Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cois na Cora
Title
Cois na Cora
Author(s)
Mac Coitir, Liam Ruadh,
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Risteárd
Composition Date
1720
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1937)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
NA HAMHRÁIN. IS AOIBHINN DUIT A DHUINE DHAILL: A.D. 1720. Ó MURCHADHA IX 222: Ó DREADA, LEATHANACH A 96 Is aoibhinn duit, a dhuine dhaill Ná feiceann puinn de na mnáibh Och, dá bhfeictheá a bhfeiceann sinn Do bheithfá tinn mar atáim. Is truagh, a Dhia, nach dall do bhíos Sul do chínn a cúl casta, A corp sneachtaidh slios-gheal saor Och! is saoth liom mo bheatha. Daoine dalla ba truagh liom Gur fhás mo ghuais tar pudhair chách, Thugas mo thruagh cidh truagh, ar thnúith, I lúib na lúb ag lúib atáim. Is mairg riamh do chonnaic í Is mairg ná faiceann í gach lá Is mairg ar a bhfuil snadhm dá searc 'S is mairg scaoilte as atá. Is mairg a théid dá fios 'S is mairg ná fuil dá fios de ghnáth; Is mairg duine bí 'n-a haice 'S is mairg nach 'n-a haice atá.
A hainm bhíos ag scoltadh srotha Sa Ruadh-mhuir ó sloinntar ise; Óna searc níl saor acht dalla Gér bhfáth aitis linn a faicsin. A SHÉAMUIS, A BHAOIN! NÓ AN LÉAN LEAT MAR BHÍM. Liam Ruadh Mac Coitir cct. Do Shéamus (? Mac Gearailt, .i. file do chómhnuigh láimh le Gleann Maghair, nó i gceanntar Ráth Chormaic) A Shéamuis, a bhaoin! nó an léan leat mar bhím Ar thaobh cnuic im aonar ag géar-ghol 's ag caoidh Fé chrosaibh ag mnaoi ná feaca riamh roimhe, 'S ná feadar in Éirinn cadé an taobh 'n-a mbíonn sí. A shéimh-fhir gan teimheal! is baoth liom do shlighe 'S is baoth liom mar chéill duit mar ghéillis dá slighe, Dá cleasaibh ar dhraoidheacht 's dá bladaireacht bhinn Is dá claon-duail dá mb'éidir go réidhfeadh gach nídh. Atá smúit ar mo chroidhe is neamh-fhonn i gcómhnaidhe Gach ciúin-mhaidean drúchta le rún-shearc do mhnaoi; An phlúr-bhroingheal bhinn d'úrscoth na nGaoidheal Plúr leanna an chúm chailce an chúil fhada bhuidhe. Mar fhaoileann bheag gréag ar an gcraoibh 'n-a mbíonn séan 'S tá sí 'n-a hintinn chómh híogair le héan; Is milse í ar a béal 'ná caoir is mil Ghréag, 'Ná beóir na sean-daoine 's 'ná fíonta gan bhréag.
Tá cuacha ar an mbé, is buaileann sí an féar, Atá búcla ar gach ruainne dá gruaig fhada réidh A cruadh-leaca shéimh mar mhuar-lasair chaor Is péarlaí 'n-a cluasa glas-uaine le gréin. Dá bpósainn faoi léig mar nóchar 'san nGréig Inghean Rí Seóirse 's an t-ór úd go léir Ba dhóigh liom lem shaoghal nár chóir gan góbhail léi Ón notion do thógas ó phógas an bhéith. Ní bean do bhí uaim n-a mbéadh adharca ar a buaibh Acht péarla an chúil chraobhaigh na mbréathra mbinn suairc; Is binne í 'ná an chuach nuair sheinneann sí duain Is breághtha í 'ná Bhénus chuir céadta chum suain. Níl éin-fhear le fagháil 'san bhFraingc ná 'san Spáinn Ná fuil a dhóithin de chéile i bpéarla an chúil bháin Do scríobhfadh go hárd le caoil-pheann ar clár 'S do sheinnfeadh port néata ar théadacha práis. Dá raghainn-se lem stór fé choill uaigneach na gcnó Nó ar an maoilinn maidean aoibhinn gan righneacht ar cheó Is méadhrach dar ndóigh do bhéarfainn duit póg A réaltan bhreágh mhúinte is a phlúr na mban óg. Mo chreach is mo léan nach liom an tír seo go léir Agus as san go mbuaileann sé bruach Locha Léin; Do gheóbhainn suaimhneas ón bpéin is muar-chuid den tsaoghal Le stuaire an ruisc uaine bhfeárr tuairisc is méinn. Thiar cois na trágha do chómhnuigheann mo ghrádh, Is gile í 'ná an sneachta is 'ná an t-airgead bán; Is í an réaltan gan cháim do chuir céadta chum báis Is aitchimse ar Mhuire go dtigidh sí slán.
Mo chrádh agus mo dhíth mar is gnáthach me im luighe, Le huireasbha mo shláinte is bán bocht mo ghnaoi; Le grádh is searc don mhnaoi do sháruigh me im chroidhe Is dfhág mise lán-lag go dtráchtfadh don chill.
CIA HÍ AN BHEAN NÓ AN EÓL DÍBH? - A.D.1720. Séamus Mac Coitir cct Cia hí an bhean nó an eól díbh do sheól Íosa anois im láimh Tug ciall na bhfear ar mór-bhaois 's gur dóigh linn ná tiocfaidh slán; Mian is meas na n-óg í, stór croidhe gach nduine an bháb Grian na mban 's a nglóir í mo Mhóirín Ní Luingeacháin; Bean riaghalta reachtmhar d'órd Chríost, gan mhór-phoimp ná iomad láin, Gan briathar bladair beól-bhaois gan glór-mhaoidheamh ná gliogar gnáth; Má's mian nó meas ar óg-mhnaoi bheith módhmhail míonla miochair mnámhail 'S é an Tighearna theagasc fós í, mo Mhóirín Ní Luingeacháin.
Le Dia gach alt di cóirigheadh ó chróinn cinn go luideachán Ar dtriall 'n-a leanbh deóil di mar órduigheas an file is feárr 'N-a ndiaidh mar aisce dhamhsa í do dheónuigheadh an bhroingheal bhán 'S ná hiarrthar acht dem dheoin í, mo Mhóirín Ní Luingeacháin. Brianach geal tug damhsa í, 's do phós sinn mo chumann Seán Don chliar is feas gur hórduigheadh dá gcótaí gan baint le mnáibh; Muna stialla an aithne ó mhór-Íosa i gcóir Mhaois fá shlios an chláir Ní iarrfaidh neach dem dheóin í, mo Mhóirín Ní Luingeacháin.
IS BRIATHRA LEAMHA AR ÓLL-BHAOIS: A.D. 1720. Liam Ruadh Mac Coitir cct ag freagairt. Is briathra leamha ar óll-bhaois do ghlór-mhaoidheamh, scuir det phlás Le cian a mheas a mór-ghaois mar sheóltaidhe an pion ar phár Ní ciall ná ceart don óg-mhnaoi go ngeóbhadh sí le duine 'et cháil 'S go n-iarrfadh flaith na Fódla í, mo Mhóirín Ní Luingeacháin.
Beidh Fianna Fearainn fód Fhloinn is mór-bhuidhean do thigh ón Spáinn Glain-chliar ó Bhreatain fós maoidhim go ngeóbhaid linn i gcoinne chách; Lucht sciath ó Albain fhóid-mhín is cóir Laoisigh chliste cháidh 'S ná hiarr-sa teacht 'n-a cómhair síos ar Mhóirín Ní Luingeacháin. Tá gliadhaire catha ar deóraidheacht sa Róimh (mhín) fí choimirc chách De ghrian-tsliocht Chaisil cheól-chaoin is fós ní bhfuil fuil is feárr; Beidh an triath 's a mhac le fórsaíbh ag ródaidheacht go hInis Fáil 'Sa bhliadhain seo ag teacht ag tóraidheacht ar Mhóirín Ní Luingeacháin. Mar chliatha catha d'órduighim don óig-rígh 's dá fhuirinn ghrádhaigh Liaigh na lag ag treóraidheacht na slógh-bhuidhean is Muire ghnáth; Budh cian le n' aithris gleó a ngníomh go bpósfaidhe le ruire an bháb 'S ná hiarrfaidh acht trí chróinní le Móirín Ní Luingeacháin.
CHUM LIAM RUADH MAC COITIR Seán Smíst cct 12/4/1720. Tabhair mo pháirt chaoin fá thrí, a theachtaire shuairc, Don tseabhac is árd-stíl fá ghnaoi i bhfarra na suadh; Is teastas, mo chrádh díom, tá fíor, chanaim im duain is gur raideas dá cháilidheacht grádh im chroidhe mhairfeas go buan. Do chorruigh me an Coitireach ba shaoitheamhail méinn, An t-ollamh fuinte focal-chliste síodamhail séimh De bhorb-fhuil na Lochlann ba ríoghamhail réim, Níor bhfollus dam acht doircheacht go foillsiughadh a dhréacht. Leath m'fhormaid budh dheochair dam do chríochnughadh i gcéill Leis an lonna-bhile bhfoirtil sin na síor-phongc saor; Go gcrochtar me gan sos ar bith má scríbhim rún claon Gur doilbh liom ár gcoidreamh ar laghdughadh ag téacht. An Fear céadna cct chum Liam arís, October, 1720. A shuairc-fhir chneasta is blasta caoin-tréitheach Is duairc bhíos m'aire, a chara an chroidhe, 'ot éagmuis, Is cruaidh an bheart ná tabhair puinn éinne Do thuairisc dam an fheadh ataoi i gcéimibh. A dtuaidh go gcastar leat tar maoil sléibhe Budh duadh mo chnead ar dteacht gach laoi d'éirgheas, Ar bruach na sleas so seal ag sír-éisteacht Le fuaim na n-eas 's ag amharc mín-Thétis.
MO GHEARÁN FÉIN FÉACHAIDH GUR DOILBH AN DUAIN Mo ghearán féin féachaidh gur doilbh an duain Im leannán léin léir-bhriste loiscthe gan luadhail; An gread-chrádh daor chréacht-ghoin do chorruigh gach n-uair Srothán déar géar-ghoil óm roscaibh anuas. Mo dhearbhráthair é, m'éileamh is m'orchra thruagh, Mo dhaltán caomh léar-oilte is m'eochair i gcruadhaing, Mo dheas-láimh shéin, m'éifeacht is m'fhortacht a' guais, 'S m'ochlán, tréithe Éamuinn Mhic Coitir in uaigh. Beangán séimh séaghanta soilbhir suairc, Soghrádhach saor séathranach, soma na suadh; Tochtán cléibh cléire agus osna na ndruadh Do dhul fá thaobh aol-chloiche chorthaidh mo shnuadh.
AR BHÁS SHÉAMUIS MHIC SHÉAMUIS MIC COITIR BHAILE NA SPEIRE. A.D. 1720. Mór an chreidhill seo gheibhim do chéas me, Creidhill do bhuair gach tuath in Éirinn, Creidhill tug gruaim ar ghruadhna saor-fhlaith An chreidhill le mbristithear cuisle na cléire, Creidhill do dheimhnigh meadhair ar Chlayton, Creidhill bheir greidhean cé tinn ar Maynard, Creidhill do mhúscail súbhchas Fairfax, An chreidhill tug fuinneamh i misneach na bhfaolchon, Creidhill tug teimheal ar inntleacht éigse, Creidhill do chlí-ghoin saoithe is laochradh, Creidhill tug scíosmhar claoidhte ár mbéithe Creidhill ler scriosadh lucht sirthe na déarca! Creidhill tug aoirde i bpoimp na méirleach, Creidhill tug laighead a suim i nGaedhlaibh, Creidhill foríor tug scím na Quakers An chreidhill seo thaitneann lé a maireann dá ndaor-shliocht! Creidhill do dhoirchigh solas na spéire, Creidhill noch d'fholamhuigh toradh gach déise, Creidhill tug fearg na fairrge faobhrach An chreidhill a d'ionntuigh na dúile 'á bpréimh chirt.
Fógra mairbh an chaithbhile is créacht-ghoin d'fhóirne Bhanba an banna so in éag-cruth, I ndeóidh gach easbhaidh dár ceapadh den réim sin A ndóth níor cailleadh gur fealladh ar Shéamus. A dtreóir ar scaipeadh gan seasamh na saor-cheart, Ceó ar a gceallaibh fá cheannas lucht Béarla, Sómpla searbh do shearg mo ghné-se An t-óg nár mheathta gur teascadh le héitheach. Fáth mo dhoilbhis torcradh an tréinfhir Dfhás gan doichte den Choitir-fhuil éachtaigh, Díon-chrú cosantach bhorb-Thuirgéisius Do riaghluigh sealad i gceannas na hÉireann. Is truagh liom an bhuaidhirt seo ar do chéile In uaigneas ag truagh-ghol gan traochadh, Ag stathadh a cinn 's ag sníomh a géaga, Ag deól a dearc 's ag bleachtadh a léithrosc. Mo cheasnaí do leanbhaí nár aosuigh Chum teacht síos i ngleacaidheacht dom éigean Fá neamh-shuim let easbhaidhe-se, a Shéamuis, Is leath cíosa a dtalmhaí 'n-a n-éagmuis. Mo bhrón-chreach cé fhóirfeas do ghaolta Ná dhóighfeas nóchar dá mbéithibh Ná sheólfas a n-óig-fhir chum réime Ná thóigfeas má's cróilighe a n-aostaigh. Is leor scíos a chómhaltaí fán méala Is óstaidheacht ná lóistín ní fhéadaid A mór-chíos dá nódh-dhíol gach féile 'S a dtreóraidhe mar lón geimhridh ag daolaibh,
A chuallacht gan suaimhneas ón scéal san In uamhan gan fuainnimint céille, Ag tighearnaí tacair dá dtarraing ó chéile 'S gan fios aca cá rachaid, dá n-éagnach. Dá lucht leanta ní lascaine ar éanchor, Bídh i bpairithis creatha 's ag géar-ghol, Snaidhm a gceasta ní mheasaid gur féidir Do scaoileadh ó teascadh a dtaca le baogal. Posta na lag is ceap le tréanaibh, Colg le neart gér thais le faonaibh, 'N-a cholainn tug leaba ghlan don fhéile Ó thosach a bheart go gearradh a shaogail. Is mó 'ná d'ínnsim díth an té seo De bhrígh gur ciall dam srian lem bhréithribh, Acht dá dtagadh spionnadh sa chluiche ná déarfainn Ba mhaith an ursa 'san imirt sin Séamus, Fear ná fuilingeadh iomarca ó éinne, Fear ná lingeadh air laige 's ná haomhadh, Fear nár bh'urramach d'ursanaibh tréana Le cruas coilg ná dlighthe dá ghéire, Fear nár chrap a ghlac ó dhaonnacht, Fear nár chas i dtreas ná i ngéar-ghail, Fear nár thosnuigh stoirm le héinne 'S nár mhaith dhóibh dá chóir má's aon troigh, Fear nár fhill a ghnaoi ná a chaomh-dhreach Fear nár shuim i maoin ná i séadaibh Fear nár dheacair fá aisce don éigse 'S nár dhiúltuigh neach 's a dhealbh d'fhéachaint,
Fear nár lúb le Liútar craosach Ná le Cailbhín cleasaidhe an tséala, Bíodh gur chruaidh gach cruadhaing ar Shéamus Níor shéan Críost le suim i saoghaltacht, Fear nár shanntuigh cam le héigceart 'S nár chuir cill ná buidhean dá bpréamhaibh, Fear nár ob don bhocht bheith déarcach 'S nár lean rian acht rian gan claon-reacht, Scaoilteóir ceas do reachtaibh cléire, Tuigseach cúrsa ciúil is dréachta, Breitheamh gasta gach airm le héifeacht, 'S do bhí a mhisneach gan filleadh dá réir sin. Do chuir dúil i lúith gach laochais, 'S tug a ghreann don tsean-reacht naomhtha, Ní raibh snaidhm 'san dlighe nár léir dhó Cé gur fealladh le geallamhain bhréige é. Níl prás i dteangain na Saxan nár shaothruigh, 'S do tháthuigh Laidean 'n-a mheabhair gan éisling, Fraingcis gan chaill a chéadfadh, Gréigis, Eabhra, is greann na Gaedhilge. Ba maighdean le truagh an suadhach i séimhe Is port chum seasaimh ba taca le tréan-mhuir, Tonn tan taise le bagarthaibh baogail Gur mheall feall na bhfealltach Séamus. Moladh a mhairbh ní machtnamh gur daor-chreach Ag dul ar eachaibh don bhfairche dhéidheanaigh d'oscail aladh fé scartaibh mo chléibh-se Ná táithfidh leágha ar bith go n-éagfad.
Is baoth an mhalairt, mar mheasaim, tug Séamus - Éide is treallamha catha ar aisléine, Colann gan cheann gan labhairt gan éisteacht Do shín do chine, ar a bhfuilim-se, in éidsheacht. Mo pheannaid, mo phian, mo chiach, mo chéasadh, Na danair seo ag riar in iaithibh Éilge, Is ceannas ár dtriath ag fiar-shliocht méirleach Le leagaid gach fial den ghrian-fhuil Ghaedhlaigh; Coiste na ngall nár mheabhruigh féile Acht breabaireacht fhallsa, feall is éitheach, Gur threascair an tí thug sinn ag géilleadh Fé chíos don chumha gan cúrsa a shéanta. Ar láimh an bhróin fí'n sceól is léir dham Ina mbraighdibh go doimhinn i ngéibheann, Theas is tuaidh go bruachaibh Éireann Thoir is tiar gach triath den Ghaedhal-fhuil. Is ionann atáid ar lár 'san éacht san Diadhaire suairc nó suadh na saor-bheart, Liaigh na lot 's an t-othar créachtach, An dlightheóir, an seanóir 's an bhaoth-ghein. An t-óg 's an sean, an lag 's an laoch mear, An bodhar, an balbh, an amaid 's an t-éagan, An dall, an dealbh, lucht martra is éisling 'S an truaghán ag gluaireán gan faesiomh. Is iomdha donán diombádhach déarach Is baintreach bhocht gan chothrom céile, Dílleachtaidhe ghuidhfeas go héigneach Ar dhíoghaltas ón Rí chirt in' éiric.
Mo ghuidhe-se, ní hí bhias go déidheanach Ag luighe dham gach n-oidhche 's ag éirghe Fá dhaoirse gan saoirse gan saoradh Ar lucht an fhill tug críoch a shaogail. Nár chíoraidh a cheann in am a léithe, Is choidhche a chlann ná rabhaid in aostacht Ná raibh bliadhain it dhiaidh-se 'e shaogal Ag neach ler mhian bheith dian it dhéidh-se. Is iomdha maighdean bhraghaid-gheal bhéasach I bpúdhair gan leigheas ó's deimhin gur éagais, Lachta a rosc i ndeoch gach béile - Is brón mar bhiad le liachaibh céasta. Is iomdha saoi de phrímh-shliocht Ghaedhil Ghlais Múchta síos fá dhlighe na ndaor so, Cúis le caoidh go mbíonn gach lae aca 'Sí an chreach dheireannach teinneas is géire. M'fhad-chumha do gheal-chúirt it éagmuis Go spaideamhail dá neadughadh le héanaibh; Do bhean shubhach iar n-atharrughadh a céile 'S do leanbha dá leathanughadh ar a ngaolta, Gnáthóg fhial na ngiall do réidhteach, Imearthach shoillseach shíodach shéiseach, Chupardach chliarach shiansach shaothrach, Fhinistreach ólach órdach fhéilteach, Ceól-bhrog fairsing fleadhach féastach Frómhthach feasach flaith-chlis faobhrach Sróllach seacach seascair saogain, Seólta i reacht na sean do b'fhéile,
An brog beannach bairrfhionn bléideach, An brog buidhneach bíomach bréideach, An brog uaithneach uasal aerach, 'S an brog daoineach draoidheachtach dréachtach, An brog sciathach sriantach stéadach, An brog áthais áluinn aolta, An brog gadhrach greadhnach Gaedhlach, 'S an brog criostalach fithcheallach féastach, Iosta úr nár chumhang le dréachtach, Iosta forais ba choimirc don chléir chirt, Iosta oscailte 'on chrotaire théid-bhinn, Iosta sholais do bhochtaibh nár éimigh, Dún gan diúltadh clú 'n-a chéimibh, Dún gan doicheall gan doichte gan déine, Dún gan taca gan tearcadh i séadaibh, Dún na gCoitireach dfhortuigh ar réxaibh, Foraois nár bh'uiríseal béasa, Foraois le dolaíbh nár claonadh, Foraois ná corruightar a cléire An fhoraois do chosnuigheadh don réim chirt, Both na míleadh líomhtha léadmhach, Both na gcodhnach gcobharthach gcéimeach, Both na suadh na ndruadh 's na n-éigeas Both nár eitill tar creideamh le tréine, Both na gcliar na dtriath na dtréin-fhear, Both na seang-bhan mbanda maordha, Both na n-inghean suirgheach saogain, Is both na mbarróg mil-bheóil mbéasach,
Mar a mbídís laoich ag líomhadh a ngéar-lann, Mar a mbídís treóin ag frómhadh a chéile, Cleasaidheacht na n-each ndíoghla n-éascaidh, Glór na ngadhar 's na n-adharc in éinfheacht. Ionmhain gáir an gháir ba léir dam Fá mhúraibh na cúirte sin tSéamuis, Gáir na nAifreann mbeannuighthe tréimhse Is gáir a bhfreagartha ag fearaibh ba naomhtha, Gáir bhfithcheall dá n-imirt ag laochra Is lucht ealadhan ag gleacaidheacht le chéile, Gáir na n-uasal ós bruach corma caomha Is mil-cheóil dtaighiúir n-allmhardha n-éigseach. Is guirt an gháir seo atá dá n-éis ann - Gol na laoich na naoidhean na n-éigse, Caoidh gach file ba sioscaithe saothar, Is gáir na mbadhb - mo threighid a n-éisteacht. Do ghoil sídh-bhean chaointe a phréimhe - Baile na Speire - le deifir na péine, Is dubhairt gur mhalartuigh a ainm go déidheanach - Cnoc na nDeór is cóir do ghlaodhach de! Is dhá mhó cosmhaltar m'fhormad léisi 'Ná mo thruagh don chuairsce bhaoth-ghlic, Má's ar an sluagh do chuaidh mo laoch-sa Is uiris di gan bheith urramach d'éinneach. Iar scaoileadh na scíse 's ní 'n-a haonar Táinig Clíodhna ag caoidh go héigneach, Táinig Aoibheall mhaoil ón Léith-Chraig Is táinig Áine an bháin-chnis mhaordha.
Do ghoil bean andeas ón nGaorthadh Is bean aniar ó iarthar Bhéarra Bean anoir ó chnoc Bhinn Éadair Is bean adtuaidh go buartha déarach. Is fíor gur dhoilbh golfhairt na ndé-bhan Tug sugh a mbrollaigh gan choigil do Shéamus Ag tíocht im fharra ó shleasaibh na maol-chnoc Ag caoineadh a ndalta dár radadar géar-shearc. Bheith dá ríomh níor ghaois a dhéanamh Acht tángadar sídh-mhná mhín-Chláir Fhéidhlim Ar Chnoc na nDeór i gcómhar a chéile Ó shleasaibh na leas ag greadadh a gcaol-bhas. Ní cúis machtnaimh ná mearbhall céille, Cumha gan casadh go nglacaid a ghaolta Abhfus is tall mar ghabhaid go ndéanfaid Cuimhniughadh falaidh ar a namhaid má fhéadfaid. Dá n-innsinn an bhuidhean san is baoghlach Go fíochmhar le díoghaltas an fhéinnidh, Níl rí-fhlaith de phrímh-fhearaibh Éireann Ná háirmheóinn sa lán-treóir in éinfheacht, Gaol na gCarrathach gceannasach gcaomhnach Nár ghéill do ghallaibh acht tarraing tar tréan-mhuir; Is Uí Eidirsceóil na mbarróg do réidhteach An cruith-leóghan ba honóireach béasa, Bráthair Eochaidh fuair cothrom 'san bhféile Ná léigeadh coiste na n-ollamh gan aon rud, Uí Dhonnabháin ba solas-mhál gan séanadh, Is ríoghra Raithleann na gcaladh-phort séanmhar,
tSíol gCaoimh na ndraoi-cheas do réidhteach, Is tSíol gConchubhair ghnídheadh oileamhain don éigse, Uí Dhonnchadha ba cosmhail riú i dtréithibh, Is Uí Urthuile nár bh'fhuiris do thraochadh. Dá ndéininn dearmad measaim gur bhaoth-bheart Treibh Chluana Mín' gan ríomh 'san méid sin, Mac Amhlaoibh do mheabhruigheadh na hAonta Is Mac Donnchaidh do b'oirdhreic 'san taobh san, Fuil mBrianach nár srianadh a dtréine An chliath chirt de ghrian-scothaibh Ghaedhil Ghluis, Mac Mathghamhna searc-rún gach béithe, Is Mac Conmara na gCreatalach ngléigeal, Bráthair Uí Ghráda gan séanadh, Is Uí Ógáin ba hórnáideach bréithre, tSleachta Uaithne noch dfhuascladh na géibhinn Is Clainne Chraith na leabhar léigheanta. Bráthair Uí Mheachair, Uí Cheallaigh, is tSíol saor-Bhroin, Is Uí Chearbhaill na n-each súgrach léimreach, Uí Ruairc don uaisle tug aon-toil Is Uí Annluain ba teann duais ar ghréasaibh, Bráthair beacht ar shleachtaibh Néill tu, Is tsleachta Ír fuair mír d'inse Éilge, Uí Mhórdha is Uí Dhomhnaill ba tréanmhar Is Mac Ailín ba ghleacaidhe dfhear séirse, Caomhánaigh na saor-cheard d'éileamh, Ó Seachnasaigh ná seachnadh an fhéile, Mac Domhnaill an leóghan frithir faobhrach Is Clann tSuibhne in am coimheascair ná staonadh,
Bráthair Barrach Óg is Aosta Is tsleachta Risteird i siosma ná géilleadh, Sleachta Mhuiris ba friotal-ghlic éifeacht Is ba mhaith congnamh i gcúisibh na hÉireann, Bráthair Gearaltach fearachoin éascaidh Nár stán do ghallaibh gur gearradh a bpréimhe, 'S na leóghan gceart nár leóchailleach tréithe Do chuir na danair gan seasamh 'san Léith-Chloich, Bráthair Faoiteach íogmhar, is Paorach Nár ob gleó is ná tóigeadh spéirling, Gaol fá dhó na Róisteach dtréanmhar Ná tug cill ar díth a cléire, Gaol Suipéalach, Puirséalach, Léiseach, Is Báróidigh ná tláthóghadh d'éinneach Fuil Bhúrcach fuil Chúirseach fuil Mhéadhchach Is fuil úirbheartach Bhrúnach ba gaol duit, Bráthair dlúth an diúic 's a ghaolta Is Tighearnaí Lughbhaidh na lúithreach ngléasta Sáirséalaigh áird-tséimhe is Craochaigh Is Blácaigh do táthadh it phréimh-se, Leónadh laoich an tsaoi sin taomadh Má's síothcháin i gCrích Fáil nó spéirling, Leógan lonn ba chabhair i ngéar-ghoil Is bronntach earradh dfhear easbhaidh le séadaibh, Bronntach bólaigh óir is éadaigh, Bronntach saoirse fíona is féasta, Bronntach árd ar dhaimh le séadaibh, Is bronntach áladh ar námhaid gan séanadh,
Géag den bhile nár bhfhuiris a staonadh Columhain cliar is cliath a saortha, Fuinneamh na bhfann in am an éigin, Is cuinge catha dfhear gleactha ná géilleadh. Is iomdha curadh ó Dhoire go Béarra Is complacht bhroingheal fá thuirse gan séanadh, Súil gan soininn cé minic do taoscthar Ag congnamh linn-ne 'san chluiche ná béarfam. Ag stoirm na síne chím ar Ghaedhlaibh Le truime an cheatha so fearadh go déidheanach Do dalladh mo radharc, tá moill ar m'éisteacht, Do chailleas mo ghreann - don channtlamh géillim. Is iomdha dúil fá'n gcumha mar mési, Tá an ghrian fá chiamhair 's an éasca, Níl iasc ag freagairt ar chaise nár ar thréan-mhuir, Níl cnuas ar chrannaibh 's do balbhadh éanlaith. Tá an suairceas fé ghruaim fa'n méala, Tá an stuamdhacht 'n-a luath-amaid éadtrom, Tá an uaisleacht, monuar! feasta traochta 'S tá an chiall mhaith 'n-a fiar-gheilt ar chraobhchaibh. Do chaill an cheannsacht amhra a caomhnacht, Do chaill an tromdhacht mhodhmhail a héifeacht, Do chaill an chródhacht fós a céile, 'S do thuit cochall den dochma ar an bhféile. Och! monuar-sa an fuainne féithleann Do dhul uainn in uaigneas fé lic, Dearc na ndruadh dar Duach nár aosuigh Go mbeith seascadh nó ceathair is céad dó.
Is dhá mhó an díth 'ná caoine Shéamuis Bíodh go dtreabhaid a n-aighthe le déaraibh, Branar gach bróin an tórramh céasta Síol-chur cruithneacht i mbrollach na béiltreach. 'Árd-Mhac Muire ler fuilngeadh céasadh I gcrann na Croise tré chiontaibh do thréada An gallsmacht dlighthe noch d'imir ar Shéamus Scannruigh uile is tabhair cumas do Ghaedhlaibh. Níl tualaing tuathacht mo thréithe Ná mh'eólas do sheóladh 'san éigse, Ná m'inntleacht le suidhtar mo bhréithre Cumha mar dhanaid do ceapadh 'san éacht so. Ó chím gur cinnte críoch 'san éagadh Ar chlannaibh Ádhaimh ársa is Éabha Is ná fuil tnúth ón úir le Séamus Cuirim mo shailm dá sheachnadh ar phéin-bhroid. Léighim mo phaidir is m'aitheanta léisi, Créidh na nAspol mar shaltair mo shléachtain An déirc nár bh'annamh dó, raidim le daonnacht Is Páis Mhic Muire dá choimirc ar dhaor-bhreith. Sirim an tAthair, an leanbh 's an Naomh-Spirid, Na trí ceathrair is banaltra an Aon-Mhic, An chúirt ainglidhe gheanmnaidhe 'ot shaoradh Má dfhan fuigheall ná díoghal ag éinne ort. Feart-laoi: Is dáil séin duit, a chaomh-leac fát' chaoin-bhrollach Dhá Shéamus, dhá Chaesar, dhá ghríbh foirtil Táid méirligh na hÉireann 'n-a suidhe socair An lá traochadh na tréin sin de chloinn Choitir!
Dhá rann ar an mbeirt Choitireach .i. Séamus Mac Éamuinn, agus ar a mhac san, Séamus Mac Shéamuis; agus is cosmhail gur de cheapadóireacht Liam Ruadh na ranna so:
Atá, a ghorm-leac, fét bhrollach-sa mar scríbhid ughdair Dhá bhoirb-fhear de Choitireachaibh ríoghamhla, Dhá chrobhaire cháidh oscardha, dhá phríomh-chúinne 'S dhá pholla mheara thosaigh chatha Thíre Fhionntain. Guidhim-se an tAthair 's a Gheala-Spirid ghnáith naomhtha, Choidhche an leanbh 's a bhanaltrain áird-chéime, I líon na bhFlaitheas ós tarma an dáil réidhtigh Tar daoirse an pheaca go nglacaidh mo dhá Shéamus.
CIA IS URRADH DON IAITH SEO BHRIAIN ar n-éag do Liam Mac Cuirteáin an Dúna A.D. 1724 Cia is urradh don iaith seo Bhriain na gcathán gcruaidh Le rolla gach riaghail i rianaibh reacht dáimh suairc, Ná ghoilfeas i ndiaidh ár dtriath ar dteastáil uainn Ó goideadh ár ngliadhaire Liam Mac Cuirteáin uainn? Tug orchra liach na dtriath go teacht lá an Luain, Is golfhairt na gcliar 'n-a ndiaidh is diombáidh a n-uaill, Do bhrostuigh, mar iad, mo phian-sa, daltán druadh, Fát' bhrollach-sa, a liag, ó thriall an beangán suairc. Fear forasta fial glic fiafrach, feas árd fuair, Fear oscardha i ngliaidh nach iarradh trodán truagh, Fear oscailte ciall is diamhra ceast mádh cruaidh, 'S is othar 'n-a dhiaidh gan liaigh gach leannán, luaidhim.
IS I BHFOCHAIR MO CHARAD
Ar mbeith ag déanamh na Nodlag do Liam Ruadh i bhfochair Standis de Barra ag a thigh buaile i Léim Lára, sa bhliadhain 1725.
Is i bhfochair mo charad do ghlacas 'n-a rí-bhuaile An Nodlaig do bfhearra dár chaitheas óm aois uallaigh; Cé follas gur thaistealas fearann Luirc trí huaire Toghaim-se Standis mar leanas 'n-a ghníomh Guaire; Polla agus taca do lagaibh i bhfíor-ghuaiseacht, Is tonna gan taise le teannaibh má bhíd buaidheartha, Cobhair a charad 's a dtearman díon-tsuaimhnis Is cosnamh na hEagailse ar ghanna-bhreith gaill-chuaine. An bhrolla-gheal mhaiseach ler cheangail an tsaoi luachmhar Ná coigil a nglacann de rachmas an tsaoighil tsuaraigh; Níor bh'obair dom amhail-se a dearmad fím dhualgas Gan sochar mo bheannacht dá seachnadh ar shlighe chruadhtain. Cothrom is ceannas is rachmas dá gclainn tuaraim Ar lorg na learg ór shleachtuigh an bhuidhean uasal, De bhrollach na mBarrach nár sparainn le fíor-thruaghthaibh Cér lonnardha ar lannaibh an ghasra ghníomh-uachtrach.
Partholán Firéast do chuir an rann so leanas mar chómhartha i mbárr cleithe ag doras cábáin a dheirbhshéar féin ar Aonach Dhaingean Uí Dhonnabháin an 25 lá de mhí Iúil, 1728. Ní raibh a mhalairt de shuathantas ag Máire an lá san.
CÉ CHAITHEAMAIR AR GHLACAMAIR SA TÁBHAIRNE RIAMH. Partholán: Gach faraire mear nach maith dhó scáil an róis Seachnadh teacht don teagh so Mháire ag ól - Taitneamh na bhfear ler sladadh táinte treón - Nó is deacair a mheas go mairfidh ráithe beó.
Tháinig Mícheál Firéast, dearbhráthair eile dhi; do léigh an páipéar, agus do chuir an rann so air, fé bhun na rainne thuas:
Mícheál: Scéim an lile agus luisne den rós 'n-a measc Ar éadan oinigh is gile 'ná flós na scart, Réiltean mhiochair 'sí cumann is stór na bhfear 'N-a réadh-bhrog tigidh is ibhidh gan feóirling casc!
Tháinig Liam Ruadh Mac Coitir, agus do chuir na chúig rainn-se síos ar an bpáipéar gcéadna agus do chuir ina ionad féin arís é, agus ba gheárr gur bh'é baraille Mháire ba mhó agus ba lia de lucht feithmhe is fritheáilte dá raibh ar an aonach an lá san:
Liam Ruadh: Cé chaitheamair ar ghlacamair sa tábhairne riamh Le carthannacht do bhairrfhionnaibh na dtlát-fholt bhfiar, Níor bh'aithnid dam tairgsin do bfheárr im rian 'Ná geallamhain gan airgead bheir Máire ar mian.
An gheanmnach gheal ghreanamhar is ársa ciall Nach caigleann a sealbhann ar dháimh na sians, Taitneamh dil na hEagailse agus grádh na gcliar Is tearman gach srathaire gan fagháltas fiach. Ó chailleamair na flatha sin ba fáilteach fial - Maithe Chaisil, Teamhrach, is Nás na ngiall, Aicme gheal na Seanaide nár cáineadh riam Och, m'atuirse mar mhairimse seacht lá 'n-a ndiaidh! Gach treabh aca nach abraim ba ghnáth 'san iaith Ba carthannach ba cabharthach ba dáilteach dian Nach seachnadh an t-eagnach gan cás do riar Ní bhraithim-se dá n-aithgheinibh acht Máire ag triall. Gach sáir-fhear chleachtas gan acmhaing don tsoiléar tiacht 'S do ghrádhas bheith sealad le Bacchus do chur fé chliar Ní gnáthach againn do ghlacann gan billéad iad Acht Máire mhaiseach de mhaithibh na bhFiréast bhfial.
Agus, mar nár chaill an fhéile d'éinne riamh é, bíodh a fhios agat go bhfuair Máire díol 'n-a baraille agus a búrdún.
A RÁIB FHIAL RITHEAS TAR SIONAINN Liam: A ráib fhial ritheas tar Sionainn an tsruith-linn tsuairc 'S do ghráidh riamh cuideachta broingheal go bhfuighthidhe an uain, Dáil dias broingheal gan ionar dá gcuirp-dhíon uaim d'Áindrias mhilis de chine Mic Cruitín tuaidh.
Aindrias: Is truagh thú riamh, 'Aindrias, ní cortha dhot chros Ó ruathar rian gach fial is forasta fos Cian suaimhnidh siar tá an fiadh idir chonaibh gan sos Ó bhuail ort sians Uilliam mic Coitir anos. A shaoi fothragadh i dtobraibh na naoi mban n-iúil De shíol Oitir mic Gorra mic Maonais úir In íoc tobhartais ar nochtais-se det bhéithibh dúinn Óm chroidhe lomraim gan folach cuirp an céadna chughat.
Liam Inglis is Liam Ruadh Mac Coitir cct
Cidh heasbathach d'Éirinn éag mic Gollaimh na dtreas Mar leagadh le Déirdre, féach, clann Uisnigh na n-each, Flatha na Féinne is tréan-Chúchulainn na gcleas Níor teascadh go léir a bpréamh go Donnchadh i nglas.
Glas-tsnadhm doilbhis dochair i gcríochaibh Fáil Is cnead-chlí is follas tar srothaibh do shín ón Spáinn Lachtaidhe cosnaimh na n-ollamh fá líg go táir Do cheap síor-gholfhairt is osna mar chíos don dáimh.
Dáimh is cléir gan séan gan sochar i nduain, Ní sámh guth éan 's is tréan tig tonna chum cuain, d'árduigh Phoébus daol-bhrat orchra is gruaim Ó támhadh féile Gaedhal le Donnchadh is truagh.
Truagh loma-ghreadadh is loscadh bas na laoch go lag, Uaill bhrostuightheach na solas-bhan le taobh na bhflaith, Cuaird chorruightheach le golaibh guirte ag béithibh leas Ar uaigh Dhonnchadh mic Dhonnchadh mhic caomh-chlann Chraith.
Caomh-chlann Chraith i dtreas nár bh'íseal treóir Dfhuil éachtaigh Chais de mhaicne Mhílidh Mhóir, An féinneach geal do cheap gach saoi le brón Go faon sa bhfeart ó taisce an tsaoi go hóg.
Ógáin Mumhan fá smúit in orchra liach Gan seól ná stiúir mar long ar stoirm gan riaghail; Is brónán túirseach liúm ná cloisfam a thriall I gcomhdháil trúip mar chongnadh cosnaimh dá thriaith.
A thriath in easbaidh ní machtnamh linn daor an phudhair Is liacha cleachta caoidhe ag maithibh síl Éibhir úir; Níl iasc ar chaisíbh is aistríghid réilte a ngnúis 'S ní cian do gheallaim díbh dfhanfaidh aon bhraon sa tSiúir.
An tSiúir 's an tSionainn go tirim 's an Laoi in éinfheacht, Srúill is Life is ní hiongna an Bhríd éigneach, Gach ciúin-tsruth mhilis ó Dhoire go Baoi Bhéarra 'S na dúile ag filleadh tar fuirm ag caoidh n-éachta.
Éacht Aoibhle fén sceimhle do shearg me i nguais, Léan daoirse na ríogan ón gCarn do ghluais; Créacht chaointeach na sídh-bhan re sleasaibh na gcuan An saor-thaoiseach de chlainn Chraith ó taisceadh in uaigh.
'San uaigh 'n-a dtaiscithear taise agus clí an fhéinnidh Is muar an gradam 's an ceannas don líg fér luigh; Acht a Uain na bhFlaitheas beir a anam gan díol péine Go cuan na n-aingeal cidh heasbaidh an chrích dÉirinn.
MOLADH MHÁIRE COIPINÉAR Mise fá chúis caoidhe dlúth fí ghéibheann Do chuireas gan ponnc dlighe i gciúin-tnaidhm saersearc An choinneal ar nóin Do chiorrbhuigh mo threóir Ó chonnac do chló 's do cháile Ler milleadh gach treón dá dtáinig It choinne gér chrodha an gárda Tá an oiread san sórt Det chlaidhmhte sa ghleó Ná tuigim-se fós a n-áireamh Na hairm seo mhaoidhim Sa chaismirt nach tím Ler treascradh laoichra 'en árdfhuil Ó's dearbh gur díobh A bairrfhionn-fholt bíseach Camarsach claoin-tiugh cáblach. 'N-a sreathaibh ag tíocht Ó bhaitheas a cinn Ag feacadh léi síos go sálaibh Do tharcuisnigh fíor Fé scamall an flíos Tar calath 'n-a luing tug Iáson. Is tuilte 'n-a gnúis ghrinn lonnraí Phoébus I gcluiche na súgraí ag siubhal trí chaoraibh Gan urraim ag sórt 'San iomaidh sin fós Ná tuirse le cómhrac námhad Gidh soineanta snódh ní stánfaid
Ní hiongnadh dhóibh bheith láidir 'S gé bhrisid go leór Ní thuitfidh go fóill Aon churadh den chóip sin d'áirmhim. Is ba samhail a braoi Gan mairg le scríob Pinn beantar go caoin ar pháraibh 'S a reamhar-rosc righin Mar gheabhair ar linn Lé a meallann gach saoi dá thráthaibh Is taitneamhach linn-ne Balsam a gríos-ghuib Is freagra a fuighle ar chláirsigh 'S níl ceasta ná snaidhm Ná labhartha draoi Nach gasta do scaoileas Máire. Is gile fá chúig lí a clúid chích 's a déad mhion Dar linne 'ná an clúmh clí d'iomcharuighid géise 'S i bhfoirm ghlic seóil Gach fuireann dá sórt Go gcuireann i gcló go sárcheart Ar imeallaibh sróill go lánmhear An fiolar an leóghan 's an fheadh-chearc 'S go hoiread an róin Dár geineadh go fóill Fá chiumhsaibh na bóchna báine Ní machtnamh le maoidheamh Gur calma an gníomh Gach arm 'na gaoi dá dtráchtaim Chum gleaca 'ná an cloidheamh Do chleachtadh Mac Prím Ler treascradh tím na táinte
Ar dhealbhuigh Críost De rachmas an tsaoighil Do thabhairt don mhín-chnis mhánla Dá scaipeadh gan fuigheall Ar lagaibh na gcríoch I gceallaibh 's i gcíos na dáimhe. Measaim gur chúis mhór cúmpóird d'éigsibh An ainnir bhúidh dfheóil chrú Choipinéarach Do cheangal go caomh Gan scaradh le haon De phréimh ghlan-chine na bPaorach Is déanamh neide na féile An ghéag den bhile gan féire Do hoileadh sa Chluain Ba mhinic n-a fuainn Ag fuiling 's ag fuascladh géibheann A gheanmnach ghrinn Do scagadh go glinn Dfhuil mheardha saoithe 's saorfhlaith Ní masla liom díbh Bhur seachnadh shíor Ó's malairt gan tím do réidhidh leat Ar fheartaibh an Trír I bpearsain an Aoin Go mairidh sibh síoch a chéile Le haithris gach taoibh De cheapaibh bhur ngaoil I gceannas i gcloinn 's i gcéimibh.
IS CNAOIDHTE AN tOTHAR ME Is cnaoidhte an t-othar me i ndochar gan fagháil ar liaigh Go claoidhte doilbh gan chostas acht grása Dhia, Is trí gach donas na deocha do bfheárr liom riamh Ná dlighid mo chosa dom cholainn go dtráighfinn iad! Ó dfhágas teas na n-eas is mín-Thétis 'S go dtánga isteach ameasc na bhfíréanach 'San áitreabh cheart 'n-ar chaitheas puinn laethe Is nár an bheart ná tagann saoi 'om fhéachain! Mo mhíle bairrfhionn tais mhascalach fhial uasal Gan nídh ar a gcreataibh ag falachadh a gcliabh uaimse, Bí-se a theachtaire feasta dá ndian-chuardach Is dírigh an aicme atá in easbhaidh chum Liam Ruaidh an tsuilt.
MO DHOCHAR-SA AN CRITH ANOIS I gCRÍCH ÁRSA Mo dhochar-sa an crith anois i gcrích ársa Ag stolladh mo chuirp is gan cuisle im chroidhe láidir; A thorainn nuair thig do bhris mo chlí im árainn, 'S is cosmhail mo chruith le buinne críon fearna. Óm roscaibh go troigh bíonn tinneas síor-ghnáthach, 'S ó shlogadh gach luibh mo chuid ní dhíthleaghaim, Le brollach gach teine an cruth do scríobálaim Gur follus an fhuil ag rith lem bhuidhe-shálaibh. Is doilg an doigh seo i luig mo chinn tárla Gan chodladh me chuir le tuilleadh is mí is ráithe; Dom lorg ná 'om fhios ní thigid puinn cáirde 'S is cosmhail mar sin gur im choin le claidhe táimse! An donas go sciobaidh an crith ar phíopán leis Nó a shlogadh sa mhuir gan filleadh fím dháil-se; Go loiscthar sa teine nimhe an buidhe-stráille - Crochaire an ghoid do chuir me ar díth sláinte! Mo chomairc fá'n ngein do thuit i mbroinn Mháire 'S do crosadh i gcrois ós coinne a chaoin-Mháthar; Ó doirteadh Leis fuil go dil ar chloinn Ádaimh Dom fhortacht ó bhroid go dtigidh an Rí grásach! A shoirbh-fhir ghlic níl cion it phríomh-cháirdeas Cidh follus tu it fhile i slighte fíor-dhána Níl ollamh acht sibh do chluin mo chaoin-cháile Nach doilbh leis me sa chrith le trí ráithe.
A stollaire is minic do chuireas-sa laoi it dháil-se 'S níor chorruigh do phion cé duit-se is gníomh náireach; Dá mb' ort-sa bheadh broid nó tinneas fíor-ghábhtrach Mo ghothanna guil do chluinfeadh críoch Fáilbhe! Ó locais-se me mar dhuine phríobháideach, 'S ná cloisim gur chuir ort toisc mo mhí-áirde, Is follus ár gcion ag rith chum mí-pháirte, 'S a sconnaire an tsuilt sin briste ár bpríomh-cháirdeas.
A ÉADBHÁIRD A BHRÁTHAIR IS NÁIREACH NA SCÉALTA Tá dánta bog searbh dhá cheapadh le tréimhse 'S mar mheasaim níl éifeacht ná tathac 'n-a sórt, Gach stráille fir magaidh lá margaidh is aonaigh I dtigh an tabhairne téighid agus cromaid ar ól; An gárlach gan athair, an aimid 's an léibis, An tseana-bhean aosta agus caile na brón An tráth dhul ar leaba ní paidir ná créidh adeir, Agus tuigidh dá réir sin go mb'fheárr leigin dóibh!
AN FREAGRADH AIR SIN: A Éadbháird a bhráthair is náireach na scéalta Dfhágais i mbéalaibh na dtáinte aca id dheóidh, An srian so gur fháiscis chum báis le sna béithe Gan fagháil ag aon réic bocht ar fhagháltas 'et dheóin; Diarmuid Ó Breasail is Peadair Ó Buidhe Cathal Ó Gríofa agus Baltar Ó Bró 'S na céadta fear dána dhíobh tháine tar tréan-mhuir Nach foláir go bhfaghaid céile nó mná chum dul leó!
I dtaobh Dhiarmuda agus Ghráinne ní pátrúin iad d'Éire Árd-shliocht na Féinne ba thréine i ngach gleó, Éaluigheann an bás bocht i dtráth ar gach éinne Is ní feárr leis duine aosta 'ná an páiste beag óg; Céad fear do cailleadh i gcaismirt na gcloidheamh Do mealladh sa phoinnte 's do báthadh sa mhuir mhóir, An scéal so le háiteamh 's ar lámhchadh le pléaraibh 'S fhios ag ár n-éigse nach mná bhí 'n-a gcómhair. Cad do dhéanfadh an Spáinneach gan gárda ar an dtréan-mhuir? Nó is geárr go mbeidh Éire bhocht cráidhte fé bhrón; Cad do dhéanfadh an lán-bhodach sámh atá in aolbhrog Gan páiste aige féinidh dá léigfeadh a stór? Cad do dhéanfadh an sagart do bhaisteadh a gcloinn Gan beatha agus fíon le fagháil as an ngnó? 'S cad do dhéanfadh an bráthair tá i ngábhtar na déarca Dá mb' áil le gach éinne do mhná leigint dóibh? Cad do dhéanfadh an tsnáthad nó an lámh chum na céirde Gan snáithe den éadach le fagháil di go deó? Cad do dhéanfadh an cárdinel bán chum an aonaigh Ná cába na scléipe gan bárr-fhaision nódh? Cad do dhéanfadh an grafadh ná branar na gcríoch, Beatha na ndaoine ná a ghearrfadh an mhóin? 'S cad do dhéanfadh an tsráid seo gan rás agus aonach Dá mb' áil le gach éinne do mhná leigin dóibh? Is é Dia mór na ngrása chúm Ádam is Éabha 'S do chuir ar an saoghal iad 'n-a scéimh is n-a gcló 'S adubhairt leó an lá san bheith páirteach le chéile 'S páiste do dhéanamh le haon-toil a chómhacht; 'N-a dhiaidh san fuair Peadair, an tAspol, ó Chríost Cead ceangailte is scaoilte ar mhná chum a spóirt, Ní riaghail cheart do bhárdaibh an rádh san do réabadh Ná a rádh le gach éinne go mb' fheárr leigin dóibh!
AGALLAMH AN ANMA IS NA COLNA An Cholann: A rúin chirt mo chléibh, is a lúb gheal na naomh Och fúigfir me anois, do chompánach, Ba mhúinte do mhéinn, ba hionnraic, ba réidh 'S is dubhach bhead id dhéidh 's is dólásach - Im smúdar i gcré, cé túirseach an scéal Gan súil aon 'om éileamh go lá an bhrátha, Gan lúth in mo ghéag ná lonnradh in mo ghné Fé smúit ag an éag gan sábháil dam. An tAnam: A thrú liosta bhaoth dfhág smúit ar mo chéill Och, fuagraim don daol go lá an bhráth thú, 'Siad do ghnúis is do chraos is ciontach lem phéin Is dfhúig me, is baoghal liom, díoghbhálach; 'Om rúscadh gach lae ó mhúr ghlan na naomh Fé dhubh-bhrataibh dréacht an dóláis ghuirt, 'S mo chumha-chreach 's mo léan nár dhiúltas dot réir San ar stiúrais me ag tréigean ríoghacht neamhdha.
An Cholann: A stór dhil ná féach ar mhór-chortha an chléibh Is gur pósadh leat mé i mbroinn mo mháthar, 'S má dfhóbras bheith claon le póit is le craos Níor chóir duitse géilleadh 'om dhíobhlásaibh; Nár sheólais gach lae mo ghlórtha 's mo mhéinn Is brón liom má's baoghal duit chum díoghbhála, Is dar ndóigh má's tú an spréidh de phór ghlan na naomh Ní damhsa acht duit féin is gníomh náireach! An tAnam: A namhaid bhocht bíom saor, seo póg duit óm bhéal, Ní cóir dam dul ón saoghal gan síothcháin leat, 'S go bhfuil mo dhóchas go tréan a' trócaire Dé 'S i gcómhachta an Té thuit i mbroinn Mháire, Is go bhfóirfidh mo chéim is go dtógfa me ó phéin Chum glóire nach féidir le croidhe d'áireamh, 'S go bpósfaidh lá an tSléibhe mo nóchar le scéimh Fá nódh-chruit ná tréigeann sa ríoghacht neamhdha.
DO DHOIREANN PAOR A.D. 1736 Fonn: Philander. Is dubhach fí scamall bróin Tré smúit bhím d'easbhaidh spóirt Is fada mise ag fuiling daor-bhroid Is darta nimhe Chuipid chaoch-ghlic Dfhúig tréin-fhir gan treóir Le géar-shearc don óigh Bean do chéad-chuir cluiche Ceart ar bhéithibh cruinne
I méinn ghlain 's i gcló A réiltean gach cóig Nár aontuigh tar cóir Ní cúis maoidhte ag déithibh an t-ubhall díbh go ngéillid Do réir ceangail chóir 'S an té ghlac é ar dtóis Tug le ceart an séad san Do Bhénus fát chómhair. A húr-dhlaoithe ag teacht go feór Le n-a gcumhduighid ealta ar nóin Is cailce suidhte giorra a déid ghlain I dtaisce mhilis mhiochair chaor-ghuib Gan bhréagnadh gan mhóid Gan baoth-fhocal fós A mama ghéara chruinne Do shlad a scéimh den lile Is d'aon neach nár bh'eól Nach céim leasc don tsomhail Fuil Paorach na slógh It ghnúis ghrinn go léightar gur dúbluigheadh do spré leat Tug spéirling is gleó Idir ghéisibh is rós 'S ná léir-mheastar d'éinne Cia is tréine den chóip. Is búch binn blasta beól Le n-a stiúruighid bleacht is cómhaid Is gasta binne snoidhte a saor-ghuth Go cneasta cliste ag iomaidh ar ghéagaibh 'S a claonfholt i gcló Ag géilleadh don ór Ag casadh fé n-a ciumhsa Seal ag déanamh títhe
Is aoldaithte a snódh Tláth éadtrom gan cheó Nach faobhrach go deó A dlúth-bhraoithe ar néall-dath do siúntuigheadh le saor ceart 'S a caomh-rosc mear modhmhail Ar ghné ghlais an phóir 'S go mbéaradh le n-a sméide Gach laoch as a ród. Ní suairc linn spreagadh téad Ná sluagh sidhe ag canadh dréacht Ná rosca file fuinte fír-cheart Ag oscailt dlighthe ndraoithe i ndroighean ghlan Ná inntleacht na n-éan Seoch binn-ghuth a béil Ort ó tá mo choimirc Fortuigh tráth, a Dhoireann Sinn seal ón éag Ar árd-bhuille is tréan Do lámh chliste ar ghréas An míol muighe go ceáfrach ón sídh-sceimhle námhad Ba gnáthach 'n-a dhéidh Fé scáth duille craobh A bháinchnis bhreagh shéimh Gur bhásuighis let ghrádh sinn Sin fáth críoch mo scéil. An Ceangal: A rí-bhean tug mílte mar táim go tréith Le sír-ghean dot chaoin-chruith do sháruigh scéimh Muna scaoilir mo dhíomdha tar cách san géim Sin fínis lem scríbhinn ar mhnáibh go héag.
GIDH FÁNACH MO SHIUBHALTA Seán: Aithris dúinn, a dheóraidhe, Créad do threóruigh sibhse; Chugainn sonn do láthair Fios na háite as a dtigir.
Liam: Gidh fánach mo shiubhalta Is ná rabhas it dhún roimhe Is túsca fuaireas eólas Ann fá dhó 'ná sibhse.
Seán: Fáilte dhuit, a thriath Má's tu Liam Mac Coitir; Is fada liom im briathar Gur thriallais im fhochair.
Liam: Is me Liam Ruadh Mac Coitir Ní bhím deocair fám scéalaibh Thánga ar cuaird ó Chorca Dfhéachain forais na héigse.
D'ÉIS DEIMHIN-CHUNNTAIS Ag seo imreas dfhás idir Éamonn Ó Lúba .i. cléireach Dhochtúir Ó Briain, i Lios Mór, agus cléireach an Athar Pádraig Ó Meiscill ar Shliabh gCua .i. Dáibhí Brún, dá fhios cia aca an file is feárr; gidheadh is troid fá easair fhoilimh an ghleic sin! Do bhí Éamonn ina chléireach ag an Árdeaspog Ó Braonáin i gCaiseal, agus ag an nDochtúir Ó Liatháin i Lios Mór, agus ag an nDochtúir Ó Briain 'san áit gcéadna indiu. Ní raibh Dáibhí Brún acht ag aon sagart. Do ghlac an tAthair Seán Cáplas, i gConaithe, páirt Éamuinn Uí Lúba, gur éirighdar ceathrar sagart ina aghaidh .i. Dáibhí, agus tugadar a shlán fán gcuid eile d'Éirinn. LIAM RUADH MAC COITIR CCT
D'éis deimhin-chunntais dfhagháil le dúthracht dúinn óm bráthair, An Dochtúir diadha sochlúmhail sians-cheart dfhionn-scoth Dhál gCais Colbha na gcliar, cothughadh riaghal, stiúir gan stánadh Lachtaidhe na suadh, bleachtaidhe na ndruadh, túr le námhaid, Do ghlacamair finné sagart is fíréan, Seán séimh Cáplas, Saoi le suairceas, croidhe gan cruadhtan, deachtaidhe dáimhe, Is mórán eile de chóip ná deirim atá le táitheamh Den fhuirinn gan teacht nach rigthear a leas fós in áireamh Go bhfuil fé bhruachaibh Sléibhe gCua thoir dréachtach dána - Ní clé labhras cléireach dobhra, an tAthair Pádraig Dáibhí Brún mar áitigh dúinne an té noch ráidhimse Ar Éamonn ghnúis-gheal tséimh Ó Lúba tug gné cáinte
Cléireach easpuig áird do b'é a ghairm tráth i gCaiseal Cheárnach Is gan chúis fiaráin ag Dochtúir Ó Liatháin i nDún Scáinne Scéal go bhfiadhainse ag saor den Bhrianfhuil atá ar an áit sin Ael-ghrian lonnradh cléire Iath Fionntain anois fé lán-chion Don triar columhan béas luighe cosmhalacht mar scéith scátha Níor fhéad an Brúnach ná a chliar conganta léim chómh árd leis; Gibé slighe éileamh do bhí ar Éamonn do dhlighe dáimhe Má smúin earráid ar dtúis a ghearáin le n-a mháighistir Do ghléas an Brúnach, céim tar umhlacht, béim dá cháilibh d'Éamonn lúthmhar laochda Ó Lúba dréachta táire Gan uaim gan aiste, gan suairceas labhartha, gan scéimh dána Gan foghar cluaise, gan chabhair uaithne, ná faobhar gláimhe, Gan fios cómhada ná cirt cómhardaidh ná an guth báithtear, Claochladh ar aicmíbh téighid fé scamallaibh ann, ná ráfla, Gan cúmhacht cúnsain ná an seól dúthchais ná gaol táithte, Fios cóir cadaid, tómhais ná ceannais uaidh ní fághthar Is gach riaghail ró-cheart ba cian mór-mheas ameasc dámh-scol Díobh ná hainmnighim tug sé i dtarcuisní, beart ba nár dó Suidheamh nár chanamair díobh cé scannalach táinig im láthair Do chonart-sa in áidhbhéis tuilte de ráifléis fá n-a láimh-sean.
AG SO AN tÓRDUGHADH leis an Athair Seán Ó Briain mar an gcéadna, dá ríomh do na báillíbh gach slighe is gach áit do ba mhian leis dóibh do thimcheallughadh, agus gan dearmad do dhéanamh fá dhul go nuig gach aon dá aos gráidh ar feadh Leithe Mogha go hiomlán, agus beatha agus sláinte do thabhairt uaidh féin do gach aon fá leith dhíobh, agus dá iarraidh ortha, fá phéin umhlaidheachta, faire agus forcoimeád do dhéanamh nó go mbeiridís ar an mbráighe .i. Éamonn Ó Lúba, agus é a chur ceangailte cruaidh-chuibhrighthe chuige féin go Caisleán Ó Liatháin:
De bhrígh gach réabtha ar dhlighe na héigse leis dá ndeárnais Gona uime órduighim is ionchómhachtuighim is ughdarásaim Don uile árd is fo-chonnstábla is do gach báille Is chum buidhne a gconganta i gcríochaibh Mumhan gan mí-cháirde Gibé cúinne, coill nó cúil den Mhumhain réamhráidhte Lámhuigh dúinn-ne Dáibhí Brún 'san ionad 'n-a bhfághthar; Gadrach cruaidh-righin casaidh ar a uaithníbh, lagthar a chnámha, Duais ná breabaireacht uaidh ná glacathar, cuir ná slána; Tugtar go Caisleán cluthair Ó Liatháin ceangailte im láthair; 'S chum aon duine eile ná léigthar eisean i bpéin bhur sláinte; Tuilleadh dá dhocamhal - tugtar dó lonnughadh go ceann spáis ann; 'S 'n-a dhiaidh sin chughainn a thriall dom chúirt bé ionad is áil liom. Dá mbéith uaibh-se ar chléith nó cuardaibh leanaidh ar lán-rith Is dalluigh na heanaighe chleachtann an cleasaidhe, ná faighidh scáth ann;
Gluaistear libh-se go luaimhneach liosta go Tiobrad Árann Is ná déin dearmad céad dem bheannachtaibh do Sheán Clárach; Tuigim ná buailfidh ionad ba suairce chugaibh sa táirdeal, Caithidh an oidhche is glacaidh bhur scíth ann go dtí ar n-a mháireach; Triall ar Luimneach siar go hinneallta is ibhidh mo shláinte ann Is naiscidh ar Aodh Buidhe seasamh sa taobh thíos - faireadh an tráigh sin; Go hUíbh Breacáin, timcheall Challáin, tuigim ná ráinig - Ionann is dainséar druidim le hAindréas dfhile gan fáscadh; Somaidh le saoirse, socair in inntleacht, solas gach sásaimh, Cíocha dile na díse d'ibheas-sa, deocair a dtrághadh; Seachnaidh róda is glacaidh an cómhgar tarsna na sáile; Risteard Ó Murchadha cuiridh dá chluichiughadh in imeallaibh Rátha; Rithidh go Ciarraighe, ciste na bhfial-ghníomh, is nochtaidh dom bhráthair Diarmuid fíorchaoin mac mic Fhinghin, turas an chneamhaire; I gcríochaibh Cairbreach ní bhfuighidh tearmon cé dóigh fáilte ann Ó's fíor gur eatortha bhíos mo dhalta dil Eoghan Mac Carrthaigh; Iarraidh Donnchadh grian na n-ollamhan i gCorca is gnáthach, Dfhíorfhuil chalma ríoghradh Raithleann an fisigeach fáthach; Is Domhnall solas-cháidh Óg Ó Donnabháin, posta gan tláthadh
Dar dual fuineadh gach uama is oinigh is follus mo ghrádh dhó; Is Domhnall dréacht-chaoin, stródhaire séimhidhe, file na Blárnan Le baois do sloinntear gidh bhíos gaoismhar de chlainn Charrthaigh; Fial-mhac Murchadha an gliadhaire cluicheamhail isé mo bhráthair Saoi le sioscathar laoithe snoidhte suilt, Seán na Rátha; Críoch bhur gcuarda ar dtíocht go Cluain Molt deochaidh bhur sásamh, Is fíonmhar milis an tír 's a fuireann i bhfochair an Fháltaigh Fáidh ná file ná fágtar libh-se 'san Mhumhain ársa Gan fál 'n-a choinnibh ar lár go gcuiridh an Brúnach beárnach; Do mhaoidhimh an Brúnach buidhean dá chongnamh mar aos dána - Is díobh-san Tomás caoin-mhac Tighearnáin is Mac Giolla Pádraig, Is díobh Parthalón, an Bráthair Códach, rannaire Dháibhí Is gliadhaire cumais, Liam de Bhriotaibh, is duine ná háirmhighim, Gach n-aon eile 's an méid seo deirim de chongnamh Dáibhí Tabhraidh chughainne fé thearmoin cúirte cumais na bhfáidhe. An Ceangal: Gach n-aon nár foilceadh i dtobar na bhfíor-éigse 'S nár léigh ar nodaibh ná foras na príomh-Ghaedhilge Ní céim a moladh má chosmhalaid gaois Éamuinn Is ní béim ar a fhoirtile a dtrodaireacht tslím chéille.
NA BEARTA SAN DO CHLEACHTAINN-SE Na bearta san do chleachtainn-se, mo chiach, de ghnáth - Carrabhas gan dearmad mar iarsma im dheáidh, Easurraim nach taitneamhach gan fiacha in' áit, 'S mar bharra air sin ní sheachnainn gan iasacht mná. Achrann do thairnginn go dian ar chách, Is teasargain eatortha ní iarrainn tráth, Ba sparainneach le caraid me 's le cliaraibh cáidh, Geallamhain is cailleamhain 'n-a dhiaidh gan tlás. Easparta ní chanainn-se ná riamh na tráith, Ná salma mar chanaid fir tan iarraid cráibh; Chum Aifrinn dá ndeachainn-se is le mian do mhnáibh Le taitneamh chum a bhfaicseana 's go mbiainn 'n-a bpáirt. Admhaim le haithreachas, a Dhia na ngrás, Freagra dot eagar chirt ná féadaim dfhagháil, Acht an t-anam so do cheannachais i bpiantaibh báis Ná hagair-se i mbeartaibh clis mo chriadh-chorpáin. An Ceangal: A Mháire mhilis, a bhuime 's a Mháthair Chríost, A bhláth na finne 's a bhroingeal ó dtáinig Rí, Táthaidh linne gan filleadh go brách 'n-ár gcroidhe Grása an Leinbh sin dfhuiling an pháis 'n-ár dtaoibh.
AN SUAIRC LIBH AN GÁR-GHOL SO AG SÁMUEL 'S AG SEÓN? (As scríbhinn le Seósaph Ó Conchubhair, ó sna Fosa, Cill Áirne) An suairc libh an gár-ghol so ag Sámuel 's ag Seón? Ó ghluaiseadar sár-choin na Spáinne fé sheól Do ruagadh na gárda bhí in Áifric na ród Tar bruachaibh gach sáile gan árthach le sceón. Táid cuanta agus cáinte na háite aca ar fóir Tar cruadhacht 'mun námhaid 's le láin-ghleic i ngleó, Níl suaimhneas ag mnáibh Ghibráltair ná cóir Le huamhan a ngeárrtha 's le lán-easbhaidh lóin! Tá muar-chuid le rádh agam ná tráchtaim go fóill De thuairisc ár mbráithreach ag tnáthadh gach treón, Dar Muaireach ní stánfaid de ghráscar na slógh Go bhfuasclaid gach gábha tá ar Chlár Luirc na ndeór. Tá luaidhteachas báire idir Rághnall is Seón A bhuailfear gan cháirde - bí i láthair an spóirt - Beidh uaisle Inse Fáil ann go dána sa treóir, Lucht fuadaigh is feárr de shíol Ádamh an chóip. Ó bhuadhadar gach láithreach 'n-a rángadar fós Beidh ruathar na rábach ag fás i ngach gleó; Gluaiseam, a cháirde! go dtrágham tonn den bheóir Le tuairim go mb' fheárrde puic Raghnaill an t-ól.
AN GIOLLA RUADH Do Philib Doingeárd in Eóchaill, nuair a bhí an t-éagcruas air. Araoir is me seal ar mhaoilinn na sleas 'S me ag cíoradh mo chairn chraobhaigh Do smaonidh me ar leagadh saoithe gach sleachta Do shíor-chuir me i ndearca suain Gur lingeadar scata sídh-bhan im aice Go cíocrach ag stathadh a gcraobh-fholt Is d'innseadar dam gur claoidheadh duine 'em charaid Taoibh liom cois sleasa cuain. Tháinig ina luisne ar lán-bhuile chugainn Áine le hiomad scéalta ba truagh "Dfhágas do chumann tláth lag" ar ise "I dtánaiste an chluiche chruaidh; Átrops an uilc atá anois ag nochtadh Geárr-sceine géire as a truaill I ngráscar le Pilib, fáilte gach file, Nó an cás leat é, a Ghiolla Ruaidh?" Do scaoileamair banna Chlíodhna chum reatha, Agus Aoibheall na Craige Léithe, Saigheada 'n-a nglaic is craoiseach le n' ais Do bhí ag gach neach den tsluagh; Scíordaim-se amach le díoghaltas chum catha De dhruim-rith ameasc na laochra Is sínn uile ar eachaibh choidhche ná braithtear Claoidhte ná ar easbhaidh luais. Do ghléasamair fuireann laochra le Pilib, Tréin-fhear gan time i gcómhlainn, Ag éileamh gach suilt is méithris dár sciob Daor-aicme Chonnacht uainn,
Dá fhéachain ar chirte an tréan-truip-si thig Ó Éibhear in Inis Fódla Do léigean mar righthe Éireann ná an sliocht so Ó Éireamhóin ghlic do ghluais. Áine agus mise tháinig chum Pilib Tráth roimh an fhuirinn éachtaigh seo luadhaim Is thárla 'n-ár gcoinne námhaid gach nduine - Átrops an bhuille mhuair; Do b'ábalta truime ár ngáth-bhuillí cliste Ag tnáthadh 's ag milleadh géaga gan truagh Le n-ár lámhaibh gur thuit an bás agus cuileasc Ársa na sceine cruaidhe. Tug Áine chum Pilib stáid-each ba mhire Lán-rith gan tuisle, léim agus luas, 'S d'árduigh sin tuile árracht' is misnigh Dánacht is nirt ár sluagh Ar láimh deas le muir go dtárlamair uile Ar thráigh mullaigh Bhinne nÉadair na suadh An lá san gan scur do rángamair Doire Bán Choluim Cille thuaidh. Do thángamair uile an lá san sa choinne Ar láthair an chluiche chródha gan suan, An Doingeárdach 's a thruip do bfheárr insa troid, Ag tnáthadh na droinge thuaidh Ba láidir ba chliste an Tál-fhuil 's an tsiosma Ag táthadh le cine Eóghain na ruag 'S an lá san gur scriosadh scáinte gan spionnadh Ár námhaid mar thuile cuain.
I bhfíor-dheire an chatha do shuidheamair sa bhaile 'S do bhíomair go fleadhach féastach gan ghruaim Do dhíogamair casc is míle le n' ais Le díogras don bhfear do bhuaidh Íocam ár dtart is ár n-íota gan stad Ar an mbuidhin úd nár chleacht an fhéile 'S gach fíor-fhlaith do scaip ar an ndroing úd do leagadh, Sílim nach ceart a luadh. An Ceangal: Do ghluaisíodar ár sluagh sidhe-na go subhach síoch sultmhar seólta 'S do buadhadh linn an cluiche ar chruadh-bhuidhin chliste dfhuaduigheadh guirt tar fál, Do bfhuarlaoideach ár gcuaird timcheall gur stuanuigheadh linn in Eóchaill - Cuan aoibhinn na gcuach líonta nur dual díograis Doingeárd. Dáileadh mar thonna árd-mhara chugainn bán-tsic is tuile beórach gan ghruaim, Ní áirmhighim annsan a dtáinig den phunch do bfheárr insa chruinne mhuair, Ráithe agus tuilleadh do bhámar is Pilib ag trághchan an ghloine is ceól le n-ár gcluais Slán agus fiche dfhágamair aige, agus táinig an fhuireann uaidh.
DON MHEISCE Is mairg gan tart do chleacht an iomad dighe d'ól Is tug aire don chasc ag caitheamh proinne faoi dhó, An cholann go lag iar n-at amuigh i gclaidhe an chlóis 'S an t-anam nach feas cár ghaibh indiu ar díth lóin. Is mairg tug searc do lathairt uile an tsaoighil mhóir 'S gan aca air acht seal mar ghal suip tuighe ag dóghadh, 'S go gcaithfeam a ndeachaidh as 's a bhfuilimíd beó Freagairt ar fad don reacht do chuir an Rí i gcló! A Bhanaltra bhleacht 's a bhean tiomna an chroidhe mhóir Muna dtagair gan stad agus seasamh d'imircidhe an lóid Is eagal an bhreath do theacht 'n-a luisne fí an gcóip 'S a dtreascairt ar fad go lasair theine nimhe an smóil. Tairg do Mhac do ghaibh it fhinne-chlí feóil, Do dhalta, do shearc, is fear do chruinne-chích dheól Gan seasamh ar cheart ná teacht tar briseadh dlighe leó Acht a fhearg ar fad do mhaitheamh duitse is ní dóibh. Tairg mar bhreab do dhearc go sileadh sí deóir, Na habstoil beir leat, aingil Nimhe is bíodh Eóin, Greadaidh na basa, screadaidh uile caoidh is geóin 'S is dearbh go maithfidh an Mac an uile-nídh dhóibh. Ó ghabhais le hais an chreach gur bhainis í an tóir, 'S ar admhuigh leat gur gheallais comraighe dhóibh, Ná dearmaid as - is peacach mise bhí it órd 'S is beannuighthe ameasc na mban tu, a Mhuire mhín mhór.
A CHLIAR NÁ MOLANN AN tÓL A chliar ná molann an t-ól, Ar chách eile cé mór bhur smacht; Acht dá mbéadh bhur nguith ar chách Ní bhfaghadh sibh féin bás den tart. An chliar sin do thug a dtoil Sinne uile do chosc ón ól, Gan d'ól acht oiread leó féin Dhéanfaimís leis an gcléir mar nós. Do chonnac-sa an chliar ar bórd, Chonnac a dtáinig den digh, Do chonnac mar bhádar dá hól Chonnac fós mar bhí an tigh. Ó anocht suas go lá mo bháis Gloine de bhárr ar an gcléir Bíodh go mbéadh an bás dom buain Ní rachaidh tar bruach mo bhéil.
Liam Ruadh Mac Coitir cct An tan do bhain Eoghain an Mhéirín a mhuileann de, de chionn mar do rinneadh drúncaeir snaoisín d'Eoghan an feadh do bhí i bhfochair Liam. Má tarraingíodh sibh-se trém chiontaibh chum snaoisín a Eoghain Do chaitheamh go minic ná tuigidh gur simplidheacht óil - Acht glacaidh mo mhuileann is coingbhídh a dhlighe fím chómhair 'S ná meallaidh-si mise tré ruisne dem chíosaidheacht chóir. Gan earradh gan ionar beir muirinn mo chroidhe fí dhó Mar thaca let choimirce, is coingibh go síorruidhe it ród Gach aiste do rithfir chum cruinneas do chaoil-phinn rómhat Go bhfeasam-na ar (sios re lucha?) cé díobh rí, is treón.
MO GHEARÁN GLACAIDH IS MEASAIDH AR MÉAD MO LIACH. Mo ghearán glacaidh is measaidh ar mhéad mo liach 'S me im dhonán ghreadaithe, a chara, 's gur claon mo chiall, Uchlán ceangailte im scartaibh fá ndéinim iacht Bheir srotháin dearga óm dhearcaibh gan traochadh ag triall. Dearbhráthair m'athar do chailleas, is é mo phian, Fear dá maireadh do ghlanfadh me in éifeacht sians, Daltán dearbhtha ceapadh le Phoébus riamh Do rad bárr leasuighthe ar theangain na nGaedhal a ciaigh. Deas-lámh dheachtaithe i seanchas saor ár dtriath, Is bleachtán blasta do greanadh a' gréas Uilliam, Gealán gealta gach ceasta den éigse an tia Bheir cneadh-gháir ghalair i mbaitheas mo chléibh foriar! Leanán m'anma d'altroim mé, mo chiach - 'N-a charpán mharbh fé leacaibh indé do hiadhadh, Do chaith táin chealg fém amas do réab mo chliabh Gurab easlán aindeis me ón eascar go dtéigheadh 'n-a dhiaidh.
SIN ORCHRA LEÓIN DO GHLÓIS AR ÉIRE Sin orchra leóin do ghlóis ar Éire, Do bheir scéimh bhróin ar óg 's ar aosta, d'imthigh an lonnradh a' súilibh Phoébus Ó chuaidh Liam Ruadh go luath fé bhéilic. Tá gáir chaointe ag mná sidhe gach maol-chnuic - Aoife, Áine, Gráinne is Déirdre; I scolaibh na ndruadh tá gruaim le tréimhse Ó chailleamair tighearna is triath na héigse. Och, mo bhrón! cá ngeóbhad-sa it éagmuis? Cia scaoilfeas dam laoithe ná dréachta? Is me an donán diombádhach déarach Im fhál le deacair, a charaid, ó d'éagais! Mo mhallacht don bhás a tháine 'ot éileamh Is nár thug grádh dot cháilibh léigheanta, Is nár ghlac uaitse duain ná dréachta 'S go bhfuil sáith míle dhíobh sa chré agat. Bás an Choitirigh, clogad na céille, Tiubaist choitcheann do crothadh ar Éire, Bheir an dochma so ar scothaibh na cléire, 'S do chaith teimheal ar inntleacht éigse. Ní tirim gan chaoidhe do chaoinfead féin tu, Do threabhadar deóra ród im éadan, Is damhsa badh chóir san do dhéanamh, Ba chómhghrádhach ár gcómhpháirt le chéile.
Ní raibh le cian in iathaibh Éibhir File ná fáidh ná dáimh ná cléireach Do bfheárr chum dán a rádh is a dhéanamh 'Ná an t-éigeas ruadh fuair buadh gach céirde. Do bhí feallsamh gan fallsacht 'n-a bhréithre, Do bhí sé súgach múinte tréitheach, Do bhí sé cabhrach bronntach déarcach, Ceannsa cráibhtheach lán de dhaonnacht. Cá ngeóbhaidh feasta an teanga Ghaedhilge? Cá ngeóbhaidh ceart is blas gach dréachta? Táid sin uile 's a thuilleadh nach léir dam Ag Uilliam Ruadh 'san uaigh, mo mhéala! Ní deárnadh riamh in iathaibh Éilge Le dáimh dá ársa agus dá ghéire Dán doilbhthe dorcha daor-cheast Tar mar do cheapadh an faraire gléigeal. Do chonnac-sa an sáir-fhear láidir léidmheach 'N-a churadh nár thláth i mbeárnain bhaoghail Ina chúinne, mar Lughaidh i spéirling Nó an tOscar úr i dtúis na Féinne. Do b'uaibhreach a ruathar ar aonach, Do bfhada ar riascaibh rian a léime, Ar mhéid a reatha nó ar chaitheamh na ndaor-leac Nó ar chamán a chompráid ní léir dam. An Ceangal: Mo thurainn, mo phian, mo chiach, mo dhochar, mo phúdhair, 'S is tiubaiste bliantach iarsma doilbheas dúinn Is dursan do thriathaibh iaithe foirtille Mumhan An curadh ba riaghalta, Liam Mac Coitir, in úir.
'San úir ó cuireadh an file do bfheárr 'san iaith Is dubhach 's is tuirseach táid fir agus mná 'n-a dhiaidh Níor dhiúltuigh duine fá'n gcruinne fá'r lámhuigh riamh - Ughdar tuigseach glic, ciste agus grádh na gcliar.
AR BHÁS LIAM RUAIDH MAC COITIR Is ciach 's is orchra cloistin an scéil 'n-a labhairt, 'S is cian an donas gan fortacht go héag do ghreann Triall an tsoilbh-fhir fhortill i gcré go fann Liam Mac Coitir dfhúig gortuighthe an éigs gan cheann! Ba ghrianmhar toradh, do b'oscailte féith ar fheabhas, 'S gach riaghail dá dhoirche b'fhollas go léigheadh gan leabhar An fiannach fosaidh nár choigil a léigheann ar dhall 'S i ndiaidh ar thoirbhir ba srotha tiugha tréithe an tseabhaic. Ciall is fortille, foras is féile ar gheall, Is diadhacht sholasmhar shoirbh-ghlan ghlé nár ghann, Briathra sochma gan dochte 'n-a mhéinn ná meang Riamh do chothuigh ó foilceadh le cléir a cheann. Bíodh a fhiadhnaise orm gur bh'oirdhreic réim a rann, Go rianadh noda 's go mbogadh gach dréacht gan bheann, Go riaradh dolaidh gach doiche le féile acht fabhar I mBriach 'n-a chodladh mo dhochar mar scéal a shamhail! Tá an bhliadhain seo doithimh le golfhairt, ní héigheamh gan adhbhar, Táid triatha toghtha, táid ollaimh is cléir gan mheabhair, Níl trian na dtortha go cothrom ar chaodh ná ar chrann Um Liam Mac Coitir do choigilt fé chré na gceall.
Tá an ghrian gan solas, do dhoirchigh ré agus reann, Táid fiaidh gan foscadh, ní chodlaid na héin le treall, Níl iath gan osna, ní shosaid na héisc ar abhainn I gcriaidh fé chlochaibh ó's foluighthe faon a ngreann. Tá iarsma orainn ná coiscfidh go héag dár rangc, Níl triath dá fhoirbhtheacht, ollamh ná éigs dá fheabhas Nach iad do toghthar ar dtosach gan féachain d'am Is í an iarracht dhona so lomair go léir an ball. Niadh de bhorbh-fhuil Lochlann laochta anall Ba dhian i gcogadh 's ba thogarthach tréan is teann, 'S 'n-a dhiaidh do foilceadh a folaibh na gCaesar seang Niall is Conaire, Conall is Éibhir Feann. Grian na n-ollamh, is polla gan chlaon gan cham Ár sciath ba cholgach cosnamh i saothar peann; A Dhia do crochadh 'n-ár n-olcaibh le chéile ar chrann Beir Liam it fhochair is cosain duit féin ón namhaid! Dá mbudh dúthchas don dúir-lic seo tuigsint an scéil Is cáil ionnraic an ughdair do chluineadh is do léigheadh Ar lán dúithche uile d'ionnmhas ní choingheabhadh é Is dáimh Mumhan i gcumhangrach gan breitheamh dá éis.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services