Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beatha Gillasius Ardmachanus
Title
Beatha Gillasius Ardmachanus
Compiler/Editor
Ó Domhnaill, Mághnus
Composition Date
1774
Publisher
(B.Á.C.: O.S., l939)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N L037} {L 9} {B 1774ls 18D} {G L} {U 0254} {C Prós} {M 8} Beatha Gillasius Ardmachanus. Caibidil 1. Ar mbeith d'oileán Éireann fá chogadh agus fá ghlic
le naimhdibh danarrdha as Dania (dá ngoirmid Críoch Lochlann) agus as Normandia na Fraince, timcheall dá chéad bliadhain do chuireadar fá dheireadh Gaodhail Éireann forfhlaitheas agus anchumhachta Lochlannach ar gcúl díobh. Gidheadh, iar scaradh dhóibh leis an daor-mhodhsaine fá a rabhadar ar an bhfad sin ag Lochlannaibh d'fhás eisíth, anbhuaidhreamh agus cogadh mór idir árdfhlathaibh agus prionsadhaibh na ríoghachta, ag déanadh imreasán agus ag teacht go namhadach ar bhéalaibh a chéile fá árd-thiagharnas uilidhe na críche, cogadh inmheadhanach catharrdha do mhair eatorra san tír istigh tuairim céad bliadhain go tuille. Do thainig as so go rugadar cách i gcoitchinne ar bheith lochtach míchoinsiasach, ionnas gur chlaochlaidh go mór maith phuiblidhe agus deagh-bhéasamhlacht na hÉireannach do thaobh úsáide a gcreidimh agus a gcoinsias, tar go rabhadar abhfad roimhe sin oirdheirc deaghchludhach in sna cásaibh sin. Acht cheana, Dia lán- trócaireach nach tréigeann a mhuintir féin ina ndaor-chruadhóig, ar bhfaicsin an chlaodhchladh
agus an mheirbhthin úd ag fás ar a fhíorchreideamh féin agus ar chrábhadh chách i nÉirinn, farra gach cúis dár bheain
dó san i mbaoghal, do thairg sé a fhóirithin agus tárrthail éifeachtach do thabhairt ortha, i dtosach na daradh haimsire déag nó go grod roimhe óir is fá an n-am sin do thárluigh an claochlódh reimhráidhte ag dúsacht chugtha uimhire de shaor-naomhaibh agus agá dtabhairt dóibh
(amhail scaoith de réaltaibh luinneardha ag gabháil sholais ón ngréin), iar bhfagháil soillse subháilceadh agus maitheasa uaidh san grian an cheirt, dá dtainig ciarcheó dorcha locht, agus aindlighe na ndaoineadh do thógbháil díobh agus do chur ar neimhní, mar aon le gnás an tsean-chreidimh fhírinne d'athnuadhadh agus do thabhairt chum na stáide ar a raibh sé roimhe ó thús san gcrích, nó ar seólamh budh fearr. Imeasc, ámh, na fóirne seo d'órduigh agus d'ollmhuigh ár dtiagharna le n-a chreideamh féin, farra devosion cháich amhail so d'aithleasughadh agus do chur 'na suidhe mar badh dual. Badh hiad Prímhchinn feadhna na buidhne agus cháich eile fán am sin Celsus Árdeasbog agus Príomhaidh Árdmacha, agus a oidhre sin arís Maolmhodhaigh Ua Mongair, do ghabh áit san bpríomhadhacht farra bheith 'na leagáid Apstaldha dhó ón bPápa ós Éirinn uile, agus arís Giolla Mac Liagh dar goireadh príomhadh Éireann i leabaidh Mhaolmhodhaigh, duine maith fíor- abstalta dha ríribh do rugadh i gcoinne leasa agus tairbhe do dhéanadh d'Éirinn agus chum mór-chomaoine do chur ar chreideamh Chríost innti, óir, chum go dtugadh sé aisiog dhó go hiomlán san mbríogh do bhí roimhe ann aga shinnsear cóir cáich
, agus chum bhfoirtillioth
sé é san mbríogh soin, mar aon le caondúthracht na ndaoineadh d'fhadughadh agus do ghríosughadh d'achtuigh sé iomad deagh- reacht agus dligheadh eagailseamhla san talamh agá chur féin go toileamhail agus go minic fá shaothar, fá chian-aistear agus fá bhaoghal leis an rún reimhráidhte úd.
Caibidil 2. Do rugadh Gillasius so nó Giolla Mhac Liagh i dtuaisceart Éireann, agus is é budh hathair dhó annsin duine uasal maith darab ainm Ruaidhrighe, agus is í aimsir ar a rugadh é an bhliadhain d'aois Chríost ár dTiagharna míle, ceithre fichid agus a hocht. Iar dteacht dó trá chum bheith d'oirbhirt iomchubhaidh agus d'aois le dul dho dhéanadh foghluma do cuireadh ar scoil é dar ghreamuigh sé seal de bhliadhnaibh, agus inar fhoghluim sé na healadhna leitiordha saora go n-éifeacht mar budh follus ar fheabhas na húsáide do rinne sé ina dhiaidh sin dá léigheann in sna céimeannaibh árda chum a rainig sé, farra gur thóig sé mar gach ní eile eolas ar bheith diadha tarcaisneach ar an saoghal go n-a mbí leananta aige. Dá bhríogh so ar mbeith 'na ógánach dhó do thug sé dá aire dul i leith bheith riaghalta ag fóghnadh do Dhia i stáid chrábhaidh, acht nach feas cé an t-órd riaghalta dá raibh sé, óir adeirid daoine gur Chanánach Riaghalta d'órd Naomh Aghustin é, agus daoine eile dá aithris go mbadh manach é d'órd Benedictus naomh, ceist nach gabhaim orm d'fhuascladh, gidheadh, d'fhágbhadar Análacha aosta Éireann dearbha
againn go raibh sé 'na Abb i mainistir oirdheirc Dhoire, muinighthear as Naomh Colum Cille, agus de so, ge be
le mbadh mhaith réidhteach d'fhagháil san gcruas so, deanamh
sé lorgaireacht cé an t-órd riaghalta dá mbeanann
mainistir Dhoire, agus iar bhfagháil fios scéala dhó budh féidir leis meabhair do bhreith cé an t-órd dá raibh Giolla Mac Liagh.
Caibidil 3. Ar mbeith, trá, do Ghiolla trí bliadhna agus triochad d'aois do ghabh sé air féin bheith i gceannas ós príomhmhainistir reimhráidhte Dhoire i nUltaibh ar bhruach Locha Feabhail aga raibh fá'n am sin uachtaránacht ar an gcuid eile d'órd Choluim Cille i nÉirinn, farra gur hárduigheadh í chum bheith 'na cathaoir easboig, dignit atá indiu aice, maille le bheith 'na cathaoir dhi. Iar nglacadh, trá, cumhacht do Ghiolla san áit sin do rinne sé úsáid agus ionghabhail ar a fheidhm mar badh dual ar feadh sé mbliadhna ndéag mar aithrisid analacha na críche. Acht cheana, mar nach ráinig dhúinn léargus d'fhagháil ar eachtraibh uilidhe agus ar ghníomharthaibh an duine naomhtha so (aga mbudh díol ortha gan amhras a dtabhairt chum soluis) éist leis an mhéid seo ad dhiaidh do fuaramar le nochtadh go fírinneach dhuit .i. an daradh bliadhain d'uachtaránacht an duine fhíréanda so i nDoire do thárluigh méadughadh ceana agus onóra don mhainistir sin, ge mór do ghoill an cás as a dtárluigh sin ar Ghiolla agus ar dhaoinibh eile fris. Ag so an cás as analchaibh Éireann fá'n am sin. d'éag an prionsa oirdheirc Domhnall Ua Lochlainn mac mic d'Ardghar Righ Éireann (go háirithe budh rígh é ós tuaisceart Éireann) óir do ghabh Muircheartach Ua Briain flaitheas Éireann ar an aimsir sin, i mainistir Dhoire ina bhfacas
dó críoch do chur ar a shaoghal i bhfochair Ghioll Mhac Liagh, an ceathramhadh lá d'idus Februair i bhféil Miochuarach san oidhche, an treas bliadhain ar sheachtmodhadh
dá aois agus an seachtmhadh bliadhain fichead dá fhlaitheas ós Éirinn, d'éis mórán déirce do dhéanadh dhó ar bochtaibh, agus iomad aisce do bhronnadh d'uaislibh eirusbhach
. Badh deagh-dhuine an prionsa so do sháruigh cách eile i mórdhacht, i gcaithréim, i n-intleacht agus i scéimh. Badh buadhach séanamhail é ina ghnoithibh agus ina éachtaibh eile, agus do halachadh
i mainistir Dhoire é fá dheireadh. An cúigeadh bliadhain d'uachtaránacht Ghiolla i nDoire do thug Ardghar mhac Aodha, taoiseach Oilídh (Ailigh) (áit atá trí mhíle budh thuaidh ó Dhoire agus ann a gcomhnuighidís righthe Éireann roimhe sin) ionnsaighe fhoghlach ar mhainistir Dhoire ag tairgsin éagcóra do dhéanadh ar mhanachaibh, ar chléir agus ar easboig na háite, bíodh go mbudh dlioghthach
urraim agus cádhas do chongbháil don eaglais sin tar cheallaibh eile ar son Choluim Chille do thóig ar tús í agus do ghabh ceannas innti. Gidheadh níor fhuiling Dia cádhas a áite féin do shárughadh amhail súd, ná aindlighe d'imirt ar a fhóghantaibh innti gan díoghaltas do theacht ar na foghladhthaibh. Óir tré dheonughadh speisialta Dé do thógbhadar muintir Dhoire annsin bruthgháir mhór agus a n-airm go líonmhar i n-aghaidh (Ardghar) dar marbhadh go cinneamhnach é ar an mball d'aimhdheoin lucht a chosanta agus an bhorb-bhuidhean do bhí leis. San mbliadhain ndéaghanaigh d'Abbaineacht Ghiolla ós Doire do loisceadh an chathair go haicídeach nó (mar saoiltear) go mailíseach maille re cuid d'aos leanamhna Ardghair do chuir teine fhoghla ós íseal innti, acht nach iad
amháin fuirgne na dtuatadh do milleadh don teine seo, acht fós na cealla go n-ar bheain (bhain) de thighthibh dóibh do doithiogh
iad. Do ghoill go mór ar an duine fíréanda an tóiteán gráineamhail dibhfeirgeach so do theacht ar an áit mbeannuighthe úd le n-a linn féin, agus is móide budh holc leis an mór-mhilleadh do thárluigh ann mar nachar fhéad sé féin fuireach le n-a leasughadh mar budh riachtanas, ar an adhbhar gur tógbhadh é an daradh bliadhain iar sin .i. 1136, nó mar deirid daoine eile 1137, as bheith 'na Abb i nDoire chum ughdaráis phríomhadhachta Árdmacha do ghabháil le a ais ós Éirinn go huilidhe, agus so tré oibriughadh agus tré fhorála Maolmhodhaigh Uí Mhongair aga raibh roimhe sin urlámhachas na n- árd-chumhacht sin, ar an adhbhar, d'éis Árdmacha go n-a chumhachta do bheaint (bhaint) as lámhaibh na seudeasbog
do ghabh anfhlaitheas ria sin san áit, go bhfacas
do Mhaolmhodhaigh mór-ualach agus cúram na dignit sin do thréigean agus Giolla Mhac Liagh d'ainmniughadh agus d'oirneadh innti ina leabaidh féin amhail a d'aithriseamar roimhe so as Bearnard Naomh i mbeatha Mhaolmhodhaigh acht gurab san mbliadhain 1129 d'fhágbhaidh an príomhadh Celsus le hudhacht Maolmhodhaigh do bheith ar n-a thogha ina áit féin, agus gurab dá éis sin do chuir sé a oifige dhe i nÁrdmacha agá leagadh ar Ghiolla Mhac Liagh, mar do fuair sé infeadhma é leis an áit do sheasadh 's le n-a hualach d'fhulaing agus d'ionghabháil. Mar do ghlac trá, Giolla sealbh Árdmacha agus príomhadhacht Éireann i n-áit Mhaolmhodhaigh, do thairg an
Seudeasbog Nigellus (ar a dtangamar ria so i mbeatha Mhaolmhodhaigh) buaidhreamh do chuir air mar do chuir sé ar Mhaolmhodhaigh. Gidheadh ámh, do cuireadh go héigeantach as urlámhachas Árdmacha é le linn Mhaolmhodhaigh. Mar sin do congbhadh amuigh é as seilbh na háite 's na gcumhachta le linn Ghiolla Mhic Liagh, agus de sin iar bhfagháil saoirse do Ghiolla ón mío-shuaimhneas do hobair
a theacht air do thaobh Nigellus, chum go dtaisbeánadh sé é féin 'na oidhre dhioghlais
ar Mhaolmhodhaigh ar feadh na n-ocht mbliadhan ar thriochad do mhair sé 'na phríomhadh ós Éirinn, do chongbhaidh sé agus do chuir chum tosaigh an Reformation agus an leasughadh do thionsgain Maolmhodhaigh roimhe san chrích; ar reachtaibh eagailseamhla, ar choinsias agus ar an uile chórtas, farra gur thairg sé maille re cúram aireach agus le n-a bhuan-tsaothar bárr maitheasa agus feabhais do chur ortha óir do bhídís seanaidí agus comhdhála cléire aige san tír ina gcinneadh agus ina n-achtuigheadh sé órduighthe agus deagh-nósa ag feabhasughadh stáide cille agus tuaithe. Do chaitheadh sé fós aimsir agus duadh le síothcháin agus le fos báidheamhlachta do chongbháil agus do bhuanughadh idir phrionsadhaibh agus árdfhlathaibh na talmhan, ag déanadh iomad siubhail agus cian-aistir do gach leath den chrích leis an toisc seo, agus ag déanadh oifige Phreláide mar budh dual, acht go dtiocfam ina dhiaidh so ar an anshógh líonmhar agus ar an dochar d'fhuilingeadh sé san taobh so, amhail duine apstalta. As so budh hiontuigthe dhuit, a léaghthóir, cionnas do dheonuigh Dia éagsamhlacht dochair, duaidh agus saothair
do theangbháil dó agá iomlat dar leat ó bhuaidhreamh go ró-bhuaidhreadh do réir an tseolta ar an gnáthach leis daoine fíréanda eile d'fhéachain agus do dhearbhadh, ag leagadh láimhe ortha ar uairibh agus agá gcongbháil fá leathtrom ar eagla díomais nó macnas dá n-árdughadh tar cheart agus arís agá bhfóirithin agus agá dtárrtháil uair eile ó chruadhóigh agus ó riachtanas chum nach téighidís fá éadóchas ag tréigean a misnighe go haimhréasúnta. Do fuair iomorra Giolla an dara bliadhain dá fhlaitheas ós Árdmacha adhbhar mór dóláis mar do bhí, cumhna
spioradálta feadheamhuil
Maolpádruig Uí Ghruagain do chailleamhain, deagh-dhuine foghlumtha budh máighistir agus budh hárdoide ós scoltaibh Árdmacha ar tús, agus arís ag glacadh bárr crábhaidh le a ais do thriall sé thart timcheall na críche agá oilithre féin agus ag taisteal ar cheallaibh oirdhearca Éireann nó go ráinig sé oileán Locha Cré darab comhainm Innis na mBeó in-ar éag sé. Ar an mbliadhain 1138 do chuir Giolla roimhe visitation do dhéanadh ar na provinsibh éagsamhla do bhí fá n-a chumhachtaibh d'fhéachain créad an leasughadh do bhí d'easbha ortha, agus dá dhruim sin do thaistil sé an Mhúmhain ar tús agus ar gcríochnughadh a visitation san bprovinse sin d'fhill sé tar a ais go hÁrdmacha, mar ar ghlac siad a mhuintir féin go soilbhir lúthgháireach é; acht nach cian do mhair an lúthgháire sin dó, ar an adhbhar gur éag uaidh ar an mbliadhain sin, an 29 lá de January, cabharthach róthábhachtach, scáthán riaghaltachta eagna agus búidheachta
an leith budh thuaidh d'Éirinn, Maolbhrighde Ua Brolcháin. (Tuig ámh nach raibh i Maolbhrighde acht Easbog nó Abb faoi Ghiolla i nDoire, ag fóghnadh ar a shon amhail bhiocáire genearáilte. Tuig fós gurab ar an mbliadhain sin do theastuigh an Seudeasbog Nigellus iar ndéanadh aithrighe mar budh dual fá n-a Usurpation agus fá n-a aindlighe). Do thriall Giolla an bhliadhain iar sin go Cúige Chonnacht ag déanadh visitation ar an gcúige sin mar ar ghlac Toirdhealbhach Ua Conchubhair, Ríogh na Cúige mar aon agus uaisle na talmhan go ceanamhail ró-onórach é, agus mar ar fhág an Righ cead iomlán aige riaghla agus leasughadh do dhéanadh in gach áit dá dhúithe go huile, i gcásaibh eagailseamhla amhail do chífighe do féin. d'éis, ámh, a visitation agus a ghnoithighe eile do chríochnughadh dhó san tír sin d'fhill sé tar a ais go hÁrdmacha, dá áit féin arís. Budh follas créad dúthrachtaighe an fhoinn do bhí ar an deagh-dhuine beannuighthe fos agus síothcháin d'ollmhughadh agus do chongbháil ar bun idir phrionsadhaibh agus príomhfhlaithibh Éireann, óir ar mbeith do Thoirdhealbhach Ua Chonchubhair, Rígh Connacht, agus do Mhurcha Ua Maolseachlainn, Rígh Midhe, easaontach aimhréidh ar oile do tharraing Giolla ar tús chum coinne iad leath ar leath go hEaglais Chiaráin naomh, mar ar cheangail agus mar ar shnadhmuigh sé síothcháin agus báidh eatorrtha do láthair Altóra cádhasaigh an duine bheannuighthe Ciarán agus na dtaiseadh naomhtha do bhí uirthi, i bhfiadhnaise easbog eile agus cléire do bhí ar an mball, budh comhairleacha leis an tsíothcháin
do dhéanadh agus fós do chuaidh i dtacaidheacht ar a congbhail ar bun abhus agus thall. Gidheadh, go grod d'éis na síothchána so do shnadhmadh amhail seo, do cuireadh i gcéill do Thoirdhealbhach (gion gur bhfíor an aithris) gur bhris Murcha páirt d'airteaglaibh na síothchána do bhí eatorra, agus dá bhríogh soin ar sealbhachas dul do dhéanadh foghla don Mhumhain do chruinnigh sé sluagh lánmhór agus leis an sluagh sin d'ionnsuigh sé go soibionta cealgach an Mhidhe, agus do ghabh sé annsin an Righ Murcha mar aon le furmhór uaisle a thíre fris, agus do thug leis láimhsighthe i mbraighdeanas iad go tor Dhúna-Móir. Mar do chualadh Giolla Mhac Liagh, an príomhadh, Muireadhach Ua Dubhthaigh, Árdeasbog Tuama, agus Abb Foghbhair, Comharba Fheghthin, mar aon le hárd-cheannaibh eile cléire agus tuatadha na críche an scéal so do ghoill ortha go mór an tsíothcháin reimhráidhte d'ollmhadar féin, agus aga ndeachadar i n-urradhas le n-a congbháil slán do gach taobh, do bheith ar n-a sárughadh agus ar n-a briseadh le Toirdhealbhach thar mar do shaoileadar, agus dá dhruim sin do thangadar go sroigh é ag iarraidh air an cás d'fhéachain ar tús maille re examination do dhéanadh air sul do gheabhadh sé ann féin daor-smacht éagcórach d'imirt ar Rígh Midhe agus ar mhaithibh a thíre contrárdha do reachtaibh Dé agus do dhlighe coitcheann na gciniodhach, fris an éigceart do bhí ar n-a déanadh san chás ar eaglais Chríost agus ar na prealáidibh onóracha do tharraing an tsíothcháin úd, agus do ghabh ortha féin nach claonfighe uaithe ar aoin leath.
d'éis, ámh, breathnuighthe iomláin do dhul amach ar an gcúis, níor fríth cionta ar bith do bheith innti do thaobh Mhurchaidh ná go ndearnaidh sé brise
síthe ar Thoirdhealbhach i n-aon phongc dhi. Gidheadh, tairis sin ní bhfuaradar na hEasbuig reimhráidhte, ná fós na huaisle do bhí agá ghuidhe ó Thoirdhealbhach, Murcha ná na Tiagharnaí do bhí i gcomhbhraighdeanas fris do leigean fá réir as a ngéibheann ná bheith síothach leo acht ar choingial
Murcha d'éirighe as urlámhachas ríoghachta na Midhe maille re flaitheas agus le treise na ríoghachta céadna d'fhágbháil ag a mhac féin .i. Conchubhar mhic Toirdhealbhaigh, agus bíodh go mbadh éigceart ródhaor an condar so ar ar aontuigh Toirdhealbhach bheith réidh le Murcha, budh héigean do Mhurcha theacht air d'fhonn suaimhnis agus maitheasa cháich eile san tír i gcoitchinne d'fhás as; acht go raibh súil le Dia ag Giolla agus ag na hEasbogaibh eile do bhí ina fhochair nach fuileongnamh sé aindlighe chomh mór agus comh soiléir agus súd, gan cóiriughadh agus gan díoghaltas, agus leis an intinn sin do thriall siad fá seach dá n-áitibh féin. Gidheadh, do réir bharamhla na bprealáid, ní cian an fhoidhne do rinne Dia re Toirdhealbhach ag cóiriughadh a bhréagfhocail agus a bhrise
síthe air, óir do thogair sé spiorad dhíoghaltais do dhúsacht in Ua Dhiabhlaidhe taoiseach bhFear dTulach, agá ghríosadh chum sluaigh do chóimheagar agus dhéanadh suas i n-aghaidh an anfhlatha Chonchubhair úd le ar marbhadh Conchubhar ag Bealach Muine taobh istigh de leathbhliadhain dá thiagharnas aimhdhlisteanach ós an Midhe. Ag sin agad, a léightheoir, cuid de mhiorbhuille an árd-Dhia.
Ar an dara bliadhain d'éis an éachta úd d'ollmhuigh Giolla Mhac Liagh teine mhór aoil ina raibh seascad troigh ar fad go n-a urdail sin ar leathad i gcoinne eaglaise chaiteadrálta Árdmacha do leasughadh. Do concas
trá do Ghiolla Mac Liagh, an Príomhadh, agus do leagáid apstalta an Phápa .i. Maolmhodhaig Ua Mongair d'aoinintinn luighe ar Reformation do dhéanadh san gcrích agus barr leasuighthe do dhéanadh innti ar caondúthracht cháich agus ar a ndeagh-bhéasaibh. Go háirithe do thangadar ar Phallium do shaothrughadh do chathaoir Árdmacha, agus ar fhios do chur air chum an Phápa ar an adhbhar tar gurab í Árdmacha Metropolis agus príomh-eaglais Éireann ó thús, go raibh sí aimsir fhada roimhe sin ar easbha Pallium. Dá bhríogh so do rinneadar comhdháil ag cruinniughadh cléire Éireann chugtha i nEaglais Innse Pádraig ar an mbliadhain 1148 ina dtárluigh ceann i gceann chúig Easbog déag, dá chéad sagart farra tuille eile cléire farró. d'éis, iomorra, mórán deagh-reacht agus statúideadh somholta d'achtughadh don chléir seo san tseanaid seo Innse Pádraig do thángadar ar an leagáid Maolmhodhaigh do chur uatha i dteachtaireacht chum an Athar naomhtha i gcoinne Pallium d'Árdmacha. Do ghléas, trá, Maolmhodhaigh é féin le dul ar an turas sin. Gidheadh, ní rainig leis teacht do láthair an Phápa ar an eachtra sin, ar an adhbhar gur ghabh galar báis é i mainistir Chlareval san bhFrainc agus gur éag sé den ghalar sin san mainistir chéadna i bhfochair Bhearnaird naomh, an ceathramhadh bliadhain ar chaogad dá shaoghal san mbliadhain reimhráidhte d'aois Chríost
ár dTiagharna. Ní furas ámh faisnéis do dhéanadh créad méad na pudhra sa <'s an> dochair do rinne bás antráthamhail an earlaid <éarlaimh> bheannuighthe seo Maolmhodhaigh do thalamh uilidhe na hÉireann fá'n am úd, ná créad an chumha dhoilioghasach d'fhás ar Giolla Mhac Liagh fá é féin is fá a shár-chumhna do bheaint
de. Gidheadh, níor fhailligh sé fá n-a dhícheall a leaba ar aon do chongbháil suas maille re áit leagáid agus Príomhadh do dhéanadh. Go naire seo do chruinnigh sé ina dháil go cathair Árdmacha Muircheartach Ua Lochlainn prionsa Thíre Eoghain go n- uaisle a dhúithighe agus prionsa Oirghialla mar aon le flaithibh agus le tiagharnaibh Uladh go hiomlán ag snadhmadh báidh agus síothchána eatorrtha agus ag cur agus ag ceangal cháich eile fá umhlacht agus fá ghéilleamh do Mhuircheartach reimhráidhte. Do ghlac cathair Árdmacha teine dar loisceadh trian an bhaile, óir is 'na trí míribh do bhí an chathair fada ó shoin roinnte. Is é am ar a dtárluigh an tóiteán seo d'Árdmacha lá féile Cianáin, an ceathramhadh lá fichead de mhí November, míle céad agus caogad. Do ghoill go trum
an fhoghail seo ar Ghiolla agus de sin do shiubhail sé ar a dhióisis agus do fuair sé ar a chuairt mart (an chuid badh táire dhe) ó gach fear acfaine agus fiche bó ó árdthriath na tíre chum an dochair do rinne an teine úd do leasughadh. Do chuir Eugenius Tertius, an Pápa, ceathra pallia go hÉirinn ar an mbliadhain d'aois Chriost 1152, nó mar deirid daoine eile 1151, chum pallium díobh do bheith i
bpríomh-chathair gach provinse de cheathra provinsibh na ríoghachta. Is d'iarraidh na bpallia so do thriall Naomh Maolmhodhaigh Ua Mongair as Éirinn fá dhó don Róimh, acht go mbadh túisce an bás dá bhreith ná rochtain dó don Róimh mar a raibh an Pápa, an dara feacht, agus bíodh nach raibh do lán súl aige ar a chéad turas don Róimh pallium d'iarraidh acht d'Árdmacha, farra pallium eile do Chaiseal mar aithrisis Bearnard naomh, 'na bheathaidh, tairis sin is baramhlach go raibh aithne agus órdughadh aige an dara huair na ceathra phallia reimhráidhte d'iarradh agus do shaothrughadh amach, ar an adhbhar nach léighmíd misionáir ná teachtaire ar bith eile do dhul as Éirinn don Róimh i gcoinne na gceathra bpallia úd, acht Maolmhodhaigh, agus gurab go grod d'éis a bháis do fríth amach iad .i. i gceann trí mbliadhan. Do thainig, trá, Joannes Paparo, Cardional agus leagáid apstalta extraordináir ón bPápa go hÁrdmacha mar ar ghlac an Príomhadh Giolla go honórach soilbhir é, ag tabhairt aoidheachta dhó ina fhochair féin ar feadh seachtmhaine, agus annsin do chuireadar de thoil a chéile fios agus gairm ar sheanaid agus ar chomhdháil na ríoghachta chum go nglacadaois d'aon aonta an phriviléid agus an onóir do thogair an tAthair Naomhtha do thabhairt dóibh do thaobh na gceathra bpallia reimhráidhte. 'Sí áit in ar chinneadar an tseanaid seo do chruinniughadh i Mainistir Oirdhirc Mhellifont teannta le Droichead Átha .i. príomh-mhainistir úird Cistertium i nÉirinn, mar a
dtainig ann ar cardional reimhráidhte Joannes Paparo, Christianus nó Giolla Chríost Ua Connairche, leagáid Apstalta ordináir na Rómha ós Éirinn, farra mórán easbog, abb, ríogh, diúiceadh agus uaisle Éireann. Do goireadh agus do rinneadh san chomhdháil seo ceathra hÁrdeasboig san ríoghachta .i. Ardmachanus, Dublinensis, Casselensis agus Tuamensis mar atá Áirdeasbog i nÁrdmacha, Áirdeasbog i mBaile Átha Cliath, Áirdeasbog i gCaiseal Mumhan agus Áirdeasbog i dTuaim. Gidheadh atáid Analacha Chluana Aidhneach i Laoighis agus céadfa Dochtúra Céting i naghaidh so, óir is é aithrisid siad nach i Mainistir Mhelifont acht i gCeanannas na Midhe, dá ngoirthear Kells nó Cealla do bhí an tseanaid reimhráidhte cruinn, agus adeirid fós gurab ar an mbliadhain d'aois ár dTiagharna Críosd 1152 ar an Domhnach san Earrach darab ainm Laetare Jerusalem quae est quarta Quadragesima do bhí an chomhdháil sin ann, agus go mbadh bliadhain bhisigh an bhliadhain ar a raibh sí. Aithrisid siad fós gurab é an fear úd Joannes Paparo presbyter Cardinalis Tituli Sancti Laurentii in Damaso ba prefes agus ba ceann ar an tseanaid agus ar an gcomhairle seo ina rabhadar seacht nEasboig fichead cruinn, mar aon le urdail eile sin d'Abbaibh agus de Phríoiribh. Do hórduighadh agus do nósuighadh san tseanaid seo le cumhachtaibh na Rómha agus an Pápa
, Eugenius Tertius, Siomontacht agus Usuiriocht do chuir ar gcúl, agus gan deachmha ar bith d'íoc ná do thabhairt amach acht go conanta
dlisteanach maille re cumhachta apstalta an Phápa do
bheith ag an té do gheabhadh air a glacadh. Do tuga
arís (mar dubhramar roime) ceathra Pallia do cheathra príomhchathaoiribh Éireann .i. Áth Cliath, Caiseal, Tuaim agus Árdmacha, acht gur fágbhadh ag Áirdeasbog Árdmacha (mar budh cubhaidh) bheith 'na phríomhadh ós cionn cháich eile i ríoghacht Éireann. Iar gcríochnughadh, trá, na cómhairle seo Cheanannais do ghabh an Cárdinal Paparo long agus do thriall sé tar a ais ar an naomhadh callain d'Aibreán. Ag so, ámh, na heasboig do bhí san gcomhdháil seo Cheanannais agus a n-anma .i. Giolla Críost Ua Conairche, Easbog Leasamóir agus leagáid an Phápa i nÉirinn, Giolla Mhac Liagh, Comharba Phádroig agus Príomhaidh Éireann, Doncha Ua Lonargain, Áirdeasbog na Mumhan, Grennius nó Gregoruis nó Greoghair, Easbog Átha Cliath, Giolla na Naomh Laighneach, Easbog Ghlinn-da-loch, Dunghall Ua Collaidhe, Easbog Lethghlinne, Fostius, Easbog Phoirtlairge, Domhnall Ua Foghartaighe, Biocáire Genarálta Osraighe, Fionn mac Cianáin, Easbog Cille Dara, Giolla an Choimdhe Ua hÁrdmhaoil, Biocáire Easbog Imligh, Giolla Aodha Ua Maighin, Easbog Chorcaighe, Macronáin, Comharba Bréanainn agus Easbog Ciarraidhe, Turgesius Easbog Luimnighe, Muircheartach Ua Maoluidhir, Easbog Chluana Mhic Nóis, Maolíosa Ua Connachtain, Easbog oirthir Connacht, Ua Ruainic, Easbog Luighne, Macrait Ua Móráin, Easbog Connmhaicne I Bhriuin, Muireadhach Ua Cobhthaigh, Easbog Cinidhil Eoghain, Maolphádruig Ua Banáin, Easbog Dáilriada, agus Maoilíosa Mac Cléirigh chóir, Easbog Uladh. Do críochnuigheadh an tseanaid seo
an lá roimh iodas Márta iar ndéanadh certuighthe agus leasuighthe ar Easbogóideachtaibh Éireann innti. Tuigeadh an léighthóir annso tar a n-abraim (mar mhaoidheas Eoin Mac Colgan) go rabhadar ceathra háirdeasboig i nÉirinn roimh aimsir Eugenius Tertius, mar do bhí Áirdeasbog san bprovinse do cheathra provinsibh na críche .i. provinse Uladh, provinse Laighan, provinse Mumhan agus provinse Connacht, gidheadh, níor ghnás aca áirdeasbogóideachta na provinse do bheith greamuighthe d'aon chathaoir amháin de shíor; leath amuigh de Phrovinse Uladh, ina mbíodh de ghnáth Áirdeasbogóideacht na Provinse sin leananta ag Árdmacha. Acht samhla
do bhíodh Áirdeasbogóideacht gach provinse den triúr eile do réir mar do toghthaighe duine Eaglaise innti agus mar do thairngeadh pearsa, foirfeacht agus iomláine an duine chuige é. Tuigeadh sé fós nach cleachtdaois na hÁirdeasbuig seo ná aon ar bith dhíobh Pallium do bheith aca roimh an gcomhdháil seo Cheanannais, acht go scríobhann Jocelinus i mbeatha Phádraig go bhfuair Pádraig ón bPápa pallium do féin agus do chathaoir Árdmacha farra bheith 'na leagáid apstalta dhó ós Éirinn, ge do cuaidh an pallium sin agus a úsáid as taithighe abhfad do aimsir iar sin nó gur hathnuadhadh iad le linn Eugenius Tertius agus Seanaide Cheanannais. Tuigeadh sé arís gurab mó an líon Easboig do bhí i nÉirinn fá'n am úd ná mar chuireas an chaitilog úd síos, óir ní labhrann sí ar Aodh Ua Oisin do fuair ar an aimsir sin pallium de na ceathra pallia úd agus bheith 'na Áirdeasbog i dTuaim. Ní aithriseann fós an catalóg úd do bheith
d'easbogaibh i nUltaibh acht triúr agus an urdail eile i gConnachtaibh, bíodh gurab áirithe uimhir Easbog budh mó iná sin do bheith san dá chúigeadh reimhráidhte, cás dearbhthar agus beaintior
as an líon easbog do bhí cruinn roimhe súd ag an bpríomhadh Celsus i seanaid i bhFiagh-mhic- Aongasa 1112 ina rabhadar caogad Easbog farra a chéile mar aon le 316 Abb, Príoir agus Sagart. Léaghmaoid fós do chruthughadh an cháis sin go rabhadar i seanaid eile budh déaghanaighe ná comhdháil Cheanannais chúig Easbog fichead san mbliadhain 1158 agus gan Easbog ar bith Connachtach ortha so. Atá baramhail eile fós le tabhairt nach rabhadar cliar Uladh ná a nEasboga go huilidhe san tseanaid seo Cheanannais, ar an adhbhar mar mhaoidheas Dochtúir Cétin - i righe Mhuircheartach mhic Lachloinn - nach de thoil ná d'aonta chléire Árdmacha ná Dhúna Pádruig do fuair Átha Cliath ná Tuaim an dá phallium do dáileadh dhóibh annsúd óir do concas
dóibh go mbadh leor dá Áirdeasbog agus dá phallium san ríoghacht .i. pallium i nÁrdmacha agus pallium eile i gCaiseal Mumhan. Mar do críochnuighadh, ámh, an tseanaid seo Cheanannais, do rinne Giolla Mhac Liaigh turas go Cúigeadh Chonnacht ge be
fáth mar ar ghlac Ua Conchubhair, Rígh Connachta, go honórach ceanamhail é, ar mbronnadh fáinne óir dhó ina raibh fiche unsa meadhachain. d'fhill tar ais as Connachtaibh go hÁrdmacha mar aon agus an Bhainríoghan chráibhtheach choinsiasach chaoin 'na chuideachta .i. Deargmhorgaill, inghean Domhnaill. Ba bainchéile an ríoghan so fá seach do dhá rígh, mar do bhí Muircheartach Ua Briain
agus Toirdhealbhach Ua Conchubhair. Deirthear, ámh, gur éag an deaghbhainríoghan so go haithrigheach críostamhail i nÁrdmacha ar an mbliadhain sin féin in ar hadhlacadh a corp mar budh cubhaidh agus mar budh dual. Ar an mbliadhain dá éis siúd do bhí comhdháil oirdhirc i mainistir Mhelifont do láthair an leagáide Apstalta Giolla Críost agus comharba Phádruig Giolla Mhac Liagh. Do bhí ar an gcruinniughadh so seacht nEasbog déag, farra mórán de phrealáidibh eile as órdaibh riaghalta. Do bhí fós san gcomhdháil seo Muircheartach Ua Lachloinn, Áirdrigh Éireann, Ua hEochadha, Rí Uladh, Tiarnán Ua Ruairc, Prionsa Breifne, agus Ua Cearbhaill, Prionsa Oirghialla, go dtuille d'uaislibh eile na críche. Is í ba toisc don chruinniughadh corp na hEaglaise úd Mhelifont do naomhchoisreagadh, acht gur heascaineadh agus gur coinneallbháthadh ann Donncha Ua Maelseaclainn, Righ Midhe, agus de dhruim na bainge sin do chuireadar na prionsaidhe reimhráidhte as a fhlaitheas é ag tabhairt a áite agus a thiagharnais dá dhearbhráthair Diarmuid. Do bhronn an tÁrdrigh Muircheartach mar dhéirc do Dhia agus do mhanachaibh Mhelifont seacht bhfichid bó, farra trí fichid onsa óir. Do thug sé fós fris súd don mhainistir sin fearann teannta léi féin darbh ainm Fionnbhuir na nInghean. Do thug arís Ua Cearbhaill trí fichid eile onsa óir do na manachaibh céadna. Do bhronn amhail sin bean Tiagharnáin Uí Ruairc, inghean Phrionsa na Midhe, an urdail eile sin d'ór farra cailís óir don mhainistir agus culadh Aifrinn do gach altóir dá raibh innti eadhon naoi gcultachadh.
Do chruinnigh iar sin an leagáid Giolla Críost (agus an Príomhadh Giolla Mhac Liagh ina fhochair) seanaid cléire na críche i nIbh Laoghaire san áit re a ráidhtear Briothaigh ina rabhadar cúigear agus fiche easbog agus inar cuireadh órduighthe síos ar leasughadh béas cháich. Do hachtuigheadh fós innti Cathaoir Easbuig do thabhairt i nDoire do Fhlaithbheartach Ua Bhrolcháin, Comharba Coluim Cille agus dearbhráthair do Mhaoilbrighde ar a dtangamar roimhe agus farra bheith dhó 'na Easbog san áit sin ceannas d'fhagháil dó ós mainistribh agus ós Abbaineachtaibh eile Éireann. Badh disciobal an Flaithbheartach so ria sin do Ghiolla Mhac Liagh ar mbeith dhó 'na Abb i nDoire. Acht cheana, ge
go mbadh líonmhar an tSeanaid seo do bhí i mBriothaigh ní rabhadar cliar Chonnacht innti, ar an adhbhar gur fhoghladar agus gur mharbhadar ceathearn
tighe Dhiarmuda Uí Maoilseaclainn, Ríogh Midhe, iad agus iad ag triall ar an tSeanaid agus iad ag fágbháil Chluana-mhic-nóis soir farra dís díobh do mharbhadh, cúis do thug fá deara dhóibh gan dul ar a n-aghaidh ná bheith ar an gcomhdháil mar an gcuid eile de chléir na talmhan. Do fuair Grennius nó Gregorius nó Griodhoir Áirdeasbog Átha Cliath bás fá an am so ar an mbliadhain 1161, iar mbeith dhó 'na phrealáid ós an áit dhá fhichid bliadhan agus sé lá. Badh duine maith an Greoghair seo. d'éis, ámh, a bháis do thogh Giolla Mhac Liagh an Príomhadh de chomhaonta cille agus tuaithe comharba Chadhain agus Abb Glinn-da-loch an duine fíréanda cóir Laurentius
nó Lorcán Ua Tuathail le áit agus le dignit Ghreoghaira do ghlacadh i nÁirdeasbogóideacht Átha Cliath, acht nach mór gurab dá dheoin do fríth ó Lorcán an onóir seo do ghlacadh le a ais, ge d'aontuigh sé fá dheoidh a glacadh ar chomhairle cháich chum na maitheasa poiblidhe do chur ar a haghaidh. Do chruinnigh Giolla Mhac Liagh, an Príomhadh, seanaid eile cléire i gcúigeadh Laighean ar an mbliadhain 1162 san áit dá ngoirthear Claonadh inar shuidheadar 26 easbog mar aon le mórán Abb agus cléire eile. Do cinneadh agus do hórduighadh reachta maithe agus deagh-statúidí san tseanaid seo ar bhéasaibh cháich do leasughadh agus d'fheabhasughadh farra go dtangadar d'aon intinn gan aoinneach do bheith ionghlactha san Eaglais 'na dhiadhaire ná 'na fhear léighinn acht duine do chaithfeadh aimsir iomchubhaidh le foghluim do thógbháil i bpríomh-scoil nó in universitigh Árdmacha, agus nach mó ná maille le a léigheann do dhéanadh amhail sin dó san universitigh reimhráidhte budh hionmheasta é bheith infheadhma leis an scrioptúir naomhtha do mhíniughadh agus do theagasc do chách. Ní hé amháin, máiseadh, Naomh Ghiolla Mhac Liagh dá chur féin mar so fá shaothar agus fá chúram acht tar bheith meirbh aosta dhó, ní fhilleadh sé ó dhochar ná ó anshógh ar bith budh fhéidir do theangbháil dó i slighe riachtanasaigh sheirbhíse Dé nó tairbhe na ndaoineadh do chur chum tosaigh, agus dá bhríogh sin d'éis seanaide Chlaonaidh do chríochnughadh d'fhill sé go hÁrdmacha dá dhióisis féin mar a ndearnaidh sé visitation ag ceartughadh agus ag leasughadh gach mío-
nóis agus gach aindlighe dá bhfuair sé
bhfás eatorrtha, ag tabhairt fá deara dhóibh dlighe Dé, reacht na hEaglaise agus deagh-statúidí cléire na ríoghachta do chongbháil agus imtheacht dá réir, agus is é aithrisid analacha Éireann le n-a linn féin air gur chriothnuigh sé dúthracht chomh mór agus sin le reformation do dhéanadh ar bhéasaibh cháich ina aimsir féin ionnas nach dearnadh a shamhail (go háirithe ní budh fearr) abhfad roimhe ná ina dhiaidh. Ar an mbliadhain 1165 do fuair óglaoch Dé Giolla siocair le a fhoidhne do dhearbhadh, óir do éirigh Eocha Mhac Duinshléibhe, Rí Uladh, i gcogadh in aghaidh Mhuircheartaigh mhic Lachlainn, Áirdrigh Éireann (cás do ghoill ar Giolla), agus ar sealbhachas díoghaltas do dhéanadh ar Mhuircheartach fá éagcóir adubhairt sé do dhéanadh do Mhuircheartach air do mhill sé a dhúithe agus a dhaoine ag déanadh creach, loiscthe, agus marbhtha ortha go háirithe i nIbh Méata, i nDáilriada agus i dtíorthaibh eile do bheain
do Mhuircheartach. d'fhearguigh Muircheartach go mór de so agus iar gcruinniughadh a shluaigh d'ionnsuigh sé cúigeadh Uladh agus do rinne sé annsin samhail gach dochair dá ndearnadar na hUltaigh roimhe air, agá gcreachadh, ag loscadh agus agá marbhadh, agus iar gcur Eochaidh ar díbirt as a thiagharnas agus as a thalamh, do ghabh agus do rinne sé braighde d'uaislibh a thíre agá dtabhairt i ngéibheann leis go hÁrdmacha. Ar mbeith, iomorra, don Áirdrigh Muircheartach ar an seola so do chuir Eocha teachta ina dháil ag iarraidh síothchána agus réidhte air. Do labhair fós Donncha, Righ Oirghialla, farra Giolla agus farra cléir
Uladh ar a shon ag dul i dtacaidheacht agus i n-urradhas air agus ag gealladh nach cuirfeadh sé fearg ní budh mó air, agus dá dhruim sin d'aontuigh Muircheartach réidhteach agus síothcháin do snadhmadh leis, acht nach cian do mhair an bháidh sin eatorrtha. Do thárluigh, trá, adhbhar eile dóláis d'fhóghantach nDé do Ghiolla, .i. urmhór caithreach Árdmacha do loscadh agus do milleadh
idir thighthibh cille agus tuaithe agus mar bhárr géaruighthe ar bhrón an naoimh san chás so do concas
don Áirdrigh Muircheartach camleithscéal do ghlacadh chum Eocha, Prionsa Uladh, ag rádh ag cumadh air gur bhris sé an tsíothcháin do bhí roimhe ar n-a déanadh eatorra agus ar shealbhachas na bréag-chúise seo do ghabh sé é agus fós do bheain
sé a dhá shúil as, d'aimhdheóin ar cheangal na síothchána reimhráidhte eatorra gur luigheadar fá mhionna na Baicle Íosa ag altóir mhóir Árdmacha i bhfiadhnaise a Ghiolla, cléire Uladh agus prionsa Oirghialla fá gan an tsíothcháin úd do bhriseadh. Do ghoill go rómhór an feallbheart so do rinne Muircheartach go míochoingheallach in aghaidh Eochaidh ar Ghiolla. Gidheadh, ní fada gur chóirigh Dia an droch-ghníomh mailíseach so ar Muircheartach ag deónughadh an phrionsa reimhráidhte Oirghialla do ghríosughadh 'na aghaidh, óir d'fhearguigh sé go mór agus do ghoill air an brise
síthe agus an feall do rinne Muircheartach ar Eochaidh, agus ní ar Eochaidh amháin acht airsion, ar an gcléir, agus fós ar Dhia, agus dá bhrígh sin do chruinnigh sé sluagh de mhuintir a thíre féin farra tionól daoineadh do tháinig
dá chabhair as cúigeadh Chonnacht agus leis na sluaighthibh sin d'ionnsuigh sé Muircheartach chum díoghaltas d'imirt air 'na mhío-choingheall ar Eocha. Do fhreagair, ámh, Muircheartach é don leath eile le mór-shluagh do chóimheagair sé ina aghaidh agus ar dteangbháil don dá shluagh so dá chéile ag Litir-Loin i bhFiodh-Ua-nEathach i nUltaibh do briseadh do Mhuircheartach is do marbhadh é féin go n-uaisle a mhuintire. Is fíor go mbadh calma ceartbhreathach an prionsa Muircheartach roimhe súd, gidheadh, níor bhudh áil le Dia gan na droich-mhionna do thug sé i bhfiadhnaise Altóra Phádruig i nÁrdmacha, fris an éagcóir do rinne sé ar a fhóghantach féin Giolla (ag ar chuir sé i dtacaidheacht air é d'Eochaidh righ Uladh) do leigean leis gan díoghailt. Iar dtuitim, trá, do Mhuircheartach mhac Lachlainn amhail súd i gcath Leitre-Loin, do ghabh Ruaidhrighe Ua Conchubhair, Righ Connachta, Árdfhlaitheas Éireann ina áit, agus mar do thárluigh is sna cumhachtaibh sin é, do thug sé ceann ar oile comhdháil sonrádhach cléire, agus uaisle Leatha Cuinn dá láthair san ionad darab ainm Áth Buidhe Tlachta is san mbliadhain 1167. Do bhí an príomhadh Giolla Mhac Liagh ar an gcruinniughadh so, Lorcán Ua Tuathail, Áirdeasbog Átha Cliath, Cadhla Ua Dubhthaigh, Áirdeasbog Chonnachta, farra iomad de phríomh-chléir eile. Do bhí fós d'uaislibh na críche ar an gcomhdháil seo fris an Áirdrigh Ruaidhrighe, Eocha Ua Duinshléibhe, Righ Uladh, Diarmuid Ua Maoilseaclainn, Righ Midhe, Tiagharnán Ua Ruairc, Prionsa Breifne, Donncha Ua Cearbhuill, Prionsa
Oirghialla, Donncha Ua Faoláin, Prionsa Déiseach, Raghnall mhac Raghnaill, Prionsa Duibhlinne, agus mórán eile de fhlathaibh agus d'uaislibh Éireann, ionnas go rabhadar cruinn annsin ceann i gceann trí mhíle marcach. Do hachtuighadh agus do nósuighadh san gcomhdháil seo iomad reacht agus deagh-dhligheadh do bheain
le leasughadh na maitheasa poiblidhe, le síothcháin do shocrughadh idir chách san talamh agus fós le priviléidibh agus le saoirse na gceall do bheith ar bun, agus fá dheireadh do chuir an tÁrdrigh Ruaidhrighe d'fhiachaibh ar Ibh Failge aisiog do thabhairt don phríomhadh i n-áirnéis agus i maoinibh eile do bheain
siad go héagcórach de roimhe sin. Dá éis seo ar an mbliadhain 1160 do ghabh fonn agus dúil mhór an tÁirdrigh stuidéar agus foghluim cháich do chur ar aghaidh in universitigh Árdmacha, agus dá dhruim sin do mhéaduigh sé tuarastal an Áirdoide nó an Phríomh- mháighistir do bhí ós na scoltaibh. Annsin ag tabhairt deich mba de bhárr tuarastail dó gach bliadhain tar an stipind budh cleachta leis d'fhagháil go bliadhantamhail ria sin, agus fós do fhágbhadh sé d'fhiachaibh achtuighthe ar a oidhribh go bráth ina dhiaidh, an líon bó so d'íoc ón mbliadhain go a chéile leis an Áirdoide do bheith ós an áit ar eacht go mbeith léigheann dá mhúineadh go coitcheann agus de shíor sa universitigh d'Éireannachaibh agus d'Albanchaibh gan diúlta
ar cheachtar den dá chine sin. Bíodh má seadh go raibh an duine naomhtha so Giolla meirbh laigbhrioghach tré aois, tré shaothar agus tré ghnáth-
aistear (óir do bhí sé fá'n am sin 86 bliadhain d'aois) do bhí áilgeas chomh mór agus sin ar leis an gcreideamh dfadógh
agus do ghabhludh
agus ar leas an phobail do dhéanadh agus an t-ualach do bhí air dhá dtaobh do chur dhe agus d'iomchar mar budh dual ionnas nach geabhadh sé gan teacht go provinse Connachta ar visitation, iar ndéanadh visitation roime ortha fá thrí; agus d'éis visitation agus gach gnoithighe eile budh hindéanta dhó do chríochnughadh i gConnachtaibh d'fhill sé go cúigeadh Uladh ag déanadh na feadhma céadna innti, agus fá dheireadh d'éis na dtaisdeal do chuaidh sé dá áit féin go hÁrdmacha, mar ar thairg sé fuigheall a bheatha as sin amach do chaitheamh le contemplation agus le bheith ag deagh-smuaineadh ar neithibh diadha neamhdha. Iar so fá dheoigh do fuair an tÁirdeasbog naomhtha so Árdmacha agus Príomhadh oirdhirc Éireann Giolla Mhac Liag mhac Ruaidhrighe bás nó malairt beatha ar fheabhas Céadaoin Chásc, an 27 lá de Mhárta ar an mbliadhain d'aois Chríost Mhic na Maighdine 1174, agus fós san mbliadhain dá shaoghal féin 87, iar mbeith i n-urlámhchas phríomhadhachta Éireann 38 bliadhan farra bheith roimhe dho 'na Abb i nDoire Choluim Cille sé bliadhna déag. 'Sí teist atá air ag Analachaibh Éireann ina aimsir féin go mbadh duine maith fíréanda é ina raibh biothghlaine óghánta chuirp agus choinsiais, farra bheith glórmhar deaghchludhach dó i bhfiadhnaise Dé agus an tsaoghail, agus go fírinneach níor bhréagach an moladh so, má mheasmaoid méid agus áilgiosaidhe an fhuinn do bhí de shíor ar an
naomh so fóghnadh go dúthrachtach do Dhia agus go ró-ionraic, agus cách eile d'ollmhughadh agus do ghríosughadh chum seirbhíse dhó. Is iontuigthe so as déine agus as daoire an chúraim sa <'s an> tsaothair do ghabh sé le a ais fá visitation minic do dhéanadh san gcrích agus fá sheanaidibh líonmhara cléire do chruinniughadh chum dlighe Dé agus reachta na hEaglaise do chur ar aghaidh agus do chongbháil ar bun san talamh. Ní holc fós an foillsiughadh ar an gcás so a fheabhas de cheann do thuigse agus do shás réidhte idir lucht eisíth agus luigheadh na tursa
agus an mhamachais do bhíodh air ag tarrang síothchána agus ag snadhmadh báidh idir Ríoghthaibh agus Árdfhlathaibh Éireann, agus ag dhá
gcongbháil i gcumann agus i seircshíth mar sin le a chéile, cás ina gcuireadh sé é féin go minic i ndoghrainn agus i mbaoghal, acht go n-abair Críost gurab beannuighthe an drong shíothach agus gurab clann toghtha do Dhia iad. Chongbhuigh Martirologium Éireann féil agus saoire don naomh so ar an 27 lá de Mhárta, mar is ar an lá sin d'éag sé, acht nach éag dá ríribh a éag acht Natalis nó geineamhain spioradálta lé a rugadh do Dhia é i gcoinne bheith beó go suthain marthanach. Amen. Ag so críoch agus finit ar bheatha agus ar bhás an dá phrealáid oirdhirc uasal lán-naomhtha, Malachy nó Maolmhodhaigh Ua Mongair agus Gillasius nó Giolla Mac Liagh mac Ruadhrighe. 1774 Guidh a léightheóir ar anam an scríbhneoir B.Ó F.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services