Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Duanaire Finn II
Title
Duanaire Finn II
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Murphy, Gerard
Composition Date
1626
Publisher
(Londain: I.T.S., l933)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
XXXVI Sgríobh sin a Brogáin sgribhinn do comrádh fhírgrinn fheassach ni d'imteachtoibh mic Cumhaill do fhulaing mor ttaom ndeacrach Eisdeacht ré n-abair Oissín do comrádh roimhín ríoghlan ní chúala ón cheithrinn chródha sgél budh cora do sgriobadh Innis a mheic na flatha do glór bhlasta is beag mbréige sloinn duinn go milis milla sgéla fíora na Féine Innis duinn gan dol seacha narab é in freagra failleach cía fath fa ttucadh Caoílte ar fhear sgaoílte na sgainnear Teagmit lá ar Lúachair Deaghadh da ceathrar cródha in buigean móirsheisear dhúinn mun airdrigh ionmhuin dream airdmhín fhuilteach Meise is Daolgus is Díarmaid tríar fuair a ffíanbhoith fulacht tri mic Áonchearda Berra Finn féine is mac Lughach
Gairit duinn ar in tulaigh cían bhus cumhain an sgélsoin go ttainic sa magh fodbhán óglach morard ar enchois Iongnad ionnioll an óglaigh togbhamaíd airm re a fhaixin trí lamha leis ar lúamhain gné in ghúalaigh ar 'aghoidh Áonchos faoí ar lár in tsléibhe don beinn go chéile chugainn áonshuil a cclár a edain 'sé ag feghain mheic Cumhaill Ní raibhe acht áonleim dhosan tar gach ngleann ffodbhán ffasaigh ní roicheadh dhó acht ar eigin bord a edaigh tar a mhásaiph Léine do chíarsnaith chasda ionar lachtna is rúadhbrat cochall mór ciordhubh cíartha do sheiche fhíadha ar a úachtar Mo na lán duirn gach milidh 'na chois mhóir dhírigh dubhguirm fuide nó crann gach sleighe ó a ghlúin go roiche a modharn Ceinnbeirt don cochall cetna fan maoíl ghlesta mar ghúalach ba lór do gabadh dhúine sgath a laime 'sa ghruamdhacht
Ar tteacht dhó ar in tulaigh adubairt ar ttoigheacht chugainn gur beannachaid na dée duit féin a mheic Cumhaill Gur bheannachsa ar Fionn feinnidh cía tú a énfhir nach aithnighim innis duinn bar n-ainm bunaigh a fhir go gculaidh gcroicinn Lon mac Liomtha mh'ainm baisde rug mé ar aisde gach céirdi is mé is ollamh gabhonn ag rígh Lochlann sa Bheirbhe Líomhthach óg inghean Bholcáin nírb olc a conách cloinne ní mairg fear fuair mo mháthair rug mé 's mo brathair eile D'iarraidh coimreatha cubhaidh tanac chugaibh ón Bheirbhe adeirid is lúath sibhsi a dhream is clisde ceirde Geis oirbh is troigh mhná troghain a lucht thosaig gach teannta muna leantaoi bhar n-ochtar me go dorus mo cheardcha Lingidh uainn mar ghaoíth n-earraigh ag dol tar beannaibh sleibhe gur leanamar é in uairsin beagán d'úaisliph na Féine
Do leathtaoibh Lúachra Dheaghaidh seach dhorus Bhealaigh Luimnigh tar slíabh Oigidh tar Eachtghe glúaismit ar gceitri buídhnibh Buidhean dhíbh sin in gabha cach go fada 'na íairnéis aga mhór aige ó Dháolghus Fionn 'na aonar 'na ndíaighséin Díarmaid agus mac Lughach feadh tri ttulach 'na ndeaghaidh meise is tri mic in Cearda 'nar mbuidhin chalma cheatrair Tré Mhagh Maín tré Mhagh Maine cían uainn d'aithle ar tturuis a gceann Mhoighe mhóir Mhéadhbha tar Áth Bearbha tar Mucais Laimh re feart Fraoích mhic Fidaigh nírbh é in siubhal nár sháothrac tar Gleann Cuilt is tar Cruachain ann sin do lúathaigh Dáolghus A Magh Luirg síos go Séaghais beirmit cheana ar a chéile do-chúaidh in gobha is Daolghus uainn a máolchnoc Chinn Sléibhe Teagmaoíd ucht ar Úaimh Chorainn ceachaing romainn bar Dáolgus fuirigh go foill a ghabha ní ragha asteach at áonar
Tíaghaid ar áon san úamhaidh Fionn ga ffúabhairt go fearrdha fúarattar builc da séideadh fuarattar cré is ceardcha Inneóin is uird ga mbúaladh lé trénbhuinne lúath lasrach seacht ccloidhme leó arna síneadh 'na mbróinibh dirge dhata Ro ráidh Lon féin ga ttoghdha risin sgoil ndorrdha n-adhbhoil mo chuidsi so 'na hénor gan denamh dona harmoibh Cuiris teanchoir fon teallaigh togbhais lía ceithre ndromann do-rinne in gabha is Dáolghus urlaighi fháobhrach udmhall Da ord mora ag in ghabha agus teanchair thailc tháobhglas tri lamha leis ga ffreastal is maith do freagair Dáolghus Do-níd lann crúaidhghér crithreach fa maith biseach ré búaladh feadh duirn dhi gan da fháobhar 'na buinne caomhghlas crúadha Teidhis re cneas na ceardcha Dáolghus ba teann a throda ba deirge na gúal gartha a shnúadh d'aithle na hopra
Do ráidheastar na gaíbhne ba lór gairbhe is grúamdhacht cía in fear caílti gan time shíneas in tinne crúadha Ro ráidh Fionn aga ffreagra fear gach ceisde do sháoradh budh hé sin a ainm choídhche Caoílti da rádh re Dáolghus Ag sin dhaoíbh mar do baisdeadh maith a gaisgeadh 's a gniomhradh Caoílte leis nár ghnáth éra cóir a sgéla do sgriobadh Fritheóiltear ar Lon láidir in coinneamh tainic chugainn dentur teagh lóghmar leaptha bhus cneasta do mac Cumhaill Tabhraidh dhóibh féin dha ttaisgidh lúach an aistir gach aoinfhir do fhreastal catha is comhlainn sleagh is gormlann go ffírnimh Leigidh dhamhsa Fionn fosaigh do-bher dhó coingir chatha sleagh dhíreach sleagh roidhíreach is cloidheamh fírdheas fada Tugaid dhuinn na hairm shénta tar éis a ndénta in úairsin ocht ccloidhmhe is naoí sleagha ór mhinic cneadha a crúaidhneimh
Mac in Luin lann mhic Cumaill do chuir ar fulang feóil daoíne in Drithlinn ag Diarmaid drechtach in Crechtach lann chrúaidh Chaoílti Fead agus Fí is Fosgadh mór gcoscar riam rom-cuirseat cloidhme triar mac in Cearda mor tteannta riam ro-dhluighseat Ag so um laim Gearr na cColann do bhíodh toram a ttrodaibh an Échtach ag mac Lughach ba subach ar ceann chosgair Ba maith ar n-édach dubhdhonn ar gceól n-én cclumdhonn gcochlach um trath eirghe arna mhárach dhúine ba sasadh colla D'eirge ghréine arna mhárach ar slíaph langhlan Lúacra ba maith ar lanna léapra ar sleagha reamhra rúadha Is ionnsa críoch go foircionn ar in slúagh foiltfhionn fhíorghlan a sgríbhneóir peinnghil Pátraic is mairg tarraidh a sgríobadh SGIOBH
XXXVII Fiafraighis Patraic Macha d'Oissín mac na flatha cía tír dot athair a fhir don Mumhain no do Laighnibh Is mé inneóssas duit sin a Tháilghinn a thairrngeartaigh in tír ó a ttigid na fir clanna Baoísgne meic Deaghaidh Lios Beag ainm in leasa shíar a n-Uibh Badhain mhóir na ffían is as do geineadh Fionn fáidh mh'athairsi is athair Fhaoláin Ba Lios Beag ainm in leasa inar geineadh fáidh feasa ro chinsead go fíor na fir ó chlannoiph dísle Deaghaidh Fionn mac Cumaill go lí ccroth meic Baoisgne meic Fir dha Roth meic Cuinn mhic Garaidh go ngoil meic Daire dhuinn meic Deaghoidh Ceitri mic Dáire go ngoil feirdi in tír ar gheinstair Cú Rí ba ri ar gach tír shoir Baoisgne Fiachaidh is Eochaidh
Cu Rí mac ba sine dhibh is Baoísgne a ndeaghaidh Chon Rí Fiachaidh ba foixe dhó sin agus Eochaidh 'na dheaghaidh Mac Baoísgne Garadh na slógh mac do Garadh Conn cathmór mac Cuinn Fear da Roth nar ffoil is mac d'Fior da Roth Trenmór Mac Trenmhóir Cumholl na ccath mac do Cumall Fionn fathach mac don Fionnsin mé budhdhéin ionnsa mo bheith for micheill Ag sin mar deaghlaid na fir ó Dháire dhonn mac Deaghaidh gan mo spéis a cceól go lí tar éis na cceól ad-chluintí Dén re Críosd mo dháil go grod ni fuil acht mh' iasacht agad do líon cumha mo croidhi d'eis na ccuradh fiafraighe FIAFRAIGHIS
XXXVIII A Lorcáin mheic Luighdheach láin meic Brenoinn bhaíth mic Baodain an ní día ttá Dún nGáire sam eólach 'na tromgháire Inghean do bhoí ag Dubh mac Duinn dar comainm Daolach dioghainn carais Fionn na ffían ffearrdha an inghean fhíal inneallda Cuiris eachlach d'iarraidh Fhinn feacht día mbádhmar a cCroimghlinn do lodmar as go Beinn mBroin da hiarraidh ar a hathair Trí céd láoch go ngniom ngrod lodmar atúaidh dia tochmharc fúaramar earradh gach fir an oidhchesin ón ingin Ba maith leisin ingean uill is ba maith le mac Cumhoill an toisc tangamar dia tigh agus ba maith lé a mhuinntir Ro ráidh Dirraing mac Doghair agus nochar rádh fholaigh do-gephthaoi congal is cath isin maidinsi amarach
Adubairt Fionn flaith na ffían a Dirraing mic Doghair shíar cía eidir ar tír ar tuinn chuireas iomarghal eadroinn Clíabhach ri Coinceann coir gabhus a tTraig Inbeir Móir ar tteacht co dún Beinne Brain isse chuirius an iorghail Ann sin ro ráidh Duph mac Duinn go molbthach re mac Cumhaill dingébhsa in loingius lán dia ngabhaid sa tracht ttonnbhán Eirgis uainne Dubh mac Duinn tri chéd deaghláoch druim ar druim gabhaid seachnóin na fairrge go srothaibh criche Cairbhre Do gapsat Coinchinn chrúaidhe fa Cliabach go mét n-uaille leigid airgne síar is soir fo sliabh Colláin meic Crimthain Teagaid laimh re traigh atúaidh tri mhíle Coincheannach crúaidh ro marbhsat ar maidin Dubh cona muinnteir 'na ccodladh Tuitis sís isin sruthair Dubh mac Duibh óir ba duthain ó bheith da corp sa ghlaisi do lean ó Dhubh Dubhghlaisi
Teagaid íar sin go Dún mBrain leigit tri garrtha gabhaidh ro lean don dún Dún nGaire od-ratsat trí tromghaire Cuirid fir ar fud fairrge go rainic Ceann na Cairrge gur gabh cách ceann a chéile a ttracht Oirir Uirshleibhe Teilgis Clíabhach cleitín cruinn tre slogh meic Mórna in mórghluinn nir fed coisceim seacha sin rob áil le cách é d'oighidh Ro theilgsean cleitín eile go Fionn do budh sgél sgeile go ttorcair Fionn Failbhe d'fuiliugadh a áonlaimhe Teilgis in treas cleitin cuir go ro marp Glas mac Ingair go ttorchair Glas a Moigh Mhaín do leathtaobh Droma Deargchain Do riacht mac Lugach Lágha go lúath docom na tragha go ttorchair Cliabach sa ghleó do comrac Gaine ghairgbheo Do marb Torcán agus Tarbh ro marb Garbhán agus Garbh do marbh Labraigh is Leasgor ar áon Maolán agus Measgor
Marbhuis tri cháoga sa cath don mhanaoís moir meic Lughach ba hainm don láoch ag cur cleath in lásin Cáol crodha cedach Tucadh leis ceann Cliabhach cruaidh go Fionn a ffíadhnuise in tsluaigh agus fagbais 'na luidhe ag mac Cumaill Almhaine Adhaig is Uath is Uath a gcomlann ba brúach ré brúach na trí galgada gábhaidh ro marbh Faolán fíorlamaigh Torchair lé Faolán mac Finn Accais agus Ágh is Éislinn Corrán in ceatramadh con rodus-marbh Ailbhe a áonor Torchair Troma sa tráigh shiar lé Dubh Dromán nar bhó dían gin go ttainic slán da tigh marbh Dubh Dromán doiligh Ro mharbh lucht na ccenn gcon a marbadh ba mór in modh fearrdorn a ffiacoil gach con lán glaice laich na timcioll An cathsin tuc Fionn fearrda agus Coinchinn ceanngarbha ni tucsat cath 'na deaghaidh acht cath Átha Breó a mBreaghoibh
Do bhui Dáolach 'na deaghaidh ag mac Cumhaill airmleabhair gur baitheadh ag snámh in bhean a Moigh Aird in da Inbhear Do lean Aidhne d'Aidhnidh shoir do lean Dáolach do Daolaigh bean Finn agus a hingean atáid sonna a dhá n-inbhear Do rad Fionn a bheannacht mbúain do Cháol crodha ba mait búaidh tré bheannachtain fhire Finn tarraidh creideamh in Táilghinn Díarmaid úa Duibhne is Cáol is Oissín mac Finn fíorcháomh ag lámhach ar tír ar tuinn nír teilgseat urchar n-imruill Gach ní do teilgeadh Caol cas ro gonadh é go hamhnus ní bhlaiseadh bíadh no beathaidh ar in talmain tromleathain Ingean Ábhartaigh fuiligh cedsearcus Caoíl chédghuinigh do rad in sleigh mbric mbreachtaigh do Cháol ina cédsearcaibh Coicc lamha Chaoíl ina crann triocha urlach na hiaronn do budh bláith áluinn a halt tuilleadh 'na dhorn duthracht
Duthracht Duirn buidhe bhúadhach a hainm a ghaoís anúabhar Duthracht sleagh Abhartaigh finn do lean a hainm don abhoinn Mar do ghlantaoí in ga glas a hInbear in da Eachlus do bhí an sruth mear amoigh ina dhíaigh go dearg ón fhuil Sabharn tuc in brat bladhach do Cháol crodha comramhach tug inor ingantach leis nach gontaidhi faoí no thaireis Sábharn ba bean bhunaidh do Caol mor asin Mumhain is hí dus-rad Cáol gan chloinn trena sidhe sa sabhrainn Marbh Caol re cois Patraic féin thuaidh isin Midhe moighreidh gur adhnacht a cCrosaibh Caoíl mac Lughach ann da leathtaoíbh Is misi Feargus féine fada dam tar éis na Féine ro chosnus mo chuid don tráigh sa lathairsin a Lorcain A Lorcain
XXXIX A Oisín cía in feart dona ga ffuil in luige fada sloinn duinn a seanóir gan oil cía in feart ós na feartoibh Cía in feart do claidhead go mór a Oisín go n-imad slógh a fhad is méd a luighe uime atú da fhíafraighe Cía in láoch ro hadhlaiceadh ann a mheic Finn nar ob comhlann sloinn duinn a seanóir ma-le fearr leinn na comradh eile Leasc liom a innisin duibh lomlán mo clí día cumhaidh in líon slóigh ro torchair ann d'fíanoibh Alban is Eirionn Na habairsi sin a fhir a Oisin a fhir eólaigh rachaid sloigh in beatha búain a fhir áitheasaigh armrúaidh Treig do cumha creid budhdhéin a mheic Finn ba láochdha leim gaph creidiom cóir gan séna tug dot úidh na soisgéla
A Patraic an rim anois go ffreagrainn ar fhíafraighis go sloinninn a chleirigh cháidh cía dar claoídheadh an feartán Feart Osgair mhic Garadh fhéil feart fhir aitheasaigh airmghéir feart laoích go n-iomat ttreideadh feart curadh feart fírfheindeadh Feart laoích do chuireadh catha is do commbriseadh craoíseacha feart airdrigh go ngniom tréinfhir feart mic Morna moirfhéindidh Ata uirsgél agam dhuit a Patraic día mbeantar cluig ar sluaghoibh Teamra gan fheall 's ar fhíanoibh aille Eireann Smúainis mac Cumhaill gan on airdrigh oireagdha Almhan an cuimdhe ceann na n-uile athair teann na trocaire Glúaisis día oilithre uainn mac Muirne gusin morbúaidh is tri cháoga láoch gan ceilg do mhuinntir Fhinn faobuirdeirg Is é ba tigearna ann sin a nEirinn álainn iúbhraigh fear borb brighmor um creachoibh Cairbre líonmar Lifeachair
Meisi i n-ionadh Finn fhearrdha am tríath is am thighearna ba hé ar ttinol riogdha in reim tri rúadhcata do roifhéin Meisi agus Caoílti na ccath Osgar agus mac Lughach Goth Gaoíthe do beireadh búaidh is meic eile Chaoilti crannrúaidh Domhnall mac Caoílti rom-car agus Téghmall tren talcar Colla mac Caoílti ni chél is in fear fírluath Faoíllén Baí ag Caílte cumhain leinn ceathrar eile nach airmhim fir do ládh tossach goile laoích nár obtach n-irghaile Fionn mac Breasail fa borb dhe agus Fionn bán úa Baoísgni Dolbh Sgéine ba fear go neimh agus Feargus fírfhilidh Áodh mac Finn ba fear go cceill agus Faolán a mhacséin Baoísgne mac Finn fear go rath agus in Dearg deigheanach Dís oile ba hionmhain liom do cloinn Bhaoísgni na mbeimionn fa borb a mbrosgor 'sa mbrígh dá mac Osgair mic Oisín
Dursan leam aireamh a láoch 's a fféindeadh ffuileach ffíorgháoth le himat a ttaoísseach ffían tan do biodhmaois ar áonrían Laithe duinn ina díaigh sin a nAlmhain a n-ibhthe miodh a ndún mheic Cumhaill na ttreabh ag ól is ag oirfideadh Glúaisis teachta go hAlmhain mac Corbmac in t-óg angbaidh d'iarroidh chomhadh ar in fféin nó a mbeith uile dhá mhíréir Ann sin fuighlimsi gan fheall ré teachtoibh airdrigh Éireann sloinnidh bhar ttosga gan oil ó Choirbre lonn Liffeachair Seilg Eirionn do leigean dó do rí Teamhra nar chan gó gan lúadh ciosa ó sin amach nó go ttoir an brath bráonach Adubairt Osgar amhra ba hé in milidh mor calma sealg Eirionn ní tiubram uainn do Cairbre coscrach crannrúadh Ro ráidh mac Lughach go lúath do-dhenam tabach tréntúath sealg Éirionn do-ghéntar linn nó go ttigidh mac Cumhaill
Cuirmitne teachta go fíor go mac Cormaic aibhlibh gniomh go Teamraigh nach treabhdaoís groidh a mbíodh Cairbre Liffeachair Innisit sgéla gan fheall na teacta d'airdrigh Eirionn fograid cath ogal eangach for Cairbre na claoinTeamrac Tinóilis Cairbri na ccreach colamhain teanna Teamhrach timairgis Laighneacha leis is slúagh Cruachan go coimhdheis Cruinnigit Ulaidh Eamhna fa Cairbri chosgrach Chearma ba hé a ttinól líth nár lag seacht gcatha fráochdha ficmhar Do-rónsam comairle chrúaidh Fíena Eirionn a n-énúair cath do tabairt gan chairde do rígh Eirionn imairdhe Cuiris teachta go hAlbain mac Cormaic in t-óg angbaidh go hOsgar mac Garadh fhéil fa borb cosgar a caithréim Maith do freagradh ag Osccar teachta in rígh od-chúalastar triallaid tar in ffairrge ffúair deich ccéd do ghléire ghlanslúaigh
Rainic roimhe go Teamraigh Osgar mac Garaidh ghreadhnaidh rí Teamra ó nach fúair ann sin tainic roimhe go Gabhair Níor airigh airdrigh Teamrach an t-óg alainn ildhealbhach nó go ffacaidh sa ffaiche deich ccéd curadh cóirighthe Láoch rompa ba ríghdha réim mac Garadh an airm aithghéir dhó ro budh comainm Osgar nír b'fearr láoch um thúarustal Eirghis in rí 'na aghaidh mac Cormaic chrúaidh chostadaigh fearais fáilti fris gan fheall suidhis ar deis righ Eirionn Inbhaidh dhuit do ló bádha ro ráidh Coirbri go dána do tabairt leinne ma-lle a n-aghaidh Fhinn Almhaine Ní mhair a Osgair re headh acht tríar calma curadh nachar thuiteadair uile le cloinn Bhaoísgne bharrbhuidhi Cuimhneóchadsa dhuitsi sin a rí Éirionn go móirneimh a Chairbre chóir gan anadh dhóibh treisi na tromfhaladh
Ro ráidh rí Uladh go rath Áodhan angbaidh anghlonnach cubhaidh bar ccomlann ma-le tú féin 's a' t-Osgar eile Glór nár bh'ionráidh dhuitsi é a rí Uladh go gcaoímhgné ni imtigh talmhain na ttor láoch budh ioncomlainn d'Osgar Do-bersa briathar oile a rí Eamhna íathghloine nar gabh sgíath no cloidheam corr láoch da seachonainn comhlann Gairit ro bamar ann sin a mheic Carploinn a chléirigh nó go ffacamar san magh deich gced catharmach curadh Láoch rompa go sgeith ccorcra go n-earradh sáor somholta go lúirigh ffirthréin ffearrdha go gceinnbeirt óir oireaghdha Go sleig rinnghasta roiréidh go lainn ffada ffaobairghéir fogha cóir is ceis oile baí a laim in cathaighe Ba hé sin in láoch fuileach mac rígh Lochlann lúathghuineach for tteasdaibh tainic ó a thigh on Bheirbhe bháinghlain bhothaigh
Fostaighim Osgar go ngráin is mac rígh Lochlann d'enlaimh mo-ghenor tríath ga ttarla dá dheich cced curaidh calma Mac rígh Lochlann ba lonn goil geallais diongbháil meic Garaidh mor in feidm freagra d'Osgar fear a theasta um tuarustal Cuirthear linn a chleirigh cáidh ar moigh Gabhra go morgráin sonn sgíath is geirreann nár mhín um tríath Eirionn 's um Oisín Tiagmaid a cceann a chéile ba curata ar ccoiméirge leigmit tri gáire cinnte go gclos íatt a ffirminnte Diubraicmit ar a chéile ba curata ar ccoiméirge teascmid dar lannaibh leabra ar lúireacha loinnearrdha Ba hiomdha sgíath 'na blodhaibh ar moigh Gabhra graineamhail agus corp go gcrechtoibh dhe ó ar n-eachtaibh ar a chéile Do radsam torannchleas teann sinne is muinntir rígh Éirionn nir sguiriomar don treas te gur dithaigh cach a chéile
Tucc céim cruadh as ar n-ucht mac rígh Lochlann na longport cona deich gcéd curadh cain re gaisgeadh ré gnathiorgoil Ro marbh céd gacha cearna sa cath cródha choimhfhearrdha tainic fein 'na chró catha mac úasal an ardfhlatha Od-chlos sin d'Osgar uallach an cur calma catbhuadhach freagruis mac Garadh go lonn mac rígh loingleabair Lochlann Saitid do chur in catha an dís curadh comhfhlatha corcraid a sleagha ma-le a ngeilchneasoibh a chéile Nochtaid a lanna liomtha an dís crodha coimfhíochdha ar sgaoíleadh a sgíath mballghlan mairg tarraidh in chathirghail Ba hé sin in brath fíre cía comlann rob ainmíne dar thuit mac rígh Lochlann lir do laim Oscair mhic Garaidh Deich gcéd na Lochlannach lonn ro thuitseatar bonn ar bhonn le deic ccéd mic Garadh ghloin nochar chabhair dar bfíanoibh
Tug a aghoidh oirne dream deaghmac Garaidh na ngéirreann nir gabhadh ris ríoghdha in reim gur dhithaigh pairt dar ngnaithfhéin Dearcuis Osgar eile air ag sloighe in chatha crechtaigh tig 'na chuinne anba in gnimh deaghmhac aitheasach Oisín Od-connairc mac Garadh fhéil díanreim Osgair go míchéill leigis úadha coscar cháigh ar Osgar mhór do dhingbháil Tucsat ann sin beim ar bheim in dís curadh ba coimhréil tollaid da sleagoibh seacda a sgeith aille óirgreanta Fuaim a lann ba laochdha in troid cían ó ionadh in comhraic 's a gcroidheadha ag rodháil reann ag gearradh chnamha is chathbharr A Patraic ni dearnadh ríamh a ffogus nó a n-eidirchían ní dingentar go la in Lúain a measraightear na morshlúaigh Sochtaid fir Eirionn uile ag eisteacht re a n-urluidhe no gur tuit mac Garadh gloin do laim aitheasaigh Osgair
Ata liom do mheabhair ghloin deich gcéd meanmnach mic Garadh gur chuir Osgar go roghrod a gcoscar 'sa gcrúadhchomhrac Eirgis fearg adhbhal ann sin íar cciorrbhadh a chuirp choimhghil a gcoinne rígh Eirionn áin robudh deacair a n-eadráin Timceall in cro catha is teaghlac an ardflatha gur chuir ár in catha crúaidh ag rochtain Cairbre crannrúaidh Togbhais Cairbri in sgíath uallach 's an lann breachtach bhithbhúadhach togbhais in da sleigh go neim a n-aghaidh Osgair échtaigh Léigid úaidhi in sleigh seadhmhair go mac Oisín úirfheadhmaigh go ndeachaidh thrid in tsleigh theann corp in churaidh gur chróighearr Le hOsgar maith ro freagradh is urchur fuair airleagadh do theasc ceann Cairbre go neimh do bheim curata cloidheimh Od-connairc Oscar Eamhna nach raibhe féin infheadhma téid dia choiriugadh mun ccath ar cholamhnoibh na Teamhrach
Deich gcéd is tri catha ar slúaigh ar moigh Gabra go mórbhúaidh ba hé ar ttinol ag teacht as fiche ced feindeadh foltchas Fada damh dia n-áireamh sin a mic Calprainn a chléirigh ag feitheamh a ffeart go ndath ar moigh goirtiomdha Gabhra Go riomtar gaineamh mara ar áon agus réltana ní haireamhtar trían a ttrín ar marb Osgar mac Oisín Creidim duit a cleirigh chaoímh a Patraic iodhain foltchaoímh is creidim do rígh neamhdha gurab é mo tigearna Barrán mac Milidh don moigh Togán mac Dáire Breathnaigh tuitid in dís ba garbh goil do laim aitheasaigh Osgair Tuitis rí Uladh liom féin Áodhan aiteasaigh aigmhéil a los sgeith is chloidhimh chuirr ar lathair chatha is comlainn Ro thuit rí Laighean na learg lé hOsccar chruaidh cloidheamhdhearg tuitid láochraidh Laighean de le deaghchloinn chosgraigh Chaoílti
Ro bhásaidh Cairbre go neimh Forlámh mac fir Chuirb crechtaigh tri bronaibh do laimh Osgair le mac Garadh gormrosccaigh Le Barrán mac Milidh Mhúaidh taoth seacht mic Chaoílti crannrúaidh da mac Osgair réil go n-ágh do thuitseat fós lé Barrán Mór in gniom do-rónadh ann Osgar is airdrigh Éireann Art mac Cairbre líon a shlúaigh is Mac Lughach go lánbhúaidh Seacht meic Chaoílte ba garbh goil agus Osgar mac Garaidh ro thuitseat ba borb a mbrigh 's da mac Osgair mhic Oisín Da mac rígh Laighean na long ro thuitsead tra bonn ar bhonn mac le hOsgar ba garbh gnímh is mac eile le hOisín A OISIN
XL An seisior tríar a ttigim ar deisiol triúr frithir fallsa focham is triúr coirpseang cnisgeal An deacair is isi a' bhean rom-tachair taibhseach sliocht a dhá gegbhonn ní hettrom mar a saltair An tsuirghe macamh meallta gach buidhne gerb annsa í na in t-anam agam ní ffuil a cuimne An réidhe mo-chean neach diarab céile dhi ríamh ni deachaidh rogha fearr ina gach togha sbreidhi An eigion pudarlach ó ló in chéidfhir treisi naid mná na cruinne smacht uirre nochan éidir An mheanma ríoghan ur bhuilidh breaghdha gidh inmhain an bhean bhunaidh dhamh ó 'nuraidh ní tharla An chumha uimpe bhíd na bruit dubha ní mo-chean bean a léra ní híad a sgéla is lugha AN
XLI Clíabhán cuill cía do-róine innisidh a sheanóire agus do-rinne cleas cuir agaibh ar tús ar énoibh An ccluineann tu a sheanóir thall an ceist a chuireas in Táilgheann innis mar is aithnidh dhuit an cheist ad chuireas Patraic Laithe n-áon día raibhe Fionn ar sliabh Lúachra na láinghlionn go ttarla sé ar leith on fhéin tri fichit láoch go láinmhéin Ro bhádhmar gin gur threórach go neamhshadhal aineólach fa cheó ndraoítheachta ndoirche nó gur chinnseam comhairle Silleadh da ttug thairis síar Finn mac Cumhaill flaith na fFían ad-chí óglach ard aistreac go n-earradh ndearg ndeaghmhaiseach Do bhaí ar deaslaim in fhir mhóir cliabhán dathalainn deargóir do ghabhadh mar budh mian lais a ngabadh d'énoibh thairis
Sa ttulaigh ttaobhálainn ttruim tainic in t-óglach chugainn is ro bheannaigh dhuinne tra do bríathraibh glesta glaná Día ttigthae lim lín d'fheadhna a Fhinn na fFían ffiorchalma sean gach dighe do-bhér dhíbh agus nua gacha seanbhídh Ro eirgeamar súas go grod muinntir Fhinn na n-arm n-úrnocht gidh ar leas ni tainic dhe leinne nir leasg an eirghe Glúaisis romhainn in fear mór do leanamar é 's ba trogh go cathair Inbhir dhá Shál áit ar hinnleadh in clíabhán Ar ndol don fior mhór amach uainn tar dorus na caithrach comla ghairbhiarainn gan mhoill íadhais an uairsin orainn Seacht lo go n-oidhche gan bhíadh dhuinn sa chathraigh cladhard críadh gan aoínneach do teacht díar ffios do chían nó do comhfhogus Ar aithris in chliabháin chuir ar saith énaigh gach éinfhir do-rinne Fionn cliabhán cuill dhuinn nír seachmidh in fhoghluim go ffaghmaoís ón chliabhán chuir ar saith énaigh gach éinfhir
A gcionn seacht laithe mar sin tig mac Troghain díar fféghain do mheas sé nach rabhsam beó díer ndicheannad i n-énló teagmaid aníar is anoir fa mac Troghain an úairsoin ar tteacht duinn uime go reacht nochar foghain do a draoíthacht Beiris Fionn uainn in fear dearg risséin ger adhbal ar ffearg agus cuiris slán da thigh gin gur dheóin leinn a chleirigh Iocht is fearr do-rinne riam deaghmac Cumaill flaith na fFian fear dearg d'idhlacadh slán agus sinne d'eadradhán Ag sin iocht do-rinne Finn a chleirigh na mbachall mionn an fear do imbread gach n-ágh leis ro hinnleadh in clíabhán A Chaoílte gé atú go fann na leig leam día n-abair breg aoínneach budh commaith le Fionn in ffacaidh tú ríamh red ré Fo a anam cona chorp acht gidh dubh anocht mo lí ni bhí commaith einigh Finn a nduine re a linn a cclí CLIABHÁN
XLII A Lía Thulcha Tuaithe shuas gus ttigdís curaidh go gcruas dainim da gach ergna uaiph narsat berla go mbithbhúaidh A n-us deach Gaoidhealg is glór agus ciall bhuilidh blathmhór ag cur cúart fom chlí do chin gurab súairc ag seanchaidhibh Na sgéla ro shirseam ort innis damsa rádh gan locht gacha nona lor do bhrath sgéla mora Mhic Lughach Os duinne féin tuc Dia dil ré a n-innisin ré a n-áirimh cía día mbeinn día séna ar seilg sgéla meic Dáire drechdeirg Dáire dearg mac Conaill chain mheic Oilealla mhic Eóghain issé sin athair airmhid ag Mac Lughach lánfháilidh Lughaidh roime d'agalloimh Fhinn Dáire a gCluain Oirrthir aoíbhinn tar gach ardbrugh gusan moigh suaill nach rainic go hAlmhaigh
An tan tainic Dáire donn bealach Gabhráin na ngarbhghlonn ro íadhsat uime ar in ngurt tri meic Rossa go rúadhfhult Teagaid ag fiefraidhe sgél do Dháire úasal airmghér ro ráidh ba hé Fionn fearrdha a tríath is a thighearna Ni hí so do conair chóir ráidhid meic Rossa romhóir issé in Fionnsin líth go ngoil ro bhássaigh ar seanathair Canaidh créd is maith ann ar Dáire mór na ccathbharr acht ar marbadh féin fír dhe madh hí críoch bhar ccomairle Ni iarrmaid comairle ar neach a óga tigidh d'einleath is fíor in fath gan aga 's bar n-airm diomór difhreagra Trí nonbhair ro bháttar sin tri meic Rosa go roghail agus nonbhar do Dháire ba hé líon a gcomhairmhe Tuitid tri meic Rosa réidh d'armaibh Dháire deirg budhdhéin gidheadh do marbadh uile muinntear Dháire dhúalbhuidhe
Innisidh a sgéla íar sin do mac Cumhaill a hAlmhain ba maith lé Fionn flaith na fFían gach a ndearna in righníadh Fuirigh sunn a nAlmhain fhúair ag so meisi ag dol budhthúaidh agad leigheas go líon gceird a chur fhosaigh fháobairdheirg An tan tainic leigheas lán agus ro bhaí go hógshlan glúaisis i ndeaghaidh in tslúaigh arna leigheas go lánbhúaidh La día raibhe 'na áonar Dáire dearg nar dreacháoradh a ttosach oidhche fúaire ag Sith Buidhbh go móruaille Suidhis in féindidh íar sin tuirrseach d'aithle a aistir go ttuc día úidh in t-amus a anshódh cona ocobhrus Ad-chí agus ní a gcodhladh brugh alainn día oslagadh slógh gan tuirrsi agus muirn mór soillsi agus cuirm go gcomól Teid sa mbrugh in feindidh fíal fiadhaightear é soir is síar suidhis Dáire 'na deaghaidh tuc a airm ar áighleandoibh
Fritheóiltear é sa tigh thall go maith ag Túadh De Dhanann ro éirigh go dían íar sin téid eidir an ingheanraidh Boí dalta ag rígh in tsíodha díerb ainm Eochaidh ailtmhilla bean tsubach nar cáineadh ceill Lughach laimgheal a hainmséin An tan ad-connairc Dáire an mnaoí gceinnfhinn go n-aille ro tidhlaic dhi searc ní sáobh maith le meanmain in macaoim Faoídhid sa dun ar áon Dáire 's an ainnear fholtcaomh gur foillsigh do Dháire íar sin gurbh am lamhnaidh don ingin Madh torrach tra thu a bhean ro ráidh ría Dáire dreichgheal tug leat go Fionn fath gan gheis madh mac bheire gan eisleis Budh maith mac berthor ann ro ráidh Eochaidh go hinmhall foigheolaidh mor maine amach budh é a ainm Gaíne Gaisgeadhach An úair tainic a hinbaidh is ro dhealaigh re a troimiodhnoibh rug sí mac ba caoime bladh díar comainm Gaíne glégheal
Tainic fo tri tar a bél is amlaidh ro chúala in sgél istig ag triall a bhíadhtha in eas alainn aimríadhta Gabhais in eas 'na laim laích mór an obair meic bhig bhaíth an eass ina laim ro lean no gur eirigh an inghean Ro hinniseadh in gniom ghlan tainic cách día coimhfegadh an eas i laim in leinimh nír fedadh a n-imdeaghail Gidh bé do innisfeadh thall eidir sloghaibh na sáorchlann iss é sin gan táidhe amach ceidgnimh laimhe mic Lughach Ro bhoí bliadhain sa dún dhe aga mháthair budhdhéine is tainic a ccionn bliadhna go Fionn fossaidh firníamhdha Do luidh leis a mhathair mhín día innisin don airdrigh is do rad dhó a ccogar chain gurb e Dáire a dheaghathair Mar tangattar Fíana Fáil go teagh Fhinn uile d'énlaimh ro shuidhseat an slógh ier sin mar do bhíadh ól a nAlmain
Íar suidhe don Fhéin uile a ttigh mhóir na hAlmhuine tugadh go Fionn ba dearg dreach Lughach cona mac muirneach Gabhais in leanam ar laim Fionn nár adhair d'iomarbháidh agus do toirbhir dhó poig don mac alainn gan urchóid A mheic aithin h'athair fein adubairt Finn flaith go gceill ameasg cáich gidh feidm doiligh agus eirg dhá innsaigidh Ger lionmar an Fían uile eidir righ agus ruire suidhis a n-ucht Dháire dhil an mac ba haille a nAlmain Gabhais éd bean Dháire dhil iar ffaixin in mheic mhéirghil d'olc as a haithle nír fhan on mac ar n-aithne a athor Is hí bean do bhoí ag Dáire Aíbhinn óg go n-iolgháire bean gan tacha each na óir ingean data meic Dimhóir Na déna éd a Oíbhinn fhíal adubairt Fionn flaith na fFían raghoidh dhuit is beart go mblaidh sloindeadh in mheic ó a mathair
Beir leat ar Fionn mac Lughach in naoídhe suilbhir subhach a inghean dhata mar dhoigh budh hé in dalta go ttrenghoil Ann sin rug lé mac Lughach an inghean seghainn subhach go teagh a hathor uallaigh go Clúain Cheasáin chathbhuadaigh Go ceann seacht mbliadhan íar sin ro bhoí in mac aga mháthair día oileamhain anba in gníomh samalta d'adhbar airdríogh Tig sa fFéin ó sin amach ba maith a lúth 's a lamhach mar tainic gniomha goile d'úa na ríoghna róghloine Ceidbhean do rad searc go sochla Túadha ingean ard Áongusa isí do rad thúaidh ga tigh a ttulaigh úaine fosaigh Mac Lughach ar áon is Fionn ro saith in gcloich os a cionn os feart Túaidhe attaoissi ann sin a líog úaine áith fhosaidh Is hé ro sáith in lía lom giolla uallach úr ettrom ge do mharbh áibhlibh níadh do saith le a laimh in láochlíag
A cloch ata a tTeamhair Breagh ro sáith Fionn tre maith meanman fut atá Aillen amhra an siodhaighe sáorcalma A cloch Feadha Gaibhle glain ro sháith Finn nar ob iorghail ata Díanartach mar dhoigh fut is Dearg mac Díanartaigh Is fear roghain ba garbh gráin Domnall mac Finn mic Cuáin fút ata agus is dearbh dhe Conn leidmheach mac Lathairne A cloch Chairn Fhearadhaigh uill ro sháith mac crodha Cumhaill is fútsa ro cuireadh dhe Daíghre ceóilbhinn cruitire A cloch ata ar Moigh Raíghne ro saith Finn flaith go saidhbre ata Goll fut mar deirtear agus Raíghne roiscleathan A cloch ata a n-Almhain uill ro saith go moch mac Cumhaill Daolgus mac Cairill chais chain tú os loighe in laoích láidir A cloch Mhoighe Dithláin dhéin ro sáith Fionn in treasa threin fut ata Dolbh Sgoinne in sgáil agus Fionnláoch óg adhnáir
A clochúd Áonaigh Pataoín is fúd ataid na deaghmacaoímh Patan mac rígh mhara hIocht ionmhain láoch ata fon ffiort A cloch shleibhe Colláin crúaidh gus a gceimnighdis ar slúaigh as red tháobh ad-bath in fear in láoch Collán coisreamhar A cloch ata a nGréin mar Ghloin do sáith go moch Maoíl Eanaigh is leis ro cuireadh gan cheilg uas cionn mic Dhaire drechdheirg A cloch Cronnmhóna an catha ro saith Fionn fear in ratha fúd ataid in tríar ba trom neimh Conn Codhnach is Cuingidh A cloch atá a nDún os Loch ro ráidh Fionn narbhó hoglach is fúd ata Bodhmann binn is Fiacoil Aoí mac Conchind ocht meic Bodhmainne go mbúaidh in cuire calma comhcrúaidh A cloch ata a nDruim Sgartha do saith Fionn fear in ratha fúd ata Druim Sionna slán giolla do thuit le Conán A clochud Teamra Luachra ro sháith Finn feindidh fúachdha fúd do cuireadh ní fios foill Blathnoid bheag is Cnú Dearóil
A cloch Ollarbha gan fheall a ttorchair airdrigh Eirionn fud ata Leagán luaimneach agus Ronán roúaibhreach A cloch Seisginn Úairbheoil fhúair ro saith Finn ba gnáth go mbúaidh fud ata in láoch ba dearg ga Sgiath Breag mac Loga Lágha Dubhchosach Dubhthnuthach donn dhá mac Morna na mórghlonn atáid fud sunna re seal is Iubhar mac rígh Laigean A cloch ata a nDruim Righe do shaith Fionn flaith ar ffine is fud ata Cairioll cóir agus Colla mór ua Conbhroin A clochud Cairn Fhearadhaigh fhuair ro saith Fionn códhnach ar slúaigh fúd ata curaidh na ngiall Lughaidh mac Con mheic Mhaicníadh A cloch mor ata sa Ráith do saith Fionn feindidh foltbhláith fúd atáid arna ffolach Clídhna is Ciabhán casmhongach A cloch ata ar Tuinn Clíodhna ro sáith Finn na n-echt n-imdha rí Easpainne na n-arm ngér fúd ata Rinnal roithrén
A chloch mhór ata a gCuan Dor ro sháith Finn go neart ffáobar Tor mhac Díancrotha go ngoil rí Easpainne fot eochair A chloch Glaisi Cró in Chomair ro sháith Fionn lerbh ait ollaimh fúd ata Sgorán na sgíath mac righ Breatan na mboirbtríath A cloch ata a gCionn Mhara ró shaith Fionn in fiorchara fúd ata Cas cuilfhionn cáidh is Gotha Gaoíthe mac Rónáin A cloch Bhealaigh Chonghlais gairbh ro saith Finn ar nach ffrith faill fúd ata Art og an áigh nar ob cath nar char bannáil A cloch Finntragha an áir truim ro sháith mac calma Cumaill mac righ Uladh Goll go ngoil fúd ata is Cáol mac Crimthain A cloch ata ar móin Mhacha do sait Fionn fear in ratha ata fot ardbrugh ní chél rígh Alban Deidgheal Duirbhel A cloch mhór ata ar Moigh Linn ro sháith mac Cumaill airmgrinn fúd ata in triath nar lag rían ceann na slogh Coinnceann coimfhíal
A cloch ata a tTráigh Lí lóir ro sháith Finn tigearna ar slóigh uch mo cuma aibhlibh níadh fúd ata Fearghus finnlíath A cloch mór ata ar Slíabh Mis ro sháith Finn flaith gan eislis ata Dáire ba dearg dreach fúd 'na luighe is Flann fuileach A chloch ata ag Carn Sealbaigh ro shaith mac Cumhaill armglain fúd ata in láoch ba teann treóir Sealbach in Berla ó Bhreaghbhoinn A cloch mhór ata ag in Eas do shaith mac Cumhaill airmdheas fúd ata láoch gan dóghra Geibhtine dheagmac Morna A cloch ata 'gCionn Tíre ro sháith Fionn flaith ar ndhíne Finn mac Cuáin 'na luighe fúd ata is mac Geibhtine A cloch Eachrusa in fheóir truim ro shaith mac calma Cumaill fúd ata láoch ba garbh gráin Dubhán mac Cais meic Cannáin A cloch ata sa Bhlárna fúd atáid in dís ághdha 's an da Art don táobh oile nírbh e in fianláoch fingoile
A cloch Tulcha Cheapáin chain ro thogaibh Goll in ghaisgidh fút do fagbhadh ger chéim crúaidh Ceapán mac Morna mhongrúaidh A cloch Dhúnaidh na n-Ochtar fud atáid trí deagochtair ocht mic Copthaigh ocht mic Cuinn ocht meic Ursgaith Átha Truim A cloch ata a gCuillinn Chlíach ros-togaibh Feargus finnlíath gidh bé rod-cuirfeadh tar ais do gepadh seóid is ionmhuis A chloch Bheinne Muilt nár mhaoth o do saith Dáire in deaghláoch ataoí gan deacair mar dhoigh os cionn leaptha Mhaoil Eanaigh A chloch Gaphra ba garbh gráin ro sháith Caoilti mac Ronáin fo attaid in dís ba garbh gal mac Lughach agus Osgar A cloch Thulcha in comlainn chrúaidh umar thochtadar na slúaigh fúd atá deagláoch go ngoil Osgar mac Garaidh greadhnaigh A clochso Gaphra thúaidh rus-togaibh Finn faobarchrúaidh Cairbre Liffeachair nár lag fúd atá cona dheaghmhac
A clochso theas sa chnoc chorr rus-togaibh Oisín armlonn dhá mac rígh Lochlann tar lear fud ataid in dá thréinfear A clochso oile theas tshíar in mhaicne ba mór soimhíadh sé mic Chaoílti ba garbh goil fud is deaghmac Osgair A cloch Átha Barráin bhúain umar gháireador ar slúaigh urchor tug Osgar ard dar thuit Barrán bríatargharg A cloch ata a cCarn Craoibhe ro sháith Fionn flaith Formaoíle is fúd ro cuireadh Flann rúadh in tuir calma chloidimrúadh A cloch ata a gCrois Áodha ro saith Finn ba fear áobhdha is fúd do cuireadh gan oil an deaghláoch Áodh mac Garaidh A clochud Ghlaisi Builge ro sháith Finn mór mac Múirne is fúdsa ro cuireadh dhe Daire deidgheal is Daíghre A cloch lánmhor ó Luighdheac is lem croidhe féin is cuimhneach as fud ro cuiread 's ní a ngioll Dubhán dían agus Moingfhionn
A cloch Átha Glinne caoín cain ro saith Finn in flaithfheindidh Logharn ua Baoísgne go mbúaidh fud ata in feindidh fíorcrúaidh fear ba maith luth ar láthair is Dáolgus a dearbhrathair A cloch Dhunaid Lodhairn lóir is fúd ata in cuire cóir coigear mac Díarmada déin mar áon is Echtach airmgheir A cloch ata a n-Eachthghe aird fud atá ger mór in mhairg Sealbach úa Duibhne ba deas óigfear ris nár chiall coimmeas iar gcur deargáir Féine Finn maidin a marbhtha a gCruimglinn A cloch Áonaigh Cairn mhic Táil ro sháith mac Rosa rinnbhláith rod-fhagbadh go cliste dhe os cionn chiste Chróinfhinne A cloch ata ar Slíabh Aillbhe ro sháith Fionn flaith gan doilghe is fúd ro cuireadh nír mhíadh linn Aillbhe ard uallach airmgrinn A cloch Croimghlinne ba glas ro thogaibh Fionn fioramhnus do-gebhtha agat go gcáil mor do sgéloibh Bruacharáin A chloch Chinn Mhorna is dearg dreach ro sháith Fionn ba línmar creach is fúdsa ro cuireadh dhe Dubhán mac Breasoil Bhoirne
A cloch ata n-Eichtghe aird uill isí ro sháith mac Cumhaill ata Gluinfhinn mac Mórna fud is Dolor gan doghra A chloch Mhoighe Line láin ro sháith Fionn féin día láochlaimh is fúd do cuireadh gan oil Duibhgreann dána mac Doghair A chloch Tolcha Fíadhmhoir fúair ro thogaibh Fionn fáobharchrúaidh fo a ttáid in tríar ba garbh gal rí Alban 's a dhís brathar A chloch ata a tTailltin teinn ro sháith mac Cumhaill airmgrinn Íodhlann og ro budh mór míadh fúd ata in feinnidh firfhíal A chloch Atha Glonnaidh ghloin ros-togaibh Goll glunladair attaoí os da Dhuph dhata calma crodha curata Dubh mac Morna ro lúadh goil Dubh Róid mac Maoíl Tnuthaigh A cloch ata a gCinn Chluidh chrúaidh ro saith Fionn deaghfhlaith ar slúaigh fud ata Duphthach mac Duibh láoch ba harrachta a n-iorghail A cloch mor ata sa mBrugh ro sháith Áongus 'na áonor is fúdsa ro cuireadh dhe Díarmaid dealbhcaomh ua Duibhne
A cloch ata a nDruim Chríadh chain is fúd ro cuireadh Finn feindidh fear ba hiolardha céd sgíath tigearna láoch gcalma coimhfial Go n-airrchisi Mac Muire Finn mac Cumaill Almhaine go ruga leis códhnaibh níadh in fear ro saith gach rílía Athair is Mac Rí talmhan Íosa Criosd dar ccomadhradh rom-fagbad a ndíaigh na fFían go críon arsaidh aradhlíath ALIA
LIII Ag so in fód inar ghein Fionn nochan eadh nach meabhair liom Muirn mathair in meic mhóir deighmheic Cumaill meic Treinmóir Oisín mac Finn fear go neimh ro geineadh a gClúain Iochtair ingean Dheirg a mhathair mhaith íerna toirrceadh ón ríghfhlaith Áine inghean in Deirg budhdhéin mathair Feargusa fhírthrein céile Eathach Gunat glain aga mboi Banba bliadhain Is hí robudh bean do Gholl Sgannlach ingean do Conall Dearp comalta Cuinn go ngoil matair Chuinn oile is Chodnaigh Lughach laimgheal ingean Fhinn mathair Gaine in ghaisgidh grinn Dáire dearg mac Finn na ffleadh athair Gháire na ccorrsleagh Báine mathair in da ríogh ingean rígh Connacht na ngniomh mathair Fheidhlimidh in óir agus Cumaill mhic Trénmhóir
Bean Luighdheach Laga don linn Dathchaoín ingean Taidg thaoíbhsheing Úain ingean Crimhthain ní cél mathair Bhainb Sionna na séd Cruithgheal siúr Ghuill Féine Fáil mathair Áodha meic Ronáin Aoíffe ingean Aodha Rinn an leirg bean meic Leith Lúacra laimhdheirg Cana inghean Chiothrúaidh ní chél í fo bean d'Fearghus Fínbhél Loch inghean Maicníadh gan gheis mathair Núadhat Finn éigis Lathoirt inghean Dhá Neasa trí teóra bliadhan rus-beara mathair Osgair í dana ron-boí ag Oisín naoí mbliadhna Muirionn ag Oisín go beacht seacht mbliadhna dhi re draoítheacht mathair a thrí mac oile ingean Chúalann Cíochmhuine Da ingean Cumhoill sa fFéin Sídhe agus Súanach budhdhéin Súanach mathair Fhíachra dhe is Sidhe mathair Chaoílte Ainnear inghean Bharráin na ffleadh bean Chaoílti chruaidh na gcorrshleagh ingean brughadh ón Bhóin fféil mathair Teadhmaill is Fhailléin
Da mac Crochnaide caise seinge seimhe súlghlaisi ionmhoin dís búadhach on Brugh Díarmaid uallach is Osgar Anmanna mac Diarmada duinn re hingin Cormaic uí Chuinn Donnchadh is Sealbach na slúagh Eochaidh ard agus Irúath Mathair tríair ba calma in chlann Connla Aodh agus Iollann tri bliadhna ag Díarmaid dha dheóin Dubhinbhir ingean Fhúairbheóil Luchar ingean Maicníadh mhúaidh rug dá mac d'Fionn i n-enuair Aodh beag agus Áodh foda marbh d'aithle na moropra Áine ag mac Cumhaill gan oil ní tug mnaoí 'na deaghaid Dáolghus ba hainm da hathair mac Lir Síthe Fionnachaidh Ceatrar ag Trénmor sluaghach Criomall Cumall cathbhúadach Conall agus Aodh Eangach ba ceathrar mear moirmeanmnach Is ceist ar seanchadhaibh sunn in tríar mac ro bhoí ag Cumall Fionn agus Fiothal fior damh is Feindidh feta fiorghlan
Ingean rígh Breatan go mbúaidh mathair in Fheindeadh armrúaidh mathair a mheic Chaíl nar ffann ingean righ Innsi Finnghall Rug dhá mac do Cáol go gcáil ingein Finn mhóir mic Cuáin Dáolgus ba dían ag dáil arm iss in láoch laidir Lodharn Bódhmann mathair Fithil fhéil ceist ar seanchaidhibh íadséin agus Cumhall a athair Fithil osna hardfhlathaibh Clann da dheirbhseatar ma-le Eochaidh Fionn Fiachaidh Suidhe Crimall is Áodh anosa Conall athair Dhíengasa Cnucha inghean rígh Alban mathair Fhíacra go n-ardbladh Taisi taoibhgheal a siúir chóir ba hí mathair mic Trénmóir Ba hi mathair Cairill chain Maoín ingean Smóil a Mumhain Áine ingean Ealcmhair anoir mathair Fhearrdhomhain áirmhigh Teide ingean Chaíl Smirrga mathair Guill na n-arm n-ímdha da mac dhég um Gholl na nglac rug in rioghan do Chormac
Mathair seacht mac ndeg oile do chloinn mhóir mhoingbhuidhi isí do rug do Dhaíghre ón leirg Aillbhe ingean Labraidh laimhdeirg Samhaoir ingean Finn breagdha bean mheic Oilealla fhearrdha rug Tinnle Cnodhbha is Connla is Mogh Corb chatha Gabra Creidhe ingean Coirbre ón linn ba hí bean Chaoíl í Neamhnainn Aoíffe ingean Trenmoir anoir mathoir Chaoíl cona bhrathair Bean Conaill mic Trenmoir thuaidh Aillinn siúr Daigre dreachrúaidh agus isí rug re a rádh dís mac Díangus is Ronán Da mac ag Conall gan chrádh Ronán is Díengus dreachnár aonmac maith ag Áodh Eangach Conbron cetach caithreandach Mac Conbróin Díanghus na ndámh mac dhóséin Cairioll comhlán feindidh núa an bhúainghlóir ré a linn ba húa d'úa Conbroin Cairill Athoir Cairill Díangus Donn leis nár gabh cath nó comhlann mac do Conall Díangus Fionn 'sé ba mó ágh a n-Éirinn
Ni raibh mac ag Diangus Fionn ó ro dalladh é lé Fionn acht Diangus d'eg 'na leabaidh a gCionn Droma Finnteagair. Nir codail Fionn oidhche ríamh gur bhó líonmar a chlann 's a fhían gan deóir fhola 'na cridhe tre dalladh a dheirbhfhine Gan dol a gcath le mac Cuinn dha bhron mora mhic Cumhaill beith 'na ffarradh rob fhusa 's gan dalladh Dhíanghusa Nir urmais ar a leas nír mhían leis ól nó aoíbhneas ro bhí seacht lá gan labra gerbh e ba fearr urlabhra An tan do-chluineadh Fionn féin dalladh Diangusa dreichréidh a eineach a chiall 's a chruth do-bheireadh úaidh in t-áonguth Bás Finn a mBroic ar ndul di do easgar um líg nDoire bás Crimaill a Loch dhá Dhall taoth a ccat Cnuch Cumall Gidh Fithil ba laige lamh don tríar brathar go morágh comhlann da chéd leis gan lén gur thuit re Feargus Fínbhél
Is é súd in feart fo ffuil Fionn mac Cumaill is a athair is Criomall cían ro-clos agus Dáire donnsholus Trúagh mo sgaradh risin fFéin fearr dam ádhradh De budhdhéin mar a rugad Fionn go ngné adeirimsi ribh as é AG
XLIV Cairdius Logha ré droing don Fhéin is meabhair liomsa budhdhéin gé do-chodar uile in slógh ad-bhiursa gan iomarghó Mathair Logha Eithne ard do radadh iséin do Tadhg uaithe ro chinsead sliocht sáor Tuirn mhor agus Muirn mhuncáomh Tugad do Conall ní chel an ríoghan Uirne áithbhél rug sí mac 's nir bhó donus an flaith Daire dedsolus Mac do Dháire mac Lughach an giolla seghainn subhach Lughach ingean Finn go mbríogh mathair Gaíne na nglainghniomh Naisgis Fionn flaith na gcuradh Tuirn le deaghtríath Uladh ro bhoí ag in righ go rath go ttarla táobhtrom torrach Bean do bhoi roimpe ag in rígh ingean Buidhph ba mór a brigh a riocht con ba mor in sgél ro chuir sí Uirne aithbhél
Assaighthear in rioghan réidh i ttigh Feargusa fhinnleith go rug sí ba cáomh in clann Bran ar áon agus Sgeólang Ro fhúagair Lughaidh Lagha óir ba heiséin a slána a cor as deilbh chon go teann a ffiadhnuise ffear nEireann Tugadh do Lughaidh Lágha an rioghan fhíal fiormhalla rug sí mac Sgíath fuileach is Caol crodha cédghuineach Ceithre mic Lughaidh Lágha ro brisdís cath go dána Cáol cedguineach corcras crann Sgiath breac Áodh agus Iollann Moirsheisior do cloinn ní chél is eadh rug Uirne áithbhél da triar mac ba meabhair liom d'ardmhathaibh úaisle Ereann A áonmac ro bhoí ag Muirn mhín nocharbh é ba measa dhíbh flaith ar ffulaing mionn ar slóigh Fionn mac Cumaill meic Trénmhóir Ba he sin cairdeas nár lag da ingean Taidg moir mhic Núadat gin go mairit fein ro-feas mairidh budhdhéin a ccairdeas
XLV Innis a Oisin echtaigh an aignidh gléghloin ghusmhair an raibh gaol ag Cnaoí Deireoil re Fionn in chineóil cruthghloin Cnú Deireoil cnú mo cridhe ceol is binne da gcúala séd is fearr boí a síthbrugh an ghein brigmar bhúadha Ba hé in ghein ghasta ghlórmar ba hé in ceól nósmar neimhsearbh le a ccoideóldis fir ghonta deagmac Logha meic Eithlinn Lugh mór mac Cein mic Cáinti mac mná ba haille i nErinn ba hí Eithne ingean Bhalair bean in fhuilt cladhaigh chéibhfhinn Ar ngabhail ríghe nEreann do Lugh na mbeimionn mbailctrén ro bhásaigh fine Fomra neimh a fhoghla san aiér Iar marbadh Bhaloir bheimnigh do Lugh an eidigh fearrdha tainic Eithne ingean Bhaloir 'na dheagoidh go teagh Theamra
Tainic Tadg mor mac Núadhat feadhan uasal san áonach ba maith fíadhoin na feisi d'iarraidh Eithne ar a háonmac Do radad dhó an deighbhean do Tadhg ba calma in deighfear ro bhoí 'na haonmhnaoí aige go ttainic a dhíanoigeadh Ba hí ceidghein na deisi on feisin a ttigh Theamra Muirn ingean Taidg mic Nuadhat in bean ba húaso cearda Ag sin a ngáol re chéile a cleirigh tainic chugainn Eithne ingean Bhaloir bhadhaigh mathair mathar mic Cumaill Guidh ar mh'anmain a cleirigh aga bfuil leighionn laingrinn do-ghébhair ó rígh Parrthais neamh dom anmain a Tailghinn Guidh ar anmain Chnú Dheireóil fa binn cineoil a gcoimseinm giolla ro gabhadh dúana ní chuala ceol a coimmbinn INNIS
XLVI Fíamhain mac Foraigh go fíor agus Oisin mac in ríogh ger imchían eattorra sin da deirbhsiur a dhá mathair Righlinn fionn ingean in Deirg mathair Fiamhoin lith gan ceilg Cruithgheal ingean Deirg go mblaidh mathair Oisin iolchrothaigh Gidh tearc neach ga ffuil eól nochan eidir a aithcheó clann da deirbseatar na fir Oisin mac Finn is Fíamhoin FIAMHAIN
XLVII Iss é súd colg in laoích láin Chaoílti meic roglain Ronáin ar in tulaigh os Druim Lir is í a lamh féin rus-folaigh Adersa riot a laoích luinn a Diarmaid móir mhic Cearbhoill nocha gcúala cloidheamh crúaidh ba fearr aitheas is ardbúaidh Ro marb sé ced ag Ath Lúain is ced a tTulaigh Mongrúaidh an treas ced a fFiodh dhá Bhan an ceathramhadh ced a nDurmagh Maith ro himreadh thu gan feall a gcath Fionntragha na mbeimionn agus tú a laim in laoích láin Chaoílti mic roglain Ronáin An coigeadh ced ag Áth Lúain do macroidh eachaigh armrúaidh an seiseadh ced meabhoir linn ag Áth na nÉg ar Sionainn Dít ro cuireadh cath Cuailgne ier tteacht ó Inbear Mhúaidhe cath do chaoíneadar mna amach da ttorcair Conoll cedach
Dít ro marbadh Corc is Cían seal beag o Teamraigh aníar agus dít go ngairbe ngluinn do thuit Loingseach mac Domnainn Dit ro marbadh gan meaboil an Liath a Luachair Deaghoidh nochar é in t-écht gan dioghail duinn nír chóir a commaoidhiomh Fear gach énlá sa mbliadhain is eadh ros-marb dar bfíanoibh fa Conán fa Mhac in Luin ní rangattar a leas a athghuin Dit ro marbadh mac Luighdheach seal beag uasan Áth Buidhneach do lamhach Finn na Féine do budh crúaidh in coiméirge Iris caillighe Glinne Marc tuc in cloidheam do Sithbhac mairidh fo a chruth gan a gné is dearbh liomsa gurab é Sithbhac fos do-rad día mac in cruaidh claisleatan coimneart d'éis Poil meic Coirbre treoraigh a gcathoibh nírb aineolach Coirbre garbhsron triath ba teann dual dó oireachus Eireann éulais ó Choirbri nár lag ó Trénmor go a deaghmac
Do-rad Trénmor gan iarraidh in cloidheamhsin da chlíamhoin do-rad in clíamhoin nar lag arna iarraidh dhá deaghmac Do-rad Cumall é dha éis do Crimall ag so a fhaisnéis gé ata sé go cobhsaidh cóir uch is arsaidh in seanóir An Criomallsin uas gach dionn rus-toirbeir é dha deoin d'Fionn do thoirbhir Fionn mór in ró d'Fíanoibh Eirionn a n-áonló Ann sin tiagaid Fíana Fáil a n-áonionadh a n-áondháil ba gairid leó teacht uile go háonach na hAlmhaine Ann sin adubairt Fionn Fáil cred fo ttangobair san dáil do breith uaim deimhin go ngoil ar ceann mh'einigh tangabhair Iongnadh leinn a Finn aistrigh séd agaibh is é a ttaisgidh tussa in coigeadh gan fheall is fearr eineach d'íath Eireann Ag súd dhaoíbhsi in cloidheam cóir ar mac Cumaill mic Treinmóir ón ló aniú go brath na mbétt ar mo seilbh ní bhíaidh a coiméd
Caidhe mar do-beire dhóibh ro ráidh Oisin a gcedóir an é a chosnam as a neart no in crannchar cubaidh coimneart Aigillidh ingin í Cuinn in ríoghan ó Theamraigh truim is í bainbretiomh gan feall is fearr a n-inis Eireann Ann sin ro chan Aillbhe cháidh in bhean dob fearr ciall do mnáibh seanbrethir so go brath mbil denadh cách ceart in cloidhim Denaidhsi coimrith a gcéin eidir réidh agus aimréidh ce be dibh bus deach rus-reath rod-ría in cloidim claisleathan Ann sin reathaid Fíana Fáil a n-áonchonair as in dáil ní fhaca coimrith ba mó a n-áonionad a n-áonló Ann sin do-chóidh Caoílti don Fhéin eidir reidh agus aimréidh ba hé Fionn budh foixe dhó is fíor is ni hiomarghó Tarraidh Caoílte in cloidiom cáidh tarraidh Fionn in truaill 'na laimh rug Caoílti an cloidheam glan an truaill d'Fionn mor Alman
Damsa ceart a Caoilti chrúaidh fon gcloidheamsin cona truaill ad-cíad fiadhoin sunn go glan gur a n-aoínfeacht tarramar Do-bersa ceart na caingne mar as fearr bherus Aillbhe mad fearr leat munbudh treorach beraidh Fithiol fireolach Do-ghén bar gceart ar Aillbhe sol deachus sibh a rógairge breith dháor oraibhsi ré headh is mairg duine do beradh Do budh é sin is ceart cóir ar mac Cumaill meic Trenmhóir acht gemadh áil duinn teacht ris is duinne ro breathnaighis Na habairsi sin a rí gin gub áil lim sibh gan ní aderad Fithil na mbreath dlighidh gach láoch a deigheach Día ndlighidh cloidheamh a truaill a meic Cumaill cloidheamcrúaidh dligidh in truaill sgél go lí in beilfhleasg óir go gcaoimlí Ag súd duitsi a Chaoílti chrúaidh in cloidheamsin cona trúaill agus ag súd suairc in séd béilfhleasg óir go n-imcoiméd
tri fichit uinge d'ór dhearg mar do innill Iollann dearg iss eadh ata suairc a lí ar in mbeilfhleisg go gcaoimlí Deich cced each is deich cced bó is do-bheradh ní budh mó ar son in cloidhim go maoín targaidh dhó Fionn a Formaoíl Mar tairnic duinn ceart na ffear dirim cairpteach na ndeighfear Fithiol is Flaithri amach ad-ciam cugainn is Cormac Ceiltear uainn ceart na caingne iss eadh adubairt Aillbhe mo breithsi munbudh treorach beraidh Fithil fíreolach Fearaid fáilti Fíana Fáil risin gcaom gconchar gcomchair gur suidheadar ar deis Finn an ceathrar uallach airmgrinn Sona go ttigit leasa adubairt Fionn fáidh feasa mo ceart is Caoílte gan on daoibhsi tig a leasughadh Sgél agamsa duit a Finn adubairt Cormac caomgrinn sibsi agus Aillbhe uas gach modh is áil leinn diar siodhughadh
Gabhoir Fithil crodh gan locht do-deachadar am lupgort do itheadar mo losa dhe 's do millseador mo bláth blaithi Innisidh Fionn na sgéla 's ní roibh Caoílti día séna an breathsin rug Aillbhe doibh rus-mol an ceathrar comcoir Nochan eadarsa nach íad ro mhill lubhgort Átha Líag teagaid mo gobhair am dháil gan fostadh gan iomgabhail Búachail a ndíaigh na ngopar gan eagla gan iomomhan is búachail oile gan locht agatsa thall ad lubhgort Do-ghen bar gceart ar Aillbhe nocha bhiú día comairle iocadh in lubhgartoir ribh ar millseat gabhair Fithil Ag sin breath do bhermaoís féin ro raidh Cormbac go gcoimcheill is í do bermaois uile ar mac Cumaill Almhaine Fleadh agamsa duit a Fhinn adubairt Cormac caoimhgrinn aire tanac ar do cionn mar onóir d'Fíanoibh Eireann
Deich cced do taoiseachaibh Fían lodmar go Teamraigh na ngiall gan caolbháidh gan caingean locht Aillbe caomnár 's a banntracht Coig tratha duinn a tTeamraigh a ttigh in ríogh mhóirmeanmnaigh ag caitheam bídh is leanna ba haoíbhinn ar n-airrdheana Suairc in tuarustal dar liom dus-rad Cormac da dheóin d'Fionn tri fichid uinge d'ór dearg agus caoga cú croibhdhearg Cáoga ceangaltach na gcorn cáoga fithchioll go ndath ngorm agus cáoga each n-áonaigh do mac Cumaill armfháobhraigh Maith ríghe Cormaic is Finn mairg fuil na ndíaigh a nEirinn ba hé bleaghan gach bó abhus lán a sreabhainn ré a tomhus Mairg táir an aimseir día n-éis re a hinnisin re a haisnéis budh sladaighe fir domhain bradaige mná a gcuileadhoibh Reacfaigtear iasg mara móir risna Gallaibh a gcedóir ar ttoigheacht docum tíre budh comartha drochríghe
A ndíaigh na naom go n-aille cleirigh dhíana diogháire ag foláir chrábhaidh go beacht is íad féin nocha ndingneat Gidh olc na cleirigh gan bhrígh measa go mor na hairdrigh gidh olc na rígha rabhaigh measa na maoír threintaphaigh Día labhraid cluig a gceallaibh gidh ard leighionn gach seanoidh nocha mó do-cluin Criost cáidh no sanais isin camáir Nochan feadar créd do-dhén fil mo rosc ag sileadh dér cloidhiomh Caoilti ba caom gné is meabhair leamsa gurab é ISE
XLVIII Deargrúathar cloinne Morna sochaidhe día ttugsat dógra o Tuinn Túaidhe nír treas tim budhdheas go Clíodhna cheinnfinn Ro marbsat a nDún da Bheann Maine agus Dían is Deileann ionmhain tríar ar gcúr a neirt meic Feardhomhain móir feirceirt Do marbhsat a nGleann Umha Uaithne fionn mac Finnumha ro marbsat a cCarn Alloidh Faolán agus Follamhoin Ro marbsat na tri Finn is na tri Duinn cinn ar chinn ro marbsat is rob olc liom in seanóir crimnach Crimall Do marbsat Tuathal nár thim do marbhsat Áodh is Oilill do marbsat Tadg ina tigh agus Fionn bán mac Breasail Ro marbhsat Sgíath breac búadach ro marbhsat Áongus uallach ro marpsat mo dhá daltán dil Leagán lúaimhneach a Lúachair
Do loiscseat Formaoíl na fFían go n-iomat geimhiol is giall do marbhsat Raíghne go rath do loisgseat Aillbhe uallach Ro marpsat a tTulach Óg Iollann mac Finn is deaghÓg Óg mac Finn fear go rath úaidhe sloinntear in tulach Áodh ó Geimhnáin nár laga agus Áodh ó hÚaineagda Áodh o Teamhair ro-chlos ro marbhsat uile a gCláonros A gCláonros mac n-Uisneach n-ard sochaidhe día ttuscat mairg mar ar fhagoibh Caoínce cíath mo macsa féin forrach níadh budh é ainm na tulcha dhe go ttí in brath Cainsgíath Chaoínche Caoince cearr a cCionn Tíre Áodh mac Áodha is Íle Áodh agus Íle agus Bran is leósan do-rochrador Trí chéd allmarrach ar caí um Bháire um Labraidh Gaí do geallsatar damh ni breg Alma uile do choimhéd Tugattar deargár na ffear Bodhmann luchoir láingheal nochar fagaibhseat 'na beathaidh ingean Iochtoir airmleathain
Ro marbadar na trí chéd um Bháire um Labhraidh ní breg marbsat Bodhmann líth ngal agus ro gonsat Sgannal A gcionn bliadhna nocha gó ba marbh Sgannal do gaibh cró tren rom-gabh sniom arna dul Almha do beith gan Sgannal Ced rioghan nach lúaidheadh cláon da ched um an da macáomh ro marbhsat mór in sgeile um Uathach fhionn Almhaine Ro marbhsat a Port Omna Breasal is Corc is Connla do ghonsat Oissin budhdhéin agus Cairioll go gcaoimhcheill Naoí mic Iobhair is Iochtair deich meic Cuinn deich nimchidh recte ? nimchidh ro marbhsat ag Druim os Tráigh um Finndeirb ingin Cannáin Do marbhsat ag Druim os Loch Oilill mor maith d'ar tteaglach is uime adeirthear Druim Brón mar ar marbadh Oilill mór Druim Broin ó bhron Féine Finn on laithe do tháot Oilill nochar codlus oidhche shaimh ó do marbadh mac Faoláin
Meic sidhe assin Mumhain mhais dainim dhuinn bheith 'na ffegmais is íad do tuidheadh go prap a mbotha do rúscoibh slat Ro marbhsat Taidhme 'na dhún teaglach ro budh dainim dhún agus Breasal mac Bratha agus Coirbre Cláonrátha Do loisceadar Crúacha Ceard 's a ingean Luchair laimhdhearg do marbhattar 'na hinis a shiúr budhdhéin Maighinis As sin dhúin ba cuairt chonuis go Buailidh an Áondorais rugsam orra trúagh an dáil um Leitribh cruaidhe Colláin Adubairt Goll do glor ard go ríoghdha agus go rogharg na faghbhadh Finn sibh amoigh a maca Cormaic cneisghil Tabhraidh dhamh mo chruit go n-ór adubairt Daíghre dreachmhór go seinnear í mór in modh go gcuirinn cach 'na ccodhladh Ann sin dus-radadh a chruit go mac Mórna fa binn puirt no gur codailseat uile le mac Mórna mungbhuidhe
An tan ro budh codladh dhóibh teagmaid cuca lín ar slóigh isseadh ron-mosgail miadh ngal gáir na Feine ga marbadh Ro fagsat da ttríen a n-arm ro marbsat Feargus foltgarbh do marbsat teannta ré muir Garb Crot Garb Gréine ó Ghlasmhuir Ann sin do-cúadhmar 'na ndáil go feis tighe Forannáin dhá chéd dar muinntir go ngoil ro marbsat an oidhchesoin Ro marbhatar Saltrán seang ró marbhadar Gúaire cearr do marbhadar gerb olc linn trí mic Luíghdeach meic Croimchinn Ro marbhsat Gille Uallcha ag teacht ó Teamhair Lúachra ro marpattar trúagh in dáil Feindidh mac Finn mic Cuáin Ro marbattar Cirre cáol ro marbattar Duph agus Dáol ro marbsat ar Moigh Line Dealán cuanna cruitire Ro mharpador Faolchú fíal mo macsa féin forrach níadh ro marbsat mo mac eile Maol Dearg ro ba moirsgeile
Ro marpattar na trí lacuna ar in leirg uas Cnucha cuirr ro baitheadair ar in muir na tri Deirg ó Shléibh Ditraibh Ro marpadar Faolchú fíal ro marbadar Corc is Cían ro marbhsat Mongán ón túinn agus Conán mac Crimthain Ro marpadar Lughaidh lonn ro marpsat Cairche crom ro loiscseat ced cuaine con a tTulaigh úaine Árchon Tulach Árchon ó ár con ainm na tulcha mór in modh Tulach Airde a ainm roimhe ó aird con Mic Fíodhbaidhe Seisior fiche ar sé chéd ar chóig mhíle mor in béd do cloinn Bhaoísccne mór in modh do thuit ar in deargruatar DEARG
XLIX A Oissín in ráidhe rinn ní d'fáisdine mic Cumhaill ar tairrngir in rí go rath aingil go fior do adhradh Inneósat duit sgél gáidh grinn a Patraic moir mic Calprainn agus budh crádh léd chroidhe gach dal ga ttu ag tarrngoire Suidhe do-rinne Fionn shoir os glinn ag Beinn úir Édoir go ffacaidh nell tiugh atúaidh gor much Eirinn re henúair Is iad ba foixe don rígh do mac Cumaill Almhainí meisi agus Osgar go ngráin agus Caoílti mac Ronáin Briatraighim ar tus miadh ngal d'Fionn mór ardflaith Almhan cred in nell dorcha atuaidh ro much Eirinn re hénuair Ann at-beart Caoilti croidhe re mac Cumaill Almhaine tabhair h'ordain fad dhétt fis is na leig sinn a n-ainfhis
Trúagh sin a Chaoilti chroidhe is cían uait in tairrngire measgfaid Danair tar Muir Meann a n-uilc ar fhearoibh Eireann Millfidh síad Éire uile eidir mhagh mhin is muine frí ré da chéd mbliadhain mbil in Fodla fon gceinneamhain Ni ffuighit síad do rath ann nach mo is dith dhoibh a fhulang gach a marptar ann míadh ngle bidh amrath da n-íerdraighe Fear Diardaoín tig ar a gcionn olc a íermairt d'íath Eirionn Mac Murchadha in diabhal dúr budh siabhradh sin a n-iumpudh Bidhat olc reimhius in rígh bíaidh a áras ar dimbrigh gan mac gan iarmhúa go mbladh gid íargno liom ar labhradh Laighin ar tús daortar ann saoth lem chroidhisi a chomhal gan righ orra acht iarla duph gan fíana día n-anacal Loitid Midhe is Mumha mhas nocha lugha in t-olc amhnus go mbeid fad o dioghail duibh uch budh doiligh in dioghail
Oirghialla is Ulaidh an áigh daorfaightear íad don áonpláigh futhaibh go danardha dil beid Connachta go crithir Síol Conaill is Eoghain fhéil fon daoíresin fon deighréir beit futhaibh go ciamhair cain ré triocha bliadhain bunaidh Ticc chuca rí Saxan saíbh día n-easchoma día n-anaoíbh go mbeir a ngeill tar Muir Meann olc a mhéin d'fearoibh Eireann Fagbaid fear 'na ionadh ann re siubhal reacht is remionn fear firinne adearor riss gidh dichleith is fear fuiris Cedchath chuirit ni dalbh dil ní cath é acht maidhm do ghnuisibh cath Cnucha ar tri cathoip dhe mar do ordaigh Ri neimhe Aimseir medhoin a fheadha ní deireoil a imneadha dia mbiaidh lobar gidh saoth lim seacht mbliadhna a ríghe nEirionn Go ttig trenfear oile anoir tre comairle in lobhair go ccuirionn go lonn dar libh rissin Donn cath an éinfhir
Rod-bath in t-aoínfhear don cath ann claoitear a réim 's a rath budh lén don lobar íar sin trén a omhan día mhuinntir Eireochaidh in Donn Failgeach feta fossaidh fírchaingneach cuirthear gan fhatha le a linn trí catha leis a nEirinn Cuirfe cath a nÁth Seanoigh ó a mbeid Gaoidhil fo mheabhoil do thuit gleó Gaoideal sa chath agus aoínfhear allmhurrach In fear donnsin gan deile budh sonn fola is fionghaile do-tháot do galar uaire gan cophair na caomuaille A gcionn tri mbliadhan iar soin cuirthear ár ar Ghaoídhiolaibh nach saoílionn duine 'na dhíaigh gan Gaoídhil uile a n-airdghlíaidh Digheóltar in t-ár íer soin mar nach nár ag Mhuimhneachoiph ar reabhradh na ngall ngaiscidh a fFeapra thall tarrustair Da cath dibh sin a Mumhain in treas do-bheraid Ulaidh agus cath sa Midhe mhais Rí neimhe ga ccoimaitchis
Tic mac rígh Saxan tar sál cíen lim 's ní ar a ghrádh budh da thoigheacht go fíor dhe cuirtear Danoir tar sáile An macsin tig tar in sál go n-imat Gall go neamhgrádh nocha ndingne ríghe réidh go cur na tíre a n-aimréidh Coimhríaghoil soir is abhus ga chineadh ar áoncadhus re tomhus téd is troigheadh tig día eis in t-ainndligeadh Tidhlaicfidh leath Eireann uile don lucht tiucfus leis tar tuinn go ndighlaid in lucht abhus go fiorchrúaidh orra a tturus Do-gnit connailbhe go cáidh Goill agus Gaoidil d'enlaimh a n-aghoidh na nDanor ndúr madh lamhor liom a n-iompúdh Fearoid in cath cruaidh go cain beódha do-nit a thaistil marptar é 's a sluaigh ier sin don taoiph thúaidh do Moigh Maistean Ríoghait rí Oiligh ámhra docum in catha calma marbhtar é 's a slúaigh go fíor a gcath Maistean na moirgniom
Deich mbliadhna fichead go holl gan chath agus gan comhlann gan neach 'na n-aghoidh fo neimh seal a samhail 'na samhloibh Go tteagoitt na Goill anoir do dioghail orra a n-ármhoigh ón Easpainn adhbhail andeas ní cabhoir in comhfaitcheas Cath Saingeal cuirfidhear ann a n-áithfithear fir Eireann ní cuirfit Gaoidhil no Goill a shamhoil sin a n-Eirinn An cathsin adeirim ribh ann bhías róiríghe Saingil beid Danoir go brónach dhe budh dreamhoin a n-ármhoighe Rioghait Tairbhré do shíol mBríain do chur in catha go nglíaidh go soiris assin Mumhain mhóir go cubaidh síol in gallghlóir Tri lá dhó ag cur in catha ré macoibh na n-anfhlatha a gcionn tri laithe go mbladh tair a maithe do marbhadh Eirgid cóig coigidh Eireann futhoibh go rathoibh reimionn go ndiongoibh in duileam dil do gach cuigead a coinnimh
Eirgid úa na rígh reabhach bhios fo shiol na Saxanach do dichur in cinidh cuil do budh dligheadh a dhenuimh Eirgis Sráonghalach Doire go gcuirionn a n-ár uile go ceann miosa on chath amach gabhoid orra dia fforrach Sráongalach ó Dhoire atuaidh agus Áodh iodhan go mbúaidh gidh cía frí senadh atúaidh teit docom neimhe fo bhúaidh Ní leanfam go leig ní bhus mó tar éis gall n-úr is anródh gidh mor a lochta léra is mó anois a n-aithmhéla Patraic mac Alprainn go mbloidh órus fortail for dheamhnoibh sireadh sossadh reidh ón rígh d'Osgar dam féin is d'Oisin A OISIN
A Oisin fuirigh ar Dhía na himidh uaim ní bhus sía tabhair aithne mar budh gar is misi anam t'athar Uch ní tabhraim aithne fort a Finn acht ge cáomh do corp ba halainn do dhealbh do dreach ag dol uaim tar gach n-áonach Deacair aithne orm a fhir a Oisín a mheic mheirgil iomat mo pían mett mo ghal íad ata agom treagdadh In cedoidhche do-chúadhus d'eg d'fios na cróine mor in béd dar chogain sí me sa glinn uchán nír chonair airdrigh Ann sin ad-beart Ifreann féin eirgith slaidhtear Fionn on Féin buailidh túargidh é go teann na bioth agoibh a dithioll Mar ba dursan leó mo lén anmanna na fFéin ffiortrén teagoit cugom mor in modh agus trialloit mo chosnam
An cumhain leat a Ghuill gloin do mac Cumhaill a hAlmhoin do marbadh sa carraic tall is do sgaradh ret anam Ro ionnarb sé clann Mhórna ro imbhir orra doghra ro bhasaidh na mílte fear do cloinn Mhórna na gcorrsleagh Dia ndeacham síos ar do cionn ar Conán maol ní leasg liom da ttugam beim tar do ceann na tisam fein as ifreann In cumhain leat a Ghuill glain do mac Cumaill ó Theamraigh do marpadhsa mor in modh agus marbadh do bhráthor Ge do-rinne seision sin deaghmac Cumhaill a hAlmhain truagh gan neart céud am corp cain do tabairt Fhinn ó dheamhnaibh Ionmhain buidhion tainic ann sios do comrac tar mo ceann anam Guill ba feirde in dáil anam Daigre anam Conáin Anam Airt óig mic Mórna ge do-rinneas ris dógra anam Osgair ro claoí cath agus anam Mheic Lúghach
Ro íadhsat umam ar gach leath anmanna na cceitri rúadhcath sgaoíltear íad ba cruaidh in teidm soir síar seachnóin ifeirn Uch tri fichid bliadhain búan ro bhí misi a n-ifreann fhúar no go ttainic Rígh neimhe gur fech orm tre trocaire Ann sin ro-siacht aingeal De uchagán ba geal a ghné ba he radh an aingil rim a Finn fagoibhsi ifrind Do rugusa leam ar luas tigim ar bord iffrinn súas míle deamhan don tsluagh gorm ro lean me ar luas a hifiorn Día madh liomsa an bioth bán eidir crann is cloich is chlár uaim a n-onóir mo Dhé dhuinn ar teacht áonoidhche a hifrionn Eirigh anois go Síth Truim ait ar cuireadh Cu Culainn leat fein neamh ó Righ neimhe amach o ló in measraighthe Ag sin turus do-choidh Fionn mar do ordaigh Rí na rionn dar fhíafraigh sgéla go mín do Patraic agus d'Oisín A OISIN
LI Eirigh suas a Oissín a mheic Finn meic Cumaill meic Trenmóir í Bhaoísgne ag sin Caoilte cugainn Bithí ar aon go subach a mheic righ na Féine denoidh go ceart comhlán bar gcomrádh ré chéile Ro bhaist Patraic baismhín íad a ndeireadh a n-aoíse tug sé Art ar Oisín agus Conn ar Caoilte Ag sin daoip bás Caoilte mac réidh Ronáin reabhroidh a ndeireadh a lathoir a bathadh a tTeamhroigh Do tuit mac na flatha le horchar in cléirigh Oisín ger tren talcar on urchor nír eirigh ÉIRIGH
LII Eirigh súas a Osgair ro-fheas is tú in bunadh gidh lor med na ndeighfear dingoibh dinn céd curadh Imthigh trithibh is tairrsiph gursat máola méidhe geibh sgieth eangach úaine is cloideam go ngeire Geiph sgieth is geibh cloidhim is airm níadh rod-rubha geibh lúirigh rod-meala nar maoídhit do thubha Is mór in gniom dhamhsa a ffiadhnuise m'fiadhan dearlacadh mo naoídhion a gcionn a naoí mbliadhan Ni tiucfa is ní thainic ba fearr lamh na luighe is ni ffuil crann sléighe is sía dus-sía a nduine Mairg re ttiubhra a treisi lé a cloidhiom go ngeire ó thig fearg a laime in fear dearg is déine EIRIGH
LIII Faoídh cluig do-chúala a nDruim Dheirg mar a ndéndis in Fian seilg ní chúala riam roime soin guth cluig a fforaoís fhíadhaigh Faoídh cluig do-chúala a nDruim Dheirg mar a ndendis in Fhían seilg agus ní cuala rem ré áonguth ann budh binné Faoidh cluig do-cúala a nDruim Dheirg mar a ndendís in Fhían seilg binne liom ar tteacht ar slogh an dord Fían ga ttinól Faoídh chluig do-cuala a nDruim Dheirg mar a ndéndís in Fhían seilg binne liom ar tteacht amach in fhead do-niodh Mac Lughach Annamh le coill Droma Deirg faoídh cluig innti leirg do leirg fa minca don ál chúaine deireadh oidhche adhfhúaire Cía in trú chleirighso shíar bheanus a cluigín go dían nach eistionn re guth na ccon ata sa ghlionn 'na fhorradh
Gidh binn leatsa guth na gcon agus gidh adbar meanman is binne leisin Righ in neach eisteas comrádh na ccleireach Gidh binn leatsa a n-abrait soin agus gidh maith led meanmain is binne buireach in doimh mhir no in ceól chanaid na cleirigh Ad-connarcsa fir sa moigh nac eistfeadh re guth do cluig is do fuicfeadh marb ma-le tusa is do cleirigh uile Binne liom um trath eirghe cearca fraoích a mbeannuibh sléibhe no guth an cleirigh astigh ag meighligh ag meigeallaigh A Oisín innis sgéla is na leig sinn fo mhéla creud do-dendís riomsa dhe fan cluigínso bheanuimse Do-bheirimsi briatar go fíor luighim fo anmain mo ríogh go mbeanfadh do clog ad ceann no go mbeitheá gan anam Da gcluineadh Garbh Doire dían faoídh cluig sa chillso hsíar do rachad go grod asteach 's do brisfeadh clog na ccleireach
Da gcluineadh Fionn in féindidh faoídh do cluigín a cleirigh do rachadh ad ceann gan acht is ní roicfeadh uait imteacht Da gcluineadh Conán na fFían faoídh in cluigsi riom aníar cleirigh bheata do bheith ann do beidís uile gan anam Da gcluineadh Caoílti croidhe fear nar opthac n-iorghaile do rachadh asteach gan ghaoí 's do brisfeadh bar gcluiginí Uchán is cradh lem chroidhe sgaradh re leirg Máonmhoighe is rissin láochraidh ffeilsin rem fhéin is rem deigheixibh Is me Oisín deaghmhac Finn creidim Día thuas a Thailginn ge atu atu anocht gan fhéin gan mhaoín is pían lim faoídh in chluigín FAOÍDH
LIV Domhnach lodmair tar Lúachair dar cuirsiom seilg um Cruachain um bordaibh Locha Léin Lir um bruachaibh Ghleanna Faoinneallaigh Cuirmid ar mná uainn íer sin ar ffilidh ar n-oirfidigh do lodmair a ndiaigh ar mban agus ar ffileadh ffíorghlan Do roinnseamar sinn budhdhéin don taoibh aníar do Loch Léin battar gille glana ann nach gealladh ní gan chomhall In gnaithFían ó Leamhain siar um Coirthe um Dhoire na fFían um Gleann mBroic is um Gleann Con um Gleann Duine dhá Dhubhthar Clann Morna laimh re Loch Léin aoíbhinn doibh ó shleibh do shleibh ionmhain crobhaing dhíleas dhron ar nach ffuighbithe baéghal Áos ógbaidh soir agus síar in lásin fa fhlaith na fFían a gceartmheadhón na sealga gondaois doimh dhoinndhearga
Gapmaoíd longport líth gan oil tortach ar seilg in lásoin suidhighmíd longport gan tár acht Dubh Dala a aonarán Codhlais mac Maoil Gairbh amuigh gairit do nó gur mhuscail biodhghais a aigneadh gan tlás beiridh rúatar tre úathbhás Tairringis Cluasán a ceann cain as a haird aloinn eagair dúisgis in cú go ngairbhe arracht muice moraidhble Gearr do battar 'na garadh ar n-eirge dhi da falach fágbhais in gcoin fa mhéla da goinidibh gairbhghéra Imdhis in mhuic uainn don leirg is fagbhais in gcoin fa mairg cíí Dubh Dhala fa a choin is claoídhis a feart fódbaigh As sin dó go longport Finn 's nír cheil ar in fFéin ffoiltfhinn muc do luathmharbadh a chon 's a dol uadha gan fhostadh A Dhuibh Dhala a laoích gan locht adubairt Fionn fáobarnocht in mhuic 'sa tuaruscbháil sin ní fuighbithear í a n-aisgidh
Arna mhárach dhuinn da seilg sochaidhe do-rad fa mairg íadhmaid uimpe aníar 's anoir fa dheisceart Bhearnuis Baoghlaigh Ad-ciam chugainn in muic mir ina harracht anaithnidh ina ruatar trésan fFéin mar sidhe con da coneill Tarla urcar do cloich chruinn ar a gnúis ó mac Cumhaill gur bris a dreich dorcha dhuibh gur leig trí garrtha gabaidh Beartuighim buille chuice ni d'imgabhail na muice go ndeachaidh tresan gcloich gcrúaidh 's nir dearg ar in muic mhongrúaidh A hécta ag Bealach Bheime ó mhaidin go trath eirghe tríar ar fichid rádh nach brég is tri coin teasda do chéd Máol Tuile is Tadg míadh ngle in dá mac budh só ag Caoílti do thuit le ar lathair goile agus Conn mac Cabhlaighe Colla do budh neassa dhi fa duibhfheadhaibh Formaoíle ga hiompódh do ag Sgairbh Chomair lingis in mhuic morghlonnaigh
As sin di go hÁth Chluig Colla nochar chuir da muin go ttug naoí ngon do sgín ar in ffuath n-eitigh n-ainmhín Anais Conán agus Fionn ag Sruibh Dairbreach ar a chionn agus nír lughaide a ngráin re húath nó ré hiomgabhail Anais Faolán fear go gceill eidir in muic agus in Féin gur chuir corrgha nar beag neimh go ceart triana dhá seiridh Tairbeiris Conán a dhi shleigh ar an arracht n-anaithnidh cuiris di shleigh Conáin féin 'na mblodhaiph go hard aigméil Diubraicis Fionn sleigh oile ar in slios ngarp nginoidhe do ghoin is do bhuail íer sin is do marbh í 'na deaghoidh A n-aoinfeacht do Colla chain 's do Mac Lughach ar lathair is do tuit in muic ar lár le Fionn agus le Conán Naoí ngilla agus tricha fear eidir thus agus deireadh do-rochair lé miste ar sealg is seacht fichid cú croibhdearg
Deich ccéd muc is deich gcéd agh isin seachtmainsin tar lear is se chéd mil moighe amach ar seilg a sin go Domnach DOMHNACH
LV Is fada anocht a n-Oil Finn fada linn an oidhche aréir in lá aniu ge fada damh do budh leór fad in laoí ané Fada liom gach lá dha ttig ní mar sin fa cleachtadh dhúin mo bheith a ffegmais na fFían do cuir sin mo ciall ar ccúil Gan áonach gan ceól gan cruit gan brondadh crúidh gan gniom greadh gan díol ollamhan ar ór gan ealadhoin gan ól fleadh Gan bheit ag suirghe nó ag seilg in dá cheird le a raibhe ar súil gan deabaidh gan denamh creach gan beith ag foghluim cleas luith Gan earradh gaisgidh do ghnáth gan imbirt mar budh gnáth leinn gan snamh re láochraidh gan locht is fada anocht a n-Oil Finn Fada mo saoghal tar eis na fFían ni cneasta na budh cían linn ba híad in láochradh gan locht is fada anocht a n-Oil Finn
Is don tsaogal mar ata mé truagh a Dhé mar ata sinn am áonar ag tarruing cloch is fada anocht a n-Oil Finn Sir a Patraic dhúin ar Dhía fios an ionaidh a mbía sinn nó in sáorfa m'anam ar olc is fada anocht a n-OilFinn. IS FADA
LVI Mairg fuil ar h'iarraidh a Bhrain is sgaradh cuirp re hanmain úair nachad-faguim a Bhrain ni charuim ní ar talmhain An lamh dar bhúaileas Bran dursan nach liom do sgaradh nach beinn a mbeathaidh abhus dursan nach d'eg do-chúadhus Rí na gcon do bíodh am laim os leicnibh Sleibhe Colláin is ni raibhe ar bith go mbáigh cú ar a mbeith a túaruscbáil Da taobh geala do bhi ag Bran earboll nua corcra gléghlan ceatramha corcra go roinn ótha earboll go hiardruim Ceithre cosa gorma faoí re himteacht oidhche agus laoí cruibh úaine nár teachtsat báigh ingne ettrochta iucháin Rosc dreagain ina ceann cóir ris nir fedadh iomarbháidh aluinn agus cáomh a clú mo is gasta na gach miolchú
In cú ba hairde sa Féin thigead gan cromadh fo a bléin is a ceann ba gasta in roinn ba comard é rem ghúalainn Ceithre míl do leiginn uaim miol budhdheas is míol budhthuaidh miol síar agus miol soir do bidís uile a mbel Bhrain Da mbeith deireadh laoí gun fFéin gan seilg gan fhíadhach do chéin do bheradh a gcuid a coill do biathfadh Bran ó Bhoirinn Is aire do bhuaileas Bran is mór n-úair ba haithreach dhamh gáir na ccon is na sealga risna fiadhaibh foirdearga Tugus buille d'eill buidhe dhó go ffailgibh fionndruine do-chúaidh an idh óir 'na ceann mairg do-rinne in gnim róitheann Iongnadh leis a bhualadh damh do bhoí athaidh gom feghadh gur silseat frasa déra tar a rosgaibh rinnghéra Olc sen far togbadh in lamh olc sén ro tairngeadh go hán olc sén do-righneadh in beadg mairg do-rinne in gniom rogharg
Tairngidh uaim a heill go tric gur bhris in mhuince airgid dar theith go moch ar in sleibh gur ling sa loch a luathleim Tri hualla gacha nona ag ar gconartoibh cródha coin na Feine ag iarraidh Bhrain 's an Fhían uile go cíamhair Ní chúala guth con ag seilg ar moigh ar móin ar morleirg ó do sgarus rem choin ngairg na beith mo croidhe fo mairg MAIRG
Ag sin duit a chaiptín Samhairle. Agus da ffaghuinn ní budh mo ina sin do Dhúainaire Finn réna sgriobadh do-dhenainn dháobhsi é. Misi Áodh Ó Docartaigh do sgriobh a n-Óisdin in .12. Februarí.1627.
LVII A Oisín as fada do shúan eiridh súas is éisd na sailm ó thairnic do lúth is do rath do chuirtheá cath a ngleó garbh Do tháirnic mo lúth is mo rath ó nach mairionn cath ag Fiond i ccleircibh ní fhuil mo spéis nó ceól da n-éis ní binn liom Ni chúalais a ccomhmaith do ceól ó thús domain mhóir gus anocht tá tú arsaidh aimglic líath gé do dhioltá clíar ar cnoc Do dhíolainnsi clíar ar cnoc a Patraic gidh docht do rún as mairg dhuit do cháin mo chruth is nach ffúair me guth ar tús Do-chúal ceól as fearr no an ceól ge mor mholus tú in chlíar sgalgarnach luin Leitreach Laoí 's a' faoídheadh do-níodh in Dord Fían Smólach guithbhinn Ghleanna in Sgáil monghar na mbárc 'búain ré tracht budh binne liom trosd na ccon na do sgol a chleirigh cháidh
Da ghadar dhég do bhí ag Fionn an úair do léigthi fá Glionn Raith budh binne liom a n-oific chiúil 's a n-aghoidh on tSiúir amach An úair do shúidhiodh Fionn ar cnoc shinntí gan locht in Dord Fían chuireadh 'na ccodladh na sluaigh mo-núar budh binne leó in chlíar Cnú Dheireóil cnú mo chuirp abhac beag do bhí ag Fionn an úair do shinneadh cuir is puirt do bhíodh sé 's a cruit go binn Blathnaid bheag an inghean óg tug móid re fear fon ngréin acht Cnú Dheireóil agus sí och a rí budh binn a mbéil Do budh mían le Fionn na ffleadh síansán con a ffad ar slíabh coin allta ag fagbháil a ccúan mordháil na sluagh dob é a mían Iomdha mían do bhí ag Fionn nach ccuirtear a suim id dhíaigh ni mhairionn Fionn nó na coin 's ní mairfe tú a Oisín na cclíar As mo an sgel Fionn no sinn is na 'ttainic ler linn ríamh andeachaidh is na ffuil beó dob fearr fa ór Fionn na fFían
Tug sé naoí gcatha sa fFraingc naoí bhfichid cath a nEirinn uill on tsruth ar baisdeadh Críosd do theigh a chíos go Toigh in Duinn Tug sé naoí ccatha sa Spáin airdrigh Lochlann a laim leis beacht do bhí in domhan fa chíos 'sé budh rígh isin Greig Bhig Lochland 's an Innia mhór tigeadh a n-ór go teach Fhinn ní roibhe coimmeas ris ó Chríosd ní fhacus rí os a chionn Mairg dhamh do hanadh dhá éis gan mó spéis a muirn no a cceól um damh críon d'aithle na slúagh as damh is truagh a beith beó Trúagh a Tháilginn an sgél bheith a ndíaigh na ffear go fann ag eisdeacht re ceól na gclog as me um sheanóir bhocht dhall Da mairiodh Fionn is an Fían do fhuicfinn clíar na ccros do leanfuinnsi fíadh a ngleann is budh mían leam bheith ré a chos Sir a Patraic dhuinn ar do Dhía neamh d'Fionn na bFían is dá chloinn déna guidhe risin fflaith ni chúala a commaith rem linn
Ni iarrfa méisi neamh d'Fionn a fhir nach grinn ler eirigh m'fearg gurab é a mhian rena linn beith a nglionn ag síansan sealg Da mbeithea faris in fFein a chleirigh na cclíar 's na clog ní tiubhra th'aire do Dhia acht ríar chlíar agus sgol Ni threigfinnsi Mac Dé Bhí ar a ttainic a cclí thoir is tíar a Oisin in fuighle bhuig olc do-chúaidh dhuit díol na cclíar Gach ar pronn tú agus Fionn d'ór olc do-chúaidh dhó agus duit ata sé a n-ifreann 'na gheall mar do-denadh feall agus broid Beag do chreidfinn dot ghlór a chleirigh na leabar mbán ní roibhe Fionn na coimfhíal ag duine nó ag Día a lámh Ata sé a n-ifrionn a laim fear fa sáimh do bhronnadh ór a ndíol a easurradhais ar Dhia ta sé a ttigh na bpían fá brón Da mbeith clanna Morná astigh nó chlann Bhaoísgne fir fa trén do-bherdaoís sin Fionn amach nó bhíadh in teach aca fén
Da maireadh Fáolan is Goll Díarmaid donn is Osgar áigh a n-éintigh riam dar chom Día ní bhíadh Fionn na fFían a láimh Coig coigidh Eireann fa seach 's na seacht ccatha boí san fFéin ní tiubhraidis Fionn amach ger mhór a neart is a ttréin A Patraic is truagh in sgél an fear fíal do bheith fó ghlas croidhe gan aingidheacht gan fhúath croidhe crúaidh ag cosnamh cath As egcóir nár mhaith lé Día ór is bíadh 'thabhairt do neach nír ér sé trén no trúagh ifreann fúar mas é a theach Créd do-rinne Fionn re Día acht ríar na cclíar is na sgol is treas mór re bronnadh óir is treas fós re meadhair chon 'S a gheall re meadhair na ccon is re ríar na sgol gach lá is gan smáoíthiugh ar Dhía ata Fionn na fFían a láimh Ata sgél agam ar Fhionn ní raibh ionn acht sé fir dhég gabhsam ri Sacsan na ffleadh chuiriomar cath ar rígh Grég
Do gabsam an Innia ar fad ba mór ar neart is ar ttrén do cuiriomar cath ar rígh Frangc dar do laim ní abruim brég Do gabhamar Maghnus mór mac rígh Lochlann na long mbreac rangamar gan ghuin gan sgís do chuirmís ar ccíos a ffad A sheanóir do sháobh do chiall beag in sgel gan a mbeith beó a raiph do shlúagaibh ann sin ní bhía as ní fhuil acht mar cheó A Patraic na mbachall mbreac ní rachadh leat aithis Fhinn nír ér sé duine fa ór ní thug a mbreig móid nó mionn Tabhairsi th'aire duit féin ó atathaoí gan ceill abhus tabair th'aire duit a trúaigh tapair dot uaidh th'aire anos A OISIN
LVIII La da ndeachaidh Fionn na bFían do sheilg ar Slíabh na mBan fFionn trí mhíle 'mathaibh na fFían ní deachaidh sgíamh os ar gcionn A Oisin is binn linn do ghlór beannacht fós ar anmuin Fhinn agus innis cá mhéd fíadh do thuit ar Slíabh na mBan fFionn Búdh mór na creacha dar slúagh dar a ndeachaidh uaim 's ní sbleadh ar thuit ar Slíabh na mBan bFionn d'fíadhach ré Fionn na ffleadh Innis ród roimhe gach sgél beannacht ar do bhél gan gó in mbíodh éideadh nó airm ag dul do sheilg libh gach ló Do bíodh eideadh agus airm ag dul do sheilg linn mar sin ní bhíodh feindidh dhinn dom dhóígh gan léinidh sróil is dá choin Gan cotún síthe séimh is lúireach bharraidh ghéir ghlain 's gan ceinnbeirt clochorrdha chorr 's da sleidh a ndorn gach fir
Gan sgíath uaine bheireadh búaidh is lann chrúaidh re sgoilteadh cionn da sirthea in domhan fa seach ní raibhe neach budh fearr nó Fionn As é dob fearr eineach is ágh ní deachaidh lamh ós a cionn dul do thaistiol na ccuan ngeal gan faicsin ar fear mar Fhionn Cath eagair do-chúadhmar síar do seilg ar Slíabh na mBan fFionn a Patraic a cheann na cclíar dob alainn grían ós ar ccionn An uair do shuidheadh Fionn ar ccoin dob iomdha anoir is aníar guth gadhair ag dol do chnoc ag dúsgadh thorc agus fíadh Do bíodh Fionn agus Bran 'na suidhe seal ar in slíabh gach fear dhíobh a n-ionadh sealg nó gur eirigh cealg na bfíadh Léigiomar tri mhíle cú dob fearr lúth is do bhí garg do marbh gach cú diobh da fhíadh sul do cuireadh iall 'na n-aird Marbhamar sé mhíle fíadh barr ar in ghleannn do bhí fan tslíabh a nfegmais aighe agus fearb ní dearnad sealg mar sin ríamh
Dob e deireadh ar sealga thiar a cleirigh na cclíar 's na cclog deich cced cú go slabhraidh n-óir do thuit um nóin ré céd torc Do thuitsiod linne na tuirc rinne na huilc ar in leirg muna beith ar luinn is ar lamh chuirfidis ár ar bFéin A Patraic na mbachall bfíar ní faca mé thíar nó thoir sealg énlaoí ar Fhíanuibh Finn ré mo linn budh mó ina soin Ag sin sealg do-rinne Fionn a mic Carploinn na mbionn mbláith na gáir cheolán isin chill do budh binne liom in lá LA
LIX La da rabhamar a nDún Bó Fían Eirionn líon a ttionól coiméd cúain fa ceim deacair ó Chairbri líonmar Lifeachair Gearr do bhádhmar ann sin a mic Alproinn a chleirigh go ttainic chugainn Laíghne mór áonmac rígh na fFomór Bliadhain fa thrí roimhe soin nach deachaidh láoch dhinn tar muir le húamhan in fhir mhoir a chléirigh adeir an chanóin Ar tteacht dhósan tar Albain motaighimid anfa na fairge ó iomramh lamh in fir móir 's ó buillighibh rámh an Fomóir A mic Blaighe ingine in Deirg beannacht ar do bhél gan cheilg agus innis duinn mar soin a ndearnabhair 's a' fearsain Do leagad leision a sheóil a bportaibh díleann nar chóir 's do-rinne eachréidh amach o n-ainmnigtear in t-ollamhach
Dob e dob cloideamh catha don mhacsin an ardfhlatha lorg fhairsing d'íaronn chrúaidh tri chéd cáor iarainn 'na leathgrúaidh Do bhí coimhéd fan luirg mhóir lomnán d'airgead agus d'ór 's do clochaib búadha oile d'uaislibh Thíre Tairngoire Ar ttiacht dhósan a ttír do léig béiceadh nár cháol d'iarraidh trodáin in fear agus teagmhála in milidh Ni raibhe enláoch 'nar fFéin go roiche soir a nda ttrían nach ttiúbhradh dár n-úaislibh maith fel coidhche ar a thúarusdal 'S í comhairle do-rinne Fionn le cloinn Morna is réna ccloinn dul go pupal in fir mhóir a riocht fhileadh a ccédoir Glúaisios Fionn feasa is Feargus Cnú Dheireóil agus Bláthnad go riachtsat in popal cóir do bhí ag mac rígh na fFomhóir Beannaidhis Fionn don fhear mhór agus Feargus ba binn glór ní fhacattar thíar nó thoir ríamh leithéid in mhílidh
Suidhis 'na pupal ann soin a n-onóir do na fileadhuibh cuiris Feargus da laim cle agus Fionn féin da deisséin Beiris chuige fana brot Cnú Dheireóil agus Bláthnot sinnid an ceól sithe súain re ngabadh draoíthe deaghdhúain Fiafraidhis mac Cumhaill fhéil don ogláoch uathmar aigmhéil caidhe h'ainm bunaidh go beacht nó ca tír a ffuil th'imteacht Mac rígh na bFomórach thoir misi a dhraoí uasail iodhain Laighne mór mh'ainm bunaidh ag cur ghlíaidh gach áonchuraidh Innis a churaidh chálma do ráidh Fionn fa mor meanma caidhe in fáth tangais anoir go hEirinn álainn íasgaigh Inneósa me dhuitsi soin a dhraoí úasail iodhain an fáth fa tangus om thoigh go hEirinn aloinn iúbhraigh Maithe Eireann bheith a ngiallaibh 's a ccíos cugam gacha bliadhain no gan líon síoluidhe d'fior d'fagbháil a nEirinn iodhain
Iomdha láoch romhad riam tainic go hEirinn d'iarraidh glíadh éinneach dhíbh nir thill tar ais uainn soir a hEirinn fhódghlais A ttainic chuca thoir is tíar 's a raibhe a nEirinn rompo ríamh ni thiúbhrainn áit suidhe d'fior d'eagla comlainn na ccuradh Fíafraidhis an curadh calma da draoithibh go méd meanma caidhe in díol is diol libh a dhraoíthe aille íodhan Do-ghébha sibh airgead is ór is gach ní is áil lé bur ccóir do-ghébha uaimsi astighsi gach ní atá ar bur n-ainnisi Draoithe sinn lán d'eagna do ráidh Fionn ris da fhreagra cádhas uaitsi dligidh sinn ar h'eineach as eadh iarruim Do gheall go ttiúbhradhsan soin cádhas don chléir go cubaidh gion do bhíadh na bheathaidh abhus do gheall nach airgfeadh éigius Tabhair do bhríatar leis soin do ráidh mac Cumhaill a hAlmhuin ar a bheith diolus ré do linn da ngabhann linne dh'Eirinn
Tugsan briatar gan ghó nach sirfeadh air rena bheó nó ar draoí da ttiocfadh 'na teach cíos no cáin nó cabhalach Mithe duit imtheacht tar h'ais dearbh go ndearnais do thurais liómsa anois gabhus Éire 's mé Fionn flaith na fíorFhéine Mas tusa Fionn na Féine do ráidh in t-ogláoch go bféile ní thugus bríatar re hais acht do draoíthibh gan ainbfeas Draoí sinn a churaidh chalma do raidh Fionn fa mór meanma mo ghliocus nír sháruigh neach dar thaisdil in bioth bráonach Ag aíghnius ort ní bhíadh sinn a Fhinn mic Cumhaill airmghrinn ó thugus bríatar gan ghaoí denam síth treigiom eissíodh Do-rinne sé síth go cóir Fionn mac Cumaill mic Trenmóir dhó féin is d'Eirinn uile mor in geilleadh énduine Toimhsis Fionn gan fhius dó in t-ogláoch 's ní hiomarghó ba hadhbhal ré aithris duit fad an oglaoích 's a leathad
Seacht ccomfada Fhinn féin boí ar fad a Laíghne thrén 's a dha chomhfhad ar tracht fa mór in trénoglách Téid Fionn a gcionn a shlóigh beiris leis fíon agus feóil eire cháogad gearrán cróin do mhiodh is do brogóid Beirthear oidhcheacht ón fhear thrén ní chúala a leitheid ó chleir agus ón oidhchesin íar sógh ainmnightear Purt a Ríghol Gluaisis an t-ogláoch uainne tar na tonnaibh taobhúaine ceileabhruis da cleir re hais buidheach an Fían da thurus Do-bheirimsi dhuit a mhóid a Patraic tainic ón Roimh nach rabhamar féin nó clanna Cuinn a tteann budh measa ar bfulang As mé Oisín do bronnadh óir do gradh na ffileadh a ccedóir ge ataim anocht fa bhrón le smúaintiugadh gach enló LA
LX In ccúala tú Fíana Finn a Patraic mhóir mic Alproinn ag eirghe ós ceann Locha Deirg mar áon is cách ag coimhsheilg Péisd do bhí ar loch in tsléibhe lé a ttugadh ár na Féine fiche céd nó ní is mó da ttug sí ég a n-énló Ogláoch maith do bhí ag Fionn go deimhin duit a Tháilghinn Albhaidh an Óir mac rígh Grég do thuigeadh glór ó gach peist In ttuige an ní adeir in péísd do ráidh Albhaidh risin fFéin cáoga each nó cáoga bó do chur cuice gach áonló Innis go bfuighe sí soin a Albhaidh an chrotha glain fearr sin nó énláoch lonn do thuitim léisi a ccomhlann An peisd an oidhchesin gan bhíadh codhlaidh 's nir smúaintigh in Fhían ar tteacht na maidne go moch do chuir anfa ar in ffionnloch
Ar tteacht don peisd ar in ttracht do leigiodar in Fhían gáir dob iomdha ag brisiodh a croinn iliomad láoch 'na timchioll Eidir sin agus meadhón don ló do budh lía ar mairbh na ar mbeó budh samhail ré slúagh oile uireasbadh ar láochraidhe Do sluigeadh lé mac rig Greg is Oisín fa mór in béd 'sé do sluigeadh lé go beacht fear agus céd a n-aoínfheacht Níor sluigeadh mac Cumhaill lé nó in mhéid do bhi amoigh dhá Fhéin 's ní raibhe dhíobh gan dul thart acht beagán beag a mbél imtheacht Do shluig sí Dáolghus is Goll Fionn mac Rossa na ccomhlann Conán Máol sgél nár mhó Diarmaid táobhgheal Trénmhór Tug Fionn in sitheadh prap glacais in peisd ar alt agus tug car go dían di gur chuir a clíabh anairde Mar do-connairc Dáire mac Finn rífheindidh is sí cionn a ccionn tug léim a mbel na píasta dob é in sithead aimhrialta
Ar ndul do Dháire 'na clíabh ann sin do chuimhnigh a sgían ar a hasgaill tig amach dob í in chosgairt iongantach Da chéd beó aisde don Fhéin Oisín is mac rígh Greg comhrac budh beódha na soin annamh duine go ccualaidh An da chéd tainic amach do bhádar gan fholt gan édach maith do cheas Fíana Finn a ffúairsiod ríamh a nEirinn Turus Conáin nar chóir 'steach a mbroinn an bheathaidh mhóir mar nach roibhe gruag ar a chionn nir an léadhb ar a chloiginn Fionnloch dobh ainm don loch ar tús a chor a chléireach do an Loch Dearg air ré a bheó ó ár na Féine a n-énló Trí lá agus mí agus blíaghain do bhí Loch Dearg fa dhíamhair ó lá marbhtha Fíana Finn go deimhin duit a Thailghinn As mé Caoílti a ndíaigh na fFian a Patraic do dhealbhus grían na sgéla do innsim dhuit iomdha duine do-chúalaidh IN
LXI La da ndeachaidh Fionn na bFían do sheilg ar Beinn Gulbain síar go bfacamar ag tocht co cách ogláoch go n-egcosg neamhghnath Do-conncamar chugainn sa magh ogláoch mór go méid mhíleadh cloidhiom tríd a cheann gan chair go ráinic in chlúas go chéile Beannaighis in t-ógláoch mór don ríghféindidh fáth gan bhrón agus beannaighis do Gholl ghlan agus suidhis 'na fharradh Ar bhar ccuimridhe damh féin a rífheindidh feasaigh fhéil fam iodhlacadh úaibh gan fheall a Fhíana aille Eireann A ogláigh tainic sa ccnoc do raidh Conán faobarnocht cía chuir in cloidiom id cheann no cía re ndearnuis comlann Do-rindeasa comhlann crúaidh le Manannán na mórslúagh 's é do chuir cloidheamh um ceann is ris do-rinnius comlann
Ataim fo gheasaibh o shoin fan domhan uile d'iarraidh ní fhuarus aoínneach ann do bheanfa in cloidiom asam Tanac cugaibhsi a Fían chuala bar tteisd thoir is thíar ar bar n-eineach tabhraidh damh beanaidh asam in cloidheam Do ráidh Conán don taobh thall beanfad in cloidiom as do cheann nó beanfadsa gan fheall damh an ceann diot is a' cloidheam Na bean as arsa Fionn féin a Conáin mhaoíl mhir gan cheill ga fios nach ttiucfa sa magh dograinge a ndíaigh in cloidhimh Maith liom dograing do theacht as do raidh Conán maol gan cheis tug sithe prapdha go ngoil agus glacais in cloidhiom Tuitis Conán ar lár dhe gan sbionnadh a n-alt nó a n-áighe beith mar sin acht ger nár dho gan neart ann mna seóla Mar do-connairc clann Morna mhóir Conán máol ag faghail bróin tairrngid a ccloidhme go nimh do ghearradh chinn in gruagaigh
Eirgis Fionn don taobh oile is nochtais a cholg nimhe eirgid clanna Baoísgne mhear do dhul a n-aghaid in gruagaigh Eirgid ann sin as gleo garbh Fian Eireann go n-imad n-arm nír sguirsiod da gcleasaib gail gur basgadar naoí nónmhair Rachadsa ar do leith a Fhinn do ráidh Goll fa pairt grinn do budh cóir ar ttuitim dhe ar mbrisiodh do cuimridhe Cuirim fó gheasoibh thú ar Fionn créd fa ttangais re olc linn muna n-innisi a gruagaigh thall gé tú do Tuath De Danann As mé Manannán mac Lir mór m'fíoch agus m'fala ribh as í mo thoisg om thigh com bar ttuitim re cheile Ni muirfimne sinn féin duit a gruagaigh uasail oirrdeirc cuirim gach ceisd ort mur ghráin muna bfóire tú ar Conán Tairrngeas gér crodha an céim an cloidheamh as a cheann féin fagbais a chionn 'na dhíaigh slán toimsios a dhías ré Conán
Do eiridh Conán slán de on leagadh ar a raibhe nírbh í sin an eirge ghar do nocht Conán a cloidhiom Tug Conán agaidh ann ar Manannán na morlann do thóg Fionn a sgíath go mblaidh os cionn Manannáin mheanmnaigh Gach duine dhíobh don Fhéin ag dul a leith a arm féin gach fear dhiobh le cleasaibh gail teacht ar fhíoch is ar fhalaidh Cuiris gruagach in fhuilt fhinn a cloidheam féin 'na timchill nír fidir neach d'úair nó tráth gur gabh úatha ar lár in lá LÁ
LXII Lá do bhí sealg Shléibhe Guilleann da hinnioll ré mac Cumhaill go fhacamar oglaoch gábhaidh cugainn os na firmáintibh Brot cíordhubh fa dorcha dath is comartha ardfhlath fa dorcha dealb in fir mhóir do bhí chugainn ar anbhóin Enshuil ar mire gan ghean a cceann an fir fa maith dénam mar dorn gach curaidh sa fFéin 'na sróin churata aigmhéil Da craoisigh catha 'na láimh is cloidheamh leathan go morghráin is lorg don iarrann nár thim ag an ogláoch re a ghúalainn Mur connairc maithe na fFían cuca in t-arracht nar maith sgíamh glacaidh gach fear a dhá sleidh a sgíath 's a cholg 'na aghaidh Togbais Fionn in colg nimhe ga mbíodh buaidh gach iorgaile is teachaid an Fhían ann sin tiomcill mic Cumaill armghloin
Adubhairt Fionn re neart a sloigh is re mathoibh clann Trénmóir is re cloinn Morna go ngoil dhul a n-aghoidh in treinfhir Adupairt Conán mac Mórna fear mallachtach miolábhra as romhór h'eaglusa 'Fhinn roime an ogláochso chugainn Níor gabh eagla misi ríamh a Chonáin mhaoíl nach maith sgíamh do bheanfainn do cheann diot anois muna bfechainn dot ainbfios Commaith mo chinnsi a fhir nir marbadh re do mhuinnteir 's nir chosain tu gnaoí duit fein timcioll Aile no aoinsgéil Mur do-chúalaidh flaith na fFían Conán da fhreagra go dían nochtais a chloidheam nar thim a n-am catha no comhlainn Nochtais Conán a lann a cceartaghoidh mhic mhic Cumaill tug sitheadh diochra dána a ccoinne an righ dingmhála Adubairt Conán go ngruaim lé mac Múirne na morshlúagh do-bherainn comhairle duit a fhir gan anmhuin ré mo dheabaidh.
Mur do-chúalaidh Fionn ágha Conán da sircháineadh glacais a dhá shleidh go ngail is gabhais íad 'na fhochair Adubairt Conán go tréith ag iompódh irsigh a sgéith gapuim red choimridhe a Fhinn is do-bheirim an urruim Do thug Fionn nar ér neach an comairce dhó ar eineach adubairt re Conán ann sin imtheacht ameasg a mhuinntir Sgela an oglaoígh ó chíanuibh inneosad dhuit a chleirigh tainic sé chugainn ann sin d'iarraidh catha ar ar muinntir Do fiafraigh misi sgéla dhe do fhiafraigh Caoílte is Mac Reithe ga críocha cinél duit a fhir nó ca tír a ffuil t'athoir Dubh mac Díorfaidh as ainm damh is Mac Suirnn mo sloinneadh as í mo thoisg om thigh gabháil gheillidh gach náonmhuir Baogal a Dhuibh mic Diorfaidh dhuit an eachtrasin d'innsin go ttiucfa at áonar ann 'gabháil geillidh ffear nEireann
Da mbeith sloigh dhomhain uile ar mh'ineac 's ar mh'impidhe ni thiúbhrainn liom dhíbh tar sál do shluagh acht mé um aonarán Do freagradh súd go lúath le hOsgar do-bheireadh gach búadh ga líon fhognus duit a fhir 'dhul do comrac at aghoidh Ge do fhíafroidh tu sin diom as romor h'eagla is th'imsníomh as e líon toghaim as gach tír do thocht a n-aghoidh mo móirgnimh Deich ccéd curaidh go ngail dha shleidh a ndorn gach aoínfhir deich ccéd cloidhiom is fearr fáobur deich cced sgíeth da n-imdhidan Do fhíafraigh Conán do guth mhór go hiomard ameasg na slógh cía hagoibh don Fhein fhearrda theid ar son a thigearna Do labhair Osgar Eamhna macámh na fFían ffíorchalma rachad fein ar son m'athar ar mo son fein 's mo seanathor Cóir do théid tusa ann sin do ráidh Caoílte fa maith rith an t-athair ata agad a fhir nocho cathach é a n-iorghail
Do eisdiodar Fíana Finn ar a' tulaigh ós ar cciond do shaoílsead nach roibhe sa Féin aoínneach ó a ffuighinn toibheim Cred do-rinne Oisín rit a fhir labhrus go haimghlic créd do-bheir tu da cháineadh da aithis no da imdeargadh Ni dhuitsi do-bherainn sgéla a Osgair aird in fheadhma ni mó is d'Oisín na nglonn bhías 'na seanóir a cCroimlinn Robhorb an ní do labhra a mhic cholamhnaigh Theamhra tuitfe tú liomsa a fhir a n-eruic do dhul fam athair Do-beirim do shlansa fuim a Osgair gé maith do clu agus slan chloinne th'athor a mhic Oisín ardfhlatha Iarruim ar Osgar na ngniom ngle leigion eadrom is Caoílti ionnus go ndioghlainn an sár do fuarus ó mac Ronán Leigiom eadrad agus sé do ráidh Osgar fa maith gné agus tapair féin do ghleó ar mac Ronáin iomorro
Fiafraighimsi go hard ard do mac Cronnchair go fíorgharg créd tug é dom cháineadh dom aithis dom imdeargadh As í freagra fúair misi ó Chaoílti aigeantach chlisde go mbeinnsi ar deireadh cháich ag iarraidh na ndeachamhán Adubairt fear millte na fFían Conán máol coinntinneach cían na tugadh sé urraim dhuit 's nár mó bhías sé agad Maith do dhlighfea sin a fhir do chongnam beith am aghoidh do bris me an corn ar do chionn a mBruighin Chéise Corainn Maith do dioghlomairne sin a maidin catha Cnocha do marbhamar Cumhall go mbúaidh is da ttrían a tromshlúaigh Ni chuimhneochum fala anois dhuit a Conáin cheannsholais fearr linn do beith os cionn chláir ag búaladh dorn is famér Maith aithnidhimsi in t-adhbar do-bheir ort gan teacht fam ghábadh ar cheasta fhaophar mo loinn is ar eagla mo comlainn
Leigiom diom tagra Conáin ní raipe spéis liom 'na teagmáil mar nar chuireas brígh 'na láimh 'na atais no 'na mhorrdhail Do-rinneas rioth tre lár an tsluaigh dar chuireas Chaoílti ar anbhúain do-chúaidh uaim ar luas a chos go rainic sé go Durlus Tiompoim ó Dhurlus tar ais do aimdheóin Caoilti coimdheas ger maith rioth mic Ronáin teinn go huaim mhoir Sleibhi Guilleand Ni dhearnus comnaidhe coidhche no go rugas ar Chaoílte go ttuccus creapailti rem loinn Caoilte ameasg Fhían Eireann Adubairt mac Cumhaill mheadhraigh ar ffaicsin Caoilti chedaigh liomsa dhul fana bhreith fein 's go ndenadh mo dheaghréir Adubhrusa nach denainn síth le Fionn fa maith fos is brigh 's nach ttiubhrainnsi mo lamh na laimh no go millinn mac Ronáin As í síth do ceangail Fionn do ceangail Osgar is Cairioll da chéd cúach ó Chaoílti damh da chéd corn da chéd cloidhiom
Gach a ndubairt Fionn ágha agus a oiread eile gan cairde fuarus a n-aoinfeacht um laim suil do sgaoílius do mac Ronáin Do tug misi briatar dhó do tug Osgar nar chan gó nach ttiubhramaois achmusán go mbroid do Chaoílti ar son a ndubairt Do-rinniomar síth sulchair misi is Caoílti mac Cronnchair tugamar frais póg ann sin ar slios srón agus aighthe Adubairt an Dubh mac Diorfaidh goth is aibhseach re n-innsin tigidh do troimdeabaidh riom a ardmaithe Fhían Eirionn Tugaidh comrac talchar trén damhsa go mbuailinn béim nó tugaidh bráighde go ngoil ó gach taoiseach naoí náonmhair Adubhairt Osgar fa maith gniom re Cairioll mac in airdriogh teachmaoídne do comrac ris agus millmíd a ainbfios Prap adubairt flaith na fFían le mo mac maith is liom féin ar mhaitheas an domain dil nach rachmaois ris do dheabaidh
Adubairt Osgar nár thim glór nár bfosaidh ré mac Cumhaill do mhill do comairle an Fían a mhic Cumhaill na mórclíar Adubairt Osgar glór eile nár chóir re Fionn Almhuine as urusa braighde gill do gabháil ar Fhíenaibh Eirinn Ann sin adupairt Fáolan cain ag eirghe ar son a athar roborb a Osgair Eamhna labhras tú re tigearna Adubhairt Fionn go feargach le hOsgar grinn mearmeanmnach muna ndearna dioghaltus ort a fhir ní bhíad fein um beathaidh Mun beith an Dubh mac Diorfaidh ag iarraidh catha ar mo muinntir do digheoluinn ort a fhir a nden tu d'imreasain am aghaidh Amlaidh sin do-nimsi riot a mic Cumhaill na n-arm nglic do sheacht ccatha is tú féin do bheith uile dom míréir Ge teann do labhrus tú a fhir liom féin is lé mó mhuinntir bíaidh t'athair ag iomchor chlog agus leabhur na sagart
Fearr liom m'athair is me féin do beith ar deireadh na fFían nó bheith ag ithe smaoíse mo lamh mar bhios tusa go hamhnár Le fios do gabhus tú neart agus re feabhus t'inntleacht agus re cognam do mhér ag iarraidh fheasa gach aoínsgél Do sguir Fionn da tagra do sgar rena troimeagla do gheall go ttiubhradh ór glan dhó agus airgead fionngheal Fiche dabhach d'ór bhuidhe is oiread eile d'fiondruine ceithre fichid cuilén con do tug mac Cumaill d'Osgar Do-rinne misi is Osgar síth le Fionn fa maith fos is brigh tugamar ar lamh 'na laimh fa cur leis ann gach áondháil Do labhair in t-arracht 's a' fúath do chuir eagla ar gach morsluagh gur mhithe leis comhrac teann d'faghail ó Fhianaibh Eirionn. Do bhrosdaigh mac Cumaill ann soin ar Osgar dhul san iomghuin do brosdaigh ar Cairill chédach 's ar Gholl chalma chaithréimeach
Do freagradh sin go lúath le hOsgar do bheireadh gach búadh do glac meirge sróil na mban ffionn boí ré hagaidh ghleó na ngerlann Do glac a cloidhiom liomtha 's a dha mhanaoís iorghala do glac a sgéith druimneach breac dob fearr seóladh is inntleacht Do cheangail in tréinfear da chorp earradh catha tré crúaidhneart mar sin do-chúaidh Osgar áigh do chosg an athaigh go mórgráin Gidh be chífeadh mo mac 's a dhá mhanaís 'na ghealglaic mairg neach do theigeomadh ris d'iarraidh teacht faoí nó thairis A ttainic roimhe is 'na dhíaigh a n-Eirinn thoir agus tíar do muirfead Osgar re a loinn da ffagadh comtrom comloinn d'ionnsoidhe comraic in fhir do-cuaidh Cairioll is Osgor is Mac Lughach fa maith dreach agus Fiachra mac Eathach Do-chúaidh Áodh beag mac Finn agus Faolán na ngerlann agus Diarmaid donn dána da ced curadh comdhala
Do-chúaidh Goll nar lag lámh do-chúaidh Caoilti agus Conán do-chúaidh Garaidh mor na nglonn agus Osgor mac Croimchinn Do-chúaidh Líath Lúacra fa borb treas fear lonn longportach coimdheas agus Fionn bán mac Breasail lamh nár tréith a n-imreasain Do-chúaidh dha mac Osgair go mbladh nár teip cosgar na congnamh trí Finn tri hÁodháin on leirg tri Faolain Leitreach Loinndeirg Do-chúaidh clann in Líath Lúacra com an óglaoigh ger uathmhar is clann Chaoílte fa borb sdair is Gal Gaoithe a mbráthair An mhéid do-cuadarsan uile do denamh na hiorghaile fa mó a n-eagla roim an fhear nó a eagla as é 'na enar Do sheóladar aghoidh a n-arm ar an arracht nár maith dealbh do chaithsead a sleadha go nimh leis an aitheach trén láidir Tug seision bualadh teand d'Osgar agus do Cairill do trasgair a n-aoínfeacht re a laim Caoílte is Garaidh is Conán
Tug se sitheadh dían dána d'aimdeoin na fFían ffíorcalma do marp sé ger maith a lámh Gal Gaoíthe mac mic Ronáin Do mharp sé Crimtann mac Guill 's da chéd trenfear da fhoirinn do mharbh sé deich ccéd ann sin ag a mbiodh fían is muinntir Fiche taoiseach fa maith neart do marbh sé d'Fíanaibh Connacht do tuc ár budh mó ina soin ar Fhéin Alban is Bhreatain Do marbh sé Roighne mac Finn sgél is doilge da n-innsim agus mac oile dhamhsa nir ffearr láoch a chomháosa A n-fegmais mo mhicsi is mic Finn Gal Gaoithe is Criomtainn meic Guill Baoithín mic Croimcinn nar lag is chloinne Caoílte mo charad Dob é ar n-easbadh ón fhear mhór tainic chugainn ón Easróimh fiche céd sgíeth nár lag tuit leis in Duph sa ccomhrac Mur do-connairc mo macsa fein urlaidhe an oglaoigh aigmhéil do-chúaidh 'na aghaidh reim teann da iarraidh cuige a ccomlann
Do dhruid in t-ogláoch nár ob troid 'na choinne d'iarraidh comhraic nír fechadh a ngaisgeadh no 'ngail láoch darbh anta rena iorghail Cioth fola cioth cailce crúaidh baoí da ccorpaibh a n-enúair agus cioth teineadh go nim do bhí d'armoibh na mhíleadh Do bhí fós cuideachta oile os a cceann san iorghaile cioth brainén timcioll a n-arm ag in cuideachta uathmair aghghairbh Ni tiúbhartar 's ní tugadh ríamh comrac mar sin thoir no thíar baoí idir Osgar na nglonn agus a' Dubh sa comlann Tug Osccor lúathbheim borb don arracht réna mórcholg dar sgoilt sé a sgíeth go lár agus smior smeannta a mhuinéil Tug in t-ogláoch buille oile d'Osgar na n-arm ttinntidhe dar sgoilt a mheirge 's a sgíeth tainic ó criochuibh na hAisía Tug Osgar buille nár thláith don arracht réna dheaslaimh da ndearna da leith dhá chneas dhi nír fedadh a leighius
Marbhtar an fear treasborb teann le hOsgar nar ob comlann an fearsin gér mhór a gráin do mharp Osgar ré a dheaghláimh Leigthear tri garrtha catha a tteaglach an ardfhlatha ar son thuitim an fhir mhóir do chuir Fíena Finn ar anbhúain Tógtar in t-oglaoch linn go huaim mhór Shléibhe Guillinn tugamar urchar asteach isin mbrogh mhór don aitheach On chéd lá do-ríghneadh sealg linn a n-Eirinn go hiomard as é in fear mórsin dna - is mó do chuir dar morcáthaibh Sgela Osgair 'na deaghaidh dhuit do brigh chosgair in chomhruic bádar leagha Eireann faris ré feadh bliadhna da leighius Fa hiomdha sgíeth 'na dha cuid ar Sliabh Guilleann on mórtroid agus corp míleadh gan brigh ó mac Díorfaidh na móirgnimh Do rachadh ar fflaithius uile risin aitheach n-aingidhe ar mbraighde agus ar n-ór glan do-bheradh uainn mun beith Osgar
Baoí Osgar ba cuimhneach linn ón lásin Shleibhe Guilleann tri ráithe 'na luidhe abhus ó nimh a chrecht da leighius Ní hiongnad tuirrsi do beith orm a chleirigh na leabhor ngorm ní mhair Osgor na Fionn ná Fían Osruidhe um timchioll Gé ataim a ndeireadh mo neirt a Patraic is mé a n-aimhriocht dhamh do berrthi ceannus chloinne Finn an úair do suidhmís a cCruimlinn Damh do-berthí tosach suidhe a ndeaghaidh Fhinn Almhuine Goll is Osgar da éis sin fa gáir cosgair dár fFíenaibh Caoilti is Diarmaid ó Duibhne dream nár sgaoílteach ó bhuídhnibh is Osgar mac Garaidh nár thláith choisgead gach cosgar ionráith Garaidh is Mac Lughach lonn Faolán is Cairill ceithirbheann do andaoís ar m'fhocal uile fa hiad sgáth gach iorghuile Deich mic fhichead comluinn céd do bhi is ní himarbhreg ag m'athairsi a chleirigh cháidh an úair do suidhmís d'énlaimh
Ní biodh mac againn gan ceól an úair theighmís d'athól 's gan da chéd curadh ag gach mac is tri cháoga do bhanntracht Deich cced fichead teaghlach Fhinn d'airdfhéin criocha Lochlann a n-fegmais gach mic dhíobh sin boí ag mac Cumaill do muinntir Deich fichit agus deich cced do thaoíseachuibh is ní breg a n-fegmais mic ríogh go ngoil do biodh againn fán sgainnir Gan taoíseach da n-aireum féin nach biodh náonmar do gnáithfhéin gan mnaoí is giolla is da choin innilt is cupla gadar Gacha seachtmadh bliadhuin binn do ceiltí fíadhach mic Cumaill nach ffagmais uiread in mhíl ré bliadhuin uile d'éntaoíbh Do chongmadh mac Ronáin co rath mac Cumhaill guna ardcath proinn chéd ó Chaoílte go ngail gach n-oídhche a laimh gach einfhir Fa búan ar freasdol do mhiodh fa mor ar meisge ó chornaibh fa maith ar n-oirfideadh bhinn a n-onóir Fhinn mic Cumhaill
Fa maith ar ndúanta molta 's ar leapthacha donncorcra maith ríar gach fileadh 's gach dámh re blíadhain ó mac Ronán Ni roibhe enrí sa fFéin no taoíseach calma coimhthrein nach bíodh file fana laimh ar gheall Chaoílte mhic Ronain Blíadhain dhuinne mar sin fare Caoilte 'na bruighin gan tacha cuirme no ceóil gan dith muirne nó comhóil As í bruighean a mbeithmís féin faré Caoilte fa maith sgéimh a cCarraic Chinn Choire mic Cais ris a raitior Carrúic Fearguis Créd fa ttugadh Cinn Choire os diot is cóir a fiosraighe ar dhúnadh Fhearguis mic Róich sloinntear leat duinn a seanóir As in fFraingc cían ó shoin Cinn Choire is é is cumhain as uaithe tainic anall do gabháil gheillidh ffear nEireann Cuiris teachta úadha ann soin go mac Cumaill a hAlmhuin d'iarraidh ghéille ar Finn agus sgur do sheilg Éirinn
Do-bheirim bríathor anois do ráidh Conán máol an ainfhis muna beitheá a ffíadhnuise Fhinn go mbeith do cheann gan cholainn Do-bheirimsi briatar oile do ráidh óglaoch Chinn Choire da léigthi eadrom is tú a fhir go rachainn riot do dheabaidh Ni ffuighe comrac ann sunn a oglaoigh ar mac Cumhaill na bíodh ceastan ort a fhir as tú ameasg mo mhuinntire Beir leat uaim go Cinn Choire go ffuighe sé iorghuile 's nach bfaghtar sealg Eireann uainn mura marbhtar sinn a n-énuair Gluaisis an t-ogláoch nár dheas uainn co Cinn Choire mic Cais innsios don fhear tainic tar tuinn an freagra fúair ó mac Cumaill Luidhim fom armoibh curadh do ráidh Cinn Choire go humhal go bfuighinn urraim ffear Fáil da mbeittis uile d'enláimh Togbhais Cinn Choire air ann soin naoí fichit céd do chéduibh gluaismíd chuige go teann ceithre catha cum comhluinn
Teagmaoíd da chéile sinn féin 's a' t-ogláoch úathmar aigmhéil ag sáorcarruic na long mbreac mar a ttógthaoí sdair na longport Tugamar tuireann grangca sinne is óglaoigh na Fraingce dar tuit an Fían bonn re bonn re Cinn Choire sa ccomlann Ge do marbadh ar slúaigh ionn re Cinn Choire na mbeimionn nír ffearr do mhuinntir in fir do thuitsiod linn sa deabaidh Tug a aghaidh ar Osgar amhra mor in t-adhbar doimheanma Cinn Choire mic Cais mic Cinn mairg lér chaith a comhlann Marbhtar Cinn Choire mic Cais sgél is mó tainic thairis ré mo macsa tuit gan fheall fear do gabh neart mic Cumaill Da mbeith sgribhionn agus peann agam dhuit a mhic legheinn ní áireomhainn leat no trían ar marbh Osgar a ccath ríamh Trúagh a Mhuire mar taimse féin a n-Ard Soileach na moirsgél gan gaisgeadh curadh gan creach ameasg choradh chleireach
Ar grádh h'einigh a Oisín fhéil innis duinn ní dot caithréim ó ataí a ndeireadh do neirt innis duinn treas dot imteacht Lá da rabhamar ag ól Fían Eirionn líon ar ttionól go ttarla imreasain ann eadrom féin is mac Cumaill Cred tarla eadroip ann soin a Oisín in crotha glain no créd fa ndearnuis troid let athoir a Oisín oirrdeirc As é adbar far eiridh m'fearg le mac Cumaill na ccuach ndearg d'iarroidh leat thaoíseach na fFíen a sgíeth 's a craoíseach ar aonríen As í freagra fúarus ó Fhionn an úair chanus in t-uraigioll nach ffuighionn ceannus óna chloinn da mbeith sé féin gan marrthainn Adubhairt liomsa glór eile Fionn mac Cumhaill Almhuine nach ffuighinn féin nó mo mac acht cuid d'Fíenaibh Connacht Do tug meisi briatar dhó do tug Osgar nar chan gó nach beinnsi reidh agus Fionn go ffaghainn gach ní do shirfinn
Rominic iarrus tú a fhir geill is troid ar mo mhuinntir 's go ffuil da fear dhég dom chloinn do-dhenadh fa leith riot comlann Ni fada go fechfadsa féin do ráidh Osgar fa mor caithréim cía is treise m'athair nó sibh mas é atáthaoise dh'íarraidh Do eiridh Osgar Eamhna le tarcuisne a thighearna a ffúair 'na seasamh sa dún do trasgair íad a n-énchúil Gach neach da ffúair 'na suidhe a mbruighin Fhinn Almhuine do chuir 'na sheasam go teann gion gur cead le mac Cumhaill Do eirigh Cairioll gan on d'iarraidh urrama ar Osccor do gheall a ffiadhnuis cháicch misi is Osgar do diongmháil Tugsat aghaidh gidh réim theann ar a chéile com comhlainn sa torainn fa borb a ttreas Osgar is Cairill coimhdheas Adubairt mac Muirne go mbúaidh re mac Morna go moruaill dealaidhe re chéile go lúath Cairill is Osgar armrúadh
Ar a ffuil do mhaithius ad dhún a mic Cumaill fa maith rún nocha rachainn leó dom ghoin nó go sguirid da ndeabaidh Eirgeann ó Baoísgne borb is mac Morna na mórcholg 'chosg na troda ar a raibh nimh tarla ag Cairill 's ag Osgor Dob í easbaidh Finn ann sin suil do coisgeadh a mhuinntir da chéd fear flaithis gan on ó laimh aithisaigh Osgair Sul do coisgeadh fearg Osgair nó Chairill ón crúadhchosgar dob iomdha ann laoích ghonta agus crechta crúadhchorcra Gé rinneadh súd uile linn le hOsgar is re Cairill lúaithe d'furail Fionn na ffleadh sith orainn nó d'iarramar Do tairgeadh gach dara sealg gach dara lann faobardearg gach dara cú da chonaibh da cholgaibh da craoíseachuibh Gach dara leath da gach cath gach dara sleadh ón righflaith gach dara comrac ó Fhionn gach dara dúain a cCroimlionn
Gach dara cuid d'ól fleadh gach dara ceól d'oirfideadh gach dara corn ar a lár gach dara cúach is copán Tugadh tanuisdeacht damh féin an uairsin ó fhlaith na fFían tanuisteacht a n-óir 's a ccon sul rainic in t-ór Osgar Ionarbh i sin do chuidsi don Fhéin a Oisin go righe réidh an 't aghoidh do bhádar no leat na ceithre morchatha a n-aoínfheacht Do-bheirim do lamsa inois a Patraic ó taoí 'teacht thairis nach rabhasa nó mó mac féin gan ceithre catha do gnaithFéin Iarrsa ar Airdrigh na ndúl a Oisín airmgeir úir a ttug tú 'chathaibh ann soin iarr a mhaitheamh dot anmuin Maithsi agus Rí nimhe damsa a ndearnus d'iorghaile tabhair neamh mas rogha libh damsa ar son do Thigearna Dena ineach gan dith dhuit féin berus furtacht dar ngnaithFhéin iarr neamh d'Osgar agus d'Fionn ar Mac ingine Anna is Iaichim
Iarr neamh do mac Morna mhear iarr do Chaoílti iarr do Gharadh iarr neamh do Mac Lughach lonn agus d'Osgor mac Croimchinn A Oisín ní shirfe mé neamh do mac Cumaill ná da Féin 's gur binne leo gotha con nó bheith ag guidhe in Duilimh Da mbeith iúl agad ar in fFéin a chleirigh nach ffuil dom réir budh binne leat no denomh trath bheith 'na ccaomtach ré henlá LÁ
LXIII Aithreos caithréim in fir móir tainic anoir fo dheaghbhúaidh treinfear do bhí lán da ghail an Dearg dana mac Droichil Briatar tug in láoch lán suil tainic cugainn tar sál nach gébhadh gan geilleadh ar ais ó gach treinfear dhá fheabhus Fa thasg na fFían dob fearr gail trialluis in Dearg mac Droichil anoir ó Crich na fFear fFionn go tír oirirmhín Eirionn Ar ttiacht a ttir don láoch lonn ar ar himreadh egcomlond gabhais an Dearg deidgeal cúan a mBeinn Edair na mórsluagh Do bhí días nar cumang dáil ag coiméd in chúain chobhairbháin Raíghne na ród mac Finn 's a' Cáol crodha mac Criomthuinn Nior choimhéid síadsan an cúan do thuitsiod 'na ttoircim súain tainic bárc in fhir mhóir ar in tracht fa a cceartcomair
Leimis an Dearg fa maith dreach i ttír le crannuib a craoíseach tug a bhárc arna snoidhe ar in tracht gheal ghainmhidhe Folt fionnbhuidhe mar ór cheard os cionn amhalchach ngruadhndearg dhá dheirc ghorma go ngloine os gealghnúis an mhílidhe Lann nimhe le leadradh corp ag in láoch d'eagla chomhraic mionn cumdaigh clochorrdha corr mun mbiodbaidh sochma súlghorm Da shleidh crannríghne chatha a laimh mhic an ardfhlatha sgíath órdhuidhe re gualainn chlí ag mac uasal an airdri Geall gaisgidh in domain thoir do chosain in Dearg mac Droichil ar mhéd ar neart ar dheilbh ghloin ar comlann cheart ar chédoibh Eirigheas Raíghne na róda 's a' Cáol cédgoineac cródha gabhaid a n-airm ina láimh agus reathaid 'na comdháil Innis sgéla dhuinn a fhir mhoir oruinn tainic coiméd in chúain dha mac righ go sárbhúaidh sinn d'Fíanuibh lánuaisle Eirinn
Asan ccrich o ttanac anois nirb iomdha neach um ainbfius misi in Dearg mac rígh na fFionn ag iarraidh airdrioghdacht Eirionn Do chan Raíghne an aignidh mhir go dian risin Dearg mac Droichil ní ghébha tusa a laoích láin urruim no geilleadh ffear fFáil Acht ge borb sibhsi a dhías láoch canus formad agus fioch cía do bhacfadh diom a gabháil a glacadh no a hiongabháil Da n-áirmhinn duitsi gach fear a Dheirg móir mhic an ardflath iomdha láoch aderadh ann go ngébhadh ré do chomhlann Cait a ffuil einneach dhiobh sin do ráidh an Dearg mac Droichil gó ffechmaois ré chéile ar ffíoch is ar n-aimhréidhe Do briathra ge borb linn bar Cáol crodha mac Criomhthuinn ag sud misi dot chlaoí anois a laoíchúd tainic thairis Go Cáol crodha fa dearg dreach freagrais in Dearg dásachtach go ffearg mhoir is go ffíoch mairg ar ar bhúail in trenláoch
Do-rinne an Dearg comlann crúaidh 's a' Caol crodha go moruaill dobh i sin in torann chleas teann ag sgoilteadh sgíeth is chathbharr Dob í iomthus na deisi san irgail nár thairise ceangluis an Dearg rodglan rod an Caol crodha sa comrac Glúaisis Raíghne na ród nár thim d'éis in Chaoíl crodha creapall mac righ na Féine gan tár cum in tréinfhir 'na comdhál Dob iomdha cleasa gala san imreasain eattorra gur ceangail ger cródha an céim Raíghne na ród go lúathbheim Ge maith an gniomh 's na gala duit sinn ar áon do cheangol sgaoíl ar ccreapall a laoích luinn is beir leat sinne id timcioll Sgaoílius an Dearg na ccleas bfráoch cuibhreach na deisi deaghláoch naiscis a bríathor ar gach fear nach ttiupraidis airm 'na aghoidh Tig cugainn go Teamroigh go Cormac an mhóirtheaghlaich mac Droichil na ngéirreann mbúadh go tríath Teamhra na ccáomslúagh
Eirghid láochraidh Teamhra fir mora dhíochra dhealbha dob iomda fear dronnbrait sróil timcheall Cormaic a ccédóir Do ráidh triath Teamra gan on suidhidh a chlíar calma churadh ní húamhan daoíbh meirghe in fhir na togbaidh airm 'na aghaidh Suidhis trenfheara Fáil d'eis a chéile 'na comdháil tigidh chuctha go dána an fear forasda fíormhálla Ar tteacht ar in ffaichthe dhó do mac Droichil ná morghleó don óg inneallta chuimsi leigtear in ród ríghshoillsi Beannaighis an Dearg do glór bhinn do tríath Teamra go haoíbhinn freagrais an flaith gon dogra caithmilidh na trénfhóghla Ar suidhe do mac rígh na fFionn fiafraighis dhe airdrigh Eireann beacht do thurais go Teamhraigh innis a laoích moirmheanmnaigh Beacht mo thuraisi duit a mic Airt curata 'Cormaic geilleadh Eirionn dob áil liom no frais bheimionn 'na timcioll
Geilleadh Eirionn tar muir ge minic do sirdís tréinfhir ní fríth is fuighthear go brách a tabhach ré háonóglách O nach bfaghuimsi a Chormaic flaitheas úaidsi gan comhrac togh comhrac céd curadh úaid a mhic airdgrinn chubhaidh Cuiris Cormac céd calma do chlaoí an oigfhir allmurrdha do thógsan ré feirg nár lag meirge 'na ccoinne a ccomrac Dob é iomthus mhic righ na fFionn thuit an cédsin 'na comlann is da chéd oile fa gniom dhó do chlaoí an Deirg a n-enló Mur do-chonnraic airdri Teamhra an Dearg ag denam airligh seólais teachta úadh go lúath co mac Cumhaill na morsluagh Tig chugainn arna mhárach mac Cumaill go mordhálach trí mhíle gaisgeadhach glan dar thim easbhadhach sgainnear Failm oir fa chionn gach fir do mhuinntir Finn a hAlmuin sgíeth fite go n-amladh n-óir go n-earradh síthe sáorsróil
Ar tteacht ann isin ffaichthe don tsluagh churadh chóirighthe togbhais an Dearg fa maith tlacht pupall órdha ioldhathach Ar ndul do mac rígh na fFionn uainn asteach 'na pupall tógbhais tri mhíle cleas lúith fa maith in t-ádhbhar iomthnúith Fearais Cormac gan time fáilte re Fionn Almhuine fúair slúagh mic Muirne na ccreach póg is cuirm a tigh Theamhrach Do-chuaidh mac Cumhaill fhéil cum in pupaill don chédreim agus beannaighis don Dearg don láoch anaithnidh iomard Mur do bheannuidh in flait gan tár freagrais an Dearg dreachnár iarrais comha go lúath lonn ar mac Cumhaill nó comlann Ge maith do neartsa a fhir do ráidh flaithfheindidh Almhan ní thairbheórsa braighde dhuit a Dheirg ar eagla comhruic Mas chugainn do triallaigh sibh a laochradh leidmeach Laighean ar chomhlann céd umhal sinn uaid a mhic Cumhaill airmgrinn
Do chuir mo rí céd ann sin dochum in Deirg dá mhuinntir um Dhorn um Dhonn mac in Sgáil agus um Chonn mac Conáin Do thuit Conán mac in Léith leis agus in Dorn nár threith do chlaoí réna laim gan locht trí chéd feargach faobarnocht Mur do-connairc mo rí ann sin ar chlaoí in Dearg da mhuinntir do brosdaigh a chip catha do chosg mic an ardfhlatha Eirghis Fáolan go ffeirg mhóir gabhais a mheirg sáorsnáth sróil do-chúaidh do chosg in laoích láin mairg do brosdaidh 'na chomhdháil Ann sin teasgaid a lanna ar a ccneasuibh cruithgheala 's do redhbattar a n-airm áigh ar a chéile sa teagmháil Glacaid compair a chéile d'eis na hurlaidhe aigmhéile nó gur ceangladh leisin Dearg Faolán crodha na ccrúadhcheard A mhic Morna nach meata a mhír crodha na crodhachta coisg dhinn comhrac an fir mhóir a cheann gaisgidh na morshlógh
Leat féin do thus dála trían comhadh trían edála deich cced uinge d'ór fá tri uaimsi dhuit ar in t-airdrí Ge do fogradh rét fine clanna Morna mongbhuidhe do-bhéur féin mo chongnam leat a rí na Féine dot fhurtacht Do-chúaidh Goll nár fulaing tár 'na chulaidh eididh iomlán do thóg re dasacht nár thim na hairm shénta cum comhlainn Tucc in Dearg do chlaoídhe Guill na hairm nimhe do bhí a ccoigill is tig go diomsach dána go fíochmar a n-am theagmhala Ann sin cuimhnighid a bfearga na fir bhorba soidhealbhdha ag snoighe chlogad is cheann do bhí mac Droichil is Iollann Fechaid digheann a ccleas ar a chéile sa mortreas tochtaid fir Eirionn uile ré clos bheimionn na hiorghaile Ona ccomrac re tri lá fa tuirrsioch mic agus mná nó gur torchradh in Dearg ann ré mac Morna na mbeimionn
Da leigthí súan nó codhladh do láoch na ndearg ngruadhchorcra treisi Eirionn do-gebhthaoí leis bhíadh a mbraighde 'na loingeas Othar blíadhna luidhe Guill ó chomhrac in laoích luinn i ttigh rígh Teamhra go bfios baoí mac Morna dha leighios Do fúair Goll ar gealladh dhó ó mhac Cumhaill is ní gó ba buidheach an flaith go mbuaidh ó comrac Iollainn armrúaidh Do-rinne an Dearg dithchioll borb fa dhíth inne óna mórcholg thuit trí chéd uainne 'na troid is sé chéd do mhuinntir Cormaic As me Feargus file Finn do gnaithfeindibh mhic Cumhaill ó thoisg na ffearsin ar ttós trían a ngaisgidh ní aithreós A
LXIV Leacht Guill do chráidh mo croidhe treinfear Eirionn ióbhruidhe ionmhuin táobh fon leacht atá tearc láoch re roiph iomarbaidh Trenfhear do chloinn Morna mhear do ghabh geilleadh in domhain ó fhearaibh Eirionn aille go crich oirrdeirc Easpainne Ger mhaith Trénmor is Fionn ger mhaith Baoísgne is Cumall do ghabh Iollann a ngeill uile idir triath is ródhuine Naoí náonmair do-cuadhmar amach do mhaithibh na fFían ffuilteach fa Fhionn is fa Gharadh ghlan fa Bhaoísgne is fa Osgar Do gabhamar d'airde na mbeann Fionn flaithfheindidh gan Iollann 'gabhail geillidh na mara ar na tonnoibh táobhghlana Don taobh thúaith do Thír na tTracht do-conncomar iomarcadh bárc íad ag seóladh sa chúan gleannach fiche céd long Lochlannach
Fiche céd do thainic ann Maghnus mór mac rígh Lochlann do bhí céd ar gach sgairbh sa chabhlach is nír mheirbh in tréntheaghlach Tainic Maghnus mór a ttír go huaman is go hainmín do loisc ó fhráoch go tuinn an taobh fa a ttarla dh'Eirinn Comhrac fhichead céd ar a' traigh iarraidh Maghnus da dheasláimh agus geallais da laimh chlí go ttroidfeadh leisan airdrí Cuiris fios go Fionn Fáil Magnus mor do theacht 'na dháil 's nach gébadh gan comrac teann d'fagail ó fhearuibh Eireann As é comairle tug a shlúagh d'Fionn mac Cumaill armrúadh an tír d'fhagbháil don fhior sul do muirfeadh a mhuinntior Do gabhadar ag imteacht ann sin 's do gabh úamhan na fir iad ag dáil a mbárc ar tuinn an tráthsin tainic Iollann Fiafraighis Iollann tré fheirg a Fhinn mic Cumaill airmdheirg créd do rug ort a fhir far fhágbhais damsa Éire
Oglach mór ag teacht anall cugainn as íartar Lochlann do gabh geilleadh Eirionn uile lé neart a chloidhim chróbhuidhe Ga ffuil maithe na Féine nach dendaoís ris coimheirghe nach ttiúbraidis comlann teann do Maghnus mac rígh Lochlann Ga ffuil Fionn mac Cumaill fhéil ga ffuil Osgar na Oisín ga ffuil Caoílte claoidhis cath Gal Gaoíthe nó mac Lughach Ga ffuil Fear Logha na n-eac ga ffuil Díarmaid deaghbhreatach ga ffuil Dáire mac Smóil no Cairill ó Conbhróin Ga ffuil Chaoilti coisgfeadh an rí Faolán nó Áodh mac Finn nó clann a' Chearda na séd do choisgfeadh mor cced a nglinn Ca ffuil Fear Logha nach ffúair guth no Lugha mac Cairill aird nó Fionn mac Dubháin na ccúach ó Theamhraigh Lúachra na sealg Ca ffuil do ghairbhteaglachsa 'Fhinn Fían Locha Léin nó do chlann da mac rí Lochlann na seól nach ttiubhradaoís dhó gleó arm
Dar do laimh a Ghuill gréadhnaigh ar n-áiriom dhuit mo theaglaigh dob fearr leó dhul fan talam ghlas nó dhul do troid lé Maghnus Dar do laim a Ghuill grúama ní tig duine beó úadha suil do claoídhfitear úaidh don fhior cuiridh sé sluagh a ttalmain Dar do laim a Ghuill go ngráin ní lamhann duine dhul 'na dháil treisi a luinne méd a bhuille truime treine a brathbhuille Gur thoilidh Maghnus mear ó taoí 'na mac ardfhlatha ó nach búailidh duine eile buille air a n-iorghaile Airde a sgéithe os clár ochta guirme geire a loinn corcra gan coimmeas ris fon gréin grinn acht tusa féin a Illinn Tabhair do ghealladh 's do gheilleadh a Fhinn moir agus déna gan gheilleadh Ghuill nó Gharaidh 'chur a luing re mac allmurraigh Damadh tusa a Iollainn fheil do-bheradh comrac as ar fFéin chuirfinn mo braighde id theach amach a cCruachain Connacht
O nach bfaghaim isin fFéin fear da fhreasdal acht mé féin rachad do troid ar bhar ccionn le Maghnus mac rígh Lochlann Tairgeas Fionn do Maghnus mor comtrom Iollainn don deargór 's a' comrac do shíneadh amach go maidin arna mhárach Ann adubairt Goll gréadhnach ionmhuin croidhe mear meadhrach gomadh fearr leis comrac an fir ina maithius na talman Comhraicis Iollann ar a' traigh agus Maghnus lamh ar laimh teid uatha isna nellaibh nimhe morshlaim theineadh thinntighe Ar sathadh na sleadh síbhneach a ccneasuibh na ccuradh ccaithnimhneach tig do sheamannaibh na sleadh lasair úaine agus folradh Cuirdis ceatha fola rúaidhe osna lannoibh sleasúaine an uair budh dearg in talamh ghlas tig fearg Iollainn re Maghnus Tug Iollann in beim deas os bile sgeithe Maghnuis teasgaidh an lamh gniomach ghlan ann sin de gó thalmain
Tógbais in lamh anairde ionmuin croidhe go ngairge beanuis a cheann da bhraghuid bháin is glacais é 'na dheaslaimh Gach comhrac tigeadh go fíor go Teamhraigh rathmhair na ríogh Iollann fear da ccosg uile 's do chosnamh na hAlmhuine Do thuit lé laimh échtaigh Ghuill triar ingean Chonaráin chuirr Íartrach is Camog chas agus Guillionn ogharghlas Do thuit Íartrach re laimh Ghuill is Guillionn ogharglas aoíbhinn mo-núar do thuit rena loinn is Iolarán mac righ Lochlann Measa liom Osgar Eamhna chuireadh mór ccosgor ccalma na slúaigh in bheatha go beacht agus bid uile fo énleacht LEACHT
La da raibh Fionn ag ol a n-Almhain ar bheagán slóigh seisior ban agus seisior fear giolla agus innilt uchtghlan Fionn ann agus Diarmaid gan on mac Reithe Oisin is Osgar Conán máol nar lag ar muir ann agus mna na sé láochsin An uair do gabh meisge na mná do-chuadar dha iomrádh nach raibh ar talmain tric seisior ban bú comionnraic Do ráidh Fionn fath gan on colach ceirdeach é an domhan cidh maith sibhsi is iomdha bean nar fheis riam acht re haoínfear Ni fada do badar mar soin an úair tainic bean da ffechain áonbrat uimpe go n-aille agus í 'na háontshnáithe Fiafraighis mac Cumhaill áin d'ingin in bhruit órtshnáith a bhean in bruit go n-aille gad bheir tú gan áontshnáite
Búaidh an bhruit go n-aille bean ann gan aontshnaithe nach bfaghann a diol don bhrot acht bean aoínfhir gan rólocht Tabhair an brat do mo mhnaoí féin do ráidh Conán máol gan cheill go bfechmaois don bhreithir mhir glór na mban ó chíanuibh Glacais bean Conáin in brat agus gabhuis uimpe go prap fa geis ar a méin go beacht mar do leig ris a n-aoínfheacht Mar do-connairc Conán máol an brat ag filleadh fana táobh tógbhais a chraoíseac gan on agus marpais an ingin Glacais bean Diarmada shaoír an brat ó mhnaoí Conáin mhaoíl gerbh isi in tsaoí gan locht nír folaigh sé a gealocht Glacais bean Osgair a ccein an brat comfada coimréidh ger ffada in brot sgothach fionn níor fholaigh sé a himlionn Glacais bean Oisín amhra an brat fa cúis labhra an t-edach nar foghain di fa nár dhi a chur uimpe
Glacais Maighean bean Fhinn an brat fa cúis mhíghrinn do chrap is do crúaidh mar soin an brat súas fana clúasaibh Tabhair in brat do ráidh mac Reithe dom mhnaoi 's ní cúis cleithe go ffechmaois an ionann dáil dhi is dona cédmhnáibh Nochtais bean mhic Reith in taobh agus gabhais uimpe an brat lancáomh do-chúaidh in brat sleamhuin slán dhi go ladhair a láodagán An pog tugus gan fhios do mac í Duibhne do Dhíarmaid do rachadh in brat dam go lár muna bheith sin 'na haonarán Racha misi uaibh amach is fuicfe mé bar tteac a mhná sgel ní ffuil agaibh oram sgél agam oruibh atá Beir do mhallacht imthigh uainn do ráidh mac Cumaill armrúaidh d'fagbhais sinn fa mhéla bhróin na tarr dar ffechain enló LA DA
LXVI In cumhain leat a Oisin fhéil ar tturus go Teamhraigh thréin dá ochtor fa bronntóir brot lucht comhóil corn um Chormac Do-bheirim bríathor go mbáidh a mhic Cronnchair meic Ronáin gur me is fearr sna fremhoibh fis annsna sgelaibhsin d'fíarfaighis In meisce tuc ar Cormac ar Fionn gur fhógair comhrac dar chuir anuadal in dáil 's dár fogair a n-iomarbáidh Adupairt Cormac rém athair mac Airt mic Cuinn chédcathaigh go ccuirfeadh tre falaidh dhe Fionn fo gabhail choire Gach a ttarla eadrainn is é adubairt Fionn flaith na Féine ge teann gach crúaidh re ccuire budh leam búaidh gach éncluithe Da ccomraiciom riot arís a Cormaic da mbeanum cís ni budh maithfeac mé sa dáil is budh aithreac an iomarbáidh
As nár dhaoíbh tri deich ccatha a n-agaidh Cumhaill an ardfhlatha gér maith fir Mhidhe 'na dháil nír diongaibh sibh a áonlaimh Acht muna a bheithís fir Mumhan is Connachtaigh na ccuradh ni thiúbhradh seim sleidhe d'fhior do chloinn oile Fheidhlimeadh Adubairt mac Morna mór Garadh na ccath nachar chlódh as granna na damannta a Fhinn beirthisi ar clannaib caomhChuinn Nocha deachaidh ret athair re Cumhall os na cathaib a comeirge a ccoinne Chuinn an fear fa roiréidh eadroinn Fiafraghais Fionn do Gharadh ar suidhe dhó 'na fharradh os tusa do bhí ann cionnus do marbadh Cumhall Fiche céd do bhí 'na aghaidh ata leamsa do mheabhair ó mhaidin go trathnóna marbhadh Cumhaill chródha is ó trathnóna amach go trath eirghe arna mhárach Céd ar 'aghaidh céd ar a a chúl ced ar aghaidh a dhá shúl céd ar gach áidhe da chorp cain céd ar gach laim da lámhaiph
Ceithre céd um an Líath Lúachra tainic o íarthor Crúachna do marbh Criomtann Cas gan ceilg re cloidhiom glas mar glaisleirg Naoí bfichit do macaibh ríogh do thuit le Bódhmainn go fior fuarus imsniomh an uilc mhóir ó inghin daithghil Trénmhóir Da chéd deg curaidh catha do bhi um Chonn chedchatha do tuit sa Cnúcha chrúaidh le laim Cumhaill cloidhiomchrúaidh Conn agus Goll da laim dheis agus a' Líath a Lúachras fir Eirionn a ccro catha i ttimcioll an ardflatha Do bhiomuirne sé fir dheg do chlandaibh Morna is ni breg do sháithiomar sleadh gach fir a ccorp Cumhaill caithmhílidh Cionnus do freagair se sin 's na beir beim ar in mílidh beannacht duit 's na can acht cóir gémadh fúath leat clanna Trenmóir Da bheim fan bheim ón fhior ó Chumhall ón chaithmhílidh do budh commaoín a chara i ccommaoín gach áonghona
Da leigmís codladh ttrí ttráth do Cumall gér mór ré a rádh ni rachadh neach slán da thoigh ó áonlaim Cumhaill chréchtaigh As olc linne do mhucha do cuireapair cath Cnúcha go mbeithmís féin ar an magh ag cur áir bar ccolamhnach As maith dhuitsi do mucha do tucamar cath Cnúcha do beanfaidhe dhiot do ceann mar do beanadh do Chumhall Do díoghail tusa a hathair a Fhinn mhóir os na cathoiph as beacht do catha crúaidhe orainn fan Banba bratúaine Do marbhais in Líath Lúachra fear comhluinn céd ger úathmar sgel mór a nEirinn uile 's a thuitim le henduine Da marbainnsi Goll glan agus clannmaicne a athor nír éruic liom é am athair 's a' Liath ó Charn fFionnachair Digheóladsa 'nois mh'athair ní ceileabhsa ortsa é a Gharaidh ní sgarfaightear m'fíochsa ribh go soithe sibh go dith éinfhir
Adupairt Cormac ag an ól aitheascc nár bhinn re a shlógh do-ghébhairsi comhrac sleadh a Fhinn agus treig Garaidh Ann sin adubairt Osgar aitheasg fa borb a bhrosgar ata fear do comraic astoigh fead do bheith Fionn a fFrangcoibh Rangas in guthsin Cairbre mac rígh na hEirionn airde ta fear do comhraicsi dha chloinn gion go mbeith Cormac i n-Eirinn Mur do-chúalus Osgar áigh agus Cairbre ag iomarbháidh dháibh níor díochra ga nighe cor nach ffiorfa an fháisdini Ráidhimsi re Ciothrúaidh cain mac in Cháogaid mar do dhligh gabh an dúain cheirdide dháibh ní huair feirge nó iomarbáidh Do eirigh Ciothrúaidh cáomh cas gabhais a dhuain shaoírsheanchuis lér chomhchoisg uile na slúaigh úaisle na Banba a n-énuair Do eisdiodar na slúaigh uile 's do eisd Cormac cúlbhuidhe nó gur gabh Ciothruaidh a dhúain ar slios an toighe tháobhrúaidh
Mo-ghenar do ghabh an dúain ler comhchoisg uile na slúaigh is gan bheith d'faill ar in dáil acht a n-airm uile do ghabáil Bronntar ar Ciothrúaidh chédach uainn d'airgead agus d'édach ba hedáil dhó fein 's da chloinn a ffuair sé d'edáil eadroinn Gan codhladh duinn is dáiph idir fear is mac is mhna cách uile i cceann a chéile ar eagla na coimeirghe Arna marach dhuinn is dháibh do roinnsiomar iomarbháidh do seamsamar ar ngaigne 's do ceanglamor comhairle Se fir dhég dhuinn ar foghail do clannoib Baoisgne bláthbhonaigh tre iomarbháidh Fhinn eangbaidh is Cormaic ó chlaoínTeamhraigh Do an againn clann Mhórna do an clann Guill gan dogra do an clann Ronáin go nim 's do imgeadar ar ccomhaghaidh Breatnuighis Faolán go nimh creach do dhénum an lásin nír leig misi an creach go spreidis sluaigh na Teamhrach
Glúaismíd romhainn ó Theamhair meirge sénta ar ar sleadhaibh 's nír fforlann linn 'nar n-aghaidh ar ccoimlíon do Gaoídhealaibh Téigmidne go hAongus Óg mac in Dághdha na nglanród do ceanglamar as Áongus síth 's do threigiomar eissíth Do-chúadhmar ar cúairt áigh ar creich go Teamhraigh fodbháin na sé fir dhegsa go beacht is Aongus dár ngiollacht Ba híad so na sé fir dheg a Chaoílte 's ni hiomarbreg eólach misi 's ni fath fann na n-áiriomh is na n-anmann A haon misi féin budhdhéin a dhó Osgar go mícheill a trí Fear Logha go mbúaidh a ceathair Cairioll ó Corrbhrúain An cuigeadh Áodh beag rátha an seisiodh mac Lughach an seachtmadh Díarmaid go ffios agus in t-ochtmadh Dáolghas A naoí m'athairsi fein Fionn a deich Fearrdhamhain na rionn a háondég Colla cáomh cas a do dheg Raíghne roscghlas
A trí deg Feargus fionn fíal giolla na ccreach 's na ccáomhsgíath a ceathair deg Faolán mac Finn 's a' cuigeadh dég Iollann A sé deg Goll mac Mórna giolla d'féinibh Cronnmhóna feindidh geal in ghaisgidh grinn taistiollach aoínfear n-Eirinn Suidhmidne asttoigh a tTeamhair a longport na n-ollaman ag ól 's ag imbeirt ar linn i ttigh mhóir airdrigh Eirionn Adupairt airdrigh Teamhra breithiomh a n-aois ealadhna ata tusa a láimh a Fhinn a áonbharr áigh na hEirionn Muna léige tú dhiot a fhir sealg Teamra agus Tailltion Uisneach Mhidhe is mín cúan Ealma Laigean na morslúagh sealg Eirionn ó sin amach go ttí sé in bráth breathach Adupairt Osgar éuchtach an macámh mear móircrechtach ní gébhtar is misi slán na sé fir deg go hiomlán Do tairrngeamor se sgeana dég firinne so is ni breg do marbamar fear gach fir do muinntir in rígh i tTeamhair
Rangamar doirsi in dúin gasraidh óglach narbh anúr do-chúadhmar ar in ffaiche amach an dream aigeantach úaibhreach Do glacamar deg cced bó i tTeamraigh ger mhór in ró suil rangamar Tailltean na mbrot rug orainn Cairbre is Cormac Tionóilit anoir 's aníar Cairbre is Cormac ar áonrían ní faca ríamh oireacht tríath budh tinne tóraidheacht Gearr do bhádhmar mar soin go ffacamar sa ffaiche ffergloin fleasgach óg deidgheal donn éuchtach urrúnta édtrom Sded úaipreach folúaimhneach faoí ag an ogláoch go n-iomad ngnaoí clúasa beaga tar a ceann meadhón seang aradh ettrom 'S é tainic cugainn ann soin Áongus Og an brogha bhionnghloin síodhguidhe do Tuathaibh Dé giolla ar nár luidh iomarbhé Feidm do gabh Áongus uainn an lásin re hucht in tslúaigh an creach d'iomáin gan fheall nó diongmáil fear nEireann
Gach mart do cuirthí don creich do cuireadh Áonghus fa druim a eich gach fear da marpthaoí don tóir d'fadbadh Aongus a ccedóir Do cuirsiom sé súaitheantais dheg anairde 's ní hiomarbhrég ar mbreith don tóir ar Fhéin Fhinn ar ndul duinn a ccro comlainn Se bannlamha deg do sról nar ghile an chailc a ccedoir os cinnbheirt Fhinn na fleadhól giolla do shíol Eiriomhón Caorthann fana lán duille cum a mheas go mórtruime do bhí os cinnbeirt Osgair fear churtha na ccrúadhchosgair Gég don iubhar bharrchas bhláith suaiteantus Díarmada dreachnáir ó Duibhne do dhíoladh gach drong fear suirghe fionnbhan Eirionn A ccrannóig chinnbheirte Guill mic Morna maith do fhulaing do bhí an piobaire 's a piob cain da seinm aige san iorgail A ccinnbeirt Fhaoláin mic Finn bratach sróil go ccrann ndíoghainn a ccinnbeirt Iollainn go ngail naoí sleadha úaine on iorghail
A ccinnbeirt Fhir Lugha a hOil da ghadhor coimbhinne cheoil mac Lughach faolán do ghail fíadh 'na chinnbeirt chuirr chumhdaigh A ccinnbeirt Chairill mic Finn crann dearg go nduille ndíoghainn crann loinge 's a sheól a ccrois um cinnbeirt fein do-chonncos A ccinnbeirt Áodh bhig mhic Finn barr teineadh uirrthe do shaoílim do cuir eagla ar thóir na ccreach borb a rúaig don tsluagh dhaoíneach Ceithre bannlamha fichit fíre as eadh baoí don tsrol dob aoíbhni súaitheantus Raíghne mhic Finn don tsluagh orrdairc aoíbhinn Da bhannláimh deg do srol dearg a ccinnbeirt Chaoílte na moirchealg a ccinnbeirt Colla caoim chóir da chuirr go níamh an deargóir Fleasg fhileadh don ór cheard go cceithre ccrannóga d'ór dhearg os cinnbeirt Fhearguis mic Finn airdfile Fhían Eiriond Eire gach áonlaoích acht é féin do chasnaoí ghléghil shoilléir a ccinnbeirt Fearrdhamhain na rosg nglan fear fa hesgaidh a ndeabaidh
Tugamairne rúaig chalma leanomar filelorg fhearrdha do gabhamar Cormac na ffleadh do gonamar Coirbre cnisgheal Nocha dearnamar síth le Cormac fa mor ar mbrigh no go raibh fan inbhior thall a ffíadhnuise fhear nEirionn Mur do-connairc Fionn na ffleadh Cormac thall fan innbhear do-chúaidh féin fan chionn oile caithmilidh ard Almaine Mar do-connairc Faolán fíal an t-ionnbhior ar flaith na fFían tug in buille meardha mear gearrais ar dho in t-innbhior Gearrais an iris ccaoim ccuirr gearrais in coire cáomhchruind do cuir in cloidhiom cain ar fead sheacht ttroighthe a ttalmain Do leig amach rí Eirionn giolla bréaghdha baismhéirsheang is tugadh a bhreath féin d'Fionn mo sgéla dhuit a Tháilghinn Dó thógsam ann sin anáirde ar dhithceann sinn 's ar marbadh 's do cuiriomar ar shleaghaip ced do ceannaibh cródearga
Ag sin duit ar sgéla gidh be bheith aga séna as cráobh don aoínbilesin inn a mhic ingine Cumhaill IN CUMAIN
LXVII La da raibh Padraic a nDún psailm ar 'úigh 's gan é ag ól tainic go tigh Oisín mic Finn os leis féin bu binn a ghlór Día do bheatha a sheanóir shúairc cugad ar cuairt tainic sinn a láoch míleata fa dearg dreach fíor nar ér neach fa ní Sgeala is maith leam d'faghail uait 'úa Cumhaill fa crúaidh colg in teann is mó a raibh an Fhían ó ataoír riam ar a lorg Aithresa duit a dearbh a chléirigh úir na psalm mbinn in teann is mó a raibh na fir ó do geineadh Fíana Fiana Finn Dearmad fleidhe do-rinne Fionn a n-Almain re linn na láoch ar chuid don Fhéin ó Druim Dearg gur eirigh a ffearg 's a ffíoch Arna ndearmad fan ól in días láoch fa dóigh linn tug mac Cronnchair is Aille úr freiteach blíadhna re múr Finn
Do-níd gan ogal a ttriall in láochraidh far bfedmar sinn gluaisis in da fheindidh gheal go rígh Lochlann na sreath slim Muinntearus blíadhna ris in rígh don dís láoch fa dearg dreach do mac Cronnchair na sleadh ger 's do Aille féin nár ér neach Ba hé rí Lochlann 's a slúaigh fear re mberthaoi búaidh gach áigh Airrgeann mac Ancuir na long láoch fa maith dorn is lámh Tuc bean ri Lochlann na sgíath grádh go dían nach raibh co deas d'Áille greadhnach an airm gheir leó sa cheilg go ndearnad feis Triallaid do leabaidh in ríogh ag sin in gniom rer doirteadh fuil go hAlmuin Laigean na fFían tugadar a ttriall ó mhuir Tionóilis ri Lochlann a sluagh an cabhlach crúaidh do bhí go deas ocht righte deg san úair as é tainic dhá shlúagh leis Glacaid an áibheis go hard co híath Eirionn na n-arm n-áigh go hAlmuin Laighean na fFían tugsat a ttriall ó traigh
Sgaoilid a bpuible go lúath rí Lochlann 's a slúagh nár thim ar na tulchaiph do bhí amuigh a ngar don brugh a raibhe Fionn Furáilis Fionn cumha mhór don tsloghsin tainic a ccéin 's do rígh Lochlann na ccolg sean ré chéile 's a bean féin Do ráidh in Lochlannach borb ré a dhóigh 's a chor a gcéin nach gébhadh comha fan gréin is Fionn féin do beith da éis Deich ccinnbeirt ficheat don Fhéin is Aille féin ar tús do thuit re laim Airrginn mhóir sul tainic na slóigh a ndlús Fiafraighis Fionn flaith na ccúach do maithibh uaisle innsi Fáil cía do ghébhadh Airrgheann na ttreas sul do rachmaoís leis ar sál Nir heisdeadh sin ré Goll sunn catha nár cuireadh ar gcúl misi is Airrgheann na ttreas leigthear eadrainn cleas lúth Mac Lughach is Osgar lonn Fear Reamor crom is mac Leg dot dhidion ar bhuille in rí beir gacha ttaoíbh dot sgéith
Eirghid do chosnamh a ttríath Airrgionn féin nár cáomh ciall seacht ccatha dheas is túaith don tslúagh búdh fearr tainic ríamh Mur ndeachaidh fear dhíobh faoí chré nó sa sbéire re lúth éin do slúagh rígh Lochlann na ccríoch nir pill arís 'na thír féin Da ttugthaoí comtrom arm do mac Ancair budh hard céim a n-Eirinn na ngaisgeadach ffial ní mairfeadhdís Fían da éis Cosmaile chomhraic na ffear ní faicfe mé go ttí in bráth ceann rígh Lochlann na sgíeth ndonn do mhaoídh Goll san ochtmadh lá Do-beirim fo anmuin mo rígh gurb e ar ndíth ar tteacht as fear is ceirtleith na fFían do fagadh san tslíabh ar in táobh dheas Do bhí misi fein san ruaig a Padraic bheirius búaidh ar cách is gé go ttainic mé as ní dearnadh mo leas san lá LÁ
Iomlánachadh in líne do leisce a bheith folamh Misi Áodh do sgriobh
LXVIII Dubhach sin a Bheann Ghúalann a bheand na núabharr ccruthach a n-aimsir in Tailghinn dob álainn bheith ar do mhullach Dob iomdha bean agus giolla ar do lios a Bheann Ghúalann ortsa is láoch laidir a beann bláthmhor duire bhúabhall Gotha gadhar id gleanntoibh ar mhucaibh alta da ffíadhach gach feindidh da ttigeadh a lathair 's a ccoin aille ar iallach Dob iomdha do chruite ceóilbhinn os leirgfinn oirlíath ghlaise ór da bhronnadh an uairsin gabháil dhúan go n-iomad maisi Is e do-gheibheadh ó gach feindidh da raibh sa fFéin an úairsin tallonn oir gacha míosa dob e cíosa Daíghre dhúanaigh An úairsin a Bheann Ghúalann nír ffúath linn fad tháobhaibh anocht is tearc mo charaid och ní mhairit mo gháolta
Ag eisdeacht ret ealtuin agus beathach na n-or n-allta beann ar ar bheannaidh in Táilghionn dob álainn do banntracht Totháin do choillteach díamhra dob iomdha íara ar do crannaibh do bhruic ger sháimh a sealga niorbh annamh do laoídh eallaidh Duinne gerb ádhbhar meanma ag eisdeacht re labhra h'iolar ba binn gotha do dhobhrán agus comradh do sionnach Fa binn duallán do chonart is h'uallghort nírbh annamh orgán do dhamh dílionn do ceól faoílionn agus ealadh Do mhónógasa caomh corcra biorar fochla agus gleórán re triar inghean Cais Cuailgne fa binn leósan a n-abhrán Nuallán do chorr san oidhche cearca fraoíche do shleibhe re chéile is ceol do choinchionn dob aoíbhinn bheith da n-eisdeacht Siansán binne do smáolach as mór in t-adbar cumhadh is maith togbadh bron dot bhannáil is fearáin do crann cluthmar
Ag eisdeacht ret fíadhach fa binn re tríath na hAlmhan do budh cluthmar bheith id dhíamhroibh dob iomdha mialta id ghleanntaibh Dob iomdha cnuasach ód choilltibh re mnáibh fionna na Féine do cháora fa cnúas cumhra do shugha is do sméra Subha cráobh agus talman cneamh agus airnead feithlionn fa minic do ghairbhmeas a n-aimsir Fhéine Eirionn Ba haoibhinn h'inbhear íasgach os leirg fherghloin glaoíthbinn anocht atam co harsaidh do chaitheas m'aimsir aoíbhinn Is cumhuin leam a thulach mac Lughach ort is Conán iad ag imirt an tráthsin 's as tainic ar n-orcradh Ni raibh feindidh a lathair 's as tainic ar ndrochdhal nach gcualaidh an úairsin an dorn buaileadh ar Conán Eirgis Conán 'na sheasamh is beiris alpadh ar 'armoibh fa hadhúathmar an úairsin Conán fa crúaidh a tteannta
Do ráidh Áodh mac Garaidh ger leanam níor láoch lonnda dar do laimhsi a mhic Lughach bu pudhar dhuit in dornsa Ni briathar tug mac Lughach 's maith is cumhain a Padraic beag mo spéis id leitheid nír theithius a n-am gábhaidh Eirgis ann sin fearg Áodh is mairg láoch d'fan réna thoruinn an briatar tug mac Lughach dar mo cubhais do chomhaill Tainic mac Dobair dhámhaigh ann sin do chabhair mic Lughach is fearg Áodh da ffreasdol dob i an iorgail churadh Tainic Goll agus Garaidh Seinen agus Fear Fáophair deich ccéd do clannaibh Dubháin ann sin do choiméd Áodha Tainic clanna Neamhnaid lucht leanamna clanna Baoísgne da sleidh agus sgíeth uaine ar gualainn gacha taoisigh Tainic aicme Da Bhoirionn dob íad an foirionn cródha gerbh iomdha cleas lúthmar ag congnam re clandaibh Morno
Tainic fa mór in tamhail do cabhair clanna Baoísgne fir nar thréith a n-am teannta dob iad clanna Duibh Dhíorma Clanna Coinbroin re hIollann dream nar cumang ré cliaraibh fiche céd do sgíathaibh geala d'fearuibh nár seachain cliamháin Tainic Corr choslúath chédghoineach ar colbha chloinne Mórna buidhion fa niamdha maisi fiche céd do sgiethaibh gorma Do-chúaidh misi féin Caoílte faris o mBaoísgne mbréagha dhuinne gerbh ard meanma fiche céd do sgíethaibh dearga Tigid cugainn do láthair 'na mbróintibh n-ágha n-órdha a Dhía is mairg chom a ttainic an trathsin clanna Morna A Padraic a chleirigh Fhodla do thuit re chéile sa ffionnghleó deich ccéd taoíseach feindeadh ar n-egnach ó an áonló Ag sin duit a Padraic sgél ámhaidh ar an imirt dorn do búaileadh an lásin 's as tainic in milleadh
Aitheac mor co ccruit n-íarnaigh san aird aníar gach ndíreach tainic chugainn tar gach region nírbh é sin in fear sítheach Ar tteacht ameasg ar ttionóil don aitheach romhór adhbhal re fuaim a cruite gairbhe do tuit ar n-airm as ar lámaibh Ni raibhe neach beó 'na sheasamh ris in cheólsin nar mhaith síansa dath an ghúail ar an aitheach is dath in tsneachta ar 'fhíaclaibh Cuiris é fa gheasoibh Conán nár maith cialla fear na cruite millte mura n-innsead sé sgéla Ge do chuiris mé fo gheasoibh as mé ameasg na Féine a Chonáin mhaoíl na mallacht bu haithreac duit mo sgéla Ni gheillim dom chineadh do hoileadh me sa fFuarrdhacht gébha dhaoíbh an aoíre nach sinnfeadh Daíghre dúanach Gabhais dúain do Conán níor fforáil gan bheith séitreach gach a raibh dhíobh 'na ccáomhthach do-chúadar a lathair éga
Togbhais leis airm na Féine ger lór a' mhéidsin d'eire nír fag ga nó lann fáobhrach ag laoch ann nó ag giolla Sdirén mac in Ghairbh Ghluinigh níor ffeas dhuinne san domhan feadh miosa dhuinn gan lathar fagbais a lán go boghar Teid teachtaire go mac Morna ó Fhionn na gcáomhchorn ccumdaigh a triall as Eirinn íathghloin d'iarraidh mic in Gairbh Ghluinigh Tigid a cceann na míosa clanna Baoísgne go trénmhear naoí ffichit céd ar in ccnocsa cia tá anocht gan énfhear Do-rinne Goll is mac Cumhaill síth do comall an úairsin is tugadar a lamha ann a laim Daíghre dhúanaigh Glúaismíd ann a n-éinfeacht in dream nár threith a congnamh as sin go Tráigh na tTréinfhear fa buidhean léidmeach lúthmar As sin duinn don Fhuarrdacht as mairg do-chúaidh 'nar turus dhuinn fa hadbar egnaigh mar raibhe Edbhar is Ludar
Tigid chugainn dar ffechain buidhean nach eisdfeadh dúana Troitheasdal is Crom na Cairrge is Troiglén ón Ghleann Úathmar Tri mic Crom na Cairrge fir nach ttiúpradh cairde chatha dob adhbar díthe dar ndaoínibh beit fa lamaibh in triar athach As íad anmanna in tríairsin na taoísigh nár ghlan gnee ger chuimseach íad a ccathaibh Sithire Sitre agus Séitre Tainic cugainn buidhean dhordha a ccomrac ba mór báoghal tri fichit fear co luirgnibh tainic fuirne mic Fáobhair Tainic Aitheach in Corráin níor fforáil ar mbeith daoíneach buidhean ar dath na ndeamhan deich cced aitheach nar ffáodhbha Ar tteacht don Garbh ghlúineach cugainn 's a lúireach croicinn énsuil a cclár 'edain is deich da dhénam 'na aice Dob fearr leinne a Padraic 's a ttainic linn dar Feinnibh an mhéidsin do slúagh fuinidh go mbeithmis uile a n-Eirinn
Do-chúadhmar do chur in catha na haithigh is Fían Eirionn sa maidin arna mhárach dob docair airiom a gcéimionn Teid do cosg Crom na Cairrge fa meanma curadh ar a sgath fa díon dhuinne a lamh ar ccúla nir cuireadh Do ráidh Osgar mac Oisín coisgfe misi mac Fáobhair annsa maidin arna mhárach ré neart mo laime am áonar Do raidh Diarmaid ó Duibhne fear fa cuimhneach a n-am catha Traoillén on Gleann Úathmar coisgfeadsa a n-am tachair Do ráidh triur mac in Cearda nir glor nar calma in trathsin tri mic Crom na Cairrge coisgfe sinne a n-uair ghábhaidh Do ráidh Sinén mac Morna 's an fear dordha Conán días mac in Ghairbh Ghluinigh a ccosg dhuinne ní furáil Do ráidh Áodh mac Garaidh nírbh é in t-áthus nar chúimhneach an t-óigfhear fa hard meanma coisgfeadsa in Garbh Glúineach
Gabhais re comhrac Luduir mac Lughach na n-arm ffáobhrach do comhrac risin ffearsin is mairg rachadh 'na áonor Troitheasdol ger láoch londa gan a luirgfhearsaid chatha gabhais Art og mac Morna rena comhrac a n-am tachair Coisgfeam ar clann Neamhnaid agus gearrfam a saoghal tri fichit fear co luirgnibh do mhuinntir foirne mic Fáobair Coisccfiom Aitheach in Chorráin do ráidh Barrán mac Morno agus coisgfiom a mhuinntir buidhean go ndeilb ndórdha A Padraic a chara anma fearg na láoch óir do éirigh dob iomdha sgíeth da sgoltadh ann agus osnadh feindidh Dob e dal Crom na Cairrge is Guill meanmnaigh mic Morno nach dearnaidh días san domhan a commaith sin do comhrac Tuitis Crom na Cairrge ré neart laime Ghuill fháobhraigh faoí sgéith Iollainn sa tachar dob iomdha fear dár láochraidh
Do thuit ré hOsgar ámhra ger chalma in fear mac Faobuir minic do fhóir sinn ó bháoghal an lamhsin nár claoídheadh Traoíthlén ón Ghleann Úathmar 's an fear ó Lúachair Dheaghaidh darb ainm Mac Í Dhuibhne días rer doilghe deabhaidh Tainic ann sin a shaoghal Traoillén ger láoch londa re cleasaibh goile Í Dhuibhne leannán suirge na Fodhla Ba maith comhrac in Ghairbh Ghluinigh is Áodh lúthmair na ngerlann is fa tearc a samhail san chathsin Fhéine Éirionn Ba maith Goll is Garaidh Seinén is Fear Fóghla Osgar is Diarmaid deidgheal is Áodh échtach mac Morna Ni raibhe neach dhíobh a ngúasacht ina feindidh úasal armach nach deachaidh Goll da chabhair 's maith is cumain a Padraic Tigeadh 'cabhair chloinne Morna mar luas aidh orrdairc allaidh 's do cabhair chloinne Baoísgne mar sitheadh gaoithe Earraigh
A Padraig a chleirigh Fodhla an ttainig ríamh iongnadh nó in Garbh do chlaoídh re hAodha agus laghad a aoise Ar ttuitim don cuigear calma don tslúagh gharbhsin na n-aiteach A Padraic dob iomdha feindidh a n-eigean san tachar Tainic cugainn áongruagach an trath ba cruaidhe dar fflathaibh 's a cruit carthanach cheóilbhinn leis ar teóruinn na faithche Go n-asaibh airgid fhinnghil fa colpaip séimhe soillsi co lór do chlochaibh búadha bróga cuanna don ór pronnta Léine don tsleamhuin síoda go ndeilbh gríobhdha agus naithreach do bhí fo chneas in gruagaigh ionar súaithnidh sodhathach Fleasg óir arna heagar fana fholt fada fionnchas cloidheamh órdhuirn co ndealtaibh is brat corcra fana caomhchneas As dar gcabhair tainic chugainn an fearsin go cculaidh roigrinn an ceol do shinn in gruagach ní cualamar a coimhbinn
Teid uainn ameasg na n-aitheach an fear gradhach gruamdha is cuiris iad 'na ccolladh na troithe ó thir na Fuarrdhacht Fearais doghairceó eadroinn 's na fir nar chuimseach cialla cuiris iad ar seachmall as na ffacadar na Fíana Truagh misi ag denam crábaidh 's me ag caoíneadh cloinne Baoísgne 's da mbiainn a ttús mo shláinte go ttreigfinn crabhaidh choidhchi Na habair sin a Chaoílte da ffaicthea aoíbhneas nimhe ní thiúbhratha h'aire d'Fíenaibh ina d'íarsma do chloinne Da ffaictha tríath na hAlmha ina óig Eamna go n-aille 'na luidhe a leapthaibh sealga id meanmain ní bhíadh crábadh Olc in ciall a seanóir rachaid roshlógh na cruinne ní ffuil neach diobh na d'íarsma nach bíaidh fa breith Rígh na n-uile A Padraic easbail Eirionn is trúagh lucht na gcéimionn ccalma do breith uaimse don tsáoghal 's me am aonar ag crábhadh
Aithris sgéla in gruagaigh 's ar mair d'úaisleibh na Féine is dena caoíneas a Chaoilte is binn liom ní dot sgélaibh Tangamar gan ar lúathbhárc tar éis úathbháis in catha fa gairid linn in sáile co criocaibh aille Breatan Ba maith in líaigh in gruagach a Padraic uasail a érlaimh tug duinne go deimhin luibhe leighis ar ccrechta Gluaismid ó criochaibh Breatan co bruachaibh Saxan saoíre a Patraic do-ní na fearta is ann fa tearca ar ndaoíne Ar tteacht go crich Saxan ní fhacamar in gruagach do fhóir sinn ó ghaphadh so in treas adhbhar úathmar Teid uainn d'iarraidh feasa fear freasdail gacha deaghshlúaigh fúaramar ó gach teaghlach sgéla an uairsin fa deaghbuaidh Aongus Óg ar Fionn feindidh car mar é riamh ni fhaca 's e do fhoir sinn o ghúasacht as tír uathmair na n-aitheach
Tá a ttaisgidh a mBrugh Boinne bar cculaigh comhluinn agus chatha ta thall san mBrugh dheidgheil bar n-airm ghéra is bar sleadha Gabhmaid cúan a mBeinn Edair ag dul d'fechain ar n-arma tar eis Saxana d'imteacht fa buidhean chliste chalma Tangamar go Brugh Boinne gusan ccuraidh óg úasal Aongus Og mac in Dághda fúaramar fáilti an uairsin Trí hoidhche a mBrugh Boinne fa maith ar sógh gan easbaidh fúaramar uile ar n-arma tainic meanma dar fflathaibh Da chéd bó ó Gholl gháibhtheach do mac in Dághdha dreachúir urad oile ó mac Cumaill días nar cumhang fo creachaibh Go ffoirfeadh sinne as gach amhgar dob é gealladh Áonguis in Brogha ar gcabhair as gach eigion a Dhía is mo-genar ag a raibhe Gluaismíd ar enshlighe lucht churtha ghleó gáibhtheach anois is adbar osnadh na fir do cosnadh láithreach
Tug me seal co séitreach do ffada mo leim a tTeamhraigh do imidh níamh mo crotha anocht ataim go harsaidh As mé Caoílte am aonar ní hiongnad mo bheit co cumthach Fionn is Osgar is Díarmaid 's 'na ndeaghaidh ataim go dubach DUBACH
Da ffagainn ní budh mó ina a ffuarus do sgribhebhuinn iad A n-Oisdin in. 6. Augustus 1627
LXIX Cumain liom an imirt do bhí ag flaith na fFían re cheile 's a mac fá an iubharsa thíar Suidhid um an n-iubhar idir olc is maith ag fraisimirt na fichille Oisin 's a' flaith Suidhim fein and agus mo dhías mac ar gualuinn dheis Find nocar linn narbh ait Is diom gorthaidhi Caoilti mac Cronncuir mic Ronáin i ttigh Floinn do baisdeadh me le mac Muirne na mórdháimh Do cuireadh in cedchluithi ar Oisin le Fionn o ataim da innisin is maith is cumhain liom Ar in dara cluithe tainic in t-olc bráith as ann do leig Diarmaid an cháor as a láimh
Mar do-connairc Oisín an cháor ar in cclár togbus í go prap as cuirios fear 'na háit Do haithnniom in cháor an uairsin le Fionn adubhairt se go fáobhrach ata neoch os ar ccionn Adubairt Fionn fíalghasta láoch curata cnismhín teagusc direach Díarmada is imbirt athlamh Oisín Ni imeóra in fichiollsa feasda eideir na Fianuibh go bfaghar don duladhso a' neóch ataoim d'iarraidh Adubairt Osgar deaghthapaidh mac Oisin fhéil úir cia dona fearuibhsi neoch ina ffuil do dhúil Adubhairt rífheinidh Almhan fear diolta na ndámh na cuir misi ar mearachadh acht ge mait do lamh Adubairt Osgar deaghthapaidh da freagra gan daoírsi damsa na tabhair tathaoír trem bheith do chlandaibh Baoisgne
Is ann sin adubairt Faolán mac do bhí ag Fionn as robhorb linn a Osgair do labhrus tú linn Ge romor thusa is ge borb do ráite ni thiúbhrainn énní ar eagla do laimhe Ge mór sibsi as t'athair is bar ccatha gan time bérad liom Ó Duibhne ó chlannuibh Baoisgne uile As mór in briatar énlaoígh do ráidh Goll na mbeimionn go mbéradh láoch da n-aimdheoin ó thionól bfear nEirionn Tusa liom nír brostaighius a Goill na ccosgar lánmhór na énneach dom freagra acht clann bagarrtach Trenmhóir Os mar sin adubhrais a fhir na ccomlann ndeacrach dena do dhíol urlaidhe fan ccuimrighe do glacuis An coimirce a ndeachusa a ffiadhnuise ffear nEirionn ní heaguil damh duine a buain diom ar eigin
Tarra anuas a Diarmaid is gabhuim thu do laim do cosnumh ar Fhaolán is air Fianaibh Fáil Ann sin tainic Díarmuid cugainn is níorbh é ar leas dob iomdha laoch againne do dícheannadh san treas Tiaguid mo clannsa agus Faolán mac Find do dhenam na hurlaidhi ro budh lánolc linn Ni fhaca is ní chúala urlaidhe budh tréine na clann Fhinn is Osgair ag gearradh corp a chéile Ann sin adubairt Conán do chuimhniughadh na fala leig do chlannaibh Baoisgne cuirp a ceile do gearradh Ag so in t-uirsgél fire dhuit a chleirigh cháigh in trath fa raibhe imreasain ideir Fíanaibh Fail A ttimcioll na himirta do bhí ag iobar drol is di tainic ar ttuitimne Fíana Finn gan on CUMHAIN
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services