Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cheithre Soleirseadha de'n Eagnuidheacht Chríostuidhe
Title
Cheithre Soleirseadha de'n Eagnuidheacht Chríostuidhe
Author(s)
O'Scoireadh, Seumas,
Composition Date
1820
Publisher
(Port Láirge: Eoin Bull, 1820)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N L061} {L i} {B 1820 19T} {G L} {U 0442} {C Prós} {M 8} Cheithre SOLEIRSEADHA tarraingthe o Cheithre LEUR-SMUAINTIGHTHIBH na SIORRUIDHEACHTA. Air na sgriobhadh go bunnudhasach ann Iottailis le EOIN BAPTISTA MANNI, dhe Chomhluadar IOSA, agus cur-tha a mBeurla Sacsanach le W.V. agus ionntoigh-the o Shacs-bheulra, go Gaoidheilg Le Seumas O'Scoireadh. PORTLAIRGE: ar na chur a gClodh le Eoin Bull 1820 {L i} AN TUGHDAR Do chum an LEUGHTHORA. Leir-bhronnaim duit (a Leughthoir le'r ab miann Slanughadh siorruidhe d'Anma) Cheithre Riaghlacha catoiliceacha de'n Eagnuidheacht Chriosduidhe, taraingthe ó cheithre Leur-smuaintighthibh na Siordhachta. Taid siad cuimsighthe a mBeagan Focal, agus iad sin chomh brioghmhar san, ionnus gur feidir liom a dheimhniughadh dhuit gan Eagla, go nOibreochaid siad Eifeachtuidhe miormhuileacha ann do chroidhe, ma leighean tu iad le hAire, agus ma mheadhan tu iad go beacht a gComhthrom Leir-smuainte shoirbh, thromdha. Do sgriobhadar moran Daoine, Trachta fada air an tSiorruidheacht le a bhFuaireadar deagh-chlu dhoibh fein, agus le ar slanuigheadh an iomad Anamnacha; acht {L ii} mar nach bhFuil teora leis an gCusboir so, tar eis a nDubhradar a ta tuille fos le radh; agus ni le gach aon neach is feidir na Leabhra mora do sgriobhadar do sholathar, agus an mhuintir ag a mBidhid siad is minic nach mBidhean uain na aimsir aca chum iad do leughadh triotha. Chum na Firinne do radh, budh choir go mBeidheadh Eagla oram go rachfainn amugha ag dul a steach le'm Smuaintighthibh ann AIDHBHEIS dhoimhinn na SIORRUIDHEACHTA muna mBeidheadh gur sgaoil Naomh Aibhisdin Ceirlin ordha a Ughdardhais agus gur thug sé snaithe dhi dhamh ann mo Lámh tre ar feidir liom dul a steach go neamh bhaoghlach, agus teacht amach aris as an gCarcair eachrannach aimhreidh-so. Bidheadh gach uile Dhuine, a deir se, ag trachtadh air an tSiorruidheacht, ni a dTaobh gur feidir go leor do radh, da mheid is dearfuidhe; acht mar a ta sé riachdanach nidh eigin do radh a dTaoibh na neithe sin nach feidir go leor a radh go brath na thimchioll. Is feidir liom aon nidh amhain do dheimhniughadh dhuit go dairireach, chnm d'Foinn do chorraidhe suas chum an Leabhairin so do léughadh; {L iii} se sin, d'aindeoin go bhFuil se anbheag agus sgriobhtha le m pheann so a gCaint shoileir shimplidhe, go dTabharfas se Oileamhain no Biadh neartmhar, substainteamhail do'd Anam; agus a ta Dothchas agam le congnamh Ghrasa DE, go mBuailfeas, se do chroidhe le DIOLTUIRSE fhirinneach mar do rin se le moran oile romhad. Na bidh tuirseach de bheagan de'n Leabhran so do leughadh go minic do chum do LEASA siorruidhe fein; air an adhbhar, (m'áill le DIA) gur ab mor an chuid is feidir leat do leughadh an tAm a ghabhan tu ort fein beagan de so do leughadh agus do leur-smaoineadh. Cia ag a bhFuil fhios nach deanfadh an Pongc ceadna do-dhealuighthe-so ionntoghadh amach, chum a bheith 'na thús ag Line do-chuimsighthe do shlanughadh siorruidhe. Chuige sin iarraim Athchuinge bheag, ort iodhon amharc Sul do thabhairt air, oir chidhean tu fein go bhFuil se anghearr, agus ionnus go madh lughaide an tuirse bheidheadh ort, ag a leughadh, ta sé rannta ann cheithre comhraidhtibh airighthe, noch do thrachtas air. {L iv} {C Fil.} Shiorruidheacht an Anma, Sioruidheacht an Choirp, Siorruidheacht Pharrthais, Siorruidheacht Ithfrinn. {C Prós} Is feidir leat amharc sul do thabhairt air an iomlan no air chuid de, do réir mar is fearr de shásóchas se thu; acht Achnuighim ort go dairireach gan leigean do'd Smuaintighthe rioth comhmhear le'd Shuilibh, acht stad go minic, agus dean Machtnadh air an nidh 'ta tu ag leughadh, oir is dearbhtha nach feidir aon nidh bheith nios mor-thadhbhachtmhaire iona e. Leughaidh e air an adhbhar sin, achnuighim ort mar d'olas an tEan-deoch, se sin, na bolgaim bheaga a ndiaigh a cheile, oir do b'feidir go nDeanfadh gach uile cheacht de do dheanfuidhe dhileaghadh agus do chur ann Ordughadh cheart, Eifeachtuidhe seunmhara, d'Oibriughadh ann d'Anam. Go dTugadh DIA na huile Ghloire dhuitse agus dhamhsa, leir-ghean do thabhairt do Leursmaointighthibh na Siorruidheachta do-chriochnuighthe, ionnus go m'Feidir linn maireachdan {L v} maille le DIA anois, agus air feadh na Siorruidheachta. A deir an Tighearna DIA, ni hAil liom Bas an Pheacaich acht go nDeanfadh an Malluightheoir ionntoghadh ona Shlighe, agus go mairfeadh se. Ezek.xxxiii.2. {L vi} An Fear-Friotail chum an Leughthora. A Leughthoir Chriostuidhe, ag so an naomhadh hUair do cuireadh an Leabhar beag so a gClodh a mBearla Sacsanach, agus do cuireadh a gClodh se hUaire agus Fithche 'san Teanga Iodaileach é. Ni shé is miann leis an Ughdar, (ni mo, ni she is miann liomsa,) thu do bhreagan na tharraing chum an Leabhairin seo do leughadh le Blanndar, no le comhraidhtibh or-bhlaithe, snasda, foghlamtha do chuirfeadh saobhacht no Easarlaigheacht air do Dhiol-smuaineadh; acht is é do b'fearr leis-sin (agus liomsa) do Chroidhe do shealbhughadh le glan-thuigsin do bheith agad air Fhirinne do-dhiultaighthe, ann Muinighin go nGriosfadh se do Chroidhe le Fonn do shlanuighthe siorruidhe: noch is miann leis ona Chroidhe, {L vii} do an uile Dhuine dhe gach uile chailidheacht agus Ghairm agus ionnus go m'feidir leis na Daoinibh is laige Intleacht agus is uirisle ollamhnacht an Toradh is miann leis dobhuain o na Shaothar, comh-ionaon leis an mhuintir is foghlamtha agus is deagh-thoigthe, admhalan se ann Reumh-radh no Didhean-bhrollach an Leabhair-seo ag a chur amach fa Leur-amharc Shuile an tSaoghail ann Iottailis (mar do gheabhadh tu é a nGaoidheilg) ann Reim chainte sho-thuigse shimplidhe. d'aimhdheoin sin, ni bhFuil sgaith air a insin duit go dTugan se biadh agus oileamhain shubstainteamhuil, shar bhrioghmhar do'n Anam; agus go raibh cheana féin 'na adhbhar le Doilghios agus Dioltuirse an iomad Daoine, agus a ta muinighin agam go nDeanfas se an tOibriughadh ceadna air do chroidhe so. An tAdhbhar fa nDeir me sin, cuirim a lathair do leir-mheas fein ann sna Briathraibh so do leanas. Air dTus, measaim nach ar bhFeidir le aon-Duine ag a mBeidheadh Deagh-aigne no Sbioraid-mhaith, fhialmhar, leughadh air, no creadmhail do, Ghradh do-chuimsighthe DE, ann Gloire agus Aoibhneas siorruidhe d'Ollmhughadh {L viii} fá na chomhair mar a taisbeantar go soileir, ann san gComhrahdh so do leanas, do thrachtas air Pharrthas; agus ann sin ag smuaineadh air Thrócaire-DE d'fáig beo e go dTigh an la niumh, ionnus go m'Feidir leis seilbh d'faghail air an Naomhthacht sin; agus tar eis a leitheid sin de Chreadmhail agus de Leir-mheas cionas a deirim a b'feidir leis a bheith diombuidheach agus mi-chomanach chomh nAnfhuathmhar sin, is nach griosfuidhe le Doilghios agus Croidhe-thuirse é (le Glan-Ghradh do DHIA) a dTaobh mar chur se é fein chomh minic sin a gContabhairt, a DHIA chailleamhain air feadh na Siorruidheachta. Agus samhluighean se chomh deacrach ceadna, go m'Fheidir le aon Duine da choirbtheacht é, leughadh air, agus creadmhail do'n Fhuath do-chuimsighte a ta ag DIA d'onbPeacach, ann Ithfrionn Siorruidhe d'ollmhughadh fa na chomhair mar a taisbeantar do mar ann Sgathan ann san gComhradh do thrachtas air Ithfrionn. Agus ann san ag smuaineadh air Cheart dho-chuimsighthe DE, do theilgeas go laetheamhuil Peacacha cruadh-mhuineulacha sios air bhFior-gCinn go hIthfrionn; agus tareis a leitheid sin de chreadmhail agus de Leur-smuaineadh cionas a b'feidir leis {L ix} a bheith air mire chomh hUathbhasach sin, is gan a bheith griosuighthe, tre eagla DE amhain, chum Dioltuirse agus Aithreachais air eagla a bheith teilgthe go hIthfrionn air feadh na Siorruidheachta. Insighean an Sgribhinn Dhiadha dhuinn, gur ab i eagla DE is Tus do'n bhFior Eagna; agus is dearbtha gur ab i crioch na hEagna, an Charthanacht, no Gradh DE. Da bhrigh sinn (a leughthoir Chriostuidhe) muna rabhais eagnuidhe riamh go dTigh so a nGradhughadh DE ar son na Gloire a ta olmhuighthe aige fad chomhair a bParrthas; deanadhmaois an chuid is lughadh dhe o so suas tuiseach air a bheith eagnuidhe ann Eagla bheith orainn, go mBuailfeas DIA na Peannuidighe Siorruidhe orainn a ta stor thaisgighthe aige fa chomhair na Malluightheoirighe ann Ithfrionn. Go sealbhuidhe DIA bhur gCroidhthe so agus mo Croidhe so le Fior-Eagla roimh a Bhreitheamhnais, agus le Gradh lasardha da Throcaire; ionnus le imtheacht saor ona Chruaidh Cheart a bPriosun dhuimsighthe, dhorcha Ithfrinn; go m'Feidir linn Seilbh d'Fhagbhail air ann a Ghradh a gCathair ghrian-aluinn na TRIONOIDE, mar {L x} a nGradhfamaoid E gan Eagla a chailleamhna air feadh na Siorruidheachta. Acht muna nDeanfas sibh an Aithridhe, beidh sibh uile caillte mar an gCeadna. Lucas xiii.5.
SIORRUIDHEACHT AN ANMA Oir cread e a thairbhe do Dhuine, da nGnodhuidheadh se an Domhain uile, agus a Anam fein do chailleamhuin. Matha.16,26. Rann. Is si an cheud Riaghail choitchionn taraingthear o Leur-smuaintighthibh na Siordhachta, Fios agus Eolus glan-thuigsionach do bheith ag Duine air an meid is fiu an tAnam, mar aon le Run agus Intinn mhisneamhuil, chalma, chum Curaim an Anma do thoghadh roimh churaim na Collainne; do bhrigh nach bhFuil ag aon Duine acht aon ANAM amhain; aon Anam amhain ann Aonar; agus aon ANUM amhain SIORRUIDHE; agus madh cailltear an tAnam sinn aon uair amhain, nach bhFuil breith slanuighthe go deo aris air,
agus madh slanuighthear aon uair amhain e, nach feidir a chailleamhuin go brath na dhiaidh sin e. Air an adhbhar sin is se as miann liom, go nDeanfadh an te sin, do leighfeas na beagan Briathra so, dul a steach ann uaigneas smuaintigthe foluightheacha, dorcha a chroidhe fein, agus ann sin, chomh maith agus da dTabhairfidhe e, leis an Leur smuaintighthibh seo, chum an da DHORUS a ta air an tSIORRUIDHEACHT; Dorus diobh do fhosglas an tSlighe do threoruigheas chum na bhFlaithios, agus an Dorus oile thriallas a gCeann Dhubhaigein dho ghringiolda, chior-dhuibh Ithfrinn; agus ag a bhFaghail fhosguilte dho, mar sin le Lamhaibh DE, deanadh se ag socrughadh a smuaintighthe ann Grinn-breathnughadh thromdha, air an tSlogaire, gan Chrioch, gan Fhoir-cheann na mBliaghan agus na nAimsearach, nach feidir a nAireamh, na tri Focail so sios 'nar nDiaidh amhain, do labhairt go minic leis fein, siad sin, Choidhche, Brath, agus Siorruidheacht. Ann sin ionntoigheadh se a smuaintighthe chum a Anama fein do bhreathnughadh, agus chum go nDuiseochadh agus go musgaileochadh se I, as chodla agus, as throm-shhuan mharbhthach an
Pheacadh, ag radh ann a Intinn fein; o a anam-so ionumsa, cuimnigh ort fein! cuimnigh go bhFuil tu Síorruidhe! cuimnigh ort fein a deirim, go bhFuil tu chum a bheith beo-mharthannach ann Gloire agus ann Aoibhneas na bhFlaithios, no daor-dhamanta ann Lasrachaibh dubh-loisgighthe, dur-Pheannuideacha Ithfrinn. Cuimhnigh gur ab chum na Siorruidheachta do ghnodhughadh do chuir Dia air an tSaoghal-so thu, agus d'fhaig se thu beo go dTigh an Noimeant ceadna so dhe'd Bheatha; cuimhnigh gur ab chum na Siorruidheachta do bhuadh a ta tu mar so, ag troid agus ag deanadh comhraic ann aighe do Naimhde; cuimnigh go bhFuil tu ag fullaing Amhgair, agus Cruadh-chradh an tSaoghail-seo, ionnus go mBeidhfeadh ann Seilbh Solais agus samh-shuaimhneas na Siorruidheachta; do bhrigh gur ab e an Nidh, bheith ag fullaing agus ag deanadh Comhraic ann aighe do Naimhde air an tSaoghal so ann nach feidir do bheith gan a bheith a bhFullaingthibh, agus a gComhrac, na maireachdan chum na Siorruidheachta d'fhaghail go maith ann Gloire, no go hOlc a bPiantaibh agus a dTeintibh gheur-lasardha dho-mhuchta Ithfrinn.
Is se an Bas an Dorus, tre a gCaithfir gabhail, chum dul a steach ann san tSiorruidheacht, agus muna nGeabhadh tu steach thrid an Dorus do thriallus agus d'arduigheas suas, chum Rioghachta na bhFlaithios, acht ann ait sin, gur ab trid an Dorus dorcha, urghranda ud, do gheabhadh tu, do thuirlingeas agus do thuitios sios chum an Phriosuin dhordha, chior-dhuibh, agus chum Fuirnise chaor theine dheargh-lasta, bhrein-dheataich Ithfrinn; o a chreatuir mhi-aghmha-raich, mhi-fhortunaich, as feidir leat a radh an uair sin mar a dubhairt an tOchtmhadh HEINRIDHE RIGH SHACSAIN. "Do chailleamuir an tIomlán." Do bhrigh an uair a chailleas duine a anum nach bidhean niosa mho aige le cailleamhuin, na le gnodhughadh. Air mBeith dhuit mar so ceimnighthe agus arduighthe ann Sbioraid agus Intinn, a gCeann DHOIRSE na Siorruidheachta, teidh asteach ann Leir mheas na Siorruidheachta ceadna sin, coisceim a nDiaidh coisceime, agus meadhaigh go maith ann d'Intinn, cé go bhFuil an tSiorruidheacht gan Chrioch, gan Teora, do bhrigh
go gCoingbhidhean si inte fein Saoghalta do-chuimsighthe, Bliaghanta do-chuimsighthe, Miosa do chuimsighthe, Laethe do chuimsighthe, Uaireanta do-chuimsighthe, agus Noimeantuidhe do-chuimsighthe; agus Noimeantuidhe agus uaireanta, Laethe, agus Miosa, agus Bliaghanta, agus Aimsearacha do-chuimsighthe, air dho-chuim-sightheacht; fos tar eis an uraid sin Doimhinn-smuaineadh do dheanadh air an tSiorruidheacht, chomh maith is da m'Feidir I thuigsin, no chuim-siughadh le hIntleacht dhaondha; fos a a ta dha fhocal Cainte ann, do choingbhidheas ionnta fein Lan-reim na Siorruidheachta; acht ni bhFuil Teoradh le cur, na cuimsiughadh le deanadh air an meid do chialluighid is da Fhocal sin; siad soin; Bráth agus Choídhche, Choídhche agus Bráth. O a Iosa Mhaith! cread i an Fhairge, gan Ghringiel, gan Bhonn, gan Traigh, gan Cuan, gan Tir, gan Ceann-Aimsire, na Crioch le faghail choidhche uirthe. O go de mar a bhuailid Cuisliona, agus Air-tireadha mo Chroidhe; agus mar a criothaid, Feitheacha mo Choirp; agus mar a dheanann mo
chuid Fola teachtadh agus Sioc-fhuaradh ionnta, an tAm do buairthear mo smuaintighthe le me fein do theilgean sios ann Leir-mheas mheabhruightheach na bhFocal ud Choidhche agus Brath, ann a bhFuil iomlaine Bhliaghanta na Siorruidheachta cuimsighthe. An Brath so nach beidh crioch choidhche air; an Choidche so do bheidheas ann go Brath; an Brath so nach ar cheart d'imtheacht Choidhche o ar gCuimhneadh; an Choidhche so budh cheart do bheith socruighthe go Brath ann ar nIntinn; an Brath so mar Chloidheamh rinngheur, bharr-chaol do Leur-ghonas Anmnacha na bPeacach; an Choidhche-so mar Dhealg no Spion gheur-nimhneach, do sbreagas, agus do chorruigheas suas Croidhthe na bhFior aon; an Brath so le dluith-fheuchain na hIntinn air, do chuireas crith-eagladh agus sgannra, ar an Dream do bhidheas easuraimeach, easumhail do DHIA; an Choidhche so do chuireas Criothnamh agus Faitchios, air na Piolloireadhaibh is teine, agus air na hAodhaireadhaibh is airde ann Eagluis CHRIOST: an Brath so chuir d'Fhiacha air Dhaoinibh, comhluadar agus breug-aoibhinneas an tSaoghail do threugbhail, agus dul ann uaigneas
Fasaich agus Sleibhte; an Choidche sin, do lion Mainistreacha le Daoinibh riaghalta, naomhtha; An brath-so, thug air na Maighdiona a nGeanmnuidheacht don chongbhail go buan do DHIA, agus diultughadh dho Phleisiur cealgach na eolna: an Choidhche-so do thug air na Mairtireachaibh Fuil a bhFeitheach go leir do dhortadh; an Brath agus Choidhche-so, nar ab smuaineadh ortha Amhain, do rinne an uraid sin Naomhthacctha do gheineamhuin, agus an uraid sin Ionracuis agus Neimh-chionnta d'oileamhuin agus do chothughadh ann a bhFiorghlaineacht. O a Bhraith, o a Choidhche, o a Choídhche, o a Bhraith! Go brath ni dheanfas an Duine sin Peacadh, go bhidheas ag sior-smuaineadh ort. O Choidhche! Choidhche ni dheanfas Aoin-neach Peacadh do bhidheas ag dearcadh go buain-sheasamhach ort. O Choidhche! o Bhrath! o Shiorruidheacht! Nois a Chara ghradhmhair, gheibhean tu thu fein, mar a deurthaoi ann Ceart-lar na Siorruidheachta, ag nach bhFuil Lar ar aon-chor;
agus do smuaintighthe liontadh le hIongantas, le hUathbhas, agus le sgannra; fiafruigh dhiot fein; cread e an Nidh an tSiorruidheacht-so, no cread e an fad do mhairfeas si gan deir bheith leithe. Is siothbhuaine, agus is sior-leanmhuin an tSiorruidheacht, do bheidheas go deoigh a lathair! La Siorruidhe, buan-chomhnuightheach, air nach beidh Crioch Choidhche! Leir-ionntoghadh agus Sior-ghluaiseacht Bliaghan, do dheanfas filleadh tar a nais chum toiseach aris! Fainne nar ab e a Lar go brath, agus a Thimchioll Choidhche! do bhrigh go deoigh agus Choidhche, nach feidir Criosluighthe, na Teoradh chur go brath na timchioll. Neamh-aisdrightheacht bhuan-sheasamhach, agus Buain-sheasamhacht dho-ais-drighthe. Compas comh-chruinn, air nach feidir Críoch na Deire d'Faghail; Roith do bhidheas ag sior-ionntoghadh agus nach stadann go deoigh! Tobar do bhidheas ag sior-bhunnughadh, agus do ritheas sios na srutha gan teoradh: anois ag ardughadh suas na Romhurta, agus ann sin do thuitios sios aris na Mallmhuir, ionnus go dToiseochadh si ag sgeith aris, gan sgur go brath de bheith ag lionadh agus ag traghadh! Tiobruid neimh-dhisgtheach o a sillean Abhainn
sior-shiubhlach, siorsgeithmhear na mBeannocht millse nDeagh-bhlasda, no na Mallacht nGeurshearbh, nDaor-dhamanta! Nathair nimhe do bhaineas Greidhm as a Earball, agus a dheanas a Oige d'athnuadhughadh, do thionsgnuidheas do ghnaith ann a Chrioch, agus nach Criochnuighean Choidhche chum tosnughadh, agus nach tuisighean go Brath chum Criochnughadh! a Shiorruidheacht gan chrioch! Budh mhiann leat fios d'fhaghail cread e an Nidh an tSiorruidheacht, agus fuair tu fios air, gan fios do bheith agad cread e an Raed i. Do bhrigh nach feidir leis an uile short Comh-samhlachtuidhe agus Comparaidighe da nDeinthear usaid do chum na Siorruidheachta do leur nochtadh dho thuigsin na nDaoine aon nidh air aon-chor do radh mhineochadh i, biodh da mheid is deurthadaois. Oir muna bhFuil Gaolmhaireacht, na Comhsamhlacht eadar Siongan agus Trod, (an Beathaigheach Ceathair-chosach is mo ar bith) is sgeul firinneach nach feidir comh-ionaonacht, comh-reire, na comh-imtheacht do bheith eadar Neithe le a bhFuil Teoradh, agus Neithe nach feidir Teora na Criosluighthe do chur na dTimchioll; eadar Neithe dar ab feidir
a Nattuir do nochtadh, agus d'fhoillsiughadh, agus neithe nach feidir; Maseadh do de an Nidh guidhim thu, is mo tha gan teoradh agus nios do-thuigsiona iona an tSiorruidheacht, nar ab i Bunnudhas na Neithean nDo-chuimsighthe i, no gur ab Do-chuimsightheacht go hIomlan i. Tar eis Mile Bliadhain, agus tareis ceud Mile Bliadhain agus tareis Mile Milleon Bliadhain, agus tareis ceud Milleon de Mhilleonaibh ceudna Bliadhain; ni feidir dhuit Crioch, Lar na Tuis na Ciorruidheachta do rochtain; acht chomh fada agus bheidheas an Talamh 'na Talamh; agus chomh fada agus bheidhid 'na Flaithis 'na bhFlaithis, agus chomh fada agus bheidheas DIA 'na DHIA, (o nach uathbhasach an Nidhe e so, agus is firinneach e air a shon sin,) beidh an Drong Beannuighthe ann Lan-reim na Gloire, agus an Drong damanta ann Caor-theine dhearg-lasta; agus mar a bheidh DIA 'na DHIA go Brathach, agus nach stadfas se choidhche de bheith 'na DHIA, air an adhbhar sin, beidh an Drong beannuighthe, sior-bheannuighthe, agus an Drong damanta, sior-dhamanta; agus ni bhFuighid an Drong damanta fuasgladh go brath ona bPiantaibh; agus ni chaillfid an Drong
beannuighthe go Saoghal na Saoghal, seilbhreim na Gloire. O da mbeidhmis ag sior-smuaineadh air an mBrath agus Choidhche-so! go de chomh hEadtrom agus chomh noimeantamhuil is thaiseochadh Aindeise agus Amhgair an tSaoghail dheireoil, chlaon-so dhuinn; do thabhairfeadh congnamh linn chum sinn do chur ann seilbh De air feadh na Siorruidheachta? O go de chomh Curamach is sheachnochmaois gach uile ghne Peacadh? go de chomh dioghraiseach, teas-ghradhmhar is bheidhmis ann sna Deagh-oibreachaibh; agus go de chomh maith is chaithfeadhmaois an Noimeant Aimsire so ta do lathair aguinn, air a seasuighean an tSiorruidheacht d'fhaghail go maith ann Gloire no go hOlc a bPiantaibh. Fhosguil o a DHIA Siorruidhe! as iocht do Mhor-Throcaire thruaighmheilich, Suile ar dTuicsiona; ionnus go nDeanfadhmaois dearcadh go duthrachtach, dairireach, agus smuaineadh go socair, tromdha air, go de chomh do-thomhaiste, chomh hAn-mhor, chomh sonuidhe no chomh mi-fhortunach, agus a ta an tSior-uidheacht!
Deonuigh o mo DHIA go gCaithfeadhmaois an Noimeant Aimsire so noch do'd Mhor-Throcaire gan teoradh do bhronnais orainn, ann sin tSlighe do chongfadh linn, chum Siorruidheacht seunmhar do ghnodhughadh! Deanadhmaois an Nidh-seo d'aithris agus d'fogairt do an uile Dhuine; cuireadhmaois an Nidh so a gCeil agus a dTuigsin do na hUile Dhaoinibh, de dheoin agus air eigionn; deanadhmaois an Nidh-seo chraobh-sgaoile agus do sheanmorughadh do chach, ionnus go sabhailfidhe na hAnumnacha nach siubhlan ann cosan, no ann cois-shlighe na Siorruidheachta sonuidhe; acht do ritheas ceann-air-aighe sios le fanadh Faille Ithfrinn na Siorruidheachta Mhi fhortunaich! Eisdighidh o a Chriostuighthe! Eisdighidh o a Phaganaich! O sibhse a Phobail, agus a Dhaoine a ta dian leachta, agus sgaipighthe amach air feadh na Cruinne go hIomlan! sibhse a Dhaoine chomnuigheas ag Criosluighthibh agus ag Leith-imiollaibh na Talmhan, eisdighidh na tri focail seo amháin! siad sin, Choidhche, Brath agus Siorruidheacht! Is beannuighthe iad so a ta cheana a bhFlaithios ag faghail sior-skeilbhe ort. O a DHIA
siorruidhe! Is beannuighthe iad agus as seunmhar, do bhrigh go mBeidhid air feadh ceudtha de cheuda Bliaghain, ag tabhairt Ard-mholladh dho'd Naomh-Ainm. O Shiorruidheacht gan Chrioch! O Shiorruidheacht a ta ard, a Shiorruidheacht a ta leathan, fairsing, agus doimhian! O Shiorruidheacht a ta go do-chuimsighthe ard, go do-chuimsighthe fairsing, agus go do-chuimsighthe doimhinn! Air an Noimeant Aimsire seo, o a Dhuine dhibiortha agus a Oilirthich, do Sheasuighean se Beatha no Bas do ghnodhughadh air feadh na Siorruidheachta; deanfadh Crois IOSA CRIOST thu do threorughadh chum na Beatha Siorruidhe; agus Breag aoibhinneas an tSaoghail-so chum Bais do-chriochnuighthe. Toghaidh be aca is fearr leat; a ta se air gCumas duit, agus do reir do thoile fein, Beatha no Bas do thuilleamhain; acht cuimhnigh madh is Beatha no Bas do thuilleas tu, gur ab Beatha no Bas Siorruidhe dhuit iad? an uair a bheidhir mar seo arduighthe ann do Smuaintighthibh, (ó Leightheoir) deanfadh NAOMH CHYROSTOME, Reim ain-shrianta do ainmhian do chosg on dTreun ligion a ta fughtha chum Miriaghaltachta agus Oilc; agus
dearfadh se leat "Innis damh ca mheid Lamh agad?" dha Lamh: Go bhFagadh DIA go buan agad iad; acht o ta dha Lamh agad, ta se mar sholas agad, madh chaillean ta Lamh, go mbeidh Lamh oile agad na diaidh. Agus ca mhead Cois agad? Dha Chois; go gCoimheuda DIA go buan agad iad, acht dar nDoigh da gCaillfea Cois diobh le Mio-agh, no le Mi-fhortun, do bheidh eadh Cois oile agud da hEis. Agus go de liacht Cluais agad? Dha Chluas; go gCoimheuda DIA iad sin, mar an gCeadna; acht da gCaillfea Cluais diobh soin le mi sheun air bith, do bheidheadh Cluais oile mar chompord agud. Agus ca mheud Suil agad? Dha Shuil; DIA do chruthaigh iad, go gCaomhnadh se iad, mar a taid chomh mor-luadhach-soin dhuit; agus tu chomh ceannamhuil sin ortha; acht da sgarthach galar raigeamhuil, foir-neartmhar, Suil diobh leat, do bheidheadh suil oile da hEis sin agud. Acht innis damh ca mheid Anum agad? Madh ta dha Anum agad, is feidir leat aon Anum amhain do chailleamhuin ann Am, agus beidh ANam oile agad le slanughadh na dhiaidh sin. (O mo DHIA) Nil acht aon Anum Amhain, agus an tAon-Anum-soin siorruidhe; agus madh chaillean
tu ann tAnm-sin Aon uair Amhain, nil Anum air bith oile agad le faghail go Brathach na dhiaidh sin. Agus madh shabhalan tu an tAon-Anum-Amhain sin a ta agad, is fiu ceud agus Mile Anum duit e; acht madh leigean tu amughadh e sin, beidh se caillte air feadh na Siorruidheachta. Madh shabhalan tu e sin, beidh se Slanuighthe go Siorruidhe, an uair a bhidheas an tAnam Slanuighthe aon uair Amhain, ni bheidh Eagla air Neach, go gCaillfear go deoigh na dhiaidh sin e; agus an uair a bhidheas an tAnum caillte aon uair amhain, nil maith Suil na Dothchus do bheith le na Shlanughadh go Brath na dhiaidh sin. O a Chriostuidhe, ca bhFuil do Chreidiomh? ca bhfuil do bhreathnughadh? Ca bhFuil do chiall? Tagadhmaois a nois go dluith chum an Phoinc air a bhFuilmid ag tracht; ann so stadfadh me thu, ni chaithfe tu teithe uaim; acht innis damh; An gCreidean tu an tSiorruidheacht, do nach gCreidir? Acht muna gCreidean tu I, mo thruaigh! ni chreidionn tu go leor. Ann san am gCeadna a dTaisbeanan tu gur ab mo an meas a ta agad air, agus an Speis do chuirean tu ann beagan Troighthibh Talmhan; agus ann
beagan Deataich agus Smuit-cheo Onora; ann beagan Pleisiuir diombuana; agus a mBeagan Cre-bhuidhe, iona ann d'Aon Anum Amhain, bocht, Siorruidhe; Creid an meid-so agus ni iarfadh me nios mo ort. Agus madh Shamhluighid na Focail so ro-iomarcach dhuitse (do mheasas d'Anum a bheith nios lughadh na Salchar na Talmhan a ta tair, dimheasda) chum a gCur mar ualach air sa Chuimhne, beidh me leorshasuighthe, madh thugan tu Loistin agus Aoidheacht chaidreamhuil ann do chroidhe, do'n da fhocal so do leanas, siad sin, Aon Anum amhain agus Aon-Anum-Siorruidhe. Mar seo an uair do chealgaid cathuighe thu, an tAm a mheallaid Cusboireadha thu, agus an tAm do bhreagaid agus do thairingid na Ceudfadha thu ann Lion eachranach an AIDHBHEIRSEORA, cuir ort na focail ud mar Sgiath-dhidhean agus mar Chosnamh ann Aighe Buillidhe, agus Fraoch-theagbhail do Naimhde, mar do rinne an tImpire Ceannasach, treunchomhachtach an cuigeamh Seurlas (do mhaic ann san cheud bliaghain deighionach d'aois an TIGHEARNA) cur ann aighe comh-airleachaibh eug choracha Dhuine mhor-cheinnich,
mhichreidmheach, do bhidheadh ag Riaghlughadh na Criche mar aon leis; ann san am gCeadna ar chuir smuaineadh mhor na Siorruidheacht a d'fiacha air an Impire reumh-raidhte ud a Choroinn do theilgean da Cheann ag radh; Acht mo Anum! O da madh toile le DIA, go nDeurfadh an uile dhuine go minic leis fein. Acht mo Anum! Acht m'aon Anm amhain! Acht mo Aon-Anum amhaín Siorruidhe. Cuir a gCas go mBeidhfadh chomh glormhar, onorach le ALASDROINN, chomh fortunach le CAESAR, chomh saidhbhir le CROESUS, chomh breagh, chomh sgeimheach le ABSALOM; chomh laidir le SAMPSON; an uraid de ghean is de ghradh na nDaoine agad le JONATHAN; do Theach a bheith ag sgeitheadh le iomadamhlacht Saidhbhris; le Onoir; le Caithreim; le an uile short Aoibhinnis; Solais, agus Fortuin, da m'fheidir le'd Chroidhe shanntughadh na smuaineamh; cad e an mhaith dhuit an tIomlan díobh san? Oir air an dTaoibh a stigh de bheagan Laethibh dubh-neullacha, sgamallacha, ag uair do Bhais, caithfir iad uile do threugbhail go toilteannach, no ad Aimhdheoin. Ag an uair sin a Dhearbhrathair ghradhaich!
Cad is Crioch do'd Anum; d'od Aon-Anum-amhain; agus d'od Aon-Anum-Siorruidhe! Ni gan adhbar is feidir liomsa an Nidh sin do radh le gach uile Pheacach, (a dubhairt NAOMH BERNARDINE le CAIN.) "Gur mharbhaidh se, air dTuis a Chreidiomh, ann sin a Dhearbhrathair." Is se an tAdhbhar fa nAbair se sin, de bhrigh nar bhFeidir go dTomthadh se a Lamha ann Fuil a Dhearbhrathar da mBeidheadh a Chreidiomh beodha. Is mar sin duitse a Pheacaich, gach uair da dTugair Aithis agus Masla do DHIA, marbhan tu do Chreidiomh air dTuis. O Anum! Amhain! Siorruidhe! O Choidche! O Bhrath! O Shiorruidheacht! "O DHIA tabhair saor m'Anum o'n gCloidheamh, mo Dhian-Ghradh o chomhachta an Mhadra." - Sailm.22.
SIORRUIDHEACHT AN CHOIRP. Oir cia be neach le'r ab mian a Bheatha fein do chumhdach caillfidh se i, agus cia be neach a chaillfeas a Bheatha air mo shon-sa gheabhadh se i. Matha.16 Caibidil.25 Rann. Is si an dara Riaghail choitchionn a ta taraingthe o Leur-smuaintighthibh na SIORRUIDHEACHTA, Intinn laidir, dhiongmhalta do bheith agad, an uile short cradh agus Pianadh do thabhairt do'd Chollan, ionnus go m'Fheidir leithe bheith ann Samh-shuaimhneas, agus ann Solas shuairc na bhFlaithios na dhiaidh so: agus a chur d'fiacha uirthe an uile short Aindeise agus Cruadhtain d'Fullaing go foidhneach, fonnmhar le fior-ghradh do DHIA, ionnus go m'Feidir leithe imtheacht saor o gheur-fhullaingthibh,
agus o Dhaor-Phiantaibh Thire an Dorchadais agus an An-aoibhinnis Shiorruidhe. (O Leughthoir!) Madh shamhluighean tu gur ab cruadh-cheistidhe dorcha, do-thuigsiona, no gur ab Neithe contrardha do'n cheadfa choitchionn, an da Fhirinne seo a ta chomh glan, chomh soilleir le tuigsin, agus ta an Ghrian lonnrach le faicsin, ag an gCeud Leur-smuaineadh do ghnidh tu ortha; d'aimdheoin sin, meadhaigh iad ann Meadh chomhthromach an Chreidimh, agus gheabhadh tu amach gur ab dha Fhirinne dho-mheallta iad, is coir duit a leanmhain, agus a chur a nGniomh, agus a ta eifeachtach, sarbhrioghmhar chum do chroidhe do leir-ionntoghadh chum Dé. An cheud fhirinne: - Tu bheith ag fullaing air an tSaoghal so, ionnus go nImtheochfadh saor o Fhullaingthibh Siorruidhe. An dara firinne: - An uile short cruadh-chradh, thabhairt duit fein anois ionnus go mBeidhfeadh ann Gloire, Soillse, agus Solais Siorruidhe na dhiaidh seo. Do bhrigh gur ab leis an gCreidiomh do-mhealta
ceadna soin, le a gCreidion tu Eiseiridh na Colna, gheibhmid fios dearbhtha, deimhin-tSiurailte, go nDeanfar an Corp san do fuair an uile short Saimhe, Socamhlachta, agus Phleisiuir ann san tSaoghal so, ag cur feirge air Dhia, do pheandhosughadh, le Lasrachaibh Teinte agus Daor-Phiantaibh Ithfrinn, air feadh na Siorruidheachta. Agus do bhFuighe an Chollan san da dTugthar an uile ghne Cruadhchradh agus Peandhois air an tSaoghal-so, chun I thoirmiosg o Fhearg do chur air Dhia, Iomadamhlacht morlionmhar Shoillse, Sholais, agus Ail-Ghloire na bhFlaithios air feadh na Siorruidheachta. Air an adhbhar sin, iad so do bheir Mor-chradh da gCoirp air an tSaoghal so, is ionaon le radh e, agus go dTugaid an uile Short Saimhe agus Suaimhnis doibh air an tSaoghal oile. Agus iad so chuireas dFiachaibh ortha fullaing, air an tSaoghal-so, coisgid agus saoraid iad, o a bheith ag fullaing ann caor-lasrachaibh Teine, go deireadh na Siorruidheachta. Air an adhbhar sin, madh shamhluighean Teidiol na Riaghaile coitchionn so, iodhon, Siorruidheacht an Choirp, neamh ghnathach, iongantach, agus do thuigsiona dhuit; ceartaigh
agus leasaigh locht do Dhil-Smuaineadh, le Leir mheas glinn do dheanadh; gidh go gCaithfeas do Chollan cheadna soin (agus ni aon Chollan oile,) eirghidh air an La nDeighionnach chuma bheith aith-cheangailte go do dhealuighthe leis an Anum, chum gan sgaramhuin le na cheile go brathach le Bas nios mo. ...Samhuil-Smuaineadh imagination - fonóta le Dilsmuaineadh... Ag so Firinne le feuchain a steach go doimhinn inte d'Fosglas a gCroidhthibh na bhFioraon, Cuisle tre a rithean treun-thuile an uile short Millseachta, agus Sasamhlachta; agus do chuireas abhainn Domblais gheur-shearbh, tre cheartlar Anuman na bPeacach. Bidhid na Fioraoin lan de Luthghaire agus d'Urghairdeas, an uair a chuimhnighid siad, go bhfuil Luaidheacht-saothair Siorruidhe ollmhuighthe fa chomhair annro agus fhullaingthibh noimeantamhla a gColna agus criothaid na Peacacha le hUamhan agus le hEagla an uair a Smuainighid siad go bhFuil Teinte, agus Daor Phianta Siorruidhe,
taisgithe fa chomhair a gCoirp do ghradhuigheadar chomh mor sin, dTaobh an uile short aoibhnis, sein, agus solais noimeantamhla da dTugadar doibh air an tSaoghal so. O faraoir! nach deanan Leur-smuaineadh na Siorruidheachta Foirm-aistriughadh d'Oibriughadh a gCroidhthibh na gCriosduighthe; ni Cruth-athrughadh mar e sin d'Aithristear le Fabhuill sgealta na bPaganach; acht leir-ionntoghadh firinneach croidhe, comhsamhuil leis sin a hAithristear air oig-fhear mearuighthe, diomhaoin, noch air mBeith dho ag Togbhail Caislein ann san AEdhear, agus Tuir Ghaoithe air an nGainimh, do thog ann san am gCeadna Foirgneamh, (se sin Tigh) bun-dhaingean, buan-sheasamhach a Shlanughadh Siorruidhe. Do bhidh an tOig-fhear-so air aimsir airighthe, gan fhios aige, cad chuige nIonntoghadh se e fein, mar as gnathach le daoine diomhaoine bheith, agus e ag tabhairt aoidheachta dona Milte saobh-smuaintighthe air mheid a aoibhnis agus a Sholais shaoghalta, ionnus gur sgread se amach; "O go de feabhais na hAimsire ta agam ag a sealbhughadh! O go de meid mo Shein, agus mo fhortuin, da mairfidis choidhche
liom! O da madh nidh nach deinfeadhdaois cailleamhain na teibe choidhche orm! O mo Leun-chreach nach bhFeudaim iad do chongbhail agam fein, go deo! Nil uireasbadh Saidhbhris oram! Is lionmhar, iomadamhuil a bhFuil de Dhaoinibh muintiordha agam! As feidir liom Feastuidhe beaduidhe an uile short Bidh nDeagh-bhlasda do thabhairt do'm Cholan: Mairim go caith-reimeach, aird-cheimioch, onorach: Ta an iomad daoine, ag iarradh mo Mhuinteardhais agus mo Charadais: Tugaim an uile short sasaimh do'm cheudfadhaibh is feidir leo do shanntughadh. Is fior go bhFuilid na Neithe millse, solasacha so, comh-mheasguighthe le an iomad Neithe searbha, dolasacha. Acht a gCeart lar an uraid sin "Aoibhinnis agus Pleisiuir, nil acht aon Nidh amhain do chuireas buaireamh agus Dubh bron oram, se sin go gCuirfidh an Bas crioch leo aon la amhain, agus go sgairfidh se me go Braith le iomlan, na Neithean so, ann ar mho mo speis agus mo Dhuil. O Bhais, da m'Feidir liom teitheadh uait! O da mBeitheadh se ann mo chomhachta, maireachdan go deoigh chum an tSaoghail so do shealbhughadh, agus chum me fein do chraos-lionadh le
Saobh-smuaintighthibh m'Andulaibh, agus mo Chlaon-Aoibhnis. O'n doimhinn smuaineadh so, d'Imthigh se chum Smuaineadh budh mho de Thadhbhacht iona i. Acht da dTiucfadh Aingeal as na Flaithis, chugham le Teachtaireacht O DHIA, agus go nDearfadh liom, tog de rogha ceachtar de'n da Nidh so do ghnidhim a thairgsin duit; agus cuir d'Ainm ann Sgribhinn fa an Nidh sin do ghlacfair mar rogha. "Is feidir leat maireachdan Se cheud Bliaghain, ann ceachtar de'n da Shlighe so do leanas; se sin fanamhuin a bPriosun air feadh Chuig mBliadhan agus Fithche, agus Trom-ualach Mile agus Mile Mi-fhortuin ort ann, agus an chuid oile de na Se cheud Bliadhain, ann Eugsamhlacht aoibhinnis agus solais; agus air an Lamh oile is feidir leat maireachdan ag sealbhughadh an uile ghne Aoibhnis agus Pleisiuir, agus an chuid eile de na Se cheud Bliadhain ann Daoinsiun pianamhuil, ag ithe Arain an Dolais, agus ag ól uisge na nDeor." Cia aca dhe'n da thairgsin ud do thogfainn de Rogha? As sgeul dearbhtha, ar se, go dToghfainn agus go nGlacfainn an cheud thairgsin mar Roghadh, muna mBeidhinn go leir gan
cheil gan Aireachdan; Oir, guidhim thu cad a an read, an uile short Cradh agus Pianadh d'Fhullaing air feadh Chuig mBliaghna agus Fithche a gComparaid leis an uraid ud Ceudtha Bliaghain Sasamhlachta agus Solais! Da m'Feidir liom le bheith ag fullaing go foidhneach, an uile short Anacra agus Aindeise air feadh chuig mBliaghna, agus Fithche, Chuig cheud, Tri-Fhithchid agus chuig mBliaghna deug Aoibhinnis agus Solais do cheannach; do mhairfinn chuig Bliadhna Fithchiod ann daor-phiantaibh; agus chuig cheud tri-fithchid agus chuig bliadhna deug ann an uile short saimhe, Solais agus Suaimhnis. Air mbeith dho mar so ceimnighthe, agus arduighthe ann a Leur smuaineadh, do ghabhaigh ar dTighearna Dia fe ann a Lion, agus do leirghoin a Chroidhe; thrid is thrid, le Naomh-Ghaethibh is le saigheadaibh a Naomh-smuaintighthe Diadha; Oir ag an Noimeant cheadna soin do chualaidh se guth ag labhairt leis an dTaobh a stigh de, ann comhradh ciuin, cogarach, na Focail seo do leanas. "A Thruaigleanaich bhoicht, gan Eifeacht, nach bhFaicean tu gur thugais Breath ad aighe fein? Oir Biodh go dTabhairfidhe dhuit mar
Bhronntachus, maireachdan ni Air feadh chuig mBliadhna agus Fithche amhain, acht fos ceud Bliadhain, ann an uile short sasaimh, solais, agus Caithimh aimsire, da m'Feidir, leat a mheas na smuaineadh; O mo thruaigh! an uair a bheidh an suim an-mhor Bliaghan ud criochnuighthe, cread a theagasgas Creidiomh firinneach duit? Cad a liacht Bliadhain a ta le teacht na nDiaidh sin? Ni se cheud, na se Mhile, na se cheud Milleon Bliaghain; Acht saoghalta agus aimsireacha Siorruidhe, ann a bhFuil tu chum a bheith ag maireachdan, no ag faghail Bhais, a gCeart-lar Peannuidighe do chuimsighthe, do-chriochnuighthe; agus na Peandhois sin gan Teoradh nios mo iona gach uile Phian da m'Feidir le Croidhe Daondha mheas na Smuaineadh. An measan tu gur ab Conradh agus Margadh comh-thromach, socharach duit e! Do chuir Leur-smuaineadh an Chomhairimh Dhiada so, dh'Fiacha air, an Oig-fhear ud, Run agus Intinn dhiongmhalta do ghlacadh, chum sgarramhna go hIomlan le na Bhreag-aoibhinnis, agus cul a Lamha chur go brathach le claonshasamh an tSaoghail seo. O! go de chomh samh, solasach, do dheanfadh
Leir-mheas na Siorruidheachta, an uile chradh, agus daor-phianadh aithrigheacha, da dTugamaoid dar gCoirp air an tSaoghal-se, da madh nidh nach gCuirfeadhmaois choidhche a smuaineadh o ar gCuimhne; no an chuid is lughadh dhe, da dTaibhairfeadhmaois Loistin di ann ar gCroidhe, mar Thaisdiollach, no Rod-theachtaire do thiucfadh air aoidheacht chughainn! O a Chriosduighe ann san mheid go nGradhuighean tu (ni dheirim) d'Anum, acht do Chollan, guidhim thu, leir-mheabhruigh na Briathra so go minic an d'Intinn, siad sin, Beatha ghearr-shaoghlach; Beatha shiorruidhe, Fullaingthibh anna ghearra; Sasamh siorruidhe, Sasamh moimeantamhuil; Daor-phianta siorruidhe. Madh bhidhean do chollan ag ceisniomh ann aighe Troisge, is feidir leat Meanmna, agus Luth-ghaire do chuir uirthe, le smuaineadh air Fheastuidhibh suairce, sior-bhuana na bhFlaithios: Ma dheanan si cruadh ghearan leat, a dTaobh gan I bheith eaduighthe go breagh, sgeimheach do reir nois an tSaoghail so, tabhair solas di le smuaineadh air Sdol na do-mharbhtheachta, agus na Soluis-Eadaighe siorruidhe: agus madh bhidhean si ag deanadh Gleo agus
Caoidh ghuil, tre mheid a Cradh agus a hAindeise is feidir leat an uile Dheoir diobh, do nigheadh chum siubhail ona Suilibh, le smuaineadh air Ghloire, air shuairceas, agus sir sholas aoibhinn, na bhFlaithios a ta agad le sealbhughadh, go criochnughadh na Siorruidheachta. Do fiafruigheadh de Zeuxis, an Lidhealbhthoir ar an Peinteir tasgamhuil cread fa ar choimhead se a Iomhaighthe agus a Phictiuiridhe chomh fada sin, ag a gCriochnughadh fa na CHLEITEAN: Thug se mar fhreagra gur ab e an tAdhbhar fa raibh se chomh fada ud ag a dTarraing, do bhrigh go rabhadar chum maireachdan chomh buan-dhathach leis an tSiorruidheacht. Tuigeadh an Chollan da bhrigh sin nach bhFuil Iomhaigh air bith da dTaireongadh si air an tSaoghal so, nach mairfeas chomh buan leis an tSiorruidheacht; Nach fuil Bron, Amhgar na Aindeise da bhFuileongadh si le glanghradh do DHIA nach Taraing cleiteain e, le hIntinn an tSiorruidheacht, d'Fhaghail go maith ann Seun-Rioghacht na bhFlaithios: Agus nach bhFuil Peacadh graineamhuil air bith da gCiontuighthear le sasamh agus le Gradh do na ceudfadhaibh nach taraing Cleitein e, le hIntinn an
tSiorruidheacht d'Fhaghail go hOlc, ann Mi-fhortun, agus ann Daor-Pheandhois siorruidhe Ithfrinn. Air an Adhbhar sin, se Dian-fhonn mo Chroidhe, go mBeidheadh an tSior ghluaiseacht, agus an Corruighe-comhnuightheach ud le faghail ann beatha sbioraidealta, do mheas na hEICSE d'Fhaghail amach ann san naduir; se chialluighim leis sin, go mBeidheadh Suile ar gCoirp le bheith ag Sior ghluaiseacht sios agus suas ann san gCorruighe comhnuightheach sin, agus an Croidhe agus an Intinn do Bheith ag a gCoimhdeacht, agus an Teangadh, aga leanamhuin, ag sior chogar na bhFocal so do leanas. Flaitheamhnas, Ithfrionn, La agus Oidhche, chum a bheith ag fullaing, agus ag denadh Gairdeachais, Beatha agus Bais Siorruidhe. Bas gan Beatha; Beatha gan Bas; bheith ag deanadh Gairdeachus gan Fhulluing; agus ag Fullaing gan Gairdeachas; Oidhche gan La; agus La gan Oidhche; agus Oidhche, agus La; agus Fullaing agus Gairdeas; Beatha agus Bas Siorruidhe. Ni bhFuilmíd a nois (O a Leughthoir ghradhach)
ag trachtadh air Ghlinn-fheuchain Neithe neamh-chorpordha, sbioraidealta, nar bhFeidir leat a leigean ort fein, nach dTuigean tu iad, do bhrigh go mBeidhdis ro-ard, ro-dhorcha dho'd Intleacht lag chum iad do thabhairt fa deara: acht tamaoid ag trachtadh air do Chollan, air do Fheoil, air do Bhallaibh, agus air do Cheudfadhaibh. Agus insighthear duit anois roimh-rae, go gCaithfe do Chollan, d'Fheoil, do Bhaill agus do Cheudfadha do rinne tu d'Oileamhuin, agus a ghradhughadh chomh mor sin, a bheith ann Spas beagan laethe de Bheatha bhidheas ag sior-fhaghail bhais, no dhe Bas beodha, ceachtar diobh, ann Seilbh Lae siorruidhe, no Oidhche Siorruidhe; Fullaingthibh Siorruidhe, no Urghairdeachus Siorruidhe; Beatha Shiorruidhe no bas siorruidhe; Ithfrionn Siorruidhe, no Parrthas siorruidhe; (O a leughtheoir ghradhaich) dean Comhradh go minic leat fein, agus abair, le'd Chollan; Cuimhnigh o Chollan so agamsa, go bhFuil tu siorruidhe; agus go bhFuil tu chum maireachdan ceachdar diobh ann Solais agus ann Soillse na bhFlaithios no ann Teine Chaor-lasta Ithfrinn
air feadh na Siorruidheachta! O Shuile seo agamsa, na cuiridh Fearg air DHIA, le bhur gClaonAmharc dho-shasuighthe! a Lamha so agamsa saothruighidh go ro-dhithchiollach, le Teas Ghradh do DHIA, do bhrigh go bhFuil sibh siorruidhe! O Chluasa so agumsa, eisdigh go duthrachtach, dian-aireach le Focal DE, do bhrigh go bhFuil sibh, siorruidhe! O Chollan so agamsa, ceus, claoidhigh, agus cradhaigh thu fein agus dean an Aithrighe, do bhrigh go bhFuil tu siorruidhe! deanadhmaois seanmorughadh mar so do na Ceudfadhthaibh oile; mar do rinne IOSA CRIOST, do Shluagh anmhor a Dheisgiobuil, ag deanadh usaide dhe'n gCeacht so nach ar sgriobhadh ann Leabhar, cian chuimhnightheach na Soibhisgeul acht do hAithristear le CLEMENT o Alexandria. "Bidhidh ann bhur Stor-chumhduightheoiridhe criona, ciallmhara." Se sin, na glacuigh Airgid do reir an Luach a nImthighid siad air, acht glacuigh iad do reir an mheid is fiu fein go dilis. Tugaidh airgiod tair, dimheasda an Choirp, nach fiu Feoirling, air Or-chisde mhor-luadhach, fhioruasal,
shaidhbhris shiorruidhe Pharrthais; No budh chora a radh, measaigh an Chollan so agaibh, a bheith mor-luadhach, agus Ardfhiughantach, agus ce gur ab Cre bhuidhe I, deanaigh or dhi, do bhrigh madh shiubhlan sibh uirthe a nois fa bhur gCosaibh, an feadh as Talamh, agus is salchar dimheasda I, go bhFuighe sibh leir ionntoighthe na hOr I, air an tSaoghail oile, an tAm do bheidh si eiseirighthe on mBas chum na Beatha Suaithne, Siorruidhe. Deanfaid na Focail Anna-ghearra so (mar ar Cruadha do Chroidhe iona Carruig chloiche) mar Shaighiod bharr-gheur, do chroidhe do leurghonadh go doimhinn. Agus deanfadh tu Mor Iongnadh de Chorp ghlormhar Naoimh LABHRAIS do bhidh ag a losgadh air Ghreidiol dhearg-lasta le hOrudhghadh Tioranaich fhiochmhair, neamh thruaighmheilich, agus a Chroidhe ann san am gCeadna ag a Leir losgadh le treun lasair Theine Ghradh DE; agus tu ag eisdeacht leis ag radh na mBriathar so le Beul NAOIMH AIBHISDIN; Is feidir linn Naomhthacht do ghleus, acht
ni feidir linn i shealbhughadh air an tSaoghal-so. Uime sin Claoidhigh bhur mBaill thalmhuidhe. Collosianach iii. 5.
SIORRUIDHEACHT PHARTHAIS. Oir oibrighidh ar mBuaidhirt eudtrom, neamh-bhuan, ann san Aimsir a ta lathair, troime mharthannach Ghloire, go ro lionmhar dhuinn. - An dara Litir Phoil Absdoil chum na gCoirintianach ann san 4 Caib. 17 Rann. 'Si an treas Riaghail choithcionn Slanuighthe, tarraingthear o Leur-smuaintighthibh na Siorruidheachta, Intinn eagnuidhe chialmhar do bheith agad, sgaramhain go toilteannach leis an tSaoghal-so, mar ab Neimh-nidh e, ionnus go m'Feidir leat DIA nar ab gach uile Nidh e, do shealbhugadh go siorruidhe; sgaramhain le gach uile Nidh ta faoi an nGrian, nach maireas air an tSaoghal so acht beagan Laethe, agus do criochnuighthear, leis an mBas, ionnus go
m'Feidir leat seilbh d'Faghail air oidhreacht bhuan sheasamhach, siorruidhe; sgaramhuin leis na Neithibh a ta lathair, le Leir-ghean do na Neithibh a ta le teacht; sgaramhuin leis an Aimsire mar gheall air an tSiorruidheacht; sgaramhuin le an uile short Seilbhe agus solais thalamhuidhe, ionnus go bhFaghfadh a bParrthas na nAit Saidhbhris agus Suairceas Siorruidhe. Mo dhiombadh! go de chomh firinneach agus a dubhairt an SAOI TOMAS MORE, go m'Feidir le Moran Daoine, le leath agus nios lughadh iona leath an tSaothair, le a gCeannuighid siad Damnughadh siorruidhe Ithfrinn; Naomthacht, soillse, agus solais Fhlaitheamhnais do shealbhughadh (da madh mhiann leo) air feadh na Siorruidheachta. Ni dheanfadhmaoid tracht, ann san gComhradh-so air Chailidheacht, na air Naduir na Gloire a ta le faghail a bParrthas; do bhrigh gur ab e ar nGnotha do lathair tracht air Shiorruidheacht na Gloire sin; agus air an adhbhar sin, as leor duinn a nois, Comhairle agus Misneach do thabhairt do'n Leughthoir, le Baramhuil agus Cendfadh NAOIMH AIBHISTIN do leir mheas, a deir, go madh mhaith do b'findhuinn,
an uile shhort Cradh, agus DaorPheandhois do fhullaing air an tSaoghal so, agus gan aon Nidh d'Faghail da mBarr sud go hIomlan, acht a bheith ann Seilbh Aoibhnis dho insighthe Pharrthais air feadh aon Lae amhain; agus go dTabhairfeadh se fa deara mar an gCeadna, go hAireach, an sgeul so do h-Aithristear leis an Duine foghlamtha, fiorchradhbhach ud d'ar ab Ainm Allen, air Bhean-Riaghalta airighthe do bhidh ag faghail Bhais, le Aicid ghraineamhuil, SarPhianamhuil; agus tar eis a Bias do thaisbean si I fein le ceadughadh DE do Dhuine aige raibh aithne uirthe, an uair do bhidh si beo air an tSaoghal; agus dubhairt si leis thar gach nidh oile. "A Dhuine mhuintiordha, go de chomh Sar-mhor agus ta an Ghloire ud a ta DIA ag bronnadh go comhnuiththeach orm a bParrthas! Biodh a fhios agad, (air si) go nDeanfainn filleadh thar ais go toillteannach, chum go bhFullaingeochainn aris m'Aicid Phianamhuil, agus Dur Pheannuid an Bhais a dTaobh an Bhreis Gloire do thuilfinn le aon AVE MARIA amhain do radh, agus gan e sin fein do radh le duthracht an-mhor." Agus go firinneach, da mBeidheadh crioch
choidhche air an Luach-saothair gan Teora ud ta taisgighthe ag DIA, fa chomhair a Sheirbhiseacha dilise; do gheabhainn leithsgeul Dhithceile na Muintire sin, air Shlighe eigin, do dheanas Neimh-bhrigh agus Neamh-shuim iomlan dhe; gidheadh ta an Luaidheacht Saothair so gan Teora, agus Siorruidhe. Oir ann san bPonc cheadna sin, a nIontoighean Millseacht an uile Sholais thalamhuidhe chum searbhais, le smnaineadh go mBeidh crioch ortha; tagaid Aoibhinnis Pharrthais chum a bheith lan de Mhillseacht dho-mheasda, ag smuaineadh nach beidh crioch choidhche ortha. O mo DHIA! go de luighead is chosnuigheas, Naomhthacht agus Ard-Ghloire siorruidhe, gan teora na bhFlaithios? O a DHIA Siorruidhe! Cad iad na Deora do gheubhas Dolas agus Cruadh chaoine go leor do dheanadh tridh, mheid ar Mi-shein agus ar Mi fhortuin! Is chum Seilbhe Siorruidhe d'Fhaghail air urghairdeas, agus air Mhor-aoibhinneas Pharrthais do cruthuigheadh sinn, agus as dearbhtha nach togbhadhmaoid suas ar Suile choidhche, no madh thogbhadhmaoid gur ab An-aoibhinneas Pharrthais do cruthuigheadh sinn, agus as dearbhtha nach togbhadhmaoid suas ar Suile choidhche, no madh thogbhadhmaoid gur ab An-nuadh annamh e, chum
dearcadh agus Naomh-smuaineadh do dheanadh air an nIomad Comhnuidhe firinneach; agus chum Leir mheas do dheanadh go bhFuil Parthas siorraidhe. Da measfuidhe go bhFuil Parrthas siorruidhe, do bheidheadh an Domhain go hiomlan Naomhuighthe. Oir feuch cad aon read nach deanan an Duine chum Saidhbhris breagach neamhbhuan de sholathar! Ca liacht Dainseur agus Contabhairt a dTeidhean se thrid chum sasaimh do thabhairt da Ainmhianaibh bruideamhla, druiseamhla, agus da cheudfadhaibh ain-shrianta, dho-shashuighthe! Ca liacht Duadh, agus Trom-shaothair a dTeidhean se thriotha chum dul suas air Sbeinc ardfhaille na hOnora agus na hAird-reime thalamhuidhe; agus fos air gach Nidh do shanntuigheas an Duine go diomhaoin, baoth-uaibhreach, do chroith Dia Domblas, agus chuir se lan doirne dhe Luaithreamhain chum Teoradh chur le Tonnaibh taosgacha, foir neartmhara a anmhian aonracha, uallacha eudtroma. Niudh tha se beo, deas, oigeanta, fullain Marach san Uaigh, gan a dTuairisg sud le faghail
O go de liacht Duine chuireas or na Reulta fa na gCosaibh ann Salchar, na Talamhan. Leis an Leur smuaineadh sin Amhain, do b'feidir an Duine aige a mbeidheadh Caonraidhte agus deise-labhartha EUCHERIUS air Cumus do, slabhradh Oir do dheanadh cheangoilfeadh Croidhe na Cine-dhaondha, go hIomlan na nDaoirseacha, agus na Sglabhuighthe do'n tSiorruidheacht. Cionnus as feidir le Duine (a deir se), a chur ann amhuil do fein, gur ab ag deanadh Tairbhe ta se, ann san am gCeadna a gCeannuighean se le cruadh-shaothair, agus le tuirse, Pianta siorruidhe Ithfrinn, agus a gCaillean se Aoibhinneas siorruidhe Pharrthais. is dearbhtha nach feidir Tairbhe do ghairm de seo, acht Cailleamhuin; do bhrigh gur ab e an Nidh Tairbhe fhirinneach, moran do ghnodhughadh O Nach sinne na hAindeiseoireadha truaghleanta, Mi-fhortunacha, tre uireasbadh na Leursmuaintighthe so, cheaduigheas d'ar dTairbhe, d'ar Maithios, agus d'ar Maoin fhirinneacha do bheith air siubhal uainn le Luath-ghluaiseacht a gCos ann san Aedhear; agus do thugas an
tIonad deighionnach ann ar nIntinn, d'on Smuaineadh sin, budh chora bheith air dTuis; no budh cheirte a radh gur ab i go firinneach, budh chora bheith na hAon-smuaineadh ann ar nIntinn os cionn gach Nidh oile. Madh ghradhuighean tug Beatha? Gradhaigh an Bheatha shiorruidhe. Madh as ag iarradh Saoghall fada a ta tu? iarr agus dian loirg Saoghal na Saoghal siorruidhe. Do thaisbean Naomh PHILIP NERIUS e fein eaduighthe ann Gloire tar eis a Bhais; do Dhuine diadha airighthe, agus an san am gCeadna, do thaisbean se dho amach thar a Ghualainn, slighe an fhada, bhidh folluighthe le Driseachaibh agus le sgeachaibh; agus dubhairt leis, gur ab i sud an tSlighe do threoruigheas go Parrthas. Agus is dearbhtha, go bhFuil se riachdanach do'n te le'r ab miann Rosa no Cucain Pharrthais do Chroinniughadh agus do chur le na cheile, ionnus go mBeidheadh se ag faghail Deagh-Bholadh cubhartha uatha, air feadh na Siorruidheachta, gabhail tre Dhriseachaibh agus tre Eachran aimhreidh Aindeise, agus Mhishein an tSaoghail seo. Tairgidheadh do'n Naomh ceadna a bheith na
PHAPA an san Roimh agus do theithidh an chum siubhail ag sgreada amach, O Pharrthais! O Pharrthais! Fioghglamuighidh o na Sompluighibh seo, a deir an EUCHERIUS reumh-raidhte ud, nach feidir Dith-ceile nios mo iona so bheith le faghail, se sin, Neimh-bhrigh dheanadh dhe'n moran, agus mor-mheas a bheith air an mBeagan. "Oir a ta fhios againn, da mBeidheadh ar dTigh talmhuidhe an Ionad-comhnuidhe-seo, sgaoilte ona cheile, go bhFuil Aitreamh aguinn O Dhia, Tigh nach ar togbhadh le Lamhaibh, marrthanach air Neamh. 2 Cor.4.v.1.
SIORRUIDHEACHT ITHFRINN Cia ann ar measg do geabhas maireachdan leis an dTeine chraos-shlugach, cia an duine eadrainn gheabhas maireachdan le losgadh siorruidhe! Isaais 33 Caibidil. 14 Rann. Isi an Ceathramhadh Riaghail-choitchionn agus an Riaghail choitchionn dheighionnach slanuighthe. (Agus ag leir mheas a Brioghmhaireacht chum Croidhthe cruaidh, clochach do bhogadh, b'Feidir gur ab i an cheud Riaghail chuige sin I,) taraingthear O Leur-smuaintighthibh na Siorruidheachta, a mheas go bhFuil tu air Aisdear agus air Slighe a gCeann Ithfrinn, agus tu dhul asteach ann Smuaineadh, anois, an feadh ta tu Beo air sna Dubhaigein dhorcha ud na
bPeandhos sar-bhorba, uath-bhasacha; ionnus go gCoisgfeadhmaois na Diabhail o sinn do tharraing sios annta, ag faghail Bhais duinn, chum fanamhain ann sna Daoinsiuin ur ghranda ud, gan forein, gan furtacht, gan fuasgla, an feadh bheith DIA na bhFlaithios ag Caithiomh a Ghloire. O Ithfrinn, as uathbhasach, an Focal tu, le radh, na le clos air aon-chor. Teidhdis sios beo (a deir DAIBHIDH an RIGH) go hIthfrionn; (cuireas NAOMH BEARNARD leis) d'Eagla go rachfaidis síos ag faghail Bhais doibh, go hIthfrionn. Ag so Deoch-leighis gan Suaithe-measg air bioth trithe; a ta go leor na hAonar chum Truaillightheacht, agus Malluightheacht chroidhe an Duine do ghlanadh agus do leir-sgriosadh chum siubhail; agus chum Sláinte na nGras do thabhairt tar ais chum an Anama. Deanadhmaois Leir-smuaineadh, go socair, tromdha air Dhaor-phiantaibh Ithfrinn. Oir a deir NAOMH CHRYSOSTOME, "Na leigfeas Smuaineadh Ithfrinn duinn, tuitim go hIthfrionn." Agus as dearbhtha da mbeidheadh Creadmhail agus Gnaith-chuimhne Ithfrinn, tareis Preimhe do
ghabhail go doimhinn ann Croidthhibh agus ann Intinn na nDaoine, nach beidheadh Anum air bith le faghail aon Ithfrionn, dhiobh sin a ta ann, nach beidheadh a niudh ann Seilbh-reim na Gloire. O DHIA! O DHIA! ta Ithfriona lan de Anumnachaibh agus is se an tAdhbhar, do bhrigh nach creidid na Daoine, no madh chreidid nach cuimhnighid siad air Ithfrionn. Do bhidh Duine airighthe an Northumberland (mar d'Insigheas BEDE Oirbhidineach) do fuair Bas, agus do thainigh thar ais aris air an tSaoghal-so le cead DE, ann a Chollan Daondha, tar eis do daor Phionnois Ithfrinn d'Faicsin; chuir an Radharc sin dh'Fiachaibh air an tSlighe Bheatha Mhalluighthe bhidh aige roimhe sin d'Aistriughadh chomh hIomlan sin; air mhodh gur thug se le tuigsin do'n Mhuintir na'r chreid, agus nár chuimnigh air Ithfrionn, go bhFuair se fein Ba, agus go bhFacadh se Daor-Phianta an Daoinsiuin chior-dhuibh uathbhasaich ud; Oir do chuir sior-chuimhne na Sgannruidhe, agus na nDaor-Phionaos do chonnairc se, d'Fhiacha air gabhail ni he amhain, tridh Throsguidhe fada, daor-dhalacha; Eadach garbh-roin de
bhualadh le na Chneis; slabhruidhe farainn do chur thimchioll air fein mar Chrios; do ghabhadh se dhe Sgiuirse air fein go dTaraingidheadh se an Fhuil amach tridh na Chollan; chodladh se air an dTalamh chruaidh, lom, fhuar; acht fos nior leor leis an meid sin go hIomlan, gan an iomad slighthe oile do dhian-lorg, chum a Choirp a Chradh do cheusa, agus do phianadh; do theilgeadh se e fein go minic sios ann Uisge sioc-fhuar do dTigh an Muineal, agus d'Fanadh mar sin air feadh moran uaireanta; agus do dhoigheadh e fein chomh minic ceadna le Aithinnidhe Teine dearg-lasta no le Guail ghriosach theith bheo. Nior thaithnigh an Bheatha cruadhalach, uathbhasach ud le Daoine cialmhara, deigh bheathacha, airighthe do chonnairc meid an Chruadh-chradh, an Troisge, agus an Treigheanais do ghnidheadh se, mheasdar gur ab air dith-ceile bhidh se, ionnus go nDearnadar Casaoid leis, a dTaobh an uraid sin droch-usaide thabhairt da Chorp chomh dithceillidhe sin, mar a mheasdar; acht labhair se leo, ann sna briathraibh Croidhe-sbreaguighcheacha so; agus osnuidhe tromdha ona Chroidhe, agus Tuile Deor, ag sileadh anuas, ona shuilibh, air a Ghruadhaibh ag a gCoimhdeacht.
"O! Go de mheid nios measa iona iad so, thaid na Peandhois do chonnairc meise ann Ithfrionn." "O mo DHIA! Innisidh damh, a Pheacacha calcuighthe, cruadh mhuinealacha (a deir NAOMH JEROME,) cread do tuighthear daoibh an uair a chloinean sibh tracht air Theine; air Shiocfhuaireacht; air Ruibh; air Bhrean-bholaighthibh; air Phiasdaibh nimhe, uaibhfeallta; air Phiantaibh; air Phionnois; air Racuidhibh; air dhur Pheannuidibh Bais; air Dhiabhalaibh, agus air Ithfrionn Siorruidhe!" Do b'feidir go measfadh-sa, nach bhFuil ann sna Neithibh seo go leir, acht Adhacht Binse, ceapadh chum a bheith 'na Chuis Gaire is Grinn do Dhaoinibh; Comhsamhlachtuidhe do cumadh le seanmoruidhe eigin chum Breadhacht a Chainte do thaisbeanadh; no Fian-sgeul filidheachta do tionsgnuidheadh le Duine foghlamtha eigin. Acht ni Cursuidhe Adhaicht, na Grinn, Sugradh, na Aisdigheacht, na Firinnidhe deimhin-tSurailte seo; do bhrigh go bhFuilid Pianta agus Peandhois siorruidhe, againn le faghail, tareis an mBais muna gCoimhlionfamaoid Dlighe DE uile-chomhachtaich, mar d'Orduigheann se
dhuinn. Maiseadh, fiafruighim diot, an bhFuil d'Feoil deanta dhe Iaronn? No do chollan deanta dhe Phras? Caithfidh tu a mheas go deimhinn, go madh, cheart do'd Bhallaibh a bheith nios Cruadha iona an Peurla cruaidh, daor-luadhadh, d'ar ab ainm Adamant; do bhrigh nach bhFaghfadh ann do Chroidhe siubhal cos-nochtuighthe, air Ghuail-Ghris bheolasta, air feadh Ceathramhadh aon Uaire Amhain; agus fos a bhFuighe tu ann do Chroidhe bheith Curtha, Leir-shloigthe, agus beo-loisgighthe ann Teine, nach bhFuil ann Teintibh an tSaoghail seo a gComparaid leithe, acht mar luaigh fhuar, agus sin air feadh na Siorruidheachta. O Ithfrionn! O a Ithfrionn Siorruidhe! Agus tareis go bhFuil tu Siorruidhe, teilgid Daoine iad fein air a bhFior-gCinn sios ionnut. Agus mo Dhiombadh nach beagan, nach fior bheagan diobh do smuainigheas air aon-chor ort! Ann san mBuile agus ann sa Dithceile saor-mhor, neamh-mhachtnuightheach-so, as feidir liom a radh go firinneach, gur ab measa an Duine iona an Diabhal; do bhrigh go dTagan Critheagladh, agus Sgannradh air an Diabhal, (a deir Naomh CYRIL,) ag Clos an aon-fhocail-seo
amhain, "Ithfrionn do chuireas crith-eagladh air an Diabhal fein." Agus fos ni bhFuil Eagladh ag an Duine romhad. Achnuighim ort a Leughthoir Chriosduidhe, (a ta ag rith air treun-ligean a gCeann Dhoimhinsiuin Ithfrinn,) as Iocht an Ghradh a ta agad duit fein, tabhair am duit fein air Smuaineadh agus air leughadh do dheanadh air an gComhsamhlacht no air an gComparaid seo do leanas. Gearaidh amach ann do smuaineadh, o bhliaghantaibh na siorruidheachta, Ceud Milleon Bliaghain, no budh Chora radh, Milleoin de Cheudthaibh Bliaghain, an measan tu gur thogbhais dada chum siubhail o Bhliaghantaibh na Siorruidheachta. Tusaigh an Ath-uair, agus cur air leith, Milleonaibh os cionn Milleonaibh, nios mo iona an meid ud air ar Smuainighis roimhe sin; an gCreidion tu go bhFuarais amach Tosach na deireadh na Siorruidheachta fos. Gabhaidh chughad go nuadh, an uraid Milleon Ceudtha Bliaghain, agus a taid Reulta air an Speir, Braona uisge ann san bhFairge, agus Grainnidheacha Mion-Luaithreadh ann san dTalamh; a nDíaigh na meide sin go hIomlan,
an measan tu go bhFuil Aon Noimeant amhain de'n tSiorruidheacht fos imthighthe chum Cinn. O mo thruaigh! ta an tSiorruidheacht fos, chomh hArd, chomh fairsing, chomh leithiodach, chomh do thomhaiste, chomh do do-chriochnuighthe, agus chomh mor gan Teoradh, agus bhidh si air dTuis; air mhodh da dTabhairfeadh DIA an Tairgsin-seo, do'n Drong Damanta; an Talamh go hIomlan a bheith folluighthe ona Fior-Chroidhe go dTigh na Flaithis leis an nGainimh, budh mhine, agus budh lugadh, do b'feidir a bheith, agus ag Ceann gach Milleoin de Mhilleonaibh Ceudtha Bliaghain go dTiucfadh Aingeal as na Flaithis, agus go dTabharfadh leis an Mhion-Ghrainne beag amhain di chum siubhail; agus ann sin, an uair do bheidheadh an Grainne deighionnach de'n Charn agus de'n tSliabh-mhor Gainimhe ud toigthe chum siubhail ann sinn tSlighe roimh raidhte ud; ann sin go dToiseochadh crioch a bPianta agus a mBroin; O go de chomh seunmhar agus mheasfadh na hAnumnacha damanta, mi-fhortunacha so iad fein, ag Clos na Breithe seo! O go de mar a lionfuidhe iad le Rachtaibh Athais, agus le Gairdeachus iomarcach! O mo Leun-ghuirt! da
gheireacht a bBiantadh ni mor go nAireochdaois iad air aon-chor, da mBeidheadh Suil aca go deo le Fuasgladh, Suaimhneas, na Forein. O mo Dhiombadh agus Daor-thuirse mo Chroidhe! Ni feidir leo Deire, Lar, na Tus Siorruidheachta a nDaor-Phianta fos do ruigsin, tar eis an iomadamhlacht Anmhor Bliaghan ad air ar labhramuir a bheith imthighthe chum siubhail. Eisd le cad a deir SEUMAS ALVAREZ Diadha craibhtheach. Beidh tu ag do Phianadh O Pheacaich mhiaghmharaich, mhi fhortunaich, air feadh Mile Bliaghain, agus an uair a bheidid siad soin imthighthe, deanfar tu Phianadh aris, air feadh mile Milleon Bliaghain, chomh maith is na'r thoisigh do Phionnos air aon-chor, agus tar eis an meid sin Bliaghanta, bheith a gCrioch, toiseochfar le tu Phianadh, air feadh an uraid bliaghanta is nach feidir Crioch, na Teoradh chuir leo. Agus tar eis an uraid sin Bliaghanta agus Ceudtha Bliaghan do bheith imthighthe, ni bheidh tu abalta air smuaineadh air Aon Uimhir Bliaghan d'Inseochadh an fad Aimsire chaithfeadh tu fanamhain na dhiagh sin, ann Piantaibh borba agus ann Pionnois siorruidhe."
As ionaon sin le radh, agus da nDeurfadh se; "O Pheacaich mhi-aghmhuraich mhi-fhortunaich! Má's Crioch duit a bheith damanta, beidh do Mhisheun, agus do Pheandhois a gCas buan sheasmhachta, coimhionaon le Nattuir De fein; agus comhsamhail, coimh-imtheachtach le DIA ann buan leanamhuin, gan cumus doibh Crioch na deireadh bheith ortha an feadh do mhairfeas an tSiorruidheacht; Beidh DIA go deoigh sior-bheo; agus beidh tusa go brath ag siorfhaghail bhais; beidh tusa ag maireachdan amhain, chum tu bheith ag fullaing agus ad Phianadh." Agus mar nach feidir gan DIA bheith 'na DHIA go Siorruidhe; ni feidir gan na Daoine beannuighthe bheith Sior-bheannuighthe na an Dream damanta, gan iad a bheith sior-dhamanta, ann Caor-lasrachaibh Siorruidhe. Tugaim fa deara air air uairibh, chomh maith is da mBeidhinn ann airde air Ard-airse na bhFlaitheas agus go bhFeuchfainn a nuas air Ghleannaibh dorcha malluighthe an tSaoghail seo, ionnus go bhFeicfinn Gniomhartha na nDaoine, do ceapuigh agus do cruthuigheadh chum a mBeith ann seilbh Aoibhinnis Shiorruidhe Pharrthais; no cad air a mBidhid siad ag smuaineadh:
O Uathbhas, agus Mor-iongantas! Chidhim Duine dhiobh lan de Imshniomh, de bhuaireadh agus d'An-shocracht, ag dian-rioth a nDiaigh Deataich agus Smuit-cheo na hOnora; Duine oile ag a unfairt fein ann Salchar, agus ann Truaillightheacht An-mhiann a Cholna; Daoine oile ag a nGonadh fein ann Deilgnidhe an An-churaim, ag iarraidh Saidhbhris do chruinniughadh! Agus mo dhiombadh! nach beagan, nach fior-bheagan, do arduigheas a Smuaintighthe, no thogbhas suas a nIntinn chum an tSaidhbhris ud do Shanntughadh, nar ab e, ann a aonar an Saidhbhreas firinneach, o as se mhairfeas go Siorruidhe. 'Taid Doirse Ithfrinn dian-fhosguilte do lo agus d'Oidhche; taid fur-mhor na nDaoine ag maireachdan na Sglabhuighthe ag an Diabhal; do thruailligh an uile Fheoil a slighe, se sin le radh, chuadhaigh furmhor na nDaoine air seachran o Shlighe na Firinne, agus O Chasain Aitheanta DE mhoir, uile-chomhachtaich, Teidhid Sluaighthe gan teoradh, Anumnacha d'ar dhoirt IOSA CHRIOST an Braon deighionnach da chuid Fola fior-uasail, agus a bhFuair se Bas air Chrann naireach, dimheasda na
Croise, air a son, a steach ann sna Slogairidhe Teinte, agus ann sna Doimhinsiuin dhubha, dhorcha ud na bPionnos gan chrioch gan fhoircheann, as nach bhFaghadh siad Forein, na Fuasgladh, na Furtacht an feadh bheith DIA ann Rioghacht sior-aoibhinn a Ghloire. O mo-dhiombadh, a Sheirbhiseach dilise DE! d'ar nDoich as Mi agh agus Mhi-fhortun e so, budh Choir a chaoineadh le Deoraibh doighte Fola, leo so ag a bhFuil Suile na Diadhasamhlachta, agus an Fhoinn dhiograiseach chum slanughadh siorruidhe na nAnman. Creid me (a Chriostuidhe oig) da smuaineochfadh go hAireach air na Neithibh-seo, o am go hAm, ni dheanfadh tu fein a theilgean sios cionnair-aighe go hIthfrionn, mar gheall air do Mhiriaghaltacht, agus d'Ainmhianna an-shrianta. Ar nDoigh nior bhFeidir duit air aon-chor, a bheith air dithceile chomh mor sin, is go gCuirfeadh tu fein a gContabhairt Pianta, agus Peandhois siorruidhe d'faghail mar gheall air Phleisiuir ghearra, noimeantamhla. Da gCeadochadh DIA do IUDAS, teacht a nios as na Duibheagain dhoimhinne, agus as na Slogairidhe Teine ud Ithfrinn; agus e ag a
stracadh agus ag a tharaing ag na Diabhail; Trom ualach Slabhruidhe Teine air; agus go bhFaicfeadh e, ann san Riocht uathbhasach ann a bhFuil se, milightheach, droich-ghneithioch, idhte, coganta, agus creimthe ag Piasda, foluighthe le Lobhradh; lan de bhreuntas; de shalcar; de adhbhuathmhaireacht, agus de thinnloit; e ag gul-gartha, agus ag uaill sgreada; ceusta, craidhte, agus pianuighthe, thar gach ar feidir a mheas na smuaineadh; O cad iad na sgannruidhe do bhuailfeadh an Radharc ud ann do Chroidhe agus ann d'Anum? Air an adhbhar sin, socruigh e os comhair do Shul le brigh Beo-thuisgiona, agus annn sin, fiafruigh dhe; Innis damh a IUDAIS! Cad iad na Dolais, na Broin, na Pianta agus na Peandhois, ta tu nois d'Fhullaing, agus d'Foidhneamh? Ca liadhacht bliaghain, oile chaithfidh tu fanamhuin ann curtha ann Uaigh an Bhais Shiorruidhe, a measg an chuid oile dhe'n Drong Damanta, agus de na Diabhail! Se freagradh thabhairfeadh se ort gan amhrus, "Go bhFuilid a bPeandois cruadhalach, sar-phianamhuil,
do-fhullaingthe, truaghanta; a taid siar sior-bhuan, di-choisgighthe, agus Siorruidhe. "Saruighean Diobhail, urchoid, agus biothbhuaireadh na bPeandos tamaoid d'Fhullaing, an uile short Peandhois, dar chuir Ceart De na Eagcoir an Duine a bhFochair a Cheile, a nGniomh a riamh air Talamh; agus go deimhinn ce nach bhFuil Teoradh le cur le Deilgnidhibh gheur-neimhneacha ar bPianta do bhidheas d'ar sior-ghonadh; d'Aimdheoin sin, mheasfadhmaois iad mar Rosa agus mar Chocain chubhartha, da mBeidheadh suil againn choidhche, le Fion-fhuaradh, Suaimhneas, na Fuasgladh. "Nil Dothchas aguinn teacht amach go brath as na daor-phiantaibh uathbhasacha-so, air feadh uraid is aon Noimeant amhain Aimsire; ni bheidhmid choidhche gan sinn a bheith dar bPianadh, a stigh, agus a muigh, ann Sughadh-Dhorchadas; ann Deatach, ann Ruibh; ann Teintibh, a measg Brean-bholuighthe, agus Diabhal. "Ta sibhse ag glacadh bhur Suaimhnis, bhur socarachta, agus bhur Sasdachta, agus sinne d'ár nDoitheadh an Ceart-lar Teinidh shiorruidhe;
ta sibhse go gaireach, agus lan de Sholas mheadhrach, agus sinne ann Teine dar gCradh, agus dar losgadh; ta sibhse ag ithe, agus ag ol, agus tamaoid-ne ann Caor-lasrachaibh Teine; ta sibhse ag togbhail Radhairc na Sbeire, agus ag faghail an uile short Caithiomh-Aimsire, agus sinne dar muchadh ann Loch Neimhe agus Teine; ta sibhse ag diol agus ag ceannach, agus sinne ann Linntibh theintidhe Ithfrinn! O! mo Chuis guil-ghearain, m'ochlan agus mo Mhairg! Nach sinne a ta go truaighleanta, go dona, go bocht, agus go mi-aghmharach! do bhrigh nach leigfeas Ceart DE dhuinn go brathach, bheith saortha aon Leath-cheathramhadh amhain Noimeanta os na Piantaibh do-labhartha, do-insighthe seo. "Taid ar bPeandhois siorruidhe, se sin, gan crioch, gan deire bheith choidhche ortha; gheibhim me fein ann sna Doimhinsiuin, agus ann sna Seomruidhibh dubha Cumhanga so a ta dunta air Sholus Greine, Gealaigh, agus Reulta lonnrach na Gorm sbeire, le Mile, Seacht gCeud agus tuilleadh dhe Bhliaghanta; ta CAIN ann le Corruigheacht is 5000 Bliaghain; agus fos ni fhacadhmuir toiseach na deire na bhFullaingthibh
ar an bPianta. Acht chomh fada agus bheidheas DIA na DHIA, na mhairfios Ithfrionn beidh mise, IUDAS damanta; agus gach Malluightheoir agus DIA-mhasluightheoir oile, ag faghail an uile-short Pianta daora agus dochair." O a Leightheoir Chriostuidhe! As iocht Throcaire thruaighmheilich IOSA CRIOST; as iocht an Ghradh a ta agad do'd anum fein; leughaidh agus leughaidh aris, smuain agus smuain aris, air an Nidh ud ta sgriobtha 'nar nDiaigh! Fiafruigh go minic de'd Chollan, de'd Cheudfadhaibh, agus de Chomhachtuidhibh d'Anuma "Cia gheabhais maireachdan ann Slogairidhe Teine, agus ann Losgadh siorruidhe?" Agus cionnus is feidir go bhFaghainn se a ta chomh hAireach, curamach soin orm fein, ionnus nach bhFeudfainn foidhneamh le caisrimin, Rangan no Fille beag cruaidh do bheith ann mo Leabadh, agus nach bhFaghadh foidhneamh air Lo le Greidhm cuileoige no Mioltoige, maireachdan agus fanamhuin, ann sna TeithGhoruidhe beo-loisgighthe ud; ann sna Caorlasrachaibh Teine ud; ann sna Piantaibh
uathbhasacha ud, ata os cionn Cumais Thuigsiona an Duine, agus nidh is sgannramhla 'na an tIomlan diobh siud, nidh bheidh crioch ortha an feadh bheidh DIA an Cathair grianshoillseach na Gloire. Ann san gCeud Bliaghain deighionnach d'aois an Tighearna, d'Iontoigh duine deigh bheathach, aige raibh Subhailce agus Neart neamhdha, Bean-shuarach, dhroich-bheathach, chum Slighe Aoibhinn na hAithridhe agus chum Siubhail an Casain Aitheanta DE mhoir uile chomhachtaich, leis an da fhocal so Ithfrionn agus Siorruidheacht, a labhairt go minic agus go hArd a gComh-chlos di. O a Dhuine ta niudh beo agus do Chaithfeas a gCeann beagain Laethe triall o'n tSaoghal-so, air an tSiorruigheacht; cuimhnigh air Ithfrionn, agus air an tSiorruigheacht; madh gheibhean tu Seilbh Pharrthais aon uair amhain, beidh tu ag a shealbhughadh, gan eagladh e chailleamhuin air feadh na Siorruidheachta: agus madh thuitean tu sios aon uair amhain go h'Ithfrionn, fanfadh tu ann sin, gan maith dhuit suil na Dothchas do bheith agad teacht as, an feadh bheidh DIA ann a Ghrian-Cathair, shoillseach, ghlormhar.
O Ithfrionn! O Shiorruigheacht! An te nach musglaighean as trom-shuan marbhthach an Pheacaidh, le fuaim-fhotharam, Thoirnighe na bhFocal ud, as dearbhtha gur ab marbh a ta se, agus nach ann a chodla, Mar a deir Naomh AIBHISTIN. A Dhaoine malluighthe bidhidh air siubhal uaim ann san Teinidh shiorruidhe. Matha.xxv.41.
AN CUIGEADH LEUR-SMUAINEADH, air Chlaon mharbhadh, agus air Aithridhe a niomad Naomh, agus Aithrigheacha, etc. Cuimhnigh (a Dhearbhrathair Chriostuidhe, dhaor-ghradhaich) nach feidir duit Tabharthas na Fabhar d'Faghail o DHIA air an tSaoghal-so, nios mo iona grasa do thabhairt duit ionntoghadh o'd Pheacaidhibh, agus an Aithridhe dheanadh. Agus mar a taid na Grasa so bo bheir do'n Duine, ionntoghadh ona Pheacaidhibh, chum slighe aoibhinn na hAithridhe, air uairibh nios mo, mar do bhidh na Grasa do fuair Naomh POL, agus Naomh AIBHISTIN, agus an iomad Naomh
oile agus ar uairibh oile nios lughadh, mar a ta na Grasa d'Aistrigheas agus d'Iompuigheas na Daoine go laetheamhuil o shlighe na nDubhailce agus na Locht, agus do bheireas neart neamhdha dhoibh, chum Siubhail ann Casain Aitheanta DE, mhoir-uile-chomhachdaich; mar an gCeadna bidhnid Corruighthe na hIntinne agus Mianna an Anuma, do thriallas ona Grasaibh seo air uairibh nios mo, agus air uairibh oile nios lughadh. Groisuighean an tSubhailce seo, Run daingean, laidir ann san Anum, chum an uile short Cradh agus Pianadh do thabhairt do'n Chollan, agus chum Foinn Dioghaltais agus Dibhfeirge do imirt uirthe, do bhrigh gur ab trithe tharlaigh iomlan a Mi-fhortuin: Oir an uair do smuainighean si, (an tAnum) gur ab le sasamh do'n Namhaid seo (a Collan) agus chum Sriain do leigion le na hAinmhiannaibh miriaghalta, de leanaigh si Gradh droch orduighthe na gCreatuiridhe agus gur dhiultaigh si an Gradh budh dual do'n gCruthuightheoir agus da Ceile dlisdeannach; liontar le dibhfeirg I, ann aighe a Colna, air mhodh, nach bhFuil Pian na Peandhois air Talamh nach bhuailfeadh si anuas uirthe, do bhrigh gur ab i Priomh-adhbhar a Mi-agh agus a hAimhlis i.
Ionnus gur ab fearr do thuigfeadh an Doilghios, an Ceart-dhioghaltas agus ann Duibh fhearg seo, do ghabhan an tAnum ann aighe na Colna, samhluigh leat fein cad a dheanfadh Oig-bhean dheigh bheusach, dheagh chaillidheachtach, do gheallfuidhe le Posadh dho Oig-fhear deaghmhaiseach, aird-cheimioch, uasal, nach beidheadh do lathair, agus nach bhFaiceadh si riamh ar aon chor; agus na dhiaigh sin go meallfuidhe I, le Bean mhalluighthe, thabhairfeadh Fear oile 'na Lathair, agus chuirfeadh ann amhuil di, gur ab e sin an Fear ud air a bhFuair si geallamhuin Posda; agus tar eis a mealladh do reir na Slighe ud, go mairfeadh si fein, agus an Fear ceile breagach ud, suim airighthe Aimsire, a bhFochair a cheile, chomh maith is da madh e, an Fear ud, air bhFuair si Geallamhuin. O cad iad na Smuaintighthe Buille agus Bainidhe do bheidheadh ag an Oig-mhnaoi ud, air a nDeanfuidhe a leitheid sin d'Fheall agus d'Eagcoir; go de chomh Corruighthe suas is bheidheadh a Croidhe le Dibhfheirg, agus le run Dioghaltais, ann aighe an Cheilg-mheirlioch Mna ud do chlischealg uirthe, chomh cloidhreamhail, durchroidheach sin; as dearbhtha, go madh ro-bheag
leithe, a cur chum Bais agus a cuid Fola dhortadh mar dhiol-shasamh ann a Clu, ann a hOnoir agus ann a Geanmnuidheacht. Budh Pheacadh dul chum a leitheide sin de Iomurca Dioghaltais, agus Dibhfeirge, da mheid an Eagcoir do dheanfuidhe uirthe; acht budh dheacair leis an Naduir fanamhuin o an Dioghaltas ud d'Imirt agus do chur a nGniomh. Maiseadh, as se an Cas ceadna e a dTaobh an Anuma ar fhosguil DIA a Suile, agus do ar thaisbean se air aon taobh amhain le Grian-Ghaethibh a Sholuis agus a Lonnradh Dhiadha, gur ab e fein a ceile gradhmhar, dlisdeannach; agus an tAdhbhar fa'r cruthuigheadh I; agus air an Lamh oile, mar gheall air Mhealltoireacht na Mna malluighthe sin, an Chollan, gur shin agus gur sgar si amach a Geuga, chum na Creatuiridhe do dhluith-fhasga le na Croidhe, leis an nGradh budh dual do'n Chruthuightheoir ann aonar; anois cionnus as feidir leithe aon fhoighde do bheith le na Collan ann san Staid ghleodhach ann a bhFuil si? Cionnus do gheabhadh si fanamhuin suas o I do Phianadh, agus o'n Dioghaltas as dochruidhe agus as Cruaidh-gheire air bith, do chur a
nGniomh uirthe do bhrigh gur'bi tharaing I, ann san Adhaltrannas as daor-chionntuighe agus as graineamhla air bith? As sin do eirighean Diograis agus dian dhuthracht an iomad Aithrigheacha an uair do thoisighid siad air iompoghadh o Shlighe an Oilc agus na Malluightheachta, ionnus nach Feidir a chur a gCeil doibh go madh choir go leagfadaois an Sgiuirse am egin as a Lamhaibh, agus a nEaduighe garbh roin, a dTrosgaidhe, agus a gCruadh-chradh oile do leigion diobh air feadh Tamaill bhig, no go gCuirfeadhdaois dith a Slainte ortha fein, muna mBeidhdis measardha ionnta. 'Si leitheid seo dhe Sbioraid Aithrighe agus Diol-tuirse dh'Insigheas an Duine Naomhtha JOB duinn, ann sna Briathraibh seo; "Do rinne me Peacadh; cread a dheanfadh me dhuit, a Choimheaduighe na nDaoine?" Chomh maith is da nDeurfadh se do reir Mhiniughadh Naoimh AIBHISTIN: O a Thighearna admhuighim mo Pheacadh; agus a ta Buaireamh agus Dioltuirse mo Chroidhe chomh mor san, ionnus nach bhFuil Pian air bith nachFuillingeochainn chum sasaimh agus Leor-dhiol de thabhairt ann.
Feuch o a Thighearna cad as aill leat me dheanadh; feuch taim reidh, ollamh chum do Thoile do dheanadh, agus chum Cia be nidh as toil leat do dheanadh liom. Nil nidh air bith oile agamsa, le tairgsin, na le tabhairt duit, acht mo Chroidhe ta fonnmhar chum do orduighthe choimh lionadh. Madh se do Thoil-se go nDeanfuidhe me leir-losgadh ann Lasrachaibh Teinidh; no go nDeanfuidhe me tharraing ona cheile eadar Eachaibh; no go bhFuillingeochainn sort ar domhan Pianta oile; Feuch a taim reidh, ollamh fa chomhair gach nidh dhíobh; Tairgidhim me fein duit ceangoilte Lamh is Cois agus sleachta ann do lathair. Ni theithfeadh me uait; ni dhiultuighim thu mar mo Bhreithiomh; ni chuiream me fein air Ath-chuirt o'd Bhreitheamhnas; Nil me ag iarradh mo Leithsgeil fein do ghabhail; na ag iarradh faoisiughadh uadh, na laghdughadh air mo Phionnois. Tabhair Breath orm, amhain do reir do thoile; Bidh tusa ad Sgian, agus meise am Fheoil; gearaigh me ann san Ait, agus ann san tSlighe as toil leat, acht amhain go dTabhairfeadh tu Maitheamhnas damh ann sna peacaidhibh do rinne me ad Aighe.
Se letheid seo dhe Bhuaidhreamh, de Dhoilghios, agus de Chroidhe-thuirse do bhidh air DHAIBHIDH an uair a dubhairt se; "Ta me buaidheartha agus islighthe go hIomarcach; do rinne me buithreadh amach o Osnughadh mo Chroidhe. "O Thighearna a taid mo Mhianna go hIomlan ann do lathair, agus ni bhFuilid m'Osnuidhe foluighthe uait. "Tá mo Chroidhe ar na bhuaidhreamh, de threig mo Neart me, agus ní'l Solus mo Shul fein maile leam." Is mar seo budh cheart do an uile Dhuine e fein d'Umhlughadh, do smachtughadh agus do phianadh, do bhidh chomh dana soin is Fearg do chur air a DHIA. Oir (mar a deir Dochtuir Naomhtha,) ta se oireamhnach, go nDeanfadh an tAnum sin do threig Dia, chum sasaimh d'Faghail di fein, ann san gCreatuir, ann aighe toile an Chruthuightheora, dioluigheacht chruaidh-gheur do thabhairt ann Fiachaibh chomh dlisdeannach sin; agus go sgriosadh si chum Siubhail, le Peandhois thoilteanacha, na Solais daor-chionntacha le ar dhall si I fein. Os nidh nadurtha go mBeidheadh Pionnos ag
sior-leanamhain na Coire, chum I chuiteamh, a leasughadh agus a smachtughadh; as Ceart go bhFuillingeochadh na Daoine sin do bhidh cionntach ann moran Curthaibh, moran Pionnois chum leor-dhiol do thabhairt annta; agus o rinne an Duine e fein a dhealughadh agus a Sgaramhuin le DIA na bhFlaithios, an Mhaithios ard-chomhachtach; agus gur rinne se dluithcheangal go hAmuideach, dithceillidhe leis na Creatuiridhibh, nar ab droch-mheas e nach feidir le DIA foidhneamh leis; a ta se ceart da reir sin, chum Leor-dhiol do thabhairt ann Eagcoir chomh daor-chionntach ud, do rinneadh ann aighe an Ard-chomhachta Dhiadha, go nDeanfadh an Duine e fein dh'Isliughadh, fiu go Luaithreamhan na Talmhan. Budh fhada, tuirseach ann so, le hAireamh, gach Peandhos agus Cruadh-chradh, do thug an iomad Naomh agus Seirbhiseacha dilise DE, da gCoirp air an tSaoghal so, ionnus go gCoisgfeadhdaois iad fein o Fheirg do chur air DHIA; agus cuid oile aca chum sasaimh agus leor-dhiol do thabhairt ann sna Curtha do rinneadar ann aighe DE; a measg an uraid ud Naomh agus Aithrigheacha, tabhair fa nDeara an beagan so:
Tog suas do Shuile go Mullach Piollora deich dTroighthe agus Fithche air Airde; agus chidhfe tu ann, an Mhiorbhuill agus an agus an Mor-iongnadh cruadh-chradh Criostamhuil ud, SIOMON STILLITES, ag deanadh Troisge ocht gCarghuisidhe agus Fithche gan sort ar Domhan Bidh do chaithiomh, ag deanadh Aithris air IOSA CRIOSD do throisg Dha-fhithchid La air an bhFasach; gan Fascadh na Didhean aige o Stoirmibh na o Ghairbh-shiontaibh an Gheimhreadh, na o Theas Ghrian-loisgighthe an tSamhradh, acht amhain a Chrodhacht, a Bhuainsheasamhacht agus a Chroidhe-dhaingeacht; gan d'eadach air a Chorp an seal sin, acht canbhas garbh, agus Eadach Roin; gan de Leabadh aige, acht Mullach an Phiollora, agus Trombhraona Fola ag silleadh a nuas da Chollan, do bhidh buailte, bruighte, dubh is gorm o thrombhuillidhe sgiuirsighe. Feuch ar an AB Naomtha ANTONUIDHE, dunta suas ann cuais Thalamhain, agus go madh chomhsamhla le uaigh Dhuine Mhairbh i na le ionad Comhnuighe dhuine bheo; gan de Bhiaidh aige ann, air feadh Fithche Bliaghain, acht aran agus Uisge: gan de Leabadh chodlata aige, acht an Talamh
chruaidh, lom, fhuar: gan d'eadach air a Chorp an seal sin, acht Croiceann Beathaich allta; agus e ag dian lorg an uile short slighe chum a Choirp do Chlaoidheamh, do chradh, agus a phianadh. Tabhair fa nDeara Naomh BENEDICT agus Naomh PROINSIAS ag a nUnfairt fein an Toir sgeacha deilgneacha, agus ann Ceartlar Carnain fhuara Sneachta, chum buadh bhreith air Smuaintighthibh malluighthe, neamh-ghlana. Feuch air Naomh PROINSIAS XAVERIUS, ann san Ospideal ag nighe agus ag glanadh othruis agus Tinn-loit na nOthar agus na nDaoine Tinne, agus e ag ol an uisge le a nigheadh se iad, chum go mBearfadh se Buaidh air an Deisdean do ghlacadh a Chollan roimhe an tSalchar ud. Tabhair fa nDeara Naomh LAOISEACH GONZAGA ann a Phalas timchiollta le moran Cathuighe agus Cealgoireachta chum Druise agus MI-ghlaineachta; agus crios aige timchioll air fein do bhidh lan de Rothaibh Sbor a stigh le na Chneis chum Sriain do chur le na Chollan, agus chum a Anum do chongbhail gan sal Peacadh do dheanfadh, Mi thaithneamhach e do lathair DE: chum na leigfinn do'm fhocail
rioth amach ro-fhada; ni bhFuil agad le deanadh, acht feuchain a steach, ann Coinbheintighe agus Mainistreacha Ban, agus Fear, agus chidhfeadh tu a gCealla agus a nAruis bheaga ag fuaim-bhualadh le Mucalla Bhuillidhe, a Sgiuirsidhe, agus a gCruadh-chradh; a gCuid leabthaca ag tabhairt nios mo Pianadh iona Suaimhnis da gCoirp thuirsighthe; gan iad ag Caithiomh nios mo Bidh, acht an meid do choingbheochadh beo iad chum barr Cradh agus breis Peine do thabhairt doibh fein; agus gan La de Laethibh a mBeatha nach bhFuil rannta, agus leagtha amach, chum an Iomad uairibh de a chaithiomh an oibreachaibh sbioraidealta. Nach e so an Cul imtheacht agus an dul ann uaigneas o'n tSaoghal; an Seunadh agus an treugbhail so air Mhordhail, air Bhaois, agus air bhreag-aoibhneas saoghalta; na hUmhail-ghniomha agus an Droim-dhiultadh seo curthar le hOnoir, le Seilbh-dhilis agus le Saidhbhreas; an cruadh-chradh Beatha so, agus an Claon-mharbhadh so na nAinmhiann, do deagh-mholladh dhuinn ann san Soibhisgeul; do seanmoruigheadh agus do craobh-sgaoileadh le Naomh POL, do Cuireadh a nGniomh le
DAIBHIDH, le EOIN BAISTE, le na HABSDOILIBH, agus le Naomhaibh aird-cheimiocha Eagluise CHRIOST. ...Luschuacha locusts - fonóta le lociusdighe ... Leughaidh air gach a nInsighean an Soibhisgeul air bhiadh gharbh, agus air Eadach thair mhi-nosach, agus air an Uaigneas ann ar mhair Naomh EOIN BAISTE; "Omni naturae, necessitate superata", (a deir Naomh CHRYSOSTOME, air an II. Caibidil de Shoibhisgeul Naoimh MATHA, ann 'san 38 Oimle no Searmoin.) "Iar gCloidheadh uir-easbuighe agus Riachdanuisidhe na Naduire, do shiubhal se ann sligh mhor-iongantach Beatha: do mhair se do ghnaith ag cantaireacht agus ag urnaighthe, ar ndoigh is Comhsamhuil e seo le Cantaireacht ar nEagluise agus ar nOrd Riaghalta. Ni raibh comhradh na comhluadar aige leis an tSaoghal, acht le DIA go hIomlan ann aonar, (nach e seo an dul air gCul agus air uaigneas o'n tSaoghal do dheanaid ar Manacha agus ar Mna Riaghalta.) Nior mhair se air Bhainne, na air Fhion, na air Dheoch laidir, acht air Locuisdighe agus Mil fhiadhain; agus nior chodail se air Leabadh, na nior rinne se comhnuighe
fa Dhidhean Tighe, agus ni dhearnadh se usaid d'aon Nidh as gnathach le Daoine usaid do dheanadh dhiobh." An Mhuintir seo a bhFosglan DIA a Suile le a Sholus Neamhdha ionnus go dTugaid siad fa nDeara Mordhacht agus Maithios DE air aon taobh amhain, agus a dTaireacht, a Neamhnidheacht, agus an Staid uathbhasach ann a mBidhid siad fein ann, an tAm thuitid siad a bPeacadh, ar an dTaobh oile; is mar siud a dheinid siad dithchioll air sasamh a thabhairt do DHIA, agus Leor-ghniomh do dheanadh ann a bPeacaidhibh, do reir Mhiosuir an Eoluis a ta aca air DHIA agus air a Neamh-nidheacht fein. Chum tu neartughadh ann san Intinn agus ann san Deagh run so; agus ann san am gCeadna chum go dTaisbeanfainn ni hE amhain sompladh dhuitse, acht mar an gCeadna ionnus go gCuirfinn Cas, Naire agus Tuirse Croidhe, air Dhaoinibh neamh-aireacha sbadanta, neamh-shuimeamhla an tSaoghail-seo; mheas me nach ar mhi-oireamhnach an Nidh le deanadh chuige sin, Cuid de'n chruadh chradh agus de'n chruaidh-gheireacht Beatha ud do chonnairc Naomh EOIN CLIMACHUS ag Aithrigheacha
airighthe ann Mainistir, do chur os comhair do Shul; agus dh'Insigheas an Duine Naomhtha seo do bhidh mar Shuil-fhinne air gach nidh dhiobh; beag-nach ann sna Briathraibh ceadna so do leanas. Naomh EOIN CLIMACHUSA Gradu. 5, Art. 4, et seq. "Ar nDul a steach damh aon san Mainistir seo, chonnairc me Neithe ann, nach bhFacadh suil an Duine dhiomaoin, leisgeamhuil riamh; nach gCualaidh Cluais an Duine fhaillightheach neamhaireach; agus nach feidir le Croidhe an duine sbadanta go brath a thuigsin: do chonnairc me ann, Gniomha agus Briathra abalta (madh ceaduighthear damh sin do radh), air bhuadh do bhreith air Dhia uilechomhachtach, agus air a Throcaire d'Isliughadh anuas chughtha fein ann Noimeant: chonnairc me cuid de na hAithrigheacha Naomhtha so, air feadh na hOidhche go hIomlan na seasamh suas fa an sbeir fhosguilte, chomh maith is na'r bhFeidir iad a chorruighe as an ait sinn air aonchor; agus an uair do bhidheadh codla ag toiseach air theacht ortha, thugadaois an uile short Masladh agus Tarcuisne dhoibh fein, ionnus nach dTabhairfeadaois an uraid sin,
saimhe, sasaimh, na Suaimhnis da gCollan; chonnairc me Daoine oile, ag a raibh a Suile sior-thoigthe suas a gCeann na bhFlaithios agus iad ag sior-impidhe Throcaire agus chongnaimh DE le deoraibh agus le hOsnuighibh chomhnuightheacha. Agus daoine oile ann aighe sud aris, a deireadh nach ar bhFiu iad fein uraid agus a suile thogbhail suas a gCeann na bhFlaithios, na labhairt le DIA air aon-chor; agus mar seo, ann ciuineas doimhinn agus ann Dolas, do rinneadar Iodhbairt da nAnmnacha, ag a d'Tairgsin do DHIA lan de Naire, de Chas agus d'Eagladh. Daoine oile nach raibh d'Eadach ortha ach Canbhas garbh agus Eadach Roin, ag a raibh a nAighthe folluighthe eadar a nGluineadh agus bhuaileadhdaois a nEudan a naighe na Talmhan le searbhas agus dolas croidhe nach feidir dh'Insin. Chonnairc me Daoine oile thaisligh agus d'Uraigh an Talamh na dTimchioll le Tuille iomadamhuil na dTromcheatha deor, do bhidheadh go deoigh ag silleadh o'na Suilibh. Agus Daoine oile ag a gCruadh-chaoineadh fein, mar do dheanfamaois-ne dolas agus sgreada cumhach os cionn Dhuine muintiordha eigin linn do bheidheach tar eis
Bais, ag deor-chaoineadh cailleamhna a nAnman. Daoine oile reidh, ollamh, chum buithreadh amach, agus iad ag deanadh dithchill air Fhuaim a nGuil-ghearain do mhuchadh, go dTigh na'r bhFeidir leo iad do thoirmiosg nios sia, gan raobadh, agus linniughadh amach ortha ana soin, le breis Foirneirt. Chonnairc me Daoine oile do thaisbean iad fein ann a nGniomhaibh agus ann Buaidhreamh a nIntinne, chomh lionta san d'uathbhas, ionnus go rinneadar iad fein comhsamhuil le Iomhaighthibh Cloiche, gan Mhothughadh, gan aireachdan aon nidh, le hIomarcadh a nDolas agus a gCroidhe thuirse; Agus a gCroidhthe teilgthe sios ann Slogaire doimhinn na hUmhlachta; agus do rinne a nDolais bheo-loisgighthe, a nDeora thiormughadh agus do shughachan suas." Agus a gCeann tamaill bhig na dhiaigh sin, toisighean se air a chomhradh aris mar seo "Ansúd do b'Fheidir na hAithrigheahca naomhtha ud do fhaicsin, lan de Dholas agus de thuirse Croidhe, agus iad da nUmhlughadh fein sios chum na Talamhan, ag deanadh Neamhshuim iomlan da gCoirp; ag measgadh a gCuid Arain le Luaithrean; agus a gCuid Digh le Deoraibh.
Ann sud nior chualadh Focail air bith na measg, acht a leitheidighe seo; as mairg! as mairg! agus as Anaoibhinn duinne, na hAindeiseoirighe mi-fhortunacha! Is le ceart O DHIA! Is le fior cheart a tamaoid ag fullaing na Neithean so! Maith dhuinn, ma se do thoil o THIGHEARNA tabhair maitheamhnas duinn. Do bhidh a dTeangtha a mach tar a mBeil ag cuid oile dhiobh mar Ghadhair chortha, thuirsighthe, tre ro-mheid an Iota do bhidh ag a bPianadh. Cuid aca do sheasuigheadh amach ann Ceartlar an tSamhradh, fa Theas dian-loisgighthe na Greine; agus cuid oile dhiobh do sheasuigheadh amach go mBidhdis siocuighthe le Fuacht fa Gharbh-shionta an Gheimhreadh. d'oladh Cuid oile dhiobh beagan uisge chum fion-fhuaradh thabhairt da dTeangthaibh, acht nach bidheadh go leor chum a dTart do chosg na mhuchadh. Agus Daoine oile do bhidheadh sasuighthe le Goblach no Mion-Ghreidhim beag Arain do ithe, agus iad ag cur suas de nios mo, ag radh nach ar bhFiu iad fein Aran na nDaoine do ithe o mhaireadar ar nos na mBeathaigheach. ...Bluire a morsel - fonóta le goblach ... "A measg a samhuil sud de Ghniomhaibh
aithrigheacha, as fhuras a mheas, nach raibh slighe air bith le faghail ag Caithiomh Aimsire greannmhar, na ag Comhraidhte suarracha, diomhaoine; agus da reir sin is lughadh na sud an tSlighe bhidh le faghail eadtortha dho Fhearg do dhroch-shasdacht, na do Dhoriarthacht. Dibriodh An-churam a dTimchioll na Colna, Solas, Meadhair agus Greann, agus an Smuit-cheo is lughadh dhe'n nGloire-dhiomhaoin, amach as Ghrianan chruadh chradhach ud na hAithridhe. Budh é a ngnotha go hIomlan a bheith ag uaill sgreada chum ar dTighearna do Lo agus d'Oidche; agus ni raibh Glor na Guth oile le clos ann san gComhluadar so, acht amhain Guth agus Fuaim bhinn-bhriathrach na hUrnuighthe. Do bhidh cuid oile aca ag bualadh a nUchta, chomh dian dasachtach, is da mBeidhdis ag bualadh ag Doirse na bhFlaitheas, agus deiridis, O Bhreithimh ta lan de Thruaigh agus de Mhor-Mhaithios; fhosguil duinne as iocht do Mhor-throcaire nach feidir Teora chur leithe, na Doirse do dhunadar ar bPeacuidhe 'nar nAighe. A dubhairt duine dhiobh, taisbean dhuinne do Aighe o a Thighearna, agus beidhmid sabhalta. A deireadh duine eile dhiobh, taisbean tu fein o Thighearna,
do na hAindeiseoiridhe seo, a ta 'na suidhe ann Dorchadas agus ann Sgaile an Bhais. A dubhairt Duine oile, O Thighearna cuir do Throcaire d'ar bhFoirein agus d'ar bhFurtacht oir a tamaoid a gCruadh chas agus a mBochtaine sharmhor. Dubhairt Cuid oile aca, do b'fheidir go madh Thoil le DIA, Siodhchain do dheanadh linn La eigin, agus go bhFeuchfadh, se a nuas orainn le Suil ghradhmhar a Throcaire: Do b'feidir go gCoinfeadhmaois uair eigin, an Guth binnghlorach ud a dearfas leis na Priosunachaibh, gabhaidh amach as bhur mBraighdeanas agus as bhur gCuibhreacha: agus leo sin a ta ann Dorchadas, glacuidh chughaibh an Solus. "Do bhidh an Bas do ghnaith aca os comhair a Sul, agus do labhradaois le na cheile ag radh; cas as crioch dhuinn ag an uair dheighionnach? Cia aca seunmhar no mi-fhortunach a bheidhmid tar eis ar mBais? An nDeanfas DIA ath-ghlaodhach air an mBreitheamhnas fiorcheart ud do thuilleamuir? An mBeidhid ar nUrnuighthe brioghmhar go leor, chum dul suas go dTigh Cathaoir ard, agus Ri-Shuidheachan Mhordhachta DE? An mbeidhid siad tairbheach duinn, no le cad e an Mhor-luadhacht a
gCuirfear a sochar duinn iad? An feidir go bhFaigheadh na hUrnuighthe sin do thig amach tar ar mBeil agus ar bPuisinidhe truaillighthe, neamh-ghlana, fabhar na dhiaigh sin a bhFiaghnuise an Tighearna? Cia ag a bhFuil a fhios, a bhFuilid ar nAingil Coimhdeachta ann so 'nar dTimchioll, no nar theitheadar chum siubhail o Bhreuntas ar bPeacuidhe. Agus thug daoine oile mar fhreagradh air gach fiafruidhe dhiobh sud, ag radh; Cia aige bhFuil a fhios, nach dTabhairfeadh ar dTighearna Maitheamhnachas duinne, mar thug se roimhe so do na NINIVITES. Ca bhFios nach nIonntoghadh, se a Throcaire chughainn, agus nach saorfadh sinn o Bhas, tar eis duinne ar nUrnuigthe chur go buain-sheasamhach ann a Lathair, fiu go dTigh crioch ar mBeatha; Oir a ta se trocaireach, agus deanfaid ar nDeora agus ar dTrom-Shaothair siodhchanta, ceannsa linn e. Deanadhmaois rioth a Dhearbhraithreachas, riothadhmaois, oir a ta riachdanas againn le rioth, agus soin le ar mBrigh go hIomlan, chum go bhFaghamaois dul suas ann san ait o ar thuiteamuir. Ritheamaois a gComhnuighe a gCeann an Chomhartha sin; na sparalamaois ar gCoirp salacha. Deanadhmaois
dioghlatas ortha a dTaobh gach Mimheasardhachta a rabhadar cionntach ann; Cuireadhmaois d'Fiacha ortha an Peandhos do thuilleadar do fhullaing, agus d'Foidhneamh. "Is mar seo labhradar na hAithridheachta firinneacha ud, agus do thaisbean an riocht ann a rabhadar a gCoirp air an dTaobh a muigh dhiobh, dolas, agus geur-thuirse a nAnman air an dTaobh a stigh diobh. Budh chomh-samhla a nGnuis, a gContanos agus a nGne, le Daoine marbha iona le Daoine beodha. Do bhidh a Suile sloigthe agus tirim ann a gCinn; thaibhreochadh Feoil a nGruadh dhuit crion, seargtha o sgala-dhoighteacht a nDeor. Do thuiteadar na Ruaidhinnidhe dhe Fhabhruidhibh a sul tre mheid a nDeor-chaoi agus a Sior-ghuil. Do bhidh a nGluineadh chomh cruadh le Clar, no le Croiceann Camhaill ona bheith ag sior-ghuidhe DE. Do bhidh a nUchda dubh, orm, agus bruighte o a bheith da sior-mBualladh, agus do gortuigheadh a Sgamhoga chomh mor sin leis na Buillidhe ud, ionnus go mBidheadh a Seilidhe a gComhnuidhe cumasgtha le Fuil. Do chur na Braighde no na Priosunacha beannuighthe so, a nImpighe
chun am Uachtarain do bhidh ortha, (agus go deimhin do b'fheidir e sin, do mheas, mar Aingeal, a measg Daoine) go gCuirfeadh se Trom-uallach slabhruidhe air a Muineal agus air a Lamhaibh; go gCuirfeadh se Iarroinnidhe air a gCosaibh, agus leigean doibh fanamhuin ann san staid sin, go dTigh gCuirfidhe iad na luighe 'san Uaigh; agus de iomlan na meide ud nior mheasadar iad fein fiughantach. "Acht an uair do bhidheadh aon chuid de na hAithrigheacha so na luighe ann Leabadh ann Bhais; budh uathbhasaighe iona sud oile dhe Radharc, gniomha a chompanuighthe d'Fhaicsin ag an Noimeant soin; oir thagadaois thimchioll air gach aon taobh dhe, agus a gCinn crom sios aca ag a fheuchain go dubhach, deorach, dobronach, truaighmheilioch, agus dolasach, agus a bhFocail lan de chumhaidh, ag radh leis; cionnus do gheibh tu thu fein a Dhearbhrathair ghradhaich? Cad e an Dothchus a ta agad? Cad is doigh leat is Crioch dhuit? An bhfuil an nidh sin agad le faghail, do bhidh tu ag iarradh le hIomad Trom-shaothair? An bhFaicean tu Flaithis na Slanuighthe fhosguilte fa do chomhair? An bhFaighean tu Urradh,
Geall no Siurailteacht dhearbhtha leis? An dTugan tu fa nDeara solus nuadh eigin ann do chroidhe? Agus an gCloinean tu Guth eigin a stigh ann; ag radh leis; Taid do Pheacuidhe ar na maithiomh duit; no rinne do Chreidiomh slan thu? No air an Lamh oile, innis Duinn an gCloisean tu na Focail chrith eaglacha seo; Geidheadh na Peacthaich sios go hIthfrionn, agus an uile Chineadh do ghnidh dearmud de DHIA: No na Focail eile seo; Ceangloigh a Lamha agus a Chosa agus teilgidhigh e an san Dorchadas a ta air an taobh a muigh. No an Briathra so: Tog chum siubhail ann Malluightheoir, chum nach bhFaicfeadh se Gloire DE. Cad a deir tu a Dhearbhrathair? Labhair go saor-aigeantach searc-chomannach linn, chum an Teagaisg. Cuirmid de Gheasaibh ort, a Dhearbrathair e dh'Insinn duinn ionnus go bhFoghlaimeochmaois o'd Shompladh-so, an Nidh sin a gCaithfeamaoid fein Suil do bheith leis la eigin; Thainic do Chuis Dlighe anois chum triadhaile, agus chum criche; beidh an tEiliomh tha ort gan moran moille, curtha do leath-taobh, agus beidh an Bhreath do thabhairfear ort, ag Seasamh air feadh na Siorruidheachta;
ni feidir I dh'Aistriughadh na a mhalartughadh choidhche. Tamaoidne ag fanamhuin, le iar-leanamhain ar mBais agus ar mBreitheamhnuis, a ta fos amhrasach, agus neamh-chinte. Do thug cuid oile aca Freagradh air gach Fiafruighe dhiobh sud, ag radh; go mBeannuighthear, agus go nAdhruighthear, an Tighearna, thug saor sinn o Fhiaclaibh ar Naimhdibh; agus do fhreagradh cuid oile aca ar breis Dolais agus Dioltuirse; As neamh-aoibhinn as neamh-aoibhinn agus as mairg do'n Anum soin na'r choimhed go dilis, Moide agus Geallamhuin shollamanta a Gairme; Oir is se nois an tAm ann a bhFuighe si fios air, creud a ta ollmhuighthe agus taisgighthe fa na comhair air feadh na Siorruidheachta. "Admhuighim, an uair do chonnairc agus do chualaidh me na Neithe seo go hIomlan; agus do chuir me mo mhall-ghniomha, mo leisgeamhlacht agus m'Fhaillighe fein a gComparaid le a gCruadh-chradh agus le na bhFullaingthibh sud. Is beag na'r thuit me ann Eadochus; Oir cad e an Suighiughadh agus an Deanadh, is doigh leat a ta air an mainistir ud? Nil Suigheamh na Deanmhus air bith oile uirthe, acht Dorchadas,
Bochtaine agus Cuis Truaighmheile; a ta an uile Nidh a ta innte sganramhuil uathbhasach, agus deisdeanach; chidhean tu fein nach gan Chuis, do fuair si Priosun agus Arus na gCoireach do ghairm di, an trath nach feidir le aon neach uraid is feuchain uirthe gan Caoi-ghuil do dheanadh; na dul a steach inte gan Smuaintighthibh na Fior-aithrighe agus an Doilghis da bhualadh. "Taibhreochas an meid ud go hIomlan, do-chreidthe agus do-dheanta, do'n Drong leisgeamhuil, fhaillightheach; acht na hAithrigheacha firinneacha, agus iad sud ag a bhFuil fios cad e an Sonus do chailleadar leis an bPeacadh, ní mar sin do mheasfaid siad; Oir an uair do gheibh an tAnam I fein Cionntach, ann breise an choinghil, ann chonnradh, agus na Geallamhna thug si dho DHIA le linn a Baisdigh, agus an uair a Chuimhnighean si, gur chaill si mar aon le Siodhchain agus Cairdeas a Tighearna DIA, Saidhbhris do-mheasda a Ghras, agus Solais an Sbioraid Naomhtha, agus gur mhuch si Teinidh na Carthannachta, do thugadh uirthe roimhe seo Deora taithneamhacha thabhairt leithe mar Thoradh; tugan Dolas chomh mor san
uirthe ann sin, mar gheall ar a Coirthe, ionnus go bhFuillaingean si, ni hE amhain, na Trom-Shaothair seo le foighde; acht mheadochadh si gan Teora iad, agus fos, cheusadh agus chuirfeadh si I fein chum Bais da gCeadochadh dlighe DE dhi sin do dheanadh. Is mar sud do bhidh na Coireacha beannuighthe ud, no budh chora a radh na hAithreacha Naomhtha so, 'nuair do chuimhnighdis air an tSonus agus air an tSeun do bhidh aca, an feadh bhidheadar ann Staid na nGras, agus a bhFabhar le DIA; agus air na Gniomhartha taitneamhacha, Diadha, do thog suas Laethe a mBeatha an fad do bhidheadar neamh-chionntach; ag radh, mar aon leis an Duine naomhtha JOB; Cia thabhairfeas thar ais me, chum Sonuis, Solais agus Luth-ghaire mo cheud Bhliaghan, chum Aimsire m'Oige an uair do bhi DIA agus mar Gharda, mar Dhidhean agus mar Chosnamh; an uair do bhidh se go foluightheach, uaigneach ann mo Thigh, agus an uair do rinne a Choingeal agus a Lochrainn soillsiughadh air mo Chionn; agus an uair tre bhrigh ghilleacht agus Lonnradh a Sholuis, nach raibh eagladh orm siubhal tridh Dhorchadas: an uair d'Inneol me mo Chosa le Bainne,
agus an tAm do rinne Bam agus Mil sileadh os na Carruighibh dhamh. ...ola chubhartha, ann a mbidh moran subhaílcidhe fonóta le bam... "Is mar seo ghlaodhdar chum a gCuimhneadh, an Sonus do bhidh aca roimhe soin, agus ag feuchain doibh, tar a nais, air gach Tiodhlaice neamhdha do fuaradar o DHIA, do ghuilleadar go searbh, agus iad ag leaghadh go hIomlan ann Deoraibh, a deireadaois; Ca bhfuil a nois an Fhior ghlaineacht ud do bhidh ann ar nUrnuighthibh a dTuis ar Saoghail? Ca bhFuil an Mhuinighin ud le ar ofralamuir iad suas do DHIA? Ca bhFuilid na Deora millse, taithneamhacha ud, bhiodh do shior ag silleadh na Srotha, agus na Dtreun-Thuile o ar Suilibh a gCeartlar Searbhais agus Dioltuirse ar gCroidhthe? Ca bhFuil an Gheanmnuigheacht iomlan Anama agus Coirp ud, ann a raibh ar bPriomh Ghloire agus ar gCuis Taibhse agus Athuis go sbesialta? Ca bhFuil an Diliseacht iomlan, agus an Fomos do bhidh againn d'ar nUachtaran? Cad as Crioch dho'n Neart neamhdha ud, agus do'n mBrioghmhaireacht do thugamuir fa deara ann ar nUrnaighthe, an uair do gheibhmis toradh ortha?
Taid seo go leir imighthe gan a dTuairisg mar Dheatach. Agus tar eis na bhFocal ud do labhairt, do mheaduigh Dolas a gCroidhe a dTaobh gach ar chailleadar, agus an Sgannradh ghlacadar roimh Staid uathbhasach an Pheacadh ann mar thuiteadar, chomh mor sin, ionnus go mBidhdis ag iaradh air DHIA, an uile short Cradh, Pianadh, agus Peandhois do chur chughtha air an tSaoghal-so, chum Dioghaltais do dheanadh air a gCoirp, mar as siad budh chuis le iomlan a nOilc agus a Mio-fhortuin. Cuid aca bhiodh ag iaradh Galair agus Aicidighe do bhualadh 'nuas ortha: Cuid oile aca, ag iaradh air, a Radharc do sgaramhuin leo; agus iad do bheith na nAoidhe Truaigh air an tSaoghal; agus cuid oile aca dh'Iaradh air Parailis, no Fallsaoir, do leagan ortha, dheanfadh an uile Bhall diobh crion, creimtheach agus bacach, ionnus go m'Feidir, leo, leis na hAmhgair seo a lathair, imtheacht saor o Mhio-agh, agus o Dhaor-Phiantaibh siorruidhe. "Fa dheoigh, a Dhearbhraithreacha, ni fheadar me cionnus do fuair me fanamhuin chomh fada sin, a measg an uraid ud Uathbhais agus Sgannruidhe; na cionnus do fuair me Foidhneamh
le Radharc an uraid ud Pionnos, agus Deora. Do rinne me fanamhain ann, air feadh Deich la agus Fithche, agus me lionta go hIomlan le Omhan agus le sgannradh, a dTaobh gach a bhFacadh me ann; agus an Uair do bhidh an Aimsir ud a gCrioch, do rinne me filleadh thar m'Ais go dTigh an Uachtaran, do bhidh ag riaghlughadh na mainistire. Nuair do chonnairc se sin me aisdrighthe go hIomlan, agus chomh lionta ud d'Uathbhas, thuig se gan mhoill Cuis mo sgannra agus mo Iongantuis; agus labhair se liom leis an Millseacht, an Taithneamhacht; agus an Ghradhmhuireacht budh ghnathach leis, ag radh; Seadh a Athair an bhFfeacadh tu Duagh agus Trom shaothar na gCogadhoirighe calma, croidhe-dhaingne ud? Thugasa mar fhreagradh air; O Athair! ni hE a bhFaicsin amhain do rinne me; acht rinne me mor-iongnadh dhiobh mar an gCeadna; agus measaim gur ab seunmhaire iad tareis gur thuiteadar a bPeacadh, agus iad ag Cruaidh-chaoineadh thrid, ag deanadh na hAithridhe, iona iad siud na'r thuit riamh, agus nach guilean choidhche air a son fein; Oir, ta se comhsamhlach go raibh a dTuitim tre Bhriogh-oibriughadh mhoriongantach
Gras 'na Chuis le iad do eirghidh chum breis Sein agus Gloire aris." Ni o Sheanchas na o Sgeuluigheacht dhuine oile do insigheas Naomh CLIMACHUS an meid ud duinn; acht insighean dhuin go dilis agus go direach e mar do chonairc se le na Shuilibh fein; agus Ce go samhluighean an Sgeul, beagan ro-fhada, mheas me air a shon sin nach air cheart damh, aon chuid de leigean thorm gan insin, chum do thairbhe-se agus a dTaobh moran Reasuin oile. Se an Cheud Reasun do bhidh agam leis; Ionnus go lionfuidhe na Daoine le Naire, agus go numhlochdaois iad fein go sar-mhor, ag faicsin Aithridhe fhuar, neamh-eifeachtach, Dhaoine na hAimsire seo, agus Cruaidh-gheireacht na hAithridhe do rinne na Daoine ann sna hAimsearachaibh d'imthigh thorainn. An dara Reasun, go bhFaicfeadhmaois go de chomh fada, agus theidhean Gradh an Sbioraid Naomtha dhuinn; agus cad iad na Soillse ta reidh, ollamh ag a Ghrasa fa chomhair na bhFior-aon, agus na gCreidmheach go hIomlan; agus go m'Fheidir linn Dothchus do bheith againn, do reir mar do roinn se ann aisge, agus go saor-thoilteanach a Ghrasa leo sud do imthigh romhainn; nach nDiultochaidh
se, a sheirbhiseacha ta nois beo, no iad so thiucfas 'nar nDiaigh, gan a Ghrasa roinn-leo mar an gCeadna, madh ghnidhid siad buainsheasamh ann Oibreachaibh na hAithridhe mar na hAithreacha naomtha, arsaidh ud. An treas Reasuin, air mBeith dhar nDothchus toigthe air Bhunnudhas no air leic-iomchair chomh diongmhalta ud, agus neartuighthe le sompluidhibh an uraid ud Naomh go mBeidhmis corruighthe suas chum iarraicht do thabhairt air nios mo dhe Oibreachaibh na hAithrighe do dheanadh, na mur budh ghnathach linn; os dearbhtha gur raibh a gCoirp siud deanta dhe Fhuil agus d'Feoil mar a taid air gCoirp ne; agus nach raibh DIA air bith oile aca sud ag a adhradh; na Congnamh air bith aca ann a gCruadh-chradh agus ann a dTrom-shaothair acht mar a ta aguinne; agus ionnus leis na neithibh cruadhalacha, deacracha do ghabhadar sud triotha do chur os comhair do Shul, gur ab eadh is lughaide do bheidheadh Mi-mhisneach ort chum gabhala tridh neithe budh lughadh Cradh agus Pianadh iona iad. ...Bun-thus fonóta le bunnudhas... As firinneach air a shon sin nar cheart d'Aonneach, mi-mhisneach do bheith air, gidh nach
dTagan se suas leis an Aithridhe, agus leis an Aird iomlaine do thug na Naoimh ud mar shompladh dhuinn. Oir mar a taid a nIomad Aruis agus Aird-Theaghlaich ann sna Flaithios agus Cuid diobh nios airde iona an chuid oile; agus mar a taid moran Ranna agus Baill ann san gCorp, agus Cuid aca soin, nios onoruidhe iona a cheile; mar an gCeadna, ann Eagluis CHRIOST a taid ceimionna eidir-dhealuighthe Luaidheachta agus ro-oirdhearcais; Orduighthe agus Comhairleacha Neamh-chomhsamhuil le a cheile; agus an iomad cineil Aithridhe agus Chruadh-chradh. Agus fa dheoigh, an Nidh a ta riachdanach ann aon tSlighe amhain Beatha, ní'l se riachdanach ann slighe oile. Ni mo, nil se riachdanach go hIomlan duinne a bheith ag iaradh na Neithe ud, do dheanadh a dTuis ar nDeigh-bheatha, do chuireadar na Naoimh ud a nGniomh. Oir a taid moran da nGniomhaibh leagtha ann ar lathair, ni chum Aithris do dheanadh ortha go hIomlan: acht chum mor-iongnadh dheanadh de na Neithibh uathbhasacha ar ghabhadar thriotha le brigh Ghrasa De. An Gniomh 'na beidhiodh suim na sbeis ag Fathach ann, ni bh'Feidir le hAbhac a dheanadh
air aon chor. Agus na Gniomha nach foghnas acht chum Anumnacha ard-naomhtha do thastail, dheanfadaois na hAnumnacha nach bhFuil laidir a nGrasaibh do leir-mhilleadh.
AN SEISEADH LEUR-SMUAINEADH air GHLOIRE FHLAITHEAMHNAIS. DEAN Naomh smuaineadh air Ghloire na nDaoine agus na Buidhne sin, a ta beannuighthe agus seunmhar a bhFlaitheamhnas, ionnus go gCorrochfuidhe suas do Chroidhe chum Neamhshuim do dheanadh dhe'n tSaoghal so, agus chum Foinn dhuthrachtaich, dhairireach, do bheith a gComhluadar agus a gCuideachta na Muintire a ta 'na gComhnuidhe ann Cathair sior mheadhrach, fior-shoillseach na Gloire. Ionnus da bhrigh sin, go dTuigfeadh cuid eigin dén tSeun agus de'n tSolas so, Tabhair fa nDeara na chuig Neithe so a ta ann, tar gach Nidh oile: Siad sin SAR-MHAITHIOS na hAite; UR-GHAIRDEAS na Cuideachtan; RADHARC DE; GLOIRE na gCorp; agus
fa dheire COMH-LUADAR agus STOR-THAISGE na nUile Neithe maithe, a ta ann sud le sealbhughadh gan Cailleamhain go Criochnughadh na Siorruidheachta. Air dTuis dean leir-mheas air SHAR-MHAITHEAS na hAite, agus go sbesialta air a Shar mheid mhor-iongantach. Oir, an uair do leighmid ann Ughdair thromdha, airighthe, go bhFuil gach uile Reult ann san Sbeir, no ann san Aedhear ghlan, uachtrach, nios mo iona an Talamh go hIomlan; agus tharais sin, go bhFuil cuid diobh chomh hAn-mhor sin, iomus gur ab mo iad Deich-nuaire agus cheithre Fithchid 'na an Talamh go hIomlan; agus ann sin ag togbhail a shul suas a gCean Sbeire ghorm-dhathaich na bhFlaitheas agus ag faicsin an uraid ud Reulta, agus moran, d'Ionadaibh falamha eadortha, ann ar bhFeidir an iomad oile Reulta do bheith; an uair do chidhean se seo a deirim, cionnus as feidir leis gan a bheith lionta le Moriongantas agus le hUathbhas an tAm do dhearean se air Shar-mheid na hAite ud, agus nios mo iona sin go mor, an uair do ghnidh se leursmuaineadh air an Tighearna ard-chomhachtach do chruthuigh an ait ud.
Nois a dTaobh Sgeimhe, Ailne, no Breaghachta na hAite ud, Is neithe iad nach feidir le Briathraibh d'Insin, air aon-chor; Oir, madh chruthuigh DIA a leitheidighe sin de neithibh moriongantacha, breadha, maiseamhla, ann san nGleann na nDeor so; Cad as doigh leat do chruthuigh se ann san AIT ud nár ab e Suigheachan a Ghloire; Ard-chathaoir na Caithreime, na hArd-cheime agus na hOnora; Longphort agus Palas a Mhordhachta; Grianan agus Teaghlach a Chlainne thoghtha; agus Parrathas na nUile Aoibhinnis. 2. Tar eis SAR-MHAITHIOS na hAite, tabhair fa deara Mor-mheasdacht agus Fiughantacht na nAitightheoiridhe, agus na Muintire a ta na gComhnuidhe ann san Rioghacht aoibhinn ud, na bhFuil a nIomadamhlacht, a Saidhbhrios agus a Sgeimh, ag sarughadh gach ar feidir a mheas na a smuaineadh. A deir Naomh EOIN, go bhFuil Iomadamhlacht Chlainne DE chomh hAnmhor sin, ionnus nach feidir le aon Neach iad do chomh-airiomh. A deir Naomh DIONYSIUS, go bhFuilid na hAingil chomh hIomadamhuil sin, ionnus go saruighid siad a bhFuil de chreatuiridhibh Corpardha air Talamh, gan
Comparaid na Coimh-ionaonacht do bheith eadortha ar-aon-chor. Deir Naomh TOMAS, ag comh-fhreagradh leis an mBaramhuil ud, gur ab mar do Sharuigheas na Flaithios an Talamh ann Meid gan Coimh-reire na Comparaid, do Sharuigheas Iomadamhlacht na Sbioraidighe nGlormhar, lionmhaireacht an uile short creatuiridhe corpardha. Agus madh ta gach Sbioraid bheannuighthe na hAonar, (ce gur ab I an Sbioraid is lughadh Gloire dhiobh) nios ailne agus nios breadha le faicsin, na an saoghal sofhaicsionach so go hIomlan; O cad e an Radharc do Neach, do bheith ag feuchain air Iomadamhlacht an uraid ud Sbioraididhe glormhara, maiseamhla, agus air Fhoirfeacht, air Iomlaine, agus air Oific gach aon diobh? Ann sud taid na hAINGIL curtha a dTeachtaireacht o'n Ri uasal, ard-chomhachtach; bidhid na hARD-CHOMHACHTUIDHE ag deanadh Gairdeachuis; Na hARD-RIAGHLUIGTHEOIRIDHE ag riaghlughadh; Na FEARTA ag soillsiughadh; na hARD-CHATHAOIREACHA ag deallrughadh; na CEIREIBIMIDHE ag tabhairt Soluis; na SEREAFAIMIDHE ag doightheadh ann Gradh diadha; agus iad uile ag tabhairt Mollta agus
Buidheachuis do DHIA go siorruidhe. Nois madh ta comh-luadar agus comhradh searc-chomanach, comh-chomaoineach Dheagh-dhaoine subhailceacha chomh taithneamhach solasach sin, mar dheimhnigheas Gniomha go laetheamhuil duinn; o cad e an Nidh bheith ann sud ag comhradh le an uraid ud Naoimh beannuighthe; a bheith ag labhairt leis na Faighibh; do bheith a gComh-roinn agus a gComh-Phairt leis na Mairtireachaibh; agus Coman, Caidreamh agus Muintiordhas Siorruidhe do bheith leis na Creidmheachaibh agus le Clainn thoghtha DE, go hIomlan. 3. Os a chionn sin, mas Gloire chomh mor sin, a bheith a gComhluadar na nDaoine beannuighthe, o cad e an barr Gloire bheith a gComhluadar agus bhFiaghnuise an tE ud a mBidhid Raolta na Maidne ag a mholladh; an tE ud da nDeanaid an Ghrian agus an Rae, mor-iongantuis da Sgeimh agus da Ail-mhaiseadh; an tE sin a nUmhluighid na Sbioraididhe beannuighthe so go hIomlan agus na hAingil a bhFiaghnuise a Mhordhachta? O nach solasach an Radharc a bheith ag amharc air an MHAITHIOS gheinearalta, ard-chomhachtach ud,
ann a bhFuilid na hUile Neithe maithe congbhaighthe: an tArd-shaoghal sin, ann a bhFuil an uile Shaoghal coimsighthe, agus do bheith ag feuchain air an tE sin tar eis gur ab aon Nidh amhain e, gur ab gach uile Nidh e? Agus ce gur ab simplidhe, aonaranach e ann fein, agus nach bhFuil cumusg air bith oile thrid, air a shon sin go gCoimsighean se ann fein, Iomlaine gach uile Nidh? Madh measadh na Nidh chomh mor sin SOLAMH d'Fhaicsin, agus a chaint bhinn-bhriathrach, fhior-chiallmhar do chlos, ionnus go dTainigh Benrioghain na SABA o'n dTaobh o Dheas de'n Domhain, ag a fheuchain agus go nDubhairt si leis: Is beannuighthe an Duine, agus is beannuighthe iad so do Sheirbhiseacha do sheasuigheas ann do Lathair, agus do chloineas d'Eagna agus do Chrionnacht." O cad e an Radharc fior-sholasach a bheith ag feuchain air an Solamh ro-ard ud; air an Eagna shiorruide ud; air an Mhordhacht gan Teora ud; air an Ail-mhaiseadh dho-mheasda ud; agus air an Fhairge gan Teora ud na Sar-mhaithiosa; agus a bheith ag faghail Seilbhe air sin, an feadh mhairfeas Saoghal na Saoghal. Ag seo brigh, Bith, agus Naduir Ghloire na
Naomh, agus coimhlionadh agus criochnughadh a bhFoina go hIomlan. 4. Na dhiaigh sin dein Naomh smuaineadh aire Ghloire na gCorp, air a mBronnfar na cheithre Cailidheachta oirdheirce, uaisle seo, mar Sbre, siad sin, 1. Tabharfar cumas do'n gCollan gabhail tridh an uile short Nidh, gan I fein na an Nidh sin do ghortughadh, mar do thig Sgaile na Greine trid an nGloine gan e lot na bhriseadh. 2. Tabharfar cumas Luais agus Ingioltachta dhi, air slighe go rachfadh si le hIonntoghadh na Baise ann cia be ait a smuaineochadh si dul. 3. Taibhairfear cumas di, ionnus nach feidir I ghortughadh na lot, na I fhullaing Pian na Dochar choidhche. 4. Agus fa dheoigh bronnfar Lonnradh agus Soillse chomh hIomlan sin uirthe, air mhodh go mbeidh Collan gach Naoimh ag soillsiughadh mar an Ghrian ann Rioghacht a nAthar fein A nois madh ta an tAon-Ghrian amhain sin do, sheasuigheas ann Ceart-lar Ghorm-Sbeire na bhFlaithios, go leor chum Soluis agus Solais do thabhairt do'n Domhain go hIomlan. O cad e an barr Soluis agus Lonnradh do thabharfas an uraid ud Grianta agus Lochrainnidhe solusda
uatha, do bhidheas ag soillsiughadh ann Grian-Chathair shoillseach, agus ann Grianan aoibhinn, greidhionnach na Gloire. 5. Acht cad a dearfadh me ar aon-chor anois, a dTaobh gach Aoibhinuis, Suaircis, Saidhbhris, agus Solais oile, a ta ann sud? Ann sud beidh Slainte gan Galair, gan Eugcruas; beidh Saoirse gan Daor-bhruid; Maiseadh gan Mi-sgeimh; Do-mharbhthacht gan Truailliughadh; Lionmhuireacht gan Riachdanas; Suaimhneas gan Buaidhreamh; Neamhbhaoghlacht gan Eagladh; Eolus gan Earraid gan Mealladh; Sasamhlacht gan Deisdean; Solus gan Trom-chroidheacht, gan Dolas; agus Onoir gan Easonoir do theacht os a comhair go brathach. Ann sud, (mar a deir Naomh AIBHISTIN) beidh Fior-Ghloire, oir ni feidir aon neach do mholladh ann, le Meabhall na le Bladairacht. Ann sud beidh Fior-onoir, oir, ni dhiultochfar I air aon neach do thuilleas I, agus ni mo, ni thabharfar d'aon neach I, nach bhFuil fiughantach air a faghail. Ann sud beidh Siodhchain fhirinneach, oir, ni feidir le Duine fein, na le Duine oile, buaidhreamh na Mio-shasamh do chur air ann. Beidh Luachsaothair
na Fior-shubhailce comhthrom, agus comh-ionan le DIA do thug uaidh I, agus do gheall e fein mar Luaidheacht-saothair do'n tSubhailce. Beidhmid ag a fhaicsin sin gan sgur, gan sgith; ag a gradhughadh gan Deisdean; agus ag a mholladh gan Tuirse. Ann sud a ta an Ait for-leathan, maiseamhuil, soillseach, didheanta agus babhan-dhaingnighthe roimh gan Namhaid. Tá an Chuideachda sarmhaith, agus fior-sholasach; a ta comh imtheacht, agus comh-ionaonacht Aimsire go deo ann; ni rannta na Maidion agus na Trathnona acht na hAon-La-amhain, bhuan-chomhnuightheach siorruidhe. Ann sud, beidh Earrach buan-sheasamhach, do bheidheas ag teurnoghadh, go deoigh, agus blaith mhaisighthe le Fionn-fhuaradh, le Beodhathamhlacht agus le hAnail mhilis, chubhartha an Sbioraid Naomhtha. Ann sud beidhid a bhFuil ann go hIomlan ag deanadh Gairdeachuis, ag Cantaireacht agus ag tabhairt Molladh siorruidhe dho Ard-Thiodhlaictheoir agus do Ard-Thabharthoir sin na nUile neithe maithe, nar ab tridh na Mhaithios thoirbhirteach, fhiallmhar a mhairid siad feadh Shaoghal na Saoghal.
fhlaithiseamhuil, neamhdha! O a Ionad chomhnuighe, chosannta, shabhalta! O Phobail gan Urchoid, gan Fhaladh, gan Mhiosguis, nach deanan go brath gearran air a cheile! O a chomh-ursa shocair, shuaimhneach, shitheoilte, agus a Dhaoine gan uireasbadh gan Riachtanas! O mo Dhiombadh nach fuil Ceannarruic agus Imreas an tSaoghail so a gCrioch! O Faraoir, nach bhFuil deire le Laethibh mo Dhibeartha! O ca shoin do thiucfas an La soin! Ca shoin do thaisbeanfad me fein a bhFiaghnuise ar dTighearna cubhartha, agus ar Slanuightheora gradhmhar caoin-trocaireach. Is dearbtha nach bhFuil se eadar Daoine na Aingil an tE do gheabhadh an Luach saothair gan Teoradh, a ta dTaisge ag DIA fa Chomhair a Sheirbhiseacha dilise, do leur-nochtadh na do mhiniughadh. Acht air a shon sin, chum go dTabhairfinn Flosgadh, beag soluis duit air, agus Blas roimh-rae; eist le cad a deir Naomh AIBHISTIN, O a Bheatha mhor-iongantaich, a ta ollmhuighthe ag DIA fa chomhair na Muintire ghradhuigheas se! O a Bheatha bheanuuighthe; a Bheatha shabhalta; a Bheatha shocair shuaimhneach, shitheoilte; a
Bheatha fhior-ghlain a Bheatha Gheanmnuidhe; a Bheatha nach fios duit cad e an Nidh an Bas; a Bheatha gan, Dolas, gan Trom-shaothar, gan Pian, gan Buaidhreamh, gan Truailliughadh, gan Sgannra, gan Aistriughadh na Malartughadh; a Bheatha lan de Ghloire agus de Onoir, ann san ait nach deanan Namhuid feargughadh, gortughadh na maslughadh, na Pleisiuir truailliughadh. Ann san ait a bhFuil an Gradh iomlan agus an ait o a bhFuil an Eagladh dibeartha; mar a bhFuil an La siorruidhe, buan-chomhnuightheach; mar a bhFuil aon-Sbiorad, agus Aon-Intinn ag gach a bhFuil ann; mar a bhFuil DIA le faicsin Aighe air Aighe; an ait amhain a nGlachthar an Oileamhuin sin, na cuirean Deisdean go deo air an Intinn! O go de mar a chuirid do Ghileacht agus do Shoillse, solas orm, an uair a smuainighim ortha; agus go de chomh taithneamhach, greidhionnach, agus a taid do shaidhbhris do'm Chroidhe do shantuigheas iad! Da mheid is smuainighim air cad e an Nidh tu, as seadh is moide gheibhim me fein loitighthe agus leur-ghonta le'd Ghradh! Tugan ann Fonn a ta agam chum seilbhe d'Fhaghail ort, Rachta Athais neamh-ghnathacha dhamh:
agus ni lughaide a ta do Ghnaithchuimhneadh milis, sasamhuil damh. O Bheatha a ta stor thaisgighthe le an uile short sein! O Righeacht fhior-bheannuighthe, ann nach bhFuil Cumas na Comhachta ag an mBas; Rioghacht gan deire, gan chrioch; Rioghacht na tiucfas aon Aimsir na dhiagh go deo; Rioghacht ann nach deanfar go brathach an La do dhorchughadh le Dubh-neultaibh na hOidhche; a Rioghacht shior-bhuan, fhior-shuairc, chaoin-aoibhinn; ann san Ait a bhFuighe an Saighdeoir do throid go crodha, dilis calma, dho Ard-righ na bhFlaithios, e fein comh-cheangailte leis na Cantairighe Ainglidhe, agus a Chionn timchiollta le Blaithchoroinn Gloire, agus e go Cathbhuadhach ag sinnim Ceolta agus Abhrain binnghloracha an JERUSALEM neamhuidhe, ag tabhairt Ardmholladh do Chruthuightheoir uile-chomhachtach gach uile Nidh. O go de chomh seunmhar is bheidheas m'Anum, madh thuillim tareis Reim na Deoruigheachta so bheith criochnuighthe, do bheith ag feuchain air do Ghloire, air do Bheannuightheacht, do Mhaiseadh, do Bhalluidhe, agus do
Gheatuidhe; Ionaid agus Palais do chathrach; do Aitigtheoiridhe uasal, onorach; agus fa dheoigh do Ri uile-chomhachtach ann a Lan-ailne agus ann Iomlaine a Mhordhachta. Taid do Thrighthe deanta dhe Chlochaibh buanmharthannacha, agus is se as Ainm doibh SAPHIR, agus Fineamhnuidhe Oir is Didhean doibh, agus ni dhearnadh usaid de chloch air bith ann sna Tighthibh ud, acht clocha greanta, deagh mhaiseacha, daor-luadhascha. O a JERUSAILEM ar Mathair, go de chomh maiseamhuil, aluinn agus a ta tu ann d'Ornaidibh agus ann do Dhathamhlacht? Ni ceaduighthear a Stigh fá'd Mhuir, aon chuid de na Neithibh do loghailtear ann so shios ann Gleann ann Mhiagh, an Mhi-fhortuin agus na nDeor. Is Neamhchomhsamhuil leis na Neithibh do chidhmid go laetheamhuil air an tSaoghal-so, na Neithe a ta le faicsin ann Tir agus ann Rioghacht na Gloire. Ionnutsa ni breathnuighthear agus ni fhaicthear choidhche, Oidhche na Dorchadas, na aisdriughadh Aimsire; nil tu ag faghail do Sholuis o Lonnradh Lochrainnidhe na Trillsein; na o'n nGealach: na ona Reultaibh, as se DIA do thig o DHIA, agus an Solus do thig o'n
tSolus, do bheir duit do shoillse, do Ghilleacht agus do Lonnradh. Ta RIGH na RIOGH fein ann do Lar timchiollta le na Oifigidhibh; ann sud a ta Cantairidhe agus Coruidhe na nAingiol ag fuaimiughadh Ceoil binn-ghothach ann a Chluasaibh; mar a nGlacthar le Gairdeachus agus le Luthghaire, gach a dTeidhean o'n tSaoghal-so ann, ann sud a ta le faicsin Comhluadar na bhFaigh; Dlighe-chuirt agus Ard-chomhairle na nEasbol; Sluaigh Armala na Mairtireach; Coimh thionol agus Comh-chruinniughadh na nAdmhalach, no na gCoinfeasoiridhe; na Daoine-Riaghalta, iomlana, fireunda, agus na Mna naomhtha do rug buadh air Phleisiuir agus air Chlaon-aoibhinnis an tSaoghail seo, agus air Laigeacht a gCineil fein: Ann sud ghnidhthear mor-iongnadh dhe an uraid ud Oig-fhir, agus Maighdiona boga oga, ar sharuigh a nDeighbheatha agus a subhailcidhe go mor a mBliaghanta; Ann sud deanfar na Caoire agus na hUain neimh-chiontacha, neamh-urchoideacha ud do chomhairiomh, do imthigh saor o Chraos agus o Chuil-fhiacladh na Maictiridhe, agus o Liontaibh chealgacha na Beatha so.
Ta gach aon diobh ag faghail seilbhe air shasamh iomlan, ann san ait do ceapadh do; taid siad uile coimh-ionaon, comh-uasal a dTaobh na Seilbhe, ce go bhFuil ceim a Sonuis agus a Sein neamh-chomhsamhuil le na cheile. Ann sud a ta an Charthannacht ag riaghlughadh 'na lan iomlaine, do bhrigh gur ab e DIA an tIomlan doibh ann gach uile Nidh. chidhid siad e sin gan Chrioch, agus bidhid siad ag blaomadh agus ag lasadh go siorruidhe, le na Ghradh. Gradhaighid siad e do ghnaith, ag a ghradhughadh dhoibh, mollaid siad e, ag a mholladh dhoibh, gradhuighid siad e'; agus is se a nGnotha go siorruidhe, do bheith ag a mholladh gan Pian; gan Tuirse, gan Duadh, gan Saothar. O ca shoin a thiucfas an La seunmhar sin, a mBeidh m'Anum sgartha agus saortha o'm Chollan, agus a mbeidh me fiughantach air an gCeol Neamhdha sin do chlos, do sinnthear chum Onora an RIGH siorruidhe, leo san a ta 'na gComhnuidhe ann san Dun aluinn, agus ann san nGrianan ghridhionnach, ghrian-shoillseach ud na Gloire? O go de chomh mor is bheidh mo Shonus, madh bhidhim le faghail a measg Phobail agus Chomhluadair an tSeipeil Riogha ud, chum go Sinnfinn
fein ann, Abhran molta; chum go mBeidhinn ann, ag seirbheal, mo RIGH, mo DHIA agus mo THIGHEARNA, agus do bheith ag a riar ann a Ghloire, do reir mar a gheall se fein, an uair a dubhairt se, "A Athair, is aill leam an Dream ud do thug tu damh, do bheith am fhochair mar a bhFuilim; ionnus go bhFaicfidis mo Ghloire, noch do thug tusa dhamh, oir, do-ghradhuigh tu me, sul do cruthuigheadh an Domhain." Eoin 17,24. A nois da bhrigh sin, deanaigh Leur-mheas ann bhur nIntinn, madh mhaireabhair ann Eagladh, agus do reir Aitheanta De uile-chomachtaich, air go de chomh solasach is bheidheas an La ud dibh, do seoillseochas os bhur gCinn, aig criochnughadh Slighe agus Cursa na Beatha so; an tAm do bheidh sibh ag imtheacht o Bhas go Do-mharbhthacht, agus ann san Noimeant ceadna, do-sheachanta sin, a mBeidhid Daoine oile lionta le hUathbhas agus le hEagladh, beidh sibhse lionta le Gairdeas, le hAthas, agus le Solas, do bhrigh go nAireochadh sibh uair bhur bhFuasgalta, Lamh libh. Dean dithchioll, a dubhairt Naomh HIEROM, leis an Maighdion EUSTOCHIUM, air dhul amach as Phriosun
an Choirp seo, agus chomh maith is da mBeidheadhfa a nois ag Dorus do Fhir-nuadh-Phosda neamhdha, socaruigh os comhair do shul Luach do Shaothair a ta reidh ollmhuighthe fa' chomhair. Smuain air an La aoibhinn ud, na mBeidh an Mhaighdion bheannuighthe MUIRE, ag teacht ad choinne, chum tu ghlacadh agus Truip Maighdiona naomtha oile ag a gCoimhdeacht; agus an uair do thiucfas do Thighearna agus Ceile gradhmhar do Anuma ann do Lathair agus Naoimh na bhFlaithios ann aoinfheacht leis, agus a deirfeas se leat; "Siubhail, tar liom, dean Deitheannas, mo cheile muirneach, m'Ailean agus mo Cholur (se sin, Colam) oir, a ta an Geimhreadh 'nois imthighthe taid na Garbh-shionta, an Fhearthainn agus na Stoirmeacha a nois tareis gabhail thort; agus taid naBlaithe ag fas agus ag a dTaisbeanadh fein ann ar dTir-ne." O go de chomh sarmhor 'na dhiagh sin do bheidh an Solus do bheidheas ann Ceart-lar d'Anma, an uair do thaisbeanfaid Lucht Aitreabhachna Cathrach Neamhdha dho'd Shuilibh Uaisleacht a Staide agus a gCoinghil; Glanthuigsin agus Leur amharc a Naomh smuaintighthe,
agus Teasuigheacht lasardha, bheo, dhiograiseach a nGradh! O cad e an feasta do bheith ag feuchain air na CEIREABUIMIDHE, ann a bhFuil Saidhbhris Eagna agus Mhor-Eoluis DE a dTaisge agus a gCumhdach! O cad e an Feusta mar an gCeudna do dheanfaid na RI SHUIDHEACHAIN, agus na TIGHEARNUISIDHE, agus na SBIORAIDIDHE beannuighthe oile? O cad e an Gairdeachas a bheith ag feuchain air an Armail ghlormhar Mairtireach ud, eaduighthe le Eaduighibh gle-gheala, agus Craobhacha Ailme ann a Lamhaibh, mar aon le Bratachaibh agus le Seud-chomharthuidhibh a gCath-bhuadh? ...Roistin fonóta le greidiol... O go de mheid an Athais a bheith ag feuchain air an Aon-mhile-deug MAIGHDIONA ud a bhFochair a cheile; agus air na Deich-Mile MAIRTIREACH ud, do lean go firinneach Gloire agus CROIS IOSA CRIOST, mar aon le Sluaighte do airighthe oile dhiobh? O cad e an Solas a bheith ag feuchain ann sud, air an DIOCANACH glormhar Naomh LABHRAS, agus a Ghreidiol aige ann a Lamh, a nois nios gille gan
Teoradh 'na na Lasracha ann ar doightheadh e; tar eis gur thug se Dubhshlan na dTioranach fhiochmhar, neamh-thruaighmheilioch, agus gur thuirsigh se na Ceusadoiridhe le Foighde dhochlaoidhte. O cad e an Radharc suairc, solasach a bheith ag feuchain air an Oigh mhaiseach, ghlormhar Naomh CATAIRIN, agus I coroinnte le Rosaibh blaith chubhartha, le Lilibh agus Noininibh gle-gheala, tar eis di buadh do bhreith air Roith na Rasur le Lamh airm an Chreidimh agus an Dothchuis? O cad e an Radharc aoibhinn, seunmhar a bheith ag feuchain air na Seacht Laochaibh, calma, croidhe uasal ud dár ab Ainm na MACCABEES, mar aon le na Mathair Dhiadha chroidhe laidir, do rinne neimh-bhrigh agus neamh-shuim de an uile Short Peandhois nios luaithe na mar a bhrisidis Aitheanta agus Dlighe DE mhoir uile chomhachtaich? O cad e an Slabhradh Oir agus Clocha uaisle a ta chomh deagh mhaiseach le faicsin agus ata Muineal Roimh-theachtaire ghlormhair Iosa Criost, se sin, Naomh Eoin Baiste, do thoghaidh a Chionn do chailleamhuin nios luaithe na mar a bheidheadh se ag Bladaireacht leis an Righ malluighthe Herod ag ceilt a Ghniomha adhailtreannacha, graineamhla air? Cad e an
tEadach Righ na Impire do shoillseochas chomh deallruightheach le Corp beannuighthe Naoimh PARTHALAIN an tAbsdol, do feannadh, no nar buaineadh a Chroicionn a mach da Chollan anna bheo-bheatha ar son ar Slanuightheora ÍOSA CRÍOST? O Nach uasal an Radharc a bheith ag feuchain air Chorp ghlormhar Naoimh STEAPHAIN do buaileadh agus do bhrughadh dubh is gorm, le Clochaibh agus e anois coirighthe go hAluinn agus deaghmhaisighthe le Robuidhibh breagha, ornaidighthe le Clochaibh-uaisle agus le Peurluidhibh daor-luadhacha? O cad e an Radharc aoibhinn mor-iongantach, an da Phrionnsadh ghlormhar ud a ta air Eagluis CHRIOST, Eadhon; Naomh PEADAR agus Naomh POL, agus iad ag soillsiughadh go sar-lonnrach ann sud, Duine dhiobh agus a Chloidheamh aige ann a Lamh, agus an Duine oile agus Bratach glormhar IOSA CRIOST, Iodhon, an CHROIS aige anna Lamh, tre ar cuireadh coroinn na Gloire ortha a bhFlaitheas? Nois cad I ann Tuile mhor-lionmhar, mhoraoibhinnis gan teoradh, dho Neach seilbh do bheith aige air Ghloire gach Naoimh beannuighthe
dhiobh sud, chomh maith is da madh leis fein iad go dilis? O a Fheasta ghlormhair! O Fhleadh Rioghamhuil! O Bhord a ta dleacht do DHIA uile-chomhachtach, agus da Chlainn thoghtha! Air an adhbhar sin, fagadhmaois ag Daoine mora an tSaoghail-seo, Feustuidhe do thabhairt da gCoirp salacha; bidhdis ag a lionadh fein le an uile short Beaduigheachta agus Millsean, fiu go mBeidhid siad Bolg bhriste, tridh mheid a gCraois agus a Mi-mheasardhachta: As se a leitheid seo dhe Fheasta, mar a bhFuil a samhuil siud de Bhiadhthaibh dianbhlasda, ag a bhFriotholamh, as dual, as oireamhnach, agus as so-mhaiseach do DHIA uile-chomhachtach agus dona Fior-aonaibh a ta ann ard-reim ghradamach, agus ann seilbh siorruidhe a Ghrian-Chathrach. ...feusta, cuirm, bain-fheis fonóta le feusta... Feuch suas fos os cionn a bhFacadh tu, agus chidhfidh tu os cionn na nOrd Ainglidhe Gloire mhor-iongantach, do chuireas Greidhionn agus Athas air an gCuirt uactrach, ard-aluinn ud; agus chuireas Meidhir, Suairceas agus Solas, tridh gach Ard d'Ail-Chathair shoillseach sa TRIONOIDE; agus do chuireas Meisge agus
Mearughadh Aoibhinnis, agus Caoin-shasaimh miormhuilteacha air Phalais chriostalach Fhlaitheamhnuis. Tog suas do Shuile, agus dearc air an Oigh bheannuigthe MAIRE, BAINRIOGHAIN na TROCAIRE, lan de Lonnradh agus de Ail-mhaiseadh; I sud a mBidhid na hAingil ag deanadh mor-iongnadh da Gloire, agus na Daoine ag deanadh Muidhimh as a Sar-mhaithios: Si seo Bainrioghain na bhFlaithios a bhFuil an Ghrian uirthe mar Eadach; agus an Ghealach fa na Cosa; agus Coroinn Reulta air a Ceann; agus beanuighthe thar gach uile Bhean. Dean Leur-mheas air an nGairdeachas iomarcach, do lionfas suas croidhthe na Muintire do bhidheas ag leur-amharc air an mBaintighearna bheannuighthe, agus air an mathair chaoinghradhmhar. Ni na luighe air a Gluine a nois os comhair an Mhainseir, na lan de bhuaidhreamh agus de Mi-sholas o'n Eagladh agus ona Sgannruidhibh do buaileadh ann a Croidhe, leis na Neithibh ud do tharangair SIMEON naomhtha dhi; ni mo nil si ag iaradh a LEINBH do Chaill si, le hIomad Broin is Buaidhrimh; acht anois ann ait na nDolas ud go hIomlan, a ta
aice Solais, Siodhchain agus Didhcantacht siorruidhe ona Namhuid; a ta si 'na suidhe air Ard chathaoir ard reimioch air Dheas-Laimh a MIC daor-ghradhaich fein; gan Eagladh uirthe go gCaillfeadh si go brathach aris Saidhbhreas fior uasal, cheart-lair a Croidhe. A nois ni gadh dhi a bheith ag iaradh an Aim mhairbh de'n Oidhche, chum a LEINBH do thabhairt saor o Fheall-mhianaibh agus o Chealg bheartaibh HEROD mhalluighthe, le teithe chum siubhail leis, ann san Eigipt. Ni sheasochas si go deo aris ag Bonn na Croise, ag gabhail na dTrom-bhraonadh Foladh ud chughtha air a Ceann do bhidh ag silleadh 'nuas o chorp Ghlormhar fhior-naomhtha a hAonmhic, agus I ag iomchar air an taobh a muigh da cuid Eadaich, os comhair a sul tSeimh, an Fhuil fhior-uasal ud do dheanadh athnuadhughadh air a Dolas ag tabhairt Cradh agus Ceusa a hAon-Mhic chum a cuimhne an-feadh do mhair si air an tSaeghal na dhiaigh sin; agus ni aireochas si nios mo an Dubh-bron ud do bhidh uirthe, an uair do fuair si an Mhalairt ghleodhach ud, ann ar tugadh di an Deisgiobuil an ait an Mhaighistire, agus an Searbhfoghantuidhe
ann ait an Tighearna. Ni chloinfear uaithe go deo aris, na Briathra gleodhacha, dolasacha ud do labhair si le Sgreada-Guil agus le Cruadhchaoineadh doilghiosach, fa Chrann feall fhuilteach na Croise; ag radh mar aon le DAIBHIDH na Riogh tridh na Mhac ABSOLOM. "O a ABSOLOIM! O a ABSOLOIM! O a Mhic mo Chroidhe, a ABSOLOIM! O mo Dhiombadh nach meise cuireadh chun Bais ad ait se a ABSOLOIM!" Nois a ta crioch go brathach air an nGul-ghearan thruaighmheilich ud; agus I, sin do buaireadh agus do cradhadh air an tSaoghal-so, nios mo iona sort air domhan creatura oile, ta sin ann sud arduighthe os cionn gach uile Chreatuire oile, ag faghail seilbhe feadh shaoghail na Saoghal air Aird-reim agus air Phriomh-mhaithios na TRIONOIDE treasghlormhuire; agus I ag radh, "Fuair me an te ud, do ghraduigheas m'Anum, coingbheochadh me e, agus ni leigfead uaim e." Agus má's Luthghaire chomh mor sin a bheith ag feuchaint air an Oigh Naomhtha MUIRE ann Seilbh reim na Gloire, O cad e an barr solais gan teoradh a bheith ag feuchain air Dhaonacht shar-naomhtha ar Slanuightheora IOSA CRIOST,
agus air Ghloire agus air Mhor-sgeimh an Choirp fhior-uasail ud, air a mBidhid na hAingil le taithnemh ag feuchain; ce gur gne-mhilleadh agus gur cuireadh as cruth, agus as comhsamhlacht Dhuine air an gCrois e, air ar soin-ne. "As Dearbhtha," (a deir Naomh BEARNARD,) "gur ab Nidh lan de Mhillseacht agus de sholas, an uair a bheidhid na Daoine ann sud, ag feuchain agus ag amharc air Dhuine mar ab e Cruthuightheoir an Duine agus Ard-Thighearna gach uile nidh do cruthuigheadh." Is gnathach linn a mheas gur ab mor an Onoir dar gCineadh, duine eigin dar nGaoltaibh d'Fhaicsin na CHAIRDINEAL no na PHAPA. Nois Cad e an mheid nios mo iona sud d'Onoir dhuinne, an Tighearna ud d'Fhaicsin nar be ar bhFuil agus ar bhFeoil fein e, agus e na Shuidhe air Dheas-laimh a Athar air Ard-chathaoir lonnrach na Gloire, agus e na Righ Neimhe agus Talamhan? O le cad e an Solas mor-iongantach a seasochaid Daoine a measg na nAingiol, an uair a chidhfid siad nach Aingeal acht Duine e Tighearna an Tighe, agus Cruthuightheoir ard-chomhachtach gach uile Nidh? oir, madh mheasaid Baill na Collainne gur ab onoir doibh
fein, gach Onoir da dTugthar da gCeann, (a dTaobh an Choimh cheangail a ta eadar an Ceann agus iad fein) Cionnus a bheidheas an Cas ann sud, mar a bhFuil a leitheid sud de Dhluithcheangal eadar an Ceann agus na Ballaibh? Cionnus oile do bheidheadh se, acht go measfadh an uile Naomh da bhFuil ann sna Flaithis, gur'b I Gloire a Tighearna a Ghloire dhilis, sbesialta fein. Beidh an Luthghaire ud chomh mor san, ionnus nach feidir le hAon-neach airiomh na insin do dheanadh air, mar as dual na is coir. Nois Cia bheidheas chomh seunmhar soin is go measfuighe fioghantach e, air Sheilbh d'Fhaghail air an uraid ud Solais, Sasaimh agus Aoibhinnis? O se mo Dhiombadh! gan tu mar mo Dhearbh bhrathair, ag deol Ciocha mo Mhathar; ionnus go bhFaghainn tu a muigh agus go bPogfainn tu le Puisinibh an Chaoin-duthraicht; agus go nDeanfainn tu a dhluth-fhasgadh leam Chroidhe le Trean chuisleannaibh searc-chomannacha an Ghradh. O Thighearna shar-mhilis, ghradhmhair, Ca shoin a thiucfas an La aoibhinn solasach ud? Ca shoin a thaisbeanfad me fein ann do lathair? Ca shoin a bheidh me lionta
le'd Ail-mhaise? Ca shoin a bheidh me ag feuchain air do Ghnuis, air a mBidhid na hAingil ag feuchain le Solas agus le Taithniomh? A nois cad e an Gairdeachus os a chionn sud go hIomlan, Glan-radharc a bheith air an Aighe Dhiadha ud, nar'bi Preamh agus Tobar, Ghloire na nAingiol, gus na Naomh? Is dearbhtha gur ab mor na hAdhbhair a gCeann coimh lionadh agus criochnughadh na Gloire na neithe ud air ar labhramuir go dTigh seo: acht is beag iad a gComparaid le Glan radharc DE uilechomhachtaich. A ta se sgriobhtha a dTaobh ISSACHAIR, Mac IACOB, "Go bhFacus do go madh mhaith an Nidh e Suaimhneas; agus go raibh an Talamh sar-mhaith; agus da bhrigh sin do chuir se a Ghuaille chum Saothair, agus luigh se fa Chanachas." Ta Gloire agus Suaimhneas na Naomh go maith, acht an Talamh do bheir an Suaimhneas ud leithe mar Thoradh, is I as fearr ann san gCeim is ro airde; Oir, is si an Talamh so air a bhFuilmid ag tracht, Gnuis agus Ailsgeimh DE mhoir, uile chomhachtaich; nar ab ona Ghlan-Radharc agus ona Leur-amharc do thriallas agus do thagas Gloire agus Samhshuaimhneas na Naomh. As se an Glan-radharc ud DE
uile-chomhachtaich, an tAon-nidh-amhain ann a aonar le'r ab feidir suaimhneas iomlan do thabhairt dar nAnumnaibh. Oir, is maith is feidir le Millseacht agus le hAoibhinnteacht na gCreatur, solas do thabhairt do Chroidhe an Duine, acht ni feidir leo go brathach e leorshasamh na lionadh. Mais-seadh, madh dheanaid na Neithe ud air ar labhramuir roimhe seo, an uraid ud Dolais agus Aoibhinnis do thabhairt duinn, O go de mheid nios mo iona sin do dheanfas an Nidh sar-mhaith sin solas do thabhairt duinn, noch do choingbhidheas ann fein, Iomlaine agus Suimeamhlacht na nUile neithean maithe! Agus madh ta Lom-radharc agus amharc amhain air na Creatuiridhe ud a ta ann Seilbhreim na Gloire, na nidh chomh hAlainn, mor-dhalach sin? O cad e an barr gloire do bheith ag feuchain go siorruidhe air an Aighe Dhiadha sin agus ? air an tSolus sar-Ionnrach ud; agus air Ail-mhaiseadh mhor-iongantach De mhoir uilechomhachtaich, anna bhFuil an uile Short Sgeimhe, Ailne agus Deise ag soillsiughadh ann a Lan-dheallradh? O cad e an Radharc glormhar a bheith ag
amharc air Shubstaint agus air Naduir DE fein a ta chomh mor-iongantach, chomh hAonda sin ann fein, agus chomh so-ghradhmhar, so-rannta sin le na chreatuiridhibh; agus a bheith ag faicsin Run-diamhair na TRIONOIDE sar Naomtha le hAon-Radharc, ann san Naduir agus ann san tSubstaint Dhiadha, cheadna sin? Gloire an Athar, Eagna an Mhic, agus Maithios agus Gradh an Sbioraid Naomhtha. Ann sud chidhfimid DIA; agus ann DIA chidhfimid sinn fein, agus gach uile nidh oile. A deir Naomh FULGENTIUS gur ab mar a chidhean an Duine sin ag a mBidhean Sgathan os a chomhair, an Sgathan agus e fein 'san Sgathan, agus gach uile Nidh oile a ta os comhair an Sgathain; gur ab mar an gCeadna an uair a bheidheas an Sgathan fior-ghlan ud Mhordhachta DE uile-chomhachtaich os ar gComhair-ne, chidhfimid gach uile Nidh oile a ta air an dTaobh a muigh dhe, do reir (mead no luighiod) an Eoluis agus na hAithne bheidheas againn air. An sud beidh fonn ar dTuigsiona ag suaimhniughadh, agus ni shanntgobadh si go deo Eolus dFhaghail air nidh air bith oile, do bhrigh go mBeidh gach uile nidh aici ann sud os a comhair,
dar ab feidir Eolus d'Fhaghail air. Ann sud beidh An-dul ar dToil sasuighthe, ann a bheith ag gradhughadh na hArd-mhaithiosa iomlaine, gheineralta ud, ann a bhFuilid na huile neithe maithe cuimsighthe, agus ann a Eagmuis nach feidir nios mo Maithiosa do shealbhughadh. Ann sud beidh ar Mianna ag suaimhniughadh, agus ag faghail sasaimh fhoir-lionta le Bluire beag de'n Ard sholas ud, do lionfas Beul ar gCroidhe, ionnus nach feidir leis nios mo do shanntughadh. Ann sud tabhairfear Luachsaothair agus Cuiteamh iomlan do na tri Subhailcibh diadha so. Iodhon, Creidiomh, Dothchus agus Carthannacht, le ar onoruigheadh DIA uile-chomhachtach air Talamh; an uair do thabhairfear ann sud, do'n gCreidiomh mar Luachsaothair, a bheith ag feuchain air DHIA aighe air aighe; do'n Dothchus tabhairfear Seilbh siorruidhe air, agus do'n gCathrannacht Mhi-iomlan, tabhairfear ann sud. Cathrannacht ann for-liontacht a hIomlaine. Ann sud beidhid na Fior-aoin ag faicsin, ag radhughadh, ag sealbhughadh agus ag molladh DE uile-chomhachtaich. Ann sud beidhid lom-lan gan Craos, agus ocrach gan riachdanas. Ag sud an Ait a
a mBeidhfear ag sior-ghabhail agus ag soghsinneadh an Abhrain agus an Cheoil ud do chualaigh Naomh EOIN, ann sna Taibhreadhaibh agus ann sna Taisbeantaibh do fuair se o DHIA. Agus is se ainm do thug se air an gCeol ud. Quasi Canticum novum," se sin, Mar do bheidheadh ceol no cantain, nuadh. Oir ce go bhFuil agus go mBeidh choidhche, an Ceol agus an Chantaic ud, mar an gCeadna (san mheid gur ab aon-mholladh amhain comh-choitchionn e, a ta comh oireamhnach do'n Aon-Ghloire sin a ta comh choitchionn do'n gComhluadar bheannuighthe ud go hIomlan) fos beidh se nuadh go deo, tridh mheid a Bhinneachta a Thaithneamhachta, agus a Aoibhinnteachta. Oir, feuch, is se as Deagh-bhlas ceadna fuaireadh air, air dTuis, do gheabhthar air feadh Shaoghal na Saoghal gan Chrioch. Ni dheanfadh Aoibhneas na Naomh a ta a bhFlaitheamhnas, feochadh na laghdughadh go deo; ni mo, ni rachaid a gCoirp choidhche, ann Eiglidheacht na a Seandacht. Oir, an te sin do thug do'n Aedhear, agus do Sbeir na bhFlaithios a bheith oigeanta, fionn-fhuar agus nuadh, tar eis go bhFuil se na Milte Bliaghain
o cruthuigheadh iad; tabhairfeadh se mar an gCeadna do Bhlaith-Choroinn na Naomh a bheith oigeanta, beo-dhathach agus blaithchubhartha, ionnus nach deanfadh si go deo seargadh meachadh na feochadh. Do reir mar d'Foillsigheamuir roimhe seo, as o Ghlan-radharc na Mordhachta Diadha so, do thig Gloire sbesialta na Naomh, no na nAnumnacha beannuighthe a ta a bhFlaitheamhnas. Gidheadh ni mheasan ar mBreithiomh fhior-cheart, agus ar nAthair caoin-trocaireach, go bhFuil se go leor do, Gloire do thabhairt da nAnumnachaibh amhain, acht mar an gCeadna, le hOnoir doibh sin, sinfeas agus leathnochas se amach a Staideamhlacht, a Aird-reim agus a Fheile nios sia, fiu chum Gloire thabhairt da gCoirp; agus mar an gCeadna ag tabhairt Slighe agus ionnaid ann a Phalas fhlaitheasamhuil, mharthannach, rioghamhuil do Bheathaighibh. O a Ghradhuightheoir na nDaoine! O a Onoruighe na nDeagh Dhaoine agus na bhFioraon? O cad a ta le deanadh ag ar gCoirp dhreoidhte, bhreuna, (budh choradh a mBeith ceangailte ann Stabla a measg Beathaigheach agus Eallaich) ann Seun-Rioghacht na bhFlaitheas, leir-tharaingthe amach ann Gloire, a
gComhluadar na nAingiol? O Thighearna fag Luaithrean bhFochair Luaithreamhain, oir, ni shamhluighean se deas na dathamhuil go gCuirfidhe an Talamh os cionn na bhFlaithios. ...cailin, banoglach, Handmaid - fonóta le innilt... Acht an Te sin a dubhairt le ABRAHAM, "Tabhairfeadh me onoir do ISHMAEL, agus deanfadh me iomadamhuil e, d'aimhdheoin gur be Mac na hInnilte e, mar gheall air chuid a bheith aige dhiotsa." Taisbeanfas se mar an gCeadna na Fabhar so, dho Choirp na Naomh, mar gheall air an nGaolmhaireacht a ta idir iad fein agus a nAnamnacha. Is se Toil ar dTighearna, go mBeidheadh an Cholan do bhidh air an Saoghal so, ag iomchar Trom-ualaich an uile short Cradh agus Pianadh, mar aon leis an Anum, rann phairteach leis, mar an gCeadna ann Oighreacht sior mheidhreach an Ghloire, agus do reir mar do chuir an tAnum e fein ann Oireamhuin do Thoil DE air an Saoghal-so, ionnus go dTagan se na dhiaigh sin, chum a bheith comh phairteach le DIA ann a Ghloire; Is mar an gCeadna do'n gCollan do bhidh (contrardha da Naduir) Umhal, Odhmhosach do Thoil an Anuma, deanfar Comh-Phartach leis an Anum I,
ann Gloire na bhFlaithios an uair a dheanfas si eiseirghidh o'n mBas. Agus Sealbhoghaid siad, mar a deir an Faigh saidhbhris dubalta ann a dTir agus ann a nDuithche fein; Is se cialluighthear leis sin go bhFaghaid siad Gloire Anuma agus Coirp. Nois cad as feidir linn a radh air aon chor, a dTaobh Ghloire na gCeudfadh? Beidh a Gloire dhilis fein ag gach Ceudfadh dhiobh. Deanfar na Suile dh'Athnuadhchan, agus deanfar nios Glaine ghille iad, na Lonnruighe na Greine; chidhfid siad na Palais Rioghamhla ud, na Coirp ghlormhara ud, agus na Machairidhe maiseamhla, blaith-ghleigiola ud; mar aon le a niomad dochuimsighthe dhe Neithibh oile ailne, deagh mhaiseacha a ta ann sud le faicsin. Beidhid na Cluasadh go deo ag eisdeacht leis na Ceolta agus leis na hAbhrainn bhinne, mhilismheidhearach ud, a ta ionamhuil air Throm-shuan do chur air an Domhain go hIomlan. Beidh an Boladh mar an gCeadna ag faghail an uile short sasamhlaicht o Dheagh-bholuighthe, bhlaithchubhartha an Ghrianain ud; agus is neamhchomhsamhuil an Chubharthacht ud leis an
mBoladh is Cubhartha do thugaid Neithe smuitcheodhacha an tSaoghail-seo uatha; acht Taid siad coimh-oireamhnach do Ghloire na Cathrach Greidhionnach, Grian shoillseach ud na TRIONOIDE. Mar an gCeadna beidh an Blas ar na shasamh le Millseacht dhian-bhlasda agus le Taithneamhacht, ni chum iad do choimhead na mBeatha, acht chum coimh-lionadh agus Foirfeachta a nGloire. A nois, cad e an Gairdeachus an meanmna, agus an Mheadhair, do bheidheas air an Anum, an uair do bheidh se ag leur-smuaineadh agus ag dearcadh air gach Pianadh agus air gach Cruadh-chradh do thug se dho fein air an Saoghal, agus air gach Pleisiuir (na mairfeadh acht Noimeant) do dhiultuigh se air fein, acht a nois na nAit sin go hIomlan, go bhFaicean se e fein baidhte agus sloighthe suas, ann san Tobar dhoimhinn sin, O a rithean Fairge mhor-lionmhar, fior-aoibhinn na Gloire; agus gan deireadh na Crioch a bheith choidhche air an uraid ud Solais gan Teoradh. O Throm-shaothair agus a Phianta nar ab suairc doibh sin do fhullaingeas sibh! O Dheigh-Ghniomha do gheibhean Deagh-chuileamh
agus Luach saothair gan Teoradh? O Shaidhbhris da madh chora fonn agus gnaithmhiann duilmhear a bheith chughad, na bheith ag ard-labhairt ort; agus budh choir a cheannach le Mile Bas d'Fhullaing, da m'Fheidir maireachdan an uraid Saoghalta is thabhairfeadh an uraid ud Bais do Neach. Acht Feuchamaois a nois cad e an fad Aimsire do bheidh an Mhor-Ghloire agus an tArd-sholas seunmhar ud le sealbhughadh. Budh choir go gCuirfeadh an Nidh seo ann aonar, d'Fhiacha orainn sgreada amach; agus fonn do ghlacadh, go dTuitfeadh Trom-chiotha an uile short Amhgair, Leathtroim, Pianta agus Tromshaothair anuas orainn chomh tiudh le Clochaibh sneachta ag teacht os na Sgamail, ionnus go nDeanfadhmaois Toil agus Reir DE uilea-chomtaich, ann san mBeatha dhiombuan, ghearrshaoghlach so; O a ta se chum a leitheididhe sud de Thiodhlaicidhe agus de Thabharthuisidhe do-mheasda do bhronnadh orainn ann san mBeatha mharrthannach a ta le teacht. Mairfeadh an Luach saothair Ail-ghloire agus Seunaoibhinnis ud, a ta le Faghail a bhFlaithios, an
uraid Bliaghan agus a taid Reulta ann Fiormailtigh, agus ann Sbeir na bhFlaithios, Duilleoga air Chrannaibh, agus Caithninidhe ann san nGath-greine; Mairfeadh se ceud Mile Milleon Bliaghain ann aighe gach Braoin Fearthana dar thuit riamh air Talamh, agus an aighe gach Braoin-uisge san bhFairge, agus nios sia go mor; ann Focal mairfeadh se chomh fada is mhairfeas DIA fein, se sin go siorruidhe gan Chrioch Saoghail. Oir a ta se Sgriobhtha mar so; "Beidh ar dTighearna ag riaghlughadh feadh shaoghal na saoghal." Agus ann ait oile; "Do Rioghacht so, as se Rioghacht na nUile Shaoghal; agus a ta do Ard-chomhachta ag buan-leanamhuin o chineadh go cineadh." Da bhrigh sin (O Athair na Trocaire, agus a DHIA na nUile Sholas,) Achnuighim ort go hUirisiol umhal, as iocht do Throcaire gan Teora, na Grasa do thabhairt damh maireachdan ag coimh-lionadh do Naomh Aitheanta, ionnus nach mBeidhinn sgartha go siorruidhe lei san tSeun agus leis an nGloire ard-uachtrach ud, a ta le sealbhughadh ann Rioghacht an Aoibhinnis sa gCeolta, na Soillse na Solais, na Meadhaire
agus na nAbhran nGlor-bhinnghuthach. O THIGHEARNA mo DHIA do dheonaigh me chruthughadh do reir d'iomhaigh agus do Chomhsamhlachta fein, agus thug damh Cumas air Aithne agus air Eolus d'Fhaghail ort, ionnus le hEolus do bheith ort go nDeanfainn tu ghradhughadh agus a riar ann so shios ann Gleann na nDeor, ionnus go dToigfea suas me tar eis mo Bhais ann Seilbh-reim na Gloire. Os duit fein do Chruthuigh tu an Croidhe so agamsa, tar agus lion e go hIomlan leat fein, agus na fag sligh ag aoin Nidh oile chum comhnuidhe ann, "Tabhair damh-sa," (O DHIA uilechomhachtaich,) "mo Roinn, no m'Oighreacht ann Talamh na mBro." Na tabhair damh O Thighearna, saidhbhreas na suaimhneas air an tSaoghal dhiombuan so, achnuighim ort, acht leag suas an tIomlan a gCoimhead fám chomhair, ann san mBeatha shiorruidhe a ta le teacht. Ni shantuighim m'Oighracht d'Fhaghail a bhFochair Chlainne RUEBEN, ann Talamh GHALAD, agus mo Cheart agus mo Theidiol air Thalamh na Geallamhna do Chailleamhain. ...Gairm title - fonóta le teidiol...
Aon nidh amhain, O Thighearna d'Iarr me mar Athchuinge ort, agus beidh me ag a iaradh sin ort do ghnaith, se sin, Me do bheith am Chomhnuidhe ann Tigh ar dTighearna, air feadh laethe mo Bheatha go hIomlan. Amen. Crioch. EOIN BULL, CLODHADAOIR, a bPORTLAIRGE.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services