Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Duanaire Finn I

Title
Duanaire Finn I
Compiler/Editor
Mac Neill, Eoin
Composition Date
1626
Publisher
(Londain: I.T.S., l908)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



I.



Eól damh senchus Feine Finn
re ré toigheachta in Tailginn
ó ré Fergusa neartmhoir
go ré Oissín ilreachtaigh



Bador diass dealbdha don druing
a Phadruic mhóir mhic Calprainn
Conán mac in Leth Luachra
agus Aodh Rinn rofhuachdha



Conán ga féindidh ba fearr
a n-iath Alban no Eirionn
nochar ághmhuire eirr áigh
ina Áedh Rinn mac Ronáin



Fionn do marph athair Aedha
i n-iorghail ní modh maerdha
Aodh Rinn agus Fionn fáthach
ba clann deissi dearbhráthar



Dorad Fionn d'Aodh ina thig
gach árd-comhaidh dar chuingidh
do mhac Rónáin co rathoibh
d'eruic ina dhegh-athair



Níor bhuidhech Aédh do chleacht goil
fan gcomhaidh do fuair na athair
da nderna in fer gníomh doiligh
dia ttáinic a dhíenoidhidh



Do bhí ingion ag Aodh Rinn
is hí ba háille i nÉirinn
diar mhór a ghrádh tré mhire
Eargna ainm na hingine



Do radh dhá bréithir ós cách
Aodh Rinn mac Rónáin roghnáth
nach rachad gan iomghoin as
fear da sirfedh a chlemhnas



Ba hághmhar d'Aodh ó do ghein
nach dtigeadh tar a breithir
ní lamhdaois laoich tré mhire
dol d'ierroidh a inghine



Ceithre bliadhna ó sin suas
agus sechtmhain co lán-luas
leithbhliadhain is mí amháin
gor thesta céile Conáin



A nGabhair eidir dhá shliabh
ann fa ghnáth in inghion fhial
Liffe inghion Rónáin Bhreagh
ro len a hainm don inbher



Do bhí Conán gan mhnaoi mhaith
in t-uassal issin t-árdfhlaith
ba hí inghion Aodha Rinn
a bhen diongbhála d'Éirinn



Adubhairt Fionn thall astigh
re mac in leth ó Luachair
go ttaoi a Chonáin do chlecht goil
gan ingin Aodha d'ierroidh


L. 2


Raghat da hierroidh amach
is cuir-si liom do theghlach
da fhichid deg do chlecht goil
iseadh lodmar da hierroidh



Da fhichidh deg a hAlmhain oill
do lodmar go ngoil ngluinn
go dún Aedha a hAird ruidhe
os úr Siúire sruth-ghloine



Tegmaid do dún Áedha in áigh
leicctear sinne a ráith Rónáin
ni raibhe Aodh thall astigh
do choidh sa mBreiffne mbaoghlaigh



Adchí Conán in mnaoí moill
is suidhis ar a gualuinn
togbhaidh leibh in mnaoí ar in mac
gan ceadughadh co comhnart



Gar iar sin tainic atúaidh
mac Rónáin in chloidhimh chruaidh
ró ghabh don dúnadh iarsin
mur ar fhágaibh an inghion



Innistear d'Aodh na n-arm náigh
Eargna do bhreith do Chonán
ó Shiúir hsruthghil na sreabh ngeal
go hAlmhain lethain Laighean



Nocha brisseadh breithre dhamh
a nderna Conán rom char
rob soraid don laoch dhána
fúair deagh-mhnaoí a dhiongbhála



Ba suairc a ccomhrac ar aon
Conán is Eargna fhionnchaomh
gur ghuin grádh na mná mac Finn
eidir a ucht is a imlinn



Níor lamhadh sgaoileadh in sgeóil
ro bhoí ag Oissín da haimhdheoin
ba hé Conán cenn a ccenn
a naémhadh neimhneach Eirionn



Luidh in rí go Ráith Chienaidh
do bhoí innte re blíadhoin
gan chocadh gan chíos gan cháin
a ffail Chaoilti mic Rónáin



Laithe dia mbámar ag Bóinn
da ttug Osgor bréithir mhóir
go nach dteichfedh siar nó soir
in gcéin do bhiadh na bheathaidh



Adbert Aedh re hOsgor inn
dia gcomhaille in mbretir mbinn
mo ghenor ata ad bhethaidh
a mheic Oissín airmlethain



Abair riom a Fhinn go ngoil
a mheic Cumhuill a hAlmhoin
cáit a bhfuighe hsiar nó hsoir
áit ar mhillius mo bhréithir



Mo in tarcuisne tugadh ort
do ráidh Fionn faobharnocht
gan tinnsgra gan tochmarc treóir
breith hinghine do t'aimhdheóin



Adbert Aodh do ghuth ullamh
budh haithreach mo shárughadh
muirfedsa Conán na glonn
agus biaidh m'inghion agam



Na habair ar Fionn na ffledh
re hAodh mac Rónáin roimhir
acht cuinnigh cóir cenn a ccenn
ar mac Aodh Leith go lánteann



Dia mbámar i mbun Éirne
ar ccumasg cáich ré chéile
siris Aedh ar Chonán chas
íoc na mná sin go hamhnas


L. 3


Muna abra an inghean féin
adubhairt Conán go gceill
dobhert mo bhréithir go mblaidh
conach ffuighbhe red bheathaidh



Anois uair adfessa
ar Aodh ós cionn an easso
do chuaidh na threalamh ghaisgidh
d'ionnsaighe in áird aistir



Innsaighis Conán tré feirg
ar a sgéith uaine ódheirg
do ghaph in mílidh nár mhall
a chloidhemh is a chathbharr



Lodmar go hInis na nÉan
ris a ráiter Inis Saimhér
is maircc do leig cenn a cenn
dá uaithne áigh na hÉirenn



Maircc do bhí ag fechain na ffer
mairg Laochraidhe ler leigedh
is maircc do leicc cenn a ccenn
dá cathmhilidh Fhían Éirinn



Maircc dorad in béim co prap
do Chonán issin chomhnart
dar ledair in cenn co cnáimh
tré chertlár chathbharr Conáin



Do rad Conán co gcéill ccruinn
béim cloidhimh d'Aodh na ghualainn
gur thesc a cenn sa laimh ndeis
día bheim curata coimhdheiss



Ticc aníos Conán croidhe
a haithle na hiorghoile
mac Rónáin co ccaoimhe gcnis
ro hadhnaicedh sa n-inis



Sechtmhoin is mí na luighe
do bhí Conán cathaighe
leis na leghaiph do badh dóigh
ternamh a chnedh a ccedóir



Bliadhain do Chonan ar bith
gus in laithe rod búaidhredh
seachnóin Sligheadh Dala duind
is in maighin ós Echdhruim



Cnuimh neime ro ghaph na chinn
tre nimh chloidhimh Aodha Rinn
marph ar Maigh Dála na n-áth
do ghalar ceithre ccert-tráth



Ag sin oidhigh Aodha Rinn
a Phadraig na mbachall mbinn
do mhac in Leith nachar lag
mar do tháot issin comhrac



Turnaim a Phádraig dot chrois
rugas mór n-uidhe n-anffois
ní binn liom ánius ná ól
tar éis na Feine ar aineól



Mise Dubh-dhed go ndéine
tar éis flatha na Feine
ón ló iniudh sam bíodhbha ban
díol na Feine is degheol dam.



Eol.


L. 4


II.



Cumain let a Oissín fhéil
ar tturus go Temhraigh tréin
da ochtar do bhronnadh bruit
do comhól go tegh Cormuic



Do bheirim briathor go mbáigh
a Cháoilte mhaith mhic Rónáin
eólach mé i bhfremhaibh fine
in sgeóil ataoí d'fiafraidhe



Dar gabh in mheisce Cormac
ar Fiond ro fuagair comhrac
leision ba haithrech in dáil
dia ndernador iomarbháidh



Ro ráidh Corbmac rem athair
mac Airt mhic Cuinn Chedcathaigh
go gcuirfedh fa fhalaidh dhe
Fiond fo ghabhail an choire



Gach a ndearnamar miadh ngle
adbert Fiond na Feine
gidh tenn let do croidhe dhe
fa liom búaidh gach én-chluithe



Da comraiciom let arís
a Chormaic da mbenam cíos
duit ní ba maithmhech a fhir
badh haithrech ar niomdheghail



Nocha dechaidh re t'athair
le Cumall mór go ccathaiph
a com-éirghe do com Cuinn
adbar far eirigh ettroind



Ro bhábhairsi trí deich ccath
i naghaidh Comhaill go rath
gér mear bhar mioghaidh na dháil
níor diongaibh sibh én-lámh



Conn agus Goll dia láimh dheis
allos a sgéith nar bh'aimdheis
agus fir Éiriond uile
ag goin Comhaill cneisbuidhe



Muna beidís fir Mumhan
's Connachtaigh na gcuradh
seim sleighe ní thiúbhradh dhe
do chloinn oile Feidhlime



Adubhairt mac Morna mhóir
Garadh nachar gnáth do clódh
is rómhór in tár a Find
do beire ar chlannaibh chaemh-Chuinn



Adubhairt Fionn mar ro fess
nocha ndearnattar mo leas
do tendsad orm na tachair
sdo mharbhsatt mo deghathair



É féin fa ciontach ann sin
rug Moirenn leis ar eigin
do bhrisiom cath Concha cóir
ar Comhall mor mac Trenmhóir



Ro fiafraidh Fiond do Gharadh
iar suidhe do na fharradh
ósibhsi tráth boí and
cionnus do marbhadh Cumhall



Do bhámair-ne ré fir dhég
do chlannaibh Morna ní bréag
ro sáighsiom sleigh gach fir
a ttaebh Cumhaill cathmilidh



Cionnus ro fhreagair-siomh sin
béim n-amuis ar in mílidh
bennacht ort na can acht cóir
ge madh fúath let clann Trénmoir



Rangador dhá ghuin fan nguin
ó Cumhall ón cathmhílid
gion gor commaoídh do chara
a ccomaoin gach áon-ghona


L. 5


Is ann adubhairt Osgar
aithiosc fa borb brosgar
do gébhtha comhrac astigh
Fiond gé do bheith a FFrangcaibh



Fregraidh in guth sin Cairbre
mac ríogh na hÉirionn airde
do ghébhtha comhrac ó a chloinn
Cormac na biadh a nÉirind



Mar do chualaidh Osccar án
guth Coirbre dia chur a ttár
tig go diochra día dinge
go ffíoradh in fáisdine.



Do ráidhsed re Ciothruaidh cain
mac Fir chaogad mar do dligh
gaph dúain dot cheird inar ndáil
ni huair d'fheirg no d'iomarbháidh



Ro coisgsiod na slóigh uile
ro choisc Cormac cúlbuidhe
no gur gap Ciothruaidh a dhúain
re slios in tighe taebhruaidh



Moghénor do gabh in duain
dar comhcoiscsiot na sluaigh
snach raibhe ettrain don dáil
acht gan ar nairm do gabhail



Do tincedh Cithruaidh cédach
d'ór is d'airgiod is d'édach
ba hedáil dhosan ré a linn
a ffuair a gcedáir eadruinn



Gan codladh ó sin co lá
idir fhior is mac is mná
gan aén a fregra a chéile
ar egla na haithéirge



Ar na mharach dhuinn is dáibh
ro thennsam an iomarbháidh
nior millsemor ar ccaingne
gur cinnsemar comhairle



Sé fir dheg dhuinn iar foghail
do chloinn Bhaoísgne buadhghonaigh
fa iomarbháidh Finn angbhuidh
is Cormaic ó chlaoín-Temhraigh



Ro fhansatt uainn cland Morna
is clann Iollainn gan doghra
is clann Rónáin reilghe
ro fhansad ar chonnailbhe



Do chuadhmar ann co hEmhoin
meirge sénta ós ar sleghaibh
nior fforlann linn nar n-aghaidh
ar ccomhlann do Ghaoídhealuibh



Do b'áil re Fáolan go bfeibh
creach do dhénamh an uair sin
do bhacus uime an crech
go sgaoildís sloigh na Temhrach



Tiagmaoíd go hAóngus óg
mac in Dághdha na nglanród
do ronsatt is Aongus sith
is do tréigsiom ar n-eissidh



Glúasmaoíd ba mór ar ccáil
ar creich co Temhraigh tonnbháin
sé fir dheg dhuinne gan acht
is Aongus agar ngiollacht



Ba híad so na sé fir dheg
a Cháoilte ní hiomarbhreag
eol damh niod faigh fanna
a n-airiom a n-anmanna



A háon díobh mise badh dhéin
a dhó Osccar gan mícheill
a trí Fear Logha caomh cóir
is a cethair Ó Conbhróin



A coic diobh Áodh Beg mór rath
issin seiseadh Mac Lughach
in seachtmhadh Daolgus
agas in t-ochtmhadh Fergus


L. 6


In nómhadh m'athair Fionn féin
a deich Fearrdhomhain fír-réidh
a haen deg Colla caemh cas
a dó dhéag Ráighne roscglas.



A trí deag Ailbhe co ffior
is Fáobhrachán na cced ghníom
a ccoic deg Caince na ccerd
sa sé Iollann faobhardherg



Ro gluaisiomar deg ccéad bó
ó Themraigh ger mór in ró
sol do fagsam Taillte na mbrat
rucc oruinn Cairbre is Cormac



Teguid anoir agus aniar
Cairbre is Cormac ar aen-ríen
nocha nfhaca riamh oirecht
roba teinne tóruighecht



Mar feidhm ro gaph Aenghus uainn
in lá sin re hucht in tsluaigh
in nech ba hionáigh gan oil
in crech d'iomáin na háonar



Do bheirim brethir duit de
da madh cumhain le Cáoilte
nach ffaca crech ba crúaidhe
muna abeith a díombuaine



Do ronsam frithlorg ferrdha
tugsam rúaig co sluaigh Temra
do ghonsam Cormac na ffledh
sdo gabhsam Cairbre cnisgheal



Do níodhsam lámhach folaigh
mac in Dághdha dianghonaigh
gach nech da marbhthaoi tré ghus
ro fádhbhadh uile Aóngus



Gach bó dá curtaoidhe don chreich
do togbhadh ar druim eich
nir fágbhadh lúach eich bhréghdha
don chreich ag slúag finn-Temhra.



Targaid Cormac as Cairbre
mac ríogh na hÉirionn airde
eallach gan cáirde nar ndáil
is gan Cairbre do ghabháil



Dá ttugthá Éire uile
do ráidh Faolan foltbhuidhe
ní gebhmaois breith úaid ann sin
acht do cor féin fan gabháil



Nocha ndernamoir-ne síodh
re Cormac gér mhor a fhíoch
go ndechaidh fon ngabhail ann
a ffiadhnuisse ffer nEireann.



Mar do chonnairc Fionn co ngoil
Cormac do dhul fon ngabhail
do chóidh féin fon cenn oile
cathmhílidh ard Almhuine



Nó gur gerr an iris uill
gur gherr in coire cáogdhuirn
go ndechaidh in cloidhemh cain
fad secht ttroighedh i ttalmhuin



Is íad sin duit mo sgéla
gé bé do beit aga séna
a Cháoilte mhic sethar Find
a mhic ingine Cumhaill



Mo chen do Cináoth dom dhol
truagh nach ttesta dom sháoghal
do mill mo bhine méin ngluin
sgíth mo chrodihe osa cumain.



Cumhain.


L. 7


III.



A chaorthuinn Cluana Ferta
do chuadhmar uait ar echtra
go Cronnmhónaidh na gcéd slógh
toisg dar tuit Suca srónmhór



In lá sin a chaorthuinn chaoímh
ba híomdha trenfir réd tháoibh
um Gholl ón bhuailidh grinn ghlúair
um Garaid ón Bheinn bhreacrúaidh



Fa Dháighre gus in ccruit gciúil
ga seinm dhúinn go caireach ciúin
fa Chonán is fo gháol gheal
fa Aodh fa Art n-ingean



Fa Ghlas ó Ghlais lecaigh linn
is fa Art ón Moigh foidfhinn
fa Conn ó Bherramhain bháin
fa Chas agas fa Channán



Is fán Rúadh ó Ráith na bFian
maráon re Fionnros na fFian
fa Áonghus on Chráoibhigh cuirr
is fan Laimh Tréin a Liathdhruim



Deich ccéd sgíath-armach co sgéimh
do chloinn senmhathar Guill géir
an lá sin fa sáithech sinn
ar in ccnocán so a chaorthuinn



Is uait tangamar atúaidh
co Dún Glais in uisge fhúair
subhach sinn um tráth nóna
adhoigh ria gcath Cronnmhóna



Adubhairt Goll fa cáomh corp
biom go hairech sonn anocht
ad-gníu ar in flaith go ngoil
gér-mhana Fiond am agaigh



Dubh-abhann tarla rér ttaoph
do fagsam Áth Innsi hAodh
do fagbadh Leógha 'gun linn
is mise ar Cnoc an Chaorthuinn



Feorann is Modha ar mo grádh
ag iomchoiméad in dá áth
is Goll ar Ath Guill do ghabh
ag iomcoiméad ar Fhionn Almhan



Gan o Ghormabhainn na fFian
go roich Ráith Fráoich rinn aníar
gan taoisech náonbhair go neimh
do Cloinn Morna go maidin



Mar tainic go trath nóna
tig Fionn sé catha cróda
Frangcaigh Saxanaigh and sin
Brethnaigh Eireannaigh Íligh



Ro suidhedair longport lonn
ag in áth ag ar fan Goll
codhlaidh mic Mórna go mer
ní cúalaidh gáir nó grédhan


L. 8


Seachd ttráth dég d'Iollann armglan
gan tathamh gan tinnabhradh
acht áen deoch d'uisge ghlan ghrinn
agus cóic cáora caorthainn



Ba neimhiongnadh do Gholl ghrinn
bheith acobhrach tuirrsech tím
ag foraire ar Fionn na fFian
ó thuind Chlíodhna go Corrshlíabh



Deiredh oidhche ina iomhdhaidh
cómsolus fir ré fiodhbhaidh
essadhail Fionn go ngné ngloin
eirgidh go moch ar madain



In uair ráinic gus in áth
mac Cumaill gan fios do chách
ní cíen co ccualaidh an cur
annsin cuachsrann an curadh



Tainic tar in áth go holl
fuair Goll na chodhladh co trom
nochtais Fionn in cloidhemh crúaidh
os cionn mhic Mhorna mhong-ruaidh



Duisgis Goll sgéul gan sgeile
le hairmcrioth in cuilg neimhe
ros-togaibh in laimh ría sleigh
croithis in gcraoisigh gcrithrigh



Dia mádh áil riom ar Fiond féin
a Ghuill mhóir nach maith dom réir
cien ó do chuirfinn rem loind
do cenn ar cleith crúaidh chaorthuinn



Ruccus úaid do sgeith co sgéimh
is rugus do sgín nguirm ngéir
ag so duit re ttriall dot tigh
do trealamh catha a churaidh



Eirigh a Ghuill gaph do ga
tionóil chugad Clanna Mórna
ag sin na catha cródha
chugad a gcael Chruinn-mhóna



Mo bhennacht ort a Finn fhéil
dhamhsa is baoth gan beith dot réis
deich gcéad fa Art óg na slegh
ag so cucad dom chinedh



Deich gcéd fa Gharaidh go ngráin
tangattar edrott issin t-áth
togaibh do shleigh os do laimh
in ffaice coir sluágh Conáin



Gabhsa mo comairce ar cách
is adhlaic mé uait tar áth
coisg díom do chinedh is do clann
sul rabhar mo ghuin ghalann



Glúais ar mo sgáth issin sgairbh
gabh a Fhinn go hurlamh h'airm
go n-iodhlaicther tú ar Goll geal
iomlán gan chrecht óm chinedh



Do iodhlaic Goll Fionn na fFian
gan ghoin ó cách mar do iarr
ba hé sin in milidh mór
go riacht ceirtmhedhóin in tslóigh


L. 9


Cóig catha ag gabhail do Gholl
go rainic tar an áth anonn
nior sguirsiot don chur cródha
go ría ceartlár Cronnmhóna



Slegh Oissín slegh Cháoilte crúaidh
agus cráoiseach Ráighne rúaidh
edorbhuass co tric tarraidh
a nglaic Guill na ngabhalaip



Seolmaitne co daingen dórrdha
fa Goll do cloinn maith Mórna
clann a senathair is mo chen
deich gcéd sgieth derg ar deireadh



Goll romhainn is Goll nar ndeghaidh
a gCruinnmhóin aird airmleabhair
sinne úaidhe agus chuige
mar ba gritháil aon mhuice



Ni cuirsiom dhinn soir no síar
Caoilti is Oisin is Fionn fíal
mac Conbróin Cairioll rom car
secht ccéad deg d'oirecht Alban



Clann Chuáin clann Bhaoíscne bhúain
agus clanna Rónáin rúaidh
clanna Duibhdithroibh nár dháil tréith
ar ar ndruim go Duibhfhéith



Teit Goll íarsin as ar n-ucht
do ghoin Chairill ba cáomh cucht
do marbh trí céad co cródha
ar lecain crúaidh Cronnmhóna



Tainic chugainn Cairill crúaidh
is gasraidh Alban co mbúaidh
fagbhais deich gcéad marph sa móin
mac í chosgraigh Chonbhróin



Tainic Fiond sechoinn sa ród
cath mór gruamdha giolladh n-óg
do chongnam ar ccatha cain
tainic Iollann na n-aghoidh



In begán ro bhámar féin
ag sé cathaibh Finn budhéin
nior fagsam cú no duine
is Iollann gar n-ionghaire



Ba mor ar meisneach sar muirn
no gur tuit in oidhche orainn
no gor fágbhadh sgithech sinn
ar in ccnocán so in chaorthuinn



Basam foirtil as ucht Goill
ar gach oirecht druim ar droim
ó nach mairionn Goll na ffledh
is tenn oruinn gach aoinfher



Is mé Garaidh co ngloine
ní beg do crádh mo chróidhe
Magh Maoín na fhassach déis Guill
is mé ar cháoraibh caorthuinn



Is cúis dobróin is dóghra
Maónmhagh gan clann maith Mhorna
meissi ar tetheadh Feine Find
ar sgáth do chráobh a chaorthuinn


L. 10


Dunadh Dáighre in dún so thíar
i na ffaghmais ceól is míadh
ionmhoin in loch so láimh rinn
Loch Ríach is corcra cáorthainn



Mar do theigmís gan doilghe
do seilg bláith Binne Boirne
adcíadhmais co des don druim
do barr corcra a caortainn



Raghadsa amach sa Midhe
amarach go Magh mBile
loiscfed banntracht Feine Finn
ní bhíu ar comairce caortainn



Tiocfad anoirrthior anoir
gépad tre Glionn Conáin cain
íossad deghubhla sa glinn
is caora cumhra cáorthuinn



Ann do tairrngir Brenainn bláith
agus do bera in primfáidh
nemh d'anmain gach aoin teíd inn
a ttalmhuin cnuic in chaorthainn



Dam do tairrngir Diorruing draói
issin coillidh so rem thaoip
go mbíadh mo corpán sa gliond
re taoph cnocáin in cáorthainn.



A chaorthainn.



IV.



Sgéla catha Cruinn-mhóna
a lucht rér bh'áil a n-eolus
líon na ccuradh ccomcródha
atú féin orra am eólach



Clanna Rónáin tiodlaictigh
is clanda Báoisccne bódhbha
ro bháttar san iorgail sin
is deich mic fhichead Mórna



Í Daboirionn bhúadbhallaigh
is í Duibhdhítribh nemhghaind
sa cath sin do chódarsan
lé chéile is clanna Neamhnainn



Do frestail in coinneamh sin
do bhí ag Goll mór mac Mórna
gan codladh gan coisregadh
ag fritháilemh dhósan



Faire fri ré sechtmhoine
do bhí ar Goll na ccles n-ámhor
ní bhiodh tríath ba nertmhoire
issin chath ar na mhárach



Ar sgáth croinn go déighenach
do bhí Goll na slegh mbúadha
adcí cuige in t-éigess-mac
dá ngoirthí Daighre Dúanach



Aón oidhche don fhoraire sin
siris Goll ar a gháoltaibh
arádhasan nach ccoisgfidhe
aniomarcaidh go ffáobhraibh


L. 11


Do sir Goll an filidh sin
na thechta go mac Cumhaill
dfagháil sgéal in ffidir sén
annsa bhFéin fer a fuluing



Ro fhiafraidh Fionn Almhaine
dFianuibh Éirionn anéinfecht
cía rachas le daghcroidhe
anaghaidh Ghuill na ngérslegh



Adubhairt Fionn grinnbherlach
go madh da mac badh córa
do ráidh Oisín ilbheurlach
nach dingebhadh mic Mórna



Do ráidh Osgar anglonnach
maith gach mac mur a athair
dar leis féin ba neamhgothach
dhó gan dol ina aghaidh



Ag fregra don ríghfeinnidh
adubhairt Fátha Canand
gidh bé bhéss co míceillidh
tegadh ann is ní racham



Gér bh'olc lé ar fflaithfheinnidh
do ráidh Diarmaid Ó Duibhne
nach rachadh féin na cathéideadh
anaghaidh láimhe in Guill sin



Mac a meic sa ingine
diarbhó comhainm Mac Lúghach
dar leis níor uo gníomh impidhe
dol do diongbail in curadh



Fionn anúair ro heitighedh
do cuir aghaidh ar Cháoilte
a ndiaigh cháich go deitbhirech
eitech úatha nior thaoisccae



Ro ráidh Fionn ar ffeargughadh
íar mbeith treimhse ga n-atach
gniomh mar súd ni dhernabhair
a clann brughadh is balach



A diongbháil don ríghfeinnidh
do geall Cairioll ó Conbhroin
ní he gniomh mícheillidh
do gealladh ríem re hablóir



Tug Dáighre na bríathra so
leis a ccomdail a bráthar
gor geall buidhen íarmartach
do coisc Guill ar na márach



Ní thiocfaidh am comhrac-sa
Fátha Canann no Cáoilte
adubhairt Goll glórthasta
náit maithe chloinde Baoisccne



Innisim dom derbhrathair
os hé nach diongna aithris
liom féin gomadh nemhghábhadh
Ua Conbróin cona maithip



Do chreid Goll na sgéala so
do innis Dáighre Duanach
d'eiss eóluis do denamh dho
do chúaidh in t-éigess úadha



Do chóidh Goll an aghoidh sin
d'eistecht ré clannaiph Báoisccne
día a fios cía le ndamhaighther
techt na aghaidh co fáoilidh



Adchúalaid in moir-fedhan
ga roind ag rígh na Féinne
Fíana na ccoic ccoicedha
anaghaid Ghuill ré cheile



Cuirim Cáoilte cruind certach
agus Sein-iopar crann-rúadh
coscc Guill ni ba haimneart dháibh
clann rí Lochlann sa nglan-sluagh



Donn mor Monaidh Echtcolla
da mac Rúaidh Oirir Alban
bid in buidhen eachtach so
a ttúss in catha calma


L. 12


Goll Golban is Cas Cúailgne
dá ríghfheinnidh Fhían Uladh
muinnteir in dá glan-úaithne
le chéile ag cosc in churadh



Ferrdhomhain gér rí-fheinnidh
ar fhíanaibh díana dorrdha
dhó féin do ba mícheillidh
techt anaghaidh mhic Mórna



Rí-feinnidh Ó gCeinnsealaigh
dar leis féin ba rí rathmhar
ba holc toiscc in tinnscetail
anagaidh Ghuill sa cath so



Teguid Fiana Urmhumhan
san chath mar gach áen oile
iomda óig ag urlagadh
d'egla Guill na ccles neimhe



Ro siriodh Fíen Desmumhan
le mac Muirne mun ám soin
doip ger mhór an merughadh
tigid ann na n-ármoib



Fíena tailce Túadhmhumhan
tegaid amesc na Feine
do bhí sin na nuallghubha
sol do sgarsat re chéile



Le mac Muirne munchaoímhe
do hiarradh ar Fhéin Connacht
beith mar cách ag urlaighe
anaghoidh Guill sa chosgar



Do cuiredh in Gairbhtheglach
le mac Cumhaill hí Bhaoísccne
buidhen fíochda airmnemhnach
anaghaidh Ghuill don táoibhsin



Clanna Nemhainn sonartoigh
do ba dóigh lé mac Cumhaill
gur cuiredh sa cosccar soin
nach ffuair Goll fear a fhulaing



Gan aoinfher na n-uiressbaidh
ar in táoibh thúaidh do Cruinnmhóin
do cuir Fionn in buidhen soin
re cois Chairill uí Chonbhróin



Rí Laighen go ttromthoradh
da rígh Mumhan gér dhaoirse
don taoibh thess do Cronnmhonaidh
Fionn féin is clanna Baoisccne.



Glúaisis Goll gniomhéachtach
déiss na randa sin uatha uadha?
go rainig in righeigiss
dier comhainm Dáighre dúanach



Le Fionn ó do sirfidhe
do cosg Guill in slúagh trom so
do fiarraidh don filidh sin
cia do cloinn Mórna an Goll sa



Riotsa féin adubhrattar
ón ló tucadh cath Cnocha
Goll o fuaruis sulbasgadh
ann do bhúail Cumhall thusa



Ar egla do láimhe si
ro ceiledh ort in t-ainm sin
lé mac Muirne baghaighe
a Guill airdechtaigh aingidh



Mas cugamsa cruinnighther
a ndubradh lé mac Cumhaill
nír ffoláir a n-oirichil
ria techt don tslúaghsin cugainn



A haithle na faire sin
do bhí ar Goll ré secht n-óidhchibh
abheirt a airm ailtnighe
láimh ré hIollann na n-oirbher


L. 13


Do rónadh seal codalta
na díaigh sin ré mac Mórna
co ccualaidh Fionn ochbhadhach
in laóich a n-aice in omna



Glúaisis Fionn na áonarán
día a fhios cía do ní in codladh
go ffacaidh in t-aón mhacám
gan áondhuine ina fharradh



Brethnaighiss in ríghfeinnidh
ó do bhádar na n-énar
marbhadh Guill go mícheillidh
snach fess cía do dheanadh



Eirgis Fergus fínbhélach
andiaigh Finn asa codhladh
do chonnairc Goll gniomhéachtach
is Fionn ar tí a ghona



And adbert in filidh sin
re mac Cumhaill co faobhrach
gan bheith ar tí beinibi
búaine bladh ina sáeghal



Duiscis Iollann órarmach
ódchuala Fionn fa sile
le mac Cumhaill chomhramhaigh
iarrthar comlann a trice



Do diult Goll in comrac so
do cor ré rígh na Feine
adubhairt gur dhomblasda
tríath ag comrac sa chéile



Adubhairt Fionn in flaithfeindidh
nochar bhé sin a adhphor
dia mbeit Goll na chatheideadh
go madh mien leis a mharbhadh



Duss-rad Fionn in trealamh soin
díaigh indíaigh ina mbállaibh
eirgis Goll go feramhail
in tráth sin ina aghaidh



Do loc Fionn in comrac sain
ré mac Mórna do dhenam
adubhairt nar comcosmail
comrac 'sgan cách ga féghadh



Sgaraid in dá righfheinnidh
uman tráth sin re aroile
do gabhsad co miceillidh
ar na mhárach la cuinne



Is aibeil do fregradar
iar sgaoileadh do Glas Gréine
an dá degláoch degthapaidh
Crunnmhóin i ccuinne a chéile



Le mac Cumhaill láinfessach
nir hanadh re mac Mórna
do roinn sé go fáthbertach
cách ar dhoirsibh na móna



Ua Conbhróin sa a ndubhramair
tuass a ttosach in sgéil si
a n-aghaidh Guill chúil-sgathaigh
do codar cách lé chéile



Innsaighe Guill ilechtaigh
nochar b'adhaidh ar charuid
toisg seabhaic fo minéanuibh
do bhí aige na n-aghaidh



Clann ríogh Lochlann luathbhárcaigh
battar i ttosach in comlainn
mac Mórna do lúathbhásaigh
is nior lughaide a ndoghrainn



Sluagh Osruidhe um Fearrdhomhain
cía don tslúagh sin na marbhadh
Ulltaigh ann co gerghonta
nior bhferr do cloinn riog Alban


L. 14


Fiena úaisle Urmumhan
nír sgarsad gan beit leónta
Ceinnsealaigh adubhrattar
narb é an cath sin a n-eolus



Gur ledradh Fíen Dessmumhan
sa cath sin lé mac Mórna
ní fhuilim na mherughadh
gach láoch dhíbh ina dhá ordain



Fían tíodhlaictech Túadhmumhan
sa n-iorgail sin ger b'umhal
ca fios duind in ccualabhar
nir térnótar don turus



Ní bhiú-sa ga ro-sgaoileadh
a ndernadh ré mac Mórna
fer na sgél do commaóidhem
ní dechaidh as don tslogh sa.



Le Fionn don leith eile si
do brisedh ar cloinn Corbmaic
mór in t-adhbhar deithbire
ro cuir Goll sgieth tar lorg air



A gcenn Sionna sreabhúaine
tug a aghaidh in úair sin
ni frith céim budh dheghchruaidhe
gur chuir iatt tar a ghúaillibh



Do ríghne Goll lántapadh
gidh beg mór do bhádar
Duibhfheith no co rángattar
nír gonadh iatt 'sníor marbhadh



Ro fágbhadh mon n-ám sin
clanna Baoisgne fá mhéla
le henláimh in Iollainn sin
amhlaidh so ataid a sgéla



Gidh aibhinn in tulach sin
ar a ffuiltí-se a chleirce
aniú isam dubhach-sa
ag innisin in sgéil se



Mise mac in righfheinnidh
día ngoirthí Oissín éachtach
fada dhamh go míchéillidh
ag sin a Phatraic mo sgéla.



Sgéala.



V.



A bhen dén folcadh mo chinn
cien ó do sccar ré Féin Fhinn
blíadhain ar chóic mór an modh
nach ffuair aoínbhen dia folcadh



Sé blíadhna deg gus anocht
aóibhinn damhsa fom deghfholt
doiligh aithne in cinn sin de
tar éiss trillsi thonnbhuidhe



Uchán fa hé in cend trúagh
fa ndendís conart conuall
damadh an lá ar Leitir Lon
do geupadh mná dhá folcadh



A thurus co leitir Lon
turus far gnáth mór ccosccar
dar marbsamair daim donna
os ur locha Líathdroma



Iomarbháidh do rónsam thall
meissi is Cáoilte coisettrom
dar deilighsiom in seilg sáimh
tré feirg is tré iomarbháidh


L. 15


Aduphairt Cáoilte croidhe
fear nar optach n-iorghaile
ba ferr do bronnadh bó is each
is mó do ba gaisgedhach



Adubhartsa nar ffíor dhó
don fiorfhlaith ní hiomargó
damhsa acht gé do rala a rádh
ba hé in cara Caoiltechán



Do cuaidh Caoilte co Cionn Con
téigimsi co Leitir Lon
Caoilte sa muinntir go n-ágh
agus mise um aonarán



Nochar marbh Caoilte na ccath
in lá sin da lúathlámhach
in fer ar ar minic bladh
acht madh eilit is aon adh



Dobert mo breithir a bhen
ni trath breg do deanamh dhamh
go riacht liom tar magh amach
trí cáoga damh dásachtach



Dar do láimh a bhen náoidhe
ba ferr folacht Formáoile
trí cháoga damh sega sunn
um cháoga muc da ffuighioll



Mo lámhach a Leitir Laoigh
nir bé in lamhach maoth macaoímh
trí fiched fíadh ar in ngurt
um na trí fichid fiadhmhuc



In cú do bhí um laim luind
Gaillfheith cú Finn mhic Cumhuill
nir tarraidh in talamh te
cú ga mbíadh geall Gaillfheithe



In fo-gha beag boí um láimh
secht semonna día congbháil
fa meinic mo lamh na cronn
fan leitir nochar leattruim



Maith in fogha fogha Finn
do bhí neim mor na glaisrinn
gach áon riemh da ttarlaic fuil
nocar blais biadh na bethaidh



Día madh é in lá sin a bhen
dom riechtainnsi sech gach fer
do ionnólta mo dhí láimh
ní dionganta m'iongghabháil



Truagh nach edh do ríghnis riom
a inghen fheta foiltfhionn
mo chur-sa fan gcarn fuar cloch
is mo maol truagh do thonach



Do badh maith maisi in fuilt finn
do chonnairc cách ar mo chionn
do chúaidh diom ar aon réim raith
gur mé in glas galraightheach



Robadh maith foirniamhadh mfuilt
robadh maith in comdach cuirp
nocha ttáinic tré cnaimh cinn
folt a commaith acht folt Finn



Giodh íatt na fiacla so thúas
issin sein-cionn etorbhúas
robattarsan eacht oile
teimdis cna cend-bhuidhe



Do cognadís colpa doimh
go crúaidh ciocrach conamhail
ní fhágdaoís áighe nó alt
dhe nach dendaoís minsgamart


L. 16


Giodh íad na súile so hsuas
issin sen-chionn etorbhúas
anocht giod freamha fola
robsad géma glas-tana



Anoidhche ré dorcha doill
ní berdaoís coiscéim n-iomroill
anocht ge dechuinn amach
nochan fhaicim an táonach



Giodh iatt na cosa so hsíos
nocha agcuiredh orra sgios
inocht isad cúara croma
gursat trúagha taobloma



Ge atáid gan lathar gan lúth
nochan fheduim a niompúdh
robsat lúatha fecht oile
andiaigh fúatha Fionn-bhuidhe



Fúath Fionn-moighe ar Magh Maoín
fuaramar greis dia domhaoín
día Domhnaigh dhó ar moigh Midhe
día rug Cormac cró fhinne



Ro rethsad na Fiana fris
dearbh leó in fúath co ttairsidís
ní rug nech ger garg a ngus
acht Oissín a nArgadros



An tOisín truagh adchí sond
fuair mór d'olc is d'anfhorlann
a ndiaigh in fhúatha bhódes
go Bernán fhúar fháobharchles



Is ann ro ling leim dána
go hárd úathmor allmordha
is tarras a láimh ar lúas
ro-dus-búailius edorbhúas



Dusradus beim calma crúaidh
tar a láimh n-eitigh n-adhfhúair
do bhenas gan tacha thoir
in t-ór dia crobh sa chomhraidh



An comra beg boí um láimh
umar tescus crobh in sgáil
gemadh re badh áil in t-ór
do ghébhadh é ina mhedhón



Deich ffailge innte d'ór Fhinn
agus a deich le Croibhfinn
a deich díbh le hingin Ghuill
sa deich le hinghin Iorghuill



Airiom a hóir ó so amach
affégmuis óir a ffalach
nochan fidir fer fesa
lé hiomad a hionnmhusa



Eol damh deich ffoilchis ag Fionn
do shédaibh is meabhair liom
trúagh a mbeith fon talmain the
deich seóid gacha foilchise



And atáid a chuirn cháomha
re taoíbh coirthe Cairn Aédha
ar in tulchan úadha aleithi
ro foilcis deich nedaighi



Faoí atáid slegha sealga
da ngontaoíghe doim chinndherga
ionmhuin laimh laoígh ros meile
caom ro ceil cloch Almhuine



And atáid cuirn ambíd cuirm
do leattáoiph Essa Modhoirn
gebé do iarrfadh go tend
ní fuighbhither go foirchend



Íadsin is seoid oile Fhind
sech gach duine do dhleirfinn
nochin feidir dibh uile
sed gan egor d'fionndruinne



A ffuaramar fan mbioth mbúan
dobadh líonmar re a n-iomlúadh
ar cuirsiom i ttalmhain treabh
ní fuighbhither go brath a bhen


L. 17


Atú dia n-éis uile sin
beirthe a bhuidhe don Choimdhidh
gan lúth gan athfac rem lá
ar cúl cathrach Chionáodhá



Baisdeadh Phatraic is ferr damh
oldás folcadh bregach ban
ag díon ceall is tuadh is treabh
madh céd le Día dena a bhen.



A bhean.



VI.



Fúar ar n-aghaidh a Loch Luig
nochan fhúaramar osuic
día ndechaidh Fionn na Feine
do hseilg Eichtghe aimhréidhe



Aodh mac Morna meic Garadh
tig cugainn dar flegughadh
ba hí a breith ar mbreith uile
go Loch Riach na ríoghruidhe



Ni dechaidh leision Fionn féin
acht do fan ar an uirsléibh
battar na botha ar in ghort
geis dó leim tar longport



Lodmairne coiccer calma
is fiche ogláoch amhra
cetrar leis gach mac amach
coiger is fiche armach



Sgís leinn a haitle ar ffíadhoigh
in líon do bhádhmar d'Fíanaibh
ger mór ár gcédfaidh ar ccáil
maith linn feis oidhche dfagháil



Ro bhattar ag Dumha Mhuc
lucht cúl-coiméada ag Cormac
Lunna agus a mheic mhóra
dobadh cuibhrionn comh-chródha



Iar sin lodmar-ni día tigh
ferr dúinn nach tteigmis eittir
ruffríth deabhadh ní mo ghenair
nír bhó comdháil cairdemail



Lodmar co lios na ttobar
is ní fhuaramar oslacadh
níor mó leó ar cceól uile
ináid faoil na fíodhbhuidhe



Adbert Díarmaid ó Duinn
muna hoslaicthear romhaind
lingfed fam comhair in cladh
nó go ndíoghlar m'anfhaladh



Ro ling Diarmaid ó Duibhne
in cladh sin gan comhairle
dobadh luthmhar lúth a chos
dúinn gur oslaic in dorus



Eirgidh thall um thrathnóna
Lunna agus a mheic mhóra
cáoga Lochlannach líomtha
ba hé in comhlann coimfíochdha



Marbaidh in slógh i chéile
os oirer in úr-shléibhe
ní ternó caómh nó cara
dona hógaibh armthana



Comhraicios Diarmaid ó Duinn
is Leacach lonn ó Lochluinn
comhraicis Mac Lúghach lán
ar in leirg agus Lecán


L. 18


Comhraicis Oissin amhra
agus Lunna lán-calma
go ffúair Oisín a forrach
i n-iomairg ón allmharrach



Comraicim-si don leith atúaidh
ar in leirg is Ciorcall cruaidh
rus-fuair Oscar a fhaire
ó Ghreallach na greallaighe



Deichnemhar dhuinne mar soin
sinne agus na hallmhuroigh
nocha dtáinig ar ttoirrsi
go lá gona lán-soillse



Sa maidin ar na mhárach
ro treigsiom uile ar lámhach
rodus féch Osgar armglonn
Oisin isin anfhforlann



Ro éirigh aignedh Osgair
ar gcinneadh in chruadhchosgair
agus do luathaigh a láimh
fo bithin Oisin d'edráin



Do dicenn Osgar Greallach
dia cholg búadha leimionnach
ro marbh ré Longa luingsech
Osgar de ba hattuirrsech



Do sáith go Mac Lughach lán
Osgar do oigheadh Leacán
da chuaidh na íath tar sruth goir
rusfubadh cenn lúaithleacaigh



Ro siacht chugam Osgar oll
íer mbúaidh gcosgar is gcomlann
oirismit ar leirg in chnuic
ier mbuaidh gcosgair is gcomhraic



Uisce fionnfhuar Locha Luig
is mairg bheirius tría na chuid
óir is ionn ro fagbhadh dhe
na Lochlannaigh ina luighe



Oglaighthear Cormac ua Cuinn
fa a mhuinnteir re mac Cumhuill
doiligh leis go lá a éga
bás a chuire coimhéada



Tiomairgther Flaithrí is Fiothal
go Cormac bfáthach bfíochmhar
do breith na breithe nar lag
eidir Fionn agus Cormac



Ro disligheadh na daoíne
ní maith druim ré céd-aoíghe
ba hí breth na mbrethiomh nglan
a mbeth diolus fa na ndiultadh



Ní faca aithchin Osgair
ag cur catha nó chosgair
acht in láoch Lughaidh Lágha
a gcionn gacha cruadála



Anrádha in talman uile
sa mbeth a ccorp énduine
do bheithdis fó chrú chumhaidh
ó colg Osgair echtgonaidh



Nochar taruill ar talmhuin
indíaidh Conuill chatharmuidh
láoch badh beódha ré forrach
oldás Osgor anglonnach



Nochar gaph laighin na láimh
aithchin Diarmada dreachnáir
go ffogus nó go fada
tar eis Logha lamhfada



Do fhanfadh Oisín ba ferr
tareis annradh na hEirionn
acht go ndamhaidhe dhó dephaigh
ar fichtibh nó ar aoínfheruibh


L. 19


Do dergad Mac Lugach lonn
a colg ría ccách a ccomhlonn
do cinneadh orra uile
do cosgar a chédghuine



Nochan feadar mh'élang féin
mait fer mar cách fa coimhreim
ní dheanuinn uráin ágha
sní imghabhainn urána



Ag sin ar ttesda fíre
m'aósa cumtha agus coimhdhíne
do creidfeadhdís Fíana Finn
na tesda tar a ttigim



O tigh Mhuiredhaigh mic Flainn
agus Mhanainne ó Mhaonuinn
ro sirinn cairge is cúana
agus aird aghfhúara



Ro thairrngir Fionn na Feine
damh a haithle na heirge
go dtiucfadh grían tar mo ghrúadh
a n-Ard dha fhian go hinnfhúar



Ard dhá fhian ní haithnidh dhamh
ar tuinn tíre nó talmhan
acht ge gar ge ingar úam
do ghéubhsa ionadh imfhúar.



Fuar.



VII.



Maidhim in mhaidin fa ghlonn
robsam fuilech áithedrom
ros fothracdaoís fíena a ffuil
ós ur Droma hEóghabhail



Ro cherbhus in láoch gan chíaidh
murar chursamor ar nglíaidh
dar cursamar cath ann sin
dia a ttugas liom cionn Cuirrigh



Do rinnios béodhacht trá
do rinnis fogra foghlá
do leigios a laoígh fa mbúaibh
uile sa nEirinn armrúaidh



Do rinneas beódacht trá
do rinnius fogra foghlá
go ttugas fa gniom grinn
gul gach en-tighe a nÉirinn



Do rinnius beodacht thrá
do rinnius fogra foghlá
is ro laiscedh go léir liom
muilte agus átha Éirionn



Íar sin ro leigedh riom
eich athloma na hEirionn
teigim dhíobh do lúth mo chos
no go ranac go hAirgedros



Iar sin do chuadhus anonn
is beirt in doirseóir umam
agus an oidhche sin gan echt
is me fa cuinnleóir do Cormac



Is ann adubhairt riom thall
ardruire úasal Éiriond
iongnadh an ní adchim dom dheóin
dha shúil Cháoilte um chuinnleóir


L. 20


Bennacht ort na ráidh ar Fionn
ar flaith na ffian ffoiltfhionn
gé taim i ngeimhiol it thigh
na beir tár ar mo muinntir



Ní hé sin aignedh Caoilti
sech gach fer dot locht laoídhthe
ní fhoirshenadh coinniol chain
ar a ffuil d'ór ad comhraidh



Anúair fa ttairnic in t-ól
ag in rígh rogharg rómhór
téigim leis nochar chéim cam
co rainic in teg coitcionn



Uime sin tugas bhó des
mór dob áil liom a aimhleas
is do radus liom dom dhéoin
caonnach Seasgainn aird uairbheóil



Da radus i tTemhraidh te
ben cumtha día chéile
ben an fhir cumtha-sa tra
uaim gus in fir leptha-sa



Tuccus bean Cairbre gan acht
sdo radus í do Cormac
tucus ben Cormaic amne
sdo radus í do Cairbre



Do chuirius cloidemh in rígh
um truaill féin ger mhór in gnímh
mo cloidhiomh fein Gile in ailt
uaim a ttruaill cloidhiom Cormaic



Ro fhíafraigis de ar na bhrath
um tráth eirge ar na marach
an innise dhamhsa dhe
créd d'fúaisgeóladh am oide



Día ttugthá let in gheilt gharg
isin ghribh ingnech imard
is fíacha feagha Dhuinn Da Bhenn
dhá lachain ó Loch Goibhniond



Da toghán a ccoiltibh cráobh
do leathtaoíbh Dhroma Dha Ráon
agus dá dhoghrán íer soin
ó Choraidh dhonnbháin Doghair



Da damh as in Eichtghe aird
da lon as Leitir Lonnghairg
dhá dhreollán a Dún Aíffe
da choinchinn ó Chorraiffe



Dá throisc a Doire Dhá Dhos
da fhearán eighne a Damhros
da chadhan ó Loch Da Dhall
dha ealaidh Irriss nDomhnainn



Sionnach seng Shléibhe Cuillinn
da choin allaidh o Bhoirinn
da gheiss a Fiodh Ghaphra guirm
da coilech fedha a Fordruim



Mór in cheisd rod lá orm
nochan fhurus a chumhall
do rad mé a ngliaidh go dána
a bheith i ndiaigh na tiomána



Tiomáin tugus tar faithe
mór an oboir énlaithe
dobadh gníomh suairc seghda roinn
a ffuaslacadh mic Cumhuill



Do chúaidh in fiach uaim bodhess
mar dob áil liom a aimhleas
co hÁth Mic Lughach rod fes
re Loch Lurgan aniarndes



Do chúaidh an lacha uaim fan lágh
nochar ffurus a gabhail
tas bhrúach na Berbha braisi
tar sgairbh Inbhir Dubhghlaisi


L. 21


Is annsin rom-fagaibh in gheilt
in tan roba d'éis mó neirt
ar lár rátha Feine Finn
no gur gabus a gCruimghlinn



Tarrus in chorr ar bhraghaid
gion gur ffaoilidh lé tainic
agus tugus liom ré mo smacht
d'fuasglacad Finn ó Chormac



Gach a ffuarus d'olc leó
tiucfaidh liom gein bam beó
tar gach ffothair is tar gach fán
rom-gaph do leith Loissionnáin



Ro sgarus re mo chairdibh
tainic urchra rem aimsir
terc mo bhíodhbhaidh gach re lá
ingach ionbhaidh maoidhim-sa.



Maidhim.



VIII.



Ceisd agam ort a Cháoilte
a fir na n-árm n-iomláoite
cía ga raipe in Corrbholg cóir
do bhoí ag Cumhall mac Trénmhóir



Corr do bhoí ag Manannán mhín
fa sed ilbhúadhach go mbrígh
día croicionn sin coindealbh borb
de do righnedh in Corrbholg



Innis duinne cred in chorr
a Caoilte go n-iolar nglond
nó cred far cuiredh a fhir
a croicionn fana sédaibh



Áiffe ingen Dealbhaoíth dhil
lennan Ilbric iolchrothaigh
tarrla for seirc in fhir hí
agus Iuchra go gcáoimhlí



Cealguis Iúchra chum snámha
Aíffe nocar chuairt ágha
dar cuir hí tré luinne amoigh
a riocht cuirre fo chuirrchib



Fíefraighis Aoíffe íer sin
d'ingin áluinn Ábhartaigh
ga fad bhíad sa riocht so a bhen
a Iuchra áloinn uichtgheal



An críoch chuirfet ní ba gerr
ort a Aoíffe na rosc ró-mhall
beir-si da ched blíadhuin bán
a ttigh mhíadhaigh Mhanannán



Bíaidh tú sa tigh sin do gnáth
ag fanamhat fút do chách
ad chuirr nach dtaisdil gach tír
noch attacfainn tú entír



Do ghentor soightheach maith séd
dot croicionn ní beg in béd
bidh é a ainm sní bréag dhamh
Corrbholg na séd fo dheireadh



Do rinne Manannán sin
don croicionn od fúair oighidh
do bhí fo gach séd dhíobh sin
aige ni breg na deghaidh


L. 22


Léine Mhanannáin sa sgien
is crios Goibhnionn ar áon-ríen
duphán gabhann ón fhior bhorb
seóid do bhíodh issin Chorrbholg



Deimhios righ Alban gan fheall
agus cathbharr ríogh Lochlann
do bhoí ann re ráite sin
agus cnamha muc nAsail



Crios do dhruimnibh an mhíl mhóir
do bhoí sa Chorrbholg chóir
ader-sa riot gan dochar
do bhiodh ann ga iomachar



In tan do bhíodh in muir lán
ba follus a hsheóid ar a lár
inuair fa tráigh in muir borb
folamh fo deóidh in Corrbholg



Ag sin duit a Oissín fhéil
mar do ríghnedh é budhdéin
agus inneosad fesda
a imthus a himtechta



Ro bhoí in Corrbholg fé fada
ag Lugh láochda Lamh-fada
no gur thuit in rígh fo dheóidh
le macaibh Cearmada Milbheóil



Do bhí in Corrbholg ier sin
aca sin ina deghoidh
gur thuitsiod in tríar ger mear
lé macaibh móra Míledh



Tainic Manannán gan sgís
rucc leis in Corrbholg arís
níor taisbéin é do dhuine
go ttainic ré Conaire



Ro codail Conaire cáomh
do leathtaoibh Temhrach na ráon
mar do musgail in glan glic
frith in Corrbholg fá braguit.



Etc.



IX.



Mo mhallacht ar chloinn Bháoisgne
deiredh oidhche sa charruicc
do fionnfadaoís mo dhiomdha
da madh iomdha mo charuid



Mo bhennacht ar chloinn Mhorna
d'fulaing dóghra mór n-arracht
anocht gidh deiredh oidhche
ar chloinn Bháoisgne mo mhallacht



A bfegmais Finn na áonar
ré a fháophar do thuit arracht
olc oram deiredh a ghaoisi
ar cloinn Bhaoísgne mo mhallacht



Meinic fúaras airc bhrúigne
ge doilghe damh sa carruic
bethar gom chaoineadh coidhche
ar chloinn Bhaoisccne mo mhallacht



A ingen Conuill Cruachna
ag a bfuil uathadh carad
beir beannacht leat dom chairdibh
beir go Láighnibh mo mhallacht


L. 23


Ní mhair Sgieth Breg mac Dathchaoín
gan athmhaoín d'éis mo charad
ní mo mhairius Goth Gaoíthe
ar cloinn Baoisccne mo mallacht



Fúaras colpa doimh eallaidh
úadha 'sdob aisgidh charad
mo secht mbeannacht ar Chaoílte
ar cloinn Bhaoisccne mo mallacht



Diomdhach mé do chloinn Ronáin
ní mair mo mhorán carat
ag sin deiredh mo laoídhe
ar chloinn Bhaoísccni mo mallacht



Ar ttecht Padraic sa Bhanbha
ní bíaidh na hádhbha arracht
fagbhaim fa a comhair m'fhaoílte
ar chloinn Bhaoísccne mo mallacht.



Mo mhallacht.



X.



A bhean beir let mo léine
agus déna uaim eirge
triall imthecht a gruaidhdherc ghlan
in mhaidin ría mo mharbhadh



A Ghuill cía slighe rachad
maircc bhíos ar bhegán carad
is uathadh ben ar a mbí rath
ó bheith gan cenn gan chódhnach



Ionnsaigh longport Finn na bFían
mar a bfuil don táoibhsi síar
faoí annsin a bhéilderg mhalla
lé deighfher do dhingbhála



Cía fer ann le a bfaoídhfinn féin
a Ghuill mhóir fa maith dom réir
cáit a ffuíghbhinn hsíar no shoir
do commaith dfior im iomdhaigh



In áil let Oissin mac Finn
nó Áonghus mac Áodha Rinn
nó Cairioll féta fuileach
nó in Chorr choslúath chédghuineach



Conall Crúachna is é mh'athair
me comhalta Cuinn Cédchathaigh
dearbhrathair damh san tír thúaidh
Céidghein mac Conuill chrannrúaidh



Decraide liom imthecht uait
tú mo cheidfhior soithim suairc
a ccionn secht mbliadhan go ngoil
tugus mé a fhir ad t'iomdhaidh


L. 24


Ón oídhche sin gus anocht
ní fhuarus úaid aignedh docht
ó'nocht amach ni baos damh
ní bíu ag fer ar tuinn talmhan



Deic lá fiched beó gan bhíadh
terc nech do bhí romat riam
céd láoch léd láimh a Ghuill
do thuit sa charruig cumhaing



Imdha umainn don fhairrge
agus mé a gcumang na cairrge
ata gorta in bhídh gom brath
agus an íota gom forrach



Ge ata gorta in bidh gum brath
gé borb cocadh na ccóic gcath
mó bhenas an gné dom grúaidh
beit ag ól sáile searbrúaidh



Mo naoí mbraithre fiched féin
da marbadh aoínfher don Fhéin
do dénadh mo shíodh ris sin
mo chosc áonoidhche d'íotain



A Ghuill mic Mórna a Moigh Mhaoín
caith na colla sin red taoíbh
foirfe híota a ndíaigh na ffer
bainne mo cíoch do chaithemh



A ingen Conaill ní chél
uch is trúagh mar tharla in sgél
comhairle mhná thúaidh nó thes
ní dingen is ní dhernus



Uch a Ghuill is trúagh in dáil
coic catha nó sé ad chomdháil
is tú a gcúil cairrge crúaidhe
luime airde adhfhúaire



Ag sin a beildearg fa bind
mh'éinegla ar tuinn is ar tír
Fionn is a Fhían ar mo dhruim
'smé gan bhíadh a gcúil cumhaing



Do dhergus mo chroinn go cóir
a collaibh chloinde Trénmhóir
tugus doibh dfulang is dúadh
do marbhus Cumall crannrúadh



Tugus Muimhnigh fo mhéla
issin mairt ar Moigh Léna
do ládhas in cath go cain
sa maidin ar Moigh Enaigh



Eochaidh bailldearg mac Máil
airdrígh Uladh einech-náir
do mescus sa láoch mo slegh
tugus íatt fo bhrón a bhen.



A Bhen.



XI.



Fiond File ba fer go lí
roba féindidh óirdnidhí
ge Fiond File ráidhmís ris
doba rí rúanach roichlis



Fionn File ba fer go nglór
is ris adeirmís Trénmhór
fa tréine ar threise a chleas
gidh edh ón bá hainm oircheas


L. 25


Da mac ag Fionn fíochda gal
Fergus luaithfionn is Eógan
is uathadh sin is dearbh liom
inus dech d'Fíanaibh Éirionn



Áon mhac ag Eogan ámhra
Oilill féta fíorchalma
dá mhac ag Oilill fíor dhe
Dáire donn is Dorchaidhe



Fergus lúaithfiond láochdha a ghus
am eólach na senchus
ris atbert a bhuime abhus
tré ealla buidhe Baoísgne



Trí meic ag Baoiscne bhládhach
Cumall calma comhramhach
Criomhall agus Áodh ollach
in tríar mórgharg mórghlonnach



Aon mac do bhí ag Aédh ollach
Lughaidh fergach fíorghlonnach
Aen mac in Lughdhach chédna
Ferdhomhann bláith baisghegdha



Da mhac ro bhoí ag Críomhall cháom
Morann cosgrach agus Áod
ionmhuin dís churata nglac
a n-áon ló rudusbeabhsat



Oissín mac Finn fíochdha gal
Fergus Caoínche corcarghlan
Uillionn Fáobhar Ráighne rán
ionmhuin seiser cáomh comhlán



Cóig meic ag Oisín go holl
Osgar agus Ferlogha lonn
Éachtach Uladhach ro fhan
agus Dolbh Sgéine sgiethghlan



Ingen ag Fionn fíochda a gal
dier comhainn Lughach laimhgheal
feirgniomh do triall tolaibh smacht
agus ro threig a banndacht



Laithe ro bhádar ar in leirg
Lughach agus Dáire ag seilg
do cúaidh Dáire ger dheacair
go Lughach na coimleabaidh



Ro toirrched Lúghach don ghus
ó Dháire gér dhrochchairdes
beiridh a gcionn naoí míos mac
ré a mbíttís fíena ag format



Coirpthe in mac ar cách oile
a meic Cumhaill Almhaine
Gaíne a ainm úair gaíne in ghein
Mac Lughach a ainm ó a mháthair.



Etc.



XII



Fégthar tech Finn a nAlmhain
gusa tigdís ríogharmaigh
adchiúsa nach mairionn de
ursa no cleith no cúaille



Beg mh'úidh ar in lathair lóm
d'aithle na ccuradh gcomdhonn
port í Bhaoisgne ger bhó bras
anocht is férach fonnghlas



Mná fionna go ffailgibh óir
bhittís go ccornaibh comhóil
curaidh ba cobhsaidh catha
go n-édaighibh iolldhatha


L. 26


Trí céd cupa maith mescca
fa trí cáoga óireasgra
trí cháoga cuach airgid ghil
a mbíodh míodh chuill ceitemhin



Cupa órdha álainn séd
dabhach iubhair óil sé gcéd
coinnealbra go ffad secht gcos
d'ór is d'airged is d'ionnmus



Airemh ced n-iomdha nechta
tríocha láoch gach aoínleapta
fa iomdhaigh n-imdenmaigh n-óir
Finn mic Cumhaill mic Tréinmóir



Imdhénamh órdha uile
go n-uaithneadhaibh órdhuige
leptha cleth agus chláraidh
gasraidh óg ar urláraibh



Ba háloinn tigdís in Fhíen
go ccuanartaibh na ccaoim-iall
is amhlaidh thigdís dia ttig
torcar sealga gach éin-fhir



Doiligh airiomh Feine Finn
a Patraic móir na mbriathar mbinn
acht muna a bíath astoigh thall
nech do fittir a n-anmann



Oissin mac Finn feirde in slúagh
Domnall claon Ceallach coslúath
Mac Míleadh is Eaclúath án
Dubh Dromán agus Dubhán



Coicc mic ag Oissin nár bháoth
Osgar is Fer Logha lángháoth
agus Uladhach gacha tan
agus Dolbh Sgéine sgiethghlan



Diarmaid ó Duibhne sa brugh
is deich nOilealla a hEdar
deich nDubhtaigh a druimnibh Bregh
deich Morinn muighe Taillten



Agus deich gCormaic ón gcathraigh
deich gCéin deich nAirt deich nAithghin
deich Muireadhaigh Muighe in Sgáil
deich gCuinn deich Floinn deich fFaoláin



Deich bFeardomhain deich nÁilbhe
deich gColla a gcríochaibh Cairbre
deich gConnla deich gCriomhthainn chais
deich fFiachra agus deich fFearghais



Na deich fFerguis díar ffine
na deich nAire ó Dháirfhine
Deich Muirtheimhne na mara
deich nDonnghuis deich nDonnchadha



Cáol cródha is Conn mac Feabhail
agus in Glas mac Dremhain
Goffraigh Glinne agus Fionn bán
Gúaire Criomhthann is Cúán



Innissi ba suaithnidh sealg
Cathal Dubhán is Druimdherg
Dubróid is Ciothach is Conn
Maine agus Art is Iorgoll


L. 27


Dubh Róid is Dubh Draighin
Fáolchú go gcruas gcloidhimh
Glac mac Deirg mic Dithraibh ghloin
Aodh mac Crimthain mic Camluibh



Sealbhach fa binn a bhérla
Aedh Fionn Cúán is Enna
Banbh Sionnais Rinnolbh go rinn
Mac Deighe agus Mac Deithchill



Dubhán Dubhróid Dubhdala
Dubh Droma mac Senchadha
Flaithre faobhrach fer da ghal
Garb Doire Daire Donnghal



Suibhne slegach sloighthe sluaigh
trí mic Aille ábhradrúaidh
Fer Mumhan Manradh míadh nglé
Dorn Tar Malaigh is Gúaire



In dá Cuán a Cúalainn
in da Bhran robsad túaluing
Fál fedha agus Fer Sgéith
is Glas mac Gadail gairbleith



Doilge liom bás Colla cruinn
agus Chuinn agus Iacuind
is Mhaine is Chuirc is Ceallaigh
ba solamh um chaoilrendaibh



Bas Oilealla agus Bhreasail
nocha duinne na easbhaidh
bás Eochadha agus Áodha
cona rennaibh rochaomha



Trí drúith do bhoí astigh thall
Cas is Cathmháol is Cúalann
a trí crosáin mín in modh
Cles is Cinnmear is Cuitmhedh



Trí heachlacha tighe Finn
tan do bhittís i cCruimghlinn
nochar maith dath a sé mbonn
Córr agus Lonn agus Lúath



Trí hoinmide tighe Finn
Meall agus Máol agus Cnap
gé do bhittís i ndeoigh Fhían
nochar mhaith ciall na ttrí mac



A thrí dailemhain mhaithe
Drucht Dásacht agus Daithe
a trí doirseóir rádh gan ghoid
Druid agus Íath agus Oslaic



Fergus Fienbhel file Finn
fa buileach fa bríathar-bhinn
Mac Samhain a bretemh cóir
Áodh ingen-ghorm a choinnleóir



Ba hálainn in banntracht ban
do bhí ar brú Locha Lurgan
am inghin Cermada caoímh
um Lennabhair um Leannchaoím



Fan mnaoí mbig um Bhlánaid mbinn
um Eirc um Saruitt shéaghainn
um Úaine um Edaín um Shaoír
um Aillbhe um Chruithghil Cheinnfhinn



Um Bherraigh bhric um Bhé Bhláith
umh Théaa mhóir ingin Rónáin
Finneabhair meirsheang meud nglonn
Edan álainn is Aobhdonn



Mac Rónáin do chúaidh ar ceal
do tairrngir cách go dtiucfedh
do dheóin Mic Dé líth go ngus
do dheóin deighrígh ro fhéghus.



Feaghthor.


L. 28


XIII.



Áonach so a Moigh Eala in rí
áonach Liffe gona lí
aoíbhinn da gach áon téid ann
ní hionann is Gúaire Dall



Nír Ghúaire Dall m'ainm go fíor
tan do bhinn a ttigh in ríogh
a ttig Fergusa go ffeibh
issin tráigh os Berramhain



Tigdís eich na fFian sa tres
is eich Mhuimhnech na móirthres
fersad trí graiffne glana
ar faithche Mac Muiredha



Each dubh ag Dil mac Da Chreg
in gach cluithe ro fersat
isin carraic os Loch Gair
rug trí lanbhuadha in áonaigh



Cuingis Fíachra in t-ech ier soin
ar in draoí a shenathair
do rath dó céd da gach crodh
día tabhairt a ttúarastal



Ag súd duit in t-ech dubh dían
ar Fíachra re flaith na fFíen
ag sin mo chloidhiomh go mblaidh
agus each uaim dot araidh



Beir mo catbharr is geall céd
beir mo sgieth a ttiribh Grég
Beir mo slegha nimhe
maráon is mh'íodhna airgidhe



Mad ferr let no beith gan ní
a flaith na bFien a chaoímhri
ní ragair gan aisgidh as
a fhlaith na fFien ffáobharghlas



Ro eirigh fein Fionn iarsoin
buidhech é do mhac Eóghain
bennaighid cach día chéile
nior bhó ciúin a ccoimheirghe



Riachtais Fionn romhainn ar in séd
tegmaid leis trí fichid céd
go Cathair go dún os loch
isedh lodmar ón áonach



Trí lá is trí hoidhche go mblaidh
ro bhádhmar a ttigh Cathair
gan easbaidh lenna nó bídh
ar mhac Cumhaill ón áirdrígh



Caoga fail do rad Fionn dó
cáoga each is cáoga bó
do rad Fionn lúach a lenn
do Cathaoir mac Oililla



Luidh Fiond d'iomlúadh in eich duibh
gussin tráigh os Berramair
lenuimse agus Cáoilte tría bháois
agus reathmáoid tría togháois



Giodh sinne niorsam malla
ba lór lúath ar leimionna
fer uainn da clí fear dhá dheis
ní bhí fíadh nach fhágmais



In tan ro airigh in rí
sporais a each go Tráigh Lí
ó Thráigh Lí tar Tráigh Dhoimh ghlais
tar Fráochmhoigh is tar Fionnghlais



Tar Magh Fleisge tar Magh Cairn
tar Seanumair Droma Gairbh
tar ulcha Fleisge finne
tar colbha na Cochruinne


L. 29


Tar Druim Eadair tar Druim Chaoín
tar Druim Dha Fhíach tar Formaoíl
iar ríachtain dhúine sa chnoc
ba lúaithe sinne fa hocht
gidh sinne ba lúaithe sinn ann
each in rígh nir bhó rómhall



Adhoigh so deiredh do ló
do ráidh Fionn ní hiomarghó
is báos do rad sinne ille
eirgiom d'iarraidh fíanbhoithe



Silledh da ttug secha in rí
ar in ccarraic da leith clí
go ffacaidh tegh mór go ttein
issin ghlionn ar a bhéloip



Is ann adubhairt Cáoilte
aithesc tenn narbo maoídhte
gus anocht ní fhaca tech
san glionn so gidh um eólach



Eirg uainn ar Cáoilte día fios
mór neite attú na n-ainffios
bert fáilte ferr no gach ní
do mac Chumhaill Almhuiní



Íar sin do chúadhmar asteach
turus oídhche rob aithreach
frith gréch agus gol is gáir
is muinntir dhísgir dhiogháir



Aithech líath ar lár asttigh
geibhidh each Finn go hésgaidh
cuiridh in chómhla sunn de
día corránaibh íarnoighe



Suidhmíd ar in gcolbha gcruáidh
do gní ar nossaig ré hénuair
an gcuail ttrúim do bhí for tein
suaill nachar much in teinidh



Ro ráidh in taithech nár bhinn
aithesc nar bhó lánmaith linn
éirghidh a lucht atá asttigh
canaidh ceol don ríghféindhidh



Eirgidh naoí gcolla asin gcúil
assin leith bá nesa dhúin
naoi ccinn assin leith oile
ar in gcolbha n-íarnoidhe



Léigid naoi ngrecha garga
ger commhór nir chomhlabhra
fregrais in t-aithech fa sech
agus fregrais in méidheach



Gérbh olc gach gairbhcheól díbh sin
fá mesa ceól in mhéidigh
ní raibhe ceól nár dhúla
acht fed fir na henshula



In ceol ro chansattar dhuinn
do duisgeóchadh mairph a húir
suaill nar sgoilt cnámha ar ccinn
nírbé in coigedal ceóilbhinn



Eirgis in t-aithech ier soin
is geibhidh a thúaidh chunnaidh
tig agus marbhaidh ar nech
fennaidh cosgraith anéinfhecht



Cáoga bior ara mbí ruinn
inneoch ba bera cáorthainn
cuiris dhá áighe fa sech
agus saithidh mon tteallach



Níor bh'ionmhuinte bior dhíbh sin
ag a ttogbháil don teinidh
is tug a ffiadhnuise Fhinn
feoil eich ar bhearaibh cáorthainn



A aithigh beir let do bhíadh
feoil eich nochar iothas ríamh
agus ní iosad fóss go bráth
ar son beith gan bíadh éntráth


L. 30


Mas uime tangus um tech
dobadh bídh ar in t-aitheach
ros tiucfa ribhse go n-áoibh
a Cháoilte a Fhinn a Oissín



Iarsin ro eirgiomar súas
do com ar ccloidhemh go ccrúas
do gabh cách cend aroile
ro ba mana dornghaile



Báidhtear in teine bói tshís
go nar léir lasoir na ngrís
tiomaircther cúil dhorcha dhubh
oirn ar ttriúr a n-éinionadh



Mar do bhádhmar cionn ar chionn
cía do fhoirfedh sin acht Fionn
ba ro mharbh sinne dhe
muna bheith Fionn na Feine



Cionn ar cionn dhuinne sa treibh
fad na hoídhche go maidin
nó go ttainic gríen astech
um trath eirge ar na mharach



In tan ro eirigh in grían
tuitis gach fer soir is síar
tig duibhnell a ccinn gach fir
go mbadar marbh in uair sin



Gairit do bhámar nar ttám
eirghidmáoid suas go hóghlán
do ceileadh orainn in treabh
agus ceilter oirn in mhuinnter



Is íad buidhion do throid rinn
na naoi bfuatha a hIubharglinn
do dhioghail oirn a setar
diar b'ainm Cuillionn coisleathan



Amlaidh ro eirigh Fionn Fáil
is arádha eich na láimh
ba slán eidir cenn is chois
boí gach ainiomh na féghmois



Is missi Cáoilte croídhe
deis na láoch go lánghloine
mor shirim amoigh sa mach
nocha a ffaicim an t-áonach.



Aonach.



XIV.



Fuaramar seilg iar samhain
a mBearnus Mhuici Balair
ar ttocht duinn tar Magh nÍthe
da ced láoch fa lán sgíthe



Torc trom do shíol mhuc mBalair
do marbhamar ier samhain
cullach go ngé ngairbh go ngus
ó a bhfuil i ainm ar Bernus



Nochar lamh nech a marbhadh
acht Fían Fhinn go nert-adbal
do shíol na muc lúath leimnech
boí ag Balar bailcbheimnech



Is me rug ced gniomh in tuirc
is do troid risin mormuic
rugus trí mile don bheinn
in muic sin ar mo ghualuind



Bamar a mBernus sruthra
áon cedláoch fa lan chruthdha
ar sáith sechtmuin sa torc dhe
eidir choin agus duine


L. 31


Ar seilg ba hí in tseilg mholta
dia a ffuil Muine in Fulachta
céad damh gach doire a mbí dos
cuirsium na luidhe um Rúadhros



Ced d'oigoibh cead do dhamhaibh
ro marbamar díar foghaibh
ba derg in gainiomh día a bhfuil
ger tráigh maighrech in lá sin



Dia madh é in lá ag Laim Núadhat
a bhen gharbh do ghní in grúamdhacht
ar seilg Innsi Bó Finne
da tturchair Donn Duibhlinne.



Ced do ingenoibh máola
rug leis Donn a Síth Áodha
fa sgél ard fa briocht go mbladh
ba garph in riocht araladh



Ban-ríoghan ag Áodh gan oil
gabáis éd mon ingenroidh
ros cuir i riocht oighe ffúair
ar slios moighe gan marcsluagh



Ge do rinne sissi in tolc
do ainic íad ar guasacht
ni lamhach neach na hoighe
do bíodh Donn da n-ionghaire



Roighit on rioghain fo deich
fios go ró-Dhonn fo dhíchleith
go mbeith gan codhladh amoigh
go roisedh da hagalloimh



Do luidh Donn gáoth is grían glan
muir is tír na mionn n-ádhbhal
mé mac in rígh nach ria ad tech
go bráth nocha bhía ar taithlech



Fergaigter in ríoghan ris
ré Donn a síth Sleibhe Mis
nó gur cláochlaidh a slicht amoigh
gur chuir i richt doimh allaidh



Do imtigh le na ealta
nirsat malla a n-imthechta
tug forbhais do rennoibh slenn
go dtarfás d'feroip Éirenn



Adubhairt Donn báoth in ghlóir
re mac Cumaill mic Trenmhóir
nach lamhdaís Fíana Finn
gcéin do bíadh fíadh i nÉirinn



Adubhairt Fionn re a fhienoiph
eirgiom uile da iarraidh
ní bhíaidh fo dhiemhair in dam
re fienuibh ag ingeltradh



Adubhartsa ris iersin
ré rígh na fFian a hAlmhuin
bidh garbh dó deabhaidh in doim
do ládh remhaibh a rechtaibh



Muirfid mo choinse in damh
Gaillinn is Sgeólang is Bran
lenaidh gach lorg go ffeibh
ní ffuil riocht nach ro-marbait



Ní bhíathabh mo choin ar Fionn
go ttuite in damh liom
gidh ar lár in tshléibhe bess
gidh ár na Feine chuirfess



Amhail adubhairt Fionn sin
go gabsam náire tré neimh
glúaisidh lena slúag amach
nochar trúagh le na theghlach


L. 32


Céd ar fhichit duinn d'feruibh
deich gcéad cú inar dheghaid
aoinched ban is aoinchéad fer
lór a méd ro ba coinnemh



Mór ar ngredain is ar ngráin
mor ar fiadain ar fforgráin
ar ttecht duinn do tseilg in doim
ba ceim go ffeirg a hAlmhuin



Do riachtamar sa ninnsi
do bhí fer ághmhar innte
Lór a mhed dúinn fa folus
do marbh céd don chedamus



Tugsam tri gárthi garga
go gclos go nemh an ardgal
nochar gabh gráin in damh donn
ré tairm na ffer re a forlann



Rogabh burach ro líon ferg
in merrdhamh disgir doinndearg
re fegadh chon ngeal re a ngráin
ré tairm na ffear go fforgráin



Do thionóilsion a oighe
tar íath mór tar sna moighe
is conairt congháireach crúaidh
i nglionn Maghair in marcslúaigh



Do gap conairt choncharaidh
ag muirlinn mhóir Chinn Mhaghair
tug a ucht ré ar sluagh in damh
is mór da olc fúaramar



Gidh bé do cuir asa chionn
nior cuir dhá chionn do bhí ag Fionn
a los a dheiridh in daimh
na bfeidhil ar a chosaibh



Acht mad misi is da coin Finn
na díaigh ó gach glinn do glinn
do fagaibh in Fhéin fíor damh
is mór dá olc fúaramar



Ro chuirios glíaidh isin damh
issin armhách ger bh'úathadh
torcradar lem na hoighe
torchair Donn na damhghaire



Donn a síodhaibh ba hé in damh
áonmac Fionnlaoích do fhedar
tren tarras air on ríoghain
Donn gur chuir fo throimdhioghail



O do cinnius ar bioth cé
ní fuarus aon comlann mar é
mo bet cenn ar cenn sa damh
do tairrngir Fionn fúaramar.



Fuaramar.


L. 33


XV.



Sgríobh sin a Bhrógain sgribhinn
do comhrádh fhirghrinn fessach
ní d'imthechtoibh mhic Cumhaill
do fhulaing mór ffeidhm ndecrach



Inghen Taidhg mhóir mic Núadhat
rug buinne sdúadhghlan súaichnidh
Glais Díge in ced-ainm tugadh
air ó rugadh in úair sin



Rug Bodhmann muime in gaisgidh
in mac sin go druim ndíamhair
a gcuasán croinn ard áighnidh
oilter in feindidh fíal sain



Tugthar air Giolla in Chúassain
fuair mor n-úatbhás ré sealad
tig ag Bódhmainn da bhíathadh
do soill líaththorc mhuc n-alladh



Fagaibhthear lá na áonar
meinic fúair báoghal brúighne
urran do tháobh thuirc allaidh
fa cíoch dhon mhacsin Muirne



Tógán re táoibh na coille
teid i ngoire don chúasán
tig fo bholadh in sgenaigh
don lenamh nír bheg d'úatbhás



Íadhais a ghlaic mo ttóghmann
ba sén mór gcomhlainn gcródha
tig ag tachtadh in togháin
ó mochtrath go trath nóna



Tig Bodhmann d'fios in leinimh
mar gach eilit gan énsgís
da ffuair tachtaighthe in toghmann
maith lé Bódhmainn in céd-ghníomh



Fenntar go tric in toghán
ba maith in conách fíadhaigh
croicionn crannchon na coille
cuirthear uime sa ffíenbhoith



Tugthar air Giolla in Chúassáin
fear na gcrúadhdhál mór n-iorghal
dó go cenn a naoí mbliadhan
tig dá bhíathadh ag Bódhmainn



Téid leis ar áonach Taillten
dhó níor chairdeach in chúairt sin
ar mhacraidh Éirionn uile
cuiris trí cluithe ar úainimh



Imbris trí cluithe luibe
tossach a mhúinte i tTailltin
ré hógaibh Éirionn uile
dhó níor chluithe eidir chairdibh



Fiafraighis Conn na ccuradh
fer lé ccuirthear crúas ceimionn
cía in fionn beg bheirius báire
ar ógaibh aille Éirionn



Báoth-focal sin ar Bódhmann
a Chuinn na ccomlann ccalma
Is hé sútt fer na faoílti
Fionn féin ua Baoisgne barrghlan.


L. 34


Is hé an tarrngertach bunaidh
tainic chugaibh ón fhían-bhoith
is é mhillfhius bhur ngessa
ní bhíaidh festa fó dhíamhoir



Tegor dhósan ón áonach
rúaig mór bhfáobhrach ó Thailltin
ar fedh Éirionn gan anadh
go fosgadh Feda Gaibhle



Ní raibhe a ndan dó a bhaisdeadh
no go ffaicedh Conn calma
is ar bríathraibh a bhíodhbhadh
ros fúair inntleacht a anma



Ag sin t-adhbhar far baisdeadh
maith a gaisgeadh sa gniomradh
a decra leis nech déra
cóir a sgela do sgriobhadh.



Sgríobh.



XVI.



Uchán a sgíeth mo ríogh réil
ionnsa do beth fó mísgéimh
dogra nach mair do triath tenn
a comla sgíeth na hÉireann



Mor ccosgar mor ccath calma
tugais is do tigerna
maith dion do cailc um rennaibh
a dhíon bhailc ar beimennaibh



Nocha raibhe ar talmhain tréin
san aimsir tarraidh féin
nochar gabh sgíeth budh calma
no do triath is do tighearna



Ba filidh ba fer dána
ba cath-mhílidh comhdhála
ní frith a samhla um rathaibh
ba láoch calma i gcrúadhchathaibh



Ba sáor ba cerdghobha glan
ba brethemh ághmhar úrlam
mairg do bhiodh ar a cionn a bfeirge
bá saoí gacha saoír-cheirde



Is úathadh a ttalmhain tigh
muna a ffuil fáidh nó fisidh
a sgíeth rígh Siccir seca
nech do fhittir h'imtechta



Is terc fós ar talmhain sin
d'fior nó do mhnaoí do fhitir
in chuir fo ffuil a hainm amach
día gairm in Sencholl Snidheach



Nochan fuil act meisi féin
agus Caoilte fer co gcéill
is Fionntan Dhúine Ferta
nech do fhidir himtechta



Atá ó shoin sgíeth mo ríogh
adeirim sibh is fáth fíor
gan brath gan brón duine damh
go cath mór Muighe Tuiredh



Balor do cuingidh ar Lugh
seal beg ré na dhíchennadh
cuir mo cenn-sa ar do cenn cain
agus tuill mo bhennachtain



In cosgar agus in ghráin
do bhoí oramsa ag feraibh Fáil
is maith liomsa go prap dhe
a mbeit ar mhac mh'inghine.


L. 35


An bennacht sin a aba
nochar thuill Lugh Lamhfhada
do cuir an cenn os tuinn thsoir
a nglaic chuill ar a bhéaluibh



Snídhis bainne neimhe anúas
assin crann sin go nert-chrúas
iar snídhe an uilc nar bheg ró
do sgoilt in crann ar chert-dhó



Frí ré cháogat mbliadhain mbil
don choll gan chor dhá chosaibh
acht a beith fo dhámhna dér
na adhbha bádhbh is branén



Luidh Manannán in ruisc chuirr
go dithreabh sléibhe Finnchuill
go ffacaidh cran gan folach
a mesc na ccrann gcomramhach



Cuiris Manannán lucht oibre
ar in crann sin gan loige
dia tochailt a talmuin tréin
robadh gniom adhbhal eissein



Eirgis dethach neimhe aníos
a bun in croinn sin gan sgíos
no gur marbh fa báoghal de
nonbhor do lucht na hoibre



Ro marbh nonbhar oile dhibh
do mhuinntir Mhanannáin mhín
sgéla on crann do fes damh
is do dhall in treass nonbhar



Adeirimsi ribhsi dhe
fiafraighther in fáisdine
fan choill n-adhbhal sin gan tár
do frith mor n-adhbhar ochán



Is é Lucra sáor do chum
in sgieth engach bláith édtrom
tríath na Marannmhál don moigh
do Manannán don mhílidh



Da bhúaidh do bhúadhaibh in sgéith
gan gabháil ría a ccath nó ccléith
terc sgíeth a maca samhla
reimpe ba ráon ró-mhadma



Cath a gCruithean-tuaith nár lag
in ced-cath tugadh lat
dar gáot Mothla mac Méilge
airdrigh adhbhal Éigipte



Nochar lugha in cath eile
tugadh let fa mor sgeile
dar gháoth Dubhthach mac Dáire
airdrí adhbhal Easpáinne



Toiscc do chúaidh Manannán múaidh
isin Aissía lion a shlúaigh
dar marbh Fiodhabhlach fa lía
airdrí iolarmach Aissía



Ag sin cuid Mhanannáin mhúaidh
dot decraibh thes is thúaidh
no go ttug fa degdos dil
a gcleamhnus do rígh Sigir



Do cum Ciarbre dúan mholta
do chinn in sgeit sgíemh-corcra
fer go millsi is go n-aoibh sin
do rígh innsi saoír Sigir



Cáoga uinge don ór dhron
tug Gola dho ar a mholadh
feirrde a fhíach is moide a bhladh
ar aon issin sgíeth sgíemh-glan



Bronnais Cairbre in flaith fíal
mac Édaíne fa maith míadh
don tríath calma ar nár chuir brón
in sgíeth don Dágda dreachmhór


L. 36


Tug in Dághda d'Eitheór ard
in sgíeth dathchorcra doinndearg
don tshlait go méd nglonn re gleó
do mac Cuinn mic Cearmotó



On sgéith sin tugadh Mac Cuill
ar Etoir go ndreich mín dhuinn
fer na nglonn nachar clé bladh
oir is é coll da gcreideadh



An lá do marbhadh Mac Cuill
a gcath Taillten ba mór muirn
fer nár beg trom-ár amuigh
tarraidh Sgorán in sgieth sain



Ré ré da chéd mblíadhain mbil
don sgéith ordhaidhe arsaidh
a haitle sáoghail bus sía
do bhí ag rioghaibh fFear Menía



Do luidh Manannán na níadh
na díaidh a ttír fFear Menía
gur bhris naoí gcatha go mbloidh
ar muinntir Sgoráin sgíethgloin



Ro mharbh tri catha calma
don tslúagh aluinn allmhurdha
bá hé in sgél adhbhal gan tár
fa ndernadh adhbhar ochán



Cáoga uinge don ór dearg
cáoga ech dualach doinndherg
clár nochar criteall na thoigh
is fithchioll Sgoráin sgiethgloin



Do rad dó cuma bá mó
do Mhanannán nír bhó ró
ré cur ghlíaidh mun chaogait cath
tri cháoga sgieth fan sgéith sin



Do bhí si ag Manannán féin
in sgíeth ildhealmhach aigmhéil
gun ffior láinghlic gan gniom lag
go tainic Tadg mac Núadhat



Do rad Manannán do Tadg
in sgieth dathchorcra doinndearg
do mac Núadhat in sáor seng
maraon agus in fhithchioll



An laithe rug Cumhall cain
Muirn mhoncaoin leis ar éigin
tríath gacha háloid ferrdha
tarroidh in sgíath sgainneardha



In tan ró thuit Cumhall cain
a Cnucha os Liffe Laighen
an flaith mínmall nar beg bladh
tarraidh Criomall in sgíath sin



Mar do urmais Fionn ferrdha
ar Criomall cháomh chathardha
glac glemhór dar diall gach glíaidh
tug ó Trénmhór in trénsgíath



A ttugadh do cathaibh let
ag mac Cumaill na ngeal nglac
a sgíath róighil nár cáineadh
badh doiligh a gcomhairemh



Let do radadh cath Chinn Chluig
dar marbhadh Dubhthach mac Duibh
cath Mona Maffaidh gan lén
dar marbhadh Deidgheal duirbhél


L. 37


Cath Luachra cath Cinn Aisi
is cath Inbeir Dubhghlaisi
cath Teffa tenn a mheisge
cath chluana menn Muirisge



Cath Lusga cath Chinn Chláire
agus cath Dhúnaidh Maighe
cath tSléiphe Fuaid fa tenn teas
rúaig dar tuit Garban garbhghlas



Cath Fionntragha óna buidhech badhbh
dar fagbadh fuil agus fadhb
da cath cródha um Áth Mona
maraon is cath Cronnmhóna



Cath Bolccraighe ba mór gluinn
inar thuit Cormac cruinn
cath Achaidh Abhla nár ghann
cath Gábhra cath na bpunnand



Cath Ollarbha ba garp glíaidh
inar marbhadh Fathad fial
cath Eisi ba mór a ghluinn
agus cath Chéise Coruind



Cath Cairrge cath Srúibhe Brain
agus cath Bheinne hÉdoir
cath Sléibhe Uighe nar ghann
agus cath Mhoighe Mhálann



Cath na Colamnach ccalma
agus cath Inbhir Bádhna
cath Ata Modhuirn léir linn
agus cath Beirge as Bóainn



Cath Moighe hAdhair gan tár
agus cath Dhúine Fráochán
cath Meilge ba hadbhal ágh
fo a ndearnadh éighmhe is uchán



Cath Beirbhe ba mór a ghlonn
íar gcath rí Lochlann na long
cath Uighe ba cinnte in sgél
agus cath Innse Gaibíel



Cath Monadh cath Chinn Tíre
agus cath ághmhar Íle
cath Saxan ba mor a bhlaidh
cath Dhúine Binne bríghmhair



Cath inar marbhadh Aichil ard
airdrigh deglámhach Danmarg
cath Inbhir Buille ní brég
agus cath Buinne boirbthréin



Fiche cath is da cath dég
allamoigh d'Éirinn is ni brég
go Tír na nDionn nar bheg bladh
do rat Fionn let do chathaibh



Ocht ccath a Láighnibh na lann
tugas is do thriath táoibhseng
fedh do ratha ní brég soin
sé catha dég a nUlltoiph



Deich ccatha fiched gan on
tugais a Mumhain Mhic Con
noca breg acht is certa
is da chath dheg a cConnachta



Cóicc catha fiched go mbúaidh
tugadh let a chomhla chrúaidh
ocht ccatha deg rúaig nár ghánn
úait ar Thuathaibh Dé Dhanann



A ffegmhuis do bhruighen mborbh
sdo coinnsgleó fá crúaidh colg
ag sin réd rathaibh go tenn
do chuid do chathaibh Éirenn



Brisde mo chroidhe is mo corp
ro ceises mor deg-comnart
tu gan cosnam ar in moigh
arnad losgadh don mucaidh


L. 38


Trí nonbhair sinne ar Druim Deilcc
a haithle in chatha crói-deirg
ba trúagh ar ndáil-ne re a rádh
tugsam trí gáire uchán



O chrann na haithne boí a bParrthus
fo ndernadh fo rior iomarbhus
nochar dearbadh crann ar lár
is mó fa ndearnadh ochán



Go rum sáora rí neimhe
mac maith Muire inghene
ar iffreann go ngeire ngádh
fa ndearnadh éighme is uchán



Uchán.



XVII.



Siothal Chaílti cía ros fuair
sloinnfet sunn i mbethaidh bhúain
bá mór lá ro híartha soin
gan fhúaran os Duibheochair



Fosaidh in sithilín mbic mbáin
neoch do radabhar um láimh
fáiltighidh mo chroidhe cain
síthil Chaoílte caratraidh



Déutt is ór is gloine gorm
gidh bé do iarr a fius orm
fionndruine agus airgiott bán
siothal Chaoílte in flath-mhacámh



Ubhall deargóir ar a lár
go n-uaithnedhoibh d'airged bhán
da leith clí do cuirrthi sin
ba lais uisge on síthil



Mar do cuiredh da leith deis
in t-uball cuanna coimdheis
fosdadh in t-ubhall beg bán
sa n-uisce go mbíodh lomlán



Uisce do chur for a lár
adeirim is dearbh in dál
a rogha dighe ier sin
do bheiredh da gach ríghfhéindidh



Ionmhuin nech día ndailti soin
sítheal Caoilte in lúath-lamhaigh
nochar dháilestair digh ríamh
ba ferr cruth agus caoimhchíall



Mo teisd ar ua Rónáin réidh
sech gach fer go bhí sa fféin
gonach taraill talamh nó tuinn
aoínfer mar Caoilte cruinn



Ba hóglach ba giolla gnáth
ba brughaid do congmad cách
ba treinfher do bhrisedh cath
ba fer fosaidh fíor-uallach



Diamadh ór cruinn is clacha
sa mbeth ar breith na flatha
ba hé glór aderadh ris
is do chách uile d'foighéindis



Iadfadsa lé mo chroidhe truagh
in sithil áloinn fhionnfhúar
uch nac é Caoílte in chara
tárla sunn mar ad rala


L. 39


Airis agam ar Dhia ndil
a Tháilghinn a thairrngeartaigh
go n-innisser dhuith rem lá
sgéla deimhne na sithla



Lá día mbámar ós Eas Rúaidh
Fiena Finn uile i n-énúair
roinnius Fionn ba feirde dhe
foithri fedha fassaighe



Fionnchadh Corr Choslúath gan acht
rucsat seilg críche Connacht
agus Súanán mac Fir Thruim
Fáolan Lughaidh ó Líethdhruim



Tri rígh Fhian mBretan co rath
Ánluan Forann Fearadhach
ionmhuin buidhen beódha a ngniom
trí meic Iobhair an airdríogh



Glasannroidh is giollannraidh ghnáth
lenus Forann uainn mar ? cách
rug mac rí Breatan go ngus
trían ar ndeoradh sar n-amhus



In tan ad connairc sin Fionn
sol do labhrus labhraidh liom
beir let a Oisín immale
Cnú Deireóil agus Dáighre



Dena seilg Laighen na lann
Osraighe agus Sléibhe Cúalann
beir clann Cúain ar áon ris
beir m'oirfididh beir mh'amhais



Is tú is ferr eineach uainn
a Oissín gus in sáorbhúaidh
is riot is cuibhdhe araoí sin
deoraidh ammais ar ionchaibh



A oirfidigh féin gan mheirg
rug leis Forann ar in seilg
Súanach Senach Breasal bán
Uallach Áicher Ailgenán



Cobhthach Ciothrúaidh agus Cas
Maine agus Enna amhnus
Cronán Crinne caoín in modh
Ceólach Faoídh agus Fosgadh



Ró gabhsam tnúth riss ann sin
ré mac rígh Bretan bríghmhair
ba héd leinn gach a rug leis
deóraigh oirfidigh amhais



Iar sin suidhis ag Bernus
Fionn da ttugsam tighernus
sgaoílis úaidh lucht na sealga
cona gconaibh croibhdherga



Ochtar a fforradh in rígh
in neoch nach ffuilingthe a ngniomh
ba hé féin in náomhadh fer
Fionn mac Cumhaill na ccorrsleagh



Cúan is Aodh Beg mac Finn
Failbhe agus Rinnolbh go rinn
Glass mac Edair garg a ghus
Caoínche Daire agus Donnghus



Cú ar eill gach fir dibh sin
Fionn is Bran ar a bhéloibh
éistigh riomsa ier mo thá
go n-inniser a n-anmanna



Fuiltech ag Aodh Beag mac Finn
Eachtach ag Rinnolbh go rinn
Fer Glinne ag Failbhe malle
is Gáoth ag Cúan Cruimglinne.


L. 40


Eitioll ag Glas garbh a ghráin
Fíamhach cú Caoinche comhlán
Fer Glonn ag Dáire ré lá
Fear Báoth a laimh Donnghusa



Bran ger uó cú nír bhó cú
maith a gaisgeadh cáomh a clú
nír b'úa con nír chin ó choin
snír úa mílchon a mathar



Ní dechaidh Bran ar choin ríemh
ba maith a conn is a cíall
nír chóir a rádh ré a ré
frí mac ríogh Dhál nAraidhé



Atáid inar ndíaigh ar in n-ard
in flaithfhéindidh fáobhargarg
adcí chuige in muic mhóir
n-úathmhar n-adheitidh n-anffhóil



Is amhluidh tainic in torc
samhalta é ris gach n-olc
nír mhó cnoc sléibhe ina é
sé dubhgorm dubhdhóite



Léigid an t-ochtar sin a ccoin
rissin torc bá mór in modh
iompaiss in torc ba gniomh crúaidh
's marbhois iád uile i n-énuair



Fráochaid in t-ochtar glan garg
déis marbhtha na ccon gcenndearg
agus caithid sleigh gach fir
gus in torc n-úathmhar n-allaidh



Ro sginnedar a n-airm dhe
amhail ba coirrthi cloiche
iompais is millis uile
na hocht slega snasbhuidhe



Anois úair na ngothann mór
do ní tú is Bran ag an ól
do ráidhis nar taisdil magh
fíadh na torc nach dingebhadh



Decair cor ré draoídheacht ndéin
is medhradh do chonn is do chéill
is dearbh liom da ccuireadh cath
is he Bran bhus uachtarach



Eirgis Fionn is gabhus Bran
agus crothais in slabhradh
agus sloinnis dhi ré a lá
a héchta sa haitheassa



Ba mó ina in torc úd ar Fionn
in torc do mharbhus sa ghlionn
día atorchair let ammalle
eidir Eabha is Ros nGéidhe



Gér calma torc Droma in Eóin
prap do thraothus é dá aimdheóin
torc Mhoighe Glinn ba mór tairm
torc Fionnabhrach torc Finnchairn



Torch Ríoghchoille do thraoth gniom
torc Boirche torc Rois na Ríogh
torc Cinnfheabhrat torc Fuire
naoi dtuirc uaimhe Sgannlaidhe



Do marbois torc ag Áth Néid
fris ar gabh gráin in Fhéin
torc a Sleibh Cuillinn tar lear
agus torc Droma Lighen



Ro marbhuis torc ag Ath Lóich
agus naoí ttuirc ag Ath Cróich
torc Cnamhchoille torc Clochair
agus torc Droma os bothuibh


L. 41


Airiomh do gniomh is do ghal
is lía a líon na a n-úathadh
ó ro cuiredh coineill ort
gus in laithe fa attaoi inocht



Eirgis Bran fa bailc a beadg
agus crothais uile in learg
teithis in torc tar sliabh
ód chí Bran do hinnsuidhe



Fada in ruaig ó Bhernas Móir
gó Sliabh Teithid asloighthi slóigh
nó gur fhost Bran borb in torc
leis a ndernadh in tromolc



Léigis in muic grech na ceann
no go cclos úaithi fon ghlenn
tainic isin cnoc na ndáil
aithech adheitigh anbháil



Ann ro ráidh aithech in chnuic
leiccidh uaibh damhsa mo muic
na bithí gan anmain uile
ar son anma áonmhuice



Ro chualaidh Failbhe mac Floinn
agus Caoínche fer go roinn
ad cluin Rindolbh glan gle
agus Cuán Cruimghlinde



Eirgidh in cethrar glan garg
gus in aitheach nán niomard
mona dhechradh draídheacht dhe
robadh aithreach dhó in éirge



Tegaid íersin beim ar beim
go ttríen na hoidhche do chéin
gur chengail in cethrar fer
d'irsibh a sgíth sa sgainner



Do chúalaidh sin Aodh mac Finn
agus Glas in ghaisgidh ghrinn
do chúalaidh Dáire go ngus
agus in deghlaoch Donnghus



Eirgid in cethrar sin súas
gus in aithech ba lór lúas
nochar lugha a ccomhlann de
go trian oile na hoídhche



Cengluis in taithech go nuaill
in tochtar laoch go lánbhúaidh
foimhnis fir i dteanntaibh trá
dus rath for leirg na tulcha



Fionn agus Bran issin torc
alt ar alt is cnoc ar chnoc
nochar cuimhghetor ní dhe
nir gaph airm nior loisg teine



Gabhuis in t-aithech é ar druim
is do chuir ar a ghualuinn
ní raibhe ag Fionn nó ag Bran de
acht a fheghadh da éise



Geis is ágh is airmirt ort
muna lena tú do torc
ní maith suairighe re seilg
a Fhinn mic Cumaill airmdheirg



Bíadh tú fo ghessaibh sa fféin
muna lena tú in thorc budhéin
bíadh fo ghesoibh Bran búadhach
in cú áloinn iolbhúadhach



Do raghainnsi let ar Fionn
día ffaghoinn comhaidh da chionn
madh día leigthea liom co becht
m'ochtor láoch um choimhidecht



Rod fía beannachtain leis sin
a mhic Cumaill chatharmoigh
rachoidh dhuit aisgidh oile
sní ba haisdear midhlaighe



Sgaoílis in t-aithech go nuaill
don ochtar laoch go lánbhúaidh
agus tegaitt leis íar sin
gus in síth os gliond Deichit


L. 42


Mar rangattar in dorus
tug iníar flesg fo chomas
tuc buille don torc go rath
gur macáomh óg ildhealbhach



Iar sin do chóttar sa síodh
fúarattar faílte gan fhíoch
ro coirgedh íett na suidhe
ar in gcolbha ngloinídhe



Tegor caoga giolla n-óg
chuca astech do tabhairt póg
lodar na ndíaigh milibh snas
caoga macaomh fial foltchas



Trí cháoga ban brat-úaine
issin tigh go meid n-uaille
ro suidh gach ben diobh gan gheis
a ffail a céile chomhadhuis



Ríoghan chaomh issin tigh thall
ba fior áille don chineadh chlann
feruis fáilte fris in rí
re mac Cumaill a hAlmhainí



Do gniter a nfhosaigh án
a hocht síothluibh d'airged bhán
agus síothal chumhdaigh óir
d'Fionn mac Cumaill mhic Tréanmhóir



Núa gacha bídh sean gacha dighe
do radadh do lucht in tighe
fuarattar oirfittigh án
imaráon is caoínius comhradh



An tan ros gabh a ccuirm cách
is ann atbert in t-óglách
cred anois ata ar th'aire
a mheic Cumaill a hAlmhaine



Is edh atá ar m'uidh ar Fionn
ó ataoísse ag briathraibh liom
cía sibhse a mhuinntear mhenmnach
chindios ar ghach aoínteghlach



Enna mac Labhair Thuinne
m'ainm ar in láoch go loinne
Craoibhfinn mo bhen caomh gan chrádh
inghean mhaisseach Mhanannáin



Is hé is líon dar ccloinn go beacht
áon inghean agus áon mhac
Uathach ainm in mhic go lí
Sgáthach ainm na hinghiní



Ineach is egnach dhuinn dibh
samalta a egusc lé rígh
dia ffaicmís in ingen áin
do bhermaoís a tuarusgbháil



Is ann sin dus radadh astech
Sgáthach áluinn iolchrothach
rug búaidh ar dheilbh sar dhruine
ó mhnaibh talmhan tonnbhuidhi



Líonais a seirc nir ffeidm fóil
Fionn mac Cumhaill mic Treinmhóir
targaidh deich gcéd da gach crodh
is feis bliadhna gan bháoghal



Targaidh da brathair go n-uaill
sgieth is cloidhem go neart crúaidh
targaidh ina coibhche dhe
ced uinge dór orloisce


L. 43


Creid let súd ar a hathair
rissin finngil go rathaibh
gidh maith ben ní hedh is ferr
a tochmar tar a héigheann



Gion gur fer diongbhala damh
conmháor con gé rom iarradh
nocha bhiusa ann bar nadhaigh
gonach um taír tromfhalaidh



Cuirther ar gualainn in rígh
an ingen luchar lán-mhín
is naisgis a coibhche ier sin
ar mac Cumhaill a hAlmain



O ataoí anois ad cliemain dhúin
ar Enan go ccrotaibh ciúil
uime ro bregsam thú alleith
do deicsin ar muinntire



Is é mo macsa in torc trom
do imbhir oruibh anfforlann
mé féin in fomhóir fuirmhech
do rinne bhar ccruadhchuibhreach.



Ó tharrussa bhar mbáoghal
gan neart sgíath gan neart bfáobhar
rod fía éruic dhaoíbh annsin
d'ór is d'airged is do mhaoínibh



In tochtar úd d'Fianaibh Fáil
raghaidh ina n-einech dháibh
dhá chomhoil óir gach fir díbh
is a cethoir don airdrígh



Beir let ocht n-ailt cloidheamh
do dergóir íer na n-oigheadh
iocfaighther bhar ccoin cháomha
is bhar slegha snascháola



Beir let fós m'fichill a Fhinn
beir mo sgeth is ór go rinn
beir m'fainne dercc-óir go mblaidh
fiú ced gach cloch da clochaibh



Beir mo sithal is sétt slúaigh
a Finn mhic Cumhaill armrúaidh
déd is ór is airged hí
gloine is gorm is fionndhruiní



Beir let in sithil snuadhaigh
a meic Cumhaill chathbhuadhaigh
ré taobh seacht bfailghedh gan acht
ar gomadh feirdi himthecht



Tabhair cora damhsa dhe
cor an fir ar a chéile
gé cuin dech mo mhac sa bféin
a mbeith uile día oighréir



Do radsat cora iarsin
ré hEnán an oídhche sin
is tugsad cora gan oil
fa chongnamh leó a ccumhachtaibh



Dérgaighthear in imdhaidh n-áin
taoscca Fionn ina comdháil
siris Sgáthach mar do luidh
iasacht cruite in oirfittigh



An cruit cháom sin na ttri ttéad
gidh isséin ba lór a méd
ted airgid ted umha áin
agus ted iaruinn iomláin



Anmanna na ttéd nar throm
gentarghless golltarghless oll
súantarghles in gles oile
fa a ndendís cách cíamhaire



Da seinnti in golltarghless grinn
do ríoghaibh in betha binn
gach a ccluinfedh gan dóghra
do beithdís fo biothdhógra


L. 44


Día séinnte in gentarghless glan
do ríoghaibh troma in talmhan
gach a ccluinfedh gan táire
do beittís ag síorgháire



Dia seinnti in súantargles slán
do ríoghaibh in bheatha báin
gach a ccluinfedh mor in modh
do bheittís na síorcodladh



Seindis an inghean fhatach
in súantarghles go gnáthach
gor cuir na ttoirrchim súain
Finn mac Cumaill in caoimsluaigh



Cuirter na ttromcodladh cach
Bran is in t-ochtar oglách
go medón laoí mór in modh
ro bhadar na ttromchodladh



Mar do eirigh grían os fiodh
doibhsion roba mór in cion
ann do batar ag Bernus
gér lugha leó a fflaithemnus



A chú féin ag gach fer dhibh
is a slegh buileach bláithmín
in t-ór san t-airgead míadh ngal
na seoid agus in tsithal



Íarsin tiomsaighit in Fhían
eidir anoir is aníar
gur innis Fionn doibh gan gheis
a beith oidhche na ffégmais



Na habairse sin a rí
a mhic Cumaill go gcaoimhlí
ó mhaidin dúinn ar in seilg
uait a chosgaraigh chróidheirg



Aisnéidhis Fionn na sgéla
sa attugadh air do mhéla
do rat Fionn comartha gar
na seóid agus in tsíthal



Do ráidh Fionn go medhrach mór
mar do degladh é re a shlógh
mar do dealbadh oidhche is lá
don bloigh atgairid d'aon lá



Dona húairibh do creid Finn
in tan sin do rígh na rinn
nó go ndechaidh tar sál sen
rí na ndámh is na ndeighfer



Roinnis Fionn na seacht ffáilghe
do secht mhnáibh ba lór aille
d'Ettaoín d'Aoiffe aobhdha attaoibh
d'Aillbhe rúithenta rochaoímh



Do rad damsa in fainne óir
do b'fhiú céd da gach crodh cóir
in ficheall d'Osgar go mbladh
agus do Chaoílti in tsithal



Secht mbliadhna dhi ag Caoilte cóir
don tsithil maisigh mhínóir
go ttainic in fáth má ffuil
a faghail os Duibheochair



Áon do ló ag Duibheochair dhúin
meisi is Fionn ba haidbhle rúin
Osgar mac Cruimchinn rom car
Gúaire gilla na sithal



Siris Gúaire digh uisce
ar Chaoilti ba maith tuigse
gabhais Gúaire in sithil sláin
is teid lé d'iarraidh fhuaráin


L. 45


Fúair uarán ba maith a níamh
ag in ccnoc re ar taoibh iníar
do thaitin ris sáor in snúadh
in tsrebh línidhi linnfhúar



Cuiris Guaire mhac Nechtain
in síthil fan sruth sechtair
do tuit a n-iomdomhain úadh
in sithil aloinn innfuar



Coig oinfissigh agus céd
batar dha hiarraidh sní brég
ní fuarattar uile dhe
ón ló sin sithal Chaoílte



Is ann adubhairt Fionn féin
ris na sluaghabh go saoírchéill
nochan ffaghthor í dar líom
ón ló aniu go dtí in Tailghionn



Tiucfaidh in Tailghionn tar muir
budh sochar do Ghaoídhealuibh
benfaidh Éirinn as a broid
is beinneochaidh in tiupraid



Mar beinneochus in sreibh sláin
Patraic mac Calproinn dá láimh
tiucfaidh bradán borb go mbladh
is tóigeabhaidh in tsithal



Níamhochthar bachla bána
is cluig agus ceólána
agus soisgela sgriobhtha
d'or is d'airgead na síthla



Is íad sin mo sgéla dhuit
a rí in popail a Patraic
nochan fhuil mo mhaoínse dhe
od chímse sithal Chaoilti.



Sithal.



XVIII.



Éuchtach inghen Díarmatta
corcair a gruaidh geal a braighe
ní hinfíachus íassachta
do bhoí ar gheilingin Ghráinne



Grainne súlghorm sháorghasta
lennán Diarmada déidghil
inghin d'Eithne thaobhfhotta
sdo Cormac mac Airt Éinfhir



Tegor in mín malachnduibh
mar mhnaoí d'Fionn mhór mac Múirne
elaighis in óg anáithnidh
úadh le Diarmaid ó Duibhne



Secht mbliadhna don Diarmaid-sin
sdo Ghrainne a n-imlibh Banbha
is Fionn ag a n-iarraidh-sen
snach ffuair báoghal a márbhtha



O nach ffúair re a loitledradh
deaghmhac Duinn na gcles ffáobhrach
do gní síodh go rochealgach
is de tainic a sáoghal



Cuiris Fionn go fíoraibéil
Diarmaid do dhenam sealga
ní beite dha shíoraisnéis
do bhi na fhíadhach meabla


L. 46


Gonais Gulban gheirfhiacal
muc neimhe do bhi a nGullbain
mairg do chúaidh don trenfhíadhach
dar tuit Diarmaid o Duibhne



On muic sinn do hainmnigheadh
Benn Ghulban ard in eiscir
nó is ó Ghulbain ghairbhchennaigh
inghen Stáirn mhóir mheic Neimhidh



Teid techtaire ar teinndheithnius
leissin sgél ba sgél ímnidh
ní faoílidh do hinnisiodh
tásg a hathar don ingin



Sginnis bradán bandachta
do bhí san fhinnghil fhéta
tig beóspiorad ferdachda
innti ó do chúalaidh na sgéla



Cuiris Échdach aindreanda
fios uaithe ar cionn a braithreach
tegait go tric tairptennta
um thráth éirgi arna mhárach



Tig in cuire comramhach
lé chéile ar dhenamh fóghla
ba hí in fhoghail ollbhladhach
ar marbsat um thráth nóna



Ré tri lá go lánoídhche
nochar mhó díth na tána
ní tig lucht a sáraighthe
día n-éis go laithe mbrátha



Timchiol dhúnaidh Dhaolghusa
rug Fionn orra go hághmor
mór an obair áonchatha
a fresdal sa fían bráthar



Ceithre catha commóra
ag Fionn re faire in dúnaidh
teid in ríoghan socródha
do losgadh in dúin dlúthghloin



Cuiris tallann chaoírchorcra
ann gach aird don bhrugh bhúadhach
is loiscis dún Dáolghusa
d'aimdheóin na gceithre rúadhchath



Do bhoi Échtach úasalghlan
agus a buidhen brathar
ag loscadh ag lúathmharbhadh
go tráth eirgi ar na mharach



Fogruis Éuchtach ollbhládhach
comrac ar Fionn mac Cumhaill
ní frith sa chath chomramach
fear a fresdail nó i fuluing



Comhrac ar Fhionn árdmhenmnach
iarrus Échtach gér ffairbhrígh
nir bh'áil lé na gairgtheglach
aoín fher oile acht in t-airdrígh



Fregrus Fionn in flaithfhéinidh
gus in ghleódh ffíochdha ffoirmear
ba crechtach a chaithéididh
ó choigedal a coirrslegh



Do rad sí tri threnbhuille
dhó tar in Sencholl Snídhech
do ba críathar créchtnaighthe
úaithe in sgíeth oirdhearg irseach



Nochtus in lainn ledarthach
ba lasamhna na lóchrann
tig Daolgus go deghthapaidh
eidir Fhionn isin órland


L. 47


Dar bhen órlann Échtaighe
do mac Caoíl na gcleas ffáobhrach
gur thrasgair da trénbhuille
go nderna dhe dhá Dháolghus



Teid in lann ghorm gher-ghasda
tré chlár sgéith Fhinn go hullamh
is gerrais trí thrénasna
a gcompar chléibh in churadh



Do leig osnadh égcomlainn
Fionn úa Baoísgne gér ffuileach
tuitis úadh na thréntorainn
in Sencholl snithi Snídheach



Is annsin dob inchaoínte
in mílidh fan mnaoi róimhir
níor mhó nó mac miodhaoíse
é ar sgáth a sgéith sa sgainnir



Fionn dfaicsin san éigen-sin
nír fuilingeadh lé cloinn Bhaoísgni
dhá chobhair do chéidfheraibh
tainic Oissín is Caoilte



Do chobhair a thighearna
téid Lodhorn deas dhédla
marbhais in óg ilmhenmnach
fa bhuaidh n-aithis is n-échta



Tógaibhther Fionn fáobharghlan
ar chrannaibh slegh a n-áirdi
go Lúighdhech mac Áongusa
gus in líaigh bá lór gairge



Ro boí Fionn secht leithbhlíadna
ga leigius nach ffúair sláinti
gach techt eidir dheghfhiana
ó thigh Luighdhech go n-áille



Clann deigheneach Dhíarmada
inmhuin in cuire créchtach
slata fionna fíalbhoga
Donnchadh Eochaidh Aédh Éuchdach



Ní rug Gráinne goirmdercach
do mhac Duinn na gcles ffáobhrach
acht aoín ingen oirbheartach
agus bá hí sin Éuchdach



A Mhic Duach a dheghchléirigh
a chroidhe díadha dércach
Nach ar lár do reighleissi
ita in fert fa a ffuil Ectach.



Éuchdach.



XIX.



Anocht fíordheireadh ná ffían
ro sgarsat ré neart a níadh
terc anocht a ccoin sa ffir
dobadh urus a n-áirimh



Nior bh'é sin airiom ar slóigh
a gCinn chluith díar banadh beóil
ceitre fichid céd gan on
dhuinne go Doire Dhá Lon



Ba hí ar sochraide líth ngal
go smerdris Locha Lurgan
deich cced fichit lúaidhit goil
ar ndesbaidh um nónadhaigh


L. 48


Ar neasbaidh a ccath Gáphra
deich gcead fhichead cead calma
ba hé ar ttinól ar ttiacht as
fiche céad feinnidh foltchas



A ccath Ollarbha gan feall
a ttorchair airdrígh Éireann
dar tuit Fionn tre inghin Ghuill
a ccath Breghdha os Bóuinn



Aréir dhúin go Magh nDeilge
sé céad dég re húair ffeirge
anocht ní mairionn diobhsain
acht seisear is tri nonbhair



Ní hionann anocht fo ríor
mo sliochtsa agus sliocht mó ríogh
diairmhe i ndíaigh chatha crúaidh
muinntear mhic Cumhaill armrúaidh



Gidhbé áit a mbíam anocht
nocha líonmhar ar longport
do haireochaidhe nar suidhe
sinn eidir choin is duine



Dursan liom do bheith mar soin
a Chaoilti gusin morghoil
do bheith-si gan laochraidh luinn
tar éis catha agus comhlainn



Is hé do bheir mé mar soin
a Oissín a mhic morghloin
nocha mairionn Fionn ferrdha
mo thríath is mo thighearna



Ní mhairit trí meic in Léith
nó Aodh Rinn ar sgath a sgeith
ní mairit na gaoí derga
ní mairit meic Aoincerda



Fionn mac Dubháin mo chara
ní mhair do chloinn Mhurchadha
ni ticc a ccath Gabhra in gháidh
Dubhán mac Cais mic Cannáin



Ní mhairit in díes co mbladh
Cas Cuailgne no Goll Galban
ní mhair mac Ua Nechta anall
Fionn mac Sestáin ní mharann



Ní mhair Cedach fear go n-aoibh
ní mhair Idhlann mac Idhlaoích
ni mhair Flann in curadh grind
ní mhairit tri meic Crimhoill



Ni mairit in Ghlasfhíen glan
ní mairit fiana Breatan
ní mhair Daighre in giolla gel
doilghe leam nó gach aoínfhear



Ní mairit clann Mhorna an áigh
dursan gan a mbeith d'áonláimh
Goll Art Conán Garoidh glan
ionmhuin buidhean beódha bhídhbadh



Sgíathbrec agus Banb Sionna
maráon ní cuirit griolla .i. gáir
ni mhair Coinnsgleo na bloidhe
ní mairenn Fúath Calraidhe



Ni mhairit clannmhaicne Fhinn
a Oissín in ghaisgidh ghrinn
do chódar sin don mbioth bhán
acht madh tusa at áonarán



Ni mhairit do chlann-sa féin
a Oissín gusan móirsgéimh
Fer Logha is Oisín gan on
Euchdach Uladhach Osgar


L. 49


Ni mhairit clann Rónáin réidh
mo braithre is mo mic féin
ba hí a sochraide catha
fiche ced sgíeth áondhata



A Chaoílte go n-iomad ccnedh
ní mhair laoch nach ffuair imnedh
tig trághadh da gach flaithius
ní búan cách na mbithmhaithius



Ni mhairit in mhuinntear mór
do bhíodh againn nar ttinól
dénam calma na ndíaigh sin
úair ní thigit dar ccabhair



Fáisdeine do rinne Fionn
oidhche samhna i nIobharghlionn
go raghdaoís in Fhian gan locht
'sgo madh deiredh dhúin anocht



Anocht.



XX.



A chloidhimh chléircín in chluig
sochaidhe ba námha dhuit
agus díar bhenuis a ccinn
is do sgarais ré a ccoluinn



Céidfer dar bhenuis a chenn
Crithir daingen mac Duibh ghreann
Minélus do cháidh go cóir
do laim Shádoirn mheic Pallóir



Tiobha do róine in cloidhimh
sochaidhe día attug oighidh
ní raibhe ag duine lann crúaidh
is mó do dhithadh deghshlúaigh



Do ched-ainm in Crom Catha
a laim Sádhuirn na flatha
mór ccath tugadh le t'fáobhroibh
a chloidhimh ghuirm ghlanfháobhraigh



Do marbhus Sadorn mhac Lúain
do laim Sádoirn móir go mbúaidh
sa chóig meic brosgar go mbloidh
mór in cosgar a chloidhim



Ro mhárbhuis a Chruím Catha
do láim Sádoirn na flatha
a ccath Mhoighe Glinne grinn
Grinne agus Derg is Deighrinn



Ro mharbhuis días ard oile
ga chineadh ris nár sceile
ar slíabh Tiris nocha gó
Ílis agus Iácobó



Ro ghoid Íob ó a athair
thú a cloidhimh fa trén tachair
nó gur cossain tu go crúaidh
ar slíabh Dossaigh droigheanrúaidh



O tharraigh in Crom Catha
Ióib mac in ardfhlatha
níor fuilnged d'Ióib iar soin
go ttug cath is a athair



Dardán mac Ióib fa borb
issé do rad tar múr in colg
isa amathair Eileachtra
ba hoirrdhearc in imtheachta



O tarraidh in Crom Catha
Dardán mac in ardfhlatha
ro marbh Dardán ar in muigh
Sadán donn díth a chloidhimh


L. 50


Áon mhac ag Sadán do chloinn
ba húasal é ba hálainn
mór a thairm os na treabhaibh
dar bh'ainm Gola Gallamhail



Ro luidh Gola fora a bhreith
go Dardán is é for creic
go ro tháobh ris ger ffeidhm gus
go ndernatar clemhnus



Tug Gola a inghen mor mhnaoí
do Dhardán ba gile gnaoí
maith a cruth sa ciall thrá
Bé Chrotha ingen Golá



Beiris ingean Gola mac
do Dardan go ngile nglac
dath na fola for a ghnúis
ba hé ainm Manafalúis



Tuc Mana in cloidhemh go tTrost
nochar mhana bheith a ttost
ro mharbh Trost naoi míle dhe
sdo gabh righe na Traoie



Tuc Trost d'Íllis co mbúaidh
in cloidhem día sloighte slúaigh
is mór ccath ro sloighedh shoir
do laimh Ílis a chloidhimh



Tuc Ílis in colg ágha
da mhac díolus dingmhála
ro díchendadh leis na slóigh
don milidh do Laimhedhóin



Laimedhón ba maith lámhach
ro ba mílidh mórdhálach
in fer soin mar trethan tonn
do marb Ercail é d'áondorn



Rug Ercoil leis a ccuibhrech
ben Láimhedhoin ger mhuirnech
san Gréig in mílidh míadhach
ba hé rí na tTroighíanach



Tucsat Gregaigh leó tar muir
cenn Laimhedhóin lán da fhuil
faidbh is arm is erradh
in fir mhairbh go háon-ionadh



Tuc Earcail do mhac rí Gréag
cloidhemh Laimedoin ní brég
rus tiodhlaic don triath sochrach
díar b'ainm Iason ilchrothach



Fiche bliadhain is da mí
don loinn ag Iasoin go lí
ro bha scél ádhbhal ger bhail
a mharbhadh don da nathair



O do rochair níor gniom taiss
Iasón mac Essóin amhnaiss
tuc Ercail chuige ar a ghrádh
arís cloidhemh Laimheadháin



Trúagh le hErcail Prímh fa bhrón
i ndíaigh i athair Laimeadóin
do fhosglaic glais a ngeimhil
do leig as do lán-deimhin



Adubairt Ercail go gnaoí
na bísi a Primh mar ataoí
na déna dobbrón dot sódh
toigebtar Traoi Laimeadón



Ro thogaibh Earcail in Traoí
agus do rat do Prímh mnaoí
do lesughadh a mhoide
ingen righ na Mórthreóide



Día maireadh m'athair-si beó
is rí na Gréigi gan gó
is ferr liom fós nó a ffaca
agam do mhnaoí Achapa



Dorónsat smúaineadh oile
ríogha in talman toghaidhe
faidbh a athar do Prímh na ttreabh
maráon issin degchloidheamh


L. 51


Rug Earcail leis Prímh gan brón
rus togaibh Traoi Laimeadón
ba lughaide a bháoghal gan bhéd
Ercoil bliadhain día coiméad



Do thogaibh Earcoil in Traoi
ní raiphe cathair mar hí
fágbhaidh in Traoí lán do slógh
ag Prímh ag mac Laimeadhón



Ro marbadh Earcail an áig
le Prímh re mac Láimheadháin
ní a n-aiscidh do marbhadh
cenn gaisgidh na tromthalmhan



Alaxandair do mhill Traoi
mac do Primh sin ré n-a mnaoí
ba damhna guil is gala
da ttuc tar muir Eléna



Alaxandair tuc anoir
ben Minélus na longaiph
ag sin mar do tóghladh Traoí
gidh sgél adbal tre énmhnaoí



Do luidh loingius a crích Ghrég
ar lorg Eléna tre étt
do cuirsiot ár na ngergath
do mhillsead Traoí troimthrédach



Long ar fichit cuig ced déag
is é a fíor agus ní brég
loinges na nGrégach tar muir
do thoghail Traoí ar Troighíanaibh



Go ttug Prímh in cloidhem corr
issin tsighin ó Sadorn
d'Echtair go madh moide a neimh
a slegh agus a cloidheimh



Sé catha deg co fa thrí
ro bhris Eachtair um an Traoi
don cloidhemh so do slúagh Greg
mar innistear tre oiréd



Níor chuir bonn ar bith go ngnaoí
nír léig a rún ré na mhnaoí
nír imtig talmain tectaigh
laoch mar Eachtair mac Primh



On céad lá do chúaidh Eachtair
a gcath Grégach gan bháoghal
deich gcéad míle fo leachtaibh
do laim Earcail a áonair



Do rochair Eachtair tre cheilcc
do comrac Aichil airmdeirg
is tuc a chloidhiomh dhá éiss
do Einías mac Ainicheiss



Ro fhágaiph Enás in Traoí
do luidh sa nEadaille an rí
ní begán do tuit tar ler
issin Edaill don chloidhemh



Fomhóir sa nEdaill do bhí
nocha ngeibhdís airm a cclí
mac Morlaoich gan bheith genna
dar b'ainm Úarghaoth airmdetla.



Do luidh chuige Eneas ard
ba hé in Troighiánach trénghart
ro marph mac Morlaoích tar lear
do len Uargháoth don cloidhemh



Da mhac ag Éneas do chloinn
ba húasal íad bá háluind
dís geil-mhín nár dhúr ré dáimh
Silbhí úr agus Asgán


L. 52


In tan tainic sendacht dó
Enéas mór ní hiomorgó
do ró a ttiumna dia a macoibh
óir ba dingna in deghmhacraidh



Do roinn Enías ar a grádh
tug d'Asgan úadha an edal
gan dimbrigh ba ferrdha in fer
do Silbhí calma in cloidheamh



Tarroidh Siluius in laoch
in cloidhemh dar b'ainm Úargháoth
do lín merrdhacht is mire
is calmacht sa degh-ghille



Seoluis Siluius tar muir
da céad long go hinis Tuir
is tuc ón inis dhona
Bé Mhilis ingen Tola



Go rug ingen Tola mac
do thSílius na ttrénghlac
Níul a ainm a hinis Tuir
mor a thairm is na buillibh



Is tuc Bé Mhilis do Niúl
Uargháoth do rad slóigh a n-úir
marbh Dáire na dhún tar ler
rí na buille don chloidhemh



In úair do bhí Iúil Sésair
i dtigh Niúil ag Bé Bhessair
do rad gradh mór nar cheiltech
d'ingin ríg na nglaiseitreach



Is tuc Níul inghen Dáire
Bé Bhesair ba mór náire
is ruc Bé Bhessair go mblaidh
Iúl Sésair airdrigh in domhain



Ingen mhaisseach do bhí ag Niuil
Caladh roba maith a rúin
gribh gheal na ngel-lamh ngartach
bá he a lennán Lomnachtach



Do luidh Caladh for athadh
ruc lé cloidhiomh a hathar
do rat in ríoghan rechtach
an cloidhemh do Lomnochtach



légh in rann deighionach so romam mar a
ffaicenn tu in chros thuas.



Ruc Lomnachtach nír láoch tim
ben a mbroid leis a hÉirinn
rioghan cenncháomh tar fairrge
Fionncaom inghean degh-Chairbre



Ruc Lomnochtach da dhún
an ingen sin go ndeghrún
is tuc don oíg saoír sheda
a sheóid is a thaisgedha



Fúair Lomnochtach fis fo thuinn
gur lennán di Cú Chuluinn
ba mían leis in cú gan ghaoí
do mharbhadh tre na mhórmhnaoí



Tainic séin oídhche samhna
do mharbhadh shlóigh na hEmhna
do bhreit cosccair Chon Chúailgne
sdo loscadh na Craobhrúaidhe



Tainic Lomnochtach sa tír
an curaidh ba borb a bhrígh
ba lór do churaidh na chenn
Ulaidh agus fir Éireann


L. 53


Tarla tríar ar aire
ag toighecht tar Tráigh mBaile
Cú na gcles Laoghaire ón linn
is Muinremar mac Eirrghinn



Teithidh Laoghaire nír chóir
mur do chonnairc in fomhóir
cláochlais deilbh Mhuinremhair mhir
amhoil richt mhairbh in uair sin



Abair a Mhuinremhair mhir
ro ráidh Bricne ré bhrathair
créad ruc do cheill uait go grinn
agus ro cláochlaidh hinntinn



Do ríne in fomhóir dith thim
a Mhuinremhair mhic Eirrghinn
réil damh ar chnámhaibh do chinn
nach fer lámhaigh thú a nEirinn



Ro thréicc Muinremhor a airm
do chúaidh Laoghaire a luathmhaidhm
Muinremhar nír fher ferrdha
nó Laoghaire loinnerdha



Gidh dhuitsi a Láoghaire luinn
gan congnamh lé Coin Culainn
is hé na áonor on tóir
ag comrac frissin fhómhoir



A Muinremair ná bí mur taoí
óir ní hinmhuin tú led mhnaoí
aithnigh do chách mar ata tú
eirigh cuir dhit do mhichlú



Seoluis Muinremhair muir bhorb
nó go ttainic go Dún mBolg
co ttug leis na seóid tar linn
go ráinic co Coin Culainn



Do roinn Cú Culainn na seóid
ar mathaibh Uladh gan mhóid
amhlaidh tuc iatt gan anadh
gan a bheg do Mhuinremhar



In cloidhem día sloighthe slóigh
tuc Cú Culainn do mhac Róigh
ba mór a feidm a ccath borb
tucc d'Fergus in caladh-colg



Do chódar Ulaidh an áigh
a nAlbain tré iomarbháidh
dia ttucatar cath go mbúaidh
do chlannuibh ailli Adhnúaill



Tuc Fergus in buille borb
as a laimh don chaladh-colc
secht cced nír dimbúaidh ag dol
agus Ibhual don cloidhiomh



Tuc mac Róigh buille curadh
a ccath Ilgháirech Uladh
dar tesc Fergus ba gniom gle
na teóra Máola Midhe



Secht cced déag láoch go fa dhó
do luidh Acoll tar muir mór
geill Éirionn uile go ngus
tucadh chuige go Dúrlus



Luidhsiot fir Eiriond uile
go Temhraigh na n-áonchuire
maraon is Cathbhoidh glan gle
do cinneadh dhóibh comhairle



Do luidh Cathbhoidh uatha alle
do fechain a fhessa fíre
ní ffuil a nEirinn ro fes
acht aoínfher comlainn choisgfes



Cuich in t-aoínfer sin go mbúaidh
d'feraibh Éirionn comlainn crúaidh
ar do dhraoídhechtsa go mbloidh
innis dhúin go fír a Chathbhaidh



An meisi é ar Conall cain
ar mac amhra Aimhirghin
an meise é ar Cú na gcles
in missi hé bar Fergus


L. 54


Ané Cú Rí nár lúaidh gaoí
ané Fiamhain mac Foraoí
ané Naoíse na n-arm n-áigh
ané Fer Diadh mac Damháin



Ní lamhann neach úaibhse é
in tAcall úd is glan gné
ro tairngireadh dhó tré ghoil
co mbíadh na airdrigh oraibh



Tabhairse comhairle dhúin
a Chathbhaidh is róghlan rúin
an ferr geill do dhol amach
nó cath cródha cedfadhach



Ní náir dhaoíbhse geill dó
a fhira Eirionn ní ró
is fir in betha buidhe
ar ngialladh don áondhuine



Adeirim ar Conall cain
ar mac oirdhirc Aimhirghin
geill Uladh ní raghaid amach
ar aga na nAllmhurach



Dar do láimh-si a Chonaill chain
a mheic oirdhirc Aimhirghin
gidh maith do lámh a ccath lonn
nocha chinnfir ar a chomlann



Badh ettrom gheba sé dhibh
acht go ngoirthear a gairm rígh
nocha ngabhann gell go borbh
acht mé féin sa caladhcolg



Ag sin a Padruic uile
a chinn slóigh na sochaidhe
fada beruid is tú ar neimh
cuid do sgélaibh in chloidhimh



Sé bliadhna décc is céd
boí sé ag Fergus ní brég
gur tuit in curaidh ba grind
le Lughaidh le dall Oilill



Ó ro tuit Fergus nach ffann
tarroidh Meadhbh in ríghland
agus gin gur maith in chiall
cloidhemh Fearguis tuc d'Íríal



Do luidh Iríal a hEmhoin
ar cúairt a Lochluinn leabhair
d'fios sgél na Beirbhe ar a grádh
sdo dexin deilbhi a lennáin



Lennan meic Conaill Cernaigh
ingen Lugaine menmnaigh
mor a sochra roba borb
tuc na tochra in caladhcholg



O tharraidh Lughaine lonn
caladhcholg crúaidh na ccomhland
do rad ainm ar in loinn
in fad ro bhoí a Lochlainn



Deghmac Tuire na nglonn
do marb Lughaine a ccomhlann
on ló do rochair in fer
do len a ainm don chloidhemh



Meinic rot bíata bran
ar corpoibh tenna tréinfher
ríemh nír gabhadh réd bhuille
ó laimh leabhair Lughaini



Sé bliadhna déag agus céd
do bhoí a Lochlannaibh ní brég
gur éirigh Éimher Alpa
an gheg aloinn fhírghasta



Ingen ag Éimhear Alpa
óigbhen alainn fhíorghasta
ba hé a hainm Bé Thuinne
ríoghain Bresail bharrbhuidhe



Mac Bresail is Bé Thuinne
nír gabhadh ré a láochbhuille
dier b'ainm Áongus Gaoi Fuileach
ó mbioth bádbh go bithbhuidheach



Baineachlach Fhinn na Feine
Eachlach dhubh in Duibhshléibhe
ger mhaith a lathar ar ló
ba mathair í do cuinnsgleó


L. 55


Ruc an eachlach lé tar muir
go hÁonghus go a senathair
don loinn roighéir níor chomhdha
dol a ccomhlann Fherdhomna



Nochar gabhadh red beim ríamh
a ccath a ccomhlann a nglíadh
rob tú ríghlann na cruinne
gorod bris cenn na caillighe



Ó do ríghneadh dhe da chuid
lughaide ar Aonghus go mbloidh
fo mana cosccair is cnedh
do rad d'Osgar in cloidhiom



Ger maith laimh Osgair re hedh
no go ttarraidh in cloidheamh
ris nír gabhadh ina dhíaigh soin
in gein ronbuí na bethaidh



Sé chéd láoch go fa chetair
sé fichit rí a ccathaibh
is fiche míle míadh ngal
do marbh Osgar don chloidheamh



On ched cath do cuireadh dhe
go cath mor Chuile Dreimhni
ata lem a dhearbhadh dhuibh
go marbhadh séimhe subhaigh



Do chedchloidhmhe na cruinne
an senóir ba bailc buille
beannach é a Patraic na penn
asé sút Gerr na cColann



Mallacht ar giolla an ghabhann
olc do rec Gerr na gCollann
athais ar do chorp a fhir
olc do recais in cloidhimh



Cuir in cloidhemh sin dot chris
a cleircin bhig dom chráidhis
sgar-sa rissin ccolg neimhe
is len dot t'ord cleirchidhe



O tainic corraidhe in doill
dar anmain Chaoílte agus Finn
muna ndechaidh Máol Chíar amach
muirbfet go dían in clereach



Brisde mo chroidhe is mé dall
úch uch a Patraic na penn
cloidhemh mo mheic ag Máol Cíar
rod cuir in gheilt ar in ríen



Gé lionmhar Éire mar tá
eidir fhior is mac is mhná
uch is mó do mharbh thra
a chleirchin don chloidhemh sa



Gidh mór do chuir do chosgar
ón ló rainic go hOsgar
tug mé fá mhéla don mhoigh
mar atfét sgél in chloidhimh



Aitchim in Cuimhdhe os ar gcionn
nar tarrustar ar mac Finn
a ndénim do dhéraibh dhuibh
is mé ag féghain an chloidhimh.



A chloidhimh.



XXI.



Cláidhtear leibh leabadh Osgair
mór do bhuídhnibh do bhrosduigh
Osgar gé do chúaidh ar ceal
mór gcosgar cruaid do chuireadh



Is mór do cathaibh do chlaoídh
mór do bhuídhnibh batar faoí
mór do mhaoídigh mná malla
lér mhían in seng saorchlandae


L. 56


Tú ro mharbh Fráochán go mbáigh
maiden os cionn Temrach Fáil
dar fhogair sé ort sa ghlinn
comrac éinfhir i Leithghlind



Is tu do chúaidh ger bh' olc linn
a ndáil ingine Umhaill
áon ochtor láoch dreimne gal
Osgar menmnach in náomhadh



Cath na Punnand tuc an Fían
neoch is oirdhirc ó shoin riamh
nocha ttugadh cath ba ferr
a n-íath Alban nó Éirionn



Lá do bhuí ag mílradh go naoíbh
Fionn flaithfhéindidh a Formaoíl
do sgaoíl da ghádhraibh go rath
fa tuaitheamr ... na Temhrach



Do rala dhó forsan moigh
eissen beg an giul gennaidh
dar sháraigh daoíne agus coin
go rainic go Collamair



Boí ag mnaoí Chaoilte ar an moigh
machaire d'arbhar aboidh
is hé díon ros fúair in fíadh
dol na aice go himchían



Is ann tainic ó a tigh
ingen Bharráin bhlathuallaigh
na carbat ar a dí heach
mun seilg agus mun ffíadhach



Feruis fáilti frissin rí
ré mac Cumhaill ba caomh lí
targaidh a breith lé día tigh
nochar faomh in righfhéinnidh



Ní ragham let dar do laimh
a ainder a ingen Bharráin
go ffesam an ttic amach
an fíadh cosluath beg biorach



Ní ffuil tarbha dhaoíbh uile
a ffíadhach in mhíl mhóighe
nir taisdil in domhan dron
cú nó fíadh nach fuicfedhsan



Ro bhámor deich gcet fo sech
ga seilg agus ga fhíadhach
teglach Chaoilti in drong mher
is nior cumgadh ní dheissen



Is annsin adubhairt Fionn
ré hAodh Beg in ghaisgidh ghrind
dol fan machaire gan faill
in Ghlaisfhían is Uí Neamhnainn



Benaidh in t-arbhar go tric
do mhnaoí Chaoilte go coimnirt
do ghébham ar ffíadhach dhe
budh cobhair do mhnaoí Chaoilti



Battar fiche céd don Fhéin
agus deich cced ar aoín-réim
ag búain chruithnechta sa moig
do mhnaoí Chaoílti ó Chollamair



Is é sin conách mná
is fearr do chúala rem lá
Aodh Beg sa Ghlaisfhíen malle
ag búain arbha mhná Chaoílti



Ben Chaoílti na carbat cain
soir síar go nóin fon meithil
is Daighre ag cantain chiúil
dhi na carbat go taidhiúir



Is amhloidh so bhoí in rí
Fionn mac Cumhaill ba cáomh lí
agus gabhal cheithre mbenn
aige ag carnadh na punnann


L. 57


Agus Goll mór mac Mórna
agus Art in ríghdhamhna
agus Conán garbh go ngráin
agus Fionn mór mac Cúáin



Et Modh Smala mac Smóil
agus Dubhthach ó Leithmhóin
Oisín ann is Fionn gan on
Áodh mhac Finn agus Osccor



Nocha raibhi san meithil
acht trí cloidhmhe dier ffeithimh
mo chloidhemhsa is cloidhemh Finn
is cloidhimh Osgair airmghrinn



Silledh dá ttuc airdrí in tslóigh
tar in moigh ríoghlain romhóir
adchí chuige secht ccatha
fá Dholor mac Trénfhlatha



Dolor mac Trénfhlatha thruim
airdrigh ro gabh for Lochluinn
secht ccatha dhó go Breghmhoigh
do gabháil nirt for Themhraigh



Is ann adubhairt Fionn fáidh
a Ghuill mheic Morna go mbáidh
cred do dhenam dreimne gal
in teitheadh no cothughadh



Is beó nech tar éis a anma
do ráidh Goll in ríghdhamhna
agus ní beó d'éis a einigh
adeirim go láindheimhin



Budh maith mo chobhairse dhaoíbh
ro ráidh Caoílti in chrotha chaoímh
do bher bar n-airm uile amach
tar imdhóirsibh na Temrach



Deich cced cloidhemh deich ccéd sgíth
eire Chaoílti mór a fhíach
mar shídhe gaoíthe géire
ó Themraigh na lúathfheine



Nochar thuit duine sa chath
go rainic Caoílti cosgrach
cona eire leis d'armaibh
don Fhéin fhossaig fhíorangmoidh



Is tusa ro chuir in cath
a Osgair a mheic go rath
do lenuis in maidhm ba thúaidh
nó go ránguis in Chraobhrúaidh



Dia madh meisi do fáoth ann
luidhim fom sgeith fom chathbharr
go madh fás Temhoir anois
don deabhaidh ghairbh do dhénmais



Trúagh nach Éire an fuinn ghloin
d'fagbhais lem mac lem brathair
agus nach é in domhan dron
mona ffaghoinn díon d'Osgur



A fhir aoí ón a fhir aoí
trúagh nachar chláidhis an lí
coirighther leat in lía glan
fuil fo chennoibh na ccuradh



Cuir Osgar don taobhso thes
is goirt lem chroidhe is lem chnes
Mac Lughdhach gan fhíoch gan fhúath
cuir don taobh thuaidh go lán-lúath



Eirgidh a cháirde gan chair
coirgidh in ccompraidh gan ail
dírghidh a hadhort go fraigh
leabadh ar ccarat claoidhter.



Claoídhter.


L. 58


XXII.



Abair a Oisín mheic Finn
agus tabhair th'aire rinn
ca lion táoth sa charraig chrúaidh
fa mac Morna go mórbhúaidh



Adrochair sa charruig chrúaidh
le mac Morna cloidhimhchrúaidh
fer cethrar is triocha céd
ro thuit le Goll go moirbhed



A chéidfer comlainn go dúr
dursan gan a techt ar gul
Dubh mac Luighdhech nocha brég
fiche céd curadh coimhthren



Áodh is Eochaidh mór in sgél
ro thuitset da rinn go gér
Dubh mac Luighdheach Droma Clíabh
mór in líach in fear fírfhíal



Cairbre Cas tainic tar muir
fiche céad go ceartfhoghail
fer comlainn cced issin ccath
do thuit lé Goll in gaisgeadhach



Ni tri Doibh mheic Mhaoil Mithigh
tangattar tar muir mórd ...
táoth sa carruig nir comdha
lé mac maissech mor-Morna



Dubh Druimneach ba clisde ceard
in laoch ledarrach laimdhearg
ro thuit in tuir échtach ard
le Goll crechtach cloidhimhdhearg



Fionn mac Finn Bháin í Bhreasail
a ccomlann nochar chossain
íar rochtain go mac Mórna
nior comhdha dhó a cathghail



La rochtain chrannchair Chairill
lamh sénta nár iarr urrim
do triall Fionn flaith na nimioll
fa gheis Goill ar ghrádh Chairioll



Ba comhrac da thuinn bratha
Cairioll is Goill an ágha
Goll agus Cairioll chalma
nír cairde ger degh-arma



Nochtaid na lanna léaphra
dephaidh díe ttainic dóghra
roba trén díocra a ndeabhaidh
ag deghail ré Cloinn Mórna



Anais Cairioll ar a láthair
gé do fhan nochar ffáiligh
neachtar don dís sin chena
in nert céadna nir tairrigh



Uch ro fhágaibh sa charraig
Goll mac Morna ger dhainimh
don gaisccedhach bá méla sin
ní ticc día éis a aithchin



Ro léigeadh chuige Flann Ruadh
is a slúagh ar ttocht fo dhíon
issé do bhain borb in glonn
a chionn do Gholl garbh in gniom



Do cher tuir calma na ccath
Goll mac Mórna mór-uallach
cenn na ccuradh rígh na ttríath
Chlanna Mórna na mórsgíath


L. 59


Ger mór cath do cuiredh ríamh
ré Goll mac Morna na gclíar
is don ghorta do bathadh in fer
gé do chuir cosgar cruaidhfher



Is binn liom athaithesc a fhir
ua Cumhaill a caoimhfir
cía fad do bhí bhur síth mar sain
innis a fhir agus abair



Blíadhain go leith is fíor dhamh
ráithe agus fiche blíadhan
do bhí ar síodh is ar sáimhe
is aicme na hardbháighe



Nocha liomsa nach meabhrach
a Chináoth criche Temhrach
gach ar bhris ar síodh ar ttús
is meabhair liom animthus



Go n-iomláit cloidhemh is con
gan deabhaidh gan diubhracadh
go gcláochlódh fithcheall fo sech
go n-imat lann is lúirech



Gan olc gan égnach án
gan fhalaidh gan achmusán
gan áon a cceilg fo chéile
gan fheirg is gan aimhréidhe



Gan deabhaidh gan troid gan tnúth
gan mi-inntinn gan mírún
gan chogadh gan chreich gan chath
gan aimhréidhe gan anbhrath



Gan olc gan fíchis gan fheírcc
ba síothach ar gach saoírcheird
a n-aon-longphort go glan grinn
eidir Albain is Eirinn



Ag tabhach chíosa is ghiall
ó insibh Mara tTorrían
ní gabhthaoí riú línibh glonn
a gcath a nglíaidh nó a ccomhlann



Is amhloidh sin bhoí ar síodh
is clann Morna na móirfíoch
gach a ffaghadh Fionn nár thláith
do bheireadh dhóibh go conáich



Gach baile fassaigh gach fiodh
a ttreas trían gan fhochuidbheadh
lucht ba treisi a ttennta thoir
trían sealga doibh is fíadhaigh



Buannacht gacha tres baile
ó samhain go bealltuine
gach tír ina mbiodh a smacht
gach tres cuilén re súatracht



Gach tres ben áontomha ann
a ccóig cóigeadhaibh Eireann
gach tres cíos ar ttocht amach
gach treas lann gach treas lúireach



Agus tossach gach trachta
in tan do líonmaoís bárca
agus deireadh gacha tíre
ré headh chogaidh choigcríche



Fad a dhi slegh do Goll glan
déis Fhían Éireann is Alban
a ttosach gach catha cain
mac Morna do cheidfheraibh



Is binn lim haitheasc a fhir
a ua Cumhaill a chaoimfhir
cía do bhris bar síodh íar sáin
innis a fhír agus abair



Nocha liomsa nach meabhrach
a Chinaoth criche Temhrach
gach ar bhris ar síodh ar tús
is olc do chúaidh an imthus



Gach síodh ro naiscmís uile
eidir mhac ríogh is ruire
ró bhrisdís gér égnach án
Cairioll cédach is Conán


L. 60


Ba hé Cairioll bói for ceill
Conán ba ghnáth ar mícheill
is olc do bhen rissin fféin
a n-uabhar is a n-ainréir



Fledh mhór ag Fionn a nAlmhain
a Chináoth cháin chatharmaigh
ba hiomdha mac rígh um ne
ba maith a síodh sa sáimhe



Mé ro éirigh sa tigh mhóir
in lá sin d'egor in tshlóigh
an úairsin ba maith mo dhrech
ba maith mh'arm agus mh'edach



Suidhis cenn in shlóigh chaoímh
Fionn mac Cumhaill a Formaoíl
cuirim ar a dheis da láimh
Goll mac Morna go mórghráin



Iar sin fóss a fforradh Fhinn
Osgar ar gúaluinn Iollaind
agus Garadh glac mar ghribh
láimh ré hOsgar mac Oissín



Láimh ré Mac Lughach in láoch
ro chuirsiom Conán cennbháoth
egcosmhail conn agus ciall
don dís sin boí ar áon rían



Iarsin rosuidhset in Fhían
an aicme aloinn fhoiltfhíar
fa maith frestal na buídhne
gan dearmat gan díchuimhni



Imdha ar n-airgett is ar n-ór
fan ccuirm sin ag an chomhól
battar deich fichit mac rígh
um an ffleidh sin gan dimbrígh



Mar do bhámar ag in n-ól
san bruighin sin na mórslógh
tainic in doirseóir istech
crothais in slabhradh snitheach



Ann do fhiafraidh cenn in tslóigh
Fionn mac Cumhaill mhic Trénmhóir
innis a haithesca go cóir
créd fa ttangais a dhoirseoir



A oínfhir láochda soithim séimh
ma tá nerta fa na mhéid
do badh cosmhail ris gan acht
go ccoiscfeadh céd ar chródhacht



Ag so tri datha in fhir
dath fola laoígh na ghrúaidhibh
dath in fhiaich ar a folt donn
dath a chuirp mar úan abhann



Cía sloindeadh cía híath don fhior
nó cía tír inar hoileadh
an d'feraibh Alban fo sech
nó in do thúathaibh na Temhrach



Dalta rígh Alban na n-íath
go gclódh chatha na caoimsgíath
uime ata in beirt shróil mar sin
is mór in ghlóir in fer sin



Leigidh astech ar Fionn féin
degh-mhac Conbhróin go gceill
madh é Cairioll na n-arm ndes
is sé ar mbrathair díles



Suidhis iersin Cairioll crúaidh
issin mbruighin go morbhúaidh
cuirther a dheich ccéd na ghar
ar slios tighe na hAlmhan



Ar mbeith dhúinn ag ól gan sniom
a mbruighin romhóir in ríogh
éirgit Clann Morna badhéin
d'iarraidh a ccíosa coimthréin



Ag so in cíos do bhoí dháibh
in clann sin Morna go mbáigh
gach cnaimh fíadha na mbídh smir
do berthaoí riam don Goll sin


L. 61


Ro fhíafraigh Cairill gan ceilg
do Mac Lughach tré láinfheirg
cred fá a ttugtar go dána
do Gholl mhór na cruindchnáma



Fuasglais Mac Lughach nar thim
in cheist sin do cuir Cairill
mír murra Ghuill na cnama
a tigh Fhinn na mórdhála



Adubhairt Cairioll go ttreóir
go bráth nach íssadh in fheoil
mun badh leis in smior ó Gholl
do bhiadh issin cnaim comhlom



Anais Cairill issin bféin
do réir a deghoide féin
is Alba do beith fó smacht
sa bheith féin a ffíanaighecht



Congmhail sídh Chloinne Morna
gan bhrón is gan bhithdhoghra
is a choraighecht ar Fhionn
fa comhall dóibh gan dicheall



Is dearbh go gcoimeollfem síodh
um gach nídh fo a ffuil ar fíoch
is gan na cnama do Gholl
uainn go bráth nocha ttiúbhram



Adubhairt Iollann gan tár
cian ó fúarus cíos na ccnámh
ní deghobair mhéic bhaoíth mhir
techt do ghlacadh mo dhlighidh



Adeirim rit dar do láimh
a Iollainn gidh mór do ghráin
nach leigfem na cnámha dhuit
go bráth ar egla comhraic



O tugais cath Cnucha crúaidh
a mhic Mhorna go mórbhúaidh
atá in cnáimh agat ó shoin
tré easbuidh Cumhaill chedaigh



Ro thuit ann Cumhall na nglonn
lé nert mo lámh sa chomhlann
sdo mharbhus a slóigh fo sech
ritsa ni dhingen taithlech



Do ráidh Cairioll gan glór gann
ba ferr liom nach ttegmhadh ann
acht Goll is Garadh is Conn
ina adhaigh sa comlonn.



Agusrl.



XXIII.



Fleadh ros fúair Corbmac ó Fhionn
a mbruighin mhóir Shíthi Truím
tangattar maithe ffer fFáil
le flaith Teamhra sa comdháil



Tig rígh Alban is rí Grég
is clann rígh Lochlann na séd
ar cúairt go Cormac na dtres
fa uaill agus fo áines



Iollann ainm rígh Grég gan mhóid
Corc ainm rígh Alban gach róid
Conall is Cuillionn na long
dhá ainm chloinne ríogh Lochlann



Ro chuir Fionn flaith gan formad
techta úadha go Cormac
fo dháil na corma gan fheall
da dáil ar fearaibh Eireann


L. 62


Mar do chódor cach gan cheilg
san bhruighin iobhardhuinn deirg
ro suidedh rí Grég tar tuinn
is rí Alban ar a ghúalainn



Is clann rígh Lochlann gan oil
go sochma ar déis in rígh soin
fer fa mó borrfadh is brigh
Cormac mac Airt in t-airdrigh



Suidhis rí Uladh sa shlúagh
is rí Mumhan ba maith snúadh
rí Crúachna an aignidh mhir
timceall Cormaic in tan sin



Suidhis rí Laighean in áigh
fer fíal go medhair iomláin
ba mór a medhoir um chuirm
a mboí sa mbruighin ttáobhghuirm



Ochtor is ocht fichit déag
do cennaiph slóigh is ní brég
timcioll rígh Eireann na ccrech
a ffégmais a comaighthech



Suidis don taoph oile thall
airdri eineach Fhían Eireann
acht ger mhór a ttairm um dhigh
fearr Fionn ina mboí sa bruidhin



Cuirther ar gualainn deis Fhinn
Goll mac Morna mhic Nemhnainn
agus meisi a chleirigh chain
ar an táobh chlé dom athair



Osgar is Diarmaid mac Duinn
in uairsin ar mo ghualainn
ro srethadh ina ndíaigh sin
ard-maithe ar ffíen sa mbruidhin



A fforadh mhic Mhorna mhir
Garadh is Conán go ngoil
Goll is a aicme uile
do laimh dheis Fhinn Almhoine



Ro bhattar triocha file
eidir Fionn agus in teine
gan aoínfer dib gan brat sróil
ó mhac Cumhaill mhic Thrénmhóir



An lucht frestail boí astigh
ag frestal cháich in úair sin
Cairioll Fionn na gcéimionn n-ard
Caoinche agus Dáire donndearg



Ro bhoí Ráighne fer go gceill
deghmhac oile dFionn budhéin
agus Cáoilti fer go rath
duinn ag frestal na n-ardflath



Gabhait na catha gan bhrón
meisge caithesach comhmór
adchiamaid chugainn astech
gruagach soinennda subhach



A chruit chaoínteadach na láimh
ba binne hí inaid orgháin
sé ga seinm go cruthach cain
mar nár dubhach le ar muintir



Ro thochtsat na sloigh da ndeóin
re foghar taidhiúir in cheoil
cuirther cathaoír óir ier sin
fa ghruagach in oirfidigh



Boí mogh gan omhan na dhíaigh
ní fhaca a chomhmór ríamh
is coire na láimh nár lag
na mbeith diol seacht gcéad dfulacht


L. 63


Ro ráidh Finn ba gile drech
rí ar tachar nár theiptech
iarr haisgidh go lúath a fhir
sloinn dúinn do thoisg san mbruidhin



d'iarraidh láin mo choire d'ór
ar deghmac Cumhaill na slógh
agus da fechain cía is ferr
fa bronnadh dfearaibh Eireann



Fregraidh sin degmhac Muirne
agus ní do druim cuirme
go dtug lán a choire d'ór
don arracht ríoghdha romhór



Ro bhoí d'ágh is dana ar Fhinn
ar ttecht don treinfer tar tuinn
go ttarla lán luinge d'ór
na dhúnadh ag mac Treinmhóir



Adubhairt Fionn re Cáoilti
eirg ré haghaidh a dhíolta
thug d'ór na hAráipe anoir
a lán a ccoire an ghruagaigh



Ro ráidh in gruagach re Finn
ní fhagbhuim flaith os do cionn
ní fhedann a beith thoir no abhus
rí da mhéd ad comortus



Ro fhiafraidh Fionn nár garbh glór
do ghuth ard glan don fhior mhór
od fuaruis do thoil anois
hainm do sloindeadh dhuinn innis



Do ghebhair deimhin mo sgél
a fhir na ccomlann coimhthrén
is mé Fer Docair mac Duibh
a ccríochaibh sochra a Sorchaibh



A Fhinn, mac damh in gruagach
ro chan in ceól iolbhúadhach
fer is mó aignedh is nert
is ferr engnamh is dráoitheacht



Annsin ro ráidh Conán cain
nár sechain tegmháil enfhir
gin go n-áirmhe Fionn anois
do bheradh geall a ndubhrois



Ní tainic d'imarbháidh ríamh
a ffogus nó a n-eidirchían
nach ffuighedh a tteglach Fhinn
fer a comlainn a nÉirind



Ni frith fear mo laimhe riam
a ffogus nó a n-eidirchían
ní mó ghébhus anois ann
nech dhá fheabhus rem comlann



Gabhais ferg Osgar an áigh
ódchlos an iomarbháidh
gur geall grúagach an fhuilt fhinn
do chosg tar fearoibh Eireann



Eirgis fer croite in tslabhraidh
ar ccloisdin in iomardaigh
gur croith slabhradh airgit ann
nach d'fionndruine no d'íarann



Annsin do éist Fionn go in ngoil
re glór coitchionn tslabhraidh
gur dearg mar corcair a chruth
lé tár Osgair don ghrúagach


L. 64


Ro thochtsat in slógh uile
ar ndergadh dFionn Almhuine
ni raibhe láoch comlainn crúaidh
nar choisg uile re hénuair



Ro chan mac Cumhaill go ngoil
ré deghmhac Oisín eólaigh
a Osgair gidh maith do rath
ná beir tár ar in grúagach



Fo bhith na feirge ro ghabh
mac Cumhaill trath ar Osgar
muna ccoisge tú flaith Fáil
tuitfir isin iomarbháidh



Ro ráidh in gruagach nár ffóil
a mheic Cumhaill mhic Tréinmóir
os cugad tanac a Fhinn
íodhlaic mé slán a hEirinn



Na bí a n-omhon dol tar aiss
a ghruagaigh an fuilt bharrchaiss
rod fia-sa íodhlacadh glan
uaim a crích Oirir Ghaoídheal



Dia mbeitt fir Eirionn uile
cugad gus an éndhuine
cuirfet-sa thú uatha slán
go hoirear Eireann dfágbhál



Fíor gach ni dar cuireadh ort
a Fhinn na n-arm ffaobharnocht
maith da ndubhradh rit nír spledh
a mheic Mhuirne na móirfhledh



Ro cuiredh ochtar ba maith
leission gruagach ón ardfhlaith
Mac Lughach is Cáoilti cóir
agus Cairioll ó Conbhróin



Caol Cródha ba hard a bhrígh
trí meic in Chearda ón airdrigh
an fer oile fa garg grinn
an t-Osgar ard mac Croimghinn



Ag so in t-ochtar do chuir Fionn
ní chúala dream os a ccionn
lé mór-umhlacht ona thigh
a ccuimhidecht an ghrúagaigh



Ro ráidh gruagach in glóir mhir
ó atú ag imthecht a Osgair
día ndechtha sa Sorcha am dhiaigh
rod fía comrac is gairbhghlíaidh



Luidhim fom armoibh go neimh
fam chloidhimh agus fam sleigh
día ccluine me do bheith hsoir
go rágha mé dot iarraidh



Teid in gruagach sa fer mór
sa tochtar-soin dar mór-shlógh
uainn a loing tar sáile soir
a gcúan mór Bheinne hEdair



Fuaratar an foirionn gan tlás
gáoth na ndeghaidh do shíorghnás
re fedh in raithe sin dáibh
ag faghail gháibhti is sechráin



Gabsat caladh sa Sorcha
ar ndegoil dhoib re dóghra
ba ro trom a sgís ón muir
an t-ochtor áloinn ionmhuin



Ro fhíafraigh Mac Logha láin
Caol Croda ba borb a ghráin
cía in tír is solus datha
adchiú ar mac an ardfhlatha


L. 65


Andsin ró chan in gruagach
re Caol Cródha cathbuadhach
ag so in tSorcha thren thenn
a mheic Logha na mbéimiond



Mad chuice ro triallais uainn
a crich Eireann go mórbhuaidh
imthigh ad thír mithigh linn
agus rágmáoittne a nEirind



Tegoidh-si liomsa ar ghrádh Fhinn
a mhaithe na láoch láinghrinn
budh libh aoibhnios na Sorcha
go himthecht bar ródhóghra



Tíaghaid go prap asin luing
in tochtar láoch bá mor muirn
ro bhoí in grúagach sa fer mór
ag a réirsion go romhór



Adchid cathair issin tír
ba brec álainn dath a táoibh
ba hiomdha saoírcheardacht ghlan
ar a sleasoibh día snadhmadh



Battar sa cathair nár tim
teghlach ioldathach aoíbhind
go lannoibh lasrach neime
go mbeirtibh sróil síodaidhe



Go mbratoibh siregdha sróil
go mbanntracht riogda romhóir
agus miocht sirig íer sain
ar a brat fo gach ríoghain



Giodh mor ndún a rabha ríamh
thes is thuaidh hsoir is shiar
ní chuala árus mar sin
nás a ccomhmaith do mhuintir



Eirgit in slúagh ba caomh dath
tugsat umhla don ghruagach
ro phógattar é go dil
eidir óigfher is inghin



Mar rángattar in fer mór
eidir bhanntracht agus slógh
do rad gach aoínfer go prap
póig gach aoínfher don ghruagach



Innis a ghruagaigh an áigh
ler cosnadh gach iomarbháidh
cía híad in begán buídhne
do raduis chum na bruidhni



Ag mac Cumhaill is derg dreach
nach ttug éra nó eiteach
bhíd in t-ochtar is maith feidhm
is secht gcatha na ghnáthfhéin



Ro chan Mac Lughach go rath
go gasta risin ngruagach
tabhair a fhios dúin a fhir
cía an dúnadh cona mhuinntir



Ag so dháoibh ainm na bruidhne
ar ghrádh Fhinn Dhúin Modhairne
as í so Cathair an Óir
a mhuinntir mhic mhic Thréinmhóir



Suidhis in gruagach go ngoil
sa slúagh uile sa mbruidhin
is do frestoil na goire
muinntir Fhinn na hAlmhaine



Da chéd re gaisgeadh gan locht
do bhí ag freastol na longport
agus corn go mbeileisg d'ór
ag gach tréinfhear fan ccomól



In tan ba líonmhar do ghen
an tromslúagh fáoilidh fledhach
eirgis fer sa bruidhin bhláith
doghní ré cách iomarbháidh



Ro chan d'focal ard annsin
na shesamh issin mbruidin
an ffacabhair a slogh grinn
commaith in dúin so i nEirinn


L. 66


Is bríathor dhamh a ghruagaigh
ar mac Criomthuinn arduallaigh
gurab ferr Fionn úair do lá
nó sibhsi gusin mbúanbrath



Gach a ffaicim a nInis Fáil
gidh mór leibh a n-iomarbháidh
ferr misi iná íad uile
ar in gruagach folt-bhuidhe



Ferr a ffuil do shról um thigh
agus do chornaibh coimchengoil
is do chúachoibh egoir óir
nó maithes mic mhic Thrénmhóir



Eirgis Cairioll ba geal cnes
snir bhó hait leis in coimes
ro ghlac colg go ffráoch neimhe
go ndá chraoisigh tteinntighe



Eirgis Mac Lughach lán-mher
agus trí meic in Cherda
Caol Cródha ba calma grinn
agus Osgar mac Croimchinn



Diúchtrais Cáoilti ba glan gnaoí
fer róghlan ba cosgrach gaoí
fer róghlan ba caom um fhleidh
ba talchair é ba heinigh



Beiris in gruagach go mbúaidh
ceim curadh go calma crúaidh
a gertaghoidh mic mhic Fhinn
da chosg a lathair chomhlainn



Ceim na dháil ba crúaidh in ceim
beiris mac Dáire ainnséin
ba hadbhar cláoidhte croidhe
foghar a nord úrlaighe



Ro bhoí Cáoilte is Cairioll cain
ag trénledradh sa mbruidhin
is mac Criomthainn ba garbh nert
ag goin na slogh an éinfheacht



Cáol crodha ba hard a gnaoí
trí meic in Cerda go n-áoibh
feidm ba crúaidhe adchúala ann
da ttrían in tslóigh na ccomlann



Cáoga láoch ba trén in tóir
ro marbh Cairioll ó Conbróin
torchair lé cloinn in Cerda
trí cháoga fer fíorchalma



Deichneamhor cáoga láoch borb
do cher Caol Crodha re a cholg
ag sin in t-áiremh nár lag
battar crechtach ón chomhrac



A lann ghasda lán do neimh
a láimh leaphair in ghrúagaigh
clannaidh í gur dherg a crois
a gcnesoibh na láoch solais



Baoí ar mac Dáire go ngráin
caoga crecht ón iomarbháidh
ro chosainset búadha a lann
cnes a churadh sa comhlann



Téid clann in Cherda nár thim
mac Croimchinn agus Cairioll
Caoílti is Cáol Cródha in áigh
timcioll Mic Lughach lanbhláith



Togaibhset Mac Lughach leo
na fir ba dubhach ón ghleó
tugadar é a luing tar ler
d'aimdheóin in chuire chaoimhfher



Fuaradar gúasacht is gádh
ag glúasacht anoir tar sál
ní festar crodhacht na ffer
go roich deóigh na naimser


L. 67


Ba líonmhar braineóin gan bhrón
óna ttegmháil risin slógh
agus fairrge corcra ó a ffuil
ó fheirg an ochtair échtaigh



Tángador gér decair dhoibh
a nÉirinn d'aimdheoin in tslóigh
ba horrdheirc a n-eachtra anoir
go cúan ceart Beinne hEdair



Tainic Caoilti go hAlmhoin
ba maith leinn gan a anmhoin
fuirghid in seisear go rath
a gcoimidecht Mic Lughach



A ffuaradar d'agh go neimh
ar ndol a nÉirinn íobhraigh
ad fed Caoilte sin uile
da fhéin is dFionn Almhuine



Gairid íer sin do bhí sinn
is Cáoilti ar ttecht chugainn
go tteacht Mic Lughach na gcles
sa seisear láoch go ccoimmes



Teguid banntracht go mbuile
is áos ógbhaidh Almhuine
ag caoíneadh Meic Lughach luinn
iomdha láoch dubhach aguinn



Blíadhain rem chuimhne is rem fhioras
cnedha Gáoini ga leighes
a ccionn na bliadhna ba slan
do rad in Fhien fa luthgháir



Smúainis Osgar in fer fíal
nach ttug troigh ó chosgar ríamh
d'iarraidh threisi sa tír soir
in mac sin Oisín éuchtaigh



Fúair mo chedsa is ced Finn
fa dhol soir gér doiligh linn
ger mhór a slúagh ní rug leis
acht madh trí nonbhoir thaireis



Ainm ni ttrí nonbhar ba glic
atfetsa dhuit a Patraic
ge atú fa thuirse da n-éis
isam eolach ina ffaisnéis



A háon ar tús mo mhac budhéin
a dhó Mac Lughach go cceill
Caoínce agus Dáire mac Finn
cethrar míledh ba láinghrinn



Ráighne mac Finn ard a ghal
trí meic in Cerda cethror
Caoílti bá monor a rith
ag sin nonbhor a chleirigh



Tiagaid tríer deghláoch dom chloinn
Iolach is Oisín ba grinn
a ccoimidecht Osgair tar sál
maith a ccosgar sa ccomdhál



Teid Conán onn mac in Leith
ba lonn a ttegmháil a ccleith
sa seisear mac ba tren tres
fa calma íad ré a ccoimmes



Ag sin amháin na hocht fir dhéag
ba lór a mire sa méd
is fiche gan easbaidh inn
Eochaidh mac Finn is Cairill



Téid mac Breasail nár treith glonn
ba tren sessom re a ccómlann
is Ó Duibhne fa donn folt
Finn mac Dubháin gan áonlocht



Legán lúaimhnech gan doilge
láoch ro chanadh firfuighle
A Patraic ba tren a nert
in cetramhadh láoch fiched


L. 68


Teid trier oile ba garb gleódh
do cloinn Ronáin na roicheól
Domnall mac Cáoilti in flaith ard
Colla is Labhraidh laimderg



Táobh ré port go socair seóil
long Osgair ba haibhseach tréoir
innti tiagaid soir le sén
na trí nonbhoir ba láintren



Rangadar Alba na slógh
in foirionn mer ba garbh glór
d'iarraidh chíosa agus chána
ar son seimhe agus sithchána



Tegaid fir Alban go ffráoch
catha menmnacha mórláoch
do chom na ccuradh ba mer
ba hiomdha diorma deighfer



Tig Osgar sa bhegán slúaigh
ler cosnad mor ttegmháil
ccrúaidh ger iomda tríath na aghaidh
tug cath dona hAlbanchaibh



Ro bhrisedar Dún Monadh
ro mhaidhmidhset Albanaigh
torcair rí Alban na gcrech
lé hOsgar ferrdha fuileach



Ag sin cath Dhún Monaidh móir
inar tuitset iolar sloígh
meisti a nert sa ttásg íar soin
a ffuair bás issin iorghail



Fir Alban ger mhór a ndáil
a ccalmacht sa nertgabháil
ro chreidset dOsgar íer sin
le med cosgoir a chloidhimh



Nocha raibhe ar talmhain tigh
a nert glíaidh a gcruas cloidhim
taoísech tri nonbhar ar fer
nach ttug ciosa chana dOsgar



Roinn an óir san ionnmhais féin
a ttúarusdal orra budhéin
ró gabh a ngeill le a loinn
agus lé tréine a chomhlainn



Deich longa fiched go mbúaidh
tug leis a hAlbain atúaidh
tiagait a Lonnainn na ríogh
ba mór in foirionn eisiodh



Battar lion catha ar a ccionn
a Lunndain na n-oirear ffionn
a mboí re gleódh sa tír hsoir
do bhoí sa dún ré a naghaidh



Brisder Lúndain na múr ndearg
leissin ffoirinn ba mór fearg
claoidhter le hOsgar go dían
fir Saxan uile ar én-rían



Gealltar Saxan ré a linn
d'Osgar ar son a chomhlainn
bheith fo chíos ó sin amach
gus in laithe ndeighenach



Fuair triocha long go ffoirinn
leis cona lón ó Lunnainn
a líon ar lionnmhuir na sreabh
trí fichit long re gaisgeadh



Teid a ccend aisdir fa búan
a crich Saxan na mórshlúagh
a ccúan glan Reimhios na ríogh
don Fraingc na hadbhar eisíodh


L. 69


Tiomairgit Frangcaigh go mbáidh
ba lán toil leó dul na ndáil
ba terc righ no prionnsa soir
nachar chruinnigh na n-aghaidh



Lan secht long gan séna
dhó gacha blíadhna séghdha
mor in cios ón Innía finn
ro bhoí d'Osgar go hEirinn



Do chódar sa Sorcha saoír
foirionn tug toirrsi in gach tír
doire sonnda sesmhach sleg
meirge angaisgidh nir bh' isseal



Is é líon ro bhádor and
muinntir Osgair na n-ór-lann
ceithre catha líon a slúaigh
ba maith reim agus ró-uaill



Tig slúagh ón Sorcha ba garbh
fir grainche dorrdha a ndealbh
ocht gcatha déag ba mór nert
dhoibh ag in ccúan ré draoítheacht



Ro chuirset teinnti is cairrge
fan loingius ar in ffairrge
is céd snechta lán do neimh
do thraothadh neirt in chóbhlaigh



Is hé líon torchair annsin
lé slógh na Sorcha a chleirigh
lucht ceithre long ba mór nert
ro báitheadh íed anaoínecht



Tigid in cobhlach tar ler
issin tracht d'aimdheóin na ffer
ba mór a nert in gach tír
ro chuirset cath go hainmín



Tucsat fir Sorcha cath dían
don fhoirinn sin ba trén triall
ro dhergsat linnti go grod
ó thinntigh cholg is chlogad



Coig laithe deg borb in phían
gan nech do dhol soir nó síar
acht ag tuargain chorp is chenn
sloigh na Sorcha san fhoirenn



Fregrais in Gruagach nár mhín
comhrac Osgair mhic Oissín
glúaisis Osgar an ágha
go Gruagach na tegmhála



Re hOsgar búadhach na nech
issedh ró chan in Gruagach
benfad do cenn diot anois
chugainn gidh tenn do thrialluis



Ro fregair Osgar go grinn
do chosg in Ghruagaigh nár thím
go tenn is go dísgir dían
go fergach frithir fírdhían



Da bheim ó Osgar go rath
fo gach aoínbhéim don Ghruagach
gé do bhúaileadh nír derg air
acht cáora derga teineadh



Adubhairt Cairill nár thim
in t-aithesc bá ro-mhaith rinn
ben féin a Osgair go mblaidh
a lann as laim in Ghruagaigh



Ro gabh Osgar mer nár thim
in t-aithesc fuair ó Chairill
do bhen a arm núadh neime
don Ghruagach fhinn fholtbhuidhe



Odchúala Osgar nár thim
gotha a námhad na thimchill
tesgair go grod cenn an fir
do bhéim curata cloidhim



Tuitis Gruagach in neirt mhir
do chomrac aoínfhir Osgair
san fer mór ba grúamdha dealbh
lena cholg úathmhar aggarbh


L. 70


Ro bhoí Osgar frissin troid
a ndiaigh cosgair in chomraic
gniom dregain ba crúaidh in dáil
ag ledradh cenn dá crúadh-láimh



Ro mharbh Ráighne deghmhac Finn
rí na Sorcha sa n-óirlinn
mac in righ ba calma goil
ro gonadh do laimh Osgair



Fa thoirrsi ó laimh in laoích luinn
do bhoi in tSorcha sluagh-álainn
ar dith daoíne a chleirigh chain
ó iomarbháidh in Ghruagaigh



Fuair sé ar eigin annsin
bráighde agus ccéill dá mhuíntir
fagbhaid in Sorcha nár lag
fo thoirrsi ar bhegán carad



Tugsat ár ar a fflathaibh
ro gabsat a mórchathroigh
claoídhit a ríogha go lúath
agus dithighid a mórsluagh



Millter na Frangcaigh go mbúaidh
le turus Osgair bathúaidh
do chúadar fo síodh an fhir
agus fo chíos a chloidhimh



Fuair a mbráighdi sa ccána
nír bh'í an obair edána
do chuir a ccosgar uile
Osgar fedh na hiorghaile



Rogabhsat treissi ar gach tír
coblach Osgair ba hainmín
gus in mbráth bíaidh go ndoilgi
ar marbsat gan díchuimhne



Tíagaid asin Fraingc íersin
a ndiaigh a ndernsat d'iorghail
nír fhansat gér chrúaidh an dáil
go rangadar san Espáinn



Tigid Spáinnigh fuair broid
na ttáintibh dfaixin comhraic
ba hiomda tríath ba maith lámh
ag tennadh sa comdhál



Ro suidhighset cró catha
um Osgar mhac na flatha
séoltar ré craoísigh don fhir
sróilmheirge sáothrach sirig



Tugsat torann trén go neimh
an fhoirionn is na Spáinnigh
ba lionmhar linnte na ffuil
día raibhe millti ón iomghuin



Cáoga láoch foltchas ní ró
do thuit lé hOsgar sa ghleó
tríen a ttorchair lena ghoil
go lá in bhratha ní cumhain



Tugadh dhó na laimh go cert
moirchios Spainnech aneinfecht
geill agus cioscháin íersoin
is gan doghra ina aghoidh



On Spáinn gusan Almainn mhóir
do thaphach chíosa día shlógh
cobhlach brioghmhar na Banbha
loingius laidir lánchalma



Tegradh san Almainne go grod
congháir churadh tré fhormad
día ccoiméad ar bheith ar bhrón
ba haithreach leó a ttinól



Teid Osgar in chuilg bhúadhaigh
ger cuis osna día shluaghaibh
tug gleódh día maithibh go mblaidh
rob lén catha da triathaibh



Glúaisid Almainnigh na dháil
go ffeirg agus go forghráin
cath agus fiche go tenn
boí na aghoidh sa chomhland


L. 71


Ro cláidhedh a slogh uile
le hOsgar na hurlaidhe
rí in da Almoin go ngoil
ros marbh a ccomlann éinfhir



Ór in dá Almainn sa seóid
ró dáiledh dhó gan áonmhóid
is cios cinnti ó sin amach
agus comus a ccathrach



Ni raibhe ón Almainne go méitt
no go rángattar in Ghréig
tír nár thogsat a ccána
ionnmhus agus edála



Tíagoid sa Ghréig gér chían
fuarattar innti mór pían
bad mora decra na ffer
mór a n-echtra ré a n-aíremh



Can a n-echtra a Oisín grinn
go dech dot mac go hEirinn
is rómaith binnes do bheóil
agus is milis a shenóir



Ge siúbhlach búan ré a háiremh
a n-echtra mher mhorgháibhtheach
ní sguireabh-sa dhi gidh edh
go cur criche ar a deiredh



Cruinnighid diorma Ghregach
ba líonmhar íad ba cédach
ba hiomdha meirgi ndathach
sról deircc os a n-ardmathaibh



Cuirther meirge Osgair áin
re craoísigh sheólta sáorbhláith
teid na thrúaill ghaisgidh go ngoil
fear ba fuilechtach iorghoil



Teid Osgar sa shloigh go mbloidh
a ccoinne a chéile is Ghregaigh
nír choimseach a chléirigh ghrinn
a mbaí toirrseach ón fhoirinn



Diobhraicid catha neimhe
día sen-armaibh teinntighe
battar na dronga nár ffann
ag túarghain cenn is cathbharr



Ro thuit le hOsgar an áigh
airdrí Ghréag issin tegmháil
slúagh in ríogh ó sin amach
ro díthigset in cobhlach



Secht ríogha déag na Greige
tug fo airdchíos ar eigin
rug búaidh is cosgar go tren
an curoidh Osgar airmgher



Ar ccinneadh doibh ar rígh Grég
tíaghaid san Innía for sed
ba hí sin in tír sluaghach
chúirteach aloinn iolbhúadhach



Tig rí na hInnía na dháil
trí fichit cath go mórbháidh
robadh docair cíoss a fhir
do tabhairt assin tír sin



Tig Osgar san fhoirionn lonn
na ccoinne agus na ccomlann
ba soillsi naid neóill neimhe
teinnteach a n-ord urlaidhe



Ní riacht fer inniste sgél
thes no thuaidh don teghlach trén
nach bíadh Osgor na ttres mborb
día ledradh léna chrúaidhcholg



Ro marbh Osgor nár ér nech
rí na hInnía sa n-oirlech
gabhais ferg ar fedh na slúagh
Osgor aithesach armrúadh


L. 72


Ro dháil Osgar ba glan glór
seóid na talmhan sin dia shlógh
tug túarustal da gach nech
do chuid óir na nInnidheach



Tiagaid san Isbeirn mhóir
ba línmhar láidir a slóigh
fa búan fa brighmhar a nert
a ccumhachta a ngeinntlighecht



Tionóilit flaithi na ffer
do chathughadh ré a shlóigheadh
d'Osgar ro choisgedh gach goil
ba mana cosgar cloidhimh



Tiagoid fo chéile 'snir thim
an fhoirinn isin Íspirn
ro clas fo ardoiph na ffiodh
fúaim a n-arm ar a n-éideadh



Marbthar le hOsgar an áigh
láoch gach cosgor do chongmhail
rí na hÍsbirne sgél mór
is míle láoch día morshlogh



Níor gab Osgar disgir dían
gan cíos Ísbirne ar aonrían
fúair a gcana ó sin amach
'sdo gabh treisi a cathrach



Da chath déag ba borb na fir
bador sa nEdaill láinmhir
ag cosnam a ttíre shoir
a n-oirchill Osgair armghloin



Mar do chuir a ttír fo a smacht
agus a rí a n-aimhneart
rug leis tar sál ór is cuirn
assin Eadaill maith morguirm



Le colg Osgair ro tráoth tréin
marbthar rí Edaill ainnséin
da chéad mac righ menmnach mór
ro thuit don fhéin re a tromshlógh



Tiagaid go hegnach tar muir
in fhoirionn leidmheach láidir
níor sguirset don reim ba tenn
go crich láoch-iomdha Lochlann



Lochlannoigh a ngar don chúan
laochradh mear cona marcshlúagh
ar cionn na foirne ba maith
fa hiomdha tuir is ardfhlaith



Ger aibhsech dhóibh ger líonmhar
dar leó féin go ccath-iorghail
ró gabh faixin bháis gach fer
ar egla a mbáis ó Osgor



Gairbhthres don fhoirinn ba lonn
tugsat slógh líonmhar Lochlann
ba hé sin in cioth neimhe
ór iomdha cáora teinntighe



Ba líonmhar baídhbh ag sgredaigh
dier fagbhadh sa tréindhecair
is braineóin subhaigh a fhir
ó laimh aithesaigh Osgair



Ro thuit rí Lochlann ger bhéd
deighfher sochrach ba maith méad
sa dhá mhac ba treisi goil
do laimh aithesaigh Osgair



Do marbhadh flaithe na ttreabh
ger ard uallach a n-aignedh
tren Lochlann ó sin amach
dus rad Osgar dia chobhlach



Brisid cathoir na Beirbhe
gér cathordha a coimeirge
a geill a ttreisi a nert
a gcomhgar trialloid imthecht


L. 73


Cruinnighit ór na cathrach
a seóid cona mor-cethra
roba cosgar rígh nár ffann
a tturus a ccrích Lochlann



Do chúador ina longaibh
lucht brisde gach crúadhchosgair
gluaisis in fer ba hard gal
go dúnadh airdrigh Breatan



Fir Bhretan na ndáil annsin
treóin fa decair a n-iorghoil
is ba hiomdha iorgal ann
gersat líonmhar sa comlann



Ro thuit le neartghoil Osgair
rí Breatan an chrúadhcosgair
deich céd re gaisgedh nar min
do thuit le a laimh sda morloinn



Níor fhágoibh sé in tír shoir
acht ag cur chatha is chosgair
nó gur thráoth le neart a lann
fir Breatan uile a ccomhlann



Ro chuir cathrachoibh in tíre
tre lasrachoibh ainmíne
gan múr nar loisc is nar crech
gan slógh nar choisg a tteghlach



Battar fir Breatan ger thenn
ó nert Osgair na mbeimeann
ros fágoibh in rí sa slúaigh
fo dhith agus diombuaidh



Trialloid in fhoirionn ba grinn
a gcrich oirer-mhín Eirinn
ro gabhsat foruis is treóir
a ndún Barraigh mic Úmhóir



Beiris ced dia raibhe annsin
dol go a ndedáil día muintir
's techt chuige arís tar muir
sa mbeith athaidh na fhochair



Tíaghoid na dháil go a loing
Fíana mera mhic Cumhaill
ba tenn ba tairpteach a slóigh
clanna tairpteach Trenmhóir



Luidhim fam deghbrethir dhuit
ge tháirnic lathar mo chuirp
go ttug Osgar nert gach fuinn
leis cona gcosgar chuguinn



Nocha raibhe do chloinn Fhinn
am fhegmuis féin a Tháilghinn
aoín srob úaisle na fir
nar ghabh túarustal Osgair



Líon in tslóigh ro bhoí ag Osgor
ba mor búaidh agus cosgor
a ffeghmuis gilladh is ban
naoí mile láoch ba lán-mher



Teglach catharrdha mo mheic
ger líonmhar gcatha is comraic
ferr é féin no íad uile
a n-úair ágha is iorgoile



Ba seinnsear a ttús gach tréin
san aimsir a ttarraidh féin
a gaisgedh a nert a ghnaoí
ba menmnach tres an trenlaoích



Ag sin turus Osgair soir
is cuid do chrúas a chloidhimh
ar thuit le a laimh is lé a loinn
go ló in bhratha ní labhroim



Gach tír dar taistil sé soir
do chriochaibh úaisle in domhain
cíos dia egla gan iarroidh
cuige úaibh gach áon bhliadhoin


L. 74


Toibhdis Osgar mo chara
déis thaisdil gach mórmhara
cíos ar gach coigedh ré a linn
rus fúair ar ttecht a nEirinn



Ní bhíaidh choidhchi a ndíaigh Osgair
láoch go méid gcrúadhchosgair
nó san aimsir ina roibh
fer a chomhlainn a gcathoibh



Creid fesda a Oissín go ngoil
a fhir ba borb a n-iorghoil
tuc haire do Rí na ndúl
déna creidemh gan mhirún



Cumha mo mhuinntire agus Finn
ro dhubh mo chroidhe a Tháilghinn
ó do chóidh in dream nár lag
mé fesda ar bhegán carad



Ní mhairionn Osgar go mbloidh
ger mhór a chosgor fíadhaigh
nó Fionn rí na fFían ffuileach
nó in Chorr Chosluath chéadghuineach



Ní mhair Cáoilte ba gáoth ciall
fear feargach fuileach firfhíal
nó Mac Lughach an glan grinn
láoch fana dubadh mh'inntinn



Meisi déis áir na Feine
a mbruth trath is iermheirghe
gan bronnadh gan denamh creach
gan gáir na n-ollamh buidhech



Gan ol día dhénamh um thigh
gan ór día dháil ar chlíaraibh
am senóir chrábhaigh a ccill
gan fheidhm gan damhaibh agoinn



A mheic Finn nar éar duine
um ór nó um finndruine
rod fia tegh neimhe nach lag
fad chroidhe is fod dháonacht



Na dénsa cumha a fhir
a meic Finn go med tteghlaigh
raghmaoídne go fíor uile
a mheic ríogh na hAlmhuine



Olc liom a Patraic na mionn
do ghní crábhadh go ndíchioll
beith béo déis Osgair anois
ro chosain gach ar chanais



Ní fhedoim budh dhesda acht brón
ó do chódar mic Tréinmhóir
tairnic mo bhúaidh is mo dhreach
mo nert mo shluaigh mo theglach



Mo bhennachtsa dhuit a fhir
do chionn do cheoil in fad sin
go ffaghor ó Rí na ndúl
do leigen liom na ríghdún



Go ttáir trócaire gach nech
agus aithrighe chuimhneach
mheabhreochus ar canadh linn
do chomhradh Oisín mhic Finn



A Thailghinn lér binn mo ghlór
a fhir día seinmtear saoírcheól
día mbeith mo ghaisgeadh ar bun
do bethea a ttreis thalman



Déna crábhadh agus ciall
mór ngáibhthe ro fuilngis ríamh
gach slegh díar theilgis uile
a loghadh ó Mhac mór Muire



Ba ferr liom orgán na fFían
is foghar sealga air gach slíabh
agus sgal Cháoilte ba binn
nó nemh is t'fáoilti a Tháilghinn


L. 75


Gabh creidemh a Oisín fhéil
a fhir ba díochra um chléir
is dena aithrighe ngloin
ar son hurlaighe a gcathaibh



Día mairedh Mac Lughach lúath
agus Caoilti cloidhemhrúadh
ní bheidis agat a gcill
ar do tegusc a Tháilghinn



O nach mairionn dFianaibh Fáil
acht tú amháin go mórghráin
a Oisín ro ríar gach neach
creid go háobhdha Día dúileach



Sirim ar ardrigh nimhe
fuil san chathraigh ainglidhe
ó thairnic mo bhúaidh go neimh
gan mo dhearmad fan morfleidh.



Fleadh

Ag sin duit a chaiptín Samhairle
agus ní feduim niosa mhó do sgriobhadh
anuairsi ó bhuaidhreadh in chretha.



XXIV.

Lá ro bhámor ar Slíabh Truim
Fíana Finn ba lán do ghoil
dob iomdha deglaoch is cú
ann dobadh maith lúth ar mhoigh



Ni raibhe láoch dhibh gan sgíeth
ar in slíabh agus da choin
sgan cupla gadhor ba grind
a ttimcioll Fhinn ba hard goil



Ro srethadh sinn ar gach nglenn
ba tenn ar tteidm a ccionn chnoc
sinn gacha deisi ar gach ffán
ar ttreisi fa lán gan locht



Dúisgther linn os barraibh benn
fíadhach na nglenn is a ttuirc
ar gach táobh dhinn isin leirg
ba hiomdha éilt agus bruic



Ba liónmhar laoích agus coin
ag éirghe ar in moigh go lúath
do denomh sealga ar gach nglinn
ro eirigh Fionn flaith na ttúath



Da choin a láimh gacha fir
dár eirigh annsin don Fhéin
agam féin ata a fhios
gé atú aniudh gan cheill



Adér gan dermad gan on
cuid d'anmannaibh con na slúagh
nír leigedh cú ann día heill
nár bh'aithnidh dam fein a búadh



Do leig Ó Baoísgne Bran dían
agus Sgeólang ba cían rith
Leigis Oisin Búadhach mór
Abhlach óg dia ndeis sin



Od connairc mac Bresail shair
coin in rígh ag dol ré tenn
rus leig a dhi choin ba garg
Ucht Ard agus in Ferb sheng


L. 76


Ro leig Osgar mer nár thim
Mac in Truim día slabhradh óir
leigis Caol Cródha go cclú
Leim ar lúth in cú cróin



Do leig Garoidh na n-arm nglan
Ferán is Foghar is Maoín
do leig Ó Duibhne go des
Éachtach na gcles agus Daoíl



Leigis Mac Smóil go ngoil ngrinn
Airrchis agus Rinn an áigh
ro leig Ó Conbhróin go gcruth
Corrdhubh na ndiaigh agus Máigh



Do leig Conán na ngniom ngrod
Rith Rod agus Rith re hard
leigis Fáolán cara chon
Carragán agus Got derg



Do léig mac Edoine iarsin
Casluath cain is Futhlamh géar
do léig mac Mórna ba grinn
Arann agus Ard na ségh



Do leig Ferdhomhon mac Finn
Cíarchuill do chinn ar gach coin
do leig Mac Reiche go rún
Sgath Úr agus Lúth na Lon



Do léig Caoílti Énfhúath go mbúaidh
agus Cuillsgeach ba crúaidh treas
do leig Dáighre fer na nduan
Sineach Súain agus Lúth des



Do leig Cairioll in láoch mór
Guillionn agus Gúaire is Gal
do leig mac Dubháin fer fíal
ina dhíaigh Rían agus Gar



Leigis Dáire dearg mac Finn
Ard na Sealga agus Loinn chruaidh
do leig Mach Lughach ba mer
Cuirthech geal agus Lér-búaidh



Leigis Aodh Beg ba fer prap
Marbhadh na ccat agus Táom
do leig Conán mac in Leith
Leigean da héill agus Láom



Leigthear Sgainner agus Gáir garbh
da choin Iolair aird mhic Smóil
Osgar mac Croimghinn nár dhoirbh
do leig Soirbh agus Nóin



Do leig Fergus File glan
gan dearmad Sgíemh agus Faoídh
Colla mac Caoílti fer fíal
do léig sé Rían agus Laoídh



Do leig Dáire mac Ronain
Dibhearg is Dobhrán fa dían
do léigedh uainn gan táire
morchonairt áille na fFían



Do léigset clann in Chearda
a cconairt shealga gan bhrón
Cor agus Derg is Drithleann
Corrbhenn is Rith Theann is Treóir



Do leig Cnú Dheireóil cheólach
Aindeóin is Eolach fa reim
Úath na sealg nár bheg lámhoigh
do leig Sgread Ghábhaidh is Néimh



Criomhthann na mbéimeann is Conn
da mac bói ag Goll an áigh
do leigset Dochar is Dorr
do leigseat Crom agus Gáir


L. 77


Do leig teglach na flatha
go heólach gan tacha a ccoin
na ndeghaidh do bhrígh na sealga
battar na lerga lán d'fuil



Líonmhar coin ag rith ar fíadh
nar ttimchioll sa sliabh badhes
battar na catha ar a lorg
día ffethiomh ba borb a ttres



Ba hiomda guth fíadha is tuirc
ar in slíabh dar thuit don tseilg
ó chosgar láoch agus con
ba hiomdha fuil ar in leirg



Níor bh'áidhbhle lem gáir chatha
ger mór gcath a rabhas riamh
ar ndol don chonairt fo tháintibh
no gáirthi con agus fíadh



Ní dhechaidh fíadh soir nó síar
no torc sa slíabh día raibh beó
diobh sin uile nachar mharbh
on conairt mhaith ba garbh gleó



Ro mharbhsam fiche céad fíadh
sa slíabh agus deich gcéad torc
ar cconairt ar mhed a ffearg
do fhágbhattar dearg gach gort



Nior háirmheadh eillti no bruic
inaid miollta díer thuit sa léirg
gin gur háirmheadh íed ag Fionn
mor dar liom in chuid dar séilg



Aoin sealg is mó dar marbhadh
a gcrich Bhanbha in gach trá
agus is ferr baí rem linn
an tsealg do rinne Finn in lá



Roinntear in tseilg ré Goll mer
níos fhagaibh fer dhíobh gan díol
nír dearmad duine don fhéin
acht é féin is meisi dhíobh



Do chanus re Goll nár thim
is rob aithreach linn a rádh
an fala fa deara a Ghuill
mo dhearmad fan roinn tar chách



Níor cubhaidh re nech sa fFéin
m'imdheargadh-sa féin tar chách
is trúag nach ffuilim ad ghar
no go ffionnainn neart do lámh



Dia fregra glacuimsi colcc
tagra bhorb ó do bhoí ag Goll
in láoch ba mó ciall is cáil
do chúadhus na dháil go lonn



Ro thogaibh Fionn Mac in Luin
da sleigh go neim is sgiath áigh
tig go clisti tresan slúagh
gur ghabh me go luath ar laim



Coisgthear le Fionn go lúath m'fearg
sdo ghabh mo cuid sealg air féin
nior lamhus fola no fíoch
do chor eittir dhís a fféin



Níor fhágoibh Fionn tren in tríath
mac Morna fíal na sgíeth ndearg
gur siodhaigh edrom is Goll
ger mhór ar nglonn is ar fearg


L. 78


Do rónsat teinnti gan locht
go cinnti ar gach cnoc don tsliabh
a ttimcill Fhinn ba caom corp
d'fuluchtadh torc agus fíadh



Mar do chaithemar air sealg
na catha ba dearg snúadh
ro thriallsat deghfhíena Finn
ótha Slíabh Truim go Loch Cuan



Fúaramar péist ar in loch
nír sochar dhuinn a beith ann
aga feghoin dhúinn nár ttocht
ba mo na gach cnoc a cenn



A túarusgbháil ré a moladh
go mbíadh na glomhar gach dún
do thuillfedh gér mhór a ffraoch
ced láoch a lag a dhá súl



Ba mo na gach crann a ccoill
a fiacla ar theinntigh go ngráin
fa mó na comla caithreach
clúasa na naithreach nar ndáil



Sía na ochtar gach easbaidh
a herboll sesmach ré a druim
dobadh reimhe a chuid chaoíle
no doire dilionn a ccoill



Mar do chonnairc uaithe an sluagh
do iarr is ba mór a fráoch
bíadh ar mac Muirne gan on
nó comrac con agus láoch



Ní do phíasdaibh Éirionn tú
a trú nach maith clú nó ciall
innis duínn ciodh fa ttánghuis
adubhairt Fionn feardha fíal



Tanagsa anois ón Ghréig
am réim go ranag Loch Cúan
d'iarroidh comraic ar in fFéin
am reim sdo gabháil nirt a slúagh



Cuirim forlann ar gach túaith
do thuiteadar slúaigh rem gleódh
uaibh muna ffaghor mo dhíol
agoibh ni fhuigiobh siol beó



Tabhroidh dham comrac go lúath
gid mór sluagh ataoí a Fhinn
go fechoinn oroibh go becht
mo neart íar ttecht dam tar tuinn



Ar grádh heinigh innis duin
gidh mór do súil is do ghráin
deimhin hathor agus hainm
sul chaithfiom ar n-airm ad dháil



Arracht cinnti atá sa Ghreig
canfad gan bhreig a ainm gnáth
Crom na Cairrgi ba hard bladh
ar fairrge thsoir atá



Peisd is maith goil olc a gnaoí
ba hí sin a mhnaoí gach tlacht
is terc cathair soir nár bhris
is rug meisi dhó mar mac



Ro fagbus toirrsi ar gach fflaith
Ard na Catha go deimhin mh'ainm
a Finn is maith tasg is búaidh
ni cás linn do shluaigh nó hairm


L. 79


Ag so in sgél do iarruis oram
a fhir is maith colg is glac
tabhair dam iorgoil go dían
gé lionmhar th'fian is do neart



Do ráidh Fionn gér chrúaidh in ceim
risin fFéin dol ina troid
da cosg do chódor na slúaigh
is fúaradar uaithe broid



Tanic in péist fon ccathoir
mór díar maibhibh do thuit lé
ba mór ar ndíth le a cosgor
nír tualoing sinn cosnamh lé



Teilgther slegha go cuimhneach
ar in pheisd go tuillmech borb
do croith orainn go geinntlidhe
a cetha teinntighe colg



Ro bhamoir uaithe toirrseach
rinne nir chuimseach a ciall
do sloigedh ger lór d'éigen
láoch sa eideadh ar aoínrían



Do sluig si Fionn na mbéimionn
gur leigset Fían Eireann gáir
ro bhamair treimsi gan chabhair
sa peíst ar ttabhairt ar n-áir



Dorus ar gach táoph da chorp
do rinne Fionn nár bh'olc réim
gur leig amach gan fhuirech
gach nech dar sluigedh don Fhéin



Fionn on comrac do rinne
do fhóir sé uile an sluagh
gur fhúaslaic le trén lámha
sinn lé sén ágha is búadh



Do comhraic is Fionn le a chéili
mór in tréini dhol da cosg
día comlann crúaidh nír fhan
gur sgar a hanam ré a corp



Ar thuit do phíastaibh lé Fionn
ni cuirthear a suim go bráth
a derna d'ágh is d'échtoibh
a n-airemh ní fhédoid cách



Do mharbh péist Locha hEachach
agus aithech Ghlinne Smóil
is ilpiast locha Cuilleann
do marbh mac Cumhaill an óir



Ro mharbh peist Binne hEdoir
a cosg nír fédadh a ccath
fúath is peist Ghlinne Dorcha
do torchair sin leis in fflaith



Do tuit peist Éirne gear gorm
agus píast borb Locha Ríach
ro mharbh gear thren in croide
péist is cat neimhe a nAth Cliath



Do mharbh sé fúath Locha Léin
mor in feidm dhol da claoí
ro mharbh sé fúath a nDruim Clíabh
fúath agus péist ar Loch Rígh



Ro mharbh Fionn ba mor croidhe
fúath Glinne Righe na ród
gan peíst ó neart a bheimionn
a nglenntaibh Éireann nar thóg



Fúath is peist Glinne hArma
do mharbh Fionn ger calma íad
gur dhibir Fionn in ratha
gach péist fo ndechaidh a thríall


L. 80


Do marbh peist Locha Sáilionn
tug brath dílionn ar ar sluagh
agus da peist Locha Feabhail
do imbir oirnn deabhaidh crúadh



Peist ar Sionnuinn ba solus
ro coisg si conus na ffer
sdo claoí taidhbhsi in domhain
peist Locha Romhuir na ttreas



Ro mharb ba mór in tulágh
fuath Sléibe Colláin gér bhorb
is da peist Ghlinne hInne
do thuitedar sin lé a cholg



Do marb peist Locha Meilge
lór a treini do laimh Fhinn
is ilphíast Locha Cera
leis is arracht a n-áth Truim



Do boí peist ar Loch Mesga
ba mor tresa ar fearoibh Fáil
do mharb hí le a cholg mbúadha
ger borb in t-ualach dia láimh



Ar Loch Láoghaire go cinnti
peist do níodh teinnti do bhí
a n-íc a ffuair da foghloibh
do dhíchenn lé a armoibh hí



Fúath Dubhais gér lór teinne
agus amoid Sleibh in Chláir
ro mharbh Fionn le Mac in Loin
ger garbh a ngoil is a ngráin



Fuath Locha Lurgan fa dían
le Fionn na fFian do thuit sí
ní hinnistear go brath mbúan
gach ar chuir dar sluagh do dhíth



Ro thuit peist ar Banna mbinn
le laim Finn na ccomhlann gcrúaidh
ba hiomdha ar ndíth ona ttres
gur marbhadh í a nEs Rúaidh



Etc.



XXV.



Do bhádhusa úair
fa folt buidhe cas
is nach ffuil trem chenn
acht fionnfadh gerr glas



Robadh luinne lem
folt ar dhath in fíaich
do toighecht trem chenn
no finnfadh gerr líath



Suirge ni dluigh dhamh
óir ní mealloim mná
mfolt anocht is líath
ní bhía mar do bhá.



Do bhádhusa.


L. 81


XXVI.



Mairg is muinntear do cleírchibh
mairg nach gcluintear ar chrúaidh-creich
mairg fuirighthear ré críne
deiredh díne go duaithnidh



Mairg mac rígh bhíos go meta
snach gcuir a egla ar dhuine
mairg threigios a gha rennach
ar trosdán mbennach mbuidhe



Me Oisín mac na flatha
ní chuirenn cath ar cairde
mor láoch a lathair deabhtha
da ttugus fatha mairge.



Mairg.



XXVII.



Trúagh sin a Cháoilte a chara
ónar thana lucht loingsi
sinn do sgaradh ré chéile
déis na Feine is cúis toirrsi



Tuitim shoir a ccath Gabhra
maith tarla do Mhac Lughach
sol do bhíadh an t-óg échtach
againn go dérach dubhach



Acht meisi féin um senóir
go deireóil deis gacha catha
do chúadar clanna Baoísccne
trúagh sin a Chaoilti a chara.



Truagh.



XXVIII.



Tríar láoch do chúadhmor do sheilg
ar in leirg so Shléibhi Cua
do dúisgeadh agoinn damh donn
a Doire Donn níamhdha núa



A aithchin ní fhaca me
ar in ffráoch so Shléibhe Cúa
a mhéid is iomad a bhenn
damh seng ag ithe in fheóir núa



Ro léigiomar ar ccoin riss
tegmait ag iomghoin a chneis
agus nír fosdadh in fíadh
go ráinic Slíabh mongach Meis



Meissi ann is Oisin ard
is Caoilti ann ba maith rúin
nocha a raibhe ann don fhéin
ar ccommaith-ne féin do thriúr.



Triar.


L. 82


XXIX.



Dírgidh bhar sleagha sealga
lé a ngonmaoís fearba fíre
mar do bhámar re gaisgeadh
ní dhénmaoís aistear aoíne



Seólaidh bhar mbolcca corra
go borraibh loma Lochlann
lé bhar gcraoíseachoibh go ndaíngne
ro gonsam Ráighni roscmall



Is mé Oisín gem ársaidh
do airrcis mé mná miolla
léithi is goire don duinne
cruime is goire don dírge.



Dirgid.



XXX.



Gorta chille Críonlocha
úd ní fhédoim a fhulang
deiredh cloinne in ríghfhlatha
fúaramar betha chumhang



Osgar mo mhac curata
día a ndéntaoí dúana molta
día mairedh don duladh so
ní léigfedh mé do gorta



Mo mhallacht ar do chléirchibh
a Patraic agus logh-sa
dia mbeith Osgar agamsa
ni léigfedh mé do ghorta



Is me Oisín grúadhchorcra
mac Finn go n-aignedh sochla
do bhádor um thuarusdol
fiche céd nach ffuair gorta.



Gorta.



XXXI.



A muicidh seolam sa slíabh
atú gan biadh teóra tráth
glúais romam go Glenn da Ghealt
tair a mhic is glac mo lámh



Atá don táoph thúaidh don ghlenn
día mberthae ann sinn ar áon
dár comainm in Cáorrthann Cas
in crann fa maith blas a cháor



Da mbethea nómhaidhe gan bhíadh
adeirim riot ní ciall bháoth
do fhiorfedh híota is do thart
mar do chífe dath na ccáor



Fiche ced dhuinn arin sheilg
ar in leirg ré táobh in chnuic
ni rucsam d'fiadhach go Finn
acht cáora in chroinn is dá mhuic.



A mhuicidh.


L. 83


XXXII.



Guth gadhoir a gCnoc na Ríogh
ionmhoin liom in síodh fo ffuil
ba meinice leinn fulacht fían
eidir in slíabh agus muir



Annso báttar teghlach Finn
gasroidh ler bhinn gotha téd
ionmhoin liomsa in bhuidhen mher
do théighedh ar fecht mor gcéd



Dar leinn ba sochraidh a sealg
mor ndamh ndearg do thuit le a n-ágh
iomdha cú dath-bhallach dían
sa slíabh ag techt ina ndál



Bran agus Sgeólang go sgéimh
a choin féin a laimh in ríogh
ba hionmhoin le Fionn na coin
fa a maith a ngoil is a ngníomh



Cnú Dheireóil a n-ucht in ríogh
deghmhac Logha fa cáomh cruth
ró bhái ag seinm cruiti dFionn
in fear fionn dobadh mor guth



Gach taoísseach nónmhair don fhein
do thigeadh féin chum in rígh
do commorad na sealg mór
do níodh in slógh fa Dhruim Chaoin



Cáoga dam go n-iomad mbenn
do thuitset lem féin a rí
ar áon is caoga torc
acht gé ataim anocht gan ní



Longport ag cloinn Ronáin rúaidh
ar in táobh so thuaidh don ghlenn
ba sochroidh ag fulacht fian
do gníodh an Fhian a mbonoibh beann



Clanna Morna fa buidhen mher
go n-iomad fer don táoibh thes
minic do chuirdís gleó crúaidh
is do thicdís fa bhúaidh as



Do chúala guth gadhoir dheirg
ar in leirg láimh ris in sruth
do thógoibh tonna mo chinn
faídh in gadhoir is binn guth



Is mé Oisín mac in ríogh
is fada ó do chríon mo cruth
Gé ata mo chroidhi teinn
nocha linn nach binn in guth.



Guth.


L. 84


XXXIII.



Codail begán begán beg
úair ní hegail duit a bheg
a ghille dia ttardus seirc
a mhic Í Dhuibhne a Dhiarmaid



Codail-si sunn go sáimh
a Í Dhuibhne a Dhiarmaid áin
do dhen-sa t'foraire dhe
a mheic Í dhealbhdha Dhuibhne



Codail begán beannocht fort
os uisge tobráin trenghort
a úanáin uachtoir locha
do bhrú tíre trénsrotha



Rob ionann is codhladh thes
Dediduigh na n-aird-éiges
da ttug ingen Mhorainn bhúain
tar cenn Conoill ón Craobhrúaidh



Rob ionann is codhladh thúaidh
Fhinnchaidh fincháoimh Eassa Rúaidh
da ttug Sláine ségha rinn
tar cenn Fhailbhe chodat-chinn



Rob ionann is codhladh thíar
Áine inghine Gáilían
fecht do luidh ceim fo trilis
la Dubhthach ó Dhoirinis



Rob ionann is codhladh thoir
Dhegadh dhána dhiumasaigh
da Ttuc Coinchenn inghean Bhinn
tair cenn Dechill déin Dhuibhrinn



A chró goile ierthair Ghrég
anana go t'forchoimhéad
moighfidh mo chroidheisi acht suaill
monad faicthear ré henúair



Ar sgaradh ar ndís male
is sgaradh leinbh áonbhaile
is sgaradh cuirp re hanmain
a laoích Locha fionn-Charmain



Leigfidhear Caoinche ar do lorg
rith Caoilti ní ba hanord
nach ad táir bás na brocudh
noch ad léig a siorchodhladh



Ní chodail in damh so soir
ní sguirionn do bhúirfedhaigh
cía bheith um dhoiribh na lon
ni fuil na meanmhuin codladh



Ní chodail in eilit mháol
ag buirfedhaigh fo brecláoch
do ghní rith tar barraibh tor
ní dhén na hadbhaidh codal



Ní chodail in chaoínche bhras
os barraibh na ccrand ccaomhchas
is glórac atathor ann
gidhbe an smólach ní chodhlann



Ní codail in lach lán
maith a lathor re degh-snámh
ni dhéin súan no sáimhe ann
ina hadbhaidh ní chodhlann



Anocht ní chodail in gerg
os fráochaibh anfaidh imaird
binn foghar a gotha gloin
eidir srothaibh ní chodail.



Codail.


L. 85


XXXIV.



A bhean labhrus rinn an laoídh
dha ní is mó do thráoth mé féin
tadhbhas damhsa taibhsi reacht
rug mo nert agus mo chéill



Tiucfa in Tailghionn tar muir menn
ni holc lem ní ba holc damh
beinneochaidh Éire fo secht
agus tiocfa in treas ccaomhglan
beid a mhírbhuile go brath
agus beroidh cách for nemh



Béid na leabhair léighinn ann
fría areimhes Gall is ré aré
reilge is regleis gan rígh
budh mór a mbrígh immalé
budh maith da gach duine tair
beroidh a lán a ttegh Dé



Eístigh re fáisidin Fhinn
os an linn agus na ceil
beid na clocha áolta ann
ni ba fann do gentar sein



Nochan edh sin is olc lem
acht iomad ann na nGall nglas
gan bheith damsa is don Fhéin
agus mé féin da gcor as



Beidid ann garrgadha Gall
agus iomad crann da gcur
agus luibhe da gcur síos
is ag techt aníos ó a mbun



Tiucfa in t-airdrigh secha atúaidh
do bhéra co crúaidh in treas
agus toighébhaidh a fherg
is fuigfidh go derg in tres



Eireóchaidh Gaoidhil go crúaidh
eidir hsoir is thúaidh is tes
is sáoth liomsa nach mé tair
mair doberthar gair na ffear



Teilgfidh in t-airdrigh in cloch
agus budh iomdha och ann
is sáoth liomsa nach mé tair
ma dobherthar gáir na nGall



Ní fhuireochaidh Gall re a chloinn
ag dul ina loing tar sál
budh beg dhiobh rachus as
lé hiomat na ttreas gan tár



Fa Sligech doberthar tres
día tticfa les nGaoídheal nglan
is dóigh nach budh meisi tair
mór is dimbáigh lem a bhen.



Ced salmaire Gaoidheal me
beraidh mac Dé me for nemh
ge do fuarus dibh a lán
is beg oram cáil na mban



Is mé Fionn mac Cumhaill féil
creidim féin do rí na nemh
is mé fáidh is ferr fon ngréin
gé do rinnes réir na mban.



A bhean.


L. 86


XXXV.



Uathadh damh sa coirthe-so
gé atú ar ndol do ghorta
sgan anocht um fhorradh-sa
acht aoinben go doim dochma



Deich lá fiched iomlána
atu gan bhiadh gan codhladh
gan ceól crot gan timpána
acht me a ccumgach in coirrthi



Deich gced fhiched firfhéindidh
torchair liom risin ré sin
mor in mana mícheille
sag ól sáile dia n-éisi



Ba me in curaidh comramach
ata agam com cnamha
fa me Iollann or-armach
anocht is um Goll granna



Fionn mac Cumhaill flaithfheindidh
ro dháil meisi sa cartha
is ard súas mo chaithreimh-si
in fath fa fuil a fhala



Torchair Trenmhór tegmalach
le neart mo laime luinne
air ní raibhe edránadh
gur ortus é lem buille



Cumhall calma cathbhúadach
turchair liom a ccath Cnucha
ar thurnus da anuabhar
ataim da ioc anosa



A ccath cruaidhmher Cronnmhóna
ger b'iomdha laoch amaghaidh
marbhoim deich gcéad tulchródha
muinntir Chairill sa sgainnir



Tre mac Conbhróin cneisgleighil
ro chuirius cenn mo sleighe
rim ni raibhe dicheillidh
a ttig Almhan uair eile



Dís do chloinn in righflatha
Fhinn mhic Cumhaill gan doghra
damh ba búan a mimana
a marbhadh ar lár móna



Treissecht Eireann agamsa
do bhí go ttainic Cumhall
nír coigles a colann-san
ó nach ffuarus a comann



Ba cionntach d'Fionn Almhaine
ar comhall úaibhseach ogla
ar aoi dioghla m'amghaire
meisi do chor do gorta



Trí cháoga laoch lán-calma
tainic Cumall go Temhraigh
nochar mhór leis clár-Bhanbha
do beith aige re a mhenmain



Conn cathardha cetchathach
na rí ar Éirinn íobhraigh
do fuilnges mór ttréntachar
do breith neirt ara bhídhbhaidh



Turchair Cathaoír curata
airdrígh Éirionn go dána
is deich gced go dulasach
liom a gcath Moighe hÁgha



Mac brathor don Cumhall-so
mac Úna in chrotha níamhdha
nochar bh'áil leis m'fhulang-sa
tar crois Cumaill sna ffíen-so



Mona beith gaol brathordha
do bhí dhóibh ris in righ-se
ni fhuighbittís m'árach-sa
ger láidir Clanna Baoisgne


L. 87


Siúr do Cumhall chathardha
sí ba buime don Chonn-sa
is trid tainic m'athchursa
sdol a hÉirinn go dorrdha



Righe chóigidh Ghailíanach
tug Conn do Cumhall chneisgheal
nochar mhana saimríaghla
do bheit agam no meisnech



La día raibhe moir-fhíadhach
agam um Chuillinn chúanach
ad chiú-sa go moirmhíadhach
Cumhall ag techt dom fúagra



Clanna Morna mercalma
ro gabh Cumhall díer cciorrbhadh
nochar bh'áil leis cert-chrannchor
do dhenamh leinn acht iorghail



Go sliabh alainn Éibhlinne
teigmidne d'aimdheóin Cumhaill
nior fhágbhamar énduine
sdo thuit trí céad día fhoirinn



Iar sin do chuadharmar-ne
go Cruachain claidhreidh Connacht
fa séitrech ar sluaigheadh-ne
is Cumall ag ar fforrach



Diúltais Conall cáomh Cruachna
sinn ar thionchosc a dhalta
dhuinn ba mana sáor-ruathair
ar chuir Cumholl díar n-athchor



Do chúadhmar go primhurlamh
romhainn go hEmhoin Mhacha
gur agramar sior-chonnradh
ar triath Uladh an tan-sa



Ri Uladh níor lamhustair
ar ccongmháil d'egla Chumhoill
dobadh truagh in malairt-so
día ttic in treinfher chugainn



A cceann Chuinn go congháireach
do chúadhmar go múr Temhrach
rinn ní raiphe forffailteach
nír adhbhar dhuinn beith menmnach



Rí na Temhra táobhúaine
do diult rinne día éisi
mairg do treig ar sáorchuaine
annsin ro fhágsam Éire



Inar longaibh luchtmhara
do chúadhmar a gcrich Bhretan
cath annsin mar thucamar
ro chuirsiom cách a tteasbaidh



Ríghe an oirir allmhurdha
do gabhad linn go húasal
gin go ffuil acht banchara
agam anocht go húathadh



Coic ráithe san ríghe soin
damsa nír mhana comlainn
lucht an oileín dhíbhergaigh
ag cur ar sgél com Cumhoill



Cumhall calma cédfadhach
agus maithe na Muimnech
fir Laighen na ttrén-ttachor
is fían Éirionn go cuimhneach



Táncadar na tromdhámha
dom chor a ccríochaibh Bretan
nochar bh'ádhbhar congmala
d'faghbháil damsa go cnesta



Tucamar cath cruadhchalma
isin uair-sin diaroile
damh nír caraid slúagh Banba
mar do beittís ar buile



Cumhall Bódhmann bainfheindidh
Criomhthann cosgrach bá calma
do mhedaigh mo chaithréim-si
a ttosach Fhíen na Banbha



Brethnaigh níor bham caroid-si
do cuirsiod orm re chéile
do mhedaigh sin m'fala-sa
lucht na n-oilén go ttréine


L. 88


Ár na slógh go síorchalma
do tuit lem issin treas-sin
dhóibh fa mana sírfhaghla
gach ar mharbhus don chor-sin



Fiche céd láoch lán-chalma
do tuit lem isin tressin
do slúagh Cumhaill chláir-Bhanba
agus do laochraidh Bretan



Sgíath tar lorg ón torainn-sin
ro chuires orm gan chairde
onach ffúarus comairge
teigim úatha for fairrghe



Go hoilénoibh sáor-Lochlann
do chúadhmar d'eis gach cosgair
ann ní fhuarus aon-chomthrom
dhuine nír maith in chonair



Sloigh na criche curata
tigid cugainn diar ffúagra
a ttréinfhir nír bh'urusa
do chosg lé beith go húathadh



Tuccamar cath coinglecach
d'feraibh Lochlann gan time
torchair liom go hoirbheartach
rí Lochlann tré mhire



Ocht gced don tslúagh churata
dororchair liom tría fhíribh
nochar thréith mo thurusa
nó gur ghabhus a ríghe



Sealat damh na n-oilénoiph
ag togbháil chíosa is chána
meic Mhorna go roibhesach
ar na criochaibh go dána



Ro máirneadh nír sechmallach
sinne don Chumall chédna
tic chugainn slúagh echtronnach
gur chuirsiom íad fo mhéla



Tugsam cath ba cathardha
dona cathoibh gan time
uaim ba hiomdha athcomach
agus fa créchtach sinne



Coicc céad déag go lán-urlamh
ro mharbhus féin don tsluagh-so
fagbhaim íad na ccnam-comach
gé atú anocht go húathadh



Inar longoibh lánghasda
do chúadhmar féin gan chairde
ní fhúarattar mh'arach-sa
ódo chúadhus ar fairrge



Aghaidh dhuinn ar Albanachaibh
dhuinne nír chonair chesta
tángattar na hallmharraigh
diar ccor uatha for echtra



Ro cuiredh cath fich-meiscneach
edroind agus slúagh Alban
do bháttor do dichoiscthi
rissin fféin áloinn armdha



Tanac-sa go sirshantach
mar a ffaca in rí rathmhor
úair ro bhádhus dighaltach
tré esonóir mo charad



Ferthar comlann ainsergach
edroinn agus rí Alban
dar bhenus go glainbheartach
a cheann don rígh go n-ardbhladh



Slogh in rígh go cnaimgerrtha
fhagbhaim isin cath chédna
do bhádhus go sáirmhenmnach
a ndiaigh iorghal is éachta



Ceithri bliadhna baramhla
dhamh a ríghe na hAlban
ni fhuil a cuimne agam-sa
a ffuarus d'ór is d'airgead



Sealcc do rónadh againne
fo glenntaibh doimne daingne
duinn ba hadhbhar athtuirrsi
ar naimde edroinn is fairrge


L. 89


Tainic Cumhall catharrdha
go slúagh nosmhar na n-oilén
fir Alban díar n-aitherrach
nir bh'ádhbhar dhuinn bheith roithrén



Teigmidne go dasachtach
go cúan lethanmhór Lundan
ro bhadhmar go harrachtach
gé fuaramar mór n-urchra



Cath do Cumhall comramach
tucusa féin gan chairde
torchair liom go comlannach
deich cced do chosg mo shainti



Ro cuires mo mhóirtheglach
d'aimdheoin cháich na longaiph
ro bhadhmar go glóirghredhnach
ar ttecht duinn as gach doraidh



Tigid trénslúagh tegbhála
dar ndíchur on chuan chedna
doibh nír conair edrána
diar cuirsiom íad fo mhéla



Ar chéide na ríghchathrach
tucsam na catha níata
annsin dobadh dighaltach
ar chách ro bhattar m'fhíen-sa



Ro briseadh go primhurlamh
deaghmhúir lándaingne Lunnann
tic in slúagh go sírurlamh
dhuinne ba conair cumhang



Rí Saxan go sáirmhenmnach
ro ataigh me fa comlann
níor obas a láinteghlach
is nír sechnus a fforlann



Torchair in tríath trénneartmhar
fo dheóigh a ccrích in chosgair
gin gurab é in sgél égcnesta
damhsa ba mor in obair



Da fiched céad Saxanach
do mharbhus dhíobh go dedla
is do ríghnes a n-athchoma
nach mairid acht a sgéla



Nert Saxan go sithchánta
do bhí againn re hathaidh
agus cách go digbhálach
uaim féin agus om charaid



Tainic Cumall cruadh-armach
is Fían Eireann gan anadh
is amhloidh do chúalamar
sluagh na n-oilén na ffarradh



Tuc in feindidh fírfhergach
cath dhuinn taréis a aistir
ba meisi go dibergach
fer chlaoídhte gacha maicne



Trí fichid céd catharmach
torcair liomsa go hobann
úair ní lamhadh Saxanaigh
bheith um dhíaigh no bheith romam



Sgíeth tar lorg do chuiresa
oram tar éis an comaigh
dom theglach nir scuiresa
gur chuires íad na longaip



Is annsin do seolamar
romhainn go fonn na Fraingce
ba hí in chonair cheólamhail
ó énoiph fúara fairrge



Sloigh na Fraingce fairsinge
rucsat orainn mun am-sa
sgél is coir a n-aithghirra
ar bhegan do slógh Banba



Cath curata comramach
tucsam ar áon díaroile
ar n-echtra ba hollbhladhach
on tslúagh tainic nar ccoinne



Righe na Fraingce fíalghasta
ro bhoí agam do shonnradh
go ttainic fer mh'iarrata
Cumall nar chengail connradh


L. 90


Slúagh ághmhar Eórapa
ro bháttar timciol Chumhaill
fir Éirionn go seolghasta
riomsa nior mhaith a ccomann



Tugattar gleo naimdemhail
duinne taréis ar n-aistir
mo slúagh seitrech saighdemail
do freagair íatt ga ffaixin



Ba cath nósmar nertchalma
do radsamor día chéile
mo slogh séitreach soigdemhail
gur cuirsium ár a fFeine



Criomhall Bódhmann bainfeindidh
is uaisle cloinne Trenmhóir
do bhíttis mun fflaithfheindidh
go nach ffagainnsi endhóigh



Coicc céad déag go coscrach
torcair liomsa da sluaghaibh
riú ro bhádhus cosantach
is bloidh oile dom búadhaibh



Sgíeth tar lorg ón torainn-sin
do chuires oram fo deiredh
cidh crechtach dom colainnsi
aniú sa chreig ní cheileabh



Ina longaibh luchtmora
cuirim mo begán féine
do chúadhus don turusso
go ranac cúan na Beirbhe



Rí Lochlann go lánchalma
líon a sloigh issin mbaile
a ccennus do tharramar
annsin d'uamhan mo lainne



Ceithre bliadhna búanamhla
damhsa a ríghe na Beirbhe
a ccomann rus fuarusa
ór is airged na Beirbhe



Cuires Cumall cíaphalach
cogadh ar airdrigh Banbha
dar fhágoibh go fiarránach
Conn céadchathach ger chalma



Gluaisis Conn curata
tecta ar ar gcenn san Beirbhe
tangamar don turusso
go clár Cruachna go ndeinmne



Cothaighis Conn Céadcathach
maicne Mhórna don dul-so
do chúadhmar go trénchalma
annsin com catha Cnucha



Fir Mhumhan go míleata
tigid isin chath chédna
fir Laighean go dibhergach
re cois Cumhaill go détla



Da ced Muimhneach merdhana
da céad Laighneach don dulso
da céad feindidh ferdhála
tainic dom coscc a cCnucha



Ro mharbhus go merchalma
na sé céad atú d'airemh
do cuimnighes m'fhaltana
agus ní dhernus cairdes



Mo chairdes rob curata
annsin ré Cumall calma
ar n-etran níor bh'urusa
d'feraibh borba na Banba



Aladh sanntach soghona
tucus i n-ucht in mhílidh
a chroidhe ba cosccarrtha
liom íer gcorcradh mo chraoiseach



Brister uaim ar Muimneachoibh
no go ranac Fiodh Gaibhle
fada bhías a ffuighlechtoibh
gach ar marbhus gan chairde



Tainic Bodhmhann bainfheindidh
agus Crimall dom choscsa
dam ba mana caithreime
ag fagbháil catha Cnucha


L. 91


Clann Trenmoir ger turcharthach
nír bheó ag techt tar Life
acht aon ochtar urchradhach
agus Bódhmann go mire



Láochraidh Laighean lánchalma
ro lenus íad gan dóghra
ba mé fer a sármarbhtha
nó go ranac Fiod Dorcha



Do thegras a n-edála
is do chúadhus go Temhraigh
ar ndioghail damh m'egára
ro bhádhus lán do mhenmain



Cennus Fhían na Banba-sa
tucadh damh ó Chonn cneisgeal
damh ba mór in tarbha-sa
in fad do comaill seisen



Ro ríarus go lánurlamh
dámha Éirionn is Alban
tucusa doibh sarconnradh
os orm do cuirset crannchor



Tucus comaoín tuarustail
do maithib slóigh na Banba
nír chomhaill in cualacht-soin
dhamhsa ar ffaghbháil mo tharbha



Nior fhágbhus péist adhúathmhar
a loch a linn sa Bhanbha
nar mharbhus go ro-úasal
fo bladh oile dom tarbha



Ni bhói arracht égciallaidh
ni bhoí fos fúath no ethaid
a nEirinn lem tréin-iarraidh
nar marbhadh liom na deghaidh



Ní raibh cobhlach catharrdha
rem linn ar muir na Fodhla
nach denainn a n-athcoma
is cuid eile dom fognamh



Deich mbliadhna ba ri-fheindidh
meisi for Fhíanoibh Eirionn
nír congmus fer mícheillidh
agus ní dhernus aoinfeall



Bentar le Conn Céadcathach
diomsa righe na Feine
is tug í go trencarthach
d'Fionn mac Cumhaill dom éisi



Roinnis Conn go catharrdha
in Fhian edroinn cúis chomainn
fagbhais a ttrían agamsa
is ndá ttrían ag mac Cumhaill



Tucamar seal sithchána
d'eis ar ccumainn re chéile
's do gheibhinnsi cischána
ó shlúagh cathrach na Beirbhe



O samhain go bealltaine
ro chongmus in Fhian uile
dobadh moide ar menmaine
ól fleidhe imbirt cluithe



Sealg in Chorainn chnocánaigh
do rónadh linne gan séna
a ffuaros do dhrochdhálaibh
fada bhéraid a sgéula



Ro suidh Fionn go fíoraibéil
ar mullach sléibhe Séghsa
is beite ga shíor-fhaisnéis
in tríar tainic na cenn-san



Trí silliti siabharrtha
tainic a taobh na tulcha
dealbh na mban ba díabhalta
do shíabhrattar mh'áos comtha



Tri beóil dubha dhúaibhseacha
sé ruiscc bhána gan dúnadh
tri fuilt rúadha ruainneacha
sé cosa fíara fútha



Tri cloidhme go curata
tri sgéith cona trí sleghoip
nír bh'í an obair urusa
feghain na mban no a ttrealamh


L. 92


Glaisíarna garbh geinntlidhe
do cuireadh leó for crannoibh
gabhais meiscce is meirbhlighe
Fionn is an Fhian da ffaixin



Le draoítheacht go drochdhalach
do shíabhrattar ar fflaith-ne
na senóir críon crothanach
fagbhaid Fionn asa haithle



Secht ccatha na Gnáithféine
ró chuirsiod sa riocht chéthna
fa dhorus na Cnaimhcheisi
amháin acht meisi am áonar



Do cenglad go fioraibéil
in Fhíen uile go hághmor
ní beite ga shír-fhaisnéis
gur cuiredh a ttigh thalman



Glacaid a ttrí níamhlanna
do cnaimgerradh na Feine
ní raibhe acht cenn iasachta
orra muna beinn badh dhéine



Comhrac na ttrí ccailleachsin
rug oramsa um énar
ba gleó mor in sgainneirsin
a ndorus chnuic na Séghsa



Mo bhuille ba boirbneartmhar
óir nír fhágbhusa fuighioll
dar gerrus go toirbheartach
Camóg leis agus Cuillionn



Do chenglas go curata
Iornach go cruaidh a gcroibhneart
a trascradh nír bh'urusa
nó gur chuires hí a ndoirbhes



Fian Eirionn go háidhmillte
tuc sí eiste bhó dhéine
le huamhan a cnaimhgherrtha
d'faobhar mo lainne geíre



Ba héigin don arrachtso
a ccor na ccrothaibh céatna
lé húamhan a malarta
mar sin atáid a sgéla



Eirgis Fionn go fodhalta
agus in Fhian na rúathar
fo terc úamhan oramsa
gé atáim anocht go húathadh



Ro loiscedh go lánurlamh
liomsa in bhruighen go ndéine
do fagbhus na smaltargrís
in teghsin fó tarr Cheise



Leanus Íarnach fholtgranna
Fionn is a Fhian go feargach
is iarrais go corpdhana
comrac ar Fhionn go menmnach



Ní fhúair Fionn in flaithfheindidh
fear comraic don bháidhbh bratha
go ndechus am chaitheideadh
o ad connarc Fionn a ttenta



A comhrac ger mhíceillidh
do choisces í gan doghraing
do bhenus a ffireigin
a cenn dhisi lem ghormlainn



Conarán mac Caimidil
do Tuaith dealbdha Dé Danann
athair na ttrí n-aimideach
ro fhágbhas íad gan anam



Clemhnus agus caradradh
do gní Fionn rim ón treasso
do laighdigh sin m'faltanus
no gur marbhattar Fedha



Fedha mac a ingine
torchar le Fionn tré úabhar
mac sin Cainche imghile
día éis atú go huathadh.



Uathadh.



Leath an Duanaire gonuige seo.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services