Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Duanaire Finn I
Title
Duanaire Finn I
Compiler/Editor
Mac Neill, Eoin
Composition Date
1626
Publisher
(Londain: I.T.S., l908)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
I. Eól damh senchus Feine Finn re ré toigheachta in Tailginn ó ré Fergusa neartmhoir go ré Oissín ilreachtaigh Bador diass dealbdha don druing a Phadruic mhóir mhic Calprainn Conán mac in Leth Luachra agus Aodh Rinn rofhuachdha Conán ga féindidh ba fearr a n-iath Alban no Eirionn nochar ághmhuire eirr áigh ina Áedh Rinn mac Ronáin Fionn do marph athair Aedha i n-iorghail ní modh maerdha Aodh Rinn agus Fionn fáthach ba clann deissi dearbhráthar Dorad Fionn d'Aodh ina thig gach árd-comhaidh dar chuingidh do mhac Rónáin co rathoibh d'eruic ina dhegh-athair Níor bhuidhech Aédh do chleacht goil fan gcomhaidh do fuair na athair da nderna in fer gníomh doiligh dia ttáinic a dhíenoidhidh Do bhí ingion ag Aodh Rinn is hí ba háille i nÉirinn diar mhór a ghrádh tré mhire Eargna ainm na hingine Do radh dhá bréithir ós cách Aodh Rinn mac Rónáin roghnáth nach rachad gan iomghoin as fear da sirfedh a chlemhnas Ba hághmhar d'Aodh ó do ghein nach dtigeadh tar a breithir ní lamhdaois laoich tré mhire dol d'ierroidh a inghine Ceithre bliadhna ó sin suas agus sechtmhain co lán-luas leithbhliadhain is mí amháin gor thesta céile Conáin A nGabhair eidir dhá shliabh ann fa ghnáth in inghion fhial Liffe inghion Rónáin Bhreagh ro len a hainm don inbher Do bhí Conán gan mhnaoi mhaith in t-uassal issin t-árdfhlaith ba hí inghion Aodha Rinn a bhen diongbhála d'Éirinn Adubhairt Fionn thall astigh re mac in leth ó Luachair go ttaoi a Chonáin do chlecht goil gan ingin Aodha d'ierroidh
Raghat da hierroidh amach is cuir-si liom do theghlach da fhichid deg do chlecht goil iseadh lodmar da hierroidh Da fhichidh deg a hAlmhain oill do lodmar go ngoil ngluinn go dún Aedha a hAird ruidhe os úr Siúire sruth-ghloine Tegmaid do dún Áedha in áigh leicctear sinne a ráith Rónáin ni raibhe Aodh thall astigh do choidh sa mBreiffne mbaoghlaigh Adchí Conán in mnaoí moill is suidhis ar a gualuinn togbhaidh leibh in mnaoí ar in mac gan ceadughadh co comhnart Gar iar sin tainic atúaidh mac Rónáin in chloidhimh chruaidh ró ghabh don dúnadh iarsin mur ar fhágaibh an inghion Innistear d'Aodh na n-arm náigh Eargna do bhreith do Chonán ó Shiúir hsruthghil na sreabh ngeal go hAlmhain lethain Laighean Nocha brisseadh breithre dhamh a nderna Conán rom char rob soraid don laoch dhána fúair deagh-mhnaoí a dhiongbhála Ba suairc a ccomhrac ar aon Conán is Eargna fhionnchaomh gur ghuin grádh na mná mac Finn eidir a ucht is a imlinn Níor lamhadh sgaoileadh in sgeóil ro bhoí ag Oissín da haimhdheoin ba hé Conán cenn a ccenn a naémhadh neimhneach Eirionn Luidh in rí go Ráith Chienaidh do bhoí innte re blíadhoin gan chocadh gan chíos gan cháin a ffail Chaoilti mic Rónáin Laithe dia mbámar ag Bóinn da ttug Osgor bréithir mhóir go nach dteichfedh siar nó soir in gcéin do bhiadh na bheathaidh Adbert Aedh re hOsgor inn dia gcomhaille in mbretir mbinn mo ghenor ata ad bhethaidh a mheic Oissín airmlethain Abair riom a Fhinn go ngoil a mheic Cumhuill a hAlmhoin cáit a bhfuighe hsiar nó hsoir áit ar mhillius mo bhréithir Mo in tarcuisne tugadh ort do ráidh Fionn faobharnocht gan tinnsgra gan tochmarc treóir breith hinghine do t'aimhdheóin Adbert Aodh do ghuth ullamh budh haithreach mo shárughadh muirfedsa Conán na glonn agus biaidh m'inghion agam Na habair ar Fionn na ffledh re hAodh mac Rónáin roimhir acht cuinnigh cóir cenn a ccenn ar mac Aodh Leith go lánteann Dia mbámar i mbun Éirne ar ccumasg cáich ré chéile siris Aedh ar Chonán chas íoc na mná sin go hamhnas
Muna abra an inghean féin adubhairt Conán go gceill dobhert mo bhréithir go mblaidh conach ffuighbhe red bheathaidh Anois uair adfessa ar Aodh ós cionn an easso do chuaidh na threalamh ghaisgidh d'ionnsaighe in áird aistir Innsaighis Conán tré feirg ar a sgéith uaine ódheirg do ghaph in mílidh nár mhall a chloidhemh is a chathbharr Lodmar go hInis na nÉan ris a ráiter Inis Saimhér is maircc do leig cenn a cenn dá uaithne áigh na hÉirenn Maircc do bhí ag fechain na ffer mairg Laochraidhe ler leigedh is maircc do leicc cenn a ccenn dá cathmhilidh Fhían Éirinn Maircc dorad in béim co prap do Chonán issin chomhnart dar ledair in cenn co cnáimh tré chertlár chathbharr Conáin Do rad Conán co gcéill ccruinn béim cloidhimh d'Aodh na ghualainn gur thesc a cenn sa laimh ndeis día bheim curata coimhdheiss Ticc aníos Conán croidhe a haithle na hiorghoile mac Rónáin co ccaoimhe gcnis ro hadhnaicedh sa n-inis Sechtmhoin is mí na luighe do bhí Conán cathaighe leis na leghaiph do badh dóigh ternamh a chnedh a ccedóir Bliadhain do Chonan ar bith gus in laithe rod búaidhredh seachnóin Sligheadh Dala duind is in maighin ós Echdhruim Cnuimh neime ro ghaph na chinn tre nimh chloidhimh Aodha Rinn marph ar Maigh Dála na n-áth do ghalar ceithre ccert-tráth Ag sin oidhigh Aodha Rinn a Phadraig na mbachall mbinn do mhac in Leith nachar lag mar do tháot issin comhrac Turnaim a Phádraig dot chrois rugas mór n-uidhe n-anffois ní binn liom ánius ná ól tar éis na Feine ar aineól Mise Dubh-dhed go ndéine tar éis flatha na Feine ón ló iniudh sam bíodhbha ban díol na Feine is degheol dam. Eol.
II. Cumain let a Oissín fhéil ar tturus go Temhraigh tréin da ochtar do bhronnadh bruit do comhól go tegh Cormuic Do bheirim briathor go mbáigh a Cháoilte mhaith mhic Rónáin eólach mé i bhfremhaibh fine in sgeóil ataoí d'fiafraidhe Dar gabh in mheisce Cormac ar Fiond ro fuagair comhrac leision ba haithrech in dáil dia ndernador iomarbháidh Ro ráidh Corbmac rem athair mac Airt mhic Cuinn Chedcathaigh go gcuirfedh fa fhalaidh dhe Fiond fo ghabhail an choire Gach a ndearnamar miadh ngle adbert Fiond na Feine gidh tenn let do croidhe dhe fa liom búaidh gach én-chluithe Da comraiciom let arís a Chormaic da mbenam cíos duit ní ba maithmhech a fhir badh haithrech ar niomdheghail Nocha dechaidh re t'athair le Cumall mór go ccathaiph a com-éirghe do com Cuinn adbar far eirigh ettroind Ro bhábhairsi trí deich ccath i naghaidh Comhaill go rath gér mear bhar mioghaidh na dháil níor diongaibh sibh én-lámh Conn agus Goll dia láimh dheis allos a sgéith nar bh'aimdheis agus fir Éiriond uile ag goin Comhaill cneisbuidhe Muna beidís fir Mumhan 's Connachtaigh na gcuradh seim sleighe ní thiúbhradh dhe do chloinn oile Feidhlime Adubhairt mac Morna mhóir Garadh nachar gnáth do clódh is rómhór in tár a Find do beire ar chlannaibh chaemh-Chuinn Adubhairt Fionn mar ro fess nocha ndearnattar mo leas do tendsad orm na tachair sdo mharbhsatt mo deghathair É féin fa ciontach ann sin rug Moirenn leis ar eigin do bhrisiom cath Concha cóir ar Comhall mor mac Trenmhóir Ro fiafraidh Fiond do Gharadh iar suidhe do na fharradh ósibhsi tráth boí and cionnus do marbhadh Cumhall Do bhámair-ne ré fir dhég do chlannaibh Morna ní bréag ro sáighsiom sleigh gach fir a ttaebh Cumhaill cathmilidh Cionnus ro fhreagair-siomh sin béim n-amuis ar in mílidh bennacht ort na can acht cóir ge madh fúath let clann Trénmoir Rangador dhá ghuin fan nguin ó Cumhall ón cathmhílid gion gor commaoídh do chara a ccomaoin gach áon-ghona
Is ann adubhairt Osgar aithiosc fa borb brosgar do gébhtha comhrac astigh Fiond gé do bheith a FFrangcaibh Fregraidh in guth sin Cairbre mac ríogh na hÉirionn airde do ghébhtha comhrac ó a chloinn Cormac na biadh a nÉirind Mar do chualaidh Osccar án guth Coirbre dia chur a ttár tig go diochra día dinge go ffíoradh in fáisdine. Do ráidhsed re Ciothruaidh cain mac Fir chaogad mar do dligh gaph dúain dot cheird inar ndáil ni huair d'fheirg no d'iomarbháidh Ro coisgsiod na slóigh uile ro choisc Cormac cúlbuidhe no gur gap Ciothruaidh a dhúain re slios in tighe taebhruaidh Moghénor do gabh in duain dar comhcoiscsiot na sluaigh snach raibhe ettrain don dáil acht gan ar nairm do gabhail Do tincedh Cithruaidh cédach d'ór is d'airgiod is d'édach ba hedáil dhosan ré a linn a ffuair a gcedáir eadruinn Gan codladh ó sin co lá idir fhior is mac is mná gan aén a fregra a chéile ar egla na haithéirge Ar na mharach dhuinn is dáibh ro thennsam an iomarbháidh nior millsemor ar ccaingne gur cinnsemar comhairle Sé fir dheg dhuinn iar foghail do chloinn Bhaoísgne buadhghonaigh fa iomarbháidh Finn angbhuidh is Cormaic ó chlaoín-Temhraigh Ro fhansatt uainn cland Morna is clann Iollainn gan doghra is clann Rónáin reilghe ro fhansad ar chonnailbhe Do chuadhmar ann co hEmhoin meirge sénta ós ar sleghaibh nior fforlann linn nar n-aghaidh ar ccomhlann do Ghaoídhealuibh Do b'áil re Fáolan go bfeibh creach do dhénamh an uair sin do bhacus uime an crech go sgaoildís sloigh na Temhrach Tiagmaoíd go hAóngus óg mac in Dághdha na nglanród do ronsatt is Aongus sith is do tréigsiom ar n-eissidh Glúasmaoíd ba mór ar ccáil ar creich co Temhraigh tonnbháin sé fir dheg dhuinne gan acht is Aongus agar ngiollacht Ba híad so na sé fir dheg a Cháoilte ní hiomarbhreag eol damh niod faigh fanna a n-airiom a n-anmanna A háon díobh mise badh dhéin a dhó Osccar gan mícheill a trí Fear Logha caomh cóir is a cethair Ó Conbhróin A coic diobh Áodh Beg mór rath issin seiseadh Mac Lughach in seachtmhadh Daolgus agas in t-ochtmhadh Fergus
In nómhadh m'athair Fionn féin a deich Fearrdhomhain fír-réidh a haen deg Colla caemh cas a dó dhéag Ráighne roscglas. A trí deag Ailbhe co ffior is Fáobhrachán na cced ghníom a ccoic deg Caince na ccerd sa sé Iollann faobhardherg Ro gluaisiomar deg ccéad bó ó Themraigh ger mór in ró sol do fagsam Taillte na mbrat rucc oruinn Cairbre is Cormac Teguid anoir agus aniar Cairbre is Cormac ar aen-ríen nocha nfhaca riamh oirecht roba teinne tóruighecht Mar feidhm ro gaph Aenghus uainn in lá sin re hucht in tsluaigh in nech ba hionáigh gan oil in crech d'iomáin na háonar Do bheirim brethir duit de da madh cumhain le Cáoilte nach ffaca crech ba crúaidhe muna abeith a díombuaine Do ronsam frithlorg ferrdha tugsam rúaig co sluaigh Temra do ghonsam Cormac na ffledh sdo gabhsam Cairbre cnisgheal Do níodhsam lámhach folaigh mac in Dághdha dianghonaigh gach nech da marbhthaoi tré ghus ro fádhbhadh uile Aóngus Gach bó dá curtaoidhe don chreich do togbhadh ar druim eich nir fágbhadh lúach eich bhréghdha don chreich ag slúag finn-Temhra. Targaid Cormac as Cairbre mac ríogh na hÉirionn airde eallach gan cáirde nar ndáil is gan Cairbre do ghabháil Dá ttugthá Éire uile do ráidh Faolan foltbhuidhe ní gebhmaois breith úaid ann sin acht do cor féin fan gabháil Nocha ndernamoir-ne síodh re Cormac gér mhor a fhíoch go ndechaidh fon ngabhail ann a ffiadhnuisse ffer nEireann. Mar do chonnairc Fionn co ngoil Cormac do dhul fon ngabhail do chóidh féin fon cenn oile cathmhílidh ard Almhuine Nó gur gerr an iris uill gur gherr in coire cáogdhuirn go ndechaidh in cloidhemh cain fad secht ttroighedh i ttalmhuin Is íad sin duit mo sgéla gé bé do beit aga séna a Cháoilte mhic sethar Find a mhic ingine Cumhaill Mo chen do Cináoth dom dhol truagh nach ttesta dom sháoghal do mill mo bhine méin ngluin sgíth mo chrodihe osa cumain. Cumhain.
III. A chaorthuinn Cluana Ferta do chuadhmar uait ar echtra go Cronnmhónaidh na gcéd slógh toisg dar tuit Suca srónmhór In lá sin a chaorthuinn chaoímh ba híomdha trenfir réd tháoibh um Gholl ón bhuailidh grinn ghlúair um Garaid ón Bheinn bhreacrúaidh Fa Dháighre gus in ccruit gciúil ga seinm dhúinn go caireach ciúin fa Chonán is fo gháol gheal fa Aodh fa Art n-ingean Fa Ghlas ó Ghlais lecaigh linn is fa Art ón Moigh foidfhinn fa Conn ó Bherramhain bháin fa Chas agas fa Channán Is fán Rúadh ó Ráith na bFian maráon re Fionnros na fFian fa Áonghus on Chráoibhigh cuirr is fan Laimh Tréin a Liathdhruim Deich ccéd sgíath-armach co sgéimh do chloinn senmhathar Guill géir an lá sin fa sáithech sinn ar in ccnocán so a chaorthuinn Is uait tangamar atúaidh co Dún Glais in uisge fhúair subhach sinn um tráth nóna adhoigh ria gcath Cronnmhóna Adubhairt Goll fa cáomh corp biom go hairech sonn anocht ad-gníu ar in flaith go ngoil gér-mhana Fiond am agaigh Dubh-abhann tarla rér ttaoph do fagsam Áth Innsi hAodh do fagbadh Leógha 'gun linn is mise ar Cnoc an Chaorthuinn Feorann is Modha ar mo grádh ag iomchoiméad in dá áth is Goll ar Ath Guill do ghabh ag iomcoiméad ar Fhionn Almhan Gan o Ghormabhainn na fFian go roich Ráith Fráoich rinn aníar gan taoisech náonbhair go neimh do Cloinn Morna go maidin Mar tainic go trath nóna tig Fionn sé catha cróda Frangcaigh Saxanaigh and sin Brethnaigh Eireannaigh Íligh Ro suidhedair longport lonn ag in áth ag ar fan Goll codhlaidh mic Mórna go mer ní cúalaidh gáir nó grédhan
Seachd ttráth dég d'Iollann armglan gan tathamh gan tinnabhradh acht áen deoch d'uisge ghlan ghrinn agus cóic cáora caorthainn Ba neimhiongnadh do Gholl ghrinn bheith acobhrach tuirrsech tím ag foraire ar Fionn na fFian ó thuind Chlíodhna go Corrshlíabh Deiredh oidhche ina iomhdhaidh cómsolus fir ré fiodhbhaidh essadhail Fionn go ngné ngloin eirgidh go moch ar madain In uair ráinic gus in áth mac Cumaill gan fios do chách ní cíen co ccualaidh an cur annsin cuachsrann an curadh Tainic tar in áth go holl fuair Goll na chodhladh co trom nochtais Fionn in cloidhemh crúaidh os cionn mhic Mhorna mhong-ruaidh Duisgis Goll sgéul gan sgeile le hairmcrioth in cuilg neimhe ros-togaibh in laimh ría sleigh croithis in gcraoisigh gcrithrigh Dia mádh áil riom ar Fiond féin a Ghuill mhóir nach maith dom réir cien ó do chuirfinn rem loind do cenn ar cleith crúaidh chaorthuinn Ruccus úaid do sgeith co sgéimh is rugus do sgín nguirm ngéir ag so duit re ttriall dot tigh do trealamh catha a churaidh Eirigh a Ghuill gaph do ga tionóil chugad Clanna Mórna ag sin na catha cródha chugad a gcael Chruinn-mhóna Mo bhennacht ort a Finn fhéil dhamhsa is baoth gan beith dot réis deich gcéad fa Art óg na slegh ag so cucad dom chinedh Deich gcéd fa Gharaidh go ngráin tangattar edrott issin t-áth togaibh do shleigh os do laimh in ffaice coir sluágh Conáin Gabhsa mo comairce ar cách is adhlaic mé uait tar áth coisg díom do chinedh is do clann sul rabhar mo ghuin ghalann Glúais ar mo sgáth issin sgairbh gabh a Fhinn go hurlamh h'airm go n-iodhlaicther tú ar Goll geal iomlán gan chrecht óm chinedh Do iodhlaic Goll Fionn na fFian gan ghoin ó cách mar do iarr ba hé sin in milidh mór go riacht ceirtmhedhóin in tslóigh
Cóig catha ag gabhail do Gholl go rainic tar an áth anonn nior sguirsiot don chur cródha go ría ceartlár Cronnmhóna Slegh Oissín slegh Cháoilte crúaidh agus cráoiseach Ráighne rúaidh edorbhuass co tric tarraidh a nglaic Guill na ngabhalaip Seolmaitne co daingen dórrdha fa Goll do cloinn maith Mórna clann a senathair is mo chen deich gcéd sgieth derg ar deireadh Goll romhainn is Goll nar ndeghaidh a gCruinnmhóin aird airmleabhair sinne úaidhe agus chuige mar ba gritháil aon mhuice Ni cuirsiom dhinn soir no síar Caoilti is Oisin is Fionn fíal mac Conbróin Cairioll rom car secht ccéad deg d'oirecht Alban Clann Chuáin clann Bhaoíscne bhúain agus clanna Rónáin rúaidh clanna Duibhdithroibh nár dháil tréith ar ar ndruim go Duibhfhéith Teit Goll íarsin as ar n-ucht do ghoin Chairill ba cáomh cucht do marbh trí céad co cródha ar lecain crúaidh Cronnmhóna Tainic chugainn Cairill crúaidh is gasraidh Alban co mbúaidh fagbhais deich gcéad marph sa móin mac í chosgraigh Chonbhróin Tainic Fiond sechoinn sa ród cath mór gruamdha giolladh n-óg do chongnam ar ccatha cain tainic Iollann na n-aghoidh In begán ro bhámar féin ag sé cathaibh Finn budhéin nior fagsam cú no duine is Iollann gar n-ionghaire Ba mor ar meisneach sar muirn no gur tuit in oidhche orainn no gor fágbhadh sgithech sinn ar in ccnocán so in chaorthuinn Basam foirtil as ucht Goill ar gach oirecht druim ar droim ó nach mairionn Goll na ffledh is tenn oruinn gach aoinfher Is mé Garaidh co ngloine ní beg do crádh mo chróidhe Magh Maoín na fhassach déis Guill is mé ar cháoraibh caorthuinn Is cúis dobróin is dóghra Maónmhagh gan clann maith Mhorna meissi ar tetheadh Feine Find ar sgáth do chráobh a chaorthuinn
Dunadh Dáighre in dún so thíar i na ffaghmais ceól is míadh ionmhoin in loch so láimh rinn Loch Ríach is corcra cáorthainn Mar do theigmís gan doilghe do seilg bláith Binne Boirne adcíadhmais co des don druim do barr corcra a caortainn Raghadsa amach sa Midhe amarach go Magh mBile loiscfed banntracht Feine Finn ní bhíu ar comairce caortainn Tiocfad anoirrthior anoir gépad tre Glionn Conáin cain íossad deghubhla sa glinn is caora cumhra cáorthuinn Ann do tairrngir Brenainn bláith agus do bera in primfáidh nemh d'anmain gach aoin teíd inn a ttalmhuin cnuic in chaorthainn Dam do tairrngir Diorruing draói issin coillidh so rem thaoip go mbíadh mo corpán sa gliond re taoph cnocáin in cáorthainn. A chaorthainn. IV. Sgéla catha Cruinn-mhóna a lucht rér bh'áil a n-eolus líon na ccuradh ccomcródha atú féin orra am eólach Clanna Rónáin tiodlaictigh is clanda Báoisccne bódhbha ro bháttar san iorgail sin is deich mic fhichead Mórna Í Daboirionn bhúadbhallaigh is í Duibhdhítribh nemhghaind sa cath sin do chódarsan lé chéile is clanna Neamhnainn Do frestail in coinneamh sin do bhí ag Goll mór mac Mórna gan codladh gan coisregadh ag fritháilemh dhósan Faire fri ré sechtmhoine do bhí ar Goll na ccles n-ámhor ní bhiodh tríath ba nertmhoire issin chath ar na mhárach Ar sgáth croinn go déighenach do bhí Goll na slegh mbúadha adcí cuige in t-éigess-mac dá ngoirthí Daighre Dúanach Aón oidhche don fhoraire sin siris Goll ar a gháoltaibh arádhasan nach ccoisgfidhe aniomarcaidh go ffáobhraibh
Do sir Goll an filidh sin na thechta go mac Cumhaill dfagháil sgéal in ffidir sén annsa bhFéin fer a fuluing Ro fhiafraidh Fionn Almhaine dFianuibh Éirionn anéinfecht cía rachas le daghcroidhe anaghaidh Ghuill na ngérslegh Adubhairt Fionn grinnbherlach go madh da mac badh córa do ráidh Oisín ilbheurlach nach dingebhadh mic Mórna Do ráidh Osgar anglonnach maith gach mac mur a athair dar leis féin ba neamhgothach dhó gan dol ina aghaidh Ag fregra don ríghfeinnidh adubhairt Fátha Canand gidh bé bhéss co míceillidh tegadh ann is ní racham Gér bh'olc lé ar fflaithfheinnidh do ráidh Diarmaid Ó Duibhne nach rachadh féin na cathéideadh anaghaidh láimhe in Guill sin Mac a meic sa ingine diarbhó comhainm Mac Lúghach dar leis níor uo gníomh impidhe dol do diongbail in curadh Fionn anúair ro heitighedh do cuir aghaidh ar Cháoilte a ndiaigh cháich go deitbhirech eitech úatha nior thaoisccae Ro ráidh Fionn ar ffeargughadh íar mbeith treimhse ga n-atach gniomh mar súd ni dhernabhair a clann brughadh is balach A diongbháil don ríghfeinnidh do geall Cairioll ó Conbhroin ní he gniomh mícheillidh do gealladh ríem re hablóir Tug Dáighre na bríathra so leis a ccomdail a bráthar gor geall buidhen íarmartach do coisc Guill ar na márach Ní thiocfaidh am comhrac-sa Fátha Canann no Cáoilte adubhairt Goll glórthasta náit maithe chloinde Baoisccne Innisim dom derbhrathair os hé nach diongna aithris liom féin gomadh nemhghábhadh Ua Conbróin cona maithip Do chreid Goll na sgéala so do innis Dáighre Duanach d'eiss eóluis do denamh dho do chúaidh in t-éigess úadha Do chóidh Goll an aghoidh sin d'eistecht ré clannaiph Báoisccne día a fios cía le ndamhaighther techt na aghaidh co fáoilidh Adchúalaid in moir-fedhan ga roind ag rígh na Féinne Fíana na ccoic ccoicedha anaghaid Ghuill ré cheile Cuirim Cáoilte cruind certach agus Sein-iopar crann-rúadh coscc Guill ni ba haimneart dháibh clann rí Lochlann sa nglan-sluagh Donn mor Monaidh Echtcolla da mac Rúaidh Oirir Alban bid in buidhen eachtach so a ttúss in catha calma
Goll Golban is Cas Cúailgne dá ríghfheinnidh Fhían Uladh muinnteir in dá glan-úaithne le chéile ag cosc in churadh Ferrdhomhain gér rí-fheinnidh ar fhíanaibh díana dorrdha dhó féin do ba mícheillidh techt anaghaidh mhic Mórna Rí-feinnidh Ó gCeinnsealaigh dar leis féin ba rí rathmhar ba holc toiscc in tinnscetail anagaidh Ghuill sa cath so Teguid Fiana Urmhumhan san chath mar gach áen oile iomda óig ag urlagadh d'egla Guill na ccles neimhe Ro siriodh Fíen Desmumhan le mac Muirne mun ám soin doip ger mhór an merughadh tigid ann na n-ármoib Fíena tailce Túadhmhumhan tegaid amesc na Feine do bhí sin na nuallghubha sol do sgarsat re chéile Le mac Muirne munchaoímhe do hiarradh ar Fhéin Connacht beith mar cách ag urlaighe anaghoidh Guill sa chosgar Do cuiredh in Gairbhtheglach le mac Cumhaill hí Bhaoísccne buidhen fíochda airmnemhnach anaghaidh Ghuill don táoibhsin Clanna Nemhainn sonartoigh do ba dóigh lé mac Cumhaill gur cuiredh sa cosccar soin nach ffuair Goll fear a fhulaing Gan aoinfher na n-uiressbaidh ar in táoibh thúaidh do Cruinnmhóin do cuir Fionn in buidhen soin re cois Chairill uí Chonbhróin Rí Laighen go ttromthoradh da rígh Mumhan gér dhaoirse don taoibh thess do Cronnmhonaidh Fionn féin is clanna Baoisccne. Glúaisis Goll gniomhéachtach déiss na randa sin uatha uadha? go rainig in righeigiss dier comhainm Dáighre dúanach Le Fionn ó do sirfidhe do cosg Guill in slúagh trom so do fiarraidh don filidh sin cia do cloinn Mórna an Goll sa Riotsa féin adubhrattar ón ló tucadh cath Cnocha Goll o fuaruis sulbasgadh ann do bhúail Cumhall thusa Ar egla do láimhe si ro ceiledh ort in t-ainm sin lé mac Muirne baghaighe a Guill airdechtaigh aingidh Mas cugamsa cruinnighther a ndubradh lé mac Cumhaill nír ffoláir a n-oirichil ria techt don tslúaghsin cugainn A haithle na faire sin do bhí ar Goll ré secht n-óidhchibh abheirt a airm ailtnighe láimh ré hIollann na n-oirbher
Do rónadh seal codalta na díaigh sin ré mac Mórna co ccualaidh Fionn ochbhadhach in laóich a n-aice in omna Glúaisis Fionn na áonarán día a fhios cía do ní in codladh go ffacaidh in t-aón mhacám gan áondhuine ina fharradh Brethnaighiss in ríghfeinnidh ó do bhádar na n-énar marbhadh Guill go mícheillidh snach fess cía do dheanadh Eirgis Fergus fínbhélach andiaigh Finn asa codhladh do chonnairc Goll gniomhéachtach is Fionn ar tí a ghona And adbert in filidh sin re mac Cumhaill co faobhrach gan bheith ar tí beinibi búaine bladh ina sáeghal Duiscis Iollann órarmach ódchuala Fionn fa sile le mac Cumhaill chomhramhaigh iarrthar comlann a trice Do diult Goll in comrac so do cor ré rígh na Feine adubhairt gur dhomblasda tríath ag comrac sa chéile Adubhairt Fionn in flaithfeindidh nochar bhé sin a adhphor dia mbeit Goll na chatheideadh go madh mien leis a mharbhadh Duss-rad Fionn in trealamh soin díaigh indíaigh ina mbállaibh eirgis Goll go feramhail in tráth sin ina aghaidh Do loc Fionn in comrac sain ré mac Mórna do dhenam adubhairt nar comcosmail comrac 'sgan cách ga féghadh Sgaraid in dá righfheinnidh uman tráth sin re aroile do gabhsad co miceillidh ar na mhárach la cuinne Is aibeil do fregradar iar sgaoileadh do Glas Gréine an dá degláoch degthapaidh Crunnmhóin i ccuinne a chéile Le mac Cumhaill láinfessach nir hanadh re mac Mórna do roinn sé go fáthbertach cách ar dhoirsibh na móna Ua Conbhróin sa a ndubhramair tuass a ttosach in sgéil si a n-aghaidh Guill chúil-sgathaigh do codar cách lé chéile Innsaighe Guill ilechtaigh nochar b'adhaidh ar charuid toisg seabhaic fo minéanuibh do bhí aige na n-aghaidh Clann ríogh Lochlann luathbhárcaigh battar i ttosach in comlainn mac Mórna do lúathbhásaigh is nior lughaide a ndoghrainn Sluagh Osruidhe um Fearrdhomhain cía don tslúagh sin na marbhadh Ulltaigh ann co gerghonta nior bhferr do cloinn riog Alban
Fiena úaisle Urmumhan nír sgarsad gan beit leónta Ceinnsealaigh adubhrattar narb é an cath sin a n-eolus Gur ledradh Fíen Dessmumhan sa cath sin lé mac Mórna ní fhuilim na mherughadh gach láoch dhíbh ina dhá ordain Fían tíodhlaictech Túadhmumhan sa n-iorgail sin ger b'umhal ca fios duind in ccualabhar nir térnótar don turus Ní bhiú-sa ga ro-sgaoileadh a ndernadh ré mac Mórna fer na sgél do commaóidhem ní dechaidh as don tslogh sa. Le Fionn don leith eile si do brisedh ar cloinn Corbmaic mór in t-adhbhar deithbire ro cuir Goll sgieth tar lorg air A gcenn Sionna sreabhúaine tug a aghaidh in úair sin ni frith céim budh dheghchruaidhe gur chuir iatt tar a ghúaillibh Do ríghne Goll lántapadh gidh beg mór do bhádar Duibhfheith no co rángattar nír gonadh iatt 'sníor marbhadh Ro fágbhadh mon n-ám sin clanna Baoisgne fá mhéla le henláimh in Iollainn sin amhlaidh so ataid a sgéla Gidh aibhinn in tulach sin ar a ffuiltí-se a chleirce aniú isam dubhach-sa ag innisin in sgéil se Mise mac in righfheinnidh día ngoirthí Oissín éachtach fada dhamh go míchéillidh ag sin a Phatraic mo sgéla. Sgéala. V. A bhen dén folcadh mo chinn cien ó do sccar ré Féin Fhinn blíadhain ar chóic mór an modh nach ffuair aoínbhen dia folcadh Sé blíadhna deg gus anocht aóibhinn damhsa fom deghfholt doiligh aithne in cinn sin de tar éiss trillsi thonnbhuidhe Uchán fa hé in cend trúagh fa ndendís conart conuall damadh an lá ar Leitir Lon do geupadh mná dhá folcadh A thurus co leitir Lon turus far gnáth mór ccosccar dar marbsamair daim donna os ur locha Líathdroma Iomarbháidh do rónsam thall meissi is Cáoilte coisettrom dar deilighsiom in seilg sáimh tré feirg is tré iomarbháidh
Aduphairt Cáoilte croidhe fear nar optach n-iorghaile ba ferr do bronnadh bó is each is mó do ba gaisgedhach Adubhartsa nar ffíor dhó don fiorfhlaith ní hiomargó damhsa acht gé do rala a rádh ba hé in cara Caoiltechán Do cuaidh Caoilte co Cionn Con téigimsi co Leitir Lon Caoilte sa muinntir go n-ágh agus mise um aonarán Nochar marbh Caoilte na ccath in lá sin da lúathlámhach in fer ar ar minic bladh acht madh eilit is aon adh Dobert mo breithir a bhen ni trath breg do deanamh dhamh go riacht liom tar magh amach trí cáoga damh dásachtach Dar do láimh a bhen náoidhe ba ferr folacht Formáoile trí cháoga damh sega sunn um cháoga muc da ffuighioll Mo lámhach a Leitir Laoigh nir bé in lamhach maoth macaoímh trí fiched fíadh ar in ngurt um na trí fichid fiadhmhuc In cú do bhí um laim luind Gaillfheith cú Finn mhic Cumhuill nir tarraidh in talamh te cú ga mbíadh geall Gaillfheithe In fo-gha beag boí um láimh secht semonna día congbháil fa meinic mo lamh na cronn fan leitir nochar leattruim Maith in fogha fogha Finn do bhí neim mor na glaisrinn gach áon riemh da ttarlaic fuil nocar blais biadh na bethaidh Día madh é in lá sin a bhen dom riechtainnsi sech gach fer do ionnólta mo dhí láimh ní dionganta m'iongghabháil Truagh nach edh do ríghnis riom a inghen fheta foiltfhionn mo chur-sa fan gcarn fuar cloch is mo maol truagh do thonach Do badh maith maisi in fuilt finn do chonnairc cách ar mo chionn do chúaidh diom ar aon réim raith gur mé in glas galraightheach Robadh maith foirniamhadh mfuilt robadh maith in comdach cuirp nocha ttáinic tré cnaimh cinn folt a commaith acht folt Finn Giodh íatt na fiacla so thúas issin sein-cionn etorbhúas robattarsan eacht oile teimdis cna cend-bhuidhe Do cognadís colpa doimh go crúaidh ciocrach conamhail ní fhágdaoís áighe nó alt dhe nach dendaoís minsgamart
Giodh íad na súile so hsuas issin sen-chionn etorbhúas anocht giod freamha fola robsad géma glas-tana Anoidhche ré dorcha doill ní berdaoís coiscéim n-iomroill anocht ge dechuinn amach nochan fhaicim an táonach Giodh iatt na cosa so hsíos nocha agcuiredh orra sgios inocht isad cúara croma gursat trúagha taobloma Ge atáid gan lathar gan lúth nochan fheduim a niompúdh robsat lúatha fecht oile andiaigh fúatha Fionn-bhuidhe Fúath Fionn-moighe ar Magh Maoín fuaramar greis dia domhaoín día Domhnaigh dhó ar moigh Midhe día rug Cormac cró fhinne Ro rethsad na Fiana fris dearbh leó in fúath co ttairsidís ní rug nech ger garg a ngus acht Oissín a nArgadros An tOisín truagh adchí sond fuair mór d'olc is d'anfhorlann a ndiaigh in fhúatha bhódes go Bernán fhúar fháobharchles Is ann ro ling leim dána go hárd úathmor allmordha is tarras a láimh ar lúas ro-dus-búailius edorbhúas Dusradus beim calma crúaidh tar a láimh n-eitigh n-adhfhúair do bhenas gan tacha thoir in t-ór dia crobh sa chomhraidh An comra beg boí um láimh umar tescus crobh in sgáil gemadh re badh áil in t-ór do ghébhadh é ina mhedhón Deich ffailge innte d'ór Fhinn agus a deich le Croibhfinn a deich díbh le hingin Ghuill sa deich le hinghin Iorghuill Airiom a hóir ó so amach affégmuis óir a ffalach nochan fidir fer fesa lé hiomad a hionnmhusa Eol damh deich ffoilchis ag Fionn do shédaibh is meabhair liom trúagh a mbeith fon talmain the deich seóid gacha foilchise And atáid a chuirn cháomha re taoíbh coirthe Cairn Aédha ar in tulchan úadha aleithi ro foilcis deich nedaighi Faoí atáid slegha sealga da ngontaoíghe doim chinndherga ionmhuin laimh laoígh ros meile caom ro ceil cloch Almhuine And atáid cuirn ambíd cuirm do leattáoiph Essa Modhoirn gebé do iarrfadh go tend ní fuighbhither go foirchend Íadsin is seoid oile Fhind sech gach duine do dhleirfinn nochin feidir dibh uile sed gan egor d'fionndruinne A ffuaramar fan mbioth mbúan dobadh líonmar re a n-iomlúadh ar cuirsiom i ttalmhain treabh ní fuighbhither go brath a bhen
Atú dia n-éis uile sin beirthe a bhuidhe don Choimdhidh gan lúth gan athfac rem lá ar cúl cathrach Chionáodhá Baisdeadh Phatraic is ferr damh oldás folcadh bregach ban ag díon ceall is tuadh is treabh madh céd le Día dena a bhen. A bhean. VI. Fúar ar n-aghaidh a Loch Luig nochan fhúaramar osuic día ndechaidh Fionn na Feine do hseilg Eichtghe aimhréidhe Aodh mac Morna meic Garadh tig cugainn dar flegughadh ba hí a breith ar mbreith uile go Loch Riach na ríoghruidhe Ni dechaidh leision Fionn féin acht do fan ar an uirsléibh battar na botha ar in ghort geis dó leim tar longport Lodmairne coiccer calma is fiche ogláoch amhra cetrar leis gach mac amach coiger is fiche armach Sgís leinn a haitle ar ffíadhoigh in líon do bhádhmar d'Fíanaibh ger mór ár gcédfaidh ar ccáil maith linn feis oidhche dfagháil Ro bhattar ag Dumha Mhuc lucht cúl-coiméada ag Cormac Lunna agus a mheic mhóra dobadh cuibhrionn comh-chródha Iar sin lodmar-ni día tigh ferr dúinn nach tteigmis eittir ruffríth deabhadh ní mo ghenair nír bhó comdháil cairdemail Lodmar co lios na ttobar is ní fhuaramar oslacadh níor mó leó ar cceól uile ináid faoil na fíodhbhuidhe Adbert Díarmaid ó Duinn muna hoslaicthear romhaind lingfed fam comhair in cladh nó go ndíoghlar m'anfhaladh Ro ling Diarmaid ó Duibhne in cladh sin gan comhairle dobadh luthmhar lúth a chos dúinn gur oslaic in dorus Eirgidh thall um thrathnóna Lunna agus a mheic mhóra cáoga Lochlannach líomtha ba hé in comhlann coimfíochdha Marbaidh in slógh i chéile os oirer in úr-shléibhe ní ternó caómh nó cara dona hógaibh armthana Comhraicios Diarmaid ó Duinn is Leacach lonn ó Lochluinn comhraicis Mac Lúghach lán ar in leirg agus Lecán
Comhraicis Oissin amhra agus Lunna lán-calma go ffúair Oisín a forrach i n-iomairg ón allmharrach Comraicim-si don leith atúaidh ar in leirg is Ciorcall cruaidh rus-fuair Oscar a fhaire ó Ghreallach na greallaighe Deichnemhar dhuinne mar soin sinne agus na hallmhuroigh nocha dtáinig ar ttoirrsi go lá gona lán-soillse Sa maidin ar na mhárach ro treigsiom uile ar lámhach rodus féch Osgar armglonn Oisin isin anfhforlann Ro éirigh aignedh Osgair ar gcinneadh in chruadhchosgair agus do luathaigh a láimh fo bithin Oisin d'edráin Do dicenn Osgar Greallach dia cholg búadha leimionnach ro marbh ré Longa luingsech Osgar de ba hattuirrsech Do sáith go Mac Lughach lán Osgar do oigheadh Leacán da chuaidh na íath tar sruth goir rusfubadh cenn lúaithleacaigh Ro siacht chugam Osgar oll íer mbúaidh gcosgar is gcomlann oirismit ar leirg in chnuic ier mbuaidh gcosgair is gcomhraic Uisce fionnfhuar Locha Luig is mairg bheirius tría na chuid óir is ionn ro fagbhadh dhe na Lochlannaigh ina luighe Oglaighthear Cormac ua Cuinn fa a mhuinnteir re mac Cumhuill doiligh leis go lá a éga bás a chuire coimhéada Tiomairgther Flaithrí is Fiothal go Cormac bfáthach bfíochmhar do breith na breithe nar lag eidir Fionn agus Cormac Ro disligheadh na daoíne ní maith druim ré céd-aoíghe ba hí breth na mbrethiomh nglan a mbeth diolus fa na ndiultadh Ní faca aithchin Osgair ag cur catha nó chosgair acht in láoch Lughaidh Lágha a gcionn gacha cruadála Anrádha in talman uile sa mbeth a ccorp énduine do bheithdis fó chrú chumhaidh ó colg Osgair echtgonaidh Nochar taruill ar talmhuin indíaidh Conuill chatharmuidh láoch badh beódha ré forrach oldás Osgor anglonnach Nochar gaph laighin na láimh aithchin Diarmada dreachnáir go ffogus nó go fada tar eis Logha lamhfada Do fhanfadh Oisín ba ferr tareis annradh na hEirionn acht go ndamhaidhe dhó dephaigh ar fichtibh nó ar aoínfheruibh
Do dergad Mac Lugach lonn a colg ría ccách a ccomhlonn do cinneadh orra uile do cosgar a chédghuine Nochan feadar mh'élang féin mait fer mar cách fa coimhreim ní dheanuinn uráin ágha sní imghabhainn urána Ag sin ar ttesda fíre m'aósa cumtha agus coimhdhíne do creidfeadhdís Fíana Finn na tesda tar a ttigim O tigh Mhuiredhaigh mic Flainn agus Mhanainne ó Mhaonuinn ro sirinn cairge is cúana agus aird aghfhúara Ro thairrngir Fionn na Feine damh a haithle na heirge go dtiucfadh grían tar mo ghrúadh a n-Ard dha fhian go hinnfhúar Ard dhá fhian ní haithnidh dhamh ar tuinn tíre nó talmhan acht ge gar ge ingar úam do ghéubhsa ionadh imfhúar. Fuar. VII. Maidhim in mhaidin fa ghlonn robsam fuilech áithedrom ros fothracdaoís fíena a ffuil ós ur Droma hEóghabhail Ro cherbhus in láoch gan chíaidh murar chursamor ar nglíaidh dar cursamar cath ann sin dia a ttugas liom cionn Cuirrigh Do rinnios béodhacht trá do rinnis fogra foghlá do leigios a laoígh fa mbúaibh uile sa nEirinn armrúaidh Do rinneas beódacht trá do rinnius fogra foghlá go ttugas fa gniom grinn gul gach en-tighe a nÉirinn Do rinnius beodacht thrá do rinnius fogra foghlá is ro laiscedh go léir liom muilte agus átha Éirionn Íar sin ro leigedh riom eich athloma na hEirionn teigim dhíobh do lúth mo chos no go ranac go hAirgedros Iar sin do chuadhus anonn is beirt in doirseóir umam agus an oidhche sin gan echt is me fa cuinnleóir do Cormac Is ann adubhairt riom thall ardruire úasal Éiriond iongnadh an ní adchim dom dheóin dha shúil Cháoilte um chuinnleóir
Bennacht ort na ráidh ar Fionn ar flaith na ffian ffoiltfhionn gé taim i ngeimhiol it thigh na beir tár ar mo muinntir Ní hé sin aignedh Caoilti sech gach fer dot locht laoídhthe ní fhoirshenadh coinniol chain ar a ffuil d'ór ad comhraidh Anúair fa ttairnic in t-ól ag in rígh rogharg rómhór téigim leis nochar chéim cam co rainic in teg coitcionn Uime sin tugas bhó des mór dob áil liom a aimhleas is do radus liom dom dhéoin caonnach Seasgainn aird uairbheóil Da radus i tTemhraidh te ben cumtha día chéile ben an fhir cumtha-sa tra uaim gus in fir leptha-sa Tuccus bean Cairbre gan acht sdo radus í do Cormac tucus ben Cormaic amne sdo radus í do Cairbre Do chuirius cloidemh in rígh um truaill féin ger mhór in gnímh mo cloidhiomh fein Gile in ailt uaim a ttruaill cloidhiom Cormaic Ro fhíafraigis de ar na bhrath um tráth eirge ar na marach an innise dhamhsa dhe créd d'fúaisgeóladh am oide Día ttugthá let in gheilt gharg isin ghribh ingnech imard is fíacha feagha Dhuinn Da Bhenn dhá lachain ó Loch Goibhniond Da toghán a ccoiltibh cráobh do leathtaoíbh Dhroma Dha Ráon agus dá dhoghrán íer soin ó Choraidh dhonnbháin Doghair Da damh as in Eichtghe aird da lon as Leitir Lonnghairg dhá dhreollán a Dún Aíffe da choinchinn ó Chorraiffe Dá throisc a Doire Dhá Dhos da fhearán eighne a Damhros da chadhan ó Loch Da Dhall dha ealaidh Irriss nDomhnainn Sionnach seng Shléibhe Cuillinn da choin allaidh o Bhoirinn da gheiss a Fiodh Ghaphra guirm da coilech fedha a Fordruim Mór in cheisd rod lá orm nochan fhurus a chumhall do rad mé a ngliaidh go dána a bheith i ndiaigh na tiomána Tiomáin tugus tar faithe mór an oboir énlaithe dobadh gníomh suairc seghda roinn a ffuaslacadh mic Cumhuill Do chúaidh in fiach uaim bodhess mar dob áil liom a aimhleas co hÁth Mic Lughach rod fes re Loch Lurgan aniarndes Do chúaidh an lacha uaim fan lágh nochar ffurus a gabhail tas bhrúach na Berbha braisi tar sgairbh Inbhir Dubhghlaisi
Is annsin rom-fagaibh in gheilt in tan roba d'éis mó neirt ar lár rátha Feine Finn no gur gabus a gCruimghlinn Tarrus in chorr ar bhraghaid gion gur ffaoilidh lé tainic agus tugus liom ré mo smacht d'fuasglacad Finn ó Chormac Gach a ffuarus d'olc leó tiucfaidh liom gein bam beó tar gach ffothair is tar gach fán rom-gaph do leith Loissionnáin Ro sgarus re mo chairdibh tainic urchra rem aimsir terc mo bhíodhbhaidh gach re lá ingach ionbhaidh maoidhim-sa. Maidhim. VIII. Ceisd agam ort a Cháoilte a fir na n-árm n-iomláoite cía ga raipe in Corrbholg cóir do bhoí ag Cumhall mac Trénmhóir Corr do bhoí ag Manannán mhín fa sed ilbhúadhach go mbrígh día croicionn sin coindealbh borb de do righnedh in Corrbholg Innis duinne cred in chorr a Caoilte go n-iolar nglond nó cred far cuiredh a fhir a croicionn fana sédaibh Áiffe ingen Dealbhaoíth dhil lennan Ilbric iolchrothaigh tarrla for seirc in fhir hí agus Iuchra go gcáoimhlí Cealguis Iúchra chum snámha Aíffe nocar chuairt ágha dar cuir hí tré luinne amoigh a riocht cuirre fo chuirrchib Fíefraighis Aoíffe íer sin d'ingin áluinn Ábhartaigh ga fad bhíad sa riocht so a bhen a Iuchra áloinn uichtgheal An críoch chuirfet ní ba gerr ort a Aoíffe na rosc ró-mhall beir-si da ched blíadhuin bán a ttigh mhíadhaigh Mhanannán Bíaidh tú sa tigh sin do gnáth ag fanamhat fút do chách ad chuirr nach dtaisdil gach tír noch attacfainn tú entír Do ghentor soightheach maith séd dot croicionn ní beg in béd bidh é a ainm sní bréag dhamh Corrbholg na séd fo dheireadh Do rinne Manannán sin don croicionn od fúair oighidh do bhí fo gach séd dhíobh sin aige ni breg na deghaidh
Léine Mhanannáin sa sgien is crios Goibhnionn ar áon-ríen duphán gabhann ón fhior bhorb seóid do bhíodh issin Chorrbholg Deimhios righ Alban gan fheall agus cathbharr ríogh Lochlann do bhoí ann re ráite sin agus cnamha muc nAsail Crios do dhruimnibh an mhíl mhóir do bhoí sa Chorrbholg chóir ader-sa riot gan dochar do bhiodh ann ga iomachar In tan do bhíodh in muir lán ba follus a hsheóid ar a lár inuair fa tráigh in muir borb folamh fo deóidh in Corrbholg Ag sin duit a Oissín fhéil mar do ríghnedh é budhdéin agus inneosad fesda a imthus a himtechta Ro bhoí in Corrbholg fé fada ag Lugh láochda Lamh-fada no gur thuit in rígh fo dheóidh le macaibh Cearmada Milbheóil Do bhí in Corrbholg ier sin aca sin ina deghoidh gur thuitsiod in tríar ger mear lé macaibh móra Míledh Tainic Manannán gan sgís rucc leis in Corrbholg arís níor taisbéin é do dhuine go ttainic ré Conaire Ro codail Conaire cáomh do leathtaoibh Temhrach na ráon mar do musgail in glan glic frith in Corrbholg fá braguit. Etc. IX. Mo mhallacht ar chloinn Bháoisgne deiredh oidhche sa charruicc do fionnfadaoís mo dhiomdha da madh iomdha mo charuid Mo bhennacht ar chloinn Mhorna d'fulaing dóghra mór n-arracht anocht gidh deiredh oidhche ar chloinn Bháoisgne mo mhallacht A bfegmais Finn na áonar ré a fháophar do thuit arracht olc oram deiredh a ghaoisi ar cloinn Bhaoísgne mo mhallacht Meinic fúaras airc bhrúigne ge doilghe damh sa carruic bethar gom chaoineadh coidhche ar chloinn Bhaoisccne mo mhallacht A ingen Conuill Cruachna ag a bfuil uathadh carad beir beannacht leat dom chairdibh beir go Láighnibh mo mhallacht
Ní mhair Sgieth Breg mac Dathchaoín gan athmhaoín d'éis mo charad ní mo mhairius Goth Gaoíthe ar cloinn Baoisccne mo mallacht Fúaras colpa doimh eallaidh úadha 'sdob aisgidh charad mo secht mbeannacht ar Chaoílte ar cloinn Bhaoisccne mo mallacht Diomdhach mé do chloinn Ronáin ní mair mo mhorán carat ag sin deiredh mo laoídhe ar chloinn Bhaoísccni mo mallacht Ar ttecht Padraic sa Bhanbha ní bíaidh na hádhbha arracht fagbhaim fa a comhair m'fhaoílte ar chloinn Bhaoísccne mo mallacht. Mo mhallacht. X. A bhean beir let mo léine agus déna uaim eirge triall imthecht a gruaidhdherc ghlan in mhaidin ría mo mharbhadh A Ghuill cía slighe rachad maircc bhíos ar bhegán carad is uathadh ben ar a mbí rath ó bheith gan cenn gan chódhnach Ionnsaigh longport Finn na bFían mar a bfuil don táoibhsi síar faoí annsin a bhéilderg mhalla lé deighfher do dhingbhála Cía fer ann le a bfaoídhfinn féin a Ghuill mhóir fa maith dom réir cáit a ffuíghbhinn hsíar no shoir do commaith dfior im iomdhaigh In áil let Oissin mac Finn nó Áonghus mac Áodha Rinn nó Cairioll féta fuileach nó in Chorr choslúath chédghuineach Conall Crúachna is é mh'athair me comhalta Cuinn Cédchathaigh dearbhrathair damh san tír thúaidh Céidghein mac Conuill chrannrúaidh Decraide liom imthecht uait tú mo cheidfhior soithim suairc a ccionn secht mbliadhan go ngoil tugus mé a fhir ad t'iomdhaidh
Ón oídhche sin gus anocht ní fhuarus úaid aignedh docht ó'nocht amach ni baos damh ní bíu ag fer ar tuinn talmhan Deic lá fiched beó gan bhíadh terc nech do bhí romat riam céd láoch léd láimh a Ghuill do thuit sa charruig cumhaing Imdha umainn don fhairrge agus mé a gcumang na cairrge ata gorta in bhídh gom brath agus an íota gom forrach Ge ata gorta in bidh gum brath gé borb cocadh na ccóic gcath mó bhenas an gné dom grúaidh beit ag ól sáile searbrúaidh Mo naoí mbraithre fiched féin da marbadh aoínfher don Fhéin do dénadh mo shíodh ris sin mo chosc áonoidhche d'íotain A Ghuill mic Mórna a Moigh Mhaoín caith na colla sin red taoíbh foirfe híota a ndíaigh na ffer bainne mo cíoch do chaithemh A ingen Conaill ní chél uch is trúagh mar tharla in sgél comhairle mhná thúaidh nó thes ní dingen is ní dhernus Uch a Ghuill is trúagh in dáil coic catha nó sé ad chomdháil is tú a gcúil cairrge crúaidhe luime airde adhfhúaire Ag sin a beildearg fa bind mh'éinegla ar tuinn is ar tír Fionn is a Fhían ar mo dhruim 'smé gan bhíadh a gcúil cumhaing Do dhergus mo chroinn go cóir a collaibh chloinde Trénmhóir tugus doibh dfulang is dúadh do marbhus Cumall crannrúadh Tugus Muimhnigh fo mhéla issin mairt ar Moigh Léna do ládhas in cath go cain sa maidin ar Moigh Enaigh Eochaidh bailldearg mac Máil airdrígh Uladh einech-náir do mescus sa láoch mo slegh tugus íatt fo bhrón a bhen. A Bhen. XI. Fiond File ba fer go lí roba féindidh óirdnidhí ge Fiond File ráidhmís ris doba rí rúanach roichlis Fionn File ba fer go nglór is ris adeirmís Trénmhór fa tréine ar threise a chleas gidh edh ón bá hainm oircheas
Da mac ag Fionn fíochda gal Fergus luaithfionn is Eógan is uathadh sin is dearbh liom inus dech d'Fíanaibh Éirionn Áon mhac ag Eogan ámhra Oilill féta fíorchalma dá mhac ag Oilill fíor dhe Dáire donn is Dorchaidhe Fergus lúaithfiond láochdha a ghus am eólach na senchus ris atbert a bhuime abhus tré ealla buidhe Baoísgne Trí meic ag Baoiscne bhládhach Cumall calma comhramhach Criomhall agus Áodh ollach in tríar mórgharg mórghlonnach Aon mac do bhí ag Aédh ollach Lughaidh fergach fíorghlonnach Aen mac in Lughdhach chédna Ferdhomhann bláith baisghegdha Da mhac ro bhoí ag Críomhall cháom Morann cosgrach agus Áod ionmhuin dís churata nglac a n-áon ló rudusbeabhsat Oissín mac Finn fíochdha gal Fergus Caoínche corcarghlan Uillionn Fáobhar Ráighne rán ionmhuin seiser cáomh comhlán Cóig meic ag Oisín go holl Osgar agus Ferlogha lonn Éachtach Uladhach ro fhan agus Dolbh Sgéine sgiethghlan Ingen ag Fionn fíochda a gal dier comhainn Lughach laimhgheal feirgniomh do triall tolaibh smacht agus ro threig a banndacht Laithe ro bhádar ar in leirg Lughach agus Dáire ag seilg do cúaidh Dáire ger dheacair go Lughach na coimleabaidh Ro toirrched Lúghach don ghus ó Dháire gér dhrochchairdes beiridh a gcionn naoí míos mac ré a mbíttís fíena ag format Coirpthe in mac ar cách oile a meic Cumhaill Almhaine Gaíne a ainm úair gaíne in ghein Mac Lughach a ainm ó a mháthair. Etc. XII Fégthar tech Finn a nAlmhain gusa tigdís ríogharmaigh adchiúsa nach mairionn de ursa no cleith no cúaille Beg mh'úidh ar in lathair lóm d'aithle na ccuradh gcomdhonn port í Bhaoisgne ger bhó bras anocht is férach fonnghlas Mná fionna go ffailgibh óir bhittís go ccornaibh comhóil curaidh ba cobhsaidh catha go n-édaighibh iolldhatha
Trí céd cupa maith mescca fa trí cáoga óireasgra trí cháoga cuach airgid ghil a mbíodh míodh chuill ceitemhin Cupa órdha álainn séd dabhach iubhair óil sé gcéd coinnealbra go ffad secht gcos d'ór is d'airged is d'ionnmus Airemh ced n-iomdha nechta tríocha láoch gach aoínleapta fa iomdhaigh n-imdenmaigh n-óir Finn mic Cumhaill mic Tréinmóir Imdhénamh órdha uile go n-uaithneadhaibh órdhuige leptha cleth agus chláraidh gasraidh óg ar urláraibh Ba háloinn tigdís in Fhíen go ccuanartaibh na ccaoim-iall is amhlaidh thigdís dia ttig torcar sealga gach éin-fhir Doiligh airiomh Feine Finn a Patraic móir na mbriathar mbinn acht muna a bíath astoigh thall nech do fittir a n-anmann Oissin mac Finn feirde in slúagh Domnall claon Ceallach coslúath Mac Míleadh is Eaclúath án Dubh Dromán agus Dubhán Coicc mic ag Oissin nár bháoth Osgar is Fer Logha lángháoth agus Uladhach gacha tan agus Dolbh Sgéine sgiethghlan Diarmaid ó Duibhne sa brugh is deich nOilealla a hEdar deich nDubhtaigh a druimnibh Bregh deich Morinn muighe Taillten Agus deich gCormaic ón gcathraigh deich gCéin deich nAirt deich nAithghin deich Muireadhaigh Muighe in Sgáil deich gCuinn deich Floinn deich fFaoláin Deich bFeardomhain deich nÁilbhe deich gColla a gcríochaibh Cairbre deich gConnla deich gCriomhthainn chais deich fFiachra agus deich fFearghais Na deich fFerguis díar ffine na deich nAire ó Dháirfhine Deich Muirtheimhne na mara deich nDonnghuis deich nDonnchadha Cáol cródha is Conn mac Feabhail agus in Glas mac Dremhain Goffraigh Glinne agus Fionn bán Gúaire Criomhthann is Cúán Innissi ba suaithnidh sealg Cathal Dubhán is Druimdherg Dubróid is Ciothach is Conn Maine agus Art is Iorgoll
Dubh Róid is Dubh Draighin Fáolchú go gcruas gcloidhimh Glac mac Deirg mic Dithraibh ghloin Aodh mac Crimthain mic Camluibh Sealbhach fa binn a bhérla Aedh Fionn Cúán is Enna Banbh Sionnais Rinnolbh go rinn Mac Deighe agus Mac Deithchill Dubhán Dubhróid Dubhdala Dubh Droma mac Senchadha Flaithre faobhrach fer da ghal Garb Doire Daire Donnghal Suibhne slegach sloighthe sluaigh trí mic Aille ábhradrúaidh Fer Mumhan Manradh míadh nglé Dorn Tar Malaigh is Gúaire In dá Cuán a Cúalainn in da Bhran robsad túaluing Fál fedha agus Fer Sgéith is Glas mac Gadail gairbleith Doilge liom bás Colla cruinn agus Chuinn agus Iacuind is Mhaine is Chuirc is Ceallaigh ba solamh um chaoilrendaibh Bas Oilealla agus Bhreasail nocha duinne na easbhaidh bás Eochadha agus Áodha cona rennaibh rochaomha Trí drúith do bhoí astigh thall Cas is Cathmháol is Cúalann a trí crosáin mín in modh Cles is Cinnmear is Cuitmhedh Trí heachlacha tighe Finn tan do bhittís i cCruimghlinn nochar maith dath a sé mbonn Córr agus Lonn agus Lúath Trí hoinmide tighe Finn Meall agus Máol agus Cnap gé do bhittís i ndeoigh Fhían nochar mhaith ciall na ttrí mac A thrí dailemhain mhaithe Drucht Dásacht agus Daithe a trí doirseóir rádh gan ghoid Druid agus Íath agus Oslaic Fergus Fienbhel file Finn fa buileach fa bríathar-bhinn Mac Samhain a bretemh cóir Áodh ingen-ghorm a choinnleóir Ba hálainn in banntracht ban do bhí ar brú Locha Lurgan am inghin Cermada caoímh um Lennabhair um Leannchaoím Fan mnaoí mbig um Bhlánaid mbinn um Eirc um Saruitt shéaghainn um Úaine um Edaín um Shaoír um Aillbhe um Chruithghil Cheinnfhinn Um Bherraigh bhric um Bhé Bhláith umh Théaa mhóir ingin Rónáin Finneabhair meirsheang meud nglonn Edan álainn is Aobhdonn Mac Rónáin do chúaidh ar ceal do tairrngir cách go dtiucfedh do dheóin Mic Dé líth go ngus do dheóin deighrígh ro fhéghus. Feaghthor.
XIII. Áonach so a Moigh Eala in rí áonach Liffe gona lí aoíbhinn da gach áon téid ann ní hionann is Gúaire Dall Nír Ghúaire Dall m'ainm go fíor tan do bhinn a ttigh in ríogh a ttig Fergusa go ffeibh issin tráigh os Berramhain Tigdís eich na fFian sa tres is eich Mhuimhnech na móirthres fersad trí graiffne glana ar faithche Mac Muiredha Each dubh ag Dil mac Da Chreg in gach cluithe ro fersat isin carraic os Loch Gair rug trí lanbhuadha in áonaigh Cuingis Fíachra in t-ech ier soin ar in draoí a shenathair do rath dó céd da gach crodh día tabhairt a ttúarastal Ag súd duit in t-ech dubh dían ar Fíachra re flaith na fFíen ag sin mo chloidhiomh go mblaidh agus each uaim dot araidh Beir mo catbharr is geall céd beir mo sgieth a ttiribh Grég Beir mo slegha nimhe maráon is mh'íodhna airgidhe Mad ferr let no beith gan ní a flaith na bFien a chaoímhri ní ragair gan aisgidh as a fhlaith na fFien ffáobharghlas Ro eirigh fein Fionn iarsoin buidhech é do mhac Eóghain bennaighid cach día chéile nior bhó ciúin a ccoimheirghe Riachtais Fionn romhainn ar in séd tegmaid leis trí fichid céd go Cathair go dún os loch isedh lodmar ón áonach Trí lá is trí hoidhche go mblaidh ro bhádhmar a ttigh Cathair gan easbaidh lenna nó bídh ar mhac Cumhaill ón áirdrígh Caoga fail do rad Fionn dó cáoga each is cáoga bó do rad Fionn lúach a lenn do Cathaoir mac Oililla Luidh Fiond d'iomlúadh in eich duibh gussin tráigh os Berramair lenuimse agus Cáoilte tría bháois agus reathmáoid tría togháois Giodh sinne niorsam malla ba lór lúath ar leimionna fer uainn da clí fear dhá dheis ní bhí fíadh nach fhágmais In tan ro airigh in rí sporais a each go Tráigh Lí ó Thráigh Lí tar Tráigh Dhoimh ghlais tar Fráochmhoigh is tar Fionnghlais Tar Magh Fleisge tar Magh Cairn tar Seanumair Droma Gairbh tar ulcha Fleisge finne tar colbha na Cochruinne
Tar Druim Eadair tar Druim Chaoín tar Druim Dha Fhíach tar Formaoíl iar ríachtain dhúine sa chnoc ba lúaithe sinne fa hocht gidh sinne ba lúaithe sinn ann each in rígh nir bhó rómhall Adhoigh so deiredh do ló do ráidh Fionn ní hiomarghó is báos do rad sinne ille eirgiom d'iarraidh fíanbhoithe Silledh da ttug secha in rí ar in ccarraic da leith clí go ffacaidh tegh mór go ttein issin ghlionn ar a bhéloip Is ann adubhairt Cáoilte aithesc tenn narbo maoídhte gus anocht ní fhaca tech san glionn so gidh um eólach Eirg uainn ar Cáoilte día fios mór neite attú na n-ainffios bert fáilte ferr no gach ní do mac Chumhaill Almhuiní Íar sin do chúadhmar asteach turus oídhche rob aithreach frith gréch agus gol is gáir is muinntir dhísgir dhiogháir Aithech líath ar lár asttigh geibhidh each Finn go hésgaidh cuiridh in chómhla sunn de día corránaibh íarnoighe Suidhmíd ar in gcolbha gcruáidh do gní ar nossaig ré hénuair an gcuail ttrúim do bhí for tein suaill nachar much in teinidh Ro ráidh in taithech nár bhinn aithesc nar bhó lánmaith linn éirghidh a lucht atá asttigh canaidh ceol don ríghféindhidh Eirgidh naoí gcolla asin gcúil assin leith bá nesa dhúin naoi ccinn assin leith oile ar in gcolbha n-íarnoidhe Léigid naoi ngrecha garga ger commhór nir chomhlabhra fregrais in t-aithech fa sech agus fregrais in méidheach Gérbh olc gach gairbhcheól díbh sin fá mesa ceól in mhéidigh ní raibhe ceól nár dhúla acht fed fir na henshula In ceol ro chansattar dhuinn do duisgeóchadh mairph a húir suaill nar sgoilt cnámha ar ccinn nírbé in coigedal ceóilbhinn Eirgis in t-aithech ier soin is geibhidh a thúaidh chunnaidh tig agus marbhaidh ar nech fennaidh cosgraith anéinfhecht Cáoga bior ara mbí ruinn inneoch ba bera cáorthainn cuiris dhá áighe fa sech agus saithidh mon tteallach Níor bh'ionmhuinte bior dhíbh sin ag a ttogbháil don teinidh is tug a ffiadhnuise Fhinn feoil eich ar bhearaibh cáorthainn A aithigh beir let do bhíadh feoil eich nochar iothas ríamh agus ní iosad fóss go bráth ar son beith gan bíadh éntráth
Mas uime tangus um tech dobadh bídh ar in t-aitheach ros tiucfa ribhse go n-áoibh a Cháoilte a Fhinn a Oissín Iarsin ro eirgiomar súas do com ar ccloidhemh go ccrúas do gabh cách cend aroile ro ba mana dornghaile Báidhtear in teine bói tshís go nar léir lasoir na ngrís tiomaircther cúil dhorcha dhubh oirn ar ttriúr a n-éinionadh Mar do bhádhmar cionn ar chionn cía do fhoirfedh sin acht Fionn ba ro mharbh sinne dhe muna bheith Fionn na Feine Cionn ar cionn dhuinne sa treibh fad na hoídhche go maidin nó go ttainic gríen astech um trath eirge ar na mharach In tan ro eirigh in grían tuitis gach fer soir is síar tig duibhnell a ccinn gach fir go mbadar marbh in uair sin Gairit do bhámar nar ttám eirghidmáoid suas go hóghlán do ceileadh orainn in treabh agus ceilter oirn in mhuinnter Is íad buidhion do throid rinn na naoi bfuatha a hIubharglinn do dhioghail oirn a setar diar b'ainm Cuillionn coisleathan Amlaidh ro eirigh Fionn Fáil is arádha eich na láimh ba slán eidir cenn is chois boí gach ainiomh na féghmois Is missi Cáoilte croídhe deis na láoch go lánghloine mor shirim amoigh sa mach nocha a ffaicim an t-áonach. Aonach. XIV. Fuaramar seilg iar samhain a mBearnus Mhuici Balair ar ttocht duinn tar Magh nÍthe da ced láoch fa lán sgíthe Torc trom do shíol mhuc mBalair do marbhamar ier samhain cullach go ngé ngairbh go ngus ó a bhfuil i ainm ar Bernus Nochar lamh nech a marbhadh acht Fían Fhinn go nert-adbal do shíol na muc lúath leimnech boí ag Balar bailcbheimnech Is me rug ced gniomh in tuirc is do troid risin mormuic rugus trí mile don bheinn in muic sin ar mo ghualuind Bamar a mBernus sruthra áon cedláoch fa lan chruthdha ar sáith sechtmuin sa torc dhe eidir choin agus duine
Ar seilg ba hí in tseilg mholta dia a ffuil Muine in Fulachta céad damh gach doire a mbí dos cuirsium na luidhe um Rúadhros Ced d'oigoibh cead do dhamhaibh ro marbamar díar foghaibh ba derg in gainiomh día a bhfuil ger tráigh maighrech in lá sin Dia madh é in lá ag Laim Núadhat a bhen gharbh do ghní in grúamdhacht ar seilg Innsi Bó Finne da tturchair Donn Duibhlinne. Ced do ingenoibh máola rug leis Donn a Síth Áodha fa sgél ard fa briocht go mbladh ba garph in riocht araladh Ban-ríoghan ag Áodh gan oil gabáis éd mon ingenroidh ros cuir i riocht oighe ffúair ar slios moighe gan marcsluagh Ge do rinne sissi in tolc do ainic íad ar guasacht ni lamhach neach na hoighe do bíodh Donn da n-ionghaire Roighit on rioghain fo deich fios go ró-Dhonn fo dhíchleith go mbeith gan codhladh amoigh go roisedh da hagalloimh Do luidh Donn gáoth is grían glan muir is tír na mionn n-ádhbhal mé mac in rígh nach ria ad tech go bráth nocha bhía ar taithlech Fergaigter in ríoghan ris ré Donn a síth Sleibhe Mis nó gur cláochlaidh a slicht amoigh gur chuir i richt doimh allaidh Do imtigh le na ealta nirsat malla a n-imthechta tug forbhais do rennoibh slenn go dtarfás d'feroip Éirenn Adubhairt Donn báoth in ghlóir re mac Cumaill mic Trenmhóir nach lamhdaís Fíana Finn gcéin do bíadh fíadh i nÉirinn Adubhairt Fionn re a fhienoiph eirgiom uile da iarraidh ní bhíaidh fo dhiemhair in dam re fienuibh ag ingeltradh Adubhartsa ris iersin ré rígh na fFian a hAlmhuin bidh garbh dó deabhaidh in doim do ládh remhaibh a rechtaibh Muirfid mo choinse in damh Gaillinn is Sgeólang is Bran lenaidh gach lorg go ffeibh ní ffuil riocht nach ro-marbait Ní bhíathabh mo choin ar Fionn go ttuite in damh liom gidh ar lár in tshléibhe bess gidh ár na Feine chuirfess Amhail adubhairt Fionn sin go gabsam náire tré neimh glúaisidh lena slúag amach nochar trúagh le na theghlach
Céd ar fhichit duinn d'feruibh deich gcéad cú inar dheghaid aoinched ban is aoinchéad fer lór a méd ro ba coinnemh Mór ar ngredain is ar ngráin mor ar fiadain ar fforgráin ar ttecht duinn do tseilg in doim ba ceim go ffeirg a hAlmhuin Do riachtamar sa ninnsi do bhí fer ághmhar innte Lór a mhed dúinn fa folus do marbh céd don chedamus Tugsam tri gárthi garga go gclos go nemh an ardgal nochar gabh gráin in damh donn ré tairm na ffer re a forlann Rogabh burach ro líon ferg in merrdhamh disgir doinndearg re fegadh chon ngeal re a ngráin ré tairm na ffear go fforgráin Do thionóilsion a oighe tar íath mór tar sna moighe is conairt congháireach crúaidh i nglionn Maghair in marcslúaigh Do gap conairt choncharaidh ag muirlinn mhóir Chinn Mhaghair tug a ucht ré ar sluagh in damh is mór da olc fúaramar Gidh bé do cuir asa chionn nior cuir dhá chionn do bhí ag Fionn a los a dheiridh in daimh na bfeidhil ar a chosaibh Acht mad misi is da coin Finn na díaigh ó gach glinn do glinn do fagaibh in Fhéin fíor damh is mór dá olc fúaramar Ro chuirios glíaidh isin damh issin armhách ger bh'úathadh torcradar lem na hoighe torchair Donn na damhghaire Donn a síodhaibh ba hé in damh áonmac Fionnlaoích do fhedar tren tarras air on ríoghain Donn gur chuir fo throimdhioghail O do cinnius ar bioth cé ní fuarus aon comlann mar é mo bet cenn ar cenn sa damh do tairrngir Fionn fúaramar. Fuaramar.
XV. Sgríobh sin a Bhrógain sgribhinn do comhrádh fhirghrinn fessach ní d'imthechtoibh mhic Cumhaill do fhulaing mór ffeidhm ndecrach Inghen Taidhg mhóir mic Núadhat rug buinne sdúadhghlan súaichnidh Glais Díge in ced-ainm tugadh air ó rugadh in úair sin Rug Bodhmann muime in gaisgidh in mac sin go druim ndíamhair a gcuasán croinn ard áighnidh oilter in feindidh fíal sain Tugthar air Giolla in Chúassain fuair mor n-úatbhás ré sealad tig ag Bódhmainn da bhíathadh do soill líaththorc mhuc n-alladh Fagaibhthear lá na áonar meinic fúair báoghal brúighne urran do tháobh thuirc allaidh fa cíoch dhon mhacsin Muirne Tógán re táoibh na coille teid i ngoire don chúasán tig fo bholadh in sgenaigh don lenamh nír bheg d'úatbhás Íadhais a ghlaic mo ttóghmann ba sén mór gcomhlainn gcródha tig ag tachtadh in togháin ó mochtrath go trath nóna Tig Bodhmann d'fios in leinimh mar gach eilit gan énsgís da ffuair tachtaighthe in toghmann maith lé Bódhmainn in céd-ghníomh Fenntar go tric in toghán ba maith in conách fíadhaigh croicionn crannchon na coille cuirthear uime sa ffíenbhoith Tugthar air Giolla in Chúassáin fear na gcrúadhdhál mór n-iorghal dó go cenn a naoí mbliadhan tig dá bhíathadh ag Bódhmainn Téid leis ar áonach Taillten dhó níor chairdeach in chúairt sin ar mhacraidh Éirionn uile cuiris trí cluithe ar úainimh Imbris trí cluithe luibe tossach a mhúinte i tTailltin ré hógaibh Éirionn uile dhó níor chluithe eidir chairdibh Fiafraighis Conn na ccuradh fer lé ccuirthear crúas ceimionn cía in fionn beg bheirius báire ar ógaibh aille Éirionn Báoth-focal sin ar Bódhmann a Chuinn na ccomlann ccalma Is hé sútt fer na faoílti Fionn féin ua Baoisgne barrghlan.
Is hé an tarrngertach bunaidh tainic chugaibh ón fhían-bhoith is é mhillfhius bhur ngessa ní bhíaidh festa fó dhíamhoir Tegor dhósan ón áonach rúaig mór bhfáobhrach ó Thailltin ar fedh Éirionn gan anadh go fosgadh Feda Gaibhle Ní raibhe a ndan dó a bhaisdeadh no go ffaicedh Conn calma is ar bríathraibh a bhíodhbhadh ros fúair inntleacht a anma Ag sin t-adhbhar far baisdeadh maith a gaisgeadh sa gniomradh a decra leis nech déra cóir a sgela do sgriobhadh. Sgríobh. XVI. Uchán a sgíeth mo ríogh réil ionnsa do beth fó mísgéimh dogra nach mair do triath tenn a comla sgíeth na hÉireann Mor ccosgar mor ccath calma tugais is do tigerna maith dion do cailc um rennaibh a dhíon bhailc ar beimennaibh Nocha raibhe ar talmhain tréin san aimsir tarraidh féin nochar gabh sgíeth budh calma no do triath is do tighearna Ba filidh ba fer dána ba cath-mhílidh comhdhála ní frith a samhla um rathaibh ba láoch calma i gcrúadhchathaibh Ba sáor ba cerdghobha glan ba brethemh ághmhar úrlam mairg do bhiodh ar a cionn a bfeirge bá saoí gacha saoír-cheirde Is úathadh a ttalmhain tigh muna a ffuil fáidh nó fisidh a sgíeth rígh Siccir seca nech do fhittir h'imtechta Is terc fós ar talmhain sin d'fior nó do mhnaoí do fhitir in chuir fo ffuil a hainm amach día gairm in Sencholl Snidheach Nochan fuil act meisi féin agus Caoilte fer co gcéill is Fionntan Dhúine Ferta nech do fhidir himtechta Atá ó shoin sgíeth mo ríogh adeirim sibh is fáth fíor gan brath gan brón duine damh go cath mór Muighe Tuiredh Balor do cuingidh ar Lugh seal beg ré na dhíchennadh cuir mo cenn-sa ar do cenn cain agus tuill mo bhennachtain In cosgar agus in ghráin do bhoí oramsa ag feraibh Fáil is maith liomsa go prap dhe a mbeit ar mhac mh'inghine.
An bennacht sin a aba nochar thuill Lugh Lamhfhada do cuir an cenn os tuinn thsoir a nglaic chuill ar a bhéaluibh Snídhis bainne neimhe anúas assin crann sin go nert-chrúas iar snídhe an uilc nar bheg ró do sgoilt in crann ar chert-dhó Frí ré cháogat mbliadhain mbil don choll gan chor dhá chosaibh acht a beith fo dhámhna dér na adhbha bádhbh is branén Luidh Manannán in ruisc chuirr go dithreabh sléibhe Finnchuill go ffacaidh cran gan folach a mesc na ccrann gcomramhach Cuiris Manannán lucht oibre ar in crann sin gan loige dia tochailt a talmuin tréin robadh gniom adhbhal eissein Eirgis dethach neimhe aníos a bun in croinn sin gan sgíos no gur marbh fa báoghal de nonbhor do lucht na hoibre Ro marbh nonbhar oile dhibh do mhuinntir Mhanannáin mhín sgéla on crann do fes damh is do dhall in treass nonbhar Adeirimsi ribhsi dhe fiafraighther in fáisdine fan choill n-adhbhal sin gan tár do frith mor n-adhbhar ochán Is é Lucra sáor do chum in sgieth engach bláith édtrom tríath na Marannmhál don moigh do Manannán don mhílidh Da bhúaidh do bhúadhaibh in sgéith gan gabháil ría a ccath nó ccléith terc sgíeth a maca samhla reimpe ba ráon ró-mhadma Cath a gCruithean-tuaith nár lag in ced-cath tugadh lat dar gáot Mothla mac Méilge airdrigh adhbhal Éigipte Nochar lugha in cath eile tugadh let fa mor sgeile dar gháoth Dubhthach mac Dáire airdrí adhbhal Easpáinne Toiscc do chúaidh Manannán múaidh isin Aissía lion a shlúaigh dar marbh Fiodhabhlach fa lía airdrí iolarmach Aissía Ag sin cuid Mhanannáin mhúaidh dot decraibh thes is thúaidh no go ttug fa degdos dil a gcleamhnus do rígh Sigir Do cum Ciarbre dúan mholta do chinn in sgeit sgíemh-corcra fer go millsi is go n-aoibh sin do rígh innsi saoír Sigir Cáoga uinge don ór dhron tug Gola dho ar a mholadh feirrde a fhíach is moide a bhladh ar aon issin sgíeth sgíemh-glan Bronnais Cairbre in flaith fíal mac Édaíne fa maith míadh don tríath calma ar nár chuir brón in sgíeth don Dágda dreachmhór
Tug in Dághda d'Eitheór ard in sgíeth dathchorcra doinndearg don tshlait go méd nglonn re gleó do mac Cuinn mic Cearmotó On sgéith sin tugadh Mac Cuill ar Etoir go ndreich mín dhuinn fer na nglonn nachar clé bladh oir is é coll da gcreideadh An lá do marbhadh Mac Cuill a gcath Taillten ba mór muirn fer nár beg trom-ár amuigh tarraidh Sgorán in sgieth sain Ré ré da chéd mblíadhain mbil don sgéith ordhaidhe arsaidh a haitle sáoghail bus sía do bhí ag rioghaibh fFear Menía Do luidh Manannán na níadh na díaidh a ttír fFear Menía gur bhris naoí gcatha go mbloidh ar muinntir Sgoráin sgíethgloin Ro mharbh tri catha calma don tslúagh aluinn allmhurdha bá hé in sgél adhbhal gan tár fa ndernadh adhbhar ochán Cáoga uinge don ór dearg cáoga ech dualach doinndherg clár nochar criteall na thoigh is fithchioll Sgoráin sgiethgloin Do rad dó cuma bá mó do Mhanannán nír bhó ró ré cur ghlíaidh mun chaogait cath tri cháoga sgieth fan sgéith sin Do bhí si ag Manannán féin in sgíeth ildhealmhach aigmhéil gun ffior láinghlic gan gniom lag go tainic Tadg mac Núadhat Do rad Manannán do Tadg in sgieth dathchorcra doinndearg do mac Núadhat in sáor seng maraon agus in fhithchioll An laithe rug Cumhall cain Muirn mhoncaoin leis ar éigin tríath gacha háloid ferrdha tarroidh in sgíath sgainneardha In tan ró thuit Cumhall cain a Cnucha os Liffe Laighen an flaith mínmall nar beg bladh tarraidh Criomall in sgíath sin Mar do urmais Fionn ferrdha ar Criomall cháomh chathardha glac glemhór dar diall gach glíaidh tug ó Trénmhór in trénsgíath A ttugadh do cathaibh let ag mac Cumaill na ngeal nglac a sgíath róighil nár cáineadh badh doiligh a gcomhairemh Let do radadh cath Chinn Chluig dar marbhadh Dubhthach mac Duibh cath Mona Maffaidh gan lén dar marbhadh Deidgheal duirbhél
Cath Luachra cath Cinn Aisi is cath Inbeir Dubhghlaisi cath Teffa tenn a mheisge cath chluana menn Muirisge Cath Lusga cath Chinn Chláire agus cath Dhúnaidh Maighe cath tSléiphe Fuaid fa tenn teas rúaig dar tuit Garban garbhghlas Cath Fionntragha óna buidhech badhbh dar fagbadh fuil agus fadhb da cath cródha um Áth Mona maraon is cath Cronnmhóna Cath Bolccraighe ba mór gluinn inar thuit Cormac cruinn cath Achaidh Abhla nár ghann cath Gábhra cath na bpunnand Cath Ollarbha ba garp glíaidh inar marbhadh Fathad fial cath Eisi ba mór a ghluinn agus cath Chéise Coruind Cath Cairrge cath Srúibhe Brain agus cath Bheinne hÉdoir cath Sléibhe Uighe nar ghann agus cath Mhoighe Mhálann Cath na Colamnach ccalma agus cath Inbhir Bádhna cath Ata Modhuirn léir linn agus cath Beirge as Bóainn Cath Moighe hAdhair gan tár agus cath Dhúine Fráochán cath Meilge ba hadbhal ágh fo a ndearnadh éighmhe is uchán Cath Beirbhe ba mór a ghlonn íar gcath rí Lochlann na long cath Uighe ba cinnte in sgél agus cath Innse Gaibíel Cath Monadh cath Chinn Tíre agus cath ághmhar Íle cath Saxan ba mor a bhlaidh cath Dhúine Binne bríghmhair Cath inar marbhadh Aichil ard airdrigh deglámhach Danmarg cath Inbhir Buille ní brég agus cath Buinne boirbthréin Fiche cath is da cath dég allamoigh d'Éirinn is ni brég go Tír na nDionn nar bheg bladh do rat Fionn let do chathaibh Ocht ccath a Láighnibh na lann tugas is do thriath táoibhseng fedh do ratha ní brég soin sé catha dég a nUlltoiph Deich ccatha fiched gan on tugais a Mumhain Mhic Con noca breg acht is certa is da chath dheg a cConnachta Cóicc catha fiched go mbúaidh tugadh let a chomhla chrúaidh ocht ccatha deg rúaig nár ghánn úait ar Thuathaibh Dé Dhanann A ffegmhuis do bhruighen mborbh sdo coinnsgleó fá crúaidh colg ag sin réd rathaibh go tenn do chuid do chathaibh Éirenn Brisde mo chroidhe is mo corp ro ceises mor deg-comnart tu gan cosnam ar in moigh arnad losgadh don mucaidh
Trí nonbhair sinne ar Druim Deilcc a haithle in chatha crói-deirg ba trúagh ar ndáil-ne re a rádh tugsam trí gáire uchán O chrann na haithne boí a bParrthus fo ndernadh fo rior iomarbhus nochar dearbadh crann ar lár is mó fa ndearnadh ochán Go rum sáora rí neimhe mac maith Muire inghene ar iffreann go ngeire ngádh fa ndearnadh éighme is uchán Uchán. XVII. Siothal Chaílti cía ros fuair sloinnfet sunn i mbethaidh bhúain bá mór lá ro híartha soin gan fhúaran os Duibheochair Fosaidh in sithilín mbic mbáin neoch do radabhar um láimh fáiltighidh mo chroidhe cain síthil Chaoílte caratraidh Déutt is ór is gloine gorm gidh bé do iarr a fius orm fionndruine agus airgiott bán siothal Chaoílte in flath-mhacámh Ubhall deargóir ar a lár go n-uaithnedhoibh d'airged bhán da leith clí do cuirrthi sin ba lais uisge on síthil Mar do cuiredh da leith deis in t-uball cuanna coimdheis fosdadh in t-ubhall beg bán sa n-uisce go mbíodh lomlán Uisce do chur for a lár adeirim is dearbh in dál a rogha dighe ier sin do bheiredh da gach ríghfhéindidh Ionmhuin nech día ndailti soin sítheal Caoilte in lúath-lamhaigh nochar dháilestair digh ríamh ba ferr cruth agus caoimhchíall Mo teisd ar ua Rónáin réidh sech gach fer go bhí sa fféin gonach taraill talamh nó tuinn aoínfer mar Caoilte cruinn Ba hóglach ba giolla gnáth ba brughaid do congmad cách ba treinfher do bhrisedh cath ba fer fosaidh fíor-uallach Diamadh ór cruinn is clacha sa mbeth ar breith na flatha ba hé glór aderadh ris is do chách uile d'foighéindis Iadfadsa lé mo chroidhe truagh in sithil áloinn fhionnfhúar uch nac é Caoílte in chara tárla sunn mar ad rala
Airis agam ar Dhia ndil a Tháilghinn a thairrngeartaigh go n-innisser dhuith rem lá sgéla deimhne na sithla Lá día mbámar ós Eas Rúaidh Fiena Finn uile i n-énúair roinnius Fionn ba feirde dhe foithri fedha fassaighe Fionnchadh Corr Choslúath gan acht rucsat seilg críche Connacht agus Súanán mac Fir Thruim Fáolan Lughaidh ó Líethdhruim Tri rígh Fhian mBretan co rath Ánluan Forann Fearadhach ionmhuin buidhen beódha a ngniom trí meic Iobhair an airdríogh Glasannroidh is giollannraidh ghnáth lenus Forann uainn mar ? cách rug mac rí Breatan go ngus trían ar ndeoradh sar n-amhus In tan ad connairc sin Fionn sol do labhrus labhraidh liom beir let a Oisín immale Cnú Deireóil agus Dáighre Dena seilg Laighen na lann Osraighe agus Sléibhe Cúalann beir clann Cúain ar áon ris beir m'oirfididh beir mh'amhais Is tú is ferr eineach uainn a Oissín gus in sáorbhúaidh is riot is cuibhdhe araoí sin deoraidh ammais ar ionchaibh A oirfidigh féin gan mheirg rug leis Forann ar in seilg Súanach Senach Breasal bán Uallach Áicher Ailgenán Cobhthach Ciothrúaidh agus Cas Maine agus Enna amhnus Cronán Crinne caoín in modh Ceólach Faoídh agus Fosgadh Ró gabhsam tnúth riss ann sin ré mac rígh Bretan bríghmhair ba héd leinn gach a rug leis deóraigh oirfidigh amhais Iar sin suidhis ag Bernus Fionn da ttugsam tighernus sgaoílis úaidh lucht na sealga cona gconaibh croibhdherga Ochtar a fforradh in rígh in neoch nach ffuilingthe a ngniomh ba hé féin in náomhadh fer Fionn mac Cumhaill na ccorrsleagh Cúan is Aodh Beg mac Finn Failbhe agus Rinnolbh go rinn Glass mac Edair garg a ghus Caoínche Daire agus Donnghus Cú ar eill gach fir dibh sin Fionn is Bran ar a bhéloibh éistigh riomsa ier mo thá go n-inniser a n-anmanna Fuiltech ag Aodh Beag mac Finn Eachtach ag Rinnolbh go rinn Fer Glinne ag Failbhe malle is Gáoth ag Cúan Cruimglinne.
Eitioll ag Glas garbh a ghráin Fíamhach cú Caoinche comhlán Fer Glonn ag Dáire ré lá Fear Báoth a laimh Donnghusa Bran ger uó cú nír bhó cú maith a gaisgeadh cáomh a clú nír b'úa con nír chin ó choin snír úa mílchon a mathar Ní dechaidh Bran ar choin ríemh ba maith a conn is a cíall nír chóir a rádh ré a ré frí mac ríogh Dhál nAraidhé Atáid inar ndíaigh ar in n-ard in flaithfhéindidh fáobhargarg adcí chuige in muic mhóir n-úathmhar n-adheitidh n-anffhóil Is amhluidh tainic in torc samhalta é ris gach n-olc nír mhó cnoc sléibhe ina é sé dubhgorm dubhdhóite Léigid an t-ochtar sin a ccoin rissin torc bá mór in modh iompaiss in torc ba gniomh crúaidh 's marbhois iád uile i n-énuair Fráochaid in t-ochtar glan garg déis marbhtha na ccon gcenndearg agus caithid sleigh gach fir gus in torc n-úathmhar n-allaidh Ro sginnedar a n-airm dhe amhail ba coirrthi cloiche iompais is millis uile na hocht slega snasbhuidhe Anois úair na ngothann mór do ní tú is Bran ag an ól do ráidhis nar taisdil magh fíadh na torc nach dingebhadh Decair cor ré draoídheacht ndéin is medhradh do chonn is do chéill is dearbh liom da ccuireadh cath is he Bran bhus uachtarach Eirgis Fionn is gabhus Bran agus crothais in slabhradh agus sloinnis dhi ré a lá a héchta sa haitheassa Ba mó ina in torc úd ar Fionn in torc do mharbhus sa ghlionn día atorchair let ammalle eidir Eabha is Ros nGéidhe Gér calma torc Droma in Eóin prap do thraothus é dá aimdheóin torc Mhoighe Glinn ba mór tairm torc Fionnabhrach torc Finnchairn Torch Ríoghchoille do thraoth gniom torc Boirche torc Rois na Ríogh torc Cinnfheabhrat torc Fuire naoi dtuirc uaimhe Sgannlaidhe Do marbois torc ag Áth Néid fris ar gabh gráin in Fhéin torc a Sleibh Cuillinn tar lear agus torc Droma Lighen Ro marbhuis torc ag Ath Lóich agus naoí ttuirc ag Ath Cróich torc Cnamhchoille torc Clochair agus torc Droma os bothuibh
Airiomh do gniomh is do ghal is lía a líon na a n-úathadh ó ro cuiredh coineill ort gus in laithe fa attaoi inocht Eirgis Bran fa bailc a beadg agus crothais uile in learg teithis in torc tar sliabh ód chí Bran do hinnsuidhe Fada in ruaig ó Bhernas Móir gó Sliabh Teithid asloighthi slóigh nó gur fhost Bran borb in torc leis a ndernadh in tromolc Léigis in muic grech na ceann no go cclos úaithi fon ghlenn tainic isin cnoc na ndáil aithech adheitigh anbháil Ann ro ráidh aithech in chnuic leiccidh uaibh damhsa mo muic na bithí gan anmain uile ar son anma áonmhuice Ro chualaidh Failbhe mac Floinn agus Caoínche fer go roinn ad cluin Rindolbh glan gle agus Cuán Cruimghlinde Eirgidh in cethrar glan garg gus in aitheach nán niomard mona dhechradh draídheacht dhe robadh aithreach dhó in éirge Tegaid íersin beim ar beim go ttríen na hoidhche do chéin gur chengail in cethrar fer d'irsibh a sgíth sa sgainner Do chúalaidh sin Aodh mac Finn agus Glas in ghaisgidh ghrinn do chúalaidh Dáire go ngus agus in deghlaoch Donnghus Eirgid in cethrar sin súas gus in aithech ba lór lúas nochar lugha a ccomhlann de go trian oile na hoídhche Cengluis in taithech go nuaill in tochtar laoch go lánbhúaidh foimhnis fir i dteanntaibh trá dus rath for leirg na tulcha Fionn agus Bran issin torc alt ar alt is cnoc ar chnoc nochar cuimhghetor ní dhe nir gaph airm nior loisg teine Gabhuis in t-aithech é ar druim is do chuir ar a ghualuinn ní raibhe ag Fionn nó ag Bran de acht a fheghadh da éise Geis is ágh is airmirt ort muna lena tú do torc ní maith suairighe re seilg a Fhinn mic Cumaill airmdheirg Bíadh tú fo ghessaibh sa fféin muna lena tú in thorc budhéin bíadh fo ghesoibh Bran búadhach in cú áloinn iolbhúadhach Do raghainnsi let ar Fionn día ffaghoinn comhaidh da chionn madh día leigthea liom co becht m'ochtor láoch um choimhidecht Rod fía beannachtain leis sin a mhic Cumaill chatharmoigh rachoidh dhuit aisgidh oile sní ba haisdear midhlaighe Sgaoílis in t-aithech go nuaill don ochtar laoch go lánbhúaidh agus tegaitt leis íar sin gus in síth os gliond Deichit
Mar rangattar in dorus tug iníar flesg fo chomas tuc buille don torc go rath gur macáomh óg ildhealbhach Iar sin do chóttar sa síodh fúarattar faílte gan fhíoch ro coirgedh íett na suidhe ar in gcolbha ngloinídhe Tegor caoga giolla n-óg chuca astech do tabhairt póg lodar na ndíaigh milibh snas caoga macaomh fial foltchas Trí cháoga ban brat-úaine issin tigh go meid n-uaille ro suidh gach ben diobh gan gheis a ffail a céile chomhadhuis Ríoghan chaomh issin tigh thall ba fior áille don chineadh chlann feruis fáilte fris in rí re mac Cumaill a hAlmhainí Do gniter a nfhosaigh án a hocht síothluibh d'airged bhán agus síothal chumhdaigh óir d'Fionn mac Cumaill mhic Tréanmhóir Núa gacha bídh sean gacha dighe do radadh do lucht in tighe fuarattar oirfittigh án imaráon is caoínius comhradh An tan ros gabh a ccuirm cách is ann atbert in t-óglách cred anois ata ar th'aire a mheic Cumaill a hAlmhaine Is edh atá ar m'uidh ar Fionn ó ataoísse ag briathraibh liom cía sibhse a mhuinntear mhenmnach chindios ar ghach aoínteghlach Enna mac Labhair Thuinne m'ainm ar in láoch go loinne Craoibhfinn mo bhen caomh gan chrádh inghean mhaisseach Mhanannáin Is hé is líon dar ccloinn go beacht áon inghean agus áon mhac Uathach ainm in mhic go lí Sgáthach ainm na hinghiní Ineach is egnach dhuinn dibh samalta a egusc lé rígh dia ffaicmís in ingen áin do bhermaoís a tuarusgbháil Is ann sin dus radadh astech Sgáthach áluinn iolchrothach rug búaidh ar dheilbh sar dhruine ó mhnaibh talmhan tonnbhuidhi Líonais a seirc nir ffeidm fóil Fionn mac Cumhaill mic Treinmhóir targaidh deich gcéd da gach crodh is feis bliadhna gan bháoghal Targaidh da brathair go n-uaill sgieth is cloidhem go neart crúaidh targaidh ina coibhche dhe ced uinge dór orloisce
Creid let súd ar a hathair rissin finngil go rathaibh gidh maith ben ní hedh is ferr a tochmar tar a héigheann Gion gur fer diongbhala damh conmháor con gé rom iarradh nocha bhiusa ann bar nadhaigh gonach um taír tromfhalaidh Cuirther ar gualainn in rígh an ingen luchar lán-mhín is naisgis a coibhche ier sin ar mac Cumhaill a hAlmain O ataoí anois ad cliemain dhúin ar Enan go ccrotaibh ciúil uime ro bregsam thú alleith do deicsin ar muinntire Is é mo macsa in torc trom do imbhir oruibh anfforlann mé féin in fomhóir fuirmhech do rinne bhar ccruadhchuibhreach. Ó tharrussa bhar mbáoghal gan neart sgíath gan neart bfáobhar rod fía éruic dhaoíbh annsin d'ór is d'airged is do mhaoínibh In tochtar úd d'Fianaibh Fáil raghaidh ina n-einech dháibh dhá chomhoil óir gach fir díbh is a cethoir don airdrígh Beir let ocht n-ailt cloidheamh do dergóir íer na n-oigheadh iocfaighther bhar ccoin cháomha is bhar slegha snascháola Beir let fós m'fichill a Fhinn beir mo sgeth is ór go rinn beir m'fainne dercc-óir go mblaidh fiú ced gach cloch da clochaibh Beir mo sithal is sétt slúaigh a Finn mhic Cumhaill armrúaidh déd is ór is airged hí gloine is gorm is fionndhruiní Beir let in sithil snuadhaigh a meic Cumhaill chathbhuadhaigh ré taobh seacht bfailghedh gan acht ar gomadh feirdi himthecht Tabhair cora damhsa dhe cor an fir ar a chéile gé cuin dech mo mhac sa bféin a mbeith uile día oighréir Do radsat cora iarsin ré hEnán an oídhche sin is tugsad cora gan oil fa chongnamh leó a ccumhachtaibh Dérgaighthear in imdhaidh n-áin taoscca Fionn ina comdháil siris Sgáthach mar do luidh iasacht cruite in oirfittigh An cruit cháom sin na ttri ttéad gidh isséin ba lór a méd ted airgid ted umha áin agus ted iaruinn iomláin Anmanna na ttéd nar throm gentarghless golltarghless oll súantarghles in gles oile fa a ndendís cách cíamhaire Da seinnti in golltarghless grinn do ríoghaibh in betha binn gach a ccluinfedh gan dóghra do beithdís fo biothdhógra
Día séinnte in gentarghless glan do ríoghaibh troma in talmhan gach a ccluinfedh gan táire do beittís ag síorgháire Dia seinnti in súantargles slán do ríoghaibh in bheatha báin gach a ccluinfedh mor in modh do bheittís na síorcodladh Seindis an inghean fhatach in súantarghles go gnáthach gor cuir na ttoirrchim súain Finn mac Cumaill in caoimsluaigh Cuirter na ttromcodladh cach Bran is in t-ochtar oglách go medón laoí mór in modh ro bhadar na ttromchodladh Mar do eirigh grían os fiodh doibhsion roba mór in cion ann do batar ag Bernus gér lugha leó a fflaithemnus A chú féin ag gach fer dhibh is a slegh buileach bláithmín in t-ór san t-airgead míadh ngal na seoid agus in tsithal Íarsin tiomsaighit in Fhían eidir anoir is aníar gur innis Fionn doibh gan gheis a beith oidhche na ffégmais Na habairse sin a rí a mhic Cumaill go gcaoimhlí ó mhaidin dúinn ar in seilg uait a chosgaraigh chróidheirg Aisnéidhis Fionn na sgéla sa attugadh air do mhéla do rat Fionn comartha gar na seóid agus in tsíthal Do ráidh Fionn go medhrach mór mar do degladh é re a shlógh mar do dealbadh oidhche is lá don bloigh atgairid d'aon lá Dona húairibh do creid Finn in tan sin do rígh na rinn nó go ndechaidh tar sál sen rí na ndámh is na ndeighfer Roinnis Fionn na seacht ffáilghe do secht mhnáibh ba lór aille d'Ettaoín d'Aoiffe aobhdha attaoibh d'Aillbhe rúithenta rochaoímh Do rad damsa in fainne óir do b'fhiú céd da gach crodh cóir in ficheall d'Osgar go mbladh agus do Chaoílti in tsithal Secht mbliadhna dhi ag Caoilte cóir don tsithil maisigh mhínóir go ttainic in fáth má ffuil a faghail os Duibheochair Áon do ló ag Duibheochair dhúin meisi is Fionn ba haidbhle rúin Osgar mac Cruimchinn rom car Gúaire gilla na sithal Siris Gúaire digh uisce ar Chaoilti ba maith tuigse gabhais Gúaire in sithil sláin is teid lé d'iarraidh fhuaráin
Fúair uarán ba maith a níamh ag in ccnoc re ar taoibh iníar do thaitin ris sáor in snúadh in tsrebh línidhi linnfhúar Cuiris Guaire mhac Nechtain in síthil fan sruth sechtair do tuit a n-iomdomhain úadh in sithil aloinn innfuar Coig oinfissigh agus céd batar dha hiarraidh sní brég ní fuarattar uile dhe ón ló sin sithal Chaoílte Is ann adubhairt Fionn féin ris na sluaghabh go saoírchéill nochan ffaghthor í dar líom ón ló aniu go dtí in Tailghionn Tiucfaidh in Tailghionn tar muir budh sochar do Ghaoídhealuibh benfaidh Éirinn as a broid is beinneochaidh in tiupraid Mar beinneochus in sreibh sláin Patraic mac Calproinn dá láimh tiucfaidh bradán borb go mbladh is tóigeabhaidh in tsithal Níamhochthar bachla bána is cluig agus ceólána agus soisgela sgriobhtha d'or is d'airgead na síthla Is íad sin mo sgéla dhuit a rí in popail a Patraic nochan fhuil mo mhaoínse dhe od chímse sithal Chaoilti. Sithal. XVIII. Éuchtach inghen Díarmatta corcair a gruaidh geal a braighe ní hinfíachus íassachta do bhoí ar gheilingin Ghráinne Grainne súlghorm sháorghasta lennán Diarmada déidghil inghin d'Eithne thaobhfhotta sdo Cormac mac Airt Éinfhir Tegor in mín malachnduibh mar mhnaoí d'Fionn mhór mac Múirne elaighis in óg anáithnidh úadh le Diarmaid ó Duibhne Secht mbliadhna don Diarmaid-sin sdo Ghrainne a n-imlibh Banbha is Fionn ag a n-iarraidh-sen snach ffuair báoghal a márbhtha O nach ffúair re a loitledradh deaghmhac Duinn na gcles ffáobhrach do gní síodh go rochealgach is de tainic a sáoghal Cuiris Fionn go fíoraibéil Diarmaid do dhenam sealga ní beite dha shíoraisnéis do bhi na fhíadhach meabla
Gonais Gulban gheirfhiacal muc neimhe do bhi a nGullbain mairg do chúaidh don trenfhíadhach dar tuit Diarmaid o Duibhne On muic sinn do hainmnigheadh Benn Ghulban ard in eiscir nó is ó Ghulbain ghairbhchennaigh inghen Stáirn mhóir mheic Neimhidh Teid techtaire ar teinndheithnius leissin sgél ba sgél ímnidh ní faoílidh do hinnisiodh tásg a hathar don ingin Sginnis bradán bandachta do bhí san fhinnghil fhéta tig beóspiorad ferdachda innti ó do chúalaidh na sgéla Cuiris Échdach aindreanda fios uaithe ar cionn a braithreach tegait go tric tairptennta um thráth éirgi arna mhárach Tig in cuire comramhach lé chéile ar dhenamh fóghla ba hí in fhoghail ollbhladhach ar marbsat um thráth nóna Ré tri lá go lánoídhche nochar mhó díth na tána ní tig lucht a sáraighthe día n-éis go laithe mbrátha Timchiol dhúnaidh Dhaolghusa rug Fionn orra go hághmor mór an obair áonchatha a fresdal sa fían bráthar Ceithre catha commóra ag Fionn re faire in dúnaidh teid in ríoghan socródha do losgadh in dúin dlúthghloin Cuiris tallann chaoírchorcra ann gach aird don bhrugh bhúadhach is loiscis dún Dáolghusa d'aimdheóin na gceithre rúadhchath Do bhoi Échtach úasalghlan agus a buidhen brathar ag loscadh ag lúathmharbhadh go tráth eirgi ar na mharach Fogruis Éuchtach ollbhládhach comrac ar Fionn mac Cumhaill ní frith sa chath chomramach fear a fresdail nó i fuluing Comhrac ar Fhionn árdmhenmnach iarrus Échtach gér ffairbhrígh nir bh'áil lé na gairgtheglach aoín fher oile acht in t-airdrígh Fregrus Fionn in flaithfhéinidh gus in ghleódh ffíochdha ffoirmear ba crechtach a chaithéididh ó choigedal a coirrslegh Do rad sí tri threnbhuille dhó tar in Sencholl Snídhech do ba críathar créchtnaighthe úaithe in sgíeth oirdhearg irseach Nochtus in lainn ledarthach ba lasamhna na lóchrann tig Daolgus go deghthapaidh eidir Fhionn isin órland
Dar bhen órlann Échtaighe do mac Caoíl na gcleas ffáobhrach gur thrasgair da trénbhuille go nderna dhe dhá Dháolghus Teid in lann ghorm gher-ghasda tré chlár sgéith Fhinn go hullamh is gerrais trí thrénasna a gcompar chléibh in churadh Do leig osnadh égcomlainn Fionn úa Baoísgne gér ffuileach tuitis úadh na thréntorainn in Sencholl snithi Snídheach Is annsin dob inchaoínte in mílidh fan mnaoi róimhir níor mhó nó mac miodhaoíse é ar sgáth a sgéith sa sgainnir Fionn dfaicsin san éigen-sin nír fuilingeadh lé cloinn Bhaoísgni dhá chobhair do chéidfheraibh tainic Oissín is Caoilte Do chobhair a thighearna téid Lodhorn deas dhédla marbhais in óg ilmhenmnach fa bhuaidh n-aithis is n-échta Tógaibhther Fionn fáobharghlan ar chrannaibh slegh a n-áirdi go Lúighdhech mac Áongusa gus in líaigh bá lór gairge Ro boí Fionn secht leithbhlíadna ga leigius nach ffúair sláinti gach techt eidir dheghfhiana ó thigh Luighdhech go n-áille Clann deigheneach Dhíarmada inmhuin in cuire créchtach slata fionna fíalbhoga Donnchadh Eochaidh Aédh Éuchdach Ní rug Gráinne goirmdercach do mhac Duinn na gcles ffáobhrach acht aoín ingen oirbheartach agus bá hí sin Éuchdach A Mhic Duach a dheghchléirigh a chroidhe díadha dércach Nach ar lár do reighleissi ita in fert fa a ffuil Ectach. Éuchdach. XIX. Anocht fíordheireadh ná ffían ro sgarsat ré neart a níadh terc anocht a ccoin sa ffir dobadh urus a n-áirimh Nior bh'é sin airiom ar slóigh a gCinn chluith díar banadh beóil ceitre fichid céd gan on dhuinne go Doire Dhá Lon Ba hí ar sochraide líth ngal go smerdris Locha Lurgan deich cced fichit lúaidhit goil ar ndesbaidh um nónadhaigh
Ar neasbaidh a ccath Gáphra deich gcead fhichead cead calma ba hé ar ttinól ar ttiacht as fiche céad feinnidh foltchas A ccath Ollarbha gan feall a ttorchair airdrígh Éireann dar tuit Fionn tre inghin Ghuill a ccath Breghdha os Bóuinn Aréir dhúin go Magh nDeilge sé céad dég re húair ffeirge anocht ní mairionn diobhsain acht seisear is tri nonbhair Ní hionann anocht fo ríor mo sliochtsa agus sliocht mó ríogh diairmhe i ndíaigh chatha crúaidh muinntear mhic Cumhaill armrúaidh Gidhbé áit a mbíam anocht nocha líonmhar ar longport do haireochaidhe nar suidhe sinn eidir choin is duine Dursan liom do bheith mar soin a Chaoilti gusin morghoil do bheith-si gan laochraidh luinn tar éis catha agus comhlainn Is hé do bheir mé mar soin a Oissín a mhic morghloin nocha mairionn Fionn ferrdha mo thríath is mo thighearna Ní mhairit trí meic in Léith nó Aodh Rinn ar sgath a sgeith ní mairit na gaoí derga ní mairit meic Aoincerda Fionn mac Dubháin mo chara ní mhair do chloinn Mhurchadha ni ticc a ccath Gabhra in gháidh Dubhán mac Cais mic Cannáin Ní mhairit in díes co mbladh Cas Cuailgne no Goll Galban ní mhair mac Ua Nechta anall Fionn mac Sestáin ní mharann Ní mhair Cedach fear go n-aoibh ní mhair Idhlann mac Idhlaoích ni mhair Flann in curadh grind ní mhairit tri meic Crimhoill Ni mairit in Ghlasfhíen glan ní mairit fiana Breatan ní mhair Daighre in giolla gel doilghe leam nó gach aoínfhear Ní mairit clann Mhorna an áigh dursan gan a mbeith d'áonláimh Goll Art Conán Garoidh glan ionmhuin buidhean beódha bhídhbadh Sgíathbrec agus Banb Sionna maráon ní cuirit griolla .i. gáir ni mhair Coinnsgleo na bloidhe ní mairenn Fúath Calraidhe Ni mhairit clannmhaicne Fhinn a Oissín in ghaisgidh ghrinn do chódar sin don mbioth bhán acht madh tusa at áonarán Ni mhairit do chlann-sa féin a Oissín gusan móirsgéimh Fer Logha is Oisín gan on Euchdach Uladhach Osgar
Ni mhairit clann Rónáin réidh mo braithre is mo mic féin ba hí a sochraide catha fiche ced sgíeth áondhata A Chaoílte go n-iomad ccnedh ní mhair laoch nach ffuair imnedh tig trághadh da gach flaithius ní búan cách na mbithmhaithius Ni mhairit in mhuinntear mór do bhíodh againn nar ttinól dénam calma na ndíaigh sin úair ní thigit dar ccabhair Fáisdeine do rinne Fionn oidhche samhna i nIobharghlionn go raghdaoís in Fhian gan locht 'sgo madh deiredh dhúin anocht Anocht. XX. A chloidhimh chléircín in chluig sochaidhe ba námha dhuit agus díar bhenuis a ccinn is do sgarais ré a ccoluinn Céidfer dar bhenuis a chenn Crithir daingen mac Duibh ghreann Minélus do cháidh go cóir do laim Shádoirn mheic Pallóir Tiobha do róine in cloidhimh sochaidhe día attug oighidh ní raibhe ag duine lann crúaidh is mó do dhithadh deghshlúaigh Do ched-ainm in Crom Catha a laim Sádhuirn na flatha mór ccath tugadh le t'fáobhroibh a chloidhimh ghuirm ghlanfháobhraigh Do marbhus Sadorn mhac Lúain do laim Sádoirn móir go mbúaidh sa chóig meic brosgar go mbloidh mór in cosgar a chloidhim Ro mhárbhuis a Chruím Catha do láim Sádoirn na flatha a ccath Mhoighe Glinne grinn Grinne agus Derg is Deighrinn Ro mharbhuis días ard oile ga chineadh ris nár sceile ar slíabh Tiris nocha gó Ílis agus Iácobó Ro ghoid Íob ó a athair thú a cloidhimh fa trén tachair nó gur cossain tu go crúaidh ar slíabh Dossaigh droigheanrúaidh O tharraigh in Crom Catha Ióib mac in ardfhlatha níor fuilnged d'Ióib iar soin go ttug cath is a athair Dardán mac Ióib fa borb issé do rad tar múr in colg isa amathair Eileachtra ba hoirrdhearc in imtheachta O tarraidh in Crom Catha Dardán mac in ardfhlatha ro marbh Dardán ar in muigh Sadán donn díth a chloidhimh
Áon mhac ag Sadán do chloinn ba húasal é ba hálainn mór a thairm os na treabhaibh dar bh'ainm Gola Gallamhail Ro luidh Gola fora a bhreith go Dardán is é for creic go ro tháobh ris ger ffeidhm gus go ndernatar clemhnus Tug Gola a inghen mor mhnaoí do Dhardán ba gile gnaoí maith a cruth sa ciall thrá Bé Chrotha ingen Golá Beiris ingean Gola mac do Dardan go ngile nglac dath na fola for a ghnúis ba hé ainm Manafalúis Tuc Mana in cloidhemh go tTrost nochar mhana bheith a ttost ro mharbh Trost naoi míle dhe sdo gabh righe na Traoie Tuc Trost d'Íllis co mbúaidh in cloidhem día sloighte slúaigh is mór ccath ro sloighedh shoir do laimh Ílis a chloidhimh Tuc Ílis in colg ágha da mhac díolus dingmhála ro díchendadh leis na slóigh don milidh do Laimhedhóin Laimedhón ba maith lámhach ro ba mílidh mórdhálach in fer soin mar trethan tonn do marb Ercail é d'áondorn Rug Ercoil leis a ccuibhrech ben Láimhedhoin ger mhuirnech san Gréig in mílidh míadhach ba hé rí na tTroighíanach Tucsat Gregaigh leó tar muir cenn Laimhedhóin lán da fhuil faidbh is arm is erradh in fir mhairbh go háon-ionadh Tuc Earcail do mhac rí Gréag cloidhemh Laimedoin ní brég rus tiodhlaic don triath sochrach díar b'ainm Iason ilchrothach Fiche bliadhain is da mí don loinn ag Iasoin go lí ro bha scél ádhbhal ger bhail a mharbhadh don da nathair O do rochair níor gniom taiss Iasón mac Essóin amhnaiss tuc Ercail chuige ar a ghrádh arís cloidhemh Laimheadháin Trúagh le hErcail Prímh fa bhrón i ndíaigh i athair Laimeadóin do fhosglaic glais a ngeimhil do leig as do lán-deimhin Adubairt Ercail go gnaoí na bísi a Primh mar ataoí na déna dobbrón dot sódh toigebtar Traoi Laimeadón Ro thogaibh Earcail in Traoí agus do rat do Prímh mnaoí do lesughadh a mhoide ingen righ na Mórthreóide Día maireadh m'athair-si beó is rí na Gréigi gan gó is ferr liom fós nó a ffaca agam do mhnaoí Achapa Dorónsat smúaineadh oile ríogha in talman toghaidhe faidbh a athar do Prímh na ttreabh maráon issin degchloidheamh
Rug Earcail leis Prímh gan brón rus togaibh Traoi Laimeadón ba lughaide a bháoghal gan bhéd Ercoil bliadhain día coiméad Do thogaibh Earcoil in Traoi ní raiphe cathair mar hí fágbhaidh in Traoí lán do slógh ag Prímh ag mac Laimeadhón Ro marbadh Earcail an áig le Prímh re mac Láimheadháin ní a n-aiscidh do marbhadh cenn gaisgidh na tromthalmhan Alaxandair do mhill Traoi mac do Primh sin ré n-a mnaoí ba damhna guil is gala da ttuc tar muir Eléna Alaxandair tuc anoir ben Minélus na longaiph ag sin mar do tóghladh Traoí gidh sgél adbal tre énmhnaoí Do luidh loingius a crích Ghrég ar lorg Eléna tre étt do cuirsiot ár na ngergath do mhillsead Traoí troimthrédach Long ar fichit cuig ced déag is é a fíor agus ní brég loinges na nGrégach tar muir do thoghail Traoí ar Troighíanaibh Go ttug Prímh in cloidhem corr issin tsighin ó Sadorn d'Echtair go madh moide a neimh a slegh agus a cloidheimh Sé catha deg co fa thrí ro bhris Eachtair um an Traoi don cloidhemh so do slúagh Greg mar innistear tre oiréd Níor chuir bonn ar bith go ngnaoí nír léig a rún ré na mhnaoí nír imtig talmain tectaigh laoch mar Eachtair mac Primh On céad lá do chúaidh Eachtair a gcath Grégach gan bháoghal deich gcéad míle fo leachtaibh do laim Earcail a áonair Do rochair Eachtair tre cheilcc do comrac Aichil airmdeirg is tuc a chloidhiomh dhá éiss do Einías mac Ainicheiss Ro fhágaiph Enás in Traoí do luidh sa nEadaille an rí ní begán do tuit tar ler issin Edaill don chloidhemh Fomhóir sa nEdaill do bhí nocha ngeibhdís airm a cclí mac Morlaoich gan bheith genna dar b'ainm Úarghaoth airmdetla. Do luidh chuige Eneas ard ba hé in Troighiánach trénghart ro marph mac Morlaoích tar lear do len Uargháoth don cloidhemh Da mhac ag Éneas do chloinn ba húasal íad bá háluind dís geil-mhín nár dhúr ré dáimh Silbhí úr agus Asgán
In tan tainic sendacht dó Enéas mór ní hiomorgó do ró a ttiumna dia a macoibh óir ba dingna in deghmhacraidh Do roinn Enías ar a grádh tug d'Asgan úadha an edal gan dimbrigh ba ferrdha in fer do Silbhí calma in cloidheamh Tarroidh Siluius in laoch in cloidhemh dar b'ainm Úargháoth do lín merrdhacht is mire is calmacht sa degh-ghille Seoluis Siluius tar muir da céad long go hinis Tuir is tuc ón inis dhona Bé Mhilis ingen Tola Go rug ingen Tola mac do thSílius na ttrénghlac Níul a ainm a hinis Tuir mor a thairm is na buillibh Is tuc Bé Mhilis do Niúl Uargháoth do rad slóigh a n-úir marbh Dáire na dhún tar ler rí na buille don chloidhemh In úair do bhí Iúil Sésair i dtigh Niúil ag Bé Bhessair do rad gradh mór nar cheiltech d'ingin ríg na nglaiseitreach Is tuc Níul inghen Dáire Bé Bhesair ba mór náire is ruc Bé Bhessair go mblaidh Iúl Sésair airdrigh in domhain Ingen mhaisseach do bhí ag Niuil Caladh roba maith a rúin gribh gheal na ngel-lamh ngartach bá he a lennán Lomnachtach Do luidh Caladh for athadh ruc lé cloidhiomh a hathar do rat in ríoghan rechtach an cloidhemh do Lomnochtach légh in rann deighionach so romam mar a ffaicenn tu in chros thuas. Ruc Lomnachtach nír láoch tim ben a mbroid leis a hÉirinn rioghan cenncháomh tar fairrge Fionncaom inghean degh-Chairbre Ruc Lomnochtach da dhún an ingen sin go ndeghrún is tuc don oíg saoír sheda a sheóid is a thaisgedha Fúair Lomnochtach fis fo thuinn gur lennán di Cú Chuluinn ba mían leis in cú gan ghaoí do mharbhadh tre na mhórmhnaoí Tainic séin oídhche samhna do mharbhadh shlóigh na hEmhna do bhreit cosccair Chon Chúailgne sdo loscadh na Craobhrúaidhe Tainic Lomnochtach sa tír an curaidh ba borb a bhrígh ba lór do churaidh na chenn Ulaidh agus fir Éireann
Tarla tríar ar aire ag toighecht tar Tráigh mBaile Cú na gcles Laoghaire ón linn is Muinremar mac Eirrghinn Teithidh Laoghaire nír chóir mur do chonnairc in fomhóir cláochlais deilbh Mhuinremhair mhir amhoil richt mhairbh in uair sin Abair a Mhuinremhair mhir ro ráidh Bricne ré bhrathair créad ruc do cheill uait go grinn agus ro cláochlaidh hinntinn Do ríne in fomhóir dith thim a Mhuinremhair mhic Eirrghinn réil damh ar chnámhaibh do chinn nach fer lámhaigh thú a nEirinn Ro thréicc Muinremhor a airm do chúaidh Laoghaire a luathmhaidhm Muinremhar nír fher ferrdha nó Laoghaire loinnerdha Gidh dhuitsi a Láoghaire luinn gan congnamh lé Coin Culainn is hé na áonor on tóir ag comrac frissin fhómhoir A Muinremair ná bí mur taoí óir ní hinmhuin tú led mhnaoí aithnigh do chách mar ata tú eirigh cuir dhit do mhichlú Seoluis Muinremhair muir bhorb nó go ttainic go Dún mBolg co ttug leis na seóid tar linn go ráinic co Coin Culainn Do roinn Cú Culainn na seóid ar mathaibh Uladh gan mhóid amhlaidh tuc iatt gan anadh gan a bheg do Mhuinremhar In cloidhem día sloighthe slóigh tuc Cú Culainn do mhac Róigh ba mór a feidm a ccath borb tucc d'Fergus in caladh-colg Do chódar Ulaidh an áigh a nAlbain tré iomarbháidh dia ttucatar cath go mbúaidh do chlannuibh ailli Adhnúaill Tuc Fergus in buille borb as a laimh don chaladh-colc secht cced nír dimbúaidh ag dol agus Ibhual don cloidhiomh Tuc mac Róigh buille curadh a ccath Ilgháirech Uladh dar tesc Fergus ba gniom gle na teóra Máola Midhe Secht cced déag láoch go fa dhó do luidh Acoll tar muir mór geill Éirionn uile go ngus tucadh chuige go Dúrlus Luidhsiot fir Eiriond uile go Temhraigh na n-áonchuire maraon is Cathbhoidh glan gle do cinneadh dhóibh comhairle Do luidh Cathbhoidh uatha alle do fechain a fhessa fíre ní ffuil a nEirinn ro fes acht aoínfher comlainn choisgfes Cuich in t-aoínfer sin go mbúaidh d'feraibh Éirionn comlainn crúaidh ar do dhraoídhechtsa go mbloidh innis dhúin go fír a Chathbhaidh An meisi é ar Conall cain ar mac amhra Aimhirghin an meise é ar Cú na gcles in missi hé bar Fergus
Ané Cú Rí nár lúaidh gaoí ané Fiamhain mac Foraoí ané Naoíse na n-arm n-áigh ané Fer Diadh mac Damháin Ní lamhann neach úaibhse é in tAcall úd is glan gné ro tairngireadh dhó tré ghoil co mbíadh na airdrigh oraibh Tabhairse comhairle dhúin a Chathbhaidh is róghlan rúin an ferr geill do dhol amach nó cath cródha cedfadhach Ní náir dhaoíbhse geill dó a fhira Eirionn ní ró is fir in betha buidhe ar ngialladh don áondhuine Adeirim ar Conall cain ar mac oirdhirc Aimhirghin geill Uladh ní raghaid amach ar aga na nAllmhurach Dar do láimh-si a Chonaill chain a mheic oirdhirc Aimhirghin gidh maith do lámh a ccath lonn nocha chinnfir ar a chomlann Badh ettrom gheba sé dhibh acht go ngoirthear a gairm rígh nocha ngabhann gell go borbh acht mé féin sa caladhcolg Ag sin a Padruic uile a chinn slóigh na sochaidhe fada beruid is tú ar neimh cuid do sgélaibh in chloidhimh Sé bliadhna décc is céd boí sé ag Fergus ní brég gur tuit in curaidh ba grind le Lughaidh le dall Oilill Ó ro tuit Fergus nach ffann tarroidh Meadhbh in ríghland agus gin gur maith in chiall cloidhemh Fearguis tuc d'Íríal Do luidh Iríal a hEmhoin ar cúairt a Lochluinn leabhair d'fios sgél na Beirbhe ar a grádh sdo dexin deilbhi a lennáin Lennan meic Conaill Cernaigh ingen Lugaine menmnaigh mor a sochra roba borb tuc na tochra in caladhcholg O tharraidh Lughaine lonn caladhcholg crúaidh na ccomhland do rad ainm ar in loinn in fad ro bhoí a Lochlainn Deghmac Tuire na nglonn do marb Lughaine a ccomhlann on ló do rochair in fer do len a ainm don chloidhemh Meinic rot bíata bran ar corpoibh tenna tréinfher ríemh nír gabhadh réd bhuille ó laimh leabhair Lughaini Sé bliadhna déag agus céd do bhoí a Lochlannaibh ní brég gur éirigh Éimher Alpa an gheg aloinn fhírghasta Ingen ag Éimhear Alpa óigbhen alainn fhíorghasta ba hé a hainm Bé Thuinne ríoghain Bresail bharrbhuidhe Mac Bresail is Bé Thuinne nír gabhadh ré a láochbhuille dier b'ainm Áongus Gaoi Fuileach ó mbioth bádbh go bithbhuidheach Baineachlach Fhinn na Feine Eachlach dhubh in Duibhshléibhe ger mhaith a lathar ar ló ba mathair í do cuinnsgleó
Ruc an eachlach lé tar muir go hÁonghus go a senathair don loinn roighéir níor chomhdha dol a ccomhlann Fherdhomna Nochar gabhadh red beim ríamh a ccath a ccomhlann a nglíadh rob tú ríghlann na cruinne gorod bris cenn na caillighe Ó do ríghneadh dhe da chuid lughaide ar Aonghus go mbloidh fo mana cosccair is cnedh do rad d'Osgar in cloidhiom Ger maith laimh Osgair re hedh no go ttarraidh in cloidheamh ris nír gabhadh ina dhíaigh soin in gein ronbuí na bethaidh Sé chéd láoch go fa chetair sé fichit rí a ccathaibh is fiche míle míadh ngal do marbh Osgar don chloidheamh On ched cath do cuireadh dhe go cath mor Chuile Dreimhni ata lem a dhearbhadh dhuibh go marbhadh séimhe subhaigh Do chedchloidhmhe na cruinne an senóir ba bailc buille beannach é a Patraic na penn asé sút Gerr na cColann Mallacht ar giolla an ghabhann olc do rec Gerr na gCollann athais ar do chorp a fhir olc do recais in cloidhimh Cuir in cloidhemh sin dot chris a cleircin bhig dom chráidhis sgar-sa rissin ccolg neimhe is len dot t'ord cleirchidhe O tainic corraidhe in doill dar anmain Chaoílte agus Finn muna ndechaidh Máol Chíar amach muirbfet go dían in clereach Brisde mo chroidhe is mé dall úch uch a Patraic na penn cloidhemh mo mheic ag Máol Cíar rod cuir in gheilt ar in ríen Gé lionmhar Éire mar tá eidir fhior is mac is mhná uch is mó do mharbh thra a chleirchin don chloidhemh sa Gidh mór do chuir do chosgar ón ló rainic go hOsgar tug mé fá mhéla don mhoigh mar atfét sgél in chloidhimh Aitchim in Cuimhdhe os ar gcionn nar tarrustar ar mac Finn a ndénim do dhéraibh dhuibh is mé ag féghain an chloidhimh. A chloidhimh. XXI. Cláidhtear leibh leabadh Osgair mór do bhuídhnibh do bhrosduigh Osgar gé do chúaidh ar ceal mór gcosgar cruaid do chuireadh Is mór do cathaibh do chlaoídh mór do bhuídhnibh batar faoí mór do mhaoídigh mná malla lér mhían in seng saorchlandae
Tú ro mharbh Fráochán go mbáigh maiden os cionn Temrach Fáil dar fhogair sé ort sa ghlinn comrac éinfhir i Leithghlind Is tu do chúaidh ger bh' olc linn a ndáil ingine Umhaill áon ochtor láoch dreimne gal Osgar menmnach in náomhadh Cath na Punnand tuc an Fían neoch is oirdhirc ó shoin riamh nocha ttugadh cath ba ferr a n-íath Alban nó Éirionn Lá do bhuí ag mílradh go naoíbh Fionn flaithfhéindidh a Formaoíl do sgaoíl da ghádhraibh go rath fa tuaitheamr ... na Temhrach Do rala dhó forsan moigh eissen beg an giul gennaidh dar sháraigh daoíne agus coin go rainic go Collamair Boí ag mnaoí Chaoilte ar an moigh machaire d'arbhar aboidh is hé díon ros fúair in fíadh dol na aice go himchían Is ann tainic ó a tigh ingen Bharráin bhlathuallaigh na carbat ar a dí heach mun seilg agus mun ffíadhach Feruis fáilti frissin rí ré mac Cumhaill ba caomh lí targaidh a breith lé día tigh nochar faomh in righfhéinnidh Ní ragham let dar do laimh a ainder a ingen Bharráin go ffesam an ttic amach an fíadh cosluath beg biorach Ní ffuil tarbha dhaoíbh uile a ffíadhach in mhíl mhóighe nir taisdil in domhan dron cú nó fíadh nach fuicfedhsan Ro bhámor deich gcet fo sech ga seilg agus ga fhíadhach teglach Chaoilti in drong mher is nior cumgadh ní dheissen Is annsin adubhairt Fionn ré hAodh Beg in ghaisgidh ghrind dol fan machaire gan faill in Ghlaisfhían is Uí Neamhnainn Benaidh in t-arbhar go tric do mhnaoí Chaoilte go coimnirt do ghébham ar ffíadhach dhe budh cobhair do mhnaoí Chaoilti Battar fiche céd don Fhéin agus deich cced ar aoín-réim ag búain chruithnechta sa moig do mhnaoí Chaoílti ó Chollamair Is é sin conách mná is fearr do chúala rem lá Aodh Beg sa Ghlaisfhíen malle ag búain arbha mhná Chaoílti Ben Chaoílti na carbat cain soir síar go nóin fon meithil is Daighre ag cantain chiúil dhi na carbat go taidhiúir Is amhloidh so bhoí in rí Fionn mac Cumhaill ba cáomh lí agus gabhal cheithre mbenn aige ag carnadh na punnann
Agus Goll mór mac Mórna agus Art in ríghdhamhna agus Conán garbh go ngráin agus Fionn mór mac Cúáin Et Modh Smala mac Smóil agus Dubhthach ó Leithmhóin Oisín ann is Fionn gan on Áodh mhac Finn agus Osccor Nocha raibhi san meithil acht trí cloidhmhe dier ffeithimh mo chloidhemhsa is cloidhemh Finn is cloidhimh Osgair airmghrinn Silledh dá ttuc airdrí in tslóigh tar in moigh ríoghlain romhóir adchí chuige secht ccatha fá Dholor mac Trénfhlatha Dolor mac Trénfhlatha thruim airdrigh ro gabh for Lochluinn secht ccatha dhó go Breghmhoigh do gabháil nirt for Themhraigh Is ann adubhairt Fionn fáidh a Ghuill mheic Morna go mbáidh cred do dhenam dreimne gal in teitheadh no cothughadh Is beó nech tar éis a anma do ráidh Goll in ríghdhamhna agus ní beó d'éis a einigh adeirim go láindheimhin Budh maith mo chobhairse dhaoíbh ro ráidh Caoílti in chrotha chaoímh do bher bar n-airm uile amach tar imdhóirsibh na Temrach Deich cced cloidhemh deich ccéd sgíth eire Chaoílti mór a fhíach mar shídhe gaoíthe géire ó Themraigh na lúathfheine Nochar thuit duine sa chath go rainic Caoílti cosgrach cona eire leis d'armaibh don Fhéin fhossaig fhíorangmoidh Is tusa ro chuir in cath a Osgair a mheic go rath do lenuis in maidhm ba thúaidh nó go ránguis in Chraobhrúaidh Dia madh meisi do fáoth ann luidhim fom sgeith fom chathbharr go madh fás Temhoir anois don deabhaidh ghairbh do dhénmais Trúagh nach Éire an fuinn ghloin d'fagbhais lem mac lem brathair agus nach é in domhan dron mona ffaghoinn díon d'Osgur A fhir aoí ón a fhir aoí trúagh nachar chláidhis an lí coirighther leat in lía glan fuil fo chennoibh na ccuradh Cuir Osgar don taobhso thes is goirt lem chroidhe is lem chnes Mac Lughdhach gan fhíoch gan fhúath cuir don taobh thuaidh go lán-lúath Eirgidh a cháirde gan chair coirgidh in ccompraidh gan ail dírghidh a hadhort go fraigh leabadh ar ccarat claoidhter. Claoídhter.
XXII. Abair a Oisín mheic Finn agus tabhair th'aire rinn ca lion táoth sa charraig chrúaidh fa mac Morna go mórbhúaidh Adrochair sa charruig chrúaidh le mac Morna cloidhimhchrúaidh fer cethrar is triocha céd ro thuit le Goll go moirbhed A chéidfer comlainn go dúr dursan gan a techt ar gul Dubh mac Luighdhech nocha brég fiche céd curadh coimhthren Áodh is Eochaidh mór in sgél ro thuitset da rinn go gér Dubh mac Luighdheach Droma Clíabh mór in líach in fear fírfhíal Cairbre Cas tainic tar muir fiche céad go ceartfhoghail fer comlainn cced issin ccath do thuit lé Goll in gaisgeadhach Ni tri Doibh mheic Mhaoil Mithigh tangattar tar muir mórd ... táoth sa carruig nir comdha lé mac maissech mor-Morna Dubh Druimneach ba clisde ceard in laoch ledarrach laimdhearg ro thuit in tuir échtach ard le Goll crechtach cloidhimhdhearg Fionn mac Finn Bháin í Bhreasail a ccomlann nochar chossain íar rochtain go mac Mórna nior comhdha dhó a cathghail La rochtain chrannchair Chairill lamh sénta nár iarr urrim do triall Fionn flaith na nimioll fa gheis Goill ar ghrádh Chairioll Ba comhrac da thuinn bratha Cairioll is Goill an ágha Goll agus Cairioll chalma nír cairde ger degh-arma Nochtaid na lanna léaphra dephaidh díe ttainic dóghra roba trén díocra a ndeabhaidh ag deghail ré Cloinn Mórna Anais Cairioll ar a láthair gé do fhan nochar ffáiligh neachtar don dís sin chena in nert céadna nir tairrigh Uch ro fhágaibh sa charraig Goll mac Morna ger dhainimh don gaisccedhach bá méla sin ní ticc día éis a aithchin Ro léigeadh chuige Flann Ruadh is a slúagh ar ttocht fo dhíon issé do bhain borb in glonn a chionn do Gholl garbh in gniom Do cher tuir calma na ccath Goll mac Mórna mór-uallach cenn na ccuradh rígh na ttríath Chlanna Mórna na mórsgíath
Ger mór cath do cuiredh ríamh ré Goll mac Morna na gclíar is don ghorta do bathadh in fer gé do chuir cosgar cruaidhfher Is binn liom athaithesc a fhir ua Cumhaill a caoimhfir cía fad do bhí bhur síth mar sain innis a fhir agus abair Blíadhain go leith is fíor dhamh ráithe agus fiche blíadhan do bhí ar síodh is ar sáimhe is aicme na hardbháighe Nocha liomsa nach meabhrach a Chináoth criche Temhrach gach ar bhris ar síodh ar ttús is meabhair liom animthus Go n-iomláit cloidhemh is con gan deabhaidh gan diubhracadh go gcláochlódh fithcheall fo sech go n-imat lann is lúirech Gan olc gan égnach án gan fhalaidh gan achmusán gan áon a cceilg fo chéile gan fheirg is gan aimhréidhe Gan deabhaidh gan troid gan tnúth gan mi-inntinn gan mírún gan chogadh gan chreich gan chath gan aimhréidhe gan anbhrath Gan olc gan fíchis gan fheírcc ba síothach ar gach saoírcheird a n-aon-longphort go glan grinn eidir Albain is Eirinn Ag tabhach chíosa is ghiall ó insibh Mara tTorrían ní gabhthaoí riú línibh glonn a gcath a nglíaidh nó a ccomhlann Is amhloidh sin bhoí ar síodh is clann Morna na móirfíoch gach a ffaghadh Fionn nár thláith do bheireadh dhóibh go conáich Gach baile fassaigh gach fiodh a ttreas trían gan fhochuidbheadh lucht ba treisi a ttennta thoir trían sealga doibh is fíadhaigh Buannacht gacha tres baile ó samhain go bealltuine gach tír ina mbiodh a smacht gach tres cuilén re súatracht Gach tres ben áontomha ann a ccóig cóigeadhaibh Eireann gach tres cíos ar ttocht amach gach treas lann gach treas lúireach Agus tossach gach trachta in tan do líonmaoís bárca agus deireadh gacha tíre ré headh chogaidh choigcríche Fad a dhi slegh do Goll glan déis Fhían Éireann is Alban a ttosach gach catha cain mac Morna do cheidfheraibh Is binn lim haitheasc a fhir a ua Cumhaill a chaoimfhir cía do bhris bar síodh íar sáin innis a fhír agus abair Nocha liomsa nach meabhrach a Chinaoth criche Temhrach gach ar bhris ar síodh ar tús is olc do chúaidh an imthus Gach síodh ro naiscmís uile eidir mhac ríogh is ruire ró bhrisdís gér égnach án Cairioll cédach is Conán
Ba hé Cairioll bói for ceill Conán ba ghnáth ar mícheill is olc do bhen rissin fféin a n-uabhar is a n-ainréir Fledh mhór ag Fionn a nAlmhain a Chináoth cháin chatharmaigh ba hiomdha mac rígh um ne ba maith a síodh sa sáimhe Mé ro éirigh sa tigh mhóir in lá sin d'egor in tshlóigh an úairsin ba maith mo dhrech ba maith mh'arm agus mh'edach Suidhis cenn in shlóigh chaoímh Fionn mac Cumhaill a Formaoíl cuirim ar a dheis da láimh Goll mac Morna go mórghráin Iar sin fóss a fforradh Fhinn Osgar ar gúaluinn Iollaind agus Garadh glac mar ghribh láimh ré hOsgar mac Oissín Láimh ré Mac Lughach in láoch ro chuirsiom Conán cennbháoth egcosmhail conn agus ciall don dís sin boí ar áon rían Iarsin rosuidhset in Fhían an aicme aloinn fhoiltfhíar fa maith frestal na buídhne gan dearmat gan díchuimhni Imdha ar n-airgett is ar n-ór fan ccuirm sin ag an chomhól battar deich fichit mac rígh um an ffleidh sin gan dimbrígh Mar do bhámar ag in n-ól san bruighin sin na mórslógh tainic in doirseóir istech crothais in slabhradh snitheach Ann do fhiafraidh cenn in tslóigh Fionn mac Cumhaill mhic Trénmhóir innis a haithesca go cóir créd fa ttangais a dhoirseoir A oínfhir láochda soithim séimh ma tá nerta fa na mhéid do badh cosmhail ris gan acht go ccoiscfeadh céd ar chródhacht Ag so tri datha in fhir dath fola laoígh na ghrúaidhibh dath in fhiaich ar a folt donn dath a chuirp mar úan abhann Cía sloindeadh cía híath don fhior nó cía tír inar hoileadh an d'feraibh Alban fo sech nó in do thúathaibh na Temhrach Dalta rígh Alban na n-íath go gclódh chatha na caoimsgíath uime ata in beirt shróil mar sin is mór in ghlóir in fer sin Leigidh astech ar Fionn féin degh-mhac Conbhróin go gceill madh é Cairioll na n-arm ndes is sé ar mbrathair díles Suidhis iersin Cairioll crúaidh issin mbruighin go morbhúaidh cuirther a dheich ccéd na ghar ar slios tighe na hAlmhan Ar mbeith dhúinn ag ól gan sniom a mbruighin romhóir in ríogh éirgit Clann Morna badhéin d'iarraidh a ccíosa coimthréin Ag so in cíos do bhoí dháibh in clann sin Morna go mbáigh gach cnaimh fíadha na mbídh smir do berthaoí riam don Goll sin
Ro fhíafraigh Cairill gan ceilg do Mac Lughach tré láinfheirg cred fá a ttugtar go dána do Gholl mhór na cruindchnáma Fuasglais Mac Lughach nar thim in cheist sin do cuir Cairill mír murra Ghuill na cnama a tigh Fhinn na mórdhála Adubhairt Cairioll go ttreóir go bráth nach íssadh in fheoil mun badh leis in smior ó Gholl do bhiadh issin cnaim comhlom Anais Cairill issin bféin do réir a deghoide féin is Alba do beith fó smacht sa bheith féin a ffíanaighecht Congmhail sídh Chloinne Morna gan bhrón is gan bhithdhoghra is a choraighecht ar Fhionn fa comhall dóibh gan dicheall Is dearbh go gcoimeollfem síodh um gach nídh fo a ffuil ar fíoch is gan na cnama do Gholl uainn go bráth nocha ttiúbhram Adubhairt Iollann gan tár cian ó fúarus cíos na ccnámh ní deghobair mhéic bhaoíth mhir techt do ghlacadh mo dhlighidh Adeirim rit dar do láimh a Iollainn gidh mór do ghráin nach leigfem na cnámha dhuit go bráth ar egla comhraic O tugais cath Cnucha crúaidh a mhic Mhorna go mórbhúaidh atá in cnáimh agat ó shoin tré easbuidh Cumhaill chedaigh Ro thuit ann Cumhall na nglonn lé nert mo lámh sa chomhlann sdo mharbhus a slóigh fo sech ritsa ni dhingen taithlech Do ráidh Cairioll gan glór gann ba ferr liom nach ttegmhadh ann acht Goll is Garadh is Conn ina adhaigh sa comlonn. Agusrl. XXIII. Fleadh ros fúair Corbmac ó Fhionn a mbruighin mhóir Shíthi Truím tangattar maithe ffer fFáil le flaith Teamhra sa comdháil Tig rígh Alban is rí Grég is clann rígh Lochlann na séd ar cúairt go Cormac na dtres fa uaill agus fo áines Iollann ainm rígh Grég gan mhóid Corc ainm rígh Alban gach róid Conall is Cuillionn na long dhá ainm chloinne ríogh Lochlann Ro chuir Fionn flaith gan formad techta úadha go Cormac fo dháil na corma gan fheall da dáil ar fearaibh Eireann
Mar do chódor cach gan cheilg san bhruighin iobhardhuinn deirg ro suidedh rí Grég tar tuinn is rí Alban ar a ghúalainn Is clann rígh Lochlann gan oil go sochma ar déis in rígh soin fer fa mó borrfadh is brigh Cormac mac Airt in t-airdrigh Suidhis rí Uladh sa shlúagh is rí Mumhan ba maith snúadh rí Crúachna an aignidh mhir timceall Cormaic in tan sin Suidhis rí Laighean in áigh fer fíal go medhair iomláin ba mór a medhoir um chuirm a mboí sa mbruighin ttáobhghuirm Ochtor is ocht fichit déag do cennaiph slóigh is ní brég timcioll rígh Eireann na ccrech a ffégmais a comaighthech Suidis don taoph oile thall airdri eineach Fhían Eireann acht ger mhór a ttairm um dhigh fearr Fionn ina mboí sa bruidhin Cuirther ar gualainn deis Fhinn Goll mac Morna mhic Nemhnainn agus meisi a chleirigh chain ar an táobh chlé dom athair Osgar is Diarmaid mac Duinn in uairsin ar mo ghualainn ro srethadh ina ndíaigh sin ard-maithe ar ffíen sa mbruidhin A fforadh mhic Mhorna mhir Garadh is Conán go ngoil Goll is a aicme uile do laimh dheis Fhinn Almhoine Ro bhattar triocha file eidir Fionn agus in teine gan aoínfer dib gan brat sróil ó mhac Cumhaill mhic Thrénmhóir An lucht frestail boí astigh ag frestal cháich in úair sin Cairioll Fionn na gcéimionn n-ard Caoinche agus Dáire donndearg Ro bhoí Ráighne fer go gceill deghmhac oile dFionn budhéin agus Cáoilti fer go rath duinn ag frestal na n-ardflath Gabhait na catha gan bhrón meisge caithesach comhmór adchiamaid chugainn astech gruagach soinennda subhach A chruit chaoínteadach na láimh ba binne hí inaid orgháin sé ga seinm go cruthach cain mar nár dubhach le ar muintir Ro thochtsat na sloigh da ndeóin re foghar taidhiúir in cheoil cuirther cathaoír óir ier sin fa ghruagach in oirfidigh Boí mogh gan omhan na dhíaigh ní fhaca a chomhmór ríamh is coire na láimh nár lag na mbeith diol seacht gcéad dfulacht
Ro ráidh Finn ba gile drech rí ar tachar nár theiptech iarr haisgidh go lúath a fhir sloinn dúinn do thoisg san mbruidhin d'iarraidh láin mo choire d'ór ar deghmac Cumhaill na slógh agus da fechain cía is ferr fa bronnadh dfearaibh Eireann Fregraidh sin degmhac Muirne agus ní do druim cuirme go dtug lán a choire d'ór don arracht ríoghdha romhór Ro bhoí d'ágh is dana ar Fhinn ar ttecht don treinfer tar tuinn go ttarla lán luinge d'ór na dhúnadh ag mac Treinmhóir Adubhairt Fionn re Cáoilti eirg ré haghaidh a dhíolta thug d'ór na hAráipe anoir a lán a ccoire an ghruagaigh Ro ráidh in gruagach re Finn ní fhagbhuim flaith os do cionn ní fhedann a beith thoir no abhus rí da mhéd ad comortus Ro fhiafraidh Fionn nár garbh glór do ghuth ard glan don fhior mhór od fuaruis do thoil anois hainm do sloindeadh dhuinn innis Do ghebhair deimhin mo sgél a fhir na ccomlann coimhthrén is mé Fer Docair mac Duibh a ccríochaibh sochra a Sorchaibh A Fhinn, mac damh in gruagach ro chan in ceól iolbhúadhach fer is mó aignedh is nert is ferr engnamh is dráoitheacht Annsin ro ráidh Conán cain nár sechain tegmháil enfhir gin go n-áirmhe Fionn anois do bheradh geall a ndubhrois Ní tainic d'imarbháidh ríamh a ffogus nó a n-eidirchían nach ffuighedh a tteglach Fhinn fer a comlainn a nÉirind Ni frith fear mo laimhe riam a ffogus nó a n-eidirchían ní mó ghébhus anois ann nech dhá fheabhus rem comlann Gabhais ferg Osgar an áigh ódchlos an iomarbháidh gur geall grúagach an fhuilt fhinn do chosg tar fearoibh Eireann Eirgis fer croite in tslabhraidh ar ccloisdin in iomardaigh gur croith slabhradh airgit ann nach d'fionndruine no d'íarann Annsin do éist Fionn go in ngoil re glór coitchionn tslabhraidh gur dearg mar corcair a chruth lé tár Osgair don ghrúagach
Ro thochtsat in slógh uile ar ndergadh dFionn Almhuine ni raibhe láoch comlainn crúaidh nar choisg uile re hénuair Ro chan mac Cumhaill go ngoil ré deghmhac Oisín eólaigh a Osgair gidh maith do rath ná beir tár ar in grúagach Fo bhith na feirge ro ghabh mac Cumhaill trath ar Osgar muna ccoisge tú flaith Fáil tuitfir isin iomarbháidh Ro ráidh in gruagach nár ffóil a mheic Cumhaill mhic Tréinmóir os cugad tanac a Fhinn íodhlaic mé slán a hEirinn Na bí a n-omhon dol tar aiss a ghruagaigh an fuilt bharrchaiss rod fia-sa íodhlacadh glan uaim a crích Oirir Ghaoídheal Dia mbeitt fir Eirionn uile cugad gus an éndhuine cuirfet-sa thú uatha slán go hoirear Eireann dfágbhál Fíor gach ni dar cuireadh ort a Fhinn na n-arm ffaobharnocht maith da ndubhradh rit nír spledh a mheic Mhuirne na móirfhledh Ro cuiredh ochtar ba maith leission gruagach ón ardfhlaith Mac Lughach is Cáoilti cóir agus Cairioll ó Conbhróin Caol Cródha ba hard a bhrígh trí meic in Chearda ón airdrigh an fer oile fa garg grinn an t-Osgar ard mac Croimghinn Ag so in t-ochtar do chuir Fionn ní chúala dream os a ccionn lé mór-umhlacht ona thigh a ccuimhidecht an ghrúagaigh Ro ráidh gruagach in glóir mhir ó atú ag imthecht a Osgair día ndechtha sa Sorcha am dhiaigh rod fía comrac is gairbhghlíaidh Luidhim fom armoibh go neimh fam chloidhimh agus fam sleigh día ccluine me do bheith hsoir go rágha mé dot iarraidh Teid in gruagach sa fer mór sa tochtar-soin dar mór-shlógh uainn a loing tar sáile soir a gcúan mór Bheinne hEdair Fuaratar an foirionn gan tlás gáoth na ndeghaidh do shíorghnás re fedh in raithe sin dáibh ag faghail gháibhti is sechráin Gabsat caladh sa Sorcha ar ndegoil dhoib re dóghra ba ro trom a sgís ón muir an t-ochtor áloinn ionmhuin Ro fhíafraigh Mac Logha láin Caol Croda ba borb a ghráin cía in tír is solus datha adchiú ar mac an ardfhlatha
Andsin ró chan in gruagach re Caol Cródha cathbuadhach ag so in tSorcha thren thenn a mheic Logha na mbéimiond Mad chuice ro triallais uainn a crich Eireann go mórbhuaidh imthigh ad thír mithigh linn agus rágmáoittne a nEirind Tegoidh-si liomsa ar ghrádh Fhinn a mhaithe na láoch láinghrinn budh libh aoibhnios na Sorcha go himthecht bar ródhóghra Tíaghaid go prap asin luing in tochtar láoch bá mor muirn ro bhoí in grúagach sa fer mór ag a réirsion go romhór Adchid cathair issin tír ba brec álainn dath a táoibh ba hiomdha saoírcheardacht ghlan ar a sleasoibh día snadhmadh Battar sa cathair nár tim teghlach ioldathach aoíbhind go lannoibh lasrach neime go mbeirtibh sróil síodaidhe Go mbratoibh siregdha sróil go mbanntracht riogda romhóir agus miocht sirig íer sain ar a brat fo gach ríoghain Giodh mor ndún a rabha ríamh thes is thuaidh hsoir is shiar ní chuala árus mar sin nás a ccomhmaith do mhuintir Eirgit in slúagh ba caomh dath tugsat umhla don ghruagach ro phógattar é go dil eidir óigfher is inghin Mar rángattar in fer mór eidir bhanntracht agus slógh do rad gach aoínfer go prap póig gach aoínfher don ghruagach Innis a ghruagaigh an áigh ler cosnadh gach iomarbháidh cía híad in begán buídhne do raduis chum na bruidhni Ag mac Cumhaill is derg dreach nach ttug éra nó eiteach bhíd in t-ochtar is maith feidhm is secht gcatha na ghnáthfhéin Ro chan Mac Lughach go rath go gasta risin ngruagach tabhair a fhios dúin a fhir cía an dúnadh cona mhuinntir Ag so dháoibh ainm na bruidhne ar ghrádh Fhinn Dhúin Modhairne as í so Cathair an Óir a mhuinntir mhic mhic Thréinmhóir Suidhis in gruagach go ngoil sa slúagh uile sa mbruidhin is do frestoil na goire muinntir Fhinn na hAlmhaine Da chéd re gaisgeadh gan locht do bhí ag freastol na longport agus corn go mbeileisg d'ór ag gach tréinfhear fan ccomól In tan ba líonmhar do ghen an tromslúagh fáoilidh fledhach eirgis fer sa bruidhin bhláith doghní ré cách iomarbháidh Ro chan d'focal ard annsin na shesamh issin mbruidin an ffacabhair a slogh grinn commaith in dúin so i nEirinn
Is bríathor dhamh a ghruagaigh ar mac Criomthuinn arduallaigh gurab ferr Fionn úair do lá nó sibhsi gusin mbúanbrath Gach a ffaicim a nInis Fáil gidh mór leibh a n-iomarbháidh ferr misi iná íad uile ar in gruagach folt-bhuidhe Ferr a ffuil do shról um thigh agus do chornaibh coimchengoil is do chúachoibh egoir óir nó maithes mic mhic Thrénmhóir Eirgis Cairioll ba geal cnes snir bhó hait leis in coimes ro ghlac colg go ffráoch neimhe go ndá chraoisigh tteinntighe Eirgis Mac Lughach lán-mher agus trí meic in Cherda Caol Cródha ba calma grinn agus Osgar mac Croimchinn Diúchtrais Cáoilti ba glan gnaoí fer róghlan ba cosgrach gaoí fer róghlan ba caom um fhleidh ba talchair é ba heinigh Beiris in gruagach go mbúaidh ceim curadh go calma crúaidh a gertaghoidh mic mhic Fhinn da chosg a lathair chomhlainn Ceim na dháil ba crúaidh in ceim beiris mac Dáire ainnséin ba hadbhar cláoidhte croidhe foghar a nord úrlaighe Ro bhoí Cáoilte is Cairioll cain ag trénledradh sa mbruidhin is mac Criomthainn ba garbh nert ag goin na slogh an éinfheacht Cáol crodha ba hard a gnaoí trí meic in Cerda go n-áoibh feidm ba crúaidhe adchúala ann da ttrían in tslóigh na ccomlann Cáoga láoch ba trén in tóir ro marbh Cairioll ó Conbróin torchair lé cloinn in Cerda trí cháoga fer fíorchalma Deichneamhor cáoga láoch borb do cher Caol Crodha re a cholg ag sin in t-áiremh nár lag battar crechtach ón chomhrac A lann ghasda lán do neimh a láimh leaphair in ghrúagaigh clannaidh í gur dherg a crois a gcnesoibh na láoch solais Baoí ar mac Dáire go ngráin caoga crecht ón iomarbháidh ro chosainset búadha a lann cnes a churadh sa comhlann Téid clann in Cherda nár thim mac Croimchinn agus Cairioll Caoílti is Cáol Cródha in áigh timcioll Mic Lughach lanbhláith Togaibhset Mac Lughach leo na fir ba dubhach ón ghleó tugadar é a luing tar ler d'aimdheóin in chuire chaoimhfher Fuaradar gúasacht is gádh ag glúasacht anoir tar sál ní festar crodhacht na ffer go roich deóigh na naimser
Ba líonmhar braineóin gan bhrón óna ttegmháil risin slógh agus fairrge corcra ó a ffuil ó fheirg an ochtair échtaigh Tángador gér decair dhoibh a nÉirinn d'aimdheoin in tslóigh ba horrdheirc a n-eachtra anoir go cúan ceart Beinne hEdair Tainic Caoilti go hAlmhoin ba maith leinn gan a anmhoin fuirghid in seisear go rath a gcoimidecht Mic Lughach A ffuaradar d'agh go neimh ar ndol a nÉirinn íobhraigh ad fed Caoilte sin uile da fhéin is dFionn Almhuine Gairid íer sin do bhí sinn is Cáoilti ar ttecht chugainn go tteacht Mic Lughach na gcles sa seisear láoch go ccoimmes Teguid banntracht go mbuile is áos ógbhaidh Almhuine ag caoíneadh Meic Lughach luinn iomdha láoch dubhach aguinn Blíadhain rem chuimhne is rem fhioras cnedha Gáoini ga leighes a ccionn na bliadhna ba slan do rad in Fhien fa luthgháir Smúainis Osgar in fer fíal nach ttug troigh ó chosgar ríamh d'iarraidh threisi sa tír soir in mac sin Oisín éuchtaigh Fúair mo chedsa is ced Finn fa dhol soir gér doiligh linn ger mhór a slúagh ní rug leis acht madh trí nonbhoir thaireis Ainm ni ttrí nonbhar ba glic atfetsa dhuit a Patraic ge atú fa thuirse da n-éis isam eolach ina ffaisnéis A háon ar tús mo mhac budhéin a dhó Mac Lughach go cceill Caoínce agus Dáire mac Finn cethrar míledh ba láinghrinn Ráighne mac Finn ard a ghal trí meic in Cerda cethror Caoílti bá monor a rith ag sin nonbhor a chleirigh Tiagaid tríer deghláoch dom chloinn Iolach is Oisín ba grinn a ccoimidecht Osgair tar sál maith a ccosgar sa ccomdhál Teid Conán onn mac in Leith ba lonn a ttegmháil a ccleith sa seisear mac ba tren tres fa calma íad ré a ccoimmes Ag sin amháin na hocht fir dhéag ba lór a mire sa méd is fiche gan easbaidh inn Eochaidh mac Finn is Cairill Téid mac Breasail nár treith glonn ba tren sessom re a ccómlann is Ó Duibhne fa donn folt Finn mac Dubháin gan áonlocht Legán lúaimhnech gan doilge láoch ro chanadh firfuighle A Patraic ba tren a nert in cetramhadh láoch fiched
Teid trier oile ba garb gleódh do cloinn Ronáin na roicheól Domnall mac Cáoilti in flaith ard Colla is Labhraidh laimderg Táobh ré port go socair seóil long Osgair ba haibhseach tréoir innti tiagaid soir le sén na trí nonbhoir ba láintren Rangadar Alba na slógh in foirionn mer ba garbh glór d'iarraidh chíosa agus chána ar son seimhe agus sithchána Tegaid fir Alban go ffráoch catha menmnacha mórláoch do chom na ccuradh ba mer ba hiomdha diorma deighfer Tig Osgar sa bhegán slúaigh ler cosnad mor ttegmháil ccrúaidh ger iomda tríath na aghaidh tug cath dona hAlbanchaibh Ro bhrisedar Dún Monadh ro mhaidhmidhset Albanaigh torcair rí Alban na gcrech lé hOsgar ferrdha fuileach Ag sin cath Dhún Monaidh móir inar tuitset iolar sloígh meisti a nert sa ttásg íar soin a ffuair bás issin iorghail Fir Alban ger mhór a ndáil a ccalmacht sa nertgabháil ro chreidset dOsgar íer sin le med cosgoir a chloidhimh Nocha raibhe ar talmhain tigh a nert glíaidh a gcruas cloidhim taoísech tri nonbhar ar fer nach ttug ciosa chana dOsgar Roinn an óir san ionnmhais féin a ttúarusdal orra budhéin ró gabh a ngeill le a loinn agus lé tréine a chomhlainn Deich longa fiched go mbúaidh tug leis a hAlbain atúaidh tiagait a Lonnainn na ríogh ba mór in foirionn eisiodh Battar lion catha ar a ccionn a Lunndain na n-oirear ffionn a mboí re gleódh sa tír hsoir do bhoí sa dún ré a naghaidh Brisder Lúndain na múr ndearg leissin ffoirinn ba mór fearg claoidhter le hOsgar go dían fir Saxan uile ar én-rían Gealltar Saxan ré a linn d'Osgar ar son a chomhlainn bheith fo chíos ó sin amach gus in laithe ndeighenach Fuair triocha long go ffoirinn leis cona lón ó Lunnainn a líon ar lionnmhuir na sreabh trí fichit long re gaisgeadh Teid a ccend aisdir fa búan a crich Saxan na mórshlúagh a ccúan glan Reimhios na ríogh don Fraingc na hadbhar eisíodh
Tiomairgit Frangcaigh go mbáidh ba lán toil leó dul na ndáil ba terc righ no prionnsa soir nachar chruinnigh na n-aghaidh Lan secht long gan séna dhó gacha blíadhna séghdha mor in cios ón Innía finn ro bhoí d'Osgar go hEirinn Do chódar sa Sorcha saoír foirionn tug toirrsi in gach tír doire sonnda sesmhach sleg meirge angaisgidh nir bh' isseal Is é líon ro bhádor and muinntir Osgair na n-ór-lann ceithre catha líon a slúaigh ba maith reim agus ró-uaill Tig slúagh ón Sorcha ba garbh fir grainche dorrdha a ndealbh ocht gcatha déag ba mór nert dhoibh ag in ccúan ré draoítheacht Ro chuirset teinnti is cairrge fan loingius ar in ffairrge is céd snechta lán do neimh do thraothadh neirt in chóbhlaigh Is hé líon torchair annsin lé slógh na Sorcha a chleirigh lucht ceithre long ba mór nert ro báitheadh íed anaoínecht Tigid in cobhlach tar ler issin tracht d'aimdheóin na ffer ba mór a nert in gach tír ro chuirset cath go hainmín Tucsat fir Sorcha cath dían don fhoirinn sin ba trén triall ro dhergsat linnti go grod ó thinntigh cholg is chlogad Coig laithe deg borb in phían gan nech do dhol soir nó síar acht ag tuargain chorp is chenn sloigh na Sorcha san fhoirenn Fregrais in Gruagach nár mhín comhrac Osgair mhic Oissín glúaisis Osgar an ágha go Gruagach na tegmhála Re hOsgar búadhach na nech issedh ró chan in Gruagach benfad do cenn diot anois chugainn gidh tenn do thrialluis Ro fregair Osgar go grinn do chosg in Ghruagaigh nár thím go tenn is go dísgir dían go fergach frithir fírdhían Da bheim ó Osgar go rath fo gach aoínbhéim don Ghruagach gé do bhúaileadh nír derg air acht cáora derga teineadh Adubhairt Cairill nár thim in t-aithesc bá ro-mhaith rinn ben féin a Osgair go mblaidh a lann as laim in Ghruagaigh Ro gabh Osgar mer nár thim in t-aithesc fuair ó Chairill do bhen a arm núadh neime don Ghruagach fhinn fholtbhuidhe Odchúala Osgar nár thim gotha a námhad na thimchill tesgair go grod cenn an fir do bhéim curata cloidhim Tuitis Gruagach in neirt mhir do chomrac aoínfhir Osgair san fer mór ba grúamdha dealbh lena cholg úathmhar aggarbh
Ro bhoí Osgar frissin troid a ndiaigh cosgair in chomraic gniom dregain ba crúaidh in dáil ag ledradh cenn dá crúadh-láimh Ro mharbh Ráighne deghmhac Finn rí na Sorcha sa n-óirlinn mac in righ ba calma goil ro gonadh do laimh Osgair Fa thoirrsi ó laimh in laoích luinn do bhoi in tSorcha sluagh-álainn ar dith daoíne a chleirigh chain ó iomarbháidh in Ghruagaigh Fuair sé ar eigin annsin bráighde agus ccéill dá mhuíntir fagbhaid in Sorcha nár lag fo thoirrsi ar bhegán carad Tugsat ár ar a fflathaibh ro gabsat a mórchathroigh claoídhit a ríogha go lúath agus dithighid a mórsluagh Millter na Frangcaigh go mbúaidh le turus Osgair bathúaidh do chúadar fo síodh an fhir agus fo chíos a chloidhimh Fuair a mbráighdi sa ccána nír bh'í an obair edána do chuir a ccosgar uile Osgar fedh na hiorghaile Rogabhsat treissi ar gach tír coblach Osgair ba hainmín gus in mbráth bíaidh go ndoilgi ar marbsat gan díchuimhne Tíagaid asin Fraingc íersin a ndiaigh a ndernsat d'iorghail nír fhansat gér chrúaidh an dáil go rangadar san Espáinn Tigid Spáinnigh fuair broid na ttáintibh dfaixin comhraic ba hiomda tríath ba maith lámh ag tennadh sa comdhál Ro suidhighset cró catha um Osgar mhac na flatha séoltar ré craoísigh don fhir sróilmheirge sáothrach sirig Tugsat torann trén go neimh an fhoirionn is na Spáinnigh ba lionmhar linnte na ffuil día raibhe millti ón iomghuin Cáoga láoch foltchas ní ró do thuit lé hOsgar sa ghleó tríen a ttorchair lena ghoil go lá in bhratha ní cumhain Tugadh dhó na laimh go cert moirchios Spainnech aneinfecht geill agus cioscháin íersoin is gan doghra ina aghoidh On Spáinn gusan Almainn mhóir do thaphach chíosa día shlógh cobhlach brioghmhar na Banbha loingius laidir lánchalma Tegradh san Almainne go grod congháir churadh tré fhormad día ccoiméad ar bheith ar bhrón ba haithreach leó a ttinól Teid Osgar in chuilg bhúadhaigh ger cuis osna día shluaghaibh tug gleódh día maithibh go mblaidh rob lén catha da triathaibh Glúaisid Almainnigh na dháil go ffeirg agus go forghráin cath agus fiche go tenn boí na aghoidh sa chomhland
Ro cláidhedh a slogh uile le hOsgar na hurlaidhe rí in da Almoin go ngoil ros marbh a ccomlann éinfhir Ór in dá Almainn sa seóid ró dáiledh dhó gan áonmhóid is cios cinnti ó sin amach agus comus a ccathrach Ni raibhe ón Almainne go méitt no go rángattar in Ghréig tír nár thogsat a ccána ionnmhus agus edála Tíagoid sa Ghréig gér chían fuarattar innti mór pían bad mora decra na ffer mór a n-echtra ré a n-aíremh Can a n-echtra a Oisín grinn go dech dot mac go hEirinn is rómaith binnes do bheóil agus is milis a shenóir Ge siúbhlach búan ré a háiremh a n-echtra mher mhorgháibhtheach ní sguireabh-sa dhi gidh edh go cur criche ar a deiredh Cruinnighid diorma Ghregach ba líonmhar íad ba cédach ba hiomdha meirgi ndathach sról deircc os a n-ardmathaibh Cuirther meirge Osgair áin re craoísigh sheólta sáorbhláith teid na thrúaill ghaisgidh go ngoil fear ba fuilechtach iorghoil Teid Osgar sa shloigh go mbloidh a ccoinne a chéile is Ghregaigh nír choimseach a chléirigh ghrinn a mbaí toirrseach ón fhoirinn Diobhraicid catha neimhe día sen-armaibh teinntighe battar na dronga nár ffann ag túarghain cenn is cathbharr Ro thuit le hOsgar an áigh airdrí Ghréag issin tegmháil slúagh in ríogh ó sin amach ro díthigset in cobhlach Secht ríogha déag na Greige tug fo airdchíos ar eigin rug búaidh is cosgar go tren an curoidh Osgar airmgher Ar ccinneadh doibh ar rígh Grég tíaghaid san Innía for sed ba hí sin in tír sluaghach chúirteach aloinn iolbhúadhach Tig rí na hInnía na dháil trí fichit cath go mórbháidh robadh docair cíoss a fhir do tabhairt assin tír sin Tig Osgar san fhoirionn lonn na ccoinne agus na ccomlann ba soillsi naid neóill neimhe teinnteach a n-ord urlaidhe Ní riacht fer inniste sgél thes no thuaidh don teghlach trén nach bíadh Osgor na ttres mborb día ledradh léna chrúaidhcholg Ro marbh Osgor nár ér nech rí na hInnía sa n-oirlech gabhais ferg ar fedh na slúagh Osgor aithesach armrúadh
Ro dháil Osgar ba glan glór seóid na talmhan sin dia shlógh tug túarustal da gach nech do chuid óir na nInnidheach Tiagaid san Isbeirn mhóir ba línmhar láidir a slóigh fa búan fa brighmhar a nert a ccumhachta a ngeinntlighecht Tionóilit flaithi na ffer do chathughadh ré a shlóigheadh d'Osgar ro choisgedh gach goil ba mana cosgar cloidhimh Tiagoid fo chéile 'snir thim an fhoirinn isin Íspirn ro clas fo ardoiph na ffiodh fúaim a n-arm ar a n-éideadh Marbthar le hOsgar an áigh láoch gach cosgor do chongmhail rí na hÍsbirne sgél mór is míle láoch día morshlogh Níor gab Osgar disgir dían gan cíos Ísbirne ar aonrían fúair a gcana ó sin amach 'sdo gabh treisi a cathrach Da chath déag ba borb na fir bador sa nEdaill láinmhir ag cosnam a ttíre shoir a n-oirchill Osgair armghloin Mar do chuir a ttír fo a smacht agus a rí a n-aimhneart rug leis tar sál ór is cuirn assin Eadaill maith morguirm Le colg Osgair ro tráoth tréin marbthar rí Edaill ainnséin da chéad mac righ menmnach mór ro thuit don fhéin re a tromshlógh Tiagaid go hegnach tar muir in fhoirionn leidmheach láidir níor sguirset don reim ba tenn go crich láoch-iomdha Lochlann Lochlannoigh a ngar don chúan laochradh mear cona marcshlúagh ar cionn na foirne ba maith fa hiomdha tuir is ardfhlaith Ger aibhsech dhóibh ger líonmhar dar leó féin go ccath-iorghail ró gabh faixin bháis gach fer ar egla a mbáis ó Osgor Gairbhthres don fhoirinn ba lonn tugsat slógh líonmhar Lochlann ba hé sin in cioth neimhe ór iomdha cáora teinntighe Ba líonmhar baídhbh ag sgredaigh dier fagbhadh sa tréindhecair is braineóin subhaigh a fhir ó laimh aithesaigh Osgair Ro thuit rí Lochlann ger bhéd deighfher sochrach ba maith méad sa dhá mhac ba treisi goil do laimh aithesaigh Osgair Do marbhadh flaithe na ttreabh ger ard uallach a n-aignedh tren Lochlann ó sin amach dus rad Osgar dia chobhlach Brisid cathoir na Beirbhe gér cathordha a coimeirge a geill a ttreisi a nert a gcomhgar trialloid imthecht
Cruinnighit ór na cathrach a seóid cona mor-cethra roba cosgar rígh nár ffann a tturus a ccrích Lochlann Do chúador ina longaibh lucht brisde gach crúadhchosgair gluaisis in fer ba hard gal go dúnadh airdrigh Breatan Fir Bhretan na ndáil annsin treóin fa decair a n-iorghoil is ba hiomdha iorgal ann gersat líonmhar sa comlann Ro thuit le neartghoil Osgair rí Breatan an chrúadhcosgair deich céd re gaisgedh nar min do thuit le a laimh sda morloinn Níor fhágoibh sé in tír shoir acht ag cur chatha is chosgair nó gur thráoth le neart a lann fir Breatan uile a ccomhlann Ro chuir cathrachoibh in tíre tre lasrachoibh ainmíne gan múr nar loisc is nar crech gan slógh nar choisg a tteghlach Battar fir Breatan ger thenn ó nert Osgair na mbeimeann ros fágoibh in rí sa slúaigh fo dhith agus diombuaidh Trialloid in fhoirionn ba grinn a gcrich oirer-mhín Eirinn ro gabhsat foruis is treóir a ndún Barraigh mic Úmhóir Beiris ced dia raibhe annsin dol go a ndedáil día muintir 's techt chuige arís tar muir sa mbeith athaidh na fhochair Tíaghoid na dháil go a loing Fíana mera mhic Cumhaill ba tenn ba tairpteach a slóigh clanna tairpteach Trenmhóir Luidhim fam deghbrethir dhuit ge tháirnic lathar mo chuirp go ttug Osgar nert gach fuinn leis cona gcosgar chuguinn Nocha raibhe do chloinn Fhinn am fhegmuis féin a Tháilghinn aoín srob úaisle na fir nar ghabh túarustal Osgair Líon in tslóigh ro bhoí ag Osgor ba mor búaidh agus cosgor a ffeghmuis gilladh is ban naoí mile láoch ba lán-mher Teglach catharrdha mo mheic ger líonmhar gcatha is comraic ferr é féin no íad uile a n-úair ágha is iorgoile Ba seinnsear a ttús gach tréin san aimsir a ttarraidh féin a gaisgedh a nert a ghnaoí ba menmnach tres an trenlaoích Ag sin turus Osgair soir is cuid do chrúas a chloidhimh ar thuit le a laimh is lé a loinn go ló in bhratha ní labhroim Gach tír dar taistil sé soir do chriochaibh úaisle in domhain cíos dia egla gan iarroidh cuige úaibh gach áon bhliadhoin
Toibhdis Osgar mo chara déis thaisdil gach mórmhara cíos ar gach coigedh ré a linn rus fúair ar ttecht a nEirinn Ní bhíaidh choidhchi a ndíaigh Osgair láoch go méid gcrúadhchosgair nó san aimsir ina roibh fer a chomhlainn a gcathoibh Creid fesda a Oissín go ngoil a fhir ba borb a n-iorghoil tuc haire do Rí na ndúl déna creidemh gan mhirún Cumha mo mhuinntire agus Finn ro dhubh mo chroidhe a Tháilghinn ó do chóidh in dream nár lag mé fesda ar bhegán carad Ní mhairionn Osgar go mbloidh ger mhór a chosgor fíadhaigh nó Fionn rí na fFían ffuileach nó in Chorr Chosluath chéadghuineach Ní mhair Cáoilte ba gáoth ciall fear feargach fuileach firfhíal nó Mac Lughach an glan grinn láoch fana dubadh mh'inntinn Meisi déis áir na Feine a mbruth trath is iermheirghe gan bronnadh gan denamh creach gan gáir na n-ollamh buidhech Gan ol día dhénamh um thigh gan ór día dháil ar chlíaraibh am senóir chrábhaigh a ccill gan fheidhm gan damhaibh agoinn A mheic Finn nar éar duine um ór nó um finndruine rod fia tegh neimhe nach lag fad chroidhe is fod dháonacht Na dénsa cumha a fhir a meic Finn go med tteghlaigh raghmaoídne go fíor uile a mheic ríogh na hAlmhuine Olc liom a Patraic na mionn do ghní crábhadh go ndíchioll beith béo déis Osgair anois ro chosain gach ar chanais Ní fhedoim budh dhesda acht brón ó do chódar mic Tréinmhóir tairnic mo bhúaidh is mo dhreach mo nert mo shluaigh mo theglach Mo bhennachtsa dhuit a fhir do chionn do cheoil in fad sin go ffaghor ó Rí na ndúl do leigen liom na ríghdún Go ttáir trócaire gach nech agus aithrighe chuimhneach mheabhreochus ar canadh linn do chomhradh Oisín mhic Finn A Thailghinn lér binn mo ghlór a fhir día seinmtear saoírcheól día mbeith mo ghaisgeadh ar bun do bethea a ttreis thalman Déna crábhadh agus ciall mór ngáibhthe ro fuilngis ríamh gach slegh díar theilgis uile a loghadh ó Mhac mór Muire Ba ferr liom orgán na fFían is foghar sealga air gach slíabh agus sgal Cháoilte ba binn nó nemh is t'fáoilti a Tháilghinn
Gabh creidemh a Oisín fhéil a fhir ba díochra um chléir is dena aithrighe ngloin ar son hurlaighe a gcathaibh Día mairedh Mac Lughach lúath agus Caoilti cloidhemhrúadh ní bheidis agat a gcill ar do tegusc a Tháilghinn O nach mairionn dFianaibh Fáil acht tú amháin go mórghráin a Oisín ro ríar gach neach creid go háobhdha Día dúileach Sirim ar ardrigh nimhe fuil san chathraigh ainglidhe ó thairnic mo bhúaidh go neimh gan mo dhearmad fan morfleidh. Fleadh
Ag sin duit a chaiptín Samhairle agus ní feduim niosa mhó do sgriobhadh anuairsi ó bhuaidhreadh in chretha. XXIV.
Lá ro bhámor ar Slíabh Truim Fíana Finn ba lán do ghoil dob iomdha deglaoch is cú ann dobadh maith lúth ar mhoigh Ni raibhe láoch dhibh gan sgíeth ar in slíabh agus da choin sgan cupla gadhor ba grind a ttimcioll Fhinn ba hard goil Ro srethadh sinn ar gach nglenn ba tenn ar tteidm a ccionn chnoc sinn gacha deisi ar gach ffán ar ttreisi fa lán gan locht Dúisgther linn os barraibh benn fíadhach na nglenn is a ttuirc ar gach táobh dhinn isin leirg ba hiomdha éilt agus bruic Ba liónmhar laoích agus coin ag éirghe ar in moigh go lúath do denomh sealga ar gach nglinn ro eirigh Fionn flaith na ttúath Da choin a láimh gacha fir dár eirigh annsin don Fhéin agam féin ata a fhios gé atú aniudh gan cheill Adér gan dermad gan on cuid d'anmannaibh con na slúagh nír leigedh cú ann día heill nár bh'aithnidh dam fein a búadh Do leig Ó Baoísgne Bran dían agus Sgeólang ba cían rith Leigis Oisin Búadhach mór Abhlach óg dia ndeis sin Od connairc mac Bresail shair coin in rígh ag dol ré tenn rus leig a dhi choin ba garg Ucht Ard agus in Ferb sheng
Ro leig Osgar mer nár thim Mac in Truim día slabhradh óir leigis Caol Cródha go cclú Leim ar lúth in cú cróin Do leig Garoidh na n-arm nglan Ferán is Foghar is Maoín do leig Ó Duibhne go des Éachtach na gcles agus Daoíl Leigis Mac Smóil go ngoil ngrinn Airrchis agus Rinn an áigh ro leig Ó Conbhróin go gcruth Corrdhubh na ndiaigh agus Máigh Do leig Conán na ngniom ngrod Rith Rod agus Rith re hard leigis Fáolán cara chon Carragán agus Got derg Do léig mac Edoine iarsin Casluath cain is Futhlamh géar do léig mac Mórna ba grinn Arann agus Ard na ségh Do leig Ferdhomhon mac Finn Cíarchuill do chinn ar gach coin do leig Mac Reiche go rún Sgath Úr agus Lúth na Lon Do léig Caoílti Énfhúath go mbúaidh agus Cuillsgeach ba crúaidh treas do leig Dáighre fer na nduan Sineach Súain agus Lúth des Do leig Cairioll in láoch mór Guillionn agus Gúaire is Gal do leig mac Dubháin fer fíal ina dhíaigh Rían agus Gar Leigis Dáire dearg mac Finn Ard na Sealga agus Loinn chruaidh do leig Mach Lughach ba mer Cuirthech geal agus Lér-búaidh Leigis Aodh Beg ba fer prap Marbhadh na ccat agus Táom do leig Conán mac in Leith Leigean da héill agus Láom Leigthear Sgainner agus Gáir garbh da choin Iolair aird mhic Smóil Osgar mac Croimghinn nár dhoirbh do leig Soirbh agus Nóin Do leig Fergus File glan gan dearmad Sgíemh agus Faoídh Colla mac Caoílti fer fíal do léig sé Rían agus Laoídh Do leig Dáire mac Ronain Dibhearg is Dobhrán fa dían do léigedh uainn gan táire morchonairt áille na fFían Do léigset clann in Chearda a cconairt shealga gan bhrón Cor agus Derg is Drithleann Corrbhenn is Rith Theann is Treóir Do leig Cnú Dheireóil cheólach Aindeóin is Eolach fa reim Úath na sealg nár bheg lámhoigh do leig Sgread Ghábhaidh is Néimh Criomhthann na mbéimeann is Conn da mac bói ag Goll an áigh do leigset Dochar is Dorr do leigseat Crom agus Gáir
Do leig teglach na flatha go heólach gan tacha a ccoin na ndeghaidh do bhrígh na sealga battar na lerga lán d'fuil Líonmhar coin ag rith ar fíadh nar ttimchioll sa sliabh badhes battar na catha ar a lorg día ffethiomh ba borb a ttres Ba hiomda guth fíadha is tuirc ar in slíabh dar thuit don tseilg ó chosgar láoch agus con ba hiomdha fuil ar in leirg Níor bh'áidhbhle lem gáir chatha ger mór gcath a rabhas riamh ar ndol don chonairt fo tháintibh no gáirthi con agus fíadh Ní dhechaidh fíadh soir nó síar no torc sa slíabh día raibh beó diobh sin uile nachar mharbh on conairt mhaith ba garbh gleó Ro mharbhsam fiche céad fíadh sa slíabh agus deich gcéad torc ar cconairt ar mhed a ffearg do fhágbhattar dearg gach gort Nior háirmheadh eillti no bruic inaid miollta díer thuit sa léirg gin gur háirmheadh íed ag Fionn mor dar liom in chuid dar séilg Aoin sealg is mó dar marbhadh a gcrich Bhanbha in gach trá agus is ferr baí rem linn an tsealg do rinne Finn in lá Roinntear in tseilg ré Goll mer níos fhagaibh fer dhíobh gan díol nír dearmad duine don fhéin acht é féin is meisi dhíobh Do chanus re Goll nár thim is rob aithreach linn a rádh an fala fa deara a Ghuill mo dhearmad fan roinn tar chách Níor cubhaidh re nech sa fFéin m'imdheargadh-sa féin tar chách is trúag nach ffuilim ad ghar no go ffionnainn neart do lámh Dia fregra glacuimsi colcc tagra bhorb ó do bhoí ag Goll in láoch ba mó ciall is cáil do chúadhus na dháil go lonn Ro thogaibh Fionn Mac in Luin da sleigh go neim is sgiath áigh tig go clisti tresan slúagh gur ghabh me go luath ar laim Coisgthear le Fionn go lúath m'fearg sdo ghabh mo cuid sealg air féin nior lamhus fola no fíoch do chor eittir dhís a fféin Níor fhágoibh Fionn tren in tríath mac Morna fíal na sgíeth ndearg gur siodhaigh edrom is Goll ger mhór ar nglonn is ar fearg
Do rónsat teinnti gan locht go cinnti ar gach cnoc don tsliabh a ttimcill Fhinn ba caom corp d'fuluchtadh torc agus fíadh Mar do chaithemar air sealg na catha ba dearg snúadh ro thriallsat deghfhíena Finn ótha Slíabh Truim go Loch Cuan Fúaramar péist ar in loch nír sochar dhuinn a beith ann aga feghoin dhúinn nár ttocht ba mo na gach cnoc a cenn A túarusgbháil ré a moladh go mbíadh na glomhar gach dún do thuillfedh gér mhór a ffraoch ced láoch a lag a dhá súl Ba mo na gach crann a ccoill a fiacla ar theinntigh go ngráin fa mó na comla caithreach clúasa na naithreach nar ndáil Sía na ochtar gach easbaidh a herboll sesmach ré a druim dobadh reimhe a chuid chaoíle no doire dilionn a ccoill Mar do chonnairc uaithe an sluagh do iarr is ba mór a fráoch bíadh ar mac Muirne gan on nó comrac con agus láoch Ní do phíasdaibh Éirionn tú a trú nach maith clú nó ciall innis duínn ciodh fa ttánghuis adubhairt Fionn feardha fíal Tanagsa anois ón Ghréig am réim go ranag Loch Cúan d'iarroidh comraic ar in fFéin am reim sdo gabháil nirt a slúagh Cuirim forlann ar gach túaith do thuiteadar slúaigh rem gleódh uaibh muna ffaghor mo dhíol agoibh ni fhuigiobh siol beó Tabhroidh dham comrac go lúath gid mór sluagh ataoí a Fhinn go fechoinn oroibh go becht mo neart íar ttecht dam tar tuinn Ar grádh heinigh innis duin gidh mór do súil is do ghráin deimhin hathor agus hainm sul chaithfiom ar n-airm ad dháil Arracht cinnti atá sa Ghreig canfad gan bhreig a ainm gnáth Crom na Cairrgi ba hard bladh ar fairrge thsoir atá Peisd is maith goil olc a gnaoí ba hí sin a mhnaoí gach tlacht is terc cathair soir nár bhris is rug meisi dhó mar mac Ro fagbus toirrsi ar gach fflaith Ard na Catha go deimhin mh'ainm a Finn is maith tasg is búaidh ni cás linn do shluaigh nó hairm
Ag so in sgél do iarruis oram a fhir is maith colg is glac tabhair dam iorgoil go dían gé lionmhar th'fian is do neart Do ráidh Fionn gér chrúaidh in ceim risin fFéin dol ina troid da cosg do chódor na slúaigh is fúaradar uaithe broid Tanic in péist fon ccathoir mór díar maibhibh do thuit lé ba mór ar ndíth le a cosgor nír tualoing sinn cosnamh lé Teilgther slegha go cuimhneach ar in pheisd go tuillmech borb do croith orainn go geinntlidhe a cetha teinntighe colg Ro bhamoir uaithe toirrseach rinne nir chuimseach a ciall do sloigedh ger lór d'éigen láoch sa eideadh ar aoínrían Do sluig si Fionn na mbéimionn gur leigset Fían Eireann gáir ro bhamair treimsi gan chabhair sa peíst ar ttabhairt ar n-áir Dorus ar gach táoph da chorp do rinne Fionn nár bh'olc réim gur leig amach gan fhuirech gach nech dar sluigedh don Fhéin Fionn on comrac do rinne do fhóir sé uile an sluagh gur fhúaslaic le trén lámha sinn lé sén ágha is búadh Do comhraic is Fionn le a chéili mór in tréini dhol da cosg día comlann crúaidh nír fhan gur sgar a hanam ré a corp Ar thuit do phíastaibh lé Fionn ni cuirthear a suim go bráth a derna d'ágh is d'échtoibh a n-airemh ní fhédoid cách Do mharbh péist Locha hEachach agus aithech Ghlinne Smóil is ilpiast locha Cuilleann do marbh mac Cumhaill an óir Ro mharbh peist Binne hEdoir a cosg nír fédadh a ccath fúath is peist Ghlinne Dorcha do torchair sin leis in fflaith Do tuit peist Éirne gear gorm agus píast borb Locha Ríach ro mharbh gear thren in croide péist is cat neimhe a nAth Cliath Do mharbh sé fúath Locha Léin mor in feidm dhol da claoí ro mharbh sé fúath a nDruim Clíabh fúath agus péist ar Loch Rígh Ro mharbh Fionn ba mor croidhe fúath Glinne Righe na ród gan peíst ó neart a bheimionn a nglenntaibh Éireann nar thóg Fúath is peist Glinne hArma do mharbh Fionn ger calma íad gur dhibir Fionn in ratha gach péist fo ndechaidh a thríall
Do marbh peist Locha Sáilionn tug brath dílionn ar ar sluagh agus da peist Locha Feabhail do imbir oirnn deabhaidh crúadh Peist ar Sionnuinn ba solus ro coisg si conus na ffer sdo claoí taidhbhsi in domhain peist Locha Romhuir na ttreas Ro mharb ba mór in tulágh fuath Sléibe Colláin gér bhorb is da peist Ghlinne hInne do thuitedar sin lé a cholg Do marb peist Locha Meilge lór a treini do laimh Fhinn is ilphíast Locha Cera leis is arracht a n-áth Truim Do boí peist ar Loch Mesga ba mor tresa ar fearoibh Fáil do mharb hí le a cholg mbúadha ger borb in t-ualach dia láimh Ar Loch Láoghaire go cinnti peist do níodh teinnti do bhí a n-íc a ffuair da foghloibh do dhíchenn lé a armoibh hí Fúath Dubhais gér lór teinne agus amoid Sleibh in Chláir ro mharbh Fionn le Mac in Loin ger garbh a ngoil is a ngráin Fuath Locha Lurgan fa dían le Fionn na fFian do thuit sí ní hinnistear go brath mbúan gach ar chuir dar sluagh do dhíth Ro thuit peist ar Banna mbinn le laim Finn na ccomhlann gcrúaidh ba hiomdha ar ndíth ona ttres gur marbhadh í a nEs Rúaidh Etc. XXV. Do bhádhusa úair fa folt buidhe cas is nach ffuil trem chenn acht fionnfadh gerr glas Robadh luinne lem folt ar dhath in fíaich do toighecht trem chenn no finnfadh gerr líath Suirge ni dluigh dhamh óir ní mealloim mná mfolt anocht is líath ní bhía mar do bhá. Do bhádhusa.
XXVI. Mairg is muinntear do cleírchibh mairg nach gcluintear ar chrúaidh-creich mairg fuirighthear ré críne deiredh díne go duaithnidh Mairg mac rígh bhíos go meta snach gcuir a egla ar dhuine mairg threigios a gha rennach ar trosdán mbennach mbuidhe Me Oisín mac na flatha ní chuirenn cath ar cairde mor láoch a lathair deabhtha da ttugus fatha mairge. Mairg. XXVII. Trúagh sin a Cháoilte a chara ónar thana lucht loingsi sinn do sgaradh ré chéile déis na Feine is cúis toirrsi Tuitim shoir a ccath Gabhra maith tarla do Mhac Lughach sol do bhíadh an t-óg échtach againn go dérach dubhach Acht meisi féin um senóir go deireóil deis gacha catha do chúadar clanna Baoísccne trúagh sin a Chaoilti a chara. Truagh. XXVIII. Tríar láoch do chúadhmor do sheilg ar in leirg so Shléibhi Cua do dúisgeadh agoinn damh donn a Doire Donn níamhdha núa A aithchin ní fhaca me ar in ffráoch so Shléibhe Cúa a mhéid is iomad a bhenn damh seng ag ithe in fheóir núa Ro léigiomar ar ccoin riss tegmait ag iomghoin a chneis agus nír fosdadh in fíadh go ráinic Slíabh mongach Meis Meissi ann is Oisin ard is Caoilti ann ba maith rúin nocha a raibhe ann don fhéin ar ccommaith-ne féin do thriúr. Triar.
XXIX. Dírgidh bhar sleagha sealga lé a ngonmaoís fearba fíre mar do bhámar re gaisgeadh ní dhénmaoís aistear aoíne Seólaidh bhar mbolcca corra go borraibh loma Lochlann lé bhar gcraoíseachoibh go ndaíngne ro gonsam Ráighni roscmall Is mé Oisín gem ársaidh do airrcis mé mná miolla léithi is goire don duinne cruime is goire don dírge. Dirgid. XXX. Gorta chille Críonlocha úd ní fhédoim a fhulang deiredh cloinne in ríghfhlatha fúaramar betha chumhang Osgar mo mhac curata día a ndéntaoí dúana molta día mairedh don duladh so ní léigfedh mé do gorta Mo mhallacht ar do chléirchibh a Patraic agus logh-sa dia mbeith Osgar agamsa ni léigfedh mé do ghorta Is me Oisín grúadhchorcra mac Finn go n-aignedh sochla do bhádor um thuarusdol fiche céd nach ffuair gorta. Gorta. XXXI. A muicidh seolam sa slíabh atú gan biadh teóra tráth glúais romam go Glenn da Ghealt tair a mhic is glac mo lámh Atá don táoph thúaidh don ghlenn día mberthae ann sinn ar áon dár comainm in Cáorrthann Cas in crann fa maith blas a cháor Da mbethea nómhaidhe gan bhíadh adeirim riot ní ciall bháoth do fhiorfedh híota is do thart mar do chífe dath na ccáor Fiche ced dhuinn arin sheilg ar in leirg ré táobh in chnuic ni rucsam d'fiadhach go Finn acht cáora in chroinn is dá mhuic. A mhuicidh.
XXXII. Guth gadhoir a gCnoc na Ríogh ionmhoin liom in síodh fo ffuil ba meinice leinn fulacht fían eidir in slíabh agus muir Annso báttar teghlach Finn gasroidh ler bhinn gotha téd ionmhoin liomsa in bhuidhen mher do théighedh ar fecht mor gcéd Dar leinn ba sochraidh a sealg mor ndamh ndearg do thuit le a n-ágh iomdha cú dath-bhallach dían sa slíabh ag techt ina ndál Bran agus Sgeólang go sgéimh a choin féin a laimh in ríogh ba hionmhoin le Fionn na coin fa a maith a ngoil is a ngníomh Cnú Dheireóil a n-ucht in ríogh deghmhac Logha fa cáomh cruth ró bhái ag seinm cruiti dFionn in fear fionn dobadh mor guth Gach taoísseach nónmhair don fhein do thigeadh féin chum in rígh do commorad na sealg mór do níodh in slógh fa Dhruim Chaoin Cáoga dam go n-iomad mbenn do thuitset lem féin a rí ar áon is caoga torc acht gé ataim anocht gan ní Longport ag cloinn Ronáin rúaidh ar in táobh so thuaidh don ghlenn ba sochroidh ag fulacht fian do gníodh an Fhian a mbonoibh beann Clanna Morna fa buidhen mher go n-iomad fer don táoibh thes minic do chuirdís gleó crúaidh is do thicdís fa bhúaidh as Do chúala guth gadhoir dheirg ar in leirg láimh ris in sruth do thógoibh tonna mo chinn faídh in gadhoir is binn guth Is mé Oisín mac in ríogh is fada ó do chríon mo cruth Gé ata mo chroidhi teinn nocha linn nach binn in guth. Guth.
XXXIII. Codail begán begán beg úair ní hegail duit a bheg a ghille dia ttardus seirc a mhic Í Dhuibhne a Dhiarmaid Codail-si sunn go sáimh a Í Dhuibhne a Dhiarmaid áin do dhen-sa t'foraire dhe a mheic Í dhealbhdha Dhuibhne Codail begán beannocht fort os uisge tobráin trenghort a úanáin uachtoir locha do bhrú tíre trénsrotha Rob ionann is codhladh thes Dediduigh na n-aird-éiges da ttug ingen Mhorainn bhúain tar cenn Conoill ón Craobhrúaidh Rob ionann is codhladh thúaidh Fhinnchaidh fincháoimh Eassa Rúaidh da ttug Sláine ségha rinn tar cenn Fhailbhe chodat-chinn Rob ionann is codhladh thíar Áine inghine Gáilían fecht do luidh ceim fo trilis la Dubhthach ó Dhoirinis Rob ionann is codhladh thoir Dhegadh dhána dhiumasaigh da Ttuc Coinchenn inghean Bhinn tair cenn Dechill déin Dhuibhrinn A chró goile ierthair Ghrég anana go t'forchoimhéad moighfidh mo chroidheisi acht suaill monad faicthear ré henúair Ar sgaradh ar ndís male is sgaradh leinbh áonbhaile is sgaradh cuirp re hanmain a laoích Locha fionn-Charmain Leigfidhear Caoinche ar do lorg rith Caoilti ní ba hanord nach ad táir bás na brocudh noch ad léig a siorchodhladh Ní chodail in damh so soir ní sguirionn do bhúirfedhaigh cía bheith um dhoiribh na lon ni fuil na meanmhuin codladh Ní chodail in eilit mháol ag buirfedhaigh fo brecláoch do ghní rith tar barraibh tor ní dhén na hadbhaidh codal Ní chodail in chaoínche bhras os barraibh na ccrand ccaomhchas is glórac atathor ann gidhbe an smólach ní chodhlann Ní codail in lach lán maith a lathor re degh-snámh ni dhéin súan no sáimhe ann ina hadbhaidh ní chodhlann Anocht ní chodail in gerg os fráochaibh anfaidh imaird binn foghar a gotha gloin eidir srothaibh ní chodail. Codail.
XXXIV. A bhean labhrus rinn an laoídh dha ní is mó do thráoth mé féin tadhbhas damhsa taibhsi reacht rug mo nert agus mo chéill Tiucfa in Tailghionn tar muir menn ni holc lem ní ba holc damh beinneochaidh Éire fo secht agus tiocfa in treas ccaomhglan beid a mhírbhuile go brath agus beroidh cách for nemh Béid na leabhair léighinn ann fría areimhes Gall is ré aré reilge is regleis gan rígh budh mór a mbrígh immalé budh maith da gach duine tair beroidh a lán a ttegh Dé Eístigh re fáisidin Fhinn os an linn agus na ceil beid na clocha áolta ann ni ba fann do gentar sein Nochan edh sin is olc lem acht iomad ann na nGall nglas gan bheith damsa is don Fhéin agus mé féin da gcor as Beidid ann garrgadha Gall agus iomad crann da gcur agus luibhe da gcur síos is ag techt aníos ó a mbun Tiucfa in t-airdrigh secha atúaidh do bhéra co crúaidh in treas agus toighébhaidh a fherg is fuigfidh go derg in tres Eireóchaidh Gaoidhil go crúaidh eidir hsoir is thúaidh is tes is sáoth liomsa nach mé tair mair doberthar gair na ffear Teilgfidh in t-airdrigh in cloch agus budh iomdha och ann is sáoth liomsa nach mé tair ma dobherthar gáir na nGall Ní fhuireochaidh Gall re a chloinn ag dul ina loing tar sál budh beg dhiobh rachus as lé hiomat na ttreas gan tár Fa Sligech doberthar tres día tticfa les nGaoídheal nglan is dóigh nach budh meisi tair mór is dimbáigh lem a bhen. Ced salmaire Gaoidheal me beraidh mac Dé me for nemh ge do fuarus dibh a lán is beg oram cáil na mban Is mé Fionn mac Cumhaill féil creidim féin do rí na nemh is mé fáidh is ferr fon ngréin gé do rinnes réir na mban. A bhean.
XXXV. Uathadh damh sa coirthe-so gé atú ar ndol do ghorta sgan anocht um fhorradh-sa acht aoinben go doim dochma Deich lá fiched iomlána atu gan bhiadh gan codhladh gan ceól crot gan timpána acht me a ccumgach in coirrthi Deich gced fhiched firfhéindidh torchair liom risin ré sin mor in mana mícheille sag ól sáile dia n-éisi Ba me in curaidh comramach ata agam com cnamha fa me Iollann or-armach anocht is um Goll granna Fionn mac Cumhaill flaithfheindidh ro dháil meisi sa cartha is ard súas mo chaithreimh-si in fath fa fuil a fhala Torchair Trenmhór tegmalach le neart mo laime luinne air ní raibhe edránadh gur ortus é lem buille Cumhall calma cathbhúadach turchair liom a ccath Cnucha ar thurnus da anuabhar ataim da ioc anosa A ccath cruaidhmher Cronnmhóna ger b'iomdha laoch amaghaidh marbhoim deich gcéad tulchródha muinntir Chairill sa sgainnir Tre mac Conbhróin cneisgleighil ro chuirius cenn mo sleighe rim ni raibhe dicheillidh a ttig Almhan uair eile Dís do chloinn in righflatha Fhinn mhic Cumhaill gan doghra damh ba búan a mimana a marbhadh ar lár móna Treissecht Eireann agamsa do bhí go ttainic Cumhall nír coigles a colann-san ó nach ffuarus a comann Ba cionntach d'Fionn Almhaine ar comhall úaibhseach ogla ar aoi dioghla m'amghaire meisi do chor do gorta Trí cháoga laoch lán-calma tainic Cumall go Temhraigh nochar mhór leis clár-Bhanbha do beith aige re a mhenmain Conn cathardha cetchathach na rí ar Éirinn íobhraigh do fuilnges mór ttréntachar do breith neirt ara bhídhbhaidh Turchair Cathaoír curata airdrígh Éirionn go dána is deich gced go dulasach liom a gcath Moighe hÁgha Mac brathor don Cumhall-so mac Úna in chrotha níamhdha nochar bh'áil leis m'fhulang-sa tar crois Cumaill sna ffíen-so Mona beith gaol brathordha do bhí dhóibh ris in righ-se ni fhuighbittís m'árach-sa ger láidir Clanna Baoisgne
Siúr do Cumhall chathardha sí ba buime don Chonn-sa is trid tainic m'athchursa sdol a hÉirinn go dorrdha Righe chóigidh Ghailíanach tug Conn do Cumhall chneisgheal nochar mhana saimríaghla do bheit agam no meisnech La día raibhe moir-fhíadhach agam um Chuillinn chúanach ad chiú-sa go moirmhíadhach Cumhall ag techt dom fúagra Clanna Morna mercalma ro gabh Cumhall díer cciorrbhadh nochar bh'áil leis cert-chrannchor do dhenamh leinn acht iorghail Go sliabh alainn Éibhlinne teigmidne d'aimdheóin Cumhaill nior fhágbhamar énduine sdo thuit trí céad día fhoirinn Iar sin do chuadharmar-ne go Cruachain claidhreidh Connacht fa séitrech ar sluaigheadh-ne is Cumall ag ar fforrach Diúltais Conall cáomh Cruachna sinn ar thionchosc a dhalta dhuinn ba mana sáor-ruathair ar chuir Cumholl díar n-athchor Do chúadhmar go primhurlamh romhainn go hEmhoin Mhacha gur agramar sior-chonnradh ar triath Uladh an tan-sa Ri Uladh níor lamhustair ar ccongmháil d'egla Chumhoill dobadh truagh in malairt-so día ttic in treinfher chugainn A cceann Chuinn go congháireach do chúadhmar go múr Temhrach rinn ní raiphe forffailteach nír adhbhar dhuinn beith menmnach Rí na Temhra táobhúaine do diult rinne día éisi mairg do treig ar sáorchuaine annsin ro fhágsam Éire Inar longaibh luchtmhara do chúadhmar a gcrich Bhretan cath annsin mar thucamar ro chuirsiom cách a tteasbaidh Ríghe an oirir allmhurdha do gabhad linn go húasal gin go ffuil acht banchara agam anocht go húathadh Coic ráithe san ríghe soin damsa nír mhana comlainn lucht an oileín dhíbhergaigh ag cur ar sgél com Cumhoill Cumhall calma cédfadhach agus maithe na Muimnech fir Laighen na ttrén-ttachor is fían Éirionn go cuimhneach Táncadar na tromdhámha dom chor a ccríochaibh Bretan nochar bh'ádhbhar congmala d'faghbháil damsa go cnesta Tucamar cath cruadhchalma isin uair-sin diaroile damh nír caraid slúagh Banba mar do beittís ar buile Cumhall Bódhmann bainfheindidh Criomhthann cosgrach bá calma do mhedaigh mo chaithréim-si a ttosach Fhíen na Banbha Brethnaigh níor bham caroid-si do cuirsiod orm re chéile do mhedaigh sin m'fala-sa lucht na n-oilén go ttréine
Ár na slógh go síorchalma do tuit lem issin treas-sin dhóibh fa mana sírfhaghla gach ar mharbhus don chor-sin Fiche céd láoch lán-chalma do tuit lem isin tressin do slúagh Cumhaill chláir-Bhanba agus do laochraidh Bretan Sgíath tar lorg ón torainn-sin ro chuires orm gan chairde onach ffúarus comairge teigim úatha for fairrghe Go hoilénoibh sáor-Lochlann do chúadhmar d'eis gach cosgair ann ní fhuarus aon-chomthrom dhuine nír maith in chonair Sloigh na criche curata tigid cugainn diar ffúagra a ttréinfhir nír bh'urusa do chosg lé beith go húathadh Tuccamar cath coinglecach d'feraibh Lochlann gan time torchair liom go hoirbheartach rí Lochlann tré mhire Ocht gced don tslúagh churata dororchair liom tría fhíribh nochar thréith mo thurusa nó gur ghabhus a ríghe Sealat damh na n-oilénoiph ag togbháil chíosa is chána meic Mhorna go roibhesach ar na criochaibh go dána Ro máirneadh nír sechmallach sinne don Chumall chédna tic chugainn slúagh echtronnach gur chuirsiom íad fo mhéla Tugsam cath ba cathardha dona cathoibh gan time uaim ba hiomdha athcomach agus fa créchtach sinne Coicc céad déag go lán-urlamh ro mharbhus féin don tsluagh-so fagbhaim íad na ccnam-comach gé atú anocht go húathadh Inar longoibh lánghasda do chúadhmar féin gan chairde ní fhúarattar mh'arach-sa ódo chúadhus ar fairrge Aghaidh dhuinn ar Albanachaibh dhuinne nír chonair chesta tángattar na hallmharraigh diar ccor uatha for echtra Ro cuiredh cath fich-meiscneach edroind agus slúagh Alban do bháttor do dichoiscthi rissin fféin áloinn armdha Tanac-sa go sirshantach mar a ffaca in rí rathmhor úair ro bhádhus dighaltach tré esonóir mo charad Ferthar comlann ainsergach edroinn agus rí Alban dar bhenus go glainbheartach a cheann don rígh go n-ardbhladh Slogh in rígh go cnaimgerrtha fhagbhaim isin cath chédna do bhádhus go sáirmhenmnach a ndiaigh iorghal is éachta Ceithri bliadhna baramhla dhamh a ríghe na hAlban ni fhuil a cuimne agam-sa a ffuarus d'ór is d'airgead Sealcc do rónadh againne fo glenntaibh doimne daingne duinn ba hadhbhar athtuirrsi ar naimde edroinn is fairrge
Tainic Cumhall catharrdha go slúagh nosmhar na n-oilén fir Alban díar n-aitherrach nir bh'ádhbhar dhuinn bheith roithrén Teigmidne go dasachtach go cúan lethanmhór Lundan ro bhadhmar go harrachtach gé fuaramar mór n-urchra Cath do Cumhall comramach tucusa féin gan chairde torchair liom go comlannach deich cced do chosg mo shainti Ro cuires mo mhóirtheglach d'aimdheoin cháich na longaiph ro bhadhmar go glóirghredhnach ar ttecht duinn as gach doraidh Tigid trénslúagh tegbhála dar ndíchur on chuan chedna doibh nír conair edrána diar cuirsiom íad fo mhéla Ar chéide na ríghchathrach tucsam na catha níata annsin dobadh dighaltach ar chách ro bhattar m'fhíen-sa Ro briseadh go primhurlamh deaghmhúir lándaingne Lunnann tic in slúagh go sírurlamh dhuinne ba conair cumhang Rí Saxan go sáirmhenmnach ro ataigh me fa comlann níor obas a láinteghlach is nír sechnus a fforlann Torchair in tríath trénneartmhar fo dheóigh a ccrích in chosgair gin gurab é in sgél égcnesta damhsa ba mor in obair Da fiched céad Saxanach do mharbhus dhíobh go dedla is do ríghnes a n-athchoma nach mairid acht a sgéla Nert Saxan go sithchánta do bhí againn re hathaidh agus cách go digbhálach uaim féin agus om charaid Tainic Cumall cruadh-armach is Fían Eireann gan anadh is amhloidh do chúalamar sluagh na n-oilén na ffarradh Tuc in feindidh fírfhergach cath dhuinn taréis a aistir ba meisi go dibergach fer chlaoídhte gacha maicne Trí fichid céd catharmach torcair liomsa go hobann úair ní lamhadh Saxanaigh bheith um dhíaigh no bheith romam Sgíeth tar lorg do chuiresa oram tar éis an comaigh dom theglach nir scuiresa gur chuires íad na longaip Is annsin do seolamar romhainn go fonn na Fraingce ba hí in chonair cheólamhail ó énoiph fúara fairrge Sloigh na Fraingce fairsinge rucsat orainn mun am-sa sgél is coir a n-aithghirra ar bhegan do slógh Banba Cath curata comramach tucsam ar áon díaroile ar n-echtra ba hollbhladhach on tslúagh tainic nar ccoinne Righe na Fraingce fíalghasta ro bhoí agam do shonnradh go ttainic fer mh'iarrata Cumall nar chengail connradh
Slúagh ághmhar Eórapa ro bháttar timciol Chumhaill fir Éirionn go seolghasta riomsa nior mhaith a ccomann Tugattar gleo naimdemhail duinne taréis ar n-aistir mo slúagh seitrech saighdemail do freagair íatt ga ffaixin Ba cath nósmar nertchalma do radsamor día chéile mo slogh séitreach soigdemhail gur cuirsium ár a fFeine Criomhall Bódhmann bainfeindidh is uaisle cloinne Trenmhóir do bhíttis mun fflaithfheindidh go nach ffagainnsi endhóigh Coicc céad déag go coscrach torcair liomsa da sluaghaibh riú ro bhádhus cosantach is bloidh oile dom búadhaibh Sgíeth tar lorg ón torainn-sin do chuires oram fo deiredh cidh crechtach dom colainnsi aniú sa chreig ní cheileabh Ina longaibh luchtmora cuirim mo begán féine do chúadhus don turusso go ranac cúan na Beirbhe Rí Lochlann go lánchalma líon a sloigh issin mbaile a ccennus do tharramar annsin d'uamhan mo lainne Ceithre bliadhna búanamhla damhsa a ríghe na Beirbhe a ccomann rus fuarusa ór is airged na Beirbhe Cuires Cumall cíaphalach cogadh ar airdrigh Banbha dar fhágoibh go fiarránach Conn céadchathach ger chalma Gluaisis Conn curata tecta ar ar gcenn san Beirbhe tangamar don turusso go clár Cruachna go ndeinmne Cothaighis Conn Céadcathach maicne Mhórna don dul-so do chúadhmar go trénchalma annsin com catha Cnucha Fir Mhumhan go míleata tigid isin chath chédna fir Laighean go dibhergach re cois Cumhaill go détla Da ced Muimhneach merdhana da céad Laighneach don dulso da céad feindidh ferdhála tainic dom coscc a cCnucha Ro mharbhus go merchalma na sé céad atú d'airemh do cuimnighes m'fhaltana agus ní dhernus cairdes Mo chairdes rob curata annsin ré Cumall calma ar n-etran níor bh'urusa d'feraibh borba na Banba Aladh sanntach soghona tucus i n-ucht in mhílidh a chroidhe ba cosccarrtha liom íer gcorcradh mo chraoiseach Brister uaim ar Muimneachoibh no go ranac Fiodh Gaibhle fada bhías a ffuighlechtoibh gach ar marbhus gan chairde Tainic Bodhmhann bainfheindidh agus Crimall dom choscsa dam ba mana caithreime ag fagbháil catha Cnucha
Clann Trenmoir ger turcharthach nír bheó ag techt tar Life acht aon ochtar urchradhach agus Bódhmann go mire Láochraidh Laighean lánchalma ro lenus íad gan dóghra ba mé fer a sármarbhtha nó go ranac Fiod Dorcha Do thegras a n-edála is do chúadhus go Temhraigh ar ndioghail damh m'egára ro bhádhus lán do mhenmain Cennus Fhían na Banba-sa tucadh damh ó Chonn cneisgeal damh ba mór in tarbha-sa in fad do comaill seisen Ro ríarus go lánurlamh dámha Éirionn is Alban tucusa doibh sarconnradh os orm do cuirset crannchor Tucus comaoín tuarustail do maithib slóigh na Banba nír chomhaill in cualacht-soin dhamhsa ar ffaghbháil mo tharbha Nior fhágbhus péist adhúathmhar a loch a linn sa Bhanbha nar mharbhus go ro-úasal fo bladh oile dom tarbha Ni bhói arracht égciallaidh ni bhoí fos fúath no ethaid a nEirinn lem tréin-iarraidh nar marbhadh liom na deghaidh Ní raibh cobhlach catharrdha rem linn ar muir na Fodhla nach denainn a n-athcoma is cuid eile dom fognamh Deich mbliadhna ba ri-fheindidh meisi for Fhíanoibh Eirionn nír congmus fer mícheillidh agus ní dhernus aoinfeall Bentar le Conn Céadcathach diomsa righe na Feine is tug í go trencarthach d'Fionn mac Cumhaill dom éisi Roinnis Conn go catharrdha in Fhian edroinn cúis chomainn fagbhais a ttrían agamsa is ndá ttrían ag mac Cumhaill Tucamar seal sithchána d'eis ar ccumainn re chéile 's do gheibhinnsi cischána ó shlúagh cathrach na Beirbhe O samhain go bealltaine ro chongmus in Fhian uile dobadh moide ar menmaine ól fleidhe imbirt cluithe Sealg in Chorainn chnocánaigh do rónadh linne gan séna a ffuaros do dhrochdhálaibh fada bhéraid a sgéula Ro suidh Fionn go fíoraibéil ar mullach sléibhe Séghsa is beite ga shíor-fhaisnéis in tríar tainic na cenn-san Trí silliti siabharrtha tainic a taobh na tulcha dealbh na mban ba díabhalta do shíabhrattar mh'áos comtha Tri beóil dubha dhúaibhseacha sé ruiscc bhána gan dúnadh tri fuilt rúadha ruainneacha sé cosa fíara fútha Tri cloidhme go curata tri sgéith cona trí sleghoip nír bh'í an obair urusa feghain na mban no a ttrealamh
Glaisíarna garbh geinntlidhe do cuireadh leó for crannoibh gabhais meiscce is meirbhlighe Fionn is an Fhian da ffaixin Le draoítheacht go drochdhalach do shíabhrattar ar fflaith-ne na senóir críon crothanach fagbhaid Fionn asa haithle Secht ccatha na Gnáithféine ró chuirsiod sa riocht chéthna fa dhorus na Cnaimhcheisi amháin acht meisi am áonar Do cenglad go fioraibéil in Fhíen uile go hághmor ní beite ga shír-fhaisnéis gur cuiredh a ttigh thalman Glacaid a ttrí níamhlanna do cnaimgerradh na Feine ní raibhe acht cenn iasachta orra muna beinn badh dhéine Comhrac na ttrí ccailleachsin rug oramsa um énar ba gleó mor in sgainneirsin a ndorus chnuic na Séghsa Mo bhuille ba boirbneartmhar óir nír fhágbhusa fuighioll dar gerrus go toirbheartach Camóg leis agus Cuillionn Do chenglas go curata Iornach go cruaidh a gcroibhneart a trascradh nír bh'urusa nó gur chuires hí a ndoirbhes Fian Eirionn go háidhmillte tuc sí eiste bhó dhéine le huamhan a cnaimhgherrtha d'faobhar mo lainne geíre Ba héigin don arrachtso a ccor na ccrothaibh céatna lé húamhan a malarta mar sin atáid a sgéla Eirgis Fionn go fodhalta agus in Fhian na rúathar fo terc úamhan oramsa gé atáim anocht go húathadh Ro loiscedh go lánurlamh liomsa in bhruighen go ndéine do fagbhus na smaltargrís in teghsin fó tarr Cheise Leanus Íarnach fholtgranna Fionn is a Fhian go feargach is iarrais go corpdhana comrac ar Fhionn go menmnach Ní fhúair Fionn in flaithfheindidh fear comraic don bháidhbh bratha go ndechus am chaitheideadh o ad connarc Fionn a ttenta A comhrac ger mhíceillidh do choisces í gan doghraing do bhenus a ffireigin a cenn dhisi lem ghormlainn Conarán mac Caimidil do Tuaith dealbdha Dé Danann athair na ttrí n-aimideach ro fhágbhas íad gan anam Clemhnus agus caradradh do gní Fionn rim ón treasso do laighdigh sin m'faltanus no gur marbhattar Fedha Fedha mac a ingine torchar le Fionn tré úabhar mac sin Cainche imghile día éis atú go huathadh. Uathadh. Leath an Duanaire gonuige seo.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services