Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gleanings from Irish Manuscripts
Title
Gleanings from Irish Manuscripts
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Walsh, Paul
Composition Date
1632
Publisher
(B.Á.C.: Sign of the Three Candles, 1933)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Coitchenn cumha chloinne Néill, do throim-loit orchra íad-séin, cáoimh-chletha do clódh ré tan, dáoir-chetha ón mbrón dá mbáthadh. Monúar atáid go tríamhuin sliocht tuirseach Néill Náoighíalluigh, an ceólchuire fár ghin goimh nimh eólchuire dhá n-argoin. Táinicc an chumhaidh choitchenn go tteidhm bfíochdha bfornoicht-tenn fán rígh-ealbha ó Bhóinn na mbenn, mí-mheanma dhóibh an dílghenn. Tarla dhanshúaimhnes orra síol Néill lesa Líathdroma, tíad tar úidh an eóil shenta gan dúil cheóil nó chuideachta.
A n-imshníomh do-chóid ó cheilt fine Néill dealbdha an deisgeirt, mar chrécht ttrom as teó dochar n-a ghleó lonn gan leasochadh. Créd an tochrádh grod trom-sa do loit uile an fheadhon-sa, ór comhbúaidhreadh thíar is toir an fhían chronnúaidh-gheal chobhsoidh. An sníom cogaidh nó ceilge, nón sliocht dénta díbhfheirge ón báoghlaighe a mbeó-ghoin sin, leómhuin áol-maige Uisnigh. Nón toghuil úaibhrech eachtronn, nón díol écht nó eineachlonn, nón pláigh bhreacht-lonn reachtmar rod, nón letrom neartmhar namhod. Ní foghuil ghaile nó gráin ro-s-mill, acht bás Í Bhráonáin laóich fhearchonta as mire méin fine reann chorcra rí-Néill. Éamonn Ó Bráonáin bas tseng, éin-díth chlíar, cara prímh-cheall, a bhás as olc dá fhine s as cás do ghort gheil-Mhidhe. Dob éun-oigher dhÉnna mac Néill, ba flaith ar chlú s ar chaithréim an saoir-bhengán go ngné ngil, s dob áoin-lennán é dhéixibh.
Oidhedh churaidh na Craóibhe dúsgadh uilc is anaóibhe, do bhí an donus-so, a Dhé, a ndán s é ní horusa dhiompádh. As mairg dúthaigh rér dhealaigh a maith líonmar fhlaitheamail, s a rai-réidhe fa riar sgol, s a mhían dainfhéile is degnamh. Cennus fine nó fedhna ní fhuil nó ól fínemhna, nád grinn-bhearta fa chró Cuinn ó ló imdechta Émuinn. Fúarus sgéul ar chlannuibh Cuinn, aóidhe sgeóil nach sgéul fábhuill, an sgéal go bfairbhrígh ar fuin, ar aird-rígh thréun ó Thenruigh. Tarla cinnedh, lór dho lot, tré ard-fhlaith dharbh ainm Cormac, fá chrú Luighdhech mar do ling, anú as cuimhnech an chréidhim. Ré linn Chormuic mic Airt uill níor tháruill mhaoith clann Criomhthuinn acht lán don uile ionnmhus an cuire sámh soichioll-bhras.
Ní raibhe a n-íarthor Eórpa samhuil don droing dhoi-leónta, a sén an tann-soin gur thill, sgéul dá n-amhsoibh dob inghrim. Daithle a bhfuarodar daóibh rug ar chrú Chobhthaigh chnes-chaoil, ag áos eóil atá a thuigsin, lá leóin ar an laochruidh-sin. An lá dhár thacht eite eó rí Éirenn nár ob airm-ghleó níor lá medhra an lá do-luidh acht lá tedhma dhá triathuibh. Ainnséin ar n-imthecht Chormaic lingid uilc as othor-luit, gér shuaimhneach ó shíodh roimhe síol úaibhreach ó nÚghoine. Níor ríoghadh éin-rí ar Éirinn déis an aird-rí uicht-shéimhfhinn, do fhan a n-áontomha treall nár lamh áon-togha dhimdeall. Trí blíadhna do bhí an Banbha nár shealbh rí nó ríogh-dhamhna do chumhuidh Chormaic í Cuinn, pudhuir ordhruic a n-abruim.
Aithghin Éirenn dhaithle a rígh críoch Mhidhe na magh slis-mhín fíoch na trén-duilghe ro thogh, díoth ar nÉmuinn-ne a hadhbhor. Mar chloinn cCobhthoigh tré Chormac bíd Íbh Néill na níamhonn-bhrat ag cáoinedh Í Bráonáin Bhregh áon-fháidh na nGáoidheal ngúaismher. Tré n-a bás, ní reim ratha, níor hoirnedh ainm ardfhlatha, nó a rádh gurbh oirbheartach dfhior um chlár toinnbhleachtach Tailtion. Is coitchenn dá núa-chaoi aniogh fine Néill na naói ngeimiol gan lúadh fiadhiugh nó fledh-óil dár dhúal dfialfhuil Éiremóin. Slúagh Midhe na maoilenn mbán, tugsad áoibhnes ar ochlán a ndíaidh í Énna Uisnigh, bíaidh an séula suthuin-sin. Dá égcaoine a nInis Fáil iomdha banntrocht is bandáil lé clódh beó-chroidhe bos do lógh eólchoire dhamos.
Bú dóich díllecht do chabuir, bú sgíath dhín do dheóradhuibh, gég Naói bú toirbertach tol do bhaói oirbhertach iúlmhor. Ní tug is níor thuill tatháoir an seabhoc sáor sotla-chaoin, menma ra-bhog na rían nglan mian a charod do chosnam. Do-chuaidh an mhaith maraon ris, do sgéith fúair-chioth gach flaithis, nocha léir tairthe ós tealaigh léim aithfe dá n-imdheadhuil. Ní faichter cnúas ar chrannghoil, nó fás áir ar úrthalmhain ní nochtar a bhFíad na bFionn grían acht tré dhortadh ndílenn. Mór mío-rath as mana cáis mhothuighther tré mhac Tomáis, do shíor ag lucht bhraon-chláir Bhregh dhulc an chlaochláidh do cinnedh. Trúagh do mhacraidh, do dháimh, do-chí brugh Bhaile Adáim, dún na n-gér-rann s na ccall ccuir, gan Émonn ann dá iarruidh.
A áiremh ní fhéd file uaisle an fhéinnidh fhoirghlidhe gaoith-mhéinne nár thláith ré tenn, aoin-chéile cháich go coitchenn. Coitchenn.
atá an senchus romhuinn ar na sgriobhadh go glan do réir na leabhar as ferr do chonncamar agus mar dherbhadh air sin ataimsi ag cur mo laimhe air so Madrid 28 Marta 1658 Tuileagna Ó Maelconaire seancha coitchenn Erenn.
Bean do lámhaigeadh leith Cuinn, ráinig sí snaidhm a fulaing, fuair Banbha senmóir re seal ó shen-róimh garma Gaoídheal. Ní measda acht n-a mnaoi bhroide buime bhráithrech sár-oide, máthair an fhlaithis, leath Cuinn, breath nach aithis gan fhochuinn. Antar re hoil gach docra, leath roghain na ríogochta díogha gach domhain re tan, síona a foghair ar bfuaradh. Altrom dá ttug do thréd Cuinn don truaigh bhoicht beg dá shodhuing, luach eile a n-altruim dá dhíol n-a eire ós acfuinn dimshníomh. Fuar don dul sa a daltacht the dArt Chliach, do Chormac Bhóinne, fríth baoghal bhuime an dá mhál, an saoghal uirre ar n-iompádh. A cíoch do Chairbre Mhidhe, a hucht dFhiachaigh Sraibhtine, réim soirbh Mhuiredhaigh da a muin, oilemhuin as doirbh dhíoltair.
Cennchais don chur sa a fledh-ól ar iocht Eachach Maoighmeadhón, fíon nach eochair uaille aniugh fuair ag síol Eochaidh aimsior. Gabhla gan greim da a mbonaibh, sailge neirt anallamhuin, crú an Chédchathaigh cian bhus oil far thécht-dathaigh fiadh Fionntoin. Fódla fatha go hursain sesgad rígh don fhrémhach-sain, frémh laghthach Éiremhóin uill, méine-shlóigh cathrach crobhuing. An Eóraip ris fa riarach rí díbh-sein Niall Naoighiallach, ráinig maighin athar Airt sgathadh dainimh n-a dhíoghailt. Eruic ó leith Cuinn chliaraigh a n-ábhacht Néill Naoigiallaigh téid do chumhra fhréime an ríogh, Eire ar n-umhla dá imshníomh. Cruithnecht dherg gan déis cogail uaidhe a n-íoc an tseachadaidh, síol ághmar dhá fhionn-mhac Néill iomlat nach ádhbhar aittréin.
Siansa a bethadh, boill a cuim éruic lór ó leith sean-Chuinn cuaine Conaill agus Eóghain bodhaing uaille a hinneónaidh. Leth Mogha déis na healbha tarrthaidh tuisle a creidemhna, leth Cuinn s as crainn do tesgadh ní caill fa thtuinn tarrthasdar. Dígen a drithlenn mbroide ceilt ar chaill do shochraide, nochtadh gach fhorlainn diath Bregh Niall Ó Domhnaill fa deiredh. Braon díoghla ó Conaill don chioth frémh fa dísle ó Niall naoíthech, cuisle láir ochta Eóghain, sompla cráidh dá chineólaibh. Ua an Chalbaigh aird ó Es Rúaidh, ua Seaáin Macha an mhór-lúaigh, fatha deinmne ar druim gach cráidh oighre an fhlatha Cuinn Cruacháin. Úr an dá chló an ccéin do mhair síol Néill Chaille, clann nDálaigh, éan-chuingidh dob archa neirt dfhéathluinnibh taghtha an tuaisgirt.
Cailg dá bfuair leath Cuinn cnedhach an díthchennadh déidhenach, a díol décht ó aimsir Chuinn créacht do aimsigh a hurraim. Díth dheirennach dá ttarrthaidh ceinn-litir chraobh n-annallaidh, dúbladh oire dá bfuair cor do-chuaidh go croide a céadfadh. Niall Garbh Ó Domhnaill do dhul a ttor ghiall grianán Lundan, creach ra-domhain do ghabh geall ar bharomail fer nÉirenn. Fedh a thérma a ttor an ríogh foirm Gaoideal gabus dímbríogh, san tor-sain an tann do-chóidh dob am osnaidh da a n-onóir. Niall Éirne sul fuair oidhedh bás dó an tann do tósgnoighedh da a chuibhrech a nglasaibh Gall lasair ó Luigdech leghann. An tan ráinig a Ráth Both géibhenn cniocht cuingidh Dálach barrthar bang chosnaimh ó cCuinn, an dol-sain ann ar amhuill.
Lá an gheimlighthe ag na Gallaibh sníther srian gach Conallaigh, tiad Eóghanaigh síos mar sin, ceó-dhubhaidh gríos a ngaisgidh. Ag so an lá ar luige uirre dár gabh gaisgedh saor-chuinge leath Cuinn, is nir cinnedh dhi filledh don chuing n-a chéile. Mur sgríobhthar n-a sgéalaibh fis, an lá céadna as cenn oiris da goid ón tánaidh tréd Bregh n-a lánaib téd is troighedh. An lá borb ciodhbé ar nár chaill fios a tacha ag Tír Chonaill, ó Shruibh Broin go Gulbain Ghuirt goimh a chumhgaigh do-chonnairc. Na fuinn-sin fhlatha ó cConaill tug feacht aige, an én-chrobhaing, dola ro-thinn Rátha Both, fátha ma ttotha ar ttellach. Don doirb léidmigh laoigh Caille tarrthaidh tosach mion-roinne, tir cnoc-sholus na ccladh bfionn, cottomhus magh as maoilenn.
Foithre a sealg i n-a sráidibh, a hoirecht n-a n-acáidibh, a taoisigh gan treabha a bprémh, cneadha an laoigh-sin a leithsgél. Fáth égnaigh ga a haos cosnaimh, ga a héigsibh, ga a heagalsaibh, da a los-sain as léir go bfuil féil do thosaigh gach turbaidh. Mór ndúthaigh far dhúisg treathan lá Néill Ghairb do geimlechadh, mór créidhim nach cailg gan fhios s gach aird dÉirinn dan hoires. Eachtair fhian Seghsa a Sagsaibh lá a éga san iarnach-sain gach Gaoidheal-tuir dá méid medh n-a shaoilechtain téid toirnemh. Mar tug bás Eachtair fhianaigh oil tugha do Thrói-fhianaibh ég do ghéig bois-ghil Bhennchair téid san oil-sin dEirennchaibh. Frithbhert Gaoidheal re Gallaibh, fian Traoi tréimhse adchualamair san ccor-sain le cathaibh Grég, fachain far chosmhail coimhéd.
Gibé tug tús don chogadh Grégaigh fan Traoi tángadar sluaigh do-ríomhtha ler dhoirbh cur sdoirm ro-díochra ar a ruamnadh. Nír choimh-réidh amuig s amach techt is imthecht fian nGrégach, mór ccuaine táinig fan Traoi nach ráinig uaidhe an athchaoi. A hucht Eachtair aird mic Prímh ógbhadh Traoi tuirrthe a n-éisídh ag techt re trén tegar nGrég s ag legadh frémh a roighég. Críoch Eachtair le a rugadh rath táinig do ghliocus Ghregach, bás mebhla dinneall re a ucht, filledh berna ar a beódhacht. Gibé meabhal dar marbadh mac Prímh fa bras meanmanradh báire Troi-fhian térna lais soi-mhiadh a ttérma tumais. Iomthús Grég far gairdech broin díobh re cailg ar ccur Eachtair, cinnter leó támhnadh na Traoi do gleó ághmar an athlaoi.
Niall Aichle an tEchtair céadna, Goill na Grégaigh soighnénta, an Traoi ar chasmhail braoin-iath Bregh, ar Traoi-fhian gasraid Gaoidheal. Nír lingedh re linn Eachtair múr Traoi an tionóil guais-bertaigh, d'inis Banba go bás Néill do chás ní tarla acht toirléim. Do ba neimní re Niall Garbh crínad a alt dfhiaclaib feól-arm go tarrachtain tíre a sean dfhath-bertaibh gríbhe Gaoidheal. Tar a chloidhemh an ccéin rug ní fríth baogal barr Fánad, derna fa druim-fhliuch a ccath um chumhgach ttedhma Temhrach. Fer darb foraois each is slóigh na lubhghuirt láimh re geal-Bhóinn s na fuinn dluta fa ndúin coill um Búill, um Shuca, um Shionoinn. S na céide um Eas Dara an druadh s um Choirshliabh Seaghsa snas-fhuar s um Chall cCaoin na bfáis-drian bfliuch s na raoin san mBráitshliabh mBreifnech.
Do ba sealbha ina láimh leis crodh Echtgha is eallach Iorrais, Sliabh Guaire is Glenn Righe fa gerr uaidhe a n-innile. Do ba ní leisen leis féin cethra Muighe hAoi ar each-réidh, uair éigin nó a ccrodh ar choill, nírbh éidir dol dÓ Domnuill. Do dhíoladh a nDún na nGall dáimh Connacht ar chrodh cCualann as cléir Chnaghbha ar chrodh aniar tarbha ar a son do shoi-mhiadh. Tráth a loingse art Loch Éirne Manchaigh chuige ag coimhéirghe Loch Éirne go froigidh faoi doighir Éirne ar ar iontaoí. A cCaislén na Finne ar fhíon minic tug ua na n-aird-ríogh buar Oirghiall, eachra Ó Maine, cethra ccoirm-fhian cCaonraighe. A Leithfer an lá fa hóg minic tug Niall anallód beithir crobhfuilech cláir Bhregh cáir chomhuigheach as chairdedh.
Ríomh ar ghon dá gégaibh féin Conaill, Eóghain, ailt saoir-Néill léigfed díom, ni dénta dhamh, díol a n-érca as dob obar. Inghilt natharrdha Néill Ghairbh ó greis go creich go cath-mhaidhm riamh ag seilg bhraoin-tealcha Breagh, nír cheird aoin-tengtha an áiremh. Dol go dígenn a bforais léigfed deagla an fhaltanais, gan fhosgladh dá ndírghe dhamh sgríbhne a ccosgar s a ccomhramh. Niall Súilighe slán re a bhás, ésga as grian dá chaoi a ccompás, úir anoir as da thaobh tig s an mhuin araon as aimrid. Cúig bliadhna fiched fuair me sé chéd ar ccontus mhíle ó choimpeirt Dé go dol Néill, nocha cor é nach oilbéim. Tesda an gart le gríb nEilge, adbath bláth na Gaoideilge. tré aisdrig Ealga na n-eang cerda an ghaisgidh a ngéibenn. Bean. Mo bennacht maille le honoir chugaibh a athair ministir. Re linn beith san bFrainc dam ag leghtheoracht dfonn maitheasa do denamh dom provinsi mar ios aithne do na brathraibh dfag me am dhiaigh sa tigh so Lobaine an tathair Aodh Mac Aingil togta do gothaibh na mbrathar mar gardian agus do chuir an tathair Flathri umhlacht chuige as an Roimh do denamh confirmasion air an togha cedna. Cidhedh nirb aill leis ariamh gardian do gairm de fein no go dtainic sa geimre so do chuaidh tort go dtug Pater Ioannes Neyenus bratair ata annso na comisarius generalis provinciarum Belgicarum provinsial provinciae interioris Germaniae leis dar dtigh ne agus gur orduigh se na phrovinsial os cionn ar dtighe ne e agus go ndearna an provinsial sin togha nuad agus gur toga Aodh
go nuadh aris na gardian. Agus on uair sin alleith ata na gardian. Ios amhla ata ni bfuil a statuid no sgribeann ar bioth ag an ord comissarius ar bioth mar ata an fear sin do beith acca agus da mbeit nir gababair si no deffinitores provinciae Hiberniae leis agus da ngabfad sibh ni roibh ann a cumhachtaibh teagh do dealudha re provinsi agus a cur re provinsi eile agus da ma beg a fiafraidhe de an roibh cead an generail aige nir fiafraidhe de e. Do bi cuid do na brathraibh air ti seasta leis .i. Eoghan O Frighil Domhnall O Higgin agus Seon Prestun agus na hoganaigh do gabh misi fein annso agus nir fuling Aodh sin doibh. Ata an teagh mar so min marbh fa provinsial na tire so. Ios se adbhar as ar iarradar brathre na tire sin meas maith riaghaltachta agus crabhaidh do bi oruinne tarsa fein agus foghluma mar an gcedna san universite. Do bi fos cumachta an generail agamsa an uair do bi me am gardian brathre do chur re humlacht gach aon taobh toigeorainn fein deirc diarraidh ann gach aon ball agus sub poena excommunicationis ipso facto ar brathair ar bioth gan toirmesc do chur orm directe aut indirecte. Do bi fos agam novisti do gabhail etc. Ni hagam amain do bi so acht ag an ti do beith na gardian am diaigh do gnath. Ni luaithe do cuire an ministir coimhitheach sin os ar gcionn no do cuire sub obedientia oruinn gan deirc diarraidh publice aut privatim gan aon
noviste do gabail gan brathair do cur tar baile amach acht maille le hobediens an provinsial. Do bi so mar so go techt damsa on fFrainc mar inneosas an teactaire dibsi. Do bi a roibh do bhratraibh astigh lan do toirse mar do cuaidh an doig dibh fa maith ar bioth do denamh don tir acht iad fein amhain do thabhairt suas agus muna beith gradh daoine eile do thabhairt do-chum an uird orro gur fearr do geba gach aon dibh beatha a gconventibh eile ina acca fein. Cidhedh ar dtecht damsa fa corghaos do gabh ni eigin misnigh iad cidh nach misi ba cuis da misnigh acht gur chuir Dia a gcroithibh moran doganaibh maithe do na colaistibh agus do daoinibh eile techt san aibid agus cidh go roibh na Iesuitae agus na Capusini ag cur na lamh asta tangadar as a lamhaib chugainne. Do rinemar slighe chum na haithne fa novistibh do togbhail dinn cidh nach roibh sin dfiachaibh oruinn agus tuga duinn cead an meid dfedamuis do congmail suas gan deirc diarraidh do gabhail. Do gabad ar sin daindeoin an gardian begnach ochtar oganach agus duine maith tromda foghlumtha do gabh misi annsa Frainc agus Roibeard Mac Artuir a gcrut go bfuilemaid deithneamhar nobiste. Ata iomarca doganaibh maithe eile ag iarraid na habide agus tug cuid do na brathraibh geallta doib agus ni haill leis an gardian a ngabhail. Diarramar uile air a ngabail agus do leig me fein sa cabidil ar ma glunaibh me ceithre la da iarraidh sin agus nirb aill leis da rad nach leigfeadh egla an
provinsial do agus nach egla bochtaine do bi air. Do chuaidh me fein a gceann an provinsial agus do throid me leis go maith agus fa deiredh fuair me a litir don baile da rad na hoganaigh do gabhail agus nir fearrde. Adubairt Aodh nach fedfedh a mbeathughad. Agus go deimhin ata astigh aige do saothar na mbrathar ar an mbliagain so do chuaidh tort saith bliadhna fos darbhar do-chum aráin. Ata beoir leithbliadna denta. Ata luach anlainn go cenn tri raithe dairgiod air laimh an procudora agus gan aon pinginn fhiach air da mbeith se deithneamhar ar fithid. Tuille fos diarradar na professi air iad fein da ma eigin e do chur a gconventib eile ler maith a bfaghail mas bochtaine do bi air agus an clann beg sin do denamh don provinsi. Do chuaidh se dinn uile. Dfaga misi an teagh re feirg as ni rach ann an fedh bias seson n uachtaran. Do bi me ag triall go hEirinn roimhe sin agus ni bfuil agam imtheacht anos oir ni bfuil mo leabhair reidh agus do chuir Flathri chugam fuirech re sgelaibh uaidh fein. Ataim da iarraidh ortsa a athair provinsial tu fein do techt anall agus cuis an tighe so do redughadh o lamhaibh namhad. Ios se an tegh so ios novitiatus agus an stuider don provinsi agus ma bionn se fa lamhaibh daoine eile ni biaidh biseach air. Do saothraigheamairne e agus ni bfuil neart againn air niosa mó. Ni haill linn lochta an gardian dinnisin do duine coigrith do cuirfeadh as oifige e agus go hairdhe ni fuiligimse do na bratraibh sin do denamh
oir ios dearbh leam gurb oram fein cuirfidis i agus ni gebainn uaid san i oir ni mesaim go bfedfadh an general fein provinsial do denamh de san oruinn fein. Tuille eile ni mian leam gan dul dom tir feasta agus ios leor dom an tegh ud do tionsgnam agus dfagbail suas agus conncaid cách fein suas e. Ma tig sibse anall feda sibh athair eigin tromdha do tabairt libh na custos custodum chum na cabidle generalta agus sib fein do denamh gardian de annso agus na denaidh go brath dAodh Mac Aingil acht leghthoir oir ni bfuil croidhe circe aige agus do thuill se annsna neithibh so fein beith go brath fa easonoir agus gan fiu legthoireachta donoir dfaghail. Go deimhin ios ro ionmhain riomsa e agus ios mor diomchair me ris cuirim a fiadnaisi ar cách. Cidhedh ios mian leam an firinne do rada. Na taobaidh beith na vicarius provincialis no na custos do-chum na cabidle na na gardian astigh so go brath re duine ar bioth act re duine do ghlac an abid sa provinsi féin no sa tig si ios ionann sin. Tuille beg eile ni haill leamsa aon ni diob do taobhadh riom fein oir ni beg leam a ndearna me do clampar a gcoigrith agus daoine eile ag mille mo saothair orm. Biaid me tall aguibh sul mo thochus sibh me. Ios olc linn go gcualamar sib do denamh legthora annso do Tomas Mac Grait agus gan sin do leigin no do grasaibh eile aige. Tuille eile ios olc do dearmadabhair sinn fein ar gcuid don clar do beith againn agus gur sinn do thuill
e agus nar tuill masla dom tir. Ata Emonn O Maolearcaid so Roimh agus ios mor goilleas na neithe so air. Atamuidne buidheach de agus ata se gradach san provinsi. Ni beg so anos. Acht ni dena sibsi fedh aimsire ar noifige seirbis ios fearr na degordughadh do chur ar an tegh so agus ios si cuis prinsipailte ata ag na coigriochaibh so re cur sios ar nagaidh ne nach bfuil aon provinsial againn agus ma ta nach tig do denamh visitatio oruinn. Da dtigeadh sibse aon uair amhain do cuirfamuis gles oruinn o sin amach. Comairle air leasa o Dia dibh. A nAnbhars 12 Maii 1610 do mhac dileas Frater Donatius Moneus. Cuirim mo beannacht chugaibh a aithreacha. Ataid braithre na provinsi so ann a bfuilemuid ag denamh iomarcaidh orainn ag iarraidh sinn do beith fa chumachtaibh a ministir fein agus ma bimuid fa chenn ro bhegain aimsire dimig an teagh oir do cuirethar dfiachaibh oruinn sub obedientia non mendicare neque publice neque privatim et non recipere novitios. Do bi cumhachta an generail chum gan coda acca againn roimhe agus ni bfuil gnothaighe againn annso acht chum daoine og do gabhail don provinsi agus chum a muinti. An fedh do bi misi so bFrainc ag leigthoireacht ios sedh do
rinne siad so agus ni roibh do chenn ag Aodh Mac Aingil dfag me am ait na gardian a fiafraidhe dibh qua auctoritate amhain acht tug se a aonta doibh. Tar eis misi do teacht do gabhamar begnach daindeoin an gardian dreacht doganaibh maithe a gcruth go bfuil deithneamhar gabtha againn agus do beith ni mo da leigeadh an gardian duinn oir do fuarmar ó brathraibh an tire a dtoirmesc do togbhail faoi sin agus ni roibh ughdaras agam chum labhartha leo a naghaidh toile an gardian fa nios mo. Ata cách uile faoi so etc. diomdach don gardian. Comhairle maith ar an adbhar sin don ministir techt anall agus biocaire dfagbail os cionn na provinsi agus techt do reghudha an tighe so as clampar agus dul na diaigh sin chum na cabidle generailte. Na messadh se gurb etrom na gnothaidh so oir go deimhin ios se an teagh aon gabhal congmala na provinsi suas ma cumdaighther go maith e oir ataid na hoganaigh ios fearr sna colaistibh ag techt as lamhaibh na Iesuitae agus na Capusin dar nionnsoighe ne agus Aodh da ndiulta go maslaighthech tar eis na mbrathar do tabairt geallamhna doibh. Ni gabhann se ar so mo comhairle si no comhairle an tighe uile ann aonfheacht. Do bi me fein ag imtecht anonn sa slighe so agus do rig sgela orm o Flathri gan dul anonn fos. Ios ar eigin feudaim so do sgriobhadh. Na saoileadh an provinsial ughdaras do chur anall chum aon duine oir ni bfuil duine ann do denamh na
gnothaidhe nios duthrachtaighe na misi agus ni gebhainn sin agus ni tiobradh aon duine toradh orm o docuaidh an ni sa riocht so. Ni leor fos gan an provinsial fein do dul chum na cabidle generailte agus athair eigin onordha don tir tall fein oir cidh go bfedfadh daoine eile dul ann ni denadh gnothaidh acht iad fein agus go hairidhe ni bfuil gnothaidhe re mac aon provinsi eile. Valete corde festivo Antwerpia 12 Maii 1610 Confrater vester in Christo Frater Donatus Moneus. Na bioth egla costuis orra oir da mbeith degmisneach agus degcroidhe aguinne cidh go bfuil a gcoigrith ni beith uireasbha oruinn agus ni roibh fos ariamh. Cidheadh o do gabh drochmisneach sinn dimidemar muna reide Dia an ministir duinn. Faoillidh fesda fian Ghaoidheal cian bhús cóir da chommaoidhemh iar neug is aithbheóghadh dhóibh tre íocluibh ratha an ríoghshlóigh. Gach imnedh imchian re hedh gach díth euga gach éigen dar tháir slóigh finntighe Fáil faoilidh dhóibh ó na ndiombáidh.
Coill oighreachta hinnsi Bregh leó ní cuimhnech an cinnedh nó broid gach Gaoidhil ó Ghall no freumha a nárdfhlath anbhfann. Fáth medhruighthe a menma aniogh a ffuil ann dfuighleach Gaoidhiol techt slán do chennbhile cháigh da eachtra ar ais ón Esbáin. Eunluibh íci a nothras báis flaith Banbha na mbert nemhthláis an fedh bhus buan beó I Néill neimh a nothar ní hoilbheim. Deór a ccroidhibh cáigh a-bhus nior fhág da ffuil a fFlonndrus duamhan tuislidh dha thaobh seng s níor bfherr dfhoirinn na hEirenn. In Seán O Neill si aniogh eunfhuath Gall aointsherc Ghaoidhiol Dia da choimhdhe tar gach cair dob amhlaidh iad da athair. Gach inmhe fan Fhódla riamh da ffuair sena na saoirNiall go ttáire an Seán re Sén diallach re a chuaine an coilén. Bráighe ghill Thuinne Tuaidhe cosnamh chána Craobhruaidhe saoradh bhreth broide Banbha dóigh urruma a atharrda.
Eó Éirne is Esa Craoibhe maighri seunda senDaoile torchuir cuain Bóinne is Banna s gach inbhir fhéil etarra. Énfher feithmhe Themhra an trír s gach iosdaigh da thuil áirdrígh mar tharla gan táth fa seach gach ríoghsport ríoghphort? oile is Oileach. Dún Genuinn Ben Bhorb na ccrot an Srath Bán ga beg diomlot gach brugh dhíobh na ghrianán Goill neimh is ainmín gidh áloinn. Dún Sobhairci is Dún Droma slios Murbaigh s a merrdhronga do dhíth iarla fhóid Uladh fiabhrus bróin da mbethughadh. Iongnadh nach airighend féin Craobh Tholcha an fhoinn fhóidréidh grianmhagh glanMhacha fa ghruaim Sliabh Truim is Emhuin armruaidh. Cenn inmhe in fhine Chuinn si mun dóigh é as a nattuirrsi da mbreith féin s na mbrugh sa ó bhroid na dheghaidh re dóigh deghloid. Ar ghairm Í Néill roimhe riamh tarla ó thosaigh s ní saoibhchiall tre bharr inmhe a loisi láin buaidh na hÉirenn s a hedráin.
Leó dubhradh s do derbadh soin on áird thuaidh tig an chabhoir s ó tá críoch na cabhra a ndán fuighleach an séin re Seán. Oighreacht Neill sin na naoi ngiall is Tuathoil nar ob aoinghliadh is Cuinn gan righe re a rath go ttáire ua na nárdfhlath. A sheal féine fuair gach fer da threibh ríogh do ghort Ghaoidheal leis fhuirghes Ere mar tá fa ches imnedh gach éunlá. Ni ben taoghdach treabh Dathí fa mac Aodh déis a háirdri dlighe an cháil chédna dhi si rétla áigh na hinnsi si. Fuighle naomh is fesa fágh iomda leis lór do chonágh créd acht adhbur inmhe sin Gaoidhil fesda budh faoillidh. Faoillidh. Acc sin duit a fhuighlech ar nannsa a dhuine na haibíde gidhbé thú os cách a Ch. Í. R. accus na héist re lucht an inchrechaigh re cáinedh an an bhegáin rann sin do chionn gan sgoith no prímhfher ealadhna da ndénomh: acht gidhedh is ferr a lochdughadh ón tí da bfhaicher é do
bhrigh go ndiongna féin a samhuil ní bús ferr amhuil adubhairt Goffraidh Mac an Bhairtt: Saoithe na ninntleacht nanbfhonn dalltor re hanbharr neigsi dúnaid éunlaith na hoidhchi súile re soillsi gréine, et cetera. bhur ccara gan chlaochlódh agus guidh oruinn ar son Dé B. M. G. A atair ionmuin Bu truagh libh an sgeal ata agam dibh do taobh thigerna Innisgillionn .i. Concabair Mhéguibir do bi anso Tor a ngeimlech go nuige so agus ata anois sa nGeata Nuadh prisun is truallighe a Londuin .i. prisún na mbitemhnach agus na malefactor e fein agus Mac Mathamna agus captin Albanach catolice do tugadh leo as Eirinn. Ataid na ttriúr a naen-tseomra ra beg amháin gan biadh gan ttigh gan leabuigh acht aon drochleabuigh beag amháin aca na ttriúr gan áit ag a rachaidís do-chum riachtanuis naduire horresco referens acht an seomra ina gcodluid agus ni lor leis na tiránuigh mailluighe so acht atteirid go ngoirfidear do-chum
ceasta iad ar an tseachtmuin so chuguinn ag an tsessión agus ata eagla mor oruinn go gcuirfidear do-cum bais iad. Iarruim oruib ar son De guibhe cinnte do deanamh ortha. Lor so ar an uair si acht Dia maille ribh. bur nduine bocht fein Semus. Londini 22/12 Maii 1643. PS. Measuid daoine oile nach ttiúrtha do-chum bretheamhnuis iad. Gibe ni eireochas dóib cluinfe sibh e leis an gcéud posta. Teasbántas ó Bhrian Ó Flaithbheartaigh. Admhuimsi Brian O Flaithbheartaigh mac Morchaidh na maor go ttugas ar lámh an athar Páttruicc Ui Aodha athair spiriodailte na mbrathar mionúr Eirionnach a Lobháin culuighe Aiffrinn chonuente Chille Connuill, sgur ghlacas ón athair reamhraidhte fithche púnt ar son mo shaothair agus mo costuis leo agus admhuim a bhfiagnuisi mo thighearna, muna bheith fírriachtanas oram, nach iarrfuinn ni san bith ar na braithribh roiionmhuine dan cara agus dan Benefactor me ar fedh mo chomhachta, agus mar comhartha ar sin do bheirim obligáitt oram féin agus ar mhoighridhe mo dhiaigh ma tigh maoid a ccomhachta nó a cceanas ar ndúitche choidhche, go ttiobhruid assioc agus sásadh dona chonuent agus dona bráthruibh remhráidhthe Chille Connuill. Mar dhearbhadh ar sin sgriobhuim mo lámh. a mBrussil 13 July 1654. Brian Flaherty. I dtaobh an achrainn idir órd S. Proinsias agus órd S. Dominic i gcúigeadh Uladh. Do brigh go bfaicmaoid san aimsir si a lathair brathaire S. Domnic ag iarruigh teacht asteach air órd S. Proinnsias ata glachtha sa ccundae so Fearmanach agus nach aithne dhuinn fein ceart no aitreabh air bith aca son roime so riamh ann, fátcios báis ar seanndaoine gan a bhfiaghnuise do beith aguinn ann gach cuimhne da bhfuil aca, atamuid ag tabhart air ccomissioin agus ag taobhadh le gach sagart da bhfuil faoi dhistrict na diosi so fiaghun gach seanduine do ghlacadh do reir a
cuimhne fein agus mar fuair le traditio aithre roime timchill an uird si S. Domnic agus sin do thabhart sgriobhtha faoi na laimh cuguinn. In huius rei fidem his subscripsimus 6 Martij 1665. Patricius Droma Cillmorensis vicarius generalis. Ataimsi Flaithbertach Mac Aodha seacht mbhliadhna deug agus tri fithchit daois ag denumh dfiaghnuise fo mo coinnsias nach aithne dhamh fein agus nach ccuala me o mo shinsir go roibh áitrebh no ceart air bith ag brathairuibh S. Dominic a gcundae Fhearmanach ariamh agus nach bfacus límetas na ceart air bith aca da fhaghail ann. Dat xxviij. Aprilis. Florus Hugh. Ataimsi Seadhan Óg Mac Aodha ata ccionn seacht mbliadhna deug agus tri fithchit adaois ag deanum na fiaghnuise céadna fo mo choinsias. Joannes Mac Hugh. Ataimse Brian Mac Aodha a nghar don aois chétna ag deanumh dfiaghnuise fo mo coinsias nach aithne dhamh fein agus nach ccuala slighe no ceart ag an ord sa S. Doimnic san ccundae so agus da dhearbadh sin ag cur mo laime sgriobhtha air an bpaper so. Bryan MacHugh. Ataimse Cormac meirgeach Mac Aodha a gceann 73 mbliadhna adaois ag deanumh fiaghnuise do reir mo choinsiais ar an modh cétna sin amhuil chach romham. Cormac Mac Hugh. Ataimse Reaghmunn O Duirnin a nghar daois chaich ag deanumh fiaghnuise do réir na muintire sí romam. o Reaghmun x agus a mharc. Suim an méid do chuir a lámha air an ccúise se chéud agus triúr. I leabharlainn na mbráthar mionúr ar Ché na gceannaighe i mBaile Átha Cliath fuaireas na piosaí sin go léir agus gabhaim mo bhuidheachas leis na bráithribh céadna fo cead do thabhairt dam cibé seanleabhar nó seanmheamram ba mhaith liom daithsgríobhadh dham féin. Guidhim DdFerghal Ó Gadhra tigherna Mhaighe Uí Gadhra agus Cúile Ó
fFind aon don dias rideredh parlemeinte ro toghadh as condae Shliccigh co Háth Cliath an bliadain si Anno Domini 1634. As ní coitchend soilléir fon uile doman in gach ionadh i mbí uaisle nó onóir in gach aimsir da ttáinicc riamh diaidh i ndiaidh nach ffuil ní as glórmaire agus as airmittnighe onóraighe ar adhbaraibh iomdha iná fios sendachta na senughdar agus eólas na naireach agus na nuasal ro bháttar ann isin aimsir rempa do thabairt do-chum solais ar dháigh go mbeith aithentus agus eólas ag gach druing i ndeadhaid aroile cionnus do chaithsett a sinnsir a ré agus a naimsir agus cia hairett ro báttar i ticcernus i ndúithce i ndignit nó i nonóir diaidh i ndiaidh agus créd í an oidhidh fuairsiot. Tánacc sa an bráthair bocht durd S. Fr. Míchél Ó Clérigh iar mbeith deich mbliadhna damh acc sccríobhadh gach sendachta da bfuarus ar naomhaibh na Hérenn imaille re humhlacht gach prouinsiail do raibhe in Érinn i ndiaidh a chéle do beith accam da bhar láthair si a uasail a Fhearghail Uí Ghadhra. Do braithes ar bhar nonóir gurbh adbar truaighe agus neimhéle doghailsi agus dobróin libh do-chum glóire Dé agus onóra na Hérenn a mhéd do dheachattar sliocht Gaoidhil meic Niúil fo ciaigh agus dorcattus gan fios écca iná oidhedha naoimh ná ban-naoimhe airdespuicc epscoip ná abbadh ná uasalgráidh eccailsi oile rígh ná ruirigh tigerna ná tóisigh comhaimsir ná coimhsínedh neich díbh sidhe fri aroile. Do fhoillsicchesa daoibh si gur bhó dóigh lem go ffuighinn cuidiuccadh na ccroinicidhe
ar ar mó mo mhes do-chum leabhair annáladh do sccríobhadh i ccuirfidhe i ccuimhne na neithe remráite agus da léiccthí ar cáirde gan a sccríobadh do láthair nach ffuighthi iad do-ridhisi le a fforaithmett agus le a ccuimhniucchad go crích agus go foircend an bhetha. Do cruinnicchedh lem na leabhair annáladh as ferr agus as líonmaire as mó dob éidir lem dfagháil in Érinn uile bíodh gur dheacair damh a ttecclamadh go haoinionadh dochum an leabhair si do sccríobadh in bhar nainm si agus in bhar nonóir óir as sibh tucc luach saothair dona croinicidhibh lás ro sccríobadh é agus bráitre conueinte Dhúin na nGall do chaith costtus bídh agus friothóilte riú mar an ccédna. Gach maith da ttiocfa don leabhor sin do thabairt solais do chách i ccoitchinne as ribh si as beirthe a bhuidhe agus ní cóir machtnadh nó iongnadh éd nó iomthnúth do bheith fa maith da ndingénadh sibh óir as do shíol Éimhir meic Míledh ór gheinsiot 30 rígh do ríoghaibh Érenn agus a haon ar thrí fichtibh do naomhaibh an Tadg mac Céin meic Oilella Óluim ór shíolsat a hocht décc dona naomhaibh sin as éidir do breith ó ghlún go glún an Tadg cédna. Ro ghabhlaighsiot agus ro
aittreabhsat clannmaicne an Taidhg sin i nionadaibh éxamhla ar fud Érenn .i. sliocht Corbmaic Gaileng i Luighnibh Connacht ór geineabhair si muinter Gadhra an dá Ua Eaghra i cConnachtoibh agus Ó Heghra an Rúta Ó Cerbhaill in Ele agus Ó Meachair in Uíbh Cairín agus Ó Concobhair i cCiannacta Glinne Geimhin. Do dherbadh ar bhar tteacht sa ón fhuil uasail sin adubramar ag so bhar ngeinealach a Fhearghail Uí Gadhra. An dara lá fichet do mí Ianuarij Anno Domini 1632 do tionnsgnadh an leabhar so i cconueint Dhúin na nGall agus do críochnaigedh isin cconueint cédna an deachmadh lá do August Anno Domini 1636 an taonmadh bliadhain décc do ríghe ar rígh Carrolus ós Saxaib Frainc Albain agus ós Eirinn. bhar ccara ionmhain Br. Míchél Ó Clérigh. Atát na croincidhe agus an taos ealadhna sa hanmanna agus isa lámha atá síosana in ar ndiaidh
admhálach gur sgríobhatar agus gur theaglamatar an leabhar annáladh so a leabhraibh éxamhla eitir aimseraibh ó na thosach gus an mbliadhain si dhaois Críst 1333 agus gurab é Fearghal Ó Gadhra tug lóigidhecht dhóibh ara sgríobadh agus gurab iat bráithre conuente Dhúin na nGall tug biadh agus friotháileamh dóibh an airett do bhátar ag a sgríobadh. As iatt na leabhair as ro sgríobhsat é leabar Cluana m. Nóis in ro bheandaigh naoimhChiarán mac an tsaoir, leabhar Oiléin na Naomh for Loch Ríbh, leabhar Seanaidh m. Maghnusa ar Loch Érne, leabar Chloinne Uí Maoilconaire a contae Rossa Commáin agus leabhar muintire Duibhgennáin Chille Rónáin a contae Sligigh, agus ní raibhe do bliadnaibh i leabar Cluana ná i leabhar an Oiléin acht gus an mbliadhain si 1227. Do bhátor aroile do leabhraibh aca ro badh eimhilt dáireamh. As iatt na croinicidhe agus an taos ealadhna do bháttor ag sgríobadh an leabhair sin adubhromor an brathair Míchél Ó Clérigh, Muiris mac Tórna Uí Mhaoilconaire fri ré aoinmhíosa, Fearfesa mac Lochlainn Uí Mhaoilchonaire a contae Rossa Commáin ina ndís, Cúcoigcríche mac Diarmata Uí Clérigh a contae Dhúin na nGall, Cúcoigcríche Ó Duibgennáin mac Tuathail a contae Liathttroma, agus Conaire Ó Cléirigh .i. mac Donnchadha a contae Dhúin na nGall. Atátt na haithre durd S. Fr. isa lámha atá ar so aga fhiadhnugadh mar an ccéttna go rabhatar an taos ealadhna ro ráidheadh romhainn a bfarradh
aroile ag sgríobadh an leabair agus gurab iad na leabhair rémhráite do bhaoi aca. Do dearbhadh ar na neitibh sin adubhramar atát cách ar gach taobh ag cur a llámh ar so an taonmadh bliadhain dég do ríghe ar rígh Carrolus ós Saxaibh, Frainc, Albain agus ós Erind. An deachmadh lá do August aois Crist míle, sé chéd, triochat, a sé. Br. Michel Ó Clerigh. Muiris Ó Maoilconaire. Fearfeasa Ó Maoilconaire. Cúcoigcríche Ó Clérigh. Conaire Ó Clérigh. Fr. Bernardinus Clery, Guardianus Dungalensis. Br. Muiris Ulltach. Br. Muiris Ulltach.
Do bhíthin go ttáinicc an bráthair bocht Míchél Ó Clérigh amaille le humhlacht a uactaráin an tathair Ioseph Euarard prouinsial uird S. Fronséis in Érinn dom ionnsaicchid do thaisbénadh an leabhair si damh atúsa Flann mac Cairpre Mic Aedhaccáin ó Bhaile Mc. Aedhaccáin i ccontae Thioprat Arann ag a fhiadhnucchad, gérbo hiomdha leabhar airis do chonnarc do sheinleabhraibh Érenn, agus gérbhó líonmhar an nuimhir éccinnte do leabraibh aosda, agus nemhaosta, sgríobhta agus ag a sccríobadh do chonnarc hi sccoil tSeáin mic Tórna Uí Mhaoilchonaire oide fher nÉrenn i ccoitcinne i senchus, agus i ccroinic agus ag a mbáttar a raibhe in Érinn ag foghlaim na healadhna sin ga tteccuscc aicce, nach facadhas etorra sin uile aoinleabhar as ferr ord, as coitchinne, as líonmaire, agus as mó as ionmolta mar leabar airis agus annála iná an leabhar so. Mesaim fós nach éidir le duine ar bith tuiccsionach do thuaith, nó decclais nó le healadhain dá légfe é a lochtuccadh. Do dherbadh an neithe remráite atám ag sccríobadh mo láimhe air so isin mBaile Mc. Aedhaccáin adubhart 2 November 1636. Flann Mac Aodhagáin.
Táinic an bráthair bocht Míchél Ó Clérigh amaille le humhla a uachdaráin an tathair Ioseph Euerard prouinsial uird S. Fr. dom láthair do lécchadh agus do thaisbénadh an leabhair airis agus annáladha do sgríobhadh lais agus lasan aois ealadhna oile isa lámha atá air agus iar-na fhéuchain agus iar- na bhreathnucchadh dhamh, atúsa Mac Bruaideadha Conchobar mac Maoilín Óicc ó Chill Chaoide agus o Leitir Mhaoláin i ccontae an Chláir aga fhiadhnachadh go bhfoil an leabar ionmholta agus nach cumhain linn leabar airis, nó annáladh dfaicsin as mó, as fearr agus as líonmhaire choitchinne ar Érinn uile iná an leabar so agus gurab doiligh toibhéim, lochdughadh, ná increachadh do dhéunamh air. Do derbhadh ar a ndubhart atáim acc cur mo láimhe air so i cCill Chaoide 11 Nouember 1636. Conner Mac Brody dá ngoirter Mac Bruaideadha. Olc mo thuras sonn ó Lundain go Cnoc Samhruidh aoibhinn áird; Fuaras ainnséin mar nár shaoilios begán aoibhnis, easbhaidh gráidh.
Do shaoilios go mbiadh san dún-soin fáilte romhan ar son Dé; Mar nár shaoilios tárla dhamh-sa, beg faríor dom amhgar é. Ar mhaithne do lucht an dúnaidh amach tar múraibh cuirthear mé, Dhá rádh lem airís gan rochtoin san dún-soin do bhochtaigh mé. Am bráthair bhocht tré bheith dhamh-sa s am shagart do dheibhlén Dé, Lag sin an chúis, ba chúis oirne, fóir mo mhúith, a Choimdhe chléibh. Lé Cnoc Samhruidh beg mo bháidh-si s leis an chrich-sin n-a bhfuil sé; Baoi mo dhóigh, gidheadh, san Iarla, fa olc riamh nír liamhnadh é. Sgéla uaim-si má fuair seision, sgéla uaidhe ní fhuair me; É dhá dhénamh lem as iongnadh, muna bhfuil orm diomdha Dé. Ó nó iarla dá mbeith againn do shíol cCuinn do chlannoibh Néill, Saoilim féin go bhfuighinn fáilte am riocht féin, gér bhráthair mé. Do chaithios ag teacht do dún-soin begán beg bá feirde mé, S ní fhuaras feóirling dhá shochar, turas Ghóidrisg, donas é. Olc. Diarmuid Mac Muiredhaigh cecinit. Gluaisigh ribh a ghlac rannsa ná fuirghe a bfad agamsa go hÓ Néill na ngradh ngarrtha dó féin sdual gach deaghtarrtha. Abruidh uaim ré a fholt tais gur cná sibh don chrann iomhais do bhean mé sa taoibh ré tuinn don chraoibh go ngné núir náluinn. Innsigh dhósan do shúr suilt doighre Cuind et Cormuic go bfuil im sdórsa lámh libh lán cóffra dona cnóaibh. Mac Sir Féidhlim flaith Eamhna gion go labhair Gaoidhealga do dhéin gáire gléghlan ruibh ní náire dhó féin bhar bféuchuin. Muidhfigh air a ghean gáire tré neart luinde is luathgháire an séig súlghlas ó Theamhair a dhúthchas téid tair oileamhuin. Mur chídhfe sibh an naoibh sin air an flaith do thriall ó Theamhair innsigh dhó brigh bhar dtoisge don ghríbh nimhnigh ndíchoisge.
Innsigh dhósan gur léur liom go bfuilid uaisle Éiriond mon-uar ag tréigin a gceirt san nGaeidhlig na nuam noirrdheirc. Níor thréigthe dhóibh í ile air bhéurla chríoch gcoigríchthe teangaidh aerdha bhlasda bhinn béurla do bheannaidh na tailginn. Dá dtuigmís sní tuigthior linn milteanga muighe Féidhlim níl ceól ná comhrádh ba binde lomlán deól is dfhírinne. Sgoith gach béurla táinig ón tur a ghoirios gach deaghughdar is faghluim sgagtha mar sin do thaghluim gharta Ghaoidhil. Tá an dán san diadhacht innte san ríghréim go róichinnte bí an tsuirghe shaor sna treathain sgach ní sduilghe dealathain. Féuchtar sní bfhuighthior libh air lorg Solaimh na Sigir caingne comh-oirrdheirc friu sin airrle Coirbmheic do Chairbridh. Tochmhairc Ailbhe is Fhinn fheassaigh Éimhre is an nilchleassaigh mac Prím sa ghrádha ón Ghréig ní bhídh óna lámha a leithéid.
Agallmha na suagh aile Néidhe agas Athairnne ní bhaoi air sliocht suagh a samhuil ní chual o dhraoi a ndeaghshamhuil. An tiomna nuagh san tiomna shean táid go glan aig an Ghaoidheal sgach air labhair an fáidh tré fhios na meabhair atáid gan tuathlios. Sguiriom dhe so gá dtám dhe nior sgríobh fallsamh ná file mír dhá mhillse don neagna nach bídh innte go hinfheadhma. Ní hí an teanga do chuaidh ó chion acht an dream dár dhual a dídion mon-uar dár-bhéigin a ndán sa nduan do thréigin go tiomlán. Dlighidh siadsan dhá dhruim sin fíriasma ghléire Gaoidhil dán a dtíre bá trom teist do ládh go lonn a láincheist. Ní bfuil dair liomsa duine duaislibh innse Laoghuire dár chóra a hórdúgh a cceist ná Górdún is cródha coimhtheist. Atámaoid go léir dhá liamhain ré hoighre Néill Naoighiallaigh gur dó sdleacht sas dísle go hég ceart a chríche do choimhéd.
Tionóladh an chara gan cheilg a bfuighe feassach san nGaoidheilg sdo dhéna fínbhriathra dhi béurla cíndhiamhra a chríche. Ó Néill dlighthioch deimhin liom dá léig a lámh na tiomchioll do dhén gach éurla duaislibh an fuinn an réud céudhnna gan choguill. Ní beag so dhá chur a gcuimhne don choin muighe Modhuirnne gur dó is cinnte mad luinn lais innte cnó an chruinn iomhais. Cenn Aodh Ruaidh Mhic Uí Néill ar na thogbháil as adhlacadh isin Róimh cecinit nó Aodh Mac Aingil ina ainm. A fhir fhéachus uaid an cnáimh ná fiafraigh do chách cia hé ná bí ina ainbhfes acht druid liom is misi cenn Aodh Í Néill. Dobhér dhuit gerr-léighen glan an saoghal ná car go bráth dá lucht cogadh ní dhén díth sas cealgach bhíos dá aois gráidh. Iomdha gealladh nach bí fíor iomdha líon re ngabhann inn fírinneach dar leat atá sas bréag do ghnáth do ní rinn. Gealluidh saidhbhrios gé atá bocht gealluidh éudach nocht atá gealluidh aoidhbhnes tuirseach é gealluidh séan nemshona atá a cháil. Gealluidh daingneach brisdeach é gealluidh ré gidh gerr a seal gelluidh mórán beg a mhaoin se re a thaobh gé tharla dham sro egna daoibh gé tharla leam.
Gealluidh ní amárach uaidh go lá an luain ní fuighthior súd bréagach uile a ngellann daoibh a chuid an daoil tréig a rún. Sgáile an begán dobheir uaidh roigherr an cuairt do ní sé néull beg siubhlach nach mór luach comhluath chugaibh is uaibh é. Ní sgéul bréige a ndubhart ribh ná gabh chuguibh mar sin é oram féin do rinne an chealg creidigh dhamh is derbh mo sgéal. Dearbh ua Í Dhomhnaill aguibh mé is oighre Í Néill dá ghairm dhíom dalta Uladh uatha amach nír bheg an rath san tír shíos. Do gheall dhamh dúthaigh mhór mhór sna tri hinnsibh nár mhó ag aon ar díbeirt a bfhad ór ttír acht secht ttroighthe nír fríoth dAodh. Doluibh uaisle na ttrí niath uaim nír chian mo rogha mná fuaras is ní gearr a seal fuairleac re mo chneas go ttí an bráth. Do gheall halla caisléun cúirt grianán áluinn go múr mbláith tug dhamh uamhuigh ccumhaing ccriadh is biad innti go ttí an bráth.
Do gheall teglach muinnter mhór óg ghasruigh fá lór do sluagh um aonar fa chriaidh atáim is biad amhluigh go lá an luain. Minic do ráidh biaidh ad dhún medhair fledha sdo rún daor a mbrugh cumhang bodhar balbh atáim ag biadhugh darbh-daol. Tug dhamh uaisle deghdhealbh rath tréighe chuirp fa maith mo chiall nír fhan le sileadh na súl aguinn a ttug dhúinn ariamh. Do gheall fadaois dhamh re néug giolla na mbréag mairg dár gheall ní mór gur ráinic linn fás an uair tig an bás ar mo chenn. Uch is mairg do mheall a mhian sas mairg ariamh dhá ttug a ghrádh mairg do chreid a chogar claon ro mhairg dAodh nár thréig a pháirt. Truagh nár threiges é dom dheóin truagh nach beó do thréiges é anois tuigim má lé súd anuair cuirther san úir mé. Siocra na nolc do mhill sinn nír léigsiod a ccill ar spéis bá binne glór ngadhar ngarbh nó ceól psalm ag moladh Dé.
Loisi an tshaoighil caidreamh claon do mheallsad fa-raor ar cclí bláth ar nóige do rugsad uainn och anois is truagh mo chríoch. Truagh nár cuiredh sinn ó thús ar sgoil chrábhuidh ar iúl Chríosd tús ar naoisi fuair an corp as sin táinic olc an gníomh. A fhir fhéuchas ar an ccnáimh gabh mo thegasg madh áil neamh tús don spiorad deólas Chríosd deireadh don chlí gerr a seal. Gabh mo thegasg a nam uaim ní fes cá huair tig an téug san aimsir nach smuaintior sin na fhoghlaidh chugain tig sé. Cuimhnigh an bhreath rugadh oram leanfoidh sibsi ar lorg sar ré ní fhuil do dhiffir ann súd acht sibhsi aniú is sinne ané. Seachna na bpeacadh ma dháil do mheabhair do ghnáth is cóir ceithre críocha do-chum Dia certbhreith éug pian is glóir. Dá ndiúlta tegasg na mbeó gnás na bpecadh dhóibh gidh náir diúltadh do ghlór mairbh ní dú an toictheac Saúl do ráidh.
Ar mhaith mbréige an tsaoighil bhoicht tréigen Dé as olc an chiall le tigh nimhe do bheir cúl s gabhuidh iúl go tigh na bpian. Tug an saoghal dhamhsa a rún guidhim sibhsi sgrúd mo chás gabh múnadh an leomhuin uaim a fhir fheuchas uaid an cnáimh. A FHIR Ag sin chugad a Bhrighid Ní Néill maille re céud mile beannacht. H. Ard. Fearghal óg Mac an Bhaird. Truagh liom Máire agus Mairghréag ní beó bláth na n-umhail-ghéag do chuir siad a nduille dhíobh dhá bhuime iad don imshníomh. Faríor faríor nocha-nfhuil braon n-a gcroidhibh ón chumhuidh dá sheise shuadh fháid Uladh truagh mar táid ar dtiormughadh. Ionann tuirse damh-sa is dóibh Aodh Ruadh céad-damhna ar gciach-bhróin Rughraighe Cabha dár gcrádh mana turbhaidhe a théarnádh. Tréad bocht gan aoghaire inn Cathbharr ceann einigh Eirinn fa líg trá ga truaighe dáil atá uainne san Eadáil. San Eadáil na n-eas dtana ionann is éag Nualadha atá géis chnó-mhuighe Chuinn cró-luighe dá héis oruinn.
Nualaidh dhuais-líonmhar dóigh cháigh mairfidh go laithe an luain-bhráith tosach garma crú gCriomhthain clú a hanma idir Eirionchaibh. Do beanadh dhínn dia do chor a-bhus ar tús tuar cumhodh súil mhall-ghlas dar creite i gcath Maghnus eite na n-Ulltach. Ar Mhaghnus mac Í Dhomhnuill i gcrích Uisnigh iobhar-dhuinn cuire a chomhaoise nír chinn ro-Naoise fuile Féidhlim. Ceithre héigneadha ón Bhóinn bhrais ceithre mic dAodh mac Maghnais cuan dreagan nár dháil a rún dháibh níorbh eagal acht iomthnúth. Ní faicfidhear foirbhthe an béad lorg a gcroitheadh ná a gcroim-sdéad fan Eithne fan Mháigh mhall-fhuair ceithre cráidh an Chonall-shluaigh. Seabhaig uaisle innse Fáil ceithre creacha chnuic Chruacháin ceithre troim-chreacha Teamhra na doinn-chleatha doigheardha.
Iongnadh Máire do mharthain s na haibhne nach ion-arthaigh is fiodhbhadh chríon craoi Uisnigh do shíor ag caoi an cheathruir-sin. Ní filltear fiodhradh abhla lé hubhlaibh feadh fionn-Bhanbha ná fiodhradh caill-ghéag lé cnoibh iongnadh Mairghréag do mharthoin. Ní hí Mairghréag nó Máire chaoinim is cúis diombáidhe acht an cor-sa ar Chró na bhFionn mó-sa-mhó osna Éirionn. A gceithre dearbhráithre ar ndul Máire is Mairghréag mhúir Chruachun cosg ag dul do shíor ar shuan a gcur faríor is ro-thruagh. Truagh Piaras Feireitéar. A bhean óg ón a bhean óg ní cumhain leat pósa ná póg ní cumhain leat suirghe ná searc doiligh do bheart a bhean óg. Roi-bhinn leat ón roi-bhinn leat m'osna éagcomhlainn gan neart leigheas dod león nód léan bheith ag deól mo dhéar óm dhearc.
Creach tríom thaobh ón creach tríom thaobh a ghrua chorcra a chneas mar aol méad mo pháise s gan tú tinn loighead do cháis-si is gan sinn saor. Duit a mhairg ón duit a mhairg gur clos don uile órd ós aird gur léigis sinn ag searg gan lorg a chealg bhorb mar cholg rom chailg. Och is dearbh ón och is dearbh ón ló ina robha a leinbh im leanbh go bhfuil mo shealbh id sheilbh shoirbh mo dhealbh ód dheilbh cé doirbh dealbh. Cé chuais tharm ón cé chuais tharm a chúl chomhthrom rom arg gan arm do shille mheirbh marbh-dhearc ngorm bronnaim feirm orm óm anm. A ghrian gheal ón a ghrian gheal a ghlór shámh na soirbh-rádh sean muna saoile ar chosnamh ár gcás brosdaigh ar mo bhás a bhean. Luan an tslóigh ón luan an tslóigh itchim ar áird-rígh na nae n-órd gan comhthrom nár léige leat do bheart orm a bhean óg. a.b.e.a.n.o.g
An t-úcaire adtuaidh do chan so san Iomarbháidh. Ná hosglaid Muimhnigh a mbéal ná habraid mé ioná thú ná labhraid í gcás an bhidh do bhí mise mí farrú. An t-úcaire Muimhmeach do chan an freagra so Leath Eoghain ceart cródha is úire sluagh flath-fhód na bhfleadh n-óil nach dubhradh i gcruas gan glas-ósda seamróg n-a gcúis do luadh laibheór-sa d'aimhdheóin na cúige thuaidh. A Athair onóraigh, As cóir dhúinn do réir comhairle an eaccnuighe curam do bheith againn far nainm agus far cclú. Da brígh sin atamaoíd da chur síos díbhse maille ré hosnadhaibh troma, agus ré doilgheas intinne an timdheargadh do fúair an coimhthionól beannaigh-se. Óir ata ar cclú ar-na spotadh, agus ar-na dubhadh a cconveint Lobháin, agus ní fuil amhrus go mbía mar an cceudna an Éirinn, do brígh nách bfuil iomrádh nó sgél fábhaill ar bith bias annsin nach ccluinfidhthear gan mhoill sa bprovinsi, ó luas teangtha na ndaoine léarab usa nóta do chur ar locht da lughat na ar mhaith da méad. Do lotadh sinne go trom, agus dob usaide sin da madh áonduine amháin do gonfaidhe biodh nar maith linn sin féin da madh áonbhall amháin don chorp do leónfaidhe, muna beith an corp uile dá ghearradh. Do dhéanmaóis foighide re lot an chuirp féin, da madh esccara do loitfeadh sinn; gidheadh as truagh agus as olc linn ar ndearbraithre dar ngonadh. Do tuicceamar as litreachaibh aithreach Lobháin, go spéisialta ó dhís acu, gurab é meas atá ar an áitse nach bfuil innte acht táibherne photairidhe
mar nach bfuil dexersís againn acht na copáin; agus da brígh sin do bheirid comhairle uatha as an áit sin dona braithribh tainicc annso ar ccomhluadar do sheachna amhail dhaoíne ata ar ar salcadh re lubhra na pótaireachta. Go dimhin as críonna an chomhairle sin da mbeith si deisccreideach nó carthanach: óir do ba córa an locht do chíd na súile linxamhla úd ata a bfad uainn, agus nach bfaicmíd féin ata do láthair, do chur a ccéill duachtarán éiccin do chuirfeadh ceirín ar an ccneidh ina beith da sgríobhadh cum brathar príváideach, óir ni mar sin do ordaigh XR riaghail na carthanachta. Cuirfeam chugaibh ann so na briathra do sgriobhadh sna litribh réamráite, ionnus gurab móide do thuicfeadh sibh méad na heccóra do rinneadh orainn. Ag so mar sgriobhas an chéad litir aca. Do mhothaigheas ar daoinibh áiridhe ann sin fonn do beith aca chun copán agus seachainse iad le brathair áiridhthe do bí ag labhairt mar an phlaigh an mhéid gur daóine don tsortsin íad. Níor lór leis an dara fear a sgriobhadh go bfuil daoíne áiridhthe mar sin againn, muna nabradh go bfuil an coimhthionól uile amhlaidh: óir as mar so sgriobhus chum bráthar eile. Tibi soli ar se atá amuigh ar an áit sin ina bfuil tú nách bfuil áit do bheagaibh as mó díol óil agus dighe ina í. Ataimse ag iarradh ortsa as ucht Dé etca a samhail sin do comhluadar do seachna agus gan an áit aga mbeith se da dhéanamh do tháobhadh, etca. Ag so, a Athair an ní do gluais sinne go romhór:
agus biodh nach bfuilmíd ag iarradh dioghaltais, ar a shon sin atamaóid ag iarradh cirt inar masla .i. aissiocc inar cclú, biodh gur baoghlach linn gur deacair sin do thabhairt dhúinn má cuireadh an chúis go publide orainn. Agus as córaide an taisioccsa diarradh, nach mór gur mó an mhasla fuaramarne ina sibhse féin, óir do ba cóir don pastúir an tréd do bhí ag morgadh más fíor dona sgelaibhsi do cheartughadh. Uime sin iarrmaóid ar son Dé oraibh leighios do chuir ar an ccúis si, amhail ata dfiachaibh oraibh mar mheasamaoid; agus ma tamaoidne ciontach, ceartaighthear sinn mar as dual: muna bfuilmid mar as dearbh nach bfuilmid ceartaighthear lucht an mhurmuir, agus tugthar orra a clú agus a honóir daisiocc don coimhthionol-sa ara roibh agus ara bfuil meas maith, acht an mhéid do beanadh dhi anos go héaccorach. Ma sccrudthar an chúis as uras an mhuintir do scríobh an litir dfagail amach. Ata súil againn go sáibheolaidh sibh ar cclú na agus bhur nonóir féin sa bpuncsa. Lór. as Prága 6 Martii 1641. Rdi. adm. Patris Humillimi filii et servi Fr. Patritius a Sta Maria. Fr. Franciscus Ferral O.F.M. Fr. Ioannes Barnewall. Fr. Bernardus Coffey.
Baile Hardaman. Ian. 28, 1718. A charaid ionmhuin, Atá dúil agam go bfuil tú sásaidh leis an leabhar leighis óir do bhí an t-ógánach a thug
damh é annso dia Domhnaigh agus dfáig sé mo leabhar féin agam agus adeir sé go bfuil dearbhráthair dhó ro-thinn agus nach bféachann sealbhadóir an leabhair sin dó go bfuighe sé an leabhar ar ais. Chuir misi leabhar oile chuige dféachain nár shásuigh é go ttiucfaidh an leabhar sin. Guidhim thú fa n-a chur a n-ordadh comh maith agus is feidir leat a modh nach croneóbhaidh sé é agus cuir anuas é comh doith agus is féidir leat. Na dearmoid Seathrún do chur chugam agus an t-abhrán do sgríobh Proinnsias Doibhlín. Tabhair mo sheirbhís do Ghearóid Mac Conmidhe agus do Shéamus O Fearghail agus innis dóibh gur fada liom go bfaicim gach ar gheall siad dhamh. Chuir mé saothar Mheic Cearchair chuca mar aon leis an litir so agus abhrán Bhriste na Bóinne roimhe sin. Ma tá spéis agad ionnta gheabhair ag Gearóid iad. Madh chualaidh tú ní ar bioth fam dhoctur cuir sgéala chugam óir is fada liom go ccluiniom uaidh agus is ro-fhada liom go bfagham do sgéala féin. A ndóigh go bfuil an tsláinte agad féin agus ag do chúram go léir mar atá agam-sa do láthair glóir mhór do Dhia dá cheann gabham mo chead agad. Od charaid bhithdhílis go héug. Seon Mac Solaidh. Fiafraigh an bfuair Gearóid an t-abhrán agus muna bfuighe sé é romhad tabhair chuige é. ffor Mr. Richd. Tupper in Michillstowen near Dublin THIS.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services