Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Duanaire Dháibhidh Uí Bhruadair II
Title
Duanaire Dháibhidh Uí Bhruadair II
Author(s)
Ó Bruadair, Dáibhibh,
Compiler/Editor
Mac Erlean, John C.
Composition Date
1670
Publisher
(Londain: I.T.S., 1913)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
A DHIA NA N-UILE. A Dhia na n-uile nach ionann is éag d'iomchur riaghail fhuirse an fhuilingthigh fhéiliomdha a mbliadhna a foirm agá fille le féithiúnaibh nach fiadann fulang a runga go réasúnta.
An ghrian do dhubhadh 's ar cumadh do spéirdhúilibh is stialladh tuinithe tuinne na féarghnúise iad ní hiongnadh linne do léirmhúchadh 's an chliar tar tiomna ag tuitim i dtréatúireacht. Ciall na cloinne se an duine do thréig a umhlacht do chiap gach imiol don chruinne le scléip tnútha a dhia an tan tiocfaid is tusa chum géarchunntuis cia an Cú Culainn bhus ursa re plé iompa? Dá n-iarrair ionaclann goimhe do chréacht gcumhra is 'na dhiaidh a mionna do mhilleadh 's do bhaothdhiultadh i liachtain liosta bhar mbulla do bhréag chumhdach an ria chum gliocais leat Roibiord an réaghghúna? Iarla an dtiocfaidh go siosmadhach séchúplach 'san tsliabh do rithios na ridire réir cúirte? an bhfiadfa ministir muiniceach méithghlúineach ar t'fhiachaibh ionaghair iongan do t'fhéinn iomtha? A liaigh mo thinnis dá n-imrir béim pionnsa re siansa sioscaithe suime na séimhchionntach dar fia ní thuigimse buinge dod mhaothionnsmadh mun dtiaid ar ionachaibh Uramhan aondiuice.
Iasacht coirbthe cuinge na mbréagchúmthach d'fhiar le tubaist a cumaidh a ngléchúinge giodh iarracht innmhe an tiomlacht trélúbach ba riabhach ionnmhas na druinge do ghéill fúithi. Cia an fear buile si chuireas i gcéill dúinne i mbriathraibh briosca le conafa cléchúntair rian beag singil gur sine mar scéithlúirigh ioná an diadhacht chumainn ar chuidigh do léigiunaibh? Fiafruigh tuille don tsionnach do shéid chúinne a mbliadhna d'urchar urchra is éilniughadh riamh an bhfidir a rugadh i réigiunaibh iarmhar fine le a dtiocfadh an phlé id mhúscail. A dhia cár mhiste dho fuireach do réir a iongtha i ndiaidh a thuiste 'san gculaith do chéadtionnscainn? Biaidh go fuineadh dá spriongar iona spéliongtha is biaidh a thiodal 'san rolla mar chéastúnach. Biaidh ag imghreim tiomairce an tréatúra fialchuin fhionna na luinge nach saobhstiurthar, stiallfa an spioraid le mbristear gach fraochghliundar go fiadhnach conachlann cumuisc na gclaonrúnach
Biaimne d'fhiortaibh mhic Mhuire 's a chaomhchúirte go diadha dlightheach i n-inis ár naomhúghdar, biaidh bhar nithe is bhar gcuisleanna i gcéim cunncais gan chia gan chrithir i dturras bhar dtréinphrionnsa. IONNSA D'FHÉINN ÉIRIONN. Ionnsa d'fhéinn Éirionn nach coill gan bhláth do chúm an té chéadtug chum críche iona áit an t-úghdar claon dhaoras le cíocras cáich a dhúithche féin, féachuidh an píosa pláis.
Cionntach é i gcréachtulcaibh críche Fáil a ndiu go héidéifiochtach faoi na láimh 's mun fionntrach é adéarainn gur dílseach báis púca péill péatair nó píotar práis. A dhúilimh déin déirc ar an druing atá i lúib gach lae i mbaoghal do dhruim ar dháil, a gciuineas féin méaduigh a ngnaoi 's a ngrádh is túirling fraoch spéirlinge a mbíodhbhadh tráith. Múch gach spré d'éirigh do dhíochur grás is múscail méinn aontadhach aoibh 'na n-áit, stiuir an gcléir gcéillidh an rí 's an stát 'san gcúrsa is réil réidhfeas a síth go bráth. Amen.
CREAD ÓIRNE NACH RÓLUIGHFEADH. Créad óirne nach róluighfeadh tlacht canntlaimh tré fhódchuirm Eoghain i bhfeart franncach géag róisbhile bórdoirir bhreacLeamhna ré ar chóra ár ndóchas i dteas Teamhrach.
Dáibhith ua Bruadair trócaire ó Dhia dho do sgríobh an dán agus do rine an t-abhran tuas an 25 lá do Shamhara .i. Satharn Cingcíse na bliaghna 1672, et ar na aithsgríobh le Seaghan Stac lá St. Pól a mbliadhain ar slánuighthe 1708/9.
DO SHAOILIOS DÁ RÍRIBH. Do shaoileas dá ríribh gur uachtarán tíre nó taoiseach dob uaisle cáil an daoiste dubh díobaighthe duairc gan dán do chlainn Ghiolla Choimhthigh í Thuathaláin. Do bhí an staoinse 'na rídhuirc i n-uachtar Cláir 's an mhuinntear ag tíodhlacadh cuach iona láimh, do shuidheasa iona chuibhrionn le huamhain cháich, go bhfuighinn a fhios cia an fhíonfhuil ó ar ghluais a dháid. Do stríocas go híseal mo chluas iona dháil is ba dís liom go scaoilfeadhsan ualach árd: i n-insgne an fhir chíordhuibh tan duaidh a sáith seadh fríth liom go fíreannach tuata bán.
IS BEÁRNADH SUAIN. Is beárnadh suain an buaidhreadh beart dochím, gan bráithreas buan i dtuaith ná clasa i gcill, an tárnocht truagh fá chruas gach ceasta ag caoi 's a dtárluidh thuas a huaill gan aire ar a íoc.
I gcáilibh suairce suadh ní fhaicim suim ná dáil ar dhuais a duanaibh dleachta dín, níl tádhbhacht smuail an uair se i n-altus aoin nach deárnaidh suas i dtuairim leath a thruinnc. Má ráinig bruach níl bualadh ag flathaibh faoi is áisioch uatha guala is gean don tí, geadh tláith dochuala tuairisc ghasta a ghníomh, re fáithbheadh uaidh is suaill nach bramaid buidhean. Madh áireamh scuaine dualach dhamh ar moing 's a stáitse cruach gan fuacht re hais a thighe, má tá nach luaidheann ruaine i n-aisce dhíobh dá ghrádh re huair is guais nach gabhthar baois. Gach árdmhac uabhair uasamh atus poimp do dháil i mbuaibh 's i n-uanaibh geala a ghnaoi, geadh lánfhada uaidhsean luascadh a dhearc dom dhruim ar sráid dá thuar is luath mo hata dhíom. Átens uaibh na ndruadh do cheap an ghaois is áitreabh suas seach pruais gach peata dhíobh, ar stát don nuadh ní bhuaidhfeadh pearsa poinn 's is ádh don tuaith gan luach iona gcaithfeadh proinn.
I gceárdchaidh chuach dá mbuaile teasbach grinn áirsiodh uallach buair is beach don droing, i gcláraibh luaidhe is suaill nach grafaid peinn a ndeárnadh uaidh madh fual i gcealtair naoimh. Dá n-áirmhinsi ualgha Tuathail teachtmhair teinn is áthus ruag na n-uasal Airt is Finn dála ar tuairgeadh thuaidh le cathaibh Coinn is sáimhe fuaim a fuarchlog dailce dhíobh. Ceárdacht tuata an chuain ní machtnamh linn acht fás na huaisle fuar i bhfearann Floinn, an táin dár dhual gach gruaim do scaradh rinn, a mbáidh ar dtuathal cuairt re cneastacht chaoin. Pláigh anuas id chluais a cheanann chlí d'fhág mar fhuad 'na huathadh feasta: ag fuidhe, do bhás a thruaghnairt d'fhuagair arc im bhrigh i gcás a buaibh nach buailim: breac na buidhe. Finis.
Dáibhi ó Bruadair cct. - an tan do cuireadh chum boichteanacht é agus fós mar thréigeadar a cháirde é.
Dáibhi ó Bruadair cct. - an tan do thuit a loime agus a ndíthchosdas et fuair sé a cháirde faillightheach chum chabhair do thabhairt do, mar is gnáth go músclann foilmhe fuath carad.
IS MAIRG NÁR CHREAN. Is mairg nár chrean re dianmaitheas saoghalta do cheangail ar gad sul ndeachaidh i n-éagantacht, 's an aindeise im theach ó las an chéadluisne nach meastar gur fhan an dadamh céille agam. Do chaitheasa seal 'san gcathair ngléigilse gan anfadh easba ar aithris Éireannaigh, do leanas go hait an bheart ba léire dom go scaipe na n-aingeal ghreanas géarthuigsin.
An tamall im ghlaic do mhair an ghléphinginn ba geanamhail gart dar leat mo thréighthesi, do labhrainn laidean ghasta is béarla glic is do tharrainginn dais ba cleas ar chléireachaibh. Do bheannachadh damh an bhean 's a céile cneis 's an bhanaltra mhaith 's a mac ar céadlongadh, dá ngairminn baile is leath i ngréithesion ba deacair 'na measc go mbainfeadh éaradh dhom. Do ghabhainn asteach is amach gan éad i dtigh is níor aistear im aitreabh teacht aréir 's andiu, do b'aitheasc a searc fá seach re chéile againn: athchuingim ceaduigh blaise ár mbéilene. Fán dtaca sain d'fheabhas air na bhféithlionn bhfis ba neartmhaire nath ar nasc dom réir abhus, ní facathas damh go raibh don fhéile cuid do b'fhearra ionnás spealadh cheathra an ché ar a bhfuid. Dam aire níor radas mana m'éilnighthe, go hanabaidh im cheacht geadh dleacht do léighinnse, nó gur gadadh go glan mo theastas céirde is croidh amhail do leathfadh deatach d'éadan cnuic. Ní fada go bhfaca scabal éigin dubh fá eadrom eacht san aicme chéadna choir, ós feasach gur scar an bleachtas bréige is me, ní fhuil teanga fá neamh ar bail náid béasa im phluc.
d'athruigh 'na ndearcaibh dath mo néimhe anois ar aiste nach aithnid ceart im chéimeannaibh, ó shearg mo lacht le hais na caomhdhruinge d'aithle mo cheana is marcach mé dom chois. Is annamh an tan so neach dom éiliomhsa is dá n-agarainn fear is falamh éiric sin, ní fhaiceann mo thaise an chara chéibhfhionn chlis dár gheallamhuin seal is leat a bhféadaimse. Cé dearbhtha an stair mo staid nár thréigiosa 's im aiscibh nach deachaidh athnamh éislinge, dá dtagarainn drad gan chead i gcéill ar bith, an caise tar ais do shailigh m'éadtroime. Geadh fada re sail mo sheasamh tréithchuisleach ó mhaidin go feascar seasc gan béilfhliuchadh, dá dtairginn banna sleamhain séalaighthe ar chnagaire leanna a casc ní bhéarainnse. Is tartmhar mo thasc ag treabhadh im aonarsa le harm nár chleachtas feacht ba mhéithe me, d'atadar m'ailt ó rath na crélainne is do mharbh a feac ar fad mo mhéireanna. Geadh labhartha leasca an creat so i bplé ream ucht is a athardha im aice ag aslach m'éignighthe, badh baramhail mhear tar lear go ngéillfinnse do mhalartaibh breaca beart an bhréagaire.
Ní machtnamh liom m'acht is breatha dé dom chur go leathtromach lag im spreas gan spréidh gan spuir fá tharcuisne ag fearaibh teanna is tréithe an truip 's an fhairrge thearc i gceanaibh clé mo chuirp. Ná mealladh mo cheasacht mearbhair aonduine is ná gabhadh gan aga uim thabhairt bhéirdicte, ní mairg fá deara leath a léigimsi acht magadh fá chleasaidh cama an fhéirfhithchill. A athair na bhfeart do cheap na céadnithe talamh is neamh is reanna is réithleanna earrach is teasbach tartha is téacht uisce, t'eargain cas is freagair m'éagnachsa. Dom chabhair go tapa tair a réchainnioll d'aisig mo bheatha i gceart lead chréachtfhulang, aduigh im anam acfuinn fhéidhlighthe gan mhairg fád reacht go habaidh éifeachtach. Amen. Éifiocht úr úghdar na haoise a dtáim is céadfaidh úird ionnraic an choimhdhe cháidh, a léirchrú súd tiomsuighthe i dtoinn fhir ghráidh téid a mugha a phionnsa gan ní iona láimh.
Gach réfhlaith fhionn úrnaightheach aoibh gan táir don tréad i bhfonn Fionntainn nach ísiol d'fhás rear scéar a chúl duthchais a mhaoin 's a stát do réir a gclú cionntach mar dtaoimse atáid. A réithleann iúil d'iompuidh an oidhche i lá 's do thréig an chrú chumhra nár thuill a tál, ós éigion dúinn iomchar na daoirse atá réidh a rúin m'ionntrust i dtír na ngrás. Amen.
A CHRÁIBHTHIGH SEAL. A chráibhthigh seal do chleacht an aithrighe fhial 's do pháirtigh feacht an lacht nár leathdhísc riamh is nár an bheart dar leat geadh tlachtchaoin iad báidh na bhfear sin charas Cailbhín ciar. Gá tábhacht d'fhear gach flathas faillighe fiar 's gach árs gan asc dár cheap an gartghaois grian cá feárrde maith na mac is maisighe niamh dáibh más treabh an teach nach taithígheann dia.
NACH IONGANTACH É. Nach iongantach é mar theannta grinn i n-ionad na gcraobh 's an damhsa bhíodh gan friotal i mbéal fán amso i dtír acht gur chuireamar féin an samhradh i gcill. Muillide théid a gcamchor thríom mar thuigim gur clébheart ghann doghníd, is bruinniolla an tsaoghail ann do bhí i mustar go léir i mbealltainibh. Do goineadh ár gcléir le sainnt fa ríor is d'imthigh an éigse i bhfanntais bhrígh, turrainn is géire dhamhsa dhíobh gan simide céille i gceann gan mhaoin.
Tubuist a shaoghail fhallsa an fhill id ghoile 's id thaobh nach cabhrann linn, cár miste dhuit féile leamsa luighe, 's gurab ionann do ghaolsa thall is tíos. Tugadar tréinfhir cheannsa an fhoinn cruinnios ar fhéile is greann ar phoimp, níl seinnm ar théid ná bann ar píp acht gur chuireamar féin an samhradh dhinn. A bhuinge do réidh a ramharbhruid sinn is d'fhuiling do thaobh re lannsa an daill, tré shile do chréacht 'san gcrann a Chríost ionnail gach éidchith amhruis dinn. A bhuime mhic dé nár mheabhruigh díth is nár chuidigh i gcéadchion seannda an chraois, a Mhuire ná héimigh leamsa guidhe chum t'fhinnemhic féin tar cheann do ghaoil. Finis.
MODMHAR AN MAIGHRE. Modhmhar an maighre maor mine, minic a fhorrán a bhfail truagh, banmhál oll go bhfeidhm n-amhail, trom an teidhm dom amhail a fhuaim. Iomdha feadhbh gan ar gan ura d'aithle an ghillesi i ngaoi chró, téid a bproinn gan bruith dá bheartaibh coill ag sruith gach seachtmhain do. Nochtadh naoidhean bladh dá bhuadhaibh, bean gan chéile do chrú tinn, leastair fholmha ó an bhfóirsi d'fhuadach, dorrdha a ndóirsi ón ngruagach ngrinn. Cairte cháich ní hé nach tiomairg, tailc a bhéim i mbandáil bhocht, cóireamh cruidh is éadaigh anbhfann, muir do mhéadaigh arbhlann a olc.
Giodh bé as ní hinn nach airigh anntrom oifig an fhir chlé, iar ndul damh i gcur an chochaill, gar do ong an fhochaill me. Aghaidh ionnfhuar giodh im iomdhaigh asc im chodla ó chuairt an fhir, dár roinn roimhe im chúil ní dheachaidh súil mar loime an mheataigh mhir. Rug an ruanóg leis óm leanbhaibh leor i n-eiric fhala an mhaoir ronnach ruadh gan bhruith gan bhearna buan a guith geadh gearr a haoibh. Mallacht ón gclainn lé is leisean luach ionaistir oireas do, gártha clog is ceall fán inne brod na meall 'ga mille is mó.
A FHIR SCAIPTHE CEAST. A fhir scaipthe ceast an reachta ríogh go réidh 's a phearsa go maise i ndaith i ngníomh 's i méid is baramhail damh geadh tearc libh sinn i scéimh an ceard rodcheap gur d'aisce an tsaoir sin mé. Bhar n-agallamh ait ar eachtibh innse Néill 's ar shleachtaibh na sean do chrean a choimhdhe andé, geadh tarcuisneach leatsa m'aithne ar suim a séin is fearra fá seach ionná a nglacaim d'íoc iona réim. Atá agam do rath an fheartaigh fhíorghlain fhéil fá ghairbhe shnais an tlachta díobh is réil, Cairbre cait 's ar chaithigh faoi na chléith nach seanchadh ceart do leanfadh poinn a bpréamh.
Más fachain dom bac i measc na dtaoiseach dtréan do shealbhuigh gean is neart a n-aoise naomh, mo cheangal gan chleas re cairt na críche i méin tar tairsigh a dtreabh ní gar mo luighe go héag. Treabhthach is gradam teasta linn geadh tréith nach airgeann fear 's a chasna maoine ar dhréacht 's geadh atmhar i gceanaibh aile an chlí mo chréacht ní dheargaim dreach ní chaillim choidhche ar chléir. Do mheanma mhaithse seal don oidhche aréir is malairt na mbeart tug taise ár ngaoise a gléas, i t'aitreabh cé fairsing fleadhach fíonmhar é admhuighim eacht go ndeacha druim re béas. Dá dtairgeadh neach do dheascaibh t'fhíona féin athasc id theach nár dheas re a scaoile i gcéin, measaim a fhlaith 's a leath dod thaoibhsi i ngné gur beannuighthe an bhreath a leagadh linn go léir. Níl fearg ar m'aire is aitchim díolghadh glé nó freagair ar acht an deabhuidh shíolas léax, gibé againn nár pheacuigh feacht i suimchuir chlé glacadh an leac is caitheadh í go géar. Dá labhradh freastal faille fuighioll gan féith is gan aigne a leathadh tar an scríb ionar scréach, ní cara thar ais san athair chaoich rug céim 's go lasann an chneadh ó mhannar míle méar.
Dearbhaim d'fheartaibh beatha an bhíobla is fé d'aithle na ndart tar lear nár ríomhas réad, is más tairisioch leatsa dealbh aoinmhic dé ainic i t'aice ar an dom ghnaoise i bplé. Ós feasach gach flaith dá bhfaice físi an ché gur leastar go laige an chalann chnaoite chré 's gur gabhar gan easnamh thaisceas brígh do ghréas, athchuingim maith is maithim díbh gan éad. Éad óirne tré shóchus read ghealghruadh ghlan a phéarla óigfhir gé hóirneadh níor athsmuaineas, ba clé an ceol cur read chóta mar ghartGhuaire 's gur raelta eoluis fé dhóirnibh i gCaschuan tu.
CUIRFEAD CLUAIN AR CHROBHAING. Cuirfead cluain ar chrobhaing ghealghall damh ní héadóigh, cnuas na gcoll gan aighneas aimhréidh saidhbhreas séadchóir. Séadchóir socla an fuadar feise é agus ise, Oilifear úr is inghean Anna inbhear irse. Píosaim pósaim iad re aroile ágh is artluibh, craobha cumhra a coill gan chogal goill na ngartghuil.
Oilifear óg go maire a nuachar glan a mhianach, seise saor an fholtcham ionnraic scotghall sciamhach. Fionnghaill Éireann ealbha is uaisle fríth la fileadh, dream nach diultadh gláimh uim aisce máil nár milleadh. Is nár mealladh i gcruas crábhaidh saoithe seanghall, 's nach tug céim ar gcúl i ngroidghleo glún re gealchrann. Gé atáid Gaill do bhréithir bhunaidh riu dá rathchur, cia re coscar Gall ba ghrinne am i dtachur. Ceist ar chodhnach Chiníl mBéice: an Finnín Fearna = ainm éin? nó gríobh lonn mar Logh mac Eithleann do bhlogh bearna.
Neimhiongnadh liom iad ar eochaibh uim iaith Neimhidh, iad féin beithre is buaine leanas cuaine ó Neimhir. Iad is líomhtha labhras scoitig, cabhras cealla, iad a bhfil re dréachtaibh d'fhulang éachtchuin tseanga. Iomdha tonn do ghrianfhuil Gholaimh, fiadhain aire, i ngruadhaibh úra na n-óg n-iodhain: ní ród caile Ná currurra an chonair gheabhaim chum a sloinnte, a leabhraibh loma do mheall mise ceann a dtoinnte. Ní fhil ionntaibh iarmhar treibhe acht triaithe troma d'fhíorchrú Éibhir uill is Eochaidh Chuinn is Cholla.
Ní dom fheidhmse a fhaisnéis sonna raisnéis meire, cuirfead cairde tar muaidh orra go huair eile. Dochiu oidhche i mbrugh í Bhreasail lucht uim losaid seoltar mé mar chrosán chugaibh cosán cobhsaidh. Aga ó Eochaill fuaras fáirdeal go raibh Nodlaig agus bainnse san mbrugh bhfionnso sub chum sodair. Fá na dtuairim tugas iarracht am a bpósta, súil go soithfinn cinnte an cúrsa rinnce is rósta, Nó réad éigin fil ar foghnamh d'fholt an fhéasta, mé mo nuar anosa ar cóisir cosa céasta,
Agus bríste beart nár dhual dam ar mo thóinse, tug ar ruacach do bhreith biadhtach bheith na stroinse. Créad acht táthadh uaisle is oinigh umhla is ana snadhmadh suairc na saorghéag sona maolscéal mara:
Agus Maolsuthain ua Cearbhuill anamchara Bhriain mic Chinnéide agus oide foghlama na dtrí ndomhan eision, i n-Inis Faithleann do bhíodh sé, et mar ráinic an duanaire donnshúileach i dtír iar mbeith lá go n-oidhche lánfhada i mbioracán bhriste bhruachíseal do ag luaimeireacht Locha Cime i ndóigh go bhfuighbheadh bunadhas imtheachta an mhara mórádhbhail do mhionscrúdadh,
is é ar aithris d'iongantas do rath a ramhuigheachta .i. go raibh an mhuir fliuch fuar fairsing fíordhomhain go n-iomad éisc et ainbhine, ionnus de sin go saoilid srúithe ar an mhuir gur maol a scéala, et nach maoile ionnáid mo scéalasa dá ndeinginn iongnadh nó maoidheamh uim an uile dheaghcháil daonda d'fhaghbháil fa chaomhchuing phósta na deisisi .i. Oilifear Stíbhin agus Eilionóir do Búrc: -
Oilifear Stíbhin stuadh gan stoirm fuainne ós fearaibh, buinne búidh nach bruighneach borb muimhneach mearchruibh. Eilionóir an fhaoileann iodhan, aoibh an t-aistear, fá na dtuairim triall tar uisce niadh ó naisceadh Ris an ndéidghil is dóith dáimhe dia dá ndídean, inghean tSeain is oighre Ristird roighne ríleagh. Sliocht na bhfial go bhfasa a bhflaitheas d'áis mhic Mhuire d'fhiadhain cháich ag roinn go rabhaid drong go ndruine.
Ós mar chrannaibh chuirid cnuasach fios ón ngrásach, tiocfa ón gcaraid gcrann is úire clann gan fásach. Síolchur sochrach Seain is Ristird Áine is Anna i gceann a gcéile aniodh dá ndortadh tiugh na ranna. Fíneamhain fhíor innse Fódla di na máithre, saordháil gCais ba ceann i gcéidiol seang an snáithe. Seisear suaithnidh líon mo rulla síor a soitheist, as nach féidir ál acht aithghin dán gan dochtcheist. Ceist do chuir ó Liatháin Luachra siothlán sáile, an bhfacaidh Fionn iasc do b'annsa ionná riasc Ghráinne?
Créad far crochadh Cúrnán cáinteach clog na n-uaire, caoile a spáige truime a theangan luime luaithe. Ní fhil oil dá dtadhall tíortha leis nach mórthar, arracht é nach ith acht daoine an bhith gé d'ólfadh. d'ól ó Cnáimhín crios i gCruachain uirc is éarla, ná cuir beann ar bhogadúram bod gan bhéarla:
Agus an béarla teibidhe teanga is lúgha labhradh ó Lónargáin i Londuin tré mhéad mhíchaduis na bhfilidhe i bhFreamhainn, conadh aire sin ná cuireadh:
leannta í Longaidh giost go grealluidh gan cead cuiste chill dá casna; nó luighe ar lusna an domhain alla i ndóigh a bhriste le racht gaisce; ní cúis meisce píosa praisce nó lionn loiste gleann ó ngaiste; bíd crainn chorta i ndruim ó Marcha gan chuim cleite re linn tseaca;
gurabé an bodach
buanna an bhata bhuaileas dorrann ar a chaile faoi na maluinn; agus póga le pronócum nó potáta mar shalúta ria na pósadh:
An pósadh nuadh so anocht dá mhóradh go madh ágha, dá chraoibh chuanna chumhra chaomhna húrla hárla. Mise chuireas íodhna ós iomad Ríoghna ó Rachluinn ag déanamh daoine d'aithle a gcoda Aithne is acfuinn. Tar toinn tánag ar bórd curaigh mar short sagairt le fail phósta ón ngriollsa chugaibh liomsa labhairt Agus ráidhte gan ró chéille ó ló d'innsin ag cur cháich ar fud a bpionnsa cuid dom chinnsiol. Ait an teaghlach teagh an dá pota eadh ó Mhala, ann do rin ó Braonáin Biorra taobháin ara.
Sagart súgach mé gan laidin lé ní bhroicim, ní fhuil im phortús puinn don tsaltair luim a loitim. Cuirim óigbhean uasal umhal suas go socair le na céile do luighe ar leabaidh ní buidhe an tsopghoil. Mar a scaoiltear glais do ghlúinibh clais do chárna an tan tógbhaim daorchrios diuide Maonas cána. Déanaid doras ar an obair leis na pógaibh is dá éis súgra sub i súsa fá na ndóirnibh. Éirghim asta bheith re teagasc ní dár gcéimne d'uamhain easpoig Chill dá channa nó Chinn léime.
Giodh sum suirgheach dul i bpulpíd níl im staillsi, déanaid únfairt ochta léarbhronn nó port mainnsi. Deoch go driodar nách leig dúinne dul ar stáitse, do chuir oirne an imne péine simne cáise. Biocar Boirne an Bulcán bríoghmhar tig le fórsa, tugaidh damhsa ciarsa céibhe a dhiasso ar bpósadh. Pósadh duine i n-aois gan osna aobhdha an t-amhas, iad ar aon ní cam dochonnarc clann do charas. Carthain éigse is fhann is aoidheadh am a bhfreastail, dáibh is dual ní dán gan turadh tál nách teastuigh. Teasta a dtuisteadh cruas gan choigill cian adchluintear, Lonnradh a ngníomh ní cnú gan chosnamh clú na gcuilcfhear.
Iomdha cuilc is cuach is capall cruach is ciotal i mbrughaibh bána na laoch leabhair nach maoth miotal:
Et is é miotal dá ndeárnadh an mearachán, i. do shleimhne na gcloch ris a ráidhtear adamant, i. clocha buadh agus bisigh iadsidhe; óir an t-arm sa bhonn ria a mbeanann ní dia a ndúthchas bithbhrigh sáidhte agus síorthollta do ghréas aige. Et más fíor sin is rómhór feidhm et foirneart na gcloch feisean agus an stócaigh fhásas asta, etr.:
As do stócach ná déin uabhar an re haimsir, iomdha craobh i gcoill gan ubhla maill is aimsigh. Amuis craobh na bhfoghadh bhfoighéag bhfailgheach bhfáilteach fromh cia an fiodhach, fiadh na Frainnce fúithe is fulang dúithe miodhach. Croith an abhall gcneismhín gcumhra is úrchaoin inse, táilfidh taobh na feadha fuaire meadha milse. Fionnfhuil Bhúrcach bheireas báire dil an díorma, dortadh annsa ar chách don chineadh ní fáth díomdha.
Iomdha ciarsa is clár i gCorcaigh cnámh is casal óigbhean fhionn gheal im is eochair lionn is lasair. Iomdha cárt is pionnt is pota fonnsa is feiste Saxfhear súgach scian is scilling mian fir meisce. Iomdha cliabh is córda is croiceann bróg is biora is san ngailltreibh nglúinigh ngairbh guna is giolla:
Agus an Giolla Deacair marcach is measa dár móradh i bhfiannuigheacht .i. marcach meata míothapa mall méirtneach mílaochais dur diomdhach draganta airceach íotmhar aimhirseach et do bhí arrachtach uathmar anchumtha eich aige nach rug aon bhann ar a haghaidh riamh i n-am eachta ná áthuis ó thosach domhain go Diseart Diarmada, ionnas nach cuala riamh neach ba neamhchosamhla:
Re hOilifear Stíbhin ionná an stráille druim re deabhaidh, iomdha i n-Éirinn broic is bráithre cnuic is creabhair.
Oilifear oll fán eing do thorchair teinn a thaithmhidh, léigthear leo mo ghadsa i gcomhair Ag so a aithghin. Racha a ngaol 's a ngníomh re aroile dís a dairchne, Oilifear úr is Oilifear oile soirbhe an aithle. Leannán lúibe an fhiarfhuilt altaigh fialscoth fochtaim, an bhfil díobh gan úir ar aghaidh dúil nach dochtghoin. Atá scéal nuadh re na innsin agam fíllsim fothrom, Diarmaid donn is Dáire dreachdhubh glaine is cochall. Do mharbh gearán gaoth nó giorta fraoch nó fearthain in san tulán taobh re tulaigh maor uí Mheachair.
Tug ua Duibhne dil an iarthair goil ar Ghráinne, cosmhail re muing chnuic uí Chuille pluic uí Mháille. Ná ua Dála ná ua Dubhda luighfeas léise acht Oilifear Stíbhin slat na soillse glac mar ghéise. Tug fear anma an mhaighre mheirse m'aigne ag mochghul do chrú fhoghlach innse Eachaidh bímse i mbrothul:
Et gé bhím ní bhraithim a bheag do bhuidheachas nó do chion Chaiptín Cupar, et ní hé sin do ghréasaidhe an chaolgha Tadhg na cúla, acht ní haithnid damh réasún ris sin acht munab é:
rug an riabhach go Ráith Raith Raoileann dá chuid ráibe;
annamh cearca Chorca Dhuibhne go Cionn tSáile;
gurab aire sin nach
cuirid Cúirsigh cruithneacht tsléibhe: Cruithneacht Gaedheal is Gall na heinge an chlann so chugaibh, onn is ádh nach orchrann uille conchlann cubhaidh. Cubhaidh riu ní heol gan fhiadhain ceol is cnámhthoirt, óighréir amhas uird is aoidheadh buird is bántoirc. Bronnadh each is óir is iorra cóir a gcobhair, cubhaidh riu do réir a n-aithreach féin go bhfoghaibh. Creidiomh Chríost is paiteant prionnsa cairt na ngall so, a sealbh sin re cúig céad bliadhan ní bréag fhallsa.
Sé céad déag is seachtmhogha samhradh is dá dhó annosa bliadhna chinnte a n-urraidh óirne d'fhulang crosa. Iomdha laoch is lann is leabhar crann is curach tugsat líon na loingsi a Breatain soillsi shuthain. Iomdha comaoin uasal oile ó an ua san orainn, trom san tír a gcáin do cheallaibh táin go dtorainn. Torainn trúmpa is tórmach troda ceol nach cleachtaim, téid ar aoi san gcuan do chniochtaibh suan re seachtmhain:
Et seachtmhain na samhna so im dhiaidh do thuit tuile lánmhór i n-Abhainn ó gCeárnaigh le ar comhloisceadh crainn agus
clocha na habhann go huilidhe, ionnas gur scaipeadar a héisc go hiomarcach fá inbhearaibh eile taobháille Tuadhmhumhan, gurab síneadh séin agus sochair don tír an tuile sin. Et is mar sin tiocfas do dheoin Dé don tuile annsachta et fíonchorma do thuit i gCathair Maothal ins an tseachtmhain soineanda so a dtáim et dá chomhluascadh clocha agus crainn maighreadha meara móráille do leathadh fa chuantaibh cluthara Conallach et Chontaoi Luimnigh go huilidhe; óir ní thug Iollann órarmach acht aointseachtmhain re húcaireacht, et is iomdha brat líogha lánmhaiseach do chóirigh ris an ré sin, go bhfuair:
togha céile a los a lútha an gart gréagach ó thor Téibe nach olc d'úcadh:
cosmhuil sin is
úrmhac Áine cnú na cléire fuair rogha ríoghna ar feis láimhe mór gcairde do rath gcéirde: Fuair rogha ríoghna do rath gcéirde ceap mo dhuaine, maith dorónas teacht don tírse bleacht a buaile.
Cathair Maothal ceann na scríbe caomh a curaidh, iostadh úr nach aithigh iadhadh aithghin chubhaidh. Aithghin treibhe Rátha Raithleann í ar fhéile, mór a muirear tearc a bíodhbha searc na cléire. Fuaras scéal gan scáth tar ursain cách gan chailg, fear an tíghe nach réidh gan rogha méin gan mhairg. A bheith buan fá chlú go gcumas bú is bleachtas, omhain dé go díreach dlightheach díneach chleachtas. Seán de Búrc an t-eo gan fhochall ceo nár cheile Láithe an laoich ná séan a shleachta tréan fá eire:
Et ní hé sin eire Cheinn Biorraide, noch do chuir corp an chathmhíleadh Chonchubhair ar a chorraghualainn dá iomchar gan
scíth go mullach an chnuic ós cionn Doire Lamhraidh i ndóigh go bhfuighbheadh ríoghacht Uladh dá chionn. Acht cheana, ní cian ón láthair dochuaidh, an tan ba marbh ón marbhualach é le dásacht ionnas nár ghaibh ríoghacht Uladh ná Eamhna ó shoin go annosa; acht is é eire iomcharas Seaghan do Búrc, i. beoghualach bocht agus baintreabhach, aoidheadh agus ollamhan, ceall agus chorp agus crot agus aosa gacha heasbaidhe ar cheana go mbeir gan scíth gan oiriseamh iad go mullach cnuic an choimhdheadh ós cionn phuirt pharthais bail i ngabhaidh ríghe agus flathas do agus dá iardhraoi i n-aontaidh naoi ngradh neimhe per omnia saecula saeculorum. Amen. Mo scéal féin anocht.
Mise an crosán taibhseach tuisleach tadhlaim taisbhean, bím i bpóitghoil suas go sursaing cluas re caisiol. A réir san gcartha gcoill do chodlas druim re deascaibh, ní do chuir mo cheann chum gliogair meang ón meascaidh.
Dochuala sceal beag ait i n-Eamhain balc is bolg, Inse í Chuinn ar cairt i gCaisiol cailc is colg. Tug ó Maoilín muc ar mheasair cis fá chustard, ní nach dearnaidh Art ná a athair mart is mustard. Dá bhfaghainn gloine im ghlaic do shúighfinn ait liom torcach, táim ón aistear fhuarfhliuch fhada guaireach gortach. Téid mag Ránaill ar muin chapaill ag cur losa, bíd ní beith gan bric i bpraisigh glic a gcosa. Bíd i n-Ultaibh ois i gcoilltibh fliucha fuara, bímse ar ógaibh nach dubh dúthchas ag cur cluana:
Cluain ar chrobhaing gan chogal do chuireamair ann dá dtuar chum codalta ó nodlaig go hinid anonn, ba suairc an sollamhain cogar na cloinne gan cham d'uaislibh Conallach conachlann ionamhuin liom. Dá luadhainn lorg a bhfola níor fhionnamair mannt ba uamhain d'ollamh do thorchar uige re haill, is fuadar toraidh bhas onchuin curata crann cnuas i gcollaibh nach coigil a ciste le sainnt. Cuaine croibhfhionn do foilceadh i bhfoirffhuil ghall 's do ghluais ó Scotaibh na hoscair ba dile don droing, d'ualach orm a gcrosa ar gach tubuist i n-am gan fuath gan formad cothrom go gcongmhaid cuing. d'fhuadaigh stoirm an clogad beag oireas dom cheann is do buaileadh dorn ar ghrogaire í Dhuthairne i gcoill, truagh gan Donnchadh ó Droma 'na ghliogaire i ngleann ar dtuathal chognas bodach í Bhiorrainn a bhraim.
Dochuala i gCromadh go ngobaid na coiligh a gceann 's gur fhuagair cogadh ar na clochaibh ó Fiothalla fionn, gluasaid bodaigh chum sodair le spioraid ar spriong suaill nach slogaimse an sonas le longaim do lionn. Thuas i gCorcaigh do crochadh le tuirmeasc triur is duaidh ó Coscartha cochall í Chuigille a rír, cuaird do chorruigh mo chosa gan tuirsi re trius dá ruaga im roscaibh nach dona thig duine don dís. A uain dil d'fortuigh is d'fholamhuigh ifearn thall buanuigh borruigh is cothuigh an chuingir gheal donn, geadh fuathmhar fothram bhar bhfocal ag dubhfine gall an chluain si croithimsi oraibh ó bhathas go bonn.
et go mairthidhe a chéile. Dochum fir an tighe thuas.
Oil m'ádhbhacht go bhfáithbheadh mar dheoraidhe id dhún is cuir fáilte rem dhánacht ó dhóithigheas tú, itche áilim ná táirigh mar chóirighim clúin a thuir thábhachtaigh tháileas a lóistín long.
Tuig a léaghthóir gur lingios tar 9 rainn Béarla agus gur sgríobhas na 4 rainn Gaoidheilge so um dhiaig, óir is iad as ró ionmhaine liom; agus mar an gcéadna gaibh mo leithsgéal ar son mo leabhráin do shalcha ó thúis le Béarla.
TRUAGH LIOM GUL DEISE GO DIAN. Truagh liom gul deise go dian ar huaigh a shoichiollach shámh, gach maidin is muirt im shuan nuall ghuirt na lagbhan lán. Go hailcneadh an fheartáin úd leachtán ler loitheadh an ród, acht a ngníomh níor mhuith do mhéad a ghéag do líon fuil san bhfód.
Do chodladh san gcillsi thuas dod charaid ní coimse an cás, do rae níor fionnadh a raon do thaobh gur bioradh re bás. Do íbh nGearailt do borradh baidhbh, do hongadh a mbeart ghlan bhúidh, ar dháil gCais do chuir a clann, bann nár thais don troigh i n-úir. EACHTAS UAIM AR AMUS OIDE. Eachtas uaim ar amus oide, omhain damh a dhul chum bróin, madh earr aoisi annos don fhuilngidh, clos a ghaoise is uirghill óir.
Go hua gCriagáin cuaird rug mise, méaraidh linn go láithe an bháis, a bhfríth d'urraim uadh is d'annsacht, suadh gan urrainn d'fhallsacht ghnáis. Cúirt is comhdháil do thréig oirne fromadh féalmhac is aos gráidh, feadh an laoi ba lonn an ghaisge dia mbaoi bonn gach aiste im láimh. Uaidh gér anáir nár fhiu inne fuaras deise an doinn i dtráth tús a chaingín chaoimh sa chorma laindíl aoibh mo cholbha ós cách. Aisnéideadh neach é madh oircheas i n-iath Chonmhaoil cuin do ró, bhus séad samhla dár srúith neamhdhuibh damhna múith iar ndeaghuil dó. Aigéan uaigneach an iuil dlighthigh dreagan daonnachtach re dáil ar thrí teangtha d'fhighe ar dheisiol geallta ar dtíre is eisiomh táir.
Seán mac Criagáin ní chéal oruibh, inneoin ionnsmuighthe dár stiuir, tonn tiodhlaicthe dréacht is daghrann, díonaice créacht n-anbhfann n-iuil. An mhám ilchialluidh le ar hoirneadh é ós oidibh iona fhás bairr go mbeir leo iar ndul go ndaghchuid don bhrugh bheo nach tadhluid daill. Go síne dia láithe ar leannáin leam is itche í madh dleacht go ceann uinge bhós geadh bliadhna buinge ar rós nár riara leacht. Eachtus éigin d'éirigh damhsa dul d'fhaicsin fhéile an té nár chrannda fios, is glan dom réir do thréig a chlann sa chuid an tamall d'aomhas tréimhsi thall na thoigh.
D'ÉAG DUINE NACH DEÁRNADH. D'éag duine nach deárnadh cárnadh riamh dá bhfuair, d'éag ursa do b'áidhbhseach cáil i ngrianán suadh, d'éag file agus fáidh an lá rug dia atá thuas an t-oide gan táir ba Seán mhág Criagáin uainn. D'éag ciste na ndámh gan cháim 'san gcliabhán suain, d'éag tuigsin is tádhbhacht cráibhtheach ciallghnáth cruaidh. d'éag tuile do tháileadh bláth gach biaideáin tsuairc le spriongar na sleágha do dháil an tia dá uaidh. Do rugadh le bás an báire is lia dá thuar ar ionnmhus ceárd do b'áluinn iar ndáil uair, geadh mustarach bháim is bháid ag triall fá dhuadh ní ficimse ina áit i gcách acht cliabhán uain. Libhse más geárr an trácht so a chliar nach duairc tilidh a lán 'san bpár go ria an dá bhruach, tuilleadh badh cáir do rádh 'na dhiaidh má gcuaird tugsa i dtráth sul dtárla bial dá bhuain.
OSNA CHARAD NÍ CEOL SUAIN. Osna charad ní ceol suain, aoibhil adhanas anbhuain i gcroidhe an chomthaigh adchluin goire d'orcradh a fachuin. Na comthaigh chongmhas a gcáil is ionann damhna a ndiombáidh, an lann chealgas a gcara ní gann deargas daghthala. Abhar na hosna so a dtuaidh fá an leabhar liom is anbhuain 's an t-aolbhrogh ó ngluais a ghoimh ag daorghol i nguais ghalair. Treabh go maoith mo nuar anocht Cathair Maothal na miadhmholt, tug bás na seinge ba saor cás na heinge go hanaobh.
Olc doghéabhainn mon nglacfuinn cion dá beadhga um bhaothacfuing an treabh nach dorcha re um dáil lear a horchra ní héadáil. Do réir Ghille Brighde bhocht atú uim Anna ana geadh ollnocht, créachta mo charad romchráidh déachta nach damhad anbháil. Mar aomhas airdrí neimhe mo chion damh dá doghraingse is truagh nach tógbhaim dá líon duadh a bhfódmhaim don imshníomh. Dá ndearnainn codla ar a chruimh ní fiu me bheith im bheathuidh, an té do airidh uair eile m'ainimh i n-uain m'éignighe. Mac Réamuinn an roisc lonnraigh buinge seang nach saobhchonnlaidh fa thoinn bhróin do mhear mise fear dom fhóir gach ndírighse.
Uchán Anna fós ní chéal liom is goirt an groidscéal, le ciach a céile romchar a liach ní géire galar. Do chomhaill Seán saor an modh riaghail aithreach is ollamh, tug túis a ratha don rígh cúis an chatha fa a bhfuilsi. Tosach gach toraidh do ghnáth idir chlainn agus chonách is eadh don dúileamh is dleacht smúineadh nach eadh a n-imtheacht. Má tá ó thúis nár cheaduigh a inghean uaidh i n-úirleabuidh, dá gcuire a thoil le toil ndé. a goin ní raibh acht roighne. Téid an Búrcach bladh bunaidh aisce chumhra chríostamhail príomh a shéad sa shleachta don chill; - créad as caoinbhearta. Rug uadha an triath is teinne úrfhás gan uaill inntinne i mochthráth aoisi na hala scothbhláth gaoisi is grianana. Oighre is uaisle agus umhla féile is crábhadh croisiomdha, rug an ghéag gan ghuth ndochraidh iar n-éag cruth is caomhshochraidh.
Ráinig lé fa lig na liach fionnfhuil Búrcach na mbreacsciath go srothaibh d'fhuil Chuinn is Chais suim ón sochraidh an fhuarchlais. Inghean tSeáin go fóil i bhfeart, maighre nár iomchair éigceart, tug tromchia uim chrích Chonaill, fríth dá dromlia daoromhain. Mar oireas don óig niamhdha goirt an oifig aoinbhliadhna, caithréim a fáinne sa feart aithléim a háille d'imtheacht. Aithreach liomsa nach laoidh leinbh tarla dise go dlúithdheilbh, ón ngéis ngloin re raibh m'fháilte gail da héis is easláinte. Uchbhadhach Oilfeir Stíbhinn leam is othrus anaoibhinn ag caoineadh a chéile cneis saoidhbhean ba séimhe iris. Cumhaidh Oilfeir óig uimpe neamhghuth cúis a chomhchaointe, seise seangnuadh a ghlaice gan treise acht eangfhuar adhlaice.
d'oighre Ristird na stéad seang is creach a chéile croibhfhionn go mbláth a doinne do dhul ós cách fa thruime an talmhan. Ní fhighim uirscéal dána, ní suim taidhbhseach teangmhála, ním gortach fom ghrádh gidh eadh, re hál nach toltach dom thréigean. Dochuala go raibh reimhe manach i n-ord dáirighthe gan diul aonochta dá fhóir acht siur aóbhdhachta ó an altóir. Baoi le lúib an fhoilt chlannaigh mar is dual ag dlúithrannaibh searc dá bráthair ós gach bí beart dá bhárthain ba neamhní. Iona loing ag leanmhuin dé luigheas an gart mar ghlainré, ní fár fhóbair éag dise méad ar fhódaimh d'aincise. Gabhas galar a chríche is é i gcrios na coigcríche, gaol na gluaire le ar ghoirt taobh a thruaile do thochailt.
Gríosas a mheanma gan mheang ria ndul don mharcfhlath mhearsheang uim scríbhinn an scéil do chuir tar dílinn fo chéill chluthair. Do bhí d'uamhain beadhgtha brígh a sheathrach féin ar an bhfialmhín iona fhíorchruth nár scoilt an scéal síodhach do dhoirt a dhoimhléan. Abhar cneiséadaigh dá chom áileis an féata fodhonn, itche nár fhoillsigh go fóil trice an truimsin dá chospóir. Aibíd úr d'olainn tréata mná nár fhuiling aoinéata, bun ar éagcaoin d'easbaidh uaidh gé d'eascair d'éagcaoir adhfhuair. Faoilidh ise a tiugh a tréad, uruis d'iomchair an beagshéad, go scrúdain a ndeachuidh di leathchuin úghdair na haice. Leigheas an litir arís a suim do mheas nár mhainís, fuair nár fhóir olann a molt folamh a dóigh sa dúthrocht.
Sireas gach somhnaoi aile abhus dar lé ba líonmaire, geadh fionnadh ní fhuair fá dheoidh gan ciorradh do chuail chrithleoin. Aithneas iar nár chéim crithre neach nár fhuiling aimsighthe, uch d'fághail fa chrios an ché stánaidh dá fios go bhfidhné. Créad as mar iad ar ise nach beinn gá mó maoltuigse nás a baramhuil abhus fás d'anamhuin gan othrus. Geasa cáich níor chaill Anna ráinig teidhm a tóranna, nach sodhath soineann a huain d'fholach uilleann an éagcruaidh. Ionnas ar buile nach biadh máthair chúisi mo choimhchiadh, fá uisce an cheatha dochóidh tuiste nach seacha ar seanmóir.
Tug mar cheannach ar chéill a céadchuid chlainne a caithréim, dit a dhúilimh mar dhlighe glic dá glúinibh gnáithfhille. An tráth is toil a choimhdhe libh a roinn dá rodhoilghe, gan caoineadh na gcorp is cáir ort a maoidheamh is mórdháil. A rí do rug is do rad toirrchios taobhgheal mo charad suaimhnigh don fhóirsin dá héis tóirsigh nach tuairim d'fhaisnéis. Ná ceaduigh don chrobhuinn uill a dhé bhar reacht do rochoill fád chóir féin uainn do thabhach, céim nach suaill an seanarach. Adhmholadh ní dhéan disi ní raibh oilmhian inntisi, craobh cumhra dár lean gach gnaoi, neamh dá humhla go n-aomhthaoi.
Damadh tualaing a tionóil do bhiadh m'uidhe d'Eilionóir, lúb chunnail an chuim fhosaigh, cumair do thuill tromosnaidh. Osna chian chriadhchuilt uim Eilionóir, an chroibhfhionn fhial diadha nár theib gnaoi bheo, ort a dhia iarraim go mbeire í id chóir don mbrogh is lia grianchruth i bhfeis naoi n-órd. Amen.
TRUAGH BRÓN AN BHAILE SI. Truagh brón an bhaile si thíos scíos mór ar m'airisi d'fhás áitreabh Anna fá chlúid cheo, mo ghrúig bheo an balla san gcás.
Cathair Maothal i mbeirt bhróin cóir gan ceilt a daorghuil dúinn 's nach bí siostghoimh seal um chéill nach réil d'fhear an iostaidh úir. Goimh ár maoithe is minic d'fhóir risean chaoidhche is cóir ár mbáigh, och aniodh a chlann i gcriaidh tall a liaigh fad chion don cháidh. A ghin chorpchaomh chlainne an áir do dháil fortbhéim faille fuair, ag sin scannra sceol don dáimh tráigh is damhna deor a huaigh. An eang bhaile eangbhaile ar hoileadh í eang is gar do goineadh lé, fáth a cuisne Cáit a bí is tuirse an tí don áit is é. I Leath Mogha is annamh eang leam is toghtha fóir is fonn ioná treabh an laoich sa lán maoith a mál is cneadh im chom. d'éitteacht seinge na gciabh gclaon ciach uim thaobh na heinge is fál, tig do ghruaim a cinn ós cionn nach binn liom acht uaim a hál.
Ó nach cumghaim réad fá rír budh dhéad suim re sonnadh suain ní sámh silleadh ná clos cáigh lingeadh na ndáil ná fos uaidh. Méala an ógfhlath bhannda bhúidh crannda fá fhódbhrat an áir sa liacht súil re suan fán seimh dá béin a srúill truagh do tháil. Céile an eo ó an uamna ngil monuar beo go riadh nach raibh aindreann foinn an altchaoimh ghlain muidh go loim go lachtchraoibh n-air. Dá n-aomhadh dia disi dul i seilbh rátha na ród nglan d'fhiadh na sreabh is fuairgheal fur budh bean fhial do bhuaidhfeadh bladh. Geallaid a gníomha roimh ré bhaineas iath dá dothadh dhí go madh clú dá cine lé cré na cnú ba gile gnaoi. Badh geall díola do chléir cros d'éigsibh is d'fhóir bhocht go mblas stuadh na dtláthghlún bá saor slios ó lios na gcraobh ngnáthúr nglas.
A céile is dáilteach na diaidh fáilteach an fhéile gan uaill, doghní neamhchlú a dtug na tóir don róimh rug a ghealchnú uaidh. Eision uimpe ní balc bán braithtear a bhronnta sa bhrón mar is cubhaidh re céill triall riar don chléir is cumhaidh lór. Ní grádh diombuan daoi dar leat tug Éamonn d'úrchaisi a folt ná dá dearcshuan fa dhruim leac acht searc suim nach creatfhuar corp. Martra an baile fá dual dó bheith ar eachtra truagh mar tá, an fhail gan lic na luing chlú go raibh fa chuing mhic na mná. An treabh chumhthach adchiu i dtámh cluthair a grádh liom go luan, sin mar oireas fréamh mo rún don dún oileas tréan is truagh. An fear céadna cct.: Do charas í gan chealg croidhe sa drong go deo an chathair choinnleach dhearcaim fillte i gclúda ceo is geallaim tríd fa aradbhrígh na mionn is mó gur searbh linn uim Chaitilín do Búrc a brón. Maiseachríoghan ealaphípeach ionnraic óg dob fhearra cuing dá bhfaca poinn ar iomchur chóir, athchuingim ó d'athruigh rí na ndúl a cló tré fheartaibh Chríost go sealbhuighe na dúithe glóir.
CABHAIR CHAIBDEAN GEAN FLATHA. Cabhair chaibdean gean flatha as tig uaill a n-iomchatha córach dá dteann tig madh seang mórfhlath le mindig. Aithnim siud oruibh is orm a bhuinge na bhfeas bhfialchorm gibé tú dá sinnim sin is tú dom innill imnidh. Má tá nár ghaireas do ghrúig dá ndearntaoi meadh re mionscrúid sam crochta gan cionadh réil tre iolar lochta mo loitscéil. H'éisteacht riu nímrig a leas an dream fhorálas m'aimhleas ód ghnúis nír cabhair chobhsaidh falaidh gan chúis gcomhfhosaidh.
Cabhair nár dhligheas ód dhreach bearnadh bainne dom bhiseach trom oirne níor déanta dhuibh madh foilmhe is éarca d'fhoghuil. Foilmhe iadsan ionnás mé geadh iad ar muin na muice lucht tairgthe mo tathaoir ribh athbhraoin cailgce romchrithnidh. Ní éilmhim éagcóir ghníomha ar haghaidh úir fhinnlíogha acht a gruaim do ghnáth rinne tré fhuaim gan fáth fírinne. Ag fiadhach oirne do fhás aicme nach oir acht d'anfhás mó conair céim is easair dom fhéinn fhoghail ainbhfeasaigh. Ar ionchaibh aoinneich uasail gé tú ucht re a n-iolghuasaibh ó táim is tearc mo thime re gláim na ngealt n-inghrime. Luibh íce mo chréacht gcoire luibh is annsa artghloine re gnás geamhghoile na bhfear sás creamhuire do cluitheadh.
Sás suaimhnighthe sriubh is seol ceard cruaidhbhioraighthe cineol an dionn eagnaidh is geal gníomh eadrain is mear na mionmhíol. Do shillios nár bhfearra dham eangach úiriaruinn umam ioná deallradh do dheirc mhaill gor bearnadh don mbeirt n-iomraill. Lia ionnam deaghrún daoibhse gé atú amuich dá mearaoibhse ioná i longaibh na mbréag mbán mongaigh nach féad gan fochnámh. Lia ionann oireas d'uaisle glóir re fuin na fíoruaisle re ar chubhaidh báidh do bhile tar ulaibh áil aointine. Adhbhar fós fa dheara dham adhmholadh duinn do dhéanamh daoireacht meardhána na mac seandála saoidheacht d'ionnlac.
Dá chur i gcéill nach creidim ó aos órtha an fhuairsceidill nach mé mise d'aimhdheoin dall geadh brise braimthreoin m'fhulang. Aithnim inn is m'aisce anuas ní um claoidhte re a gcionnluas cur eich re foltdhruim Oghaim breith otruidh go n-iomchorainn. Ó tá neamhchion cáich um chionn san mbith nach táil acht timchioll doghéan damh mo dhán feasta ní cnámh clamh gach cruaidhmheasta. Cá córa do éanaibh aidheoir seasnadh suairc a saoirchineoil 'na dtoirchim ós coill dá gcuir ionná oirchill m'fhoinn dam chabhuir? Marbhthar me nó leigthear as ní adhruim éagcóir fhollas ní dú bearbha dom bhinn mar chlú d'ealbha nach aithnim.
Beith dá réir do roithcheas me don ghríbh dár dhúcha dile do aos ionghair na ndart romtháir ionmhain an gart geam ghearáin. Dursain a chlos dár gcluaisne eo gan aonalt anuaisle uim fhoscéalaibh cáich ar ceal roscéaraidh táith re toilfhear. Ainm an laoich si re labhraim bíth nach bronnaim baramhlaim go madh tualaing inn a aisce an ngualaing ngill ngnáthghaisce. Gibé re bhfil ár bhfoiréad dia gan och dá fhíorchoimhéad tuigfid féin am eile méin geadh mall gach muintire. Aonchú áthuis do saoileadh uair éigin dom athmhaoineadh is frithir a thréan ream thoigh scéal romchrithnidh mar chabhair. Romchrithnidh go fóill an scóp so ag fuighlibh fáis dom inghreim beo fá bhórd le soill mar shás 's an t-ubhall ghuirt cóir i gcóige is críne bárr dá sireadh ar ló go seolfadh d'fhírbheich bláth.
Re buinge don fhóir nach mórthar choidhche tláth le gcluintear an ngó 's an feodholc fíor dom cháil geadh iomarcach óirne an scórnach scaoilidh cách níor chubhaidh cur eolais póite an phruimpiolláin. Sirimse dhó go róda rí na ngrás an t-iomaire cóir go deoidh 'sa naimhde ar lár fulang nach fóil re fórlann fraoich na n-árd is nach imir acht óirne ar óige a bhrígh go bráth. I N-ÁIT AN BHARRAIGH BHRÍOGHMHAIR. I n-áit an Bharraigh bhríoghmhair ó ataoi id chléith re coigcríochaibh a ghríobh shéaghain do thuar toil géaraidh do ghruadh reum bhíodhbhoidh.
Ria ndul don leoghan tar lear do chuir a lámh sa litear i gcóir chneasuighthe mo chréacht tóir is treasuighthe ód chroibheacht. A mheic Ádhaimh bhruaich Bhríghde m'osnadh ní fuaim fonaoide m'aithbheoghadh is clú dod chlos ós tú an t-aithleoghan fhéados. A Réamoinn an roisc uaine éist ream éagnach aonuaire mian mo chabhra badh dual duit a stuadh chalma an chlaonfhuilt. A bhile don bhreatfhuil ghlain amhail is cubhaidh congain dot fhóir ní seanaid nach síor um chóir dá leanaid láindíol. A chathbhile niadhta d'fhialfhuil féinne Briot is do haithleaghadh iar i dtriathfhuil Éirionnach dom chabhairse triall dá n-iarra céim gan ghuth ní seanaid ar iarraidh riamh a Réamoinn duit. Ní bolgach liath ní fiabhras féithleannach ní caradas cian ní fiadhach cléchluithe ní bradaireacht chiar ná iarmhuirt éithigh tug mo thaise gan tiach tar sliabh dot éiliomhsa.
Ní scannail dod niamhchruith briathar réidh do chur le caraid a rian nach mianach méirleachais níl galar am chliabhsa acht grian mo spré do dhul is gur chailleas mo chiall an dia noch d'éagadar. A CHIARRAOI CAOINIDH ÉAMONN. A Chiarraoi caoinidh Éamonn dibh ní heagal a aithréalltann tairngire foghla go fóill ainbhfine an doghla is doghlóir. Má tá iar ndísc go fiorra ionnaibh d'uaigneas inntliochta fán gcruinne docháidh a sceith mun dtáir is truime durchreich.
Caoinidh bile na mbos ngeal triath arsaidh thuilleas díleagh bhur mbróin ó bhronnaibh go so ongaidh bhur ndóigh don dulso. Beacht scaradh Éamoinn is olc ceinnbhile nár iarr ionnloc re forba chorrchnocaigh Chéir tromlotghoin anba an fheileimh. Má saoilid re séad samhla an laoich ó láithe a chinneamhna san aoise do riacht bhur bhfóid caoise nach iacht gan urchóid. Dóithin aonruire an fhoinn adbath i n-éibilt Éamoinn d'aonmhac iar bhforbairt a bhall colgthailc fá haobhshlat fholtcham. Truagh a mhíne sa mhire mac meadhrach an ridire do dhul as go hóg uaine fó ghlas i bhfód bhfliuchuaighe. Leannán na cléire do chríon uchán ní héag gan imshníomh cúil fhailgheach is ucht mar ghéis cráibhdheach an curp gan crodhspéis.
An éigse dá mbiadh ar bun ní fhacaidh ruaig do rugadh ó eadh cneadghaile na gconn dá theagh seanbhaile an saorcholl. d'ógmhnáibh an iarthair is guirt éitteacht Éamoinn mhic Ghearailt tug úr gach aonbhronn aca saolonn súl an bhanntrachta. Leamsa is treaghdadh gan a thriall im dháil go much tar mhóirshliabh gnúis réad séid a shearc fom chom is nár thréig me neart géar neamhthrom. Iar dtoirche na bhfear tar Féil seacham go soithche bollstéir folamh an fhéinnidh is teinn oram nár éimigh ardbheinn. I n-eiric a bhfuair mise do chion an fhinn uasailse tugadh rí na ríogh uile díol don tí dá thrócaire. A mharbhnadh ní díom dlighear ním ollamh re oirfideadh caoinidh féine an fial feasta a fhian is léire laoicheasta.
Ceas do thuit ar Inis mhóir na mbeann do a cruith do sciub a ceol sa greann dreagan dil ba di nár ónna an chlann fá shleasaibh lice luime a rómha ann. Ba scath gan scige an buinge beoltais am do mhair a bhos níor mhuidh ... , do lean go dul an rith si uim dheoidh na cheann bheith tarthach tugthach tuigseach treorach teann. Níor thairg bruid an fior níor fhóbair feall níor chrap a chuisle ó oineach óir is eang badh sheasmhach siosma a neart re mórtas meang is níor ... a loinne ar luige lóid na bhfann. Tá leat a lic fár luidh an leoghan seang don taisce chille is uille i bhfód na bhflann a mharbh libh dar duine is leonadh leam seabhac suime a gcluinim d'ógaibh gall. Ós feasach fuin a bhithe is feodhadh a bhall is gan a aisiug linne a gcion go deoidh na mbann aitchim sribh an chnis tug lógh don dall dá ghlanadh ó choir ag sin a bhfóir gan caim.
DÁ BHFÉACHDAR GO hÉIFEACHTACH. Dá bhféachdar go héifeachtach áthas mac ar léidinnioll déise nó ar ghráscar glac más féile bhus éigean nó ábhacht each nó séimhe ní séimhe ionná an sár gach mac. Déanamh an déidghil is deárscna dleacht mar chaomhoirid céimionna a chnámh sa chasc réidhchruith dá réir sin do ráinig rath is bréithre nach léigthear ar lár gan lacht. Géarshearc ag béithibh ní nár don mhac nach éilmheach ar aonduine i ndeáidh a chneadh féithleann dobhéaradh ar áis madh damh is nach géabhadh ó é ar bith a bháthadh beart. Éireannach aobhdha nár fhás go tearc an chraobhursa laochdha gan tlás re fear ní dhéana is ní ghéillfe do chách acht ceart is faoi néalaibh ní baoghal go bráth a ghal.
Dá n-éirgheadh le fraochbhile a bhárr i dtreas geadh réad sin nach féadaim a rádh gur gar re héiric a bhéime do thabhach neach i mbréigriocht ní léigfiodh ionna áit tar lear. Ní béalbhriosc le spéirling do thrácht go prap is ní méirtneach i mbéal átha báire an bleacht ní béas leis bheith éachtach i ndálaibh ban is dá éis bheith na gheibirne lá na mac. A dhé dhil an féidir go dtárluidh glan más daonnacht gan chlaonimirt cáil is maith saorspioraid d'Éirinn nach dáilfiodh gean don chaolach nár thaobhuigh le náire meath. Gréagach an gléghille grádhmhar geal do théarnuigh ó éachtfhuirinn Áine i gcairt is ní réidhfiodh an chéadtsruith ó dtáinig breac a chréidhse re cléithchlainne Chárthaigh is Cais. A naomhloinne caomhain ar cheárdaibh cas an féinnidh nár éimigh bheith dána deas madh réidh ris ní héarthach uim gháire ghairt is dá gcaorthar don aorthach ní lámh ar leas. A ndéanaim ní d'éigeantas báidh ná breab achd léirtheist gan fhéire mar tárla an staid geadh éadmhar re chéile me is cách re seal ní séanaim mac Éamuinn is Mháire an fear.
A CHÉILLIDH DOCHÍ. A chéillidh dochí an timheal ar rosc cháich don chéadshilleadh, riot féin dá n-iompadh an ngloin badh fionntar béim fad bhraoimhuin. I mbreith meardhána ná muidh, dobhéaradh an fear freagaruidh, i n-éisteacht t'fhuighill dá mbiadh, béisteacht an t-oighidh d'aimhriar. Ná héilmheadh aoinneach orm clú ár gcarad gan éagchomhthrom, saoradh an daithghil madh díom ó fhaobhar nach aithghin maithghníomh. Fearr is eolach ionnás duid damhsa deaghchomhall Eadbhuird, dom chaidreamh óm chliabh aire, a oibreadh ní rian rochaile.
Nach mairg nuaibhile doní aithris ar Eadbhard gaillídh, tréidheanuis urnuidh is iocht dubhchruidh déibhleanuis d'fhortacht. Creidiomh an choimhdhe níor chaill, ní dheachuidh aonbhann n-iomraill, do thórainn teasta na naomh, lóchrainn fá leasca d'annaomh. Níor thuair a ghruadh do ghríosadh uim chuirm ó chionn a aonmhíosa, dá chlainn a chealtair ní créacht, neartaidh a mhaill ar mídhéacht. Dá dtugtar a chéillidh chain is lom a locht do leanmhain, súil ar líon gacha leasa dúin a ndíogh ní haimhneasa. A chéillidh chuireas id chruinnice lochtaoi i gcás an béim ód choinnillsi congaibh sul gcrochtaoi cách, dá bhféachtar grinnioll gach gloine go nochtchlí a ndál dob éidir tuitim do bhuille san bhforaois d'fhág. Ná céimnigh ionnus na cuile nach corruighionn bláth acht dréim le duibhe tar lilibh go lochdhraoib láir, ar Eadbhard sillidh mar shirios an soghlí slán glé na duille do thuigsin sa ndrochlíon d'fhál.
Doghéabhair nithe san nduine dá bhfromhthaoi a cháil nach téid i n-iomad do chomusaibh Corcaighe i gcnámh, réidhthlacht singil gan toirm is troiscí a lán déirc is oinioch is iris is ochghuidhe gnáth. Féach an cunnail a chumann re a chorp chillcháidh, féach an minic a phinginn don bhochtín táir, féach a mhuirear ó shlighthibh sa rodhíol dáibh, is bréagnaigh mise má rugais gan soghnaoi a bharc. A FHIR IOMTHA MHAOIDHEAS. A fhir iomtha mhaoidheas go minic i meadhair aoine nó óil go ndeachaidh dinn rún do dhána ní cúl rinn áradh is cóir. Cuirid daoine a mian a molta meas ar cháilibh ós a gcéim súil nach fionnfaidh aon a bhfoilmhe iomchair daor sdan doilghe gréill.
Dá mbiadh deighscéal agad oirne aon i gcéad an mbiadh do bháidh coimhdhian ar bun bhíos do mhonbhair dom chur síos le bordghail bháin. Atáid fiadhna fós re a cosnamh ar do chuimhne cia do thuit go dtug mo lámh léir im threoraigh do dhán féin mar dheoraidh dhuit. A bhfiadhain eolach dá dtugair an treabhair chéadna dochím mon bhfuil locht ar lár nár dhearbhuis cuir nocht sár gach searbhuis rinn. I bhfochair ealbha nach rothuig réime deirite na ndruadh níor chlú dhaoibh ar n-acfuing d'aoradh saoil nach saltruim faobhar fuar. Do láthair n-oideadh nach amhfhás ní eagal leam léighiodh rainn adchiu fuigheall thall nach tearcuid tuireann trom nach dearcuid daill. Tug do chruadhdhán leat do láthair nó laoidh dhlightheach úr nach é acht nach sibh do scríbh nó haithgin an mir ibh mon n-aithnidh mé.
Ní mar bhladhmann as mo bhéasaibh beart go bhfáith ná haifreadh aon d'fhios na rannsa riom a ndubhart fallsa an fionn madh dubhalt daomh. Cá córa dhaoibh béarla an bhaile do bheith libh mar lón id láimh ionnás damhsa dia re um dhúthchas tarsna an rian gach tnúthas táir. TÁRLA CORP IS ROSC. Tárla corp is rosc is rinnchéime áilleacht crotha is cothrom caoinchéille a lán do thorthaibh toghtha ós ríghbhéithibh ó thrácht go folt san chrobhuing chaoimhghéagaigh. Tárla foirtle fos is fírfhéile sásadh bocht is nocht is naoimhchléire tárla lot is losadh an laoich d'fhéachadh iar bhfás i mbothaibh boga baoichéibhe.
Tárla scoth gach fola i gcrích Fhéidhlim ag tál na tonnaibh sonna saoirmhéinne san gcráibhthigh shochma shocair shíthmhéaraigh atá san nGort fá dholadh a mbí ar Chlaonghlais.
MUIREAR RE MÍ. Muirear re mí do thiomairg im thimchioll coilgthe cheinn is cliabhthuirse a leimhe do ling ar chuireas dom aois is faide na slighe ar a dtriallaim dul. Tuille dom shníomh mo choirthe gan choimse an duirb is daoire d'fhiabhrasaibh sa chruinne dochím nach cumaghaim poinn do thiocfadh dom chlainn chum tighearnais. Ionnas arís beag innisim díbh geadh uirghioll díom nach fiafruighthear gur truimide ar maoith ó d'imthigh an mhaoin a bhfuilid gach laoi dom fhiachadhsa.
Anuair thigid na laoich don ionad a mbím is mise gan suim a riartha a bhus gur cunnail an chuing an t-oineach san díth le conaghain croidhe dom chiapadhsa. Idir an dís an tuile san dísc ní hurasa luighe gan liachaireacht san iomad ar tí na laige do shíor dá hinghreim fíor nó fiarthuicseach. Ós urra gan bhaoi gan ionamhus inn le dtiubharainn íoc a bhfialchoinne sirim an rígh do chruthaigh an chraoibh go dtugasan díol im fhiachaibhse. Cuirm nach fill mo ghile chum grís a silid na saoithe is sia re hiocht mar thigid i dtír nach iongna a ngníomh ós mionnaibh do shíne riamh 's aniugh. Acht dob usa bheith choidhche curtha san gcill ná tuitim i líontaibh liachaireacht na druinge le saoiltear oiread na froighe do neithibh na gimheala iadhta um scruig. Dá sire neach scaoile a coinghioll a gcuibhrigh sciubaid a ghnaoi sa ghrianluisne le sciuthaireacht mhilltigh mustair is maoidhte tuille beag bhíos i ndiaidh a nirt.
Acht tuille na dtaoiseach miochaire is millse a bhfuirm ní hinntleacht iasachta cuirimsi tríd sin cuimirc a gcríche ar chuislinn an chích do stiall i gcruis. Congaibh a choimhdhe a n-urraim sa naoimhe a gciste sa gclainn gan chiach a gcruit san innimhe is aoibhe i n-iostaidh na soillse id ghoire gan aoinchith iarraimsi. Gach nduine do rín dom miotal a mhíne d'fhurtacht dá luighead i rian ar bith snár chuidigh mo lí do dhubhadh le gaoithibh goirte mar dhíol na mbiatachas.
An seachtmhadh lá déag do mhí Abraon na bliadhna d'aois Chríost 1679, dardaoin na comaoineach a meadhon oidhche do éag ceann oinicc agus eangnamha na Mumhan agus dom dhóich na hÉireann go huilidhe an tan so .i. Muiris mic Éamuinn mic Seain .i. fear Caisleáin an Lisín, iar mbuaidh iongtha agus aithrighe; agus adhlacadh a ccill na mballach a Mainisdir St. Proinsias an luan dá éis sin a n-aontuama ria mhnaoi mhaith pósta .i. Onóra inghean Cormuic mic Diarmada .i. tighearna Muscroidhe, agus í ag aitreabh an inid sin rimhe ó lá San Proinsias annsa mbliadhain 1669.
D'ÉAG AN FHÉILE. D'éag an fhéile i n-éitteacht Mhuiris d'éag an uaisle ghluair gan ghliogar d'éag an anáir cheannárd churadh is d'éag an fhoighne dhoimhin gan duibhe. D'éag an umhlacht ionnraic iochtach 's an t-eolas gan cheo gan chrithir an diadhacht nár fiaradh fionnadh 's an rún fíre dírghe dile.
D'éag an bheodhacht leor gan leimhe 's an cheannsacht tseannda gan tuisle d'éag an bhúighe chiuin gan chuilg 's an tsaoirse nár fríth gur filleadh. D'éag an eadarghuidhe gheanamnaidhe dhlightheach 's an mheasardhacht nár meascadh le miogaibh d'éag an chumhracht chumtha chluthair is d'éag an náire ar lár nár fionnadh. D'éag an daonnacht gan bhaos gan mhine gan fhuaim gan uabhar gan iomaidh ó gach neach gan ar gan iorradh d'éag a stór a dtreoir sa dturadh. D'éag uaithne fuadar is fuinneamh d'éag déarcach tréadhnasach tuicseach d'éag muimhneach míleata milis nár smuain feall ná fallsacht chumainn. D'éag béile is éadach na druinge dár chinn dia san mbliadhain tubuist d'éag daghchruth re haghaidh an uile is gníomha dá réir nó réad ba uille. D'éag an cárta cráibhdheach cunnail 's an compás nár chúrsáil tar chiomhsaibh an seol re stormaibh nár struiseadh 's an stiuir nár túrnadh re tonnaibh.
D'éag cealltair gan chall gan chruime gan ghual gan ghruamacht gan ghainne d'éag an lá re bás do bioradh breitheamh ciuil is cúrsa is cuilg. D'éag staraidheacht marcaidheacht is murrainn d'éag laochas maordhacht is miotal d'éag foghluim modhlacht is maille i bpearsain tséimh an tréin gan tuilg. D'éag fiadhach iascach is imirt d'éag áthas áilleacht is urraim d'éag caoimhe míne is mire i n-éag an tia do bhiathadh iolair. D'éag mo nuair an fuainne d'fhuiling anntrom cháich sa gcás go minic d'éag an té sa chéile cubhaidh re linn bhar n-óg nach dóigh go dtiocfadh. Créacht mo cléibhsi an t-éag do sheinneas an t-éag le ar buaidhreadh cuain gach cille éag na bhfann do scannradh scriosta an t-éag ionar éag gach gné don ghile. Is moighéanar finnfhéinnidh fiuchair nó rí sa chríocha gan chiomhsa nó ceann sluaigh re cuaird na cruinne i rian na gríbhe groidhe do rithfeadh.
Ní croisróid cullóide is coire náid cosáin chrosdálta chuilinn náid céime do bhéimfeadh sciorta d'aimsigh riamh acht rian gan ruide. An gaiscidheach gan tathaoir gan time le ar claoidheadh na bíodhbha bunaidh d'aimhdheoin tíre is taoide is teine do rug a bhann sa bheann gan bhrise. Rámhuidhe nár léig cáblaidhe a luinge ná a crainn le ní ar bith do mhille is í do ghnáth re sál ag siosma trí bliadhna déag is trí fichid. Ní fhághaim go ndeárnaidh Pilib ná Allastrom d'argain na hoirthir ná Seoirse le ar tóirneadh Turcaigh congcas ba fiu a cur i rulla
Dámadh í an chródhacht chóir gan chumaisc do cuirfidhe le fileadhaibh i gcroinneacht d'fhéachain ar éirigh le Muiris do leag puimp is claoine is claimhe. Do rinn éacht nár fhéadsad Oscair is nach ráinig a lán do righthibh do mhúch diabhal gliadhtha gusmhar do mhúch feoil is ceo na cruinne. Do mhúch faill is sainnt na spiorad bhíos re lot an bhoicht san bhuirb do mhúch éitheach craos is cuthach is do chuir tnúth is drúis dá mbonnaibh. Neamhfhonn riartha an tia do chruthuigh é sa mair do naisc i ngeimhiol fonn méirle níor léig 'na ghoire ná a hatharrach dár dealbhadh d'ulcaibh. An té do bhrúigh mar siud na cuilg le dtolltar codhnaigh gach cine is nár léig leo dá chóir madh ruibe ris ní ró dár ndóigh a ndubhart. Uim an ngéig sin d'éibil idir ní dhéan plás ná ráfla ribhse acht a innsin go cinnte cumair gurab é féin gan bhéim dochonnarc.
Is nach raibh saorchrú i gcraobhfhonn fuinidh nach ráinig a bhárr mar bhiseach mac an laoich ó íbh mac Cuille do dháil i gCluain mar ghluaisid tonna. Mac Éamuinn aonurradh is glaine tárla riomsa ó thúis go tuitim mac máthar dá ndáilid filidh mír ós mnáibh a dtárthaidh ise. Mac nach aoradh aon uim itche is nach iarradh iallspuir ná a hoiread mac nár thuill a lí do luisneadh a los grádh ná tlás re teinne. Mac nár mheabhruigh meang ná mioscais mac gan ghéim do néith i n-ithche mac ón ród géar mhór a mhuirear riamh nár brathadh i neamhchulaith oinigh. Mac a mhaoin sa dhíol gan fuireach dar le cách nár bh'áidhbhseach gustal mac sa lón nár leon a dtugadh is é gach tráith ag tál gan tuirse.
Mac ria mbás dob fheárrde fine mac sa ghlóir go deoigh nach duibhthe mac do fhágaibh bláith is duille d'fheartaibh dé nach tréigfe a shlighthe. Síol Monchadh conchlann a chlainne síol dúthrachta úrnaith is irse síol suaithnidh dár tuaradh ithir as nach éidir déas gan eithne. Gé tiodhlaiceadh íoc iona ionad bhas tóisigh do dheoin mhic Mhuire gan diachuir 'na dhiaidh i gcroidhthibh gibé fhiadfas ní hiadsan mise. Ní duais dá bhfuaras ón mbile ná ní re saoilfinn go silinn damhna mo channtlaimh don chur so acht róghrádh dá mhórdháil gan mhustar. Mo chaoise ní caoine thirm acht caoi le léigim déara guirte atchaoi gan cleasuigheacht a hionnas nach feoidhfidh go fóill im ghoile. Ní maoirseacht mínligh ná muinge siocbháisteacht caisleáin ná coille doirseoireacht sciobóil ná iothlann chaoinim dá ríribh acht Muiris.
Ní chaoinim stíobhardacht a urradh soiléar ná coiléar ná cufa seomra ná cófra ná cupard acht m'fhadchumha mo dhealughadh re duine Is annmhúcht na bhfear úd i bhfoicse ó críochnuigheadh na siorlaoich ba sine an ealbha san aindeise nár hoileadh is triomhtha dhamhsa is córa cumha. Creach gach úird i n-úir don dul so téid ó ló mar lón do chrumhaibh creach na n-éigeas é is na n-oideadh creach na bhfeádhbh is cáisc a gclainne. Giodh uathmhar fhuagraid na guilse lóchrann na ndeoradh sa n-ursa ní chaoinfid choidhche mar thuilleas an caithniadh sa chaithchliath nár druideadh. Uch mo choimse a bhaill sa bhruinne sa rosc nach tug toil do chiontaibh a mhéin re léigheann a bhfionnainn i gcomhrainn chíordhuibh chaoil na chime. M'uaigneas an fhuaim sin dochluinim timchioll an tseingfhir gan tuire fuaim seanndán is cannrán cruite fuaim fóirne feolmhaigh is fithcheall.
Fuaim fíor a cuimhne nach cuirim fuaim a bhéil gan bhréig gan mhionna fuaim a ghadhar ag saigheadh sionnach is fuaim na gcliar ag triall ar iostadh. Fuaim romchéas na héighmhe uime fuaim na n-each gan beart chum lige fuaim do fhág nach báithfe briotais fuaim a chlú sa chúis gan chubhar. Mo léansa an t-éadan gan timheal san croidhe nár chuimhnigh ar chuilibh an dóid nár fhóbair bheith liosta san troigh shlim nár ling ar laige. Is truagh liom a chuallacht ag uchbhaigh sa chonnracht gan chumhdach giolla a chorp seang gan cham gan chaise i bhfuarchuilt fa ualach lice. Taobh re taobh san déadgheal drithleach tug a hóghacht dó is do chongaibh líon uaighe ní chuala im ghoire is lia do dháil is d'fhág a gciste. Ós éigean gach cré dár cumadh d'fhulang báis a beárnadh ubhaill cuirim féin is léigthear libhse beannacht leo go beobhrugh nimhe.
Ní Caesar ná Séarlus Quintus ní hAicil ná Agamemnon ní Croesus ón saoghal d'imthigh acht láinfhial mar mhac Láimhfhiach lingeas. Ní Dáibhith gé tá a dhlighe gan cionnas ná Pól lear seoladh na geinte ná mac Ailphé d'fhaisnéis iomad a chnú chothrom acht Eoin maith bruinne. Bun a phréamh ní mé nach fidir gion go bhfuabraim suas a shloinneadh taobhaim a ghaolta re a n-uimhir ris an ndáimh is áirde gliocas. Is iomdha saoi líomhtha re huige is fiarlaoideach fialscaoileas tuile áibhéiseach le ráiméis thiocfas ag éiliomh a léigim gan tuiriomh.
Scuirfead féin ní fhéadaim tuille bíth gur gann ar labhras roimhe ó táid siud ag súil re seinnim fágbhaim fútha an chú sa cluithe. Dar an rígh do rín a rugadh ní fhaca gníomhartha dísle duine ní ba feárr ó lá mo thuismhidh ionná ar éag ionna éag dar linne. Sáith prionnsa d'iomchar is d'fhuirim d'innscne d'inntleacht is d'fhuinniomh d'árrachtas cáile is crutha rug an t-éag i n-éitteacht Mhuiris. CEANGAL. Biaid éigse uim an éag so go cullóideach dá fhéachain cé is léire aco d'inneosadh cia an t-aonurradh caomhanta cineoilsi tré léigthear na déara go dobrónach. Adéarsa do reidhteach a gcomórtais gur éibil an fhéile san onóir ghlan an péarla ba céile do lucht cró an Lis .i. gréag Mhuiris éadocht mac Onóra.
Dom réirsi dá éis sin is glic dóibh scur san méid sin mar éagscruipt gur bithleonadh ar réim ghil an tséimhfhir gan tuilleoga do naomhadh nó a ndéanaim gur cupóga. Feinnidh a phréamhfhuil gan fuinneoga nár léanadh a mhéanach le meangógaibh tréan rug mar dhréimre go dubhchomhrainn beith caomhinnill aontadhach onóireach. Do rug déshearc nár créachtadh le crosródaibh is féile gan féire gan foghlóire daonnacht nár daoladh le dosheoladh is déata d'fhior séise ba soshompla. Réidhteach na cléire sna cruitfhóirne is déarcach gan déistin re dearólaibh éadach is béile na sruithgheocach is aomhthach na féinne gan furfhógra. Cá ngéabhaid ag éiliomh na siobóide na béithe re ar scéaradh a bhfir phósta san réiltean do réidhfeadh a mburróga mar féasta le péistibh na pullóige.
Méaraidh a mhéala do mhionórdaibh is do thréithfhuirinn céasta gan chiollóga éigne sa chéile nach ineoluis ón saoghal dobhéaradh a bheannóga. Re tréithibh an té se ní hionchomhruic céimionnas aonduine is fios domhsa níor léir dam ina éagmuis don onóir cuid is ní ghéilleadh i ngné ar bith do dhrochnósaibh. Ní fhéadaimse is féachaidh an dtiongó libh dréachtach adéaradh ní is romhó ris ioná léirchreach na ndéibhlean gur tionóladh i n-éitteacht mhic Éamuinn is Onóra. Onóir umhal is oineach i gcré dochuaidh le cuspóir curata fulang an tréin san truaigh is uchtbhrón tiomairgthe tinneas i gcléir 's i dtuaith an crithleon cine rug Muiris mac Éamuinn uainn. Pudhair do leath go beacht i bhféarmhaigh Flainn do dhúbluigh tearcadh eatha is éisc an fhoinn lúith na lag is taisce an té gan tsuim is ughdar bleacht na mbreath gan bhréag do bhuing.
Tonn gan taise i dtreasaibh é do thuill clú nach casfaid cealta an ché go críoch dúil do chleachtadh reacht mhic dé do dhíon is nár dhiultuigh neach sa dhealbh d'féach uim ní. Cnú do ghartfhuil Ghearailt Ghréag an ghríobh is do chrú na gceap i gCaisiol d'fhéadadh poinn i gcúis a phearsan feasaidh féin an fíor ar chumtha i gceart gan easbaidh éid gan fuighioll. Dob iomdha rath an dreagain déidghil doinn is a chumha nach machtnamh d'at go tréan i dtír ní chumghaid scata leath a scéal do ríomh acht long gan last don mhaith gur éag a rír. Níl dúil nár athruigh dath le téarma an tsaoi an t-úr san sean an mear san meirtneach mír an chú san cat an t-each san t-eigne ag caoi is níl fiu na gcearc nach airigh é na luighe:
óir atá an sionnach ag fás agus ag forbairt tré bhás Mhuiris, óir ba hé sás a bhfiadhach agus a ndíothchur é, agus leis sin bíd na cearca dá shíorchaoineadh tre éirleach an tsionnaightheora.
An com do chealg arm déise an daill san chrú do chneasuigh déarca an té si arís cúigear cneadh a chreata is créachta a chinn ag ionnla a chean má d'fhan ar éiliomh aoin.
DÁ DTADHLAINNSE. Dá dtadhlainnse i dteaghlachaibh saora a mair ó Bhladhma go Fadhbhaigh na féinne ar fad is ón maighin sin go haibhnibh an déiscirt theas ní bhfaghainnsi mar Thadhg dil ó Maonaigh flaith. Ní radharcaim i n-oidhreacht a chéirde ceap gan taidhbhse gan treaghlaise is féile teach leaghasaidh an cladhaire san cléireach ceart san deaghdhuine daidhbhir nach péacach ba. Saidhbhreas an fhoidhnigh is é do chleacht gan beadhgadh re doimhneas a spréidh do speal saighneas nach aidhmhilleann réad uim neach is adhnadh re taighde nach léigthear as.
Is meadhrach bíd maighdeana ag gréas a mbrat i dteaghlach an Taidhig uí Mhaonaigh mhaith feadhna re snaidhmshlighthibh dréacht do bhraith caibhdean is lucht seinntithe téad gan tart. Adhlacadh a adhairce níor fhéad i gclais acht feadhmannas deaghoinigh déarcach dleacht is aidhneas gan bhladhmann gan bhréig an fear gur faidhleann do fadhradh a féithfhuil gart. FUARAS BRÉID ÓN NGRÉAGACH. Fuaras bréid ón ngréagach nglan ar son mo chlú do chosnamh ar amas bráthar gan bhú sáthadh nach sanas saobhchrú.
Bearrfa an bréidsi an bráthair bocht a throm oirne ní haonlocht tiucfa dá bhreith bhréagaigh mhaoil sceith an éadaigh go heascaoin. Ní heasbaidh eoluis im cháil tug don choirneach mo chrostáil acht tnúidh reum bhualadh tar bord uabhar nach múin an mionord. Fá aoinscéimh iorradh go se tarla tamall san tése mo chur ós cách i gcasal 's fáth do dhul a dhiomdhasan. Do láthair dtaoiseach nach táir mhaoidheas nár mhaith ár n-amhráin ná greanadh mo ghreann dá éis is fearr fearann ná faisnéis. Do Thadhg ó Mhaonaigh mholta d'fhígheas amhrán ardochta i gceartuaim sciamhdha na Scot ba bhreacuaill iarla m'ionnloc. An Tadhg so is biadhtach go mbladh a theaghlach is cuan curadh maith a leabhair sa lón úr mór le fearaibh a bhfialrún.
Amhrán lochtach liom níor mhian d'uamadh don fhior níor dhrochchiall badh cubhaidh na chaithréim thric aithbhéim umhail badh aimhghlic. Tugasa an litir i láimh Philib í Chonaill mo chompáin i ndóigh gur dhíleas an chúil fírmheas go fóil mo dhochtúir. Lá n-aon dá dtarla Sir Seon dia dhá dhídhean ar aintreon i ngar an chléirigh romcháin d'éilimh ar n-ar go hanbháil. Iarras radharc an rolla an tuir is aidhleann antroma ar mo chumhthach i gcuan óil tuar fár tnudhthach an t-abhlóir. d'éimigh aisiog mo chárta don óg uasal fhurránta sdo chuir locht na leith nár cóir a bheith na dhocht ar dhearóil. Atcheas an mílidh mise fá chúiteach na cainteisi sgo mbiadh ann san ngníomh ón ngéig díon mo bhall do bhláithbhréid.
Bíth gur gheallas don ghríbh ghlain tóchailt an té nár ionmhain ní beag líomhadh bruit dá bhladh re líonadh luit an bhráthar. Tar léine ní leanfad air buain re diadhaire is deacair leanfaidh dia mo cheart go caoin a neart ós lia ionná lánaoir. Ó tharla gan chlann gan chreach taighde a thruaghchuirp ní biseach dom chrúca ní háth chum uilc fear gúta is gnáth ag ulfairt. A dhá spreota suaill nach geabh damadh Ceann Cora an t-aitreabh sa chaipín tréibheannach tur saicín éireannach d'fheadfudh. An bráthair bacach gan bhiadh do ráidh gur ritheas aimhrian go gcead dá chóta gan díon im nóta níl nead neimhfhíor. Ní hí haibíd an uird ghlais adubhart gan díon dóchais acht an chosair lom is lán do chrosaibh poll is priobán.
Mo bheith i gculaith tar chách atas le héad an t-óglách san chruitse i srathair na sreang athair an uilcse an seanpheall. An bréid deaghdhathaso im dhóid fuaras gan aos gan urchóid más olc é le giolla an gha níl fionna fé nach bearrfa. Mon ba eagal dia fa dheoidh don té do phriocfadh pileoir a fhir do fhéad ar m'uillinn scair do chuirfinn bréag ar bhráthair. Fúigfead feasta an libhre lom suighfead i mbord na mbruthcholl anadh Pilib san phlannc ruadh san rannc filid go fionnfhuar. Ar m'uillinnse d'fhéach duine éigin measaidh an dall dochonnairc a créacht is d'fhéad a cabhar i n-am a Philib don phéarla d'éis ar gheallaise thall do thuilleasa an bréid is déinse an eaglais ann. M'innioll ós éigean tréith re braoinstiallaibh sgur fhuillingeas réad ón gcléireach gcaimthriallach dar gunna ní ghéabhad géire ón mhaillbhriathraigh gan culaith go féar a bréid na baintighearnan - agus fuaras.
Dáibhi ó Bruadair cct. do dhís shagart do rin doitheamhlacht do.
Tuig nach raibh annso acht súgradh. Inneosaidh Dáibhi óg buidhe dhuit cúis an tsaighnise. Ag so im dhiaidh saighneas do chuir Dáibhith ó Bruadair ar dhís do shagartaibh maithe muinteardha .i. Dáibhith ó Laochdha agus Uilliam ó Laochdha. Trócaire ó Dhia dháibh a dtriur:
MO LÍON TEIST ORAIBH. Mo líon teist oraibh nach slighe chum sochair suidhe ion bhur bhfochair adamhuighim a dhaoine bochta do shín ar sopaibh aoine troiscthe is clagarnaighe a dhís do chodail le cinnteacht doithchill bíth gur docair dearbhuighim arís gur crosta an gníomh don choiste do rín ar dtosach sagairt díobh. AN CEANGAL SONN. A lucht choigilte bhar mbairrille ar aicme dom dhearbhórdsa is do chodail gan dadamh acht d'eagla a n-anabhróide geadh doilidh liom labhairt ar phearsanaibh maithe móra is crosta na heaspuig dá bhar samhail tug sagartóireacht.
DÁ BHFAICE MO PHRIONNSA. Dá bhfaice mo phrionnsa gnúis is géaga an fhir a acfuing is a iomchur a fhionnchruith a fhéile is a iocht is dearbhtha liom i gcúrsa céille is cirt nach glacfadh ó thrú gur thúirling méirle iona ucht - agus níor ghlac. Fear furránta fial fosaidh fear gan urchóid aontosaígh fear foirne nach tearc maise oidhre ceart na Claonghlaise.
SEIRBHÍSEACH SEIRGTHE. Seirbhíseach seirgthe íogair srónach seasc d'eitigh sinn is eibior íota im scórnaigh feacht beireadh síobhra d'eitill í gan lón tar lear an deilbhín gan deirglí nár fhóir mo thart. Dá reicinn í san bhfeileghníomh dogheobhadh ceacht is beirt an tighe go leigfidís im scórsa casc ó cheisnimh sí go bhfeirg linn is beoir na gar don steiling í nár leige rí na glóire i bhfad. Meirgíneach bheirbhthe í gan ceol na cab do theilg sinn le greidimín san bpóirse amach gé cheilim ríomh a peidigraoi mar fhógras reacht ba bheag an díth dá mbeireadh sí do ghósta cat. Reilgín an eilitín nach d'ord na mban is seisce gnaoi dá bhfeiceamaoid i ród re maith a beith na daoi ós deimhin dí go deo na dtreabh na leitin síos go leige sí mar neoid a cac.
Ag so im dhiaidh mo fhreagradh ar an dteastas éagcórach tug Diarmaid mac Seaghain bhuidhe ar ghréasaidhe d'áirighthe dar bh'ainm Seaghan Ua Loingsigh agus Domhnall Ua Maoláin beo an tan sain; agus fós ar fhileadhaibh Ciarraidhe agus Muscraighe noch do bhí gach rann aca ag éiliomh uirlíse Ghaibhneann gobha dá ngaibhnibh féin:
A DHIARMUID, A CHLIAMHUIN. A Dhiarmaid, a chliamhain 's a chomhguis, a fhionntuir i n-iomghuin nach ónna, a lachtaidhe na suadh fa huaisle óirneadh, cur i t'aghaidh a bhfeidhm ní fhóbraim. Ní mian liom, a chúmthaigh chródha, freasabhra riot 's a bhfuil beo aca thoir is thiar i ngrianmhuigh Fódla re láimhcheárdaibh má tá nach leor duit.
Acht go bhfuilingir urraim ag Domhnall ar a bhfuil díobh ag sníomh re brógaibh, mac Donnchadha nár thogair bheith breoidhte 's nár éar flaith ná a mhac fán sórd san. Nár chuir riamh fá iadh ina phóca ní do thuarfadh gruaim na n-óigfhear, níor fríth ceachartha i gceannaraic óla 's nár dhruid doithchioll a dhoras uim nóna. Ní ar iasacht riamh ná ar sóirse i gcuibhreann Taidhg is Mheidhbhe is Mhóire i measc na gcearc ná i n-aice Lóbais fuair an tsaoi úd fíriul fóirfe; Ná i mboith bhuaile ar luachair dhreoighte, 's a súil beatha re bainne na cróine, ná i dteach moghaidh do chrom le romhar, dár bhuidhean cat is arc is óinseach. Acht i n-iostadhaibh tiorama toiseach i bhfochair chléire is éigse is ógbhan, i bhfochair bhuabhall chuach is chórrchrot con is chnámh is ghláimhe is gheocach. I mbruidhnibh iona mbíodh fíon is feolmhach bronnadh séad is éirneadh órcheast laochradh líomhtha is ríoghscor róghroidhe cuilce cluthardha cupaird is cróchair.
Trealamh mo dhuine ní hiongantach fhógraim 's ní fheadar can as má chleachtann óirnis, acht fionnaid srúithe is úird an fhóid se gan fuighioll gan easbaidh ar a dhóidibh. Dar mo chluais ba dual gan ghó dho ó an té dá rugadh is dionaghair óige bheith daonnachtach tréitheach treorach is 'na phoenix ar gréasaidhthibh Eorpa. Ins an bhfuirm ba mionca a róchion ag maithibh Scot i n-oifig pósta i n-aimsir ghliaidh is riartha i n-óilteach 'san bhfeis Teamhrach am a gcóirbhreath. Amhail rug an t-iolar an t-ionad i neolaibh 's an míol muiridhe i gcríoslachaibh bóchna, amhail rug ceannas ar cheathraibh an leoghan rug mo laochsa ar ghréas an ród leis. Is iomdha cáil ionar dheárrscnaidh a eolas ar a aos iomtha i bpionnsa bróige is ní fhuil ionachuir ursa 'na chomhgar díobh ar léire chéille is chomhairle. Ní fhuil ceapadh ná gearradh dár órduigh saoi go gcéill dá chéird nár thógaibh, ní fhuil cumadh ná siosmadh ná seoladh ar bheirt troighe nár thimcheall thórsa.
Tuigseach cúmtha ciuil is cómhad cuireas dán re cnámhaibh ceolphuirt, fianaidhe fileata is fithcheallach fóirne is rinnceoir faithche nach dearmad órlach. Is iomdha fiadhain fhial dogheobhainn ar a gcanaim d'fhuil Bharraigh is Róistigh d'fhuil Chaoimh do shíol Oiliolla Óluim is d'fhuil ghréagaigh Léith-chloiche an chomhlainn. Atáid re saoidheacht dís ar chomhgar ag a bhfuil bun is fios an sceoil sin, mac an mhíleadh ó Laoi na lóchrann is Cormac déad an dréachta d'óradh. A sheise na sénix taobhuigh Domhnall 's ná bí dho i measc scol id dheoradh, a bheith ós cách má tá nach dóigh libh, cuir ar Brosnaigh 'na lomarith stócach; d'fhiosrugadh an bheangáin fhulláin óigmhir nach bí claon ná caoch ar chóisir, nach bí meata re mannar na mórtach 's nár fríth cinnte uim nidh dod shórdsa.
An bárr tugais, a chumainn, don tSeon sin fill tar ais gan stad is deonuigh don té is sine 's is finne re foghnamh i n-Inis Fáil do bhráithribh brógscol. I dtaobh bhar ngaibhne is taidhbhseach tórmach timchioll arm nach admhuighim dóibhsean, stríocaid go híseal a seolta, ní fhuil teas is níor an leosan. Bíodh a fhios aca nach tairgid coimhghleic im an gculaith nach urus a cóimhreamh, atá oighre Ghaibhneann 'san ród so 's is é siud, dar liom, Dick Nóiris. Is aige táid urraid is builg is bróinte rígh na ngaibhne a chaip 's a chóta, is aige táid a iomair is a ulaithe is a óinbhil, a chorrachip a dhruil 's a chórda. Atá bís ghlaice is bís tseasaimh nó a dó aige, casúir laidhre is aidhle a dhóithin, pionnsúir pearsanta is geannaire glórach, is múlla cunnail gach gunna dár tóimhseadh.
Ailte noch ghearras gach barra le fórsa is maoilín nach díomhaoin a dhóchas, a chúmpáis chearta a bhior teallaigh 's a chófra, a shinéan luatha is guail do chnósach. Is leis ón ríghcheárd gcroidheárd gcomhachtach butúr cúingeach crúb do nóscrios, siséal nach sidéalta sómpla, is bior cruaidh gan diombuaidh le hórdaibh. D'fhágaibh Gaibhneann adharca bó leis chuireas fulang is fuinneamh is fóirnimh, d'fhág a chruit 's a chrios mar chomhartha, a réasúr céibhe 's a recórdar. d'fhág a naparún seanachlúid leomhain nach léig cathamh 'na chasal ná ceobhruith, lán seacht saidhios go bpeidhre treorann is scriuipin scriosas faoi scunnabhís póirse. Is í an Ghlas Ghaibhneann ghaibhdeach ghlórbhinn do bhuaibh Balair rug barra gach bólaigh tug a croiceann chum bolg dom chomhursain is d'fhág a beanna mar thaithneamh ina sheomra.
Ní fhuil colg ná clogad ná cóiste, scian bheárrtha cláirseach ná cóirfhleasc, spring i nglas ná watch i bhFlórence nach fuil ionnas a n-innill ag Nóiris. Ní fhuil adhan gan leighios i n-Eochaill, crocán ceangail ná cnagaire dóide, cainnleoir beárnach práis nó peotair nach fuil acmhainn a leasuighthe ar ló leis. Is fada atáim ag trácht tar bóthar seach an gcúis ar dtúis do thógbhas, fillfead feacht, níl beart is córa, is cuirfead críoch, giodh fuigheall gan dóithin. Tar an athair dar baisteadh mo Dhomhnall do níor dhulta do thiomargadh eolais i bponncaibh iallchrann sciamhdha scóinneach ná tar Ristiord dá n-imreadh óirnis. Óirnis an óigfhir gan saobhcháil chaim eolas nach sóisear is laochlámh chroinn boionar órduighthe is baothbhán lí nach tógthar ón bhfóghmhur go caolcháisc faoi.
Dá dtogbhaid na teoranna taobhrádh rinn le róiomad dóchuis ag fraoch fán gcraoibh, ó bhrógfhuirinn Fódhla na saorchlár slím fógraimse ag Domhnall ó Maoláin í.
Bíodh a fhios agad a léaghthóir insan gcaithréim do rin Diarmaid dá ghréasaidhe féin gur thiomsuigh uirlís a críochaibh róchiana chuige, gidheadh níor mhaoidheasa uirlís ar bith d'uireasbaidh ar mo ghréasaidhe féin acht go mbíodh a ghníomh gan aon locht déanta le huirinntleacht agus le láimhghliocas etc.
M'IONNLOC DO MHAC FHIR FHEASA. M'ionnloc do mhac Fhir fheasa níor chuid don cháil éigeasa is mé gan adhaint an fhir a labhairt chlé 'na chighsin.
Do shaoi fhortail badh cóir ceilt mun ndearnainn iomus m'aimhneirt acht na suadh dá leantar leis don dearcghlan is dual deighbhreis. Ní breis aoire ná oile acht breis uaisle is ionmhaine dobheir fromhadh bhfáthrann bhfis táthchlann umhal an oidis. Ní shealbhaim ceard nach ceard dúin ním adhantach iomthnúidh ním tais re haon gan ábhar braon dom bhais ní buanáladh. Ní chreidim gur cháin mise geadh teann tig an taoidese do scrios a ndeachaidh dom dhúil re sreathaibh a fhis is a fhialrúin. Gan feirg gan fáth dá dtráchtadh oide bunscionn ar leirg mo láimhe ar chlár mar iongantas iuil is deiride an cás dom cháil mar chuirim i n-úil eite gan áird nach beárrfadh d'fhionnfadh mo chlú. Is cleite dom ghnás nach báidhtear uige ar bith liom acht a bhfeicsin dá bhfághainn snáithe silte iona chom ní eitiollaim árda ag bárrthain innimhe an úird is ní treiside cách dá ndeárnaid iomarca riom.
Geadh seirgthe an ceárd me i sáithibh sioscaithe srúith adeirim gur feárr mo dhán ná sirim ar siud mo dheilbh má tá ná tárluidh fighte go dlúth ní chreidim gur cháin Ó an Cháinte mise gan chúis.
IS MITHID DAMHSA BANN. Is mithid damhsa bann do bhaile is cughnamh le búithreach mo charad ó táid éigse an ché na gcadladh ar an leoghan tug brónach Barraigh.
Drong leamsa dob annsa im leanbh ar deoruidheacht cé chomhnuigheas le fada drong uasal gan cruas uim cheathraibh drong san óig fá fód nach annamh. Drong do thuill ó shaoithibh snasta áiriomh léir a n-éacht sa ngaisce bíth nach fághaim fáidh ná amal ag cur a sníomh i suim don ghal so. Bíth gur fiabhras suan do ghlacadh d'aithle an taoibh si a dtaoim do thaistiol fúm ó d'fhágsad cách an t-ar sin caoinfead féin Séamus do Barra. Caoi sin nár shaoileas go gcaithfinn is dá bhfhiadainn nach biadh a fachain caoine an bheangáin cheannáird ailtghil le raibh súil gach biu dom aicme. Óirne dá scóllainn mo scarta is dá nuaillinn mar fhuaim chon alla tré dhul fé do ghréin a bheatha neach go ngaois ní dhlighfeadh aithfear. A mbliadhna ní riabhach an t-abhar fuaras dá mbuailinn mo bhasa nó mar mhnáibh dá ngáirinn greasa m'iachtach níor iasachta an tseanaid.
Dualgus do thuamadh óm aithribh nach tréigim geadh tréith mo chabhair bheith do ghnáth i láimh 's i labhairt le cuain ríoghdha Tighe Molaige. d'fhógradar teoranna an Charrainn is Carraig an fhiaich san tsliabh ar aghaidh Cnoc Rátha san trácht uim Shlata géag do chloinn an tighe gur teascadh. Tug tonn Clíodhna cuim do charthaibh is tug tonn Téide géim tar easaibh tug an Bhrighid sa boill gan bhleachtas tromgháir rias an bhfoghail ba rabha. Is ciachán d'aoibh Liatháin a leagadh is d'fhuarchloich an tuathail nach mairionn don tSeandún nach anchúmtha caisiol is do Lios Síthe an laoich nár laiste. Cnoc Rátha íbh Bághna sa beanna is Oirirí na n-otharluighe gan lanna acht uéal doghraing ós drom gach daingin i ndeoidh an ghaoil dá gcraoibh ba neasa.
Tug Gleann Maghair sa maighne sanas d'innbhior coise na coradh do caitheadh scabal bróin ó ló do ceapadh tré fhuadach ua mhic an Bharraigh. Ua lán beoil na ród an tan sin do bhí an Spáinneach lán do bhagar is é fán am sin thall i dtreasghuil do chuir i bpruimpín Tomking taca. Is é do riaradh cliar is ceathrainn óinsigh is geocaigh is galaigh is é más fíor a bhfrith ag seanaibh rug bárr pionnsa a bpongcaibh marcaigh. Fear arrachta a mailigh ghairbh ar nach dubhradh diomdha ag branaibh fear sa dhaonnacht d'aon nach deachaidh tar rian fhir Liathmuine leathtroigh. Ua an fhir fhéil san té dá ndeachaidh oidhreacht a theaghlaigh sa thailimh an t-éadan úr re tnuth nar treabhadh tug mo nuar an duadh so ar m'aire.
Sin an ní do choill mo gheasa is do rin bréag don réad do gheallas nó ní fhuaighfinn d'uasal fearsad triath Cille Íde i dtír go dtagadh. Dá n-abradh aon gur d'aobhfhuil Ghearailt is mó anallsa labhraid mo charta mo shinnsear bíth nach dhíobh do dheachair drong mar chách níor leágha dom lagadh. Dá bhféachaidcéillidh gan leathtrom a ndeárna sa ndeárnadh dom aslach iar scrúdadh cúise gach cairte uim fhaisnéis atá mo leathscéal gabhtha. Iar gcur fúm i gclúid gan chastas iar sódh mo dhrólann i seascas i ndiaidh gach compáin riom dár dhealuigh tig dom bhuaireadh fuad na faille. Tug leis tásc d'árduigh mo mhairg is d'fhuagair nár uain dom bheith balbh tásc taoisigh do phríomhfhuil Bhreatan do rinn dá loingsibh coinnle calaith.
Mian ársa dob áluinn dealbh is bile seang nár chrannda cealtair macaomh nár easaontach mala an té nar dheonuigh domhsa ar mheasas. An té fán stiuir tug lúith chum aistir ann san tsín badh dísce sreabha is é dá fhóir is teo do charas ní dá bhuala suas nár manadh. Mac Risteáird mic Seághain na searrach mic Séamuis tréinghil go ngaisce rug ón laochraidh d'éilimh tairis caithréim bhíocuint Chill na mBallach. Is truagh sin a luaithe do teascadh mac na Cárrthaighe cráibhthighe cailce ceann feadhna taidhbhseach an tsleachta dár chóir Dún Eoghain sa mhalairt. Do shaoileas go línfeadh sul ndeachaidh an dún sin adubhramar cheana Dún Déide re deisceart mara is Lios Cearbhuill gan easumhal im aice.
Ráth an chláir sa fáis mar ghabhaid mar aon ag léigion a lachta baile mhic Cúmarghúd ó ghallaibh fo cian an tseing nár chuimhnigh meabhal. Súil re Séamus séimh níor mhachtnamh dob áluinn árrachta a phearsa fialchnú badh thighearnamhail ar faithche an fear ba réidh d'fhéachadh d'fhearaibh. Fear gan uaill gan fhuaith gan fhearg fear gan mheang gan cham gan chaismirt fear dob áidhbhseach grádh do cheallaibh an fear sa mhéin do réir a reachta. Fuair ón dúiliomh túis a rátha is gréithre don scéimh sin do fhreagair ciall chodhnaigh is tromdhacht tlachta is laochlámh dámadh éadáil a aithris. Bíth gur cosmhuil a rachtuin a bhflaithcas uch fáríor níor fríoth leis aga do bhí Atrops ait dá fhaire snáithe a théarma lé gur gearradh. Muna mbiadh Fódla i mbeobhruid ghalair talltar ceann sa clann ar leathadh deoruighthe ag fóirne a fearann i gCiarraighe ní bhiadh mnaoi dá thanach.
Ní bhiadh lá i n-árach ar eachaibh ag triall tar Féil fá dhéin a leapa is gan acht siur na túisioch bhealaigh ag tabhairt a taoibh chum tíre marbh. Muna mbeadh sí an gheilchíoch ghartha do fúigfidhe an t-óg gan órd gan easpairt i n-úir éigin nár ghéill dá ghairm mar do fágbhadh bráthair a athar. Nó go dtug Dáibhidh an tráithidhe tapa a unncle i múraibh an mhanaigh ní badh dual a uaigh san bhfail sin is óirchliar St. Phróinsias i mbeatha. Gé bhí Luachair fhuarfhliuch asgach riompa sa lúthach ar scaradh atáid an dís fá líg san mbaile i gcóir ghluaiste le fuagra an aingil. Ann san mainistir mbeannuighthe mbrataig mar a bhfaghadh caoineadh is coinnle ar lasadh mar a bhfaghadh ceolta is cóirnigh ghlasa is binnghuidhe le síorruidheacht a leasa.
A chruaidhleac an tuama so labhair is innis liomsa fút gur feartadh cúis mhórtuis go deoidh dod leacain na hógfháis nár bhócálta pratainn. Cúis channtlaimh is damhsa creatha an fhian so le liathadh nach anaid is gan acht cúigear úr na seasamh i n-aois fhéinidh dá bpréimh ar maithne. Is ionann fós nach mór sa n-easbaidh dá n-aois grádh nach beartha i mbrataibh cuid do chúidh gan fiu na faice dá ngaol le hÉirinn i mbeartaibh. Is aite leo Digby is Fuitminnsata Seoinín is Roibín is Rathsan iná céad srón dom shórdsa ar maidin bíth gur sinn ó chroidhe do chneadfadh - Mar nach déanadh Deane ná Dickson Hodar ná Colepis ná Carter uim gach smúit dob úrchurtha aco is tríd an dtreoir a gcló do leanfadh.
Ní dom fheidhm a dtadhall ní as faide léigid a ngréithe mar mheasaid a síolchur súd bunscionn gur easnamh gibé dá bhfoghna beo go rabhaid. Im thaobhsa ní méan liom a mbarra is ní fhéadfainn dá ndéininn capall an uair nach sínim díol is fearra duaineog ní stuanód le What's this. Ní dual dom cluanaireacht tacair ná iarraidh acht biadh do thabhairt ar an ngéig seo i gcré nach claiseann fillfead is guidhfead ar a anam. Is é i dtionól d'aithneoghadh m'ainm is d'éistfeadh gan phréter mo theanga is é riom nach dúnfadh a dhealbh dá madh iarlaidhe a mbiadh díobh farais. Áilim ar ghrásaibh an athar trí na bhréithir chréachtaigh chneasta is tríd an tine tug finne na n-apstal míghníomha an chaoinlaoich nár leana.
Má tá fiacha ag dia na bheatha ar an té seo i n-éiric pheacadh mar dhíoluigheacht óm chnaoichroidhe go ngabha crú na mball tug dall go ndearcaibh. Is foidhne na maighdine maithe do bhí ag féachain déar a dalta díthchioll gach naoimhghil dár greadadh ar son fhéilmhic dé do charthain. Ainiris fhíor i gclí do chaigil a urnaith is a umhlacht gan bhaiseal a dhéirc do chléir is do lagaibh go dtagaraid thall tar cheann mo charad. Amen. Dom charaid gan fhéire i réidhbhrogh ríogh na ndúl go dtagaraid créachta an fhéilmhic aoibhinn úr a charthanacht féin a dhéirc sa dhíoghras rúin is taisce na naomh nach léigthear choidhche amúgh. Finit.
A FHIR AITHEANTA LÉAXA. A fhir aitheanta léaxa an tréada cheangail re Críost 's do cheaduigh a gcéasadh i ngéarbhruid pheannaide tríd labhair read chéill is féach nach malluighthe an gníomh ar shealad do réir an chléibh chuil flathas do dhíol. Ainic nach éitheach d'éis ar gheallais don rí san mbaiste ionar aomh do léigean scartha re scíos gan abhur gan éad a shéanadh ar aithris a bhíodhbh 's gan ainbhfios féin dá ndéineadh tairbhe dhíbh. Tile dhom a thuirgin do shín fán lia cumhachta chum cuibhrighthe an chlí tá fiar ar ionamhus an chruinne chuil is fírgheárr bhias nach duine tur gan inichinn do dhíol ár ndia.
SEARC NA SUADH. Searc na suadh an chrobhaing chumhra do chraoibh ghealghall Innse Fáil nach tug cúl re béim a bíodhbhadh géill a nglún gur díoladh dáibh. Seathrún Céitinn cnú don mhogal maoidhfidh mise ar chách a chóid tug a foras dleacht a diamhraibh solas ceart a riaghail róid. d'fhoillsigh onóir ardfhlath Éireann iul a bpréamh sa ngéaga gaoil tug anall dá mbladh ar bradadh ar nach gann re cabghal claoin.
Níor fhág foiscéal fallsa fuathmhar ag ughdar cham ar chrích Néill dá bhfuair gan cur cúl ar faobhar rún nach dubh re saoghal séin. Tarla breitheamh foirtil fírcheart don fhóir ionnraic se nár thim le linn phluit na bhfiadhan bhfallsa d'fhialghabh luit an lannsa dhinn. Géar chian broid ár n-uasal n-oirdhearc níor fríth i gcúirt cóir a reic fear a saortha acht Seon don chraoibhsi laochdha go dtreon gaoisi i ngleic. Táinig duibhnéal éithigh uathmhar oirceas da gach ord a ham do líon mórán bronn do bhréiglic d'fhonn ár gcrómhál d'éibilt ann. Tig don néal so damhna diombáigh deacair ríomh a rug fó lár torann oll do chroith na críocha sdo roich gur tholl tríotha a lán.
Néal fó ar aslaig inntleacht diabhail ar droing mheirleach d'fhóbar feall beart nár fríoth le suadh a samhail truagh a bhríogh do bhallaibh ceall. Níor as ón ngláimh taoiseach tuaithe trotha craois dochuaidh re holc le tart crú na saorchlann séadach aonrann chlú na mbréagach mbocht. Tionnscnaid aithigh Innse fuinidh d'orgain gach treoin thuilleas clú fleadh sa foghar fós im ghoire do nós mhoghadh Mhoighe Crú. Cumaid an cuan colach claoinsin coirthe troma ba tuar báis ar an bhféinn ba gloine i ngníomhaibh céim fá ghoire d'iodhnaibh fháis. Ait an déis do hinnleadh ortha airdrí an fhuinn ina aghaidh féin mar bheirt fholaigh ar an bhfionghail teirt an cholaigh iobhlaidh fhéir.
Dá n-agradh aon a fhiacha ar oile olc an réalla rug an uain go raibh don rígh fá ré éirligh badh é díol an éilmhigh fhuair. Giodh iad féin go bhfiachaibh troma do thuill ón reacht bearnadh ball dá dtigeadh díobh uasal d'orgain duasadh le díon d'fhorbair ann. Cúis an ríogh do chiorrba a chaithniadh clann na mallacht móide a n-uaill goirid fá theann gan taom náire meang na ndaor fa gráine gruaim. Mall gur tuigeadh don rún ríoghdha roighne a laoch gá slad go slím gan do chlídh re drúis a ndochair acht cúis an rígh mar fhothain fhill. Adhbhar dé nach deinim iongnadh uirscéal cinnte is cruinne nós nach gnáth nimh gan scéimh dá sciamhadh gin don ghréin gach fialadh fós.
Ní fhil eiriceacht úr ná ársa dár at ó aimsir mhic ndé nach é scrioptúir Chríost is crúca do gach príost is púca ré. Flaith na bhfonn le faisnéis éithigh d'airigh uaidh féin é gá ghoid a fhaire do bhuaidh rás don ruithne i gcás go bhfuair don chluithche cuid. Buailid barúin an exséatair ar feadh Mumhan na magh mór dá chuairt nó a trí toisc gan tarbha ní nár choisc don Bhanbha brón. Hen is Hartstong an dá bharún sa mbreath bheoil nár ísligh aos lia sa lia dá n-aithle an fubha gan aithne cia is tromdha traos.
Níor bhé a bhfuath don cheart mar chluinim cúis na mbarún do bheith tláth re fóir gan fuaradh a mbrutha acht uamhan a gcurtha le cách. Mac Anchises aimsir allód áidhbhseach an toil tug don fhóir d'fhuiling mar é anfadh fada armchladh é ar aba dóibh. Aonghus d'aithle Traoi do thoghail téid sa chairde ó fhail go fail iul ó deir gur daoine naomhus caoimhe níor cheil Aonghus air. Go gcaomhna dia deaghrí Sacsan Séarlus mac Séarluis ar stiuir prionnsa gart sa ghrádh dá phobal lámh do thacht an cogal ciuin. Leis an gcodhnach am an fhoghmhair do fríth gráinseoir glan gan mheang do scar cáith le chéile is cruithneacht tréidhe táidh na sruithbhleacht seang. I gcrích Oiliolla uim fhéil Pádraig pratainn cham do ghéaruigh gul ní raibh biu gan phlot dá phianadh scot dob fhiu fá iadhadh dul.
Scaoiltear chuca le cairt Chormaic cóir a charthain tur gan tlás ní bhus congnamh cluas don phileoir lonnradh na gcnuas gcineoil d'ás. Tuathal teachtmhar an uilc úirsi óglach an ríogh ráinig rath mílidh mall gan tlás re trothaibh fás nach fann do chothaigh cath. Giuistís Céitinn cliath ár gcumhdaigh ar chlais mheabhlaigh an mháidh chaim iuidic taistil tíre Mogha díle d'aistrigh foghla ár bhfoinn. Suidheas Seon i gceann gach conntae cuireas teachta ar cuaird go cách dá fhios cár at fréamh an fhillse alt dár séan an binnse bláth. Iar dteacht dóibh i gcionn a chéile cromaid na laoich leath ar leith go bhfríth breis nach bídh gan buanbhladh leis an rígh gur buadhadh breath.
Lucht a leanta lá na foghla d'fhóir an t-iuidic gasta grian d'fhág an dream do mheas a mughadh teas gan teann i múraibh giall. Scrúdas go grian cúis an chaoimhríogh creanaid cách re a chur i ndíon fuair nár thuit acht toirrchios bréige i mboirrchrios uilc gach féige dhíobh. Sinneas iar an breitheamh búidhsin briathar binn do chroith an ceo tug an t-iodhan saor ón sladadh iolar chraobh do lagadh leo. Do chonnarcsa é luan i Luimneach láindil liom ó shoin a shnó ag cur mhóid na gcrosán gcuirpthe - i gcosán lóid a gcluithche a cló. Míle sé céad ceithre dóchaid is dá bhliadhain laomdha an lúb ó fionnadh feart an uain fhéilghil go teacht an luain éirnidh úd. An deachmhadh lá d'abraon aoibhinn fionnfhlaith chinn an chumainn phlé d'iompaigh beann don bhrat ar Dinís mac na meang sa nimhghrís fé.
Da gach aon gan dúil i ndrochbheart dleaghar báidh re breitheamh ceart air sin is cáir dom aos annsa táidh re gaos na ngallsa a searc. Searc na scol an chrobhaing chúirtéiseach ar mhaithibh Scot nár loc i bponnc éigin an ghlaic do scoilt a bhforas fionnghéagach san fear don phlot tug cor na cúilfhéithe. Grádh éigse an dá phéarla nár thréig a ndúthaigh i ndáil éachta lá a héigin bá réil di a ndúthracht a támh éaga an ghnáis fhéirsi dá n-éirghid úirscuit is cáir éiric dá ngaoltaibh i n-áit céille an cúpla. d'fhág Séathra fál scéithe ar cháil clé gach úghdair dár éilnigh clár Fhéidhlim d'áirc bréag i bprionnta ó táid méirligh fá éitheach lán d'fhéile cúighte is feárrde Éire Seán Céitinn d'fhás gléasta i ngúna. Do thuilleadar clú an dís d'úrchraoibh Chéitinneach ag furtacht a ndúthaighe ar sciuirsidhibh éada is uilc an duine do scrúid síos cúrsaoi a bpréamh go bun san bile so biu díobh d'fhionnscaoil féire an phluit.
Trutha gan trúmpaoi acht sprionnlaoi spéarad tug curaidh ár gcúigeadha i gcúingidhibh céasta ar chrith níor fionnadh gcúirt gaois bonnsaoi a saortha a broid acht inneall is úrghnaoi an ghiuistís Chéitinnigh. An tubuist nach fiu frígh bhus lugha nídh éilnightheach nár dhruide re clúid croidhe an chonnlaoich chéibhfhinnse tuirighean iulghlinn d'ionntaoibh éifeachtaigh lear scuireadh dá sconnsaoibh búclaoi an mheirleachais. Le hoirbheart lonndlighe an phrionnsa aoird fhéilsi thoir chugainn do stiuirigheadh tonn chaoin chéille is chirt cuirim i n-úil tríd d'iomchloinn Éibhir Scuit go bhfuilid i ngioll faoi umhluigheacht réidh don fhior. I surcuit an ghiuistís úd faoi shéis an phuirt lear fuirseadh ár bhfiu dinn d'ionnsuidhe an fhéasta dul géar iongantach dlúith fighe ar tiomsuigheadh d'fhéithleanaibh guilighthe gúirnín d'iurnaoibh bréag do rin.
Do briseadh a bpionnsaoi ar chrunncaoibh cléithe an chuil le loinne na lúirighe chumhduigheas é gan choir is binne ná ponncphíp liom í i mbréithir ghlic tug Murchadh is Dúnaoi ar fionnraoi i ngéillsine. Is ionmhuin crú ghroidhe an úrghaill éireannaigh ó ar duineadhadh dúinn dís dúilmhín daonnachtach a fuinniomh na bhfionnghníomh d'fhonn sinn d'éadrochtadh do chuireas tar triucha í an chronnlaoidh bhaodhchuissi. Is cumaoin órdha ar Fódla Néill is Cuirc an coinghíol cóirse i bhfóir an Chéitinnigh filidhe feoidhte d'fhógair Séathra dhi sdo chuir gaois tSeoin a fórsa féith an phluit.
Ag so im dhiaidh an SUPERSCRIPTION .i. an druimscríbhinn.
Ós ionann me i n-acfaing san ainnear gan úrbhroinn óir ionnas na haisce do thairg don iudaidheach óil an litirse a theachtaire tabhair go n-umhluigheacht mhóir i bhfuirm gan ghairbhe i nglacaibh an ghiuistís chóir.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services