Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Duanaire Dháibhidh Uí Bhruadair III

Title
Duanaire Dháibhidh Uí Bhruadair III
Author(s)
Ó Bruadair, Dáibhibh,
Compiler/Editor
Mac Erlean, John C.
Composition Date
1682
Publisher
(Londain: I.T.S., l9l3)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



A SCAFAIRE d'AOIBH gCEARBHUILL.



A scafaire d'aoibh gCearbhuill a dúithe Éile
ós ceapuighthe gach margadh le stiuir céille
mo theagasc duit ar eagla na cúilstéille
gan cailleamhuin an aifrinn ar thrúipéireacht.



Marbhthar an caismearthach le súilsméide
is bagarthar fear ragairne re drúnncéireacht
tachtathar ar leabaidh astigh gan rún cléirigh
fear airgid nach talchaire dhuit Tonn Téide.



Tig pailirthis go hathchumair i lonntréadach
le a gcrapathar a labhartha sa lúithghéaga
bíd aicme aco dá n-eachraidh sul dtúirléimid
treascartha gan aithne gan úirbhréithre.


L. 4


B 1698ob 17D
D'AITHLE NA BHFILEADH.



D'aithle na bhfileadh n-uasal
truaghsan timheal an tsaoghail
clann na n-ollamh go n-eagna
folamh gan freagra faobhair.



Truagh a leabhair ag liatha
tiacha nach treabhair baoise
ar ceal níor chóir a bhfoilcheas
toircheas bhfear n-óil na gaoise.



d'aithle na bhfileadh dár ionnmhus éigsi is iul
is mairg do chonnairc an chinneamhain d'éirigh dúinn
a leabhair ag tuitim i leimhe 's i léithe i gcúil
sag macaibh na droinge gan siolla dá séadaibh rún.


L. 6


DO HAIRIGHEADH MO THART OIDHCHE.



Do hairigheadh mo thart oidhche a Riocaird id thig
ar glanfhíon do cheannuighis i Luimneach Luirc
dá mbreathnuigeadh an fear thíos ar ibheas don digh
ar ealadhain do maithfidhe go miochair mo chion.



Dá n-aithnigheadh ár n-aicíd giodh iongantach sin
an flathchroidhe do cheannuighe nach cunnail uim chrudh
ní glaisdíol don ghaisgiodhach tug tonna tar sruith
sraithín beag srathfaoidhe i n-iomad mo scuit.



Admhuighim go m'ait linn a n-uraidh 's anois
gealphíopa flaigín is biorra go brim
teacht síos ar leathbhaois le gliogaireacht ghloin
is neamhshuim a bhfachnaoid fir cruinnighthe cruidh.



Teastuighim na bealaighe go minic dom chois
is tathuighim bheith tearc mí gan pinginn im purs
an macaomh nach mailíseach miotal mar sin
is ceart dhligheas a dhartchraoiseach inneachur cuirp.


L. 8


UABHAR NÁ POIMP.



Uabhar ná poimp ná deineadh duine as a stór
is go duairc ná bíodh má bhíonn gan pinginn na dhóid
dá uaisle rí is a ríoghacht ghlan tuillte aige d'ór
nach buaine bhíos ná an scaoinse d'ibhios a lón.



Is buaidheartha bhíd na daoine i ndeifir gan chóir
san uaigh go líontar díobh go minic san ló
ní luaithe innte an fíothal foirbhthe ar dtóis
'ná an muarfhear groidhe nó an naoidheanán leinbh bhig óig.



Ní fhuaras fíor ó dhraoithibh glioca ar bith fós
ná tuaraisc cruinn cia an tír 'na ngabhaid na slóigh
fuair bás gach laoi ó aimsir gheinte na sórd
monuar, gan maill acht sinn gan filleadh na ndeoidh.


L. 10


LE CLUAIN AR LASTUIRE.



Le cluain ar lastuire fatha do chlainn Órluith
do buaileadh d'easbuidh gan airgiod linn dósan
i mbuaic a leabhair dom reacaire scríbheochad
mar d'fhuasclas m'anairt a sreangaibh an fhigheadóra.




Ag so an chluain




A mhic an té do ghéilleadh ní dhomhsa
tuig an réad so adéar go sítheoilte
gur muirear é mo bhéile ar aois óige
's gan chur go léir a gcéille i míodhóchas.



Ós duine mé gan tréad gan buidhechóraid
's gur imthigh an méid dobhéaradh ní dhomhsa
go bhfille an tréad madh taobh na cíonóige
ní thiubhrad féin a léine d'fhigheadóireacht.


L. 12


Is uras é dham cé beag aoinfheoirlinn
ní fhuil im ghéig ná i ngéibhionn faoi 'm chóthra
do nithibh bréige an mhéirligh mhíochóraigh
tug gan é me is réad ag righinlóbus.



Mise féin is féach gur figheadóir me
gé thuillim é ní fhéadaim díol bróige
dá dtige spéis im chéird sul ndíobhóghar
tuille lé agus t'éiric tíodhlóicfead.



SUIM PURGADÓRA BHFEAR nÉIREANN.



B 1704-8ls 18T
U Anaithnid



Dáibhidh ó Bruadair cct. Suim purgadóra bhfear nÉireann ón
mbliadhain 1641 gus an mbliadhain 1684.



B 1684 17D
U Dáibhidh Ó Bruadair



Do fearadh a flathas tré peacadh na prímhféinne
ó ar haithreadh a maireann do mhaicne chríche Éibhir
acfainn a gcascartha a gcreachta 's a gcroidhechéasta
i nglacaibh na haicme lear fealladh ar King Séarlus.


L. 14


Gabhaid dá aithle go calma círéipeach
gradam is fairche na flatha is a shíol tréigid
airgid cealla gan chaigil a bpríbhléide
is dearbhaid feasta gan feacadh fán ríghshéala.



Sealbhaid athardha is aitreabh gach aoinéigne
dob fheasach gan fhailleadh 'na charaid don chraoibh Réxa
scaraid ar achtaibh tar fairge a gcinnréallna
's gach airgtheach ainicthe i n-atharrach taoibh éigin.



Na gairbh do ceapadh re deascaibh gach daoirchéirde
's nár measadh a gceannas go ceannarruic laoi an tsléibhe
sreathaid go seascair i mbailtibh na saoirchléithe
mar mhacaibh fear maise go mascalach míntréadach.



Gér fhalamh gan lanna gan lachtas gan línéadach
a ndeachaidh dár bhfearaibh gan athchuma ar chaoi éigin
is anabaidh ar caitheadh do phrataing gach prímhchéille
re craipille a bpearsan go haisiog a ndínscéithe.



Iar n-aistear a beatha do chathurra an chraoiséirligh
do scaradh a rannta go mearaighthe míghléasta
i reachtaibh gur cheaduigh an eagnamh fhíornaomhtha
sealbh a chairte d'fhear anma an King chéadna.


L. 16


I dtamall a thaistil do leanadar díne é amuich
is d'fhanadar farais go caithiomh a gcaointréimhse
ar gcasadh do bhaile níl acu dá ndíméadaibh
acht amharc a bhfearann mar mhadra an mhill d'fhéachain.



Geadh tarcuisneach treallamh is taisce gach síthchréidmhigh
gan airgiod spealta gan eallach gan aoibhghréithe
ní sachair an ealta 's a sreabha na sínéireacht
tré fhaicsin a seasaimh gan seascadh i snímhéagaibh.



Do neartuigh an ainimhsi i gceannaibh na toinnéada
le hathghoimh i sealgaibh tartmhara tíortha éigin
níor bhrathadar caisi do chaiscfeadh a n-íota éachta
gan amuisce sa aithghein nár blaiseadh do bhríbhéireacht.



Mar fhairsinge bhealaigh do mhacaibh na mímhéinne
nach gabhann gan rachmus gan marbh ár bhfuighillfhéinne
eagarthar leastar an leannasa i ndroing mhéirligh
do thairg an machaire d'fheannadh le daoiréitheach.



Leagaid a startha go gangaideach gnímhéidigh
's a n-amhuil i gcartaibh nach facadar fíréigse
re maithibh a charad gér anabaidh an ghaois bhréige
gur atadar eagla is fearg an ríghchéillidh.


L. 17



na faisnéisithe fallsa.


L. 18



Do cailleadh don scathamh sin scata mar fínéidhthear
dob fhearra ná seasamh i mairg na maoithghréine
's do crapadh i nglasaibh araile don choill chéadna
do chaithfeadh dul seachad mun gcasadh an címéara.



Níl pearsa do threabhaibh na Sacsan i gcrích Fhéidhlim
dar hadamhadh achaidh do tharbha an traoischéidil
lá fearthana an cheatha fár gealladh ár gcaoi i n-aonfheacht
nár dhamain gach anmain againn mar dhíol dréimre.



Ámh breacaid na bearta le dathaibh gan díth scéimhe
lá scaipighthe an scamail sin d'fheartaibh na fírghréine
dár bhfearaibh ós marthain gan taise re taoibhnéalaibh
gá caraid is neasa iná an breathamh do bhí a ndé a ndiu.



Is ainicthe an ealbha thairgtheach shírthréidhtheach
nach aimideach amus i n-anfadh aoinspéire
acht ghlacas don mhaide go hathlamh i gcrích fhéadas
freagra a n-aigeanta i gcalm nó i gcaoirspéirling.



Ós feasach don bheatha gach caschuil dá gclaointréidhibh
is gur mealladh a meanga le taithneamh an tríaonta
ní sleamhuine an eascain uim shleasaibh a slímléine
iná mheasaid a mbeanna do tharraing ó mhíghnéithibh -



Sa leagadh le cleasaibh i gcara na bhfíoraonach
nár chagair a gcealg ná a shamhuil dam fhínéisi
is nach rachadh ar cheathraibh an talmhan truimnéalaigh
easma tar tairsigh re hargain aoisi aenneith.


L. 20


Aiste re gcreanaid iar spealadh a spinnséireach
's go ndeachaidh an t-amuisce i meascadh 's i maoilghéire
tabhairt ár seabhac 's a gcarad na loing léigthe
's i leaba an fhir gada cur calapa an chaoimhéilmhigh.




Ceannarraic do shíolchur idir na cáirdibh et cos an ionnraic do chur i
n-ionad coise an mhéirligh badh mian leo annois.




Más meata fear athluit re calg na caoindéise
is más faiteach an leanbh do laisceadh re caoirspré ar bith
nach leamhas dár bhflathaibhne d'aithle gach díbhféirge
mun n-aithnid fear leasa tar bheachaibh an bhríbhéara.



Aitchimsi an mheanma mhaithfeach gan míchéadfaidh
do cheaduigh an sparrainn is bhacas a saoiléifeacht
go lasa ionár gcreataibhne carthain is crí aonta
is dearca le bhfaicfeam an ngealaigh seach duibhréithe.



Mar bharra ar gach peannaid gach faraire finnghéagach
do thairg le gaisceadh go feardha fírfhéata
tarrang a mbeatha fá bhratachaibh imchéine
do gaireadh is tagaid tar learaibh don ríghsméide.



Is aindeas a malairt ní lamhaid an nidh chéadna
is ní lamhaid madh leathscoilte faire 'na dtír féine
ní lamhaid an t-attomh ba chabharthach clíchéime
acht gadaid is crachtar nó deachaid don díthéachtain.


L. 22


I n-aithghiorra chairte sin agaibh an scríob dhéadhnach
do bhreathaibh an reachta so laiream is íbh nÉireann
agus beag searbh ón ngairm do dhruimléanuigh
na dreama sin dealbh gan chasail gan choimléinte.



A neamhchion 's a n-easbuidh tug adtuirse aníos tréamham
is faire an fhir faille gach taca ar a mídhéanamh
ní fheasaid ar bearaibh cé fearra a gcur d'aoinmhéithreadh.
iná a ngearradh ina mballaibh 's a gcarba ar tinntéanaibh.



A athair na bhflathas ó ar fearadh na fraoichbhéime
t'fheargain feasta cuir seachainn ar aoi t'éinmhic
ar thaisibh na dtreabh so tug t'fhala re crích Éibhir
ná hagair a gcartha náid peacaidh a bprímhréime.



Más teasbach nó tearcuid i laithibh mo chlíréisi
dam chalainn bhus cleachtadh do thalsa mo rígh déantar
go ndeacham fad bhrataighsi a mharcaigh an chroinn chaomhna
d'aithle gach ceatha go flathas na fíoraonta.



An duilleog so ar phurgóid mo dhúithe féin
is guirt sceol geadh giorróg don chúntas lé
a chruithneoir ghil fhurfhógras rún gach cléibh
cuir beo don uile órd a cionntaigh réil.




Ní fheadradar cé fearra a gcur ar bior nó ar ghríosaigh et dochídh Dia sin.


L. 24


B 1702ls 18T
U Anaithnid
Dáibhidh ó Bruadair cct. do Shíle ní Chorbáin iar bpósadh di et do
léig di bheith dáilteach don éigsi.



B 1698ob 17D
U Dáibhidh Ó Bruadair



A SHÍLE AN TSEACA.



A Shíle an tseaca a shlat na gciabh go drúcht
's an taoibh mar eala threabhas cliabh na dtonn
ar ríoghnaibh banna ón tan do triathadh thú
is díobuithe fhaid go n-aithnim cia dochiu.



Ní fá deara an mhearaithne fhiadhnaim sonn
ar lí do dhearc nár chleacht bheith riabhach riom
do bhrígh gur athruigh t'fhaicsin fhial dar liom
ón gcuing fa bhfeasainn tana triall do bhonn.



Bíth go dtagaid mairt a mbliadhna is púint
caoire is ealta is ar gan iarraidh id dhún
sgo mbíd lucht damh gan mhaig dod riar go humhal
dar linn dob fhearra an bhean tu an bhliadhain úd.


L. 26


Do bhí Fear feasa i dteach na ngiall go dlúth
sdo bhí fearthainn phrap na bhfiach id chionn
do bhí Barton Black is Beard is Brooke
'na mbíodhbhaibh teanna ag drannadh a bhfiacal chughat.



Do bhíodh an tan sin gean is grian id ghnúis
sdo bhíodh do theanga thais i mbriathraibh búidh
do bhíodh it aitreabh brat is biadh go húr
sdo bhíodh do ghlac dá scaipeadh i rianaibh clú.



Do líon i leaba a bhfaca riamh ár n-úidh
do chaoineas beart lear mheallais mian gach úird
druim tar ais na gcleas ó chianaibh úd
suim na bhfaision charaid cialla i gcúirt.



An líne cheart sin cheapas riaghail dúinn
re linn a n-aithreach seach an rian dob iul
do rínsiod acht lear casadh siar go Siuir
dlighe na sean géar mhaith a n-iarracht súd.



Ar chaoi nach glacfa neach i rian bunscionn
na saoigheada i searc do chaith ar bhfiabhras fút
tá ní don reacht ó ar ainic dia do chom
i mbaois na mban nar chabhailiara thú.


L. 28


Ós díreach dreachgheal data diadha diuid
gan fuighioll gan easbaidh an staid tug triath na ndúl
díbh budh eascar faille tiacht ar gcúl
a Shíle an tseaca ón gcleachtadh id dhiaidh ba dú.



A Shíle an chnis le sioc do sliosbhuaileadh
i dtaoide an uilc do bhris tar bhunbhruachaibh
ó scaoil an tsoineann lic dod lilghruadhaibh
níor chuibhe riot scur dod nithibh ionnuachair.




Ag so an druimscript.




Mar ítem do ríoghanaibh toca ná tuar
díogras na ndaoine lear dochar lá a ngruaim
a scríobaire tíodhlaic na solusláimh suas
an laoidhsi do Shíle ní Chorbáin uaim.


L. 36


B 1684-98 17D
Dáil ós dlightheach i n-ionad gach dúthrachta
tháileas ionnmhas oinigh is umhlachta
an pár so chugam gan timheal do thionnlaca is
a bhráthair chumainn sin chugaibh le hionncamas
ód Sheirbhíseach Shíorumhal,
.i. DÁIBHÍ Ó BRUADAIR.


L. 38


B 1704ls 18T
U Seaghan Stac



Ag seo teagasc Dáibhidh í Bhruadair do thrúipéir do bhí ag dul i n-arm
ríogh Séamus an lá sin,



B 1754-55ls 18L
U Anaithnid
gidheadh bíth gur chuige do chuadhas ní chuige do bhíothas.



B 1686 17D
U Dáibhidh Ó Bruadair



A THRÚIPFHIR MÁS MÚSCAILT.



A thrúipfhir más múscailt ón mbaile hálgas
ar chúntas do phrionnsa go harmálta
ná túirling ar chúntaraibh amadánta
gan úrchuid don chúige mar cheannach láimhe.



An conn libh an ghrúidfhine gharbhcheárdach
do liongsad a Lonndain i leathanbhádaibh
san bhfonn sa tré thonnbhrise an tseanaghnáithimh
gur diuice gach dúist aco ar amalánaibh.


L. 40


Ní dúil a los dúthchais i mbeartaibh árda
ná lúithinnioll iomghona i dtreasaibh láithreach
tug fútha go cúthail ár bhflatha Fáilne
acht conntracht is diomdhaigh ár n-athar neámhdha.



Ponnc beag do thionnscain a dtamall támha
madh lionnsca nár chionntach re marbhnáda
tús guirt nach tiubhradh do Thamarlánaibh
le n' úire do mhúnadh a sheanamháthair.



Do múchadh an Mhumha le marbhánaibh
riompa dá dlúithchine i gceannas táinig
acht scrúdadh na nglún sin mun ndearmádaid
ní thiubhrainnsi bonn ar a mbannachánaibh.



Smúinid an drong so 'na seasamh thárla
na cúise fá ar hionnradh a marbhcháirde
trúchuisle an tnútha is tacha táthaidh
is bonntruime a lonntur ar leanabhánaibh.



Ós fiu leis an gcumhthach dá fheartaibh áilne
an sciuirse do thionnlacadh feasta thársa
ciunaighsi is dlúthaigh read dhearbhráthair
is iompuigh do phionnsa ar do dheargnámhaid.


L. 42


Chum conncais ní congnamh duit ragairne áibhseach
go dúdach ag diugadh gach canna id bhrághaid
god sonnsa agus whoreson mar mhascalráidhtibh
is bheith cúiteach re lúbaibh gan lasair náire.



Níor shúileas re túrnadh na ramharchána
fá ar brúthadh ar bhfiu frigh dár gceannaibh tána
i dtrúip nó gur mhúsclais go searach sásta
sgan d'umhlacht ort diultadh don tsagartphápa.



Ós fonn libh id chúrsa dul d'amas trátha
go longphurt an chúinge do chlannaibh Cárthaigh
do shrúithibh na cúirte is dá seanascál sil
is d'fhear iomchuir an dúilimh mo bheatha sláinte.



Ó d'éirghis i ngéarchulaith chaithniadhta
i gcóir éachta fán nglébhile ngailianach
fód Fhéidhlim ar éigin a hainfhiachaibh
dom dhóigh réidhfir, a Shéamuis uí Eachthighearainn.


L. 44


B 1687 17D
MAIRG CINE DO CHAILL EOGHAN.



Mairg cine do chaill Eoghan
truagh nach éidir a aithbheodhadh
gríobh lonn fa dathálainn dreach
trom a n-athálaidh a imtheacht.



Ceann feadhna is fine féinnidh
file is feallsamh fáithchéillidh
mór bhfraoch le faill a ghonta
laoch ar lainn níor leoghonta.


L. 46


Níor chasmhail go caill ruire
dursan oighre a haoghaire
fachain amhluaidh do chrích Chuirc
go bhfríth dá anbhuain arduilc.



d'fhorbair éitteacht an uasail
biseach guirt ar ghrodghuasaibh
i bhfiadh Mogha na mbrat mbaoth
dar bha mhac fola an fionnlaoch.



Re háireamh éacht a shinnsir
dul dob oifig fhuairchinnsil
snach fuil neach go bhfios a bhfonn
gan fios a gcreach sa gcathlonn.



Seinnim seantéad do suathadh
ní hé m'fhonn a bhforuathar
mó d'fhiachaibh oram annos
torann ar niathaibh nuadhchros.



A sháith do chonchlainn é fhéin
sgan tadhall uaidh i n-imgcéin
ag fódgháir laoich dá luinne
re tógbháil taoibh triathchuinge.



Rugsan ciall is cruth flatha
uaisle is oirbheart ardfhlatha
fán bhfeart ár gcóige chreachas
óige is neart is nídheachas.


L. 48


Téid féile is foghluim fhoirbhthe
téid crábhadh nár cheodhoilbhthe
leis an eo ó easaibh Leamhna
do threasaigh ceo gcinneamhna.



Trias an ársaidh ar eachaibh
ba mórdháil do Mhuimhneachaibh
i gceann ghleolámhaigh a ghlac
meorámhail rug geall ghlúnshlat.



A ghréas badh scéimh do scolaibh
dochuaidh a umhla ós aobhchoraidh
sní raibh ríoghdhamhna na racht
tuir badh bríoghamhla beodhacht.



Innsim don Mhumhain mheasaigh
i n-Áth Amhlaoibh ardleasaigh
gur thuit call dá gartchoill ghlain
i n-am antruim ár n-Eoghain.



Iomdha anocht súil gan soininn
uim éag oighre a gcaomhoirir
ag síol Fhínghin duibh dhuasaigh
dírimh guil fán nglanuasain.


L. 50


Mac Aodha an fhuilt neambáin
sinnsear saorchlann Súilleabháin
uaidh do thriall ar dhubh im dhuain
ós ciall gach bun do bhionnluaidh.



Aodh do éagcaoin an filidh
rígh Mumhan an mhóreinigh
cúis mo laoi dob eighir air
deimhin a chaoi gur chubhaidh.



Oidheadh Eoghain i n-Áth Cliath
tug toirchios och is uchtliach
ag buing bandál Leamhna ós loch
is dealbha a nglanmhál gualach.



Tar cách ní hiongna a n-éagnach
ba leo an bile bóchéadach
ceann congmhála a gclú gan oil
tromnámha an trú do threascoir.



Amus longphuirt tug an trú
dár dhíochmharc uatha an t-onchú
lear fuaradh fíoch an chuire
uabhar críoch a gcéadruire.


L. 52


Dá dtigeadh fuad na faille
go stim stáit ós machaire
i gcóir chodhnaigh muinge Mis
níor dhóigh foghlaidh gan frithchlis.



Deacair comhthrom a gcroisi
d'fhagháil is í im fhiadhnoisi
iar n-éag Eoghain a craoibh Chuirc
raoin an leoghain dá labhuirt.



Dar leat i láthair gaile
ba Cúrí nó Conaire
ar ghníomh stéad bhfíorluaimneach bhfras
an séad síorshuaimhneach súlghlas.



Ar luamaireacht na sreabh sosaidh
nó ar chur agh a huardhosaibh
ní rachadh geall an ghilsi
eang dá athghal innsimsi.



Maighdean re truagh ar thaise
tuir go dtrias re tréanchaise
flaith ba lán d'fhéile is d'irsi
céile is crádh dá chaoininsi.


L. 54


Seise suadh colamhain cliar
taoiseach treabh aidhleann airdghliadh
dochóidh san déadbhán dathta
dóigh is bréagán bantrachta.



Tug taidhbhleoir tuinne Scéine
trealamh áigh ar eisléine
uch is truagh a mholadh mairbh
is doladh buan dá bheoghairm.



Truagh a chéile chneisgheal chaoin
ag dortadh déar go díomhaoin
sa cuaine taobhnaoidhe tais
déarchaoine uaire an amhais.



Do mhéaduigh cumha na gcríoch
tar cheann ar éirigh d'fhírfhíoch
mac Máire i nguaisnimh dá éis
cáile d'uaisligh an fhaisnéis.



Dul an treoin thuillios diombáidh
ruire slóigh síol Súilliobháin
tug treall gan manar mise
scaradh ream don ruirise.


L. 56


Ba neamhchóir súil re seise
mun fhaisnéiseadh m'aintreise
i dtáimhnéal curaidh romchar
cumhaidh láinghéar dom líonadh.



Oighre dreagain Dúna Lóich
ceannuightheoir dréacht is daorchróich
do chur fann i bhfeart romchailg
sis beart nach gann do ghaolairg.



Mallacht uaim ar bhás na mbreath
lear stialladh stiuir na n-óigeach
sul ar treabhadh eitre an fhuinn
do feannadh leicne an leoghuin.



San mbliadhain roimh ocht is ocht
teastaigh an t-uasal éadtrocht
i ndáil ós Duibhlinn Life
láimh re duinchill díslighthe.



Iarram ar airdrígh nimhe
madh í uair na himpidhe
ó nach triall Eoghan tar ais
a riar mar dheoradh dúthchais.


L. 58


A dhúilimh dá gcreidid cách
misi ná hiarr i n-anntráth
éileamh cean mo chlí ná tairg
a meadh a rí badh romhairg.



I mbéalfhoghnamh an leoghain do thráchtas ria
is é i ndóchas bheith cómhachtach ar chách do riar
is créacht chróshilteach feola nach táithfe liaigh
éag dósan fá theorannaibh Átha Cliath.



Scéimh eolchuire ar órdaibh atá ina dhiaidh
is béine ógbhan go brónach ag bearna a gciabh
don phlé domhsa fám leoirchion badh nár mun mbiainn
im ré eolais na fóirne sin cráidhte thiar.



An cé córrshlightheach ceosa nach gnáth gan liach
lé t'fhógradhsa deorach ó d'fhág an triath
i gcléir bheodha do ghlóire nár báthadh riamh
léig Eoghan mac Domhnaill id dháil a dhia.



Scéal róghuirt thug deorach mo ghnúis re spás
is d'fhéad cóireamh tar nóchadaibh liom do chrádh
an bréid cóirighthe ceosa uim an gcúige d'fhás
éag Eoghain mhic Dhomhnaill uí Shúilliobháin.


L. 60


B 1830c 19T
Marbhna ar bhás Eoghuin ruaidh uí Shúilliobháin noch do fuair bás do
bhrígh marcuidheacht a mbaile átha cliath ar an áit dá ngoirthear
St Stephen's Green et é ag cur na bolgaighe amach.



B 1687 17D
U Dáibhidh Ó Bruadair



ATÁ SAN BHFEART SO.



Atá san bhfeart sa flaith d'fhuil Éibhir fhinn
nár chreach bean gan fear ná aonteach naoimh
nár ghlac breab ó neach dár aontuigh Críost
snár leig ceart na lag le tréan gan díol.



Is diombághach dian diachrach leam chroidhe sis creach
chois Choireáin tiar go hiarthar Bhaoi na sreabh
buinneán trian is triath na Muimhneach gceart
i mBaile Átha Cliath gan rian na luighe san bhfeart.



Ursa nár lag mar cheap roimh éigse Mumhan
a bile nár mheath is searc na cléire i n-úir
ceannurraid na bhfear do ghlac an fhéile ar dtúis
tá file agus flaith a leac i n-aonfheacht fút.


L. 62


Mórthruagh a leac an chreach so fútsa ar lár
do mhórshluagh Chaisil flaith dob úire cáil
badh leor uait ceart sgan searc ár ndúthchais d'fhághail
gan Eoghan ruadh gasta mac uí Shúilleabháin.



A shéimhleac bhreágh is nár dhuit nach claisid cúig chóig
do ghéimreach árd áthais ó taisceadh fút Eoghan
an t-aon dob fheárr cáil do shliocht Chaisil Mhumhan beo
phoenix árd Párthais nó dragan Dúin Lóich.



A leac ag a bhfuil creach na cléire fút
is iomdha dearc fá cheas do mhaothuigh tú
dámadh leat bheith glan ó réim na súl
do bheitheá geal ar fad ó fhaobhar go cúl.


L. 64


B 1590c 17
U Flann mac Eoghain Mac Craith
I N-AINM AN ÁIRDMHIC.



I n-ainm an áirdmhic doghnídh grása
is éinmhic álainn óghMhuire
doghéan aiste do phrionnsa Shacsan
cúmtha cneasta cóirighthe
bhias dá haithris ag lucht aitis
ar feadh faithche feorghloine
is bhias 'na sólás in gach comhdháil
le gléas comhlán ceolchruite.


L. 66


Dá theagh Sacsan na slógh seasmhach
do ba cneasta comharsanacht
an seachtmhadh Hannrí cathach campaidheach
do na planndaoibh pórghlana
tug chum éintighe cuid dá réimhidheacht
an dá thigh réidhlígheach róschrothach
is í dar liomsa an cúigeadh prionnsa
ós a gcionnso comhnaidhtheach.



Atá sí cáirdeamhail gaolmhar grásamhail
saorghlan sáirchiuin sóchoisce
atá sí gréasach scéimheamhail scéimheach
béarlamhail béasach beoilchliste
cuid do thréidhthibh na mná séimhe
a grádh d'fhéile is d'eolachaibh
's nach feárr órgáin ná í 's a hógmhná
i gcáil chomhráidh ar cheolmhaireacht.



Atá ar an mbainríoghain tséimhghil seabhcaidhe
mhaordha mhallchaoin mhórtasaigh
muarfholt muirearach dualach druimneach
cuachach cruipineach comhdhlaghthach
suanrosc soilbhir ós gruadh dheirgghil
mar ghual gcrithearach gcróluisneach
is béal le labharthar iomad teangthacha
do ghuith dheaghfhoclach ghlóirmhilis.


L. 68


Dá dhéad gheala ar ghné chailce
chaola chearta chomhshnuighte
géaga gasta is méara fada
séimhe seada sompluightheach
dá chíogh chorra ar chlí a hochta
mar lí scotha scóttuinne
seangchorp séimhgheal ramharghlan réidhdheas
nár mheall céile comhchosmhuil.



Ó d'éag Caesar sluaghach séiseach
buadhach béasach beoneartmhar
nó cing Ártúr iongantach árdchlúdhach
cumasach cáirdeamhail comhgairseach
níl 'na bheathaidh is ní dheachaidh
tar éis Heachtoir óigchleasaigh
rí mar Eilís ghrádhmhair gheilchlídhigh
bhláthmhair bheigchíghigh bheoltsoithimh.



Do réir measta a bhfuil re gaisce
sna trí rannaibh ródacha
níl acht meascadh cur chum casta
le rígh Sacsan slóighthilte
féach Éire aice i gcléith Sacsan
re taobh Breatan bórdghlaine
is cuid dá cródhacht is lé Plóndras
an tír nóghlan nóschruthach.


L. 70


Cíos na Fraince ionnmhus Alban
'na múr dealbhach dóibhriste
stór cing Philib 's a chuid cupard
'na cúirt chrutha chomharba
cíos na cruinne sa bheith aice
níl air filleadh feoirlinne
acht uaithe is chuice do nós tuinne
do gach fine i bhfóirithin.



Iomdha ar longaibh comhla chogaidh
dan cóir tosach tóicheastail
is ridire rathmhar foistineach feasach
cothuightheach cathach cóirighthe
boirbfhear bratach ordhruic aistreach
foirsightheach frasach fórsathach
is fear tréan trodach glacshéimh gontach
ceartréidh cogthach comhraiceach.



Bíd ón mbainríoghain catha is campaidhe
láimh re habhradhaibh Eoraipe
bíd a barúin ins an Ghascúin
ag cur athchuma ar óstuighthibh
cuid da harmáil ins an Almáin
ag cur anbháth ar mhórbhailtibh
is airgid uile cathair na Cruinne
an ghasradh ghusmhar ghleothapa.


L. 72


Doghníd a bannaidhe ins an Bhrasaoil
gan rófhaitchíos feolchumach
le na cobhlach cíosach cobharthach
fíochmhar foghlach cnósuightheach
feadh na fairge gan ró mhairge
i ngleo chairbthe chóirighthe
loingeas lánmhar gunnach gáinneach
cloidhmhtheach ceárdach cróghuineach.



Bíth a haimrél ins an Ruiséil
cuid dá caithréim chomhgaraigh
théid a lucht gliaidh tar muir dToirrian
is don Innia órchlochaigh
gnáth a tréinfhir ins an Éigipt
fá leor éide ar óigfhearaibh
is tig ar dtionól dóibh go Briostó
nach é gunó Góidrisce.



Atá dia ag congnamh le triath Lonndan
na n-iath bhfonnmhar bhfódtarthach
atáid na gaethe, atáid na spéire
atá gach réalta rósholas
mar táid Spáinnigh 'na lic láithir
in gach tráigh go tóinbhriste
tá dá chéad árthrach gan ró ghábha
ar na mbáthadh i mórthonnaibh.


L. 74


d'fhág a gárda fá chás Spáinnigh
's a mná cráidhte comhthuirseach
thugadar goradh géar uatha don Phoirtingéil
le sluagh borblaoch beochroidheach
dia 's a tionól gliadhmhar groidbheo
's iad thug Liosbóin leonuighthe
aicme laoch ainmhear thairgthréan thairpeach
eachradh dhaorarmthach órduightheach.



Atáid riamh buidheach dhi dia agus daoine
an triath díomsach dóthchasach
prionnsa náireach faoilidh fáithbhreath
caoineach cráibhtheach cóirbhreathach
ar a bronntaibh ar a tobharthaibh
ar a cabhair dá comhairleachaibh
is mar chaitheas méad a maithis
is air is measta a mórainm.


L. 76


B 1757c 18L
U Anaithnid



Dáibhidh ó Bruadair, ag tabhairt aithfir d'fhile éigin do rin
dán ag adhmholadh bhainríoghain Ellizabeth agus do rin Dáth an
duanóg so ag moladh righ Séamuis;



B 1704-7ls 18T
U Eoghan Ó Caoimh
caithréim an dara Séamus rígh Sagsan ar na dhéanamh le
Dáibhidh ua Bruadair.



B 1687 17D
U Dáibhidh Ó Bruadair



CAITHRÉIM AN DARA SÉAMUIS.



D'fhigh duine éigin roimh an ré so
uige is léir im dhóid anois
d'inighin Hannraoi is d'iomad a campaoi
is ise dob amhchaoin óirne i bhfus
gur tríd nach fuilimse buidheach don fhile sin
daoire a cuinge go comhnaidhtheach
ar dhlighe an phápa sar chlainn Phádraig
i n-eing fhádbhuig Ólchobhair.


L. 78


I n-ainm an athar dhealbhas flatha
fairge is fasc is feorluibhe
san mhic bhuadhaigh i gcrois d'fhuascail
goimh ar ghluais ón ngleobhuime
is toinne an teasbaigh tug ar lasadh
guth na n-apstal n-órduighthe
canfadsa éirghe an dara Séamuis
dalta cléibh na cródhachta.



Cumfad aiste d'fhionntur Bhreatan
cnú a bhfuil ceart im chomhursanacht
triath is tréinfhear iarthair chéimeann
fiadh agus féinnidh Eorapa
cnú na cléire an lonntur léadmhach
ionnraic éachtach eolghusach
dia dá dhidhean biadhmhar buidhneach
bliadhnach bríoghmhar beoichliste.



I ndiaidh ar éilimh dia na spéire
d'fhiachaibh tréigthe a thrócaire
ar na clannaibh badh sia ceannas
san iaith eangaigh Fhódla so.
ar chaoi go gcreidfidhe luighim gan cheilt díbh
nach í Eilís mhóraimse
acht Séamus Stíobhard an réalta ríoghdha
d'éirigh faoi dár bhfóirithin.


L. 80


Is naomhtha an torchar séimhgheal sorcha
an féinnidh forasta fóirneartmhar
sciath na mbochtán liaigh na lorán
triath na dtrodán dtóicheastlach
prionnsa dearbhtha é tonn is tairbhfhéith
diuic is amairéil órduighthe
is táthluibh fhortachta a dtárla loitighthe
ar lár ó phlotaireacht Oates uile.



Is iomdha cruaidhchéim grúig is guaisbhéim
fionntrach fuair sé i ródannaibh
ag cumhdach cairte is clú bhfear Saxon
glún re gleacaibh glórthoinne
sis iomdha daorbhreith chionntach chraosach
d'fhonn a thréigthe is fhógartha
fuair an fuilingidh uatha ina ionachlainn
geadh stuama oileas a rógaireacht.



Árdfhlaith fhoistineach ághmhar oirdheirc
cráibhtheach coscarthach cróimhisnigh
d'aomh an dúileamh d'éis a dhiomdha
mar scéith chúil don chóstasa
is réil don chruinne i gcéin 's i bhfoigse
ar léire a loinne leoghanta
gur tonn go dtreise i n-iomghuin meirse
cúinge an chreidimh chóirshlighthigh.


L. 82


Is buan i mbéalaibh suadh is éigeas
nach uaidh do fhéachadh feolchumach
ar a cháirdibh i ngleic gháibhthigh
is breis cháich na ndóchuma
do ghréas badh fiadhain créacht i ngliadhmhuigh
is é don fhiach na chócaire
an buinne bodhbha tuigseach tromdha
frithir foghlach fóbarthach.



Tug mo phrionnsa cruthghlan cúmtha
miochair múirneach móroinigh
guil is gártha i longaibh árda
amuigh ar bhántaibh bóchlinne
dochuaidh a thormán suas don Ghearmáin
suairc an chongháir chomhlannach
le dtug Munmat sa lucht coinne
ag dul chum cille i gcrócharaibh.



Oighre Chormaic d'fhoidhnigh orchra
i madhmaibh borba beochuradh
an griangha gríobhtha giallach geimhleach
srianach saigheadach seolchrannach
cuimhnigh Séamus choidhche is caomhain
a rí na gréine glórmhaire
ó bhain dá námhaid le neart a láimhe
flathas lánghlan lóchrannda.


L. 84


Iar n-éag a bhráthar téid an t-ársaidh
déadgheal dána dóchasach
cion do chneasghoin fir na Saxon
scuir a sceach don Róimhiris
d'éisteacht aifrinn dé gan scamal
éacht nár thais don treonruire
an gníomh tug soirbheas ríogh agus ollamhan
i mbruidhnibh follasta fódthoinne.



Gach cuid d'Éirinn nár Chromaolaidh
tugsat d'aonghuth deonuightheach
a gcuirp sa gceathra a ngoil sa ngaisce
fá chur glaice an ghleobhile
acht an taobh úd do lean traosún
is tug faonchrú a bhfeola ris
tugadar Alba turas nár dhearmad
urraim is aire dá órduighthibh.



Is íocluibh álainn fíonfhuil Mháire
tríd ag tál go trócaireach
an ríoghain rachtchaoin do shín a gealphíp
ar chaoi nach leagfaidhe a lóchoinneall.
ag seo an féinix aiste d'éirigh
scath na Saosar sórthannach
chuirfeas feasta luisne a teasta
gus na creasaibh comhchruinne.


L. 86


Lonnradh ár n-eagailse an prionnsa pearsanta
cúmtha ceannasach cóirighthe
trúmpach taidhleach trúpach taidhbhseach
lonnmhar laighneach lódlongach
an céad rí Saxon d'aomh gnaoi is gradam
éadaighe is airm óirleachais
d'fhearaibh Éireann d'aithle a mbaoghail
beart a saortha ar fhórlannaibh.



As íodhna tréinríogh caoimhe a chéidghníomh
saoilim réad níos mó go bhfuil
fós i n-oirchill óg na heingise
i ndóid an tuirigin treoraighsi.
féachaidh fearta féile an dreagain
d'fhéad re haga nóiminte
na trí críocha géar ling bíodhbhadh
do chur faoi go fóghantach.



A uaisle Bhanbha tuairidh tairngridh
buaineas ratha agus róchumuis
don chraoibh ós craobhaibh daoibh do shaothruigh
saoirse a saobhchruth eolchuire
fáiltighidh roimhe sin gáirdighidh goiridh
an t-áirdrí ionmhain óirdhlightheach
don Chorcchrú dhírigh rochlumhail ríoghdha
ó phortmhúr chinn an chóigidhsi.


L. 88


Ríghe don Scotfhuil chraoisigh choscraigh
daoibh ní drochfhuil deoranta
acht sreabh don fheolfhuil i gclannaibh Eoghain
is fearra fós don phór uile
do réir an chríonráidh d'fhéad an ríoghmhál
céim le caoinbháidh comhguiseach
i gcrích gur chuirsion díbh le dile
go ndligheann an fine fóirithin.



Atá mo shúil re grásaibh iomdha
an dáilimh d'iompuigh dóthanna
is re teacht na gaoise d'at im ríghsi
mar ascal taoide i dtócharaibh
d'fhiadh bhar sinnsear niadhta nimhneach
d'fhiad na thimchioll tóirneacha
do thuathaibh iasachta uaibh nach giallfa
bruach do bhiadhfadh bóchuingir.



Atáid bhar bhfírchliar sámh gan dímhiadh
d'áis an chaoimhniadh chomhachtaigh
is cléirche Chailbhín béas nach anaoibh
gan pléidh a bpeataoi ar phópaireacht
atáid ar bínnse Dálaigh Rísigh
sdá n-áileadh saoi do Nóglachaibh
re héisteacht agartha an té nach labhrann
béarla breaganta beoiltirim.


L. 90


I ngárda a bhrataighe atáid bhar macaoimh
lán do chnaipidhibh córrmhogail
is iad gan uamhan ris na fuadaibh
tug a bhfuath na ndrólannaibh
atáid bhar n-onchoin áille i gcomision
sa gcáinsin congaibhthe i bpóirteannaibh
is gláimh na bhfealltach cráidhte ceanntrom
lán do ghrannc mar gheocachaibh.



A dtoirchios tnútha cosmhail le Lucifer
bochtanacht chúca is bróntuile
nach gábha an t-uabhar dála an chuaine
nár sháruigh uair bheag pósta i bhfus
d'éad na dtaoiseach dár chéile an chríoch so
réad tar mhíle d'fhoghmharaibh
d'fhagháil attomha d'fhás a n-athardha
acht táir is tarraing tar teorannaibh.



d'fheartaibh an áirdríogh d'athruigh na cártaoi
an bhfacadar cách ní is ceolmhaire
náid muinntear Oiliféir ag caoine a gcoroinéil
ní nach doiligh lé Domhnallaibh
le héigion diombáidh féach a bhforrán
ag déanamh robhán róibhriste
do na fearaibh seo ag dul i n-armaibh
tuile fearthana is ceo chuca.


L. 92


Bíth nár thuilleadar puinn don chinesi
díoghrais cumainn óm chomhgusa
nílim d'eascaine díobh go dearbhtha
d'fhíoch ná d'fhaltanas deoruighthe
acht gach fealltach frasach fallsa
meangach meabhlach meoirliosta
bhíos na mhéirleach do ching Séamus
ó thoinn chléibh a chrónghoile.



An chlann Mhaine Leamhna so is cing Séamus
lear scannradh a gcanntlamh a Chríost caomhain
is go bhfeanntar i dteannta gan díth phéine
gach fealltach is fallsa don rígh chéadna. Amen.



An méidsi i ndúithe Fhionntain dá gealchlainn fós
go téacht dá gcúil chumhdaigh do cheaduighis beo
a dhé na ndúl tionnlaic gach faillíth dóibh
aondacht dlúith umhlacht is aithrighe chóir.



Créachta a gclú a gcumhgrach 's a gceasnaoi stóir
is léir adchiu ar chúntas a bpeacaidhe leo
réidhsi riu a rúinghil ná leag ní bhus mó
d'éifeacht siuil sciuirsi do bhreath faoi a bhfóir.


L. 94


A thréin na dtonn d'iompuigh na deataighe ceo
i ngréin ár bprionnsa ionnraic is teasaighe glóir
a haonucht chrú an chúilfhinn do chreach Límbó
éistidh m'úrd urnaith ar leastslighe an tslóigh.



Geadh beo re spás gan tádhbhacht toice me poinn
is nach dóigh go dtrásta fás mo bhoirbe i maoin
glóir ós árd mo chás i ndoichte ar bith níl
slóigh bhfear bhFáil ó táid i n-oifig an ríogh.



B 1687c 17D
CÉAD BUIDHE RE DIA.



Céad buidhe re dia i ndiaidh gach anfaidh
sgach persecution chughainn dár bagaradh
rí gléigheal Séamus ag aifrionn
i Whitehall is gárda sagart air.


L. 96


Sin iad Gaedhil go léir i n-armaibh
gunnaoi is púdar púirt is bailte aca
Presbyterians féach gur treascaradh
is braidhm an diabhail i ndiaidh na bhfanatics.



Cá ngabhann Seon níl cóta dearg air
ná "Who's there?" re taobh an gheata aige
ag iarraidh slighe dá luighead go sparrainneach
mo chur fá chíos ist oidhche i n-acharann.



Cá ngabhann Ráif sa ghárda mhalluighthe
prinntísigh dhíoblaidhe na cathrach
do stiall gach aontaobh séipéil bheannuighthe
ag díbirt cléire dé sdá n-argain.



"You Popish rogue" ní leomhaid a labhairt rinn
acht "Cromwellian dog" is focal faire againn
nó "cia súd thall" go teann gan eagla
"Mise Tadhg" géadh teinn an t-agallamh.


L. 98


Ag dúbailt ghárda tánag eadraibh
brostuigh im dhiaidh se Cian is Mealachlainn
sin é Diarmaid siar is arm air
is bainfe sé braidhm a cladhaire fanatic.



Bodaigh an cháise táid go hatuirseach
ag filleadh ar a gcéird gach spéice smeartha aca
gan ghunna gan chloidheamh gan pinnse chleachtadar
d'imthigh a mbrígh is tá an croidhe dá ghreada aca.



Do fríth an uain, monuar, bo dheacair sin
ar an druing gan iocht do scrios is d'argain
clanna Gaedhal a hÉirinn airgthe
le meastar gurab oighreacht deimhin dá gclannaibh sin.



Tug a n-éitheach, bréag a mbaramhail,
ní bhiaidh an fód sa Fódla ag fanatics
i n-imirt na lann fuil chreabhair níor chailleadar
sa gceart ar Éirinn féach ar baillechrith.



Fearta mhic dé nach éasca d'fhearadar
re linn tSéamuis réalta ós flaitheasaibh
a n-uraidh dá leadhbadh Tadhg ag fanatic
eisean a mbliadhna ag stialladh an phlaice aige.


L. 100


d'éis transplant is gach feall dár cheapadar
d'éis transport na seol tar fairge
go hiaith Jamaica an méid gur scaipeadar
don Fhrainnc don Spáinn is gach áit a ndeachadar.



Idir thuaith is chléir gach aon don aicme sin
na ndéithe bhfallsa dream an mhearbhail
lán do phoimp do shíoda is d'airgead
sgan aca go deimhin ar Thadhg meas madra.



Och mo léansa d'éis a bhfacamar
d'éis léirscrios na nGaedheal sa mbeatha aca
d'éis gan chúis gan chionnta ar chreachadar
lucht an chaim an fhill san anachirt.



d'éis na líne rinn gur ghearradar
d'éis ar mhíltibh dhinn gur fhealladar
d'éis go ruaidhteach Tuadhmhumhan gur chartadar
ár n-uaisle gan chuallacht gan airgiod.



A n-airm le chéile d'éis gur leagadar
's i n-oiléan Spíc na mílte i gcarcair ann
uireasba bídh is dighe agus leapa orra
ag feithiomh re triall go hiaith nach feadadar.


L. 102


D'éis an mhéid nár ghéill dá n-aitheantaibh
go raibh a gcroidhe sa gcinn ar sparra aca
san méid dá bpór ba chródha i n-aigne
gur cuireadh chum báis go gránda an ghasradh.



D'éis ar chroch an plot dár n-eaglais
is d'éis gur éag na céadta i nglasaibh ris
sa raibh go doimhin i seighil gach baile aca
sa raibh san túr i Lonndain ceangailte.



D'éis Titus Oates fuair ór is airgead
nár stán ón éitheach céimbocht damanta
d'éis an phríomhfháidh is díoghbháil fhada sin
d'fhulaing gan chóir mac Móire dhearbhadh air.



San t-easpog Craobhach dá dhaora i n-anacheart
gur thuit an chúirt dar liom is fearta sin
noch tug sómpla dhóibh go heaglach
do chuir na dtocht na hInformers mhalluighthe.



D'éis gach méara chéirde ceachartha
gan bheann ar cheart acht neart is ainbhreath
gan focal san dlighe is nach scríobhfadh ainm duit
adubhairt Téigs is Diarmaids riamh go tarcuisneach.


L. 104


Is iomdha Diarmaid ciallmhar ceannasach
is iomdha Tadhg go meidhreach meanmnach
i gcrích Éibhir budh tréan san mhachaire
na gaill gé d'fhuathuigh buan a n-ainm sin.



D'éis gach dúbailt úis lear tachtadh sinn
gach Assizes dár leadhbadh i n-anabhroid
fá thonn ag ól nár leor gan bhreaba aca
is finné air súd díbh Múscraoi is Cairbre.



A cháirde chroidhe d'éis mhílte chailleamhain
screadaim go dian ar dhia sna flaitheasaibh
ag breith buidheachais gach lae gan dearmad
gur re linn an ríogh so mhaireamar.



Naoimh is fáidhe a lán do tharrangair
go bhfaghadh Éire cabhair san am do ghealladar
do t'fheartaibhsi a Chríost le guidhe do bhanaltrann
tiucfa i gcrích gach ní do mheasadar.



Sin é táinig slán tar fairge
an Talbóideach cródha calma
le comhachta an ríogh sgach slighe na dtaitneann ris
biaidh gach ní aige scaoilte is ceangailte.


L. 106


Ar mh'fhocal gur bé si an spré do tharrangair
Pádraig naomhtha is léighidh na bheatha sin
d'adhanfadh tuaidh i dtuaisceart Bhanbha
chuirfeas go dílinn soillse ar lasa againn.



Fóirfidh Éire féach ó dheacairbhroid
mar do rin Tuathal teachtmhar ceannasach
mar do rin Ceallachán leanbh breágh Chaisil Chuirc
is mar do rin Brian i ngliaidh Chluan' tairbh thoir.



Laoch mar Fhionn i dtúis na sparrainne
mar Gholl mac Móirne i ngleo le calmacht
nó mar Oscar badh churata i gcathaibh cnuic
Tyrconnell na lann mo bhall dearg sa.



Léig slán a thighearna an fhian so i n-armaibh
Saorbhreathach gléigheal éachtach an Carrathach
Donnchadh an chúil atá dúthchas feardha ann
sa mbráthair Sur Seaghán an Gearaltach.


L. 108


A óga do phórfhuil na Banbha
atá gan bhréig do phréamhfhuil cheathrair
síol Éibhir is Éireamhóin acfuinnigh
sliocht Íthe agus Ír badh fearadha.



Agus gach aon is Éireannach dearbhtha
is tá gan cheist don chreidiomh chatoilce
d'éis gur scannradh fann bhar n-aithreacha
atá dia buidheach don líon so mhaireann díobh.



Le heagla dé bídh déirceach carthannach
is gan dearmad déinidh réir na n-aitheanta
seachnaidh póit is móide is eascaine
is "God damn" go héag do bhar mbéal ná labharaidh.



Guidhidh le Séamus réaltann bheannuighthe
tug soillse ar gach taoibh don fhairge
guidhidh arís sliocht díleas feardha air
do dhéana díon don chrích si is tarmonn.



d'éis bhar ríogh chirt guidhidh gan mhearbhal
Tyrconnell bheith buan san ruaig ar dhanaraibh
an té do ghlan Fódla ó cheo só scamalaibh
a shláinte i ndíoghrais díogaidh eadraibh.


L. 110


Ólaidh sláinte mná nach ceachardha
Cáitríona is dar linn ní peacadh sin
bárr na foidhne is deimhin gurab aicisi
tar gach banríoghain do dheallruigheadh eaglais.



Ólaidh sláinte Mháire an mhallaroisc
ó Mhódéna craobh don ailm ghlain
siur an phápa an chráibhtheach almsach
banríoghain diadha chiallmhar charthannach.



Sláinte an phápa a ghrádh ná seachnaidh
bheith dá hól gan phóit go measardha
is gibé Whig ar bith do chasfa ribh
Kick nó dhó iona thóin go mbramasan.



Déinidh rinnce is bídh go meanmnach
is teinte cnámh ó shráid go falla agaibh
ní nár síleadh tríd gach sparra libh
rinnce an chloidhimh is rinnce an ghadaraigh.



A ghallbhuidhean lear meabhruigheadh ár gcrochadh gan chóir
is tug clann Mhíleadh fannbhrígheach gan chothrom gan stór
do reamhruigheadh le teann bídh i bhflocas le póit
bramfaidhe ag Mac Amhlaoibh i gCorcaigh san phórt.


L. 112


B 1688 17D
UIM ÚR EOLAIS AN SCEOIL SE.



Uim úr eolais an sceoil se thig i dtír
i bhfonn Fódla le seoladh an spioraid naoimh
do lúith glóire na fóirne is finne tríd
mo liugh leosan mar Mhóir san gcistin bíth.



Is dú domhsa dá mbrón i n-iorradh chaoi
ag scrúdadh eolchuire a n-órd sa n-ursan ngroidhe
is púnc fórsa dá ró gan chur i suim
a gcúm códa nár óbair cuisle ár gcinn.



Is iomdha órlach dom thóraibh duibh is pinn
d'ionnsa óirligh na n-óg sa i n-inis Chuinn
an rún cóigle is tar leor a lusaid d'fhighe
gan fiu óisce dá lóich sin uile linn.



Múchna óirne nach mó dhuit duille crainn
riu breoidhte me i ndeoidh mo ruisc do shnighe
cúis tsóchais ní dóith im ghoire i gclí
an prionnsa óg sa mun dtóga an tubaist diom.


L. 114


NA DRONGA SIN D'IOMPUIGH CÚL.



Na dronga sin d'iompuigh cúl re creasaibh córa
is d'imir a bprionnsa ar chúntus airmdheoraidh
budh ionann dar liom a gcúrsa i searbhghlórthaibh
is cumasc na dtrúp uim thúr na Baibiolóine.


L. 116


B 1689 17D
I N-ÁIT AN MHAGAIDH SI.



I n-áit an mhagaidhsi i n-aitreabhaibh gall do bhá
an tráth do mheasadar ceangailte ceann ár stáit
a cháirde is altuighthe i gclasaibh ár gceall go bráth
fás a n-atuirse uim atharrach anntrumáin.



An táin le heachra ghairbh do gheall ár n-ár
is d'fhág ár marcraidh thana go tannda tláth
is feárrde m'acfuing ar mharthain i n-annriocht spás
mar táid a gcapaill ag fearaibh an amparráin.


L. 118


An lá do baineadh le Flathartach rannc do Ráif
dob ádhbhal machtnamh gach meangaire i dteannta atá
ámh ní fhacadar attomh badh damhna cáis
go lá na gcapall do chartadh le hAnnrachán.



Ó ráinig sealbh a n-arm gan amhras dáibh
ón dtáin do bhagair a marbhadh a gclann sa mná
sgur árduigh feargain cealg is canntlamh cáich
ní fábhar cneasta bheith sleamhain re seannlomán.



Níor thárrthuigh beatha don aicme si acht neanntanán
lán do lasair chum cascartha ár gceannrachán
má táid a dtrealmha gaisce don bhann sa i láimh
ní cáir an taca sa a n-aisiog dar leamsa ar áis.



Re cáil mo charad nach deacair go meallfaidh tlás
dá ndeárnaidh Sacsanaigh sleachtaireacht bhannda bhláth
ní tráth lucht fala do threalamhadh am an áigh
sa lán i n-easbaidh nach eagal a bhfeall go bráth.



I ndáil an chatha sa thairgid clann ghuirt Fáil
i gcás a n-eagailsi a bhfearann sa bhfannlarán
go n-ádhbhacht adamair d'fheabhus a lann sa lámh
an báire leanfaid le cargadh crann is cnámh.


L. 120


I ndásacht deabhtha dá ndeachaidh tar cheann an cháis
an dáimh le gallaibh do craipileadh treall i dtáimh
a ghrásaigh neartuigh a n-acfuinn sa n-annsa ghnáth
go bhfághaid ceannas a dtailimh sa dteampall slán.



An dáil si a dhé le céilibh chríche Chuinn
sgach dáil dá héis go n-éirghe a rí na ríogh
a n-áireamh éacht ná léigsi i n-ísle bhrígh
na n-áitibh féin fá scéimh arís go suidhid. Amen.



ÓS ANFADH A MBLIADHNA.



Ós anfadh a mbliadhna d'fhiannaibh einge Fhéidhlim
is bagar na scian gach dia ar a muinéalaibh
is mairg nach fiadaid triaithe chloinne Éibhir
aithris ar riaghail Bhriain mhic Cinnéide.


L. 122


Fear ragairne is riain nach iarradh minéanlaith
snach seachnadh triall i sliabh si ndroibhéalaibh
lucht fala na dtrias ní bhiadh na mhainéaraibh
sní ainiceadh tia sa mhian go huilc d'Éirinn.



Ag taistiol na dtrian i ndiaidh a chirtéilimh
fear cabhartha Cliach do bhiathadh braintréada
ní ghabhadh dá riar mar ghiallaibh buinréidhtigh
acht pearsana triath is iad i nguirtghéibhinn.



Mádh anbhfann liath gan riachtain coiscéime
nó amal gan chiall sa chiach dár gcinéalaibh
do chneadfadh i gcian fá dhianaibh doimhéine
badh dhealg na chliabh gach liach dá n-uichtghéimnigh.



Níor mheasa leis fiabhras diachrach duibhfhéithe
ina aice do thiacht náid liacha a leithéide
do leagadh a lia sa liag uim choiléaraibh
na ngarbh do phianadh iad re foiréigean.



Fear faire na gcliar is cliath a gcoimhéadta
is fear scartha a sciath re niadhaibh Noirbhéige
uim threalamhaibh gliaidh san fiach ag fuilghréachaigh
a mhealladh níor fiadadh riamh le billéadaibh.


L. 124


Re tathfan ar iadhadh san iaith si i gcroibhéalaibh
is re teascadh ar thriall a hiathaibh imchéine
uim Bhanbha a mbliadhna ós bliadhain bruithéirligh
is mairg gan chliaith mar Bhrian mac Cinnéide.



Ó d'imthigh an Bóirmheach mór do chumhduigheadh cliar
sdo bhriseadh tar bóchna an bród le mbrúidhtí iad
re fulang an ghleo sa i ndóchum cúigídhe an tia
ceannurraid ár slógh san gcóir go stiuruighe dia.



GO LUAIMNEACH AG RUATHAR.



Go luaimneach ag ruathar ón Máigh go Bóinn
sag fuanscar fá chuan chloinne Mhághach mhóir
badh uamhan ar fuaid oirear Phárthalóin
nach suanaid i dTuadhmhumhain ó dTáil sa shlóigh.


L. 126


B 1690 17D
CAITHRÉIM THAIDHG.



A mhic uí Dhálaigh is sásta an bheatha dhuit
beith is breith ar reic na haiste sin
fhoillsigheas gur díomhaoin bheith dearbhtha
do bheartaibh saobha an tsaoghail mhalartaigh.


L. 128


Beart díobh nár bhreathnuigheas ó baisteadh me
is mó do thógaibh ceo dom aigne
is tug mo dhúil óm dhúthchas anmhain
ná suim céille an scéil do chanaise.



Go bhfuil rí dá ríribh againne
dobheir fáilte is fál dár sagartaibh
is d'éis ar fhoidhnigh Tadhg do tharcuisne
go bhfuil fórsa pórt is bailte aige.



Ní do bhreoghoin Seon is atharrach
Tadhg ón sliabh do thiacht san ngradam san
fear "Cia súd" i gcúram ragairne
is fear "Who's there" na shéithleach airgthe.



D'éis a ndeárna Ráif do radaireacht
féach a chloidheamh sa phíce ag Flaithbheartach
fós na céadta réad nach taitneann ris
bandailiar ag triall chum aifrinn.



Is olc an comhartha leo dom bharamhail
Tadhg Aindrias is Diarmaid eatorra
Donnchadh Bóirne is Domhnall baiscineach
Fear-feadha Fiachra Cian is Cairbre.


L. 130


Amhlaoibh fá bhandaoibh go bachallach
Maoghnas fán scéimh sin is Mleachlainn
Art mac Connrach Connla is Cathbharra
Mac Cána agus Rághnall mac Samhairle.



Cuid dá ranncaibh Flann is Fearadhach
is Muireadhach ó Duibhdhiorma an scafaire
bíth a séis le chéile ag reacaireacht
i gcanmhain nach taigiuir le Sacsanaibh.



I dtigh na gárda is gnáth gér bh'annamh san
sórdán nach sólás le geamaraibh
fianuigheacht ar fhialríoghraidh Banbha
píp trí mbeann is damhsa an ghadaraigh.



Is róshámh le crónán uí Rathaile
Brian ó Dúbhda is trúmpa baice aige
mac Saidhbhe óige i gcóta dathannach
is mac "Stand off" i gcor na fallainge.



Mac Órlaithe móire is Mhangartaigh
mac Murrainne is Tumaltaigh uí Shlatara
mac Méidhbhe is Féidhlimthe uí Chathasaigh
ag coimhéad cuanta is gual ar gheadfaraibh.


L. 132


Niocalás go harmálta is Alastrom
Tuathal is Maolruadhna ua Cearbhaill
Cathaoir na chaptaoin go calma
is meirge an tsluaigh ar ghualainn Ghearaltaigh.



Conchubhar go sturramhail sa bhaiginet
glún re glún is Conn mac Calabhaigh
Corcarán ó Conalláin sa halabart
ag ceartughadh a gcrobh sa gcos chum caismearta.



An uair is léir a léibhionn eagartha
do bhrígh nach stánaid cnámha an chreagaire
adeir Niall óg re Seoirse "Seachain me,
Advance your pike, léig Tadhg fairiomsa.



"Is é féin lúbfas liom go hathchumair
is é is áille sis áirde meanmain
is é is treise lámh sis feárr agallamh
is é dom fhuascailt bhuailfeas cnagbhuille."



Tug a nglórsan breoidhteacht aigeanta
is géire goimh dár ghoin do ghalaraibh
tug sé Píotar claoidhte i bpairithis
is Róibín mar fhóiscín ar baillechrith.


L. 134


Siud Síomon ag síorchur allais de
sdá mhúchadh i bhfionntar a thachtuighthe
aicíd tuill is taoibh is teangan air
d'eagla an fhódáin fós nár scaradh ris.



Nár fhágha i sáiste ná i seamaraibh
i gcórrshliabh i nglóiriam ná i ngarbhlus
tar gach gné do phéin an phlacaire
faosamh ón saoth sin go searga.



A bhuidhe re dia atáid triatha Carrathach
Clanna Táil is ársaidh Gearaltach
Clanna Néill is Chéin is Charoluis
i gcóir an daoiste mhaoil ó Bhearabhuic.



Atá iona chóir sis cóir nach anabhfann
baránta ceannárd an chatha sin
fear ionaid an ríogh sgo dtí a thapa leis
Risteard Talbóid anamhóin eachtrann.



Bíth gur láidir mála an mhangaire
sa bhócáil ó bhótháin a reachtaire
mar ionncam a fonn na bhfearachon
caillfidh stól i ndeoidh an allais sin.



Is mór an greann más greann bheith gangaideach
ealaidhe na bpeataoi se im aice si
ó chuaidh dhíobh an ní do mheasadar
is ceannsa a gcluain re cuan mo charadsa.


L. 136


Bíth go mbuailid suas a mbladaireacht
ar an droing do shaoilsead d'argain
d'éis a bpógtha leo mar leanbhaibh
is cráidhte bhíd nuair chíd a mbaiceanna.



Is bíth gurab álainn árd na pearsana
tug mo thréinrí féin faoi armaibh
gráin ar Ghúidí súd í ag sceatharaigh
an fhuarchrácach d'uathbhás a bhfaicsiona.



Is suaill nach téid a mbéithe bairrfhionna
dá mbáthadh le dásacht anfaidh
an uair éistid le haos na faire amuigh
sórdán gach ceoláin nár chleachtadar.



Nár luighe súil an chrunnca chaimearthaigh
ná súil mhádam lán do mhaigeannaibh
ná súil éilnidhigh d'aondroing acasan
ar an gconnlán gcompán gcarad sin.



Dá bhfuabra fuargaire smeartha aco
droichbhéal ná roiscbhéim dár bhfearaibhne
nimh a shúl i rumpa an fhachmairne
is goimh a ghlóir na scórnaigh ghairbh sin.



Tug an roth so cor nach facadar
i n-aimsir Oates mhórtaigh mhalluighthe
tug mo chnú san Chúm na chaithbhile
is Piarus gléigheal tréan i gCathair Luirc.


L. 138


A ndíbirt gé saoileadh an taca sin
le méirleachaibh éithigh allachon
altughadh re gealchumthach parrathais
mar atáid slán sa námha i n-acharann.



Atáid ár n-úird re trú gan taise ar bith
is Tony cam gan teann i gcaibidil
taoisigh an mhilísia mheasardha
san Popish Plot na loch amuisce.



Féach an bráthair beárrtha i mainistir
san méara ag géilleadh dá aitheantaibh
húda cóirne is bróga maide uime
san giuistís ag lútaoil go talamh dho.



A rí do chruthuigh muir is machaire
buanuigh gan uamhan gan anachuinn
an té fád bhrígh doghnídh na fearta so
Séamus mac Séarluis ó Albain -



Áirdrí nach sáiríseal seanachas
cnú na gcliar is cliath ár gcabhartha
fíorGhaoidheal do ríoghchraoibh ár gCaisilne
is Franncach do plandadh ó Pharamond.


L. 140


Géiritche ár naomh is ár n-eagailsi
d'aonghuith ár dtréan is ár n-anabhfann
a dhé dhil is féile ná an fearannghort
éidigh an té sin gan dearamad.



A fhir do thionnscain túis na seanma
is binne fuaim dá gcualadh i gcallaireacht
más Dálach nó Cárthach is ainm dhuit
scaoilimsi an scríob sin ar haithris.



A dhé dhil ón Éigipt tug Maoise is cách
gan méarfhliuchadh aonduine tríd an sál
léigsi gan éalaing sa naimhde ar lár
Séamus mac Séarluis dá mhuinntir slán.



Na bearta sin do mhalartuigh an saoghal clis
gan aireachtain go hathchumair le braon dod chith
athchuingim ort a fhairge na daonnachta
go ndeachaidh sin chum maitheasa na n-Éireannach.



B 1691c 17D
GÉ d'FHÁSADAR TÁIMHFHIR.



Gé d'fhásadar táimhfhir na tairbhfheola
re ládus a chárta go hanamhóineach
dar Pádraig is feárr liom ná an seanachóta
'na shláinte mar tháinig an Talabóideach.


L. 142


CAITHRÉIM PHÁDRAIG SÁIRSÉAL.



B 1725 18T
U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha



Dáibhidh ó Bruadair cct. don iarla ó Lúcan .i. an Sáirséalach, an
uair do chuir sé ruaig ar Ghallaibh agus do raob sé an chanóin mhór do bhí
aco do thabhairt ó Bhaile átha Cliath do ghabháil Luimnighe i
mBaile an Fhaoitigh i gcondae Luimnighe do rinneadh an gníomh sa lear
fóireadh mórán d'uaislibh Gaodhal.



B 1691 17D
U Dáibhidh Ó Bruadair



A rí na cruinne do rín ise
sgach ní uirthe atá déanta
fuascail Fódla a guais an ghleo sa
is fuaigh a fóirne i ngrádh a chéile
ó chuaidh sisi i n-uathadh oide
sgan luach uibhe a hárdghréasaibh
creanfad féin re cantain réada
ar sreangaibh saora sráidéigse.



Bíth nár mheasas choidhche tafan
laoich i rannaibh ráifléise
d'éis ar chumas d'éigse ghliogair
don tréad tug mo rádh bréagach
do mhéin ghealghníomh an té leasuigheas
gné dá bhfaillíth fáirscéithfead
bonn a mbraithim sonn ar m'aire
lonnradh teasta an tSáirséalaigh.


L. 144


A fhianna fuinidh iarraim itche
gan triall rinne ránéadmhar
ní trom thograim acht fonn formaid
do bhroghadh oraibh re na árdtréithibh
ní mó scuchaim do chóir churaidh
d'fheoil ná d'fhionna bárdéise
acht a cheartchéim do gach macaomh
mar deir cairtréim láir léaxa.



Ní cúis aithfir ós liom scagtha
na bhfonn seacham d'fháthféaghain
san chnú thoghaim a chlú d'fhoscailt
ní fiu an obair fáilchéadfaidh
an té thuilleas doghéabha ionad
i ngréas file is feárr féithe
san té nach músclaim ní hé a ionnloc
is méan liom i gcách d'éiliomh.



Fál bhfear n-anabhfann d'fhás dár n-anacal
mál is cathbhile cáirbhéasach
taoscach trúpach laomdha lonnghart
laochda lúthmhar lántréidhtheach
ursa chródha bhruthmhar bheodha
chuireas deoraidh fá ghéilleadh
an t-iarla ó Lúcan dia dá chumhdach
triath is iomdha láimhéachta.


L. 146


Foshlat uasal fhoirtil fhuadrach
chorpgheal chuanna cháidhchéibhfhionn
is Oscar nimhneach coscrach cíocrach
olcach íotmhar lá an éirligh
sirtheach siubhlach bhriseas dúinte
is chluitheas trúip mar ár sléibhe
is chartas chuige d'aithle an chluiche
creacha dubha is bántréada.



Re fíoch mborbchon chríche Lochlann
gríobh is onchonta áithbhéime
an buinne bríoghmhar ionnas taoide
tuinne díleann áibhéise
seinnid suaircfhir einge Thuathail
i gcruith uama i bpárdhréachtaibh
gur mion námhaid i ngoil ghnáthaigh
fá ghoimh ghránna an stáidphéarla.



An tuile liag sa i n-inis Fhiachach
minic riamh do bághadh léise
lucht a súird do chur ar gcúl
mar ritheas cúrsa an mháil chéadna
blogh dá aistear i modh staire
go bog blasta bráisléadach
i ndiaidh an tuile fiadfaid filidh
géadh mian linne á dtrácht fé sin.


L. 148


Lá dár thionóil áirsidh Holóint
lán na nglanród bhfásghéagach
ní nach casmhail go mbí ar seachmail
a chruinn chairte ag fáthchléircibh
amhail tugsan ceapadh an chunnaidh
ar na drongaibh dánghéara
do thadhaill iomlat aidhme is ionamhais
le haghaidh Luimnigh d'árchéasadh.



An tan do thiomsuigh pearsa an phrionnsa
neart a thrúip is a áirnéise
timchioll innill innsi Sionna
is Muimhnigh uile fá mhéala
níor fhág búmba ná bád úmha
ná bánbhonn dá bprásghréithibh
i mBaile an Fhaoitigh gan a scaoileadh
mar ghal choinnle i ndáil spéire.



Do shúil nach críonfa clú na scríbe
fúigfead fillte i bpáipéaraibh
tuairim aithne ar uair na faille
fuair an seabhac slánéascaidh
sé chéad fóghmhar míle is nóchad
aois nach ónna táthéifeacht
bliadhna an choimhdhe d'fhiad san aoine
pian is a innsin nách éidir.


L. 150


Is cráidhte liomsa i dtráith a hionnraidh
nach don Mhumhain bhárrléith si
an dragan dána data dáilteach
chleachtas fál a ghnáthchéile
bíth go mairid taoisigh againn
dhíolfas fala lá éigin
go fóill is eision eo gan eitim
tóir is deise tráibhléireacht.



Téid ar uairibh go Maon Uadha
's doghné buaidhreadh áibhéiseach
do na béinibh thuigeas Pléimis
cine is méithe máirnéalaigh
síos go Biorra bíth an bile
chíoras cuirp tar fál scéithe
is fós uim Bheannchair fógraidh anafadh
ar bhródaibh danardha is stáidéataibh.



Doghní ró fhoghla san gcóige Olltaigh
an breo bronntach bláthstéadach
ar an droing tar sruith na Maoile
tug a maoin i máilléadaibh
doghní úrthach ar chloinn Úgha
crainn tug cúl re cáin chléire
is bíd Heilbhéisigh ó na laochghoil
dreoidhte ag daol na ngáipéaraibh.


L. 152


Uim ghealMhuaidh chluinim marcshluagh an bhile
neamhfhuath linne a mbáistéireacht
go mbíd ar eachaibh oidhche sheaca
sgan suim aco i gcáipéisibh
minic maighre an chuire thaidhbhsigh
soir uim fhaighribh cláir Éile
ag scannradh a bhíodhbhadh am nach saoilid
go seang síleach sárghléasta.



A dhé nach iadsan san té riaraid
théid san rian so ag áibhéireacht
go Cill na mBallach taoibh re gallaibh
bhíos ar lasadh láimh réisi
ar chaoi nach biainnsi i ndraoib dom chiapadh
ar díbirt siar go bárr Féile
d'uath na Suiseach ngruama ngiortach
ruaigeas mise fá shléibhtibh.



Is é nach maireann géag don ghaisceadh
céile Chaisil cháiréisigh
is gan é linne mac Bé binne
d'fhear fé bhuinne dáinmhéirligh
ó dochuadar leoghain luatha
an fhóid si d'fhuascladh a hárdghéibhionn
Pádraig posta an láir do loscadh
lámh na gcoscar gcnámhchréachtach.


L. 154


Tiocfa an féinnidh fiuchar fréimhghlic
go na réim go ráipéaraibh
tar tuinn tSionna mar chaoir theine
is tar Daoil ghuirm ghnáthéignigh
mar dhuais domhsa san gcuaird gceoil si
is mar chuan sceoil dár mnáibh aosta
ruaigfe Ciorcam uainn is a fhuireann
suas go Muileann Bháitéaraigh.



Suan san áit sin ní dual dáibhsin
ó chruas láimhe an bhárrléidmhigh
cuirfidh treasa tiugha teanna
ghinfeas gleaca is gráinghréacha
bhéaras feolmhach bréan ar bhóithribh
d'éanaibh fhógras táimhnéala
is cuirfe ar druimrith bun a bhíodhbhadh
chum a loingsi lánchéasta.



Ó d'imthigh a ndeachaidh do chathbhilibh chláir Fhéidhlim
dob iomarcach acfaing dá chasnamh ar chás éigin
tar iomad a bhfaicim ar ghallaibh ag táithéiliomh
mo churadh chum seasaimh na seanma an Sáirséalach.



Buinne mar chlaisim gan fhachall gan fhásbhréithre
gan mhustar gan mheabhal gan mhairg re hárghréachaibh
is gloinide gradam an ghalata ghnáithéachtaigh
mar chrithid fir Shaxan re n-a ainm i dtáimhéagaibh.


L. 156


Géadh innill a thaisteal gach seachtmhain gan sámhfhaosamh
ag sioscadh bhfear bhfala go calma cnámhlaochda
is usaide a ghlacadh mar thaca re hárdshaothar
nach cluintear a thaise re gairbhe a ngráinfhaobhair.



Urrann dá allamh an aicme re dtá fraochda
nach tuigid a bhearta geadh fealata a bhfátha aosta
bíth lonnas a ghlaice dá n-athchumadh i n-áth bhaoghail
san ionamhaidh aco nach meastar go mbá daonna.



Chum Luimnigh d'argain d'fhearadar dáimh chraosach
nithe sa samhail nár feasadh le Gáidéalaibh
na dronga ba marbh ar maidin i bhfánraonaibh
sa n-iongantas trealamha ón leadarthach lánraobtha.



Ursa nach caigil a chalann ar cháschréachtaibh
snach sireann le seascaireacht tartha ná tláithéanlaith
fuilingtheach ragairne is aistir i n-árdspéirling
ionnas an fhlatha tug lagsaine lá d'Éirinn.



Ní hiomadh ní fala ní bagar ní báidh bréige
ní cumha ní caradas ceangail tar árdghaolaibh
tug cumadh na haiste si ar m'aire ná grádh éinnith
acht tuilleamh na pearsan nach feaca acht a scáth ghréine.


L. 158


ÓN DTALAMH SIN.



Ón dtalamh sin do chleachtasa smo shinnsear rómham
pearsa aco ní leanann me ná dís don phór
tarrangaireacht dearbhtha doghnímsi dhóibh
go mbiaid Sacsanaigh dá dtreascairtsin arís go fóill.



B 1817ls 19T
U Eoghan Tóibín



an gearán do chuir sé chum Dáibhidh uí Bhruadair nár lean duine dá
chomhgus é ar ndul tar sáile dho, Ochtimbear 1691.


L. 160


B 1691 17D
U Dáibhidh Ó Bruadair



A CHAITHBHILE DÁR THAIRGEAS.



A chaithbhile dár thairgeasa díogras mhór
is caradas nár chealgach ó chroidhe gan ghó
géar neamhthusach re sealad libh mo ghnaoi is mo ghlór
is mairg liom lead athardha do dhruim ar bórd.



Is dearbhtha mo scaradh ribh ós críoch don ghleo
tréar mheasas do bheith ceannasach ream thaoibh san bhfód
bhar sparrainnsi gom aite liom ná caoineas cló
na haicme sin fá gcaithfeamne bheith mín go fóill.


L. 162


An ealbha dá ndeachaidh dul id shlighe chum seoil
sdo leanamhan i n-anachainn mádh thríd a dtreoir
don ragairne do chleachtadar san aois dochóidh
atá aireachtain i n-aigeantaibh na ndaoine fós.



San smalaraic do leathanuigh uim chrích an cheo
strapaireacht ní abaraimsi acht íodhbairt bó
an gheallamhain ar mhaithmheachas do fríth libh dhóibh
fa deara dhuit gan scafaireacht na buidhne id ród.



Is mascalach ar margadh dochímsi an chóip
lear hairgeadh na Sacsanaigh gan dlighe gan chóir
Is anaireach re seanachas dá síne Seon
go bhfuighe fairbre san airtiogal nár líonadh fós.



Ó d'eascaras gan airgiod gan inntliomh óir
ná acfuing dul ar eachtra le cloidheamh im dhóid
athchuingim ar charthanacht an choimhdhe chóir
gan bhascadh ar bith go dtagairsi don chrích se beo.



Ó cheapadar cionta cloinne ádhbhaidh Chuinn
tarraing na cuinge is truime d'fhás i gcoill
is mairg nach fuil ag dul i dtráth dar linn
tar fairge libh ó bhruid an bhráca thruim.


L. 164


AN LONGBHRISEADH.



B 1702c 18T
U Eoghan Ó Caoimh



An longbhriseadh. Dáibhidh ó Bruadair cct. ar Éirinn dona Anno
Domini 1691 amhail dorónsad peacadha a cloinne féin longar langar
d'Éirinn san mbliadhain sin.



B 1806c 19T
U Anaithnid
longar langar Éireann agus Dáibhidh ó Bruadair cct.



B 1691c 17D
U Dáibhidh Ó Bruadair



Le ciontaibh na healta ag ar dalladh a gcluastuigse
le friotal a leasa tan tairgthe a dtuaslaigthe
fá mhionnaibh an leabhair dá leamhainn ní uamhan dam
an tuireamh so ar m'aire gur searbh an duanaireacht.



Innmhe ag gallaibh ní machtnamh dom thuairimsi
is cunnail a gcaingean sa gcaradas buan gan scur
ní hionann is clanna na n-ainnear ór ghluaiseasa
do rithfeadh a gceangal go rantaibh le ruainne fuilt.



Ní hiongnadh Banbha meascuighthe an uama chuil
do thuitim san aindeise i gceanaibh a cuallachta
sar chisigh dá cathaibh ag casadh re cruadhtanaibh
dá ciorrbhadh gan fhios ag gangaid mar fuarasa.


L. 166


Dá gcurthar i bpratainn gan fhala gan uallchubhar
an siosma sar chreanadar maithe ghuirt Nuadhat ris
dar linne ní peacadh a chur deachtuighthe i nduanaire
nach oirbheart meathach an margadh fuaradar.



Ní hionann is agalladh an amail san fhuargaire
chuimileas teanga do chneasaibh ár dtuailgineach
d'ionmhas Sacsan is d'arm seacht sluaghphobal
is curata an seasamh le ar bheanadar duais ar bith.



Gé cuireadh i gcarcair na cathurraidh fhuadracha
is tuirm gach treasa ar a marbhadh ag bruachaireacht
d'fhuinniomh a n-eagna is d'fheabhas a gcruaidhmhiotail
is iomdha anam a hanachuinn d'fhuascladar.



Gach goile nach bearbh na hairtiogail fhuarthainsi
do cineadh dá dtairbhe is d'fheartaibh an tualangthaigh
do lingfeadh a leathchumadh ar aithearrach uaigneasa
dá bhficeadh a bhfacasa dealbh ar buailteachas -



d'imircibh leanbh is mbanaltran mbuaidheartha
ó Sionainn go Leamhain fá ainimh ag ualfartaigh
gan siolla ar bith eatartha is rabharta an ruadhchoilg
acht inneamh an fheartaigh is faire na n-uasal sin.


L. 168


An conachlann cneasta lear leanadh an fuainniment
is d'fhuiling seach mannar i leargaibh luaimneacha
cumhtha gé gealladh don ghasraidh ghluair abhus
ní thuigim ó rantaibh gur leamhas a gcuairt tar muir.



Gach inchinn mheasardha mheasas gan truailleadh nith
fuireach fá bheannaibh an cheannais rug buadha an ghuirt
más iodhan do brathadh gan fairbre fuain go se
ní tulg ina fhallainn dom bharamhail stuadhadh anois.



Dronga do dheachaidh ní fheadar an gcualabhar
go humhal chum deabhtha san machaire ar mbualadh an druim
soineann a sealbh an sealad beag fuaradar
tug filleadh na bpearsan ó bhrataigh a mbuannaighthe.



I dtighthibh bhfear bhfala géar anaireach suan mar sin
siostaid gan airiochtain chneasuighthe an chuais tar goimh
ar ndruidim an deataigh na n-aice le fuaim an tsuis
longaraid langaraid scaipid mar scuaine trud.



Do lingeadar scata aco an dearg san uaine bhriosc
ó ionad na gleaca mo lasadh le buaibh chum cnuic
acht ionamhaidh eathlainne an treabhthaigh ar luas do dhul
badh cuma an fear grafaigh ar scathamh nó an scuabaire.




an lucht nár ghabh cumha acht an cás do leanamhain. an deaghlucht do
umhluigh fán smacht táinig et nár chaill ar chill ná ar charaid. an lucht
ag a raibh súil le tighearnas agus nár fhan dá sheasamh.


L. 170



Nuimhear na bhfreastalach sealgghlan suaimhneasach
nár chuidigh don chaismirt acht caitheamh a gcruach sa gcruidh
ionnas an achta lear tachtadh an t-uan gan choir
i gcoinnibh an chaise do shaladar uatha an sruith.



An nuimhear so chanaim nár shatail i gcuairshlighthibh
acht turadh agus treabhadh agus tabhairt gan fuath gan oil
a n-oineach don aicme níor tharmain luach an uibh
dorinneadh a gcreachadh sa gcearbadh ó bhuaic go bun.



An cuimreasc Caitcheann gá haisling ba uathmhaire
ná an cuthach re ndeachadar slapair na sluasaide
urba ar thalamh ba tarbh le tuata aco
nó urba ar athrach mun agaradh a fhuaith ar bhoin.



Cine na n-athach ó ghlacadar uallachas
muine ná macha níor dhaingean ar bhuanna aco
dá miongar is mairg nár smachtuigh na buaiciollaigh
sul d'imthigh a ndeachaidh dá ndeascaibh chum ruaidhteachais.



Dá gcuireadh an tseanabhean anairt a truaghchruite
fá bhonnaibh an easpuig nó i leabaidh an luaimh si thoir
ba cuma dhi gairbh na Breatan dá ruachtainsi
nó Cuireall ó Cara nó Cathal ó Cuallachtaigh.





na deaghdhaoine barántamhla biadhmhara bunáiteacha.


L. 172



Urraim an tsagairt fó thalamh do shuathadar
gé hongadh a bhathas i ngradamaibh uachtracha
strille na straipeann dá mbarradh uim stuacaire
do bhrisfeadh a phlatainn le bata na buannachta.



Is cuirbthe an chlagairt ar cheathraibh do thuargadar
muirear na meacan is banna na mbuanaidhthe
cuma ní fheadar bíodh aithfear ar bhuadhlannaibh
tuilleadh dá dteastas ní fada go luaidhfeadsa.



Ionamhaidh aistir ríogh Sacsan gan sluaghchumas
ó fhiuchadh na ndealbh dá ndeachaidh bheith stuama ris
uim ifearn adamair taca na huaire sin
do briseadh an balla le rabha na ruadhthuile.



Fán gcruinne do leathadar aingil na puathaise
ag sonnadh a leasa do sheachnadh ar uaibhreachaibh
turas do thairg mo ghalarsa guasachtach
sa uise do gabhadh san gcalaith si a gcluanaireacht.



An ruire gé radadh ar eachtra i n-uathadh stuic
is inneall a charad ó cheartas ar dtuathal ris
a grinnioll a thairisi ar fhearaibh na tuaime si
dochonnairc an easbaidh iona rabhadar uaidh anoir.


L. 174


An fuilingidh feardha d'aigne a bhfuaduighthe
ó chonafadh an cheatha do bhagair a luaithmhilleadh
tug iorradh agus airgead trealamha tuairgthe is fir
tar mongaibh an mhara sa phearsa agá mbuachailleacht.



Buirbe an cheatha an tan d'airg tar bruach a rith
is cuisle na Banbha i n-anafadh an fhuascalta
oiriseamh aga níor labhair an luamaire
gur scuireadh a scafa re sleasaibh an chuain go lucht.



Cuireas an caithbhile carthannach d'fhuaith an uilc
a itche agus a aitheanta measruighthe uaidh i gcrois
ag toirmeasc ragairne is reachta gach ruagaire
dár innill a thapa re hargain fhuainne an chirt.



I neithibh na cairte ní fhacadar fuairc ar bith
sní thugadar aire don ainm ór ghluaiseadar
géar mhiochair a theagasc don ealbha thuaisceartaigh
ó rusdam gach teallaigh níor anadar uair an chluig.



d'uireasbaidh ratha na dtabhartas nuachruthach
shileas an t-athair go macaibh na stuamachta
le fiuchaire a dtaistil tar creasaibh an dualgasa
do thuilleadar aithis mo mhairg is fuaradar.


L. 176


Níor fionnadh i stairibh na seanchadh suadhoilte
gur geineadh i dtalmhain amhail an chuaine si
buirb sa mbearta fá deara go truaillighthe
cur croiche i ngach baile inna seasamh mar shuaitheantas.



An fhuireann tug scannail sa samhail nach cualasa
d'fhuirm a reachta sdo tharcaisnigh a fhuagartha
ón dtuirigean dtreabhair lear fearadh anuas a bhfuil
is iongantach ghlacaid nach flaitheas a dtuarastal.



An cuire nach caigileadh calla ná cualaire
is d'imir a n-allamh ar achrann tuaiplise
ó ursain gach ana géadh maithmheach i gcruadhchoirthibh
ní thuigid lucht feasa gur taise do thuaradar.



I n-ionachlann airgthe an bhacaigh sa bhuachalla
giobal is eallaigh is arbha an truaigh do ghoid
i gcumann an chaile do charthain tar nuachar cnis
is iongnadh ar leacaibh gan tarraing a muanament.



Do thuireamh a gcaidirne gada agus fuadaigh si
le liostacht na haiste ní casmhail gur luath dham scur
i mionnaibh 's i n-eascaine ós arrachtaibh cuan is cnuc
mullach an tairnge is dearbh gur bhuaileadar.



Ar chiorruigh an t-arm i ndeabhaidh dár n-uasalaibh
sar cuireadh dár bhfearaibh chum fairge i bhfuarlongaibh
a bhfuilingid pearsana ár n-eaglaisi d'fhuacht amuich
is d'iomalat beatha na healta so anuas do thuit.


L. 178


Gé thugamar amas ar aithris go tuairmeach
na neithe tug easbaidh na n-airtiogal ruaigthe se
ice mo dhearmad fada go mbuailfinn sprioc
dochonnarc na garmain seacham gan ruaimneacha.



Innisidh falamh gach fairche fuanghlaise
go bhfuilid na hairm si ag tagra a dtruaghchrutha
gan tiomna an reachtaire d'eagair a n-uaim gan chiol
tugadh dá aire an té sheachmail san uain do dhligh.



Níl tuisle ná taitneamh fá ar scamaladh sluagh an phuirt
re tuilleadh agus ceathrachadh samhfhuin nár fuaigheasa
is mithid damh scaradh re seanmaibh suaracha
is nach ionamhas eatha ná eallaigh a luach dom thigh.



Cine mo charad dá measa gur gua mo ghuth
táid m'uilleanna is m'easna na dteastaibh le dua mo chruibh
tré thurrainn a ngradaim gé leathchiorruigh lua mo ruisc
ní shilfinn an dadamh dá rabhainn im chluanaire.



I gcuilithe a maise do mharthainn go buabhallach
gé chrithnigh mo mheanma tathamh a dtuarasca
culaith ná capall do rachmas an ruathair si
ná oiread an phaspuirt re breacadh ní fhuarasa.


L. 180


Sirim an chearrad lear ceapadh an chuach san chuil
san bile do cheannuigh le peannaid mo bhuain a bruid
spioraid an tseaca do bhearbhadh i bhfuarchroidhthibh
go dtuillid fir Bhanbha malairt na duaine si.



Gé shaoileas dá saoirse bheith seascair sódhail
im stíobhard ag saoi aco nó im ghearraphróbhost
ós críoch di mo stríocadh go seanabhrógaibh
fínis dom scríbhinn ar fhearaibh Fódla.



B 1692 17D
GEADH AINBHFIOSACH FEANNAIRE.



Geadh ainbhfiosach feannaire nár fhiar a ghlún
is nár anacail an eaglais ná an fialbhocht umhal
ag damnadh na n-airtiogal nár fiadadh dhúinn
go dearbhtha níl m'fheargsa re dia na ndúl.




acht beagán ar na ropairíbh fós.


L. 182



Acht machtnamhaim a charthanacht a chiall sa chonn
is adamhaim a thairisin gur thriall tar brú
is nach deargluisne lasarach ná dianchrith tonn
dár n-argain do gharbhchuir a mbliadhna fúinn.



Is barbardha bhagaras an stiallaire úd
chum aifrinn nach racha sin go liatha a chúl
ní taise dho le halmsa ní riarfa gnúis
fán lagsaine do leathchiorruigh a riaghail úird.



Ní haithreach leis a cheannaraic re triath na dtonn
dá seargann an fhairge le hiadhadh na súl
's is anait leis gan Banbha sa biadhtaigh sonn
ar baillechrith don eagla re siansa a ghlonn.



Géar chalma tar allamhuir na gliatha tiugha
do taraingeadh le ceartfhulang an tia dár mbrúith
ní Sacsanach ná ar cheangail ris do stiall ár dtrúip
acht anabhroic an deamhain sin re dia gan chúis.



Cúis tar lear do scaip ár saoithe uainne
sdo mhúch ar fhan fá shlait go fíorghruama
drong dár bhfearaibh seanga ar síorbhuaile
is drong re slad gan stad go místuama.



An longbhriseadh long sin tug dia na ngrás
tré chionntaibh an úghdair ar fiannaibh Fáil
mo mhionn ris ní thiubhrainn nach biadh i dtráith
cúntas bhar n-unfarta i gcian ar chách.


L. 184


Cách lear briseadh bun gach fialchána
sdo sháruigh buinne an chirt le fiarlámhach
do bheárnadh cuirp is cruidh an tia is tláithe
atáid anois fá scur go biaideánach.



Biaideán strapaire ó d'athruigh an coimhdhe a chás
a chliar ná leanfa ná a dteagasc arís go bráth
sa dhia cá haite dham aitheasc an scaoinnsi phláis
ná fiarán cailleach sa bhfearg re rígh na ngrás.



B 1692c 17D
DO CHEALG MO CHOM.



Do chealg mo chom go trom le haicídíbh
aistear na gcodhnach lonn do leasuigheadh sinn
snach faicim ar bonn san bhfonn do thathuighdís
gan easbaidh gan foghail acht moghaidh is maistínidhe.



IS DAMHNA CNEAD.



Is damhna cnead an bhreath so ar Éirinn oill
fá ghallsmacht bhfear tar lear dár chlaon a cuing
gan damhna flatha ag aitreabh scéimhe an fhuinn
acht clann fá seach do scar sa céile cuim.


L. 186


FÁILTE Í CHEALLAIGH.



Fáilte í Cheallaigh ria sur Séamus
sochraidh sinn re teacht an tréin
dá thoigh tar linn slán a Sacsaibh
mál nach slim do chasnaimh céim.



Céim do leasuigh reacht an ríghshéala
sdo léanuigh pratainn paca an bhríbhéara
an bhéim dár theasc an galghad gnímhéachtach
dréimre a dearc do chleas na craoisfhéinne.


L. 188


Féinnidh fromhtha nach tuar toibhéim
truagh a dhúithche is faoilidh fé
sonnach suairc nach dubh re deoraidh
ní tur an chuairt eolaigh é.



É go misnioch d'fhiort an athar neámhdha
d'éignigh fiucha ar fud a dheargnámhad
i ngléas gur scuch don mbith a dtarbh tána
sdá éis sin tric do sciob go baile an báire.



Báire sochlú rug an ruanaidh
rian a láimhe is buan ar bun
iomáin tug seal suain dá phrionnsa
gan fear smuail na chionnsa ag cur.



Cur scéimhe an tia so is triath do Choitreachaibh
fá néalaibh ciadh ní fhiadfaidh formadach
béine is cian san bhfiadh sa i gcothrom 's i gcion
fréamha fiala an iarla Lochlannaigh.



Loch nár traochadh tnúth na bhfealltach
iar n-éitteacht Chroim ceann gur bhéin
Séamus don líon do thriall tuile
gníomh tug miann an ruire réidh.



An ruire do réidh ó chéadchoin chuire na gcleas
tug ridireacht scéithe is déisceart einge don fhear
ionnus nach tréata méith ná miochaireacht breab
tug tideal don té acht géire a choilg i ngal.


L. 190


Galach re gríbh uan re hanbhfann
ursa laoich nach tais re treon
a ghnéithe is grian i gclú na gcuraidh
cnú na gcliar dán cubhaidh ceol.



Níl ceoloide córach ná eagarthach laoidhe
ó Eochaill go teorannaibh fairche Floinn
nach fógartha dhósan le fearsadaibh foinn
beotheacht an leoghain gan bhascadh tar toinn.



Tonn tug torchar cuain dá chaointreibh
i gcrích Barrach cóir a chlos
áineas oll re triall na toinne
tug niadh lonn re coille a cros.



An chros lear shín an coimhdhe cruthnaomhtha
a los ár snímhne a chlí gan chnisléine
gan lot i gcloinn i mnaoi ná i mainéaraibh
ar olc na gcríoch do dhídean mhic Éamoinn.



Do mhac Éamoinn is lámh leasa
lúb i séadaibh nach cuir cás
inghean an fhéil fhinn ó Lúghmhadh
fá chéibh chlaoin is úrghlan d'ás.


L. 192


D'ás an ionnraic umhal gan aimhréidhteach
go cráibhtheach ciuntais cumtha cainntchéillidh
d'fhás gach ciulghuth clú gan caill téide
san mbláithchnis mbúidh do chrú na bPlaingcéadach.



Éadrocht a gnúis seada a saorchom
suaimhneach silleadh a ruisc réidh
dlúithgheal a déad ceart a caolbhraoi
géag nár cheap re maolghnaoi a méin.



Méinghlaine an tséimhfhir gan tolg cháile
's ár bhfréamha dá chéile na bhforascháirdibh
a caomhchruth ream chéim chuige solas grádhmhar
do thréanuigh re Séamus mac Coitir m'fháilte.



Fáilte le fíorchumann uaimse
dom fhear aondúithche go mbáidh
carnaim gan charaid a mbliadhna
ó nach maraid fianna Fáil.



Fáilte óm chroidhe gan chlaoine coiscéime
i ndáil an laoich im ghuidhe nach sithléigim
ó chách gé taoim tar líne amuich tréimhse
níor fhág mo dhíogras tír mo bhuinphréimhe.


L. 194


B 1698ob 17D
IS URCHRA CLÉIBH.



Is urchra cléibh gan éigse chothrom ar bun
is fuireann gan scléip dobhéaradh oirthisi cion
tar imioll is méala spéir a crotha do dhul
sa bhfuilid gan ghléas gach ré ar a lorg a bhus.



Geadh trudaireacht gléir a bhféadaid forgla a bhfuil
ag spriongar re déanamh dréacht i bhfocalaibh Scuit
is fusaide féire i bhféith na fochaille fis
nach tuigthear acht sméirlis éigse i bhforba Chuirc.



Dá dtigeadh le héinneach gréas i gcosmhalacht chirt
i gcunnail i gcéim 's i réimibh scoile do chur
iar dtuireamh an scéil do adéaradh scoturra glic
ionnus a chéille air féin nach doirche Dutch.


L. 196


Ó d'imthigh a chléith dár ghéill an forus go fuin
sgur fileata an té nár léigh na gothara anois
ní chluinim re héirneadh éifeacht eotara thoir
is ridire réidh nach éarann othar ar bith.



Fuirgneamh cléire is bhféithleann bhforasta i bhfios
is tulaigh an tréada is tréithe d'fhortacht go huis
mádh sruthaire féasta an té nó rothaire ruisc
an bile sir Séamus saor mac Coitir a sprioc.



Bile nach tréigeann tréithe fortaile fir
bheith soineanda séimh re séimhe is borb re bruith
mar thuilleadh le héachtaibh léire a choilg sa chruibh
do chuidigh don fhéile réidhteach ochtair a bruid.



Adeir gliocas an tsaoghail cé gur doirbh an guith
gur buille don bhaosraidh réad do bhronnadh go briosc
acht tuigidh an taobhnocht fhéadas fothain a chnis
gur cuisle don déshearc daonnacht cothuighthe a chuirp.



Aon ní shileas ó shearc ndé
is mairg adeir gur duibhré
ní tuar tearc don té fhóireas
do shearc ndé ar a dhioróilibh.


L. 198


Na tréithfhir sin dréimeas re portaibh an phróis
nach léigid lucht béarla agus brothaill na gcóir
a dhé nimhe caomhain is cosain go deo
an té sin is aonursa chothuighthe dhóibh. Amen.



Siud fuighle nach saoilim gur dearbhtha an dáil
rúns caoilte na scríbheann sa ar leathadh mar táid
tonn dílinne ar líne san maide na láimh
d'fhonn síthe gur thíodhlaic ar cheapadar cách.



Clú Laoisigh lear líonadh ó fhlathas go lár
ag brúth tíortha na thimchioll i gcaismeartaibh áigh
fiu fhrighde dhi choidhche ní mhairfe na dheáigh
i bponnc aoise má chríochnaigh a n-abair an fáidh.


L. 200


B 1692 17D
MITHIGH SOICHEIM.



Mithigh soicheim go síol gCárthaigh
ceinnlitre chrú Éibhir fhinn
ó tá im fhochair gnúis don ghrianfhuil
túis ár dtochair trialluidh sinn.



Re codhnach cláir aoibhinn Ealla
éagcaoinfiod mo luit ó ló
ós é a bhfríth i bhfus don ghealghrán
lus ár síth ní seachrán dó.


L. 202


Mo liach léigfiod, mórán eile
d'uaislibh Muimhneach ó nach mair,
go mac Donncha an fhuilt mar afost
muirt ár n-orchra d'athchosc air.



Achaidh fhéaruaine mheic Dhonncha
deachraid dán do bhuinne an bhuird
brath na gcliar ar chrodh í Éibhir
's a thol riamh gan éimhdhigh uird.



Nochtfadsa ó ló cuid dom chréachtaibh
do chuin chaomhanta an chláir bhuig
má tá go mbia sceol nach scaoilim
leor dom chia má chaoinim cuid.



Blogh dom branndán bheith fá mhoghaibh
cá measa dhom bheith fa bhróin
tugsad liosta a lúb sa leadán
mo scúg scriosta ar beagán lóin.



Athaigh ár bhfonn crón a gcumann
ceannas fearainn ó fuair siad
d'atsad an drong go suim sóghmhail
trom ag roinn an fhóghmhair iad.



Fás na rian gan fothrom fírbheach
do na fothaibh fhógras am
chum a nuall ós cách do chantain
mo nuar fáth a n-antruim ann.


L. 204


Aimsir uasód cian go gcreidfinn
ar mo chorpán cuing go mbiadh
'na bhalc bhán dá bhrúth ag fothaibh
tán go dtnúth nach sothaimh sian.



Ní leamhainn leo smiog ná sméide
smacht na bhfeanntach oirne is cruaidh
i n-am geoin a ngoth dom chiallghoin
och na Seoin ar iarraidh uaim.



Och Muiris mór maithmhac Éamoinn
Earcail íce an tréin 's an truaigh
é nach deonfadh don chuain chneamha
buain re leonadh treana ár dtuair.



Dá mbiadh an té i dTráigh Lí is clannta
nó an chuid eile fós im ghar
tré riaghail rucht sonn dár saobhadh
ong im ucht níor bhaoghal damh.



Broic re rámhain i n-aois úcaidh
bíth gurb anairt éigean dúinn
arís geadh breath éigin orain
léigim leath leam chonaibh cúil.


L. 206


Gé madh leabhrán níor an agam
iomdha braitheoir bhíos im cheann
a los íoca an bhainne bhearrtha
líonta ár laidne is gearrtha geall.



d'easbuidh gan m'each caoin ná ceanntréan
fán gcoill seolaim gacha se
roghnáth ár muin ó an gcuail cnapach
suail nach muidh mo mharcach e.



Óm chuardaibh mionca fán muine
le mileoig im luis gach lá
iomdha mairc i maoil mo ghualann
re taoibh tailc ním tualang stá.



Aon laoidh iarras ar chách coibhche
ó nach creidtear acht na clúin
níl fáth uaim i leith a séanta
cluain gan cleith is déanta dhúin.



Amhail Oisín d'éis na féinne
fuaras Pádraig irseach óg
caidhe is dile dúil dá n-aithle
bile búidh gan raifne i ród.



Ós éigean dúinn geall do ghlacadh
ris na gríobhaibh nár ghann cáil
cóir nach tugas taobh re foigheall
rugas craobh is coimhtheann dáibh.


L. 208


Ó ro fhágsad inn im eismeacht
ealbha dreachréidh na scor slim
dom réir gan roc biaidh an beangán
liaigh ár lot mo ghealmhál gill.



Triath an longphuirt ós liom chuirfeas
croithfidh cith ar gcúl dom chia
leagfaidh trom na gcual ar chéirín
d'fhonn bheith buan dom chléibhín cria.



d'ua gach flatha saoire sonfhoinn
re seanaithribh diall is dú
gan acht don eo is ua do Dhiarmaid
madh leo a chrua ní ciarchuid clú.



Ar mhac Mháirgréige ní mhaoidhfiom
ag mál Múscraoidh bheith na ghnia
iomdha leis i gconnra a chairte
giodh breis lonnra tailce an tia.



Ní mhaoidhfiom fós gé madh oircheas
ardchrú Chais na cainnill chuain
na chruth saor ag sní go sochraidh
ar lí caor na srothaibh suain.



Ná fuil bhíocuint uais Fhear Muighe
maise na dhreich seolaidh sí
tré fhuil na laoch lonn ó Áine
tonn go bhfraoch gár láine lí.


L. 210


Fuair ó dhreagan Dúna Ciaráin
cuisle nach dísc fhógras all
air ag sonnadh fraoich is féile
lonnar laoich na fréimhe thall.



Cos ar siubhal seal ós éigean
ní haistear dul go Dún Iasc
fionntreabh do scaoil sruth don tsláinic
na chruth chaoin nach ráinic riasc.



As gach ríoghchraoibh i bhfonn Fódla
aon réim pháir budh fearann gliadh
gach féith d'uaigh na fréim dá leanainn
's is céim cruaidh re gcreanfainn triall.



A sáth d'iarmhó d'ás ó gCormac
caithleoghan úr dán aobh dair
d'ásadh leisean búidhe is beodhas
deiseal dúine ár n-eolas air.



Do théacht eangnamh iocht is úrghné
inntleacht ceoil is gcuisleann gciuil
imriadhadh n-each luaimneach láintréan
tuailgneach sa bhreath cáinghéar ciuin.



Do théacht inntliomh uaisle is oirbheirt
íodhna ruire go rath ndé
glac mar Dhonn ar chrannaigh cheolmhair
Goll do chlannaibh Eoghain é.


L. 212


Do faighreadh é i gceardcha an einigh
éirneadh och ní hiongnadh leis
seoladh loinne go cruinn cródha
cuing an bhuinne is bróghdha breis.



Dá bhfochta neach eol dom innsin
ionnus an ghill do ghabh mé
oighre flatha is oircheas íodhna
toircheas ratha ríoghna an té.



Ním tualaing sonn ríomh a ránbheart
robheag dom chuimhne nár chlaon
d'aslóidh uaim tar druim a ndeachaidh
sum chuail chruim fa bhreathaibh daor.



Bíth don fhoirsi ag fuachtain friomsa
.....
díom rug ronnach le racht biorghlóir
.....



Gé nár ionchuir cás na choinscleo
an chúis fa deara is damhna léin
gach scáfa rug do rainnc raointslim
tug a cainnt dá chlaointinn ghéir.



Diombáidh damhsa a ndul tar allbhruach
foir mo bhisigh fa bhun dé
tug a bhfolamh inn gan áirnéis
colan chinn gan cháiréis mé.


L. 214


Acht Sean do Búrc dia dá dhídhean
dreach ream dháil ní saor go se
biad gan ac ar fhód a tholcha
mo dtógbha mac Donncha dhe.



Dúinn má um chorach ós cionn Anna
d'uasmhnáibh a los láimhe linn
ní fhuil cré ós cré budh cartha
ré ream ré ní scarfa sinn.



Aitchim ar dhia dho agus disi
dá ursain bhiadhta na mbocht
reimhrsi a bhus gan fall gan foilmhe
's tall go nglus an ghlóire nocht.



Rann í Chaoimh má dhligh ó Dálaigh
i ndán gach aoin a los lóin
gá córa dho dúil 'na charaid
ionná dúin gan ghangaid ghlóir.



Ó gheallas rún m'éagnaigh d'innsin
d'ua na dtriath nach taisciodh ní
dorinneas lán chnú do chantain
gé tú ar lár a macraidh mí.


L. 216


B 1693c 17D
GEADH SCANNAIL LE DAOINIBH.




Dlighidh gach maith a maoidheamh et ós maith le dia a mholadh agus a mhaith
do mhaoidheamh créad uim nach molfaidhe a chréatúiridhe do réir a
maithghníomh ar a shon agus fós créad uim nach aidmheochadh an té do
chuideochadh a maithghníomha agus nach foillseochadh iad?




Geadh scannail le daoinibh ríomh a n-anabhróide
san mhaithis doghníd lucht scaoilte a gceasta dhóibhsin
measaim gur poinnte poimpe is barragóide
a chabharthach caoin don tí nach aidmheochadh.



Iar gcreachadh gach craoibhe saoire i bhfearann Fódla
is ar dtarraing na ngríobh ba linn tar beannaibh bóchna
do hearbadh sinn go hísiol anamhóineach
fá ama na daoirse ag síol gach searbhóige.



Géar bhfada me taoibh re scaoinnse seanachóta
nár dhaingean ar ghaoith ná ar ghímhligh ghairbhreotha
ní fhacaidh mo chlí ris í dom chlannaibh comharsan
a fallainn dá druim gur thíodhlaic Anna dhomhsa.


L. 218


An charthanach chaointais fhaoilteach almnósach
is freastalach síor gan scíth re dreamaibh ónna
a matal géadh maoidhte i mbrígh ar chuir farrais óirne
do rachadh don mhír sin bhíos don tsagartóireacht.



Dá n-abaradh aoinneach rinn gur falamhghlóire
labhairt ar ghníomhaibh saoithe charas trócar
mo fhreagra air scríobhtha i gcrích ár seanmóra
nach bladar bheith buidheach don tí nach annamh fhoghnas.



Más masla bheith sorcha sochumaidh soineanta subhach
salmach soichilleach soirbh re muirear gach úird
ag tabhairt a shochair gan dochma gan tuirse gan tnúith
leathphinginn chopair a hoifig ní huras gur fiu.



Geadh dúthrachtach scrúdaimsi m'aindeise dhóibh
do shúil ris an ndúthchas i gceannaibh ba chóir
don chiuinghil mar chughnamh chum seanma is dóith
mo chúram go bhfúigfid ar Anna go fóill.



B 1814c 19T
U Piaras Móinséal
Biadhtach díobh shaoilios gur láir an luch
sgur sliabh gan chrích croinnoiread áras muc
an tia aco bhíos fíoroinigh feárrde a dtug
na dhiaidh nach bídh choidhche go gáibhtheach guirt.


L. 220


B 1693c 17D
U Dáibhidh Ó Bruadair
IS FADA LIOM GO DEARBHTHA.



Is fada liom go dearbhtha 's is lánbhrónach
don aicme sin a bhfacamairne lá ar comhgar
eachtradh na bhfearachon atá i bhFlóndar
sar cealgadh san mbaile aco le táimhneolaibh.



Dám acfuinneach im aice aniugh na sárleoghain
le gcleachtainnse le macanas bheith áirleogach
re hairgiod an teallaigh si gach tráth nóna
mo gharbhchuilt ní heagal liom i láimh Óduil.



Athchuingim ar eagnamh an árdchómhachtaigh
lear balbhadh lucht barrachais na Báibleoine
go bhfaicearsa go ceannasach na ngnáthógaibh
an ealbha is ár n-airgtheachne cnáimhleointe.


L. 222


IS LIACHTAIN LEASUIGHTHE.



B 1836ls 19L
U Eoghan Tóibín



is tré na chródhacht insan chath chéadna fuair an Seán réamhráidhte ord
ridireachta.



B 1693 17D
U Dáibhidh Ó Bruadair



Is liachtain leasuighthe ar chiach do charadsa
an sian so leathas gur bhuaidh tú an lá
ar ghliathaibh garbha d'fhiannaibh dearbhtha
is iad read lasairsi ag luathughadh a lámh
a sciath na ranna so d'fhiadh na nGearaltach
d'fhiad go feardha is fuair clú an láir
iarlacht mhachaire a mbliadhna ó cheannachais
dia gan mhasla dod bhuanughadh slán.


L. 224


A thriaithfhir cheannasaigh riarfas anbhfainn
d'iarsma heachtradh is fuaideamhail d'fhás
mian is meanma bhias is mhairfeas ort
tiacht faoi ghradam ag fuasclughadh a gcáis
i dtrias na mbailte si thiar go bhfaicearsa
grian do leacan ag stuamughadh stáit
na bhfiadhchon magaidh si i n-iasacht t'athardha
is iad gan acfuing ar chuardughadh id dheáigh.



Triall tan tairgfir a hiathaibh eachtarann
iaidhfid anamud nuaghnúis náir
cliar ag salmchur briathra is beannacht libh
rianfas t'aistear gan truailliughadh i dtrácht
ar dtiacht chum baile dhuit biaid do t'fhairesi
ag iarraidh taise 's budh fuarchúis dáibh
an chliath nár cheangail ribh dia na Carraige
is iad re t'fhaicsin an uair úd tláth.



Tláth bhiaidsean ag iarraidh do chaomhnachais
an táin siar libh i rian linne d'éimigh dul
is táin fhiadhta nach iadsan go n-éirghe a bhus
lá riarfaid thu a thighearna na Claonghlaise.


L. 226


B 1694c 17D
A THEACHTAIRIDHE NA GEARALTAIGHE.



A theachtairidhe na Gearaltaighe sa haghaidh gan ghrúig
ní chraideamaoid a n-abarthaoi mun bhfeidhm adubhairt
a fallainnín dá ngealladh sí do Thadhg mar siud
is dearbh linn na casadh arís nach raghadh a dúil.



Mo mhairg choidhche scaradh rinn don aidhlinn úir
lear dhainid sinn i dtearcuid bídh gan reimhrse umúm
aithris dí na mharbhlaoidh más adhmad dúinn
nach glacfamaois gan aingeal cruinn ó an maighre mbúidh.



Ná measadh sí gur barrabhaois ná greadhan ár gcúis
ná teacht tar scríb dá mbrathamaoid na saidhbhreas súd
geadh tais ataoim ó tarcaisnigheadh mo dheaghlucht cúil
níor cheasachtuigheacht go ndeachaidh díom dul fillte i scúird.



Atá d'fheabhus gníomh na halgríoghna is taidhbhseach crú
is d'aicillidheacht na hathchuingí 's don daidhbhre a dtúim
im bata bíth nach ceap ár gclí re readhgaibh súst
gur dearbh linn nár cheaduigh sí bheith leadhbach riom.


L. 228


B 1694 17D



GEADH ÉIGEAN FULANG.



Geadh éigean fulang uille a dtriall anuas
do ghnéithibh guirte an chruinne a mbliadhna im bhuaic
ní béarla briste ar bith do stiall mo stuaim
acht mé gan truis do chuirfeadh ciall im dhuain.



Níl éifeacht dom i gcumaidh tiacht mo nuar
d'éis na droinge dile i gcian dochuaidh
mo léan aniudh na fir ar iarraidh uaim
nach déineadh guth mo ghuib dá bhliaclaibh guais.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services