Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Duanaire Finn II

Title
Duanaire Finn II
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Murphy, Gerard
Composition Date
1626
Publisher
(Londain: I.T.S., l933)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

XXXVI



Sgríobh sin a Brogáin sgribhinn
do comrádh fhírgrinn fheassach
ni d'imteachtoibh mic Cumhaill
do fhulaing mor ttaom ndeacrach



Eisdeacht ré n-abair Oissín
do comrádh roimhín ríoghlan
ní chúala ón cheithrinn chródha
sgél budh cora do sgriobadh



Innis a mheic na flatha
do glór bhlasta is beag mbréige
sloinn duinn go milis milla
sgéla fíora na Féine



Innis duinn gan dol seacha
narab é in freagra failleach
cía fath fa ttucadh Caoílte
ar fhear sgaoílte na sgainnear



Teagmit lá ar Lúachair Deaghadh
da ceathrar cródha in buigean
móirsheisear dhúinn mun airdrigh
ionmhuin dream airdmhín fhuilteach



Meise is Daolgus is Díarmaid
tríar fuair a ffíanbhoith fulacht
tri mic Áonchearda Berra
Finn féine is mac Lughach


L. 4


Gairit duinn ar in tulaigh
cían bhus cumhain an sgélsoin
go ttainic sa magh fodbhán
óglach morard ar enchois



Iongnad ionnioll an óglaigh
togbhamaíd airm re a fhaixin
trí lamha leis ar lúamhain
gné in ghúalaigh ar 'aghoidh



Áonchos faoí ar lár in tsléibhe
don beinn go chéile chugainn
áonshuil a cclár a edain
'sé ag feghain mheic Cumhaill



Ní raibhe acht áonleim dhosan
tar gach ngleann ffodbhán ffasaigh
ní roicheadh dhó acht ar eigin
bord a edaigh tar a mhásaiph



Léine do chíarsnaith chasda
ionar lachtna is rúadhbrat
cochall mór ciordhubh cíartha
do sheiche fhíadha ar a úachtar



Mo na lán duirn gach milidh
'na chois mhóir dhírigh dubhguirm
fuide nó crann gach sleighe
ó a ghlúin go roiche a modharn



Ceinnbeirt don cochall cetna
fan maoíl ghlesta mar ghúalach
ba lór do gabadh dhúine
sgath a laime 'sa ghruamdhacht


L. 6


Ar tteacht dhó ar in tulaigh
adubairt ar ttoigheacht chugainn
gur beannachaid na dée
duit féin a mheic Cumhaill



Gur bheannachsa ar Fionn feinnidh
cía tú a énfhir nach aithnighim
innis duinn bar n-ainm bunaigh
a fhir go gculaidh gcroicinn



Lon mac Liomtha mh'ainm baisde
rug mé ar aisde gach céirdi
is mé is ollamh gabhonn
ag rígh Lochlann sa Bheirbhe



Líomhthach óg inghean Bholcáin
nírb olc a conách cloinne
ní mairg fear fuair mo mháthair
rug mé 's mo brathair eile



D'iarraidh coimreatha cubhaidh
tanac chugaibh ón Bheirbhe
adeirid is lúath sibhsi
a dhream is clisde ceirde



Geis oirbh is troigh mhná troghain
a lucht thosaig gach teannta
muna leantaoi bhar n-ochtar
me go dorus mo cheardcha



Lingidh uainn mar ghaoíth n-earraigh
ag dol tar beannaibh sleibhe
gur leanamar é in uairsin
beagán d'úaisliph na Féine


L. 8


Do leathtaoibh Lúachra Dheaghaidh
seach dhorus Bhealaigh Luimnigh
tar slíabh Oigidh tar Eachtghe
glúaismit ar gceitri buídhnibh



Buidhean dhíbh sin in gabha
cach go fada 'na íairnéis
aga mhór aige ó Dháolghus
Fionn 'na aonar 'na ndíaighséin



Díarmaid agus mac Lughach
feadh tri ttulach 'na ndeaghaidh
meise is tri mic in Cearda
'nar mbuidhin chalma cheatrair



Tré Mhagh Maín tré Mhagh Maine
cían uainn d'aithle ar tturuis
a gceann Mhoighe mhóir Mhéadhbha
tar Áth Bearbha tar Mucais



Laimh re feart Fraoích mhic Fidaigh
nírbh é in siubhal nár sháothrac
tar Gleann Cuilt is tar Cruachain
ann sin do lúathaigh Dáolghus



A Magh Luirg síos go Séaghais
beirmit cheana ar a chéile
do-chúaidh in gobha is Daolghus
uainn a máolchnoc Chinn Sléibhe



Teagmaoíd ucht ar Úaimh Chorainn
ceachaing romainn bar Dáolgus
fuirigh go foill a ghabha
ní ragha asteach at áonar


L. 10


Tíaghaid ar áon san úamhaidh
Fionn ga ffúabhairt go fearrdha
fúarattar builc da séideadh
fuarattar cré is ceardcha



Inneóin is uird ga mbúaladh
lé trénbhuinne lúath lasrach
seacht ccloidhme leó arna síneadh
'na mbróinibh dirge dhata



Ro ráidh Lon féin ga ttoghdha
risin sgoil ndorrdha n-adhbhoil
mo chuidsi so 'na hénor
gan denamh dona harmoibh



Cuiris teanchoir fon teallaigh
togbhais lía ceithre ndromann
do-rinne in gabha is Dáolghus
urlaighi fháobhrach udmhall



Da ord mora ag in ghabha
agus teanchair thailc tháobhglas
tri lamha leis ga ffreastal
is maith do freagair Dáolghus



Do-níd lann crúaidhghér crithreach
fa maith biseach ré búaladh
feadh duirn dhi gan da fháobhar
'na buinne caomhghlas crúadha



Teidhis re cneas na ceardcha
Dáolghus ba teann a throda
ba deirge na gúal gartha
a shnúadh d'aithle na hopra


L. 12


Do ráidheastar na gaíbhne
ba lór gairbhe is grúamdhacht
cía in fear caílti gan time
shíneas in tinne crúadha



Ro ráidh Fionn aga ffreagra
fear gach ceisde do sháoradh
budh hé sin a ainm choídhche
Caoílti da rádh re Dáolghus



Ag sin dhaoíbh mar do baisdeadh
maith a gaisgeadh 's a gniomhradh
Caoílte leis nár ghnáth éra
cóir a sgéla do sgriobadh



Fritheóiltear ar Lon láidir
in coinneamh tainic chugainn
dentur teagh lóghmar leaptha
bhus cneasta do mac Cumhaill



Tabhraidh dhóibh féin dha ttaisgidh
lúach an aistir gach aoinfhir
do fhreastal catha is comhlainn
sleagh is gormlann go ffírnimh



Leigidh dhamhsa Fionn fosaigh
do-bher dhó coingir chatha
sleagh dhíreach sleagh roidhíreach
is cloidheamh fírdheas fada



Tugaid dhuinn na hairm shénta
tar éis a ndénta in úairsin
ocht ccloidhmhe is naoí sleagha
ór mhinic cneadha a crúaidhneimh


L. 14


Mac in Luin lann mhic Cumaill
do chuir ar fulang feóil daoíne
in Drithlinn ag Diarmaid drechtach
in Crechtach lann chrúaidh Chaoílti



Fead agus Fí is Fosgadh
mór gcoscar riam rom-cuirseat
cloidhme triar mac in Cearda
mor tteannta riam ro-dhluighseat



Ag so um laim Gearr na cColann
do bhíodh toram a ttrodaibh
an Échtach ag mac Lughach
ba subach ar ceann chosgair



Ba maith ar n-édach dubhdhonn
ar gceól n-én cclumdhonn gcochlach
um trath eirghe arna mhárach
dhúine ba sasadh colla



D'eirge ghréine arna mhárach
ar slíaph langhlan Lúacra
ba maith ar lanna léapra
ar sleagha reamhra rúadha



Is ionnsa críoch go foircionn
ar in slúagh foiltfhionn fhíorghlan
a sgríbhneóir peinnghil Pátraic
is mairg tarraidh a sgríobadh



SGIOBH


L. 16


XXXVII



Fiafraighis Patraic Macha
d'Oissín mac na flatha
cía tír dot athair a fhir
don Mumhain no do Laighnibh



Is mé inneóssas duit sin
a Tháilghinn a thairrngeartaigh
in tír ó a ttigid na fir
clanna Baoísgne meic Deaghaidh



Lios Beag ainm in leasa shíar
a n-Uibh Badhain mhóir na ffían
is as do geineadh Fionn fáidh
mh'athairsi is athair Fhaoláin



Ba Lios Beag ainm in leasa
inar geineadh fáidh feasa
ro chinsead go fíor na fir
ó chlannoiph dísle Deaghaidh



Fionn mac Cumaill go lí ccroth
meic Baoisgne meic Fir dha Roth
meic Cuinn mhic Garaidh go ngoil
meic Daire dhuinn meic Deaghoidh



Ceitri mic Dáire go ngoil
feirdi in tír ar gheinstair
Cú Rí ba ri ar gach tír shoir
Baoisgne Fiachaidh is Eochaidh


L. 18


Cu Rí mac ba sine dhibh
is Baoísgne a ndeaghaidh Chon Rí
Fiachaidh ba foixe dhó sin
agus Eochaidh 'na dheaghaidh



Mac Baoísgne Garadh na slógh
mac do Garadh Conn cathmór
mac Cuinn Fear da Roth nar ffoil
is mac d'Fior da Roth Trenmór



Mac Trenmhóir Cumholl na ccath
mac do Cumall Fionn fathach
mac don Fionnsin mé budhdhéin
ionnsa mo bheith for micheill



Ag sin mar deaghlaid na fir
ó Dháire dhonn mac Deaghaidh
gan mo spéis a cceól go lí
tar éis na cceól ad-chluintí



Dén re Críosd mo dháil go grod
ni fuil acht mh' iasacht agad
do líon cumha mo croidhi
d'eis na ccuradh fiafraighe



FIAFRAIGHIS


L. 20


XXXVIII



A Lorcáin mheic Luighdheach láin
meic Brenoinn bhaíth mic Baodain
an ní día ttá Dún nGáire
sam eólach 'na tromgháire



Inghean do bhoí ag Dubh mac Duinn
dar comainm Daolach dioghainn
carais Fionn na ffían ffearrdha
an inghean fhíal inneallda



Cuiris eachlach d'iarraidh Fhinn
feacht día mbádhmar a cCroimghlinn
do lodmar as go Beinn mBroin
da hiarraidh ar a hathair



Trí céd láoch go ngniom ngrod
lodmar atúaidh dia tochmharc
fúaramar earradh gach fir
an oidhchesin ón ingin



Ba maith leisin ingean uill
is ba maith le mac Cumhoill
an toisc tangamar dia tigh
agus ba maith lé a mhuinntir



Ro ráidh Dirraing mac Doghair
agus nochar rádh fholaigh
do-gephthaoi congal is cath
isin maidinsi amarach


L. 22


Adubairt Fionn flaith na ffían
a Dirraing mic Doghair shíar
cía eidir ar tír ar tuinn
chuireas iomarghal eadroinn



Clíabhach ri Coinceann coir
gabhus a tTraig Inbeir Móir
ar tteacht co dún Beinne Brain
isse chuirius an iorghail



Ann sin ro ráidh Duph mac Duinn
go molbthach re mac Cumhaill
dingébhsa in loingius lán
dia ngabhaid sa tracht ttonnbhán



Eirgis uainne Dubh mac Duinn
tri chéd deaghláoch druim ar druim
gabhaid seachnóin na fairrge
go srothaibh criche Cairbhre



Do gapsat Coinchinn chrúaidhe
fa Cliabach go mét n-uaille
leigid airgne síar is soir
fo sliabh Colláin meic Crimthain



Teagaid laimh re traigh atúaidh
tri mhíle Coincheannach crúaidh
ro marbhsat ar maidin Dubh
cona muinnteir 'na ccodladh



Tuitis sís isin sruthair
Dubh mac Duibh óir ba duthain
ó bheith da corp sa ghlaisi
do lean ó Dhubh Dubhghlaisi


L. 24


Teagaid íar sin go Dún mBrain
leigit tri garrtha gabhaidh
ro lean don dún Dún nGaire
od-ratsat trí tromghaire



Cuirid fir ar fud fairrge
go rainic Ceann na Cairrge
gur gabh cách ceann a chéile
a ttracht Oirir Uirshleibhe



Teilgis Clíabhach cleitín cruinn
tre slogh meic Mórna in mórghluinn
nir fed coisceim seacha sin
rob áil le cách é d'oighidh



Ro theilgsean cleitín eile
go Fionn do budh sgél sgeile
go ttorcair Fionn Failbhe
d'fuiliugadh a áonlaimhe



Teilgis in treas cleitin cuir
go ro marp Glas mac Ingair
go ttorchair Glas a Moigh Mhaín
do leathtaobh Droma Deargchain



Do riacht mac Lugach Lágha
go lúath docom na tragha
go ttorchair Cliabach sa ghleó
do comrac Gaine ghairgbheo



Do marb Torcán agus Tarbh
ro marb Garbhán agus Garbh
do marbh Labraigh is Leasgor
ar áon Maolán agus Measgor


L. 26


Marbhuis tri cháoga sa cath
don mhanaoís moir meic Lughach
ba hainm don láoch ag cur cleath
in lásin Cáol crodha cedach



Tucadh leis ceann Cliabhach cruaidh
go Fionn a ffíadhnuise in tsluaigh
agus fagbais 'na luidhe
ag mac Cumaill Almhaine



Adhaig is Uath is Uath
a gcomlann ba brúach ré brúach
na trí galgada gábhaidh
ro marbh Faolán fíorlamaigh



Torchair lé Faolán mac Finn
Accais agus Ágh is Éislinn
Corrán in ceatramadh con
rodus-marbh Ailbhe a áonor



Torchair Troma sa tráigh shiar
lé Dubh Dromán nar bhó dían
gin go ttainic slán da tigh
marbh Dubh Dromán doiligh



Ro mharbh lucht na ccenn gcon
a marbadh ba mór in modh
fearrdorn a ffiacoil gach con
lán glaice laich na timcioll



An cathsin tuc Fionn fearrda
agus Coinchinn ceanngarbha
ni tucsat cath 'na deaghaidh
acht cath Átha Breó a mBreaghoibh


L. 28


Do bhui Dáolach 'na deaghaidh
ag mac Cumhaill airmleabhair
gur baitheadh ag snámh in bhean
a Moigh Aird in da Inbhear



Do lean Aidhne d'Aidhnidh shoir
do lean Dáolach do Daolaigh
bean Finn agus a hingean
atáid sonna a dhá n-inbhear



Do rad Fionn a bheannacht mbúain
do Cháol crodha ba mait búaidh
tré bheannachtain fhire Finn
tarraidh creideamh in Táilghinn



Díarmaid úa Duibhne is Cáol
is Oissín mac Finn fíorcháomh
ag lámhach ar tír ar tuinn
nír teilgseat urchar n-imruill



Gach ní do teilgeadh Caol cas
ro gonadh é go hamhnus
ní bhlaiseadh bíadh no beathaidh
ar in talmain tromleathain



Ingean Ábhartaigh fuiligh
cedsearcus Caoíl chédghuinigh
do rad in sleigh mbric mbreachtaigh
do Cháol ina cédsearcaibh



Coicc lamha Chaoíl ina crann
triocha urlach na hiaronn
do budh bláith áluinn a halt
tuilleadh 'na dhorn duthracht


L. 30


Duthracht Duirn buidhe bhúadhach
a hainm a ghaoís anúabhar
Duthracht sleagh Abhartaigh finn
do lean a hainm don abhoinn



Mar do ghlantaoí in ga glas
a hInbear in da Eachlus
do bhí an sruth mear amoigh
ina dhíaigh go dearg ón fhuil



Sabharn tuc in brat bladhach
do Cháol crodha comramhach
tug inor ingantach leis
nach gontaidhi faoí no thaireis



Sábharn ba bean bhunaidh
do Caol mor asin Mumhain
is hí dus-rad Cáol gan chloinn
trena sidhe sa sabhrainn



Marbh Caol re cois Patraic féin
thuaidh isin Midhe moighreidh
gur adhnacht a cCrosaibh Caoíl
mac Lughach ann da leathtaoíbh



Is misi Feargus féine
fada dam tar éis na Féine
ro chosnus mo chuid don tráigh
sa lathairsin a Lorcain



A Lorcain


L. 32


XXXIX



A Oisín cía in feart dona
ga ffuil in luige fada
sloinn duinn a seanóir gan oil
cía in feart ós na feartoibh



Cía in feart do claidhead go mór
a Oisín go n-imad slógh
a fhad is méd a luighe
uime atú da fhíafraighe



Cía in láoch ro hadhlaiceadh ann
a mheic Finn nar ob comhlann
sloinn duinn a seanóir ma-le
fearr leinn na comradh eile



Leasc liom a innisin duibh
lomlán mo clí día cumhaidh
in líon slóigh ro torchair ann
d'fíanoibh Alban is Eirionn



Na habairsi sin a fhir
a Oisin a fhir eólaigh
rachaid sloigh in beatha búain
a fhir áitheasaigh armrúaidh



Treig do cumha creid budhdhéin
a mheic Finn ba láochdha leim
gaph creidiom cóir gan séna
tug dot úidh na soisgéla


L. 34


A Patraic an rim anois
go ffreagrainn ar fhíafraighis
go sloinninn a chleirigh cháidh
cía dar claoídheadh an feartán



Feart Osgair mhic Garadh fhéil
feart fhir aitheasaigh airmghéir
feart laoích go n-iomat ttreideadh
feart curadh feart fírfheindeadh



Feart laoích do chuireadh catha
is do commbriseadh craoíseacha
feart airdrigh go ngniom tréinfhir
feart mic Morna moirfhéindidh



Ata uirsgél agam dhuit
a Patraic día mbeantar cluig
ar sluaghoibh Teamra gan fheall
's ar fhíanoibh aille Eireann



Smúainis mac Cumhaill gan on
airdrigh oireagdha Almhan
an cuimdhe ceann na n-uile
athair teann na trocaire



Glúaisis día oilithre uainn
mac Muirne gusin morbúaidh
is tri cháoga láoch gan ceilg
do mhuinntir Fhinn faobuirdeirg



Is é ba tigearna ann sin
a nEirinn álainn iúbhraigh
fear borb brighmor um creachoibh
Cairbre líonmar Lifeachair


L. 36


Meisi i n-ionadh Finn fhearrdha
am tríath is am thighearna
ba hé ar ttinol riogdha in reim
tri rúadhcata do roifhéin



Meisi agus Caoílti na ccath
Osgar agus mac Lughach
Goth Gaoíthe do beireadh búaidh
is meic eile Chaoilti crannrúaidh



Domhnall mac Caoílti rom-car
agus Téghmall tren talcar
Colla mac Caoílti ni chél
is in fear fírluath Faoíllén



Baí ag Caílte cumhain leinn
ceathrar eile nach airmhim
fir do ládh tossach goile
laoích nár obtach n-irghaile



Fionn mac Breasail fa borb dhe
agus Fionn bán úa Baoísgni
Dolbh Sgéine ba fear go neimh
agus Feargus fírfhilidh



Áodh mac Finn ba fear go cceill
agus Faolán a mhacséin
Baoísgne mac Finn fear go rath
agus in Dearg deigheanach



Dís oile ba hionmhain liom
do cloinn Bhaoísgni na mbeimionn
fa borb a mbrosgor 'sa mbrígh
dá mac Osgair mic Oisín


L. 38


Dursan leam aireamh a láoch
's a fféindeadh ffuileach ffíorgháoth
le himat a ttaoísseach ffían
tan do biodhmaois ar áonrían



Laithe duinn ina díaigh sin
a nAlmhain a n-ibhthe miodh
a ndún mheic Cumhaill na ttreabh
ag ól is ag oirfideadh



Glúaisis teachta go hAlmhain
mac Corbmac in t-óg angbaidh
d'iarroidh chomhadh ar in fféin
nó a mbeith uile dhá mhíréir



Ann sin fuighlimsi gan fheall
ré teachtoibh airdrigh Éireann
sloinnidh bhar ttosga gan oil
ó Choirbre lonn Liffeachair



Seilg Eirionn do leigean dó
do rí Teamhra nar chan gó
gan lúadh ciosa ó sin amach
nó go ttoir an brath bráonach



Adubairt Osgar amhra
ba hé in milidh mor calma
sealg Eirionn ní tiubram uainn
do Cairbre coscrach crannrúadh



Ro ráidh mac Lughach go lúath
do-dhenam tabach tréntúath
sealg Éirionn do-ghéntar linn
nó go ttigidh mac Cumhaill


L. 40


Cuirmitne teachta go fíor
go mac Cormaic aibhlibh gniomh
go Teamraigh nach treabhdaoís groidh
a mbíodh Cairbre Liffeachair



Innisit sgéla gan fheall
na teacta d'airdrigh Eirionn
fograid cath ogal eangach
for Cairbre na claoinTeamrac



Tinóilis Cairbri na ccreach
colamhain teanna Teamhrach
timairgis Laighneacha leis
is slúagh Cruachan go coimhdheis



Cruinnigit Ulaidh Eamhna
fa Cairbri chosgrach Chearma
ba hé a ttinól líth nár lag
seacht gcatha fráochdha ficmhar



Do-rónsam comairle chrúaidh
Fíena Eirionn a n-énúair
cath do tabairt gan chairde
do rígh Eirionn imairdhe



Cuiris teachta go hAlbain
mac Cormaic in t-óg angbaidh
go hOsgar mac Garadh fhéil
fa borb cosgar a caithréim



Maith do freagradh ag Osccar
teachta in rígh od-chúalastar
triallaid tar in ffairrge ffúair
deich ccéd do ghléire ghlanslúaigh


L. 42


Rainic roimhe go Teamraigh
Osgar mac Garaidh ghreadhnaidh
rí Teamra ó nach fúair ann sin
tainic roimhe go Gabhair



Níor airigh airdrigh Teamrach
an t-óg alainn ildhealbhach
nó go ffacaidh sa ffaiche
deich ccéd curadh cóirighthe



Láoch rompa ba ríghdha réim
mac Garadh an airm aithghéir
dhó ro budh comainm Osgar
nír b'fearr láoch um thúarustal



Eirghis in rí 'na aghaidh
mac Cormaic chrúaidh chostadaigh
fearais fáilti fris gan fheall
suidhis ar deis righ Eirionn



Inbhaidh dhuit do ló bádha
ro ráidh Coirbri go dána
do tabairt leinne ma-lle
a n-aghaidh Fhinn Almhaine



Ní mhair a Osgair re headh
acht tríar calma curadh
nachar thuiteadair uile
le cloinn Bhaoísgne bharrbhuidhi



Cuimhneóchadsa dhuitsi sin
a rí Éirionn go móirneimh
a Chairbre chóir gan anadh
dhóibh treisi na tromfhaladh


L. 44


Ro ráidh rí Uladh go rath
Áodhan angbaidh anghlonnach
cubhaidh bar ccomlann ma-le
tú féin 's a' t-Osgar eile



Glór nár bh'ionráidh dhuitsi é
a rí Uladh go gcaoímhgné
ni imtigh talmhain na ttor
láoch budh ioncomlainn d'Osgar



Do-bersa briathar oile
a rí Eamhna íathghloine
nar gabh sgíath no cloidheam corr
láoch da seachonainn comhlann



Gairit ro bamar ann sin
a mheic Carploinn a chléirigh
nó go ffacamar san magh
deich gced catharmach curadh



Láoch rompa go sgeith ccorcra
go n-earradh sáor somholta
go lúirigh ffirthréin ffearrdha
go gceinnbeirt óir oireaghdha



Go sleig rinnghasta roiréidh
go lainn ffada ffaobairghéir
fogha cóir is ceis oile
baí a laim in cathaighe



Ba hé sin in láoch fuileach
mac rígh Lochlann lúathghuineach
for tteasdaibh tainic ó a thigh
on Bheirbhe bháinghlain bhothaigh


L. 46


Fostaighim Osgar go ngráin
is mac rígh Lochlann d'enlaimh
mo-ghenor tríath ga ttarla
dá dheich cced curaidh calma



Mac rígh Lochlann ba lonn goil
geallais diongbháil meic Garaidh
mor in feidm freagra d'Osgar
fear a theasta um tuarustal



Cuirthear linn a chleirigh cáidh
ar moigh Gabhra go morgráin
sonn sgíath is geirreann nár mhín
um tríath Eirionn 's um Oisín



Tiagmaid a cceann a chéile
ba curata ar ccoiméirge
leigmit tri gáire cinnte
go gclos íatt a ffirminnte



Diubraicmit ar a chéile
ba curata ar ccoiméirge
teascmid dar lannaibh leabra
ar lúireacha loinnearrdha



Ba hiomdha sgíath 'na blodhaibh
ar moigh Gabhra graineamhail
agus corp go gcrechtoibh dhe
ó ar n-eachtaibh ar a chéile



Do radsam torannchleas teann
sinne is muinntir rígh Éirionn
nir sguiriomar don treas te
gur dithaigh cach a chéile


L. 48


Tucc céim cruadh as ar n-ucht
mac rígh Lochlann na longport
cona deich gcéd curadh cain
re gaisgeadh ré gnathiorgoil



Ro marbh céd gacha cearna
sa cath cródha choimhfhearrdha
tainic fein 'na chró catha
mac úasal an ardfhlatha



Od-chlos sin d'Osgar uallach
an cur calma catbhuadhach
freagruis mac Garadh go lonn
mac rígh loingleabair Lochlann



Saitid do chur in catha
an dís curadh comhfhlatha
corcraid a sleagha ma-le
a ngeilchneasoibh a chéile



Nochtaid a lanna liomtha
an dís crodha coimfhíochdha
ar sgaoíleadh a sgíath mballghlan
mairg tarraidh in chathirghail



Ba hé sin in brath fíre
cía comlann rob ainmíne
dar thuit mac rígh Lochlann lir
do laim Oscair mhic Garaidh



Deich gcéd na Lochlannach lonn
ro thuitseatar bonn ar bhonn
le deic ccéd mic Garadh ghloin
nochar chabhair dar bfíanoibh


L. 50


Tug a aghoidh oirne dream
deaghmac Garaidh na ngéirreann
nir gabhadh ris ríoghdha in reim
gur dhithaigh pairt dar ngnaithfhéin



Dearcuis Osgar eile air
ag sloighe in chatha crechtaigh
tig 'na chuinne anba in gnimh
deaghmhac aitheasach Oisín



Od-connairc mac Garadh fhéil
díanreim Osgair go míchéill
leigis úadha coscar cháigh
ar Osgar mhór do dhingbháil



Tucsat ann sin beim ar bheim
in dís curadh ba coimhréil
tollaid da sleagoibh seacda
a sgeith aille óirgreanta



Fuaim a lann ba laochdha in troid
cían ó ionadh in comhraic
's a gcroidheadha ag rodháil reann
ag gearradh chnamha is chathbharr



A Patraic ni dearnadh ríamh
a ffogus nó a n-eidirchían
ní dingentar go la in Lúain
a measraightear na morshlúaigh



Sochtaid fir Eirionn uile
ag eisteacht re a n-urluidhe
no gur tuit mac Garadh gloin
do laim aitheasaigh Osgair


L. 52


Ata liom do mheabhair ghloin
deich gcéd meanmnach mic Garadh
gur chuir Osgar go roghrod
a gcoscar 'sa gcrúadhchomhrac



Eirgis fearg adhbhal ann sin
íar cciorrbhadh a chuirp choimhghil
a gcoinne rígh Eirionn áin
robudh deacair a n-eadráin



Timceall in cro catha
is teaghlac an ardflatha
gur chuir ár in catha crúaidh
ag rochtain Cairbre crannrúaidh



Togbhais Cairbri in sgíath uallach
's an lann breachtach bhithbhúadhach
togbhais in da sleigh go neim
a n-aghaidh Osgair échtaigh



Léigid úaidhi in sleigh seadhmhair
go mac Oisín úirfheadhmaigh
go ndeachaidh thrid in tsleigh theann
corp in churaidh gur chróighearr



Le hOsgar maith ro freagradh
is urchur fuair airleagadh
do theasc ceann Cairbre go neimh
do bheim curata cloidheimh



Od-connairc Oscar Eamhna
nach raibhe féin infheadhma
téid dia choiriugadh mun ccath
ar cholamhnoibh na Teamhrach


L. 54


Deich gcéd is tri catha ar slúaigh
ar moigh Gabra go mórbhúaidh
ba hé ar ttinol ag teacht as
fiche ced feindeadh foltchas



Fada damh dia n-áireamh sin
a mic Calprainn a chléirigh
ag feitheamh a ffeart go ndath
ar moigh goirtiomdha Gabhra



Go riomtar gaineamh mara
ar áon agus réltana
ní haireamhtar trían a ttrín
ar marb Osgar mac Oisín



Creidim duit a cleirigh chaoímh
a Patraic iodhain foltchaoímh
is creidim do rígh neamhdha
gurab é mo tigearna



Barrán mac Milidh don moigh
Togán mac Dáire Breathnaigh
tuitid in dís ba garbh goil
do laim aitheasaigh Osgair



Tuitis rí Uladh liom féin
Áodhan aiteasaigh aigmhéil
a los sgeith is chloidhimh chuirr
ar lathair chatha is comlainn



Ro thuit rí Laighean na learg
lé hOsccar chruaidh cloidheamhdhearg
tuitid láochraidh Laighean de
le deaghchloinn chosgraigh Chaoílti


L. 56


Ro bhásaidh Cairbre go neimh
Forlámh mac fir Chuirb crechtaigh
tri bronaibh do laimh Osgair
le mac Garadh gormrosccaigh



Le Barrán mac Milidh Mhúaidh
taoth seacht mic Chaoílti crannrúaidh
da mac Osgair réil go n-ágh
do thuitseat fós lé Barrán



Mór in gniom do-rónadh ann
Osgar is airdrigh Éireann
Art mac Cairbre líon a shlúaigh
is Mac Lughach go lánbhúaidh



Seacht meic Chaoílte ba garbh goil
agus Osgar mac Garaidh
ro thuitseat ba borb a mbrigh
's da mac Osgair mhic Oisín



Da mac rígh Laighean na long
ro thuitsead tra bonn ar bhonn
mac le hOsgar ba garbh gnímh
is mac eile le hOisín



A OISIN


L. 58


XL



An seisior
tríar a ttigim ar deisiol
triúr frithir fallsa focham
is triúr coirpseang cnisgeal



An deacair
is isi a' bhean rom-tachair
taibhseach sliocht a dhá gegbhonn
ní hettrom mar a saltair



An tsuirghe
macamh meallta gach buidhne
gerb annsa í na in t-anam
agam ní ffuil a cuimne



An réidhe
mo-chean neach diarab céile
dhi ríamh ni deachaidh rogha
fearr ina gach togha sbreidhi



An eigion
pudarlach ó ló in chéidfhir
treisi naid mná na cruinne
smacht uirre nochan éidir



An mheanma
ríoghan ur bhuilidh breaghdha
gidh inmhain an bhean bhunaidh
dhamh ó 'nuraidh ní tharla



An chumha
uimpe bhíd na bruit dubha
ní mo-chean bean a léra
ní híad a sgéla is lugha



AN


L. 60


XLI



Clíabhán cuill cía do-róine
innisidh a sheanóire
agus do-rinne cleas cuir
agaibh ar tús ar énoibh



An ccluineann tu a sheanóir thall
an ceist a chuireas in Táilgheann
innis mar is aithnidh dhuit
an cheist ad chuireas Patraic



Laithe n-áon día raibhe Fionn
ar sliabh Lúachra na láinghlionn
go ttarla sé ar leith on fhéin
tri fichit láoch go láinmhéin



Ro bhádhmar gin gur threórach
go neamhshadhal aineólach
fa cheó ndraoítheachta ndoirche
nó gur chinnseam comhairle



Silleadh da ttug thairis síar
Finn mac Cumhaill flaith na fFían
ad-chí óglach ard aistreac
go n-earradh ndearg ndeaghmhaiseach



Do bhaí ar deaslaim in fhir mhóir
cliabhán dathalainn deargóir
do ghabhadh mar budh mian lais
a ngabadh d'énoibh thairis


L. 62


Sa ttulaigh ttaobhálainn ttruim
tainic in t-óglach chugainn
is ro bheannaigh dhuinne tra
do bríathraibh glesta glaná



Día ttigthae lim lín d'fheadhna
a Fhinn na fFían ffiorchalma
sean gach dighe do-bhér dhíbh
agus nua gacha seanbhídh



Ro eirgeamar súas go grod
muinntir Fhinn na n-arm n-úrnocht
gidh ar leas ni tainic dhe
leinne nir leasg an eirghe



Glúaisis romhainn in fear mór
do leanamar é 's ba trogh
go cathair Inbhir dhá Shál
áit ar hinnleadh in clíabhán



Ar ndol don fior mhór amach
uainn tar dorus na caithrach
comla ghairbhiarainn gan mhoill
íadhais an uairsin orainn



Seacht lo go n-oidhche gan bhíadh
dhuinn sa chathraigh cladhard críadh
gan aoínneach do teacht díar ffios
do chían nó do comhfhogus



Ar aithris in chliabháin chuir
ar saith énaigh gach éinfhir
do-rinne Fionn cliabhán cuill
dhuinn nír seachmidh in fhoghluim
go ffaghmaoís ón chliabhán chuir
ar saith énaigh gach éinfhir


L. 64


A gcionn seacht laithe mar sin
tig mac Troghain díar fféghain
do mheas sé nach rabhsam beó
díer ndicheannad i n-énló



teagmaid aníar is anoir
fa mac Troghain an úairsoin
ar tteacht duinn uime go reacht
nochar foghain do a draoíthacht



Beiris Fionn uainn in fear dearg
risséin ger adhbal ar ffearg
agus cuiris slán da thigh
gin gur dheóin leinn a chleirigh



Iocht is fearr do-rinne riam
deaghmac Cumaill flaith na fFian
fear dearg d'idhlacadh slán
agus sinne d'eadradhán



Ag sin iocht do-rinne Finn
a chleirigh na mbachall mionn
an fear do imbread gach n-ágh
leis ro hinnleadh in clíabhán



A Chaoílte gé atú go fann
na leig leam día n-abair breg
aoínneach budh commaith le Fionn
in ffacaidh tú ríamh red ré



Fo a anam cona chorp
acht gidh dubh anocht mo lí
ni bhí commaith einigh Finn
a nduine re a linn a cclí



CLIABHÁN


L. 66


XLII



A Lía Thulcha Tuaithe shuas
gus ttigdís curaidh go gcruas
dainim da gach ergna uaiph
narsat berla go mbithbhúaidh



A n-us deach Gaoidhealg is glór
agus ciall bhuilidh blathmhór
ag cur cúart fom chlí do chin
gurab súairc ag seanchaidhibh



Na sgéla ro shirseam ort
innis damsa rádh gan locht
gacha nona lor do bhrath
sgéla mora Mhic Lughach



Os duinne féin tuc Dia dil
ré a n-innisin ré a n-áirimh
cía día mbeinn día séna ar seilg
sgéla meic Dáire drechdeirg



Dáire dearg mac Conaill chain
mheic Oilealla mhic Eóghain
issé sin athair airmhid
ag Mac Lughach lánfháilidh



Lughaidh roime d'agalloimh Fhinn
Dáire a gCluain Oirrthir aoíbhinn
tar gach ardbrugh gusan moigh
suaill nach rainic go hAlmhaigh


L. 68


An tan tainic Dáire donn
bealach Gabhráin na ngarbhghlonn
ro íadhsat uime ar in ngurt
tri meic Rossa go rúadhfhult



Teagaid ag fiefraidhe sgél
do Dháire úasal airmghér
ro ráidh ba hé Fionn fearrdha
a tríath is a thighearna



Ni hí so do conair chóir
ráidhid meic Rossa romhóir
issé in Fionnsin líth go ngoil
ro bhássaigh ar seanathair



Canaidh créd is maith ann
ar Dáire mór na ccathbharr
acht ar marbadh féin fír dhe
madh hí críoch bhar ccomairle



Ni iarrmaid comairle ar neach
a óga tigidh d'einleath
is fíor in fath gan aga
's bar n-airm diomór difhreagra



Trí nonbhair ro bháttar sin
tri meic Rosa go roghail
agus nonbhar do Dháire
ba hé líon a gcomhairmhe



Tuitid tri meic Rosa réidh
d'armaibh Dháire deirg budhdhéin
gidheadh do marbadh uile
muinntear Dháire dhúalbhuidhe


L. 70


Innisidh a sgéla íar sin
do mac Cumhaill a hAlmhain
ba maith lé Fionn flaith na fFían
gach a ndearna in righníadh



Fuirigh sunn a nAlmhain fhúair
ag so meisi ag dol budhthúaidh
agad leigheas go líon gceird
a chur fhosaigh fháobairdheirg



An tan tainic leigheas lán
agus ro bhaí go hógshlan
glúaisis i ndeaghaidh in tslúaigh
arna leigheas go lánbhúaidh



La día raibhe 'na áonar
Dáire dearg nar dreacháoradh
a ttosach oidhche fúaire
ag Sith Buidhbh go móruaille



Suidhis in féindidh íar sin
tuirrseach d'aithle a aistir
go ttuc día úidh in t-amus
a anshódh cona ocobhrus



Ad-chí agus ní a gcodhladh
brugh alainn día oslagadh
slógh gan tuirrsi agus muirn mór
soillsi agus cuirm go gcomól



Teid sa mbrugh in feindidh fíal
fiadhaightear é soir is síar
suidhis Dáire 'na deaghaidh
tuc a airm ar áighleandoibh


L. 72


Fritheóiltear é sa tigh thall
go maith ag Túadh De Dhanann
ro éirigh go dían íar sin
téid eidir an ingheanraidh



Boí dalta ag rígh in tsíodha
díerb ainm Eochaidh ailtmhilla
bean tsubach nar cáineadh ceill
Lughach laimgheal a hainmséin



An tan ad-connairc Dáire
an mnaoí gceinnfhinn go n-aille
ro tidhlaic dhi searc ní sáobh
maith le meanmain in macaoim



Faoídhid sa dun ar áon
Dáire 's an ainnear fholtcaomh
gur foillsigh do Dháire íar sin
gurbh am lamhnaidh don ingin



Madh torrach tra thu a bhean
ro ráidh ría Dáire dreichgheal
tug leat go Fionn fath gan gheis
madh mac bheire gan eisleis



Budh maith mac berthor ann
ro ráidh Eochaidh go hinmhall
foigheolaidh mor maine amach
budh é a ainm Gaíne Gaisgeadhach



An úair tainic a hinbaidh
is ro dhealaigh re a troimiodhnoibh
rug sí mac ba caoime bladh
díar comainm Gaíne glégheal


L. 74


Tainic fo tri tar a bél
is amlaidh ro chúala in sgél
istig ag triall a bhíadhtha
in eas alainn aimríadhta



Gabhais in eas 'na laim laích
mór an obair meic bhig bhaíth
an eass ina laim ro lean
no gur eirigh an inghean



Ro hinniseadh in gniom ghlan
tainic cách día coimhfegadh
an eas i laim in leinimh
nír fedadh a n-imdeaghail



Gidh bé do innisfeadh thall
eidir sloghaibh na sáorchlann
iss é sin gan táidhe amach
ceidgnimh laimhe mic Lughach



Ro bhoí bliadhain sa dún dhe
aga mháthair budhdhéine
is tainic a ccionn bliadhna
go Fionn fossaidh firníamhdha



Do luidh leis a mhathair mhín
día innisin don airdrigh
is do rad dhó a ccogar chain
gurb e Dáire a dheaghathair



Mar tangattar Fíana Fáil
go teagh Fhinn uile d'énlaimh
ro shuidhseat an slógh ier sin
mar do bhíadh ól a nAlmain


L. 76


Íar suidhe don Fhéin uile
a ttigh mhóir na hAlmhuine
tugadh go Fionn ba dearg dreach
Lughach cona mac muirneach



Gabhais in leanam ar laim
Fionn nár adhair d'iomarbháidh
agus do toirbhir dhó poig
don mac alainn gan urchóid



A mheic aithin h'athair fein
adubairt Finn flaith go gceill
ameasg cáich gidh feidm doiligh
agus eirg dhá innsaigidh



Ger lionmar an Fían uile
eidir righ agus ruire
suidhis a n-ucht Dháire dhil
an mac ba haille a nAlmain



Gabhais éd bean Dháire dhil
iar ffaixin in mheic mhéirghil
d'olc as a haithle nír fhan
on mac ar n-aithne a athor



Is hí bean do bhoí ag Dáire
Aíbhinn óg go n-iolgháire
bean gan tacha each na óir
ingean data meic Dimhóir



Na déna éd a Oíbhinn fhíal
adubairt Fionn flaith na fFían
raghoidh dhuit is beart go mblaidh
sloindeadh in mheic ó a mathair


L. 78


Beir leat ar Fionn mac Lughach
in naoídhe suilbhir subhach
a inghean dhata mar dhoigh
budh hé in dalta go ttrenghoil



Ann sin rug lé mac Lughach
an inghean seghainn subhach
go teagh a hathor uallaigh
go Clúain Cheasáin chathbhuadaigh



Go ceann seacht mbliadhan íar sin
ro bhoí in mac aga mháthair
día oileamhain anba in gníomh
samalta d'adhbar airdríogh



Tig sa fFéin ó sin amach
ba maith a lúth 's a lamhach
mar tainic gniomha goile
d'úa na ríoghna róghloine



Ceidbhean do rad searc go sochla
Túadha ingean ard Áongusa
isí do rad thúaidh ga tigh
a ttulaigh úaine fosaigh



Mac Lughach ar áon is Fionn
ro saith in gcloich os a cionn
os feart Túaidhe attaoissi ann sin
a líog úaine áith fhosaidh



Is hé ro sáith in lía lom
giolla uallach úr ettrom
ge do mharbh áibhlibh níadh
do saith le a laimh in láochlíag


L. 80


A cloch ata a tTeamhair Breagh
ro sáith Fionn tre maith meanman
fut atá Aillen amhra
an siodhaighe sáorcalma



A cloch Feadha Gaibhle glain
ro sháith Finn nar ob iorghail
ata Díanartach mar dhoigh
fut is Dearg mac Díanartaigh



Is fear roghain ba garbh gráin
Domnall mac Finn mic Cuáin
fút ata agus is dearbh dhe
Conn leidmheach mac Lathairne



A cloch Chairn Fhearadhaigh uill
ro sháith mac crodha Cumhaill
is fútsa ro cuireadh dhe
Daíghre ceóilbhinn cruitire



A cloch ata ar Moigh Raíghne
ro saith Finn flaith go saidhbre
ata Goll fut mar deirtear
agus Raíghne roiscleathan



A cloch ata a n-Almhain uill
ro saith go moch mac Cumhaill
Daolgus mac Cairill chais chain
tú os loighe in laoích láidir



A cloch Mhoighe Dithláin dhéin
ro sáith Fionn in treasa threin
fut ata Dolbh Sgoinne in sgáil
agus Fionnláoch óg adhnáir


L. 82


A clochúd Áonaigh Pataoín
is fúd ataid na deaghmacaoímh
Patan mac rígh mhara hIocht
ionmhain láoch ata fon ffiort



A cloch shleibhe Colláin crúaidh
gus a gceimnighdis ar slúaigh
as red tháobh ad-bath in fear
in láoch Collán coisreamhar



A cloch ata a nGréin mar Ghloin
do sáith go moch Maoíl Eanaigh
is leis ro cuireadh gan cheilg
uas cionn mic Dhaire drechdheirg



A cloch Cronnmhóna an catha
ro saith Fionn fear in ratha
fúd ataid in tríar ba trom neimh
Conn Codhnach is Cuingidh



A cloch atá a nDún os Loch
ro ráidh Fionn narbhó hoglach
is fúd ata Bodhmann binn
is Fiacoil Aoí mac Conchind
ocht meic Bodhmainne go mbúaidh
in cuire calma comhcrúaidh



A cloch ata a nDruim Sgartha
do saith Fionn fear in ratha
fúd ata Druim Sionna slán
giolla do thuit le Conán



A clochud Teamra Luachra
ro sháith Finn feindidh fúachdha
fúd do cuireadh ní fios foill
Blathnoid bheag is Cnú Dearóil


L. 84


A cloch Ollarbha gan fheall
a ttorchair airdrigh Eirionn
fud ata Leagán luaimneach
agus Ronán roúaibhreach



A cloch Seisginn Úairbheoil fhúair
ro saith Finn ba gnáth go mbúaidh
fud ata in láoch ba dearg ga
Sgiath Breag mac Loga Lágha



Dubhchosach Dubhthnuthach donn
dhá mac Morna na mórghlonn
atáid fud sunna re seal
is Iubhar mac rígh Laigean



A cloch ata a nDruim Righe
do shaith Fionn flaith ar ffine
is fud ata Cairioll cóir
agus Colla mór ua Conbhroin



A clochud Cairn Fhearadhaigh fhuair
ro saith Fionn códhnach ar slúaigh
fúd ata curaidh na ngiall
Lughaidh mac Con mheic Mhaicníadh



A cloch mor ata sa Ráith
do saith Fionn feindidh foltbhláith
fúd atáid arna ffolach
Clídhna is Ciabhán casmhongach



A cloch ata ar Tuinn Clíodhna
ro sáith Finn na n-echt n-imdha
rí Easpainne na n-arm ngér
fúd ata Rinnal roithrén


L. 86


A chloch mhór ata a gCuan Dor
ro sháith Finn go neart ffáobar
Tor mhac Díancrotha go ngoil
rí Easpainne fot eochair



A chloch Glaisi Cró in Chomair
ro sháith Fionn lerbh ait ollaimh
fúd ata Sgorán na sgíath
mac righ Breatan na mboirbtríath



A cloch ata a gCionn Mhara
ró shaith Fionn in fiorchara
fúd ata Cas cuilfhionn cáidh
is Gotha Gaoíthe mac Rónáin



A cloch Bhealaigh Chonghlais gairbh
ro saith Finn ar nach ffrith faill
fúd ata Art og an áigh
nar ob cath nar char bannáil



A cloch Finntragha an áir truim
ro sháith mac calma Cumaill
mac righ Uladh Goll go ngoil
fúd ata is Cáol mac Crimthain



A cloch ata ar móin Mhacha
do sait Fionn fear in ratha
ata fot ardbrugh ní chél
rígh Alban Deidgheal Duirbhel



A cloch mhór ata ar Moigh Linn
ro sháith mac Cumaill airmgrinn
fúd ata in triath nar lag rían
ceann na slogh Coinnceann coimfhíal


L. 88


A cloch ata a tTráigh Lí lóir
ro sháith Finn tigearna ar slóigh
uch mo cuma aibhlibh níadh
fúd ata Fearghus finnlíath



A cloch mór ata ar Slíabh Mis
ro sháith Finn flaith gan eislis
ata Dáire ba dearg dreach
fúd 'na luighe is Flann fuileach



A chloch ata ag Carn Sealbaigh
ro shaith mac Cumhaill armglain
fúd ata in láoch ba teann treóir
Sealbach in Berla ó Bhreaghbhoinn



A cloch mhór ata ag in Eas
do shaith mac Cumhaill airmdheas
fúd ata láoch gan dóghra
Geibhtine dheagmac Morna



A cloch ata 'gCionn Tíre
ro sháith Fionn flaith ar ndhíne
Finn mac Cuáin 'na luighe
fúd ata is mac Geibhtine



A cloch Eachrusa in fheóir truim
ro shaith mac calma Cumaill
fúd ata láoch ba garbh gráin
Dubhán mac Cais meic Cannáin



A cloch ata sa Bhlárna
fúd atáid in dís ághdha
's an da Art don táobh oile
nírbh e in fianláoch fingoile


L. 90


A cloch Tulcha Cheapáin chain
ro thogaibh Goll in ghaisgidh
fút do fagbhadh ger chéim crúaidh
Ceapán mac Morna mhongrúaidh



A cloch Dhúnaidh na n-Ochtar
fud atáid trí deagochtair
ocht mic Copthaigh ocht mic Cuinn
ocht meic Ursgaith Átha Truim



A cloch ata a gCuillinn Chlíach
ros-togaibh Feargus finnlíath
gidh bé rod-cuirfeadh tar ais
do gepadh seóid is ionmhuis



A chloch Bheinne Muilt nár mhaoth
o do saith Dáire in deaghláoch
ataoí gan deacair mar dhoigh
os cionn leaptha Mhaoil Eanaigh



A chloch Gaphra ba garbh gráin
ro sháith Caoilti mac Ronáin
fo attaid in dís ba garbh gal
mac Lughach agus Osgar



A cloch Thulcha in comlainn chrúaidh
umar thochtadar na slúaigh
fúd atá deagláoch go ngoil
Osgar mac Garaidh greadhnaigh



A clochso Gaphra thúaidh
rus-togaibh Finn faobarchrúaidh
Cairbre Liffeachair nár lag
fúd atá cona dheaghmhac


L. 92


A clochso theas sa chnoc chorr
rus-togaibh Oisín armlonn
dhá mac rígh Lochlann tar lear
fud ataid in dá thréinfear



A clochso oile theas tshíar
in mhaicne ba mór soimhíadh
sé mic Chaoílti ba garbh goil
fud is deaghmac Osgair



A cloch Átha Barráin bhúain
umar gháireador ar slúaigh
urchor tug Osgar ard
dar thuit Barrán bríatargharg



A cloch ata a cCarn Craoibhe
ro sháith Fionn flaith Formaoíle
is fúd ro cuireadh Flann rúadh
in tuir calma chloidimrúadh



A cloch ata a gCrois Áodha
ro saith Finn ba fear áobhdha
is fúd do cuireadh gan oil
an deaghláoch Áodh mac Garaidh



A clochud Ghlaisi Builge
ro sháith Finn mór mac Múirne
is fúdsa ro cuireadh dhe
Daire deidgheal is Daíghre



A cloch lánmhor ó Luighdheac
is lem croidhe féin is cuimhneach
as fud ro cuiread 's ní a ngioll
Dubhán dían agus Moingfhionn


L. 94


A cloch Átha Glinne caoín cain
ro saith Finn in flaithfheindidh
Logharn ua Baoísgne go mbúaidh
fud ata in feindidh fíorcrúaidh
fear ba maith luth ar láthair
is Dáolgus a dearbhrathair



A cloch Dhunaid Lodhairn lóir
is fúd ata in cuire cóir
coigear mac Díarmada déin
mar áon is Echtach airmgheir



A cloch ata a n-Eachthghe aird
fud atá ger mór in mhairg
Sealbach úa Duibhne ba deas
óigfear ris nár chiall coimmeas
iar gcur deargáir Féine Finn
maidin a marbhtha a gCruimglinn



A cloch Áonaigh Cairn mhic Táil
ro sháith mac Rosa rinnbhláith
rod-fhagbadh go cliste dhe
os cionn chiste Chróinfhinne



A cloch ata ar Slíabh Aillbhe
ro sháith Fionn flaith gan doilghe
is fúd ro cuireadh nír mhíadh linn
Aillbhe ard uallach airmgrinn



A cloch Croimghlinne ba glas
ro thogaibh Fionn fioramhnus
do-gebhtha agat go gcáil
mor do sgéloibh Bruacharáin



A chloch Chinn Mhorna is dearg dreach
ro sháith Fionn ba línmar creach
is fúdsa ro cuireadh dhe
Dubhán mac Breasoil Bhoirne


L. 96


A cloch ata n-Eichtghe aird uill
isí ro sháith mac Cumhaill
ata Gluinfhinn mac Mórna
fud is Dolor gan doghra



A chloch Mhoighe Line láin
ro sháith Fionn féin día láochlaimh
is fúd do cuireadh gan oil
Duibhgreann dána mac Doghair



A chloch Tolcha Fíadhmhoir fúair
ro thogaibh Fionn fáobharchrúaidh
fo a ttáid in tríar ba garbh gal
rí Alban 's a dhís brathar



A chloch ata a tTailltin teinn
ro sháith mac Cumhaill airmgrinn
Íodhlann og ro budh mór míadh
fúd ata in feinnidh firfhíal



A chloch Atha Glonnaidh ghloin
ros-togaibh Goll glunladair
attaoí os da Dhuph dhata
calma crodha curata
Dubh mac Morna ro lúadh goil
Dubh Róid mac Maoíl Tnuthaigh



A cloch ata a gCinn Chluidh chrúaidh
ro saith Fionn deaghfhlaith ar slúaigh
fud ata Duphthach mac Duibh
láoch ba harrachta a n-iorghail



A cloch mor ata sa mBrugh
ro sháith Áongus 'na áonor
is fúdsa ro cuireadh dhe
Díarmaid dealbhcaomh ua Duibhne


L. 98


A cloch ata a nDruim Chríadh chain
is fúd ro cuireadh Finn feindidh
fear ba hiolardha céd sgíath
tigearna láoch gcalma coimhfial



Go n-airrchisi Mac Muire
Finn mac Cumaill Almhaine
go ruga leis códhnaibh níadh
in fear ro saith gach rílía



Athair is Mac Rí talmhan
Íosa Criosd dar ccomadhradh
rom-fagbad a ndíaigh na fFían
go críon arsaidh aradhlíath



ALIA


L. 100


LIII



Ag so in fód inar ghein Fionn
nochan eadh nach meabhair liom
Muirn mathair in meic mhóir
deighmheic Cumaill meic Treinmóir



Oisín mac Finn fear go neimh
ro geineadh a gClúain Iochtair
ingean Dheirg a mhathair mhaith
íerna toirrceadh ón ríghfhlaith



Áine inghean in Deirg budhdhéin
mathair Feargusa fhírthrein
céile Eathach Gunat glain
aga mboi Banba bliadhain



Is hí robudh bean do Gholl
Sgannlach ingean do Conall
Dearp comalta Cuinn go ngoil
matair Chuinn oile is Chodnaigh



Lughach laimgheal ingean Fhinn
mathair Gaine in ghaisgidh grinn
Dáire dearg mac Finn na ffleadh
athair Gháire na ccorrsleagh



Báine mathair in da ríogh
ingean rígh Connacht na ngniomh
mathair Fheidhlimidh in óir
agus Cumaill mhic Trénmhóir


L. 102


Bean Luighdheach Laga don linn
Dathchaoín ingean Taidg thaoíbhsheing
Úain ingean Crimhthain ní cél
mathair Bhainb Sionna na séd



Cruithgheal siúr Ghuill Féine Fáil
mathair Áodha meic Ronáin
Aoíffe ingean Aodha Rinn an leirg
bean meic Leith Lúacra laimhdheirg



Cana inghean Chiothrúaidh ní chél
í fo bean d'Fearghus Fínbhél
Loch inghean Maicníadh gan gheis
mathair Núadhat Finn éigis



Lathoirt inghean Dhá Neasa
trí teóra bliadhan rus-beara
mathair Osgair í dana
ron-boí ag Oisín naoí mbliadhna



Muirionn ag Oisín go beacht
seacht mbliadhna dhi re draoítheacht
mathair a thrí mac oile
ingean Chúalann Cíochmhuine



Da ingean Cumhoill sa fFéin
Sídhe agus Súanach budhdhéin
Súanach mathair Fhíachra dhe
is Sidhe mathair Chaoílte



Ainnear inghean Bharráin na ffleadh
bean Chaoílti chruaidh na gcorrshleagh
ingean brughadh ón Bhóin fféil
mathair Teadhmaill is Fhailléin


L. 104


Da mac Crochnaide caise
seinge seimhe súlghlaisi
ionmhoin dís búadhach on Brugh
Díarmaid uallach is Osgar



Anmanna mac Diarmada duinn
re hingin Cormaic uí Chuinn
Donnchadh is Sealbach na slúagh
Eochaidh ard agus Irúath



Mathair tríair ba calma in chlann
Connla Aodh agus Iollann
tri bliadhna ag Díarmaid dha dheóin
Dubhinbhir ingean Fhúairbheóil



Luchar ingean Maicníadh mhúaidh
rug dá mac d'Fionn i n-enuair
Aodh beag agus Áodh foda
marbh d'aithle na moropra



Áine ag mac Cumhaill gan oil
ní tug mnaoí 'na deaghaid
Dáolghus ba hainm da hathair
mac Lir Síthe Fionnachaidh



Ceatrar ag Trénmor sluaghach
Criomall Cumall cathbhúadach
Conall agus Aodh Eangach
ba ceathrar mear moirmeanmnach



Is ceist ar seanchadhaibh sunn
in tríar mac ro bhoí ag Cumall
Fionn agus Fiothal fior damh
is Feindidh feta fiorghlan


L. 106


Ingean rígh Breatan go mbúaidh
mathair in Fheindeadh armrúaidh
mathair a mheic Chaíl nar ffann
ingean righ Innsi Finnghall



Rug dhá mac do Cáol go gcáil
ingein Finn mhóir mic Cuáin
Dáolgus ba dían ag dáil arm
iss in láoch laidir Lodharn



Bódhmann mathair Fithil fhéil
ceist ar seanchaidhibh íadséin
agus Cumhall a athair
Fithil osna hardfhlathaibh



Clann da dheirbhseatar ma-le
Eochaidh Fionn Fiachaidh Suidhe
Crimall is Áodh anosa
Conall athair Dhíengasa



Cnucha inghean rígh Alban
mathair Fhíacra go n-ardbladh
Taisi taoibhgheal a siúir chóir
ba hí mathair mic Trénmóir



Ba hi mathair Cairill chain
Maoín ingean Smóil a Mumhain
Áine ingean Ealcmhair anoir
mathair Fhearrdhomhain áirmhigh



Teide ingean Chaíl Smirrga
mathair Guill na n-arm n-ímdha
da mac dhég um Gholl na nglac
rug in rioghan do Chormac


L. 108


Mathair seacht mac ndeg oile
do chloinn mhóir mhoingbhuidhi
isí do rug do Dhaíghre ón leirg
Aillbhe ingean Labraidh laimhdeirg



Samhaoir ingean Finn breagdha
bean mheic Oilealla fhearrdha
rug Tinnle Cnodhbha is Connla
is Mogh Corb chatha Gabra



Creidhe ingean Coirbre ón linn
ba hí bean Chaoíl í Neamhnainn
Aoíffe ingean Trenmoir anoir
mathoir Chaoíl cona bhrathair



Bean Conaill mic Trenmoir thuaidh
Aillinn siúr Daigre dreachrúaidh
agus isí rug re a rádh
dís mac Díangus is Ronán



Da mac ag Conall gan chrádh
Ronán is Díengus dreachnár
aonmac maith ag Áodh Eangach
Conbron cetach caithreandach



Mac Conbróin Díanghus na ndámh
mac dhóséin Cairioll comhlán
feindidh núa an bhúainghlóir ré a linn
ba húa d'úa Conbroin Cairill



Athoir Cairill Díangus Donn
leis nár gabh cath nó comhlann
mac do Conall Díangus Fionn
'sé ba mó ágh a n-Éirinn


L. 110


Ni raibh mac ag Diangus Fionn
ó ro dalladh é lé Fionn
acht Diangus d'eg 'na leabaidh
a gCionn Droma Finnteagair.



Nir codail Fionn oidhche ríamh
gur bhó líonmar a chlann 's a fhían
gan deóir fhola 'na cridhe
tre dalladh a dheirbhfhine



Gan dol a gcath le mac Cuinn
dha bhron mora mhic Cumhaill
beith 'na ffarradh rob fhusa
's gan dalladh Dhíanghusa



Nir urmais ar a leas
nír mhían leis ól nó aoíbhneas
ro bhí seacht lá gan labra
gerbh e ba fearr urlabhra



An tan do-chluineadh Fionn féin
dalladh Diangusa dreichréidh
a eineach a chiall 's a chruth
do-bheireadh úaidh in t-áonguth



Bás Finn a mBroic ar ndul di
do easgar um líg nDoire
bás Crimaill a Loch dhá Dhall
taoth a ccat Cnuch Cumall



Gidh Fithil ba laige lamh
don tríar brathar go morágh
comhlann da chéd leis gan lén
gur thuit re Feargus Fínbhél


L. 112


Is é súd in feart fo ffuil
Fionn mac Cumaill is a athair
is Criomall cían ro-clos
agus Dáire donnsholus



Trúagh mo sgaradh risin fFéin
fearr dam ádhradh De budhdhéin
mar a rugad Fionn go ngné
adeirimsi ribh as é



AG


L. 114


XLIV



Cairdius Logha ré droing don Fhéin
is meabhair liomsa budhdhéin
gé do-chodar uile in slógh
ad-bhiursa gan iomarghó



Mathair Logha Eithne ard
do radadh iséin do Tadhg
uaithe ro chinsead sliocht sáor
Tuirn mhor agus Muirn mhuncáomh



Tugad do Conall ní chel
an ríoghan Uirne áithbhél
rug sí mac 's nir bhó donus
an flaith Daire dedsolus



Mac do Dháire mac Lughach
an giolla seghainn subhach
Lughach ingean Finn go mbríogh
mathair Gaíne na nglainghniomh



Naisgis Fionn flaith na gcuradh
Tuirn le deaghtríath Uladh
ro bhoí ag in righ go rath
go ttarla táobhtrom torrach



Bean do bhoi roimpe ag in rígh
ingean Buidhph ba mór a brigh
a riocht con ba mor in sgél
ro chuir sí Uirne aithbhél


L. 116


Assaighthear in rioghan réidh
i ttigh Feargusa fhinnleith
go rug sí ba cáomh in clann
Bran ar áon agus Sgeólang



Ro fhúagair Lughaidh Lagha
óir ba heiséin a slána
a cor as deilbh chon go teann
a ffiadhnuise ffear nEireann



Tugadh do Lughaidh Lágha
an rioghan fhíal fiormhalla
rug sí mac Sgíath fuileach
is Caol crodha cédghuineach



Ceithre mic Lughaidh Lágha
ro brisdís cath go dána
Cáol cedguineach corcras crann
Sgiath breac Áodh agus Iollann



Moirsheisior do cloinn ní chél
is eadh rug Uirne áithbhél
da triar mac ba meabhair liom
d'ardmhathaibh úaisle Ereann



A áonmac ro bhoí ag Muirn mhín
nocharbh é ba measa dhíbh
flaith ar ffulaing mionn ar slóigh
Fionn mac Cumaill meic Trénmhóir



Ba he sin cairdeas nár lag
da ingean Taidg moir mhic Núadat
gin go mairit fein ro-feas
mairidh budhdhéin a ccairdeas


L. 118


XLV



Innis a Oisin echtaigh
an aignidh gléghloin ghusmhair
an raibh gaol ag Cnaoí Deireoil
re Fionn in chineóil cruthghloin



Cnú Deireoil cnú mo cridhe
ceol is binne da gcúala
séd is fearr boí a síthbrugh
an ghein brigmar bhúadha



Ba hé in ghein ghasta ghlórmar
ba hé in ceól nósmar neimhsearbh
le a ccoideóldis fir ghonta
deagmac Logha meic Eithlinn



Lugh mór mac Cein mic Cáinti
mac mná ba haille i nErinn
ba hí Eithne ingean Bhalair
bean in fhuilt cladhaigh chéibhfhinn



Ar ngabhail ríghe nEreann
do Lugh na mbeimionn mbailctrén
ro bhásaigh fine Fomra
neimh a fhoghla san aiér



Iar marbadh Bhaloir bheimnigh
do Lugh an eidigh fearrdha
tainic Eithne ingean Bhaloir
'na dheagoidh go teagh Theamra


L. 120


Tainic Tadg mor mac Núadhat
feadhan uasal san áonach
ba maith fíadhoin na feisi
d'iarraidh Eithne ar a háonmac



Do radad dhó an deighbhean
do Tadhg ba calma in deighfear
ro bhoí 'na haonmhnaoí aige
go ttainic a dhíanoigeadh



Ba hí ceidghein na deisi
on feisin a ttigh Theamra
Muirn ingean Taidg mic Nuadhat
in bean ba húaso cearda



Ag sin a ngáol re chéile
a cleirigh tainic chugainn
Eithne ingean Bhaloir bhadhaigh
mathair mathar mic Cumaill



Guidh ar mh'anmain a cleirigh
aga bfuil leighionn laingrinn
do-ghébhair ó rígh Parrthais
neamh dom anmain a Tailghinn



Guidh ar anmain Chnú Dheireóil
fa binn cineoil a gcoimseinm
giolla ro gabhadh dúana
ní chuala ceol a coimmbinn



INNIS


L. 122


XLVI



Fíamhain mac Foraigh go fíor
agus Oisin mac in ríogh
ger imchían eattorra sin
da deirbhsiur a dhá mathair



Righlinn fionn ingean in Deirg
mathair Fiamhoin lith gan ceilg
Cruithgheal ingean Deirg go mblaidh
mathair Oisin iolchrothaigh



Gidh tearc neach ga ffuil eól
nochan eidir a aithcheó
clann da deirbseatar na fir
Oisin mac Finn is Fíamhoin



FIAMHAIN


L. 124


XLVII



Iss é súd colg in laoích láin
Chaoílti meic roglain Ronáin
ar in tulaigh os Druim Lir
is í a lamh féin rus-folaigh



Adersa riot a laoích luinn
a Diarmaid móir mhic Cearbhoill
nocha gcúala cloidheamh crúaidh
ba fearr aitheas is ardbúaidh



Ro marb sé ced ag Ath Lúain
is ced a tTulaigh Mongrúaidh
an treas ced a fFiodh dhá Bhan
an ceathramhadh ced a nDurmagh



Maith ro himreadh thu gan feall
a gcath Fionntragha na mbeimionn
agus tú a laim in laoích láin
Chaoílti mic roglain Ronáin



An coigeadh ced ag Áth Lúain
do macroidh eachaigh armrúaidh
an seiseadh ced meabhoir linn
ag Áth na nÉg ar Sionainn



Dít ro cuireadh cath Cuailgne
ier tteacht ó Inbear Mhúaidhe
cath do chaoíneadar mna amach
da ttorcair Conoll cedach


L. 126


Dít ro marbadh Corc is Cían
seal beag o Teamraigh aníar
agus dít go ngairbe ngluinn
do thuit Loingseach mac Domnainn



Dit ro marbadh gan meaboil
an Liath a Luachair Deaghoidh
nochar é in t-écht gan dioghail
duinn nír chóir a commaoidhiomh



Fear gach énlá sa mbliadhain
is eadh ros-marb dar bfíanoibh
fa Conán fa Mhac in Luin
ní rangattar a leas a athghuin



Dit ro marbadh mac Luighdheach
seal beag uasan Áth Buidhneach
do lamhach Finn na Féine
do budh crúaidh in coiméirge



Iris caillighe Glinne Marc
tuc in cloidheam do Sithbhac
mairidh fo a chruth gan a gné
is dearbh liomsa gurab é



Sithbhac fos do-rad día mac
in cruaidh claisleatan coimneart
d'éis Poil meic Coirbre treoraigh
a gcathoibh nírb aineolach



Coirbre garbhsron triath ba teann
dual dó oireachus Eireann
éulais ó Choirbri nár lag
ó Trénmor go a deaghmac


L. 128


Do-rad Trénmor gan iarraidh
in cloidheamhsin da chlíamhoin
do-rad in clíamhoin nar lag
arna iarraidh dhá deaghmac



Do-rad Cumall é dha éis
do Crimall ag so a fhaisnéis
gé ata sé go cobhsaidh cóir
uch is arsaidh in seanóir



An Criomallsin uas gach dionn
rus-toirbeir é dha deoin d'Fionn
do thoirbhir Fionn mór in ró
d'Fíanoibh Eirionn a n-áonló



Ann sin tiagaid Fíana Fáil
a n-áonionadh a n-áondháil
ba gairid leó teacht uile
go háonach na hAlmhaine



Ann sin adubairt Fionn Fáil
cred fo ttangobair san dáil
do breith uaim deimhin go ngoil
ar ceann mh'einigh tangabhair



Iongnadh leinn a Finn aistrigh
séd agaibh is é a ttaisgidh
tussa in coigeadh gan fheall
is fearr eineach d'íath Eireann



Ag súd dhaoíbhsi in cloidheam cóir
ar mac Cumaill mic Treinmóir
ón ló aniú go brath na mbétt
ar mo seilbh ní bhíaidh a coiméd


L. 130


Caidhe mar do-beire dhóibh
ro ráidh Oisin a gcedóir
an é a chosnam as a neart
no in crannchar cubaidh coimneart



Aigillidh ingin í Cuinn
in ríoghan ó Theamraigh truim
is í bainbretiomh gan feall
is fearr a n-inis Eireann



Ann sin ro chan Aillbhe cháidh
in bhean dob fearr ciall do mnáibh
seanbrethir so go brath mbil
denadh cách ceart in cloidhim



Denaidhsi coimrith a gcéin
eidir réidh agus aimréidh
ce be dibh bus deach rus-reath
rod-ría in cloidim claisleathan



Ann sin reathaid Fíana Fáil
a n-áonchonair as in dáil
ní fhaca coimrith ba mó
a n-áonionad a n-áonló



Ann sin do-chóidh Caoílti don Fhéin
eidir reidh agus aimréidh
ba hé Fionn budh foixe dhó
is fíor is ni hiomarghó



Tarraidh Caoílte in cloidiom cáidh
tarraidh Fionn in truaill 'na laimh
rug Caoílti an cloidheam glan
an truaill d'Fionn mor Alman


L. 132


Damsa ceart a Caoilti chrúaidh
fon gcloidheamsin cona truaill
ad-cíad fiadhoin sunn go glan
gur a n-aoínfeacht tarramar



Do-bersa ceart na caingne
mar as fearr bherus Aillbhe
mad fearr leat munbudh treorach
beraidh Fithiol fireolach



Do-ghén bar gceart ar Aillbhe
sol deachus sibh a rógairge
breith dháor oraibhsi ré headh
is mairg duine do beradh



Do budh é sin is ceart cóir
ar mac Cumaill meic Trenmhóir
acht gemadh áil duinn teacht ris
is duinne ro breathnaighis



Na habairsi sin a rí
gin gub áil lim sibh gan ní
aderad Fithil na mbreath
dlighidh gach láoch a deigheach



Día ndlighidh cloidheamh a truaill
a meic Cumaill cloidheamcrúaidh
dligidh in truaill sgél go lí
in beilfhleasg óir go gcaoimlí



Ag súd duitsi a Chaoílti chrúaidh
in cloidheamsin cona trúaill
agus ag súd suairc in séd
béilfhleasg óir go n-imcoiméd


L. 134


tri fichit uinge d'ór dhearg
mar do innill Iollann dearg
iss eadh ata suairc a lí
ar in mbeilfhleisg go gcaoimlí



Deich cced each is deich cced bó
is do-bheradh ní budh mó
ar son in cloidhim go maoín
targaidh dhó Fionn a Formaoíl



Mar tairnic duinn ceart na ffear
dirim cairpteach na ndeighfear
Fithiol is Flaithri amach
ad-ciam cugainn is Cormac



Ceiltear uainn ceart na caingne
iss eadh adubairt Aillbhe
mo breithsi munbudh treorach
beraidh Fithil fíreolach



Fearaid fáilti Fíana Fáil
risin gcaom gconchar gcomchair
gur suidheadar ar deis Finn
an ceathrar uallach airmgrinn



Sona go ttigit leasa
adubairt Fionn fáidh feasa
mo ceart is Caoílte gan on
daoibhsi tig a leasughadh



Sgél agamsa duit a Finn
adubairt Cormac caomgrinn
sibsi agus Aillbhe uas gach modh
is áil leinn diar siodhughadh


L. 136


Gabhoir Fithil crodh gan locht
do-deachadar am lupgort
do itheadar mo losa dhe
's do millseador mo bláth blaithi



Innisidh Fionn na sgéla
's ní roibh Caoílti día séna
an breathsin rug Aillbhe doibh
rus-mol an ceathrar comcoir



Nochan eadarsa nach íad
ro mhill lubhgort Átha Líag
teagaid mo gobhair am dháil
gan fostadh gan iomgabhail



Búachail a ndíaigh na ngopar
gan eagla gan iomomhan
is búachail oile gan locht
agatsa thall ad lubhgort



Do-ghen bar gceart ar Aillbhe
nocha bhiú día comairle
iocadh in lubhgartoir ribh
ar millseat gabhair Fithil



Ag sin breath do bhermaoís féin
ro raidh Cormbac go gcoimcheill
is í do bermaois uile
ar mac Cumaill Almhaine



Fleadh agamsa duit a Fhinn
adubairt Cormac caoimhgrinn
aire tanac ar do cionn
mar onóir d'Fíanoibh Eireann


L. 138


Deich cced do taoiseachaibh Fían
lodmar go Teamraigh na ngiall
gan caolbháidh gan caingean locht
Aillbe caomnár 's a banntracht



Coig tratha duinn a tTeamraigh
a ttigh in ríogh mhóirmeanmnaigh
ag caitheam bídh is leanna
ba haoíbhinn ar n-airrdheana



Suairc in tuarustal dar liom
dus-rad Cormac da dheóin d'Fionn
tri fichid uinge d'ór dearg
agus caoga cú croibhdhearg



Cáoga ceangaltach na gcorn
cáoga fithchioll go ndath ngorm
agus cáoga each n-áonaigh
do mac Cumaill armfháobhraigh



Maith ríghe Cormaic is Finn
mairg fuil na ndíaigh a nEirinn
ba hé bleaghan gach bó abhus
lán a sreabhainn ré a tomhus



Mairg táir an aimseir día n-éis
re a hinnisin re a haisnéis
budh sladaighe fir domhain
bradaige mná a gcuileadhoibh



Reacfaigtear iasg mara móir
risna Gallaibh a gcedóir
ar ttoigheacht docum tíre
budh comartha drochríghe


L. 140


A ndíaigh na naom go n-aille
cleirigh dhíana diogháire
ag foláir chrábhaidh go beacht
is íad féin nocha ndingneat



Gidh olc na cleirigh gan bhrígh
measa go mor na hairdrigh
gidh olc na rígha rabhaigh
measa na maoír threintaphaigh



Día labhraid cluig a gceallaibh
gidh ard leighionn gach seanoidh
nocha mó do-cluin Criost cáidh
no sanais isin camáir



Nochan feadar créd do-dhén
fil mo rosc ag sileadh dér
cloidhiomh Caoilti ba caom gné
is meabhair leamsa gurab é



ISE


L. 142


XLVIII



Deargrúathar cloinne Morna
sochaidhe día ttugsat dógra
o Tuinn Túaidhe nír treas tim
budhdheas go Clíodhna cheinnfinn



Ro marbsat a nDún da Bheann
Maine agus Dían is Deileann
ionmhain tríar ar gcúr a neirt
meic Feardhomhain móir feirceirt



Do marbhsat a nGleann Umha
Uaithne fionn mac Finnumha
ro marbsat a cCarn Alloidh
Faolán agus Follamhoin



Ro marbsat na tri Finn
is na tri Duinn cinn ar chinn
ro marbsat is rob olc liom
in seanóir crimnach Crimall



Do marbsat Tuathal nár thim
do marbhsat Áodh is Oilill
do marbsat Tadg ina tigh
agus Fionn bán mac Breasail



Ro marbhsat Sgíath breac búadach
ro marbhsat Áongus uallach
ro marpsat mo dhá daltán dil
Leagán lúaimhneach a Lúachair


L. 144


Do loiscseat Formaoíl na fFían
go n-iomat geimhiol is giall
do marbhsat Raíghne go rath
do loisgseat Aillbhe uallach



Ro marpsat a tTulach Óg
Iollann mac Finn is deaghÓg
Óg mac Finn fear go rath
úaidhe sloinntear in tulach



Áodh ó Geimhnáin nár laga
agus Áodh ó hÚaineagda
Áodh o Teamhair ro-chlos
ro marbhsat uile a gCláonros



A gCláonros mac n-Uisneach n-ard
sochaidhe día ttuscat mairg
mar ar fhagoibh Caoínce cíath
mo macsa féin forrach níadh
budh é ainm na tulcha dhe
go ttí in brath Cainsgíath Chaoínche



Caoince cearr a cCionn Tíre
Áodh mac Áodha is Íle
Áodh agus Íle agus Bran
is leósan do-rochrador



Trí chéd allmarrach ar caí
um Bháire um Labraidh Gaí
do geallsatar damh ni breg
Alma uile do choimhéd



Tugattar deargár na ffear
Bodhmann luchoir láingheal
nochar fagaibhseat 'na beathaidh
ingean Iochtoir airmleathain


L. 146


Ro marbadar na trí chéd
um Bháire um Labhraidh ní breg
marbsat Bodhmann líth ngal
agus ro gonsat Sgannal



A gcionn bliadhna nocha gó
ba marbh Sgannal do gaibh cró
tren rom-gabh sniom arna dul
Almha do beith gan Sgannal



Ced rioghan nach lúaidheadh cláon
da ched um an da macáomh
ro marbhsat mór in sgeile
um Uathach fhionn Almhaine



Ro marbhsat a Port Omna
Breasal is Corc is Connla
do ghonsat Oissin budhdhéin
agus Cairioll go gcaoimhcheill



Naoí mic Iobhair is Iochtair
deich meic Cuinn deich nimchidh recte ? nimchidh
ro marbhsat ag Druim os Tráigh
um Finndeirb ingin Cannáin



Do marbhsat ag Druim os Loch
Oilill mor maith d'ar tteaglach
is uime adeirthear Druim Brón
mar ar marbadh Oilill mór



Druim Broin ó bhron Féine Finn
on laithe do tháot Oilill
nochar codlus oidhche shaimh
ó do marbadh mac Faoláin


L. 148


Meic sidhe assin Mumhain mhais
dainim dhuinn bheith 'na ffegmais
is íad do tuidheadh go prap
a mbotha do rúscoibh slat



Ro marbhsat Taidhme 'na dhún
teaglach ro budh dainim dhún
agus Breasal mac Bratha
agus Coirbre Cláonrátha



Do loisceadar Crúacha Ceard
's a ingean Luchair laimhdhearg
do marbhattar 'na hinis
a shiúr budhdhéin Maighinis



As sin dhúin ba cuairt chonuis
go Buailidh an Áondorais
rugsam orra trúagh an dáil
um Leitribh cruaidhe Colláin



Adubairt Goll do glor ard
go ríoghdha agus go rogharg
na faghbhadh Finn sibh amoigh
a maca Cormaic cneisghil



Tabhraidh dhamh mo chruit go n-ór
adubairt Daíghre dreachmhór
go seinnear í mór in modh
go gcuirinn cach 'na ccodhladh



Ann sin dus-radadh a chruit
go mac Mórna fa binn puirt
no gur codailseat uile
le mac Mórna mungbhuidhe


L. 150


An tan ro budh codladh dhóibh
teagmaid cuca lín ar slóigh
isseadh ron-mosgail miadh ngal
gáir na Feine ga marbadh



Ro fagsat da ttríen a n-arm
ro marbsat Feargus foltgarbh
do marbsat teannta ré muir
Garb Crot Garb Gréine ó Ghlasmhuir



Ann sin do-cúadhmar 'na ndáil
go feis tighe Forannáin
dhá chéd dar muinntir go ngoil
ro marbsat an oidhchesoin



Ro marbhatar Saltrán seang
ró marbhadar Gúaire cearr
do marbhadar gerb olc linn
trí mic Luíghdeach meic Croimchinn



Ro marbhsat Gille Uallcha
ag teacht ó Teamhair Lúachra
ro marpattar trúagh in dáil
Feindidh mac Finn mic Cuáin



Ro marbattar Cirre cáol
ro marbattar Duph agus Dáol
ro marbsat ar Moigh Line
Dealán cuanna cruitire



Ro mharpador Faolchú fíal
mo macsa féin forrach níadh
ro marbsat mo mac eile
Maol Dearg ro ba moirsgeile


L. 152


Ro marpattar na trí lacuna
ar in leirg uas Cnucha cuirr
ro baitheadair ar in muir
na tri Deirg ó Shléibh Ditraibh



Ro marpadar Faolchú fíal
ro marbadar Corc is Cían
ro marbhsat Mongán ón túinn
agus Conán mac Crimthain



Ro marpadar Lughaidh lonn
ro marpsat Cairche crom
ro loiscseat ced cuaine con
a tTulaigh úaine Árchon



Tulach Árchon ó ár con
ainm na tulcha mór in modh
Tulach Airde a ainm roimhe
ó aird con Mic Fíodhbaidhe



Seisior fiche ar sé chéd
ar chóig mhíle mor in béd
do cloinn Bhaoísccne mór in modh
do thuit ar in deargruatar



DEARG


L. 154


XLIX



A Oissín in ráidhe rinn
ní d'fáisdine mic Cumhaill
ar tairrngir in rí go rath
aingil go fior do adhradh



Inneósat duit sgél gáidh grinn
a Patraic moir mic Calprainn
agus budh crádh léd chroidhe
gach dal ga ttu ag tarrngoire



Suidhe do-rinne Fionn shoir
os glinn ag Beinn úir Édoir
go ffacaidh nell tiugh atúaidh
gor much Eirinn re henúair



Is iad ba foixe don rígh
do mac Cumaill Almhainí
meisi agus Osgar go ngráin
agus Caoílti mac Ronáin



Briatraighim ar tus miadh ngal
d'Fionn mór ardflaith Almhan
cred in nell dorcha atuaidh
ro much Eirinn re hénuair



Ann at-beart Caoilti croidhe
re mac Cumaill Almhaine
tabhair h'ordain fad dhétt fis
is na leig sinn a n-ainfhis


L. 156


Trúagh sin a Chaoilti chroidhe
is cían uait in tairrngire
measgfaid Danair tar Muir Meann
a n-uilc ar fhearoibh Eireann



Millfidh síad Éire uile
eidir mhagh mhin is muine
frí ré da chéd mbliadhain mbil
in Fodla fon gceinneamhain



Ni ffuighit síad do rath ann
nach mo is dith dhoibh a fhulang
gach a marptar ann míadh ngle
bidh amrath da n-íerdraighe



Fear Diardaoín tig ar a gcionn
olc a íermairt d'íath Eirionn
Mac Murchadha in diabhal dúr
budh siabhradh sin a n-iumpudh



Bidhat olc reimhius in rígh
bíaidh a áras ar dimbrigh
gan mac gan iarmhúa go mbladh
gid íargno liom ar labhradh



Laighin ar tús daortar ann
saoth lem chroidhisi a chomhal
gan righ orra acht iarla duph
gan fíana día n-anacal



Loitid Midhe is Mumha mhas
nocha lugha in t-olc amhnus
go mbeid fad o dioghail duibh
uch budh doiligh in dioghail


L. 158


Oirghialla is Ulaidh an áigh
daorfaightear íad don áonpláigh
futhaibh go danardha dil
beid Connachta go crithir



Síol Conaill is Eoghain fhéil
fon daoíresin fon deighréir
beit futhaibh go ciamhair cain
ré triocha bliadhain bunaidh



Ticc chuca rí Saxan saíbh
día n-easchoma día n-anaoíbh
go mbeir a ngeill tar Muir Meann
olc a mhéin d'fearoibh Eireann



Fagbaid fear 'na ionadh ann
re siubhal reacht is remionn
fear firinne adearor riss
gidh dichleith is fear fuiris



Cedchath chuirit ni dalbh dil
ní cath é acht maidhm do ghnuisibh
cath Cnucha ar tri cathoip dhe
mar do ordaigh Ri neimhe



Aimseir medhoin a fheadha
ní deireoil a imneadha
dia mbiaidh lobar gidh saoth lim
seacht mbliadhna a ríghe nEirionn



Go ttig trenfear oile anoir
tre comairle in lobhair
go ccuirionn go lonn dar libh
rissin Donn cath an éinfhir


L. 160


Rod-bath in t-aoínfhear don cath
ann claoitear a réim 's a rath
budh lén don lobar íar sin
trén a omhan día mhuinntir



Eireochaidh in Donn Failgeach
feta fossaidh fírchaingneach
cuirthear gan fhatha le a linn
trí catha leis a nEirinn



Cuirfe cath a nÁth Seanoigh
ó a mbeid Gaoidhil fo mheabhoil
do thuit gleó Gaoideal sa chath
agus aoínfhear allmhurrach



In fear donnsin gan deile
budh sonn fola is fionghaile
do-tháot do galar uaire
gan cophair na caomuaille



A gcionn tri mbliadhan iar soin
cuirthear ár ar Ghaoídhiolaibh
nach saoílionn duine 'na dhíaigh
gan Gaoídhil uile a n-airdghlíaidh



Digheóltar in t-ár íer soin
mar nach nár ag Mhuimhneachoiph
ar reabhradh na ngall ngaiscidh
a fFeapra thall tarrustair



Da cath dibh sin a Mumhain
in treas do-bheraid Ulaidh
agus cath sa Midhe mhais
Rí neimhe ga ccoimaitchis


L. 162


Tic mac rígh Saxan tar sál
cíen lim 's ní ar a ghrádh
budh da thoigheacht go fíor dhe
cuirtear Danoir tar sáile



An macsin tig tar in sál
go n-imat Gall go neamhgrádh
nocha ndingne ríghe réidh
go cur na tíre a n-aimréidh



Coimhríaghoil soir is abhus
ga chineadh ar áoncadhus
re tomhus téd is troigheadh
tig día eis in t-ainndligeadh



Tidhlaicfidh leath Eireann uile
don lucht tiucfus leis tar tuinn
go ndighlaid in lucht abhus
go fiorchrúaidh orra a tturus



Do-gnit connailbhe go cáidh
Goill agus Gaoidil d'enlaimh
a n-aghoidh na nDanor ndúr
madh lamhor liom a n-iompúdh



Fearoid in cath cruaidh go cain
beódha do-nit a thaistil
marptar é 's a sluaigh ier sin
don taoiph thúaidh do Moigh Maistean



Ríoghait rí Oiligh ámhra
docum in catha calma
marbhtar é 's a slúaigh go fíor
a gcath Maistean na moirgniom


L. 164


Deich mbliadhna fichead go holl
gan chath agus gan comhlann
gan neach 'na n-aghoidh fo neimh
seal a samhail 'na samhloibh



Go tteagoitt na Goill anoir
do dioghail orra a n-ármhoigh
ón Easpainn adhbhail andeas
ní cabhoir in comhfaitcheas



Cath Saingeal cuirfidhear ann
a n-áithfithear fir Eireann
ní cuirfit Gaoidhil no Goill
a shamhoil sin a n-Eirinn



An cathsin adeirim ribh
ann bhías róiríghe Saingil
beid Danoir go brónach dhe
budh dreamhoin a n-ármhoighe



Rioghait Tairbhré do shíol mBríain
do chur in catha go nglíaidh
go soiris assin Mumhain mhóir
go cubaidh síol in gallghlóir



Tri lá dhó ag cur in catha
ré macoibh na n-anfhlatha
a gcionn tri laithe go mbladh
tair a maithe do marbhadh



Eirgid cóig coigidh Eireann
futhoibh go rathoibh reimionn
go ndiongoibh in duileam dil
do gach cuigead a coinnimh


L. 166


Eirgid úa na rígh reabhach
bhios fo shiol na Saxanach
do dichur in cinidh cuil
do budh dligheadh a dhenuimh



Eirgis Sráonghalach Doire
go gcuirionn a n-ár uile
go ceann miosa on chath amach
gabhoid orra dia fforrach



Sráongalach ó Dhoire atuaidh
agus Áodh iodhan go mbúaidh
gidh cía frí senadh atúaidh
teit docom neimhe fo bhúaidh



Ní leanfam go leig ní bhus mó
tar éis gall n-úr is anródh
gidh mor a lochta léra
is mó anois a n-aithmhéla



Patraic mac Alprainn go mbloidh
órus fortail for dheamhnoibh
sireadh sossadh reidh ón rígh
d'Osgar dam féin is d'Oisin



A OISIN


L. 168




A Oisin fuirigh ar Dhía
na himidh uaim ní bhus sía
tabhair aithne mar budh gar
is misi anam t'athar



Uch ní tabhraim aithne fort
a Finn acht ge cáomh do corp
ba halainn do dhealbh do dreach
ag dol uaim tar gach n-áonach



Deacair aithne orm a fhir
a Oisín a mheic mheirgil
iomat mo pían mett mo ghal
íad ata agom treagdadh



In cedoidhche do-chúadhus d'eg
d'fios na cróine mor in béd
dar chogain sí me sa glinn
uchán nír chonair airdrigh



Ann sin ad-beart Ifreann féin
eirgith slaidhtear Fionn on Féin
buailidh túargidh é go teann
na bioth agoibh a dithioll



Mar ba dursan leó mo lén
anmanna na fFéin ffiortrén
teagoit cugom mor in modh
agus trialloit mo chosnam


L. 170


An cumhain leat a Ghuill gloin
do mac Cumhaill a hAlmhoin
do marbadh sa carraic tall
is do sgaradh ret anam



Ro ionnarb sé clann Mhórna
ro imbhir orra doghra
ro bhasaidh na mílte fear
do cloinn Mhórna na gcorrsleagh



Dia ndeacham síos ar do cionn
ar Conán maol ní leasg liom
da ttugam beim tar do ceann
na tisam fein as ifreann



In cumhain leat a Ghuill glain
do mac Cumaill ó Theamraigh
do marpadhsa mor in modh
agus marbadh do bhráthor



Ge do-rinne seision sin
deaghmac Cumhaill a hAlmhain
truagh gan neart céud am corp cain
do tabairt Fhinn ó dheamhnaibh



Ionmhain buidhion tainic ann
sios do comrac tar mo ceann
anam Guill ba feirde in dáil
anam Daigre anam Conáin



Anam Airt óig mic Mórna
ge do-rinneas ris dógra
anam Osgair ro claoí cath
agus anam Mheic Lúghach


L. 172


Ro íadhsat umam ar gach leath
anmanna na cceitri rúadhcath
sgaoíltear íad ba cruaidh in teidm
soir síar seachnóin ifeirn



Uch tri fichid bliadhain búan
ro bhí misi a n-ifreann fhúar
no go ttainic Rígh neimhe
gur fech orm tre trocaire



Ann sin ro-siacht aingeal De
uchagán ba geal a ghné
ba he radh an aingil rim
a Finn fagoibhsi ifrind



Do rugusa leam ar luas
tigim ar bord iffrinn súas
míle deamhan don tsluagh gorm
ro lean me ar luas a hifiorn



Día madh liomsa an bioth bán
eidir crann is cloich is chlár
uaim a n-onóir mo Dhé dhuinn
ar teacht áonoidhche a hifrionn



Eirigh anois go Síth Truim
ait ar cuireadh Cu Culainn
leat fein neamh ó Righ neimhe
amach o ló in measraighthe



Ag sin turus do-choidh Fionn
mar do ordaigh Rí na rionn
dar fhíafraigh sgéla go mín
do Patraic agus d'Oisín



A OISIN


L. 174


LI



Eirigh suas a Oissín
a mheic Finn meic Cumaill
meic Trenmóir í Bhaoísgne
ag sin Caoilte cugainn



Bithí ar aon go subach
a mheic righ na Féine
denoidh go ceart comhlán
bar gcomrádh ré chéile



Ro bhaist Patraic baismhín
íad a ndeireadh a n-aoíse
tug sé Art ar Oisín
agus Conn ar Caoilte



Ag sin daoip bás Caoilte
mac réidh Ronáin reabhroidh
a ndeireadh a lathoir
a bathadh a tTeamhroigh



Do tuit mac na flatha
le horchar in cléirigh
Oisín ger tren talcar
on urchor nír eirigh



ÉIRIGH


L. 176


LII



Eirigh súas a Osgair
ro-fheas is tú in bunadh
gidh lor med na ndeighfear
dingoibh dinn céd curadh



Imthigh trithibh is tairrsiph
gursat máola méidhe
geibh sgieth eangach úaine
is cloideam go ngeire



Geiph sgieth is geibh cloidhim
is airm níadh rod-rubha
geibh lúirigh rod-meala
nar maoídhit do thubha



Is mór in gniom dhamhsa
a ffiadhnuise m'fiadhan
dearlacadh mo naoídhion
a gcionn a naoí mbliadhan



Ni tiucfa is ní thainic
ba fearr lamh na luighe
is ni ffuil crann sléighe
is sía dus-sía a nduine



Mairg re ttiubhra a treisi
lé a cloidhiom go ngeire
ó thig fearg a laime
in fear dearg is déine



EIRIGH


L. 178


LIII



Faoídh cluig do-chúala a nDruim Dheirg
mar a ndéndis in Fian seilg
ní chúala riam roime soin
guth cluig a fforaoís fhíadhaigh



Faoídh cluig do-chúala a nDruim Dheirg
mar a ndendis in Fhían seilg
agus ní cuala rem ré
áonguth ann budh binné



Faoidh cluig do-cúala a nDruim Dheirg
mar a ndendís in Fhían seilg
binne liom ar tteacht ar slogh
an dord Fían ga ttinól



Faoídh chluig do-cuala a nDruim Dheirg
mar a ndéndís in Fhían seilg
binne liom ar tteacht amach
in fhead do-niodh Mac Lughach



Annamh le coill Droma Deirg
faoídh cluig innti leirg do leirg
fa minca don ál chúaine
deireadh oidhche adhfhúaire



Cía in trú chleirighso shíar
bheanus a cluigín go dían
nach eistionn re guth na ccon
ata sa ghlionn 'na fhorradh


L. 180


Gidh binn leatsa guth na gcon
agus gidh adbar meanman
is binne leisin Righ in neach
eisteas comrádh na ccleireach



Gidh binn leatsa a n-abrait soin
agus gidh maith led meanmain
is binne buireach in doimh mhir
no in ceól chanaid na cleirigh



Ad-connarcsa fir sa moigh
nac eistfeadh re guth do cluig
is do fuicfeadh marb ma-le
tusa is do cleirigh uile



Binne liom um trath eirghe
cearca fraoích a mbeannuibh sléibhe
no guth an cleirigh astigh
ag meighligh ag meigeallaigh



A Oisín innis sgéla
is na leig sinn fo mhéla
creud do-dendís riomsa dhe
fan cluigínso bheanuimse



Do-bheirimsi briatar go fíor
luighim fo anmain mo ríogh
go mbeanfadh do clog ad ceann
no go mbeitheá gan anam



Da gcluineadh Garbh Doire dían
faoídh cluig sa chillso hsíar
do rachad go grod asteach
's do brisfeadh clog na ccleireach


L. 182


Da gcluineadh Fionn in féindidh
faoídh do cluigín a cleirigh
do rachadh ad ceann gan acht
is ní roicfeadh uait imteacht



Da gcluineadh Conán na fFían
faoídh in cluigsi riom aníar
cleirigh bheata do bheith ann
do beidís uile gan anam



Da gcluineadh Caoílti croidhe
fear nar opthac n-iorghaile
do rachadh asteach gan ghaoí
's do brisfeadh bar gcluiginí



Uchán is cradh lem chroidhe
sgaradh re leirg Máonmhoighe
is rissin láochraidh ffeilsin
rem fhéin is rem deigheixibh



Is me Oisín deaghmhac Finn
creidim Día thuas a Thailginn
ge atu atu anocht gan fhéin gan mhaoín
is pían lim faoídh in chluigín



FAOÍDH


L. 184


LIV



Domhnach lodmair tar Lúachair
dar cuirsiom seilg um Cruachain
um bordaibh Locha Léin Lir
um bruachaibh Ghleanna Faoinneallaigh



Cuirmid ar mná uainn íer sin
ar ffilidh ar n-oirfidigh
do lodmair a ndiaigh ar mban
agus ar ffileadh ffíorghlan



Do roinnseamar sinn budhdhéin
don taoibh aníar do Loch Léin
battar gille glana ann
nach gealladh ní gan chomhall



In gnaithFían ó Leamhain siar
um Coirthe um Dhoire na fFían
um Gleann mBroic is um Gleann Con
um Gleann Duine dhá Dhubhthar



Clann Morna laimh re Loch Léin
aoíbhinn doibh ó shleibh do shleibh
ionmhain crobhaing dhíleas dhron
ar nach ffuighbithe baéghal



Áos ógbaidh soir agus síar
in lásin fa fhlaith na fFían
a gceartmheadhón na sealga
gondaois doimh dhoinndhearga


L. 186


Gapmaoíd longport líth gan oil
tortach ar seilg in lásoin
suidhighmíd longport gan tár
acht Dubh Dala a aonarán



Codhlais mac Maoil Gairbh amuigh
gairit do nó gur mhuscail
biodhghais a aigneadh gan tlás
beiridh rúatar tre úathbhás



Tairringis Cluasán a ceann cain
as a haird aloinn eagair
dúisgis in cú go ngairbhe
arracht muice moraidhble



Gearr do battar 'na garadh
ar n-eirge dhi da falach
fágbhais in gcoin fa mhéla
da goinidibh gairbhghéra



Imdhis in mhuic uainn don leirg
is fagbhais in gcoin fa mairg
cíí Dubh Dhala fa a choin
is claoídhis a feart fódbaigh



As sin dó go longport Finn
's nír cheil ar in fFéin ffoiltfhinn
muc do luathmharbadh a chon
's a dol uadha gan fhostadh



A Dhuibh Dhala a laoích gan locht
adubairt Fionn fáobarnocht
in mhuic 'sa tuaruscbháil sin
ní fuighbithear í a n-aisgidh


L. 188


Arna mhárach dhuinn da seilg
sochaidhe do-rad fa mairg
íadhmaid uimpe aníar 's anoir
fa dheisceart Bhearnuis Baoghlaigh



Ad-ciam chugainn in muic mir
ina harracht anaithnidh
ina ruatar trésan fFéin
mar sidhe con da coneill



Tarla urcar do cloich chruinn
ar a gnúis ó mac Cumhaill
gur bris a dreich dorcha dhuibh
gur leig trí garrtha gabaidh



Beartuighim buille chuice
ni d'imgabhail na muice
go ndeachaidh tresan gcloich gcrúaidh
's nir dearg ar in muic mhongrúaidh



A hécta ag Bealach Bheime
ó mhaidin go trath eirghe
tríar ar fichid rádh nach brég
is tri coin teasda do chéd



Máol Tuile is Tadg míadh ngle
in dá mac budh só ag Caoílti
do thuit le ar lathair goile
agus Conn mac Cabhlaighe



Colla do budh neassa dhi
fa duibhfheadhaibh Formaoíle
ga hiompódh do ag Sgairbh Chomair
lingis in mhuic morghlonnaigh


L. 190


As sin di go hÁth Chluig
Colla nochar chuir da muin
go ttug naoí ngon do sgín
ar in ffuath n-eitigh n-ainmhín



Anais Conán agus Fionn
ag Sruibh Dairbreach ar a chionn
agus nír lughaide a ngráin
re húath nó ré hiomgabhail



Anais Faolán fear go gceill
eidir in muic agus in Féin
gur chuir corrgha nar beag neimh
go ceart triana dhá seiridh



Tairbeiris Conán a dhi shleigh
ar an arracht n-anaithnidh
cuiris di shleigh Conáin féin
'na mblodhaiph go hard aigméil



Diubraicis Fionn sleigh oile
ar in slios ngarp nginoidhe
do ghoin is do bhuail íer sin
is do marbh í 'na deaghoidh



A n-aoinfeacht do Colla chain
's do Mac Lughach ar lathair
is do tuit in muic ar lár
le Fionn agus le Conán



Naoí ngilla agus tricha fear
eidir thus agus deireadh
do-rochair lé miste ar sealg
is seacht fichid cú croibhdearg


L. 192


Deich ccéd muc is deich gcéd agh
isin seachtmainsin tar lear
is se chéd mil moighe amach
ar seilg a sin go Domnach



DOMHNACH


L. 194


LV



Is fada anocht a n-Oil Finn
fada linn an oidhche aréir
in lá aniu ge fada damh
do budh leór fad in laoí ané



Fada liom gach lá dha ttig
ní mar sin fa cleachtadh dhúin
mo bheith a ffegmais na fFían
do cuir sin mo ciall ar ccúil



Gan áonach gan ceól gan cruit
gan brondadh crúidh gan gniom greadh
gan díol ollamhan ar ór
gan ealadhoin gan ól fleadh



Gan bheit ag suirghe nó ag seilg
in dá cheird le a raibhe ar súil
gan deabaidh gan denamh creach
gan beith ag foghluim cleas luith



Gan earradh gaisgidh do ghnáth
gan imbirt mar budh gnáth leinn
gan snamh re láochraidh gan locht
is fada anocht a n-Oil Finn



Fada mo saoghal tar eis na fFían
ni cneasta na budh cían linn
ba híad in láochradh gan locht
is fada anocht a n-Oil Finn


L. 196


Is don tsaogal mar ata mé
truagh a Dhé mar ata sinn
am áonar ag tarruing cloch
is fada anocht a n-Oil Finn



Sir a Patraic dhúin ar Dhía
fios an ionaidh a mbía sinn
nó in sáorfa m'anam ar olc
is fada anocht a n-OilFinn.



IS FADA


L. 198


LVI



Mairg fuil ar h'iarraidh a Bhrain
is sgaradh cuirp re hanmain
úair nachad-faguim a Bhrain
ni charuim ní ar talmhain



An lamh dar bhúaileas Bran
dursan nach liom do sgaradh
nach beinn a mbeathaidh abhus
dursan nach d'eg do-chúadhus



Rí na gcon do bíodh am laim
os leicnibh Sleibhe Colláin
is ni raibhe ar bith go mbáigh
cú ar a mbeith a túaruscbáil



Da taobh geala do bhi ag Bran
earboll nua corcra gléghlan
ceatramha corcra go roinn
ótha earboll go hiardruim



Ceithre cosa gorma faoí
re himteacht oidhche agus laoí
cruibh úaine nár teachtsat báigh
ingne ettrochta iucháin



Rosc dreagain ina ceann cóir
ris nir fedadh iomarbháidh
aluinn agus cáomh a clú
mo is gasta na gach miolchú


L. 200


In cú ba hairde sa Féin
thigead gan cromadh fo a bléin
is a ceann ba gasta in roinn
ba comard é rem ghúalainn



Ceithre míl do leiginn uaim
miol budhdheas is míol budhthuaidh
miol síar agus miol soir
do bidís uile a mbel Bhrain



Da mbeith deireadh laoí gun fFéin
gan seilg gan fhíadhach do chéin
do bheradh a gcuid a coill
do biathfadh Bran ó Bhoirinn



Is aire do bhuaileas Bran
is mór n-úair ba haithreach dhamh
gáir na ccon is na sealga
risna fiadhaibh foirdearga



Tugus buille d'eill buidhe
dhó go ffailgibh fionndruine
do-chúaidh an idh óir 'na ceann
mairg do-rinne in gnim róitheann



Iongnadh leis a bhualadh damh
do bhoí athaidh gom feghadh
gur silseat frasa déra
tar a rosgaibh rinnghéra



Olc sen far togbadh in lamh
olc sén ro tairngeadh go hán
olc sén do-righneadh in beadg
mairg do-rinne in gniom rogharg


L. 202


Tairngidh uaim a heill go tric
gur bhris in mhuince airgid
dar theith go moch ar in sleibh
gur ling sa loch a luathleim



Tri hualla gacha nona
ag ar gconartoibh cródha
coin na Feine ag iarraidh Bhrain
's an Fhían uile go cíamhair



Ní chúala guth con ag seilg
ar moigh ar móin ar morleirg
ó do sgarus rem choin ngairg
na beith mo croidhe fo mairg



MAIRG




Ag sin duit a chaiptín Samhairle. Agus da ffaghuinn ní budh mo
ina sin do Dhúainaire Finn réna sgriobadh do-dhenainn dháobhsi
é. Misi Áodh Ó Docartaigh do sgriobh a n-Óisdin in .12.
Februarí.1627.


L. 204



LVII



A Oisín as fada do shúan
eiridh súas is éisd na sailm
ó thairnic do lúth is do rath
do chuirtheá cath a ngleó garbh



Do tháirnic mo lúth is mo rath
ó nach mairionn cath ag Fiond
i ccleircibh ní fhuil mo spéis
nó ceól da n-éis ní binn liom



Ni chúalais a ccomhmaith do ceól
ó thús domain mhóir gus anocht
tá tú arsaidh aimglic líath
gé do dhioltá clíar ar cnoc



Do dhíolainnsi clíar ar cnoc
a Patraic gidh docht do rún
as mairg dhuit do cháin mo chruth
is nach ffúair me guth ar tús



Do-chúal ceól as fearr no an ceól
ge mor mholus tú in chlíar
sgalgarnach luin Leitreach Laoí
's a' faoídheadh do-níodh in Dord Fían



Smólach guithbhinn Ghleanna in Sgáil
monghar na mbárc 'búain ré tracht
budh binne liom trosd na ccon
na do sgol a chleirigh cháidh


L. 206


Da ghadar dhég do bhí ag Fionn
an úair do léigthi fá Glionn Raith
budh binne liom a n-oific chiúil
's a n-aghoidh on tSiúir amach



An úair do shúidhiodh Fionn ar cnoc
shinntí gan locht in Dord Fían
chuireadh 'na ccodladh na sluaigh
mo-núar budh binne leó in chlíar



Cnú Dheireóil cnú mo chuirp
abhac beag do bhí ag Fionn
an úair do shinneadh cuir is puirt
do bhíodh sé 's a cruit go binn



Blathnaid bheag an inghean óg
tug móid re fear fon ngréin
acht Cnú Dheireóil agus sí
och a rí budh binn a mbéil



Do budh mían le Fionn na ffleadh
síansán con a ffad ar slíabh
coin allta ag fagbháil a ccúan
mordháil na sluagh dob é a mían



Iomdha mían do bhí ag Fionn
nach ccuirtear a suim id dhíaigh
ni mhairionn Fionn nó na coin
's ní mairfe tú a Oisín na cclíar



As mo an sgel Fionn no sinn
is na 'ttainic ler linn ríamh
andeachaidh is na ffuil beó
dob fearr fa ór Fionn na fFían


L. 208


Tug sé naoí gcatha sa fFraingc
naoí bhfichid cath a nEirinn uill
on tsruth ar baisdeadh Críosd
do theigh a chíos go Toigh in Duinn



Tug sé naoí ccatha sa Spáin
airdrigh Lochlann a laim leis
beacht do bhí in domhan fa chíos
'sé budh rígh isin Greig Bhig



Lochland 's an Innia mhór
tigeadh a n-ór go teach Fhinn
ní roibhe coimmeas ris ó Chríosd
ní fhacus rí os a chionn



Mairg dhamh do hanadh dhá éis
gan mó spéis a muirn no a cceól
um damh críon d'aithle na slúagh
as damh is truagh a beith beó



Trúagh a Tháilginn an sgél
bheith a ndíaigh na ffear go fann
ag eisdeacht re ceól na gclog
as me um sheanóir bhocht dhall



Da mairiodh Fionn is an Fían
do fhuicfinn clíar na ccros
do leanfuinnsi fíadh a ngleann
is budh mían leam bheith ré a chos



Sir a Patraic dhuinn ar do Dhía
neamh d'Fionn na bFían is dá chloinn
déna guidhe risin fflaith
ni chúala a commaith rem linn


L. 210


Ni iarrfa méisi neamh d'Fionn
a fhir nach grinn ler eirigh m'fearg
gurab é a mhian rena linn
beith a nglionn ag síansan sealg



Da mbeithea faris in fFein
a chleirigh na cclíar 's na clog
ní tiubhra th'aire do Dhia
acht ríar chlíar agus sgol



Ni threigfinnsi Mac Dé Bhí
ar a ttainic a cclí thoir is tíar
a Oisin in fuighle bhuig
olc do-chúaidh dhuit díol na cclíar



Gach ar pronn tú agus Fionn d'ór
olc do-chúaidh dhó agus duit
ata sé a n-ifreann 'na gheall
mar do-denadh feall agus broid



Beag do chreidfinn dot ghlór
a chleirigh na leabar mbán
ní roibhe Fionn na coimfhíal
ag duine nó ag Día a lámh



Ata sé a n-ifrionn a laim
fear fa sáimh do bhronnadh ór
a ndíol a easurradhais ar Dhia
ta sé a ttigh na bpían fá brón



Da mbeith clanna Morná astigh
nó chlann Bhaoísgne fir fa trén
do-bherdaoís sin Fionn amach
nó bhíadh in teach aca fén


L. 212


Da maireadh Fáolan is Goll
Díarmaid donn is Osgar áigh
a n-éintigh riam dar chom Día
ní bhíadh Fionn na fFían a láimh



Coig coigidh Eireann fa seach
's na seacht ccatha boí san fFéin
ní tiubhraidis Fionn amach
ger mhór a neart is a ttréin



A Patraic is truagh in sgél
an fear fíal do bheith fó ghlas
croidhe gan aingidheacht gan fhúath
croidhe crúaidh ag cosnamh cath



As egcóir nár mhaith lé Día
ór is bíadh 'thabhairt do neach
nír ér sé trén no trúagh
ifreann fúar mas é a theach



Créd do-rinne Fionn re Día
acht ríar na cclíar is na sgol
is treas mór re bronnadh óir
is treas fós re meadhair chon



'S a gheall re meadhair na ccon
is re ríar na sgol gach lá
is gan smáoíthiugh ar Dhía
ata Fionn na fFían a láimh



Ata sgél agam ar Fhionn
ní raibh ionn acht sé fir dhég
gabhsam ri Sacsan na ffleadh
chuiriomar cath ar rígh Grég


L. 214


Do gabsam an Innia ar fad
ba mór ar neart is ar ttrén
do cuiriomar cath ar rígh Frangc
dar do laim ní abruim brég



Do gabhamar Maghnus mór
mac rígh Lochlann na long mbreac
rangamar gan ghuin gan sgís
do chuirmís ar ccíos a ffad



A sheanóir do sháobh do chiall
beag in sgel gan a mbeith beó
a raiph do shlúagaibh ann sin
ní bhía as ní fhuil acht mar cheó



A Patraic na mbachall mbreac
ní rachadh leat aithis Fhinn
nír ér sé duine fa ór
ní thug a mbreig móid nó mionn



Tabhairsi th'aire duit féin
ó atathaoí gan ceill abhus
tabair th'aire duit a trúaigh
tapair dot uaidh th'aire anos



A OISIN


L. 216


LVIII



La da ndeachaidh Fionn na bFían
do sheilg ar Slíabh na mBan fFionn
trí mhíle 'mathaibh na fFían
ní deachaidh sgíamh os ar gcionn



A Oisin is binn linn do ghlór
beannacht fós ar anmuin Fhinn
agus innis cá mhéd fíadh
do thuit ar Slíabh na mBan fFionn



Búdh mór na creacha dar slúagh
dar a ndeachaidh uaim 's ní sbleadh
ar thuit ar Slíabh na mBan bFionn
d'fíadhach ré Fionn na ffleadh



Innis ród roimhe gach sgél
beannacht ar do bhél gan gó
in mbíodh éideadh nó airm
ag dul do sheilg libh gach ló



Do bíodh eideadh agus airm
ag dul do sheilg linn mar sin
ní bhíodh feindidh dhinn dom dhóígh
gan léinidh sróil is dá choin



Gan cotún síthe séimh
is lúireach bharraidh ghéir ghlain
's gan ceinnbeirt clochorrdha chorr
's da sleidh a ndorn gach fir


L. 218


Gan sgíath uaine bheireadh búaidh
is lann chrúaidh re sgoilteadh cionn
da sirthea in domhan fa seach
ní raibhe neach budh fearr nó Fionn



As é dob fearr eineach is ágh
ní deachaidh lamh ós a cionn
dul do thaistiol na ccuan ngeal
gan faicsin ar fear mar Fhionn



Cath eagair do-chúadhmar síar
do seilg ar Slíabh na mBan fFionn
a Patraic a cheann na cclíar
dob alainn grían ós ar ccionn



An uair do shuidheadh Fionn ar ccoin
dob iomdha anoir is aníar
guth gadhair ag dol do chnoc
ag dúsgadh thorc agus fíadh



Do bíodh Fionn agus Bran
'na suidhe seal ar in slíabh
gach fear dhíobh a n-ionadh sealg
nó gur eirigh cealg na bfíadh



Léigiomar tri mhíle cú
dob fearr lúth is do bhí garg
do marbh gach cú diobh da fhíadh
sul do cuireadh iall 'na n-aird



Marbhamar sé mhíle fíadh barr
ar in ghleannn do bhí fan tslíabh
a nfegmais aighe agus fearb
ní dearnad sealg mar sin ríamh


L. 220


Dob e deireadh ar sealga thiar
a cleirigh na cclíar 's na cclog
deich cced cú go slabhraidh n-óir
do thuit um nóin ré céd torc



Do thuitsiod linne na tuirc
rinne na huilc ar in leirg
muna beith ar luinn is ar lamh
chuirfidis ár ar bFéin



A Patraic na mbachall bfíar
ní faca mé thíar nó thoir
sealg énlaoí ar Fhíanuibh Finn
ré mo linn budh mó ina soin



Ag sin sealg do-rinne Fionn
a mic Carploinn na mbionn mbláith
na gáir cheolán isin chill
do budh binne liom in lá



LA


L. 222


LIX



La da rabhamar a nDún Bó
Fían Eirionn líon a ttionól
coiméd cúain fa ceim deacair
ó Chairbri líonmar Lifeachair



Gearr do bhádhmar ann sin
a mic Alproinn a chleirigh
go ttainic chugainn Laíghne mór
áonmac rígh na fFomór



Bliadhain fa thrí roimhe soin
nach deachaidh láoch dhinn tar muir
le húamhan in fhir mhoir
a chléirigh adeir an chanóin



Ar tteacht dhósan tar Albain
motaighimid anfa na fairge
ó iomramh lamh in fir móir
's ó buillighibh rámh an Fomóir



A mic Blaighe ingine in Deirg
beannacht ar do bhél gan cheilg
agus innis duinn mar soin
a ndearnabhair 's a' fearsain



Do leagad leision a sheóil
a bportaibh díleann nar chóir
's do-rinne eachréidh amach
o n-ainmnigtear in t-ollamhach


L. 224


Dob e dob cloideamh catha
don mhacsin an ardfhlatha
lorg fhairsing d'íaronn chrúaidh
tri chéd cáor iarainn 'na leathgrúaidh



Do bhí coimhéd fan luirg mhóir
lomnán d'airgead agus d'ór
's do clochaib búadha oile
d'uaislibh Thíre Tairngoire



Ar ttiacht dhósan a ttír
do léig béiceadh nár cháol
d'iarraidh trodáin in fear
agus teagmhála in milidh



Ni raibhe enláoch 'nar fFéin
go roiche soir a nda ttrían
nach ttiúbhradh dár n-úaislibh
maith fel coidhche ar a thúarusdal



'S í comhairle do-rinne Fionn
le cloinn Morna is réna ccloinn
dul go pupal in fir mhóir
a riocht fhileadh a ccédoir



Glúaisios Fionn feasa is Feargus
Cnú Dheireóil agus Bláthnad
go riachtsat in popal cóir
do bhí ag mac rígh na fFomhóir



Beannaidhis Fionn don fhear mhór
agus Feargus ba binn glór
ní fhacattar thíar nó thoir
ríamh leithéid in mhílidh


L. 226


Suidhis 'na pupal ann soin
a n-onóir do na fileadhuibh
cuiris Feargus da laim cle
agus Fionn féin da deisséin



Beiris chuige fana brot
Cnú Dheireóil agus Bláthnot
sinnid an ceól sithe súain
re ngabadh draoíthe deaghdhúain



Fiafraidhis mac Cumhaill fhéil
don ogláoch uathmar aigmhéil
caidhe h'ainm bunaidh go beacht
nó ca tír a ffuil th'imteacht



Mac rígh na bFomórach thoir
misi a dhraoí uasail iodhain
Laighne mór mh'ainm bunaidh
ag cur ghlíaidh gach áonchuraidh



Innis a churaidh chálma
do ráidh Fionn fa mor meanma
caidhe in fáth tangais anoir
go hEirinn álainn íasgaigh



Inneósa me dhuitsi soin
a dhraoí úasail iodhain
an fáth fa tangus om thoigh
go hEirinn aloinn iúbhraigh



Maithe Eireann bheith a ngiallaibh
's a ccíos cugam gacha bliadhain
no gan líon síoluidhe d'fior
d'fagbháil a nEirinn iodhain


L. 228


Iomdha láoch romhad riam
tainic go hEirinn d'iarraidh glíadh
éinneach dhíbh nir thill tar ais
uainn soir a hEirinn fhódghlais



A ttainic chuca thoir is tíar
's a raibhe a nEirinn rompo ríamh
ni thiúbhrainn áit suidhe d'fior
d'eagla comlainn na ccuradh



Fíafraidhis an curadh calma
da draoithibh go méd meanma
caidhe in díol is diol libh
a dhraoíthe aille íodhan



Do-ghébha sibh airgead is ór
is gach ní is áil lé bur ccóir
do-ghébha uaimsi astighsi
gach ní atá ar bur n-ainnisi



Draoithe sinn lán d'eagna
do ráidh Fionn ris da fhreagra
cádhas uaitsi dligidh sinn
ar h'eineach as eadh iarruim



Do gheall go ttiúbhradhsan soin
cádhas don chléir go cubaidh
gion do bhíadh na bheathaidh abhus
do gheall nach airgfeadh éigius



Tabhair do bhríatar leis soin
do ráidh mac Cumhaill a hAlmhuin
ar a bheith diolus ré do linn
da ngabhann linne dh'Eirinn


L. 230


Tugsan briatar gan ghó
nach sirfeadh air rena bheó
nó ar draoí da ttiocfadh 'na teach
cíos no cáin nó cabhalach



Mithe duit imtheacht tar h'ais
dearbh go ndearnais do thurais
liómsa anois gabhus Éire
's mé Fionn flaith na fíorFhéine



Mas tusa Fionn na Féine
do ráidh in t-ogláoch go bféile
ní thugus bríatar re hais
acht do draoíthibh gan ainbfeas



Draoí sinn a churaidh chalma
do raidh Fionn fa mór meanma
mo ghliocus nír sháruigh neach
dar thaisdil in bioth bráonach



Ag aíghnius ort ní bhíadh sinn
a Fhinn mic Cumhaill airmghrinn
ó thugus bríatar gan ghaoí
denam síth treigiom eissíodh



Do-rinne sé síth go cóir
Fionn mac Cumaill mic Trenmóir
dhó féin is d'Eirinn uile
mor in geilleadh énduine



Toimhsis Fionn gan fhius dó
in t-ogláoch 's ní hiomarghó
ba hadhbhal ré aithris duit
fad an oglaoích 's a leathad


L. 232


Seacht ccomfada Fhinn féin
boí ar fad a Laíghne thrén
's a dha chomhfhad ar tracht
fa mór in trénoglách



Téid Fionn a gcionn a shlóigh
beiris leis fíon agus feóil
eire cháogad gearrán cróin
do mhiodh is do brogóid



Beirthear oidhcheacht ón fhear thrén
ní chúala a leitheid ó chleir
agus ón oidhchesin íar sógh
ainmnightear Purt a Ríghol



Gluaisis an t-ogláoch uainne
tar na tonnaibh taobhúaine
ceileabhruis da cleir re hais
buidheach an Fían da thurus



Do-bheirimsi dhuit a mhóid
a Patraic tainic ón Roimh
nach rabhamar féin nó clanna Cuinn
a tteann budh measa ar bfulang



As mé Oisín do bronnadh óir
do gradh na ffileadh a ccedóir
ge ataim anocht fa bhrón
le smúaintiugadh gach enló



LA


L. 234


LX



In ccúala tú Fíana Finn
a Patraic mhóir mic Alproinn
ag eirghe ós ceann Locha Deirg
mar áon is cách ag coimhsheilg



Péisd do bhí ar loch in tsléibhe
lé a ttugadh ár na Féine
fiche céd nó ní is mó
da ttug sí ég a n-énló



Ogláoch maith do bhí ag Fionn
go deimhin duit a Tháilghinn
Albhaidh an Óir mac rígh Grég
do thuigeadh glór ó gach peist



In ttuige an ní adeir in péísd
do ráidh Albhaidh risin fFéin
cáoga each nó cáoga bó
do chur cuice gach áonló



Innis go bfuighe sí soin
a Albhaidh an chrotha glain
fearr sin nó énláoch lonn
do thuitim léisi a ccomhlann



An peisd an oidhchesin gan bhíadh
codhlaidh 's nir smúaintigh in Fhían
ar tteacht na maidne go moch
do chuir anfa ar in ffionnloch


L. 236


Ar tteacht don peisd ar in ttracht
do leigiodar in Fhían gáir
dob iomdha ag brisiodh a croinn
iliomad láoch 'na timchioll



Eidir sin agus meadhón don ló
do budh lía ar mairbh na ar mbeó
budh samhail ré slúagh oile
uireasbadh ar láochraidhe



Do sluigeadh lé mac rig Greg
is Oisín fa mór in béd
'sé do sluigeadh lé go beacht
fear agus céd a n-aoínfheacht



Níor sluigeadh mac Cumhaill lé
nó in mhéid do bhi amoigh dhá Fhéin
's ní raibhe dhíobh gan dul thart
acht beagán beag a mbél imtheacht



Do shluig sí Dáolghus is Goll
Fionn mac Rossa na ccomhlann
Conán Máol sgél nár mhó
Diarmaid táobhgheal Trénmhór



Tug Fionn in sitheadh prap
glacais in peisd ar alt
agus tug car go dían di
gur chuir a clíabh anairde



Mar do-connairc Dáire mac Finn
rífheindidh is sí cionn a ccionn
tug léim a mbel na píasta
dob é in sithead aimhrialta


L. 238


Ar ndul do Dháire 'na clíabh
ann sin do chuimhnigh a sgían
ar a hasgaill tig amach
dob í in chosgairt iongantach



Da chéd beó aisde don Fhéin
Oisín is mac rígh Greg
comhrac budh beódha na soin
annamh duine go ccualaidh



An da chéd tainic amach
do bhádar gan fholt gan édach
maith do cheas Fíana Finn
a ffúairsiod ríamh a nEirinn



Turus Conáin nar chóir
'steach a mbroinn an bheathaidh mhóir
mar nach roibhe gruag ar a chionn
nir an léadhb ar a chloiginn



Fionnloch dobh ainm don loch
ar tús a chor a chléireach
do an Loch Dearg air ré a bheó
ó ár na Féine a n-énló



Trí lá agus mí agus blíaghain
do bhí Loch Dearg fa dhíamhair
ó lá marbhtha Fíana Finn
go deimhin duit a Thailghinn



As mé Caoílti a ndíaigh na fFian
a Patraic do dhealbhus grían
na sgéla do innsim dhuit
iomdha duine do-chúalaidh



IN


L. 240


LXI



La da ndeachaidh Fionn na bFían
do sheilg ar Beinn Gulbain síar
go bfacamar ag tocht co cách
ogláoch go n-egcosg neamhghnath



Do-conncamar chugainn sa magh
ogláoch mór go méid mhíleadh
cloidhiom tríd a cheann gan chair
go ráinic in chlúas go chéile



Beannaighis in t-ógláoch mór
don ríghféindidh fáth gan bhrón
agus beannaighis do Gholl ghlan
agus suidhis 'na fharradh



Ar bhar ccuimridhe damh féin
a rífheindidh feasaigh fhéil
fam iodhlacadh úaibh gan fheall
a Fhíana aille Eireann



A ogláigh tainic sa ccnoc
do raidh Conán faobarnocht
cía chuir in cloidiom id cheann
no cía re ndearnuis comlann



Do-rindeasa comhlann crúaidh
le Manannán na mórslúagh
's é do chuir cloidheamh um ceann
is ris do-rinnius comlann


L. 242


Ataim fo gheasaibh o shoin
fan domhan uile d'iarraidh
ní fhuarus aoínneach ann
do bheanfa in cloidiom asam



Tanac cugaibhsi a Fían
chuala bar tteisd thoir is thíar
ar bar n-eineach tabhraidh damh
beanaidh asam in cloidheam



Do ráidh Conán don taobh thall
beanfad in cloidiom as do cheann
nó beanfadsa gan fheall damh
an ceann diot is a' cloidheam



Na bean as arsa Fionn féin
a Conáin mhaoíl mhir gan cheill
ga fios nach ttiucfa sa magh
dograinge a ndíaigh in cloidhimh



Maith liom dograing do theacht as
do raidh Conán maol gan cheis
tug sithe prapdha go ngoil
agus glacais in cloidhiom



Tuitis Conán ar lár dhe
gan sbionnadh a n-alt nó a n-áighe
beith mar sin acht ger nár dho
gan neart ann mna seóla



Mar do-connairc clann Morna mhóir
Conán máol ag faghail bróin
tairrngid a ccloidhme go nimh
do ghearradh chinn in gruagaigh


L. 244


Eirgis Fionn don taobh oile
is nochtais a cholg nimhe
eirgid clanna Baoísgne mhear
do dhul a n-aghaid in gruagaigh



Eirgid ann sin as gleo garbh
Fian Eireann go n-imad n-arm
nír sguirsiod da gcleasaib gail
gur basgadar naoí nónmhair



Rachadsa ar do leith a Fhinn
do ráidh Goll fa pairt grinn
do budh cóir ar ttuitim dhe
ar mbrisiodh do cuimridhe



Cuirim fó gheasoibh thú ar Fionn
créd fa ttangais re olc linn
muna n-innisi a gruagaigh thall
gé tú do Tuath De Danann



As mé Manannán mac Lir
mór m'fíoch agus m'fala ribh
as í mo thoisg om thigh
com bar ttuitim re cheile



Ni muirfimne sinn féin duit
a gruagaigh uasail oirrdeirc
cuirim gach ceisd ort mur ghráin
muna bfóire tú ar Conán



Tairrngeas gér crodha an céim
an cloidheamh as a cheann féin
fagbais a chionn 'na dhíaigh slán
toimsios a dhías ré Conán


L. 246


Do eiridh Conán slán de
on leagadh ar a raibhe
nírbh í sin an eirge ghar
do nocht Conán a cloidhiom



Tug Conán agaidh ann
ar Manannán na morlann
do thóg Fionn a sgíath go mblaidh
os cionn Manannáin mheanmnaigh



Gach duine dhíobh don Fhéin
ag dul a leith a arm féin
gach fear dhiobh le cleasaibh gail
teacht ar fhíoch is ar fhalaidh



Cuiris gruagach in fhuilt fhinn
a cloidheam féin 'na timchill
nír fidir neach d'úair nó tráth
gur gabh úatha ar lár in lá





L. 248


LXII



Lá do bhí sealg Shléibhe Guilleann
da hinnioll ré mac Cumhaill
go fhacamar oglaoch gábhaidh
cugainn os na firmáintibh



Brot cíordhubh fa dorcha dath
is comartha ardfhlath
fa dorcha dealb in fir mhóir
do bhí chugainn ar anbhóin



Enshuil ar mire gan ghean
a cceann an fir fa maith dénam
mar dorn gach curaidh sa fFéin
'na sróin churata aigmhéil



Da craoisigh catha 'na láimh
is cloidheamh leathan go morghráin
is lorg don iarrann nár thim
ag an ogláoch re a ghúalainn



Mur connairc maithe na fFían
cuca in t-arracht nar maith sgíamh
glacaidh gach fear a dhá sleidh
a sgíath 's a cholg 'na aghaidh



Togbais Fionn in colg nimhe
ga mbíodh buaidh gach iorgaile
is teachaid an Fhían ann sin
tiomcill mic Cumaill armghloin


L. 250


Adubhairt Fionn re neart a sloigh
is re mathoibh clann Trénmóir
is re cloinn Morna go ngoil
dhul a n-aghoidh in treinfhir



Adupairt Conán mac Mórna
fear mallachtach miolábhra
as romhór h'eaglusa 'Fhinn
roime an ogláochso chugainn



Níor gabh eagla misi ríamh
a Chonáin mhaoíl nach maith sgíamh
do bheanfainn do cheann diot anois
muna bfechainn dot ainbfios



Commaith mo chinnsi a fhir
nir marbadh re do mhuinnteir
's nir chosain tu gnaoí duit fein
timcioll Aile no aoinsgéil



Mur do-chúalaidh flaith na fFían
Conán da fhreagra go dían
nochtais a chloidheam nar thim
a n-am catha no comhlainn



Nochtais Conán a lann
a cceartaghoidh mhic mhic Cumaill
tug sitheadh diochra dána
a ccoinne an righ dingmhála



Adubairt Conán go ngruaim
lé mac Múirne na morshlúagh
do-bherainn comhairle duit a fhir
gan anmhuin ré mo dheabaidh.


L. 252


Mur do-chúalaidh Fionn ágha
Conán da sircháineadh
glacais a dhá shleidh go ngail
is gabhais íad 'na fhochair



Adubairt Conán go tréith
ag iompódh irsigh a sgéith
gapuim red choimridhe a Fhinn
is do-bheirim an urruim



Do thug Fionn nar ér neach
an comairce dhó ar eineach
adubairt re Conán ann sin
imtheacht ameasg a mhuinntir



Sgela an oglaoígh ó chíanuibh
inneosad dhuit a chleirigh
tainic sé chugainn ann sin
d'iarraidh catha ar ar muinntir



Do fiafraigh misi sgéla dhe
do fhiafraigh Caoílte is Mac Reithe
ga críocha cinél duit a fhir
nó ca tír a ffuil t'athoir



Dubh mac Díorfaidh as ainm damh
is Mac Suirnn mo sloinneadh
as í mo thoisg om thigh
gabháil gheillidh gach náonmhuir



Baogal a Dhuibh mic Diorfaidh
dhuit an eachtrasin d'innsin
go ttiucfa at áonar ann
'gabháil geillidh ffear nEireann


L. 254


Da mbeith sloigh dhomhain uile
ar mh'ineac 's ar mh'impidhe
ni thiúbhrainn liom dhíbh tar sál
do shluagh acht mé um aonarán



Do freagradh súd go lúath
le hOsgar do-bheireadh gach búadh
ga líon fhognus duit a fhir
'dhul do comrac at aghoidh



Ge do fhíafroidh tu sin diom
as romor h'eagla is th'imsníomh
as e líon toghaim as gach tír
do thocht a n-aghoidh mo móirgnimh



Deich ccéd curaidh go ngail
dha shleidh a ndorn gach aoínfhir
deich ccéd cloidhiom is fearr fáobur
deich cced sgíeth da n-imdhidan



Do fhíafraigh Conán do guth mhór
go hiomard ameasg na slógh
cía hagoibh don Fhein fhearrda
theid ar son a thigearna



Do labhair Osgar Eamhna
macámh na fFían ffíorchalma
rachad fein ar son m'athar
ar mo son fein 's mo seanathor



Cóir do théid tusa ann sin
do ráidh Caoílte fa maith rith
an t-athair ata agad a fhir
nocho cathach é a n-iorghail


L. 256


Do eisdiodar Fíana Finn
ar a' tulaigh ós ar cciond
do shaoílsead nach roibhe sa Féin
aoínneach ó a ffuighinn toibheim



Cred do-rinne Oisín rit
a fhir labhrus go haimghlic
créd do-bheir tu da cháineadh
da aithis no da imdeargadh



Ni dhuitsi do-bherainn sgéla
a Osgair aird in fheadhma
ni mó is d'Oisín na nglonn
bhías 'na seanóir a cCroimlinn



Robhorb an ní do labhra
a mhic cholamhnaigh Theamhra
tuitfe tú liomsa a fhir
a n-eruic do dhul fam athair



Do-beirim do shlansa fuim
a Osgair gé maith do clu
agus slan chloinne th'athor
a mhic Oisín ardfhlatha



Iarruim ar Osgar na ngniom ngle
leigion eadrom is Caoílti
ionnus go ndioghlainn an sár
do fuarus ó mac Ronán



Leigiom eadrad agus sé
do ráidh Osgar fa maith gné
agus tapair féin do ghleó
ar mac Ronáin iomorro


L. 258


Fiafraighimsi go hard ard
do mac Cronnchair go fíorgharg
créd tug é dom cháineadh
dom aithis dom imdeargadh



As í freagra fúair misi
ó Chaoílti aigeantach chlisde
go mbeinnsi ar deireadh cháich
ag iarraidh na ndeachamhán



Adubairt fear millte na fFían
Conán máol coinntinneach cían
na tugadh sé urraim dhuit
's nár mó bhías sé agad



Maith do dhlighfea sin a fhir
do chongnam beith am aghoidh
do bris me an corn ar do chionn
a mBruighin Chéise Corainn



Maith do dioghlomairne sin
a maidin catha Cnocha
do marbhamar Cumhall go mbúaidh
is da ttrían a tromshlúaigh



Ni chuimhneochum fala anois
dhuit a Conáin cheannsholais
fearr linn do beith os cionn chláir
ag búaladh dorn is famér



Maith aithnidhimsi in t-adhbar
do-bheir ort gan teacht fam ghábadh
ar cheasta fhaophar mo loinn
is ar eagla mo comlainn


L. 260


Leigiom diom tagra Conáin
ní raipe spéis liom 'na teagmáil
mar nar chuireas brígh 'na láimh
'na atais no 'na mhorrdhail



Do-rinneas rioth tre lár an tsluaigh
dar chuireas Chaoílti ar anbhúain
do-chúaidh uaim ar luas a chos
go rainic sé go Durlus



Tiompoim ó Dhurlus tar ais
do aimdheóin Caoilti coimdheas
ger maith rioth mic Ronáin teinn
go huaim mhoir Sleibhi Guilleand



Ni dhearnus comnaidhe coidhche
no go rugas ar Chaoílte
go ttuccus creapailti rem loinn
Caoilte ameasg Fhían Eireann



Adubairt mac Cumhaill mheadhraigh
ar ffaicsin Caoilti chedaigh
liomsa dhul fana bhreith fein
's go ndenadh mo dheaghréir



Adubhrusa nach denainn síth
le Fionn fa maith fos is brigh
's nach ttiubhrainnsi mo lamh na laimh
no go millinn mac Ronáin



As í síth do ceangail Fionn
do ceangail Osgar is Cairioll
da chéd cúach ó Chaoílti damh
da chéd corn da chéd cloidhiom


L. 262


Gach a ndubairt Fionn ágha
agus a oiread eile gan cairde
fuarus a n-aoinfeacht um laim
suil do sgaoílius do mac Ronáin



Do tug misi briatar dhó
do tug Osgar nar chan gó
nach ttiubhramaois achmusán go mbroid
do Chaoílti ar son a ndubairt



Do-rinniomar síth sulchair
misi is Caoílti mac Cronnchair
tugamar frais póg ann sin
ar slios srón agus aighthe



Adubairt an Dubh mac Diorfaidh
goth is aibhseach re n-innsin
tigidh do troimdeabaidh riom
a ardmaithe Fhían Eirionn



Tugaidh comrac talchar trén
damhsa go mbuailinn béim
nó tugaidh bráighde go ngoil
ó gach taoiseach naoí náonmhair



Adubhairt Osgar fa maith gniom
re Cairioll mac in airdriogh
teachmaoídne do comrac ris
agus millmíd a ainbfios



Prap adubairt flaith na fFían
le mo mac maith is liom féin
ar mhaitheas an domain dil
nach rachmaois ris do dheabaidh


L. 264


Adubairt Osgar nár thim
glór nár bfosaidh ré mac Cumhaill
do mhill do comairle an Fían
a mhic Cumhaill na mórclíar



Adubairt Osgar glór eile
nár chóir re Fionn Almhuine
as urusa braighde gill
do gabháil ar Fhíenaibh Eirinn



Ann sin adupairt Fáolan cain
ag eirghe ar son a athar
roborb a Osgair Eamhna
labhras tú re tigearna



Adubhairt Fionn go feargach
le hOsgar grinn mearmeanmnach
muna ndearna dioghaltus ort a fhir
ní bhíad fein um beathaidh



Mun beith an Dubh mac Diorfaidh
ag iarraidh catha ar mo muinntir
do digheoluinn ort a fhir
a nden tu d'imreasain am aghaidh



Amlaidh sin do-nimsi riot
a mic Cumhaill na n-arm nglic
do sheacht ccatha is tú féin
do bheith uile dom míréir



Ge teann do labhrus tú a fhir
liom féin is lé mó mhuinntir
bíaidh t'athair ag iomchor chlog
agus leabhur na sagart


L. 266


Fearr liom m'athair is me féin
do beith ar deireadh na fFían
nó bheith ag ithe smaoíse mo lamh
mar bhios tusa go hamhnár



Le fios do gabhus tú neart
agus re feabhus t'inntleacht
agus re cognam do mhér
ag iarraidh fheasa gach aoínsgél



Do sguir Fionn da tagra
do sgar rena troimeagla
do gheall go ttiubhradh ór glan
dhó agus airgead fionngheal



Fiche dabhach d'ór bhuidhe
is oiread eile d'fiondruine
ceithre fichid cuilén con
do tug mac Cumaill d'Osgar



Do-rinne misi is Osgar síth
le Fionn fa maith fos is brigh
tugamar ar lamh 'na laimh
fa cur leis ann gach áondháil



Do labhair in t-arracht 's a' fúath
do chuir eagla ar gach morsluagh
gur mhithe leis comhrac teann
d'faghail ó Fhianaibh Eirionn.



Do bhrosdaigh mac Cumaill ann soin
ar Osgar dhul san iomghuin
do brosdaigh ar Cairill chédach
's ar Gholl chalma chaithréimeach


L. 268


Do freagradh sin go lúath
le hOsgar do bheireadh gach búadh
do glac meirge sróil na mban ffionn
boí ré hagaidh ghleó na ngerlann



Do glac a cloidhiom liomtha
's a dha mhanaoís iorghala
do glac a sgéith druimneach breac
dob fearr seóladh is inntleacht



Do cheangail in tréinfear da chorp
earradh catha tré crúaidhneart
mar sin do-chúaidh Osgar áigh
do chosg an athaigh go mórgráin



Gidh be chífeadh mo mac
's a dhá mhanaís 'na ghealglaic
mairg neach do theigeomadh ris
d'iarraidh teacht faoí nó thairis



A ttainic roimhe is 'na dhíaigh
a n-Eirinn thoir agus tíar
do muirfead Osgar re a loinn
da ffagadh comtrom comloinn



d'ionnsoidhe comraic in fhir
do-cuaidh Cairioll is Osgor
is Mac Lughach fa maith dreach
agus Fiachra mac Eathach



Do-chúaidh Áodh beag mac Finn
agus Faolán na ngerlann
agus Diarmaid donn dána
da ced curadh comdhala


L. 270


Do-chúaidh Goll nar lag lámh
do-chúaidh Caoilti agus Conán
do-chúaidh Garaidh mor na nglonn
agus Osgor mac Croimchinn



Do-chúaidh Líath Lúacra fa borb treas
fear lonn longportach coimdheas
agus Fionn bán mac Breasail
lamh nár tréith a n-imreasain



Do-chúaidh dha mac Osgair go mbladh
nár teip cosgar na congnamh
trí Finn tri hÁodháin on leirg
tri Faolain Leitreach Loinndeirg



Do-chúaidh clann in Líath Lúacra
com an óglaoigh ger uathmhar
is clann Chaoílte fa borb sdair
is Gal Gaoithe a mbráthair



An mhéid do-cuadarsan uile
do denamh na hiorghaile
fa mó a n-eagla roim an fhear
nó a eagla as é 'na enar



Do sheóladar aghoidh a n-arm
ar an arracht nár maith dealbh
do chaithsead a sleadha go nimh
leis an aitheach trén láidir



Tug seision bualadh teand
d'Osgar agus do Cairill
do trasgair a n-aoínfeacht re a laim
Caoílte is Garaidh is Conán


L. 272


Tug se sitheadh dían dána
d'aimdeoin na fFían ffíorcalma
do marp sé ger maith a lámh
Gal Gaoíthe mac mic Ronáin



Do mharp sé Crimtann mac Guill
's da chéd trenfear da fhoirinn
do mharbh sé deich ccéd ann sin
ag a mbiodh fían is muinntir



Fiche taoiseach fa maith neart
do marbh sé d'Fíanaibh Connacht
do tuc ár budh mó ina soin
ar Fhéin Alban is Bhreatain



Do marbh sé Roighne mac Finn
sgél is doilge da n-innsim
agus mac oile dhamhsa
nir ffearr láoch a chomháosa



A n-fegmais mo mhicsi is mic Finn
Gal Gaoithe is Criomtainn meic Guill
Baoithín mic Croimcinn nar lag
is chloinne Caoílte mo charad



Dob é ar n-easbadh ón fhear mhór
tainic chugainn ón Easróimh
fiche céd sgíeth nár lag
tuit leis in Duph sa ccomhrac



Mur do-connairc mo macsa fein
urlaidhe an oglaoigh aigmhéil
do-chúaidh 'na aghaidh reim teann
da iarraidh cuige a ccomlann


L. 274


Do dhruid in t-ogláoch nár ob troid
'na choinne d'iarraidh comhraic
nír fechadh a ngaisgeadh no 'ngail
láoch darbh anta rena iorghail



Cioth fola cioth cailce crúaidh
baoí da ccorpaibh a n-enúair
agus cioth teineadh go nim
do bhí d'armoibh na mhíleadh



Do bhí fós cuideachta oile
os a cceann san iorghaile
cioth brainén timcioll a n-arm
ag in cuideachta uathmair aghghairbh



Ni tiúbhartar 's ní tugadh ríamh
comrac mar sin thoir no thíar
baoí idir Osgar na nglonn
agus a' Dubh sa comlann



Tug Osccor lúathbheim borb
don arracht réna mórcholg
dar sgoilt sé a sgíeth go lár
agus smior smeannta a mhuinéil



Tug in t-ogláoch buille oile
d'Osgar na n-arm ttinntidhe
dar sgoilt a mheirge 's a sgíeth
tainic ó criochuibh na hAisía



Tug Osgar buille nár thláith
don arracht réna dheaslaimh
da ndearna da leith dhá chneas
dhi nír fedadh a leighius


L. 276


Marbhtar an fear treasborb teann
le hOsgar nar ob comlann
an fearsin gér mhór a gráin
do mharp Osgar ré a dheaghláimh



Leigthear tri garrtha catha
a tteaglach an ardfhlatha
ar son thuitim an fhir mhóir
do chuir Fíena Finn ar anbhúain



Tógtar in t-oglaoch linn
go huaim mhór Shléibhe Guillinn
tugamar urchar asteach
isin mbrogh mhór don aitheach



On chéd lá do-ríghneadh sealg
linn a n-Eirinn go hiomard
as é in fear mórsin dna -
is mó do chuir dar morcáthaibh



Sgela Osgair 'na deaghaidh dhuit
do brigh chosgair in chomhruic
bádar leagha Eireann faris
ré feadh bliadhna da leighius



Fa hiomdha sgíeth 'na dha cuid
ar Sliabh Guilleann on mórtroid
agus corp míleadh gan brigh
ó mac Díorfaidh na móirgnimh



Do rachadh ar fflaithius uile
risin aitheach n-aingidhe
ar mbraighde agus ar n-ór glan
do-bheradh uainn mun beith Osgar


L. 278


Baoí Osgar ba cuimhneach linn
ón lásin Shleibhe Guilleann
tri ráithe 'na luidhe abhus
ó nimh a chrecht da leighius



Ní hiongnad tuirrsi do beith orm
a chleirigh na leabhor ngorm
ní mhair Osgor na Fionn
ná Fían Osruidhe um timchioll



Gé ataim a ndeireadh mo neirt
a Patraic is mé a n-aimhriocht
dhamh do berrthi ceannus chloinne Finn
an úair do suidhmís a cCruimlinn



Damh do-berthí tosach suidhe
a ndeaghaidh Fhinn Almhuine
Goll is Osgar da éis sin
fa gáir cosgair dár fFíenaibh



Caoilti is Diarmaid ó Duibhne
dream nár sgaoílteach ó bhuídhnibh
is Osgar mac Garaidh nár thláith
choisgead gach cosgar ionráith



Garaidh is Mac Lughach lonn
Faolán is Cairill ceithirbheann
do andaoís ar m'fhocal uile
fa hiad sgáth gach iorghuile



Deich mic fhichead comluinn céd
do bhi is ní himarbhreg
ag m'athairsi a chleirigh cháidh
an úair do suidhmís d'énlaimh


L. 280


Ní biodh mac againn gan ceól
an úair theighmís d'athól
's gan da chéd curadh ag gach mac
is tri cháoga do bhanntracht



Deich cced fichead teaghlach Fhinn
d'airdfhéin criocha Lochlann
a n-fegmais gach mic dhíobh sin
boí ag mac Cumaill do muinntir



Deich fichit agus deich cced
do thaoíseachuibh is ní breg
a n-fegmais mic ríogh go ngoil
do biodh againn fán sgainnir



Gan taoíseach da n-aireum féin
nach biodh náonmar do gnáithfhéin
gan mnaoí is giolla is da choin
innilt is cupla gadar



Gacha seachtmadh bliadhuin binn
do ceiltí fíadhach mic Cumaill
nach ffagmais uiread in mhíl
ré bliadhuin uile d'éntaoíbh



Do chongmadh mac Ronáin co rath
mac Cumhaill guna ardcath
proinn chéd ó Chaoílte go ngail
gach n-oídhche a laimh gach einfhir



Fa búan ar freasdol do mhiodh
fa mor ar meisge ó chornaibh
fa maith ar n-oirfideadh bhinn
a n-onóir Fhinn mic Cumhaill


L. 282


Fa maith ar ndúanta molta
's ar leapthacha donncorcra
maith ríar gach fileadh 's gach dámh
re blíadhain ó mac Ronán



Ni roibhe enrí sa fFéin
no taoíseach calma coimhthrein
nach bíodh file fana laimh
ar gheall Chaoílte mhic Ronain



Blíadhain dhuinne mar sin
fare Caoilte 'na bruighin
gan tacha cuirme no ceóil
gan dith muirne nó comhóil



As í bruighean a mbeithmís féin
faré Caoilte fa maith sgéimh
a cCarraic Chinn Choire mic Cais
ris a raitior Carrúic Fearguis



Créd fa ttugadh Cinn Choire
os diot is cóir a fiosraighe
ar dhúnadh Fhearguis mic Róich
sloinntear leat duinn a seanóir



As in fFraingc cían ó shoin
Cinn Choire is é is cumhain
as uaithe tainic anall
do gabháil gheillidh ffear nEireann



Cuiris teachta úadha ann soin
go mac Cumaill a hAlmhuin
d'iarraidh ghéille ar Finn
agus sgur do sheilg Éirinn


L. 284


Do-bheirim bríathor anois
do ráidh Conán máol an ainfhis
muna beitheá a ffíadhnuise Fhinn
go mbeith do cheann gan cholainn



Do-bheirimsi briatar oile
do ráidh óglaoch Chinn Choire
da léigthi eadrom is tú a fhir
go rachainn riot do dheabaidh



Ni ffuighe comrac ann sunn
a oglaoigh ar mac Cumhaill
na bíodh ceastan ort a fhir
as tú ameasg mo mhuinntire



Beir leat uaim go Cinn Choire
go ffuighe sé iorghuile
's nach bfaghtar sealg Eireann uainn
mura marbhtar sinn a n-énuair



Gluaisis an t-ogláoch nár dheas
uainn co Cinn Choire mic Cais
innsios don fhear tainic tar tuinn
an freagra fúair ó mac Cumaill



Luidhim fom armoibh curadh
do ráidh Cinn Choire go humhal
go bfuighinn urraim ffear Fáil
da mbeittis uile d'enláimh



Togbhais Cinn Choire air ann soin
naoí fichit céd do chéduibh
gluaismíd chuige go teann
ceithre catha cum comhluinn


L. 286


Teagmaoíd da chéile sinn féin
's a' t-ogláoch úathmar aigmhéil
ag sáorcarruic na long mbreac
mar a ttógthaoí sdair na longport



Tugamar tuireann grangca
sinne is óglaoigh na Fraingce
dar tuit an Fían bonn re bonn
re Cinn Choire sa ccomlann



Ge do marbadh ar slúaigh ionn
re Cinn Choire na mbeimionn
nír ffearr do mhuinntir in fir
do thuitsiod linn sa deabaidh



Tug a aghaidh ar Osgar amhra
mor in t-adhbar doimheanma
Cinn Choire mic Cais mic Cinn
mairg lér chaith a comhlann



Marbhtar Cinn Choire mic Cais
sgél is mó tainic thairis
ré mo macsa tuit gan fheall
fear do gabh neart mic Cumaill



Da mbeith sgribhionn agus peann
agam dhuit a mhic legheinn
ní áireomhainn leat no trían
ar marbh Osgar a ccath ríamh



Trúagh a Mhuire mar taimse féin
a n-Ard Soileach na moirsgél
gan gaisgeadh curadh gan creach
ameasg choradh chleireach


L. 288


Ar grádh h'einigh a Oisín fhéil
innis duinn ní dot caithréim
ó ataí a ndeireadh do neirt
innis duinn treas dot imteacht



Lá da rabhamar ag ól
Fían Eirionn líon ar ttionól
go ttarla imreasain ann
eadrom féin is mac Cumaill



Cred tarla eadroip ann soin
a Oisín in crotha glain
no créd fa ndearnuis troid
let athoir a Oisín oirrdeirc



As é adbar far eiridh m'fearg
le mac Cumaill na ccuach ndearg
d'iarroidh leat thaoíseach na fFíen
a sgíeth 's a craoíseach ar aonríen



As í freagra fúarus ó Fhionn
an úair chanus in t-uraigioll
nach ffuighionn ceannus óna chloinn
da mbeith sé féin gan marrthainn



Adubhairt liomsa glór eile
Fionn mac Cumhaill Almhuine
nach ffuighinn féin nó mo mac
acht cuid d'Fíenaibh Connacht



Do tug meisi briatar dhó
do tug Osgar nar chan gó
nach beinnsi reidh agus Fionn
go ffaghainn gach ní do shirfinn


L. 290


Rominic iarrus tú a fhir
geill is troid ar mo mhuinntir
's go ffuil da fear dhég dom chloinn
do-dhenadh fa leith riot comlann



Ni fada go fechfadsa féin
do ráidh Osgar fa mor caithréim
cía is treise m'athair nó sibh
mas é atáthaoise dh'íarraidh



Do eiridh Osgar Eamhna
le tarcuisne a thighearna
a ffúair 'na seasamh sa dún
do trasgair íad a n-énchúil



Gach neach da ffúair 'na suidhe
a mbruighin Fhinn Almhuine
do chuir 'na sheasam go teann
gion gur cead le mac Cumhaill



Do eirigh Cairioll gan on
d'iarraidh urrama ar Osccor
do gheall a ffiadhnuis cháicch
misi is Osgar do diongmháil



Tugsat aghaidh gidh réim theann
ar a chéile com comhlainn
sa torainn fa borb a ttreas
Osgar is Cairill coimhdheas



Adubairt mac Muirne go mbúaidh
re mac Morna go moruaill
dealaidhe re chéile go lúath
Cairill is Osgar armrúadh


L. 292


Ar a ffuil do mhaithius ad dhún
a mic Cumaill fa maith rún
nocha rachainn leó dom ghoin
nó go sguirid da ndeabaidh



Eirgeann ó Baoísgne borb
is mac Morna na mórcholg
'chosg na troda ar a raibh nimh
tarla ag Cairill 's ag Osgor



Dob í easbaidh Finn ann sin
suil do coisgeadh a mhuinntir
da chéd fear flaithis gan on
ó laimh aithisaigh Osgair



Sul do coisgeadh fearg Osgair
nó Chairill ón crúadhchosgar
dob iomdha ann laoích ghonta
agus crechta crúadhchorcra



Gé rinneadh súd uile linn
le hOsgar is re Cairill
lúaithe d'furail Fionn na ffleadh
sith orainn nó d'iarramar



Do tairgeadh gach dara sealg
gach dara lann faobardearg
gach dara cú da chonaibh
da cholgaibh da craoíseachuibh



Gach dara leath da gach cath
gach dara sleadh ón righflaith
gach dara comrac ó Fhionn
gach dara dúain a cCroimlionn


L. 294


Gach dara cuid d'ól fleadh
gach dara ceól d'oirfideadh
gach dara corn ar a lár
gach dara cúach is copán



Tugadh tanuisdeacht damh féin
an uairsin ó fhlaith na fFían
tanuisteacht a n-óir 's a ccon
sul rainic in t-ór Osgar



Ionarbh i sin do chuidsi don Fhéin
a Oisin go righe réidh
an 't aghoidh do bhádar no leat
na ceithre morchatha a n-aoínfheacht



Do-bheirim do lamsa inois
a Patraic ó taoí 'teacht thairis
nach rabhasa nó mó mac féin
gan ceithre catha do gnaithFéin



Iarrsa ar Airdrigh na ndúl
a Oisín airmgeir úir
a ttug tú 'chathaibh ann soin
iarr a mhaitheamh dot anmuin



Maithsi agus Rí nimhe
damsa a ndearnus d'iorghaile
tabhair neamh mas rogha libh
damsa ar son do Thigearna



Dena ineach gan dith dhuit féin
berus furtacht dar ngnaithFhéin
iarr neamh d'Osgar agus d'Fionn
ar Mac ingine Anna is Iaichim


L. 296


Iarr neamh do mac Morna mhear
iarr do Chaoílti iarr do Gharadh
iarr neamh do Mac Lughach lonn
agus d'Osgor mac Croimchinn



A Oisín ní shirfe mé
neamh do mac Cumaill ná da Féin
's gur binne leo gotha con
nó bheith ag guidhe in Duilimh



Da mbeith iúl agad ar in fFéin
a chleirigh nach ffuil dom réir
budh binne leat no denomh trath
bheith 'na ccaomtach ré henlá





L. 298


LXIII



Aithreos caithréim in fir móir
tainic anoir fo dheaghbhúaidh
treinfear do bhí lán da ghail
an Dearg dana mac Droichil



Briatar tug in láoch lán
suil tainic cugainn tar sál
nach gébhadh gan geilleadh ar ais
ó gach treinfear dhá fheabhus



Fa thasg na fFían dob fearr gail
trialluis in Dearg mac Droichil
anoir ó Crich na fFear fFionn
go tír oirirmhín Eirionn



Ar ttiacht a ttir don láoch lonn
ar ar himreadh egcomlond
gabhais an Dearg deidgeal cúan
a mBeinn Edair na mórsluagh



Do bhí días nar cumang dáil
ag coiméd in chúain chobhairbháin
Raíghne na ród mac Finn
's a' Cáol crodha mac Criomthuinn



Nior choimhéid síadsan an cúan
do thuitsiod 'na ttoircim súain
tainic bárc in fhir mhóir
ar in tracht fa a cceartcomair


L. 300


Leimis an Dearg fa maith dreach
i ttír le crannuib a craoíseach
tug a bhárc arna snoidhe
ar in tracht gheal ghainmhidhe



Folt fionnbhuidhe mar ór cheard
os cionn amhalchach ngruadhndearg
dhá dheirc ghorma go ngloine
os gealghnúis an mhílidhe



Lann nimhe le leadradh corp
ag in láoch d'eagla chomhraic
mionn cumdaigh clochorrdha corr
mun mbiodbaidh sochma súlghorm



Da shleidh crannríghne chatha
a laimh mhic an ardfhlatha
sgíath órdhuidhe re gualainn chlí
ag mac uasal an airdri



Geall gaisgidh in domain thoir
do chosain in Dearg mac Droichil
ar mhéd ar neart ar dheilbh ghloin
ar comlann cheart ar chédoibh



Eirigheas Raíghne na róda
's a' Cáol cédgoineac cródha
gabhaid a n-airm ina láimh
agus reathaid 'na comdháil



Innis sgéla dhuinn a fhir mhoir
oruinn tainic coiméd in chúain
dha mac righ go sárbhúaidh sinn
d'Fíanuibh lánuaisle Eirinn


L. 302


Asan ccrich o ttanac anois
nirb iomdha neach um ainbfius
misi in Dearg mac rígh na fFionn
ag iarraidh airdrioghdacht Eirionn



Do chan Raíghne an aignidh mhir
go dian risin Dearg mac Droichil
ní ghébha tusa a laoích láin
urruim no geilleadh ffear fFáil



Acht ge borb sibhsi a dhías láoch
canus formad agus fioch
cía do bhacfadh diom a gabháil
a glacadh no a hiongabháil



Da n-áirmhinn duitsi gach fear
a Dheirg móir mhic an ardflath
iomdha láoch aderadh ann
go ngébhadh ré do chomhlann



Cait a ffuil einneach dhiobh sin
do ráidh an Dearg mac Droichil
gó ffechmaois ré chéile
ar ffíoch is ar n-aimhréidhe



Do briathra ge borb linn
bar Cáol crodha mac Criomhthuinn
ag sud misi dot chlaoí anois
a laoíchúd tainic thairis



Go Cáol crodha fa dearg dreach
freagrais in Dearg dásachtach
go ffearg mhoir is go ffíoch
mairg ar ar bhúail in trenláoch


L. 304


Do-rinne an Dearg comlann crúaidh
's a' Caol crodha go moruaill
dobh i sin in torann chleas teann
ag sgoilteadh sgíeth is chathbharr



Dob í iomthus na deisi
san irgail nár thairise
ceangluis an Dearg rodglan rod
an Caol crodha sa comrac



Glúaisis Raíghne na ród nár thim
d'éis in Chaoíl crodha creapall
mac righ na Féine gan tár
cum in tréinfhir 'na comdhál



Dob iomdha cleasa gala
san imreasain eattorra
gur ceangail ger cródha an céim
Raíghne na ród go lúathbheim



Ge maith an gniomh 's na gala
duit sinn ar áon do cheangol
sgaoíl ar ccreapall a laoích luinn
is beir leat sinne id timcioll



Sgaoílius an Dearg na ccleas bfráoch
cuibhreach na deisi deaghláoch
naiscis a bríathor ar gach fear
nach ttiupraidis airm 'na aghoidh



Tig cugainn go Teamroigh
go Cormac an mhóirtheaghlaich
mac Droichil na ngéirreann mbúadh
go tríath Teamhra na ccáomslúagh


L. 306


Eirghid láochraidh Teamhra
fir mora dhíochra dhealbha
dob iomda fear dronnbrait sróil
timcheall Cormaic a ccédóir



Do ráidh triath Teamra gan on
suidhidh a chlíar calma churadh
ní húamhan daoíbh meirghe in fhir
na togbaidh airm 'na aghaidh



Suidhis trenfheara Fáil
d'eis a chéile 'na comdháil
tigidh chuctha go dána
an fear forasda fíormhálla



Ar tteacht ar in ffaichthe dhó
do mac Droichil ná morghleó
don óg inneallta chuimsi
leigtear in ród ríghshoillsi



Beannaighis an Dearg do glór bhinn
do tríath Teamra go haoíbhinn
freagrais an flaith gon dogra
caithmilidh na trénfhóghla



Ar suidhe do mac rígh na fFionn
fiafraighis dhe airdrigh Eireann
beacht do thurais go Teamhraigh
innis a laoích moirmheanmnaigh



Beacht mo thuraisi duit
a mic Airt curata 'Cormaic
geilleadh Eirionn dob áil liom
no frais bheimionn 'na timcioll


L. 308


Geilleadh Eirionn tar muir
ge minic do sirdís tréinfhir
ní fríth is fuighthear go brách
a tabhach ré háonóglách



O nach bfaghuimsi a Chormaic
flaitheas úaidsi gan comhrac
togh comhrac céd curadh
úaid a mhic airdgrinn chubhaidh



Cuiris Cormac céd calma
do chlaoí an oigfhir allmurrdha
do thógsan ré feirg nár lag
meirge 'na ccoinne a ccomrac



Dob é iomthus mhic righ na fFionn
thuit an cédsin 'na comlann
is da chéd oile fa gniom dhó
do chlaoí an Deirg a n-enló



Mur do-chonnraic airdri Teamhra
an Dearg ag denam airligh
seólais teachta úadh go lúath
co mac Cumhaill na morsluagh



Tig chugainn arna mhárach
mac Cumaill go mordhálach
trí mhíle gaisgeadhach glan
dar thim easbhadhach sgainnear



Failm oir fa chionn gach fir
do mhuinntir Finn a hAlmuin
sgíeth fite go n-amladh n-óir
go n-earradh síthe sáorsróil


L. 310


Ar tteacht ann isin ffaichthe
don tsluagh churadh chóirighthe
togbhais an Dearg fa maith tlacht
pupall órdha ioldhathach



Ar ndul do mac rígh na fFionn
uainn asteach 'na pupall
tógbhais tri mhíle cleas lúith
fa maith in t-ádhbhar iomthnúith



Fearais Cormac gan time
fáilte re Fionn Almhuine
fúair slúagh mic Muirne na ccreach
póg is cuirm a tigh Theamhrach



Do-chuaidh mac Cumhaill fhéil
cum in pupaill don chédreim
agus beannaighis don Dearg
don láoch anaithnidh iomard



Mur do bheannuidh in flait gan tár
freagrais an Dearg dreachnár
iarrais comha go lúath lonn
ar mac Cumhaill nó comlann



Ge maith do neartsa a fhir
do ráidh flaithfheindidh Almhan
ní thairbheórsa braighde dhuit
a Dheirg ar eagla comhruic



Mas chugainn do triallaigh sibh
a laochradh leidmeach Laighean
ar chomhlann céd umhal sinn
uaid a mhic Cumhaill airmgrinn


L. 312


Do chuir mo rí céd ann sin
dochum in Deirg dá mhuinntir
um Dhorn um Dhonn mac in Sgáil
agus um Chonn mac Conáin



Do thuit Conán mac in Léith
leis agus in Dorn nár threith
do chlaoí réna laim gan locht
trí chéd feargach faobarnocht



Mur do-connairc mo rí ann sin
ar chlaoí in Dearg da mhuinntir
do brosdaigh a chip catha
do chosg mic an ardfhlatha



Eirghis Fáolan go ffeirg mhóir
gabhais a mheirg sáorsnáth sróil
do-chúaidh do chosg in laoích láin
mairg do brosdaidh 'na chomhdháil



Ann sin teasgaid a lanna
ar a ccneasuibh cruithgheala
's do redhbattar a n-airm áigh
ar a chéile sa teagmháil



Glacaid compair a chéile
d'eis na hurlaidhe aigmhéile
nó gur ceangladh leisin Dearg
Faolán crodha na ccrúadhcheard



A mhic Morna nach meata
a mhír crodha na crodhachta
coisg dhinn comhrac an fir mhóir
a cheann gaisgidh na morshlógh


L. 314


Leat féin do thus dála
trían comhadh trían edála
deich cced uinge d'ór fá tri
uaimsi dhuit ar in t-airdrí



Ge do fogradh rét fine
clanna Morna mongbhuidhe
do-bhéur féin mo chongnam leat
a rí na Féine dot fhurtacht



Do-chúaidh Goll nár fulaing tár
'na chulaidh eididh iomlán
do thóg re dasacht nár thim
na hairm shénta cum comhlainn



Tucc in Dearg do chlaoídhe Guill
na hairm nimhe do bhí a ccoigill
is tig go diomsach dána
go fíochmar a n-am theagmhala



Ann sin cuimhnighid a bfearga
na fir bhorba soidhealbhdha
ag snoighe chlogad is cheann
do bhí mac Droichil is Iollann



Fechaid digheann a ccleas
ar a chéile sa mortreas
tochtaid fir Eirionn uile
ré clos bheimionn na hiorghaile



Ona ccomrac re tri lá
fa tuirrsioch mic agus mná
nó gur torchradh in Dearg ann
ré mac Morna na mbeimionn


L. 316


Da leigthí súan nó codhladh
do láoch na ndearg ngruadhchorcra
treisi Eirionn do-gebhthaoí leis
bhíadh a mbraighde 'na loingeas



Othar blíadhna luidhe Guill
ó chomhrac in laoích luinn
i ttigh rígh Teamhra go bfios
baoí mac Morna dha leighios



Do fúair Goll ar gealladh dhó
ó mhac Cumhaill is ní gó
ba buidheach an flaith go mbuaidh
ó comrac Iollainn armrúaidh



Do-rinne an Dearg dithchioll borb
fa dhíth inne óna mórcholg
thuit trí chéd uainne 'na troid
is sé chéd do mhuinntir Cormaic



As me Feargus file Finn
do gnaithfeindibh mhic Cumhaill
ó thoisg na ffearsin ar ttós
trían a ngaisgidh ní aithreós



A


L. 318


LXIV



Leacht Guill do chráidh mo croidhe
treinfear Eirionn ióbhruidhe
ionmhuin táobh fon leacht atá
tearc láoch re roiph iomarbaidh



Trenfhear do chloinn Morna mhear
do ghabh geilleadh in domhain
ó fhearaibh Eirionn aille
go crich oirrdeirc Easpainne



Ger mhaith Trénmor is Fionn
ger mhaith Baoísgne is Cumall
do ghabh Iollann a ngeill uile
idir triath is ródhuine



Naoí náonmair do-cuadhmar amach
do mhaithibh na fFían ffuilteach
fa Fhionn is fa Gharadh ghlan
fa Bhaoísgne is fa Osgar



Do gabhamar d'airde na mbeann
Fionn flaithfheindidh gan Iollann
'gabhail geillidh na mara
ar na tonnoibh táobhghlana



Don taobh thúaith do Thír na tTracht
do-conncomar iomarcadh bárc
íad ag seóladh sa chúan gleannach
fiche céd long Lochlannach


L. 320


Fiche céd do thainic ann
Maghnus mór mac rígh Lochlann
do bhí céd ar gach sgairbh sa chabhlach
is nír mheirbh in tréntheaghlach



Tainic Maghnus mór a ttír
go huaman is go hainmín
do loisc ó fhráoch go tuinn
an taobh fa a ttarla dh'Eirinn



Comhrac fhichead céd ar a' traigh
iarraidh Maghnus da dheasláimh
agus geallais da laimh chlí
go ttroidfeadh leisan airdrí



Cuiris fios go Fionn Fáil
Magnus mor do theacht 'na dháil
's nach gébadh gan comrac teann
d'fagail ó fhearuibh Eireann



As é comairle tug a shlúagh
d'Fionn mac Cumaill armrúadh
an tír d'fhagbháil don fhior
sul do muirfeadh a mhuinntior



Do gabhadar ag imteacht ann sin
's do gabh úamhan na fir
iad ag dáil a mbárc ar tuinn
an tráthsin tainic Iollann



Fiafraighis Iollann tré fheirg
a Fhinn mic Cumaill airmdheirg
créd do rug ort a fhir
far fhágbhais damsa Éire


L. 322


Oglach mór ag teacht anall
cugainn as íartar Lochlann
do gabh geilleadh Eirionn uile
lé neart a chloidhim chróbhuidhe



Ga ffuil maithe na Féine
nach dendaoís ris coimheirghe
nach ttiúbraidis comlann teann
do Maghnus mac rígh Lochlann



Ga ffuil Fionn mac Cumaill fhéil
ga ffuil Osgar na Oisín
ga ffuil Caoílte claoidhis cath
Gal Gaoíthe nó mac Lughach



Ga ffuil Fear Logha na n-eac
ga ffuil Díarmaid deaghbhreatach
ga ffuil Dáire mac Smóil
no Cairill ó Conbhróin



Ga ffuil Chaoilti coisgfeadh an rí
Faolán nó Áodh mac Finn
nó clann a' Chearda na séd
do choisgfeadh mor cced a nglinn



Ca ffuil Fear Logha nach ffúair guth
no Lugha mac Cairill aird
nó Fionn mac Dubháin na ccúach
ó Theamhraigh Lúachra na sealg



Ca ffuil do ghairbhteaglachsa 'Fhinn
Fían Locha Léin nó do chlann
da mac rí Lochlann na seól
nach ttiubhradaoís dhó gleó arm


L. 324


Dar do laimh a Ghuill gréadhnaigh
ar n-áiriom dhuit mo theaglaigh
dob fearr leó dhul fan talam ghlas
nó dhul do troid lé Maghnus



Dar do laim a Ghuill grúama
ní tig duine beó úadha
suil do claoídhfitear úaidh don fhior
cuiridh sé sluagh a ttalmain



Dar do laim a Ghuill go ngráin
ní lamhann duine dhul 'na dháil
treisi a luinne méd a bhuille
truime treine a brathbhuille



Gur thoilidh Maghnus mear
ó taoí 'na mac ardfhlatha
ó nach búailidh duine eile
buille air a n-iorghaile



Airde a sgéithe os clár ochta
guirme geire a loinn corcra
gan coimmeas ris fon gréin grinn
acht tusa féin a Illinn



Tabhair do ghealladh 's do gheilleadh
a Fhinn moir agus déna
gan gheilleadh Ghuill nó Gharaidh
'chur a luing re mac allmurraigh



Damadh tusa a Iollainn fheil
do-bheradh comrac as ar fFéin
chuirfinn mo braighde id theach
amach a cCruachain Connacht


L. 326


O nach bfaghaim isin fFéin
fear da fhreasdal acht mé féin
rachad do troid ar bhar ccionn
le Maghnus mac rígh Lochlann



Tairgeas Fionn do Maghnus mor
comtrom Iollainn don deargór
's a' comrac do shíneadh amach
go maidin arna mhárach



Ann adubairt Goll gréadhnach
ionmhuin croidhe mear meadhrach
gomadh fearr leis comrac an fir
ina maithius na talman



Comhraicis Iollann ar a' traigh
agus Maghnus lamh ar laimh
teid uatha isna nellaibh nimhe
morshlaim theineadh thinntighe



Ar sathadh na sleadh síbhneach
a ccneasuibh na ccuradh ccaithnimhneach
tig do sheamannaibh na sleadh
lasair úaine agus folradh



Cuirdis ceatha fola rúaidhe
osna lannoibh sleasúaine
an uair budh dearg in talamh ghlas
tig fearg Iollainn re Maghnus



Tug Iollann in beim deas
os bile sgeithe Maghnuis
teasgaidh an lamh gniomach ghlan
ann sin de gó thalmain


L. 328


Tógbais in lamh anairde
ionmuin croidhe go ngairge
beanuis a cheann da bhraghuid bháin
is glacais é 'na dheaslaimh



Gach comhrac tigeadh go fíor
go Teamhraigh rathmhair na ríogh
Iollann fear da ccosg uile
's do chosnamh na hAlmhuine



Do thuit lé laimh échtaigh Ghuill
triar ingean Chonaráin chuirr
Íartrach is Camog chas
agus Guillionn ogharghlas



Do thuit Íartrach re laimh Ghuill
is Guillionn ogharglas aoíbhinn
mo-núar do thuit rena loinn
is Iolarán mac righ Lochlann



Measa liom Osgar Eamhna
chuireadh mór ccosgor ccalma
na slúaigh in bheatha go beacht
agus bid uile fo énleacht



LEACHT


L. 330


La da raibh Fionn ag ol
a n-Almhain ar bheagán slóigh
seisior ban agus seisior fear
giolla agus innilt uchtghlan



Fionn ann agus Diarmaid gan on
mac Reithe Oisin is Osgar
Conán máol nar lag ar muir
ann agus mna na sé láochsin



An uair do gabh meisge na mná
do-chuadar dha iomrádh
nach raibh ar talmain tric
seisior ban bú comionnraic



Do ráidh Fionn fath gan on
colach ceirdeach é an domhan
cidh maith sibhsi is iomdha bean
nar fheis riam acht re haoínfear



Ni fada do badar mar soin
an úair tainic bean da ffechain
áonbrat uimpe go n-aille
agus í 'na háontshnáithe



Fiafraighis mac Cumhaill áin
d'ingin in bhruit órtshnáith
a bhean in bruit go n-aille
gad bheir tú gan áontshnáite


L. 332


Búaidh an bhruit go n-aille
bean ann gan aontshnaithe
nach bfaghann a diol don bhrot
acht bean aoínfhir gan rólocht



Tabhair an brat do mo mhnaoí féin
do ráidh Conán máol gan cheill
go bfechmaois don bhreithir mhir
glór na mban ó chíanuibh



Glacais bean Conáin in brat
agus gabhuis uimpe go prap
fa geis ar a méin go beacht
mar do leig ris a n-aoínfheacht



Mar do-connairc Conán máol
an brat ag filleadh fana táobh
tógbhais a chraoíseac gan on
agus marpais an ingin



Glacais bean Diarmada shaoír
an brat ó mhnaoí Conáin mhaoíl
gerbh isi in tsaoí gan locht
nír folaigh sé a gealocht



Glacais bean Osgair a ccein
an brat comfada coimréidh
ger ffada in brot sgothach fionn
níor fholaigh sé a himlionn



Glacais bean Oisín amhra
an brat fa cúis labhra
an t-edach nar foghain di
fa nár dhi a chur uimpe


L. 334


Glacais Maighean bean Fhinn
an brat fa cúis mhíghrinn
do chrap is do crúaidh mar soin
an brat súas fana clúasaibh



Tabhair in brat do ráidh mac Reithe
dom mhnaoi 's ní cúis cleithe
go ffechmaois an ionann dáil
dhi is dona cédmhnáibh



Nochtais bean mhic Reith in taobh
agus gabhais uimpe an brat lancáomh
do-chúaidh in brat sleamhuin slán
dhi go ladhair a láodagán



An pog tugus gan fhios
do mac í Duibhne do Dhíarmaid
do rachadh in brat dam go lár
muna bheith sin 'na haonarán



Racha misi uaibh amach
is fuicfe mé bar tteac a mhná
sgel ní ffuil agaibh oram
sgél agam oruibh atá



Beir do mhallacht imthigh uainn
do ráidh mac Cumaill armrúaidh
d'fagbhais sinn fa mhéla bhróin
na tarr dar ffechain enló



LA DA


L. 336


LXVI



In cumhain leat a Oisin fhéil
ar tturus go Teamhraigh thréin
dá ochtor fa bronntóir brot
lucht comhóil corn um Chormac



Do-bheirim bríathor go mbáidh
a mhic Cronnchair meic Ronáin
gur me is fearr sna fremhoibh fis
annsna sgelaibhsin d'fíarfaighis



In meisce tuc ar Cormac
ar Fionn gur fhógair comhrac
dar chuir anuadal in dáil
's dár fogair a n-iomarbáidh



Adupairt Cormac rém athair
mac Airt mic Cuinn chédcathaigh
go ccuirfeadh tre falaidh dhe
Fionn fo gabhail choire



Gach a ttarla eadrainn is é
adubairt Fionn flaith na Féine
ge teann gach crúaidh re ccuire
budh leam búaidh gach éncluithe



Da ccomraiciom riot arís
a Cormaic da mbeanum cís
ni budh maithfeac mé sa dáil
is budh aithreac an iomarbáidh


L. 338


As nár dhaoíbh tri deich ccatha
a n-agaidh Cumhaill an ardfhlatha
gér maith fir Mhidhe 'na dháil
nír diongaibh sibh a áonlaimh



Acht muna a bheithís fir Mumhan
is Connachtaigh na ccuradh
ni thiúbhradh seim sleidhe d'fhior
do chloinn oile Fheidhlimeadh



Adubairt mac Morna mór
Garadh na ccath nachar chlódh
as granna na damannta a Fhinn
beirthisi ar clannaib caomhChuinn



Nocha deachaidh ret athair
re Cumhall os na cathaib
a comeirge a ccoinne Chuinn
an fear fa roiréidh eadroinn



Fiafraghais Fionn do Gharadh
ar suidhe dhó 'na fharradh
os tusa do bhí ann
cionnus do marbadh Cumhall



Fiche céd do bhí 'na aghaidh
ata leamsa do mheabhair
ó mhaidin go trathnóna
marbhadh Cumhaill chródha
is ó trathnóna amach
go trath eirghe arna mhárach



Céd ar 'aghaidh céd ar a a chúl
ced ar aghaidh a dhá shúl
céd ar gach áidhe da chorp cain
céd ar gach laim da lámhaiph


L. 340


Ceithre céd um an Líath Lúachra
tainic o íarthor Crúachna
do marbh Criomtann Cas gan ceilg
re cloidhiom glas mar glaisleirg



Naoí bfichit do macaibh ríogh
do thuit le Bódhmainn go fior
fuarus imsniomh an uilc mhóir
ó inghin daithghil Trénmhóir



Da chéd deg curaidh catha
do bhi um Chonn chedchatha
do tuit sa Cnúcha chrúaidh
le laim Cumhaill cloidhiomchrúaidh



Conn agus Goll da laim dheis
agus a' Líath a Lúachras
fir Eirionn a ccro catha
i ttimcioll an ardflatha



Do bhiomuirne sé fir dheg
do chlandaibh Morna is ni breg
do sháithiomar sleadh gach fir
a ccorp Cumhaill caithmhílidh



Cionnus do freagair se sin
's na beir beim ar in mílidh
beannacht duit 's na can acht cóir
gémadh fúath leat clanna Trenmóir



Da bheim fan bheim ón fhior
ó Chumhall ón chaithmhílidh
do budh commaoín a chara
i ccommaoín gach áonghona


L. 342


Da leigmís codladh ttrí ttráth
do Cumall gér mór ré a rádh
ni rachadh neach slán da thoigh
ó áonlaim Cumhaill chréchtaigh



As olc linne do mhucha
do cuireapair cath Cnúcha
go mbeithmís féin ar an magh
ag cur áir bar ccolamhnach



As maith dhuitsi do mucha
do tucamar cath Cnúcha
do beanfaidhe dhiot do ceann
mar do beanadh do Chumhall



Do díoghail tusa a hathair
a Fhinn mhóir os na cathoiph
as beacht do catha crúaidhe
orainn fan Banba bratúaine



Do marbhais in Líath Lúachra
fear comhluinn céd ger úathmar
sgel mór a nEirinn uile
's a thuitim le henduine



Da marbainnsi Goll glan
agus clannmaicne a athor
nír éruic liom é am athair
's a' Liath ó Charn fFionnachair



Digheóladsa 'nois mh'athair
ní ceileabhsa ortsa é a Gharaidh
ní sgarfaightear m'fíochsa ribh
go soithe sibh go dith éinfhir


L. 344


Adupairt Cormac ag an ól
aitheascc nár bhinn re a shlógh
do-ghébhairsi comhrac sleadh
a Fhinn agus treig Garaidh



Ann sin adubairt Osgar
aitheasg fa borb a bhrosgar
ata fear do comraic astoigh
fead do bheith Fionn a fFrangcoibh



Rangas in guthsin Cairbre
mac rígh na hEirionn airde
ta fear do comhraicsi dha chloinn
gion go mbeith Cormac i n-Eirinn



Mur do-chúalus Osgar áigh
agus Cairbre ag iomarbháidh
dháibh níor díochra ga nighe
cor nach ffiorfa an fháisdini



Ráidhimsi re Ciothrúaidh cain
mac in Cháogaid mar do dhligh
gabh an dúain cheirdide dháibh
ní huair feirge nó iomarbáidh



Do eirigh Ciothrúaidh cáomh cas
gabhais a dhuain shaoírsheanchuis
lér chomhchoisg uile na slúaigh
úaisle na Banba a n-énuair



Do eisdiodar na slúaigh uile
's do eisd Cormac cúlbhuidhe
nó gur gabh Ciothruaidh a dhúain
ar slios an toighe tháobhrúaidh


L. 346


Mo-ghenar do ghabh an dúain
ler comhchoisg uile na slúaigh
is gan bheith d'faill ar in dáil
acht a n-airm uile do ghabáil



Bronntar ar Ciothrúaidh chédach
uainn d'airgead agus d'édach
ba hedáil dhó fein 's da chloinn
a ffuair sé d'edáil eadroinn



Gan codhladh duinn is dáiph
idir fear is mac is mhna
cách uile i cceann a chéile
ar eagla na coimeirghe



Arna marach dhuinn is dháibh
do roinnsiomar iomarbháidh
do seamsamar ar ngaigne
's do ceanglamor comhairle



Se fir dhég dhuinn ar foghail
do clannoib Baoisgne bláthbhonaigh
tre iomarbháidh Fhinn eangbaidh
is Cormaic ó chlaoínTeamhraigh



Do an againn clann Mhórna
do an clann Guill gan dogra
do an clann Ronáin go nim
's do imgeadar ar ccomhaghaidh



Breatnuighis Faolán go nimh
creach do dhénum an lásin
nír leig misi an creach
go spreidis sluaigh na Teamhrach


L. 348


Glúaismíd romhainn ó Theamhair
meirge sénta ar ar sleadhaibh
's nír fforlann linn 'nar n-aghaidh
ar ccoimlíon do Gaoídhealaibh



Téigmidne go hAongus Óg
mac in Dághdha na nglanród
do ceanglamar as Áongus síth
's do threigiomar eissíth



Do-chúadhmar ar cúairt áigh
ar creich go Teamhraigh fodbháin
na sé fir dhegsa go beacht
is Aongus dár ngiollacht



Ba híad so na sé fir dheg
a Chaoílte 's ni hiomarbreg
eólach misi 's ni fath fann
na n-áiriomh is na n-anmann



A haon misi féin budhdhéin
a dhó Osgar go mícheill
a trí Fear Logha go mbúaidh
a ceathair Cairioll ó Corrbhrúain



An cuigeadh Áodh beag rátha
an seisiodh mac Lughach
an seachtmadh Díarmaid go ffios
agus in t-ochtmadh Dáolghas



A naoí m'athairsi fein Fionn
a deich Fearrdhamhain na rionn
a háondég Colla cáomh cas
a do dheg Raíghne roscghlas


L. 350


A trí deg Feargus fionn fíal
giolla na ccreach 's na ccáomhsgíath
a ceathair deg Faolán mac Finn
's a' cuigeadh dég Iollann



A sé deg Goll mac Mórna
giolla d'féinibh Cronnmhóna
feindidh geal in ghaisgidh grinn
taistiollach aoínfear n-Eirinn



Suidhmidne asttoigh a tTeamhair
a longport na n-ollaman
ag ól 's ag imbeirt ar linn
i ttigh mhóir airdrigh Eirionn



Adupairt airdrigh Teamhra
breithiomh a n-aois ealadhna
ata tusa a láimh a Fhinn
a áonbharr áigh na hEirionn



Muna léige tú dhiot a fhir
sealg Teamra agus Tailltion
Uisneach Mhidhe is mín cúan
Ealma Laigean na morslúagh
sealg Eirionn ó sin amach
go ttí sé in bráth breathach



Adupairt Osgar éuchtach
an macámh mear móircrechtach
ní gébhtar is misi slán
na sé fir deg go hiomlán



Do tairrngeamor se sgeana dég
firinne so is ni breg
do marbamar fear gach fir
do muinntir in rígh i tTeamhair


L. 352


Rangamar doirsi in dúin
gasraidh óglach narbh anúr
do-chúadhmar ar in ffaiche amach
an dream aigeantach úaibhreach



Do glacamar deg cced bó
i tTeamraigh ger mhór in ró
suil rangamar Tailltean na mbrot
rug orainn Cairbre is Cormac



Tionóilit anoir 's aníar
Cairbre is Cormac ar áonrían
ní faca ríamh oireacht
tríath budh tinne tóraidheacht



Gearr do bhádhmar mar soin
go ffacamar sa ffaiche ffergloin
fleasgach óg deidgheal donn
éuchtach urrúnta édtrom



Sded úaipreach folúaimhneach faoí
ag an ogláoch go n-iomad ngnaoí
clúasa beaga tar a ceann
meadhón seang aradh ettrom



'S é tainic cugainn ann soin
Áongus Og an brogha bhionnghloin
síodhguidhe do Tuathaibh Dé
giolla ar nár luidh iomarbhé



Feidm do gabh Áongus uainn
an lásin re hucht in tslúaigh
an creach d'iomáin gan fheall
nó diongmáil fear nEireann


L. 354


Gach mart do cuirthí don creich
do cuireadh Áonghus fa druim a eich
gach fear da marpthaoí don tóir
d'fadbadh Aongus a ccedóir



Do cuirsiom sé súaitheantais dheg
anairde 's ní hiomarbhrég
ar mbreith don tóir ar Fhéin Fhinn
ar ndul duinn a ccro comlainn



Se bannlamha deg do sról
nar ghile an chailc a ccedoir
os cinnbheirt Fhinn na fleadhól
giolla do shíol Eiriomhón



Caorthann fana lán duille
cum a mheas go mórtruime
do bhí os cinnbeirt Osgair
fear churtha na ccrúadhchosgair



Gég don iubhar bharrchas bhláith
suaiteantus Díarmada dreachnáir
ó Duibhne do dhíoladh gach drong
fear suirghe fionnbhan Eirionn



A ccrannóig chinnbheirte Guill
mic Morna maith do fhulaing
do bhí an piobaire 's a piob cain
da seinm aige san iorgail



A ccinnbeirt Fhaoláin mic Finn
bratach sróil go ccrann ndíoghainn
a ccinnbeirt Iollainn go ngail
naoí sleadha úaine on iorghail


L. 356


A ccinnbeirt Fhir Lugha a hOil
da ghadhor coimbhinne cheoil
mac Lughach faolán do ghail
fíadh 'na chinnbeirt chuirr chumhdaigh



A ccinnbeirt Chairill mic Finn
crann dearg go nduille ndíoghainn
crann loinge 's a sheól a ccrois
um cinnbeirt fein do-chonncos



A ccinnbeirt Áodh bhig mhic Finn
barr teineadh uirrthe do shaoílim
do cuir eagla ar thóir na ccreach
borb a rúaig don tsluagh dhaoíneach



Ceithre bannlamha fichit fíre
as eadh baoí don tsrol dob aoíbhni
súaitheantus Raíghne mhic Finn
don tsluagh orrdairc aoíbhinn



Da bhannláimh deg do srol dearg
a ccinnbeirt Chaoílte na moirchealg
a ccinnbeirt Colla caoim chóir
da chuirr go níamh an deargóir



Fleasg fhileadh don ór cheard
go cceithre ccrannóga d'ór dhearg
os cinnbeirt Fhearguis mic Finn
airdfile Fhían Eiriond



Eire gach áonlaoích acht é féin
do chasnaoí ghléghil shoilléir
a ccinnbeirt Fearrdhamhain na rosg nglan
fear fa hesgaidh a ndeabaidh


L. 358


Tugamairne rúaig chalma
leanomar filelorg fhearrdha
do gabhamar Cormac na ffleadh
do gonamar Coirbre cnisgheal



Nocha dearnamar síth
le Cormac fa mor ar mbrigh
no go raibh fan inbhior thall
a ffíadhnuise fhear nEirionn



Mur do-connairc Fionn na ffleadh
Cormac thall fan innbhear
do-chúaidh féin fan chionn oile
caithmilidh ard Almaine



Mar do-connairc Faolán fíal
an t-ionnbhior ar flaith na fFían
tug in buille meardha mear
gearrais ar dho in t-innbhior



Gearrais an iris ccaoim ccuirr
gearrais in coire cáomhchruind
do cuir in cloidhiom cain
ar fead sheacht ttroighthe a ttalmain



Do leig amach rí Eirionn
giolla bréaghdha baismhéirsheang
is tugadh a bhreath féin d'Fionn
mo sgéla dhuit a Tháilghinn



Dó thógsam ann sin anáirde
ar dhithceann sinn 's ar marbadh
's do cuiriomar ar shleaghaip
ced do ceannaibh cródearga


L. 360


Ag sin duit ar sgéla
gidh be bheith aga séna
as cráobh don aoínbilesin inn
a mhic ingine Cumhaill



IN CUMAIN


L. 362


LXVII



La da raibh Padraic a nDún
psailm ar 'úigh 's gan é ag ól
tainic go tigh Oisín mic Finn
os leis féin bu binn a ghlór



Día do bheatha a sheanóir shúairc
cugad ar cuairt tainic sinn
a láoch míleata fa dearg dreach
fíor nar ér neach fa ní



Sgeala is maith leam d'faghail uait
'úa Cumhaill fa crúaidh colg
in teann is mó a raibh an Fhían
ó ataoír riam ar a lorg



Aithresa duit a dearbh
a chléirigh úir na psalm mbinn
in teann is mó a raibh na fir
ó do geineadh Fíana Fiana Finn



Dearmad fleidhe do-rinne Fionn
a n-Almain re linn na láoch
ar chuid don Fhéin ó Druim Dearg
gur eirigh a ffearg 's a ffíoch



Arna ndearmad fan ól
in días láoch fa dóigh linn
tug mac Cronnchair is Aille úr
freiteach blíadhna re múr Finn


L. 364


Do-níd gan ogal a ttriall
in láochraidh far bfedmar sinn
gluaisis in da fheindidh gheal
go rígh Lochlann na sreath slim



Muinntearus blíadhna ris in rígh
don dís láoch fa dearg dreach
do mac Cronnchair na sleadh ger
's do Aille féin nár ér neach



Ba hé rí Lochlann 's a slúaigh
fear re mberthaoi búaidh gach áigh
Airrgeann mac Ancuir na long
láoch fa maith dorn is lámh



Tuc bean ri Lochlann na sgíath
grádh go dían nach raibh co deas
d'Áille greadhnach an airm gheir
leó sa cheilg go ndearnad feis



Triallaid do leabaidh in ríogh
ag sin in gniom rer doirteadh fuil
go hAlmuin Laigean na fFían
tugadar a ttriall ó mhuir



Tionóilis ri Lochlann a sluagh
an cabhlach crúaidh do bhí go deas
ocht righte deg san úair
as é tainic dhá shlúagh leis



Glacaid an áibheis go hard
co híath Eirionn na n-arm n-áigh
go hAlmuin Laighean na fFían
tugsat a ttriall ó traigh


L. 366


Sgaoilid a bpuible go lúath
rí Lochlann 's a slúagh nár thim
ar na tulchaiph do bhí amuigh
a ngar don brugh a raibhe Fionn



Furáilis Fionn cumha mhór
don tsloghsin tainic a ccéin
's do rígh Lochlann na ccolg sean
ré chéile 's a bean féin



Do ráidh in Lochlannach borb
ré a dhóigh 's a chor a gcéin
nach gébhadh comha fan gréin
is Fionn féin do beith da éis



Deich ccinnbeirt ficheat don Fhéin
is Aille féin ar tús
do thuit re laim Airrginn mhóir
sul tainic na slóigh a ndlús



Fiafraighis Fionn flaith na ccúach
do maithibh uaisle innsi Fáil
cía do ghébhadh Airrgheann na ttreas
sul do rachmaoís leis ar sál



Nir heisdeadh sin ré Goll
sunn catha nár cuireadh ar gcúl
misi is Airrgheann na ttreas
leigthear eadrainn cleas lúth



Mac Lughach is Osgar lonn
Fear Reamor crom is mac Leg
dot dhidion ar bhuille in rí
beir gacha ttaoíbh dot sgéith


L. 368


Eirghid do chosnamh a ttríath
Airrgionn féin nár cáomh ciall
seacht ccatha dheas is túaith
don tslúagh búdh fearr tainic ríamh



Mur ndeachaidh fear dhíobh faoí chré
nó sa sbéire re lúth éin
do slúagh rígh Lochlann na ccríoch
nir pill arís 'na thír féin



Da ttugthaoí comtrom arm
do mac Ancair budh hard céim
a n-Eirinn na ngaisgeadach ffial
ní mairfeadhdís Fían da éis



Cosmaile chomhraic na ffear
ní faicfe mé go ttí in bráth
ceann rígh Lochlann na sgíeth ndonn
do mhaoídh Goll san ochtmadh lá



Do-beirim fo anmuin mo rígh
gurb e ar ndíth ar tteacht as
fear is ceirtleith na fFían
do fagadh san tslíabh ar in táobh dheas



Do bhí misi fein san ruaig
a Padraic bheirius búaidh ar cách
is gé go ttainic mé as
ní dearnadh mo leas san lá






Iomlánachadh in líne do leisce a bheith folamh
Misi Áodh do sgriobh


L. 370



LXVIII



Dubhach sin a Bheann Ghúalann
a bheand na núabharr ccruthach
a n-aimsir in Tailghinn
dob álainn bheith ar do mhullach



Dob iomdha bean agus giolla
ar do lios a Bheann Ghúalann
ortsa is láoch laidir
a beann bláthmhor duire bhúabhall



Gotha gadhar id gleanntoibh
ar mhucaibh alta da ffíadhach
gach feindidh da ttigeadh a lathair
's a ccoin aille ar iallach



Dob iomdha do chruite ceóilbhinn
os leirgfinn oirlíath ghlaise
ór da bhronnadh an uairsin
gabháil dhúan go n-iomad maisi



Is e do-gheibheadh ó gach feindidh
da raibh sa fFéin an úairsin
tallonn oir gacha míosa
dob e cíosa Daíghre dhúanaigh



An úairsin a Bheann Ghúalann
nír ffúath linn fad tháobhaibh
anocht is tearc mo charaid
och ní mhairit mo gháolta


L. 372


Ag eisdeacht ret ealtuin
agus beathach na n-or n-allta
beann ar ar bheannaidh in Táilghionn
dob álainn do banntracht



Totháin do choillteach díamhra
dob iomdha íara ar do crannaibh
do bhruic ger sháimh a sealga
niorbh annamh do laoídh eallaidh



Duinne gerb ádhbhar meanma
ag eisdeacht re labhra h'iolar
ba binn gotha do dhobhrán
agus comradh do sionnach



Fa binn duallán do chonart
is h'uallghort nírbh annamh
orgán do dhamh dílionn
do ceól faoílionn agus ealadh



Do mhónógasa caomh corcra
biorar fochla agus gleórán
re triar inghean Cais Cuailgne
fa binn leósan a n-abhrán



Nuallán do chorr san oidhche
cearca fraoíche do shleibhe
re chéile is ceol do choinchionn
dob aoíbhinn bheith da n-eisdeacht



Siansán binne do smáolach
as mór in t-adbar cumhadh
is maith togbadh bron dot bhannáil
is fearáin do crann cluthmar


L. 374


Ag eisdeacht ret fíadhach
fa binn re tríath na hAlmhan
do budh cluthmar bheith id dhíamhroibh
dob iomdha mialta id ghleanntaibh



Dob iomdha cnuasach ód choilltibh
re mnáibh fionna na Féine
do cháora fa cnúas cumhra
do shugha is do sméra



Subha cráobh agus talman
cneamh agus airnead feithlionn
fa minic do ghairbhmeas
a n-aimsir Fhéine Eirionn



Ba haoibhinn h'inbhear íasgach
os leirg fherghloin glaoíthbinn
anocht atam co harsaidh
do chaitheas m'aimsir aoíbhinn



Is cumhuin leam a thulach
mac Lughach ort is Conán
iad ag imirt an tráthsin
's as tainic ar n-orcradh



Ni raibh feindidh a lathair
's as tainic ar ndrochdhal
nach gcualaidh an úairsin
an dorn buaileadh ar Conán



Eirgis Conán 'na sheasamh
is beiris alpadh ar 'armoibh
fa hadhúathmar an úairsin
Conán fa crúaidh a tteannta


L. 376


Do ráidh Áodh mac Garaidh
ger leanam níor láoch lonnda
dar do laimhsi a mhic Lughach
bu pudhar dhuit in dornsa



Ni briathar tug mac Lughach
's maith is cumhain a Padraic
beag mo spéis id leitheid
nír theithius a n-am gábhaidh



Eirgis ann sin fearg Áodh
is mairg láoch d'fan réna thoruinn
an briatar tug mac Lughach
dar mo cubhais do chomhaill



Tainic mac Dobair dhámhaigh
ann sin do chabhair mic Lughach
is fearg Áodh da ffreasdol
dob i an iorgail churadh



Tainic Goll agus Garaidh
Seinen agus Fear Fáophair
deich ccéd do clannaibh Dubháin
ann sin do choiméd Áodha



Tainic clanna Neamhnaid
lucht leanamna clanna Baoísgne
da sleidh agus sgíeth uaine
ar gualainn gacha taoisigh



Tainic aicme Da Bhoirionn
dob íad an foirionn cródha
gerbh iomdha cleas lúthmar
ag congnam re clandaibh Morno


L. 378


Tainic fa mór in tamhail
do cabhair clanna Baoísgne
fir nar thréith a n-am teannta
dob iad clanna Duibh Dhíorma



Clanna Coinbroin re hIollann
dream nar cumang ré cliaraibh
fiche céd do sgíathaibh geala
d'fearuibh nár seachain cliamháin



Tainic Corr choslúath chédghoineach
ar colbha chloinne Mórna
buidhion fa niamdha maisi
fiche céd do sgiethaibh gorma



Do-chúaidh misi féin Caoílte
faris o mBaoísgne mbréagha
dhuinne gerbh ard meanma
fiche céd do sgíethaibh dearga



Tigid cugainn do láthair
'na mbróintibh n-ágha n-órdha
a Dhía is mairg chom a ttainic
an trathsin clanna Morna



A Padraic a chleirigh Fhodla
do thuit re chéile sa ffionnghleó
deich ccéd taoíseach feindeadh
ar n-egnach ó an áonló



Ag sin duit a Padraic
sgél ámhaidh ar an imirt
dorn do búaileadh an lásin
's as tainic in milleadh


L. 380


Aitheac mor co ccruit n-íarnaigh
san aird aníar gach ndíreach
tainic chugainn tar gach region
nírbh é sin in fear sítheach



Ar tteacht ameasg ar ttionóil
don aitheach romhór adhbhal
re fuaim a cruite gairbhe
do tuit ar n-airm as ar lámaibh



Ni raibhe neach beó 'na sheasamh
ris in cheólsin nar mhaith síansa
dath an ghúail ar an aitheach
is dath in tsneachta ar 'fhíaclaibh



Cuiris é fa gheasoibh
Conán nár maith cialla
fear na cruite millte
mura n-innsead sé sgéla



Ge do chuiris mé fo gheasoibh
as mé ameasg na Féine
a Chonáin mhaoíl na mallacht
bu haithreac duit mo sgéla



Ni gheillim dom chineadh
do hoileadh me sa fFuarrdhacht
gébha dhaoíbh an aoíre
nach sinnfeadh Daíghre dúanach



Gabhais dúain do Conán
níor fforáil gan bheith séitreach
gach a raibh dhíobh 'na ccáomhthach
do-chúadar a lathair éga


L. 382


Togbhais leis airm na Féine
ger lór a' mhéidsin d'eire
nír fag ga nó lann fáobhrach
ag laoch ann nó ag giolla



Sdirén mac in Ghairbh Ghluinigh
níor ffeas dhuinne san domhan
feadh miosa dhuinn gan lathar
fagbais a lán go boghar



Teid teachtaire go mac Morna
ó Fhionn na gcáomhchorn ccumdaigh
a triall as Eirinn íathghloin
d'iarraidh mic in Gairbh Ghluinigh



Tigid a cceann na míosa
clanna Baoísgne go trénmhear
naoí ffichit céd ar in ccnocsa
cia tá anocht gan énfhear



Do-rinne Goll is mac Cumhaill
síth do comall an úairsin
is tugadar a lamha
ann a laim Daíghre dhúanaigh



Glúaismíd ann a n-éinfeacht
in dream nár threith a congnamh
as sin go Tráigh na tTréinfhear
fa buidhean léidmeach lúthmar



As sin duinn don Fhuarrdacht
as mairg do-chúaidh 'nar turus
dhuinn fa hadbar egnaigh
mar raibhe Edbhar is Ludar


L. 384


Tigid chugainn dar ffechain
buidhean nach eisdfeadh dúana
Troitheasdal is Crom na Cairrge
is Troiglén ón Ghleann Úathmar



Tri mic Crom na Cairrge
fir nach ttiúpradh cairde chatha
dob adhbar díthe dar ndaoínibh
beit fa lamaibh in triar athach



As íad anmanna in tríairsin
na taoísigh nár ghlan gnee
ger chuimseach íad a ccathaibh
Sithire Sitre agus Séitre



Tainic cugainn buidhean dhordha
a ccomrac ba mór báoghal
tri fichit fear co luirgnibh
tainic fuirne mic Fáobhair



Tainic Aitheach in Corráin
níor fforáil ar mbeith daoíneach
buidhean ar dath na ndeamhan
deich cced aitheach nar ffáodhbha



Ar tteacht don Garbh ghlúineach
cugainn 's a lúireach croicinn
énsuil a cclár 'edain
is deich da dhénam 'na aice



Dob fearr leinne a Padraic
's a ttainic linn dar Feinnibh
an mhéidsin do slúagh fuinidh
go mbeithmis uile a n-Eirinn


L. 386


Do-chúadhmar do chur in catha
na haithigh is Fían Eirionn
sa maidin arna mhárach
dob docair airiom a gcéimionn



Teid do cosg Crom na Cairrge
fa meanma curadh
ar a sgath fa díon dhuinne
a lamh ar ccúla nir cuireadh



Do ráidh Osgar mac Oisín
coisgfe misi mac Fáobhair
annsa maidin arna mhárach
ré neart mo laime am áonar



Do raidh Diarmaid ó Duibhne
fear fa cuimhneach a n-am catha
Traoillén on Gleann Úathmar
coisgfeadsa a n-am tachair



Do ráidh triur mac in Cearda
nir glor nar calma in trathsin
tri mic Crom na Cairrge
coisgfe sinne a n-uair ghábhaidh



Do ráidh Sinén mac Morna
's an fear dordha Conán
días mac in Ghairbh Ghluinigh
a ccosg dhuinne ní furáil



Do ráidh Áodh mac Garaidh
nírbh é in t-áthus nar chúimhneach
an t-óigfhear fa hard meanma
coisgfeadsa in Garbh Glúineach


L. 388


Gabhais re comhrac Luduir
mac Lughach na n-arm ffáobhrach
do comhrac risin ffearsin
is mairg rachadh 'na áonor



Troitheasdol ger láoch londa
gan a luirgfhearsaid chatha
gabhais Art og mac Morna
rena comhrac a n-am tachair



Coisgfeam ar clann Neamhnaid
agus gearrfam a saoghal
tri fichit fear co luirgnibh
do mhuinntir foirne mic Fáobair



Coisccfiom Aitheach in Chorráin
do ráidh Barrán mac Morno
agus coisgfiom a mhuinntir
buidhean go ndeilb ndórdha



A Padraic a chara anma
fearg na láoch óir do éirigh
dob iomdha sgíeth da sgoltadh
ann agus osnadh feindidh



Dob e dal Crom na Cairrge
is Guill meanmnaigh mic Morno
nach dearnaidh días san domhan
a commaith sin do comhrac



Tuitis Crom na Cairrge
ré neart laime Ghuill fháobhraigh
faoí sgéith Iollainn sa tachar
dob iomdha fear dár láochraidh


L. 390


Do thuit ré hOsgar ámhra
ger chalma in fear mac Faobuir
minic do fhóir sinn ó bháoghal
an lamhsin nár claoídheadh



Traoíthlén ón Ghleann Úathmar
's an fear ó Lúachair Dheaghaidh
darb ainm Mac Í Dhuibhne
días rer doilghe deabhaidh



Tainic ann sin a shaoghal
Traoillén ger láoch londa
re cleasaibh goile Í Dhuibhne
leannán suirge na Fodhla



Ba maith comhrac in Ghairbh Ghluinigh
is Áodh lúthmair na ngerlann
is fa tearc a samhail
san chathsin Fhéine Éirionn



Ba maith Goll is Garaidh
Seinén is Fear Fóghla
Osgar is Diarmaid deidgheal
is Áodh échtach mac Morna



Ni raibhe neach dhíobh a ngúasacht
ina feindidh úasal armach
nach deachaidh Goll da chabhair
's maith is cumain a Padraic



Tigeadh 'cabhair chloinne Morna
mar luas aidh orrdairc allaidh
's do cabhair chloinne Baoísgne
mar sitheadh gaoithe Earraigh


L. 392


A Padraig a chleirigh Fodhla
an ttainig ríamh iongnadh
nó in Garbh do chlaoídh re hAodha
agus laghad a aoise



Ar ttuitim don cuigear calma
don tslúagh gharbhsin na n-aiteach
A Padraic dob iomdha feindidh
a n-eigean san tachar



Tainic cugainn áongruagach
an trath ba cruaidhe dar fflathaibh
's a cruit carthanach cheóilbhinn
leis ar teóruinn na faithche



Go n-asaibh airgid fhinnghil
fa colpaip séimhe soillsi
co lór do chlochaibh búadha
bróga cuanna don ór pronnta



Léine don tsleamhuin síoda
go ndeilbh gríobhdha agus naithreach
do bhí fo chneas in gruagaigh
ionar súaithnidh sodhathach



Fleasg óir arna heagar
fana fholt fada fionnchas
cloidheamh órdhuirn co ndealtaibh
is brat corcra fana caomhchneas



As dar gcabhair tainic chugainn
an fearsin go cculaidh roigrinn
an ceol do shinn in gruagach
ní cualamar a coimhbinn


L. 394


Teid uainn ameasg na n-aitheach
an fear gradhach gruamdha
is cuiris iad 'na ccolladh
na troithe ó thir na Fuarrdhacht



Fearais doghairceó eadroinn
's na fir nar chuimseach cialla
cuiris iad ar seachmall
as na ffacadar na Fíana



Truagh misi ag denam crábaidh
's me ag caoíneadh cloinne Baoísgne
's da mbiainn a ttús mo shláinte
go ttreigfinn crabhaidh choidhchi



Na habair sin a Chaoílte
da ffaicthea aoíbhneas nimhe
ní thiúbhratha h'aire d'Fíenaibh
ina d'íarsma do chloinne



Da ffaictha tríath na hAlmha
ina óig Eamna go n-aille
'na luidhe a leapthaibh sealga
id meanmain ní bhíadh crábadh



Olc in ciall a seanóir
rachaid roshlógh na cruinne
ní ffuil neach diobh na d'íarsma
nach bíaidh fa breith Rígh na n-uile



A Padraic easbail Eirionn
is trúagh lucht na gcéimionn ccalma
do breith uaimse don tsáoghal
's me am aonar ag crábhadh


L. 396


Aithris sgéla in gruagaigh
's ar mair d'úaisleibh na Féine
is dena caoíneas a Chaoilte
is binn liom ní dot sgélaibh



Tangamar gan ar lúathbhárc
tar éis úathbháis in catha
fa gairid linn in sáile
co criocaibh aille Breatan



Ba maith in líaigh in gruagach
a Padraic uasail a érlaimh
tug duinne go deimhin
luibhe leighis ar ccrechta



Gluaismid ó criochaibh Breatan
co bruachaibh Saxan saoíre
a Patraic do-ní na fearta
is ann fa tearca ar ndaoíne



Ar tteacht go crich Saxan
ní fhacamar in gruagach
do fhóir sinn ó ghaphadh
so in treas adhbhar úathmar



Teid uainn d'iarraidh feasa
fear freasdail gacha deaghshlúaigh
fúaramar ó gach teaghlach
sgéla an uairsin fa deaghbuaidh



Aongus Óg ar Fionn feindidh
car mar é riamh ni fhaca
's e do fhoir sinn o ghúasacht
as tír uathmair na n-aitheach


L. 398


Tá a ttaisgidh a mBrugh Boinne
bar cculaigh comhluinn agus chatha
ta thall san mBrugh dheidgheil
bar n-airm ghéra is bar sleadha



Gabhmaid cúan a mBeinn Edair
ag dul d'fechain ar n-arma
tar eis Saxana d'imteacht
fa buidhean chliste chalma



Tangamar go Brugh Boinne
gusan ccuraidh óg úasal
Aongus Og mac in Dághda
fúaramar fáilti an uairsin



Trí hoidhche a mBrugh Boinne
fa maith ar sógh gan easbaidh
fúaramar uile ar n-arma
tainic meanma dar fflathaibh



Da chéd bó ó Gholl gháibhtheach
do mac in Dághdha dreachúir
urad oile ó mac Cumaill
días nar cumhang fo creachaibh



Go ffoirfeadh sinne as gach amhgar
dob é gealladh Áonguis in Brogha
ar gcabhair as gach eigion
a Dhía is mo-genar ag a raibhe



Gluaismíd ar enshlighe
lucht churtha ghleó gáibhtheach
anois is adbar osnadh
na fir do cosnadh láithreach


L. 400


Tug me seal co séitreach
do ffada mo leim a tTeamhraigh
do imidh níamh mo crotha
anocht ataim go harsaidh



As mé Caoílte am aonar
ní hiongnad mo bheit co cumthach
Fionn is Osgar is Díarmaid
's 'na ndeaghaidh ataim go dubach



DUBACH




Da ffagainn ní budh mó ina a ffuarus do
sgribhebhuinn iad A n-Oisdin in. 6. Augustus
1627


L. 402



LXIX



Cumain liom an imirt
do bhí ag flaith na fFían
re cheile 's a mac
fá an iubharsa thíar



Suidhid um an n-iubhar
idir olc is maith
ag fraisimirt na fichille
Oisin 's a' flaith



Suidhim fein and
agus mo dhías mac
ar gualuinn dheis Find
nocar linn narbh ait



Is diom gorthaidhi Caoilti
mac Cronncuir mic Ronáin
i ttigh Floinn do baisdeadh
me le mac Muirne na mórdháimh



Do cuireadh in cedchluithi
ar Oisin le Fionn
o ataim da innisin
is maith is cumhain liom



Ar in dara cluithe
tainic in t-olc bráith
as ann do leig Diarmaid
an cháor as a láimh


L. 404


Mar do-connairc Oisín
an cháor ar in cclár
togbus í go prap
as cuirios fear 'na háit



Do haithnniom in cháor
an uairsin le Fionn
adubhairt se go fáobhrach
ata neoch os ar ccionn



Adubairt Fionn fíalghasta
láoch curata cnismhín
teagusc direach Díarmada
is imbirt athlamh Oisín



Ni imeóra in fichiollsa
feasda eideir na Fianuibh
go bfaghar don duladhso
a' neóch ataoim d'iarraidh



Adubairt Osgar deaghthapaidh
mac Oisin fhéil úir
cia dona fearuibhsi
neoch ina ffuil do dhúil



Adubhairt rífheinidh Almhan
fear diolta na ndámh
na cuir misi ar mearachadh
acht ge mait do lamh



Adubairt Osgar deaghthapaidh
da freagra gan daoírsi
damsa na tabhair tathaoír
trem bheith do chlandaibh Baoisgne


L. 406


Is ann sin adubairt Faolán
mac do bhí ag Fionn
as robhorb linn a Osgair
do labhrus tú linn



Ge romor thusa
is ge borb do ráite
ni thiúbhrainn énní
ar eagla do laimhe



Ge mór sibsi as t'athair
is bar ccatha gan time
bérad liom Ó Duibhne
ó chlannuibh Baoisgne uile



As mór in briatar énlaoígh
do ráidh Goll na mbeimionn
go mbéradh láoch da n-aimdheoin
ó thionól bfear nEirionn



Tusa liom nír brostaighius
a Goill na ccosgar lánmhór
na énneach dom freagra
acht clann bagarrtach Trenmhóir



Os mar sin adubhrais
a fhir na ccomlann ndeacrach
dena do dhíol urlaidhe
fan ccuimrighe do glacuis



An coimirce a ndeachusa
a ffiadhnuise ffear nEirionn
ní heaguil damh duine
a buain diom ar eigin


L. 408


Tarra anuas a Diarmaid
is gabhuim thu do laim
do cosnumh ar Fhaolán
is air Fianaibh Fáil



Ann sin tainic Díarmuid
cugainn is níorbh é ar leas
dob iomdha laoch againne
do dícheannadh san treas



Tiaguid mo clannsa
agus Faolán mac Find
do dhenam na hurlaidhi
ro budh lánolc linn



Ni fhaca is ní chúala
urlaidhe budh tréine
na clann Fhinn is Osgair
ag gearradh corp a chéile



Ann sin adubairt Conán
do chuimhniughadh na fala
leig do chlannaibh Baoisgne
cuirp a ceile do gearradh



Ag so in t-uirsgél fire
dhuit a chleirigh cháigh
in trath fa raibhe imreasain
ideir Fíanaibh Fail



A ttimcioll na himirta
do bhí ag iobar drol
is di tainic ar ttuitimne
Fíana Finn gan on



CUMHAIN



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services