Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Duanaire Dháibhidh Uí Bhruadair I
Title
Duanaire Dháibhidh Uí Bhruadair I
Author(s)
Ó Bruadair, Dáibhibh,
Compiler/Editor
Mac Erlean, John C.
Composition Date
1630
Publisher
(Londain: I.T.S., 1910)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
ÉIST M'OSNADH, A MHUIRE MHÓR. Éist m'osnadh, a Mhuire mhór, a chiste cheolmhair na gcliar, caomhain sinn ar ghonaibh báis i gconair sláinte gan chiadh. Stiuraidh sinn san slighe gcóir, a ríoghain ghlórmhar na ndúl, a aonbhláith tairbheach na dtreabh, do shaorlámh leasuighthe liom.
Scaoil mo cheangal, meas mo choir, cneasuigh mo luit, fóir mo ghuais, ná fulaing me i ngalar a bhfad fá chumas na n-áracht nduairc. Aibhseach mo lochta, faraoir, och, a ríomh ní tualang m'fhios; mo choinsias go meata mall is clí criadh go teann rem shlios. Uaibhreach m'inntinn, beag dam ghrádh, líonmhar ár sáithne don tsainnt, ádhbhal ár n-anntoil don drúis; crábhadh ní smuainim im chainnt. Formad fós, giodh claon an cheard, baoghal go dtarla ionna líon, canntlamh tré shonas gach fir dom shreangghoin le mioscais bhíodh. Measardhacht níor charas fós, cíocrach chum óil mé gach uair; ní huras dam séana an chraois a dhéanamh, a Chríost, is cruaidh. Fuathmhar bhímse gan chúis cheirt, diultaim dul i gcumann cáich; le fraoch fírfheirge gan fhos i ndíbhfheirge na n-och atáim.
Maidion domhnaigh rígh na ríogh dofhulaing bhímse re triall fá thuradh teaghlaigh na n-ord greadhnach ár nglóirne gan chiall. Déanamh troisce ar aithris ndé seachnaim ón cheird sin do shíor, barraim an fhírinne cheart; is eagal go gcaithfiom a íoc. I n-urnaith níor chuireas dúil, iongnadh ár dtnúith ris an olc, ní déarcach dearbhtha mo lámh, ní labhraim go tláth re bocht. Coimhéad na saoire go glan do réir aitheanta na gclár níor fríth uainn ar foghnamh riamh, a ghlórMhuire, giall dam grás. Tothlaigh taithleach ar an uan, do bhá a uamhan tar mo cheann do ghlacadh i ndíol mo locht, 's an fhíonfhuil do dhóirt 'san gcrann. Guidh ar mo shon chum do mhic, a chruth mar lil i measc rós; cuimhnigh gan me léigion uait, a raechainneall nuadh ár n-eoil.
A inghean dil athar na bhfeart, a bhuime bhleacht Íosa Críost, a leannáin leaptha an spioraid naoimh, ná ceaduigh mo léigion síos. A chnú cheannsa na rosc ríghin, a dheallradh dhíleas na n-ógh, smuain mo dheacair, féach mo chás, ná héar, a ghrásach, mo ghlór. Smuain an treabh, ór síoladh sibh, do dhíthchioll cuir ar a dtaobh, a ghruadh ghartha dhrithleach ghrinn, ní cubhaidh riot druim red ghaol. A los umhla na naoi n-órd 's an tslóigh d'fhulaing péin abhus, aitchim toradh páise an rígh, do tháil srotha a chlí san gcrois. Uird na n-aingiol is na n-ógh, uird na n-apstal is na naomh, go raibh linne lá na liach dár sciathadh ón gcuire gclaon. Mo chara mhaith apstail féin Párthalón naomhtha mo chiuil, a chuidiughadh iarraim do ghnáith go bhfialghuith an táilghinn úir.
Sirim ortsa, a choimhde cháidh, tiodhlaic dom chairdibh go léir saorchioth dod thrócaire shuairc; a róbhruid fuascail is éist. CEANGAL. Éist m'éigneach, a phéarla don phór ó dtáim, is féach créachta mo chléibh chuil go leor ar bhfás, mé i n-éigion ghéarchoilg chródha an bháis, a ghéag naomhtha, a ghaolMhuire, fóir mo chás.
SCÉAL DO SCAOIL. Scéal do scaoil fán mBanba mbraonaigh, ní binn lem chluais bheith dá éisteacht, dobheir mo chroidhe go cráidhte céasta gan é a ndiu an té bhí a ndé againn.
Méadughadh maoithe scaoileadh an scéil sin, a shúile ag dúnadh ar a chéile, a aithne a chuimhne a chéadfadh, 's gur fiadhain ar iarraidh me féin air. Is dona dhamh nach fada ó éagas, is Seon go docht fá clochaibh claona, cuisle a chroidhe croidhe mo chléibhse, mo lubh mo liaigh mo leigheas mo chéadfadh. Beidh an bás go bráth lem bhéalsa nó go síntear síos i gcré me fán seang súgach lúthmhar léimneach do bheith ina uaigh ina uath 's ina aonar. Ní beag 'na dheoidh gleo na gréine, do chaoidh an teine an t-uisce 's an t-aedhear, do chaoin an fonn an tonn 's an t-éasca, do chaoidh iath is iasc is éanlaith. Is é mo ghrádhsa do b'áille le féachaint, filleadh a shúl a úrla is a éadan guailne geala glaca is géaga is ucht mar chubhar na tuinne tréine. Ní mhaoidhim an ghruadh ghartha ghléigeal, ná an béal tana dearg craorac, ná an corp chomh bán le clumh géise, ná an dá cholpa shocra shéimhe.
Acht le deilbh le deise is le déanamh is le crann 's a dhá dhícheall féin air, tug an nádúr fhlaitheamhail aosta túis na sráide ó mhnáibh na ndéithe. Tug an fear gan tacha tréighthe mian don mhaith is ceas don chéidil, grádh don bhronnadh is fuath don éaradh, cúl re cinnteacht aghaidh re féile. Ní thug gean ná searc do ghréithibh, ní thug toil do thoice an tsaoghail, níor chuir suim i séad ná i séadaibh, i n-ór ná i n-earradh, i n-each ná i n-éadach. Slán don phlannda ghallda ghaedhlach, gleannóir faille, seabhac sléibhe, athair nimhe, onchú éachtach, beithir beodha, leoghan léidmheach. Fileoir feartach treabhach tréinmhear, fiannaidhe fíréan, curadh cléireach, fíorfháidh feasach, flaith na féile, feallsamh file fiagaidhe féinne. Bile buadhach nár fhuathuigh éigse, abhall óir is fóir na féinne, scathán scoil ollamh aonaigh, géagán geal na mban do bhréagadh.
A fhir thuas i dtuamba i t'aonar, is ditheamhail damh gan dul do t'fhéachain, mise a bhfus agus tusa i ndaorbhroid, ní hé sin an cumann céadna. Is beag nár chailleas leath mo chéille, is béad go deo go brónach céasta, anois cráidhte mar táim id dhéidhse ní raibh Oisín d'éis na féinne. Nó go gcastar sinn le chéile lá an luain ar shluagh an tsléibhe mo bheannacht agus beannacht dé leat: bheith mar ataoise críoch gach éinne. CEANGAL. Go gcastar le chéile me féin is mo chompánach, mádh fada mo ré béad céasta díoghbhálach, ó theastaidh uaim féin an té seo i n-úir sáithte mo bheannacht chum dé leat, a chéile chaoin náirigh.
NACH AIT AN NÓS. Nach ait an nós so ag mórchuid d'fhearaibh Éireann, d'at go nó le mórtus maingléiseach, giodh tais a dtreoir ar chódaibh gallachléire, ní chanaid glór acht gósta garbhbhéarla. Mairg atá gan béarla binn ar dteacht an iarla go hÉirinn; ar feadh mo shaoghail ar chlár Chuinn dán ar bhéarla dobhéaruinn.
DO CHONNRADH FOIRCEADAL. Do chonnradh foirceadal orainn ós cíosdlightheach túis gach sochair don tobar ó sírshilid, tionnscnaim tosach is toradh mo scríbhinne chum lonnra a thoile 's a mhola go fírinneach. ADORAMUS TE CHRISTE. Adhraim thú, a thaidhbhse ár gcrú, a mhaighre an mhúir neámhdha, d'athruigh le searc ón athair go neart dár gcabhair i gceart Mháire; mar ghréin tré ghloin do léimeadh sibh d'aonscrios uilc Ádhaimh go rugais le crann duine 's a chlann a hifrionn ceann cásca.
A chainneal an chuain do chuiris chum suain siosma na nguais ngáibhtheach athchuingim ort anam an bhoicht caigil is coisc Sátan; gé mise do thuill briseadh do thaoibh is tuilg na dtrí dtáirnge, ná dún do dhearc lonnrach leasc riom acht fear fáilte. Tinnide ár spéis id bhuime, a mhic dé, gur fionnadh do phréimh Dáibhi, maighdean bhleacht do dheimhnigh reacht radharc is rath máthar, an fhinnegheal úr do dhionaghair thú, a leinbh i gcúil crábha glaine mar í níor geineadh i gclí is ní thiocfaidh go fuigheall brátha. Go bráth, a mhic, rug Muire mhíorbhuileach 's do thál i gcruis gan chuir dom chuibhriughsa, i ndeáigh a dtugais d'fhuil mar íoc ionnta, ná cárnuigh cionta ár gcine i gcruinnchúntas. Is bághach mé re buime an ríoghdhúilimh, i mbráithreas tug re duine an díolmhúineach láidir glic do sciob a phríosúnach uim cháisc a broid an chuithe chríonúrlaigh.
Áirghe thigid d'fhiort an fhíorúghdair an lá ria ndul do scrios an scríobúrtaigh, giodh ádhbhar guil dár n-iocht a bpríomhdhúiseacht, is feárrde fios gach nduine a bhfoillsiughadh. Do dheárrscnuigh duibhe ar ghile an laoi lonnraigh, i gcás gur chrith an chruinne chraobhiomdha, do gháir an mhuir 'na mongar mhíchúmtha ag áiriomh nith ar nith a gcríochchunncais. A ghrásaigh ghloin, do mhuidh ar mhídhúilibh a ndeárna d'ulc 's a dtuilliomh díothsmúinidh, táith mo luit a hucht an choill chumhra is máthar nirt is chirt is chaoindúthracht. Dúthracht silte do chuislionn a Chríost i gcrann is umhlacht ionmhuin tuilg do thaoibh don dall, ionnradh ifrinn turas nár chlaoidhte fann i gcionntaibh duine 's a chlainne ní híodhbairt ghann.
CRÉACHT DO DHÁIL ME. Créacht do dháil me im árthach galair taomach tláth gan tádhbhacht tapa, gaothchlis áigh na n-ársadh neartmhar faon ar lár 's a n-áiriomh gaisce. Do Ghaedhealaibh Fáil atáim ag tagairt, an scéal guirt d'fhág me lán do mhairg, mo léan mar atáid go scáinte scartha méid a dtáire a n-áir 's a n-easbadh.
Créad an fáth, níl cás ina aithne, tug Éire bhán i lámhaibh danar, traochadh árdchon gCárthach gCaisil is laochradh Táil 'na dtáimh gan seasamh; Na tréin ón mBántsraith, máil na scabal, nár léig dá námhaid bárr i ndeabhaidh, fraochealta áluinn Áine is tSeannuid, gan aon 'na n-áit acht láthair fhalamh; An t-éigne táisc ón mBlárnain mbeannaigh, lear mhéan an clár 's a cháir do chasnamh, gur thréimsiud cách ón sáth sul d'airigh, ag séanadh a gcáis do sháraibh Sacsan. Gach réadamh rábach dána daingean don réim do thrácht ón Spáinn tar easaibh, a bpréamha fáis uim lá gur teascadh a gcéim a gcáil a gcáin 's a ngairm.
Céadta atá dá rádh mar ghallaibh a ngaol do tháith 's an ághmharaicme, do raobadh beárna i n-áitibh eascair ag caomhnadh a trácht 's ag fáil a fearainn. Is baoth an cheárd don mháthair mheangaigh thaodaigh thársna chráidhte chleasaigh tréigean tán na dtáirdiol dtreasach do chéadchuir fáinne ar bárr a baise. A haontadh dháibh 's a lámh do readadh lé 's a grádh tar chách mar fhearaibh a péarla a páx a bláth 's a beatha d'Aonfhear án is dá shliocht aithle. Don mhéirdrigh mhná níor ghránda an mhalairt caomhthach cáirdis cháich do ghlacadh, ba séadach sámh ba sáthach seascair gan éagnach smáil do bhá 'na n-aice. Gan bhaoghal báis gan bháth gan bhascadh gan bhréagnach báidh gan phláigh gan pheannaid tréadach táinteach táclach treabhthach re ré na sár dár dháil a lachta. Do b'éachtach árd a gárda ceannais, nár éar 'na láithibh gláimh uim aiscidh, ba séimh a mná ba sádhail seanchach néamhdha náireach mánla maiseach.
Ba saor gan cháim ba fáithghlic feasach a cléirigh cáidhe a fáidhe a flatha nach claonadh lámh ó dheárlaic maithis go héag na mbárr ba fál re deacair. Ba léimneach lánmhear láidir leathan taoscach árrachta áidhbhseach arrad craosach cnámhach ceáfrach creathach a stéideich ráis nach stánadh seachad. A héisc ar tráigh gan sásadh mara 's a méithbhroic sáidhte i bhfán gach claise; a ndéidheanach fághmhair feadha ag feacadh le héigean dásacht fá 'n-a dtarthaibh. A séise bárc ar sáil ag cneadaigh ag déanamh áirneach dá lucht fala, a haolbhruigh ghnáith 'na n-áitreabh aingil 's a sléibhte gheárr mar pháircibh baislioch. Mo ghéarghoin, cá bhfuil ágh na ndreagan? nó an tréith atáid le scáith a gcreata? 'na gcréchrith ámh atáid le fada, is tré sin táinig tráith na faille. An mhéid don phár is fánach mhairios, a séan docháidh is d'fhás a bpeacadh, gan ghéill gan ghrádh gan chrábhadh ceangal ó chéile cách ag snámh le gangaid.
Is céasta an tásc, a cháirde, chlaisim bhur mbéasa tráighte tláithe taise, go téacht an bhrátha ar chlár an tailimh i mbéalaibh ársadh dá na gclannaibh. Gibé le ndeárnadh lá na marbh uim fhéil Sin Seáin nó spás 'na haice, ní hé do bhá gan pháirt don mheabhal i dtaobh gur sháruigh pápa Pheadair. Más d'éinfhear táinig, más do cheathrar, más caogad slán, má ráinig seascad, más céad do táinig, más áireamh catha, is méala dán na dáimhe ar marthain. Aon troigh amháin níor fágbhadh aco mar dhéirc ón stát ná ádhbhar leaptha, dobhéaraid grása dáibh is aite a léigion slán don Spáinn ar eachtaibh.
Biaid féin 'na ndeághaidh go másach magaidh d'éis a seárnta i mbláith a mbailte go péatrach plátach prásach pacach Béarlach beárrtha bádhach blasta. Beith béabhar cába ar árd gach caile is gúna síoda ó inn go haltaibh, biaid ár ndúnta ag pruntaibh bathlach líonta d'áirsidhibh cáisidhe is praisce. Ag so an bhuidhean, gidh scíosmhar a aithris, bhías 'na gcomhnaidhe i mótaidhibh geala, Gúidí Húc is múdar Hammer Róibín Sál is fádur Salm, Fear an bhríste ag díol an tsalainn, geamar Rút is goodman Cabbage, mistress Cápon Cáit is Anna, Ruiséal Rác is maighistear geadfar!
Mar a mbíodh Déirdre an ghléghein ghartha, Éimhear na gciabh 's a Liath Mhacha, mar a mbíodh Aoibheall taoibh na craige is banntracht chuana Tuatha Dé Danann; Mar a mbíodh donnscáil fogha dá gcaithiomh is marcaidheacht oll fá thromgháir sealg, gleacaidheacht lomchnámh gcrom dá ngearradh is freasgníomh boghalámhuidh ar foghail dá bhfearadh; Mar a mbíodh dámhscol báird is reacaigh, cleasaidheacht rinnce, fíonta is fleadha, fastaoim ríghthe is míleadh meara is crannaoil righin dá sníomh i gcreataibh. Re linn an tí thug ní do cheallaibh 's do mhínigh sloinnte d'aois gach sleachta - re linn mhic Cuinn, nar thím i sparruinn, ba King 'san innse tríocha i ngradam,
Ba iomdha borbthúr foirtil fionn fairsing is cúinge cosantamhail colgchrón catha, prionnsa pobaldlúith do dhoirteadh crú ar faithche, sonn i ngormfhonn socharlonn Eachaidh; Fionn an chochallchúil chostasamhail chleachtaigh is Goll na dtorannbhrúcht - folamhughadh bealaigh, Lughaidh do choisc a dtnúth - bochtanughadh Breatan, 's an lonnrach Oscar úd d'fhortaigh pudhair a athar; Conn le dtorchair Cumhall - tosanughadh talchair, is Connla solaschnú cosmhail riu i mbeartaibh, drong na scolblong lorgúr leathan ó mhuir na socairthonn chonnailchiuin chreachaigh; Iollann na lann ba teann 's an gcarraig, gur chlaochlaidh íota a ghnaoi is a dhealbh, Mac Rónáin i ngleoágh ba treathan is mac uí Duibhne an bhríoghmhar breasach;
An té le bhfríth ón gcoimhdhe ceatha, nach céasadh cill nach tuilleadh talluinn, an féinnidh fíor tréar ling an bhachall 's nár éaguin í le suim 'san mbaiste; Aonghus óg ó Bhóinn na mbratach is Fionnbhárr fuadrach d'fhuathuigh aithne, mac Lir na gcuach ó bhruach Eamhuin is úcaire na ruag fuair duadh seachtmhain; An beangán codhnaigh do thromghoin Balar is Síogra bronntach rogha na healta, Mac Niadh Mogha Goll is Garadh Siosnán colltaigh is Bogha dearg;
Murchadh an tsróill 's an óir do ghreanadh do chiorrbhadh tóir do thóirneadh dreama, Dubhlaing cródha an t-óg nár mheata is giolla na lóchrann lóghmhar lasmhar; Ceallachán do scaoil daoirse is ainimh is Donncuan na sluagh do luaidh aistear, Donnchadh colgchruaidh cathbhuadhach caithmheach is Fáilbhe fionn do sughadh 'san gcairbh. Och dul na féinne úd fá úir leacaigh is é do ró bhris Fódla bheannach, gan éisteacht ceoil acht bróinte scamal 'na céile deoir is ceo ar a ceallaibh. Ní raibh críoch coimhtheach fá fhlaithios, geadh madh líonmhar ríomh a ratha, gan a gcíos do thíocht go Teamhair nó na cinn do dhíth na bpearsan.
Ní fonn stóir ní dóchas taisce do ghabhadh an fhiann dár mhiann an scaipeadh, an dómhan do thiacht 'na dhiaidh gan arm a los ealadhan do radfaoi aisiog. A uain dil umhail d'iomchar tamall ualach dubhach go púnt chnoic Chalbhair, luathaigh chughainn dod chongnamh beannacht is cuaird dod gnúis ghil iompaigh feasta. A n-uabhar súd, a rúin, na hagair ní 'sa mhó ar na leointibh laga, tabhair arís 'na n-ínntinn spreacadh le a mbainfid dá mbíodhbhadhaibh íoc 'na masla. Súd an damhna leam is eagal a chlann Ghaedhil ghlais dár gcur gan aire, méid ar gcionnta is cúis dár leagadh 's ár bhfuaruigheacht uim nuallghuidhe na sagart. An t-athair cumhachtach dúinn do theagaisc bheith go suaimhneach buan gan chealg gan dúil i ndrúis ná rún gada 's go bhfagham ón ríghchúirt díriughadh is cabhair.
Fuath na gcomharsan dóith nach taithneadh re dia na ndúl ná tnúth carad tathaighe an chraois an fhill 's an fhearg 's gan dísle i ndís dá suidheadh a gcainghean. Déinidh do réir an té do cheannuigh bhur síth go cruaidh do thuar flaithis go crannach craoiseach cíochrach tagaidh is cuiridh i nguais an nuadheachtrann. Iongnadh adchím mo chroidhe do chealg fuinneamh an tslóigh 's a dtreoir ar dtrapadh, tiocfaidh an neol do dheoin an fheartaigh chum a gcóra leo do sheasamh. A mhic na hóighe 's a ghlóir na n-apstal, do shil 'san ngardha creatbhraoin alluis, roinn dod naomhthacht aom id chathair don líon so i bpéin 's i ngéibhionn cheasa. Amen. AN CEANGAL. Is machtnamh línn, a chlanna Míleadh, sibhse bheith fann is bean mhic Cuill gan d'agall innte acht gliogarnach ghall, atá tearcadh maoine gairbhshíon is iomarca splannc, ó leagsad Gaoidhil a n-airm síos fá chumas na n-amhus.
Casfaid na Scuit le fulang dé tar tuinn ar gcathamh a gcionn go hinnis Éibhir fhinn, scarfaid a scuir re truthaibh tréigthe an ríogh is bainfaid a broid a bhfuil i ngéibhionn dínn.
IS BOCHT MO BHEATHA. Is bocht mo bheatha i gcreathaibh éaga i gcor nach faicim taithneamh gréine, do lot mo dhreach mo dhearc do shaobhaigh cloistin stair an arraid éachtaigh.
Is grod an mhairg d'fhearaibh Éirionn oscuilt chneadh ar dhreagan Déirdre a chorp do ghearradh a chneas do raobadh a thocht gan anam a mhala an éachta. Is cosmhail fearthainn mhallacht dé dhil do dhortadh i ngar don aicme léana do thorchair flaith do ghread na céadta 's do chorruigh dreama i n-easbaidh a gcéille. An t-oscar treasach frasach fraochda fosach faicseach searcach saoghain sotail seasmhach taithleach taoscach lonnach leabhair lasmhar laochda. Spot dom mheas ní raibh 'na thréidhthibh ba comhthrom ceart a bhreatha saora crobh gan chasadh ag scaipeadh spré chnuic ba deacair teacht asteach i gcéill air. Budh tosach catha an gleacach aobhdha ag fostadh ár gcreach i n-aghaidh laochra, a Dhonnchadh a fhlaith dá maireadh sé againn dar Gobnait leat ár gcreach ní léigfeadh.
Och is ach is adhbhar méala d'fholaibh Breatan feart do ghléas duit a chosnaimh ceathra a chara cléire 's a eochairbhalsaim cheana Séarluis. Posta faire daimh na céille an foirtil fairseang feasach féata ollamh aibidh lannach léidmheach is cogar ban na gcachall gcraobhach. Is docht na datha dorad ar spéiribh toradh an tailimh d'athruigh béasa tonna glasa mara ag géimnigh is srotha ar tacha a reatha i n-éinfheacht. Goin do leathnuigh cneadha i nGaedhealaibh 's do ghoirtigh Barraigh seach a ndéarainn clos a mhairbh maidin ghlégeal i mbrollach carruinn cheanna an tsléibhe. Dar láimh Moling is nimhneach céasta an tásc tug sinn mar luing i n-éigin Seaghán do shíneadh an míle maordha i n-árus naomh gan díon i n-éagcruith.
Tá Leath Mogha gan fonn i t'éagmais tá Leath Cuinn go claoidhte créachtach táid Dáil gCais ba gar i ngaol riot lán do ghalar d'aithle an fhéinnidh. Do bhá fuil Eoghain mhóir is Aonguis sárfhuil Chuinn is Íthe is Éibhir pár na ríogh ó thaoibh na Gréige iar bhfascadh thríotsa a chroidhe na féile. Bráthair mharcradh chlanna Néill tú bráthair Bharraigh na n-each n-éasca bráthair seabhaic abhainn Éirne is bráthair dearbh Ghlaisne i ndaonnacht.
Bráthair mharcuis na Gaillmhe is Léightruim bráthair mharcuis mic Shamhairle éachtaigh bráthair mharcuis na Carraige Séamus bráthair bharamhain Dealbhna is Westmead. Bráthair dreagain Easa an éisc thú bráthair uí Cheallaigh is uí Réaghaille bráthair meardha sleachta Réamuinn bráthair dearbhtha na ndragan ó Éile. Don Chárthfhuil ghasda d'fhearadh céidil go gáibhtheach garga galach gléasta don Tálfhuil reachtmhair rannaigh réaltaigh ba táithte id phearsain maicne Aodha. Ní fhághaim chum amhairc leath ná tréana cáile an mharcaigh ghartha ghaothghlic do b'fheárr fá seach gach beart ná Phoebus a ghrádh acht gairid cairt do shaoghail.
Do dháil an t-athair maise is méad duit áille is amhnus art is éifeacht crábhadh is ceannas ceart is caoimhe náire is taise neart is tréine. Ba ghnáth ag fear don ainm chéadna gártha sgean is frasa gaethe sáidhte sleagh is ceatha craosach is leágha gan air an dada baodhachais. Do b'áluinn altach eangach éadtrom scáil a sheaca a scabal néamhdhach lán do gheamaibh sleasa a scéithe is táinte creach ar faithche ag téacht do. An tráth do ghlacadh searrach léimneach dána dathach dlathach dréimneach a námhaid seacha ar ghalaibh aonfhir d'fhágbhadh sraith 'na mballaibh faona. Ba gnáth ina aitriobh daingean daonna dáimh dá bhfreastal dairt is faobhair dán dá chantain lanna is téada is mná cur greanta ar bhrataibh maotha. Fáth do leag gach treabh ón léirmhuir go hárdaibh glasa chealla an chléirigh go tráigh Molaige ar fad go Béarra Seán do barra i leabaidh ghéibhionn.
Ó nach faicim neart id ghéagaibh, sceol fár meascad gach anbhfann déarach, róghrádh an athar leatsa a dhéighmhic dod thógbháil glan ó smal an tsaoghail. Is croidhechneadh cléibh d'aoninis Iughaine brígh mo scéil fé béillic i ndlúithionad míle beith ghléigeal gan chumhdach cnis go ríoghacht mhic dé ag déanamh a n-iuil duitse. Amen. Is adhbhar cáis d'Éirinn ar leathadh dá scéalaibh dearbhbás céile is ciste na n-órd, na sreabha lán d'éignibh doradais fá dhaorbhruid na reanna fá éiclips go n-iomadaibh bróin, mo ghreadadh is dáil baoghail do mhaithibh Fáil traochadh na flaithe ba féile d'fhuil Roibird na seol 's is deacair dán d'éisteacht feasta ná téada ó cailleadh Seán saoghain mo mhilleadh is mo bhrón. Aisling d'fhág éigse i gcreathaibh támh is cléire go hathlamh lán d'éagnach ag tuitim ar feodh an marcach árd aobhdha caithmheach cáidh caomhnach do b'fhearra cáil chéille gan chaime gan chló,
's ag eascar dá phréimhshliocht ní leantar dá réimheas acht go rabhaid fá Réxchion ní fhuirchid beo 's do chreach an t-ár déidheanach Barraigh fá mhéala 's an charraig fá aonchith do chuiris go deo. Is deargghoin bhíth don chrích nár shealbh an laoch a thrascairt i gcill i ndíonchuilt daingin i gcré tug tartha na bhfíodhbhadh ar críonadh is tearcadh an éisc marbhadh an mhíleadh díonfhuil Breatan na réx. Tug scamail gan scaoileadh ag síorbhairt taithnimh don ghréin tug atharrach síne ag tigheacht do dhalladh na rae tug flatha gach bruidhne ó shíth a Charruinn go Céis ag screadaigh 's ag caoi 's ag caoineadh an fhairsingfhir fhéil. Tug Barraigh mo dhíth mar luing i n-easbaidh a gléis gan taca gan díon gan spríos gan haiste gan téad gan seasamh gan suidhe gan maoin gan taisce gan séad ó chailleadar ríoghnaigh Tighe Molaige go léir. 'N a n-easbaidh do síleadh linn gur mhalairt gan bhéim an arradfhlaith ghroidhe do bhíodh i n-agallamh réx ba leanbh do Chlíodhna mhíonla mhaisigh 's do Mhéidhbh ba dalta dil dílis d'Aoibhill Craige na scéal.
Ba ceannasach caoin ba cuimhneach carthannach caomh ba deaghghnathach gníomh ba líomhtha taisteallach tréan ba lasmhar re bíodhbha ba tím re caraid i gcéin ba dearbhtha an tslighe chum síodha d'eagluis dé. Athchuingim Íosa is líon na bhflathas go léir is banaltra an choimhdhe arís go ngabha do ghaol apstal is naoimh is guidhe na sagart 's an déirc 's an ceathrar saoi go ndíonaid t'anam ar phéin. Finis.
A BHÉITH NA LÚB. A bhéith na lúb ndréimionnach ndlúith, d'aontuigh dúil chealgach, a réiltionn iuil na méirdreach siubhail, cé haosta tú a sheanabhean, is clé dar liom do léigis sonn caomhshliocht Niuil tairipigh, a chéibhfhionn úr is aolta múr fá néalaibh dúin parathais.
Créad an chúis, a mhaordha bhúghach, fár thréigis crú Banbha, is méad na dtnúth tug Éibhear fionn dod chaomhna ar drong danardha, do thraoch le glonn géar a lúith saormhac clúmhail Chearmada, cé féigin dúinn bheith faon go dubhach ag éad read chúl bachallach. 'S a chéile Lúighidh na ngéibheann gcumhang nach cléith mar chúis mhearaighthe, nó an léan dod ghnúis an laochradh úd, dar fhaomhais rún tarachtach, tréanmhac Cumhaill na féinne ar dtúis mar aon is Cú is Cairbre, Féidhlim úr, Laoghaire is Conn, ba céimleasc dúr draganta? Is saoth leam chom a chlaonchuilc úr fá thréadaibh clumhach Sacsanach is néamh na bhfonn ag éirghe ar drúcht le séis i mbrughscamalaibh; a fhéarmhagh fionn is craobhach fiudh gan éalaing brú caladhphoirt is braon leam súd, a shaoghain chiuin bhréagach umhal mhalartach.
CEANGAL. Is céasta liom túirseach do chuir dia ar lár céile rúin Fhionntainn is Iriail fáidh, gur chlaon a dúil drúiseach tar chiniadh Fáil céadbhean Lúighidh ionnraic mic Mhicniadh cháidh.
GUAGÁN GLIOG. Lá Lughnasa spiunaid lucht saidhbhreasa lán lonnrach a dtronnc is a dtaidhbhrighthe, fás cumhra na húire nach tadhlaimse, d'fhág cúilfhionna Lonndan gan maighdeanas.
Is fál fionntrach uim ubhallaibh an cadhgamad, is gnáth dúrtam ag múdaraibh meidhreacha, ní sás cúirte do chumhdach ar caibhdeanaibh dá phúca nach siubhlann gan adhstaraibh. Is gnáth úcaire cubhartha 's a bhoill ar crith 's is gnáth súdaire súgach go doimhin i ndigh, is gnáth púdarlach brúidhte mar Shaidhbh se thoir fá shúsa re diultadh gach deighfhriotail. Is gnáth scriupin i n-úirlis na ngaibhne nglic 's is gnáth fonnsa dá dhlúthchur uim dhaibhich mar chrios, is gnáth trúmpa dá rúscadh le badhgaire 's is gnáth dúnsa dom dhúthaighsi bladhmannach. Is gnáth cú chliste chúmtha 'san maighin se amuigh 's is gnáth stiurthach ag cúrsa gan meadhair ó dhigh, is gnáth monnclum ar bhonnduirc ó radhairc a stuic 's is gnáth sonndar ag lonnrith go Laighneachaibh. Is gnáth trúgh liosta lúbach ar coill re goid 's is gnáth úrnaightheach ionnraic i mbraighdeanas, is gnáth gúiste ag a ionnsmadh re adhmadaibh 's is gnáth púdar ag trúpaibh an impire.
Is gnáth úghdar i n-úir chille d'adhlacadh 's gnáth lionnsca gan lúireach ag leadhbadh truith, is gnáth dúbalta dúinne mar deimhnighthear mná Mumhan nach múnaid 'na gcaipeannaibh. Is gnáth crúca 'san nGrúdain is baidhte bric 's is gnáth súmaire i múnloch 'na leidhce fhliuch, is gnáth cunntar im chionnsa mun dteidhm do thuit sáth prionnsa do ghúna nach faghainn ar chirc. Is gnáth cumhgrach i gcúiltigh is peidhre luch 's is gnáth srúithe madh iulach re foighreadh fis, is gnáth Ughna tar ghlúinibh an staidhre ag dul 's is feárr súsa mar chlúda ná caip is crios. Is gnáth úrla fá húda is feidheal ar bhoin 's is gnáth cúlmhum ar chliuite mar phleidhce cuirc, is gnáth grúig ris na gnúisibh gan rairse nith 's is feárr ciuine ná lúmparnach aidhneasa. Is gnáth sprionnlach i smúdar ag éiliomh cirt ar bhánspúingc dár dhiúltadar gadhair is coin, is gnáth gúngach ag priompallaigh tradhna i ngurt 's is gnáth crúmpa 'san rúmpa sin Raghnaite.
Is gnáth cúigear i gcúige nó Feidhlime 's is gnáth dúthchas ag únfairt re haghdhruine, is fáth tnútha nach tiubhradh ó Gadhra giub ar lán ghiusta do bhrúscar an bhreillsceachais. Is gnáth ionncam i bponntaibh is adhan ag bruith 's is gnáth pompa fá fhionntroigh fhir oidhreachta, is gnáth glúineach 'na lústraigh ag leaghadh re sioc 's is gnáth dúbhghiolla rúntach ag braidhm i mbruid. Is gnáth longphort i nDún Ciorc gan Tadhg ar bith 's is gnáth úirlis uí Dhubhda gan adharca bruic, is gnáth dúndam i n-iomchur na bhfeadhmannach 's is gnáth liomsa beith tútach re taidhbhseachaibh. Is gnáth púnctum i bprionnta is meadhg uim ghruith 's is gnáth rúta gan ionnladh mar ghreim ag muic, mo ghrádh dhúinne, más mongthrom an mhaighre isi, dá bhonnsaigh nach lúgha liom ná Meadhbh 's a muf.
THE CONCLUSION .i. AN COIMHCHEANGAL. Mo dhá shúil riot, a dhúilimh, do dheadhail an mhuir, gé gnáth cionntach bunscionn ribh mo chladhaire cuirp, a tál srúille do chrúsa go bhfoidhne i gcrois lá lughnasa an chúntais go raghaimne libh. An uair nach cluinim cion ar chéill i nduain 's an uair nach sultmhar rith do réir na suadh, an uair nach fuilid fir na féinne suas is guagán gliog dom thuigse an dréacht is dual.
IS OLC AN CEART. Is olc an ceart fulang an fhámuire, támhghuile is tearc turadh don trócaire, 's is tais an t-áigh bualadh fán mbraobaire laomaire ar láigh gualar le gótaire. Gótaire éigin théid go harmálta i ngleo le béithibh saora seangamhánla 's nach mó dhuit méire i mbéarla phrasamálta ná an gósta géidhe sin d'éis a mbatarála. Batráil ban mionla go mbaothálgus, laochládus iomdha an chon clamhualaigh, fiuchair é le fuaisneart na feannóige ag gluaiseacht na gearróige ón ngé ngalruanaigh. Ruanach an ruaidhfhear is céasach críon 's is cuasach i mbualtrach a shéala boinn ní fuaire dhuit nuaiseach ná céadfadh a choim acht uaire nach buaileas i bplé le mnaoi. I bplé le mnaoi is maith an máguire, cnáruire nár chaith cnaoi don chumhraidhe, eachrann uadha ní hannamh éilmhigthear, léirthimheal luadha is alladh umhaidhe.
Umha go léir is péatar miotal an mhic, truidireacht bhéarla pléasca is plubaireacht phluc, toirim is tréithe bréine is buige 'na stuf is tuitim go tréan ar béithibh slíme gan choir. Coir fá bhfuil m'fhuaithsi dom fheamaire, neamhghlaine a uaisle sa nós re niadhchlannaibh, gur choigil aoin don tréad, 's dá thuaithbhearta, acht cruaidhbhearta, madh géag ghaoil d'iarladhaibh. Iarla a maicne 's go mairidh mar lón le leigheas, is iar a phearsan le maide go róintear readhg, ar sliabh do chartadh mar chlaisim le crónmhac Thaidhg is liaigh do bhainfeadh a mangaire mónadh meadhg. Bainfear meadhg a bolg an bhramánaigh le tanálaibh tolg an tromuallaigh, leagfas eadh an fhialdha fhraochbhríoghmhair m'iarla ag laochdhíoghail cean an chorruabhair. Uabhar an chualaire ar Shiobhán óid is nuadhphuirt nach tuairim don leannán cheoil, is dar muaireach dochualadhsa beangáin beo do thuairgfeadh an duairc sin go dul fá fhóir. Fóir Leasa Laoi na dtreas dtromchúiseach dorrgmhúiseach daoi nach meas a míchéadfaidh ná cúis omhna re feadh i bhforraoine rogha rochraoibhe fa geal gnímhéachtaigh.
Éachtaigh bhus éilmheach uim Shiobhán fós gléighilleadha éidighthe ón oileán mór, féinnidhe 's a bhféile gan fuallás feoidh nach géabhaid gan éiric ón gcoileán gcrón. Cróine ná coirt foladh na fíorchraoibhe, fíoraoine ghoirt monadh a móirfheadhma, tig lá éigin d'fhilleadh a bhfraoichbhéime laoichéime bhus innioll éidigh óildealbha. Dealbh an daoi do shín a lámh le cliub is d'airg an mhnaoi mar ríomhaid cách im iocht, d'aingir ón mBríghid don tsíol is áirde fuil, 's ba smeartha le haoileach í is deárna an duibh. Nach dubh an damhna inmhe don fhalmhuire, abhla falmchuile gan fine is fuathmhaire, lámh ar chleachta a ró ar an ríoghanraidh, míolscannail mheata nach só a suathainmhe. Ní hainmheach d'fhear a bha 's a thréadta fionn a chapaill ar fasc 's a lear i ngréithibh rúin, ní hainimh a dhath a chreat 's a chéadfadh súd, ainbhfios beart mun mbascadh a chré 's a chlú. Clú do neach ní dhleaghair gan deighghníomha, sleamhain gach seinfhíodhbha i leath lánumhla, treascraidh an ghaoth dair dá dúirfhréamhaibh stair le a súilfhéachain baoth bláthchumhra.
Cumhra fá úrbhruith bhíos fionnadh don fhraoch gan dreas dúiseacht dá lúdradh le fuinneamh na ngaoth, nuair iompuighthear lonndair is iongantach méid nach umhlann go n-ionnfartar fulang a fréamh. Ní pionnsa dar liomsa acht do thrudaire thréith iomghoin is ionnloc na n-inighean réidh, an dúnsa nach lúbhfadh acht buile ar gach béith, ní húghdar an t-úghdar nach cuiridh a bhéas. Dom iulsa ní cionntach i bhfionaghail é ná a dhúna gan dúnadh re duine ar bith d'fhéach, dá iomchur ní ionnlaicim miotal go spéir, acht tútach a shúgradh le bruingeallaibh glé. Ciodh cúntar buinscionn riom a gcluinim do scléip ar úrfhuil an chúige si d'imirt don té, unnsa dá chúrsa ní chuirfinnsi i ngéas, re cúilfhinn dom dhúithigh mun ndruideadh i bplé.
Agus ó dhruid, is í seo im dhiaidh an bhreath dobhéarainn air .i.
Mun ngruaim sin do stuanuigh re macámh cóir nár dhualgus do bhualadh le dartán deoil, geadh uathadh dá cuaine gan dul fá fhód, ní truagh liom an gruagach do ghriosáil dóibh. A shuanach do shuathadh le bronnfhás bó is cuaird bheag dá chluasaibh do chlipeáil fós, sluasad don bhualtach do chuir fán óig is buatais do luascadh mar bhruis dá thóin.
A ruagadh go huachtar an chnocáin róid ionar bhuailsin an uasal gan earráid ghlóir, buarach ar dtuathal do chur fá dhó 'na cruadhghad ar chnuasach an choileáin chróin. A Bharraigh na srcríob, ó taoise dána i ngoil is pratainn do phinn ó rinn go sáil ag rith, i bhfairche muimhneach díbh badh ársa an oil masla do ghaoil go ndíonadh scáth ar bith.
IOMDHA SCÉIMH AR CHUR NA CLUANA. Iomdha scéimh ar chur na cluana cuin bhas ciallaidh, lucht a gabhtha ós glóir a n-álgus cóir a n-iarraidh. Annamh neach 's a chlú gan chréachta cluain nár cheannsaigh, gé madh tuigseach é ar a hiodhnaibh gné dá ghreannsain. Faisnéis fhíre is grinnioll grádha gné dhi is caoimhe, searc an tí tar ghean a ghréithe meadh gan chlaoine. Gibé is cluanaire ann don ordsin uaidh ní héasca labhra leathtruim ar clár cóipe do ghrádh féasta. Ó nach féadaimsi aisce is úire i n-íoc ár n-ósta, créad nach canfainn cluain dom cháirdibh i nduain phósta? Ó nach fuil séad ré saoilfinn aiste gan í im fhochair nach biaidh dáilte dúin ón gcaraid gan chlúin d'fhothain.
Bíth go gcuirfinn cluain ar chomthach, cam ní fhóbraim, annsa liom a ghnaoi 's a ghréithe, sionn nach sórdaim. Blodh dom bháidh re bleachtghnaoi Búrcaigh beannúgh díbhse i mbrogh aolta an dreagain duasaigh deagair dílse. Eagar uaisle is umhla is oinigh uair ní aisdir ó mhac Réamuinn rún gan lochar, dún bhfear dtaistil. Cathair Maothal dún na ndeoradh dia go ndíona go n-a chodhnach i gcuan riartha nach tuar díomdha. Iomdha ag úrmhnáibh éadtrochta eile éad ré hAnna, más cúis tnútha an biadh do bhronnadh is fial a bhfala:
A. Et adeirid daoine gur fial an fáltanas do chuimhnigh Lughaidh Lágha an laochmhílidh do Bhéinne Briot .i. a mharbhadh i gcath Mhuighe Muchroimhe tré dhóigh éada agus iomtnútha ar a rómhéad do
thuit dá náimhdibh ar aon leis isan gcathláthair sin, d'eagla nach fúigfeadh uimhir budh ionmhaoidhte díobh re a gcosc aige féin agus mar sin go gcaillfeadh a chuid do chlú an chatha; agus is iongnadh mar sin nach marbhaid deaghmhná chríche Chonallach Anna ní Urthuile ar a rómhéad riaras do lucht iarrata gacha haisce, d'eagla nach fúigfeadh sáth a bhféile ré a bhfreastal aco féin díobh, et mar sin go gcaillfidís a gcuid d'oirdhearcas deabhtha an oinigh. Ámh dár ndóith ní hé sin tug ar shagart Chille Comáin gan freagradh an aifrinn do mhúineadh dá ghiolla, et do laibheorainn nídh éigin air sin, acht gur giorra deoch ionná scéal, et dar liom gur mithid le hAnna deoch d'ól orm:
Mithid dá clainn eang dá hualach orra d'iomchur, ós dom cheird dá chur i gcuimhne dul i bhfionntur. Admhadh Ughna cíos don éigeas í ós órlus do chnuas cumhra na gcraobh gcaoinsi nach claon chórus. Fuilngeadh feasta cóir na cléire a cuing ós pósta, 's ní hé an cearrbhach nach dlígh díneach don ídh nósa.
Uirthe atáimsi ag braith don bhannso beith dom dhánacht tadhall tláthlúb le cairt chluana nach ait m'ádhbhacht:
B. Ámh dar liom níor ait an ádhbhacht do chocaire hí Chorrdhamhna dul ag buain a mhná ar mhannar masáin don chruadhchosach ó Léanuigh mhóir, et ní budh róthubaistighe ionná sin dul ag á reic go róspriunnlaighthe ré gualadóir na Gaillmhe ar ghlasbhonn Salfáis, gurab amhlaidh sin do chaill an cruadhchosach a chéile; gidheadh ní neamhaite liom féin sin
ionná an bulabáisín do rin do chillín Hannraoi Cúisín: ó an dtaca um ar básuigheadh Breasal ó Bréigín ní chodlann ó Cnáimhín soirbh gan súisín: an t-easbog más críostaidhe choganas crustaoi is cosmhail nach gnáthuigheann Caiseal gan crúiscín: measaim nár naoimhdhlíghe é i bhflathas hí Dhúnaoi dá mbradadh ó Néidín matal í Mhaoilín: i reachtaibh an rámhaidhe le ar creachadh na cóstaoi badh dearbhtha ar déirnín Cathal ó Cuirnín:
níor aite le hógmhnaoi druimfhinne a drúchtín d'fhaicsin i ngáirdín maidean i dtús Mhaoi: ionná linne na córdaoi ar scrogaibh na sciuirsidhe lear camadh na cártaoi ar chonaibh na gcúigidhe: ní hoifig do dhíthríoch deabhaidh ré diuicíbh: i gCorcaigh bíd brístí ar ghallaibh an ghiuisdís: - Dís ré comhar clú do hearbadh Ughna is Doimnic stiuir ón rígh do rin an fhairrge dóibh chum iomluit. Oighre Róistigh rátha Luimnigh laochda a mheanma lingfidh léim bhus áirmheach oirbheart láireach leanbhdha. Lingfidh céim go gcead don eaglais, eadh fón dtearmain, brisfidh bearna ar chladh na reilge, bladh dá mheanmain. Gé tá riaghail óighe ar ionchaibh aosta an anchain gur dual í do stialla i stormaibh gan rian salchair.
Tiocfa an Bhrianfhuil tríd 'na tonnghail, traochfaidh tairpthigh, tiocfa a cródhacht teann 's a talgghoil seang ó an airmghlic. Droibhéal diamhar lé dá bhfionna, fé nach deachadh, gan a lann i bhfraoch 's i bhfulang, saoth nach seachadh. Iomdha gleann dá ghné do coilleadh, créacht gan chrosadh, béin fán mbruach sin ní fáth scrupail, gnáth a losa. Cleas Chon gCulainn an ghaoi bhulga na mbeart lonnbhaoth, a rian san gcrích se ní cneadh mharbhthach ó chear Connlaoch. D'fhág do bhuadhaibh éigin aire d'éis a ghona, gur b'é féin i ndiaidh a liosta liaigh is sona:
C. Et liaigh sona saoirbhéasach dár ba comhainm Cathal ó Céin do bhuail dia go fortúnach chum mic Eochadha feacht n-aill, et is amhlaidh do bhí mac Eochadha an tan sin agus a chos briste aige, iar mbeith bliadhain agus ratha agus mí ar aon leabaidh agus maithe leágha na cóige ulltaighe uile ina fharradh, et ro bá saothar gan tarbhadh dóibhsion sin, óir ní táirnig leo cos mheic Eochadha do
leigheas. Do labhair mac Eochadha iar sin et is eadh adubhairt: is maith an tan fá dtángais, a Chathail ar sé óir duit atá i ndán mo chos do leigheas, et créad í an chumha shirfir orm dá chionn? Ní shireamh ar Cathal acht an leathchuma atá ionnat do léigean díot. Cá leathchuma sin ar mac Eochadha. Is gnáth leatsa ar Cathal trí deocha d'ól sul n-ibhe aon duine dá mbí i t'fharradh aon deoch, et dá léige tú sin díot, leighisfidh mise do chos, et muna gcoimhlíona tú do gheallamhain dam, brisfidh me do dhá chois arís et ní leighisfidís leágha na bhfiann tu, giodh iad do chuirfeadh ceithre cosa na caorach finne fán gcaoire nduibh. Gurab uime sin tug mac Eochadha a mhallacht don té do dhéanadh leathchuma na dighe ar dhuine ar bith go bráth et fós do theagaisc gan áimhréir an té d'fhéadadh cneasughadh na gcréacht gcorpardha do dhéanamh, et ó atá an tseanriaghail réasúnta sin ris ní fhaicim fáth ó an óighríoghain atá i mbaoghal don chur so gan óighréir a phisigidhe féin do dhéanamh, mar is fearr fhéadfas:
Féadaidh Ainís inghean Anna innioll a crotha ris na hiodhnaibh is dual d'fhulang, ní tuar gotha. Ó atá i ndán don fhaoilinn ionmhuin uidh ar armghoil, creanadh a gnúis ghlé gan ghairge ré go hongbhuidh. Deirm ré hAignéis más blas béarla gan bas scátha do chur ar chluain do cheap léxa na searc sátha:
D. et sáth iongantach do itheadh Baodán boinnleathain .i. mart 'san mbéile, et an tan do chuir Molaise do bhreith n-aithrighe ar Cholum Chille Éire d'fhágbháil ba hathlaoch amhneartmhar éadtreorach an Baodán so, agus do chuaidh le Colum Cille i n-Albain. Lá n-aon dá raibh an naomhchléireach a hionnmhus a mhórumhlachta ag ollmhughadh proinne don mheithil do bhí ag buain arbha na manach agus gan ina fharradh acht an t-athlaoch d'fhiafraigh an cléireach de, créad ba sáth dho an tan ba hóglaoch é. Adubhairtsion go n-itheadh mart san mbéile. Maiseadh ar Colum Cille is dóigh nach fuarais proinn aoinbhéile i mbliadhain ann so. Acht cheana do bhá mart go nuachaoin is an gcoire ag á bhruith don mheithil et toirbhireas Colum Cille go huile don athlaoch é, go nár fhágaibh sáth an chorrmhíl gan itheadh dhe acht a chnámha. Cruinnigheas an cléireach na cnámha agus canas naomhóráid ós a gcionn et cuireas is an gcoire gcéadna iad. Comh luath sin agus giolla ag teacht ón meithil dá fhiafraighe an bá hurlamh a bproinn. Féach leat ar an cléireach. D'fhéach agus is amhlaidh fuair na cnámha do cuireadh creidhmthe creatlom is an gcoire fá thromualach feola et forrathas ag teacht as, ionnus gur biathadh an mheitheal agus na manaigh go sásta díobh. Et fós ní holc do chuaidh don chronnlaoch Colum Cille do shíne a láimhe do, óir d'ionnarb an lon craois as a chliabh ionnus nach itheadh sáth mic míosa d'aonphroinn ó shin go ham a éaga, mar nár an airc ná ampla íota ná anmhian ann d'éis láimhe an naoimhchléirigh do shíne dhó, et fós níor lughaide feoil ná forrathas na gcnámh réamhráidhte a dtugadh díobh tré oineach don athlaoch. Et is mar
sin ghéabhas an t-óigfhear uasal urrúntasa .i. Doiminic de Róiste tola agus tromualach toice et tréanchonáigh i bhfolamh gacha haisce eallaigh nó éadaigh nó ionnmhusa dá dtiubhraidh uaidh a los oinigh et eangnamha. Et fós ní bá holc éireochas d'aoinneach dá ndeárlaicfe ní, óir ní anfadh ceasacht i gcléireach ná éagnach i n-ollamh, craos i gcearrbhach ná gruaim i ngeocach, airc i n-athlaoch ná amuide i n-óinsigh, futhal i bhfualán ná ampla i n-éidtreorach, acht biaid soirbh soidhíola d'éis a dheaghláimhe, óir ní anfa éinfhéith ainmhéinne ionnta amhail nár an craos ná cuthach ná cíocras i ngairbhniadhaibh na Noruegia chum na hÉireann ón tráth fár shínsiud na saorchodhnaigh, ó ar chinn do thaoibh a dheaghmháthar, a lámha laochda lánchalma dhóibh:
Lámh go gualainn i ngleo Lochlann fár lia leathtrom tugsad sínsir an doinn dathchaoin, nár choill ceartcholl. Tug Brian ruadh na ruathar gcródha cuardaibh ciana, tar sruith soir gur leath a líonta, meath níor fhiada. Iomdha uaidh go hathair Mhóire Macfhlaith gríobhdha, do ghabh ceannas an fhoinn uaine gan cuing mbíodhbha.
Leanfa Doimnic lorg na lonnsan a los máthar 's i leith athar rian na Róisteach, fiann go ngnáthghal. Tiocfaid readhga na rann mórsa, sann mall meadhrach, cuirfidh a chlú i gcéin ós árdaibh, géim bhas greadhnach:
E. Et an Ghreadhnach glaisín ghlanfhuar ghlionndrach isi atá ag snighe ré sliosbhruachaibh Bhaile an gharrdha ó gConaill ó an am fár scaoil Mogh ruith rí na ndruadh an glas ginntlidhe do ghormlinntibh Leithe Mogha, agus do lean an forainm greanmhar sin don ghlaisín so ón am sin anall go haimsir Chaptaoin Óduil do ghabháil flathais agus forlamhais an bhaile réamhráidhte, agus do bhíodh an srutháinín suarach sin do ghréas ag frithionnlacadh feoir agus fíodhbha agus fíoruisce dá tonnógaibh torthacha taobhuaine do dhaoinibh agus do cheathraibh a caoimhcheanntar gan chrostáil, et fós is mór d'fhoghnadh a biolar billeogach bláthúr et a fothlachta feadánach fíorbhog ar bhochtánaibh a bruach gacha cruaidhbhliadhain, gidheadh is eagal go dtiocfa dá bhfuil d'iongantas inntleachta agus d'arrachtas acfuinne agus d'éagsamhlacht ealadhan ag an gcaptaoin dá chaithiomh ré gearradh a grinnill agus ré hionnarbadh a húire ré scannradh a scáthbhruach agus ré fostadh a fuairshreabh i n-aghaidh a ndúthchais ag á gcruinnioghadh inna gcnocánaibh cruinne criadhamhla
agus inna lochaibh luchtmhara lánmhóra ag beathughadh n-anmann n-anaithnidh, nach biaidh sí don phobal chomhchoitcheann comh tarbhach agus do bhí sí riamh, muna lingid longa náid luathbhairc le torchurthaibh troma táidhbhseacha éigin a tíorthaibh imchiana do shochar na hárdoibre si, ní nach saoiltear:
Amhail lingfid go dún Doimnic dúil nach dearmaid teacht don Bhrianfhuil uasail fhuirmghlic d'fhuascail deargbhruid. Lingfid luathbhairc fá na seoltaibh ar sruith Sionna suas le fíontaibh go mac Móire nár ghlac mionna. Fíon ná feolmhach dá sia a bhaile gan a mbronnadh, dóchaide liomh é fé ana a chlé re Cromadh:
F. Et Cromadh féin spréachbhailtín spriunnlaighthe atá ar bhruach na Máighe eisean, et ní bríoghmhar beoir an bhailtín sin acht go gcluinim gur slachtmhar seannda soóla ag ministir mhaith an bhaile í. Gidheadh ní hionmhain liomsa an bhiotáille sin, atá d'olcus fhéadaim mo theanga do chuibhrioghadh dochum an ghaillbhéarla do labhairt go líomhtha, gurab dom leith chlí fhágbhaim teaghlach an tsagairt sin gach uair ghabhaim ina ghoire:
Goire d'Eochaill ionná d'Áruinn inis iarthach dogheibh laoch tar lear i Lonndain bean gan tiarach. Níor iarr Doimnic dul do ghailltreibh, glic nach géimeann, iomdha banóg gan díth deighbheart i gcrích Éireann. Iomdha bíocunt i dtreas tromdha, nár theib tóirspeach, dá chine féin do fríth fíochmhar uim chrích Róisteach. Gé táid d'innmhe an ógáin úirghil fódáin áille i nglacaibh gall d'fheartaibh fórsa i mbeartaibh báire. Tá ó an niadhshlait do nós tíre, gá teo tuathal, forba thorthach fhairsing fhéarghlas aisling uathmhar.
Iomdha magh is móin is maoilinn mong is maolros uarán locha linn is luachair cill is craobhdhos: Iomdha lubhghort iomárd abhlach ionnfhuar aoibhinn is trácht éisteas gan leon lútha ceol ó fhaoilinn: Iomdha caisleán beannach bláithgheal broc is baothdhamh Éigne ballach torc is tradhna molt is méithmhart: I ngort geallta an ghille dhéidghil, dia dá chomhall, is mór dtreabhthach fá thrias Ughna bhias ag foghnamh. Amen. Más a leathchluain libhse an laoidhsi linne is iomdha d'álgus deaghbeart an chuain cheannsa nach tuar díomdha.
An Corp: A chnú chliste séimh sa rúin ghil mo chléibh an bhfaice tú me anois do chompánach ba chumhra do bhéal ba múinte do mhéin is dubhach liom bheith it éagmais 's is dolásach. An t-Anam: A thrúidh liosda bhaoth gan ionnsa don chéill fúgraim don daol tu go lá an bhrátha do ghnúis is do chraos is cionntach leam phéin ní dubhach liom do thréigin a thioránaigh. Finis.
NÍ BEO ÉIRE. Ní beo Éire tar éis Donnchaidh, doiligh marthain d'aoin mar í, treabh na n-aolchloch ndruineach ndualaidh aonloch uilc is uabhair í. D'aithle Chorbmaic ní cúis mhachtnaimh meanma an mhacaoimh do bheith fann, codhnach cruaidh a clú do chosnamh, dochuaidh cú na gcoscar ann.
Iomdha damhna i ndiaidh ar oile fuair an chríoch so Chuirc mar é, tug a clár gan ith gan ana, fál ar crith gan cara a gné. Ní beo iostadh Oiliolla Óluim, úr ní fhaicim cuilc í Chuinn, móide tnúdh na tuirse réisi rún a cuilse ag séisi i suim. Atmhar othras innsi Tuathail, tearc a duille, dúr a bláith, ní fhuil deoir gan diul 'na ballaibh, beoir a triun le clannaibh cáich. Le clannaibh cáich do cáibleadh inis Tuathail gan chead don Cárthfhuil ársaidh fhuirmuasail, gach flath don phár do tháilfeadh uirthe fuascladh i bhfeartaibh fáis, mo lá, go bhfuil an uair si.
IONGNADH AN IOMAIDH SI. Iongnadh an iomaidh si chluinim is í 'na gáir ag futhaibh nach fidir an bhfuilid nó ar dhíthigh bás re duine do gineadh i bhfinigh nach íseal tásc is do hoileadh i n-iomad do nithibh budh snaidhm ar ceárd. Is urasa a thuigsin gur curraiceach chím a gcás gan simide gliocais acht fiuchaire is fuighle fáis, is laigide an urraim ó fhile ar bith dlighthear dháibh, le turbha time nach cuirid a gcinn chum cláir.
Is iongnadh chuige nach cuirid ar scríbhinn scáth 's nach innisid ginealach singil a sloinnte ar áis, acht ionnas na muice sa fionna nár fríth le fáidh, ulfairt i gcoinne gach siolla dá sínid cách. Ní thuigim gur cubhaidh do churadh don chrích si a dtáim ná d'inghin uscaraigh ursain do chraoibh go gcáil ná d'fhilidh do rithfeadh i slighthibh na saoithe sámh cuimilt re hinghreim Muiris do Faoit go bráth. Miotal dar linne ní thuillid a ghníomha acht grádh, geadh milis le mioscais bheith siosmach re saoidheacht cáich, is connail do chongaibh ó hongadh don chill a cháil 's is miochair a chumann re tuinnighthe an taoibh a dtá. I n-ionbhaidh imeartha an chluithe tug sinn go tláth ba curata an tideal dó thugadar taoisigh stáit, is innisid ionad gach rinne iona chlí do cháidh ó inneall an choilg nach druideadh re linn an áir. Is cumhachtach a chumas ar chruitireacht chaoin gan cháin i bhfuirm nár fionnadh le hinchinn aoin don táin is fileata friochnamhach chuireas an laoidh 'na háit 's is fuirfe a fhriotal i gcumaidh na buidhne is feárr.
Curthar na nithe si, a Mhuiris, do chím go hárd, is nithe na bhfutha so i bhfulach i n-aoinmheaidh lá, nithe na bhfutha dá dtugaid an bíoma ar lár i nithibh a shiosma le Muiris dá lingfe is nár. Na cuile so an ghuthaidh nach frumhann do chraoibh go mbláth is cumus an duine tar onnafuis rí na gceárd, re Muiris gan timheal dá dtigid do dhíon a nglár, na tiomairce truise si tuitfid a rís 'na gcár. Ní huige 's a gruinne go n-ionmhar grinn is grás d'eagla bileanaibh tura na ndaoithe ag tál, acht cuigeallach cuirbthe silte gan sníomh ar árd, neach ghoineas i gcosmhalacht drisi na draoibe a lán. Sirim nach goilleadh ar Mhuiris a gcuinntinn smáil is tuigeadh nach tulg iona ionnmhus choidhche a ngláimh, is fusaide fulang a suime, giodh saoi do cháin, an duibhe don ghile mar oiltear gur bíodhbha ghnáth. Do rinneadh dho i mbrioscarnaigh bhuirb gan bhrígh gan bhlás cumasc mar chluinim gan chuma gan chíoradh i dtráth, más fuilngnidh fiuchaidh an t-oide rena aoir gan fáth, ficim dhá luidirne an gcuirfi chum líne a lámh.
A lámh dá bhfaicid im aice a bhfuil d'fhíoruaislibh re snádhmadh traise do chealgadh an laoich luaidhim, ní háil liom eascaine, acht aislingim faoi um shuanaigh go madh feárr a marbh ionná beatha 's a dhíol uatha. A fhir cháidh dar cheapas an ealadhain fhíorghuagach, a cáil si glacaidh i leabaidh a caoinuamtha, atá dod charaid gan mheabhail gan mhíshuaimhneas, Dáibhith dearbhtha dealbh ó díon Bhruadair. Finit.
SOP LASRACH. Ní fheadar cia ro chan. Sop lasrach ón mallachtach do bhá id tiaraigh nó is deoch mearbhail do ghlacais, a Sheagháin Liara, do spor th'aigne chum tarcuisne don tsámhchiallach 's gur chlos a eagna go deachtuighthe 's gach áit d'iath Chuirc. Fear meanmnach i mbataille nár ghrádhuigh liairne eir each acfuinneach budh chalma chum námha stialla, creach Bhanbha gur marbh atá an t-iarla 's dá maireadh eir a n-abraim do bá fiadhain. Mo theagasc duit dá nglacairse eir ghrádh dia 'nois, scur feasta do t'ainbhfhios, a Sheagháin Liara, déin aithreachas inar chanais do smáilcbhriathraibh eir scafaire na mbalsamphort ba breágha siannsa.
Crap do ghlúine fút mar urraim don dlighe, anns gach cúis bí umhal do Mhuiris do Faoit, fear mar Fhionn dar liom nó Oscar i ngníomh, noch cheapas cumhra-tiuin 's a bhfriotalaibh laoidh.
Ár scéal tar triuchaibh chughat, a Mhuiris do Faoit, aon dar gcúirt nár smúin an friotal dochím, 's gibé do Mhumhain do chúm an gliogar gan chlí, doghéana mún 'na thrius nó rithfidh tar toinn.
A ghiostaire an tuill is deimhin gur fearra duit bás ná Muiris do Faoit an tsaoi do spreaga led phlás, a phriocaire an mhíl beid saoithe Banbha id dheághaidh is scriosfaid le haoir thu síos ód bhathas go sáil.
IS MAIRG NACH FUIL. Is mairg nach fuil 'na dhubhthuata, cé holc duine 'na thuata, ionnás go mbeinn mágcuarda idir na daoinibh duarca.
Is mairg nach fuil 'na thrudaire eadruibhse a dhaoine maithe, ós iad is fearr chugaibhse a dhream gan iul gan aithne. Dá bhfaghainn fear mo mhalarta ris do reacfainn an suairceas, dobhéarainn luach falluinne idir é agus an duairceas. Is mó cion fear deaghchulaith ná a chion ó bheith tréitheach, mo thruagh ar chaithios re healadhain gan é umam ina éadach. Ós suairc labhartha is bearta gach búirghiusta gan uaim gan aitios 'na labhairt ná suadhnúchas, mo thruagh ar chreanas le ceannarraic cruaidhphrionnta ó bhuaic mo bheatha nár chaitheas re tuatumhlacht.
MALLACHT ORT A SHUAITHEANTAIS. Mallacht ort, a shuaitheantais, cuma leat cia ar a bhfuile; seanfhocal so buainleantar: "an t-éadach is é an duine." Chugam 'na stát niamhdhatha mar dochím clanna bodach, saoilim gur d'fhuil iarlachta, nó go gcluinim a slonnadh.
Adeir mac an pheidínigh, mac an bhodaigh nó an bhrughadh: "Rómhaith dath an tseircinsi atá ar bhíocuint Uladh." Tig do thaobh na díthchéille do mhac bodaigh an priocadh d'iarraidh dath na libhréisi bheith ó shiopadh go siopadh. Adeir an fear céadnasin ré Bíocuint Mhóta Goiréad: "múin dam sórd an éadaighsin dár cumadh duitsi coiléar." Ní leigfe dhe an oireachtsan, dá mhéad choiseonas d'fhiachaibh, biaidh leis lá an oireachtas leithéid hata mhic Phiarais. Gibé is clóca caigealta ag triaith oirdheirc Dhúin Iascaigh, lá oibre is é an faiseanso bhas mionca ar mhac an bhiadhtaigh. Adeir brugha boigbheolach ag coimhmeas re Sir Bháitear: "dúinne dá mhéad choiseonas, maith an ceann so ar do ráipear."
Adeir bean an bhodaighsin: "mór mo spéis i mbróig bhonnchaoil; dein damhsa an cumaso fán gceap oireas don chonntaois." Ní háil lé gan láinfhiléad díon a brollaigh don cháimbric, beag a cion ar sairsinéad tug a sheal cia ó dtáinic. "Uch, da madh é, adéarthása, mar bhíos, fá thaobh gach caile": ceithre slata d'aonlása fá bhrollach nar leor cnaipe. Cíor chaomh do chnámh íomóige bhias ag inghin gach bodaigh; dá bhfaiceadh a fíorscáile, fá lór cíor d'adharc ghobhair. Dath shuaithnidh ar bhataille fán gceithirn is bláth bréige, acht gan a ngoid againne, sinn i n-aibíd a chéile. Íodha óir le strabhaille ag clannaibh daoine gcomhthrom; ní bhia an t-ór gan amaille, a dhe, ná hagar orom. An dath is bláith bhaothaidhbhseach tar cheathraibh chríche Colla, ní fhaca riamh i n-aonaimsir, madh lia ná caoirigh gorma.
DURSAN ÉAG ÉAMOINN. Dursan éag Éamoinn Mhic Ghearailt 's a dhul i n-úir i dtúis an earraigh, buinneán 's a chineál gan chagal is fiadhaidhe na bhfialghníomh do charthain. Codhnach ba cobharthach ar charaid is ba dána ar námhaid do leagadh, biadhtach an iarthair nar feasadh anam dáimhe an árais d'fhreastal. Cathmhíleadh cruaidh nár thuar tathluinn is nach tug tuath ná truagh gan eallach, nár chuir brón ar chomhairle Pheadair is nár éar an éigse fá aisce.
Leoghan lonn nár throm ar cheallaibh is treoraidhe gan chrólighe 'na chasnamh, triath áluinn áthasach fairsing do bhaineadh riar is giall do ghallaibh: d'árrachtacht láimhe agus leacan, d'eolas is d'óirnibh a phearsan, d'éifiocht is d'fhéile is d'acfuinn, d'fhuadar is d'uaisle gan easbaidh. Saobhchearda baotháin ní fhaca ná cinnsiol puimpe 'na bheartaibh, inneoin do b'onóireach amus is treitill toghlach tromdha taithlioch. Ní mar mhaoidhimh innsim gur sheachain suaibhreos na bhfuarnós gan tathag, is nár chuimhnigh a inntleacht gur bh'eagal ámhrus a chrú ná clú a chairte. Fear umhal gan tnúth gan tacha áthasach tádhbhachtach treathan, an chnú chumhra nár chumhdaigh cealg ris gach dáil ba feárr i bhfearaibh. Re maothmhac Chléimein níor chasmhail an mál do ghnáth chluithche Mharsa, níor thaobhaigh Venus ná Bacchus tar fhiadhain riaghalda an reachta.
Is glan do scrúdsan cúrsa an airm is tréithe teachtaighthe an treabhthaigh, níor mhó leat cómhtheacht na mara ná tighearnas a shliasaide ar chapall. Tug d'ionnracas a uidhe is a aire is tug don daonnacht taoscadh a thaitnimh, do chuir dúil i lúth na leanbh is tug don chrábhadh áir 'na chaluinn. Do thógaibh órghuil na n-amhus, do chaomhuin tréine agus taise, ba dá staoil a laoidh 's a leabhair, bronntach bóllaigh óir is earradh. Bronntach stéad gan spéis i sparuinn, bronntach bríoghmhar bídh go mbrataibh, bronntach suaill na suadh do mealladh, bronntach créacht ón éachtghuin eascair. Ceannuightheoir síoda is fíona is fearainn, ceannuightheoir cliar nár iadhadh uim ghanguid, ceannuightheoir dána is dáilteach deabhtha, ceannuightheoir ceoil is dóigh na n-amal. Searc na niadh is niamh na n-ainnear, searc na ndruadh is uaill na n-aindeas, searc a ghaoil is príomh a shleachta is searc a namhad d'ais is d'aithchios.
Leonadh laoch an taom ler teascadh cnuas an choill choinnligh ó Challuinn, ní fhuil sceol don fhóirlioch againn acht gur scuir a ghéibheann géag don ghaisce. Ó gluaiseadh an cuaille cascair go hEas Geibhtine an eileatroim apthach, ar shuan ar bhuaidhreadh ná ar bhainis dar gan é ní fhéachaim a aithghin. Madh fíoch i gcríochaibh nó calm, is uaigneach ball gan ann a shamhail, ioldánach furránta feachtnach cosantach ceannsa meamhrach maithmheach.
Is muna mbíodh éad mhic dé go dearbh re fóirnibh Fódla na faille, i meadhón a aoise i ndíosc ní rachadh an gaodhal gréagach gléshnuighte gasta. Fál na bhfann is teannta a dtachair, ceann a dtreora is tós a dtaistil, cuairt na gcliar is cliath a dtaisce is cúil dídin na naoidhean ar scathluinn. Is mó ná méala an chré do cailleadh, ríoghghuailleadh d'fhíorchuaine flatha, colamhain lóin is cóimhdhe uim cheathraibh, tighearna dúithe is cúinge catha. d'fhearaibh Áine is dána an mharthain, an méid dá n-iarsma a mbliadhna mhaireas, bheith beo iar nódhul i dtalamh d'Éamonn cham nár chrannda i gcaismeart. 'S ó chuaidh griangha an iarla i dtalamh, 's a phár gan áireamh a bhfeachtas, na sóisir gan seol gan seasamh, gurab é an fionn sa a dtúr 's a dtaca.
A dtarbh tána a gcnámh 's a gcathair a sciath a sciamhthuir 's a scabal a réiltean iúil a mionn 's a mbratach a séad 's a stéadaire faithche. Is dá naomhadh séala na Sacsan fábhar a bhráthar 's a mbailte don déidgheal donn nár chrom ar chreasaibh, ní raibh iarla thiar nach leanfadh: I méid i maordhacht 's i maise i n-iul i n-iomchar 's i gcaitheamh i ngaois i ngníomharthaibh 's i ngradam i gcóir i gcródhacht 's i gceannas. Mo nuair an ghruaim seo do ghreamuigh an fód tré thóramh na maidne, ar chruithneacht Chonallach otharghlan atmhar síol fuighille ní ba hannamh. Iomdha scríob fá scís ón scathamh, iomdha gréach i mbéal 's i mbasaibh, iomdha donán diombádhach dearcfhliuch feadh Mumhan dá chumhadh 'na spreasaibh. Fanntaise ár mbanfhlath do meascadh, an dá Mháire um thasc an arraid, mearchiall na mbaintriath ní machtnamh, máthair is tánaiste an tseabhaig.
Don Chlaonghluis chraobhaigh ní dheachaidh go fóill bheith breoidhte faoi scamail, is ní fhiadaim trianghul a ngalair d'aithle an bháis do bháidh ár bhflaitheas. d'aithle an stóir do chóidh ar eachaibh oidhche luain gan luascadh na altaibh fá theorainn na gcóirneach ndealbh 's gan síliochtain aoin re na aisig. Is guirt an gháir seo i ndeaghaidh an mhairbh chois Daoile is timcheall ar Sheanaid; do chuaidh nuaghoimh a fhuachta is a aistir i gcnámh ar Chárthachaibh Chaisil. Do chuaidh a liach go diachrach dearg mar mhál i mbranánaibh Aradh, iarla an Chláir ní nár gur ghairid 's a méid i gcriaidh dár thriall dá aicme.
Dar mo chúis a gcumha ní machtnamh, air a ghaolta fé mar ghabhaid, is díobh árnuidh árd Chill dara Iarla Siuire an diuic 's a reanta. Is díobh Búrcaigh Brúnaigh is Barraigh, is díobh Róistigh Bóinigh is Baiscinnigh, is díobh Rianaigh Ciaraigh is Ceallaigh is síol Aodha an tsaoghail do scaipeadh. Is díobh na Déisigh Éile is Ealla Breifne uí Ruairc is tuatha Teabhtha dáil Fhiachrach fialAruidhe Ceara Tuathalaigh Cuanaigh is Branaigh.
Is díobh Paeraigh méargheala ó Mhachain Nuinnsionnaigh nimhneacha is Breathnaigh fir Chualann Uaithne is aoibh Meachair Cinnsiolaigh is glinn ó gCathbhadh. Earnaidhe Mumhan Umhall is Eamhain 's an eang so thimchealleas Teamhair Dartraighe dáil n-Araidhe is dáil n-Aithre fear Muighe fear Luighne is fear Manach. Cothluighe an chiuil is Cúrsaigh cearta Corca Dhuibhne is ríoghradh Raithleann deala Grós síol Róigh is Cathail is síol tiomarcach Tumultaigh ón gCarraig.
Aoibh gCuinn íbh bhFidhgheinte is íbh Eathach íbh Musc íbh mBruin is íbh Maine íbh nDuinn íbh nDíomasaigh is íbh Neachta is Oirghialla le siaram nár sladadh. A chóir ar dháil n-Eoghan níor bh'fhalamh 's ar dháil Riada riamh ba rathmhar, do bhí fialfhuil Chianach go neartmhar i ngnúis an laoich nár thím i dtreasaibh. Ní tualang tuatacht mo theangan ná mo chuimhne chríon gan cheapadh ná m'eolas d'fhógras bheith ghearra dísbeag a ndígnit d'aithris.
Is muna mbeadh uamhan uabhair eachtrann cospóireacht Chriostóra is Chathfraidh ag cur buaire mo bhuaile gan bleachtas, do chuirfinn gné dhi i bpréimh 's i bpratainn. Ní fhuil taoiseach gach ríoghfhuil rathmhar ná uasal cuallachtach creachach feadh an chláir seo a dtáid a thaise nach raibh gaol Éamoinn ina fhalluinn. Ní deoradh scóipfhir ná scainnear 's a ríoghna míonla gan bhainne do bheith brúidhte i bpúir 's i bpeannaid d'éis an áir ar chách do clannadh. Is go bhfuil tóirneach eolchaire as easaibh is ciachbhruit chiara uim an ngealaigh na héigneadha tréith gan tapacht is tug an ghrian iarracht nár thaithigh. Táid réilte na spéire ag sparruinn is na heoin re heonsachas balbh, tug an mhórmhuir ghlórach gharbh béim uathmhar d'fhuagair a fearg.
Tá Morpheus cosodhar clagach do shíor i bhfísibh dá bhagair, tá Glaucus allta 'san gcaladh is na trí trír ag faoi go fada. Táid na coillte ag caoineadh an mhairbh na háird go gáibhtheach dá ghairm na haibhne ag áidhmhilleadh an eathair is na treoin i ródaibh a ndallta. Forba an tsinnsir cnaoite i gceasacht tré fhoghair na foghla do rala, i mainéar Cinnéide 's i M'alla is lúithreach a lúbghort ar ndeagailt. Tá Tráigh bolgán borblán barcach is Baile an phoill gan nídh 'na ndearcaibh, Móin otradh gan forbart ealtan is Lios na coille fá chonafadh an cheatha.
Ráth na saor ní saoth gan adhbhar is Tír na heille dá dtreise gan athnamh, an pobal seach feádh ina bhfásaid sceacha is Tomb Daoile 'na díoghaltas fala. An Cnocán ruadh so thuas ag fearthain is Cnoc Fírinne thíos go frasach, atá Méin ag sméideadh ar a macaibh dá ndúiseacht d'ionnsmadh a dtrealamh. Druim an fhiaidh se thiar im aice fá cheo ó nóna go araile, Cill Íde ar líonadh do mhairg is Claonach i ndaorbhruid a dalta.
Atá Cill Éidhleach céasta ag cneadaigh is Cill Chonnrach cúlchluthar cleachtach, Cill Alatach ar dearmad aithne is Cill Mhíchíl go díomhaoin ag tafann. Atá Cluain lom gan chonn gan chathais is Inis chaoin re maoith ag mannar, atá an Ráth go cásmhar ag amharc is do thuirling onnsa don Cheapaigh. Ní fhuil taobh Ráth chraobhárd ceanann don chúil a dtúsa gan dainimh, tá an fuad ar bhruach Bhaile an langaigh is Bóthar greanuidhe ag ceasnaoi a cheana.
Atá an ceolbhrugh córach craiftneach tonnadhach taidhleach taidhbhseach teastach bruthmhar biadhmhar fiannach fleadhach fá smúit iar mughadh a marcaigh. Treabh chuanna chuarruilleach chleasach treabh lonnrach longphortach leapach, treabh choinnleach chuibhreannach chlannach, treabh lódach lóchrannach leathan. Teach daoineach díomasach dathach, teach buadhach buabhallach bratach, teach feoltach fóbarthach fleascach, Gort na tiobarad tuinighthe an teallaigh. Gort glámhach gáirtheach graifneach colgársa congháireach caithmheach sinistreach seomrach sómplach seanta brothallach bruidhneach bíomach beannach. Iostadh úr úrnaightheach eascrach, iostadh shámh shlánlusach shleaghach, iostadh oll fhoghlamdha fhailgheach, iostadh ghreadhnach ghadhrach ghreagach.
Foraois thrúncach ghlúineach gheamach fhidhcheallach uallach uaithneach eangach imiorthach ólach órdach altrach luinneardha líomhtha líonmhar lannach. Dúnadh duanach duasach dreamach, dúnadh sciamhdha sciathach sceanach, dúnadh dréachtach déarcach daingean dúnadh draoitheach díogach dreasach. Múr múscach mongmhucach martach biaideánach cliabhánach creasach cleaslúthmhar carbhusach ceathrach srianach slóghach sróllach sleasach. Fionnlios grianach giallach glasach puballach plátach páirceach peatach soilbhir saoitheach soillseach slatach cupardach cuacach cruacach ceasach. Foirghniomh ómrach óirdneach altach uscarach aillseach aidhbhseach eachlach soineanda snuadhach suaimhneach searcach muirearach maidneach meadhrach mascach. Fionnlios fíontach faoilidh flathach druineach damhsach deallrach dartach long láidir nár láadh a lacht as go cur Éamoinn d'éigion aisti.
Do bhídís gárlaigh báird is bacaigh is truagháin i súgánaibh seasca uim an ngéis nár bhéasuigh meabhal dá n-óighréir fá bhórdréis an bhalla. Fairche an triuin d'iompuigh re n-a aisling is adchítear a línte ar n-aibhche, dearbháirghe i leargráthaibh chanaid achmusán ag armáil nach aithnim. Atáid na gleannta i gcanntlamh gaiste is táid na liaga liatha ar lasadh, atáid táin an fhásaigh ar spealadh fá chiach i gciamhair 's i gcreathaibh. Atá Gleann chaoin go tíortha tartmhar is Gleann dá bhodhar gan fonn gan aiteas, atá Both árd gan bhláith ar scathaibh gan fiadh gan iascach gan eanadh.
Atá Bunóc chumógach chasta ó Thulaigh anuas 'na cuail deataigh, an Fhionnghlais fós iar sódh i seascas is Tobar an ghéidh gan léas a lachta. Atá iachtach iarmhair is aradh, uallfhartach chuanarta is cailleach, seanlaoich i gcanntaoir iar gcrapadh is gártha fiach 'na dhiaidh i leachtaibh. Gáir is mó fhoghnas don anam, an gháir is lia thriallas chum leasa, gáir chléire i mbréideannaibh breaca ag déanamh síthe an tí rena airthear. Ós cinnte an chríoch san gan chasadh mar phéinn ar phréamhaibh an pheacaidh, is gan ár súil a húir re haisiog, gairim leo ina dheoidh mo shailm. Cuirim lé mo chré 's mo phaidir mo shlán mo thrátha is mo shaltair mo bhiadh mo bhriathra mo bheannacht 'na slighe go maoilinn gach maithis.
Guidhim úire is umhla na n-easpal is naomhthacht aonuchtlaigh Anna, a dhúthracht féin a chéim gan chamadh is páis Íosa dá dhídean ar dhamaint. A Thrionóid is fíorchomhachtach faicsin dísligh is dírigh gan deacair an féinnidh dá ndéinim an aiste anonn go longphort an bheatha. Amen. Is coingibh a dhia an tia se nár dhealaigh atá beo, is ár ndóchas ina ghlacaibh, i séimhe i seanchion 's i seasamh i gclúchruith i gcúram 's i gceannas. A hósta ghlórmhair na n-aingeal, ár liaigh ón liamhain si leasuigh, congnaidh is cumhdaigh is caigil oighre an tséin gan bhéim gan bhascadh. Gan diamhair iarraim is aitchim ar ghrásaibh ághmara an fheartaigh m'oighre groidhe na Daoile datha do thabhairt i n-am anall ó Nantus, 'S a chur tráith i n-ádhbhaidh a aithreach i saoirse a shinnsir gan easnamh, is é scóllfas don scót gach scannail Seán na sursainne an ridire reannach.
Do dheoin an trócairigh threabhair tiocfaidh ua uasal an dreagain d'fhóirithin óirne go hathlamh le fuascailt mar Thuathal Teachtmhar. Is é fhillfeas arís na ratha, is é thógfas an cóta lachtna, is é chríonfas ar chríon don chrannaigh, is é ruaigfeas uabhar is aithis. Is é úcfas úghdair na n-arracht bhíos ream thaobh 'na maoraibh tacair, is é riomsa bhus ciuine cleachtadh, is é íocfas m'íota re seachtmhain. Léigfead don léidbhile feasta is guidhfead Críost go díochra im leabaidh fá réightioch an té sin do theastuigh 's do thabhairt an bheo tar bhóchna bhallaigh. Críochaim don laoidh se, mo leamhas, giodh truagh liom fuainne na faire, dursan túr na dtrúp ar dtrapadh, dursan é is a chéile ar scaipeadh. Finis. Dursan éag Éamoinn mic Thomáis Chaim ursa léir éifeachtach fhurránta fhionn, an curadh caomh gléshnuighte guthárd glinn do dhul i gcré adéarainn gur diombáidh liom.
Scur don ghéig ghréagaigh nár ghríosáil cill 's nár bhris a scéimh aonaigh ná a macámh mionn, tuisle ghéar éisling is uchtlán tinn gur ghuin an féigh féithleann na bhfiodán bhfionn. Ós turrainn tréith d'éigneach bochtán dinn 's nach cluithe clé bhéaras don ghiolltán gioll a Mhuire, réidh féinnidh an asáin tslim go hinis ndé ngléighil is folláin fonn. Amen. An fear céadna oidhche a adhlaicthe ar Slioghe. A Ghearaltaigh a Charathaigh 's a Chaisbhrianaigh 's a theannachair na n-anbhfann do ghairtbhiathadh, is anacrach an ragairne don lagiath se do mharbhdhul i gcarbad don Eas chliarach. M'anaiteas do bhanaltra go mearchiallach 's a hanbhfainne ag ceannaraic le cneadliachaibh, do mhaicine go banamhail ag basiachtaigh 's do leacuighthe dá leargaibh ag leathfhiaradh. Don ghasraidh si id leanamhain is neamhghrianach do mharcachas fá scamalaibh i gcasc chiartha, a chathbhile ba ceannasach i ngalghliathaibh, is t'eachradh fá ghadarach i n-ainfhiachaibh.
Atáid fearchuraidh chalma go flaithdhiachrach is eaglais ar mearbhull i mbeart riaghalda, atá searbhas gach seannma le baintriathaibh fá t'aistiorsa go fairche na bhfear ndiadha. Is feargach na falluingeacha dathchiara do dhealbhuigh an atuirse uim ad ghealrianaibh, argain an chearrbhaigh do dhearc iadhta, is ní lagsaine don bhalgaire bhreacriabhach. Ba meanmach do mhacnais i measc thriaithe is ba carthanach do thabhartas i dteach riartha, do b'anaireach i machaire do mhacshliasad nár dhaingne re cranndoire cneasiarainn. Dá dtairginnse tairbhe do ghlanmhiannaigh is t'athardha do reacaireacht i measbhriathraibh do b'ealathain go n-airbhe mo leamhfhiadhain 's gur ceannachadh ón eagnamh a n-aithchriathradh. Ó's dearbhtha do mhairbhne nach leathfhiadfainn dom ainbhfios gom anabaidh an bheartiarraidh athchuingim gan eascuine gan aithchiapadh le hainglibh go parathas do cheastsciathadh. Amen. Ar a mhac oighreachta .i. Sir Seán do bhí i Nantus an uair sin, 1666. Dáibhí ó Bruadair cct. L: Dáibhi mac sic Bruadair cct. do Sheaghan mac Gearailt .i. tighearna na Claonghluise m. Do ghrásaibh foirfe an toirghin trócairigh ní bháidhfidh tuile 's ní thuitfe le tóirneachaibh, ní thráighfidh tinneas ní mhuirfid beochuilg, ar ndáil i n-ionaid go bhfille dár bhfóirighthin.
Sásadh leinbh bhus teinnide tóranna do fágbhadh linne mar chime re cróbhile, a mháthair mhiochair 's a bhuime na hóghachta, tárthuigh uime san iomlucht fhórlannach. Gan beárna, a Mhuire, tar chonafa an chósta cuir le fábhar fuirinne an ridire leoghanta, Seán na sursainne scuirfeas gach eolchuire don ghnáthghort ghoirthear ón dtiobaraid dtócharaigh. An lá nach luighfeas chum loinge re lódaireacht tláthuigh tuirm na tuinne is a tóicheastal, don tsáile siosma ná fulaing re feothannaibh go dtáir an curach tar chiumhsaibh an cheobhuinne. Dár ngáir gan innmhe scuiream, a comhursana, is áileam cumas na cruinne go comhnaidhtheach, an pháis dochonnairc dár gciontaibh i gcomhgaraibh fár gcáirdibh uile do thuilleamh a foghnamha. Foghnamh créacht éinmhic an athar neámhdha go bhfóire mé ar dhéine mo dheargnámhad, an fhóir si i bplé an tsaoghail ar anabhásaibh is gach cnó nár chaoch saoradh dár marbhánaibh. Amen.
A HÓGAIBH ÉIRGHEAS FINE.
Duain Leanbuidheacht Sir Seáin mhic Ghearailt. Cúchonnacht ó Dálaigh cct.
A hógaibh éirgheas fine gnáth riamh do réir fhaistine, nach éadtréan a sleachta soin céadfhréamh gach ealta an ógbhaidh. Dá gcreidtear d'eol gach aicme ó ló cúmtha an chéadmhaicne nó is mearaighthe móid na sean óig seanaithre na sinnsear.
Gibe le a bhfríth fios a scéal bun sleachta na sé gcinéal don tréad do dhéiniomh deaghla éinfhear géag a ngineamhna. A dteacht ó ógaibh tar ais cleachtadh síor i ndiaidh dhúthchais do nós an ghéigshleachta ar ghin tós céidteachta gach cinidh. Uatha tar óige a n-aoisi gintear fréamh gach foraoisi 'na thoibhéim orra ní an coiléin lonna na leoghan. Ó íochraibh fásaid maighre a meas éirghid ághdhairghe airghe gach sleachta mar sin na haibhne ag teacht ó thabribh. Athair seanbheach an sáithe maidean máthair grianláithe sealbh gach deirbhfhine 'na dheoigh leanbh ceinnbhile gach cineoil.
Mar thig sreabh a taobh tuinne atá ar sliocht Seain Calluinne tuir Chliach fán craobhghlaisi cuill triath na Claonghlaisi ag crobhuing. Beangán a fiodhbhaigh oirdheirc tuillfidh d'ainm a huasailbheirt roighéag bhus fothain dá bhfiodh coimhéad sochair na sinnsior. Mar éirgheas coill a craoibh fáis oighre Éamoinn mhic Thomais ba fáth méadaighthe dá meas bláth an ghéagfhoithne ghineas.
An cnoc is airde is é is fuaire ciodh uaidh as giorra an ghrian an té as caoile dochí an chóir is dó is daoire an rígh gan riar.
Óna aicme go mbearthar breis ní hiongnadh diar mhó Muiris le Seoghán mac Sir Éamuinn gleodhágh shlat d'fhigh óirnéamhuinn. Támhan óg dá n-umhlaid coill scoth a mhaoine mac Éamoinn ceann foirne taillfhine a dtréad oighre ár mairine an mhionghéag. Brat caomhna leasa Luimnigh leanbh bhus ceann dá chathbhuidhnibh caor bhuaidh Bhaile na Tráighe fear faire cuain ciuinMháighe. Cosnamh na dtuath tiocfaidh de aois leinbh an t-am fá dtréigfe ba geall re aithbheodhadh an fhuinn ceann caithleoghan ó gConaill. Ní tearc ann uim mhac Máire ag seinm gcrot gceol lúthgháire lucht grianphort linnbhinn nach lag um iadhghort tirmshlim na tiubrad.
Mór bhfear dán ceard a gcuma ann le dréachtaibh díoghluma d'aois dealbha na nduan snuighthe ealbha na ndruadh ndearsnaidhthe. Tilfidhear re mac Máire bruach Daoile is slios seanMháighe, nach feas a bhfoighne falamh aibhne ag meas dá méadughadh. Beithir nach báithfe fala réalta eoil na heangnamha bláth clannmhaicne Ghréag ar ghoil géag bhus armaibche i n-iorghoil. Crú asr airde i n-inis Fhloinn beag is maoidhte ar mhac Éamoinn scath foirne finnghréag 'na fhuil roighne cinnghéag ó gCárthaigh. Ó dtáid uimpe uaisle ó dTáil síol gCearbhuill uim chrú Sheagháin craobh is líonmhaire do leath is gaol ríoghraidhe Róisteach. Gearr go mbia 'na bhrághaid gill tins bheo is crithir d'ár gcoigill ar ghaois ar dheallradh ndeirbhe d'aois is d'eangnamh indeilbhe.
Mochean don fhlaith le mbeirthear na sleachta uaidh ainmnighthear dár roichéimne an fáth fá bhfuil cách ag aithéirghe a hógaibh. A SHAOI RE GLIOGAR.
Bladaireacht do rin duine éigin do Dhiuic Urmhumhan. Ag so rann do dhuanóig bhladaireachta dorighne duine éigin do Dhiuic Urmhumhan.
Is fearra fá sheacht don talamh a theacht dá chasnamh ar neart aineolach 'ná Conn is Niall Goll is Brian is Fionn na bfiann bhflaithólach.
Freagra Dháibhí uí Bhruadair ar an láinbhréig sin. Dáibhí ua Bruadair cct. dá fhreagra go fíchnimhneach.
A shaoi re gliogar gibé thusa, níl mé dhuit acht d'aithcheodhach an chúntais chlaoin se id chúrsa scríobhtha ar chúig do ríoghaibh rathFhódla, dá rádh riusan gur feárr diuice mar fhál cúil don tseanfhód sa ionná Conn is Niall gart, Fionn is Brian geal is Goll grianda mac Mórna. Rádh do dhuaine is feárr seacht n-uaire an t-áirsidh uasal leat mórthar ionná iad uile d'iarthar fuinidh iar dtriall chuice d'aineolchaibh, mar scéith chosanta ar éigion orchra an té más cosmhail réad chomórtas biadhfaidh badhbha i rianaibh madhma is liacha Laighneach aigeoraidh. Do Chonn más céile an diuice déidgheal uim chumhdach Éireann caitheochaidh, nó mun ndeárnaidh óirleach ádhbhail ir dóigh do dhán go n-aiseocaidh, nó más connachlann é don Iollann sin, ba chaor churata i gcathródaibh re lucht foghla is luit na bhfonn sa, ris ní holl a n-aibeorair.
Más Niall frasach nó Niall Caille nó Niall glasach galghleodhthach nó Niall glúndubh uim iaith Fhionntain tug fialfhionn a ghlainfheola, nó más fuilingidh mar mhac Murrainne do leas turba an tearcbhóllaigh, faidhleann Dúrlais a adhradh dhúinne is deimhin gur cúrsa cneaschórach. Nó má ruaigeadh leis ón gcuan sa breis is buannacht mhic Leoduis, fá ar thím codhnaigh chríce Cobhthaigh go dísc doghrach dearcdheorach, is córa Séamus fós do naomhadh 's a chló chéadna d'altóradh ionná Brian bárrthiugh d'fhiad go láidir fianna Fáilghuirt d'aithbheodhadh.
Uaidh más léir duit d'uaislibh Éireann tuairim céad noch d'aidmheochas bheith dá tharbha i dtreise a n-athardha is eision eatortha is anfhorlann, giodh miosúr tútach d'uilliughadh diuice cur chúig bprionnsa i neamhglóire, i bpríbhléid file bíodh sé libhse is rímh cé an cuire cneadhfhórtha. Cúigear féinneadh lonnmhear léidmheach cumhachtach céibhfhionn cleaschródha, dár ghiall Muicinis iathghlas uilleannach fhiadhach fhiolarach easghlórach, ré fíoch námhad ndíochra ndána ag dídhean cána a caithleoghain, ní fhiad éigeas i n-iaith Fhéidhlim trian a n-éirleach d'athchóimhreamh. Má rín eite ar bith do shíol nGeilbirt gníomh is treise 's is tailcbheodha ionnáid úrtha is éachta an chúigir chréachtaigh ionnraic fhéilghloin onóraigh ag caomhnadh an fhoinn si ar bhéimibh bíodhbhadh d'aontoisc íodhbartha aindeoradh, is mór an dearmad d'eolchaibh Banbha fós nach facamar canóin ris.
Is duan gan daonnacht d'uaislibh Éireann tuaraisc mhéirtneach bheartónna uaibh dá bhflathaibh cruadha catha cuanna cneasta ceannórtha, is ní dú annsacht an diuice ann duit, ós clú cham gan cheapórdacht, s' a sháith do chaithréim, nár chás 'na cheart féin d'fhagháil gan aithbhéim seanóradh. Do rin béal bladar nach measaim gur d'iulachaibh oiléin fhairsing ghlais Eachaidh is Iughaine, sruith bhréag smeartha nach faicimsi clúda ar ghuth i sicréid leabhair na Banbha brúighte si. Tug sé barra tar scathaibh gach prionnsa abhus i riméis damhas ar thaithneamh a dhiuice dhil, mar úrscéal ghradaim ní gabhtha don chúinge ghlic truidéis teasta nach baineann ó chúrsa ris. Do chuir é aga tar ealgaibh ongtha ár nguirt ar choiméad eachtrann seachain go sonnradhach, 's i gcinéal nGearailt, d'fhuil Bharrach nó i mBúrcachaibh a leithéid d'fhaicsin nach deacair gan diuiceachas. Ní tug fé deara dom bharamhail Conn go tric, do bhris céad machaire uim cheannas na dúithche si, ná goil ghéar ghalata ghleaca mhic Múirne amuigh, le dtug tréad lachta ann gach baile gan bhú tar muir.
Ní chuir sé i bpratainn, má thaistil i liubhraibh Scuit, cuid Néill Chaille is Néill fhrasaigh don chúntas sin, cuid Néill ghlasaigh, má d'airigh níor smúin ar smiog, ná ar chuid Néill aile do cearadh le cúngcasaibh. Tug mé i n-anafadh m'anma d'úrlacadh an bhrilléis aiste gan aiteas gan úghdaracht, is Cinnéide armghlas d'fhearaibh an chúige si a chroibhéacht arrad nár aithris náid úrtha a mhic. Tug sé i ndearmad marbha ar dtúis mhic Broin is croibhéil chama na ndanar do bhrúth go bun, mainéar eagailse i bhfearann 's i bhfonn do chur don gheilghéig d'aisig dár n-aithribh a gclú 's a gcuid. Sin é an cathbhile ar ghallaibh na long do luigh is tug saor fearradhacht fairche ár bhfionn a bruid, tug séala athanta ar shleachtaibh a slonntaibh cip is do chuir re leanbhaibh teagasc gan tionnlaice. Tug éirle eachtrann airgthe is ionnradh a gcroidh 's do rin réir charad go dearbhtha dúthrachtach, do scuir sé screabaill is daladh na dúbhroide is tug réidh sealbh gach leasa dá dhúthchaisioch.
A fhir chléibh thairgios treabhair gan chom gan chrios, mun bhfuil fé ad tarmainn taca don diuice ris, gurb é a athair a phearsa nó glún don fhuil do rin éacht amhuil, do mealladh id mhúnclum thú. A chluanaire aindeis nó a amail gan faobhar fis, nach tuarann lasair id leacain más d'Éirinn sibh an tuairim tharcuisne ar cheapaibh a craobh do shil, ód bhuain an abalach aiste gan ghaol re glic. Mun bhfuascladh ainnir d'fhuil Bhreatnaigh no d'aobhfhuil Scuit an ghuasacht anabuidh aisig do thaobhaigh mé, re tuathbhaladh searbh na seannama saobhair sin is suaill mo scarta tar tairsigh nach taoscfainnsi.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services