dé do dheunamh, agus é féin
agus a Chomharsa do shlánughadh; ann Aon-
fhocal, a shaoghal do chaitheadh go diagha; Fogh-
luim do shaothrughadh go dithchiollach; a bheith
urrumach d'a Easbog go bás; agus a bheith
dearbhtha, gur "bhfeárr dhó", mar deir ar
Slánuightheoir "Cloch Mhuillinn do chrochadh fa
na mhuineul, agus a bháthadh a nDuibheagán
na Fairrge ioná (1) Oilbhéim do thabhairt
d'Aoin-neach" ré na dhroichbheatha nó ré
n'Ainbhfios.
(1) scannuil.


L. 342


AN 13 LÉIGHIONN.



Do'n Phósadh.



C. Creud is Pósadh ann?



F. A tá Sácramuint, do naomhas Comhchai-
dreadh dlisdionach Aoin-fhir agus Aon-mhna;
agus do bheir Grása dhóibh ré na gCloinn do
thabhairt suas an Eagla agus a nGrádh Dé;
ré hAnacar an Phósda d'iomchur; agus ré
bheith díleas dá chéile go nuige an bás.



C. Creud iad na Coinghill is riachtanach chum
na Sácramuinte-si do ghlacadh go Críosda-
mhuil?



F. A táid ceithre choinghill ró riachtanach.



C. Creud é an ceud choinghioll?



F. A tá Coguas glan ó gach Peacadh marbh-
tha; uime sin, is cóir Faoisidin agus Comaoineach
do dheunamh Lá nó dhó roimhe Rae.



C. Creud é an dara Coinghioll?



F. Ní foláir bheith saor ó gach Toirmeasg
Pósda; mar a tá Col Gaoil, Cleamhnuis, nó
Uisge; Díoghbháil Aoise, Móid gheanmnuigheach-
ta, agus tuilleadh oile do'n tSamhuil-sin.



C. Cionnas is féidir do Neach fhághail amach,
nach bhfuil Toirmeasg air bith air?


L. 344


F. Nochtadh sé a Rún agus a chor d'Oide
Faoisidine foghlumtha, sealud roimhe an bPó-
sadh.



C. Biodh go bPósfadh Neach, air a mbeith
Toirmeasg, creud é an Dochar sin?



F. Is mór an Peacadh é; ós a chionn sin,
a táid Toirmeisg ann, do bhriseas an Pósadh
go hiomlán; agus do tharruingeas Mallacht
agus iomad Tubaisde air an Lánamhain, má
chaidrighid re chéile.



C. Creud fá nDeir tú, gur cóir "Faoisidin
do dheunamh, agus Comhairle d'iarraidh roi-
mhe Rae air Oide fhoghlumtha"?



F. Do bhrígh go dTig Toirmeasg Pósda go
minic ó pheacaidhibh (1) uaigneacha na hAimsire
do chuaidh thort.



C. Creud fá nDeirir, gur ceart sin do
dheunamh, "sealad roimhe an bPósadh"?



F. Chum go mbeith (2) Faill ag Neach, (3) Cead
Pósda d'fhághail o'n Easbug, nó air shlíghe
éigin eile do ghlacadh, do réir chomhairle an
Oide Faoisidine.



C. Creud é an treas Coinghioll?



F. A tá a glacadh maille re Rún, Dligheadh
Dé agus na hEagluise do choimhlíonadh ann sa
(4) nGairm-se.



C. Creud é an ceathramhadh Coinghioll?



F. A tá a glacadh go cráibhtheach, macanta,
adhnáireach.
(1) Folaigheacha, secréideachá. (2) Am, Uain.
(3) Dispionsáid. (4) Staid-se.


L. 346


C. Cia uadh is cóir an tSácramuint-si do
ghlacadh?



F. O hSagart an Pharráisde, a bhfiaghnuise
deise nó triair; nó uadh hSagart eile, maille
re Láin-chead an Easbuig, nó an tSagairt
Parráisde.



C. An bPeacaighid an tAosóg, do phósas
nó do ghlacas re chéile gan fhios do'n tSagart
Parráisde; gan Toil a nAthar agus a Má-
thar; agus gan Fiaghnuise deise nó triair?



F. Is deimhin go bPeacuighid go trom; agus
fós is dearbhtha, nach Pósadh dlisdionach ná
seasmhach an Coimhcheangal do nithear gan
fhios do'n tSagart Parráisde, agus gan
Fiaghnuise deise nó triair, ionn sna hiona-
daibh ann ar glacadh Dlígheadh na hEagluise
go hIomlán.



C. Creud é Dualgas na Lánamhna pósda?



F. Air dTús, Coimhcheangal agus Cai-
dreamh do bheith eatorra air feadh a mbea-
tha.



2. Bheith díleas dá chéile, do réir mar gheal-
ladar ann sa bPósadh.



3. Congnamh re chéile ann a Leatrom; An-
tuigse, Eagcruas agus (1) Ualaidhe a chéile
d'iomchar go foighideach.



4. Do thabhairt fa deara a gClann do bhais-
(1) Muirighin


L. 348


deadh chomhluath is féidir é; agus a múnadh
agus a sdiúradh go Críosdamhuil.



C. Creud iad na Lochta, nó na Dubháilcea-
dha, is riachtanach do'n Lánamhain phósda do
sheachnadh?



F. Eád, Searbhus, Fuath, (1) Imdheargadh,
Ceannairg, Cáineadh, Aingidheacht, Masla,
Anghrádh d'á gCloinn, nó do'n tSaoghal; agus
fós Grádh ainmheasardha, gan chéill gan chui-
bheas, air a chéile, tré a gCuirid Dligheadh
agus Grádh Dé a (2) nDimbhrígh.



C. Creud é Dualgas na Mná pósda fá
leith?



F. A tá d'Ualach oirrthe, air dTús, bheith
urramach d'á Fear ann gách uile Ní, nach bhfuil-
an Aghaidh thola Dé; óir is é an Fear Ceann
na Mná, amhuil is é Críosd Ceann na hEa-
gluise.



2. A bheith air a Coimheud gan a Toirrcheas
do chailleadh tré na Coir féin.



3. Anacar a Toirrchis, agus Tinneas a
Cloinne d'iomchar go foighideach, agus mar
cháin an pheacaidh.



4. Gan léigean do'n Naoidheanán codladh an
Aoin-Leabaidh ria féin ná re na Bhuime go
Cionn bliaghna, air Eagla go múchfuidhe é,
agus go mbeith an bhuime nó an mháthair cionn-
tach a mbás an leinibh.
(1) Aithis (2) Neamhshuim.


L. 350


5. Is cóir dhi, más féidir é, a Clann féin
d'oileamhuin, air Nós na mban naomhtha (1) a nol-
lód, agus mar chomhairlighid na hAithreacha
naomhtha dóibh go dithchiollach.



C. Creud oile is Dualgas di?



F. Amhuil a tá d'fhiachaibh air an bhfear So-
láthar do dheunamh d'á theaghlach, agus Aire
thabhairt d'á ghnothuighibh amuigh go meinic; a tá
mar an gCeudna d'Ualach oirrthe-si Aire mhaith
do thabhairt do ghnothuighibh a bunaidh Taobh a stigh
dhoras; gan dul fa gCuairt go bíodanach ó
(2) thigh go Tigh, agus gan Aoin-ni do dheunamh,
ná d'fhulang a dheunamh, do chuirfeadh Fearg
air Dhia, óir "ci bé nach dTugann Aire d'á
dhaoinibh Féin, agus go mórmhór do Lucht a
thighe, do sheun sé a Chreideamh, agus is mea-
sa é ioná Neach gan Creideamh".



C. Creud oile a tá d'fhiachaibh orrtha a raon
do dheunamh?



F. Deághshompla do thabhairt d'á gCloinn
agus d'á dTeaghlach uile; agus do chur fá dea-
ra air an Iomlán, Dia do riar agus do ghui-
dhe, go hAirighe air Maidin agus Tráthnóna.
(1) na Sean-aimshire. (2) O theach go teach.


L. 352


AN 4 RANN.



DO'N TEAGASG CRÍOSDUIDHE.



Do'n Dóthchas agus do'n Urnaigh.



AN 1 LÉIGHIONN.



Do'n Dóthchas agus do'n Urnaigh a gCoitchinne.



C. Creud é an ceathramhadh Ní bunadhusach is
riachtanach do gach Críosduidhe do dhéa-
namh, chum é féin do shlánughad?



F. A tá a Dhóthchas do chur a nDia, Cong-
namh iarraidh air, agus a Ainm Naomhtha do
mholadh.



C. Creud is Dóthchas ann?



F. Subhláilce dhiadha, do bheir dhúinn Súil do
bheith againn maille re Muinighin mhóir, Trócai-
re agus Grása d'fhághail o Dhia ann sa tSao-
ghal-so, agus Aoibhneas síorruidhe ann sa
tSaoghal oile.



C. Creud as a bhfuil ar nDóigh, nó ar nDóth-
chas?



F. As geallamhnaibh Dé, noch do dhearbhaidh,
go dTiúbhradh sé Sonus síorruidhe do'n Dream
do choimhlíonfas a dhlígheadh nó a Aitheanta.



C. Creud as fós a bhfuil ar nDóthas?


L. 354


F. As Mór-Luaigheacht ar Slánuightheora IOSA
CRÍOSD, tre dTugann Dia a ghrása dhúinn
ann sa tSaoghal-so, agus tré a nGeallann
dhúinn Flaitheas agus Aoibhneas síorruidhe ann
sa tSaoghal oile.



C. Creud é an Coinghioll air ar gheall Dia
an Sonus síorruidhe-si dhúinn?



F. Air choinghioll go gCoimheudfam Aitheanta-
san, agus go nDeunam Deághoibreacha maille
re Congnamh a ghrás.



C. Cionnas do cionntuighthear an Aghaidh an
Dóthchais?



F. Air dhá mhodh.



C. Creud é an ceud mhodh air a bPeacuighthear
an Aghaidh?



F. Re hEudóthchas, an tan do chuireas Neach
a gCéill dó féin go meallta, nach féidir dhó
an bheatha shíorruidhe d'fhághail; agus dá bhrígh
sin, gur díomhaoin dó, Deághoibreacha nó Aith-
righe do dheunamh.



C. Creud é an dara Modh air a bPeacuigh-
thear an Aghaidh an Dóthchais?



F. Ré hAndóthchas, an tan do chuireas Neach
a dhóigh go díthchéillighe ann a chumas féin, nó
a dTrócaire Dé; agus do léigeas, da bhrígh
sin, a leas air Cáirde, ag cruadhughadh ann
sa bPeacadh.



C. Deun Gníomh Dóthchais.



F. "A hTighearna, mo Dhia, a tá Mór-mhui-
nighin agam, tré do mhor-thrócaire, agus


L. 356


tré mhór-Luaigheacht mo shlánuightheora IOSA
CRÍOSD, go dTiúbhrair Congnamh do ghrás
dham ann sa tSaoghal-so, agus an bheatha
mharthannach ann sa tSaoghal eile, má choimh-
líonaim hAitheanta agus do dhlígheadh".



C. Cionnas do cuirthear an Dóthchas a (1)
bhféidhm nó a a dTairbhe.



F. Ag deunamh Urnaidhe uirísill go minic
chum Dé.



C. Creud is Urnaigh ann?



F. A tá Ardughadh ar gCroidhe chum Dé, ag
tabhairt Ardmhodha, Molta, nó buidheachuis dhó;
nó ag iarraidh air, gach Ní, is riachtanach, nó
fós is tairbheach chum Sláinte ar nAnma, do
thabhairt dhúinn.



C. Nach bhfuil sé fós ceaduightheach ag Neach,
na Neithe saoghalta, a tá do Riachtanas air,
d'iarraidh air Dhia?



F. A tá, mas Rún dó Féidhm do dheunamh
dhíobh chum glóire Dé, agus chum Sláinte a
Anma féin.



C. An bhfuil sé d'fhiachaibh air gach Críos-
duidhe Urnaigh do dheunamh?



F. A tá, óir ní foláir do gach Duine Modh,
Moladh agus buidheachas do thabhairt do Dhia;
agus fós Trócaire agus Grása d'iarraidh
air.



C. An éisdionn Dia ar nUrnaigh do ghnáth?



F. Ní éisdionn; do bhrígh nach nDeunmuid í a
gComhnuigh mar is ceart.
(1) Usáid


L. 358


C. Cionnas is cóir Urnaigh do dheunamh?



F. Is cóir a deunamh go hUmhal, módhamhuil,
coimheudach, cráibhtheach.



C. Creud thuigeas tu "re Urnaigh do dheu-
namh go hUmhal"?



F. Tuigim ris, gur ab inmheasda dhúinn,
nach fiú sinn labhairt re Dia, ná Toradh ar
nUrnaighthe d'fhághail uadha; agus má gheibhmid
Aoin-ní dá nIarrmuid air, gur "tré na mhór-
thrócaire do bheir dhúinn é".



C. Creud thuigeas tú re "Urnaigh do dheunamh
go módhamhail"?



F. Tuigim ris, nach foláir dhúinn, ar dTi-
ghearna Dia do ghuidhe maille re Módh mór,
agus re Deághfhaitcheas.



C. Creud thuigeas tú re "hUrnaigh do dheu-
namh go coimheudach"?



F. Tuigim, go bhfuil d'fhiachaibh orainn ann
Aimsir na hUrnaighthe, ar dTuigse agus ar
dToil do choimheud comaith agus is féidir
dhúinn, ní hEadh amháin air cheilg agus air
chaithighibh an Diabhuil, acht fós "air Smuainti-
ghibh agus air chlaontaibh saoghalta", noch a ra-
chadh eadruinn agus Dia, nó do chuirfeadh
air Seachrán sinn ann ar nUrnaigh.



C. Creud air ar cóir dhúinn smuaineadh ann
Am Urnaighe?



F. Air Dhia, air chéill na mbriathar do
chanmaoid, nó air na Neithibh iarrmaoid air
Dhia.


L. 360


C. Creud thuigeas tú re "hUrnaigh do dheu-
namh go cráibhtheach"?



F. Tuigim ris, gur ab éigion dúinn an Ur-
naigh do dheunamh go dúthrachtach, ionnas go
dTéighfeadh ar gCroidhe re Dia, nó ris na Nei-
thibh ollmhuigheas agus threoruigheas sinn chum
na beatha síorruidhe.



C. Nach bhfuilid Coinghill eile riachtanasach
chum Urnaighthe do dheunamh go tairbheach?



F. A táid fós trí Coinghill riachtanach.



C. Creud é an ceud Coinghioll?



F. A bheith air Staid na nGrás; nó an chuid
is Lúgha dhe, a bheith fonnmhar "da ríribh", air
shíothcháin do dheunamh ré Dia.



C. Creud é an dara Coinghioll?



F. Muinighin mhór a bheith againn, go dTiú-
bhraidh Dia dhúinn an Ní iarrmuid air, ma a
tá sé oireamhnach d'a ghlóir agus do leas ar
nAnma.



C. Creud as a mbeith an mhór-muinighin-si
aguinn?



F. As Mór-luaigheacht IOSA CRÍOSD; óir
is "ann Ainm-sion" iarrmaoid gach Athchuinge
air Dhia.



C. Cia do mhúin dúinn guidhe ann "Ainm
Chríosd"?



F. Do mhúin sé féin, ag rádh ann sa tSois-
geul: "Gidh bé iarrfuidhe ionn m'Ainm-si air


L. 362


an Athair, do bheura sé dhíbh é". Múinidh fós
an Eagluis dhúinn guidhe ann "Ainm Chríosd";
óir críochnuighe sí go coitcheann a hUrnaighthe
ris na briathraibh-si: "Tré ar dTighearna
IOSA CRÍOSD, Per Dominum nostrum
Iesum Christum".



C. Creud fá ar ab éigion dúinn guidhe "tré
IOSA CRÍOSD"?



F. Do bhrígh gur ab é ar "Slánuightheoir" é,
agus gur thríd-sion a tá Slíghe aguinn re dul
chum an Athar Neámhdha.



C. Creud é an treas Coinghioll?



F. Buain-sheasadh a nGuidhe Dé.



C. Creud thuigeas tú ré "buain-sheasadh
ann Urnuigh", nó a nGuidhe Dé?



F. Tuigim, gur cóir dhúinn leanamhain do'n
Urnuigh; agus gan a bheith tuirseach do ghuidhe
Dé, biodh go gCuirfeadh sé ar nIarratus
air Cáirde.



C. An fíor go nEísdionn Dia do ghnáth re
ar nUrnuigh, an tan do ghuidhmid é mar is
cóir?



F. Is cinnte go dTugann Dia gach uile Ní
dhúinn, a tá riachtanach chum Sláinte ar nAnma,
má iarrmuid é dhúinn féin "go buain-sheas-
mhach, agus mar is cóir," an tan a támuid
a nGrádh re Dia.



C. Cia gheall, go nEísdfidhthear ar nUrnuigh
do ghnáth air na Coinghillibh-se?



F. Ar Slánuightheoir IOSA CRÍOSD féin,
do gheallas dhúinn é; óir a deir sé san tSois-


L. 364


geul: "iarruidh, agus do bheurthar dhaoibh;
(1) Lorgairigh, agus do gheubhthaoi; buailidh an
Dorus, agus oisgeoltar dhaoibh".



C. Creud fá leanann tú comhfada-so Léi-
ghion na hUrnuighe?



F. Do bhrígh nach bhfuil Teagasg air bith is
riachtanuighe ioná é; óir níor damnuigheadh
a riamh, agus ní daimneochthar go bráth, Aoin-
neach d'ár ghlac baisdeadh, acht do dhíoghbháil
Urnuighe do dheunamh mar is cóir, nó do dheu-
namh go leor.



C. Creud é an Ní, is (2) Líonmhaire is cóir
dhúinn d'iarraidh air Dhia?



F. Eagla agus Grádh Dé air feadh ar mbea-
tha, agus Deághbhás fá dheoigh.



C. Cia chuige a nDírighmid ar nUrnuigh?



F. Do chum Dé, agus fós chum na Naomh;
acht ní air an Modh gCeudna.



C. Cionnas do dhírighmid ar nUrnuigh chum
Dé?



F. Amhuil "chum Aírd-righ agus Ard-uachta-
ráin gach uile Neithe", le ar ab fhéidir gach Aoin-
ní dhá nIarrmuid do thabhairt dhúinn, "tré na
mhór-chumhachta féin".



C. Cionnas do ghuidhmid na Naoimh?



F. Amhuil Searbhfhóghantuighe agus Cáirde
Dé, le ar ab fhéidir Grása agus Trócaire
d'fhághail dhúinn ó Dhia, "tré mhór-luaigheacht
IOSA CRÍOSD".
(1) Loirgighidh. (2) mionaca.


L. 366


C. Nach bhfuil "an Urnuigh-se chum na Naomh" an
Aghaidh an (1) mhodha do dhlíghmíd do Dhia, agus
fós an Aghaidh na Mór-mhuinighine, a tá d'fhia-
chaibh oruinn do bheith aguinn as "ar Slánuigh-
theoir IOSA CRÍOSD"?



F. Ní bhfuil air Aon-chor; óir, da mbeith Ur-
nuigh chum na Naomh easonórach do Dhia, nó d'ar
Slánuightheoir, amhuil mar is Mian le Lucht
Seachráin a chur a gCéill do na (1) hAinbhfhio-
sánaibh, ní iarrfadh "Naomh Pól Absdal" air
na Críosduidhibh guidhe air féin, agus air a
chéile.



C. Cia air ar chóir dhúinn guidhe?



F. Air an gCineadh Daonna go hIomlán; air
ar nUachtaránaibh Cille agus Tuaighe; air na
Deághdhaoinibh, agus air na Drochdhaoinibh; air na
Págánachaibh, agus air gach Druing eile, atá
air Seachrán Creidimh; air ar gCáirdibh, agus
air ar Naimhdibh; air bheodhaibh fós agus air
mharbhaibh.



C. Cia aca is feárr Urnuigh do dheunadh fá
leith, ioná a gCuideachta cháich eile?



F. Is gnáthach gur feárr an Urnuigh do ni-
thear a gCuideachta nó a gComann ré Cách.



C. Creud chuige sin?



F. Do bhrígh go nDeir Críosd, go mbíonn sé
a measg deise nó triair, do chruinnigheas a
gCeann a chéile ann Ainm-sion.



C. Creud chuige fós gur feárr an Urnuigh
pháirteach?
(1) Tuatuighibh.


L. 368


F. Do bhrígh go nDeunaid mórán, do ghuidheas
Dia ann Aoin-fheacht, amhuil agus Foiréigion
naomhtha air; agus go bhfághaid a nimpíghe
uadha níos eusguighthe.



AN 2 LÉIGHIONN.



Do'n Phaidir.



C. Creud í an Urnuigh is feárr agus is
bríoghmhaire air bioth?



F. A tá an Phaidir, dá ngoirthear Urnuigh
an Tighearna.



C. Creud fá nGoirthear Urnuigh an Tighear-
na do'n Phaidir?



F. Do bhrígh gur ab é ar "dTighearna IOSA
CRÍOSD féin" do rinne í.



C. Abair í a Laidion.



F. "Pater Noster, qui es in Coelis, sanc-
tificetur Nomen tuum; adveniat regnum
tuum; fiat Voluntas tua, sicut in Coelo,
et in Terra. Panem nostrum quotidianum
da nobis hodie; et dimitte nobis Debita
nostra, sicut et nos dimittimus Debito-
ribus nostris; et ne nos inducas in Ten-
tationem; sed libera nos a Malo. Amen".



C. Abair í a nGaoidhilg.



F. "Ar nAthair a tá air neamh, naomhthar
hAinm, tigiodh do Ríoghacht; deuntar do thoil


L. 370


air an Talamh, mar do nithear air Neamh.
Ar nArán laetheamhuil tabhair dhúinn a niudh;
agus maith dhúinn ar bhfiacha, mur mhaith-
míd-ne d'ar bhféithamhnuibh féin; agus na léig
inn a gCathughadh; acht saor inn ó Olc. Amen".



Do Mhíniughadh na Paidre.



C. Cá mhéid "Athchuinge" san bPaidir?



F. A táid seacht nAthchuingeadha.



C. Cia dá ngoirmíd "Ar nAthair"?



F. Do Dhia an tAthair, do Dhia an Mac,
agus do Dhia an Spiorad Naomh.



C. Creud fá nach nAbrann tú "m'Athair"
ann Aít "Ar nAthair"?



F. Do bhrígh gur ab é ar nAthair coitchionn
é, agus gur Dearbhráithreacha dhá chéile sinn;
agus fós do bhrígh go bhfuil d'fhiachaibh oruinn
guidhe air ar Son féin, agus air Son na Co-
mharsan.



C. Cionnas a tá Dia n'Athair aguinn-e?



F. Do bhrígh gur ab é do chruthaigh, do chean-
naidh agus do thogh sinn mar chloinn dhó féin.



C. Creud fá nAbrann tú, "A ta air Neamh,"
óir a tá Dia ann gach uile Aít?



F. Do bhrígh gur air Neamh, is mó thaisbeá-
nas sé a "Mhórdhacht ghlórmhar"; agus do bhrígh
gur air Neamh a tá Oighreacht agus Flaitheas
a chloinne-sion.



C. Creud iarrmaoid san gCeud Athchuinge,
"Naomhthar hAinm"?


L. 372


F. Iarrmaoid Aithne agus Eolus a bheith air
Dhia air Feadh an Domhain uile; agus Onóir,
Moladh agus Grádh do thabhairt dhó go Saoghal
na Saoghal.



C. Cia hiad do naomhas "Ainm Dé"?



F. An Dream do chreideas agus do ghéilleas
dó.



C. Cia hiad do mhasluigheas Ainm Dé?



F. An Drong do bhriseas a dhlígheadh, nó do
pheacuigheas an Aghaidh Aitheantadh Dé.



C. Creud iarrmaoid san dara hAthchuinge,
"Tigeadh do Ríoghacht"?



F. Iarrmaoid air Dhia, a ghrása do dhór-
tadh ann ar gCroidhthibh san tSaoghal so, agus
Glóir shíorruidhe do thabhairt dhúinn san tSaoghal
oile.



C. Creud iarrmaoid san treas Athchuinge,
"Deuntar do thoil air an talamh, mar do ni-
thear air Neamh"?



F. Iarrmaoid air, Grása do thabhairt dhúinn,
chum a thola do dheunamh san tSaoghal-so, mar
do níd na hAingil air Neamh.



C. Creud é chialluigheas "Toil Dé do dheu-
namh"?



F. Cialluighe sé na hAitheanta do choimhlío-
nadh, agus a bheith foighideach ann gach buair-
eadh agus leathtrom theigeomhas dhúinn.



C. Creud é is cóir dhúinn a mheas nó do
smuaineadh, an tan chuireas Dia Leaththrom
nó buaireadh oruinn?


L. 374


F. Is inmheasda dhúinn, go bhfuil Dia fír-
cheart, agus go dTuillmid níos mó go mór
do'n tSamhuil-sin.



C. Creud é is cóir a rádh ann Am buaidh-
eartha nó Leathtroim?



F. "A hTighearna, go nDeuntar do thoil; go
naomhthar hAinm".



C. Creud iarrmaoid san gCeathramhadh Ath-
chuinge, "Ar nArán laetheamhuil tabhair dhúinn
a niudh"?



F. Gach Ní a tá na Riachtanus oruinn, do
thaobh Anma agus Coirp, iodhon, na Sácra-
muinteadha, briathar agus Grása Dé, biadh
fós agus Eudach.



C. Creud fá nDeirir "Tabhair dhúinn
a niudh"?



F. Dá chur a gCéill dhúinn, gur mídhlisdio-
nach a bheith anchúramach timchioll an Lae má-
ruigh; agus gur cóir dhúinn ar Muinighin do chur
a bhforfhaire ar "nAthar Neámhdha, noch do
bheathuigheas Eunlaith an Adhair".



C. Creud iarrmaoid san gCúigeadh Athchuin-
ge, "Mhaith dhúinn ar bhfiacha, mar mhaithmíd-ne
d'ar bhféitheamhnuibh féin"?



F. A tá Maitheamhnus ar bPeacadh do tha-
bhairt dhúinn, "do réir mar mhaithmíd féin d'ar
Naimhdibh", óir ní féidir dhúinn-e Maitheamh-
nas d'fághail ó Dhia, muna "maitheam gach
Olc, dhá mheud, do chách oile".



C. Creud é iarras an té ré nach áill Mai-
theamhnus do thabhairt d'a Naimhdibh?


L. 376


F. Iarruidh sé air Dhia gan Maitheamhnus
do thabhairt dhó.



C. Creud chialluigheas "Maitheamhnus do tha-
bhairt do'n té do rinnigh Urchóid dhúinn"?



F. A tá diúltadh do gach uile Rún Díoghal-
tais, agus a bheith fonnmhar air mhaith do dheu-
namh an Aghaidh an Oilc.



C. An féidir dhúinn Maitheamhnas do tha-
bhairt d'ar nEascaruid, agus fós Sásugh éi-
gin d'iarraidh air Son na Díoghbhála do rin-
neadh dhúinn?



F. Is féidir, má iarrmaoid é go céillighe
agus do réir an Dlíghe; agus má tá ar
gCroidhe saor ó fhuath agus ó ghráin air an
Druing éilighmíd.



C. An dTugann an té úd, nach bhfuilingionn
Radharc nó Comhluadar na Muintire do rin-
nidh Urchóid dhó, "Fíor-mhaitheamhnas dóibh"?



F. Ní thugann; óir ní leanann sé Lorg Dé,
noch fheuchas oruinn go geanamhuil, agus ghla-
cas chuige sinn go trócaireach grádhach, an
tan do bheir Maitheamhnas dhúinn.



C. Creud iarrmaoid san seiseadh Athchuin-
ge, "Ná léig inn a gCathughadh"?



F. Iarrmaoid air, buaidh do thabhairt dhúinn
air chathuighibh an Diabhail, an tSaoghail agus
na Colna.



C. An fíor go gCuireann Dia Cathaighe
oruinn air Uairibh?



F. Ní fíor: ach is malluigh a rádh ná mheas


L. 378


go gCuireann Dia Cathaighe air Aoin-neach
chum Oilc; gidheadh is fíor go nDearbhann sé
sinn air Uairibh re bochtacht, re hEasláinte
nó re buadhairt éigin eile.



C. Creud fá nDearbhann sé sinn re hAnró
agus re hAinnise?



F. Chum ar nGlanta ó Smál an pheacaidh,
amhuil mar ghlantar an tOr re Tinnidh; nó
do chum Luach Saothair doimheasda do thabhairt
dhúinn air Neamh, air Son ar bhfoighide.



C. An nDearbhann Dia sinn air Aon-mhodh
eile?



F. Dearbhaidh sé fós sinn re Saidhbhrios, re
Saoghal fada, re Sláinte agus ris na Tíodh-
laicibh eile do bheir dhúinn, mar chongnamh chum
Deághoibreachadh do dheunamh, agus na beatha
síorruidhe do thuilleadh.



C. Creud is Adhbhar do na Cathaighibh, do
ghluaiseas sinn chum Oilc?



F. An Diabhal, an Saoghal agus an Cholann.



C. Creud fá bhfuilingeann Dia do Naimhdibh
ar nAnma, Cathuighe do chur oruinn?



F. Do chum Slíghe do thabhairt dhúinn air mhór-
luaidheacht do thuilleadh re troid go meisnea-
mhuil an Aghaidh ar Námhad.



C. An bPeacuigheann an té do bhrosduigheas
an Diabhal, an Saoghal, nó an cholann chum
Uilc?



F. Ní pheacuigheann, muna dTarruingeann


L. 380


sé na Cathaighe-se air féin; nó muna nAon-
tuigheann dhóibh.



C. Cionnas aithneochas Neach, nár aontuigh
sé do'n chathughadh?



F. Má dhiúlt sé dhó go (1) prab; nó má thairg
gan mhoill, Aire a thabhairt do Ní eile; má bhí
buaireadh nó Doilghios air, an fad do mhair an
Droch-smuaineadh; nó má d'iarr go dithchiol-
lach Congnamh air Dhia, nó Eidiorghuidhe Naoimh
nó Aingil, is deimhin nár aontuigh sé dhó.



C. Cionnas aithneochas Neach gur aontuigh sé?



F. Má d'fhuiling sé go suaibhneach an Droch-
smuaintiughadh, tár éis gur airigh é, is fíor
gur aontuigh sé dhó.



C. Creud iarrmaoid san seachtmhadh Athchuin-
ge, "Ach saor inn ó Olc"?



F. Iarrmaoid air Dhia, ar saoradh ó gach
Ní do dheunfadh Dochar nó Urchóid dhúinn, do thaobh,
choirp nó Anma, agus go (2) sunradhach ó gach
Ní a tá an Aghaidh shláinte ar nAnma.



C. Creud chialluigheas an Focal-so, "AMEN"?



F. Cialluighe sé, "bíodh mar sin".



C. Creud fá gCríochnuighthear Urnaigh an
Tighearna ris na briathraibh-se, "bíodh mar
sin"?



F. Do thaisbeánadh, gur Mian linn na hAth-
chuingeadha-so uile d'fhághail ó Dhia.
(1) tapuidh. (2) hAírighe.


L. 382


AN 3 LÉIGHIONN.



Do'n AVE MARIA, iodhon, d'fháilte an
Aingil.



C. Creud thuigeas tú re (1) "Fáilte an Aing-
il", nó ris an AVE MARIA?



F. Tuigim, gur ab Urnuigh í do cumadh do
bhriathraibh an Aingil, do bhriathraibh ELIZA-
BETH fós agus na hEagluise; Urnuigh, do
thaitnigheas go mór ris an "Naomh-Oígh Muire,"
agus is gnáthach a rádh tar éis "Urnuighe an
Tighearna".



C. Creud fá nGoirthear "Fáilte an Aingil"
di?



F. Do bhrígh, gur ab é an "tAingeal Ga-
briel" do rinne an cheud chuid di, ag beannu-
ghadh agus ag fáiltiughadh do "Mhuire Oígh",
an tan tháinig sé re Teachdaireacht chuigthe ó
Dhia, go nGlacfadh an dara Pearsa do'n
Tríonóid "Colann daonna fó na broinn".



C. Abair "Fáilte an Aingil" a Laidion.



F. "Ave Maria, Gratia plena: Dominus
tecum: benedicta tu in Mulieribus, et be-
nedictus Fructus Ventris tui JESUS.
Sancta Maria, Mater Dei, ora pro nobis
(1) beannúghadh


L. 384


Peccatoribus, nunc et in Hora Mortis
nostrae. Amen".



C. Abair í a nGaoilig.



F. "Dia do bheatha a Mhuire, a tá lán do na
Grásaibh: a tá an Tighearna maille riot: is
beannuighthe thú tar na Mnáibh, agus is bean-
nuighthe Toradh do bhronn IOSA. A Naomh-Muire,
a mháthair Dé, guidh oruinn-e na Peacaigh
a nois, agus ann Am ar mbáis. Amen. Biodh
mar sin".



C. Creud í Cuid an Aingil do'n Urnuigh-si?



F. "Dia do bheatha, a Mhuire, a tá lán do
na Grásaibh: a tá an Tighearna maille riot:
is beannuighthe thú tar na Mnáibh".



C. Creud a dubhairt ELIZABETH naomh-
tha re "Naomh-Muire Oígh"?



F. "Is beannuighthe thú tar da Mnáibh, agus
is beannuighthe Toradh do bhronn IOSA".



C. Cá Tráth do labhair sí mar sin?



F. An tan do chuaidh an "Naomh-Oígh" air
Cuairt fá na déighin.



C. Creud í Cuid na "hEagluise" do'n Urnuigh-
si?



F. "A Naomh-Muire, a mháthair Dé, guidh
oruinn-e na Peacuigh, a nois agus ann Am
ar mbáis. Bíodh mar sin".



C. Creud fá nDubhairt an tAingeal, go
raibh "Muire Oígh lán do na Grásaibh?



F. Do bhrígh gur ab mó fuair sí do shubháilcibh
agus do thíodhlaicibh ó Dhia, ioná Aingeal
agus ioná Naomh air bioth oile.


L. 386


C. Creud eile fós fá nDubhairt sé, go raibh
sí "lán do ghrásaibh"?



F. Do bhrígh gur ghabh gan mhoill, agus gur
iomchair sí "Ughdar na nGrás" ann a broinn.



C. Creud fá nDubhairt an tAingeal ria:
"A tá an Tighearna maille riot"?



F. Do bhrígh gur chumhduigh Dia Í ó gach uile
pheacadh, agus gur threoruigh sé Í do ghnáth.



C. Cionnas a tá an "Naomh-Oígh Muire bean-
nuighthe ó's Cionn na mban go hUile"?



F. Do bhrígh gur chumhduigh Diá Í ó gach uile
Locht; agus go raibh sí na "Máthair agus na
Maighdin" an Aoin-fheacht, gan caill a "hOgh-
achta air Aon-chor" roimhe ná nDiaidh a
(1) Tuismidh: Tíodhlaice, nach bhfuair bean air
bioth a riamh ó Dhia, agus nach bhfuighe go bráth.



C. Creud fá nDeirmid, gur "beannuighthe
Toradh bhronn na Naomh-Oíghe Muire"?



F. Do bhrígh gur ab é "Críosd, a Mac-san,
Tobar na Naomhthachta agus na mbeannacht".



C. Creud fá nGoirmid "Máthair Dé" do'n
Naomh-Oígh?



F. Air an Adhbhar gur ab ise amháin "fíor-
mháthair IOSA CRÍOSD," noch a tá na
Dhia agus na dhuine.



C. Creud fá nIarrmaoid air an Naomh-Oígh
guidhe air ar Son "ann Aimsir an bhais", go (2)
sunradhach?
(1) hIodhnuibh, beriotuis. (2) speisialta.


L. 388


F. Do bhrígh gur mó go mór ar Riachtanas re
Grásaibh agus re Trócaire Dé, an tan sin,
ioná ann Aon-am oile.



C. Cionnas sin?



F. Do bhrígh gur neartmhaire agus gur baogh-
luighe Cathuighe an Diabhail ann Aimsir an bháis,
ioná ann Aon-am oile; agus fós do bhrígh go
gCinneann Dia Ríoghacht Neimhe, nó Ifrionn
síorruidhe do gach Duine, an tan do sgaras
an tAnam ris an gCorp.



C. Creud fá moltar dhúinn, an Urnaigh si do
rádh go minic?



F. Do chum go smuaineochmaois go minic air
thrí Neithibh.



C. Creud é an ceud Ní?



F. Ioncholnughadh Aoin-mhic Dé, a mbroinn
"Mhuire Oígh," mar gheall oruinn-e.



C. Creud é an dara Ní?



F. Subháilceadha na "Naomh-Oíghe", eadhon,
a Creideamh, a Carrthunnacht; a Foighid, a
Geanmnuigheacht, a hOirísle, agus a hUmh-
lacht.



C. Creud é an treas Ní?



F. Eidiorghuidhe chumhachtach "Mháthar De,"
air Son na Druinge, do ghoireas oirthe; agus
do (1) thairgeas, dá ríribh, a béasa-san do
leanmhuin.



C. Cia hiad a measg na gCatoiliceach Féin,
noch do tharcuisnigheas an "Naomh-óigh", agus
(1) thogras


L. 390


chailleas Toradh na beag-urnuighe, do níd chuig-
the.



F. A tá an Drung leamh, do mheasas, gur
leor dhóibh chum Flaithis Dé d'fhághail, Muinighin
mhór do chur innte, fa an mbeagán Troisge nó
Fuar-urnuighe, do níd chuigthe; gidh go bhfuilid,
san Am gCeudna, tugtha d'á nAinmhianaibh;
agus nach (1) dTairgid amháin, a mbeatha do
leasughadh go dithchiollach; ná lorg na "Naomh-
oíghe" do leanmhuin air Aon-chor.



D'Aimsir na hUrnuighe.



C. Cá hUair a tá d'fhiachaibh oruinn, Dia do
ghuidhe.



F. Ann Am Cathaighidh, Contabhairte, agus
gach uile Riachtanais Coirp agus Anma; agus
fós, an tan do bheir Dia Nuadh-thabhartus air
bioth dhúinn.



C. Cia hIad na Laetha ann ar mó a tá d'fhia-
chaibh oruinn, Urnuigh do dheunamh chum Dé?



F. An "Domhnach, agus gach Lá Saoire eile";
do bhrígh gur chum Dé do ghuidhe, do mholadh agus
do riar, do saorthar na "Laethe-se" ó ghnothui-
ghibh saoghalta.



C. Nach éigion fós Dia do ghuidhe gach uile Lá?



F. Is éigion go cinnte; óir budh mhór, agus
budh Diombhuidheach an Dearmad dhúinn, Aon-Lá
(1) dTogruid


L. 392


amháin do léigean thoruinn, gan Dia do ghuidhe;
nó do mholadh go dúthrachtach.



C. Cá hUair san La, is cóir dhúinn go mór-
mhor, Urnuigh do dheunamh chum Dé?



F. Air Maidin agus Tráth-Nóna, roimhe
agus a nDiaidh bídh, agus ag tionsgnadh gach
Oibre, do réir mar cuirthear síos é na dhiaidh
so.



Dualgas Laetheamhuil an Chríosduidhe.



AN 4 LÉIGHIONN.



Do'n Chríosduidhe agus do Chomhartha na
Croiche.



C. An "Críosduidhe" thú?



F. Is eadh, maille re Grásaibh Dé.



C. Creud fá nDeirir, "maille re Grásaibh
Dé"?



F. Do bhrígh nach ar thuill mé, agus nach ar
bhféidir dhamh an Mhór-mhaitheas-sa do thuilleadh
ua Dhia, noch do rinne Críosduidhe dhíom, "tré
na Mhór-thrócaire féin".



C. Cia is "Críosduidhe" ann?



F. Gach Duine, iar na bhaisdeadh, do chreidios
ann a chroidhe, agus admhuigheas re na bhéal
Teagasg agus Dlígheadh IOSA CRÍOSD.



C. Creud é an Sochar do Neach a bheith na
"Chríosduidhe"?


L. 394


F. Do gheibh sé trí Mór-shochair as.



C. Creud é an ceud shochar?



F. A tá, go saorthar an Críosduidhe, tré
ghrása agus mór-luaigheacht "ar dTighearna
IOSA CRÍOSD" ó'n bPeacadh, agus ó chu-
mhachtaibh an Diabhail, ag a raibh sé faoi throm-
dhaoirse.



C. Creud é an dara Sochar?



F. Aithgheintear é, ni d'á Athair talmhuidhe,
acht do'n Athair Neámhdha, ionas gur ab fhéidir
dhó, "Ar nAthair a tá air Neamh", a rádh go
dóthchasach.



C. Creud é an treas Sochar?



F. A tá, go bhfuil an "Críosduidhe" n'Oighre
air Ríoghacht Neimhe, agus go bhfuil Ceart aige
chum na beatha síorruidhe.



C. Creud thuigeas tú re "Teagasg nó
Dlígheadh Chríosd"?



F. Tuigim ris, gach uile fhírinne, d'fhoillsidh
"Críosd" agus do mhúineas an "Naomh-Eagluis
Chatoilice Rómhánach" dhúinn.



C. An bhfuil sé d'fiachaibh oruinn an "Tea-
gasg Críosduidhe" do bheith aguinn?



F. A tá d'fiachaibh oruinn gan Amhrus, an
tiomlán do chreideadh agus Fios bun-alt an
"Teagaisg Críosduidhe" do bheith aguinn go
sunradhach.



C. Creud iad na "bun-alta-soin do'n Tea-
gasg Críosduidhe", noch a tá d'fiachaibh oruinn,
do bheith aguinn "go beacht"?



F. Ruin-diamhra an chreidimh, noch a tá a


L. 396


"gCré na nAbsdal"; Aitheanta Dé agus na
hEagluise; na Neithe bheanas ris na Sácra-
muintibh, noch a tá d'Ualach oruinn do ghlacadh:
maille ris na Coinghiollaibh, a tá riachtanach
chum a nGlactha; "Urnuigh an Tighearna", agus
Dualgas áirighthe ar nEaladhan, ar gCeirde
nó ar nGarma.



C. An bhfuil sé d'Ualach air an té, a tá ann
Ainbhfhios na Neitheann-so, Eolus d'iarruidh go
dithchiollach?



F. A tá gan Amhrus, "faoi choir dhamanta".



C. Nach leor do Neach Seanmóir agus
"Aifrionn" d'éisdeacht?



F. Is deimhin nach leor; óir ní gnáthach, go
dTuigeann an té, a tá ainbhfhiosach a "gCeann-
altaibh an Teagaisg Críosduidhe", an tSean-
móir féin, nó Aírd-theagasg air bith oile.



C. Creud is Comhartha do'n Chríosduidhe?



F. Comharta na "Croiche".



C. Cionnas a deuntar "Comharta na Croi-
che"?



F. Do cuirthear bárr na boise Deise air
chlár an Eudain, ó sin chum na bronn; air an
nGualainn chlí agus deis, ag rádh: "Ann Ainm
an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid
Naoimh. Amen".



C. Creud chuireas "Comhartha na Croiche" a
gCéill dhúinn?


L. 398


F. An "Tríonóid ró Naomhtha"; gur ghlac an
dara Pearsa do'n "Tríonóid Colann daonna",
agus gur fhuasgail sé sinn-e ó dhaoirse agus
ó (1) mhorsuntacht an Diabhail agus an phea-
caidh, "ag fulang báis air ar son a gCrann
na Croiche".



C. Cá hUair is cóir "Comhartha na Croiche"
do dheunamh?



F. Ag éirghe dhúinn air Maidin, ag dol do
cholladh san Oídhche, ag tionsgnadh Urnuighe agus
gach Oibre eile.



C. Nach maith Comhartha na Croiche do dheu-
namh ann Amaibh oile?



F. Is maith, agus go hAírighe ann Aimsir
Cathaigheadh, nó Conntabhairte air bith.



C. An raibh "Comhartha na Croiche" a nGnás
a dTosach na hEagluise?



F. Do bhí, amhuil is follas as Aibhistín
naomhtha, "Muna nDeuntar", a deir an tA-
thair oirdheirce-se na hEagluise, "Comhartha
Chroiche IOSA CRÍOSD air Eudan na
gCreidmheach, air an Uisge ré mbaisdear
iad, air an Ola re nUngthar iad, air an
Iódhbairt ré nOiltear iad, ni nithear Aoin-
cheann do na Neithibh-se, mar is dual". Air an
Adhbhar, gur ab o'n "gCroich", iodhon, "ó bhás
agus Pháis IOSA CRÍOSD air an gCroich"
do thig buaidh agus brioghmhaireacht iomlán
na Sacramuinteadh uile.
(1) mhoghsuine, Sclábhuigheacht.


L. 400


C. An né nach nDeunaidís na Ceud Chríos-
duighthe "Comhartha na Croiche," acht ag Frio-
thólamh na Sacramuinteadh amháin?



F. Do nídis, fós air gach Aon-chor oile;
amhuil mar dhearbhas TERTULIANUS Ughdar
ársuigh, foghlumtha; ag so a bhriathra: "Air
gach Coischéim, ag gach dul a sdeach agus
a mach, an tan éaduigheamuid sinn féin, an
tan ionnlamuid sinn féin, an tan do shuigh-
mid síos chum bídh, an tan do lastar Coin-
neall, an tan do luighmid síos .... cí bé air
bith Comhluadar no Gnothuigh do thógas suas
sinn, gearramuid Comhartha na Croiche air
ar nEudan".



C. Creud fá nDeunmaoid "Comhartha na
Croiche"?



F. 1. Da chur a gCéill, gur (1) Críosduighea-
dha sinn, agus nach bhfuil níos mó Náire oruinn,
fa "Chroich Chríosd," ioná do bhí air an
Naomh-Apsdol POL, noch do niodh "Mórdháil as
Croich ar dTighearna IOSA CRÍOSD".



2. Da admháil go follasach, go gCreidimid a
"nDia ar na cheusadh", gídh gur ab "Oilbhéim
é do na Iúduighibh, agus Díthcéille do na Ci-
neadhachaibh".



3. Do chum conganta linn ré Gnáth-coimhne
bheith aguinn air "bhás agus Pháis ar Slá-
nuightheora".



4. Do chum an Diabhul do ruagadh uaim, agus
(1) Críosduighthe


L. 402


a Chealgoireacht do dhíosgaoileadh; óir is í "an
chroich bratach Chríosd," agus criothnuighe
an tAnspiorad roimh "Chomhartha féin na
hOirnise ré ar fuasgladh sinn".



C. An féidir leat a chruthnughadh go bhfágh-
muid Tíodhaice air bith o Dhia tré Chomhartha
na Croiche?



F. A táid na Mílte Cruthughadh air a Stair-
theachaibh Seanda na hEagluise, agus a Leabh-
raibh na nAithreach naomhtha, noch budh ro fhada
ré na nAíreamh ann so. Luaidhfead amháin, go
dTug ar dTighearna IOSA CRÍOSD an
Chroich mar Chomhartha agus mar Gheall
buaidhe do'n cheud Impire Críosdamhuil, CONS-
TANTINUS, an tan do chonnairc sé féin
agus a shluadh uile, ag triall an aghaidh an
Tíoránuigh MAXENTIUS, Croich cumtha do sho-
lus loinnreach, ós cionn na Gréine, air a
raibh an Sgríbhinn-se: RIS SO BEIR BUAIDH;
agus gur rug sé buaidh RIS gan mhoill air
a Naimhdibh: Sgeul, do dhearbhas an Sean-star-
thóir EUSEBIUS a mbeatha CHONSTAN-
TINUS, d'fághail o bheul an Impire-se féin.



C. Cionnas maiseadh theagmhas, gur beag
an Sochar do Mhórán, Comhartha na Croiche do
dheunadh go meinic?



F. Do bhrígh nach niomcharuid í ionn a gCroi-
dhe, acht air a nEudan amháin; óir mar dhear-
bhas AIBHISTÍN naomhtha, is beag fhóghnas an
tEudan bheith Foluighthe ris an gCroich, agus an
Croídhe bheith líonta re Lochtaibh.



C. Creud é an tOllamh ré ar cóir a dheunadh?


L. 404


F. Maille re Spiorad Urnuighe agus Crá-
bhaidh, maille re Creideamh agus re Muiníghin
mhóir aLuaigheacht IOSA CRÍOSD.



AN 5 LÉIGHIONN.



D'Urnuigh agus do Dheághrún na Maidne.



C. Creud is cóir do'n Chríosduidhe a dheu-
namh ag éirghe air Maidin?



F. Is cóir dhó an ceud Smuaineadh, an ceud
fhocal, agus an ceud ghníomh do thabhairt do Dhia.



C. Cionnas is cóir sin do dheunamh?



F. Tar éis Comhartha na Croiche do dheu-
namh, abradh: "A Dhé Uilea-chumhachtaigh,
do bheirim mo chroidhe go hiomlán dhuit: A IOSA
Congnaidh liom: A Naomh-Mhuire Oígh, guidh
oram".



C. Creud é do ní an Críosduidhe maith an
tan do bhíos ag cur a chuid Eudaidh air?



F. Iomcharaighe sé é féin go caoigheamhail,
adhnáireach; agus árduighe a chroidhe a nois
agus a rís chum Dé.



C. Creud is cóir dhó dheunamh, tar éis a chuid
Eudaidh do chur air?



F. Iar gCrothadh an Uisge choisreagtha air
féin, is cóir dhó é féin do léigion air a ghlúi-
nibh, agus Urnaigh na Maidne do dheunamh chum
Dé go cráibhtheach.



C. Cionnas do ní tú Urnuigh na Maidne?



F. Do ním Gníomha Adhraidh, Grádha, buidhea-


L. 406


chais, Toirbhirte, Deághrúin, agus Athchuinge.



C. Deuna Gníomh Adhraidh.



F. "A Dhé Uilea-chumhachtaigh, adhraim
agus molaim do mhórdhacht dhiadha, admhuighim,
gur tú mo Chruthaightheoir agus m'Aírd-thi-
ghearna: Íslighim mé féin go léir faoi do
Smachd".



C. Deuna Gníomh Grádha.



F. "A hTighearna, grádhuighim thú ó mo chroidhe
go hIomlán, ós Cionn gach uile Neithe; do bhrígh
go bhfuil tú ró mhaith agus ro gheanamhail".



C. Deuna Gníomh buidheachuis.



F. "A hTighearna, do bheirim míle buidheachas
dhuit fá mo thabhairt ó bhás Codalta; fá mo
chruthughadh agus mo cheannach; fá Chríos-
duidhe do dheunamh dhíom; agus fá gach Grá-
sa, do thugais dhamh go nuige so".



C. Deuna Gníomh Toirbhirte.



F. "A hTighearna, tiomnuighim dhuit mo
Smuaintighthe, mo bhriathra, mo ghníomhartha
agus mé féin go léir; ionnas go rachadh an
tiomlán a Moladh agus a Mórdháil dhuit-si
go síorruidhe".



C. Deuna Gníomh Deághrúin.



F. "A hTighearna a tá Rún agam, maille
re do ghrásaibh, hAitheanta-so do choimheud
a niugh, níos feárr ioná rinneas roimhe so;
agus gach uile pheacadh do sheachnadh, go hAí-
righe na Peacaidhe, is mó d'á bhfuilim claon".



C. Deuna Gníomh Athchuinge.



F. "A hTighearna, tabhair Congnamh dhamh,


L. 408


tré do Mhór-thrócaire, ann m'uile Riachtanas
Anma agus Coirp; agus saor mé ó gach uile
pheacadh. A Dhé mhóir, iarraim so ort go dith-
chiollac, tré luaigheacht Fola Fíor-uaisle
IOSA CRÍOSD; agus tré impighe na
Naomh-mhaighdine, na nAingeal, agus na
Naomh uile".



C. Nach nDeunann tú Urnuigh air bioth oile?



F. Do ním; deirim an chuid is lugha dhe, "an
Phaidir, Fáilte an Aingil, an Chré, agus
Aitheanta Dé"; agus iarraim Congnamh
"m'Aingil Coimhdeachta", mo Char-absdoil,
agus mo (1) Naomh-chobhairtheora.



C. Cionnas iarras tú Congnamh air hAin-
geal Coimhdeachta?



F. A deirim, "A Aingil Dé, do choimheu-
das mé, tré thrócaire an Tighearna, soill-
sigh, treoruigh, caomhnuigh agus cosuin mé
a niugh. Amen".



C. Creud fós an Urnuigh is indeunta air
Maidin?



F. Is ró thairbheach Liodáin IOSA do rádh go
cráibhtheach gach Aon-mhaidin.



C. Cionnas do chríochnuighir Urnuigh na Maid-
ne?



F. Coimhnighim, agus breathnuighim, air feadh
Tamuill, air na ceithre Críochaibh déigheancha,
nó air Neithibh diadha eile, agus fá dheoidh,
iarraim go hOirísioll air Dhia mo hSaoradh ó
(1) Phátrúin


L. 410


gach uile Olc, ach go hAírighe ó pheacadh, "tré
"IOSA CRÍOSD ar dTighearna".



AN 6 LÉIGHIONN.



D'Urnuigh agus do mhion-sgrúdadh an
Tráth-nóna.



C. Cionnas do ní tú Urnuigh agus Mion-
sgrúdadh an Tráth-nona?



F. Tar éis buidheachais do thabhairt do Dhia,
iarraim mar ghrása air, fios mo pheacai-
dheadh thabhairt dhamh; sgrúdaim mo chogús,
agus do ním Gníomh Croidhe-bhrúigh.



C. Cionnas iarras tú Fios do pheacaidheadh
air Dhia?



F. A deirim: "A hTighearna, tré do mhór-
thrócaire, tabhair Solas do ghrás dhamh,
do chum go madh léir dhamh mo lochta, agus go
mbeith Fíor-ghráin agus Fuath (1) diongmhál-
ta agam orra".



C. Cionnas a sgrúdas tú do chogús?



F. Do bheirim fá deara na Peacaidhe do rin-
neas re Smuaineadh, re bréithir, re Gníomh,
nó re Faillighe; agus go hAírighe na Peacai-
dhe, is mó d'á bhfuilim claon.



C. Cionnas do ní tú Gníomh Croidhe-bhruigh.



F. A deirim ó mo chroidhe: "A hTighearna is
(1) diongmhála


L. 412


mór an tAithreachas a tá oram fá fheirg
do chur ort, do bhrígh go bhfuil tú ró mhaith
agus ró gheanamhail; agus do bhrígh nach
dTaitnigheann an Peacadh leat. Is Rún damh,
maille re do ghrásaibh, ó so suas gan d'fhearg
do thuilleadh; agus fós Faoisidin do dheunamh
comhluath is féidir liom é".



C. Creud é deir tú na dhiaidh sin?



F. Deirim an CONFITEOR.



C. Creud í fós an Urnuigh do ní tú?



F. A deirim "Paidir, Fáilte an Aingil,
Cré, Aitheanta Dé, Liodáin Naomh-Mhuire Oígh",
Urnaigh "m'Aingil Coimhdeachta", mo char-abs-
doil, agus mo Naomh-cobhairtheora.



C. Nach nGuidheann tú air na hAnmannaibh, a
tá a bPurgadóir?



F. A deirim DE PROFUNDIS, etc. nó
an chuid is lugha dhé: "A hTighearna, tré do
mhór-thrócaire, tabhair Cobhair agus Suaimh-
neas síorruidhe d'Anmaibh Phurgadóra".



C. Creud eile do ní tú?



F. Smuainim, agus breathnuighim, feadh
Aimsire éigin, air na "ceithre Críochaibh
déigheanacha", go hAírighe air "an mbás" agus
air "an mbreitheamhnus".



C. Cionnas do chríochnuighir Urnuigh na hOídh-
che?



F. Toirbhirim do Dhia mo shuan, ag rádh:
"A hTighearna, toirbhirim dhuit mo chodladh: is
chum, do Naomh-thola do riar, is Mian liom
an Suaimhneas-so do ghlacadh, caomhnuigh mé


L. 414


a nocht ó m'Eascáirdibh, tré IOSA CRÍOSD
ar dTighearna. Amen".



C. Creud do ní tú, ag cur hEudaigh dhíot?



F. Iarraim air Dhia, tré Nochtadh IOSA
CRÍOSD chum a cheusda, mo Nochtadh go
léir ó Ainmhianaibh an tSaoghail agus na Colna.



C. Creud air a smuainir, ag luighe dhuit air
do Leabaidh?



F. Measaim, go madh fhéidir, nach nEírgheo-
chuinn aisde go bráth; agus air shocrughadh chum
Suain dhamh, a deirim ó mo chroidhe: "Air do
láimh, A hTighearna, cuirim Coimheud m'An-
ma, ó's tú féin do cheannaigh mé, a Rígh na
Caithreach Neámhdha".



AN 7 LÉIGHIONN.



Do'n Urnaigh nithear roimhe agus a nDiaidh
bídh, agus ann Amaibh eile.



C. An cóir Urnaigh do dheunamh roimhe agus
a nDiaidh bídh?



F. Is cóir, óir, gan sin, d'iomchóramaois
sinn féin amhuil (1) beathuighe éigcéillighe.



C. Creud í an Urnuigh do ní tú roimhe biadh?



F. Deirim: "A hTighearna, beannuigh an Oi-
leamhain-si, is Mian linn do ghlacadh chum sinn
féin do neartughadh, chum do Naomh-thola do
(1) beathadhuigh, nó Ainmhintibh


L. 416


choimlíonadh. Amen. An Ainm an Athar", etc.



C. Creud í an Urnaigh do ní tú a nDiaidh
bídh?



F. Deirim: "A hTighearna, do bheirmid
buidheachas dhuit fá'n Oileamhain-si, do thugais
dúinn; tabhair dhúinn, tré do ghrása, ar
Saoghal, ar Sláinte, agus ar Neart do chai-
theamh air chor, go rachadh gach Tíodhlaice dá
bhfuaramar uait, a Mórdháil agus a Moladh
dhuit, tré IOSA CRÍOSD ar dTighearna.
Amen". Deirim fós "Paidir" agus "Fáilte an
Aingil".



C. Creud is cóir do dheunamh a dTús gach
Oibre?



F. Is cóir dhúinn ar gCroidhe do thógbháil chum
Dé, ag rádh: "A hTighearna, toirbhirim m'O-
bair dhuit: is mar gheall ort-sa, is Mian
liom a deunamh: beannuigh mé féin agus í,
tré do mhór-thrócaire".



C. Creud í an Urnuigh do ní tú, chum tú féin
do choimheud air pheacadh.



F. Deirim: "A hTighearna, soillsigh mé ré
do Naomh-sholas; congmhuídh suas mé re do
ghrásaibh; agus na léig dhamh tuitim ann
Aoin-pheachadh, tré IOSA CRÍOSD ar
dTighearna. Amen".



C. Creud is inDeunta do Neach, an tan do
thiucfas Cathughadh air?



F. Is cóir dhó Congnamh iarraidh air Dhia,
agus diúltadh go meisneamhail do na Cathui-
ghibh.


L. 418


C. Creud a deir tú, chum an Cathughadh do
chlaoi?



F. A deirim; "A hTighearna, congnaidh liom
re do ghrásaibh: diúltaim do na Cathaighibh-
si: is luaithe d'fhuileongainn bás ioná d'aon-
tóchainn dhóibh".



C. Creud is cóir do Neach a dheunamh, an
tan do mheasas, gur thuit se a bPeacadh?



F. Is cóir dhó Ghníomh Croidhe-bhruigh do dheu-
namh, agus a rádh: "A hTighearna, is mór
an tAithreachas a tá oram fá fheirg do chur
ort: is Rún damh, re do chongnamh-so, bheith
feasda air mo choimheud níos feárr".



C. Nach bhfuil sé d'fhiachaibh oruinn Urnuigh do
dheunamh ann Amaibh eile?



F. A deir ar Slánuightheoir, gur "riachta-
nach Urnuigh a dheunamh do ghnáth, agus gan
Faillighe do dheunamh" na timchioll.



C. Cionnas is féidir dhúinn an Aithne-si do
choimhlíonadh?



F. Coimhlíonfam í air mhodh éigin, má ár-
duighmíd ar gCroidhe chum Dé go minic is an
Lá, agus má thoirbhirimid go cráibhtheach ar
nGníomhartha dhó.



C. An deacair sin do dheunadh?



F. Ni deacair: a ta sé comh furas sin agus
nach féidir re hAon-neach a rádh go fírinneach,
nach bhfuil Am agus Faill aige air a dheunadh;
óir is féidir do'n Uasal, do'n Mhac Léighinn,
do'n Cheannuíghe, do'n Cheárduíghe, do'n tSearbh-
fhóghantuigh, do'n Easlán, do gach uile dhuine


L. 420


smuaineadh go líonmhar sa ló air Dhia agus
air Neithibh Diagha; agus a ghníomhartha uile
do naomhadh re na dToirbhirt go buidhe d'a Chru-
thuigheoir agus d'a Fhuasgultóir.



AN 8 LÉIGHIONN.



Do'n Aifrionn Naomhtha agus do'n Mhodh air
ar cóir a éisdeacht.



C. Creud is AIFRIONN ann?



F. A tá Togha Urnuighe, agus "ÍODHBAIRT"
ionn a dToirbhirthear "da ríribh" do Dhia "Fuil
agus Feoil ar Slánuightheora IOSA CRÍOSD",
faoi ghné Aráin agus Fíona, a gCoimhne "a
Naomh-pháise agus a bháis air chrann na Croi-
che, air ar Soin-ne".



C. Creud is iódhbairt ann?



F. A tá Tabhartus do Neithib (1) ceudfuighthe
nó corpordha, noch órduigheas Dia d'fhoráil dó
féin amháin; agus fós do marbhadh nó d'áthru-
ghadh air mhodh éigin, chum a Mhór-chumhachta air
bheodhaibh agus air mharbhaibh d'admháil (2) ós áird.



C. Cionnas is Fír-íodhbairt an tAifrionn?



F. Do bhrígh go bhForáltar ann, agus go
níodhbairthear do Dhia Fíor-fhuil agus Fír-
fheoil IOSA CRÍOSD, faoi ghné Aráin
agus Fíona.



C. An féidir a rádh, ná mheas, go níodh-
(1) ceudfadhacha. (2) go follas


L. 422


bairthear Corp Glórmhar Domharbhtha ar Slá-
nuightheora is an Aifrionn?



F. Is féidir agus is riachtanasach a rádh
agus a chreideadh go daingion; óir an tan do
naomh-choisreagas an Sagart an tArán agus
an Fíon, foráluighe CRÍOSD é féin go fí-
rinneach d'a Athair Neámhdha; agus taibhsi-
ghear dhúinn-e mar sin, go sgarthar a Fhuil
agus a Fheoil-sin ó chéile re Cloidheamh na
mbriathar, amhail do sgaradh iad dá ríribh
ó chéile a gCrann na Croiche.



C. Cionnas fós is féidir a rádh, go "níodh-
bairthear, nó go sgriostar Fuil agus Feoil
Naomhtha Chríosd go furdhorcha is an Ai-
frionn"?



F. Do brígh go gCaitheann an Sagart "Fuil
agus Feoil Fhíor-uasal Mhic Dé"; agus go
gCuireann an Caitheamh so mar an gCeud-
na "Ceusadh agus bás Chríosd air an
gCroich", a gCuimhne dhúinn.



C. Cia dh'á dToirbhirthear an Íodhbairt-si?



F. Do Dhia Uilea-chumhachtach amháin; do bhrígh
gur ab é féin "amháin, Rígh na Ríogh, Tighear-
na na dTighearnadh, agus Ard-fhlaith Neimhe
agus Talmhan".



C. Nach bhForáltar air Uairibh Íodhbairt an
Aifrinn do na (1) Naomhaibh?



F. Ní foráltar, agus ní dlisdionach a fo-
(1) Naoimh


L. 424


ráil do Naomh, nó d'Aingeal; gidheadh toirbhir-
thear í do Dhia amháin, mar bhreith buidhea-
chuis air son a Mhóir-thíodhlaiceadh do na "Naomh-
aibh"; agus coimhnighthear ortha is an "Aifrionn",
ionnas, go rachadh an "Íodbairt Mhór-luaighe-
se" an Onóir dhóibh; agus "go nGuidhfidís
orainn-e air Neamh, an tan do choimhnighmid-
ne ortha-san air Talamh".



C. Cia dubhairt an ceud Aifrionn?



F. Ar dTighearna IOSA CRÍOSD.



C. Cá hAm a nDubhairt sé é?



F. An Oídhche cheudna do braitheadh é chum a
cheusda.



C. Cia deir an tAifrionn, nó thoirbhireas
do Dhia an Íodhbairt-si a nois?



F. "Críosd, ar nArd-shagart síorruidhe",
a deir é, agus do thoirbhireas é féin go lae-
theamhail is an "Aifrionn", d'á Athair Neámhdha
air ar Soin-ne.



C. Nach nDeirid fós na "Sagairt eile Ai-
frionn"?



F. Deirid gan Amharus; agus foráluid é
do Dhia ann "Ainm" Chríosd, d'ar Foghan-
tuighe agus Lucht Friothólta iad.



C. Cia aige a bhfuil Cumhacht re Aifrionn
do rádh?



F. Ag an Dream úd amháin, noch do thogh Dia
agus an Eagluis amach chum a ráidthe, eadhon,
na hEasbuig agus na Sagairt.



C. Os dearbhtha, go dToirbhireann CRÍOSD
"a Fhuil agus a Fheoil féin" d'á Athair síor-


L. 426


ruidhe "is an Aifrionn"; nach dearbhtha mar
an gCeudna, gur ab ionann Íodhbairt an
"Aifrinn" agus Íodhbairt na "Croiche"?



C. Is dearbhtha go deimhin, gur ab ionann
iad, acht amháin, go raibh Íodhbairt na "Croiche
fuilteach", agus go bhfuil Íodhbairt an "Aifrinn
Neamhfhuilteach"; is é sin, gur dórtadh Fuil
Uasal "Chríosd", agus gur sgaradh dá ríribh
a Chorp agus a Anam re chéile a "gCrann na
Croiche"; agus nach nDórtar a Fhuil a nois,
agus nach gCuirthear chum báis é, acht "go
furdhorcha", agus a dTaibhse nó a dTaisbeá-
nadh amháin.



C. Cia air Son a nDeirthear "an tAifrionn"?



F. Air Son na mbeodh agus na Marbh.



C. Creud é an Sochar do ní Íodhbairt an
"Aifrinn" do na beodhaibh?



F. Do gheibh dhóibh ó Dhia Luaigheacht agus To-
radh Íodhbairte na "Croiche", eadhon, na Grá-
sa, a tá na Riachtanas ortha.



C. Cia hiad a measg na mbeodh, d'á dTéid
"an tAifrionn" a Sochar?



F. Do théid sé a Sochar do bhallaibh na hEa-
gluise go coitchionn, agus go (1) sunradhach
d'on té air Son a nDeirthear é, do'n "tSagart"
a deir é, agus d'on (2) lucht éisdeas é.



C. Creud é an Sochar do ní sé do na Marbhaibh?



F. Laghduighe sé a bPian a "bPurgadóir",
agus luathuighe a bhfuasgladh as.
(1) speisialta. (2) Dream.


L. 428


C. An bhfuil sé d'fhiachaibh oruinn Aifrionn
d'éisdeacht go minic?



F. Ní bhfuil d'fhiachaibh oruinn a éisdeacht acht
air "laethibh Saoire agus Domhnaigh amháin";
gidheadh is ró mhaith agus is ionmholta Aifrionn
d'éisdeacht coimhminic agus is féidir é go
comhgarach.



C. An cóir do Neach Dithchioll do dheunamh air
"Aifrionn" d'éisdeacht gach Aon-Lá, nó go
minic?



F. Is cóir go deimhin; do bhrígh go bhfuil sé ró
thaitneamhach a Láthair Dé, agus ró tharbhach
do'n té éisdeas é.



C. Nach díoghbhálach do chách, "an tAifrionn" a
rádh a (1) dTeangaidh nach dTuigid uile?



F. Ní díoghbhálach; óir ní bhfuil is an "Ai-
frion" acht Urnuigh agus Íodhbairt, a tá d'Ua-
lach air an "tSagart amháin" do dheunamh chum
Dé air Son an Phobuil. Os a chionn sin, aith-
nighe an Eagluis do "gach Sagart Parráis-
de", Cuid éigin do'n "Aifrionn" do mhíniughadh
do chách, nó thabhairt fa deara a mhíniughadh dhóibh
go minic, agus go hAírighe "air laethibh Saoire
agus Domhnaigh".



A rís, is follas, gé gur Teangaidh mharbh
an Laidion, nach bhfuil Teangaidh is an
Eóroip is foirleitheaduighe tá air na tuig-
sin ioná í; óir is tearc Mion-bhaile gan Neach
(1) dTeangain


L. 430


éigin do hTuigeas í: air cor nach fíor a rádh,
gur "Teangaidh choimhightheach" í.



C. Creud fá nDeunann an "Eagluis" Féidhm
don (1) "Laidion" tar hTeangthaibh oile na
"hEórpa"?



F. Air tús, do bhrígh gur foirleitheaduighe tá
air na tuigsin ioná Aoin Teangaidh oile. Is an
dara Feacht, do bhrigh gur "Teangaidh mharbh" í,
air nach dTéid Claochlódh, is innte is rofhusa
"Urnaigh Choithchionn na hEagluise" do chúmh-
dach o Athrughadh agus o hSaoibh-chiallaibh; Ní budh
ro dheacair a dheunadh, dá gCuirfidhe an "tAi-
frionn" an "gach uile bhéarlagair eugcosmhuil,
malartach", dá labharthar ni hE amháin ann
gach Tír, acht fós a Mórán do mhin-chríochaibh
agus d'iargcúlaibh gacha Ríoghachta, "beag-
nach, air Feadh na hEórpa".



Tairis sin, is mór an Sochar agus a Sólás
do lucht Aisdir agus do Choigcríochuibh, Urnui-
ghe Choitchionn na hEagluise d'fhághail "coimh-
ionann" a muigh agus a mbaile; ionnas gur ab
éigion gur "Fíor-thuatuighe dá ríribh" iad,
muna Feas dóibh cá hAm is ionráidhte AMEN,
cá hAm is cóir dhóibh a bheith air a nGlúinibh, cá
hAm is ceart seasadh, nó gach Ní oile, do bhea-
nas leo, nó is oireamhnach dhóibh, do deunadh.



C. Cionnas is cóir dhúinn "Aifrionn" déis-
deacht?



F. Is cóir dhúinn a éisdeacht go hiomlán, go
(1) Laidin


L. 432


hAireach, go módhamhuil, agus go cráibhtheach;
óir "is malluighe an té do ní Gnothuidhe Dé go
mainneachtnach".



C. Cia hiad an Drong éisdeas é go Neamh-
aireach?



F. A tá an mhuintir do chodlas aige, nó
do bheir Aire do Neithibh díomhaoine nó saoghalta.



C. Cia hiad an Drong, nach nEísdeann é
go módhamhuil?



F. An mhuintir fheuchas nó amharcas a nunn
agus a nall, ag comhrádh re chéile, nó ag (1)
ámhuillidh air feadh Mór-choda do'n Aifrionn;
agus fós an Dream éisdeas é air Leath-ghlún,
nó air leath-luighe re Taca.



C. Creud is indeunta chum Aifrinn d'éis-
deacht go cráibhtheach?



F. Is cóir do Neach é féin d'iomchar go
gnaoidheamhuil, tromdha; agus Dia do ghuidhe ó
Chroidhe agus ó Aigneadh; "óir is Spiorad
Dia, agus an Dream adhras é, is éigin
dóibh a adhradh a Spiorad agus a bhfírinne".



C. Creud do ní tú, an Tráth do thionnsgnas
an Sagart an tAifrionn?



F. Do ním Comhartha na Croiche; agus
toirbhirim do Dhia an Naoimh-Íodhbairt, maille
ris an Aigneadh agus ris an Rún ceudna, lé
ar thoirbhir IOSA CRÍOSD Í ó thús; agus
lé a dToirbhireann an Eagluis í ann Ainmsion.



C. Creud é an tAigneadh lé ar thoirbhir "ar
Slánuightheoir" í?
(1) áithleoireacht.


L. 434


F. Do budh Aigneadh dhó, agus is é fós is
Mian leis, Dia d'adhradh agus do mholadh; buidh-
eachas do thabhairt dhó; Grása agus Mai-
theamhnas ar (1) bPeacadh do thuilleadh dhúinn-e.



C. Creud do ní tú, an tan do tógthar
suas an tAbhlann Coisreagtha, eadhon, Corp
Críosd?



F. Deirim: "A hTighearna, creidim go dei-
mhin, go bhfuil tú idir Fhuil agus Fheoil, idir
Dhaonnacht fós agus Dhiadhacht, go cinnte
is an tSácramuint si. Adhraim agus mo-
laim thú innte, ó mo chroidhe go hiomlán".



C. Creud deirir, an tan do hArduighthear an
Chailís?



F. Deirim: "A hTighearna, adhraim d'Fhuil
Fhíor-uasal; do bheirim míle buidheachas dhuit
fá na dórtadh air mo shon a gCrann na Croi-
che. Na léig dhamh a Toradh do chailleadh, tré
mo pheacaidhibh".



C. Creud do ní tú ó sin amach go Deireadh
an Aifrinn?



F. Bím ag adhradh, ag moladh, agus ag
grádhughadh ar dTighearna; agus fós ag umh-
lughadh dhó.



C. Creud do ní tú ag Deireadh an Aifrinn?



F. Do bheirim buidheachas re Dia fá na Mhóir-
thíodhlaicibh, go hAírighe air Son an Aifrinn
d'éisdeas; agus iarraim Maitheamhnas na
Locht, ann ar thuit mé, chomh-fad agus do bhíos
d'á éisdeacht.
(1) bPeacaidheadh.


L. 436


C. Cionnaf bheir tú buidheachas do Dhia fá
éisdeacht "an Aifrinn"?



F. Deirim: "A hTighearna, do bheirim míle
buidheachas dhuit, fá mar thugais dhamh, tré
do Mhór-thrócaire, an tAifrionn-sa d'éis-
deacht; agus air Son na nGrás do fuaras
aige".



C. Nach gnáthach "Uisge Coisreagtha" do
ghlacadh "ag an Aifrionn"?



F. Is gnáthach, agus fós a thabhairt a bhaile
chum a ghlactha a nois agus a rís, go hAirighthe
Maidin agus Tráth-nóna.



C. Creud is "Uisge Coisreagtha" ann?



F. Uisge do beannuighthear tré bhréithir Dé
agus tré Urnuigh.



C. Nach Gnás geasrógach Uisge no Neithe
gan Anam do bheannughadh, no a mheas go bhfuil
Tábhacht air bhith ionnta?



F. Ni hEadh: ni geasróg Tíodhlaiceadha
Neámhdha d'iarraidh tré Urnuighe "Eagluise
Dé"; agus is tré bhrígh "na hUrnuighe-se" bhíos
Súil aguinn-e ré Tairbhe do bhuain as na
Neithibh-se, an tan do níomuid Féidhm dhíobh
maille ré "Creideamh"; agus is iomdha Gníomh
dá dhearbhadh, nach díomhaoin ar nDóthchas.



Os a chionn sin, d'aithin Dia féin "Uisgea-
dha Coisreagtha agus Glanta" do dheunadh is
"an tSein-reacht"; agus sin, go dearbhtha,
"gan Piseóg na geasróg".



C. An dTig leat a thaisbeánadh as an Sgrí-


L. 438


bhinn Dhiagha, gur féidir go dlisdionach Féidhm
do dheunadh d'Uisge, do hSalann, d'Ola agus
dá leithéidibh sin, chum Cabhartha air bith dFá-
ghail o Dhia?



F. Do thig; óir léighmíd ann sa dara agus
is an cúigeadh Caibidil don cheathramhadh Lea-
bhar do "Leabhraibh na Riogh", gur leighis an
Fáigh ELISEUS go míorbhuileach Uisgeadha
urchóideacha JERICHO ré teilgean Sa-
lainn ann a dTobar; agus gur leighis sé
"NAAMAN SIRIANACH" ó Lobhradh re
hUisgeadhaibh Abhanna JORDAN.



Do chuir ar Slánuightheoir féin, noch do chru-
thaigh Neamh agus Talamh ré na bhréithir
amháin, "seile air an dTalamh, do rinnidh sé
Láib don tSeile, agus do leathnuigh sé an Láib
air fhuilibh dhuine do rugadh na dhall", ag rádh
ris: "Imthigh, ionnail a Loch SILOE; uime sin
d'imthigh sé, d'ionnail sé, agus táinig Glan-
radharcach air ais".



"D'ungadar fós na hAbsdoil Mórán do
dhaoinibh tinne re hOla, agus do shlánuigheadar
iad".



C. An féidir Uisge agus a leithéide bheith
oireamhnach re beannughadh no Naomhthacht air
bith do ghlacadh?



F. Is féidir, comh maith re biadh agus re
Digh, noch do bheannuigheas go laetheamhuil gach
Drung iomchras iad féin go Críosdamhuil; óir
a deir "ar Slánuightheoir, go naomhann an Al-
tóir an Tíodhlaice a tá uirrthe"; agus dear-


L. 440


bhaidh an Naomh Apsdol POL dhúinn, go "naomh-
thar gach Ní do chruthuigh Dia, tré bhréithir Dé
agus tré Urnuighe".



C. Creud é is Féidhm don "Uisge Chois-
reagtha"?



F. Beannuighe "an Eagluis" é tré Urnuighe
oirrdheirce, chum Coimirce agus beannachta
Dé d'iarraidh don Lucht, do ni Féidhm dhe; agus
go hAirighe chum go gCoiseonfuidh iad air
"chumhachtaibh an Diabhuil".



Tairis sin, is maith is féidir dhó fóghnadh
chum "an Chonnartha", do rinneamar re Dia
an Aghaidh an Diabhuil, an tan do glanadh sinn
go trócaireach ó pheacadh tré "Uisge an bhais-
didh", do chur a gCuimhne dhúinn; agus chum ar
nGeallamhna (1) d'athnuadhadh, no chum Gníomha
Croidhe bhruigh do dheunadh.



C. An bhfuil Urnuigh "na hEagluise" comh bua-
dhach sin a Láthair Dé, agus a chongnadh d'Fá-
ghail dhúinn an Aghaidh cheilge agus chumais Na-
mhad ar nAnama, an tan do níomuid Féidhm
"d'Uisge Coisreagtha maille re Creideamh"?



F. Ní bhfuil Ní air bith is mó cuid impídhe air
Dhia ioná an Urnuigh go coitchionn; agus
dearbhaidh ar Naomh Apsdol Seumus dhúinn,
ag ar nGríosughadh "chum guidhe air son a chéile",
gur "mór brigh Urnuighe dúthrachtuigh an fhí-
réin"; go raibh ELIAS "na dhuine anbhfhann,
cosmhuil rinne, agus gur ghuidh sé go dithchiol-
lach fá gan Fearthuinn do dheunadh air an
dTalamh, agus ni dearnadh Fearthuinn air
(1) d'athnuachan


L. 442


feadh thrí mbliadhan agus sé Míos; gur
ghuidh sé a rís, agus tug Neamh Fearthuinn
uadha, agus do thug an Talamh a thoradh".



A nois, má tá Urnaigh cháich fá leith comh cu-
mhachtach so, is follas go sír-éisdear go tró-
caireach Gnáth-urnuigh na hEagluise go léir
o Eirghe Gréine go Luighe Gréine; agus go dTu-
gann Dia do gach Dream, do chomhoibrigheas re
na ghrásaibh, Toradh bhuan-urnuighe "na hEa-
gluise úd", re a nDúbhairt CRÍOSD: "go
deimhin, deimhin a deirim ribh, má iarrfuidhe
Ní air bith air an Athair ann m'ainmse,
do bheura sé dhíbh é".



C. An bhfuil Gnáthughadh an "Uisge chois-
reagtha" ársuigh ann "Eagluis Dé"?



F. A tá sé ro ársuigh, ó thárla go labharthar
air a "nDlígheadh na nApsdol", agus a Sgrí-
bhinnibh na "nAithreachadh Naomhtha" agus "Star-
thóireadh seanda na hEagluise".



C. Creud fá mbeannuighthear agus fá gCo-
maisgthear "Salann" ris an "Uisge"?



F. Dá chur a gCéill dhúinn, gur, amhuil do
chumhduigheas "Salann" an biadh (1) o Lobhthadus,
agus do bheir sé Deághbhlas dó, mar sin do na
"Grásaibh" do gheibhmíd "tré Urnuighe na hEa-
gluise", an tan do nímíd Féidhm "don Uisge-
se maille ré Creideamh", cosnuid sinn air "na
Spioraduibh neamhghlana", agus do bheirid
(1) Lobhadh, Mhorgadh


L. 444


dhúinn Taithneamh do thabhairt do Neithibh neámhdha.



C. Creud fá gCleachtann "an Eagluis Co-
mhartha na Croiche" do dheunadh ag beannughadh
"an tSalainn agus an Uisge", agus an gach
"Naomh-choisreagadh" oile?



F. Dá chur a dTuigse dhúinn, gur "tré
Chríosd ceusda air a gCroich air ar son",
chaithfeas gach Ní, is maith d'ár nAnam, do
theacht.



C. Creud é an Sochar is cóir dhúinn do thar-
ruing as a nDúbhradh ann so do thaobh "an Uis-
ge choisreagtha"?



F. Air dTús, is cóir dhúinn (1) dearcadh air,
agus air "gach Deághnós agus Deasgnáth
naomhtha oile, dá bhfuil is an Eagluis Chatoilice,
maille ris an Modh agus ris an Meas is dual";
do bheith cinnte go bhfuilid go léir air na gCur
air bun, "do chum gnothuighe móra ar nAnama
do chur air Aghaidh", re cur na dTíodhlaiceadh
dolabhartha do fuaramur cheana o Dhia, a
gCuimhne dhúinn; no re hArdúghadh ar Meanmna
chum Neimhe, ag iarraidh Cúnganta na Trío-
nóide go hOiríseal, noch a tá d'easbuidh oruinn
gach uile Am dár Saoghul; agus gan Aithris
do dheunadh go bhráth air an Druing mhealta
úd, "do cháineas na hUile Neithe nach dTuigid".



Is an dara Feacht, is cóir dhúinn "Uisge
Coisreagtha" do ghnáthughadh "maille re Coi-
mheud agus Crábhadh", agus deunadh Dithchill a
gComhnuidhe air ghníomh Croidhe-bhrúigh, no Déigh-
(1) Feuchuin


L. 446


ghníomh éigin oile do dheunadh, agus a chrathadh
oruinn féin, agus fós air ar nionadaibh Comh-
nuidhe o Am go hAm, ag rádh, gan Aon-chomhar-
tha do dheunadh acht "Comhartha na Croiche: Iom-
chraithfidh tu Íosóip oram, a hTighearna,
agus biaidh mé air mo ghlanadh; nighfidh tú
mé, agus budh gile mé ioná an Sneachta".



AN 9 LÉIGHIONN.



Do'n Phaidrín nó do'n Choróin Mhuire, etc.



C. Creud í an Urnaigh is gnáth leat do rádh
an Onóir "na Naomh-óighe"; agus chum a
hEidirghuidhe do thuilleadh?



F. Deirim "an Paidrín".



C. An bhfuil an Urnuigh-si taithneamhach a Lá-
thair "ar Slánuightheora agus a Naomh mháthar"?



F. A tá; do bhrígh nach bhfuil innte, acht "an
Chré, an Phaidir, agus Fáilte an Aingil",
eadhon, Urnaighthe a tá ró thaithneamhach a Lá-
thair Dé.



C. Creud fá nDeirthear an "Paidrín"?



F. Do chum "ar Slánuightheora agus na Naomh-
óighe" do mholadh; agus do chum Grás agus Tró-
caire d'fhághail ó Dhia "tré Luaigheacht an
Mhic, agus tré Eidirghuidhe na Máthar".



C. Cionnas deirir "an Paidrín"?



F. Tar éis "Comhartha na Croiche" do dheu-


L. 448


namh, deirim "an Chré a Laidion", nó "a nGaoi-
dheilg" air "Chrois mo Phaidrín, Paidir" air
na Clochaibh móra, agus "Fáilte an Aingil"
air na Clochaibh beaga.



C. Creud é ní tú ag rádh do "Phaidrín"?



F. Iarraim go meanmnach, oirísioll gach
"Athchuinge", dá bhfuil ann sna hUrnuighthibh-si.



C. Creud é fós air ar féidir dhuit smuai-
neadh, ag rádh "do Phaidrín"?



F. Air na Rúin-diamhraibh-si, eadhon, "breith,
Anró agus buaireadh, beatha agus bás,
Eiséirghe agus Deasgabháil ar Slánuightheo-
ra"; nó air Gháirdeachus agus air Dhobrón
"na Naomh-óighe" is an tSaoghal-so.



C. Nach féidir do Neach Aire thabhairt, air
Uairibh, do dheághsmuaintighibh eile?



F. Is féidir gan Amharus; uime sin, is ró
tharbhach dhúinn ar bPeacuidhe do chaoidh; Rún do
ghlacadh gan tuitim ionnta ni sa mó; agus
Conghnamh d'iarraidh air Dhia, tré Eidirghuidhe
"na Naomh-óighe", chum an Deághrúin-si do chur a
nGníomh.



C. Cionnas do chríochnuighir "an Paidrín"?



F. Deirim trí "Paidreacha", trí "Fáiltidhe an
Aingil", agus "Cré", agus do ním "Comhartha na
Croiche", ag rádh, mar dúbhras air dTús; "An
Ainm an Athar", etc.



C. An bhfuil sé tarbhach an Urnaigh cheudna
do rádh go minic?



F. Is deimhin go bhfuil, ma iarrann an Croidhe
go dúthrachtach na Neithe a tá innte.


L. 450


C. An cóir a mheas, go bhfuil buaidh éigin
air Uimhir na "bPaidreachadh" agus na "bhFáil
tidheadh", dá nDeuntar suas "an Paidrín"?



F. Ní cóir; óir is díomhaoin agus is geas-
rógach a leitheide sin do bharamhuil.



C. Cia d'ar féidir "an Paidrín" do dhul a
Sochar?



F. Do gach uile Chríosduidhe; óir ní bhfuil
Urnaigh air bith is riachtanasuigh, agus is
taitneamhuigh re Dia, ioná na hUrnuighthe dá
gCumthar "an Paidrín".



C. Cia d'ár mó a bhfóghnann "an Paidrín"?



F. Do'n Dream a tá gan léighion, gan
fhóghlaim; nó nár chleacht fós Urnuigh do dheu-
namh.



C. Creud í an Urnuigh, leath-a-muigh d'on
mhéid air ar labhramar cheana, do budh mhian
leat Cách do chleachtadh?



F. Mídheamhuin no Urnugh (1) na Meanmna.
(1) An Chroídhe, na hIntinne.



AN 10 LÉIGHIONN.



Do Mhídheamhuin no d'urnaigh na Meanmna.



C. Creud í an Urnaigh sin, air a dTugair
Mídheamhuin no Urnaigh na Meanmna?



F. Is é is Mídheamhuin no Urnaigh na Meanmna
ann, breathnughadh dúthrachtach, líonmhar,
do nithear a Láthair Dé, agus ré Congnamh a


L. 452


Ghrás, air na Neithibh do bheanas re Sláinte
an Anma, do chum a bhFoghlumtha go maith,
chum a nGrádhuighte, agus chum a gCurtha a
nGníomh.



C. An mór Tairbhe na hUrnuighe-se?



F. Is ró mhór a Tairbhe; óir tré na gnáthu-
ghadh, foghlumamaoid na Neithe, do bheanas ré
Sláinte ar nAnma, do thuigsin go fíor-mhaith,
do ghrádhughadh go díoghraiseach, agus do chur
a nGníomh go fírinneach. Ag so trí Toirthe
na Mídheamhna, Toirthe is deacair a mheas
mar is dual; do bhrígh go gCoimsighid an tiom-
lán da bhfuil riachdanach chum ar Slánuighthe.



Os a chionn so, múinidh Midheamhuin dúinn
labhairt ré Dia, agus éisdeacht ré Dia, an
tan do dheonuigheas labhairt rinn. Labhramuid
ré Dia, an tan ghuidhimid, agus iarramaoid
air, na Neithe tá do riachtanus oruinn, do
thabhairt dhúinn: Labhraidh Dia rinn, an tan do
shoillsigheas sé ar dTuigse ré Deaghsmuain-
tighibh, do bhrosduigheas ar dToil re na Naomh-
ghaethibh, agus do mheisnigheas sinn chum a
gCurtha a nGníomh. Ag labhairt re Dia,
guidhimíd é fá theacht chugainn ré na Ghrásaibh;
Ag éisdeacht ris, fosglumuid ar gCroidhe
dhó, chum go rachadh sé a sdeach ann: Ag
labhairt ris, iarramuid a sholus agus a
thíodhlaiceadha: Ag éisdeacht ris, glacamuid
iad, agus clúduigheamuid iad ionn ar gCroí-
dhe, do chum a dTaisgidhthe agus a gCurtha a
nGníomh. Is air an da ghníomh-sa, eadhon, air


L. 454


Labhairt ré Dia ó ar gCroidhe; agus air
éisdeacht ris, an tan do labhras sé ré ar
gCroidhe, a ta go léir ar Slánughadh, eadhon,
Tosach, Réim, agus Críochnughadh ar Naomh-
thachta.



C. Nach don Dream amháin a ta iadhta
suas, no do thréig an Saoghul, do bheanas an
Urnaigh-se a dheunadh?



F. Ní dhóibh sin amháin do bheanas sé, acht
fós do chách oile; is é gnothuigh gach uile Dhuine
briathra na beatha Síorruidhe d'fhoghluim go
maith, do ghrádhughadh agus do chur a nGníomh:
Is é gnothuigh gach Duine labhairt ó na chroídhe
ré Dia ann Urnaigh; agus éisdeacht go
hAireach ris, an tan do dheonuigheas sé la-
bhairt re na chroidhe: is uime sin do thosuigheas
an Fáigh Ríogha a Dhánta Diaghachta re
Moladh na Mídeamhna, ag rádh: "Do bheir an
Fíreun a dhúil do Dhligheadh an Tighearna,
agus grinn-bhreathnóchaidh air a Dhligheadh do
ló agus d'Oídhche". A deir fós, go nDeuna
an Grinn-bhreathnughadh-so an Fíreun cosmhuil
re Crann áluinn planduighthe láimh re hUisge,
noch bheuras Toradh uadh ann Am féin; óir
mar do ní an tUisge, ag taisliúghadh na
Préimhe an Crann torthamhuil, troim-mheasach,
mar sin do ní Mídheamhuin air Neithibh naomhtha,
ag líonadh an Chroídhe re Smuaintighthibh mai-
the, agus re Miangusaibh Diagha, an tAnam
saidhbhir a Subháilceadhaibh agus a nDeághoi-
bribh. Agus gídh deir an Fáigh, gur ab é an


L. 456


Deághdhuine do dheunas so, is ró dheárbhtha, gur
mó go mór a ta se do dhíth air an bPeacach;
fáth fa nAbrann an Fáigh ISAIAS: "A
Chiontacha, fillídh air bhur gCroídhe"; is é
sin re rádh: A lucht bhrisde an Dlíghidh, smuai-
nidh agus breathnuighidh ann bhur gCroídhe, deu-
naidh Aithrighe, agus glacaidh Rún neartmhar
Dia do riar.



C. Cia is Ughdar don Mhídheamhuin no d'Ur-
naigh na Meanmna?



F. Dia féin; óir an tan do thug sé "an
Dlígheadh d'a Mhuintir thoghtha féin", d'aithin
díobh a bheith dhá ghrinn-bhreathnughadh do ghnáth,
ag rádh: "Biaid na Neithe, aithnighim-se dhíot
a niugh, ann do Chroídhe, agus múinfidh tu
do do Chloinn iad; agus grinn-bhreathnóchaidh
tu iad ag suíghe síos ann do thigh, agus ag
siúbhal na Slígheadh, ag luíghe síos agus ag
éirghe suas dhuit: agus béid ann do Láimh,
agus as coinne do shúl". Agus go hAith-
gheárr na dhiaidh, a deir an Tighearna: "Cuirídh
mo bhriathra-sa ann bhur gCroidhthibh agus
ann bhur nAigneadh; agus biaid ann bhur
Lámhaibh, agus as coinne bhur Súl; agus
múinidh iad da bhur gCloinn, chum go mbreath-
nóchaidís ortha go grinn".



C. Nach deacair Mídheamhuin no Urnaidh na
Meanmna do dheunadh?



F. Ni deacair, amhuil is uras a thaisbeá-
nadh: Acht is ro iongantach go saoilid Daoine
gur deacrach an Ní, do níthear go laetheamhuil


L. 458


ann gach uile ghnothuigh leath-a-muigh do Ghnothuigh
an Anma. Cia hE an Ceannuighe nach Smuai-
neann go dúthrachtach agus go meinic air
ghnothuighibh na Ceannuigheachta? Cia aige a bhfuil
Cúis Dhlíghe, agus nach mbreathnuigheann ann
Aigneadh go laetheamhuil an tSlighe re mbeu-
radh buaidh? agus ní go hEudtrom ná go
luaith-bheartach do ní se so; acht go dúthrach-
tach, aireach, díoghruiseach, agus ag cur gach
Slígheadh, dá bhfághann, a nGníomh. Is do Dhith-
chioll don tSamhuil-se timchioll shláinte an
Anma, do ghoirmid Mídheamhuin. Cia hE an (1)
Tíoghúsach nach Smuaineann go dúthrachtach
agus go meinic d'Oídhche agus do ló air ghno-
thuighthibh a theaghlaigh?



Nach nGrinn-bhreathnuígheann an (2) Deágh-
mhac Léighinn? Nach smuaineann agus nach
nAthsmuaineann sé, an tan a bhíos ós cionn
a Leabhair, ag cumadh Aoin-neithe, no ag
foghluim Cruaidh-cheasda air bith? Claonaidh
se Aigneadh chum go dTuigfeadh í, chum go
gCoimhneochadh oirthe, agus chum go mbuain-
feadh Tairbhe as a bhfoghlumann sé. Ní bhfuil
acht Mídheamhuin no Grinn-bhreathnughadh ann so
uile.



Nach síor-smuaineann an Drochmhac Léi-
ghinn, an tan féin do saoiltear go bhfuil se
(1) Tigheasach, Fear Tíghe, no bean Tíghe.
(2) Scoláire maith


L. 460


ós cionn a Leabhair, air Chaitheamh Aimsire
agus air shugradh comhdúthrachtach agus coimh-
líonmhar sin agus nach dTugann Aire do Ni
air bith oile?



Nach meabhruigheann an Drochdhuine an tOlc,
mar deir briathar Dé? An tan a bhíos Drochrún
faoi, síor smuainidh se air, agus ni bhfuil Ní
is aite ris ioná Slíghe d'iarraidh agus d'fá-
ghail re na chur a nGníomh. Nach féidir agus
nach cóir don Chríosduidhe an tSubháilce do
mheabhrughadh mar mheabhruighid Lucht na Mí-
ghníomh an Dubháilce agus an tOlc? Nach féidir
agus nach cóir dhó oiread a dheunadh air son
na beatha síorruidhe, agus do níd Cách go
laetheamhuil air son Tairbhe agus Aoibhnis
shaoghulta? Da bhrígh sin, na measdar go bhfuil
Mídheamhuin no Urnaigh na Meanmna deacrach,
no dócamhlach.



C. Nach (1) furas dhúinn sinn féin do shlánu-
ghadh gan Mídheamhuin no Urnaigh na Meanmna?



F. Ni hUras go deimhin; óir ó nach bhfuil a
Mídheamhuin no a nUrnaigh na Meanmna acht
amháin "breathnughadh dúthrachtach, líonmhar air
na Neithibh do bheanas ré Sláinte an Anma,
chum a bhfoghlumtha, chum a nGrádhuighthe, agus
chum a gCurtha a nGníomh", is dearbhtha gur
ro dheacair do Neach é féin do shlánughadh gan
Mídheamhuin, amhuil nach urus air Aon-chor na
Neithe do bheanas re Sláinte an Anma do
(1) Uras


L. 462


chleachtadh, no do chur a nGníomh gan a nGrá-
dhughadh; ná a ngrádhughadh gan a bhfoghluim; ná a
bhfoghluim gan smuaineadh ortha go dúthrach-
tach, agus go meinic, agus gan iarraidh air
Dhia go Líonmhar, Grása do thabhairt dhó re
na bhfoghluim, re na nGrádhughadh, agus re na
gCur a nGníomh. Is uime so a deir an Sgrí-
bhinn dhiagha gur do dhíth grinn-bhreathnuighthe
do truaighlíghthear na beusa, agus do dam-
nuighthear Daoine go laetheamhuil: "A ta an
Talamh uile (1) air fágáil, do bhrigh nach
nAthsmuaineann Aoin-neach ann a Chroídhe"
air Neithibh neamhdha.



Is do dhíth go deimhin "a bhreathnughadh go
dúthrachtach agus go líonmhar ann ar gCroí-
dhe," creud fa dTangamur chum a tSaoghuil,
do dhearmadamuid an Teachtoireacht lé ar
cuireadh sinn ann so, eadhon, "chum Eoluis
d'fághail air Dhia, chum a ghrádhuighthe, agus
chum a riartha go fírinneach": is do dhíth
"athsmuainighthe go dúthrachtach agus go mei-
nic" air dhíomhaoineas agus air dhiombuaine
an tSaoghuil-se, air an mbás, air an mbrei-
theamhnus, air Neamh agus air Ifrionn, is
annsa re Cách Aoibhneas, Saidhbhrios no Maoin
na beatha boichte-se ioná IOSA CRÍOSD agus
an bheatha shíorruidhe: Is do dhíth smuaintidhthe
go laetheamhuil agus da ríribh air Rúindiamh-
raibh ar bhfuasgalta, eadhon, ioncholnughadh,
(1) Na fhásach


L. 464


beatha, Páis, bás, Eiséirghe (1) mhórdhálach,
Deasgabháil chaithréimeach ar Slánuightheora
IOSA CRÍOSD, do ghlacaid Daoine an
uraid-sin Saothair air son na beatha truailli-
ghe-se, nach mór go smuainid amháin air Ni air
bith do dheunadh mar gheall air an té do chru-
thaigh agus do "cheannuigh iad, ag fulang báis
mhífhiúntaigh na Croiche air a son": Is do dhíth
"smuaintighthe go grinn agus go líonmhar"
air Mhór-thrócaire agus air Ghéir-bhreitheamh-
nus Dé, nach gCoisgeann a Ghrádh no Eagla
sinn ó fheirg do chur air: Is do dhíth a tha-
bhairt fa deara go dithchiollach agus go mei-
nic, gur Riachtanasach dhúinn a bheith oirísioll,
urrumach, geanmnuigh, foighideach, measardha,
fialmhar re bochtaibh, agus ionruic an gach
uile Roinn no ghnothuigh, a táid (2) furmhór an
Domhain uaibhreach, easurrumach, drúiseamhuil
míofhoighideach, feargach, bruighneach, díoghal-
tach, craosach, cruadh-chróidheach re bochtaibh,
eugcórach agus míochoinghiollach da chéile, no
tugtha d'Ainmhian eígin: is do dhíth "a mheas
go meinic agus go suaimhneach", go bhfuil
Coinghioll dosgaoilte oruinn uile, Dia do ghrá-
dhughadh ó ar gCroídhe go hIomlán agus ós
cionn gach uile Neithe, agus ar gComharsa
mar sinn féin, air son Dé; a Aitheanta
agus Dualgas ar nGarma do choimhlíonadh;
a Ghrása d'iarraidh go hOirísioll agus go
(1) ghlórmhar. (2) Urmhór


L. 466


meinic, o nach féidir dhúinn Aon-choiscéim do
dheunadh chum Ríoghachta Neimhe gan iad; la-
bhairt ris ó ar gCroídhe, agus éisdeacht ris
go coimheudach, an tan do ni sé d'Onóir dhúinn
labhairt re ar gCroídhe; is do dhíth, a deirim,
na Puinc mhór-thádhbhachtacha-so d'ar gCrei-
deamh "do ghrinn-bhreathnughadh agus do mheabh-
rughadh go dúthrachtach agus go líonmhar ann
ar nAigneadh", a táid Og agus Arsuigh,
bocht agus Saidhbhir, Ísioll agus Uasal, ann
Aon-fhocal, an chuid is ro mhó don Chineadh
daonna a nGrádh ris an tSaoghul bhreugach-sa,
cúl-chainteach, tugtha da nAinmhianaibh, sluig-
the agus báithte ann Ainbhfhios agus a bPea-
cadh.



A nois, is dearbhtha nach furas agus nach
gnáthach gur féidir dhúinn an bheatha shíorruidhe
do shaothrughadh gan Urnaigh na Meanmna, no
Mídheamhuin do dheunadh air chor éigin; ó is
dearbhtha nach leor Fios na subháilce no ar
nDualgais, muna gClaonamuid go grádhach
chum na Maitheasa is eol dhúinn; agus ni leor
Grádh na Maitheasa, gan a chur a nGníomh. Is
dearbhtha fós nach gnáthach gur féidir dhúinn
ar nDualgas do choimhlíonadh, do ghrádhughadh
agus d'fhoghluim go maith gan "breathnughadh
no smuaineadh go dúthrachtach agus go mei-
nic air, agus gan Congnamh Dé d'iarraidh
go hOirísioll, chum an iomláin do dheunadh.



C. Nach leor dhúinn ar nGnáth-urnaighthe do
rádh, eadhon, "Urnaigh an Tighearna, Fáilte


L. 468


an Aingill, an Chré, agus Urnaighthe oile
(1) an ghotha"?



F. Budh leor go deimhin a rádh go meinic ó ar
gCroídhe, da nEísdimís fós ré Dia, an tan
do dheonuigheas labhairt re ar gCroídhe; da
dTairgimís da ríribh, Toil Dé d'fhághail
a mach; da nGlacamaois Rún daingion a Thoil
do choimhlíonadh; agus da gCuirimís an Rún-
sa a nGníomh go fírinneach: Acht faraor! Is
ro líonmhar do theagmhas, go nDeirid Cách na
hUrnaighthe reumhráidthe do shruith-mheabhair,
agus (2) coimhdeithneasach sin, nach smuai-
nid air a nAbruid; bí a dTeanguidh ag caint
agus air siúbhal mar shruth Abhanna, acht bí
a gCroídhe tochtmhar, támhach, ionnas gur
ceart is féidir an tAchmhusán ceudna do
tabhairt a niugh don Chuid is mó do na Críos-
duighthibh, noch do thug Dia do na hIúduighibh, ag
rádh, "Onóruighid an Mhuintir-se mé re na
bPuisínibh, acht a tá a gCroídhe a bhfad uaim:
Gidheadh is é an Croídhe amháin do ghuidheas
agus ghnodhuigheas; is d'á ghuth agus d'á Ur-
labhradh-san amháin do bheir Dia Uilea-chumhach-
tach Eísdeacht: Agus go deimhin is díth-chéil-
ligh a meas, go nEísdfidh Dia ris an Druing,
nach nEísdeann leo féin. A nois ni bhfuil Lei-
gheas is feárr an Aghaidh an Drochnóis anchoit-
chinn-se ioná Taithighe na Mídheamhna, tré
bhfoghlumamuid labhairt re Dia ó ar gCroídhe,
(1) An béil. (2) comhtotálach


L. 470


agus éisdeacht ris, an tan do labhras sé re
ar gCroídhe.



C. Creud é an Chaoi no an tOrdughadh air
ar cóir dhúinn Mídheamhuin do dheunadh?



F. Is iomdha Leabhar maith Urnaighe labhras
go (1) foirleathadach air Chaoi na Mídheamhna:
fághthar Eolus asda: Ní hAít so re Craobh-
sgaoileadh fada do dheunadh air Urnaigh na
Meanmna.



C. Creud e deirir ris an Dream, a ta gan
Léighionn gan Leabhar?



F. Air tús: Deirim leo, agus re Cách oile
fós, gur cóir dhóibh Teagasg d'iarraidh agus
do ghlacadh ó na nOidighibh Spioradálta comh-
fonnmhar, an chuid is lugha dhe, agus iarruid
agus ghlacaid Airgead agus Or, no Neithe
talmhuighe oile; agus nach bhfuil Meodhain air
bith is bríoghmhaire chum Urnaighe na Meanmna
agus Caoi Mídheamhna d'fhoghluim, ioná Mian
agus Dúil mhór an tAnam do shlánughadh: Gidh bé
le ar ab ionmhuin Sláinte an Anma, smuain-
fidh sé go hEusguidh agus go meinic air;
loirgfidh sé go fíor-aireach na Slighthe re
sláineochar é; agus cuirfidh se a nGníomh iad
go réidh: Ni bhfuil Aoin-ní cruaidh air an té,
a ta a nGrádh.



2. Gur cóir dhóibh, má is ionmhuin leo Sláinte
shíorruidhe a nAnma, Urnaigh na Meanmna
do ghnáthughadh; agus go nDeuna Taithíghe líon-
(1) Foirleathan


L. 472


mhar an Déighghníomha-sa, soilléir, soidheunta
é; óir do bheirid Saothar agus Cleachtadh buaidh
ann sna hUile Neithibh air gach Dócamhul da
mheud, agus do níd soidheunta an Ní do saoi-
leadh air tús bheith doidheunta.



3. O is ro dhearbhtha, nach féidir d'Aoin-neach
Smuaintighthe maithe do thaobh na beatha Síor-
ruidhe, ná Deaghaigneadh, ná Deaghrún do bheith
aige, muna soillsighthear, agus muna near-
tuighthear é taobh a stigh re grásaibh Athar na
Soillse, agus Ughdair gach Déighmhéine agus
Deaghrúin, ni foláir dhóibh a nDóigh do chur a
gCongnamh Dé níos mó ioná a nDíthchioll
daonna air bith: Acht, ionnas nach mbiadh an
Mhór-mhuinighin-se as Grásaibh Dé, ós cionn na
hUile Neitheadh, andhóthchasach, díthchéilligh; is ro
riachtanach dhóibh a iarraidh go hOirísioll agus
go líonmhar air Dhia Uilea-chumhachtach, ag
rádh ó na gCroídhe go hIomlán, air Lorg na
nApsdol: "A hTighearna, múin dhúinn-ne Ur-
naigh do dheunadh". Is riachtanach dhóibh fós a
bheith coimhimnígheach timcheall Ghrás De, noch
is beatha don Anam, agus bhíd Daoine go
coitchionn timcheall Oileamhna an Chorpáin
thruaillighthe, noch budh biadh do Phéistibh go
hAithgheárr; agus a bheith air a gCoimheud go
sármhaith gan smuaineadh, amháin, go toiltea-
nach air Aoin-ni do dheunadh, no do rádh, noch
do chuirfeadh Fearg air Dhia, agus do choisg-
feadh Sruth a Ghrás. Má níd mar so, Múin-
fidh, mar dhearbhas an tApstol, Ungadh no


L. 474


Ola naomhtha Ghrás Dé Caoi na Mídheamhna, no
Urnuighe na Meanmna dhóibh; agus coimhlíon-
far ionnta an Ní, do thairrghiriodar na Fái-
ghe agus gheallas CRÍOSD is an tSoisgeul,
ag rádh: "béid siad uile ar na dTeagasg le
Dia", d'aimhdheoin a mbeith air Easbhuigh Léi-
ghinn agus Leabhar; óir is dearbhtha, nach
Tuigse mhór, ná Foghluim air bith, taobh a muigh
d'fhios Dhualgais an Chríosduighe, acht Grása
Dé, agus Fonn fírinneach dul air Aghaidh
ann sna Subháilcidhibh, agus an bheatha mhar-
thanach d'fhághail, is riachtanach chum na Mí-
dheamhna, no Urnaighe na Meanmna do Dheu-
nadh.



C. Creud í an Chomhairle do bheirir do thaobh
Urnaighe na Meanmna?



F. Do chomhairleochuinn do gach Aon, timcheall
is Leath-uair sa ló do thabhairt d'on Urnaigh-
se; agus sin, air Maidin, mar a moltar
dhúinn a Morán d'Aítibh do'n Sgríbhinn Dhiagha.



C. Creud deirir ris an Muintir, nach bhfá-
ghann Faill air?



F. Deirim, air dTús, gur ab iongantach
agus gur ab uathbhásach an Ní, go bhfághaid
Críosduighthe go laetheamhuil Faill air na hUile
ghnothuighthe do dheunadh, leath-a-muigh amháin don
Aon ghnothuigh riachtanach fá'r cruthuigheadh agus
fá'r cuireadh air an tSaoghul-sa iad; agus
go nGoilleann ortha Aoin-leath-uair amháin, a
gCeithre hUairibh fithchiod, do thabhairt do shláin-


L. 476


te an Anma, no do ghnothuigh Dé, da'r cóir a
nAimsir go léir, a Maoin, a Saothar, agus
a Saoghul a bheith tiomunta go hiomlán; óir is í
an "cheud Aithne, agus an Aithne mhór, Dia
do ghrádhughadh agus do riar lé ar gCroídhe
uile, lé ar nAnam uile, le ar nAigneadh
uile, agus lé ar mbrigh uile": is féidir, agus
is cóir Aire thabhairt go céillighe, measardha
do na hUile Ghnothuighthibh dlisdeanacha oile, an
mhéid go bhfóghnuid agus go gCuidighid linn
Gnothuighe mór an Anma do chur air Aghaidh,
agus an tAírd-chíos úd éiligheas ar gCru-
thuightheoir agus ar Slánuightheoir go dlisdea-
nach oruinn, do dhíol go laetheamhuil: Agus da
bhrigh sin, is cóir a gCur a leath-taobh, an
tan thoirmeasguid oruinn an Mór-dhualgus
riachtanach úd do dhíol go hionruic, ó nach
féidir ré gnothuighthibh, no re Cumhachtaibh air
bith, da bhfuil air Neamh no air Talamh, ar sao-
radh.



Is re hAghaidh an Duine do cruthuigheadh an
Saoghul sofhaicsighthe-se go léir, chum go nGrái-
dheochadh agus go riarfadh sé Dia; agus go
sláineochadh sé a Anam féin: Ni cóir maiseadh,
Gnothuigh saoghulta air bith do chur a
gCoimhmeas ris an Aon-ghnothuigh amháin riach-
tanach úd; ni cóir go bhfuígheadh Aon-ghnothuigh
Tosach air; óir ma nithear é go maith, a tá an
tiomlán deunta go maith; ma léigthear faoi
lár é, a tá an tiomlán caillte go bráth.



Ach is é is Cúis ann, gur ab é an Saoghul


L. 478


baoth, breugach-sa, no Ainmhian truaillighe éi-
gin, is Dia d'Anmhórán do Chríosduighthibh na
hAimsire-se: "Admhuighid", mar deir an tAbs-
dol, "go bhfuil Eolus aca air Dhia, gidheadh,
ann a nGníomharthaibh seunuid é": is uime sin
nach bhfághuid Am air Urnaigh do dheunadh, gidh
gur ab Andóthchas agus Mire a mheas, go
bhfuíghthear an bheatha shíorruidhe gan Saothar,
gan smuaineadh go dútrachtach agus go mei-
nic air ghnothuigh an Anma; gan labhairt re
Dia go líonmhar o'n gCroídhe; agus gan éis-
deacht ris, an tan do labhras se ris an gCroí-
dhe.



2. Do thaobh na Druinge, a tá faoi ghéir-
leathtrom, no faoi Smacht Cháich oile, agus
ag nach bhfuil Mórán Aimsire re caitheadh do
réir a dTola féin, déindís Dithchioll air Ur-
naigh na Meanmna do dheunadh coimhmeinic is
féidir leo, agus go hAírighe air laethibh Saoi-
re agus Domhnuigh, agus air laethibh Faoisidi-
ne agus Comaoine. A ta d'Ualach air gach
Ceann Teaghlaigh Am a thabhairt d'a shearbh-
fhóghantuighibh, agus fós a chur fá deara ortha
Urnaigh do dheunadh gach Aon lá; agus muna
dTugaidh, cionnas is inmheasda dhó, go mbiaid
a shearbhfhóghantuighe díleas dhó, an tan nach
bhfuil ceachtar dhíobh díleas do Dhia?



Tairis sin, biodh nach bhfuígheadh Searbhfhóghan-
tuighe no Lucht Oibre, a ta faoi (1) Mhorsan-
(1) Mhoghsaine


L. 480


tacht, Am áirighe air bith, gidheadh is féidir
agus is cóir dhóibh Urnaigh na Meanmna do
chleachtadh; óir is Féidir le gach Neach, ag
Músgladh dhó air Maidin, a cheud (1) Smuaintiú-
ghadh, agus a cheud fhocal do thabhairt do Dhia,
a Ghrása d'iarraidh, agus buidheachus do bhreith
ris: Is féidir dhó, ag cur a Euidaigh uime, na
Deághsmuaintighthe ceudna, no a leithéide do
mheabhrughadh a rís agus a rís ann a Chroídhe:
An sin ni foláir, agus is féidir dhó a nGearr-
aimsir, a bhreathnughadh creud is indeunta dhó
air feadh an Lae, do thaobh Dé, na Comharsan,
agus Dhualgais a Gharma; agus é féin go
léir, a Shaothar, agus a Obair d'fhoráil o na
Chroídhe uile do Dhia Uilea-chumhachtach, agus
a Ghrasa d'iarraidh go hOirísioll, meanmnach;
ionnas go gCaithfeadh an Lá go neimhchiontach
agus go Críosdamhuil: Is féidir do gach
Neach, ann uile Am don lo, gach Obair, do ghla-
cas a Láimh, do thoirbhirt d'a Chruthuightheoir,
amhuil mar mholas an Naomh Absdol POL do
na hUile Chríosduighthibh, ag rádh: "Más ithe no
Ol dhíbh, no má ní sibh Ni air bith oile, go
madh chum Glóire Dé do dheuna sibh na hUile
Neithe": Ni bhfuil Neach re nach féidir Grása
Dé iarraidh, agus Gníomha Croídhe-bhrúigh,
Creidimh, Dóthchais agus Grádha do dheunadh o
Am go hAm: is féidir do gach Neach, air feadh
a Lae, a Pheacaidhe do chaoidh, Rún do ghlacadh
(1) Smuaineadh


L. 482


gan tuitim ionta feasda, agus iarraidh mar
Athchuinge air Athair na Trócaire a Choirthe
do mhaitheadh dhó, a thuigse do shoillsiughadh, a
Thoil do neartughadh, a Chroídhe do ghlanadh,
a Dheaghrún do chomhdhaingniughadh agus do
thabhairt chum Déighchríche: Is féidir agus is
riachtanach do gach uile Dhuine, Faire mhaith a
dheunadh air a Smuaintighthibh agus air a
Chlaontaibh féin, agus diúltadh dhóibh, an tan
airigheas sé go bhfuilid go hOlc; nó a Chroídhe
d'fhosgladh go fonnmhar dhóibh, an tan aithni-
gheas gur maith iad, ag rádh mar aon re
SAMUEL óg: "Labhair, a hTighearna, óir
éisdidh do Shearbhfhóghantuigh leat". Mar so
is féidir do gach Aon, tré Gheárr-urnaighthe,
labhairt go dúthrachtach agus go líonmhar o
na Chroídhe ré Dia: do thig ris, ann gach
Am agus Aít, fós a gComhluadar Leath-
shúil, súil an Choirp a bheith aige air a ghnothuigh-
thibh saoghulta, agus Súil an Chroídhe air Dhia,
air nós an Righ naomhtha Dábhí, noch deir da
thaobh féin: "A táid mo shúile a gComhnuighe chum
an Tighearna; óir do bheura sé mo chosa as an
Líon". Gidheadh is iomdha Cogagh agus Gnothuigh-
the móra do bhí air láimh an Righ mhóir-se; Ach
a bhfad o'n Naoimh-chleachtadh-sa, Righ, Searbh-
fhóghantuigh, Fear Oibre, no Aoin-neach do thoir-
measg o na nGnothuighthibh, tairngeonuidh se
(1) Rathamhnus Dé ortha féin, agus air gach
(1) Rathamhnachas


L. 484


Ni do ghlacaid a Láimh: Fóghanfuidh an Aim-
sir, do chaitheas Mórán re Comhrádh gan
tSuim, no ag smuaintiúghadh agus ag ta-
bhairt breitheamhnuis mhíocharrthannuigh air a
gComharsain, re smuaineadh agus ré dear-
cadh ortha féin; ré na Smuaintighthe, a mbria-
thra agus a nGníomhartha féin do sgrúdadh
agus do dhamnughadh; ré breathnughadh go
bhfuilid a Láthair Dé; go bhfaiceann se an
ghluasacht is uaignighe ann a gCroídhe, agus
go gCaithfid Geur-chuntas do thabhairt uatha
Lá an bhreitheamhnuis air son gach Drochsmuain-
tighe agus fós gach bréithre díomhaoinigh: Is
Adhbhar Sír-mhídheamhna, agus Faitchís agus
Crith-eagla don iomlán dín, Láthair chrithreach
Dé Uilea-chumhachtuigh, agus an Cruadh-chuntas-
so; agus go hAírighe do Druing nach bhfuil
air a gCoimheud. A rís, chum an lae do chríoch-
nughadh, is féidir agus is cóir do gach aon,
san Oídhche, Grása Dé iarraidh go hOirísioll,
agus buidheachas do thabhairt dhó fá na Chru-
thughadh, fá na Cheannach, fa na Choimheud-
beatha, agus fa gach Tíodhlaice do fuair uadh
o tháinig se air an tSaoghul, go hAírighe an
Lá soin; is féidir agus is cóir dhó a Chogús
do sgrúdadh, Gníomh Croídhe-bhrughaidh do dheu-
nadh, agus Rún daingion do ghlacadh a dhíth-
chioll do dheunadh an Aghaidh a dhrochchlaontadh:
Is féidir dhó Urnaigh éigin do rádh, no smuain-
tiughadh go dúthrachtach air na ceithre Crío-
chaibh déigheanacha, no air Ní dhiagha éigin,


L. 486


agus an sin, a Anam agus a Chorp, a
shuaimhneas agus a shuan do thoirbhirt d'a
Chruthuightheoir agus d'a Cheannuightheoir: is
féidir dhó, fós air a Leabaidh, é féin do bhiadh-
thughadh re Deaghsmuaintighibh éigin; agus ni
cóir dhó bheith dearbhtha go bhfaicfidh an Lá air na
mhárach; óir do mealladh Morán.



A nois, is Urnaigh Meanmna an tiomlán
de so, agus ní féidir re hAoin-neach a rádh
go fírinneach, nach bhfuil Faill aige air, o is
féidir go hUras do'n Dream dá'r ab éigion
a mbeatha do shaothrughadh re hAllus a Mail-
gheadh, Am d'fagháil air ghreamughadh do'n
Chleachtadh Chríosdamhuil-se, gach uile lá air
feadh a mbeatha. "Gidh bé bhias seasmhach go
Deireadh is é sláineothar".



AN CHRIOCH.


L. 487


SUIM BHUNUDHASACH



an Teagaisg Chríosdaighe a nDán, do réir
an Athar Bonaventúra O Heoghusa d'órd
San Phroinsias.



AN CHRÉ.




A Táid trí Doirsi air theach nDé,
Ni féidir le Neach fa'n nGréin,
Gan dul tríotha so fá seach,
Rochtain a nonn do'n Rígh-theach.



Na trí Subháilce diadha,
Creidiomh, Dóthchas, Grádh cialldha,
Is iad na Doirsi a deir mé,
Do bheith air Rígh-theach Neimhe.



Ní Cás do gach Neach fa Neimh,
Triall go Doras an Chreidimh,
Eochair gach glais, da bhfuil air,
Fuairsiom o na hApsdalaibh.



Na hEochracha deirim ribh,
Airtioguil chinnte an Chreidimh,
A gCré na nEasbal, madh áil,
Do gheubhuidh iad go hIomlán.


L. 488


Teaguid seacht nAirtioguil díobh;
Air Dhiadhacht Aírd-righ na Ríogh:
Is seacht nAirtioguil eile,
Air Dhaonnacht Mhic Mhór-Mhuire.



Na seacht nAirtioguil air Túis,
Lé a nochtar an Diadhacht dúinn,
Atáid sona, bíodh re ais
'Gan té théid d'fios an Dorais.



Creid go bhfuil Aoin-dia ann,
Tríonóid thréan na dTrí bPearsann,
Athair, Mac, Spiorad-Naomh,
Go gComh-uaisle, gComh-aosta.



O Aoin-neach ní tháinig sin,
An Tobar diadha an tAthair;
O'n Athair geintear an Mac:
Uatha a raon thig an Spiorad.



Is Dia an tAthair, 'sas Dia an Mac;
Dia fíre fós an Spiorad:
Is ní trí Déé iad soin,
Acht Aoin-Dia a dTrí bPearsannaibh.



Is é an tAoin Dia-sa do chom
Neamh, Talamh, agus Ifrionn;
'Sgach a mbí eatorra so,
'Sa mbí ag áitioghadh ionnta.


L. 489


Uadh do gheabham mas í ar dToil,
Grása is Maitheamh ar bPeacadh;
Eiséirghe na gCorp lá an Luain
Glóir shíor a mbeathuidh bhiothbhuain.



Ag sin na hAirtioguil daoibh,
Thráchtas air an Diadhacht naoimh;
Tigiom a nois do nochtadh,
Airtioguil na Daonnochta.



Do chéid Neithibh creidte dhúinn,
Gur ghabh Muire, a nDíoghrais Rúin,
O'n Spiorad Naomh na bruinne,
Mac an Athar shíorruidhe.



Go nDeárnadh Dia na dhuine;
'Sduine na Dhia shíorruidhe;
Go mbeith do'n dá Nádúir-soin
Gan comhasg a nAoin-phearsoin.



A gCionn naoi Míos da éis sin,
Rug an Oigh é 'san mBeithil;
Gan chaill a hOghachta dhi
Na dhiaigh, roimhe, ná an uair-sin.



Aon Mhac Dé, Dia, is Duine,
Fuair na Nádúir dhaonnuighe,
Bás Croiche, Adhlacadh soin,
Tré choirthibh Chloinne Adhaimh.


L. 490


An bás sin; acht gé do sgar
A Chorp naomhtha ré a Anam glan;
Nír sgaradh re ceachtar dhíobh,
Diadhacht iodhan an Aírd-ríogh.



Téid go hIfrionn, da éis so,
d'Fuasgladh na nAithreadh naomhtha;
Eiséirghios ó mharbhaibh go prap,
An treas lá air n'Adhlacadh.



A gCeann dá fhithchiod lá lán,
Do chuaidh air Neamh na naoi nGrádh;
Air dheis a Athar gur shuigh,
A nAoin-ghlóir ris an Athuir.



Do bhreathnughadh beo agus marbh,
Tiocfaidh sé budh Tuirionn-gharbh;
Mar a gCuirfidh gach Duine
A nGlóir nó a bPéin shíorruidhe.



Os cionn a nAbraim a nois,
Gach nAibeora an Eaglais,
Más sgríobhtha, gCion gur ab eadh,
Cóir do'n Chríosduidhe a chreideadh.




AN PHAIDIOR.




Dóthchas, an dara Doras,
Gí bé thogras triall chuige,
Gach Aisge air Dhia as iarrtha,
Iarradh, 'smeasadh go bhFuighe.


L. 491


Gach Itche; is oircheas d'iarraidh,
A tá a hIarraidh 'san Phaidir:
Abradh í so go minic,
Gí bé le sirthir Aisge.



Biodh, a Dhé, a Athair neámhdha,
A Meamna a mbéal gach Duine;
tAinm, ré Saoghal na Saoghal,
Dá naomhadh feadh na Cruinne.



Tigiodh chuguinn do ríoghacht;
Go Rabham síothach, sághal,
Gan ghuais Deamhan ná Domhuin;
Gam Omhan bhreithe an bhrátha.



Do thoil, mar Ainghlibh Neimhe,
Déantar linne air Talmhuin.
Beatha dá'r gCorp, a Athair,
Tabhair a niogh 's Dá'r nAnmain.



Maith na Coirthe do niamuid,
Gé táid na bhFiachaibh troma;
Mar mhaithmid féin a gCoirthe,
Do chách uile air do shonsa.



Ná Léig Cathaighthe an Diabhail,
Do dhul a bhFiachaibh oir ne;
Acht saor inn o gach Aon-olc.
Déantar a niarrmaid oir bh-si.


L. 492



AN BEANNCHADH MUIRE.




Dia do bheatha-sa, a Mhuire;
A thuile lán do ghrásaibh:
A tá an Tighearna ad fhochair,
A Ghein shochair chlann nAdhaimh.



Beannaighthe thusa tharsda,
Deaghmhná na Talmhan uile;
'Sas beannaighthe an Ghein Ríogha,
IOSA, Toradh do bhruinne.



A Naomh-mháthair Dhé, a Mhuire,
A bhuime mar an gCeadna,
Guidh orainn-e na Peacuidh,
'Nar mbeathuidh, 'san Am Euga.




DEICH nAITHEANTA DE.




Ná hAdhair bréig-Dhia ná iodhal,
Ná mionnaigh Ainm Dé gan chúis,
Domhnach Lá an Tighearna Críosd,
Coimhéid do shíor é go buídh.



Onóraigh hAithre gan ghruig,
Ná déin Marbhadh, Drúis, ná Goid.
Ná déin bréig-fhiaghnaisi air Neach,
A mhaoin, ná a bhean ná hiarr dhuit.


L. 493



AITEANTA NA hEAGLUISI.




Cuir a gCeann a nDubhairt mé,
Aitheanta na hEagluisi:
Coimhéad gach saoire go beacht,
'Sdéin Aifrionn innte d'eisdeacht.



Troisg an Carghas go glan glan,
Uigil, 'sTroisge na hAnmann.
Ná fromhaigh Feoil air do Phroinn,
Dia hAoine ná dia Sathoirn.



(Gan Feoil Chéadaoine do bhlas,
'Sgan Uíghe Aoine do chaitheamh;
Sean ghnás chleachta Inis Fáil,
Sean ghnás is ceart do chongbháil.)



Tré bhiotha síor na biodh sibh,
Aoin-bhliaghain gan fhaoisidin.
Corp Críosd o'n Domhnach roimh Cháisg
Caith lá éigin go Mion-Cháisg.



Ná deantar banais iar nDáil,
O thús Carghais go Mion-Cháisg:
O thús Aidbhinte go grod,
Go dá lá dheug d'éis Nodhlog.




NA SEACHT SACRAMAINTE.




Na seacht Sácramainte dhuit,
Baisdeadh, dul fa láimh Easbuig,
Corp Críosd, Faosidin ghlan,
Ola ria mbás, Ord, Pósadh.


L. 494



NA TRÍ SUBHÁILCE DIADHA.




A dúbhramar roimhe so,
Na trí Subháilce diadha;
Creideamh, Dóthchas, agus Grádh,
Ga meisde a rís a niomrádh?




NA CEITHRE SUBHÁILCE
Cairdionálta.




Ceathra Tréghthe is díol Grádha,
Na Subháilce prionnsapálta,
Gliocas gan cheilg, Ceart gan locht,
Neart gan Fairbhríogh, Measardhocht.




SEACHT dTIODHLAICTHE AN
Spioraid Naoimh.




Seacht dTíodhlaicthe an Spioraid Naoimh,
Eagna, Tuigsi Taoibh ré Taoibh,
Comhairle, Ceart, Fios neámhdha,
Buídheacht, Eagla an Tighearna.




SEACHT nOIBRE CORPORDHA
na Trócuire.




Seacht nOibre na Trócuire,
Da nGoirthear Oibre corp dha;
Cosg íota gach ro thartaigh,
Biadh do thabhairt do'n Ocrach.


L. 495


Eadghadh nocht, marbh d'adhlacadh,
Oirchiseacht Aoidheadh nAnnamh,
Cuairt ag braighdibh fann-bhochta
Do Dheunamh, 'sag Aos galair.




SEACHT nOIBRE SPIORADÁLTA
na Trócuire.




Seacht nOibre na Trócuire,
Ainmnighthear as an Spiorad:
Sáimh-chealgadh lucht Mór-thuirsi,
Ceartughadh cháich na gCiontaibh.



An te a ta a gCás Comhairle,
Comhairle dhó do thabhairt,
Ann gach ní da ro dhoilghe,
Foighide do bheith agaibh.



Teagasg lucht Ainbhfheasa,
Guidhe air bheodhaibh, 'sair mharbhaibh,
Maithfeachas na nAindligheadh
Do thabhairt do lucht Adhbhair.




NA hOCHT nDRONGA BEANNAIGHTHE.




Na hOcht nDronga beannaighthe,
Da nGeall Dia luach a gCroidhe;
Na boicht fhíre is beannaighthe
Budh leó féin Rioghacht Neimhe.



Beannaighthe an Drong cheannsaighthe,
Budh leó-san Sealbh an Talaimh;
Beannaighthe lucht Searbh-thuirsi,
Biaidh Sólás fa dhéoigh aca.


L. 496


Gé bé air a mbí Ocaras,
'Start ag cosnadh na Córa,
A fhoircheann budh ro shona,
Biaidh Sásadh ó Dhia dhó-san.



Lucht Trócuire is beannaighthe,
Trócuire ó Dhia do gheabhuid:
Mar sin d'Aos an Deágh-chroidhe,
Budh leó do shíor Dia d'fhéachuin.



Clanna Dé díobh ghoirfidhear,
As beannaighthe an Drong shíothach,
An drong fá'n gCeart choirighthear,
Flaithios Dé budh e a Ríoghacht.




NA SEACHT gCEINN-PHEACAIDHE
marbhtha.




Díomas, Saint, is Drúis ma le
Tnúth, Craos, Fearg, agus Leisge,
Na seacht bPeacaidh (diochra a nGlonn)
Mharbhas do shíor an tAnam.




CEATHRA PHEACADH BHÍOS AG SGRÉACHADH
air Dhia ag iarradh díoghaltais.




Na ceathra pheacadh-sa bíd,
A bhfiaghnaisi an Aird-rígh,
Ag iarraidh géur-smaicht do theacht,
Air dhroing dhéunta na bhPeacadh.


L. 497


Peacadh Sodoim, Peacadh Feill,
Éagnach baintreach fa Einghreim,
Bheith daor lé Díleachta lag;
Allas Aisge na saothrach.




SÉ PHEACADH AN AGHUIDH AN SPIORAID
naoimh.




An Aghuidh Spir de Dé dil,
Sé pheacadh a tá, mar áirmid,
D'eagla casta na gCuip so,
Ná faghthar thú 'na Mearbholl.



Andóthchas, Eadóthchas dúr,
Fírinne d'aithnidh, 'sd'fuaghthudh
Brón ghrásaibh do chí ag cách,
Do ghnás Peacaidh do shíor-ghrádh.



Peacadh deigheanach do'n tSuim so
Neamh-aithridhe an Am Eugo,
Lochta air nach gnódhaighthear thall
Ná bhus, acht Trócuire an-ghann.




NA CÚIG CÉADFADH CORPORDHA.




d'eagla an bháis do theacht ad thoigh,
Coimhéid air do cheudfadhaibh,
Blas is glaca iona mbía locht,
Boladh, Éisdeacht, is Amharc.


L. 498



NA CEATHRA CRÍOCHA
déighionacha.




Seachna na bPeacadh madh áil,
Dorrdha an bháis, ceirt-bhreatha an Ríogh,
Glóir Neimhe, Ifrionn na bPian,
Bíodh siad ad hIntinn do shíor.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services