Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Desiderius
Title
Desiderius
Author(s)
Ó Maolchonaire, Flaithrí,
Compiler/Editor
O'Rahilly , T.F.
Composition Date
1616
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1941)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N L043} {L 1} {B 1616 17T} {G L} {U 0082} {C Prós} {M 8} BROLACH NÓ REUMHRÁDH ÓN TÍ DO THARRAING AN OBAIR-SE GO GAOIDHILG. Do thaitin an leabhrán-so comhmór agus sin leis gach ccrích do chum a ráinig gur cuireadh a Spáinnis, a nEadáillis, a Bhfraincis, a nAlmáinnis, agus a Laidin é. Agas ní hiongnadh sin, uair gé mór do sgríobhsad úghdair eili ar na subháilchibh, ag leanmhain luirg an sgrioptúir naemhtha, féadfaidhe nár sgríobhadar fós éinní coimbeag ris féin do sháireóchadh an leabhrán-so, go háiridhe a sultmhaire na sligheadh fuair. Foillsighidh go huaigneach aithghearr ní headh a mháin an modh ar a bhfaghthar na subháilche ó Dhia, acht fós an modh ar a ndearbhthar na dubh- áilche; agus tráchtuigh gach éinní comhshaoidheamhail agus comhshuairc is sin go ttairngeand uile úigh agus inntinn an léaghthóra air féin, gé go mbeidís mórán gnoaidheadh oile ar a aire. Do mheasamairne, agus do mheasadar daoine eile (agá bhfuil ro-aire ar chuidiughadh léna ccáirdibh agus lena ccomharsanaibh dul ón oilithri-si dá ndúthaidh fhíre, go flaitheamhnas), go madh tarbhach a chor a Ngaoidheilg do thabhairt shoillsi don chuid dár ndúthaigh nách tuigeand theangtha eile, ar na neithibh naomhtha theagaisgeas. Agas gé nách fuil acfainn ná iomadumhlacht san Ngaoidheilg aguinn,
agus nách mó a támuid, ó aois mhic fhoghlama anuas, a ngar do na seinleabhraibh acht imchian uatha féin agus ón aois ealadhna ó a bhfuighmís ar sáith do sheanfhoclaibh snasdha, nách biadh ro-dhorcha, agus dobadh tarbhach do tharraing chum gnáthaighthe, agus ó a mbeith an teanga saidhbhir so-ghabhála ar na neithibh maithi atá sna teangthaibh eile, agus ó a mbeith an labhairt líomhtha - ar a shon sin má thig linn amháin, maille ré congnamh an Choimdheadh, na neithi-se do chor síos go soilléir sothuigsi, saoilmíd go madh lia do na daoinibh deaghaithneacha deis- gréideacho ghuidhfeas oruinn ar son ar saothair, iná bhias ag iarroidh toibhéimi do thabhairt dár ndíth- cheall ar son simplidheachta na sttíli inar sgríobhamar go sonnradhach chum leasa na ndaoine simplidhe, nách foil géarchúiseach a nduibheagán na Gaoidhilge. Gidheadh, dá ndeachud oraind seacha so, anmaoid ríu ar rádha S. Aibhisdín, adeir: "Créd an tarbha atá san eochair órdha muna osgailtear lé an ní iarr- maoid d'osgladh, an tan nách fuil d'fheidhm aguinn ría acht sin; nó créd fá budh ionbhéime eochair mhaide dá n-osgla an ní sin dúinn?"
BROLACH NO REAMHRADH NA HOIBRI-SE ON UGHDAR. As cúis náire agus iomaithfir gan duine do thabhairt altuighthe buidhe don tí ó bhfaghonn troimthiodh- laicthe. A Iosa ionmhuin iodhainmhilis, atáid na leabhuir lán don eólus do badh cóir dhúind do bheith aguinn ort, ór atáid do ghnáth ag foillsiughadh agus ag fógra do mhórdhachta naomhtha agus do dhiadhachta ina bhfuile féin, an tAthair, agus an Spiorad Naomh comhaondha, diongmhála do mholadh ó chroidhe os chionn an uile chréatúir ón dhuine do chruthuighis. Os a cheann so atá do shoisgél naomhta sgríobhtha lé fuil do dhaonnachta ro-uaisle do doirteadh ar ar soinne dár bhfuasgladh ó anchumhachtuibh an diabhuil (agá rabhomar inar modhuibh a mbroid agus a modhsuine), agus do chum ar ttarruingthe do chum eóluis do mhaitheasa doichríochnuighthe agus th'árd- uaisle, agus do chum ar ngluasochta do chum do ghrádha agus th'umhalóide. Atá, a Thighearna, ar an modh ccéadna an domhan uile lán do sheanmóntuighibh, do lucht stoc agus bheann mbuabholl, .i. do chrétúire ag fógra do dhearsgnuidheachta agus do shubháilcheadh dhúinn, agus dár ngríosadh do chum grádha, onóra agus rebherens do thabhairt duit mar Thighearna agus Chruthuightheóir na cruinne, agus do chum go ttugmaois buidheachus duit mar Shlánuightheóir agus mar Athair ró-ghrádhach ar son ar dháilis do thiodhluicthibh agus d'aisgeadhuibh dúinn, nách éidir linn do chúitiughadh go bráth, gé go n-iodhbramaois ar mbeathaidh a sáicrifís agus a n-offráil shíordhúidhe dhuit.
Dá éise so uile, a Thighearna, gé gur thasbéanuis an urduil sin d'airghibh th'annsachta dhúinn, trér dhlighis dínn ar ccroidheadha do bheith ar chomh- lasadh dod ghrádh, ag seirbhís do ghnáth dhuit, ní hamhluidh sin do nímíd, acht bheith lán do dhearmod agus do dhíochuimhne ar do mhaith, lán do tharcuisne ar do thoirbheartuibh, iomfholamh ón ionmhuine agus ón ghrádh do budh cóir dúinn do thabhairt duit, agus lán do chiaigh agus do chomhdhorchocht eóluis do dhiadhochta, nách mór go bhfaghthar aoinneach rod smuain ná rod sir. Agas ní headh amháin achd atá an saoghal uile iar nad sheachna agus iar dteitheamh ód chaidreabh chaoinmhilis, ag breith do roghuin bheith a réghión an pheacuidh seach bheith a n-aitreibh chíuin cheandsuighthe do Spioruide. Ar an n-ádhbhar so, a áirdThighearna, do chum go mbeithea iarnad th'aithne agus íarnad ghrádhughodh agus iar nad h'onórughadh ód chréatúiribh, do chuir do shearbhóntuigh mídhiongmhála roimhe, maille re foghor agas lé beannachtuin do mhórdhachta, ó ttig an uile mhaith, an leabhrán beag-so do thionnsgnadh agus do chríochnughadh, do ghríosadh do fpobail, agus go sonnradhach na ndaoineadh riaghaltha, agas na mbocht do thoghais mar oighreadha ar fhlaitheamh- nas, do chum subháilche agas naomhthachta, ag léigean, gan fhéchain dó so, an mhéid a déar do chum breitheamhnais agas ceartaighthi ar naomh- máthar an Eaglas. Gidheadh, a Thighearna, mar atá tréar bpeacadhaibh san drochaimsir-si, croidh- eadha na ndaoineadh lán d'fhuaraigheacht agas d'aimhleisge fá neithibh spioradálta do bheanfadh réna slánoghadh d'éisdeacht, do conncas damh an obair mbig-si do chor amach a modh uirsgéil do chum blasa do chor ar an mbiadh-sa lé ccuirfidhe
cíocaras ar chách, agas do chum go madh móide do choinneóchdaois 'na meabhair é, ag aithris amhlaidh so, a Thighearna, ar sdíl do shoisgéil naomhtha, atá ar n-a líonadh d'uirsgélaibh. Guidhim ar na hádhbhuraibh sin, a Thighearna, do mhaith gan fhoircheann um ghrásaibh do thabhairt damh croidh- eadha an cháich léghfeas an leabhrán-sa do lasadh dod ghrádh, agas gach a léaghfaid ann do chor go laitheamhail a ngníomh agas a n-oibrioghadh do chum do ghlóire agas slánaighthe a n-anmand. Amen.
DO SHEOLADH NO DO THABHAIRT ASTEACH NA HOIBRI-SI. Do bhí díthreabhthach diadha ag foghnamh do Dhia aimsear imchian i n-aroile fásach, a bhfad ó aitreibh dhaoineadh; agus ag smuaineadh laithe n-aon dó ar a ttabhair an tEasbal d'adhmholadh ar ghrádh Ndé, .i. gur ab lais choimhlíontar an dligheadh agas iomlánaighthear an reacht, agos gurab é as críoch dona haitheantoibh, agas gurab de ghoirthear cuibh- reach na foirbhtheachto cheanglas sind comhdhaingean is sin do Dhia go ndénann inn d'éinspioruid, táinig fonn ádhbhalmhór chuige dul d'iarroigh an ghrádha- soin Dé agus a eóluis san ccéim as uaisle agus as foirbhthe inar héidir léar n-anbfhainne dhaonno a fhagháil san bheathoidh urchradhoigh-si. Or dá labhrom ar ghrádh Ndé go huilidhe, atá i ttrí céimeandaibh, gé go bfhuil cuid díobh so as uaisle agus as foirbhthi iná chéili, .i. an chuid as fearr cheanglas ar spioraid do Dhia. Is leis an ccéidchéim don ghrádh-so cheanguilthear ar ttoil do Dhia. Or cuiridh an céim-si d'fhiachoibh oruinn aitheanto Dé agus na Heaglaisi agos gach ní oile dá mbí d'fhiachoibh oruinn do choimhlíonadh, agus ar ttoil do bheith coimhghreamoighthe agus sin do Dhia nách áil linn ar mhodh ar bioth éinní do dhénamh do chuirfeadh d'fhiachoibh orainn na haitheanta do shárughadh. Agus atá an céim-si 'na riachtanos ar an uile Chríosdaighe, agus as lór é do chum a shlánaighthe, agus ní héidir an lucht ó tteasdaigheand do cheangal do Dhia, ór beid dealaighthe uaidhe do shíor, mar a deir Matho Soiphisgél, ag labhairt a n-ainm agos lé briathroibh
Ioso lá an Bhreitheamhnuis: "Seachnoidh mé tre bhioth shíor, a dhream do oibrigh na peacaidh mharbhtho, agus do chríochnoidh bhur mbeathuigh indtibh." Tuigthear as so gibé ar bioth atá a bpeacadh mharbhtho go bfhuil gan déshearc, agus ar an modh ccéadno gan fhoirbhtheacht, agus go bfhuil dealuighthe ó Dhia, agus gibé ar bioth d'éis a bhaisdthe do rinne a dhíthchioll ar a anam do chongmháil go glan ó na peacadhaibh marbhtha, nó, má do shalaigh é, do rinne a dhíthchioll ar a ghlanadh lé haithreachus agus lé faoisidin, go bhfuil an céidchéim-si don déshearc aige agus go bhfuil marsin foirbhthe do réir an fheallsaimh a deir gurab é as ní foirbhthe ann an ní ó nách teas- daigheann a riáchtanos. Ar an ádhbhur-so gibé ar bioth Críosdaighe agá bhfoil go comhnaightheach éinchéim do na grásuibh lé nglantar agas lé naomhthar ar n-anom, atá gan fpeacadh, agus atá mar sin san chéidchéim-si do ghrádh Dé. Ceanguilthear lé grádh Ndé san daro céim ní hí amháin ar ttoil do Dhia, acht ar smuaintighthe ar miana agus ar bhfuinn, ionnas nách bí aire aguinn ar ghnoaighibh an tsaoghuil, ná cúram ar bioth 'na ttimchiol, acht go ttairrngeamaoid sinn féin uatha in gach ionad agas gach aimsir as éidir linn. A sé so an dara céim do ghrádh Dé, agus an céim as uaisle agus as foirbhthe as éidir dhúinn d'fhagháil san bheath- aidh dhuthain-se. Gidheadh, ní hé céim as foirbhthe don ghrádh go huilighe é, acht an treas céim, .i. an grádh bhías aguinn ar Dhía a bhflaitheamhnas, an uair do chífeam é go follas aghaidh ar aghaidh, agus bhiam do shíor ag buain ar sóláis as a dhiádhacht agus as a dhaonnacht; agus asé an céim-se don ghrádh do ní eidir ar n-anam agus Dia an uaimcheangal as uaisle agus as foirbhthe don uile cheangal as éidir dhó do
dhéanamh eadrainn, ór ní fhuilngeand an ceangal-sa peacadh ar bioth ná uireasbhuidh ar ar n-anom, agus ní mó fhuilngios neamhaire ná dearmod ar bioth do bheith aguinn air. Fuilngidh an céidchéim do ghrádh Dé neamhaire do bheith aguinn air aimsir fhada, agus fuilngidh fós ina fhochair mórán do pheacudhaibh sologhtha, gé nách áil leis anamhuin a n-éanbhall ré peacodh marbhtha. Fuilngidh an dara céim réd égin neamh- aire agus dearmuid do bheith aguinn ar Dhia, ar feadh mbeagáin aimsire, agus gé go bfhuilngeand réd éigin do pheacaidhaibh éttroma sologhtha, ní fhuilngeann choídhche ina fhochair peacaidh throma shologhtha, agus ní hé so amháin, acht ní fhuilngeand do na peacadh- aibh sologhtha bheith a bfhad ina fhochair, ór caithidh agus sgriosaidh iad lé fiuchadh ngrádha. Agas as mór do dhaoinibh diagha agus do lucht chrábhaidh do chuaidh d'iarraigh an chéimi-si don ghrádh a n-ionadaibh uaigneacha do chum uaine do bheith aca do chum Dé do mholadh agus do ghuidhe do ghnáth; agus as chuige so fuaradar agus do thionnsgnadar na naoimh, mailli sdíuradh an Spioraid Naoimh, na huird naomhtha chuireas cúram an tshaoghail díobh, do chum a n-aire uile do thabhairt do Dhia. Agus fá díobh so an díthreabhthach naomhtha-so, ar a raibhi fonn an daro céime-si do ghrádh Dé, as éidir d'fhagháil san bheathaigh-si, d'fhagháil; agus as uime sin do chuir roimhi triáll as a shealla agus dul fán bfhásach, dá fhéachain an tteigeómhadh éinneach ris do theigéosgadh so dhó, do réir an fhuinn do bhí air, do bhí comhmór agus sin gurab uadh ainm- nighthear an díthreabhthach DESIDERIUS, .i. fonn- mhar do chum grádha Dé agas a fhoirbhtheachta d'fhagháil.
TIONNSGANTAR AN CEADRAND DO SGATHAN AN CHRABHUIGH. An l. Chaibidil. Gluaisios Desiderius as a shealla ina raibhe ag aitreabhadh aimsear fhada, agus do thionnsgain triall fán bfhásach, agus tárla a cceann ttreimhsi é ar aodhaire do bhí ag ionghaire a thréda. Gabhas lúthgháire mhór Desiderius ag faicsin an aodhaire, mur do bhí a bhfad roimhe sin gan énduine d'fhaicsin, agus beann- aighios dó ag rádh, "Deo gratias, a dhearbhráthair." Freagrais an t-aodhaire dhó ag rádh, "Gomadh Dia do bheatha." Gahhas Desider. ag machtnughadh agus ag min- fhéachain ar fheabhas na hoirchille baói ag an áodhaire ar a oifig féin do dhénamh, ór do bhí cleath nó lorg 'na láimh, agus do bhí tiagh ar a mhuin; bádar bróga maide ar a chosuibh; do bhí ionar uime do shoichiodh gó a shálaibh; baoí adharc bheag ar a tháobh clé ceangailthe dá chrios, agus adharc oile do budh mó iná sin ar a thaobh deas; bádar dá ghadhar 'na ghoire; agus ní himchián uáidhe do bhí an bhoth 'na ccodladh, iar n-a tiughthimchealladh do dhroigh- nibh agus do dhreasaibh. Tug an t-áodhaire dhá aire mar do bhí Des. ag silleadh agus ag sírfhéchuin air, agus adubhairt: "Créd adhbhar th'iongantais, a athair, nó an bhfacadhais aódhaire romhamsa riámh?" "Do chonnarc," ar Des.; "gidheadh ní fhaca deisi aodhaire riamh mar do dheisi-si, agus guidhim thú, a dhearbhráthair, nár ab leasg lat gach ní fhíafróchad díot d'innisin damh."
"As deóin leam," ar an t-aodhaire, "gach ceisd sa fios fuil agam d'fhúasgaladh do réir mh'eólais." "Abair riom, a dhearbhráthair," ar Desiderius, "créd fá n-iomchrae an lorg sin?" Aodhaire: "As iongnadh leam sin do bheith 'na aincheas ort, agus inneall abadh ort. Bídh an lorg-sa agam dochum mo chongmhála am sheasamh d'eagla go leagfuidhe mé an úair bhím ag rioth a ndíaigh mo chaórach, agus fós do chum mo thréda do thiomáin, ór an úair anas aón chaóra aca a ndiáigh na coda oile, buáilim leis an mbata so í, agus cuirim d'fhíachuibh uirthe dul a ccoimhideacht na ccaorach oile." Desid.: "Abair riom, a dhearbhráthair, créd atá agat san téigh-sin ar do mhuin." Aodh: "Bídh agam innte ó thús teine-chreasa cloch agus spongc dochum teineadh do bhuain agus d'fhadógh dhamh féin an uair bhíos fuacht oram, agus fós do chum mo choda féin agus choda mo chomhaodhaireadh do bhruith. Bídh agam innte arán agus inníun, soitheach ola agus soitheach saluinn, agus do bheirim cuid díobh so go minic dom chaorchoibh, agus go háiridhe cuid don tsalunn." Des.: "Créd fá mbíd na bróga maide sin agat?" Aodhaire: "Do chum mo chos do chongmháil te a n-aimsir oighridh agus shneachto, ór dá mbeidís bróga bláithleathair orom do brisfidhe iad ar an mball, agas do bheidís mo chosa ag sleamhnoghodh uam ag siobhol na sligheadh." Des.: "Créd dá bhfoghnonn an t-ionar sin ort?" Aodh: "Ag so an ball as dísle dhamh dom chuloidh, ór dá mbeinn gan an t-ionar-so do theith- feadh mo thréd uaim, agus ní thiobhrodh aithne orom." Desi.: "Créd an t-ádhbhar dá ndéntur an t-ionar-suin?"
Aodh: "Do chroicnibh caorach." Des.: "Agus nach búdh éidir a dhénamh do chroicnibh faolchon nó ainmhinteadh n-allta eile?" Aodh: "Ní búdh éidir, ór do mhothóchdaois na caoirigh baladh an mhic-thíre ar an mball, agus do ghébhadh an oiread sin do ghreann agus do d'uathbhás iad nách anfadaois agam; gidheadh, mar do chíd a ccroicne féin iomam, grádhuighid mé go mór agus leanaid." Des.: "Abair uait, a dhearbhráthair, créad bhíos agat san adhairc bhig sin." Aodh: "Úinnimeint áirithi lé leighisim mo chaorcha ó chlaimhe." Des.: "Créd bhíos agad san adhairc mhóir-sin oile?" Aodh: "Bídh agam innti so gné chailci lé ccuirim comhardha ar mo chaorchaibh do chum a n-aithne an uair do rachdaois a measg chaorach ccomhaightheach." Des.: "Agus créd fá bhfuilid na gadhair-si ad chomhghar?" Aodh: "Do chum na mac ttíre do chur a tteitheamh uaim san oidhche léna n-amhasdraigh, ionnas go ma héidir leam féin agus lém chaorchaibh cíunas do dhénamh." Des.: "Créad fá ttabhair tú th'úidh dot fheidhm agus dot oifig uili coimhfhriochnamhoch agus sin?" Aodh: "Ar an n-ádhbhar gurab óglách mé do thighearna an thréada-so ar a bfhuil grádh ro-mhór agam, agus gur gheall tuarasdal maith dhamh, gé gurab mó do ním a ndénaim ar son mo ghrádha air iná ar son a thuarasdail."
DON THOIL MHAITH, AGUS MAR AS SÍ AS SLIGHE DO CHUM GRÁDHA DÉ d'FHAGHÁIL. An Daro Caibidil. As mór an fonn fuáir Des. i gcomhrádh agus a ccéill an aodhaire, agas mar a dubhairt gurab mó do bhí ag foghnamh dá thighearna ar son a ghrádha iná ar son a thuarasduil; agas a dubhairt ris: "Innis damh, a dhearbhráthair, ós gnáth leat bheith ag siobhal na bhfásach-sa, an mbiadh énfhocul do sgéluibh dhuine uasuil agot atá ar n-a ionnarbadh óna aitreibh féin, agas iar n-a thréigean óna bhasáillibh, bhíos ag imtheacht na aonar dá fhéachuin cia do ghéabhadh lais nó do léigfeadh asteach é." "Cionnas ainmnighthear é?" ar an t-aodhairi. Des.: "Grádh Dé a ainm, agus as d'fhuil ro-uasuil é." "Dar mo chubhois (ar an t-aodhaire), as aithnidh dhamhsa go maith an duine uasol sin; agus dá madh eól duitsi tréad do choimhéd mar as eól damhso, agus dul leó ar inghioltradh, do bhéruinn tú abhal a bfhuil, ór as ionmhuin leis na haodhaireadha, mar as éidir a thuigsin as an ngrádh do bhí aige ar Abraham, Isaac, agus ar Iacob, bádar 'na n-aodhairibh, agus do thogh Dia mar aithreacha do phobal Israhél, agus mar as follas fós ar Mhaoíse dá ndearnadh uachtarán ar an bpobal ccéadna, agus ar Shaul agus ar Dháibhí do óirn mar ríogha ós a ccionn. Dar leamsa," ar an t-aodhaire, "as oileamhain pháláis atá ortsa, ór a
taoí maoth seasgar sádhal, agas ní bhiadh acbhuinn agat ar thréud do choimhéd ná dhul fán ndíthreibh gach laoí léo. Ar an adhbhar sin ní furáil duit slighe eile do ghlacadh do chum dula d'iarruigh Ghrádha Dé." "Agas créd an tshlighe ghlacfas mé?" ar Des. "As éigion duit," ar seisean, "dul san ndíthreibh ar h'aghaidh, agas teigémhaidh mainistir mhaighdean riagholtha dhuit, agas do bhéraid sgéla dearbhtha an duine uasuil sin duit; agus as cosmhuil gan amharas go bhfuighe mar sin é, ór ní gnáth leis é féin d'fholach ar dhuine dá n-iarronn é mar as dual." As mór do thaitin lé Des. méd na meisnighe agus an dóthchais tug an t-aodhaire dhó fá Ghrádh Ndé d'fhagháil, agus adobhairt: "Guidhim thú, a dhearbh- ráthair, agus múin éolas na sligheadh dhamh, ór as eagail leam dul amugha." "Ní héidir dhamh mo thréd do thréigion," ar an t-aodhaire, "ór as éigean damh condas do thabhairt ar a son dom thighearna. Gidheadh, ar son mo ghrádho don duine uasol-suin agus duitsi féin, do bhéaro mé éolaighe dhuit mhúinfeas an sligheidh dhuit gus an mainistir agus bhias ad choimhideacht go soiche abhal a bfhuil Grádh Dé. Beir lat an gadhar-so agus treóróchoidh thú." "Créad as ainm dhó?" ar Des. "Asé a ainm," ar an t-aodh, "Toil Mhaith."
DO SHUIDHIUGHADH, DO DHORUS, AGUS DO DHOIRSEOIR THIGHE NA HUMHLACHTA. An 3 Caib. Gluaisios Des. iar cceleabhradh don aodh, agus rug an gadhar lais, .i. an Toil Mhaith, 'na choimhideacht, ó bfhuair mórán sóláis san sligheidh. Agus iar mbeith dhó ag siobhal an fhásaigh aimsear imchian, do chonnairc madh míonáloinn, iar n-a thimchiollughadh do shléibhtibh ruagho ro-loma agus do chnocaibh clochthacho ceanngharbha. Fá hiongnadh lé Des. a chomhthoirtheach sin do thalamh d'fhaicsin san ionadh aggarbh aimhréidh sin, gé go raibhe lúthgháiri mhór air tré aitreibh ar bioth d'fhaicsin d'éis ar shiobhuil d'fhásach; agus iar ndul a ngar don mhainistir dhó, do chonnairc a dorus dúnta agus
maighdean 'na seasomh ar a comhair ar a raibhi culaidh agas cruth mná macánta, agus mur as luaithe do chonnairc an mhaighdion an gadhar, do bhí lán d'uamhan agus d'eagla. "Ná bíodh eagla ort," ar Des., "ór ní dhénann an gadhar-so urchóid d'aoinn- each." Fá roi-iongnadh lé Des. an mhaighdean-soin d'fhaicsin 'na huathadh agus 'na haonar taobh amuigh don mhainisttir, agus fiafraighis di: "Créad do ní tú ann so, nó créad ré bfhuile ag fuireach?" "Atám," ar isi, "ag anamhain ris an ndoirséoir d'osgladh an dorais do chum go raghainn asteach." "Cá hainm atá ort?" ar Des. "Asé mh'ainm," ar isi, "an Ghlóir Dhíomh- aoin." Do bhí Des. a bhfad ag fuireach dá fhéuchuin an bhfaicfeadh an doras dá osgladh, agus mar nách facaidh an doirséoir ag teacht, do thionnsgain an doras do bhualadh go teand lé baschrann nó lé fairchín iaroinn do bhí as an ndoras do chum a bhuailte, dá ngoirthí Fulong Fada. Ní fada go bfhacoidh Des. seanóir aosdha onórach ag teacht d'osgladh an dorais, do ba doirseóir don mhainistir- sin agus do choimhédadh í uile, dár ainm Eagla Dé. Do bhí Des. lán d'urgháirdeas inntinni ag faicsin an doirseóra, agus iar mbeannughadh dhó, a dubhairt ris: "A athair ionmhuin, atú-sa ag iarraidh dhuine uasuil dar ab ainm Grádh Dé, agus a dobhradh riom gur ghabh trés an bhfásach-sa agus go ttáinig gus an mainistir-si. Do badh mian leam a fhios d'fhagháil uaibhsi an ndearna comhnaidhe ann so."
Fá binn leis an ndoirseóir a ndobhairt Des., ór do badh dearbhráthair do Ghrádh Dé é féin, agas adubhairt: "Innis damh, a mhic, créad fá n-iarrae an duine uasol sin, nó créad iad do ghnoaighthe ris?" "A athair," ar Des., "atám dhá iarroidh ar an n-adhbhor go bfhuil mórán uaim air, agus go bfhuil sochar mór dhamh 'na fhagháil; ór as mian leam bheith am óglách aige agus seirbhís do dhénamh dhó, do bhríogh nach facadhas (gé mór do réighiónaibh do shiobhlaigheas) rígh ná tighearna 'na bhfuáras fonn, gidh mór do iarr oram anamhain aca. Do hinnisiodh dhamh gurab tighearna roi-fhial ro- shaidhbhir Grádh Dé, agas go ttugann mórán maitheasa agus saidhbhris dona daoinibh do ní seirbhís dó." "As fíor," ar an doirseóir, "gu raibhe an duine uasal-soin san mhainistir-si; gidheadh, ní dhéarna comhnuidhe innte. An-sa ann so fós, agas goirfead- sa ar mhaighdin chugad ó bhfuighe tú ní sa mhó dhá sgéalaibh."
MAR AS GNATH LEIS AN NGLOIR NDIOMH- AOIN BHEITH A CCEILG AR NA DEAGH- OIBREACHAIBH. An 4 Caibidil. Do b'fhada lé Des. an aimsear ag fuireach ris an maighdin, gé nach fada go bfhacaidh ag teacht do chum an dorois banógh umhal aghnáireach, do bheannoigh dhó go grádhach. "Deo gratias, a dheirbhshiúr," ar Des., "cionnas ainmnighthear thú?" "Asé mh'ainm," ar isi, "Neamhshuim a nEinní." "Agas créad as ainm don mhainistir-si?" ar Des. "Teagh na Humhla a hainm," ar an mhaigh- dean; "agus a sé adhbhar fa ngoirthear sin di, do bhríogh gurab í an Umhla as banab dhúin, an coimh- thionól do mhaighdionaibh riaghaltha atámaoid innte." "Agas cia hí an mhaighdion-so amuigh san doras?" ar Des. "Ag sin an Ghlóir Dhíomhaoin," ar isi, "agus bídh do ghnáth san dhoras dá fhéchuin cia an uair
do hoisgeoltaoi é dochum dula asteach, dá bhfédadh nó dá bhfhaghadh uain ar an ndóirseoir." Des.: "Créad é an t-adhbhar nach léigthí dhí dul asteach? Ór as cosmhail réna cruth agus réna culaith gurab bean mhacánta í." "As urasa a aithne nach fuil eólas agat uirthe," ar an mhaighdion, "ór ní fhuil mhnaoi as measa iná í, agus a bhfuil do bhárr innill uirthe os comhair ccáich, atá a uiriod sin d'ulc agus do mhailís a bhfholach innte." Des.: "Créad an t-olc do ní dhaoibh?" "An mhéid as éidir lé," ar an mhaighdion; "agus as dual di bheith olc, ór dob olc an t-athair do bhí aice, dá ngoirthí A Grádh Féin, agus fá measa a máthair, dá ngoirthí A Móirmheas Féin; agus ní fhuil ar bioth eascairde aguinne as mó iná an t-athair-si agus an inghean, agus as mó atá a n-aghaidh an duine uasail as pátrún dúin, dá ngoirthear Grádh Dé, léna gnáth glóir a ndéineann do thabhairt do Dhia ó ttig an uile mhaith, as ar ab urasa a thuigsin méd na contrárdhachta atá idir Ghrádh Dé agus an Ghloír Dhíomhaoin, agus idir Mhoírmheas Uirre Féin agus misi, darab ainm Neamhshuim a nÉinní. Ar an adhbhar so as éigion dúin bheith ar ar ccoimhéd uirthe mar dho bheimís ar ar naimhdibh, agus ní fhidir tusa créd é méd an dochair do ní an
Ghloír Dhíomhaoin dúinn, ór an uair as éidir lé teacht asteach, mar atá sí genach, teíd ar an mball gu díreach dar n-abhallghort, agus goididh toradh an chroinn as uaisle dá bfhuil againn, le ccothaighmíd sinn féin; agus mar nach fuil 'nar n-abhallghort acht énchrann amháin do shórt an chroinn sin, agus nach fásann air acht beagán toroidh, as ar éigin fhédmaoid sinn féin do chothughadh; agus gu háiridhe an uair bheireas an toradh lé, fágbhaidh sí sinne uile folamh. Agus as measa iná so uile an uair éirghios lé teacht asteach, go bfhuil coimhmilisbhriathrach agus sin, agus comhmór do mhealltóir agus do chluanaire, nach éidir lé haonmhaighdin riagholtho aguinne a cor amach, acht leis an mbanaboidh amháin, dár ab ainm an Umhlachd, ór teithidh an uair do chí an mbanaboidh. Agus mar atá an drochmhaighdean-sa comhurchóideach agus coimhmíonáireach agus sin, do conncas dúinn an seanóir-si do bheith 'na dhoirseóir aguinn, ór atá goin bhurba ann; agus an uair do chí ag teachd chum an dorais í, buailidh an ccomhlaidh 'na héadan agus congmhuidh amuigh í." Fá hiongnadh lé Des. ar innis an mhaighdean dó, agus a dobhairt: "As maith do níthí gan a léigean asteach, ó do ní an uiread-soin d'urchóid daoibh, agus ní fuláir dhaoibh bheith ro aireach." "A déarthá sin," ar an mhaighdean, "dá mbeath fios a huilc uile agat."
DO SHLIGHEIDH NA HUMHLACHTA. An 5 Caib. "Innis damh," ar Des., "a bhanógh bhenn- aighthe, cia dho threóraigh do chum an thighe naomhtha-so thú?" "Dias do mhnáibh riaghaltha tug dochum an thighe-si mé," ar isi. "A sé fa hainm don chéd mhnaoi Tarcaisnioghadh an tshaoghail, agas do ba maith an bhean riaghaltha í. A sé fá hainm don dara mnaoi A Tarcaisnioghadh Féin, agus gér naomhtha an chéd bhean, do bhí an dara bean-sa ní as naomhtha iná í. Do ghuidhiodar an dias ban naomhtha-so an mbanabaidh fam ghlacadh san n-órd, agus d'fhoillsigh- iodar di mh'inntinn agus mh'fhonn; agus muna bheith duine uasal tarla dhúinn san slighidh, agus tánig linn gus an mainistir, do chuir impidhe ar an mbanabaidh, ní géabhthaoi mé ar énchor, ór as a n-onóir an dhuine uasail-sin fuaras an n-aibíd." "Cionnas ainmnighthear an duine uasol-sin?" ar Des. "Grádh Dé a ainm," ar isi. Ba binn le Des. mar do chualaidh iomrádh Ghrádha Dé ag an maighdin, agus go raibhe meas mór air san tigh sin, agus a dubhairt: "Innis damh, a dheirbhshiúr, cia dár clann an dias ban riaghaltha sin tug do chum an tighi-si thú, nó cia an cineadh dá rabhadar?" "As maith an t-eólas atá agamsa," ar an mhaigh- dion, "ar an ccineadh dá rabhadar, ór do budh
do chineadh mór iad, agus fá duine uasol prinsiopálta a n-athair a ccúirt an ríogh, agus fá hé a ainm Eólas ar Bheginmhe an tSaoghail agos ar Thruaillidheacht na Colna. Do bhí eólas agam mar an ccédna ar a athair sin, .i. seanathair na mban riaghaltha tug ann so mé, dá ngoirthí Eólas na Díoghbhála do ní an Grádh Saoghaltha agas an Móirmheas Air Féin dár nAnam, agus fá duine tromdha tuigseach an fear so do níodh gach énní dá ndénadh go socair stuidéarach, agus do bhí baintighearna ro-uasol 'na mnaoi aige, dár ainm an Gliocas." "Innis damh," ar Des., "an raibhe an duine uasol sin tarla dhaoibh san sligheidh, agus táinig libh don mhainisttir-si, 'na aonar?" "Ní raibhe," ar isi, "ór do bhí buachail 'na choimhideacht ar a raibhe cion mór aige, dá ngoirthí Grádh na Comharsan." "An aithnidh dhuit," ar Des., "cáit a ndeachoidh an duine uasol-sin?" "Atá ní éigin dá fhios sin agum," ar isi; "gidheadh, déanam asteach don mhainistir agus cuirfead a bhfochair dhuine eile thú as mó aga bhfuil dá sgélaibh. Adhé," ar an mhaighdion, "as mór breghdha an gadhar so agad, agus créd fá bhfuil a leithéid so agad?" Adubhairt Des.: "An uair do ghluaisios óm aitreibh féin ní raibhe leam acht coiléan do hoileadh agam féin, agus tárla san sligheidh d'aodhaire mé, tug an gadhar-so dhamh dom choimhéd ó naithribh neimhe agus ó bhéistibh eile do hinniseadh dhamh do bheith gu líonmhar san bhfásach-so." "Cionnas ainmnighthear do ghadhar?" ar an mhaighdion. "Toil Mhaith," ar eision.
"As ro-mhaith an gadhar atá agad," ar isi, "más éol duit a choimhéad, ór ní heagail duit dul ar seachrán, ná pudhar ó bhéisdibh, an gcéin bheas at fhochair." "Innis dhamh," ar Des., "cia ó bfhuighiod sgéla an duini uasail úd?" "A dhearbhráthair," ar isi, "as fada as so é, agus ní fuláir dhuitsi siobhal go maith agus dul romhod a bhfhad san bfhásach ria rochdain don áit a bfhuil a ionad comhnaidhe; agus dá ngabhae mo chomhairle-si, múinfiod shligheidh n-aithghirr dhuit dochum dula san n-aít 'na bfhuil." Gabhas lúthgháire mhór Des., agus a dobhairt: "Féagh féin créd í an chomhairle as fearr lat do dhéanamh dhamh, ór gibé ar bioth ní óirdeóchae dhamh do ghén é do chum Grádha Dé dh'fhagháil." Adobhairt an mhaighdion: "Atáid ocht mainis- treacha san bhfásach so; agus así so an chédmhainistir díobh .i. Teagh na Humhla; an dara mainistir Teagh an Cheirt; an treas mainistir Teagh na Críonnachta; an ceathramhadh, Teagh an Neirt; an cúigeadh, Teagh na Measardhachta; an seiseadh, Teagh an Chreidimh; an seachtmhadh, Tegh an Dóthchais; an t-ochtmhadh, Teagh na Désheirce; agus as ann sin chomhnaigheas Grádh Dé, agus as ann atá 'na dhóirseóir. Do chaithféa-sa an tslighe-si uile do ghabháil, ór así an tshlighe dhíreach í. Gidheadh, ar son Ngrádha Dé, ar a bfhuil an oiread sin d'iarraidh agad, múinfidh meisi eólas as aithghiorra iná sin dhuit; agus ní fuláir dhuit bheith ó thús ad chomhnuidhe san mhainistir-si dod mhúnadh aimsear éigin, gu háirighthe nó gu raibhe eólas agat ar an tteagh, ar an mbanabaidh, agus ar na hingheanaibh uile, ar a mbésaibh agus ar a n-anmannaibh, ór dá ndeacha tú múinte go maith as
an tigh-si, ag breith sgéal sláinte na maighdion so leat gu Grádh Ndé, agá bfhuil cion ro-mhór ortha ní as mó iná atá aige ar na mainistreachuibh eile uile, géabhaigh chuige ina mhuinnteardhas gu hurasa thú, agus gu háirighthe dá ttuga an bhanab, ar máthair, litear dhuit." "Abair riom," ar Des., "créd fár mó grádh an duini uasail-sin oruibhsi iná ar na mainistreachuibh eili, ór as cosmhuil gurab sibhsi as ísle, anuaisle, agus as boichte dhíobh?" "Inneósad-sa sin duit," ar isi. "Bíodh a fhios agot gurab í so an chédmhainistir do thógaibh san bhfásach-so, agus gurab aisde do roighneadh na mainis- treacha eile, agus gurab innti do ghnáthuighiodh ar bproibhinsial, .i. an chédduine lér tionnsgnadh na húird, bheith 'na chomhnuidhe; agus gé gu ndeachaidh 'na dhiaigh sin fá na fásuighibh do thógbháil mhóráin mainistreach oile, nár áil leis é féin d'ainmnioghadh as énmhainistir eili acht as an mainistir-si, mar mhac dhi, mar as innte do ghlac aibíd dhuine riaghalto." Fá roi-bhinn lé Des. comhrádh na hóighe, agus a dubhairt gu ndiongnadh comhnuighe san mhainistir sin, maille ré fonn ro-mhór, aimsear fhada, gu feadh eólais an tighe do bheith aige. "Déanam asteach anois," ar an mhaighdion, ag breith ar láimh ar Dhes.
DO BHALLAIDHIBH THIGHE NA HUMHLA, AGUS DA HUASAILGHENEALACH. An 6 Caibidil. Iar ndul asteach do Dhes. a cclabhstra na mainis- treach, do bhí ag féchain na mballuigheadh ar gach ttaobh dhe, agus dob iongnadh lais a bhfeabhas, gé go rabhadar simplidhe, ór ní rabhsad breaghdha ná pinnteáltha ná árd, acht íseal, daingean, tarbhach; agus ní gainemh ná aol ná úir bhog do bhí mar fhun- daiment aca, acht iad ar n-a ndéanamh gu daingean ar charruig dhíleann. A dubhairt an inghean ré Des.: "Ná han ag feitheamh na mballuigheadh ní as sia, acht déanam do shléachtuin don eaglais." "Déanam, a dheirbh- shiúr," ar Des.; agus iar ndéanamh úrnaighthi dhóibh san eaglais do chuadar gu sealla an bhanabadh. Fáiltigheas an bhanab ag faicsin Des., mar do chonnairc aibíd dhuine riaghalta air, agus tug ionad suidhe dhó 'na fochair féin, agus adubhairt ris: "A mhic, créd fá ttángais chugainn, agus sinn bocht simplidhe, iár n-ar ttarcaisnioghadh ón tshaoghal?" "A mhathair," ar sé, "a tú ag lorgaireacht dhuine uasail dá ngoirthear Grádh Dé, agus a dúbhradh riom nách fédabh a fhagháil muna rabhar am chomhnuidhe tamall san mainistir-si. Ar an n-ádh- bhar-soin, más toil libhsi é, do b'fhearr leam go ttugadh sibh cead damh bheith seal fá bhur smacht." "As maith leam," ar an bhanab, "an fonn maith atá agud; gidheadh, smuain go maith ar tús
ar an ní ataoi do dhéanamh, d'eagla gu ngéabhadh aithreachas tú 'na dhiaigh so." "Gu ttuga Dia grása dhamh," ar Des., "fá sheasamh san mhian mhaith atá agum." "Amen," ar isi, "agus dá ndéarna tusa an ní as cóir dhuit do dhéanamh, ós ó Dhia tháinig do dheagh- fhonn, cuirfidh féin chrích maith air." "Agus créd as cóir dhamh do dhénamh?" ar Des. "Innéosad-sa sin duit," ar an bhanab. "Madh áil leat bheith gu buan astigh-si, agus seasmhach ad dheighinntinn, agus gan na mná riaghaltha so dod chur amach, bíodh an inghean-so agamsa tug asteach tú, dárab ainm Neamhshuim a nEinní, 'na banmhaighistir agad, agus bí muinteardha ria, ór as uime thugamairne mar oifige dhi bheith ós cionn tighe na n-aoidheadh 'na banaoidhigh, agus fós ós cionn ar noibhísdeadh 'na banmhaighistir, do bhrígh gu tteaguisgeann dúinn sinn féin do tharcaisnioghadh agus gan cás ná suim do bheith againn a n-éinní dá n-abairthear nó dá ndéantar 'nar n-aghaidh; agus as chuige mhúinios sí so dhúinn, do chum ar n-umhluighthe, agus an lucht leis nách áil bheith fána smacht, ní héidir leó anmhain gu buan san mhainistir." "As buidheach mé dhíot, a mháthair," ar Des., "trés an mbanmhaighistir-sin tugois damh, agus guidhim thú a nois agus innis th'ainm agus do bhéaso agus do chineadh féin damh, agus cionnos do rinneadh banab ós na mnáibh riaghaltha so agus ós an mainistir dhíot. Adu- bhradh riom nach fuláir dhamh, do chum bheith am bráthair mhaith d'órd an thighe-si, eólas maith do bheith agam ar na mnáibh riaghaltha uile agus ar a mbésoibh, ionnas go madh móide ghráidheóchas mé iad fios a mbés do bheith agom, agus go ma héidir leam a sgéla d'innisin do dhaoinibh eile." "A sé mh'ainm-si," ar an bhanab, "an Umhla.
Agus as é ainm baoi ar mh'athair A Dhísbeagadh Féin, agus asé ainm mo sheanathar A Eólas Féin, agus as í fá bean dó Eólas Dé, agus fá hí a dhúthaigh cathair áirithe dá ngoirthí A Smuaineadh Cia Mé agas Cionnas do Bhádhas agus Bhiad, agus fá hí dúthaigh mo shenathar Smuaineadh ar Mhaithios Ndé, agus a dúbhradh riom nár éidir rochtain gu cathair mo sheanathar acht tré dhá shligheidh agus tré dhá dhoras - slighe dhíobh an duine féin, agus slighe eile na crétúire eile; agus ní raibhe neach lér éidir dul san ccathair-sin, muna théighiodh ar eitiollaigh innte, acht a cceachtar don dá shligheidh-sin. Adubhradh fós riom gurab é ar ttighearna do rinne an ccathraidh sin léna lámhaibh féin, ór do bhí comhálainn is sin nách fuighthí énneach eile lé budh éidir a dénamh acht leision amháin." "Cionnas as éidir a chreidiomh," ar Des., "gu ttiubhradh Dia aire d'oibreachuibh talmhuidhe do dhéanamh, agus nach fuil ar an mbioth tighearna as uaisle agus as dearsgnaighthe iná é?" "As éidir," ar isi, "ór as maith an maighistir saothair é, agus adeirthear gu bhfaghann fonn mór a n-oibreachaibh talmhaidhe." "Créd an t-adhbhar," ar Des., "agus nách fuil riachtanas aige ré hénní?" "Do bhríogh go bfhuil comhmaith agus sin," ar isi, "nach áil leis bheith éan-tamall díomhaoin, acht ag sírdhéanamh neith théid a sochar do na daoinibh, agus as áil leis sochar gach uile neith dá ndéanann do bheith ag cách eile, agus ní iarronn dó féin ar son a ndéineann acht onóir, agus glóir, agus cách dá mholadh, mar as eól dó oibreacho uaisle do dhéanamh do mhiotol comhanuasal ris an ttalamh." "As iongnadh leam," ar Des., "fonn a mholtha do bheith ar Dhia, ór, dar leam, as baoghal dó mar sin tuitim a nglóir dhíomhaoin."
"Ní heagail dó sin," ar an Úmhla, "uair atá comhmaith agus comhfhoirbhthe agus sin nach faghann peacadh ná locht ar bioth ionad ann; agus ní díomhaoin an ghlóir do beirthear dhó, ór as cóir dhó a fagháil, do bhrígh gurab é féin a mháin thuilleas í, agus nach fuil dá mhéd moladh nó onóir dá ttugthar dhó nach dligheann nísa mhó. Agus as uime sin as áil leis a mholadh agus a onórughadh, agus ní fhuil ar a shon sin glóirdhíomhaoíneach, acht ceart, ar an n-ádhbhar gurab áil leis a chóir féin do thabhairt dá gach aon, agus an ní as dleachtaineach dhó; agus mar as dó féin a mháin as dual onóir agus moladh, do bhríogh gurab é amháin atá maith, ní háil leis gan a bhfagháil. Agus ar an n-ádhbhar-so, an uair bhíos fonn ar dhuini a mholadh nó glóir d'fhagháil dó féin do chum a anma féin amháin do shoillsioghadh, as de so ghoirthear glóir dhíomhaoín, agus gaduidh an uair-sin an ghlóir, agus as éidir gaduidhe do ghairm dhe do bhrígh gurab mían leis an chuid chomhuidheach do shealbhughadh gan fhios dá tighearna féin agus a n-aghaidh a thola, agus do ní mar sin aithris ar an ndiabhal, mar a deir S. Aibhisdín; agus gé nách áil lé Dia gan ghlóir agus moladh d'fhagháil uainne, ní ar a shon féin iarras oruinn a mholadh acht ar mhaithibh ris na daoinibh agus trés an sochar thig dhóibh as bheith ag tabhairt moltha agus glóire dhó. As éidir leis an nduine ar a shon so, a ccásuibh áirighthe, fonn do bheith aige 'na ghlóir féin agus a ccách eile dhá mholadh, .i. an tan do chí ga ttiucfa barr glóire agus moltha do Dhia as so, nó do chífiodh gumadh siocair a mholadh lé daoinibh eile do tharruing do chum maithiosa spioradálta agus seirbhísi Dé. Gidheadh cheana, as do na daoinibh bhíos foirbhthe a ccrábhadh agus fréamh- uighthe a ngrádh Dé, as neambaoghlaighe so;
ór as roi-eagail do na daoinibh laigspioraideacha gu meallfadh a n-intinn iad, an uair do iarrfadaois glóir nó moladh dhóibh féin, dar leó féin, do chum glóire Dé nó sochair na comharsan do theacht as sin, ór mar a deir S. Aibhisdín: "Gibé darab éigean é féin do choimhéd ó uabhar, as baoghlach dhó fonn d'fhagháil a nglóir nó a moladh dhíleas."
LEANAIDH AN UMHLA DON CHOMHRADH CHEADNA, AGUS TEAGAISGIDH MAR NACH CÓIR DO DHUINE FONN DO BHEITH AIGE A N-UACHTARANACHD. An 7 Caib. "Guidhim thú, a mháthair," ar Des., "ó dho innisis damh do sheanchas, indis damh anosa cionnas do roighneadh banab dhíot ar an mainistir-si, ór do chím gurab mór an onóir ina bfhuile, agus do badh maith leam fios na sligheadh do bheith agom lé bhfuarais an onóir-si, do chum go madh éidir leam féin ar an modh ccéadna díthcheall do dhéanamh ar bheith am uachtarán ar mhainistir éigin." Cíis an Umhla ar cclos na so mbriathor-so. "Guidhim thú, a mháthair," ar Des., "innis damh ádhbhar do ghuil." "Asé fáth fá a bhfuilim ag caoi," ar isi, "mar do chím nach fuil do riaghalthacht agatsa acht an aibíd, agus nach fuile ad mhanach ó chroidhe acht ó ainm, ór as mór do mealladh thú sna briathraibh sin a dobhartois." "Cionnas do mealladh mhé?" ar eision. "Ar an n-ádhbhar," ar an Úmhla, "gu bhfuilid do smuaintighthe agus do mhiana ro chontrárdha dhamhsa agus dom Thighearna mhilis Iosa, nár thaisbéin riamh ó bhréithir ná ó ghníomh fonn do bheith a n-uachtaránacht san saoghol, agus nách táinig d'iarroidh foghainthe dhó fein, acht d'fhoghnamh do chách; agus gibé sheachnas an sligheidh-si atá a nguáis a shlánaighthe. Mo thruaighe sinne, an lucht agá
bfhuil uachtaránacht ós chách agus dá nach eól sinn féin do stiúradh, ná conntas iomlán do thabhairt ina ndéanmaoid. As ainnis an onóir bhocht sin atá lán do phéin agus do chúram, do shaothar agus do ghábhadh agus d'eagla, agus bhias 'na heasonóir agus 'na náire shíordh- aidhe muna iomcharthar í go roi-cheart ro-chothram. O a ualaigh thruim thuirsigh, dá nach táir fear th'iomchair do luaighidheacht, don lucht bhíos faoi, acht diomdha agus dobhuidheachas, ithiomrádh, fuath agus aingidheacht, fá mar aithneóchas tusa, a mhic, dá n-anae sealad ar bioth san mainistir! Freigeórad feasda an cceisd do chuiris oram, agus nochtfad secréid mo chroidhe dheit, ar son Ngrádha Dé. An uair thánag-sa don mhainistir-si ar tús, agus do ghlacas calla dubh mná riaghalta, do smuaineas am chroidhe gu daingean nách rabhadhas acht am ainmhidhe bhrúideamhail agus nár fhiú mé bheith am chumhail choimhidechta ag an ccuid eile do mhnáibh riaghalta an tighe, agus d'iarras ar Dhia a chur d'fhiachaibh oram grádh mór do thabhairt don mhímheas sin do bhí agam oram féin; agus do bhádhas ag coimhéd na hinntinne-si do ghréas, agus do rinne Dia 'na dhiaigh sin do ghrásaibh oram mo phó- sadh ris an n-inntinn sin do chuirios romham, .i. A Smuaineadh gurab Ainmhidhe Brúideamhail Mé, agus a sé an fear pósta céadna sin fuair an oifige-si dhamh, ór nír iarras riámh í, agus ní raibhe a fonn oram." Iar cclos an chomhráidh-si do Dhes., do mheas gu raibhe an bhanógh so ro shubháilcheach, do ísligh agus do tharcaisnigh í féin comhmór is sin ar son Ngrádha Dé; agus mar dho thuig gu raibhe 'na hóigh, do aithin nach ar phósadh collaighthe do labhair, acht ar phósadh spioradáltha; agus iar ttuigsin an ádhbhair
dhó fa ndearnadh banab dhi, a dubhairt: "Más fíor sin, a mháthair, gibé lér ab áil bheith 'na uachtarán, nó é féin d'árdughadh, caithfidh sé é féin d'ísliughadh ar tús, mar do rinnis-si." "As mar sin atá, a mhic, dá ttuigtheá gu maith mé, ór ní dubhart-sa acht na briathra a dubhairt an Fhírinne féin." "Agus cionnus thuigfios mé thú?" ar Des. "Inneósad sin duit," ar isi. "Gibé ísligheas é féin, airdeóchthar é, muna do chum a árduighthe ó dhaoinibh do ní é féin d'íslioghadh, ór ní humhla a leithéid sin d'íslioghadh acht uabhar. Agus mar atá an umhla agus an t-uabhar contrárdha dhá chéile, ní hédir lé hénobair amháin bheith 'na humhla agus 'na huabhar a n-éineacht, ór ní fhuil san umhlacht ó chroidhe acht neach dá mheas gurab ísle agus gurab measa mhídhiongmhála é féin iná cách eile, agus ní fhuil san uabhar acht an uair mheasas neach gurab mó agus gurab diongmhála é féin iná neach eile; agus mar táid comhchontrárdha agus sin dá chéile, ní héidir leó bheith a n-éanchroidhe a n-éineacht. Agus as chuige a dobhart an umhlacht ó chroidhe, ór féadaigh an díomas ionad d'fhagháil a bhfochair na humhla foirimeallaighe nó corpardha do nímid, mar as urasa a thuigsin an tan thaisbénas neach comhardha úmhla do dhuine le cromadh ccinn, nó lé coimhéirghe roimhe, nó lé hurruim éigin; ór más do chum measa úmhlachta nó naomhthachta do bheith ag cách orainn do nímid na hoibreacha-sa, ní fhuil ionnta acht díomas, ar an n-ádhbhar gurab ón chrích do chum a ndéanthar iad ghlacas na hoibreacha ainm- nioghadh."
CIONNAS DO LEAN AN UMHLA AN COMH- RÁDH CEADNA, AGUS DON CHOMHRAC DO NÍ SÍ A N-AGHAIDH NA NDUBHAIL- CHEADH. An 8 Cabidil. "Do bhí," ar an Úmhla, "an fear pósda-so ro ionnraic roi-dhíleas damh riamh, agus as mór an tarbha a ndeachaigh dhamh a chongnamh a n-aghaidh mhaighdion eile agus bhanabadh mainistreach atá a ccogadh riom. Asé ainm na mainistreach sin an Díomas; agus asé ainm na banabadh Uabhar na Beathadh, agus tig gach énlá do choinntinn riom, agus do bhuain na súl asam dá bhfédadh. Agus tig a ccuideachta an bhanabadh sin maighdion eile as banphrócadóir don mhainistir, dá ngoirthear Saint na Súl, agus bain- bhiocáire na mainistreach, dá ngoirther Antoil na Colna. Agus tig droichbhean eile a ccuideachta an triúir-si, as máthair dhóibh agus ler hoileadh iad, .i. an Mhainneachtnaighe, agus tig an bhean so ar uairibh truagh lag, agus as urasa a claoi an uair-si, mar bhíos meirbh ar bheagán neirt; gidheadh, ithidh an oiread sin do bhiadh uair eile, gu ttig roi-reamhar, ro-láidir, lán d'uathbhás, ionnas gur céim cruaidh guasachtach dul do chomhrac ria. Tig fós a bfhochair na mná- so amaid ógmhaighdine míochráibhthighe droch- mhúinte, dárab ainm an Mhailís, agus tig lé sin a trí hingheana, dá ngoirthear Fearg, Formad, agus Leisgi; agus tig dias d'ógmhnáibh eile leis an mnaoi ndéighean- aigh-si ar a ttabhairthear an tAmhoras, agus an Breitheamhnas Mearrdhánta. Ag so agat, a mhic," ar an Umhla, "mná na mainistreach eile atá a gcoinntinn agus a ccomhmórtos
rinne. Gidheadh, an uair fá ttigid asteach dár mainistir, téighim-si agus mh'fhear pósda 'na n-aghoidh, agus bímíd ag gabháil do bhasaibh agus do dhornaibh ortha nó go ccuirmíd a mach as an mainistir iad, agus ní bhí dh'eagla orainn ar an n-uair sin acht go dtiocfadh an mhaighdean úd atá san doras, .i. an Ghlóir Dhíomhaoin, asteach; ór, dá ttigeadh, do bhéaradh uainn a mbeith do thoradh agus do shólás againn tréas na mnáibh eile do chlaoi, agus do fhúigfeadh folamh marsin sinn gan shochar ar son ar saothair." "Nách urasa don Ghlóir Dhíomhaoin," ar Des., "teacht a steach a ccuideachta na maighdean eile, an tan tigid do chomhrac ribh?" "Ní héidir dhi teacht asteach an uair sin," ar an bhanab, "ór bíd sgíotháin ar na drochmhnáibh eile, agus ní tréas an ndoras ghabhaid asteach, acht ós chionn na mballaigheadh; agus as minic fhoilghid iad féin comhmaith agus sin san mhainistir nach éidir a bfhaicsin, ionnas go measfadh duine nách beith droichní ar bioth san thigh; gidheadh, an uair as lugha do saoilfidhe agus nach bí aire cháich orra, do cíthear ag rioth ar fud an thighe iad. Ar an n-ádhbhar-sa as éigean dúinn coimhéad roi-ghéar do bheith aguinn ortha d'eagla go ttiocfadaois oirn go hobonn." "Créd fá bfhuil a comhmór sin do cheannairrc eadraibh?" ar Des., "ór dar leam as olc an eisiomláir do bheirthí do na daoinibh saoghaltha, do chí bhur n-imreasuin, agus sibh in bhur mnáibh riagh- altha, dár chóir bheith ciuin ceannsaighthe, ceanamhail ar a chéile, ar son Ngrádha Dé." "As sí sin féin," ar an Umhla, "an chúis fa bhfuilmíd a ccogadh riú, agus fá a ccuirmíd amach iad, .i. mar ataíd 'na n-eascairdibh ag Grádh Dé,
do rinne an mhainistir-si dhúinn agus a tá 'na fhundúir againn; agus ní háil linn osadh ar bioth nó síoth do bheith againn réna naimhdibh, mar do theagaisg ar Maighistir dhúinn, ag rádh: Ní do chor sióth- chána san ttalamh thánag (ionann so ré rádh agus sna daoinibh talmhaidhe nó dubháilceacha), acht tánag do chur chogaidh eatorra féin agus na daoine subháil- ceacha do chum na subháilceadh do bhreith bhuaidhe ar na dubháilcibh."
LEANAIGH DON CHOMHRADH CHEADNA, AGUS TEAGUISGIDH CIONNUS CHLAOÍ- TEAR ANTOIL NA COLNA. An 9 Caib. Fá mór do thaitin lé Des. díslidheacht agus ionmhuine na Humhla do Ghrádh Dé, agus adubhairt: "Do b'fhearr leam, a mháthair, gu múinthea dhamh an modh áirithe ar a ccuire amach agus ar a cclaoídhe na drochmhná sin atá a ccogadh riot." "Do budh maith leam," ar an Umhla, "a mhic, do bheith múinte gu maith ria ndul as an tigh-si dheit. Gidheadh, mar nách fuil eólas iomlán agam ar do mhéin, ní mhínighim na neithe-si dhuit gu fairsing, ór ní hé gach aon do gheibh blas milis ar an mil tré éxamhlacht na ccoimpléasg." "Atám agad annso," ar Des., "agus do bheirim mé féin uile ad lámhaibh, agus úmhluighim dod bhreith- eamhnas do chum go múintheá dhamh cionnas do ghéabhainn Grádh Dé." "Os amhlaidh sin atá," ar an Umhla, "múinfead mo shecréideadha agus mo ghnáthoibreacha agus mo bheathaidh dhuit. Do bheir an fear pósda-sa a dubhart riot, dár comhainm A Mheas gurab Ainmhidhe Brúideamhail Mé, congnamh mór dhamh do chum bheith am bainthighearna ar an ndomhan, dá tharcaisnioghadh, agus ar mo chorp féin, 'gá smach- tughadh lé troisgthibh, lé sgiúrsadhaibh agus lé duadhaibh corpardha eile, agus ar an ndeamhan, lé gníomhaibh úmhlachta; agus do ní fós, maille ré congnamh Ndé, bainthighearna dhíom ar mhuinntir mo thighe uile agus oram féin fá dheireadh, ór an uair do chíd muinntear mo thighe criadh féin gu ndéinim mo dhíthcheall ar
thoil Ngrádha Dé do choimhlíonadh, éirghid uile am aghaidh; gidheadh, bím-si, dá n-aimhdheóin uile, maille ré congnamh m'fhir fpósda, lán do shíoth, do shochroidheacht, agus do chiúnas." Bá hiongnadh lé Des. méad neirt agus chumhachd fhir phósda na Humhlachta, agus adobhairt: "Guidhim thú, a mháthair, mínigh sin damh ní as fearr lé heisiomláir lé ttuigfe mé gu maith an ní a deire, ór atá inntleacht mall neimhghéarchúiseach agam." Fá binn leis an mbanabaidh itche Dhes., agus mar do thionnsgain comhardha úmhla do thaisbeánadh, ag diomoladh a inntleachta féin; agus a dubhairt: "Bíodh a fhios agad, a mhic, an uair fá ttig énchuid do na drochmhnáibh úd don mhainistir-si, gurab ar an modh so a dér anois chlaoídhim iad. An uair thig an chéadmhaighdion, dá ngoirthear Antoil na Colna, asteach, mar as aithnidh dhamh gu maith a méin agus a béasa, gurab ó iomarcaidh d'ithe agus d'ól bhíos láidir neartmhar do chum comhraic do dhéanamh riom, beanaim biadha agas deocha uaisle deaghbhlasda dhi, agus ní thugaim dhi don bhiadh ná don digh chomhchoitchinn féin an mhéid as mian lé do chaitheamh; agus mar nách éidir leam buaidh do bhreith uirthe lém chumhachtaibh agus lém neart féin (ar an ádhbhar gu ttugadh muinntear mo thighe criadh féin congnamh dhi am aghaidh), guidhim grása Dé dom chabhair, agas goirim ar m'fhear pósda do chuidioghadh leam 'na haghaidh, agus a deirim mar so ris an ndrochmhaighdin-sin: "Do tharcais- nigheas-sa mo chorp féin, agus ní fhuil ionnam acht ainmhidhe brúideamhuil; agus fá mar as lór leis an ainmhidhe mbrúideamhail an biadh simplidhe lé ttig a ttír, agus nách déanann ceasacht ar éinní dá ccuirthear 'na fhiadhnaisi, agus fós an uair bhíos mórsháitheach
gurab gnáth ceangal éigin do chur ar a bhél do chum nách caithfeadh do bhiadh ná do dhigh acht an mhéid as áil léna thighearna do chaitheamh dhó, as mar sin as cóir dhamhsa do dhéanamh, ó tú am beathadhach bhrúideamhail, ór do chuir Grádh Dé ceangal ar mo bhéul dá ngoirthear an Mheasardhacht, d'eagla gu n-iarrfuinn nó gu n-íosainn eínní acht an mhéid do bhéarthaoi dhamh san fproinntigh a measg an choimhthionóil. Agus ní hé so amháin do ním, ór a dubhairt Grádh Dé riom, más mian leam mo mhúnadh agus mo mheasardhacht do chur a ngníomh, gan a ccuirfidhe chugam ar mo mhéis an uair sin d'ithe a n-éineacht, acht fuighioll d'fhágbháil; ór dar leat an tan fhágbhas duine fuigheall a deir: "Buidh- eachas duit, a Thighearna; as lór leam a bhfuaras," agus an uair fhágbhas an méis folamh, dar leat a deir sé: "Ní lór leam a bhfuaras, agus tugthar tuilleadh dhamh." A dobhairt Grádh Dé ní eile riom, .i. fond do bheith oram fán ccuibhriond budh measa, budh lugha, agus as measa do bheith deasaighthe, do theag- mháil chugam, agus fós sólás do bheith oram ar son a ghrádha féin an uair do ghéabhainn drochchuibhrionn. Tairgidh an drochmhaighdean-sa uair eile fonn do chur oram fá ní sa mhó d'ibhe iná as cóir dhamh, agus a deir gurab móide bhias cumas agom ar sheirbhís do dhéanamh do Dhia, brígh do chor iondam féin. Adeirimsi ria: "Nach aithnidh dhuit, a spiorad na mealltóireachta, go bhfuil sgríobhtha san sgrioptúir gu ccuir an fíon agus na mná fo deara ar na sruithibh diúltadh do Dhia? Agus nach aithnidh dhuit gu n-abair Pól: "Ná déana meisge fhíona 'na bfhuil an drúis"? Agus nách abair a n-áit eile nách biaidh
sealbh Fhlaithis Dé ag na daoínibh meisgeamhla? Do ghoillfiodh oramsa gu mór mo shearbhóntuigh féin do bheith meisgeamhail; agus cionnas nách budh olc lé Dia misi, atá am shearbhóntuidh aige, do bheith meisgeamhail, nó cionnas do léigfeadh an eagla dhamh ní do dhéanamh ar Dhia nách budh maith leam do dhéanamh oram féin?" Adeir riom arís, an tan tigid daoíne maithe ar cuairt don mhainistir, muna rabhar forbhfaoiligh rompa, agus muna dhearna mé comhluadar riú a n-aimsir bhídh nó dhighe, nách beid buidheach dhíom. Freagruim dhi nách fuil iarroigh agom ar bhuidh- eachas ná ar chairdeas an duine do chuirfeadh eascáirdeas eadram agus Dia, ór dá ccuidighinn lé duine bheith ar meisge, ag cur impidhi air ní sa mhó iná an chóir d'ibhi, gé go mbeth seision 'na charaid agam, do bhiadh Dia 'na eascaraid; agus nách búdh éigcríonno an mhalairt cáirdeas Dé do thréigean ar cháirdeas phótaire nó fhir mheisge? Ní bhacfad do na daoinibh thig ar cuairt chugam agus nách fuil fám smacht an ní thoigeóraid féin d'ibhe; agus madh áil leó féin bheith ar meisge, as lugha an sgél iadsan amháin do chailleamhuin iná ar mbeith millthe araon, acht munab é ní bhudh áil leat mo tharraing do chum an chleachtaidh dhiabhlaidhe atá ag mórán do dhaoinibh an tshaoghail amuigh, bhíos ag comhól fá thuairim a chéile lé miosúr gan mhiosúr, mar a deir árddhoctúir na Heagluisi, S. Aibhisdín, ghuidhios na Críosdaidhe fán ngnáthughadh mall- aighthe-si, do an ag mórán díobh d'iarsma bhéas mbiasdaighthe na bpágánach, d'ionnarbadh uatha; agus a deir fós san n-áit chéadna, gibé ar bioth aontaigheas an droichchleachtadh so ar a bhord féin
nó ar an mbord a mbiadh cumas aige, gu ndéineann gan amharas iodhbairt don diabhal. Agas a sé so an modh ar a cclaoiim an ccédmhaigh- din-si a ttaobh mo fpearsan féin; gidheadh, mar nách a ttaobh mo chuirp féin amháin chuireas cathughadh oram, acht gu ndéineann a díthcheall ar mo chlaoi lé corpaibh comhaightheacha dom ghluas- acht chum drúisi, as éigean damh an uair-si, tré neart- mhaire na námhad-so, mórán cabhra agus cuidighthe d'iarraidh, gé nách fuil comhairle as críonna ag an tí do chí é féin a n-éigean ádhbhalmhór ag an ndubháilche nduaibhsigh ndiabhlaidhe-si iná teith- eamh óna comhrac (mar a deir Pól, agus mar do rinne Ioseph) agus ó gach ní do chum a ttairgionn duine do tharruing. Ar an n-ádhbhar sin iadhaim mo shúile agus an chuid eile dom chédfadhaibh ar cheana, amhail iadhthar doirsi chaisléin ar a mbíd naimhde a bfhorbhuis agus a bfhaslongphort, do chum gan éinní d'fhaicsin do adhainfeadh mh'anthoil, ná éinní dh'éisdeacht do bhríathraibh gráosta do bhoigéobhadh mo chroidhe, ná do ghlacadh maille ré glacaireacht mhíonáirigh, ná do thomhailt do bhiadhaibh blasdha, ór as cosmhail an cholann ré heach ttréanuaibhreach tteinnbhéalach bhíos ó iomarcaidh fóisi ag gabháil do fpreabuibh ar a mothuigheann 'na goire agus nach ceannsuighthear acht lé laghdughadh ar a libhré. As amhlaidh sin as cóir an cholann dhíomsach do chrádh lé hiomarcaidh anshóidh, troisgthe, agus tréigh- ionais, lé sgíursadhaibh, lé hédaighibh róinnigh, agas lé luighe ar thalomh lom nó ar leabthaibh anshocra eili. Os chionn an uile neith seachnuim comhrádh agus carodradh na bfhear, agus gu háiridhe ar uaigneas, agus
as cóir dona fearuibh an ní céadna do dhéanamh, ór ní fhuil duine dá dhiadha dárab daingean san ccás- sa dóthchas do bheith as féin aige, dá aosdha agus dá naomhthacht dá mbiadh, agus dá mhéad buadha do bhéaradh roimhe sin, ór ní naomhtha é iná Dáibhí, agus ní heagnaidhe iná Solamh, agus ní calma iná Sampson, agus do mheallsad na mná iad. Agus mur nach am chorp amháin chomhraiceas an fpéisd dhubháilchi-si riom, acht fós am anam, ag líonadh mh'indtinde do smuain- tighthibh truaillighthe colnaighthe, teithim ar an modh ccéadna, ag filleadh mh'inntinde agus mo smuaintightheadh do chum beathadh agus báis mh'Íosa ionmhuin, agus ag únfairt agus ag iompúdh mh'indtinne sna créuchtaibh do fhulaing dom fhuasgladh óm fpeacodh. Breathnuighim 'na dhiaigh sin an ghráin ro-mhór atá ag Dia ar an bpeacadh-sa, mur do fhoillsigh dhúind go minic tréas gach n-indeachadh n-uathbhásach dár chuir ar lucht a dhéanta, mar atá, an díle do chur ar an ndomhan, Gen.6 et 7; na cóig caithreacha do losgadh lé teinidh ó nimh, Gen.17; agus forgla threibhe Beniamin, treabh do dhá threibh dhéag chloinde Hisrahael, do dhícheandadh agus do dhíoláithriughadh, Iudicum, 20; ceithre mhíle fhichiod do chlannaibh Iosrahél do thuitim lé harm a mbráthar féin, Numer.25; agus mórán do dhíoghal- tasoibh agus do ghéarsmachtaibh eile aithrisdear san sgrioptúir naomtha, do rinne Dia ar na daoinibh colnaighthe drúiseamhla. Smuainim 'na dhiaigh so gur ab teampall do Dhia mo chorp, mar a deir Pól easpol, agus gu salchann agus go dtruailligheann an peacadh- so an corp agus an t-anam a n-éinfheacht; agus an uair as mór an chúis innighthe ó Dhia teampoll chloch dtalmhaidhe do níd lámha daoíneadh 'na onóir do
thruailleadh, gurab ró mhó iná sin truailleadh an teampuill spioradáltha do rinne léna lámhuibh féin agus ina mbí 'na chomhnuidhe an fad bhímíd 'na ghrásuibh, agus fós mo chorp atá 'na bhall bheó do chorp Chríosd, mar a deir an t-eabsdal céanna, do theasgadh dhé, agus corp méirdrighe do dhéanamh dhe; ór gibé luigheas le meirdrigh, do ní éanchorp dá chorp féin agus do chorp na meirdrighe, mar a deir Pól. Smuainim maille ris so ar ghiorra shóláis an pheacaidh-si, agus síordhuigheacht na péine atá ar a shon, agus méd mhire agus mhíchéille an té do ní an mhalairt-si, .i. do bheir an sólás bhíos ceangailthe don dheaghchoinsias san saoghal-so abhus, agus sólás suthain na beathadh thall, ar mhoimint do shólás shalach cholnaighthe, agus reacas ris an ndiabhal ar an sólás mbeag sin an t-anam do cheannaigh Críosd ar a fhuil féin. Smuainim a rís ar dhuibhiogánaidhe agus ar dhosgrúdaighthe bhreitheamhnais Dé uileachumh- achtaigh, agus gé gu saoílinn, ag déanamh an pheacaidh- si, gu ttiobhradh ré n-aithrighe dhamh dochum aithreachais dho dhéanamh, gu bfhéadfúidhe nách tiobhradh, acht mo chur ar an mball go hifrionn, mar dho chuir mórán eile tréas an bpeacadh-so, agá raibhe a súil ré ré n-aithrighe, ar a ttáinig díoghaltas Dé gu hobann a n-aimsir an pheacaidh do dhéanamh. Fa ris sin smuainim ar an mbás, agus mar bhead sínthe san n-uaigh am eisléinigh agus cnumha dom chreim agus dom chognamh, agus mar as éigean damh dul a bhfiaghnuisi an Bhreithimh do thabhairt ghéarchunn- dais in gach uile pheacadh dá ndearnas riamh ó smuaineadh, ó ghníomh, nó ó bhréithir, gu hoiread an fhocail dhíomhaoin as lúgha dá ndubhart, agus mar bhudh fhearr leam an tan sin iná comhthrom an
talmhan d'ór bheith glan riamh ó pheacadh. Admhaim ó chroidhe gurab tiodhlacadh uasal tig chugainn ó láimh agus ó thrócaire Dhé an gheanmnaidh- eacht, agus nách éidir leam mar sin bheith geanmnaidh óm chumhachtaibh féin muna dhearna Dia trócaire oram. Gúidhim ar an n-ádhbhar sin Dia do ghnáth fá dhrúcht neamhdha a ghrás d'fhearthain ar mh'anam, do mhúchadh theanná a na teineadh deamhnaighthe-si bhíos gum losgadh. Gúidhim mar an ccéadna dom chabhair Muire mhór, ar mBain- thighearna, mh'aingeal coimhideachta, na heasbail, mo phátrúin, agus naoímh na cúirte neamhdha uile ar cheana; agus as mar so chlaoiim an drochmhaighdion- so as bainbhiocáire do mhainistir an Díomais."
LEANAIDH AN COMHRÁDH CEADNA AGUS TEAGAISGIDH MAR CHLAOIEAS SÍ SAINT NA SUL AGUS UABHAR NA BEATHADH. An X. Caib. "Agas as éigean," ar an Umhla, "do chum na maighdine ar ar labhramar gu roiche so do chlaoi go huilidhe, maighdean eile as bean chumainn di do chlaoi, .i. banphrócodóir mhainistreach an Díomais, dá ngoirthear Saint na Súl, ór as mór an cuidioghadh do bheir don chéadmhaighdin agus congmhaigh neimh- dhíomhaoineach gu gnáthach í. Gidheadh, an uair fá ttig an dara maighdion so asteach, claoiim-si í mar chlaoiim an ccéadmhaighdin, agus a deirim ria: "Féch gu bhfuilim am bheathadhach bhrúideamhail nách sanntuighionn na neithe nách bí 'na fhiaghnuisi, agus nách iarrann fós do na neithibh-sin féin acht an mhéid as riachtanas do chum a chongmhála suas, agus fós gurab cuma leis a mbeith maith nó saith, ór ní iarrann biadha blasdha, agus as cuma leis an udhaim chuirthear air do bheith sean nó nuaidhe, agus ní iarrann a mhainnséar do bheith breaghdha, ór ní beag leis a fhagháil tirim. As amhlaidh sin damhsa, ór, ó do rinne mé beathadhach brúideamhail díom féin ar son Ngrádha Dé, ní iarrabh mhuirn dom churp acht an mhuirn as dual do bheathadhach bhrúideamhail d'fhagháil, agus ní shainteóch mar sin acht amháin na neithe as riachtanas damh dochum teachta a ttír, agus as cuma leam cionnas bheid sin féin." Tuilleadh eile, as gnáth don tí agá mbí beathadhach brúideamhail, an uair do chí gu mbí airdcheannach
ag cor a chinn don taoibh-si 's don taoibh eile, aghastar do chur ris dochum a chinn do chongmháil crom. As amhlaidh sin do chuir Grádh Dé aghastar riomsa (dá ngoirthear an Náire) dochum mo chinn de chongmháil crom, d'eagla gu bhfhéachfuinn d'éan- taoibh am thimchioll gu fonnmhar ar neithibh díomhaoineacha; agus a dubhairt Grádh Dé riom, an uair do chífinn ní breaghdha nó áluinn, labhairt ris am chroidhe ar an modh-so: "Ní háil leam do ghrádhughadh ná dúil do chur ionnad, agus ní hé amháin acht tarcaisnighim thú, agus ní fhuil do mheas agam ort acht gurab díomhaoineas agus neimhthní thú, mar as eadh dáríribh, agus ní fiú leam mo thoil do chur a bpríosúntacht agus a modhsuine dod ghrádhughadh. As fearr leam príosúnach agus banmhodh do dhéanamh dom thoil ag grádhughadh na hárdmhaitheasa úd an óirchisde, na huaisle agus na sgéimhe nách éidir do chlaochlughadh, .i. mh'Iosa roi-mhilis, lér ab maith mh'ionmhuine agus mo ghrádh d'fhagháil." Agus ag so an modh ar a cclaoiim an dara maighdean. Iar cclaoi, thrá, na deisi maighdean-so dhamh, tig an treas maighdean do chomhrac riom, .i. banab mhainistreach an Díomais, darab ainm Uabhar na Beathadh, réar doiligh comhrac óna cealgaidhe agus ó mbí do chleasuibh agus do mheangaibh innte. Tionn- sgnaidh ar an modh so mo tharrang do chum tnúidh agus formaid, ór a deir riom: "Dá mbeth mothughadh ionnad, do ghoillfeadh ort a olcas bhíd na huachtaráin lat, ór gé sine thusa a n-abíd ináid na maighdeana eile, as tú as measa ionad díobh, agus as roi-fhearr an oifig fuair na maighdeana eile iná thú; agus nách tugae dhot aire gurab éigion duit an teagh do sguabadh agas na miasa do nidhe, agus gu madh aoibhne dhuit ionad mná friotháilmhe d'fhagháil a mainistir eile
iná bheith mar tá tú san thigh-si?" Adeir fós mórán eile riom agus freagraim dhi mar so: "Bíodh a fhios agat nách chuige do fhágbhas an saoghal agus do ghlacas an n-aibíd, do chum bheith a ccumhachtaibh ós chionn cháich eile, acht do chum bheith fá smacht dhuine eile do chuideóchadh leam dul gu Flaithios Ndé; agus ar an n-ádhbhar sin do ghéan an ní do chum a ttánag agus do gheallas, ór ní hé cunntas iarrfas Dia oram cá líon do mhnáibh riaghaltha rénar cuireadh a n-oifig agus a n-onóir mé, agus cá líon díobh do bhí fam smacht, acht cionnas do chomhailleas thoil mh'uach- tarán agus do roighneas gu hurramach ar fhógradar dhamh, agus cionnas do mheasas am chroidhe gur lugha, gur uirísle, agus gur mídhiongmhála mé féin ináid mná an thighe uile. Do ghéan mo dhíthcheall ar choimh- líonadh ris an n-oifig a bfhuilim, agus as ann sa chéim nar chuir mo Thighearna mé as cóir dhamh anamhain. Bíodh ar aire na muinntire sin eile coimhlíonadh ris na céimeannaibh árda inar chuir Dia iad; saoilim-si gurab innille agus gurab dearbhtha an comhardha slán- aighthe sdaid umhal uirísiol iná sdaid onórach árdchumhachtach, ór ní thuitionn ó sdaid na humhlachta acht an dream lérab mían iad féin d'árdughadh; agus ní gearán as cóir dhamhsa do dhéanamh ar Dhia acht a bhennughadh, agus buidh- eachas mór do thabhairt dó, agus bheith lán do ghairdeachas am inntinn mar do ainic mé ón ghuais do chum a ttairrngionn an onóir agus an oifig na daoine laga neamhfhoirbhthe; agus as uime sin a deir S. Aibhisdín: Ní aithnighim fearg Dhé riom a n-énní acht mar dho rinne uachtarán díom ós chionn cháich eile." Ná bíodh iongnadh agad, a mhic," ar an Umhla ré Des., "fad an chomhraic bhíos eadram agus an mhaighdion-so, ór mar as sí as banab ar theagh
an Díomais, as éigean damh mórán gliocais gaisgidh do sholáthar do chum buaidhe do bhreith uirthe, nách áil leam d'aithris anois d'eagla do thuirsighthe; gidheadh, do bhéar énghliocas amháin goirid genearáltha dhuit lé cclaoife tú gach éanmhaighdion díobh so fá seach agas iad uile a n-éineacht. Gach uair dá ttiocfaid dot ionnsoighidh léna n-égnach, déana mar dho ním-si an tan tig Antoil na Colna chugam ag casaoid ar a laghad do bheirim do bhiadh dhi, agus gu mbí fuar droichdheasuighthe drochbhlasda, agus gu mbí an deoch támáilte. Freagraim ar an modh so dhi: "Nách faice, gibé ar bioth agá bhfhuil ní sa mhó iná thuilleas, nách cóir dhó bheith casaoideach; agus an uair a deirdís na naoimh bheann- aighthe riú féin maille ré fírinne nár fhiú iad drocharán dubh agus uisge d'fhagháil, as ro-lugha iná sin as fiú misi d'fhagháil, atá am dhrochmhnaoi riaghaltha leisg neamhdhúthrachtaigh chaintigh chuartuighthigh agus dobhuidheachais ar Dhia; agus gé nách airighe ar arán ná ar uisge féin mé, nách faice gu bfhuil arán agus annlonn agus deoch agam, agas cionnas do láimheóbh- ainn égcaoine do dhéanamh mar sin agus gu bhfhuil ní sa mhó agam iná thuillim?" Do bheirim an bhfreagra ccéadna-so ar an maighdin-sin an tan thairgios mo tharrong do chum gearáin agus ithiomráidh ar mh'uachtaránaibh fá olcas mh'éaduigh. A si fós an fhreagra chéadna so do bherim ar an dara maighdin, .i. Saint na Súl, an uair iarras oram na neithe do chím do shanntughadh; agus a deirim riom féin dom neartughadh 'na haghaidh: "O a thruagh! ní fíu thú ní ar dhomhan d'fhagháil, agus nách fuilid leabhair agat lér éidir dhuit maith do dhénamh dá ttoguirtheá féin, .i. do phortús agus do thrátha Muire? agus ní fhuil acht iomarcuidh agus anbharr sna
neithibh-sin as mian leat d'iarroigh ar seilbh riachtanuis, agus atáid a n-aghaidh bhochtachta na spioraide, agus má tá nách bristhear mhóid na bochtachta leó, laghduighid a luaighidheacht. Nách náir dho bhocht Íosa Críost cuid don chineadh gheintlidhe íodhaladharthach (.i. Seneca agus mórán eile do na feallsamhnaibh, ar a léaghthar iomad do neithibh iongantacha fán neimhspéis do bhí aca san saoghal) dhá shárughadh a mbochtacht agus a ttarcaisnioghadh an tshaoghail?" As ar an modh ccéadna sin fhreagroim an treas maighdean, .i. Uabhar na Beathadh, an tráth thig dom ghríosadh chum onóra, díghnite, clú, agus oirdh- earcais shaoghaltha d'iarroigh, ór a deirim riom féin, do thabhairt mheisnighe dhamh 'na haghoidh: "A thruagh, as mó atá dh'onóir agot iná as fíu thú, dá madh eól duit féin a aithne; agus nách minic do thuillis bheith thíos a bpianoibh ifeirnn fá ré cloinn na mallacht? Tabhair do t'aire, máseadh, méad na honóra thug Dia dhuit dot fhulang beó ar an ttalamh a measg na coda eile dá chréatúiribh, go ttug dhá thigh féin tú agus ina sheirbhís, do chum beith maille réna chloinn agus réna shearbhóntuighibh, agus fós nár lór leis (gé go rabhadhois roi-mhídhiongmhála do chum bheith idir a chloinn) gan a sheómradóir féin do dhénamh dhíot, agus do bheith ag labhairt ris do ló agus d'oidhche, dhá mholadh agus dhá bheandughadh, agus feidhm aingil do thabhairt duit ar an saoghal-sa, agus do thabhairt fó dheireadh 'na charadradh comhmór agus sin go suidhe ar a bhord agus go n-ithe biadh dá mhéis; agus créad mar sin fá ccuirfeá-sa fúmsa (a mhaighdean mhailíseach atá lán d'uabhar) ní as mó iná so dh'onóir d'iarraigh? Nó an go flaithios, san áit as ar thuitis féin, budh mían leat mo thógbháil
lé huabhar, asa tteilgfidhe mé fá re t'athair, Lúisifer? Léig dhamh dot fhormod, ag iarruidh mo leagtha. Atá ní sa mhó go mór d'onóir agam iná as fíu mé, agus as lór leam an céim agus an sdaid inar chuir Dia mé, dá ísle dá bfhuil."
MUINIGH AN UMHLA AN MODH AR A CCLAOITHEAR AN CHUID EILE DO NA DUBHÁILCHIBH. An XI.Caib. "An uair chlaoiim," ar an Umhla, "na maigh- deana-sa as mó neart agus cumhachta a ttigh an Díomais, claoiim go hurasa an mnaoi as máthair agus as buime dhóibh, dá ngoirthear an Mhaindeachdnaighe. Tig an bhean-sa a míle poll asteach ar an mainistir. Tig chugainn fán am fá mbímíd ag éirghe chum tráth; tig chugainn a rís an tan thiaghmuid do dhénamh oibre, agus a deirim-si ria an uair-se: "Féch nách do chum bídh agus díghe do chaitheamh, ná do chum caduil agus bheith díomhaoineach, bhíos ainmhidhi brúideamhuil ag duine, acht do chum oibre do bhuáin as do ló agus d'oidhche, agus muna cheannsuighthear lé saothar é, as baoghal dá thighearna go mbuailfe phreaba air féin; agus dá raibh an t-ainmhidhe leasg nó mall, as gnáth dhá thighearna brod do dhénamh do chum a thiomána, agus do chum mothuighthe do chur inn. As amhluidh sin do rinne Grádh Dé brod dhamhsa do chur mhothuighthe innom, dár ab ainm an Eagla. Tuilleadh eile, ní fhuil ionnam acht banmhodh atá a mbroid agas a ndaoirsi, agus as dual mar sin obair do bhuain asam; agus an measann tú gurab le codladh agus le comhnuidhe, nó ar bheith ag ól agus ag aoibhneas, do geibhthear flaithios Dé? As deimhin nách eadh, agus nách san sligheidh-si do ghabh ar cceann, .i. Críosd, go flaithios Ndé; agus más mar sin atá, agus gurab a sligheidh shaothraigh anshocair, lán d'anró, do ghabh
ar cceand ag dul ar neamh (ór dob oireamhnach dó a pháis d'fhulang agus dul mar sin dá ghlóir féin), cionnas budh áil leat sinne do dhul go flaitheamhnas tré shligheidh shóláis agus aoibhnis? Dá ndeachadh an ceand a slighidh agus na coso a slighidh eile, ní cruinn- eóchthar choidhche an corp fá ré chéile. As amhlaidh sin dúinne, muna ghabham a slighidh an anróidh, an tshaothair, na peandaide, an doilghis, agus na tarcaisne, tréar ghabh ar cceand, ní ceingeólthar choidhche dhe sinn do chum éanchuirp do dhéanamh dhínn, acht teilgfidhear sinn a ccarn n-aoiligh ifrinn mur bhalla lobhtha. Agus muna thugam coimhideacht do Chríosd iar n-a chrochadh, agus muna iarram é san chroich, agus muna fhuilngeam crádh an tshaoghail-si fá ris, ní léigfithear 'na choimhideacht, ina ghlóir ná ina eiséirghi sinn. Agus muna bhlaisiom ó ghníomh inar ccoloinn féin Íosa iar n-a tharcaisnioghadh lé sgíursadhaibh agus lé seileadhaibh, agus iar n-a thuirsioghadh lé tart agus lé hocaros, agus iar n-a easonórughadh lé bás míochlúach neamhonórach, agus iar n-a chrochadh mar bhithbheanach agus mar dhrochdhuine, ní bhlais- feam é go milis, caoin, soghrádhach, mur Rígh na glóire agus mar Phrionnsa na síothchána." Tig an bhean chéadnna-sa chugainn uair eile san ccoraidh, agus ar uairibh san n-eaglais, agus iarroigh oruinn bheith tuirseach, lán do dheithnios do chum dola amach, amhail do bheimís a bpríosún. Adeirim-si ria ann so: "Féach nách mothaighionn an crábhadh fíre cur ná tuirsi"; agus as mór fhoghnas an fhreagra-sa dhamh, agus freagra eile do bheirim uirre mar so: "Créad do dhéan-sa nó créad fhuileóng ar son mo Thighearna, Iosa Críosd, do bhí, maille ris an oiread- sin do ghrádh agus do shólás, ní 'na shuidhe ná 'na sheasamh, acht dá chéasadh; ní ar n-a fholach lé
héadach, acht lomnocht, lán d'fhuacht; ní ar n-a chlúdadh san choraidh mar atú-sa, acht amuigh fán aiér dhoinionndha; ní go ccorc fána chosaibh mar atá agomsa, acht ar n-a tholladh lé tairrngibh, agus sin ar mo shon-sa. Agus nách cosmhail damhsa réud beag éigin d'fhulong ar a shon-san? Do fhuluing seision go ro-fhonnmhar ar mo shon-sa cur, righneas, agus faddáil thuirseach na beathadh talmhaidhe-si, ní ar feadh éanoidhche ná aonlae, acht trí bliadhna déag ar fhichid, agus do bhí trí huaire beó san chroich a bpéin budh mó san mbioth. Agas nír mhór lais féin, do réir an fhuinn do bhí air, ní sa mhó dh'fhulang ar mo shon, dá mbeth riachtanas ris. Máseadh, agus eision 'na rígh agus gan misi acht am bhanógluigh, eision 'na Dhia agus misi am thalamh thruaillighthe, eision naomhtha agus misi am peacthach, eision neimhchiontach agus misi ciontach, ó dho rinne an oiread-sin ar mo shon, eadamar as cóir dhamh gé madh beagán féin d'fhulang ar son a ghrádha agus a n-éaruic a fhiach oram. An éidir gu madh áil leat an t-óglách do bheith ós chionn a thighearna? Fágaibh mé, a Mhainneachdnaighe! Do ghéan-sa na neithe do fhógair mh'athair dhamh, agus ní bhíu díomhaoin, agus as beag sin muna rabhar gan doilghios gan tuirsi gá ndéanamh, agus fós ní mór sin féin muna dhéarna mé lé sólás agus lé deaghthoil iad, meath mo dhála ó spioruid, ór as mallaighthe an tí dho ní obair Dhé gu mainneachtnach, ar an n-ádhbhar nách í an tsheirbhís do níthear dhó lé foiréigion nó gu tuirseach as áil leis acht an tsheirbhís do níthear gu suilbhir ó mhian agus ó thoil.' Agus as mar so chlaoiim an ndrochchailleigh-si," ar an Umhla. "Tigid chugam 'na dhiaigh so do chomhrac riom na hamaideadho ógbhan a dubhart, as docra do
chlaoi iná an chailleach-so, mar as láidire an cath- ughadh chuirid ar chách iná chuireas sise. A sé ainm na céadmhná dhíobh so an Mhailís, lé ttig a hinghean, .i. an Fhearg. An uair fa ttairgid a chur a ccéill damh gu bfhuilead maighdeana na mainis- treach lán d'fhuath agus d'aingidheacht damh, gu ndéanuid mórán am aghaidh, agus gu labhraid gu holc oram, freagraim dhóibh mar so: "Ní fhuil ní dá olcas dá n-abairthear ris an n-ainmhidhe mbrúid- eamhail ná budh beag an sgél ní bhudh mó dho rádh ris, agus as roi-bheag mar sin an sgél gach ní dhá n-aibeórthar riomsa; agus an tan as airidhe mé trém olc féin ar mhasla as mó iná sin, as mór an onóir do níd an mhuintear soin dhamh nách labhrann comholc agus thuillim oram. As béas don bheathadhach gan cuimhne do bheith aige ar dhrochbhail dá bhfaghann óna thighearna, acht comhardha lúthgháire do thaisbéanadh dhó léna cheann. As mar sin as cóir dhamhsa do dhéanamh, gé go ndearndaois na mná-sin an n-égcóir oram, ór as innilt agus as beathadhach brúideamhail leó féin mé ar son Ngrádha Dé. Dénaid a ttoigeóraid; tuigim-si gurab chuige fhuilngios Dia dhóibh a ndéanaid siad, do chum mo ghlantha óm pheacadhaibh ar an saoghal-so, agus do chum gu mbeath cleachtadh agam ar ní éigin dh'fhulang ar son a ghrádha féin. Dá mhéad dá maisleóchaid mé, ní dhiongan fearg ríu, ór as aithnidh dhamh gu n-abair an sgriobtúir gurab fearr an tí chlaoieas a fhearg féin iná an tí ghabhas na caithreacha, agus gu n-abair Pól gan olc do thabhairt ar son n-uilc, agus gu samhlaigh- thear an duine feargach ris an nathair neimhe dá ngoirthear uipera, dá ttugann a toirrcheas féin bás. Ní fhuil fuath ná gráin ag an maighdin-sin a deire labhras gu holc oram, ná ag an maighdin-sin nách
féadann féachain gu díreach oram, ar mh'anam ná oram féin, acht ar mo dubháilcibh, ar mo lochtaibh, agus ar mo dhroichbhéasaibh; agus an cóir damhsa neamh- ghrádh do thabhairt dóibh ar a shon sin? As dearbh nách cóir, ór más searbhóntuigh do Dhia mé, as cóir damh féin gráin do bheith ar mo lochtaibh agom, agus créd fá mbeith mí-ghean ar dhaoinibh eile agom fán ní do dhéanamh budh cóir damh féin do dhénamh? Agus dá mhéud d'ulc do ghéandaois nó do laibheórdaois am aghaidh, as deirbhsheathracha dhamh iad, agus máseadh, atá d'fhiachaibh oram ó dhlígheadh Dé grádh do thabhairt dhóibh, agus do ghéan sin. Bíodh ortha-san a ndénuid féin, agus cunntus an olc nó an maith an inntinn lé labhruid am aghaidh. Agas deónuighim go ndénuid gach uile olc oram, agus sin fós ó dhroichinntinn, gan fhéachuin dó sin a deirim gu mbíadh grádh agam ortha; ór má tá súil agam rém shlánughadh, as éigion damh Dia do ghrádhugh- adh, mar fhógras an chéadaithne, agus má deirim gu bfhuil grádh agam ar Dhia agus gan grádh do bheith agam ar mo chomhursain, a deirim bhréig, mar sgríobhas Eoin Soibhisgél, a deir maille ris sin gu bfhuil aithne againn ó Dhia, dá ngrádhuigheam é féin, grádh do thabhairt dár mbráthair, tréna ttuigthear gach uile dhuine." Do níd na drochmhná-so a ndíthcheall a rís ar a chur a n-umhail damh nách éidir leam, agus nách nár dhamh, gan bheith gu maith do na daoinibh labhras go holc oram agus do níd a bhfhéaduid am aghaidh, agus gurab lór dhamh bheith gu maith don mhéid bhíos gu maith damh. Adeirim-si ríu an uair-si imtheachd uaim ar an ndrochuair, ó thuigim go follos gurab dom mhealladh bhíd, mar chuimhnighim ar bhréithir mo mhaighistir, Críosd, adeir rinn san soisgél grádh
do thabhairt dár naimhdibh. Adeirid-sion riom nách éidir dhamh mo námhaid do ghrádhughadh, agus adeir Críosd gurab éidir, ór ní fhóigeóradh dhamh a ngrádhughadh, munar édir dhamh sin do dhénamh; agus nách córa dhamh an fhírinne do chreideamh, .i. Críosd, inád na drochmhná meabhlacha sa? Nách faicmíd mórán d'fhearoibh agus do mhnáibh, do shagar- toibh agus dhaoinibh riaghaltha, do bhuachaillibh agus do mhaighdeanoibh, do fhulaing a losgodh agas a ndícheannadh ar son Ccríosd, agus an ccreidfimne nách éidir linn féin focail mhasladhacho nó ghéara imthigheas mar an ngaoith d'fhulang? As iongnadh leam gu léigfiodh an náire dhúinn ar ccuid don aoibhneas shíordhuidhe d'iarraigh a bfhlaitheamhnas a bhfhochair na naomh, an uair nách áil linn aithris do dhéanamh ortha a neithibh beaga éattroma féin. Agus dá ngrádhuigheam amháin an lucht ghrádhuigheas inn, mar a deirid na droch- mhná-sa, ní bhiadh barr againn san ccéim-se ar na beathadhachoibh allta, ór bídh grádh ag an leómhan agus ag an fhaolchoin dá ccloinn féin, agus fós grádhuighidh an gadaighe an tí agá mbí grádh dhó, agus ní hé sin a mháin acht an págánach féin, mar adeir Críosd san soisgéul. Agus an uair do fhógair ar Slánoightheóir dhúinn ar n-eascáirde do ghrádhughadh, ní comhairle do chuir orainn ann sin, acht aithne; agus as follas gibé nách coimhéadfa aitheantha Chríosd nách éidir dhó ifearnd do sheachna, muna dhearna aithrighe." "Agas cionnas a deir Críosd sin, a mháthair?" ar Des. "Adeir mar so," ar an Umhla: "Grádhuighidh bhur naimhde; déanuigh mhaith don lucht agá bhfuil fúath dhaoibh; guidhigh ar lucht bhur
n-inghreamtha agus ar na daoinibh adeir olc ribh"; agus dá bhfiafraighthea créd í an luaighidheachd atá aguinn ar a shon so, éisd an ní adeir Críosd a ndiaigh na mbriathar thuas, "do chum go mbeath sibh in bhur ccloinn agá bhur n-athair féin," as a ttuigthear nách bímíd 'nar ccloinn ag Dia muna thugam grádh dár naimhdibh. Agus cionnas léigfeas an náire dhúinn mar sin an cédfhocal dár bpaidir do rádh, .i. "A ar nAthair"? Nó cionnas a déaram san bpaidir chéadna "Maith dhúind ar bhfiacha do réir mar mhaithmíd-ne dár bhféitheamhnaibh"? As deimhin ar an n-ádhbhar sin gurab díomhaoin dúinn, do chum flaitheamhnais do ghnóughadh, a ndéanam do dheaghoibreachaibh uile, agus fós dá bhfuilngeamaois ar losgadh (mar adeir Pól), muna raibhe an grádh aguinn." "A mháthair," ar Des., "as ro-chruaidh an ní sin a deire, .i. gu bhfuil d'fhiachaibh oram grádh do thabhairt dom naimhdibh, agus gu bhféadfuidhe gu bfhuil mórán gu holc dhamh ar nách cuimh- neóchuinn." "A mhic," ar isi, "ní cheanglann aithne Chríosd inn do chum smuaintighthe ar gach n-aon dár naimhdibh fó leith, agus do chum a ngrádhuighthe mar sin 'nar n-inntinn, gé gu madh maith so ré a dhéan- amh; agus fós ní chuireann d'fhiachuibh orainn grádh do thabhairt don lucht atá contrárdha dhúinn a gcúis ar slánaighthe, nó chuireas toirmeasg orainn fán tsheirbhís atá d'fhiachuibh orainn do dhéanamh do Dhia, an mhéid gu bhfuilid contrárdha dhúinn nó gu ccuirid an toirmeasg sin oruinn, mar a deir Gregóir Pápa, nó do lucht uilc eile do dhéanamh dhúinn gu hégcórach fá olc do dhéanamh dhúinn, ór ní bhiadh ann sin acht grádh do thabhairt don ulc atá neimhcheaduightheach aguinn. Acht as é ní
chuireas Críosd d'fhiachuibh oruinn san aithne-si gan fuath, miosgois, ná aingidheachd speisialtha do bheth againd d'éannduine, agus grádh do thabhairt do Dhia agus dár ccomharsanuibh uile go genearáilthe, madh caraid nó námhuid iad, agus ní hé so amháin acht bheith ullamh ó chróidhe agus ó inntinn do chum grádha do thabhairt dár naimhdibh agus a maitheasa do dhéanamh, agus go speisialtha dá ccuirthí a muinighin nó a riachtanus ar ngrádha nó ar maitheasa iád; agus as éigion don uile Chríosduighe an ollmha inntinni-si do bheith aige, amhail as éigion dó bheith ullamh ó inntinn do chum mairtíreachta d'fhulang dá ccuirthí a ccomhroghain a bháis nó a chreidimh do dhíultadh é. Tig," ar an Umhla, "uair eile a dara hinghean a ccuideachta na Mailísi, dá ngoirthear an Tnúth, agus bídh cloidheamh dhá fhaobhar aice a n-aghaidh mhaitheasa spioradáltha agus corpordha na mban riagh- altha. As mallaighthe neimhneach an mhaighdean í so, ór an tan do chí mhaith ar bioth ag na mnáibh riaghaltha, nó éirgheas séan ar bioth nó sonas leó, as ionann lési sin agus a bás féin, agus bídh lán do luathgháire fá gach n-olc agus fá gach míádh dá tteagmhann dóibh. Laghduighidh agus tarcuisnighidh ó bhréithir agas ó ghníomh a ndéanaid do mhaith, agus tairgidh fána díthcheall misi do tharraing ar a méin féin agus mo chroidhe do líonadh d'fhormad agus d'iomthnúth maith- easa mo chomharsan; agus freagraim dhi mar so: "Créud adeire? .i. an é go bfhuil ní sa mhó do mhaoin shaoghaltha, do sgéimh, agus do thíodhlaicthibh nádúrtha eile ag an maighdin-si nó ag an maighdin eile iná agamsa?" a deirim gurab maith leam sin agus gurab aoibhinn leam gan na tiodhlaicthi sin do bheith agam féin, ór ní háil leam san saoghal-sa ná d'éis an tshaoghail acht Iosa Críosd. "Ag sin
mh'ionnmhas, agus ionnmhas na n-aingeal; ag sin mo sgéimh, agus sgéimh an uile chrétúir; mo ghlóir, agus tobar an uile mhaitheasa. Bíodh a ní féin ag gach duine, agus Iosa gu n-a ghrádh agamsa; agus bíodh a fhios agatsa, a mhaighdean fhormadach, gur ab saidhbhri misi mar so, agus gan na neithe-si do bheith agam, iná an lucht agá bfhuilid, uair ní fíu leis an ccroidhe mór uasal atá ó thiodhlacadh Dé agam, cromadh ar na neithibh uirísle talmhaidhe sin dá ngrádhughadh. Gidheadh, do chum do chlaoidhthe leis an nUmhlacht (ós í as ainm dhamh), a deirim gurab neimhiongnadh leam na neithe sin, agus mórán eile nách iad, do bheith ag na mnáibh sin atá 'na n-ingheanaibh ag Dia agus thuilleas uaidhe ní sa mhó iná thuillim-si, agus nách iongnadh leam gan a mbeith agam féin, atá am innilt agus am banmhodhaidh nách fiú énní d'fhagháil." Do bheir an mhaighden-so, 'sa hainm an Tnúith, ionnsoighidh a sligheidh eile oram, dom ghluasacht chum iomthnúith do bheith agam ris na maighdean- aibh eile a ttaobh na ttabhartas spioradáltha do bheir Dia dháibh, .i. an uair bhíd ní as dúthrach- taighe, throisgthighe, chiuine, chráibhthighe iná mé. Freagraim-si dhi mar so: "An ngéabha tú résún san ccúis-si? Agus dá ngabhae, fiafruighim dhíot créud fá sainnteóchuinn-si bheith spioradáltha, ná grása úrnaighthe nó crábhaidh do bheith agam? An do chum onóra, moltha, maitheasa nó tarbha saoghaltha d'fhagháil ó dhaoinibh? Ní headh, acht amháin do chum seirbhísi Dé do dhéanamh agus a bhuidheachuis do thuilleamhain, agus do chum mh'Íosa ionmhain d'onórughadh agus d'adhmholadh uaim agus ionnam. Más fíor so, as cóir dhamh bheith lán d'urgháirdeas
inntinne an uair do chím go mbíd mórán do dhaoinibh agus do shearbhóntuighibh naomhtha ag mo Thighearna, ghrádhuigheas é; agus dlighim Dia do ghuidhe fá ghrásuibh do thabhairt dóibh do chum a ghrádh- aighthe agus a onóraighthe ní as fearr. A amaid, dá mbeith grádh ar bioth agamsa ar mo Thighearna, nár chóir dhamh fonn do bheith oram an saoghal uile dá aithne agus dá onórughadh agus dá ghrádhughadh, agus go ttugadh grása spioradáltha dhóibh agus tiodhlaicthe lé ndéndaois sin gu maith. A inghean an drochathar, do hionnarbadh tréna uabhar agus tréna olc féin ó nimh, ní haithnidh dhuit an grádh. Bíodh a fhios agat gu madh fearr leam gu mbeanadh Dia dhíom a ttug dhamh dh'aisgiodhaibh corpardha agus fós spior- dáltha do chum sochair dhaoineadh eile (dochum gan labhairt anois ar ghrásuibh an fhíréantuis), agus gu ccuireadh iad a nduine éigin as fearr do chuirfeadh iad do chum a ghlóire agus a onóra iná chuirim-si, ór ní fhuil ar iarruigh agamsa acht onóir agus glóir mo Thighearna Dé, dá dhaoire dá ccoiseónadh dhamh. Féach-sa, ar an n-ádhbhar sin, a mhéid do mealladh thú ag teacht chugamsa leis na smuaintighthibh-si. As maith a fhios ag Dia créud do ní féin, agus atú-sa réidh ar a thoil, ór as í as sólás, as aoibhneas, agus as maith dhamh."
CUIRIGH AN UMHLA SIOS AN MODH AR A CCLAOIEANN AN MHAILIS GU HUILIDHE AGUS A HINGHEAN EILE DAR AB AINM AN LEISGE. An XII.Caib. "Tig an Mhailís arís agus a treas inghean, .i. an Leisge, do chomhrac riom, agus as ró olc an mhaighdean so; ór bídh ag sírdhéanamh a díthchill dhá chur d'fhiachaibh oram bheith cuirthe, tuirseach dona neithibh spioradáltha, agus gu háiridhe do na neithibh diadha bhíos d'fhiachaibh oram ó dhligheadh Dé agus na Heagluisi. A deirim-si ria: "Ní budh maith leatsa misi do dhéanamh úrnaighthe, alsma nó crábhaidh, agus do ghéan-sa ar an ádhbhar sin féin ní sa mhó dhíobh iná a ngnáthuighinn gu roiche so do chum tusa do chlaoi." A deir sisi an uair sin: "Nách faice gu bfhuile fuar, gan fhonn, gan dúthracht, gan deuósion, agus gu bfhuile ag cur chathaighthe ar Dhia; ór ní bhí buidheach don tsheirbhís do níthear dhó lé foiréigion agus lé himneadh, acht lé fonn agus sólás." Adeirim-si dhá freagra: "As buidhighe Dia ar mhodh áirithe don tsheirbhís do ním dhó a n-aghaigh mh'fhuinn agus mh'aigionta, iná don tsheirbhís do ním an tan do bheir féin mórán milseachta agus dúthrachta dhamh. Nách fuil a fhios agad gu ttairngionn Dia a mhilseacht uainn ar uairibh san n-úrnaighthe dár ndearbhadh, agus an uair do chí gu ndéanmaoid ar ndíthcheall, gu bfhilleann chugainn arís lé meidh dhúbailthe ghrás agus shóláis? Agus an ní eile sin adeire, .i. gu bhfuilim-si ró fhuar, agus gu ccuirim chathughadh
ar Dhia ag tairgsin bheith ag úrnaighthe mar sin, adeirim riot, dá fhuaire agus dá neamhdhúthrachtaighe dá moitheóchad mé féin, gu raghad a bfhiaghnuisi mo Thighearna, agus gé nách biadh ionnam énní dh'iarraidh air nó do labhairt ris, gu mbiad ós a chomhair mar onóir agus mar rébherens dó, gá smuain- eadh gu bfhuil 'gum fheitheamh agus gu bfhuilim a bfhiaghnuise a mhórdhachta, atá 'na theinidh ghráidh lér ab éidir mo chroidhe do chomhlasadh an uair bús toil leis féin, agus munab áil leis sin, iodhbruim-si mo thoil féin dhó agus biaidh mé réidh ar a thoil-sion. Tabhair dot aire gur córuide dhamh dul a ngar don teineidh méad m'fhuachta agus mo neamhdhúthrachta, agus gu mo fuairide mé a seachna. Ní ar son mo shóláis féin, ná an bhlais do ghebhim ar an urnaighthe, ghrádhuighim í, acht do chum seirbhísi do dhéanamh dhom Thighearna, agus mar atá a fhios agam gur ab maith leis mé dá déanamh agus gum chongmháil féin a ngnáthuighibh subháilcheacha naomhtha dochum a ghlóire agus a onóra féin." An tan do chí an drochmhaighdion-so nách éidir lé mo sgarthuin ré grádh mo Thighearna, do ní a díthcheall ar mo dheaghailt ó ghrádh mo sheathrach, agus do bheir lé 'na coimhideacht a rís an dá innilt adubhart, dá ngoirthear an Drochamharas agus an Breitheamhnas Mearrdhánta, do chum a churtha d'fhiachuibh oram tarcaisne do bheith agam am inntinn ar mo dheirbhsheathrachaibh, a bhreath- nughadh gu dásachtach nách deaghmhná iad. Agus do bheirid so do chum mo chuimhne an mhéid as éidir leó do chúisibh drochamharais agus bhreitheamhnais mhearrdhántha, agus as demhin leó, má thairrngid chuige sin mé, gu ttiocfa as sin mo tharruing do chum ithiomráidh, masla, agus míochlú do thabhairt dom
sheathrachaibh. A deirim-si riu: "Ní fhuil ionnamsa acht banmhodh dá nách cóir dul a ndrochamharas ar a bainthighearna. Ní cóir don pheacthach buain ris an nduine naomhtha. As dual damhsa a mheas gu bhfuilid mo dheirbhsheathracha uile beannaighthe, agus gu bhfuilim féin gu holc am pheacthach. Fós ní fhuil a dhearbh agam cionnas a táid-sion a bhfiagh- nuisi Dé, nó créd an chríoch rachas orra. Atá a fhios agam cia mé féin, agus créud an chríoch do chum a bhfuilid mh'ainmhiana agus mo dhubháilche dom tharruing, .i. gu hifrionn, muna fhóire trócaire Dé oram; gonadh aire sin atá mo sháith cúisi agam dochum bheith lán d'amharas oram féin agus ar mo choinsias. Glacfad an sligheidh as daingne agus as innille a ttaobh mo dheirbhsheathrach, .i. meas maith do bheith agam orra, ór dá mealltaoi mé ag tabhairt drochbharamhla dhóibh, do ghéanuinn pheacadh, agus gé gu meallthaoi mé ag tabhairt deaghbharamhla dhóibh, do bheinn saor ó pheacadh. Cia do rinne breitheamh dhíomsa idir Dhia agus mo dheirbhsheath- racha, nó idir mo dheirbhsheathracha agus a ccoinsias? Fágbhuim-si sin ag Dia, agus fágaibh-si misi, ó tá tú claoite." "Adeirimsi riotsa, a innilt úd eile, nách áil leam mo dheirbhsheathracha do chur a n-amharos, ór gé go bhfuil d'fhiachoibh ar an n-uachtarán aire mhaith do bheith aige ar a thréud agus bheith ag smuaineadh agus ag rémhfhéachoin na neitheadh budh eagail do theagmháil dóibh, do chum nách léigfeadh don mhéid do bheith clamh dhíobh ó dhroichbhésaibh an chuid oile do shalchadh, gidheadh cheana, ní fuláir dhó so do dhéanamh maille ré deisgréid, ar an n-ádhbhar gurab meinic do dearbhadh, an uair chuireas fear a bhean a n-amharos, gur gnáth lé, gé go mbeth ionraic
roimhe sin, mar dhíoghaltas san n-amharas bheith neimhdhíleas ó sin suas, ór, mar adeir Seneca, as mór dá ttug an t-amharas siocair dochum tuitme a bpeacadh. Agus gé adeire-si riom nách éidir leithsgéul ghníomhradh mo dheirbhsheathrach do ghabháil tréna mbeith ro-chosmhail ré drochghníomhaibh, a deirim riot 'na aghaidh sin gu madh éidir nách ó dhroich- inntinn do níd énní, ná a riocht uilc, agus gu tteaigéomhadh, gé gu mbeath cosmhaileacht uilc ar a ngníomhaibh, gurab ó laige nó ó anbfhainne dhaonn- uidhe táinig sin, nár léig dhóibh smuaineadh gu maith ar tús ar na neithibh budh cóir dhóibh do dhéanamh. Agus más mar so atá, as córa dhúinn truaighe do bheith againn dóibh iná drochbharamhail do thabhairt dá ngníomharthaibh. Féuch nách bí aire ag an ainmhidhe mbrúideamhuil ar amharas do dhéanamh ar na beathadhachuibh eile bhíos 'na chuideachta, agus gurab mó a aire ar a ualach féin d'iomchar agus ar a shligheidh do chur thairis iná ar sin, agus an uair anas énchuid dona beathadhachoibh eile 'na dhiagh san slighidh, nách orra bhíos a aire acht air féin amháin agus ar dhul 'na shlighidh; agus ó do rinneasa beathadhach brúideamhail díom féin ar son ngrádha mo Thighearna, as amhlaidh sin as cóir dhamh dho dhéanamh, .i. dul ar mh'aghaigh a seirbhís Ndé, agus mh'aire do thabhairt dom choinsias féin."
CRIOCHNUIGHIDH AN UMHLA A COMHRADH. C.13. Fá hiongnadh lé Des. méad naomhthachta na Humhla, agus a bhfuilngeadh do dhuadh agus do dhocumhal ag comhrac réna naimhdibh dochum í féin do chongmháil a seirbhís Ngrádha Dé, agus a dubhairt: "Dar mo chubhais, a mháthair, as anois aithnighim agus chreidim an ní do chuala mé gu meinic, .i. gu raibhe an uile fhíréntas, shubháilche, shíothcháin, shaidh- bhreas agus shólás spioradálta san umhla; agus guidhim thú, innis énní amháin damh san ccúis-si atá 'na aincheas oram, .i. an aithnighe do ghnáth na drochmhná úd an tan thiaghaid a measg mhaighdean an thighe?" "O a mhic!" ar an Umhla, "as mór an pungc- sin do fhiafraighis, agus bíodh a fhios agat gur chuir mórdhacht Dé uilechumhachtaigh lóchrann a meadhón ar mainistreach, bhíos ar lasadh do ló agas d'oidhche ó ola thrócaire Dé, agus así as buacais dó an sgriobtúir naomhtha, agus as é ainm an lóchrainn an Coinsias Maith; agus atá an lóchrann so ceangailthe a nuas as shreing dá ngoirthear Caomhna an Chroidhe, agas atá an tshreang ceanguilthe as tairnge dar ab ainm Faire na Ccéadfadh. Agus an gcéin bheas an lóchrann so ar lasadh, ní bhí eagla oruinn rompa, ór do chímid ar an mball iad, gé gu mbeidís a measg bhan an tighe nó ina n-aibídibh, ór aithnimíd ar a siobhal iad, do bhríogh gu mbíd uile crotach, agas céim bacaidhe ionnta, nách légionn dóibh siobhal gu díreach. Gidheadh, a mhic, anuair mhúchtar an lóchrann tréar bpeacadhaibh-ne nó tréar mainneachtnaighe, ó tharraing an tairrngi, nó ó bhriseadh na sreinge, nó
tréas an Ttighearna do bhreith na hola uainn (gé nách déanann sin gu bráth muna dhoirteam féin ó thús í), bímíd uile a ndorchadas, agus bídh an teagh uile tréna chéile lán do bhuaidhirt. As gnáth linn, ar an n-ádhbhar sin, bheith ag guidhe an Tighearna a ccomhnaidhe fár lóchrann do chongmháil ré lasadh, agá rádh lé Dáibhí: "As tusa, a Thighearna, lasas mo lóchrann; ar an n-ádhbhar sin soillsigh mo dhorchadas." Agas ag so, a mhic," ar an Umhla, "an modh ar a cclaoiim, maille grásuibh mo Thighearna, agus maille friochnamh agus lé congnamh mh'fhir phósda, na drochmhná-so agus fós mé féin." "Go ttuga Dia," ar Des., "a ghrádh agus a ghrása dhuit; as mór an sólás tugais dom spioraid." "Beir lat anosa dot choimhideacht ar fud an tighe, a mhic," ar an Umhla, "na cailíneadha beaga riaghaltha-so, gu feadh bheith múinthe riaghaltha gu maith dhuit, do chum nách budh édir leis na drochmhnáibh úd, dá tteagmhadh dhuit iad, do mhealladh nó th'fhuadach as ar lámhaibh-ne. Beir lat an cailín-si dá ngoirthear Geursmachdughadh an Chuirp, dot imdhídean ar an ccéadmhnaoi, .i. Antoil na Colna, agus an mhaighdean so eile dár ab ainm an Chruaidhchuing, dot choimhéad ar an daro mnaoi, .i. Saint na Súl, agus an ógh-sa dá ngoirthear Inísliughadh, as baintsheómradóir dhamhsa, dod dhídean ar an treas mnaoi, .i. Díomas na Beathadh; Friochnamh a n-aghaidh na Maindeachdnaighe, .i. an ceathramhadh bean; Maith a n-aghaigh na Mailíse, .i. an bhean dhéigheanach. Beandachd an Thighearna lat, agus go ccaomhna thú ar na drochmhnáibh-si, agus go ttuga a ghrása dhuit do chum do ghníomh uile do dhul a seirbhís dá mhórdhacht."
TRACHDTHAR ANN SO SIOS AR SHEACHD SUBHAILCHIBH AS INGHEANA DON UMHLA. d'ADMHAIL AR N-UIRISLE FEIN. C.14. Fá mór sólás Des. ag éisdeachd lé fuighlibh an bhanabadh, agus a dubhairt ria: "Guidhim thú, a mháthair, fá chead do thabhairt damh dul dh'fhéchuin mhaighdion an tighe-si dochum eóluis do chur ortha." "Do bheirim chead duit," ar ise, "maille ré beannocht Dé; agus éirigh-se lais, a inghean darab ainm Neamhshuim a nEinní, agus beir lat d'fhéachuin na sealluigheadh uile é." Gluaisis Des. iar sin go subhach suilbhir as sealla an bhanabadh maraon ré Neamhshuim a nEinní, do bá banaodhuigh agus do bá banmhaighistir noibhís- teadh san mhainistir, agus rug lé é go sealla ccéidinghine na hUmhla, dá ngoirthear an Admháil. Fáiltigheas an inghean sin ré Des., agus ro chuir 'na shuidhe 'na fochair féin é. "Guidhim thú, a shiúr," ar Des., "innis damh cionnas do geineadh ón Umhla thú?" "Inneósad," ar isi. "Táinig an Umhla le congnamh a fir phósda, .i. A Mheas gurab Beath- adhach Brúideamhuil Í Féin, a n-eólus agus a n-aithne a beiginmhe féin, agus as ann sin rom gabh-sa 'na bruinne, agus rom gein, .i. Admháil Cia Mé Féin." "Mínigh sin damh ní as fearr," ar Des., "ór ní maith thuigim é." "As toil leam sin," ar ise. "Atáid a miosúiri agus a dteóranna dísle féin ag na neithibh, ór atáid fada,
leathan, domhuin, árd; agus mur atá an Umhla lán d'fhuath ar an n-airde, do thogh bheith roi-ísiol, d'eagla go mbuailfeadh a ceann fá fhárdhorus bfhlaitheamhnuis, an uáir do thairgfeadh dhul a steach, agus as de sin atá an seanfhocal, .i. gibé bhíos áirdcheannach go mbí a nguais a chinn do bhualadh fán bfhárdhorus. Agus ní lór léisi bheith ísiol, acht do ní a díthchioll ar bheith roi-ísiol; agus an tan nách bí a mbaoghal a chinn do bhuain fán bfhárdhorus, íslighidh í féin ar a shon sin ní-sa mhó, amhuil agus chromas an géadh a cheann agus a chorp dá airde dorus fá a ngabhann. Do thogh fós an Umhla, tré fhad a dearrsgnaigheachta agus tré fhóirleithni a hoirdh- earcuis, cumhgach ro mhór, agus uireasbuigh iomlán na neitheadh saoghaltha, d'eagla a toirmisg ó fhlaitheamhnus, mar a deir Críosd: "Déanam ar ndíthchioll fá dhul don ghlóir, gé go bfhuil an dorus cumhang"; agus a deir 'na dhiaigh sin: "Iarrfuid agus tairgfid mórán dul asteach, agus ní fhéadfuid é." As do na daoinibh díomsacha thuigthear so, bhíos coimhleathan is sin, iar n-at ó dhíomus, nách tuillid san dorus. Atá an Umhla, trá, do thaoibh a doimhni folamh, uair ní thuillionn innte acht Dia, ór gé mór do thiodhlaicthibh agus do mhaith do bhiadh aice, creidigh nách uaithe féin (atá 'na neimhthní dá meas féin) tigid, acht ó Dhia, dá ttugann do ghnáth altughadh buidhi san uile ní." "Guidhim thú, a shiúr," ar Des., "dochum go madh móide do thuigfinn na neithe dorcha sin a deire, do bhéasa féin d'innisin damh." A dubhairt an Admháil gá fhreagra: "Ag so mo bhéasa: mar as inghean don Umhla ó chroidhe mé, agus mar as deisgiobal don mháthair naomhtha-sa atá ad choimhideacht-sa, .i. Neamhshuim a nEinní,
admhuim ó thoil mhaith cia mé féin, .i. gurab fíu mé an uile tharcuisne agus go bfhuilim am pheacthach shalach, gan fhoghnamh sa bhioth; agus ní lór liom a mheas agus a admháil go bfhuilim mar sin, acht breathnuighim gurab measa agus gurab uirísle mé iná an chuid eile dom dheirbhsheathrachaibh." "Cionnas as éidir lat sin do mheas," ar Des., "maille fírinne, más aithnidh dhuit go bfhuil subh- áilche ar bioth agot ón Thighearna? Uair má táid subháilche agus grása ó Dhia agad, ní fhuile ad pheac- thach. Ar an n-ádhbhar sin do ghéanthá bhréig dá admháil gurab peacthach thú féin, agus ní cóir don tshubháilce bréag do dhéanamh, agus mar sin ní cóir dhuitsi bréag do rádh. Fa ris sin as gné dhobhuidh- eachuis gan duine dh'admháil na ttíodhlaictheadh do gheibh ó Dhia. Ar an n-ádhbhar sin más aithnidh dhuitsi grása nó tíodhlaicthe ar bioth agat féin nách fuil ag do chomharsuin, cionnas as éidir dhuit a rádh gurab lúgha agus gurab measa thú féin inás, agus gu bfhuile míotharbhach gan fheidhm ar bioth, an tan atáid tíodhlaicthe agad léna bhfédann tú dul a sochar do mhórán? Adeir maille ris so an sgrioptúir gu n-umhluigheann daoine iad féin gu holc. Tabhair dot airi, ar an n-ádhbhar so, nách drochumhla atá agat tréna beith (mar tá) a n-aghaidh na fírinne as aithnidh dhuit féin, ag rádh neith ód bheul contrárdha don ní atá ad chroidhe." "Ná tabhair na drochbharamhla sin ag nách fuil cúis ná fundaimeint dhamhsa," ar an Admháil. "As deimhin gu n-úmhluighid daoine iad féin gu holc, .i. an uair adeirid gurab peacthaigh iad féin, agus a deirid sin do chum droichcríche, .i. do chum go mbeith meas umhlachta nó naomhthachto orra ag daoinibh
eile, nó do chum anma onóra, nó innmhe égin, d'fhagháil san saoghal, nó fós má deirid sin ó bhéul amháin, agus gan iad dá mheas amhluidh sin 'na n-inntinn (ór do níd mar sin bréaga agus cumadóireacht), nó an tan tig mórán uilc as an umhlacht shimplidhe mhídheiscréididh, mar adeir S. Aibhisdín san riaghail, an uair thaisbéanoid na huachtaráin umhla gu hiomarcach, go ccaillid a n-úghdarás do chum smacht- aighthe. Agus as dóibh so uile thuigthear an ní sin adeir an sgrioptúir, .i. go mbíd daoine ann umhlaigheas iad féin go holc, mar as follas as na briathraibh eile adeir an sgrioptúir san áit sin féin: Gé go n-umhlaigh- eand é féin go foirimiollach, as cumadóireacht sin ór breathnuighidh ní eile go hinmheadhónach. Gidheadh, bíodh a fhios agatsa uaimsi go measuim óm chroidhe gach a n-admhaim ó bhéul, .i. gurab fíu mé gach uile tharcaisne, agus go bhfuilim am pheacthach ghráineamhail nách fíu maith ar bioth d'fhagháil, agus thuilleas gach éanolc, agus ní hé sin amháin acht as mó mheasuim am chroidhe mo mhídhiongmháltus féin iná as eól damh d'admháil ó bhéul. Agas do thaoibh na neith eile sin adeire, .i. nách éidir dhamh peacthach do ghairm dhíom féin maille fírinne, agus a fhios agom go bhfuilim a ngrásaibh agus a subháilchibh Dé, adeirim mar adeir Pól, gé nách aithnidh dhamh tré ghrásoibh mo Thighearna peacadh am choinsias, nách bia ar a shon sin meas naoimh ná fíréin agam oram féin, ar an n-ádhbhar nách fuil a láinndearbh ag éannduine an ccéin bheas san saoghal-sa, gan taisbéanadh speisialtha ó neamh, an fíu é grádh do bheith ag Dia air; agus as uime so nách áil leam anndóthchas díomhaoin guasachtach do bheith agom as mh'fhíréantus féin.
Ar an n-ádhbhar-sa bídh eagla oram, agus saoilim go bhfuilim am peacthach, ór as aithnidh dhamh fhéin go rabhadhas a bpeacadh, agus ní fheadar nar thuilleas a mhaitheamhnas ó Dhia tréam aithreachas, féadfuidhe do bhí uireasbhach, nó tré gan Dia do thabhairt aithrighe dhamh mar do bheir do pheacth- achaibh eile ó chúis éigin cheirt atá díamhair oramsa; agus mar sin ní pheacuighim agá mheas go bhfuilim am peacthach agus ag admháil an neith chéanna. Agas gé nách beinn a bpeacadh mharbhtha, as éidir damh labhairt mar súd, ór atú claon uaim féin do chum peacoidh agus do chum na ndubháilchiodh, gonadh aire so nach bí mo bheatha, dá ghloine dá mbím san saoghal, saor ó pheacadh, agus asé so admhaim an tan bhreathnuighim mé féin am peac- thach; agus más éidir dhamh peacthach do ghairm dhíom féin ar an modh-sa, mar as éidir dá ríribh d'fhiaghnaisi Eoin Bruinne, as éidir dhamh a rádha ar an modh ccéadna nách fíu énní mé, agus go bhfuilim brodhach, gráineamhail, agus fós olc, gé go mbeind a ngrásaibh, mar adeir Críosd ag Lúcás. Agus gé go madh aithnidh dhamh gráso nó tiodhlaicthe agam féin nách beith in mo chomharsanaibh, ní shaoilim go madh bréag dhamh a rádha gurab lugha agus gurab uirísle mé iná iad, ór aithnighim agus admhaim (do chum gan bheith dobhuidheach) na tiodhlaicthe thug Dia dhamh, agus measaim fós gurab mó mé ar son na ttíodhlaictheadh-so inád na daoine ag nách fuilid; ionann so ré a rádh agus go measaim gurab mó mo chumas ar dhul a sochar do dhaoinibh eile iná cumas na ndaoine dá nách tug Dia na tiodhlaicthe-si. Gidheadh, ar a shon so uile, measaim go bhfuil grása éigin folaightheacha ag gach aonmhnaoi dom sheath- rachaibh, lé mbeirid barr oram, mar adeir S.
Aibhisdín: "Bíodh meas mór agaibh, a lucht dhearrsgnaigheas go puiblidhe, ar dhaoinibh ele as fearr go folaightheach iná sibh," agus mar iarras Pól ar an Gcríosdaighe bhfíre a mheas gurab fearr gach énChríosdoighe eile iná é féin, agus ní ó chumadóireacht nó ó bhéul amháin as cóir dhúinn so do mheas, acht a bhreathnughadh dá ríribh go bhfuil ní éigin sna daoinibh eili tré mbeirid ar mbarr, gé go mbeth maith éigin ionnainne go follas nách taisbéanaid-sin ionnta féin. Gonadh aire so shaoilimsi go mbíd grása éigin foluightheacho ag mo dhearbhráithribh agus ag mo dheirbhsheathrachaibh ó Dhia, tréur lugha mé féin ináid agus as ar éidir dhamh sin do mheas am chroidhe agus a admháil dá ríribh. Tairis so, an uair bhíos duine ós cionn cháich eile 'na uachtarán, gé go mbeth an meas-sa aige air féin ina chroidhe, ní cóir dhó a fhoillsioghadh ó bhréithir d'eagla go gcaillfeadh a úghdarrás do chum na ndaoine bhíos faoi do smachtughadh, mar adeir S. Aibhisdín san ionadh thuas; agus mar nách uachtarán meisi, admhaim an ní-si, agus foillsighim do réir mar mheasoim am chroidhe, mar as duál d'inghin mo mháthar, .i. an Umhla, do dhéunamh."
DO DHARA HINGHIN NA HUMHLACHDA, .I. FONN MO THARCAISNIGHTHE. C.15. Tug Des. taithneamh mór do chéidinghin na Humhlachta, agus don neamhdhúil baoi aice a moladh dhíomhaoin, agus iar cceileabhradh dhi téid leis an n-óigh sin fá heólach dhó go seallo dara hinghine na Humhla, dár ainm Fonn mo Tharcaisnighthe. Fáiltighis an mhaighdean-soin roimhe, agus do chuir 'na shuidhe é. "Guidhim thú," ar Des., "indis damh cionnas do geineadh ón Umhla thú?" "Inneósad," ar isi. "Geinthear ón éadtruime atá san Umhla (as cúis agus as tosach dá gluasacht ó ísle go hairde agus ó bhochtacht go glóir) mian bheith roi-ísiol agus cách dá meas mar sin, agus as don mhian-sa ghoirthear Fonn mo Tharcaisnighthe, as ainm dhamhsa as dara hinghean don Umhla." "Ní thuigim thú," ar Des., "ór cionnas bhúdh éidir leis an n-éadtruime a gluasacht do chum bheith ísiol agus do chum bheith ard, atá contrárdha dhá chéile, ór más í an éadtruime as cúis dá tógbháil suas do chum bheith onórach, cionnas as éidir don éadtruime chéadna bheith 'na cúis léna cur síos dá heasonórughadh? Guidhim thú," ar Des., "agus mínigh so dhamh." "As toil leam sin," ar isi, "ór as aithnidh dhamh nách urasa an gheineamhain-si do thuigsin, mar atá sí roi-spioradálta. Ní fhuil a n-éadtruime na Humhla acht an fhoilmhe atá innte óna meas féin. Bídh an duine umhal folamh ón uile mheas maith air féin, ór mar bhíos an duine díomsach lomnán dá
mheas féin, bídh an duine umhal folamh ón uile mheas maith air féin, ar an n-ádhbhar go measann gurab lugha é féin agus gurab measa iná an uile dhuine eile, ionnas gurab í an fhoilmhe-si bheirios an duine umhal a bhfad síos (gá mheas gurab cóir dhó féin bheith don leith thíos don uile), ionnamhail agus bheirios an truime an ccloich síos gó a hionad ndílios féin. Gidheadh, dhá fhad síos dá ttéid an Umhla tréas an n-édtruime-se agus trés an bhfoilmhi, as é a chomhfhad sin árduighthear suas í a bhfiaghnaisi Dé, mar adeir an Slánaightheóir: "Gibé ísligheas é féin, árdaighthear é." Gonadh aire sin nách fuil a n-ísliughadh na Humhla acht árdughadh a luaighidheacht agus a nglóir, ór as do réir an chéime a n-ísleócha neach é féin san saoghal-sa ó umhla, airdeóchas Dia é a nglóir agus a n-onóir. Agus as uime sin adeirid na diadhaireadha gur ab airde an ghlóir 'na bhfuil Muire a bhflaith- eamhnas iná glóir énphearsan dár cruthaigheadh idir aingiol agus duine, mar do sháruigh iad uile a n-umhla ar an saoghal-so." "Tuigim anos," ar Des., "an ní adeire, a dheirbh- shíur, agus innis damh feasda do mhéin agus do bhéusa." "Do ghéan," ar isi. "Asé mh'ainm Fonn mo Tharcaisnighthe, ór as dom mhianaibh an uile dhuine dom dhímheas agus dom dhísbeagadh, dom cháineadh agus dom mhaslughadh, acht a mháin gan peacadh mo chomharsan nó míomhodh Dé d'órdughadh, agus go háiridhe nách ttuga mé féin siocair pheacaidh d'éinneach, agus as áil leam gan mheas ar bioth do bheith aca oram, agus so uile ar son Ngrádha Dé." Bá hiongnadh lé Des. méin na hingheine-si, mar do bhí contrárdha don ghnáthughadh dhaonnaidhe, agus baoi meas mhná naomhtha aige uirthe, mar do thuig gurab ar son Ngrádha Dé do bhíodh an fonn-soin uirthe.
DO THREAS INGHIN NA HUMHLA DA NGOIRTHEAR AOIBHINN LEAM MO THARCAISNIOGHADH. C.16. Gabhais Des. a chead ag dara hinghin na Humhla, agus téid gu sealla an treas inghean, darab ainm Aoibhinn Leam mo Tharcaisnioghadh. Fáiltighis an inghean sin roimhe, agus tug ionad suidhe dhó 'na fochair féin. "Innis dhamh, a ógh," ar Des., "cionnas rod gein an Umhla, ór as éidir a smuaineadh gu madh ait lé duine tarcaisne dh'fhagháil suil do chichsiodh é féin ar n-a tharcaisnioghadh, gidheadh, an uair do chífiodh duine an masla nó an tarcaisne dá láthair, agus é féin iar n-a mhaslughadh dá ríribh, as iongnadh leam cionnas bhúdh éidir dhó lúthgháire dho bheith air tríd sin; agus as uime so bhudh maith leam fios an neith nuaidhe-si d'fhagháil." "Inneósad-sa sin duit," ar an mhaighdean. "Do ghabh an Umhla 'na broinn, ag cur aithne agus eóluis ar a fear pósda dhi, rún ro dhaingean gan cathughadh ná cur a n-aghaidh égcóra ná tharcuisne dá ndéanthaoi uirthe san saoghal-sa, agus tig dhi as sin bheith doibh- risthe dochlaoithe, ionnas nách éidir lé hénní dár cruthaigheadh buaidh do bhreith uirthe. Agus ní hé sin amháin acht beirigh sisi bhuaidh ar gach n-énní dá ttairgionn a claoi, agus geinthear ón bhuaidh sin mórán sóláis. Agus mar as ón tarcaisnioghadh, agus ón bhuaidh sin bheireas ar an ttarcaisnioghadh, ghein- thear a sólás, as uime sin as inghean don Umhla misi, ar a mbí an sólás cédna, agus lerab aoibhinn mo tharcaisnioghadh."
"Cionnas as éidir dhi," ar Des., "bheith doibh- risthe dochlaoithe an uair nách cuirionn a n-aghaidh énneith?" "Inneósad-sa sin duit," ar an mhaighdion, "maille ré heisiomláir. An uair thairgios duine slat úr do dhíorghadh, ní bhrisionn í, mar fhilleas go hurasa lais; gidheadh, an uair bhíos cruaidh, láidir, daingion, agus nách bí soifhillthe, bristhear ar an mball í. As amhlaidh so don dhuine dhíomsach, ór mar bhíos cruaidh, láidir, ag cur a n-aghaidh gach énneith bhíos contrárdha dhó, bristhear é a ccéadóir lé mífhoighidne; gidheadh, mar fhuilngios an Umhla a filleadh, ní bristhear í choidhche. Agus as dá fhoill- sioghadh so do sgríobhadh an sgéul fábhaill ar an ndaruigh agus ar an ngas ngiolcaighe, .i. gu raibhe an dair roi-reamhar ro-láidir, iar n-a fréamhughadh gu foirtill san thalamh, agus a n-aimsir ghaoithe móire gur leagadh í agus gur briseadh 'na bloghuibh beaga, agus gur an an ghiolcach 'na seasamh. A dubhairt an dair ris an ngiolcaigh: "Créud do ainic thusa, agus tú beag anbhfann, ar neart na gaoithe lér leagadh agus lér bloghadh misi, do bhí ramhar láidir?" Do fhreagair an gas giolcaighe: "Do bhí tusa, a dhair, ro uaibh- reach, agus do shaoilis gu ttiocfadh lat tréd chalmacht seasomh ré ní budh láidire iná thú féin, agus níor aonthaighis dó ghabháil ós do chionn, agus nír iongnadh mar sin gu leagfuidhe thú. Gidheadh, ní amháin don ghaoith láidir fhuilngim-si gabháil toram, acht dá gach gaoith dá laighiod, dom fhilleadh agus dom chromadh féin roimpi; gonadh aire so nách déanann éanghaoth díoghbháil dhamh." "Guidhim thú," ar Des., "a mhaighdean, ó thugais éolas do gheineamhna dhamh, innis damh do mhéin agus do bhéusa."
"Inneósad," ar isi. "Bídh sólás mór oram agas lúthgháire an uair do gheibhim tarcaisne agus easonóir, nó do níthear égcóir oram, cáinthear mé nó do gheibhim oil nó athais, agus do níthear fochaidmheadh fúm, ór as aoibhinn agus as sáimh leam ar son Ndé gach uair dá ndéanthar so oram." Fá roi-iongnadh lé Des. an mhaighdean-sa agus méad a subháilcheadh, agus adobhairt ria: "Innis damh, a dheirbhshíur, cionnas bhúdh éidir dhamhsa leithéid na subháilche-sin agatsa d'fhagháil, ór atú conntrárdha don ní sin a deiri-si, ar an n-ádhbhar nách mothuighim mé féin sólásach an uair tharcais- nighthear nó mhasluighthear mé, agus ní hé sin amháin acht mothuighim mé féin lán d'fheirg agus do dhólás agus do bhuaidhreadh." "A sé ádhbhar fá a mbí mar sin," ar isi, "mar nách fuil urduil an dadoimh d'umhla ionnad; agus as comhardha maith an ní sin a deire ar dho bheith lán dod ghrádh agus dod mheas féin agus líontha dh'uabhar. Gidheadh, ó do tharruing Dia do chum an thighe-si thú, múinfeamaoid duit bheith subháilceach, agus an croiceann tuguis lat do chur dhíot, agus bheith ad dhuine eile dár bhfágbháil; agus uillmheócham thú dochum gumadh éidir lat labhairt ré Grádh Ndé, ór do bheith do thuras díomhaoin ar mhodh eile. Ar an n-ádhbhar so, madh áil leat mo shubháilce si do bheith agad, ní fuláir dhuit ó thús mo dheirbhshíur rér labhrais roimhe so, dar ab ainm Fonn mo Tharcaisnighthe, do chur ad chroidhe gu daingean, agus smuaineadh gu meinic uirthe, agus a rádh at inntinn mar so: "As áil agus as mian leam ó so suas bheith iar nam tharcais- nioghadh agus iar nam mhaslughadh, aindligheadh d'fhulang, agus bheith am fhuigheall fochaidmhidh agus fanámhaid ag cách, agus fá mhímheas ag gach én
nduine." Agus dá raibh an fonn-so agad ad chroidhe, tiocfae lé hurnaighthe, lé díthcheall agus le dúthracht do chum mo shubháilce-si do bheith agad; gidheadh, ní a n-éineacht acht a ndiaigh a chéile, ag cleachtadh gu meinic tarcaisne agus aindligheadh d'fhulang, agus gach neith eile bhías contrárdha dhuit. Agus gé gu moitheócha tú documhal ó thosach tré chontrárdhacht na cédfaigheachta, tiucfae leis an ccleachtadh agus leis an ngnáthughadh dochum a chlaoithe fá dheireadh go hurasa, ionnas gu moitheócha tú féin sólás ort fád mhaslughadh. Agus bíodh a fhios agat gurab mór atá uait ar chomhéigniodhadh do dhéanamh ort féin dochum gu mbiadh fonn agat ad tharcaisnioghadh agus at easonórughadh, ór as deimhin nách bí énduine umhal acht an tí bhíos ceart fíréan, agus gibé ar nách bí fonn a tharcaisnighthe, a easonóruighthe, a mhas- luighthe, agus fanámhuid do dhéanamh faoi, nách bí fíréan nó ceart." "As iongnadh leam," ar Des., "an ní a deire, .i. nách bí énneach fíréan ná ceart acht an tí ar a mbí an fond sin a deire. Cionnas as éidir sin? ór as beag do geabhthar do dhaoinibh fíréanta nó cearta mar sin, agus dar leam ní maith résún na mbriathar soin a dubhartais." "Cuirfeadsa a ccéill duít," ar isi, "maille réasún féin gurab fírinneach an ní a dubhart. As dearbh gibé ar bioth atá fírén nó ceart, gurab mian leis a cheart agus a dhualgas féin do bheith ag gach aon, agus gach ní as cóir dhó d'fhagháil ó dhligheadh; agus muna dhligheann an duine d'fhagháil acht tarcaisne agus masla, ainndligheadh agus fanámhad, as ainbfhíréan, éicceart é muna raibh fonn air sin d'fhagháil." "Cionnas dhearbhas tú," ar Des., "nách dligheann an duine acht tarcaisne agus easonóir?" "As urasa leam sin do dhearbhadh," ar isi. "As
follas gurab dual an mhaith do ghrádhughadh, d'iarraigh, do shanntughadh, d'onórughadh, do mheas agus do mholadh; agus dá uaisle agus dá feabhas dá mbia, gurab móide dhlighthear so dhi. As follas mar an ccéadna a chontrárdha sin, .i. gurab cóir dhúinn fuath, gráin, agus tarcaisne do bheith aguinn ar an n-olc, agus a inghreim, agus a easonórughadh, agus a iomcháineadh; agus mar atá an uile pheacthach olc, as éigion gurab dual a tharcaisnioghadh agus a easonó- rughadh, a neamhghrádhughadh, agus fochaidmheadh do dhéanamh fáoi." "Dearbh dhamh an ní-sin," ar Des., ".i. gu bfhuil an uile dhuine olc." "As toil leam sin," ar isi. "Ní fhuil maith acht Dia amháin; ar an n-ádhbhar sin atá an duine uáidhe féin gu holc." "Dar leam," ar Des., "ní maith dhearbhas tú fós gu bfhuil an uile dhuine olc." "As maith," ar isi, "agus dearbhaim mar so ní sa mhó an ní céadna. Atá Dia maith, agus ní fhuil ní ar bioth nách fuil 'na Dhia, maith uaidhe féin, acht olc. Ar an n-ádhbhar sin atá an duine, nách fuil 'na Dhia, olc, agus má tá sé olc, as dú dhó ó cheart neamhghrádh, tarcaisne, easonóir, agus gráin d'fhagháil." "Féuch," ar Des., "nach fuilim coisgthe lét arguimeintibh fós, lé ttairge a dhearbhadh nách fuil maith acht Dia amháin, agus mar sin nách fuil éinní nách fuil 'na Dhia, maith; ór adeir an sgrioptúir naomhtha go bhfacoidh Dia na huile do rinne, agus go rabhadar, ní amháin maith, acht ro-mhaith. Agus fós má tá Dia maith - mar atá gan amharas, uair asé féin an mhaith fhíre, agus an árdmhaith uas gach maith - an uair as é as cúis don uile chréutúir, agus do chruthoigh iad, as éigean go bhfuilid uile maith, ór
as dual don ní do níthear bheith cosmhuil réna chúis, mar adeir an feallsamh; agus má tá an uile ní dár chruthoigh Dia ro-mhaith, ní héidir nách fuil an duine, atá 'na chréatúir as uaisle dár chruthoigh do na créutúiribh corpardha, mur an ccéanna ro- mhaith; agus má tá sé maith, do réir na loighice sin agatso, as éigion a admháil gurab cóir grádh, onóir, agas moladh do thabhairt dó, agus meas maith do bheith air." "Ní háil leam," ar an mhaighdean, "dol a nduibheacán diospórachta riot, ór atá sin a n-aghaidh mh'umhla; gidheadh míneóchad duit na neithe adubhart, do chum go ttuigthea iad. Bíodh a fhios agat nách fuil maith acht Dia amháin, agus go n-abair bél an Tighearna so san soisgél naomhtha. Tairis sin, as amhlaidh as cóir so do thuigsin, nách fuil maith ag éinní uaidhe féin iná óna nádúir acht ag Dia amháin, 'sa dhísligheacht bheith maith uaidhe féin agus ó nádúir; ór gé go bhfuil gach éinní dár chruthaigh Dia maith, má mheasmaoid iad do réir na nádúire thug Dia dhóibh, ní uatha féin, ná óná nádúir, atáid maith, acht ó Dhia do pháirtigh riú agus tug dhóibh gach maith dhá bhfuil aca. Gidheadh, ní héanchuid dá mhaith nádúrtha neamhchruthaighthe neamhfhoircneadhoidh, as iononn is é féin, atá spioradálta go huilidhe agus nách éidir do roinn, tug dhóibh, acht maith chruthaighthe chríochnuighthe chuimir do rinne as neimhthní, as ionann is iadsan; agus ar an n-ádhbhar-soin, má mheasmaoid an mhaith-si atá sna créatúiribh, do chuir Dia ionnta, as dual grádh, onóir, agus moladh do thabhairt dóibh. Gidheadh, as do Dhia théid so uile, agus ní do na créatúiribh; agus as ar an modh-sa as cóir dhúinn grádh do thabhairt dúinn féin agus don uile
chréatúir, .i. an mhéid go bfhuilid maith ina subs- dainnt, ina nádúir, agus ina mbeith, agus ní fhuil ann so acht Dia do ghrádhughadh inntibh. Ná sanntuigheadh aoinneach, ar an n-ádhbhar sin, a mholadh nó a onórughadh ná a ghrádhughadh ar son aoinneith dá bhfuil aige uaidhe féin, acht ar son na maithiosa thug Dia dhó, agus gan an moladh sin nó an n-onóir d'iarruigh mar sin féin dó féin, acht do Dhia amháin, ór as mór an t-eideirdhealughadh atá idir a mbí ag duine ó Dhia agus a mbí aige uaidhe féin. Do chéidneithibh, as ó Dhia atá aigi á bfhuil do mhaith nádúrtha agus do thiodhlaicthibh aige; 'na dhiaigh sin as uaidhe atá aigi, sna neithibh mórálta, bheith 'na íomháigh bhéo ag Dia, agus an mhaith agus an tshubháilce do shanntughadh, agus na deaghoibreacha da dhénamh. As uaidhe féin cheana atá aige na droichmhiana, agus é féin do dhénamh léna dhroich- bhésuibh éagcosmhuil ré Dia, agus bheith dubháilceach lochtach, agus an t-olc do shanntughadh agas d'oib- riughadh. As so thuigthear gu follas gurab é an t-olc atá ag an duine uaidhe féin, agus as díslidheacht dó san staid ina bfhuil d'éis pheacuidh Adhuimh. As dual dúinn mar so grádh do thabhairt don uile ní do chuir Dia san nduine, .i. don bheith, agus don mhaith nádúrtha, agus gan an duine do ghrádhughadh ar a shon féin acht ar son Ndé, agus gráin agus fuath do thabhairt do chuid an duine féin, .i. don locht, don pheacadh, agus don dubháilce, ionnas gurab éidir linn onóir agus míoonóir, cion agus neimhchion, do thabhairt d'én nduine abháin ar mhodhuibh éxamhla. Agus ós éigion dá gach én nduine, dá naomhthacht agus dá fheabhas dá mbiadh, a admháil nách fuil aige uaidhe féin acht an t-olc, as cóir dhó, dhá mhéad do thiodhlaicfeadh Dia dhó do shubháilcibh, do ghrásaibh,
agus do dhearlaicthibh, gan fonn a mholta, a onóruighthe nó a ghrádhuighthe féin do bheith air, acht an moladh; an onóir, agus an ghlóir do léigion uile ag Dia, as tobar agus as cúis don uile mhaith. Agus ós aithnidh dhó gurab úaidhe féin atá a chuid uilc agus dubháilciodh aige, fonn a easonóruighthe, a mhaslaighthe, a tharcuisnighthe agus a cháinte do bheith air; agus an uair thig do chum an fhuinn-se, as éidir dhó baramhail mhaith do bheith aige gu bfhuil féin fíréan, ceart. Agas an tan as cóir don duine mhaith, dhá naomh- thacht agus dá ghloine dá mbiadh, fonn do bheith aige 'na mhaslughadh agus 'na tharcaisnioghadh, nách búdh mór an égcóir don drochdhuine dhubháilceach, as airighe ar mhasla agus ar mhíocháta, gan an fonn so do bheith air acht a chonntráir, .i. fonn a ghrádhuighthe, a onóruighthe, a mholtha, agus a mhóir- mheasa? Ná smuaineadh an drochdhuine gurab mór an ní do ní, gé gu mbeath an fonn-so air, agus gu bfhuil d'fhiachaibh ar an nduine naomhtha a bheith air fhéin." Fá mór do thaitin lé Des. gach a ndobhairt an mhaighdean, agus adobhairt ria: "Guidhim thú, múin damh na neithe as mó do bhéaradh cuidioghadh dhamh fán bhfonn naomhtha-sa d'fhagháil agus do bheith oram." "Ag so an dá ní," ar ise, "as fearr chuige sin, - an cédní, ionmhaine Dé; an dara ní, fear pósda mo mháthar an Umhla. Fá ris so, má ghabhann tú an chomhairle do bhéar-sa dhuit, búdh héidir lat mórán dod leas féin do dhénamh san thigh-si agus mo shubháilce-si d'fhoghlaim go hurasa." "Do ghéan do chomhairle" ar Des., "ó chroidhe mhaith."
"Meas agat féin," ar ise, "agus cuir ad chroidhe go daingean nách fuil námha nó easccara ar domhan as mó ag Grádh Dé (ar a bhfuil roi-chion agodsa) iná do cholann ainmhianach féin; ar an n-ádhbhar-sa gnáthuigh gacha maidne agus gacha hoidhche labhairt rét anam mar so: "Faiciom, a mo anoim, cionnas bhéaras tú gráin a niogh don drochcoluinn-se, as easccara dot Thighearna agus dot Chruthaightheoir mhilis, Iosa. Faiceam créd an fonn bhíos ort fána tarcaisnioghadh, fána heasonórughadh, fána maslugh- adh, agus fána hinghreamughadh, lé fochuidmheadh, lé náire, lé himdheargodh, lé hiomcháineadh, agus leis gach ndrochbhail eile." Agus iar tteacht na hoidhche abair an ní céanna: "Faicim, a mo anuim, cionnas fríoth thú a niogh ar ghráin do thabhairt dot choluinn, th'easccara féin agus do thighearna, agus cionnas do bhí fonn a heasonóruighthe, a tarcaisnighthe, agus a masluighthe ort, agus créad an díthchioll do rinne tú ar a smachtughadh agus ar a hinghreim gan a coigill a ccúis ar bioth." Agus dá ccongmhae an cleachtadh-sa, a dhearbhráthair," ar an mhaighdean, "agus gan a léigean as do chuimhne ná as do smuaineadh, búdh héidir lat teacht do chum mórán subháilcheadh agus go céim n-árd san Umhla, agus biaidh gráin agat ar do cholainn agus ort féin, agus búdh fonnmhar lat tarcaisne agus easonóir d'fhagháil dí; agus an tan thairgfeas duine oile spreagadh nó masla do thabhairt duit, biaidh misi agus mo shubháilche agat, ór búdh sólásach sáimh leat an mhasla sin d'fhagháil, agus do bhéarae buidheachas do Dhia, ag rádh: "Beannughadh agus moladh dhuit, a Thighearna, fhuilngeas an díoghaltus-sa do theacht ar námhaid mo Chruthaightheóra agus mo Shlánaigh- theóra, Iosa Críosd."
DO CHEATHRAMHADH INGHEIN NA HUMHLA, DARAB AINM AN TSHIM- PLIDHEACHD. C.17. As mór an sólás fuair Des. a ccomhrádh na hingheine-se, agus iar ngabháil a cheada ria, téid a ccuideachta na banaodhuighe go sealla cheathramhadh inghine na Humhla, dá ngoirthí an tSimplidheachd. Fáiltighis ré Ndes., agus cuiris 'na shuidhi é, agus do thionnsgnadar araon labhairt ar Dhia. Fiafraighis Des. dí cionnos do geineadh í ón Úmhla. "Inneósad sin duit," ar an tShimpligheachd. "Gabhaidh an Umhla gu meinic óna fior phósda duibhiogán mór do smuaintighthibh simplighe cearta comhthroma, ag smuaineadh ar an ní as fíu na neithe, ar a bhfoirfeacht, agus ar a neamhfhoirfeacht; agus tig as so gu measann sí gurab cóir dhi féin bheith taobh thíos dá gach énnduine, agus gan bheith as cionn éinneich. Agus mar as taosga reathas an t-uisge do líonadh na n-ionad n-ísiol ndomhuin, iná do líonadh na n-ionad n-árd, as amhluidh sin thuitios uisgeadha spioradáltha na ngrás, agus gu háiridhe na heagna, gus na croidheadhuibh ísle doimhne tré mheas maith do bheith aca ar an n-uile ní. Agus as uime sin adeir Solamh gu n-áitigheann an eagna a bhfochair na Humhla, agus a deir Pól gu ttugann an duine spioradáltha meas maith ar gach n-éinní; agus as ann san ísle-se, as an duibhiogán smuaintightheadh, gheinthear misi, mar bheirim aithne agus meas simplidhe ar na neithibh." "Innis damh anois," ar Des. "do bhéasa." "As béas damh," ar isi, "baramhuil réidh shimplidhe gan chumadóireacht, gan fhimíneacht, do
bheith agam ar gach n-uile ní, agus gan droichmheas ná drochfháth do bhuain as éinní dá bhfaicim ná dhá ccluinim, acht a mheas gurab maith naomhtha do níthear gach éinní. Go háiridhe ní thugaim bharamhuil gurab ó dhroichinntinn do níthear ní ar bioth, agus ní bhí amharas san chúis sin agam ar éannduine acht oram féin amháin, ór bím a bfhaire oram féin do ghnáth, ar mo smuaintighthibh agus ar mo mhianuibh, agus bídh súil na críonnachta osgoilte agam do chum an uilc do sheachna, mar a deir an Slánaightheóir, agus dochum gu madh éidir leam bheith subháilcheach." "Nach beitheá subháilcheach mar búdh eadh," ar Des., "agus gan an súil sin do bheith oscailthe agad?" "Ní bheinn," ar isi, "ór ní fíu éinní an tshim- plidheacht gan chríonnacht, agus as mó an dochar do ní iná an sochar, agus ní háil lé Grádh Ndé na daoine bhíos éigcríonna." "Guidhim thú, a dheirbhshíur," ar Des., "mínigh dhamh cionnas bhíos tú simplidhe ris an uile, nó créd dá ngoireann tú bheith simplidhe?" "Ag so," ar isi, "na trí neithe ina mbím simplidhe, a smuaineadh, a labhairt, agus a n-oibrioghadh. Ní háil leam neithe ro airde do smuaineadh, iná onóracha, ná dighnitidhe, ná díomhaoineas an tshaoghail; agus smuainim do ghnáth oram féin gurab mé bean riaghaltha as lugha foghnamh ar domhan, agus as mó atá mídhiongmhála dochum bheith a seirbhís Dé; agus smuainim gu bhfuil cách eile naomhtha, beannaighthe, lán do shubháilchibh. An dara ní, ní háil leam briathra bheanas ré cluain nó ré bladar, nó bhíos ar na ndealbhadh go milis, nó bhíos greannmhar, ait, nó magamhail, acht comhrádh réidh simplidhe as
a ttuigthear As eadh, nó Ni headh, ór as ó dhroich- fhréimh thig a labhairthear ósa cheann so. An treas ní, ní háil leam preasántuidhe, náid seóid uaigneacha ná bhreaghdha, do dhéanamh ná do ghlacadh, náid minneithe nó siotuidhe eile bhíos gan fheidhm, gé gu mbeidís áluinn ré súil, ná obair ar bioth shaoghaltha, acht neithe simplidhe garbha tarbhacha, nách tairngionn do chum díomhaoinis mé; ór coimhéduidh na hoibreacha uirísli simplidhe so mo chroidhe san umhla, agus dobudh guasachtach dhamh a chonntrárdha sin do dhéanamh." "Cionnas?" ar Des. "Innéosad sin duit," ar an tShimplidheachd. "Bíodh a fhios agad, an tráth fár ghlac ar máthair, an Umhla, misi san tigh-si, gurab é feidhm agus oifig tug dhamh dhá chloich uaisle atá againn san tigh-si do chomhéud, dá ngoirthear Gloine Chroidhe agus Neamhurchóid. Atáid na leaga lóghmhara so comhuasal is sin nách éidir a luach d'innisin; agus as dochum na seód mbuadha-sa d'fhagháil do tógbhadh an mhainistir-si, agus a bhfuil do mhainistreachaibh eile ar an bhfásach-so, agus fós as dochum na gclach ccéadna-sa d'fhagháil agus do choimhéud do nímíd-ne ar n-uile dhaghoibreacha. Agus ar an n-ádhbhar so dá léiginn-si don dhíomhaoineas nó don dheismireacht teacht asteach ar dhoras mo chroidhe, mo bheóil, nó mh'oibre, do ghoidfeadaois na seóda-so uainn; agus dá bhríogh so bídh meas mhná éigcríonna aguinn ar an mnaoi riaghaltha nach órduigheann agus nach díorghann a ndéunand ó smuaineadh, ó bhréithir, ó ghníomh, dochum na gcloch n-uasal-sa dh'fhagháil agus do choimhéad." "Créad da bhfoghnuid na clocha uaisle sin?" ar Des., "nó cionnas nach fuiltí-si, agas sibh in bhur
mnáibh riaghaltha bochda, a nguais tuitme a bpeacadh na sainnte tréas na seóduibh ro dhaora ro uaisle sin atá aguibh, agus a liacht duine bocht ag ég don ghorta seachnóin an fhásaigh-si?" Ní fhuilmíd san mbaoghal sin," ar isi, "ór gé gu madh éidir sainnt agus mealladh do theagmháil a ngrádh agus a bhfonn agus a seilbh shaidhbhris eile (bíodh gu mbeith 'na shaidhbhreas spioradáltha féin) do réir na críche fá sanntuighthear nó fá sealbhuighthear é, nó do réir mar churthar é, gidheadh, ní héidir mealladh ná sainnt do bheith a ngrádh na seód n-uasal-sa atá aguinne, ar an n-ádhbhar gurab dochum seirbhísi agus sóláis do dhéanamh do Ghrádh Dé, agus dochum a onóruighthe leó an tan tig dar ttigh, nó thiaghmaoid-ne dhá thigh-sion, shanntuighmíd iad; ór gé gu madh éidir meirge dhroich-inntinne d'fhás san saidhbhreas oile, mar bhíos ós aird gan fholach, ní hurasa do mheirge ná do mhíol chríon an díomhaoinis ionad d'fhagháil dochum an tshaidhbhris- si do chreim, mar bhíos a ccleith san chroidhe, agus nách faicionn aoinneach é acht Dia amháin agus an tí ga mbí." "Cionnas," ar Des., "nách budh baoghlach don tshaidhbhrios sin féin meirge nó míol críon, dá ttairngeadh an tí agá mbí amach ar chomhair ccáich é?" "Ní baoghlach," ar an tShimplidheacht, "ór más dochum gu bfhaicfidhe an bfhuil aige thaisbéanas é, an tráth shanntuigheas nó thionnsgnas a thais- béanadh, ní fhaghann énní aige féin de; agus as gnáth leis an tí agá mbí eagla do bheith air nach bí aige, agus bheith ag dréim do shíor réna fhagháil, ionnamhail is nách biadh sé aige; agus as minic thiodhluictheas an Tighearna é do dhuine nách saoileann agus nách smuaineann a fhagháil, agus dá nách feas an bfhuil aige
nó nách fuil. Agus as é fáth fá ndéanann an Tighearna so, d'eagla gu ngadfadh an t-andóchas nó a mheas féin, bhíos a bhfolach a ccroidhe an duine, uaidhe é." Ba mór do thaitin lé Des. comhrádh na Simplidheachda, agus a dubhairt ria: "Múin damh cia hiad na neithe as tarbhuidhe dochum na ccloch n-uasal-soin do choimhéd." "Eideir mhórán do neithibh, ní fhuil ní as tarbhuidhe chuige sin," ar isi, "agus as mó atá do riachtanas ar na daoinibh óga thionnsgnas, agus nách téid fós a n-olc do na daoinibh aosda féin, iná teitheamh, agus dóirsi na ccéadfadh d'iadhadh, ór ní hurasa a ccoimhéad gu maith a bfhochair mhóráin chomhluadair agus chainnte, uair samhluighthear ar n-anam ris an sgáthán ghabhas chuige íomháigh gach neith dá ccuirthear ar a chomhair, nó ris an cciaraigh mbuig chongmhas fioghair agus cuma gach cuirp dá tteanntar ria." "Cionnas," ar Des., "fhéudfas an tí bhias a ccoimhthionól teitheamh agus doirsi a chédfadh d'iadhadh? Nách faicionn thú gurab éigion dó dul annso agus ann súd, agus labhairt ris an bpearsain-se agus ris an bpearsuin eili agus ré cách uile, gach uair fhógraid na huachtaráin dó é? Agus dá ndearnadh a chontráir so, do measfuidhi go mbeith lán do dhéanmhus agus d'ainiongnadh ann féin, agus do-bhéaradh mur sin cúis fhuatha agus ithiomráidh do chách eili." "As fíor," ar ise, "gurab éigean mórán do labhairt, do chlos, agus d'fhaicsin do chum tola na n-uachtarán do choimhlíonadh, agus do chum an chairdis agus an ghrádha do choimhéad. Gidheadh, as inchiontuighthe an tí do ní iad so dá dheoin féin gan riachtanus ná uachtaráin dá choimhéigniughadh, ní hionann agus an tí do ní lé riachtonus nó lé haithne
uachtoráin iad, ór do gheibh luaigheacht ó Dhia gá ndéanamh, go háiridhe an uair do ní a dhíthchioll, mar as cóir dhó, do chum na ccloch n-uasal-sa do choimhéad." "Agus créad an díthcheall as cóir dhó do dhéanamh," ar Des., "do chum nách tuillfeadh meas duine mhainneachtnuigh do bheith air?" "Ní fuláir," ar isi, "don tí dá nách éidir bheith a n-uáigneas, agus ar a ccuireann aithne a uachtaráin nó riachtonus fíre d'fhiachaibh bheith a ccomhluadar dhaoine, mise do bheith 'na fhochair, ór dá rabhar-sa 'na choimhideacht, gé go siobhluigheadh an saoghal, ní baoghal dó na geama uaisle-si do chailleamhuin." "Ar son Ndé," ar Des., "tabhair eisiomláir ar sin damh, uair as mór feidhm na ndaoine simplidhe ar na neithibh do mhínioghadh dhóibh." "Do ghéan," ar an tShimplidheacht. "Gibé léarab áil an ghloine chroidhe agus an neamhurchóid do choimhéad (atá 'na ccrích agus 'na ccuspóir ag na subháilchibh lé bhfaghthar an chríoch dhéigheanach as éidir don anam d'fhagháil san saoghal sa, .i. Déshearc fhoirfe), ní fuláir dhó teitheamh, agus doirsi a chédfadh do dhrud; agus munab éidir leis so do dhéanamh, beireadh misi lais 'na choimhideachd, agus cuireadh mé 'na shúil deis an tan fhéachfas ar gach n-uile ní, agus an uair thairgfeas an tshúil chlé féachain ar na neithibh maille saint nó lé meardhántas, filleadh súil deas na simplidheachta gá shilleadh, dá smuaineadh nách fuil san uile dhuine, idir mhnaoi agus fhear, acht aingiol agus clann don Thighearna. Measadh fós nách fuil sna créatúiribh eile acht orgáin agus adhbha cíuil bhíos ag moladh agus ag beannughadh an Tighearna do ghrés, do chum ar cruthoigheadh iad; agus géubhoidh an tshúil deas ar an modh-sa leithsgél a ccluinfe agus a
bhfaicfe ina comharsoin, agus molfoidh agus beannóchoidh Dia sna crétúiribh do chum a cclaonann súil na sainnte, ag smuaineadh sgéimhe, mhillseachta, mhaitheasa, agus shubháilche an Tighearna ionnta, agus adéara ris féin: "Ní háil leam saint ná grádh do thabhairt don chrétúir-si, ór ní chuige sin do chruthoigh an Tighearna é, acht do chum go ngráidh- eóchuind agus go mbeinneóchoinn a mhórdhacht naomhtha tríd agá fhaicsin." Ní fuláir dhó mar an ccéadna," ar isi, "mo bheith 'na choimhideachd sna neithibh adéara agus do ghéana sé." "Agus cá tráth," ar Des., "do ní nó adeir duine na neithe lé simplidheacht?" "An uair," ar isi, "bhíos an inntind lé a ndéanand nó lé n-abair iad glan díreach, agus bhíd na neithe féin maith ceart, ó uile shiorcumstaint nó thimchiolmhadh ionaid, aimsire, agus phearsan, agus nách déantur iad acht do chum glóire agus moltha Dé, nó do chum sláinte a chuirp nó a anma féin nó a chomharsan, nó leasa an mhaitheasa puiblighe. As amhloidh sin shiobh- luidheas duini go simplidhi is na huili neithibh, agus shiobhluidheas go hinnill daingean a slighidh bhflaith- eamhnois, do chum ar cruthoigheadh inn."
DO CHUIGEADH INGHIN NA HUMHLA DA NGOIRTHEAR AN BHOCHDACHD. C.18. Ba roi-bhinn le Des. comhrádh na Simplidheachda, agus iar cceileabhradh dhí, téid a ccuideachda na maighdine sin baoi ag déanamh eólais dó go sealla an chóigeadh hinghean don Umhla, dár ainm an Bhochdachd; agus iar bfháiltioghadh réna chéili dhóibh, agus iar suidhe, do thionnsgainsead labhairt ar Dhia. Adobhairt Des.: "Innis damh a inghean, cionnas do geineadh ón Umhla thú?" "Inneósad," ar an Bhochdachd. "Measuigh ar máthair, an Umhla, do ghnáth go bhfuil féin folamh ón uile mhaith, agus nách fuil foirfeacht ná iomláine ar bioth aice, mar do innis an chéidinghean duit, .i. an Admháil, agus do ní ar an n-ádhbhar sin sac mór innte féin do chum saidhbhris maithiosa Dé do ghlacadh inn, ór as do chum a thiodhluicthe dá chréatúiribh do rinne Dia an uile shaidhbhrios, agus as ait leis bheith dá thiodhlacadh dhóibh. Agus mar as aithnidh go maith dár máthair na béasa-sa an Tighearna, ní ar na daoinibh díomsacha do ní aithris, agá mbí a bfhochrus lán do mheas orra féin, ionnas nách bí ionad aca ina ttuillfiodh maithios Dé, acht do ní a díthcheall ar í féin d'fholmhughadh ó mheas uirre féin, ag breathnughadh nách uaithe féin atá éinní dá bhfuil aice, mar do chualaidh tú ón chuid eile dom dheirbhsheathrachaibh. Agus iar mbeith folamh dhi mar sin do réir a breathnuighthi féin, guidhidh do ghnáth an Tighearna fána sac do líonadh, ag iarruidh
déirce air, ag aithris ar na bochtaibh théid ó dhorus go doras, nách gnáthuigheann an chuid bhíos slán dá mballaibh nó dá n-éadach do thaisbénadh, acht an chuid bhíos caite nó briste dhe, agus an chuid bhíos easlán ciorrbhadhach nó créachtach dá ccorpaibh, do chum na ndaoine do chí iad do ghluasacht do chum truaighe agus trócaire; agus ní hé so amháin, acht tuirsighid cách lé comharcaibh do chum déirce do bhuain díobh, munab éidir leó ar mhodh eile, lé hainleanmhain liosda féin. As mar so do ní an Umhla, ór an tan mheasas sí í féin folamh ó mhaitheas spioradáltha, cuiridh roimpe bheith ag iarroidh déirce do ghnáth, agus mar sin gheinthear misi uaithe; agus asé mh'ainm an Bhochtachd. Agus do bheirim mo láimh dom mháthair ag breith eólais di ó dhoras go doras idir naomhoibh na cúirte neamhdhoidhe, ag guidhe a bfhoghair do chum an Tighearna, agus taisbéanaim dhóibh mo chréchta féin agus créachta mo mháthar, ar riachtanos, ar mbochtacht spioradálta, agus ar n-uile uireasbhoigh, agus do-ním so lé huaillfeartoigh agus lé gothoibh árda mailli re crádh ccroidhe, agus labhroim ré naomh dhíobh anois agus ré naomh eile arís ag cuartughadh fhlaitheamhnais mar sin, agus labhroim ríu uile ar uairibh do chum go ngluaisfinn iad lé liosdacht féin do chum déirce do thabhairt damh, agus tiaghuim arís a bhfiaghnuisi an Tighearna féin léna bfhoghar-san, dá thuirrsiughadh lém dhéaruibh agus lém osnadhuidh dochum gu bhfóireadh mo riachtanos." "Innis damh a mhaighdean," ar Des., "do bhéasa." "Do thréigeas an saoghal uile," ar isi, "ar son Ngrádha Dé; agus ní fhuil éinní agom dhe, agus ní háil leam agus ní shanntoighim a bheith."
"Créad an ní ina bhfuil do shólás nó th'aoibhneas mar sin?" ar Des. "Asé sólás, asé aoibhneas, agus asé saidhbhrios as annsa leam ar domhan, bheith folamh gan éinní don tshaoghal ar son Ngrádha Dé," ar ise. "As iongnadh leam sin," ar Des., "ór do hinnisiodh dhamh nách fuil aoinneach ar domhan as saidhbhre agus as uaisle iná an tighearna do thogh an mainistir-se, agus créd fá n-aontuigheann daoine do bheith 'na thigh lán do bhochtacht, do riachtanus, agus d'ainnisi? Agus as deimhin," ar Des., "nách tuigim créd an tsheirbhís nó an sólás bheanus seision as ibhse do bheith bocht." "Inneósad sin duit," ar isi. "Asé an tighearna do thóguibh an mainistir-se as Rí agus as Tighearna ar an ndomhan uile, agus as aige féin atá ionnmhus agus maoine an domhuin uile; gidheadh, ní háil leis gan sinne do bheith bocht d'eagla go ccuirfeamaois ar ccroidhe nó ar ngrádh a ní ar bioth eile acht ann féin, ór atá ar a láimh saidhbhrios an tshaoghuil do thabhairt go fairsing dhúinn dá dtogradh féin, agus ní gnáth leis sin do thabhairt don lucht ar a mbí roi- chion aige, dochum go ngráidheóchdaois é féin a mháin, agus go ttugdaois fuath agus gráin don tshaoghal. Agus ní fhuil fiaghnuise ná dearbhadh aguinne as mó ar a ghrádh do bheith oruinn iná gan sólás saoghaltha ar bioth do thabhairt dúinn; agus fós as mian leis ar mbeith bocht do chum gan anbharr aire nó cúruim do bheith aguinn fá mhaithios an tshaoghail-se, acht ar n-aire uile do bheith ar sheirbhís dho dhéanamh dhó féin ó thoil agus ó chroidhe iomlán gan roinn, agus do chum go mbeimís maille ris sin ag déanamh sóláis agus lúthgháire ó spioraid inn féin amháin, agus nách biadh dobrón díomhaoin oruind fá bhreith nó fá chaill-
eamhuin na maithiosa saoghaltha, agus dochum go mbeith ar ccroidhe ciuin síothchánta síothóilte gan mhíoshuaimhneas ná iomad cúruim, ór atá Grádh Dé comhmuirneach agus coimhcheanamhail agus sin air féin gurab ait leis anmhuin a n-ionad uaigneach, neamhchongháireach, ghlan, shíothchánta. Gidheadh, dochum nách saoiltea (mar shaoilid muinntear an tshaoghail) nach fuil do bhochtacht ann acht uireas- bhuigh na maithiosa teamporálta, bíodh a fhios agot gurab í an bhochtacht fhíre an uair fhuilngthear ó chroidhe an uireasbhuigh sin ar son Ndé, agus nách fuil saidhbhrios as mó iná í an uair sin, ór as deimhin go reacfadh Dia a fhlaitheamhnus ris na bochtuibh ar an ní bhíos aca; agus mar nách bí aca acht an bhochtacht, as follas go cceannchar flaithios Dé uirre, agus gurab luach dhó í. Ní fhuil ar an n-ádhbhar sin saidhbhrios as mó iná í, ó cheannchar flaithios Dé uirre, as uaisle iná an n-uile shaidhbhrios eile." "Innis damh," ar Des., "créd an tshubháilce as mó agot?" "Ní fhuil agom subháilce as mó," ar ise, "iná mar thigim go maith leis na deirbhsheathrachuibh-se fá ré a bfhuilim, agus mar chuirim mé féin a n-oireamhuin dóibh, ór gé gurab é mo mhian agus mh'aoibhneas gan ní ar domhan do bheith agom, ní háil léam mháthair bheith ní as boichte dhamh iná bhíos an chuid eile dom dheirbhsheathrachuibh, d'eagla do dtiobhruinn shlighidh teachda a steach do mhuic allaidh bhíos ag brath oirnn, agus ithios taradh ar ngarrdha, darab ainm Ainiongantus Indte Féin. Agus dochum nách caillfind luaighidheacht mo shubháilceadh, do phós mo mháthair mé re fear naomhtha darab ainm Ná Hiarr Einní Duit Féin, agus fós a dubhairt mo mháthair riom, dá madh áil leam bheith foirfe naomhtha,
bheith réidh riartha ar an ní do béarthaoi dhamh, agus bheith comhshuilbhir fán mbeagán d'fhagháil amhuil agus do bheinn fán mórán, agus bheith fán ní maith ionnamhuil agus do bheinn fán ní saith; agus fós ar son Ndé ní ghlacuim féin dá ttairgthear dhamh acht m'fhírriachtanus." "Ní fhuil ann sin," ar Des., "acht tairgsin bheith ní as mó iná maith, agus ní as mó fós do dhéanamh iná atá d'fhiachuibh ar an nduine, ór breathnuighim gurab é ní do chuir bhur bfhundúir d'fhiachuibh oruibh bheith bocht ó spioraid, agus mur a deir an Fáidh, gé go mbeith saidhbhrios aguibh, gan bhur ccridhe do chur inn. Ar an n-ádhbhar so saoilim nách a mórán ná a mbeagán do bheith ag duine atáid subháilce ná bochtaine, acht a neamhghrádh nó a neimhspéis do bheith aige san saidhbhrios." "As fíor," ar ise, "gurab san spioraid atá lán- fhoirbhtheacht subháilce na bochtaine; gidheadh, as innille agus as daingne do dhuine ar son Ngrádha Dé gan éinní do bheith aige, ór atá ar ngrádh agus ar ttoil comhchlaon is sin dochum dúile do chur san maoin shaoghalta, agus sna neithibh breaghdha nuaidhe áille, nách mór gurab éidir lé duine beagán nó mórán do bheith aige gan a fhonn do chur ionnta agus a ghrádh do dhortadh orra. Dá bhrígh sin as oircheas an tuighe do dhrud ón teinidh, ór ní háil lé Grádh Ndé gan ar dtoil agus ar n-annsa uile d'fhagháil dó féin gan roinn. Agus as mór do dhaoinibh mheallthar san ccúis-se a deir: "Ní fhuil ar ngráidhne ná ar ccroidhe sna neithibh-se gé go bhfuilid aguinn, agus dá dhearbhadh sin ní bhiadh doilgheas oruinn fána ccailleamhuin"; ór as deimhin go bhfuil an toil comhchlaon is sin dochum seirce agus míochúise do thabhairt do na
neithibh do chí aice féin, gur ab ro annamh theagmhus gan a beith ceanguilthe dhíobh. Agus dá dhearbhadh so tabhair dot aire eisiomláir ar Ttighearna léar éidir go maith saidhbhreas an tshaoghoil do shealbhughadh gan ghuais a ghrádho ná a chroidhe do chur ind; agus féach nár áil leis sin, acht é féin, a mháthair mhilis dhil, a eapsdail, agus a dheisgiobail naomhtha do bheith bocht, dá ccoth- ughadh féin ar an ndéirc amháin. Agus créad fá ndearna so acht do chum eisiomláire do thabhairt dúinne, do chum gan saidhbhrios saoghaltha do bheith agoind ó fhonn, ó dhísligheacht, ná ó sheilbh, mar do thuig go maith athair iongantach na bochdachta, S. Proinsias, do lean san ccéim-si lorg Chríosd agus na n-eabsdol ní as díorgha agus ní as uaisle ináid pátrúin na n-órd eile; ór do fhágoibh d'fhiachoibh ar dhaoinibh riaghalta a uird gan díslidheacht neith ar domhan do bheith aca féin fó leith, mar atá d'fhiachoibh ar an uile órd, nó a ccoitchinni, inar shároigh bochtacht na n-uile órd eile, dhá ttugann a riaghlacho, agus Comhairle Triont, cead cíosa do bheith agá ccoimh- thionóluibh. Agas do theilgeas-sa amach as mo shealla, do leanmhain luirg bhochtachta mo Thighearna, gach a raibhi agom and, agus nír chongmhas astigh dhíobh acht íomháighin mo Thighearna amháin, an tan do bhí lomnochd san chroich, do chum go ccuimhneóch- ainn ar an ngrádh do bhí aige dhamh, do chuir d'fhiachoibh air an bás-soin d'fhulong ar mo shon, agus beagán don mhórán leabhar fá gnáth leam do bheith agam, .i. an Bíoblo, beatha Chríosd, beatha na n-aithreadh naomhtha, agus leabhráin bheago oile. Ní háil leam ní as mó, ór as lór leam mh'Íoso miochair milis, agus a bheatha bheannoighthe."
DO SHEISEADH INGHEIN NA HUMHLA, DA NGOIRTHEAR UMHLA DONA HUACH- DARANAIBH. C.19. Fá mór an sólás tug comhrádh na maighdine-si do Dhes., agus iar ngabháil a cheado ria téid a ccuideachta na banaodhoighe go sealla n-inghine eile don Umhla dár ainm Umhla dá Huachtaránoibh. Do rinne Des. rébheirens agus lútáil ro-mhór dhi, ór do innis an bhanaodhuigh dhó gur roi-ionmhoin lé Grádh Dé í, agus an uair do thairg póg do thabhairt dá láimh, nír aontoigh an onóir sin do ghlacadh, mar do bhí 'na hinghein ag an Umhla. "Indis damh," ar Des., "cionnas do geineadh ón Úmhla thú?" "Do ghéan," ar isi. "As maith as aithnidh dár máthair, an Umhla, go ronnand Dia a ghrása ar a chréutúiribh ar mhórán do mhodhoibh éxamhla, go ttugand ní sa mhó do ghrásoibh do chuid díobh iná do chuid oile; do chuid díobh grása folaightheacho, agus do chuid eile grása follaso; do chuid díobh gráso na fíréantachta, agus do chuid oile aisgeadho grás, do chum tarbha dhaoine oile. Agos fós as aithnidh dhi gurab cóir don uile chrétúir urruim, umhla agus rébherens do thabhairt do Dhia agus do na huachtaránoibh bhíos 'na ionad ar an talamh-sa; ór as ceart agus as réusúnta don tí as lugha agus as anuaisle urroim do thabhairt don tí as mó 's as uaisle. Tuigidh an Umhla as an dá ní-si adobhramar as aithnidh dhi, agus gabhoidh óna fior phósda smuaineadh naomhtha, .i. go bhfuil grása follaso nó folaightheacho ag gach uile dhuine nách
fuil aice féin, agus cuiridh roimpe ar an n-ádhbhar sin í féin do chur fá urroim an uile chréutúir ar son Ndé, nó fá Dhia san uile chréutúir, agus go háiridhe fá urroim Dhé agus na n-uachtarán agá mbí a chumhachto; agus ann sin geinthear misi, dár ab ainm Umhla dom Uachdaránoibh. Agus do chum nách caillfinn luaigh- idheacht mo shubháilce, do bhuail mo mháthair séula luaighe oram dá ngoirthear A Mheas Cia Mé Féin, agus 'na dhiaigh sin beirid an dís deirbhsheathar as sine agom ar láimh oram dom chongmháil am sheasamh, d'eagla go leagfoidhe mé, .i. an Admháil, agus Fond mo Tharcaisnighthe, ré bhfuilim ro-chosmhoil. As do na cédneithibh do mhúin mo mháthair dhamh gurab é ainm do bheir an sgrioptúir ar na daoinibh díomsacha, cáith, agus go mbí an cháith do ghnáth ag iarroigh bheith ós chionn a gráin féin, agus gurab ó dhá ní thig dhi fonn do bheith aice bheith a n-uachtar .i. óna héttruime féin nó ón ghaoith thógbhas í. As amhloidh so don duine uaibhreach, ór gé gurab measo é inád na daoini eili, bídh do shíor ag righe ré bheith ós a ccionn, agus as ó ní éigin do dhá ní thig so dhó, .i. ón díomhaoineas fhásas and ón uabhar, nó ó ghaoith mholaidh shaoghaltha trér dú a thógbháil féin uas na daoinibh eile, amhail thógaibhthear an cháith uas an ghrán." "Innis damh a mhaighdean," ar Des., "do bhéasa agus do mhéin." "Atám pósda," ar ise, "ré fear naomhtha dárab ainm Ná Fáguibh Einní gan Déanamh. As duine ro shubháilceach an fear so, agus as duine uasal árdhachta é, ór claoidhidh a ccomhrac aoinfhir, agus leaguidh, an beathadhach as uathbhásuighe agus as allta mhallaighthe dá bfhuil ar an ndomhan-sa, darab ainm Mo Thoil Féin, lé sgriosthar agus lé ndíoláithrighthear an mhéid
leanas agus ghrádhuigheas é, agus agá bhfuil an oiread-sin do mhillseachd agus do phiseóguibh go ccuireann na daoine ar saobhadh céille, ionnus gur roi-bheag dhíobh nách lean é, agus nách teith uaimse dá ionnsuighidh, gé gurab deimhin nách édir don mhéid aca thréigeas misi Grádh Dé d'fhagháil, as tighearna ar an ndomhan, as fearr iná an saoghal ré chéile. Agus mar thug Dia dhamh a chomhmaith so d'fhior phósda, ní háil leam ní ar bioth do dhéanamh uaim féin acht an ní fhógras damh, agus ní háil leam cead d'iarruigh air dochum neith ar bioth eile do dhéanamh gan roi-riachtanus, agus ní lamhuim an uair-sin féin dul dá dhéanamh sin am aonar d'eagla go dteigeómhadh ar bhithbheanachaibh mé, fholchus iad féin san bfhásach-sa chomhmaith agus sin nách faiceann éanduine iad nó go raibhe ro-fhogas dóibh." "Cia bheirios tú leat ad choimhideacht an uair- sin?" ar Des. "Beirim," ar isi, "ó thús gadhar as cosmhuil réd ghadhar-sa, dá ngoirthear Fonn Maith, agus mo dheirbhshiúr an tSimplidheachd, agus mh'ingheana, .i. an Debhósion, an tShuilbheireachd agus an Friochnamh, an Buainsheasamh, an Ghloine, agus ós a ccionn so uile ar máthair, leis nách áil choidhche gan dul leam; agus an uair as mian leam imtheacht go daingean innill gan ghuais, ní fuláir dhamh iad so uile do bhreith leam." "Guidhim thú," ar Des., "innis damh créad an modh ar a ttéid do mháthair leat do dhéanamh na neitheadh sin do ní tú, ór ní thuigim go soilléir, mar as mían leam, a n-abrae." "Inneósad-sa sin deit," ar Umhlughadh do na Huachtaránuibh. "Ní shaoilim go ndéanuim éinní go maith don mhéid do ním, gé go madh móra na
neithe do dhéanuinn ó mheas cháich eile; ní thógbhuim suas mo mheanma ar son n-aoinneith; ní mheasuim gurab fearr do ním éinní iná do níd na daoine eile; ní smuainim gurab maith mé féin tré mhaith ar bioth dá ndéanuim óm chumhachtuibh féin. Ní háil leam mo mholadh, ná meas do bheith ag éinneach orm go mbeith cumas damh ar mhórán foghuinthe do dhéanamh; acht do bheirim buidh- eachus go humhal do Dhia tré chéill agus chuimhne agus chumas do thabhairt damh ar ní éigin do dhéanamh ar son a ghrádha féin, agus an tan do ním éinní a deirim am chroidhe: "As mó t'fhiacha orm a nois, a Thighearna, iná roimhe; do bhrígh go dtuguis grása dhamh dochum an neith-si do dhéanamh." Ní háil leam ar an n-ádhbhar so éinní ar son mh'oibre ó na daoinibh eile acht an Tighearna do bheannughadh; an saothar agus an dochar do bheith oram féin, an ghlóir agus an moladh do bheith ag Dia, agus an tarbha do bheith ag an chomharsuin. Ní háil leamsa éinní, ór as aithnidh dhamh nách fiú mé éinní d'fhagháil, acht amháin guidhim an Tighearna fána ghrádh féin do thabhairt damh do chum ní sa mhó do dheagh- oibreachuibh do dhéanamh, agus chum gan a dhiomdha do thuilleamhuin ar mhodh ar bioth. Agus ós chionn an uile neith guidhim é fána thrócaire, fána mhillseacht, agus fána fhéile do thaisbéanadh dhamh a n-uair mo bháis, do réir an dóthchuis atá agam amháin as a árdmhaith."
DO SHEACHDMHADH INGHEIN NA HUMHLA, DARAB AINM AN GHEANMNUIDHEACHD. C.20. As mór an t-urgháirdiughadh inntinne thug seiseadh inghean na Humhla do Dhes., agus iar cceiliobhradh dhi, téid a ccoimhideachd na banaodh- uighe go sealla an seachtmhadh hinghean don Umhla, dá ngoirthear an Gheanmnuidheacht. Fáil- tighis an mhaighdion sin ré Ndes., agus do chuir 'na shuidhe é. "Guidhim thú, a mhaighdean," ar Des., "innis damh créd fá ngoire inghean na Humhla dhíot féin, ór go bhfios damh do budh córa dhuit inghean na Measurdhachda do ghairm dhíot, dárab díslidheacht srían do chur ris an ccoluinn dá congmháil ó ainmhianuibh, agus mur sin ní haithnidh dhamh cionnas a taoi at inghin ag an Umhlachd, acht muna leisinghean (féadfaidhe) nó daltha dhi thú." "Tabhair dot aire," ar isi, "go bhfuil dá ghné don gheanmnaidheacht ann ar a bhfuil a hainm. As é as feidhm agus as oifige don chédghné, ar ccolann do chuibhreach agus do smachtughadh, do chum nách cuirfeadh a fonn a neithibh truaillighthe salcha; agus gé go bhfuil an ghné-sin don gheanmnaigheacht agamsa, ní lór leam sin gan an dara gné fós do bheith agam, lé ccuirim srian ris na mianoibh agus ris na háilgheasoibh as gnáth don anom do bheith aige an uair do gheibh na neithe ina ccuireann dúil, agus bhíos ag buain a shóláis aisdibh trés na súilibh nó tréas an n-éisdeacht, trés an mblas nó trés an mboltanas, nó tréas an mothughadh, nó tréus an smuaineadh
amháin, nó tréas an meabhair; ór dá n-ana an t-anom dá dheóin féin a n-éanshólás díobh so a n-aghoidh ttola Dé, do ní drúis spioradáltha do chum a sháimhe féin d'fhagháil sna peacadhoibh sin do ní, gé nách beidís 'na bpeacodhoibh colnaighthe. Agus mar atá an ghné dhéigheanach-so don gheanmnoidh- eacht agam-sa ar mhodh ro-uasal, ní lór leam an t-anam do chongmháil ó na drochshólásoibh-si, acht ón tshólás dob éidir lais do bhuain go dlisdionach ceadoightheach as na crétúiribh amháin, gé nách biadh a n-aghoidh ttoile Dé, ar an n-ádhbhar go ccuireann so féin toirmeasg ar an n-anom fána shólás go huilighe iomlán do bheith a Ndia. Agus mar as d'airrgheanoibh na Humhla an chaoile agus an tsheinge (ór ní háil lé cum fairsing do bheith aice líonta dá mheas féin, mar bhíos ag lucht an uabhair agus an díomois, bhíos torrach óna ccion agus óna meas orra féin), as uimi sin as inghean di meisi, mar sheargaim agus mar ghearraim antholo an chuirp agus an anma uaim, gum chongmháil féin seang mar sin cosmhoil réum mháthair." "Agus cionnas choimhéadas tú do gheanmnoidh- eacht?" ar Des. "Atá dias indiltiodh agom," ar isi, "choimhéadas mo gheanmnaidheacht, .i. Absttinéid agus Náire; agas cuidighidh fós mh'fhear pósda leam, dá ngoirthear Coimheud an Chroidhe, agus atá buachoil aige dárab ainm Cumhdach na Ccédfadh." "Iarroim d'athchuinghidh ort," ar Des., "taisbéin an buachail sin damh." "As toil leam sin," ar isi, agus a dobhairt réna cailín, .i. an Náire, an buachail do ghairm.
DO BHUACHUIL NA GEANMNUIDHEACHDA .I. CUMHDACH NA GCEADFADH, DA EARRODH AGUS DÁ INNIOLL. C.21. Fá roi-iongnadh lé Des. an modh ar a ttáinig buachuil na Geanmnuidheachda do láthair, ór do bhí srian 'na bhéal, agus glas mailli ris sin ar a bhéal mar an ccéanna, agus ar pholláire chlí a shróna, agus an polláire deas osguilthe; do bhí cloch a leathchluais leis, agus brat beag ar a shúil chlé; baoi cros ar a dhruim, agus a lámh chlé ceanguilthe dhi lé tairrngibh; do bhí a lámh dheas fo réir, agus coinneallbhrudh innte lán do choinnlibh ar lasadh; do bhí culaidh uaine air, agus é 'na sheasomh ar ubhall luaidhe, a chos deas fó réir agus a chos chlé ceanguilthe a ngeimheal; agus do bhí cnumh sáidhthe 'na thaobh dheas a n-ionnamhail eirci sléibhe, do bhí ag cognamh a éaduigh gus an bhfeóil. Agus a dubhairt Des. ris: "Innis damh, a mhic, créad as ciall don lán iarnuigh sin ort?" "Asé adhbhur fá n-iomchruim an srian-sa," ar an buachuil, "dochum beathadhuigh atá agam thighearna do cheannsughadh agus do mhíniughadh, ór dá léigthi fó réir aon uáir amháin é, gé go bhfuil beag, do dhéanadh mórán díoghbhála. Agus ní fhuil duine do fhéadfadh a fhasdódh ná srian do chur ris arís acht amháin an doirseóir, .i. Eagla Dé." "Créd as ainm don droichbheathadhoch sin?" ar Des. "An teanga," ar eision, "agá bfhuil bás agus beatha ar a láimh, agus ré a n-abuir Dáibhí Rí: "Guidhim thú, a Thighearna, cuir coimhéad ar mo bhél. "
"Agus créd fá bfhuil an glas sin agod?" "Asé ainm an ghlais-se," ar an buachuil, "Measardhachd an Bheóil, agus dochum doruis na mainistreach dh'iadhadh atá aguinn, d'eagla na mban riaghaltha atá asttigh d'éulódh, ór muna bheth an glas so agoind ní bhiadh crábhadh ar bioth san thigh-si, do bhrígh gurab díomhaoin crábhadh an duine riaghalta ag nách bí tocht." "Agas créad fá n-iadhonn tú an polláire clí, agus an polláire deas osgailthi?" "Dá fhoillsioghadh nách cóir dhúinn polláiri clí an fhormaid agus an iomthnúidh ré deaghoibribh ar ccomharsan do bheith osgoilthe aguind, tréna ttiocfadh daghbholadh Chríosd 'na bholadh báis chugoind, acht an polláire deas, tréna sláineócha an daghbholadh céadna sin sind, mar adeir Pól do réir ghluaise S. Aibhisdín." "Créad dá bhfoghnand an chloch sin agat?" ar Des. "Do chum puill atá a ccúl an thighe-si do dhúnadh (ar eision), dá ngoirthear an tEisdeachd, d'eagla bithbheanach do theacht a steach air, ghnáthoigheas teacht tríd an tan nách bí an chloch-sa dhá chumhdach; agus asé ní chialloigheas an chloch-sa Iosa, ar Slánoightheóir, as cóir dhúind do chur a n-éistteachd ar ccroidhe, ag smuaineadh do shíor ar a bheathoigh do chum nách léigfimís na drochsmuaintighthe asteach; agus as minic fós chuirim an ccloich-si am bél d'eagla go laibheóraind." "Adéarthur riot mar sin," ar Des., "go bhfuile balbh." "Ní fhuilim," ar an buachoil; "gidheadh, do ním mé féin balbh ar son Ngrádha Dé." "Créad an tsheirbhís nó an sólás do Ghrádh Dé tusa do bheith balbh?" ar Des.
"As mór an tseirbhís dó é," ar eision, "ór as tréas an ndoras-sa élóighid an dá chloich uaisle ar ar labhair an tShimplidheachd riot, dá ngoirthear Gloine Chroidhe agus Neamhurchóid." "Agus créad fá bhfuil an brat beag sin ar do shúil?" ar Des. "Asé ainm an bhroit-si," ar an buachail, "an Ghloine, agus asé a fheidhm an tshúil chlí d'fholach, bhíos ag seirbhís do na céadfadhoibh." "Agus nách foilgheann tú an súil ndeis?" ar Des. "Ní fholchoim," ar an páisde, "ór así an tshúil dheas súil na simplidheachta, nách tairrngeand olc ar bioth don thigh acht neithe maithi tarbhacho. Gidheadh, así an tshúil chlé súil na céadfoigheachto, agus as roi-ghéiri an radharc atá aici iná ag an tshúil dheis, agus do ní mórán díoghbhála dhúind, ór tairrngidh an bás asteach orainn; agus as uime sin as éigean a folach ris an mbrat mbeag-sa, do chum go bhféachfadh ar na neithibh maille ghloine." "Mínigh dhamh ní as sothuigsi," ar Des., "ciondas fhéuchthar na neithe mailli ghloini." "Do chuala tú," ar eisean, "san thigh-si mórán do neithibh as dorcha dhothuigsi iná a ndobhart-sa riot, agá bhfuil ciall agus mínioghadh ro-tharbhach dá mínighthi iad go soilléir; ar an n-ádhbhur-soin búdh éidir lat, an uair fhilleas tú san sligheidh-si ar th'ais, iar bfhaicsin Ghrádha Dé dhuit, gluais fhairsing d'iarroigh ar ar labhradh riot a ccéill mhisdeagha dhorcha spioradáltha san mhainistir-si, rachas a ttarbha dhuit féin agus do dhaoinibh eile." "As ro-mhaith an chomhairle do bheire dhamh," ar Des., "agus gealloim, maille ghrásaibh an Thighearna, a déanamh. Gidheadh, guidhim thú, innis damh
gan cáirde chéill a bfhuil d'iarnoighibh ort, agus ó thús créd fá bfhuil an chros sin ar do mhuin?" "Do chum mo chuirp do chrochadh innte," ar an buachail, "dá tharcaisnioghadh, agus do chum mo spioraid do chongmháil béo a Ndia maille ré toil agus lé grádh, mar a deir an t-eabsdal: "Atú iar nam chésadh san ccroich a bhfochair mo Thighearna Iosa Críosd, agus as uimi sin atám am beathoidh; ní mise mharas anos acht Críosd ionnam," ór así mo bheatha- sa smuaineadh a Ccríosd, agus a oibreacha do leanmhain. Agus as uime sin a tá mo lámh chlí greamoighthe lé tairrnge don chrois do chum nách diongnainn droch- oibreacha díomhaoine, agus asé an tairrnge Eagla na Péine ina mbeid lucht an uilc; agus asé so do bhí Dáuí dh'iarroigh ar Dhia san áit a n-abair: "Greamoigh go daingean agus cuibhrigh mo cholann ré tairrngibh th'eagla." Gidheadh, atá mo lámh dheas fó réir do chum na ndeaghoibreach do dhéanamh, agus glac choinneall innte ar lasadh, chialloigheas rádho an Tighearna san soisgél, .i. "Dealraigheadh ar an modh sin bhur soillsi a bhfhiaghnaisi na ndaoine, ionnas go bhfaicdís bhur ndaghoibreacho, agus go ttugdaois ghlóir dá bhur nAthair atá ar nimh." "Créd fá bhfuil an chnumh sin ad thaobh?" ar Des., "ór as baoghal duit go ccrindfe thú." "Do chum go ccuimhneóchadh dhamh," ar eision, "an chnumh bhias ag creim mo choinsiais go síordhuidhe, muna choimhéada mé mo ghloine, ór ní fhaghann cnumh na ndaoini ndamantha bás tré bhioth shíor." "Agas créad chialloigheas do chuloigh?" ar Des., "agus créad fá bhfuil glasuaini amhoil búdh fear fiadhoigh thú?" "Nách aithnidh dhuit," ar eision, "go cciall- oigheand an dath glasuaine an dóthchas tréar
thoghas-sa mar dhath é, mar atá dóthchas agom mo chorp do theacht slán a n-am na heiséirghe as an mbochtacht, as an neimhthní, as an n-urchra-sa ina bhfuil anosa, dá bhfuilngi an saothar ina bhfuil ar son Ngrádho Dé." "Agus créad fá bhfuile ad sheasamh ar an n-ubhall sin?" ar Des. "Dá thaisbéanadh," ar eision, "go bhfuil tarcaisne agus mímheas agom ar an saoghal-sa, mar ní dhiombuan théid seocha gan fhuireach. Agus atá mo chos chlé greamoighthi lé geimheal an Bhuain- sheasoimh, d'eagla go ttiobhradh coisgéim n-iomraill, mar do ráidh an Fáidh; agus atá mo chos deas fó réir do chum reatha a sligheidh na n-aithneadh, mar adeir an Fáidh céadna: "Do shiobhlaidheas am rioth shlighidh th'aithneadh." Agus ag so agatsa," ar an buachuil, "ciall mh'innill agus mh'earruidh, agus an modh ar a ndéunuim seirbhís dom thighearna, .i. Coimheud an Chroidhe."
CRIOCHNUIGHTHEAR AN CEADRANN DON LEABHRAN-SA. C 22. Ba mór an lúthgháire do bhí ar Dhes. trér innis an Gheanmnuidheachd agus an buachuil dó, agus iar ngabháil a cheada riú, rug an bhanaodhuigh lé é, tar chlabhstra na mainistreach amach, agus a dubhairt ris: "Do chonnairc tú anois mná riaghaltha na mainisdreach-sa uile." "Do chonnarc," ar eision; "gidheadh, iarruim d'athchuinghe ort, innis damh an bfhuil éinní oirrdheirc eile san mainistir as fíu a fhaicsin?" "As maith dhuit-se," ar ise, "a bhfacadhuis dochum Grádha Dé d'fhagháil, má chuire a ngníomh iad; tar a cheann sin taisbéanfad duit crand breaghdha atá aguinn inar n-abhollghort." Gluaisis Des. d'fhéachuin an chroinn, agus fá hiongnadh leis a áille. Do bhí dá shórt toraidh air. "Créad é an toradh-sa?" ar Des. "Asé as ainm don thoradh bhuidhe-si (ar isi) fhásos ar na géagoibh íochdaracha, Neamhdhóthchas Asom Féin, ór fásoigh míodhóthchas san nduini, 'na bhrígh, 'na chumas, agus 'na luaighidheachtoibh féin tré eólas do bhreith dhó ar a ísle agus ar a bheiginmhe féin, agus ar a neimhthní; agus asé ainm an thoraigh dheargórtha úd fhásas ar na géagoibh uachtaracho, Dóthchas a Ndia, ór as ó áirde agus ó mhaitheas Dé thig dhúinn cumas do bheith agoinn ar éinní mhaith do dhéanamh. Agus gnáthuighid na daoini thig don thigh-si cuid don thoradh-sa do bhreith leó, nó ní rachadh a ttoisg ann so a ttarbha dhóibh."
"An áil leat cuid don toradh-soin do thabhairt damh-sa?" ar Des. "As áil," ar isi, "agus ith do sháith don thoradh íochtarach sin ar tús. Beir lón don thoradh uachtarach lat ad mhála do chum na sligheadh, agus do bhéara sásadh dhuit go rochtoin mhainisttreach na Désheirce dhuit." Do bhí Des. lán do shubhachas agus do shólás trés an bproind do chaith don thoradh íochtarach, agus do líon a mhála, a mhuinchilleadha agus a fhochras don thoradh uachtarach, agus adobhairt ris an maighdin: "Guidhim thú, a dheirbhshiúr, taisbéin damh an slighidh do chum tighe Ghrádha Dé." "As toil leam sin," ar isi, "ór do chím ullamh thú do chum Grádha Dé d'iarroigh, agus éusgoidh do chum na sligheadh, agus fós do bhéara mé chuideachta do mhuintir an thighi-si féin duit d'eagla go rachthá ar seachrán ón sligheidh." "Nách lór dhamh," ar eision, "mo ghadhar am chuideachta?" "Ní lór," ar isi, "ór taobh amoigh dá bhfuil do bheathadhachoibh allta san sligheidh, atá mórán innte do pholloibh doimhne, do lathachoibh, do shladoighibh agus do mhealltóiribh, agus ar an n-ádhbhar-sa ní lór dhuit an gadhar." "Déana grása oram máseadh," ar Des., "fán ccuideachta do thabhairt damh as fearr threóróchas agus choiseónas mé." "Beir lat," ar isi, "an dóirseóir, .i. Eagla Dé, atá láidir comhdhaingean ré hiaronn; agus más maith leat gan é dhot thréigean, beir lat a shíur, .i. an Náire; agus madh áil leat gan isi dot thréigion, beir lat an lioctubháil-se na cuimhne darab ainm Féach Síos. Beir lat fós ceathramhadh inghean na Humhla,
.i. an tSimplidheachd, agus tionnsgain triall a n-ainm Dhé, agus beannacht an Thighearna maille riot. Gidh- eadh, do bheirim rabhadh dhuit, dá dteagmhadh go gcaillféa an dóirseóir nó an tShimplidheachd, gan do ghadhar choidhche do léigean uait, ór dá dtugae dhó chuid don thoradh sin atá agot, cuideóchuidh lat dochum do chuideachta d'fhagháil arís; agus an tan rachas tú tar dhorus na mainistreach-sa amach, gabh an casán atá ar do láimh chlí ina bhfuil an aithghiorra dochum tighe na Désheirce, mar a bfhuil Grádh Dé." "Créad as ainm don chasán sin," ar Des., "dochum go bhfiafraighind an t-eólus chuige, dá ttéighind ar seachrán?" "Foighide a ainm," ar ise, "agus atá do thaobh na láimhe clé, tré dtuigthior beatha ghníomhach lán do shaothar, agas atá 'na shligheidh aithghirr do chum Ghrádha Dé d'fhagháil, ór as tré annró, agus tré phéin agus pheannuid, as oircheas dúinn dul go flaitheas Ndé."
TIONDSGANTAR AN DARA RAND DO SGATHAN AN CHRABHOIDH. MAR DO GHLUAIS DESIDERIUS AS MAINIS- TTIR NA HUMHLACHTA, AGUS DON FHOIGHIDE AS CÓIR DO DHUINI DO BHEITH AIGI AN UAIR BHÍD NA DAOINI SAOGHALTHA AG FOCHUIDMHEADH AIR, AGUS DON TARBHA BHEANAS AS SIN, AGUS AS GACH ANNRÓ OILI DA N-ÉIRGHEAND DÓ AN TAN BHÍOS FULONG MAITH AIGE. Cap.1. Do ghluais Des. go suilbhir sólásach ó thigh na Humhlachto iar n-a shásadh ar thorthoibh, agus rug leis chuideachta maith do chum na sligheadh, .i. a mhadra dá ngoirthí an Thoil Mhaith, agus an doirseóir ar thaobh dhe, .i. Eagla Dé, agus an tShimplidheacht ar an ttaobh eile dhe; agus rug leis do chum na sligheadh a mháladha líonta do thoradh dár ainm Dóthchas a Ndia, agus do thionnsgain mar sin triall a slighidh na Foighide. Do conncas do Dhes. go raibhe an tshlighe anshocair, aggarbh, aimhréidh, driseach, deilgneach, ór fá mór do chrádh, do shaothar, d'amhgar, d'eas- láintibh, agus do ghnéibh éxamhla eile bhuaidhridh fá héigean dó d'fhulong, agus gé go ndubhrodh ris go raibhe an tshlighe aithghearr, do mheas-san go raibhe ro-fhada; ór dob í toil Dé a beith garbh saothrach réna siobhal, do chum nách diongnadh an drong do shiobhóladh thríthe do chum nimhe cíunas ná comhnaidhi innti (ar son an tshóláis do ghébhdaois
dá mbeith sí aoibhinn ionnfhuar), acht go ndéandaois deithneas ag teitheadh ón ionnarbadh neamhchonáigh- si 'na bfhuilmíd, agus go ndeachdaois ar neamh do shealbhughadh na glóire. Agus gé go bfhacoidh Des. mórán do neithibh 'na shligheidh fá docair leis d'fhulang, ní fhacoidh éinní as mó do ghoill air iná mar do chonnairc iomarcoidh daoini ar gach ttaobh don tshlighidh 'na aghoidh, ag tabhairt mhasla dhó, agus ag fanámhad faoi, agus ag fochuidmheadh ar a thriall agus ar a thionnsgnamh, agus fós gá lot agas agá bhualadh, agus dar leis féin fá lucht gaoil agus cairde dhó, agus daoine dá ttabhradh roimhe sin mórán onóra agus tiodhlaic- theadh, cuid don mhuinntir do bheireadh an masla- soin dó, ionnas gur ghoill a ndobhuidheachas air comhmór as sin gur mheadhoigh slighe na Foighide d'fhágbháil, agus dul do dhéanamh díoghaltois orra. A dubhairt an tShimplidheachd ris: "A mhic, madh áil leat seirbhís do dhéanamh don Thighearna, agus a ghrádh d'fhagháil, ní héidir leat congnamh ar bioth d'fhagháil chuige sin as fearr iná contrárdhacht agus eascairdeas na ndaoine, ór do níd seirbhís duit dochum buadha do bhreith ar do lochtuibh; gonadh aire sin a deir Solamh: "An tí do ní olc ar dhuine oile, do ní seirbhís dó, madh duine glic an tí ar a ndéantar an t-olc dochum a tharbha do bhuain as lé sgéith na foighide." A deir fós Pól naomhtha gu n-iompóighthear na huile neithe don lucht ghrádh- uigheas Dia, gémadh iad na peacadha féin agus na huile do níthear 'nar n-aghaidh, ór ní bhí san olc do níthear 'nar n-aghaidh acht brod lé mbrosduighthear inn do chum ar ccos do tharruing as lathaigh agus as morgadh an tshenchomhluadair 'na bhfuilmíd gu hasgolluibh ag truailleadh inar ndubháilcibh, mar adeir an fáidh Iohel. Foghnaidh agus oiridh gu meinic
an brod sa do na daoinibh atá toghtha fá chomhair flaitheamhnais, dochum a chora d'fhiachuibh orra teitheadh ó na bithbheanachuibh ifrionda bhíos ag siubhal ar feadh díthreibh an tsaoghail-si ag déanamh éirghe sligheadh ar na daoinibh bhíos ag dul ar shligheidh fhlaitheamhnais; ór na daoine ar a ccuir bochtaine an tsaoghail d'fhiachuibh aire do thabhairt do Dhia, do níd deithneas dochum iad soin do sheachna, ar an n-ádhbhar gu nguidhid Dia fána mbreith dá dhúthaigh féin, gu flaitheamhnas, san áit a bhfuil a ccroidhe agus a bhfonn, as an bpríosún ttalmhuidhe-si. Ní fhuil san leathtrom shaoghaltha fhuilngeas duine maille ré foighide ar son Ndé acht purgoíd lé nglanthair droichleannta a dhubháilceadh, dá dhaingne dá mbeidís; laghduighidh sí lionn ruadh na feirge, díbrigh lionn fionn na leisge, measruidhigh teasbhach na fola deirge, .i. na hantoile, agus glanaidh í ar an modh sin gu bfhágbhann falláin ullamh í fá chomhair bheathadh Ghrádha Dé do thabhairt uaithe, agus bríoghmhar dochum na ndeaghoibreadh agá bfhuil neamh mar luaighidheacht. Foghnaigh an fhoighide mar leighios réamhchoimhédach; ór ní bhí ní ar bioth d'uireasbhoigh ar an tí agá mbí. Sásoighidh lé gorta, coisgidh íota lé tart, do ní saidhbhir leis an mbochtachd; ór as do ghlóir na foighide, gibé háit a mbí, gu mbí saidhbhir acfuingeach lán don uile mhaith. Do ní an fhoighide an fásach, dá thiorma agus dá aimhréidhe dá mbiadh, 'na phárthas aoibhneasa; do ní luibhe daghbhaloidh daghbhlastta do na fóth- annánoibh, don neanntóig, agus dá gach garbhluibh eile. Dar lé fear na foighidi, as leabaidh chlúimhe gach talamh dá chruaidhe, agus as soishíon gach gaoth dá géire, ionnas, dá raibhe foighide agat, go mbeid
créutúire na cruinne ag foghnamh dhuit, an geimh- readh agus an samhradh, an teine agus an t-uisge, an iomadamhlacht agus an teirce, agus an uile ní oile; ór dá bhochta dá mbí an fhoighide, así sin uair as saidhbhre bhíos. As gnáthach gá rádh ris an lucht do ní an déirc, go ccuirid rompa a n-óirchistte fhlaithis Dé a ttugoid do na bochtoibh. As éidir an ní céanna do rádh ris an ndroing chailleas a maoin shaoghaltha go cinneamhnach lé gadoighibh nó lé hanfhórlann oile, an uair fhuilngid so ar son ngrádha Dé. Agus as mór fá ris so an uaisle don fhoighide nách faghann díoghaltas ná éuccóir, ná fearg, ná fuath, ionad 'na fochair, agus fós go sgriosann sí, ón tí agá mbí, tuirsi mhímheasardha as fréamh dhóibh so uile, agus go mbeireann bhuaidh ar a huile naimhdibh; ór ní díoghbháil acht foghnamh as éidir leó do dhéanamh dhi, ar an n-ádhbhar nách foil, go soiche an mbás nó an easláinti, ní nách déan a seirbhís. Saoroidh an bás féin í ó phríosún an chuirp do chum a chora a saoirsi ghlóire chloinde Dé." "A mháthair," ar Des., "ó tá an fhoighide comhuasal agus sin, do ghéan mo dhíthcheall ar a coimhéad, agus bíom ar siobhal feasda."
DO CHEALGOIBH NA N-EIRICEADH, AGUS MAR NACH COIR DONA CATOILICIBH A N-AONTA DO THABHAIRT DO CHUM NA CLÉIRE d'IONNARBADH UATHA. C.2. Iar mbeith do Dhes. ag siobhal athoigh oile a slighidh na Foighidne, ag fulang iliomoid do dhuadh- oibh dofhaisnéisi, an tráth do shaoil gur thoil lé trócairi an Tighearna críoch do chur ar a imshníomh, tárla cúis dóláis agus dobróin dó fá haidhbhle inás ar imthigh air gó sin; ór tárfás dó go ttárla a measg mhóráin eiriceadh é, agus gur thairgsead an uile chathughadh do chur air a ccúis a chreidmhe. Do fhógradar dhó do chédneithibh, fá phéin díoghaltois dofhulaing, gan caidreamh ná cumann do bheith aigi ré sagartoibh ná ré daoinibh riaghaltha, agus fós gan a léigean a n-aoinionad fris, acht a ndíbirt uadh nó a ttoirbhirt dóibh féin. Gabhois an urdail sin d'uamhan agus d'eagla Des. tréas a ndearnsad do bhagar air gur thionnsgain aontughadh do chum ar iarrsad. Mar do chondairc an tShimplidheacht an claoch- lughadh do rinde Des. tré iomarcoidh eagla, gabhois agá neartoghadh, agus a dobhairt: "A mhic," ar isi, "osgoil do shúile, agus smuain ar an mbreitheamhnas ndéigheanach as a raghoid an cineadh daonna do chomhaitreabh a saoghal na saoghal ré teannáloibh lasrach síordhoighe, nó a nglóir agus a n-aoibhneas shuthoin. Tuig gurab do réir ar ngníomhradh san saoghal-sa bhéaras Dia breath oirn an lá-soin, ag tabhoirt ghlóire do shíor do lucht na ndeghghníomh, do chomhoill a thoil ar an saoghal-sa, agus phéine
suthoine do lucht na míghníomh, do lean a ttoil féin ag léigean an pheacoidh chuca a stteach a cceachtar don dá dhoras thré a ttig, mar a deir S. Aibhisttín, .i. tré dhoras an ghrádha bhíos aca do na neithibh saoghaltha d'fhagháil agus do chruinnioghadh, nó tré dhoras na heagla bhíos orra fá na neithibh saoghalta diombuano do chailleamhoin. Agus ó tá gach aonduini anbhfann éittreórach do chum na ndoirseadh-sa do chongmháil dúntha do ghnáth a n-aghoidh an pheacoidh, bhús cúis a mháin ag an mbreitheamh do chum lochta na míghníomh do dhamnughadh, nách búdh mór an mearughadh céille do dhuine ar bioth, ar son eagla dhaoine, a aithre spioradáltha do thréigean, as lánchuidioghadh agus fós as doirseóireadha dhó do chum na ndoirseadh sin do choimhéad; ór bíd ag forchoimhéad choinsiais a ccloinne spioradáltha do chum cundois do thabhairt ar a son, mar adeir Pól." "A mháthoir," ar Des., "as dóigh leam go ttiocfadh leam mé féin do choimhéad aimsir fhada, ór, bhuidheachas do Dhia, ní mhothuighim mé féin ro-chlaon do chum uilc; agus gé do gheallfoinn gan daoine riaghaltha do léigean a n-aoinionadh riom féin, atá súil agom réna bhfaicsin go foluightheach a ttighibh choda éigin dom chomharsanoibh, agus leas mh'anma do dhéanamh mar sin ós íseal. Agus nár búdh hiongnadh leat so, ór do ghabh an oiread-soin d'uathbhás rompa súd mé, agus do dhroichmheisnigh, nách léigeann corp eagla dhamh gan a ghealladh dhóibh díultadh don chléir; agus go háiridhe mar do gheallsad damh nách cuirfidhe ní as mó do bhuaidh- readh oram ó so suas a ccúis mo choinsiais, dá ccuirinn an ccléir uaim."
Cíis an tSimplidheachd gu hathtuirseach éccaoin- teach ag clos na mbriathar sin Des. "Caidhi ádhbhar h'iarghnó, a mháthair?" ar Des. "A mhic," ar isi, "níor iongnadh dá ndéarnuinn déara fola ag smuaineadh ar a olcas do thógbhuis-si an tteagasg naomhtha fuarais a ttigh ar máthar, an Umhla, an tráth a deiri go huaibhreach andóthchasach gu madh éidir lat tú féin do choimhéud gé gu mbeithea gan chongnamh na cléiri agad, agus nách mothuighi claoine do chum peacaidh. As cosmhuil gur ibhis dhigh ndearmaid, ór as moch do dhearmadais a ndubhradar mo dheirbhsheathracha riot dá fhoill- siughadh dhuit nách fuil ag an nduine uaidhe féin dochum flaitheamhnais, an tan fhágbhas grása Dé é, gu háirithe d'éis pheacaidh Adhuimh, acht peacadh agus brég, mar a deirid na comhairleadha agus fós an soisgéul. Nach cumhuin leat briathra Eoin Bruinne: "Dá n-abram nach fuil peacadh aguinn, atámuid dár mealladh, agus ní fhuil an fhírinne ionnuinn;" agus an tan a deir Críosd ar Ttighearna gu soilléir san soisgéul gurab leathan fairsing an doras bheireas cách gu hifrionn, agus gurab mór ghabhas tríd, agus gurab caol cumhang an doras tré a ttiaghthar gu flaitheamhhas, agus gurab beag ghabhas tríd, agus fós a deir Peadar, ag aidhbhsioghadh na guaisi céadna- soin, gurab ar éigin shláineóchthar an fírén féin, nách budh mór an mhire dhuit-si, agus a chomhmór sin do chonntabhairt ar na naomhuibh féin, th'anam bocht do léigion ar th'ionchuibh féin amháin? An tráth do aointeóchthá druim do chur ris an ccléir, do bhéarthá siocair agus sompla dhot uile chomhursuin fá aithris do dhéanamh ort ag déanamh an neith
chéadna, agus budh éigion duit mar sin conntas do thabhairt ar son a ccaillfithtí d'anmannuibh tréud dhroicheisiomláir, mar a deir S. Aibhisdín; agus fédfuithi gu bfhuileóngadh Dia, a ndíoghaltas na droicheisiomlára sin do bhéarthá dod chomhursuin, nách léigfeadh eagla an tshaoghail duit caidreamh ná cumann do dhéanamh gu foluightheach féin ré sagartuibh, gé gu mbiadh a fhios agad cáit 'na mbeidís, agus gu raghadh mar sin droichchríoch ort, mar do chuaidh ar mhórán eile atá aníu a n-ifriond, ar ar chuir eagla an tshaoghuil d'fhiachuibh dealughadh ris an nEagluis beagán ar bheagán. Agus dá léghthá an sgéul atá ag Esopus, theigéamhadh gu ttuigfithea nách fuil ag na heiricidhibh-si acht mealltóracht, gá ghealladh dhuit, dá léige an ccléir dhíot, nách déanuid ní as mó d'inghreim ort." "Guidhim thú," ar Des., "innis an sgéul-sin damh." "Inneósad," ar isi. "Aithristtear ag Aesopus go rabhadar cogtha agus conghala móra ag na faol- chonoibh ris na caorchoibh, agus mar do chonncadar na faolchoin nár éidir leó buaidh do bhreith ar na caorchoibh, tré líonmhaire na ccaorach, agus trés an ccuidiughadh do bheirdís gadhair mhóra bhaile bádar dá ccoimhéad dóibh, do thairgsiod síoth shuthoin do na caorchoibh ar choinghioll na gadhair sin do thoirbhirt ar a láimh féin; agus do bhí an urdail-sin d'eagla agus d'fhonn na síthe ar na caorchoibh gur réidhighsead ris na faolchonaibh ar an ccundradh- soin, ag seachadadh na ngadhar dhóibh; agus an tan fuaradar na faolchoin na caorcha gan chosnamh na ngadhar ortha, do ghabhsad gá leadradh agus gá luathchognamh, gur chuirsead chum báis gus an ccaoirigh ndéigheanoigh íad."
"A mháthair," ar Des., "ní hiongnadh leam thú do thabhairt an sgeóil sin lat, gé go bhfuil 'na sgéul fábhoill, agus fós iar n-a chuma lé feallsamh gan chreideamh, ór as aithnidh dhamh go ttabhair an sgrioptúir féin sgeóil leis, dá ngoirthear parábolae, d'fhoillsioghadh neitheadh eile leó, agus go n-aboir S. Aibhisdín gurab éidir leis na Críosdoighibh na neithe maithe do gheibhid a leabhroibh na bhfeallsamh n-eithniocdha do chur 'na bhfeidhm féin, an tan oirid do chreideamh Críosd. Gidheadh, as iongnadh leam más é ní thuigeas tú gur ab mian leó súd misi do mharbhadh an uair do ghéubhoid mé am aonar, iar ccor na cléire uaim." "As deimhin," ar an tShimpligheacht, "nách mó fond an mhic-thíre fán ccaoiridh do gheibh gan chosnamh uirre do mharbhadh, iná fonn na n-eiriceadh-sa fa bhás anma do thabhoirt don lucht do gheibhid gan chuidiughadh na cléire." "As eagoil leam, a mháthair," ar Des., "gurab fíor sin; gidheadh, ní haithnidh dhamh créad an bhuain atá ag do sgéul ris an ccéill-sin bheanas tusa as, acht amháin go n-admhoim gurab meinic ghoireas an sgrioptúir caorcha don phobol chreidmheach; agus do chum do sgeóil do bhuain ré hádhbhar, nír fholáir a dhearbhadh gurab meic thíre na heiricidh, agus gurab gadhair an chliar; agus dar leam-sa dobadh córa madoigh do ghairm do na heiricidhibh, bhíos ag gearradh na Ccatoiliceadh, iná do na pearsanoibh Eaglaisi, dár aithin Críosd bheith mín maordha." "Léagh S. Aibhisdín," ar an tShimplidheachd, "agus do ghéubha tú aige a mórán d'ionaduibh gur ab
faolchoin na heiricidh, agus gurab gnáth don sgrioptúir mic thíre do ghairm dhíobh féin agus do na droch- dhaoinibh eile, mar ghoireas caorcha do na dagh- dhaoinibh. Léagh Matha agus Eoin san Soisgéul, agus Lúcás san Soisgéul, agus a nActoibh na nEaspol, san áit 'nar thairrngir Pól go follas na neithe do chímid anois dá ccomhall sna heiricibh a n-aghoidh na Heaglaisi. "Atá a fhios agom," ar Pól, "go ttiocfaid faolchoin fhuadoigh a stteach eadroibh, ag nách bia truaighe don tréad." Agus gé gurab fíor an ní sin adeiri-si, .i. go ngoireann an sgrioptúir madadha do na heiricidhibh, agus fós madadha gaoithe, do réir mhínighthi S. Aibhisdín, mar ghearroid an nEaglais lé fiaclaibh nimhi, goiridh mar an ccéadna gadhra a n-ionadoibh oile do phréláidibh na Heaglaisi agus don chléir Chatoilici chathoigheas ar son na Heaglaisi go dortadh a bhfola ar a son; ór bíd ar son a Ttighearna ag amhasdraigh ar a naimhdibh, na heiricidhe, ag faire mhuinntiri a thighi, .i. na Heaglaisi, orra a n-ionnamhoil mhadadh n-uasal n-ionnruic, mar dhearbhas S. Aibhisdín ag mínioghadh na fearsa úd don tshalm Lingua canum tuorum."
"As ro-mhaith dhearbhas tú, a mháthair," ar Des., "gurab mic thíre na heiricidh, agus as a nois as léir dhamh go follas an doilli do bhí oram ar tí taobhadh do thabhairt ríu; ór má tá nách léigeand an eagla ar uairibh do na faolchonoibh a ndroich- mhiana do chur a ngníomh, ní bhíd choidhche dílios don tréad. Agus as ro-mhóide mh'eagla ré san sórt faolchon-sa an tan mheasoim an cceilg réar chuirsead rompa mo mhealladh." "Buidheachas do Dhia," ar an tShimplidheacht, "fána fheabhas do chí tú a nois an nguais a rabhadhois. Nár bá hiongnadh lat na heiricidh
faolchonda úd do bheith cealgach, ór as siondoigh mar an ccéadna iad, mar adeir S. Aibhisdín a n-ionadh eile, san áit a ndearbhthar leis gurab sionnoigh iad agus go mbí méin na sionnach aca; ór bíd meangach meabhlach, lán do chealgaibh agus do mhealltóracht, agus bíd a n-uamhchlasoibh talmhan dá bhfolach féin ar sgáth na cclaoinchiall ccam chuirid san sgrioptúir, ar a ttairgid dath na fírinne do chur, do chum an phobail shimplidhi do mhealladh; agus bídh drochbhaltanos don taobh thiar orra, mar sgríobhas an Doctúir céadna: odore etiam retro putentes, a n-aghoidh a n-abair Pól ris féin agus ré lucht shíoltha bhréithri Dé: Christi bonus odor sumus in omni loco, "as deaghbhaladh do Chríosd sinn san uile ionadh." "Mínigh a n-ainm Dé, a mháthair," ar Des., "cionnas bhíos drochbhaladh do leith a ccúil ar na heiricidhibh, ór ní hiongnadh leam, a ccéill chodarsna don chéill a ngoirionn Pól daghbhaladh Críosd de féin agus do na fíréanchoibh oili (dár ab fioghair an úinnemeint uasal do chumoil Muiri Magdáléana do chosoibh ar Ttighearna, léar líonadh an teagh do dhaghbhaladh, do bhrígh go moltur agus go móruighthear ainm Chríosd tréna ndaghbheathoidh agus tréna ndagh- ghíomhoibh), drochbhaladh do ghairm do na heiricidhibh, ar an n-ádhbhar go n-iomcháinthear agus go mblaisbhéimthear ainm Chríosd tríthibh; gidh- eadh, ní thuigim caidhe an chúis fá n-abair S. Aibhisdín go mbíd bréan do leith a ccúil." "Saoilim-si," ar an tSimplidheacht, "gurab mar so thuigeas S. Aibhisdín an ní sin atá cruaidh ortsa. Geinthear an duini ó thosach a bpeacadh, 'na chathraightheóir a Mbábiolóin mhisttiocdha, agus 'na
mhodh agá rígh, an diabhal, suil aithgheinthear é a ngrásoibh trés an mbaisdeadh 'na chathraightheóir ag Ierusálem neamhdhoighe, 'na gharmhac ó ghrásoibh ag Dia, agus 'na chomhoidhri Chríosd, Rí Ierusaleim; agus an tan bhaisttear é, diúltoidh do Rí na Bábiolóini, don diabhal, dá phoimp agus dá oibre- achoibh, ag cur chúil ris an n-uile pheacadh; gealloidh creideamh a Ndia Athar uileachumh- achtach, agus a nÍosa Críosd, a éanmhac, ar Ttighearna, san Spiorad Naomh, an Naoimheaglois Chatoilice, agus an chuid eile dh'airteaglaibh an chreidmhi do chreideamh. As cóir mar sin don tí ghabhas baistteadh Críosd cúl do chur ris an n-uile pheacodh, bheith ag smuaineadh do ghnáth ar an n-aoibhneas síordhuidhe atá 'na oirchill ar neimh, agus ní as mó do chúram a anma iná a chuirp do bheith air, mar nách mairfi an corp san saoghal-sa acht aimsear aithghearr, agus go mairfe an t-anom go suthoin 'na rígh a bhflaitheamhnas, dá ndearna maith, nó a lasrachoibh síordhoighe a n-ifrionn, dá ndearna olc. An tráth, iomorro, nách smuain an t-eiricidhe acht ar bheathoidh a chuirp a mháin, agus ar shólás an tshaoghail-si, a n-ionnamhoil ainmhidhi bhrúidea- mhoil, fillidh a ndiaigh a chúil ar a ais ar na peacadhoibh sin dár dhíult 'na bhaistteadh, agus ar an ccéidthighearna sin do bhí aige iar n-a gheineamhoin, .i. an diabhal, mar adeir an Soisgéul ris na deis- gioblaibh úd do dhíult do Chríostt agus do rinni an ccéideiriceacht a n-aghoidh a chreidimh (mar adeir S. Aibhisttín): Abierunt rétró, .i. "Do imthighsiod ar a nais"; mar a deir Pól lé mnáibh áiridhi: Quedam conuersae sunt retro post Satanam, .i. "Do
fhilleadar cuid díobh ar a n-ais a ndiaigh an diabhoil." Gonadh aire so adeir an doctúir naomhtha S. Aibhisttín go mbí drochbhaladh ar an n-eiriciodh do leith a chúil, mar as ag filleadh ar a ais ar na peacadhoibh, agus ar an ndiabhal dár dhíult 'na bhaistteadh, thuiteas san pheacadh arís. As éidir fós a rádha go mbí drochbhaladh ar na heiricidhibh do leith a ccúil, ór, gé go mbí difeir idir gach éan dá dhroing dhíobh ina cclaoinchreideamh féin, tigid ré chéile uile a ccúl do thabhairt don chreideamh Chatoilice agus do Dhia. Agus as í an chomhaonta sin na n-eiriceadh chialloigheas an fhoghail ordhruic do rinni Samsón ar na Philisttínibh an tan do cheangoil eirbli na ttrí ccéad sionnach dá chéili, mar adeir an Doctúir céudna S. Aibhisttín." "Beandachd an Dúilimh dhuit," ar Des.; "do aincis mh'anom, agus tugois é ó dhoras ifrind, ór dá léiginn é ar fhaosamh na bhfaoilshionnach bhfallsa bhfeillchealgach úd, do bhiadh anois caillte."
CAP.3. TEAGUISGTHEAR AND SO NACH EIDIR DO NA TUATADHUIBH DUL A MBREITHEA- MHNAS AR AN CCLÉIR, AGUS NACH ÉIDIR DO NA HEIRICIDHIBH EASBOIG FHÍRE DO BHEITH ACA, AGUS MÓRÁN PUNC EILE. Iar ndul do Dhes. uidhe eile a sligheidh na Foighide, tárla a measg dhroinge eile do na heiricidhibh é, agá rabhadar mórán do shagartuibh agus do bhráithribh a nglasuibh agus a ngéibhionnuibh, agus do fhógradar easbuig na n-eiriciodh sin dó, fá phéin diomdha an Ríogh, dul a mbreitheamhnas ar na braighdibh riaghaltha sin. Agus do ghabh an oiread sin d'uamhan agus d'eagla Des. gur chuir roimhe dul a mbreitheamhnas bháis ar an ccléir Catoilghe. Do labhair an tShimplidheachd ris: "A mhic," ar ise, "tabhair dot aire ó thús an éidir dhuit ó choinsias dol a mbreitheamhnas ar an ccléir." "Créad an fáth nách bhudh éidir?" ar Des., "ór ní mian leam éccóir do dhéanamh orra, acht, dá ndearbhthur a mbeith ciontach, a ndamnughadh do réir dhlighidh." "Fiafruighim (ar an tShimpligheachd) an tuata nó an duine riaghalta thú?" "As mian leam," ar Des., "bheith riaghalta an tan roichfead gu mainistir Grádha Dé; gidheadh, ní ránag fós dochum sdaide naomhtha na ndaoine ríaghaltha, gé gu bfhuilim ar a lorg, agus do réir mo bharamhla féin as tuata mar sin mé."
"Bíodh a fhios agad, más eadh (ar an tShimpligh- eachd), nách éidir do thuata dul a mbreitheamhnas a n-énmhodh ar phearsuin Eagluisi, agus gu háirithe a mbreitheamhnas báis, mar adeir an dligheadh a mórán d'ionadaibh: 11. q.1 c. Placuit, c.2. c. Nullus clericus, c. Si quis clericus, c. Nullus episcopus, c. Clericus nullus." "An tan," ar Des., "fhógruid na heasbuig-si dhamh dul a mbreitheamhnas ar an ccléir, agus fós coimhéignighid mé chuige sin, dar ndóigh ní cóir a mheas gurab lé húghdardhás thuata théighim a mbreitheamhnas orra, acht lé húghdardhás na n-easbog as prionnsadha ar an nEaglais." "Fá ríor," ar an tShimplidheacht, "as ainbh- feasach do thagra, ór ní héidir lé heasbagoibh fíre na Heaglaisi, as prionnsadha dá ríribh uirthi, úghdardhás do thabhairt do thuata fá dhol a mbreitheamhnas báis ar phearsoin Eaglaisi; agus cionnas búdh éidir dhóibh súd úghdardhás do thabhairt uatha, nách fuil 'na n-easbagoibh ar mhodh ar bioth?" "Créad an chúis," ar Des., "fá n-abrae nách easboig iad súd, ór goirid féin easboga dhíobh, agus fós adeirid go ndíonoid agas go ccosnaid creideamh Críostt?" "Ag so an t-ádhbhar," ar an tShimplidheacht, "as a ttuigfe go soilléir nách easpoig iad; ór as iad na heasboig do cuireadh leis an Spioraid Naoimh a n-ionad na nEasbal, an mhéid go rabhadar na Heasboil 'na n-easbogoibh, mar adeir S. Aibhisttín agus na comhairleadho, agus as iad na heasboig mar sin as comharbadha ar na Heasbolaibh do chum na Heagloisi d'fhollamhnughadh agus do sttíuradh, mar adeirthear a nActoibh na nApsttol. Agus ionnamhoil do bhí
Peadar ó Chríostt 'na phrionnsa agus 'na uachtarán ar an ccuid oile do na Habsttolaibh, mar as follas as an Soisgéul, as amhluidh sin as dual do chomharba agus d'oighri Peadair bheith 'na árduachtarán agus 'na mhonarc ar chomharboibh agus ar chloinn na nEasbal, .i. ar an uile easbog, agus ar a ttrédoibh. Agus maille ris sin as é do bheir inmhe spioradáltha dhóibh, agus do ní aodhaireadha dhíobh, ar thréadoibh éxamhla ag tabhairt choda dá úghdardhás spioradáltha féin dóibh do chum a cceartoighthi agus a smachtoighthi, mar do thug Dia cuid do spioraid Mhaoise do na seanoibh do chuir do chuidioghadh leis fán bpobal Israélda d'fhollamhnughadh; agus amhoil nár laghdoigh úghdar- dhás Mhaoisi an chuid tug dá spioroid don tsheachtmhodhad sean sin do chuir Dia do chuidioghadh lais, mar dhearbhas S. Aibhisttín, as amhluidh sin don Phápa, ní lughuide a ughdardhás uas an ccruinne dhomhandha gurab uaidhi atá ughdardhás ag an uile easbog. Gonadh aire sin as follas nách easboig iad súd nár hóirneadh a ngrádhoibh easboig riamh, agus ag nách foil úghdardhás ón Phápa, agus fós nách comharbadha dona Habsttaloibh, ná clann acht seubhdeasboig agus tuilighthe ar na Hab- sttaloibh. Ar an n-ádhbhar-sa as bréag fhollas, agus as seachrán, a rádh go ccosnaid creideamh Críostt, agus gan ar a n-aire do ló agus d'oidhche acht a chur síos agus a mhúchadh, ag tairreang na n-anmann (do fhuasgoil ar a fhuil) as an nEaglais naomhtha do chum an diabhoil. Admhoim, ar a shon so, go madh éidir a ccéill áiridhe dídnightheóiri an chreidimh do thabhairt orra súd, mar adeir S. Aibhisttín ag míniughadh na mbriathar úd don tshalm Contra inimícum et defen- sorem etc., san áit a n-aboir gur ab easchara agus
dídnightheóir don chreideamh an t-eirice. Bídh 'na easchara ag an chreideamh ag tairgsin an sgrioptúir do thuigsin go claon, seachránach; bídh 'na dhíd- nightheóir an mhéid go ttabhair mar sin cúis agus siocair do dhoctúiribh na Heaglaisi do chum fírinne an sgrioptúir agus an chreidimh d'fhoillsioghadh agus do chosnamh, gé nách cóir ar a shon sin dídnightheóir an chreidimh do ghairm dhe san chéill-sin, acht leis an mínioghadh-sa S. Aibhisttín d'fhoillsioghadh lé a chois." "Guidhim thú," ar Des., "ó do dhearbhois go follas nách easboig iad súd, agus nách foil mar sin úghdardhás ná cumhachta ar bioth eagailsi aca, innis damh cia ar a bhfuilid 'na ccomharbadhoibh?" "Ní doiligh leam sin d'innisin," ar an tSimplidh- eacht. "As comharbadha eiriceasboig ainchreid- mheacha na haimsire-si ar an dá eirisearc fá mó olc agus urchóid dár éirigh a n-aghoidh na Heaglaisi san aimsir dhéigheanoigh-si, .i. ar Lútéur lobhtha mhac Lúsifeir, agus ar Chailbhín choirpthe chneasdóiti, mac na mallacht. Sgríobhaid úghdair eagnoidhe thromdha go raibhe deamhan do ghnáth ag imtheachd ar mháthair Lúitéir, agus gur ab uaidhe do ghlac sí Lúitéar mar thoirrcheas; agus sgríobhoidh sé féin 'na leabhroibh an muinteardhas agus an cumonn do bhí aige ris an ndiabhal, mar do ith seachd miaich shaloinn 'na chuibhreann, agus mar do bhí 'na oide múinte aige; agus do geibhthear sgríobhtha air a leabhroibh annála, gé go ttug mhóid ngeanmnoidheachda do Dhia, gur luigh iar sin lé nuimhir éiccinnte do dhrochmhnáibh, agus gur phós 'na dhiaigh sin challuigh nduibh, 'sa leaboigh 'na bhfuair bás ar meisge. As follas go raibhe an dara fear, .i. Cailbhín, comh shalach agus comh madramhoil agus sin gurab í pian phuiblidhe fuair
trés an bpeacodh sodomdha do níodh do ghnáth, .i. tré choimhriachtoin ré buachuillighibh, creachuireachd do dhéanamh ar a dhruim lé hiarand ndearg. As iad so," ar an tShimplidheacht, "as absttola, agus fós as Dée, do sheactoibh Lútéir agus Chailbhín, lucht na mbéas, na beathadh, agus an bháis-se; agus a Dhé dhil, as truagh an chinneamhoin lé ttig an lucht leanas iad ar an saoghal-sa do reic an aoibhnis shíordhuidhe ar mhoimint mhire agus mhíchéilli 'na mbíd ag diall don diabhal dochum dola a síordhuidheacht ilphian leis." "A Chríosd cáidh," ar Des., "ós amhluidh sin atá, as truagh an doille agus fós an fé fiadh atá ar shúilibh an phobuil bhoicht dár ab apsduil na bathluigh bhrodhacha bhiastuighthe-sin, 'sa seachrán as slighe dhíreach go hifriond." "A mhic," ar an tShimplidheachd, "as fíor sin, agus as ró urusa dár Slánuightheoir agus dár Mbreitheamh cion agus aithfear a ndamnuighthe do chur orra féin a ló an bhreitheamhnais, an tan bhéaras 'na ríothróin bhreith orra agus a déara riú: "Éirgidh dá bhur bpianadh tré bhiotha shíor san teinidh shuthuin do hollmhuigheadh a n-urchomhair an diabhail agus a dhrochaingiol, ó do rugabhair do roghuin mo naoimh- Eaglais do tharcaisniughadh, agus leanmhuin do Lúitér agas do Chailbhín, dár fhuilngios bheith gá n-únfuirt féin san uile olc agus bás d'fhagháil gu follas 'na bpeacadhoibh, dochum gu bhfaiceadh an saoghal gu hurusa gurab é an diabhal fá maighistir dóibh." "A mháthair mhilis," ar Des., "as mór an sólás leam a bhfuaras uait d'eólas ar an ndaoscairchléir ndásachtuigh ndíchéilligh úd, gé gu ccráidh mo chroidhe an tan smuainim ar an siabhradh seachráin lé bhfuilid ag breith an phobuil bhoicht éisdios iad
gu hifriond; agus guidhim thú, fuasgail anois an cceisd eile-si dhamh, .i. créud an fáth nách budh éidir leis na seubhdeasboguibh úd féin, agus leam-sa, gé gu mbeimís 'nar ttuatadhuibh, dul a mbreitheamhnas ar an ccléir Chatoilghe lé húghdardhás na bprionnsadh tteamporáltha, madh iad as ceann ar an nEagluis 'na ndúthuigh féin, mar adeirid súd? Ór as cumhain leam go n-abraid doctúire an dlighidh chanóna gurab éidir leis an Bpápa, tré bheith 'na cheann ar an nEaglais, tuata do chur a ccumhachtoibh uas phear- soin eaglaisi a ccásoibh áiridhe." "A mhic," ar isi, "cuir conntracht ar an ní sin adeirid na heiricidhe, .i. gurab iad na prionnsadha teamporáltha as ceann ar an nEaglais, ór as eiriceachd sin do fhás as eiriceachd oile as fréamh dhi, .i. a mheas nách foilid cumhachta oile san mbioth acht cumhachta na tuaithe a mháin, agus go bhfuilid so ar láimh na bprionnsadh saoghaltha, agus nách foilid cumhachta mar sin san nEaglais do chum an phoboil Chríosttoighe d'fhollamhnughadh agus do sttiúradh a slighidh a slánoighthe; nó a mheas, má táid cumhachta spioradáltha and, go bhfuilid doidheagh- ailthe ré cumhachtoibh na tuaithe, agus go mbíd mar sin ag na prionnsadhaibh tuaithe amháin, agá bhfuilid árdchumhachta na tuaithe. Atá an chéadchuid de so, dhiúltas na cumhachta spioradáltha, 'na eiriceacht, ór atá a n-aghoidh an tShoisgéil agus Phóil, 'na bhfaghthar go solas na cumhachta spioradáltha tug Críostt do Pheadar, agus na cumhachta, mar adeir Pól, tug Dia dhó féin agus do na heasbogoibh do chum na Heaglaise d'fhollamhnughadh; ór adeir Críostt ré Peadar san seiseadh c. déug ag Matha: "Do bhéar dhuit eochracha fhlaitheamhnois Dé, agus gach a
ccingeólae ar an ttalamh, biaidh ceangailthe a bhflaitheamhnas; agas gach a sgaoilfe ar an ttalamh, biaidh sgaoilthe a bhflaitheamhnas Dé." Agus adeir maille ris sin, san n-aonmhadh caibidil fichead, ag tabhairt na ccumhacht sin dó: "Biathoigh mo chaorcha"; agus adeir san ochtmhadh caibidil déug: "Bíodh meas eitnice agus publicáin agoibh ar an tí nách éisttfe an nEaglais." Agas atá an dara cuid, do ní ceangal dosgaoilthe eidir chumhachtoibh spioradáltha agus teamporáltha, ar an modh ccéadna a n-aghoidh an tShoisgéil agus Phóil; ór ní do na prionnsoibh, acht do Pheadar, tug Críostt na cumhachta spioradáltha, mar do dhearbhas cheana, agus do bhádar ag Pól, mar adeir féin, ag nách raibhi cumhachta tuaithe. Agus as deimhin gurab éxamhoil nemhionand an modh ar ar thionnsgnadar cumhochta spioradáltha agus teamporáltha, ar an n-ádhbhar gurab iad an pobal tug do na ríoghuibh, nó dhá shinn- searuibh, a bhfuil do chumhachtoibh aca anois; agus gurab é Críostt féin, agus nách é an pobal, tug cumhachta spioradálta do Pheadar agus do na Habsdoloibh oile, lé ttugadh na cumhachta céadna do na heasbogoibh, gan cead d'iarroigh chuige sin ar an bpobal, mar as éidir a dhearbhadh as eibisttil Phóil go Tíotus, agus as a eibisttil eile go Timótheus." "Más fíor sin," ar Des., "(mar chreidim anois go daingean gurab fíor), ní héidir na mionda do thabhairt as gnáth leó súd d'iarroigh ar an bpobal mbocht, .i. gurab iad na prionnsadha as ceand ar an nEaglois." "Ní héidir ar mhodh ar domhan," ar an tShimplidheacht, "ór ní bhiadh sna mionnaibh sin acht éitheach mearrdhánta míchreidmheach, do thuillfeadh inneachadh ó fhlaitheamhnas d'fhior an éithidh, agus do ghreinneóchadh Dia uileachumhachdach
do chum plágha na FPhilisttíneach do chur ar na heiricibh do thairgfeadh a bprionnsa do chur suas mar sin, do chum díola Dhágóin, dia na Bhfilisttí- neach, gá choimmeas ré háire Ndé bhí, do thabhairt ar an ttorathar eaglaise do bhíadh ag righe ré hí féin do chur ar deis Eaglaise Críostt, agus fós ag dréim léna dícheandadh." "Guidhim thú," ar Des., "ó do dhaingnidhis mé am chreideamh sna pungcaibh sin, foillsigh dhamh an éidir leam, ó choinsias, anmanna na Ccatoiliceadh leis nách áil dol go teampoll na n-eiriceadh do thabhairt sgríobhtha do na seubhdeasboguibh úd? Ór atáid dom buaidhreadh, ag bagar oram dá ndíulta mé an sgríbhionn-soin do thabhairt dóibh." "Bíodh a fhios agad, a mheic," ar isi, "gurab iad na Catoilghe an Eaglas, mar adeir Pól, agus gurab í an Eaglas chéadna-so as corp mistiocdha do Chríosd, as ceand don chorp-so, mar adeir an tApsdal céadna; ionnas gibé do ní énní a n-aghaidh an chuirp-si, gurab a n-aghaidh Chríosd do ní, mar dhearbhas S. Aibhisttín gu follas as na briathraibh úd Chríosd ré Pól, an tan do bhí ag inghreim na Heagluisi: "A Phóil, a Phóil, créad fá bfhuile dom inghreim?" Ór (mar adeir an doctúir céadna) nír éidir lais daonnacht Chríosd, do bhí a bhflaitheamhnas, d'inghreim; gidheadh, mar do bhí ag inghreim bhall a chuirp mhisticdhe, do bhí ar an ttalamh, a dubhairt "Créad fá bfhuile dom inghreim?" ionnamhuil adeir an theanga "Cia do shaltair oram?" an tan shaltras neach ar an ttroigh amháin. Ar an n-ádhbhar-sa dá ttugthá-sa anmanna na Ccatoilghiodh uait dona heiricidhibh d'eagla gu mbeanfadaois cháin díot, do budh éidir do Chríosd a rádh riot lá an Bhreitheamh-
nais: "Do bhraithis mé dom eascairdibh ar son n-airgid, ór do bhraithis bhalla mo chuirp mhisdicdhe, agus ní fhuile mar sin acht ad Iúdás oile dárab dual leithéid a phéine do thabhairt." "Gu ccúitighe Diá riot," ar Des., "mar do réidhighis as an ccathair ghriobháin a ttárla ag na heiricidhibh úd mé, agus gluais romhuinn san sligheidh dár ttreórughadh budh easda."
DEARBHTHAR ANNSO GU FOLLAS NACH FUILID NA LUITERUIGH NÁ NA CAIL- BHÍNIGH A N-EAGLAIS CHRÍOSD, AGUS NEITHE OILE BHEANAS RISAN CCREID- IOMH. C.4. Do thionnsccuin Des. dol ar aghaidh a sligheidh na Foighide, iar sgaradh do na heiricidhibh sin ris, agus ní fada do chuaidh an tan thárla ar bhuidhnibh ádhbhalmhóra oile do na heiricidhibh é fá doilghe dhó inás a ttárla dhó gó sin. Do fhógradar dhó fá phéin phríosúin, agas a choda don tshaoghal do chailleamhuin, dol go teampoll na n-eiriceadh. Do bhí Des. lán d'eagla agus d'uathbhás, agus do chuir roimhi comhairle na n-eiriceadh sin do leanmhuin. "A mhic," ar an tShimplidheachd, "as truagh an ní chuire romhad do dhéanamh, .i. dol go teampoll na n-eiriceadh, dod chur féin a n-oireamhuin dóibh agus dá reacht, agus as iomdha olc gránna a n-aghaidh Dé uilechumhachtaigh san pheacadh soin, ór gé nách ó chroidhe ná ó inntinn do raghthá dá n-eaglais, acht ó eagla, ní lughuide do bhiadh do ghníomh dá chur a ccéill go foirimleach go mbeithea ag gabháil réna cclaoinchreideamh agus dá admháil, agus ag diúltadh chreidimh Chríostt atá d'fhiachuibh ar an n-uile Chríostuidhe d'admháil 'na leithéid sin d'am agus do chás agus do bhiadh an chumadóracht sin do dhéantá mar sin os comhair cháich 'na pheacodh chreidimh fhallsa, ionnamhuil agus do bhiadh íodhaladhradh fhoirimleach 'na pheacodh íodhaladhraidh, ór atá an uile chumadóracht 'na ngabh duine go foirimleach ré creidiomh comhuightheach, 'na pheacodh chreidimh fhallsa, mar dhearbhas S. Aibhisttín go
láidir as an sgrioptúir a mórán d'ionaduibh, do bhrígh go ndéantur san chumadóracht sin fiaghnuisi go foirimleach ó ghníomh gurab maith an droichchreid- eamh, agus gurab olc creideamh na Heagluise Rómhán- uighe, .i. creideamh Críostt. Do beirthear fós leis an ngníomh ccéadna sin eisiomláir do na Catoilicibh eile fán gcreidiomh mbréagach-sin do leanmhuin, agus siocair dona heiricidhibh fá iad féin do dhaingnioghadh 'na seachrán, an tan do chíd na Catoilici ag gabháil ris, agus fá tharcuisne do thabhairt do chreidiomh Chríosd. Budh éigion duit, maille ris so, dá ndeachae dá tteampall, bárr do chur ar do chédolc, .i. an comúinion do ghlacadh, dá ngoirid san leasainm caena Domini, .i. "séine an Tighearna," agus gan ann acht suipéur Chailbhín choluigh fhógras Pól dona Críosduidhibh do sheachna, ag rádh: "Ní héidir libh cailís an Tighearna agus cailís na ndeamhan d'ibhe. Ní héidir libh bheith páirteach fá mhéis an Tighearna agus fá mhéis na ndeamhan." Agus smuain féin mar sin an mór an chúis athtuirsi agus eólchuire druim do chur ré hárdshácraimeint iongantuigh na haltóra, 'na bfhuil Críosd 'na dhiadhacht agus 'na dhaondacht, do bheir an Eaglas dá cloinn; agus cailís thaisge na híodhalfhleidhe-si Chailbhín agus na ndeamhan, bhíos dá sunnadh ar mhacaibh meirtneacha an mhíáidh, do dhéanamh dot chroidhi." "A mháthair bhúidh," ar Des., "nách bhfaici go bhfuilid ag bagar mo chora a bpríosún le hórdughadh an phrionnsa, agus go n-abair Pól rinn go ccuirmíd a n-aghoidh órduighthe Dé an tan chuirmíd a n-aghoidh na n-árdchumhacht bhíos ós ar ccionn ar an ttalamh." "A mhic," ar ise, "cuiridh S. Aibhisttín ceist ag mínioghadh an ionaid sin Phóil, agus do bheir freagra uirre lé bhfuasgoilthear do cheistt-si. "Créad as
indéanta," ar Aughusttín, "dá bhfógroid cumhachta dhuit ní do dhéanamh nách cóir do dhéanamh?" Freagroidh an cceistt ar an modh-sa: "Tarcaisnidh an tan-soin na cumhachta ar eagla na ccumhacht"; agus mínighidh an fhreagra-sa lé heisiomláir. "Dá bhfógra an tImpeir dhamh: Bídh ullamh do chum mo sheirbhísi, as cóir sin; gidheadh, ní do chum dola lat go heaglais na n-íodhal, ór do fhógair Impir as áirde dhamh gan dul ann sin; gabhoim cead agot, ataoi-si ag bagar phríosúin, atá seisean ag bagar theineadh ifrinn oram; ar an n-ádhbhar-so ní dlighthear do Shéusair acht a cheart féin, agus ní dó as cóir ceart Dé do thabhairt." Adeir fós an naomhdhoctúir céadna-sa nách foil san eiricidh acht nathair neimhe léarab gnáth, mailli ré ceilg, na daoini do lot léna nimh, agus nách bí do shíor acht ag aithris ar an nathair nimhe úd léar cuireadh Adhamh as párrthus, ag iarroidh an Chríosttoighi do tharrang as parrthas na naoimhEaglaisi. Tugadh mar sin Adhamh rabhadh dhuit, a mhic; ná fágoibh parrthas na Heaglaisi, agus ná mealladh aitheasg ilchealgach na naithreach nimhe thú." "A mháthair ghrádhach," ar Des., "adeirid súd gur ab aca féin atá parrthas na heaglaisi." "A mhic thairisi," ar an tShimplidheacht, "nocha ní nuaidhe neamhghnáthach do na heiricibh sin, ór measoigh gach sórt dá ttig dhíobh fá seach gurab aca féin a mháin atá an creideamh cóir agus an eaglas fhíre, agus go bfhuil an uile, uatha féin amach, ar seachrán, mar as follas ar an méid do chuaidh seachuinn díobh agus do claoiiodh leis an nEagluis gó so; agus ní mheallfuidís uiread a mealluid do dhaoinibh muna chuirdís dath éigin ar a mbréuguibh, ag aithris
ar an ttí 'sa fhoghnamh 'na bfhuilid, an diabhal, tig go meinic a riochd aingil na soillsi do mhealladh na ndaoine, mar a deir Pól. Gidheadh, dochum go ttuigfithea go follas nách ag na heiricibh-si atá Eaglas Chríostt, ní fuláir dhuit a thuigsin gurab í as Eaglas Chríostt san slighidh-si fhlaitheamhnais na daoine agá bhfuil baistteadh agas creideamh Chríostt, agus a reacht, agus gurab díobh so ghoireas Pól corp Críostt, ar a ttabhair féin an Eaglas; agus go n-abair go bhfuil an corp-sa aonda, mar adeirid fós Siomboil na nAbsttol agus Siombail Chomhairle Níséun nách foil acht aoineaglas ann, ionnamhoil nách foil acht aoinchreideamh, mar adeir Pól; ór gé go bhfuil eaglas fá leith ag gach aoineasbog, ní fhuil ionnta so uile acht boill don aoinEaglais chomhchoitchinn, dá ngoirthear an Eaglos Chatoilice. Maille ris sin as éigean a admháil nách éidir leis an nEaglois ccomhchoitchinn-si, nó Chatoilice, eiriceacht nó seachrán creidimh do bheith uirthe choidhche, mar as follas as na geallamhnoibh tug Críostt di. Do geibhthear ag Matha agus ag Eoin go ttóigeóbhadh í ar charroig, agus nách béardaois doirsi ifrinn buaidh uirre, agus go mbiadh féin maille ria go deireadh an tshaoghoil, agus go nguidhfeadh a Athair, agus go ttiobhradh abhcóidigh oile, nó pátrún, dóibh, Spiorad na fírinne, do chum anamhna 'na bhfochair go bráth. Agus an tan mhairfeas an Eaglas go bráth, mar adeir Pól, agus mar bheanas S. Aibhisttín as briathroibh an tShailmcheadloigh, Deus fundáuit eam in aeternum, ní héidir dhi an creideamh cóir do léigean a mugha; ór mar cheangloid na cuisleanna agus na féithe bhalla an chuirp nádúrtha dhá chéile, as amhloidh sin cheanglas an creideamh boill chuirp spioradáltha mhisticdhe na Heaglaisi dhá chéili
eatorra féin, agus do Chríostt, ionnas dá ndeachadh an Eaglas Chatoilice ar seachrán san chreideamh, go sgaoilfeadh an coimhcheangal atá eidir í féin agus a ceand, .i. Críostt, a ccéadóir, agus go mbiadh an tan-soin mar gach eaglais oile thuiteas a n-eiriceachd, 'na sínagóig Satáin. Gonadh aire so do bheir an Spiorad Naomh a béul Phóil an t-ainm ordhuirc úd ar an nEaglais, .i. "colamhuin agus fortoildhaingion na fírinne," do bhiadh 'na leasainm dhi, muna bheith gurab ní éttualuing doidhéanta a cor ar seachrán ó fhírinne an chreidimh. Bíodh a fhios agad mar an ccéadna gu n-admhaid na Lúitéruigh agus na Cailbhínigh gu raibhe an creideamh ceart ag an nEaglais Rómhánuigh agus ag na Haithribh naomhtha gu ceand chóig céd bliaghan d'aithli Chríostt. As éidir a nois a dhearbhadh ar an modh- sa, agus gan dul tar S. Aibhisttín d'iarraigh chongantha ar énndoctúir eile, nách fuil an eaglas cheart ag seictibh Lúitéir agus Chailbhín, agus gumadh éigion dóibh féin sin d'admháil, nó an ní sin do admhuighsiod cheana do dhiúltadh arís; agus dá ndiúltuid sin, budh follas a mbréaga, a n-udmhaille agus a neamhchobh- suidheacht chreidimh. As éigion dóibh, do réir a ráiteadh féin, a admháil gu raibhe S. Aibhisttín san nEagluis chirt, ór as a ccionn deich mbliaghan bhfichiod agus 400 d'aois an Tighearna fuair bás, agus gu raibhe fios eagluisi agus chreidimh Chríosd aige; ór as deimhin nách táinig d'aithle aimsire na nApsttal aondoctúir san nEagluis as mó dár fhoillsigh Dia misteiri agus rúindiamhra an chreidimh iná é, agus gur dhearsgnuidh uas dhoctúiribh na Heagluisi a n-eagna agus a n-eólas, mar dhearsgnuidheas an ghrian uas reannuibh agus réllannuibh nimhe a soillsi, mar as urusa a aithni ar an tteisd do bheirid pápadha foghlomtha
agus doctúiri na haimsiri-sin, agus fós gach aimsiri ó shoin ale, air. A deir thrá an doctúir naomhtha-so a mórán dá leabhruibh, agus dearbhuidh gu fada fairsing as an sgríobtúir, gurab eiriciocht mhalluighthe na puinge as prinnsiopáltha do geibhthear a ccreidiomh Lúitéir agus Chailbhín. Ar an n-ádhbhar-so, d'fhiagh- nuisi San Aibhisdín, ní fhuil an Eaglais chóir aca so, ór ní héidir an Eaglas chóir do ghairm don eagluis ar a mbí seachrán creidimh, agus chreidios eiriciocht, mar do dhearbhamar as Pól, acht síonaghóg Shatáin agus eaglas an aidhbhirseóra. Agus as follas, dá mbeidís na neithi-si a deir Lúitéur agus Cailbhín 'na bpungcuibh creidimh, mar a deirid-sion, gu mbíadh S. Aibhisdín 'na eiricidh, gá ndíchreidiomh, agus fós gá ndamnughadh mar eiriciocht, agus nách biadh mar sin a nEagluis Chríosd (ní nách éidir dhóibh-sion do rádh, ór do bhiadh contrárdha don ní do admhuighsiod cheana, .i. go raibhi an creidiomh cóir ag Aithreibh na ccóig ccéad bliaghan d'aithle Chríosd); dá bhrígh sin as éigion dóibh a admháil gu bfhuilid féin ar seachrán ó Eagluis Chríosd, agus mar sin a sdaid dhamanta." "A mháthair," ar Des., "dá ndearbhthá as S. Aibhistín - do bhí 'na dhuine as foghlomtha thánuig san ndomhan riamh a nuas ó aimsir na nApsttol, agus lé ccuirid súd féin fiaghnuisi gu raibhe san Eagluis chóir agus go raibhi fios an chreidimh chóir aigi - go mbeith éanphungc amháin dá ccreideamh 'na eiriceachd, do chreidfinn go daingean gu bfhuilid 'na n-eiricidhibh agas nách fuil eaglas aca acht sionaghóig Shatáin." "A mhic," ar isi, "as do na pungcuibh creidimh as oirrdhearca ag Lúitéur agus ag Cailbhín agus agá ndeisgiobaluibh: Zuinglius, Melancton, Aecolam-
pádius, Besa, Cemnísius, Carolsttádius, etc., na neithi- si. A deirid, do chéidneithibh, gurab é Dia as úghdar agus as cúis don uile pheacadh. Atá an ponc-sa comh- malloighthe agus sin, agus comhmór d'eiriceachd agus do bhlaisbhéim a n-aghoidh Dé uileachumhachtoigh, nár léig an eagla don tsheict sheineiriceadh dá ngoirthí Manichei a rádha go díreach go mbeith Dia 'na chúis ag an bpeacadh, gé gur dhearbh S. Aibhisttín orra go follas go n-abradh an droichchreideamh sin, léar chlaoi fá dheóigh iad, dá dhearbhadh as an sgrioptúir nár éidir lé Dia, as árdmhaith uas gach maith, agus as tobar don uile mhaith, bheith 'na chúis ag an bpeacadh, dárab cúis toil an chréutúir, mar as éidir a fhaicsin sna trí leabhroibh do sgríobh De Lib. Arb., agus 'na eibisttil 105, lib.13 De Trinitáte, c.12, lib.5 De Ciuit. Dei, c.8 et c.9, lib.12 Confes., c. 11, lib. De Spiritu et Litera, c.31, lib.2 De Pecc. Mer., c.17 et 18, lib. De Praedest. Sanc., c.10, agus a mórán d'ionadoibh oile. Agus as deimhin gur ab mór an t-ainbhfeas do na daoithibh daillinntleachtacha-so ní do chur a leith Dé uileachumhachtoigh uileath- rócairigh 'na ttairgfiodh (dár ndóigh) an diabhal féin a leithsgéul do ghabháil ar mhodh éigin, dá madh air do cuirfidhe é; ór dob éidir leis a rádh nách é féin as cúis go huilidhe don pheacadh, agus gé go mbí ag aslach cháigh chuige, nách foil ar a chumas aoinneach do choimhéignioghadh, ar an n-ádhbhar go ttug Dia an oiread-soin d'uaisligheachd don duine nách éidir lé héinní oile a thoil d'éigniughadh, mar dhearbhoid na diadhaireadha, as S. Aibhisttín, lib.5 De Ciuit. Dei, c.10, lib. De Spir. et Litera, c.31, et in Enchyrid., c.105.
A deirid mar an ccéadna, agus as do na pungcoibh as oirrdhearca dá ccreideamh, nách fuil toil shaor ag an nduine; ionann so ré a rádh agus gurab éigean dó a ndéin do dhéanamh, más maith nó olc do ní. Sgríobhoidh S. Aibhisttín gurab seineiriceachd so do bhí ag an seict eiriceadh dá ngoirthí Bardesaníte, agus fós ag seict na Manichei, agus ag seict na Prisiollanistae; ór adeirdís na seineiricidh-si go mbíodh a ndán don duine gach éinní dá ndiongnadh, agus nách bíodh neart aige gan a dhéanamh. Dearbhoidh S. Aibhisttín a n-iliomad d'ionadoibh gur ab eiriceachd ro-ainbh- feasach so, agus gurab éigean di a rádh go bhfuil Dia éuccórach éuttrócair ainbhreathach, ag damnoghadh na ndaoine go hifrionn ar son bpeacoidh, mun bhúdh éidir dhóibh a sheachna, agus nách búdh fíu an duini moladh nó flaitheas Dé d'fhagháil ar son na ndagh- oibreach mun bhúdh éidir dhó gan a ndéanamh, agus nár chóir duine ar bioth do mholadh ar son maitheaso, ná do dhiomoladh ar son n-uilc. Agas adeir an doctúir céadna-soin go suairc nách géubhadh eiricidh dhíobh so mar leithsgél óna mhnaoi, dá bhfaghadh ag ciontughadh ré fear oile í, a rádh gur éigean di sin do dhéanamh, agus go raibhe sé a ndán di. Dearbhuidh sna hionadoibh-si, ar a ccuimhnighim a nosa, gur ab eiriceachd a dhiúltadh go bhfuil toil shaor ag an duine, sna trí leabhroibh do sgríobh Dé Lib. Arb., per totum; lib. 4 Ad Bonifa., c.4; Epist. 46 et 47; lib. De Gratia et lib. Arb., c.2,3, et 4; lib. 2 De Nuptiis et Concupisc., c.3; lib. uno Contra Manich., c.10 et 11. As punc ro-shuaitheanta do chreideamh na n-eiriceadh-sa gurab lór an creideamh a mháin, gan daghoibreacha, do chum duine do shlánoghadh, go
háiridhe dá ccreide go daingean gan chonntabhairt ar bioth gur maitheadh a pheacodha dhó. Sgríobh- oidh S. Aibhisttín go raibhe a leithéid so d'eiri- ceachd ag seinsheict eiriciodh dá ngoirthí Eunomiani, adeireadh nár mhistte do dhuine an uile pheacadh do dhéanamh, acht go ccreideadh a ccreideamh-san. Dearbhoidh S. Aibhisttín san leabhar do sgríobh a n-aghoidh na heiriceachda-so, De Fide et Operibus, nách lór do dhuine creideamh do chum dula go flaitheamhnas Dé, muna dhearna daghoibreacha, agus go n-osgail an eiriceachd-sa an doras don uile olc, agus go bhfuil a n-aghoidh an sgrioptúr ag S. Séum adeir: "Créad an tarbha do dhuine a rádh go bhfuil an creideamh aige, muna fhuilid oibreacha aige? nó an éidir leis an ccreideamh gan oibreacha a shlánoghadh?" agus Phóil, adeir: "Dá mbeith an uile chreideamh agom comhmór agus sin go n-aithreóchainn na sléibhte, agus gan déshearc do bheith agom, atú am neimhthní"; agus a n-aghoidh an tShlánuightheóra féin, adeir: "Madh áil leat teachd go flaitheamhnas, coimhéid na haitheanta." Sgríobhoidh S. Aibhisttín a n-aghoidh na heiriceachda-sa a mórán oile dh'ionadoibh, in Enchyr. ad Laur., c.67; De Agone Christiano, cap. 13; De Gratia et Lib. Arb., c.7; lib.12 De Ciuit., c.25. Maille ris so as urasa a dhearbhadh leis na sgrioptúiribh léar chlaoi S. Aibhisdín sect na Bpelagiani, go bhfuil an chuid oile don phunc chéadna- soin a n-aghoidh an sgrioptúir, .i. a n-aghoidh Eoin adeir: "Dá n-abrom go bhfuilmíd gan pheacadh, do mheallamar sinn féin, agus ní fhoil an fhírinni ionnoinn"; agus a n-aghaidh an Spioraid Naoimh, adeir: "An tan
shuidhfios an rí ceart 'na thróin, cia mhaoidhfios 'na fhiadhnuisi go mbia croidhe geanmnuidh aigi nó go mbia glan ón pheacadh?"; agus a n-aghaidh Chríostt, adeir san phaidir: "Maith dhúinn ar bhfiacha mar mhaithmíd-ne dár bhféicheamhnuibh," ór créud an riachdanas atá ag an luchd chreidios go daingean gur mhaith Dia a bpeacadha uile dhóibh, réna iarruidh ar Dhia a bfhiacha do mhaitheamh dhóibh? Diúltoid maille ris so an t-aithreachas, mar do níd na seacta seineiriciodh dá ngoirthí Cathari agus Nouatiáni ag S Aibhisttín, Haeresi.,38. Diúltuid an absttanuid agus an trosgadh, mar do nídís na seineiricidhe Aríus agus Iouiniánus ag Sant Aibhisttín, Haeresi., 53 et 82. Diúltuid, leis na seineiricidhibh céadna, go bfhuil difir eidir easbog agus shagort. A deirid, lé Aríus, nách cóir guidhe ar na marbhuibh. A deirid, lé Iouiniánus, nách fuil difir eidir na peacadhuibh, agus nách uaisle staid na geanmnuidheachta nó na hóghachta riaghaltha iná staid an phósda. Ag so agot-sa, a mhic," ar an tShimplidheachd, "bladh d'eiriceacht Lúitéir agus Chailbhín, ór ní háil leam tuilleamh gráini agus uathbháis do chur ar do chroidhe Críosduidhe ag clos a ndoirtid do nimh ar Mhuire Óigh, ar dhaondacht ar Ttighearna, agus ar an Ttríonnóid, ag aithris ar na seineiricidhibh úd áirmhios S. Aibhisttín 'na leabhar De Haeresibus ad Quoduultdeum: Heluidius, Iouinianus, Priscillianus, Manichaeus, Aríus, Photínus, agus a leithéide so do phlághuibh oile. Gonadh aire so as éidir a rádh nách fuil a n-eiriceacht Lúitéir agus Chailbhín acht camra cáidheach, mar chruinnighid aoileachmhoirt agus uile shalchar ifrionda na n-eiriceacht oile, agus nách fuil
inntibh féin acht cúpla ilphiastt aincisioch do bhí ag sgeith blaismhémiodh, aor agus aithisiodh, an ccéin ro mhairsiod agas a haithle a mbáis, ar Eaglais Chríosd agas ar a hárdnaomhuibh, ar an ccúirt neamhdhuidhe, ar dhaonnachd ar Ttighearna, ar a Mháthair mhilis, agus ar an Ttríonnóid féin. As éidir an fhírinne chéadna- so do dhearbhamar gó so do chomhdhaingnioghadh leis an cceisd úd chuirios S. Aibhis. ar an seict eiriciodh dá ngoirthí Donatistae, a deiriodh an ní si a deirid eiricidhe na haimsiri-si, gur cailleadh Eaglas Chríostt agus nách raibhe ar an saoghal di acht a raibhe aco féin a ccuid don Aifric. Nar chaill Eaglas na Rómha an creidiomh agus an Chatoilghiocht ria ndealughadh do Lúitéur agus do Chailbhín ria, nó nar chonguibh aice? Munar chaill, créad fár dhealuigh- siod ria? Má dho chaill, cia do rug nó do rinne eagluis Lúitéir agus Chailbhín? Ór más eagluis chóir atá aca, as deimhin nách iadsan do rug nó do rinne í acht Dia, ór ní hobair dhaonda, acht obair Dhé, an Eaglas, mar dhearbhas S. Aibh. as Isai. ar an n-eiriciodh dá ngoirthí Gaudentius. Agus ó nách éidir dhóibhsion a dhearbhadh ná a rádh gurab é Críosd féin do rinne an n-eagluis 'na bfhuilid, agus nách mó as éidir dhóibh a dhearbhadh gu bfhuair Lúitéur ná Cailbhín úghdarrás ó aonduine dochum a ttiocfadh cumhachta diaigh a ndiaigh ó na Habsttaluibh, as éigion dóibh a admháil nách fuil aca acht seachrán do chumadar féin agus eaglas an áidhbhirséora; agas ós follas an seachrán atá orra ón Eagluis chóir, madh áil leó a lorguireacht gu maith, as oirchios dóibh a tturas do thionnsgnamh ó bhun tobair na hEagluisi ó Chríostt agus ó na Habsttaluibh, mar adeir S.
Aibhisttín, agus do ghéubhuid gu hurusa fíoruisge na Heagluise ag teacht ó Pheadar gó a chomharbuibh diaigh a ndiaigh gus an Bpápa Rómhánach atá aguind a niú, tréas na Pápadhuibh, ionnamhuil tig fíoruisge ón tobar tré fheadánuibh. Agus as mar so do lorguir S. Aibhisdín fíoruisge thobuir na Heagluisi a n-aghaidh na n-eiriciodh-sa, gá leanmhuin ó Pheadar gu Anastásius Pápa do bhí 'na shuidhe a ccathaoir Pheadair san Róimh, port oireachuis na Heagluisi Catoilghe, ré linn na n-eiriciodh-sa. Agus as do Pheadar, agus dá chomharbuibh a n-ainm Pheadair, do rinne Críostt charruig ndaingin ndoghluaiste na Heaglaisi, dár gheall nách rachadh a chreidiomh choidhche a mbáthadh, agus nách budh éidir do dhoirsibh díomsacha ifrinn, .i. do na heiricidhibh, buadhughadh gu bráth uirri. As urasa fós do na heiricidhibh-si a thuigsin gurab ag an Bpápa agus agá ngéillionn dó atá creidiomh Chríostt, ór ní fhuil aca féin, mar do dhearbhas gu soilléir, agus ní fhuil ag éntsheict eiriciodh eile dá mairionn, ór ní fhuil énchuid díobh nách fuighthior a n-eiriciocht, nó cuid éigin di, ar n-a damnughadh a leabhruibh S. Aibhisttín. Ní fhuil creideamh Chríostt ag Turcachuibh ná ag Págánachuibh, as námhuid fhollas dó, ná ag an ccuid díobh nách cualuigh é riamh; ar an n-ádhbhar sin as éigion gu bfhuil ag an lucht leanas Eaglas na Rómha, ór an ccéin mhairfios an saoghal- sa méaruigh creidiomh Chríostt, mar do dhearbhas thuas as Pól agus as S. Aibhisttín. Maille ris so uile as é an creidiomh atá ag an Eagluis Rómhánuigh a níu do geibhthear a leabhruibh S. Aibhisttín, agus do
bhí aige féin, mar as éidir a dhearbhadh gu hurasa, gé nách fuilim ar a shon so ag cur úghdardháis S. Aibhisdín a ccoimeas ré húghdardhás na Heagluisi Rómhánuighe, dár mhac agus dár dheisgiobal umhal é, mar admhas sé féin, lib.1 Ad Bonif., c.1, acht gá dhearbhadh gu bfhuil a n-aghaidh na n-eiriciodh-so lér ab gnáth a mhaoidhiomh gu n-anfadaoís ar a fhiaghnaisi." "A mháthair," ar Des., "creidim a nois gu ro- dhaingion gu bfhuilid súd ar seachrán, ag dol uile gu hifrionn, ór as deimhin, ó nách fuilid a nEagluis Chríostt (mar do dhearbhais as S. Aibhis., agus mar as éidir a dhearbhadh lé húghdardhás iomlán na Heagluisi Catoilice, do bhí ann do réir a n-admhála súd féin, sul do coimhlíonadh cóig céud bliaghan d'aithle Chríostt, lér damnadh d'énaonta na seineiricidhe úd ar ar labhrais gó so, tré bheith ag cosnamh an tseachráin chéadna chosnuid eiricidhe na haimsire-si) nách fuil slánughadh 'na ccionn ina ccreidiomh féin, agus dá mbeith, gu madh leasainm do Chríostt ar Ttighearna Slánuightheoir na n-uile dhaoini, agus gu sunnradhach na ccreidmheach, mar a deir Pól. Gidheadh, créud fá nách budh éidir leam mé féin do chur a n-oireamhuin dóibh féin agus dá bfháischreidiomh fallsa ó bhéul a mháin, do sheachna an inghreama, acht go ccungbhuinn chreidiomh ccóir na Heagluisi Rómhánuighe am chroidhe?" "A mhic," ar isi, "ná smuain gumadh éidir sin do dhéanamh ar mhodh ar domhan, ór dearbhaidh S. Aibhisttín as an sgríoptúir nách éidir dhúinn, dochum na n-eiriciodh féin do thairreang chum creidimh, diúltadh dár ccreidiomh ó bhréithir ná ó
ghníomh, agus gibé do shaoilfiodh gu madh éidir dhó diúltadh dá chreidiomh ó bhéul amháin, acht gu ccongbhadh é 'na chroidhe, do thuitfiodh a n-eiriciocht na n-eiriciodh úd ar a ttig S. Aibhisttín, lib. De Haeres. ad Quoduultdeum, a deireadh an ní céadna; ór atá an oiread sin do ghráin ag Dia ar an n-eiriceacht nách áil leis sinn do dhéanamh comhluadair ná chomuinn dá laghod re heiricidhibh a n-éinní do bheanfadh réna ndroichchreidiomh. Gonadh aire sin fhógras Eoin Bruinne dhúinn fá phéin pheacaidh gan fíu na fáilte do chur rompa san cháil-sin." "A mháthair," ar eision, "atá an Tighearna ro-thrócaireach; agus ar son nách measfoinn gomadh ceadoightheach dhamh mé féin do chor ré creideamh na n-eiriceadh, dá ttugadh a mháin loige inntinne, agus grádh an tshaoghail bhoicht, agus fós eagla mo choda cothuighthe do chailleamh, oram a léigean oram ó bhéul go mbeinn dá ccreideamh, as cosmhail go ndiongnadh Dia trócaire oram fá dheireadh, agus go ttiobhradh ré n-aithrighe dhamh, ó nách ó dhroich- inntinn ná ó neamhghrádh air féin, acht ó anbhfainne, do dhéanainn sin." "A mhic," ar an tShimplidheachd, "as truagh leimhe an chomhráidh sin. Bíoth a fhios agot gurab iomad anndóthchais as trócairi Dé, lé n-anaid san pheacadh, bheireas forgla a ndamnoighthear do na Críosttoighibh go hifrionn, agus gé go bhfuil Dia trócaireach, atá roi-cheart roi-fhírinneach, agus nír léig peacadh riamh gan díoghoil; agus as uime sin adeir an Psailmcheadlach ré Dia gur ghrádhoigh an fhírinni, .i. nach léig an peacadh gan smachtughadh, mar mhínigheas S. Aibhisttín. Agas nách tabhrae dot aire, dá fheabhas dá mbia do bheatha, go ma héigean
duit dul ar sgáth thrócaire Dé, agus dá ngreannoighthea léad pheacadhoibh é do chum díoghaltais, go bhféad- foidhe, an tan do shaoilfea a theacht chugad lé trócaire, gurab lé breitheamhnas do thiocfadh. Cuimhnidh ar an ní adeir S. Aibhisttín ris an lucht anas san pheacadh do shúil lé trócoire Ndé. "A deirid-sion (ar Augusttín): Ní fhuiléanga Dia trócaireach, féadfaidhe, do lucht an uilc do dhéanamh drochbhás d'fhagháil. Adeirim-si: Ní fhuileónga, gan chonntabhairt ar bioth, do lucht na deigh- bheathadh drochbhás d'fhagháil." Créad iomorro an fáth nách é an ní sin atá gan chonntabhairt do bheirmíd do roghoin? As ríu so labhras an psalm adeir: "Do ghrádhoighsiod Dia ó bhéul, agus do rinneadar bréag ris ó theangoidh," ór an tráth adeirid nách dá neamhghrádh anoid san pheacodh do níd bhréig ris ó theangoidh, do bhrígh go n-aboir a ccroidhe ní oile, agus measoid, agus as mian leó, Dia féin do bheith bréagach, ag bagar phéine síordhuighe ar lucht an uilc; agus mar nách éidir leósan Dia do mhealladh lé bréig, ní mheallfa Dia iad lé fírinde ag bagar phéine síordhuidhe orra, ór do chífid gurab dá ríribh do labhair. Ar an n-ádhbhar-sa (mar adeir an Doctúir céadna) grádhoighidh maith agus trócaire an Tighearna, agus bídh ar crioth réna chumhachtoibh agus réna cheart, agus ná bíodh an uiread sin d'ann- dóthchas agot 'na thrócaire go ccuirfea a cheart nó a chumhachto a ttarcaisne, ná d'eagla réna chumhach- toibh go rachthá a n-édóthchas ar a thrócaire; agus ná tigeadh ad smuaineadh choidhche peacadh do dhéanamh, nó anamhoin and, a muinighin mhór- thrócaire Dé: ór ní bhiadh and sin acht cead gan chéill d'iarroigh ar Dhia fá dhol 'na aghoidh ar thaobh a námhad. Ní fhuil fios uaire an bháis ag aoinneach.
Ní fhuil do chinneamhoin ag na daoinibh uile bás d'fhagháil san aois arsoigh, acht as éigean dóibh an saoghal-sa d'fhágbháil a n-aosoibh éxamhla; agus gibé beatha do géubhthar ag neach a n-am a bháis, as dá réir bhreithneóchar é, ór ní fhuil aimsear aithrighe and iar mbás, mar adeir an Psalmcheadlach: "Ní aideómha aoinneach a n-ifriond thú." Dá bhrigh sin ní cuirthe an aithrighi ar cáirdi ó lá go lá; ór tig an bás agus fearg Dé go hoband a n-aimsir an innighthe, mar adeir béul Dé féin, agus fuadoighidh leis a moimint go hifrionn lucht na haithrighe do chor ar athlá. Déanmaoid, dá bhrígh so uile, deithneas do chum na haithrighi, agus bíodh do shíor uair an bháis 'nar meabhair. An tan éireócham ar maduin, bíodh eagla oirn nách béaram ar an n-oidhche, agus an tan luidhfeam 'nar leaboidh, bíodh an eagla chéadna oirn nách roichfeam beó gus an madoin; agus dá ndearnam so, béaram buaidh go hurasa ar antoloibh agus ar lochtoibh na colna, agus ní chuirfe eagla an tshaoghoil d'fhiachoibh oirn Dia do thréigean, agus fós, do réir gheallamhna an Tighearna ag Matha, ní theistteóbhaid na neithe bheas 'na riachtanas oirn san saoghal féin uainn, mar do chímid a nIob, dá ttug Dia saidhbhrios fá mó iná a riachtonas, mur nár thréig dligheadh Dé ná slighidh na foighidne." "A mháthair," ar Des., "ní thréigfead Diá feasda, ná slighidh na foighidne, d'iarroigh ar an saoghol; ó atá a fhios agom gur gheall an Slánoightheóir a riachtanas saoghaltha don luchd anas 'na sheirbhís." "A mhic," ar ise, "as mór chráidheas mo chroidhe an docamhal atá a nduine riaghaltha do dhéanamh dhíot: ór dá n-antá a seirbhís Dé agus a slighidh na foighide do chum an tshaoghoil d'fhagháil, dá mhéad fulang dá mbiadh agot ré gach con- trárdhachd dá n-éireóchadh dhuit, ní budh éidir
dhuit a rádh go madh foighide an fulang-soin, acht saint, mar adeir go ro-mhaith S. Aibhisttín. Agos gibé iarras Dia (mar adeir an Doctúir céadna) ar son mhaitheasa nó mhaoine saoghaltha, ní hé Dia iarras acht an mhaoin shaoghaltha, ós í ghrádhoigheas; gonadh airi sin adeir an Doctúir naomhtha-sa, ag tráchtadh ar na briathroibh úd an tShoisgéil: "Iarroidh ó thós ríoghacht Dé agus a cheart, agus do ghéubhthaoi bhar riachtanas saoghaltha maille ris sin," nách cóir Dia dh'iarraigh agus do ghrádhoghadh ar a shon féin, agus fós an saoghal d'iarroigh agus do ghrádhoghadh ar a shon féin, ór ní bhiadh and sin acht foghnamh dhá thighearna, nách éidir lé haoin-neach do dhéanamh, mar a deir an Slánaightheóir; acht gurab amhloidh as cóir Dia d'iarroigh agus do ghrádhoghadh ar a shon féin, agus gan an riachtanas saoghaltha d'iarroigh fá leith, ná a n-aoineachd lé Dia, acht an mhéid go bhfoghoin do chum go ndiongnamaois seirbhís do Dhia." "A mháthair," ar Des., "do chím anois go follas gurab ro-olc adobhart súd; biad, maille ré grásoibh Dé, soitheagoisg ó so suas, agus ní shainnteóchad an saoghal; agus múin damh cionnas leigheósad mh'anom ón pheacadh úd agus ó gach peacadh oile dá ndearnas san slighidh-si." "A mhic," ar ise, "as maith leam an inntinn mhaith sin chuire romhad, agus mar admhae féin go bhfuile easlán; agus múinfead sin duit ó thoil mhaith. Ní fuláir dhuit fios do chur ar fhisigidh mhaith fhéachfas do chuisle (ór atá fiabhras teinntidhe ort), bhéaras purgóid duit, agus leigfios fuil, bhéaras sioróipe
dhuit, agus bhéaras cead duit 'na dhiaigh sin éirghe as leaboidh do thinnis." "Mínigh sin dhamh, a mháthair ghrádhach, ní as fearr," ar Des. "As toil leam sin," ar ise. "As é an fiabhras na peacadha; as é an fisigidh th'athair faoisidne, fhéuchos do chuisle an tan éistteas t'fhaoisidin; as í an phurgóid an aithrighe as éigean duit do ghlacadh ó thosach, mar atá th'fhiabhras ro anbhuaineach; as í an fhuil leigfithear dhuit, do dhíosgaoileadh do dhroichleannta, an t-ualach chuirfithear ort fá aiseag do dhéanamh má do bheanais a chlú, a onóir, nó a mhaoin d'aoinneach, agus fós an ceangal chuirfithear ort fá shiocair an pheacoidh do sheachna. As iad na sioróipe bhús éigean duit do ghlacadh, trosgadh, urnaighthe, agus déirc, mar lóirghníomh ad pheacadhoibh. As é an cead bhús éigean duit d'fhagháil ria n-éirghi, an absolóid sgaoilfeas thú ó chuibhreach do pheacadh." "Cionnas do gníthear an phurgóid sin na haithrighe?" ar Des. "As é an t-othar féin do ní í," ar isi, "gé nách éidir dhó a dhéanamh gan chuidioghadh ó Dhia, ór as tiodhlacadh do bheir Dia uaidhe í don lucht dá ttabhair maitheamhnas a n-olc; agus as amhloidh so do níthear agus ghlacthar í, a ttrí piollairibh: an céd- phiollaire .i. smuaineadh ar na peacadhoibh do ríghnis, agus doilgheas uas gach ndoilgheas oili ót uili chroidhe do bheith ort tré fheirg Ndé do thuilleamhoin, do thuillis lé gach aoinpheacadh marbhtha dá ndearnais, agus gráin uas ghráin mbáis do bheith agat orra. An dara piollaire .i. a chur romhat go ro- dhaingean mailli ré grásoibh Dé gan peacadh do dhéanamh ó sin suas. An treas piollaire .i. dóthchas
do bheith agot a mórthrócaire Dé agus a bpáis do Thighearna go bhfuighbhe maitheamhnas do pheacadh ó Dhia. Agus as ro-fhalláin don anom é féin do chor fán leigheas-sa go roi-mhinic, a ccionn gacha seachd- mhuine nó gacha míosa, agus go háiridhe an phurgóid-si do ghlacadh ria luighe dhó gacha hoidhche, ag déanamh inchreachoidh ar ghníomharthoibh an laoi- sin." "A mháthair," ar Des., "atá an treas piollaire- sin roi-shearbh, roi-dheacrach, ór as cumhoin leam gur dhearbhois go maith as S. Aibhisttín go bhfuil an duini ro-chlaon do chum an pheacoidh; agus iarraim d'athchuinghidh ort, ós éigean damh an piollaire-sin do ghlacadh, tabhair teagasg éigin uait bhús cuidio- ghadh dhamh do chum go madh usoide leam a ghlacadh." "A mhic," ar isi, "do bhéar teagosg ro-tharbhach dhuit as S. Aibhisttín, ór adeir an Doctúir naomhtha- sa gur ab ceachtar do dhá ní as cúis don dhuine do chum an pheacoidh do dhéanamh, .i. grádh nó eagla an tshaoghoil; mar as éidir a thuigsin leis an sompla-sa. Tairgidh eiricidh beatha nó onóir shaoghaltha dhuit do chionn dula lais dá theampall, nó bagroigh do chor a ccarcair agus a bpríosún, nó do bhásoghadh, muna umhloidhe dhá thoil. Más é grádh an tshaoghoil bhias ag cor chathoighthi ort do chum tola an eiriciodh do dhéanamh, smuain ad chroidhe ar Dhia, agus abair riot féin na briathra-sa adeir Críostt rind san Soisgéul: "Créd an tarbha do dhuine an saoghal uili do ghnóughadh, agus a anom féin do dhamnoghadh?" Más í an eagla bheas dot choimh- éignioghadh, smuain mar an ccéadna ar Dhia agus aboir
na briathra úd oile an tShlánoightheóra: "Ná bíodh eagla oraibh réas an lucht mharbhas bhur ccorp agus leis nách éidir bhar n-anom do mharbhadh, acht réas an ttí léar ab éidir bhar ccur, idir chorp agus anam, go teinidh ifrind." Ní héidir lé haoinneach th'anom do mharbhodh acht lat féin ag déanamh an pheacoidh. Ciondas budh éidir lét eascaroid, acht go ndiongnadh a dhíthcheall, ní sa mhó dot olc do dhéanamh iná a ndéine féin ag déanamh an pheacoidh? As éidir leission do chorp amháin do mharbhodh, agus as mó iná sin an t-olc do ní féin, ór marbhae th'anom ag déanamh an pheacoidh. An éidir leis an saoghal a uiread do thabhairt duit do chionn bheith olc agus a ttiobhra Dia dhuit do chiond bheith maith? Dá mhéud bagar dá ndiongna an saoghal ort ar son bheith maith nó fíréanta, an éidir leis uiread a ndéan Dia do dhíoghaltus ar an ainbhfíréan do dhéanamh ort? An áil leat a chlos créd bhéras Dia dhuit do chionn bheith fíréanta? "Tigidh, a chlann bheann- uighthe mh'Athar féin, glacuidh an ríoghdhacht-sa atá ar na hullmhughadh dháoibh ó thosach dhomhuin." An áil leat a chlos créd bhéras do mhacuibh na mallachd? "Eirghidh san teinidh shiórdhuidhe atá fá chomhair an diabhuil agus a dhrochaingiol." "A mháthair," ar Des., "as ro-mhaith an reiseapta sin tuguis dhamh as S. Aibhisdín do chum an treas piolluire do ghlacodh gan urlagodh, agus atá mo dhóigh a Ndia go mbiad slán ó so suas; agus bíom feasda ar siobhal. Gidheadh, guidhim thú, innis dhamh ria ngluasachd dhúinn créd fá ndearbhae gach éinní as S. Aibhisdín tar Dhoctúiribh oile na Heaguilsi?"
"A mhic," ar ise, "nách aithnidh dhuit gurab é Sant Aibhisdín an acuil iongantach úd an Sgrioptúir do éirigh d'áirdeitil uas na doctúiribh oile lé heitibh grás, agus do bhí ag dearcadh dhealroidh na Tríonnóidi lé rinn ruisg a aigéininntleachda go díreach, nó gur líonadh é do dhealradh éigsi agus eagna, léar dhíosgaoil ar thógoibhsiod eiricidhe a aimsire féin do cheó doilbhthi draoítheachda a n-aghoidh na Heaglaise, go bhfuil ó shoin ale 'na lóchrann lasamhoin 'na lár, ag soillsioghadh an uile dhomhuin, is sa úghdardhás bheirim-si leam comhminic agus so do chum go bhfaicfithí a dhíorgha atá a n-aghoidh na n-eiriceadh, léarab gnáth a chomhmaoidheamh gurab ar a son féin bhíos (gé nách tuigid é), do chum an phoboil shimplidhe do mhealladh ar sgáth a ughdardháis, gé nách tuigid éunchuid dá seicréidibh doirche diadha; ór ní théid an eagna a stteach san chroidhe mhios- gaiseach, agus ní áitigheann san choloinn ar a mbí a hualach peacoidh, mar adeir an Spiorad Naomh."
CUIRTHEAR SIOS ANN SO SIOMBAL CHREIDMHE AGUS TRACHTAR AR NEITHIBH EILE BHEANAS RIS AN CCREIDIOMH. C.5. Iomthúsa Des., do thriall imtheacht 'na shlighidh iar cclaoi na n-eiriciodh sin dó, agus tárla a ccionn treimhsi iar sin a measg dhroinge eile d'eiricibh é fá haighmhéile, aindéine, aingidhe, inás a bfhacuidh gó sin. Do ghabhsad ag diospóracht ris a n-aghaidh a chreidimh, agus tugsad anuas an oiread sin do bhriáth- ruibh an sgrioptúir, ar ar chuirsiod an n-uile dhath dob édir léo do dhearbhadh a ndroichcreidimh féin agus do dhamnughadh an chreidimh Chatoilghe, gá rádh nár chneasda céillidhe na neithe dorcha dothuigsi a deireadh an creidiomh muna fhaghthaoi dearbhadh súl ortha; ionnas gur thionnsguin Des., mar nách raibhe éolas san sgríoptúir aige, contabhairt do chur 'na chreidiomh. "A mháthair," ar Des., "ní rabha riamh a n-éigion budh mó iná an t-éigion 'na bfhuilim anois, ór mothuighim mórán do smuaintighthibh ag teacht chugam a n-aghaidh mo chreidimh, tréna bhfaicim d'úghdardhás aca súd dá thabhairt leó as an sgríoptúir 'na aghoidh." "A mhic ghrádhoigh," ar an tShimplidheachd, "smuain ar bhréithir bhaoghloigh bhagroigh an Tighearna san áit a n-aboir linn uile: "Cuimhnighidh ar mhnaoi Lót"; agus ó do sheasois gó so, agus ó do chuiris romhad bheith ag foghnamh do Dhia, ná féach ar th'ais, mar do rinne bean Lót, dá ndearnadh an cairthe saloinn, agus as fioghair don lucht fhilleas ar a n-ais do chum a seinbhéas ó shligheidh a
slánoighthe, agus dá ndearnadh salann seach ní oile do chum cáich do choimhéad ó mhorgadh an pheacoidh, ag cuimhnioghadh uirre, mar adeir S. Aibhisttín. Nách aithnidh dhuit gur ab béas do na huile eiricidhibh a ndíthcheall do dhéanamh ar a seachrán do dhearbhadh as an sgríoptúir agus gurab trés an sgríoptúir mhaith do thuigsin gu holc do fhás an uile eiriciocht, mar a deir an doctúir céadna. Dá ccuirtheá th'arm díot, cionnas do bheitheá ionchomh- ruic réd naimhdibh? Asé an creidiomh as sgiath agus as lúireach don Chríosduighe, mar a deir Pól; ar an n-ádhbhar sin ní fuláir dhuit a chongmháil gu daingion, muna mian leat tú féin do thoirbheirt dod námhuid, agus uile shleadha arguimeinnteadh th'eascarad do chor díot léd sgéith. Nach faice féin, dá modh fíor an ní a deirid-sion, .i. nách cóir do dhuine an ní nách faicfe do chreidiomh, go mbíadh an saoghal do ghnáth lán d'easaonta agus d'aimhréiteach, mar dhearbhas S. Aibhis.; ór cia do ghrádhóchadh a chompánach nó a chomharsa ar son an ghrádha bhíos aca oirn muna chreidmís dóibh, do bhríogh nách éidir an grádh atá 'na ccroidhe d'fhaicsin? Cia do ghrádhóchadh ar an modh ccéadna a ghaol, agus fós aithre nó a chlann, ór ní héidir linn a ngrádh oruinn d'fhaicsin; ionnas gu n-imeóchadh muinnteardhas agus an caradradh as an saoghal uile mar sin. As éigion fós don lucht a deir so mórán do chreidiomh nách faicid, ór creidid stairtheacha agus mórán neitheadh aithristear dhóibh ar ionaduibh nach facadar riamh, agus cia as aithre dhóibh féin, ór ní fhuil dearbhadh súl aca ar a n-aithribh acht fiaghnuisi dhaoine eile; agus ós éigion
dúinn neithe nách faicmíd do chreidiomh, créad nách creidfiomaois na neithe a deir Dia rinn, gé nách faicmíd iad?" "A mháthair," ar Des., "dar leam-sa ní hionann sin; ór as éidir lem grádh mo charad agus mo ghaoil oram do thuigsin agus do chreidiomh trés na dearbh- thuibh, trés na sighnibh, agus trés na comharthadhuibh do gheibhim, agus ní haithnidh damh dearbhtha ná sighne ar na neithibh bhíos d'fhiachuibh oram do chreideamhuin óm chreidiomh Chatoilghe." "As maith leam," ar an tShimplidheachd, "gu n-admhae mar sin gurab éigion dúinn mar sin neithe nách faicmíd do chreidiomh agus gurab bréag mar sin an ní a deir súd. Maille ris sin as mór an mealladh a mheas nách fuilid dearbhtha agus sighne ar na neithibh a deir an creidiomh Catoilghe, ór as ró-mhór an dearbhadh air gur thairrngirsiod fáidhe an tseinreachta gach a bfhaicmíd a nois dá ccomhall agus iar n-a ccomhall. As mór an dearbhadh ar fhírinne ar ccreidimh a onóraighi agus a áirdi labhras ar Dhia, ar a labhraid eiricighe agus págánoigh go ro-mhaslaightheach, ag cor pheacoidh 'na leith, agus ag rádh mhóráin do bhlais- bhéimibh oile ris. As mór an comhartha ar fhírinne ar ccreidimh ceart agus naomhthacht a dhlightheadh agus a theagoisg, agus méad an fhoghair bhíos aige do na subháilchibh, agus an mhíofhoghair do na dubháilchibh. As mór an dearbhadh air gur chuirsead na daoine as foghlamtha agus as naomhtha bádar san ndomhan fiaghnaisi leis, agus gur dhoirtsead iliomad díobh a bhfuil ar a shon, do chor séula ar a bhfiaghnaisi. As mór fós an dearbhadh air, an t-iliomad d'fhear- toibh agus do mhíorbhailibh do righneadar ilmhílthe ar feadh an domhain dá dhearbhadh, léar iompuighsiod chineadha oirrdhearca na cruinne dhomhanda gona
n-impeiribh agus gona ríoghoibh do chum an chreidimh Chatoilice." "A mháthair ghrádhach," ar Des., "as agotsa atá an fhírinne, agus ní haca súd; agus indis damh a nois cionnas chuirfead uaim na drochsmuaintighthe thugsad súd chugam a n-aghoidh mo chreidimh, ag tabhairt úghdardháis as an sgrioptúir 'na aghoidh." "A mhic," ar ise, "ná cuireadh ní ar domhan dá ccluinfe conntabhairt dá laghat ort a n-airteagloibh do chreidimh; agus dá ttigeadh aingiol ó nimh do sheanmóir 'na n-aghoidh (mar adeir Pól), cuir contracht ar a sheanmóir, agus cuimhnidh mar do dhearbhas as S. Aibhisttín gur ab gnáithbhéas dona heiricibh bheith ag mealladh cháigh lé saobhchiallaibh chuirid san sgrioptúir. Ar an n-ádhbhar-soin, mar chomhairligheas an Doctúir céadna, gach uair dá ttiobhraid sgrioptúir bhias cruaidh ort a n-aghoidh do chreidimh, creid go daingean nách í an tuigsi chuirid-sean and as ciall dó, achd go bhfuil ciall dhorcha éigin oile aige nách tuige féin." "A mháthair," ar Des., "as ro-mhaith an chomhairle sin, agus créad do ghéan anois, ór atáid ag bagar bháis oram, muna dhíultar dom chreideamh?" "A mhic," ar isi, "ní fuláir dhuit bheith foighideach neartmhar; ór as iad so biodhbhoigh mhainisttreach an chreidimh, agus tángadar romhainn ann so. Cuir do dhóthchas uile a Ndia mar do nídís na mairtírighe; agus ó nách éidir lé haoinneach mairtíreachd fhíre d'fhulang óna neart nádúrtha féin, gan grása móra ó Dhia, mar dhearbhas S. Aibhisttín a mórán d'ionadaibh, guidh Dia go dúthrachdach fá sheasamh mhaith do thabhairt duit; agus má tá
grádh an tshaoghail, nó eagla an bháis, ag cor chath- oighthe ort, smuain ar an leigheas tugas dhuit cheana as S. Aibhisttín. Muna lór sin do chum do chathoightheadh do chor ar ccúl, smuain ar an luaighidheacht do bheir Dia a ccéadóir don droing fhuilngeas bás ar son a ccreidimh, .i. a mbreith suas ar an mball go díreach, gan phéin ná purgadóir, a bhfiaghnaisi a ghnúise féin, abhal a mbeid 'na ríthigh a n-aoibhneas shíordhoighe nách éidir d'fhaisnéis; agus nách búdh mór an mhire agus an mhíchiall an t-aoibhneas síordhuighe sin do mhalairt ar aisling aoibhnis urchradhoigh anaoibhinn éanuaire? Agus nách biadh meas duine leimh ar an tté do bhéaradh sgáile an óir do roghoin? As leimhe iná sin an tí iarras agus ghrádhoigheas antoil éuttarbhach a cholna ria nglóir fhlaitheamhnais, agus bheireas do roghoin bheith a n-éagmhais ghnúise Críostt, agus a n-éagmhais amhairc a aingeal nglórmhar agus throimtheaghloigh a ríthighe tré bhioth shíor, dá mbeith cead aige gan dol go hifriond a ccomhluadar shíordhuighe dheamhan nduaimhseach ndoidhealbha, mar nách bia. Agus muna lór so uile, smuain don taoibh eile, dá ndearnae toil na n-eiriceadh, ar shíordhoigheacht na péine atá fád chomhair a n-ifrionn; agus gé go mbeth do chroidhe 'na chloich, má tá coibhéis an ghráinne mhusttaird do chreideamh agot, ní bá hurasa dhuit gan bheith ar coimhchrioth ón smuaineadh sin, ór fiafraighim dhíot cia ar an ndomhan-sa duine dá dhíchéillidhi do rachadh a bpríosún go ceand chéad bliadhan ar aoibhneas aonlaoi d'fhagháil. As deimhin nach bhfuighthí aoinneach do bhéaradh an rogha-sa, agus dá éis so uili ní príosún chéad mbliaghan ná míle do bhliaghnoibh, acht príosún a saoghal na saoghal gan chrích gan fhoircheann, bheirid na truagha gan
chéill gan chuimhni leanas antoil a ccolna agus na dubháilche do roghain ar son aoibhnis seachdmhoghad nó ochdmhoghad bliaghan, agus ní hé sin a mháin acht ar son aoibhnis éanuairi dá n-antoil cholnaighe. Ní hí trá samhoil na barroigheachta atá ag céad bliaghan ar aon lá atá ag an tshíordhoigheachd ar sheachdmh- oghad nó fós ar chéad bliaghan, acht barroigheacht as míle mó, agus ar nách éidir cinnteacht do chor tré bheith don tshíordhuigheacht gan chrích gan fhoircheann. Déana, ar an n-ádhbhar-so, a mhic ghrádhoigh, seasamh ro-láidir a n-aghoidh antola do cholna, a n-aghoidh aoibhnis fhallsa an tshaoghail-si, a n-aghoidh chealg an áidhbherseóra agus na n-eiriceadh. Seachoin maille leis an uile aire agus fhriochnamh shlighidh bhfhairsing an tshaoghail tré ttiaghthar gus an mbás shíordhuighe; lean ó uile álghas do chroidhi slighidh chumhang Chríostt tré ttiaghthar gus an mbeathoigh shuthain, .i. slighidh na foighide, na habsttanaide, na geanmnoigheachta, na humhla, agus an uile chrábhoidh, tré ndeachoidh Críostt ag dol dá ríoghdhacht, 'sa lorg as cóir dhúinne do leanmhain go roicheam dá ríochathair, 'sa haoibhneas nách éidir lé hinntleacht daonna d'aithris, ór dá mhéad teistt dá ttiobhradh uirre, ní bhiadh ann sin acht braon beag don bhóchnamhuir, nó mindrithle do mhóirtheine, ar an n-ádhbhar nách facoidh súil, nách cualaidh cluas, agus nár smuain croidhe (mar adeir an Slánaightheóir féin) na neithe do ullmhoigh Dia don lucht charas é." "A mháthair ghrádhach," ar Des., "do chuiris mo chroidhe ar comhlasadh am chliabh d'fhonn bháis d'fhulang ar an mball ar son mo chreidimh, agus carcairphríosún na colla-so d'fhágbháil dochum dola dom dhíodnadh agus dom shásughadh gus an
n-aoibhneas n-iongantach sin. Guidhim thú, múin damh aicheapt égin eagnuidh ealadhanta as an maighistir mór sin na Heagluisi, S. Aibhisttín, le raghuinn do dhiospóracht ríu súd, do chosnamh mo chreidimh orra agus do dhortadh m'fhola ar a shon." "A mhic," ar isi, "seachain a ndiospóracht, ór gé nách bíd na heiricidhe foghlumtha, mealluid duine simplidhe lé comhrádh milis, mar a deir Pól, agus gealluid flaitheamhnas Dé agus uile aitios a ccolna dhóibh a n-aoinfheacht, agus bídh mar sin briocht mealltórachta 'na mbriathruibh, agus bídh a n-úrlabhra mar aillsi ag snámhchnaoi, mar a deir an tApsttol céadna. Léig dá bhríogh sin a ndiospóracht sin a leith na bpréuláidiodh agus na ndaoine n-eagnuidhe, dar ab eól a cclaoi; ór an tan nách budh eól duit freagra gu lór do thabhairt orra, do bhéurthá siocair dhóibh fá iad féin do dhaingnioghadh 'na seachrán, mar adeir S. Aibhisttín, agus do na Catoilghibh neamhfhoghlamtha do bhiadh ag éistteacht ribh fá chonntabhairt do chur a bhfírinne an chreidimh Chatoilghe." "A mháthair," ar eision, "dobadh náir dhamh gan fios gach docamhail dá ccuirfidís oram a n-aghoidh mo chreidimh do bheith agom." "A mhic," ar isi, "ná bíodh náire ort fá gan misteire agus rúindiamhra roi-dhoirche do chreidimh do thuigsin go solas, agus a liacht neithe beaga nádúrtha nách tuige féin agus nách tuigid-sion. Ní fhuil a fhios ag aoinneach agoibh uile cá líon ruainne 'na fholt, agus cionnas do bhiadh eólas solas ar an Ttríonnóid agoibh? Adeir S. Aibhisttín nách géarchúis inntleachta, acht simplidheachd chreidimh, doní pobal coitcheann na Heaglaise ro-dhaingean roi-innill;
gonadh airi sin adeir gurab orra labhras an Sailmcheadlach; Iumenta eorum non minorauit, san áit a n-abair gurab éidir asoil agus ainmhinteadha tarbhacha do ghairm don lucht imthigheas go simplidhe san Eaglais, agus bhíos ar bheagán foghlama lán do chreideamh. Do b'fhearr leam ar an n-ádhbhar-sa nách léigtheá na briathra úd Phóil as do chuimhne: "Ná hiarr eólas domhoin do bheith agot ar neithibh árda, acht bíodh eagla ort," agus fós an ní adeir an Spiorad Naomh: "Ná hiarr na neithe as áirde iná thú, agus ná sgrúd neithe as neartmhaire iná thú, achd bí ag smuaineadh do ghnáth ar na neithibh do athain an Tighearna dhíot." " "A mháthair," ar Des., "ós amhluidh sin atá, ní bhíu féin ag dréim feasda ré bheith foghlamtha; gidheadh, múin mo chreidiomh dhamh." "Nách ar fhoghlomais," ar isi, "an Teagasg Críosttuidhe an tan do bhádhais óg, mar atá d'fhiachuibh ar an n-uili Chríosttuidhi?" "Do righnios," ar Des. "Do fhoghlamais Symbuil na nApsttal, agus, mar sin, creidiomh Eagluisi Chríostt," ar an tShimplidh- eachd. "As fíor sin," ar Desiderius, "ór as aithnidh dhamhsa nách déin an Eaglas creidiomh eile gu nuaidhe, agus nách fuil aice acht creidiomh na nApsttal; gidheadh atáid cumhachta aice an tan éirghios coinntinn idir í féin agus na heiricidhe, nó contabhairt, a fhoillsiughadh gu nuaidhe gu bfhuil an ní si nó ní eile 'na chreidiomh, gé nách éidir lé éinní dh'fhoill- sioghadh mar sin do bhíadh a n-aghaidh chreidimh na nApsttal, acht na neithe bheanas as creidiomh agus as teagasg na nApsttal agus bhíos ann ní as doirche ná mar fhoillsighthear léisi. Gonadh aire so budh
maith leam-sa riaghail chreidimh d'fhagháil 'na mbeidís na puingc chreidimh gu solas dhiúltuid eiricidhe na haimsiri-si." "A mhic," ar an tShimplidheacht, "do geibhthear a bhforgla sin a bhfoirm an luidhe as dual dona heasbagoibh do thabhairt an tan oirnthear iad, agus fós don lucht ghabhas cúram anmonn orra, agus adeir mar so: "Creidim-se ó chreideamh dhaingean, agus admhoim ós áird, an uile ní agus gach éinní dá bhfuil sa symbail chreidimh ghnáthoigheas an Eaglas Rómhánach, .i. creidim a n-aoinnDia, Athair uileachumhachtach, do rinne neamh agus talamh, agus na huile aicsidhe agas neamhaicsidhe, agas a n-aoinTighearna Iosa Críostt agus aoinGhein Dé, agus do geineadh ón Athair rés an n-uile shaoghal, Dia do Dhia, solas do sholas, Dia fíre do Dhia fhíre, atá iar n-a gheineamhoin gan déanomh, comhshubsttainteach ris an nAthair, tréas a ndearnadh an uile, táinig a nuas ó fhlaitheamhnas ar ar soinne, na daoine, agus ar son ar slánoighthe, do ghabh cholainn ndaonda ón Spiorad Naomh as Muiri Óigh, agus dá ndearnadh duini, agas do crochadh mar an ccéadna ar ar soinne, do fhulaing fa Phoint Phioláid agas do hadhlacadh, agus do aithéirigh an treas lá do réir na sgrioptúireadh, agus do chuaidh suas ar neamh; atá 'na shuidhe ar deis an Athar, agus thiocfas arís maille ré glóir do bhreitheamhnas bheó agus mharbh, an tí 'sa ríoghdhacht ar nách cuirfithear críoch; agus san Spiorad Naomh, tighearna agus beóaighthigh, tig ón Athair agus ón Mhac, adharthar agus chomhghlór- aighthear ar aon leis an nAthair agus leis an Mac, do labhair tréas na fáidhibh; agas aoinEaglas naomhtha, chatoilici, absttalda. Admhoim aonbhaistteadh a maitheamhnas na bpeacadh. Atá mo shúil ré
heiséirghe na marbh agus ré beathoigh an tshaoghoil thiocfas. Amén. Admhoim go ro-dhaingean, agus gabhoim chugom go fonnmhar, béulphroicheapta asbaltha agus eagalsa, agus gach éanchuid oile do ghnáthaighthibh agas d'órduighthibh na Heaglaisi céadna. Admhoim mar an ccéadna an sgrioptúir naomhtha san chéill 'nar chongaimh agus a ccongmhann an naomhmáthair Eaglaise, dárab dual a bhreathnughadh cia hí ciall fhíre agus mínioghadh na sgrioptúireadh naomhtha, agus ní ghlacfad agus ní mhíneóchad choidhche é achd do réir aonaonta agus éinintinde na n-aithreadh. Admhoim fós ós áird ar an modh ccéadna go bhfuilid seacht Sacraimeinte fíre dísle ag an reacht nua, iar n-a bhfágbháil ó Chríostt ar Ttighearna againn agus do chum sláinte an chinidh dhaonna, gé nách fuilid uile 'na riachdanas ar gach aon fó leith, .i. Baistteadh, Dul fá láimh easboig, Sacrameint na haltóra, Peandaid, Ongadh déigheanach, Grádha coisreagtha, agus Pósadh; go ttugoid so grása uatha, agus nách éidir an baistteadh, dol fá láimh easboig, agus grádha coisreagtha d'athghabháil gan neimheadhshár. Gabhoim chugom mar an ccéadna, agus faomhoim, na gnáthoighthe atá ar congmháil agus ar n-a moladh ón Eaglois Chatoilge, a bhfritháileamh sollamainte na n-uile shacramainteadh réumhráite-sin. Toilighim go fonnmhar, agus gabhoim, na huile neithe agus gach ní fá leith dár foillsigheadh agus dár snaidhmchinneadh lé naomhChomhairle Thriont, do thaoibh pheacaidh an tsinnsir, agas an fhíréantais. Admhoim ós áird ar an modh ccéadna go n-ofráiltear do Dhia san aifrionn saicrifís fhíri dhíleas a síothcháin ar bpeacadh, ar son bheó agus mharbh, agus go bhfuil corp agus fuil ar Ttighearna Iosa Críostt mailli réna anom agus réna dhiadhacht a sacrameint ro-
naomhtha na haltóra go fíri, dá ríribh, agus go substtainteach, agus go n-iompóighthear uileashubsttaint an aráin a ccorp, agus uileashubsttaint an fhíona a bhfuil, agus gurab é ainm do bheir an Eaglas Chatoilge ar an cclaochlódh-sa, transubsttantiatio, .i. transub- staintioghadh. Admhoim mar an ccéadna go nglacthar Críostt go huilighe iomlán, agus sácrameint fhíri, fá gach aoinghné fó leith dhíobh. Cothuighim go seasmhach go bhfuil purgadóir ann ina mbíd anmanna a láimh, dá ttugoid daghoibreacha na Ccríosttoigheadh fóiridhin; ar an modh ccéadna gurab cóir na naoimh atá a ríoghdhachd a bhfochair Chríostt d'onórughadh agus do ghuidhe, agus go n-ofráilid- sion urnoighthe ar ar soinne do Dhia, agus gur ab cóir a ttaisi d'onórughadh. Adeirim go ro-dhaingean gurab cóir íomháigh Chríostt, agus Mháthar Dhé do bhí riamh 'na hóigh, agus na naomh oile, do chongmháil, agus do bheith a rébherens agus a n-onóir iomchubhoigh. Deimhnighim mar an ccéadna gur fhágoibh Críostt cumhachta an loghoidh ag an nEaglais agus go bhfuil cleachdadh a thabhartha don phobal Chríosttoighe ro-fhalláin dóibh. Aithnighim agus admhoim an nEaglas naomhtha, Chatoilge, apsdalda, Rómhánach; do ním d'fhiaghnaisi gur ab í as máthair agus as ban- mhaighisttir don uile eaglais; agus gealloim agus mionduighim umhla agus urruim fhíre don Phápa Rómhánach, comharba Pheadair bheannoighthe, prionnsa na nApsttal agus biocáire Iosa Críostt. Gabhoim chugam gan chonntabhairt ar bioth agus admhoim ós áird na huile neithe oile do teagaisgeadh, do snaidhmchinneadh, agus do foillsigheadh leis na naomhchánoinibh, lé comhdháloibh geinearálta na Heaglaisi, agus go sonnradhach lé Comhairle Thriont;
agus damnoighim, díultoim agus malloighim an uili ní atá contrárdha dhóibh, agus an uile eiriceacht do damnadh, do díultadh, agus do malloigheadh ón Eaglais. Agus do bheirim gealladh, móid agus mionna fán ccreideamh bfhírinneach Ccatoiligi-si, seach nách éidir aoinneach do shlánughadh, agas gá bhfuilim dom dheóin d'admháil ós áird agus do chongmháil dáríribh, do chothughadh agus d'admháil ós áird mar an ccéadna iomlán gan oirbhearnadh ar feadh mo bheathadh go roi-sheasmhach, maille ré cabhair Dé, agus mo dhíthchioll do dhéanamh do réir mo chumhacht ar a chur d'fhiachoibh ar na daoinibh bheas fúm, no bheas d'ualach oram, do dhruim mh'oifigi, a chong- mháil, a theagasg, agus a shíoladh. Go ccughna Dia mar sin leam, agus na soisgéula naomhtha-sa Dé." Ag so, a mhic," ar an tShimplidheachd, "riaghoil ro-mhaith chreidimh, agus bíodh sí féin agus Cré na nApsttol do mheabhair go ro-mhaith agot, agas congaimh go daingean iad, agus ní bá heagoil duit seachrán th'eascharad." "A mháthair ghrádhach," ar Des., "as díol beandachta do bhéul, agus as urasa a aithne gur ab é sin creideamh fíre Eaglaisi Críostt, agus atá do ghlain- mheabhair agom a nois, agus biaidh go bás; agus greanndoighim eiricidhe na talmhan fán siolla as lugha dhe do bhéin díom ó so suas, ós air atá mo shlánughadh agas an tshíordhuigheachd. Agus muna bheith mo chorp ro-lag anbhfann ó bhfuaras d'anró agus do shaothar san slighidh-si, atá an urdail sin do shólás ar mo chroidhe go madh mian leam a bhfuil romham don tshlighidh-si do shiobhal am ruagoibh reabhroidh, an tan smuainim mar do shaor Dia, maille réad chongnamh-sa, mé a lámhoibh na
n-eiriceadh úd a measg na n-ilmhílteadh anam bheirid leó go hifriond." "A mhic," ar isi, "ná bíodh iongnadh agot ar do chorp do bheith lag; agus nách aithnidh dhuit an seanfhocal, nách foil aithghiorra gan tshaothar ná sochar gan dochar? Tairg meisneach do dhéanamh anois, agus ní fada go bhfuighbhi sólás, agus budh móidi do chion agus do mheas an tan-soin air, a bhfuarois dá dhochar; agus má mhothuighe anois anbhfainne, caith cuid don toradh thugois lat, agus do bhéara brígh nuaidhe dhuit; agus madh áil leat gan dochar na sligheadh do mhothughadh, déana cantaireachd." Dob ait lé Des. comhrádh na Simplidheachda, ar a ttug do chomhfhurtacht dó, agus adobhairt: "Cionnas budh éidir linn cantaireachd do dhéanamh a ccuid- eachta an tsheanóir thromdha-sa?" "As éidir," ar an tShimplidheacht; "ór gé go bhfuil tromdha ó nádúir, atá do thaoibh oile caoin, suilbhir, soghrádhach; ór as bráthair do Ghrádh Dé é. Ós a chionn so, ní ó bhaois ná ó éttroma do dhéanam canntaireachd, acht do thabhairt shóláis dár spioroid, agus d'édtromughadh dhochair na sligheadh, agus do neartughadh ar ccroidhe." "Ciondas do dhéan-sa canntaireacht," ar Des., "agus gan guth agom?" "Ní héidir," ar an tShimplidheacht, "nách foil guth agot, agus gurab guth thú féin." Dob iongnadh lé Des. mar adobhairt gur guth é, agus do fhiafraigh cionnas dobadh éidir sin. Do fhreagair sisi é: "Do rinneadh thusa agus an uile chréutúir le bréithir, agus as é an guth thig ar an mball d'éis na bréithre, agus, mar sin, mar as lé bréithir an Tighearna do rinneadh an uile chrétúir, as éigean go bhfuilid uile 'na ngothaibh." "Mínigh sin damh ní as fearr," ar Des.
"As toil leam sin," ar an tShimplidheacht. "Ní fhuil a mbréithir agus a ccomhrádh acht éinní amháin, agus ní don ní thig as an mbéul amach ghoirthear an bhriathar, achd don smuaineadh nó don toirrcheas anas asttigh ag duine; ór as guth go dílios ghoirthear don ní thig amach, agus as tríd tuigthear an bhriathar anos asttigh agoinn. Tuigfe an ní adeirim ní as fearr ar an n-eisiomláir-se. Atá agamsa asttigh am inntinn a leithéid so do smuaineadh, .i. gur ab duine thú. As í so as briathar nó as comhrádh and go dílios, gé nách laibheórainn go forimleach; gidheadh, an uair adeirim léum béul: "As duine thú," ag so an guth go dílios tré ttuigthear an bhriathar atá asttigh agom." "Teagoisg dhamh anois," ar Des., "más guth mé, cia agá bhfuilim am ghuth?" "Ataoi ag Dia," ar an tShimplidheacht, "do chruthoigh thú léna bhréithir, do chum go molthá agus go mbeandoightheá é." "Fiafraighim dhíot," ar Des., "más guth mé, créad adeirim nó chialloighim?" "Adeiri," ar an tShimplidheacht, "gurab maith Dia tréus an mbeith, tréus an ccorp, agus trés an n-anam maith thug dhuit; agus adeir an sgiamh thug dhuit gur ab sgiamhach é, agus adeir gach éinní dár chruthaigh Dia ionnat, ar an modh ccéadna, cumhachta, subháilche Dé, agus a mhaitheas; ionnas nách foil inar chruthoigh Dia ionnat acht gotha Dé." "Créad fá n-abrae," ar Des., "nách foil inar chruthoigh Dia ionnam acht a ghotha? Nách ar éidir lat a rádh go hiomlán, gan eisgeartadh ar bioth, gur ab gotha do Dhia a bhfuil ionnam uile?" "As uimi nách dobhart sin," ar an tShimplidh- eacht, "ar an n-ádhbhar nách gotha do Dhia a
bhfuil do lochtaibh agus do dhubháilchibh ionnad; ór ní hoibreacha do Dhia iad sin, acht duit féin, agus adeirid go bhfuile olc, dubháilcheach; agus dá réir sin mar thig an duine tréas na créutúiribh do chum eólais Dé, tig tréna dhubháilchibh agus tréna pheacodhaibh do chum a eólais féin."
FOILLSIGHTHEAR NI AS LIONMHAIRE CIONDAS TIGTHEAR DO CHUM EÓLAIS DÉ TRÉUS NA CRÉUTÚIRIBH. C.7. Dob iongnadh lé Des., gé nách raibhe faicsin ealadhanta ar an tShimplidheacht, a fheasuighe do labhradh, agus a dubhairt lé a rís: "Créud fá bfhuile ag iarruidh oruinn cantaireacht dho dhéanamh?" "Do chum ar ccuir agus ar ndoilghiosa do chur dínn," ar isi, "agus fós do chum nách caillmís dóthchas teachta go tigh Dé, choimhédtar gu maith lé bheith ag smuaineadh ar na créutúiribh taisbéntar dhúinn a sgríoptúir liteardha Dhé, agus fós 'na sgríobtúir chorpardha, .i. an saoghal a tá ar n-a dhéanamh ó Dhia, mar leabhar ina léaghthar na créutúire." "Os mar sin atá," ar Des., "tionnsgnam ar chantaireacht, ós gotha sinn; molam agus beannuigheam ar Ttighearna." "As cóir sin," ar an tShimplidheachd, "agus do ghéubham gotha éxamhla oile chuideóchas linn san slighidh-si; ór do ghéabham a ttosach na sligheadh gotha troma saothracha, agus do ghéubham 'na lár gotha inmheadhónacha, agus do ghéubham 'na deireadh gotha árda do réir éxamhlacht na ccréutúireadh; agus ós mian linn cantaireachd do dhéanamh do réir riaghla na cantaireachda-sa ní fuláir dhúinn eólas na healadhna féin do bheith aguinn ó thús." "Cia mhúinfios sin dúinn?" ar Des. "Múinfid na créutúire féin," ar an tShimplidh- eachd, "ór atá cuid díobh mhúinfios dúinn maith ar Ttighearna, cuid eile mhúinfios dúinn a eagna, cuid
eile a uaisle, cuid eile a sgéimh, cuid eile a mhórdh- acht, cuid eile a bhronntanas; agus as mar so, thríd síos, bheirid na créutúiri sinn dochum eóluis ar Ttighearna, dochum gu ndiongnamaois a mholtha agas a onóir do chantaireachd. Ar an n-ádhbhar-sin déana do dhíthchioll san slighidh-si ar chantuireachd d'fhoghluim, ór ní fhuil d'oifig ag na daoinibh roichios go tigh Ghrádha Dé do chum a bhfuili-si ag triall acht cantuireacht, agus an tí as fearr fhoghlumas cantuireacht mholta Dé san sligheidh, as dá réir do ghéubha an t-ionad as feárr a dtigh Ghrádha Dé." Do bhí Des. ag cur na sligheadh thairis ar feadh mhóráin aimsiri, agus do fhoghluim mórán do shubháil- cibh agus do dhearsgnuidheacht ar Ttighearna tréus an tteagasg tug an tShimplidheachd dó. Gidheadh as ro-mhór do fhuluing do phéin agus do pheannaid. As meinic thárla tuisleadh dhó, .i. do thuiteadh a bpeacadh shologhtha, agus do chongmhadh an tSimpli. é gan tuitim a bpeacodh mharbhtha. Do bhíodh, uair oile, claon do chum tuislidh tré chathughadh éigin, agus do bheireadh an tShimplidheacht a lámh dhó dá chongmháil ó aontughadh. Do thuiteadh ar uairibh go talmhuin, .i. a bpeacadh mharbhtha, agus muna bheth Eagla Dé, do thógbhadh é, ní éireóchadh choidhchi agus ní bhiadh mian éirghe air. Uair oili a n-ionadh dola ar a aghaidh dhó, as ar a chúl do théigheadh, .i. do fhilleadh óna shubháil- chibh agus ó shlighidh na fírinne, agus a n-ionadh a tharbha do bhuain as na créutúiribh, mar nách déanadh suim do smuaineadh ar mar do bhídís ag moladh an Tighearna mar ghothoibh, as éuttarbha do bheanadh eisttibh; agus an uair do thairgeadh canntaireachd do dhéanamh tréus na créutúiribh, do bhriseadh ar a
ghuth, nó go ttugadh Eaglo Dé brodadh and, dá chor ar a aghoidh. As meinic do théighdís deilg ina chosoibh, .i. do thigdís smuaintighthi saoghalta chuigi; gidheadh, do chongmhadh an tShimplidheacht a chos, agus do thairrngeadh Eagla Dé an dealg as. Do bhíodh codladh go meinic ag luighe air, tré dhearmad a Chruthaightheóra, agus do bheireadh Eagla Dé ionga dhó, agá dhúsacht. Do shuidheadh go meinic tré fhoiréigean cuirtheachta agus bochtaine, .i. an uair do bhíodh fuar 'na chrábhadh, nó go ndiongnadh a ghadhar tafann air, agus go ccuireadh 'na sheasamh é. As meinic do ghabhadh fearg é, agus do thionnsgnadh filleadh ar a ais tré anbhfainne chroidhe agas tré édóchas; gidheadh, an uair do bhlaiseadh beagán don toradh tug lais mar lón 'na mhála, do théigheadh ar a aghoidh. Do chailleadh a shlighidh uair oile, ag siobhal na hoidhche, .i. an uair do bhíodh a ndrochsmuaintighthibh nó a ndrochoibrighthibh, do chailleadh a chuideachta, Eagla Dé agus an tShimplidh- eacht; gidheadh, an uair do thigeadh an mhaidin, agus iar n-éirghe gréine, .i. tréna eólas féin, agus tré eólas bhaoghoil a sttaide, agus tré chongnamh an ghadhair, .i. na Toili Maithe, do bhíodh aige do chum seirbhíse Dé, do gheibheadh arís shlighidh na foighidni agus an aithreachais, agus do gheibheadh a chuideachta uile innte. Agas d'éis bheith mórán do laithibh ag siobhal ar an n-órdughadh so, táinig fó dheireadh ar mhadh aoibhinn, agus do chonnairc pálás ríoghdha ro-áloinn a meadhón an mhuighe sin, dá ngoirthí Déshearc, agus as é Grádh Dé, .i. an tí do bhí ar iarroigh ag Des., bá doirseóir san phálás sin.
TIONNSGNUIDH AN TREAS RANN DO SGATHAN AN CHRABHUIDH. Cap.1. MAR DO HOSGLADH DORAS MHAINISTREACH NA DESHEIRCE DO DHES., AGUS MAR DO LABHAIR RIS AN NDÓIRSEÓIR, .I. GRADH DE, AR MHÓRÁN DO NEITHIBH. Do thionnsgain Desid. doras mhainistreach na Désheirce do bhualadh go ciúin critheaglach, agus ar mbeith a bhfhad dó agá bhualadh ní fhuair aonduine do oisgeóladh an doras dó ná do fhreigeóradh é. A dubhairt an tShimplidheachd ris: "A athair, ná bíodh droichmheisneach ort. Buail gu láidir an doras leis an dá bhaschrann sin, dá ngoirthear Osna agas Deór, agus ní héidir nách cluinfid thú, agus gé gu mbeidís 'na ccodladh muisgeólae iad, agus tiucfuid d'osgladh an dorais, ór mun bhudh áil leó na daoine thig ann so do léigion asdeach, ní fhuighdís é ar énchor." Ba mór gairdeachas Des. trés an meisnigh thug an tShimpl. dó, agus do bhuail an doras ní as láidire gu mór iná mar do rinne an chéaduair, ionnas gu bhfacuidh chuige dóirseóir na mainisttreach dá ngoirthí Grádh Dé, an té do bhí d'iarruidh, agas nír aithin é. A dubhairt an doirseóir: "A athair, créud iarrae ann so? Féadfuighe go bfhuil fearg oruibh tréna fhad do congmhadh sibh tar éis an dorais do bhualadh; ná bíodh fearg ort, ór as sé so as gnáthughadh dhúinne, do dhearbhadh foighidne na
droinge thig chuguinn, agus go háiridhe na ndaoine ndíomsach fearguighthear muna osgalthar dhóibh a ccéadóir, amhuil agus do bheith riachtanas aguinne réna seirbhís; ór ní léigthear astteach annso an drong mheasas gurab fiú agus gurab diongmhála iad féin an onóir sin d'fhagháil." "Ní díobh sin damhsa, a thighearna (ar Des.), ór gé gur fhuloingeas saothar ro-mhór agus duadh doiríomhtha san sligheidh, as deimhin leam nách fiú énní mé muna háil libhsi, ar son bhar maithiosa agus bhar subháilche féin, mo léigean a stteach." A dubhairt Grádh Dé: "Cia iarrae annso?" "Tánog anos as tigh na Humhlachta (ar Des.) maille ris an ccuideachta do chíthí tré shlígheidh na foighidni, d'iarruidh Ghrádha Dé 'sa ghnáthchomh- naidhi a dubhradh riom do bheith annso." A dubhairt Grádh Dé: "An ttugubhair litreacha ar bith libh annso, as a mbeith a dheimhin aguinn gurab as tigh na Humhlachta tángabhair?" A dobhairt Des.: "Atáid dá litir leam. Fuaras litir dhíobh, dárab ainm Aithne an Duine Air Féin a ttigh na Humhlachta, agus as ar an slighidh do sgríobhadh an litir oile, dár ab ainm Aithne Dé." A dobhairt Grádh Dé: "Taithnidh leam go mór mar do rinneabhair bhar ngnoaighthe; gidheadh, innis damh an measonn sibh, ar son na litreach sin do bheith libh, an cóir dhúinni bhar ngabháil san tigh-si?" Adobhairt Des.: "A thighearna, adubhart ribh ó thús gur ab ar bhar ccumas féin agus fá bhar ngrásuibh amháin atá mo léigion astteach; ór ní fheadar-sa an maith do sgríobhadh na litreacha thugas leam, nó nar thuigios iad, ar an n-ádhbhar nách feadar (gé gu rabhadhas a ttigh na Humhlachta,
agus gur thaisbénadar dhamh na sealluidhe agus na maighdeana atáid san mhainisttir, agus a mbéusa uile) nar dhíleaghas amhuil do dhligheas an toradh thugadar dhamh dhá ithe, .i. Neamhdhóthchas a Duine Féin, gé go bfhuaras blas maith air; agus fós ní fheadar nar choimhédas mé san tshlighidh a ttánog ó na neithibh contrárdha thárla dhamh; agus ar an ádhbhar-sin ní bhiadh do chroidhe agam a rádh gu ndearna mé ní maith ar bioth, agus fios mo dhubháilciodh agus mh'iomad peacodh agam féin; maille ris sin ní fheadar nar bheanas shochar as ar fhuilngeas san slighidh, ór as minic do leagadh, do leónadh agus do chréuchtnuighiodh gu mór mé, gurab ar éigin tug mo chuideachta leithbheó ann so mé. Ar an n-ádhbhar sin a sí cúis as prionnsapáilte as a n-iarraim-si Grádh Dé, mar a dubhradh riom gu bhfhuil 'na liaigh mhaith comhdomhuin agus sin a bfhoghluim gu n-aithnighionn gach easláinte dhá seicréidighe dá mbí sna daoinibh. Gonadh aire sin as mian leamsa an t-airdliaigh comhachtach-sin aithnigheas easláinte mh'anma do ghuidhe fám anom féin do ghlanadh agus do shlánughadh." A dubhairt Grádh Dé: "Créud as a n-iarrae do shlánughadh agus do ghlanadh?" "Ar an n-ádhbhar," ar Des., "go ndubhradh riom nách éidir lé hénduine dul a steach ann so muna raibhe glan slán ó easláinte an anma, ór ní héidir ar mhodh eile dul san dúthuigh neamhdha." A dubhairt an doirseóir: "Ós amhluidh sin atá, agus go ccuire do dhóthchas uili ionnuinne, an ann sin nó go labhra tú ré buachuil áiridhe, 'sa aithne 'sa eólas as éigion duit do bheith agad ria tteacht a stteach dhuit."
DO GHRADH NA COMHARSAN. C.2. As mór an fonn do bhí ar Dhes. an buachail d'fhaicsin chuige dochum go mbéaradh do labhairt ré Grádh Ndé é, agus bá hé ainm an bhuachalla Grádh na Comharsan; agus iar mbeith mar sin do Dhes., do chonnairc chuige an buachuil, agus do ghabh lúthgháire comhmór agus sin é agá fhaicsin gur chuir d'fhiachaibh air caoi, tré mhéud an tshóláis do mhothuigh ag faigsin an bhuachalla, agus trés an ngrádh do bhí aige ar a thighearna. Do fhiafraigh an buachuil de: "Créud fá bhfuile ag caoi, agus nách guileann énduine dá mbí san tigh-si choidhche, ór bíd lán do shubhachas?" "Ní tuirsi chuirios d'fhiachuibh oramsa gul (ar Des.) acht iomarcaigh luathghára." "Cia iarrae san tigh-si?" ar an buachail. "A mhic," ar Des., "atú ag iarroigh Ghráidh Dé." "As mise buachoil Ghráidh Dé," ar eision, "agus más é mo thighearna iarrae, as éigean duit labhairt riom féin ó thós, agus mh'aithne, agus cumann do dhéanamh riom; ór tá an oiread sin do ghean ag mo thighearna oram nách áil leis labhairt ré héanduine ag nách biadh cion agus aithne oramsa." "Do badh maith leam," ar Des., "eólas do bheith ar do bhéasoibh agom, agus dhol a bpáirt agus a muinnteardhas riot, ar son do thighearna." "Más áil leat," ar an buachoil, "meisi do bheith am charoid agat, ní foláir dhuit mo chéadtomhuilt do thabhairt damh ar maduin, do lioctabháil dá
ngoirthear Smuaineadh Umhal, agus mo dhinnéar do lioctubháil oile, dá ngoirthear Comhrádh Umhal, agus mo chuid do lioctubháil eile, dár ab ainm Oibriughadh Umhal." "Cáit a bhfuighe mé, ar Des. na lioctubháileadha sin?" Adobhairt an buachoil: "As í an Umhla, agus a buachoil, dá ngoirthear Fond Naomhtha, do ní an chédlioctubháil díobh; ór cuiridh a buachoil d'fhiachaibh uirre a mheas gur ab í féin as lugha asttigh, agus cuiridh fós d'fhiachoibh uirre toradh do chaitheamh dá ngoirthear a Tharcaisnioghadh Féin agus muna chaithe an toradh sin ní fhaghann luibh áiridhe, dár ab ainm Deighmheas Duini Eili, dá ndéantar an chéudlioctubháil sin dhá ngoirthear Smuaineodh Umhal; agus bíodh cumonn agot ris an mbuachoil-sin na Humhlachta, ór ní fhuil san tír-si poitiogáirigh ór fearr an chédlioctubháil sin do dhéanamh iná é, don luibh dár ab ainm Meas Maith ar Dhuine Oile. Do níthear an treas lioctubháil, dár ab ainm Comhrádh Umhal, do thrí gnéibh luibhionn, mar atá Umhlacht, Ceannsacht, agus Caoineas: don Umhlacht, ag labhairt go simplidhe sólásach; don Cheannsoigheacht, ag labhairt gan chuthach gan aindeithneas; don Chaoineas, .i. maille ré gnúis shoghrádhoigh; agus ní foláir púghdar do chrathadh ar na luibheannoibh sin, dár ab ainm Beagán go Mall, ór tig díoghbháil as mórán comhráidh. Agus as do na luibhibh-si do níthear an dara lioctubháil dá ngoir- thear Comhrádh Umhal, tréna ttugthar onóir do dhuine eile. Do níthear an treas lioctubháil, dá ngoirthear Oibriughadh Umhal, do luibhibh eile, agus a siad a n-anmanno Sólás, Grádh, agas Friochnamh, ór as áil lé Dia go ndiongnamaois ar n-oibreacha
go friochnamhach suilbhir. As mar so do níthear na lioctubháileadha-sa, agus dá ttugae mo sháith dhamhsa dhíobh, biaidh cairdeas eadruinn, agus léigfead tú do labhairt rém thighearna." Do budh maith lé Des. na comhairleacha agus na teaguisg thug an buachuil dó, agus a dubhairt: "Ó do thaisbéanuis do bhéusa agus do mhiana dhamh, do dhéan mo dhíthchioll ar na lioctubháilibh-sin d'fhagháil agus do thabhairt duit." Do bhí iar sin aimsir imchian san doras ag déanamh comhluadair ris an mbuachuil, agus ag dul 'na chairdeas, agus ag tabhairt na lictubháileadh sin dó, agus adubhairt ris aon do na laithibh: "Déana do ghrásuibh oram mo bhreith a stteach d'fhéuchuin do thighearna." "As cóir sin," ar an buachuil, "ó do rinnis an mhéid dob éidir leat. An tamoll annso, agus rachad dá fhéuchuin an bhudh áil lém thighearna teacht amach do labhairt riot."
DO GHRADH DE: DON CHEIDCHEIM AGUS DON DARA CEIM DHE, DÁ CHÉIRD, AGUS DÁ OIFIG. Cap.3. As mór an coimhéd do bhí ag Des. ar an ndoras dá fhéuchuin an bfhaicfiodh Grádh Dé ag teachd a mach agus do smuain 'na chroidhe nách raibhe ann féin acht drochdhuine lán do pheacadhuibh, agus nár fhiú é a chomhmór sin do dhuine uasal agus do thighearna do theacht do labhairt ris; agus an tan fá raibhe san smuaineadh-sa gu ro-dhaingean, do chonnairc duine ag teacht a mach do fhiafruigh: "Créad iarrae ann so, a dhearbhráthair?" "A thighearna," ar Des., "a tú ag iarruidh dhuine uasuil ann so dá ngoirthear Grádh Dé." "A sé sin mh'ainm-si," ar eision. Mar do chualuidh Des. gurab é Grádh Dé do bhí aige, do thuit ar talamh, agus do chuaidh a n-anbfhainne. Do ghlac Grádh Dé ar láimh é, agus do chuir 'na sheasomh é. Do bhí Des. ag caoi comhthrom agus sin, an tráth do thóguibh Grádh Dé don talamh é, nár éidir lé Grádh Dé féin, mar do bhí croidhe uasal aige, agus é féin milis, gan caoi agá fhaicsin. As mór do thaitin lé Grádh Dé méud na tola agus an cheana do thaisbéin Des., mar nár éidir leis a fhaigsin gan gul do dhénamh lé hiomarcaidh lúth- ghára, agus a dubhairt ris: "Ná cuir ní sa mhó do dhoilghios oram, ór ní héidir leam fear mo ghrádha d'fhulang ag caoi as mo chomhair. Innis damh cia a dubhairt leat go rabhadhasa san teagh-sa?"
"Aodhaire tárla dhamh san slighidh," ar Des., "a dubhairt riom gu rabhadhais san tigh-si, agus as é do sheól mé ann so." "Créad a dubhairt riot," ar Grádh Dé, "tréna bfhuil an uiriod sin do chion agus do ghrádh agad oram-sa? An uime ghrádhuighe mé, mar do chualadhuis gu ttuguim mórán aoibhneasa dom chairdibh, agus gu ttuguim mórán tiodhlaicthiodh do na daoinibh do ní seirbhís damh, agus gu ccongmhuim iad do ghnáth gan doilghios?" "Ní hí sin cúis mo ghrádha ort," ar Des., "acht mar ataoi ad thighearna uasal onórach bheirios do chairde lat san n-aoibhneas as mó ar an ndomhan, .i. a bfhiaghnuisi Dé." Do thaitin gu mór lé Grádh Dé an intinn naomhtha do bhí ag Des. dochum a ghrádhuighthe, agus as móide do ghrádhuigh é sin. A dubhairt Des.: "As iongnadh leam, a thighearna, agus tú comhuasal agus ataoi, in bhur mac ag Rígh, an docamhal atá an bhur bfhagháil, agus a ttugthaoi do phéin do na daoinibh iarras sibh." A dubhairt Grádh Dé: "Ná habair sin, ór bíd daoine ann nách saoileann mh'aithne ná m'fhagháil, ná mo bheith aca, agus bíd lán díom; bíd daoine shaoileas gu mbím ionnta, agus tar a cheann sin ní aithnighid mé, agus bím a bfhad uatha." A dubhairt Des.: "Guidhim thú agus innis damh do nádúir, do cheird, agus t'oifig, innas gu n-aithnighinn an bfhuilim féin a ngar dhuit, nó an bfhuile ad thighearna agus ad charuid agam." "As í mo chéard agus m'fheidhm," ar eision, "Dia do ghrádhughadh, agus bheith am mhac agá eólas." "Cionnas do bheire grádh do Dhia?" ar Des.
A dubhairt Grádh Dé: "Inneósad sin duit. Bídh fonn ro-mhór oram a ghrádhughadh óm chroidhi agus óm anam, maille rém uile chumhachtuibh, agus eóluis do bheith agom air san chéim in bhudh maith leis mé dá aithne, dochum a onóra agus a ghlóire, agus dochum sláinte mh'anma. Bídh, ós a chionn sin fós, fonn oram an saoghal uile dá aithne, agus an uile chrétúir do thabhairt onóra, beannuighthe, agus glóire dhó ar a shon féin agus ar son a mhaitheasa dhoichríochnuighthe, agus ní go prinsiopáltha ar son sochair nó tarbha dá ttiocfadh dhóibh as; ór ní bhiadh annso acht grádh sainnte. Agus as amhluidh as cóir dhóibh grádh do thabhairt dó, agus seirbhís agus onóir do dhéanamh dhó, ar an ádhbhar gurab mar sin as áil lé Dia iad dá dhéanamh dó dochum a thoile do choimhlíonadh ionnuinn, agus dochum ar dtoili-ne, agus toile na n-aingiol, do bheith gnóaightheach do ghnáth gá mholadh agas gá bheannughadh ar a shon féin, do bhríogh gurab é féin maith as mó, agus atá ós gach maith, agus gurab fíu é bheith iar n-a ghrádhughadh go síordhoidhi agus fonn do bheith orainn a bheith mar atá, 'na mhaith dhoichríochnoighthe, agá bhfuil an uile ní ar a chumas, gion go mbiadh súil agoinn éinní d'fhagháil uadha choidhche, gé nách éidir linn gan ar súil do bheith réna thiodhlaicthibh; gidheadh, an uair bhíos súil agoinn ríu nó ghlacmaoid tiodh- laicthe uaidhe, ní ar a son go prinnsiopáltha as cóir dhúinn a ghrádhughadh, acht ar a shon féin. Agus an uair mhothuighmíd a shólása agus a mhillseacht, ní hamhloigh as cóir dhúinn a nglacadh, dá ngrádh- ughadh ionnta féin, acht dá ngrádhughadh mar shlighthibh agus mar ionnsttruimeintibh do chum ar cceangailthi do Dhia, do mhéadughadh ar ngrádha air, ar a shon féin; agus madh áil leis don taoibh eile bochtacht chorpardha, inghreim, agus éugcóir na ndaoine
do theachd orainn, sin do ghabháil, agus do mheas mar thiodhlacadh ro-uasol ó fhlaitheamhnas, agus mar chloidheamh ngéar lé ngearrthar a mbí do dhroch- ghrádh dhíomhaoin ghuasachtach agoinn, ionnas go ttugmaois ar ttoil uile gan roinn don Thighearna go meinic, agus fós do ghnáth. Agus as é fáth fá ngoirthear Grádh Dé dhíom, mar bím do ghnáth ag saoth- rughadh Dia do ghrádhughadh mar so, agus gur ab í sin as ceard damh. As é so an céim as áirde do Ghrádh Dé, agus an grádh fíre foirbhthe as cóir dhúinn do thabhairt dó; agus as mó thuillmíd a bhuidheachas agá dhéanamh so iná ag déanamh oibri oili dhá feabhas, acht amháin an uair iarras riachtanas na comharsan oroinn aire do thabhairt dó; ór ní háil lé Dia an uair-sin gan sinn do fhreagra an riachtanais. Gidheadh, an uair nách bí an riachtanas ann, as é ní as fearr as éidir dhúinn do dhéanamh, smuaineadh a Ndia do ghrádhughadh ar an modh-sa amhoil adobhramar; agus as mó a luaighidheacht so iná luaighidheacht éanoibri eili, do bhrígh gurab é Grádh Dé as cúis luaighidheachta do na hoibreachoibh. Gonadh aire sin bhíos luaighidheachta na ndaghoib- readh ag fás, do réir mheidhe an ghrádha ó ttigid, an ccéin bhíos neach ag foghnamh do Dhia san mbioth cé, agus go roich féige an ghrádha san saoghal-sa, mar atá bás d'fhulang ar son Ndé. Fa ris so (ar Grádh Dé) do ním díthchioll gan énní do dhéanamh do chuirfeadh fearg air ná do thuillfeadh a oirbhire go beag ná go mór, agus dá dteagmhadh go ndíongnuinn trém anbhuinne, iarruim ar an mball maitheamhnas air, agus léigidh an uair-sin 'na chairdios mé, mar do bhádhas an chéduair. Os a chionn-so, mar atá nádúir mhaith uasal mhilis ag mo Thighearna, ní lór leam a ghrádhughadh san
chédchéim-sin, acht grádhuighim san dara céim é, .i. do ním gach ní dá n-aithnidheann díom, agas fós gach ní dá n-aithnigheann énduine do mhuinntir a thighe 'na ainm nó as a ucht, .i. préaláidi na Heagluisi, ón duine as airde dhíobh gus an nduine as ísle, ór do ním a bhfógraid damh maille ré mórán rebherens, dúthrachta, grádha, agus suilbhireachta, agus maille ré friochnamh agus ré humhlacht, agus gu háiridhe ó thoil mhaith, agus do ním sin do ghnáth agus in gach uile ionad. Agas an uair do ním gach ní dá bhfógrann mar sin damh, as annsin mheasuim go bfhuil grádh agum air, agus as deimhin leam gurab férr leis mé dá dhéanamh sin iná do dhéanamh míorbhuileadh. Agus cionnas budh áil leat (ar Grádh Dé) fonn do bheith agom ad sheirbhís nó grádh do bheith agom dhuit, an uair nách budh áil leat an ní do fhóigeóruinn duit do dhéanamh? Ór bíodh a dheimhin agod nách fuil ní as mó lé cceanglann tú do spioruid dom spioruid, agus lé ccuire do thoil a n-oireamhuin dom thoil, iná ag déanamh an neith fhógraim dhuit ó thoil mhaith."
TRACHDUIGH NI AS FAIRSINGE AR GHRADH NDE SAN DARA CÉIM. C.4. "Cuirim romham, san dara céim-si don ghrádh, gach éinní do dhéanamh bhíos d'fhiachuibh oram ó mhóid nó óm oifig, ór, ó do cheanglas mé féin énuair amháin ó ghealladh agus ó mhóid (ní nách aithreach liom), atá an ní sin do bhí ar mo láimh an chéduair do dhéanamh, nó do léigion díom, gan diomdha Dhé, d'fhiachuibh oram ó sin suas, comhdhaingion agus bhíos an aithne. Agus ar an n-ádhbhar sin smuainim gu maith ar mo mhóid, agus ar an n-oifig bhíos agam, agus ar na neithibh as riachtanach dochum a coimhlíonta; riaghluidhim mé féin lé comhairleachuibh na ndaoine n-eagnuidhe, agus lé heólus an sgríoptúir naomhtha. Or as aithnidh dhamh gurab mór do na daoinibh thuillios oirbhire Dé tré gan eólas do bheith aca ar na neithibh bheanas réna n-oifig; agas an uair bhíos eólas aca ar na neithibh as cóir dhóibh do dhéanamh, agas nách déanuid iad, as measa iad mar sin, ór ní tré ainbhfhios do níd peacodh, acht ó mhailís. Agus mar do chím gu mbí an ní do gheallas d'fhiachuibh orm, do ním díthcheall dochum a choimhlíontha mar as iomláine agus mar as fearr as éidir leam; agus do bhrígh gur gheallas dom Thighearna bheith fírinneach, ro-ionnruic a ccúis trír maighdion atá san tigh-si, dá ngoirthear Umhlacht, Bochtacht, agus Geanmnuidheacht, tug dhamh mar bhaintighearnuibh, ní bhí do sduidéur laoi ná oidhche agam acht dá fhéchuin
cionnas as fearr do fhéudfuinn seirbhís do dhéanamh dhóibh agus a mbuidheachas do thuilleamhuin. Agas as uime sin a deirim ar maidin rém anam: "A mo anuim, féach cionnas stiúrfas tú thú féin aniugh a bhfiadhnuisi do bhaintighearnadh do chum a mbuidheachais do thuilleamhuin," agus iar tteachd na hoidhche a deirim mar a ccéadna: "Faicim, a mo anuim, nar chuiris fearg a niugh ar énchuid dod bhaintighearnuibh, nó nar thuillis a ndiomdha," ionnas nách fuil d'énchúram agam acht mo dhíthcheall do dhéanamh ar bheith am shearbhóntuidh dhílis aca." "Créud fá ndiongnae sin?" ar Des. "Do ním (ar Grádh Dé), do bhríogh gurab iad súd as baintsheómradóireadha dom Thighearna, agus nách éidir lé hénduine dá cceanglann é féin a seirbhís na mbaintighearnadh-sa, dul a stteach gan a ccead, agus gan iad-san d'fhosgladh an dorais dó." "Guidhim thú (ar Des.), innis damh créud an freacrughadh nó an exersis bhíos ad spioruid dochum ionnracuis nó na seirbhísi as fearr do thaisbhénadh dhóibh so." "Cuirim (ar Grádh Dé) trí neithe romham, agus as iad as biadh dhamh do ló agus d'oidhche, agus do bheirid bríogh iongantach dhamh do chum foghuinthe do na maighdeanuibh-si. A sé as ainm don chéidní chuirim romham Ná Hiarr Enní; ainm an dara neith, Ná Santuigh Einní; ainm an treas neith, Ná Smuain Enní. Do gheibhim blas na Humhla ar an ccédní sin chuirim romham, an uair chóruighim é lé sabhsa nó lé spíosarruibh dá ngoirthear Do Dhéanamh dot Thoil Féin; agus tig dhe sin gurab é as ainm don chédní chuirim romham, Ná Hiarr Enní do Dhéanamh dot Thoil Féin; agus as ris an mbiadh so beathuighthear
an Umhlachd, agus dá mhionca agus dá ghloine do bheirim an biadh so dhi, as móide thairrngeas a muintearrdhas mo Thighearna mé, agus as móide labhras ris oram gu maith agus thairrngios é do chum ceana do thabhairt damh. An uair dheasoighim an biadh céadna-sa, dárab ainm Ná Hiarr Éinní, lé spíosroibh eile dár ab ainm Do Bheith Agat, as é as ainm dhó an uair sin, Ná Hiarr Einní do Bheith Agot, agus as é an biadh-sa as beatha don mhaighdin eile, dár ab ainm an Bhochtacht." "An mar sin beagán," ar Des., "gan dol ar th'aghoidh. Cionnas nách iarrfa mé éinní do bheith agom, má tá sé 'na riachtanas oram?" "Tuig," ar Grádh Dé, "má tá éinní 'na riachtanas ort do chum teachta a ttír go bhfuil préláid as do chionn, ar a bhfuil d'fhiachoibh an ní sin do sholáthar; agus ní maith do measfoidhi an áit a mbeith uachdarán, ar a mbeith cúrom soláthair do dhéanamh do chách, do chum go madh éidir leó gan toirmeasg aire do thabhairt do Dhia, go mbeith an fear-sa ag iarroigh an neith-si, agus fear oile ag iarroigh neith oile, do réir mar do ghluaisfeadh a bhfhonn chuigi iad. Gidheadh, ní maith do ní an t-uachtarán muna raibhe discréid aige do chum do riachtanois d'fhaicsin, agus as éidir leat an uair sin do riachtanas d'iarroigh; gidheadh, tuigthear so maille ré dhá choingheall: an céadchoingheall, an uair nách fuil aire ná rún ag an phréuláid so do thabhairt duit, achd muna iarrae é. An dara coinghioll, nách d'fhonn, acht tré riachtanos, iarra e é, ór ní fhuil a n-éinní dá n-iarrfa tú ós a chionn so acht cathughadh, cúirialtacht, nó anbharr, agus creid mé gurab mór do na dubháilcibh fhoilgheas iad féin fá bhrat an riachtanuis, agus go háiridhe sna neithibh bheanas ré lón corpordha bídh agus éaduigh."
"Cionnas aitheónas mé," ar Des., "cia dhíobh sin, an riachtanas nó an fonn, chuireas d'fhiachoibh oram an ní d'iarroigh?" "Féuch féin," ar Grádh Dé, "an éidir leat teacht a ttír gan an ní, gan ghuais chuirp nó anma; ór dá ccreidi dá ríribh, gan mhealladh ar bioth, go bhfoil guais ad chionn fá gan a iarroidh, atá d'fhiachoibh ort an uair sin a iarroigh, agus ní hé a mháin, acht atá luaighidheacht agot ar son a iarrata an uair-sin do chum seirbhísi Dé. Gidheadh, más éidir leat teacht thairis gan ghuais éfeachtuigh anma nó chuirp, gé go ttiocfadh gné mhíochomhghair duit as gan a iarroidh, nách rachadh thar dheiscréid, agus mar sin, gé go mbeith gné riachtanois agot ris, as mór an tshubháilchi gan a iarroigh, gé go madh éidir go réasúnta agus gan choir ar bioth a iarroigh. As éidir lat a aithni as an tteagasg-sa cia don dhá ní chuireas d'fhiachoibh ort an ní dh'iarroigh, riachtanas nó fonn; gidheadh, ar eagla go meallfadh a bharamhoil féin duine, as mór as fíu cleachtadh agus gnáthughadh subháilcheadh, agus muna raibhe an cleachtadh sin aige, ní foláir dhó comhairle dh'iarroigh ar dhaoinibh eagnoidhe, nó ar an sgrioptúir naomhtha."
MINIGHIDH AND SO AN DA NI OILE DO CHUIR ROIMHE. C.5. "O do mhúineas duit go soiche so an cédní do chuireas romham lé ccothuighim mé féin agas an dias maighdean adobhart, .i. an Umhla agus an Bhoch- tachd, foillseóchad duit a nos an dá ní oile chuirim romham, .i. Ná Santoigh Einní, agus Ná Smuain Einní. Gidheadh, ní fuláir dhuit a thuigsin ó thús gurab ón dara ní-si chuirim romham, .i. Ná Sanntoigh Éinní, gheinthear agus thig an cédní chuirim romham, .i. Ná Hiarr Éinní. Ór as dearbh nách iarrond duine do bheith aige, ná do dhéanamh, acht an ní shann- toigheas do bheith aige, nó do dhéanamh; agus an uair chuirthear an chúis ar ccúl, .i. an tshaint, tré neamh- shaint do bheith ar dhuine, cuirthear ar ccúl an ní-sin thig eistte, .i. ní dh'iarroidh, agus anoidh a chontrárdha, .i. gan ní dh'iarroigh; agus as leis an daro ní-sin chuirim romham, .i. gan éinní do shanntughadh, bheathoighim an dara maighdean, dár ab ainm an Gheanmnoigheacht; agus as amhloidh as cóir so do thuigsin, .i. gan éinní saoghaltha ná colnaidhi do shanntughadh. Gidheadh, mar atá frémh eile ag an luibh-si ó a bhfásann, .i. an Smuaineadh, ór ní shanntoigheand duine ní acht an ní smuaineas, cuirim romham an treas ní, .i. Ná Smuain Einní; agus as cóir so do thuigsin, gan éinní do smuaineadh go daingean ó thoil do bheanfadh ré coir, do chum sóláis do bhuain as, ná do chum a chora a ngníomh; ór ní fhuil ar ar ccumas gan drochsmuaintighthi
díomhaoini do theacht chugoinn, gé go bhfuil ar ar ccumas gan aonta do thabhairt dóibh, agus ní dhéanaid mar sin díoghbháil dúinn, agus ní mó shalchoid ar n-anam, fhuilngeas iad dá aimhdheóin; agus as de so ghoirthear Ná Smuain Éinní. Gidheadh, mar thuar- thar agus mar fhliuchthar an luibh-si go meinic lé huisge dár ab ainm an Fhéachoin, as éigion dúinn púdhdar áiridhe do chrothadh ar an dá bhiadh naomhtha spioradálta-so adobhramar, agus as é as ainm don phúdhdar Dúin na Súile. Agas as iad so na trí neithe," ar Grádh Dé, "ghlanas mh'anom ón tsaoghal, agus óna uile acobhar agus álghas, agus óm thoil féin, agus do bheirid damh mórán sgéimhe, agus gloini chroidhe, do chum grádha do thabhairt dom Thighearna; agus as do chum na ttrí neitheadh-sa chuirim romham thairreangthar an uile exersis eile sbioradáltha do ní duini sna subháilchibh eile nó gá ísliughadh féin. Agas ná saoil (ar Grádh Dé) gur ab a n-aisgidh do ním seirbhís do na maighdeanoibh-si, ór do bheirid tuarasttal maith dhamh, agus tug maighdean díobh, .i. an Bhochtacht, séud buadha dhamh." "Taisbéin sin damhsa," ar Des. "Atá a ttaisgidh go ro-mhaith agom," ar Grádh Dé, "a ndá ionad, .i. am chroidhe agus am shealla. As ro-uasal an séud-sa, agus as mór an ní as fíu é, ór ní fhuil ionnmhas as fearr, agus ní thuilleann am chroidhi nó go ccuirim as gach uili ní saoghaltha, agus fós ní thuilleann am shealla nó go ccuirim as a mbíd ann do neithibh iomarcacha gan gnoaidhe ríu, agus ní háil leis do chongmháil damh am shealla acht énchéusadh amháin agus beagán leabhar." Do fhiafraigh Des.: "Créud as ainm don tshéud bhuadha-sin?"
"Asé as ainm dhó (ar Grádh Dé) Gan Enní, ór asé so cistte as mó ag an Bhochtacht, agus así féin baintighearna as saidhbhri ar an ndomhan, uair an fad mhaireas an eisdi-si ní bhí uireasbhuidh uirre, agus ní héidir a bhuain di, ná a laghdughadh."
DON OIFIG CHEADNA AN GHRADHA AGUS DON URNUIGHTHE SAN CHÉIM CHÉADNA. CAP.6. "Iarthar san chéim-si an ghrádha a dubhart (.i. gach énní do dhéanamh aithnidheas an Tighearna dhíom agus atá d'fhiachaibh oram) coinghioll áiridhe atá agom agus oibrighim, agus asé so é, .i. do ním mo dhíthcheall ar son an chéime agus na hoifige 'nar chuir mo Thighearna mé, an uair thiaghuim do dhéanamh seirbhísi dhó, nó do labhairt ris, nó dh'iarruidh neith air, teacht 'na fhiaghnuisi leis an n-ísle agus leis an ngloine chroidhe as mó as éidir leam; ór dá ghloine dá mbí mo chroidhe, as móide éistteas mé. Guidhim fós mo dhearbhráthair Egla Dé, agus mo shiúr Rebherens, dochum teachta dom choimhideacht." "Creud an ní do ní tú (ar Des.) dochum an Rebherens do bheith ad choimhideacht?" "Do ním (ar Grádh Dé) a smuaineadh cia mé féin, agus a smuaineadh cia hé mo Thighearna, ór smuainim a mhórdhacht naomhtha, atá ro-dhiong- mhála dá gach uile rebherens agus eagla, agus don uile ghlóir agus onóir. Smuainim arís mar atá an uile spioruid bheann- uighthe dá bhfuil a bhflaitheamhnas ar crioth 'na fhiaghnuisi, agus mar chromaid uile síos dá adhradh agus dá mholadh; agus an uair bhím ar meadhair agus ar subhachas leis na smuaintighthibh-si, lán d'iongantas 'na mhórdhacht agus 'na mhaith ro-uasail, smuainim arís mar do chí uile mo chroidhe agus mo smuaintighthe agus mh'inntinn, agus mar aithnidheas mh'uile shecréid
ní as doimhne agus ní as soillsi gu ro-mhór iná aithnidhim féin. Smuainim uair eile mar as éidir leis gach uile ní as áil leis féin do dhéanamh, agus gach uile ní as áil leis do chur ar ccúl; agus mar atá bás agas beatha ar a láimh, agus ar mbeith ann ná gan ar mbeith ann, agus slánughadh nó damnadh an domhuin; agus smuainim mar atá maith uile, agus comhmaith agas sin nách fuil maith eile ós a chionn nó a ccomparáid ris. Agas an uair smuainim iad so, tollaid gu meinic mo chroidhe, agus créad nách treaghdfadh mo chroidhe an uair smuainim gu bfhuil a leithéid sin d'oifig agam, atá am peacthach thruaillighthe tharcuisneach lochartha, as bréine, bhrodhaighe, agus as morguidhe, iná madadh marbh, agus gu mbím comhmuinntearrdha agus sin ag an mórdhacht as mó a bhflaitheamhnas, agus gu bfhuilngionn damh teacht 'na ghar, labhairt ris, agus suidhe ar a bhórd, mar do bheinn am charuid mhóir aige? Agus foillsighim ar uairibh so dó féin, agá rádh ris: "A Thighearna, créad fá ndéanae so? Nó créad an riachtanas atá agad ré drochdhaoinibh truaillighthe do bheith at fhiadhnuisi? Nó an iomchubhuigh créatúire comhghráinemhla rinne do bheith ag seirbhís duit? A Thighearna, cáit a bfhuil do rebherens ríoghdha agus an onóir as dleacht dod mhórdhacht?" A dubhairt Des.: "Créad an freagra do bheir an Tighearna ort an tráth sin?" "Ní mór gu bhfeadar (ar Grádh Dé), acht gu ccuireann d'fhiachuibh oram, ó iomarcuidh sóláis, bheith ag gul. As cumhuin leam gu n-abair ar uairibh: "Ná bíodh cúram ort fána fhios sin d'fhagháil, ó nách tú féin do iarr an n-oifig 'na bhfuile, acht misi dod ghlacadh agas dod ghairm
chuice. As aithnidh damhsa an chúis fá ndeárnas féin sin. Bíodh aire agadsa ar an ní atá d'fhiachuibh ort, agus ar th'oifig dho choimhlíonadh comhmaith agus as éidir lat, agus ná bíodh ní sa mhó do chúram ort." "Creud a deire ris?" ar Des., "nó créad an chúis fá ttige 'na fhiaghnuisi do labhairt ris, agus an Umhla, an Eagla, an Grádh, agus an Rebherens ad choimhideacht?" "Adeirim riot ó thús," ar Grádh Dé, "an ionmhaine atá d'fhiachoibh oram do thabhairt dó, agus sin ar a shon féin, do bhrígh gurab eisean an mhaith as áirde agus as uaisle dár ab éidir do smuaineadh, ó ttigmíd féin uile, agus a bhfuil agoinn do mhaith, agus a ndéanmoid do dhaghsmuaintighthibh agus do dheagh- oibreachoibh; agus an uair smuainim ar mhaith dhoichríochnoighthe mo Thighearna, claonaim mo thoil dá órdughadh an mhaith-si do bheith mar atá, agus beanoim sólás agus aoibhneas as so, agus adeirim rém Thighearna gurab aoibhinn leam bheith ag smuaineadh ar a mhaith, agus nách áil leam aoinní oile acht é. Agus fillim ar an bhfonn-so agus ar an mian go minic, agus mh'anam ag léimnigh lé lúthgháire an uair do chím mo Dhia lán don uile mhaith, agus gan éinní 'na uireasbhoigh; agus adeirim ris arís gur ab mó mo ghrádh dhó ó chroidhe iná don uile ní dár cruth- oigheadh agus dár éidir do chruthughadh, agus go bhfuilim agá ghrádhughadh agus agá iarroigh mar mo Dhia, mar mo Chruthaighthéoir, mar mo Thighearna, mar an maith as áirde agus as uaisle ar an ndomhan, agus go bhfuilim lán do shólás fána bheith mar tá, 'na Thighearna ar na huile neithibh, agus fán uile chréutúir do dhéanamh a sheirbhíse. Adeirim ris arís: "A Thighearna, ní háil leam éinní, agus ní ghrádhoighim acht tusa a mháin, agus ní fhuil do ghlóir ná do chíunas
agom acht bheith lán do shólás agus do lúthgháire fád ghlóir-se, agus tré bheith comhghlórmhar agus ataoi." Caithim an mhéid as éidir leam dom aimsir ag tabhairt mhíochúise mar so dom Thighearna, ór as aithnidh dhamh nách éidir leam ní as fearr iná so do dhéanamh. A deirim ris 'na dhiaigh so an chúis fá bhfuil d'fhiachuibh oram grádh do thabhairt dó, agus a sheirbhís do dhéanamh, ar son mh'oifige, mo gheallamhna, mo sttaide, agus a deirim so leis an n-aire, leis an ndúthracht, leis an rebherens, agus leis an suilbhire, agus leis an ttoil as fearr as éidir leam, agus ní ó thuirsi ná ó éigean, gé go mbiadh d'fhiachuibh oram a dhéanamh, ór do ním an ní bhíos d'fhiachuibh oram ó aithni gu fonnmhar toileamhuil. 'Na dhiaigh so, an uair as mian leam énní dh'iarruigh air, do ním mo dhíthchioll ar tús ar a mholadh, agas ní tuirsighthior mé dá mholadh ar mhórán do mhodhuibh, ór as aithnidh damh gurab ait leis so; agus a deirim leis, agá mholadh, na hoibreacha do rinne, ag fagháil shóláis agus aoibhneasa ionnta, agus 'na mhórchumhachtuibh, 'na eagna, agus 'na mhaith; agus aithrisim dhó na tíodhluicthe, na haisgeadha, agus na grása do rinne ar a dhaoinibh uaisli agus ar a shear- bhóntuighthibh ó aimsir go haimsir, .i. ó thosach domhuin, an tráth fár mhian leis na daoine do ghlacadh 'na mhuinnteardhas agus comhluadar grádhach muinnteardha do dhéanamh riú, mar do rinne ré Maoisi, ré Abraham, ré Iacob, agus ris an ccuid eile do na Patriarcuibh agus do na Fáidhibh, agus lé naomhuibh an nuaidhthiomna, mar atáid na Heaspuil, agus na doctúireadha naomhtha, S. Aibhisttín, S. Hieoroinim, agus S. Ambrós, agus fós Pádraig, Colam, Ciarán, Brighid, Bréanuinn, agus mórán oili, agus ris na naomhuibh eili thánuig a nos fá dheireadh, S. Bearnárd, S. Froinsias,
agus S. Doiminic, agus mórán eile, agus do bheirim moladh agus beannughadh dhó ar a shon so; agus aithrisim dhó arís ar thaisbéin agus gach a ttaisbéanann do ghnáth do thrócaire dá naimhdibh agus dá eascairdibh, agus do ním gné chomhnuighe ann so, ag déanamh iongantuis don uaisle chroidhe atá ann, nách lór leis maith- eamhnas do thabhairt dá naimhdibh, acht bronntanas mór do dhéanamh dhóibh. Moluim é 'na dhiaigh sin ar son a bfhuil do ghrásuibh ann féin, agus aithrisim dhó a shubháilce agus a sgéimh, agus beannuighim é ar a son, agus as ait leam a mbeith aige. Do ním so gu minic, ór as aithnidh dhamh a bhéusa, gurab ait leis duine do theacht ar uaigneas fá ris do labhairt ris ar na neithibh millsi secréideacha, 'sa bfhios nách bí ag na daoinibh bhíos 'na sheirbhís agus 'na thigh, an uair nách áil leó a ndíthcheall do dhéanamh ar dhul a steach 'na sheómra shecréideach." "Créad fá n-adhmholae é?" ar Des. "Do ním (ar Grádh Dé), do thabhairt onóra dhósan agus dom choimhéad féin ó uabhar; ór dá mhéud dá n-árduighim eision, as móidi mo náiri é dom mheas féin, agus as lughaidi mh'onóir am thimchioll féin, agus as móide iníslighim mé, ní as ro-ait leision; ór as maith leis a mhaitheas, a uaisle, a mhórdhacht, agus a dhearrsgnuidheacht, do bheith do ghnáth 'nar ccuimhne agus ós comhair ar súl, agus ar n-olc féin, ar mbochtacht, agus ar mbeiginmhe. Mailli ris so, dá ttuguinn dó an moladh as mó as aithnidh dhamh agus as éidir leam, atá a fhios agam nách éidir leam bréug do dhéanamh ann so; ór as mó a mhaith-sion, a uaisle, agus a dhearrsgnuidheacht iná an mhéid fhéuduim-si do rádh ná do smuaineadh, ná fhéudas creutúir ar bioth oile, ainglidhe nó dhaondha."
TRACHDUIGH AR OIFIG GHRADHA DE SAN DARA CEIM, AGUS LEANUIDH DO MHODH NA HURNUIGHTHI. C.7. "D'éis mo Thighearna dho mholadh dhamh mar so (ar Grádh Dé), ofráilim mé féin dó, agus mh'anam, agus mh'uile thoil; agus ofráilim dhó fós ní áiridhe do chuireas romham do na neithibh as fearr dá bhfuil agam, agus asé so an ní sin, .i. gan a dhiomdha ná a fhearg do thuilleamhuin ar son énneith ar an ndomhan- sa; agus guidhim é fán ttoil-si do dhaingnioghadh agus do choimhéud agam, ór ní fhéaduim-si gan a chongnamh- san so do chur romham ná do choimhéud. Iarruim 'na dhiaigh so maitheamhnas air inar chuireas d'fheirg air riamh; guidhim é gan a fhulang dhamh ní eile do smuaineadh, do thuigsin, ná do ghrádhughadh, acht é féin, agus ó do badh toil leis mo leithéid do ghlacadh mar óglách dhó féin, agus mo chur a ccomhárd na hoifige ina bhfuilim, an Spiorad Naomh do thabhairt damh, oibrigheas an n-úmhlacht agus an naomhthachd, do chum go nglanfadh mh'anom ó gach uile lochd as aithnidh dhó and diongmhála dhá dhiomdha, agus go mbeith taithneamh aige ar mo sheirbhís ó sin suas, agus nách díbreadh as a fhiaghnaisi mé, nó go bhfaghoinn bás agus beatha ann féin. 'Na dhiaigh so guidhim é ar son na ndaoine as annsa leam, agus as mó fiacha spioradálta nó temporálta oram, agus ar son an tighe a mbím, agus ar son an uile chréutúir réasúnta, fá ghrásoibh do thabhairt dóibh, lé n-aitheóndaois é, agus lé ttiobhradaois grádh, onóir,
moladh, agus buidheachas dó, mar as cóir, agus do ním mo dhíthchioll ar so uili do rádh ó ghloine chroidhe." "Créud do ní tú," ar Des., "do chum teachta 'na fhiaghnaise go ngloine chroidhe?" "Do ním (ar Grádh Dé) mo chroidhe do choimhéad an mhéid as éidir leam, agus bím ag faire ar mo smuaintighthibh, agus bídh eagla mhór oram rém anom, agus coimhéadoim mo chéadfadha mar as fearr as éidir leam. Cuirim an tShimplidheacht ós mo chomhair, agus beanoidh sí an chiall as fearr as gach éinní dhá bhfaiceand dá dhéanamh asttigh; agus an uair as mian leam gan eagla ar bioth do bheith oram, téighim a bfhochair mo Thighearna, agus ní fhuil do mhaith, do shólás, ná do shuilbhireachd agam acht bheith ag comhrádh ris agus ag iarroigh comhairle air, agus ní bhí sásadh ná soirbheas, cíunas ná innilleacht agom acht an uair bhím 'na fhochair, agus ar an n-ádhbhar-soin cuirim romham an uili ní d'fhágbháil, agus teacht fá ris, agus gan a fhágbháil choidhche." "Nách tabhrae dot aire," ar Des., "gurab tarbhach ar uairibh bheith ag léaghthóracht?" "As fíor," ar Grádh Dé, "gurab maith an léughthóracht; gidheadh, ní do chum eólais do bheith ag duine, acht a mbia aige ar Dhia agus ar a shlighthibh, do chum a aithne agus a ghrádhoighthe, agus ní hiarrthar mórán leabhar chuige so. Ní fhuil ní as fearr leam iná míochúis mo Thighearna do thairreang oram, agus mh'anom do líonadh dá chion, agus ní hí amháin an tuigsi do líonadh dá eólas; ór as lór leam a ghrádh, agus múinfidh sé féin damh a mbiai d'uireasbhoidh eólais oram, agus as mó as éidir leis do thaisbéunadh dhamh do sheicréidibh, do chum é féin do ghrádh- ughadh agus gan a dhiomdha do thuilleamhoin, iná as éidir lé leabhraibh an bheatha.
Agos as mó chruinnigheas mh'anam, agus do gheibh do ghloine, d'eagla, do dhúthracht, agus do rébherens, d'aithreachas, do chobhsaidheachd, do ghéarsmacht a n-aghoidh mo cholna, an uair bhím ar uaingheas a bhfiaghnaisi Dé, iná an uair bhím ag léaghthóracht. Agas as meinic smuáinim nách iarrfa Dia cunntas oram ina ndearnas do sttuidéar ná do léaghthóracht, ná inar léigeas de sin díom, acht san chéim a ttugas, nó nách tugas, grádh dhó. Gidheadh ná tuigthear as so go bhfuilim ag toirmeasg na léaghthórachta uile, go háiridhe ar na daoinibh ag nách fuil eólas ar shlighthibh Dé ná ar ríoghdhacht na spioraide, nó dá nách eól difir do dhéanamh eidir na smuáin- tighthibh, ór as éigean dóibh so mórán léughthórachta do dhéanamh, agus neithe spioradáltha, agus exersis agus freacramh na hinntinde d'fhoghlaim, ar an n-ádhbhar go madh mór an leimhi, an amadánachd, agus an tarcaisne ar an rígh, dá ttairgeadh duini ainbhfeasach sléibhteamhuil, ag nách bíadh sttíl, múnadh, úrlabhra, agus béusa, ná modha an pháláis nó na ccúirt- eóireadh, dul do labhairt ris ós comhair dhaoine uasal, aghaidh ar aghoidh: ór an uair as fearr do shaoilfeadh, dar lais féin, labhairt, adéaradh ní éigin ainbhfeasach gan múnadh, do réir a oileamhna, tréna ccuirfidhe a ccéadóir as radharc an ríogh é, maille náire agus ré cúthaileacht. As mar so theagmhas sna neithibh spioradáltha. Gidheadh, na daoini dár ab eól léaghthóracht, agus do chualaidh nó agá bhfuil eólas, as uaisli agus as áirdi an obair dhóibh an urnaighthe iná an léaghthóracht, ó atá fios urlabhra agus bhéus na cúirte spioradáltha aca. Gidheadh (ar Grádh Dé), atá modh áiridhe agom nách ag gach aon bhíos, an uair bhím a bhfiaghnoisi
mo Thighearna, gan mh'aghoidh d'fhilleadh uadha, ór as mór an tarcaisne agus an t-aindligheadh do bhéarainn dá mhórdhacht, an uair do bheinn ag labhairt ris, dá bhfillinn mo ghnúis uadha." "Mínigh sin damh," ar Des., "ór ní thuigim é." "Do ghéan," ar Grádh Dé. "An uair bhím ag labhairt rém Thighearna, agus fhillim uadh mo mheabhair nó mo thuigsi do smuaineadh nó do thuigsin neith ar bioth eile, fillim an uair sin mh'aghoidh uadh, agus do bheirim mo chúl dó. Féuch-sa an bhfuil droch- mhúnadh ann sin, agus a dheimhin agom go bhfuil seision gom fheitheamh go díreach, agus ag féuchoin ar a n-abroim ris, agus gá mheas créud an rébherens nó an dúthracht, créud an truaighmhéile, an grádh, nó an náiri, lé n-abroim ó chroidhe mo chomhrádh. Dá éisi so do bheirim buidheachas mór dhó ar son a ttug do thiodhlaicthibh dhamh agus don uile chréutúir, agus smuainim orra go meinic, agus áirmhim dhó féin iad; ór as aithnidh dhamh gur ab ro-mhaith leis gan ar mbeith dombuidheach, ag léigean a fhéile agus a dhearlaiceadh as ar ccuimhne."
CUIRIDH SIOS AN TREAS CEIM DO GHRADH DE. C.8. "O do labhras riot (ar Grádh Dé) ar an ccéidchéim do ghrádh mo Thighearna, .i. gan a dhiomdha do thuilleamhoin, agus ar an ndara céim, .i. a aitheanta agus gach fiacha oile do choimhlíonadh, ní lór leam so; ór atá a chomhmór sin do ghrádh agom ar mo Thighearna go ccuirim fá ris an dá chéim-si an treas céim eile don ghrádh, .i. an uile ní eile do dhéanamh shaoilim nó mheasoim as ait lém Thighearna, tréna ttuillim a bhuidheachas." "Créad na neithe tré dtuille a bhuidheachas (ar Des.), agus créad an ní as fonnmhuire leis do dhéanamh dhuit?" "Dá ní (ar Grádh Dé). An céd ní, grádh do thabhairt don uile ní dá ttabhair mo Thighearna grádh, agus fuath do thabhairt dá gach ní fhuathuigheas; agus ar an n-ádhbhar-sin do choimhlíonadh an chédneith- sin, .i. do ghrádhughadh an neith ghrádhuighios, atá grádh ro-mhór agom d'éanMhac mo Thighearna, an ní as millsi, as bréghdha, as uaisle agus as subháilcighe dá raibhe ar an mbioth riamh, agus an Mac as umhla dá Athair, dá raibhe ná dá mbia. Atá uiread grádha ag an nAthair don Mhac-sa agus atá aige dhó féin, ór ní raibhe mac ag athuir riamh comhchosmhuil réna athair féin agus atá an Mac-so ris an Athuir neamhdha. Grádhuighim ar an modh ccéanda an Spiorad Naomh, tháinig ón Athair agus ón Mhac, agus a tá comhchumhachtach agus comhuasol riú, agus eidir a bfhuil, an uiriod-soin do ghrádh agus d'ionannus gurab énní,
éineisiondsa, éunnádúir, aonchumhachta, éineagna, agus éantoil iad; ór gé go bhfuil difir eatorra a bpear- sanoibh, mar atáid trí pearsanna aca, .i. Athair, Mac, agus Spiorad Naomh, agus go bhfuil an difir sin comhmór agus sin nách Athair an Mac, agus nách Mac an tAthair, agus nách Athair ná Mac an Spiorad Naomh, ní fhuil ionnta ar a shon sin 'na ttriúr (mar adobhart) acht aoinDia, ó bhfuil an uile, tré bhfuil an uile, agus 'na bhfuil an uile, aontshubsttaint, aonnádúir, agus aointshíordhuigheachd, 'na bhfuilid comhshíor ré 'roile, gan tosach dá laghad ag aoinphearsoin aca ar an bpearsoin eile." "Guidhim thú," ar Des., "ré ndul tairis sin duit ad chomhrádh, fionnam uait cionnas as éidir a thuigsin nách déighionuidhe an ní thig ó ní oile iná an ní ó ttig? Agus mar sin cionnas as éidir a rádh, nó a chur a n-umhuil dúinn ar mhodh éigin chosmhuil, nach fuil an Mac ní as déighionuidhe iná an tAthair neamhdha ó ttáinig? nó an Spiorad Naomh, táinig uatha-san ar aon, ní as déighionaidhe agus ní as óige ináid?" "Ní héidir (ar Grádh Dé) samhuil iomlán na cúisi sin d'fhagháil, ór ní fhuil énní ó shíor ann acht Dia amháin, .i. Athair, Mac, agus Spiorad Naomh. Gidheadh, do chímíd ar uairibh, idir na crétúiribh féin, nách bí tosach ar bioth dá laghad ag an ní ó ttig ní eile ar an ní thig uaidhe, mar as follas san ghréin, ó ttig a deallradh do bhí ann a n-aoineacht lé féin, .i. san chéudmhoimint 'nar chruthuigh Dia í. As mar an ccéadna don teinidh, agus dá deallradh agus dá teas; ór gé gurab ón teinidh thigid so, ní bhí tosach ar bioth dá laghad aice ortha. Nár bá hiongnadh lat ar an n-ádhbhar-so aithghin an neith do chíthear sna créutúiribh do bheith a
Ndia, ar mhodh as airde agus as uaisle iná san mhodh a bhfuil intibh si; agus fós dá mbeidís na créutúire rémhráite sin ann do shíor, do bheidís na neithi-si thig uatha ann do shíor agus coimhshíordhuidhe mar sin riú féin, ionnamhuil agus dá mbeith cos do shíor a luaith, gu mbiadh a lorg do shíor san luaith chéadna, gé gurab ón chois do thiucfadh an lorg, mar a deirid deisgiobuil Phlato ag S. Aibhisttín." "Beannachd Rí nimhe dhuit," ar Des., "ór as ádhbhal an cíunas tuguis dom inntinn, gé gur chreidios gu ro-dhaingion coimhshíordhuidheacht na ttrí bpearsann rias na samhlochuibh sin do chlos; agas lean anois dod chéudchomhrádh thuas." "Do rinne (ar Grádh Dé) an tAthair culuidh aodhuire don dara pearsuin dhíobh-so, .i. don Mhac, agus do ghabh an Mac uime í, agus tánuig as seómra shecréideach an ríogh, a Athar, gé gur an riamh san tsheómra chéadna a bfhochair a Athar tré bheith gan tús gan deireadh dó, mar atá an tAthair; agus do shiubhuil an teagh san chuluigh-sin, agus do bhí eadruinne inar ccomhluadar, ór ní budh éidir dhúinn a fhaicsin muna chuireadh an cculuidh sin uime, ag gabháil ar ndaonnachta dhó a mbroinn Mhuire Oighe, agus ag beith na dhuine, do chuir an tAthair ar feadh an tshaoghuil d'iarruidh a thréada do bhí ar ndul a mugha san bfhásach. Agus an uair do bhí ag siobhal an díthribh, do fhuluing an tAthair do na faolchonuibh, .i. do na deamhnuibh, a mharbhadh, agus do na mad- adhuibh, .i. don chiniodh Iúdaidhe, a ghearradh; agus níor áil leis a anacal, gé gu raibhe ar a chumas, acht do fhuluing do na faolchonuibh a bhásughadh leis an mbás as boichde, tharcuisnighi, agus as neimhnighe, dá bhfhacas riamh, agus as mó do mhothuigh-sion iná
aoinneach dár básuigheadh riamh, tré bheith dhó 'na Mhac Ríogh uas gach rígh, agá raibhe corp roi-shéimh as maoithe agus as séimhidhe dár cruthuigheadh riamh. Agus as trés an ngrádh n-ádhbhal ndofhaisnéisi do bhí ag an Tighearna oruinne do rinne so uile, agus dochum gu n-aitheónmaois, muinntear a thighi, méud a ghrádha dhúinn, agus gu ttugmaois mar sin grádh dhó ar son ghrádha, ó do ghrádhuigh inn ó thús comhmór agus sin nár áil leis a Mhac dílios do choigill, acht a thabhairt ar ar son dá bhásughadh." Cíis Des. go trom tuirseach agá chlos so ó Ghrádh Dé, agus do bhí a chroidhe ar n-a chrádh 'na chliabh. Agas iar mbeith athuigh imchian a nualghubha dhó amhluidh-sin, fiafraighis go himshníomhach atuirseach do Ghrádh Dé: "A athair ionmhuin," ar eision, "cionnas dob éidir dom Thighearna bás d'fhagháil? Ór do bhí 'na dhara pearsoin don Tríondóid, agus mar sin 'na Mhac Dé, agus 'na Dhia fhíre uileachumhachtach, agus ó do bhí uileachumhachtach, cionnas do ghéubhadh bás? Ór, mar sgríobhas S. Aibhisttín, na himpireadha as cumhachtoighe bádar ar an mbioth riamh, bá lór do dhearbhadh ar gan a mbeith uileachumhachtach nár éidir leó an bás do sheachna ná iad féin do choimhéud air, gé go mbíodh ro-fhonn orra g
n bás d'fhagháil." "A mhic (ar Grádh Dé), céimnidh an chonair sin go haireach uaimhneach, ór as urasa dhol ar seachrán innte, an tan nách eól do neach difir do dhéunamh idir mhodhoibh labhartha an sgrioptúir, labhras ar uairibh ar Chríostt do réir a dhiaghachta, agus ar uairibh do réir a dhaondachda. Cuimhnidh, ar an n-ádhbhar sin, gé go raibhe ar Ttighearna Iosa Críostt 'na Dhia fhíri, go raibhi maille ris sin 'na dhuine fhíre, do bhrígh go raibhe corp daondha agus
anom cialloighe aige, coimhcheangailthe eatorra féin agus dá phearsoin diadha, ionnas go raibhe mar sin aoinphearsa aige, .i. pearsa dhiadha shíordhuighe Mhic Dé, agus dá nádúir, .i. nádúir na diadhachda 'na raibhi féin, an mhéid go raibhe agus go bhfuil 'na Dhia shíordhuighe, dhár ab comhainm an Bhriathar (mar sgríobhas Eóin san chéadchaibidil dá shoisgéul, In principio erat Uerbum), agus an tAthoir neamhdha, agus an Spiorad Naomh, comhaonda, coimhionand, agus nádúir dhaonda 'na raibhe cosmhail linne, .i. corp agus anam ceangailthe dá chéile, a sttaid urchradhoidh. Gonadh aire sin as follas gur éidir lais bás d'fhagháil, mar fuair dá dheóin féin ar ar soinne, ag sgaradh dhá anam réna chorp, an mhéid go raibhe 'na dhuine fhíre do réir a dhaonnachta, gé nár éidir leis do réir a dhiaghachta, atá uilechumhachtach, domhudhaigh- the, dourchradhach, bás d'fhagháil; ionnas gur ab éidir a rádh, mar a dearar go fírinneach, go bhfuair Dia bás, mar fuair Críostt ar Ttighearna agus ar Slánaigh- theóir, do bhí agus atá 'na Dhia fhíre agus 'na dhuine fhíre, bás do réir a dhaonnachta amháin, ag deaghoil dá anam réna chorp, ar feadh theóra laitheadh do bhí marbh, gé nár díosgaoileadh an t-uaimcheangal do bhí idir an n-anam agus phearsoin Mhic Dé, agus mar an ccéudna idir an ccorp agus an phearsa chéadna. Ór, gé gur sgar an bás a nÍosa an t-anom ré a chorp, mar do ní sna marbhoibh eile, go nách raibhe mar sin an daonnacht aige, .i. anom agus corp ceangailthe dhá chéili, an ccéin ro bhaoi marbh, cionnas ar a shon sin búdh éidir a smuaineadh go ttréigfeadh dara pearsa na Tríonnóide anam a dhaonnachta féin, do dhearrsgnaidh a naomhthacht agus a ngrásoibh ar an uile chréutúir eile, agus nár thréig anam ladroind na láimhe deisi, dár gheall go mbiadh 'na fhochair an
lá-soin féin a bparthus, mar fhiafraigheas S. Aibhisttín go hinntleachdach, gé gur ab éxamhoil an modh, mar adeir an daghdhoctúir-si, ar ar an ag na hanmannoibh sin. Ór do bhí a n-anam an ladroinn ag áitioghadh ann, agus gá imdhídean, mar áitigheas a n-anam gach fíréin oili, ag déanamh a theampoill spioraddha féin de; agus gé gur ab fíor gu bfhuil Dia ó chumhachtuibh, ó radharc, agus ó shubsttaint do láthair san uili ionad agus san uile chréutúir tré bheith dhó díofhoirchinn, doithiomchuil, díothomhais 'na nádúir neamhchorpordha, agus 'na shubsttaint spior- addha (giodh nách fuil do réir a nádúire daonda acht a bhflaithios agus a n-uasalshácraimint fheartuigh airdmhíorbhuiligh na haltóra), ar a shon so uile ní áitigh
onn acht amháin san fhírén, bhail a mbí a ghrása, mar dhearbhas S. Aibhisttín a mórán d'iona- duibh; ór os de amháin do ní a theach agus a theampoll, agus mar sin a aitreabh agus a áras, mar a deir Pól. Agus do bhí mar so ag áitiughadh a n-anom ionnoic fhíréanta a dhaondachta féin maille ré rabharta na n-uile ghrás, uas na huile chrétúiribh, mar dhearbhas an doctúir céanna; agus do bhí fós ag an anam naomhtha- sa ar mhodh eile fá míle uaisle iná sin, ór maille ré gur dhearrsgnaidh an t-anam beannuighthi-si go dofhaisnéisi a ngrásuibh ar na huile chréatúiribh trér áitigh Dia ann ní sa aidhbhle iná inntibh uile, do bhí oilldhearsgnuidheacht agus árdonóir eili aigi féin agus gá chorp chaoimhiodhan nách fuair riamh agus nách fuighi choidhchi créatúir oile dhaonna ná ainglidhe, ór do bhí iar n-a uaimcheangal go daingean substtainteach dosgaoilte, ón phunc fár cruthaigheadh
é, do phearsuinn dhiadha shíordhuidhe Mhic Dé bhí, ionnus go raibhe duine agus Mac Dé a n-éinphearsuinn: duine 'na Dhia agus uilechumhachtach, agus Mac Dé 'na dhuine agus somhudhaighthe, ón phunc-soin inar chean- gail dá dhiaphearsain daonnacht (.i. corp agus anom ceanguilti dhá chéile, nó nádúir dhaonna gan phearsain daonna) go punc a bháis. Dáigh níor ghabh mac Dé chuige, an tan do duinighiodh é, pearsa dhaona, acht nádúir dhaonna; agus dá ngabhadh, do bheidís ceithre pearsanna san Tríonn<ó>id, ní nách éidir a rádh gan tuitim a mórán seachráin agus a n-iliomad d'eir- iciochtuibh uathmharghráineamhla a n-aghaigh na misttiriodh as áirde agus is fundaiminnti dár gcreidiomh. Agus mar as do phearsain dílis Mhic Dé do ceangladh an daonnacht, agus nár ceangladh í do phearsain an Athar ná do phearsain an Spioruid Naoimh, ní fhuil éinphearsa don Tríonnóid acht an Mac amháin 'na dhuine, agus ní héidir fós a rádh go bhfuair an Tríonnóid ná éinphearsa dhi, acht an Mac amháin, bás; gidheadh, gé gur an an t-anom naomhthu-so, mar a dubhart, agus an corp ceanguilthe do phearsain Mhic Dé ar feadh na dtrí lá do bhí Críostt marbh, ní raibhe Mac Dé 'na dhuini ar feadh na haimsiri-sin (.i. ó fuair bás, nó go ndearnuigh an eiséirghe a sttaid nuaghlórmhuir neamhurchradhuigh dá nách eaguil éug ná oidheadh), mar nach raibhe a anom agus a chorp ceangailte eatarra féin acht sgartha ré 'roile." Do lean Grádh Dé dá chéad chomhrádh a rís, agus a dubhairt: "Do bhí an uiread sin do ghrádh ag an nAthair don Mhac-sa, gé gur fhuiling a mharbhadh ar ar soinni, gur aithbheódhuigh é a rís a ccionn trí lá agus go rug gu flaitheamhnas é gu glórmhar buadhach cosgarach, ag breith a choda leis 'na choimhideacht don tréud do bhí ar iarruidh aigi, agus ag stíuradh agus ag
follamhnughadh do ghnáth, agus ag coimhéad, maille réna ghrásuibh, na coda dhíobh do fháguibh dhá reamhrughadh san bhfásach. Do thill, ar an modh a deirim, gu seómra an ríogh, a Athar, agus a tá ann 'na shuidhe ar a dheis, agá ghuidhe ar ar soinne, agus ag taisbéanadh dhó sleachta na ccrécht agus na n-áladh do fhuluing ar ar son, dá ghluasacht dochum trócuire agus truaighe do bheith aige dhúinn, ar aoi ar fhuluing ar ar son agus an ghrádha atá aige dhúinn. Dá éisi so uile, atámaoid-ne lán d'olc, do dhearmad, agus do dhobhuidheachas, agus fós tarcaisneach ar ar Ttighearna; ór atá an uiread-soin do neamhshuim aguinn air féin agus ar fhoghnamh dhó, agus do neamhchuimhne ar a mhórdhacht agus ar a dhearluicthibh dhúinn, gurab deimhin, muna fhéachadh an tAthair don Mhac, gurab fada ó do dhíbeóradh as a thigh sinn. Atá an uiriod-soin do chion ag an nAthair ar an Mac so gu measuim nách fuil énní as mó 'na ttuill duine a bhuidheachas iná a ngrádh do thabhairt dá Mhac. Gonadh aire sin do ním mo dhíthcheall ar a ghrádhughadh." "Creud an modh a ngrádhuidhe é?" ar Des. "Ag smuaineadh," ar Grádh Dé, "ar a bheathaidh naomhtha do ghnáth, agus ar a theagasg, agus ar an mbás mbocht bpianamhuil do fhuluing ar ar son, agus ag aithris ar a bhéusuibh do réir mo chumhacht; ór dá ghoire dá ttéid duine dá bheathuidh féin do chur a ccosmhuileacht ré bethaidh an Tighearna, as ann san mhéid-sin ghrádhuigheas Dia é. Agas is uime do órdoigh Dia dhá Mhac bheith ar feadh aimsire 'nar measg, do chum go ttaisbéanfadh dhúinn an modh beathadh búdh cóir dhúinn do leanmhain, agus go mbeath beatha an Mhic 'na sgáthán mar sin agoinn, ina bhféuchfamaois sinn féin, dá dhearbhadh an
mbiadh toil mhaith aguinn nó ná
h biadh, ag féughoin ar thoil an Mhic, ór ní fhuil ar domhan dearbhadh as fearr iná so. Do bheirim iar sin (ar Grádh Dé) díoghrais annsachta, rés an uile phearsoin ainglidhe nó dhaonna, do Bhainríoghain nimhe, máthair Mhic Dé, do an riamh 'na hóigh iodhain; ór as aithnidh dhamh nách foil impidheach a bhfhlaitheamhnas as mó ar an Ttríonnóid iná í." "Creidim go daingean," ar Des., "nách raibhe athair colnaidhi ar bioth agár Ttighearna Iosa Críostt, acht gurab é an tAthair neamhdha a athair fíre, agus gurab mac dílios Dé bhí é; gidheadh, mar atá 'na dhuine, agá bhfuil corp, as iongnadh leam cionnas budh éidir dár mbaintighearna a bhreith, agus a hóghdhacht do bheith iar sin iomlán, mar adeiri-si." "Nách aithnidh dhuit," ar Grádh Dé, "go rug a chorp leis as an uaidh, gan cor do chur don líg do bhí ar a béul, agus go ndeachoidh trés an doras dhúnta d'fhéachoin a asbal; agus an tan tiaghoid na gaoithe gréini go nádúrtha trés an bhfeinisteir ngloini, gan díoghbháil do dhéanamh don ghloin, agus créud fá mbiadh díochreideamh ar ghréin an cheirt, Iosa, do thoigheacht go míorbhulach gan oirbhearnadh, a gloine na hiomláine, tré fheinistir fhlaitheamhnais, as ainm ag an Eaglais ar Mhuire, mar as tríthe tháinig an solas neamhdha dochum an chinidh dhaonna, do bhí a ndorchadas, do réir mar mhínigheas S. Aibhisttín an t-ainm-sin. As ionmhuin leam 'na dhiagh sin (ar Grádh Dé) mo bhuachuil dar ab ainm Grádh na Comharsan, mar as roi-ionmhuin lé Dia é; ór atá an uiriod sin do ghrádh aige air gu ndubhairt rinne, na daoine,
gibé ar bioth ní do ghénmaois do mhaith nó dh'olc gurab dá phearsuin féin do níthear sin." "Créad an modh," ar Des., "ar a ngrádhuighe an buachuil sin?" "Ní hannsa leam mé féin iná é," ar Grádh Dé; "agus dochum gu laibheóruinn a bpearsuin duine bhíos ag seirbhís do Dhia, a deirim do chéidneithibh gu smuainim gur ab fearr mo bhuachuil iná mé féin gé gu madh airde m'oifig nó m'fheidhm iná a oifig. Coimhéduim mé féin ó fheirg, ó dhoilghios nó ó thuirsi do chur air, agus do ním dhó gach uile shólás as éidir leam. Ní thig drochsmuaineadh chugam dá thaoibh, agus gabhuim do ghnáth a leithsgéul. Ní labhruim gu holc air, acht fuilngim é go ceannsuidh, gé gu mbiadh do-iongabhála, agus bídh truaighe agus trócaire agom dhó, agus ní fhuilngim agus ní aontuighim labhairt am fhiaghnuisi gu holc air. Bídh fonn oram eision do ghrádhughadh mo Thighearna mar do ním féin, agus Dia do dhéanamh duine comhmaith leamsa dheision. Ní bhí formad agom ris fá ní ar domhan do thoirbheartas nó do thiodhlacadh dá ttabhair Dia dhó; agus smuainim nách foil ann acht aingiol Dé, agus nách fíu mé féin bheith am óglách aige. Agas as uimi do ním so, mar atá roi-chion ag mo Thighearna air, agus gur ab áil leis mar an ccéudna roi-chion do bheith agamsa air. Agus bídh ro-fhonn oram Dia dhá shlánughadh do chum a ghlóire féin, agus ní a ngioll ar ghrádh dhíomhaoin ar bioth, mar do níd daoine agá mbí meas spioradáltha orra féin, lé ttugthar grádh do dhaoinibh ar son a ccomhluadair, iondas nách bhfuilngid 'na n-éagmhais, tré mhéad a ngrádha dhóibh. As meinic as comhardha so ar ghrádh dhíomhaoin ghuasachtach, ór as aite leó so comhluadar an chréutúir iná an Chruthuightheóra;
agus as cosmhuil mar sin nách ar son Ndé ghrádhuighid iad acht ar son a ccomhluadair mhilis, agus an tan sin as ó ghrádh neamhfhoirbhthe do bheith aca ar Dhia thig so. Grádhuighim ar an modh ccéadna (ar Grádh Dé) na neithe bheanas ris an ttigh gu coitcheann, nó ris an ccoimhthionól, agus bídh aire mhór agom orra, mar atáid dochum seirbhísi Dé, agus do chum cothuighthe a thighe agus a onóra; agus do ním ar an n-ádhbhar sin mo dhíthcheall dochum gan énní dhíobh do léigion a mugha, gu háirithe énní dá mbeanann ris an riaghaltacht naomhtha, mar atáid riaghlacha, statúide, órduighthe, agus searmóinne nó naomhghnáthuighthe. Agus gé gu bfhuil daoine ann nách dén cás dhíobh so, saoilim-si nách óirdeóchadh an Spiorad Naomh iad acht munbhudh maith leis sinne dá ccoimhéad; agus dá laghad dá mbí an tshearmóinn, saoilim-si gu bfhuil onóir agus adhradh do Dhia innte, agus do ním ar an n-ádhbhar sin í ó thoil mhaith agus ó iomarcuigh rebherens: agus smuainim am chroidhe, muna dhearna mé seirbhís agus onóir dom Thighearna, nách fuil grádh agam dhó. Agus cia do ghéanadh seirbhís dó, an tan nách diongnuinn-si, aithnigheas maille réna ghrásuibh gurab mó atá d'fhiachuibh oram do dhéanamh iná atá ar chrétúiribh eili. Agus an uair do níd muinntear na ttighearnadh saoghaltha seirbhís dóibh ó ghrádh, créad fá nách diongnuinn-si seirbhís dom Thighearna féin, do rinne dom chomhmór do pheacthach, do sháruigh an uile ar olc, a dhuine muinntire agus a sheómradóir? As deimhin, dá ccuiriodh an saoghal druim ré seirbhís do dhéanamh dhó, nách diúltamh- sa gu soiche an bás seirbhís do dhéanamh dom Choimdhe agus dom Chruthoightheóir."
DO NA NEITHIBH DA TTABHAIR GRADH DE FUATH, AGUS MAR CHUIRIOS CRÍOCH AR A OIFIG d'INNISIN. Cap.9. "An dara ní a dubhart riot 'na ttaithnim lém Thighearna, .i. fuath do thabhairt don ní dá ttabhair fuath, as amhluidh so thuigthior sin. Saoilim-si gu bfhuil dá námhuid ag mo Thighearna, .i. an saoghal agus an cholann. Ar an n-ádhbhar sin do chuirios romham fuath do thabhairt dóibh so, agus neimhchion óm chroidhe, agus gan muinnteardhas ná síothcháin do dhéanamh riú choidhche; agus do chum so do choimhlíonadh gu maith cuirim ní eile romham, .i. gan énní dom shólás féin d'iarruigh orra choidhche, ná labhairt ríu, ná bheith 'na ccomhluadar, muna fhógra an Tighearna a chontrárdha so dhamh, ór an uair-si as mó mo shuim a n-aithne mo Thighearna iná san ní chuirim féin romham. Agus dá bhríogh so, guidhim mh'uachtarán, .i. gairdian nó príóir na mainisttreach a mbím, gan mo chor choidhche, ar son mo shóláis féin, do na cathrachuibh ná do na bailtibh, ór atá gráin agom ar dhul ionnta. Gidheadh, má chuirthear d'fhiáchuibh oram dul ionnta, as uime thiaghuim, do bhrígh go dtuigim go bhfógrann an Tighearna dhamh dul ionnta, an uair chuirid mh'uachtoráin d'fhiáchoibh orom triall. Agus cuimhnighim an uair-sin nách áil lém Thighearna, ag dul san sligheidh dhamh, nó an uair bhím sna bailtibh, olc ar bioth, feall nó tréatúireacht, do dhéanamh 'na aghaidh féin, agus gurab maith leis mé dom tharruing féin as gnóuighthibh
agus filleadh dom mhainisttir comhluath agus as éidir leam, ór as aithnidh dhamh, dá fheabhas dá ccongmhann duine lag é féin a measg na ndaoine saoghaltha, gurab baoghluighe dhó subháilce do chailleamhuin ná d'fhagháil 'na measc. Ar an modh ccéanna (ar Grádh Dé) bí gráin agom ar mo dhubháilcibh, ar mo pheacadhuibh, ar ghluasachtaibh mo cholla, ar mo dhroichmhianuibh, agus ar easláintibh oile mh'anma, agus as olc leam a mbeith ionnum, ór as aithnidh dhamh nách dtaithnid lém Thighearna; agus dá bhríogh sin, do sheachna shaothuir mo cheartuighthe agus mo leasuighthe do ghnáth, agus fós do ghrádh mo Thighearna, seachnuim a mbí a n-éintigh riom, agus congmhuim mé féin uatha, achd an uair iarrus riachtanus nó déshearc a chontrárdha sin. Agus gé go measuim im chroidhe nách fuil ionnta uile acht naoimh agus aingil, agus nách seachnuim iad tré tharcuisne do bheith agum orra, ná tréna mheas nách fiú iad bheith am chomhluadar, agus ní hé sin amháin, acht measuim nách fiú mé féin bheith 'na ccomhluadar-san ná an talamh ar a saltraid do phógadh - gidheadh, muna fhógairthear dhamh é, ní háil leam bheith 'na ccomhluadar." "Créad an t-ádhbhar (ar Des.) fá ndéanae sin?" "Do ním (ar Grádh Dé) do bhrígh go bhfaicim, gach lá dá ttig, an riaghuil ag dul síos a mórán d'ionaduibh, trés an ainiomarcaigh comhluadair dhíomhaoin agus tathuidhe bhíos eidir dhaoinibh saoghaltha agus dhaoinibh riaghaltha. Gonadh aire sin, nach faicthear acht beagán crábhuigh, úrnaighthe, agus ciúnuis inntinne a measg choda dhíobh, agus nach fuilid a cclabhstradha acht mur dho bheidís pálása thighearnadh mór ina bhfuilid lucht an chrábhuidh 'na ndaoinibh riaghaltha ó aibíd agus ó ainm amháin,
ag sttuidéar agus ag sgrúdadh a n-inntinne do ghnáth d'fhéachuin an bhfaicfithí airioc meanman agus aigniodh nuaidhe dhóibh, dochum gabháltuis do dhéanamh ar an saoghal, dár chóir dhóibh diúltadh ó ghníomh agus ó thoil do bhithin na móidi bochtachta thugsad do Dhia. Atá an naomhthacht aníu coimhthearc agus sin aca gurab é céudní do níd in gach ionadh 'na ccruinnighid fá ré chéile, acht amháin san choruidh, labhairt ar chúisibh saoghaltha, agus bheith ag anchaint agus ag ithiomrádh ar órdaibh eile, agus dá ccur féin uas an uili órd a ccrábhadh, a naomhthachd, agus a bhfoirbh- theacht phearsan agus sttaide, ionnas go ttigid ón ccleachtadh-sa do bheirid dóibh féin, beagán ar bheagán, do chum gan blas do bheith aca ar Dhia, agus do chum gan teacht a ngar dhó; agus ní hé sin amháin acht ní bheirid beó ar an mbeagán aimsire as éigean dóibh do chaitheamh san choraidh, a n-aghaidh a ttoile, do chríochnughadh, do chum teachta a mach do thráchtadh ar ghnoaidhibh saoghaltha. Agas as í sin an chúis chuireas d'fhiachoibh orra a sailm agus a n-urnaidhthi do rádha lé beagán debhóisión agus rébherens, mur nách bí a n-aire acht ar dheireadh do chur ar a n-urnaidhthe, gibé gléas ar a ndiongnaid í. Ag so an chúis fá bhfuilid mórán a niogh a bhfad ón naomhthacht; ór, mar nách áil leó Dia ná a neithe do bhlasachd, agus nách faghoid sólás ná aoibhneas ionnta, ní háil lé Dia iadsan do bhlas, agus ní hé amháin acht bídh gráin aige ortha an fad bhíd mar sin. Agas as é so fós an t-ádhbhar fár ab áil leamsa cleachdadh do thabhairt damh féin bheith am aonar, agus mo dhíthcheall do dhéanamh ar an aimsir do chaitheamh lé hurnaighthe, do chum go ngnáthóchadh mh'anam millseacht agus sólás d'fhagháil a neithibh an
Tighearna, agus a ghrádhughadh mar as dual; ór as chuige so do fhágbhas an saoghal agus tánag and so." "Tabhair dot aire," ar Des., "nách ccuirfe aonchuid don choimhthionól ad leith go bhfuili ainiongantach iondat féin." "Ní meistte leam," ar Grádh Dé, "ór ní iarroim taithneamh do thuilleamhoin ó na daoinibh, acht óm Thighearna, agus as olc do ghéubhoinn droichsheirbhís do dhéanamh do Dhia, do sheachna mé féin do chur a neamhoireamhoin do na daoinibh, an tan nách tiobhra mé droicheisiomláir nó cúis pheacaidh do chách. Abradh an tí thoigeóras ó so suas an ní as áil leis, ór as í so mh'oifig-si," ar Grádh Dé, "agus ar an n-ádhbhar sin, madh áil leat-sa mo bheith agat, déana aithris oram do chum glóire an Tighearna, agus do chum th'anma do shlánughadh, ós chuige sin do fhágbhais an saoghal agus do roighnis duine riaghaltha dhíot féin."
CIONDAS DO RUG GRADH DE DESIDERIUS A STTEACH. C.10. As mór an t-iongnadh do bhí ar Dhes. fá a ndubhairt Grádh Dé ris, agus adubhairt: "Innis damh, an uair do ní tú na neithi-si uile, an mbí eagla ort roimh éinní?" "Bídh," ar Grádh Dé, "ór ní foláir dhamh, gé go ndiongnaind a ndubhart, mé féin do choimhéad gan Glóir Dhíomhaoin ná Dóthchas Asom Féin do léigean astteach, ór dá n-osglainn an doras dóibh, do fhóigeóradh an Tighearna mo chur amach a ccéadóir; agus as uime sin bhíos mo mháthair, an Umhlachd, léum thaobh do ghnáth." "Guidhim thú," ar Des., "fá mé féin do chur astteach." "Dénam," ar Grádh Dé, "ór cuirfead tú fá ré com- pánach atá agom, agá bhfuil oifig as áirde iná mh' oifig-si, ór as lór a fhad do bhádhais am fhochair- se." "Ca hainm a tá ar an ccompánach sin agat," ar Des., "do chum a bhfuile dom breith?" "As é as ainm dhó (ar Grádh Dé) Alghas Dé." Gluaisis Des. a ccuideachta Ghrádha Dé, d'iarroidh Alghusa Dé, agus an uair thárla dhó é adubhairt Des. ris: "A thighearna, an tú Alghus Dé?" "As mé," ar eision, "agus créud adeiri-si, nó an bhfuil éinní agat dá iarroigh?" "Atú, a thighearna," ar Des., "ag iarroigh ortsa mo ghlacadh ad sheirbhís." As mór do thaitin lé Hálghas Ndé an toil mhaith do bhí ag Des., agus adubhairt ris: "Madh áil leat bheith am fhochair-si, ní fuláir dhuit teacht ó thús, iar nad theagasg agus iar nad mhúnadh go maith, óm
dhearbhráthair agus óm chumpánach, Grádh Dé; ór bídh a fhios agat gur ab don bharroigheacht fhíona bhíos san n-áit 'na ndéuntar agus 'na bhfáisgthear fíon Ghrádha Dé, do níthear Alghas Dé. Ar an n-ádhbhar sin ná mealltar thú, acht líon thú féin ó thús d'fhíon Ghrádha Dé." "A thighearna," ar Des., "do bhí misi a bhfochair Ghrádha Dé, agus do mhúin damh gach ní as cóir dhamh do dhéunamh, agus do dhéan-sa, maille ré grásoibh Dé, mar as fearr as éidir leam, gach ní dá ndubhairt riom; gidheadh, nocha léigfeadh an eagla dhamh a rádha riot go bhfuil a bheag nó a mhór do Ghrádh Dé agom, ór as aige féin amháin bhíos a fhios cia ghrádhuigheas é nó cia nách grádhoighionn, agus ní fhuil ní as fearr sna neithibh-si iná duine dá ísliughadh féin. Dom thaoibh féin, ní héidir leam dearbh éinneith do thabhairt duit, acht go bhfuil an gadhar- sa leam, .i. an Toil Mhaith, agus ná smuain gurab uaim féin fuaras sin féin, ór as é a thiodhlacadh dhamh do rinneadh." Do thaithin go mór lé Hálghas Dé a ndubhairt Des., agus mar nár lamh a ghabháil air féin go mbiadh Grádh Dé aige. "Guidhim thú, a thighearna," ar Des., "innis damh do nádúir, h'oifig, agus do bhéusa." Do fhreaguir Alghas Dé é, agus a dubhairt: "Fá mar thig an duine ó eólus mhór do bheith aige air féin dochum tarcuisne móire agus gráine do bheith aige air féin, as mar sin thig ó eólas mhór do bheith aige ar Dhia dochum mórghrádha do thabhairt dó, agus as ón mhórghrádh thig do chum Alghasa Dé do bheith aige. Gibé agá mbím-si (ar Alghas Dé), ní bhí sainnt air do chum neith ar an ndomhan, ór do ním-si a
chroidhe comhuasal agus sin nách bí meas aige acht ar an ní as uaisle agus as dearrsgnuighthe dá bhfuil ar bioth, .i. Dia; agus fós dá anuaisle dá mbí ó fhuil, do nm rígh dhe. Ní smuain an té agá mbím-si acht ar Dhia, agus ní labhuir acht ré Dia, ór an áit ina mbí a chistte nó a mhaoin, as ann sin bhíos a chroidhe agus a mhian, agus an fonn bhíos go hinmheadhónach ar dhuine as é so adeir agus labhras, ór as comharthadha na neithi thig amach as an mbéul ar na neithibh bhíos asttigh san n-anam. As misi as biadh, as cothughadh, agus as sásodh don anam naomhtha bhíos beó lé mianuibh maithe. As mé as sttíobhard agus as feadhmantach asttigh-si na Désheirci. As mé as doirseóir do sheómra sheicréideach an Tighearna san n-áit 'na bhfuil an rí agus a chodailteagh, agus atá cumhachta agom doras an tsheómra sin d'fhosgladh an uair as áil leam, agus an duine dom cháirdibh as áil leam do chur astteach, agus as mé an bollsaire agus an fear garma bhíos ag fógra go hárd ar feadh an tighe, nó go ndúisgim an Tighearna do chum dola amach do labhairt ris an tí bhíos ag gairm san doras. Cia shaoileas tusa do dhúisigh inn, an uair do bhádhuis ag bualadh an doruis leis an dá bhaschrann dá ngoirthear Osna agus Deór? As mó do dhúisigh tafann an ghadhair táinig leat sinn iná énní eile." "Do hinnisiodh dhamh," ar Des., "nách éidir lé Dia codladh choidhche, agus cionnas a deiri-si gu ccoduil?" "Nách aithnidh dhuit," ar Alghus Dé, "briathra an tSailmcheadluigh: "Eirigh suas, créad fá bfhuile ad shuanchodladh a Thighearna?" As deimhin nách éidir lé Dia codladh. Gidheadh, mar deir S. Aibhsttín, an tan nách bí cuimhne ag neach ar
sheirbhís Ndé, agus gu háirithe ar a chreidiomh, as modh labhartha don sgríoptúir a rádha gu mbí Dia 'na chodladh, agus gu mosgail an tan thionnsgnas seirbhís Dé do dhéanamh, mar as ó Dhia thig an daghsmuaineadh-soin." Do lean Alghus Dé dá chéadchomhrádh agus a dubhairt: "As meisi teachtuire as dísle ag an ngrádh, as mé as luaithe thig dochum an doruis, as luaithe léigthear asteach a bfhiadhnuisi an Tighearna, agus as luaithe do gheibh éistteacht. Atá cumhachta agomsa ar thoradh chroinn dhearrsgnuighthe atá san tigh-si do thabhairt dá chaitheamh don tí dá ttogruim; agus asé an toradh sin, Radharc Dé." "An bhfuil sé milis?" ar Des., "ór an toradh tugadh dhamh a ttigh na Humhlachta do budh ro-dhocair a chaitheamh, go háiridhe ó thús, tré bheith searbh dhó." "Atá toradh an chroinn-si roi-mhilis," ar Alghas Dé; "gé gurab fíor go mbíd daoine as fearr do gheibh blas air iná chéile, ór dhá mhéad bhíos fonn orra, agus dá fheabhas dá mbíd a bhfiacla, agus dá shláine dá mbí a ccarbad, as móide mhothuighid milis é. A tá dream oile do na daoinibh agá mbí déisttean orra, agus ní fhaghoid sobhlas air, mar nách eól dóibh a chognamh. Atá dream oile chaitheas é maille ré beagán ocarais, agus mar bhíos a ngaile lán, agus iad sáitheach ó bhiadhoibh eile, ní fhaghoid blas air, agus ní fhéadaid a dhíleaghadh go maith. Atá dream eile ag nách bfhuil mothughadh céadfadh nó blasdachta tré fhiabhros agus easláinti, agus ní bhí a fhios aca so créad an blas atá ar an toradh-sa acht a ccluinid ó dhaoinibh oile." "Iarroim d'athchuinghidh ort," ar Des., "blas an toraidh sin do thabhairt damh."
"Taithnidh leam," ar Alghas Dé, "mar adeire blas, ór ní héidir lé duine ann so san saoghal-sa a sháith d'fhagháil don toradh úd, ná a chaitheamh do réir a mhiána, acht amháin a bhlas, agus a mhillseacht do dhearbhadh." "Créad an t-ádhbhar?" ar Des. "Inneósad sin dhuit," ar eision. "Dá sáthuigh- eadh duine é féin ann so, agus go mbiadh an toradh úd go líonmhar aige, ní ghébhadh fonn é an príosún-sa d'fhágbháil choidhche, agus dul go parthus, an áit ina bfhuighe fleadha agus féasdoighe lóghmhara do ghnáth agus go síordhuighe; agus ní hé so a mháin, as maith leam a fhios do bheith agat go bfhuilmíd ann so, ar ndul d'éag do ghorta agas anbfhann ó throsgadh, ag fuireach ré dhul ar cuireadh an Ríogh mhóir, ar Ttighearna, lán d'fhonn an lae-sin do bhreith orainn, mur bhíos an fiadh dochum an uisge san samhradh. Bíoth a fhios agat, ós a chionn so, go bfhuil an toradh-sa comhbríoghmhar agus sin gurab lór éinghreim amháin de, dá laghad, do chum gaile duine do líonadh, dá ocaroighe dá mbiadh an duine; ór sásuigh agus líonaidh é comhmór agus sin nách ttuill ní sa mhó aige. Gidheadh, an uair racham án lá úd a bfhiaghnaisi ar Ttighearna, do bhéara dhúinn gaileadha bhús mó agus bhús láidire dochum sinn féin do shásughadh leis an ttoradh-sa, agus dochum nách déna díoghbháil dúinn; ór dá n-iarradh duine ní sa mhó do chaitheamh dhe ann so iná do thuillfeadh ina ghaile, as mó do dhénadh do dhochar iná do shochar dhó. Ar an n-ádhbhar sin as lór dhúinn beagán do chaitheamh dhe ann so, agus sin go measardha, nó go ndeacham a nonn san n-áit a sáiseócham sinn féin leis an ttoradh bhlaismíd amháin ann so."
CIONNUS DO ULLMHUIGH ALGHAS DE PROINN DON TORADH-SA DO DHES. C.11. A dubhairt Des.: "Déana grása oram fá chuid don toradh-so do thabhairt dhamh, .i. an mhéid as áil leat féin." "Ní fuláir dhuit, (ar Alghas Dé) do bhéul agus do dhéad, do lámha agus do chosa, h'aghuidh agus do shúile do nighe ó thús; ór ní an an toradh-sa acht a soitheach ghlan." "Ca háit a racha mé dom ionnladh?" ar Des. "Gluais leamsa (ar Alghas Dé), agus múinfead fíor- thobar dhuit, as a mbíd fiuchuidh uisge do ló agus d'oidhche, dár ab ainm an Crábhodh Naomhtha, agus goirfead chugad banógha an tighe dod t'ionnlad." As mór an t-urghairdiughadh meanman do bhí ar Dhes. ag fuireach ris na maighdeanaibh, nó go bhfaca chuige fá dheireadh Alghas Dé agus iadsan 'na choimhideacht, agus a dubhuirt ris: "Nách bhfaice ann so na maighdeana nighfeas thú? As é as ainm do mhaighdin díobh, an Mhillseachd; do mhaighdin eili, an Réiteach; dhi so eile, an Bhúidhe; dhi so eile, an Trócaire; dhi so eile, Deighinntinn, dhi so eile, an Mhaith, dhi so eile, na Grása, agus dhóibh so oile an Mhórdhacht, an Maitheamhnas, an Deighiom- char, an Ciúnas, an Smacht, an tShuilbhire, an Discréid, agus dhi so eili, an Debhósion, agus do bhéara an mhaighdean-sa spíosradha dhuit chuirfios cíocaras ort dochum an toraidh d'ithe lé fonn agus lé blas, ór ní tugthar é achd do luchd acaruis. Goirthear do na maighdeanoibh-se eile, an tOrd Crábhoigh, an Buain-
sheasamh, an Chobhsuidheacht, an tShíothcháin, an Caoineas Labhartha, an Urnuighthi, an tShocruidh- eacht, agus díomsa féin, an phearsa dhéigheanach, goirthear Alghas Dé, agus bím do ghnáth fáris an ccomhluadar naomhtha-so; agus dá ttugae-si coimhid- eacht dhóibh, do bhéaruid cuidiughadh mór dhuit agus ullmhóchuid thú dochum an toraidh-si do chaith- eamh. Agus dá ccaithe éanuair é, beid ad dhiaigh do ghnáth agus ní fhúigfid thú, muna chuire féin uaid iad, ór atáid cíocrach, agus gibé ar bioth áit a bhfaicid an toradh-sa, téighid 'na dhiaigh ar an mball, amhuil thiaghuid na beich a ndiaigh na meala, agus ní fhuil comhardha ar bioth as fearr ar dhuine d'ithe an toruidh-si iná iadsan d'fhaicsin ina dhoras, mar bhíd cuile abhail a mbí an fíon." Do bhí Des. lán do shubhachas mar do nigheadh é, agus mar do chaith ní don toradh; agus adubhairt Alghas Dé ris: "A bhráthair, a Dhes., ó do thoimhlis anos, ní foláir dhuit canntaireacht do dhéanamh; ór an uair ithid searbhóntaidhe Dé biadh, do níd cann- taireacht ag tabhairt bhuidheachois dó, agus ní bhí éanduine san tigh-si dá nách eól canntaireacht do dhéanamh." "Ciondas do ghéanae canntaireacht?" ar Des. "Déanam," ar Alghas Dé, "don choroidh, bhal a bhfuilid na canntaireadho, dá ngoirthear Beann- ughadh do dhuine dhíobh, agus don chuid oile Onóir, Moladh, Altughadh Buidhe. As leó so do ghéana tú canntaireacht," ar eision, "ór atá eólas maith aca a múisic, agus atáid gotha maithe aca." "Creud an modh ar a ndéna mé cantaireacht?" ar Des. "Inneósad-sa sin duit," ar eision. "An céad- channtaire dá ngoirthear Beannughadh, Discaint nó
Tiple ghabhas, .i. guth árd, agus do ní canntaireacht ag beannughadh an Tighearna ar son a árdchumhacht. Canoidh an dara canntaire (dá ngoirthear Onóir) Contraténor, .i. guth árd as ísle iná an céadghuth, do bheir onóir do Dhia ar son a eagna gan fhoircheann. An treas canntaire (dá ngoirthear Moladh) Ténor chanas, .i. guth inmheadhónach, mholas Dia ar son a mhaitheasa doimheasta, agus ar son a uile shubháil- ceadh, a uaisle, agus a dhearrsgnaidheachta ann féin. An ceathramhadh canntaire (dá ngoirthear Altughadh Buidhe), Bassus chanas, .i. guth trom saothrach as ísle ináid na gotha eile, do bheir buidheachas do Dhia ar son an uile ní do chruthoigh, agus ar son a ttug do thiodhlacoibh don uile chrétúir."
CIONDAS DO FHOGHLAIM DESIDERIUS CANNTAIREACHT. C.12. Ba mór do thaithin lé Des. modh teagoisg na canntóireachta, agus an channtaireacht féin, tré bheith ro-aoibhinn di, agus adobhairt Alghas Dé ris: "Féuch, an áil leat bheith ag imtheacht as so, agus filleadh ar th'ais?" "A-Dhé, cá háit a rachoind?" ar Des., "agus go háiridhe d'éis a bhfuaras do shaothar agus d'annró ag teacht ann so; agus nách maith an t-ionad 'na bhfhuilim go slán, súgach, síothchánta, agus cion ag cách oram? agus ní háil leam athrughadh, ná dhul as so, ór gibé do gheibh é féin go maith san n-áit a mbí, ní cóir dhó athrughadh, mar adeir an seanfhocal. Ar an n-ádhbhar-soin, a thighearna, innisim dhuit nách áil leam imtheacht uaibh acht muna churthaoi féin uaibh mé, agus an uair-sin féin go madh éigean daoibh mo chur a mach dom aimhdheóin." "Ní chuirfeam," ar Alghas Dé, "ór ní béas dúinn éanduine do chor uainn a n-aghoidh a thoile, agus ní hé amháin, acht guidhmíd é, ag iarroidh air gan imtheacht; gidheadh, do chum go ttuigfidís nách foil riachtanas agoinn ríu, do bheirmíd cead dóibh imtheacht má thograid féin. Agus ó do anais ann so, ní cóir dhuit bheith díomhaoin; ór ní fuilngthear d'éanduine and a aimsear do chaitheamh go díomhaoineach." "Indis damh mar sin," ar Des., "créud as cóir dhamh do dhéanamh?" "Déana," ar Alghas Dé, "an ní iarrfaid ort."
"Agus créd do ghéan, ar Des., "an uair nách iarrfoid oram éinní do dhéanamh?" "Déana," ar eision, "candtaireacht, agus beandoigh agus mol an Tighearna, ór as chuige so as mó do glacadh san tigh-si thú. Agus fós an uair bheas tú ag déanamh an neith iarrfoid ort, as éidir dhuit bheith ag cand- taireacht ad th'indtind, do chum gan do smuaineadh do bheith díomhaoin. Agus adeirim tuilleadh riot, madh áil lat tarbha mhór do dhéanamh dhuit féin, buidheachas an Tighearna do thuilleamh, agus teacht 'na mhuindteardhas an mhéid as éidir leat; agus an uair nách iarrfoid ní eile ort, déuna díthcheall ar bheith a bhfochuir an Tighearna ar uaigneas ag comhrádh ris, agus do chífe féin a n-aibeóra riot, agus a liacht secréid thaisbéanfas duit, agus méad an mhuinn- teardhuis ina ttiucfae ris." "Cionnas? (ar Des.), nó an éidir lé gach aon thogras dul 'na sheómra, agus labhairt ris?" "As éidir (ar eision), gibé bhéaras an Umhla 'na choimhideacht; agus fós adeirim ní sa mhó, nách bhfuil ní as sólásuighe leis iná duine do theacht do chum bheith 'na fhochuir ar uaigneas, agus dá dhúsacht, ór atá a comhuasal sin do nádúir aige nách áil leis bheith 'na aonar; agus dá laghod agus dá anuaisle dá mbí duine, as ait leis a chomhluadar, ór ní dhéin difir eidir na pearsannuibh, dá raibhe an t-anom umhal inísiol aige féin, do bhrígh gurab ionann saothar fuair-sion ón uasal agus ón ísiol, agus gur ab d'éanmhais agus d'éanádhbhar amháin do rinne iad; agus ní hé sin amháin, acht dá tharcuisnighe agus dá uirísle bhíd daoine ó fhuil, acht go n-íslighid iad féin a bhfiagh- nuisi Dé, as dóibh as mionca thaisbéanus Dia grása agus foghar. Agus dochum go ttuigfithea an ní adeirim, an mhéid atámuid san tigh-si as d'fhuil
ísil tharcuisnigh sinn, ór do thogh an Tighearna 'na sheirbhís neithe tarcuisneacha an tshaoghuil, dochum nách saoilfeadh éanduine dá ttiocfadh ann so gurab a ngioll ar a mhaith féin, ná ar a uaisle, do thiocfadh and, acht tré mhaith agus tré thrócaire Dé. Ar an n-adhbhar sin, dá n-ana tú annso, agus go ma háil leat do tharbha féin do dhéanamh do ghnáth, agus bheith ag canntaireacht do ló agus d'oidhche fáré canntuiridhibh an tighe, agus gean an Tighearna do thuilleamh, coimhéid go maith na ceathra puingc-se - an céadphungc, an Daghthoil; an dara pongc, an Umhlacht; an treas pongc, an Fhoighide; an ceathramhadh pongc, an Déshearc. Dá ngnáthaighi canntaireacht do dhéanamh ar na pongcuibh-si, ní raghair choidhche as tuin ná as riaghuil; agus dá tteagmhadh ar uairibh go ndingéantá pongc dhíobh so go righin, ag dul mar sin as riaghuil, fill ar an mball san riaghuil, lé deightheagasg na spioruide, agus lé haire do thabhairt do mhodh na canntaireachda. Do gníthear an channtuireacht dá ngoirthear cantus planus, .i. canntuireacht réidh shimplidhe, as fundaimeint don uile channtaireacht eile, leis an ccéadphongc, dár ab ainm an Toil Mhaith. Do gníthear an channtaireacht dá ngoirthear contra punctum, .i. a n-aghaigh phuingc, leis an dara agus leis an treas pongc, dá ngoirthear an Umhla agus an Fhoighidi, ór bídh an Umhlacht agus an Fhoighide a n-aghuidh ar ttoile nádúrtha féin, leis nách áil annró ná tarcuisne an tshaoghuil-si. Do gníthear leis an cceathramhadh pongc, .i. Déshearc, canntuireachd orgán, maille ré ceól roi-bhinn ro-thaighiúir an anma agus an Spioruid Naoimh ag coimhtheacht ré chéile. Agas tabhair dot aire, dá ccaille nó dá léige amugha do phungc, greamughadh go maith don
channtaireacht réidh; agus gé go ccaillfithea tuin na bpungc eile, maille ré congnamh an Tighearna, tabhair th'aire d'fhear do cheartuighthe, .i. don tí as áirde iná thú, agus do bhéara thú arís leis an ccéadphungc go riaghuil na deighbheathadh agus go toil na naoimh- ionmhuine. Agus aithnim dhíot ós cionn gach aoinneith, san uile channtaireacht do ghéanae, gan an toradh do chaithis a dtigh na Humhlachta do dhearmod, dárab ainm Míodhóthchas Asod Féin; agus dá mhéad do Ghrádh Dé bhias agad, agus dá mhionca bhlaisfeas tú é, nó dá mhéud muinnteardhas bheas agad ris an Tighearna, agus dá mhéad bheas agad dá éolas, as dá réir sin, agus as í an mhioncacht-soin, as cóir dhuit an toradh-sa do thabhairt a bpreasántha dhó, ór as ait leis bheith agá ithe, agus as maith an blas do gheibh air."
CIONNAS DO CHUIR ALGHAS DE DESIDERIUS A SEOMRA AN TIGHEARNA DO LABH- AIRT RIS, AGUS DO MHODH NA HURNUIDH- THE. Cap.13. "Guidhim thú," ar Des., "énghrása amháin do dhéanamh oram, .i. mo bhreith do labhairt ris an Ttighearna, ór, ó do ghlacais mé dochum bheith am chomhnuidhe san tigh, as cosmhail damh dhol do thabhairt phóige do chois mo Thighearna, ionnas go mbiadh aithne aige oram." "As toil leam sin," ar eision; "gluaiseam." Do bhí Des. ag imtheacht lán do chrioth agus d'eagla, an uair do smuain go raibhe ag dol do labhairt ris an Rígh 'na sheómra, agus go mbeith a bfhiadhnaisi a chomhárd sin do mhórdhacht, agus do chuir roimhe filleadh ar a ais; gidheadh, mar do smuain a rís go raibhe 'na Rígh roi-mhilis, ro-uasal, ro-shoghrádhach, sochruidh, caoinbhriathrach ris an uile, do ghlac gné mheisnighe chuige, ag cur a uile dhóthchais a maith an Tighearna amháin. "An ann so," ar Alghus Dé, "ór rachad d'fhéchoin créad do ní an Tighearna, agus inneósad dó mar a taoi-si ann so, ag iarroigh labhartha ris." Do bhí Des. ar crioth agus lán d'eagla ag smuaineadh cionnas do laibheóradh ris an Ttighearna. "Do innsios," ar Alghus Dé, "don Tighearna gu bfhuile ann so; eirg astteach, agus fuireóchad-sa lat ann so." Do thionnsgain Des. ag dol astteach an halla do shiobhal maille ré tromdhacht agus ré rébheirens
mór; agus mar do chonnairc an Tighearna uaidhe, do theilg é féin a ccéadóir ar talamh, agus ag cur a bheóil ar an lár do chaoi go trom, agus nír léig an eagla dhó a cheann do thógbháil suas, ór do bhí a fhios aige go raibhe féin roimhe sin 'na námhoid mhóir ag an Tighearna, ar ar chuir fheirg gu minic, agus a n-aghaidh a ndubhairt agus a ndearnoidh mórán éagcóra; agus nír fhéidir leis énfhocal do labhairt acht bheith ag caoi agus ag osnadhoigh, mar do smuain go raibhe a bhfiagh- naisi an Ríogh ro-mhóir ór thuill diomdha go meinic. "Créad do ní tú," ar an Tighearna, "nách labhrae? Tógaibh suas do cheann, agus faiceam créad a taoi dh'iarroigh." "Cionnas laibheórad," ar Des., "a bfhiaghnaisi do mhórdhachta-sa, nó créad as éidir leam do rádha ós do chomhair? A Thighearna, ní diongmhála mé do chum mo bhéoil bhrodhaigh d'fhosgladh at fhiagh- naisi, acht bheith am thosd, ag osnadhoigh, agus ag caoineadh mh'olc." "Má seadh," ar an Tighearna, "créad fá ttángais astteach?" "Ní meisi tháinig astteach," ar Des., "ór ní mheasfoinn go madh fiú mé teacht dod thigh-se, agus as ro-lugha iná sin teachd dod shéomra." "Cia do chuir ann so thú mar sin?" ar an Tighearna. "A Thighearna," ar eision, "as sibhsi do tharraing ann so mé, do chuir gairm oram, do fhógair osgladh dhamh agus teacht astteach, agus ní fhuil a fhios agomsa, a Thighearna, créud an t-ádhbhar, nó créud do bhí uaibh ar sin do dhéanamh, nó créd an riachtanas do bhí agat ré mo leithéid; ór do badh lór dom leithéid-si bheith am buachail ag do shearbhón- taidhibh, agus am shearbhóntoigh ag muinntir do thighe, agus nír bh'fhíu mé sin féin. Gidheadh, a Thighearna,
ó do ghoiris mé, agus ó do ba toil lat mo bheith ad ghar, agus labhairt riot, osgail féin mo bhéul, agus múin damh créud as cóir dhamh do rádha at fhiaghnoisi, agus cuir ionnam spiorad eagla agus rébherens, ionnas nách ttuillinn diomdha do mhórdhachta, agus nách dénadh mo chomhmór do pheacach seirbhís daoibh maille ré míonóir ná ré míocháta; ór do b'fhearr leam mo bhás do theachd ó thús iná fearg do chur oraibh arís, agus bheith in bhur bhfiaghnaisi maille ré bhur masla agus ré bhur dtarcaisne, agus do dhéanaind mar so aindligheadh ro-mhór d'ainglibh agus d'archainglibh agus don chúirt neamhdhaighe uili, bhíos ag seirbhís daoibh do ghnáth ris an oiread sin do ghrádh, do rébherens, agus d'onóir. Teagaisg dhamh, a Thighearna, ciondas laibheóras mé, nó créud an ní as cóir dhamh do dhéanamh, ór cuirim mé féin uile ad láimh, agus ofráilim mé féin duit. Tabhair dhamh, a Thighearna, spiorad na humhlachta, do chum seirbhíse do dhéunamh dhuit, dod thoigh, agus dod chloind, ar mhodh go ttuillfe mé do bhuidheachas, agus go mbia tusa ad Thighearna iar nad h'onórughadh, agus iar nad ghlórughadh."
CIONNAS TUG AN TIGHEARNA TEAGASG AGUS RIAGHAIL DO DHES. DO CHUM É FÉIN DO RIAGHLUGHADH, AGUS DO THABHAIRT A TTÍR GO SUBHÁILCHEACH, DIADHA. C.14. "Eirg suas," ar an Tighearna, "agus cuir th'eagla dhíot; ór madh áil leat maith do dhéanamh ó so suas, ní bhia cuimhne agamsa ar dhiomdha ná ar fheirg dár chuiris oram. Gidheadh, do chum go mbeithea ní as fearr, múinfead-sa ceathra briathra dhuit, agus dá ccoimhéada iad go maith, agus gan a léigean choidhche as do mheabhair, do dhénoid tarbha mhór dhuit. Ag so an dá chédbhréithir dhíobh, .i. meisi agos tusa; an dá bhréithir oile, searbhóntuigh agus rí. Dá raibhe eólas agot ar na briathroibh-si do chur a ngnáthughadh, agus ar oibriughadh do dhéunamh leó, béuraid thú do chum naomhthachda móiri agus do chum gloine chroidhe, agus coiseónaid thú ót uili antoil, ionnas go má héidir lat teacht ré muinntir an tighe go síothchánta, socair, grádhach." "Guidhim thú," ar Des., "a Thighearna, taisbéin damh an modh ar a ccuirfe mé na ceithre briathra sin a ngníomh." "Inneósad sin duit," ar an Tighearna. "As éidir lat gach uile obair dá ndéna tú, do chuma leis na briathraibh-si, agus do chur a n-oireamhoin dóibh; ór atá mórán do chéill agus do thuigsi iongantoigh iondta, agus do badh éidir mórán do leabhroibh do chur amach orra, agus teacht tríotha sin do chum foirbhtheachta, gan leabhair oile d'iarruigh. An
uair thiocfas tú do labhairt riom-sa, agus mhothóchus tú thú féin fuar, míshuaimhneach, nó mhothóchas tú doirbhios ar bioth ar th'inntinn fá ní éigin dár hiarradh ort do dhéanamh, meas agad féin ad th'inntinn go bfhuilim-si ag rádh na mbriathur-so riot, meisi agus tusa, dearmuid ann sin an saoghal, agus teilg as th'inntinn gach a bhfaca agus gach a ccuala tú riamh, agus smuain nách bhfuil ar an tshaoghal acht misi agus tú féin. An dá bhréithir eile .i. searbhóntuigh agus rí, foighéanuid duit dochum teachta suas eidir bhráithribh an toighe, agus dochum teachta riú go maith. An chédbhriathar dhíobh, .i. searbhóntuigh, foigheóna dhuit ionnus go smuaintighthea thú féin do bheith ad shearbhóntuigh ag muinntir an tighe uile, agus coimhéudfuidh thú a n-inísle naomhtha agus a n-umhlacht. An dara briathar .i. rí, foigheóna dhuit dochum a chora ad chuimhne gur ab cóir dhuit bheith ad rígh ort féin, ór do ním-si ríghthe don dreim do ní seirbhís dhamh, agus do bheirim do na ríghthibh-si saidhbhrios agus sólás. Imigh anos ar an deaghuair, ór as lór an uair-si a bhfuaruis do theagasg." "Créad fá bhfógrae dhamh," ar Des., "a Thighearna, dul as t'fhiadhnuisi féin? nó cáit a bhfuighe mé ionad as fearr iná so?" "Dochum go ttuigfithea," ar an Tighearna, "nách fiú thú bheith am fhochair-si do ghnáth, acht an uair bhús feirdi leam féin fios do chur ort, d'eagla go bhfuighiodh glóir dhíomhaoin nó andóthchas ionad agod; agus ar an ádhbhar sin ní chuireabh gairm ort acht an uair as áil leam féin. Gidheadh, ar son go n-imeóchthá, fáguibh do chroidhe fá riom, dochum na coda as fearr dhíot do bheith am fhochair, gibé ar bioth áit a mbia tú."
"As maith leam sin," ar Des., "agus do bheirim mo chroidhe uile dhuit." "As toil leam sin," ar an Tighearna, "do chroidhe d'anmhuin an uair-si im fhochair; agus ná meas go bhféadae an croidhe féin d'fhágbháil am fhochair gach uair as áil leat, ór ní toil leam sin, do bhríogh nách cuinneóchad an croidhe ar uairibh agom, ór tiocfa barr tarbha agus umhlachta dhuitsi as sin. Gidheadh, as maith leam fios éinneith amháin do bheith agat atá 'na ainbhfhios ort fós, .i. gurab mó an aire bhíos agom ar na neithibh théid a ttarbha dom chréatúiribh iná ar chúis shóláis agus subhachais do thabhairt dóibh; agus as uime sin fhuilngim go meinic, ar mhaithibh leó féin, bochtacht agus annró an tsaoghuil-si do theacht orra. Thairis so, madh áil leat do ghadhar d'fhágbháil am fhochair, .i. an Toil Mhaith, as éidir leis bheith fá riom do ghnáth, agus gan mh'fhágbháil choidhchi munab áil leat-sa, agus go háiridhe dá ccuire ar mo chumairce gach laoi é." "Créd an riachtanas a Thighearna (ar Des.), atá ina chur ar do chumairce, nó an é eagla an dearmoid atá ort?" "Ní hé," ar an Tighearna, "ór ní dhearmaduim éinní, acht eagla go léigfea-sa ar dearmad mé, agus ionnas go mbiadh siocair agat do chum cuimhnighthe oram féin, agus do chum do mhaitheasa do dhéanamh, agus cuidighthe lat ar son do tharbha féin; ór ní bheanaim-si éntarbha dhamh féin as cuimhne ná as neamhchuimhne dá mbiadh agotsa oram." "Do bheirim buidheachas mór dhuit, a Thighear- na," ar Des., "ór as fada ó do bhí fios do thoile agus do mhaitheasa agam, ar son a ndéine gach ní dhúinn do chum ar sochair-ne amháin, amhail agus do bhiadh sochar ag teachd duit féin as sin do dhéunamh."
CIONNAS DO CHUIR DESIDERIUS A N-OIB- RIUGHADH AGUS A NGNIOMH NA BRIATHRA THUG AN TIGHEARNA DHÓ, AGUS DON TSHOCHAR DO BHEAN AISDIBH, AGUS MAR CHUIRTHEAR CRÍOCH AR AN TREAS RANN, AGUS AR AN LEABHAR UILE. C.15. Táinig Des. as seómra a Ríogh agus a Thighearna a mach, iar bfhágbháil a chroidhe aige, agus fuair Alghas Dé san doras ag fuireach ris. "Créad do rinnis asttigh an fad-soin?" ar Alghas Dé. "An saoile gurab ait leis an Ttighearna mórán briathar? As mó do ghéabhas tú ar uairibh lé hénfhocal amháin iná lé céad focal." "Dar leam-sa," ar Des., "as ro-ghairid do bhádhas 'na fharradh." "Siobhail agus féach an teach uile anois," ar Alghas Dé, "ó a taoi gabhtha asttigh, agus rachad-sa dom shealla." "Slán leat," ar Des. Do bhíodh Des. gach énlá ag smuaineadh agus ag sduidéar ar na briathraibh tug an Tighearna dhó, agus a deireadh go meinic "Misi agus Tusa, searbhóntaigh agus Rí." Gibé ar bioth modh ar a ccanadh iad, dá cceangal dá chéile, nó dá ccur thar a chéile, nó dá sgaoileadh ó chéile, do gheibheadh ciall ro-mhaith roi-dhuibheagánach ionnta, agus do thigdís ré chéili go maith, .i. an uair do cheangladh an chédbhriathar, .i. misi, ris an treas bréthir, .i. searbhóntaidh, "as maith," ar eision, "chanoim mar so iad, ór ní fhuil
ionnam acht searbhóntaidh dom Thighearna." An uair do cheangladh an chédbhriathar ris an cceath- ramhadh bréithir, .i. rí, adeireadh mar an ccéadna gur ab ro-mhaith an chiall do gheibheadh ionnta, .i. go raibhe féin 'na rí, ar an n-ádhbhar gur ab comhuasol ré ríoghdhacht bheith ag seirbhís do Dhia. An tan do chanadh iad ar mhodh eile, ag cur rí lé searbhóntaidh, adeireadh: "As maith chanoim mar so iad, ór do rinni Tighearna Neimhi searbhón- taidh dhe féin, do chum ríogh do dhéanamh dhíom-sa, agus gibé léarab mian bheith 'na rí ní fuláir dhó searbhóntaidh do dhéanamh dhe féin ar tús." As roi-iomdha ní dá ccuireadh Des. na briathra-sa a n-oireamhoin; ór an uair do bheanadh buaidhreadh nó bochtaine shaoghaltha dhó, nó dá labharthaoi go holc air, adeireadh: "As cuma leam créad an meas bheas ag cách oram, nó cionnas laibheóraid oram, ór ní fhuil ionnam acht searbhóntaidh; agus dá olcas dá mbeithear riom, as í a leithéid sin d'onóir as dual do shearbhóntaidh d'fhagháil. An uair do mhothuigheadh é féin dá thairreang gá anthoil do chum uilc, adeireadh: "Nár léigi Dia go mbeinn-si, atá am rígh, am shearbhóntaidh gum antoil agus gum dhubháilcibh féin, óir ní cubhuidh rém uaisle bheith ina comhghráineamhuil agus ina coimhdheireóil sin do dhaoirsi agus do mhodhsuine." As ro-áidhbhéil an sochar do bhean Des. as na briathraibh-si, gá cceangal mar so agus gá ccor thar a chéile, ór do mhúchadh leó na hantoile do bhíodh ag éirghe ann féin, agus do éttromaigheadh a inntinn, agus do sgriosadh aisde doilgheas gach leatruim agus gach anró dá
n-éirgheadh dhó. As iomdha modh oi le ar bhudh éidir na briathra-sa do mhínioghadh. Gidheadh, léigeam anosa, do sheachna an ríghnis, a meas sin do chách oile.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services