Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Desiderius

Title
Desiderius
Author(s)
Ó Maolchonaire, Flaithrí,
Compiler/Editor
O'Rahilly , T.F.
Composition Date
1616
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1941)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



BROLACH NÓ REUMHRÁDH ÓN TÍ DO
THARRAING AN OBAIR-SE GO GAOIDHILG.



Do thaitin an leabhrán-so comhmór agus sin leis
gach ccrích do chum a ráinig gur cuireadh a Spáinnis,
a nEadáillis, a Bhfraincis, a nAlmáinnis, agus a Laidin
é. Agas ní hiongnadh sin, uair gé mór do sgríobhsad
úghdair eili ar na subháilchibh, ag leanmhain luirg
an sgrioptúir naemhtha, féadfaidhe nár sgríobhadar
fós éinní coimbeag ris féin do sháireóchadh an
leabhrán-so, go háiridhe a sultmhaire na sligheadh
fuair.



Foillsighidh go huaigneach aithghearr ní headh
a mháin an modh ar a bhfaghthar na subháilche ó
Dhia, acht fós an modh ar a ndearbhthar na dubh-
áilche; agus tráchtuigh gach éinní comhshaoidheamhail
agus comhshuairc is sin go ttairngeand uile úigh agus
inntinn an léaghthóra air féin, gé go mbeidís mórán
gnoaidheadh oile ar a aire.



Do mheasamairne, agus do mheasadar daoine eile
(agá bhfuil ro-aire ar chuidiughadh léna ccáirdibh
agus lena ccomharsanaibh dul ón oilithri-si dá ndúthaidh
fhíre, go flaitheamhnas), go madh tarbhach a chor a
Ngaoidheilg do thabhairt shoillsi don chuid dár
ndúthaigh nách tuigeand theangtha eile, ar na
neithibh naomhtha theagaisgeas. Agas gé nách fuil
acfainn ná iomadumhlacht san Ngaoidheilg aguinn,


L. 2


agus nách mó a támuid, ó aois mhic fhoghlama anuas,
a ngar do na seinleabhraibh acht imchian uatha féin
agus ón aois ealadhna ó a bhfuighmís ar sáith do
sheanfhoclaibh snasdha, nách biadh ro-dhorcha, agus
dobadh tarbhach do tharraing chum gnáthaighthe,
agus ó a mbeith an teanga saidhbhir so-ghabhála ar na
neithibh maithi atá sna teangthaibh eile, agus ó a mbeith
an labhairt líomhtha - ar a shon sin má thig linn
amháin, maille ré congnamh an Choimdheadh, na
neithi-se do chor síos go soilléir sothuigsi, saoilmíd
go madh lia do na daoinibh deaghaithneacha deis-
gréideacho ghuidhfeas oruinn ar son ar saothair, iná
bhias ag iarroidh toibhéimi do thabhairt dár ndíth-
cheall ar son simplidheachta na sttíli inar sgríobhamar
go sonnradhach chum leasa na ndaoine simplidhe,
nách foil géarchúiseach a nduibheagán na Gaoidhilge.
Gidheadh, dá ndeachud oraind seacha so, anmaoid
ríu ar rádha S. Aibhisdín, adeir: "Créd an tarbha
atá san eochair órdha muna osgailtear lé an ní iarr-
maoid d'osgladh, an tan nách fuil d'fheidhm aguinn
ría acht sin; nó créd fá budh ionbhéime eochair
mhaide dá n-osgla an ní sin dúinn?"


L. 3



BROLACH NO REAMHRADH NA HOIBRI-SE
ON UGHDAR.



As cúis náire agus iomaithfir gan duine do thabhairt
altuighthe buidhe don tí ó bhfaghonn troimthiodh-
laicthe. A Iosa ionmhuin iodhainmhilis, atáid na
leabhuir lán don eólus do badh cóir dhúind do bheith
aguinn ort, ór atáid do ghnáth ag foillsiughadh agus ag
fógra do mhórdhachta naomhtha agus do dhiadhachta
ina bhfuile féin, an tAthair, agus an Spiorad Naomh
comhaondha, diongmhála do mholadh ó chroidhe os
chionn an uile chréatúir ón dhuine do chruthuighis.
Os a cheann so atá do shoisgél naomhta sgríobhtha
lé fuil do dhaonnachta ro-uaisle do doirteadh ar ar
soinne dár bhfuasgladh ó anchumhachtuibh an
diabhuil (agá rabhomar inar modhuibh a mbroid agus a
modhsuine), agus do chum ar ttarruingthe do chum
eóluis do mhaitheasa doichríochnuighthe agus th'árd-
uaisle, agus do chum ar ngluasochta do chum do ghrádha
agus th'umhalóide.



Atá, a Thighearna, ar an modh ccéadna an
domhan uile lán do sheanmóntuighibh, do lucht stoc
agus bheann mbuabholl, .i. do chrétúire ag fógra do
dhearsgnuidheachta agus do shubháilcheadh dhúinn, agus
dár ngríosadh do chum grádha, onóra agus rebherens
do thabhairt duit mar Thighearna agus Chruthuightheóir
na cruinne, agus do chum go ttugmaois buidheachus
duit mar Shlánuightheóir agus mar Athair ró-ghrádhach
ar son ar dháilis do thiodhluicthibh agus d'aisgeadhuibh
dúinn, nách éidir linn do chúitiughadh go bráth, gé
go n-iodhbramaois ar mbeathaidh a sáicrifís agus a
n-offráil shíordhúidhe dhuit.


L. 4


Dá éise so uile, a Thighearna, gé gur thasbéanuis
an urduil sin d'airghibh th'annsachta dhúinn, trér
dhlighis dínn ar ccroidheadha do bheith ar chomh-
lasadh dod ghrádh, ag seirbhís do ghnáth dhuit, ní
hamhluidh sin do nímíd, acht bheith lán do dhearmod
agus do dhíochuimhne ar do mhaith, lán do tharcuisne
ar do thoirbheartuibh, iomfholamh ón ionmhuine agus
ón ghrádh do budh cóir dúinn do thabhairt duit,
agus lán do chiaigh agus do chomhdhorchocht eóluis do
dhiadhochta, nách mór go bhfaghthar aoinneach rod
smuain ná rod sir. Agas ní headh amháin achd atá
an saoghal uile iar nad sheachna agus iar dteitheamh
ód chaidreabh chaoinmhilis, ag breith do roghuin
bheith a réghión an pheacuidh seach bheith a
n-aitreibh chíuin cheandsuighthe do Spioruide. Ar
an n-ádhbhar so, a áirdThighearna, do chum go
mbeithea iarnad th'aithne agus íarnad ghrádhughodh
agus iar nad h'onórughadh ód chréatúiribh, do chuir
do shearbhóntuigh mídhiongmhála roimhe, maille re
foghor agas lé beannachtuin do mhórdhachta, ó ttig
an uile mhaith, an leabhrán beag-so do thionnsgnadh
agus do chríochnughadh, do ghríosadh do fpobail, agus go
sonnradhach na ndaoineadh riaghaltha, agas na
mbocht do thoghais mar oighreadha ar fhlaitheamh-
nas, do chum subháilche agas naomhthachta, ag
léigean, gan fhéchain dó so, an mhéid a déar do
chum breitheamhnais agas ceartaighthi ar naomh-
máthar an Eaglas. Gidheadh, a Thighearna, mar
atá tréar bpeacadhaibh san drochaimsir-si, croidh-
eadha na ndaoineadh lán d'fhuaraigheacht agas
d'aimhleisge fá neithibh spioradálta do bheanfadh
réna slánoghadh d'éisdeacht, do conncas damh an
obair mbig-si do chor amach a modh uirsgéil
do chum blasa do chor ar an mbiadh-sa lé ccuirfidhe


L. 5


cíocaras ar chách, agas do chum go madh móide do
choinneóchdaois 'na meabhair é, ag aithris amhlaidh
so, a Thighearna, ar sdíl do shoisgéil naomhtha, atá
ar n-a líonadh d'uirsgélaibh. Guidhim ar na
hádhbhuraibh sin, a Thighearna, do mhaith gan
fhoircheann um ghrásaibh do thabhairt damh croidh-
eadha an cháich léghfeas an leabhrán-sa do lasadh
dod ghrádh, agas gach a léaghfaid ann do chor go
laitheamhail a ngníomh agas a n-oibrioghadh do
chum do ghlóire agas slánaighthe a n-anmand.
Amen.


L. 6



DO SHEOLADH NO DO THABHAIRT ASTEACH
NA HOIBRI-SI.



Do bhí díthreabhthach diadha ag foghnamh do
Dhia aimsear imchian i n-aroile fásach, a bhfad ó
aitreibh dhaoineadh; agus ag smuaineadh laithe n-aon
dó ar a ttabhair an tEasbal d'adhmholadh ar ghrádh
Ndé, .i. gur ab lais choimhlíontar an dligheadh agas
iomlánaighthear an reacht, agos gurab é as críoch
dona haitheantoibh, agas gurab de ghoirthear cuibh-
reach na foirbhtheachto cheanglas sind comhdhaingean
is sin do Dhia go ndénann inn d'éinspioruid, táinig
fonn ádhbhalmhór chuige dul d'iarroigh an ghrádha-
soin Dé agus a eóluis san ccéim as uaisle agus as foirbhthe
inar héidir léar n-anbfhainne dhaonno a fhagháil san
bheathoidh urchradhoigh-si.



Or dá labhrom ar ghrádh Ndé go huilidhe, atá i
ttrí céimeandaibh, gé go bfhuil cuid díobh so as
uaisle agus as foirbhthi iná chéili, .i. an chuid as fearr
cheanglas ar spioraid do Dhia. Is leis an ccéidchéim
don ghrádh-so cheanguilthear ar ttoil do Dhia. Or
cuiridh an céim-si d'fhiachoibh oruinn aitheanto Dé
agus na Heaglaisi agos gach ní oile dá mbí d'fhiachoibh
oruinn do choimhlíonadh, agus ar ttoil do bheith
coimhghreamoighthe agus sin do Dhia nách áil linn ar
mhodh ar bioth éinní do dhénamh do chuirfeadh
d'fhiachoibh orainn na haitheanta do shárughadh.
Agus atá an céim-si 'na riachtanos ar an uile Chríosdaighe,
agus as lór é do chum a shlánaighthe, agus ní héidir an
lucht ó tteasdaigheand do cheangal do Dhia, ór beid
dealaighthe uaidhe do shíor, mar a deir Matho
Soiphisgél, ag labhairt a n-ainm agos lé briathroibh


L. 7


Ioso lá an Bhreitheamhnuis: "Seachnoidh mé tre
bhioth shíor, a dhream do oibrigh na peacaidh
mharbhtho, agus do chríochnoidh bhur mbeathuigh
indtibh." Tuigthear as so gibé ar bioth atá a bpeacadh
mharbhtho go bfhuil gan déshearc, agus ar an modh
ccéadno gan fhoirbhtheacht, agus go bfhuil dealuighthe
ó Dhia, agus gibé ar bioth d'éis a bhaisdthe do rinne
a dhíthchioll ar a anam do chongmháil go glan ó
na peacadhaibh marbhtha, nó, má do shalaigh é,
do rinne a dhíthchioll ar a ghlanadh lé haithreachus
agus lé faoisidin, go bhfuil an céidchéim-si don déshearc
aige agus go bhfuil marsin foirbhthe do réir an fheallsaimh
a deir gurab é as ní foirbhthe ann an ní ó nách teas-
daigheann a riáchtanos.



Ar an ádhbhur-so gibé ar bioth Críosdaighe agá
bhfoil go comhnaightheach éinchéim do na grásuibh
lé nglantar agas lé naomhthar ar n-anom, atá gan
fpeacadh, agus atá mar sin san chéidchéim-si do ghrádh
Dé. Ceanguilthear lé grádh Ndé san daro céim ní
hí amháin ar ttoil do Dhia, acht ar smuaintighthe
ar miana agus ar bhfuinn, ionnas nách bí aire aguinn
ar ghnoaighibh an tsaoghuil, ná cúram ar bioth 'na
ttimchiol, acht go ttairrngeamaoid sinn féin uatha
in gach ionad agas gach aimsir as éidir linn. A sé
so an dara céim do ghrádh Dé, agus an céim as uaisle
agus as foirbhthe as éidir dhúinn d'fhagháil san bheath-
aidh dhuthain-se. Gidheadh, ní hé céim as foirbhthe
don ghrádh go huilighe é, acht an treas céim, .i. an
grádh bhías aguinn ar Dhía a bhflaitheamhnas, an
uair do chífeam é go follas aghaidh ar aghaidh, agus
bhiam do shíor ag buain ar sóláis as a dhiádhacht
agus as a dhaonnacht; agus asé an céim-se don ghrádh do
ní eidir ar n-anam agus Dia an uaimcheangal as uaisle
agus as foirbhthe don uile cheangal as éidir dhó do


L. 8


dhéanamh eadrainn, ór ní fhuilngeand an ceangal-sa
peacadh ar bioth ná uireasbhuidh ar ar n-anom, agus
ní mó fhuilngios neamhaire ná dearmod ar bioth do
bheith aguinn air.



Fuilngidh an céidchéim do ghrádh Dé neamhaire
do bheith aguinn air aimsir fhada, agus fuilngidh
fós ina fhochair mórán do pheacudhaibh sologhtha,
gé nách áil leis anamhuin a n-éanbhall ré peacodh
marbhtha. Fuilngidh an dara céim réd égin neamh-
aire agus dearmuid do bheith aguinn ar Dhia, ar feadh
mbeagáin aimsire, agus gé go bfhuilngeand réd éigin
do pheacaidhaibh éttroma sologhtha, ní fhuilngeann
choídhche ina fhochair peacaidh throma shologhtha,
agus ní hé so amháin, acht ní fhuilngeand do na peacadh-
aibh sologhtha bheith a bfhad ina fhochair, ór
caithidh agus sgriosaidh iad lé fiuchadh ngrádha. Agas
as mór do dhaoinibh diagha agus do lucht chrábhaidh
do chuaidh d'iarraigh an chéimi-si don ghrádh a
n-ionadaibh uaigneacha do chum uaine do bheith
aca do chum Dé do mholadh agus do ghuidhe do
ghnáth; agus as chuige so fuaradar agus do thionnsgnadar
na naoimh, mailli sdíuradh an Spioraid Naoimh, na
huird naomhtha chuireas cúram an tshaoghail díobh,
do chum a n-aire uile do thabhairt do Dhia. Agus fá
díobh so an díthreabhthach naomhtha-so, ar a raibhi
fonn an daro céime-si do ghrádh Dé, as éidir
d'fhagháil san bheathaigh-si, d'fhagháil; agus as uime
sin do chuir roimhi triáll as a shealla agus dul fán
bfhásach, dá fhéachain an tteigeómhadh éinneach
ris do theigéosgadh so dhó, do réir an fhuinn do
bhí air, do bhí comhmór agus sin gurab uadh ainm-
nighthear an díthreabhthach DESIDERIUS, .i. fonn-
mhar do chum grádha Dé agas a fhoirbhtheachta
d'fhagháil.


L. 9



TIONNSGANTAR AN CEADRAND DO
SGATHAN AN CHRABHUIGH.



An l. Chaibidil.



Gluaisios Desiderius as a shealla ina raibhe ag
aitreabhadh aimsear fhada, agus do thionnsgain triall
fán bfhásach, agus tárla a cceann ttreimhsi é ar aodhaire
do bhí ag ionghaire a thréda. Gabhas lúthgháire
mhór Desiderius ag faicsin an aodhaire, mur do bhí
a bhfad roimhe sin gan énduine d'fhaicsin, agus beann-
aighios dó ag rádh, "Deo gratias, a dhearbhráthair."
Freagrais an t-aodhaire dhó ag rádh, "Gomadh Dia
do bheatha."



Gahhas Desider. ag machtnughadh agus ag min-
fhéachain ar fheabhas na hoirchille baói ag an
áodhaire ar a oifig féin do dhénamh, ór do bhí cleath
nó lorg 'na láimh, agus do bhí tiagh ar a mhuin; bádar
bróga maide ar a chosuibh; do bhí ionar uime do
shoichiodh gó a shálaibh; baoí adharc bheag ar a
tháobh clé ceangailthe dá chrios, agus adharc oile do
budh mó iná sin ar a thaobh deas; bádar dá ghadhar
'na ghoire; agus ní himchián uáidhe do bhí an bhoth
'na ccodladh, iar n-a tiughthimchealladh do dhroigh-
nibh agus do dhreasaibh. Tug an t-áodhaire dhá aire
mar do bhí Des. ag silleadh agus ag sírfhéchuin air, agus
adubhairt: "Créd adhbhar th'iongantais, a athair,
nó an bhfacadhais aódhaire romhamsa riámh?"



"Do chonnarc," ar Des.; "gidheadh ní fhaca
deisi aodhaire riamh mar do dheisi-si, agus guidhim
thú, a dhearbhráthair, nár ab leasg lat gach ní
fhíafróchad díot d'innisin damh."


L. 10



"As deóin leam," ar an t-aodhaire, "gach ceisd
sa fios fuil agam d'fhúasgaladh do réir mh'eólais."



"Abair riom, a dhearbhráthair," ar Desiderius,
"créd fá n-iomchrae an lorg sin?"



Aodhaire: "As iongnadh leam sin do bheith 'na
aincheas ort, agus inneall abadh ort. Bídh an lorg-sa
agam dochum mo chongmhála am sheasamh d'eagla
go leagfuidhe mé an úair bhím ag rioth a ndíaigh
mo chaórach, agus fós do chum mo thréda do thiomáin,
ór an úair anas aón chaóra aca a ndiáigh na coda
oile, buáilim leis an mbata so í, agus cuirim d'fhíachuibh
uirthe dul a ccoimhideacht na ccaorach oile."



Desid.: "Abair riom, a dhearbhráthair, créd atá
agat san téigh-sin ar do mhuin."



Aodh: "Bídh agam innte ó thús teine-chreasa
cloch agus spongc dochum teineadh do bhuain agus d'fhadógh
dhamh féin an uair bhíos fuacht oram, agus fós do chum
mo choda féin agus choda mo chomhaodhaireadh do
bhruith. Bídh agam innte arán agus inníun, soitheach
ola agus soitheach saluinn, agus do bheirim cuid díobh so
go minic dom chaorchoibh, agus go háiridhe cuid don
tsalunn."



Des.: "Créd fá mbíd na bróga maide sin agat?"



Aodhaire: "Do chum mo chos do chongmháil
te a n-aimsir oighridh agus shneachto, ór dá mbeidís
bróga bláithleathair orom do brisfidhe iad ar an
mball, agas do bheidís mo chosa ag sleamhnoghodh
uam ag siobhol na sligheadh."



Des.: "Créd dá bhfoghnonn an t-ionar sin ort?"



Aodh: "Ag so an ball as dísle dhamh dom
chuloidh, ór dá mbeinn gan an t-ionar-so do theith-
feadh mo thréd uaim, agus ní thiobhrodh aithne orom."



Desi.: "Créd an t-ádhbhar dá ndéntur an
t-ionar-suin?"


L. 11



Aodh: "Do chroicnibh caorach."



Des.: "Agus nach búdh éidir a dhénamh do
chroicnibh faolchon nó ainmhinteadh n-allta eile?"



Aodh: "Ní búdh éidir, ór do mhothóchdaois
na caoirigh baladh an mhic-thíre ar an mball, agus do
ghébhadh an oiread sin do ghreann agus do d'uathbhás iad
nách anfadaois agam; gidheadh, mar do chíd a
ccroicne féin iomam, grádhuighid mé go mór agus
leanaid."



Des.: "Abair uait, a dhearbhráthair, créad bhíos
agat san adhairc bhig sin."



Aodh: "Úinnimeint áirithi lé leighisim mo
chaorcha ó chlaimhe."



Des.: "Créd bhíos agad san adhairc mhóir-sin
oile?"



Aodh: "Bídh agam innti so gné chailci lé
ccuirim comhardha ar mo chaorchaibh do chum a
n-aithne an uair do rachdaois a measg chaorach
ccomhaightheach."



Des.: "Agus créd fá bhfuilid na gadhair-si ad
chomhghar?"



Aodh: "Do chum na mac ttíre do chur a
tteitheamh uaim san oidhche léna n-amhasdraigh,
ionnas go ma héidir leam féin agus lém chaorchaibh
cíunas do dhénamh."



Des.: "Créad fá ttabhair tú th'úidh dot fheidhm
agus dot oifig uili coimhfhriochnamhoch agus sin?"



Aodh: "Ar an n-ádhbhar gurab óglách mé do
thighearna an thréada-so ar a bfhuil grádh ro-mhór
agam, agus gur gheall tuarasdal maith dhamh, gé gurab
mó do ním a ndénaim ar son mo ghrádha air iná ar
son a thuarasdail."


L. 12



DON THOIL MHAITH, AGUS MAR AS SÍ AS SLIGHE
DO CHUM GRÁDHA DÉ d'FHAGHÁIL.



An Daro Caibidil.



As mór an fonn fuáir Des. i gcomhrádh agus a ccéill
an aodhaire, agas mar a dubhairt gurab mó do bhí
ag foghnamh dá thighearna ar son a ghrádha iná ar
son a thuarasduil; agas a dubhairt ris: "Innis
damh, a dhearbhráthair, ós gnáth leat bheith ag
siobhal na bhfásach-sa, an mbiadh énfhocul do
sgéluibh dhuine uasuil agot atá ar n-a ionnarbadh
óna aitreibh féin, agas iar n-a thréigean óna
bhasáillibh, bhíos ag imtheacht na aonar dá fhéachuin
cia do ghéabhadh lais nó do léigfeadh asteach é."



"Cionnas ainmnighthear é?" ar an t-aodhairi.



Des.: "Grádh Dé a ainm, agus as d'fhuil ro-uasuil
é."



"Dar mo chubhois (ar an t-aodhaire), as aithnidh
dhamhsa go maith an duine uasol sin; agus dá madh
eól duitsi tréad do choimhéd mar as eól damhso, agus
dul leó ar inghioltradh, do bhéruinn tú abhal a
bfhuil, ór as ionmhuin leis na haodhaireadha, mar
as éidir a thuigsin as an ngrádh do bhí aige ar
Abraham, Isaac, agus ar Iacob, bádar 'na n-aodhairibh,
agus do thogh Dia mar aithreacha do phobal Israhél, agus
mar as follas fós ar Mhaoíse dá ndearnadh uachtarán
ar an bpobal ccéadna, agus ar Shaul agus ar Dháibhí do
óirn mar ríogha ós a ccionn. Dar leamsa," ar an
t-aodhaire, "as oileamhain pháláis atá ortsa, ór a


L. 13


taoí maoth seasgar sádhal, agas ní bhiadh acbhuinn
agat ar thréud do choimhéd ná dhul fán ndíthreibh
gach laoí léo. Ar an adhbhar sin ní furáil duit slighe
eile do ghlacadh do chum dula d'iarruigh Ghrádha
Dé."



"Agas créd an tshlighe ghlacfas mé?" ar Des.



"As éigion duit," ar seisean, "dul san ndíthreibh
ar h'aghaidh, agas teigémhaidh mainistir mhaighdean
riagholtha dhuit, agas do bhéraid sgéla dearbhtha
an duine uasuil sin duit; agus as cosmhuil gan amharas
go bhfuighe mar sin é, ór ní gnáth leis é féin d'fholach
ar dhuine dá n-iarronn é mar as dual."



As mór do thaitin lé Des. méd na meisnighe agus an
dóthchais tug an t-aodhaire dhó fá Ghrádh Ndé
d'fhagháil, agus adobhairt: "Guidhim thú, a dhearbh-
ráthair, agus múin éolas na sligheadh dhamh, ór as
eagail leam dul amugha."



"Ní héidir dhamh mo thréd do thréigion," ar an
t-aodhaire, "ór as éigean damh condas do thabhairt
ar a son dom thighearna. Gidheadh, ar son mo
ghrádho don duine uasol-suin agus duitsi féin, do bhéaro
mé éolaighe dhuit mhúinfeas an sligheidh dhuit gus
an mainistir agus bhias ad choimhideacht go soiche
abhal a bfhuil Grádh Dé. Beir lat an gadhar-so agus
treóróchoidh thú."



"Créad as ainm dhó?" ar Des.



"Asé a ainm," ar an t-aodh, "Toil Mhaith."


L. 14


DO SHUIDHIUGHADH, DO DHORUS, AGUS DO
DHOIRSEOIR THIGHE NA HUMHLACHTA.



An 3 Caib.



Gluaisios Des. iar cceleabhradh don aodh, agus rug
an gadhar lais, .i. an Toil Mhaith, 'na choimhideacht,
ó bfhuair mórán sóláis san sligheidh. Agus iar mbeith
dhó ag siobhal an fhásaigh aimsear imchian,
do chonnairc madh míonáloinn, iar n-a thimchiollughadh
do shléibhtibh ruagho ro-loma agus do chnocaibh
clochthacho ceanngharbha. Fá hiongnadh lé Des.
a chomhthoirtheach sin do thalamh d'fhaicsin san
ionadh aggarbh aimhréidh sin, gé go raibhe lúthgháiri
mhór air tré aitreibh ar bioth d'fhaicsin d'éis ar
shiobhuil d'fhásach; agus iar ndul a ngar don
mhainistir dhó, do chonnairc a dorus dúnta agus


L. 15


maighdean 'na seasomh ar a comhair ar a raibhi
culaidh agas cruth mná macánta, agus mur as luaithe
do chonnairc an mhaighdion an gadhar, do bhí lán
d'uamhan agus d'eagla. "Ná bíodh eagla ort," ar
Des., "ór ní dhénann an gadhar-so urchóid d'aoinn-
each."



Fá roi-iongnadh lé Des. an mhaighdean-soin
d'fhaicsin 'na huathadh agus 'na haonar taobh amuigh
don mhainisttir, agus fiafraighis di: "Créad do ní tú
ann so, nó créad ré bfhuile ag fuireach?"



"Atám," ar isi, "ag anamhain ris an ndoirséoir
d'osgladh an dorais do chum go raghainn asteach."



"Cá hainm atá ort?" ar Des.



"Asé mh'ainm," ar isi, "an Ghlóir Dhíomh-
aoin."



Do bhí Des. a bhfad ag fuireach dá fhéuchuin
an bhfaicfeadh an doras dá osgladh, agus mar nách
facaidh an doirséoir ag teacht, do thionnsgain an
doras do bhualadh go teand lé baschrann nó lé
fairchín iaroinn do bhí as an ndoras do chum a
bhuailte, dá ngoirthí Fulong Fada. Ní fada go
bfhacoidh Des. seanóir aosdha onórach ag teacht
d'osgladh an dorais, do ba doirseóir don mhainistir-
sin agus do choimhédadh í uile, dár ainm Eagla Dé.
Do bhí Des. lán d'urgháirdeas inntinni ag faicsin
an doirseóra, agus iar mbeannughadh dhó, a dubhairt
ris: "A athair ionmhuin, atú-sa ag iarraidh dhuine
uasuil dar ab ainm Grádh Dé, agus a dobhradh riom
gur ghabh trés an bhfásach-sa agus go ttáinig gus an
mainistir-si. Do badh mian leam a fhios d'fhagháil
uaibhsi an ndearna comhnaidhe ann so."


L. 16


Fá binn leis an ndoirseóir a ndobhairt Des., ór do
badh dearbhráthair do Ghrádh Dé é féin, agas
adubhairt: "Innis damh, a mhic, créad fá n-iarrae
an duine uasol sin, nó créad iad do ghnoaighthe
ris?"



"A athair," ar Des., "atám dhá iarroidh ar an
n-adhbhor go bfhuil mórán uaim air, agus go bfhuil
sochar mór dhamh 'na fhagháil; ór as mian leam
bheith am óglách aige agus seirbhís do dhénamh dhó,
do bhríogh nach facadhas (gé mór do réighiónaibh
do shiobhlaigheas) rígh ná tighearna 'na bhfuáras
fonn, gidh mór do iarr oram anamhain aca. Do
hinnisiodh dhamh gurab tighearna roi-fhial ro-
shaidhbhir Grádh Dé, agas go ttugann mórán
maitheasa agus saidhbhris dona daoinibh do ní seirbhís
dó."



"As fíor," ar an doirseóir, "gu raibhe an duine
uasal-soin san mhainistir-si; gidheadh, ní dhéarna
comhnuidhe innte. An-sa ann so fós, agas goirfead-
sa ar mhaighdin chugad ó bhfuighe tú ní sa mhó
dhá sgéalaibh."


L. 17



MAR AS GNATH LEIS AN NGLOIR NDIOMH-
AOIN BHEITH A CCEILG AR NA DEAGH-
OIBREACHAIBH.



An 4 Caibidil.



Do b'fhada lé Des. an aimsear ag fuireach ris an
maighdin, gé nach fada go bfhacaidh ag teacht
do chum an dorois banógh umhal aghnáireach, do
bheannoigh dhó go grádhach.



"Deo gratias, a dheirbhshiúr," ar Des., "cionnas
ainmnighthear thú?"



"Asé mh'ainm," ar isi, "Neamhshuim a nEinní."



"Agas créad as ainm don mhainistir-si?" ar
Des.



"Teagh na Humhla a hainm," ar an mhaigh-
dean; "agus a sé adhbhar fa ngoirthear sin di, do
bhríogh gurab í an Umhla as banab dhúin, an coimh-
thionól do mhaighdionaibh riaghaltha atámaoid
innte."



"Agas cia hí an mhaighdion-so amuigh san
doras?" ar Des.



"Ag sin an Ghlóir Dhíomhaoin," ar isi, "agus
bídh do ghnáth san dhoras dá fhéchuin cia an uair


L. 18


do hoisgeoltaoi é dochum dula asteach, dá bhfédadh
nó dá bhfhaghadh uain ar an ndóirseoir."



Des.: "Créad é an t-adhbhar nach léigthí dhí
dul asteach? Ór as cosmhail réna cruth agus réna
culaith gurab bean mhacánta í."



"As urasa a aithne nach fuil eólas agat uirthe,"
ar an mhaighdion, "ór ní fhuil mhnaoi as measa
iná í, agus a bhfuil do bhárr innill uirthe os comhair
ccáich, atá a uiriod sin d'ulc agus do mhailís a bhfholach
innte."



Des.: "Créad an t-olc do ní dhaoibh?"



"An mhéid as éidir lé," ar an mhaighdion; "agus
as dual di bheith olc, ór dob olc an t-athair do bhí
aice, dá ngoirthí A Grádh Féin, agus fá measa a máthair,
dá ngoirthí A Móirmheas Féin; agus ní fhuil ar bioth
eascairde aguinne as mó iná an t-athair-si agus an
inghean, agus as mó atá a n-aghaidh an duine uasail
as pátrún dúin, dá ngoirthear Grádh Dé, léna gnáth
glóir a ndéineann do thabhairt do Dhia ó ttig an
uile mhaith, as ar ab urasa a thuigsin méd na
contrárdhachta atá idir Ghrádh Dé agus an Ghloír
Dhíomhaoin, agus idir Mhoírmheas Uirre Féin agus misi,
darab ainm Neamhshuim a nÉinní.



Ar an adhbhar so as éigion dúin bheith ar ar
ccoimhéd uirthe mar dho bheimís ar ar naimhdibh,
agus ní fhidir tusa créd é méd an dochair do ní an


L. 19


Ghloír Dhíomhaoin dúinn, ór an uair as éidir lé
teacht asteach, mar atá sí genach, teíd ar an mball
gu díreach dar n-abhallghort, agus goididh toradh an
chroinn as uaisle dá bfhuil againn, le ccothaighmíd
sinn féin; agus mar nach fuil 'nar n-abhallghort acht
énchrann amháin do shórt an chroinn sin, agus nach
fásann air acht beagán toroidh, as ar éigin fhédmaoid
sinn féin do chothughadh; agus gu háiridhe an uair
bheireas an toradh lé, fágbhaidh sí sinne uile folamh.
Agus as measa iná so uile an uair éirghios lé teacht
asteach, go bfhuil coimhmilisbhriathrach agus sin, agus
comhmór do mhealltóir agus do chluanaire, nach éidir
lé haonmhaighdin riagholtho aguinne a cor amach,
acht leis an mbanaboidh amháin, dár ab ainm an
Umhlachd, ór teithidh an uair do chí an mbanaboidh.
Agus mar atá an drochmhaighdean-sa comhurchóideach
agus coimhmíonáireach agus sin, do conncas dúinn an
seanóir-si do bheith 'na dhoirseóir aguinn, ór atá
goin bhurba ann; agus an uair do chí ag teachd chum
an dorais í, buailidh an ccomhlaidh 'na héadan agus
congmhuidh amuigh í."



Fá hiongnadh lé Des. ar innis an mhaighdean
dó, agus a dobhairt: "As maith do níthí gan a léigean
asteach, ó do ní an uiread-soin d'urchóid daoibh, agus ní
fuláir dhaoibh bheith ro aireach."



"A déarthá sin," ar an mhaighdean, "dá mbeath
fios a huilc uile agat."


L. 20



DO SHLIGHEIDH NA HUMHLACHTA.



An 5 Caib.



"Innis damh," ar Des., "a bhanógh bhenn-
aighthe, cia dho threóraigh do chum an thighe
naomhtha-so thú?"



"Dias do mhnáibh riaghaltha tug dochum an
thighe-si mé," ar isi. "A sé fa hainm don chéd
mhnaoi Tarcaisnioghadh an tshaoghail, agas do ba
maith an bhean riaghaltha í. A sé fá hainm don
dara mnaoi A Tarcaisnioghadh Féin, agus gér naomhtha
an chéd bhean, do bhí an dara bean-sa ní as naomhtha
iná í. Do ghuidhiodar an dias ban naomhtha-so an
mbanabaidh fam ghlacadh san n-órd, agus d'fhoillsigh-
iodar di mh'inntinn agus mh'fhonn; agus muna bheith
duine uasal tarla dhúinn san slighidh, agus tánig linn
gus an mainistir, do chuir impidhe ar an mbanabaidh,
ní géabhthaoi mé ar énchor, ór as a n-onóir an
dhuine uasail-sin fuaras an n-aibíd."



"Cionnas ainmnighthear an duine uasol-sin?"
ar Des.



"Grádh Dé a ainm," ar isi.



Ba binn le Des. mar do chualaidh iomrádh Ghrádha
Dé ag an maighdin, agus go raibhe meas mór air san
tigh sin, agus a dubhairt: "Innis damh, a dheirbhshiúr,
cia dár clann an dias ban riaghaltha sin tug do chum
an tighi-si thú, nó cia an cineadh dá rabhadar?"



"As maith an t-eólas atá agamsa," ar an mhaigh-
dion, "ar an ccineadh dá rabhadar, ór do budh


L. 21


do chineadh mór iad, agus fá duine uasol prinsiopálta
a n-athair a ccúirt an ríogh, agus fá hé a ainm Eólas
ar Bheginmhe an tSaoghail agos ar Thruaillidheacht
na Colna. Do bhí eólas agam mar an ccédna ar a
athair sin, .i. seanathair na mban riaghaltha tug ann
so mé, dá ngoirthí Eólas na Díoghbhála do ní an
Grádh Saoghaltha agas an Móirmheas Air Féin dár
nAnam, agus fá duine tromdha tuigseach an fear so do
níodh gach énní dá ndénadh go socair stuidéarach,
agus do bhí baintighearna ro-uasol 'na mnaoi aige, dár
ainm an Gliocas."



"Innis damh," ar Des., "an raibhe an duine
uasol sin tarla dhaoibh san sligheidh, agus táinig libh
don mhainisttir-si, 'na aonar?"



"Ní raibhe," ar isi, "ór do bhí buachail 'na
choimhideacht ar a raibhe cion mór aige, dá ngoirthí
Grádh na Comharsan."



"An aithnidh dhuit," ar Des., "cáit a ndeachoidh
an duine uasol-sin?"



"Atá ní éigin dá fhios sin agum," ar isi;
"gidheadh, déanam asteach don mhainistir agus cuirfead
a bhfochair dhuine eile thú as mó aga bhfuil dá
sgélaibh. Adhé," ar an mhaighdion, "as mór
breghdha an gadhar so agad, agus créd fá bhfuil a
leithéid so agad?"



Adubhairt Des.: "An uair do ghluaisios óm
aitreibh féin ní raibhe leam acht coiléan do hoileadh
agam féin, agus tárla san sligheidh d'aodhaire mé, tug
an gadhar-so dhamh dom choimhéd ó naithribh
neimhe agus ó bhéistibh eile do hinniseadh dhamh do
bheith gu líonmhar san bhfásach-so."



"Cionnas ainmnighthear do ghadhar?" ar an
mhaighdion.



"Toil Mhaith," ar eision.


L. 22


"As ro-mhaith an gadhar atá agad," ar isi, "más
éol duit a choimhéad, ór ní heagail duit dul ar
seachrán, ná pudhar ó bhéisdibh, an gcéin bheas at
fhochair."



"Innis dhamh," ar Des., "cia ó bfhuighiod sgéla
an duini uasail úd?"



"A dhearbhráthair," ar isi, "as fada as so é, agus ní
fuláir dhuitsi siobhal go maith agus dul romhod a bhfhad
san bfhásach ria rochdain don áit a bfhuil a ionad
comhnaidhe; agus dá ngabhae mo chomhairle-si,
múinfiod shligheidh n-aithghirr dhuit dochum dula
san n-aít 'na bfhuil."



Gabhas lúthgháire mhór Des., agus a dobhairt:
"Féagh féin créd í an chomhairle as fearr lat do
dhéanamh dhamh, ór gibé ar bioth ní óirdeóchae
dhamh do ghén é do chum Grádha Dé dh'fhagháil."



Adobhairt an mhaighdion: "Atáid ocht mainis-
treacha san bhfásach so; agus así so an chédmhainistir
díobh .i. Teagh na Humhla; an dara mainistir Teagh
an Cheirt; an treas mainistir Teagh na Críonnachta;
an ceathramhadh, Teagh an Neirt; an cúigeadh,
Teagh na Measardhachta; an seiseadh, Teagh an
Chreidimh; an seachtmhadh, Tegh an Dóthchais;
an t-ochtmhadh, Teagh na Désheirce; agus as ann sin
chomhnaigheas Grádh Dé, agus as ann atá 'na dhóirseóir.
Do chaithféa-sa an tslighe-si uile do ghabháil, ór así
an tshlighe dhíreach í. Gidheadh, ar son Ngrádha
Dé, ar a bfhuil an oiread sin d'iarraidh agad, múinfidh
meisi eólas as aithghiorra iná sin dhuit; agus ní fuláir
dhuit bheith ó thús ad chomhnuidhe san mhainistir-si
dod mhúnadh aimsear éigin, gu háirighthe nó gu
raibhe eólas agat ar an tteagh, ar an mbanabaidh, agus
ar na hingheanaibh uile, ar a mbésaibh agus ar a
n-anmannaibh, ór dá ndeacha tú múinte go maith as


L. 23


an tigh-si, ag breith sgéal sláinte na maighdion so
leat gu Grádh Ndé, agá bfhuil cion ro-mhór ortha
ní as mó iná atá aige ar na mainistreachuibh eile
uile, géabhaigh chuige ina mhuinnteardhas gu hurasa
thú, agus gu háirighthe dá ttuga an bhanab, ar máthair,
litear dhuit."



"Abair riom," ar Des., "créd fár mó grádh an
duini uasail-sin oruibhsi iná ar na mainistreachuibh
eili, ór as cosmhuil gurab sibhsi as ísle, anuaisle, agus as
boichte dhíobh?"



"Inneósad-sa sin duit," ar isi. "Bíodh a fhios
agot gurab í so an chédmhainistir do thógaibh san
bhfásach-so, agus gurab aisde do roighneadh na mainis-
treacha eile, agus gurab innti do ghnáthuighiodh ar
bproibhinsial, .i. an chédduine lér tionnsgnadh na
húird, bheith 'na chomhnuidhe; agus gé gu ndeachaidh
'na dhiaigh sin fá na fásuighibh do thógbháil mhóráin
mainistreach oile, nár áil leis é féin d'ainmnioghadh
as énmhainistir eili acht as an mainistir-si, mar mhac
dhi, mar as innte do ghlac aibíd dhuine riaghalto."



Fá roi-bhinn lé Des. comhrádh na hóighe, agus a
dubhairt gu ndiongnadh comhnuighe san mhainistir
sin, maille ré fonn ro-mhór, aimsear fhada, gu feadh
eólais an tighe do bheith aige.



"Déanam asteach anois," ar an mhaighdion, ag
breith ar láimh ar Dhes.


L. 24



DO BHALLAIDHIBH THIGHE NA HUMHLA, AGUS
DA HUASAILGHENEALACH.



An 6 Caibidil.



Iar ndul asteach do Dhes. a cclabhstra na mainis-
treach, do bhí ag féchain na mballuigheadh ar gach
ttaobh dhe, agus dob iongnadh lais a bhfeabhas, gé go
rabhadar simplidhe, ór ní rabhsad breaghdha ná
pinnteáltha ná árd, acht íseal, daingean, tarbhach;
agus ní gainemh ná aol ná úir bhog do bhí mar fhun-
daiment aca, acht iad ar n-a ndéanamh gu daingean
ar charruig dhíleann.



A dubhairt an inghean ré Des.: "Ná han ag
feitheamh na mballuigheadh ní as sia, acht déanam
do shléachtuin don eaglais." "Déanam, a dheirbh-
shiúr," ar Des.; agus iar ndéanamh úrnaighthi dhóibh
san eaglais do chuadar gu sealla an bhanabadh.
Fáiltigheas an bhanab ag faicsin Des., mar do
chonnairc aibíd dhuine riaghalta air, agus tug ionad
suidhe dhó 'na fochair féin, agus adubhairt ris: "A
mhic, créd fá ttángais chugainn, agus sinn bocht
simplidhe, iár n-ar ttarcaisnioghadh ón tshaoghal?"



"A mhathair," ar sé, "a tú ag lorgaireacht
dhuine uasail dá ngoirthear Grádh Dé, agus a dúbhradh
riom nách fédabh a fhagháil muna rabhar am
chomhnuidhe tamall san mainistir-si. Ar an n-ádh-
bhar-soin, más toil libhsi é, do b'fhearr leam go
ttugadh sibh cead damh bheith seal fá bhur smacht."



"As maith leam," ar an bhanab, "an fonn
maith atá agud; gidheadh, smuain go maith ar tús


L. 25


ar an ní ataoi do dhéanamh, d'eagla gu ngéabhadh
aithreachas tú 'na dhiaigh so."



"Gu ttuga Dia grása dhamh," ar Des., "fá
sheasamh san mhian mhaith atá agum."



"Amen," ar isi, "agus dá ndéarna tusa an ní as
cóir dhuit do dhéanamh, ós ó Dhia tháinig do dheagh-
fhonn, cuirfidh féin chrích maith air."



"Agus créd as cóir dhamh do dhénamh?" ar Des.



"Innéosad-sa sin duit," ar an bhanab. "Madh
áil leat bheith gu buan astigh-si, agus seasmhach ad
dheighinntinn, agus gan na mná riaghaltha so dod chur
amach, bíodh an inghean-so agamsa tug asteach tú,
dárab ainm Neamhshuim a nEinní, 'na banmhaighistir
agad, agus bí muinteardha ria, ór as uime thugamairne
mar oifige dhi bheith ós cionn tighe na n-aoidheadh
'na banaoidhigh, agus fós ós cionn ar noibhísdeadh 'na
banmhaighistir, do bhrígh gu tteaguisgeann dúinn
sinn féin do tharcaisnioghadh agus gan cás ná suim do
bheith againn a n-éinní dá n-abairthear nó dá ndéantar
'nar n-aghaidh; agus as chuige mhúinios sí so dhúinn,
do chum ar n-umhluighthe, agus an lucht leis nách áil
bheith fána smacht, ní héidir leó anmhain gu buan
san mhainistir."



"As buidheach mé dhíot, a mháthair," ar Des.,
"trés an mbanmhaighistir-sin tugois damh, agus guidhim
thú a nois agus innis th'ainm agus do bhéaso agus do chineadh
féin damh, agus cionnos do rinneadh banab ós na
mnáibh riaghaltha so agus ós an mainistir dhíot. Adu-
bhradh riom nach fuláir dhamh, do chum bheith
am bráthair mhaith d'órd an thighe-si, eólas maith
do bheith agam ar na mnáibh riaghaltha uile agus ar a
mbésoibh, ionnas go madh móide ghráidheóchas mé
iad fios a mbés do bheith agom, agus go ma héidir leam
a sgéla d'innisin do dhaoinibh eile."



"A sé mh'ainm-si," ar an bhanab, "an Umhla.


L. 26


Agus as é ainm baoi ar mh'athair A Dhísbeagadh Féin,
agus asé ainm mo sheanathar A Eólas Féin, agus as í fá
bean dó Eólas Dé, agus fá hí a dhúthaigh cathair áirithe
dá ngoirthí A Smuaineadh Cia Mé agas Cionnas do
Bhádhas agus Bhiad, agus fá hí dúthaigh mo shenathar
Smuaineadh ar Mhaithios Ndé, agus a dúbhradh riom
nár éidir rochtain gu cathair mo sheanathar acht
tré dhá shligheidh agus tré dhá dhoras - slighe dhíobh
an duine féin, agus slighe eile na crétúire eile; agus ní
raibhe neach lér éidir dul san ccathair-sin, muna
théighiodh ar eitiollaigh innte, acht a cceachtar don
dá shligheidh-sin. Adubhradh fós riom gurab é ar
ttighearna do rinne an ccathraidh sin léna lámhaibh
féin, ór do bhí comhálainn is sin nách fuighthí énneach
eile lé budh éidir a dénamh acht leision amháin."



"Cionnas as éidir a chreidiomh," ar Des., "gu
ttiubhradh Dia aire d'oibreachuibh talmhuidhe do
dhéanamh, agus nach fuil ar an mbioth tighearna as
uaisle agus as dearsgnaighthe iná é?"



"As éidir," ar isi, "ór as maith an maighistir
saothair é, agus adeirthear gu bhfaghann fonn mór a
n-oibreachaibh talmhaidhe."



"Créd an t-adhbhar," ar Des., "agus nách fuil
riachtanas aige ré hénní?"



"Do bhríogh go bfhuil comhmaith agus sin," ar
isi, "nach áil leis bheith éan-tamall díomhaoin, acht
ag sírdhéanamh neith théid a sochar do na daoinibh,
agus as áil leis sochar gach uile neith dá ndéanann do
bheith ag cách eile, agus ní iarronn dó féin ar son a
ndéineann acht onóir, agus glóir, agus cách dá mholadh,
mar as eól dó oibreacho uaisle do dhéanamh do
mhiotol comhanuasal ris an ttalamh."



"As iongnadh leam," ar Des., "fonn a mholtha
do bheith ar Dhia, ór, dar leam, as baoghal dó mar
sin tuitim a nglóir dhíomhaoin."


L. 27


"Ní heagail dó sin," ar an Úmhla, "uair atá
comhmaith agus comhfhoirbhthe agus sin nach faghann
peacadh ná locht ar bioth ionad ann; agus ní díomhaoin
an ghlóir do beirthear dhó, ór as cóir dhó a fagháil,
do bhrígh gurab é féin a mháin thuilleas í, agus nach
fuil dá mhéd moladh nó onóir dá ttugthar dhó nach
dligheann nísa mhó. Agus as uime sin as áil leis a
mholadh agus a onórughadh, agus ní fhuil ar a shon sin
glóirdhíomhaoíneach, acht ceart, ar an n-ádhbhar
gurab áil leis a chóir féin do thabhairt dá gach aon,
agus an ní as dleachtaineach dhó; agus mar as dó féin
a mháin as dual onóir agus moladh, do bhríogh gurab
é amháin atá maith, ní háil leis gan a bhfagháil.
Agus ar an n-ádhbhar-so, an uair bhíos fonn ar dhuini
a mholadh nó glóir d'fhagháil dó féin do chum a
anma féin amháin do shoillsioghadh, as de so
ghoirthear glóir dhíomhaoín, agus gaduidh an uair-sin
an ghlóir, agus as éidir gaduidhe do ghairm dhe do
bhrígh gurab mían leis an chuid chomhuidheach
do shealbhughadh gan fhios dá tighearna féin agus a
n-aghaidh a thola, agus do ní mar sin aithris ar an
ndiabhal, mar a deir S. Aibhisdín; agus gé nách áil
lé Dia gan ghlóir agus moladh d'fhagháil uainne, ní ar
a shon féin iarras oruinn a mholadh acht ar mhaithibh
ris na daoinibh agus trés an sochar thig dhóibh as bheith
ag tabhairt moltha agus glóire dhó. As éidir leis an
nduine ar a shon so, a ccásuibh áirighthe, fonn do
bheith aige 'na ghlóir féin agus a ccách eile dhá mholadh,
.i. an tan do chí ga ttiucfa barr glóire agus moltha do
Dhia as so, nó do chífiodh gumadh siocair a mholadh
lé daoinibh eile do tharruing do chum maithiosa
spioradálta agus seirbhísi Dé. Gidheadh cheana, as do
na daoinibh bhíos foirbhthe a ccrábhadh agus fréamh-
uighthe a ngrádh Dé, as neambaoghlaighe so;


L. 28


ór as roi-eagail do na daoinibh laigspioraideacha gu
meallfadh a n-intinn iad, an uair do iarrfadaois glóir
nó moladh dhóibh féin, dar leó féin, do chum glóire
Dé nó sochair na comharsan do theacht as sin, ór
mar a deir S. Aibhisdín: "Gibé darab éigean é féin
do choimhéd ó uabhar, as baoghlach dhó fonn
d'fhagháil a nglóir nó a moladh dhíleas."


L. 29



LEANAIDH AN UMHLA DON CHOMHRADH
CHEADNA, AGUS TEAGAISGIDH MAR NACH
CÓIR DO DHUINE FONN DO BHEITH
AIGE A N-UACHTARANACHD.



An 7 Caib.



"Guidhim thú, a mháthair," ar Des., "ó dho
innisis damh do sheanchas, indis damh anosa cionnas
do roighneadh banab dhíot ar an mainistir-si, ór
do chím gurab mór an onóir ina bfhuile, agus do badh
maith leam fios na sligheadh do bheith agom lé
bhfuarais an onóir-si, do chum go madh éidir leam
féin ar an modh ccéadna díthcheall do dhéanamh ar
bheith am uachtarán ar mhainistir éigin."



Cíis an Umhla ar cclos na so mbriathor-so.



"Guidhim thú, a mháthair," ar Des., "innis
damh ádhbhar do ghuil."



"Asé fáth fá a bhfuilim ag caoi," ar isi, "mar
do chím nach fuil do riaghalthacht agatsa acht an
aibíd, agus nach fuile ad mhanach ó chroidhe acht ó
ainm, ór as mór do mealladh thú sna briathraibh
sin a dobhartois."



"Cionnas do mealladh mhé?" ar eision.



"Ar an n-ádhbhar," ar an Úmhla, "gu bhfuilid
do smuaintighthe agus do mhiana ro chontrárdha
dhamhsa agus dom Thighearna mhilis Iosa, nár thaisbéin
riamh ó bhréithir ná ó ghníomh fonn do bheith
a n-uachtaránacht san saoghol, agus nách táinig
d'iarroidh foghainthe dhó fein, acht d'fhoghnamh do
chách; agus gibé sheachnas an sligheidh-si atá a nguáis
a shlánaighthe. Mo thruaighe sinne, an lucht agá


L. 30


bfhuil uachtaránacht ós chách agus dá nach eól sinn
féin do stiúradh, ná conntas iomlán do thabhairt
ina ndéanmaoid. As ainnis an onóir bhocht sin atá
lán do phéin agus do chúram, do shaothar agus do ghábhadh
agus d'eagla, agus bhias 'na heasonóir agus 'na náire shíordh-
aidhe muna iomcharthar í go roi-cheart ro-chothram.
O a ualaigh thruim thuirsigh, dá nach táir fear
th'iomchair do luaighidheacht, don lucht bhíos faoi,
acht diomdha agus dobhuidheachas, ithiomrádh, fuath
agus aingidheacht, fá mar aithneóchas tusa, a mhic, dá
n-anae sealad ar bioth san mainistir!



Freigeórad feasda an cceisd do chuiris oram, agus
nochtfad secréid mo chroidhe dheit, ar son Ngrádha
Dé. An uair thánag-sa don mhainistir-si ar tús, agus
do ghlacas calla dubh mná riaghalta, do smuaineas
am chroidhe gu daingean nách rabhadhas acht am
ainmhidhe bhrúideamhail agus nár fhiú mé bheith am
chumhail choimhidechta ag an ccuid eile do mhnáibh
riaghalta an tighe, agus d'iarras ar Dhia a chur
d'fhiachaibh oram grádh mór do thabhairt don
mhímheas sin do bhí agam oram féin; agus do bhádhas
ag coimhéd na hinntinne-si do ghréas, agus do rinne
Dia 'na dhiaigh sin do ghrásaibh oram mo phó-
sadh ris an n-inntinn sin do chuirios romham, .i. A
Smuaineadh gurab Ainmhidhe Brúideamhail Mé,
agus a sé an fear pósta céadna sin fuair an oifige-si
dhamh, ór nír iarras riámh í, agus ní raibhe a fonn
oram."



Iar cclos an chomhráidh-si do Dhes., do mheas
gu raibhe an bhanógh so ro shubháilcheach, do ísligh
agus do tharcaisnigh í féin comhmór is sin ar son Ngrádha
Dé; agus mar dho thuig gu raibhe 'na hóigh, do aithin
nach ar phósadh collaighthe do labhair, acht ar
phósadh spioradáltha; agus iar ttuigsin an ádhbhair


L. 31


dhó fa ndearnadh banab dhi, a dubhairt: "Más
fíor sin, a mháthair, gibé lér ab áil bheith 'na
uachtarán, nó é féin d'árdughadh, caithfidh sé é
féin d'ísliughadh ar tús, mar do rinnis-si."



"As mar sin atá, a mhic, dá ttuigtheá gu maith
mé, ór ní dubhart-sa acht na briathra a dubhairt an
Fhírinne féin."



"Agus cionnus thuigfios mé thú?" ar Des.



"Inneósad sin duit," ar isi. "Gibé ísligheas é
féin, airdeóchthar é, muna do chum a árduighthe ó
dhaoinibh do ní é féin d'íslioghadh, ór ní humhla
a leithéid sin d'íslioghadh acht uabhar. Agus mar
atá an umhla agus an t-uabhar contrárdha dhá chéile,
ní hédir lé hénobair amháin bheith 'na humhla agus 'na
huabhar a n-éineacht, ór ní fhuil san umhlacht ó
chroidhe acht neach dá mheas gurab ísle agus gurab
measa mhídhiongmhála é féin iná cách eile, agus ní
fhuil san uabhar acht an uair mheasas neach gurab
mó agus gurab diongmhála é féin iná neach eile; agus
mar táid comhchontrárdha agus sin dá chéile, ní héidir
leó bheith a n-éanchroidhe a n-éineacht. Agus as chuige
a dobhart an umhlacht ó chroidhe, ór féadaigh an
díomas ionad d'fhagháil a bhfochair na humhla
foirimeallaighe nó corpardha do nímid, mar as urasa
a thuigsin an tan thaisbénas neach comhardha úmhla
do dhuine le cromadh ccinn, nó lé coimhéirghe
roimhe, nó lé hurruim éigin; ór más do chum measa
úmhlachta nó naomhthachta do bheith ag cách
orainn do nímid na hoibreacha-sa, ní fhuil ionnta
acht díomas, ar an n-ádhbhar gurab ón chrích do
chum a ndéanthar iad ghlacas na hoibreacha ainm-
nioghadh."


L. 32



CIONNAS DO LEAN AN UMHLA AN COMH-
RÁDH CEADNA, AGUS DON CHOMHRAC
DO NÍ SÍ A N-AGHAIDH NA NDUBHAIL-
CHEADH.



An 8 Cabidil.



"Do bhí," ar an Úmhla, "an fear pósda-so ro
ionnraic roi-dhíleas damh riamh, agus as mór an tarbha
a ndeachaigh dhamh a chongnamh a n-aghaidh
mhaighdion eile agus bhanabadh mainistreach atá a
ccogadh riom. Asé ainm na mainistreach sin an
Díomas; agus asé ainm na banabadh Uabhar na
Beathadh, agus tig gach énlá do choinntinn riom, agus do
bhuain na súl asam dá bhfédadh. Agus tig a ccuideachta
an bhanabadh sin maighdion eile as banphrócadóir
don mhainistir, dá ngoirthear Saint na Súl, agus bain-
bhiocáire na mainistreach, dá ngoirther Antoil na
Colna. Agus tig droichbhean eile a ccuideachta an
triúir-si, as máthair dhóibh agus ler hoileadh iad, .i. an
Mhainneachtnaighe, agus tig an bhean so ar uairibh
truagh lag, agus as urasa a claoi an uair-si, mar bhíos
meirbh ar bheagán neirt; gidheadh, ithidh an oiread
sin do bhiadh uair eile, gu ttig roi-reamhar, ro-láidir,
lán d'uathbhás, ionnas gur céim cruaidh guasachtach
dul do chomhrac ria. Tig fós a bfhochair na mná-
so amaid ógmhaighdine míochráibhthighe droch-
mhúinte, dárab ainm an Mhailís, agus tig lé sin a trí
hingheana, dá ngoirthear Fearg, Formad, agus Leisgi;
agus tig dias d'ógmhnáibh eile leis an mnaoi ndéighean-
aigh-si ar a ttabhairthear an tAmhoras, agus an
Breitheamhnas Mearrdhánta.



Ag so agat, a mhic," ar an Umhla, "mná na
mainistreach eile atá a gcoinntinn agus a ccomhmórtos


L. 33


rinne. Gidheadh, an uair fá ttigid asteach dár
mainistir, téighim-si agus mh'fhear pósda 'na n-aghoidh,
agus bímíd ag gabháil do bhasaibh agus do dhornaibh
ortha nó go ccuirmíd a mach as an mainistir iad, agus
ní bhí dh'eagla orainn ar an n-uair sin acht go
dtiocfadh an mhaighdean úd atá san doras, .i. an
Ghlóir Dhíomhaoin, asteach; ór, dá ttigeadh, do
bhéaradh uainn a mbeith do thoradh agus do shólás
againn tréas na mnáibh eile do chlaoi, agus do fhúigfeadh
folamh marsin sinn gan shochar ar son ar saothair."



"Nách urasa don Ghlóir Dhíomhaoin," ar Des.,
"teacht a steach a ccuideachta na maighdean eile,
an tan tigid do chomhrac ribh?"



"Ní héidir dhi teacht asteach an uair sin," ar
an bhanab, "ór bíd sgíotháin ar na drochmhnáibh
eile, agus ní tréas an ndoras ghabhaid asteach, acht
ós chionn na mballaigheadh; agus as minic fhoilghid
iad féin comhmaith agus sin san mhainistir nach éidir
a bfhaicsin, ionnas go measfadh duine nách beith
droichní ar bioth san thigh; gidheadh, an uair as
lugha do saoilfidhe agus nach bí aire cháich orra, do
cíthear ag rioth ar fud an thighe iad. Ar an
n-ádhbhar-sa as éigean dúinn coimhéad roi-ghéar do
bheith aguinn ortha d'eagla go ttiocfadaois oirn go
hobonn."



"Créd fá bfhuil a comhmór sin do cheannairrc
eadraibh?" ar Des., "ór dar leam as olc an
eisiomláir do bheirthí do na daoinibh saoghaltha, do
chí bhur n-imreasuin, agus sibh in bhur mnáibh riagh-
altha, dár chóir bheith ciuin ceannsaighthe, ceanamhail
ar a chéile, ar son Ngrádha Dé."



"As sí sin féin," ar an Umhla, "an chúis fa
bhfuilmíd a ccogadh riú, agus fá a ccuirmíd amach iad,
.i. mar ataíd 'na n-eascairdibh ag Grádh Dé,


L. 34


do rinne an mhainistir-si dhúinn agus a tá 'na fhundúir
againn; agus ní háil linn osadh ar bioth nó síoth do
bheith againn réna naimhdibh, mar do theagaisg ar
Maighistir dhúinn, ag rádh: Ní do chor sióth-
chána san ttalamh thánag (ionann so ré rádh agus sna
daoinibh talmhaidhe nó dubháilceacha), acht tánag
do chur chogaidh eatorra féin agus na daoine subháil-
ceacha do chum na subháilceadh do bhreith bhuaidhe
ar na dubháilcibh."


L. 35



LEANAIGH DON CHOMHRADH CHEADNA,
AGUS TEAGUISGIDH CIONNUS CHLAOÍ-
TEAR ANTOIL NA COLNA.



An 9 Caib.



Fá mór do thaitin lé Des. díslidheacht agus ionmhuine
na Humhla do Ghrádh Dé, agus adubhairt: "Do
b'fhearr leam, a mháthair, gu múinthea dhamh an
modh áirithe ar a ccuire amach agus ar a cclaoídhe na
drochmhná sin atá a ccogadh riot."



"Do budh maith leam," ar an Umhla, "a mhic,
do bheith múinte gu maith ria ndul as an tigh-si
dheit. Gidheadh, mar nách fuil eólas iomlán agam
ar do mhéin, ní mhínighim na neithe-si dhuit gu
fairsing, ór ní hé gach aon do gheibh blas milis ar
an mil tré éxamhlacht na ccoimpléasg."



"Atám agad annso," ar Des., "agus do bheirim mé
féin uile ad lámhaibh, agus úmhluighim dod bhreith-
eamhnas do chum go múintheá dhamh cionnas do
ghéabhainn Grádh Dé."



"Os amhlaidh sin atá," ar an Umhla, "múinfead
mo shecréideadha agus mo ghnáthoibreacha agus mo
bheathaidh dhuit. Do bheir an fear pósda-sa a
dubhart riot, dár comhainm A Mheas gurab
Ainmhidhe Brúideamhail Mé, congnamh mór dhamh
do chum bheith am bainthighearna ar an ndomhan,
dá tharcaisnioghadh, agus ar mo chorp féin, 'gá smach-
tughadh lé troisgthibh, lé sgiúrsadhaibh agus lé duadhaibh
corpardha eile, agus ar an ndeamhan, lé gníomhaibh
úmhlachta; agus do ní fós, maille ré congnamh Ndé,
bainthighearna dhíom ar mhuinntir mo thighe uile
agus oram féin fá dheireadh, ór an uair do chíd muinntear
mo thighe criadh féin gu ndéinim mo dhíthcheall ar


L. 36


thoil Ngrádha Dé do choimhlíonadh, éirghid uile am
aghaidh; gidheadh, bím-si, dá n-aimhdheóin uile,
maille ré congnamh m'fhir fpósda, lán do shíoth, do
shochroidheacht, agus do chiúnas."



Bá hiongnadh lé Des. méad neirt agus chumhachd
fhir phósda na Humhlachta, agus adobhairt: "Guidhim
thú, a mháthair, mínigh sin damh ní as fearr lé
heisiomláir lé ttuigfe mé gu maith an ní a deire, ór
atá inntleacht mall neimhghéarchúiseach agam."



Fá binn leis an mbanabaidh itche Dhes., agus mar
do thionnsgain comhardha úmhla do thaisbeánadh,
ag diomoladh a inntleachta féin; agus a dubhairt:
"Bíodh a fhios agad, a mhic, an uair fá ttig énchuid
do na drochmhnáibh úd don mhainistir-si, gurab ar
an modh so a dér anois chlaoídhim iad. An uair
thig an chéadmhaighdion, dá ngoirthear Antoil na
Colna, asteach, mar as aithnidh dhamh gu maith a
méin agus a béasa, gurab ó iomarcaidh d'ithe agus d'ól
bhíos láidir neartmhar do chum comhraic do
dhéanamh riom, beanaim biadha agas deocha uaisle
deaghbhlasda dhi, agus ní thugaim dhi don bhiadh ná
don digh chomhchoitchinn féin an mhéid as mian
lé do chaitheamh; agus mar nách éidir leam buaidh
do bhreith uirthe lém chumhachtaibh agus lém neart
féin (ar an ádhbhar gu ttugadh muinntear mo thighe
criadh féin congnamh dhi am aghaidh), guidhim
grása Dé dom chabhair, agas goirim ar m'fhear
pósda do chuidioghadh leam 'na haghaidh, agus a deirim
mar so ris an ndrochmhaighdin-sin: "Do tharcais-
nigheas-sa mo chorp féin, agus ní fhuil ionnam acht
ainmhidhe brúideamhuil; agus fá mar as lór leis an
ainmhidhe mbrúideamhail an biadh simplidhe lé ttig
a ttír, agus nách déanann ceasacht ar éinní dá ccuirthear
'na fhiadhnaisi, agus fós an uair bhíos mórsháitheach


L. 37


gurab gnáth ceangal éigin do chur ar a bhél
do chum nách caithfeadh do bhiadh ná do dhigh acht
an mhéid as áil léna thighearna do chaitheamh dhó,
as mar sin as cóir dhamhsa do dhéanamh, ó tú am
beathadhach bhrúideamhail, ór do chuir Grádh Dé
ceangal ar mo bhéul dá ngoirthear an Mheasardhacht,
d'eagla gu n-iarrfuinn nó gu n-íosainn eínní acht an
mhéid do bhéarthaoi dhamh san fproinntigh a measg
an choimhthionóil. Agus ní hé so amháin do ním, ór a
dubhairt Grádh Dé riom, más mian leam mo mhúnadh
agus mo mheasardhacht do chur a ngníomh, gan a
ccuirfidhe chugam ar mo mhéis an uair sin d'ithe a
n-éineacht, acht fuighioll d'fhágbháil; ór dar leat
an tan fhágbhas duine fuigheall a deir: "Buidh-
eachas duit, a Thighearna; as lór leam a bhfuaras,"
agus an uair fhágbhas an méis folamh, dar leat a deir
sé: "Ní lór leam a bhfuaras, agus tugthar tuilleadh
dhamh." A dobhairt Grádh Dé ní eile riom, .i. fond
do bheith oram fán ccuibhriond budh measa, budh
lugha, agus as measa do bheith deasaighthe, do theag-
mháil chugam, agus fós sólás do bheith oram ar son a
ghrádha féin an uair do ghéabhainn drochchuibhrionn.



Tairgidh an drochmhaighdean-sa uair eile fonn
do chur oram fá ní sa mhó d'ibhe iná as cóir dhamh,
agus a deir gurab móide bhias cumas agom ar sheirbhís
do dhéanamh do Dhia, brígh do chor iondam féin.
Adeirimsi ria: "Nach aithnidh dhuit, a spiorad na
mealltóireachta, go bhfuil sgríobhtha san sgrioptúir
gu ccuir an fíon agus na mná fo deara ar na sruithibh
diúltadh do Dhia? Agus nach aithnidh dhuit gu
n-abair Pól: "Ná déana meisge fhíona 'na bfhuil
an drúis"? Agus nách abair a n-áit eile nách biaidh


L. 38


sealbh Fhlaithis Dé ag na daoínibh meisgeamhla?
Do ghoillfiodh oramsa gu mór mo shearbhóntuigh
féin do bheith meisgeamhail; agus cionnas nách budh
olc lé Dia misi, atá am shearbhóntuidh aige, do
bheith meisgeamhail, nó cionnas do léigfeadh an
eagla dhamh ní do dhéanamh ar Dhia nách budh
maith leam do dhéanamh oram féin?"



Adeir riom arís, an tan tigid daoíne maithe ar
cuairt don mhainistir, muna rabhar forbhfaoiligh
rompa, agus muna dhearna mé comhluadar riú a n-aimsir
bhídh nó dhighe, nách beid buidheach dhíom.
Freagruim dhi nách fuil iarroigh agom ar bhuidh-
eachas ná ar chairdeas an duine do chuirfeadh
eascáirdeas eadram agus Dia, ór dá ccuidighinn lé duine
bheith ar meisge, ag cur impidhi air ní sa mhó iná
an chóir d'ibhi, gé go mbeth seision 'na charaid
agam, do bhiadh Dia 'na eascaraid; agus nách búdh
éigcríonno an mhalairt cáirdeas Dé do thréigean ar
cháirdeas phótaire nó fhir mheisge? Ní bhacfad
do na daoinibh thig ar cuairt chugam agus nách fuil
fám smacht an ní thoigeóraid féin d'ibhe; agus madh
áil leó féin bheith ar meisge, as lugha an sgél iadsan
amháin do chailleamhuin iná ar mbeith millthe
araon, acht munab é ní bhudh áil leat mo tharraing
do chum an chleachtaidh dhiabhlaidhe atá ag mórán
do dhaoinibh an tshaoghail amuigh, bhíos ag comhól
fá thuairim a chéile lé miosúr gan mhiosúr, mar a
deir árddhoctúir na Heagluisi, S. Aibhisdín,
ghuidhios na Críosdaidhe fán ngnáthughadh mall-
aighthe-si, do an ag mórán díobh d'iarsma bhéas
mbiasdaighthe na bpágánach, d'ionnarbadh uatha;
agus a deir fós san n-áit chéadna, gibé ar bioth
aontaigheas an droichchleachtadh so ar a bhord féin


L. 39


nó ar an mbord a mbiadh cumas aige, gu ndéineann
gan amharas iodhbairt don diabhal.



Agas a sé so an modh ar a cclaoiim an ccédmhaigh-
din-si a ttaobh mo fpearsan féin; gidheadh, mar
nách a ttaobh mo chuirp féin amháin chuireas
cathughadh oram, acht gu ndéineann a díthcheall ar
mo chlaoi lé corpaibh comhaightheacha dom ghluas-
acht chum drúisi, as éigean damh an uair-si, tré neart-
mhaire na námhad-so, mórán cabhra agus cuidighthe
d'iarraidh, gé nách fuil comhairle as críonna ag an
tí do chí é féin a n-éigean ádhbhalmhór ag an
ndubháilche nduaibhsigh ndiabhlaidhe-si iná teith-
eamh óna comhrac (mar a deir Pól, agus mar do rinne
Ioseph) agus ó gach ní do chum a ttairgionn duine do
tharruing. Ar an n-ádhbhar sin iadhaim mo shúile
agus an chuid eile dom chédfadhaibh ar cheana, amhail
iadhthar doirsi chaisléin ar a mbíd naimhde a
bfhorbhuis agus a bfhaslongphort, do chum gan éinní
d'fhaicsin do adhainfeadh mh'anthoil, ná éinní
dh'éisdeacht do bhríathraibh gráosta do bhoigéobhadh
mo chroidhe, ná do ghlacadh maille ré glacaireacht
mhíonáirigh, ná do thomhailt do bhiadhaibh blasdha,
ór as cosmhail an cholann ré heach ttréanuaibhreach
tteinnbhéalach bhíos ó iomarcaidh fóisi ag gabháil
do fpreabuibh ar a mothuigheann 'na goire agus nach
ceannsuighthear acht lé laghdughadh ar a libhré.
As amhlaidh sin as cóir an cholann dhíomsach do
chrádh lé hiomarcaidh anshóidh, troisgthe, agus tréigh-
ionais, lé sgíursadhaibh, lé hédaighibh róinnigh, agas
lé luighe ar thalomh lom nó ar leabthaibh anshocra
eili.



Os chionn an uile neith seachnuim comhrádh agus
carodradh na bfhear, agus gu háiridhe ar uaigneas, agus


L. 40


as cóir dona fearuibh an ní céadna do dhéanamh, ór
ní fhuil duine dá dhiadha dárab daingean san ccás-
sa dóthchas do bheith as féin aige, dá aosdha agus dá
naomhthacht dá mbiadh, agus dá mhéad buadha do
bhéaradh roimhe sin, ór ní naomhtha é iná Dáibhí,
agus ní heagnaidhe iná Solamh, agus ní calma iná Sampson,
agus do mheallsad na mná iad. Agus mur nach am chorp
amháin chomhraiceas an fpéisd dhubháilchi-si riom,
acht fós am anam, ag líonadh mh'indtinde do smuain-
tighthibh truaillighthe colnaighthe, teithim ar an
modh ccéadna, ag filleadh mh'inntinde agus mo
smuaintightheadh do chum beathadh agus báis mh'Íosa
ionmhuin, agus ag únfairt agus ag iompúdh mh'indtinne
sna créuchtaibh do fhulaing dom fhuasgladh óm
fpeacodh. Breathnuighim 'na dhiaigh sin an ghráin
ro-mhór atá ag Dia ar an bpeacadh-sa, mur do
fhoillsigh dhúind go minic tréas gach n-indeachadh
n-uathbhásach dár chuir ar lucht a dhéanta, mar
atá, an díle do chur ar an ndomhan, Gen.6 et 7;
na cóig caithreacha do losgadh lé teinidh ó nimh,
Gen.17; agus forgla threibhe Beniamin, treabh do dhá
threibh dhéag chloinde Hisrahael, do dhícheandadh
agus do dhíoláithriughadh, Iudicum, 20; ceithre mhíle
fhichiod do chlannaibh Iosrahél do thuitim lé harm
a mbráthar féin, Numer.25; agus mórán do dhíoghal-
tasoibh agus do ghéarsmachtaibh eile aithrisdear san
sgrioptúir naomtha, do rinne Dia ar na daoinibh
colnaighthe drúiseamhla. Smuainim 'na dhiaigh so
gur ab teampall do Dhia mo chorp, mar a deir Pól
easpol, agus gu salchann agus go dtruailligheann an peacadh-
so an corp agus an t-anam a n-éinfheacht; agus an uair
as mór an chúis innighthe ó Dhia teampoll chloch
dtalmhaidhe do níd lámha daoíneadh 'na onóir do


L. 41


thruailleadh, gurab ró mhó iná sin truailleadh an
teampuill spioradáltha do rinne léna lámhuibh féin
agus ina mbí 'na chomhnuidhe an fad bhímíd 'na
ghrásuibh, agus fós mo chorp atá 'na bhall bheó do
chorp Chríosd, mar a deir an t-eabsdal céanna, do
theasgadh dhé, agus corp méirdrighe do dhéanamh
dhe; ór gibé luigheas le meirdrigh, do ní éanchorp
dá chorp féin agus do chorp na meirdrighe, mar a deir
Pól. Smuainim maille ris so ar ghiorra shóláis an
pheacaidh-si, agus síordhuigheacht na péine atá ar a
shon, agus méd mhire agus mhíchéille an té do ní an
mhalairt-si, .i. do bheir an sólás bhíos ceangailthe
don dheaghchoinsias san saoghal-so abhus, agus sólás
suthain na beathadh thall, ar mhoimint do shólás
shalach cholnaighthe, agus reacas ris an ndiabhal ar an
sólás mbeag sin an t-anam do cheannaigh Críosd ar
a fhuil féin. Smuainim a rís ar dhuibhiogánaidhe agus
ar dhosgrúdaighthe bhreitheamhnais Dé uileachumh-
achtaigh, agus gé gu saoílinn, ag déanamh an pheacaidh-
si, gu ttiobhradh ré n-aithrighe dhamh dochum
aithreachais dho dhéanamh, gu bfhéadfúidhe nách
tiobhradh, acht mo chur ar an mball go hifrionn,
mar dho chuir mórán eile tréas an bpeacadh-so, agá
raibhe a súil ré ré n-aithrighe, ar a ttáinig díoghaltas
Dé gu hobann a n-aimsir an pheacaidh do dhéanamh.
Fa ris sin smuainim ar an mbás, agus mar bhead sínthe
san n-uaigh am eisléinigh agus cnumha dom chreim
agus dom chognamh, agus mar as éigean damh dul a
bhfiaghnuisi an Bhreithimh do thabhairt ghéarchunn-
dais in gach uile pheacadh dá ndearnas riamh ó
smuaineadh, ó ghníomh, nó ó bhréithir, gu hoiread
an fhocail dhíomhaoin as lúgha dá ndubhart, agus mar
bhudh fhearr leam an tan sin iná comhthrom an


L. 42


talmhan d'ór bheith glan riamh ó pheacadh.
Admhaim ó chroidhe gurab tiodhlacadh uasal tig
chugainn ó láimh agus ó thrócaire Dhé an gheanmnaidh-
eacht, agus nách éidir leam mar sin bheith geanmnaidh
óm chumhachtaibh féin muna dhearna Dia trócaire
oram. Gúidhim ar an n-ádhbhar sin Dia do ghnáth
fá dhrúcht neamhdha a ghrás d'fhearthain ar
mh'anam, do mhúchadh theanná a na teineadh
deamhnaighthe-si bhíos gum losgadh. Gúidhim mar
an ccéadna dom chabhair Muire mhór, ar mBain-
thighearna, mh'aingeal coimhideachta, na heasbail,
mo phátrúin, agus naoímh na cúirte neamhdha uile ar
cheana; agus as mar so chlaoiim an drochmhaighdion-
so as bainbhiocáire do mhainistir an Díomais."


L. 43



LEANAIDH AN COMHRÁDH CEADNA AGUS
TEAGAISGIDH MAR CHLAOIEAS SÍ SAINT
NA SUL AGUS UABHAR NA BEATHADH.



An X. Caib.



"Agas as éigean," ar an Umhla, "do chum na
maighdine ar ar labhramar gu roiche so do chlaoi
go huilidhe, maighdean eile as bean chumainn di do
chlaoi, .i. banphrócodóir mhainistreach an Díomais,
dá ngoirthear Saint na Súl, ór as mór an cuidioghadh
do bheir don chéadmhaighdin agus congmhaigh neimh-
dhíomhaoineach gu gnáthach í. Gidheadh, an uair
fá ttig an dara maighdion so asteach, claoiim-si í
mar chlaoiim an ccéadmhaighdin, agus a deirim ria:
"Féch gu bhfuilim am bheathadhach bhrúideamhail
nách sanntuighionn na neithe nách bí 'na fhiaghnuisi,
agus nách iarrann fós do na neithibh-sin féin acht an
mhéid as riachtanas do chum a chongmhála suas, agus
fós gurab cuma leis a mbeith maith nó saith, ór
ní iarrann biadha blasdha, agus as cuma leis an udhaim
chuirthear air do bheith sean nó nuaidhe, agus ní iarrann
a mhainnséar do bheith breaghdha, ór ní beag leis a
fhagháil tirim. As amhlaidh sin damhsa, ór, ó do
rinne mé beathadhach brúideamhail díom féin ar
son Ngrádha Dé, ní iarrabh mhuirn dom churp acht
an mhuirn as dual do bheathadhach bhrúideamhail
d'fhagháil, agus ní shainteóch mar sin acht amháin na
neithe as riachtanas damh dochum teachta a ttír,
agus as cuma leam cionnas bheid sin féin."



Tuilleadh eile, as gnáth don tí agá mbí beathadhach
brúideamhail, an uair do chí gu mbí airdcheannach


L. 44


ag cor a chinn don taoibh-si 's don taoibh eile,
aghastar do chur ris dochum a chinn do chongmháil
crom. As amhlaidh sin do chuir Grádh Dé aghastar
riomsa (dá ngoirthear an Náire) dochum mo chinn de
chongmháil crom, d'eagla gu bhfhéachfuinn d'éan-
taoibh am thimchioll gu fonnmhar ar neithibh
díomhaoineacha; agus a dubhairt Grádh Dé riom, an
uair do chífinn ní breaghdha nó áluinn, labhairt ris
am chroidhe ar an modh-so: "Ní háil leam do
ghrádhughadh ná dúil do chur ionnad, agus ní hé
amháin acht tarcaisnighim thú, agus ní fhuil do mheas
agam ort acht gurab díomhaoineas agus neimhthní thú,
mar as eadh dáríribh, agus ní fiú leam mo thoil do chur
a bpríosúntacht agus a modhsuine dod ghrádhughadh.
As fearr leam príosúnach agus banmhodh do dhéanamh
dom thoil ag grádhughadh na hárdmhaitheasa úd an
óirchisde, na huaisle agus na sgéimhe nách éidir do
chlaochlughadh, .i. mh'Iosa roi-mhilis, lér ab maith
mh'ionmhuine agus mo ghrádh d'fhagháil." Agus ag so
an modh ar a cclaoiim an dara maighdean.



Iar cclaoi, thrá, na deisi maighdean-so dhamh,
tig an treas maighdean do chomhrac riom, .i. banab
mhainistreach an Díomais, darab ainm Uabhar na
Beathadh, réar doiligh comhrac óna cealgaidhe agus ó
mbí do chleasuibh agus do mheangaibh innte. Tionn-
sgnaidh ar an modh so mo tharrang do chum tnúidh
agus formaid, ór a deir riom: "Dá mbeth mothughadh
ionnad, do ghoillfeadh ort a olcas bhíd na huachtaráin
lat, ór gé sine thusa a n-abíd ináid na maighdeana
eile, as tú as measa ionad díobh, agus as roi-fhearr an
oifig fuair na maighdeana eile iná thú; agus nách tugae
dhot aire gurab éigion duit an teagh do sguabadh
agas na miasa do nidhe, agus gu madh aoibhne dhuit
ionad mná friotháilmhe d'fhagháil a mainistir eile


L. 45


iná bheith mar tá tú san thigh-si?" Adeir fós
mórán eile riom agus freagraim dhi mar so: "Bíodh a
fhios agat nách chuige do fhágbhas an saoghal agus do
ghlacas an n-aibíd, do chum bheith a ccumhachtaibh
ós chionn cháich eile, acht do chum bheith fá smacht
dhuine eile do chuideóchadh leam dul gu Flaithios
Ndé; agus ar an n-ádhbhar sin do ghéan an ní do chum
a ttánag agus do gheallas, ór ní hé cunntas iarrfas Dia
oram cá líon do mhnáibh riaghaltha rénar cuireadh
a n-oifig agus a n-onóir mé, agus cá líon díobh do bhí fam
smacht, acht cionnas do chomhailleas thoil mh'uach-
tarán agus do roighneas gu hurramach ar fhógradar
dhamh, agus cionnas do mheasas am chroidhe gur lugha,
gur uirísle, agus gur mídhiongmhála mé féin ináid mná
an thighe uile. Do ghéan mo dhíthcheall ar choimh-
líonadh ris an n-oifig a bfhuilim, agus as ann sa chéim
nar chuir mo Thighearna mé as cóir dhamh anamhain.
Bíodh ar aire na muinntire sin eile coimhlíonadh ris
na céimeannaibh árda inar chuir Dia iad; saoilim-si
gurab innille agus gurab dearbhtha an comhardha slán-
aighthe sdaid umhal uirísiol iná sdaid onórach
árdchumhachtach, ór ní thuitionn ó sdaid na
humhlachta acht an dream lérab mían iad féin
d'árdughadh; agus ní gearán as cóir dhamhsa do
dhéanamh ar Dhia acht a bhennughadh, agus buidh-
eachas mór do thabhairt dó, agus bheith lán do
ghairdeachas am inntinn mar do ainic mé ón ghuais
do chum a ttairrngionn an onóir agus an oifig na daoine
laga neamhfhoirbhthe; agus as uime sin a deir S.
Aibhisdín: Ní aithnighim fearg Dhé riom a n-énní
acht mar dho rinne uachtarán díom ós chionn cháich
eile." Ná bíodh iongnadh agad, a mhic," ar an
Umhla ré Des., "fad an chomhraic bhíos eadram agus
an mhaighdion-so, ór mar as sí as banab ar theagh


L. 46


an Díomais, as éigean damh mórán gliocais gaisgidh
do sholáthar do chum buaidhe do bhreith uirthe,
nách áil leam d'aithris anois d'eagla do thuirsighthe;
gidheadh, do bhéar énghliocas amháin goirid
genearáltha dhuit lé cclaoife tú gach éanmhaighdion
díobh so fá seach agas iad uile a n-éineacht.



Gach uair dá ttiocfaid dot ionnsoighidh léna
n-égnach, déana mar dho ním-si an tan tig Antoil
na Colna chugam ag casaoid ar a laghad do bheirim
do bhiadh dhi, agus gu mbí fuar droichdheasuighthe
drochbhlasda, agus gu mbí an deoch támáilte. Freagraim
ar an modh so dhi: "Nách faice, gibé ar bioth agá
bhfhuil ní sa mhó iná thuilleas, nách cóir dhó bheith
casaoideach; agus an uair a deirdís na naoimh bheann-
aighthe riú féin maille ré fírinne nár fhiú iad drocharán
dubh agus uisge d'fhagháil, as ro-lugha iná sin as fiú
misi d'fhagháil, atá am dhrochmhnaoi riaghaltha
leisg neamhdhúthrachtaigh chaintigh chuartuighthigh
agus dobhuidheachais ar Dhia; agus gé nách airighe ar
arán ná ar uisge féin mé, nách faice gu bfhuil arán
agus annlonn agus deoch agam, agas cionnas do láimheóbh-
ainn égcaoine do dhéanamh mar sin agus gu bhfhuil
ní sa mhó agam iná thuillim?" Do bheirim an
bhfreagra ccéadna-so ar an maighdin-sin an tan
thairgios mo tharrong do chum gearáin agus ithiomráidh
ar mh'uachtaránaibh fá olcas mh'éaduigh.



A si fós an fhreagra chéadna so do bherim ar an
dara maighdin, .i. Saint na Súl, an uair iarras oram
na neithe do chím do shanntughadh; agus a deirim
riom féin dom neartughadh 'na haghaidh: "O a
thruagh! ní fíu thú ní ar dhomhan d'fhagháil, agus nách
fuilid leabhair agat lér éidir dhuit maith do dhénamh
dá ttoguirtheá féin, .i. do phortús agus do thrátha
Muire? agus ní fhuil acht iomarcuidh agus anbharr sna


L. 47


neithibh-sin as mian leat d'iarroigh ar seilbh
riachtanuis, agus atáid a n-aghaidh bhochtachta na
spioraide, agus má tá nách bristhear mhóid na bochtachta
leó, laghduighid a luaighidheacht. Nách náir dho
bhocht Íosa Críost cuid don chineadh gheintlidhe
íodhaladharthach (.i. Seneca agus mórán eile do na
feallsamhnaibh, ar a léaghthar iomad do neithibh
iongantacha fán neimhspéis do bhí aca san saoghal)
dhá shárughadh a mbochtacht agus a ttarcaisnioghadh
an tshaoghail?"



As ar an modh ccéadna sin fhreagroim an treas
maighdean, .i. Uabhar na Beathadh, an tráth thig
dom ghríosadh chum onóra, díghnite, clú, agus oirdh-
earcais shaoghaltha d'iarroigh, ór a deirim riom féin,
do thabhairt mheisnighe dhamh 'na haghoidh: "A
thruagh, as mó atá dh'onóir agot iná as fíu thú, dá
madh eól duit féin a aithne; agus nách minic do thuillis
bheith thíos a bpianoibh ifeirnn fá ré cloinn na
mallacht? Tabhair do t'aire, máseadh, méad na
honóra thug Dia dhuit dot fhulang beó ar an ttalamh
a measg na coda eile dá chréatúiribh, go ttug dhá
thigh féin tú agus ina sheirbhís, do chum beith maille
réna chloinn agus réna shearbhóntuighibh, agus fós nár lór
leis (gé go rabhadhois roi-mhídhiongmhála do chum
bheith idir a chloinn) gan a sheómradóir féin do
dhénamh dhíot, agus do bheith ag labhairt ris do ló agus
d'oidhche, dhá mholadh agus dhá bheandughadh, agus
feidhm aingil do thabhairt duit ar an saoghal-sa, agus
do thabhairt fó dheireadh 'na charadradh comhmór
agus sin go suidhe ar a bhord agus go n-ithe biadh dá
mhéis; agus créad mar sin fá ccuirfeá-sa fúmsa (a
mhaighdean mhailíseach atá lán d'uabhar) ní as mó
iná so dh'onóir d'iarraigh? Nó an go flaithios, san
áit as ar thuitis féin, budh mían leat mo thógbháil


L. 48


lé huabhar, asa tteilgfidhe mé fá re t'athair, Lúisifer?
Léig dhamh dot fhormod, ag iarruidh mo leagtha.
Atá ní sa mhó go mór d'onóir agam iná as fíu mé,
agus as lór leam an céim agus an sdaid inar chuir Dia mé,
dá ísle dá bfhuil."


L. 49



MUINIGH AN UMHLA AN MODH AR A
CCLAOITHEAR AN CHUID EILE DO NA
DUBHÁILCHIBH.



An XI.Caib.



"An uair chlaoiim," ar an Umhla, "na maigh-
deana-sa as mó neart agus cumhachta a ttigh an Díomais,
claoiim go hurasa an mnaoi as máthair agus as buime
dhóibh, dá ngoirthear an Mhaindeachdnaighe. Tig
an bhean-sa a míle poll asteach ar an mainistir.
Tig chugainn fán am fá mbímíd ag éirghe chum
tráth; tig chugainn a rís an tan thiaghmuid do
dhénamh oibre, agus a deirim-si ria an uair-se: "Féch
nách do chum bídh agus díghe do chaitheamh, ná
do chum caduil agus bheith díomhaoineach, bhíos ainmhidhi
brúideamhuil ag duine, acht do chum oibre do bhuáin
as do ló agus d'oidhche, agus muna cheannsuighthear lé
saothar é, as baoghal dá thighearna go mbuailfe
phreaba air féin; agus dá raibh an t-ainmhidhe leasg
nó mall, as gnáth dhá thighearna brod do dhénamh
do chum a thiomána, agus do chum mothuighthe do
chur inn. As amhluidh sin do rinne Grádh Dé brod
dhamhsa do chur mhothuighthe innom, dár ab ainm
an Eagla.



Tuilleadh eile, ní fhuil ionnam acht banmhodh
atá a mbroid agas a ndaoirsi, agus as dual mar sin obair
do bhuain asam; agus an measann tú gurab le codladh
agus le comhnuidhe, nó ar bheith ag ól agus ag aoibhneas,
do geibhthear flaithios Dé? As deimhin nách eadh,
agus nách san sligheidh-si do ghabh ar cceann, .i. Críosd,
go flaithios Ndé; agus más mar sin atá, agus gurab a
sligheidh shaothraigh anshocair, lán d'anró, do ghabh


L. 50


ar cceand ag dul ar neamh (ór dob oireamhnach dó
a pháis d'fhulang agus dul mar sin dá ghlóir féin), cionnas
budh áil leat sinne do dhul go flaitheamhnas tré
shligheidh shóláis agus aoibhnis? Dá ndeachadh an
ceand a slighidh agus na coso a slighidh eile, ní cruinn-
eóchthar choidhche an corp fá ré chéile.



As amhlaidh sin dúinne, muna ghabham a slighidh
an anróidh, an tshaothair, na peandaide, an doilghis,
agus na tarcaisne, tréar ghabh ar cceand, ní ceingeólthar
choidhche dhe sinn do chum éanchuirp do dhéanamh
dhínn, acht teilgfidhear sinn a ccarn n-aoiligh ifrinn
mur bhalla lobhtha. Agus muna thugam coimhideacht
do Chríosd iar n-a chrochadh, agus muna iarram é san
chroich, agus muna fhuilngeam crádh an tshaoghail-si
fá ris, ní léigfithear 'na choimhideacht, ina ghlóir ná
ina eiséirghi sinn. Agus muna bhlaisiom ó ghníomh
inar ccoloinn féin Íosa iar n-a tharcaisnioghadh lé
sgíursadhaibh agus lé seileadhaibh, agus iar n-a thuirsioghadh
lé tart agus lé hocaros, agus iar n-a easonórughadh lé bás
míochlúach neamhonórach, agus iar n-a chrochadh
mar bhithbheanach agus mar dhrochdhuine, ní bhlais-
feam é go milis, caoin, soghrádhach, mur Rígh na
glóire agus mar Phrionnsa na síothchána."



Tig an bhean chéadnna-sa chugainn uair eile san
ccoraidh, agus ar uairibh san n-eaglais, agus iarroigh oruinn
bheith tuirseach, lán do dheithnios do chum dola
amach, amhail do bheimís a bpríosún. Adeirim-si
ria ann so: "Féach nách mothaighionn an crábhadh
fíre cur ná tuirsi"; agus as mór fhoghnas an fhreagra-sa
dhamh, agus freagra eile do bheirim uirre mar so:
"Créad do dhéan-sa nó créad fhuileóng ar son mo
Thighearna, Iosa Críosd, do bhí, maille ris an oiread-
sin do ghrádh agus do shólás, ní 'na shuidhe ná 'na
sheasamh, acht dá chéasadh; ní ar n-a fholach lé


L. 51


héadach, acht lomnocht, lán d'fhuacht; ní ar n-a
chlúdadh san choraidh mar atú-sa, acht amuigh fán
aiér dhoinionndha; ní go ccorc fána chosaibh mar
atá agomsa, acht ar n-a tholladh lé tairrngibh, agus sin
ar mo shon-sa. Agus nách cosmhail damhsa réud beag
éigin d'fhulong ar a shon-san? Do fhuluing seision
go ro-fhonnmhar ar mo shon-sa cur, righneas, agus
faddáil thuirseach na beathadh talmhaidhe-si, ní
ar feadh éanoidhche ná aonlae, acht trí bliadhna
déag ar fhichid, agus do bhí trí huaire beó san chroich
a bpéin budh mó san mbioth. Agas nír mhór lais
féin, do réir an fhuinn do bhí air, ní sa mhó dh'fhulang
ar mo shon, dá mbeth riachtanas ris.



Máseadh, agus eision 'na rígh agus gan misi acht am
bhanógluigh, eision 'na Dhia agus misi am thalamh
thruaillighthe, eision naomhtha agus misi am peacthach,
eision neimhchiontach agus misi ciontach, ó dho rinne
an oiread-sin ar mo shon, eadamar as cóir dhamh
gé madh beagán féin d'fhulang ar son a ghrádha agus a
n-éaruic a fhiach oram. An éidir gu madh áil leat
an t-óglách do bheith ós chionn a thighearna?
Fágaibh mé, a Mhainneachdnaighe! Do ghéan-sa
na neithe do fhógair mh'athair dhamh, agus ní bhíu
díomhaoin, agus as beag sin muna rabhar gan doilghios
gan tuirsi gá ndéanamh, agus fós ní mór sin féin muna
dhéarna mé lé sólás agus lé deaghthoil iad, meath mo
dhála ó spioruid, ór as mallaighthe an tí dho ní
obair Dhé gu mainneachtnach, ar an n-ádhbhar
nách í an tsheirbhís do níthear dhó lé foiréigion nó
gu tuirseach as áil leis acht an tsheirbhís do níthear
gu suilbhir ó mhian agus ó thoil.' Agus as mar so chlaoiim
an ndrochchailleigh-si," ar an Umhla.



"Tigid chugam 'na dhiaigh so do chomhrac riom
na hamaideadho ógbhan a dubhart, as docra do


L. 52


chlaoi iná an chailleach-so, mar as láidire an cath-
ughadh chuirid ar chách iná chuireas sise. A sé
ainm na céadmhná dhíobh so an Mhailís, lé ttig a
hinghean, .i. an Fhearg. An uair fa ttairgid a chur
a ccéill damh gu bfhuilead maighdeana na mainis-
treach lán d'fhuath agus d'aingidheacht damh, gu
ndéanuid mórán am aghaidh, agus gu labhraid gu holc
oram, freagraim dhóibh mar so: "Ní fhuil ní dá
olcas dá n-abairthear ris an n-ainmhidhe mbrúid-
eamhail ná budh beag an sgél ní bhudh mó dho
rádh ris, agus as roi-bheag mar sin an sgél gach ní dhá
n-aibeórthar riomsa; agus an tan as airidhe mé trém
olc féin ar mhasla as mó iná sin, as mór an onóir
do níd an mhuintear soin dhamh nách labhrann
comholc agus thuillim oram. As béas don bheathadhach
gan cuimhne do bheith aige ar dhrochbhail dá
bhfaghann óna thighearna, acht comhardha lúthgháire
do thaisbéanadh dhó léna cheann. As mar sin as
cóir dhamhsa do dhéanamh, gé go ndearndaois na
mná-sin an n-égcóir oram, ór as innilt agus as beathadhach
brúideamhail leó féin mé ar son Ngrádha Dé. Dénaid
a ttoigeóraid; tuigim-si gurab chuige fhuilngios Dia
dhóibh a ndéanaid siad, do chum mo ghlantha óm
pheacadhaibh ar an saoghal-so, agus do chum gu mbeath
cleachtadh agam ar ní éigin dh'fhulang ar son a
ghrádha féin. Dá mhéad dá maisleóchaid mé, ní
dhiongan fearg ríu, ór as aithnidh dhamh gu n-abair
an sgriobtúir gurab fearr an tí chlaoieas a fhearg féin
iná an tí ghabhas na caithreacha, agus gu n-abair Pól
gan olc do thabhairt ar son n-uilc, agus gu samhlaigh-
thear an duine feargach ris an nathair neimhe dá
ngoirthear uipera, dá ttugann a toirrcheas féin bás.
Ní fhuil fuath ná gráin ag an maighdin-sin a deire
labhras gu holc oram, ná ag an maighdin-sin nách


L. 53


féadann féachain gu díreach oram, ar mh'anam ná
oram féin, acht ar mo dubháilcibh, ar mo lochtaibh,
agus ar mo dhroichbhéasaibh; agus an cóir damhsa neamh-
ghrádh do thabhairt dóibh ar a shon sin? As dearbh
nách cóir, ór más searbhóntuigh do Dhia mé, as cóir
damh féin gráin do bheith ar mo lochtaibh agom, agus
créd fá mbeith mí-ghean ar dhaoinibh eile agom fán
ní do dhéanamh budh cóir damh féin do dhénamh?
Agus dá mhéud d'ulc do ghéandaois nó do laibheórdaois
am aghaidh, as deirbhsheathracha dhamh iad, agus
máseadh, atá d'fhiachaibh oram ó dhlígheadh Dé
grádh do thabhairt dhóibh, agus do ghéan sin. Bíodh
ortha-san a ndénuid féin, agus cunntus an olc nó an
maith an inntinn lé labhruid am aghaidh. Agas
deónuighim go ndénuid gach uile olc oram, agus sin
fós ó dhroichinntinn, gan fhéachuin dó sin a deirim
gu mbíadh grádh agam ortha; ór má tá súil agam
rém shlánughadh, as éigion damh Dia do ghrádhugh-
adh, mar fhógras an chéadaithne, agus má deirim gu
bfhuil grádh agam ar Dhia agus gan grádh do bheith
agam ar mo chomhursain, a deirim bhréig, mar
sgríobhas Eoin Soibhisgél, a deir maille ris sin gu
bfhuil aithne againn ó Dhia, dá ngrádhuigheam é
féin, grádh do thabhairt dár mbráthair, tréna
ttuigthear gach uile dhuine."



Do níd na drochmhná-so a ndíthcheall a rís ar a
chur a n-umhail damh nách éidir leam, agus nách nár
dhamh, gan bheith gu maith do na daoinibh labhras
go holc oram agus do níd a bhfhéaduid am aghaidh, agus
gurab lór dhamh bheith gu maith don mhéid bhíos
gu maith damh. Adeirim-si ríu an uair-si imtheachd
uaim ar an ndrochuair, ó thuigim go follos gurab
dom mhealladh bhíd, mar chuimhnighim ar bhréithir
mo mhaighistir, Críosd, adeir rinn san soisgél grádh


L. 54


do thabhairt dár naimhdibh. Adeirid-sion riom
nách éidir dhamh mo námhaid do ghrádhughadh, agus
adeir Críosd gurab éidir, ór ní fhóigeóradh dhamh a
ngrádhughadh, munar édir dhamh sin do dhénamh;
agus nách córa dhamh an fhírinne do chreideamh, .i.
Críosd, inád na drochmhná meabhlacha sa? Nách
faicmíd mórán d'fhearoibh agus do mhnáibh, do shagar-
toibh agus dhaoinibh riaghaltha, do bhuachaillibh agus do
mhaighdeanoibh, do fhulaing a losgodh agas a
ndícheannadh ar son Ccríosd, agus an ccreidfimne nách
éidir linn féin focail mhasladhacho nó ghéara
imthigheas mar an ngaoith d'fhulang?



As iongnadh leam gu léigfiodh an náire dhúinn
ar ccuid don aoibhneas shíordhuidhe d'iarraigh a
bfhlaitheamhnas a bhfhochair na naomh, an uair
nách áil linn aithris do dhéanamh ortha a neithibh
beaga éattroma féin. Agus dá ngrádhuigheam amháin
an lucht ghrádhuigheas inn, mar a deirid na droch-
mhná-sa, ní bhiadh barr againn san ccéim-se ar na
beathadhachoibh allta, ór bídh grádh ag an leómhan
agus ag an fhaolchoin dá ccloinn féin, agus fós grádhuighidh
an gadaighe an tí agá mbí grádh dhó, agus ní hé sin a mháin
acht an págánach féin, mar adeir Críosd san
soisgéul. Agus an uair do fhógair ar Slánoightheóir
dhúinn ar n-eascáirde do ghrádhughadh, ní comhairle
do chuir orainn ann sin, acht aithne; agus as follas
gibé nách coimhéadfa aitheantha Chríosd nách
éidir dhó ifearnd do sheachna, muna dhearna
aithrighe."



"Agas cionnas a deir Críosd sin, a mháthair?"
ar Des.



"Adeir mar so," ar an Umhla: "Grádhuighidh
bhur naimhde; déanuigh mhaith don lucht agá
bhfuil fúath dhaoibh; guidhigh ar lucht bhur


L. 55


n-inghreamtha agus ar na daoinibh adeir olc ribh"; agus
dá bhfiafraighthea créd í an luaighidheachd atá
aguinn ar a shon so, éisd an ní adeir Críosd a ndiaigh
na mbriathar thuas, "do chum go mbeath sibh in
bhur ccloinn agá bhur n-athair féin," as a ttuigthear
nách bímíd 'nar ccloinn ag Dia muna thugam grádh
dár naimhdibh. Agus cionnas léigfeas an náire dhúinn
mar sin an cédfhocal dár bpaidir do rádh, .i. "A ar
nAthair"? Nó cionnas a déaram san bpaidir
chéadna "Maith dhúind ar bhfiacha do réir mar
mhaithmíd-ne dár bhféitheamhnaibh"? As deimhin
ar an n-ádhbhar sin gurab díomhaoin dúinn, do chum
flaitheamhnais do ghnóughadh, a ndéanam do
dheaghoibreachaibh uile, agus fós dá bhfuilngeamaois
ar losgadh (mar adeir Pól), muna raibhe an grádh
aguinn."



"A mháthair," ar Des., "as ro-chruaidh an ní
sin a deire, .i. gu bhfuil d'fhiachaibh oram grádh do
thabhairt dom naimhdibh, agus gu bhféadfuidhe gu
bfhuil mórán gu holc dhamh ar nách cuimh-
neóchuinn."



"A mhic," ar isi, "ní cheanglann aithne Chríosd
inn do chum smuaintighthe ar gach n-aon dár
naimhdibh fó leith, agus do chum a ngrádhuighthe mar
sin 'nar n-inntinn, gé gu madh maith so ré a dhéan-
amh; agus fós ní chuireann d'fhiachuibh orainn grádh
do thabhairt don lucht atá contrárdha dhúinn a
gcúis ar slánaighthe, nó chuireas toirmeasg orainn
fán tsheirbhís atá d'fhiachuibh orainn do dhéanamh
do Dhia, an mhéid gu bhfuilid contrárdha dhúinn
nó gu ccuirid an toirmeasg sin oruinn, mar a deir
Gregóir Pápa, nó do lucht uilc eile do dhéanamh
dhúinn gu hégcórach fá olc do dhéanamh dhúinn,
ór ní bhiadh ann sin acht grádh do thabhairt don
ulc atá neimhcheaduightheach aguinn. Acht as é ní


L. 56


chuireas Críosd d'fhiachuibh oruinn san aithne-si
gan fuath, miosgois, ná aingidheachd speisialtha do
bheth againd d'éannduine, agus grádh do thabhairt do
Dhia agus dár ccomharsanuibh uile go genearáilthe,
madh caraid nó námhuid iad, agus ní hé so amháin
acht bheith ullamh ó chróidhe agus ó inntinn do chum
grádha do thabhairt dár naimhdibh agus a maitheasa
do dhéanamh, agus go speisialtha dá ccuirthí a muinighin
nó a riachtanus ar ngrádha nó ar maitheasa iád; agus
as éigion don uile Chríosduighe an ollmha inntinni-si
do bheith aige, amhail as éigion dó bheith ullamh ó
inntinn do chum mairtíreachta d'fhulang dá ccuirthí
a ccomhroghain a bháis nó a chreidimh do dhíultadh é.



Tig," ar an Umhla, "uair eile a dara hinghean
a ccuideachta na Mailísi, dá ngoirthear an Tnúth, agus
bídh cloidheamh dhá fhaobhar aice a n-aghaidh
mhaitheasa spioradáltha agus corpordha na mban riagh-
altha. As mallaighthe neimhneach an mhaighdean
í so, ór an tan do chí mhaith ar bioth ag na mnáibh
riaghaltha, nó éirgheas séan ar bioth nó sonas leó,
as ionann lési sin agus a bás féin, agus bídh lán do luathgháire
fá gach n-olc agus fá gach míádh dá tteagmhann dóibh.
Laghduighidh agus tarcuisnighidh ó bhréithir agas ó
ghníomh a ndéanaid do mhaith, agus tairgidh fána
díthcheall misi do tharraing ar a méin féin agus mo
chroidhe do líonadh d'fhormad agus d'iomthnúth maith-
easa mo chomharsan; agus freagraim dhi mar so:
"Créud adeire? .i. an é go bfhuil ní sa mhó do
mhaoin shaoghaltha, do sgéimh, agus do thíodhlaicthibh
nádúrtha eile ag an maighdin-si nó ag an maighdin
eile iná agamsa?" a deirim gurab maith leam
sin agus gurab aoibhinn leam gan na tiodhlaicthi sin
do bheith agam féin, ór ní háil leam san saoghal-sa
ná d'éis an tshaoghail acht Iosa Críosd. "Ag sin


L. 57


mh'ionnmhas, agus ionnmhas na n-aingeal; ag sin mo
sgéimh, agus sgéimh an uile chrétúir; mo ghlóir, agus
tobar an uile mhaitheasa. Bíodh a ní féin ag gach
duine, agus Iosa gu n-a ghrádh agamsa; agus bíodh a
fhios agatsa, a mhaighdean fhormadach, gur ab
saidhbhri misi mar so, agus gan na neithe-si do bheith
agam, iná an lucht agá bfhuilid, uair ní fíu leis an
ccroidhe mór uasal atá ó thiodhlacadh Dé agam,
cromadh ar na neithibh uirísle talmhaidhe sin dá
ngrádhughadh. Gidheadh, do chum do chlaoidhthe
leis an nUmhlacht (ós í as ainm dhamh), a deirim
gurab neimhiongnadh leam na neithe sin, agus mórán
eile nách iad, do bheith ag na mnáibh sin atá 'na
n-ingheanaibh ag Dia agus thuilleas uaidhe ní sa mhó
iná thuillim-si, agus nách iongnadh leam gan a mbeith
agam féin, atá am innilt agus am banmhodhaidh nách
fiú énní d'fhagháil."



Do bheir an mhaighden-so, 'sa hainm an Tnúith,
ionnsoighidh a sligheidh eile oram, dom ghluasacht
chum iomthnúith do bheith agam ris na maighdean-
aibh eile a ttaobh na ttabhartas spioradáltha
do bheir Dia dháibh, .i. an uair bhíd ní as dúthrach-
taighe, throisgthighe, chiuine, chráibhthighe iná mé.
Freagraim-si dhi mar so: "An ngéabha tú résún
san ccúis-si? Agus dá ngabhae, fiafruighim dhíot créud
fá sainnteóchuinn-si bheith spioradáltha, ná grása
úrnaighthe nó crábhaidh do bheith agam? An
do chum onóra, moltha, maitheasa nó tarbha saoghaltha
d'fhagháil ó dhaoinibh? Ní headh, acht amháin
do chum seirbhísi Dé do dhéanamh agus a bhuidheachuis
do thuilleamhain, agus do chum mh'Íosa ionmhain
d'onórughadh agus d'adhmholadh uaim agus ionnam. Más
fíor so, as cóir dhamh bheith lán d'urgháirdeas


L. 58


inntinne an uair do chím go mbíd mórán do dhaoinibh
agus do shearbhóntuighibh naomhtha ag mo Thighearna,
ghrádhuigheas é; agus dlighim Dia do ghuidhe fá
ghrásuibh do thabhairt dóibh do chum a ghrádh-
aighthe agus a onóraighthe ní as fearr. A amaid, dá
mbeith grádh ar bioth agamsa ar mo Thighearna,
nár chóir dhamh fonn do bheith oram an saoghal
uile dá aithne agus dá onórughadh agus dá ghrádhughadh,
agus go ttugadh grása spioradáltha dhóibh agus tiodhlaicthe
lé ndéndaois sin gu maith. A inghean an drochathar,
do hionnarbadh tréna uabhar agus tréna olc féin ó
nimh, ní haithnidh dhuit an grádh. Bíodh a fhios
agat gu madh fearr leam gu mbeanadh Dia dhíom
a ttug dhamh dh'aisgiodhaibh corpardha agus fós spior-
dáltha do chum sochair dhaoineadh eile (dochum
gan labhairt anois ar ghrásuibh an fhíréantuis), agus gu
ccuireadh iad a nduine éigin as fearr do chuirfeadh
iad do chum a ghlóire agus a onóra iná chuirim-si, ór
ní fhuil ar iarruigh agamsa acht onóir agus glóir mo
Thighearna Dé, dá dhaoire dá ccoiseónadh dhamh.
Féach-sa, ar an n-ádhbhar sin, a mhéid do mealladh
thú ag teacht chugamsa leis na smuaintighthibh-si.
As maith a fhios ag Dia créud do ní féin, agus atú-sa
réidh ar a thoil, ór as í as sólás, as aoibhneas, agus as
maith dhamh."


L. 59



CUIRIGH AN UMHLA SIOS AN MODH AR A
CCLAOIEANN AN MHAILIS GU HUILIDHE
AGUS A HINGHEAN EILE DAR AB AINM AN
LEISGE.



An XII.Caib.



"Tig an Mhailís arís agus a treas inghean, .i. an
Leisge, do chomhrac riom, agus as ró olc an mhaighdean
so; ór bídh ag sírdhéanamh a díthchill dhá chur
d'fhiachaibh oram bheith cuirthe, tuirseach dona
neithibh spioradáltha, agus gu háiridhe do na neithibh
diadha bhíos d'fhiachaibh oram ó dhligheadh Dé agus na
Heagluisi. A deirim-si ria: "Ní budh maith leatsa
misi do dhéanamh úrnaighthe, alsma nó crábhaidh,
agus do ghéan-sa ar an ádhbhar sin féin ní sa mhó
dhíobh iná a ngnáthuighinn gu roiche so do chum
tusa do chlaoi." A deir sisi an uair sin: "Nách
faice gu bfhuile fuar, gan fhonn, gan dúthracht, gan
deuósion, agus gu bfhuile ag cur chathaighthe ar Dhia;
ór ní bhí buidheach don tsheirbhís do níthear dhó
lé foiréigion agus lé himneadh, acht lé fonn agus sólás."
Adeirim-si dhá freagra: "As buidhighe Dia ar mhodh
áirithe don tsheirbhís do ním dhó a n-aghaigh
mh'fhuinn agus mh'aigionta, iná don tsheirbhís do ním
an tan do bheir féin mórán milseachta agus dúthrachta
dhamh. Nách fuil a fhios agad gu ttairngionn Dia
a mhilseacht uainn ar uairibh san n-úrnaighthe dár
ndearbhadh, agus an uair do chí gu ndéanmaoid ar
ndíthcheall, gu bfhilleann chugainn arís lé meidh
dhúbailthe ghrás agus shóláis? Agus an ní eile sin adeire,
.i. gu bhfuilim-si ró fhuar, agus gu ccuirim chathughadh


L. 60


ar Dhia ag tairgsin bheith ag úrnaighthe mar sin,
adeirim riot, dá fhuaire agus dá neamhdhúthrachtaighe
dá moitheóchad mé féin, gu raghad a bfhiaghnuisi
mo Thighearna, agus gé nách biadh ionnam énní
dh'iarraidh air nó do labhairt ris, gu mbiad ós a
chomhair mar onóir agus mar rébherens dó, gá smuain-
eadh gu bfhuil 'gum fheitheamh agus gu bfhuilim a
bfhiaghnuise a mhórdhachta, atá 'na theinidh ghráidh
lér ab éidir mo chroidhe do chomhlasadh an uair
bús toil leis féin, agus munab áil leis sin, iodhbruim-si
mo thoil féin dhó agus biaidh mé réidh ar a thoil-sion.
Tabhair dot aire gur córuide dhamh dul a ngar don
teineidh méad m'fhuachta agus mo neamhdhúthrachta,
agus gu mo fuairide mé a seachna. Ní ar son mo
shóláis féin, ná an bhlais do ghebhim ar an urnaighthe,
ghrádhuighim í, acht do chum seirbhísi do dhéanamh
dhom Thighearna, agus mar atá a fhios agam gur ab
maith leis mé dá déanamh agus gum chongmháil féin a
ngnáthuighibh subháilcheacha naomhtha dochum a
ghlóire agus a onóra féin."



An tan do chí an drochmhaighdion-so nách éidir
lé mo sgarthuin ré grádh mo Thighearna, do ní a
díthcheall ar mo dheaghailt ó ghrádh mo sheathrach,
agus do bheir lé 'na coimhideacht a rís an dá innilt
adubhart, dá ngoirthear an Drochamharas agus an
Breitheamhnas Mearrdhánta, do chum a churtha
d'fhiachuibh oram tarcaisne do bheith agam am
inntinn ar mo dheirbhsheathrachaibh, a bhreath-
nughadh gu dásachtach nách deaghmhná iad. Agus do
bheirid so do chum mo chuimhne an mhéid as éidir
leó do chúisibh drochamharais agus bhreitheamhnais
mhearrdhántha, agus as demhin leó, má thairrngid chuige
sin mé, gu ttiocfa as sin mo tharruing do chum
ithiomráidh, masla, agus míochlú do thabhairt dom


L. 61


sheathrachaibh. A deirim-si riu: "Ní fhuil ionnamsa
acht banmhodh dá nách cóir dul a ndrochamharas
ar a bainthighearna. Ní cóir don pheacthach buain
ris an nduine naomhtha. As dual damhsa a mheas
gu bhfuilid mo dheirbhsheathracha uile beannaighthe,
agus gu bhfuilim féin gu holc am pheacthach. Fós ní
fhuil a dhearbh agam cionnas a táid-sion a bhfiagh-
nuisi Dé, nó créd an chríoch rachas orra. Atá a
fhios agam cia mé féin, agus créud an chríoch do chum
a bhfuilid mh'ainmhiana agus mo dhubháilche dom
tharruing, .i. gu hifrionn, muna fhóire trócaire Dé
oram; gonadh aire sin atá mo sháith cúisi agam
dochum bheith lán d'amharas oram féin agus ar mo
choinsias. Glacfad an sligheidh as daingne agus as
innille a ttaobh mo dheirbhsheathrach, .i. meas maith
do bheith agam orra, ór dá mealltaoi mé ag tabhairt
drochbharamhla dhóibh, do ghéanuinn pheacadh, agus
gé gu meallthaoi mé ag tabhairt deaghbharamhla
dhóibh, do bheinn saor ó pheacadh. Cia do rinne
breitheamh dhíomsa idir Dhia agus mo dheirbhsheath-
racha, nó idir mo dheirbhsheathracha agus a ccoinsias?
Fágbhuim-si sin ag Dia, agus fágaibh-si misi, ó tá tú
claoite."



"Adeirimsi riotsa, a innilt úd eile, nách áil leam
mo dheirbhsheathracha do chur a n-amharos, ór gé
go bhfuil d'fhiachoibh ar an n-uachtarán aire mhaith
do bheith aige ar a thréud agus bheith ag smuaineadh agus
ag rémhfhéachoin na neitheadh budh eagail do
theagmháil dóibh, do chum nách léigfeadh don mhéid
do bheith clamh dhíobh ó dhroichbhésaibh an chuid
oile do shalchadh, gidheadh cheana, ní fuláir dhó
so do dhéanamh maille ré deisgréid, ar an n-ádhbhar
gurab meinic do dearbhadh, an uair chuireas fear a
bhean a n-amharos, gur gnáth lé, gé go mbeth ionraic


L. 62


roimhe sin, mar dhíoghaltas san n-amharas bheith
neimhdhíleas ó sin suas, ór, mar adeir Seneca, as mór
dá ttug an t-amharas siocair dochum tuitme a
bpeacadh. Agus gé adeire-si riom nách éidir leithsgéul
ghníomhradh mo dheirbhsheathrach do ghabháil tréna
mbeith ro-chosmhail ré drochghníomhaibh, a deirim
riot 'na aghaidh sin gu madh éidir nách ó dhroich-
inntinn do níd énní, ná a riocht uilc, agus gu
tteaigéomhadh, gé gu mbeath cosmhaileacht uilc ar a
ngníomhaibh, gurab ó laige nó ó anbfhainne dhaonn-
uidhe táinig sin, nár léig dhóibh smuaineadh gu
maith ar tús ar na neithibh budh cóir dhóibh do
dhéanamh. Agus más mar so atá, as córa dhúinn
truaighe do bheith againn dóibh iná drochbharamhail
do thabhairt dá ngníomharthaibh. Féuch nách bí
aire ag an ainmhidhe mbrúideamhuil ar amharas do
dhéanamh ar na beathadhachuibh eile bhíos 'na
chuideachta, agus gurab mó a aire ar a ualach féin
d'iomchar agus ar a shligheidh do chur thairis iná ar
sin, agus an uair anas énchuid dona beathadhachoibh
eile 'na dhiagh san slighidh, nách orra bhíos a aire
acht air féin amháin agus ar dhul 'na shlighidh; agus ó
do rinneasa beathadhach brúideamhail díom féin ar
son ngrádha mo Thighearna, as amhlaidh sin as cóir
dhamh dho dhéanamh, .i. dul ar mh'aghaigh a
seirbhís Ndé, agus mh'aire do thabhairt dom choinsias
féin."


L. 63



CRIOCHNUIGHIDH AN UMHLA A COMHRADH.



C.13.



Fá hiongnadh lé Des. méad naomhthachta na
Humhla, agus a bhfuilngeadh do dhuadh agus do dhocumhal
ag comhrac réna naimhdibh dochum í féin do
chongmháil a seirbhís Ngrádha Dé, agus a dubhairt:
"Dar mo chubhais, a mháthair, as anois aithnighim
agus chreidim an ní do chuala mé gu meinic, .i. gu raibhe
an uile fhíréntas, shubháilche, shíothcháin, shaidh-
bhreas agus shólás spioradálta san umhla; agus guidhim
thú, innis énní amháin damh san ccúis-si atá 'na
aincheas oram, .i. an aithnighe do ghnáth na
drochmhná úd an tan thiaghaid a measg mhaighdean
an thighe?"



"O a mhic!" ar an Umhla, "as mór an pungc-
sin do fhiafraighis, agus bíodh a fhios agat gur chuir
mórdhacht Dé uilechumhachtaigh lóchrann a meadhón
ar mainistreach, bhíos ar lasadh do ló agas d'oidhche
ó ola thrócaire Dé, agus así as buacais dó an sgriobtúir
naomhtha, agus as é ainm an lóchrainn an Coinsias
Maith; agus atá an lóchrann so ceangailthe a nuas as
shreing dá ngoirthear Caomhna an Chroidhe, agas
atá an tshreang ceanguilthe as tairnge dar ab ainm
Faire na Ccéadfadh. Agus an gcéin bheas an lóchrann
so ar lasadh, ní bhí eagla oruinn rompa, ór do chímid
ar an mball iad, gé gu mbeidís a measg bhan an tighe
nó ina n-aibídibh, ór aithnimíd ar a siobhal iad, do
bhríogh gu mbíd uile crotach, agas céim bacaidhe
ionnta, nách légionn dóibh siobhal gu díreach.
Gidheadh, a mhic, anuair mhúchtar an lóchrann
tréar bpeacadhaibh-ne nó tréar mainneachtnaighe, ó
tharraing an tairrngi, nó ó bhriseadh na sreinge, nó


L. 64


tréas an Ttighearna do bhreith na hola uainn (gé
nách déanann sin gu bráth muna dhoirteam féin ó
thús í), bímíd uile a ndorchadas, agus bídh an teagh
uile tréna chéile lán do bhuaidhirt. As gnáth linn,
ar an n-ádhbhar sin, bheith ag guidhe an Tighearna
a ccomhnaidhe fár lóchrann do chongmháil ré lasadh,
agá rádh lé Dáibhí: "As tusa, a Thighearna, lasas
mo lóchrann; ar an n-ádhbhar sin soillsigh mo
dhorchadas." Agas ag so, a mhic," ar an Umhla,
"an modh ar a cclaoiim, maille grásuibh mo
Thighearna, agus maille friochnamh agus lé congnamh
mh'fhir phósda, na drochmhná-so agus fós mé féin."



"Go ttuga Dia," ar Des., "a ghrádh agus a ghrása
dhuit; as mór an sólás tugais dom spioraid."



"Beir lat anosa dot choimhideacht ar fud an
tighe, a mhic," ar an Umhla, "na cailíneadha beaga
riaghaltha-so, gu feadh bheith múinthe riaghaltha
gu maith dhuit, do chum nách budh édir leis na
drochmhnáibh úd, dá tteagmhadh dhuit iad, do
mhealladh nó th'fhuadach as ar lámhaibh-ne. Beir
lat an cailín-si dá ngoirthear Geursmachdughadh an
Chuirp, dot imdhídean ar an ccéadmhnaoi, .i. Antoil
na Colna, agus an mhaighdean so eile dár ab ainm an
Chruaidhchuing, dot choimhéad ar an daro mnaoi,
.i. Saint na Súl, agus an ógh-sa dá ngoirthear Inísliughadh,
as baintsheómradóir dhamhsa, dod dhídean ar an
treas mnaoi, .i. Díomas na Beathadh; Friochnamh a
n-aghaidh na Maindeachdnaighe, .i. an ceathramhadh
bean; Maith a n-aghaigh na Mailíse, .i. an bhean
dhéigheanach. Beandachd an Thighearna lat, agus go
ccaomhna thú ar na drochmhnáibh-si, agus go ttuga a
ghrása dhuit do chum do ghníomh uile do dhul a
seirbhís dá mhórdhacht."


L. 65



TRACHDTHAR ANN SO SIOS AR SHEACHD
SUBHAILCHIBH AS INGHEANA DON
UMHLA.



d'ADMHAIL AR N-UIRISLE FEIN.



C.14.



Fá mór sólás Des. ag éisdeachd lé fuighlibh an
bhanabadh, agus a dubhairt ria: "Guidhim thú, a
mháthair, fá chead do thabhairt damh dul dh'fhéchuin
mhaighdion an tighe-si dochum eóluis do chur ortha."



"Do bheirim chead duit," ar ise, "maille ré
beannocht Dé; agus éirigh-se lais, a inghean darab ainm
Neamhshuim a nEinní, agus beir lat d'fhéachuin na
sealluigheadh uile é."



Gluaisis Des. iar sin go subhach suilbhir as sealla
an bhanabadh maraon ré Neamhshuim a nEinní,
do bá banaodhuigh agus do bá banmhaighistir noibhís-
teadh san mhainistir, agus rug lé é go sealla ccéidinghine
na hUmhla, dá ngoirthear an Admháil. Fáiltigheas
an inghean sin ré Des., agus ro chuir 'na shuidhe 'na
fochair féin é.



"Guidhim thú, a shiúr," ar Des., "innis damh
cionnas do geineadh ón Umhla thú?"



"Inneósad," ar isi. "Táinig an Umhla le
congnamh a fir phósda, .i. A Mheas gurab Beath-
adhach Brúideamhuil Í Féin, a n-eólus agus a n-aithne
a beiginmhe féin, agus as ann sin rom gabh-sa 'na bruinne,
agus rom gein, .i. Admháil Cia Mé Féin."



"Mínigh sin damh ní as fearr," ar Des., "ór ní
maith thuigim é."



"As toil leam sin," ar ise. "Atáid a miosúiri
agus a dteóranna dísle féin ag na neithibh, ór atáid fada,


L. 66


leathan, domhuin, árd; agus mur atá an Umhla lán
d'fhuath ar an n-airde, do thogh bheith roi-ísiol,
d'eagla go mbuailfeadh a ceann fá fhárdhorus
bfhlaitheamhnuis, an uáir do thairgfeadh dhul
a steach, agus as de sin atá an seanfhocal, .i. gibé bhíos
áirdcheannach go mbí a nguais a chinn do bhualadh
fán bfhárdhorus. Agus ní lór léisi bheith ísiol, acht do
ní a díthchioll ar bheith roi-ísiol; agus an tan nách bí
a mbaoghal a chinn do bhuain fán bfhárdhorus,
íslighidh í féin ar a shon sin ní-sa mhó, amhuil agus
chromas an géadh a cheann agus a chorp dá airde
dorus fá a ngabhann. Do thogh fós an Umhla, tré
fhad a dearrsgnaigheachta agus tré fhóirleithni a hoirdh-
earcuis, cumhgach ro mhór, agus uireasbuigh iomlán
na neitheadh saoghaltha, d'eagla a toirmisg ó
fhlaitheamhnus, mar a deir Críosd: "Déanam ar
ndíthchioll fá dhul don ghlóir, gé go bfhuil an dorus
cumhang"; agus a deir 'na dhiaigh sin: "Iarrfuid agus
tairgfid mórán dul asteach, agus ní fhéadfuid é." As
do na daoinibh díomsacha thuigthear so, bhíos
coimhleathan is sin, iar n-at ó dhíomus, nách tuillid
san dorus. Atá an Umhla, trá, do thaoibh a doimhni
folamh, uair ní thuillionn innte acht Dia, ór gé mór
do thiodhlaicthibh agus do mhaith do bhiadh aice,
creidigh nách uaithe féin (atá 'na neimhthní dá meas
féin) tigid, acht ó Dhia, dá ttugann do ghnáth
altughadh buidhi san uile ní."



"Guidhim thú, a shiúr," ar Des., "dochum go
madh móide do thuigfinn na neithe dorcha sin a
deire, do bhéasa féin d'innisin damh."



A dubhairt an Admháil gá fhreagra: "Ag so
mo bhéasa: mar as inghean don Umhla ó chroidhe
mé, agus mar as deisgiobal don mháthair naomhtha-sa
atá ad choimhideacht-sa, .i. Neamhshuim a nEinní,


L. 67


admhuim ó thoil mhaith cia mé féin, .i. gurab fíu mé
an uile tharcuisne agus go bfhuilim am pheacthach
shalach, gan fhoghnamh sa bhioth; agus ní lór liom a
mheas agus a admháil go bfhuilim mar sin, acht
breathnuighim gurab measa agus gurab uirísle mé iná
an chuid eile dom dheirbhsheathrachaibh."



"Cionnas as éidir lat sin do mheas," ar Des.,
"maille fírinne, más aithnidh dhuit go bfhuil subh-
áilche ar bioth agot ón Thighearna? Uair má táid
subháilche agus grása ó Dhia agad, ní fhuile ad pheac-
thach. Ar an n-ádhbhar sin do ghéanthá bhréig dá
admháil gurab peacthach thú féin, agus ní cóir don
tshubháilce bréag do dhéanamh, agus mar sin ní cóir
dhuitsi bréag do rádh. Fa ris sin as gné dhobhuidh-
eachuis gan duine dh'admháil na ttíodhlaictheadh do
gheibh ó Dhia. Ar an n-ádhbhar sin más aithnidh
dhuitsi grása nó tíodhlaicthe ar bioth agat féin nách
fuil ag do chomharsuin, cionnas as éidir dhuit a
rádh gurab lúgha agus gurab measa thú féin inás, agus gu
bfhuile míotharbhach gan fheidhm ar bioth, an tan
atáid tíodhlaicthe agad léna bhfédann tú dul a sochar
do mhórán? Adeir maille ris so an sgrioptúir gu
n-umhluigheann daoine iad féin gu holc. Tabhair
dot airi, ar an n-ádhbhar so, nách drochumhla atá
agat tréna beith (mar tá) a n-aghaidh na fírinne as
aithnidh dhuit féin, ag rádh neith ód bheul contrárdha
don ní atá ad chroidhe."



"Ná tabhair na drochbharamhla sin ag nách fuil
cúis ná fundaimeint dhamhsa," ar an Admháil. "As
deimhin gu n-úmhluighid daoine iad féin gu holc, .i.
an uair adeirid gurab peacthaigh iad féin, agus a deirid
sin do chum droichcríche, .i. do chum go mbeith
meas umhlachta nó naomhthachto orra ag daoinibh


L. 68


eile, nó do chum anma onóra, nó innmhe égin,
d'fhagháil san saoghal, nó fós má deirid sin ó bhéul
amháin, agus gan iad dá mheas amhluidh sin 'na
n-inntinn (ór do níd mar sin bréaga agus cumadóireacht),
nó an tan tig mórán uilc as an umhlacht shimplidhe
mhídheiscréididh, mar adeir S. Aibhisdín san riaghail,
an uair thaisbéanoid na huachtaráin umhla gu
hiomarcach, go ccaillid a n-úghdarás do chum smacht-
aighthe. Agus as dóibh so uile thuigthear an ní sin
adeir an sgrioptúir, .i. go mbíd daoine ann umhlaigheas
iad féin go holc, mar as follas as na briathraibh eile
adeir an sgrioptúir san áit sin féin: Gé go n-umhlaigh-
eand é féin go foirimiollach, as cumadóireacht sin
ór breathnuighidh ní eile go hinmheadhónach.
Gidheadh, bíodh a fhios agatsa uaimsi go measuim
óm chroidhe gach a n-admhaim ó bhéul, .i. gurab
fíu mé gach uile tharcaisne, agus go bhfuilim am
pheacthach ghráineamhail nách fíu maith ar bioth
d'fhagháil, agus thuilleas gach éanolc, agus ní hé sin
amháin acht as mó mheasuim am chroidhe mo
mhídhiongmháltus féin iná as eól damh d'admháil ó
bhéul. Agas do thaoibh na neith eile sin adeire,
.i. nách éidir dhamh peacthach do ghairm dhíom féin
maille fírinne, agus a fhios agom go bhfuilim a ngrásaibh
agus a subháilchibh Dé, adeirim mar adeir Pól, gé
nách aithnidh dhamh tré ghrásoibh mo Thighearna
peacadh am choinsias, nách bia ar a shon sin meas
naoimh ná fíréin agam oram féin, ar an n-ádhbhar
nách fuil a láinndearbh ag éannduine an ccéin bheas
san saoghal-sa, gan taisbéanadh speisialtha ó neamh,
an fíu é grádh do bheith ag Dia air; agus as uime so
nách áil leam anndóthchas díomhaoin guasachtach
do bheith agom as mh'fhíréantus féin.


L. 69


Ar an n-ádhbhar-sa bídh eagla oram, agus saoilim
go bhfuilim am peacthach, ór as aithnidh dhamh
fhéin go rabhadhas a bpeacadh, agus ní fheadar nar
thuilleas a mhaitheamhnas ó Dhia tréam aithreachas,
féadfuidhe do bhí uireasbhach, nó tré gan Dia do
thabhairt aithrighe dhamh mar do bheir do pheacth-
achaibh eile ó chúis éigin cheirt atá díamhair oramsa;
agus mar sin ní pheacuighim agá mheas go bhfuilim am
peacthach agus ag admháil an neith chéanna.



Agas gé nách beinn a bpeacadh mharbhtha, as
éidir damh labhairt mar súd, ór atú claon uaim féin
do chum peacoidh agus do chum na ndubháilchiodh,
gonadh aire so nach bí mo bheatha, dá ghloine
dá mbím san saoghal, saor ó pheacadh, agus asé so
admhaim an tan bhreathnuighim mé féin am peac-
thach; agus más éidir dhamh peacthach do ghairm
dhíom féin ar an modh-sa, mar as éidir dá ríribh
d'fhiaghnaisi Eoin Bruinne, as éidir dhamh a rádha
ar an modh ccéadna nách fíu énní mé, agus go bhfuilim
brodhach, gráineamhail, agus fós olc, gé go mbeind a
ngrásaibh, mar adeir Críosd ag Lúcás. Agus gé go
madh aithnidh dhamh gráso nó tiodhlaicthe agam
féin nách beith in mo chomharsanaibh, ní shaoilim
go madh bréag dhamh a rádha gurab lugha agus gurab
uirísle mé iná iad, ór aithnighim agus admhaim
(do chum gan bheith dobhuidheach) na tiodhlaicthe thug
Dia dhamh, agus measaim fós gurab mó mé ar son na
ttíodhlaictheadh-so inád na daoine ag nách fuilid;
ionann so ré a rádh agus go measaim gurab mó mo
chumas ar dhul a sochar do dhaoinibh eile iná cumas
na ndaoine dá nách tug Dia na tiodhlaicthe-si.
Gidheadh, ar a shon so uile, measaim go bhfuil grása
éigin folaightheacha ag gach aonmhnaoi dom sheath-
rachaibh, lé mbeirid barr oram, mar adeir S.


L. 70


Aibhisdín: "Bíodh meas mór agaibh, a lucht
dhearrsgnaigheas go puiblidhe, ar dhaoinibh ele as
fearr go folaightheach iná sibh," agus mar iarras Pól ar
an Gcríosdaighe bhfíre a mheas gurab fearr gach
énChríosdoighe eile iná é féin, agus ní ó chumadóireacht
nó ó bhéul amháin as cóir dhúinn so do mheas, acht
a bhreathnughadh dá ríribh go bhfuil ní éigin sna
daoinibh eili tré mbeirid ar mbarr, gé go mbeth
maith éigin ionnainne go follas nách taisbéanaid-sin
ionnta féin. Gonadh aire so shaoilimsi go mbíd
grása éigin foluightheacho ag mo dhearbhráithribh
agus ag mo dheirbhsheathrachaibh ó Dhia, tréur lugha
mé féin ináid agus as ar éidir dhamh sin do mheas am
chroidhe agus a admháil dá ríribh. Tairis so, an uair
bhíos duine ós cionn cháich eile 'na uachtarán, gé
go mbeth an meas-sa aige air féin ina chroidhe, ní
cóir dhó a fhoillsioghadh ó bhréithir d'eagla go
gcaillfeadh a úghdarrás do chum na ndaoine bhíos
faoi do smachtughadh, mar adeir S. Aibhisdín san
ionadh thuas; agus mar nách uachtarán meisi, admhaim
an ní-si, agus foillsighim do réir mar mheasoim am
chroidhe, mar as duál d'inghin mo mháthar, .i. an
Umhla, do dhéunamh."


L. 71



DO DHARA HINGHIN NA HUMHLACHDA, .I.
FONN MO THARCAISNIGHTHE.



C.15.



Tug Des. taithneamh mór do chéidinghin na
Humhlachta, agus don neamhdhúil baoi aice a moladh
dhíomhaoin, agus iar cceileabhradh dhi téid leis an
n-óigh sin fá heólach dhó go seallo dara hinghine na
Humhla, dár ainm Fonn mo Tharcaisnighthe.
Fáiltighis an mhaighdean-soin roimhe, agus do chuir 'na
shuidhe é.



"Guidhim thú," ar Des., "indis damh cionnas
do geineadh ón Umhla thú?"



"Inneósad," ar isi. "Geinthear ón éadtruime
atá san Umhla (as cúis agus as tosach dá gluasacht ó
ísle go hairde agus ó bhochtacht go glóir) mian bheith
roi-ísiol agus cách dá meas mar sin, agus as don mhian-sa
ghoirthear Fonn mo Tharcaisnighthe, as ainm
dhamhsa as dara hinghean don Umhla."



"Ní thuigim thú," ar Des., "ór cionnas bhúdh
éidir leis an n-éadtruime a gluasacht do chum bheith
ísiol agus do chum bheith ard, atá contrárdha dhá
chéile, ór más í an éadtruime as cúis dá tógbháil
suas do chum bheith onórach, cionnas as éidir don
éadtruime chéadna bheith 'na cúis léna cur síos dá
heasonórughadh? Guidhim thú," ar Des., "agus mínigh
so dhamh."



"As toil leam sin," ar isi, "ór as aithnidh dhamh
nách urasa an gheineamhain-si do thuigsin, mar atá
sí roi-spioradálta. Ní fhuil a n-éadtruime na Humhla
acht an fhoilmhe atá innte óna meas féin. Bídh
an duine umhal folamh ón uile mheas maith air
féin, ór mar bhíos an duine díomsach lomnán dá


L. 72


mheas féin, bídh an duine umhal folamh ón uile
mheas maith air féin, ar an n-ádhbhar go measann
gurab lugha é féin agus gurab measa iná an uile dhuine
eile, ionnas gurab í an fhoilmhe-si bheirios an duine
umhal a bhfad síos (gá mheas gurab cóir dhó féin
bheith don leith thíos don uile), ionnamhail agus bheirios
an truime an ccloich síos gó a hionad ndílios féin.
Gidheadh, dhá fhad síos dá ttéid an Umhla tréas an
n-édtruime-se agus trés an bhfoilmhi, as é a chomhfhad
sin árduighthear suas í a bhfiaghnaisi Dé, mar adeir
an Slánaightheóir: "Gibé ísligheas é féin, árdaighthear
é." Gonadh aire sin nách fuil a n-ísliughadh na
Humhla acht árdughadh a luaighidheacht agus a nglóir,
ór as do réir an chéime a n-ísleócha neach é féin san
saoghal-sa ó umhla, airdeóchas Dia é a nglóir agus a
n-onóir. Agus as uime sin adeirid na diadhaireadha
gur ab airde an ghlóir 'na bhfuil Muire a bhflaith-
eamhnas iná glóir énphearsan dár cruthaigheadh idir
aingiol agus duine, mar do sháruigh iad uile a n-umhla
ar an saoghal-so."



"Tuigim anos," ar Des., "an ní adeire, a dheirbh-
shíur, agus innis damh feasda do mhéin agus do bhéusa."



"Do ghéan," ar isi. "Asé mh'ainm Fonn mo
Tharcaisnighthe, ór as dom mhianaibh an uile dhuine
dom dhímheas agus dom dhísbeagadh, dom cháineadh agus
dom mhaslughadh, acht a mháin gan peacadh mo
chomharsan nó míomhodh Dé d'órdughadh, agus go
háiridhe nách ttuga mé féin siocair pheacaidh
d'éinneach, agus as áil leam gan mheas ar bioth do
bheith aca oram, agus so uile ar son Ngrádha Dé."



Bá hiongnadh lé Des. méin na hingheine-si, mar do
bhí contrárdha don ghnáthughadh dhaonnaidhe, agus baoi
meas mhná naomhtha aige uirthe, mar do thuig gurab
ar son Ngrádha Dé do bhíodh an fonn-soin uirthe.


L. 73



DO THREAS INGHIN NA HUMHLA DA
NGOIRTHEAR AOIBHINN LEAM MO
THARCAISNIOGHADH.



C.16.



Gabhais Des. a chead ag dara hinghin na Humhla,
agus téid gu sealla an treas inghean, darab ainm Aoibhinn
Leam mo Tharcaisnioghadh. Fáiltighis an inghean
sin roimhe, agus tug ionad suidhe dhó 'na fochair féin.



"Innis dhamh, a ógh," ar Des., "cionnas rod
gein an Umhla, ór as éidir a smuaineadh gu madh
ait lé duine tarcaisne dh'fhagháil suil do chichsiodh
é féin ar n-a tharcaisnioghadh, gidheadh, an uair
do chífiodh duine an masla nó an tarcaisne dá láthair,
agus é féin iar n-a mhaslughadh dá ríribh, as iongnadh
leam cionnas bhúdh éidir dhó lúthgháire dho bheith
air tríd sin; agus as uime so bhudh maith leam fios an
neith nuaidhe-si d'fhagháil."



"Inneósad-sa sin duit," ar an mhaighdean. "Do
ghabh an Umhla 'na broinn, ag cur aithne agus eóluis
ar a fear pósda dhi, rún ro dhaingean gan cathughadh
ná cur a n-aghaidh égcóra ná tharcuisne dá ndéanthaoi
uirthe san saoghal-sa, agus tig dhi as sin bheith doibh-
risthe dochlaoithe, ionnas nách éidir lé hénní dár
cruthaigheadh buaidh do bhreith uirthe. Agus ní hé
sin amháin acht beirigh sisi bhuaidh ar gach n-énní
dá ttairgionn a claoi, agus geinthear ón bhuaidh sin
mórán sóláis. Agus mar as ón tarcaisnioghadh, agus ón
bhuaidh sin bheireas ar an ttarcaisnioghadh, ghein-
thear a sólás, as uime sin as inghean don Umhla
misi, ar a mbí an sólás cédna, agus lerab aoibhinn mo
tharcaisnioghadh."


L. 74


"Cionnas as éidir dhi," ar Des., "bheith doibh-
risthe dochlaoithe an uair nách cuirionn a n-aghaidh
énneith?"



"Inneósad-sa sin duit," ar an mhaighdion,
"maille ré heisiomláir. An uair thairgios duine
slat úr do dhíorghadh, ní bhrisionn í, mar fhilleas
go hurasa lais; gidheadh, an uair bhíos cruaidh,
láidir, daingion, agus nách bí soifhillthe, bristhear ar an
mball í. As amhlaidh so don dhuine dhíomsach, ór
mar bhíos cruaidh, láidir, ag cur a n-aghaidh gach
énneith bhíos contrárdha dhó, bristhear é a ccéadóir
lé mífhoighidne; gidheadh, mar fhuilngios an Umhla
a filleadh, ní bristhear í choidhche. Agus as dá fhoill-
sioghadh so do sgríobhadh an sgéul fábhaill ar an
ndaruigh agus ar an ngas ngiolcaighe, .i. gu raibhe an
dair roi-reamhar ro-láidir, iar n-a fréamhughadh gu
foirtill san thalamh, agus a n-aimsir ghaoithe móire
gur leagadh í agus gur briseadh 'na bloghuibh beaga, agus
gur an an ghiolcach 'na seasamh. A dubhairt an
dair ris an ngiolcaigh: "Créud do ainic thusa, agus tú
beag anbhfann, ar neart na gaoithe lér leagadh agus lér
bloghadh misi, do bhí ramhar láidir?" Do fhreagair
an gas giolcaighe: "Do bhí tusa, a dhair, ro uaibh-
reach, agus do shaoilis gu ttiocfadh lat tréd chalmacht
seasomh ré ní budh láidire iná thú féin, agus níor
aonthaighis dó ghabháil ós do chionn, agus nír iongnadh
mar sin gu leagfuidhe thú. Gidheadh, ní amháin
don ghaoith láidir fhuilngim-si gabháil toram, acht
dá gach gaoith dá laighiod, dom fhilleadh agus dom
chromadh féin roimpi; gonadh aire so nách déanann
éanghaoth díoghbháil dhamh."



"Guidhim thú," ar Des., "a mhaighdean, ó
thugais éolas do gheineamhna dhamh, innis damh do
mhéin agus do bhéusa."


L. 75


"Inneósad," ar isi. "Bídh sólás mór oram agas
lúthgháire an uair do gheibhim tarcaisne agus easonóir,
nó do níthear égcóir oram, cáinthear mé nó do
gheibhim oil nó athais, agus do níthear fochaidmheadh
fúm, ór as aoibhinn agus as sáimh leam ar son Ndé
gach uair dá ndéanthar so oram."



Fá roi-iongnadh lé Des. an mhaighdean-sa agus
méad a subháilcheadh, agus adobhairt ria: "Innis
damh, a dheirbhshíur, cionnas bhúdh éidir dhamhsa
leithéid na subháilche-sin agatsa d'fhagháil, ór atú
conntrárdha don ní sin a deiri-si, ar an n-ádhbhar
nách mothuighim mé féin sólásach an uair tharcais-
nighthear nó mhasluighthear mé, agus ní hé sin amháin
acht mothuighim mé féin lán d'fheirg agus do dhólás agus
do bhuaidhreadh."



"A sé ádhbhar fá a mbí mar sin," ar isi, "mar
nách fuil urduil an dadoimh d'umhla ionnad; agus as
comhardha maith an ní sin a deire ar dho bheith
lán dod ghrádh agus dod mheas féin agus líontha dh'uabhar.
Gidheadh, ó do tharruing Dia do chum an thighe-si
thú, múinfeamaoid duit bheith subháilceach, agus an
croiceann tuguis lat do chur dhíot, agus bheith ad dhuine
eile dár bhfágbháil; agus uillmheócham thú dochum
gumadh éidir lat labhairt ré Grádh Ndé, ór do bheith
do thuras díomhaoin ar mhodh eile. Ar an n-ádhbhar
so, madh áil leat mo shubháilce si do bheith agad,
ní fuláir dhuit ó thús mo dheirbhshíur rér labhrais
roimhe so, dar ab ainm Fonn mo Tharcaisnighthe, do
chur ad chroidhe gu daingean, agus smuaineadh gu
meinic uirthe, agus a rádh at inntinn mar so: "As áil
agus as mian leam ó so suas bheith iar nam tharcais-
nioghadh agus iar nam mhaslughadh, aindligheadh
d'fhulang, agus bheith am fhuigheall fochaidmhidh agus
fanámhaid ag cách, agus fá mhímheas ag gach én


L. 76


nduine." Agus dá raibh an fonn-so agad ad chroidhe,
tiocfae lé hurnaighthe, lé díthcheall agus le dúthracht
do chum mo shubháilce-si do bheith agad; gidheadh,
ní a n-éineacht acht a ndiaigh a chéile, ag cleachtadh
gu meinic tarcaisne agus aindligheadh d'fhulang, agus gach
neith eile bhías contrárdha dhuit. Agus gé gu moitheócha
tú documhal ó thosach tré chontrárdhacht na
cédfaigheachta, tiucfae leis an ccleachtadh agus leis an
ngnáthughadh dochum a chlaoithe fá dheireadh go
hurasa, ionnas gu moitheócha tú féin sólás ort fád
mhaslughadh. Agus bíodh a fhios agat gurab mór
atá uait ar chomhéigniodhadh do dhéanamh ort féin
dochum gu mbiadh fonn agat ad tharcaisnioghadh
agus at easonórughadh, ór as deimhin nách bí énduine
umhal acht an tí bhíos ceart fíréan, agus gibé ar nách
bí fonn a tharcaisnighthe, a easonóruighthe, a mhas-
luighthe, agus fanámhuid do dhéanamh faoi, nách bí
fíréan nó ceart."



"As iongnadh leam," ar Des., "an ní a deire,
.i. nách bí énneach fíréan ná ceart acht an tí ar a
mbí an fond sin a deire. Cionnas as éidir sin?
ór as beag do geabhthar do dhaoinibh fíréanta nó
cearta mar sin, agus dar leam ní maith résún na
mbriathar soin a dubhartais."



"Cuirfeadsa a ccéill duít," ar isi, "maille réasún
féin gurab fírinneach an ní a dubhart. As dearbh
gibé ar bioth atá fírén nó ceart, gurab mian leis a
cheart agus a dhualgas féin do bheith ag gach aon, agus
gach ní as cóir dhó d'fhagháil ó dhligheadh; agus muna
dhligheann an duine d'fhagháil acht tarcaisne agus
masla, ainndligheadh agus fanámhad, as ainbfhíréan,
éicceart é muna raibh fonn air sin d'fhagháil."



"Cionnas dhearbhas tú," ar Des., "nách dligheann
an duine acht tarcaisne agus easonóir?"



"As urasa leam sin do dhearbhadh," ar isi. "As


L. 77


follas gurab dual an mhaith do ghrádhughadh,
d'iarraigh, do shanntughadh, d'onórughadh, do mheas
agus do mholadh; agus dá uaisle agus dá feabhas dá mbia,
gurab móide dhlighthear so dhi. As follas mar an
ccéadna a chontrárdha sin, .i. gurab cóir dhúinn
fuath, gráin, agus tarcaisne do bheith aguinn ar an
n-olc, agus a inghreim, agus a easonórughadh, agus a
iomcháineadh; agus mar atá an uile pheacthach olc,
as éigion gurab dual a tharcaisnioghadh agus a easonó-
rughadh, a neamhghrádhughadh, agus fochaidmheadh
do dhéanamh fáoi."



"Dearbh dhamh an ní-sin," ar Des., ".i. gu
bfhuil an uile dhuine olc."



"As toil leam sin," ar isi. "Ní fhuil maith acht
Dia amháin; ar an n-ádhbhar sin atá an duine
uáidhe féin gu holc."



"Dar leam," ar Des., "ní maith dhearbhas tú
fós gu bfhuil an uile dhuine olc."



"As maith," ar isi, "agus dearbhaim mar so ní
sa mhó an ní céadna. Atá Dia maith, agus ní fhuil ní
ar bioth nách fuil 'na Dhia, maith uaidhe féin, acht
olc. Ar an n-ádhbhar sin atá an duine, nách fuil
'na Dhia, olc, agus má tá sé olc, as dú dhó ó cheart
neamhghrádh, tarcaisne, easonóir, agus gráin d'fhagháil."



"Féuch," ar Des., "nach fuilim coisgthe lét
arguimeintibh fós, lé ttairge a dhearbhadh nách fuil
maith acht Dia amháin, agus mar sin nách fuil éinní
nách fuil 'na Dhia, maith; ór adeir an sgrioptúir
naomhtha go bhfacoidh Dia na huile do rinne, agus go
rabhadar, ní amháin maith, acht ro-mhaith. Agus fós
má tá Dia maith - mar atá gan amharas, uair asé
féin an mhaith fhíre, agus an árdmhaith uas gach
maith - an uair as é as cúis don uile chréutúir, agus do
chruthoigh iad, as éigean go bhfuilid uile maith, ór


L. 78


as dual don ní do níthear bheith cosmhuil réna chúis,
mar adeir an feallsamh; agus má tá an uile ní dár
chruthoigh Dia ro-mhaith, ní héidir nách fuil an
duine, atá 'na chréatúir as uaisle dár chruthoigh
do na créutúiribh corpardha, mur an ccéanna ro-
mhaith; agus má tá sé maith, do réir na loighice sin
agatso, as éigion a admháil gurab cóir grádh, onóir,
agas moladh do thabhairt dó, agus meas maith do bheith
air."



"Ní háil leam," ar an mhaighdean, "dol a
nduibheacán diospórachta riot, ór atá sin a n-aghaidh
mh'umhla; gidheadh míneóchad duit na neithe
adubhart, do chum go ttuigthea iad.



Bíodh a fhios agat nách fuil maith acht Dia
amháin, agus go n-abair bél an Tighearna so san soisgél
naomhtha. Tairis sin, as amhlaidh as cóir so do
thuigsin, nách fuil maith ag éinní uaidhe féin iná
óna nádúir acht ag Dia amháin, 'sa dhísligheacht
bheith maith uaidhe féin agus ó nádúir; ór gé go bhfuil
gach éinní dár chruthaigh Dia maith, má mheasmaoid
iad do réir na nádúire thug Dia dhóibh, ní uatha
féin, ná óná nádúir, atáid maith, acht ó Dhia do
pháirtigh riú agus tug dhóibh gach maith dhá bhfuil
aca. Gidheadh, ní héanchuid dá mhaith nádúrtha
neamhchruthaighthe neamhfhoircneadhoidh, as
iononn is é féin, atá spioradálta go huilidhe agus nách
éidir do roinn, tug dhóibh, acht maith chruthaighthe
chríochnuighthe chuimir do rinne as neimhthní, as
ionann is iadsan; agus ar an n-ádhbhar-soin, má
mheasmaoid an mhaith-si atá sna créatúiribh, do
chuir Dia ionnta, as dual grádh, onóir, agus moladh do
thabhairt dóibh. Gidheadh, as do Dhia théid so
uile, agus ní do na créatúiribh; agus as ar an modh-sa as
cóir dhúinn grádh do thabhairt dúinn féin agus don uile


L. 79


chréatúir, .i. an mhéid go bfhuilid maith ina subs-
dainnt, ina nádúir, agus ina mbeith, agus ní fhuil ann so
acht Dia do ghrádhughadh inntibh.



Ná sanntuigheadh aoinneach, ar an n-ádhbhar sin,
a mholadh nó a onórughadh ná a ghrádhughadh ar
son aoinneith dá bhfuil aige uaidhe féin, acht ar son
na maithiosa thug Dia dhó, agus gan an moladh sin
nó an n-onóir d'iarruigh mar sin féin dó féin, acht
do Dhia amháin, ór as mór an t-eideirdhealughadh
atá idir a mbí ag duine ó Dhia agus a mbí aige uaidhe
féin. Do chéidneithibh, as ó Dhia atá aigi á bfhuil
do mhaith nádúrtha agus do thiodhlaicthibh aige; 'na
dhiaigh sin as uaidhe atá aigi, sna neithibh mórálta,
bheith 'na íomháigh bhéo ag Dia, agus an mhaith agus an
tshubháilce do shanntughadh, agus na deaghoibreacha
da dhénamh. As uaidhe féin cheana atá aige na
droichmhiana, agus é féin do dhénamh léna dhroich-
bhésuibh éagcosmhuil ré Dia, agus bheith dubháilceach
lochtach, agus an t-olc do shanntughadh agas d'oib-
riughadh. As so thuigthear gu follas gurab é an
t-olc atá ag an duine uaidhe féin, agus as díslidheacht
dó san staid ina bfhuil d'éis pheacuidh Adhuimh.



As dual dúinn mar so grádh do thabhairt don
uile ní do chuir Dia san nduine, .i. don bheith, agus
don mhaith nádúrtha, agus gan an duine do ghrádhughadh
ar a shon féin acht ar son Ndé, agus gráin agus fuath do
thabhairt do chuid an duine féin, .i. don locht, don
pheacadh, agus don dubháilce, ionnas gurab éidir linn
onóir agus míoonóir, cion agus neimhchion, do thabhairt
d'én nduine abháin ar mhodhuibh éxamhla. Agus ós
éigion dá gach én nduine, dá naomhthacht agus dá
fheabhas dá mbiadh, a admháil nách fuil aige uaidhe
féin acht an t-olc, as cóir dhó, dhá mhéad do
thiodhlaicfeadh Dia dhó do shubháilcibh, do ghrásaibh,


L. 80


agus do dhearlaicthibh, gan fonn a mholta, a onóruighthe
nó a ghrádhuighthe féin do bheith air, acht an
moladh; an onóir, agus an ghlóir do léigion uile ag Dia,
as tobar agus as cúis don uile mhaith. Agus ós aithnidh
dhó gurab úaidhe féin atá a chuid uilc agus dubháilciodh
aige, fonn a easonóruighthe, a mhaslaighthe, a
tharcuisnighthe agus a cháinte do bheith air; agus an
uair thig do chum an fhuinn-se, as éidir dhó baramhail
mhaith do bheith aige gu bfhuil féin fíréan, ceart.
Agas an tan as cóir don duine mhaith, dhá naomh-
thacht agus dá ghloine dá mbiadh, fonn do bheith
aige 'na mhaslughadh agus 'na tharcaisnioghadh, nách
búdh mór an égcóir don drochdhuine dhubháilceach,
as airighe ar mhasla agus ar mhíocháta, gan an fonn so
do bheith air acht a chonntráir, .i. fonn a
ghrádhuighthe, a onóruighthe, a mholtha, agus a mhóir-
mheasa? Ná smuaineadh an drochdhuine gurab
mór an ní do ní, gé gu mbeath an fonn-so air, agus gu
bfhuil d'fhiachaibh ar an nduine naomhtha a bheith
air fhéin."



Fá mór do thaitin lé Des. gach a ndobhairt an
mhaighdean, agus adobhairt ria: "Guidhim thú, múin
damh na neithe as mó do bhéaradh cuidioghadh
dhamh fán bhfonn naomhtha-sa d'fhagháil agus do bheith
oram."



"Ag so an dá ní," ar ise, "as fearr chuige sin, -
an cédní, ionmhaine Dé; an dara ní, fear pósda mo
mháthar an Umhla. Fá ris so, má ghabhann tú an
chomhairle do bhéar-sa dhuit, búdh héidir lat
mórán dod leas féin do dhénamh san thigh-si agus mo
shubháilce-si d'fhoghlaim go hurasa."



"Do ghéan do chomhairle" ar Des., "ó chroidhe
mhaith."


L. 81


"Meas agat féin," ar ise, "agus cuir ad chroidhe go
daingean nách fuil námha nó easccara ar domhan
as mó ag Grádh Dé (ar a bhfuil roi-chion agodsa)
iná do cholann ainmhianach féin; ar an n-ádhbhar-sa
gnáthuigh gacha maidne agus gacha hoidhche labhairt
rét anam mar so: "Faiciom, a mo anoim, cionnas
bhéaras tú gráin a niogh don drochcoluinn-se, as
easccara dot Thighearna agus dot Chruthaightheoir
mhilis, Iosa. Faiceam créd an fonn bhíos ort fána
tarcaisnioghadh, fána heasonórughadh, fána maslugh-
adh, agus fána hinghreamughadh, lé fochuidmheadh, lé
náire, lé himdheargodh, lé hiomcháineadh, agus leis
gach ndrochbhail eile." Agus iar tteacht na hoidhche
abair an ní céanna: "Faicim, a mo anuim, cionnas
fríoth thú a niogh ar ghráin do thabhairt dot choluinn,
th'easccara féin agus do thighearna, agus cionnas do
bhí fonn a heasonóruighthe, a tarcaisnighthe, agus a
masluighthe ort, agus créad an díthchioll do rinne tú
ar a smachtughadh agus ar a hinghreim gan a coigill a
ccúis ar bioth." Agus dá ccongmhae an cleachtadh-sa,
a dhearbhráthair," ar an mhaighdean, "agus gan a
léigean as do chuimhne ná as do smuaineadh, búdh
héidir lat teacht do chum mórán subháilcheadh agus go
céim n-árd san Umhla, agus biaidh gráin agat ar do
cholainn agus ort féin, agus búdh fonnmhar lat tarcaisne
agus easonóir d'fhagháil dí; agus an tan thairgfeas duine
oile spreagadh nó masla do thabhairt duit, biaidh
misi agus mo shubháilche agat, ór búdh sólásach sáimh
leat an mhasla sin d'fhagháil, agus do bhéarae buidheachas
do Dhia, ag rádh: "Beannughadh agus moladh dhuit,
a Thighearna, fhuilngeas an díoghaltus-sa do theacht
ar námhaid mo Chruthaightheóra agus mo Shlánaigh-
theóra, Iosa Críosd."


L. 82



DO CHEATHRAMHADH INGHEIN NA
HUMHLA, DARAB AINM AN TSHIM-
PLIDHEACHD.



C.17.



As mór an sólás fuair Des. a ccomhrádh na
hingheine-se, agus iar ngabháil a cheada ria, téid a
ccuideachta na banaodhuighe go sealla cheathramhadh
inghine na Humhla, dá ngoirthí an tSimplidheachd.
Fáiltighis ré Ndes., agus cuiris 'na shuidhi é, agus do
thionnsgnadar araon labhairt ar Dhia. Fiafraighis
Des. dí cionnos do geineadh í ón Úmhla.



"Inneósad sin duit," ar an tShimpligheachd.
"Gabhaidh an Umhla gu meinic óna fior phósda
duibhiogán mór do smuaintighthibh simplighe cearta
comhthroma, ag smuaineadh ar an ní as fíu na
neithe, ar a bhfoirfeacht, agus ar a neamhfhoirfeacht;
agus tig as so gu measann sí gurab cóir dhi féin bheith
taobh thíos dá gach énnduine, agus gan bheith as
cionn éinneich. Agus mar as taosga reathas an t-uisge
do líonadh na n-ionad n-ísiol ndomhuin, iná do
líonadh na n-ionad n-árd, as amhluidh sin thuitios
uisgeadha spioradáltha na ngrás, agus gu háiridhe na
heagna, gus na croidheadhuibh ísle doimhne tré
mheas maith do bheith aca ar an n-uile ní. Agus as
uime sin adeir Solamh gu n-áitigheann an eagna a
bhfochair na Humhla, agus a deir Pól gu ttugann an
duine spioradáltha meas maith ar gach n-éinní; agus as
ann san ísle-se, as an duibhiogán smuaintightheadh,
gheinthear misi, mar bheirim aithne agus meas simplidhe
ar na neithibh."



"Innis damh anois," ar Des. "do bhéasa."



"As béas damh," ar isi, "baramhuil réidh
shimplidhe gan chumadóireacht, gan fhimíneacht, do


L. 83


bheith agam ar gach n-uile ní, agus gan droichmheas
ná drochfháth do bhuain as éinní dá bhfaicim ná dhá
ccluinim, acht a mheas gurab maith naomhtha do
níthear gach éinní. Go háiridhe ní thugaim
bharamhuil gurab ó dhroichinntinn do níthear ní ar
bioth, agus ní bhí amharas san chúis sin agam ar
éannduine acht oram féin amháin, ór bím a bfhaire
oram féin do ghnáth, ar mo smuaintighthibh agus ar
mo mhianuibh, agus bídh súil na críonnachta osgoilte
agam do chum an uilc do sheachna, mar a deir an
Slánaightheóir, agus dochum gu madh éidir leam bheith
subháilcheach."



"Nach beitheá subháilcheach mar búdh eadh,"
ar Des., "agus gan an súil sin do bheith oscailthe
agad?"



"Ní bheinn," ar isi, "ór ní fíu éinní an tshim-
plidheacht gan chríonnacht, agus as mó an dochar
do ní iná an sochar, agus ní háil lé Grádh Ndé na daoine
bhíos éigcríonna."



"Guidhim thú, a dheirbhshíur," ar Des., "mínigh
dhamh cionnas bhíos tú simplidhe ris an uile, nó
créd dá ngoireann tú bheith simplidhe?"



"Ag so," ar isi, "na trí neithe ina mbím
simplidhe, a smuaineadh, a labhairt, agus a n-oibrioghadh.
Ní háil leam neithe ro airde do smuaineadh, iná
onóracha, ná dighnitidhe, ná díomhaoineas an
tshaoghail; agus smuainim do ghnáth oram féin gurab
mé bean riaghaltha as lugha foghnamh ar domhan,
agus as mó atá mídhiongmhála dochum bheith a
seirbhís Dé; agus smuainim gu bhfuil cách eile naomhtha,
beannaighthe, lán do shubháilchibh. An dara ní, ní
háil leam briathra bheanas ré cluain nó ré bladar, nó
bhíos ar na ndealbhadh go milis, nó bhíos greannmhar,
ait, nó magamhail, acht comhrádh réidh simplidhe as


L. 84


a ttuigthear As eadh, nó Ni headh, ór as ó dhroich-
fhréimh thig a labhairthear ósa cheann so. An treas
ní, ní háil leam preasántuidhe, náid seóid uaigneacha
ná bhreaghdha, do dhéanamh ná do ghlacadh, náid
minneithe nó siotuidhe eile bhíos gan fheidhm, gé gu
mbeidís áluinn ré súil, ná obair ar bioth shaoghaltha,
acht neithe simplidhe garbha tarbhacha, nách
tairngionn do chum díomhaoinis mé; ór coimhéduidh
na hoibreacha uirísli simplidhe so mo chroidhe san
umhla, agus dobudh guasachtach dhamh a chonntrárdha
sin do dhéanamh."



"Cionnas?" ar Des.



"Innéosad sin duit," ar an tShimplidheachd.
"Bíodh a fhios agad, an tráth fár ghlac ar máthair,
an Umhla, misi san tigh-si, gurab é feidhm agus oifig
tug dhamh dhá chloich uaisle atá againn san tigh-si
do chomhéud, dá ngoirthear Gloine Chroidhe agus
Neamhurchóid. Atáid na leaga lóghmhara so
comhuasal is sin nách éidir a luach d'innisin; agus as
dochum na seód mbuadha-sa d'fhagháil do tógbhadh
an mhainistir-si, agus a bhfuil do mhainistreachaibh
eile ar an bhfásach-so, agus fós as dochum na gclach
ccéadna-sa d'fhagháil agus do choimhéud do nímíd-ne
ar n-uile dhaghoibreacha. Agus ar an n-ádhbhar so dá
léiginn-si don dhíomhaoineas nó don dheismireacht
teacht asteach ar dhoras mo chroidhe, mo bheóil, nó
mh'oibre, do ghoidfeadaois na seóda-so uainn; agus dá
bhríogh so bídh meas mhná éigcríonna aguinn ar an
mnaoi riaghaltha nach órduigheann agus nach díorghann
a ndéunand ó smuaineadh, ó bhréithir, ó ghníomh,
dochum na gcloch n-uasal-sa dh'fhagháil agus do
choimhéad."



"Créad da bhfoghnuid na clocha uaisle sin?"
ar Des., "nó cionnas nach fuiltí-si, agas sibh in bhur


L. 85


mnáibh riaghaltha bochda, a nguais tuitme a bpeacadh
na sainnte tréas na seóduibh ro dhaora ro uaisle sin
atá aguibh, agus a liacht duine bocht ag ég don ghorta
seachnóin an fhásaigh-si?"



Ní fhuilmíd san mbaoghal sin," ar isi, "ór gé
gu madh éidir sainnt agus mealladh do theagmháil a
ngrádh agus a bhfonn agus a seilbh shaidhbhris eile (bíodh
gu mbeith 'na shaidhbhreas spioradáltha féin) do
réir na críche fá sanntuighthear nó fá sealbhuighthear
é, nó do réir mar churthar é, gidheadh, ní héidir
mealladh ná sainnt do bheith a ngrádh na seód
n-uasal-sa atá aguinne, ar an n-ádhbhar gurab dochum
seirbhísi agus sóláis do dhéanamh do Ghrádh Dé, agus
dochum a onóruighthe leó an tan tig dar ttigh, nó
thiaghmaoid-ne dhá thigh-sion, shanntuighmíd iad;
ór gé gu madh éidir meirge dhroich-inntinne d'fhás
san saidhbhreas oile, mar bhíos ós aird gan fholach,
ní hurasa do mheirge ná do mhíol chríon an
díomhaoinis ionad d'fhagháil dochum an tshaidhbhris-
si do chreim, mar bhíos a ccleith san chroidhe, agus
nách faicionn aoinneach é acht Dia amháin agus an
tí ga mbí."



"Cionnas," ar Des., "nách budh baoghlach don
tshaidhbhrios sin féin meirge nó míol críon, dá
ttairngeadh an tí agá mbí amach ar chomhair ccáich
é?"



"Ní baoghlach," ar an tShimplidheacht, "ór
más dochum gu bfhaicfidhe an bfhuil aige thaisbéanas
é, an tráth shanntuigheas nó thionnsgnas a thais-
béanadh, ní fhaghann énní aige féin de; agus as gnáth
leis an tí agá mbí eagla do bheith air nach bí aige,
agus bheith ag dréim do shíor réna fhagháil, ionnamhail
is nách biadh sé aige; agus as minic thiodhluictheas an
Tighearna é do dhuine nách saoileann agus nách
smuaineann a fhagháil, agus dá nách feas an bfhuil aige


L. 86


nó nách fuil. Agus as é fáth fá ndéanann an Tighearna
so, d'eagla gu ngadfadh an t-andóchas nó a mheas
féin, bhíos a bhfolach a ccroidhe an duine, uaidhe é."



Ba mór do thaitin lé Des. comhrádh na
Simplidheachda, agus a dubhairt ria: "Múin damh
cia hiad na neithe as tarbhuidhe dochum na ccloch
n-uasal-soin do choimhéd."



"Eideir mhórán do neithibh, ní fhuil ní as
tarbhuidhe chuige sin," ar isi, "agus as mó atá do
riachtanas ar na daoinibh óga thionnsgnas, agus nách
téid fós a n-olc do na daoinibh aosda féin, iná
teitheamh, agus dóirsi na ccéadfadh d'iadhadh, ór ní
hurasa a ccoimhéad gu maith a bfhochair mhóráin
chomhluadair agus chainnte, uair samhluighthear ar
n-anam ris an sgáthán ghabhas chuige íomháigh gach
neith dá ccuirthear ar a chomhair, nó ris an cciaraigh
mbuig chongmhas fioghair agus cuma gach cuirp dá
tteanntar ria."



"Cionnas," ar Des., "fhéudfas an tí bhias a
ccoimhthionól teitheamh agus doirsi a chédfadh
d'iadhadh? Nách faicionn thú gurab éigion dó dul
annso agus ann súd, agus labhairt ris an bpearsain-se agus ris
an bpearsuin eili agus ré cách uile, gach uair fhógraid
na huachtaráin dó é? Agus dá ndearnadh a chontráir
so, do measfuidhi go mbeith lán do dhéanmhus agus
d'ainiongnadh ann féin, agus do-bhéaradh mur sin cúis
fhuatha agus ithiomráidh do chách eili."



"As fíor," ar ise, "gurab éigean mórán do
labhairt, do chlos, agus d'fhaicsin do chum tola na
n-uachtarán do choimhlíonadh, agus do chum an chairdis
agus an ghrádha do choimhéad. Gidheadh, as
inchiontuighthe an tí do ní iad so dá dheoin féin
gan riachtanus ná uachtaráin dá choimhéigniughadh,
ní hionann agus an tí do ní lé riachtonus nó lé haithne


L. 87


uachtoráin iad, ór do gheibh luaigheacht ó Dhia gá
ndéanamh, go háiridhe an uair do ní a dhíthchioll,
mar as cóir dhó, do chum na ccloch n-uasal-sa do
choimhéad."



"Agus créad an díthcheall as cóir dhó do dhéanamh,"
ar Des., "do chum nách tuillfeadh meas duine
mhainneachtnuigh do bheith air?"



"Ní fuláir," ar isi, "don tí dá nách éidir bheith
a n-uáigneas, agus ar a ccuireann aithne a uachtaráin
nó riachtonus fíre d'fhiachaibh bheith a ccomhluadar
dhaoine, mise do bheith 'na fhochair, ór dá rabhar-sa
'na choimhideacht, gé go siobhluigheadh an saoghal,
ní baoghal dó na geama uaisle-si do chailleamhuin."



"Ar son Ndé," ar Des., "tabhair eisiomláir ar
sin damh, uair as mór feidhm na ndaoine simplidhe
ar na neithibh do mhínioghadh dhóibh."



"Do ghéan," ar an tShimplidheacht. "Gibé
léarab áil an ghloine chroidhe agus an neamhurchóid do
choimhéad (atá 'na ccrích agus 'na ccuspóir ag na
subháilchibh lé bhfaghthar an chríoch dhéigheanach
as éidir don anam d'fhagháil san saoghal sa, .i.
Déshearc fhoirfe), ní fuláir dhó teitheamh, agus doirsi a
chédfadh do dhrud; agus munab éidir leis so do
dhéanamh, beireadh misi lais 'na choimhideachd, agus
cuireadh mé 'na shúil deis an tan fhéachfas ar gach
n-uile ní, agus an uair thairgfeas an tshúil chlé féachain
ar na neithibh maille saint nó lé meardhántas,
filleadh súil deas na simplidheachta gá shilleadh, dá
smuaineadh nách fuil san uile dhuine, idir mhnaoi agus
fhear, acht aingiol agus clann don Thighearna. Measadh
fós nách fuil sna créatúiribh eile acht orgáin agus adhbha
cíuil bhíos ag moladh agus ag beannughadh an Tighearna
do ghrés, do chum ar cruthoigheadh iad; agus géubhoidh
an tshúil deas ar an modh-sa leithsgél a ccluinfe agus a


L. 88


bhfaicfe ina comharsoin, agus molfoidh agus beannóchoidh
Dia sna crétúiribh do chum a cclaonann súil na
sainnte, ag smuaineadh sgéimhe, mhillseachta,
mhaitheasa, agus shubháilche an Tighearna ionnta, agus
adéara ris féin: "Ní háil leam saint ná grádh do
thabhairt don chrétúir-si, ór ní chuige sin do
chruthoigh an Tighearna é, acht do chum go ngráidh-
eóchuind agus go mbeinneóchoinn a mhórdhacht
naomhtha tríd agá fhaicsin." Ní fuláir dhó mar an
ccéadna," ar isi, "mo bheith 'na choimhideachd sna
neithibh adéara agus do ghéana sé."



"Agus cá tráth," ar Des., "do ní nó adeir duine na
neithe lé simplidheacht?"



"An uair," ar isi, "bhíos an inntind lé a ndéanand
nó lé n-abair iad glan díreach, agus bhíd na neithe féin
maith ceart, ó uile shiorcumstaint nó thimchiolmhadh
ionaid, aimsire, agus phearsan, agus nách déantur iad acht
do chum glóire agus moltha Dé, nó do chum sláinte a
chuirp nó a anma féin nó a chomharsan, nó leasa
an mhaitheasa puiblighe. As amhloidh sin shiobh-
luidheas duini go simplidhi is na huili neithibh, agus
shiobhluidheas go hinnill daingean a slighidh bhflaith-
eamhnois, do chum ar cruthoigheadh inn."


L. 89



DO CHUIGEADH INGHIN NA HUMHLA DA
NGOIRTHEAR AN BHOCHDACHD.



C.18.



Ba roi-bhinn le Des. comhrádh na Simplidheachda,
agus iar cceileabhradh dhí, téid a ccuideachda na
maighdine sin baoi ag déanamh eólais dó go sealla
an chóigeadh hinghean don Umhla, dár ainm an
Bhochdachd; agus iar bfháiltioghadh réna chéili dhóibh,
agus iar suidhe, do thionnsgainsead labhairt ar Dhia.
Adobhairt Des.: "Innis damh a inghean, cionnas
do geineadh ón Umhla thú?"



"Inneósad," ar an Bhochdachd. "Measuigh ar
máthair, an Umhla, do ghnáth go bhfuil féin folamh
ón uile mhaith, agus nách fuil foirfeacht ná iomláine ar
bioth aice, mar do innis an chéidinghean duit, .i. an
Admháil, agus do ní ar an n-ádhbhar sin sac mór innte
féin do chum saidhbhris maithiosa Dé do ghlacadh
inn, ór as do chum a thiodhluicthe dá chréatúiribh
do rinne Dia an uile shaidhbhrios, agus as ait leis bheith
dá thiodhlacadh dhóibh. Agus mar as aithnidh go
maith dár máthair na béasa-sa an Tighearna, ní ar
na daoinibh díomsacha do ní aithris, agá mbí a
bfhochrus lán do mheas orra féin, ionnas nách bí
ionad aca ina ttuillfiodh maithios Dé, acht do ní a
díthcheall ar í féin d'fholmhughadh ó mheas uirre
féin, ag breathnughadh nách uaithe féin atá éinní dá
bhfuil aice, mar do chualaidh tú ón chuid eile dom
dheirbhsheathrachaibh. Agus iar mbeith folamh dhi
mar sin do réir a breathnuighthi féin, guidhidh do
ghnáth an Tighearna fána sac do líonadh, ag iarruidh


L. 90


déirce air, ag aithris ar na bochtaibh théid ó dhorus
go doras, nách gnáthuigheann an chuid bhíos slán dá
mballaibh nó dá n-éadach do thaisbénadh, acht an
chuid bhíos caite nó briste dhe, agus an chuid bhíos
easlán ciorrbhadhach nó créachtach dá ccorpaibh,
do chum na ndaoine do chí iad do ghluasacht do
chum truaighe agus trócaire; agus ní hé so amháin, acht
tuirsighid cách lé comharcaibh do chum déirce do
bhuain díobh, munab éidir leó ar mhodh eile, lé
hainleanmhain liosda féin. As mar so do ní an
Umhla, ór an tan mheasas sí í féin folamh ó mhaitheas
spioradáltha, cuiridh roimpe bheith ag iarroidh déirce
do ghnáth, agus mar sin gheinthear misi uaithe; agus asé
mh'ainm an Bhochtachd. Agus do bheirim mo láimh
dom mháthair ag breith eólais di ó dhoras go doras
idir naomhoibh na cúirte neamhdhoidhe, ag guidhe
a bfhoghair do chum an Tighearna, agus taisbéanaim
dhóibh mo chréchta féin agus créachta mo mháthar, ar
riachtanos, ar mbochtacht spioradálta, agus ar n-uile
uireasbhoigh, agus do-ním so lé huaillfeartoigh agus lé
gothoibh árda mailli re crádh ccroidhe, agus labhroim
ré naomh dhíobh anois agus ré naomh eile arís ag
cuartughadh fhlaitheamhnais mar sin, agus labhroim
ríu uile ar uairibh do chum go ngluaisfinn iad lé
liosdacht féin do chum déirce do thabhairt damh, agus
tiaghuim arís a bhfiaghnuisi an Tighearna féin léna
bfhoghar-san, dá thuirrsiughadh lém dhéaruibh agus lém
osnadhuidh dochum gu bhfóireadh mo riachtanos."



"Innis damh a mhaighdean," ar Des., "do
bhéasa."



"Do thréigeas an saoghal uile," ar isi, "ar son
Ngrádha Dé; agus ní fhuil éinní agom dhe, agus ní háil
leam agus ní shanntoighim a bheith."


L. 91


"Créad an ní ina bhfuil do shólás nó th'aoibhneas
mar sin?" ar Des.



"Asé sólás, asé aoibhneas, agus asé saidhbhrios as
annsa leam ar domhan, bheith folamh gan éinní don
tshaoghal ar son Ngrádha Dé," ar ise.



"As iongnadh leam sin," ar Des., "ór do
hinnisiodh dhamh nách fuil aoinneach ar domhan as
saidhbhre agus as uaisle iná an tighearna do thogh an
mainistir-se, agus créd fá n-aontuigheann daoine do
bheith 'na thigh lán do bhochtacht, do riachtanus,
agus d'ainnisi? Agus as deimhin," ar Des., "nách tuigim
créd an tsheirbhís nó an sólás bheanus seision as
ibhse do bheith bocht."



"Inneósad sin duit," ar isi. "Asé an tighearna
do thóguibh an mainistir-se as Rí agus as Tighearna ar
an ndomhan uile, agus as aige féin atá ionnmhus agus
maoine an domhuin uile; gidheadh, ní háil leis gan
sinne do bheith bocht d'eagla go ccuirfeamaois ar
ccroidhe nó ar ngrádh a ní ar bioth eile acht ann
féin, ór atá ar a láimh saidhbhrios an tshaoghuil do
thabhairt go fairsing dhúinn dá dtogradh féin, agus ní
gnáth leis sin do thabhairt don lucht ar a mbí roi-
chion aige, dochum go ngráidheóchdaois é féin a
mháin, agus go ttugdaois fuath agus gráin don tshaoghal.
Agus ní fhuil fiaghnuise ná dearbhadh aguinne as mó
ar a ghrádh do bheith oruinn iná gan sólás saoghaltha
ar bioth do thabhairt dúinn; agus fós as mian leis ar
mbeith bocht do chum gan anbharr aire nó cúruim
do bheith aguinn fá mhaithios an tshaoghail-se, acht
ar n-aire uile do bheith ar sheirbhís dho dhéanamh
dhó féin ó thoil agus ó chroidhe iomlán gan roinn, agus
do chum go mbeimís maille ris sin ag déanamh sóláis agus
lúthgháire ó spioraid inn féin amháin, agus nách biadh
dobrón díomhaoin oruind fá bhreith nó fá chaill-


L. 92


eamhuin na maithiosa saoghaltha, agus dochum go
mbeith ar ccroidhe ciuin síothchánta síothóilte gan
mhíoshuaimhneas ná iomad cúruim, ór atá Grádh
Dé comhmuirneach agus coimhcheanamhail agus sin air
féin gurab ait leis anmhuin a n-ionad uaigneach,
neamhchongháireach, ghlan, shíothchánta. Gidheadh,
dochum nách saoiltea (mar shaoilid muinntear an
tshaoghail) nach fuil do bhochtacht ann acht uireas-
bhuigh na maithiosa teamporálta, bíodh a fhios agot
gurab í an bhochtacht fhíre an uair fhuilngthear ó
chroidhe an uireasbhuigh sin ar son Ndé, agus nách fuil
saidhbhrios as mó iná í an uair sin, ór as deimhin
go reacfadh Dia a fhlaitheamhnus ris na bochtuibh
ar an ní bhíos aca; agus mar nách bí aca acht an
bhochtacht, as follas go cceannchar flaithios Dé
uirre, agus gurab luach dhó í. Ní fhuil ar an n-ádhbhar
sin saidhbhrios as mó iná í, ó cheannchar flaithios
Dé uirre, as uaisle iná an n-uile shaidhbhrios eile."



"Innis damh," ar Des., "créd an tshubháilce as
mó agot?"



"Ní fhuil agom subháilce as mó," ar ise, "iná
mar thigim go maith leis na deirbhsheathrachuibh-se
fá ré a bfhuilim, agus mar chuirim mé féin a n-oireamhuin
dóibh, ór gé gurab é mo mhian agus mh'aoibhneas gan
ní ar domhan do bheith agom, ní háil léam mháthair
bheith ní as boichte dhamh iná bhíos an chuid eile
dom dheirbhsheathrachuibh, d'eagla do dtiobhruinn
shlighidh teachda a steach do mhuic allaidh bhíos
ag brath oirnn, agus ithios taradh ar ngarrdha, darab
ainm Ainiongantus Indte Féin. Agus dochum nách
caillfind luaighidheacht mo shubháilceadh, do phós
mo mháthair mé re fear naomhtha darab ainm Ná
Hiarr Einní Duit Féin, agus fós a dubhairt mo mháthair
riom, dá madh áil leam bheith foirfe naomhtha,


L. 93


bheith réidh riartha ar an ní do béarthaoi dhamh, agus
bheith comhshuilbhir fán mbeagán d'fhagháil amhuil
agus do bheinn fán mórán, agus bheith fán ní maith
ionnamhuil agus do bheinn fán ní saith; agus fós ar son
Ndé ní ghlacuim féin dá ttairgthear dhamh acht
m'fhírriachtanus."



"Ní fhuil ann sin," ar Des., "acht tairgsin bheith
ní as mó iná maith, agus ní as mó fós do dhéanamh iná
atá d'fhiachuibh ar an nduine, ór breathnuighim
gurab é ní do chuir bhur bfhundúir d'fhiachuibh
oruibh bheith bocht ó spioraid, agus mur a deir an
Fáidh, gé go mbeith saidhbhrios aguibh, gan bhur
ccridhe do chur inn. Ar an n-ádhbhar so saoilim
nách a mórán ná a mbeagán do bheith ag duine
atáid subháilce ná bochtaine, acht a neamhghrádh
nó a neimhspéis do bheith aige san saidhbhrios."



"As fíor," ar ise, "gurab san spioraid atá lán-
fhoirbhtheacht subháilce na bochtaine; gidheadh,
as innille agus as daingne do dhuine ar son Ngrádha Dé
gan éinní do bheith aige, ór atá ar ngrádh agus ar ttoil
comhchlaon is sin dochum dúile do chur san maoin
shaoghalta, agus sna neithibh breaghdha nuaidhe áille,
nách mór gurab éidir lé duine beagán nó mórán do
bheith aige gan a fhonn do chur ionnta agus a ghrádh
do dhortadh orra. Dá bhrígh sin as oircheas an
tuighe do dhrud ón teinidh, ór ní háil lé Grádh Ndé
gan ar dtoil agus ar n-annsa uile d'fhagháil dó féin gan
roinn. Agus as mór do dhaoinibh mheallthar san
ccúis-se a deir: "Ní fhuil ar ngráidhne ná ar ccroidhe
sna neithibh-se gé go bhfuilid aguinn, agus dá dhearbhadh
sin ní bhiadh doilgheas oruinn fána ccailleamhuin";
ór as deimhin go bhfuil an toil comhchlaon is sin
dochum seirce agus míochúise do thabhairt do na


L. 94


neithibh do chí aice féin, gur ab ro annamh
theagmhus gan a beith ceanguilthe dhíobh.



Agus dá dhearbhadh so tabhair dot aire eisiomláir
ar Ttighearna léar éidir go maith saidhbhreas an
tshaoghoil do shealbhughadh gan ghuais a ghrádho
ná a chroidhe do chur ind; agus féach nár áil leis sin,
acht é féin, a mháthair mhilis dhil, a eapsdail, agus a
dheisgiobail naomhtha do bheith bocht, dá ccoth-
ughadh féin ar an ndéirc amháin. Agus créad fá ndearna
so acht do chum eisiomláire do thabhairt dúinne,
do chum gan saidhbhrios saoghaltha do bheith agoind
ó fhonn, ó dhísligheacht, ná ó sheilbh, mar do thuig
go maith athair iongantach na bochdachta, S.
Proinsias, do lean san ccéim-si lorg Chríosd agus na
n-eabsdol ní as díorgha agus ní as uaisle ináid pátrúin
na n-órd eile; ór do fhágoibh d'fhiachoibh ar dhaoinibh
riaghalta a uird gan díslidheacht neith ar domhan
do bheith aca féin fó leith, mar atá d'fhiachoibh ar
an uile órd, nó a ccoitchinni, inar shároigh bochtacht
na n-uile órd eile, dhá ttugann a riaghlacho, agus
Comhairle Triont, cead cíosa do bheith agá ccoimh-
thionóluibh.



Agas do theilgeas-sa amach as mo shealla, do
leanmhain luirg bhochtachta mo Thighearna, gach a
raibhi agom and, agus nír chongmhas astigh dhíobh
acht íomháighin mo Thighearna amháin, an tan do
bhí lomnochd san chroich, do chum go ccuimhneóch-
ainn ar an ngrádh do bhí aige dhamh, do chuir
d'fhiachoibh air an bás-soin d'fhulong ar mo shon,
agus beagán don mhórán leabhar fá gnáth leam do
bheith agam, .i. an Bíoblo, beatha Chríosd, beatha
na n-aithreadh naomhtha, agus leabhráin bheago oile.
Ní háil leam ní as mó, ór as lór leam mh'Íoso miochair
milis, agus a bheatha bheannoighthe."


L. 95



DO SHEISEADH INGHEIN NA HUMHLA, DA
NGOIRTHEAR UMHLA DONA HUACH-
DARANAIBH.



C.19.



Fá mór an sólás tug comhrádh na maighdine-si
do Dhes., agus iar ngabháil a cheado ria téid a ccuideachta
na banaodhoighe go sealla n-inghine eile don Umhla
dár ainm Umhla dá Huachtaránoibh. Do rinne
Des. rébheirens agus lútáil ro-mhór dhi, ór do innis an
bhanaodhuigh dhó gur roi-ionmhoin lé Grádh Dé í, agus
an uair do thairg póg do thabhairt dá láimh, nír
aontoigh an onóir sin do ghlacadh, mar do bhí 'na
hinghein ag an Umhla.



"Indis damh," ar Des., "cionnas do geineadh ón
Úmhla thú?"



"Do ghéan," ar isi. "As maith as aithnidh dár
máthair, an Umhla, go ronnand Dia a ghrása ar a
chréutúiribh ar mhórán do mhodhoibh éxamhla, go
ttugand ní sa mhó do ghrásoibh do chuid díobh iná
do chuid oile; do chuid díobh grása folaightheacho,
agus do chuid eile grása follaso; do chuid díobh gráso
na fíréantachta, agus do chuid oile aisgeadho grás, do
chum tarbha dhaoine oile. Agos fós as aithnidh dhi
gurab cóir don uile chrétúir urruim, umhla agus rébherens
do thabhairt do Dhia agus do na huachtaránoibh bhíos
'na ionad ar an talamh-sa; ór as ceart agus as réusúnta
don tí as lugha agus as anuaisle urroim do thabhairt
don tí as mó 's as uaisle. Tuigidh an Umhla as an
dá ní-si adobhramar as aithnidh dhi, agus gabhoidh óna
fior phósda smuaineadh naomhtha, .i. go bhfuil grása
follaso nó folaightheacho ag gach uile dhuine nách


L. 96


fuil aice féin, agus cuiridh roimpe ar an n-ádhbhar sin í
féin do chur fá urroim an uile chréutúir ar son Ndé,
nó fá Dhia san uile chréutúir, agus go háiridhe fá urroim
Dhé agus na n-uachtarán agá mbí a chumhachto; agus
ann sin geinthear misi, dár ab ainm Umhla dom
Uachdaránoibh. Agus do chum nách caillfinn luaigh-
idheacht mo shubháilce, do bhuail mo mháthair séula
luaighe oram dá ngoirthear A Mheas Cia Mé Féin,
agus 'na dhiaigh sin beirid an dís deirbhsheathar as
sine agom ar láimh oram dom chongmháil am
sheasamh, d'eagla go leagfoidhe mé, .i. an Admháil,
agus Fond mo Tharcaisnighthe, ré bhfuilim ro-chosmhoil.



As do na cédneithibh do mhúin mo mháthair
dhamh gurab é ainm do bheir an sgrioptúir ar na
daoinibh díomsacha, cáith, agus go mbí an cháith do
ghnáth ag iarroigh bheith ós chionn a gráin féin, agus
gurab ó dhá ní thig dhi fonn do bheith aice bheith a
n-uachtar .i. óna héttruime féin nó ón ghaoith
thógbhas í. As amhloidh so don duine uaibhreach,
ór gé gurab measo é inád na daoini eili, bídh do
shíor ag righe ré bheith ós a ccionn, agus as ó ní éigin
do dhá ní thig so dhó, .i. ón díomhaoineas fhásas
and ón uabhar, nó ó ghaoith mholaidh shaoghaltha
trér dú a thógbháil féin uas na daoinibh eile, amhail
thógaibhthear an cháith uas an ghrán."



"Innis damh a mhaighdean," ar Des., "do bhéasa
agus do mhéin."



"Atám pósda," ar ise, "ré fear naomhtha dárab
ainm Ná Fáguibh Einní gan Déanamh. As duine
ro shubháilceach an fear so, agus as duine uasal árdhachta
é, ór claoidhidh a ccomhrac aoinfhir, agus leaguidh, an
beathadhach as uathbhásuighe agus as allta mhallaighthe
dá bfhuil ar an ndomhan-sa, darab ainm Mo Thoil
Féin, lé sgriosthar agus lé ndíoláithrighthear an mhéid


L. 97


leanas agus ghrádhuigheas é, agus agá bhfuil an oiread-sin
do mhillseachd agus do phiseóguibh go ccuireann na
daoine ar saobhadh céille, ionnus gur roi-bheag dhíobh
nách lean é, agus nách teith uaimse dá ionnsuighidh,
gé gurab deimhin nách édir don mhéid aca thréigeas
misi Grádh Dé d'fhagháil, as tighearna ar an
ndomhan, as fearr iná an saoghal ré chéile. Agus mar
thug Dia dhamh a chomhmaith so d'fhior phósda,
ní háil leam ní ar bioth do dhéanamh uaim féin acht
an ní fhógras damh, agus ní háil leam cead d'iarruigh
air dochum neith ar bioth eile do dhéanamh gan
roi-riachtanus, agus ní lamhuim an uair-sin féin dul dá
dhéanamh sin am aonar d'eagla go dteigeómhadh ar
bhithbheanachaibh mé, fholchus iad féin san
bfhásach-sa chomhmaith agus sin nách faiceann éanduine
iad nó go raibhe ro-fhogas dóibh."



"Cia bheirios tú leat ad choimhideacht an uair-
sin?" ar Des.



"Beirim," ar isi, "ó thús gadhar as cosmhuil
réd ghadhar-sa, dá ngoirthear Fonn Maith, agus mo
dheirbhshiúr an tSimplidheachd, agus mh'ingheana, .i.
an Debhósion, an tShuilbheireachd agus an Friochnamh,
an Buainsheasamh, an Ghloine, agus ós a ccionn so uile
ar máthair, leis nách áil choidhche gan dul leam;
agus an uair as mian leam imtheacht go daingean innill
gan ghuais, ní fuláir dhamh iad so uile do bhreith
leam."



"Guidhim thú," ar Des., "innis damh créad an
modh ar a ttéid do mháthair leat do dhéanamh na
neitheadh sin do ní tú, ór ní thuigim go soilléir, mar
as mían leam, a n-abrae."



"Inneósad-sa sin deit," ar Umhlughadh do na
Huachtaránuibh. "Ní shaoilim go ndéanuim éinní
go maith don mhéid do ním, gé go madh móra na


L. 98


neithe do dhéanuinn ó mheas cháich eile; ní
thógbhuim suas mo mheanma ar son n-aoinneith;
ní mheasuim gurab fearr do ním éinní iná do níd na
daoine eile; ní smuainim gurab maith mé féin tré
mhaith ar bioth dá ndéanuim óm chumhachtuibh
féin. Ní háil leam mo mholadh, ná meas do bheith
ag éinneach orm go mbeith cumas damh ar mhórán
foghuinthe do dhéanamh; acht do bheirim buidh-
eachus go humhal do Dhia tré chéill agus chuimhne
agus chumas do thabhairt damh ar ní éigin do dhéanamh
ar son a ghrádha féin, agus an tan do ním éinní a deirim
am chroidhe: "As mó t'fhiacha orm a nois, a
Thighearna, iná roimhe; do bhrígh go dtuguis grása
dhamh dochum an neith-si do dhéanamh." Ní háil
leam ar an n-ádhbhar so éinní ar son mh'oibre ó na
daoinibh eile acht an Tighearna do bheannughadh;
an saothar agus an dochar do bheith oram féin, an
ghlóir agus an moladh do bheith ag Dia, agus an tarbha
do bheith ag an chomharsuin. Ní háil leamsa éinní,
ór as aithnidh dhamh nách fiú mé éinní d'fhagháil,
acht amháin guidhim an Tighearna fána ghrádh féin
do thabhairt damh do chum ní sa mhó do dheagh-
oibreachuibh do dhéanamh, agus chum gan a dhiomdha
do thuilleamhuin ar mhodh ar bioth. Agus ós chionn
an uile neith guidhim é fána thrócaire, fána
mhillseacht, agus fána fhéile do thaisbéanadh dhamh a
n-uair mo bháis, do réir an dóthchuis atá agam
amháin as a árdmhaith."


L. 99



DO SHEACHDMHADH INGHEIN NA HUMHLA,
DARAB AINM AN GHEANMNUIDHEACHD.



C.20.



As mór an t-urgháirdiughadh inntinne thug
seiseadh inghean na Humhla do Dhes., agus iar
cceiliobhradh dhi, téid a ccoimhideachd na banaodh-
uighe go sealla an seachtmhadh hinghean don
Umhla, dá ngoirthear an Gheanmnuidheacht. Fáil-
tighis an mhaighdion sin ré Ndes., agus do chuir 'na
shuidhe é.



"Guidhim thú, a mhaighdean," ar Des., "innis
damh créd fá ngoire inghean na Humhla dhíot féin,
ór go bhfios damh do budh córa dhuit inghean na
Measurdhachda do ghairm dhíot, dárab díslidheacht
srían do chur ris an ccoluinn dá congmháil ó
ainmhianuibh, agus mur sin ní haithnidh dhamh cionnas
a taoi at inghin ag an Umhlachd, acht muna
leisinghean (féadfaidhe) nó daltha dhi thú."



"Tabhair dot aire," ar isi, "go bhfuil dá ghné
don gheanmnaidheacht ann ar a bhfuil a hainm.
As é as feidhm agus as oifige don chédghné, ar ccolann
do chuibhreach agus do smachtughadh, do chum nách
cuirfeadh a fonn a neithibh truaillighthe salcha; agus
gé go bhfuil an ghné-sin don gheanmnaigheacht
agamsa, ní lór leam sin gan an dara gné fós do bheith
agam, lé ccuirim srian ris na mianoibh agus ris na
háilgheasoibh as gnáth don anom do bheith aige an
uair do gheibh na neithe ina ccuireann dúil, agus bhíos
ag buain a shóláis aisdibh trés na súilibh nó tréas
an n-éisdeacht, trés an mblas nó trés an mboltanas,
nó tréas an mothughadh, nó tréus an smuaineadh


L. 100


amháin, nó tréas an meabhair; ór dá n-ana an
t-anom dá dheóin féin a n-éanshólás díobh so a
n-aghoidh ttola Dé, do ní drúis spioradáltha do chum
a sháimhe féin d'fhagháil sna peacadhoibh sin do ní,
gé nách beidís 'na bpeacodhoibh colnaighthe. Agus
mar atá an ghné dhéigheanach-so don gheanmnoidh-
eacht agam-sa ar mhodh ro-uasal, ní lór leam an
t-anam do chongmháil ó na drochshólásoibh-si, acht
ón tshólás dob éidir lais do bhuain go dlisdionach
ceadoightheach as na crétúiribh amháin, gé nách
biadh a n-aghoidh ttoile Dé, ar an n-ádhbhar go
ccuireann so féin toirmeasg ar an n-anom fána shólás
go huilighe iomlán do bheith a Ndia. Agus mar as
d'airrgheanoibh na Humhla an chaoile agus an tsheinge
(ór ní háil lé cum fairsing do bheith aice líonta dá
mheas féin, mar bhíos ag lucht an uabhair agus an
díomois, bhíos torrach óna ccion agus óna meas orra
féin), as uimi sin as inghean di meisi, mar sheargaim
agus mar ghearraim antholo an chuirp agus an anma
uaim, gum chongmháil féin seang mar sin cosmhoil
réum mháthair."



"Agus cionnas choimhéadas tú do gheanmnoidh-
eacht?" ar Des.



"Atá dias indiltiodh agom," ar isi, "choimhéadas
mo gheanmnaidheacht, .i. Absttinéid agus Náire; agas
cuidighidh fós mh'fhear pósda leam, dá ngoirthear
Coimheud an Chroidhe, agus atá buachoil aige dárab
ainm Cumhdach na Ccédfadh."



"Iarroim d'athchuinghidh ort," ar Des., "taisbéin
an buachail sin damh."



"As toil leam sin," ar isi, agus a dobhairt réna
cailín, .i. an Náire, an buachail do ghairm.


L. 101



DO BHUACHUIL NA GEANMNUIDHEACHDA
.I. CUMHDACH NA GCEADFADH, DA
EARRODH AGUS DÁ INNIOLL.



C.21.



Fá roi-iongnadh lé Des. an modh ar a ttáinig
buachuil na Geanmnuidheachda do láthair, ór do
bhí srian 'na bhéal, agus glas mailli ris sin ar a bhéal
mar an ccéanna, agus ar pholláire chlí a shróna, agus an
polláire deas osguilthe; do bhí cloch a leathchluais
leis, agus brat beag ar a shúil chlé; baoi cros ar a
dhruim, agus a lámh chlé ceanguilthe dhi lé tairrngibh;
do bhí a lámh dheas fo réir, agus coinneallbhrudh innte
lán do choinnlibh ar lasadh; do bhí culaidh uaine
air, agus é 'na sheasomh ar ubhall luaidhe, a chos deas
fó réir agus a chos chlé ceanguilthe a ngeimheal; agus do
bhí cnumh sáidhthe 'na thaobh dheas a n-ionnamhail
eirci sléibhe, do bhí ag cognamh a éaduigh gus an
bhfeóil. Agus a dubhairt Des. ris: "Innis damh, a
mhic, créad as ciall don lán iarnuigh sin ort?"



"Asé adhbhur fá n-iomchruim an srian-sa," ar an
buachuil, "dochum beathadhuigh atá agam
thighearna do cheannsughadh agus do mhíniughadh, ór
dá léigthi fó réir aon uáir amháin é, gé go bhfuil
beag, do dhéanadh mórán díoghbhála. Agus ní fhuil
duine do fhéadfadh a fhasdódh ná srian do chur ris
arís acht amháin an doirseóir, .i. Eagla Dé."



"Créd as ainm don droichbheathadhoch sin?"
ar Des.



"An teanga," ar eision, "agá bfhuil bás agus beatha
ar a láimh, agus ré a n-abuir Dáibhí Rí: "Guidhim
thú, a Thighearna, cuir coimhéad ar mo bhél. "


L. 102


"Agus créd fá bfhuil an glas sin agod?"



"Asé ainm an ghlais-se," ar an buachuil,
"Measardhachd an Bheóil, agus dochum doruis na
mainistreach dh'iadhadh atá aguinn, d'eagla na mban
riaghaltha atá asttigh d'éulódh, ór muna bheth an
glas so agoind ní bhiadh crábhadh ar bioth san
thigh-si, do bhrígh gurab díomhaoin crábhadh an
duine riaghalta ag nách bí tocht."



"Agas créad fá n-iadhonn tú an polláire clí, agus an
polláire deas osgailthi?"



"Dá fhoillsioghadh nách cóir dhúinn polláiri clí
an fhormaid agus an iomthnúidh ré deaghoibribh ar
ccomharsan do bheith osgoilthe aguind, tréna ttiocfadh
daghbholadh Chríosd 'na bholadh báis chugoind,
acht an polláire deas, tréna sláineócha an daghbholadh
céadna sin sind, mar adeir Pól do réir ghluaise S.
Aibhisdín."



"Créad dá bhfoghnand an chloch sin agat?" ar Des.



"Do chum puill atá a ccúl an thighe-si do
dhúnadh (ar eision), dá ngoirthear an tEisdeachd,
d'eagla bithbheanach do theacht a steach air,
ghnáthoigheas teacht tríd an tan nách bí an
chloch-sa dhá chumhdach; agus asé ní chialloigheas an
chloch-sa Iosa, ar Slánoightheóir, as cóir dhúind do
chur a n-éistteachd ar ccroidhe, ag smuaineadh do
shíor ar a bheathoigh do chum nách léigfimís na
drochsmuaintighthe asteach; agus as minic fós chuirim
an ccloich-si am bél d'eagla go laibheóraind."



"Adéarthur riot mar sin," ar Des., "go bhfuile
balbh."



"Ní fhuilim," ar an buachoil; "gidheadh, do
ním mé féin balbh ar son Ngrádha Dé."



"Créad an tsheirbhís nó an sólás do Ghrádh Dé
tusa do bheith balbh?" ar Des.


L. 103


"As mór an tseirbhís dó é," ar eision, "ór as
tréas an ndoras-sa élóighid an dá chloich uaisle ar ar
labhair an tShimplidheachd riot, dá ngoirthear Gloine
Chroidhe agus Neamhurchóid."



"Agus créad fá bhfuil an brat beag sin ar do
shúil?" ar Des.



"Asé ainm an bhroit-si," ar an buachail, "an
Ghloine, agus asé a fheidhm an tshúil chlí d'fholach,
bhíos ag seirbhís do na céadfadhoibh."



"Agus nách foilgheann tú an súil ndeis?" ar Des.



"Ní fholchoim," ar an páisde, "ór así an tshúil
dheas súil na simplidheachta, nách tairrngeand olc
ar bioth don thigh acht neithe maithi tarbhacho.
Gidheadh, así an tshúil chlé súil na céadfoigheachto,
agus as roi-ghéiri an radharc atá aici iná ag an tshúil
dheis, agus do ní mórán díoghbhála dhúind, ór tairrngidh
an bás asteach orainn; agus as uime sin as éigean a
folach ris an mbrat mbeag-sa, do chum go bhféachfadh
ar na neithibh maille ghloine."



"Mínigh dhamh ní as sothuigsi," ar Des., "ciondas
fhéuchthar na neithe mailli ghloini."



"Do chuala tú," ar eisean, "san thigh-si mórán
do neithibh as dorcha dhothuigsi iná a ndobhart-sa
riot, agá bhfuil ciall agus mínioghadh ro-tharbhach dá
mínighthi iad go soilléir; ar an n-ádhbhur-soin búdh
éidir lat, an uair fhilleas tú san sligheidh-si ar th'ais,
iar bfhaicsin Ghrádha Dé dhuit, gluais fhairsing
d'iarroigh ar ar labhradh riot a ccéill mhisdeagha
dhorcha spioradáltha san mhainistir-si, rachas a
ttarbha dhuit féin agus do dhaoinibh eile."



"As ro-mhaith an chomhairle do bheire dhamh,"
ar Des., "agus gealloim, maille ghrásaibh an Thighearna,
a déanamh. Gidheadh, guidhim thú, innis damh


L. 104


gan cáirde chéill a bfhuil d'iarnoighibh ort, agus ó thús
créd fá bfhuil an chros sin ar do mhuin?"



"Do chum mo chuirp do chrochadh innte," ar an
buachail, "dá tharcaisnioghadh, agus do chum mo
spioraid do chongmháil béo a Ndia maille ré toil agus lé
grádh, mar a deir an t-eabsdal: "Atú iar nam
chésadh san ccroich a bhfochair mo Thighearna Iosa
Críosd, agus as uimi sin atám am beathoidh; ní mise
mharas anos acht Críosd ionnam," ór así mo bheatha-
sa smuaineadh a Ccríosd, agus a oibreacha do leanmhain.
Agus as uime sin a tá mo lámh chlí greamoighthe lé
tairrnge don chrois do chum nách diongnainn droch-
oibreacha díomhaoine, agus asé an tairrnge Eagla na
Péine ina mbeid lucht an uilc; agus asé so do bhí Dáuí
dh'iarroigh ar Dhia san áit a n-abair: "Greamoigh
go daingean agus cuibhrigh mo cholann ré tairrngibh
th'eagla." Gidheadh, atá mo lámh dheas fó réir do
chum na ndeaghoibreach do dhéanamh, agus glac
choinneall innte ar lasadh, chialloigheas rádho an
Tighearna san soisgél, .i. "Dealraigheadh ar an modh
sin bhur soillsi a bhfhiaghnaisi na ndaoine, ionnas go
bhfaicdís bhur ndaghoibreacho, agus go ttugdaois ghlóir
dá bhur nAthair atá ar nimh."



"Créd fá bhfuil an chnumh sin ad thaobh?" ar
Des., "ór as baoghal duit go ccrindfe thú."



"Do chum go ccuimhneóchadh dhamh," ar eision,
"an chnumh bhias ag creim mo choinsiais go
síordhuidhe, muna choimhéada mé mo ghloine, ór ní
fhaghann cnumh na ndaoini ndamantha bás tré
bhioth shíor."



"Agas créad chialloigheas do chuloigh?" ar
Des., "agus créad fá bhfuil glasuaini amhoil búdh fear
fiadhoigh thú?"



"Nách aithnidh dhuit," ar eision, "go cciall-
oigheand an dath glasuaine an dóthchas tréar


L. 105


thoghas-sa mar dhath é, mar atá dóthchas agom mo
chorp do theacht slán a n-am na heiséirghe as an
mbochtacht, as an neimhthní, as an n-urchra-sa
ina bhfuil anosa, dá bhfuilngi an saothar ina bhfuil
ar son Ngrádho Dé."



"Agus créad fá bhfuile ad sheasamh ar an n-ubhall
sin?" ar Des.



"Dá thaisbéanadh," ar eision, "go bhfuil
tarcaisne agus mímheas agom ar an saoghal-sa, mar ní
dhiombuan théid seocha gan fhuireach. Agus atá mo
chos chlé greamoighthi lé geimheal an Bhuain-
sheasoimh, d'eagla go ttiobhradh coisgéim n-iomraill,
mar do ráidh an Fáidh; agus atá mo chos deas fó réir
do chum reatha a sligheidh na n-aithneadh, mar
adeir an Fáidh céadna: "Do shiobhlaidheas am
rioth shlighidh th'aithneadh." Agus ag so agatsa,"
ar an buachuil, "ciall mh'innill agus mh'earruidh, agus an
modh ar a ndéunuim seirbhís dom thighearna, .i.
Coimheud an Chroidhe."


L. 106



CRIOCHNUIGHTHEAR AN CEADRANN DON
LEABHRAN-SA.



C 22.



Ba mór an lúthgháire do bhí ar Dhes. trér innis
an Gheanmnuidheachd agus an buachuil dó, agus iar
ngabháil a cheada riú, rug an bhanaodhuigh lé é,
tar chlabhstra na mainistreach amach, agus a dubhairt
ris: "Do chonnairc tú anois mná riaghaltha na
mainisdreach-sa uile."



"Do chonnarc," ar eision; "gidheadh, iarruim
d'athchuinghe ort, innis damh an bfhuil éinní
oirrdheirc eile san mainistir as fíu a fhaicsin?"



"As maith dhuit-se," ar ise, "a bhfacadhuis
dochum Grádha Dé d'fhagháil, má chuire a ngníomh
iad; tar a cheann sin taisbéanfad duit crand
breaghdha atá aguinn inar n-abhollghort."



Gluaisis Des. d'fhéachuin an chroinn, agus fá
hiongnadh leis a áille. Do bhí dá shórt toraidh air.
"Créad é an toradh-sa?" ar Des.



"Asé as ainm don thoradh bhuidhe-si (ar isi)
fhásos ar na géagoibh íochdaracha, Neamhdhóthchas
Asom Féin, ór fásoigh míodhóthchas san nduini, 'na
bhrígh, 'na chumas, agus 'na luaighidheachtoibh féin tré
eólas do bhreith dhó ar a ísle agus ar a bheiginmhe
féin, agus ar a neimhthní; agus asé ainm an thoraigh
dheargórtha úd fhásas ar na géagoibh uachtaracho,
Dóthchas a Ndia, ór as ó áirde agus ó mhaitheas Dé
thig dhúinn cumas do bheith agoinn ar éinní mhaith
do dhéanamh. Agus gnáthuighid na daoini thig don
thigh-si cuid don thoradh-sa do bhreith leó, nó ní
rachadh a ttoisg ann so a ttarbha dhóibh."


L. 107


"An áil leat cuid don toradh-soin do thabhairt
damh-sa?" ar Des.



"As áil," ar isi, "agus ith do sháith don thoradh
íochtarach sin ar tús. Beir lón don thoradh
uachtarach lat ad mhála do chum na sligheadh, agus
do bhéara sásadh dhuit go rochtoin mhainisttreach na
Désheirce dhuit."



Do bhí Des. lán do shubhachas agus do shólás trés
an bproind do chaith don thoradh íochtarach, agus do
líon a mhála, a mhuinchilleadha agus a fhochras don
thoradh uachtarach, agus adobhairt ris an maighdin:
"Guidhim thú, a dheirbhshiúr, taisbéin damh an
slighidh do chum tighe Ghrádha Dé."



"As toil leam sin," ar isi, "ór do chím ullamh
thú do chum Grádha Dé d'iarroigh, agus éusgoidh
do chum na sligheadh, agus fós do bhéara mé chuideachta
do mhuintir an thighi-si féin duit d'eagla go rachthá
ar seachrán ón sligheidh."



"Nách lór dhamh," ar eision, "mo ghadhar am
chuideachta?"



"Ní lór," ar isi, "ór taobh amoigh dá bhfuil do
bheathadhachoibh allta san sligheidh, atá mórán
innte do pholloibh doimhne, do lathachoibh, do
shladoighibh agus do mhealltóiribh, agus ar an n-ádhbhar-sa
ní lór dhuit an gadhar."



"Déana grása oram máseadh," ar Des., "fán
ccuideachta do thabhairt damh as fearr threóróchas
agus choiseónas mé."



"Beir lat," ar isi, "an dóirseóir, .i. Eagla Dé,
atá láidir comhdhaingean ré hiaronn; agus más maith
leat gan é dhot thréigean, beir lat a shíur, .i. an
Náire; agus madh áil leat gan isi dot thréigion, beir
lat an lioctubháil-se na cuimhne darab ainm Féach
Síos. Beir lat fós ceathramhadh inghean na Humhla,


L. 108


.i. an tSimplidheachd, agus tionnsgain triall a n-ainm
Dhé, agus beannacht an Thighearna maille riot. Gidh-
eadh, do bheirim rabhadh dhuit, dá dteagmhadh
go gcaillféa an dóirseóir nó an tShimplidheachd, gan
do ghadhar choidhche do léigean uait, ór dá dtugae
dhó chuid don thoradh sin atá agot, cuideóchuidh
lat dochum do chuideachta d'fhagháil arís; agus an tan
rachas tú tar dhorus na mainistreach-sa amach, gabh
an casán atá ar do láimh chlí ina bhfuil an aithghiorra
dochum tighe na Désheirce, mar a bfhuil Grádh
Dé."



"Créad as ainm don chasán sin," ar Des.,
"dochum go bhfiafraighind an t-eólus chuige, dá
ttéighind ar seachrán?"



"Foighide a ainm," ar ise, "agus atá do thaobh na
láimhe clé, tré dtuigthior beatha ghníomhach lán
do shaothar, agas atá 'na shligheidh aithghirr do
chum Ghrádha Dé d'fhagháil, ór as tré annró, agus tré
phéin agus pheannuid, as oircheas dúinn dul go
flaitheas Ndé."


L. 109



TIONDSGANTAR AN DARA RAND DO
SGATHAN AN CHRABHOIDH.



MAR DO GHLUAIS DESIDERIUS AS MAINIS-
TTIR NA HUMHLACHTA, AGUS DON
FHOIGHIDE AS CÓIR DO DHUINI DO
BHEITH AIGI AN UAIR BHÍD NA DAOINI
SAOGHALTHA AG FOCHUIDMHEADH AIR,
AGUS DON TARBHA BHEANAS AS SIN, AGUS AS
GACH ANNRÓ OILI DA N-ÉIRGHEAND
DÓ AN TAN BHÍOS FULONG MAITH AIGE.



Cap.1.



Do ghluais Des. go suilbhir sólásach ó thigh na
Humhlachto iar n-a shásadh ar thorthoibh, agus rug leis
chuideachta maith do chum na sligheadh, .i. a mhadra
dá ngoirthí an Thoil Mhaith, agus an doirseóir ar thaobh
dhe, .i. Eagla Dé, agus an tShimplidheacht ar an ttaobh
eile dhe; agus rug leis do chum na sligheadh a mháladha
líonta do thoradh dár ainm Dóthchas a Ndia, agus do
thionnsgain mar sin triall a slighidh na Foighide.



Do conncas do Dhes. go raibhe an tshlighe
anshocair, aggarbh, aimhréidh, driseach, deilgneach,
ór fá mór do chrádh, do shaothar, d'amhgar, d'eas-
láintibh, agus do ghnéibh éxamhla eile bhuaidhridh fá
héigean dó d'fhulong, agus gé go ndubhrodh ris go
raibhe an tshlighe aithghearr, do mheas-san go raibhe
ro-fhada; ór dob í toil Dé a beith garbh saothrach
réna siobhal, do chum nách diongnadh an drong do
shiobhóladh thríthe do chum nimhe cíunas ná
comhnaidhi innti (ar son an tshóláis do ghébhdaois


L. 110


dá mbeith sí aoibhinn ionnfhuar), acht go ndéandaois
deithneas ag teitheadh ón ionnarbadh neamhchonáigh-
si 'na bfhuilmíd, agus go ndeachdaois ar neamh do
shealbhughadh na glóire. Agus gé go bfhacoidh Des.
mórán do neithibh 'na shligheidh fá docair leis
d'fhulang, ní fhacoidh éinní as mó do ghoill air iná
mar do chonnairc iomarcoidh daoini ar gach ttaobh
don tshlighidh 'na aghoidh, ag tabhairt mhasla dhó,
agus ag fanámhad faoi, agus ag fochuidmheadh ar a thriall
agus ar a thionnsgnamh, agus fós gá lot agas agá bhualadh,
agus dar leis féin fá lucht gaoil agus cairde dhó, agus daoine
dá ttabhradh roimhe sin mórán onóra agus tiodhlaic-
theadh, cuid don mhuinntir do bheireadh an masla-
soin dó, ionnas gur ghoill a ndobhuidheachas air
comhmór as sin gur mheadhoigh slighe na Foighide
d'fhágbháil, agus dul do dhéanamh díoghaltois orra.



A dubhairt an tShimplidheachd ris: "A mhic,
madh áil leat seirbhís do dhéanamh don Thighearna,
agus a ghrádh d'fhagháil, ní héidir leat congnamh ar
bioth d'fhagháil chuige sin as fearr iná contrárdhacht
agus eascairdeas na ndaoine, ór do níd seirbhís duit
dochum buadha do bhreith ar do lochtuibh; gonadh
aire sin a deir Solamh: "An tí do ní olc ar dhuine
oile, do ní seirbhís dó, madh duine glic an tí ar a
ndéantar an t-olc dochum a tharbha do bhuain as
lé sgéith na foighide." A deir fós Pól naomhtha gu
n-iompóighthear na huile neithe don lucht ghrádh-
uigheas Dia, gémadh iad na peacadha féin agus na
huile do níthear 'nar n-aghaidh, ór ní bhí san olc do
níthear 'nar n-aghaidh acht brod lé mbrosduighthear
inn do chum ar ccos do tharruing as lathaigh agus as
morgadh an tshenchomhluadair 'na bhfuilmíd gu
hasgolluibh ag truailleadh inar ndubháilcibh, mar
adeir an fáidh Iohel. Foghnaidh agus oiridh gu meinic


L. 111


an brod sa do na daoinibh atá toghtha fá chomhair
flaitheamhnais, dochum a chora d'fhiachuibh orra
teitheadh ó na bithbheanachuibh ifrionda bhíos ag
siubhal ar feadh díthreibh an tsaoghail-si ag déanamh
éirghe sligheadh ar na daoinibh bhíos ag dul ar
shligheidh fhlaitheamhnais; ór na daoine ar a ccuir
bochtaine an tsaoghail d'fhiachuibh aire do thabhairt
do Dhia, do níd deithneas dochum iad soin do
sheachna, ar an n-ádhbhar gu nguidhid Dia fána
mbreith dá dhúthaigh féin, gu flaitheamhnas, san
áit a bhfuil a ccroidhe agus a bhfonn, as an bpríosún
ttalmhuidhe-si. Ní fhuil san leathtrom shaoghaltha
fhuilngeas duine maille ré foighide ar son Ndé acht
purgoíd lé nglanthair droichleannta a dhubháilceadh,
dá dhaingne dá mbeidís; laghduighidh sí lionn ruadh
na feirge, díbrigh lionn fionn na leisge, measruidhigh
teasbhach na fola deirge, .i. na hantoile, agus glanaidh
í ar an modh sin gu bfhágbhann falláin ullamh í fá
chomhair bheathadh Ghrádha Dé do thabhairt uaithe,
agus bríoghmhar dochum na ndeaghoibreadh agá bfhuil
neamh mar luaighidheacht. Foghnaigh an fhoighide
mar leighios réamhchoimhédach; ór ní bhí ní ar
bioth d'uireasbhoigh ar an tí agá mbí. Sásoighidh
lé gorta, coisgidh íota lé tart, do ní saidhbhir leis
an mbochtachd; ór as do ghlóir na foighide, gibé
háit a mbí, gu mbí saidhbhir acfuingeach lán don
uile mhaith.



Do ní an fhoighide an fásach, dá thiorma agus dá
aimhréidhe dá mbiadh, 'na phárthas aoibhneasa;
do ní luibhe daghbhaloidh daghbhlastta do na fóth-
annánoibh, don neanntóig, agus dá gach garbhluibh eile.
Dar lé fear na foighidi, as leabaidh chlúimhe gach
talamh dá chruaidhe, agus as soishíon gach gaoth dá
géire, ionnas, dá raibhe foighide agat, go mbeid


L. 112


créutúire na cruinne ag foghnamh dhuit, an geimh-
readh agus an samhradh, an teine agus an t-uisge, an
iomadamhlacht agus an teirce, agus an uile ní oile; ór
dá bhochta dá mbí an fhoighide, así sin uair as



saidhbhre bhíos. As gnáthach gá rádh ris an lucht
do ní an déirc, go ccuirid rompa a n-óirchistte fhlaithis
Dé a ttugoid do na bochtoibh. As éidir an ní céanna
do rádh ris an ndroing chailleas a maoin shaoghaltha
go cinneamhnach lé gadoighibh nó lé hanfhórlann
oile, an uair fhuilngid so ar son ngrádha Dé. Agus as
mór fá ris so an uaisle don fhoighide nách faghann
díoghaltas ná éuccóir, ná fearg, ná fuath, ionad 'na
fochair, agus fós go sgriosann sí, ón tí agá mbí, tuirsi
mhímheasardha as fréamh dhóibh so uile, agus go
mbeireann bhuaidh ar a huile naimhdibh; ór ní
díoghbháil acht foghnamh as éidir leó do dhéanamh
dhi, ar an n-ádhbhar nách foil, go soiche an mbás
nó an easláinti, ní nách déan a seirbhís. Saoroidh
an bás féin í ó phríosún an chuirp do chum a chora
a saoirsi ghlóire chloinde Dé."



"A mháthair," ar Des., "ó tá an fhoighide
comhuasal agus sin, do ghéan mo dhíthcheall ar a
coimhéad, agus bíom ar siobhal feasda."


L. 113



DO CHEALGOIBH NA N-EIRICEADH, AGUS MAR
NACH COIR DONA CATOILICIBH A
N-AONTA DO THABHAIRT DO CHUM NA
CLÉIRE d'IONNARBADH UATHA.



C.2.



Iar mbeith do Dhes. ag siobhal athoigh oile a
slighidh na Foighidne, ag fulang iliomoid do dhuadh-
oibh dofhaisnéisi, an tráth do shaoil gur thoil lé
trócairi an Tighearna críoch do chur ar a imshníomh,
tárla cúis dóláis agus dobróin dó fá haidhbhle inás ar
imthigh air gó sin; ór tárfás dó go ttárla a measg
mhóráin eiriceadh é, agus gur thairgsead an uile
chathughadh do chur air a ccúis a chreidmhe. Do
fhógradar dhó do chédneithibh, fá phéin díoghaltois
dofhulaing, gan caidreamh ná cumann do bheith aigi
ré sagartoibh ná ré daoinibh riaghaltha, agus fós gan a
léigean a n-aoinionad fris, acht a ndíbirt uadh nó a
ttoirbhirt dóibh féin. Gabhois an urdail sin d'uamhan
agus d'eagla Des. tréas a ndearnsad do bhagar air gur
thionnsgain aontughadh do chum ar iarrsad.



Mar do chondairc an tShimplidheacht an claoch-
lughadh do rinde Des. tré iomarcoidh eagla, gabhois
agá neartoghadh, agus a dobhairt: "A mhic," ar isi,
"osgoil do shúile, agus smuain ar an mbreitheamhnas
ndéigheanach as a raghoid an cineadh daonna do
chomhaitreabh a saoghal na saoghal ré teannáloibh
lasrach síordhoighe, nó a nglóir agus a n-aoibhneas
shuthoin. Tuig gurab do réir ar ngníomhradh san
saoghal-sa bhéaras Dia breath oirn an lá-soin, ag
tabhoirt ghlóire do shíor do lucht na ndeghghníomh,
do chomhoill a thoil ar an saoghal-sa, agus phéine


L. 114


suthoine do lucht na míghníomh, do lean a ttoil féin
ag léigean an pheacoidh chuca a stteach a cceachtar
don dá dhoras thré a ttig, mar a deir S. Aibhisttín,
.i. tré dhoras an ghrádha bhíos aca do na neithibh
saoghaltha d'fhagháil agus do chruinnioghadh, nó tré
dhoras na heagla bhíos orra fá na neithibh saoghalta
diombuano do chailleamhoin. Agus ó tá gach aonduini
anbhfann éittreórach do chum na ndoirseadh-sa do
chongmháil dúntha do ghnáth a n-aghoidh an
pheacoidh, bhús cúis a mháin ag an mbreitheamh
do chum lochta na míghníomh do dhamnughadh,
nách búdh mór an mearughadh céille do dhuine ar
bioth, ar son eagla dhaoine, a aithre spioradáltha do
thréigean, as lánchuidioghadh agus fós as doirseóireadha
dhó do chum na ndoirseadh sin do choimhéad; ór bíd
ag forchoimhéad choinsiais a ccloinne spioradáltha do
chum cundois do thabhairt ar a son, mar adeir Pól."



"A mháthoir," ar Des., "as dóigh leam go
ttiocfadh leam mé féin do choimhéad aimsir fhada,
ór, bhuidheachas do Dhia, ní mhothuighim mé féin
ro-chlaon do chum uilc; agus gé do gheallfoinn gan
daoine riaghaltha do léigean a n-aoinionadh riom
féin, atá súil agom réna bhfaicsin go foluightheach
a ttighibh choda éigin dom chomharsanoibh, agus leas
mh'anma do dhéanamh mar sin ós íseal. Agus nár
búdh hiongnadh leat so, ór do ghabh an oiread-soin
d'uathbhás rompa súd mé, agus do dhroichmheisnigh,
nách léigeann corp eagla dhamh gan a ghealladh
dhóibh díultadh don chléir; agus go háiridhe mar do
gheallsad damh nách cuirfidhe ní as mó do bhuaidh-
readh oram ó so suas a ccúis mo choinsiais, dá
ccuirinn an ccléir uaim."


L. 115


Cíis an tSimplidheachd gu hathtuirseach éccaoin-
teach ag clos na mbriathar sin Des.



"Caidhi ádhbhar h'iarghnó, a mháthair?" ar
Des.



"A mhic," ar isi, "níor iongnadh dá ndéarnuinn
déara fola ag smuaineadh ar a olcas do thógbhuis-si
an tteagasg naomhtha fuarais a ttigh ar máthar, an
Umhla, an tráth a deiri go huaibhreach andóthchasach
gu madh éidir lat tú féin do choimhéud gé gu
mbeithea gan chongnamh na cléiri agad, agus nách
mothuighi claoine do chum peacaidh. As cosmhuil
gur ibhis dhigh ndearmaid, ór as moch do dhearmadais
a ndubhradar mo dheirbhsheathracha riot dá fhoill-
siughadh dhuit nách fuil ag an nduine uaidhe féin
dochum flaitheamhnais, an tan fhágbhas grása Dé é,
gu háirithe d'éis pheacaidh Adhuimh, acht peacadh
agus brég, mar a deirid na comhairleadha agus fós an
soisgéul. Nach cumhuin leat briathra Eoin
Bruinne: "Dá n-abram nach fuil peacadh aguinn,
atámuid dár mealladh, agus ní fhuil an fhírinne
ionnuinn;" agus an tan a deir Críosd ar Ttighearna gu
soilléir san soisgéul gurab leathan fairsing an doras
bheireas cách gu hifrionn, agus gurab mór ghabhas tríd,
agus gurab caol cumhang an doras tré a ttiaghthar gu
flaitheamhhas, agus gurab beag ghabhas tríd, agus fós a
deir Peadar, ag aidhbhsioghadh na guaisi céadna-
soin, gurab ar éigin shláineóchthar an fírén féin, nách
budh mór an mhire dhuit-si, agus a chomhmór sin do
chonntabhairt ar na naomhuibh féin, th'anam bocht
do léigion ar th'ionchuibh féin amháin? An tráth
do aointeóchthá druim do chur ris an ccléir,
do bhéarthá siocair agus sompla dhot uile chomhursuin
fá aithris do dhéanamh ort ag déanamh an neith


L. 116


chéadna, agus budh éigion duit mar sin conntas do
thabhairt ar son a ccaillfithtí d'anmannuibh tréud
dhroicheisiomláir, mar a deir S. Aibhisdín; agus
fédfuithi gu bfhuileóngadh Dia, a ndíoghaltas na
droicheisiomlára sin do bhéarthá dod chomhursuin,
nách léigfeadh eagla an tshaoghail duit caidreamh ná
cumann do dhéanamh gu foluightheach féin ré
sagartuibh, gé gu mbiadh a fhios agad cáit 'na
mbeidís, agus gu raghadh mar sin droichchríoch ort,
mar do chuaidh ar mhórán eile atá aníu a n-ifriond,
ar ar chuir eagla an tshaoghuil d'fhiachuibh
dealughadh ris an nEagluis beagán ar bheagán. Agus
dá léghthá an sgéul atá ag Esopus, theigéamhadh gu
ttuigfithea nách fuil ag na heiricidhibh-si acht
mealltóracht, gá ghealladh dhuit, dá léige an ccléir
dhíot, nách déanuid ní as mó d'inghreim ort."



"Guidhim thú," ar Des., "innis an sgéul-sin damh."



"Inneósad," ar isi. "Aithristtear ag Aesopus
go rabhadar cogtha agus conghala móra ag na faol-
chonoibh ris na caorchoibh, agus mar do chonncadar na
faolchoin nár éidir leó buaidh do bhreith ar na
caorchoibh, tré líonmhaire na ccaorach, agus trés an
ccuidiughadh do bheirdís gadhair mhóra bhaile bádar
dá ccoimhéad dóibh, do thairgsiod síoth shuthoin
do na caorchoibh ar choinghioll na gadhair sin do
thoirbhirt ar a láimh féin; agus do bhí an urdail-sin
d'eagla agus d'fhonn na síthe ar na caorchoibh gur
réidhighsead ris na faolchonaibh ar an ccundradh-
soin, ag seachadadh na ngadhar dhóibh; agus an tan
fuaradar na faolchoin na caorcha gan chosnamh na
ngadhar ortha, do ghabhsad gá leadradh agus gá
luathchognamh, gur chuirsead chum báis gus an
ccaoirigh ndéigheanoigh íad."


L. 117


"A mháthair," ar Des., "ní hiongnadh leam thú
do thabhairt an sgeóil sin lat, gé go bhfuil 'na sgéul
fábhoill, agus fós iar n-a chuma lé feallsamh gan
chreideamh, ór as aithnidh dhamh go ttabhair an
sgrioptúir féin sgeóil leis, dá ngoirthear parábolae,
d'fhoillsioghadh neitheadh eile leó, agus go n-aboir S.
Aibhisdín gurab éidir leis na Críosdoighibh na neithe
maithe do gheibhid a leabhroibh na bhfeallsamh
n-eithniocdha do chur 'na bhfeidhm féin, an tan
oirid do chreideamh Críosd. Gidheadh, as iongnadh
leam más é ní thuigeas tú gur ab mian leó súd misi
do mharbhadh an uair do ghéubhoid mé am aonar,
iar ccor na cléire uaim."



"As deimhin," ar an tShimpligheacht, "nách
mó fond an mhic-thíre fán ccaoiridh do gheibh gan
chosnamh uirre do mharbhadh, iná fonn na
n-eiriceadh-sa fa bhás anma do thabhoirt don lucht
do gheibhid gan chuidiughadh na cléire."



"As eagoil leam, a mháthair," ar Des., "gurab
fíor sin; gidheadh, ní haithnidh dhamh créad an
bhuain atá ag do sgéul ris an ccéill-sin bheanas tusa
as, acht amháin go n-admhoim gurab meinic ghoireas
an sgrioptúir caorcha don phobol chreidmheach;
agus do chum do sgeóil do bhuain ré hádhbhar, nír
fholáir a dhearbhadh gurab meic thíre na heiricidh,
agus gurab gadhair an chliar; agus dar leam-sa dobadh
córa madoigh do ghairm do na heiricidhibh, bhíos
ag gearradh na Ccatoiliceadh, iná do na pearsanoibh
Eaglaisi, dár aithin Críosd bheith mín maordha."



"Léagh S. Aibhisdín," ar an tShimplidheachd,
"agus do ghéubha tú aige a mórán d'ionaduibh gur ab


L. 118


faolchoin na heiricidh, agus gurab gnáth don sgrioptúir
mic thíre do ghairm dhíobh féin agus do na droch-
dhaoinibh eile, mar ghoireas caorcha do na dagh-
dhaoinibh. Léagh Matha agus Eoin san Soisgéul, agus
Lúcás san Soisgéul, agus a nActoibh na nEaspol, san
áit 'nar thairrngir Pól go follas na neithe do chímid
anois dá ccomhall sna heiricibh a n-aghoidh na
Heaglaisi. "Atá a fhios agom," ar Pól, "go ttiocfaid
faolchoin fhuadoigh a stteach eadroibh, ag nách bia
truaighe don tréad." Agus gé gurab fíor an ní sin
adeiri-si, .i. go ngoireann an sgrioptúir madadha do na
heiricidhibh, agus fós madadha gaoithe, do réir mhínighthi
S. Aibhisdín, mar ghearroid an nEaglais lé fiaclaibh
nimhi, goiridh mar an ccéadna gadhra a n-ionadoibh
oile do phréláidibh na Heaglaisi agus don chléir Chatoilici
chathoigheas ar son na Heaglaisi go dortadh a bhfola
ar a son; ór bíd ar son a Ttighearna ag amhasdraigh
ar a naimhdibh, na heiricidhe, ag faire mhuinntiri
a thighi, .i. na Heaglaisi, orra a n-ionnamhoil mhadadh
n-uasal n-ionnruic, mar dhearbhas S. Aibhisdín ag
mínioghadh na fearsa úd don tshalm Lingua canum
tuorum."


L. 118


"As ro-mhaith dhearbhas tú, a mháthair," ar
Des., "gurab mic thíre na heiricidh, agus as a nois as
léir dhamh go follas an doilli do bhí oram ar tí
taobhadh do thabhairt ríu; ór má tá nách léigeand
an eagla ar uairibh do na faolchonoibh a ndroich-
mhiana do chur a ngníomh, ní bhíd choidhche dílios
don tréad. Agus as ro-mhóide mh'eagla ré san sórt
faolchon-sa an tan mheasoim an cceilg réar chuirsead
rompa mo mhealladh."



"Buidheachas do Dhia," ar an tShimplidheacht,
"fána fheabhas do chí tú a nois an nguais a
rabhadhois. Nár bá hiongnadh lat na heiricidh


L. 119


faolchonda úd do bheith cealgach, ór as siondoigh
mar an ccéadna iad, mar adeir S. Aibhisdín a
n-ionadh eile, san áit a ndearbhthar leis gurab
sionnoigh iad agus go mbí méin na sionnach aca; ór
bíd meangach meabhlach, lán do chealgaibh agus do
mhealltóracht, agus bíd a n-uamhchlasoibh talmhan dá
bhfolach féin ar sgáth na cclaoinchiall ccam chuirid
san sgrioptúir, ar a ttairgid dath na fírinne do chur,
do chum an phobail shimplidhi do mhealladh; agus
bídh drochbhaltanos don taobh thiar orra, mar
sgríobhas an Doctúir céadna: odore etiam retro
putentes, a n-aghoidh a n-abair Pól ris féin agus ré
lucht shíoltha bhréithri Dé: Christi bonus odor
sumus in omni loco, "as deaghbhaladh do Chríosd
sinn san uile ionadh."



"Mínigh a n-ainm Dé, a mháthair," ar Des.,
"cionnas bhíos drochbhaladh do leith a ccúil ar na
heiricidhibh, ór ní hiongnadh leam, a ccéill chodarsna
don chéill a ngoirionn Pól daghbhaladh Críosd de
féin agus do na fíréanchoibh oili (dár ab fioghair an
úinnemeint uasal do chumoil Muiri Magdáléana do
chosoibh ar Ttighearna, léar líonadh an teagh do
dhaghbhaladh, do bhrígh go moltur agus go móruighthear
ainm Chríosd tréna ndaghbheathoidh agus tréna ndagh-
ghíomhoibh), drochbhaladh do ghairm do na
heiricidhibh, ar an n-ádhbhar go n-iomcháinthear agus
go mblaisbhéimthear ainm Chríosd tríthibh; gidh-
eadh, ní thuigim caidhe an chúis fá n-abair S.
Aibhisdín go mbíd bréan do leith a ccúil."



"Saoilim-si," ar an tSimplidheacht, "gurab mar
so thuigeas S. Aibhisdín an ní sin atá cruaidh ortsa.
Geinthear an duini ó thosach a bpeacadh, 'na
chathraightheóir a Mbábiolóin mhisttiocdha, agus 'na


L. 120


mhodh agá rígh, an diabhal, suil aithgheinthear é a
ngrásoibh trés an mbaisdeadh 'na chathraightheóir
ag Ierusálem neamhdhoighe, 'na gharmhac ó
ghrásoibh ag Dia, agus 'na chomhoidhri Chríosd, Rí
Ierusaleim; agus an tan bhaisttear é, diúltoidh do Rí
na Bábiolóini, don diabhal, dá phoimp agus dá oibre-
achoibh, ag cur chúil ris an n-uile pheacadh;
gealloidh creideamh a Ndia Athar uileachumh-
achtach, agus a nÍosa Críosd, a éanmhac, ar Ttighearna,
san Spiorad Naomh, an Naoimheaglois Chatoilice, agus
an chuid eile dh'airteaglaibh an chreidmhi do
chreideamh. As cóir mar sin don tí ghabhas
baistteadh Críosd cúl do chur ris an n-uile pheacodh,
bheith ag smuaineadh do ghnáth ar an n-aoibhneas
síordhuidhe atá 'na oirchill ar neimh, agus ní as mó do
chúram a anma iná a chuirp do bheith air, mar
nách mairfi an corp san saoghal-sa acht aimsear
aithghearr, agus go mairfe an t-anom go suthoin 'na
rígh a bhflaitheamhnas, dá ndearna maith, nó a
lasrachoibh síordhoighe a n-ifrionn, dá ndearna olc.



An tráth, iomorro, nách smuain an t-eiricidhe
acht ar bheathoidh a chuirp a mháin, agus ar shólás an
tshaoghail-si, a n-ionnamhoil ainmhidhi bhrúidea-
mhoil, fillidh a ndiaigh a chúil ar a ais ar na
peacadhoibh sin dár dhíult 'na bhaistteadh, agus ar an
ccéidthighearna sin do bhí aige iar n-a gheineamhoin,
.i. an diabhal, mar adeir an Soisgéul ris na deis-
gioblaibh úd do dhíult do Chríostt agus do rinni an
ccéideiriceacht a n-aghoidh a chreidimh (mar adeir
S. Aibhisttín): Abierunt rétró, .i. "Do imthighsiod
ar a nais"; mar a deir Pól lé mnáibh áiridhi:
Quedam conuersae sunt retro post Satanam, .i. "Do


L. 121


fhilleadar cuid díobh ar a n-ais a ndiaigh an diabhoil."
Gonadh aire so adeir an doctúir naomhtha S.
Aibhisttín go mbí drochbhaladh ar an n-eiriciodh do
leith a chúil, mar as ag filleadh ar a ais ar na
peacadhoibh, agus ar an ndiabhal dár dhíult 'na
bhaistteadh, thuiteas san pheacadh arís. As éidir
fós a rádha go mbí drochbhaladh ar na heiricidhibh
do leith a ccúil, ór, gé go mbí difeir idir gach éan
dá dhroing dhíobh ina cclaoinchreideamh féin, tigid
ré chéile uile a ccúl do thabhairt don chreideamh
Chatoilice agus do Dhia. Agus as í an chomhaonta sin na
n-eiriceadh chialloigheas an fhoghail ordhruic
do rinni Samsón ar na Philisttínibh an tan do cheangoil
eirbli na ttrí ccéad sionnach dá chéili, mar adeir an
Doctúir céudna S. Aibhisttín."



"Beandachd an Dúilimh dhuit," ar Des.; "do
aincis mh'anom, agus tugois é ó dhoras ifrind, ór dá
léiginn é ar fhaosamh na bhfaoilshionnach bhfallsa
bhfeillchealgach úd, do bhiadh anois caillte."


L. 122



CAP.3.



TEAGUISGTHEAR AND SO NACH EIDIR DO
NA TUATADHUIBH DUL A MBREITHEA-
MHNAS AR AN CCLÉIR, AGUS NACH ÉIDIR DO
NA HEIRICIDHIBH EASBOIG FHÍRE
DO BHEITH ACA, AGUS MÓRÁN PUNC EILE.



Iar ndul do Dhes. uidhe eile a sligheidh na
Foighide, tárla a measg dhroinge eile do na heiricidhibh
é, agá rabhadar mórán do shagartuibh agus do bhráithribh
a nglasuibh agus a ngéibhionnuibh, agus do fhógradar
easbuig na n-eiriciodh sin dó, fá phéin diomdha
an Ríogh, dul a mbreitheamhnas ar na braighdibh
riaghaltha sin. Agus do ghabh an oiread sin d'uamhan
agus d'eagla Des. gur chuir roimhe dul a mbreitheamhnas
bháis ar an ccléir Catoilghe.



Do labhair an tShimplidheachd ris: "A mhic,"
ar ise, "tabhair dot aire ó thús an éidir dhuit ó
choinsias dol a mbreitheamhnas ar an ccléir."



"Créad an fáth nách bhudh éidir?" ar Des.,
"ór ní mian leam éccóir do dhéanamh orra, acht, dá
ndearbhthur a mbeith ciontach, a ndamnughadh
do réir dhlighidh."



"Fiafruighim (ar an tShimpligheachd) an tuata
nó an duine riaghalta thú?"



"As mian leam," ar Des., "bheith riaghalta an
tan roichfead gu mainistir Grádha Dé; gidheadh,
ní ránag fós dochum sdaide naomhtha na ndaoine
ríaghaltha, gé gu bfhuilim ar a lorg, agus do réir mo
bharamhla féin as tuata mar sin mé."


L. 123


"Bíodh a fhios agad, más eadh (ar an tShimpligh-
eachd), nách éidir do thuata dul a mbreitheamhnas
a n-énmhodh ar phearsuin Eagluisi, agus gu háirithe
a mbreitheamhnas báis, mar adeir an dligheadh a
mórán d'ionadaibh: 11. q.1 c. Placuit, c.2. c.
Nullus clericus, c. Si quis clericus, c. Nullus episcopus,
c. Clericus nullus."



"An tan," ar Des., "fhógruid na heasbuig-si
dhamh dul a mbreitheamhnas ar an ccléir, agus fós
coimhéignighid mé chuige sin, dar ndóigh ní cóir a
mheas gurab lé húghdardhás thuata théighim a
mbreitheamhnas orra, acht lé húghdardhás na
n-easbog as prionnsadha ar an nEaglais."



"Fá ríor," ar an tShimplidheacht, "as ainbh-
feasach do thagra, ór ní héidir lé heasbagoibh fíre na
Heaglaisi, as prionnsadha dá ríribh uirthi, úghdardhás
do thabhairt do thuata fá dhol a mbreitheamhnas
báis ar phearsoin Eaglaisi; agus cionnas búdh éidir
dhóibh súd úghdardhás do thabhairt uatha, nách fuil
'na n-easbagoibh ar mhodh ar bioth?"



"Créad an chúis," ar Des., "fá n-abrae nách
easboig iad súd, ór goirid féin easboga dhíobh, agus fós
adeirid go ndíonoid agas go ccosnaid creideamh
Críostt?"



"Ag so an t-ádhbhar," ar an tShimplidheacht,
"as a ttuigfe go soilléir nách easpoig iad; ór as iad
na heasboig do cuireadh leis an Spioraid Naoimh a
n-ionad na nEasbal, an mhéid go rabhadar na
Heasboil 'na n-easbogoibh, mar adeir S. Aibhisttín
agus na comhairleadho, agus as iad na heasboig mar sin as
comharbadha ar na Heasbolaibh do chum na Heagloisi
d'fhollamhnughadh agus do sttíuradh, mar adeirthear
a nActoibh na nApsttol. Agus ionnamhoil do bhí


L. 124


Peadar ó Chríostt 'na phrionnsa agus 'na uachtarán ar
an ccuid oile do na Habsttolaibh, mar as follas as
an Soisgéul, as amhluidh sin as dual do chomharba
agus d'oighri Peadair bheith 'na árduachtarán agus 'na
mhonarc ar chomharboibh agus ar chloinn na nEasbal,
.i. ar an uile easbog, agus ar a ttrédoibh. Agus maille ris
sin as é do bheir inmhe spioradáltha dhóibh, agus do ní
aodhaireadha dhíobh, ar thréadoibh éxamhla ag
tabhairt choda dá úghdardhás spioradáltha féin dóibh
do chum a cceartoighthi agus a smachtoighthi, mar do
thug Dia cuid do spioraid Mhaoise do na seanoibh
do chuir do chuidioghadh leis fán bpobal Israélda
d'fhollamhnughadh; agus amhoil nár laghdoigh úghdar-
dhás Mhaoisi an chuid tug dá spioroid don
tsheachtmhodhad sean sin do chuir Dia do
chuidioghadh lais, mar dhearbhas S. Aibhisttín, as
amhluidh sin don Phápa, ní lughuide a ughdardhás
uas an ccruinne dhomhandha gurab uaidhi atá
ughdardhás ag an uile easbog. Gonadh aire sin as
follas nách easboig iad súd nár hóirneadh a ngrádhoibh
easboig riamh, agus ag nách foil úghdardhás ón Phápa,
agus fós nách comharbadha dona Habsttaloibh, ná
clann acht seubhdeasboig agus tuilighthe ar na Hab-
sttaloibh. Ar an n-ádhbhar-sa as bréag fhollas, agus as
seachrán, a rádh go ccosnaid creideamh Críostt, agus gan
ar a n-aire do ló agus d'oidhche acht a chur síos agus a
mhúchadh, ag tairreang na n-anmann (do fhuasgoil
ar a fhuil) as an nEaglais naomhtha do chum an
diabhoil. Admhoim, ar a shon so, go madh éidir a
ccéill áiridhe dídnightheóiri an chreidimh do thabhairt
orra súd, mar adeir S. Aibhisttín ag míniughadh na
mbriathar úd don tshalm Contra inimícum et defen-
sorem etc., san áit a n-aboir gur ab easchara agus


L. 125


dídnightheóir don chreideamh an t-eirice. Bídh 'na
easchara ag an chreideamh ag tairgsin an sgrioptúir
do thuigsin go claon, seachránach; bídh 'na dhíd-
nightheóir an mhéid go ttabhair mar sin cúis agus siocair
do dhoctúiribh na Heaglaisi do chum fírinne an
sgrioptúir agus an chreidimh d'fhoillsioghadh agus do
chosnamh, gé nách cóir ar a shon sin dídnightheóir
an chreidimh do ghairm dhe san chéill-sin, acht leis
an mínioghadh-sa S. Aibhisttín d'fhoillsioghadh lé a
chois."



"Guidhim thú," ar Des., "ó do dhearbhois go
follas nách easboig iad súd, agus nách foil mar sin
úghdardhás ná cumhachta ar bioth eagailsi aca, innis
damh cia ar a bhfuilid 'na ccomharbadhoibh?"



"Ní doiligh leam sin d'innisin," ar an tSimplidh-
eacht. "As comharbadha eiriceasboig ainchreid-
mheacha na haimsire-si ar an dá eirisearc fá mó olc
agus urchóid dár éirigh a n-aghoidh na Heaglaisi san
aimsir dhéigheanoigh-si, .i. ar Lútéur lobhtha mhac
Lúsifeir, agus ar Chailbhín choirpthe chneasdóiti, mac
na mallacht. Sgríobhaid úghdair eagnoidhe thromdha
go raibhe deamhan do ghnáth ag imtheachd ar
mháthair Lúitéir, agus gur ab uaidhe do ghlac sí Lúitéar
mar thoirrcheas; agus sgríobhoidh sé féin 'na leabhroibh
an muinteardhas agus an cumonn do bhí aige ris an
ndiabhal, mar do ith seachd miaich shaloinn 'na
chuibhreann, agus mar do bhí 'na oide múinte aige; agus
do geibhthear sgríobhtha air a leabhroibh annála,
gé go ttug mhóid ngeanmnoidheachda do Dhia, gur
luigh iar sin lé nuimhir éiccinnte do dhrochmhnáibh,
agus gur phós 'na dhiaigh sin challuigh nduibh, 'sa
leaboigh 'na bhfuair bás ar meisge. As follas go
raibhe an dara fear, .i. Cailbhín, comh shalach agus
comh madramhoil agus sin gurab í pian phuiblidhe fuair


L. 126


trés an bpeacodh sodomdha do níodh do ghnáth, .i.
tré choimhriachtoin ré buachuillighibh, creachuireachd
do dhéanamh ar a dhruim lé hiarand ndearg. As
iad so," ar an tShimplidheacht, "as absttola, agus fós
as Dée, do sheactoibh Lútéir agus Chailbhín, lucht na
mbéas, na beathadh, agus an bháis-se; agus a Dhé dhil,
as truagh an chinneamhoin lé ttig an lucht leanas
iad ar an saoghal-sa do reic an aoibhnis shíordhuidhe
ar mhoimint mhire agus mhíchéilli 'na mbíd ag diall don
diabhal dochum dola a síordhuidheacht ilphian leis."



"A Chríosd cáidh," ar Des., "ós amhluidh sin
atá, as truagh an doille agus fós an fé fiadh atá ar
shúilibh an phobuil bhoicht dár ab apsduil na
bathluigh bhrodhacha bhiastuighthe-sin, 'sa seachrán
as slighe dhíreach go hifriond."



"A mhic," ar an tShimplidheachd, "as fíor sin,
agus as ró urusa dár Slánuightheoir agus dár Mbreitheamh
cion agus aithfear a ndamnuighthe do chur orra féin a
ló an bhreitheamhnais, an tan bhéaras 'na ríothróin
bhreith orra agus a déara riú: "Éirgidh dá bhur
bpianadh tré bhiotha shíor san teinidh shuthuin do
hollmhuigheadh a n-urchomhair an diabhail agus a
dhrochaingiol, ó do rugabhair do roghuin mo naoimh-
Eaglais do tharcaisniughadh, agus leanmhuin do Lúitér
agas do Chailbhín, dár fhuilngios bheith gá n-únfuirt
féin san uile olc agus bás d'fhagháil gu follas 'na
bpeacadhoibh, dochum gu bhfaiceadh an saoghal gu
hurusa gurab é an diabhal fá maighistir dóibh."



"A mháthair mhilis," ar Des., "as mór an sólás
leam a bhfuaras uait d'eólas ar an ndaoscairchléir
ndásachtuigh ndíchéilligh úd, gé gu ccráidh mo
chroidhe an tan smuainim ar an siabhradh seachráin
lé bhfuilid ag breith an phobuil bhoicht éisdios iad


L. 127


gu hifriond; agus guidhim thú, fuasgail anois an cceisd
eile-si dhamh, .i. créud an fáth nách budh éidir leis
na seubhdeasboguibh úd féin, agus leam-sa, gé gu
mbeimís 'nar ttuatadhuibh, dul a mbreitheamhnas
ar an ccléir Chatoilghe lé húghdardhás na bprionnsadh
tteamporáltha, madh iad as ceann ar an nEagluis
'na ndúthuigh féin, mar adeirid súd? Ór as cumhain
leam go n-abraid doctúire an dlighidh chanóna gurab
éidir leis an Bpápa, tré bheith 'na cheann ar an
nEaglais, tuata do chur a ccumhachtoibh uas phear-
soin eaglaisi a ccásoibh áiridhe."



"A mhic," ar isi, "cuir conntracht ar an ní
sin adeirid na heiricidhe, .i. gurab iad na prionnsadha
teamporáltha as ceann ar an nEaglais, ór as eiriceachd
sin do fhás as eiriceachd oile as fréamh dhi, .i. a
mheas nách foilid cumhachta oile san mbioth acht
cumhachta na tuaithe a mháin, agus go bhfuilid so ar
láimh na bprionnsadh saoghaltha, agus nách foilid
cumhachta mar sin san nEaglais do chum an phoboil
Chríosttoighe d'fhollamhnughadh agus do sttiúradh a
slighidh a slánoighthe; nó a mheas, má táid
cumhachta spioradáltha and, go bhfuilid doidheagh-
ailthe ré cumhachtoibh na tuaithe, agus go mbíd mar
sin ag na prionnsadhaibh tuaithe amháin, agá bhfuilid
árdchumhachta na tuaithe. Atá an chéadchuid de
so, dhiúltas na cumhachta spioradáltha, 'na eiriceacht,
ór atá a n-aghoidh an tShoisgéil agus Phóil, 'na
bhfaghthar go solas na cumhachta spioradáltha tug
Críostt do Pheadar, agus na cumhachta, mar adeir Pól,
tug Dia dhó féin agus do na heasbogoibh do chum na
Heaglaise d'fhollamhnughadh; ór adeir Críostt ré
Peadar san seiseadh c. déug ag Matha: "Do bhéar
dhuit eochracha fhlaitheamhnois Dé, agus gach a


L. 128


ccingeólae ar an ttalamh, biaidh ceangailthe a
bhflaitheamhnas; agas gach a sgaoilfe ar an ttalamh,
biaidh sgaoilthe a bhflaitheamhnas Dé." Agus adeir
maille ris sin, san n-aonmhadh caibidil fichead, ag
tabhairt na ccumhacht sin dó: "Biathoigh mo
chaorcha"; agus adeir san ochtmhadh caibidil déug:
"Bíodh meas eitnice agus publicáin agoibh ar an tí nách
éisttfe an nEaglais."



Agas atá an dara cuid, do ní ceangal dosgaoilthe
eidir chumhachtoibh spioradáltha agus teamporáltha, ar
an modh ccéadna a n-aghoidh an tShoisgéil agus Phóil;
ór ní do na prionnsoibh, acht do Pheadar, tug Críostt
na cumhachta spioradáltha, mar do dhearbhas cheana,
agus do bhádar ag Pól, mar adeir féin, ag nách raibhi
cumhachta tuaithe. Agus as deimhin gurab éxamhoil
nemhionand an modh ar ar thionnsgnadar cumhochta
spioradáltha agus teamporáltha, ar an n-ádhbhar gurab
iad an pobal tug do na ríoghuibh, nó dhá shinn-
searuibh, a bhfuil do chumhachtoibh aca anois; agus
gurab é Críostt féin, agus nách é an pobal, tug cumhachta
spioradálta do Pheadar agus do na Habsdoloibh oile,
lé ttugadh na cumhachta céadna do na heasbogoibh,
gan cead d'iarroigh chuige sin ar an bpobal, mar as
éidir a dhearbhadh as eibisttil Phóil go Tíotus, agus as
a eibisttil eile go Timótheus."



"Más fíor sin," ar Des., "(mar chreidim anois go
daingean gurab fíor), ní héidir na mionda do thabhairt
as gnáth leó súd d'iarroigh ar an bpobal mbocht, .i.
gurab iad na prionnsadha as ceand ar an nEaglois."



"Ní héidir ar mhodh ar domhan," ar an
tShimplidheacht, "ór ní bhiadh sna mionnaibh sin
acht éitheach mearrdhánta míchreidmheach, do
thuillfeadh inneachadh ó fhlaitheamhnas d'fhior an
éithidh, agus do ghreinneóchadh Dia uileachumhachdach


L. 129


do chum plágha na FPhilisttíneach do chur ar na
heiricibh do thairgfeadh a bprionnsa do chur suas
mar sin, do chum díola Dhágóin, dia na Bhfilisttí-
neach, gá choimmeas ré háire Ndé bhí, do thabhairt
ar an ttorathar eaglaise do bhíadh ag righe ré hí
féin do chur ar deis Eaglaise Críostt, agus fós ag dréim
léna dícheandadh."



"Guidhim thú," ar Des., "ó do dhaingnidhis
mé am chreideamh sna pungcaibh sin, foillsigh dhamh
an éidir leam, ó choinsias, anmanna na Ccatoiliceadh
leis nách áil dol go teampoll na n-eiriceadh do
thabhairt sgríobhtha do na seubhdeasboguibh úd?
Ór atáid dom buaidhreadh, ag bagar oram dá ndíulta
mé an sgríbhionn-soin do thabhairt dóibh."



"Bíodh a fhios agad, a mheic," ar isi, "gurab
iad na Catoilghe an Eaglas, mar adeir Pól, agus gurab
í an Eaglas chéadna-so as corp mistiocdha do Chríosd,
as ceand don chorp-so, mar adeir an tApsdal céadna;
ionnas gibé do ní énní a n-aghaidh an chuirp-si,
gurab a n-aghaidh Chríosd do ní, mar dhearbhas S.
Aibhisttín gu follas as na briathraibh úd Chríosd
ré Pól, an tan do bhí ag inghreim na Heagluisi: "A
Phóil, a Phóil, créad fá bfhuile dom inghreim?"
Ór (mar adeir an doctúir céadna) nír éidir lais
daonnacht Chríosd, do bhí a bhflaitheamhnas,
d'inghreim; gidheadh, mar do bhí ag inghreim bhall
a chuirp mhisticdhe, do bhí ar an ttalamh, a dubhairt
"Créad fá bfhuile dom inghreim?" ionnamhuil adeir
an theanga "Cia do shaltair oram?" an tan shaltras
neach ar an ttroigh amháin. Ar an n-ádhbhar-sa
dá ttugthá-sa anmanna na Ccatoilghiodh uait dona
heiricidhibh d'eagla gu mbeanfadaois cháin díot, do
budh éidir do Chríosd a rádh riot lá an Bhreitheamh-


L. 130


nais: "Do bhraithis mé dom eascairdibh ar son
n-airgid, ór do bhraithis bhalla mo chuirp mhisdicdhe,
agus ní fhuile mar sin acht ad Iúdás oile dárab dual
leithéid a phéine do thabhairt."



"Gu ccúitighe Diá riot," ar Des., "mar do
réidhighis as an ccathair ghriobháin a ttárla ag na
heiricidhibh úd mé, agus gluais romhuinn san sligheidh
dár ttreórughadh budh easda."


L. 131



DEARBHTHAR ANNSO GU FOLLAS NACH
FUILID NA LUITERUIGH NÁ NA CAIL-
BHÍNIGH A N-EAGLAIS CHRÍOSD, AGUS
NEITHE OILE BHEANAS RISAN CCREID-
IOMH.



C.4.



Do thionnsccuin Des. dol ar aghaidh a sligheidh
na Foighide, iar sgaradh do na heiricidhibh sin ris, agus
ní fada do chuaidh an tan thárla ar bhuidhnibh
ádhbhalmhóra oile do na heiricidhibh é fá doilghe
dhó inás a ttárla dhó gó sin. Do fhógradar dhó
fá phéin phríosúin, agas a choda don tshaoghal do
chailleamhuin, dol go teampoll na n-eiriceadh. Do
bhí Des. lán d'eagla agus d'uathbhás, agus do chuir roimhi
comhairle na n-eiriceadh sin do leanmhuin.



"A mhic," ar an tShimplidheachd, "as truagh
an ní chuire romhad do dhéanamh, .i. dol go teampoll
na n-eiriceadh, dod chur féin a n-oireamhuin dóibh agus
dá reacht, agus as iomdha olc gránna a n-aghaidh Dé
uilechumhachtaigh san pheacadh soin, ór gé nách ó
chroidhe ná ó inntinn do raghthá dá n-eaglais, acht
ó eagla, ní lughuide do bhiadh do ghníomh dá chur
a ccéill go foirimleach go mbeithea ag gabháil réna
cclaoinchreideamh agus dá admháil, agus ag diúltadh
chreidimh Chríostt atá d'fhiachuibh ar an n-uile
Chríostuidhe d'admháil 'na leithéid sin d'am agus do
chás agus do bhiadh an chumadóracht sin do dhéantá
mar sin os comhair cháich 'na pheacodh chreidimh
fhallsa, ionnamhuil agus do bhiadh íodhaladhradh
fhoirimleach 'na pheacodh íodhaladhraidh, ór atá
an uile chumadóracht 'na ngabh duine go foirimleach
ré creidiomh comhuightheach, 'na pheacodh
chreidimh fhallsa, mar dhearbhas S. Aibhisttín go


L. 132


láidir as an sgrioptúir a mórán d'ionaduibh, do bhrígh
go ndéantur san chumadóracht sin fiaghnuisi go
foirimleach ó ghníomh gurab maith an droichchreid-
eamh, agus gurab olc creideamh na Heagluise Rómhán-
uighe, .i. creideamh Críostt. Do beirthear fós leis
an ngníomh ccéadna sin eisiomláir do na Catoilicibh
eile fán gcreidiomh mbréagach-sin do leanmhuin, agus
siocair dona heiricidhibh fá iad féin do dhaingnioghadh
'na seachrán, an tan do chíd na Catoilici ag gabháil
ris, agus fá tharcuisne do thabhairt do chreidiomh
Chríosd. Budh éigion duit, maille ris so, dá ndeachae
dá tteampall, bárr do chur ar do chédolc, .i. an
comúinion do ghlacadh, dá ngoirid san leasainm
caena Domini, .i. "séine an Tighearna," agus gan ann
acht suipéur Chailbhín choluigh fhógras Pól dona
Críosduidhibh do sheachna, ag rádh: "Ní héidir libh
cailís an Tighearna agus cailís na ndeamhan d'ibhe.
Ní héidir libh bheith páirteach fá mhéis an Tighearna
agus fá mhéis na ndeamhan." Agus smuain féin mar sin
an mór an chúis athtuirsi agus eólchuire druim do chur
ré hárdshácraimeint iongantuigh na haltóra, 'na
bfhuil Críosd 'na dhiadhacht agus 'na dhaondacht, do
bheir an Eaglas dá cloinn; agus cailís thaisge na
híodhalfhleidhe-si Chailbhín agus na ndeamhan, bhíos
dá sunnadh ar mhacaibh meirtneacha an mhíáidh,
do dhéanamh dot chroidhi."



"A mháthair bhúidh," ar Des., "nách bhfaici go
bhfuilid ag bagar mo chora a bpríosún le hórdughadh
an phrionnsa, agus go n-abair Pól rinn go ccuirmíd a
n-aghoidh órduighthe Dé an tan chuirmíd a n-aghoidh
na n-árdchumhacht bhíos ós ar ccionn ar an
ttalamh."



"A mhic," ar ise, "cuiridh S. Aibhisttín ceist
ag mínioghadh an ionaid sin Phóil, agus do bheir freagra
uirre lé bhfuasgoilthear do cheistt-si. "Créad as


L. 133


indéanta," ar Aughusttín, "dá bhfógroid cumhachta
dhuit ní do dhéanamh nách cóir do dhéanamh?"
Freagroidh an cceistt ar an modh-sa: "Tarcaisnidh
an tan-soin na cumhachta ar eagla na ccumhacht";
agus mínighidh an fhreagra-sa lé heisiomláir. "Dá
bhfógra an tImpeir dhamh: Bídh ullamh do chum
mo sheirbhísi, as cóir sin; gidheadh, ní do chum
dola lat go heaglais na n-íodhal, ór do fhógair Impir
as áirde dhamh gan dul ann sin; gabhoim cead
agot, ataoi-si ag bagar phríosúin, atá seisean ag
bagar theineadh ifrinn oram; ar an n-ádhbhar-so
ní dlighthear do Shéusair acht a cheart féin, agus ní
dó as cóir ceart Dé do thabhairt." Adeir fós an
naomhdhoctúir céadna-sa nách foil san eiricidh acht
nathair neimhe léarab gnáth, mailli ré ceilg, na daoini
do lot léna nimh, agus nách bí do shíor acht ag aithris
ar an nathair nimhe úd léar cuireadh Adhamh as
párrthus, ag iarroidh an Chríosttoighi do tharrang
as parrthas na naoimhEaglaisi. Tugadh mar sin
Adhamh rabhadh dhuit, a mhic; ná fágoibh parrthas
na Heaglaisi, agus ná mealladh aitheasg ilchealgach na
naithreach nimhe thú."



"A mháthair ghrádhach," ar Des., "adeirid súd
gur ab aca féin atá parrthas na heaglaisi."



"A mhic thairisi," ar an tShimplidheacht, "nocha
ní nuaidhe neamhghnáthach do na heiricibh sin, ór
measoigh gach sórt dá ttig dhíobh fá seach gurab
aca féin a mháin atá an creideamh cóir agus an eaglas
fhíre, agus go bfhuil an uile, uatha féin amach, ar
seachrán, mar as follas ar an méid do chuaidh
seachuinn díobh agus do claoiiodh leis an nEagluis gó
so; agus ní mheallfuidís uiread a mealluid do dhaoinibh
muna chuirdís dath éigin ar a mbréuguibh, ag aithris


L. 134


ar an ttí 'sa fhoghnamh 'na bfhuilid, an diabhal, tig
go meinic a riochd aingil na soillsi do mhealladh na
ndaoine, mar a deir Pól. Gidheadh, dochum go
ttuigfithea go follas nách ag na heiricibh-si atá Eaglas
Chríostt, ní fuláir dhuit a thuigsin gurab í as Eaglas
Chríostt san slighidh-si fhlaitheamhnais na daoine
agá bhfuil baistteadh agas creideamh Chríostt, agus a
reacht, agus gurab díobh so ghoireas Pól corp Críostt,
ar a ttabhair féin an Eaglas; agus go n-abair go bhfuil
an corp-sa aonda, mar adeirid fós Siomboil na
nAbsttol agus Siombail Chomhairle Níséun nách foil
acht aoineaglas ann, ionnamhoil nách foil acht
aoinchreideamh, mar adeir Pól; ór gé go bhfuil
eaglas fá leith ag gach aoineasbog, ní fhuil ionnta
so uile acht boill don aoinEaglais chomhchoitchinn,
dá ngoirthear an Eaglos Chatoilice.



Maille ris sin as éigean a admháil nách éidir leis
an nEaglois ccomhchoitchinn-si, nó Chatoilice,
eiriceacht nó seachrán creidimh do bheith uirthe
choidhche, mar as follas as na geallamhnoibh tug
Críostt di. Do geibhthear ag Matha agus ag Eoin go
ttóigeóbhadh í ar charroig, agus nách béardaois doirsi
ifrinn buaidh uirre, agus go mbiadh féin maille ria go
deireadh an tshaoghoil, agus go nguidhfeadh a Athair,
agus go ttiobhradh abhcóidigh oile, nó pátrún, dóibh,
Spiorad na fírinne, do chum anamhna 'na bhfochair
go bráth. Agus an tan mhairfeas an Eaglas go bráth,
mar adeir Pól, agus mar bheanas S. Aibhisttín as
briathroibh an tShailmcheadloigh, Deus fundáuit eam
in aeternum, ní héidir dhi an creideamh cóir do
léigean a mugha; ór mar cheangloid na cuisleanna agus
na féithe bhalla an chuirp nádúrtha dhá chéile, as
amhloidh sin cheanglas an creideamh boill chuirp
spioradáltha mhisticdhe na Heaglaisi dhá chéili


L. 135


eatorra féin, agus do Chríostt, ionnas dá ndeachadh an
Eaglas Chatoilice ar seachrán san chreideamh, go
sgaoilfeadh an coimhcheangal atá eidir í féin agus a
ceand, .i. Críostt, a ccéadóir, agus go mbiadh an tan-soin
mar gach eaglais oile thuiteas a n-eiriceachd, 'na
sínagóig Satáin. Gonadh aire so do bheir an Spiorad
Naomh a béul Phóil an t-ainm ordhuirc úd ar an
nEaglais, .i. "colamhuin agus fortoildhaingion na
fírinne," do bhiadh 'na leasainm dhi, muna bheith
gurab ní éttualuing doidhéanta a cor ar seachrán ó
fhírinne an chreidimh.



Bíodh a fhios agad mar an ccéadna gu n-admhaid
na Lúitéruigh agus na Cailbhínigh gu raibhe an creideamh
ceart ag an nEaglais Rómhánuigh agus ag na Haithribh
naomhtha gu ceand chóig céd bliaghan d'aithli
Chríostt. As éidir a nois a dhearbhadh ar an modh-
sa, agus gan dul tar S. Aibhisttín d'iarraigh chongantha
ar énndoctúir eile, nách fuil an eaglas cheart ag
seictibh Lúitéir agus Chailbhín, agus gumadh éigion dóibh
féin sin d'admháil, nó an ní sin do admhuighsiod
cheana do dhiúltadh arís; agus dá ndiúltuid sin, budh
follas a mbréaga, a n-udmhaille agus a neamhchobh-
suidheacht chreidimh. As éigion dóibh, do réir a
ráiteadh féin, a admháil gu raibhe S. Aibhisttín san
nEagluis chirt, ór as a ccionn deich mbliaghan
bhfichiod agus 400 d'aois an Tighearna fuair bás, agus gu
raibhe fios eagluisi agus chreidimh Chríosd aige; ór as
deimhin nách táinig d'aithle aimsire na nApsttal
aondoctúir san nEagluis as mó dár fhoillsigh Dia
misteiri agus rúindiamhra an chreidimh iná é, agus gur
dhearsgnuidh uas dhoctúiribh na Heagluisi a n-eagna
agus a n-eólas, mar dhearsgnuidheas an ghrian uas
reannuibh agus réllannuibh nimhe a soillsi, mar as urusa
a aithni ar an tteisd do bheirid pápadha foghlomtha


L. 136


agus doctúiri na haimsiri-sin, agus fós gach aimsiri ó shoin
ale, air.



A deir thrá an doctúir naomhtha-so a mórán dá
leabhruibh, agus dearbhuidh gu fada fairsing as an
sgríobtúir, gurab eiriciocht mhalluighthe na puinge
as prinnsiopáltha do geibhthear a ccreidiomh
Lúitéir agus Chailbhín. Ar an n-ádhbhar-so, d'fhiagh-
nuisi San Aibhisdín, ní fhuil an Eaglais chóir aca
so, ór ní héidir an Eaglas chóir do ghairm don eagluis
ar a mbí seachrán creidimh, agus chreidios eiriciocht,
mar do dhearbhamar as Pól, acht síonaghóg Shatáin
agus eaglas an aidhbhirseóra. Agus as follas, dá mbeidís
na neithi-si a deir Lúitéur agus Cailbhín 'na bpungcuibh
creidimh, mar a deirid-sion, gu mbíadh S. Aibhisdín
'na eiricidh, gá ndíchreidiomh, agus fós gá ndamnughadh
mar eiriciocht, agus nách biadh mar sin a nEagluis
Chríosd (ní nách éidir dhóibh-sion do rádh, ór do
bhiadh contrárdha don ní do admhuighsiod cheana,
.i. go raibhi an creidiomh cóir ag Aithreibh na ccóig
ccéad bliaghan d'aithle Chríosd); dá bhrígh sin as
éigion dóibh a admháil gu bfhuilid féin ar seachrán
ó Eagluis Chríosd, agus mar sin a sdaid dhamanta."



"A mháthair," ar Des., "dá ndearbhthá as S.
Aibhistín - do bhí 'na dhuine as foghlomtha thánuig
san ndomhan riamh a nuas ó aimsir na nApsttol,
agus lé ccuirid súd féin fiaghnuisi gu raibhe san
Eagluis chóir agus go raibhi fios an chreidimh chóir
aigi - go mbeith éanphungc amháin dá ccreideamh
'na eiriceachd, do chreidfinn go daingean gu bfhuilid
'na n-eiricidhibh agas nách fuil eaglas aca acht
sionaghóig Shatáin."



"A mhic," ar isi, "as do na pungcuibh creidimh
as oirrdhearca ag Lúitéur agus ag Cailbhín agus agá
ndeisgiobaluibh: Zuinglius, Melancton, Aecolam-


L. 137


pádius, Besa, Cemnísius, Carolsttádius, etc., na neithi-
si.



A deirid, do chéidneithibh, gurab é Dia as úghdar
agus as cúis don uile pheacadh. Atá an ponc-sa comh-
malloighthe agus sin, agus comhmór d'eiriceachd agus do
bhlaisbhéim a n-aghoidh Dé uileachumhachtoigh, nár
léig an eagla don tsheict sheineiriceadh dá ngoirthí
Manichei a rádha go díreach go mbeith Dia 'na
chúis ag an bpeacadh, gé gur dhearbh S. Aibhisttín
orra go follas go n-abradh an droichchreideamh sin,
léar chlaoi fá dheóigh iad, dá dhearbhadh as an
sgrioptúir nár éidir lé Dia, as árdmhaith uas gach
maith, agus as tobar don uile mhaith, bheith 'na chúis
ag an bpeacadh, dárab cúis toil an chréutúir, mar as
éidir a fhaicsin sna trí leabhroibh do sgríobh De Lib.
Arb., agus 'na eibisttil 105, lib.13 De Trinitáte, c.12,
lib.5 De Ciuit. Dei, c.8 et c.9, lib.12 Confes., c.
11, lib. De Spiritu et Litera, c.31, lib.2 De Pecc.
Mer., c.17 et 18, lib. De Praedest. Sanc., c.10, agus a
mórán d'ionadoibh oile. Agus as deimhin gur ab mór
an t-ainbhfeas do na daoithibh daillinntleachtacha-so
ní do chur a leith Dé uileachumhachtoigh uileath-
rócairigh 'na ttairgfiodh (dár ndóigh) an diabhal
féin a leithsgéul do ghabháil ar mhodh éigin, dá madh
air do cuirfidhe é; ór dob éidir leis a rádh nách é
féin as cúis go huilidhe don pheacadh, agus gé go mbí
ag aslach cháigh chuige, nách foil ar a chumas
aoinneach do choimhéignioghadh, ar an n-ádhbhar
go ttug Dia an oiread-soin d'uaisligheachd don duine
nách éidir lé héinní oile a thoil d'éigniughadh, mar
dhearbhoid na diadhaireadha, as S. Aibhisttín, lib.5
De Ciuit. Dei, c.10, lib. De Spir. et Litera, c.31,
et in Enchyrid., c.105.


L. 138


A deirid mar an ccéadna, agus as do na pungcoibh
as oirrdhearca dá ccreideamh, nách fuil toil shaor ag
an nduine; ionann so ré a rádh agus gurab éigean dó
a ndéin do dhéanamh, más maith nó olc do ní.
Sgríobhoidh S. Aibhisttín gurab seineiriceachd so
do bhí ag an seict eiriceadh dá ngoirthí Bardesaníte,
agus fós ag seict na Manichei, agus ag seict na Prisiollanistae;
ór adeirdís na seineiricidh-si go mbíodh a ndán don
duine gach éinní dá ndiongnadh, agus nách bíodh neart
aige gan a dhéanamh. Dearbhoidh S. Aibhisttín a
n-iliomad d'ionadoibh gur ab eiriceachd ro-ainbh-
feasach so, agus gurab éigean di a rádh go bhfuil Dia
éuccórach éuttrócair ainbhreathach, ag damnoghadh
na ndaoine go hifrionn ar son bpeacoidh, mun bhúdh
éidir dhóibh a sheachna, agus nách búdh fíu an duini
moladh nó flaitheas Dé d'fhagháil ar son na ndagh-
oibreach mun bhúdh éidir dhó gan a ndéanamh, agus
nár chóir duine ar bioth do mholadh ar son
maitheaso, ná do dhiomoladh ar son n-uilc. Agas
adeir an doctúir céadna-soin go suairc nách géubhadh
eiricidh dhíobh so mar leithsgél óna mhnaoi, dá
bhfaghadh ag ciontughadh ré fear oile í, a rádh gur
éigean di sin do dhéanamh, agus go raibhe sé a ndán di.
Dearbhuidh sna hionadoibh-si, ar a ccuimhnighim a
nosa, gur ab eiriceachd a dhiúltadh go bhfuil toil
shaor ag an duine, sna trí leabhroibh do sgríobh
Dé Lib. Arb., per totum; lib. 4 Ad Bonifa., c.4;
Epist. 46 et 47; lib. De Gratia et lib. Arb., c.2,3,
et 4; lib. 2 De Nuptiis et Concupisc., c.3; lib. uno
Contra Manich., c.10 et 11.



As punc ro-shuaitheanta do chreideamh na
n-eiriceadh-sa gurab lór an creideamh a mháin, gan
daghoibreacha, do chum duine do shlánoghadh, go


L. 139


háiridhe dá ccreide go daingean gan chonntabhairt
ar bioth gur maitheadh a pheacodha dhó. Sgríobh-
oidh S. Aibhisttín go raibhe a leithéid so d'eiri-
ceachd ag seinsheict eiriciodh dá ngoirthí Eunomiani,
adeireadh nár mhistte do dhuine an uile pheacadh
do dhéanamh, acht go ccreideadh a ccreideamh-san.
Dearbhoidh S. Aibhisttín san leabhar do sgríobh a
n-aghoidh na heiriceachda-so, De Fide et Operibus,
nách lór do dhuine creideamh do chum dula go
flaitheamhnas Dé, muna dhearna daghoibreacha, agus
go n-osgail an eiriceachd-sa an doras don uile olc, agus go
bhfuil a n-aghoidh an sgrioptúr ag S. Séum adeir:
"Créad an tarbha do dhuine a rádh go bhfuil an
creideamh aige, muna fhuilid oibreacha aige? nó an
éidir leis an ccreideamh gan oibreacha a shlánoghadh?"
agus Phóil, adeir: "Dá mbeith an uile chreideamh
agom comhmór agus sin go n-aithreóchainn na sléibhte,
agus gan déshearc do bheith agom, atú am neimhthní";
agus a n-aghoidh an tShlánuightheóra féin, adeir: "Madh
áil leat teachd go flaitheamhnas, coimhéid na
haitheanta." Sgríobhoidh S. Aibhisttín a n-aghoidh
na heiriceachda-sa a mórán oile dh'ionadoibh, in
Enchyr. ad Laur., c.67; De Agone Christiano, cap.
13; De Gratia et Lib. Arb., c.7; lib.12 De Ciuit.,
c.25. Maille ris so as urasa a dhearbhadh leis na
sgrioptúiribh léar chlaoi S. Aibhisdín sect na
Bpelagiani, go bhfuil an chuid oile don phunc chéadna-
soin a n-aghoidh an sgrioptúir, .i. a n-aghoidh Eoin
adeir: "Dá n-abrom go bhfuilmíd gan pheacadh, do
mheallamar sinn féin, agus ní fhoil an fhírinni ionnoinn";
agus a n-aghaidh an Spioraid Naoimh, adeir: "An tan


L. 140


shuidhfios an rí ceart 'na thróin, cia mhaoidhfios 'na
fhiadhnuisi go mbia croidhe geanmnuidh aigi nó go
mbia glan ón pheacadh?"; agus a n-aghaidh Chríostt,
adeir san phaidir: "Maith dhúinn ar bhfiacha mar
mhaithmíd-ne dár bhféicheamhnuibh," ór créud an
riachdanas atá ag an luchd chreidios go daingean
gur mhaith Dia a bpeacadha uile dhóibh, réna iarruidh
ar Dhia a bfhiacha do mhaitheamh dhóibh?



Diúltoid maille ris so an t-aithreachas, mar
do níd na seacta seineiriciodh dá ngoirthí Cathari agus
Nouatiáni ag S Aibhisttín, Haeresi.,38. Diúltuid
an absttanuid agus an trosgadh, mar do nídís na
seineiricidhe Aríus agus Iouiniánus ag Sant Aibhisttín,
Haeresi., 53 et 82. Diúltuid, leis na seineiricidhibh
céadna, go bfhuil difir eidir easbog agus shagort. A
deirid, lé Aríus, nách cóir guidhe ar na marbhuibh.
A deirid, lé Iouiniánus, nách fuil difir eidir na
peacadhuibh, agus nách uaisle staid na geanmnuidheachta
nó na hóghachta riaghaltha iná staid an
phósda.



Ag so agot-sa, a mhic," ar an tShimplidheachd,
"bladh d'eiriceacht Lúitéir agus Chailbhín, ór ní háil
leam tuilleamh gráini agus uathbháis do chur ar do
chroidhe Críosduidhe ag clos a ndoirtid do nimh ar
Mhuire Óigh, ar dhaondacht ar Ttighearna, agus ar an
Ttríonnóid, ag aithris ar na seineiricidhibh úd
áirmhios S. Aibhisttín 'na leabhar De Haeresibus ad
Quoduultdeum: Heluidius, Iouinianus, Priscillianus,
Manichaeus, Aríus, Photínus, agus a leithéide so do
phlághuibh oile. Gonadh aire so as éidir a rádh
nách fuil a n-eiriceacht Lúitéir agus Chailbhín acht
camra cáidheach, mar chruinnighid aoileachmhoirt agus
uile shalchar ifrionda na n-eiriceacht oile, agus nách fuil


L. 141


inntibh féin acht cúpla ilphiastt aincisioch do bhí ag
sgeith blaismhémiodh, aor agus aithisiodh, an ccéin ro
mhairsiod agas a haithle a mbáis, ar Eaglais Chríosd
agas ar a hárdnaomhuibh, ar an ccúirt neamhdhuidhe,
ar dhaonnachd ar Ttighearna, ar a Mháthair mhilis,
agus ar an Ttríonnóid féin. As éidir an fhírinne chéadna-
so do dhearbhamar gó so do chomhdhaingnioghadh
leis an cceisd úd chuirios S. Aibhis. ar an seict
eiriciodh dá ngoirthí Donatistae, a deiriodh an ní si
a deirid eiricidhe na haimsiri-si, gur cailleadh Eaglas
Chríostt agus nách raibhe ar an saoghal di acht a raibhe
aco féin a ccuid don Aifric. Nar chaill Eaglas na
Rómha an creidiomh agus an Chatoilghiocht ria
ndealughadh do Lúitéur agus do Chailbhín ria, nó nar
chonguibh aice? Munar chaill, créad fár dhealuigh-
siod ria? Má dho chaill, cia do rug nó do rinne
eagluis Lúitéir agus Chailbhín? Ór más eagluis chóir
atá aca, as deimhin nách iadsan do rug nó do rinne
í acht Dia, ór ní hobair dhaonda, acht obair Dhé, an
Eaglas, mar dhearbhas S. Aibh. as Isai. ar an
n-eiriciodh dá ngoirthí Gaudentius. Agus ó nách éidir
dhóibhsion a dhearbhadh ná a rádh gurab é Críosd
féin do rinne an n-eagluis 'na bfhuilid, agus nách mó as
éidir dhóibh a dhearbhadh gu bfhuair Lúitéur ná
Cailbhín úghdarrás ó aonduine dochum a ttiocfadh
cumhachta diaigh a ndiaigh ó na Habsttaluibh, as
éigion dóibh a admháil nách fuil aca acht seachrán
do chumadar féin agus eaglas an áidhbhirséora; agas
ós follas an seachrán atá orra ón Eagluis chóir, madh
áil leó a lorguireacht gu maith, as oirchios dóibh a
tturas do thionnsgnamh ó bhun tobair na hEagluisi
ó Chríostt agus ó na Habsttaluibh, mar adeir S.


L. 142


Aibhisttín, agus do ghéubhuid gu hurusa fíoruisge na
Heagluise ag teacht ó Pheadar gó a chomharbuibh
diaigh a ndiaigh gus an Bpápa Rómhánach atá
aguind a niú, tréas na Pápadhuibh, ionnamhuil tig
fíoruisge ón tobar tré fheadánuibh. Agus as mar so
do lorguir S. Aibhisdín fíoruisge thobuir na Heagluisi
a n-aghaidh na n-eiriciodh-sa, gá leanmhuin ó Pheadar
gu Anastásius Pápa do bhí 'na shuidhe a ccathaoir
Pheadair san Róimh, port oireachuis na Heagluisi
Catoilghe, ré linn na n-eiriciodh-sa. Agus as do Pheadar,
agus dá chomharbuibh a n-ainm Pheadair, do rinne
Críostt charruig ndaingin ndoghluaiste na Heaglaisi,
dár gheall nách rachadh a chreidiomh choidhche a
mbáthadh, agus nách budh éidir do dhoirsibh díomsacha
ifrinn, .i. do na heiricidhibh, buadhughadh gu bráth
uirri.



As urasa fós do na heiricidhibh-si a thuigsin gurab
ag an Bpápa agus agá ngéillionn dó atá creidiomh
Chríostt, ór ní fhuil aca féin, mar do dhearbhas gu
soilléir, agus ní fhuil ag éntsheict eiriciodh eile dá
mairionn, ór ní fhuil énchuid díobh nách fuighthior
a n-eiriciocht, nó cuid éigin di, ar n-a damnughadh
a leabhruibh S. Aibhisttín.



Ní fhuil creideamh Chríostt ag Turcachuibh
ná ag Págánachuibh, as námhuid fhollas dó, ná ag
an ccuid díobh nách cualuigh é riamh; ar an
n-ádhbhar sin as éigion gu bfhuil ag an lucht leanas
Eaglas na Rómha, ór an ccéin mhairfios an saoghal-
sa méaruigh creidiomh Chríostt, mar do dhearbhas
thuas as Pól agus as S. Aibhisttín. Maille ris so uile
as é an creidiomh atá ag an Eagluis Rómhánuigh a
níu do geibhthear a leabhruibh S. Aibhisttín, agus do


L. 143


bhí aige féin, mar as éidir a dhearbhadh gu hurasa,
gé nách fuilim ar a shon so ag cur úghdardháis S.
Aibhisdín a ccoimeas ré húghdardhás na Heagluisi
Rómhánuighe, dár mhac agus dár dheisgiobal umhal é,
mar admhas sé féin, lib.1 Ad Bonif., c.1, acht gá
dhearbhadh gu bfhuil a n-aghaidh na n-eiriciodh-so
lér ab gnáth a mhaoidhiomh gu n-anfadaoís ar a
fhiaghnaisi."



"A mháthair," ar Des., "creidim a nois gu ro-
dhaingion gu bfhuilid súd ar seachrán, ag dol uile gu
hifrionn, ór as deimhin, ó nách fuilid a nEagluis
Chríostt (mar do dhearbhais as S. Aibhis., agus mar as
éidir a dhearbhadh lé húghdardhás iomlán na
Heagluisi Catoilice, do bhí ann do réir a n-admhála
súd féin, sul do coimhlíonadh cóig céud bliaghan
d'aithle Chríostt, lér damnadh d'énaonta na
seineiricidhe úd ar ar labhrais gó so, tré bheith ag
cosnamh an tseachráin chéadna chosnuid eiricidhe
na haimsire-si) nách fuil slánughadh 'na ccionn ina
ccreidiomh féin, agus dá mbeith, gu madh leasainm do
Chríostt ar Ttighearna Slánuightheoir na n-uile
dhaoini, agus gu sunnradhach na ccreidmheach, mar a
deir Pól. Gidheadh, créud fá nách budh éidir leam
mé féin do chur a n-oireamhuin dóibh féin agus dá
bfháischreidiomh fallsa ó bhéul a mháin, do sheachna
an inghreama, acht go ccungbhuinn chreidiomh ccóir
na Heagluisi Rómhánuighe am chroidhe?"



"A mhic," ar isi, "ná smuain gumadh éidir sin
do dhéanamh ar mhodh ar domhan, ór dearbhaidh
S. Aibhisttín as an sgríoptúir nách éidir dhúinn,
dochum na n-eiriciodh féin do thairreang chum
creidimh, diúltadh dár ccreidiomh ó bhréithir ná ó


L. 144


ghníomh, agus gibé do shaoilfiodh gu madh éidir dhó
diúltadh dá chreidiomh ó bhéul amháin, acht gu
ccongbhadh é 'na chroidhe, do thuitfiodh a n-eiriciocht
na n-eiriciodh úd ar a ttig S. Aibhisttín, lib. De
Haeres. ad Quoduultdeum, a deireadh an ní céadna;
ór atá an oiread sin do ghráin ag Dia ar an n-eiriceacht
nách áil leis sinn do dhéanamh comhluadair ná
chomuinn dá laghod re heiricidhibh a n-éinní do
bheanfadh réna ndroichchreidiomh. Gonadh aire
sin fhógras Eoin Bruinne dhúinn fá phéin pheacaidh
gan fíu na fáilte do chur rompa san cháil-sin."



"A mháthair," ar eision, "atá an Tighearna
ro-thrócaireach; agus ar son nách measfoinn gomadh
ceadoightheach dhamh mé féin do chor ré creideamh
na n-eiriceadh, dá ttugadh a mháin loige inntinne, agus
grádh an tshaoghail bhoicht, agus fós eagla mo choda
cothuighthe do chailleamh, oram a léigean oram ó
bhéul go mbeinn dá ccreideamh, as cosmhail go
ndiongnadh Dia trócaire oram fá dheireadh, agus go
ttiobhradh ré n-aithrighe dhamh, ó nách ó dhroich-
inntinn ná ó neamhghrádh air féin, acht ó anbhfainne,
do dhéanainn sin."



"A mhic," ar an tShimplidheachd, "as truagh
leimhe an chomhráidh sin. Bíoth a fhios agot
gurab iomad anndóthchais as trócairi Dé, lé n-anaid
san pheacadh, bheireas forgla a ndamnoighthear do
na Críosttoighibh go hifrionn, agus gé go bhfuil Dia
trócaireach, atá roi-cheart roi-fhírinneach, agus nír léig
peacadh riamh gan díoghoil; agus as uime sin adeir an
Psailmcheadlach ré Dia gur ghrádhoigh an fhírinni,
.i. nach léig an peacadh gan smachtughadh, mar
mhínigheas S. Aibhisttín. Agas nách tabhrae dot
aire, dá fheabhas dá mbia do bheatha, go ma héigean


L. 145


duit dul ar sgáth thrócaire Dé, agus dá ngreannoighthea
léad pheacadhoibh é do chum díoghaltais, go bhféad-
foidhe, an tan do shaoilfea a theacht chugad lé
trócaire, gurab lé breitheamhnas do thiocfadh.



Cuimhnidh ar an ní adeir S. Aibhisttín ris an
lucht anas san pheacadh do shúil lé trócoire Ndé.
"A deirid-sion (ar Augusttín): Ní fhuiléanga Dia
trócaireach, féadfaidhe, do lucht an uilc do dhéanamh
drochbhás d'fhagháil. Adeirim-si: Ní fhuileónga,
gan chonntabhairt ar bioth, do lucht na deigh-
bheathadh drochbhás d'fhagháil." Créad iomorro
an fáth nách é an ní sin atá gan chonntabhairt do
bheirmíd do roghoin? As ríu so labhras an psalm
adeir: "Do ghrádhoighsiod Dia ó bhéul, agus do
rinneadar bréag ris ó theangoidh," ór an tráth adeirid
nách dá neamhghrádh anoid san pheacodh do níd
bhréig ris ó theangoidh, do bhrígh go n-aboir a
ccroidhe ní oile, agus measoid, agus as mian leó, Dia féin
do bheith bréagach, ag bagar phéine síordhuighe ar
lucht an uilc; agus mar nách éidir leósan Dia do
mhealladh lé bréig, ní mheallfa Dia iad lé fírinde ag
bagar phéine síordhuidhe orra, ór do chífid gurab
dá ríribh do labhair. Ar an n-ádhbhar-sa (mar adeir
an Doctúir céadna) grádhoighidh maith agus trócaire
an Tighearna, agus bídh ar crioth réna chumhachtoibh
agus réna cheart, agus ná bíodh an uiread sin d'ann-
dóthchas agot 'na thrócaire go ccuirfea a cheart nó
a chumhachto a ttarcaisne, ná d'eagla réna chumhach-
toibh go rachthá a n-édóthchas ar a thrócaire; agus
ná tigeadh ad smuaineadh choidhche peacadh do
dhéanamh, nó anamhoin and, a muinighin mhór-
thrócaire Dé: ór ní bhiadh and sin acht cead gan
chéill d'iarroigh ar Dhia fá dhol 'na aghoidh ar thaobh
a námhad. Ní fhuil fios uaire an bháis ag aoinneach.


L. 146


Ní fhuil do chinneamhoin ag na daoinibh uile bás
d'fhagháil san aois arsoigh, acht as éigean dóibh an
saoghal-sa d'fhágbháil a n-aosoibh éxamhla; agus gibé
beatha do géubhthar ag neach a n-am a bháis, as dá
réir bhreithneóchar é, ór ní fhuil aimsear aithrighe
and iar mbás, mar adeir an Psalmcheadlach: "Ní
aideómha aoinneach a n-ifriond thú."



Dá bhrigh sin ní cuirthe an aithrighi ar cáirdi
ó lá go lá; ór tig an bás agus fearg Dé go hoband a
n-aimsir an innighthe, mar adeir béul Dé féin, agus
fuadoighidh leis a moimint go hifrionn lucht na
haithrighe do chor ar athlá. Déanmaoid, dá bhrígh
so uile, deithneas do chum na haithrighi, agus bíodh
do shíor uair an bháis 'nar meabhair. An tan
éireócham ar maduin, bíodh eagla oirn nách béaram
ar an n-oidhche, agus an tan luidhfeam 'nar leaboidh,
bíodh an eagla chéadna oirn nách roichfeam beó gus
an madoin; agus dá ndearnam so, béaram buaidh go
hurasa ar antoloibh agus ar lochtoibh na colna, agus ní
chuirfe eagla an tshaoghoil d'fhiachoibh oirn Dia do
thréigean, agus fós, do réir gheallamhna an Tighearna
ag Matha, ní theistteóbhaid na neithe bheas 'na
riachtanas oirn san saoghal féin uainn, mar do chímid
a nIob, dá ttug Dia saidhbhrios fá mó iná a riachtonas,
mur nár thréig dligheadh Dé ná slighidh na foighidne."



"A mháthair," ar Des., "ní thréigfead Diá feasda,
ná slighidh na foighidne, d'iarroigh ar an saoghol; ó
atá a fhios agom gur gheall an Slánoightheóir a
riachtanas saoghaltha don luchd anas 'na sheirbhís."



"A mhic," ar ise, "as mór chráidheas mo
chroidhe an docamhal atá a nduine riaghaltha do
dhéanamh dhíot: ór dá n-antá a seirbhís Dé agus a
slighidh na foighide do chum an tshaoghoil d'fhagháil,
dá mhéad fulang dá mbiadh agot ré gach con-
trárdhachd dá n-éireóchadh dhuit, ní budh éidir


L. 147


dhuit a rádh go madh foighide an fulang-soin, acht
saint, mar adeir go ro-mhaith S. Aibhisttín. Agos
gibé iarras Dia (mar adeir an Doctúir céadna) ar
son mhaitheasa nó mhaoine saoghaltha, ní hé Dia
iarras acht an mhaoin shaoghaltha, ós í ghrádhoigheas;
gonadh airi sin adeir an Doctúir naomhtha-sa, ag
tráchtadh ar na briathroibh úd an tShoisgéil:
"Iarroidh ó thós ríoghacht Dé agus a cheart, agus do
ghéubhthaoi bhar riachtanas saoghaltha maille ris
sin," nách cóir Dia dh'iarraigh agus do ghrádhoghadh
ar a shon féin, agus fós an saoghal d'iarroigh agus do
ghrádhoghadh ar a shon féin, ór ní bhiadh and sin
acht foghnamh dhá thighearna, nách éidir lé
haoin-neach do dhéanamh, mar a deir an Slánaightheóir;
acht gurab amhloidh as cóir Dia d'iarroigh agus do
ghrádhoghadh ar a shon féin, agus gan an riachtanas
saoghaltha d'iarroigh fá leith, ná a n-aoineachd lé
Dia, acht an mhéid go bhfoghoin do chum go
ndiongnamaois seirbhís do Dhia."



"A mháthair," ar Des., "do chím anois go follas
gurab ro-olc adobhart súd; biad, maille ré grásoibh
Dé, soitheagoisg ó so suas, agus ní shainnteóchad an
saoghal; agus múin damh cionnas leigheósad mh'anom
ón pheacadh úd agus ó gach peacadh oile dá ndearnas
san slighidh-si."



"A mhic," ar ise, "as maith leam an inntinn
mhaith sin chuire romhad, agus mar admhae féin go
bhfuile easlán; agus múinfead sin duit ó thoil mhaith.
Ní fuláir dhuit fios do chur ar fhisigidh mhaith
fhéachfas do chuisle (ór atá fiabhras teinntidhe ort),
bhéaras purgóid duit, agus leigfios fuil, bhéaras sioróipe


L. 148


dhuit, agus bhéaras cead duit 'na dhiaigh sin éirghe as
leaboidh do thinnis."



"Mínigh sin dhamh, a mháthair ghrádhach, ní
as fearr," ar Des.



"As toil leam sin," ar ise. "As é an fiabhras
na peacadha; as é an fisigidh th'athair faoisidne,
fhéuchos do chuisle an tan éistteas t'fhaoisidin; as
í an phurgóid an aithrighe as éigean duit do ghlacadh
ó thosach, mar atá th'fhiabhras ro anbhuaineach;
as í an fhuil leigfithear dhuit, do dhíosgaoileadh do
dhroichleannta, an t-ualach chuirfithear ort fá aiseag
do dhéanamh má do bheanais a chlú, a onóir, nó a
mhaoin d'aoinneach, agus fós an ceangal chuirfithear
ort fá shiocair an pheacoidh do sheachna. As iad
na sioróipe bhús éigean duit do ghlacadh, trosgadh,
urnaighthe, agus déirc, mar lóirghníomh ad pheacadhoibh.
As é an cead bhús éigean duit d'fhagháil ria n-éirghi,
an absolóid sgaoilfeas thú ó chuibhreach do
pheacadh."



"Cionnas do gníthear an phurgóid sin na
haithrighe?" ar Des.



"As é an t-othar féin do ní í," ar isi, "gé nách
éidir dhó a dhéanamh gan chuidioghadh ó Dhia, ór
as tiodhlacadh do bheir Dia uaidhe í don lucht dá
ttabhair maitheamhnas a n-olc; agus as amhloidh so do
níthear agus ghlacthar í, a ttrí piollairibh: an céd-
phiollaire .i. smuaineadh ar na peacadhoibh do
ríghnis, agus doilgheas uas gach ndoilgheas oili ót uili
chroidhe do bheith ort tré fheirg Ndé do thuilleamhoin,
do thuillis lé gach aoinpheacadh marbhtha dá
ndearnais, agus gráin uas ghráin mbáis do bheith agat
orra. An dara piollaire .i. a chur romhat go ro-
dhaingean mailli ré grásoibh Dé gan peacadh do
dhéanamh ó sin suas. An treas piollaire .i. dóthchas


L. 149


do bheith agot a mórthrócaire Dé agus a bpáis do
Thighearna go bhfuighbhe maitheamhnas do pheacadh
ó Dhia. Agus as ro-fhalláin don anom é féin do chor
fán leigheas-sa go roi-mhinic, a ccionn gacha seachd-
mhuine nó gacha míosa, agus go háiridhe an phurgóid-si
do ghlacadh ria luighe dhó gacha hoidhche, ag
déanamh inchreachoidh ar ghníomharthoibh an laoi-
sin."



"A mháthair," ar Des., "atá an treas piollaire-
sin roi-shearbh, roi-dheacrach, ór as cumhoin leam
gur dhearbhois go maith as S. Aibhisttín go bhfuil
an duini ro-chlaon do chum an pheacoidh; agus iarraim
d'athchuinghidh ort, ós éigean damh an piollaire-sin
do ghlacadh, tabhair teagasg éigin uait bhús cuidio-
ghadh dhamh do chum go madh usoide leam a
ghlacadh."



"A mhic," ar isi, "do bhéar teagosg ro-tharbhach
dhuit as S. Aibhisttín, ór adeir an Doctúir naomhtha-
sa gur ab ceachtar do dhá ní as cúis don dhuine
do chum an pheacoidh do dhéanamh, .i. grádh nó
eagla an tshaoghoil; mar as éidir a thuigsin leis
an sompla-sa.



Tairgidh eiricidh beatha nó onóir shaoghaltha
dhuit do chionn dula lais dá theampall, nó bagroigh
do chor a ccarcair agus a bpríosún, nó do bhásoghadh,
muna umhloidhe dhá thoil. Más é grádh an
tshaoghoil bhias ag cor chathoighthi ort do chum
tola an eiriciodh do dhéanamh, smuain ad chroidhe
ar Dhia, agus abair riot féin na briathra-sa adeir Críostt
rind san Soisgéul: "Créd an tarbha do dhuine an
saoghal uili do ghnóughadh, agus a anom féin do
dhamnoghadh?" Más í an eagla bheas dot choimh-
éignioghadh, smuain mar an ccéadna ar Dhia agus aboir


L. 150


na briathra úd oile an tShlánoightheóra: "Ná bíodh
eagla oraibh réas an lucht mharbhas bhur ccorp agus
leis nách éidir bhar n-anom do mharbhadh, acht réas
an ttí léar ab éidir bhar ccur, idir chorp agus anam, go
teinidh ifrind." Ní héidir lé haoinneach th'anom do
mharbhodh acht lat féin ag déanamh an pheacoidh.
Ciondas budh éidir lét eascaroid, acht go ndiongnadh
a dhíthcheall, ní sa mhó dot olc do dhéanamh iná
a ndéine féin ag déanamh an pheacoidh? As éidir
leission do chorp amháin do mharbhodh, agus as mó
iná sin an t-olc do ní féin, ór marbhae th'anom ag
déanamh an pheacoidh. An éidir leis an saoghal a
uiread do thabhairt duit do chionn bheith olc agus a
ttiobhra Dia dhuit do chiond bheith maith? Dá
mhéud bagar dá ndiongna an saoghal ort ar son
bheith maith nó fíréanta, an éidir leis uiread a ndéan
Dia do dhíoghaltus ar an ainbhfíréan do dhéanamh
ort?



An áil leat a chlos créd bhéras Dia dhuit do
chionn bheith fíréanta? "Tigidh, a chlann bheann-
uighthe mh'Athar féin, glacuidh an ríoghdhacht-sa
atá ar na hullmhughadh dháoibh ó thosach dhomhuin."
An áil leat a chlos créd bhéras do mhacuibh na
mallachd? "Eirghidh san teinidh shiórdhuidhe atá
fá chomhair an diabhuil agus a dhrochaingiol."



"A mháthair," ar Des., "as ro-mhaith an
reiseapta sin tuguis dhamh as S. Aibhisdín do chum
an treas piolluire do ghlacodh gan urlagodh, agus atá
mo dhóigh a Ndia go mbiad slán ó so suas; agus bíom
feasda ar siobhal. Gidheadh, guidhim thú, innis
dhamh ria ngluasachd dhúinn créd fá ndearbhae
gach éinní as S. Aibhisdín tar Dhoctúiribh oile na
Heaguilsi?"


L. 151


"A mhic," ar ise, "nách aithnidh dhuit gurab é
Sant Aibhisdín an acuil iongantach úd an Sgrioptúir
do éirigh d'áirdeitil uas na doctúiribh oile lé heitibh
grás, agus do bhí ag dearcadh dhealroidh na Tríonnóidi
lé rinn ruisg a aigéininntleachda go díreach, nó gur
líonadh é do dhealradh éigsi agus eagna, léar dhíosgaoil
ar thógoibhsiod eiricidhe a aimsire féin do cheó
doilbhthi draoítheachda a n-aghoidh na Heaglaise,
go bhfuil ó shoin ale 'na lóchrann lasamhoin 'na lár,
ag soillsioghadh an uile dhomhuin, is sa úghdardhás
bheirim-si leam comhminic agus so do chum go bhfaicfithí
a dhíorgha atá a n-aghoidh na n-eiriceadh, léarab
gnáth a chomhmaoidheamh gurab ar a son féin bhíos
(gé nách tuigid é), do chum an phoboil shimplidhe
do mhealladh ar sgáth a ughdardháis, gé nách
tuigid éunchuid dá seicréidibh doirche diadha; ór
ní théid an eagna a stteach san chroidhe mhios-
gaiseach, agus ní áitigheann san choloinn ar a mbí a
hualach peacoidh, mar adeir an Spiorad Naomh."


L. 152



CUIRTHEAR SIOS ANN SO SIOMBAL
CHREIDMHE AGUS TRACHTAR AR NEITHIBH
EILE BHEANAS RIS AN CCREIDIOMH.



C.5.



Iomthúsa Des., do thriall imtheacht 'na shlighidh
iar cclaoi na n-eiriciodh sin dó, agus tárla a ccionn
treimhsi iar sin a measg dhroinge eile d'eiricibh é
fá haighmhéile, aindéine, aingidhe, inás a bfhacuidh
gó sin. Do ghabhsad ag diospóracht ris a n-aghaidh
a chreidimh, agus tugsad anuas an oiread sin do bhriáth-
ruibh an sgrioptúir, ar ar chuirsiod an n-uile dhath
dob édir léo do dhearbhadh a ndroichcreidimh féin agus
do dhamnughadh an chreidimh Chatoilghe, gá rádh
nár chneasda céillidhe na neithe dorcha dothuigsi
a deireadh an creidiomh muna fhaghthaoi dearbhadh
súl ortha; ionnas gur thionnsguin Des., mar nách
raibhe éolas san sgríoptúir aige, contabhairt do chur
'na chreidiomh.



"A mháthair," ar Des., "ní rabha riamh a
n-éigion budh mó iná an t-éigion 'na bfhuilim anois,
ór mothuighim mórán do smuaintighthibh ag teacht
chugam a n-aghaidh mo chreidimh, tréna bhfaicim
d'úghdardhás aca súd dá thabhairt leó as an sgríoptúir
'na aghoidh."



"A mhic ghrádhoigh," ar an tShimplidheachd,
"smuain ar bhréithir bhaoghloigh bhagroigh an
Tighearna san áit a n-aboir linn uile: "Cuimhnighidh
ar mhnaoi Lót"; agus ó do sheasois gó so, agus ó do
chuiris romhad bheith ag foghnamh do Dhia, ná
féach ar th'ais, mar do rinne bean Lót, dá ndearnadh
an cairthe saloinn, agus as fioghair don lucht fhilleas
ar a n-ais do chum a seinbhéas ó shligheidh a


L. 153


slánoighthe, agus dá ndearnadh salann seach ní oile
do chum cáich do choimhéad ó mhorgadh an
pheacoidh, ag cuimhnioghadh uirre, mar adeir S.
Aibhisttín. Nách aithnidh dhuit gur ab béas do na
huile eiricidhibh a ndíthcheall do dhéanamh ar a
seachrán do dhearbhadh as an sgríoptúir agus gurab trés
an sgríoptúir mhaith do thuigsin gu holc do fhás an
uile eiriciocht, mar a deir an doctúir céadna. Dá
ccuirtheá th'arm díot, cionnas do bheitheá ionchomh-
ruic réd naimhdibh? Asé an creidiomh as sgiath agus
as lúireach don Chríosduighe, mar a deir Pól; ar
an n-ádhbhar sin ní fuláir dhuit a chongmháil gu
daingion, muna mian leat tú féin do thoirbheirt dod
námhuid, agus uile shleadha arguimeinnteadh th'eascarad
do chor díot léd sgéith.



Nach faice féin, dá modh fíor an ní a deirid-sion,
.i. nách cóir do dhuine an ní nách faicfe do chreidiomh,
go mbíadh an saoghal do ghnáth lán d'easaonta agus
d'aimhréiteach, mar dhearbhas S. Aibhis.; ór cia
do ghrádhóchadh a chompánach nó a chomharsa
ar son an ghrádha bhíos aca oirn muna chreidmís
dóibh, do bhríogh nách éidir an grádh atá 'na ccroidhe
d'fhaicsin? Cia do ghrádhóchadh ar an modh
ccéadna a ghaol, agus fós aithre nó a chlann, ór ní
héidir linn a ngrádh oruinn d'fhaicsin; ionnas gu
n-imeóchadh muinnteardhas agus an caradradh as an
saoghal uile mar sin. As éigion fós don lucht a deir
so mórán do chreidiomh nách faicid, ór creidid
stairtheacha agus mórán neitheadh aithristear dhóibh
ar ionaduibh nach facadar riamh, agus cia as aithre
dhóibh féin, ór ní fhuil dearbhadh súl aca ar a
n-aithribh acht fiaghnuisi dhaoine eile; agus ós éigion


L. 154


dúinn neithe nách faicmíd do chreidiomh, créad nách
creidfiomaois na neithe a deir Dia rinn, gé nách
faicmíd iad?"



"A mháthair," ar Des., "dar leam-sa ní hionann
sin; ór as éidir lem grádh mo charad agus mo ghaoil
oram do thuigsin agus do chreidiomh trés na dearbh-
thuibh, trés na sighnibh, agus trés na comharthadhuibh
do gheibhim, agus ní haithnidh damh dearbhtha ná
sighne ar na neithibh bhíos d'fhiachuibh oram do
chreideamhuin óm chreidiomh Chatoilghe."



"As maith leam," ar an tShimplidheachd, "gu
n-admhae mar sin gurab éigion dúinn mar sin neithe
nách faicmíd do chreidiomh agus gurab bréag mar sin
an ní a deir súd. Maille ris sin as mór an mealladh
a mheas nách fuilid dearbhtha agus sighne ar na neithibh
a deir an creidiomh Catoilghe, ór as ró-mhór an
dearbhadh air gur thairrngirsiod fáidhe an tseinreachta
gach a bfhaicmíd a nois dá ccomhall agus iar n-a ccomhall.
As mór an dearbhadh ar fhírinne ar ccreidimh a
onóraighi agus a áirdi labhras ar Dhia, ar a labhraid
eiricighe agus págánoigh go ro-mhaslaightheach, ag cor
pheacoidh 'na leith, agus ag rádh mhóráin do bhlais-
bhéimibh oile ris. As mór an comhartha ar fhírinne
ar ccreidimh ceart agus naomhthacht a dhlightheadh agus
a theagoisg, agus méad an fhoghair bhíos aige do na
subháilchibh, agus an mhíofhoghair do na dubháilchibh.
As mór an dearbhadh air gur chuirsead na daoine as
foghlamtha agus as naomhtha bádar san ndomhan
fiaghnaisi leis, agus gur dhoirtsead iliomad díobh a
bhfuil ar a shon, do chor séula ar a bhfiaghnaisi.
As mór fós an dearbhadh air, an t-iliomad d'fhear-
toibh agus do mhíorbhailibh do righneadar ilmhílthe ar
feadh an domhain dá dhearbhadh, léar iompuighsiod
chineadha oirrdhearca na cruinne dhomhanda gona


L. 155


n-impeiribh agus gona ríoghoibh do chum an chreidimh
Chatoilice."



"A mháthair ghrádhach," ar Des., "as agotsa
atá an fhírinne, agus ní haca súd; agus indis damh
a nois cionnas chuirfead uaim na drochsmuaintighthe
thugsad súd chugam a n-aghoidh mo chreidimh, ag
tabhairt úghdardháis as an sgrioptúir 'na aghoidh."



"A mhic," ar ise, "ná cuireadh ní ar domhan dá
ccluinfe conntabhairt dá laghat ort a n-airteagloibh
do chreidimh; agus dá ttigeadh aingiol ó nimh do
sheanmóir 'na n-aghoidh (mar adeir Pól), cuir
contracht ar a sheanmóir, agus cuimhnidh mar do
dhearbhas as S. Aibhisttín gur ab gnáithbhéas dona
heiricibh bheith ag mealladh cháigh lé saobhchiallaibh
chuirid san sgrioptúir. Ar an n-ádhbhar-soin, mar
chomhairligheas an Doctúir céadna, gach uair dá
ttiobhraid sgrioptúir bhias cruaidh ort a n-aghoidh
do chreidimh, creid go daingean nách í an tuigsi
chuirid-sean and as ciall dó, achd go bhfuil ciall
dhorcha éigin oile aige nách tuige féin."



"A mháthair," ar Des., "as ro-mhaith an
chomhairle sin, agus créad do ghéan anois, ór atáid ag
bagar bháis oram, muna dhíultar dom chreideamh?"



"A mhic," ar isi, "ní fuláir dhuit bheith
foighideach neartmhar; ór as iad so biodhbhoigh
mhainisttreach an chreidimh, agus tángadar romhainn
ann so. Cuir do dhóthchas uile a Ndia mar do
nídís na mairtírighe; agus ó nách éidir lé haoinneach
mairtíreachd fhíre d'fhulang óna neart nádúrtha féin,
gan grása móra ó Dhia, mar dhearbhas S. Aibhisttín
a mórán d'ionadaibh, guidh Dia go dúthrachdach
fá sheasamh mhaith do thabhairt duit; agus má tá


L. 156


grádh an tshaoghail, nó eagla an bháis, ag cor chath-
oighthe ort, smuain ar an leigheas tugas dhuit cheana
as S. Aibhisttín. Muna lór sin do chum do
chathoightheadh do chor ar ccúl, smuain ar an
luaighidheacht do bheir Dia a ccéadóir don droing
fhuilngeas bás ar son a ccreidimh, .i. a mbreith suas
ar an mball go díreach, gan phéin ná purgadóir, a
bhfiaghnaisi a ghnúise féin, abhal a mbeid 'na ríthigh
a n-aoibhneas shíordhoighe nách éidir d'fhaisnéis; agus
nách búdh mór an mhire agus an mhíchiall an t-aoibhneas
síordhuighe sin do mhalairt ar aisling aoibhnis
urchradhoigh anaoibhinn éanuaire? Agus nách biadh
meas duine leimh ar an tté do bhéaradh sgáile an
óir do roghoin? As leimhe iná sin an tí iarras agus
ghrádhoigheas antoil éuttarbhach a cholna ria nglóir
fhlaitheamhnais, agus bheireas do roghoin bheith a
n-éagmhais ghnúise Críostt, agus a n-éagmhais amhairc
a aingeal nglórmhar agus throimtheaghloigh a ríthighe
tré bhioth shíor, dá mbeith cead aige gan dol go
hifriond a ccomhluadar shíordhuighe dheamhan
nduaimhseach ndoidhealbha, mar nách bia.



Agus muna lór so uile, smuain don taoibh eile, dá
ndearnae toil na n-eiriceadh, ar shíordhoigheacht na
péine atá fád chomhair a n-ifrionn; agus gé go mbeth
do chroidhe 'na chloich, má tá coibhéis an ghráinne
mhusttaird do chreideamh agot, ní bá hurasa dhuit
gan bheith ar coimhchrioth ón smuaineadh sin, ór
fiafraighim dhíot cia ar an ndomhan-sa duine dá
dhíchéillidhi do rachadh a bpríosún go ceand chéad
bliadhan ar aoibhneas aonlaoi d'fhagháil. As deimhin
nach bhfuighthí aoinneach do bhéaradh an rogha-sa,
agus dá éis so uili ní príosún chéad mbliaghan ná míle
do bhliaghnoibh, acht príosún a saoghal na saoghal
gan chrích gan fhoircheann, bheirid na truagha gan


L. 157


chéill gan chuimhni leanas antoil a ccolna agus na
dubháilche do roghain ar son aoibhnis seachdmhoghad
nó ochdmhoghad bliaghan, agus ní hé sin a mháin acht
ar son aoibhnis éanuairi dá n-antoil cholnaighe. Ní
hí trá samhoil na barroigheachta atá ag céad bliaghan
ar aon lá atá ag an tshíordhoigheachd ar sheachdmh-
oghad nó fós ar chéad bliaghan, acht barroigheacht as
míle mó, agus ar nách éidir cinnteacht do chor tré bheith
don tshíordhuigheacht gan chrích gan fhoircheann.



Déana, ar an n-ádhbhar-so, a mhic ghrádhoigh,
seasamh ro-láidir a n-aghoidh antola do cholna, a
n-aghoidh aoibhnis fhallsa an tshaoghail-si, a
n-aghoidh chealg an áidhbherseóra agus na n-eiriceadh.
Seachoin maille leis an uile aire agus fhriochnamh
shlighidh bhfhairsing an tshaoghail tré ttiaghthar
gus an mbás shíordhuighe; lean ó uile álghas do
chroidhi slighidh chumhang Chríostt tré ttiaghthar
gus an mbeathoigh shuthain, .i. slighidh na foighide,
na habsttanaide, na geanmnoigheachta, na humhla,
agus an uile chrábhoidh, tré ndeachoidh Críostt ag dol
dá ríoghdhacht, 'sa lorg as cóir dhúinne do leanmhain
go roicheam dá ríochathair, 'sa haoibhneas nách
éidir lé hinntleacht daonna d'aithris, ór dá mhéad
teistt dá ttiobhradh uirre, ní bhiadh ann sin acht
braon beag don bhóchnamhuir, nó mindrithle do
mhóirtheine, ar an n-ádhbhar nách facoidh súil, nách
cualaidh cluas, agus nár smuain croidhe (mar adeir an
Slánaightheóir féin) na neithe do ullmhoigh Dia don
lucht charas é."



"A mháthair ghrádhach," ar Des., "do chuiris
mo chroidhe ar comhlasadh am chliabh d'fhonn bháis
d'fhulang ar an mball ar son mo chreidimh, agus
carcairphríosún na colla-so d'fhágbháil dochum dola
dom dhíodnadh agus dom shásughadh gus an


L. 158


n-aoibhneas n-iongantach sin. Guidhim thú, múin
damh aicheapt égin eagnuidh ealadhanta as an
maighistir mór sin na Heagluisi, S. Aibhisttín, le
raghuinn do dhiospóracht ríu súd, do chosnamh mo
chreidimh orra agus do dhortadh m'fhola ar a shon."



"A mhic," ar isi, "seachain a ndiospóracht, ór
gé nách bíd na heiricidhe foghlumtha, mealluid duine
simplidhe lé comhrádh milis, mar a deir Pól, agus
gealluid flaitheamhnas Dé agus uile aitios a ccolna
dhóibh a n-aoinfheacht, agus bídh mar sin briocht
mealltórachta 'na mbriathruibh, agus bídh a n-úrlabhra
mar aillsi ag snámhchnaoi, mar a deir an tApsttol
céadna. Léig dá bhríogh sin a ndiospóracht sin a
leith na bpréuláidiodh agus na ndaoine n-eagnuidhe,
dar ab eól a cclaoi; ór an tan nách budh eól duit
freagra gu lór do thabhairt orra, do bhéurthá siocair
dhóibh fá iad féin do dhaingnioghadh 'na seachrán,
mar adeir S. Aibhisttín, agus do na Catoilghibh
neamhfhoghlamtha do bhiadh ag éistteacht ribh fá
chonntabhairt do chur a bhfírinne an chreidimh
Chatoilghe."



"A mháthair," ar eision, "dobadh náir dhamh
gan fios gach docamhail dá ccuirfidís oram a n-aghoidh
mo chreidimh do bheith agom."



"A mhic," ar isi, "ná bíodh náire ort fá gan
misteire agus rúindiamhra roi-dhoirche do chreidimh do
thuigsin go solas, agus a liacht neithe beaga nádúrtha
nách tuige féin agus nách tuigid-sion. Ní fhuil a fhios
ag aoinneach agoibh uile cá líon ruainne 'na fholt,
agus cionnas do bhiadh eólas solas ar an Ttríonnóid
agoibh? Adeir S. Aibhisttín nách géarchúis
inntleachta, acht simplidheachd chreidimh, doní pobal
coitcheann na Heaglaise ro-dhaingean roi-innill;


L. 159


gonadh airi sin adeir gurab orra labhras an
Sailmcheadlach; Iumenta eorum non minorauit, san
áit a n-abair gurab éidir asoil agus ainmhinteadha
tarbhacha do ghairm don lucht imthigheas go
simplidhe san Eaglais, agus bhíos ar bheagán foghlama
lán do chreideamh. Do b'fhearr leam ar an
n-ádhbhar-sa nách léigtheá na briathra úd Phóil as
do chuimhne: "Ná hiarr eólas domhoin do bheith
agot ar neithibh árda, acht bíodh eagla ort," agus fós
an ní adeir an Spiorad Naomh: "Ná hiarr na neithe
as áirde iná thú, agus ná sgrúd neithe as neartmhaire
iná thú, achd bí ag smuaineadh do ghnáth ar na
neithibh do athain an Tighearna dhíot." "



"A mháthair," ar Des., "ós amhluidh sin atá,
ní bhíu féin ag dréim feasda ré bheith foghlamtha;
gidheadh, múin mo chreidiomh dhamh."



"Nách ar fhoghlomais," ar isi, "an Teagasg
Críosttuidhe an tan do bhádhais óg, mar atá
d'fhiachuibh ar an n-uili Chríosttuidhi?"



"Do righnios," ar Des.



"Do fhoghlamais Symbuil na nApsttal, agus, mar
sin, creidiomh Eagluisi Chríostt," ar an tShimplidh-
eachd.



"As fíor sin," ar Desiderius, "ór as aithnidh
dhamhsa nách déin an Eaglas creidiomh eile gu
nuaidhe, agus nách fuil aice acht creidiomh na nApsttal;
gidheadh atáid cumhachta aice an tan éirghios
coinntinn idir í féin agus na heiricidhe, nó contabhairt,
a fhoillsiughadh gu nuaidhe gu bfhuil an ní si nó ní
eile 'na chreidiomh, gé nách éidir lé éinní dh'fhoill-
sioghadh mar sin do bhíadh a n-aghaidh chreidimh
na nApsttal, acht na neithe bheanas as creidiomh
agus as teagasg na nApsttal agus bhíos ann ní as doirche
ná mar fhoillsighthear léisi. Gonadh aire so budh


L. 160


maith leam-sa riaghail chreidimh d'fhagháil 'na
mbeidís na puingc chreidimh gu solas dhiúltuid
eiricidhe na haimsiri-si."



"A mhic," ar an tShimplidheacht, "do geibhthear
a bhforgla sin a bhfoirm an luidhe as dual dona
heasbagoibh do thabhairt an tan oirnthear iad, agus fós
don lucht ghabhas cúram anmonn orra, agus adeir mar
so:



"Creidim-se ó chreideamh dhaingean, agus admhoim
ós áird, an uile ní agus gach éinní dá bhfuil sa symbail
chreidimh ghnáthoigheas an Eaglas Rómhánach, .i.
creidim a n-aoinnDia, Athair uileachumhachtach, do
rinne neamh agus talamh, agus na huile aicsidhe agas
neamhaicsidhe, agas a n-aoinTighearna Iosa Críostt
agus aoinGhein Dé, agus do geineadh ón Athair rés an
n-uile shaoghal, Dia do Dhia, solas do sholas, Dia
fíre do Dhia fhíre, atá iar n-a gheineamhoin gan
déanomh, comhshubsttainteach ris an nAthair, tréas
a ndearnadh an uile, táinig a nuas ó fhlaitheamhnas
ar ar soinne, na daoine, agus ar son ar slánoighthe, do
ghabh cholainn ndaonda ón Spiorad Naomh as
Muiri Óigh, agus dá ndearnadh duini, agas do crochadh
mar an ccéadna ar ar soinne, do fhulaing fa Phoint
Phioláid agas do hadhlacadh, agus do aithéirigh an treas
lá do réir na sgrioptúireadh, agus do chuaidh suas ar
neamh; atá 'na shuidhe ar deis an Athar, agus thiocfas
arís maille ré glóir do bhreitheamhnas bheó agus mharbh,
an tí 'sa ríoghdhacht ar nách cuirfithear críoch; agus
san Spiorad Naomh, tighearna agus beóaighthigh, tig
ón Athair agus ón Mhac, adharthar agus chomhghlór-
aighthear ar aon leis an nAthair agus leis an Mac, do
labhair tréas na fáidhibh; agas aoinEaglas naomhtha,
chatoilici, absttalda. Admhoim aonbhaistteadh a
maitheamhnas na bpeacadh. Atá mo shúil ré


L. 161


heiséirghe na marbh agus ré beathoigh an tshaoghoil
thiocfas. Amén.



Admhoim go ro-dhaingean, agus gabhoim chugom
go fonnmhar, béulphroicheapta asbaltha agus eagalsa,
agus gach éanchuid oile do ghnáthaighthibh agas
d'órduighthibh na Heaglaisi céadna. Admhoim
mar an ccéadna an sgrioptúir naomhtha san chéill
'nar chongaimh agus a ccongmhann an naomhmáthair
Eaglaise, dárab dual a bhreathnughadh cia hí ciall
fhíre agus mínioghadh na sgrioptúireadh naomhtha, agus
ní ghlacfad agus ní mhíneóchad choidhche é achd do
réir aonaonta agus éinintinde na n-aithreadh.



Admhoim fós ós áird ar an modh ccéadna go
bhfuilid seacht Sacraimeinte fíre dísle ag an reacht
nua, iar n-a bhfágbháil ó Chríostt ar Ttighearna
againn agus do chum sláinte an chinidh dhaonna, gé
nách fuilid uile 'na riachdanas ar gach aon fó leith,
.i. Baistteadh, Dul fá láimh easboig, Sacrameint na
haltóra, Peandaid, Ongadh déigheanach, Grádha
coisreagtha, agus Pósadh; go ttugoid so grása uatha,
agus nách éidir an baistteadh, dol fá láimh easboig, agus
grádha coisreagtha d'athghabháil gan neimheadhshár.
Gabhoim chugom mar an ccéadna, agus faomhoim, na
gnáthoighthe atá ar congmháil agus ar n-a moladh ón
Eaglois Chatoilge, a bhfritháileamh sollamainte na
n-uile shacramainteadh réumhráite-sin. Toilighim
go fonnmhar, agus gabhoim, na huile neithe agus gach ní
fá leith dár foillsigheadh agus dár snaidhmchinneadh lé
naomhChomhairle Thriont, do thaoibh pheacaidh an
tsinnsir, agas an fhíréantais.



Admhoim ós áird ar an modh ccéadna go
n-ofráiltear do Dhia san aifrionn saicrifís fhíri dhíleas
a síothcháin ar bpeacadh, ar son bheó agus mharbh, agus
go bhfuil corp agus fuil ar Ttighearna Iosa Críostt mailli
réna anom agus réna dhiadhacht a sacrameint ro-


L. 162


naomhtha na haltóra go fíri, dá ríribh, agus go
substtainteach, agus go n-iompóighthear uileashubsttaint
an aráin a ccorp, agus uileashubsttaint an fhíona a
bhfuil, agus gurab é ainm do bheir an Eaglas Chatoilge
ar an cclaochlódh-sa, transubsttantiatio, .i. transub-
staintioghadh. Admhoim mar an ccéadna go
nglacthar Críostt go huilighe iomlán, agus sácrameint
fhíri, fá gach aoinghné fó leith dhíobh. Cothuighim
go seasmhach go bhfuil purgadóir ann ina mbíd
anmanna a láimh, dá ttugoid daghoibreacha na
Ccríosttoigheadh fóiridhin; ar an modh ccéadna
gurab cóir na naoimh atá a ríoghdhachd a bhfochair
Chríostt d'onórughadh agus do ghuidhe, agus go n-ofráilid-
sion urnoighthe ar ar soinne do Dhia, agus gur ab cóir
a ttaisi d'onórughadh. Adeirim go ro-dhaingean
gurab cóir íomháigh Chríostt, agus Mháthar Dhé do bhí
riamh 'na hóigh, agus na naomh oile, do chongmháil, agus
do bheith a rébherens agus a n-onóir iomchubhoigh.
Deimhnighim mar an ccéadna gur fhágoibh Críostt
cumhachta an loghoidh ag an nEaglais agus go bhfuil
cleachdadh a thabhartha don phobal Chríosttoighe
ro-fhalláin dóibh. Aithnighim agus admhoim an nEaglas
naomhtha, Chatoilge, apsdalda, Rómhánach; do
ním d'fhiaghnaisi gur ab í as máthair agus as ban-
mhaighisttir don uile eaglais; agus gealloim agus
mionduighim umhla agus urruim fhíre don Phápa
Rómhánach, comharba Pheadair bheannoighthe,
prionnsa na nApsttal agus biocáire Iosa Críostt.



Gabhoim chugam gan chonntabhairt ar bioth agus
admhoim ós áird na huile neithe oile do teagaisgeadh,
do snaidhmchinneadh, agus do foillsigheadh leis na
naomhchánoinibh, lé comhdháloibh geinearálta na
Heaglaisi, agus go sonnradhach lé Comhairle Thriont;


L. 163


agus damnoighim, díultoim agus malloighim an uili ní atá
contrárdha dhóibh, agus an uile eiriceacht do damnadh,
do díultadh, agus do malloigheadh ón Eaglais. Agus do
bheirim gealladh, móid agus mionna fán ccreideamh
bfhírinneach Ccatoiligi-si, seach nách éidir aoinneach
do shlánughadh, agas gá bhfuilim dom dheóin
d'admháil ós áird agus do chongmháil dáríribh, do
chothughadh agus d'admháil ós áird mar an ccéadna
iomlán gan oirbhearnadh ar feadh mo bheathadh
go roi-sheasmhach, maille ré cabhair Dé, agus mo
dhíthchioll do dhéanamh do réir mo chumhacht ar
a chur d'fhiachoibh ar na daoinibh bheas fúm, no
bheas d'ualach oram, do dhruim mh'oifigi, a chong-
mháil, a theagasg, agus a shíoladh. Go ccughna Dia
mar sin leam, agus na soisgéula naomhtha-sa Dé."



Ag so, a mhic," ar an tShimplidheachd, "riaghoil
ro-mhaith chreidimh, agus bíodh sí féin agus Cré na nApsttol
do mheabhair go ro-mhaith agot, agas congaimh go
daingean iad, agus ní bá heagoil duit seachrán
th'eascharad."



"A mháthair ghrádhach," ar Des., "as díol
beandachta do bhéul, agus as urasa a aithne gur ab é
sin creideamh fíre Eaglaisi Críostt, agus atá do ghlain-
mheabhair agom a nois, agus biaidh go bás; agus
greanndoighim eiricidhe na talmhan fán siolla as
lugha dhe do bhéin díom ó so suas, ós air atá mo
shlánughadh agas an tshíordhuigheachd. Agus muna
bheith mo chorp ro-lag anbhfann ó bhfuaras d'anró
agus do shaothar san slighidh-si, atá an urdail sin do
shólás ar mo chroidhe go madh mian leam a bhfuil
romham don tshlighidh-si do shiobhal am ruagoibh
reabhroidh, an tan smuainim mar do shaor Dia,
maille réad chongnamh-sa, mé a lámhoibh na


L. 164


n-eiriceadh úd a measg na n-ilmhílteadh anam bheirid
leó go hifriond."



"A mhic," ar isi, "ná bíodh iongnadh agot ar
do chorp do bheith lag; agus nách aithnidh dhuit an
seanfhocal, nách foil aithghiorra gan tshaothar ná
sochar gan dochar? Tairg meisneach do dhéanamh
anois, agus ní fada go bhfuighbhi sólás, agus budh móidi
do chion agus do mheas an tan-soin air, a bhfuarois dá
dhochar; agus má mhothuighe anois anbhfainne, caith
cuid don toradh thugois lat, agus do bhéara brígh
nuaidhe dhuit; agus madh áil leat gan dochar na
sligheadh do mhothughadh, déana cantaireachd."



Dob ait lé Des. comhrádh na Simplidheachda, ar
a ttug do chomhfhurtacht dó, agus adobhairt: "Cionnas
budh éidir linn cantaireachd do dhéanamh a ccuid-
eachta an tsheanóir thromdha-sa?"



"As éidir," ar an tShimplidheacht; "ór gé go
bhfuil tromdha ó nádúir, atá do thaoibh oile caoin,
suilbhir, soghrádhach; ór as bráthair do Ghrádh
Dé é. Ós a chionn so, ní ó bhaois ná ó éttroma do
dhéanam canntaireachd, acht do thabhairt shóláis
dár spioroid, agus d'édtromughadh dhochair na sligheadh,
agus do neartughadh ar ccroidhe."



"Ciondas do dhéan-sa canntaireacht," ar Des.,
"agus gan guth agom?"



"Ní héidir," ar an tShimplidheacht, "nách foil
guth agot, agus gurab guth thú féin."



Dob iongnadh lé Des. mar adobhairt gur guth é,
agus do fhiafraigh cionnas dobadh éidir sin. Do fhreagair
sisi é: "Do rinneadh thusa agus an uile chréutúir le
bréithir, agus as é an guth thig ar an mball d'éis na
bréithre, agus, mar sin, mar as lé bréithir an Tighearna
do rinneadh an uile chrétúir, as éigean go bhfuilid
uile 'na ngothaibh."



"Mínigh sin damh ní as fearr," ar Des.


L. 165


"As toil leam sin," ar an tShimplidheacht. "Ní
fhuil a mbréithir agus a ccomhrádh acht éinní amháin,
agus ní don ní thig as an mbéul amach ghoirthear an
bhriathar, achd don smuaineadh nó don toirrcheas
anas asttigh ag duine; ór as guth go dílios ghoirthear
don ní thig amach, agus as tríd tuigthear an bhriathar
anos asttigh agoinn. Tuigfe an ní adeirim ní as
fearr ar an n-eisiomláir-se. Atá agamsa asttigh am
inntinn a leithéid so do smuaineadh, .i. gur ab duine
thú. As í so as briathar nó as comhrádh and go
dílios, gé nách laibheórainn go forimleach; gidheadh,
an uair adeirim léum béul: "As duine thú," ag so
an guth go dílios tré ttuigthear an bhriathar atá
asttigh agom."



"Teagoisg dhamh anois," ar Des., "más guth mé,
cia agá bhfuilim am ghuth?"



"Ataoi ag Dia," ar an tShimplidheacht, "do
chruthoigh thú léna bhréithir, do chum go molthá
agus go mbeandoightheá é."



"Fiafraighim dhíot," ar Des., "más guth mé,
créad adeirim nó chialloighim?"



"Adeiri," ar an tShimplidheacht, "gurab maith
Dia tréus an mbeith, tréus an ccorp, agus trés an n-anam
maith thug dhuit; agus adeir an sgiamh thug dhuit
gur ab sgiamhach é, agus adeir gach éinní dár chruthaigh
Dia ionnat, ar an modh ccéadna, cumhachta,
subháilche Dé, agus a mhaitheas; ionnas nách foil inar
chruthoigh Dia ionnat acht gotha Dé."



"Créad fá n-abrae," ar Des., "nách foil inar
chruthoigh Dia ionnam acht a ghotha? Nách ar
éidir lat a rádh go hiomlán, gan eisgeartadh ar bioth,
gur ab gotha do Dhia a bhfuil ionnam uile?"



"As uimi nách dobhart sin," ar an tShimplidh-
eacht, "ar an n-ádhbhar nách gotha do Dhia a


L. 166


bhfuil do lochtaibh agus do dhubháilchibh ionnad; ór
ní hoibreacha do Dhia iad sin, acht duit féin, agus adeirid
go bhfuile olc, dubháilcheach; agus dá réir sin mar
thig an duine tréas na créutúiribh do chum eólais
Dé, tig tréna dhubháilchibh agus tréna pheacodhaibh
do chum a eólais féin."


L. 167



FOILLSIGHTHEAR NI AS LIONMHAIRE
CIONDAS TIGTHEAR DO CHUM EÓLAIS
DÉ TRÉUS NA CRÉUTÚIRIBH.



C.7.



Dob iongnadh lé Des., gé nách raibhe faicsin
ealadhanta ar an tShimplidheacht, a fheasuighe do
labhradh, agus a dubhairt lé a rís: "Créud fá bfhuile
ag iarruidh oruinn cantaireacht dho dhéanamh?"



"Do chum ar ccuir agus ar ndoilghiosa do chur
dínn," ar isi, "agus fós do chum nách caillmís dóthchas
teachta go tigh Dé, choimhédtar gu maith lé bheith
ag smuaineadh ar na créutúiribh taisbéntar dhúinn
a sgríoptúir liteardha Dhé, agus fós 'na sgríobtúir
chorpardha, .i. an saoghal a tá ar n-a dhéanamh ó
Dhia, mar leabhar ina léaghthar na créutúire."



"Os mar sin atá," ar Des., "tionnsgnam ar
chantaireacht, ós gotha sinn; molam agus beannuigheam
ar Ttighearna."



"As cóir sin," ar an tShimplidheachd, "agus do
ghéubham gotha éxamhla oile chuideóchas linn san
slighidh-si; ór do ghéabham a ttosach na sligheadh
gotha troma saothracha, agus do ghéubham 'na lár
gotha inmheadhónacha, agus do ghéubham 'na deireadh
gotha árda do réir éxamhlacht na ccréutúireadh; agus
ós mian linn cantaireachd do dhéanamh do réir
riaghla na cantaireachda-sa ní fuláir dhúinn eólas na
healadhna féin do bheith aguinn ó thús."



"Cia mhúinfios sin dúinn?" ar Des.



"Múinfid na créutúire féin," ar an tShimplidh-
eachd, "ór atá cuid díobh mhúinfios dúinn maith ar
Ttighearna, cuid eile mhúinfios dúinn a eagna, cuid


L. 168


eile a uaisle, cuid eile a sgéimh, cuid eile a mhórdh-
acht, cuid eile a bhronntanas; agus as mar so, thríd
síos, bheirid na créutúiri sinn dochum eóluis ar
Ttighearna, dochum gu ndiongnamaois a mholtha
agas a onóir do chantaireachd. Ar an n-ádhbhar-sin
déana do dhíthchioll san slighidh-si ar chantuireachd
d'fhoghluim, ór ní fhuil d'oifig ag na daoinibh roichios
go tigh Ghrádha Dé do chum a bhfuili-si ag triall
acht cantuireacht, agus an tí as fearr fhoghlumas
cantuireacht mholta Dé san sligheidh, as dá réir
do ghéubha an t-ionad as feárr a dtigh Ghrádha
Dé."



Do bhí Des. ag cur na sligheadh thairis ar feadh
mhóráin aimsiri, agus do fhoghluim mórán do shubháil-
cibh agus do dhearsgnuidheacht ar Ttighearna tréus
an tteagasg tug an tShimplidheachd dó. Gidheadh
as ro-mhór do fhuluing do phéin agus do pheannaid.
As meinic thárla tuisleadh dhó, .i. do thuiteadh a
bpeacadh shologhtha, agus do chongmhadh an tSimpli.
é gan tuitim a bpeacodh mharbhtha. Do bhíodh,
uair oile, claon do chum tuislidh tré chathughadh
éigin, agus do bheireadh an tShimplidheacht a lámh dhó
dá chongmháil ó aontughadh.



Do thuiteadh ar uairibh go talmhuin, .i. a bpeacadh
mharbhtha, agus muna bheth Eagla Dé, do thógbhadh
é, ní éireóchadh choidhchi agus ní bhiadh mian éirghe
air. Uair oili a n-ionadh dola ar a aghaidh dhó, as
ar a chúl do théigheadh, .i. do fhilleadh óna shubháil-
chibh agus ó shlighidh na fírinne, agus a n-ionadh a tharbha
do bhuain as na créutúiribh, mar nách déanadh suim
do smuaineadh ar mar do bhídís ag moladh an
Tighearna mar ghothoibh, as éuttarbha do bheanadh
eisttibh; agus an uair do thairgeadh canntaireachd do
dhéanamh tréus na créutúiribh, do bhriseadh ar a


L. 169


ghuth, nó go ttugadh Eaglo Dé brodadh and, dá chor
ar a aghoidh. As meinic do théighdís deilg ina
chosoibh, .i. do thigdís smuaintighthi saoghalta chuigi;
gidheadh, do chongmhadh an tShimplidheacht a
chos, agus do thairrngeadh Eagla Dé an dealg as. Do
bhíodh codladh go meinic ag luighe air, tré dhearmad
a Chruthaightheóra, agus do bheireadh Eagla Dé ionga
dhó, agá dhúsacht. Do shuidheadh go meinic tré
fhoiréigean cuirtheachta agus bochtaine, .i. an uair do
bhíodh fuar 'na chrábhadh, nó go ndiongnadh a
ghadhar tafann air, agus go ccuireadh 'na sheasamh é.
As meinic do ghabhadh fearg é, agus do thionnsgnadh
filleadh ar a ais tré anbhfainne chroidhe agas tré
édóchas; gidheadh, an uair do bhlaiseadh beagán
don toradh tug lais mar lón 'na mhála, do théigheadh
ar a aghoidh. Do chailleadh a shlighidh uair oile,
ag siobhal na hoidhche, .i. an uair do bhíodh a
ndrochsmuaintighthibh nó a ndrochoibrighthibh, do
chailleadh a chuideachta, Eagla Dé agus an tShimplidh-
eacht; gidheadh, an uair do thigeadh an mhaidin, agus
iar n-éirghe gréine, .i. tréna eólas féin, agus tré eólas
bhaoghoil a sttaide, agus tré chongnamh an ghadhair,
.i. na Toili Maithe, do bhíodh aige do chum seirbhíse
Dé, do gheibheadh arís shlighidh na foighidni agus an
aithreachais, agus do gheibheadh a chuideachta uile
innte.



Agas d'éis bheith mórán do laithibh ag siobhal
ar an n-órdughadh so, táinig fó dheireadh ar mhadh
aoibhinn, agus do chonnairc pálás ríoghdha ro-áloinn a
meadhón an mhuighe sin, dá ngoirthí Déshearc, agus
as é Grádh Dé, .i. an tí do bhí ar iarroigh ag Des.,
bá doirseóir san phálás sin.


L. 170



TIONNSGNUIDH AN TREAS RANN DO
SGATHAN AN CHRABHUIDH.



Cap.1.



MAR DO HOSGLADH DORAS MHAINISTREACH
NA DESHEIRCE DO DHES., AGUS MAR DO
LABHAIR RIS AN NDÓIRSEÓIR, .I. GRADH
DE, AR MHÓRÁN DO NEITHIBH.



Do thionnsgain Desid. doras mhainistreach na
Désheirce do bhualadh go ciúin critheaglach, agus ar
mbeith a bhfhad dó agá bhualadh ní fhuair aonduine
do oisgeóladh an doras dó ná do fhreigeóradh é.



A dubhairt an tShimplidheachd ris: "A athair,
ná bíodh droichmheisneach ort. Buail gu láidir an
doras leis an dá bhaschrann sin, dá ngoirthear Osna
agas Deór, agus ní héidir nách cluinfid thú, agus gé gu
mbeidís 'na ccodladh muisgeólae iad, agus tiucfuid
d'osgladh an dorais, ór mun bhudh áil leó na
daoine thig ann so do léigion asdeach, ní fhuighdís é
ar énchor."



Ba mór gairdeachas Des. trés an meisnigh thug
an tShimpl. dó, agus do bhuail an doras ní as láidire
gu mór iná mar do rinne an chéaduair, ionnas gu
bhfacuidh chuige dóirseóir na mainisttreach dá
ngoirthí Grádh Dé, an té do bhí d'iarruidh, agas nír
aithin é.



A dubhairt an doirseóir: "A athair, créud iarrae
ann so? Féadfuighe go bfhuil fearg oruibh tréna
fhad do congmhadh sibh tar éis an dorais do
bhualadh; ná bíodh fearg ort, ór as sé so as
gnáthughadh dhúinne, do dhearbhadh foighidne na


L. 171


droinge thig chuguinn, agus go háiridhe na ndaoine
ndíomsach fearguighthear muna osgalthar dhóibh a
ccéadóir, amhuil agus do bheith riachtanas aguinne réna
seirbhís; ór ní léigthear astteach annso an drong
mheasas gurab fiú agus gurab diongmhála iad féin an
onóir sin d'fhagháil."



"Ní díobh sin damhsa, a thighearna (ar Des.),
ór gé gur fhuloingeas saothar ro-mhór agus duadh
doiríomhtha san sligheidh, as deimhin leam nách
fiú énní mé muna háil libhsi, ar son bhar maithiosa
agus bhar subháilche féin, mo léigean a stteach."



A dubhairt Grádh Dé: "Cia iarrae annso?"



"Tánog anos as tigh na Humhlachta (ar Des.)
maille ris an ccuideachta do chíthí tré shlígheidh na
foighidni, d'iarruidh Ghrádha Dé 'sa ghnáthchomh-
naidhi a dubhradh riom do bheith annso."



A dubhairt Grádh Dé: "An ttugubhair litreacha
ar bith libh annso, as a mbeith a dheimhin aguinn
gurab as tigh na Humhlachta tángabhair?"



A dobhairt Des.: "Atáid dá litir leam. Fuaras
litir dhíobh, dárab ainm Aithne an Duine Air Féin a
ttigh na Humhlachta, agus as ar an slighidh do
sgríobhadh an litir oile, dár ab ainm Aithne Dé."



A dobhairt Grádh Dé: "Taithnidh leam go
mór mar do rinneabhair bhar ngnoaighthe; gidheadh,
innis damh an measonn sibh, ar son na litreach sin
do bheith libh, an cóir dhúinni bhar ngabháil san
tigh-si?"



Adobhairt Des.: "A thighearna, adubhart ribh
ó thús gur ab ar bhar ccumas féin agus fá bhar
ngrásuibh amháin atá mo léigion astteach; ór ní
fheadar-sa an maith do sgríobhadh na litreacha
thugas leam, nó nar thuigios iad, ar an n-ádhbhar
nách feadar (gé gu rabhadhas a ttigh na Humhlachta,


L. 172


agus gur thaisbénadar dhamh na sealluidhe agus na
maighdeana atáid san mhainisttir, agus a mbéusa uile)
nar dhíleaghas amhuil do dhligheas an toradh thugadar
dhamh dhá ithe, .i. Neamhdhóthchas a Duine Féin,
gé go bfhuaras blas maith air; agus fós ní fheadar nar
choimhédas mé san tshlighidh a ttánog ó na neithibh
contrárdha thárla dhamh; agus ar an ádhbhar-sin ní
bhiadh do chroidhe agam a rádh gu ndearna mé ní
maith ar bioth, agus fios mo dhubháilciodh agus mh'iomad
peacodh agam féin; maille ris sin ní fheadar nar
bheanas shochar as ar fhuilngeas san slighidh, ór as
minic do leagadh, do leónadh agus do chréuchtnuighiodh
gu mór mé, gurab ar éigin tug mo chuideachta
leithbheó ann so mé.



Ar an n-ádhbhar sin a sí cúis as prionnsapáilte
as a n-iarraim-si Grádh Dé, mar a dubhradh riom
gu bhfhuil 'na liaigh mhaith comhdomhuin agus sin a
bfhoghluim gu n-aithnighionn gach easláinte dhá
seicréidighe dá mbí sna daoinibh. Gonadh aire sin
as mian leamsa an t-airdliaigh comhachtach-sin
aithnigheas easláinte mh'anma do ghuidhe fám anom
féin do ghlanadh agus do shlánughadh."



A dubhairt Grádh Dé: "Créud as a n-iarrae
do shlánughadh agus do ghlanadh?"



"Ar an n-ádhbhar," ar Des., "go ndubhradh
riom nách éidir lé hénduine dul a steach ann so
muna raibhe glan slán ó easláinte an anma, ór ní
héidir ar mhodh eile dul san dúthuigh neamhdha."



A dubhairt an doirseóir: "Ós amhluidh sin atá,
agus go ccuire do dhóthchas uili ionnuinne, an ann sin
nó go labhra tú ré buachuil áiridhe, 'sa aithne 'sa
eólas as éigion duit do bheith agad ria tteacht
a stteach dhuit."


L. 173



DO GHRADH NA COMHARSAN.



C.2.



As mór an fonn do bhí ar Dhes. an buachail
d'fhaicsin chuige dochum go mbéaradh do labhairt
ré Grádh Ndé é, agus bá hé ainm an bhuachalla Grádh
na Comharsan; agus iar mbeith mar sin do Dhes., do
chonnairc chuige an buachuil, agus do ghabh lúthgháire
comhmór agus sin é agá fhaicsin gur chuir d'fhiachaibh
air caoi, tré mhéud an tshóláis do mhothuigh ag
faigsin an bhuachalla, agus trés an ngrádh do bhí aige
ar a thighearna.



Do fhiafraigh an buachuil de: "Créud fá bhfuile
ag caoi, agus nách guileann énduine dá mbí san tigh-si
choidhche, ór bíd lán do shubhachas?"



"Ní tuirsi chuirios d'fhiachuibh oramsa gul (ar
Des.) acht iomarcaigh luathghára."



"Cia iarrae san tigh-si?" ar an buachail.



"A mhic," ar Des., "atú ag iarroigh Ghráidh
Dé."



"As mise buachoil Ghráidh Dé," ar eision, "agus
más é mo thighearna iarrae, as éigean duit labhairt
riom féin ó thós, agus mh'aithne, agus cumann do dhéanamh
riom; ór tá an oiread sin do ghean ag mo thighearna
oram nách áil leis labhairt ré héanduine ag nách
biadh cion agus aithne oramsa."



"Do badh maith leam," ar Des., "eólas do
bheith ar do bhéasoibh agom, agus dhol a bpáirt agus a
muinnteardhas riot, ar son do thighearna."



"Más áil leat," ar an buachoil, "meisi do bheith
am charoid agat, ní foláir dhuit mo chéadtomhuilt
do thabhairt damh ar maduin, do lioctabháil dá


L. 174


ngoirthear Smuaineadh Umhal, agus mo dhinnéar do
lioctubháil oile, dá ngoirthear Comhrádh Umhal, agus mo
chuid do lioctubháil eile, dár ab ainm Oibriughadh
Umhal."



"Cáit a bhfuighe mé, ar Des. na lioctubháileadha
sin?"



Adobhairt an buachoil: "As í an Umhla, agus a
buachoil, dá ngoirthear Fond Naomhtha, do ní an
chédlioctubháil díobh; ór cuiridh a buachoil
d'fhiachaibh uirre a mheas gur ab í féin as lugha
asttigh, agus cuiridh fós d'fhiachoibh uirre toradh do
chaitheamh dá ngoirthear a Tharcaisnioghadh Féin
agus muna chaithe an toradh sin ní fhaghann luibh
áiridhe, dár ab ainm Deighmheas Duini Eili, dá
ndéantar an chéudlioctubháil sin dhá ngoirthear
Smuaineodh Umhal; agus bíodh cumonn agot ris an
mbuachoil-sin na Humhlachta, ór ní fhuil san tír-si
poitiogáirigh ór fearr an chédlioctubháil sin do
dhéanamh iná é, don luibh dár ab ainm Meas Maith
ar Dhuine Oile. Do níthear an treas lioctubháil,
dár ab ainm Comhrádh Umhal, do thrí gnéibh
luibhionn, mar atá Umhlacht, Ceannsacht, agus Caoineas:
don Umhlacht, ag labhairt go simplidhe sólásach;
don Cheannsoigheacht, ag labhairt gan chuthach gan
aindeithneas; don Chaoineas, .i. maille ré gnúis
shoghrádhoigh; agus ní foláir púghdar do chrathadh ar
na luibheannoibh sin, dár ab ainm Beagán go Mall,
ór tig díoghbháil as mórán comhráidh. Agus as do na
luibhibh-si do níthear an dara lioctubháil dá ngoir-
thear Comhrádh Umhal, tréna ttugthar onóir do
dhuine eile. Do níthear an treas lioctubháil, dá
ngoirthear Oibriughadh Umhal, do luibhibh eile, agus
a siad a n-anmanno Sólás, Grádh, agas Friochnamh,
ór as áil lé Dia go ndiongnamaois ar n-oibreacha


L. 175


go friochnamhach suilbhir. As mar so do níthear na
lioctubháileadha-sa, agus dá ttugae mo sháith dhamhsa
dhíobh, biaidh cairdeas eadruinn, agus léigfead tú do
labhairt rém thighearna."



Do budh maith lé Des. na comhairleacha agus na
teaguisg thug an buachuil dó, agus a dubhairt: "Ó do
thaisbéanuis do bhéusa agus do mhiana dhamh, do
dhéan mo dhíthchioll ar na lioctubháilibh-sin
d'fhagháil agus do thabhairt duit."



Do bhí iar sin aimsir imchian san doras ag
déanamh comhluadair ris an mbuachuil, agus ag dul 'na
chairdeas, agus ag tabhairt na lictubháileadh sin dó, agus
adubhairt ris aon do na laithibh: "Déana do
ghrásuibh oram mo bhreith a stteach d'fhéuchuin
do thighearna."



"As cóir sin," ar an buachuil, "ó do rinnis an
mhéid dob éidir leat. An tamoll annso, agus rachad
dá fhéuchuin an bhudh áil lém thighearna teacht
amach do labhairt riot."


L. 176



DO GHRADH DE: DON CHEIDCHEIM AGUS DON
DARA CEIM DHE, DÁ CHÉIRD, AGUS DÁ
OIFIG.



Cap.3.



As mór an coimhéd do bhí ag Des. ar an ndoras
dá fhéuchuin an bfhaicfiodh Grádh Dé ag teachd
a mach agus do smuain 'na chroidhe nách raibhe ann
féin acht drochdhuine lán do pheacadhuibh, agus nár
fhiú é a chomhmór sin do dhuine uasal agus do thighearna
do theacht do labhairt ris; agus an tan fá raibhe san
smuaineadh-sa gu ro-dhaingean, do chonnairc duine
ag teacht a mach do fhiafruigh: "Créad iarrae ann
so, a dhearbhráthair?"



"A thighearna," ar Des., "a tú ag iarruidh
dhuine uasuil ann so dá ngoirthear Grádh Dé."



"A sé sin mh'ainm-si," ar eision.



Mar do chualuidh Des. gurab é Grádh Dé do
bhí aige, do thuit ar talamh, agus do chuaidh a
n-anbfhainne. Do ghlac Grádh Dé ar láimh é, agus do
chuir 'na sheasomh é. Do bhí Des. ag caoi comhthrom
agus sin, an tráth do thóguibh Grádh Dé don talamh é,
nár éidir lé Grádh Dé féin, mar do bhí croidhe uasal
aige, agus é féin milis, gan caoi agá fhaicsin.



As mór do thaitin lé Grádh Dé méud na tola agus
an cheana do thaisbéin Des., mar nár éidir leis a
fhaigsin gan gul do dhénamh lé hiomarcaidh lúth-
ghára, agus a dubhairt ris: "Ná cuir ní sa mhó do
dhoilghios oram, ór ní héidir leam fear mo ghrádha
d'fhulang ag caoi as mo chomhair. Innis damh cia
a dubhairt leat go rabhadhasa san teagh-sa?"


L. 177


"Aodhaire tárla dhamh san slighidh," ar Des.,
"a dubhairt riom gu rabhadhais san tigh-si, agus as é
do sheól mé ann so."



"Créad a dubhairt riot," ar Grádh Dé, "tréna
bfhuil an uiriod sin do chion agus do ghrádh agad
oram-sa? An uime ghrádhuighe mé, mar do
chualadhuis gu ttuguim mórán aoibhneasa dom
chairdibh, agus gu ttuguim mórán tiodhlaicthiodh do
na daoinibh do ní seirbhís damh, agus gu ccongmhuim
iad do ghnáth gan doilghios?"



"Ní hí sin cúis mo ghrádha ort," ar Des., "acht
mar ataoi ad thighearna uasal onórach bheirios do
chairde lat san n-aoibhneas as mó ar an ndomhan,
.i. a bfhiaghnuisi Dé."



Do thaitin gu mór lé Grádh Dé an intinn naomhtha
do bhí ag Des. dochum a ghrádhuighthe, agus as móide
do ghrádhuigh é sin.



A dubhairt Des.: "As iongnadh leam, a
thighearna, agus tú comhuasal agus ataoi, in bhur mac
ag Rígh, an docamhal atá an bhur bfhagháil, agus a
ttugthaoi do phéin do na daoinibh iarras sibh."



A dubhairt Grádh Dé: "Ná habair sin, ór bíd
daoine ann nách saoileann mh'aithne ná m'fhagháil,
ná mo bheith aca, agus bíd lán díom; bíd daoine
shaoileas gu mbím ionnta, agus tar a cheann sin ní
aithnighid mé, agus bím a bfhad uatha."



A dubhairt Des.: "Guidhim thú agus innis damh
do nádúir, do cheird, agus t'oifig, innas gu n-aithnighinn
an bfhuilim féin a ngar dhuit, nó an bfhuile ad
thighearna agus ad charuid agam."



"As í mo chéard agus m'fheidhm," ar eision, "Dia
do ghrádhughadh, agus bheith am mhac agá eólas."



"Cionnas do bheire grádh do Dhia?" ar Des.


L. 178


A dubhairt Grádh Dé: "Inneósad sin duit.
Bídh fonn ro-mhór oram a ghrádhughadh óm chroidhi
agus óm anam, maille rém uile chumhachtuibh, agus eóluis
do bheith agom air san chéim in bhudh maith leis
mé dá aithne, dochum a onóra agus a ghlóire, agus dochum
sláinte mh'anma. Bídh, ós a chionn sin fós, fonn
oram an saoghal uile dá aithne, agus an uile chrétúir
do thabhairt onóra, beannuighthe, agus glóire dhó ar a
shon féin agus ar son a mhaitheasa dhoichríochnuighthe,
agus ní go prinsiopáltha ar son sochair nó tarbha dá
ttiocfadh dhóibh as; ór ní bhiadh annso acht grádh
sainnte. Agus as amhluidh as cóir dhóibh grádh do
thabhairt dó, agus seirbhís agus onóir do dhéanamh dhó,
ar an ádhbhar gurab mar sin as áil lé Dia iad dá
dhéanamh dó dochum a thoile do choimhlíonadh
ionnuinn, agus dochum ar dtoili-ne, agus toile na n-aingiol,
do bheith gnóaightheach do ghnáth gá mholadh
agas gá bheannughadh ar a shon féin, do bhríogh
gurab é féin maith as mó, agus atá ós gach maith,
agus gurab fíu é bheith iar n-a ghrádhughadh go
síordhoidhi agus fonn do bheith orainn a bheith mar
atá, 'na mhaith dhoichríochnoighthe, agá bhfuil an
uile ní ar a chumas, gion go mbiadh súil agoinn
éinní d'fhagháil uadha choidhche, gé nách éidir linn
gan ar súil do bheith réna thiodhlaicthibh; gidheadh,
an uair bhíos súil agoinn ríu nó ghlacmaoid tiodh-
laicthe uaidhe, ní ar a son go prinnsiopáltha as cóir
dhúinn a ghrádhughadh, acht ar a shon féin. Agus
an uair mhothuighmíd a shólása agus a mhillseacht, ní
hamhloigh as cóir dhúinn a nglacadh, dá ngrádh-
ughadh ionnta féin, acht dá ngrádhughadh mar
shlighthibh agus mar ionnsttruimeintibh do chum ar
cceangailthi do Dhia, do mhéadughadh ar ngrádha
air, ar a shon féin; agus madh áil leis don taoibh eile
bochtacht chorpardha, inghreim, agus éugcóir na ndaoine


L. 179


do theachd orainn, sin do ghabháil, agus do mheas mar
thiodhlacadh ro-uasol ó fhlaitheamhnas, agus mar
chloidheamh ngéar lé ngearrthar a mbí do dhroch-
ghrádh dhíomhaoin ghuasachtach agoinn, ionnas go
ttugmaois ar ttoil uile gan roinn don Thighearna go
meinic, agus fós do ghnáth. Agus as é fáth fá ngoirthear
Grádh Dé dhíom, mar bím do ghnáth ag saoth-
rughadh Dia do ghrádhughadh mar so, agus gur ab í
sin as ceard damh. As é so an céim as áirde do
Ghrádh Dé, agus an grádh fíre foirbhthe as cóir dhúinn
do thabhairt dó; agus as mó thuillmíd a bhuidheachas
agá dhéanamh so iná ag déanamh oibri oili dhá
feabhas, acht amháin an uair iarras riachtanas na
comharsan oroinn aire do thabhairt dó; ór ní háil
lé Dia an uair-sin gan sinn do fhreagra an riachtanais.
Gidheadh, an uair nách bí an riachtanas ann, as é
ní as fearr as éidir dhúinn do dhéanamh, smuaineadh
a Ndia do ghrádhughadh ar an modh-sa amhoil
adobhramar; agus as mó a luaighidheacht so iná
luaighidheacht éanoibri eili, do bhrígh gurab é Grádh
Dé as cúis luaighidheachta do na hoibreachoibh.
Gonadh aire sin bhíos luaighidheachta na ndaghoib-
readh ag fás, do réir mheidhe an ghrádha ó ttigid,
an ccéin bhíos neach ag foghnamh do Dhia san
mbioth cé, agus go roich féige an ghrádha san saoghal-sa,
mar atá bás d'fhulang ar son Ndé.



Fa ris so (ar Grádh Dé) do ním díthchioll gan
énní do dhéanamh do chuirfeadh fearg air ná do
thuillfeadh a oirbhire go beag ná go mór, agus dá
dteagmhadh go ndíongnuinn trém anbhuinne, iarruim
ar an mball maitheamhnas air, agus léigidh an uair-sin
'na chairdios mé, mar do bhádhas an chéduair. Os
a chionn-so, mar atá nádúir mhaith uasal mhilis ag
mo Thighearna, ní lór leam a ghrádhughadh san


L. 180


chédchéim-sin, acht grádhuighim san dara céim é, .i.
do ním gach ní dá n-aithnidheann díom, agas fós
gach ní dá n-aithnigheann énduine do mhuinntir a
thighe 'na ainm nó as a ucht, .i. préaláidi na Heagluisi,
ón duine as airde dhíobh gus an nduine as ísle, ór
do ním a bhfógraid damh maille ré mórán rebherens,
dúthrachta, grádha, agus suilbhireachta, agus maille ré
friochnamh agus ré humhlacht, agus gu háiridhe ó thoil
mhaith, agus do ním sin do ghnáth agus in gach uile
ionad.



Agas an uair do ním gach ní dá bhfógrann mar
sin damh, as annsin mheasuim go bfhuil grádh agum
air, agus as deimhin leam gurab férr leis mé dá dhéanamh
sin iná do dhéanamh míorbhuileadh. Agus cionnas
budh áil leat (ar Grádh Dé) fonn do bheith agom ad
sheirbhís nó grádh do bheith agom dhuit, an uair
nách budh áil leat an ní do fhóigeóruinn duit do
dhéanamh? Ór bíodh a dheimhin agod nách fuil
ní as mó lé cceanglann tú do spioruid dom spioruid,
agus lé ccuire do thoil a n-oireamhuin dom thoil, iná ag
déanamh an neith fhógraim dhuit ó thoil mhaith."


L. 181



TRACHDUIGH NI AS FAIRSINGE AR GHRADH
NDE SAN DARA CÉIM.



C.4.



"Cuirim romham, san dara céim-si don ghrádh,
gach éinní do dhéanamh bhíos d'fhiachuibh oram ó
mhóid nó óm oifig, ór, ó do cheanglas mé féin énuair
amháin ó ghealladh agus ó mhóid (ní nách aithreach
liom), atá an ní sin do bhí ar mo láimh an chéduair
do dhéanamh, nó do léigion díom, gan diomdha
Dhé, d'fhiachuibh oram ó sin suas, comhdhaingion agus
bhíos an aithne. Agus ar an n-ádhbhar sin smuainim
gu maith ar mo mhóid, agus ar an n-oifig bhíos agam,
agus ar na neithibh as riachtanach dochum a coimhlíonta;
riaghluidhim mé féin lé comhairleachuibh na ndaoine
n-eagnuidhe, agus lé heólus an sgríoptúir naomhtha.
Or as aithnidh dhamh gurab mór do na daoinibh
thuillios oirbhire Dé tré gan eólas do bheith aca ar
na neithibh bheanas réna n-oifig; agas an uair bhíos
eólas aca ar na neithibh as cóir dhóibh do dhéanamh,
agas nách déanuid iad, as measa iad mar sin, ór ní
tré ainbhfhios do níd peacodh, acht ó mhailís. Agus
mar do chím gu mbí an ní do gheallas d'fhiachuibh
orm, do ním díthcheall dochum a choimhlíontha
mar as iomláine agus mar as fearr as éidir leam; agus do
bhrígh gur gheallas dom Thighearna bheith fírinneach,
ro-ionnruic a ccúis trír maighdion atá san tigh-si, dá
ngoirthear Umhlacht, Bochtacht, agus Geanmnuidheacht,
tug dhamh mar bhaintighearnuibh, ní bhí do
sduidéur laoi ná oidhche agam acht dá fhéchuin


L. 182


cionnas as fearr do fhéudfuinn seirbhís do dhéanamh
dhóibh agus a mbuidheachas do thuilleamhuin.



Agas as uime sin a deirim ar maidin rém anam:
"A mo anuim, féach cionnas stiúrfas tú thú féin
aniugh a bhfiadhnuisi do bhaintighearnadh do chum
a mbuidheachais do thuilleamhuin," agus iar tteachd na
hoidhche a deirim mar a ccéadna: "Faicim, a mo
anuim, nar chuiris fearg a niugh ar énchuid dod
bhaintighearnuibh, nó nar thuillis a ndiomdha," ionnas
nách fuil d'énchúram agam acht mo dhíthcheall do
dhéanamh ar bheith am shearbhóntuidh dhílis aca."



"Créud fá ndiongnae sin?" ar Des.



"Do ním (ar Grádh Dé), do bhríogh gurab iad
súd as baintsheómradóireadha dom Thighearna, agus
nách éidir lé hénduine dá cceanglann é féin a seirbhís
na mbaintighearnadh-sa, dul a stteach gan a ccead,
agus gan iad-san d'fhosgladh an dorais dó."



"Guidhim thú (ar Des.), innis damh créud an
freacrughadh nó an exersis bhíos ad spioruid
dochum ionnracuis nó na seirbhísi as fearr do
thaisbhénadh dhóibh so."



"Cuirim (ar Grádh Dé) trí neithe romham, agus as
iad as biadh dhamh do ló agus d'oidhche, agus do bheirid
bríogh iongantach dhamh do chum foghuinthe do na
maighdeanuibh-si. A sé as ainm don chéidní chuirim
romham Ná Hiarr Enní; ainm an dara neith, Ná
Santuigh Einní; ainm an treas neith, Ná Smuain
Enní. Do gheibhim blas na Humhla ar an ccédní
sin chuirim romham, an uair chóruighim é lé sabhsa
nó lé spíosarruibh dá ngoirthear Do Dhéanamh dot
Thoil Féin; agus tig dhe sin gurab é as ainm don
chédní chuirim romham, Ná Hiarr Enní do Dhéanamh
dot Thoil Féin; agus as ris an mbiadh so beathuighthear


L. 183


an Umhlachd, agus dá mhionca agus dá ghloine do bheirim
an biadh so dhi, as móide thairrngeas a muintearrdhas
mo Thighearna mé, agus as móide labhras ris oram gu
maith agus thairrngios é do chum ceana do thabhairt
damh.



An uair dheasoighim an biadh céadna-sa, dárab
ainm Ná Hiarr Éinní, lé spíosroibh eile dár ab ainm
Do Bheith Agat, as é as ainm dhó an uair sin, Ná
Hiarr Einní do Bheith Agot, agus as é an biadh-sa as
beatha don mhaighdin eile, dár ab ainm an
Bhochtacht."



"An mar sin beagán," ar Des., "gan dol ar
th'aghoidh. Cionnas nách iarrfa mé éinní do bheith
agom, má tá sé 'na riachtanas oram?"



"Tuig," ar Grádh Dé, "má tá éinní 'na riachtanas
ort do chum teachta a ttír go bhfuil préláid as do
chionn, ar a bhfuil d'fhiachoibh an ní sin do
sholáthar; agus ní maith do measfoidhi an áit a mbeith
uachdarán, ar a mbeith cúrom soláthair do dhéanamh
do chách, do chum go madh éidir leó gan toirmeasg
aire do thabhairt do Dhia, go mbeith an fear-sa ag
iarroigh an neith-si, agus fear oile ag iarroigh neith oile,
do réir mar do ghluaisfeadh a bhfhonn chuigi iad.
Gidheadh, ní maith do ní an t-uachtarán muna raibhe
discréid aige do chum do riachtanois d'fhaicsin, agus as
éidir leat an uair sin do riachtanas d'iarroigh;
gidheadh, tuigthear so maille ré dhá choingheall: an
céadchoingheall, an uair nách fuil aire ná rún ag an
phréuláid so do thabhairt duit, achd muna iarrae é.
An dara coinghioll, nách d'fhonn, acht tré riachtanos,
iarra e é, ór ní fhuil a n-éinní dá n-iarrfa tú ós a
chionn so acht cathughadh, cúirialtacht, nó anbharr,
agus creid mé gurab mór do na dubháilcibh fhoilgheas
iad féin fá bhrat an riachtanuis, agus go háiridhe sna
neithibh bheanas ré lón corpordha bídh agus éaduigh."


L. 184


"Cionnas aitheónas mé," ar Des., "cia dhíobh
sin, an riachtanas nó an fonn, chuireas d'fhiachoibh
oram an ní d'iarroigh?"



"Féuch féin," ar Grádh Dé, "an éidir leat teacht
a ttír gan an ní, gan ghuais chuirp nó anma; ór dá
ccreidi dá ríribh, gan mhealladh ar bioth, go bhfoil
guais ad chionn fá gan a iarroidh, atá d'fhiachoibh
ort an uair sin a iarroigh, agus ní hé a mháin, acht atá
luaighidheacht agot ar son a iarrata an uair-sin
do chum seirbhísi Dé. Gidheadh, más éidir leat teacht
thairis gan ghuais éfeachtuigh anma nó chuirp, gé
go ttiocfadh gné mhíochomhghair duit as gan a
iarroidh, nách rachadh thar dheiscréid, agus mar sin,
gé go mbeith gné riachtanois agot ris, as mór an
tshubháilchi gan a iarroigh, gé go madh éidir go
réasúnta agus gan choir ar bioth a iarroigh. As éidir
lat a aithni as an tteagasg-sa cia don dhá ní chuireas
d'fhiachoibh ort an ní dh'iarroigh, riachtanas nó
fonn; gidheadh, ar eagla go meallfadh a bharamhoil
féin duine, as mór as fíu cleachtadh agus gnáthughadh
subháilcheadh, agus muna raibhe an cleachtadh sin aige,
ní foláir dhó comhairle dh'iarroigh ar dhaoinibh
eagnoidhe, nó ar an sgrioptúir naomhtha."


L. 185



MINIGHIDH AND SO AN DA NI OILE DO
CHUIR ROIMHE.



C.5.



"O do mhúineas duit go soiche so an cédní do
chuireas romham lé ccothuighim mé féin agas an
dias maighdean adobhart, .i. an Umhla agus an Bhoch-
tachd, foillseóchad duit a nos an dá ní oile chuirim
romham, .i. Ná Santoigh Einní, agus Ná Smuain Einní.
Gidheadh, ní fuláir dhuit a thuigsin ó thús gurab
ón dara ní-si chuirim romham, .i. Ná Sanntoigh Éinní,
gheinthear agus thig an cédní chuirim romham, .i. Ná
Hiarr Éinní. Ór as dearbh nách iarrond duine
do bheith aige, ná do dhéanamh, acht an ní shann-
toigheas do bheith aige, nó do dhéanamh; agus an uair
chuirthear an chúis ar ccúl, .i. an tshaint, tré neamh-
shaint do bheith ar dhuine, cuirthear ar ccúl an
ní-sin thig eistte, .i. ní dh'iarroidh, agus anoidh a
chontrárdha, .i. gan ní dh'iarroigh; agus as leis an daro
ní-sin chuirim romham, .i. gan éinní do shanntughadh,
bheathoighim an dara maighdean, dár ab ainm an
Gheanmnoigheacht; agus as amhloidh as cóir so do
thuigsin, .i. gan éinní saoghaltha ná colnaidhi do
shanntughadh. Gidheadh, mar atá frémh eile ag an
luibh-si ó a bhfásann, .i. an Smuaineadh, ór ní
shanntoigheand duine ní acht an ní smuaineas, cuirim
romham an treas ní, .i. Ná Smuain Einní; agus as
cóir so do thuigsin, gan éinní do smuaineadh go
daingean ó thoil do bheanfadh ré coir, do chum
sóláis do bhuain as, ná do chum a chora a ngníomh;
ór ní fhuil ar ar ccumas gan drochsmuaintighthi


L. 186


díomhaoini do theacht chugoinn, gé go bhfuil ar ar
ccumas gan aonta do thabhairt dóibh, agus ní dhéanaid
mar sin díoghbháil dúinn, agus ní mó shalchoid ar
n-anam, fhuilngeas iad dá aimhdheóin; agus as de so
ghoirthear Ná Smuain Éinní. Gidheadh, mar thuar-
thar agus mar fhliuchthar an luibh-si go meinic lé huisge
dár ab ainm an Fhéachoin, as éigion dúinn púdhdar
áiridhe do chrothadh ar an dá bhiadh naomhtha
spioradálta-so adobhramar, agus as é as ainm don
phúdhdar Dúin na Súile.



Agas as iad so na trí neithe," ar Grádh Dé,
"ghlanas mh'anom ón tsaoghal, agus óna uile acobhar
agus álghas, agus óm thoil féin, agus do bheirid damh mórán
sgéimhe, agus gloini chroidhe, do chum grádha do
thabhairt dom Thighearna; agus as do chum na ttrí
neitheadh-sa chuirim romham thairreangthar an uile
exersis eile sbioradáltha do ní duini sna subháilchibh
eile nó gá ísliughadh féin.



Agas ná saoil (ar Grádh Dé) gur ab a n-aisgidh
do ním seirbhís do na maighdeanoibh-si, ór do bheirid
tuarasttal maith dhamh, agus tug maighdean díobh, .i.
an Bhochtacht, séud buadha dhamh."



"Taisbéin sin damhsa," ar Des.



"Atá a ttaisgidh go ro-mhaith agom," ar Grádh
Dé, "a ndá ionad, .i. am chroidhe agus am shealla.
As ro-uasal an séud-sa, agus as mór an ní as fíu é, ór
ní fhuil ionnmhas as fearr, agus ní thuilleann am chroidhi
nó go ccuirim as gach uili ní saoghaltha, agus fós ní
thuilleann am shealla nó go ccuirim as a mbíd ann
do neithibh iomarcacha gan gnoaidhe ríu, agus ní háil
leis do chongmháil damh am shealla acht énchéusadh
amháin agus beagán leabhar."



Do fhiafraigh Des.: "Créud as ainm don tshéud
bhuadha-sin?"


L. 187


"Asé as ainm dhó (ar Grádh Dé) Gan Enní, ór
asé so cistte as mó ag an Bhochtacht, agus así féin
baintighearna as saidhbhri ar an ndomhan, uair an
fad mhaireas an eisdi-si ní bhí uireasbhuidh uirre, agus
ní héidir a bhuain di, ná a laghdughadh."


L. 188



DON OIFIG CHEADNA AN GHRADHA AGUS DON
URNUIGHTHE SAN CHÉIM CHÉADNA.



CAP.6.



"Iarthar san chéim-si an ghrádha a dubhart (.i.
gach énní do dhéanamh aithnidheas an Tighearna
dhíom agus atá d'fhiachaibh oram) coinghioll áiridhe
atá agom agus oibrighim, agus asé so é, .i. do ním mo
dhíthcheall ar son an chéime agus na hoifige 'nar chuir
mo Thighearna mé, an uair thiaghuim do dhéanamh
seirbhísi dhó, nó do labhairt ris, nó dh'iarruidh neith
air, teacht 'na fhiaghnuisi leis an n-ísle agus leis an
ngloine chroidhe as mó as éidir leam; ór dá ghloine
dá mbí mo chroidhe, as móide éistteas mé. Guidhim
fós mo dhearbhráthair Egla Dé, agus mo shiúr Rebherens,
dochum teachta dom choimhideacht."



"Creud an ní do ní tú (ar Des.) dochum an
Rebherens do bheith ad choimhideacht?"



"Do ním (ar Grádh Dé) a smuaineadh cia mé
féin, agus a smuaineadh cia hé mo Thighearna, ór
smuainim a mhórdhacht naomhtha, atá ro-dhiong-
mhála dá gach uile rebherens agus eagla, agus don uile
ghlóir agus onóir.



Smuainim arís mar atá an uile spioruid bheann-
uighthe dá bhfuil a bhflaitheamhnas ar crioth 'na
fhiaghnuisi, agus mar chromaid uile síos dá adhradh
agus dá mholadh; agus an uair bhím ar meadhair agus ar
subhachas leis na smuaintighthibh-si, lán d'iongantas
'na mhórdhacht agus 'na mhaith ro-uasail, smuainim
arís mar do chí uile mo chroidhe agus mo smuaintighthe
agus mh'inntinn, agus mar aithnidheas mh'uile shecréid


L. 189


ní as doimhne agus ní as soillsi gu ro-mhór iná aithnidhim
féin.



Smuainim uair eile mar as éidir leis gach uile ní
as áil leis féin do dhéanamh, agus gach uile ní as áil
leis do chur ar ccúl; agus mar atá bás agas beatha ar
a láimh, agus ar mbeith ann ná gan ar mbeith ann, agus
slánughadh nó damnadh an domhuin; agus smuainim
mar atá maith uile, agus comhmaith agas sin nách fuil
maith eile ós a chionn nó a ccomparáid ris.



Agas an uair smuainim iad so, tollaid gu meinic
mo chroidhe, agus créad nách treaghdfadh mo chroidhe
an uair smuainim gu bfhuil a leithéid sin d'oifig
agam, atá am peacthach thruaillighthe tharcuisneach
lochartha, as bréine, bhrodhaighe, agus as morguidhe, iná
madadh marbh, agus gu mbím comhmuinntearrdha agus
sin ag an mórdhacht as mó a bhflaitheamhnas, agus gu
bfhuilngionn damh teacht 'na ghar, labhairt ris, agus
suidhe ar a bhórd, mar do bheinn am charuid mhóir
aige? Agus foillsighim ar uairibh so dó féin, agá rádh
ris: "A Thighearna, créad fá ndéanae so? Nó
créad an riachtanas atá agad ré drochdhaoinibh
truaillighthe do bheith at fhiadhnuisi? Nó an
iomchubhuigh créatúire comhghráinemhla rinne do
bheith ag seirbhís duit? A Thighearna, cáit a
bfhuil do rebherens ríoghdha agus an onóir as dleacht
dod mhórdhacht?"



A dubhairt Des.: "Créad an freagra do bheir
an Tighearna ort an tráth sin?"



"Ní mór gu bhfeadar (ar Grádh Dé), acht gu
ccuireann d'fhiachuibh oram, ó iomarcuidh sóláis,
bheith ag gul. As cumhuin leam gu n-abair ar
uairibh: "Ná bíodh cúram ort fána fhios sin
d'fhagháil, ó nách tú féin do iarr an n-oifig 'na
bhfuile, acht misi dod ghlacadh agas dod ghairm


L. 190


chuice. As aithnidh damhsa an chúis fá ndeárnas
féin sin. Bíodh aire agadsa ar an ní atá d'fhiachuibh
ort, agus ar th'oifig dho choimhlíonadh comhmaith agus as
éidir lat, agus ná bíodh ní sa mhó do chúram ort."



"Creud a deire ris?" ar Des., "nó créad an
chúis fá ttige 'na fhiaghnuisi do labhairt ris, agus an
Umhla, an Eagla, an Grádh, agus an Rebherens ad
choimhideacht?"



"Adeirim riot ó thús," ar Grádh Dé, "an
ionmhaine atá d'fhiachoibh oram do thabhairt dó, agus
sin ar a shon féin, do bhrígh gurab eisean an mhaith
as áirde agus as uaisle dár ab éidir do smuaineadh, ó
ttigmíd féin uile, agus a bhfuil agoinn do mhaith, agus a
ndéanmoid do dhaghsmuaintighthibh agus do dheagh-
oibreachoibh; agus an uair smuainim ar mhaith
dhoichríochnoighthe mo Thighearna, claonaim mo
thoil dá órdughadh an mhaith-si do bheith mar
atá, agus beanoim sólás agus aoibhneas as so, agus adeirim
rém Thighearna gurab aoibhinn leam bheith ag
smuaineadh ar a mhaith, agus nách áil leam aoinní oile
acht é. Agus fillim ar an bhfonn-so agus ar an mian go
minic, agus mh'anam ag léimnigh lé lúthgháire an uair
do chím mo Dhia lán don uile mhaith, agus gan éinní
'na uireasbhoigh; agus adeirim ris arís gur ab mó mo
ghrádh dhó ó chroidhe iná don uile ní dár cruth-
oigheadh agus dár éidir do chruthughadh, agus go bhfuilim
agá ghrádhughadh agus agá iarroigh mar mo Dhia, mar
mo Chruthaighthéoir, mar mo Thighearna, mar an
maith as áirde agus as uaisle ar an ndomhan, agus go
bhfuilim lán do shólás fána bheith mar tá, 'na
Thighearna ar na huile neithibh, agus fán uile chréutúir
do dhéanamh a sheirbhíse. Adeirim ris arís: "A
Thighearna, ní háil leam éinní, agus ní ghrádhoighim
acht tusa a mháin, agus ní fhuil do ghlóir ná do chíunas


L. 191


agom acht bheith lán do shólás agus do lúthgháire fád
ghlóir-se, agus tré bheith comhghlórmhar agus ataoi."
Caithim an mhéid as éidir leam dom aimsir ag tabhairt
mhíochúise mar so dom Thighearna, ór as aithnidh
dhamh nách éidir leam ní as fearr iná so do dhéanamh.



A deirim ris 'na dhiaigh so an chúis fá bhfuil
d'fhiachuibh oram grádh do thabhairt dó, agus a sheirbhís
do dhéanamh, ar son mh'oifige, mo gheallamhna,
mo sttaide, agus a deirim so leis an n-aire, leis an
ndúthracht, leis an rebherens, agus leis an suilbhire, agus
leis an ttoil as fearr as éidir leam, agus ní ó thuirsi ná
ó éigean, gé go mbiadh d'fhiachuibh oram a dhéanamh,
ór do ním an ní bhíos d'fhiachuibh oram ó aithni gu
fonnmhar toileamhuil.



'Na dhiaigh so, an uair as mian leam énní
dh'iarruigh air, do ním mo dhíthchioll ar tús ar a
mholadh, agas ní tuirsighthior mé dá mholadh ar
mhórán do mhodhuibh, ór as aithnidh damh gurab
ait leis so; agus a deirim leis, agá mholadh, na hoibreacha
do rinne, ag fagháil shóláis agus aoibhneasa ionnta, agus 'na
mhórchumhachtuibh, 'na eagna, agus 'na mhaith; agus
aithrisim dhó na tíodhluicthe, na haisgeadha, agus na
grása do rinne ar a dhaoinibh uaisli agus ar a shear-
bhóntuighthibh ó aimsir go haimsir, .i. ó thosach
domhuin, an tráth fár mhian leis na daoine do
ghlacadh 'na mhuinnteardhas agus comhluadar grádhach
muinnteardha do dhéanamh riú, mar do rinne ré
Maoisi, ré Abraham, ré Iacob, agus ris an ccuid eile
do na Patriarcuibh agus do na Fáidhibh, agus lé naomhuibh
an nuaidhthiomna, mar atáid na Heaspuil, agus na
doctúireadha naomhtha, S. Aibhisttín, S. Hieoroinim,
agus S. Ambrós, agus fós Pádraig, Colam, Ciarán, Brighid,
Bréanuinn, agus mórán oili, agus ris na naomhuibh eili
thánuig a nos fá dheireadh, S. Bearnárd, S. Froinsias,


L. 192


agus S. Doiminic, agus mórán eile, agus do bheirim moladh agus
beannughadh dhó ar a shon so; agus aithrisim dhó
arís ar thaisbéin agus gach a ttaisbéanann do ghnáth do
thrócaire dá naimhdibh agus dá eascairdibh, agus do ním
gné chomhnuighe ann so, ag déanamh iongantuis
don uaisle chroidhe atá ann, nách lór leis maith-
eamhnas do thabhairt dá naimhdibh, acht bronntanas
mór do dhéanamh dhóibh. Moluim é 'na dhiaigh
sin ar son a bfhuil do ghrásuibh ann féin, agus aithrisim
dhó a shubháilce agus a sgéimh, agus beannuighim é ar a
son, agus as ait leam a mbeith aige. Do ním so gu
minic, ór as aithnidh dhamh a bhéusa, gurab ait
leis duine do theacht ar uaigneas fá ris do labhairt
ris ar na neithibh millsi secréideacha, 'sa bfhios nách
bí ag na daoinibh bhíos 'na sheirbhís agus 'na thigh, an
uair nách áil leó a ndíthcheall do dhéanamh ar dhul
a steach 'na sheómra shecréideach."



"Créad fá n-adhmholae é?" ar Des.



"Do ním (ar Grádh Dé), do thabhairt onóra
dhósan agus dom choimhéad féin ó uabhar; ór dá
mhéud dá n-árduighim eision, as móidi mo náiri é
dom mheas féin, agus as lughaidi mh'onóir am thimchioll
féin, agus as móide iníslighim mé, ní as ro-ait leision;
ór as maith leis a mhaitheas, a uaisle, a mhórdhacht,
agus a dhearrsgnuidheacht, do bheith do ghnáth 'nar
ccuimhne agus ós comhair ar súl, agus ar n-olc féin, ar
mbochtacht, agus ar mbeiginmhe. Mailli ris so, dá
ttuguinn dó an moladh as mó as aithnidh dhamh
agus as éidir leam, atá a fhios agam nách éidir leam
bréug do dhéanamh ann so; ór as mó a mhaith-sion,
a uaisle, agus a dhearrsgnuidheacht iná an mhéid
fhéuduim-si do rádh ná do smuaineadh, ná fhéudas
creutúir ar bioth oile, ainglidhe nó dhaondha."


L. 193



TRACHDUIGH AR OIFIG GHRADHA DE SAN
DARA CEIM, AGUS LEANUIDH DO MHODH
NA HURNUIGHTHI.



C.7.



"D'éis mo Thighearna dho mholadh dhamh mar
so (ar Grádh Dé), ofráilim mé féin dó, agus mh'anam,
agus mh'uile thoil; agus ofráilim dhó fós ní áiridhe do
chuireas romham do na neithibh as fearr dá bhfuil
agam, agus asé so an ní sin, .i. gan a dhiomdha ná a
fhearg do thuilleamhuin ar son énneith ar an ndomhan-
sa; agus guidhim é fán ttoil-si do dhaingnioghadh agus do
choimhéud agam, ór ní fhéaduim-si gan a chongnamh-
san so do chur romham ná do choimhéud. Iarruim
'na dhiaigh so maitheamhnas air inar chuireas d'fheirg
air riamh; guidhim é gan a fhulang dhamh ní
eile do smuaineadh, do thuigsin, ná do ghrádhughadh,
acht é féin, agus ó do badh toil leis mo leithéid do
ghlacadh mar óglách dhó féin, agus mo chur a ccomhárd
na hoifige ina bhfuilim, an Spiorad Naomh do
thabhairt damh, oibrigheas an n-úmhlacht agus an
naomhthachd, do chum go nglanfadh mh'anom ó
gach uile lochd as aithnidh dhó and diongmhála dhá
dhiomdha, agus go mbeith taithneamh aige ar mo
sheirbhís ó sin suas, agus nách díbreadh as a fhiaghnaisi
mé, nó go bhfaghoinn bás agus beatha ann féin. 'Na
dhiaigh so guidhim é ar son na ndaoine as annsa
leam, agus as mó fiacha spioradálta nó temporálta oram,
agus ar son an tighe a mbím, agus ar son an uile chréutúir
réasúnta, fá ghrásoibh do thabhairt dóibh, lé
n-aitheóndaois é, agus lé ttiobhradaois grádh, onóir,


L. 194


moladh, agus buidheachas dó, mar as cóir, agus do ním mo
dhíthchioll ar so uili do rádh ó ghloine chroidhe."



"Créud do ní tú," ar Des., "do chum teachta 'na
fhiaghnaise go ngloine chroidhe?"



"Do ním (ar Grádh Dé) mo chroidhe do
choimhéad an mhéid as éidir leam, agus bím ag faire ar
mo smuaintighthibh, agus bídh eagla mhór oram rém
anom, agus coimhéadoim mo chéadfadha mar as fearr
as éidir leam. Cuirim an tShimplidheacht ós mo
chomhair, agus beanoidh sí an chiall as fearr as gach
éinní dhá bhfaiceand dá dhéanamh asttigh; agus an
uair as mian leam gan eagla ar bioth do bheith oram,
téighim a bfhochair mo Thighearna, agus ní fhuil do
mhaith, do shólás, ná do shuilbhireachd agam acht
bheith ag comhrádh ris agus ag iarroigh comhairle air,
agus ní bhí sásadh ná soirbheas, cíunas ná innilleacht
agom acht an uair bhím 'na fhochair, agus ar an
n-ádhbhar-soin cuirim romham an uili ní d'fhágbháil,
agus teacht fá ris, agus gan a fhágbháil choidhche."



"Nách tabhrae dot aire," ar Des., "gurab
tarbhach ar uairibh bheith ag léaghthóracht?"



"As fíor," ar Grádh Dé, "gurab maith an
léughthóracht; gidheadh, ní do chum eólais do bheith
ag duine, acht a mbia aige ar Dhia agus ar a shlighthibh,
do chum a aithne agus a ghrádhoighthe, agus ní hiarrthar
mórán leabhar chuige so. Ní fhuil ní as fearr leam
iná míochúis mo Thighearna do thairreang oram, agus
mh'anom do líonadh dá chion, agus ní hí amháin an
tuigsi do líonadh dá eólas; ór as lór leam a ghrádh,
agus múinfidh sé féin damh a mbiai d'uireasbhoidh
eólais oram, agus as mó as éidir leis do thaisbéunadh
dhamh do sheicréidibh, do chum é féin do ghrádh-
ughadh agus gan a dhiomdha do thuilleamhoin, iná as
éidir lé leabhraibh an bheatha.


L. 195


Agos as mó chruinnigheas mh'anam, agus do gheibh
do ghloine, d'eagla, do dhúthracht, agus do rébherens,
d'aithreachas, do chobhsaidheachd, do ghéarsmacht
a n-aghoidh mo cholna, an uair bhím ar uaingheas a
bhfiaghnaisi Dé, iná an uair bhím ag léaghthóracht.
Agas as meinic smuáinim nách iarrfa Dia cunntas
oram ina ndearnas do sttuidéar ná do léaghthóracht,
ná inar léigeas de sin díom, acht san chéim a ttugas,
nó nách tugas, grádh dhó. Gidheadh ná tuigthear
as so go bhfuilim ag toirmeasg na léaghthórachta
uile, go háiridhe ar na daoinibh ag nách fuil eólas
ar shlighthibh Dé ná ar ríoghdhacht na spioraide, nó
dá nách eól difir do dhéanamh eidir na smuáin-
tighthibh, ór as éigean dóibh so mórán léughthórachta
do dhéanamh, agus neithe spioradáltha, agus exersis agus
freacramh na hinntinde d'fhoghlaim, ar an n-ádhbhar
go madh mór an leimhi, an amadánachd, agus an
tarcaisne ar an rígh, dá ttairgeadh duini ainbhfeasach
sléibhteamhuil, ag nách bíadh sttíl, múnadh,
úrlabhra, agus béusa, ná modha an pháláis nó na ccúirt-
eóireadh, dul do labhairt ris ós comhair dhaoine
uasal, aghaidh ar aghoidh: ór an uair as fearr do
shaoilfeadh, dar lais féin, labhairt, adéaradh ní éigin
ainbhfeasach gan múnadh, do réir a oileamhna, tréna
ccuirfidhe a ccéadóir as radharc an ríogh é, maille
náire agus ré cúthaileacht.



As mar so theagmhas sna neithibh spioradáltha.
Gidheadh, na daoini dár ab eól léaghthóracht, agus do
chualaidh nó agá bhfuil eólas, as uaisli agus as áirdi an
obair dhóibh an urnaighthe iná an léaghthóracht, ó
atá fios urlabhra agus bhéus na cúirte spioradáltha aca.
Gidheadh (ar Grádh Dé), atá modh áiridhe agom
nách ag gach aon bhíos, an uair bhím a bhfiaghnoisi


L. 196


mo Thighearna, gan mh'aghoidh d'fhilleadh uadha,
ór as mór an tarcaisne agus an t-aindligheadh do
bhéarainn dá mhórdhacht, an uair do bheinn ag
labhairt ris, dá bhfillinn mo ghnúis uadha."



"Mínigh sin damh," ar Des., "ór ní thuigim é."



"Do ghéan," ar Grádh Dé. "An uair bhím ag
labhairt rém Thighearna, agus fhillim uadh mo mheabhair
nó mo thuigsi do smuaineadh nó do thuigsin neith
ar bioth eile, fillim an uair sin mh'aghoidh uadh, agus do
bheirim mo chúl dó. Féuch-sa an bhfuil droch-
mhúnadh ann sin, agus a dheimhin agom go bhfuil
seision gom fheitheamh go díreach, agus ag féuchoin ar
a n-abroim ris, agus gá mheas créud an rébherens nó
an dúthracht, créud an truaighmhéile, an grádh, nó
an náiri, lé n-abroim ó chroidhe mo chomhrádh. Dá
éisi so do bheirim buidheachas mór dhó ar son a ttug
do thiodhlaicthibh dhamh agus don uile chréutúir, agus
smuainim orra go meinic, agus áirmhim dhó féin iad;
ór as aithnidh dhamh gur ab ro-mhaith leis gan ar
mbeith dombuidheach, ag léigean a fhéile agus a
dhearlaiceadh as ar ccuimhne."


L. 197



CUIRIDH SIOS AN TREAS CEIM DO
GHRADH DE.



C.8.



"O do labhras riot (ar Grádh Dé) ar an ccéidchéim
do ghrádh mo Thighearna, .i. gan a dhiomdha do
thuilleamhoin, agus ar an ndara céim, .i. a aitheanta
agus gach fiacha oile do choimhlíonadh, ní lór leam so;
ór atá a chomhmór sin do ghrádh agom ar mo
Thighearna go ccuirim fá ris an dá chéim-si an treas
céim eile don ghrádh, .i. an uile ní eile do dhéanamh
shaoilim nó mheasoim as ait lém Thighearna, tréna
ttuillim a bhuidheachas."



"Créad na neithe tré dtuille a bhuidheachas (ar
Des.), agus créad an ní as fonnmhuire leis do dhéanamh
dhuit?"



"Dá ní (ar Grádh Dé). An céd ní, grádh do
thabhairt don uile ní dá ttabhair mo Thighearna
grádh, agus fuath do thabhairt dá gach ní fhuathuigheas;
agus ar an n-ádhbhar-sin do choimhlíonadh an chédneith-
sin, .i. do ghrádhughadh an neith ghrádhuighios, atá
grádh ro-mhór agom d'éanMhac mo Thighearna, an
ní as millsi, as bréghdha, as uaisle agus as subháilcighe
dá raibhe ar an mbioth riamh, agus an Mac as umhla
dá Athair, dá raibhe ná dá mbia. Atá uiread grádha
ag an nAthair don Mhac-sa agus atá aige dhó féin, ór
ní raibhe mac ag athuir riamh comhchosmhuil réna
athair féin agus atá an Mac-so ris an Athuir neamhdha.



Grádhuighim ar an modh ccéanda an Spiorad
Naomh, tháinig ón Athair agus ón Mhac, agus a tá
comhchumhachtach agus comhuasol riú, agus eidir a bfhuil,
an uiriod-soin do ghrádh agus d'ionannus gurab énní,


L. 198


éineisiondsa, éunnádúir, aonchumhachta, éineagna,
agus éantoil iad; ór gé go bhfuil difir eatorra a bpear-
sanoibh, mar atáid trí pearsanna aca, .i. Athair,
Mac, agus Spiorad Naomh, agus go bhfuil an difir sin
comhmór agus sin nách Athair an Mac, agus nách Mac an
tAthair, agus nách Athair ná Mac an Spiorad Naomh,
ní fhuil ionnta ar a shon sin 'na ttriúr (mar adobhart)
acht aoinDia, ó bhfuil an uile, tré bhfuil an uile, agus
'na bhfuil an uile, aontshubsttaint, aonnádúir, agus
aointshíordhuigheachd, 'na bhfuilid comhshíor ré
'roile, gan tosach dá laghad ag aoinphearsoin aca
ar an bpearsoin eile."



"Guidhim thú," ar Des., "ré ndul tairis sin
duit ad chomhrádh, fionnam uait cionnas as éidir a
thuigsin nách déighionuidhe an ní thig ó ní oile iná
an ní ó ttig? Agus mar sin cionnas as éidir a rádh,
nó a chur a n-umhuil dúinn ar mhodh éigin chosmhuil,
nach fuil an Mac ní as déighionuidhe iná an tAthair
neamhdha ó ttáinig? nó an Spiorad Naomh, táinig
uatha-san ar aon, ní as déighionaidhe agus ní as óige
ináid?"



"Ní héidir (ar Grádh Dé) samhuil iomlán na
cúisi sin d'fhagháil, ór ní fhuil énní ó shíor ann acht
Dia amháin, .i. Athair, Mac, agus Spiorad Naomh.
Gidheadh, do chímíd ar uairibh, idir na crétúiribh
féin, nách bí tosach ar bioth dá laghad ag an ní ó
ttig ní eile ar an ní thig uaidhe, mar as follas san
ghréin, ó ttig a deallradh do bhí ann a n-aoineacht
lé féin, .i. san chéudmhoimint 'nar chruthuigh Dia í.
As mar an ccéadna don teinidh, agus dá deallradh agus dá
teas; ór gé gurab ón teinidh thigid so, ní bhí tosach
ar bioth dá laghad aice ortha.



Nár bá hiongnadh lat ar an n-ádhbhar-so aithghin
an neith do chíthear sna créutúiribh do bheith a


L. 199


Ndia, ar mhodh as airde agus as uaisle iná san mhodh
a bhfuil intibh si; agus fós dá mbeidís na créutúire
rémhráite sin ann do shíor, do bheidís na neithi-si
thig uatha ann do shíor agus coimhshíordhuidhe mar
sin riú féin, ionnamhuil agus dá mbeith cos do shíor a
luaith, gu mbiadh a lorg do shíor san luaith chéadna,
gé gurab ón chois do thiucfadh an lorg, mar a deirid
deisgiobuil Phlato ag S. Aibhisttín."



"Beannachd Rí nimhe dhuit," ar Des., "ór as
ádhbhal an cíunas tuguis dom inntinn, gé gur
chreidios gu ro-dhaingion coimhshíordhuidheacht
na ttrí bpearsann rias na samhlochuibh sin do chlos;
agas lean anois dod chéudchomhrádh thuas."



"Do rinne (ar Grádh Dé) an tAthair culuidh
aodhuire don dara pearsuin dhíobh-so, .i. don Mhac,
agus do ghabh an Mac uime í, agus tánuig as seómra
shecréideach an ríogh, a Athar, gé gur an riamh san
tsheómra chéadna a bfhochair a Athar tré bheith gan
tús gan deireadh dó, mar atá an tAthair; agus do
shiubhuil an teagh san chuluigh-sin, agus do bhí eadruinne
inar ccomhluadar, ór ní budh éidir dhúinn a fhaicsin
muna chuireadh an cculuidh sin uime, ag gabháil ar
ndaonnachta dhó a mbroinn Mhuire Oighe, agus ag
beith na dhuine, do chuir an tAthair ar feadh an
tshaoghuil d'iarruidh a thréada do bhí ar ndul
a mugha san bfhásach. Agus an uair do bhí ag siobhal
an díthribh, do fhuluing an tAthair do na faolchonuibh,
.i. do na deamhnuibh, a mharbhadh, agus do na mad-
adhuibh, .i. don chiniodh Iúdaidhe, a ghearradh; agus
níor áil leis a anacal, gé gu raibhe ar a chumas, acht
do fhuluing do na faolchonuibh a bhásughadh leis
an mbás as boichde, tharcuisnighi, agus as neimhnighe,
dá bhfhacas riamh, agus as mó do mhothuigh-sion iná


L. 200


aoinneach dár básuigheadh riamh, tré bheith dhó 'na
Mhac Ríogh uas gach rígh, agá raibhe corp roi-shéimh
as maoithe agus as séimhidhe dár cruthuigheadh riamh.
Agus as trés an ngrádh n-ádhbhal ndofhaisnéisi do bhí
ag an Tighearna oruinne do rinne so uile, agus dochum
gu n-aitheónmaois, muinntear a thighi, méud a
ghrádha dhúinn, agus gu ttugmaois mar sin grádh dhó
ar son ghrádha, ó do ghrádhuigh inn ó thús comhmór
agus sin nár áil leis a Mhac dílios do choigill, acht a
thabhairt ar ar son dá bhásughadh."



Cíis Des. go trom tuirseach agá chlos so ó Ghrádh
Dé, agus do bhí a chroidhe ar n-a chrádh 'na chliabh.
Agas iar mbeith athuigh imchian a nualghubha dhó
amhluidh-sin, fiafraighis go himshníomhach atuirseach
do Ghrádh Dé: "A athair ionmhuin," ar eision,
"cionnas dob éidir dom Thighearna bás d'fhagháil?
Ór do bhí 'na dhara pearsoin don Tríondóid, agus mar
sin 'na Mhac Dé, agus 'na Dhia fhíre uileachumhachtach,
agus ó do bhí uileachumhachtach, cionnas do ghéubhadh
bás? Ór, mar sgríobhas S. Aibhisttín, na
himpireadha as cumhachtoighe bádar ar an mbioth
riamh, bá lór do dhearbhadh ar gan a mbeith
uileachumhachtach nár éidir leó an bás do sheachna
ná iad féin do choimhéud air, gé go mbíodh ro-fhonn
orra g<a>n bás d'fhagháil."



"A mhic (ar Grádh Dé), céimnidh an chonair
sin go haireach uaimhneach, ór as urasa dhol ar
seachrán innte, an tan nách eól do neach difir do
dhéunamh idir mhodhoibh labhartha an sgrioptúir,
labhras ar uairibh ar Chríostt do réir a dhiaghachta,
agus ar uairibh do réir a dhaondachda. Cuimhnidh, ar
an n-ádhbhar sin, gé go raibhe ar Ttighearna Iosa
Críostt 'na Dhia fhíri, go raibhi maille ris sin 'na
dhuine fhíre, do bhrígh go raibhe corp daondha agus


L. 201


anom cialloighe aige, coimhcheangailthe eatorra féin
agus dá phearsoin diadha, ionnas go raibhe mar sin
aoinphearsa aige, .i. pearsa dhiadha shíordhuighe
Mhic Dé, agus dá nádúir, .i. nádúir na diadhachda 'na
raibhi féin, an mhéid go raibhe agus go bhfuil 'na Dhia
shíordhuighe, dhár ab comhainm an Bhriathar (mar
sgríobhas Eóin san chéadchaibidil dá shoisgéul, In
principio erat Uerbum), agus an tAthoir neamhdha, agus an
Spiorad Naomh, comhaonda, coimhionand, agus nádúir
dhaonda 'na raibhe cosmhail linne, .i. corp agus anam
ceangailthe dá chéile, a sttaid urchradhoidh.
Gonadh aire sin as follas gur éidir lais bás d'fhagháil,
mar fuair dá dheóin féin ar ar soinne, ag sgaradh dhá
anam réna chorp, an mhéid go raibhe 'na dhuine
fhíre do réir a dhaonnachta, gé nár éidir leis do réir
a dhiaghachta, atá uilechumhachtach, domhudhaigh-
the, dourchradhach, bás d'fhagháil; ionnas gur ab
éidir a rádh, mar a dearar go fírinneach, go bhfuair
Dia bás, mar fuair Críostt ar Ttighearna agus ar Slánaigh-
theóir, do bhí agus atá 'na Dhia fhíre agus 'na dhuine
fhíre, bás do réir a dhaonnachta amháin, ag deaghoil
dá anam réna chorp, ar feadh theóra laitheadh do
bhí marbh, gé nár díosgaoileadh an t-uaimcheangal
do bhí idir an n-anam agus phearsoin Mhic Dé, agus mar
an ccéudna idir an ccorp agus an phearsa chéadna.
Ór, gé gur sgar an bás a nÍosa an t-anom ré a chorp,
mar do ní sna marbhoibh eile, go nách raibhe mar
sin an daonnacht aige, .i. anom agus corp ceangailthe
dhá chéili, an ccéin ro bhaoi marbh, cionnas ar a
shon sin búdh éidir a smuaineadh go ttréigfeadh
dara pearsa na Tríonnóide anam a dhaonnachta féin,
do dhearrsgnaidh a naomhthacht agus a ngrásoibh ar an
uile chréutúir eile, agus nár thréig anam ladroind na
láimhe deisi, dár gheall go mbiadh 'na fhochair an


L. 202


lá-soin féin a bparthus, mar fhiafraigheas S.
Aibhisttín go hinntleachdach, gé gur ab éxamhoil
an modh, mar adeir an daghdhoctúir-si, ar ar an ag
na hanmannoibh sin. Ór do bhí a n-anam an ladroinn
ag áitioghadh ann, agus gá imdhídean, mar áitigheas a
n-anam gach fíréin oili, ag déanamh a theampoill
spioraddha féin de; agus gé gur ab fíor gu bfhuil Dia
ó chumhachtuibh, ó radharc, agus ó shubsttaint do
láthair san uili ionad agus san uile chréutúir tré bheith
dhó díofhoirchinn, doithiomchuil, díothomhais 'na
nádúir neamhchorpordha, agus 'na shubsttaint spior-
addha (giodh nách fuil do réir a nádúire daonda acht
a bhflaithios agus a n-uasalshácraimint fheartuigh
airdmhíorbhuiligh na haltóra), ar a shon so uile ní
áitigh<i>onn acht amháin san fhírén, bhail a mbí a
ghrása, mar dhearbhas S. Aibhisttín a mórán d'iona-
duibh; ór os de amháin do ní a theach agus a theampoll,
agus mar sin a aitreabh agus a áras, mar a deir Pól. Agus
do bhí mar so ag áitiughadh a n-anom ionnoic
fhíréanta a dhaondachta féin maille ré rabharta na
n-uile ghrás, uas na huile chrétúiribh, mar dhearbhas
an doctúir céanna; agus do bhí fós ag an anam naomhtha-
sa ar mhodh eile fá míle uaisle iná sin, ór maille ré
gur dhearrsgnaidh an t-anam beannuighthi-si go
dofhaisnéisi a ngrásuibh ar na huile chréatúiribh
trér áitigh Dia ann ní sa aidhbhle iná inntibh uile,
do bhí oilldhearsgnuidheacht agus árdonóir eili aigi féin
agus gá chorp chaoimhiodhan nách fuair riamh agus
nách fuighi choidhchi créatúir oile dhaonna ná
ainglidhe, ór do bhí iar n-a uaimcheangal go daingean
substtainteach dosgaoilte, ón phunc fár cruthaigheadh


L. 203


é, do phearsuinn dhiadha shíordhuidhe Mhic Dé bhí,
ionnus go raibhe duine agus Mac Dé a n-éinphearsuinn:
duine 'na Dhia agus uilechumhachtach, agus Mac Dé 'na
dhuine agus somhudhaighthe, ón phunc-soin inar chean-
gail dá dhiaphearsain daonnacht (.i. corp agus anom
ceanguilti dhá chéile, nó nádúir dhaonna gan phearsain
daonna) go punc a bháis. Dáigh níor ghabh mac
Dé chuige, an tan do duinighiodh é, pearsa dhaona,
acht nádúir dhaonna; agus dá ngabhadh, do bheidís
ceithre pearsanna san Tríonn<ó>id, ní nách éidir a rádh
gan tuitim a mórán seachráin agus a n-iliomad d'eir-
iciochtuibh uathmharghráineamhla a n-aghaigh na
misttiriodh as áirde agus is fundaiminnti dár gcreidiomh.
Agus mar as do phearsain dílis Mhic Dé do ceangladh
an daonnacht, agus nár ceangladh í do phearsain an
Athar ná do phearsain an Spioruid Naoimh, ní
fhuil éinphearsa don Tríonnóid acht an Mac amháin
'na dhuine, agus ní héidir fós a rádh go bhfuair an
Tríonnóid ná éinphearsa dhi, acht an Mac amháin,
bás; gidheadh, gé gur an an t-anom naomhthu-so,
mar a dubhart, agus an corp ceanguilthe do phearsain
Mhic Dé ar feadh na dtrí lá do bhí Críostt marbh,
ní raibhe Mac Dé 'na dhuini ar feadh na haimsiri-sin
(.i. ó fuair bás, nó go ndearnuigh an eiséirghe a sttaid
nuaghlórmhuir neamhurchradhuigh dá nách eaguil
éug ná oidheadh), mar nach raibhe a anom agus a chorp
ceangailte eatarra féin acht sgartha ré 'roile."



Do lean Grádh Dé dá chéad chomhrádh a rís, agus
a dubhairt: "Do bhí an uiread sin do ghrádh ag
an nAthair don Mhac-sa, gé gur fhuiling a mharbhadh
ar ar soinni, gur aithbheódhuigh é a rís a ccionn trí
lá agus go rug gu flaitheamhnas é gu glórmhar buadhach
cosgarach, ag breith a choda leis 'na choimhideacht
don tréud do bhí ar iarruidh aigi, agus ag stíuradh agus ag


L. 204


follamhnughadh do ghnáth, agus ag coimhéad, maille
réna ghrásuibh, na coda dhíobh do fháguibh dhá
reamhrughadh san bhfásach. Do thill, ar an modh
a deirim, gu seómra an ríogh, a Athar, agus a tá ann 'na
shuidhe ar a dheis, agá ghuidhe ar ar soinne, agus ag
taisbéanadh dhó sleachta na ccrécht agus na n-áladh do
fhuluing ar ar son, dá ghluasacht dochum trócuire agus
truaighe do bheith aige dhúinn, ar aoi ar fhuluing ar
ar son agus an ghrádha atá aige dhúinn. Dá éisi so
uile, atámaoid-ne lán d'olc, do dhearmad, agus do
dhobhuidheachas, agus fós tarcaisneach ar ar Ttighearna;
ór atá an uiread-soin do neamhshuim aguinn air
féin agus ar fhoghnamh dhó, agus do neamhchuimhne ar a
mhórdhacht agus ar a dhearluicthibh dhúinn, gurab
deimhin, muna fhéachadh an tAthair don Mhac,
gurab fada ó do dhíbeóradh as a thigh sinn. Atá
an uiriod-soin do chion ag an nAthair ar an Mac so
gu measuim nách fuil énní as mó 'na ttuill duine a
bhuidheachas iná a ngrádh do thabhairt dá Mhac.
Gonadh aire sin do ním mo dhíthcheall ar a
ghrádhughadh."



"Creud an modh a ngrádhuidhe é?" ar Des.



"Ag smuaineadh," ar Grádh Dé, "ar a bheathaidh
naomhtha do ghnáth, agus ar a theagasg, agus ar an mbás
mbocht bpianamhuil do fhuluing ar ar son, agus ag
aithris ar a bhéusuibh do réir mo chumhacht; ór dá
ghoire dá ttéid duine dá bheathuidh féin do chur a
ccosmhuileacht ré bethaidh an Tighearna, as ann san
mhéid-sin ghrádhuigheas Dia é. Agas is uime do
órdoigh Dia dhá Mhac bheith ar feadh aimsire 'nar
measg, do chum go ttaisbéanfadh dhúinn an modh
beathadh búdh cóir dhúinn do leanmhain, agus go
mbeath beatha an Mhic 'na sgáthán mar sin agoinn,
ina bhféuchfamaois sinn féin, dá dhearbhadh an


L. 205


mbiadh toil mhaith aguinn nó ná<c>h biadh, ag
féughoin ar thoil an Mhic, ór ní fhuil ar domhan
dearbhadh as fearr iná so.



Do bheirim iar sin (ar Grádh Dé) díoghrais
annsachta, rés an uile phearsoin ainglidhe nó dhaonna,
do Bhainríoghain nimhe, máthair Mhic Dé, do an
riamh 'na hóigh iodhain; ór as aithnidh dhamh
nách foil impidheach a bhfhlaitheamhnas as mó ar
an Ttríonnóid iná í."



"Creidim go daingean," ar Des., "nách raibhe
athair colnaidhi ar bioth agár Ttighearna Iosa
Críostt, acht gurab é an tAthair neamhdha a athair
fíre, agus gurab mac dílios Dé bhí é; gidheadh, mar
atá 'na dhuine, agá bhfuil corp, as iongnadh leam
cionnas budh éidir dár mbaintighearna a bhreith, agus a
hóghdhacht do bheith iar sin iomlán, mar adeiri-si."



"Nách aithnidh dhuit," ar Grádh Dé, "go rug
a chorp leis as an uaidh, gan cor do chur don líg do
bhí ar a béul, agus go ndeachoidh trés an doras dhúnta
d'fhéachoin a asbal; agus an tan tiaghoid na gaoithe
gréini go nádúrtha trés an bhfeinisteir ngloini, gan
díoghbháil do dhéanamh don ghloin, agus créud fá
mbiadh díochreideamh ar ghréin an cheirt, Iosa, do
thoigheacht go míorbhulach gan oirbhearnadh, a
gloine na hiomláine, tré fheinistir fhlaitheamhnais,
as ainm ag an Eaglais ar Mhuire, mar as tríthe
tháinig an solas neamhdha dochum an chinidh
dhaonna, do bhí a ndorchadas, do réir mar mhínigheas
S. Aibhisttín an t-ainm-sin.



As ionmhuin leam 'na dhiagh sin (ar Grádh Dé)
mo bhuachuil dar ab ainm Grádh na Comharsan,
mar as roi-ionmhuin lé Dia é; ór atá an uiriod sin
do ghrádh aige air gu ndubhairt rinne, na daoine,


L. 206


gibé ar bioth ní do ghénmaois do mhaith nó dh'olc
gurab dá phearsuin féin do níthear sin."



"Créad an modh," ar Des., "ar a ngrádhuighe
an buachuil sin?"



"Ní hannsa leam mé féin iná é," ar Grádh Dé;
"agus dochum gu laibheóruinn a bpearsuin duine bhíos
ag seirbhís do Dhia, a deirim do chéidneithibh gu
smuainim gur ab fearr mo bhuachuil iná mé féin gé
gu madh airde m'oifig nó m'fheidhm iná a oifig.
Coimhéduim mé féin ó fheirg, ó dhoilghios nó ó
thuirsi do chur air, agus do ním dhó gach uile shólás
as éidir leam. Ní thig drochsmuaineadh chugam dá
thaoibh, agus gabhuim do ghnáth a leithsgéul. Ní
labhruim gu holc air, acht fuilngim é go ceannsuidh,
gé gu mbiadh do-iongabhála, agus bídh truaighe agus
trócaire agom dhó, agus ní fhuilngim agus ní aontuighim
labhairt am fhiaghnuisi gu holc air. Bídh fonn
oram eision do ghrádhughadh mo Thighearna mar do
ním féin, agus Dia do dhéanamh duine comhmaith
leamsa dheision. Ní bhí formad agom ris fá ní ar
domhan do thoirbheartas nó do thiodhlacadh dá
ttabhair Dia dhó; agus smuainim nách foil ann acht
aingiol Dé, agus nách fíu mé féin bheith am óglách aige.
Agas as uimi do ním so, mar atá roi-chion ag mo
Thighearna air, agus gur ab áil leis mar an ccéudna
roi-chion do bheith agamsa air. Agus bídh ro-fhonn
oram Dia dhá shlánughadh do chum a ghlóire féin,
agus ní a ngioll ar ghrádh dhíomhaoin ar bioth, mar do
níd daoine agá mbí meas spioradáltha orra féin, lé
ttugthar grádh do dhaoinibh ar son a ccomhluadair,
iondas nách bhfuilngid 'na n-éagmhais, tré mhéad
a ngrádha dhóibh. As meinic as comhardha so ar
ghrádh dhíomhaoin ghuasachtach, ór as aite leó so
comhluadar an chréutúir iná an Chruthuightheóra;


L. 207


agus as cosmhuil mar sin nách ar son Ndé ghrádhuighid
iad acht ar son a ccomhluadair mhilis, agus an tan sin
as ó ghrádh neamhfhoirbhthe do bheith aca ar Dhia
thig so.



Grádhuighim ar an modh ccéadna (ar Grádh Dé)
na neithe bheanas ris an ttigh gu coitcheann, nó
ris an ccoimhthionól, agus bídh aire mhór agom orra,
mar atáid dochum seirbhísi Dé, agus do chum cothuighthe
a thighe agus a onóra; agus do ním ar an n-ádhbhar sin
mo dhíthcheall dochum gan énní dhíobh do léigion
a mugha, gu háirithe énní dá mbeanann ris an
riaghaltacht naomhtha, mar atáid riaghlacha, statúide,
órduighthe, agus searmóinne nó naomhghnáthuighthe.
Agus gé gu bfhuil daoine ann nách dén cás dhíobh so,
saoilim-si nách óirdeóchadh an Spiorad Naomh iad
acht munbhudh maith leis sinne dá ccoimhéad; agus
dá laghad dá mbí an tshearmóinn, saoilim-si gu
bfhuil onóir agus adhradh do Dhia innte, agus do ním ar
an n-ádhbhar sin í ó thoil mhaith agus ó iomarcuigh
rebherens: agus smuainim am chroidhe, muna dhearna
mé seirbhís agus onóir dom Thighearna, nách fuil grádh
agam dhó. Agus cia do ghéanadh seirbhís dó, an tan
nách diongnuinn-si, aithnigheas maille réna ghrásuibh
gurab mó atá d'fhiachuibh oram do dhéanamh iná
atá ar chrétúiribh eili. Agus an uair do níd muinntear
na ttighearnadh saoghaltha seirbhís dóibh ó ghrádh,
créad fá nách diongnuinn-si seirbhís dom Thighearna
féin, do rinne dom chomhmór do pheacthach, do
sháruigh an uile ar olc, a dhuine muinntire agus a
sheómradóir? As deimhin, dá ccuiriodh an saoghal
druim ré seirbhís do dhéanamh dhó, nách diúltamh-
sa gu soiche an bás seirbhís do dhéanamh dom
Choimdhe agus dom Chruthoightheóir."


L. 208



DO NA NEITHIBH DA TTABHAIR GRADH DE
FUATH, AGUS MAR CHUIRIOS CRÍOCH AR A
OIFIG d'INNISIN.



Cap.9.



"An dara ní a dubhart riot 'na ttaithnim lém
Thighearna, .i. fuath do thabhairt don ní dá ttabhair
fuath, as amhluidh so thuigthior sin. Saoilim-si gu
bfhuil dá námhuid ag mo Thighearna, .i. an saoghal
agus an cholann. Ar an n-ádhbhar sin do chuirios
romham fuath do thabhairt dóibh so, agus neimhchion
óm chroidhe, agus gan muinnteardhas ná síothcháin
do dhéanamh riú choidhche; agus do chum so do
choimhlíonadh gu maith cuirim ní eile romham, .i.
gan énní dom shólás féin d'iarruigh orra choidhche,
ná labhairt ríu, ná bheith 'na ccomhluadar, muna
fhógra an Tighearna a chontrárdha so dhamh, ór an
uair-si as mó mo shuim a n-aithne mo Thighearna
iná san ní chuirim féin romham.



Agus dá bhríogh so, guidhim mh'uachtarán, .i.
gairdian nó príóir na mainisttreach a mbím, gan
mo chor choidhche, ar son mo shóláis féin, do na
cathrachuibh ná do na bailtibh, ór atá gráin agom
ar dhul ionnta. Gidheadh, má chuirthear d'fhiáchuibh
oram dul ionnta, as uime thiaghuim, do bhrígh go
dtuigim go bhfógrann an Tighearna dhamh dul
ionnta, an uair chuirid mh'uachtoráin d'fhiáchoibh
orom triall. Agus cuimhnighim an uair-sin nách áil
lém Thighearna, ag dul san sligheidh dhamh, nó an
uair bhím sna bailtibh, olc ar bioth, feall nó
tréatúireacht, do dhéanamh 'na aghaidh féin, agus gurab
maith leis mé dom tharruing féin as gnóuighthibh


L. 209


agus filleadh dom mhainisttir comhluath agus as éidir leam,
ór as aithnidh dhamh, dá fheabhas dá ccongmhann
duine lag é féin a measg na ndaoine saoghaltha,
gurab baoghluighe dhó subháilce do chailleamhuin
ná d'fhagháil 'na measc.



Ar an modh ccéanna (ar Grádh Dé) bí gráin
agom ar mo dhubháilcibh, ar mo pheacadhuibh, ar
ghluasachtaibh mo cholla, ar mo dhroichmhianuibh,
agus ar easláintibh oile mh'anma, agus as olc leam a mbeith
ionnum, ór as aithnidh dhamh nách dtaithnid lém
Thighearna; agus dá bhríogh sin, do sheachna shaothuir
mo cheartuighthe agus mo leasuighthe do ghnáth, agus fós
do ghrádh mo Thighearna, seachnuim a mbí a
n-éintigh riom, agus congmhuim mé féin uatha, achd an
uair iarrus riachtanus nó déshearc a chontrárdha sin.
Agus gé go measuim im chroidhe nách fuil ionnta uile
acht naoimh agus aingil, agus nách seachnuim iad tré
tharcuisne do bheith agum orra, ná tréna mheas
nách fiú iad bheith am chomhluadar, agus ní hé sin
amháin, acht measuim nách fiú mé féin bheith 'na
ccomhluadar-san ná an talamh ar a saltraid do
phógadh - gidheadh, muna fhógairthear dhamh é, ní
háil leam bheith 'na ccomhluadar."



"Créad an t-ádhbhar (ar Des.) fá ndéanae sin?"



"Do ním (ar Grádh Dé) do bhrígh go bhfaicim,
gach lá dá ttig, an riaghuil ag dul síos a mórán
d'ionaduibh, trés an ainiomarcaigh comhluadair
dhíomhaoin agus tathuidhe bhíos eidir dhaoinibh
saoghaltha agus dhaoinibh riaghaltha. Gonadh aire
sin, nach faicthear acht beagán crábhuigh, úrnaighthe,
agus ciúnuis inntinne a measg choda dhíobh, agus nach
fuilid a cclabhstradha acht mur dho bheidís pálása
thighearnadh mór ina bhfuilid lucht an chrábhuidh
'na ndaoinibh riaghaltha ó aibíd agus ó ainm amháin,


L. 210


ag sttuidéar agus ag sgrúdadh a n-inntinne do ghnáth
d'fhéachuin an bhfaicfithí airioc meanman agus aigniodh
nuaidhe dhóibh, dochum gabháltuis do dhéanamh
ar an saoghal, dár chóir dhóibh diúltadh ó ghníomh
agus ó thoil do bhithin na móidi bochtachta thugsad
do Dhia. Atá an naomhthacht aníu coimhthearc agus
sin aca gurab é céudní do níd in gach ionadh 'na
ccruinnighid fá ré chéile, acht amháin san choruidh,
labhairt ar chúisibh saoghaltha, agus bheith ag anchaint
agus ag ithiomrádh ar órdaibh eile, agus dá ccur féin uas an
uili órd a ccrábhadh, a naomhthachd, agus a bhfoirbh-
theacht phearsan agus sttaide, ionnas go ttigid ón
ccleachtadh-sa do bheirid dóibh féin, beagán ar
bheagán, do chum gan blas do bheith aca ar Dhia,
agus do chum gan teacht a ngar dhó; agus ní hé sin amháin
acht ní bheirid beó ar an mbeagán aimsire as éigean
dóibh do chaitheamh san choraidh, a n-aghaidh a
ttoile, do chríochnughadh, do chum teachta a mach
do thráchtadh ar ghnoaidhibh saoghaltha. Agas as
í sin an chúis chuireas d'fhiachoibh orra a sailm agus a
n-urnaidhthi do rádha lé beagán debhóisión agus
rébherens, mur nách bí a n-aire acht ar dheireadh do
chur ar a n-urnaidhthe, gibé gléas ar a ndiongnaid í.



Ag so an chúis fá bhfuilid mórán a niogh a bhfad
ón naomhthacht; ór, mar nách áil leó Dia ná a
neithe do bhlasachd, agus nách faghoid sólás ná aoibhneas
ionnta, ní háil lé Dia iadsan do bhlas, agus ní hé amháin
acht bídh gráin aige ortha an fad bhíd mar sin.
Agas as é so fós an t-ádhbhar fár ab áil leamsa
cleachdadh do thabhairt damh féin bheith am aonar,
agus mo dhíthcheall do dhéanamh ar an aimsir do
chaitheamh lé hurnaighthe, do chum go ngnáthóchadh
mh'anam millseacht agus sólás d'fhagháil a neithibh an


L. 211


Tighearna, agus a ghrádhughadh mar as dual; ór as
chuige so do fhágbhas an saoghal agus tánag and so."



"Tabhair dot aire," ar Des., "nách ccuirfe
aonchuid don choimhthionól ad leith go bhfuili
ainiongantach iondat féin."



"Ní meistte leam," ar Grádh Dé, "ór ní iarroim
taithneamh do thuilleamhoin ó na daoinibh, acht óm
Thighearna, agus as olc do ghéubhoinn droichsheirbhís
do dhéanamh do Dhia, do sheachna mé féin do chur
a neamhoireamhoin do na daoinibh, an tan nách
tiobhra mé droicheisiomláir nó cúis pheacaidh do
chách. Abradh an tí thoigeóras ó so suas an ní
as áil leis, ór as í so mh'oifig-si," ar Grádh Dé, "agus
ar an n-ádhbhar sin, madh áil leat-sa mo bheith
agat, déana aithris oram do chum glóire an
Tighearna, agus do chum th'anma do shlánughadh, ós
chuige sin do fhágbhais an saoghal agus do roighnis
duine riaghaltha dhíot féin."


L. 212



CIONDAS DO RUG GRADH DE DESIDERIUS
A STTEACH.



C.10.



As mór an t-iongnadh do bhí ar Dhes. fá a
ndubhairt Grádh Dé ris, agus adubhairt: "Innis damh,
an uair do ní tú na neithi-si uile, an mbí eagla ort
roimh éinní?"



"Bídh," ar Grádh Dé, "ór ní foláir dhamh, gé
go ndiongnaind a ndubhart, mé féin do choimhéad
gan Glóir Dhíomhaoin ná Dóthchas Asom Féin do
léigean astteach, ór dá n-osglainn an doras dóibh,
do fhóigeóradh an Tighearna mo chur amach a
ccéadóir; agus as uime sin bhíos mo mháthair, an
Umhlachd, léum thaobh do ghnáth."



"Guidhim thú," ar Des., "fá mé féin do chur
astteach."



"Dénam," ar Grádh Dé, "ór cuirfead tú fá ré com-
pánach atá agom, agá bhfuil oifig as áirde iná mh'
oifig-si, ór as lór a fhad do bhádhais am fhochair-
se."



"Ca hainm a tá ar an ccompánach sin agat,"
ar Des., "do chum a bhfuile dom breith?"



"As é as ainm dhó (ar Grádh Dé) Alghas Dé."



Gluaisis Des. a ccuideachta Ghrádha Dé, d'iarroidh
Alghusa Dé, agus an uair thárla dhó é adubhairt Des.
ris: "A thighearna, an tú Alghus Dé?"



"As mé," ar eision, "agus créud adeiri-si, nó an
bhfuil éinní agat dá iarroigh?"



"Atú, a thighearna," ar Des., "ag iarroigh ortsa
mo ghlacadh ad sheirbhís."



As mór do thaitin lé Hálghas Ndé an toil mhaith
do bhí ag Des., agus adubhairt ris: "Madh áil leat
bheith am fhochair-si, ní fuláir dhuit teacht ó thús,
iar nad theagasg agus iar nad mhúnadh go maith, óm


L. 213


dhearbhráthair agus óm chumpánach, Grádh Dé; ór
bídh a fhios agat gur ab don bharroigheacht fhíona
bhíos san n-áit 'na ndéuntar agus 'na bhfáisgthear fíon
Ghrádha Dé, do níthear Alghas Dé. Ar an n-ádhbhar
sin ná mealltar thú, acht líon thú féin ó thús d'fhíon
Ghrádha Dé."



"A thighearna," ar Des., "do bhí misi a bhfochair
Ghrádha Dé, agus do mhúin damh gach ní as cóir dhamh
do dhéunamh, agus do dhéan-sa, maille ré grásoibh
Dé, mar as fearr as éidir leam, gach ní dá ndubhairt
riom; gidheadh, nocha léigfeadh an eagla dhamh a
rádha riot go bhfuil a bheag nó a mhór do Ghrádh
Dé agom, ór as aige féin amháin bhíos a fhios cia
ghrádhuigheas é nó cia nách grádhoighionn, agus ní
fhuil ní as fearr sna neithibh-si iná duine dá ísliughadh
féin. Dom thaoibh féin, ní héidir leam dearbh
éinneith do thabhairt duit, acht go bhfuil an gadhar-
sa leam, .i. an Toil Mhaith, agus ná smuain gurab uaim
féin fuaras sin féin, ór as é a thiodhlacadh dhamh
do rinneadh."



Do thaithin go mór lé Hálghas Dé a ndubhairt
Des., agus mar nár lamh a ghabháil air féin go mbiadh
Grádh Dé aige.



"Guidhim thú, a thighearna," ar Des., "innis
damh do nádúir, h'oifig, agus do bhéusa."



Do fhreaguir Alghas Dé é, agus a dubhairt: "Fá
mar thig an duine ó eólus mhór do bheith aige air
féin dochum tarcuisne móire agus gráine do bheith aige
air féin, as mar sin thig ó eólas mhór do bheith aige
ar Dhia dochum mórghrádha do thabhairt dó, agus as
ón mhórghrádh thig do chum Alghasa Dé do bheith
aige.



Gibé agá mbím-si (ar Alghas Dé), ní bhí sainnt
air do chum neith ar an ndomhan, ór do ním-si a


L. 214


chroidhe comhuasal agus sin nách bí meas aige acht ar
an ní as uaisle agus as dearrsgnuighthe dá bhfuil ar
bioth, .i. Dia; agus fós dá anuaisle dá mbí ó fhuil, do
nm rígh dhe. Ní smuain an té agá mbím-si acht
ar Dhia, agus ní labhuir acht ré Dia, ór an áit ina mbí
a chistte nó a mhaoin, as ann sin bhíos a chroidhe
agus a mhian, agus an fonn bhíos go hinmheadhónach ar
dhuine as é so adeir agus labhras, ór as comharthadha
na neithi thig amach as an mbéul ar na neithibh
bhíos asttigh san n-anam.



As misi as biadh, as cothughadh, agus as sásodh
don anam naomhtha bhíos beó lé mianuibh maithe.
As mé as sttíobhard agus as feadhmantach asttigh-si
na Désheirci. As mé as doirseóir do sheómra
sheicréideach an Tighearna san n-áit 'na bhfuil an
rí agus a chodailteagh, agus atá cumhachta agom doras an
tsheómra sin d'fhosgladh an uair as áil leam, agus an
duine dom cháirdibh as áil leam do chur astteach,
agus as mé an bollsaire agus an fear garma bhíos ag fógra
go hárd ar feadh an tighe, nó go ndúisgim an Tighearna
do chum dola amach do labhairt ris an tí bhíos ag
gairm san doras.



Cia shaoileas tusa do dhúisigh inn, an uair do
bhádhuis ag bualadh an doruis leis an dá bhaschrann
dá ngoirthear Osna agus Deór? As mó do dhúisigh
tafann an ghadhair táinig leat sinn iná énní eile."



"Do hinnisiodh dhamh," ar Des., "nách éidir lé
Dia codladh choidhche, agus cionnas a deiri-si gu
ccoduil?"



"Nách aithnidh dhuit," ar Alghus Dé, "briathra
an tSailmcheadluigh: "Eirigh suas, créad fá bfhuile
ad shuanchodladh a Thighearna?" As deimhin
nách éidir lé Dia codladh. Gidheadh, mar deir
S. Aibhsttín, an tan nách bí cuimhne ag neach ar


L. 215


sheirbhís Ndé, agus gu háirithe ar a chreidiomh, as
modh labhartha don sgríoptúir a rádha gu mbí Dia
'na chodladh, agus gu mosgail an tan thionnsgnas
seirbhís Dé do dhéanamh, mar as ó Dhia thig an
daghsmuaineadh-soin."



Do lean Alghus Dé dá chéadchomhrádh agus a
dubhairt: "As meisi teachtuire as dísle ag an
ngrádh, as mé as luaithe thig dochum an doruis, as
luaithe léigthear asteach a bfhiadhnuisi an Tighearna,
agus as luaithe do gheibh éistteacht. Atá cumhachta
agomsa ar thoradh chroinn dhearrsgnuighthe atá
san tigh-si do thabhairt dá chaitheamh don tí dá
ttogruim; agus asé an toradh sin, Radharc Dé."



"An bhfuil sé milis?" ar Des., "ór an toradh
tugadh dhamh a ttigh na Humhlachta do budh
ro-dhocair a chaitheamh, go háiridhe ó thús, tré
bheith searbh dhó."



"Atá toradh an chroinn-si roi-mhilis," ar Alghas
Dé; "gé gurab fíor go mbíd daoine as fearr do
gheibh blas air iná chéile, ór dhá mhéad bhíos fonn
orra, agus dá fheabhas dá mbíd a bhfiacla, agus dá shláine
dá mbí a ccarbad, as móide mhothuighid milis é.
A tá dream oile do na daoinibh agá mbí déisttean
orra, agus ní fhaghoid sobhlas air, mar nách eól dóibh
a chognamh. Atá dream oile chaitheas é maille ré
beagán ocarais, agus mar bhíos a ngaile lán, agus iad
sáitheach ó bhiadhoibh eile, ní fhaghoid blas air, agus
ní fhéadaid a dhíleaghadh go maith. Atá dream
eile ag nách bfhuil mothughadh céadfadh nó
blasdachta tré fhiabhros agus easláinti, agus ní bhí a fhios
aca so créad an blas atá ar an toradh-sa acht a
ccluinid ó dhaoinibh oile."



"Iarroim d'athchuinghidh ort," ar Des., "blas
an toraidh sin do thabhairt damh."


L. 216


"Taithnidh leam," ar Alghas Dé, "mar adeire
blas, ór ní héidir lé duine ann so san saoghal-sa a
sháith d'fhagháil don toradh úd, ná a chaitheamh
do réir a mhiána, acht amháin a bhlas, agus a mhillseacht
do dhearbhadh."



"Créad an t-ádhbhar?" ar Des.



"Inneósad sin dhuit," ar eision. "Dá sáthuigh-
eadh duine é féin ann so, agus go mbiadh an toradh úd
go líonmhar aige, ní ghébhadh fonn é an príosún-sa
d'fhágbháil choidhche, agus dul go parthus, an áit ina
bfhuighe fleadha agus féasdoighe lóghmhara do ghnáth
agus go síordhuighe; agus ní hé so a mháin, as maith leam
a fhios do bheith agat go bfhuilmíd ann so, ar ndul
d'éag do ghorta agas anbfhann ó throsgadh, ag
fuireach ré dhul ar cuireadh an Ríogh mhóir, ar
Ttighearna, lán d'fhonn an lae-sin do bhreith orainn,
mur bhíos an fiadh dochum an uisge san samhradh.
Bíoth a fhios agat, ós a chionn so, go bfhuil an
toradh-sa comhbríoghmhar agus sin gurab lór éinghreim
amháin de, dá laghad, do chum gaile duine do
líonadh, dá ocaroighe dá mbiadh an duine; ór
sásuigh agus líonaidh é comhmór agus sin nách ttuill
ní sa mhó aige. Gidheadh, an uair racham án lá úd a
bfhiaghnaisi ar Ttighearna, do bhéara dhúinn
gaileadha bhús mó agus bhús láidire dochum sinn féin do
shásughadh leis an ttoradh-sa, agus dochum nách déna
díoghbháil dúinn; ór dá n-iarradh duine ní sa mhó
do chaitheamh dhe ann so iná do thuillfeadh ina
ghaile, as mó do dhénadh do dhochar iná do shochar
dhó. Ar an n-ádhbhar sin as lór dhúinn beagán
do chaitheamh dhe ann so, agus sin go measardha, nó
go ndeacham a nonn san n-áit a sáiseócham sinn
féin leis an ttoradh bhlaismíd amháin ann so."


L. 217



CIONNUS DO ULLMHUIGH ALGHAS DE
PROINN DON TORADH-SA DO DHES.



C.11.



A dubhairt Des.: "Déana grása oram fá chuid
don toradh-so do thabhairt dhamh, .i. an mhéid as
áil leat féin."



"Ní fuláir dhuit, (ar Alghas Dé) do bhéul agus do
dhéad, do lámha agus do chosa, h'aghuidh agus do shúile
do nighe ó thús; ór ní an an toradh-sa acht a
soitheach ghlan."



"Ca háit a racha mé dom ionnladh?" ar Des.



"Gluais leamsa (ar Alghas Dé), agus múinfead fíor-
thobar dhuit, as a mbíd fiuchuidh uisge do ló agus
d'oidhche, dár ab ainm an Crábhodh Naomhtha, agus
goirfead chugad banógha an tighe dod t'ionnlad."



As mór an t-urghairdiughadh meanman do bhí
ar Dhes. ag fuireach ris na maighdeanaibh, nó go
bhfaca chuige fá dheireadh Alghas Dé agus iadsan 'na
choimhideacht, agus a dubhuirt ris: "Nách bhfaice
ann so na maighdeana nighfeas thú? As é as ainm
do mhaighdin díobh, an Mhillseachd; do mhaighdin
eili, an Réiteach; dhi so eile, an Bhúidhe; dhi so
eile, an Trócaire; dhi so eile, Deighinntinn, dhi so
eile, an Mhaith, dhi so eile, na Grása, agus dhóibh so
oile an Mhórdhacht, an Maitheamhnas, an Deighiom-
char, an Ciúnas, an Smacht, an tShuilbhire, an
Discréid, agus dhi so eili, an Debhósion, agus do bhéara
an mhaighdean-sa spíosradha dhuit chuirfios cíocaras
ort dochum an toraidh d'ithe lé fonn agus lé blas, ór
ní tugthar é achd do luchd acaruis. Goirthear do na
maighdeanoibh-se eile, an tOrd Crábhoigh, an Buain-


L. 218


sheasamh, an Chobhsuidheacht, an tShíothcháin, an
Caoineas Labhartha, an Urnuighthi, an tShocruidh-
eacht, agus díomsa féin, an phearsa dhéigheanach,
goirthear Alghas Dé, agus bím do ghnáth fáris an
ccomhluadar naomhtha-so; agus dá ttugae-si coimhid-
eacht dhóibh, do bhéaruid cuidiughadh mór dhuit agus
ullmhóchuid thú dochum an toraidh-si do chaith-
eamh. Agus dá ccaithe éanuair é, beid ad dhiaigh do
ghnáth agus ní fhúigfid thú, muna chuire féin uaid iad,
ór atáid cíocrach, agus gibé ar bioth áit a bhfaicid an
toradh-sa, téighid 'na dhiaigh ar an mball, amhuil
thiaghuid na beich a ndiaigh na meala, agus ní fhuil
comhardha ar bioth as fearr ar dhuine d'ithe an
toruidh-si iná iadsan d'fhaicsin ina dhoras, mar bhíd
cuile abhail a mbí an fíon."



Do bhí Des. lán do shubhachas mar do nigheadh
é, agus mar do chaith ní don toradh; agus adubhairt Alghas
Dé ris: "A bhráthair, a Dhes., ó do thoimhlis anos,
ní foláir dhuit canntaireacht do dhéanamh; ór an
uair ithid searbhóntaidhe Dé biadh, do níd cann-
taireacht ag tabhairt bhuidheachois dó, agus ní bhí
éanduine san tigh-si dá nách eól canntaireacht do
dhéanamh."



"Ciondas do ghéanae canntaireacht?" ar Des.



"Déanam," ar Alghas Dé, "don choroidh, bhal a
bhfuilid na canntaireadho, dá ngoirthear Beann-
ughadh do dhuine dhíobh, agus don chuid oile Onóir,
Moladh, Altughadh Buidhe. As leó so do ghéana
tú canntaireacht," ar eision, "ór atá eólas maith
aca a múisic, agus atáid gotha maithe aca."



"Creud an modh ar a ndéna mé cantaireacht?"
ar Des.



"Inneósad-sa sin duit," ar eision. "An céad-
channtaire dá ngoirthear Beannughadh, Discaint nó


L. 219


Tiple ghabhas, .i. guth árd, agus do ní canntaireacht ag
beannughadh an Tighearna ar son a árdchumhacht.
Canoidh an dara canntaire (dá ngoirthear Onóir)
Contraténor, .i. guth árd as ísle iná an céadghuth,
do bheir onóir do Dhia ar son a eagna gan fhoircheann.
An treas canntaire (dá ngoirthear Moladh) Ténor
chanas, .i. guth inmheadhónach, mholas Dia ar son
a mhaitheasa doimheasta, agus ar son a uile shubháil-
ceadh, a uaisle, agus a dhearrsgnaidheachta ann féin.
An ceathramhadh canntaire (dá ngoirthear
Altughadh Buidhe), Bassus chanas, .i. guth trom
saothrach as ísle ináid na gotha eile, do bheir
buidheachas do Dhia ar son an uile ní do chruthoigh,
agus ar son a ttug do thiodhlacoibh don uile chrétúir."


L. 220



CIONDAS DO FHOGHLAIM DESIDERIUS
CANNTAIREACHT.



C.12.



Ba mór do thaithin lé Des. modh teagoisg na
canntóireachta, agus an channtaireacht féin, tré bheith
ro-aoibhinn di, agus adobhairt Alghas Dé ris: "Féuch,
an áil leat bheith ag imtheacht as so, agus filleadh ar
th'ais?"



"A-Dhé, cá háit a rachoind?" ar Des., "agus go
háiridhe d'éis a bhfuaras do shaothar agus d'annró ag
teacht ann so; agus nách maith an t-ionad 'na bhfhuilim
go slán, súgach, síothchánta, agus cion ag cách oram?
agus ní háil leam athrughadh, ná dhul as so, ór gibé
do gheibh é féin go maith san n-áit a mbí, ní cóir
dhó athrughadh, mar adeir an seanfhocal. Ar an
n-ádhbhar-soin, a thighearna, innisim dhuit nách
áil leam imtheacht uaibh acht muna churthaoi féin
uaibh mé, agus an uair-sin féin go madh éigean daoibh
mo chur a mach dom aimhdheóin."



"Ní chuirfeam," ar Alghas Dé, "ór ní béas
dúinn éanduine do chor uainn a n-aghoidh a thoile,
agus ní hé amháin, acht guidhmíd é, ag iarroidh air
gan imtheacht; gidheadh, do chum go ttuigfidís
nách foil riachtanas agoinn ríu, do bheirmíd cead
dóibh imtheacht má thograid féin. Agus ó do anais
ann so, ní cóir dhuit bheith díomhaoin; ór ní
fuilngthear d'éanduine and a aimsear do chaitheamh
go díomhaoineach."



"Indis damh mar sin," ar Des., "créud as cóir
dhamh do dhéanamh?"



"Déana," ar Alghas Dé, "an ní iarrfaid ort."


L. 221


"Agus créd do ghéan, ar Des., "an uair nách iarrfoid
oram éinní do dhéanamh?"



"Déana," ar eision, "candtaireacht, agus beandoigh
agus mol an Tighearna, ór as chuige so as mó do glacadh
san tigh-si thú. Agus fós an uair bheas tú ag déanamh
an neith iarrfoid ort, as éidir dhuit bheith ag cand-
taireacht ad th'indtind, do chum gan do smuaineadh
do bheith díomhaoin. Agus adeirim tuilleadh riot,
madh áil lat tarbha mhór do dhéanamh dhuit féin,
buidheachas an Tighearna do thuilleamh, agus teacht
'na mhuindteardhas an mhéid as éidir leat; agus an
uair nách iarrfoid ní eile ort, déuna díthcheall ar
bheith a bhfochuir an Tighearna ar uaigneas ag
comhrádh ris, agus do chífe féin a n-aibeóra riot, agus a
liacht secréid thaisbéanfas duit, agus méad an mhuinn-
teardhuis ina ttiucfae ris."



"Cionnas? (ar Des.), nó an éidir lé gach aon
thogras dul 'na sheómra, agus labhairt ris?"



"As éidir (ar eision), gibé bhéaras an Umhla 'na
choimhideacht; agus fós adeirim ní sa mhó, nách bhfuil
ní as sólásuighe leis iná duine do theacht do chum
bheith 'na fhochuir ar uaigneas, agus dá dhúsacht, ór
atá a comhuasal sin do nádúir aige nách áil leis
bheith 'na aonar; agus dá laghod agus dá anuaisle dá mbí
duine, as ait leis a chomhluadar, ór ní dhéin difir
eidir na pearsannuibh, dá raibhe an t-anom umhal
inísiol aige féin, do bhrígh gurab ionann saothar
fuair-sion ón uasal agus ón ísiol, agus gur ab d'éanmhais agus
d'éanádhbhar amháin do rinne iad; agus ní hé sin
amháin, acht dá tharcuisnighe agus dá uirísle bhíd
daoine ó fhuil, acht go n-íslighid iad féin a bhfiagh-
nuisi Dé, as dóibh as mionca thaisbéanus Dia grása
agus foghar. Agus dochum go ttuigfithea an ní
adeirim, an mhéid atámuid san tigh-si as d'fhuil


L. 222


ísil tharcuisnigh sinn, ór do thogh an Tighearna 'na
sheirbhís neithe tarcuisneacha an tshaoghuil, dochum
nách saoilfeadh éanduine dá ttiocfadh ann so gurab
a ngioll ar a mhaith féin, ná ar a uaisle, do thiocfadh
and, acht tré mhaith agus tré thrócaire Dé. Ar an
n-adhbhar sin, dá n-ana tú annso, agus go ma háil leat
do tharbha féin do dhéanamh do ghnáth, agus bheith
ag canntaireacht do ló agus d'oidhche fáré canntuiridhibh
an tighe, agus gean an Tighearna do thuilleamh, coimhéid
go maith na ceathra puingc-se - an céadphungc, an
Daghthoil; an dara pongc, an Umhlacht; an treas
pongc, an Fhoighide; an ceathramhadh pongc, an
Déshearc. Dá ngnáthaighi canntaireacht do
dhéanamh ar na pongcuibh-si, ní raghair choidhche
as tuin ná as riaghuil; agus dá tteagmhadh ar uairibh
go ndingéantá pongc dhíobh so go righin, ag dul
mar sin as riaghuil, fill ar an mball san riaghuil, lé
deightheagasg na spioruide, agus lé haire do thabhairt
do mhodh na canntaireachda.



Do gníthear an channtuireacht dá ngoirthear
cantus planus, .i. canntuireacht réidh shimplidhe, as
fundaimeint don uile channtaireacht eile, leis an
ccéadphongc, dár ab ainm an Toil Mhaith. Do
gníthear an channtaireacht dá ngoirthear contra
punctum, .i. a n-aghaigh phuingc, leis an dara agus
leis an treas pongc, dá ngoirthear an Umhla agus an
Fhoighidi, ór bídh an Umhlacht agus an Fhoighide a
n-aghuidh ar ttoile nádúrtha féin, leis nách áil annró
ná tarcuisne an tshaoghuil-si. Do gníthear leis an
cceathramhadh pongc, .i. Déshearc, canntuireachd
orgán, maille ré ceól roi-bhinn ro-thaighiúir an anma
agus an Spioruid Naoimh ag coimhtheacht ré chéile.



Agas tabhair dot aire, dá ccaille nó dá léige
amugha do phungc, greamughadh go maith don


L. 223


channtaireacht réidh; agus gé go ccaillfithea tuin na
bpungc eile, maille ré congnamh an Tighearna, tabhair
th'aire d'fhear do cheartuighthe, .i. don tí as áirde
iná thú, agus do bhéara thú arís leis an ccéadphungc
go riaghuil na deighbheathadh agus go toil na naoimh-
ionmhuine. Agus aithnim dhíot ós cionn gach
aoinneith, san uile channtaireacht do ghéanae, gan
an toradh do chaithis a dtigh na Humhlachta do
dhearmod, dárab ainm Míodhóthchas Asod Féin; agus
dá mhéad do Ghrádh Dé bhias agad, agus dá mhionca
bhlaisfeas tú é, nó dá mhéud muinnteardhas bheas
agad ris an Tighearna, agus dá mhéad bheas agad dá
éolas, as dá réir sin, agus as í an mhioncacht-soin, as
cóir dhuit an toradh-sa do thabhairt a bpreasántha
dhó, ór as ait leis bheith agá ithe, agus as maith an blas
do gheibh air."


L. 224



CIONNAS DO CHUIR ALGHAS DE DESIDERIUS
A SEOMRA AN TIGHEARNA DO LABH-
AIRT RIS, AGUS DO MHODH NA HURNUIDH-
THE.



Cap.13.



"Guidhim thú," ar Des., "énghrása amháin do
dhéanamh oram, .i. mo bhreith do labhairt ris an
Ttighearna, ór, ó do ghlacais mé dochum bheith am
chomhnuidhe san tigh, as cosmhail damh dhol do
thabhairt phóige do chois mo Thighearna, ionnas go
mbiadh aithne aige oram."



"As toil leam sin," ar eision; "gluaiseam."



Do bhí Des. ag imtheacht lán do chrioth agus d'eagla,
an uair do smuain go raibhe ag dol do labhairt ris
an Rígh 'na sheómra, agus go mbeith a bfhiadhnaisi a
chomhárd sin do mhórdhacht, agus do chuir roimhe
filleadh ar a ais; gidheadh, mar do smuain a rís go
raibhe 'na Rígh roi-mhilis, ro-uasal, ro-shoghrádhach,
sochruidh, caoinbhriathrach ris an uile, do ghlac gné
mheisnighe chuige, ag cur a uile dhóthchais a maith
an Tighearna amháin. "An ann so," ar Alghus
Dé, "ór rachad d'fhéchoin créad do ní an Tighearna,
agus inneósad dó mar a taoi-si ann so, ag iarroigh
labhartha ris."



Do bhí Des. ar crioth agus lán d'eagla ag smuaineadh
cionnas do laibheóradh ris an Ttighearna.



"Do innsios," ar Alghus Dé, "don Tighearna gu
bfhuile ann so; eirg astteach, agus fuireóchad-sa lat
ann so."



Do thionnsgain Des. ag dol astteach an halla do
shiobhal maille ré tromdhacht agus ré rébheirens


L. 225


mór; agus mar do chonnairc an Tighearna uaidhe, do
theilg é féin a ccéadóir ar talamh, agus ag cur a bheóil
ar an lár do chaoi go trom, agus nír léig an eagla dhó
a cheann do thógbháil suas, ór do bhí a fhios aige
go raibhe féin roimhe sin 'na námhoid mhóir ag an
Tighearna, ar ar chuir fheirg gu minic, agus a n-aghaidh
a ndubhairt agus a ndearnoidh mórán éagcóra; agus nír
fhéidir leis énfhocal do labhairt acht bheith ag caoi
agus ag osnadhoigh, mar do smuain go raibhe a bhfiagh-
naisi an Ríogh ro-mhóir ór thuill diomdha go meinic.



"Créad do ní tú," ar an Tighearna, "nách
labhrae? Tógaibh suas do cheann, agus faiceam créad
a taoi dh'iarroigh."



"Cionnas laibheórad," ar Des., "a bfhiaghnaisi do
mhórdhachta-sa, nó créad as éidir leam do rádha ós
do chomhair? A Thighearna, ní diongmhála mé do
chum mo bhéoil bhrodhaigh d'fhosgladh at fhiagh-
naisi, acht bheith am thosd, ag osnadhoigh, agus ag
caoineadh mh'olc."



"Má seadh," ar an Tighearna, "créad fá ttángais
astteach?"



"Ní meisi tháinig astteach," ar Des., "ór ní
mheasfoinn go madh fiú mé teacht dod thigh-se, agus
as ro-lugha iná sin teachd dod shéomra."



"Cia do chuir ann so thú mar sin?" ar an
Tighearna.



"A Thighearna," ar eision, "as sibhsi do tharraing
ann so mé, do chuir gairm oram, do fhógair osgladh
dhamh agus teacht astteach, agus ní fhuil a fhios agomsa,
a Thighearna, créud an t-ádhbhar, nó créud do bhí
uaibh ar sin do dhéanamh, nó créd an riachtanas
do bhí agat ré mo leithéid; ór do badh lór dom
leithéid-si bheith am buachail ag do shearbhón-
taidhibh, agus am shearbhóntoigh ag muinntir do thighe,
agus nír bh'fhíu mé sin féin. Gidheadh, a Thighearna,


L. 226


ó do ghoiris mé, agus ó do ba toil lat mo bheith ad ghar,
agus labhairt riot, osgail féin mo bhéul, agus múin damh
créud as cóir dhamh do rádha at fhiaghnoisi, agus cuir
ionnam spiorad eagla agus rébherens, ionnas nách ttuillinn
diomdha do mhórdhachta, agus nách dénadh mo
chomhmór do pheacach seirbhís daoibh maille ré
míonóir ná ré míocháta; ór do b'fhearr leam mo
bhás do theachd ó thús iná fearg do chur oraibh
arís, agus bheith in bhur bhfiaghnaisi maille ré bhur
masla agus ré bhur dtarcaisne, agus do dhéanaind mar so
aindligheadh ro-mhór d'ainglibh agus d'archainglibh agus
don chúirt neamhdhaighe uili, bhíos ag seirbhís
daoibh do ghnáth ris an oiread sin do ghrádh, do
rébherens, agus d'onóir. Teagaisg dhamh, a Thighearna,
ciondas laibheóras mé, nó créud an ní as cóir dhamh
do dhéanamh, ór cuirim mé féin uile ad láimh, agus
ofráilim mé féin duit. Tabhair dhamh, a Thighearna,
spiorad na humhlachta, do chum seirbhíse do
dhéunamh dhuit, dod thoigh, agus dod chloind, ar
mhodh go ttuillfe mé do bhuidheachas, agus go mbia
tusa ad Thighearna iar nad h'onórughadh, agus iar nad
ghlórughadh."


L. 227



CIONNAS TUG AN TIGHEARNA TEAGASG AGUS
RIAGHAIL DO DHES. DO CHUM É FÉIN
DO RIAGHLUGHADH, AGUS DO THABHAIRT
A TTÍR GO SUBHÁILCHEACH, DIADHA.



C.14.



"Eirg suas," ar an Tighearna, "agus cuir th'eagla
dhíot; ór madh áil leat maith do dhéanamh ó so
suas, ní bhia cuimhne agamsa ar dhiomdha ná ar
fheirg dár chuiris oram. Gidheadh, do chum go
mbeithea ní as fearr, múinfead-sa ceathra briathra
dhuit, agus dá ccoimhéada iad go maith, agus gan a léigean
choidhche as do mheabhair, do dhénoid tarbha mhór
dhuit.



Ag so an dá chédbhréithir dhíobh, .i. meisi agos
tusa; an dá bhréithir oile, searbhóntuigh agus rí. Dá
raibhe eólas agot ar na briathroibh-si do chur a
ngnáthughadh, agus ar oibriughadh do dhéunamh leó,
béuraid thú do chum naomhthachda móiri agus do
chum gloine chroidhe, agus coiseónaid thú ót uili antoil,
ionnas go má héidir lat teacht ré muinntir an tighe
go síothchánta, socair, grádhach."



"Guidhim thú," ar Des., "a Thighearna,
taisbéin damh an modh ar a ccuirfe mé na ceithre
briathra sin a ngníomh."



"Inneósad sin duit," ar an Tighearna. "As
éidir lat gach uile obair dá ndéna tú, do chuma leis
na briathraibh-si, agus do chur a n-oireamhoin dóibh;
ór atá mórán do chéill agus do thuigsi iongantoigh
iondta, agus do badh éidir mórán do leabhroibh do
chur amach orra, agus teacht tríotha sin do chum
foirbhtheachta, gan leabhair oile d'iarruigh. An


L. 228


uair thiocfas tú do labhairt riom-sa, agus mhothóchus
tú thú féin fuar, míshuaimhneach, nó mhothóchas
tú doirbhios ar bioth ar th'inntinn fá ní éigin dár
hiarradh ort do dhéanamh, meas agad féin ad
th'inntinn go bfhuilim-si ag rádh na mbriathur-so
riot, meisi agus tusa, dearmuid ann sin an saoghal, agus
teilg as th'inntinn gach a bhfaca agus gach a ccuala
tú riamh, agus smuain nách bhfuil ar an tshaoghal acht
misi agus tú féin. An dá bhréithir eile .i. searbhóntuigh
agus rí, foighéanuid duit dochum teachta suas eidir
bhráithribh an toighe, agus dochum teachta riú go
maith. An chédbhriathar dhíobh, .i. searbhóntuigh,
foigheóna dhuit ionnus go smuaintighthea thú féin
do bheith ad shearbhóntuigh ag muinntir an tighe
uile, agus coimhéudfuidh thú a n-inísle naomhtha agus a
n-umhlacht. An dara briathar .i. rí, foigheóna
dhuit dochum a chora ad chuimhne gur ab cóir
dhuit bheith ad rígh ort féin, ór do ním-si ríghthe
don dreim do ní seirbhís dhamh, agus do bheirim do na
ríghthibh-si saidhbhrios agus sólás. Imigh anos ar an
deaghuair, ór as lór an uair-si a bhfuaruis do
theagasg."



"Créad fá bhfógrae dhamh," ar Des., "a
Thighearna, dul as t'fhiadhnuisi féin? nó cáit a
bhfuighe mé ionad as fearr iná so?"



"Dochum go ttuigfithea," ar an Tighearna, "nách
fiú thú bheith am fhochair-si do ghnáth, acht an
uair bhús feirdi leam féin fios do chur ort, d'eagla
go bhfuighiodh glóir dhíomhaoin nó andóthchas ionad
agod; agus ar an ádhbhar sin ní chuireabh gairm ort
acht an uair as áil leam féin. Gidheadh, ar son go
n-imeóchthá, fáguibh do chroidhe fá riom, dochum
na coda as fearr dhíot do bheith am fhochair, gibé
ar bioth áit a mbia tú."


L. 229


"As maith leam sin," ar Des., "agus do bheirim
mo chroidhe uile dhuit."



"As toil leam sin," ar an Tighearna, "do chroidhe
d'anmhuin an uair-si im fhochair; agus ná meas go
bhféadae an croidhe féin d'fhágbháil am fhochair
gach uair as áil leat, ór ní toil leam sin, do bhríogh
nách cuinneóchad an croidhe ar uairibh agom, ór
tiocfa barr tarbha agus umhlachta dhuitsi as sin.
Gidheadh, as maith leam fios éinneith amháin do
bheith agat atá 'na ainbhfhios ort fós, .i. gurab mó
an aire bhíos agom ar na neithibh théid a ttarbha
dom chréatúiribh iná ar chúis shóláis agus subhachais
do thabhairt dóibh; agus as uime sin fhuilngim go
meinic, ar mhaithibh leó féin, bochtacht agus annró an
tsaoghuil-si do theacht orra. Thairis so, madh áil
leat do ghadhar d'fhágbháil am fhochair, .i. an Toil
Mhaith, as éidir leis bheith fá riom do ghnáth, agus gan
mh'fhágbháil choidhchi munab áil leat-sa, agus go
háiridhe dá ccuire ar mo chumairce gach laoi é."



"Créd an riachtanas a Thighearna (ar Des.), atá
ina chur ar do chumairce, nó an é eagla an dearmoid
atá ort?"



"Ní hé," ar an Tighearna, "ór ní dhearmaduim
éinní, acht eagla go léigfea-sa ar dearmad mé, agus
ionnas go mbiadh siocair agat do chum cuimhnighthe
oram féin, agus do chum do mhaitheasa do dhéanamh,
agus cuidighthe lat ar son do tharbha féin; ór ní
bheanaim-si éntarbha dhamh féin as cuimhne ná
as neamhchuimhne dá mbiadh agotsa oram."



"Do bheirim buidheachas mór dhuit, a Thighear-
na," ar Des., "ór as fada ó do bhí fios do thoile agus do
mhaitheasa agam, ar son a ndéine gach ní dhúinn
do chum ar sochair-ne amháin, amhail agus do bhiadh
sochar ag teachd duit féin as sin do dhéunamh."


L. 230



CIONNAS DO CHUIR DESIDERIUS A N-OIB-
RIUGHADH AGUS A NGNIOMH NA BRIATHRA
THUG AN TIGHEARNA DHÓ, AGUS DON
TSHOCHAR DO BHEAN AISDIBH, AGUS MAR
CHUIRTHEAR CRÍOCH AR AN TREAS
RANN, AGUS AR AN LEABHAR UILE.



C.15.



Táinig Des. as seómra a Ríogh agus a Thighearna
a mach, iar bfhágbháil a chroidhe aige, agus fuair Alghas
Dé san doras ag fuireach ris.



"Créad do rinnis asttigh an fad-soin?" ar
Alghas Dé. "An saoile gurab ait leis an Ttighearna
mórán briathar? As mó do ghéabhas tú ar uairibh
lé hénfhocal amháin iná lé céad focal."



"Dar leam-sa," ar Des., "as ro-ghairid do
bhádhas 'na fharradh."



"Siobhail agus féach an teach uile anois," ar
Alghas Dé, "ó a taoi gabhtha asttigh, agus rachad-sa
dom shealla."



"Slán leat," ar Des.



Do bhíodh Des. gach énlá ag smuaineadh agus ag
sduidéar ar na briathraibh tug an Tighearna dhó, agus a
deireadh go meinic "Misi agus Tusa, searbhóntaigh agus
Rí." Gibé ar bioth modh ar a ccanadh iad, dá
cceangal dá chéile, nó dá ccur thar a chéile, nó dá
sgaoileadh ó chéile, do gheibheadh ciall ro-mhaith
roi-dhuibheagánach ionnta, agus do thigdís ré chéili go
maith, .i. an uair do cheangladh an chédbhriathar,
.i. misi, ris an treas bréthir, .i. searbhóntaidh, "as
maith," ar eision, "chanoim mar so iad, ór ní fhuil


L. 231


ionnam acht searbhóntaidh dom Thighearna." An
uair do cheangladh an chédbhriathar ris an cceath-
ramhadh bréithir, .i. rí, adeireadh mar an ccéadna
gur ab ro-mhaith an chiall do gheibheadh ionnta,
.i. go raibhe féin 'na rí, ar an n-ádhbhar gur ab
comhuasol ré ríoghdhacht bheith ag seirbhís do
Dhia. An tan do chanadh iad ar mhodh eile, ag cur
rí lé searbhóntaidh, adeireadh: "As maith chanoim
mar so iad, ór do rinni Tighearna Neimhi searbhón-
taidh dhe féin, do chum ríogh do dhéanamh
dhíom-sa, agus gibé léarab mian bheith 'na rí ní fuláir
dhó searbhóntaidh do dhéanamh dhe féin ar tús."



As roi-iomdha ní dá ccuireadh Des. na briathra-sa
a n-oireamhoin; ór an uair do bheanadh buaidhreadh
nó bochtaine shaoghaltha dhó, nó dá labharthaoi go
holc air, adeireadh: "As cuma leam créad an meas
bheas ag cách oram, nó cionnas laibheóraid oram,
ór ní fhuil ionnam acht searbhóntaidh; agus dá olcas
dá mbeithear riom, as í a leithéid sin d'onóir as
dual do shearbhóntaidh d'fhagháil. An uair do
mhothuigheadh é féin dá thairreang gá anthoil
do chum uilc, adeireadh: "Nár léigi Dia go mbeinn-si,
atá am rígh, am shearbhóntaidh gum antoil agus gum
dhubháilcibh féin, óir ní cubhuidh rém uaisle bheith
ina comhghráineamhuil agus ina coimhdheireóil sin do
dhaoirsi agus do mhodhsuine."



As ro-áidhbhéil an sochar do bhean Des. as na
briathraibh-si, gá cceangal mar so agus gá ccor thar a
chéile, ór do mhúchadh leó na hantoile do bhíodh
ag éirghe ann féin, agus do éttromaigheadh a inntinn,
agus do sgriosadh aisde doilgheas gach leatruim agus gach
anró dá


L. 232


n-éirgheadh
dhó. As
iomdha
modh
oi le ar bhudh éidir na briathra-sa
do mhínioghadh. Gidheadh,
léigeam
anosa, do
sheachna an
ríghnis,
a meas sin
do chách oile.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services