Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Duanaire Dháibhidh Uí Bhruadair III
Title
Duanaire Dháibhidh Uí Bhruadair III
Author(s)
Ó Bruadair, Dáibhibh,
Compiler/Editor
Mac Erlean, John C.
Composition Date
1682
Publisher
(Londain: I.T.S., l9l3)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
A SCAFAIRE d'AOIBH gCEARBHUILL. A scafaire d'aoibh gCearbhuill a dúithe Éile ós ceapuighthe gach margadh le stiuir céille mo theagasc duit ar eagla na cúilstéille gan cailleamhuin an aifrinn ar thrúipéireacht. Marbhthar an caismearthach le súilsméide is bagarthar fear ragairne re drúnncéireacht tachtathar ar leabaidh astigh gan rún cléirigh fear airgid nach talchaire dhuit Tonn Téide. Tig pailirthis go hathchumair i lonntréadach le a gcrapathar a labhartha sa lúithghéaga bíd aicme aco dá n-eachraidh sul dtúirléimid treascartha gan aithne gan úirbhréithre.
D'AITHLE NA BHFILEADH. D'aithle na bhfileadh n-uasal truaghsan timheal an tsaoghail clann na n-ollamh go n-eagna folamh gan freagra faobhair. Truagh a leabhair ag liatha tiacha nach treabhair baoise ar ceal níor chóir a bhfoilcheas toircheas bhfear n-óil na gaoise. d'aithle na bhfileadh dár ionnmhus éigsi is iul is mairg do chonnairc an chinneamhain d'éirigh dúinn a leabhair ag tuitim i leimhe 's i léithe i gcúil sag macaibh na droinge gan siolla dá séadaibh rún.
DO HAIRIGHEADH MO THART OIDHCHE. Do hairigheadh mo thart oidhche a Riocaird id thig ar glanfhíon do cheannuighis i Luimneach Luirc dá mbreathnuigeadh an fear thíos ar ibheas don digh ar ealadhain do maithfidhe go miochair mo chion. Dá n-aithnigheadh ár n-aicíd giodh iongantach sin an flathchroidhe do cheannuighe nach cunnail uim chrudh ní glaisdíol don ghaisgiodhach tug tonna tar sruith sraithín beag srathfaoidhe i n-iomad mo scuit. Admhuighim go m'ait linn a n-uraidh 's anois gealphíopa flaigín is biorra go brim teacht síos ar leathbhaois le gliogaireacht ghloin is neamhshuim a bhfachnaoid fir cruinnighthe cruidh. Teastuighim na bealaighe go minic dom chois is tathuighim bheith tearc mí gan pinginn im purs an macaomh nach mailíseach miotal mar sin is ceart dhligheas a dhartchraoiseach inneachur cuirp.
UABHAR NÁ POIMP. Uabhar ná poimp ná deineadh duine as a stór is go duairc ná bíodh má bhíonn gan pinginn na dhóid dá uaisle rí is a ríoghacht ghlan tuillte aige d'ór nach buaine bhíos ná an scaoinse d'ibhios a lón. Is buaidheartha bhíd na daoine i ndeifir gan chóir san uaigh go líontar díobh go minic san ló ní luaithe innte an fíothal foirbhthe ar dtóis 'ná an muarfhear groidhe nó an naoidheanán leinbh bhig óig. Ní fhuaras fíor ó dhraoithibh glioca ar bith fós ná tuaraisc cruinn cia an tír 'na ngabhaid na slóigh fuair bás gach laoi ó aimsir gheinte na sórd monuar, gan maill acht sinn gan filleadh na ndeoidh.
LE CLUAIN AR LASTUIRE. Le cluain ar lastuire fatha do chlainn Órluith do buaileadh d'easbuidh gan airgiod linn dósan i mbuaic a leabhair dom reacaire scríbheochad mar d'fhuasclas m'anairt a sreangaibh an fhigheadóra. Ag so an chluain A mhic an té do ghéilleadh ní dhomhsa tuig an réad so adéar go sítheoilte gur muirear é mo bhéile ar aois óige 's gan chur go léir a gcéille i míodhóchas. Ós duine mé gan tréad gan buidhechóraid 's gur imthigh an méid dobhéaradh ní dhomhsa go bhfille an tréad madh taobh na cíonóige ní thiubhrad féin a léine d'fhigheadóireacht.
Is uras é dham cé beag aoinfheoirlinn ní fhuil im ghéig ná i ngéibhionn faoi 'm chóthra do nithibh bréige an mhéirligh mhíochóraigh tug gan é me is réad ag righinlóbus. Mise féin is féach gur figheadóir me gé thuillim é ní fhéadaim díol bróige dá dtige spéis im chéird sul ndíobhóghar tuille lé agus t'éiric tíodhlóicfead. SUIM PURGADÓRA BHFEAR nÉIREANN.
Dáibhidh ó Bruadair cct. Suim purgadóra bhfear nÉireann ón mbliadhain 1641 gus an mbliadhain 1684.
Do fearadh a flathas tré peacadh na prímhféinne ó ar haithreadh a maireann do mhaicne chríche Éibhir acfainn a gcascartha a gcreachta 's a gcroidhechéasta i nglacaibh na haicme lear fealladh ar King Séarlus.
Gabhaid dá aithle go calma círéipeach gradam is fairche na flatha is a shíol tréigid airgid cealla gan chaigil a bpríbhléide is dearbhaid feasta gan feacadh fán ríghshéala. Sealbhaid athardha is aitreabh gach aoinéigne dob fheasach gan fhailleadh 'na charaid don chraoibh Réxa scaraid ar achtaibh tar fairge a gcinnréallna 's gach airgtheach ainicthe i n-atharrach taoibh éigin. Na gairbh do ceapadh re deascaibh gach daoirchéirde 's nár measadh a gceannas go ceannarruic laoi an tsléibhe sreathaid go seascair i mbailtibh na saoirchléithe mar mhacaibh fear maise go mascalach míntréadach. Gér fhalamh gan lanna gan lachtas gan línéadach a ndeachaidh dár bhfearaibh gan athchuma ar chaoi éigin is anabaidh ar caitheadh do phrataing gach prímhchéille re craipille a bpearsan go haisiog a ndínscéithe. Iar n-aistear a beatha do chathurra an chraoiséirligh do scaradh a rannta go mearaighthe míghléasta i reachtaibh gur cheaduigh an eagnamh fhíornaomhtha sealbh a chairte d'fhear anma an King chéadna.
I dtamall a thaistil do leanadar díne é amuich is d'fhanadar farais go caithiomh a gcaointréimhse ar gcasadh do bhaile níl acu dá ndíméadaibh acht amharc a bhfearann mar mhadra an mhill d'fhéachain. Geadh tarcuisneach treallamh is taisce gach síthchréidmhigh gan airgiod spealta gan eallach gan aoibhghréithe ní sachair an ealta 's a sreabha na sínéireacht tré fhaicsin a seasaimh gan seascadh i snímhéagaibh. Do neartuigh an ainimhsi i gceannaibh na toinnéada le hathghoimh i sealgaibh tartmhara tíortha éigin níor bhrathadar caisi do chaiscfeadh a n-íota éachta gan amuisce sa aithghein nár blaiseadh do bhríbhéireacht. Mar fhairsinge bhealaigh do mhacaibh na mímhéinne nach gabhann gan rachmus gan marbh ár bhfuighillfhéinne eagarthar leastar an leannasa i ndroing mhéirligh do thairg an machaire d'fheannadh le daoiréitheach. Leagaid a startha go gangaideach gnímhéidigh 's a n-amhuil i gcartaibh nach facadar fíréigse re maithibh a charad gér anabaidh an ghaois bhréige gur atadar eagla is fearg an ríghchéillidh.
na faisnéisithe fallsa.
Do cailleadh don scathamh sin scata mar fínéidhthear dob fhearra ná seasamh i mairg na maoithghréine 's do crapadh i nglasaibh araile don choill chéadna do chaithfeadh dul seachad mun gcasadh an címéara. Níl pearsa do threabhaibh na Sacsan i gcrích Fhéidhlim dar hadamhadh achaidh do tharbha an traoischéidil lá fearthana an cheatha fár gealladh ár gcaoi i n-aonfheacht nár dhamain gach anmain againn mar dhíol dréimre. Ámh breacaid na bearta le dathaibh gan díth scéimhe lá scaipighthe an scamail sin d'fheartaibh na fírghréine dár bhfearaibh ós marthain gan taise re taoibhnéalaibh gá caraid is neasa iná an breathamh do bhí a ndé a ndiu. Is ainicthe an ealbha thairgtheach shírthréidhtheach nach aimideach amus i n-anfadh aoinspéire acht ghlacas don mhaide go hathlamh i gcrích fhéadas freagra a n-aigeanta i gcalm nó i gcaoirspéirling. Ós feasach don bheatha gach caschuil dá gclaointréidhibh is gur mealladh a meanga le taithneamh an tríaonta ní sleamhuine an eascain uim shleasaibh a slímléine iná mheasaid a mbeanna do tharraing ó mhíghnéithibh - Sa leagadh le cleasaibh i gcara na bhfíoraonach nár chagair a gcealg ná a shamhuil dam fhínéisi is nach rachadh ar cheathraibh an talmhan truimnéalaigh easma tar tairsigh re hargain aoisi aenneith.
Aiste re gcreanaid iar spealadh a spinnséireach 's go ndeachaidh an t-amuisce i meascadh 's i maoilghéire tabhairt ár seabhac 's a gcarad na loing léigthe 's i leaba an fhir gada cur calapa an chaoimhéilmhigh. Ceannarraic do shíolchur idir na cáirdibh et cos an ionnraic do chur i n-ionad coise an mhéirligh badh mian leo annois. Más meata fear athluit re calg na caoindéise is más faiteach an leanbh do laisceadh re caoirspré ar bith nach leamhas dár bhflathaibhne d'aithle gach díbhféirge mun n-aithnid fear leasa tar bheachaibh an bhríbhéara. Aitchimsi an mheanma mhaithfeach gan míchéadfaidh do cheaduigh an sparrainn is bhacas a saoiléifeacht go lasa ionár gcreataibhne carthain is crí aonta is dearca le bhfaicfeam an ngealaigh seach duibhréithe. Mar bharra ar gach peannaid gach faraire finnghéagach do thairg le gaisceadh go feardha fírfhéata tarrang a mbeatha fá bhratachaibh imchéine do gaireadh is tagaid tar learaibh don ríghsméide. Is aindeas a malairt ní lamhaid an nidh chéadna is ní lamhaid madh leathscoilte faire 'na dtír féine ní lamhaid an t-attomh ba chabharthach clíchéime acht gadaid is crachtar nó deachaid don díthéachtain.
I n-aithghiorra chairte sin agaibh an scríob dhéadhnach do bhreathaibh an reachta so laiream is íbh nÉireann agus beag searbh ón ngairm do dhruimléanuigh na dreama sin dealbh gan chasail gan choimléinte. A neamhchion 's a n-easbuidh tug adtuirse aníos tréamham is faire an fhir faille gach taca ar a mídhéanamh ní fheasaid ar bearaibh cé fearra a gcur d'aoinmhéithreadh. iná a ngearradh ina mballaibh 's a gcarba ar tinntéanaibh. A athair na bhflathas ó ar fearadh na fraoichbhéime t'fheargain feasta cuir seachainn ar aoi t'éinmhic ar thaisibh na dtreabh so tug t'fhala re crích Éibhir ná hagair a gcartha náid peacaidh a bprímhréime. Más teasbach nó tearcuid i laithibh mo chlíréisi dam chalainn bhus cleachtadh do thalsa mo rígh déantar go ndeacham fad bhrataighsi a mharcaigh an chroinn chaomhna d'aithle gach ceatha go flathas na fíoraonta. An duilleog so ar phurgóid mo dhúithe féin is guirt sceol geadh giorróg don chúntas lé a chruithneoir ghil fhurfhógras rún gach cléibh cuir beo don uile órd a cionntaigh réil. Ní fheadradar cé fearra a gcur ar bior nó ar ghríosaigh et dochídh Dia sin.
Dáibhidh ó Bruadair cct. do Shíle ní Chorbáin iar bpósadh di et do léig di bheith dáilteach don éigsi.
A SHÍLE AN TSEACA. A Shíle an tseaca a shlat na gciabh go drúcht 's an taoibh mar eala threabhas cliabh na dtonn ar ríoghnaibh banna ón tan do triathadh thú is díobuithe fhaid go n-aithnim cia dochiu. Ní fá deara an mhearaithne fhiadhnaim sonn ar lí do dhearc nár chleacht bheith riabhach riom do bhrígh gur athruigh t'fhaicsin fhial dar liom ón gcuing fa bhfeasainn tana triall do bhonn. Bíth go dtagaid mairt a mbliadhna is púint caoire is ealta is ar gan iarraidh id dhún sgo mbíd lucht damh gan mhaig dod riar go humhal dar linn dob fhearra an bhean tu an bhliadhain úd.
Do bhí Fear feasa i dteach na ngiall go dlúth sdo bhí fearthainn phrap na bhfiach id chionn do bhí Barton Black is Beard is Brooke 'na mbíodhbhaibh teanna ag drannadh a bhfiacal chughat. Do bhíodh an tan sin gean is grian id ghnúis sdo bhíodh do theanga thais i mbriathraibh búidh do bhíodh it aitreabh brat is biadh go húr sdo bhíodh do ghlac dá scaipeadh i rianaibh clú. Do líon i leaba a bhfaca riamh ár n-úidh do chaoineas beart lear mheallais mian gach úird druim tar ais na gcleas ó chianaibh úd suim na bhfaision charaid cialla i gcúirt. An líne cheart sin cheapas riaghail dúinn re linn a n-aithreach seach an rian dob iul do rínsiod acht lear casadh siar go Siuir dlighe na sean géar mhaith a n-iarracht súd. Ar chaoi nach glacfa neach i rian bunscionn na saoigheada i searc do chaith ar bhfiabhras fút tá ní don reacht ó ar ainic dia do chom i mbaois na mban nar chabhailiara thú.
Ós díreach dreachgheal data diadha diuid gan fuighioll gan easbaidh an staid tug triath na ndúl díbh budh eascar faille tiacht ar gcúl a Shíle an tseaca ón gcleachtadh id dhiaidh ba dú. A Shíle an chnis le sioc do sliosbhuaileadh i dtaoide an uilc do bhris tar bhunbhruachaibh ó scaoil an tsoineann lic dod lilghruadhaibh níor chuibhe riot scur dod nithibh ionnuachair. Ag so an druimscript. Mar ítem do ríoghanaibh toca ná tuar díogras na ndaoine lear dochar lá a ngruaim a scríobaire tíodhlaic na solusláimh suas an laoidhsi do Shíle ní Chorbáin uaim.
Dáil ós dlightheach i n-ionad gach dúthrachta tháileas ionnmhas oinigh is umhlachta an pár so chugam gan timheal do thionnlaca is a bhráthair chumainn sin chugaibh le hionncamas ód Sheirbhíseach Shíorumhal, .i. DÁIBHÍ Ó BRUADAIR.
Ag seo teagasc Dáibhidh í Bhruadair do thrúipéir do bhí ag dul i n-arm ríogh Séamus an lá sin,
gidheadh bíth gur chuige do chuadhas ní chuige do bhíothas.
A THRÚIPFHIR MÁS MÚSCAILT. A thrúipfhir más múscailt ón mbaile hálgas ar chúntas do phrionnsa go harmálta ná túirling ar chúntaraibh amadánta gan úrchuid don chúige mar cheannach láimhe. An conn libh an ghrúidfhine gharbhcheárdach do liongsad a Lonndain i leathanbhádaibh san bhfonn sa tré thonnbhrise an tseanaghnáithimh gur diuice gach dúist aco ar amalánaibh.
Ní dúil a los dúthchais i mbeartaibh árda ná lúithinnioll iomghona i dtreasaibh láithreach tug fútha go cúthail ár bhflatha Fáilne acht conntracht is diomdhaigh ár n-athar neámhdha. Ponnc beag do thionnscain a dtamall támha madh lionnsca nár chionntach re marbhnáda tús guirt nach tiubhradh do Thamarlánaibh le n' úire do mhúnadh a sheanamháthair. Do múchadh an Mhumha le marbhánaibh riompa dá dlúithchine i gceannas táinig acht scrúdadh na nglún sin mun ndearmádaid ní thiubhrainnsi bonn ar a mbannachánaibh. Smúinid an drong so 'na seasamh thárla na cúise fá ar hionnradh a marbhcháirde trúchuisle an tnútha is tacha táthaidh is bonntruime a lonntur ar leanabhánaibh. Ós fiu leis an gcumhthach dá fheartaibh áilne an sciuirse do thionnlacadh feasta thársa ciunaighsi is dlúthaigh read dhearbhráthair is iompuigh do phionnsa ar do dheargnámhaid.
Chum conncais ní congnamh duit ragairne áibhseach go dúdach ag diugadh gach canna id bhrághaid god sonnsa agus whoreson mar mhascalráidhtibh is bheith cúiteach re lúbaibh gan lasair náire. Níor shúileas re túrnadh na ramharchána fá ar brúthadh ar bhfiu frigh dár gceannaibh tána i dtrúip nó gur mhúsclais go searach sásta sgan d'umhlacht ort diultadh don tsagartphápa. Ós fonn libh id chúrsa dul d'amas trátha go longphurt an chúinge do chlannaibh Cárthaigh do shrúithibh na cúirte is dá seanascál sil is d'fhear iomchuir an dúilimh mo bheatha sláinte. Ó d'éirghis i ngéarchulaith chaithniadhta i gcóir éachta fán nglébhile ngailianach fód Fhéidhlim ar éigin a hainfhiachaibh dom dhóigh réidhfir, a Shéamuis uí Eachthighearainn.
MAIRG CINE DO CHAILL EOGHAN. Mairg cine do chaill Eoghan truagh nach éidir a aithbheodhadh gríobh lonn fa dathálainn dreach trom a n-athálaidh a imtheacht. Ceann feadhna is fine féinnidh file is feallsamh fáithchéillidh mór bhfraoch le faill a ghonta laoch ar lainn níor leoghonta.
Níor chasmhail go caill ruire dursan oighre a haoghaire fachain amhluaidh do chrích Chuirc go bhfríth dá anbhuain arduilc. d'fhorbair éitteacht an uasail biseach guirt ar ghrodghuasaibh i bhfiadh Mogha na mbrat mbaoth dar bha mhac fola an fionnlaoch. Re háireamh éacht a shinnsir dul dob oifig fhuairchinnsil snach fuil neach go bhfios a bhfonn gan fios a gcreach sa gcathlonn. Seinnim seantéad do suathadh ní hé m'fhonn a bhforuathar mó d'fhiachaibh oram annos torann ar niathaibh nuadhchros. A sháith do chonchlainn é fhéin sgan tadhall uaidh i n-imgcéin ag fódgháir laoich dá luinne re tógbháil taoibh triathchuinge. Rugsan ciall is cruth flatha uaisle is oirbheart ardfhlatha fán bhfeart ár gcóige chreachas óige is neart is nídheachas.
Téid féile is foghluim fhoirbhthe téid crábhadh nár cheodhoilbhthe leis an eo ó easaibh Leamhna do threasaigh ceo gcinneamhna. Trias an ársaidh ar eachaibh ba mórdháil do Mhuimhneachaibh i gceann ghleolámhaigh a ghlac meorámhail rug geall ghlúnshlat. A ghréas badh scéimh do scolaibh dochuaidh a umhla ós aobhchoraidh sní raibh ríoghdhamhna na racht tuir badh bríoghamhla beodhacht. Innsim don Mhumhain mheasaigh i n-Áth Amhlaoibh ardleasaigh gur thuit call dá gartchoill ghlain i n-am antruim ár n-Eoghain. Iomdha anocht súil gan soininn uim éag oighre a gcaomhoirir ag síol Fhínghin duibh dhuasaigh dírimh guil fán nglanuasain.
Mac Aodha an fhuilt neambáin sinnsear saorchlann Súilleabháin uaidh do thriall ar dhubh im dhuain ós ciall gach bun do bhionnluaidh. Aodh do éagcaoin an filidh rígh Mumhan an mhóreinigh cúis mo laoi dob eighir air deimhin a chaoi gur chubhaidh. Oidheadh Eoghain i n-Áth Cliath tug toirchios och is uchtliach ag buing bandál Leamhna ós loch is dealbha a nglanmhál gualach. Tar cách ní hiongna a n-éagnach ba leo an bile bóchéadach ceann congmhála a gclú gan oil tromnámha an trú do threascoir. Amus longphuirt tug an trú dár dhíochmharc uatha an t-onchú lear fuaradh fíoch an chuire uabhar críoch a gcéadruire.
Dá dtigeadh fuad na faille go stim stáit ós machaire i gcóir chodhnaigh muinge Mis níor dhóigh foghlaidh gan frithchlis. Deacair comhthrom a gcroisi d'fhagháil is í im fhiadhnoisi iar n-éag Eoghain a craoibh Chuirc raoin an leoghain dá labhuirt. Dar leat i láthair gaile ba Cúrí nó Conaire ar ghníomh stéad bhfíorluaimneach bhfras an séad síorshuaimhneach súlghlas. Ar luamaireacht na sreabh sosaidh nó ar chur agh a huardhosaibh ní rachadh geall an ghilsi eang dá athghal innsimsi. Maighdean re truagh ar thaise tuir go dtrias re tréanchaise flaith ba lán d'fhéile is d'irsi céile is crádh dá chaoininsi.
Seise suadh colamhain cliar taoiseach treabh aidhleann airdghliadh dochóidh san déadbhán dathta dóigh is bréagán bantrachta. Tug taidhbhleoir tuinne Scéine trealamh áigh ar eisléine uch is truagh a mholadh mairbh is doladh buan dá bheoghairm. Truagh a chéile chneisgheal chaoin ag dortadh déar go díomhaoin sa cuaine taobhnaoidhe tais déarchaoine uaire an amhais. Do mhéaduigh cumha na gcríoch tar cheann ar éirigh d'fhírfhíoch mac Máire i nguaisnimh dá éis cáile d'uaisligh an fhaisnéis. Dul an treoin thuillios diombáidh ruire slóigh síol Súilliobháin tug treall gan manar mise scaradh ream don ruirise.
Ba neamhchóir súil re seise mun fhaisnéiseadh m'aintreise i dtáimhnéal curaidh romchar cumhaidh láinghéar dom líonadh. Oighre dreagain Dúna Lóich ceannuightheoir dréacht is daorchróich do chur fann i bhfeart romchailg sis beart nach gann do ghaolairg. Mallacht uaim ar bhás na mbreath lear stialladh stiuir na n-óigeach sul ar treabhadh eitre an fhuinn do feannadh leicne an leoghuin. San mbliadhain roimh ocht is ocht teastaigh an t-uasal éadtrocht i ndáil ós Duibhlinn Life láimh re duinchill díslighthe. Iarram ar airdrígh nimhe madh í uair na himpidhe ó nach triall Eoghan tar ais a riar mar dheoradh dúthchais.
A dhúilimh dá gcreidid cách misi ná hiarr i n-anntráth éileamh cean mo chlí ná tairg a meadh a rí badh romhairg. I mbéalfhoghnamh an leoghain do thráchtas ria is é i ndóchas bheith cómhachtach ar chách do riar is créacht chróshilteach feola nach táithfe liaigh éag dósan fá theorannaibh Átha Cliath. Scéimh eolchuire ar órdaibh atá ina dhiaidh is béine ógbhan go brónach ag bearna a gciabh don phlé domhsa fám leoirchion badh nár mun mbiainn im ré eolais na fóirne sin cráidhte thiar. An cé córrshlightheach ceosa nach gnáth gan liach lé t'fhógradhsa deorach ó d'fhág an triath i gcléir bheodha do ghlóire nár báthadh riamh léig Eoghan mac Domhnaill id dháil a dhia. Scéal róghuirt thug deorach mo ghnúis re spás is d'fhéad cóireamh tar nóchadaibh liom do chrádh an bréid cóirighthe ceosa uim an gcúige d'fhás éag Eoghain mhic Dhomhnaill uí Shúilliobháin.
Marbhna ar bhás Eoghuin ruaidh uí Shúilliobháin noch do fuair bás do bhrígh marcuidheacht a mbaile átha cliath ar an áit dá ngoirthear St Stephen's Green et é ag cur na bolgaighe amach.
ATÁ SAN BHFEART SO. Atá san bhfeart sa flaith d'fhuil Éibhir fhinn nár chreach bean gan fear ná aonteach naoimh nár ghlac breab ó neach dár aontuigh Críost snár leig ceart na lag le tréan gan díol. Is diombághach dian diachrach leam chroidhe sis creach chois Choireáin tiar go hiarthar Bhaoi na sreabh buinneán trian is triath na Muimhneach gceart i mBaile Átha Cliath gan rian na luighe san bhfeart. Ursa nár lag mar cheap roimh éigse Mumhan a bile nár mheath is searc na cléire i n-úir ceannurraid na bhfear do ghlac an fhéile ar dtúis tá file agus flaith a leac i n-aonfheacht fút.
Mórthruagh a leac an chreach so fútsa ar lár do mhórshluagh Chaisil flaith dob úire cáil badh leor uait ceart sgan searc ár ndúthchais d'fhághail gan Eoghan ruadh gasta mac uí Shúilleabháin. A shéimhleac bhreágh is nár dhuit nach claisid cúig chóig do ghéimreach árd áthais ó taisceadh fút Eoghan an t-aon dob fheárr cáil do shliocht Chaisil Mhumhan beo phoenix árd Párthais nó dragan Dúin Lóich. A leac ag a bhfuil creach na cléire fút is iomdha dearc fá cheas do mhaothuigh tú dámadh leat bheith glan ó réim na súl do bheitheá geal ar fad ó fhaobhar go cúl.
I N-AINM AN ÁIRDMHIC. I n-ainm an áirdmhic doghnídh grása is éinmhic álainn óghMhuire doghéan aiste do phrionnsa Shacsan cúmtha cneasta cóirighthe bhias dá haithris ag lucht aitis ar feadh faithche feorghloine is bhias 'na sólás in gach comhdháil le gléas comhlán ceolchruite.
Dá theagh Sacsan na slógh seasmhach do ba cneasta comharsanacht an seachtmhadh Hannrí cathach campaidheach do na planndaoibh pórghlana tug chum éintighe cuid dá réimhidheacht an dá thigh réidhlígheach róschrothach is í dar liomsa an cúigeadh prionnsa ós a gcionnso comhnaidhtheach. Atá sí cáirdeamhail gaolmhar grásamhail saorghlan sáirchiuin sóchoisce atá sí gréasach scéimheamhail scéimheach béarlamhail béasach beoilchliste cuid do thréidhthibh na mná séimhe a grádh d'fhéile is d'eolachaibh 's nach feárr órgáin ná í 's a hógmhná i gcáil chomhráidh ar cheolmhaireacht. Atá ar an mbainríoghain tséimhghil seabhcaidhe mhaordha mhallchaoin mhórtasaigh muarfholt muirearach dualach druimneach cuachach cruipineach comhdhlaghthach suanrosc soilbhir ós gruadh dheirgghil mar ghual gcrithearach gcróluisneach is béal le labharthar iomad teangthacha do ghuith dheaghfhoclach ghlóirmhilis.
Dá dhéad gheala ar ghné chailce chaola chearta chomhshnuighte géaga gasta is méara fada séimhe seada sompluightheach dá chíogh chorra ar chlí a hochta mar lí scotha scóttuinne seangchorp séimhgheal ramharghlan réidhdheas nár mheall céile comhchosmhuil. Ó d'éag Caesar sluaghach séiseach buadhach béasach beoneartmhar nó cing Ártúr iongantach árdchlúdhach cumasach cáirdeamhail comhgairseach níl 'na bheathaidh is ní dheachaidh tar éis Heachtoir óigchleasaigh rí mar Eilís ghrádhmhair gheilchlídhigh bhláthmhair bheigchíghigh bheoltsoithimh. Do réir measta a bhfuil re gaisce sna trí rannaibh ródacha níl acht meascadh cur chum casta le rígh Sacsan slóighthilte féach Éire aice i gcléith Sacsan re taobh Breatan bórdghlaine is cuid dá cródhacht is lé Plóndras an tír nóghlan nóschruthach.
Cíos na Fraince ionnmhus Alban 'na múr dealbhach dóibhriste stór cing Philib 's a chuid cupard 'na cúirt chrutha chomharba cíos na cruinne sa bheith aice níl air filleadh feoirlinne acht uaithe is chuice do nós tuinne do gach fine i bhfóirithin. Iomdha ar longaibh comhla chogaidh dan cóir tosach tóicheastail is ridire rathmhar foistineach feasach cothuightheach cathach cóirighthe boirbfhear bratach ordhruic aistreach foirsightheach frasach fórsathach is fear tréan trodach glacshéimh gontach ceartréidh cogthach comhraiceach. Bíd ón mbainríoghain catha is campaidhe láimh re habhradhaibh Eoraipe bíd a barúin ins an Ghascúin ag cur athchuma ar óstuighthibh cuid da harmáil ins an Almáin ag cur anbháth ar mhórbhailtibh is airgid uile cathair na Cruinne an ghasradh ghusmhar ghleothapa.
Doghníd a bannaidhe ins an Bhrasaoil gan rófhaitchíos feolchumach le na cobhlach cíosach cobharthach fíochmhar foghlach cnósuightheach feadh na fairge gan ró mhairge i ngleo chairbthe chóirighthe loingeas lánmhar gunnach gáinneach cloidhmhtheach ceárdach cróghuineach. Bíth a haimrél ins an Ruiséil cuid dá caithréim chomhgaraigh théid a lucht gliaidh tar muir dToirrian is don Innia órchlochaigh gnáth a tréinfhir ins an Éigipt fá leor éide ar óigfhearaibh is tig ar dtionól dóibh go Briostó nach é gunó Góidrisce. Atá dia ag congnamh le triath Lonndan na n-iath bhfonnmhar bhfódtarthach atáid na gaethe, atáid na spéire atá gach réalta rósholas mar táid Spáinnigh 'na lic láithir in gach tráigh go tóinbhriste tá dá chéad árthrach gan ró ghábha ar na mbáthadh i mórthonnaibh.
d'fhág a gárda fá chás Spáinnigh 's a mná cráidhte comhthuirseach thugadar goradh géar uatha don Phoirtingéil le sluagh borblaoch beochroidheach dia 's a tionól gliadhmhar groidbheo 's iad thug Liosbóin leonuighthe aicme laoch ainmhear thairgthréan thairpeach eachradh dhaorarmthach órduightheach. Atáid riamh buidheach dhi dia agus daoine an triath díomsach dóthchasach prionnsa náireach faoilidh fáithbhreath caoineach cráibhtheach cóirbhreathach ar a bronntaibh ar a tobharthaibh ar a cabhair dá comhairleachaibh is mar chaitheas méad a maithis is air is measta a mórainm.
Dáibhidh ó Bruadair, ag tabhairt aithfir d'fhile éigin do rin dán ag adhmholadh bhainríoghain Ellizabeth agus do rin Dáth an duanóg so ag moladh righ Séamuis;
caithréim an dara Séamus rígh Sagsan ar na dhéanamh le Dáibhidh ua Bruadair.
CAITHRÉIM AN DARA SÉAMUIS. D'fhigh duine éigin roimh an ré so uige is léir im dhóid anois d'inighin Hannraoi is d'iomad a campaoi is ise dob amhchaoin óirne i bhfus gur tríd nach fuilimse buidheach don fhile sin daoire a cuinge go comhnaidhtheach ar dhlighe an phápa sar chlainn Phádraig i n-eing fhádbhuig Ólchobhair.
I n-ainm an athar dhealbhas flatha fairge is fasc is feorluibhe san mhic bhuadhaigh i gcrois d'fhuascail goimh ar ghluais ón ngleobhuime is toinne an teasbaigh tug ar lasadh guth na n-apstal n-órduighthe canfadsa éirghe an dara Séamuis dalta cléibh na cródhachta. Cumfad aiste d'fhionntur Bhreatan cnú a bhfuil ceart im chomhursanacht triath is tréinfhear iarthair chéimeann fiadh agus féinnidh Eorapa cnú na cléire an lonntur léadmhach ionnraic éachtach eolghusach dia dá dhidhean biadhmhar buidhneach bliadhnach bríoghmhar beoichliste. I ndiaidh ar éilimh dia na spéire d'fhiachaibh tréigthe a thrócaire ar na clannaibh badh sia ceannas san iaith eangaigh Fhódla so. ar chaoi go gcreidfidhe luighim gan cheilt díbh nach í Eilís mhóraimse acht Séamus Stíobhard an réalta ríoghdha d'éirigh faoi dár bhfóirithin.
Is naomhtha an torchar séimhgheal sorcha an féinnidh forasta fóirneartmhar sciath na mbochtán liaigh na lorán triath na dtrodán dtóicheastlach prionnsa dearbhtha é tonn is tairbhfhéith diuic is amairéil órduighthe is táthluibh fhortachta a dtárla loitighthe ar lár ó phlotaireacht Oates uile. Is iomdha cruaidhchéim grúig is guaisbhéim fionntrach fuair sé i ródannaibh ag cumhdach cairte is clú bhfear Saxon glún re gleacaibh glórthoinne sis iomdha daorbhreith chionntach chraosach d'fhonn a thréigthe is fhógartha fuair an fuilingidh uatha ina ionachlainn geadh stuama oileas a rógaireacht. Árdfhlaith fhoistineach ághmhar oirdheirc cráibhtheach coscarthach cróimhisnigh d'aomh an dúileamh d'éis a dhiomdha mar scéith chúil don chóstasa is réil don chruinne i gcéin 's i bhfoigse ar léire a loinne leoghanta gur tonn go dtreise i n-iomghuin meirse cúinge an chreidimh chóirshlighthigh.
Is buan i mbéalaibh suadh is éigeas nach uaidh do fhéachadh feolchumach ar a cháirdibh i ngleic gháibhthigh is breis cháich na ndóchuma do ghréas badh fiadhain créacht i ngliadhmhuigh is é don fhiach na chócaire an buinne bodhbha tuigseach tromdha frithir foghlach fóbarthach. Tug mo phrionnsa cruthghlan cúmtha miochair múirneach móroinigh guil is gártha i longaibh árda amuigh ar bhántaibh bóchlinne dochuaidh a thormán suas don Ghearmáin suairc an chongháir chomhlannach le dtug Munmat sa lucht coinne ag dul chum cille i gcrócharaibh. Oighre Chormaic d'fhoidhnigh orchra i madhmaibh borba beochuradh an griangha gríobhtha giallach geimhleach srianach saigheadach seolchrannach cuimhnigh Séamus choidhche is caomhain a rí na gréine glórmhaire ó bhain dá námhaid le neart a láimhe flathas lánghlan lóchrannda.
Iar n-éag a bhráthar téid an t-ársaidh déadgheal dána dóchasach cion do chneasghoin fir na Saxon scuir a sceach don Róimhiris d'éisteacht aifrinn dé gan scamal éacht nár thais don treonruire an gníomh tug soirbheas ríogh agus ollamhan i mbruidhnibh follasta fódthoinne. Gach cuid d'Éirinn nár Chromaolaidh tugsat d'aonghuth deonuightheach a gcuirp sa gceathra a ngoil sa ngaisce fá chur glaice an ghleobhile acht an taobh úd do lean traosún is tug faonchrú a bhfeola ris tugadar Alba turas nár dhearmad urraim is aire dá órduighthibh. Is íocluibh álainn fíonfhuil Mháire tríd ag tál go trócaireach an ríoghain rachtchaoin do shín a gealphíp ar chaoi nach leagfaidhe a lóchoinneall. ag seo an féinix aiste d'éirigh scath na Saosar sórthannach chuirfeas feasta luisne a teasta gus na creasaibh comhchruinne.
Lonnradh ár n-eagailse an prionnsa pearsanta cúmtha ceannasach cóirighthe trúmpach taidhleach trúpach taidhbhseach lonnmhar laighneach lódlongach an céad rí Saxon d'aomh gnaoi is gradam éadaighe is airm óirleachais d'fhearaibh Éireann d'aithle a mbaoghail beart a saortha ar fhórlannaibh. As íodhna tréinríogh caoimhe a chéidghníomh saoilim réad níos mó go bhfuil fós i n-oirchill óg na heingise i ndóid an tuirigin treoraighsi. féachaidh fearta féile an dreagain d'fhéad re haga nóiminte na trí críocha géar ling bíodhbhadh do chur faoi go fóghantach. A uaisle Bhanbha tuairidh tairngridh buaineas ratha agus róchumuis don chraoibh ós craobhaibh daoibh do shaothruigh saoirse a saobhchruth eolchuire fáiltighidh roimhe sin gáirdighidh goiridh an t-áirdrí ionmhain óirdhlightheach don Chorcchrú dhírigh rochlumhail ríoghdha ó phortmhúr chinn an chóigidhsi.
Ríghe don Scotfhuil chraoisigh choscraigh daoibh ní drochfhuil deoranta acht sreabh don fheolfhuil i gclannaibh Eoghain is fearra fós don phór uile do réir an chríonráidh d'fhéad an ríoghmhál céim le caoinbháidh comhguiseach i gcrích gur chuirsion díbh le dile go ndligheann an fine fóirithin. Atá mo shúil re grásaibh iomdha an dáilimh d'iompuigh dóthanna is re teacht na gaoise d'at im ríghsi mar ascal taoide i dtócharaibh d'fhiadh bhar sinnsear niadhta nimhneach d'fhiad na thimchioll tóirneacha do thuathaibh iasachta uaibh nach giallfa bruach do bhiadhfadh bóchuingir. Atáid bhar bhfírchliar sámh gan dímhiadh d'áis an chaoimhniadh chomhachtaigh is cléirche Chailbhín béas nach anaoibh gan pléidh a bpeataoi ar phópaireacht atáid ar bínnse Dálaigh Rísigh sdá n-áileadh saoi do Nóglachaibh re héisteacht agartha an té nach labhrann béarla breaganta beoiltirim.
I ngárda a bhrataighe atáid bhar macaoimh lán do chnaipidhibh córrmhogail is iad gan uamhan ris na fuadaibh tug a bhfuath na ndrólannaibh atáid bhar n-onchoin áille i gcomision sa gcáinsin congaibhthe i bpóirteannaibh is gláimh na bhfealltach cráidhte ceanntrom lán do ghrannc mar gheocachaibh. A dtoirchios tnútha cosmhail le Lucifer bochtanacht chúca is bróntuile nach gábha an t-uabhar dála an chuaine nár sháruigh uair bheag pósta i bhfus d'éad na dtaoiseach dár chéile an chríoch so réad tar mhíle d'fhoghmharaibh d'fhagháil attomha d'fhás a n-athardha acht táir is tarraing tar teorannaibh. d'fheartaibh an áirdríogh d'athruigh na cártaoi an bhfacadar cách ní is ceolmhaire náid muinntear Oiliféir ag caoine a gcoroinéil ní nach doiligh lé Domhnallaibh le héigion diombáidh féach a bhforrán ag déanamh robhán róibhriste do na fearaibh seo ag dul i n-armaibh tuile fearthana is ceo chuca.
Bíth nár thuilleadar puinn don chinesi díoghrais cumainn óm chomhgusa nílim d'eascaine díobh go dearbhtha d'fhíoch ná d'fhaltanas deoruighthe acht gach fealltach frasach fallsa meangach meabhlach meoirliosta bhíos na mhéirleach do ching Séamus ó thoinn chléibh a chrónghoile. An chlann Mhaine Leamhna so is cing Séamus lear scannradh a gcanntlamh a Chríost caomhain is go bhfeanntar i dteannta gan díth phéine gach fealltach is fallsa don rígh chéadna. Amen. An méidsi i ndúithe Fhionntain dá gealchlainn fós go téacht dá gcúil chumhdaigh do cheaduighis beo a dhé na ndúl tionnlaic gach faillíth dóibh aondacht dlúith umhlacht is aithrighe chóir. Créachta a gclú a gcumhgrach 's a gceasnaoi stóir is léir adchiu ar chúntas a bpeacaidhe leo réidhsi riu a rúinghil ná leag ní bhus mó d'éifeacht siuil sciuirsi do bhreath faoi a bhfóir.
A thréin na dtonn d'iompuigh na deataighe ceo i ngréin ár bprionnsa ionnraic is teasaighe glóir a haonucht chrú an chúilfhinn do chreach Límbó éistidh m'úrd urnaith ar leastslighe an tslóigh. Geadh beo re spás gan tádhbhacht toice me poinn is nach dóigh go dtrásta fás mo bhoirbe i maoin glóir ós árd mo chás i ndoichte ar bith níl slóigh bhfear bhFáil ó táid i n-oifig an ríogh.
CÉAD BUIDHE RE DIA. Céad buidhe re dia i ndiaidh gach anfaidh sgach persecution chughainn dár bagaradh rí gléigheal Séamus ag aifrionn i Whitehall is gárda sagart air.
Sin iad Gaedhil go léir i n-armaibh gunnaoi is púdar púirt is bailte aca Presbyterians féach gur treascaradh is braidhm an diabhail i ndiaidh na bhfanatics. Cá ngabhann Seon níl cóta dearg air ná "Who's there?" re taobh an gheata aige ag iarraidh slighe dá luighead go sparrainneach mo chur fá chíos ist oidhche i n-acharann. Cá ngabhann Ráif sa ghárda mhalluighthe prinntísigh dhíoblaidhe na cathrach do stiall gach aontaobh séipéil bheannuighthe ag díbirt cléire dé sdá n-argain. "You Popish rogue" ní leomhaid a labhairt rinn acht "Cromwellian dog" is focal faire againn nó "cia súd thall" go teann gan eagla "Mise Tadhg" géadh teinn an t-agallamh.
Ag dúbailt ghárda tánag eadraibh brostuigh im dhiaidh se Cian is Mealachlainn sin é Diarmaid siar is arm air is bainfe sé braidhm a cladhaire fanatic. Bodaigh an cháise táid go hatuirseach ag filleadh ar a gcéird gach spéice smeartha aca gan ghunna gan chloidheamh gan pinnse chleachtadar d'imthigh a mbrígh is tá an croidhe dá ghreada aca. Do fríth an uain, monuar, bo dheacair sin ar an druing gan iocht do scrios is d'argain clanna Gaedhal a hÉirinn airgthe le meastar gurab oighreacht deimhin dá gclannaibh sin. Tug a n-éitheach, bréag a mbaramhail, ní bhiaidh an fód sa Fódla ag fanatics i n-imirt na lann fuil chreabhair níor chailleadar sa gceart ar Éirinn féach ar baillechrith. Fearta mhic dé nach éasca d'fhearadar re linn tSéamuis réalta ós flaitheasaibh a n-uraidh dá leadhbadh Tadhg ag fanatic eisean a mbliadhna ag stialladh an phlaice aige.
d'éis transplant is gach feall dár cheapadar d'éis transport na seol tar fairge go hiaith Jamaica an méid gur scaipeadar don Fhrainnc don Spáinn is gach áit a ndeachadar. Idir thuaith is chléir gach aon don aicme sin na ndéithe bhfallsa dream an mhearbhail lán do phoimp do shíoda is d'airgead sgan aca go deimhin ar Thadhg meas madra. Och mo léansa d'éis a bhfacamar d'éis léirscrios na nGaedheal sa mbeatha aca d'éis gan chúis gan chionnta ar chreachadar lucht an chaim an fhill san anachirt. d'éis na líne rinn gur ghearradar d'éis ar mhíltibh dhinn gur fhealladar d'éis go ruaidhteach Tuadhmhumhan gur chartadar ár n-uaisle gan chuallacht gan airgiod. A n-airm le chéile d'éis gur leagadar 's i n-oiléan Spíc na mílte i gcarcair ann uireasba bídh is dighe agus leapa orra ag feithiomh re triall go hiaith nach feadadar.
D'éis an mhéid nár ghéill dá n-aitheantaibh go raibh a gcroidhe sa gcinn ar sparra aca san méid dá bpór ba chródha i n-aigne gur cuireadh chum báis go gránda an ghasradh. D'éis ar chroch an plot dár n-eaglais is d'éis gur éag na céadta i nglasaibh ris sa raibh go doimhin i seighil gach baile aca sa raibh san túr i Lonndain ceangailte. D'éis Titus Oates fuair ór is airgead nár stán ón éitheach céimbocht damanta d'éis an phríomhfháidh is díoghbháil fhada sin d'fhulaing gan chóir mac Móire dhearbhadh air. San t-easpog Craobhach dá dhaora i n-anacheart gur thuit an chúirt dar liom is fearta sin noch tug sómpla dhóibh go heaglach do chuir na dtocht na hInformers mhalluighthe. D'éis gach méara chéirde ceachartha gan bheann ar cheart acht neart is ainbhreath gan focal san dlighe is nach scríobhfadh ainm duit adubhairt Téigs is Diarmaids riamh go tarcuisneach.
Is iomdha Diarmaid ciallmhar ceannasach is iomdha Tadhg go meidhreach meanmnach i gcrích Éibhir budh tréan san mhachaire na gaill gé d'fhuathuigh buan a n-ainm sin. D'éis gach dúbailt úis lear tachtadh sinn gach Assizes dár leadhbadh i n-anabhroid fá thonn ag ól nár leor gan bhreaba aca is finné air súd díbh Múscraoi is Cairbre. A cháirde chroidhe d'éis mhílte chailleamhain screadaim go dian ar dhia sna flaitheasaibh ag breith buidheachais gach lae gan dearmad gur re linn an ríogh so mhaireamar. Naoimh is fáidhe a lán do tharrangair go bhfaghadh Éire cabhair san am do ghealladar do t'fheartaibhsi a Chríost le guidhe do bhanaltrann tiucfa i gcrích gach ní do mheasadar. Sin é táinig slán tar fairge an Talbóideach cródha calma le comhachta an ríogh sgach slighe na dtaitneann ris biaidh gach ní aige scaoilte is ceangailte.
Ar mh'fhocal gur bé si an spré do tharrangair Pádraig naomhtha is léighidh na bheatha sin d'adhanfadh tuaidh i dtuaisceart Bhanbha chuirfeas go dílinn soillse ar lasa againn. Fóirfidh Éire féach ó dheacairbhroid mar do rin Tuathal teachtmhar ceannasach mar do rin Ceallachán leanbh breágh Chaisil Chuirc is mar do rin Brian i ngliaidh Chluan' tairbh thoir. Laoch mar Fhionn i dtúis na sparrainne mar Gholl mac Móirne i ngleo le calmacht nó mar Oscar badh churata i gcathaibh cnuic Tyrconnell na lann mo bhall dearg sa. Léig slán a thighearna an fhian so i n-armaibh Saorbhreathach gléigheal éachtach an Carrathach Donnchadh an chúil atá dúthchas feardha ann sa mbráthair Sur Seaghán an Gearaltach.
A óga do phórfhuil na Banbha atá gan bhréig do phréamhfhuil cheathrair síol Éibhir is Éireamhóin acfuinnigh sliocht Íthe agus Ír badh fearadha. Agus gach aon is Éireannach dearbhtha is tá gan cheist don chreidiomh chatoilce d'éis gur scannradh fann bhar n-aithreacha atá dia buidheach don líon so mhaireann díobh. Le heagla dé bídh déirceach carthannach is gan dearmad déinidh réir na n-aitheanta seachnaidh póit is móide is eascaine is "God damn" go héag do bhar mbéal ná labharaidh. Guidhidh le Séamus réaltann bheannuighthe tug soillse ar gach taoibh don fhairge guidhidh arís sliocht díleas feardha air do dhéana díon don chrích si is tarmonn. d'éis bhar ríogh chirt guidhidh gan mhearbhal Tyrconnell bheith buan san ruaig ar dhanaraibh an té do ghlan Fódla ó cheo só scamalaibh a shláinte i ndíoghrais díogaidh eadraibh.
Ólaidh sláinte mná nach ceachardha Cáitríona is dar linn ní peacadh sin bárr na foidhne is deimhin gurab aicisi tar gach banríoghain do dheallruigheadh eaglais. Ólaidh sláinte Mháire an mhallaroisc ó Mhódéna craobh don ailm ghlain siur an phápa an chráibhtheach almsach banríoghain diadha chiallmhar charthannach. Sláinte an phápa a ghrádh ná seachnaidh bheith dá hól gan phóit go measardha is gibé Whig ar bith do chasfa ribh Kick nó dhó iona thóin go mbramasan. Déinidh rinnce is bídh go meanmnach is teinte cnámh ó shráid go falla agaibh ní nár síleadh tríd gach sparra libh rinnce an chloidhimh is rinnce an ghadaraigh. A ghallbhuidhean lear meabhruigheadh ár gcrochadh gan chóir is tug clann Mhíleadh fannbhrígheach gan chothrom gan stór do reamhruigheadh le teann bídh i bhflocas le póit bramfaidhe ag Mac Amhlaoibh i gCorcaigh san phórt.
UIM ÚR EOLAIS AN SCEOIL SE. Uim úr eolais an sceoil se thig i dtír i bhfonn Fódla le seoladh an spioraid naoimh do lúith glóire na fóirne is finne tríd mo liugh leosan mar Mhóir san gcistin bíth. Is dú domhsa dá mbrón i n-iorradh chaoi ag scrúdadh eolchuire a n-órd sa n-ursan ngroidhe is púnc fórsa dá ró gan chur i suim a gcúm códa nár óbair cuisle ár gcinn. Is iomdha órlach dom thóraibh duibh is pinn d'ionnsa óirligh na n-óg sa i n-inis Chuinn an rún cóigle is tar leor a lusaid d'fhighe gan fiu óisce dá lóich sin uile linn. Múchna óirne nach mó dhuit duille crainn riu breoidhte me i ndeoidh mo ruisc do shnighe cúis tsóchais ní dóith im ghoire i gclí an prionnsa óg sa mun dtóga an tubaist diom.
NA DRONGA SIN D'IOMPUIGH CÚL. Na dronga sin d'iompuigh cúl re creasaibh córa is d'imir a bprionnsa ar chúntus airmdheoraidh budh ionann dar liom a gcúrsa i searbhghlórthaibh is cumasc na dtrúp uim thúr na Baibiolóine.
I N-ÁIT AN MHAGAIDH SI. I n-áit an mhagaidhsi i n-aitreabhaibh gall do bhá an tráth do mheasadar ceangailte ceann ár stáit a cháirde is altuighthe i gclasaibh ár gceall go bráth fás a n-atuirse uim atharrach anntrumáin. An táin le heachra ghairbh do gheall ár n-ár is d'fhág ár marcraidh thana go tannda tláth is feárrde m'acfuing ar mharthain i n-annriocht spás mar táid a gcapaill ag fearaibh an amparráin.
An lá do baineadh le Flathartach rannc do Ráif dob ádhbhal machtnamh gach meangaire i dteannta atá ámh ní fhacadar attomh badh damhna cáis go lá na gcapall do chartadh le hAnnrachán. Ó ráinig sealbh a n-arm gan amhras dáibh ón dtáin do bhagair a marbhadh a gclann sa mná sgur árduigh feargain cealg is canntlamh cáich ní fábhar cneasta bheith sleamhain re seannlomán. Níor thárrthuigh beatha don aicme si acht neanntanán lán do lasair chum cascartha ár gceannrachán má táid a dtrealmha gaisce don bhann sa i láimh ní cáir an taca sa a n-aisiog dar leamsa ar áis. Re cáil mo charad nach deacair go meallfaidh tlás dá ndeárnaidh Sacsanaigh sleachtaireacht bhannda bhláth ní tráth lucht fala do threalamhadh am an áigh sa lán i n-easbaidh nach eagal a bhfeall go bráth. I ndáil an chatha sa thairgid clann ghuirt Fáil i gcás a n-eagailsi a bhfearann sa bhfannlarán go n-ádhbhacht adamair d'fheabhus a lann sa lámh an báire leanfaid le cargadh crann is cnámh.
I ndásacht deabhtha dá ndeachaidh tar cheann an cháis an dáimh le gallaibh do craipileadh treall i dtáimh a ghrásaigh neartuigh a n-acfuinn sa n-annsa ghnáth go bhfághaid ceannas a dtailimh sa dteampall slán. An dáil si a dhé le céilibh chríche Chuinn sgach dáil dá héis go n-éirghe a rí na ríogh a n-áireamh éacht ná léigsi i n-ísle bhrígh na n-áitibh féin fá scéimh arís go suidhid. Amen. ÓS ANFADH A MBLIADHNA. Ós anfadh a mbliadhna d'fhiannaibh einge Fhéidhlim is bagar na scian gach dia ar a muinéalaibh is mairg nach fiadaid triaithe chloinne Éibhir aithris ar riaghail Bhriain mhic Cinnéide.
Fear ragairne is riain nach iarradh minéanlaith snach seachnadh triall i sliabh si ndroibhéalaibh lucht fala na dtrias ní bhiadh na mhainéaraibh sní ainiceadh tia sa mhian go huilc d'Éirinn. Ag taistiol na dtrian i ndiaidh a chirtéilimh fear cabhartha Cliach do bhiathadh braintréada ní ghabhadh dá riar mar ghiallaibh buinréidhtigh acht pearsana triath is iad i nguirtghéibhinn. Mádh anbhfann liath gan riachtain coiscéime nó amal gan chiall sa chiach dár gcinéalaibh do chneadfadh i gcian fá dhianaibh doimhéine badh dhealg na chliabh gach liach dá n-uichtghéimnigh. Níor mheasa leis fiabhras diachrach duibhfhéithe ina aice do thiacht náid liacha a leithéide do leagadh a lia sa liag uim choiléaraibh na ngarbh do phianadh iad re foiréigean. Fear faire na gcliar is cliath a gcoimhéadta is fear scartha a sciath re niadhaibh Noirbhéige uim threalamhaibh gliaidh san fiach ag fuilghréachaigh a mhealladh níor fiadadh riamh le billéadaibh.
Re tathfan ar iadhadh san iaith si i gcroibhéalaibh is re teascadh ar thriall a hiathaibh imchéine uim Bhanbha a mbliadhna ós bliadhain bruithéirligh is mairg gan chliaith mar Bhrian mac Cinnéide. Ó d'imthigh an Bóirmheach mór do chumhduigheadh cliar sdo bhriseadh tar bóchna an bród le mbrúidhtí iad re fulang an ghleo sa i ndóchum cúigídhe an tia ceannurraid ár slógh san gcóir go stiuruighe dia. GO LUAIMNEACH AG RUATHAR. Go luaimneach ag ruathar ón Máigh go Bóinn sag fuanscar fá chuan chloinne Mhághach mhóir badh uamhan ar fuaid oirear Phárthalóin nach suanaid i dTuadhmhumhain ó dTáil sa shlóigh.
CAITHRÉIM THAIDHG. A mhic uí Dhálaigh is sásta an bheatha dhuit beith is breith ar reic na haiste sin fhoillsigheas gur díomhaoin bheith dearbhtha do bheartaibh saobha an tsaoghail mhalartaigh.
Beart díobh nár bhreathnuigheas ó baisteadh me is mó do thógaibh ceo dom aigne is tug mo dhúil óm dhúthchas anmhain ná suim céille an scéil do chanaise. Go bhfuil rí dá ríribh againne dobheir fáilte is fál dár sagartaibh is d'éis ar fhoidhnigh Tadhg do tharcuisne go bhfuil fórsa pórt is bailte aige. Ní do bhreoghoin Seon is atharrach Tadhg ón sliabh do thiacht san ngradam san fear "Cia súd" i gcúram ragairne is fear "Who's there" na shéithleach airgthe. D'éis a ndeárna Ráif do radaireacht féach a chloidheamh sa phíce ag Flaithbheartach fós na céadta réad nach taitneann ris bandailiar ag triall chum aifrinn. Is olc an comhartha leo dom bharamhail Tadhg Aindrias is Diarmaid eatorra Donnchadh Bóirne is Domhnall baiscineach Fear-feadha Fiachra Cian is Cairbre.
Amhlaoibh fá bhandaoibh go bachallach Maoghnas fán scéimh sin is Mleachlainn Art mac Connrach Connla is Cathbharra Mac Cána agus Rághnall mac Samhairle. Cuid dá ranncaibh Flann is Fearadhach is Muireadhach ó Duibhdhiorma an scafaire bíth a séis le chéile ag reacaireacht i gcanmhain nach taigiuir le Sacsanaibh. I dtigh na gárda is gnáth gér bh'annamh san sórdán nach sólás le geamaraibh fianuigheacht ar fhialríoghraidh Banbha píp trí mbeann is damhsa an ghadaraigh. Is róshámh le crónán uí Rathaile Brian ó Dúbhda is trúmpa baice aige mac Saidhbhe óige i gcóta dathannach is mac "Stand off" i gcor na fallainge. Mac Órlaithe móire is Mhangartaigh mac Murrainne is Tumaltaigh uí Shlatara mac Méidhbhe is Féidhlimthe uí Chathasaigh ag coimhéad cuanta is gual ar gheadfaraibh.
Niocalás go harmálta is Alastrom Tuathal is Maolruadhna ua Cearbhaill Cathaoir na chaptaoin go calma is meirge an tsluaigh ar ghualainn Ghearaltaigh. Conchubhar go sturramhail sa bhaiginet glún re glún is Conn mac Calabhaigh Corcarán ó Conalláin sa halabart ag ceartughadh a gcrobh sa gcos chum caismearta. An uair is léir a léibhionn eagartha do bhrígh nach stánaid cnámha an chreagaire adeir Niall óg re Seoirse "Seachain me, Advance your pike, léig Tadhg fairiomsa. "Is é féin lúbfas liom go hathchumair is é is áille sis áirde meanmain is é is treise lámh sis feárr agallamh is é dom fhuascailt bhuailfeas cnagbhuille." Tug a nglórsan breoidhteacht aigeanta is géire goimh dár ghoin do ghalaraibh tug sé Píotar claoidhte i bpairithis is Róibín mar fhóiscín ar baillechrith.
Siud Síomon ag síorchur allais de sdá mhúchadh i bhfionntar a thachtuighthe aicíd tuill is taoibh is teangan air d'eagla an fhódáin fós nár scaradh ris. Nár fhágha i sáiste ná i seamaraibh i gcórrshliabh i nglóiriam ná i ngarbhlus tar gach gné do phéin an phlacaire faosamh ón saoth sin go searga. A bhuidhe re dia atáid triatha Carrathach Clanna Táil is ársaidh Gearaltach Clanna Néill is Chéin is Charoluis i gcóir an daoiste mhaoil ó Bhearabhuic. Atá iona chóir sis cóir nach anabhfann baránta ceannárd an chatha sin fear ionaid an ríogh sgo dtí a thapa leis Risteard Talbóid anamhóin eachtrann. Bíth gur láidir mála an mhangaire sa bhócáil ó bhótháin a reachtaire mar ionncam a fonn na bhfearachon caillfidh stól i ndeoidh an allais sin. Is mór an greann más greann bheith gangaideach ealaidhe na bpeataoi se im aice si ó chuaidh dhíobh an ní do mheasadar is ceannsa a gcluain re cuan mo charadsa.
Bíth go mbuailid suas a mbladaireacht ar an droing do shaoilsead d'argain d'éis a bpógtha leo mar leanbhaibh is cráidhte bhíd nuair chíd a mbaiceanna. Is bíth gurab álainn árd na pearsana tug mo thréinrí féin faoi armaibh gráin ar Ghúidí súd í ag sceatharaigh an fhuarchrácach d'uathbhás a bhfaicsiona. Is suaill nach téid a mbéithe bairrfhionna dá mbáthadh le dásacht anfaidh an uair éistid le haos na faire amuigh sórdán gach ceoláin nár chleachtadar. Nár luighe súil an chrunnca chaimearthaigh ná súil mhádam lán do mhaigeannaibh ná súil éilnidhigh d'aondroing acasan ar an gconnlán gcompán gcarad sin. Dá bhfuabra fuargaire smeartha aco droichbhéal ná roiscbhéim dár bhfearaibhne nimh a shúl i rumpa an fhachmairne is goimh a ghlóir na scórnaigh ghairbh sin. Tug an roth so cor nach facadar i n-aimsir Oates mhórtaigh mhalluighthe tug mo chnú san Chúm na chaithbhile is Piarus gléigheal tréan i gCathair Luirc.
A ndíbirt gé saoileadh an taca sin le méirleachaibh éithigh allachon altughadh re gealchumthach parrathais mar atáid slán sa námha i n-acharann. Atáid ár n-úird re trú gan taise ar bith is Tony cam gan teann i gcaibidil taoisigh an mhilísia mheasardha san Popish Plot na loch amuisce. Féach an bráthair beárrtha i mainistir san méara ag géilleadh dá aitheantaibh húda cóirne is bróga maide uime san giuistís ag lútaoil go talamh dho. A rí do chruthuigh muir is machaire buanuigh gan uamhan gan anachuinn an té fád bhrígh doghnídh na fearta so Séamus mac Séarluis ó Albain - Áirdrí nach sáiríseal seanachas cnú na gcliar is cliath ár gcabhartha fíorGhaoidheal do ríoghchraoibh ár gCaisilne is Franncach do plandadh ó Pharamond.
Géiritche ár naomh is ár n-eagailsi d'aonghuith ár dtréan is ár n-anabhfann a dhé dhil is féile ná an fearannghort éidigh an té sin gan dearamad. A fhir do thionnscain túis na seanma is binne fuaim dá gcualadh i gcallaireacht más Dálach nó Cárthach is ainm dhuit scaoilimsi an scríob sin ar haithris. A dhé dhil ón Éigipt tug Maoise is cách gan méarfhliuchadh aonduine tríd an sál léigsi gan éalaing sa naimhde ar lár Séamus mac Séarluis dá mhuinntir slán. Na bearta sin do mhalartuigh an saoghal clis gan aireachtain go hathchumair le braon dod chith athchuingim ort a fhairge na daonnachta go ndeachaidh sin chum maitheasa na n-Éireannach.
GÉ d'FHÁSADAR TÁIMHFHIR. Gé d'fhásadar táimhfhir na tairbhfheola re ládus a chárta go hanamhóineach dar Pádraig is feárr liom ná an seanachóta 'na shláinte mar tháinig an Talabóideach.
CAITHRÉIM PHÁDRAIG SÁIRSÉAL.
Dáibhidh ó Bruadair cct. don iarla ó Lúcan .i. an Sáirséalach, an uair do chuir sé ruaig ar Ghallaibh agus do raob sé an chanóin mhór do bhí aco do thabhairt ó Bhaile átha Cliath do ghabháil Luimnighe i mBaile an Fhaoitigh i gcondae Luimnighe do rinneadh an gníomh sa lear fóireadh mórán d'uaislibh Gaodhal.
A rí na cruinne do rín ise sgach ní uirthe atá déanta fuascail Fódla a guais an ghleo sa is fuaigh a fóirne i ngrádh a chéile ó chuaidh sisi i n-uathadh oide sgan luach uibhe a hárdghréasaibh creanfad féin re cantain réada ar sreangaibh saora sráidéigse. Bíth nár mheasas choidhche tafan laoich i rannaibh ráifléise d'éis ar chumas d'éigse ghliogair don tréad tug mo rádh bréagach do mhéin ghealghníomh an té leasuigheas gné dá bhfaillíth fáirscéithfead bonn a mbraithim sonn ar m'aire lonnradh teasta an tSáirséalaigh.
A fhianna fuinidh iarraim itche gan triall rinne ránéadmhar ní trom thograim acht fonn formaid do bhroghadh oraibh re na árdtréithibh ní mó scuchaim do chóir churaidh d'fheoil ná d'fhionna bárdéise acht a cheartchéim do gach macaomh mar deir cairtréim láir léaxa. Ní cúis aithfir ós liom scagtha na bhfonn seacham d'fháthféaghain san chnú thoghaim a chlú d'fhoscailt ní fiu an obair fáilchéadfaidh an té thuilleas doghéabha ionad i ngréas file is feárr féithe san té nach músclaim ní hé a ionnloc is méan liom i gcách d'éiliomh. Fál bhfear n-anabhfann d'fhás dár n-anacal mál is cathbhile cáirbhéasach taoscach trúpach laomdha lonnghart laochda lúthmhar lántréidhtheach ursa chródha bhruthmhar bheodha chuireas deoraidh fá ghéilleadh an t-iarla ó Lúcan dia dá chumhdach triath is iomdha láimhéachta.
Foshlat uasal fhoirtil fhuadrach chorpgheal chuanna cháidhchéibhfhionn is Oscar nimhneach coscrach cíocrach olcach íotmhar lá an éirligh sirtheach siubhlach bhriseas dúinte is chluitheas trúip mar ár sléibhe is chartas chuige d'aithle an chluiche creacha dubha is bántréada. Re fíoch mborbchon chríche Lochlann gríobh is onchonta áithbhéime an buinne bríoghmhar ionnas taoide tuinne díleann áibhéise seinnid suaircfhir einge Thuathail i gcruith uama i bpárdhréachtaibh gur mion námhaid i ngoil ghnáthaigh fá ghoimh ghránna an stáidphéarla. An tuile liag sa i n-inis Fhiachach minic riamh do bághadh léise lucht a súird do chur ar gcúl mar ritheas cúrsa an mháil chéadna blogh dá aistear i modh staire go bog blasta bráisléadach i ndiaidh an tuile fiadfaid filidh géadh mian linne á dtrácht fé sin.
Lá dár thionóil áirsidh Holóint lán na nglanród bhfásghéagach ní nach casmhail go mbí ar seachmail a chruinn chairte ag fáthchléircibh amhail tugsan ceapadh an chunnaidh ar na drongaibh dánghéara do thadhaill iomlat aidhme is ionamhais le haghaidh Luimnigh d'árchéasadh. An tan do thiomsuigh pearsa an phrionnsa neart a thrúip is a áirnéise timchioll innill innsi Sionna is Muimhnigh uile fá mhéala níor fhág búmba ná bád úmha ná bánbhonn dá bprásghréithibh i mBaile an Fhaoitigh gan a scaoileadh mar ghal choinnle i ndáil spéire. Do shúil nach críonfa clú na scríbe fúigfead fillte i bpáipéaraibh tuairim aithne ar uair na faille fuair an seabhac slánéascaidh sé chéad fóghmhar míle is nóchad aois nach ónna táthéifeacht bliadhna an choimhdhe d'fhiad san aoine pian is a innsin nách éidir.
Is cráidhte liomsa i dtráith a hionnraidh nach don Mhumhain bhárrléith si an dragan dána data dáilteach chleachtas fál a ghnáthchéile bíth go mairid taoisigh againn dhíolfas fala lá éigin go fóill is eision eo gan eitim tóir is deise tráibhléireacht. Téid ar uairibh go Maon Uadha 's doghné buaidhreadh áibhéiseach do na béinibh thuigeas Pléimis cine is méithe máirnéalaigh síos go Biorra bíth an bile chíoras cuirp tar fál scéithe is fós uim Bheannchair fógraidh anafadh ar bhródaibh danardha is stáidéataibh. Doghní ró fhoghla san gcóige Olltaigh an breo bronntach bláthstéadach ar an droing tar sruith na Maoile tug a maoin i máilléadaibh doghní úrthach ar chloinn Úgha crainn tug cúl re cáin chléire is bíd Heilbhéisigh ó na laochghoil dreoidhte ag daol na ngáipéaraibh.
Uim ghealMhuaidh chluinim marcshluagh an bhile neamhfhuath linne a mbáistéireacht go mbíd ar eachaibh oidhche sheaca sgan suim aco i gcáipéisibh minic maighre an chuire thaidhbhsigh soir uim fhaighribh cláir Éile ag scannradh a bhíodhbhadh am nach saoilid go seang síleach sárghléasta. A dhé nach iadsan san té riaraid théid san rian so ag áibhéireacht go Cill na mBallach taoibh re gallaibh bhíos ar lasadh láimh réisi ar chaoi nach biainnsi i ndraoib dom chiapadh ar díbirt siar go bárr Féile d'uath na Suiseach ngruama ngiortach ruaigeas mise fá shléibhtibh. Is é nach maireann géag don ghaisceadh céile Chaisil cháiréisigh is gan é linne mac Bé binne d'fhear fé bhuinne dáinmhéirligh ó dochuadar leoghain luatha an fhóid si d'fhuascladh a hárdghéibhionn Pádraig posta an láir do loscadh lámh na gcoscar gcnámhchréachtach.
Tiocfa an féinnidh fiuchar fréimhghlic go na réim go ráipéaraibh tar tuinn tSionna mar chaoir theine is tar Daoil ghuirm ghnáthéignigh mar dhuais domhsa san gcuaird gceoil si is mar chuan sceoil dár mnáibh aosta ruaigfe Ciorcam uainn is a fhuireann suas go Muileann Bháitéaraigh. Suan san áit sin ní dual dáibhsin ó chruas láimhe an bhárrléidmhigh cuirfidh treasa tiugha teanna ghinfeas gleaca is gráinghréacha bhéaras feolmhach bréan ar bhóithribh d'éanaibh fhógras táimhnéala is cuirfe ar druimrith bun a bhíodhbhadh chum a loingsi lánchéasta. Ó d'imthigh a ndeachaidh do chathbhilibh chláir Fhéidhlim dob iomarcach acfaing dá chasnamh ar chás éigin tar iomad a bhfaicim ar ghallaibh ag táithéiliomh mo churadh chum seasaimh na seanma an Sáirséalach. Buinne mar chlaisim gan fhachall gan fhásbhréithre gan mhustar gan mheabhal gan mhairg re hárghréachaibh is gloinide gradam an ghalata ghnáithéachtaigh mar chrithid fir Shaxan re n-a ainm i dtáimhéagaibh.
Géadh innill a thaisteal gach seachtmhain gan sámhfhaosamh ag sioscadh bhfear bhfala go calma cnámhlaochda is usaide a ghlacadh mar thaca re hárdshaothar nach cluintear a thaise re gairbhe a ngráinfhaobhair. Urrann dá allamh an aicme re dtá fraochda nach tuigid a bhearta geadh fealata a bhfátha aosta bíth lonnas a ghlaice dá n-athchumadh i n-áth bhaoghail san ionamhaidh aco nach meastar go mbá daonna. Chum Luimnigh d'argain d'fhearadar dáimh chraosach nithe sa samhail nár feasadh le Gáidéalaibh na dronga ba marbh ar maidin i bhfánraonaibh sa n-iongantas trealamha ón leadarthach lánraobtha. Ursa nach caigil a chalann ar cháschréachtaibh snach sireann le seascaireacht tartha ná tláithéanlaith fuilingtheach ragairne is aistir i n-árdspéirling ionnas an fhlatha tug lagsaine lá d'Éirinn. Ní hiomadh ní fala ní bagar ní báidh bréige ní cumha ní caradas ceangail tar árdghaolaibh tug cumadh na haiste si ar m'aire ná grádh éinnith acht tuilleamh na pearsan nach feaca acht a scáth ghréine.
ÓN DTALAMH SIN. Ón dtalamh sin do chleachtasa smo shinnsear rómham pearsa aco ní leanann me ná dís don phór tarrangaireacht dearbhtha doghnímsi dhóibh go mbiaid Sacsanaigh dá dtreascairtsin arís go fóill.
an gearán do chuir sé chum Dáibhidh uí Bhruadair nár lean duine dá chomhgus é ar ndul tar sáile dho, Ochtimbear 1691.
A CHAITHBHILE DÁR THAIRGEAS. A chaithbhile dár thairgeasa díogras mhór is caradas nár chealgach ó chroidhe gan ghó géar neamhthusach re sealad libh mo ghnaoi is mo ghlór is mairg liom lead athardha do dhruim ar bórd. Is dearbhtha mo scaradh ribh ós críoch don ghleo tréar mheasas do bheith ceannasach ream thaoibh san bhfód bhar sparrainnsi gom aite liom ná caoineas cló na haicme sin fá gcaithfeamne bheith mín go fóill.
An ealbha dá ndeachaidh dul id shlighe chum seoil sdo leanamhan i n-anachainn mádh thríd a dtreoir don ragairne do chleachtadar san aois dochóidh atá aireachtain i n-aigeantaibh na ndaoine fós. San smalaraic do leathanuigh uim chrích an cheo strapaireacht ní abaraimsi acht íodhbairt bó an gheallamhain ar mhaithmheachas do fríth libh dhóibh fa deara dhuit gan scafaireacht na buidhne id ród. Is mascalach ar margadh dochímsi an chóip lear hairgeadh na Sacsanaigh gan dlighe gan chóir Is anaireach re seanachas dá síne Seon go bhfuighe fairbre san airtiogal nár líonadh fós. Ó d'eascaras gan airgiod gan inntliomh óir ná acfuing dul ar eachtra le cloidheamh im dhóid athchuingim ar charthanacht an choimhdhe chóir gan bhascadh ar bith go dtagairsi don chrích se beo. Ó cheapadar cionta cloinne ádhbhaidh Chuinn tarraing na cuinge is truime d'fhás i gcoill is mairg nach fuil ag dul i dtráth dar linn tar fairge libh ó bhruid an bhráca thruim.
AN LONGBHRISEADH.
An longbhriseadh. Dáibhidh ó Bruadair cct. ar Éirinn dona Anno Domini 1691 amhail dorónsad peacadha a cloinne féin longar langar d'Éirinn san mbliadhain sin.
longar langar Éireann agus Dáibhidh ó Bruadair cct.
Le ciontaibh na healta ag ar dalladh a gcluastuigse le friotal a leasa tan tairgthe a dtuaslaigthe fá mhionnaibh an leabhair dá leamhainn ní uamhan dam an tuireamh so ar m'aire gur searbh an duanaireacht. Innmhe ag gallaibh ní machtnamh dom thuairimsi is cunnail a gcaingean sa gcaradas buan gan scur ní hionann is clanna na n-ainnear ór ghluaiseasa do rithfeadh a gceangal go rantaibh le ruainne fuilt. Ní hiongnadh Banbha meascuighthe an uama chuil do thuitim san aindeise i gceanaibh a cuallachta sar chisigh dá cathaibh ag casadh re cruadhtanaibh dá ciorrbhadh gan fhios ag gangaid mar fuarasa.
Dá gcurthar i bpratainn gan fhala gan uallchubhar an siosma sar chreanadar maithe ghuirt Nuadhat ris dar linne ní peacadh a chur deachtuighthe i nduanaire nach oirbheart meathach an margadh fuaradar. Ní hionann is agalladh an amail san fhuargaire chuimileas teanga do chneasaibh ár dtuailgineach d'ionmhas Sacsan is d'arm seacht sluaghphobal is curata an seasamh le ar bheanadar duais ar bith. Gé cuireadh i gcarcair na cathurraidh fhuadracha is tuirm gach treasa ar a marbhadh ag bruachaireacht d'fhuinniomh a n-eagna is d'fheabhas a gcruaidhmhiotail is iomdha anam a hanachuinn d'fhuascladar. Gach goile nach bearbh na hairtiogail fhuarthainsi do cineadh dá dtairbhe is d'fheartaibh an tualangthaigh do lingfeadh a leathchumadh ar aithearrach uaigneasa dá bhficeadh a bhfacasa dealbh ar buailteachas - d'imircibh leanbh is mbanaltran mbuaidheartha ó Sionainn go Leamhain fá ainimh ag ualfartaigh gan siolla ar bith eatartha is rabharta an ruadhchoilg acht inneamh an fheartaigh is faire na n-uasal sin.
An conachlann cneasta lear leanadh an fuainniment is d'fhuiling seach mannar i leargaibh luaimneacha cumhtha gé gealladh don ghasraidh ghluair abhus ní thuigim ó rantaibh gur leamhas a gcuairt tar muir. Gach inchinn mheasardha mheasas gan truailleadh nith fuireach fá bheannaibh an cheannais rug buadha an ghuirt más iodhan do brathadh gan fairbre fuain go se ní tulg ina fhallainn dom bharamhail stuadhadh anois. Dronga do dheachaidh ní fheadar an gcualabhar go humhal chum deabhtha san machaire ar mbualadh an druim soineann a sealbh an sealad beag fuaradar tug filleadh na bpearsan ó bhrataigh a mbuannaighthe. I dtighthibh bhfear bhfala géar anaireach suan mar sin siostaid gan airiochtain chneasuighthe an chuais tar goimh ar ndruidim an deataigh na n-aice le fuaim an tsuis longaraid langaraid scaipid mar scuaine trud. Do lingeadar scata aco an dearg san uaine bhriosc ó ionad na gleaca mo lasadh le buaibh chum cnuic acht ionamhaidh eathlainne an treabhthaigh ar luas do dhul badh cuma an fear grafaigh ar scathamh nó an scuabaire. an lucht nár ghabh cumha acht an cás do leanamhain. an deaghlucht do umhluigh fán smacht táinig et nár chaill ar chill ná ar charaid. an lucht ag a raibh súil le tighearnas agus nár fhan dá sheasamh.
Nuimhear na bhfreastalach sealgghlan suaimhneasach nár chuidigh don chaismirt acht caitheamh a gcruach sa gcruidh ionnas an achta lear tachtadh an t-uan gan choir i gcoinnibh an chaise do shaladar uatha an sruith. An nuimhear so chanaim nár shatail i gcuairshlighthibh acht turadh agus treabhadh agus tabhairt gan fuath gan oil a n-oineach don aicme níor tharmain luach an uibh dorinneadh a gcreachadh sa gcearbadh ó bhuaic go bun. An cuimreasc Caitcheann gá haisling ba uathmhaire ná an cuthach re ndeachadar slapair na sluasaide urba ar thalamh ba tarbh le tuata aco nó urba ar athrach mun agaradh a fhuaith ar bhoin. Cine na n-athach ó ghlacadar uallachas muine ná macha níor dhaingean ar bhuanna aco dá miongar is mairg nár smachtuigh na buaiciollaigh sul d'imthigh a ndeachaidh dá ndeascaibh chum ruaidhteachais. Dá gcuireadh an tseanabhean anairt a truaghchruite fá bhonnaibh an easpuig nó i leabaidh an luaimh si thoir ba cuma dhi gairbh na Breatan dá ruachtainsi nó Cuireall ó Cara nó Cathal ó Cuallachtaigh. na deaghdhaoine barántamhla biadhmhara bunáiteacha.
Urraim an tsagairt fó thalamh do shuathadar gé hongadh a bhathas i ngradamaibh uachtracha strille na straipeann dá mbarradh uim stuacaire do bhrisfeadh a phlatainn le bata na buannachta. Is cuirbthe an chlagairt ar cheathraibh do thuargadar muirear na meacan is banna na mbuanaidhthe cuma ní fheadar bíodh aithfear ar bhuadhlannaibh tuilleadh dá dteastas ní fada go luaidhfeadsa. Ionamhaidh aistir ríogh Sacsan gan sluaghchumas ó fhiuchadh na ndealbh dá ndeachaidh bheith stuama ris uim ifearn adamair taca na huaire sin do briseadh an balla le rabha na ruadhthuile. Fán gcruinne do leathadar aingil na puathaise ag sonnadh a leasa do sheachnadh ar uaibhreachaibh turas do thairg mo ghalarsa guasachtach sa uise do gabhadh san gcalaith si a gcluanaireacht. An ruire gé radadh ar eachtra i n-uathadh stuic is inneall a charad ó cheartas ar dtuathal ris a grinnioll a thairisi ar fhearaibh na tuaime si dochonnairc an easbaidh iona rabhadar uaidh anoir.
An fuilingidh feardha d'aigne a bhfuaduighthe ó chonafadh an cheatha do bhagair a luaithmhilleadh tug iorradh agus airgead trealamha tuairgthe is fir tar mongaibh an mhara sa phearsa agá mbuachailleacht. Buirbe an cheatha an tan d'airg tar bruach a rith is cuisle na Banbha i n-anafadh an fhuascalta oiriseamh aga níor labhair an luamaire gur scuireadh a scafa re sleasaibh an chuain go lucht. Cuireas an caithbhile carthannach d'fhuaith an uilc a itche agus a aitheanta measruighthe uaidh i gcrois ag toirmeasc ragairne is reachta gach ruagaire dár innill a thapa re hargain fhuainne an chirt. I neithibh na cairte ní fhacadar fuairc ar bith sní thugadar aire don ainm ór ghluaiseadar géar mhiochair a theagasc don ealbha thuaisceartaigh ó rusdam gach teallaigh níor anadar uair an chluig. d'uireasbaidh ratha na dtabhartas nuachruthach shileas an t-athair go macaibh na stuamachta le fiuchaire a dtaistil tar creasaibh an dualgasa do thuilleadar aithis mo mhairg is fuaradar.
Níor fionnadh i stairibh na seanchadh suadhoilte gur geineadh i dtalmhain amhail an chuaine si buirb sa mbearta fá deara go truaillighthe cur croiche i ngach baile inna seasamh mar shuaitheantas. An fhuireann tug scannail sa samhail nach cualasa d'fhuirm a reachta sdo tharcaisnigh a fhuagartha ón dtuirigean dtreabhair lear fearadh anuas a bhfuil is iongantach ghlacaid nach flaitheas a dtuarastal. An cuire nach caigileadh calla ná cualaire is d'imir a n-allamh ar achrann tuaiplise ó ursain gach ana géadh maithmheach i gcruadhchoirthibh ní thuigid lucht feasa gur taise do thuaradar. I n-ionachlann airgthe an bhacaigh sa bhuachalla giobal is eallaigh is arbha an truaigh do ghoid i gcumann an chaile do charthain tar nuachar cnis is iongnadh ar leacaibh gan tarraing a muanament. Do thuireamh a gcaidirne gada agus fuadaigh si le liostacht na haiste ní casmhail gur luath dham scur i mionnaibh 's i n-eascaine ós arrachtaibh cuan is cnuc mullach an tairnge is dearbh gur bhuaileadar. Ar chiorruigh an t-arm i ndeabhaidh dár n-uasalaibh sar cuireadh dár bhfearaibh chum fairge i bhfuarlongaibh a bhfuilingid pearsana ár n-eaglaisi d'fhuacht amuich is d'iomalat beatha na healta so anuas do thuit.
Gé thugamar amas ar aithris go tuairmeach na neithe tug easbaidh na n-airtiogal ruaigthe se ice mo dhearmad fada go mbuailfinn sprioc dochonnarc na garmain seacham gan ruaimneacha. Innisidh falamh gach fairche fuanghlaise go bhfuilid na hairm si ag tagra a dtruaghchrutha gan tiomna an reachtaire d'eagair a n-uaim gan chiol tugadh dá aire an té sheachmail san uain do dhligh. Níl tuisle ná taitneamh fá ar scamaladh sluagh an phuirt re tuilleadh agus ceathrachadh samhfhuin nár fuaigheasa is mithid damh scaradh re seanmaibh suaracha is nach ionamhas eatha ná eallaigh a luach dom thigh. Cine mo charad dá measa gur gua mo ghuth táid m'uilleanna is m'easna na dteastaibh le dua mo chruibh tré thurrainn a ngradaim gé leathchiorruigh lua mo ruisc ní shilfinn an dadamh dá rabhainn im chluanaire. I gcuilithe a maise do mharthainn go buabhallach gé chrithnigh mo mheanma tathamh a dtuarasca culaith ná capall do rachmas an ruathair si ná oiread an phaspuirt re breacadh ní fhuarasa.
Sirim an chearrad lear ceapadh an chuach san chuil san bile do cheannuigh le peannaid mo bhuain a bruid spioraid an tseaca do bhearbhadh i bhfuarchroidhthibh go dtuillid fir Bhanbha malairt na duaine si. Gé shaoileas dá saoirse bheith seascair sódhail im stíobhard ag saoi aco nó im ghearraphróbhost ós críoch di mo stríocadh go seanabhrógaibh fínis dom scríbhinn ar fhearaibh Fódla.
GEADH AINBHFIOSACH FEANNAIRE. Geadh ainbhfiosach feannaire nár fhiar a ghlún is nár anacail an eaglais ná an fialbhocht umhal ag damnadh na n-airtiogal nár fiadadh dhúinn go dearbhtha níl m'fheargsa re dia na ndúl. acht beagán ar na ropairíbh fós.
Acht machtnamhaim a charthanacht a chiall sa chonn is adamhaim a thairisin gur thriall tar brú is nach deargluisne lasarach ná dianchrith tonn dár n-argain do gharbhchuir a mbliadhna fúinn. Is barbardha bhagaras an stiallaire úd chum aifrinn nach racha sin go liatha a chúl ní taise dho le halmsa ní riarfa gnúis fán lagsaine do leathchiorruigh a riaghail úird. Ní haithreach leis a cheannaraic re triath na dtonn dá seargann an fhairge le hiadhadh na súl 's is anait leis gan Banbha sa biadhtaigh sonn ar baillechrith don eagla re siansa a ghlonn. Géar chalma tar allamhuir na gliatha tiugha do taraingeadh le ceartfhulang an tia dár mbrúith ní Sacsanach ná ar cheangail ris do stiall ár dtrúip acht anabhroic an deamhain sin re dia gan chúis. Cúis tar lear do scaip ár saoithe uainne sdo mhúch ar fhan fá shlait go fíorghruama drong dár bhfearaibh seanga ar síorbhuaile is drong re slad gan stad go místuama. An longbhriseadh long sin tug dia na ngrás tré chionntaibh an úghdair ar fiannaibh Fáil mo mhionn ris ní thiubhrainn nach biadh i dtráith cúntas bhar n-unfarta i gcian ar chách.
Cách lear briseadh bun gach fialchána sdo sháruigh buinne an chirt le fiarlámhach do bheárnadh cuirp is cruidh an tia is tláithe atáid anois fá scur go biaideánach. Biaideán strapaire ó d'athruigh an coimhdhe a chás a chliar ná leanfa ná a dteagasc arís go bráth sa dhia cá haite dham aitheasc an scaoinnsi phláis ná fiarán cailleach sa bhfearg re rígh na ngrás.
DO CHEALG MO CHOM. Do chealg mo chom go trom le haicídíbh aistear na gcodhnach lonn do leasuigheadh sinn snach faicim ar bonn san bhfonn do thathuighdís gan easbaidh gan foghail acht moghaidh is maistínidhe. IS DAMHNA CNEAD. Is damhna cnead an bhreath so ar Éirinn oill fá ghallsmacht bhfear tar lear dár chlaon a cuing gan damhna flatha ag aitreabh scéimhe an fhuinn acht clann fá seach do scar sa céile cuim.
FÁILTE Í CHEALLAIGH. Fáilte í Cheallaigh ria sur Séamus sochraidh sinn re teacht an tréin dá thoigh tar linn slán a Sacsaibh mál nach slim do chasnaimh céim. Céim do leasuigh reacht an ríghshéala sdo léanuigh pratainn paca an bhríbhéara an bhéim dár theasc an galghad gnímhéachtach dréimre a dearc do chleas na craoisfhéinne.
Féinnidh fromhtha nach tuar toibhéim truagh a dhúithche is faoilidh fé sonnach suairc nach dubh re deoraidh ní tur an chuairt eolaigh é. É go misnioch d'fhiort an athar neámhdha d'éignigh fiucha ar fud a dheargnámhad i ngléas gur scuch don mbith a dtarbh tána sdá éis sin tric do sciob go baile an báire. Báire sochlú rug an ruanaidh rian a láimhe is buan ar bun iomáin tug seal suain dá phrionnsa gan fear smuail na chionnsa ag cur. Cur scéimhe an tia so is triath do Choitreachaibh fá néalaibh ciadh ní fhiadfaidh formadach béine is cian san bhfiadh sa i gcothrom 's i gcion fréamha fiala an iarla Lochlannaigh. Loch nár traochadh tnúth na bhfealltach iar n-éitteacht Chroim ceann gur bhéin Séamus don líon do thriall tuile gníomh tug miann an ruire réidh. An ruire do réidh ó chéadchoin chuire na gcleas tug ridireacht scéithe is déisceart einge don fhear ionnus nach tréata méith ná miochaireacht breab tug tideal don té acht géire a choilg i ngal.
Galach re gríbh uan re hanbhfann ursa laoich nach tais re treon a ghnéithe is grian i gclú na gcuraidh cnú na gcliar dán cubhaidh ceol. Níl ceoloide córach ná eagarthach laoidhe ó Eochaill go teorannaibh fairche Floinn nach fógartha dhósan le fearsadaibh foinn beotheacht an leoghain gan bhascadh tar toinn. Tonn tug torchar cuain dá chaointreibh i gcrích Barrach cóir a chlos áineas oll re triall na toinne tug niadh lonn re coille a cros. An chros lear shín an coimhdhe cruthnaomhtha a los ár snímhne a chlí gan chnisléine gan lot i gcloinn i mnaoi ná i mainéaraibh ar olc na gcríoch do dhídean mhic Éamoinn. Do mhac Éamoinn is lámh leasa lúb i séadaibh nach cuir cás inghean an fhéil fhinn ó Lúghmhadh fá chéibh chlaoin is úrghlan d'ás.
D'ás an ionnraic umhal gan aimhréidhteach go cráibhtheach ciuntais cumtha cainntchéillidh d'fhás gach ciulghuth clú gan caill téide san mbláithchnis mbúidh do chrú na bPlaingcéadach. Éadrocht a gnúis seada a saorchom suaimhneach silleadh a ruisc réidh dlúithgheal a déad ceart a caolbhraoi géag nár cheap re maolghnaoi a méin. Méinghlaine an tséimhfhir gan tolg cháile 's ár bhfréamha dá chéile na bhforascháirdibh a caomhchruth ream chéim chuige solas grádhmhar do thréanuigh re Séamus mac Coitir m'fháilte. Fáilte le fíorchumann uaimse dom fhear aondúithche go mbáidh carnaim gan charaid a mbliadhna ó nach maraid fianna Fáil. Fáilte óm chroidhe gan chlaoine coiscéime i ndáil an laoich im ghuidhe nach sithléigim ó chách gé taoim tar líne amuich tréimhse níor fhág mo dhíogras tír mo bhuinphréimhe.
IS URCHRA CLÉIBH. Is urchra cléibh gan éigse chothrom ar bun is fuireann gan scléip dobhéaradh oirthisi cion tar imioll is méala spéir a crotha do dhul sa bhfuilid gan ghléas gach ré ar a lorg a bhus. Geadh trudaireacht gléir a bhféadaid forgla a bhfuil ag spriongar re déanamh dréacht i bhfocalaibh Scuit is fusaide féire i bhféith na fochaille fis nach tuigthear acht sméirlis éigse i bhforba Chuirc. Dá dtigeadh le héinneach gréas i gcosmhalacht chirt i gcunnail i gcéim 's i réimibh scoile do chur iar dtuireamh an scéil do adéaradh scoturra glic ionnus a chéille air féin nach doirche Dutch.
Ó d'imthigh a chléith dár ghéill an forus go fuin sgur fileata an té nár léigh na gothara anois ní chluinim re héirneadh éifeacht eotara thoir is ridire réidh nach éarann othar ar bith. Fuirgneamh cléire is bhféithleann bhforasta i bhfios is tulaigh an tréada is tréithe d'fhortacht go huis mádh sruthaire féasta an té nó rothaire ruisc an bile sir Séamus saor mac Coitir a sprioc. Bile nach tréigeann tréithe fortaile fir bheith soineanda séimh re séimhe is borb re bruith mar thuilleadh le héachtaibh léire a choilg sa chruibh do chuidigh don fhéile réidhteach ochtair a bruid. Adeir gliocas an tsaoghail cé gur doirbh an guith gur buille don bhaosraidh réad do bhronnadh go briosc acht tuigidh an taobhnocht fhéadas fothain a chnis gur cuisle don déshearc daonnacht cothuighthe a chuirp. Aon ní shileas ó shearc ndé is mairg adeir gur duibhré ní tuar tearc don té fhóireas do shearc ndé ar a dhioróilibh.
Na tréithfhir sin dréimeas re portaibh an phróis nach léigid lucht béarla agus brothaill na gcóir a dhé nimhe caomhain is cosain go deo an té sin is aonursa chothuighthe dhóibh. Amen. Siud fuighle nach saoilim gur dearbhtha an dáil rúns caoilte na scríbheann sa ar leathadh mar táid tonn dílinne ar líne san maide na láimh d'fhonn síthe gur thíodhlaic ar cheapadar cách. Clú Laoisigh lear líonadh ó fhlathas go lár ag brúth tíortha na thimchioll i gcaismeartaibh áigh fiu fhrighde dhi choidhche ní mhairfe na dheáigh i bponnc aoise má chríochnaigh a n-abair an fáidh.
MITHIGH SOICHEIM. Mithigh soicheim go síol gCárthaigh ceinnlitre chrú Éibhir fhinn ó tá im fhochair gnúis don ghrianfhuil túis ár dtochair trialluidh sinn. Re codhnach cláir aoibhinn Ealla éagcaoinfiod mo luit ó ló ós é a bhfríth i bhfus don ghealghrán lus ár síth ní seachrán dó.
Mo liach léigfiod, mórán eile d'uaislibh Muimhneach ó nach mair, go mac Donncha an fhuilt mar afost muirt ár n-orchra d'athchosc air. Achaidh fhéaruaine mheic Dhonncha deachraid dán do bhuinne an bhuird brath na gcliar ar chrodh í Éibhir 's a thol riamh gan éimhdhigh uird. Nochtfadsa ó ló cuid dom chréachtaibh do chuin chaomhanta an chláir bhuig má tá go mbia sceol nach scaoilim leor dom chia má chaoinim cuid. Blogh dom branndán bheith fá mhoghaibh cá measa dhom bheith fa bhróin tugsad liosta a lúb sa leadán mo scúg scriosta ar beagán lóin. Athaigh ár bhfonn crón a gcumann ceannas fearainn ó fuair siad d'atsad an drong go suim sóghmhail trom ag roinn an fhóghmhair iad. Fás na rian gan fothrom fírbheach do na fothaibh fhógras am chum a nuall ós cách do chantain mo nuar fáth a n-antruim ann.
Aimsir uasód cian go gcreidfinn ar mo chorpán cuing go mbiadh 'na bhalc bhán dá bhrúth ag fothaibh tán go dtnúth nach sothaimh sian. Ní leamhainn leo smiog ná sméide smacht na bhfeanntach oirne is cruaidh i n-am geoin a ngoth dom chiallghoin och na Seoin ar iarraidh uaim. Och Muiris mór maithmhac Éamoinn Earcail íce an tréin 's an truaigh é nach deonfadh don chuain chneamha buain re leonadh treana ár dtuair. Dá mbiadh an té i dTráigh Lí is clannta nó an chuid eile fós im ghar tré riaghail rucht sonn dár saobhadh ong im ucht níor bhaoghal damh. Broic re rámhain i n-aois úcaidh bíth gurb anairt éigean dúinn arís geadh breath éigin orain léigim leath leam chonaibh cúil.
Gé madh leabhrán níor an agam iomdha braitheoir bhíos im cheann a los íoca an bhainne bhearrtha líonta ár laidne is gearrtha geall. d'easbuidh gan m'each caoin ná ceanntréan fán gcoill seolaim gacha se roghnáth ár muin ó an gcuail cnapach suail nach muidh mo mharcach e. Óm chuardaibh mionca fán muine le mileoig im luis gach lá iomdha mairc i maoil mo ghualann re taoibh tailc ním tualang stá. Aon laoidh iarras ar chách coibhche ó nach creidtear acht na clúin níl fáth uaim i leith a séanta cluain gan cleith is déanta dhúin. Amhail Oisín d'éis na féinne fuaras Pádraig irseach óg caidhe is dile dúil dá n-aithle bile búidh gan raifne i ród. Ós éigean dúinn geall do ghlacadh ris na gríobhaibh nár ghann cáil cóir nach tugas taobh re foigheall rugas craobh is coimhtheann dáibh.
Ó ro fhágsad inn im eismeacht ealbha dreachréidh na scor slim dom réir gan roc biaidh an beangán liaigh ár lot mo ghealmhál gill. Triath an longphuirt ós liom chuirfeas croithfidh cith ar gcúl dom chia leagfaidh trom na gcual ar chéirín d'fhonn bheith buan dom chléibhín cria. d'ua gach flatha saoire sonfhoinn re seanaithribh diall is dú gan acht don eo is ua do Dhiarmaid madh leo a chrua ní ciarchuid clú. Ar mhac Mháirgréige ní mhaoidhfiom ag mál Múscraoidh bheith na ghnia iomdha leis i gconnra a chairte giodh breis lonnra tailce an tia. Ní mhaoidhfiom fós gé madh oircheas ardchrú Chais na cainnill chuain na chruth saor ag sní go sochraidh ar lí caor na srothaibh suain. Ná fuil bhíocuint uais Fhear Muighe maise na dhreich seolaidh sí tré fhuil na laoch lonn ó Áine tonn go bhfraoch gár láine lí.
Fuair ó dhreagan Dúna Ciaráin cuisle nach dísc fhógras all air ag sonnadh fraoich is féile lonnar laoich na fréimhe thall. Cos ar siubhal seal ós éigean ní haistear dul go Dún Iasc fionntreabh do scaoil sruth don tsláinic na chruth chaoin nach ráinic riasc. As gach ríoghchraoibh i bhfonn Fódla aon réim pháir budh fearann gliadh gach féith d'uaigh na fréim dá leanainn 's is céim cruaidh re gcreanfainn triall. A sáth d'iarmhó d'ás ó gCormac caithleoghan úr dán aobh dair d'ásadh leisean búidhe is beodhas deiseal dúine ár n-eolas air. Do théacht eangnamh iocht is úrghné inntleacht ceoil is gcuisleann gciuil imriadhadh n-each luaimneach láintréan tuailgneach sa bhreath cáinghéar ciuin. Do théacht inntliomh uaisle is oirbheirt íodhna ruire go rath ndé glac mar Dhonn ar chrannaigh cheolmhair Goll do chlannaibh Eoghain é.
Do faighreadh é i gceardcha an einigh éirneadh och ní hiongnadh leis seoladh loinne go cruinn cródha cuing an bhuinne is bróghdha breis. Dá bhfochta neach eol dom innsin ionnus an ghill do ghabh mé oighre flatha is oircheas íodhna toircheas ratha ríoghna an té. Ním tualaing sonn ríomh a ránbheart robheag dom chuimhne nár chlaon d'aslóidh uaim tar druim a ndeachaidh sum chuail chruim fa bhreathaibh daor. Bíth don fhoirsi ag fuachtain friomsa ..... díom rug ronnach le racht biorghlóir ..... Gé nár ionchuir cás na choinscleo an chúis fa deara is damhna léin gach scáfa rug do rainnc raointslim tug a cainnt dá chlaointinn ghéir. Diombáidh damhsa a ndul tar allbhruach foir mo bhisigh fa bhun dé tug a bhfolamh inn gan áirnéis colan chinn gan cháiréis mé.
Acht Sean do Búrc dia dá dhídhean dreach ream dháil ní saor go se biad gan ac ar fhód a tholcha mo dtógbha mac Donncha dhe. Dúinn má um chorach ós cionn Anna d'uasmhnáibh a los láimhe linn ní fhuil cré ós cré budh cartha ré ream ré ní scarfa sinn. Aitchim ar dhia dho agus disi dá ursain bhiadhta na mbocht reimhrsi a bhus gan fall gan foilmhe 's tall go nglus an ghlóire nocht. Rann í Chaoimh má dhligh ó Dálaigh i ndán gach aoin a los lóin gá córa dho dúil 'na charaid ionná dúin gan ghangaid ghlóir. Ó gheallas rún m'éagnaigh d'innsin d'ua na dtriath nach taisciodh ní dorinneas lán chnú do chantain gé tú ar lár a macraidh mí.
GEADH SCANNAIL LE DAOINIBH. Dlighidh gach maith a maoidheamh et ós maith le dia a mholadh agus a mhaith do mhaoidheamh créad uim nach molfaidhe a chréatúiridhe do réir a maithghníomh ar a shon agus fós créad uim nach aidmheochadh an té do chuideochadh a maithghníomha agus nach foillseochadh iad? Geadh scannail le daoinibh ríomh a n-anabhróide san mhaithis doghníd lucht scaoilte a gceasta dhóibhsin measaim gur poinnte poimpe is barragóide a chabharthach caoin don tí nach aidmheochadh. Iar gcreachadh gach craoibhe saoire i bhfearann Fódla is ar dtarraing na ngríobh ba linn tar beannaibh bóchna do hearbadh sinn go hísiol anamhóineach fá ama na daoirse ag síol gach searbhóige. Géar bhfada me taoibh re scaoinnse seanachóta nár dhaingean ar ghaoith ná ar ghímhligh ghairbhreotha ní fhacaidh mo chlí ris í dom chlannaibh comharsan a fallainn dá druim gur thíodhlaic Anna dhomhsa.
An charthanach chaointais fhaoilteach almnósach is freastalach síor gan scíth re dreamaibh ónna a matal géadh maoidhte i mbrígh ar chuir farrais óirne do rachadh don mhír sin bhíos don tsagartóireacht. Dá n-abaradh aoinneach rinn gur falamhghlóire labhairt ar ghníomhaibh saoithe charas trócar mo fhreagra air scríobhtha i gcrích ár seanmóra nach bladar bheith buidheach don tí nach annamh fhoghnas. Más masla bheith sorcha sochumaidh soineanta subhach salmach soichilleach soirbh re muirear gach úird ag tabhairt a shochair gan dochma gan tuirse gan tnúith leathphinginn chopair a hoifig ní huras gur fiu. Geadh dúthrachtach scrúdaimsi m'aindeise dhóibh do shúil ris an ndúthchas i gceannaibh ba chóir don chiuinghil mar chughnamh chum seanma is dóith mo chúram go bhfúigfid ar Anna go fóill.
Biadhtach díobh shaoilios gur láir an luch sgur sliabh gan chrích croinnoiread áras muc an tia aco bhíos fíoroinigh feárrde a dtug na dhiaidh nach bídh choidhche go gáibhtheach guirt.
IS FADA LIOM GO DEARBHTHA. Is fada liom go dearbhtha 's is lánbhrónach don aicme sin a bhfacamairne lá ar comhgar eachtradh na bhfearachon atá i bhFlóndar sar cealgadh san mbaile aco le táimhneolaibh. Dám acfuinneach im aice aniugh na sárleoghain le gcleachtainnse le macanas bheith áirleogach re hairgiod an teallaigh si gach tráth nóna mo gharbhchuilt ní heagal liom i láimh Óduil. Athchuingim ar eagnamh an árdchómhachtaigh lear balbhadh lucht barrachais na Báibleoine go bhfaicearsa go ceannasach na ngnáthógaibh an ealbha is ár n-airgtheachne cnáimhleointe.
IS LIACHTAIN LEASUIGHTHE.
is tré na chródhacht insan chath chéadna fuair an Seán réamhráidhte ord ridireachta.
Is liachtain leasuighthe ar chiach do charadsa an sian so leathas gur bhuaidh tú an lá ar ghliathaibh garbha d'fhiannaibh dearbhtha is iad read lasairsi ag luathughadh a lámh a sciath na ranna so d'fhiadh na nGearaltach d'fhiad go feardha is fuair clú an láir iarlacht mhachaire a mbliadhna ó cheannachais dia gan mhasla dod bhuanughadh slán.
A thriaithfhir cheannasaigh riarfas anbhfainn d'iarsma heachtradh is fuaideamhail d'fhás mian is meanma bhias is mhairfeas ort tiacht faoi ghradam ag fuasclughadh a gcáis i dtrias na mbailte si thiar go bhfaicearsa grian do leacan ag stuamughadh stáit na bhfiadhchon magaidh si i n-iasacht t'athardha is iad gan acfuing ar chuardughadh id dheáigh. Triall tan tairgfir a hiathaibh eachtarann iaidhfid anamud nuaghnúis náir cliar ag salmchur briathra is beannacht libh rianfas t'aistear gan truailliughadh i dtrácht ar dtiacht chum baile dhuit biaid do t'fhairesi ag iarraidh taise 's budh fuarchúis dáibh an chliath nár cheangail ribh dia na Carraige is iad re t'fhaicsin an uair úd tláth. Tláth bhiaidsean ag iarraidh do chaomhnachais an táin siar libh i rian linne d'éimigh dul is táin fhiadhta nach iadsan go n-éirghe a bhus lá riarfaid thu a thighearna na Claonghlaise.
A THEACHTAIRIDHE NA GEARALTAIGHE. A theachtairidhe na Gearaltaighe sa haghaidh gan ghrúig ní chraideamaoid a n-abarthaoi mun bhfeidhm adubhairt a fallainnín dá ngealladh sí do Thadhg mar siud is dearbh linn na casadh arís nach raghadh a dúil. Mo mhairg choidhche scaradh rinn don aidhlinn úir lear dhainid sinn i dtearcuid bídh gan reimhrse umúm aithris dí na mharbhlaoidh más adhmad dúinn nach glacfamaois gan aingeal cruinn ó an maighre mbúidh. Ná measadh sí gur barrabhaois ná greadhan ár gcúis ná teacht tar scríb dá mbrathamaoid na saidhbhreas súd geadh tais ataoim ó tarcaisnigheadh mo dheaghlucht cúil níor cheasachtuigheacht go ndeachaidh díom dul fillte i scúird. Atá d'fheabhus gníomh na halgríoghna is taidhbhseach crú is d'aicillidheacht na hathchuingí 's don daidhbhre a dtúim im bata bíth nach ceap ár gclí re readhgaibh súst gur dearbh linn nár cheaduigh sí bheith leadhbach riom.
GEADH ÉIGEAN FULANG. Geadh éigean fulang uille a dtriall anuas do ghnéithibh guirte an chruinne a mbliadhna im bhuaic ní béarla briste ar bith do stiall mo stuaim acht mé gan truis do chuirfeadh ciall im dhuain. Níl éifeacht dom i gcumaidh tiacht mo nuar d'éis na droinge dile i gcian dochuaidh mo léan aniudh na fir ar iarraidh uaim nach déineadh guth mo ghuib dá bhliaclaibh guais.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services