Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cheithre Soleirseadha de'n Eagnuidheacht Chríostuidhe

Title
Cheithre Soleirseadha de'n Eagnuidheacht Chríostuidhe
Author(s)
O'Scoireadh, Seumas,
Composition Date
1820
Publisher
(Port Láirge: Eoin Bull, 1820)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Cheithre
SOLEIRSEADHA
tarraingthe o
Cheithre
LEUR-SMUAINTIGHTHIBH
na
SIORRUIDHEACHTA.
Air na sgriobhadh go bunnudhasach ann
Iottailis le EOIN BAPTISTA MANNI,
dhe Chomhluadar IOSA, agus cur-tha
a mBeurla Sacsanach le
W.V. agus ionntoigh-the
o Shacs-bheulra,
go Gaoidheilg



Le Seumas O'Scoireadh.



PORTLAIRGE:
ar na chur a gClodh le Eoin Bull
1820


L. i


AN TUGHDAR
Do chum an
LEUGHTHORA.



Leir-bhronnaim duit (a Leughthoir le'r ab
miann Slanughadh siorruidhe d'Anma) Cheithre
Riaghlacha catoiliceacha de'n Eagnuidheacht
Chriosduidhe, taraingthe ó cheithre Leur-smuaintighthibh
na Siordhachta. Taid siad cuimsighthe
a mBeagan Focal, agus iad sin chomh brioghmhar
san, ionnus gur feidir liom a dheimhniughadh
dhuit gan Eagla, go nOibreochaid siad
Eifeachtuidhe miormhuileacha ann do chroidhe,
ma leighean tu iad le hAire, agus ma mheadhan
tu iad go beacht a gComhthrom Leir-smuainte
shoirbh, thromdha. Do sgriobhadar moran
Daoine, Trachta fada air an tSiorruidheacht
le a bhFuaireadar deagh-chlu dhoibh fein, agus
le ar slanuigheadh an iomad Anamnacha; acht


L. ii


mar nach bhFuil teora leis an gCusboir so, tar
eis a nDubhradar a ta tuille fos le radh; agus
ni le gach aon neach is feidir na Leabhra mora
do sgriobhadar do sholathar, agus an mhuintir
ag a mBidhid siad is minic nach mBidhean uain
na aimsir aca chum iad do leughadh triotha.



Chum na Firinne do radh, budh choir go
mBeidheadh Eagla oram go rachfainn amugha
ag dul a steach le'm Smuaintighthibh ann AIDHBHEIS
dhoimhinn na SIORRUIDHEACHTA
muna mBeidheadh gur sgaoil Naomh Aibhisdin
Ceirlin ordha a Ughdardhais agus gur thug sé
snaithe dhi dhamh ann mo Lámh tre ar feidir
liom dul a steach go neamh bhaoghlach, agus
teacht amach aris as an gCarcair eachrannach
aimhreidh-so.



Bidheadh gach uile Dhuine, a deir se, ag
trachtadh air an tSiorruidheacht, ni a dTaobh
gur feidir go leor do radh, da mheid is dearfuidhe;
acht mar a ta sé riachdanach nidh eigin do radh
a dTaoibh na neithe sin nach feidir go leor a
radh go brath na thimchioll.



Is feidir liom aon nidh amhain do dheimhniughadh
dhuit go dairireach, chnm d'Foinn do
chorraidhe suas chum an Leabhairin so do léughadh;


L. iii


se sin, d'aindeoin go bhFuil se anbheag
agus sgriobhtha le m pheann so a gCaint shoileir
shimplidhe, go dTabharfas se Oileamhain no
Biadh neartmhar, substainteamhail do'd Anam;
agus a ta Dothchas agam le congnamh Ghrasa
DE, go mBuailfeas, se do chroidhe le DIOLTUIRSE
fhirinneach mar do rin se le moran oile
romhad.



Na bidh tuirseach de bheagan de'n Leabhran
so do leughadh go minic do chum do LEASA
siorruidhe fein; air an adhbhar, (m'áill le DIA)
gur ab mor an chuid is feidir leat do leughadh
an tAm a ghabhan tu ort fein beagan de so do
leughadh agus do leur-smaoineadh.



Cia ag a bhFuil fhios nach deanfadh an Pongc
ceadna do-dhealuighthe-so ionntoghadh amach,
chum a bheith 'na thús ag Line do-chuimsighthe
do shlanughadh siorruidhe.



Chuige sin iarraim Athchuinge bheag, ort
iodhon amharc Sul do thabhairt air, oir chidhean
tu fein go bhFuil se anghearr, agus ionnus go
madh lughaide an tuirse bheidheadh ort, ag a
leughadh, ta sé rannta ann cheithre comhraidhtibh
airighthe, noch do thrachtas air.


L. iv




Shiorruidheacht an Anma,
Sioruidheacht an Choirp,
Siorruidheacht Pharrthais,
Siorruidheacht Ithfrinn.




Is feidir leat amharc sul do thabhairt air an
iomlan no air chuid de, do réir mar is fearr de
shásóchas se thu; acht Achnuighim ort go dairireach
gan leigean do'd Smuaintighthe rioth comhmhear
le'd Shuilibh, acht stad go minic, agus
dean Machtnadh air an nidh 'ta tu ag leughadh,
oir is dearbhtha nach feidir aon nidh bheith nios
mor-thadhbhachtmhaire iona e.



Leughaidh e air an adhbhar sin, achnuighim
ort mar d'olas an tEan-deoch, se sin, na bolgaim
bheaga a ndiaigh a cheile, oir do b'feidir go nDeanfadh
gach uile cheacht de do dheanfuidhe dhileaghadh
agus do chur ann Ordughadh cheart,
Eifeachtuidhe seunmhara, d'Oibriughadh ann
d'Anam.



Go dTugadh DIA na huile Ghloire dhuitse
agus dhamhsa, leir-ghean do thabhairt do Leursmaointighthibh
na Siorruidheachta do-chriochnuighthe,
ionnus go m'Feidir linn maireachdan


L. v


maille le DIA anois, agus air feadh na Siorruidheachta.



A deir an Tighearna DIA, ni hAil liom
Bas an Pheacaich acht go nDeanfadh an
Malluightheoir ionntoghadh ona Shlighe, agus
go mairfeadh se. Ezek.xxxiii.2.


L. vi


An Fear-Friotail
chum an
Leughthora.



A Leughthoir Chriostuidhe, ag so an naomhadh
hUair do cuireadh an Leabhar beag so a
gClodh a mBearla Sacsanach, agus do cuireadh
a gClodh se hUaire agus Fithche 'san Teanga
Iodaileach é. Ni shé is miann leis an Ughdar,
(ni mo, ni she is miann liomsa,) thu do bhreagan
na tharraing chum an Leabhairin seo do leughadh
le Blanndar, no le comhraidhtibh or-bhlaithe,
snasda, foghlamtha do chuirfeadh saobhacht no
Easarlaigheacht air do Dhiol-smuaineadh; acht
is é do b'fearr leis-sin (agus liomsa) do Chroidhe
do shealbhughadh le glan-thuigsin do bheith agad
air Fhirinne do-dhiultaighthe, ann Muinighin go
nGriosfadh se do Chroidhe le Fonn do shlanuighthe
siorruidhe: noch is miann leis ona Chroidhe,


L. vii


do an uile Dhuine dhe gach uile chailidheacht agus
Ghairm agus ionnus go m'feidir leis na Daoinibh
is laige Intleacht agus is uirisle ollamhnacht
an Toradh is miann leis dobhuain o na Shaothar,
comh-ionaon leis an mhuintir is foghlamtha
agus is deagh-thoigthe, admhalan se ann
Reumh-radh no Didhean-bhrollach an Leabhair-seo
ag a chur amach fa Leur-amharc Shuile an
tSaoghail ann Iottailis (mar do gheabhadh tu é
a nGaoidheilg) ann Reim chainte sho-thuigse
shimplidhe.



d'aimhdheoin sin, ni bhFuil sgaith air a insin
duit go dTugan se biadh agus oileamhain shubstainteamhuil,
shar bhrioghmhar do'n Anam; agus
go raibh cheana féin 'na adhbhar le Doilghios
agus Dioltuirse an iomad Daoine, agus a ta muinighin
agam go nDeanfas se an tOibriughadh
ceadna air do chroidhe so. An tAdhbhar fa
nDeir me sin, cuirim a lathair do leir-mheas fein
ann sna Briathraibh so do leanas.



Air dTus, measaim nach ar bhFeidir le aon-Duine
ag a mBeidheadh Deagh-aigne no Sbioraid-mhaith,
fhialmhar, leughadh air, no creadmhail do,
Ghradh do-chuimsighthe DE, ann
Gloire agus Aoibhneas siorruidhe d'Ollmhughadh


L. viii


fá na chomhair mar a taisbeantar go soileir, ann
san gComhrahdh so do leanas, do thrachtas air
Pharrthas; agus ann sin ag smuaineadh air Thrócaire-DE
d'fáig beo e go dTigh an la niumh,
ionnus go m'Feidir leis seilbh d'faghail air an
Naomhthacht sin; agus tar eis a leitheid sin de
Chreadmhail agus de Leir-mheas cionas a deirim
a b'feidir leis a bheith diombuidheach agus mi-chomanach
chomh nAnfhuathmhar sin, is nach
griosfuidhe le Doilghios agus Croidhe-thuirse é
(le Glan-Ghradh do DHIA) a dTaobh mar chur
se é fein chomh minic sin a gContabhairt, a
DHIA chailleamhain air feadh na Siorruidheachta.
Agus samhluighean se chomh deacrach ceadna,
go m'Fheidir le aon Duine da choirbtheacht é,
leughadh air, agus creadmhail do'n Fhuath do-chuimsighte
a ta ag DIA d'onbPeacach, ann Ithfrionn
Siorruidhe d'ollmhughadh fa na chomhair
mar a taisbeantar do mar ann Sgathan ann san
gComhradh do thrachtas air Ithfrionn. Agus
ann san ag smuaineadh air Cheart dho-chuimsighthe
DE, do theilgeas go laetheamhuil Peacacha cruadh-mhuineulacha
sios air bhFior-gCinn go hIthfrionn;
agus tareis a leitheid sin de chreadmhail
agus de Leur-smuaineadh cionas a b'feidir leis


L. ix


a bheith air mire chomh hUathbhasach sin, is
gan a bheith griosuighthe, tre eagla DE amhain,
chum Dioltuirse agus Aithreachais air eagla a
bheith teilgthe go hIthfrionn air feadh na Siorruidheachta.



Insighean an Sgribhinn Dhiadha dhuinn, gur ab
i eagla DE is Tus do'n bhFior Eagna; agus
is dearbtha gur ab i crioch na hEagna, an Charthanacht,
no Gradh DE. Da bhrigh sinn (a leughthoir
Chriostuidhe) muna rabhais eagnuidhe
riamh go dTigh so a nGradhughadh DE ar son
na Gloire a ta olmhuighthe aige fad chomhair a
bParrthas; deanadhmaois an chuid is lughadh
dhe o so suas tuiseach air a bheith eagnuidhe ann
Eagla bheith orainn, go mBuailfeas DIA na
Peannuidighe Siorruidhe orainn a ta stor thaisgighthe
aige fa chomhair na Malluightheoirighe
ann Ithfrionn.



Go sealbhuidhe DIA bhur gCroidhthe so agus
mo Croidhe so le Fior-Eagla roimh a Bhreitheamhnais,
agus le Gradh lasardha da Throcaire;
ionnus le imtheacht saor ona Chruaidh Cheart
a bPriosun dhuimsighthe, dhorcha Ithfrinn; go
m'Feidir linn Seilbh d'Fhagbhail air ann a Ghradh
a gCathair ghrian-aluinn na TRIONOIDE, mar


L. x


a nGradhfamaoid E gan Eagla a chailleamhna
air feadh na Siorruidheachta.



Acht muna nDeanfas sibh an Aithridhe,
beidh sibh uile caillte mar an gCeadna.



Lucas xiii.5.


L. 1


SIORRUIDHEACHT AN ANMA



Oir cread e a thairbhe do Dhuine, da nGnodhuidheadh
se an Domhain uile, agus a Anam fein do chailleamhuin.
Matha.16,26. Rann.



Is si an cheud Riaghail choitchionn taraingthear
o Leur-smuaintighthibh na Siordhachta, Fios agus
Eolus glan-thuigsionach do bheith ag Duine air
an meid is fiu an tAnam, mar aon le Run agus
Intinn mhisneamhuil, chalma, chum Curaim an
Anma do thoghadh roimh churaim na Collainne;
do bhrigh nach bhFuil ag aon Duine acht aon
ANAM amhain; aon Anam amhain ann Aonar;
agus aon ANUM amhain SIORRUIDHE; agus
madh cailltear an tAnam sinn aon uair amhain,
nach bhFuil breith slanuighthe go deo aris air,


L. 2


agus madh slanuighthear aon uair amhain e, nach
feidir a chailleamhuin go brath na dhiaidh sin e.



Air an adhbhar sin is se as miann liom, go
nDeanfadh an te sin, do leighfeas na beagan
Briathra so, dul a steach ann uaigneas smuaintigthe
foluightheacha, dorcha a chroidhe fein,
agus ann sin, chomh maith agus da dTabhairfidhe e,
leis an Leur smuaintighthibh seo, chum
an da DHORUS a ta air an tSIORRUIDHEACHT;
Dorus diobh do fhosglas an tSlighe do threoruigheas
chum na bhFlaithios, agus an Dorus oile
thriallas a gCeann Dhubhaigein dho ghringiolda,
chior-dhuibh Ithfrinn; agus ag a bhFaghail fhosguilte
dho, mar sin le Lamhaibh DE, deanadh
se ag socrughadh a smuaintighthe ann Grinn-breathnughadh
thromdha, air an tSlogaire, gan
Chrioch, gan Fhoir-cheann na mBliaghan agus
na nAimsearach, nach feidir a nAireamh, na
tri Focail so sios 'nar nDiaidh amhain, do labhairt
go minic leis fein, siad sin, Choidhche, Brath,
agus Siorruidheacht.



Ann sin ionntoigheadh se a smuaintighthe chum
a Anama fein do bhreathnughadh, agus chum go
nDuiseochadh agus go musgaileochadh se I, as
chodla agus, as throm-shhuan mharbhthach an


L. 3


Pheacadh, ag radh ann a Intinn fein; o a anam-so
ionumsa, cuimnigh ort fein! cuimnigh go bhFuil
tu Síorruidhe! cuimnigh ort fein a deirim, go
bhFuil tu chum a bheith beo-mharthannach ann
Gloire agus ann Aoibhneas na bhFlaithios, no
daor-dhamanta ann Lasrachaibh dubh-loisgighthe,
dur-Pheannuideacha Ithfrinn.



Cuimhnigh gur ab chum na Siorruidheachta
do ghnodhughadh do chuir Dia air an tSaoghal-so
thu, agus d'fhaig se thu beo go dTigh an
Noimeant ceadna so dhe'd Bheatha; cuimhnigh
gur ab chum na Siorruidheachta do bhuadh a ta
tu mar so, ag troid agus ag deanadh comhraic
ann aighe do Naimhde; cuimnigh go bhFuil tu ag
fullaing Amhgair, agus Cruadh-chradh an
tSaoghail-seo, ionnus go mBeidhfeadh ann Seilbh
Solais agus samh-shuaimhneas na Siorruidheachta;
do bhrigh gur ab e an Nidh, bheith ag fullaing
agus ag deanadh Comhraic ann aighe do Naimhde
air an tSaoghal so ann nach feidir do bheith gan
a bheith a bhFullaingthibh, agus a gComhrac,
na maireachdan chum na Siorruidheachta
d'fhaghail go maith ann Gloire, no go hOlc a
bPiantaibh agus a dTeintibh gheur-lasardha dho-mhuchta
Ithfrinn.


L. 4


Is se an Bas an Dorus, tre a gCaithfir gabhail,
chum dul a steach ann san tSiorruidheacht, agus
muna nGeabhadh tu steach thrid an Dorus do
thriallus agus d'arduigheas suas, chum Rioghachta
na bhFlaithios, acht ann ait sin, gur ab trid an
Dorus dorcha, urghranda ud, do gheabhadh tu,
do thuirlingeas agus do thuitios sios chum an
Phriosuin dhordha, chior-dhuibh, agus chum
Fuirnise chaor theine dheargh-lasta, bhrein-dheataich
Ithfrinn; o a chreatuir mhi-aghmha-raich,
mhi-fhortunaich, as feidir leat a radh an
uair sin mar a dubhairt an tOchtmhadh
HEINRIDHE RIGH SHACSAIN.



"Do chailleamuir an tIomlán."



Do bhrigh an uair a chailleas duine a anum
nach bidhean niosa mho aige le cailleamhuin,
na le gnodhughadh.



Air mBeith dhuit mar so ceimnighthe agus
arduighthe ann Sbioraid agus Intinn, a gCeann
DHOIRSE na Siorruidheachta, teidh asteach
ann Leir mheas na Siorruidheachta ceadna sin,
coisceim a nDiaidh coisceime, agus meadhaigh
go maith ann d'Intinn, cé go bhFuil an tSiorruidheacht
gan Chrioch, gan Teora, do bhrigh


L. 5


go gCoingbhidhean si inte fein Saoghalta
do-chuimsighthe, Bliaghanta do-chuimsighthe, Miosa
do chuimsighthe, Laethe do chuimsighthe, Uaireanta
do-chuimsighthe, agus Noimeantuidhe do-chuimsighthe;
agus Noimeantuidhe agus uaireanta,
Laethe, agus Miosa, agus Bliaghanta, agus
Aimsearacha do-chuimsighthe, air dho-chuim-sightheacht;
fos tar eis an uraid sin Doimhinn-smuaineadh
do dheanadh air an tSiorruidheacht,
chomh maith is da m'Feidir I thuigsin, no chuim-siughadh
le hIntleacht dhaondha; fos a a ta dha
fhocal Cainte ann, do choingbhidheas ionnta fein
Lan-reim na Siorruidheachta; acht ni bhFuil
Teoradh le cur, na cuimsiughadh le deanadh air
an meid do chialluighid is da Fhocal sin; siad
soin;



Bráth agus Choídhche, Choídhche agus Bráth.



O a Iosa Mhaith! cread i an Fhairge, gan
Ghringiel, gan Bhonn, gan Traigh, gan Cuan,
gan Tir, gan Ceann-Aimsire, na Crioch le faghail
choidhche uirthe.



O go de mar a bhuailid Cuisliona, agus Air-tireadha
mo Chroidhe; agus mar a criothaid,
Feitheacha mo Choirp; agus mar a dheanann mo


L. 6


chuid Fola teachtadh agus Sioc-fhuaradh ionnta,
an tAm do buairthear mo smuaintighthe le me fein
do theilgean sios ann Leir-mheas mheabhruightheach
na bhFocal ud Choidhche agus Brath, ann
a bhFuil iomlaine Bhliaghanta na Siorruidheachta
cuimsighthe.



An Brath so nach beidh crioch choidhche air;
an Choidche so do bheidheas ann go Brath;
an Brath so nach ar cheart d'imtheacht Choidhche
o ar gCuimhneadh; an Choidhche so budh
cheart do bheith socruighthe go Brath ann ar
nIntinn; an Brath so mar Chloidheamh rinngheur,
bharr-chaol do Leur-ghonas Anmnacha
na bPeacach; an Choidhche-so mar Dhealg no
Spion gheur-nimhneach, do sbreagas, agus do
chorruigheas suas Croidhthe na bhFior aon; an
Brath so le dluith-fheuchain na hIntinn air,
do chuireas crith-eagladh agus sgannra, ar an
Dream do bhidheas easuraimeach, easumhail do
DHIA; an Choidhche so do chuireas Criothnamh
agus Faitchios, air na Piolloireadhaibh is teine,
agus air na hAodhaireadhaibh is airde ann
Eagluis CHRIOST: an Brath so chuir d'Fhiacha
air Dhaoinibh, comhluadar agus breug-aoibhinneas
an tSaoghail do threugbhail, agus dul ann uaigneas


L. 7


Fasaich agus Sleibhte; an Choidche sin, do lion
Mainistreacha le Daoinibh riaghalta, naomhtha;
An brath-so, thug air na Maighdiona a nGeanmnuidheacht
don chongbhail go buan do DHIA,
agus diultughadh dho Phleisiur cealgach na
eolna: an Choidhche-so do thug air na Mairtireachaibh
Fuil a bhFeitheach go leir do dhortadh;
an Brath agus Choidhche-so, nar ab
smuaineadh ortha Amhain, do rinne an uraid
sin Naomhthacctha do gheineamhuin, agus an
uraid sin Ionracuis agus Neimh-chionnta d'oileamhuin
agus do chothughadh ann a bhFiorghlaineacht.



O a Bhraith, o a Choidhche, o a Choídhche, o a Bhraith!



Go brath ni dheanfas an Duine sin Peacadh, go
bhidheas ag sior-smuaineadh ort.



O Choidhche!



Choidhche ni dheanfas Aoin-neach Peacadh do
bhidheas ag dearcadh go buain-sheasamhach ort.



O Choidhche! o Bhrath! o Shiorruidheacht!



Nois a Chara ghradhmhair, gheibhean tu thu
fein, mar a deurthaoi ann Ceart-lar na Siorruidheachta,
ag nach bhFuil Lar ar aon-chor;


L. 8


agus do smuaintighthe liontadh le hIongantas, le
hUathbhas, agus le sgannra; fiafruigh dhiot fein;
cread e an Nidh an tSiorruidheacht-so, no cread
e an fad do mhairfeas si gan deir bheith leithe.



Is siothbhuaine, agus is sior-leanmhuin an
tSiorruidheacht, do bheidheas go deoigh a lathair!
La Siorruidhe, buan-chomhnuightheach, air nach
beidh Crioch Choidhche! Leir-ionntoghadh agus
Sior-ghluaiseacht Bliaghan, do dheanfas filleadh
tar a nais chum toiseach aris! Fainne nar ab e
a Lar go brath, agus a Thimchioll Choidhche!
do bhrigh go deoigh agus Choidhche, nach feidir
Criosluighthe, na Teoradh chur go brath na
timchioll. Neamh-aisdrightheacht bhuan-sheasamhach,
agus Buain-sheasamhacht dho-ais-drighthe.
Compas comh-chruinn, air nach feidir
Críoch na Deire d'Faghail; Roith do bhidheas
ag sior-ionntoghadh agus nach stadann go deoigh!
Tobar do bhidheas ag sior-bhunnughadh, agus
do ritheas sios na srutha gan teoradh: anois
ag ardughadh suas na Romhurta, agus ann sin
do thuitios sios aris na Mallmhuir, ionnus go
dToiseochadh si ag sgeith aris, gan sgur go brath
de bheith ag lionadh agus ag traghadh! Tiobruid
neimh-dhisgtheach o a sillean Abhainn


L. 9


sior-shiubhlach, siorsgeithmhear
na mBeannocht millse nDeagh-bhlasda, no na Mallacht nGeurshearbh,
nDaor-dhamanta! Nathair nimhe do
bhaineas Greidhm as a Earball, agus a dheanas
a Oige d'athnuadhughadh, do thionsgnuidheas
do ghnaith ann a Chrioch, agus nach Criochnuighean
Choidhche chum tosnughadh, agus
nach tuisighean go Brath chum Criochnughadh!
a Shiorruidheacht gan chrioch!



Budh mhiann leat fios d'fhaghail cread e an
Nidh an tSiorruidheacht, agus fuair tu fios air,
gan fios do bheith agad cread e an Raed i. Do
bhrigh nach feidir leis an uile short Comh-samhlachtuidhe
agus Comparaidighe da nDeinthear
usaid do chum na Siorruidheachta do leur nochtadh
dho thuigsin na nDaoine aon nidh air aon-chor
do radh mhineochadh i, biodh da mheid
is deurthadaois. Oir muna bhFuil Gaolmhaireacht,
na Comhsamhlacht eadar Siongan agus
Trod, (an Beathaigheach Ceathair-chosach is mo
ar bith) is sgeul firinneach nach feidir comh-ionaonacht,
comh-reire, na comh-imtheacht do
bheith eadar Neithe le a bhFuil Teoradh, agus
Neithe nach feidir Teora na Criosluighthe do
chur na dTimchioll; eadar Neithe dar ab feidir


L. 10


a Nattuir do nochtadh, agus d'fhoillsiughadh,
agus neithe nach feidir; Maseadh do de an
Nidh guidhim thu, is mo tha gan teoradh agus
nios do-thuigsiona iona an tSiorruidheacht,
nar ab i Bunnudhas na Neithean nDo-chuimsighthe i,
no gur ab Do-chuimsightheacht go hIomlan i.



Tar eis Mile Bliadhain, agus tareis ceud
Mile Bliadhain agus tareis Mile Milleon Bliadhain,
agus tareis ceud Milleon de Mhilleonaibh
ceudna Bliadhain; ni feidir dhuit Crioch, Lar na
Tuis na Ciorruidheachta do rochtain; acht
chomh fada agus bheidheas an Talamh 'na Talamh;
agus chomh fada agus bheidhid 'na
Flaithis 'na bhFlaithis, agus chomh fada agus
bheidheas DIA 'na DHIA, (o nach uathbhasach
an Nidhe e so, agus is firinneach e air a shon sin,)
beidh an Drong Beannuighthe ann Lan-reim na
Gloire, agus an Drong damanta ann Caor-theine
dhearg-lasta; agus mar a bheidh DIA 'na
DHIA go Brathach, agus nach stadfas se choidhche
de bheith 'na DHIA, air an adhbhar sin,
beidh an Drong beannuighthe, sior-bheannuighthe,
agus an Drong damanta, sior-dhamanta; agus
ni bhFuighid an Drong damanta fuasgladh go
brath ona bPiantaibh; agus ni chaillfid an Drong


L. 11


beannuighthe go Saoghal na Saoghal, seilbhreim
na Gloire.



O da mbeidhmis ag sior-smuaineadh air an
mBrath agus Choidhche-so! go de chomh hEadtrom
agus chomh noimeantamhuil is thaiseochadh
Aindeise agus Amhgair an tSaoghail dheireoil,
chlaon-so dhuinn; do thabhairfeadh congnamh linn
chum sinn do chur ann seilbh De air feadh na
Siorruidheachta? O go de chomh Curamach is
sheachnochmaois gach uile ghne Peacadh? go de
chomh dioghraiseach, teas-ghradhmhar is bheidhmis
ann sna Deagh-oibreachaibh; agus go de
chomh maith is chaithfeadhmaois an Noimeant
Aimsire so ta do lathair aguinn, air a seasuighean
an tSiorruidheacht d'fhaghail go maith ann Gloire
no go hOlc a bPiantaibh.



Fhosguil o a DHIA Siorruidhe! as iocht do
Mhor-Throcaire thruaighmheilich, Suile ar
dTuicsiona; ionnus go nDeanfadhmaois dearcadh
go duthrachtach, dairireach, agus smuaineadh
go socair, tromdha air, go de chomh do-thomhaiste,
chomh hAn-mhor, chomh sonuidhe no
chomh mi-fhortunach, agus a ta an tSior-uidheacht!


L. 12


Deonuigh o mo DHIA go gCaithfeadhmaois
an Noimeant Aimsire so noch do'd
Mhor-Throcaire gan teoradh do bhronnais orainn,
ann sin tSlighe do chongfadh linn, chum
Siorruidheacht seunmhar do ghnodhughadh!



Deanadhmaois an Nidh-seo d'aithris agus
d'fogairt do an uile Dhuine; cuireadhmaois an
Nidh so a gCeil agus a dTuigsin do na hUile
Dhaoinibh, de dheoin agus air eigionn; deanadhmaois
an Nidh-seo chraobh-sgaoile agus do
sheanmorughadh do chach, ionnus go sabhailfidhe
na hAnumnacha nach siubhlan ann cosan,
no ann cois-shlighe na Siorruidheachta sonuidhe;
acht do ritheas ceann-air-aighe sios le fanadh
Faille Ithfrinn na Siorruidheachta Mhi fhortunaich!
Eisdighidh o a Chriostuighthe! Eisdighidh
o a Phaganaich! O sibhse a Phobail, agus
a Dhaoine a ta dian leachta, agus sgaipighthe
amach air feadh na Cruinne go hIomlan! sibhse
a Dhaoine chomnuigheas ag Criosluighthibh
agus ag Leith-imiollaibh na Talmhan, eisdighidh
na tri focail seo amháin! siad sin, Choidhche,
Brath agus Siorruidheacht!



Is beannuighthe iad so a ta cheana a bhFlaithios
ag faghail sior-skeilbhe ort. O a DHIA


L. 13


siorruidhe! Is beannuighthe iad agus as seunmhar,
do bhrigh go mBeidhid air feadh ceudtha
de cheuda Bliaghain, ag tabhairt Ard-mholladh
dho'd Naomh-Ainm.



O Shiorruidheacht gan Chrioch! O Shiorruidheacht
a ta ard, a Shiorruidheacht a ta leathan,
fairsing, agus doimhian! O Shiorruidheacht a
ta go do-chuimsighthe ard, go do-chuimsighthe
fairsing, agus go do-chuimsighthe doimhinn!
Air an Noimeant Aimsire seo, o a Dhuine dhibiortha
agus a Oilirthich, do Sheasuighean se Beatha
no Bas do ghnodhughadh air feadh na Siorruidheachta;
deanfadh Crois IOSA CRIOST thu
do threorughadh chum na Beatha Siorruidhe;
agus Breag aoibhinneas an tSaoghail-so chum
Bais do-chriochnuighthe. Toghaidh be aca is
fearr leat; a ta se air gCumas duit, agus do reir
do thoile fein, Beatha no Bas do thuilleamhain;
acht cuimhnigh madh is Beatha no Bas do thuilleas
tu, gur ab Beatha no Bas Siorruidhe dhuit
iad? an uair a bheidhir mar seo arduighthe ann
do Smuaintighthibh, (ó Leightheoir) deanfadh
NAOMH CHYROSTOME, Reim ain-shrianta
do ainmhian do chosg on dTreun ligion a ta
fughtha chum Miriaghaltachta agus Oilc; agus


L. 14


dearfadh se leat "Innis damh ca mheid Lamh
agad?" dha Lamh: Go bhFagadh DIA go buan
agad iad; acht o ta dha Lamh agad, ta se mar
sholas agad, madh chaillean ta Lamh, go mbeidh
Lamh oile agad na diaidh. Agus ca mhead Cois
agad? Dha Chois; go gCoimheuda DIA go buan
agad iad, acht dar nDoigh da gCaillfea Cois
diobh le Mio-agh, no le Mi-fhortun, do bheidh
eadh Cois oile agud da hEis. Agus go de liacht
Cluais agad? Dha Chluas; go gCoimheuda DIA
iad sin, mar an gCeadna; acht da gCaillfea
Cluais diobh soin le mi sheun air bith, do bheidheadh
Cluais oile mar chompord agud. Agus ca
mheud Suil agad? Dha Shuil; DIA do chruthaigh
iad, go gCaomhnadh se iad, mar a taid chomh
mor-luadhach-soin dhuit; agus tu chomh
ceannamhuil sin ortha; acht da sgarthach galar
raigeamhuil, foir-neartmhar, Suil diobh leat, do
bheidheadh suil oile da hEis sin agud. Acht
innis damh ca mheid Anum agad? Madh ta
dha Anum agad, is feidir leat aon Anum amhain
do chailleamhuin ann Am, agus beidh ANam
oile agad le slanughadh na dhiaidh sin. (O mo
DHIA) Nil acht aon Anum Amhain, agus an
tAon-Anum-soin siorruidhe; agus madh chaillean


L. 15


tu ann tAnm-sin Aon uair Amhain, nil
Anum air bith oile agad le faghail go Brathach
na dhiaidh sin. Agus madh shabhalan tu an
tAon-Anum-Amhain sin a ta agad, is fiu ceud
agus Mile Anum duit e; acht madh leigean tu
amughadh e sin, beidh se caillte air feadh na
Siorruidheachta. Madh shabhalan tu e sin,
beidh se Slanuighthe go Siorruidhe, an uair a
bhidheas an tAnam Slanuighthe aon uair Amhain,
ni bheidh Eagla air Neach, go gCaillfear go
deoigh na dhiaidh sin e; agus an uair a bhidheas
an tAnum caillte aon uair amhain, nil maith Suil
na Dothchus do bheith le na Shlanughadh go
Brath na dhiaidh sin.



O a Chriostuidhe, ca bhFuil do Chreidiomh?
ca bhfuil do bhreathnughadh? Ca bhFuil do
chiall? Tagadhmaois a nois go dluith chum an
Phoinc air a bhFuilmid ag tracht; ann so stadfadh
me thu, ni chaithfe tu teithe uaim; acht
innis damh; An gCreidean tu an tSiorruidheacht,
do nach gCreidir? Acht muna gCreidean
tu I, mo thruaigh! ni chreidionn tu go leor. Ann
san am gCeadna a dTaisbeanan tu gur ab mo an
meas a ta agad air, agus an Speis do chuirean tu
ann beagan Troighthibh Talmhan; agus ann


L. 16


beagan Deataich agus Smuit-cheo Onora; ann
beagan Pleisiuir diombuana; agus a mBeagan
Cre-bhuidhe, iona ann d'Aon Anum Amhain,
bocht, Siorruidhe; Creid an meid-so agus ni
iarfadh me nios mo ort.



Agus madh Shamhluighid na Focail so ro-iomarcach
dhuitse (do mheasas d'Anum a bheith
nios lughadh na Salchar na Talmhan a ta tair,
dimheasda) chum a gCur mar ualach air sa
Chuimhne, beidh me leorshasuighthe, madh
thugan tu Loistin agus Aoidheacht chaidreamhuil
ann do chroidhe, do'n da fhocal so do leanas,
siad sin, Aon Anum amhain agus Aon-Anum-Siorruidhe.
Mar seo an uair do chealgaid
cathuighe thu, an tAm a mheallaid Cusboireadha
thu, agus an tAm do bhreagaid agus do
thairingid na Ceudfadha thu ann Lion eachranach
an AIDHBHEIRSEORA, cuir ort na focail ud mar
Sgiath-dhidhean agus mar Chosnamh ann Aighe
Buillidhe, agus Fraoch-theagbhail do Naimhde,
mar do rinne an tImpire Ceannasach,
treunchomhachtach an cuigeamh Seurlas (do mhaic
ann san cheud bliaghain deighionach d'aois an TIGHEARNA)
cur ann aighe comh-airleachaibh eug choracha Dhuine mhor-cheinnich,


L. 17


mhichreidmheach, do bhidheadh ag Riaghlughadh
na Criche mar aon leis; ann san am gCeadna
ar chuir smuaineadh mhor na Siorruidheacht a
d'fiacha air an Impire reumh-raidhte ud a Choroinn
do theilgean da Cheann ag radh; Acht mo Anum!
O da madh toile le DIA, go
nDeurfadh an uile dhuine go minic leis fein.
Acht mo Anum! Acht m'aon Anm amhain!
Acht mo Aon-Anum amhaín Siorruidhe. Cuir a
gCas go mBeidhfadh chomh glormhar, onorach
le ALASDROINN, chomh fortunach le CAESAR,
chomh saidhbhir le CROESUS, chomh breagh,
chomh sgeimheach le ABSALOM; chomh laidir
le SAMPSON; an uraid de ghean is de ghradh
na nDaoine agad le JONATHAN; do Theach
a bheith ag sgeitheadh le iomadamhlacht
Saidhbhris; le Onoir; le Caithreim; le an uile
short Aoibhinnis; Solais, agus Fortuin, da
m'fheidir le'd Chroidhe shanntughadh na smuaineamh;
cad e an mhaith dhuit an tIomlan
díobh san? Oir air an dTaoibh a stigh de
bheagan Laethibh dubh-neullacha, sgamallacha,
ag uair do Bhais, caithfir iad uile do threugbhail
go toilteannach, no ad Aimhdheoin.



Ag an uair sin a Dhearbhrathair ghradhaich!


L. 18


Cad is Crioch do'd Anum; d'od Aon-Anum-amhain;
agus d'od Aon-Anum-Siorruidhe!



Ni gan adhbar is feidir liomsa an Nidh
sin do radh le gach uile Pheacach,
(a dubhairt NAOMH BERNARDINE le CAIN.) "Gur
mharbhaidh se, air dTuis a Chreidiomh, ann sin
a Dhearbhrathair." Is se an tAdhbhar fa
nAbair se sin, de bhrigh nar bhFeidir go dTomthadh
se a Lamha ann Fuil a Dhearbhrathar da
mBeidheadh a Chreidiomh beodha.



Is mar sin duitse a Pheacaich, gach uair da
dTugair Aithis agus Masla do DHIA, marbhan
tu do Chreidiomh air dTuis.



O Anum! Amhain! Siorruidhe!



O Choidche! O Bhrath! O Shiorruidheacht!



"O DHIA tabhair saor m'Anum o'n
gCloidheamh, mo Dhian-Ghradh o chomhachta
an Mhadra." - Sailm.22.


L. 19


SIORRUIDHEACHT AN CHOIRP.



Oir cia be neach le'r ab mian a Bheatha fein
do chumhdach caillfidh se i, agus cia be
neach a chaillfeas a Bheatha air mo shon-sa
gheabhadh se i. Matha.16 Caibidil.25 Rann.



Is si an dara Riaghail choitchionn a ta taraingthe
o Leur-smuaintighthibh na SIORRUIDHEACHTA,
Intinn laidir, dhiongmhalta do bheith
agad, an uile short cradh agus Pianadh do
thabhairt do'd Chollan, ionnus go m'Fheidir
leithe bheith ann Samh-shuaimhneas, agus ann
Solas shuairc na bhFlaithios na dhiaidh so:
agus a chur d'fiacha uirthe an uile short Aindeise
agus Cruadhtain d'Fullaing go foidhneach, fonnmhar
le fior-ghradh do DHIA, ionnus go
m'Feidir leithe imtheacht saor o gheur-fhullaingthibh,


L. 20


agus o Dhaor-Phiantaibh Thire an Dorchadais
agus an An-aoibhinnis Shiorruidhe. (O
Leughthoir!) Madh shamhluighean tu gur ab
cruadh-cheistidhe dorcha, do-thuigsiona, no
gur ab Neithe contrardha do'n cheadfa choitchionn,
an da Fhirinne seo a ta chomh glan, chomh
soilleir le tuigsin, agus ta an Ghrian lonnrach le
faicsin, ag an gCeud Leur-smuaineadh do
ghnidh tu ortha; d'aimdheoin sin, meadhaigh
iad ann Meadh chomhthromach an Chreidimh,
agus gheabhadh tu amach gur ab dha Fhirinne
dho-mheallta iad, is coir duit a leanmhain, agus
a chur a nGniomh, agus a ta eifeachtach, sarbhrioghmhar
chum do chroidhe do leir-ionntoghadh
chum Dé.



An cheud fhirinne: - Tu bheith ag fullaing
air an tSaoghal so, ionnus go nImtheochfadh
saor o Fhullaingthibh Siorruidhe.



An dara firinne: - An uile short cruadh-chradh,
thabhairt duit fein anois ionnus go mBeidhfeadh
ann Gloire, Soillse, agus Solais Siorruidhe
na dhiaidh seo.



Do bhrigh gur ab leis an gCreidiomh do-mhealta


L. 21


ceadna soin, le a gCreidion tu Eiseiridh
na Colna, gheibhmid fios dearbhtha, deimhin-tSiurailte,
go nDeanfar an Corp san do fuair an
uile short Saimhe, Socamhlachta, agus Phleisiuir
ann san tSaoghal so, ag cur feirge air Dhia, do
pheandhosughadh, le Lasrachaibh Teinte agus
Daor-Phiantaibh Ithfrinn, air feadh na Siorruidheachta.
Agus do bhFuighe an Chollan san da dTugthar an uile ghne Cruadhchradh
agus Peandhois air an tSaoghal-so, chun I thoirmiosg o
Fhearg do chur air Dhia, Iomadamhlacht morlionmhar Shoillse,
Sholais, agus Ail-Ghloire na bhFlaithios air feadh na Siorruidheachta.
Air an adhbhar sin, iad so do bheir Mor-chradh da
gCoirp air an tSaoghal so, is ionaon le radh e, agus
go dTugaid an uile Short Saimhe agus Suaimhnis
doibh air an tSaoghal oile. Agus iad so chuireas
dFiachaibh ortha fullaing, air an tSaoghal-so,
coisgid agus saoraid iad, o a bheith ag fullaing
ann caor-lasrachaibh Teine, go deireadh na
Siorruidheachta.



Air an adhbhar sin, madh shamhluighean Teidiol
na Riaghaile coitchionn so, iodhon, Siorruidheacht
an Choirp, neamh ghnathach, iongantach,
agus do thuigsiona dhuit; ceartaigh


L. 22


agus leasaigh locht do Dhil-Smuaineadh, le
Leir mheas glinn do dheanadh; gidh go gCaithfeas
do Chollan cheadna soin (agus ni aon Chollan oile,)
eirghidh air an La nDeighionnach
chuma bheith aith-cheangailte go do dhealuighthe
leis an Anum, chum gan sgaramhuin
le na cheile go brathach le Bas nios mo.



...Samhuil-Smuaineadh imagination - fonóta le Dilsmuaineadh...



Ag so Firinne le feuchain a steach go doimhinn
inte d'Fosglas a gCroidhthibh na bhFioraon,
Cuisle tre a rithean treun-thuile an uile short
Millseachta, agus Sasamhlachta; agus do chuireas
abhainn Domblais gheur-shearbh, tre cheartlar
Anuman na bPeacach. Bidhid na Fioraoin
lan de Luthghaire agus d'Urghairdeas, an uair a
chuimhnighid siad, go bhfuil Luaidheacht-saothair
Siorruidhe ollmhuighthe fa chomhair
annro agus fhullaingthibh noimeantamhla a
gColna agus criothaid na Peacacha le hUamhan
agus le hEagla an uair a Smuainighid siad go
bhFuil Teinte, agus Daor Phianta Siorruidhe,


L. 23


taisgithe fa chomhair a gCoirp do ghradhuigheadar
chomh mor sin, dTaobh an uile short aoibhnis,
sein, agus solais noimeantamhla da dTugadar
doibh air an tSaoghal so.



O faraoir! nach deanan Leur-smuaineadh na
Siorruidheachta Foirm-aistriughadh d'Oibriughadh
a gCroidhthibh na gCriosduighthe; ni Cruth-athrughadh
mar e sin d'Aithristear le Fabhuill
sgealta na bPaganach; acht leir-ionntoghadh
firinneach croidhe, comhsamhuil leis sin a hAithristear
air oig-fhear mearuighthe, diomhaoin,
noch air mBeith dho ag Togbhail Caislein ann
san AEdhear, agus Tuir Ghaoithe air an nGainimh,
do thog ann san am gCeadna Foirgneamh,
(se sin Tigh) bun-dhaingean, buan-sheasamhach
a Shlanughadh Siorruidhe.



Do bhidh an tOig-fhear-so air aimsir airighthe,
gan fhios aige, cad chuige nIonntoghadh se e
fein, mar as gnathach le daoine diomhaoine
bheith, agus e ag tabhairt aoidheachta dona
Milte saobh-smuaintighthe air mheid a aoibhnis
agus a Sholais shaoghalta, ionnus gur sgread se
amach; "O go de feabhais na hAimsire ta
agam ag a sealbhughadh! O go de meid mo
Shein, agus mo fhortuin, da mairfidis choidhche


L. 24


liom! O da madh nidh nach deinfeadhdaois
cailleamhain na teibe choidhche orm! O mo
Leun-chreach nach bhFeudaim iad do chongbhail
agam fein, go deo! Nil uireasbadh
Saidhbhris oram! Is lionmhar, iomadamhuil a
bhFuil de Dhaoinibh muintiordha agam! As
feidir liom Feastuidhe beaduidhe an uile short
Bidh nDeagh-bhlasda do thabhairt do'm Cholan:
Mairim go caith-reimeach, aird-cheimioch, onorach:
Ta an iomad daoine, ag iarradh mo
Mhuinteardhais agus mo Charadais: Tugaim an
uile short sasaimh do'm cheudfadhaibh is feidir
leo do shanntughadh. Is fior go bhFuilid na
Neithe millse, solasacha so, comh-mheasguighthe
le an iomad Neithe searbha, dolasacha. Acht
a gCeart lar an uraid sin "Aoibhinnis agus Pleisiuir,
nil acht aon Nidh amhain do chuireas buaireamh
agus Dubh bron oram, se sin go gCuirfidh an
Bas crioch leo aon la amhain, agus go
sgairfidh se me go Braith le iomlan, na Neithean
so, ann ar mho mo speis agus mo Dhuil. O
Bhais, da m'Feidir liom teitheadh uait! O da
mBeitheadh se ann mo chomhachta, maireachdan
go deoigh chum an tSaoghail so do shealbhughadh,
agus chum me fein do chraos-lionadh le


L. 25


Saobh-smuaintighthibh m'Andulaibh, agus mo
Chlaon-Aoibhnis. O'n doimhinn smuaineadh
so, d'Imthigh se chum Smuaineadh budh mho
de Thadhbhacht iona i. Acht da dTiucfadh Aingeal
as na Flaithis, chugham le Teachtaireacht
O DHIA, agus go nDearfadh liom, tog de
rogha ceachtar de'n da Nidh so do ghnidhim
a thairgsin duit; agus cuir d'Ainm ann Sgribhinn
fa an Nidh sin do ghlacfair mar rogha.



"Is feidir leat maireachdan Se cheud Bliaghain,
ann ceachtar de'n da Shlighe so do leanas;
se sin fanamhuin a bPriosun air feadh Chuig
mBliadhan agus Fithche, agus Trom-ualach
Mile agus Mile Mi-fhortuin ort ann, agus an
chuid oile de na Se cheud Bliadhain, ann Eugsamhlacht
aoibhinnis agus solais; agus air an
Lamh oile is feidir leat maireachdan ag sealbhughadh
an uile ghne Aoibhnis agus Pleisiuir,
agus an chuid eile de na Se cheud Bliadhain ann
Daoinsiun pianamhuil, ag ithe Arain an Dolais,
agus ag ól uisge na nDeor."



Cia aca dhe'n da thairgsin ud do thogfainn
de Rogha? As sgeul dearbhtha, ar se, go
dToghfainn agus go nGlacfainn an cheud thairgsin
mar Roghadh, muna mBeidhinn go leir gan


L. 26


cheil gan Aireachdan; Oir, guidhim thu cad a
an read, an uile short Cradh agus Pianadh d'Fhullaing
air feadh Chuig mBliaghna agus Fithche a
gComparaid leis an uraid ud Ceudtha Bliaghain
Sasamhlachta agus Solais! Da m'Feidir liom le
bheith ag fullaing go foidhneach, an uile short
Anacra agus Aindeise air feadh chuig mBliaghna,
agus Fithche, Chuig cheud, Tri-Fhithchid agus
chuig mBliaghna deug Aoibhinnis agus Solais
do cheannach; do mhairfinn chuig Bliadhna Fithchiod
ann daor-phiantaibh; agus chuig cheud
tri-fithchid agus chuig bliadhna deug ann an uile
short saimhe, Solais agus Suaimhnis.



Air mbeith dho mar so ceimnighthe, agus
arduighthe ann a Leur smuaineadh, do ghabhaigh
ar dTighearna Dia fe ann a Lion, agus do
leirghoin a Chroidhe; thrid is thrid, le Naomh-Ghaethibh
is le saigheadaibh a Naomh-smuaintighthe
Diadha; Oir ag an Noimeant cheadna soin
do chualaidh se guth ag labhairt leis an dTaobh
a stigh de, ann comhradh ciuin, cogarach, na
Focail seo do leanas.



"A Thruaigleanaich bhoicht, gan Eifeacht,
nach bhFaicean tu gur thugais Breath ad aighe
fein? Oir Biodh go dTabhairfidhe dhuit mar


L. 27


Bhronntachus, maireachdan ni Air feadh chuig
mBliadhna agus Fithche amhain, acht fos ceud
Bliadhain, ann an uile short sasaimh, solais,
agus Caithimh aimsire, da m'Feidir, leat a mheas
na smuaineadh; O mo thruaigh! an uair a
bheidh an suim an-mhor Bliaghan ud criochnuighthe,
cread a theagasgas Creidiomh firinneach
duit? Cad a liacht Bliadhain a ta le teacht
na nDiaidh sin? Ni se cheud, na se Mhile,
na se cheud Milleon Bliaghain; Acht saoghalta
agus aimsireacha Siorruidhe, ann a bhFuil tu
chum a bheith ag maireachdan, no ag faghail
Bhais, a gCeart-lar Peannuidighe do chuimsighthe,
do-chriochnuighthe; agus na Peandhois sin
gan Teoradh nios mo iona gach uile Phian da
m'Feidir le Croidhe Daondha mheas na Smuaineadh.
An measan tu gur ab Conradh agus Margadh
comh-thromach, socharach duit e!



Do chuir Leur-smuaineadh an Chomhairimh
Dhiada so, dh'Fiacha air, an Oig-fhear ud, Run
agus Intinn dhiongmhalta do ghlacadh, chum
sgarramhna go hIomlan le na Bhreag-aoibhinnis,
agus cul a Lamha chur go brathach le claonshasamh
an tSaoghail seo.



O! go de chomh samh, solasach, do dheanfadh


L. 28


Leir-mheas na Siorruidheachta, an uile
chradh, agus daor-phianadh aithrigheacha, da
dTugamaoid dar gCoirp air an tSaoghal-se, da
madh nidh nach gCuirfeadhmaois choidhche
a smuaineadh o ar gCuimhne; no an chuid is
lughadh dhe, da dTaibhairfeadhmaois Loistin
di ann ar gCroidhe, mar Thaisdiollach, no
Rod-theachtaire do thiucfadh air aoidheacht
chughainn! O a Chriosduighe ann san mheid go
nGradhuighean tu (ni dheirim) d'Anum, acht do
Chollan, guidhim thu, leir-mheabhruigh na
Briathra so go minic an d'Intinn, siad sin,



Beatha ghearr-shaoghlach; Beatha shiorruidhe,
Fullaingthibh anna ghearra; Sasamh siorruidhe,
Sasamh moimeantamhuil; Daor-phianta siorruidhe.



Madh bhidhean do chollan ag ceisniomh ann
aighe Troisge, is feidir leat Meanmna, agus
Luth-ghaire do chuir uirthe, le smuaineadh air
Fheastuidhibh suairce, sior-bhuana na bhFlaithios:
Ma dheanan si cruadh ghearan leat, a
dTaobh gan I bheith eaduighthe go breagh,
sgeimheach do reir nois an tSaoghail so, tabhair
solas di le smuaineadh air Sdol na do-mharbhtheachta,
agus na Soluis-Eadaighe siorruidhe:
agus madh bhidhean si ag deanadh Gleo agus


L. 29


Caoidh ghuil, tre mheid a Cradh agus a hAindeise
is feidir leat an uile Dheoir diobh, do
nigheadh chum siubhail ona Suilibh, le smuaineadh
air Ghloire, air shuairceas, agus sir sholas
aoibhinn, na bhFlaithios a ta agad le sealbhughadh,
go criochnughadh na Siorruidheachta.



Do fiafruigheadh de Zeuxis, an Lidhealbhthoir
ar an Peinteir tasgamhuil cread fa ar choimhead
se a Iomhaighthe agus a Phictiuiridhe
chomh fada sin, ag a gCriochnughadh fa na
CHLEITEAN: Thug se mar fhreagra gur ab
e an tAdhbhar fa raibh se chomh fada ud ag a
dTarraing, do bhrigh go rabhadar chum maireachdan
chomh buan-dhathach leis an tSiorruidheacht.
Tuigeadh an Chollan da bhrigh sin
nach bhFuil Iomhaigh air bith da dTaireongadh
si air an tSaoghal so, nach mairfeas chomh buan
leis an tSiorruidheacht; Nach fuil Bron, Amhgar
na Aindeise da bhFuileongadh si le glanghradh
do DHIA nach Taraing cleiteain e, le
hIntinn an tSiorruidheacht, d'Fhaghail go maith
ann Seun-Rioghacht na bhFlaithios: Agus nach
bhFuil Peacadh graineamhuil air bith da gCiontuighthear
le sasamh agus le Gradh do na ceudfadhaibh
nach taraing Cleitein e, le hIntinn an


L. 30


tSiorruidheacht d'Fhaghail go hOlc, ann Mi-fhortun,
agus ann Daor-Pheandhois siorruidhe
Ithfrinn. Air an Adhbhar sin, se Dian-fhonn mo
Chroidhe, go mBeidheadh an tSior ghluaiseacht,
agus an Corruighe-comhnuightheach ud le faghail
ann beatha sbioraidealta, do mheas na hEICSE
d'Fhaghail amach ann san naduir; se chialluighim
leis sin, go mBeidheadh Suile ar gCoirp
le bheith ag Sior ghluaiseacht sios agus suas
ann san gCorruighe comhnuightheach sin, agus
an Croidhe agus an Intinn do Bheith ag a
gCoimhdeacht, agus an Teangadh, aga leanamhuin,
ag sior chogar na bhFocal so do leanas.



Flaitheamhnas, Ithfrionn, La agus Oidhche,
chum a bheith ag fullaing, agus ag
denadh Gairdeachais, Beatha agus Bais
Siorruidhe.



Bas gan Beatha; Beatha gan Bas; bheith
ag deanadh Gairdeachus gan Fhulluing; agus
ag Fullaing gan Gairdeachas; Oidhche gan
La; agus La gan Oidhche; agus Oidhche,
agus La; agus Fullaing agus Gairdeas;
Beatha agus Bas Siorruidhe.



Ni bhFuilmíd a nois (O a Leughthoir ghradhach)


L. 31


ag trachtadh air Ghlinn-fheuchain Neithe
neamh-chorpordha, sbioraidealta, nar bhFeidir
leat a leigean ort fein, nach dTuigean tu iad,
do bhrigh go mBeidhdis ro-ard, ro-dhorcha dho'd
Intleacht lag chum iad do thabhairt fa deara:
acht tamaoid ag trachtadh air do Chollan, air
do Fheoil, air do Bhallaibh, agus air do Cheudfadhaibh.
Agus insighthear duit anois roimh-rae,
go gCaithfe do Chollan, d'Fheoil, do
Bhaill agus do Cheudfadha do rinne tu d'Oileamhuin,
agus a ghradhughadh chomh mor sin, a
bheith ann Spas beagan laethe de Bheatha
bhidheas ag sior-fhaghail bhais, no dhe Bas
beodha, ceachtar diobh, ann Seilbh Lae siorruidhe,
no Oidhche Siorruidhe; Fullaingthibh
Siorruidhe, no Urghairdeachus Siorruidhe;
Beatha Shiorruidhe no bas siorruidhe; Ithfrionn
Siorruidhe, no Parrthas siorruidhe; (O a
leughtheoir ghradhaich) dean Comhradh go
minic leat fein, agus abair, le'd Chollan;
Cuimhnigh o Chollan so agamsa, go bhFuil tu
siorruidhe; agus go bhFuil tu chum maireachdan
ceachdar diobh ann Solais agus ann Soillse
na bhFlaithios no ann Teine Chaor-lasta Ithfrinn


L. 32


air feadh na Siorruidheachta! O Shuile seo
agamsa, na cuiridh Fearg air DHIA, le bhur
gClaonAmharc dho-shasuighthe! a Lamha so
agamsa saothruighidh go ro-dhithchiollach,
le Teas Ghradh do DHIA, do bhrigh go bhFuil
sibh siorruidhe! O Chluasa so agumsa, eisdigh
go duthrachtach, dian-aireach le Focal DE, do
bhrigh go bhFuil sibh, siorruidhe! O Chollan
so agamsa, ceus, claoidhigh, agus cradhaigh
thu fein agus dean an Aithrighe, do bhrigh go
bhFuil tu siorruidhe! deanadhmaois seanmorughadh
mar so do na Ceudfadhthaibh oile;
mar do rinne IOSA CRIOST, do Shluagh
anmhor a Dheisgiobuil, ag deanadh usaide
dhe'n gCeacht so nach ar sgriobhadh ann Leabhar,
cian chuimhnightheach na Soibhisgeul acht
do hAithristear le CLEMENT o Alexandria.



"Bidhidh ann bhur Stor-chumhduightheoiridhe
criona, ciallmhara."



Se sin, na glacuigh Airgid do reir an Luach
a nImthighid siad air, acht glacuigh iad do
reir an mheid is fiu fein go dilis. Tugaidh
airgiod tair, dimheasda an Choirp, nach fiu
Feoirling, air Or-chisde mhor-luadhach, fhioruasal,


L. 33


shaidhbhris shiorruidhe Pharrthais; No
budh chora a radh, measaigh an Chollan so
agaibh, a bheith mor-luadhach, agus Ardfhiughantach,
agus ce gur ab Cre bhuidhe
I, deanaigh or dhi, do bhrigh madh shiubhlan
sibh uirthe a nois fa bhur gCosaibh, an feadh
as Talamh, agus is salchar dimheasda I, go
bhFuighe sibh leir ionntoighthe na hOr I, air an
tSaoghail oile, an tAm do bheidh si eiseirighthe
on mBas chum na Beatha Suaithne, Siorruidhe.



Deanfaid na Focail Anna-ghearra so (mar ar
Cruadha do Chroidhe iona Carruig chloiche)
mar Shaighiod bharr-gheur, do chroidhe do leurghonadh
go doimhinn. Agus deanfadh tu Mor Iongnadh
de Chorp ghlormhar Naoimh LABHRAIS
do bhidh ag a losgadh air Ghreidiol
dhearg-lasta le hOrudhghadh Tioranaich fhiochmhair,
neamh thruaighmheilich, agus a Chroidhe
ann san am gCeadna ag a Leir losgadh le
treun lasair Theine Ghradh DE; agus tu ag
eisdeacht leis ag radh na mBriathar so le
Beul NAOIMH AIBHISDIN;



Is feidir linn Naomhthacht do ghleus, acht


L. 34


ni feidir linn i shealbhughadh air an tSaoghal-so.



Uime sin Claoidhigh bhur mBaill
thalmhuidhe. Collosianach iii. 5.


L. 35



SIORRUIDHEACHT PHARTHAIS.



Oir oibrighidh ar mBuaidhirt eudtrom,
neamh-bhuan, ann san Aimsir a ta lathair,
troime mharthannach Ghloire, go ro lionmhar
dhuinn. - An dara Litir Phoil Absdoil chum
na gCoirintianach ann san 4 Caib. 17 Rann.



'Si an treas Riaghail choithcionn Slanuighthe,
tarraingthear o Leur-smuaintighthibh na Siorruidheachta,
Intinn eagnuidhe chialmhar do
bheith agad, sgaramhain go toilteannach leis an
tSaoghal-so, mar ab Neimh-nidh e, ionnus go
m'Feidir leat DIA nar ab gach uile Nidh e, do
shealbhugadh go siorruidhe; sgaramhain le
gach uile Nidh ta faoi an nGrian, nach maireas
air an tSaoghal so acht beagan Laethe, agus
do criochnuighthear, leis an mBas, ionnus go


L. 36


m'Feidir leat seilbh d'Faghail air oidhreacht
bhuan sheasamhach, siorruidhe; sgaramhuin leis
na Neithibh a ta lathair, le Leir-ghean do na
Neithibh a ta le teacht; sgaramhuin leis an Aimsire
mar gheall air an tSiorruidheacht; sgaramhuin
le an uile short Seilbhe agus solais thalamhuidhe,
ionnus go bhFaghfadh a bParrthas na nAit
Saidhbhris agus Suairceas Siorruidhe.



Mo dhiombadh! go de chomh firinneach
agus a dubhairt an SAOI TOMAS MORE, go
m'Feidir le Moran Daoine, le leath agus nios
lughadh iona leath an tSaothair, le a gCeannuighid
siad Damnughadh siorruidhe Ithfrinn;
Naomthacht, soillse, agus solais Fhlaitheamhnais
do shealbhughadh (da madh mhiann leo) air
feadh na Siorruidheachta.



Ni dheanfadhmaoid tracht, ann san gComhradh-so
air Chailidheacht, na air Naduir na
Gloire a ta le faghail a bParrthas; do bhrigh
gur ab e ar nGnotha do lathair tracht air Shiorruidheacht
na Gloire sin; agus air an adhbhar
sin, as leor duinn a nois, Comhairle agus Misneach
do thabhairt do'n Leughthoir, le Baramhuil
agus Cendfadh NAOIMH AIBHISTIN do
leir mheas, a deir, go madh mhaith do b'findhuinn,


L. 37


an uile shhort Cradh, agus DaorPheandhois
do fhullaing air an tSaoghal so,
agus gan aon Nidh d'Faghail da mBarr sud
go hIomlan, acht a bheith ann Seilbh Aoibhnis
dho insighthe Pharrthais air feadh aon Lae amhain;
agus go dTabhairfeadh se fa deara mar
an gCeadna, go hAireach, an sgeul so do h-Aithristear
leis an Duine foghlamtha, fiorchradhbhach
ud d'ar ab Ainm Allen, air Bhean-Riaghalta
airighthe do bhidh ag faghail Bhais,
le Aicid ghraineamhuil, SarPhianamhuil; agus
tar eis a Bias do thaisbean si I fein le ceadughadh
DE do Dhuine aige raibh aithne uirthe, an
uair do bhidh si beo air an tSaoghal; agus
dubhairt si leis thar gach nidh oile. "A Dhuine
mhuintiordha, go de chomh Sar-mhor agus ta
an Ghloire ud a ta DIA ag bronnadh go comhnuiththeach
orm a bParrthas! Biodh a fhios
agad, (air si) go nDeanfainn filleadh thar ais go
toillteannach, chum go bhFullaingeochainn aris
m'Aicid Phianamhuil, agus Dur Pheannuid an
Bhais a dTaobh an Bhreis Gloire do thuilfinn
le aon AVE MARIA amhain do radh, agus
gan e sin fein do radh le duthracht an-mhor."



Agus go firinneach, da mBeidheadh crioch


L. 38


choidhche air an Luach-saothair gan Teora
ud ta taisgighthe ag DIA, fa chomhair a Sheirbhiseacha
dilise; do gheabhainn leithsgeul Dhithceile
na Muintire sin, air Shlighe eigin, do dheanas
Neimh-bhrigh agus Neamh-shuim iomlan
dhe; gidheadh ta an Luaidheacht Saothair so
gan Teora, agus Siorruidhe. Oir ann san
bPonc cheadna sin, a nIontoighean Millseacht
an uile Sholais thalamhuidhe chum searbhais,
le smnaineadh go mBeidh crioch ortha; tagaid
Aoibhinnis Pharrthais chum a bheith lan de
Mhillseacht dho-mheasda, ag smuaineadh nach
beidh crioch choidhche ortha.



O mo DHIA! go de luighead is chosnuigheas,
Naomhthacht agus Ard-Ghloire siorruidhe, gan
teora na bhFlaithios? O a DHIA Siorruidhe!
Cad iad na Deora do gheubhas Dolas agus
Cruadh chaoine go leor do dheanadh tridh,
mheid ar Mi-shein agus ar Mi fhortuin! Is
chum Seilbhe Siorruidhe d'Fhaghail air urghairdeas,
agus air Mhor-aoibhinneas Pharrthais do
cruthuigheadh sinn, agus as dearbhtha nach
togbhadhmaoid suas ar Suile choidhche, no madh
thogbhadhmaoid gur ab An-aoibhinneas Pharrthais do
cruthuigheadh sinn, agus as dearbhtha nach
togbhadhmaoid suas ar Suile choidhche, no madh
thogbhadhmaoid gur ab An-nuadh annamh e, chum


L. 39


dearcadh agus Naomh-smuaineadh do dheanadh
air an nIomad Comhnuidhe firinneach; agus chum
Leir mheas do dheanadh go bhFuil Parthas
siorraidhe.



Da measfuidhe go bhFuil Parrthas siorruidhe,
do bheidheadh an Domhain go hiomlan Naomhuighthe.



Oir feuch cad aon read nach deanan an Duine
chum Saidhbhris breagach neamhbhuan de sholathar!



Ca liacht Dainseur agus Contabhairt a
dTeidhean se thrid chum sasaimh do thabhairt
da Ainmhianaibh bruideamhla, druiseamhla, agus
da cheudfadhaibh ain-shrianta, dho-shashuighthe!
Ca liacht Duadh, agus Trom-shaothair a dTeidhean
se thriotha chum dul suas air Sbeinc ardfhaille
na hOnora agus na hAird-reime thalamhuidhe;
agus fos air gach Nidh do shanntuigheas
an Duine go diomhaoin, baoth-uaibhreach, do
chroith Dia Domblas, agus chuir se lan doirne
dhe Luaithreamhain chum Teoradh chur le Tonnaibh
taosgacha, foir neartmhara a anmhian
aonracha, uallacha eudtroma.



Niudh tha se beo, deas, oigeanta, fullain
Marach san Uaigh, gan a dTuairisg sud le faghail


L. 40


O go de liacht Duine chuireas or na Reulta fa na
gCosaibh ann Salchar, na Talamhan.



Leis an Leur smuaineadh sin Amhain, do b'feidir
an Duine aige a mbeidheadh Caonraidhte
agus deise-labhartha EUCHERIUS air
Cumus do, slabhradh Oir do dheanadh cheangoilfeadh
Croidhe na Cine-dhaondha, go hIomlan
na nDaoirseacha, agus na Sglabhuighthe do'n
tSiorruidheacht.



Cionnus as feidir le Duine (a deir se), a chur
ann amhuil do fein, gur ab ag deanadh Tairbhe
ta se, ann san am gCeadna a gCeannuighean se
le cruadh-shaothair, agus le tuirse, Pianta siorruidhe
Ithfrinn, agus a gCaillean se Aoibhinneas
siorruidhe Pharrthais. is dearbhtha
nach feidir Tairbhe do ghairm de seo, acht
Cailleamhuin; do bhrigh gur ab e an Nidh
Tairbhe fhirinneach, moran do ghnodhughadh



O Nach sinne na hAindeiseoireadha truaghleanta,
Mi-fhortunacha, tre uireasbadh na Leursmuaintighthe so,
cheaduigheas d'ar dTairbhe,
d'ar Maithios, agus d'ar Maoin fhirinneacha do
bheith air siubhal uainn le Luath-ghluaiseacht
a gCos ann san Aedhear; agus do thugas an


L. 41


tIonad deighionnach ann ar nIntinn, d'on Smuaineadh
sin, budh chora bheith air dTuis; no
budh cheirte a radh gur ab i go firinneach, budh
chora bheith na hAon-smuaineadh ann ar nIntinn
os cionn gach Nidh oile. Madh ghradhuighean
tug Beatha? Gradhaigh an Bheatha shiorruidhe.
Madh as ag iarradh Saoghall fada a ta tu?
iarr agus dian loirg Saoghal na Saoghal siorruidhe.



Do thaisbean Naomh PHILIP NERIUS e fein
eaduighthe ann Gloire tar eis a Bhais; do
Dhuine diadha airighthe, agus an san am gCeadna,
do thaisbean se dho amach thar a Ghualainn,
slighe an fhada, bhidh folluighthe le Driseachaibh
agus le sgeachaibh; agus dubhairt leis,
gur ab i sud an tSlighe do threoruigheas go
Parrthas. Agus is dearbhtha, go bhFuil se
riachdanach do'n te le'r ab miann Rosa no Cucain
Pharrthais do Chroinniughadh agus do
chur le na cheile, ionnus go mBeidheadh se ag
faghail Deagh-Bholadh cubhartha uatha, air
feadh na Siorruidheachta, gabhail tre Dhriseachaibh
agus tre Eachran aimhreidh Aindeise, agus
Mhishein an tSaoghail seo.



Tairgidheadh do'n Naomh ceadna a bheith na


L. 42


PHAPA an san Roimh agus do theithidh an
chum siubhail ag sgreada amach, O Pharrthais!
O Pharrthais! Fioghglamuighidh o na Sompluighibh
seo, a deir an EUCHERIUS reumh-raidhte ud,
nach feidir Dith-ceile nios mo iona so bheith
le faghail, se sin,



Neimh-bhrigh dheanadh dhe'n moran, agus
mor-mheas a bheith air an mBeagan.



"Oir a ta fhios againn, da mBeidheadh
ar dTigh talmhuidhe an Ionad-comhnuidhe-seo,
sgaoilte ona cheile, go bhFuil Aitreamh
aguinn O Dhia, Tigh nach ar togbhadh le Lamhaibh,
marrthanach air Neamh.
2 Cor.4.v.1.


L. 43


SIORRUIDHEACHT ITHFRINN



Cia ann ar measg do geabhas maireachdan
leis an dTeine chraos-shlugach, cia an duine
eadrainn gheabhas maireachdan le losgadh
siorruidhe! Isaais 33 Caibidil. 14 Rann.



Isi an Ceathramhadh Riaghail-choitchionn agus
an Riaghail choitchionn dheighionnach slanuighthe.
(Agus ag leir mheas a Brioghmhaireacht
chum Croidhthe cruaidh, clochach do bhogadh,
b'Feidir gur ab i an cheud Riaghail chuige sin I,)
taraingthear O Leur-smuaintighthibh na
Siorruidheachta, a mheas go bhFuil tu air Aisdear
agus air Slighe a gCeann Ithfrinn, agus
tu dhul asteach ann Smuaineadh, anois, an
feadh ta tu Beo air sna Dubhaigein dhorcha ud na


L. 44


bPeandhos sar-bhorba, uath-bhasacha; ionnus
go gCoisgfeadhmaois na Diabhail o sinn do tharraing
sios annta, ag faghail Bhais duinn, chum
fanamhain ann sna Daoinsiuin ur ghranda ud,
gan forein, gan furtacht, gan fuasgla, an feadh
bheith DIA na bhFlaithios ag Caithiomh a
Ghloire. O Ithfrinn, as uathbhasach, an Focal
tu, le radh, na le clos air aon-chor.



Teidhdis sios beo (a deir DAIBHIDH an
RIGH) go hIthfrionn; (cuireas NAOMH
BEARNARD leis) d'Eagla go rachfaidis síos
ag faghail Bhais doibh, go hIthfrionn.



Ag so Deoch-leighis gan Suaithe-measg air
bioth trithe; a ta go leor na hAonar chum
Truaillightheacht, agus Malluightheacht chroidhe
an Duine do ghlanadh agus do leir-sgriosadh
chum siubhail; agus chum Sláinte na nGras
do thabhairt tar ais chum an Anama.



Deanadhmaois Leir-smuaineadh, go socair,
tromdha air Dhaor-phiantaibh Ithfrinn.



Oir a deir NAOMH CHRYSOSTOME, "Na
leigfeas Smuaineadh Ithfrinn duinn, tuitim go
hIthfrionn."



Agus as dearbhtha da mbeidheadh Creadmhail
agus Gnaith-chuimhne Ithfrinn, tareis Preimhe do


L. 45


ghabhail go doimhinn ann Croidthhibh agus ann
Intinn na nDaoine, nach beidheadh Anum air
bith le faghail aon Ithfrionn, dhiobh sin a ta
ann, nach beidheadh a niudh ann Seilbh-reim
na Gloire.



O DHIA! O DHIA! ta Ithfriona lan de
Anumnachaibh agus is se an tAdhbhar, do
bhrigh nach creidid na Daoine, no madh chreidid
nach cuimhnighid siad air Ithfrionn.



Do bhidh Duine airighthe an Northumberland
(mar d'Insigheas BEDE Oirbhidineach) do fuair
Bas, agus do thainigh thar ais aris air an
tSaoghal-so le cead DE, ann a Chollan Daondha,
tar eis do daor Phionnois Ithfrinn d'Faicsin;
chuir an Radharc sin dh'Fiachaibh air an tSlighe
Bheatha Mhalluighthe bhidh aige roimhe sin
d'Aistriughadh chomh hIomlan sin; air mhodh
gur thug se le tuigsin do'n Mhuintir na'r chreid,
agus nár chuimnigh air Ithfrionn, go bhFuair
se fein Ba, agus go bhFacadh se Daor-Phianta
an Daoinsiuin chior-dhuibh uathbhasaich ud;
Oir do chuir sior-chuimhne na Sgannruidhe, agus
na nDaor-Phionaos do chonnairc se, d'Fhiacha
air gabhail ni he amhain, tridh Throsguidhe
fada, daor-dhalacha; Eadach garbh-roin de


L. 46


bhualadh le na Chneis; slabhruidhe farainn do
chur thimchioll air fein mar Chrios; do ghabhadh
se dhe Sgiuirse air fein go dTaraingidheadh
se an Fhuil amach tridh na Chollan; chodladh
se air an dTalamh chruaidh, lom, fhuar;
acht fos nior leor leis an meid sin go hIomlan,
gan an iomad slighthe oile do dhian-lorg,
chum a Choirp a Chradh do cheusa, agus do
phianadh; do theilgeadh se e fein go minic sios
ann Uisge sioc-fhuar do dTigh an Muineal,
agus d'Fanadh mar sin air feadh moran uaireanta;
agus do dhoigheadh e fein chomh minic
ceadna le Aithinnidhe Teine dearg-lasta no le
Guail ghriosach theith bheo. Nior thaithnigh
an Bheatha cruadhalach, uathbhasach ud le
Daoine cialmhara, deigh bheathacha, airighthe
do chonnairc meid an Chruadh-chradh, an Troisge,
agus an Treigheanais do ghnidheadh se, mheasdar
gur ab air dith-ceile bhidh se, ionnus go
nDearnadar Casaoid leis, a dTaobh an uraid sin
droch-usaide thabhairt da Chorp chomh dithceillidhe
sin, mar a mheasdar; acht labhair se
leo, ann sna briathraibh Croidhe-sbreaguighcheacha so;
agus osnuidhe tromdha ona Chroidhe,
agus Tuile Deor, ag sileadh anuas, ona
shuilibh, air a Ghruadhaibh ag a gCoimhdeacht.


L. 47


"O! Go de mheid nios measa iona iad so,
thaid na Peandhois do chonnairc meise ann Ithfrionn."



"O mo DHIA! Innisidh damh, a Pheacacha
calcuighthe, cruadh mhuinealacha (a deir NAOMH
JEROME,) cread do tuighthear daoibh an uair
a chloinean sibh tracht air Theine; air Shiocfhuaireacht;
air Ruibh; air Bhrean-bholaighthibh;
air Phiasdaibh nimhe, uaibhfeallta; air
Phiantaibh; air Phionnois; air Racuidhibh;
air dhur Pheannuidibh Bais; air Dhiabhalaibh,
agus air Ithfrionn Siorruidhe!"



Do b'feidir go measfadh-sa, nach bhFuil ann
sna Neithibh seo go leir, acht Adhacht Binse,
ceapadh chum a bheith 'na Chuis Gaire is Grinn
do Dhaoinibh; Comhsamhlachtuidhe do cumadh
le seanmoruidhe eigin chum Breadhacht a Chainte
do thaisbeanadh; no Fian-sgeul filidheachta
do tionsgnuidheadh le Duine foghlamtha eigin.



Acht ni Cursuidhe Adhaicht, na Grinn, Sugradh,
na Aisdigheacht, na Firinnidhe deimhin-tSurailte
seo; do bhrigh go bhFuilid Pianta
agus Peandhois siorruidhe, againn le faghail,
tareis an mBais muna gCoimhlionfamaoid Dlighe
DE uile-chomhachtaich, mar d'Orduigheann se


L. 48


dhuinn. Maiseadh, fiafruighim diot, an bhFuil
d'Feoil deanta dhe Iaronn? No do chollan
deanta dhe Phras? Caithfidh tu a mheas go
deimhinn, go madh, cheart do'd Bhallaibh a
bheith nios Cruadha iona an Peurla cruaidh,
daor-luadhadh, d'ar ab ainm Adamant; do
bhrigh nach bhFaghfadh ann do Chroidhe
siubhal cos-nochtuighthe, air Ghuail-Ghris bheolasta,
air feadh Ceathramhadh aon Uaire Amhain;
agus fos a bhFuighe tu ann do Chroidhe
bheith Curtha, Leir-shloigthe, agus beo-loisgighthe
ann Teine, nach bhFuil ann Teintibh an
tSaoghail seo a gComparaid leithe, acht mar
luaigh fhuar, agus sin air feadh na Siorruidheachta.



O Ithfrionn! O a Ithfrionn Siorruidhe! Agus
tareis go bhFuil tu Siorruidhe, teilgid Daoine
iad fein air a bhFior-gCinn sios ionnut. Agus
mo Dhiombadh nach beagan, nach fior bheagan
diobh do smuainigheas air aon-chor ort! Ann
san mBuile agus ann sa Dithceile saor-mhor,
neamh-mhachtnuightheach-so, as feidir liom a
radh go firinneach, gur ab measa an Duine iona
an Diabhal; do bhrigh go dTagan Critheagladh,
agus Sgannradh air an Diabhal, (a deir
Naomh CYRIL,) ag Clos an aon-fhocail-seo


L. 49


amhain, "Ithfrionn do chuireas crith-eagladh
air an Diabhal fein." Agus fos ni bhFuil Eagladh
ag an Duine romhad.



Achnuighim ort a Leughthoir Chriosduidhe,
(a ta ag rith air treun-ligean a gCeann Dhoimhinsiuin
Ithfrinn,) as Iocht an Ghradh a ta agad
duit fein, tabhair am duit fein air Smuaineadh
agus air leughadh do dheanadh air an gComhsamhlacht
no air an gComparaid seo do leanas.
Gearaidh amach ann do smuaineadh, o bhliaghantaibh
na siorruidheachta, Ceud Milleon Bliaghain,
no budh Chora radh, Milleoin de Cheudthaibh
Bliaghain, an measan tu gur thogbhais
dada chum siubhail o Bhliaghantaibh na Siorruidheachta.



Tusaigh an Ath-uair, agus cur air leith,
Milleonaibh os cionn Milleonaibh, nios mo iona
an meid ud air ar Smuainighis roimhe sin; an
gCreidion tu go bhFuarais amach Tosach na
deireadh na Siorruidheachta fos.



Gabhaidh chughad go nuadh, an uraid Milleon
Ceudtha Bliaghain, agus a taid Reulta air
an Speir, Braona uisge ann san bhFairge, agus
Grainnidheacha Mion-Luaithreadh ann san
dTalamh; a nDíaigh na meide sin go hIomlan,


L. 50


an measan tu go bhFuil Aon Noimeant amhain
de'n tSiorruidheacht fos imthighthe chum Cinn.
O mo thruaigh! ta an tSiorruidheacht fos,
chomh hArd, chomh fairsing, chomh leithiodach,
chomh do thomhaiste, chomh do do-chriochnuighthe,
agus chomh mor gan Teoradh, agus
bhidh si air dTuis; air mhodh da dTabhairfeadh
DIA an Tairgsin-seo, do'n Drong Damanta; an
Talamh go hIomlan a bheith folluighthe ona
Fior-Chroidhe go dTigh na Flaithis leis an
nGainimh, budh mhine, agus budh lugadh,
do b'feidir a bheith, agus ag Ceann gach Milleoin
de Mhilleonaibh Ceudtha Bliaghain go dTiucfadh
Aingeal as na Flaithis, agus go dTabharfadh
leis an Mhion-Ghrainne beag amhain di chum
siubhail; agus ann sin, an uair do bheidheadh
an Grainne deighionnach de'n Charn agus de'n
tSliabh-mhor Gainimhe ud toigthe chum siubhail
ann sinn tSlighe roimh raidhte ud; ann sin go
dToiseochadh crioch a bPianta agus a mBroin;
O go de chomh seunmhar agus mheasfadh na
hAnumnacha damanta, mi-fhortunacha so iad
fein, ag Clos na Breithe seo! O go de mar a
lionfuidhe iad le Rachtaibh Athais, agus le Gairdeachus
iomarcach! O mo Leun-ghuirt! da


L. 51


gheireacht a bBiantadh ni mor go nAireochdaois
iad air aon-chor, da mBeidheadh Suil aca go
deo le Fuasgladh, Suaimhneas, na Forein. O mo
Dhiombadh agus Daor-thuirse mo Chroidhe!
Ni feidir leo Deire, Lar, na Tus Siorruidheachta
a nDaor-Phianta fos do ruigsin, tar eis an
iomadamhlacht Anmhor Bliaghan ad air ar
labhramuir a bheith imthighthe chum siubhail.



Eisd le cad a deir SEUMAS ALVAREZ Diadha
craibhtheach.



Beidh tu ag do Phianadh O Pheacaich mhiaghmharaich,
mhi fhortunaich, air feadh Mile
Bliaghain, agus an uair a bheidid siad soin
imthighthe, deanfar tu Phianadh aris, air feadh
mile Milleon Bliaghain, chomh maith is na'r
thoisigh do Phionnos air aon-chor, agus tar eis
an meid sin Bliaghanta, bheith a gCrioch, toiseochfar
le tu Phianadh, air feadh an uraid
bliaghanta is nach feidir Crioch, na Teoradh
chuir leo. Agus tar eis an uraid sin Bliaghanta
agus Ceudtha Bliaghan do bheith imthighthe, ni
bheidh tu abalta air smuaineadh air Aon Uimhir
Bliaghan d'Inseochadh an fad Aimsire chaithfeadh
tu fanamhain na dhiagh sin, ann Piantaibh
borba agus ann Pionnois siorruidhe."


L. 52


As ionaon sin le radh, agus da nDeurfadh se;
"O Pheacaich mhi-aghmhuraich mhi-fhortunaich!
Má's Crioch duit a bheith damanta,
beidh do Mhisheun, agus do Pheandhois a gCas
buan sheasmhachta, coimhionaon le Nattuir De
fein; agus comhsamhail, coimh-imtheachtach le
DIA ann buan leanamhuin, gan cumus doibh Crioch
na deireadh bheith ortha an feadh do mhairfeas
an tSiorruidheacht; Beidh DIA go deoigh
sior-bheo; agus beidh tusa go brath ag siorfhaghail
bhais; beidh tusa ag maireachdan
amhain, chum tu bheith ag fullaing agus ad
Phianadh."



Agus mar nach feidir gan DIA bheith 'na
DHIA go Siorruidhe; ni feidir gan na Daoine
beannuighthe bheith Sior-bheannuighthe na an
Dream damanta, gan iad a bheith sior-dhamanta,
ann Caor-lasrachaibh Siorruidhe.



Tugaim fa deara air air uairibh, chomh maith
is da mBeidhinn ann airde air Ard-airse na bhFlaitheas
agus go bhFeuchfainn a nuas air Ghleannaibh
dorcha malluighthe an tSaoghail seo,
ionnus go bhFeicfinn Gniomhartha na nDaoine,
do ceapuigh agus do cruthuigheadh chum a mBeith
ann seilbh Aoibhinnis Shiorruidhe Pharrthais;
no cad air a mBidhid siad ag smuaineadh:


L. 53


O Uathbhas, agus Mor-iongantas! Chidhim
Duine dhiobh lan de Imshniomh, de bhuaireadh agus
d'An-shocracht, ag dian-rioth a
nDiaigh Deataich agus Smuit-cheo na hOnora;
Duine oile ag a unfairt fein ann Salchar, agus
ann Truaillightheacht An-mhiann a Cholna;
Daoine oile ag a nGonadh fein ann Deilgnidhe an
An-churaim, ag iarraidh Saidhbhris do chruinniughadh!
Agus mo dhiombadh! nach beagan,
nach fior-bheagan, do arduigheas a Smuaintighthe,
no thogbhas suas a nIntinn chum an tSaidhbhris
ud do Shanntughadh, nar ab e, ann a aonar an
Saidhbhreas firinneach, o as se mhairfeas
go Siorruidhe.



'Taid Doirse Ithfrinn dian-fhosguilte do lo
agus d'Oidhche; taid fur-mhor na nDaoine ag
maireachdan na Sglabhuighthe ag an Diabhal;
do thruailligh an uile Fheoil a slighe, se sin le
radh, chuadhaigh furmhor na nDaoine air
seachran o Shlighe na Firinne, agus O Chasain
Aitheanta DE mhoir, uile-chomhachtaich,
Teidhid Sluaighthe gan teoradh, Anumnacha
d'ar dhoirt IOSA CHRIOST an Braon deighionnach
da chuid Fola fior-uasail, agus a bhFuair
se Bas air Chrann naireach, dimheasda na


L. 54


Croise, air a son, a steach ann sna Slogairidhe
Teinte, agus ann sna Doimhinsiuin dhubha,
dhorcha ud na bPionnos gan chrioch gan fhoircheann,
as nach bhFaghadh siad Forein, na
Fuasgladh, na Furtacht an feadh bheith DIA
ann Rioghacht sior-aoibhinn a Ghloire. O mo-dhiombadh,
a Sheirbhiseach dilise DE! d'ar
nDoich as Mi agh agus Mhi-fhortun e so,
budh Choir a chaoineadh le Deoraibh doighte
Fola, leo so ag a bhFuil Suile na Diadhasamhlachta,
agus an Fhoinn dhiograiseach chum
slanughadh siorruidhe na nAnman.



Creid me (a Chriostuidhe oig) da smuaineochfadh
go hAireach air na Neithibh-seo, o am go hAm,
ni dheanfadh tu fein a theilgean sios cionnair-aighe
go hIthfrionn, mar gheall air do Mhiriaghaltacht,
agus d'Ainmhianna an-shrianta.
Ar nDoigh nior bhFeidir duit air aon-chor,
a bheith air dithceile chomh mor sin, is go
gCuirfeadh tu fein a gContabhairt Pianta, agus
Peandhois siorruidhe d'faghail mar gheall air
Phleisiuir ghearra, noimeantamhla.



Da gCeadochadh DIA do IUDAS, teacht a
nios as na Duibheagain dhoimhinne, agus as
na Slogairidhe Teine ud Ithfrinn; agus e ag a


L. 55


stracadh agus ag a tharaing ag na Diabhail;
Trom ualach Slabhruidhe Teine air; agus go
bhFaicfeadh e, ann san Riocht uathbhasach ann
a bhFuil se, milightheach, droich-ghneithioch,
idhte, coganta, agus creimthe ag Piasda, foluighthe
le Lobhradh; lan de bhreuntas; de shalcar;
de adhbhuathmhaireacht, agus de thinnloit;
e ag gul-gartha, agus ag uaill sgreada;
ceusta, craidhte, agus pianuighthe, thar gach
ar feidir a mheas na smuaineadh; O cad iad na
sgannruidhe do bhuailfeadh an Radharc ud
ann do Chroidhe agus ann d'Anum? Air an
adhbhar sin, socruigh e os comhair do Shul le
brigh Beo-thuisgiona, agus annn sin, fiafruigh
dhe; Innis damh a IUDAIS! Cad iad na Dolais,
na Broin, na Pianta agus na Peandhois, ta
tu nois d'Fhullaing, agus d'Foidhneamh? Ca
liadhacht bliaghain, oile chaithfidh tu fanamhuin
ann curtha ann Uaigh an Bhais Shiorruidhe,
a measg an chuid oile dhe'n Drong Damanta,
agus de na Diabhail! Se freagradh thabhairfeadh
se ort gan amhrus, "Go bhFuilid a
bPeandois cruadhalach, sar-phianamhuil,


L. 56


do-fhullaingthe, truaghanta; a taid siar sior-bhuan,
di-choisgighthe, agus Siorruidhe.



"Saruighean Diobhail, urchoid, agus biothbhuaireadh
na bPeandos tamaoid d'Fhullaing,
an uile short Peandhois, dar chuir Ceart De
na Eagcoir an Duine a bhFochair a Cheile, a
nGniomh a riamh air Talamh; agus go deimhinn
ce nach bhFuil Teoradh le cur le Deilgnidhibh
gheur-neimhneacha ar bPianta do bhidheas
d'ar sior-ghonadh; d'Aimdheoin sin, mheasfadhmaois
iad mar Rosa agus mar Chocain
chubhartha, da mBeidheadh suil againn choidhche,
le Fion-fhuaradh, Suaimhneas, na Fuasgladh.
"Nil Dothchas aguinn teacht amach go brath
as na daor-phiantaibh uathbhasacha-so, air
feadh uraid is aon Noimeant amhain Aimsire;
ni bheidhmid choidhche gan sinn a bheith dar
bPianadh, a stigh, agus a muigh, ann Sughadh-Dhorchadas;
ann Deatach, ann Ruibh; ann Teintibh,
a measg Brean-bholuighthe, agus Diabhal.



"Ta sibhse ag glacadh bhur Suaimhnis, bhur
socarachta, agus bhur Sasdachta, agus sinne d'ár
nDoitheadh an Ceart-lar Teinidh shiorruidhe;


L. 57


ta sibhse go gaireach, agus lan de Sholas
mheadhrach, agus sinne ann Teine dar gCradh,
agus dar losgadh; ta sibhse ag ithe, agus ag
ol, agus tamaoid-ne ann Caor-lasrachaibh Teine;
ta sibhse ag togbhail Radhairc na Sbeire, agus
ag faghail an uile short Caithiomh-Aimsire, agus
sinne dar muchadh ann Loch Neimhe agus
Teine; ta sibhse ag diol agus ag ceannach, agus
sinne ann Linntibh theintidhe Ithfrinn! O! mo
Chuis guil-ghearain, m'ochlan agus mo Mhairg!
Nach sinne a ta go truaighleanta, go dona,
go bocht, agus go mi-aghmharach! do bhrigh
nach leigfeas Ceart DE dhuinn go brathach,
bheith saortha aon Leath-cheathramhadh amhain
Noimeanta os na Piantaibh do-labhartha, do-insighthe
seo.



"Taid ar bPeandhois siorruidhe, se sin, gan
crioch, gan deire bheith choidhche ortha;
gheibhim me fein ann sna Doimhinsiuin, agus
ann sna Seomruidhibh dubha Cumhanga so a ta
dunta air Sholus Greine, Gealaigh, agus Reulta
lonnrach na Gorm sbeire, le Mile, Seacht gCeud
agus tuilleadh dhe Bhliaghanta; ta CAIN ann
le Corruigheacht is 5000 Bliaghain; agus fos
ni fhacadhmuir toiseach na deire na bhFullaingthibh


L. 58


ar an bPianta. Acht chomh fada
agus bheidheas DIA na DHIA, na mhairfios
Ithfrionn beidh mise, IUDAS damanta; agus
gach Malluightheoir agus DIA-mhasluightheoir
oile, ag faghail an uile-short Pianta daora agus
dochair."



O a Leightheoir Chriostuidhe! As iocht
Throcaire thruaighmheilich IOSA CRIOST; as
iocht an Ghradh a ta agad do'd anum fein;
leughaidh agus leughaidh aris, smuain agus
smuain aris, air an Nidh ud ta sgriobtha 'nar
nDiaigh! Fiafruigh go minic de'd Chollan,
de'd Cheudfadhaibh, agus de Chomhachtuidhibh
d'Anuma "Cia gheabhais maireachdan ann
Slogairidhe Teine, agus ann Losgadh siorruidhe?"
Agus cionnus is feidir go bhFaghainn se a ta
chomh hAireach, curamach soin orm fein,
ionnus nach bhFeudfainn foidhneamh le caisrimin,
Rangan no Fille beag cruaidh do bheith
ann mo Leabadh, agus nach bhFaghadh foidhneamh
air Lo le Greidhm cuileoige no Mioltoige,
maireachdan agus fanamhuin, ann sna TeithGhoruidhe
beo-loisgighthe ud; ann sna Caorlasrachaibh
Teine ud; ann sna Piantaibh


L. 59


uathbhasacha ud, ata os cionn Cumais Thuigsiona
an Duine, agus nidh is sgannramhla 'na
an tIomlan diobh siud, nidh bheidh crioch
ortha an feadh bheidh DIA an Cathair grianshoillseach
na Gloire.



Ann san gCeud Bliaghain deighionnach d'aois
an Tighearna, d'Iontoigh duine deigh bheathach,
aige raibh Subhailce agus Neart neamhdha,
Bean-shuarach, dhroich-bheathach, chum Slighe
Aoibhinn na hAithridhe agus chum Siubhail
an Casain Aitheanta DE mhoir uile chomhachtaich,
leis an da fhocal so Ithfrionn agus Siorruidheacht,
a labhairt go minic agus go hArd a
gComh-chlos di. O a Dhuine ta niudh beo
agus do Chaithfeas a gCeann beagain Laethe
triall o'n tSaoghal-so, air an tSiorruigheacht;
cuimhnigh air Ithfrionn, agus air an tSiorruigheacht;
madh gheibhean tu Seilbh Pharrthais
aon uair amhain, beidh tu ag a shealbhughadh,
gan eagladh e chailleamhuin air feadh na Siorruidheachta:
agus madh thuitean tu sios aon
uair amhain go h'Ithfrionn, fanfadh tu ann sin,
gan maith dhuit suil na Dothchas do bheith
agad teacht as, an feadh bheidh DIA ann a
Ghrian-Cathair, shoillseach, ghlormhar.


L. 60


O Ithfrionn! O Shiorruigheacht! An te nach
musglaighean as trom-shuan marbhthach an
Pheacaidh, le fuaim-fhotharam, Thoirnighe na
bhFocal ud, as dearbhtha gur ab marbh a ta se,
agus nach ann a chodla, Mar a deir Naomh
AIBHISTIN.



A Dhaoine malluighthe bidhidh air siubhal
uaim ann san Teinidh shiorruidhe.
Matha.xxv.41.


L. 61


AN CUIGEADH LEUR-SMUAINEADH,
air
Chlaon mharbhadh, agus air Aithridhe
a niomad Naomh, agus Aithrigheacha, etc.



Cuimhnigh (a Dhearbhrathair Chriostuidhe,
dhaor-ghradhaich) nach feidir duit Tabharthas
na Fabhar d'Faghail o DHIA air an tSaoghal-so,
nios mo iona grasa do thabhairt duit ionntoghadh
o'd Pheacaidhibh, agus an Aithridhe dheanadh.
Agus mar a taid na Grasa so bo bheir do'n Duine,
ionntoghadh ona Pheacaidhibh, chum slighe
aoibhinn na hAithridhe, air uairibh nios mo, mar
do bhidh na Grasa do fuair Naomh POL, agus
Naomh AIBHISTIN, agus an iomad Naomh


L. 62


oile agus ar uairibh oile nios lughadh, mar a ta
na Grasa d'Aistrigheas agus d'Iompuigheas na
Daoine go laetheamhuil o shlighe na nDubhailce
agus na Locht, agus do bheireas neart neamhdha
dhoibh, chum Siubhail ann Casain Aitheanta
DE, mhoir-uile-chomhachdaich; mar an gCeadna
bidhnid Corruighthe na hIntinne agus Mianna
an Anuma, do thriallas ona Grasaibh seo air uairibh
nios mo, agus air uairibh oile nios lughadh.
Groisuighean an tSubhailce seo, Run daingean,
laidir ann san Anum, chum an uile short Cradh
agus Pianadh do thabhairt do'n Chollan, agus
chum Foinn Dioghaltais agus Dibhfeirge do
imirt uirthe, do bhrigh gur ab trithe tharlaigh
iomlan a Mi-fhortuin: Oir an uair do smuainighean
si, (an tAnum) gur ab le sasamh do'n
Namhaid seo (a Collan) agus chum Sriain do
leigion le na hAinmhiannaibh miriaghalta, de
leanaigh si Gradh droch orduighthe na gCreatuiridhe
agus gur dhiultaigh si an Gradh budh dual
do'n gCruthuightheoir agus da Ceile dlisdeannach;
liontar le dibhfeirg I, ann aighe a Colna,
air mhodh, nach bhFuil Pian na Peandhois air
Talamh nach bhuailfeadh si anuas uirthe, do
bhrigh gur ab i Priomh-adhbhar a Mi-agh agus
a hAimhlis i.


L. 63


Ionnus gur ab fearr do thuigfeadh an Doilghios,
an Ceart-dhioghaltas agus ann Duibh fhearg
seo, do ghabhan an tAnum ann aighe na Colna,
samhluigh leat fein cad a dheanfadh Oig-bhean
dheigh bheusach, dheagh chaillidheachtach, do
gheallfuidhe le Posadh dho Oig-fhear deaghmhaiseach,
aird-cheimioch, uasal, nach beidheadh
do lathair, agus nach bhFaiceadh si riamh
ar aon chor; agus na dhiaigh sin go meallfuidhe
I, le Bean mhalluighthe, thabhairfeadh Fear
oile 'na Lathair, agus chuirfeadh ann amhuil di,
gur ab e sin an Fear ud air a bhFuair si geallamhuin
Posda; agus tar eis a mealladh do
reir na Slighe ud, go mairfeadh si fein, agus an
Fear ceile breagach ud, suim airighthe Aimsire,
a bhFochair a cheile, chomh maith is da madh e,
an Fear ud, air bhFuair si Geallamhuin. O cad
iad na Smuaintighthe Buille agus Bainidhe do
bheidheadh ag an Oig-mhnaoi ud, air a nDeanfuidhe
a leitheid sin d'Fheall agus d'Eagcoir;
go de chomh Corruighthe suas is bheidheadh
a Croidhe le Dibhfheirg, agus le run Dioghaltais,
ann aighe an Cheilg-mheirlioch Mna ud do chlischealg
uirthe, chomh cloidhreamhail, durchroidheach sin;
as dearbhtha, go madh ro-bheag


L. 64


leithe, a cur chum Bais agus a cuid Fola
dhortadh mar dhiol-shasamh ann a Clu, ann a
hOnoir agus ann a Geanmnuidheacht. Budh
Pheacadh dul chum a leitheide sin de Iomurca
Dioghaltais, agus Dibhfeirge, da mheid an Eagcoir
do dheanfuidhe uirthe; acht budh dheacair
leis an Naduir fanamhuin o an Dioghaltas ud
d'Imirt agus do chur a nGniomh. Maiseadh,
as se an Cas ceadna e a dTaobh an Anuma ar
fhosguil DIA a Suile, agus do ar thaisbean se
air aon taobh amhain le Grian-Ghaethibh a
Sholuis agus a Lonnradh Dhiadha, gur ab e fein
a ceile gradhmhar, dlisdeannach; agus an
tAdhbhar fa'r cruthuigheadh I; agus air an
Lamh oile, mar gheall air Mhealltoireacht na
Mna malluighthe sin, an Chollan, gur shin agus
gur sgar si amach a Geuga, chum na Creatuiridhe
do dhluith-fhasga le na Croidhe, leis an
nGradh budh dual do'n Chruthuightheoir ann
aonar; anois cionnus as feidir leithe aon
fhoighde do bheith le na Collan ann san Staid
ghleodhach ann a bhFuil si? Cionnus do
gheabhadh si fanamhuin suas o I do Phianadh,
agus o'n Dioghaltas as dochruidhe
agus as Cruaidh-gheire air bith, do chur a


L. 65


nGniomh uirthe do bhrigh gur'bi tharaing I,
ann san Adhaltrannas as daor-chionntuighe
agus as graineamhla air bith? As sin do eirighean
Diograis agus dian dhuthracht an iomad
Aithrigheacha an uair do thoisighid siad
air iompoghadh o Shlighe an Oilc agus na
Malluightheachta, ionnus nach Feidir a chur
a gCeil doibh go madh choir go leagfadaois
an Sgiuirse am egin as a Lamhaibh, agus a
nEaduighe garbh roin, a dTrosgaidhe, agus
a gCruadh-chradh oile do leigion diobh air feadh
Tamaill bhig, no go gCuirfeadhdaois dith a
Slainte ortha fein, muna mBeidhdis measardha
ionnta.



'Si leitheid seo dhe Sbioraid Aithrighe agus
Diol-tuirse dh'Insigheas an Duine Naomhtha JOB
duinn, ann sna Briathraibh seo; "Do rinne
me Peacadh; cread a dheanfadh me dhuit,
a Choimheaduighe na nDaoine?" Chomh
maith is da nDeurfadh se do reir Mhiniughadh
Naoimh AIBHISTIN: O a Thighearna admhuighim
mo Pheacadh; agus a ta Buaireamh
agus Dioltuirse mo Chroidhe chomh mor san,
ionnus nach bhFuil Pian air bith nachFuillingeochainn
chum sasaimh agus Leor-dhiol de thabhairt ann.


L. 66


Feuch o a Thighearna cad as
aill leat me dheanadh; feuch taim reidh, ollamh
chum do Thoile do dheanadh, agus chum Cia be
nidh as toil leat do dheanadh liom. Nil
nidh air bith oile agamsa, le tairgsin, na le
tabhairt duit, acht mo Chroidhe ta fonnmhar
chum do orduighthe choimh lionadh. Madh
se do Thoil-se go nDeanfuidhe me leir-losgadh
ann Lasrachaibh Teinidh; no go nDeanfuidhe
me tharraing ona cheile eadar Eachaibh; no go
bhFuillingeochainn sort ar domhan Pianta oile;
Feuch a taim reidh, ollamh fa chomhair gach
nidh dhíobh; Tairgidhim me fein duit ceangoilte
Lamh is Cois agus sleachta ann do lathair.
Ni theithfeadh me uait; ni dhiultuighim thu
mar mo Bhreithiomh; ni chuiream me fein air
Ath-chuirt o'd Bhreitheamhnas; Nil me ag
iarradh mo Leithsgeil fein do ghabhail; na
ag iarradh faoisiughadh uadh, na laghdughadh air
mo Phionnois. Tabhair Breath orm, amhain
do reir do thoile; Bidh tusa ad Sgian, agus
meise am Fheoil; gearaigh me ann san Ait,
agus ann san tSlighe as toil leat, acht amhain go
dTabhairfeadh tu Maitheamhnas damh ann sna
peacaidhibh do rinne me ad Aighe.


L. 67


Se letheid seo dhe Bhuaidhreamh, de Dhoilghios,
agus de Chroidhe-thuirse do bhidh air
DHAIBHIDH an uair a dubhairt se;
"Ta me buaidheartha agus islighthe go hIomarcach;
do rinne me buithreadh amach o Osnughadh mo Chroidhe.
"O Thighearna a taid mo Mhianna go
hIomlan ann do lathair, agus ni bhFuilid m'Osnuidhe
foluighthe uait.
"Tá mo Chroidhe ar na bhuaidhreamh, de
threig mo Neart me, agus ní'l Solus mo Shul
fein maile leam."
Is mar seo budh cheart do an uile Dhuine e
fein d'Umhlughadh, do smachtughadh agus do
phianadh, do bhidh chomh dana soin is Fearg
do chur air a DHIA. Oir (mar a deir Dochtuir
Naomhtha,) ta se oireamhnach, go nDeanfadh
an tAnum sin do threig Dia, chum sasaimh
d'Faghail di fein, ann san gCreatuir, ann aighe
toile an Chruthuightheora, dioluigheacht
chruaidh-gheur do thabhairt ann Fiachaibh
chomh dlisdeannach sin; agus go sgriosadh si
chum Siubhail, le Peandhois thoilteanacha, na
Solais daor-chionntacha le ar dhall si I fein.
Os nidh nadurtha go mBeidheadh Pionnos ag


L. 68


sior-leanamhain na Coire, chum I chuiteamh,
a leasughadh agus a smachtughadh; as Ceart
go bhFuillingeochadh na Daoine sin do bhidh
cionntach ann moran Curthaibh, moran Pionnois
chum leor-dhiol do thabhairt annta; agus o
rinne an Duine e fein a dhealughadh agus a
Sgaramhuin le DIA na bhFlaithios, an Mhaithios
ard-chomhachtach; agus gur rinne se dluithcheangal
go hAmuideach, dithceillidhe leis na
Creatuiridhibh, nar ab droch-mheas e nach feidir
le DIA foidhneamh leis; a ta se ceart da reir
sin, chum Leor-dhiol do thabhairt ann Eagcoir
chomh daor-chionntach ud, do rinneadh ann
aighe an Ard-chomhachta Dhiadha, go nDeanfadh
an Duine e fein dh'Isliughadh, fiu go
Luaithreamhan na Talmhan.



Budh fhada, tuirseach ann so, le hAireamh,
gach Peandhos agus Cruadh-chradh, do thug
an iomad Naomh agus Seirbhiseacha dilise DE,
da gCoirp air an tSaoghal so, ionnus go gCoisgfeadhdaois
iad fein o Fheirg do chur air DHIA;
agus cuid oile aca chum sasaimh agus leor-dhiol
do thabhairt ann sna Curtha do rinneadar ann
aighe DE; a measg an uraid ud Naomh agus
Aithrigheacha, tabhair fa nDeara an beagan so:


L. 69


Tog suas do Shuile go Mullach Piollora deich
dTroighthe agus Fithche air Airde; agus chidhfe
tu ann, an Mhiorbhuill agus an agus an Mor-iongnadh
cruadh-chradh Criostamhuil ud, SIOMON
STILLITES, ag deanadh Troisge ocht gCarghuisidhe
agus Fithche gan sort ar Domhan Bidh
do chaithiomh, ag deanadh Aithris air IOSA
CRIOSD do throisg Dha-fhithchid La air an
bhFasach; gan Fascadh na Didhean aige o
Stoirmibh na o Ghairbh-shiontaibh an Gheimhreadh,
na o Theas Ghrian-loisgighthe an tSamhradh,
acht amhain a Chrodhacht, a Bhuainsheasamhacht
agus a Chroidhe-dhaingeacht;
gan d'eadach air a Chorp an seal sin, acht canbhas
garbh, agus Eadach Roin; gan de Leabadh
aige, acht Mullach an Phiollora, agus Trombhraona
Fola ag silleadh a nuas da Chollan, do
bhidh buailte, bruighte, dubh is gorm o thrombhuillidhe
sgiuirsighe. Feuch ar an AB Naomtha
ANTONUIDHE, dunta suas ann cuais Thalamhain,
agus go madh chomhsamhla le uaigh
Dhuine Mhairbh i na le ionad Comhnuighe
dhuine bheo; gan de Bhiaidh aige ann, air
feadh Fithche Bliaghain, acht aran agus Uisge:
gan de Leabadh chodlata aige, acht an Talamh


L. 70


chruaidh, lom, fhuar: gan d'eadach air a Chorp
an seal sin, acht Croiceann Beathaich allta;
agus e ag dian lorg an uile short slighe chum a
Choirp do Chlaoidheamh, do chradh, agus a
phianadh. Tabhair fa nDeara Naomh BENEDICT
agus Naomh PROINSIAS ag a nUnfairt
fein an Toir sgeacha deilgneacha, agus ann Ceartlar
Carnain fhuara Sneachta, chum buadh bhreith
air Smuaintighthibh malluighthe, neamh-ghlana.
Feuch air Naomh PROINSIAS XAVERIUS, ann
san Ospideal ag nighe agus ag glanadh othruis
agus Tinn-loit na nOthar agus na nDaoine Tinne,
agus e ag ol an uisge le a nigheadh se iad, chum
go mBearfadh se Buaidh air an Deisdean do
ghlacadh a Chollan roimhe an tSalchar ud.



Tabhair fa nDeara Naomh LAOISEACH
GONZAGA ann a Phalas timchiollta le moran
Cathuighe agus Cealgoireachta chum Druise
agus MI-ghlaineachta; agus crios aige timchioll
air fein do bhidh lan de Rothaibh Sbor a stigh
le na Chneis chum Sriain do chur le na
Chollan, agus chum a Anum do chongbhail gan
sal Peacadh do dheanfadh, Mi thaithneamhach
e do lathair DE: chum na leigfinn do'm fhocail


L. 71


rioth amach ro-fhada; ni bhFuil agad le deanadh,
acht feuchain a steach, ann Coinbheintighe
agus Mainistreacha Ban, agus Fear, agus chidhfeadh
tu a gCealla agus a nAruis bheaga ag
fuaim-bhualadh le Mucalla Bhuillidhe, a
Sgiuirsidhe, agus a gCruadh-chradh; a gCuid
leabthaca ag tabhairt nios mo Pianadh iona
Suaimhnis da gCoirp thuirsighthe; gan iad ag
Caithiomh nios mo Bidh, acht an meid do
choingbheochadh beo iad chum barr Cradh
agus breis Peine do thabhairt doibh fein; agus
gan La de Laethibh a mBeatha nach bhFuil
rannta, agus leagtha amach, chum an Iomad
uairibh de a chaithiomh an oibreachaibh sbioraidealta.
Nach e so an Cul imtheacht agus an
dul ann uaigneas o'n tSaoghal; an Seunadh agus
an treugbhail so air Mhordhail, air Bhaois,
agus air bhreag-aoibhneas saoghalta; na
hUmhail-ghniomha agus an Droim-dhiultadh
seo curthar le hOnoir, le Seilbh-dhilis agus le
Saidhbhreas; an cruadh-chradh Beatha so, agus
an Claon-mharbhadh so na nAinmhiann, do
deagh-mholladh dhuinn ann san Soibhisgeul;
do seanmoruigheadh agus do craobh-sgaoileadh
le Naomh POL, do Cuireadh a nGniomh le


L. 72


DAIBHIDH, le EOIN BAISTE, le na HABSDOILIBH,
agus le Naomhaibh aird-cheimiocha
Eagluise CHRIOST.



...Luschuacha locusts - fonóta le lociusdighe ...



Leughaidh air gach a nInsighean an Soibhisgeul
air bhiadh gharbh, agus air Eadach thair
mhi-nosach, agus air an Uaigneas ann ar
mhair Naomh EOIN BAISTE; "Omni naturae,
necessitate superata", (a deir Naomh
CHRYSOSTOME, air an II. Caibidil de Shoibhisgeul
Naoimh MATHA, ann 'san 38 Oimle no
Searmoin.) "Iar gCloidheadh uir-easbuighe
agus Riachdanuisidhe na Naduire, do shiubhal
se ann sligh mhor-iongantach Beatha: do mhair
se do ghnaith ag cantaireacht agus ag urnaighthe,
ar ndoigh is Comhsamhuil e seo le Cantaireacht
ar nEagluise agus ar nOrd Riaghalta. Ni raibh
comhradh na comhluadar aige leis an tSaoghal,
acht le DIA go hIomlan ann aonar, (nach e
seo an dul air gCul agus air uaigneas o'n
tSaoghal do dheanaid ar Manacha agus ar Mna
Riaghalta.) Nior mhair se air Bhainne, na
air Fhion, na air Dheoch laidir, acht air Locuisdighe
agus Mil fhiadhain; agus nior chodail
se air Leabadh, na nior rinne se comhnuighe


L. 73


fa Dhidhean Tighe, agus ni dhearnadh se
usaid d'aon Nidh as gnathach le Daoine usaid
do dheanadh dhiobh."




An Mhuintir seo a bhFosglan DIA a Suile le
a Sholus Neamhdha ionnus go dTugaid siad
fa nDeara Mordhacht agus Maithios DE air
aon taobh amhain, agus a dTaireacht, a Neamhnidheacht,
agus an Staid uathbhasach ann a
mBidhid siad fein ann, an tAm thuitid siad
a bPeacadh, ar an dTaobh oile; is mar siud
a dheinid siad dithchioll air sasamh a thabhairt
do DHIA, agus Leor-ghniomh do dheanadh ann
a bPeacaidhibh, do reir Mhiosuir an Eoluis a
ta aca air DHIA agus air a Neamh-nidheacht
fein. Chum tu neartughadh ann san Intinn agus
ann san Deagh run so; agus ann san am
gCeadna chum go dTaisbeanfainn ni hE amhain
sompladh dhuitse, acht mar an gCeadna
ionnus go gCuirfinn Cas, Naire agus Tuirse
Croidhe, air Dhaoinibh neamh-aireacha sbadanta,
neamh-shuimeamhla an tSaoghail-seo; mheas
me nach ar mhi-oireamhnach an Nidh le deanadh
chuige sin, Cuid de'n chruadh chradh agus
de'n chruaidh-gheireacht Beatha ud do chonnairc
Naomh EOIN CLIMACHUS ag Aithrigheacha


L. 74


airighthe ann Mainistir, do chur os
comhair do Shul; agus dh'Insigheas an Duine
Naomhtha seo do bhidh mar Shuil-fhinne air
gach nidh dhiobh; beag-nach ann sna Briathraibh
ceadna so do leanas.
Naomh EOIN CLIMACHUSA Gradu. 5, Art. 4,
et seq. "Ar nDul a steach damh aon san
Mainistir seo, chonnairc me Neithe ann, nach
bhFacadh suil an Duine dhiomaoin, leisgeamhuil
riamh; nach gCualaidh Cluais an Duine fhaillightheach
neamhaireach; agus nach feidir
le Croidhe an duine sbadanta go brath a
thuigsin: do chonnairc me ann, Gniomha agus
Briathra abalta (madh ceaduighthear
damh sin do radh), air bhuadh do bhreith air Dhia
uilechomhachtach, agus air a Throcaire d'Isliughadh
anuas chughtha fein ann Noimeant: chonnairc
me cuid de na hAithrigheacha Naomhtha so,
air feadh na hOidhche go hIomlan na seasamh
suas fa an sbeir fhosguilte, chomh maith is
na'r bhFeidir iad a chorruighe as an ait sinn
air aonchor; agus an uair do bhidheadh codla ag
toiseach air theacht ortha, thugadaois an uile
short Masladh agus Tarcuisne dhoibh fein,
ionnus nach dTabhairfeadaois an uraid sin,


L. 75


saimhe, sasaimh, na Suaimhnis da gCollan;
chonnairc me Daoine oile, ag a raibh a Suile
sior-thoigthe suas a gCeann na bhFlaithios agus
iad ag sior-impidhe Throcaire agus chongnaimh
DE le deoraibh agus le hOsnuighibh chomhnuightheacha.
Agus daoine oile ann aighe sud
aris, a deireadh nach ar bhFiu iad fein uraid
agus a suile thogbhail suas a gCeann na bhFlaithios,
na labhairt le DIA air aon-chor; agus
mar seo, ann ciuineas doimhinn agus ann Dolas,
do rinneadar Iodhbairt da nAnmnacha, ag a
d'Tairgsin do DHIA lan de Naire, de Chas agus
d'Eagladh. Daoine oile nach raibh d'Eadach
ortha ach Canbhas garbh agus Eadach
Roin, ag a raibh a nAighthe folluighthe eadar
a nGluineadh agus bhuaileadhdaois a nEudan
a naighe na Talmhan le searbhas agus dolas
croidhe nach feidir dh'Insin. Chonnairc me
Daoine oile thaisligh agus d'Uraigh an Talamh
na dTimchioll le Tuille iomadamhuil na dTromcheatha
deor, do bhidheadh go deoigh ag
silleadh o'na Suilibh. Agus Daoine oile ag a
gCruadh-chaoineadh fein, mar do dheanfamaois-ne
dolas agus sgreada cumhach os cionn Dhuine
muintiordha eigin linn do bheidheach tar eis


L. 76


Bais, ag deor-chaoineadh cailleamhna a nAnman.
Daoine oile reidh, ollamh, chum buithreadh
amach, agus iad ag deanadh dithchill air Fhuaim
a nGuil-ghearain do mhuchadh, go dTigh
na'r bhFeidir leo iad do thoirmiosg nios sia,
gan raobadh, agus linniughadh amach ortha ana
soin, le breis Foirneirt. Chonnairc me Daoine
oile do thaisbean iad fein ann a nGniomhaibh
agus ann Buaidhreamh a nIntinne, chomh lionta
san d'uathbhas, ionnus go rinneadar iad fein
comhsamhuil le Iomhaighthibh Cloiche, gan
Mhothughadh, gan aireachdan aon nidh, le
hIomarcadh a nDolas agus a gCroidhe thuirse;
Agus a gCroidhthe teilgthe sios ann Slogaire
doimhinn na hUmhlachta; agus do rinne a
nDolais bheo-loisgighthe, a nDeora thiormughadh
agus do shughachan suas." Agus a gCeann
tamaill bhig na dhiaigh sin, toisighean se air a
chomhradh aris mar seo "Ansúd do
b'Fheidir na hAithrigheahca naomhtha ud do
fhaicsin, lan de Dholas agus de thuirse Croidhe,
agus iad da nUmhlughadh fein sios chum na
Talamhan, ag deanadh Neamhshuim iomlan
da gCoirp; ag measgadh a gCuid Arain le
Luaithrean; agus a gCuid Digh le Deoraibh.


L. 77


Ann sud nior chualadh Focail air bith na measg,
acht a leitheidighe seo; as mairg! as mairg!
agus as Anaoibhinn duinne, na hAindeiseoirighe
mi-fhortunacha! Is le ceart O DHIA! Is le
fior cheart a tamaoid ag fullaing na Neithean
so! Maith dhuinn, ma se do thoil o THIGHEARNA
tabhair maitheamhnas duinn. Do bhidh
a dTeangtha a mach tar a mBeil ag cuid oile
dhiobh mar Ghadhair chortha, thuirsighthe, tre
ro-mheid an Iota do bhidh ag a bPianadh.
Cuid aca do sheasuigheadh amach ann Ceartlar
an tSamhradh, fa Theas dian-loisgighthe
na Greine; agus cuid oile dhiobh do sheasuigheadh
amach go mBidhdis siocuighthe le
Fuacht fa Gharbh-shionta an Gheimhreadh.
d'oladh Cuid oile dhiobh beagan uisge chum
fion-fhuaradh thabhairt da dTeangthaibh, acht
nach bidheadh go leor chum a dTart do chosg
na mhuchadh. Agus Daoine oile do bhidheadh
sasuighthe le Goblach no Mion-Ghreidhim
beag Arain do ithe, agus iad ag cur suas de nios
mo, ag radh nach ar bhFiu iad fein Aran na
nDaoine do ithe o mhaireadar ar nos na
mBeathaigheach.



...Bluire a morsel - fonóta le goblach ...



"A measg a samhuil sud de Ghniomhaibh


L. 78


aithrigheacha, as fhuras a mheas, nach raibh
slighe air bith le faghail ag Caithiomh Aimsire
greannmhar, na ag Comhraidhte suarracha,
diomhaoine; agus da reir sin is lughadh na sud
an tSlighe bhidh le faghail eadtortha dho
Fhearg do dhroch-shasdacht, na do Dhoriarthacht.
Dibriodh An-churam a dTimchioll
na Colna, Solas, Meadhair agus Greann, agus
an Smuit-cheo is lughadh dhe'n nGloire-dhiomhaoin,
amach as Ghrianan chruadh chradhach ud
na hAithridhe. Budh é a ngnotha go hIomlan
a bheith ag uaill sgreada chum ar dTighearna
do Lo agus d'Oidche; agus ni raibh Glor
na Guth oile le clos ann san gComhluadar
so, acht amhain Guth agus Fuaim bhinn-bhriathrach
na hUrnuighthe. Do bhidh cuid oile aca
ag bualadh a nUchta, chomh dian dasachtach,
is da mBeidhdis ag bualadh ag Doirse na
bhFlaitheas, agus deiridis, O Bhreithimh ta lan
de Thruaigh agus de Mhor-Mhaithios; fhosguil
duinne as iocht do Mhor-throcaire nach feidir
Teora chur leithe, na Doirse do dhunadar ar
bPeacuidhe 'nar nAighe. A dubhairt duine
dhiobh, taisbean dhuinne do Aighe o a Thighearna,
agus beidhmid sabhalta. A deireadh
duine eile dhiobh, taisbean tu fein o Thighearna,


L. 79


do na hAindeiseoiridhe seo, a ta 'na suidhe ann
Dorchadas agus ann Sgaile an Bhais. A dubhairt
Duine oile, O Thighearna cuir do Throcaire
d'ar bhFoirein agus d'ar bhFurtacht oir a tamaoid
a gCruadh chas agus a mBochtaine sharmhor.
Dubhairt Cuid oile aca, do b'fheidir go madh
Thoil le DIA, Siodhchain do dheanadh linn La
eigin, agus go bhFeuchfadh, se a nuas orainn le
Suil ghradhmhar a Throcaire: Do b'feidir go
gCoinfeadhmaois uair eigin, an Guth binnghlorach
ud a dearfas leis na Priosunachaibh,
gabhaidh amach as bhur mBraighdeanas agus as
bhur gCuibhreacha: agus leo sin a ta ann Dorchadas,
glacuidh chughaibh an Solus.



"Do bhidh an Bas do ghnaith aca os comhair
a Sul, agus do labhradaois le na cheile ag radh;
cas as crioch dhuinn ag an uair dheighionnach?
Cia aca seunmhar no mi-fhortunach a bheidhmid
tar eis ar mBais? An nDeanfas DIA
ath-ghlaodhach air an mBreitheamhnas fiorcheart
ud do thuilleamuir? An mBeidhid ar
nUrnuighthe brioghmhar go leor, chum dul suas
go dTigh Cathaoir ard, agus Ri-Shuidheachan
Mhordhachta DE? An mbeidhid siad tairbheach
duinn, no le cad e an Mhor-luadhacht a


L. 80


gCuirfear a sochar duinn iad? An feidir go
bhFaigheadh na hUrnuighthe sin do thig amach
tar ar mBeil agus ar bPuisinidhe truaillighthe,
neamh-ghlana, fabhar na dhiaigh sin a bhFiaghnuise
an Tighearna? Cia ag a bhFuil a fhios,
a bhFuilid ar nAingil Coimhdeachta ann so 'nar
dTimchioll, no nar theitheadar chum siubhail
o Bhreuntas ar bPeacuidhe. Agus thug daoine
oile mar fhreagradh air gach fiafruidhe dhiobh
sud, ag radh; Cia aige bhFuil a fhios, nach
dTabhairfeadh ar dTighearna Maitheamhnachas
duinne, mar thug se roimhe so do na NINIVITES.
Ca bhFios nach nIonntoghadh, se a Throcaire
chughainn, agus nach saorfadh sinn o Bhas,
tar eis duinne ar nUrnuigthe chur go buain-sheasamhach
ann a Lathair, fiu go dTigh crioch ar
mBeatha; Oir a ta se trocaireach, agus deanfaid
ar nDeora agus ar dTrom-Shaothair siodhchanta,
ceannsa linn e. Deanadhmaois rioth
a Dhearbhraithreachas, riothadhmaois, oir a ta
riachdanas againn le rioth, agus soin le ar
mBrigh go hIomlan, chum go bhFaghamaois
dul suas ann san ait o ar thuiteamuir. Ritheamaois
a gComhnuighe a gCeann an Chomhartha
sin; na sparalamaois ar gCoirp salacha. Deanadhmaois


L. 81


dioghlatas ortha a dTaobh gach
Mimheasardhachta a rabhadar cionntach ann;
Cuireadhmaois d'Fiacha ortha an Peandhos do
thuilleadar do fhullaing, agus d'Foidhneamh.



"Is mar seo labhradar na hAithridheachta
firinneacha ud, agus do thaisbean an riocht ann
a rabhadar a gCoirp air an dTaobh a muigh
dhiobh, dolas, agus geur-thuirse a
nAnman air an dTaobh a stigh diobh. Budh
chomh-samhla a nGnuis, a gContanos agus a
nGne, le Daoine marbha iona le Daoine beodha.
Do bhidh a Suile sloigthe agus tirim ann a
gCinn; thaibhreochadh Feoil a nGruadh dhuit
crion, seargtha o sgala-dhoighteacht a nDeor.
Do thuiteadar na Ruaidhinnidhe dhe Fhabhruidhibh
a sul tre mheid a nDeor-chaoi agus a
Sior-ghuil. Do bhidh a nGluineadh chomh
cruadh le Clar, no le Croiceann Camhaill ona
bheith ag sior-ghuidhe DE. Do bhidh a
nUchda dubh, orm, agus bruighte o a bheith
da sior-mBualladh, agus do gortuigheadh a
Sgamhoga chomh mor sin leis na Buillidhe ud,
ionnus go mBidheadh a Seilidhe a gComhnuidhe
cumasgtha le Fuil. Do chur na Braighde no
na Priosunacha beannuighthe so, a nImpighe


L. 82


chun am Uachtarain do bhidh ortha, (agus go
deimhin do b'fheidir e sin, do mheas, mar
Aingeal, a measg Daoine) go gCuirfeadh se
Trom-uallach slabhruidhe air a Muineal agus
air a Lamhaibh; go gCuirfeadh se Iarroinnidhe
air a gCosaibh, agus leigean doibh fanamhuin
ann san staid sin, go dTigh gCuirfidhe iad na
luighe 'san Uaigh; agus de iomlan na meide
ud nior mheasadar iad fein fiughantach.



"Acht an uair do bhidheadh aon chuid de
na hAithrigheacha so na luighe ann Leabadh
ann Bhais; budh uathbhasaighe iona sud oile dhe
Radharc, gniomha a chompanuighthe d'Fhaicsin
ag an Noimeant soin; oir thagadaois thimchioll
air gach aon taobh dhe, agus a gCinn crom
sios aca ag a fheuchain go dubhach, deorach,
dobronach, truaighmheilioch, agus dolasach,
agus a bhFocail lan de chumhaidh, ag radh
leis; cionnus do gheibh tu thu fein a Dhearbhrathair
ghradhaich? Cad e an Dothchus a
ta agad? Cad is doigh leat is Crioch dhuit?
An bhfuil an nidh sin agad le faghail, do bhidh
tu ag iarradh le hIomad Trom-shaothair? An
bhFaicean tu Flaithis na Slanuighthe fhosguilte
fa do chomhair? An bhFaighean tu Urradh,


L. 83


Geall no Siurailteacht dhearbhtha leis? An
dTugan tu fa nDeara solus nuadh eigin ann do
chroidhe? Agus an gCloinean tu Guth eigin
a stigh ann; ag radh leis; Taid do Pheacuidhe
ar na maithiomh duit; no rinne do Chreidiomh
slan thu? No air an Lamh oile, innis Duinn an
gCloisean tu na Focail chrith eaglacha seo;
Geidheadh na Peacthaich sios go hIthfrionn, agus
an uile Chineadh do ghnidh dearmud de DHIA:
No na Focail eile seo; Ceangloigh a Lamha
agus a Chosa agus teilgidhigh e an san Dorchadas
a ta air an taobh a muigh. No an
Briathra so: Tog chum siubhail ann Malluightheoir,
chum nach bhFaicfeadh se Gloire DE.
Cad a deir tu a Dhearbhrathair? Labhair go
saor-aigeantach searc-chomannach linn, chum
an Teagaisg. Cuirmid de Gheasaibh ort, a
Dhearbrathair e dh'Insinn duinn ionnus go
bhFoghlaimeochmaois o'd Shompladh-so, an
Nidh sin a gCaithfeamaoid fein Suil do bheith
leis la eigin; Thainic do Chuis Dlighe anois
chum triadhaile, agus chum criche; beidh an
tEiliomh tha ort gan moran moille, curtha do
leath-taobh, agus beidh an Bhreath do thabhairfear
ort, ag Seasamh air feadh na Siorruidheachta;


L. 84


ni feidir I dh'Aistriughadh na a mhalartughadh
choidhche. Tamaoidne ag fanamhuin,
le iar-leanamhain ar mBais agus ar mBreitheamhnuis,
a ta fos amhrasach, agus neamh-chinte.
Do thug cuid oile aca Freagradh air gach
Fiafruighe dhiobh sud, ag radh; go mBeannuighthear,
agus go nAdhruighthear, an Tighearna,
thug saor sinn o Fhiaclaibh ar Naimhdibh;
agus do fhreagradh cuid oile aca ar breis Dolais
agus Dioltuirse; As neamh-aoibhinn as neamh-aoibhinn
agus as mairg do'n Anum soin na'r
choimhed go dilis, Moide agus Geallamhuin
shollamanta a Gairme; Oir is se nois an tAm
ann a bhFuighe si fios air, creud a ta ollmhuighthe
agus taisgighthe fa na comhair air feadh na
Siorruidheachta.



"Admhuighim, an uair do chonnairc agus do
chualaidh me na Neithe seo go hIomlan; agus
do chuir me mo mhall-ghniomha, mo leisgeamhlacht
agus m'Fhaillighe fein a gComparaid le a
gCruadh-chradh agus le na bhFullaingthibh sud.
Is beag na'r thuit me ann Eadochus; Oir cad
e an Suighiughadh agus an Deanadh, is doigh
leat a ta air an mainistir ud? Nil Suigheamh
na Deanmhus air bith oile uirthe, acht Dorchadas,


L. 85


Bochtaine agus Cuis Truaighmheile; a ta
an uile Nidh a ta innte sganramhuil uathbhasach,
agus deisdeanach; chidhean tu fein nach
gan Chuis, do fuair si Priosun agus Arus na
gCoireach do ghairm di, an trath nach feidir
le aon neach uraid is feuchain uirthe gan
Caoi-ghuil do dheanadh; na dul a steach inte
gan Smuaintighthibh na Fior-aithrighe agus an
Doilghis da bhualadh.



"Taibhreochas an meid ud go hIomlan, do-chreidthe
agus do-dheanta, do'n Drong leisgeamhuil,
fhaillightheach; acht na hAithrigheacha
firinneacha, agus iad sud ag a bhFuil fios
cad e an Sonus do chailleadar leis an bPeacadh,
ní mar sin do mheasfaid siad; Oir an uair
do gheibh an tAnam I fein Cionntach, ann breise an
choinghil, ann chonnradh, agus na Geallamhna
thug si dho DHIA le linn a Baisdigh, agus
an uair a Chuimhnighean si, gur chaill si mar
aon le Siodhchain agus Cairdeas a Tighearna
DIA, Saidhbhris do-mheasda a Ghras, agus Solais
an Sbioraid Naomhtha, agus gur mhuch si
Teinidh na Carthannachta, do thugadh uirthe
roimhe seo Deora taithneamhacha thabhairt
leithe mar Thoradh; tugan Dolas chomh mor san


L. 86


uirthe ann sin, mar gheall ar a Coirthe, ionnus
go bhFuillaingean si, ni hE amhain, na Trom-Shaothair
seo le foighde; acht mheadochadh si
gan Teora iad, agus fos, cheusadh agus chuirfeadh
si I fein chum Bais da gCeadochadh dlighe
DE dhi sin do dheanadh. Is mar sud do bhidh
na Coireacha beannuighthe ud, no budh chora
a radh na hAithreacha Naomhtha so, 'nuair do
chuimhnighdis air an tSonus agus air an tSeun
do bhidh aca, an feadh bhidheadar ann Staid na
nGras, agus a bhFabhar le DIA; agus air na
Gniomhartha taitneamhacha, Diadha, do thog
suas Laethe a mBeatha an fad do bhidheadar
neamh-chionntach; ag radh, mar aon leis an
Duine naomhtha JOB; Cia thabhairfeas thar ais
me, chum Sonuis, Solais agus Luth-ghaire mo
cheud Bhliaghan, chum Aimsire m'Oige an uair
do bhi DIA agus mar Gharda, mar Dhidhean
agus mar Chosnamh; an uair do bhidh se go
foluightheach, uaigneach ann mo Thigh, agus
an uair do rinne a Choingeal agus a Lochrainn
soillsiughadh air mo Chionn; agus an uair
tre bhrigh ghilleacht agus Lonnradh a Sholuis,
nach raibh eagladh orm siubhal tridh Dhorchadas:
an uair d'Inneol me mo Chosa le Bainne,


L. 87


agus an tAm do rinne Bam
agus Mil sileadh os na Carruighibh dhamh.



...ola chubhartha, ann a mbidh moran subhaílcidhe fonóta le bam...



"Is mar seo ghlaodhdar chum a gCuimhneadh,
an Sonus do bhidh aca roimhe soin, agus
ag feuchain doibh, tar a nais, air gach Tiodhlaice
neamhdha do fuaradar o DHIA, do ghuilleadar
go searbh, agus iad ag leaghadh go hIomlan
ann Deoraibh, a deireadaois; Ca bhfuil a nois
an Fhior ghlaineacht ud do bhidh ann ar nUrnuighthibh
a dTuis ar Saoghail? Ca bhFuil
an Mhuinighin ud le ar ofralamuir iad suas do
DHIA? Ca bhFuilid na Deora millse, taithneamhacha
ud, bhiodh do shior ag silleadh na Srotha,
agus na Dtreun-Thuile o ar Suilibh a gCeartlar
Searbhais agus Dioltuirse ar gCroidhthe?
Ca bhFuil an Gheanmnuigheacht iomlan Anama
agus Coirp ud, ann a raibh ar bPriomh Ghloire
agus ar gCuis Taibhse agus Athuis go sbesialta?
Ca bhFuil an Diliseacht iomlan, agus an
Fomos do bhidh againn d'ar nUachtaran? Cad
as Crioch dho'n Neart neamhdha ud, agus do'n
mBrioghmhaireacht do thugamuir fa deara ann ar
nUrnaighthe, an uair do gheibhmis toradh ortha?


L. 88


Taid seo go leir imighthe gan a dTuairisg mar
Dheatach. Agus tar eis na bhFocal ud do
labhairt, do mheaduigh Dolas a gCroidhe a
dTaobh gach ar chailleadar, agus an Sgannradh
ghlacadar roimh Staid uathbhasach an Pheacadh
ann mar thuiteadar, chomh mor sin, ionnus
go mBidhdis ag iaradh air DHIA, an uile short
Cradh, Pianadh, agus Peandhois do chur
chughtha air an tSaoghal-so, chum Dioghaltais
do dheanadh air a gCoirp, mar as siad budh
chuis le iomlan a nOilc agus a Mio-fhortuin.
Cuid aca bhiodh ag iaradh Galair agus Aicidighe
do bhualadh 'nuas ortha: Cuid oile aca, ag
iaradh air, a Radharc do sgaramhuin leo; agus
iad do bheith na nAoidhe Truaigh air an
tSaoghal; agus cuid oile aca dh'Iaradh air
Parailis, no Fallsaoir, do leagan ortha, dheanfadh
an uile Bhall diobh crion, creimtheach agus
bacach, ionnus go m'Feidir, leo, leis na
hAmhgair seo a lathair, imtheacht saor o Mhio-agh,
agus o Dhaor-Phiantaibh siorruidhe.



"Fa dheoigh, a Dhearbhraithreacha, ni fheadar
me cionnus do fuair me fanamhuin chomh fada
sin, a measg an uraid ud Uathbhais agus
Sgannruidhe; na cionnus do fuair me Foidhneamh


L. 89


le Radharc an uraid ud Pionnos, agus
Deora. Do rinne me fanamhain ann, air feadh
Deich la agus Fithche, agus me lionta go hIomlan
le Omhan agus le sgannradh, a dTaobh gach
a bhFacadh me ann; agus an Uair do bhidh
an Aimsir ud a gCrioch, do rinne me filleadh
thar m'Ais go dTigh an Uachtaran, do bhidh
ag riaghlughadh na mainistire. Nuair do chonnairc
se sin me aisdrighthe go hIomlan, agus
chomh lionta ud d'Uathbhas, thuig se
gan mhoill Cuis mo sgannra agus mo Iongantuis;
agus labhair se liom leis an Millseacht, an
Taithneamhacht; agus an Ghradhmhuireacht
budh ghnathach leis, ag radh; Seadh a Athair
an bhFfeacadh tu Duagh agus Trom shaothar
na gCogadhoirighe calma, croidhe-dhaingne ud?
Thugasa mar fhreagradh air; O Athair! ni
hE a bhFaicsin amhain do rinne me; acht rinne
me mor-iongnadh dhiobh mar an gCeadna; agus
measaim gur ab seunmhaire iad tareis gur thuiteadar
a bPeacadh, agus iad ag Cruaidh-chaoineadh
thrid, ag deanadh na hAithridhe, iona iad
siud na'r thuit riamh, agus nach guilean choidhche
air a son fein; Oir, ta se comhsamhlach go
raibh a dTuitim tre Bhriogh-oibriughadh mhoriongantach


L. 90


Gras 'na Chuis le iad do eirghidh
chum breis Sein agus Gloire aris."



Ni o Sheanchas na o Sgeuluigheacht dhuine
oile do insigheas Naomh CLIMACHUS an
meid ud duinn; acht insighean dhuin go dilis
agus go direach e mar do chonairc se le na
Shuilibh fein; agus Ce go samhluighean an
Sgeul, beagan ro-fhada, mheas me air a shon
sin nach air cheart damh, aon chuid de leigean
thorm gan insin, chum do thairbhe-se agus a
dTaobh moran Reasuin oile. Se an Cheud
Reasun do bhidh agam leis; Ionnus go lionfuidhe
na Daoine le Naire, agus go numhlochdaois
iad fein go sar-mhor, ag faicsin Aithridhe
fhuar, neamh-eifeachtach, Dhaoine na hAimsire
seo, agus Cruaidh-gheireacht na hAithridhe
do rinne na Daoine ann sna hAimsearachaibh
d'imthigh thorainn. An dara Reasun, go
bhFaicfeadhmaois go de chomh fada, agus theidhean
Gradh an Sbioraid Naomtha dhuinn; agus
cad iad na Soillse ta reidh, ollamh ag a Ghrasa
fa chomhair na bhFior-aon, agus na gCreidmheach
go hIomlan; agus go m'Fheidir linn
Dothchus do bheith againn, do reir mar do roinn
se ann aisge, agus go saor-thoilteanach a Ghrasa
leo sud do imthigh romhainn; nach nDiultochaidh


L. 91


se, a sheirbhiseacha ta nois beo, no iad so
thiucfas 'nar nDiaigh, gan a Ghrasa roinn-leo
mar an gCeadna, madh ghnidhid siad buainsheasamh
ann Oibreachaibh na hAithridhe mar
na hAithreacha naomtha, arsaidh ud. An treas
Reasuin, air mBeith dhar nDothchus toigthe air
Bhunnudhas no air leic-iomchair chomh diongmhalta
ud, agus neartuighthe le sompluidhibh
an uraid ud Naomh go mBeidhmis corruighthe
suas chum iarraicht do thabhairt air nios mo
dhe Oibreachaibh na hAithrighe do dheanadh,
na mur budh ghnathach linn; os dearbhtha
gur raibh a gCoirp siud deanta dhe Fhuil agus
d'Feoil mar a taid air gCoirp ne; agus nach
raibh DIA air bith oile aca sud ag a adhradh;
na Congnamh air bith aca ann a gCruadh-chradh
agus ann a dTrom-shaothair acht mar a ta aguinne;
agus ionnus leis na neithibh cruadhalacha,
deacracha do ghabhadar sud triotha do chur
os comhair do Shul, gur ab eadh is lughaide do
bheidheadh Mi-mhisneach ort chum gabhala
tridh neithe budh lughadh Cradh agus Pianadh
iona iad.



...Bun-thus fonóta le bunnudhas...



As firinneach air a shon sin nar cheart d'Aonneach,
mi-mhisneach do bheith air, gidh nach


L. 92


dTagan se suas leis an Aithridhe, agus leis an
Aird iomlaine do thug na Naoimh ud mar shompladh
dhuinn. Oir mar a taid a nIomad Aruis
agus Aird-Theaghlaich ann sna Flaithios agus
Cuid diobh nios airde iona an chuid oile; agus
mar a taid moran Ranna agus Baill ann san
gCorp, agus Cuid aca soin, nios onoruidhe iona
a cheile; mar an gCeadna, ann Eagluis
CHRIOST a taid ceimionna eidir-dhealuighthe
Luaidheachta agus ro-oirdhearcais; Orduighthe
agus Comhairleacha Neamh-chomhsamhuil le
a cheile; agus an iomad cineil Aithridhe agus
Chruadh-chradh. Agus fa dheoigh, an Nidh
a ta riachdanach ann aon tSlighe amhain Beatha,
ní'l se riachdanach ann slighe oile. Ni mo, nil
se riachdanach go hIomlan duinne a bheith ag
iaradh na Neithe ud, do dheanadh a dTuis ar
nDeigh-bheatha, do chuireadar na Naoimh ud
a nGniomh. Oir a taid moran da nGniomhaibh
leagtha ann ar lathair, ni chum Aithris do dheanadh
ortha go hIomlan: acht chum mor-iongnadh
dheanadh de na Neithibh uathbhasacha
ar ghabhadar thriotha le brigh Ghrasa De.



An Gniomh 'na beidhiodh suim na sbeis ag
Fathach ann, ni bh'Feidir le hAbhac a dheanadh


L. 93


air aon chor. Agus na Gniomha nach foghnas
acht chum Anumnacha ard-naomhtha do thastail,
dheanfadaois na hAnumnacha nach bhFuil laidir
a nGrasaibh do leir-mhilleadh.


L. 94



AN SEISEADH LEUR-SMUAINEADH
air
GHLOIRE FHLAITHEAMHNAIS.



DEAN Naomh smuaineadh air Ghloire na
nDaoine agus na Buidhne sin, a ta beannuighthe
agus seunmhar a bhFlaitheamhnas, ionnus go
gCorrochfuidhe suas do Chroidhe chum Neamhshuim
do dheanadh dhe'n tSaoghal so, agus
chum Foinn dhuthrachtaich, dhairireach, do
bheith a gComhluadar agus a gCuideachta na
Muintire a ta 'na gComhnuidhe ann Cathair
sior mheadhrach, fior-shoillseach na Gloire.



Ionnus da bhrigh sin, go dTuigfeadh cuid
eigin dén tSeun agus de'n tSolas so, Tabhair
fa nDeara na chuig Neithe so a ta ann, tar gach
Nidh oile: Siad sin SAR-MHAITHIOS na
hAite; UR-GHAIRDEAS na Cuideachtan;
RADHARC DE; GLOIRE na gCorp; agus


L. 95


fa dheire COMH-LUADAR agus STOR-THAISGE
na nUile Neithe maithe, a ta ann sud le sealbhughadh
gan Cailleamhain go Criochnughadh
na Siorruidheachta.



Air dTuis dean leir-mheas air SHAR-MHAITHEAS
na hAite, agus go sbesialta air a Shar mheid
mhor-iongantach. Oir, an uair do leighmid
ann Ughdair thromdha, airighthe, go bhFuil
gach uile Reult ann san Sbeir, no ann san
Aedhear ghlan, uachtrach, nios mo iona an
Talamh go hIomlan; agus tharais sin, go bhFuil
cuid diobh chomh hAn-mhor sin, iomus gur ab
mo iad Deich-nuaire agus cheithre Fithchid 'na
an Talamh go hIomlan; agus ann sin ag togbhail
a shul suas a gCean Sbeire ghorm-dhathaich
na bhFlaitheas agus ag faicsin an uraid ud
Reulta, agus moran, d'Ionadaibh falamha eadortha,
ann ar bhFeidir an iomad oile Reulta do
bheith; an uair do chidhean se seo a deirim,
cionnus as feidir leis gan a bheith lionta le Moriongantas
agus le hUathbhas an tAm do dhearean
se air Shar-mheid na hAite ud, agus nios
mo iona sin go mor, an uair do ghnidh se leursmuaineadh
air an Tighearna ard-chomhachtach
do chruthuigh an ait ud.


L. 96


Nois a dTaobh Sgeimhe, Ailne, no Breaghachta
na hAite ud, Is neithe iad nach feidir le Briathraibh
d'Insin, air aon-chor; Oir, madh chruthuigh
DIA a leitheidighe sin de neithibh moriongantacha,
breadha, maiseamhla, ann san
nGleann na nDeor so; Cad as doigh leat do
chruthuigh se ann san AIT ud nár ab e
Suigheachan a Ghloire; Ard-chathaoir na Caithreime,
na hArd-cheime agus na hOnora; Longphort
agus Palas a Mhordhachta; Grianan agus
Teaghlach a Chlainne thoghtha; agus Parrathas
na nUile Aoibhinnis.



2. Tar eis SAR-MHAITHIOS na hAite, tabhair
fa deara Mor-mheasdacht agus Fiughantacht
na nAitightheoiridhe, agus na Muintire a ta
na gComhnuidhe ann san Rioghacht aoibhinn ud,
na bhFuil a nIomadamhlacht, a Saidhbhrios agus
a Sgeimh, ag sarughadh gach ar feidir a mheas
na a smuaineadh. A deir Naomh EOIN, go
bhFuil Iomadamhlacht Chlainne DE chomh
hAnmhor sin, ionnus nach feidir le aon Neach
iad do chomh-airiomh. A deir Naomh DIONYSIUS,
go bhFuilid na hAingil chomh hIomadamhuil
sin, ionnus go saruighid siad a bhFuil
de chreatuiridhibh Corpardha air Talamh, gan


L. 97


Comparaid na Coimh-ionaonacht do bheith
eadortha ar-aon-chor. Deir Naomh TOMAS,
ag comh-fhreagradh leis an mBaramhuil ud,
gur ab mar do Sharuigheas na Flaithios an Talamh
ann Meid gan Coimh-reire na Comparaid, do
Sharuigheas Iomadamhlacht na Sbioraidighe
nGlormhar, lionmhaireacht an uile short creatuiridhe
corpardha. Agus madh ta gach Sbioraid
bheannuighthe na hAonar, (ce gur ab I an
Sbioraid is lughadh Gloire dhiobh) nios ailne
agus nios breadha le faicsin, na an saoghal sofhaicsionach
so go hIomlan; O cad e an
Radharc do Neach, do bheith ag feuchain air
Iomadamhlacht an uraid ud Sbioraididhe glormhara,
maiseamhla, agus air Fhoirfeacht, air
Iomlaine, agus air Oific gach aon diobh?
Ann sud taid na hAINGIL curtha a dTeachtaireacht
o'n Ri uasal, ard-chomhachtach; bidhid na
hARD-CHOMHACHTUIDHE ag deanadh Gairdeachuis;
Na hARD-RIAGHLUIGTHEOIRIDHE
ag riaghlughadh; Na FEARTA ag soillsiughadh;
na hARD-CHATHAOIREACHA ag deallrughadh;
na CEIREIBIMIDHE ag tabhairt Soluis; na
SEREAFAIMIDHE ag doightheadh ann Gradh
diadha; agus iad uile ag tabhairt Mollta agus


L. 98


Buidheachuis do DHIA go siorruidhe. Nois
madh ta comh-luadar agus comhradh searc-chomanach,
comh-chomaoineach Dheagh-dhaoine
subhailceacha chomh taithneamhach solasach sin,
mar dheimhnigheas Gniomha go laetheamhuil
duinn; o cad e an Nidh bheith ann sud ag
comhradh le an uraid ud Naoimh beannuighthe;
a bheith ag labhairt leis na Faighibh; do
bheith a gComh-roinn agus a gComh-Phairt
leis na Mairtireachaibh; agus Coman, Caidreamh
agus Muintiordhas Siorruidhe do bheith
leis na Creidmheachaibh agus le Clainn thoghtha
DE, go hIomlan.



3. Os a chionn sin, mas Gloire chomh mor sin,
a bheith a gComhluadar na nDaoine beannuighthe,
o cad e an barr Gloire bheith a gComhluadar
agus bhFiaghnuise an tE ud a
mBidhid Raolta na Maidne ag a mholladh;
an tE ud da nDeanaid an Ghrian agus an Rae,
mor-iongantuis da Sgeimh agus da Ail-mhaiseadh;
an tE sin a nUmhluighid na Sbioraididhe
beannuighthe so go hIomlan agus na hAingil
a bhFiaghnuise a Mhordhachta? O nach
solasach an Radharc a bheith ag amharc air
an MHAITHIOS gheinearalta, ard-chomhachtach ud,


L. 99


ann a bhFuilid na hUile Neithe maithe
congbhaighthe: an tArd-shaoghal sin, ann a
bhFuil an uile Shaoghal coimsighthe, agus do bheith
ag feuchain air an tE sin tar eis gur ab aon
Nidh amhain e, gur ab gach uile Nidh e? Agus
ce gur ab simplidhe, aonaranach e ann fein, agus
nach bhFuil cumusg air bith oile thrid, air a shon
sin go gCoimsighean se ann fein, Iomlaine
gach uile Nidh? Madh measadh na Nidh chomh
mor sin SOLAMH d'Fhaicsin, agus a chaint
bhinn-bhriathrach, fhior-chiallmhar do chlos,
ionnus go dTainigh Benrioghain na SABA o'n
dTaobh o Dheas de'n Domhain, ag a fheuchain
agus go nDubhairt si leis: Is beannuighthe
an Duine, agus is beannuighthe iad so do
Sheirbhiseacha do sheasuigheas ann do Lathair,
agus do chloineas d'Eagna agus do Chrionnacht."
O cad e an Radharc fior-sholasach a bheith ag
feuchain air an Solamh ro-ard ud; air an
Eagna shiorruide ud; air an Mhordhacht gan
Teora ud; air an Ail-mhaiseadh dho-mheasda
ud; agus air an Fhairge gan Teora ud na
Sar-mhaithiosa; agus a bheith ag faghail Seilbhe
air sin, an feadh mhairfeas Saoghal na Saoghal.
Ag seo brigh, Bith, agus Naduir Ghloire na


L. 100


Naomh, agus coimhlionadh agus criochnughadh
a bhFoina go hIomlan.



4. Na dhiaigh sin dein Naomh smuaineadh
aire Ghloire na gCorp, air a mBronnfar na
cheithre Cailidheachta oirdheirce, uaisle seo, mar
Sbre, siad sin, 1. Tabharfar cumas do'n gCollan
gabhail tridh an uile short Nidh, gan I
fein na an Nidh sin do ghortughadh, mar do
thig Sgaile na Greine trid an nGloine gan e lot
na bhriseadh. 2. Tabharfar cumas Luais agus
Ingioltachta dhi, air slighe go rachfadh si le
hIonntoghadh na Baise ann cia be ait a smuaineochadh
si dul. 3. Taibhairfear cumas di,
ionnus nach feidir I ghortughadh na lot, na I
fhullaing Pian na Dochar choidhche. 4. Agus
fa dheoigh bronnfar Lonnradh agus Soillse
chomh hIomlan sin uirthe, air mhodh go
mbeidh Collan gach Naoimh ag soillsiughadh
mar an Ghrian ann Rioghacht a nAthar fein
A nois madh ta an tAon-Ghrian amhain sin do,
sheasuigheas ann Ceart-lar Ghorm-Sbeire na
bhFlaithios, go leor chum Soluis agus Solais do
thabhairt do'n Domhain go hIomlan. O cad e
an barr Soluis agus Lonnradh do thabharfas an
uraid ud Grianta agus Lochrainnidhe solusda


L. 101


uatha, do bhidheas ag soillsiughadh ann Grian-Chathair
shoillseach, agus ann Grianan aoibhinn,
greidhionnach na Gloire.



5. Acht cad a dearfadh me ar aon-chor
anois, a dTaobh gach Aoibhinuis, Suaircis,
Saidhbhris, agus Solais oile, a ta ann sud?
Ann sud beidh Slainte gan Galair, gan Eugcruas;
beidh Saoirse gan Daor-bhruid; Maiseadh
gan Mi-sgeimh; Do-mharbhthacht gan
Truailliughadh; Lionmhuireacht gan Riachdanas;
Suaimhneas gan Buaidhreamh; Neamhbhaoghlacht
gan Eagladh; Eolus gan Earraid
gan Mealladh; Sasamhlacht gan Deisdean;
Solus gan Trom-chroidheacht, gan Dolas; agus
Onoir gan Easonoir do theacht os a comhair
go brathach. Ann sud, (mar a deir Naomh
AIBHISTIN) beidh Fior-Ghloire, oir ni feidir
aon neach do mholladh ann, le Meabhall na
le Bladairacht. Ann sud beidh Fior-onoir,
oir, ni dhiultochfar I air aon neach do thuilleas
I, agus ni mo, ni thabharfar d'aon neach I,
nach bhFuil fiughantach air a faghail. Ann sud
beidh Siodhchain fhirinneach, oir, ni feidir le
Duine fein, na le Duine oile, buaidhreamh na
Mio-shasamh do chur air ann. Beidh Luachsaothair


L. 102


na Fior-shubhailce comhthrom, agus
comh-ionan le DIA do thug uaidh I, agus do
gheall e fein mar Luaidheacht-saothair do'n
tSubhailce. Beidhmid ag a fhaicsin sin gan
sgur, gan sgith; ag a gradhughadh gan Deisdean;
agus ag a mholladh gan Tuirse. Ann sud
a ta an Ait for-leathan, maiseamhuil, soillseach,
didheanta agus babhan-dhaingnighthe
roimh gan Namhaid. Tá an Chuideachda sarmhaith,
agus fior-sholasach; a ta comh imtheacht,
agus comh-ionaonacht Aimsire go deo
ann; ni rannta na Maidion agus na Trathnona
acht na hAon-La-amhain, bhuan-chomhnuightheach
siorruidhe.



Ann sud, beidh Earrach buan-sheasamhach,
do bheidheas ag teurnoghadh, go deoigh, agus
blaith mhaisighthe le Fionn-fhuaradh, le Beodhathamhlacht
agus le hAnail mhilis, chubhartha
an Sbioraid Naomhtha. Ann sud beidhid
a bhFuil ann go hIomlan ag deanadh Gairdeachuis,
ag Cantaireacht agus ag tabhairt Molladh
siorruidhe dho Ard-Thiodhlaictheoir agus do
Ard-Thabharthoir sin na nUile neithe maithe,
nar ab tridh na Mhaithios thoirbhirteach, fhiallmhar
a mhairid siad feadh Shaoghal na Saoghal.


L. 103


fhlaithiseamhuil, neamhdha! O a Ionad chomhnuighe,
chosannta, shabhalta! O Phobail gan
Urchoid, gan Fhaladh, gan Mhiosguis, nach
deanan go brath gearran air a cheile! O a
chomh-ursa shocair, shuaimhneach, shitheoilte,
agus a Dhaoine gan uireasbadh gan Riachtanas!
O mo Dhiombadh nach fuil Ceannarruic
agus Imreas an tSaoghail so a gCrioch! O
Faraoir, nach bhFuil deire le Laethibh mo
Dhibeartha! O ca shoin do thiucfas an La
soin! Ca shoin do thaisbeanfad me fein a
bhFiaghnuise ar dTighearna cubhartha, agus
ar Slanuightheora gradhmhar caoin-trocaireach.



Is dearbtha nach bhFuil se eadar Daoine na
Aingil an tE do gheabhadh an Luach saothair
gan Teoradh, a ta dTaisge ag DIA fa Chomhair
a Sheirbhiseacha dilise, do leur-nochtadh na
do mhiniughadh. Acht air a shon sin, chum
go dTabhairfinn Flosgadh, beag soluis duit air,
agus Blas roimh-rae; eist le cad a deir Naomh
AIBHISTIN, O a Bheatha mhor-iongantaich,
a ta ollmhuighthe ag DIA fa chomhair na
Muintire ghradhuigheas se! O a Bheatha
bheanuuighthe; a Bheatha shabhalta; a Bheatha
shocair shuaimhneach, shitheoilte; a


L. 104


Bheatha fhior-ghlain a Bheatha Gheanmnuidhe;
a Bheatha nach fios duit cad e an Nidh an
Bas; a Bheatha gan, Dolas, gan Trom-shaothar,
gan Pian, gan Buaidhreamh, gan Truailliughadh,
gan Sgannra, gan Aistriughadh na Malartughadh;
a Bheatha lan de Ghloire agus de Onoir, ann
san ait nach deanan Namhuid feargughadh,
gortughadh na maslughadh, na Pleisiuir truailliughadh.
Ann san ait a bhFuil an Gradh iomlan
agus an ait o a bhFuil an Eagladh dibeartha;
mar a bhFuil an La siorruidhe, buan-chomhnuightheach;
mar a bhFuil aon-Sbiorad, agus Aon-Intinn
ag gach a bhFuil ann; mar a bhFuil
DIA le faicsin Aighe air Aighe; an ait amhain
a nGlachthar an Oileamhuin sin, na cuirean
Deisdean go deo air an Intinn! O go de mar
a chuirid do Ghileacht agus do Shoillse, solas
orm, an uair a smuainighim ortha; agus go
de chomh taithneamhach, greidhionnach, agus
a taid do shaidhbhris do'm Chroidhe do shantuigheas
iad! Da mheid is smuainighim air
cad e an Nidh tu, as seadh is moide gheibhim
me fein loitighthe agus leur-ghonta le'd Ghradh!
Tugan ann Fonn a ta agam chum seilbhe
d'Fhaghail ort, Rachta Athais neamh-ghnathacha dhamh:


L. 105


agus ni lughaide a ta do Ghnaithchuimhneadh milis,
sasamhuil damh. O Bheatha
a ta stor thaisgighthe le an uile short sein! O
Righeacht fhior-bheannuighthe, ann nach bhFuil
Cumas na Comhachta ag an mBas; Rioghacht
gan deire, gan chrioch; Rioghacht na tiucfas
aon Aimsir na dhiagh go deo; Rioghacht ann
nach deanfar go brathach an La do dhorchughadh
le Dubh-neultaibh na hOidhche; a Rioghacht
shior-bhuan, fhior-shuairc, chaoin-aoibhinn; ann
san Ait a bhFuighe an Saighdeoir do throid go
crodha, dilis calma, dho Ard-righ na bhFlaithios,
e fein comh-cheangailte leis na Cantairighe Ainglidhe,
agus a Chionn timchiollta le Blaithchoroinn
Gloire, agus e go Cathbhuadhach ag
sinnim Ceolta agus Abhrain binnghloracha an
JERUSALEM neamhuidhe, ag tabhairt Ardmholladh do
Chruthuightheoir uile-chomhachtach gach uile Nidh.



O go de chomh seunmhar is bheidheas
m'Anum, madh thuillim tareis Reim na Deoruigheachta
so bheith criochnuighthe, do bheith
ag feuchain air do Ghloire, air do Bheannuightheacht,
do Mhaiseadh, do Bhalluidhe, agus do


L. 106


Gheatuidhe; Ionaid agus Palais do chathrach;
do Aitigtheoiridhe uasal, onorach; agus
fa dheoigh do Ri uile-chomhachtach ann a Lan-ailne
agus ann Iomlaine a Mhordhachta. Taid
do Thrighthe deanta dhe Chlochaibh buanmharthannacha,
agus is se as Ainm doibh SAPHIR,
agus Fineamhnuidhe Oir is Didhean
doibh, agus ni dhearnadh usaid de chloch air
bith ann sna Tighthibh ud, acht clocha greanta,
deagh mhaiseacha, daor-luadhascha. O a JERUSAILEM
ar Mathair, go de chomh maiseamhuil,
aluinn agus a ta tu ann d'Ornaidibh agus ann
do Dhathamhlacht? Ni ceaduighthear a Stigh
fá'd Mhuir, aon chuid de na Neithibh do
loghailtear ann so shios ann Gleann ann Mhiagh,
an Mhi-fhortuin agus na nDeor. Is Neamhchomhsamhuil
leis na Neithibh do chidhmid
go laetheamhuil air an tSaoghal-so, na Neithe
a ta le faicsin ann Tir agus ann Rioghacht na
Gloire. Ionnutsa ni breathnuighthear agus ni
fhaicthear choidhche, Oidhche na Dorchadas, na
aisdriughadh Aimsire; nil tu ag faghail do
Sholuis o Lonnradh Lochrainnidhe na Trillsein;
na o'n nGealach: na ona Reultaibh, as se
DIA do thig o DHIA, agus an Solus do thig o'n


L. 107


tSolus, do bheir duit do shoillse, do Ghilleacht
agus do Lonnradh. Ta RIGH na RIOGH fein ann
do Lar timchiollta le na Oifigidhibh; ann sud
a ta Cantairidhe agus Coruidhe na nAingiol ag
fuaimiughadh Ceoil binn-ghothach ann a Chluasaibh;
mar a nGlacthar le Gairdeachus agus
le Luthghaire, gach a dTeidhean o'n tSaoghal-so
ann, ann sud a ta le faicsin Comhluadar na
bhFaigh; Dlighe-chuirt agus Ard-chomhairle
na nEasbol; Sluaigh Armala na Mairtireach;
Coimh thionol agus Comh-chruinniughadh na
nAdmhalach, no na gCoinfeasoiridhe; na
Daoine-Riaghalta, iomlana, fireunda, agus na
Mna naomhtha do rug buadh air Phleisiuir agus
air Chlaon-aoibhinnis an tSaoghail seo, agus air
Laigeacht a gCineil fein: Ann sud ghnidhthear
mor-iongnadh dhe an uraid ud Oig-fhir, agus
Maighdiona boga oga, ar sharuigh a nDeighbheatha
agus a subhailcidhe go mor a mBliaghanta;
Ann sud deanfar na Caoire agus na
hUain neimh-chiontacha, neamh-urchoideacha
ud do chomhairiomh, do imthigh saor o
Chraos agus o Chuil-fhiacladh na Maictiridhe,
agus o Liontaibh chealgacha na Beatha so.


L. 108


Ta gach aon diobh ag faghail seilbhe air shasamh
iomlan, ann san ait do ceapadh do; taid
siad uile coimh-ionaon, comh-uasal a dTaobh
na Seilbhe, ce go bhFuil ceim a Sonuis agus
a Sein neamh-chomhsamhuil le na cheile. Ann
sud a ta an Charthannacht ag riaghlughadh 'na
lan iomlaine, do bhrigh gur ab e DIA an tIomlan
doibh ann gach uile Nidh. chidhid siad e sin
gan Chrioch, agus bidhid siad ag blaomadh agus
ag lasadh go siorruidhe, le na Ghradh. Gradhaighid
siad e do ghnaith, ag a ghradhughadh
dhoibh, mollaid siad e, ag a mholladh dhoibh,
gradhuighid siad e'; agus is se a nGnotha go
siorruidhe, do bheith ag a mholladh gan Pian;
gan Tuirse, gan Duadh, gan Saothar. O ca
shoin a thiucfas an La seunmhar sin, a mBeidh
m'Anum sgartha agus saortha o'm Chollan, agus a
mbeidh me fiughantach air an gCeol Neamhdha
sin do chlos, do sinnthear chum Onora an
RIGH siorruidhe, leo san a ta 'na gComhnuidhe
ann san Dun aluinn, agus ann san nGrianan
ghridhionnach, ghrian-shoillseach ud na Gloire?
O go de chomh mor is bheidh mo Shonus, madh
bhidhim le faghail a measg Phobail agus Chomhluadair
an tSeipeil Riogha ud, chum go Sinnfinn


L. 109


fein ann, Abhran molta; chum go mBeidhinn
ann, ag seirbheal, mo RIGH, mo DHIA agus mo
THIGHEARNA, agus do bheith ag a riar ann
a Ghloire, do reir mar a gheall se fein, an uair
a dubhairt se, "A Athair, is aill leam an Dream
ud do thug tu damh, do bheith am fhochair
mar a bhFuilim; ionnus go bhFaicfidis mo
Ghloire, noch do thug tusa dhamh, oir, do-ghradhuigh
tu me, sul do cruthuigheadh an
Domhain." Eoin 17,24.



A nois da bhrigh sin, deanaigh Leur-mheas
ann bhur nIntinn, madh mhaireabhair ann
Eagladh, agus do reir Aitheanta De uile-chomachtaich,
air go de chomh solasach is bheidheas
an La ud dibh, do seoillseochas os bhur gCinn,
aig criochnughadh Slighe agus Cursa na Beatha
so; an tAm do bheidh sibh ag imtheacht o
Bhas go Do-mharbhthacht, agus ann san Noimeant
ceadna, do-sheachanta sin, a mBeidhid
Daoine oile lionta le hUathbhas agus le hEagladh,
beidh sibhse lionta le Gairdeas, le hAthas, agus
le Solas, do bhrigh go nAireochadh sibh uair
bhur bhFuasgalta, Lamh libh. Dean dithchioll,
a dubhairt Naomh HIEROM, leis an Maighdion
EUSTOCHIUM, air dhul amach as Phriosun


L. 110


an Choirp seo, agus chomh maith is da mBeidheadhfa
a nois ag Dorus do Fhir-nuadh-Phosda
neamhdha, socaruigh os comhair do shul
Luach do Shaothair a ta reidh ollmhuighthe fa'
chomhair. Smuain air an La aoibhinn ud,
na mBeidh an Mhaighdion bheannuighthe
MUIRE, ag teacht ad choinne, chum tu ghlacadh
agus Truip Maighdiona naomtha oile ag a
gCoimhdeacht; agus an uair do thiucfas do
Thighearna agus Ceile gradhmhar do Anuma ann
do Lathair agus Naoimh na bhFlaithios ann
aoinfheacht leis, agus a deirfeas se leat; "Siubhail,
tar liom, dean Deitheannas, mo cheile
muirneach, m'Ailean agus mo Cholur (se sin,
Colam) oir, a ta an Geimhreadh 'nois imthighthe
taid na Garbh-shionta, an Fhearthainn agus
na Stoirmeacha a nois tareis gabhail thort;
agus taid naBlaithe ag fas agus ag a dTaisbeanadh
fein ann ar dTir-ne."



O go de chomh sarmhor 'na dhiagh sin do
bheidh an Solus do bheidheas ann Ceart-lar
d'Anma, an uair do thaisbeanfaid Lucht Aitreabhachna
Cathrach Neamhdha dho'd Shuilibh
Uaisleacht a Staide agus a gCoinghil; Glanthuigsin
agus Leur amharc a Naomh smuaintighthe,


L. 111


agus Teasuigheacht lasardha, bheo, dhiograiseach
a nGradh!



O cad e an feasta do bheith ag feuchain air
na CEIREABUIMIDHE, ann a bhFuil Saidhbhris
Eagna agus Mhor-Eoluis DE a dTaisge agus a
gCumhdach! O cad e an Feusta mar an gCeudna
do dheanfaid na RI SHUIDHEACHAIN,
agus na TIGHEARNUISIDHE, agus na SBIORAIDIDHE
beannuighthe oile? O cad e an Gairdeachas
a bheith ag feuchain air an Armail
ghlormhar Mairtireach ud, eaduighthe le Eaduighibh
gle-gheala, agus Craobhacha Ailme
ann a Lamhaibh, mar aon le Bratachaibh agus
le Seud-chomharthuidhibh a gCath-bhuadh?



...Roistin fonóta le greidiol...
O go de mheid an Athais a bheith ag feuchain
air an Aon-mhile-deug MAIGHDIONA ud
a bhFochair a cheile; agus air na Deich-Mile
MAIRTIREACH ud, do lean go firinneach Gloire
agus CROIS IOSA CRIOST, mar aon le Sluaighte
do airighthe oile dhiobh? O cad e an Solas
a bheith ag feuchain ann sud, air an DIOCANACH
glormhar Naomh LABHRAS, agus a Ghreidiol
aige ann a Lamh, a nois nios gille gan


L. 112


Teoradh 'na na Lasracha ann ar doightheadh e;
tar eis gur thug se Dubhshlan na dTioranach
fhiochmhar, neamh-thruaighmheilioch, agus gur
thuirsigh se na Ceusadoiridhe le Foighde dhochlaoidhte.
O cad e an Radharc suairc, solasach
a bheith ag feuchain air an Oigh mhaiseach,
ghlormhar Naomh CATAIRIN, agus I coroinnte
le Rosaibh blaith chubhartha, le Lilibh agus
Noininibh gle-gheala, tar eis di buadh do bhreith
air Roith na Rasur le Lamh airm an Chreidimh
agus an Dothchuis? O cad e an Radharc
aoibhinn, seunmhar a bheith ag feuchain air
na Seacht Laochaibh, calma, croidhe uasal ud
dár ab Ainm na MACCABEES, mar aon le na
Mathair Dhiadha chroidhe laidir, do rinne
neimh-bhrigh agus neamh-shuim de an uile
Short Peandhois nios luaithe na mar a bhrisidis
Aitheanta agus Dlighe DE mhoir uile chomhachtaich?
O cad e an Slabhradh Oir agus Clocha
uaisle a ta chomh deagh mhaiseach le faicsin agus
ata Muineal Roimh-theachtaire ghlormhair Iosa
Criost, se sin, Naomh Eoin Baiste, do
thoghaidh a Chionn do chailleamhuin nios luaithe na
mar a bheidheadh se ag Bladaireacht leis an
Righ malluighthe Herod ag ceilt a Ghniomha
adhailtreannacha, graineamhla air? Cad e an


L. 113


tEadach Righ na Impire do shoillseochas chomh
deallruightheach le Corp beannuighthe Naoimh
PARTHALAIN an tAbsdol, do feannadh, no
nar buaineadh a Chroicionn a mach da
Chollan anna bheo-bheatha ar son ar Slanuightheora
ÍOSA CRÍOST? O Nach uasal an
Radharc a bheith ag feuchain air Chorp ghlormhar
Naoimh STEAPHAIN do buaileadh agus
do bhrughadh dubh is gorm, le Clochaibh
agus e anois coirighthe go hAluinn agus deaghmhaisighthe
le Robuidhibh breagha, ornaidighthe
le Clochaibh-uaisle agus le Peurluidhibh
daor-luadhacha? O cad e an Radharc aoibhinn
mor-iongantach, an da Phrionnsadh ghlormhar
ud a ta air Eagluis CHRIOST, Eadhon; Naomh
PEADAR agus Naomh POL, agus iad ag soillsiughadh
go sar-lonnrach ann sud, Duine dhiobh
agus a Chloidheamh aige ann a Lamh, agus an
Duine oile agus Bratach glormhar IOSA CRIOST,
Iodhon, an CHROIS aige anna Lamh, tre ar cuireadh
coroinn na Gloire ortha a bhFlaitheas?
Nois cad I ann Tuile mhor-lionmhar, mhoraoibhinnis
gan teoradh, dho Neach seilbh do bheith
aige air Ghloire gach Naoimh beannuighthe


L. 114


dhiobh sud, chomh maith is da madh leis
fein iad go dilis? O a Fheasta ghlormhair! O
Fhleadh Rioghamhuil! O Bhord a ta dleacht
do DHIA uile-chomhachtach, agus da Chlainn
thoghtha! Air an adhbhar sin, fagadhmaois
ag Daoine mora an tSaoghail-seo, Feustuidhe
do thabhairt da gCoirp salacha; bidhdis ag a
lionadh fein le an uile short Beaduigheachta
agus Millsean, fiu go mBeidhid siad Bolg bhriste,
tridh mheid a gCraois agus a Mi-mheasardhachta:
As se a leitheid seo dhe Fheasta, mar a
bhFuil a samhuil siud de Bhiadhthaibh dianbhlasda,
ag a bhFriotholamh, as dual, as oireamhnach,
agus as so-mhaiseach do DHIA uile-chomhachtach
agus dona Fior-aonaibh a ta ann
ard-reim ghradamach, agus ann seilbh siorruidhe
a Ghrian-Chathrach.



...feusta, cuirm, bain-fheis fonóta le feusta...




Feuch suas fos os cionn a bhFacadh tu, agus
chidhfidh tu os cionn na nOrd Ainglidhe
Gloire mhor-iongantach, do chuireas Greidhionn
agus Athas air an gCuirt uactrach, ard-aluinn
ud; agus chuireas Meidhir, Suairceas agus
Solas, tridh gach Ard d'Ail-Chathair shoillseach
sa TRIONOIDE; agus do chuireas Meisge agus


L. 115


Mearughadh Aoibhinnis, agus Caoin-shasaimh
miormhuilteacha air Phalais chriostalach Fhlaitheamhnuis.
Tog suas do Shuile, agus dearc air
an Oigh bheannuigthe MAIRE, BAINRIOGHAIN
na TROCAIRE, lan de Lonnradh agus de
Ail-mhaiseadh; I sud a mBidhid na hAingil ag
deanadh mor-iongnadh da Gloire, agus na
Daoine ag deanadh Muidhimh as a Sar-mhaithios:
Si seo Bainrioghain na bhFlaithios a
bhFuil an Ghrian uirthe mar Eadach; agus
an Ghealach fa na Cosa; agus Coroinn Reulta
air a Ceann; agus beanuighthe thar gach uile
Bhean.



Dean Leur-mheas air an nGairdeachas
iomarcach, do lionfas suas croidhthe na Muintire
do bhidheas ag leur-amharc air an mBaintighearna
bheannuighthe, agus air an mathair chaoinghradhmhar.
Ni na luighe air a Gluine a nois os
comhair an Mhainseir, na lan de bhuaidhreamh
agus de Mi-sholas o'n Eagladh agus ona Sgannruidhibh
do buaileadh ann a Croidhe, leis na
Neithibh ud do tharangair SIMEON naomhtha
dhi; ni mo nil si ag iaradh a LEINBH do
Chaill si, le hIomad Broin is Buaidhrimh; acht
anois ann ait na nDolas ud go hIomlan, a ta


L. 116


aice Solais, Siodhchain agus Didhcantacht
siorruidhe ona Namhuid; a ta si 'na suidhe
air Ard chathaoir ard reimioch air Dheas-Laimh
a MIC daor-ghradhaich fein; gan Eagladh
uirthe go gCaillfeadh si go brathach aris Saidhbhreas
fior uasal, cheart-lair a Croidhe. A nois
ni gadh dhi a bheith ag iaradh an Aim mhairbh
de'n Oidhche, chum a LEINBH do thabhairt
saor o Fheall-mhianaibh agus o Chealg bheartaibh
HEROD mhalluighthe, le teithe chum
siubhail leis, ann san Eigipt. Ni sheasochas
si go deo aris ag Bonn na Croise, ag gabhail
na dTrom-bhraonadh Foladh ud chughtha air
a Ceann do bhidh ag silleadh 'nuas o chorp
Ghlormhar fhior-naomhtha a hAonmhic, agus
I ag iomchar air an taobh a muigh da cuid
Eadaich, os comhair a sul tSeimh, an Fhuil
fhior-uasal ud do dheanadh athnuadhughadh
air a Dolas ag tabhairt Cradh agus Ceusa a
hAon-Mhic chum a cuimhne an-feadh do mhair
si air an tSaeghal na dhiaigh sin; agus ni
aireochas si nios mo an Dubh-bron ud do bhidh
uirthe, an uair do fuair si an Mhalairt ghleodhach
ud, ann ar tugadh di an Deisgiobuil an ait
an Mhaighistire, agus an Searbhfoghantuidhe


L. 117


ann ait an Tighearna. Ni chloinfear uaithe
go deo aris, na Briathra gleodhacha, dolasacha
ud do labhair si le Sgreada-Guil agus le Cruadhchaoineadh
doilghiosach, fa Chrann feall fhuilteach
na Croise; ag radh mar aon le DAIBHIDH
na Riogh tridh na Mhac ABSOLOM. "O a
ABSOLOIM! O a ABSOLOIM! O a Mhic mo
Chroidhe, a ABSOLOIM! O mo Dhiombadh
nach meise cuireadh chun Bais ad ait se a
ABSOLOIM!" Nois a ta crioch go brathach
air an nGul-ghearan thruaighmheilich ud; agus
I, sin do buaireadh agus do cradhadh air an
tSaoghal-so, nios mo iona sort air domhan
creatura oile, ta sin ann sud arduighthe os cionn
gach uile Chreatuire oile, ag faghail seilbhe
feadh shaoghail na Saoghal air Aird-reim agus
air Phriomh-mhaithios na TRIONOIDE treasghlormhuire;
agus I ag radh, "Fuair me an
te ud, do ghraduigheas m'Anum, coingbheochadh
me e, agus ni leigfead uaim e." Agus
má's Luthghaire chomh mor sin a bheith ag
feuchaint air an Oigh Naomhtha MUIRE ann
Seilbh reim na Gloire, O cad e an barr solais
gan teoradh a bheith ag feuchain air Dhaonacht
shar-naomhtha ar Slanuightheora IOSA CRIOST,


L. 118


agus air Ghloire agus air Mhor-sgeimh an
Choirp fhior-uasail ud, air a mBidhid na
hAingil le taithnemh ag feuchain; ce gur
gne-mhilleadh agus gur cuireadh as cruth, agus
as comhsamhlacht Dhuine air an gCrois e, air
ar soin-ne. "As Dearbhtha," (a deir Naomh
BEARNARD,) "gur ab Nidh lan de Mhillseacht
agus de sholas, an uair a bheidhid na Daoine
ann sud, ag feuchain agus ag amharc air Dhuine
mar ab e Cruthuightheoir an Duine agus
Ard-Thighearna gach uile nidh do cruthuigheadh."
Is gnathach linn a mheas gur ab
mor an Onoir dar gCineadh, duine eigin dar
nGaoltaibh d'Fhaicsin na CHAIRDINEAL no na
PHAPA. Nois Cad e an mheid nios mo iona
sud d'Onoir dhuinne, an Tighearna ud d'Fhaicsin
nar be ar bhFuil agus ar bhFeoil fein e,
agus e na Shuidhe air Dheas-laimh a Athar air
Ard-chathaoir lonnrach na Gloire, agus e na Righ
Neimhe agus Talamhan? O le cad e an Solas
mor-iongantach a seasochaid Daoine a measg na
nAingiol, an uair a chidhfid siad nach Aingeal acht
Duine e Tighearna an Tighe, agus Cruthuightheoir
ard-chomhachtach gach uile Nidh? oir, madh
mheasaid Baill na Collainne gur ab onoir doibh


L. 119


fein, gach Onoir da dTugthar da gCeann, (a
dTaobh an Choimh cheangail a ta eadar an Ceann
agus iad fein) Cionnus a bheidheas an Cas ann
sud, mar a bhFuil a leitheid sud de Dhluithcheangal
eadar an Ceann agus na Ballaibh?
Cionnus oile do bheidheadh se, acht go measfadh
an uile Naomh da bhFuil ann sna Flaithis,
gur'b I Gloire a Tighearna a Ghloire dhilis,
sbesialta fein. Beidh an Luthghaire ud chomh
mor san, ionnus nach feidir le hAon-neach airiomh
na insin do dheanadh air, mar as dual na is coir.



Nois Cia bheidheas chomh seunmhar soin is
go measfuighe fioghantach e, air Sheilbh d'Fhaghail
air an uraid ud Solais, Sasaimh agus Aoibhinnis?
O se mo Dhiombadh! gan tu mar mo
Dhearbh bhrathair, ag deol Ciocha mo Mhathar;
ionnus go bhFaghainn tu a muigh agus go bPogfainn
tu le Puisinibh an Chaoin-duthraicht; agus
go nDeanfainn tu a dhluth-fhasgadh leam
Chroidhe le Trean chuisleannaibh searc-chomannacha
an Ghradh. O Thighearna shar-mhilis,
ghradhmhair, Ca shoin a thiucfas an La aoibhinn
solasach ud? Ca shoin a thaisbeanfad me fein
ann do lathair? Ca shoin a bheidh me lionta


L. 120


le'd Ail-mhaise? Ca shoin a bheidh me ag
feuchain air do Ghnuis, air a mBidhid na
hAingil ag feuchain le Solas agus le Taithniomh?
A nois cad e an Gairdeachus os a chionn sud
go hIomlan, Glan-radharc a bheith air an Aighe
Dhiadha ud, nar'bi Preamh agus Tobar, Ghloire
na nAingiol, gus na Naomh? Is dearbhtha
gur ab mor na hAdhbhair a gCeann coimh lionadh
agus criochnughadh na Gloire na neithe ud air
ar labhramuir go dTigh seo: acht is beag iad
a gComparaid le Glan radharc DE uilechomhachtaich.
A ta se sgriobhtha a dTaobh ISSACHAIR,
Mac IACOB, "Go bhFacus do go madh
mhaith an Nidh e Suaimhneas; agus go raibh
an Talamh sar-mhaith; agus da bhrigh sin do
chuir se a Ghuaille chum Saothair, agus luigh
se fa Chanachas." Ta Gloire agus Suaimhneas
na Naomh go maith, acht an Talamh do bheir an
Suaimhneas ud leithe mar Thoradh, is I as fearr
ann san gCeim is ro airde; Oir, is si an Talamh
so air a bhFuilmid ag tracht, Gnuis agus Ailsgeimh
DE mhoir, uile chomhachtaich; nar ab
ona Ghlan-Radharc agus ona Leur-amharc do
thriallas agus do thagas Gloire agus Samhshuaimhneas
na Naomh. As se an Glan-radharc ud DE


L. 121


uile-chomhachtaich, an tAon-nidh-amhain ann
a aonar le'r ab feidir suaimhneas iomlan do
thabhairt dar nAnumnaibh. Oir, is maith is
feidir le Millseacht agus le hAoibhinnteacht na
gCreatur, solas do thabhairt do Chroidhe an
Duine, acht ni feidir leo go brathach e leorshasamh
na lionadh. Mais-seadh, madh dheanaid
na Neithe ud air ar labhramuir roimhe
seo, an uraid ud Dolais agus Aoibhinnis do
thabhairt duinn, O go de mheid nios mo iona
sin do dheanfas an Nidh sar-mhaith sin solas
do thabhairt duinn, noch do choingbhidheas ann
fein, Iomlaine agus Suimeamhlacht na nUile
neithean maithe!



Agus madh ta Lom-radharc agus amharc
amhain air na Creatuiridhe ud a ta ann Seilbhreim
na Gloire, na nidh chomh hAlainn, mor-dhalach
sin? O cad e an barr gloire do bheith
ag feuchain go siorruidhe air an Aighe Dhiadha
sin agus ? air an tSolus sar-Ionnrach ud; agus air
Ail-mhaiseadh mhor-iongantach De mhoir uilechomhachtaich,
anna bhFuil an uile Short
Sgeimhe, Ailne agus Deise ag soillsiughadh
ann a Lan-dheallradh?
O cad e an Radharc glormhar a bheith ag


L. 122


amharc air Shubstaint agus air Naduir DE fein
a ta chomh mor-iongantach, chomh hAonda sin
ann fein, agus chomh so-ghradhmhar, so-rannta
sin le na chreatuiridhibh; agus a bheith ag faicsin
Run-diamhair na TRIONOIDE sar Naomtha le
hAon-Radharc, ann san Naduir agus ann san
tSubstaint Dhiadha, cheadna sin? Gloire an
Athar, Eagna an Mhic, agus Maithios agus
Gradh an Sbioraid Naomhtha.



Ann sud chidhfimid DIA; agus ann DIA
chidhfimid sinn fein, agus gach uile nidh oile.
A deir Naomh FULGENTIUS gur ab mar a chidhean
an Duine sin ag a mBidhean Sgathan os a
chomhair, an Sgathan agus e fein 'san Sgathan,
agus gach uile Nidh oile a ta os comhair an Sgathain;
gur ab mar an gCeadna an uair a bheidheas
an Sgathan fior-ghlan ud Mhordhachta DE
uile-chomhachtaich os ar gComhair-ne, chidhfimid
gach uile Nidh oile a ta air an dTaobh a muigh
dhe, do reir (mead no luighiod) an
Eoluis agus na hAithne bheidheas againn air.
An sud beidh fonn ar dTuigsiona ag suaimhniughadh,
agus ni shanntgobadh si go deo Eolus
dFhaghail air nidh air bith oile, do bhrigh go
mBeidh gach uile nidh aici ann sud os a comhair,


L. 123


dar ab feidir Eolus d'Fhaghail air. Ann sud
beidh An-dul ar dToil sasuighthe, ann a bheith
ag gradhughadh na hArd-mhaithiosa iomlaine,
gheineralta ud, ann a bhFuilid na huile neithe
maithe cuimsighthe, agus ann a Eagmuis nach
feidir nios mo Maithiosa do shealbhughadh.
Ann sud beidh ar Mianna ag suaimhniughadh,
agus ag faghail sasaimh fhoir-lionta le Bluire
beag de'n Ard sholas ud, do lionfas Beul ar
gCroidhe, ionnus nach feidir leis nios mo do
shanntughadh. Ann sud tabhairfear Luachsaothair
agus Cuiteamh iomlan do na tri Subhailcibh
diadha so. Iodhon, Creidiomh, Dothchus
agus Carthannacht, le ar onoruigheadh
DIA uile-chomhachtach air Talamh; an uair
do thabhairfear ann sud, do'n gCreidiomh mar
Luachsaothair, a bheith ag feuchain air DHIA
aighe air aighe; do'n Dothchus tabhairfear
Seilbh siorruidhe air, agus do'n gCathrannacht
Mhi-iomlan, tabhairfear ann sud. Cathrannacht
ann for-liontacht a hIomlaine. Ann sud beidhid
na Fior-aoin ag faicsin, ag radhughadh, ag
sealbhughadh agus ag molladh DE uile-chomhachtaich.
Ann sud beidhid lom-lan gan Craos,
agus ocrach gan riachdanas. Ag sud an Ait a


L. 124


a mBeidhfear ag sior-ghabhail agus ag soghsinneadh
an Abhrain agus an Cheoil ud do chualaigh
Naomh EOIN, ann sna Taibhreadhaibh
agus ann sna Taisbeantaibh do fuair se o
DHIA. Agus is se ainm do thug se air an
gCeol ud. Quasi Canticum novum," se sin,
Mar do bheidheadh ceol no cantain, nuadh.
Oir ce go bhFuil agus go mBeidh choidhche,
an Ceol agus an Chantaic ud, mar an gCeadna
(san mheid gur ab aon-mholladh amhain comh-choitchionn
e, a ta comh oireamhnach do'n
Aon-Ghloire sin a ta comh choitchionn do'n
gComhluadar bheannuighthe ud go hIomlan)
fos beidh se nuadh go deo, tridh mheid a
Bhinneachta a Thaithneamhachta, agus a Aoibhinnteachta.
Oir, feuch, is se as Deagh-bhlas
ceadna fuaireadh air, air dTuis, do gheabhthar
air feadh Shaoghal na Saoghal gan Chrioch.
Ni dheanfadh Aoibhneas na Naomh a ta a
bhFlaitheamhnas, feochadh na laghdughadh go
deo; ni mo, ni rachaid a gCoirp choidhche, ann
Eiglidheacht na a Seandacht. Oir, an te sin
do thug do'n Aedhear, agus do Sbeir na
bhFlaithios a bheith oigeanta, fionn-fhuar agus
nuadh, tar eis go bhFuil se na Milte Bliaghain


L. 125


o cruthuigheadh iad; tabhairfeadh se mar an
gCeadna do Bhlaith-Choroinn na Naomh a
bheith oigeanta, beo-dhathach agus blaithchubhartha,
ionnus nach deanfadh si go deo
seargadh meachadh na feochadh.



Do reir mar d'Foillsigheamuir roimhe seo,
as o Ghlan-radharc na Mordhachta Diadha so,
do thig Gloire sbesialta na Naomh, no na
nAnumnacha beannuighthe a ta a bhFlaitheamhnas.
Gidheadh ni mheasan ar mBreithiomh
fhior-cheart, agus ar nAthair caoin-trocaireach,
go bhFuil se go leor do, Gloire do thabhairt
da nAnumnachaibh amhain, acht mar an gCeadna,
le hOnoir doibh sin, sinfeas agus leathnochas
se amach a Staideamhlacht, a Aird-reim
agus a Fheile nios sia, fiu chum Gloire thabhairt
da gCoirp; agus mar an gCeadna ag tabhairt
Slighe agus ionnaid ann a Phalas fhlaitheasamhuil,
mharthannach, rioghamhuil do Bheathaighibh.
O a Ghradhuightheoir na nDaoine! O a
Onoruighe na nDeagh Dhaoine agus na bhFioraon?
O cad a ta le deanadh ag ar gCoirp
dhreoidhte, bhreuna, (budh choradh a mBeith
ceangailte ann Stabla a measg Beathaigheach
agus Eallaich) ann Seun-Rioghacht na bhFlaitheas,
leir-tharaingthe amach ann Gloire, a


L. 126


gComhluadar na nAingiol? O Thighearna fag
Luaithrean bhFochair Luaithreamhain, oir, ni
shamhluighean se deas na dathamhuil go
gCuirfidhe an Talamh os cionn na bhFlaithios.



...cailin, banoglach, Handmaid - fonóta le innilt...



Acht an Te sin a dubhairt le ABRAHAM,
"Tabhairfeadh me onoir do ISHMAEL, agus
deanfadh me iomadamhuil e, d'aimhdheoin gur be
Mac na hInnilte e, mar gheall air
chuid a bheith aige dhiotsa." Taisbeanfas se mar an
gCeadna na Fabhar so, dho Choirp na Naomh,
mar gheall air an nGaolmhaireacht a ta idir
iad fein agus a nAnamnacha. Is se Toil ar
dTighearna, go mBeidheadh an Cholan do bhidh
air an Saoghal so, ag iomchar Trom-ualaich an
uile short Cradh agus Pianadh, mar aon leis an
Anum, rann phairteach leis, mar an gCeadna ann
Oighreacht sior mheidhreach an Ghloire, agus do
reir mar do chuir an tAnum e fein ann Oireamhuin
do Thoil DE air an Saoghal-so, ionnus go dTagan
se na dhiaigh sin, chum a bheith comh phairteach
le DIA ann a Ghloire; Is mar an gCeadna
do'n gCollan do bhidh (contrardha da
Naduir) Umhal, Odhmhosach do Thoil an
Anuma, deanfar Comh-Phartach leis an Anum I,


L. 127


ann Gloire na bhFlaithios an uair a dheanfas si
eiseirghidh o'n mBas. Agus Sealbhoghaid siad,
mar a deir an Faigh saidhbhris dubalta ann a
dTir agus ann a nDuithche fein; Is se cialluighthear
leis sin go bhFaghaid siad Gloire Anuma
agus Coirp.



Nois cad as feidir linn a radh air aon chor,
a dTaobh Ghloire na gCeudfadh? Beidh
a Gloire dhilis fein ag gach Ceudfadh dhiobh.
Deanfar na Suile dh'Athnuadhchan, agus deanfar
nios Glaine ghille iad, na Lonnruighe na Greine;
chidhfid siad na Palais Rioghamhla ud, na
Coirp ghlormhara ud, agus na Machairidhe
maiseamhla, blaith-ghleigiola ud; mar aon le
a niomad dochuimsighthe dhe Neithibh oile
ailne, deagh mhaiseacha a ta ann sud le faicsin.
Beidhid na Cluasadh go deo ag eisdeacht leis
na Ceolta agus leis na hAbhrainn bhinne, mhilismheidhearach
ud, a ta ionamhuil air Throm-shuan
do chur air an Domhain go hIomlan. Beidh
an Boladh mar an gCeadna ag faghail an uile
short sasamhlaicht o Dheagh-bholuighthe, bhlaithchubhartha
an Ghrianain ud; agus is neamhchomhsamhuil
an Chubharthacht ud leis an


L. 128


mBoladh is Cubhartha do thugaid Neithe smuitcheodhacha
an tSaoghail-seo uatha; acht
Taid siad coimh-oireamhnach do Ghloire na
Cathrach Greidhionnach, Grian shoillseach ud
na TRIONOIDE. Mar an gCeadna beidh an
Blas ar na shasamh le Millseacht dhian-bhlasda
agus le Taithneamhacht, ni chum iad do choimhead
na mBeatha, acht chum coimh-lionadh agus
Foirfeachta a nGloire. A nois, cad e an Gairdeachus
an meanmna, agus an Mheadhair, do
bheidheas air an Anum, an uair do bheidh se
ag leur-smuaineadh agus ag dearcadh air gach
Pianadh agus air gach Cruadh-chradh do thug
se dho fein air an Saoghal, agus air gach Pleisiuir
(na mairfeadh acht Noimeant) do dhiultuigh
se air fein, acht a nois na nAit sin go hIomlan,
go bhFaicean se e fein baidhte agus sloighthe
suas, ann san Tobar dhoimhinn sin, O a rithean
Fairge mhor-lionmhar, fior-aoibhinn na Gloire;
agus gan deireadh na Crioch a bheith choidhche
air an uraid ud Solais gan Teoradh.
O Throm-shaothair agus a Phianta nar ab
suairc doibh sin do fhullaingeas sibh! O
Dheigh-Ghniomha do gheibhean Deagh-chuileamh


L. 129


agus Luach saothair gan Teoradh?
O Shaidhbhris da madh chora fonn agus gnaithmhiann
duilmhear a bheith chughad, na bheith
ag ard-labhairt ort; agus budh choir a cheannach
le Mile Bas d'Fhullaing, da m'Fheidir maireachdan an
uraid Saoghalta is thabhairfeadh
an uraid ud Bais do Neach.



Acht Feuchamaois a nois cad e an fad Aimsire
do bheidh an Mhor-Ghloire agus an tArd-sholas
seunmhar ud le sealbhughadh. Budh choir
go gCuirfeadh an Nidh seo ann aonar,
d'Fhiacha orainn sgreada amach; agus fonn do
ghlacadh, go dTuitfeadh Trom-chiotha an uile
short Amhgair, Leathtroim, Pianta agus Tromshaothair
anuas orainn chomh tiudh le Clochaibh
sneachta ag teacht os na Sgamail, ionnus go
nDeanfadhmaois Toil agus Reir DE uilea-chomtaich,
ann san mBeatha dhiombuan, ghearrshaoghlach so;
O a ta se chum a leitheididhe
sud de Thiodhlaicidhe agus de Thabharthuisidhe
do-mheasda do bhronnadh orainn ann san
mBeatha mharrthannach a ta le teacht. Mairfeadh
an Luach saothair Ail-ghloire agus Seunaoibhinnis
ud, a ta le Faghail a bhFlaithios, an


L. 130


uraid Bliaghan agus a taid Reulta ann Fiormailtigh,
agus ann Sbeir na bhFlaithios, Duilleoga
air Chrannaibh, agus Caithninidhe ann san
nGath-greine; Mairfeadh se ceud Mile Milleon
Bliaghain ann aighe gach Braoin Fearthana dar
thuit riamh air Talamh, agus an aighe gach
Braoin-uisge san bhFairge, agus nios sia go
mor; ann Focal mairfeadh se chomh fada is
mhairfeas DIA fein, se sin go siorruidhe gan
Chrioch Saoghail. Oir a ta se Sgriobhtha mar
so; "Beidh ar dTighearna ag riaghlughadh
feadh shaoghal na saoghal." Agus ann ait oile;
"Do Rioghacht so, as se Rioghacht na nUile
Shaoghal; agus a ta do Ard-chomhachta ag
buan-leanamhuin o chineadh go cineadh."



Da bhrigh sin (O Athair na Trocaire, agus a
DHIA na nUile Sholas,) Achnuighim ort go
hUirisiol umhal, as iocht do Throcaire gan
Teora, na Grasa do thabhairt damh maireachdan
ag coimh-lionadh do Naomh Aitheanta, ionnus
nach mBeidhinn sgartha go siorruidhe lei san
tSeun agus leis an nGloire ard-uachtrach ud,
a ta le sealbhughadh ann Rioghacht an Aoibhinnis
sa gCeolta, na Soillse na Solais, na Meadhaire


L. 131


agus na nAbhran nGlor-bhinnghuthach. O
THIGHEARNA mo DHIA do dheonaigh me
chruthughadh do reir d'iomhaigh agus do
Chomhsamhlachta fein, agus thug damh Cumas
air Aithne agus air Eolus d'Fhaghail ort, ionnus
le hEolus do bheith ort go nDeanfainn tu ghradhughadh
agus a riar ann so shios ann Gleann
na nDeor, ionnus go dToigfea suas me tar eis
mo Bhais ann Seilbh-reim na Gloire. Os duit
fein do Chruthuigh tu an Croidhe so agamsa,
tar agus lion e go hIomlan leat fein, agus na
fag sligh ag aoin Nidh oile chum comhnuidhe
ann, "Tabhair damh-sa," (O DHIA uilechomhachtaich,)
"mo Roinn, no m'Oighreacht
ann Talamh na mBro." Na tabhair damh
O Thighearna, saidhbhreas na suaimhneas air an
tSaoghal dhiombuan so, achnuighim ort, acht
leag suas an tIomlan a gCoimhead fám chomhair,
ann san mBeatha shiorruidhe a ta le teacht.
Ni shantuighim m'Oighracht d'Fhaghail a
bhFochair Chlainne RUEBEN, ann Talamh
GHALAD, agus mo Cheart agus mo Theidiol
air Thalamh na Geallamhna do Chailleamhain.



...Gairm title - fonóta le teidiol...


L. 132


Aon nidh amhain, O Thighearna d'Iarr me
mar Athchuinge ort, agus beidh me ag a
iaradh sin ort do ghnaith, se sin, Me do
bheith am Chomhnuidhe ann Tigh ar dTighearna,
air feadh laethe mo Bheatha go
hIomlan. Amen.



Crioch.



EOIN BULL, CLODHADAOIR,
a bPORTLAIRGE.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services