Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cois na Cora

Title
Cois na Cora
Author(s)
Mac Coitir, Liam Ruadh,
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Risteárd
Composition Date
1720
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1937)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


NA HAMHRÁIN.



IS AOIBHINN DUIT A DHUINE DHAILL:
A.D. 1720.



Ó MURCHADHA IX 222: Ó DREADA, LEATHANACH A 96



Is aoibhinn duit, a dhuine dhaill
Ná feiceann puinn de na mnáibh
Och, dá bhfeictheá a bhfeiceann sinn
Do bheithfá tinn mar atáim.



Is truagh, a Dhia, nach dall do bhíos
Sul do chínn a cúl casta,
A corp sneachtaidh slios-gheal saor
Och! is saoth liom mo bheatha.



Daoine dalla ba truagh liom
Gur fhás mo ghuais tar pudhair chách,
Thugas mo thruagh cidh truagh, ar thnúith,
I lúib na lúb ag lúib atáim.



Is mairg riamh do chonnaic í
Is mairg ná faiceann í gach lá
Is mairg ar a bhfuil snadhm dá searc
'S is mairg scaoilte as atá.



Is mairg a théid dá fios
'S is mairg ná fuil dá fios de ghnáth;
Is mairg duine bí 'n-a haice
'S is mairg nach 'n-a haice atá.


L. 22


A hainm bhíos ag scoltadh srotha
Sa Ruadh-mhuir ó sloinntar ise;
Óna searc níl saor acht dalla
Gér bhfáth aitis linn a faicsin.



A SHÉAMUIS, A BHAOIN! NÓ AN LÉAN LEAT
MAR BHÍM.



Liam Ruadh Mac Coitir cct.



Do Shéamus (? Mac Gearailt, .i. file do chómhnuigh láimh le
Gleann Maghair, nó i gceanntar Ráth Chormaic)



A Shéamuis, a bhaoin! nó an léan leat mar bhím
Ar thaobh cnuic im aonar ag géar-ghol 's ag caoidh
Fé chrosaibh ag mnaoi ná feaca riamh roimhe,
'S ná feadar in Éirinn cadé an taobh 'n-a mbíonn sí.



A shéimh-fhir gan teimheal! is baoth liom do shlighe
'S is baoth liom mar chéill duit mar ghéillis dá slighe,
Dá cleasaibh ar dhraoidheacht 's dá bladaireacht bhinn
Is dá claon-duail dá mb'éidir go réidhfeadh gach nídh.



Atá smúit ar mo chroidhe is neamh-fhonn i gcómhnaidhe
Gach ciúin-mhaidean drúchta le rún-shearc do mhnaoi;
An phlúr-bhroingheal bhinn d'úrscoth na nGaoidheal
Plúr leanna an chúm chailce an chúil fhada bhuidhe.



Mar fhaoileann bheag gréag ar an gcraoibh 'n-a mbíonn séan
'S tá sí 'n-a hintinn chómh híogair le héan;
Is milse í ar a béal 'ná caoir is mil Ghréag,
'Ná beóir na sean-daoine 's 'ná fíonta gan bhréag.


L. 23


Tá cuacha ar an mbé, is buaileann sí an féar,
Atá búcla ar gach ruainne dá gruaig fhada réidh
A cruadh-leaca shéimh mar mhuar-lasair chaor
Is péarlaí 'n-a cluasa glas-uaine le gréin.



Dá bpósainn faoi léig mar nóchar 'san nGréig
Inghean Rí Seóirse 's an t-ór úd go léir
Ba dhóigh liom lem shaoghal nár chóir gan góbhail léi
Ón notion do thógas ó phógas an bhéith.



Ní bean do bhí uaim n-a mbéadh adharca ar a buaibh
Acht péarla an chúil chraobhaigh na mbréathra mbinn suairc;
Is binne í 'ná an chuach nuair sheinneann sí duain
Is breághtha í 'ná Bhénus chuir céadta chum suain.



Níl éin-fhear le fagháil 'san bhFraingc ná 'san Spáinn
Ná fuil a dhóithin de chéile i bpéarla an chúil bháin
Do scríobhfadh go hárd le caoil-pheann ar clár
'S do sheinnfeadh port néata ar théadacha práis.



Dá raghainn-se lem stór fé choill uaigneach na gcnó
Nó ar an maoilinn maidean aoibhinn gan righneacht ar cheó
Is méadhrach dar ndóigh do bhéarfainn duit póg
A réaltan bhreágh mhúinte is a phlúr na mban óg.



Mo chreach is mo léan nach liom an tír seo go léir
Agus as san go mbuaileann sé bruach Locha Léin;
Do gheóbhainn suaimhneas ón bpéin is muar-chuid den tsaoghal
Le stuaire an ruisc uaine bhfeárr tuairisc is méinn.



Thiar cois na trágha do chómhnuigheann mo ghrádh,
Is gile í 'ná an sneachta is 'ná an t-airgead bán;
Is í an réaltan gan cháim do chuir céadta chum báis
Is aitchimse ar Mhuire go dtigidh sí slán.


L. 24


Mo chrádh agus mo dhíth mar is gnáthach me im luighe,
Le huireasbha mo shláinte is bán bocht mo ghnaoi;
Le grádh is searc don mhnaoi do sháruigh me im chroidhe
Is dfhág mise lán-lag go dtráchtfadh don chill.



U 0268



CIA HÍ AN BHEAN NÓ AN EÓL DÍBH? - A.D.1720.



Séamus Mac Coitir cct



Cia hí an bhean nó an eól díbh do sheól Íosa anois im láimh
Tug ciall na bhfear ar mór-bhaois 's gur dóigh linn ná
tiocfaidh slán;
Mian is meas na n-óg í, stór croidhe gach nduine an bháb
Grian na mban 's a nglóir í mo Mhóirín Ní Luingeacháin;



Bean riaghalta reachtmhar d'órd Chríost, gan mhór-phoimp
ná iomad láin,
Gan briathar bladair beól-bhaois gan glór-mhaoidheamh
ná gliogar gnáth;
Má's mian nó meas ar óg-mhnaoi bheith módhmhail míonla
miochair mnámhail
'S é an Tighearna theagasc fós í, mo Mhóirín Ní Luingeacháin.


L. 25


Le Dia gach alt di cóirigheadh ó chróinn cinn go luideachán
Ar dtriall 'n-a leanbh deóil di mar órduigheas an file is feárr
'N-a ndiaidh mar aisce dhamhsa í do dheónuigheadh an bhroingheal bhán
'S ná hiarrthar acht dem dheoin í, mo Mhóirín Ní Luingeacháin.



Brianach geal tug damhsa í, 's do phós sinn mo chumann Seán
Don chliar is feas gur hórduigheadh dá gcótaí gan baint le mnáibh;
Muna stialla an aithne ó mhór-Íosa i gcóir Mhaois
fá shlios an chláir
Ní iarrfaidh neach dem dheóin í, mo Mhóirín Ní Luingeacháin.



U 0207



IS BRIATHRA LEAMHA AR ÓLL-BHAOIS:
A.D. 1720.



Liam Ruadh Mac Coitir cct ag freagairt.



Is briathra leamha ar óll-bhaois do ghlór-mhaoidheamh,
scuir det phlás
Le cian a mheas a mór-ghaois mar sheóltaidhe an pion ar phár
Ní ciall ná ceart don óg-mhnaoi go ngeóbhadh sí le duine 'et cháil
'S go n-iarrfadh flaith na Fódla í, mo Mhóirín Ní Luingeacháin.


L. 26


Beidh Fianna Fearainn fód Fhloinn is mór-bhuidhean do thigh ón Spáinn
Glain-chliar ó Bhreatain fós maoidhim go ngeóbhaid
linn i gcoinne chách;
Lucht sciath ó Albain fhóid-mhín is cóir Laoisigh chliste cháidh
'S ná hiarr-sa teacht 'n-a cómhair síos ar Mhóirín Ní Luingeacháin.



Tá gliadhaire catha ar deóraidheacht sa Róimh (mhín) fí
choimirc chách
De ghrian-tsliocht Chaisil cheól-chaoin is fós ní bhfuil
fuil is feárr;
Beidh an triath 's a mhac le fórsaíbh ag ródaidheacht go hInis Fáil
'Sa bhliadhain seo ag teacht ag tóraidheacht ar Mhóirín Ní Luingeacháin.



Mar chliatha catha d'órduighim don óig-rígh 's dá fhuirinn ghrádhaigh
Liaigh na lag ag treóraidheacht na slógh-bhuidhean is Muire ghnáth;
Budh cian le n' aithris gleó a ngníomh go bpósfaidhe le ruire an bháb
'S ná hiarrfaidh acht trí chróinní le Móirín Ní Luingeacháin.


L. 27


U 0269
CHUM LIAM RUADH MAC COITIR



Seán Smíst cct 12/4/1720.



Tabhair mo pháirt chaoin fá thrí, a theachtaire shuairc,
Don tseabhac is árd-stíl fá ghnaoi i bhfarra na suadh;
Is teastas, mo chrádh díom, tá fíor, chanaim im duain
is gur raideas dá cháilidheacht grádh im chroidhe mhairfeas go buan.



Do chorruigh me an Coitireach ba shaoitheamhail méinn,
An t-ollamh fuinte focal-chliste síodamhail séimh
De bhorb-fhuil na Lochlann ba ríoghamhail réim,
Níor bhfollus dam acht doircheacht go foillsiughadh a dhréacht.



Leath m'fhormaid budh dheochair dam do chríochnughadh i gcéill
Leis an lonna-bhile bhfoirtil sin na síor-phongc saor;
Go gcrochtar me gan sos ar bith má scríbhim rún claon
Gur doilbh liom ár gcoidreamh ar laghdughadh ag téacht.



An Fear céadna cct
chum Liam arís, October, 1720.



A shuairc-fhir chneasta is blasta caoin-tréitheach
Is duairc bhíos m'aire, a chara an chroidhe, 'ot éagmuis,
Is cruaidh an bheart ná tabhair puinn éinne
Do thuairisc dam an fheadh ataoi i gcéimibh.



A dtuaidh go gcastar leat tar maoil sléibhe
Budh duadh mo chnead ar dteacht gach laoi d'éirgheas,
Ar bruach na sleas so seal ag sír-éisteacht
Le fuaim na n-eas 's ag amharc mín-Thétis.


L. 28


U 0207
MO GHEARÁN FÉIN FÉACHAIDH GUR DOILBH AN DUAIN



Mo ghearán féin féachaidh gur doilbh an duain
Im leannán léin léir-bhriste loiscthe gan luadhail;
An gread-chrádh daor chréacht-ghoin do chorruigh gach n-uair
Srothán déar géar-ghoil óm roscaibh anuas.



Mo dhearbhráthair é, m'éileamh is m'orchra thruagh,
Mo dhaltán caomh léar-oilte is m'eochair i gcruadhaing,
Mo dheas-láimh shéin, m'éifeacht is m'fhortacht a' guais,
'S m'ochlán, tréithe Éamuinn Mhic Coitir in uaigh.



Beangán séimh séaghanta soilbhir suairc,
Soghrádhach saor séathranach, soma na suadh;
Tochtán cléibh cléire agus osna na ndruadh
Do dhul fá thaobh aol-chloiche chorthaidh mo shnuadh.


L. 29


AR BHÁS SHÉAMUIS MHIC SHÉAMUIS MIC COITIR BHAILE NA SPEIRE.
A.D. 1720.



Mór an chreidhill seo gheibhim do chéas me,
Creidhill do bhuair gach tuath in Éirinn,
Creidhill tug gruaim ar ghruadhna saor-fhlaith
An chreidhill le mbristithear cuisle na cléire,



Creidhill do dheimhnigh meadhair ar Chlayton,
Creidhill bheir greidhean cé tinn ar Maynard,
Creidhill do mhúscail súbhchas Fairfax,
An chreidhill tug fuinneamh i misneach na bhfaolchon,



Creidhill tug teimheal ar inntleacht éigse,
Creidhill do chlí-ghoin saoithe is laochradh,
Creidhill tug scíosmhar claoidhte ár mbéithe
Creidhill ler scriosadh lucht sirthe na déarca!



Creidhill tug aoirde i bpoimp na méirleach,
Creidhill tug laighead a suim i nGaedhlaibh,
Creidhill foríor tug scím na Quakers
An chreidhill seo thaitneann lé a maireann dá ndaor-shliocht!



Creidhill do dhoirchigh solas na spéire,
Creidhill noch d'fholamhuigh toradh gach déise,
Creidhill tug fearg na fairrge faobhrach
An chreidhill a d'ionntuigh na dúile 'á bpréimh chirt.


L. 30


Fógra mairbh an chaithbhile is créacht-ghoin
d'fhóirne Bhanba an banna so in éag-cruth,
I ndeóidh gach easbhaidh dár ceapadh den réim sin
A ndóth níor cailleadh gur fealladh ar Shéamus.



A dtreóir ar scaipeadh gan seasamh na saor-cheart,
Ceó ar a gceallaibh fá cheannas lucht Béarla,
Sómpla searbh do shearg mo ghné-se
An t-óg nár mheathta gur teascadh le héitheach.



Fáth mo dhoilbhis torcradh an tréinfhir
Dfhás gan doichte den Choitir-fhuil éachtaigh,
Díon-chrú cosantach bhorb-Thuirgéisius
Do riaghluigh sealad i gceannas na hÉireann.



Is truagh liom an bhuaidhirt seo ar do chéile
In uaigneas ag truagh-ghol gan traochadh,
Ag stathadh a cinn 's ag sníomh a géaga,
Ag deól a dearc 's ag bleachtadh a léithrosc.



Mo cheasnaí do leanbhaí nár aosuigh
Chum teacht síos i ngleacaidheacht dom éigean
Fá neamh-shuim let easbhaidhe-se, a Shéamuis,
Is leath cíosa a dtalmhaí 'n-a n-éagmuis.



Mo bhrón-chreach cé fhóirfeas do ghaolta
Ná dhóighfeas nóchar dá mbéithibh
Ná sheólfas a n-óig-fhir chum réime
Ná thóigfeas má's cróilighe a n-aostaigh.



Is leor scíos a chómhaltaí fán méala
Is óstaidheacht ná lóistín ní fhéadaid
A mór-chíos dá nódh-dhíol gach féile
'S a dtreóraidhe mar lón geimhridh ag daolaibh,


L. 31


A chuallacht gan suaimhneas ón scéal san
In uamhan gan fuainnimint céille,
Ag tighearnaí tacair dá dtarraing ó chéile
'S gan fios aca cá rachaid, dá n-éagnach.



Dá lucht leanta ní lascaine ar éanchor,
Bídh i bpairithis creatha 's ag géar-ghol,
Snaidhm a gceasta ní mheasaid gur féidir
Do scaoileadh ó teascadh a dtaca le baogal.



Posta na lag is ceap le tréanaibh,
Colg le neart gér thais le faonaibh,
'N-a cholainn tug leaba ghlan don fhéile
Ó thosach a bheart go gearradh a shaogail.



Is mó 'ná d'ínnsim díth an té seo
De bhrígh gur ciall dam srian lem bhréithribh,
Acht dá dtagadh spionnadh sa chluiche ná déarfainn
Ba mhaith an ursa 'san imirt sin Séamus,



Fear ná fuilingeadh iomarca ó éinne,
Fear ná lingeadh air laige 's ná haomhadh,
Fear nár bh'urramach d'ursanaibh tréana
Le cruas coilg ná dlighthe dá ghéire,



Fear nár chrap a ghlac ó dhaonnacht,
Fear nár chas i dtreas ná i ngéar-ghail,
Fear nár thosnuigh stoirm le héinne
'S nár mhaith dhóibh dá chóir má's aon troigh,



Fear nár fhill a ghnaoi ná a chaomh-dhreach
Fear nár shuim i maoin ná i séadaibh
Fear nár dheacair fá aisce don éigse
'S nár dhiúltuigh neach 's a dhealbh d'fhéachaint,


L. 32


Fear nár lúb le Liútar craosach
Ná le Cailbhín cleasaidhe an tséala,
Bíodh gur chruaidh gach cruadhaing ar Shéamus
Níor shéan Críost le suim i saoghaltacht,



Fear nár shanntuigh cam le héigceart
'S nár chuir cill ná buidhean dá bpréamhaibh,
Fear nár ob don bhocht bheith déarcach
'S nár lean rian acht rian gan claon-reacht,



Scaoilteóir ceas do reachtaibh cléire,
Tuigseach cúrsa ciúil is dréachta,
Breitheamh gasta gach airm le héifeacht,
'S do bhí a mhisneach gan filleadh dá réir sin.



Do chuir dúil i lúith gach laochais,
'S tug a ghreann don tsean-reacht naomhtha,
Ní raibh snaidhm 'san dlighe nár léir dhó
Cé gur fealladh le geallamhain bhréige é.



Níl prás i dteangain na Saxan nár shaothruigh,
'S do tháthuigh Laidean 'n-a mheabhair gan éisling,
Fraingcis gan chaill a chéadfadh,
Gréigis, Eabhra, is greann na Gaedhilge.



Ba maighdean le truagh an suadhach i séimhe
Is port chum seasaimh ba taca le tréan-mhuir,
Tonn tan taise le bagarthaibh baogail
Gur mheall feall na bhfealltach Séamus.



Moladh a mhairbh ní machtnamh gur daor-chreach
Ag dul ar eachaibh don bhfairche dhéidheanaigh
d'oscail aladh fé scartaibh mo chléibh-se
Ná táithfidh leágha ar bith go n-éagfad.


L. 33


Is baoth an mhalairt, mar mheasaim, tug Séamus -
Éide is treallamha catha ar aisléine,
Colann gan cheann gan labhairt gan éisteacht
Do shín do chine, ar a bhfuilim-se, in éidsheacht.



Mo pheannaid, mo phian, mo chiach, mo chéasadh,
Na danair seo ag riar in iaithibh Éilge,
Is ceannas ár dtriath ag fiar-shliocht méirleach
Le leagaid gach fial den ghrian-fhuil Ghaedhlaigh;



Coiste na ngall nár mheabhruigh féile
Acht breabaireacht fhallsa, feall is éitheach,
Gur threascair an tí thug sinn ag géilleadh
Fé chíos don chumha gan cúrsa a shéanta.



Ar láimh an bhróin fí'n sceól is léir dham
Ina mbraighdibh go doimhinn i ngéibheann,
Theas is tuaidh go bruachaibh Éireann
Thoir is tiar gach triath den Ghaedhal-fhuil.



Is ionann atáid ar lár 'san éacht san
Diadhaire suairc nó suadh na saor-bheart,
Liaigh na lot 's an t-othar créachtach,
An dlightheóir, an seanóir 's an bhaoth-ghein.



An t-óg 's an sean, an lag 's an laoch mear,
An bodhar, an balbh, an amaid 's an t-éagan,
An dall, an dealbh, lucht martra is éisling
'S an truaghán ag gluaireán gan faesiomh.



Is iomdha donán diombádhach déarach
Is baintreach bhocht gan chothrom céile,
Dílleachtaidhe ghuidhfeas go héigneach
Ar dhíoghaltas ón Rí chirt in' éiric.


L. 34


Mo ghuidhe-se, ní hí bhias go déidheanach
Ag luighe dham gach n-oidhche 's ag éirghe
Fá dhaoirse gan saoirse gan saoradh
Ar lucht an fhill tug críoch a shaogail.



Nár chíoraidh a cheann in am a léithe,
Is choidhche a chlann ná rabhaid in aostacht
Ná raibh bliadhain it dhiaidh-se 'e shaogal
Ag neach ler mhian bheith dian it dhéidh-se.



Is iomdha maighdean bhraghaid-gheal bhéasach
I bpúdhair gan leigheas ó's deimhin gur éagais,
Lachta a rosc i ndeoch gach béile -
Is brón mar bhiad le liachaibh céasta.



Is iomdha saoi de phrímh-shliocht Ghaedhil Ghlais
Múchta síos fá dhlighe na ndaor so,
Cúis le caoidh go mbíonn gach lae aca
'Sí an chreach dheireannach teinneas is géire.



M'fhad-chumha do gheal-chúirt it éagmuis
Go spaideamhail dá neadughadh le héanaibh;
Do bhean shubhach iar n-atharrughadh a céile
'S do leanbha dá leathanughadh ar a ngaolta,



Gnáthóg fhial na ngiall do réidhteach,
Imearthach shoillseach shíodach shéiseach,
Chupardach chliarach shiansach shaothrach,
Fhinistreach ólach órdach fhéilteach,



Ceól-bhrog fairsing fleadhach féastach
Frómhthach feasach flaith-chlis faobhrach
Sróllach seacach seascair saogain,
Seólta i reacht na sean do b'fhéile,


L. 35


An brog beannach bairrfhionn bléideach,
An brog buidhneach bíomach bréideach,
An brog uaithneach uasal aerach,
'S an brog daoineach draoidheachtach dréachtach,



An brog sciathach sriantach stéadach,
An brog áthais áluinn aolta,
An brog gadhrach greadhnach Gaedhlach,
'S an brog criostalach fithcheallach féastach,



Iosta úr nár chumhang le dréachtach,
Iosta forais ba choimirc don chléir chirt,
Iosta oscailte 'on chrotaire théid-bhinn,
Iosta sholais do bhochtaibh nár éimigh,



Dún gan diúltadh clú 'n-a chéimibh,
Dún gan doicheall gan doichte gan déine,
Dún gan taca gan tearcadh i séadaibh,
Dún na gCoitireach dfhortuigh ar réxaibh,



Foraois nár bh'uiríseal béasa,
Foraois le dolaíbh nár claonadh,
Foraois ná corruightar a cléire
An fhoraois do chosnuigheadh don réim chirt,



Both na míleadh líomhtha léadmhach,
Both na gcodhnach gcobharthach gcéimeach,
Both na suadh na ndruadh 's na n-éigeas
Both nár eitill tar creideamh le tréine,



Both na gcliar na dtriath na dtréin-fhear,
Both na seang-bhan mbanda maordha,
Both na n-inghean suirgheach saogain,
Is both na mbarróg mil-bheóil mbéasach,


L. 36


Mar a mbídís laoich ag líomhadh a ngéar-lann,
Mar a mbídís treóin ag frómhadh a chéile,
Cleasaidheacht na n-each ndíoghla n-éascaidh,
Glór na ngadhar 's na n-adharc in éinfheacht.



Ionmhain gáir an gháir ba léir dam
Fá mhúraibh na cúirte sin tSéamuis,
Gáir na nAifreann mbeannuighthe tréimhse
Is gáir a bhfreagartha ag fearaibh ba naomhtha,



Gáir bhfithcheall dá n-imirt ag laochra
Is lucht ealadhan ag gleacaidheacht le chéile,
Gáir na n-uasal ós bruach corma caomha
Is mil-cheóil dtaighiúir n-allmhardha n-éigseach.



Is guirt an gháir seo atá dá n-éis ann -
Gol na laoich na naoidhean na n-éigse,
Caoidh gach file ba sioscaithe saothar,
Is gáir na mbadhb - mo threighid a n-éisteacht.



Do ghoil sídh-bhean chaointe a phréimhe -
Baile na Speire - le deifir na péine,
Is dubhairt gur mhalartuigh a ainm go déidheanach -
Cnoc na nDeór is cóir do ghlaodhach de!



Is dhá mhó cosmhaltar m'fhormad léisi
'Ná mo thruagh don chuairsce bhaoth-ghlic,
Má's ar an sluagh do chuaidh mo laoch-sa
Is uiris di gan bheith urramach d'éinneach.



Iar scaoileadh na scíse 's ní 'n-a haonar
Táinig Clíodhna ag caoidh go héigneach,
Táinig Aoibheall mhaoil ón Léith-Chraig
Is táinig Áine an bháin-chnis mhaordha.


L. 37


Do ghoil bean andeas ón nGaorthadh
Is bean aniar ó iarthar Bhéarra
Bean anoir ó chnoc Bhinn Éadair
Is bean adtuaidh go buartha déarach.



Is fíor gur dhoilbh golfhairt na ndé-bhan
Tug sugh a mbrollaigh gan choigil do Shéamus
Ag tíocht im fharra ó shleasaibh na maol-chnoc
Ag caoineadh a ndalta dár radadar géar-shearc.



Bheith dá ríomh níor ghaois a dhéanamh
Acht tángadar sídh-mhná mhín-Chláir Fhéidhlim
Ar Chnoc na nDeór i gcómhar a chéile
Ó shleasaibh na leas ag greadadh a gcaol-bhas.



Ní cúis machtnaimh ná mearbhall céille,
Cumha gan casadh go nglacaid a ghaolta
Abhfus is tall mar ghabhaid go ndéanfaid
Cuimhniughadh falaidh ar a namhaid má fhéadfaid.



Dá n-innsinn an bhuidhean san is baoghlach
Go fíochmhar le díoghaltas an fhéinnidh,
Níl rí-fhlaith de phrímh-fhearaibh Éireann
Ná háirmheóinn sa lán-treóir in éinfheacht,



Gaol na gCarrathach gceannasach gcaomhnach
Nár ghéill do ghallaibh acht tarraing tar tréan-mhuir;
Is Uí Eidirsceóil na mbarróg do réidhteach
An cruith-leóghan ba honóireach béasa,



Bráthair Eochaidh fuair cothrom 'san bhféile
Ná léigeadh coiste na n-ollamh gan aon rud,
Uí Dhonnabháin ba solas-mhál gan séanadh,
Is ríoghra Raithleann na gcaladh-phort séanmhar,


L. 38


tSíol gCaoimh na ndraoi-cheas do réidhteach,
Is tSíol gConchubhair ghnídheadh oileamhain don éigse,
Uí Dhonnchadha ba cosmhail riú i dtréithibh,
Is Uí Urthuile nár bh'fhuiris do thraochadh.



Dá ndéininn dearmad measaim gur bhaoth-bheart
Treibh Chluana Mín' gan ríomh 'san méid sin,
Mac Amhlaoibh do mheabhruigheadh na hAonta
Is Mac Donnchaidh do b'oirdhreic 'san taobh san,



Fuil mBrianach nár srianadh a dtréine
An chliath chirt de ghrian-scothaibh Ghaedhil Ghluis,
Mac Mathghamhna searc-rún gach béithe,
Is Mac Conmara na gCreatalach ngléigeal,



Bráthair Uí Ghráda gan séanadh,
Is Uí Ógáin ba hórnáideach bréithre,
tSleachta Uaithne noch dfhuascladh na géibhinn
Is Clainne Chraith na leabhar léigheanta.



Bráthair Uí Mheachair, Uí Cheallaigh, is tSíol saor-Bhroin,
Is Uí Chearbhaill na n-each súgrach léimreach,
Uí Ruairc don uaisle tug aon-toil
Is Uí Annluain ba teann duais ar ghréasaibh,



Bráthair beacht ar shleachtaibh Néill tu,
Is tsleachta Ír fuair mír d'inse Éilge,
Uí Mhórdha is Uí Dhomhnaill ba tréanmhar
Is Mac Ailín ba ghleacaidhe dfhear séirse,



Caomhánaigh na saor-cheard d'éileamh,
Ó Seachnasaigh ná seachnadh an fhéile,
Mac Domhnaill an leóghan frithir faobhrach
Is Clann tSuibhne in am coimheascair ná staonadh,


L. 39


Bráthair Barrach Óg is Aosta
Is tsleachta Risteird i siosma ná géilleadh,
Sleachta Mhuiris ba friotal-ghlic éifeacht
Is ba mhaith congnamh i gcúisibh na hÉireann,



Bráthair Gearaltach fearachoin éascaidh
Nár stán do ghallaibh gur gearradh a bpréimhe,
'S na leóghan gceart nár leóchailleach tréithe
Do chuir na danair gan seasamh 'san Léith-Chloich,



Bráthair Faoiteach íogmhar, is Paorach
Nár ob gleó is ná tóigeadh spéirling,
Gaol fá dhó na Róisteach dtréanmhar
Ná tug cill ar díth a cléire,



Gaol Suipéalach, Puirséalach, Léiseach,
Is Báróidigh ná tláthóghadh d'éinneach
Fuil Bhúrcach fuil Chúirseach fuil Mhéadhchach
Is fuil úirbheartach Bhrúnach ba gaol duit,



Bráthair dlúth an diúic 's a ghaolta
Is Tighearnaí Lughbhaidh na lúithreach ngléasta
Sáirséalaigh áird-tséimhe is Craochaigh
Is Blácaigh do táthadh it phréimh-se,



Leónadh laoich an tsaoi sin taomadh
Má's síothcháin i gCrích Fáil nó spéirling,
Leógan lonn ba chabhair i ngéar-ghoil
Is bronntach earradh dfhear easbhaidh le séadaibh,



Bronntach bólaigh óir is éadaigh,
Bronntach saoirse fíona is féasta,
Bronntach árd ar dhaimh le séadaibh,
Is bronntach áladh ar námhaid gan séanadh,


L. 40


Géag den bhile nár bhfhuiris a staonadh
Columhain cliar is cliath a saortha,
Fuinneamh na bhfann in am an éigin,
Is cuinge catha dfhear gleactha ná géilleadh.



Is iomdha curadh ó Dhoire go Béarra
Is complacht bhroingheal fá thuirse gan séanadh,
Súil gan soininn cé minic do taoscthar
Ag congnamh linn-ne 'san chluiche ná béarfam.



Ag stoirm na síne chím ar Ghaedhlaibh
Le truime an cheatha so fearadh go déidheanach
Do dalladh mo radharc, tá moill ar m'éisteacht,
Do chailleas mo ghreann - don channtlamh géillim.



Is iomdha dúil fá'n gcumha mar mési,
Tá an ghrian fá chiamhair 's an éasca,
Níl iasc ag freagairt ar chaise nár ar thréan-mhuir,
Níl cnuas ar chrannaibh 's do balbhadh éanlaith.



Tá an suairceas fé ghruaim fa'n méala,
Tá an stuamdhacht 'n-a luath-amaid éadtrom,
Tá an uaisleacht, monuar! feasta traochta
'S tá an chiall mhaith 'n-a fiar-gheilt ar chraobhchaibh.



Do chaill an cheannsacht amhra a caomhnacht,
Do chaill an tromdhacht mhodhmhail a héifeacht,
Do chaill an chródhacht fós a céile,
'S do thuit cochall den dochma ar an bhféile.



Och! monuar-sa an fuainne féithleann
Do dhul uainn in uaigneas fé lic,
Dearc na ndruadh dar Duach nár aosuigh
Go mbeith seascadh nó ceathair is céad dó.


L. 41


Is dhá mhó an díth 'ná caoine Shéamuis
Bíodh go dtreabhaid a n-aighthe le déaraibh,
Branar gach bróin an tórramh céasta
Síol-chur cruithneacht i mbrollach na béiltreach.



'Árd-Mhac Muire ler fuilngeadh céasadh
I gcrann na Croise tré chiontaibh do thréada
An gallsmacht dlighthe noch d'imir ar Shéamus
Scannruigh uile is tabhair cumas do Ghaedhlaibh.



Níl tualaing tuathacht mo thréithe
Ná mh'eólas do sheóladh 'san éigse,
Ná m'inntleacht le suidhtar mo bhréithre
Cumha mar dhanaid do ceapadh 'san éacht so.



Ó chím gur cinnte críoch 'san éagadh
Ar chlannaibh Ádhaimh ársa is Éabha
Is ná fuil tnúth ón úir le Séamus
Cuirim mo shailm dá sheachnadh ar phéin-bhroid.



Léighim mo phaidir is m'aitheanta léisi,
Créidh na nAspol mar shaltair mo shléachtain
An déirc nár bh'annamh dó, raidim le daonnacht
Is Páis Mhic Muire dá choimirc ar dhaor-bhreith.



Sirim an tAthair, an leanbh 's an Naomh-Spirid,
Na trí ceathrair is banaltra an Aon-Mhic,
An chúirt ainglidhe gheanmnaidhe 'ot shaoradh
Má dfhan fuigheall ná díoghal ag éinne ort.



Feart-laoi:



Is dáil séin duit, a chaomh-leac fát' chaoin-bhrollach
Dhá Shéamus, dhá Chaesar, dhá ghríbh foirtil
Táid méirligh na hÉireann 'n-a suidhe socair
An lá traochadh na tréin sin de chloinn Choitir!


L. 42



Dhá rann ar an mbeirt Choitireach .i. Séamus Mac Éamuinn,
agus ar a mhac san, Séamus Mac Shéamuis; agus is
cosmhail gur de cheapadóireacht Liam Ruadh na ranna so:




Atá, a ghorm-leac, fét bhrollach-sa mar scríbhid ughdair
Dhá bhoirb-fhear de Choitireachaibh ríoghamhla,
Dhá chrobhaire cháidh oscardha, dhá phríomh-chúinne
'S dhá pholla mheara thosaigh chatha Thíre Fhionntain.



Guidhim-se an tAthair 's a Gheala-Spirid ghnáith naomhtha,
Choidhche an leanbh 's a bhanaltrain áird-chéime,
I líon na bhFlaitheas ós tarma an dáil réidhtigh
Tar daoirse an pheaca go nglacaidh mo dhá Shéamus.


L. 43


B 1724 18T
CIA IS URRADH DON IAITH SEO BHRIAIN



ar n-éag do Liam Mac Cuirteáin an Dúna
A.D. 1724



Cia is urradh don iaith seo Bhriain na gcathán gcruaidh
Le rolla gach riaghail i rianaibh reacht dáimh suairc,
Ná ghoilfeas i ndiaidh ár dtriath ar dteastáil uainn
Ó goideadh ár ngliadhaire Liam Mac Cuirteáin uainn?



Tug orchra liach na dtriath go teacht lá an Luain,
Is golfhairt na gcliar 'n-a ndiaidh is diombáidh a n-uaill,
Do bhrostuigh, mar iad, mo phian-sa, daltán druadh,
Fát' bhrollach-sa, a liag, ó thriall an beangán suairc.



Fear forasta fial glic fiafrach, feas árd fuair,
Fear oscardha i ngliaidh nach iarradh trodán truagh,
Fear oscailte ciall is diamhra ceast mádh cruaidh,
'S is othar 'n-a dhiaidh gan liaigh gach leannán, luaidhim.


L. 44



IS I BHFOCHAIR MO CHARAD



B 1818ls 19T
U 0401

Ar mbeith ag déanamh na Nodlag do Liam Ruadh i
bhfochair Standis de Barra ag a thigh buaile i Léim
Lára, sa bhliadhain 1725.



B 1725 18T
U 0207

Is i bhfochair mo charad do ghlacas 'n-a rí-bhuaile
An Nodlaig do bfhearra dár chaitheas óm aois uallaigh;
Cé follas gur thaistealas fearann Luirc trí huaire
Toghaim-se Standis mar leanas 'n-a ghníomh Guaire;



Polla agus taca do lagaibh i bhfíor-ghuaiseacht,
Is tonna gan taise le teannaibh má bhíd buaidheartha,
Cobhair a charad 's a dtearman díon-tsuaimhnis
Is cosnamh na hEagailse ar ghanna-bhreith gaill-chuaine.



An bhrolla-gheal mhaiseach ler cheangail an tsaoi luachmhar
Ná coigil a nglacann de rachmas an tsaoighil tsuaraigh;
Níor bh'obair dom amhail-se a dearmad fím dhualgas
Gan sochar mo bheannacht dá seachnadh ar shlighe chruadhtain.



Cothrom is ceannas is rachmas dá gclainn tuaraim
Ar lorg na learg ór shleachtuigh an bhuidhean uasal,
De bhrollach na mBarrach nár sparainn le fíor-thruaghthaibh
Cér lonnardha ar lannaibh an ghasra ghníomh-uachtrach.


L. 45


B 1818ls 19T
U 0401

Partholán Firéast do chuir an rann so leanas mar chómhartha
i mbárr cleithe ag doras cábáin a dheirbhshéar féin ar
Aonach Dhaingean Uí Dhonnabháin an 25 lá de mhí Iúil, 1728.
Ní raibh a mhalairt de shuathantas ag Máire an lá san.



B 1728 18T
U 0270

CÉ CHAITHEAMAIR AR GHLACAMAIR SA TÁBHAIRNE RIAMH.



Partholán:
Gach faraire mear nach maith dhó scáil an róis
Seachnadh teacht don teagh so Mháire ag ól -
Taitneamh na bhfear ler sladadh táinte treón -
Nó is deacair a mheas go mairfidh ráithe beó.



B 1818ls 19T
U 0401



Tháinig Mícheál Firéast, dearbhráthair eile dhi; do léigh
an páipéar, agus do chuir an rann so air, fé bhun na
rainne thuas:



B 1728 18T
U 0271

Mícheál:
Scéim an lile agus luisne den rós 'n-a measc
Ar éadan oinigh is gile 'ná flós na scart,
Réiltean mhiochair 'sí cumann is stór na bhfear
'N-a réadh-bhrog tigidh is ibhidh gan feóirling casc!



B 1818ls 19T
U 0401

Tháinig Liam Ruadh Mac Coitir, agus do chuir na chúig
rainn-se síos ar an bpáipéar gcéadna agus do chuir ina
ionad féin arís é, agus ba gheárr gur bh'é baraille Mháire
ba mhó agus ba lia de lucht feithmhe is fritheáilte dá raibh
ar an aonach an lá san:



B 1728 18T
U 0207

Liam Ruadh:
Cé chaitheamair ar ghlacamair sa tábhairne riamh
Le carthannacht do bhairrfhionnaibh na dtlát-fholt bhfiar,
Níor bh'aithnid dam tairgsin do bfheárr im rian
'Ná geallamhain gan airgead bheir Máire ar mian.


L. 46


An gheanmnach gheal ghreanamhar is ársa ciall
Nach caigleann a sealbhann ar dháimh na sians,
Taitneamh dil na hEagailse agus grádh na gcliar
Is tearman gach srathaire gan fagháltas fiach.



Ó chailleamair na flatha sin ba fáilteach fial -
Maithe Chaisil, Teamhrach, is Nás na ngiall,
Aicme gheal na Seanaide nár cáineadh riam
Och, m'atuirse mar mhairimse seacht lá 'n-a ndiaidh!



Gach treabh aca nach abraim ba ghnáth 'san iaith
Ba carthannach ba cabharthach ba dáilteach dian
Nach seachnadh an t-eagnach gan cás do riar
Ní bhraithim-se dá n-aithgheinibh acht Máire ag triall.



Gach sáir-fhear chleachtas gan acmhaing don tsoiléar tiacht
'S do ghrádhas bheith sealad le Bacchus do chur fé chliar
Ní gnáthach againn do ghlacann gan billéad iad
Acht Máire mhaiseach de mhaithibh na bhFiréast bhfial.



B 1818ls 19T
U 0401

Agus, mar nár chaill an fhéile d'éinne riamh é, bíodh a fhios
agat go bhfuair Máire díol 'n-a baraille agus a búrdún.


L. 47


B 1733 18L
U 0207

A RÁIB FHIAL RITHEAS TAR SIONAINN



Liam:
A ráib fhial ritheas tar Sionainn an tsruith-linn tsuairc
'S do ghráidh riamh cuideachta broingheal go bhfuighthidhe an uain,
Dáil dias broingheal gan ionar dá gcuirp-dhíon uaim
d'Áindrias mhilis de chine Mic Cruitín tuaidh.



U 0273



Aindrias:
Is truagh thú riamh, 'Aindrias, ní cortha dhot chros
Ó ruathar rian gach fial is forasta fos
Cian suaimhnidh siar tá an fiadh idir chonaibh gan sos
Ó bhuail ort sians Uilliam mic Coitir anos.



A shaoi fothragadh i dtobraibh na naoi mban n-iúil
De shíol Oitir mic Gorra mic Maonais úir
In íoc tobhartais ar nochtais-se det bhéithibh dúinn
Óm chroidhe lomraim gan folach cuirp an céadna chughat.


L. 48


Liam Inglis
is
Liam Ruadh Mac Coitir cct



U 0272



Cidh heasbathach d'Éirinn éag mic Gollaimh na dtreas
Mar leagadh le Déirdre, féach, clann Uisnigh na n-each,
Flatha na Féinne is tréan-Chúchulainn na gcleas
Níor teascadh go léir a bpréamh go Donnchadh i nglas.



U 0207
Glas-tsnadhm doilbhis dochair i gcríochaibh Fáil
Is cnead-chlí is follas tar srothaibh do shín ón Spáinn
Lachtaidhe cosnaimh na n-ollamh fá líg go táir
Do cheap síor-gholfhairt is osna mar chíos don dáimh.



U 0272
Dáimh is cléir gan séan gan sochar i nduain,
Ní sámh guth éan 's is tréan tig tonna chum cuain,
d'árduigh Phoébus daol-bhrat orchra is gruaim
Ó támhadh féile Gaedhal le Donnchadh is truagh.



U 0207
Truagh loma-ghreadadh is loscadh bas na laoch go lag,
Uaill bhrostuightheach na solas-bhan le taobh na bhflaith,
Cuaird chorruightheach le golaibh guirte ag béithibh leas
Ar uaigh Dhonnchadh mic Dhonnchadh mhic caomh-chlann Chraith.


L. 49


U 0272
Caomh-chlann Chraith i dtreas nár bh'íseal treóir
Dfhuil éachtaigh Chais de mhaicne Mhílidh Mhóir,
An féinneach geal do cheap gach saoi le brón
Go faon sa bhfeart ó taisce an tsaoi go hóg.



U 0207
Ógáin Mumhan fá smúit in orchra liach
Gan seól ná stiúir mar long ar stoirm gan riaghail;
Is brónán túirseach liúm ná cloisfam a thriall
I gcomhdháil trúip mar chongnadh cosnaimh dá thriaith.



U 0272
A thriath in easbaidh ní machtnamh linn daor an phudhair
Is liacha cleachta caoidhe ag maithibh síl Éibhir úir;
Níl iasc ar chaisíbh is aistríghid réilte a ngnúis
'S ní cian do gheallaim díbh dfhanfaidh aon bhraon sa tSiúir.



U 0207
An tSiúir 's an tSionainn go tirim 's an Laoi in éinfheacht,
Srúill is Life is ní hiongna an Bhríd éigneach,
Gach ciúin-tsruth mhilis ó Dhoire go Baoi Bhéarra
'S na dúile ag filleadh tar fuirm ag caoidh n-éachta.



U 0272
Éacht Aoibhle fén sceimhle do shearg me i nguais,
Léan daoirse na ríogan ón gCarn do ghluais;
Créacht chaointeach na sídh-bhan re sleasaibh na gcuan
An saor-thaoiseach de chlainn Chraith ó taisceadh in uaigh.



U 0207
'San uaigh 'n-a dtaiscithear taise agus clí an fhéinnidh
Is muar an gradam 's an ceannas don líg fér luigh;
Acht a Uain na bhFlaitheas beir a anam gan díol péine
Go cuan na n-aingeal cidh heasbaidh an chrích dÉirinn.


L. 50


B 1738ob 18L
MOLADH MHÁIRE COIPINÉAR



Mise fá chúis caoidhe dlúth fí ghéibheann
Do chuireas gan ponnc dlighe i gciúin-tnaidhm saersearc
An choinneal ar nóin
Do chiorrbhuigh mo threóir
Ó chonnac do chló 's do cháile
Ler milleadh gach treón dá dtáinig
It choinne gér chrodha an gárda
Tá an oiread san sórt
Det chlaidhmhte sa ghleó
Ná tuigim-se fós a n-áireamh
Na hairm seo mhaoidhim
Sa chaismirt nach tím
Ler treascradh laoichra 'en árdfhuil
Ó's dearbh gur díobh
A bairrfhionn-fholt bíseach
Camarsach claoin-tiugh cáblach.
'N-a sreathaibh ag tíocht
Ó bhaitheas a cinn
Ag feacadh léi síos go sálaibh
Do tharcuisnigh fíor
Fé scamall an flíos
Tar calath 'n-a luing tug Iáson.



Is tuilte 'n-a gnúis ghrinn lonnraí Phoébus
I gcluiche na súgraí ag siubhal trí chaoraibh
Gan urraim ag sórt
'San iomaidh sin fós
Ná tuirse le cómhrac námhad
Gidh soineanta snódh ní stánfaid


L. 51


Ní hiongnadh dhóibh bheith láidir
'S gé bhrisid go leór
Ní thuitfidh go fóill
Aon churadh den chóip sin d'áirmhim.
Is ba samhail a braoi
Gan mairg le scríob
Pinn beantar go caoin ar pháraibh
'S a reamhar-rosc righin
Mar gheabhair ar linn
Lé a meallann gach saoi dá thráthaibh
Is taitneamhach linn-ne
Balsam a gríos-ghuib
Is freagra a fuighle ar chláirsigh
'S níl ceasta ná snaidhm
Ná labhartha draoi
Nach gasta do scaoileas Máire.



Is gile fá chúig lí a clúid chích 's a déad mhion
Dar linne 'ná an clúmh clí d'iomcharuighid géise
'S i bhfoirm ghlic seóil
Gach fuireann dá sórt
Go gcuireann i gcló go sárcheart
Ar imeallaibh sróill go lánmhear
An fiolar an leóghan 's an fheadh-chearc
'S go hoiread an róin
Dár geineadh go fóill
Fá chiumhsaibh na bóchna báine
Ní machtnamh le maoidheamh
Gur calma an gníomh
Gach arm 'na gaoi dá dtráchtaim
Chum gleaca 'ná an cloidheamh
Do chleachtadh Mac Prím
Ler treascradh tím na táinte


L. 52


Ar dhealbhuigh Críost
De rachmas an tsaoighil
Do thabhairt don mhín-chnis mhánla
Dá scaipeadh gan fuigheall
Ar lagaibh na gcríoch
I gceallaibh 's i gcíos na dáimhe.



Measaim gur chúis mhór cúmpóird d'éigsibh
An ainnir bhúidh dfheóil chrú Choipinéarach
Do cheangal go caomh
Gan scaradh le haon
De phréimh ghlan-chine na bPaorach
Is déanamh neide na féile
An ghéag den bhile gan féire
Do hoileadh sa Chluain
Ba mhinic n-a fuainn
Ag fuiling 's ag fuascladh géibheann
A gheanmnach ghrinn
Do scagadh go glinn
Dfhuil mheardha saoithe 's saorfhlaith
Ní masla liom díbh
Bhur seachnadh shíor
Ó's malairt gan tím do réidhidh leat
Ar fheartaibh an Trír
I bpearsain an Aoin
Go mairidh sibh síoch a chéile
Le haithris gach taoibh
De cheapaibh bhur ngaoil
I gceannas i gcloinn 's i gcéimibh.




L. 53


U 0274
IS CNAOIDHTE AN tOTHAR ME



Is cnaoidhte an t-othar me i ndochar gan fagháil ar liaigh
Go claoidhte doilbh gan chostas acht grása Dhia,
Is trí gach donas na deocha do bfheárr liom riamh
Ná dlighid mo chosa dom cholainn go dtráighfinn iad!



Ó dfhágas teas na n-eas is mín-Thétis
'S go dtánga isteach ameasc na bhfíréanach
'San áitreabh cheart 'n-ar chaitheas puinn laethe
Is nár an bheart ná tagann saoi 'om fhéachain!



Mo mhíle bairrfhionn tais mhascalach fhial uasal
Gan nídh ar a gcreataibh ag falachadh a gcliabh uaimse,
Bí-se a theachtaire feasta dá ndian-chuardach
Is dírigh an aicme atá in easbhaidh chum Liam Ruaidh an tsuilt.


L. 54


MO DHOCHAR-SA AN CRITH ANOIS I gCRÍCH ÁRSA



Mo dhochar-sa an crith anois i gcrích ársa
Ag stolladh mo chuirp is gan cuisle im chroidhe láidir;
A thorainn nuair thig do bhris mo chlí im árainn,
'S is cosmhail mo chruith le buinne críon fearna.



Óm roscaibh go troigh bíonn tinneas síor-ghnáthach,
'S ó shlogadh gach luibh mo chuid ní dhíthleaghaim,
Le brollach gach teine an cruth do scríobálaim
Gur follus an fhuil ag rith lem bhuidhe-shálaibh.



Is doilg an doigh seo i luig mo chinn tárla
Gan chodladh me chuir le tuilleadh is mí is ráithe;
Dom lorg ná 'om fhios ní thigid puinn cáirde
'S is cosmhail mar sin gur im choin le claidhe táimse!



An donas go sciobaidh an crith ar phíopán leis
Nó a shlogadh sa mhuir gan filleadh fím dháil-se;
Go loiscthar sa teine nimhe an buidhe-stráille -
Crochaire an ghoid do chuir me ar díth sláinte!



Mo chomairc fá'n ngein do thuit i mbroinn Mháire
'S do crosadh i gcrois ós coinne a chaoin-Mháthar;
Ó doirteadh Leis fuil go dil ar chloinn Ádaimh
Dom fhortacht ó bhroid go dtigidh an Rí grásach!



A shoirbh-fhir ghlic níl cion it phríomh-cháirdeas
Cidh follus tu it fhile i slighte fíor-dhána
Níl ollamh acht sibh do chluin mo chaoin-cháile
Nach doilbh leis me sa chrith le trí ráithe.


L. 55


A stollaire is minic do chuireas-sa laoi it dháil-se
'S níor chorruigh do phion cé duit-se is gníomh náireach;
Dá mb' ort-sa bheadh broid nó tinneas fíor-ghábhtrach
Mo ghothanna guil do chluinfeadh críoch Fáilbhe!



Ó locais-se me mar dhuine phríobháideach,
'S ná cloisim gur chuir ort toisc mo mhí-áirde,
Is follus ár gcion ag rith chum mí-pháirte,
'S a sconnaire an tsuilt sin briste ár bpríomh-cháirdeas.



B 1750c 18L
U 0277
A ÉADBHÁIRD A BHRÁTHAIR IS NÁIREACH NA SCÉALTA



Tá dánta bog searbh dhá cheapadh le tréimhse
'S mar mheasaim níl éifeacht ná tathac 'n-a sórt,
Gach stráille fir magaidh lá margaidh is aonaigh
I dtigh an tabhairne téighid agus cromaid ar ól;
An gárlach gan athair, an aimid 's an léibis,
An tseana-bhean aosta agus caile na brón
An tráth dhul ar leaba ní paidir ná créidh adeir,
Agus tuigidh dá réir sin go mb'fheárr leigin dóibh!



B 1750c 18L
U 0201



AN FREAGRADH AIR SIN:



A Éadbháird a bhráthair is náireach na scéalta
Dfhágais i mbéalaibh na dtáinte aca id dheóidh,
An srian so gur fháiscis chum báis le sna béithe
Gan fagháil ag aon réic bocht ar fhagháltas 'et dheóin;
Diarmuid Ó Breasail is Peadair Ó Buidhe
Cathal Ó Gríofa agus Baltar Ó Bró
'S na céadta fear dána dhíobh tháine tar tréan-mhuir
Nach foláir go bhfaghaid céile nó mná chum dul leó!


L. 56


I dtaobh Dhiarmuda agus Ghráinne ní pátrúin iad d'Éire
Árd-shliocht na Féinne ba thréine i ngach gleó,
Éaluigheann an bás bocht i dtráth ar gach éinne
Is ní feárr leis duine aosta 'ná an páiste beag óg;
Céad fear do cailleadh i gcaismirt na gcloidheamh
Do mealladh sa phoinnte 's do báthadh sa mhuir mhóir,
An scéal so le háiteamh 's ar lámhchadh le pléaraibh
'S fhios ag ár n-éigse nach mná bhí 'n-a gcómhair.



Cad do dhéanfadh an Spáinneach gan gárda ar an dtréan-mhuir?
Nó is geárr go mbeidh Éire bhocht cráidhte fé bhrón;
Cad do dhéanfadh an lán-bhodach sámh atá in aolbhrog
Gan páiste aige féinidh dá léigfeadh a stór?
Cad do dhéanfadh an sagart do bhaisteadh a gcloinn
Gan beatha agus fíon le fagháil as an ngnó?
'S cad do dhéanfadh an bráthair tá i ngábhtar na déarca
Dá mb' áil le gach éinne do mhná leigint dóibh?



Cad do dhéanfadh an tsnáthad nó an lámh chum na céirde
Gan snáithe den éadach le fagháil di go deó?
Cad do dhéanfadh an cárdinel bán chum an aonaigh
Ná cába na scléipe gan bárr-fhaision nódh?
Cad do dhéanfadh an grafadh ná branar na gcríoch,
Beatha na ndaoine ná a ghearrfadh an mhóin?
'S cad do dhéanfadh an tsráid seo gan rás agus aonach
Dá mb' áil le gach éinne do mhná leigin dóibh?



Is é Dia mór na ngrása chúm Ádam is Éabha
'S do chuir ar an saoghal iad 'n-a scéimh is n-a gcló
'S adubhairt leó an lá san bheith páirteach le chéile
'S páiste do dhéanamh le haon-toil a chómhacht;
'N-a dhiaidh san fuair Peadair, an tAspol, ó Chríost
Cead ceangailte is scaoilte ar mhná chum a spóirt,
Ní riaghail cheart do bhárdaibh an rádh san do réabadh
Ná a rádh le gach éinne go mb' fheárr leigin dóibh!


L. 57


B 1833ls 19L
AGALLAMH AN ANMA IS NA COLNA



An Cholann:
A rúin chirt mo chléibh, is a lúb gheal na naomh
Och fúigfir me anois, do chompánach,
Ba mhúinte do mhéinn, ba hionnraic, ba réidh
'S is dubhach bhead id dhéidh 's is dólásach -
Im smúdar i gcré, cé túirseach an scéal
Gan súil aon 'om éileamh go lá an bhrátha,
Gan lúth in mo ghéag ná lonnradh in mo ghné
Fé smúit ag an éag gan sábháil dam.



An tAnam:
A thrú liosta bhaoth dfhág smúit ar mo chéill
Och, fuagraim don daol go lá an bhráth thú,
'Siad do ghnúis is do chraos is ciontach lem phéin
Is dfhúig me, is baoghal liom, díoghbhálach;
'Om rúscadh gach lae ó mhúr ghlan na naomh
Fé dhubh-bhrataibh dréacht an dóláis ghuirt,
'S mo chumha-chreach 's mo léan nár dhiúltas dot réir
San ar stiúrais me ag tréigean ríoghacht neamhdha.


L. 58


An Cholann:
A stór dhil ná féach ar mhór-chortha an chléibh
Is gur pósadh leat mé i mbroinn mo mháthar,
'S má dfhóbras bheith claon le póit is le craos
Níor chóir duitse géilleadh 'om dhíobhlásaibh;
Nár sheólais gach lae mo ghlórtha 's mo mhéinn
Is brón liom má's baoghal duit chum díoghbhála,
Is dar ndóigh má's tú an spréidh de phór ghlan na naomh
Ní damhsa acht duit féin is gníomh náireach!



An tAnam:
A namhaid bhocht bíom saor, seo póg duit óm bhéal,
Ní cóir dam dul ón saoghal gan síothcháin leat,
'S go bhfuil mo dhóchas go tréan a' trócaire Dé
'S i gcómhachta an Té thuit i mbroinn Mháire,
Is go bhfóirfidh mo chéim is go dtógfa me ó phéin
Chum glóire nach féidir le croidhe d'áireamh,
'S go bpósfaidh lá an tSléibhe mo nóchar le scéimh
Fá nódh-chruit ná tréigeann sa ríoghacht neamhdha.



B 1736 18L
U 0207



DO DHOIREANN PAOR
A.D. 1736



Fonn: Philander.



Is dubhach fí scamall bróin
Tré smúit bhím d'easbhaidh spóirt
Is fada mise ag fuiling daor-bhroid
Is darta nimhe Chuipid chaoch-ghlic
Dfhúig tréin-fhir gan treóir
Le géar-shearc don óigh
Bean do chéad-chuir cluiche
Ceart ar bhéithibh cruinne


L. 59


I méinn ghlain 's i gcló
A réiltean gach cóig
Nár aontuigh tar cóir
Ní cúis maoidhte ag déithibh an t-ubhall díbh go ngéillid
Do réir ceangail chóir
'S an té ghlac é ar dtóis
Tug le ceart an séad san
Do Bhénus fát chómhair.



A húr-dhlaoithe ag teacht go feór
Le n-a gcumhduighid ealta ar nóin
Is cailce suidhte giorra a déid ghlain
I dtaisce mhilis mhiochair chaor-ghuib
Gan bhréagnadh gan mhóid
Gan baoth-fhocal fós
A mama ghéara chruinne
Do shlad a scéimh den lile
Is d'aon neach nár bh'eól
Nach céim leasc don tsomhail
Fuil Paorach na slógh
It ghnúis ghrinn go léightar gur dúbluigheadh do spré leat
Tug spéirling is gleó
Idir ghéisibh is rós
'S ná léir-mheastar d'éinne
Cia is tréine den chóip.



Is búch binn blasta beól
Le n-a stiúruighid bleacht is cómhaid
Is gasta binne snoidhte a saor-ghuth
Go cneasta cliste ag iomaidh ar ghéagaibh
'S a claonfholt i gcló
Ag géilleadh don ór
Ag casadh fé n-a ciumhsa
Seal ag déanamh títhe


L. 60


Is aoldaithte a snódh
Tláth éadtrom gan cheó
Nach faobhrach go deó
A dlúth-bhraoithe ar néall-dath do siúntuigheadh le saor ceart
'S a caomh-rosc mear modhmhail
Ar ghné ghlais an phóir
'S go mbéaradh le n-a sméide
Gach laoch as a ród.



Ní suairc linn spreagadh téad
Ná sluagh sidhe ag canadh dréacht
Ná rosca file fuinte fír-cheart
Ag oscailt dlighthe ndraoithe i ndroighean ghlan
Ná inntleacht na n-éan
Seoch binn-ghuth a béil
Ort ó tá mo choimirc
Fortuigh tráth, a Dhoireann
Sinn seal ón éag
Ar árd-bhuille is tréan
Do lámh chliste ar ghréas
An míol muighe go ceáfrach ón sídh-sceimhle námhad
Ba gnáthach 'n-a dhéidh
Fé scáth duille craobh
A bháinchnis bhreagh shéimh
Gur bhásuighis let ghrádh sinn
Sin fáth críoch mo scéil.



An Ceangal:



A rí-bhean tug mílte mar táim go tréith
Le sír-ghean dot chaoin-chruith do sháruigh scéimh
Muna scaoilir mo dhíomdha tar cách san géim
Sin fínis lem scríbhinn ar mhnáibh go héag.


L. 61


B 1738ob 18L
U 0215



GIDH FÁNACH MO SHIUBHALTA



Seán:
Aithris dúinn, a dheóraidhe,
Créad do threóruigh sibhse;
Chugainn sonn do láthair
Fios na háite as a dtigir.



U 0207
Liam:
Gidh fánach mo shiubhalta
Is ná rabhas it dhún roimhe
Is túsca fuaireas eólas
Ann fá dhó 'ná sibhse.



U 0215
Seán:
Fáilte dhuit, a thriath
Má's tu Liam Mac Coitir;
Is fada liom im briathar
Gur thriallais im fhochair.



U 0207
Liam:
Is me Liam Ruadh Mac Coitir
Ní bhím deocair fám scéalaibh
Thánga ar cuaird ó Chorca
Dfhéachain forais na héigse.


L. 62


B 1786-91ls 18D
U 0201

D'ÉIS DEIMHIN-CHUNNTAIS



Ag seo imreas dfhás idir Éamonn Ó Lúba
.i. cléireach Dhochtúir Ó Briain, i Lios
Mór, agus cléireach an Athar Pádraig Ó
Meiscill ar Shliabh gCua .i. Dáibhí Brún, dá fhios cia aca
an file is feárr; gidheadh is troid fá easair fhoilimh an
ghleic sin!



Do bhí Éamonn ina chléireach ag an Árdeaspog Ó
Braonáin i gCaiseal, agus ag an nDochtúir Ó Liatháin i
Lios Mór, agus ag an nDochtúir Ó Briain 'san áit gcéadna
indiu. Ní raibh Dáibhí Brún acht ag aon sagart.



Do ghlac an tAthair Seán Cáplas, i gConaithe, páirt
Éamuinn Uí Lúba, gur éirighdar ceathrar sagart ina aghaidh
.i. Dáibhí, agus tugadar a shlán fán gcuid eile d'Éirinn.



LIAM RUADH MAC COITIR CCT




D'éis deimhin-chunntais dfhagháil le dúthracht dúinn óm bráthair,
An Dochtúir diadha sochlúmhail sians-cheart dfhionn-scoth
Dhál gCais
Colbha na gcliar, cothughadh riaghal, stiúir gan stánadh
Lachtaidhe na suadh, bleachtaidhe na ndruadh, túr le námhaid,
Do ghlacamair finné sagart is fíréan, Seán séimh Cáplas,
Saoi le suairceas, croidhe gan cruadhtan, deachtaidhe dáimhe,
Is mórán eile de chóip ná deirim atá le táitheamh
Den fhuirinn gan teacht nach rigthear a leas fós in áireamh
Go bhfuil fé bhruachaibh Sléibhe gCua thoir dréachtach dána -
Ní clé labhras cléireach dobhra, an tAthair Pádraig
Dáibhí Brún mar áitigh dúinne an té noch ráidhimse
Ar Éamonn ghnúis-gheal tséimh Ó Lúba tug gné cáinte


L. 63


Cléireach easpuig áird do b'é a ghairm tráth i gCaiseal Cheárnach
Is gan chúis fiaráin ag Dochtúir Ó Liatháin i nDún Scáinne
Scéal go bhfiadhainse ag saor den Bhrianfhuil atá ar an áit sin
Ael-ghrian lonnradh cléire Iath Fionntain anois fé lán-chion
Don triar columhan béas luighe cosmhalacht mar scéith scátha
Níor fhéad an Brúnach ná a chliar conganta léim chómh árd leis;
Gibé slighe éileamh do bhí ar Éamonn do dhlighe dáimhe
Má smúin earráid ar dtúis a ghearáin le n-a mháighistir
Do ghléas an Brúnach, céim tar umhlacht, béim dá cháilibh
d'Éamonn lúthmhar laochda Ó Lúba dréachta táire
Gan uaim gan aiste, gan suairceas labhartha, gan scéimh dána
Gan foghar cluaise, gan chabhair uaithne, ná faobhar gláimhe,
Gan fios cómhada ná cirt cómhardaidh ná an guth báithtear,
Claochladh ar aicmíbh téighid fé scamallaibh ann, ná ráfla,
Gan cúmhacht cúnsain ná an seól dúthchais ná gaol táithte,
Fios cóir cadaid, tómhais ná ceannais uaidh ní fághthar
Is gach riaghail ró-cheart ba cian mór-mheas ameasc dámh-scol
Díobh ná hainmnighim tug sé i dtarcuisní, beart ba nár dó
Suidheamh nár chanamair díobh cé scannalach táinig im láthair
Do chonart-sa in áidhbhéis tuilte de ráifléis fá n-a láimh-sean.


L. 64


U 0275

AG SO AN tÓRDUGHADH leis an Athair Seán Ó
Briain mar an gcéadna, dá ríomh do na báillíbh gach slighe
is gach áit do ba mhian leis dóibh do thimcheallughadh, agus
gan dearmad do dhéanamh fá dhul go nuig gach aon dá aos
gráidh ar feadh Leithe Mogha go hiomlán, agus beatha agus
sláinte do thabhairt uaidh féin do gach aon fá leith dhíobh,
agus dá iarraidh ortha, fá phéin umhlaidheachta, faire agus
forcoimeád do dhéanamh nó go mbeiridís ar an mbráighe
.i. Éamonn Ó Lúba, agus é a chur ceangailte cruaidh-chuibhrighthe
chuige féin go Caisleán Ó Liatháin:




De bhrígh gach réabtha ar dhlighe na héigse leis dá ndeárnais
Gona uime órduighim is ionchómhachtuighim is ughdarásaim
Don uile árd is fo-chonnstábla is do gach báille
Is chum buidhne a gconganta i gcríochaibh Mumhan gan mí-cháirde
Gibé cúinne, coill nó cúil den Mhumhain réamhráidhte
Lámhuigh dúinn-ne Dáibhí Brún 'san ionad 'n-a bhfághthar;
Gadrach cruaidh-righin casaidh ar a uaithníbh, lagthar a chnámha,
Duais ná breabaireacht uaidh ná glacathar, cuir ná slána;
Tugtar go Caisleán cluthair Ó Liatháin ceangailte im láthair;
'S chum aon duine eile ná léigthar eisean i bpéin bhur sláinte;
Tuilleadh dá dhocamhal - tugtar dó lonnughadh go ceann spáis ann;
'S 'n-a dhiaidh sin chughainn a thriall dom chúirt bé ionad is áil liom.
Dá mbéith uaibh-se ar chléith nó cuardaibh leanaidh ar lán-rith
Is dalluigh na heanaighe chleachtann an cleasaidhe, ná faighidh scáth ann;


L. 65


Gluaistear libh-se go luaimhneach liosta go Tiobrad Árann
Is ná déin dearmad céad dem bheannachtaibh do Sheán Clárach;
Tuigim ná buailfidh ionad ba suairce chugaibh sa táirdeal,
Caithidh an oidhche is glacaidh bhur scíth ann go dtí ar n-a mháireach;
Triall ar Luimneach siar go hinneallta is ibhidh mo shláinte ann
Is naiscidh ar Aodh Buidhe seasamh sa taobh thíos - faireadh an tráigh sin;
Go hUíbh Breacáin, timcheall Challáin, tuigim ná ráinig -
Ionann is dainséar druidim le hAindréas dfhile gan fáscadh;
Somaidh le saoirse, socair in inntleacht, solas gach sásaimh,
Cíocha dile na díse d'ibheas-sa, deocair a dtrághadh;
Seachnaidh róda is glacaidh an cómhgar tarsna na sáile;
Risteard Ó Murchadha cuiridh dá chluichiughadh in imeallaibh Rátha;
Rithidh go Ciarraighe, ciste na bhfial-ghníomh, is nochtaidh dom bhráthair
Diarmuid fíorchaoin mac mic Fhinghin, turas an chneamhaire;
I gcríochaibh Cairbreach ní bhfuighidh tearmon cé dóigh fáilte ann
Ó's fíor gur eatortha bhíos mo dhalta dil Eoghan Mac Carrthaigh;
Iarraidh Donnchadh grian na n-ollamhan i gCorca is gnáthach,
Dfhíorfhuil chalma ríoghradh Raithleann an fisigeach fáthach;
Is Domhnall solas-cháidh Óg Ó Donnabháin, posta gan tláthadh


L. 66


Dar dual fuineadh gach uama is oinigh is follus mo ghrádh dhó;
Is Domhnall dréacht-chaoin, stródhaire séimhidhe, file na Blárnan
Le baois do sloinntear gidh bhíos gaoismhar de chlainn Charrthaigh;
Fial-mhac Murchadha an gliadhaire cluicheamhail isé mo bhráthair
Saoi le sioscathar laoithe snoidhte suilt, Seán na Rátha;
Críoch bhur gcuarda ar dtíocht go Cluain Molt deochaidh bhur sásamh,
Is fíonmhar milis an tír 's a fuireann i bhfochair an Fháltaigh
Fáidh ná file ná fágtar libh-se 'san Mhumhain ársa
Gan fál 'n-a choinnibh ar lár go gcuiridh an Brúnach beárnach;
Do mhaoidhimh an Brúnach buidhean dá chongnamh mar aos dána -
Is díobh-san Tomás caoin-mhac Tighearnáin is Mac Giolla Pádraig,
Is díobh Parthalón, an Bráthair Códach, rannaire Dháibhí
Is gliadhaire cumais, Liam de Bhriotaibh, is duine ná háirmhighim,
Gach n-aon eile 's an méid seo deirim de chongnamh Dáibhí
Tabhraidh chughainne fé thearmoin cúirte cumais na bhfáidhe.



An Ceangal:



Gach n-aon nár foilceadh i dtobar na bhfíor-éigse
'S nár léigh ar nodaibh ná foras na príomh-Ghaedhilge
Ní céim a moladh má chosmhalaid gaois Éamuinn
Is ní béim ar a fhoirtile a dtrodaireacht tslím chéille.


L. 67


U 0207



NA BEARTA SAN DO CHLEACHTAINN-SE



Na bearta san do chleachtainn-se, mo chiach, de ghnáth -
Carrabhas gan dearmad mar iarsma im dheáidh,
Easurraim nach taitneamhach gan fiacha in' áit,
'S mar bharra air sin ní sheachnainn gan iasacht mná.



Achrann do thairnginn go dian ar chách,
Is teasargain eatortha ní iarrainn tráth,
Ba sparainneach le caraid me 's le cliaraibh cáidh,
Geallamhain is cailleamhain 'n-a dhiaidh gan tlás.



Easparta ní chanainn-se ná riamh na tráith,
Ná salma mar chanaid fir tan iarraid cráibh;
Chum Aifrinn dá ndeachainn-se is le mian do mhnáibh
Le taitneamh chum a bhfaicseana 's go mbiainn 'n-a bpáirt.



Admhaim le haithreachas, a Dhia na ngrás,
Freagra dot eagar chirt ná féadaim dfhagháil,
Acht an t-anam so do cheannachais i bpiantaibh báis
Ná hagair-se i mbeartaibh clis mo chriadh-chorpáin.



An Ceangal:



A Mháire mhilis, a bhuime 's a Mháthair Chríost,
A bhláth na finne 's a bhroingeal ó dtáinig Rí,
Táthaidh linne gan filleadh go brách 'n-ár gcroidhe
Grása an Leinbh sin dfhuiling an pháis 'n-ár dtaoibh.


L. 68


AN SUAIRC LIBH AN GÁR-GHOL SO AG SÁMUEL 'S AG SEÓN?



(As scríbhinn le Seósaph Ó Conchubhair, ó sna Fosa, Cill Áirne)



An suairc libh an gár-ghol so ag Sámuel 's ag Seón?
Ó ghluaiseadar sár-choin na Spáinne fé sheól
Do ruagadh na gárda bhí in Áifric na ród
Tar bruachaibh gach sáile gan árthach le sceón.



Táid cuanta agus cáinte na háite aca ar fóir
Tar cruadhacht 'mun námhaid 's le láin-ghleic i ngleó,
Níl suaimhneas ag mnáibh Ghibráltair ná cóir
Le huamhan a ngeárrtha 's le lán-easbhaidh lóin!



Tá muar-chuid le rádh agam ná tráchtaim go fóill
De thuairisc ár mbráithreach ag tnáthadh gach treón,
Dar Muaireach ní stánfaid de ghráscar na slógh
Go bhfuasclaid gach gábha tá ar Chlár Luirc na ndeór.



Tá luaidhteachas báire idir Rághnall is Seón
A bhuailfear gan cháirde - bí i láthair an spóirt -
Beidh uaisle Inse Fáil ann go dána sa treóir,
Lucht fuadaigh is feárr de shíol Ádamh an chóip.



Ó bhuadhadar gach láithreach 'n-a rángadar fós
Beidh ruathar na rábach ag fás i ngach gleó;
Gluaiseam, a cháirde! go dtrágham tonn den bheóir
Le tuairim go mb' fheárrde puic Raghnaill an t-ól.


L. 69


AN GIOLLA RUADH



Do Philib Doingeárd in Eóchaill, nuair a bhí an t-éagcruas air.



Araoir is me seal ar mhaoilinn na sleas
'S me ag cíoradh mo chairn chraobhaigh
Do smaonidh me ar leagadh saoithe gach sleachta
Do shíor-chuir me i ndearca suain
Gur lingeadar scata sídh-bhan im aice
Go cíocrach ag stathadh a gcraobh-fholt
Is d'innseadar dam gur claoidheadh duine 'em charaid
Taoibh liom cois sleasa cuain.



Tháinig ina luisne ar lán-bhuile chugainn
Áine le hiomad scéalta ba truagh
"Dfhágas do chumann tláth lag" ar ise
"I dtánaiste an chluiche chruaidh;
Átrops an uilc atá anois ag nochtadh
Geárr-sceine géire as a truaill
I ngráscar le Pilib, fáilte gach file,
Nó an cás leat é, a Ghiolla Ruaidh?"



Do scaoileamair banna Chlíodhna chum reatha,
Agus Aoibheall na Craige Léithe,
Saigheada 'n-a nglaic is craoiseach le n' ais
Do bhí ag gach neach den tsluagh;
Scíordaim-se amach le díoghaltas chum catha
De dhruim-rith ameasc na laochra
Is sínn uile ar eachaibh choidhche ná braithtear
Claoidhte ná ar easbhaidh luais.



Do ghléasamair fuireann laochra le Pilib,
Tréin-fhear gan time i gcómhlainn,
Ag éileamh gach suilt is méithris dár sciob
Daor-aicme Chonnacht uainn,


L. 70


Dá fhéachain ar chirte an tréan-truip-si thig
Ó Éibhear in Inis Fódla
Do léigean mar righthe Éireann ná an sliocht so
Ó Éireamhóin ghlic do ghluais.



Áine agus mise tháinig chum Pilib
Tráth roimh an fhuirinn éachtaigh seo luadhaim
Is thárla 'n-ár gcoinne námhaid gach nduine -
Átrops an bhuille mhuair;
Do b'ábalta truime ár ngáth-bhuillí cliste
Ag tnáthadh 's ag milleadh géaga gan truagh
Le n-ár lámhaibh gur thuit an bás agus cuileasc
Ársa na sceine cruaidhe.



Tug Áine chum Pilib stáid-each ba mhire
Lán-rith gan tuisle, léim agus luas,
'S d'árduigh sin tuile árracht' is misnigh
Dánacht is nirt ár sluagh
Ar láimh deas le muir go dtárlamair uile
Ar thráigh mullaigh Bhinne nÉadair na suadh
An lá san gan scur do rángamair Doire
Bán Choluim Cille thuaidh.



Do thángamair uile an lá san sa choinne
Ar láthair an chluiche chródha gan suan,
An Doingeárdach 's a thruip do bfheárr insa troid,
Ag tnáthadh na droinge thuaidh
Ba láidir ba chliste an Tál-fhuil 's an tsiosma
Ag táthadh le cine Eóghain na ruag
'S an lá san gur scriosadh scáinte gan spionnadh
Ár námhaid mar thuile cuain.


L. 71


I bhfíor-dheire an chatha do shuidheamair sa bhaile
'S do bhíomair go fleadhach féastach gan ghruaim
Do dhíogamair casc is míle le n' ais
Le díogras don bhfear do bhuaidh
Íocam ár dtart is ár n-íota gan stad
Ar an mbuidhin úd nár chleacht an fhéile
'S gach fíor-fhlaith do scaip ar an ndroing úd do leagadh,
Sílim nach ceart a luadh.



An Ceangal:
Do ghluaisíodar ár sluagh sidhe-na go subhach síoch
sultmhar seólta
'S do buadhadh linn an cluiche ar chruadh-bhuidhin chliste
dfhuaduigheadh guirt tar fál,
Do bfhuarlaoideach ár gcuaird timcheall gur stuanuigheadh
linn in Eóchaill -
Cuan aoibhinn na gcuach líonta nur dual díograis Doingeárd.



Dáileadh mar thonna árd-mhara chugainn bán-tsic is tuile
beórach gan ghruaim,
Ní áirmhighim annsan a dtáinig den phunch do bfheárr insa
chruinne mhuair,
Ráithe agus tuilleadh do bhámar is Pilib ag trághchan
an ghloine is ceól le n-ár gcluais
Slán agus fiche dfhágamair aige, agus táinig an fhuireann uaidh.


L. 72


DON MHEISCE



Is mairg gan tart do chleacht an iomad dighe d'ól
Is tug aire don chasc ag caitheamh proinne faoi dhó,
An cholann go lag iar n-at amuigh i gclaidhe an chlóis
'S an t-anam nach feas cár ghaibh indiu ar díth lóin.



Is mairg tug searc do lathairt uile an tsaoighil mhóir
'S gan aca air acht seal mar ghal suip tuighe ag dóghadh,
'S go gcaithfeam a ndeachaidh as 's a bhfuilimíd beó
Freagairt ar fad don reacht do chuir an Rí i gcló!



A Bhanaltra bhleacht 's a bhean tiomna an chroidhe mhóir
Muna dtagair gan stad agus seasamh d'imircidhe an lóid
Is eagal an bhreath do theacht 'n-a luisne fí an gcóip
'S a dtreascairt ar fad go lasair theine nimhe an smóil.



Tairg do Mhac do ghaibh it fhinne-chlí feóil,
Do dhalta, do shearc, is fear do chruinne-chích dheól
Gan seasamh ar cheart ná teacht tar briseadh dlighe leó
Acht a fhearg ar fad do mhaitheamh duitse is ní dóibh.



Tairg mar bhreab do dhearc go sileadh sí deóir,
Na habstoil beir leat, aingil Nimhe is bíodh Eóin,
Greadaidh na basa, screadaidh uile caoidh is geóin
'S is dearbh go maithfidh an Mac an uile-nídh dhóibh.



Ó ghabhais le hais an chreach gur bhainis í an tóir,
'S ar admhuigh leat gur gheallais comraighe dhóibh,
Ná dearmaid as - is peacach mise bhí it órd
'S is beannuighthe ameasc na mban tu, a Mhuire mhín mhór.


L. 73


A CHLIAR NÁ MOLANN AN tÓL



A chliar ná molann an t-ól,
Ar chách eile cé mór bhur smacht;
Acht dá mbéadh bhur nguith ar chách
Ní bhfaghadh sibh féin bás den tart.



An chliar sin do thug a dtoil
Sinne uile do chosc ón ól,
Gan d'ól acht oiread leó féin
Dhéanfaimís leis an gcléir mar nós.



Do chonnac-sa an chliar ar bórd,
Chonnac a dtáinig den digh,
Do chonnac mar bhádar dá hól
Chonnac fós mar bhí an tigh.



Ó anocht suas go lá mo bháis
Gloine de bhárr ar an gcléir
Bíodh go mbéadh an bás dom buain
Ní rachaidh tar bruach mo bhéil.


L. 74


Liam Ruadh Mac Coitir cct



An tan do bhain Eoghain an Mhéirín a mhuileann de,
de chionn mar do rinneadh drúncaeir snaoisín
d'Eoghan an feadh do bhí i bhfochair Liam.



Má tarraingíodh sibh-se trém chiontaibh chum snaoisín
a Eoghain
Do chaitheamh go minic ná tuigidh gur simplidheacht óil -
Acht glacaidh mo mhuileann is coingbhídh a dhlighe fím chómhair
'S ná meallaidh-si mise tré ruisne dem chíosaidheacht chóir.



Gan earradh gan ionar beir muirinn mo chroidhe fí dhó
Mar thaca let choimirce, is coingibh go síorruidhe it ród
Gach aiste do rithfir chum cruinneas do chaoil-phinn rómhat
Go bhfeasam-na ar (sios re lucha?) cé díobh rí, is treón.


L. 75


B 1738 18L
U 0276
MO GHEARÁN GLACAIDH IS MEASAIDH AR MÉAD MO LIACH.



Mo ghearán glacaidh is measaidh ar mhéad mo liach
'S me im dhonán ghreadaithe, a chara, 's gur claon mo chiall,
Uchlán ceangailte im scartaibh fá ndéinim iacht
Bheir srotháin dearga óm dhearcaibh gan traochadh ag triall.



Dearbhráthair m'athar do chailleas, is é mo phian,
Fear dá maireadh do ghlanfadh me in éifeacht sians,
Daltán dearbhtha ceapadh le Phoébus riamh
Do rad bárr leasuighthe ar theangain na nGaedhal a ciaigh.



Deas-lámh dheachtaithe i seanchas saor ár dtriath,
Is bleachtán blasta do greanadh a' gréas Uilliam,
Gealán gealta gach ceasta den éigse an tia
Bheir cneadh-gháir ghalair i mbaitheas mo chléibh foriar!



Leanán m'anma d'altroim mé, mo chiach -
'N-a charpán mharbh fé leacaibh indé do hiadhadh,
Do chaith táin chealg fém amas do réab mo chliabh
Gurab easlán aindeis me ón eascar go dtéigheadh 'n-a dhiaidh.



U 0274


L. 76


SIN ORCHRA LEÓIN DO GHLÓIS AR ÉIRE



Sin orchra leóin do ghlóis ar Éire,
Do bheir scéimh bhróin ar óg 's ar aosta,
d'imthigh an lonnradh a' súilibh Phoébus
Ó chuaidh Liam Ruadh go luath fé bhéilic.



Tá gáir chaointe ag mná sidhe gach maol-chnuic -
Aoife, Áine, Gráinne is Déirdre;
I scolaibh na ndruadh tá gruaim le tréimhse
Ó chailleamair tighearna is triath na héigse.



Och, mo bhrón! cá ngeóbhad-sa it éagmuis?
Cia scaoilfeas dam laoithe ná dréachta?
Is me an donán diombádhach déarach
Im fhál le deacair, a charaid, ó d'éagais!



Mo mhallacht don bhás a tháine 'ot éileamh
Is nár thug grádh dot cháilibh léigheanta,
Is nár ghlac uaitse duain ná dréachta
'S go bhfuil sáith míle dhíobh sa chré agat.



Bás an Choitirigh, clogad na céille,
Tiubaist choitcheann do crothadh ar Éire,
Bheir an dochma so ar scothaibh na cléire,
'S do chaith teimheal ar inntleacht éigse.



Ní tirim gan chaoidhe do chaoinfead féin tu,
Do threabhadar deóra ród im éadan,
Is damhsa badh chóir san do dhéanamh,
Ba chómhghrádhach ár gcómhpháirt le chéile.


L. 77


Ní raibh le cian in iathaibh Éibhir
File ná fáidh ná dáimh ná cléireach
Do bfheárr chum dán a rádh is a dhéanamh
'Ná an t-éigeas ruadh fuair buadh gach céirde.



Do bhí feallsamh gan fallsacht 'n-a bhréithre,
Do bhí sé súgach múinte tréitheach,
Do bhí sé cabhrach bronntach déarcach,
Ceannsa cráibhtheach lán de dhaonnacht.



Cá ngeóbhaidh feasta an teanga Ghaedhilge?
Cá ngeóbhaidh ceart is blas gach dréachta?
Táid sin uile 's a thuilleadh nach léir dam
Ag Uilliam Ruadh 'san uaigh, mo mhéala!



Ní deárnadh riamh in iathaibh Éilge
Le dáimh dá ársa agus dá ghéire
Dán doilbhthe dorcha daor-cheast
Tar mar do cheapadh an faraire gléigeal.



Do chonnac-sa an sáir-fhear láidir léidmheach
'N-a churadh nár thláth i mbeárnain bhaoghail
Ina chúinne, mar Lughaidh i spéirling
Nó an tOscar úr i dtúis na Féinne.



Do b'uaibhreach a ruathar ar aonach,
Do bfhada ar riascaibh rian a léime,
Ar mhéid a reatha nó ar chaitheamh na ndaor-leac
Nó ar chamán a chompráid ní léir dam.



An Ceangal:
Mo thurainn, mo phian, mo chiach, mo dhochar, mo phúdhair,
'S is tiubaiste bliantach iarsma doilbheas dúinn
Is dursan do thriathaibh iaithe foirtille Mumhan
An curadh ba riaghalta, Liam Mac Coitir, in úir.


L. 78


'San úir ó cuireadh an file do bfheárr 'san iaith
Is dubhach 's is tuirseach táid fir agus mná 'n-a dhiaidh
Níor dhiúltuigh duine fá'n gcruinne fá'r lámhuigh riamh -
Ughdar tuigseach glic, ciste agus grádh na gcliar.



U 0204
AR BHÁS LIAM RUAIDH MAC COITIR



Is ciach 's is orchra cloistin an scéil 'n-a labhairt,
'S is cian an donas gan fortacht go héag do ghreann
Triall an tsoilbh-fhir fhortill i gcré go fann
Liam Mac Coitir dfhúig gortuighthe an éigs gan cheann!



Ba ghrianmhar toradh, do b'oscailte féith ar fheabhas,
'S gach riaghail dá dhoirche b'fhollas go léigheadh gan leabhar
An fiannach fosaidh nár choigil a léigheann ar dhall
'S i ndiaidh ar thoirbhir ba srotha tiugha tréithe an tseabhaic.



Ciall is fortille, foras is féile ar gheall,
Is diadhacht sholasmhar shoirbh-ghlan ghlé nár ghann,
Briathra sochma gan dochte 'n-a mhéinn ná meang
Riamh do chothuigh ó foilceadh le cléir a cheann.



Bíodh a fhiadhnaise orm gur bh'oirdhreic réim a rann,
Go rianadh noda 's go mbogadh gach dréacht gan bheann,
Go riaradh dolaidh gach doiche le féile acht fabhar
I mBriach 'n-a chodladh mo dhochar mar scéal a shamhail!



Tá an bhliadhain seo doithimh le golfhairt, ní héigheamh gan adhbhar,
Táid triatha toghtha, táid ollaimh is cléir gan mheabhair,
Níl trian na dtortha go cothrom ar chaodh ná ar chrann
Um Liam Mac Coitir do choigilt fé chré na gceall.


L. 79


Tá an ghrian gan solas, do dhoirchigh ré agus reann,
Táid fiaidh gan foscadh, ní chodlaid na héin le treall,
Níl iath gan osna, ní shosaid na héisc ar abhainn
I gcriaidh fé chlochaibh ó's foluighthe faon a ngreann.



Tá iarsma orainn ná coiscfidh go héag dár rangc,
Níl triath dá fhoirbhtheacht, ollamh ná éigs dá fheabhas
Nach iad do toghthar ar dtosach gan féachain d'am
Is í an iarracht dhona so lomair go léir an ball.



Niadh de bhorbh-fhuil Lochlann laochta anall
Ba dhian i gcogadh 's ba thogarthach tréan is teann,
'S 'n-a dhiaidh do foilceadh a folaibh na gCaesar seang
Niall is Conaire, Conall is Éibhir Feann.



Grian na n-ollamh, is polla gan chlaon gan cham
Ár sciath ba cholgach cosnamh i saothar peann;
A Dhia do crochadh 'n-ár n-olcaibh le chéile ar chrann
Beir Liam it fhochair is cosain duit féin ón namhaid!



Dá mbudh dúthchas don dúir-lic seo tuigsint an scéil
Is cáil ionnraic an ughdair do chluineadh is do léigheadh
Ar lán dúithche uile d'ionnmhas ní choingheabhadh é
Is dáimh Mumhan i gcumhangrach gan breitheamh dá éis.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services