Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Duanaire Dháibhidh Uí Bhruadair I

Title
Duanaire Dháibhidh Uí Bhruadair I
Author(s)
Ó Bruadair, Dáibhibh,
Compiler/Editor
Mac Erlean, John C.
Composition Date
1630
Publisher
(Londain: I.T.S., 1910)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


ÉIST M'OSNADH, A MHUIRE MHÓR.



Éist m'osnadh, a Mhuire mhór,
a chiste cheolmhair na gcliar,
caomhain sinn ar ghonaibh báis
i gconair sláinte gan chiadh.



Stiuraidh sinn san slighe gcóir,
a ríoghain ghlórmhar na ndúl,
a aonbhláith tairbheach na dtreabh,
do shaorlámh leasuighthe liom.


L. 4


Scaoil mo cheangal, meas mo choir,
cneasuigh mo luit, fóir mo ghuais,
ná fulaing me i ngalar a bhfad
fá chumas na n-áracht nduairc.



Aibhseach mo lochta, faraoir,
och, a ríomh ní tualang m'fhios;
mo choinsias go meata mall
is clí criadh go teann rem shlios.



Uaibhreach m'inntinn, beag dam ghrádh,
líonmhar ár sáithne don tsainnt,
ádhbhal ár n-anntoil don drúis;
crábhadh ní smuainim im chainnt.



Formad fós, giodh claon an cheard,
baoghal go dtarla ionna líon,
canntlamh tré shonas gach fir
dom shreangghoin le mioscais bhíodh.



Measardhacht níor charas fós,
cíocrach chum óil mé gach uair;
ní huras dam séana an chraois
a dhéanamh, a Chríost, is cruaidh.



Fuathmhar bhímse gan chúis cheirt,
diultaim dul i gcumann cáich;
le fraoch fírfheirge gan fhos
i ndíbhfheirge na n-och atáim.


L. 6


Maidion domhnaigh rígh na ríogh
dofhulaing bhímse re triall
fá thuradh teaghlaigh na n-ord
greadhnach ár nglóirne gan chiall.



Déanamh troisce ar aithris ndé
seachnaim ón cheird sin do shíor,
barraim an fhírinne cheart;
is eagal go gcaithfiom a íoc.



I n-urnaith níor chuireas dúil,
iongnadh ár dtnúith ris an olc,
ní déarcach dearbhtha mo lámh,
ní labhraim go tláth re bocht.



Coimhéad na saoire go glan
do réir aitheanta na gclár
níor fríth uainn ar foghnamh riamh,
a ghlórMhuire, giall dam grás.



Tothlaigh taithleach ar an uan,
do bhá a uamhan tar mo cheann
do ghlacadh i ndíol mo locht,
's an fhíonfhuil do dhóirt 'san gcrann.



Guidh ar mo shon chum do mhic,
a chruth mar lil i measc rós;
cuimhnigh gan me léigion uait,
a raechainneall nuadh ár n-eoil.


L. 8


A inghean dil athar na bhfeart,
a bhuime bhleacht Íosa Críost,
a leannáin leaptha an spioraid naoimh,
ná ceaduigh mo léigion síos.



A chnú cheannsa na rosc ríghin,
a dheallradh dhíleas na n-ógh,
smuain mo dheacair, féach mo chás,
ná héar, a ghrásach, mo ghlór.



Smuain an treabh, ór síoladh sibh,
do dhíthchioll cuir ar a dtaobh,
a ghruadh ghartha dhrithleach ghrinn,
ní cubhaidh riot druim red ghaol.



A los umhla na naoi n-órd
's an tslóigh d'fhulaing péin abhus,
aitchim toradh páise an rígh,
do tháil srotha a chlí san gcrois.



Uird na n-aingiol is na n-ógh,
uird na n-apstal is na naomh,
go raibh linne lá na liach
dár sciathadh ón gcuire gclaon.



Mo chara mhaith apstail féin
Párthalón naomhtha mo chiuil,
a chuidiughadh iarraim do ghnáith
go bhfialghuith an táilghinn úir.


L. 10


Sirim ortsa, a choimhde cháidh,
tiodhlaic dom chairdibh go léir
saorchioth dod thrócaire shuairc;
a róbhruid fuascail is éist.



CEANGAL.
Éist m'éigneach, a phéarla don phór ó dtáim,
is féach créachta mo chléibh chuil go leor ar bhfás,
mé i n-éigion ghéarchoilg chródha an bháis,
a ghéag naomhtha, a ghaolMhuire, fóir mo chás.




B 1640c 17L
SCÉAL DO SCAOIL.



Scéal do scaoil fán mBanba mbraonaigh,
ní binn lem chluais bheith dá éisteacht,
dobheir mo chroidhe go cráidhte céasta
gan é a ndiu an té bhí a ndé againn.


L. 12


Méadughadh maoithe scaoileadh an scéil sin,
a shúile ag dúnadh ar a chéile,
a aithne a chuimhne a chéadfadh,
's gur fiadhain ar iarraidh me féin air.



Is dona dhamh nach fada ó éagas,
is Seon go docht fá clochaibh claona,
cuisle a chroidhe croidhe mo chléibhse,
mo lubh mo liaigh mo leigheas mo chéadfadh.



Beidh an bás go bráth lem bhéalsa
nó go síntear síos i gcré me
fán seang súgach lúthmhar léimneach
do bheith ina uaigh ina uath 's ina aonar.



Ní beag 'na dheoidh gleo na gréine,
do chaoidh an teine an t-uisce 's an t-aedhear,
do chaoin an fonn an tonn 's an t-éasca,
do chaoidh iath is iasc is éanlaith.



Is é mo ghrádhsa do b'áille le féachaint,
filleadh a shúl a úrla is a éadan
guailne geala glaca is géaga
is ucht mar chubhar na tuinne tréine.



Ní mhaoidhim an ghruadh ghartha ghléigeal,
ná an béal tana dearg craorac,
ná an corp chomh bán le clumh géise,
ná an dá cholpa shocra shéimhe.


L. 14


Acht le deilbh le deise is le déanamh
is le crann 's a dhá dhícheall féin air,
tug an nádúr fhlaitheamhail aosta
túis na sráide ó mhnáibh na ndéithe.



Tug an fear gan tacha tréighthe
mian don mhaith is ceas don chéidil,
grádh don bhronnadh is fuath don éaradh,
cúl re cinnteacht aghaidh re féile.



Ní thug gean ná searc do ghréithibh,
ní thug toil do thoice an tsaoghail,
níor chuir suim i séad ná i séadaibh,
i n-ór ná i n-earradh, i n-each ná i n-éadach.



Slán don phlannda ghallda ghaedhlach,
gleannóir faille, seabhac sléibhe,
athair nimhe, onchú éachtach,
beithir beodha, leoghan léidmheach.



Fileoir feartach treabhach tréinmhear,
fiannaidhe fíréan, curadh cléireach,
fíorfháidh feasach, flaith na féile,
feallsamh file fiagaidhe féinne.



Bile buadhach nár fhuathuigh éigse,
abhall óir is fóir na féinne,
scathán scoil ollamh aonaigh,
géagán geal na mban do bhréagadh.


L. 16


A fhir thuas i dtuamba i t'aonar,
is ditheamhail damh gan dul do t'fhéachain,
mise a bhfus agus tusa i ndaorbhroid,
ní hé sin an cumann céadna.



Is beag nár chailleas leath mo chéille,
is béad go deo go brónach céasta,
anois cráidhte mar táim id dhéidhse
ní raibh Oisín d'éis na féinne.



Nó go gcastar sinn le chéile
lá an luain ar shluagh an tsléibhe
mo bheannacht agus beannacht dé leat:
bheith mar ataoise críoch gach éinne.



CEANGAL.
Go gcastar le chéile me féin is mo chompánach,
mádh fada mo ré béad céasta díoghbhálach,
ó theastaidh uaim féin an té seo i n-úir sáithte
mo bheannacht chum dé leat, a chéile chaoin náirigh.


L. 18


B 1643 17L
NACH AIT AN NÓS.



Nach ait an nós so ag mórchuid d'fhearaibh Éireann,
d'at go nó le mórtus maingléiseach,
giodh tais a dtreoir ar chódaibh gallachléire,
ní chanaid glór acht gósta garbhbhéarla.



Mairg atá gan béarla binn
ar dteacht an iarla go hÉirinn;
ar feadh mo shaoghail ar chlár Chuinn
dán ar bhéarla dobhéaruinn.


L. 20


B 1648c 17L
DO CHONNRADH FOIRCEADAL.



Do chonnradh foirceadal orainn ós cíosdlightheach
túis gach sochair don tobar ó sírshilid,
tionnscnaim tosach is toradh mo scríbhinne
chum lonnra a thoile 's a mhola go fírinneach.



ADORAMUS TE CHRISTE.
Adhraim thú, a thaidhbhse ár gcrú,
a mhaighre an mhúir neámhdha,
d'athruigh le searc ón athair go neart
dár gcabhair i gceart Mháire;
mar ghréin tré ghloin do léimeadh sibh
d'aonscrios uilc Ádhaimh
go rugais le crann duine 's a chlann
a hifrionn ceann cásca.


L. 22


A chainneal an chuain do chuiris chum suain
siosma na nguais ngáibhtheach
athchuingim ort anam an bhoicht
caigil is coisc Sátan;
gé mise do thuill briseadh do thaoibh
is tuilg na dtrí dtáirnge,
ná dún do dhearc lonnrach leasc
riom acht fear fáilte.



Tinnide ár spéis id bhuime, a mhic dé,
gur fionnadh do phréimh Dáibhi,
maighdean bhleacht do dheimhnigh reacht
radharc is rath máthar,
an fhinnegheal úr do dhionaghair thú,
a leinbh i gcúil crábha
glaine mar í níor geineadh i gclí
is ní thiocfaidh go fuigheall brátha.



Go bráth, a mhic, rug Muire mhíorbhuileach
's do thál i gcruis gan chuir dom chuibhriughsa,
i ndeáigh a dtugais d'fhuil mar íoc ionnta,
ná cárnuigh cionta ár gcine i gcruinnchúntas.



Is bághach mé re buime an ríoghdhúilimh,
i mbráithreas tug re duine an díolmhúineach
láidir glic do sciob a phríosúnach
uim cháisc a broid an chuithe chríonúrlaigh.


L. 24


Áirghe thigid d'fhiort an fhíorúghdair
an lá ria ndul do scrios an scríobúrtaigh,
giodh ádhbhar guil dár n-iocht a bpríomhdhúiseacht,
is feárrde fios gach nduine a bhfoillsiughadh.



Do dheárrscnuigh duibhe ar ghile an laoi lonnraigh,
i gcás gur chrith an chruinne chraobhiomdha,
do gháir an mhuir 'na mongar mhíchúmtha
ag áiriomh nith ar nith a gcríochchunncais.



A ghrásaigh ghloin, do mhuidh ar mhídhúilibh
a ndeárna d'ulc 's a dtuilliomh díothsmúinidh,
táith mo luit a hucht an choill chumhra
is máthar nirt is chirt is chaoindúthracht.



Dúthracht silte do chuislionn a Chríost i gcrann
is umhlacht ionmhuin tuilg do thaoibh don dall,
ionnradh ifrinn turas nár chlaoidhte fann
i gcionntaibh duine 's a chlainne ní híodhbairt ghann.


L. 26


B 1652 17L
CRÉACHT DO DHÁIL ME.



Créacht do dháil me im árthach galair
taomach tláth gan tádhbhacht tapa,
gaothchlis áigh na n-ársadh neartmhar
faon ar lár 's a n-áiriomh gaisce.



Do Ghaedhealaibh Fáil atáim ag tagairt,
an scéal guirt d'fhág me lán do mhairg,
mo léan mar atáid go scáinte scartha
méid a dtáire a n-áir 's a n-easbadh.


L. 28


Créad an fáth, níl cás ina aithne,
tug Éire bhán i lámhaibh danar,
traochadh árdchon gCárthach gCaisil
is laochradh Táil 'na dtáimh gan seasamh;



Na tréin ón mBántsraith, máil na scabal,
nár léig dá námhaid bárr i ndeabhaidh,
fraochealta áluinn Áine is tSeannuid,
gan aon 'na n-áit acht láthair fhalamh;



An t-éigne táisc ón mBlárnain mbeannaigh,
lear mhéan an clár 's a cháir do chasnamh,
gur thréimsiud cách ón sáth sul d'airigh,
ag séanadh a gcáis do sháraibh Sacsan.



Gach réadamh rábach dána daingean
don réim do thrácht ón Spáinn tar easaibh,
a bpréamha fáis uim lá gur teascadh
a gcéim a gcáil a gcáin 's a ngairm.


L. 30


Céadta atá dá rádh mar ghallaibh
a ngaol do tháith 's an ághmharaicme,
do raobadh beárna i n-áitibh eascair
ag caomhnadh a trácht 's ag fáil a fearainn.



Is baoth an cheárd don mháthair mheangaigh
thaodaigh thársna chráidhte chleasaigh
tréigean tán na dtáirdiol dtreasach
do chéadchuir fáinne ar bárr a baise.



A haontadh dháibh 's a lámh do readadh
lé 's a grádh tar chách mar fhearaibh
a péarla a páx a bláth 's a beatha
d'Aonfhear án is dá shliocht aithle.



Don mhéirdrigh mhná níor ghránda an mhalairt
caomhthach cáirdis cháich do ghlacadh,
ba séadach sámh ba sáthach seascair
gan éagnach smáil do bhá 'na n-aice.



Gan bhaoghal báis gan bháth gan bhascadh
gan bhréagnach báidh gan phláigh gan pheannaid
tréadach táinteach táclach treabhthach
re ré na sár dár dháil a lachta.



Do b'éachtach árd a gárda ceannais,
nár éar 'na láithibh gláimh uim aiscidh,
ba séimh a mná ba sádhail seanchach
néamhdha náireach mánla maiseach.


L. 32


Ba saor gan cháim ba fáithghlic feasach
a cléirigh cáidhe a fáidhe a flatha
nach claonadh lámh ó dheárlaic maithis
go héag na mbárr ba fál re deacair.



Ba léimneach lánmhear láidir leathan
taoscach árrachta áidhbhseach arrad
craosach cnámhach ceáfrach creathach
a stéideich ráis nach stánadh seachad.



A héisc ar tráigh gan sásadh mara
's a méithbhroic sáidhte i bhfán gach claise;
a ndéidheanach fághmhair feadha ag feacadh
le héigean dásacht fá 'n-a dtarthaibh.



A séise bárc ar sáil ag cneadaigh
ag déanamh áirneach dá lucht fala,
a haolbhruigh ghnáith 'na n-áitreabh aingil
's a sléibhte gheárr mar pháircibh baislioch.



Mo ghéarghoin, cá bhfuil ágh na ndreagan?
nó an tréith atáid le scáith a gcreata?
'na gcréchrith ámh atáid le fada,
is tré sin táinig tráith na faille.



An mhéid don phár is fánach mhairios,
a séan docháidh is d'fhás a bpeacadh,
gan ghéill gan ghrádh gan chrábhadh ceangal
ó chéile cách ag snámh le gangaid.


L. 34


Is céasta an tásc, a cháirde, chlaisim
bhur mbéasa tráighte tláithe taise,
go téacht an bhrátha ar chlár an tailimh
i mbéalaibh ársadh dá na gclannaibh.



Gibé le ndeárnadh lá na marbh
uim fhéil Sin Seáin nó spás 'na haice,
ní hé do bhá gan pháirt don mheabhal
i dtaobh gur sháruigh pápa Pheadair.



Más d'éinfhear táinig, más do cheathrar,
más caogad slán, má ráinig seascad,
más céad do táinig, más áireamh catha,
is méala dán na dáimhe ar marthain.



Aon troigh amháin níor fágbhadh aco
mar dhéirc ón stát ná ádhbhar leaptha,
dobhéaraid grása dáibh is aite
a léigion slán don Spáinn ar eachtaibh.


L. 36


Biaid féin 'na ndeághaidh go másach magaidh
d'éis a seárnta i mbláith a mbailte
go péatrach plátach prásach pacach
Béarlach beárrtha bádhach blasta.



Beith béabhar cába ar árd gach caile
is gúna síoda ó inn go haltaibh,
biaid ár ndúnta ag pruntaibh bathlach
líonta d'áirsidhibh cáisidhe is praisce.



Ag so an bhuidhean, gidh scíosmhar a aithris,
bhías 'na gcomhnaidhe i mótaidhibh geala,
Gúidí Húc is múdar Hammer
Róibín Sál is fádur Salm,



Fear an bhríste ag díol an tsalainn,
geamar Rút is goodman Cabbage,
mistress Cápon Cáit is Anna,
Ruiséal Rác is maighistear geadfar!


L. 38


Mar a mbíodh Déirdre an ghléghein ghartha,
Éimhear na gciabh 's a Liath Mhacha,
mar a mbíodh Aoibheall taoibh na craige
is banntracht chuana Tuatha Dé Danann;



Mar a mbíodh donnscáil fogha dá gcaithiomh
is marcaidheacht oll fá thromgháir sealg,
gleacaidheacht lomchnámh gcrom dá ngearradh
is freasgníomh boghalámhuidh ar foghail dá bhfearadh;



Mar a mbíodh dámhscol báird is reacaigh,
cleasaidheacht rinnce, fíonta is fleadha,
fastaoim ríghthe is míleadh meara
is crannaoil righin dá sníomh i gcreataibh.



Re linn an tí thug ní do cheallaibh
's do mhínigh sloinnte d'aois gach sleachta -
re linn mhic Cuinn, nar thím i sparruinn,
ba King 'san innse tríocha i ngradam,


L. 40


Ba iomdha borbthúr foirtil fionn fairsing
is cúinge cosantamhail colgchrón catha,
prionnsa pobaldlúith do dhoirteadh crú ar faithche,
sonn i ngormfhonn socharlonn Eachaidh;



Fionn an chochallchúil chostasamhail chleachtaigh
is Goll na dtorannbhrúcht - folamhughadh bealaigh,
Lughaidh do choisc a dtnúth - bochtanughadh Breatan,
's an lonnrach Oscar úd d'fhortaigh pudhair a athar;



Conn le dtorchair Cumhall - tosanughadh talchair,
is Connla solaschnú cosmhail riu i mbeartaibh,
drong na scolblong lorgúr leathan
ó mhuir na socairthonn chonnailchiuin chreachaigh;



Iollann na lann ba teann 's an gcarraig,
gur chlaochlaidh íota a ghnaoi is a dhealbh,
Mac Rónáin i ngleoágh ba treathan
is mac uí Duibhne an bhríoghmhar breasach;


L. 42


An té le bhfríth ón gcoimhdhe ceatha,
nach céasadh cill nach tuilleadh talluinn,
an féinnidh fíor tréar ling an bhachall
's nár éaguin í le suim 'san mbaiste;



Aonghus óg ó Bhóinn na mbratach
is Fionnbhárr fuadrach d'fhuathuigh aithne,
mac Lir na gcuach ó bhruach Eamhuin
is úcaire na ruag fuair duadh seachtmhain;



An beangán codhnaigh do thromghoin Balar
is Síogra bronntach rogha na healta,
Mac Niadh Mogha Goll is Garadh
Siosnán colltaigh is Bogha dearg;


L. 44


Murchadh an tsróill 's an óir do ghreanadh
do chiorrbhadh tóir do thóirneadh dreama,
Dubhlaing cródha an t-óg nár mheata
is giolla na lóchrann lóghmhar lasmhar;



Ceallachán do scaoil daoirse is ainimh
is Donncuan na sluagh do luaidh aistear,
Donnchadh colgchruaidh cathbhuadhach caithmheach
is Fáilbhe fionn do sughadh 'san gcairbh.



Och dul na féinne úd fá úir leacaigh
is é do ró bhris Fódla bheannach,
gan éisteacht ceoil acht bróinte scamal
'na céile deoir is ceo ar a ceallaibh.



Ní raibh críoch coimhtheach fá fhlaithios,
geadh madh líonmhar ríomh a ratha,
gan a gcíos do thíocht go Teamhair
nó na cinn do dhíth na bpearsan.


L. 46


Ní fonn stóir ní dóchas taisce
do ghabhadh an fhiann dár mhiann an scaipeadh,
an dómhan do thiacht 'na dhiaidh gan arm
a los ealadhan do radfaoi aisiog.



A uain dil umhail d'iomchar tamall
ualach dubhach go púnt chnoic Chalbhair,
luathaigh chughainn dod chongnamh beannacht
is cuaird dod gnúis ghil iompaigh feasta.



A n-uabhar súd, a rúin, na hagair
ní 'sa mhó ar na leointibh laga,
tabhair arís 'na n-ínntinn spreacadh
le a mbainfid dá mbíodhbhadhaibh íoc 'na masla.



Súd an damhna leam is eagal
a chlann Ghaedhil ghlais dár gcur gan aire,
méid ar gcionnta is cúis dár leagadh
's ár bhfuaruigheacht uim nuallghuidhe na sagart.



An t-athair cumhachtach dúinn do theagaisc
bheith go suaimhneach buan gan chealg
gan dúil i ndrúis ná rún gada
's go bhfagham ón ríghchúirt díriughadh is cabhair.


L. 48


Fuath na gcomharsan dóith nach taithneadh
re dia na ndúl ná tnúth carad
tathaighe an chraois an fhill 's an fhearg
's gan dísle i ndís dá suidheadh a gcainghean.



Déinidh do réir an té do cheannuigh
bhur síth go cruaidh do thuar flaithis
go crannach craoiseach cíochrach tagaidh
is cuiridh i nguais an nuadheachtrann.



Iongnadh adchím mo chroidhe do chealg
fuinneamh an tslóigh 's a dtreoir ar dtrapadh,
tiocfaidh an neol do dheoin an fheartaigh
chum a gcóra leo do sheasamh.



A mhic na hóighe 's a ghlóir na n-apstal,
do shil 'san ngardha creatbhraoin alluis,
roinn dod naomhthacht aom id chathair
don líon so i bpéin 's i ngéibhionn cheasa. Amen.



AN CEANGAL.
Is machtnamh línn, a chlanna Míleadh, sibhse bheith fann
is bean mhic Cuill gan d'agall innte acht gliogarnach ghall,
atá tearcadh maoine gairbhshíon is iomarca splannc,
ó leagsad Gaoidhil a n-airm síos fá chumas na n-amhus.


L. 50


Casfaid na Scuit le fulang dé tar tuinn
ar gcathamh a gcionn go hinnis Éibhir fhinn,
scarfaid a scuir re truthaibh tréigthe an ríogh
is bainfaid a broid a bhfuil i ngéibhionn dínn.



B 1655c 17L
IS BOCHT MO BHEATHA.



Is bocht mo bheatha i gcreathaibh éaga
i gcor nach faicim taithneamh gréine,
do lot mo dhreach mo dhearc do shaobhaigh
cloistin stair an arraid éachtaigh.


L. 52


Is grod an mhairg d'fhearaibh Éirionn
oscuilt chneadh ar dhreagan Déirdre
a chorp do ghearradh a chneas do raobadh
a thocht gan anam a mhala an éachta.



Is cosmhail fearthainn mhallacht dé dhil
do dhortadh i ngar don aicme léana
do thorchair flaith do ghread na céadta
's do chorruigh dreama i n-easbaidh a gcéille.



An t-oscar treasach frasach fraochda
fosach faicseach searcach saoghain
sotail seasmhach taithleach taoscach
lonnach leabhair lasmhar laochda.



Spot dom mheas ní raibh 'na thréidhthibh
ba comhthrom ceart a bhreatha saora
crobh gan chasadh ag scaipeadh spré chnuic
ba deacair teacht asteach i gcéill air.



Budh tosach catha an gleacach aobhdha
ag fostadh ár gcreach i n-aghaidh laochra,
a Dhonnchadh a fhlaith dá maireadh sé againn
dar Gobnait leat ár gcreach ní léigfeadh.


L. 54


Och is ach is adhbhar méala
d'fholaibh Breatan feart do ghléas duit
a chosnaimh ceathra a chara cléire
's a eochairbhalsaim cheana Séarluis.



Posta faire daimh na céille
an foirtil fairseang feasach féata
ollamh aibidh lannach léidmheach
is cogar ban na gcachall gcraobhach.



Is docht na datha dorad ar spéiribh
toradh an tailimh d'athruigh béasa
tonna glasa mara ag géimnigh
is srotha ar tacha a reatha i n-éinfheacht.



Goin do leathnuigh cneadha i nGaedhealaibh
's do ghoirtigh Barraigh seach a ndéarainn
clos a mhairbh maidin ghlégeal
i mbrollach carruinn cheanna an tsléibhe.



Dar láimh Moling is nimhneach céasta
an tásc tug sinn mar luing i n-éigin
Seaghán do shíneadh an míle maordha
i n-árus naomh gan díon i n-éagcruith.


L. 56


Tá Leath Mogha gan fonn i t'éagmais
tá Leath Cuinn go claoidhte créachtach
táid Dáil gCais ba gar i ngaol riot
lán do ghalar d'aithle an fhéinnidh.



Do bhá fuil Eoghain mhóir is Aonguis
sárfhuil Chuinn is Íthe is Éibhir
pár na ríogh ó thaoibh na Gréige
iar bhfascadh thríotsa a chroidhe na féile.



Bráthair mharcradh chlanna Néill tú
bráthair Bharraigh na n-each n-éasca
bráthair seabhaic abhainn Éirne
is bráthair dearbh Ghlaisne i ndaonnacht.


L. 58


Bráthair mharcuis na Gaillmhe is Léightruim
bráthair mharcuis mic Shamhairle éachtaigh
bráthair mharcuis na Carraige Séamus
bráthair bharamhain Dealbhna is Westmead.



Bráthair dreagain Easa an éisc thú
bráthair uí Cheallaigh is uí Réaghaille
bráthair meardha sleachta Réamuinn
bráthair dearbhtha na ndragan ó Éile.



Don Chárthfhuil ghasda d'fhearadh céidil
go gáibhtheach garga galach gléasta
don Tálfhuil reachtmhair rannaigh réaltaigh
ba táithte id phearsain maicne Aodha.



Ní fhághaim chum amhairc leath ná tréana
cáile an mharcaigh ghartha ghaothghlic
do b'fheárr fá seach gach beart ná Phoebus
a ghrádh acht gairid cairt do shaoghail.


L. 60


Do dháil an t-athair maise is méad duit
áille is amhnus art is éifeacht
crábhadh is ceannas ceart is caoimhe
náire is taise neart is tréine.



Ba ghnáth ag fear don ainm chéadna
gártha sgean is frasa gaethe
sáidhte sleagh is ceatha craosach
is leágha gan air an dada baodhachais.



Do b'áluinn altach eangach éadtrom
scáil a sheaca a scabal néamhdhach
lán do gheamaibh sleasa a scéithe
is táinte creach ar faithche ag téacht do.



An tráth do ghlacadh searrach léimneach
dána dathach dlathach dréimneach
a námhaid seacha ar ghalaibh aonfhir
d'fhágbhadh sraith 'na mballaibh faona.



Ba gnáth ina aitriobh daingean daonna
dáimh dá bhfreastal dairt is faobhair
dán dá chantain lanna is téada
is mná cur greanta ar bhrataibh maotha.



Fáth do leag gach treabh ón léirmhuir
go hárdaibh glasa chealla an chléirigh
go tráigh Molaige ar fad go Béarra
Seán do barra i leabaidh ghéibhionn.


L. 62


Ó nach faicim neart id ghéagaibh,
sceol fár meascad gach anbhfann déarach,
róghrádh an athar leatsa a dhéighmhic
dod thógbháil glan ó smal an tsaoghail.



Is croidhechneadh cléibh d'aoninis Iughaine
brígh mo scéil fé béillic i ndlúithionad
míle beith ghléigeal gan chumhdach cnis
go ríoghacht mhic dé ag déanamh a n-iuil duitse. Amen.



Is adhbhar cáis d'Éirinn ar leathadh dá scéalaibh
dearbhbás céile is ciste na n-órd,
na sreabha lán d'éignibh doradais fá dhaorbhruid
na reanna fá éiclips go n-iomadaibh bróin,
mo ghreadadh is dáil baoghail do mhaithibh Fáil traochadh
na flaithe ba féile d'fhuil Roibird na seol
's is deacair dán d'éisteacht feasta ná téada
ó cailleadh Seán saoghain mo mhilleadh is mo bhrón.



Aisling d'fhág éigse i gcreathaibh támh is cléire
go hathlamh lán d'éagnach ag tuitim ar feodh
an marcach árd aobhdha caithmheach cáidh caomhnach
do b'fhearra cáil chéille gan chaime gan chló,


L. 64


's ag eascar dá phréimhshliocht ní leantar dá réimheas
acht go rabhaid fá Réxchion ní fhuirchid beo
's do chreach an t-ár déidheanach Barraigh fá mhéala
's an charraig fá aonchith do chuiris go deo.



Is deargghoin bhíth don chrích nár shealbh an laoch
a thrascairt i gcill i ndíonchuilt daingin i gcré
tug tartha na bhfíodhbhadh ar críonadh is tearcadh an éisc
marbhadh an mhíleadh díonfhuil Breatan na réx.



Tug scamail gan scaoileadh ag síorbhairt taithnimh don ghréin
tug atharrach síne ag tigheacht do dhalladh na rae
tug flatha gach bruidhne ó shíth a Charruinn go Céis
ag screadaigh 's ag caoi 's ag caoineadh an fhairsingfhir fhéil.



Tug Barraigh mo dhíth mar luing i n-easbaidh a gléis
gan taca gan díon gan spríos gan haiste gan téad
gan seasamh gan suidhe gan maoin gan taisce gan séad
ó chailleadar ríoghnaigh Tighe Molaige go léir.



'N a n-easbaidh do síleadh linn gur mhalairt gan bhéim
an arradfhlaith ghroidhe do bhíodh i n-agallamh réx
ba leanbh do Chlíodhna mhíonla mhaisigh 's do Mhéidhbh
ba dalta dil dílis d'Aoibhill Craige na scéal.


L. 66


Ba ceannasach caoin ba cuimhneach carthannach caomh
ba deaghghnathach gníomh ba líomhtha taisteallach tréan
ba lasmhar re bíodhbha ba tím re caraid i gcéin
ba dearbhtha an tslighe chum síodha d'eagluis dé.



Athchuingim Íosa is líon na bhflathas go léir
is banaltra an choimhdhe arís go ngabha do ghaol
apstal is naoimh is guidhe na sagart 's an déirc
's an ceathrar saoi go ndíonaid t'anam ar phéin. Finis.



B 1657c 17L
A BHÉITH NA LÚB.



A bhéith na lúb ndréimionnach ndlúith,
d'aontuigh dúil chealgach,
a réiltionn iuil na méirdreach siubhail,
cé haosta tú a sheanabhean,
is clé dar liom do léigis sonn
caomhshliocht Niuil tairipigh,
a chéibhfhionn úr is aolta múr
fá néalaibh dúin parathais.


L. 68


Créad an chúis, a mhaordha bhúghach,
fár thréigis crú Banbha,
is méad na dtnúth tug Éibhear fionn
dod chaomhna ar drong danardha,
do thraoch le glonn géar a lúith
saormhac clúmhail Chearmada,
cé féigin dúinn bheith faon go dubhach
ag éad read chúl bachallach.



'S a chéile Lúighidh na ngéibheann gcumhang
nach cléith mar chúis mhearaighthe,
nó an léan dod ghnúis an laochradh úd,
dar fhaomhais rún tarachtach,
tréanmhac Cumhaill na féinne ar dtúis
mar aon is Cú is Cairbre,
Féidhlim úr, Laoghaire is Conn,
ba céimleasc dúr draganta?



Is saoth leam chom a chlaonchuilc úr
fá thréadaibh clumhach Sacsanach
is néamh na bhfonn ag éirghe ar drúcht
le séis i mbrughscamalaibh;
a fhéarmhagh fionn is craobhach fiudh
gan éalaing brú caladhphoirt
is braon leam súd, a shaoghain chiuin
bhréagach umhal mhalartach.


L. 70


CEANGAL.
Is céasta liom túirseach do chuir dia ar lár
céile rúin Fhionntainn is Iriail fáidh,
gur chlaon a dúil drúiseach tar chiniadh Fáil
céadbhean Lúighidh ionnraic mic Mhicniadh cháidh.



B 1659c 17L
GUAGÁN GLIOG.



Lá Lughnasa spiunaid lucht saidhbhreasa
lán lonnrach a dtronnc is a dtaidhbhrighthe,
fás cumhra na húire nach tadhlaimse,
d'fhág cúilfhionna Lonndan gan maighdeanas.


L. 72


Is fál fionntrach uim ubhallaibh an cadhgamad,
is gnáth dúrtam ag múdaraibh meidhreacha,
ní sás cúirte do chumhdach ar caibhdeanaibh
dá phúca nach siubhlann gan adhstaraibh.



Is gnáth úcaire cubhartha 's a bhoill ar crith
's is gnáth súdaire súgach go doimhin i ndigh,
is gnáth púdarlach brúidhte mar Shaidhbh se thoir
fá shúsa re diultadh gach deighfhriotail.



Is gnáth scriupin i n-úirlis na ngaibhne nglic
's is gnáth fonnsa dá dhlúthchur uim dhaibhich mar chrios,
is gnáth trúmpa dá rúscadh le badhgaire
's is gnáth dúnsa dom dhúthaighsi bladhmannach.



Is gnáth cú chliste chúmtha 'san maighin se amuigh
's is gnáth stiurthach ag cúrsa gan meadhair ó dhigh,
is gnáth monnclum ar bhonnduirc ó radhairc a stuic
's is gnáth sonndar ag lonnrith go Laighneachaibh.



Is gnáth trúgh liosta lúbach ar coill re goid
's is gnáth úrnaightheach ionnraic i mbraighdeanas,
is gnáth gúiste ag a ionnsmadh re adhmadaibh
's is gnáth púdar ag trúpaibh an impire.


L. 74


Is gnáth úghdar i n-úir chille d'adhlacadh
's gnáth lionnsca gan lúireach ag leadhbadh truith,
is gnáth dúbalta dúinne mar deimhnighthear
mná Mumhan nach múnaid 'na gcaipeannaibh.



Is gnáth crúca 'san nGrúdain is baidhte bric
's is gnáth súmaire i múnloch 'na leidhce fhliuch,
is gnáth cunntar im chionnsa mun dteidhm do thuit
sáth prionnsa do ghúna nach faghainn ar chirc.



Is gnáth cumhgrach i gcúiltigh is peidhre luch
's is gnáth srúithe madh iulach re foighreadh fis,
is gnáth Ughna tar ghlúinibh an staidhre ag dul
's is feárr súsa mar chlúda ná caip is crios.



Is gnáth úrla fá húda is feidheal ar bhoin
's is gnáth cúlmhum ar chliuite mar phleidhce cuirc,
is gnáth grúig ris na gnúisibh gan rairse nith
's is feárr ciuine ná lúmparnach aidhneasa.



Is gnáth sprionnlach i smúdar ag éiliomh cirt
ar bhánspúingc dár dhiúltadar gadhair is coin,
is gnáth gúngach ag priompallaigh tradhna i ngurt
's is gnáth crúmpa 'san rúmpa sin Raghnaite.


L. 76


Is gnáth cúigear i gcúige nó Feidhlime
's is gnáth dúthchas ag únfairt re haghdhruine,
is fáth tnútha nach tiubhradh ó Gadhra giub
ar lán ghiusta do bhrúscar an bhreillsceachais.



Is gnáth ionncam i bponntaibh is adhan ag bruith
's is gnáth pompa fá fhionntroigh fhir oidhreachta,
is gnáth glúineach 'na lústraigh ag leaghadh re sioc
's is gnáth dúbhghiolla rúntach ag braidhm i mbruid.



Is gnáth longphort i nDún Ciorc gan Tadhg ar bith
's is gnáth úirlis uí Dhubhda gan adharca bruic,
is gnáth dúndam i n-iomchur na bhfeadhmannach
's is gnáth liomsa beith tútach re taidhbhseachaibh.



Is gnáth púnctum i bprionnta is meadhg uim ghruith
's is gnáth rúta gan ionnladh mar ghreim ag muic,
mo ghrádh dhúinne, más mongthrom an mhaighre isi,
dá bhonnsaigh nach lúgha liom ná Meadhbh 's a muf.


L. 78


THE CONCLUSION .i. AN COIMHCHEANGAL.



Mo dhá shúil riot, a dhúilimh, do dheadhail an mhuir,
gé gnáth cionntach bunscionn ribh mo chladhaire cuirp,
a tál srúille do chrúsa go bhfoidhne i gcrois
lá lughnasa an chúntais go raghaimne libh.



An uair nach cluinim cion ar chéill i nduain
's an uair nach sultmhar rith do réir na suadh,
an uair nach fuilid fir na féinne suas
is guagán gliog dom thuigse an dréacht is dual.


L. 80


B 1660c 17L
IS OLC AN CEART.



Is olc an ceart fulang an fhámuire,
támhghuile is tearc turadh don trócaire,
's is tais an t-áigh bualadh fán mbraobaire
laomaire ar láigh gualar le gótaire.



Gótaire éigin théid go harmálta
i ngleo le béithibh saora seangamhánla
's nach mó dhuit méire i mbéarla phrasamálta
ná an gósta géidhe sin d'éis a mbatarála.



Batráil ban mionla go mbaothálgus,
laochládus iomdha an chon clamhualaigh,
fiuchair é le fuaisneart na feannóige
ag gluaiseacht na gearróige ón ngé ngalruanaigh.



Ruanach an ruaidhfhear is céasach críon
's is cuasach i mbualtrach a shéala boinn
ní fuaire dhuit nuaiseach ná céadfadh a choim
acht uaire nach buaileas i bplé le mnaoi.



I bplé le mnaoi is maith an máguire,
cnáruire nár chaith cnaoi don chumhraidhe,
eachrann uadha ní hannamh éilmhigthear,
léirthimheal luadha is alladh umhaidhe.


L. 82


Umha go léir is péatar miotal an mhic,
truidireacht bhéarla pléasca is plubaireacht phluc,
toirim is tréithe bréine is buige 'na stuf
is tuitim go tréan ar béithibh slíme gan choir.



Coir fá bhfuil m'fhuaithsi dom fheamaire,
neamhghlaine a uaisle sa nós re niadhchlannaibh,
gur choigil aoin don tréad, 's dá thuaithbhearta,
acht cruaidhbhearta, madh géag ghaoil d'iarladhaibh.



Iarla a maicne 's go mairidh mar lón le leigheas,
is iar a phearsan le maide go róintear readhg,
ar sliabh do chartadh mar chlaisim le crónmhac Thaidhg
is liaigh do bhainfeadh a mangaire mónadh meadhg.



Bainfear meadhg a bolg an bhramánaigh
le tanálaibh tolg an tromuallaigh,
leagfas eadh an fhialdha fhraochbhríoghmhair
m'iarla ag laochdhíoghail cean an chorruabhair.



Uabhar an chualaire ar Shiobhán óid
is nuadhphuirt nach tuairim don leannán cheoil,
is dar muaireach dochualadhsa beangáin beo
do thuairgfeadh an duairc sin go dul fá fhóir.



Fóir Leasa Laoi na dtreas dtromchúiseach
dorrgmhúiseach daoi nach meas a míchéadfaidh
ná cúis omhna re feadh i bhforraoine
rogha rochraoibhe fa geal gnímhéachtaigh.


L. 84


Éachtaigh bhus éilmheach uim Shiobhán fós
gléighilleadha éidighthe ón oileán mór,
féinnidhe 's a bhféile gan fuallás feoidh
nach géabhaid gan éiric ón gcoileán gcrón.



Cróine ná coirt foladh na fíorchraoibhe,
fíoraoine ghoirt monadh a móirfheadhma,
tig lá éigin d'fhilleadh a bhfraoichbhéime
laoichéime bhus innioll éidigh óildealbha.



Dealbh an daoi do shín a lámh le cliub
is d'airg an mhnaoi mar ríomhaid cách im iocht,
d'aingir ón mBríghid don tsíol is áirde fuil,
's ba smeartha le haoileach í is deárna an duibh.



Nach dubh an damhna inmhe don fhalmhuire,
abhla falmchuile gan fine is fuathmhaire,
lámh ar chleachta a ró ar an ríoghanraidh,
míolscannail mheata nach só a suathainmhe.



Ní hainmheach d'fhear a bha 's a thréadta fionn
a chapaill ar fasc 's a lear i ngréithibh rúin,
ní hainimh a dhath a chreat 's a chéadfadh súd,
ainbhfios beart mun mbascadh a chré 's a chlú.



Clú do neach ní dhleaghair gan deighghníomha,
sleamhain gach seinfhíodhbha i leath lánumhla,
treascraidh an ghaoth dair dá dúirfhréamhaibh
stair le a súilfhéachain baoth bláthchumhra.


L. 86


Cumhra fá úrbhruith bhíos fionnadh don fhraoch
gan dreas dúiseacht dá lúdradh le fuinneamh na ngaoth,
nuair iompuighthear lonndair is iongantach méid
nach umhlann go n-ionnfartar fulang a fréamh.



Ní pionnsa dar liomsa acht do thrudaire thréith
iomghoin is ionnloc na n-inighean réidh,
an dúnsa nach lúbhfadh acht buile ar gach béith,
ní húghdar an t-úghdar nach cuiridh a bhéas.



Dom iulsa ní cionntach i bhfionaghail é
ná a dhúna gan dúnadh re duine ar bith d'fhéach,
dá iomchur ní ionnlaicim miotal go spéir,
acht tútach a shúgradh le bruingeallaibh glé.



Ciodh cúntar buinscionn riom a gcluinim do scléip
ar úrfhuil an chúige si d'imirt don té,
unnsa dá chúrsa ní chuirfinnsi i ngéas,
re cúilfhinn dom dhúithigh mun ndruideadh i bplé.




Agus ó dhruid, is í seo im dhiaidh an bhreath dobhéarainn air .i.




Mun ngruaim sin do stuanuigh re macámh cóir
nár dhualgus do bhualadh le dartán deoil,
geadh uathadh dá cuaine gan dul fá fhód,
ní truagh liom an gruagach do ghriosáil dóibh.



A shuanach do shuathadh le bronnfhás bó
is cuaird bheag dá chluasaibh do chlipeáil fós,
sluasad don bhualtach do chuir fán óig
is buatais do luascadh mar bhruis dá thóin.


L. 88


A ruagadh go huachtar an chnocáin róid
ionar bhuailsin an uasal gan earráid ghlóir,
buarach ar dtuathal do chur fá dhó
'na cruadhghad ar chnuasach an choileáin chróin.



A Bharraigh na srcríob, ó taoise dána i ngoil
is pratainn do phinn ó rinn go sáil ag rith,
i bhfairche muimhneach díbh badh ársa an oil
masla do ghaoil go ndíonadh scáth ar bith.


L. 92


B 1662c 17L
IOMDHA SCÉIMH AR CHUR NA CLUANA.



Iomdha scéimh ar chur na cluana
cuin bhas ciallaidh,
lucht a gabhtha ós glóir a n-álgus
cóir a n-iarraidh.



Annamh neach 's a chlú gan chréachta
cluain nár cheannsaigh,
gé madh tuigseach é ar a hiodhnaibh
gné dá ghreannsain.



Faisnéis fhíre is grinnioll grádha
gné dhi is caoimhe,
searc an tí tar ghean a ghréithe
meadh gan chlaoine.



Gibé is cluanaire ann don ordsin
uaidh ní héasca
labhra leathtruim ar clár cóipe
do ghrádh féasta.



Ó nach féadaimsi aisce is úire
i n-íoc ár n-ósta,
créad nach canfainn cluain dom cháirdibh
i nduain phósta?



Ó nach fuil séad ré saoilfinn aiste
gan í im fhochair
nach biaidh dáilte dúin ón gcaraid
gan chlúin d'fhothain.


L. 94


Bíth go gcuirfinn cluain ar chomthach,
cam ní fhóbraim,
annsa liom a ghnaoi 's a ghréithe,
sionn nach sórdaim.



Blodh dom bháidh re bleachtghnaoi Búrcaigh
beannúgh díbhse
i mbrogh aolta an dreagain duasaigh
deagair dílse.



Eagar uaisle is umhla is oinigh
uair ní aisdir
ó mhac Réamuinn rún gan lochar,
dún bhfear dtaistil.



Cathair Maothal dún na ndeoradh
dia go ndíona
go n-a chodhnach i gcuan riartha
nach tuar díomdha.



Iomdha ag úrmhnáibh éadtrochta eile
éad ré hAnna,
más cúis tnútha an biadh do bhronnadh
is fial a bhfala:




A. Et adeirid daoine gur fial an fáltanas do chuimhnigh
Lughaidh Lágha an laochmhílidh do Bhéinne Briot .i. a
mharbhadh i gcath Mhuighe Muchroimhe tré dhóigh éada agus
iomtnútha ar a rómhéad do


L. 96


thuit dá náimhdibh ar aon leis isan gcathláthair sin, d'eagla nach
fúigfeadh uimhir budh ionmhaoidhte díobh re a gcosc aige féin agus
mar sin go gcaillfeadh a chuid do chlú an chatha; agus is iongnadh mar
sin nach marbhaid deaghmhná chríche Chonallach Anna ní Urthuile ar
a rómhéad riaras do lucht iarrata gacha haisce, d'eagla nach
fúigfeadh sáth a bhféile ré a bhfreastal aco féin díobh, et mar
sin go gcaillfidís a gcuid d'oirdhearcas deabhtha an oinigh. Ámh
dár ndóith ní hé sin tug ar shagart Chille Comáin gan freagradh
an aifrinn do mhúineadh dá ghiolla, et do laibheorainn nídh éigin
air sin, acht gur giorra deoch ionná scéal, et dar liom gur
mithid le hAnna deoch d'ól orm:




Mithid dá clainn eang dá hualach
orra d'iomchur,
ós dom cheird dá chur i gcuimhne
dul i bhfionntur.



Admhadh Ughna cíos don éigeas
í ós órlus
do chnuas cumhra na gcraobh gcaoinsi
nach claon chórus.



Fuilngeadh feasta cóir na cléire
a cuing ós pósta,
's ní hé an cearrbhach nach dlígh díneach
don ídh nósa.


L. 98


Uirthe atáimsi ag braith don bhannso
beith dom dhánacht
tadhall tláthlúb le cairt chluana
nach ait m'ádhbhacht:




B. Ámh dar liom níor ait an ádhbhacht do chocaire hí Chorrdhamhna
dul ag buain a mhná ar mhannar masáin don chruadhchosach ó
Léanuigh mhóir, et ní budh róthubaistighe ionná sin dul ag á reic
go róspriunnlaighthe ré gualadóir na Gaillmhe ar ghlasbhonn
Salfáis, gurab amhlaidh sin do chaill an cruadhchosach a chéile;
gidheadh ní neamhaite liom féin sin




ionná an bulabáisín
do rin do chillín
Hannraoi Cúisín:
ó an dtaca um ar básuigheadh
Breasal ó Bréigín
ní chodlann ó Cnáimhín
soirbh gan súisín:
an t-easbog más críostaidhe
choganas crustaoi
is cosmhail nach gnáthuigheann
Caiseal gan crúiscín:
measaim nár naoimhdhlíghe
é i bhflathas hí Dhúnaoi
dá mbradadh ó Néidín
matal í Mhaoilín:
i reachtaibh an rámhaidhe
le ar creachadh na cóstaoi
badh dearbhtha ar déirnín
Cathal ó Cuirnín:


L. 100


níor aite le hógmhnaoi
druimfhinne a drúchtín
d'fhaicsin i ngáirdín
maidean i dtús Mhaoi:
ionná linne na córdaoi
ar scrogaibh na sciuirsidhe
lear camadh na cártaoi
ar chonaibh na gcúigidhe:
ní hoifig do dhíthríoch
deabhaidh ré diuicíbh:
i gCorcaigh bíd brístí
ar ghallaibh an ghiuisdís: -



Dís ré comhar clú do hearbadh
Ughna is Doimnic
stiuir ón rígh do rin an fhairrge
dóibh chum iomluit.



Oighre Róistigh rátha Luimnigh
laochda a mheanma
lingfidh léim bhus áirmheach oirbheart
láireach leanbhdha.



Lingfidh céim go gcead don eaglais,
eadh fón dtearmain,
brisfidh bearna ar chladh na reilge,
bladh dá mheanmain.



Gé tá riaghail óighe ar ionchaibh
aosta an anchain
gur dual í do stialla i stormaibh
gan rian salchair.


L. 102


Tiocfa an Bhrianfhuil tríd 'na tonnghail,
traochfaidh tairpthigh,
tiocfa a cródhacht teann 's a talgghoil
seang ó an airmghlic.



Droibhéal diamhar lé dá bhfionna,
fé nach deachadh,
gan a lann i bhfraoch 's i bhfulang,
saoth nach seachadh.



Iomdha gleann dá ghné do coilleadh,
créacht gan chrosadh,
béin fán mbruach sin ní fáth scrupail,
gnáth a losa.



Cleas Chon gCulainn an ghaoi bhulga
na mbeart lonnbhaoth,
a rian san gcrích se ní cneadh mharbhthach
ó chear Connlaoch.



D'fhág do bhuadhaibh éigin aire
d'éis a ghona,
gur b'é féin i ndiaidh a liosta
liaigh is sona:




C. Et liaigh sona saoirbhéasach dár ba comhainm Cathal ó Céin
do bhuail dia go fortúnach chum mic Eochadha feacht n-aill,
et is amhlaidh do bhí mac Eochadha an tan sin agus a chos briste aige,
iar mbeith bliadhain agus ratha agus mí ar aon leabaidh agus maithe leágha
na cóige ulltaighe uile ina fharradh, et ro bá saothar gan
tarbhadh dóibhsion sin, óir ní táirnig leo cos mheic Eochadha do


L. 104


leigheas. Do labhair mac Eochadha iar sin et is eadh adubhairt:
is maith an tan fá dtángais, a Chathail ar sé óir duit atá i
ndán mo chos do leigheas, et créad í an chumha shirfir orm dá
chionn? Ní shireamh ar Cathal acht an leathchuma atá ionnat do
léigean díot. Cá leathchuma sin ar mac Eochadha. Is gnáth
leatsa ar Cathal trí deocha d'ól sul n-ibhe aon duine dá mbí i
t'fharradh aon deoch, et dá léige tú sin díot, leighisfidh mise do
chos, et muna gcoimhlíona tú do gheallamhain dam, brisfidh me do
dhá chois arís et ní leighisfidís leágha na bhfiann tu, giodh iad do
chuirfeadh ceithre cosa na caorach finne fán gcaoire nduibh.
Gurab uime sin tug mac Eochadha a mhallacht don té do dhéanadh
leathchuma na dighe ar dhuine ar bith go bráth et fós do theagaisc
gan áimhréir an té d'fhéadadh cneasughadh na gcréacht gcorpardha
do dhéanamh, et ó atá an tseanriaghail réasúnta sin ris ní
fhaicim fáth ó an óighríoghain atá i mbaoghal don chur so gan
óighréir a phisigidhe féin do dhéanamh, mar is fearr fhéadfas:




Féadaidh Ainís inghean Anna
innioll a crotha
ris na hiodhnaibh is dual d'fhulang,
ní tuar gotha.



Ó atá i ndán don fhaoilinn ionmhuin
uidh ar armghoil,
creanadh a gnúis ghlé gan ghairge
ré go hongbhuidh.



Deirm ré hAignéis más blas béarla
gan bas scátha
do chur ar chluain do cheap léxa
na searc sátha:


L. 106



D. et sáth iongantach do itheadh Baodán boinnleathain .i.
mart 'san mbéile, et an tan do chuir Molaise do bhreith
n-aithrighe ar Cholum Chille Éire d'fhágbháil ba hathlaoch amhneartmhar
éadtreorach an Baodán so, agus do chuaidh le Colum Cille i
n-Albain. Lá n-aon dá raibh an naomhchléireach a hionnmhus a
mhórumhlachta ag ollmhughadh proinne don mheithil do bhí ag buain
arbha na manach agus gan ina fharradh acht an t-athlaoch d'fhiafraigh
an cléireach de, créad ba sáth dho an tan ba hóglaoch é.
Adubhairtsion go n-itheadh mart san mbéile. Maiseadh ar
Colum Cille is dóigh nach fuarais proinn aoinbhéile i mbliadhain
ann so. Acht cheana do bhá mart go nuachaoin is an gcoire ag
á bhruith don mheithil et toirbhireas Colum Cille go huile don
athlaoch é, go nár fhágaibh sáth an chorrmhíl gan itheadh dhe acht a
chnámha. Cruinnigheas an cléireach na cnámha agus canas naomhóráid
ós a gcionn et cuireas is an gcoire gcéadna iad. Comh luath
sin agus giolla ag teacht ón meithil dá fhiafraighe an bá hurlamh a
bproinn. Féach leat ar an cléireach. D'fhéach agus is amhlaidh
fuair na cnámha do cuireadh creidhmthe creatlom is an gcoire
fá thromualach feola et forrathas ag teacht as, ionnus gur
biathadh an mheitheal agus na manaigh go sásta díobh. Et fós ní
holc do chuaidh don chronnlaoch Colum Cille do shíne a láimhe do,
óir d'ionnarb an lon craois as a chliabh ionnus nach itheadh sáth
mic míosa d'aonphroinn ó shin go ham a éaga, mar nár an airc
ná ampla íota ná anmhian ann d'éis láimhe an naoimhchléirigh do
shíne dhó, et fós níor lughaide feoil ná forrathas na gcnámh
réamhráidhte a dtugadh díobh tré oineach don athlaoch. Et is mar


L. 108


sin ghéabhas an t-óigfhear uasal urrúntasa .i. Doiminic de Róiste
tola agus tromualach toice et tréanchonáigh i bhfolamh gacha
haisce eallaigh nó éadaigh nó ionnmhusa dá dtiubhraidh uaidh a los
oinigh et eangnamha. Et fós ní bá holc éireochas d'aoinneach
dá ndeárlaicfe ní, óir ní anfadh ceasacht i gcléireach ná éagnach
i n-ollamh, craos i gcearrbhach ná gruaim i ngeocach, airc i
n-athlaoch ná amuide i n-óinsigh, futhal i bhfualán ná ampla i
n-éidtreorach, acht biaid soirbh soidhíola d'éis a dheaghláimhe, óir
ní anfa éinfhéith ainmhéinne ionnta amhail nár an craos ná cuthach
ná cíocras i ngairbhniadhaibh na Noruegia chum na hÉireann ón
tráth fár shínsiud na saorchodhnaigh, ó ar chinn do thaoibh a
dheaghmháthar, a lámha laochda lánchalma dhóibh:




Lámh go gualainn i ngleo Lochlann
fár lia leathtrom
tugsad sínsir an doinn dathchaoin,
nár choill ceartcholl.




Tug Brian ruadh na ruathar gcródha
cuardaibh ciana,
tar sruith soir gur leath a líonta,
meath níor fhiada.



Iomdha uaidh go hathair Mhóire
Macfhlaith gríobhdha,
do ghabh ceannas an fhoinn uaine
gan cuing mbíodhbha.


L. 110


Leanfa Doimnic lorg na lonnsan
a los máthar
's i leith athar rian na Róisteach,
fiann go ngnáthghal.



Tiocfaid readhga na rann mórsa,
sann mall meadhrach,
cuirfidh a chlú i gcéin ós árdaibh,
géim bhas greadhnach:




E. Et an Ghreadhnach glaisín ghlanfhuar ghlionndrach isi atá ag
snighe ré sliosbhruachaibh Bhaile an gharrdha ó gConaill ó an am
fár scaoil Mogh ruith rí na ndruadh an glas ginntlidhe do ghormlinntibh
Leithe Mogha, agus do lean an forainm greanmhar sin don
ghlaisín so ón am sin anall go haimsir Chaptaoin Óduil do
ghabháil flathais agus forlamhais an bhaile réamhráidhte, agus do bhíodh an
srutháinín suarach sin do ghréas ag frithionnlacadh feoir agus
fíodhbha agus fíoruisce dá tonnógaibh torthacha taobhuaine do
dhaoinibh agus do cheathraibh a caoimhcheanntar gan chrostáil, et fós
is mór d'fhoghnadh a biolar billeogach bláthúr et a fothlachta
feadánach fíorbhog ar bhochtánaibh a bruach gacha cruaidhbhliadhain,
gidheadh is eagal go dtiocfa dá bhfuil d'iongantas inntleachta agus
d'arrachtas acfuinne agus d'éagsamhlacht ealadhan ag an gcaptaoin
dá chaithiomh ré gearradh a grinnill agus ré hionnarbadh a húire ré
scannradh a scáthbhruach agus ré fostadh a fuairshreabh i n-aghaidh a
ndúthchais ag á gcruinnioghadh inna gcnocánaibh cruinne criadhamhla


L. 112


agus inna lochaibh luchtmhara lánmhóra ag beathughadh n-anmann
n-anaithnidh, nach biaidh sí don phobal chomhchoitcheann comh tarbhach
agus do bhí sí riamh, muna lingid longa náid luathbhairc le torchurthaibh
troma táidhbhseacha éigin a tíorthaibh imchiana do shochar na
hárdoibre si, ní nach saoiltear:




Amhail lingfid go dún Doimnic
dúil nach dearmaid
teacht don Bhrianfhuil uasail fhuirmghlic
d'fhuascail deargbhruid.



Lingfid luathbhairc fá na seoltaibh
ar sruith Sionna
suas le fíontaibh go mac Móire
nár ghlac mionna.



Fíon ná feolmhach dá sia a bhaile
gan a mbronnadh,
dóchaide liomh é fé ana
a chlé re Cromadh:




F. Et Cromadh féin spréachbhailtín spriunnlaighthe atá ar
bhruach na Máighe eisean, et ní bríoghmhar beoir an bhailtín sin
acht go gcluinim gur slachtmhar seannda soóla ag ministir
mhaith an bhaile í. Gidheadh ní hionmhain liomsa an bhiotáille sin,
atá d'olcus fhéadaim mo theanga do chuibhrioghadh dochum an
ghaillbhéarla do labhairt go líomhtha, gurab dom leith chlí fhágbhaim
teaghlach an tsagairt sin gach uair ghabhaim ina ghoire:


L. 114



Goire d'Eochaill ionná d'Áruinn
inis iarthach
dogheibh laoch tar lear i Lonndain
bean gan tiarach.



Níor iarr Doimnic dul do ghailltreibh,
glic nach géimeann,
iomdha banóg gan díth deighbheart
i gcrích Éireann.



Iomdha bíocunt i dtreas tromdha,
nár theib tóirspeach,
dá chine féin do fríth fíochmhar
uim chrích Róisteach.



Gé táid d'innmhe an ógáin úirghil
fódáin áille
i nglacaibh gall d'fheartaibh fórsa
i mbeartaibh báire.



Tá ó an niadhshlait do nós tíre,
gá teo tuathal,
forba thorthach fhairsing fhéarghlas
aisling uathmhar.


L. 116


Iomdha magh is móin is maoilinn
mong is maolros
uarán locha linn is luachair
cill is craobhdhos:



Iomdha lubhghort iomárd abhlach
ionnfhuar aoibhinn
is trácht éisteas gan leon lútha
ceol ó fhaoilinn:



Iomdha caisleán beannach bláithgheal
broc is baothdhamh
Éigne ballach torc is tradhna
molt is méithmhart:



I ngort geallta an ghille dhéidghil,
dia dá chomhall,
is mór dtreabhthach fá thrias Ughna
bhias ag foghnamh. Amen.



Más a leathchluain libhse an laoidhsi
linne is iomdha
d'álgus deaghbeart an chuain cheannsa
nach tuar díomdha.



B 1738ob 18L
U Anaithnid
An Corp: A chnú chliste séimh sa rúin ghil mo chléibh
an bhfaice tú me anois do chompánach
ba chumhra do bhéal ba múinte do mhéin
is dubhach liom bheith it éagmais 's is dolásach.



An t-Anam: A thrúidh liosda bhaoth gan ionnsa don chéill
fúgraim don daol tu go lá an bhrátha
do ghnúis is do chraos is cionntach leam phéin
ní dubhach liom do thréigin a thioránaigh. Finis.


L. 118


B 1665 17L
U Dáibhidh Ó Bruadair
NÍ BEO ÉIRE.



Ní beo Éire tar éis Donnchaidh,
doiligh marthain d'aoin mar í,
treabh na n-aolchloch ndruineach ndualaidh
aonloch uilc is uabhair í.



D'aithle Chorbmaic ní cúis mhachtnaimh
meanma an mhacaoimh do bheith fann,
codhnach cruaidh a clú do chosnamh,
dochuaidh cú na gcoscar ann.


L. 120


Iomdha damhna i ndiaidh ar oile
fuair an chríoch so Chuirc mar é,
tug a clár gan ith gan ana,
fál ar crith gan cara a gné.



Ní beo iostadh Oiliolla Óluim,
úr ní fhaicim cuilc í Chuinn,
móide tnúdh na tuirse réisi
rún a cuilse ag séisi i suim.



Atmhar othras innsi Tuathail,
tearc a duille, dúr a bláith,
ní fhuil deoir gan diul 'na ballaibh,
beoir a triun le clannaibh cáich.



Le clannaibh cáich do cáibleadh inis Tuathail
gan chead don Cárthfhuil ársaidh fhuirmuasail,
gach flath don phár do tháilfeadh uirthe fuascladh
i bhfeartaibh fáis, mo lá, go bhfuil an uair si.


L. 122


B 1665c 17L
IONGNADH AN IOMAIDH SI.



Iongnadh an iomaidh si chluinim is í 'na gáir
ag futhaibh nach fidir an bhfuilid nó ar dhíthigh bás
re duine do gineadh i bhfinigh nach íseal tásc
is do hoileadh i n-iomad do nithibh budh snaidhm ar ceárd.



Is urasa a thuigsin gur curraiceach chím a gcás
gan simide gliocais acht fiuchaire is fuighle fáis,
is laigide an urraim ó fhile ar bith dlighthear dháibh,
le turbha time nach cuirid a gcinn chum cláir.


L. 124


Is iongnadh chuige nach cuirid ar scríbhinn scáth
's nach innisid ginealach singil a sloinnte ar áis,
acht ionnas na muice sa fionna nár fríth le fáidh,
ulfairt i gcoinne gach siolla dá sínid cách.



Ní thuigim gur cubhaidh do churadh don chrích si a dtáim
ná d'inghin uscaraigh ursain do chraoibh go gcáil
ná d'fhilidh do rithfeadh i slighthibh na saoithe sámh
cuimilt re hinghreim Muiris do Faoit go bráth.



Miotal dar linne ní thuillid a ghníomha acht grádh,
geadh milis le mioscais bheith siosmach re saoidheacht cáich,
is connail do chongaibh ó hongadh don chill a cháil
's is miochair a chumann re tuinnighthe an taoibh a dtá.



I n-ionbhaidh imeartha an chluithe tug sinn go tláth
ba curata an tideal dó thugadar taoisigh stáit,
is innisid ionad gach rinne iona chlí do cháidh
ó inneall an choilg nach druideadh re linn an áir.



Is cumhachtach a chumas ar chruitireacht chaoin gan cháin
i bhfuirm nár fionnadh le hinchinn aoin don táin
is fileata friochnamhach chuireas an laoidh 'na háit
's is fuirfe a fhriotal i gcumaidh na buidhne is feárr.


L. 126


Curthar na nithe si, a Mhuiris, do chím go hárd,
is nithe na bhfutha so i bhfulach i n-aoinmheaidh lá,
nithe na bhfutha dá dtugaid an bíoma ar lár
i nithibh a shiosma le Muiris dá lingfe is nár.



Na cuile so an ghuthaidh nach frumhann do chraoibh go mbláth
is cumus an duine tar onnafuis rí na gceárd,
re Muiris gan timheal dá dtigid do dhíon a nglár,
na tiomairce truise si tuitfid a rís 'na gcár.



Ní huige 's a gruinne go n-ionmhar grinn is grás
d'eagla bileanaibh tura na ndaoithe ag tál,
acht cuigeallach cuirbthe silte gan sníomh ar árd,
neach ghoineas i gcosmhalacht drisi na draoibe a lán.



Sirim nach goilleadh ar Mhuiris a gcuinntinn smáil
is tuigeadh nach tulg iona ionnmhus choidhche a ngláimh,
is fusaide fulang a suime, giodh saoi do cháin,
an duibhe don ghile mar oiltear gur bíodhbha ghnáth.



Do rinneadh dho i mbrioscarnaigh bhuirb gan bhrígh gan bhlás
cumasc mar chluinim gan chuma gan chíoradh i dtráth,
más fuilngnidh fiuchaidh an t-oide rena aoir gan fáth,
ficim dhá luidirne an gcuirfi chum líne a lámh.


L. 128


A lámh dá bhfaicid im aice a bhfuil d'fhíoruaislibh
re snádhmadh traise do chealgadh an laoich luaidhim,
ní háil liom eascaine, acht aislingim faoi um shuanaigh
go madh feárr a marbh ionná beatha 's a dhíol uatha.



A fhir cháidh dar cheapas an ealadhain fhíorghuagach,
a cáil si glacaidh i leabaidh a caoinuamtha,
atá dod charaid gan mheabhail gan mhíshuaimhneas,
Dáibhith dearbhtha dealbh ó díon Bhruadair. Finit.



U Anaithnid
SOP LASRACH.
Ní fheadar cia ro chan.



Sop lasrach ón mallachtach do bhá id tiaraigh
nó is deoch mearbhail do ghlacais, a Sheagháin Liara,
do spor th'aigne chum tarcuisne don tsámhchiallach
's gur chlos a eagna go deachtuighthe 's gach áit d'iath Chuirc.



Fear meanmnach i mbataille nár ghrádhuigh liairne
eir each acfuinneach budh chalma chum námha stialla,
creach Bhanbha gur marbh atá an t-iarla
's dá maireadh eir a n-abraim do bá fiadhain.



Mo theagasc duit dá nglacairse eir ghrádh dia 'nois,
scur feasta do t'ainbhfhios, a Sheagháin Liara,
déin aithreachas inar chanais do smáilcbhriathraibh
eir scafaire na mbalsamphort ba breágha siannsa.


L. 130


Crap do ghlúine fút mar urraim don dlighe,
anns gach cúis bí umhal do Mhuiris do Faoit,
fear mar Fhionn dar liom nó Oscar i ngníomh,
noch cheapas cumhra-tiuin 's a bhfriotalaibh laoidh.



U Domhnall mac Cárthaigh
Ár scéal tar triuchaibh chughat, a Mhuiris do Faoit,
aon dar gcúirt nár smúin an friotal dochím,
's gibé do Mhumhain do chúm an gliogar gan chlí,
doghéana mún 'na thrius nó rithfidh tar toinn.



U Diarmaid mac Cárthaigh
A ghiostaire an tuill is deimhin gur fearra duit bás
ná Muiris do Faoit an tsaoi do spreaga led phlás,
a phriocaire an mhíl beid saoithe Banbha id dheághaidh
is scriosfaid le haoir thu síos ód bhathas go sáil.



B 1674c 17D
U Dáibhidh Ó Bruadair
IS MAIRG NACH FUIL.



Is mairg nach fuil 'na dhubhthuata,
cé holc duine 'na thuata,
ionnás go mbeinn mágcuarda
idir na daoinibh duarca.


L. 132


Is mairg nach fuil 'na thrudaire
eadruibhse a dhaoine maithe,
ós iad is fearr chugaibhse
a dhream gan iul gan aithne.



Dá bhfaghainn fear mo mhalarta
ris do reacfainn an suairceas,
dobhéarainn luach falluinne
idir é agus an duairceas.



Is mó cion fear deaghchulaith
ná a chion ó bheith tréitheach,
mo thruagh ar chaithios re healadhain
gan é umam ina éadach.



Ós suairc labhartha is bearta gach búirghiusta
gan uaim gan aitios 'na labhairt ná suadhnúchas,
mo thruagh ar chreanas le ceannarraic cruaidhphrionnta
ó bhuaic mo bheatha nár chaitheas re tuatumhlacht.



B 1614c 17T
U Anaithnid
MALLACHT ORT A SHUAITHEANTAIS.



Mallacht ort, a shuaitheantais,
cuma leat cia ar a bhfuile;
seanfhocal so buainleantar:
"an t-éadach is é an duine."



Chugam 'na stát niamhdhatha
mar dochím clanna bodach,
saoilim gur d'fhuil iarlachta,
nó go gcluinim a slonnadh.


L. 134


Adeir mac an pheidínigh,
mac an bhodaigh nó an bhrughadh:
"Rómhaith dath an tseircinsi
atá ar bhíocuint Uladh."



Tig do thaobh na díthchéille
do mhac bodaigh an priocadh
d'iarraidh dath na libhréisi
bheith ó shiopadh go siopadh.



Adeir an fear céadnasin
ré Bíocuint Mhóta Goiréad:
"múin dam sórd an éadaighsin
dár cumadh duitsi coiléar."



Ní leigfe dhe an oireachtsan,
dá mhéad choiseonas d'fhiachaibh,
biaidh leis lá an oireachtas
leithéid hata mhic Phiarais.



Gibé is clóca caigealta
ag triaith oirdheirc Dhúin Iascaigh,
lá oibre is é an faiseanso
bhas mionca ar mhac an bhiadhtaigh.



Adeir brugha boigbheolach
ag coimhmeas re Sir Bháitear:
"dúinne dá mhéad choiseonas,
maith an ceann so ar do ráipear."


L. 136


Adeir bean an bhodaighsin:
"mór mo spéis i mbróig bhonnchaoil;
dein damhsa an cumaso
fán gceap oireas don chonntaois."



Ní háil lé gan láinfhiléad
díon a brollaigh don cháimbric,
beag a cion ar sairsinéad
tug a sheal cia ó dtáinic.



"Uch, da madh é, adéarthása,
mar bhíos, fá thaobh gach caile":
ceithre slata d'aonlása
fá bhrollach nar leor cnaipe.



Cíor chaomh do chnámh íomóige
bhias ag inghin gach bodaigh;
dá bhfaiceadh a fíorscáile,
fá lór cíor d'adharc ghobhair.



Dath shuaithnidh ar bhataille
fán gceithirn is bláth bréige,
acht gan a ngoid againne,
sinn i n-aibíd a chéile.



Íodha óir le strabhaille
ag clannaibh daoine gcomhthrom;
ní bhia an t-ór gan amaille,
a dhe, ná hagar orom.



An dath is bláith bhaothaidhbhseach
tar cheathraibh chríche Colla,
ní fhaca riamh i n-aonaimsir,
madh lia ná caoirigh gorma.


L. 138


B 1666-67 17D
U Dáibhidh Ó Bruadair
DURSAN ÉAG ÉAMOINN.



Dursan éag Éamoinn Mhic Ghearailt
's a dhul i n-úir i dtúis an earraigh,
buinneán 's a chineál gan chagal
is fiadhaidhe na bhfialghníomh do charthain.



Codhnach ba cobharthach ar charaid
is ba dána ar námhaid do leagadh,
biadhtach an iarthair nar feasadh
anam dáimhe an árais d'fhreastal.



Cathmhíleadh cruaidh nár thuar tathluinn
is nach tug tuath ná truagh gan eallach,
nár chuir brón ar chomhairle Pheadair
is nár éar an éigse fá aisce.


L. 140


Leoghan lonn nár throm ar cheallaibh
is treoraidhe gan chrólighe 'na chasnamh,
triath áluinn áthasach fairsing
do bhaineadh riar is giall do ghallaibh:



d'árrachtacht láimhe agus leacan,
d'eolas is d'óirnibh a phearsan,
d'éifiocht is d'fhéile is d'acfuinn,
d'fhuadar is d'uaisle gan easbaidh.



Saobhchearda baotháin ní fhaca
ná cinnsiol puimpe 'na bheartaibh,
inneoin do b'onóireach amus
is treitill toghlach tromdha taithlioch.



Ní mar mhaoidhimh innsim gur sheachain
suaibhreos na bhfuarnós gan tathag,
is nár chuimhnigh a inntleacht gur bh'eagal
ámhrus a chrú ná clú a chairte.



Fear umhal gan tnúth gan tacha
áthasach tádhbhachtach treathan,
an chnú chumhra nár chumhdaigh cealg
ris gach dáil ba feárr i bhfearaibh.



Re maothmhac Chléimein níor chasmhail
an mál do ghnáth chluithche Mharsa,
níor thaobhaigh Venus ná Bacchus
tar fhiadhain riaghalda an reachta.


L. 142


Is glan do scrúdsan cúrsa an airm
is tréithe teachtaighthe an treabhthaigh,
níor mhó leat cómhtheacht na mara
ná tighearnas a shliasaide ar chapall.



Tug d'ionnracas a uidhe is a aire
is tug don daonnacht taoscadh a thaitnimh,
do chuir dúil i lúth na leanbh
is tug don chrábhadh áir 'na chaluinn.



Do thógaibh órghuil na n-amhus,
do chaomhuin tréine agus taise,
ba dá staoil a laoidh 's a leabhair,
bronntach bóllaigh óir is earradh.



Bronntach stéad gan spéis i sparuinn,
bronntach bríoghmhar bídh go mbrataibh,
bronntach suaill na suadh do mealladh,
bronntach créacht ón éachtghuin eascair.



Ceannuightheoir síoda is fíona is fearainn,
ceannuightheoir cliar nár iadhadh uim ghanguid,
ceannuightheoir dána is dáilteach deabhtha,
ceannuightheoir ceoil is dóigh na n-amal.



Searc na niadh is niamh na n-ainnear,
searc na ndruadh is uaill na n-aindeas,
searc a ghaoil is príomh a shleachta
is searc a namhad d'ais is d'aithchios.


L. 144


Leonadh laoch an taom ler teascadh
cnuas an choill choinnligh ó Challuinn,
ní fhuil sceol don fhóirlioch againn
acht gur scuir a ghéibheann géag don ghaisce.



Ó gluaiseadh an cuaille cascair
go hEas Geibhtine an eileatroim apthach,
ar shuan ar bhuaidhreadh ná ar bhainis
dar gan é ní fhéachaim a aithghin.



Madh fíoch i gcríochaibh nó calm,
is uaigneach ball gan ann a shamhail,
ioldánach furránta feachtnach
cosantach ceannsa meamhrach maithmheach.


L. 146


Is muna mbíodh éad mhic dé go dearbh
re fóirnibh Fódla na faille,
i meadhón a aoise i ndíosc ní rachadh
an gaodhal gréagach gléshnuighte gasta.



Fál na bhfann is teannta a dtachair,
ceann a dtreora is tós a dtaistil,
cuairt na gcliar is cliath a dtaisce
is cúil dídin na naoidhean ar scathluinn.



Is mó ná méala an chré do cailleadh,
ríoghghuailleadh d'fhíorchuaine flatha,
colamhain lóin is cóimhdhe uim cheathraibh,
tighearna dúithe is cúinge catha.



d'fhearaibh Áine is dána an mharthain,
an méid dá n-iarsma a mbliadhna mhaireas,
bheith beo iar nódhul i dtalamh
d'Éamonn cham nár chrannda i gcaismeart.



'S ó chuaidh griangha an iarla i dtalamh,
's a phár gan áireamh a bhfeachtas,
na sóisir gan seol gan seasamh,
gurab é an fionn sa a dtúr 's a dtaca.


L. 148


A dtarbh tána a gcnámh 's a gcathair
a sciath a sciamhthuir 's a scabal
a réiltean iúil a mionn 's a mbratach
a séad 's a stéadaire faithche.



Is dá naomhadh séala na Sacsan
fábhar a bhráthar 's a mbailte
don déidgheal donn nár chrom ar chreasaibh,
ní raibh iarla thiar nach leanfadh:



I méid i maordhacht 's i maise
i n-iul i n-iomchar 's i gcaitheamh
i ngaois i ngníomharthaibh 's i ngradam
i gcóir i gcródhacht 's i gceannas.



Mo nuair an ghruaim seo do ghreamuigh
an fód tré thóramh na maidne,
ar chruithneacht Chonallach otharghlan atmhar
síol fuighille ní ba hannamh.



Iomdha scríob fá scís ón scathamh,
iomdha gréach i mbéal 's i mbasaibh,
iomdha donán diombádhach dearcfhliuch
feadh Mumhan dá chumhadh 'na spreasaibh.



Fanntaise ár mbanfhlath do meascadh,
an dá Mháire um thasc an arraid,
mearchiall na mbaintriath ní machtnamh,
máthair is tánaiste an tseabhaig.


L. 150


Don Chlaonghluis chraobhaigh ní dheachaidh
go fóill bheith breoidhte faoi scamail,
is ní fhiadaim trianghul a ngalair
d'aithle an bháis do bháidh ár bhflaitheas.



d'aithle an stóir do chóidh ar eachaibh
oidhche luain gan luascadh na altaibh
fá theorainn na gcóirneach ndealbh
's gan síliochtain aoin re na aisig.



Is guirt an gháir seo i ndeaghaidh an mhairbh
chois Daoile is timcheall ar Sheanaid;
do chuaidh nuaghoimh a fhuachta is a aistir
i gcnámh ar Chárthachaibh Chaisil.



Do chuaidh a liach go diachrach dearg
mar mhál i mbranánaibh Aradh,
iarla an Chláir ní nár gur ghairid
's a méid i gcriaidh dár thriall dá aicme.


L. 152


Dar mo chúis a gcumha ní machtnamh,
air a ghaolta fé mar ghabhaid,
is díobh árnuidh árd Chill dara
Iarla Siuire an diuic 's a reanta.



Is díobh Búrcaigh Brúnaigh is Barraigh,
is díobh Róistigh Bóinigh is Baiscinnigh,
is díobh Rianaigh Ciaraigh is Ceallaigh
is síol Aodha an tsaoghail do scaipeadh.



Is díobh na Déisigh Éile is Ealla
Breifne uí Ruairc is tuatha Teabhtha
dáil Fhiachrach fialAruidhe Ceara
Tuathalaigh Cuanaigh is Branaigh.


L. 154


Is díobh Paeraigh méargheala ó Mhachain
Nuinnsionnaigh nimhneacha is Breathnaigh
fir Chualann Uaithne is aoibh Meachair
Cinnsiolaigh is glinn ó gCathbhadh.



Earnaidhe Mumhan Umhall is Eamhain
's an eang so thimchealleas Teamhair
Dartraighe dáil n-Araidhe is dáil n-Aithre
fear Muighe fear Luighne is fear Manach.



Cothluighe an chiuil is Cúrsaigh cearta
Corca Dhuibhne is ríoghradh Raithleann
deala Grós síol Róigh is Cathail
is síol tiomarcach Tumultaigh ón gCarraig.


L. 156


Aoibh gCuinn íbh bhFidhgheinte is íbh Eathach
íbh Musc íbh mBruin is íbh Maine
íbh nDuinn íbh nDíomasaigh is íbh Neachta
is Oirghialla le siaram nár sladadh.



A chóir ar dháil n-Eoghan níor bh'fhalamh
's ar dháil Riada riamh ba rathmhar,
do bhí fialfhuil Chianach go neartmhar
i ngnúis an laoich nár thím i dtreasaibh.



Ní tualang tuatacht mo theangan
ná mo chuimhne chríon gan cheapadh
ná m'eolas d'fhógras bheith ghearra
dísbeag a ndígnit d'aithris.


L. 158


Is muna mbeadh uamhan uabhair eachtrann
cospóireacht Chriostóra is Chathfraidh
ag cur buaire mo bhuaile gan bleachtas,
do chuirfinn gné dhi i bpréimh 's i bpratainn.



Ní fhuil taoiseach gach ríoghfhuil rathmhar
ná uasal cuallachtach creachach
feadh an chláir seo a dtáid a thaise
nach raibh gaol Éamoinn ina fhalluinn.



Ní deoradh scóipfhir ná scainnear
's a ríoghna míonla gan bhainne
do bheith brúidhte i bpúir 's i bpeannaid
d'éis an áir ar chách do clannadh.



Is go bhfuil tóirneach eolchaire as easaibh
is ciachbhruit chiara uim an ngealaigh
na héigneadha tréith gan tapacht
is tug an ghrian iarracht nár thaithigh.



Táid réilte na spéire ag sparruinn
is na heoin re heonsachas balbh,
tug an mhórmhuir ghlórach gharbh
béim uathmhar d'fhuagair a fearg.


L. 160


Tá Morpheus cosodhar clagach
do shíor i bhfísibh dá bhagair,
tá Glaucus allta 'san gcaladh
is na trí trír ag faoi go fada.



Táid na coillte ag caoineadh an mhairbh
na háird go gáibhtheach dá ghairm
na haibhne ag áidhmhilleadh an eathair
is na treoin i ródaibh a ndallta.



Forba an tsinnsir cnaoite i gceasacht
tré fhoghair na foghla do rala,
i mainéar Cinnéide 's i M'alla
is lúithreach a lúbghort ar ndeagailt.



Tá Tráigh bolgán borblán barcach
is Baile an phoill gan nídh 'na ndearcaibh,
Móin otradh gan forbart ealtan
is Lios na coille fá chonafadh an cheatha.


L. 162


Ráth na saor ní saoth gan adhbhar
is Tír na heille dá dtreise gan athnamh,
an pobal seach feádh ina bhfásaid sceacha
is Tomb Daoile 'na díoghaltas fala.



An Cnocán ruadh so thuas ag fearthain
is Cnoc Fírinne thíos go frasach,
atá Méin ag sméideadh ar a macaibh
dá ndúiseacht d'ionnsmadh a dtrealamh.



Druim an fhiaidh se thiar im aice
fá cheo ó nóna go araile,
Cill Íde ar líonadh do mhairg
is Claonach i ndaorbhruid a dalta.


L. 164


Atá Cill Éidhleach céasta ag cneadaigh
is Cill Chonnrach cúlchluthar cleachtach,
Cill Alatach ar dearmad aithne
is Cill Mhíchíl go díomhaoin ag tafann.



Atá Cluain lom gan chonn gan chathais
is Inis chaoin re maoith ag mannar,
atá an Ráth go cásmhar ag amharc
is do thuirling onnsa don Cheapaigh.



Ní fhuil taobh Ráth chraobhárd ceanann
don chúil a dtúsa gan dainimh,
tá an fuad ar bhruach Bhaile an langaigh
is Bóthar greanuidhe ag ceasnaoi a cheana.


L. 166


Atá an ceolbhrugh córach craiftneach
tonnadhach taidhleach taidhbhseach teastach
bruthmhar biadhmhar fiannach fleadhach
fá smúit iar mughadh a marcaigh.



Treabh chuanna chuarruilleach chleasach
treabh lonnrach longphortach leapach,
treabh choinnleach chuibhreannach chlannach,
treabh lódach lóchrannach leathan.



Teach daoineach díomasach dathach,
teach buadhach buabhallach bratach,
teach feoltach fóbarthach fleascach,
Gort na tiobarad tuinighthe an teallaigh.



Gort glámhach gáirtheach graifneach
colgársa congháireach caithmheach
sinistreach seomrach sómplach seanta
brothallach bruidhneach bíomach beannach.



Iostadh úr úrnaightheach eascrach,
iostadh shámh shlánlusach shleaghach,
iostadh oll fhoghlamdha fhailgheach,
iostadh ghreadhnach ghadhrach ghreagach.


L. 168


Foraois thrúncach ghlúineach gheamach
fhidhcheallach uallach uaithneach eangach
imiorthach ólach órdach altrach
luinneardha líomhtha líonmhar lannach.



Dúnadh duanach duasach dreamach,
dúnadh sciamhdha sciathach sceanach,
dúnadh dréachtach déarcach daingean
dúnadh draoitheach díogach dreasach.



Múr múscach mongmhucach martach
biaideánach cliabhánach creasach
cleaslúthmhar carbhusach ceathrach
srianach slóghach sróllach sleasach.



Fionnlios grianach giallach glasach
puballach plátach páirceach peatach
soilbhir saoitheach soillseach slatach
cupardach cuacach cruacach ceasach.



Foirghniomh ómrach óirdneach altach
uscarach aillseach aidhbhseach eachlach
soineanda snuadhach suaimhneach searcach
muirearach maidneach meadhrach mascach.



Fionnlios fíontach faoilidh flathach
druineach damhsach deallrach dartach
long láidir nár láadh a lacht as
go cur Éamoinn d'éigion aisti.


L. 170


Do bhídís gárlaigh báird is bacaigh
is truagháin i súgánaibh seasca
uim an ngéis nár bhéasuigh meabhal
dá n-óighréir fá bhórdréis an bhalla.



Fairche an triuin d'iompuigh re n-a aisling
is adchítear a línte ar n-aibhche,
dearbháirghe i leargráthaibh chanaid
achmusán ag armáil nach aithnim.



Atáid na gleannta i gcanntlamh gaiste
is táid na liaga liatha ar lasadh,
atáid táin an fhásaigh ar spealadh
fá chiach i gciamhair 's i gcreathaibh.



Atá Gleann chaoin go tíortha tartmhar
is Gleann dá bhodhar gan fonn gan aiteas,
atá Both árd gan bhláith ar scathaibh
gan fiadh gan iascach gan eanadh.


L. 172


Atá Bunóc chumógach chasta
ó Thulaigh anuas 'na cuail deataigh,
an Fhionnghlais fós iar sódh i seascas
is Tobar an ghéidh gan léas a lachta.



Atá iachtach iarmhair is aradh,
uallfhartach chuanarta is cailleach,
seanlaoich i gcanntaoir iar gcrapadh
is gártha fiach 'na dhiaidh i leachtaibh.



Gáir is mó fhoghnas don anam,
an gháir is lia thriallas chum leasa,
gáir chléire i mbréideannaibh breaca
ag déanamh síthe an tí rena airthear.



Ós cinnte an chríoch san gan chasadh
mar phéinn ar phréamhaibh an pheacaidh,
is gan ár súil a húir re haisiog,
gairim leo ina dheoidh mo shailm.



Cuirim lé mo chré 's mo phaidir
mo shlán mo thrátha is mo shaltair
mo bhiadh mo bhriathra mo bheannacht
'na slighe go maoilinn gach maithis.


L. 174


Guidhim úire is umhla na n-easpal
is naomhthacht aonuchtlaigh Anna,
a dhúthracht féin a chéim gan chamadh
is páis Íosa dá dhídean ar dhamaint.



A Thrionóid is fíorchomhachtach faicsin
dísligh is dírigh gan deacair
an féinnidh dá ndéinim an aiste
anonn go longphort an bheatha. Amen.



Is coingibh a dhia an tia se nár dhealaigh
atá beo, is ár ndóchas ina ghlacaibh,
i séimhe i seanchion 's i seasamh
i gclúchruith i gcúram 's i gceannas.



A hósta ghlórmhair na n-aingeal,
ár liaigh ón liamhain si leasuigh,
congnaidh is cumhdaigh is caigil
oighre an tséin gan bhéim gan bhascadh.



Gan diamhair iarraim is aitchim
ar ghrásaibh ághmara an fheartaigh
m'oighre groidhe na Daoile datha
do thabhairt i n-am anall ó Nantus,



'S a chur tráith i n-ádhbhaidh a aithreach
i saoirse a shinnsir gan easnamh,
is é scóllfas don scót gach scannail
Seán na sursainne an ridire reannach.


L. 176


Do dheoin an trócairigh threabhair
tiocfaidh ua uasal an dreagain
d'fhóirithin óirne go hathlamh
le fuascailt mar Thuathal Teachtmhar.



Is é fhillfeas arís na ratha,
is é thógfas an cóta lachtna,
is é chríonfas ar chríon don chrannaigh,
is é ruaigfeas uabhar is aithis.



Is é úcfas úghdair na n-arracht
bhíos ream thaobh 'na maoraibh tacair,
is é riomsa bhus ciuine cleachtadh,
is é íocfas m'íota re seachtmhain.



Léigfead don léidbhile feasta
is guidhfead Críost go díochra im leabaidh
fá réightioch an té sin do theastuigh
's do thabhairt an bheo tar bhóchna bhallaigh.



Críochaim don laoidh se, mo leamhas,
giodh truagh liom fuainne na faire,
dursan túr na dtrúp ar dtrapadh,
dursan é is a chéile ar scaipeadh. Finis.



Dursan éag Éamoinn mic Thomáis Chaim
ursa léir éifeachtach fhurránta fhionn,
an curadh caomh gléshnuighte guthárd glinn
do dhul i gcré adéarainn gur diombáidh liom.


L. 178


Scur don ghéig ghréagaigh nár ghríosáil cill
's nár bhris a scéimh aonaigh ná a macámh mionn,
tuisle ghéar éisling is uchtlán tinn
gur ghuin an féigh féithleann na bhfiodán bhfionn.



Ós turrainn tréith d'éigneach bochtán dinn
's nach cluithe clé bhéaras don ghiolltán gioll
a Mhuire, réidh féinnidh an asáin tslim
go hinis ndé ngléighil is folláin fonn. Amen.



An fear céadna oidhche a adhlaicthe ar Slioghe.



A Ghearaltaigh a Charathaigh 's a Chaisbhrianaigh
's a theannachair na n-anbhfann do ghairtbhiathadh,
is anacrach an ragairne don lagiath se
do mharbhdhul i gcarbad don Eas chliarach.



M'anaiteas do bhanaltra go mearchiallach
's a hanbhfainne ag ceannaraic le cneadliachaibh,
do mhaicine go banamhail ag basiachtaigh
's do leacuighthe dá leargaibh ag leathfhiaradh.



Don ghasraidh si id leanamhain is neamhghrianach
do mharcachas fá scamalaibh i gcasc chiartha,
a chathbhile ba ceannasach i ngalghliathaibh,
is t'eachradh fá ghadarach i n-ainfhiachaibh.


L. 180


Atáid fearchuraidh chalma go flaithdhiachrach
is eaglais ar mearbhull i mbeart riaghalda,
atá searbhas gach seannma le baintriathaibh
fá t'aistiorsa go fairche na bhfear ndiadha.



Is feargach na falluingeacha dathchiara
do dhealbhuigh an atuirse uim ad ghealrianaibh,
argain an chearrbhaigh do dhearc iadhta,
is ní lagsaine don bhalgaire bhreacriabhach.



Ba meanmach do mhacnais i measc thriaithe
is ba carthanach do thabhartas i dteach riartha,
do b'anaireach i machaire do mhacshliasad
nár dhaingne re cranndoire cneasiarainn.



Dá dtairginnse tairbhe do ghlanmhiannaigh
is t'athardha do reacaireacht i measbhriathraibh
do b'ealathain go n-airbhe mo leamhfhiadhain
's gur ceannachadh ón eagnamh a n-aithchriathradh.



Ó's dearbhtha do mhairbhne nach leathfhiadfainn
dom ainbhfios gom anabaidh an bheartiarraidh
athchuingim gan eascuine gan aithchiapadh
le hainglibh go parathas do cheastsciathadh. Amen.



Ar a mhac oighreachta .i. Sir Seán do bhí i Nantus an uair sin,
1666. Dáibhí ó Bruadair cct. L: Dáibhi mac sic Bruadair cct.
do Sheaghan mac Gearailt .i. tighearna na Claonghluise m.



Do ghrásaibh foirfe an toirghin trócairigh
ní bháidhfidh tuile 's ní thuitfe le tóirneachaibh,
ní thráighfidh tinneas ní mhuirfid beochuilg,
ar ndáil i n-ionaid go bhfille dár bhfóirighthin.


L. 182


Sásadh leinbh bhus teinnide tóranna
do fágbhadh linne mar chime re cróbhile,
a mháthair mhiochair 's a bhuime na hóghachta,
tárthuigh uime san iomlucht fhórlannach.



Gan beárna, a Mhuire, tar chonafa an chósta cuir
le fábhar fuirinne an ridire leoghanta,
Seán na sursainne scuirfeas gach eolchuire
don ghnáthghort ghoirthear ón dtiobaraid dtócharaigh.



An lá nach luighfeas chum loinge re lódaireacht
tláthuigh tuirm na tuinne is a tóicheastal,
don tsáile siosma ná fulaing re feothannaibh
go dtáir an curach tar chiumhsaibh an cheobhuinne.



Dár ngáir gan innmhe scuiream, a comhursana,
is áileam cumas na cruinne go comhnaidhtheach,
an pháis dochonnairc dár gciontaibh i gcomhgaraibh
fár gcáirdibh uile do thuilleamh a foghnamha.



Foghnamh créacht éinmhic an athar neámhdha
go bhfóire mé ar dhéine mo dheargnámhad,
an fhóir si i bplé an tsaoghail ar anabhásaibh
is gach cnó nár chaoch saoradh dár marbhánaibh. Amen.


L. 184


A HÓGAIBH ÉIRGHEAS FINE.



B 1693-1702ls 17D
U Anaithnid

Duain Leanbuidheacht Sir Seáin mhic Ghearailt.
Cúchonnacht ó Dálaigh cct.



B 1640c 17L
U Cúchonnacht Ó Dálaigh

A hógaibh éirgheas fine
gnáth riamh do réir fhaistine,
nach éadtréan a sleachta soin
céadfhréamh gach ealta an ógbhaidh.



Dá gcreidtear d'eol gach aicme
ó ló cúmtha an chéadmhaicne
nó is mearaighthe móid na sean
óig seanaithre na sinnsear.


L. 186


Gibe le a bhfríth fios a scéal
bun sleachta na sé gcinéal
don tréad do dhéiniomh deaghla
éinfhear géag a ngineamhna.



A dteacht ó ógaibh tar ais
cleachtadh síor i ndiaidh dhúthchais
do nós an ghéigshleachta ar ghin
tós céidteachta gach cinidh.



Uatha tar óige a n-aoisi
gintear fréamh gach foraoisi
'na thoibhéim orra ní an
coiléin lonna na leoghan.



Ó íochraibh fásaid maighre
a meas éirghid ághdhairghe
airghe gach sleachta mar sin
na haibhne ag teacht ó thabribh.



Athair seanbheach an sáithe
maidean máthair grianláithe
sealbh gach deirbhfhine 'na dheoigh
leanbh ceinnbhile gach cineoil.


L. 188


Mar thig sreabh a taobh tuinne
atá ar sliocht Seain Calluinne
tuir Chliach fán craobhghlaisi cuill
triath na Claonghlaisi ag crobhuing.



Beangán a fiodhbhaigh oirdheirc
tuillfidh d'ainm a huasailbheirt
roighéag bhus fothain dá bhfiodh
coimhéad sochair na sinnsior.



Mar éirgheas coill a craoibh fáis
oighre Éamoinn mhic Thomais
ba fáth méadaighthe dá meas
bláth an ghéagfhoithne ghineas.



B 1693-1702ls 17D
U Anaithnid

An cnoc is airde is é is fuaire
ciodh uaidh as giorra an ghrian
an té as caoile dochí an chóir
is dó is daoire an rígh gan riar.


L. 190


B 1640c 17L
U Cúchonnacht Ó Dálaigh

Óna aicme go mbearthar breis
ní hiongnadh diar mhó Muiris
le Seoghán mac Sir Éamuinn
gleodhágh shlat d'fhigh óirnéamhuinn.



Támhan óg dá n-umhlaid coill
scoth a mhaoine mac Éamoinn
ceann foirne taillfhine a dtréad
oighre ár mairine an mhionghéag.



Brat caomhna leasa Luimnigh
leanbh bhus ceann dá chathbhuidhnibh
caor bhuaidh Bhaile na Tráighe
fear faire cuain ciuinMháighe.



Cosnamh na dtuath tiocfaidh de
aois leinbh an t-am fá dtréigfe
ba geall re aithbheodhadh an fhuinn
ceann caithleoghan ó gConaill.



Ní tearc ann uim mhac Máire
ag seinm gcrot gceol lúthgháire
lucht grianphort linnbhinn nach lag
um iadhghort tirmshlim na tiubrad.


L. 192


Mór bhfear dán ceard a gcuma
ann le dréachtaibh díoghluma
d'aois dealbha na nduan snuighthe
ealbha na ndruadh ndearsnaidhthe.



Tilfidhear re mac Máire
bruach Daoile is slios seanMháighe,
nach feas a bhfoighne falamh
aibhne ag meas dá méadughadh.



Beithir nach báithfe fala
réalta eoil na heangnamha
bláth clannmhaicne Ghréag ar ghoil
géag bhus armaibche i n-iorghoil.



Crú asr airde i n-inis Fhloinn
beag is maoidhte ar mhac Éamoinn
scath foirne finnghréag 'na fhuil
roighne cinnghéag ó gCárthaigh.



Ó dtáid uimpe uaisle ó dTáil
síol gCearbhuill uim chrú Sheagháin
craobh is líonmhaire do leath
is gaol ríoghraidhe Róisteach.



Gearr go mbia 'na bhrághaid gill
tins bheo is crithir d'ár gcoigill
ar ghaois ar dheallradh ndeirbhe
d'aois is d'eangnamh indeilbhe.


L. 194


Mochean don fhlaith le mbeirthear
na sleachta uaidh ainmnighthear
dár roichéimne an fáth fá bhfuil
cách ag aithéirghe a hógaibh.



A SHAOI RE GLIOGAR.



B 1702ls 18T

Bladaireacht do rin duine éigin do Dhiuic Urmhumhan.
Ag so rann do dhuanóig bhladaireachta dorighne duine éigin do
Dhiuic Urmhumhan.



B 1662c 17L
U Anaithnid

Is fearra fá sheacht don talamh a theacht
dá chasnamh ar neart aineolach
'ná Conn is Niall Goll is Brian
is Fionn na bfiann bhflaithólach.


L. 196


B 1702ls 18T

Freagra Dháibhí uí Bhruadair ar an láinbhréig sin.



Dáibhí ua Bruadair cct. dá fhreagra go fíchnimhneach.



B 1666 17L
U Dáibhidh Ó Bruadair

A shaoi re gliogar gibé thusa,
níl mé dhuit acht d'aithcheodhach
an chúntais chlaoin se id chúrsa scríobhtha
ar chúig do ríoghaibh rathFhódla,
dá rádh riusan gur feárr diuice
mar fhál cúil don tseanfhód sa
ionná Conn is Niall gart, Fionn is Brian geal
is Goll grianda mac Mórna.



Rádh do dhuaine is feárr seacht n-uaire
an t-áirsidh uasal leat mórthar
ionná iad uile d'iarthar fuinidh
iar dtriall chuice d'aineolchaibh,
mar scéith chosanta ar éigion orchra
an té más cosmhail réad chomórtas
biadhfaidh badhbha i rianaibh madhma
is liacha Laighneach aigeoraidh.



Do Chonn más céile an diuice déidgheal
uim chumhdach Éireann caitheochaidh,
nó mun ndeárnaidh óirleach ádhbhail
ir dóigh do dhán go n-aiseocaidh,
nó más connachlann é don Iollann sin,
ba chaor churata i gcathródaibh
re lucht foghla is luit na bhfonn sa,
ris ní holl a n-aibeorair.


L. 198


Más Niall frasach nó Niall Caille
nó Niall glasach galghleodhthach
nó Niall glúndubh uim iaith Fhionntain
tug fialfhionn a ghlainfheola,
nó más fuilingidh mar mhac Murrainne
do leas turba an tearcbhóllaigh,
faidhleann Dúrlais a adhradh dhúinne
is deimhin gur cúrsa cneaschórach.



Nó má ruaigeadh leis ón gcuan sa
breis is buannacht mhic Leoduis,
fá ar thím codhnaigh chríce Cobhthaigh
go dísc doghrach dearcdheorach,
is córa Séamus fós do naomhadh
's a chló chéadna d'altóradh
ionná Brian bárrthiugh d'fhiad go láidir
fianna Fáilghuirt d'aithbheodhadh.


L. 200


Uaidh más léir duit d'uaislibh Éireann
tuairim céad noch d'aidmheochas
bheith dá tharbha i dtreise a n-athardha
is eision eatortha is anfhorlann,
giodh miosúr tútach d'uilliughadh diuice
cur chúig bprionnsa i neamhglóire,
i bpríbhléid file bíodh sé libhse
is rímh cé an cuire cneadhfhórtha.



Cúigear féinneadh lonnmhear léidmheach
cumhachtach céibhfhionn cleaschródha,
dár ghiall Muicinis iathghlas uilleannach
fhiadhach fhiolarach easghlórach,
ré fíoch námhad ndíochra ndána
ag dídhean cána a caithleoghain,
ní fhiad éigeas i n-iaith Fhéidhlim
trian a n-éirleach d'athchóimhreamh.



Má rín eite ar bith do shíol nGeilbirt
gníomh is treise 's is tailcbheodha
ionnáid úrtha is éachta an chúigir chréachtaigh
ionnraic fhéilghloin onóraigh
ag caomhnadh an fhoinn si ar bhéimibh bíodhbhadh
d'aontoisc íodhbartha aindeoradh,
is mór an dearmad d'eolchaibh Banbha
fós nach facamar canóin ris.


L. 202


Is duan gan daonnacht d'uaislibh Éireann
tuaraisc mhéirtneach bheartónna
uaibh dá bhflathaibh cruadha catha
cuanna cneasta ceannórtha,
is ní dú annsacht an diuice ann duit,
ós clú cham gan cheapórdacht,
s' a sháith do chaithréim, nár chás 'na cheart féin
d'fhagháil gan aithbhéim seanóradh.



Do rin béal bladar nach measaim gur d'iulachaibh
oiléin fhairsing ghlais Eachaidh is Iughaine,
sruith bhréag smeartha nach faicimsi clúda ar ghuth
i sicréid leabhair na Banbha brúighte si.



Tug sé barra tar scathaibh gach prionnsa abhus
i riméis damhas ar thaithneamh a dhiuice dhil,
mar úrscéal ghradaim ní gabhtha don chúinge ghlic
truidéis teasta nach baineann ó chúrsa ris.



Do chuir é aga tar ealgaibh ongtha ár nguirt
ar choiméad eachtrann seachain go sonnradhach,
's i gcinéal nGearailt, d'fhuil Bharrach nó i mBúrcachaibh
a leithéid d'fhaicsin nach deacair gan diuiceachas.



Ní tug fé deara dom bharamhail Conn go tric,
do bhris céad machaire uim cheannas na dúithche si,
ná goil ghéar ghalata ghleaca mhic Múirne amuigh,
le dtug tréad lachta ann gach baile gan bhú tar muir.


L. 204


Ní chuir sé i bpratainn, má thaistil i liubhraibh Scuit,
cuid Néill Chaille is Néill fhrasaigh don chúntas sin,
cuid Néill ghlasaigh, má d'airigh níor smúin ar smiog,
ná ar chuid Néill aile do cearadh le cúngcasaibh.



Tug mé i n-anafadh m'anma d'úrlacadh
an bhrilléis aiste gan aiteas gan úghdaracht,
is Cinnéide armghlas d'fhearaibh an chúige si
a chroibhéacht arrad nár aithris náid úrtha a mhic.



Tug sé i ndearmad marbha ar dtúis mhic Broin
is croibhéil chama na ndanar do bhrúth go bun,
mainéar eagailse i bhfearann 's i bhfonn do chur
don gheilghéig d'aisig dár n-aithribh a gclú 's a gcuid.



Sin é an cathbhile ar ghallaibh na long do luigh
is tug saor fearradhacht fairche ár bhfionn a bruid,
tug séala athanta ar shleachtaibh a slonntaibh cip
is do chuir re leanbhaibh teagasc gan tionnlaice.



Tug éirle eachtrann airgthe is ionnradh a gcroidh
's do rin réir charad go dearbhtha dúthrachtach,
do scuir sé screabaill is daladh na dúbhroide
is tug réidh sealbh gach leasa dá dhúthchaisioch.


L. 206


A fhir chléibh thairgios treabhair gan chom gan chrios,
mun bhfuil fé ad tarmainn taca don diuice ris,
gurb é a athair a phearsa nó glún don fhuil
do rin éacht amhuil, do mealladh id mhúnclum thú.



A chluanaire aindeis nó a amail gan faobhar fis,
nach tuarann lasair id leacain más d'Éirinn sibh
an tuairim tharcuisne ar cheapaibh a craobh do shil,
ód bhuain an abalach aiste gan ghaol re glic.



Mun bhfuascladh ainnir d'fhuil Bhreatnaigh no d'aobhfhuil
Scuit
an ghuasacht anabuidh aisig do thaobhaigh mé,
re tuathbhaladh searbh na seannama saobhair sin
is suaill mo scarta tar tairsigh nach taoscfainnsi.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services