Beatha Gillasius Ardmachanus.
Caibidil 1.
Ar mbeith d'oileán Éireann fá chogadh agus fá ghlic <ghleic> le naimhdibh
danarrdha as Dania (dá ngoirmid Críoch Lochlann) agus as Normandia na
Fraince, timcheall dá chéad bliadhain do chuireadar fá dheireadh Gaodhail
Éireann forfhlaitheas agus anchumhachta Lochlannach ar gcúl díobh.
Gidheadh, iar scaradh dhóibh leis an daor-mhodhsaine fá a rabhadar ar an
bhfad sin ag Lochlannaibh d'fhás eisíth, anbhuaidhreamh agus cogadh mór idir
árdfhlathaibh agus prionsadhaibh na ríoghachta, ag déanadh imreasán agus ag
teacht go namhadach ar bhéalaibh a chéile fá árd-thiagharnas uilidhe na
críche, cogadh inmheadhanach catharrdha do mhair eatorra san tír istigh
tuairim céad bliadhain go tuille. Do thainig as so go rugadar cách i
gcoitchinne ar bheith lochtach míchoinsiasach, ionnas gur chlaochlaidh go
mór maith phuiblidhe agus deagh-bhéasamhlacht na hÉireannach do thaobh
úsáide a gcreidimh agus a gcoinsias, tar go rabhadar abhfad roimhe sin
oirdheirc deaghchludhach in sna cásaibh sin. Acht cheana, Dia lán-
trócaireach nach tréigeann a mhuintir féin ina ndaor-chruadhóig, ar
bhfaicsin an chlaodhchladh <chlaochlódha> agus an mheirbhthin úd ag fás ar a
fhíorchreideamh féin agus ar chrábhadh chách i nÉirinn, farra gach cúis
dár bheain <bhain> dó san i mbaoghal, do thairg sé a fhóirithin agus
tárrthail éifeachtach do thabhairt ortha, i dtosach na daradh haimsire déag
nó go grod roimhe óir is fá an n-am sin do thárluigh an claochlódh
reimhráidhte ag dúsacht chugtha uimhire de shaor-naomhaibh agus agá
dtabhairt dóibh
(amhail scaoith de réaltaibh luinneardha ag gabháil sholais ón ngréin), iar
bhfagháil soillse subháilceadh agus maitheasa uaidh san grian an cheirt, dá
dtainig ciarcheó dorcha locht, agus aindlighe na ndaoineadh do thógbháil
díobh agus do chur ar neimhní, mar aon le gnás an tsean-chreidimh fhírinne
d'athnuadhadh agus do thabhairt chum na stáide ar a raibh sé roimhe ó thús
san gcrích, nó ar seólamh budh fearr. Imeasc, ámh, na fóirne seo d'órduigh
agus d'ollmhuigh ár dtiagharna le n-a chreideamh féin, farra devosion
cháich amhail so d'aithleasughadh agus do chur 'na suidhe mar badh dual.
Badh hiad Prímhchinn feadhna na buidhne agus cháich eile fán am sin Celsus
Árdeasbog agus Príomhaidh Árdmacha, agus a oidhre sin arís Maolmhodhaigh
Ua Mongair, do ghabh áit san bpríomhadhacht farra bheith 'na leagáid
Apstaldha dhó ón bPápa ós Éirinn uile, agus arís Giolla Mac Liagh dar
goireadh príomhadh Éireann i leabaidh Mhaolmhodhaigh, duine maith fíor-
abstalta dha ríribh do rugadh i gcoinne leasa agus tairbhe do dhéanadh
d'Éirinn agus chum mór-chomaoine do chur ar chreideamh Chríost innti,
óir, chum go dtugadh sé aisiog dhó go hiomlán san mbríogh do bhí roimhe ann
aga shinnsear cóir cáich <cáidh>, agus chum bhfoirtillioth <go
bhfoirtilleadh> sé é san mbríogh soin, mar aon le caondúthracht na
ndaoineadh d'fhadughadh agus do ghríosughadh d'achtuigh sé iomad deagh-
reacht agus dligheadh eagailseamhla san talamh agá chur féin go toileamhail
agus go minic fá shaothar, fá chian-aistear agus fá bhaoghal leis an rún
reimhráidhte úd.
Caibidil 2.
Do rugadh Gillasius so nó Giolla Mhac Liagh i dtuaisceart Éireann,
agus is é budh hathair dhó annsin duine uasal maith darab ainm
Ruaidhrighe, agus is í aimsir ar a rugadh é an bhliadhain d'aois Chríost
ár dTiagharna míle, ceithre fichid agus a hocht. Iar dteacht dó trá chum
bheith d'oirbhirt iomchubhaidh agus d'aois le dul dho dhéanadh foghluma do
cuireadh ar scoil é dar ghreamuigh sé seal de bhliadhnaibh, agus inar
fhoghluim sé na healadhna leitiordha saora go n-éifeacht mar budh follus ar
fheabhas na húsáide do rinne sé ina dhiaidh sin dá léigheann in sna
céimeannaibh árda chum a rainig sé, farra gur thóig sé mar gach ní eile
eolas ar bheith diadha tarcaisneach ar an saoghal go n-a mbí leananta aige.
Dá bhríogh so ar mbeith 'na ógánach dhó do thug sé dá aire dul i leith
bheith riaghalta ag fóghnadh do Dhia i stáid chrábhaidh, acht nach feas cé
an t-órd riaghalta dá raibh sé, óir adeirid daoine gur Chanánach Riaghalta
d'órd Naomh Aghustin é, agus daoine eile dá aithris go mbadh manach é
d'órd Benedictus naomh, ceist nach gabhaim orm d'fhuascladh, gidheadh,
d'fhágbhadar Análacha aosta Éireann dearbha<dh> againn go raibh sé 'na Abb i
mainistir oirdheirc Dhoire, muinighthear as Naomh Colum Cille, agus de
so, ge be <cibé> le mbadh mhaith réidhteach d'fhagháil san gcruas so,
deanamh <déanadh> sé lorgaireacht cé an t-órd riaghalta dá mbeanann
<mbaineann> mainistir Dhoire, agus iar bhfagháil fios scéala dhó budh
féidir leis meabhair do bhreith cé an t-órd dá raibh Giolla Mac Liagh.
Caibidil 3.
Ar mbeith, trá, do Ghiolla trí bliadhna agus triochad d'aois do ghabh sé
air féin bheith i gceannas ós príomhmhainistir reimhráidhte Dhoire i
nUltaibh ar bhruach Locha Feabhail aga raibh fá'n am sin uachtaránacht
ar an gcuid eile d'órd Choluim Cille i nÉirinn, farra gur hárduigheadh í
chum bheith 'na cathaoir easboig, dignit atá indiu aice, maille le bheith
'na cathaoir dhi. Iar nglacadh, trá, cumhacht do Ghiolla san áit sin do
rinne sé úsáid agus ionghabhail ar a fheidhm mar badh dual ar feadh sé
mbliadhna ndéag mar aithrisid analacha na críche. Acht cheana, mar nach
ráinig dhúinn léargus d'fhagháil ar eachtraibh uilidhe agus ar
ghníomharthaibh an duine naomhtha so (aga mbudh díol ortha gan amhras a
dtabhairt chum soluis) éist leis an mhéid seo ad dhiaidh do fuaramar le
nochtadh go fírinneach dhuit .i. an daradh bliadhain d'uachtaránacht an
duine fhíréanda so i nDoire do thárluigh méadughadh ceana agus onóra don
mhainistir sin, ge mór do ghoill an cás as a dtárluigh sin ar Ghiolla agus
ar dhaoinibh eile fris. Ag so an cás as analchaibh Éireann fá'n am sin.
d'éag an prionsa oirdheirc Domhnall Ua Lochlainn mac mic d'Ardghar Righ
Éireann (go háirithe budh rígh é ós tuaisceart Éireann) óir do ghabh
Muircheartach Ua Briain flaitheas Éireann ar an aimsir sin, i mainistir
Dhoire ina bhfacas <bhfacthas> dó críoch do chur ar a shaoghal i bhfochair
Ghioll Mhac Liagh, an ceathramhadh lá d'idus Februair i bhféil
Miochuarach san oidhche, an treas bliadhain ar sheachtmodhadh
dá aois agus an seachtmhadh bliadhain fichead dá fhlaitheas ós Éirinn,
d'éis mórán déirce do dhéanadh dhó ar bochtaibh, agus iomad aisce do
bhronnadh d'uaislibh eirusbhach <uireasbhacha>. Badh deagh-dhuine an
prionsa so do sháruigh cách eile i mórdhacht, i gcaithréim, i n-intleacht
agus i scéimh. Badh buadhach séanamhail é ina ghnoithibh agus ina éachtaibh
eile, agus do halachadh <hadhlacadh> i mainistir Dhoire é fá dheireadh.
An cúigeadh bliadhain d'uachtaránacht Ghiolla i nDoire do thug Ardghar
mhac Aodha, taoiseach Oilídh (Ailigh) (áit atá trí mhíle budh thuaidh ó
Dhoire agus ann a gcomhnuighidís righthe Éireann roimhe sin) ionnsaighe
fhoghlach ar mhainistir Dhoire ag tairgsin éagcóra do dhéanadh ar
mhanachaibh, ar chléir agus ar easboig na háite, bíodh go mbudh dlioghthach
<dleaghthach> urraim agus cádhas do chongbháil don eaglais sin tar
cheallaibh eile ar son Choluim Chille do thóig ar tús í agus do ghabh
ceannas innti. Gidheadh níor fhuiling Dia cádhas a áite féin do shárughadh
amhail súd, ná aindlighe d'imirt ar a fhóghantaibh innti gan díoghaltas do
theacht ar na foghladhthaibh. Óir tré dheonughadh speisialta Dé do
thógbhadar muintir Dhoire annsin bruthgháir mhór agus a n-airm go líonmhar
i n-aghaidh (Ardghar) dar marbhadh go cinneamhnach é ar an mball
d'aimhdheoin lucht a chosanta agus an bhorb-bhuidhean do bhí leis.
San mbliadhain ndéaghanaigh d'Abbaineacht Ghiolla ós Doire do loisceadh
an chathair go haicídeach nó (mar saoiltear) go mailíseach maille re cuid
d'aos leanamhna Ardghair do chuir teine fhoghla ós íseal innti, acht nach
iad
amháin fuirgne na dtuatadh do milleadh don teine seo, acht fós na cealla go
n-ar bheain (bhain) de thighthibh dóibh do doithiogh <dóghadh> iad. Do
ghoill go mór ar an duine fíréanda an tóiteán gráineamhail dibhfeirgeach so
do theacht ar an áit mbeannuighthe úd le n-a linn féin, agus is móide budh
holc leis an mór-mhilleadh do thárluigh ann mar nachar fhéad sé féin
fuireach le n-a leasughadh mar budh riachtanas, ar an adhbhar gur tógbhadh é
an daradh bliadhain iar sin .i. 1136, nó mar deirid daoine eile 1137, as
bheith 'na Abb i nDoire chum ughdaráis phríomhadhachta Árdmacha do
ghabháil le a ais ós Éirinn go huilidhe, agus so tré oibriughadh agus tré
fhorála Maolmhodhaigh Uí Mhongair aga raibh roimhe sin urlámhachas na n-
árd-chumhacht sin, ar an adhbhar, d'éis Árdmacha go n-a chumhachta do
bheaint (bhaint) as lámhaibh na seudeasbog <pseudeasbog> do ghabh
anfhlaitheas ria sin san áit, go bhfacas <bhfacthas> do Mhaolmhodhaigh
mór-ualach agus cúram na dignit sin do thréigean agus Giolla Mhac Liagh
d'ainmniughadh agus d'oirneadh innti ina leabaidh féin amhail a
d'aithriseamar roimhe so as Bearnard Naomh i mbeatha Mhaolmhodhaigh acht
gurab san mbliadhain 1129 d'fhágbhaidh an príomhadh Celsus le hudhacht
Maolmhodhaigh do bheith ar n-a thogha ina áit féin, agus gurab dá éis sin
do chuir sé a oifige dhe i nÁrdmacha agá leagadh ar Ghiolla Mhac Liagh,
mar do fuair sé infeadhma é leis an áit do sheasadh 's le n-a hualach
d'fhulaing agus d'ionghabháil.
Mar do ghlac trá, Giolla sealbh Árdmacha agus príomhadhacht Éireann i
n-áit Mhaolmhodhaigh, do thairg an
Seudeasbog Nigellus (ar a dtangamar ria so i mbeatha Mhaolmhodhaigh)
buaidhreamh do chuir air mar do chuir sé ar Mhaolmhodhaigh. Gidheadh ámh,
do cuireadh go héigeantach as urlámhachas Árdmacha é le linn
Mhaolmhodhaigh. Mar sin do congbhadh amuigh é as seilbh na háite 's na
gcumhachta le linn Ghiolla Mhic Liagh, agus de sin iar bhfagháil saoirse
do Ghiolla ón mío-shuaimhneas do hobair <dóbair> a theacht air do thaobh
Nigellus, chum go dtaisbeánadh sé é féin 'na oidhre dhioghlais <dhílis> ar
Mhaolmhodhaigh ar feadh na n-ocht mbliadhan ar thriochad do mhair sé 'na
phríomhadh ós Éirinn, do chongbhaidh sé agus do chuir chum tosaigh an
Reformation agus an leasughadh do thionsgain Maolmhodhaigh roimhe san
chrích; ar reachtaibh eagailseamhla, ar choinsias agus ar an uile chórtas,
farra gur thairg sé maille re cúram aireach agus le n-a bhuan-tsaothar bárr
maitheasa agus feabhais do chur ortha óir do bhídís seanaidí agus comhdhála
cléire aige san tír ina gcinneadh agus ina n-achtuigheadh sé órduighthe agus
deagh-nósa ag feabhasughadh stáide cille agus tuaithe. Do chaitheadh sé
fós aimsir agus duadh le síothcháin agus le fos báidheamhlachta do
chongbháil agus do bhuanughadh idir phrionsadhaibh agus árdfhlathaibh na
talmhan, ag déanadh iomad siubhail agus cian-aistir do gach leath den
chrích leis an toisc seo, agus ag déanadh oifige Phreláide mar budh dual,
acht go dtiocfam ina dhiaidh so ar an anshógh líonmhar agus ar an dochar
d'fhuilingeadh sé san taobh so, amhail duine apstalta. As so budh
hiontuigthe dhuit, a léaghthóir, cionnas do dheonuigh Dia éagsamhlacht
dochair, duaidh agus saothair
do theangbháil dó agá iomlat dar leat ó bhuaidhreamh go ró-bhuaidhreadh do
réir an tseolta ar an gnáthach leis daoine fíréanda eile d'fhéachain agus do
dhearbhadh, ag leagadh láimhe ortha ar uairibh agus agá gcongbháil fá
leathtrom ar eagla díomais nó macnas dá n-árdughadh tar cheart agus arís agá
bhfóirithin agus agá dtárrtháil uair eile ó chruadhóigh agus ó riachtanas
chum nach téighidís fá éadóchas ag tréigean a misnighe go haimhréasúnta.
Do fuair iomorra Giolla an dara bliadhain dá fhlaitheas ós Árdmacha
adhbhar mór dóláis mar do bhí, cumhna <congnamh> spioradálta feadheamhuil
<feadhmamhail> Maolpádruig Uí Ghruagain do chailleamhain, deagh-dhuine
foghlumtha budh máighistir agus budh hárdoide ós scoltaibh Árdmacha ar
tús, agus arís ag glacadh bárr crábhaidh le a ais do thriall sé thart
timcheall na críche agá oilithre féin agus ag taisteal ar cheallaibh
oirdhearca Éireann nó go ráinig sé oileán Locha Cré darab comhainm
Innis na mBeó in-ar éag sé.
Ar an mbliadhain 1138 do chuir Giolla roimhe visitation do dhéanadh ar na
provinsibh éagsamhla do bhí fá n-a chumhachtaibh d'fhéachain créad an
leasughadh do bhí d'easbha ortha, agus dá dhruim sin do thaistil sé an
Mhúmhain ar tús agus ar gcríochnughadh a visitation san bprovinse sin
d'fhill sé tar a ais go hÁrdmacha, mar ar ghlac siad a mhuintir féin go
soilbhir lúthgháireach é; acht nach cian do mhair an lúthgháire sin dó, ar
an adhbhar gur éag uaidh ar an mbliadhain sin, an 29 lá de January,
cabharthach róthábhachtach, scáthán riaghaltachta eagna agus búidheachta
an leith budh thuaidh d'Éirinn, Maolbhrighde Ua Brolcháin. (Tuig ámh
nach raibh i Maolbhrighde acht Easbog nó Abb faoi Ghiolla i nDoire, ag
fóghnadh ar a shon amhail bhiocáire genearáilte. Tuig fós gurab ar an
mbliadhain sin do theastuigh an Seudeasbog Nigellus iar ndéanadh aithrighe
mar budh dual fá n-a Usurpation agus fá n-a aindlighe).
Do thriall Giolla an bhliadhain iar sin go Cúige Chonnacht ag déanadh
visitation ar an gcúige sin mar ar ghlac Toirdhealbhach Ua Conchubhair,
Ríogh na Cúige mar aon agus uaisle na talmhan go ceanamhail ró-onórach é,
agus mar ar fhág an Righ cead iomlán aige riaghla agus leasughadh do
dhéanadh in gach áit dá dhúithe go huile, i gcásaibh eagailseamhla amhail
do chífighe do féin. d'éis, ámh, a visitation agus a ghnoithighe eile do
chríochnughadh dhó san tír sin d'fhill sé tar a ais go hÁrdmacha, dá áit
féin arís.
Budh follas créad dúthrachtaighe an fhoinn do bhí ar an deagh-dhuine
beannuighthe fos agus síothcháin d'ollmhughadh agus do chongbháil ar bun
idir phrionsadhaibh agus príomhfhlaithibh Éireann, óir ar mbeith do
Thoirdhealbhach Ua Chonchubhair, Rígh Connacht, agus do Mhurcha Ua
Maolseachlainn, Rígh Midhe, easaontach aimhréidh ar oile do tharraing
Giolla ar tús chum coinne iad leath ar leath go hEaglais Chiaráin naomh,
mar ar cheangail agus mar ar shnadhmuigh sé síothcháin agus báidh eatorrtha
do láthair Altóra cádhasaigh an duine bheannuighthe Ciarán agus na
dtaiseadh naomhtha do bhí uirthi, i bhfiadhnaise easbog eile agus cléire do
bhí ar an mball, budh comhairleacha leis an tsíothcháin
do dhéanadh agus fós do chuaidh i dtacaidheacht ar a congbhail ar bun abhus
agus thall. Gidheadh, go grod d'éis na síothchána so do shnadhmadh amhail
seo, do cuireadh i gcéill do Thoirdhealbhach (gion gur bhfíor an aithris)
gur bhris Murcha páirt d'airteaglaibh na síothchána do bhí eatorra, agus
dá bhríogh soin ar sealbhachas dul do dhéanadh foghla don Mhumhain do
chruinnigh sé sluagh lánmhór agus leis an sluagh sin d'ionnsuigh sé go
soibionta cealgach an Mhidhe, agus do ghabh sé annsin an Righ Murcha mar
aon le furmhór uaisle a thíre fris, agus do thug leis láimhsighthe i
mbraighdeanas iad go tor Dhúna-Móir. Mar do chualadh Giolla Mhac
Liagh, an príomhadh, Muireadhach Ua Dubhthaigh, Árdeasbog Tuama, agus
Abb Foghbhair, Comharba Fheghthin, mar aon le hárd-cheannaibh eile
cléire agus tuatadha na críche an scéal so do ghoill ortha go mór an
tsíothcháin reimhráidhte d'ollmhadar féin, agus aga ndeachadar i n-urradhas
le n-a congbháil slán do gach taobh, do bheith ar n-a sárughadh agus ar n-a
briseadh le Toirdhealbhach thar mar do shaoileadar, agus dá dhruim sin do
thangadar go sroigh é ag iarraidh air an cás d'fhéachain ar tús maille re
examination do dhéanadh air sul do gheabhadh sé ann féin daor-smacht
éagcórach d'imirt ar Rígh Midhe agus ar mhaithibh a thíre contrárdha do
reachtaibh Dé agus do dhlighe coitcheann na gciniodhach, fris an éigceart do
bhí ar n-a déanadh san chás ar eaglais Chríost agus ar na prealáidibh
onóracha do tharraing an tsíothcháin úd, agus do ghabh ortha féin nach
claonfighe uaithe ar aoin leath.
d'éis, ámh, breathnuighthe iomláin do dhul amach ar an gcúis, níor fríth
cionta ar bith do bheith innti do thaobh Mhurchaidh ná go ndearnaidh sé
brise<adh> síthe ar Thoirdhealbhach i n-aon phongc dhi. Gidheadh, tairis
sin ní bhfuaradar na hEasbuig reimhráidhte, ná fós na huaisle do bhí agá
ghuidhe ó Thoirdhealbhach, Murcha ná na Tiagharnaí do bhí i
gcomhbhraighdeanas fris do leigean fá réir as a ngéibheann ná bheith
síothach leo acht ar choingial <choingheall> Murcha d'éirighe as
urlámhachas ríoghachta na Midhe maille re flaitheas agus le treise na
ríoghachta céadna d'fhágbháil ag a mhac féin .i. Conchubhar mhic
Toirdhealbhaigh, agus bíodh go mbadh éigceart ródhaor an condar so ar ar
aontuigh Toirdhealbhach bheith réidh le Murcha, budh héigean do
Mhurcha theacht air d'fhonn suaimhnis agus maitheasa cháich eile san
tír i gcoitchinne d'fhás as; acht go raibh súil le Dia ag Giolla agus ag
na hEasbogaibh eile do bhí ina fhochair nach fuileongnamh sé aindlighe chomh
mór agus comh soiléir agus súd, gan cóiriughadh agus gan díoghaltas, agus
leis an intinn sin do thriall siad fá seach dá n-áitibh féin. Gidheadh, do
réir bharamhla na bprealáid, ní cian an fhoidhne do rinne Dia re
Toirdhealbhach ag cóiriughadh a bhréagfhocail agus a bhrise<adh> síthe
air, óir do thogair sé spiorad dhíoghaltais do dhúsacht in Ua Dhiabhlaidhe
taoiseach bhFear dTulach, agá ghríosadh chum sluaigh do chóimheagar agus
dhéanadh suas i n-aghaidh an anfhlatha Chonchubhair úd le ar marbhadh
Conchubhar ag Bealach Muine taobh istigh de leathbhliadhain dá
thiagharnas aimhdhlisteanach ós an Midhe. Ag sin agad, a léightheoir, cuid
de mhiorbhuille an árd-Dhia.
Ar an dara bliadhain d'éis an éachta úd d'ollmhuigh Giolla Mhac Liagh
teine mhór aoil ina raibh seascad troigh ar fad go n-a urdail sin ar leathad
i gcoinne eaglaise chaiteadrálta Árdmacha do leasughadh. Do concas
<connacthas> trá do Ghiolla Mac Liagh, an Príomhadh, agus do leagáid
apstalta an Phápa .i. Maolmhodhaig Ua Mongair d'aoinintinn luighe ar
Reformation do dhéanadh san gcrích agus barr leasuighthe do dhéanadh innti
ar caondúthracht cháich agus ar a ndeagh-bhéasaibh. Go háirithe do
thangadar ar Phallium do shaothrughadh do chathaoir Árdmacha, agus ar
fhios do chur air chum an Phápa ar an adhbhar tar gurab í Árdmacha
Metropolis agus príomh-eaglais Éireann ó thús, go raibh sí aimsir fhada
roimhe sin ar easbha Pallium. Dá bhríogh so do rinneadar comhdháil ag
cruinniughadh cléire Éireann chugtha i nEaglais Innse Pádraig ar an
mbliadhain 1148 ina dtárluigh ceann i gceann chúig Easbog déag, dá chéad
sagart farra tuille eile cléire farró. d'éis, iomorra, mórán deagh-reacht
agus statúideadh somholta d'achtughadh don chléir seo san tseanaid seo
Innse Pádraig do thángadar ar an leagáid Maolmhodhaigh do chur uatha i
dteachtaireacht chum an Athar naomhtha i gcoinne Pallium d'Árdmacha. Do
ghléas, trá, Maolmhodhaigh é féin le dul ar an turas sin. Gidheadh, ní
rainig leis teacht do láthair an Phápa ar an eachtra sin, ar an adhbhar gur
ghabh galar báis é i mainistir Chlareval san bhFrainc agus gur éag sé
den ghalar sin san mainistir chéadna i bhfochair Bhearnaird naomh, an
ceathramhadh bliadhain ar chaogad dá shaoghal san mbliadhain reimhráidhte
d'aois Chríost
ár dTiagharna. Ní furas ámh faisnéis do dhéanadh créad méad na pudhra sa
<'s an> dochair do rinne bás antráthamhail an earlaid <éarlaimh>
bheannuighthe seo Maolmhodhaigh do thalamh uilidhe na hÉireann fá'n am
úd, ná créad an chumha dhoilioghasach d'fhás ar Giolla Mhac Liagh fá é
féin is fá a shár-chumhna do bheaint <bhaint> de. Gidheadh, níor fhailligh
sé fá n-a dhícheall a leaba ar aon do chongbháil suas maille re áit leagáid
agus Príomhadh do dhéanadh. Go naire seo do chruinnigh sé ina dháil go
cathair Árdmacha Muircheartach Ua Lochlainn prionsa Thíre Eoghain go n-
uaisle a dhúithighe agus prionsa Oirghialla mar aon le flaithibh agus le
tiagharnaibh Uladh go hiomlán ag snadhmadh báidh agus síothchána eatorrtha
agus ag cur agus ag ceangal cháich eile fá umhlacht agus fá ghéilleamh do
Mhuircheartach reimhráidhte.
Do ghlac cathair Árdmacha teine dar loisceadh trian an bhaile, óir is 'na
trí míribh do bhí an chathair fada ó shoin roinnte. Is é am ar a dtárluigh
an tóiteán seo d'Árdmacha lá féile Cianáin, an ceathramhadh lá fichead
de mhí November, míle céad agus caogad. Do ghoill go trum <trom> an
fhoghail seo ar Ghiolla agus de sin do shiubhail sé ar a dhióisis agus do
fuair sé ar a chuairt mart (an chuid badh táire dhe) ó gach fear acfaine
agus fiche bó ó árdthriath na tíre chum an dochair do rinne an teine úd do
leasughadh.
Do chuir Eugenius Tertius, an Pápa, ceathra pallia go hÉirinn ar an
mbliadhain d'aois Chriost 1152, nó mar deirid daoine eile 1151, chum
pallium díobh do bheith i
bpríomh-chathair gach provinse de cheathra provinsibh na ríoghachta. Is
d'iarraidh na bpallia so do thriall Naomh Maolmhodhaigh Ua Mongair as
Éirinn fá dhó don Róimh, acht go mbadh túisce an bás dá bhreith ná
rochtain dó don Róimh mar a raibh an Pápa, an dara feacht, agus bíodh nach
raibh do lán súl aige ar a chéad turas don Róimh pallium d'iarraidh acht
d'Árdmacha, farra pallium eile do Chaiseal mar aithrisis Bearnard
naomh, 'na bheathaidh, tairis sin is baramhlach go raibh aithne agus
órdughadh aige an dara huair na ceathra phallia reimhráidhte d'iarradh
agus do shaothrughadh amach, ar an adhbhar nach léighmíd misionáir ná
teachtaire ar bith eile do dhul as Éirinn don Róimh i gcoinne na
gceathra bpallia úd, acht Maolmhodhaigh, agus gurab go grod d'éis a
bháis do fríth amach iad .i. i gceann trí mbliadhan.
Do thainig, trá, Joannes Paparo, Cardional agus leagáid apstalta
extraordináir ón bPápa go hÁrdmacha mar ar ghlac an Príomhadh Giolla go
honórach soilbhir é, ag tabhairt aoidheachta dhó ina fhochair féin ar feadh
seachtmhaine, agus annsin do chuireadar de thoil a chéile fios agus gairm ar
sheanaid agus ar chomhdháil na ríoghachta chum go nglacadaois d'aon aonta an
phriviléid agus an onóir do thogair an tAthair Naomhtha do thabhairt dóibh
do thaobh na gceathra bpallia reimhráidhte. 'Sí áit in ar chinneadar an
tseanaid seo do chruinniughadh i Mainistir Oirdhirc Mhellifont teannta le
Droichead Átha .i. príomh-mhainistir úird Cistertium i nÉirinn, mar a
dtainig ann ar cardional reimhráidhte Joannes Paparo, Christianus nó
Giolla Chríost Ua Connairche, leagáid Apstalta ordináir na Rómha ós
Éirinn, farra mórán easbog, abb, ríogh, diúiceadh agus uaisle Éireann.
Do goireadh agus do rinneadh san chomhdháil seo ceathra hÁrdeasboig san
ríoghachta .i. Ardmachanus, Dublinensis, Casselensis agus Tuamensis
mar atá Áirdeasbog i nÁrdmacha, Áirdeasbog i mBaile Átha Cliath, Áirdeasbog
i gCaiseal Mumhan agus Áirdeasbog i dTuaim. Gidheadh atáid Analacha
Chluana Aidhneach i Laoighis agus céadfa Dochtúra Céting i naghaidh
so, óir is é aithrisid siad nach i Mainistir Mhelifont acht i gCeanannas
na Midhe, dá ngoirthear Kells nó Cealla do bhí an tseanaid reimhráidhte
cruinn, agus adeirid fós gurab ar an mbliadhain d'aois ár dTiagharna
Críosd 1152 ar an Domhnach san Earrach darab ainm Laetare Jerusalem quae
est quarta Quadragesima do bhí an chomhdháil sin ann, agus go mbadh
bliadhain bhisigh an bhliadhain ar a raibh sí. Aithrisid siad fós gurab é
an fear úd Joannes Paparo presbyter Cardinalis Tituli Sancti Laurentii in
Damaso ba prefes agus ba ceann ar an tseanaid agus ar an gcomhairle seo
ina rabhadar seacht nEasboig fichead cruinn, mar aon le urdail eile sin
d'Abbaibh agus de Phríoiribh. Do hórduighadh agus do nósuighadh san
tseanaid seo le cumhachtaibh na Rómha agus an Pápa <Phápa>, Eugenius
Tertius, Siomontacht agus Usuiriocht do chuir ar gcúl, agus gan deachmha ar
bith d'íoc ná do thabhairt amach acht go conanta <canónta> dlisteanach
maille re cumhachta apstalta an Phápa do
bheith ag an té do gheabhadh air a glacadh. Do tuga<dh> arís (mar dubhramar
roime) ceathra Pallia do cheathra príomhchathaoiribh Éireann .i. Áth
Cliath, Caiseal, Tuaim agus Árdmacha, acht gur fágbhadh ag Áirdeasbog
Árdmacha (mar budh cubhaidh) bheith 'na phríomhadh ós cionn cháich eile i
ríoghacht Éireann. Iar gcríochnughadh, trá, na cómhairle seo Cheanannais
do ghabh an Cárdinal Paparo long agus do thriall sé tar a ais ar an naomhadh
callain d'Aibreán. Ag so, ámh, na heasboig do bhí san gcomhdháil seo
Cheanannais agus a n-anma .i. Giolla Críost Ua Conairche, Easbog
Leasamóir agus leagáid an Phápa i nÉirinn, Giolla Mhac Liagh, Comharba
Phádroig agus Príomhaidh Éireann, Doncha Ua Lonargain, Áirdeasbog na
Mumhan, Grennius nó Gregoruis nó Greoghair, Easbog Átha Cliath,
Giolla na Naomh Laighneach, Easbog Ghlinn-da-loch, Dunghall Ua
Collaidhe, Easbog Lethghlinne, Fostius, Easbog Phoirtlairge, Domhnall
Ua Foghartaighe, Biocáire Genarálta Osraighe, Fionn mac Cianáin, Easbog
Cille Dara, Giolla an Choimdhe Ua hÁrdmhaoil, Biocáire Easbog Imligh,
Giolla Aodha Ua Maighin, Easbog Chorcaighe, Macronáin, Comharba
Bréanainn agus Easbog Ciarraidhe, Turgesius Easbog Luimnighe,
Muircheartach Ua Maoluidhir, Easbog Chluana Mhic Nóis, Maolíosa Ua
Connachtain, Easbog oirthir Connacht, Ua Ruainic, Easbog Luighne,
Macrait Ua Móráin, Easbog Connmhaicne I Bhriuin, Muireadhach Ua
Cobhthaigh, Easbog Cinidhil Eoghain, Maolphádruig Ua Banáin, Easbog
Dáilriada, agus Maoilíosa Mac Cléirigh chóir, Easbog Uladh. Do
críochnuigheadh an tseanaid seo
an lá roimh iodas Márta iar ndéanadh certuighthe agus leasuighthe ar
Easbogóideachtaibh Éireann innti. Tuigeadh an léighthóir annso tar a
n-abraim (mar mhaoidheas Eoin Mac Colgan) go rabhadar ceathra háirdeasboig
i nÉirinn roimh aimsir Eugenius Tertius, mar do bhí Áirdeasbog san
bprovinse do cheathra provinsibh na críche .i. provinse Uladh, provinse
Laighan, provinse Mumhan agus provinse Connacht, gidheadh, níor ghnás
aca áirdeasbogóideachta na provinse do bheith greamuighthe d'aon chathaoir
amháin de shíor; leath amuigh de Phrovinse Uladh, ina mbíodh de ghnáth
Áirdeasbogóideacht na Provinse sin leananta ag Árdmacha. Acht samhla <is
amhla> do bhíodh Áirdeasbogóideacht gach provinse den triúr eile do réir mar
do toghthaighe duine Eaglaise innti agus mar do thairngeadh pearsa,
foirfeacht agus iomláine an duine chuige é. Tuigeadh sé fós nach
cleachtdaois na hÁirdeasbuig seo ná aon ar bith dhíobh Pallium do bheith
aca roimh an gcomhdháil seo Cheanannais, acht go scríobhann Jocelinus i
mbeatha Phádraig go bhfuair Pádraig ón bPápa pallium do féin agus do
chathaoir Árdmacha farra bheith 'na leagáid apstalta dhó ós Éirinn, ge
do cuaidh an pallium sin agus a úsáid as taithighe abhfad do aimsir iar
sin nó gur hathnuadhadh iad le linn Eugenius Tertius agus Seanaide
Cheanannais. Tuigeadh sé arís gurab mó an líon Easboig do bhí i nÉirinn
fá'n am úd ná mar chuireas an chaitilog úd síos, óir ní labhrann sí ar
Aodh Ua Oisin do fuair ar an aimsir sin pallium de na ceathra pallia úd
agus bheith 'na Áirdeasbog i dTuaim. Ní aithriseann fós an catalóg úd do
bheith
d'easbogaibh i nUltaibh acht triúr agus an urdail eile i gConnachtaibh,
bíodh gurab áirithe uimhir Easbog budh mó iná sin do bheith san dá chúigeadh
reimhráidhte, cás dearbhthar agus beaintior <baintear> as an líon easbog do bhí
cruinn roimhe súd ag an bpríomhadh Celsus i seanaid i bhFiagh-mhic-
Aongasa 1112 ina rabhadar caogad Easbog farra a chéile mar aon le 316
Abb, Príoir agus Sagart. Léaghmaoid fós do chruthughadh an cháis sin go
rabhadar i seanaid eile budh déaghanaighe ná comhdháil Cheanannais chúig
Easbog fichead san mbliadhain 1158 agus gan Easbog ar bith Connachtach
ortha so. Atá baramhail eile fós le tabhairt nach rabhadar cliar Uladh ná
a nEasboga go huilidhe san tseanaid seo Cheanannais, ar an adhbhar mar
mhaoidheas Dochtúir Cétin - i righe Mhuircheartach mhic Lachloinn - nach
de thoil ná d'aonta chléire Árdmacha ná Dhúna Pádruig do fuair Átha
Cliath ná Tuaim an dá phallium do dáileadh dhóibh annsúd óir do concas
<connacthas> dóibh go mbadh leor dá Áirdeasbog agus dá phallium san
ríoghacht .i. pallium i nÁrdmacha agus pallium eile i gCaiseal
Mumhan.
Mar do críochnuighadh, ámh, an tseanaid seo Cheanannais, do rinne Giolla
Mhac Liaigh turas go Cúigeadh Chonnacht ge be <cibé> fáth mar ar ghlac
Ua Conchubhair, Rígh Connachta, go honórach ceanamhail é, ar mbronnadh
fáinne óir dhó ina raibh fiche unsa meadhachain. d'fhill tar ais as
Connachtaibh go hÁrdmacha mar aon agus an Bhainríoghan chráibhtheach
choinsiasach chaoin 'na chuideachta .i. Deargmhorgaill, inghean Domhnaill.
Ba bainchéile an ríoghan so fá seach do dhá rígh, mar do bhí Muircheartach
Ua Briain
agus Toirdhealbhach Ua Conchubhair. Deirthear, ámh, gur éag an
deaghbhainríoghan so go haithrigheach críostamhail i nÁrdmacha ar an
mbliadhain sin féin in ar hadhlacadh a corp mar budh cubhaidh agus mar budh
dual.
Ar an mbliadhain dá éis siúd do bhí comhdháil oirdhirc i mainistir
Mhelifont do láthair an leagáide Apstalta Giolla Críost agus comharba
Phádruig Giolla Mhac Liagh. Do bhí ar an gcruinniughadh so seacht nEasbog
déag, farra mórán de phrealáidibh eile as órdaibh riaghalta. Do bhí fós san
gcomhdháil seo Muircheartach Ua Lachloinn, Áirdrigh Éireann, Ua
hEochadha, Rí Uladh, Tiarnán Ua Ruairc, Prionsa Breifne, agus Ua
Cearbhaill, Prionsa Oirghialla, go dtuille d'uaislibh eile na críche. Is
í ba toisc don chruinniughadh corp na hEaglaise úd Mhelifont do
naomhchoisreagadh, acht gur heascaineadh agus gur coinneallbháthadh ann
Donncha Ua Maelseaclainn, Righ Midhe, agus de dhruim na bainge sin do
chuireadar na prionsaidhe reimhráidhte as a fhlaitheas é ag tabhairt a
áite agus a thiagharnais dá dhearbhráthair Diarmuid. Do bhronn an
tÁrdrigh Muircheartach mar dhéirc do Dhia agus do mhanachaibh Mhelifont
seacht bhfichid bó, farra trí fichid onsa óir. Do thug sé fós fris súd don
mhainistir sin fearann teannta léi féin darbh ainm Fionnbhuir na nInghean.
Do thug arís Ua Cearbhaill trí fichid eile onsa óir do na manachaibh céadna.
Do bhronn amhail sin bean Tiagharnáin Uí Ruairc, inghean Phrionsa na
Midhe, an urdail eile sin d'ór farra cailís óir don mhainistir agus
culadh Aifrinn do gach altóir dá raibh innti eadhon naoi gcultachadh.
Do chruinnigh iar sin an leagáid Giolla Críost (agus an Príomhadh Giolla
Mhac Liagh ina fhochair) seanaid cléire na críche i nIbh Laoghaire san
áit re a ráidhtear Briothaigh ina rabhadar cúigear agus fiche easbog agus
inar cuireadh órduighthe síos ar leasughadh béas cháich. Do hachtuigheadh
fós innti Cathaoir Easbuig do thabhairt i nDoire do Fhlaithbheartach Ua
Bhrolcháin, Comharba Coluim Cille agus dearbhráthair do Mhaoilbrighde
ar a dtangamar roimhe agus farra bheith dhó 'na Easbog san áit sin ceannas
d'fhagháil dó ós mainistribh agus ós Abbaineachtaibh eile Éireann. Badh
disciobal an Flaithbheartach so ria sin do Ghiolla Mhac Liagh ar mbeith
dhó 'na Abb i nDoire. Acht cheana, ge <cia> go mbadh líonmhar an tSeanaid
seo do bhí i mBriothaigh ní rabhadar cliar Chonnacht innti, ar an adhbhar
gur fhoghladar agus gur mharbhadar ceathearn <ceithearn> tighe Dhiarmuda
Uí Maoilseaclainn, Ríogh Midhe, iad agus iad ag triall ar an tSeanaid agus
iad ag fágbháil Chluana-mhic-nóis soir farra dís díobh do mharbhadh,
cúis do thug fá deara dhóibh gan dul ar a n-aghaidh ná bheith ar an
gcomhdháil mar an gcuid eile de chléir na talmhan.
Do fuair Grennius nó Gregorius nó Griodhoir Áirdeasbog Átha Cliath
bás fá an am so ar an mbliadhain 1161, iar mbeith dhó 'na phrealáid ós
an áit dhá fhichid bliadhan agus sé lá. Badh duine maith an Greoghair seo.
d'éis, ámh, a bháis do thogh Giolla Mhac Liagh an Príomhadh de
chomhaonta cille agus tuaithe comharba Chadhain agus Abb Glinn-da-loch
an duine fíréanda cóir Laurentius
nó Lorcán Ua Tuathail le áit agus le dignit Ghreoghaira do ghlacadh i
nÁirdeasbogóideacht Átha Cliath, acht nach mór gurab dá dheoin do fríth ó
Lorcán an onóir seo do ghlacadh le a ais, ge d'aontuigh sé fá dheoidh a
glacadh ar chomhairle cháich chum na maitheasa poiblidhe do chur ar a haghaidh.
Do chruinnigh Giolla Mhac Liagh, an Príomhadh, seanaid eile cléire i
gcúigeadh Laighean ar an mbliadhain 1162 san áit dá ngoirthear
Claonadh inar shuidheadar 26 easbog mar aon le mórán Abb agus cléire
eile. Do cinneadh agus do hórduighadh reachta maithe agus deagh-statúidí
san tseanaid seo ar bhéasaibh cháich do leasughadh agus d'fheabhasughadh
farra go dtangadar d'aon intinn gan aoinneach do bheith ionghlactha san
Eaglais 'na dhiadhaire ná 'na fhear léighinn acht duine do chaithfeadh
aimsir iomchubhaidh le foghluim do thógbháil i bpríomh-scoil nó in
universitigh Árdmacha, agus nach mó ná maille le a léigheann do dhéanadh
amhail sin dó san universitigh reimhráidhte budh hionmheasta é bheith
infheadhma leis an scrioptúir naomhtha do mhíniughadh agus do theagasc do
chách.
Ní hé amháin, máiseadh, Naomh Ghiolla Mhac Liagh dá chur féin mar so fá
shaothar agus fá chúram acht tar bheith meirbh aosta dhó, ní fhilleadh sé ó
dhochar ná ó anshógh ar bith budh fhéidir do theangbháil dó i slighe
riachtanasaigh sheirbhíse Dé nó tairbhe na ndaoineadh do chur chum tosaigh,
agus dá bhríogh sin d'éis seanaide Chlaonaidh do chríochnughadh d'fhill sé
go hÁrdmacha dá dhióisis féin mar a ndearnaidh sé visitation ag
ceartughadh agus ag leasughadh gach mío-
nóis agus gach aindlighe dá bhfuair sé <ar> bhfás eatorrtha, ag tabhairt fá
deara dhóibh dlighe Dé, reacht na hEaglaise agus deagh-statúidí cléire na
ríoghachta do chongbháil agus imtheacht dá réir, agus is é aithrisid analacha
Éireann le n-a linn féin air gur chriothnuigh sé dúthracht chomh mór agus sin
le reformation do dhéanadh ar bhéasaibh cháich ina aimsir féin ionnas nach
dearnadh a shamhail (go háirithe ní budh fearr) abhfad roimhe ná ina dhiaidh.
Ar an mbliadhain 1165 do fuair óglaoch Dé Giolla siocair le a fhoidhne do
dhearbhadh, óir do éirigh Eocha Mhac Duinshléibhe, Rí Uladh, i gcogadh
in aghaidh Mhuircheartaigh mhic Lachlainn, Áirdrigh Éireann (cás do
ghoill ar Giolla), agus ar sealbhachas díoghaltas do dhéanadh ar
Mhuircheartach fá éagcóir adubhairt sé do dhéanadh do Mhuircheartach air
do mhill sé a dhúithe agus a dhaoine ag déanadh creach, loiscthe, agus
marbhtha ortha go háirithe i nIbh Méata, i nDáilriada agus i dtíorthaibh
eile do bheain <bhain> do Mhuircheartach. d'fhearguigh Muircheartach
go mór de so agus iar gcruinniughadh a shluaigh d'ionnsuigh sé cúigeadh
Uladh agus do rinne sé annsin samhail gach dochair dá ndearnadar na
hUltaigh roimhe air, agá gcreachadh, ag loscadh agus agá marbhadh, agus iar
gcur Eochaidh ar díbirt as a thiagharnas agus as a thalamh, do ghabh
agus do rinne sé braighde d'uaislibh a thíre agá dtabhairt i ngéibheann
leis go hÁrdmacha. Ar mbeith, iomorra, don Áirdrigh Muircheartach ar an
seola so do chuir Eocha teachta ina dháil ag iarraidh síothchána agus
réidhte air. Do labhair fós Donncha, Righ Oirghialla, farra Giolla agus
farra cléir
Uladh ar a shon ag dul i dtacaidheacht agus i n-urradhas air agus ag
gealladh nach cuirfeadh sé fearg ní budh mó air, agus dá dhruim sin
d'aontuigh Muircheartach réidhteach agus síothcháin do snadhmadh leis,
acht nach cian do mhair an bháidh sin eatorrtha.
Do thárluigh, trá, adhbhar eile dóláis d'fhóghantach nDé do Ghiolla, .i.
urmhór caithreach Árdmacha do loscadh agus do milleadh <mhilleadh> idir
thighthibh cille agus tuaithe agus mar bhárr géaruighthe ar bhrón an naoimh
san chás so do concas <connacthas> don Áirdrigh Muircheartach
camleithscéal do ghlacadh chum Eocha, Prionsa Uladh, ag rádh ag cumadh
air gur bhris sé an tsíothcháin do bhí roimhe ar n-a déanadh eatorra agus ar
shealbhachas na bréag-chúise seo do ghabh sé é agus fós do bheain <bhain> sé
a dhá shúil as, d'aimhdheóin ar cheangal na síothchána reimhráidhte eatorra
gur luigheadar fá mhionna na Baicle Íosa ag altóir mhóir Árdmacha i
bhfiadhnaise a Ghiolla, cléire Uladh agus prionsa Oirghialla fá gan an
tsíothcháin úd do bhriseadh. Do ghoill go rómhór an feallbheart so do rinne
Muircheartach go míochoingheallach in aghaidh Eochaidh ar Ghiolla.
Gidheadh, ní fada gur chóirigh Dia an droch-ghníomh mailíseach so ar
Muircheartach ag deónughadh an phrionsa reimhráidhte Oirghialla do
ghríosughadh 'na aghaidh, óir d'fhearguigh sé go mór agus do ghoill air an
brise<adh> síthe agus an feall do rinne Muircheartach ar Eochaidh, agus
ní ar Eochaidh amháin acht airsion, ar an gcléir, agus fós ar Dhia, agus
dá bhrígh sin do chruinnigh sé sluagh de mhuintir a thíre féin farra tionól
daoineadh do tháinig
dá chabhair as cúigeadh Chonnacht agus leis na sluaighthibh sin d'ionnsuigh
sé Muircheartach chum díoghaltas d'imirt air 'na mhío-choingheall ar
Eocha. Do fhreagair, ámh, Muircheartach é don leath eile le mór-shluagh
do chóimheagair sé ina aghaidh agus ar dteangbháil don dá shluagh so dá
chéile ag Litir-Loin i bhFiodh-Ua-nEathach i nUltaibh do briseadh do
Mhuircheartach is do marbhadh é féin go n-uaisle a mhuintire. Is fíor go
mbadh calma ceartbhreathach an prionsa Muircheartach roimhe súd, gidheadh,
níor bhudh áil le Dia gan na droich-mhionna do thug sé i bhfiadhnaise Altóra
Phádruig i nÁrdmacha, fris an éagcóir do rinne sé ar a fhóghantach féin
Giolla (ag ar chuir sé i dtacaidheacht air é d'Eochaidh righ Uladh)
do leigean leis gan díoghailt.
Iar dtuitim, trá, do Mhuircheartach mhac Lachlainn amhail súd i gcath
Leitre-Loin, do ghabh Ruaidhrighe Ua Conchubhair, Righ Connachta,
Árdfhlaitheas Éireann ina áit, agus mar do thárluigh is sna cumhachtaibh
sin é, do thug sé ceann ar oile comhdháil sonrádhach cléire, agus uaisle
Leatha Cuinn dá láthair san ionad darab ainm Áth Buidhe Tlachta is san
mbliadhain 1167. Do bhí an príomhadh Giolla Mhac Liagh ar an
gcruinniughadh so, Lorcán Ua Tuathail, Áirdeasbog Átha Cliath, Cadhla Ua
Dubhthaigh, Áirdeasbog Chonnachta, farra iomad de phríomh-chléir eile.
Do bhí fós d'uaislibh na críche ar an gcomhdháil seo fris an Áirdrigh
Ruaidhrighe, Eocha Ua Duinshléibhe, Righ Uladh, Diarmuid Ua
Maoilseaclainn, Righ Midhe, Tiagharnán Ua Ruairc, Prionsa Breifne,
Donncha Ua Cearbhuill, Prionsa
Oirghialla, Donncha Ua Faoláin, Prionsa Déiseach, Raghnall mhac
Raghnaill, Prionsa Duibhlinne, agus mórán eile de fhlathaibh agus
d'uaislibh Éireann, ionnas go rabhadar cruinn annsin ceann i gceann trí
mhíle marcach. Do hachtuighadh agus do nósuighadh san gcomhdháil seo iomad
reacht agus deagh-dhligheadh do bheain <bhain> le leasughadh na maitheasa
poiblidhe, le síothcháin do shocrughadh idir chách san talamh agus fós le
priviléidibh agus le saoirse na gceall do bheith ar bun, agus fá dheireadh
do chuir an tÁrdrigh Ruaidhrighe d'fhiachaibh ar Ibh Failge aisiog do
thabhairt don phríomhadh i n-áirnéis agus i maoinibh eile do bheain <bhain>
siad go héagcórach de roimhe sin.
Dá éis seo ar an mbliadhain 1160 do ghabh fonn agus dúil mhór an tÁirdrigh
stuidéar agus foghluim cháich do chur ar aghaidh in universitigh Árdmacha,
agus dá dhruim sin do mhéaduigh sé tuarastal an Áirdoide nó an Phríomh-
mháighistir do bhí ós na scoltaibh. Annsin ag tabhairt deich mba de bhárr
tuarastail dó gach bliadhain tar an stipind budh cleachta leis d'fhagháil go
bliadhantamhail ria sin, agus fós do fhágbhadh sé d'fhiachaibh achtuighthe
ar a oidhribh go bráth ina dhiaidh, an líon bó so d'íoc ón mbliadhain go a
chéile leis an Áirdoide do bheith ós an áit ar eacht go mbeith léigheann dá
mhúineadh go coitcheann agus de shíor sa universitigh d'Éireannachaibh agus
d'Albanchaibh gan diúlta<dh> ar cheachtar den dá chine sin.
Bíodh má seadh go raibh an duine naomhtha so Giolla meirbh laigbhrioghach
tré aois, tré shaothar agus tré ghnáth-
aistear (óir do bhí sé fá'n am sin 86 bliadhain d'aois) do bhí áilgeas
chomh mór agus sin ar leis an gcreideamh dfadógh <d'fhadódh> agus do
ghabhludh <ghabhlughadh> agus ar leas an phobail do dhéanadh agus an t-ualach
do bhí air dhá dtaobh do chur dhe agus d'iomchar mar budh dual ionnas
nach geabhadh sé gan teacht go provinse Connachta ar visitation, iar
ndéanadh visitation roime ortha fá thrí; agus d'éis visitation agus
gach gnoithighe eile budh hindéanta dhó do chríochnughadh i gConnachtaibh
d'fhill sé go cúigeadh Uladh ag déanadh na feadhma céadna innti, agus fá
dheireadh d'éis na dtaisdeal do chuaidh sé dá áit féin go hÁrdmacha, mar
ar thairg sé fuigheall a bheatha as sin amach do chaitheamh le contemplation
agus le bheith ag deagh-smuaineadh ar neithibh diadha neamhdha.
Iar so fá dheoigh do fuair an tÁirdeasbog naomhtha so Árdmacha agus
Príomhadh oirdhirc Éireann Giolla Mhac Liag mhac Ruaidhrighe bás nó
malairt beatha ar fheabhas Céadaoin Chásc, an 27 lá de Mhárta ar an
mbliadhain d'aois Chríost Mhic na Maighdine 1174, agus fós san
mbliadhain dá shaoghal féin 87, iar mbeith i n-urlámhchas
phríomhadhachta Éireann 38 bliadhan farra bheith roimhe dho 'na Abb i
nDoire Choluim Cille sé bliadhna déag.
'Sí teist atá air ag Analachaibh Éireann ina aimsir féin go mbadh duine
maith fíréanda é ina raibh biothghlaine óghánta chuirp agus choinsiais,
farra bheith glórmhar deaghchludhach dó i bhfiadhnaise Dé agus an tsaoghail,
agus go fírinneach níor bhréagach an moladh so, má mheasmaoid méid agus
áilgiosaidhe an fhuinn do bhí de shíor ar an
naomh so fóghnadh go dúthrachtach do Dhia agus go ró-ionraic, agus cách eile
d'ollmhughadh agus do ghríosughadh chum seirbhíse dhó. Is iontuigthe so as
déine agus as daoire an chúraim sa <'s an> tsaothair do ghabh sé le a ais fá
visitation minic do dhéanadh san gcrích agus fá sheanaidibh líonmhara cléire
do chruinniughadh chum dlighe Dé agus reachta na hEaglaise do chur ar
aghaidh agus do chongbháil ar bun san talamh. Ní holc fós an foillsiughadh
ar an gcás so a fheabhas de cheann do thuigse agus do shás réidhte idir
lucht eisíth agus luigheadh na tursa <tuirse> agus an mhamachais do bhíodh
air ag tarrang síothchána agus ag snadhmadh báidh idir Ríoghthaibh agus
Árdfhlathaibh Éireann, agus ag dhá <agá> gcongbháil i gcumann agus i
seircshíth mar sin le a chéile, cás ina gcuireadh sé é féin go minic i
ndoghrainn agus i mbaoghal, acht go n-abair Críost gurab beannuighthe an
drong shíothach agus gurab clann toghtha do Dhia iad. Chongbhuigh
Martirologium Éireann féil agus saoire don naomh so ar an 27 lá de Mhárta,
mar is ar an lá sin d'éag sé, acht nach éag dá ríribh a éag acht Natalis
nó geineamhain spioradálta lé a rugadh do Dhia é i gcoinne bheith beó go
suthain marthanach.
Amen.
Ag so críoch agus finit ar bheatha agus ar bhás an dá phrealáid oirdhirc
uasal lán-naomhtha, Malachy nó Maolmhodhaigh Ua Mongair agus Gillasius
nó Giolla Mac Liagh mac Ruadhrighe.
1774 Guidh a léightheóir ar anam an scríbhneoir B.Ó F.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11