Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Duanaire Dháibhidh Uí Bhruadair II

Title
Duanaire Dháibhidh Uí Bhruadair II
Author(s)
Ó Bruadair, Dáibhibh,
Compiler/Editor
Mac Erlean, John C.
Composition Date
1670
Publisher
(Londain: I.T.S., 1913)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



A DHIA NA N-UILE.



A Dhia na n-uile nach ionann is éag d'iomchur
riaghail fhuirse an fhuilingthigh fhéiliomdha
a mbliadhna a foirm agá fille le féithiúnaibh
nach fiadann fulang a runga go réasúnta.


L. 4


An ghrian do dhubhadh 's ar cumadh do spéirdhúilibh
is stialladh tuinithe tuinne na féarghnúise
iad ní hiongnadh linne do léirmhúchadh
's an chliar tar tiomna ag tuitim i dtréatúireacht.



Ciall na cloinne se an duine do thréig a umhlacht
do chiap gach imiol don chruinne le scléip tnútha
a dhia an tan tiocfaid is tusa chum géarchunntuis
cia an Cú Culainn bhus ursa re plé iompa?



Dá n-iarrair ionaclann goimhe do chréacht gcumhra
is 'na dhiaidh a mionna do mhilleadh 's do bhaothdhiultadh
i liachtain liosta bhar mbulla do bhréag chumhdach
an ria chum gliocais leat Roibiord an réaghghúna?



Iarla an dtiocfaidh go siosmadhach séchúplach
'san tsliabh do rithios na ridire réir cúirte?
an bhfiadfa ministir muiniceach méithghlúineach
ar t'fhiachaibh ionaghair iongan do t'fhéinn iomtha?



A liaigh mo thinnis dá n-imrir béim pionnsa
re siansa sioscaithe suime na séimhchionntach
dar fia ní thuigimse buinge dod mhaothionnsmadh
mun dtiaid ar ionachaibh Uramhan aondiuice.


L. 6


Iasacht coirbthe cuinge na mbréagchúmthach
d'fhiar le tubaist a cumaidh a ngléchúinge
giodh iarracht innmhe an tiomlacht trélúbach
ba riabhach ionnmhas na druinge do ghéill fúithi.



Cia an fear buile si chuireas i gcéill dúinne
i mbriathraibh briosca le conafa cléchúntair
rian beag singil gur sine mar scéithlúirigh
ioná an diadhacht chumainn ar chuidigh do léigiunaibh?



Fiafruigh tuille don tsionnach do shéid chúinne
a mbliadhna d'urchar urchra is éilniughadh
riamh an bhfidir a rugadh i réigiunaibh
iarmhar fine le a dtiocfadh an phlé id mhúscail.



A dhia cár mhiste dho fuireach do réir a iongtha
i ndiaidh a thuiste 'san gculaith do chéadtionnscainn?
Biaidh go fuineadh dá spriongar iona spéliongtha
is biaidh a thiodal 'san rolla mar chéastúnach.



Biaidh ag imghreim tiomairce an tréatúra
fialchuin fhionna na luinge nach saobhstiurthar,
stiallfa an spioraid le mbristear gach fraochghliundar
go fiadhnach conachlann cumuisc na gclaonrúnach


L. 8


Biaimne d'fhiortaibh mhic Mhuire 's a chaomhchúirte
go diadha dlightheach i n-inis ár naomhúghdar,
biaidh bhar nithe is bhar gcuisleanna i gcéim cunncais
gan chia gan chrithir i dturras bhar dtréinphrionnsa.



IONNSA D'FHÉINN ÉIRIONN.



Ionnsa d'fhéinn Éirionn nach coill gan bhláth
do chúm an té chéadtug chum críche iona áit
an t-úghdar claon dhaoras le cíocras cáich
a dhúithche féin, féachuidh an píosa pláis.


L. 10


Cionntach é i gcréachtulcaibh críche Fáil
a ndiu go héidéifiochtach faoi na láimh
's mun fionntrach é adéarainn gur dílseach báis
púca péill péatair nó píotar práis.



A dhúilimh déin déirc ar an druing atá
i lúib gach lae i mbaoghal do dhruim ar dháil,
a gciuineas féin méaduigh a ngnaoi 's a ngrádh
is túirling fraoch spéirlinge a mbíodhbhadh tráith.



Múch gach spré d'éirigh do dhíochur grás
is múscail méinn aontadhach aoibh 'na n-áit,
stiuir an gcléir gcéillidh an rí 's an stát
'san gcúrsa is réil réidhfeas a síth go bráth. Amen.


L. 12


B 1672 17D
CREAD ÓIRNE NACH RÓLUIGHFEADH.



Créad óirne nach róluighfeadh tlacht canntlaimh
tré fhódchuirm Eoghain i bhfeart franncach
géag róisbhile bórdoirir bhreacLeamhna
ré ar chóra ár ndóchas i dteas Teamhrach.



B 1709 18T
U Seaghan Stac

Dáibhith ua Bruadair trócaire ó Dhia dho do sgríobh an dán agus
do rine an t-abhran tuas an 25 lá do Shamhara .i. Satharn Cingcíse na
bliaghna 1672, et ar na aithsgríobh le Seaghan Stac lá St. Pól a
mbliadhain ar slánuighthe 1708/9.


L. 14


B 1674c 17D
U Dáibhidh Ó Bruadair

DO SHAOILIOS DÁ RÍRIBH.



Do shaoileas dá ríribh gur uachtarán
tíre nó taoiseach dob uaisle cáil
an daoiste dubh díobaighthe duairc gan dán
do chlainn Ghiolla Choimhthigh í Thuathaláin.



Do bhí an staoinse 'na rídhuirc i n-uachtar Cláir
's an mhuinntear ag tíodhlacadh cuach iona láimh,
do shuidheasa iona chuibhrionn le huamhain cháich,
go bhfuighinn a fhios cia an fhíonfhuil ó ar ghluais a dháid.



Do stríocas go híseal mo chluas iona dháil
is ba dís liom go scaoilfeadhsan ualach árd:
i n-insgne an fhir chíordhuibh tan duaidh a sáith
seadh fríth liom go fíreannach tuata bán.


L. 18


B 1674 17D
IS BEÁRNADH SUAIN.



Is beárnadh suain an buaidhreadh beart dochím,
gan bráithreas buan i dtuaith ná clasa i gcill,
an tárnocht truagh fá chruas gach ceasta ag caoi
's a dtárluidh thuas a huaill gan aire ar a íoc.


L. 20


I gcáilibh suairce suadh ní fhaicim suim
ná dáil ar dhuais a duanaibh dleachta dín,
níl tádhbhacht smuail an uair se i n-altus aoin
nach deárnaidh suas i dtuairim leath a thruinnc.



Má ráinig bruach níl bualadh ag flathaibh faoi
is áisioch uatha guala is gean don tí,
geadh tláith dochuala tuairisc ghasta a ghníomh,
re fáithbheadh uaidh is suaill nach bramaid buidhean.



Madh áireamh scuaine dualach dhamh ar moing
's a stáitse cruach gan fuacht re hais a thighe,
má tá nach luaidheann ruaine i n-aisce dhíobh
dá ghrádh re huair is guais nach gabhthar baois.



Gach árdmhac uabhair uasamh atus poimp
do dháil i mbuaibh 's i n-uanaibh geala a ghnaoi,
geadh lánfhada uaidhsean luascadh a dhearc dom dhruim
ar sráid dá thuar is luath mo hata dhíom.



Átens uaibh na ndruadh do cheap an ghaois
is áitreabh suas seach pruais gach peata dhíobh,
ar stát don nuadh ní bhuaidhfeadh pearsa poinn
's is ádh don tuaith gan luach iona gcaithfeadh proinn.


L. 22


I gceárdchaidh chuach dá mbuaile teasbach grinn
áirsiodh uallach buair is beach don droing,
i gcláraibh luaidhe is suaill nach grafaid peinn
a ndeárnadh uaidh madh fual i gcealtair naoimh.



Dá n-áirmhinsi ualgha Tuathail teachtmhair teinn
is áthus ruag na n-uasal Airt is Finn
dála ar tuairgeadh thuaidh le cathaibh Coinn
is sáimhe fuaim a fuarchlog dailce dhíobh.



Ceárdacht tuata an chuain ní machtnamh linn
acht fás na huaisle fuar i bhfearann Floinn,
an táin dár dhual gach gruaim do scaradh rinn,
a mbáidh ar dtuathal cuairt re cneastacht chaoin.



Pláigh anuas id chluais a cheanann chlí
d'fhág mar fhuad 'na huathadh feasta: ag fuidhe,
do bhás a thruaghnairt d'fhuagair arc im bhrigh
i gcás a buaibh nach buailim: breac na buidhe. Finis.


L. 24


B 1792-5ls 18D
U Anaithnid

Dáibhi ó Bruadair cct. - an tan do cuireadh chum boichteanacht é agus fós
mar thréigeadar a cháirde é.



B 1704-7lls 18T
Dáibhi ó Bruadair cct. - an tan do thuit a loime agus a ndíthchosdas et
fuair sé a cháirde faillightheach chum chabhair do thabhairt do, mar is
gnáth go músclann foilmhe fuath carad.



B 1674 17D
U Dáibhidh Ó Bruadair

IS MAIRG NÁR CHREAN.



Is mairg nár chrean re dianmaitheas saoghalta
do cheangail ar gad sul ndeachaidh i n-éagantacht,
's an aindeise im theach ó las an chéadluisne
nach meastar gur fhan an dadamh céille agam.



Do chaitheasa seal 'san gcathair ngléigilse
gan anfadh easba ar aithris Éireannaigh,
do leanas go hait an bheart ba léire dom
go scaipe na n-aingeal ghreanas géarthuigsin.


L. 26


An tamall im ghlaic do mhair an ghléphinginn
ba geanamhail gart dar leat mo thréighthesi,
do labhrainn laidean ghasta is béarla glic
is do tharrainginn dais ba cleas ar chléireachaibh.



Do bheannachadh damh an bhean 's a céile cneis
's an bhanaltra mhaith 's a mac ar céadlongadh,
dá ngairminn baile is leath i ngréithesion
ba deacair 'na measc go mbainfeadh éaradh dhom.



Do ghabhainn asteach is amach gan éad i dtigh
is níor aistear im aitreabh teacht aréir 's andiu,
do b'aitheasc a searc fá seach re chéile againn:
athchuingim ceaduigh blaise ár mbéilene.



Fán dtaca sain d'fheabhas air na bhféithlionn bhfis
ba neartmhaire nath ar nasc dom réir abhus,
ní facathas damh go raibh don fhéile cuid
do b'fhearra ionnás spealadh cheathra an ché ar a bhfuid.



Dam aire níor radas mana m'éilnighthe,
go hanabaidh im cheacht geadh dleacht do léighinnse,
nó gur gadadh go glan mo theastas céirde is croidh
amhail do leathfadh deatach d'éadan cnuic.



Ní fada go bhfaca scabal éigin dubh
fá eadrom eacht san aicme chéadna choir,
ós feasach gur scar an bleachtas bréige is me,
ní fhuil teanga fá neamh ar bail náid béasa im phluc.


L. 28


d'athruigh 'na ndearcaibh dath mo néimhe anois
ar aiste nach aithnid ceart im chéimeannaibh,
ó shearg mo lacht le hais na caomhdhruinge
d'aithle mo cheana is marcach mé dom chois.



Is annamh an tan so neach dom éiliomhsa
is dá n-agarainn fear is falamh éiric sin,
ní fhaiceann mo thaise an chara chéibhfhionn chlis
dár gheallamhuin seal is leat a bhféadaimse.



Cé dearbhtha an stair mo staid nár thréigiosa
's im aiscibh nach deachaidh athnamh éislinge,
dá dtagarainn drad gan chead i gcéill ar bith,
an caise tar ais do shailigh m'éadtroime.



Geadh fada re sail mo sheasamh tréithchuisleach
ó mhaidin go feascar seasc gan béilfhliuchadh,
dá dtairginn banna sleamhain séalaighthe
ar chnagaire leanna a casc ní bhéarainnse.



Is tartmhar mo thasc ag treabhadh im aonarsa
le harm nár chleachtas feacht ba mhéithe me,
d'atadar m'ailt ó rath na crélainne
is do mharbh a feac ar fad mo mhéireanna.



Geadh labhartha leasca an creat so i bplé ream ucht
is a athardha im aice ag aslach m'éignighthe,
badh baramhail mhear tar lear go ngéillfinnse
do mhalartaibh breaca beart an bhréagaire.


L. 30


Ní machtnamh liom m'acht is breatha dé dom chur
go leathtromach lag im spreas gan spréidh gan spuir
fá tharcuisne ag fearaibh teanna is tréithe an truip
's an fhairrge thearc i gceanaibh clé mo chuirp.



Ná mealladh mo cheasacht mearbhair aonduine
is ná gabhadh gan aga uim thabhairt bhéirdicte,
ní mairg fá deara leath a léigimsi
acht magadh fá chleasaidh cama an fhéirfhithchill.



A athair na bhfeart do cheap na céadnithe
talamh is neamh is reanna is réithleanna
earrach is teasbach tartha is téacht uisce,
t'eargain cas is freagair m'éagnachsa.



Dom chabhair go tapa tair a réchainnioll
d'aisig mo bheatha i gceart lead chréachtfhulang,
aduigh im anam acfuinn fhéidhlighthe
gan mhairg fád reacht go habaidh éifeachtach. Amen.



Éifiocht úr úghdar na haoise a dtáim
is céadfaidh úird ionnraic an choimhdhe cháidh,
a léirchrú súd tiomsuighthe i dtoinn fhir ghráidh
téid a mugha a phionnsa gan ní iona láimh.


L. 32


Gach réfhlaith fhionn úrnaightheach aoibh gan táir
don tréad i bhfonn Fionntainn nach ísiol d'fhás
rear scéar a chúl duthchais a mhaoin 's a stát
do réir a gclú cionntach mar dtaoimse atáid.



A réithleann iúil d'iompuidh an oidhche i lá
's do thréig an chrú chumhra nár thuill a tál,
ós éigion dúinn iomchar na daoirse atá
réidh a rúin m'ionntrust i dtír na ngrás. Amen.



B 1674-75 17D
A CHRÁIBHTHIGH SEAL.



A chráibhthigh seal do chleacht an aithrighe fhial
's do pháirtigh feacht an lacht nár leathdhísc riamh
is nár an bheart dar leat geadh tlachtchaoin iad
báidh na bhfear sin charas Cailbhín ciar.



Gá tábhacht d'fhear gach flathas faillighe fiar
's gach árs gan asc dár cheap an gartghaois grian
cá feárrde maith na mac is maisighe niamh
dáibh más treabh an teach nach taithígheann dia.


L. 34


B 1674 17D
NACH IONGANTACH É.



Nach iongantach é mar theannta grinn
i n-ionad na gcraobh 's an damhsa bhíodh
gan friotal i mbéal fán amso i dtír
acht gur chuireamar féin an samhradh i gcill.



Muillide théid a gcamchor thríom
mar thuigim gur clébheart ghann doghníd,
is bruinniolla an tsaoghail ann do bhí
i mustar go léir i mbealltainibh.



Do goineadh ár gcléir le sainnt fa ríor
is d'imthigh an éigse i bhfanntais bhrígh,
turrainn is géire dhamhsa dhíobh
gan simide céille i gceann gan mhaoin.


L. 36


Tubuist a shaoghail fhallsa an fhill
id ghoile 's id thaobh nach cabhrann linn,
cár miste dhuit féile leamsa luighe,
's gurab ionann do ghaolsa thall is tíos.



Tugadar tréinfhir cheannsa an fhoinn
cruinnios ar fhéile is greann ar phoimp,
níl seinnm ar théid ná bann ar píp
acht gur chuireamar féin an samhradh dhinn.



A bhuinge do réidh a ramharbhruid sinn
is d'fhuiling do thaobh re lannsa an daill,
tré shile do chréacht 'san gcrann a Chríost
ionnail gach éidchith amhruis dinn.



A bhuime mhic dé nár mheabhruigh díth
is nár chuidigh i gcéadchion seannda an chraois,
a Mhuire ná héimigh leamsa guidhe
chum t'fhinnemhic féin tar cheann do ghaoil. Finis.


L. 38


B 1674-75c 17D
MODMHAR AN MAIGHRE.



Modhmhar an maighre maor mine,
minic a fhorrán a bhfail truagh,
banmhál oll go bhfeidhm n-amhail,
trom an teidhm dom amhail a fhuaim.



Iomdha feadhbh gan ar gan ura
d'aithle an ghillesi i ngaoi chró,
téid a bproinn gan bruith dá bheartaibh
coill ag sruith gach seachtmhain do.



Nochtadh naoidhean bladh dá bhuadhaibh,
bean gan chéile do chrú tinn,
leastair fholmha ó an bhfóirsi d'fhuadach,
dorrdha a ndóirsi ón ngruagach ngrinn.



Cairte cháich ní hé nach tiomairg,
tailc a bhéim i mbandáil bhocht,
cóireamh cruidh is éadaigh anbhfann,
muir do mhéadaigh arbhlann a olc.


L. 40


Giodh bé as ní hinn nach airigh
anntrom oifig an fhir chlé,
iar ndul damh i gcur an chochaill,
gar do ong an fhochaill me.



Aghaidh ionnfhuar giodh im iomdhaigh
asc im chodla ó chuairt an fhir,
dár roinn roimhe im chúil ní dheachaidh
súil mar loime an mheataigh mhir.



Rug an ruanóg leis óm leanbhaibh
leor i n-eiric fhala an mhaoir
ronnach ruadh gan bhruith gan bhearna
buan a guith geadh gearr a haoibh.



Mallacht ón gclainn lé is leisean
luach ionaistir oireas do,
gártha clog is ceall fán inne
brod na meall 'ga mille is mó.


L. 42


B 1674 17D
A FHIR SCAIPTHE CEAST.



A fhir scaipthe ceast an reachta ríogh go réidh
's a phearsa go maise i ndaith i ngníomh 's i méid
is baramhail damh geadh tearc libh sinn i scéimh
an ceard rodcheap gur d'aisce an tsaoir sin mé.



Bhar n-agallamh ait ar eachtibh innse Néill
's ar shleachtaibh na sean do chrean a choimhdhe andé,
geadh tarcuisneach leatsa m'aithne ar suim a séin
is fearra fá seach ionná a nglacaim d'íoc iona réim.



Atá agam do rath an fheartaigh fhíorghlain fhéil
fá ghairbhe shnais an tlachta díobh is réil,
Cairbre cait 's ar chaithigh faoi na chléith
nach seanchadh ceart do leanfadh poinn a bpréamh.


L. 44


Más fachain dom bac i measc na dtaoiseach dtréan
do shealbhuigh gean is neart a n-aoise naomh,
mo cheangal gan chleas re cairt na críche i méin
tar tairsigh a dtreabh ní gar mo luighe go héag.



Treabhthach is gradam teasta linn geadh tréith
nach airgeann fear 's a chasna maoine ar dhréacht
's geadh atmhar i gceanaibh aile an chlí mo chréacht
ní dheargaim dreach ní chaillim choidhche ar chléir.



Do mheanma mhaithse seal don oidhche aréir
is malairt na mbeart tug taise ár ngaoise a gléas,
i t'aitreabh cé fairsing fleadhach fíonmhar é
admhuighim eacht go ndeacha druim re béas.



Dá dtairgeadh neach do dheascaibh t'fhíona féin
athasc id theach nár dheas re a scaoile i gcéin,
measaim a fhlaith 's a leath dod thaoibhsi i ngné
gur beannuighthe an bhreath a leagadh linn go léir.



Níl fearg ar m'aire is aitchim díolghadh glé
nó freagair ar acht an deabhuidh shíolas léax,
gibé againn nár pheacuigh feacht i suimchuir chlé
glacadh an leac is caitheadh í go géar.



Dá labhradh freastal faille fuighioll gan féith
is gan aigne a leathadh tar an scríb ionar scréach,
ní cara thar ais san athair chaoich rug céim
's go lasann an chneadh ó mhannar míle méar.


L. 46


Dearbhaim d'fheartaibh beatha an bhíobla is fé
d'aithle na ndart tar lear nár ríomhas réad,
is más tairisioch leatsa dealbh aoinmhic dé
ainic i t'aice ar an dom ghnaoise i bplé.



Ós feasach gach flaith dá bhfaice físi an ché
gur leastar go laige an chalann chnaoite chré
's gur gabhar gan easnamh thaisceas brígh do ghréas,
athchuingim maith is maithim díbh gan éad.



Éad óirne tré shóchus read ghealghruadh ghlan
a phéarla óigfhir gé hóirneadh níor athsmuaineas,
ba clé an ceol cur read chóta mar ghartGhuaire
's gur raelta eoluis fé dhóirnibh i gCaschuan tu.


L. 50


B 1675 17D
CUIRFEAD CLUAIN AR CHROBHAING.



Cuirfead cluain ar chrobhaing ghealghall
damh ní héadóigh,
cnuas na gcoll gan aighneas aimhréidh
saidhbhreas séadchóir.



Séadchóir socla an fuadar feise
é agus ise,
Oilifear úr is inghean Anna
inbhear irse.



Píosaim pósaim iad re aroile
ágh is artluibh,
craobha cumhra a coill gan chogal
goill na ngartghuil.


L. 52


Oilifear óg go maire a nuachar
glan a mhianach,
seise saor an fholtcham ionnraic
scotghall sciamhach.



Fionnghaill Éireann ealbha is uaisle
fríth la fileadh,
dream nach diultadh gláimh uim aisce
máil nár milleadh.



Is nár mealladh i gcruas crábhaidh
saoithe seanghall,
's nach tug céim ar gcúl i ngroidghleo
glún re gealchrann.



Gé atáid Gaill do bhréithir bhunaidh
riu dá rathchur,
cia re coscar Gall ba ghrinne
am i dtachur.



Ceist ar chodhnach Chiníl mBéice:
an Finnín Fearna = ainm éin?
nó gríobh lonn mar Logh mac Eithleann
do bhlogh bearna.


L. 54


Neimhiongnadh liom iad ar eochaibh
uim iaith Neimhidh,
iad féin beithre is buaine leanas
cuaine ó Neimhir.



Iad is líomhtha labhras scoitig,
cabhras cealla,
iad a bhfil re dréachtaibh d'fhulang
éachtchuin tseanga.



Iomdha tonn do ghrianfhuil Gholaimh,
fiadhain aire,
i ngruadhaibh úra na n-óg n-iodhain:
ní ród caile



Ná currurra an chonair gheabhaim
chum a sloinnte,
a leabhraibh loma do mheall mise
ceann a dtoinnte.



Ní fhil ionntaibh iarmhar treibhe
acht triaithe troma
d'fhíorchrú Éibhir uill is Eochaidh
Chuinn is Cholla.


L. 56


Ní dom fheidhmse a fhaisnéis sonna
raisnéis meire,
cuirfead cairde tar muaidh orra
go huair eile.



Dochiu oidhche i mbrugh í Bhreasail
lucht uim losaid
seoltar mé mar chrosán chugaibh
cosán cobhsaidh.



Aga ó Eochaill fuaras fáirdeal
go raibh Nodlaig
agus bainnse san mbrugh bhfionnso
sub chum sodair.



Fá na dtuairim tugas iarracht
am a bpósta,
súil go soithfinn cinnte an cúrsa
rinnce is rósta,



Nó réad éigin fil ar foghnamh
d'fholt an fhéasta,
mé mo nuar anosa ar cóisir
cosa céasta,


L. 58


Agus bríste beart nár dhual dam
ar mo thóinse,
tug ar ruacach do bhreith biadhtach
bheith na stroinse.



Créad acht táthadh uaisle is oinigh
umhla is ana
snadhmadh suairc na saorghéag sona
maolscéal mara:




Agus Maolsuthain ua Cearbhuill anamchara Bhriain mic
Chinnéide agus oide foghlama na dtrí ndomhan eision, i n-Inis
Faithleann do bhíodh sé, et mar ráinic an duanaire donnshúileach i
dtír iar mbeith lá go n-oidhche lánfhada i mbioracán bhriste
bhruachíseal do ag luaimeireacht Locha Cime i ndóigh go
bhfuighbheadh bunadhas imtheachta an mhara mórádhbhail do mhionscrúdadh,


L. 60


is é ar aithris d'iongantas do rath a ramhuigheachta .i. go raibh
an mhuir fliuch fuar fairsing fíordhomhain go n-iomad éisc et
ainbhine, ionnus de sin go saoilid srúithe ar an mhuir gur
maol a scéala, et nach maoile ionnáid mo scéalasa dá
ndeinginn iongnadh nó maoidheamh uim an uile dheaghcháil daonda
d'fhaghbháil fa chaomhchuing phósta na deisisi .i. Oilifear
Stíbhin agus Eilionóir do Búrc: -




Oilifear Stíbhin stuadh gan stoirm
fuainne ós fearaibh,
buinne búidh nach bruighneach borb
muimhneach mearchruibh.



Eilionóir an fhaoileann iodhan,
aoibh an t-aistear,
fá na dtuairim triall tar uisce
niadh ó naisceadh



Ris an ndéidghil is dóith dáimhe
dia dá ndídean,
inghean tSeain is oighre Ristird
roighne ríleagh.



Sliocht na bhfial go bhfasa a bhflaitheas
d'áis mhic Mhuire
d'fhiadhain cháich ag roinn go rabhaid
drong go ndruine.


L. 62


Ós mar chrannaibh chuirid cnuasach
fios ón ngrásach,
tiocfa ón gcaraid gcrann is úire
clann gan fásach.



Síolchur sochrach Seain is Ristird
Áine is Anna
i gceann a gcéile aniodh dá ndortadh
tiugh na ranna.



Fíneamhain fhíor innse Fódla
di na máithre,
saordháil gCais ba ceann i gcéidiol
seang an snáithe.



Seisear suaithnidh líon mo rulla
síor a soitheist,
as nach féidir ál acht aithghin
dán gan dochtcheist.



Ceist do chuir ó Liatháin Luachra
siothlán sáile,
an bhfacaidh Fionn iasc do b'annsa
ionná riasc Ghráinne?


L. 64


Créad far crochadh Cúrnán cáinteach
clog na n-uaire,
caoile a spáige truime a theangan
luime luaithe.



Ní fhil oil dá dtadhall tíortha
leis nach mórthar,
arracht é nach ith acht daoine
an bhith gé d'ólfadh.



d'ól ó Cnáimhín crios i gCruachain
uirc is éarla,
ná cuir beann ar bhogadúram
bod gan bhéarla:




Agus an béarla teibidhe teanga is lúgha labhradh
ó Lónargáin i Londuin tré mhéad mhíchaduis na bhfilidhe i
bhFreamhainn, conadh aire sin ná cuireadh:


L. 66



leannta í Longaidh
giost go grealluidh
gan cead cuiste
chill dá casna;
nó luighe ar lusna
an domhain alla
i ndóigh a bhriste
le racht gaisce;
ní cúis meisce
píosa praisce
nó lionn loiste
gleann ó ngaiste;
bíd crainn chorta
i ndruim ó Marcha
gan chuim cleite
re linn tseaca;




gurabé an bodach




buanna an bhata
bhuaileas dorrann
ar a chaile
faoi na maluinn;
agus póga
le pronócum
nó potáta
mar shalúta
ria na pósadh:


L. 68


An pósadh nuadh so anocht dá mhóradh
go madh ágha,
dá chraoibh chuanna chumhra chaomhna
húrla hárla.



Mise chuireas íodhna ós iomad
Ríoghna ó Rachluinn
ag déanamh daoine d'aithle a gcoda
Aithne is acfuinn.



Tar toinn tánag ar bórd curaigh
mar short sagairt
le fail phósta ón ngriollsa chugaibh
liomsa labhairt



Agus ráidhte gan ró chéille
ó ló d'innsin
ag cur cháich ar fud a bpionnsa
cuid dom chinnsiol.



Ait an teaghlach teagh an dá pota
eadh ó Mhala,
ann do rin ó Braonáin Biorra
taobháin ara.


L. 70


Sagart súgach mé gan laidin
lé ní bhroicim,
ní fhuil im phortús puinn don tsaltair
luim a loitim.



Cuirim óigbhean uasal umhal
suas go socair
le na céile do luighe ar leabaidh
ní buidhe an tsopghoil.



Mar a scaoiltear glais do ghlúinibh
clais do chárna
an tan tógbhaim daorchrios diuide
Maonas cána.



Déanaid doras ar an obair
leis na pógaibh
is dá éis súgra sub i súsa
fá na ndóirnibh.



Éirghim asta bheith re teagasc
ní dár gcéimne
d'uamhain easpoig Chill dá channa
nó Chinn léime.


L. 72


Giodh sum suirgheach dul i bpulpíd
níl im staillsi,
déanaid únfairt ochta léarbhronn
nó port mainnsi.



Deoch go driodar nách leig dúinne
dul ar stáitse,
do chuir oirne an imne péine
simne cáise.



Biocar Boirne an Bulcán bríoghmhar
tig le fórsa,
tugaidh damhsa ciarsa céibhe
a dhiasso ar bpósadh.



Pósadh duine i n-aois gan osna
aobhdha an t-amhas,
iad ar aon ní cam dochonnarc
clann do charas.



Carthain éigse is fhann is aoidheadh
am a bhfreastail,
dáibh is dual ní dán gan turadh
tál nách teastuigh.



Teasta a dtuisteadh cruas gan choigill
cian adchluintear,
Lonnradh a ngníomh ní cnú gan chosnamh
clú na gcuilcfhear.


L. 74


Iomdha cuilc is cuach is capall
cruach is ciotal
i mbrughaibh bána na laoch leabhair
nach maoth miotal:




Et is é miotal dá ndeárnadh an mearachán, i. do
shleimhne na gcloch ris a ráidhtear adamant, i. clocha buadh agus
bisigh iadsidhe; óir an t-arm sa bhonn ria a mbeanann ní dia a
ndúthchas bithbhrigh sáidhte agus síorthollta do ghréas aige. Et más
fíor sin is rómhór feidhm et foirneart na gcloch feisean agus an
stócaigh fhásas asta, etr.:




As do stócach ná déin uabhar
an re haimsir,
iomdha craobh i gcoill gan ubhla
maill is aimsigh.



Amuis craobh na bhfoghadh bhfoighéag bhfailgheach bhfáilteach
fromh cia an fiodhach,
fiadh na Frainnce fúithe is fulang
dúithe miodhach.



Croith an abhall gcneismhín gcumhra
is úrchaoin inse,
táilfidh taobh na feadha fuaire
meadha milse.



Fionnfhuil Bhúrcach bheireas báire
dil an díorma,
dortadh annsa ar chách don chineadh
ní fáth díomdha.


L. 76


Iomdha ciarsa is clár i gCorcaigh
cnámh is casal
óigbhean fhionn gheal im is eochair
lionn is lasair.



Iomdha cárt is pionnt is pota
fonnsa is feiste
Saxfhear súgach scian is scilling
mian fir meisce.



Iomdha cliabh is córda is croiceann
bróg is biora
is san ngailltreibh nglúinigh ngairbh
guna is giolla:




Agus an Giolla Deacair marcach is measa dár móradh
i bhfiannuigheacht .i. marcach meata míothapa mall méirtneach
mílaochais dur diomdhach draganta airceach íotmhar aimhirseach
et do bhí arrachtach uathmar anchumtha eich aige nach rug aon
bhann ar a haghaidh riamh i n-am eachta ná áthuis ó thosach domhain
go Diseart Diarmada, ionnas nach cuala riamh neach ba
neamhchosamhla:




Re hOilifear Stíbhin ionná an stráille
druim re deabhaidh,
iomdha i n-Éirinn broic is bráithre
cnuic is creabhair.


L. 78


Oilifear oll fán eing do thorchair
teinn a thaithmhidh,
léigthear leo mo ghadsa i gcomhair
Ag so a aithghin.



Racha a ngaol 's a ngníomh re aroile
dís a dairchne,
Oilifear úr is Oilifear oile
soirbhe an aithle.



Leannán lúibe an fhiarfhuilt altaigh
fialscoth fochtaim,
an bhfil díobh gan úir ar aghaidh
dúil nach dochtghoin.



Atá scéal nuadh re na innsin agam
fíllsim fothrom,
Diarmaid donn is Dáire dreachdhubh
glaine is cochall.



Do mharbh gearán gaoth nó giorta
fraoch nó fearthain
in san tulán taobh re tulaigh
maor uí Mheachair.


L. 80


Tug ua Duibhne dil an iarthair
goil ar Ghráinne,
cosmhail re muing chnuic uí Chuille
pluic uí Mháille.



Ná ua Dála ná ua Dubhda
luighfeas léise
acht Oilifear Stíbhin slat na soillse
glac mar ghéise.



Tug fear anma an mhaighre mheirse
m'aigne ag mochghul
do chrú fhoghlach innse Eachaidh
bímse i mbrothul:




Et gé bhím ní bhraithim a bheag do bhuidheachas nó do chion
Chaiptín Cupar, et ní hé sin do ghréasaidhe an chaolgha
Tadhg na cúla, acht ní haithnid damh réasún ris sin acht munab é:




rug an riabhach
go Ráith Raith Raoileann
dá chuid ráibe;


L. 82


annamh cearca
Chorca Dhuibhne
go Cionn tSáile;




gurab aire sin nach




cuirid Cúirsigh
cruithneacht tsléibhe:



Cruithneacht Gaedheal is Gall na heinge
an chlann so chugaibh,
onn is ádh nach orchrann uille
conchlann cubhaidh.



Cubhaidh riu ní heol gan fhiadhain
ceol is cnámhthoirt,
óighréir amhas uird is aoidheadh
buird is bántoirc.



Bronnadh each is óir is iorra
cóir a gcobhair,
cubhaidh riu do réir a n-aithreach
féin go bhfoghaibh.



Creidiomh Chríost is paiteant prionnsa
cairt na ngall so,
a sealbh sin re cúig céad bliadhan
ní bréag fhallsa.


L. 84


Sé céad déag is seachtmhogha samhradh
is dá dhó annosa
bliadhna chinnte a n-urraidh óirne
d'fhulang crosa.



Iomdha laoch is lann is leabhar
crann is curach
tugsat líon na loingsi a Breatain
soillsi shuthain.



Iomdha comaoin uasal oile
ó an ua san orainn,
trom san tír a gcáin do cheallaibh
táin go dtorainn.



Torainn trúmpa is tórmach troda
ceol nach cleachtaim,
téid ar aoi san gcuan do chniochtaibh
suan re seachtmhain:




Et seachtmhain na samhna so im dhiaidh do thuit tuile
lánmhór i n-Abhainn ó gCeárnaigh le ar comhloisceadh crainn agus


L. 86


clocha na habhann go huilidhe, ionnas gur scaipeadar a héisc go
hiomarcach fá inbhearaibh eile taobháille Tuadhmhumhan, gurab
síneadh séin agus sochair don tír an tuile sin. Et is mar sin
tiocfas do dheoin Dé don tuile annsachta et fíonchorma do thuit
i gCathair Maothal ins an tseachtmhain soineanda so a dtáim
et dá chomhluascadh clocha agus crainn maighreadha meara móráille
do leathadh fa chuantaibh cluthara Conallach et Chontaoi Luimnigh
go huilidhe; óir ní thug Iollann órarmach acht aointseachtmhain re
húcaireacht, et is iomdha brat líogha lánmhaiseach do chóirigh ris
an ré sin, go bhfuair:




togha céile
a los a lútha
an gart gréagach
ó thor Téibe
nach olc d'úcadh:




cosmhuil sin is




úrmhac Áine
cnú na cléire
fuair rogha ríoghna
ar feis láimhe
mór gcairde
do rath gcéirde:



Fuair rogha ríoghna do rath gcéirde
ceap mo dhuaine,
maith dorónas teacht don tírse
bleacht a buaile.


L. 88


Cathair Maothal ceann na scríbe
caomh a curaidh,
iostadh úr nach aithigh iadhadh
aithghin chubhaidh.



Aithghin treibhe Rátha Raithleann
í ar fhéile,
mór a muirear tearc a bíodhbha
searc na cléire.



Fuaras scéal gan scáth tar ursain
cách gan chailg,
fear an tíghe nach réidh gan rogha
méin gan mhairg.



A bheith buan fá chlú go gcumas
bú is bleachtas,
omhain dé go díreach dlightheach
díneach chleachtas.



Seán de Búrc an t-eo gan fhochall
ceo nár cheile
Láithe an laoich ná séan a shleachta
tréan fá eire:




Et ní hé sin eire Cheinn Biorraide, noch do chuir corp
an chathmhíleadh Chonchubhair ar a chorraghualainn dá iomchar gan


L. 90


scíth go mullach an chnuic ós cionn Doire Lamhraidh i ndóigh go
bhfuighbheadh ríoghacht Uladh dá chionn. Acht cheana, ní cian ón
láthair dochuaidh, an tan ba marbh ón marbhualach é le dásacht
ionnas nár ghaibh ríoghacht Uladh ná Eamhna ó shoin go annosa;
acht is é eire iomcharas Seaghan do Búrc, i. beoghualach bocht agus
baintreabhach, aoidheadh agus ollamhan, ceall agus chorp agus crot agus
aosa gacha heasbaidhe ar cheana go mbeir gan scíth gan oiriseamh iad
go mullach cnuic an choimhdheadh ós cionn phuirt pharthais bail i
ngabhaidh ríghe agus flathas do agus dá iardhraoi i n-aontaidh naoi
ngradh neimhe per omnia saecula saeculorum. Amen.



Mo scéal féin anocht.




Mise an crosán taibhseach tuisleach
tadhlaim taisbhean,
bím i bpóitghoil suas go sursaing
cluas re caisiol.



A réir san gcartha gcoill do chodlas
druim re deascaibh,
ní do chuir mo cheann chum gliogair
meang ón meascaidh.


L. 92


Dochuala sceal beag ait i n-Eamhain
balc is bolg,
Inse í Chuinn ar cairt i gCaisiol
cailc is colg.



Tug ó Maoilín muc ar mheasair
cis fá chustard,
ní nach dearnaidh Art ná a athair
mart is mustard.



Dá bhfaghainn gloine im ghlaic do shúighfinn
ait liom torcach,
táim ón aistear fhuarfhliuch fhada
guaireach gortach.



Téid mag Ránaill ar muin chapaill
ag cur losa,
bíd ní beith gan bric i bpraisigh
glic a gcosa.



Bíd i n-Ultaibh ois i gcoilltibh
fliucha fuara,
bímse ar ógaibh nach dubh dúthchas
ag cur cluana:


L. 94


Cluain ar chrobhaing gan chogal do chuireamair ann
dá dtuar chum codalta ó nodlaig go hinid anonn,
ba suairc an sollamhain cogar na cloinne gan cham
d'uaislibh Conallach conachlann ionamhuin liom.



Dá luadhainn lorg a bhfola níor fhionnamair mannt
ba uamhain d'ollamh do thorchar uige re haill,
is fuadar toraidh bhas onchuin curata crann
cnuas i gcollaibh nach coigil a ciste le sainnt.



Cuaine croibhfhionn do foilceadh i bhfoirffhuil ghall
's do ghluais ó Scotaibh na hoscair ba dile don droing,
d'ualach orm a gcrosa ar gach tubuist i n-am
gan fuath gan formad cothrom go gcongmhaid cuing.



d'fhuadaigh stoirm an clogad beag oireas dom cheann
is do buaileadh dorn ar ghrogaire í Dhuthairne i gcoill,
truagh gan Donnchadh ó Droma 'na ghliogaire i ngleann
ar dtuathal chognas bodach í Bhiorrainn a bhraim.


L. 96


Dochuala i gCromadh go ngobaid na coiligh a gceann
's gur fhuagair cogadh ar na clochaibh ó Fiothalla fionn,
gluasaid bodaigh chum sodair le spioraid ar spriong
suaill nach slogaimse an sonas le longaim do lionn.



Thuas i gCorcaigh do crochadh le tuirmeasc triur
is duaidh ó Coscartha cochall í Chuigille a rír,
cuaird do chorruigh mo chosa gan tuirsi re trius
dá ruaga im roscaibh nach dona thig duine don dís.



A uain dil d'fortuigh is d'fholamhuigh ifearn thall
buanuigh borruigh is cothuigh an chuingir gheal donn,
geadh fuathmhar fothram bhar bhfocal ag dubhfine gall
an chluain si croithimsi oraibh ó bhathas go bonn.




et go mairthidhe a chéile.



Dochum fir an tighe thuas.




Oil m'ádhbhacht go bhfáithbheadh mar dheoraidhe id dhún
is cuir fáilte rem dhánacht ó dhóithigheas tú,
itche áilim ná táirigh mar chóirighim clúin
a thuir thábhachtaigh tháileas a lóistín long.


L. 98


B 1709 18T
U Seaghan Stac

Tuig a léaghthóir gur lingios tar 9 rainn Béarla agus gur sgríobhas na 4
rainn Gaoidheilge so um dhiaig, óir is iad as ró ionmhaine liom; agus mar
an gcéadna gaibh mo leithsgéal ar son mo leabhráin do shalcha ó thúis le
Béarla.



B 1675 17D
U Dáibhidh Ó Bruadair

TRUAGH LIOM GUL DEISE GO DIAN.



Truagh liom gul deise go dian
ar huaigh a shoichiollach shámh,
gach maidin is muirt im shuan
nuall ghuirt na lagbhan lán.



Go hailcneadh an fheartáin úd
leachtán ler loitheadh an ród,
acht a ngníomh níor mhuith do mhéad
a ghéag do líon fuil san bhfód.


L. 100


Do chodladh san gcillsi thuas
dod charaid ní coimse an cás,
do rae níor fionnadh a raon
do thaobh gur bioradh re bás.



Do íbh nGearailt do borradh baidhbh,
do hongadh a mbeart ghlan bhúidh,
ar dháil gCais do chuir a clann,
bann nár thais don troigh i n-úir.



EACHTAS UAIM AR AMUS OIDE.



Eachtas uaim ar amus oide,
omhain damh a dhul chum bróin,
madh earr aoisi annos don fhuilngidh,
clos a ghaoise is uirghill óir.


L. 102


Go hua gCriagáin cuaird rug mise,
méaraidh linn go láithe an bháis,
a bhfríth d'urraim uadh is d'annsacht,
suadh gan urrainn d'fhallsacht ghnáis.



Cúirt is comhdháil do thréig oirne
fromadh féalmhac is aos gráidh,
feadh an laoi ba lonn an ghaisge
dia mbaoi bonn gach aiste im láimh.



Uaidh gér anáir nár fhiu inne
fuaras deise an doinn i dtráth
tús a chaingín chaoimh sa chorma
laindíl aoibh mo cholbha ós cách.



Aisnéideadh neach é madh oircheas
i n-iath Chonmhaoil cuin do ró,
bhus séad samhla dár srúith neamhdhuibh
damhna múith iar ndeaghuil dó.



Aigéan uaigneach an iuil dlighthigh
dreagan daonnachtach re dáil
ar thrí teangtha d'fhighe ar dheisiol
geallta ar dtíre is eisiomh táir.


L. 104


Seán mac Criagáin ní chéal oruibh,
inneoin ionnsmuighthe dár stiuir,
tonn tiodhlaicthe dréacht is daghrann,
díonaice créacht n-anbhfann n-iuil.



An mhám ilchialluidh le ar hoirneadh
é ós oidibh iona fhás bairr
go mbeir leo iar ndul go ndaghchuid
don bhrugh bheo nach tadhluid daill.



Go síne dia láithe ar leannáin
leam is itche í madh dleacht
go ceann uinge bhós geadh bliadhna
buinge ar rós nár riara leacht.



Eachtus éigin d'éirigh damhsa dul
d'fhaicsin fhéile an té nár chrannda fios,
is glan dom réir do thréig a chlann sa chuid
an tamall d'aomhas tréimhsi thall na thoigh.


L. 106


D'ÉAG DUINE NACH DEÁRNADH.



D'éag duine nach deárnadh cárnadh riamh dá bhfuair,
d'éag ursa do b'áidhbhseach cáil i ngrianán suadh,
d'éag file agus fáidh an lá rug dia atá thuas
an t-oide gan táir ba Seán mhág Criagáin uainn.



D'éag ciste na ndámh gan cháim 'san gcliabhán suain,
d'éag tuigsin is tádhbhacht cráibhtheach ciallghnáth cruaidh.
d'éag tuile do tháileadh bláth gach biaideáin tsuairc
le spriongar na sleágha do dháil an tia dá uaidh.



Do rugadh le bás an báire is lia dá thuar
ar ionnmhus ceárd do b'áluinn iar ndáil uair,
geadh mustarach bháim is bháid ag triall fá dhuadh
ní ficimse ina áit i gcách acht cliabhán uain.



Libhse más geárr an trácht so a chliar nach duairc
tilidh a lán 'san bpár go ria an dá bhruach,
tuilleadh badh cáir do rádh 'na dhiaidh má gcuaird
tugsa i dtráth sul dtárla bial dá bhuain.


L. 108


OSNA CHARAD NÍ CEOL SUAIN.



Osna charad ní ceol suain,
aoibhil adhanas anbhuain
i gcroidhe an chomthaigh adchluin
goire d'orcradh a fachuin.



Na comthaigh chongmhas a gcáil
is ionann damhna a ndiombáidh,
an lann chealgas a gcara
ní gann deargas daghthala.



Abhar na hosna so a dtuaidh
fá an leabhar liom is anbhuain
's an t-aolbhrogh ó ngluais a ghoimh
ag daorghol i nguais ghalair.



Treabh go maoith mo nuar anocht
Cathair Maothal na miadhmholt,
tug bás na seinge ba saor
cás na heinge go hanaobh.


L. 110


Olc doghéabhainn mon nglacfuinn
cion dá beadhga um bhaothacfuing
an treabh nach dorcha re um dáil
lear a horchra ní héadáil.



Do réir Ghille Brighde bhocht
atú uim Anna ana geadh ollnocht,
créachta mo charad romchráidh
déachta nach damhad anbháil.



Mar aomhas airdrí neimhe
mo chion damh dá doghraingse
is truagh nach tógbhaim dá líon
duadh a bhfódmhaim don imshníomh.



Dá ndearnainn codla ar a chruimh
ní fiu me bheith im bheathuidh,
an té do airidh uair eile
m'ainimh i n-uain m'éignighe.



Mac Réamuinn an roisc lonnraigh
buinge seang nach saobhchonnlaidh
fa thoinn bhróin do mhear mise
fear dom fhóir gach ndírighse.


L. 112


Uchán Anna fós ní chéal
liom is goirt an groidscéal,
le ciach a céile romchar
a liach ní géire galar.



Do chomhaill Seán saor an modh
riaghail aithreach is ollamh,
tug túis a ratha don rígh
cúis an chatha fa a bhfuilsi.



Tosach gach toraidh do ghnáth
idir chlainn agus chonách
is eadh don dúileamh is dleacht
smúineadh nach eadh a n-imtheacht.



Má tá ó thúis nár cheaduigh
a inghean uaidh i n-úirleabuidh,
dá gcuire a thoil le toil ndé.
a goin ní raibh acht roighne.



Téid an Búrcach bladh bunaidh
aisce chumhra chríostamhail
príomh a shéad sa shleachta
don chill; - créad as caoinbhearta.



Rug uadha an triath is teinne
úrfhás gan uaill inntinne
i mochthráth aoisi na hala
scothbhláth gaoisi is grianana.



Oighre is uaisle agus umhla
féile is crábhadh croisiomdha,
rug an ghéag gan ghuth ndochraidh
iar n-éag cruth is caomhshochraidh.


L. 114


Ráinig lé fa lig na liach
fionnfhuil Búrcach na mbreacsciath
go srothaibh d'fhuil Chuinn is Chais
suim ón sochraidh an fhuarchlais.



Inghean tSeáin go fóil i bhfeart,
maighre nár iomchair éigceart,
tug tromchia uim chrích Chonaill,
fríth dá dromlia daoromhain.



Mar oireas don óig niamhdha
goirt an oifig aoinbhliadhna,
caithréim a fáinne sa feart
aithléim a háille d'imtheacht.



Aithreach liomsa nach laoidh leinbh
tarla dise go dlúithdheilbh,
ón ngéis ngloin re raibh m'fháilte
gail da héis is easláinte.



Uchbhadhach Oilfeir Stíbhinn
leam is othrus anaoibhinn
ag caoineadh a chéile cneis
saoidhbhean ba séimhe iris.



Cumhaidh Oilfeir óig uimpe
neamhghuth cúis a chomhchaointe,
seise seangnuadh a ghlaice
gan treise acht eangfhuar adhlaice.


L. 116


d'oighre Ristird na stéad seang
is creach a chéile croibhfhionn
go mbláth a doinne do dhul
ós cách fa thruime an talmhan.



Ní fhighim uirscéal dána,
ní suim taidhbhseach teangmhála,
ním gortach fom ghrádh gidh eadh,
re hál nach toltach dom thréigean.



Dochuala go raibh reimhe
manach i n-ord dáirighthe
gan diul aonochta dá fhóir
acht siur aóbhdhachta ó an altóir.



Baoi le lúib an fhoilt chlannaigh
mar is dual ag dlúithrannaibh
searc dá bráthair ós gach bí
beart dá bhárthain ba neamhní.



Iona loing ag leanmhuin dé
luigheas an gart mar ghlainré,
ní fár fhóbair éag dise
méad ar fhódaimh d'aincise.



Gabhas galar a chríche
is é i gcrios na coigcríche,
gaol na gluaire le ar ghoirt
taobh a thruaile do thochailt.


L. 118


Gríosas a mheanma gan mheang
ria ndul don mharcfhlath mhearsheang
uim scríbhinn an scéil do chuir
tar dílinn fo chéill chluthair.



Do bhí d'uamhain beadhgtha brígh
a sheathrach féin ar an bhfialmhín
iona fhíorchruth nár scoilt an scéal
síodhach do dhoirt a dhoimhléan.



Abhar cneiséadaigh dá chom
áileis an féata fodhonn,
itche nár fhoillsigh go fóil
trice an truimsin dá chospóir.



Aibíd úr d'olainn tréata
mná nár fhuiling aoinéata,
bun ar éagcaoin d'easbaidh uaidh
gé d'eascair d'éagcaoir adhfhuair.



Faoilidh ise a tiugh a tréad,
uruis d'iomchair an beagshéad,
go scrúdain a ndeachuidh di
leathchuin úghdair na haice.



Leigheas an litir arís
a suim do mheas nár mhainís,
fuair nár fhóir olann a molt
folamh a dóigh sa dúthrocht.


L. 120


Sireas gach somhnaoi aile
abhus dar lé ba líonmaire,
geadh fionnadh ní fhuair fá dheoidh
gan ciorradh do chuail chrithleoin.



Aithneas iar nár chéim crithre
neach nár fhuiling aimsighthe,
uch d'fághail fa chrios an ché
stánaidh dá fios go bhfidhné.



Créad as mar iad ar ise
nach beinn gá mó maoltuigse
nás a baramhuil abhus
fás d'anamhuin gan othrus.



Geasa cáich níor chaill Anna
ráinig teidhm a tóranna,
nach sodhath soineann a huain
d'fholach uilleann an éagcruaidh.



Ionnas ar buile nach biadh
máthair chúisi mo choimhchiadh,
fá uisce an cheatha dochóidh
tuiste nach seacha ar seanmóir.


L. 122


Tug mar cheannach ar chéill
a céadchuid chlainne a caithréim,
dit a dhúilimh mar dhlighe
glic dá glúinibh gnáithfhille.



An tráth is toil a choimhdhe
libh a roinn dá rodhoilghe,
gan caoineadh na gcorp is cáir
ort a maoidheamh is mórdháil.



A rí do rug is do rad
toirrchios taobhgheal mo charad
suaimhnigh don fhóirsin dá héis
tóirsigh nach tuairim d'fhaisnéis.



Ná ceaduigh don chrobhuinn uill
a dhé bhar reacht do rochoill
fád chóir féin uainn do thabhach,
céim nach suaill an seanarach.



Adhmholadh ní dhéan disi
ní raibh oilmhian inntisi,
craobh cumhra dár lean gach gnaoi,
neamh dá humhla go n-aomhthaoi.


L. 124


Damadh tualaing a tionóil
do bhiadh m'uidhe d'Eilionóir,
lúb chunnail an chuim fhosaigh,
cumair do thuill tromosnaidh.



Osna chian chriadhchuilt uim Eilionóir,
an chroibhfhionn fhial diadha nár theib gnaoi bheo,
ort a dhia iarraim go mbeire í id chóir
don mbrogh is lia grianchruth i bhfeis naoi n-órd. Amen.



B 1675c 17D
TRUAGH BRÓN AN BHAILE SI.



Truagh brón an bhaile si thíos
scíos mór ar m'airisi d'fhás
áitreabh Anna fá chlúid cheo,
mo ghrúig bheo an balla san gcás.


L. 126


Cathair Maothal i mbeirt bhróin
cóir gan ceilt a daorghuil dúinn
's nach bí siostghoimh seal um chéill
nach réil d'fhear an iostaidh úir.



Goimh ár maoithe is minic d'fhóir
risean chaoidhche is cóir ár mbáigh,
och aniodh a chlann i gcriaidh
tall a liaigh fad chion don cháidh.



A ghin chorpchaomh chlainne an áir
do dháil fortbhéim faille fuair,
ag sin scannra sceol don dáimh
tráigh is damhna deor a huaigh.



An eang bhaile eangbhaile ar hoileadh í
eang is gar do goineadh lé,
fáth a cuisne Cáit a bí
is tuirse an tí don áit is é.



I Leath Mogha is annamh eang
leam is toghtha fóir is fonn
ioná treabh an laoich sa lán
maoith a mál is cneadh im chom.



d'éitteacht seinge na gciabh gclaon
ciach uim thaobh na heinge is fál,
tig do ghruaim a cinn ós cionn
nach binn liom acht uaim a hál.


L. 128


Ó nach cumghaim réad fá rír
budh dhéad suim re sonnadh suain
ní sámh silleadh ná clos cáigh
lingeadh na ndáil ná fos uaidh.



Méala an ógfhlath bhannda bhúidh
crannda fá fhódbhrat an áir
sa liacht súil re suan fán seimh
dá béin a srúill truagh do tháil.



Céile an eo ó an uamna ngil
monuar beo go riadh nach raibh
aindreann foinn an altchaoimh ghlain
muidh go loim go lachtchraoibh n-air.



Dá n-aomhadh dia disi dul
i seilbh rátha na ród nglan
d'fhiadh na sreabh is fuairgheal fur
budh bean fhial do bhuaidhfeadh bladh.



Geallaid a gníomha roimh ré
bhaineas iath dá dothadh dhí
go madh clú dá cine lé
cré na cnú ba gile gnaoi.



Badh geall díola do chléir cros
d'éigsibh is d'fhóir bhocht go mblas
stuadh na dtláthghlún bá saor slios
ó lios na gcraobh ngnáthúr nglas.


L. 130


A céile is dáilteach na diaidh
fáilteach an fhéile gan uaill,
doghní neamhchlú a dtug na tóir
don róimh rug a ghealchnú uaidh.



Eision uimpe ní balc bán
braithtear a bhronnta sa bhrón
mar is cubhaidh re céill triall
riar don chléir is cumhaidh lór.



Ní grádh diombuan daoi dar leat
tug Éamonn d'úrchaisi a folt
ná dá dearcshuan fa dhruim leac
acht searc suim nach creatfhuar corp.



Martra an baile fá dual dó
bheith ar eachtra truagh mar tá,
an fhail gan lic na luing chlú
go raibh fa chuing mhic na mná.



An treabh chumhthach adchiu i dtámh
cluthair a grádh liom go luan,
sin mar oireas fréamh mo rún
don dún oileas tréan is truagh.



An fear céadna cct.:



Do charas í gan chealg croidhe sa drong go deo
an chathair choinnleach dhearcaim fillte i gclúda ceo
is geallaim tríd fa aradbhrígh na mionn is mó
gur searbh linn uim Chaitilín do Búrc a brón.



Maiseachríoghan ealaphípeach ionnraic óg
dob fhearra cuing dá bhfaca poinn ar iomchur chóir,
athchuingim ó d'athruigh rí na ndúl a cló
tré fheartaibh Chríost go sealbhuighe na dúithe glóir.


L. 132


B 1676 17D
CABHAIR CHAIBDEAN GEAN FLATHA.



Cabhair chaibdean gean flatha
as tig uaill a n-iomchatha
córach dá dteann tig
madh seang mórfhlath le mindig.



Aithnim siud oruibh is orm
a bhuinge na bhfeas bhfialchorm
gibé tú dá sinnim sin
is tú dom innill imnidh.



Má tá nár ghaireas do ghrúig
dá ndearntaoi meadh re mionscrúid
sam crochta gan cionadh réil
tre iolar lochta mo loitscéil.



H'éisteacht riu nímrig a leas
an dream fhorálas m'aimhleas
ód ghnúis nír cabhair chobhsaidh
falaidh gan chúis gcomhfhosaidh.


L. 134


Cabhair nár dhligheas ód dhreach
bearnadh bainne dom bhiseach
trom oirne níor déanta dhuibh
madh foilmhe is éarca d'fhoghuil.



Foilmhe iadsan ionnás mé
geadh iad ar muin na muice
lucht tairgthe mo tathaoir ribh
athbhraoin cailgce romchrithnidh.



Ní éilmhim éagcóir ghníomha
ar haghaidh úir fhinnlíogha
acht a gruaim do ghnáth rinne
tré fhuaim gan fáth fírinne.



Ag fiadhach oirne do fhás
aicme nach oir acht d'anfhás
mó conair céim is easair
dom fhéinn fhoghail ainbhfeasaigh.



Ar ionchaibh aoinneich uasail
gé tú ucht re a n-iolghuasaibh
ó táim is tearc mo thime
re gláim na ngealt n-inghrime.



Luibh íce mo chréacht gcoire
luibh is annsa artghloine
re gnás geamhghoile na bhfear
sás creamhuire do cluitheadh.


L. 136


Sás suaimhnighthe sriubh is seol
ceard cruaidhbhioraighthe cineol
an dionn eagnaidh is geal gníomh
eadrain is mear na mionmhíol.



Do shillios nár bhfearra dham
eangach úiriaruinn umam
ioná deallradh do dheirc mhaill
gor bearnadh don mbeirt n-iomraill.



Lia ionnam deaghrún daoibhse
gé atú amuich dá mearaoibhse
ioná i longaibh na mbréag mbán
mongaigh nach féad gan fochnámh.



Lia ionann oireas d'uaisle
glóir re fuin na fíoruaisle
re ar chubhaidh báidh do bhile
tar ulaibh áil aointine.



Adhbhar fós fa dheara dham
adhmholadh duinn do dhéanamh
daoireacht meardhána na mac
seandála saoidheacht d'ionnlac.


L. 138


Dá chur i gcéill nach creidim
ó aos órtha an fhuairsceidill
nach mé mise d'aimhdheoin dall
geadh brise braimthreoin m'fhulang.



Aithnim inn is m'aisce anuas
ní um claoidhte re a gcionnluas
cur eich re foltdhruim Oghaim
breith otruidh go n-iomchorainn.



Ó tá neamhchion cáich um chionn
san mbith nach táil acht timchioll
doghéan damh mo dhán feasta
ní cnámh clamh gach cruaidhmheasta.



Cá córa do éanaibh aidheoir
seasnadh suairc a saoirchineoil
'na dtoirchim ós coill dá gcuir
ionná oirchill m'fhoinn dam chabhuir?



Marbhthar me nó leigthear as
ní adhruim éagcóir fhollas
ní dú bearbha dom bhinn
mar chlú d'ealbha nach aithnim.


L. 140


Beith dá réir do roithcheas me
don ghríbh dár dhúcha dile
do aos ionghair na ndart romtháir
ionmhain an gart geam ghearáin.



Dursain a chlos dár gcluaisne
eo gan aonalt anuaisle
uim fhoscéalaibh cáich ar ceal
roscéaraidh táith re toilfhear.



Ainm an laoich si re labhraim
bíth nach bronnaim baramhlaim
go madh tualaing inn a aisce
an ngualaing ngill ngnáthghaisce.



Gibé re bhfil ár bhfoiréad
dia gan och dá fhíorchoimhéad
tuigfid féin am eile
méin geadh mall gach muintire.



Aonchú áthuis do saoileadh
uair éigin dom athmhaoineadh
is frithir a thréan ream thoigh
scéal romchrithnidh mar chabhair.



Romchrithnidh go fóill an scóp so ag fuighlibh fáis
dom inghreim beo fá bhórd le soill mar shás
's an t-ubhall ghuirt cóir i gcóige is críne bárr
dá sireadh ar ló go seolfadh d'fhírbheich bláth.


L. 142


Re buinge don fhóir nach mórthar choidhche tláth
le gcluintear an ngó 's an feodholc fíor dom cháil
geadh iomarcach óirne an scórnach scaoilidh cách
níor chubhaidh cur eolais póite an phruimpiolláin.



Sirimse dhó go róda rí na ngrás
an t-iomaire cóir go deoidh 'sa naimhde ar lár
fulang nach fóil re fórlann fraoich na n-árd
is nach imir acht óirne ar óige a bhrígh go bráth.




I N-ÁIT AN BHARRAIGH BHRÍOGHMHAIR.



I n-áit an Bharraigh bhríoghmhair
ó ataoi id chléith re coigcríochaibh
a ghríobh shéaghain do thuar toil
géaraidh do ghruadh reum bhíodhbhoidh.


L. 144


Ria ndul don leoghan tar lear
do chuir a lámh sa litear
i gcóir chneasuighthe mo chréacht
tóir is treasuighthe ód chroibheacht.



A mheic Ádhaimh bhruaich Bhríghde
m'osnadh ní fuaim fonaoide
m'aithbheoghadh is clú dod chlos
ós tú an t-aithleoghan fhéados.



A Réamoinn an roisc uaine
éist ream éagnach aonuaire
mian mo chabhra badh dual duit
a stuadh chalma an chlaonfhuilt.



A bhile don bhreatfhuil ghlain
amhail is cubhaidh congain
dot fhóir ní seanaid nach síor
um chóir dá leanaid láindíol.



A chathbhile niadhta d'fhialfhuil féinne Briot
is do haithleaghadh iar i dtriathfhuil Éirionnach
dom chabhairse triall dá n-iarra céim gan ghuth
ní seanaid ar iarraidh riamh a Réamoinn duit.



Ní bolgach liath ní fiabhras féithleannach
ní caradas cian ní fiadhach cléchluithe
ní bradaireacht chiar ná iarmhuirt éithigh tug
mo thaise gan tiach tar sliabh dot éiliomhsa.


L. 146


Ní scannail dod niamhchruith briathar réidh do chur
le caraid a rian nach mianach méirleachais
níl galar am chliabhsa acht grian mo spré do dhul
is gur chailleas mo chiall an dia noch d'éagadar.



A CHIARRAOI CAOINIDH ÉAMONN.



A Chiarraoi caoinidh Éamonn
dibh ní heagal a aithréalltann
tairngire foghla go fóill
ainbhfine an doghla is doghlóir.



Má tá iar ndísc go fiorra
ionnaibh d'uaigneas inntliochta
fán gcruinne docháidh a sceith
mun dtáir is truime durchreich.


L. 148


Caoinidh bile na mbos ngeal
triath arsaidh thuilleas díleagh
bhur mbróin ó bhronnaibh go so
ongaidh bhur ndóigh don dulso.



Beacht scaradh Éamoinn is olc
ceinnbhile nár iarr ionnloc
re forba chorrchnocaigh Chéir
tromlotghoin anba an fheileimh.



Má saoilid re séad samhla
an laoich ó láithe a chinneamhna
san aoise do riacht bhur bhfóid
caoise nach iacht gan urchóid.



Dóithin aonruire an fhoinn
adbath i n-éibilt Éamoinn
d'aonmhac iar bhforbairt a bhall
colgthailc fá haobhshlat fholtcham.



Truagh a mhíne sa mhire
mac meadhrach an ridire
do dhul as go hóg uaine
fó ghlas i bhfód bhfliuchuaighe.



Leannán na cléire do chríon
uchán ní héag gan imshníomh
cúil fhailgheach is ucht mar ghéis
cráibhdheach an curp gan crodhspéis.


L. 150


An éigse dá mbiadh ar bun
ní fhacaidh ruaig do rugadh
ó eadh cneadghaile na gconn
dá theagh seanbhaile an saorcholl.



d'ógmhnáibh an iarthair is guirt
éitteacht Éamoinn mhic Ghearailt
tug úr gach aonbhronn aca
saolonn súl an bhanntrachta.



Leamsa is treaghdadh gan a thriall
im dháil go much tar mhóirshliabh
gnúis réad séid a shearc fom chom
is nár thréig me neart géar neamhthrom.



Iar dtoirche na bhfear tar Féil
seacham go soithche bollstéir
folamh an fhéinnidh is teinn
oram nár éimigh ardbheinn.



I n-eiric a bhfuair mise
do chion an fhinn uasailse
tugadh rí na ríogh uile
díol don tí dá thrócaire.



A mharbhnadh ní díom dlighear
ním ollamh re oirfideadh
caoinidh féine an fial feasta
a fhian is léire laoicheasta.


L. 152


Ceas do thuit ar Inis mhóir na mbeann
do a cruith do sciub a ceol sa greann
dreagan dil ba di nár ónna an chlann
fá shleasaibh lice luime a rómha ann.



Ba scath gan scige an buinge beoltais am
do mhair a bhos níor mhuidh ... ,
do lean go dul an rith si uim dheoidh na cheann
bheith tarthach tugthach tuigseach treorach teann.



Níor thairg bruid an fior níor fhóbair feall
níor chrap a chuisle ó oineach óir is eang
badh sheasmhach siosma a neart re mórtas meang
is níor ... a loinne ar luige lóid na bhfann.



Tá leat a lic fár luidh an leoghan seang
don taisce chille is uille i bhfód na bhflann
a mharbh libh dar duine is leonadh leam
seabhac suime a gcluinim d'ógaibh gall.



Ós feasach fuin a bhithe is feodhadh a bhall
is gan a aisiug linne a gcion go deoidh na mbann
aitchim sribh an chnis tug lógh don dall
dá ghlanadh ó choir ag sin a bhfóir gan caim.


L. 154


DÁ BHFÉACHDAR GO hÉIFEACHTACH.



Dá bhféachdar go héifeachtach áthas mac
ar léidinnioll déise nó ar ghráscar glac
más féile bhus éigean nó ábhacht each
nó séimhe ní séimhe ionná an sár gach mac.



Déanamh an déidghil is deárscna dleacht
mar chaomhoirid céimionna a chnámh sa chasc
réidhchruith dá réir sin do ráinig rath
is bréithre nach léigthear ar lár gan lacht.



Géarshearc ag béithibh ní nár don mhac
nach éilmheach ar aonduine i ndeáidh a chneadh
féithleann dobhéaradh ar áis madh damh
is nach géabhadh ó é ar bith a bháthadh beart.



Éireannach aobhdha nár fhás go tearc
an chraobhursa laochdha gan tlás re fear
ní dhéana is ní ghéillfe do chách acht ceart
is faoi néalaibh ní baoghal go bráth a ghal.


L. 156


Dá n-éirgheadh le fraochbhile a bhárr i dtreas
geadh réad sin nach féadaim a rádh gur gar
re héiric a bhéime do thabhach neach
i mbréigriocht ní léigfiodh ionna áit tar lear.



Ní béalbhriosc le spéirling do thrácht go prap
is ní méirtneach i mbéal átha báire an bleacht
ní béas leis bheith éachtach i ndálaibh ban
is dá éis bheith na gheibirne lá na mac.



A dhé dhil an féidir go dtárluidh glan
más daonnacht gan chlaonimirt cáil is maith
saorspioraid d'Éirinn nach dáilfiodh gean
don chaolach nár thaobhuigh le náire meath.



Gréagach an gléghille grádhmhar geal
do théarnuigh ó éachtfhuirinn Áine i gcairt
is ní réidhfiodh an chéadtsruith ó dtáinig breac
a chréidhse re cléithchlainne Chárthaigh is Cais.



A naomhloinne caomhain ar cheárdaibh cas
an féinnidh nár éimigh bheith dána deas
madh réidh ris ní héarthach uim gháire ghairt
is dá gcaorthar don aorthach ní lámh ar leas.



A ndéanaim ní d'éigeantas báidh ná breab
achd léirtheist gan fhéire mar tárla an staid
geadh éadmhar re chéile me is cách re seal
ní séanaim mac Éamuinn is Mháire an fear.


L. 158


B 1676c 17D
A CHÉILLIDH DOCHÍ.



A chéillidh dochí an timheal
ar rosc cháich don chéadshilleadh,
riot féin dá n-iompadh an ngloin
badh fionntar béim fad bhraoimhuin.



I mbreith meardhána ná muidh,
dobhéaradh an fear freagaruidh,
i n-éisteacht t'fhuighill dá mbiadh,
béisteacht an t-oighidh d'aimhriar.



Ná héilmheadh aoinneach orm
clú ár gcarad gan éagchomhthrom,
saoradh an daithghil madh díom
ó fhaobhar nach aithghin maithghníomh.



Fearr is eolach ionnás duid
damhsa deaghchomhall Eadbhuird,
dom chaidreamh óm chliabh aire,
a oibreadh ní rian rochaile.


L. 160


Nach mairg nuaibhile doní
aithris ar Eadbhard gaillídh,
tréidheanuis urnuidh is iocht
dubhchruidh déibhleanuis d'fhortacht.



Creidiomh an choimhdhe níor chaill,
ní dheachuidh aonbhann n-iomraill,
do thórainn teasta na naomh,
lóchrainn fá leasca d'annaomh.



Níor thuair a ghruadh do ghríosadh
uim chuirm ó chionn a aonmhíosa,
dá chlainn a chealtair ní créacht,
neartaidh a mhaill ar mídhéacht.



Dá dtugtar a chéillidh chain
is lom a locht do leanmhain,
súil ar líon gacha leasa
dúin a ndíogh ní haimhneasa.



A chéillidh chuireas id chruinnice lochtaoi i gcás
an béim ód choinnillsi congaibh sul gcrochtaoi cách,
dá bhféachtar grinnioll gach gloine go nochtchlí a ndál
dob éidir tuitim do bhuille san bhforaois d'fhág.



Ná céimnigh ionnus na cuile nach corruighionn bláth
acht dréim le duibhe tar lilibh go lochdhraoib láir,
ar Eadbhard sillidh mar shirios an soghlí slán
glé na duille do thuigsin sa ndrochlíon d'fhál.


L. 162


Doghéabhair nithe san nduine dá bhfromhthaoi a cháil
nach téid i n-iomad do chomusaibh Corcaighe i gcnámh,
réidhthlacht singil gan toirm is troiscí a lán
déirc is oinioch is iris is ochghuidhe gnáth.



Féach an cunnail a chumann re a chorp chillcháidh,
féach an minic a phinginn don bhochtín táir,
féach a mhuirear ó shlighthibh sa rodhíol dáibh,
is bréagnaigh mise má rugais gan soghnaoi a bharc.



A FHIR IOMTHA MHAOIDHEAS.



A fhir iomtha mhaoidheas go minic
i meadhair aoine nó óil
go ndeachaidh dinn rún do dhána
ní cúl rinn áradh is cóir.



Cuirid daoine a mian a molta
meas ar cháilibh ós a gcéim
súil nach fionnfaidh aon a bhfoilmhe
iomchair daor sdan doilghe gréill.


L. 164


Dá mbiadh deighscéal agad oirne
aon i gcéad an mbiadh do bháidh
coimhdhian ar bun bhíos do mhonbhair
dom chur síos le bordghail bháin.



Atáid fiadhna fós re a cosnamh
ar do chuimhne cia do thuit
go dtug mo lámh léir im threoraigh
do dhán féin mar dheoraidh dhuit.



A bhfiadhain eolach dá dtugair
an treabhair chéadna dochím
mon bhfuil locht ar lár nár dhearbhuis
cuir nocht sár gach searbhuis rinn.



I bhfochair ealbha nach rothuig
réime deirite na ndruadh
níor chlú dhaoibh ar n-acfuing d'aoradh
saoil nach saltruim faobhar fuar.



Do láthair n-oideadh nach amhfhás
ní eagal leam léighiodh rainn
adchiu fuigheall thall nach tearcuid
tuireann trom nach dearcuid daill.



Tug do chruadhdhán leat do láthair
nó laoidh dhlightheach úr nach é
acht nach sibh do scríbh nó haithgin
an mir ibh mon n-aithnidh mé.


L. 166


Ní mar bhladhmann as mo bhéasaibh
beart go bhfáith ná haifreadh aon
d'fhios na rannsa riom a ndubhart
fallsa an fionn madh dubhalt daomh.



Cá córa dhaoibh béarla an bhaile
do bheith libh mar lón id láimh
ionnás damhsa dia re um dhúthchas
tarsna an rian gach tnúthas táir.



TÁRLA CORP IS ROSC.



Tárla corp is rosc is rinnchéime
áilleacht crotha is cothrom caoinchéille
a lán do thorthaibh toghtha ós ríghbhéithibh
ó thrácht go folt san chrobhuing chaoimhghéagaigh.



Tárla foirtle fos is fírfhéile
sásadh bocht is nocht is naoimhchléire
tárla lot is losadh an laoich d'fhéachadh
iar bhfás i mbothaibh boga baoichéibhe.


L. 168


Tárla scoth gach fola i gcrích Fhéidhlim
ag tál na tonnaibh sonna saoirmhéinne
san gcráibhthigh shochma shocair shíthmhéaraigh
atá san nGort fá dholadh a mbí ar Chlaonghlais.



B 1678 17D
MUIREAR RE MÍ.



Muirear re mí do thiomairg im thimchioll
coilgthe cheinn is cliabhthuirse
a leimhe do ling ar chuireas dom aois
is faide na slighe ar a dtriallaim dul.



Tuille dom shníomh mo choirthe gan choimse
an duirb is daoire d'fhiabhrasaibh
sa chruinne dochím nach cumaghaim poinn
do thiocfadh dom chlainn chum tighearnais.



Ionnas arís beag innisim díbh
geadh uirghioll díom nach fiafruighthear
gur truimide ar maoith ó d'imthigh an mhaoin
a bhfuilid gach laoi dom fhiachadhsa.


L. 170


Anuair thigid na laoich don ionad a mbím
is mise gan suim a riartha a bhus
gur cunnail an chuing an t-oineach san díth
le conaghain croidhe dom chiapadhsa.



Idir an dís an tuile san dísc
ní hurasa luighe gan liachaireacht
san iomad ar tí na laige do shíor
dá hinghreim fíor nó fiarthuicseach.



Ós urra gan bhaoi gan ionamhus inn
le dtiubharainn íoc a bhfialchoinne
sirim an rígh do chruthaigh an chraoibh
go dtugasan díol im fhiachaibhse.



Cuirm nach fill mo ghile chum grís
a silid na saoithe is sia re hiocht
mar thigid i dtír nach iongna a ngníomh
ós mionnaibh do shíne riamh 's aniugh.



Acht dob usa bheith choidhche curtha san gcill
ná tuitim i líontaibh liachaireacht
na druinge le saoiltear oiread na froighe
do neithibh na gimheala iadhta um scruig.



Dá sire neach scaoile a coinghioll a gcuibhrigh
sciubaid a ghnaoi sa ghrianluisne
le sciuthaireacht mhilltigh mustair is maoidhte
tuille beag bhíos i ndiaidh a nirt.


L. 172


Acht tuille na dtaoiseach miochaire is millse
a bhfuirm ní hinntleacht iasachta
cuirimsi tríd sin cuimirc a gcríche
ar chuislinn an chích do stiall i gcruis.



Congaibh a choimhdhe a n-urraim sa naoimhe
a gciste sa gclainn gan chiach a gcruit
san innimhe is aoibhe i n-iostaidh na soillse
id ghoire gan aoinchith iarraimsi.



Gach nduine do rín dom miotal a mhíne
d'fhurtacht dá luighead i rian ar bith
snár chuidigh mo lí do dhubhadh le gaoithibh
goirte mar dhíol na mbiatachas.



B 1709 18T
U Seaghan Stac

An seachtmhadh lá déag do mhí Abraon na bliadhna d'aois Chríost
1679, dardaoin na comaoineach a meadhon oidhche do éag ceann
oinicc agus eangnamha na Mumhan agus dom dhóich na hÉireann go
huilidhe an tan so .i. Muiris mic Éamuinn mic Seain .i. fear
Caisleáin an Lisín, iar mbuaidh iongtha agus aithrighe; agus
adhlacadh a ccill na mballach a Mainisdir St. Proinsias an luan
dá éis sin a n-aontuama ria mhnaoi mhaith pósta .i. Onóra
inghean Cormuic mic Diarmada .i. tighearna Muscroidhe, agus í ag
aitreabh an inid sin rimhe ó lá San Proinsias annsa mbliadhain
1669.


L. 176


B 1679 17D
U Dáibhidh Ó Bruadair

D'ÉAG AN FHÉILE.



D'éag an fhéile i n-éitteacht Mhuiris
d'éag an uaisle ghluair gan ghliogar
d'éag an anáir cheannárd churadh
is d'éag an fhoighne dhoimhin gan duibhe.



D'éag an umhlacht ionnraic iochtach
's an t-eolas gan cheo gan chrithir
an diadhacht nár fiaradh fionnadh
's an rún fíre dírghe dile.


L. 178


D'éag an bheodhacht leor gan leimhe
's an cheannsacht tseannda gan tuisle
d'éag an bhúighe chiuin gan chuilg
's an tsaoirse nár fríth gur filleadh.



D'éag an eadarghuidhe gheanamnaidhe dhlightheach
's an mheasardhacht nár meascadh le miogaibh
d'éag an chumhracht chumtha chluthair
is d'éag an náire ar lár nár fionnadh.



D'éag an daonnacht gan bhaos gan mhine
gan fhuaim gan uabhar gan iomaidh
ó gach neach gan ar gan iorradh
d'éag a stór a dtreoir sa dturadh.



D'éag uaithne fuadar is fuinneamh
d'éag déarcach tréadhnasach tuicseach
d'éag muimhneach míleata milis
nár smuain feall ná fallsacht chumainn.



D'éag béile is éadach na druinge
dár chinn dia san mbliadhain tubuist
d'éag daghchruth re haghaidh an uile
is gníomha dá réir nó réad ba uille.



D'éag an cárta cráibhdheach cunnail
's an compás nár chúrsáil tar chiomhsaibh
an seol re stormaibh nár struiseadh
's an stiuir nár túrnadh re tonnaibh.


L. 180


D'éag cealltair gan chall gan chruime
gan ghual gan ghruamacht gan ghainne
d'éag an lá re bás do bioradh
breitheamh ciuil is cúrsa is cuilg.



D'éag staraidheacht marcaidheacht is murrainn
d'éag laochas maordhacht is miotal
d'éag foghluim modhlacht is maille
i bpearsain tséimh an tréin gan tuilg.



D'éag fiadhach iascach is imirt
d'éag áthas áilleacht is urraim
d'éag caoimhe míne is mire
i n-éag an tia do bhiathadh iolair.



D'éag mo nuair an fuainne d'fhuiling
anntrom cháich sa gcás go minic
d'éag an té sa chéile cubhaidh
re linn bhar n-óg nach dóigh go dtiocfadh.



Créacht mo cléibhsi an t-éag do sheinneas
an t-éag le ar buaidhreadh cuain gach cille
éag na bhfann do scannradh scriosta
an t-éag ionar éag gach gné don ghile.



Is moighéanar finnfhéinnidh fiuchair
nó rí sa chríocha gan chiomhsa
nó ceann sluaigh re cuaird na cruinne
i rian na gríbhe groidhe do rithfeadh.


L. 182


Ní croisróid cullóide is coire
náid cosáin chrosdálta chuilinn
náid céime do bhéimfeadh sciorta
d'aimsigh riamh acht rian gan ruide.



An gaiscidheach gan tathaoir gan time
le ar claoidheadh na bíodhbha bunaidh
d'aimhdheoin tíre is taoide is teine
do rug a bhann sa bheann gan bhrise.



Rámhuidhe nár léig cáblaidhe a luinge
ná a crainn le ní ar bith do mhille
is í do ghnáth re sál ag siosma
trí bliadhna déag is trí fichid.



Ní fhághaim go ndeárnaidh Pilib
ná Allastrom d'argain na hoirthir
ná Seoirse le ar tóirneadh Turcaigh
congcas ba fiu a cur i rulla


L. 184


Dámadh í an chródhacht chóir gan chumaisc
do cuirfidhe le fileadhaibh i gcroinneacht
d'fhéachain ar éirigh le Muiris
do leag puimp is claoine is claimhe.



Do rinn éacht nár fhéadsad Oscair
is nach ráinig a lán do righthibh
do mhúch diabhal gliadhtha gusmhar
do mhúch feoil is ceo na cruinne.



Do mhúch faill is sainnt na spiorad
bhíos re lot an bhoicht san bhuirb
do mhúch éitheach craos is cuthach
is do chuir tnúth is drúis dá mbonnaibh.



Neamhfhonn riartha an tia do chruthuigh
é sa mair do naisc i ngeimhiol
fonn méirle níor léig 'na ghoire
ná a hatharrach dár dealbhadh d'ulcaibh.



An té do bhrúigh mar siud na cuilg
le dtolltar codhnaigh gach cine
is nár léig leo dá chóir madh ruibe
ris ní ró dár ndóigh a ndubhart.



Uim an ngéig sin d'éibil idir
ní dhéan plás ná ráfla ribhse
acht a innsin go cinnte cumair
gurab é féin gan bhéim dochonnarc.


L. 186


Is nach raibh saorchrú i gcraobhfhonn fuinidh
nach ráinig a bhárr mar bhiseach
mac an laoich ó íbh mac Cuille
do dháil i gCluain mar ghluaisid tonna.



Mac Éamuinn aonurradh is glaine
tárla riomsa ó thúis go tuitim
mac máthar dá ndáilid filidh
mír ós mnáibh a dtárthaidh ise.



Mac nach aoradh aon uim itche
is nach iarradh iallspuir ná a hoiread
mac nár thuill a lí do luisneadh
a los grádh ná tlás re teinne.



Mac nár mheabhruigh meang ná mioscais
mac gan ghéim do néith i n-ithche
mac ón ród géar mhór a mhuirear
riamh nár brathadh i neamhchulaith oinigh.



Mac a mhaoin sa dhíol gan fuireach
dar le cách nár bh'áidhbhseach gustal
mac sa lón nár leon a dtugadh
is é gach tráith ag tál gan tuirse.


L. 188


Mac ria mbás dob fheárrde fine
mac sa ghlóir go deoigh nach duibhthe
mac do fhágaibh bláith is duille
d'fheartaibh dé nach tréigfe a shlighthe.



Síol Monchadh conchlann a chlainne
síol dúthrachta úrnaith is irse
síol suaithnidh dár tuaradh ithir
as nach éidir déas gan eithne.



Gé tiodhlaiceadh íoc iona ionad
bhas tóisigh do dheoin mhic Mhuire
gan diachuir 'na dhiaidh i gcroidhthibh
gibé fhiadfas ní hiadsan mise.



Ní duais dá bhfuaras ón mbile
ná ní re saoilfinn go silinn
damhna mo channtlaimh don chur so
acht róghrádh dá mhórdháil gan mhustar.



Mo chaoise ní caoine thirm
acht caoi le léigim déara guirte
atchaoi gan cleasuigheacht a hionnas
nach feoidhfidh go fóill im ghoile.



Ní maoirseacht mínligh ná muinge
siocbháisteacht caisleáin ná coille
doirseoireacht sciobóil ná iothlann
chaoinim dá ríribh acht Muiris.


L. 190


Ní chaoinim stíobhardacht a urradh
soiléar ná coiléar ná cufa
seomra ná cófra ná cupard
acht m'fhadchumha mo dhealughadh re duine



Is annmhúcht na bhfear úd i bhfoicse
ó críochnuigheadh na siorlaoich ba sine
an ealbha san aindeise nár hoileadh
is triomhtha dhamhsa is córa cumha.



Creach gach úird i n-úir don dul so
téid ó ló mar lón do chrumhaibh
creach na n-éigeas é is na n-oideadh
creach na bhfeádhbh is cáisc a gclainne.



Giodh uathmhar fhuagraid na guilse
lóchrann na ndeoradh sa n-ursa
ní chaoinfid choidhche mar thuilleas
an caithniadh sa chaithchliath nár druideadh.



Uch mo choimse a bhaill sa bhruinne
sa rosc nach tug toil do chiontaibh
a mhéin re léigheann a bhfionnainn
i gcomhrainn chíordhuibh chaoil na chime.



M'uaigneas an fhuaim sin dochluinim
timchioll an tseingfhir gan tuire
fuaim seanndán is cannrán cruite
fuaim fóirne feolmhaigh is fithcheall.


L. 192


Fuaim fíor a cuimhne nach cuirim
fuaim a bhéil gan bhréig gan mhionna
fuaim a ghadhar ag saigheadh sionnach
is fuaim na gcliar ag triall ar iostadh.



Fuaim romchéas na héighmhe uime
fuaim na n-each gan beart chum lige
fuaim do fhág nach báithfe briotais
fuaim a chlú sa chúis gan chubhar.



Mo léansa an t-éadan gan timheal
san croidhe nár chuimhnigh ar chuilibh
an dóid nár fhóbair bheith liosta
san troigh shlim nár ling ar laige.



Is truagh liom a chuallacht ag uchbhaigh
sa chonnracht gan chumhdach giolla
a chorp seang gan cham gan chaise
i bhfuarchuilt fa ualach lice.



Taobh re taobh san déadgheal drithleach
tug a hóghacht dó is do chongaibh
líon uaighe ní chuala im ghoire
is lia do dháil is d'fhág a gciste.



Ós éigean gach cré dár cumadh
d'fhulang báis a beárnadh ubhaill
cuirim féin is léigthear libhse
beannacht leo go beobhrugh nimhe.


L. 194


Ní Caesar ná Séarlus Quintus
ní hAicil ná Agamemnon
ní Croesus ón saoghal d'imthigh
acht láinfhial mar mhac Láimhfhiach lingeas.



Ní Dáibhith gé tá a dhlighe gan cionnas
ná Pól lear seoladh na geinte
ná mac Ailphé d'fhaisnéis iomad
a chnú chothrom acht Eoin maith bruinne.



Bun a phréamh ní mé nach fidir
gion go bhfuabraim suas a shloinneadh
taobhaim a ghaolta re a n-uimhir
ris an ndáimh is áirde gliocas.



Is iomdha saoi líomhtha re huige
is fiarlaoideach fialscaoileas tuile
áibhéiseach le ráiméis thiocfas
ag éiliomh a léigim gan tuiriomh.


L. 196


Scuirfead féin ní fhéadaim tuille
bíth gur gann ar labhras roimhe
ó táid siud ag súil re seinnim
fágbhaim fútha an chú sa cluithe.



Dar an rígh do rín a rugadh
ní fhaca gníomhartha dísle duine
ní ba feárr ó lá mo thuismhidh
ionná ar éag ionna éag dar linne.



Sáith prionnsa d'iomchar is d'fhuirim
d'innscne d'inntleacht is d'fhuinniomh
d'árrachtas cáile is crutha
rug an t-éag i n-éitteacht Mhuiris.



CEANGAL.



Biaid éigse uim an éag so go cullóideach
dá fhéachain cé is léire aco d'inneosadh
cia an t-aonurradh caomhanta cineoilsi
tré léigthear na déara go dobrónach.



Adéarsa do reidhteach a gcomórtais
gur éibil an fhéile san onóir ghlan
an péarla ba céile do lucht cró an Lis
.i. gréag Mhuiris éadocht mac Onóra.


L. 198


Dom réirsi dá éis sin is glic dóibh scur
san méid sin mar éagscruipt gur bithleonadh
ar réim ghil an tséimhfhir gan tuilleoga
do naomhadh nó a ndéanaim gur cupóga.



Feinnidh a phréamhfhuil gan fuinneoga
nár léanadh a mhéanach le meangógaibh
tréan rug mar dhréimre go dubhchomhrainn
beith caomhinnill aontadhach onóireach.



Do rug déshearc nár créachtadh le crosródaibh
is féile gan féire gan foghlóire
daonnacht nár daoladh le dosheoladh
is déata d'fhior séise ba soshompla.



Réidhteach na cléire sna cruitfhóirne
is déarcach gan déistin re dearólaibh
éadach is béile na sruithgheocach
is aomhthach na féinne gan furfhógra.



Cá ngéabhaid ag éiliomh na siobóide
na béithe re ar scéaradh a bhfir phósta
san réiltean do réidhfeadh a mburróga
mar féasta le péistibh na pullóige.


L. 200


Méaraidh a mhéala do mhionórdaibh
is do thréithfhuirinn céasta gan chiollóga
éigne sa chéile nach ineoluis
ón saoghal dobhéaradh a bheannóga.



Re tréithibh an té se ní hionchomhruic
céimionnas aonduine is fios domhsa
níor léir dam ina éagmuis don onóir cuid
is ní ghéilleadh i ngné ar bith do dhrochnósaibh.



Ní fhéadaimse is féachaidh an dtiongó libh
dréachtach adéaradh ní is romhó ris
ioná léirchreach na ndéibhlean gur tionóladh
i n-éitteacht mhic Éamuinn is Onóra.



Onóir umhal is oineach i gcré dochuaidh
le cuspóir curata fulang an tréin san truaigh
is uchtbhrón tiomairgthe tinneas i gcléir 's i dtuaith
an crithleon cine rug Muiris mac Éamuinn uainn.



Pudhair do leath go beacht i bhféarmhaigh Flainn
do dhúbluigh tearcadh eatha is éisc an fhoinn
lúith na lag is taisce an té gan tsuim
is ughdar bleacht na mbreath gan bhréag do bhuing.


L. 202


Tonn gan taise i dtreasaibh é do thuill
clú nach casfaid cealta an ché go críoch
dúil do chleachtadh reacht mhic dé do dhíon
is nár dhiultuigh neach sa dhealbh d'féach uim ní.



Cnú do ghartfhuil Ghearailt Ghréag an ghríobh
is do chrú na gceap i gCaisiol d'fhéadadh poinn
i gcúis a phearsan feasaidh féin an fíor
ar chumtha i gceart gan easbaidh éid gan fuighioll.



Dob iomdha rath an dreagain déidghil doinn
is a chumha nach machtnamh d'at go tréan i dtír
ní chumghaid scata leath a scéal do ríomh
acht long gan last don mhaith gur éag a rír.



Níl dúil nár athruigh dath le téarma an tsaoi
an t-úr san sean an mear san meirtneach mír
an chú san cat an t-each san t-eigne ag caoi
is níl fiu na gcearc nach airigh é na luighe:




óir atá an sionnach ag fás agus ag forbairt tré
bhás Mhuiris, óir ba hé sás a bhfiadhach agus a ndíothchur é,
agus leis sin bíd na cearca dá shíorchaoineadh tre éirleach an
tsionnaightheora.


L. 204



An com do chealg arm déise an daill
san chrú do chneasuigh déarca an té si arís
cúigear cneadh a chreata is créachta a chinn
ag ionnla a chean má d'fhan ar éiliomh aoin.



B 1680c 17D
DÁ DTADHLAINNSE.



Dá dtadhlainnse i dteaghlachaibh saora a mair
ó Bhladhma go Fadhbhaigh na féinne ar fad
is ón maighin sin go haibhnibh an déiscirt theas
ní bhfaghainnsi mar Thadhg dil ó Maonaigh flaith.



Ní radharcaim i n-oidhreacht a chéirde ceap
gan taidhbhse gan treaghlaise is féile teach
leaghasaidh an cladhaire san cléireach ceart
san deaghdhuine daidhbhir nach péacach ba.



Saidhbhreas an fhoidhnigh is é do chleacht
gan beadhgadh re doimhneas a spréidh do speal
saighneas nach aidhmhilleann réad uim neach
is adhnadh re taighde nach léigthear as.


L. 206


Is meadhrach bíd maighdeana ag gréas a mbrat
i dteaghlach an Taidhig uí Mhaonaigh mhaith
feadhna re snaidhmshlighthibh dréacht do bhraith
caibhdean is lucht seinntithe téad gan tart.



Adhlacadh a adhairce níor fhéad i gclais
acht feadhmannas deaghoinigh déarcach dleacht
is aidhneas gan bhladhmann gan bhréig an fear
gur faidhleann do fadhradh a féithfhuil gart.



FUARAS BRÉID ÓN NGRÉAGACH.



Fuaras bréid ón ngréagach nglan
ar son mo chlú do chosnamh
ar amas bráthar gan bhú
sáthadh nach sanas saobhchrú.


L. 208


Bearrfa an bréidsi an bráthair bocht
a throm oirne ní haonlocht
tiucfa dá bhreith bhréagaigh mhaoil
sceith an éadaigh go heascaoin.



Ní heasbaidh eoluis im cháil
tug don choirneach mo chrostáil
acht tnúidh reum bhualadh tar bord
uabhar nach múin an mionord.



Fá aoinscéimh iorradh go se
tarla tamall san tése
mo chur ós cách i gcasal
's fáth do dhul a dhiomdhasan.



Do láthair dtaoiseach nach táir
mhaoidheas nár mhaith ár n-amhráin
ná greanadh mo ghreann dá éis
is fearr fearann ná faisnéis.



Do Thadhg ó Mhaonaigh mholta
d'fhígheas amhrán ardochta
i gceartuaim sciamhdha na Scot
ba bhreacuaill iarla m'ionnloc.



An Tadhg so is biadhtach go mbladh
a theaghlach is cuan curadh
maith a leabhair sa lón úr
mór le fearaibh a bhfialrún.


L. 210


Amhrán lochtach liom níor mhian
d'uamadh don fhior níor dhrochchiall
badh cubhaidh na chaithréim thric
aithbhéim umhail badh aimhghlic.



Tugasa an litir i láimh
Philib í Chonaill mo chompáin
i ndóigh gur dhíleas an chúil
fírmheas go fóil mo dhochtúir.



Lá n-aon dá dtarla Sir Seon
dia dhá dhídhean ar aintreon
i ngar an chléirigh romcháin
d'éilimh ar n-ar go hanbháil.



Iarras radharc an rolla
an tuir is aidhleann antroma
ar mo chumhthach i gcuan óil
tuar fár tnudhthach an t-abhlóir.



d'éimigh aisiog mo chárta
don óg uasal fhurránta
sdo chuir locht na leith nár cóir
a bheith na dhocht ar dhearóil.



Atcheas an mílidh mise
fá chúiteach na cainteisi
sgo mbiadh ann san ngníomh ón ngéig
díon mo bhall do bhláithbhréid.


L. 212


Bíth gur gheallas don ghríbh ghlain
tóchailt an té nár ionmhain
ní beag líomhadh bruit dá bhladh
re líonadh luit an bhráthar.



Tar léine ní leanfad air
buain re diadhaire is deacair
leanfaidh dia mo cheart go caoin
a neart ós lia ionná lánaoir.



Ó tharla gan chlann gan chreach
taighde a thruaghchuirp ní biseach
dom chrúca ní háth chum uilc
fear gúta is gnáth ag ulfairt.



A dhá spreota suaill nach geabh
damadh Ceann Cora an t-aitreabh
sa chaipín tréibheannach tur
saicín éireannach d'fheadfudh.



An bráthair bacach gan bhiadh
do ráidh gur ritheas aimhrian
go gcead dá chóta gan díon
im nóta níl nead neimhfhíor.



Ní hí haibíd an uird ghlais
adubhart gan díon dóchais
acht an chosair lom is lán
do chrosaibh poll is priobán.


L. 214


Mo bheith i gculaith tar chách
atas le héad an t-óglách
san chruitse i srathair na sreang
athair an uilcse an seanpheall.



An bréid deaghdhathaso im dhóid
fuaras gan aos gan urchóid
más olc é le giolla an gha
níl fionna fé nach bearrfa.



Mon ba eagal dia fa dheoidh
don té do phriocfadh pileoir
a fhir do fhéad ar m'uillinn scair
do chuirfinn bréag ar bhráthair.



Fúigfead feasta an libhre lom
suighfead i mbord na mbruthcholl
anadh Pilib san phlannc ruadh
san rannc filid go fionnfhuar.



Ar m'uillinnse d'fhéach duine éigin measaidh an dall
dochonnairc a créacht is d'fhéad a cabhar i n-am
a Philib don phéarla d'éis ar gheallaise thall
do thuilleasa an bréid is déinse an eaglais ann.



M'innioll ós éigean tréith re braoinstiallaibh
sgur fhuillingeas réad ón gcléireach gcaimthriallach
dar gunna ní ghéabhad géire ón mhaillbhriathraigh
gan culaith go féar a bréid na baintighearnan -
agus fuaras.


L. 216


B 1786-91ls 18D
U Anaithnid

Dáibhi ó Bruadair cct. do dhís shagart do rin doitheamhlacht do.



B 1709 18T
U Seaghan Stac
Tuig nach raibh annso acht súgradh. Inneosaidh Dáibhi óg buidhe dhuit cúis
an tsaighnise.



Ag so im dhiaidh saighneas do chuir Dáibhith ó Bruadair ar
dhís do shagartaibh maithe muinteardha .i. Dáibhith ó Laochdha agus
Uilliam ó Laochdha. Trócaire ó Dhia dháibh a dtriur:



B 1680c 17D
U Dáibhidh Ó Bruadair

MO LÍON TEIST ORAIBH.



Mo líon teist oraibh nach slighe chum sochair
suidhe ion bhur bhfochair adamhuighim
a dhaoine bochta do shín ar sopaibh
aoine troiscthe is clagarnaighe
a dhís do chodail le cinnteacht doithchill
bíth gur docair dearbhuighim
arís gur crosta an gníomh don choiste
do rín ar dtosach sagairt díobh.



AN CEANGAL SONN.



A lucht choigilte bhar mbairrille ar aicme dom dhearbhórdsa
is do chodail gan dadamh acht d'eagla a n-anabhróide
geadh doilidh liom labhairt ar phearsanaibh maithe móra
is crosta na heaspuig dá bhar samhail tug sagartóireacht.


L. 218


B 1680 17D
DÁ BHFAICE MO PHRIONNSA.



Dá bhfaice mo phrionnsa gnúis is géaga an fhir
a acfuing is a iomchur a fhionnchruith a fhéile is a iocht
is dearbhtha liom i gcúrsa céille is cirt
nach glacfadh ó thrú gur thúirling méirle iona ucht
- agus níor ghlac.



Fear furránta fial fosaidh
fear gan urchóid aontosaígh
fear foirne nach tearc maise
oidhre ceart na Claonghlaise.


L. 220


B 1680c 17D
SEIRBHÍSEACH SEIRGTHE.



Seirbhíseach seirgthe íogair srónach seasc
d'eitigh sinn is eibior íota im scórnaigh feacht
beireadh síobhra d'eitill í gan lón tar lear
an deilbhín gan deirglí nár fhóir mo thart.



Dá reicinn í san bhfeileghníomh dogheobhadh ceacht
is beirt an tighe go leigfidís im scórsa casc
ó cheisnimh sí go bhfeirg linn is beoir na gar
don steiling í nár leige rí na glóire i bhfad.



Meirgíneach bheirbhthe í gan ceol na cab
do theilg sinn le greidimín san bpóirse amach
gé cheilim ríomh a peidigraoi mar fhógras reacht
ba bheag an díth dá mbeireadh sí do ghósta cat.



Reilgín an eilitín nach d'ord na mban
is seisce gnaoi dá bhfeiceamaoid i ród re maith
a beith na daoi ós deimhin dí go deo na dtreabh
na leitin síos go leige sí mar neoid a cac.


L. 222


B 1681c 17D

Ag so im dhiaidh mo fhreagradh ar an dteastas éagcórach tug
Diarmaid mac Seaghain bhuidhe ar ghréasaidhe d'áirighthe
dar bh'ainm Seaghan Ua Loingsigh agus Domhnall Ua Maoláin beo
an tan sain; agus fós ar fhileadhaibh Ciarraidhe agus Muscraighe
noch do bhí gach rann aca ag éiliomh uirlíse Ghaibhneann gobha dá
ngaibhnibh féin:





A DHIARMUID, A CHLIAMHUIN.



A Dhiarmaid, a chliamhain 's a chomhguis,
a fhionntuir i n-iomghuin nach ónna,
a lachtaidhe na suadh fa huaisle óirneadh,
cur i t'aghaidh a bhfeidhm ní fhóbraim.



Ní mian liom, a chúmthaigh chródha,
freasabhra riot 's a bhfuil beo aca
thoir is thiar i ngrianmhuigh Fódla
re láimhcheárdaibh má tá nach leor duit.


L. 224


Acht go bhfuilingir urraim ag Domhnall
ar a bhfuil díobh ag sníomh re brógaibh,
mac Donnchadha nár thogair bheith breoidhte
's nár éar flaith ná a mhac fán sórd san.



Nár chuir riamh fá iadh ina phóca
ní do thuarfadh gruaim na n-óigfhear,
níor fríth ceachartha i gceannaraic óla
's nár dhruid doithchioll a dhoras uim nóna.



Ní ar iasacht riamh ná ar sóirse
i gcuibhreann Taidhg is Mheidhbhe is Mhóire
i measc na gcearc ná i n-aice Lóbais
fuair an tsaoi úd fíriul fóirfe;



Ná i mboith bhuaile ar luachair dhreoighte,
's a súil beatha re bainne na cróine,
ná i dteach moghaidh do chrom le romhar,
dár bhuidhean cat is arc is óinseach.



Acht i n-iostadhaibh tiorama toiseach
i bhfochair chléire is éigse is ógbhan,
i bhfochair bhuabhall chuach is chórrchrot
con is chnámh is ghláimhe is gheocach.



I mbruidhnibh iona mbíodh fíon is feolmhach
bronnadh séad is éirneadh órcheast
laochradh líomhtha is ríoghscor róghroidhe
cuilce cluthardha cupaird is cróchair.


L. 226


Trealamh mo dhuine ní hiongantach fhógraim
's ní fheadar can as má chleachtann óirnis,
acht fionnaid srúithe is úird an fhóid se
gan fuighioll gan easbaidh ar a dhóidibh.



Dar mo chluais ba dual gan ghó dho
ó an té dá rugadh is dionaghair óige
bheith daonnachtach tréitheach treorach
is 'na phoenix ar gréasaidhthibh Eorpa.



Ins an bhfuirm ba mionca a róchion
ag maithibh Scot i n-oifig pósta
i n-aimsir ghliaidh is riartha i n-óilteach
'san bhfeis Teamhrach am a gcóirbhreath.



Amhail rug an t-iolar an t-ionad i neolaibh
's an míol muiridhe i gcríoslachaibh bóchna,
amhail rug ceannas ar cheathraibh an leoghan
rug mo laochsa ar ghréas an ród leis.



Is iomdha cáil ionar dheárrscnaidh a eolas
ar a aos iomtha i bpionnsa bróige
is ní fhuil ionachuir ursa 'na chomhgar
díobh ar léire chéille is chomhairle.



Ní fhuil ceapadh ná gearradh dár órduigh
saoi go gcéill dá chéird nár thógaibh,
ní fhuil cumadh ná siosmadh ná seoladh
ar bheirt troighe nár thimcheall thórsa.


L. 228


Tuigseach cúmtha ciuil is cómhad
cuireas dán re cnámhaibh ceolphuirt,
fianaidhe fileata is fithcheallach fóirne
is rinnceoir faithche nach dearmad órlach.



Is iomdha fiadhain fhial dogheobhainn
ar a gcanaim d'fhuil Bharraigh is Róistigh
d'fhuil Chaoimh do shíol Oiliolla Óluim
is d'fhuil ghréagaigh Léith-chloiche an chomhlainn.



Atáid re saoidheacht dís ar chomhgar
ag a bhfuil bun is fios an sceoil sin,
mac an mhíleadh ó Laoi na lóchrann
is Cormac déad an dréachta d'óradh.



A sheise na sénix taobhuigh Domhnall
's ná bí dho i measc scol id dheoradh,
a bheith ós cách má tá nach dóigh libh,
cuir ar Brosnaigh 'na lomarith stócach;



d'fhiosrugadh an bheangáin fhulláin óigmhir
nach bí claon ná caoch ar chóisir,
nach bí meata re mannar na mórtach
's nár fríth cinnte uim nidh dod shórdsa.


L. 230


An bárr tugais, a chumainn, don tSeon sin
fill tar ais gan stad is deonuigh
don té is sine 's is finne re foghnamh
i n-Inis Fáil do bhráithribh brógscol.



I dtaobh bhar ngaibhne is taidhbhseach tórmach
timchioll arm nach admhuighim dóibhsean,
stríocaid go híseal a seolta,
ní fhuil teas is níor an leosan.



Bíodh a fhios aca nach tairgid coimhghleic
im an gculaith nach urus a cóimhreamh,
atá oighre Ghaibhneann 'san ród so
's is é siud, dar liom, Dick Nóiris.



Is aige táid urraid is builg is bróinte
rígh na ngaibhne a chaip 's a chóta,
is aige táid a iomair is a ulaithe is a óinbhil,
a chorrachip a dhruil 's a chórda.



Atá bís ghlaice is bís tseasaimh nó a dó aige,
casúir laidhre is aidhle a dhóithin,
pionnsúir pearsanta is geannaire glórach,
is múlla cunnail gach gunna dár tóimhseadh.


L. 232


Ailte noch ghearras gach barra le fórsa
is maoilín nach díomhaoin a dhóchas,
a chúmpáis chearta a bhior teallaigh 's a chófra,
a shinéan luatha is guail do chnósach.



Is leis ón ríghcheárd gcroidheárd gcomhachtach
butúr cúingeach crúb do nóscrios,
siséal nach sidéalta sómpla,
is bior cruaidh gan diombuaidh le hórdaibh.



D'fhágaibh Gaibhneann adharca bó leis
chuireas fulang is fuinneamh is fóirnimh,
d'fhág a chruit 's a chrios mar chomhartha,
a réasúr céibhe 's a recórdar.



d'fhág a naparún seanachlúid leomhain
nach léig cathamh 'na chasal ná ceobhruith,
lán seacht saidhios go bpeidhre treorann
is scriuipin scriosas faoi scunnabhís póirse.



Is í an Ghlas Ghaibhneann ghaibhdeach ghlórbhinn
do bhuaibh Balair rug barra gach bólaigh
tug a croiceann chum bolg dom chomhursain
is d'fhág a beanna mar thaithneamh ina sheomra.


L. 234


Ní fhuil colg ná clogad ná cóiste,
scian bheárrtha cláirseach ná cóirfhleasc,
spring i nglas ná watch i bhFlórence
nach fuil ionnas a n-innill ag Nóiris.



Ní fhuil adhan gan leighios i n-Eochaill,
crocán ceangail ná cnagaire dóide,
cainnleoir beárnach práis nó peotair
nach fuil acmhainn a leasuighthe ar ló leis.



Is fada atáim ag trácht tar bóthar
seach an gcúis ar dtúis do thógbhas,
fillfead feacht, níl beart is córa,
is cuirfead críoch, giodh fuigheall gan dóithin.



Tar an athair dar baisteadh mo Dhomhnall
do níor dhulta do thiomargadh eolais
i bponncaibh iallchrann sciamhdha scóinneach
ná tar Ristiord dá n-imreadh óirnis.



Óirnis an óigfhir gan saobhcháil chaim
eolas nach sóisear is laochlámh chroinn
boionar órduighthe is baothbhán lí
nach tógthar ón bhfóghmhur go caolcháisc faoi.


L. 236


Dá dtogbhaid na teoranna taobhrádh rinn
le róiomad dóchuis ag fraoch fán gcraoibh,
ó bhrógfhuirinn Fódhla na saorchlár slím
fógraimse ag Domhnall ó Maoláin í.




Bíodh a fhios agad a léaghthóir insan gcaithréim do rin
Diarmaid dá ghréasaidhe féin gur thiomsuigh uirlís a críochaibh
róchiana chuige, gidheadh níor mhaoidheasa uirlís ar bith
d'uireasbaidh ar mo ghréasaidhe féin acht go mbíodh a ghníomh
gan aon locht déanta le huirinntleacht agus le láimhghliocas etc.



B 1681c 17D

M'IONNLOC DO MHAC FHIR FHEASA.



M'ionnloc do mhac Fhir fheasa
níor chuid don cháil éigeasa
is mé gan adhaint an fhir
a labhairt chlé 'na chighsin.


L. 238


Do shaoi fhortail badh cóir ceilt
mun ndearnainn iomus m'aimhneirt
acht na suadh dá leantar leis
don dearcghlan is dual deighbhreis.



Ní breis aoire ná oile
acht breis uaisle is ionmhaine
dobheir fromhadh bhfáthrann bhfis
táthchlann umhal an oidis.



Ní shealbhaim ceard nach ceard dúin
ním adhantach iomthnúidh
ním tais re haon gan ábhar
braon dom bhais ní buanáladh.



Ní chreidim gur cháin mise
geadh teann tig an taoidese
do scrios a ndeachaidh dom dhúil
re sreathaibh a fhis is a fhialrúin.



Gan feirg gan fáth dá dtráchtadh oide bunscionn
ar leirg mo láimhe ar chlár mar iongantas iuil
is deiride an cás dom cháil mar chuirim i n-úil
eite gan áird nach beárrfadh d'fhionnfadh mo chlú.



Is cleite dom ghnás nach báidhtear uige ar bith liom
acht a bhfeicsin dá bhfághainn snáithe silte iona chom
ní eitiollaim árda ag bárrthain innimhe an úird
is ní treiside cách dá ndeárnaid iomarca riom.


L. 240


Geadh seirgthe an ceárd me i sáithibh sioscaithe srúith
adeirim gur feárr mo dhán ná sirim ar siud
mo dheilbh má tá ná tárluidh fighte go dlúth
ní chreidim gur cháin Ó an Cháinte mise gan chúis.



B 1681 17D
IS MITHID DAMHSA BANN.



Is mithid damhsa bann do bhaile
is cughnamh le búithreach mo charad
ó táid éigse an ché na gcadladh
ar an leoghan tug brónach Barraigh.


L. 242


Drong leamsa dob annsa im leanbh
ar deoruidheacht cé chomhnuigheas le fada
drong uasal gan cruas uim cheathraibh
drong san óig fá fód nach annamh.



Drong do thuill ó shaoithibh snasta
áiriomh léir a n-éacht sa ngaisce
bíth nach fághaim fáidh ná amal
ag cur a sníomh i suim don ghal so.



Bíth gur fiabhras suan do ghlacadh
d'aithle an taoibh si a dtaoim do thaistiol
fúm ó d'fhágsad cách an t-ar sin
caoinfead féin Séamus do Barra.



Caoi sin nár shaoileas go gcaithfinn
is dá bhfhiadainn nach biadh a fachain
caoine an bheangáin cheannáird ailtghil
le raibh súil gach biu dom aicme.



Óirne dá scóllainn mo scarta
is dá nuaillinn mar fhuaim chon alla
tré dhul fé do ghréin a bheatha
neach go ngaois ní dhlighfeadh aithfear.



A mbliadhna ní riabhach an t-abhar
fuaras dá mbuailinn mo bhasa
nó mar mhnáibh dá ngáirinn greasa
m'iachtach níor iasachta an tseanaid.


L. 244


Dualgus do thuamadh óm aithribh
nach tréigim geadh tréith mo chabhair
bheith do ghnáth i láimh 's i labhairt
le cuain ríoghdha Tighe Molaige.



d'fhógradar teoranna an Charrainn
is Carraig an fhiaich san tsliabh ar aghaidh
Cnoc Rátha san trácht uim Shlata
géag do chloinn an tighe gur teascadh.



Tug tonn Clíodhna cuim do charthaibh
is tug tonn Téide géim tar easaibh
tug an Bhrighid sa boill gan bhleachtas
tromgháir rias an bhfoghail ba rabha.



Is ciachán d'aoibh Liatháin a leagadh
is d'fhuarchloich an tuathail nach mairionn
don tSeandún nach anchúmtha caisiol
is do Lios Síthe an laoich nár laiste.



Cnoc Rátha íbh Bághna sa beanna
is Oirirí na n-otharluighe gan lanna
acht uéal doghraing ós drom gach daingin
i ndeoidh an ghaoil dá gcraoibh ba neasa.


L. 246


Tug Gleann Maghair sa maighne sanas
d'innbhior coise na coradh do caitheadh
scabal bróin ó ló do ceapadh
tré fhuadach ua mhic an Bharraigh.



Ua lán beoil na ród an tan sin
do bhí an Spáinneach lán do bhagar
is é fán am sin thall i dtreasghuil
do chuir i bpruimpín Tomking taca.



Is é do riaradh cliar is ceathrainn
óinsigh is geocaigh is galaigh
is é más fíor a bhfrith ag seanaibh
rug bárr pionnsa a bpongcaibh marcaigh.



Fear arrachta a mailigh ghairbh
ar nach dubhradh diomdha ag branaibh
fear sa dhaonnacht d'aon nach deachaidh
tar rian fhir Liathmuine leathtroigh.



Ua an fhir fhéil san té dá ndeachaidh
oidhreacht a theaghlaigh sa thailimh
an t-éadan úr re tnuth nar treabhadh
tug mo nuar an duadh so ar m'aire.


L. 248


Sin an ní do choill mo gheasa
is do rin bréag don réad do gheallas
nó ní fhuaighfinn d'uasal fearsad
triath Cille Íde i dtír go dtagadh.



Dá n-abradh aon gur d'aobhfhuil Ghearailt
is mó anallsa labhraid mo charta
mo shinnsear bíth nach dhíobh do dheachair
drong mar chách níor leágha dom lagadh.



Dá bhféachaidcéillidh gan leathtrom
a ndeárna sa ndeárnadh dom aslach
iar scrúdadh cúise gach cairte
uim fhaisnéis atá mo leathscéal gabhtha.



Iar gcur fúm i gclúid gan chastas
iar sódh mo dhrólann i seascas
i ndiaidh gach compáin riom dár dhealuigh
tig dom bhuaireadh fuad na faille.



Tug leis tásc d'árduigh mo mhairg
is d'fhuagair nár uain dom bheith balbh
tásc taoisigh do phríomhfhuil Bhreatan
do rinn dá loingsibh coinnle calaith.


L. 250


Mian ársa dob áluinn dealbh
is bile seang nár chrannda cealtair
macaomh nár easaontach mala
an té nar dheonuigh domhsa ar mheasas.



An té fán stiuir tug lúith chum aistir
ann san tsín badh dísce sreabha
is é dá fhóir is teo do charas
ní dá bhuala suas nár manadh.



Mac Risteáird mic Seághain na searrach
mic Séamuis tréinghil go ngaisce
rug ón laochraidh d'éilimh tairis
caithréim bhíocuint Chill na mBallach.



Is truagh sin a luaithe do teascadh
mac na Cárrthaighe cráibhthighe cailce
ceann feadhna taidhbhseach an tsleachta
dár chóir Dún Eoghain sa mhalairt.



Do shaoileas go línfeadh sul ndeachaidh
an dún sin adubhramar cheana
Dún Déide re deisceart mara
is Lios Cearbhuill gan easumhal im aice.


L. 252


Ráth an chláir sa fáis mar ghabhaid
mar aon ag léigion a lachta
baile mhic Cúmarghúd ó ghallaibh
fo cian an tseing nár chuimhnigh meabhal.



Súil re Séamus séimh níor mhachtnamh
dob áluinn árrachta a phearsa
fialchnú badh thighearnamhail ar faithche
an fear ba réidh d'fhéachadh d'fhearaibh.



Fear gan uaill gan fhuaith gan fhearg
fear gan mheang gan cham gan chaismirt
fear dob áidhbhseach grádh do cheallaibh
an fear sa mhéin do réir a reachta.



Fuair ón dúiliomh túis a rátha
is gréithre don scéimh sin do fhreagair
ciall chodhnaigh is tromdhacht tlachta
is laochlámh dámadh éadáil a aithris.



Bíth gur cosmhuil a rachtuin a bhflaithcas
uch fáríor níor fríoth leis aga
do bhí Atrops ait dá fhaire
snáithe a théarma lé gur gearradh.



Muna mbiadh Fódla i mbeobhruid ghalair
talltar ceann sa clann ar leathadh
deoruighthe ag fóirne a fearann
i gCiarraighe ní bhiadh mnaoi dá thanach.


L. 254


Ní bhiadh lá i n-árach ar eachaibh
ag triall tar Féil fá dhéin a leapa
is gan acht siur na túisioch bhealaigh
ag tabhairt a taoibh chum tíre marbh.



Muna mbeadh sí an gheilchíoch ghartha
do fúigfidhe an t-óg gan órd gan easpairt
i n-úir éigin nár ghéill dá ghairm
mar do fágbhadh bráthair a athar.



Nó go dtug Dáibhidh an tráithidhe tapa
a unncle i múraibh an mhanaigh
ní badh dual a uaigh san bhfail sin
is óirchliar St. Phróinsias i mbeatha.



Gé bhí Luachair fhuarfhliuch asgach
riompa sa lúthach ar scaradh
atáid an dís fá líg san mbaile
i gcóir ghluaiste le fuagra an aingil.



Ann san mainistir mbeannuighthe mbrataig
mar a bhfaghadh caoineadh is coinnle ar lasadh
mar a bhfaghadh ceolta is cóirnigh ghlasa
is binnghuidhe le síorruidheacht a leasa.


L. 256


A chruaidhleac an tuama so labhair
is innis liomsa fút gur feartadh
cúis mhórtuis go deoidh dod leacain
na hógfháis nár bhócálta pratainn.



Cúis channtlaimh is damhsa creatha
an fhian so le liathadh nach anaid
is gan acht cúigear úr na seasamh
i n-aois fhéinidh dá bpréimh ar maithne.



Is ionann fós nach mór sa n-easbaidh
dá n-aois grádh nach beartha i mbrataibh
cuid do chúidh gan fiu na faice
dá ngaol le hÉirinn i mbeartaibh.



Is aite leo Digby is Fuitminnsata
Seoinín is Roibín is Rathsan
iná céad srón dom shórdsa ar maidin
bíth gur sinn ó chroidhe do chneadfadh -



Mar nach déanadh Deane ná Dickson
Hodar ná Colepis ná Carter
uim gach smúit dob úrchurtha aco
is tríd an dtreoir a gcló do leanfadh.


L. 258


Ní dom fheidhm a dtadhall ní as faide
léigid a ngréithe mar mheasaid
a síolchur súd bunscionn gur easnamh
gibé dá bhfoghna beo go rabhaid.



Im thaobhsa ní méan liom a mbarra
is ní fhéadfainn dá ndéininn capall
an uair nach sínim díol is fearra
duaineog ní stuanód le What's this.



Ní dual dom cluanaireacht tacair
ná iarraidh acht biadh do thabhairt
ar an ngéig seo i gcré nach claiseann
fillfead is guidhfead ar a anam.



Is é i dtionól d'aithneoghadh m'ainm
is d'éistfeadh gan phréter mo theanga
is é riom nach dúnfadh a dhealbh
dá madh iarlaidhe a mbiadh díobh farais.



Áilim ar ghrásaibh an athar
trí na bhréithir chréachtaigh chneasta
is tríd an tine tug finne na n-apstal
míghníomha an chaoinlaoich nár leana.


L. 260


Má tá fiacha ag dia na bheatha
ar an té seo i n-éiric pheacadh
mar dhíoluigheacht óm chnaoichroidhe go ngabha
crú na mball tug dall go ndearcaibh.



Is foidhne na maighdine maithe
do bhí ag féachain déar a dalta
díthchioll gach naoimhghil dár greadadh
ar son fhéilmhic dé do charthain.



Ainiris fhíor i gclí do chaigil
a urnaith is a umhlacht gan bhaiseal
a dhéirc do chléir is do lagaibh
go dtagaraid thall tar cheann mo charad. Amen.



Dom charaid gan fhéire i réidhbhrogh ríogh na ndúl
go dtagaraid créachta an fhéilmhic aoibhinn úr
a charthanacht féin a dhéirc sa dhíoghras rúin
is taisce na naomh nach léigthear choidhche amúgh. Finit.


L. 262


B 1681c 17D
A FHIR AITHEANTA LÉAXA.



A fhir aitheanta léaxa an tréada cheangail re Críost
's do cheaduigh a gcéasadh i ngéarbhruid pheannaide tríd
labhair read chéill is féach nach malluighthe an gníomh
ar shealad do réir an chléibh chuil flathas do dhíol.



Ainic nach éitheach d'éis ar gheallais don rí
san mbaiste ionar aomh do léigean scartha re scíos
gan abhur gan éad a shéanadh ar aithris a bhíodhbh
's gan ainbhfios féin dá ndéineadh tairbhe dhíbh.



Tile dhom a thuirgin do shín fán lia
cumhachta chum cuibhrighthe an chlí tá fiar
ar ionamhus an chruinne chuil is fírgheárr bhias
nach duine tur gan inichinn do dhíol ár ndia.


L. 264


B 1682 17D
SEARC NA SUADH.



Searc na suadh an chrobhaing chumhra
do chraoibh ghealghall Innse Fáil
nach tug cúl re béim a bíodhbhadh
géill a nglún gur díoladh dáibh.



Seathrún Céitinn cnú don mhogal
maoidhfidh mise ar chách a chóid
tug a foras dleacht a diamhraibh
solas ceart a riaghail róid.



d'fhoillsigh onóir ardfhlath Éireann
iul a bpréamh sa ngéaga gaoil
tug anall dá mbladh ar bradadh
ar nach gann re cabghal claoin.


L. 266


Níor fhág foiscéal fallsa fuathmhar
ag ughdar cham ar chrích Néill
dá bhfuair gan cur cúl ar faobhar
rún nach dubh re saoghal séin.



Tarla breitheamh foirtil fírcheart
don fhóir ionnraic se nár thim
le linn phluit na bhfiadhan bhfallsa
d'fhialghabh luit an lannsa dhinn.



Géar chian broid ár n-uasal n-oirdhearc
níor fríth i gcúirt cóir a reic
fear a saortha acht Seon don chraoibhsi
laochdha go dtreon gaoisi i ngleic.



Táinig duibhnéal éithigh uathmhar
oirceas da gach ord a ham
do líon mórán bronn do bhréiglic
d'fhonn ár gcrómhál d'éibilt ann.



Tig don néal so damhna diombáigh
deacair ríomh a rug fó lár
torann oll do chroith na críocha
sdo roich gur tholl tríotha a lán.


L. 268


Néal fó ar aslaig inntleacht diabhail
ar droing mheirleach d'fhóbar feall
beart nár fríoth le suadh a samhail
truagh a bhríogh do bhallaibh ceall.



Níor as ón ngláimh taoiseach tuaithe
trotha craois dochuaidh re holc
le tart crú na saorchlann séadach
aonrann chlú na mbréagach mbocht.



Tionnscnaid aithigh Innse fuinidh
d'orgain gach treoin thuilleas clú
fleadh sa foghar fós im ghoire
do nós mhoghadh Mhoighe Crú.



Cumaid an cuan colach claoinsin
coirthe troma ba tuar báis
ar an bhféinn ba gloine i ngníomhaibh
céim fá ghoire d'iodhnaibh fháis.



Ait an déis do hinnleadh ortha
airdrí an fhuinn ina aghaidh féin
mar bheirt fholaigh ar an bhfionghail
teirt an cholaigh iobhlaidh fhéir.


L. 270


Dá n-agradh aon a fhiacha ar oile
olc an réalla rug an uain
go raibh don rígh fá ré éirligh
badh é díol an éilmhigh fhuair.



Giodh iad féin go bhfiachaibh troma
do thuill ón reacht bearnadh ball
dá dtigeadh díobh uasal d'orgain
duasadh le díon d'fhorbair ann.



Cúis an ríogh do chiorrba a chaithniadh
clann na mallacht móide a n-uaill
goirid fá theann gan taom náire
meang na ndaor fa gráine gruaim.



Mall gur tuigeadh don rún ríoghdha
roighne a laoch gá slad go slím
gan do chlídh re drúis a ndochair
acht cúis an rígh mar fhothain fhill.



Adhbhar dé nach deinim iongnadh
uirscéal cinnte is cruinne nós
nach gnáth nimh gan scéimh dá sciamhadh
gin don ghréin gach fialadh fós.


L. 272


Ní fhil eiriceacht úr ná ársa
dár at ó aimsir mhic ndé
nach é scrioptúir Chríost is crúca
do gach príost is púca ré.



Flaith na bhfonn le faisnéis éithigh
d'airigh uaidh féin é gá ghoid
a fhaire do bhuaidh rás don ruithne
i gcás go bhfuair don chluithche cuid.



Buailid barúin an exséatair
ar feadh Mumhan na magh mór
dá chuairt nó a trí toisc gan tarbha
ní nár choisc don Bhanbha brón.



Hen is Hartstong an dá bharún
sa mbreath bheoil nár ísligh aos
lia sa lia dá n-aithle an fubha
gan aithne cia is tromdha traos.


L. 274


Níor bhé a bhfuath don cheart mar chluinim
cúis na mbarún do bheith tláth
re fóir gan fuaradh a mbrutha
acht uamhan a gcurtha le cách.



Mac Anchises aimsir allód
áidhbhseach an toil tug don fhóir
d'fhuiling mar é anfadh fada
armchladh é ar aba dóibh.



Aonghus d'aithle Traoi do thoghail
téid sa chairde ó fhail go fail
iul ó deir gur daoine naomhus
caoimhe níor cheil Aonghus air.



Go gcaomhna dia deaghrí Sacsan
Séarlus mac Séarluis ar stiuir
prionnsa gart sa ghrádh dá phobal
lámh do thacht an cogal ciuin.



Leis an gcodhnach am an fhoghmhair
do fríth gráinseoir glan gan mheang
do scar cáith le chéile is cruithneacht
tréidhe táidh na sruithbhleacht seang.



I gcrích Oiliolla uim fhéil Pádraig
pratainn cham do ghéaruigh gul
ní raibh biu gan phlot dá phianadh
scot dob fhiu fá iadhadh dul.


L. 276


Scaoiltear chuca le cairt Chormaic
cóir a charthain tur gan tlás
ní bhus congnamh cluas don phileoir
lonnradh na gcnuas gcineoil d'ás.



Tuathal teachtmhar an uilc úirsi
óglach an ríogh ráinig rath
mílidh mall gan tlás re trothaibh
fás nach fann do chothaigh cath.



Giuistís Céitinn cliath ár gcumhdaigh
ar chlais mheabhlaigh an mháidh chaim
iuidic taistil tíre Mogha
díle d'aistrigh foghla ár bhfoinn.



Suidheas Seon i gceann gach conntae
cuireas teachta ar cuaird go cách
dá fhios cár at fréamh an fhillse
alt dár séan an binnse bláth.



Iar dteacht dóibh i gcionn a chéile
cromaid na laoich leath ar leith
go bhfríth breis nach bídh gan buanbhladh
leis an rígh gur buadhadh breath.


L. 278


Lucht a leanta lá na foghla
d'fhóir an t-iuidic gasta grian
d'fhág an dream do mheas a mughadh
teas gan teann i múraibh giall.



Scrúdas go grian cúis an chaoimhríogh
creanaid cách re a chur i ndíon
fuair nár thuit acht toirrchios bréige
i mboirrchrios uilc gach féige dhíobh.



Sinneas iar an breitheamh búidhsin
briathar binn do chroith an ceo
tug an t-iodhan saor ón sladadh
iolar chraobh do lagadh leo.



Do chonnarcsa é luan i Luimneach
láindil liom ó shoin a shnó
ag cur mhóid na gcrosán gcuirpthe -
i gcosán lóid a gcluithche a cló.



Míle sé céad ceithre dóchaid
is dá bhliadhain laomdha an lúb
ó fionnadh feart an uain fhéilghil
go teacht an luain éirnidh úd.



An deachmhadh lá d'abraon aoibhinn
fionnfhlaith chinn an chumainn phlé
d'iompaigh beann don bhrat ar Dinís
mac na meang sa nimhghrís fé.


L. 280


Da gach aon gan dúil i ndrochbheart
dleaghar báidh re breitheamh ceart
air sin is cáir dom aos annsa
táidh re gaos na ngallsa a searc.



Searc na scol an chrobhaing chúirtéiseach
ar mhaithibh Scot nár loc i bponnc éigin
an ghlaic do scoilt a bhforas fionnghéagach
san fear don phlot tug cor na cúilfhéithe.



Grádh éigse an dá phéarla nár thréig a ndúthaigh
i ndáil éachta lá a héigin bá réil di a ndúthracht
a támh éaga an ghnáis fhéirsi dá n-éirghid úirscuit
is cáir éiric dá ngaoltaibh i n-áit céille an cúpla.



d'fhág Séathra fál scéithe ar cháil clé gach úghdair
dár éilnigh clár Fhéidhlim d'áirc bréag i bprionnta
ó táid méirligh fá éitheach lán d'fhéile cúighte
is feárrde Éire Seán Céitinn d'fhás gléasta i ngúna.



Do thuilleadar clú an dís d'úrchraoibh Chéitinneach
ag furtacht a ndúthaighe ar sciuirsidhibh éada is uilc
an duine do scrúid síos cúrsaoi a bpréamh go bun
san bile so biu díobh d'fhionnscaoil féire an phluit.


L. 282


Trutha gan trúmpaoi acht sprionnlaoi spéarad tug
curaidh ár gcúigeadha i gcúingidhibh céasta ar chrith
níor fionnadh gcúirt gaois bonnsaoi a saortha a broid
acht inneall is úrghnaoi an ghiuistís Chéitinnigh.



An tubuist nach fiu frígh bhus lugha nídh éilnightheach
nár dhruide re clúid croidhe an chonnlaoich chéibhfhinnse
tuirighean iulghlinn d'ionntaoibh éifeachtaigh
lear scuireadh dá sconnsaoibh búclaoi an mheirleachais.



Le hoirbheart lonndlighe an phrionnsa aoird fhéilsi thoir
chugainn do stiuirigheadh tonn chaoin chéille is chirt
cuirim i n-úil tríd d'iomchloinn Éibhir Scuit
go bhfuilid i ngioll faoi umhluigheacht réidh don fhior.



I surcuit an ghiuistís úd faoi shéis an phuirt
lear fuirseadh ár bhfiu dinn d'ionnsuidhe an fhéasta dul
géar iongantach dlúith fighe ar tiomsuigheadh d'fhéithleanaibh
guilighthe gúirnín d'iurnaoibh bréag do rin.


L. 284


Do briseadh a bpionnsaoi ar chrunncaoibh cléithe an chuil
le loinne na lúirighe chumhduigheas é gan choir
is binne ná ponncphíp liom í i mbréithir ghlic
tug Murchadh is Dúnaoi ar fionnraoi i ngéillsine.



Is ionmhuin crú ghroidhe an úrghaill éireannaigh
ó ar duineadhadh dúinn dís dúilmhín daonnachtach
a fuinniomh na bhfionnghníomh d'fhonn sinn d'éadrochtadh
do chuireas tar triucha í an chronnlaoidh bhaodhchuissi.



Is cumaoin órdha ar Fódla Néill is Cuirc
an coinghíol cóirse i bhfóir an Chéitinnigh
filidhe feoidhte d'fhógair Séathra dhi
sdo chuir gaois tSeoin a fórsa féith an phluit.


L. 286



Ag so im dhiaidh an SUPERSCRIPTION .i. an druimscríbhinn.




Ós ionann me i n-acfaing san ainnear gan úrbhroinn óir
ionnas na haisce do thairg don iudaidheach óil
an litirse a theachtaire tabhair go n-umhluigheacht mhóir
i bhfuirm gan ghairbhe i nglacaibh an ghiuistís chóir.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services