Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gleanings from Irish Manuscripts

Title
Gleanings from Irish Manuscripts
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Walsh, Paul
Composition Date
1632
Publisher
(B.Á.C.: Sign of the Three Candles, 1933)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




Coitchenn cumha chloinne Néill,
do throim-loit orchra íad-séin,
cáoimh-chletha do clódh ré tan,
dáoir-chetha ón mbrón dá mbáthadh.



Monúar atáid go tríamhuin
sliocht tuirseach Néill Náoighíalluigh,
an ceólchuire fár ghin goimh
nimh eólchuire dhá n-argoin.



Táinicc an chumhaidh choitchenn
go tteidhm bfíochdha bfornoicht-tenn
fán rígh-ealbha ó Bhóinn na mbenn,
mí-mheanma dhóibh an dílghenn.



Tarla dhanshúaimhnes orra
síol Néill lesa Líathdroma,
tíad tar úidh an eóil shenta
gan dúil cheóil nó chuideachta.


L. 15


A n-imshníomh do-chóid ó cheilt
fine Néill dealbdha an deisgeirt,
mar chrécht ttrom as teó dochar
n-a ghleó lonn gan leasochadh.



Créd an tochrádh grod trom-sa
do loit uile an fheadhon-sa,
ór comhbúaidhreadh thíar is toir
an fhían chronnúaidh-gheal chobhsoidh.



An sníom cogaidh nó ceilge,
nón sliocht dénta díbhfheirge
ón báoghlaighe a mbeó-ghoin sin,
leómhuin áol-maige Uisnigh.



Nón toghuil úaibhrech eachtronn,
nón díol écht nó eineachlonn,
nón pláigh bhreacht-lonn reachtmar rod,
nón letrom neartmhar namhod.



Ní foghuil ghaile nó gráin
ro-s-mill, acht bás Í Bhráonáin
laóich fhearchonta as mire méin
fine reann chorcra rí-Néill.



Éamonn Ó Bráonáin bas tseng,
éin-díth chlíar, cara prímh-cheall,
a bhás as olc dá fhine
s as cás do ghort gheil-Mhidhe.



Dob éun-oigher dhÉnna mac Néill,
ba flaith ar chlú s ar chaithréim
an saoir-bhengán go ngné ngil,
s dob áoin-lennán é dhéixibh.


L. 16


Oidhedh churaidh na Craóibhe
dúsgadh uilc is anaóibhe,
do bhí an donus-so, a Dhé, a ndán
s é ní horusa dhiompádh.



As mairg dúthaigh rér dhealaigh
a maith líonmar fhlaitheamail,
s a rai-réidhe fa riar sgol,
s a mhían dainfhéile is degnamh.



Cennus fine nó fedhna
ní fhuil nó ól fínemhna,
nád grinn-bhearta fa chró Cuinn
ó ló imdechta Émuinn.



Fúarus sgéul ar chlannuibh Cuinn,
aóidhe sgeóil nach sgéul fábhuill,
an sgéal go bfairbhrígh ar fuin,
ar aird-rígh thréun ó Thenruigh.



Tarla cinnedh, lór dho lot,
tré ard-fhlaith dharbh ainm Cormac,
fá chrú Luighdhech mar do ling,
anú as cuimhnech an chréidhim.



Ré linn Chormuic mic Airt uill
níor tháruill mhaoith clann Criomhthuinn
acht lán don uile ionnmhus
an cuire sámh soichioll-bhras.


L. 17


Ní raibhe a n-íarthor Eórpa
samhuil don droing dhoi-leónta,
a sén an tann-soin gur thill,
sgéul dá n-amhsoibh dob inghrim.



Daithle a bhfuarodar daóibh
rug ar chrú Chobhthaigh chnes-chaoil,
ag áos eóil atá a thuigsin,
lá leóin ar an laochruidh-sin.



An lá dhár thacht eite eó
rí Éirenn nár ob airm-ghleó
níor lá medhra an lá do-luidh
acht lá tedhma dhá triathuibh.



Ainnséin ar n-imthecht Chormaic
lingid uilc as othor-luit,
gér shuaimhneach ó shíodh roimhe
síol úaibhreach ó nÚghoine.



Níor ríoghadh éin-rí ar Éirinn
déis an aird-rí uicht-shéimhfhinn,
do fhan a n-áontomha treall
nár lamh áon-togha dhimdeall.



Trí blíadhna do bhí an Banbha
nár shealbh rí nó ríogh-dhamhna
do chumhuidh Chormaic í Cuinn,
pudhuir ordhruic a n-abruim.


L. 18


Aithghin Éirenn dhaithle a rígh
críoch Mhidhe na magh slis-mhín
fíoch na trén-duilghe ro thogh,
díoth ar nÉmuinn-ne a hadhbhor.



Mar chloinn cCobhthoigh tré Chormac
bíd Íbh Néill na níamhonn-bhrat
ag cáoinedh Í Bráonáin Bhregh
áon-fháidh na nGáoidheal ngúaismher.



Tré n-a bás, ní reim ratha,
níor hoirnedh ainm ardfhlatha,
nó a rádh gurbh oirbheartach dfhior
um chlár toinnbhleachtach Tailtion.



Is coitchenn dá núa-chaoi aniogh
fine Néill na naói ngeimiol
gan lúadh fiadhiugh nó fledh-óil
dár dhúal dfialfhuil Éiremóin.



Slúagh Midhe na maoilenn mbán,
tugsad áoibhnes ar ochlán
a ndíaidh í Énna Uisnigh,
bíaidh an séula suthuin-sin.



Dá égcaoine a nInis Fáil
iomdha banntrocht is bandáil
lé clódh beó-chroidhe bos
do lógh eólchoire dhamos.


L. 19


Bú dóich díllecht do chabuir,
bú sgíath dhín do dheóradhuibh,
gég Naói bú toirbertach tol
do bhaói oirbhertach iúlmhor.



Ní tug is níor thuill tatháoir
an seabhoc sáor sotla-chaoin,
menma ra-bhog na rían nglan
mian a charod do chosnam.



Do-chuaidh an mhaith maraon ris,
do sgéith fúair-chioth gach flaithis,
nocha léir tairthe ós tealaigh
léim aithfe dá n-imdheadhuil.



Ní faichter cnúas ar chrannghoil,
nó fás áir ar úrthalmhain
ní nochtar a bhFíad na bFionn
grían acht tré dhortadh ndílenn.



Mór mío-rath as mana cáis
mhothuighther tré mhac Tomáis,
do shíor ag lucht bhraon-chláir Bhregh
dhulc an chlaochláidh do cinnedh.



Trúagh do mhacraidh, do dháimh,
do-chí brugh Bhaile Adáim,
dún na n-gér-rann s na ccall ccuir,
gan Émonn ann dá iarruidh.


L. 20


A áiremh ní fhéd file
uaisle an fhéinnidh fhoirghlidhe
gaoith-mhéinne nár thláith ré tenn,
aoin-chéile cháich go coitchenn.
Coitchenn.


L. 27


B 1658 17L
U 0079

atá an senchus romhuinn ar na sgriobhadh go glan do réir na leabhar as ferr
do chonncamar agus mar dherbhadh air sin ataimsi ag cur mo laimhe air so
Madrid 28 Marta 1658 Tuileagna Ó Maelconaire seancha coitchenn
Erenn.


L. 29


B 1626 17T
U 0001

Bean do lámhaigeadh leith Cuinn,
ráinig sí snaidhm a fulaing,
fuair Banbha senmóir re seal
ó shen-róimh garma Gaoídheal.



Ní measda acht n-a mnaoi bhroide
buime bhráithrech sár-oide,
máthair an fhlaithis, leath Cuinn,
breath nach aithis gan fhochuinn.



Antar re hoil gach docra,
leath roghain na ríogochta
díogha gach domhain re tan,
síona a foghair ar bfuaradh.



Altrom dá ttug do thréd Cuinn
don truaigh bhoicht beg dá shodhuing,
luach eile a n-altruim dá dhíol
n-a eire ós acfuinn dimshníomh.



Fuar don dul sa a daltacht the
dArt Chliach, do Chormac Bhóinne,
fríth baoghal bhuime an dá mhál,
an saoghal uirre ar n-iompádh.



A cíoch do Chairbre Mhidhe,
a hucht dFhiachaigh Sraibhtine,
réim soirbh Mhuiredhaigh da a muin,
oilemhuin as doirbh dhíoltair.


L. 30


Cennchais don chur sa a fledh-ól
ar iocht Eachach Maoighmeadhón,
fíon nach eochair uaille aniugh
fuair ag síol Eochaidh aimsior.



Gabhla gan greim da a mbonaibh,
sailge neirt anallamhuin,
crú an Chédchathaigh cian bhus oil
far thécht-dathaigh fiadh Fionntoin.



Fódla fatha go hursain
sesgad rígh don fhrémhach-sain,
frémh laghthach Éiremhóin uill,
méine-shlóigh cathrach crobhuing.



An Eóraip ris fa riarach
rí díbh-sein Niall Naoighiallach,
ráinig maighin athar Airt
sgathadh dainimh n-a dhíoghailt.



Eruic ó leith Cuinn chliaraigh
a n-ábhacht Néill Naoigiallaigh
téid do chumhra fhréime an ríogh,
Eire ar n-umhla dá imshníomh.



Cruithnecht dherg gan déis cogail
uaidhe a n-íoc an tseachadaidh,
síol ághmar dhá fhionn-mhac Néill
iomlat nach ádhbhar aittréin.


L. 31


Siansa a bethadh, boill a cuim
éruic lór ó leith sean-Chuinn
cuaine Conaill agus Eóghain
bodhaing uaille a hinneónaidh.



Leth Mogha déis na healbha
tarrthaidh tuisle a creidemhna,
leth Cuinn s as crainn do tesgadh
ní caill fa thtuinn tarrthasdar.



Dígen a drithlenn mbroide
ceilt ar chaill do shochraide,
nochtadh gach fhorlainn diath Bregh
Niall Ó Domhnaill fa deiredh.



Braon díoghla ó Conaill don chioth
frémh fa dísle ó Niall naoíthech,
cuisle láir ochta Eóghain,
sompla cráidh dá chineólaibh.



Ua an Chalbaigh aird ó Es Rúaidh,
ua Seaáin Macha an mhór-lúaigh,
fatha deinmne ar druim gach cráidh
oighre an fhlatha Cuinn Cruacháin.



Úr an dá chló an ccéin do mhair
síol Néill Chaille, clann nDálaigh,
éan-chuingidh dob archa neirt
dfhéathluinnibh taghtha an tuaisgirt.


L. 32


Cailg dá bfuair leath Cuinn cnedhach
an díthchennadh déidhenach,
a díol décht ó aimsir Chuinn
créacht do aimsigh a hurraim.



Díth dheirennach dá ttarrthaidh
ceinn-litir chraobh n-annallaidh,
dúbladh oire dá bfuair cor
do-chuaidh go croide a céadfadh.



Niall Garbh Ó Domhnaill do dhul
a ttor ghiall grianán Lundan,
creach ra-domhain do ghabh geall
ar bharomail fer nÉirenn.



Fedh a thérma a ttor an ríogh
foirm Gaoideal gabus dímbríogh,
san tor-sain an tann do-chóidh
dob am osnaidh da a n-onóir.



Niall Éirne sul fuair oidhedh
bás dó an tann do tósgnoighedh
da a chuibhrech a nglasaibh Gall
lasair ó Luigdech leghann.



An tan ráinig a Ráth Both
géibhenn cniocht cuingidh Dálach
barrthar bang chosnaimh ó cCuinn,
an dol-sain ann ar amhuill.


L. 33


Lá an gheimlighthe ag na Gallaibh
sníther srian gach Conallaigh,
tiad Eóghanaigh síos mar sin,
ceó-dhubhaidh gríos a ngaisgidh.



Ag so an lá ar luige uirre
dár gabh gaisgedh saor-chuinge
leath Cuinn, is nir cinnedh dhi
filledh don chuing n-a chéile.



Mur sgríobhthar n-a sgéalaibh fis,
an lá céadna as cenn oiris
da goid ón tánaidh tréd Bregh
n-a lánaib téd is troighedh.



An lá borb ciodhbé ar nár chaill
fios a tacha ag Tír Chonaill,
ó Shruibh Broin go Gulbain Ghuirt
goimh a chumhgaigh do-chonnairc.



Na fuinn-sin fhlatha ó cConaill
tug feacht aige, an én-chrobhaing,
dola ro-thinn Rátha Both,
fátha ma ttotha ar ttellach.



Don doirb léidmigh laoigh Caille
tarrthaidh tosach mion-roinne,
tir cnoc-sholus na ccladh bfionn,
cottomhus magh as maoilenn.


L. 34


Foithre a sealg i n-a sráidibh,
a hoirecht n-a n-acáidibh,
a taoisigh gan treabha a bprémh,
cneadha an laoigh-sin a leithsgél.



Fáth égnaigh ga a haos cosnaimh,
ga a héigsibh, ga a heagalsaibh,
da a los-sain as léir go bfuil
féil do thosaigh gach turbaidh.



Mór ndúthaigh far dhúisg treathan
lá Néill Ghairb do geimlechadh,
mór créidhim nach cailg gan fhios
s gach aird dÉirinn dan hoires.



Eachtair fhian Seghsa a Sagsaibh
lá a éga san iarnach-sain
gach Gaoidheal-tuir dá méid medh
n-a shaoilechtain téid toirnemh.



Mar tug bás Eachtair fhianaigh
oil tugha do Thrói-fhianaibh
ég do ghéig bois-ghil Bhennchair
téid san oil-sin dEirennchaibh.



Frithbhert Gaoidheal re Gallaibh,
fian Traoi tréimhse adchualamair
san ccor-sain le cathaibh Grég,
fachain far chosmhail coimhéd.


L. 35


Gibé tug tús don chogadh
Grégaigh fan Traoi tángadar
sluaigh do-ríomhtha ler dhoirbh cur
sdoirm ro-díochra ar a ruamnadh.



Nír choimh-réidh amuig s amach
techt is imthecht fian nGrégach,
mór ccuaine táinig fan Traoi
nach ráinig uaidhe an athchaoi.



A hucht Eachtair aird mic Prímh
ógbhadh Traoi tuirrthe a n-éisídh
ag techt re trén tegar nGrég
s ag legadh frémh a roighég.



Críoch Eachtair le a rugadh rath
táinig do ghliocus Ghregach,
bás mebhla dinneall re a ucht,
filledh berna ar a beódhacht.



Gibé meabhal dar marbadh
mac Prímh fa bras meanmanradh
báire Troi-fhian térna lais
soi-mhiadh a ttérma tumais.



Iomthús Grég far gairdech broin
díobh re cailg ar ccur Eachtair,
cinnter leó támhnadh na Traoi
do gleó ághmar an athlaoi.


L. 36


Niall Aichle an tEchtair céadna,
Goill na Grégaigh soighnénta,
an Traoi ar chasmhail braoin-iath Bregh,
ar Traoi-fhian gasraid Gaoidheal.



Nír lingedh re linn Eachtair
múr Traoi an tionóil guais-bertaigh,
d'inis Banba go bás Néill
do chás ní tarla acht toirléim.



Do ba neimní re Niall Garbh
crínad a alt dfhiaclaib feól-arm
go tarrachtain tíre a sean
dfhath-bertaibh gríbhe Gaoidheal.



Tar a chloidhemh an ccéin rug
ní fríth baogal barr Fánad,
derna fa druim-fhliuch a ccath
um chumhgach ttedhma Temhrach.



Fer darb foraois each is slóigh
na lubhghuirt láimh re geal-Bhóinn
s na fuinn dluta fa ndúin coill
um Búill, um Shuca, um Shionoinn.



S na céide um Eas Dara an druadh
s um Choirshliabh Seaghsa snas-fhuar
s um Chall cCaoin na bfáis-drian bfliuch
s na raoin san mBráitshliabh mBreifnech.


L. 37


Do ba sealbha ina láimh leis
crodh Echtgha is eallach Iorrais,
Sliabh Guaire is Glenn Righe
fa gerr uaidhe a n-innile.



Do ba ní leisen leis féin
cethra Muighe hAoi ar each-réidh,
uair éigin nó a ccrodh ar choill,
nírbh éidir dol dÓ Domnuill.



Do dhíoladh a nDún na nGall
dáimh Connacht ar chrodh cCualann
as cléir Chnaghbha ar chrodh aniar
tarbha ar a son do shoi-mhiadh.



Tráth a loingse art Loch Éirne
Manchaigh chuige ag coimhéirghe
Loch Éirne go froigidh faoi
doighir Éirne ar ar iontaoí.



A cCaislén na Finne ar fhíon
minic tug ua na n-aird-ríogh
buar Oirghiall, eachra Ó Maine,
cethra ccoirm-fhian cCaonraighe.



A Leithfer an lá fa hóg
minic tug Niall anallód
beithir crobhfuilech cláir Bhregh
cáir chomhuigheach as chairdedh.


L. 38


Ríomh ar ghon dá gégaibh féin
Conaill, Eóghain, ailt saoir-Néill
léigfed díom, ni dénta dhamh,
díol a n-érca as dob obar.



Inghilt natharrdha Néill Ghairbh
ó greis go creich go cath-mhaidhm
riamh ag seilg bhraoin-tealcha Breagh,
nír cheird aoin-tengtha an áiremh.



Dol go dígenn a bforais
léigfed deagla an fhaltanais,
gan fhosgladh dá ndírghe dhamh
sgríbhne a ccosgar s a ccomhramh.



Niall Súilighe slán re a bhás,
ésga as grian dá chaoi a ccompás,
úir anoir as da thaobh tig
s an mhuin araon as aimrid.



Cúig bliadhna fiched fuair me
sé chéd ar ccontus mhíle
ó choimpeirt Dé go dol Néill,
nocha cor é nach oilbéim.



Tesda an gart le gríb nEilge,
adbath bláth na Gaoideilge.
tré aisdrig Ealga na n-eang
cerda an ghaisgidh a ngéibenn.
Bean.



Mo bennacht maille le honoir chugaibh a
athair ministir.



Re linn beith san bFrainc dam ag leghtheoracht
dfonn maitheasa do denamh dom
provinsi mar ios aithne do na brathraibh dfag
me am dhiaigh sa tigh so Lobaine an tathair
Aodh Mac Aingil togta do gothaibh na mbrathar
mar gardian agus do chuir an tathair Flathri
umhlacht chuige as an Roimh do denamh
confirmasion air an togha cedna. Cidhedh nirb
aill leis ariamh gardian do gairm de fein no go
dtainic sa geimre so do chuaidh tort go dtug
Pater Ioannes Neyenus bratair ata annso na
comisarius generalis provinciarum Belgicarum
provinsial provinciae interioris Germaniae leis
dar dtigh ne agus gur orduigh se na phrovinsial
os cionn ar dtighe ne e agus go ndearna an
provinsial sin togha nuad agus gur toga Aodh


L. 54


go nuadh aris na gardian. Agus on uair sin
alleith ata na gardian.



Ios amhla ata ni bfuil a statuid no sgribeann ar bioth ag an ord comissarius
ar bioth mar ata an fear sin do beith acca agus da mbeit nir gababair si no
deffinitores provinciae Hiberniae leis agus da ngabfad sibh ni roibh ann a
cumhachtaibh teagh do dealudha re provinsi agus a cur re provinsi eile agus
da ma beg a fiafraidhe de an roibh cead an generail aige nir fiafraidhe de
e. Do bi cuid do na brathraibh air ti seasta leis .i. Eoghan O Frighil
Domhnall O Higgin agus Seon Prestun agus na hoganaigh do gabh misi fein
annso agus nir fuling Aodh sin doibh. Ata an teagh mar so min marbh fa
provinsial na tire so. Ios se adbhar as ar iarradar brathre na tire sin meas
maith riaghaltachta agus crabhaidh do bi oruinne tarsa fein agus foghluma
mar an gcedna san universite.



Do bi fos cumachta an generail agamsa an uair do bi me am gardian brathre do
chur re humlacht gach aon taobh toigeorainn fein deirc diarraidh ann gach aon
ball agus sub poena excommunicationis ipso facto ar brathair ar bioth gan
toirmesc do chur orm directe aut indirecte. Do bi fos agam novisti do
gabhail etc. Ni hagam amain do bi so acht ag an ti do beith na gardian am
diaigh do gnath. Ni luaithe do cuire an ministir coimhitheach sin os ar
gcionn no do cuire sub obedientia oruinn gan deirc diarraidh publice
aut privatim gan aon


L. 55


noviste do gabail gan brathair do cur tar baile amach acht maille
le hobediens an provinsial. Do bi so mar so go techt damsa on fFrainc
mar inneosas an teactaire dibsi. Do bi a roibh do bhratraibh astigh lan do
toirse mar do cuaidh an doig dibh fa maith ar bioth do denamh don tir acht iad
fein amhain do thabhairt suas agus muna beith gradh daoine eile do thabhairt
do-chum an uird orro gur fearr do geba gach aon dibh beatha a gconventibh
eile ina acca fein. Cidhedh ar dtecht damsa fa corghaos do gabh
ni eigin misnigh iad cidh nach misi ba cuis da misnigh acht gur chuir Dia a
gcroithibh moran doganaibh maithe do na colaistibh agus do daoinibh eile
techt san aibid agus cidh go roibh na Iesuitae agus na Capusini ag cur na
lamh asta tangadar as a lamhaib chugainne. Do rinemar slighe chum na haithne
fa novistibh do togbhail dinn cidh nach roibh sin dfiachaibh oruinn agus
tuga duinn cead an meid dfedamuis do congmail suas gan deirc diarraidh do
gabhail. Do gabad ar sin daindeoin an gardian begnach ochtar oganach agus
duine maith tromda foghlumtha do gabh misi annsa Frainc agus Roibeard
Mac Artuir a gcrut go bfuilemaid deithneamhar nobiste. Ata iomarca
doganaibh maithe eile ag iarraid na habide agus tug cuid do na brathraibh
geallta doib agus ni haill leis an gardian a ngabhail. Diarramar uile air
a ngabail agus do leig me fein sa cabidil ar ma glunaibh me ceithre la da
iarraidh sin agus nirb aill leis da rad nach leigfeadh egla an


L. 56


provinsial do agus nach egla bochtaine do bi air. Do chuaidh me fein a
gceann an provinsial agus do throid me leis go maith agus fa deiredh fuair
me a litir don baile da rad na hoganaigh do gabhail agus nir fearrde.
Adubairt Aodh nach fedfedh a mbeathughad. Agus go deimhin ata astigh aige do
saothar na mbrathar ar an mbliagain so do chuaidh tort saith bliadhna fos
darbhar do-chum aráin. Ata beoir leithbliadna denta. Ata luach anlainn go
cenn tri raithe dairgiod air laimh an procudora agus gan aon pinginn fhiach
air da mbeith se deithneamhar ar fithid. Tuille fos diarradar na professi
air iad fein da ma eigin e do chur a gconventib eile ler maith a bfaghail
mas bochtaine do bi air agus an clann beg sin do denamh don provinsi. Do
chuaidh se dinn uile. Dfaga misi an teagh re feirg as ni rach ann an fedh
bias seson n uachtaran. Do bi me ag triall go hEirinn roimhe sin agus ni
bfuil agam imtheacht anos oir ni bfuil mo leabhair reidh agus do chuir
Flathri chugam fuirech re sgelaibh uaidh fein.



Ataim da iarraidh ortsa a athair provinsial tu fein do techt anall agus cuis
an tighe so do redughadh o lamhaibh namhad. Ios se an tegh so ios novitiatus
agus an stuider don provinsi agus ma bionn se fa lamhaibh daoine eile ni
biaidh biseach air. Do saothraigheamairne e agus ni bfuil neart againn air
niosa mó. Ni haill linn lochta an gardian dinnisin do duine coigrith do
cuirfeadh as oifige e agus go hairdhe ni fuiligimse do na bratraibh sin do
denamh


L. 57


oir ios dearbh leam gurb oram fein cuirfidis i agus ni gebainn uaid
san i oir ni mesaim go bfedfadh an general fein provinsial do denamh de san
oruinn fein. Tuille eile ni mian leam gan dul dom tir feasta agus ios leor
dom an tegh ud do tionsgnam agus dfagbail suas agus conncaid cách fein suas
e. Ma tig sibse anall feda sibh athair eigin tromdha do tabairt libh na
custos custodum chum na cabidle generalta agus sib fein do denamh gardian de
annso agus na denaidh go brath dAodh Mac Aingil acht leghthoir oir ni bfuil
croidhe circe aige agus do thuill se annsna neithibh so fein beith go brath
fa easonoir agus gan fiu legthoireachta donoir dfaghail. Go deimhin ios ro
ionmhain riomsa e agus ios mor diomchair me ris cuirim a fiadnaisi ar cách.
Cidhedh ios mian leam an firinne do rada. Na taobaidh beith na vicarius
provincialis no na custos do-chum na cabidle na na gardian astigh so go
brath re duine ar bioth act re duine do ghlac an abid sa provinsi féin no sa
tig si ios ionann sin. Tuille beg eile ni haill leamsa aon ni diob do taobhadh
riom fein oir ni beg leam a ndearna me do clampar a gcoigrith agus daoine
eile ag mille mo saothair orm. Biaid me tall aguibh sul mo thochus sibh me.



Ios olc linn go gcualamar sib do denamh legthora annso do Tomas Mac Grait
agus gan sin do leigin no do grasaibh eile aige. Tuille eile ios olc do
dearmadabhair sinn fein ar gcuid don clar do beith againn agus gur sinn do
thuill


L. 58


e agus nar tuill masla dom tir. Ata Emonn O Maolearcaid so Roimh agus
ios mor goilleas na neithe so air. Atamuidne buidheach de agus ata se
gradach san provinsi. Ni beg so anos. Acht ni dena sibsi fedh aimsire ar
noifige seirbis ios fearr na degordughadh do chur ar an tegh so agus ios si
cuis prinsipailte ata ag na coigriochaibh so re cur sios ar nagaidh ne nach
bfuil aon provinsial againn agus ma ta nach tig do denamh visitatio oruinn.
Da dtigeadh sibse aon uair amhain do cuirfamuis gles oruinn o sin amach.



Comairle air leasa o Dia dibh.
A nAnbhars 12 Maii 1610 do mhac dileas
Frater Donatius Moneus.



Cuirim mo beannacht chugaibh a aithreacha. Ataid braithre na provinsi so ann
a bfuilemuid ag denamh iomarcaidh orainn ag iarraidh sinn do beith fa
chumachtaibh a ministir fein agus ma bimuid fa chenn ro bhegain aimsire
dimig an teagh oir do cuirethar dfiachaibh oruinn sub obedientia non
mendicare neque publice neque privatim et non recipere novitios. Do bi
cumhachta an generail chum gan coda acca againn roimhe agus ni bfuil
gnothaighe againn annso acht chum daoine og do gabhail don provinsi agus
chum a muinti. An fedh do bi misi so bFrainc ag leigthoireacht ios sedh do


L. 59


rinne siad so agus ni roibh do chenn ag Aodh Mac Aingil dfag me am ait na
gardian a fiafraidhe dibh qua auctoritate amhain acht tug se a aonta doibh.
Tar eis misi do teacht do gabhamar begnach daindeoin an gardian dreacht
doganaibh maithe a gcruth go bfuil deithneamhar gabtha againn agus do beith
ni mo da leigeadh an gardian duinn oir do fuarmar ó brathraibh an tire a
dtoirmesc do togbhail faoi sin agus ni roibh ughdaras agam chum labhartha
leo a naghaidh toile an gardian fa nios mo. Ata cách uile faoi so etc.
diomdach don gardian. Comhairle maith ar an adbhar sin don ministir techt
anall agus biocaire dfagbail os cionn na provinsi agus techt do reghudha an
tighe so as clampar agus dul na diaigh sin chum na cabidle generailte. Na
messadh se gurb etrom na gnothaidh so oir go deimhin ios se an teagh aon
gabhal congmala na provinsi suas ma cumdaighther go maith e oir ataid na
hoganaigh ios fearr sna colaistibh ag techt as lamhaibh na Iesuitae agus na
Capusin dar nionnsoighe ne agus Aodh da ndiulta go maslaighthech tar eis na
mbrathar do tabairt geallamhna doibh. Ni gabhann se ar so mo comhairle si no
comhairle an tighe uile ann aonfheacht. Do bi me fein ag imtecht anonn sa
slighe so agus do rig sgela orm o Flathri gan dul anonn fos. Ios ar eigin
feudaim so do sgriobhadh. Na saoileadh an provinsial ughdaras do chur anall
chum aon duine oir ni bfuil duine ann do denamh na


L. 60


gnothaidhe nios duthrachtaighe na misi agus ni gebhainn sin agus ni tiobradh
aon duine toradh orm o docuaidh an ni sa riocht so. Ni leor fos gan an
provinsial fein do dul chum na cabidle generailte agus athair eigin onordha
don tir tall fein oir cidh go bfedfadh daoine eile dul ann ni denadh
gnothaidh acht iad fein agus go hairidhe ni bfuil gnothaidhe re mac aon
provinsi eile.



Valete corde festivo
Antwerpia 12 Maii 1610
Confrater vester in Christo
Frater Donatus Moneus.



Na bioth egla costuis orra oir da mbeith degmisneach agus degcroidhe aguinne
cidh go bfuil a gcoigrith ni beith uireasbha oruinn agus ni roibh fos
ariamh. Cidheadh o do gabh drochmisneach sinn dimidemar muna reide Dia an
ministir duinn.



Faoillidh fesda fian Ghaoidheal
cian bhús cóir da chommaoidhemh
iar neug is aithbheóghadh dhóibh
tre íocluibh ratha an ríoghshlóigh.



Gach imnedh imchian re hedh
gach díth euga gach éigen
dar tháir slóigh finntighe Fáil
faoilidh dhóibh ó na ndiombáidh.


L. 61


Coill oighreachta hinnsi Bregh
leó ní cuimhnech an cinnedh
nó broid gach Gaoidhil ó Ghall
no freumha a nárdfhlath anbhfann.



Fáth medhruighthe a menma aniogh
a ffuil ann dfuighleach Gaoidhiol
techt slán do chennbhile cháigh
da eachtra ar ais ón Esbáin.



Eunluibh íci a nothras báis
flaith Banbha na mbert nemhthláis
an fedh bhus buan beó I Néill
neimh a nothar ní hoilbheim.



Deór a ccroidhibh cáigh a-bhus
nior fhág da ffuil a fFlonndrus
duamhan tuislidh dha thaobh seng
s níor bfherr dfhoirinn na hEirenn.



In Seán O Neill si aniogh
eunfhuath Gall aointsherc Ghaoidhiol
Dia da choimhdhe tar gach cair
dob amhlaidh iad da athair.



Gach inmhe fan Fhódla riamh
da ffuair sena na saoirNiall
go ttáire an Seán re Sén
diallach re a chuaine an coilén.



Bráighe ghill Thuinne Tuaidhe
cosnamh chána Craobhruaidhe
saoradh bhreth broide Banbha
dóigh urruma a atharrda.


L. 62


Eó Éirne is Esa Craoibhe
maighri seunda senDaoile
torchuir cuain Bóinne is Banna
s gach inbhir fhéil etarra.



Énfher feithmhe Themhra an trír
s gach iosdaigh da thuil áirdrígh
mar tharla gan táth fa seach
gach ríoghsport ríoghphort? oile is Oileach.



Dún Genuinn Ben Bhorb na ccrot
an Srath Bán ga beg diomlot
gach brugh dhíobh na ghrianán Goill
neimh is ainmín gidh áloinn.



Dún Sobhairci is Dún Droma
slios Murbaigh s a merrdhronga
do dhíth iarla fhóid Uladh
fiabhrus bróin da mbethughadh.



Iongnadh nach airighend féin
Craobh Tholcha an fhoinn fhóidréidh
grianmhagh glanMhacha fa ghruaim
Sliabh Truim is Emhuin armruaidh.



Cenn inmhe in fhine Chuinn si
mun dóigh é as a nattuirrsi
da mbreith féin s na mbrugh sa ó bhroid
na dheghaidh re dóigh deghloid.



Ar ghairm Í Néill roimhe riamh
tarla ó thosaigh s ní saoibhchiall
tre bharr inmhe a loisi láin
buaidh na hÉirenn s a hedráin.


L. 63


Leó dubhradh s do derbadh soin
on áird thuaidh tig an chabhoir
s ó tá críoch na cabhra a ndán
fuighleach an séin re Seán.



Oighreacht Neill sin na naoi ngiall
is Tuathoil nar ob aoinghliadh
is Cuinn gan righe re a rath
go ttáire ua na nárdfhlath.



A sheal féine fuair gach fer
da threibh ríogh do ghort Ghaoidheal
leis fhuirghes Ere mar tá
fa ches imnedh gach éunlá.



Ni ben taoghdach treabh Dathí
fa mac Aodh déis a háirdri
dlighe an cháil chédna dhi si
rétla áigh na hinnsi si.



Fuighle naomh is fesa fágh
iomda leis lór do chonágh
créd acht adhbur inmhe sin
Gaoidhil fesda budh faoillidh.



Faoillidh.



Acc sin duit a fhuighlech ar nannsa a dhuine na haibíde gidhbé thú os cách a
Ch. Í. R. accus na héist re lucht an inchrechaigh re cáinedh an an bhegáin
rann sin do chionn gan sgoith no prímhfher ealadhna da ndénomh: acht gidhedh
is ferr a lochdughadh ón tí da bfhaicher é do


L. 64


bhrigh go ndiongna féin a samhuil ní bús ferr amhuil adubhairt Goffraidh
Mac an Bhairtt:



Saoithe na ninntleacht nanbfhonn
dalltor re hanbharr neigsi
dúnaid éunlaith na hoidhchi
súile re soillsi gréine, et cetera.



bhur ccara gan chlaochlódh
agus guidh oruinn ar son Dé
B. M. G.



A atair ionmuin



Bu truagh libh an sgeal ata agam dibh do taobh thigerna Innisgillionn .i.
Concabair Mhéguibir do bi anso Tor a ngeimlech go nuige so agus ata anois
sa nGeata Nuadh prisun is truallighe a Londuin .i. prisún na mbitemhnach
agus na malefactor e fein agus Mac Mathamna agus captin Albanach catolice do
tugadh leo as Eirinn. Ataid na ttriúr a naen-tseomra ra beg amháin gan
biadh gan ttigh gan leabuigh acht aon drochleabuigh beag amháin aca na ttriúr
gan áit ag a rachaidís do-chum riachtanuis naduire horresco referens acht
an seomra ina gcodluid agus ni lor leis na tiránuigh mailluighe so acht
atteirid go ngoirfidear do-chum


L. 65


ceasta iad ar an tseachtmuin so chuguinn ag an tsessión agus ata eagla mor
oruinn go gcuirfidear do-cum bais iad. Iarruim oruib ar son De guibhe cinnte
do deanamh ortha. Lor so ar an uair si acht Dia maille ribh.



bur nduine bocht fein
Semus.
Londini 22/12 Maii 1643.



PS. Measuid daoine oile nach ttiúrtha do-chum bretheamhnuis iad. Gibe ni
eireochas dóib cluinfe sibh e leis an gcéud posta.



Teasbántas ó Bhrian Ó Flaithbheartaigh.



Admhuimsi Brian O Flaithbheartaigh mac Morchaidh na maor go ttugas ar lámh an
athar Páttruicc Ui Aodha athair spiriodailte na mbrathar mionúr Eirionnach a
Lobháin culuighe Aiffrinn chonuente Chille Connuill, sgur ghlacas ón
athair reamhraidhte fithche púnt ar son mo shaothair agus mo costuis leo agus
admhuim a bhfiagnuisi mo thighearna, muna bheith fírriachtanas oram,
nach iarrfuinn ni san bith ar na braithribh roiionmhuine dan cara agus dan
Benefactor me ar fedh mo chomhachta, agus mar comhartha ar sin do bheirim
obligáitt oram féin agus ar mhoighridhe mo dhiaigh ma tigh maoid a
ccomhachta nó a cceanas ar ndúitche choidhche, go ttiobhruid assioc agus
sásadh dona chonuent agus dona bráthruibh remhráidhthe Chille Connuill.
Mar dhearbhadh ar sin sgriobhuim mo lámh. a mBrussil 13 July
1654.
Brian Flaherty.



I dtaobh an achrainn idir órd S. Proinsias agus órd S. Dominic i gcúigeadh
Uladh.



Do brigh go bfaicmaoid san aimsir si a lathair brathaire S. Domnic ag
iarruigh teacht asteach air órd S. Proinnsias ata glachtha sa ccundae so
Fearmanach agus nach aithne dhuinn fein ceart no aitreabh air bith aca son
roime so riamh ann, fátcios báis ar seanndaoine gan a bhfiaghnuise do beith
aguinn ann gach cuimhne da bhfuil aca, atamuid ag tabhart air ccomissioin
agus ag taobhadh le gach sagart da bhfuil faoi dhistrict na diosi so fiaghun
gach seanduine do ghlacadh do reir a


L. 67


cuimhne fein agus mar fuair le traditio aithre roime timchill an uird si S.
Domnic agus sin do thabhart sgriobhtha faoi na laimh cuguinn. In huius
rei fidem his subscripsimus 6 Martij 1665.



Patricius Droma
Cillmorensis vicarius generalis.



Ataimsi Flaithbertach Mac Aodha seacht mbhliadhna deug agus tri fithchit
daois ag denumh dfiaghnuise fo mo coinnsias nach aithne dhamh fein agus
nach ccuala me o mo shinsir go roibh áitrebh no ceart air bith ag
brathairuibh S. Dominic a gcundae Fhearmanach ariamh agus nach bfacus
límetas na ceart air bith aca da fhaghail ann. Dat xxviij. Aprilis.
Florus Hugh.



Ataimsi Seadhan Óg Mac Aodha ata ccionn seacht mbliadhna deug agus tri
fithchit adaois ag deanum na fiaghnuise céadna fo mo choinsias.



Joannes Mac Hugh.



Ataimse Brian Mac Aodha a nghar don aois chétna ag deanumh dfiaghnuise
fo mo coinsias nach aithne dhamh fein agus nach ccuala slighe no ceart ag
an ord sa S. Doimnic san ccundae so agus da dhearbadh sin ag cur mo laime
sgriobhtha air an bpaper so.
Bryan MacHugh.



Ataimse Cormac meirgeach Mac Aodha a gceann 73 mbliadhna adaois ag
deanumh fiaghnuise do reir mo choinsiais ar an modh cétna sin amhuil chach
romham. Cormac Mac Hugh.



Ataimse Reaghmunn O Duirnin a nghar daois chaich ag deanumh fiaghnuise
do réir na muintire sí romam.



o Reaghmun x agus a mharc.



Suim an méid do chuir a lámha air an ccúise se chéud agus triúr.



I leabharlainn na mbráthar mionúr ar Ché na gceannaighe i mBaile Átha
Cliath fuaireas na piosaí sin go léir agus gabhaim mo bhuidheachas leis na
bráithribh céadna fo cead do thabhairt dam cibé seanleabhar nó seanmheamram
ba mhaith liom daithsgríobhadh dham féin.



Guidhim DdFerghal Ó Gadhra tigherna Mhaighe Uí Gadhra agus Cúile Ó


L. 72


fFind aon don dias rideredh parlemeinte ro toghadh as condae Shliccigh co
Háth Cliath an bliadain si
Anno Domini 1634.



As ní coitchend soilléir fon uile doman in gach ionadh i mbí uaisle nó onóir
in gach aimsir da ttáinicc riamh diaidh i ndiaidh nach ffuil ní as
glórmaire agus as airmittnighe onóraighe ar adhbaraibh iomdha iná fios
sendachta na senughdar agus eólas na naireach agus na nuasal ro bháttar ann
isin aimsir rempa do thabairt do-chum solais ar dháigh go mbeith aithentus
agus eólas ag gach druing i ndeadhaid aroile cionnus do chaithsett a sinnsir
a ré agus a naimsir agus cia hairett ro báttar i ticcernus i ndúithce i
ndignit nó i nonóir diaidh i ndiaidh agus créd í an oidhidh fuairsiot.



Tánacc sa an bráthair bocht durd S. Fr. Míchél Ó Clérigh iar mbeith
deich mbliadhna damh acc sccríobhadh gach sendachta da bfuarus ar naomhaibh
na Hérenn imaille re humhlacht gach prouinsiail do raibhe in Érinn i
ndiaidh a chéle do beith accam da bhar láthair si a uasail a Fhearghail
Uí Ghadhra. Do braithes ar bhar nonóir gurbh adbar truaighe agus neimhéle
doghailsi agus dobróin libh do-chum glóire Dé agus onóra na Hérenn a
mhéd do dheachattar sliocht Gaoidhil meic Niúil fo ciaigh agus dorcattus
gan fios écca iná oidhedha naoimh ná ban-naoimhe airdespuicc epscoip ná
abbadh ná uasalgráidh eccailsi oile rígh ná ruirigh tigerna ná tóisigh
comhaimsir ná coimhsínedh neich díbh sidhe fri aroile. Do fhoillsicchesa
daoibh si gur bhó dóigh lem go ffuighinn cuidiuccadh na ccroinicidhe


L. 73


ar ar mó mo mhes do-chum leabhair
annáladh do sccríobhadh i ccuirfidhe i ccuimhne na neithe remráite agus
da léiccthí ar cáirde gan a sccríobadh do láthair nach ffuighthi iad
do-ridhisi le a fforaithmett agus le a ccuimhniucchad go crích agus go foircend
an bhetha. Do cruinnicchedh lem na leabhair annáladh as ferr agus as
líonmaire as mó dob éidir lem dfagháil in Érinn uile bíodh gur dheacair
damh a ttecclamadh go haoinionadh dochum an leabhair si do sccríobadh in
bhar nainm si agus in bhar nonóir óir as sibh tucc luach saothair dona
croinicidhibh lás ro sccríobadh é agus bráitre conueinte Dhúin na nGall do
chaith costtus bídh agus friothóilte riú mar an ccédna. Gach maith da
ttiocfa don leabhor sin do thabairt solais do chách i ccoitchinne as ribh si
as beirthe a bhuidhe agus ní cóir machtnadh nó iongnadh éd nó iomthnúth do
bheith fa maith da ndingénadh sibh óir as do shíol Éimhir meic Míledh ór
gheinsiot 30 rígh do ríoghaibh Érenn agus a haon ar thrí fichtibh do
naomhaibh an Tadg mac Céin meic Oilella Óluim ór shíolsat a hocht décc
dona naomhaibh sin as éidir do breith ó ghlún go glún an Tadg cédna. Ro
ghabhlaighsiot agus ro


L. 74


aittreabhsat clannmaicne an Taidhg sin i nionadaibh éxamhla ar fud
Érenn .i. sliocht Corbmaic Gaileng i Luighnibh Connacht ór geineabhair
si muinter Gadhra an dá Ua Eaghra i cConnachtoibh agus Ó Heghra an
Rúta Ó Cerbhaill in Ele agus Ó Meachair in Uíbh Cairín agus Ó
Concobhair i cCiannacta Glinne Geimhin. Do dherbadh ar bhar tteacht sa
ón fhuil uasail sin adubramar ag so bhar ngeinealach a Fhearghail Uí
Gadhra.



An dara lá fichet do mí Ianuarij Anno Domini 1632 do tionnsgnadh an leabhar
so i cconueint Dhúin na nGall agus do críochnaigedh isin cconueint cédna an
deachmadh lá do August Anno Domini 1636 an taonmadh bliadhain décc do ríghe
ar rígh Carrolus ós Saxaib Frainc Albain agus ós Eirinn.



bhar ccara ionmhain
Br. Míchél Ó Clérigh.



Atát na croincidhe agus an taos ealadhna sa hanmanna agus isa lámha atá
síosana in ar ndiaidh


L. 75


admhálach gur sgríobhatar agus gur theaglamatar an leabhar annáladh so a
leabhraibh éxamhla eitir aimseraibh ó na thosach gus an mbliadhain si dhaois
Críst 1333 agus gurab é Fearghal Ó Gadhra tug lóigidhecht dhóibh ara
sgríobadh agus gurab iat bráithre conuente Dhúin na nGall tug biadh agus
friotháileamh dóibh an airett do bhátar ag a sgríobadh.



As iatt na leabhair as ro sgríobhsat é leabar Cluana m. Nóis in ro
bheandaigh naoimhChiarán mac an tsaoir, leabhar Oiléin na Naomh for
Loch Ríbh, leabhar Seanaidh m. Maghnusa ar Loch Érne, leabar Chloinne
Uí Maoilconaire a contae Rossa Commáin agus leabhar muintire
Duibhgennáin Chille Rónáin a contae Sligigh, agus ní raibhe do bliadnaibh
i leabar Cluana ná i leabhar an Oiléin acht gus an mbliadhain si 1227.
Do bhátor aroile do leabhraibh aca ro badh eimhilt dáireamh.



As iatt na croinicidhe agus an taos ealadhna do bháttor ag sgríobadh an
leabhair sin adubhromor an brathair Míchél Ó Clérigh, Muiris mac Tórna
Uí Mhaoilconaire fri ré aoinmhíosa, Fearfesa mac Lochlainn Uí
Mhaoilchonaire a contae Rossa Commáin ina ndís, Cúcoigcríche mac
Diarmata Uí Clérigh a contae Dhúin na nGall, Cúcoigcríche Ó
Duibgennáin mac Tuathail a contae Liathttroma, agus Conaire Ó Cléirigh
.i. mac Donnchadha a contae Dhúin na nGall.



Atátt na haithre durd S. Fr. isa lámha atá ar so aga fhiadhnugadh mar an
ccéttna go rabhatar an taos ealadhna ro ráidheadh romhainn a bfarradh


L. 76


aroile ag sgríobadh an leabair agus gurab iad na leabhair rémhráite do bhaoi
aca.



Do dearbhadh ar na neitibh sin adubhramar atát cách ar gach taobh ag cur a
llámh ar so an taonmadh bliadhain dég do ríghe ar rígh Carrolus ós
Saxaibh, Frainc, Albain agus ós Erind. An deachmadh lá do August
aois Crist míle, sé chéd, triochat, a sé.



Br. Michel Ó Clerigh.
Muiris Ó Maoilconaire.
Fearfeasa Ó Maoilconaire.
Cúcoigcríche Ó Clérigh.
Conaire Ó Clérigh.
Fr. Bernardinus Clery,
Guardianus Dungalensis.
Br. Muiris Ulltach.
Br. Muiris Ulltach.


L. 77


B 1636 17L
U 0110
Do bhíthin go ttáinicc an bráthair bocht Míchél Ó Clérigh amaille le
humhlacht a uactaráin an tathair Ioseph Euarard prouinsial uird S.
Fronséis in Érinn dom ionnsaicchid do thaisbénadh an leabhair si
damh atúsa Flann mac Cairpre Mic Aedhaccáin ó Bhaile Mc. Aedhaccáin
i ccontae Thioprat Arann
ag a fhiadhnucchad, gérbo hiomdha leabhar airis do chonnarc do
sheinleabhraibh Érenn, agus gérbhó líonmhar an nuimhir éccinnte do leabraibh
aosda, agus nemhaosta, sgríobhta agus ag a sccríobadh do chonnarc hi sccoil
tSeáin mic Tórna Uí Mhaoilchonaire oide fher nÉrenn i ccoitcinne i
senchus, agus i ccroinic agus ag a mbáttar a raibhe in Érinn ag foghlaim
na healadhna sin ga tteccuscc aicce, nach facadhas etorra sin uile
aoinleabhar as ferr ord, as coitchinne, as líonmaire, agus as mó as
ionmolta mar leabar airis agus annála iná an leabhar so. Mesaim fós nach
éidir le duine ar bith tuiccsionach do thuaith, nó decclais nó le
healadhain dá légfe é a lochtuccadh. Do dherbadh an neithe remráite atám ag
sccríobadh mo láimhe air so isin mBaile Mc. Aedhaccáin adubhart
2 November 1636. Flann Mac Aodhagáin.


L. 78


U 0111
Táinic an bráthair bocht Míchél Ó Clérigh amaille le humhla a uachdaráin an
tathair Ioseph Euerard prouinsial uird S. Fr. dom láthair do lécchadh
agus do thaisbénadh an leabhair airis agus annáladha do sgríobhadh lais agus
lasan aois ealadhna oile isa lámha atá air agus iar-na fhéuchain agus iar-
na bhreathnucchadh dhamh, atúsa Mac Bruaideadha Conchobar mac Maoilín
Óicc ó Chill Chaoide agus o Leitir Mhaoláin i ccontae an Chláir aga
fhiadhnachadh go bhfoil an leabar ionmholta agus nach cumhain linn leabar
airis, nó annáladh dfaicsin as mó, as fearr agus as líonmhaire choitchinne
ar Érinn uile iná an leabar so agus gurab doiligh toibhéim, lochdughadh,
ná increachadh do dhéunamh air. Do derbhadh ar a ndubhart atáim acc cur mo
láimhe air so i cCill Chaoide 11 Nouember 1636.



Conner Mac Brody dá ngoirter
Mac Bruaideadha.



Olc mo thuras sonn ó Lundain
go Cnoc Samhruidh aoibhinn áird;
Fuaras ainnséin mar nár shaoilios
begán aoibhnis, easbhaidh gráidh.


L. 87


Do shaoilios go mbiadh san dún-soin
fáilte romhan ar son Dé;
Mar nár shaoilios tárla dhamh-sa,
beg faríor dom amhgar é.



Ar mhaithne do lucht an dúnaidh
amach tar múraibh cuirthear mé,
Dhá rádh lem airís gan rochtoin
san dún-soin do bhochtaigh mé.



Am bráthair bhocht tré bheith dhamh-sa
s am shagart do dheibhlén Dé,
Lag sin an chúis, ba chúis oirne,
fóir mo mhúith, a Choimdhe chléibh.



Lé Cnoc Samhruidh beg mo bháidh-si
s leis an chrich-sin n-a bhfuil sé;
Baoi mo dhóigh, gidheadh, san Iarla,
fa olc riamh nír liamhnadh é.



Sgéla uaim-si má fuair seision,
sgéla uaidhe ní fhuair me;
É dhá dhénamh lem as iongnadh,
muna bhfuil orm diomdha Dé.



Ó nó iarla dá mbeith againn
do shíol cCuinn do chlannoibh Néill,
Saoilim féin go bhfuighinn fáilte
am riocht féin, gér bhráthair mé.



Do chaithios ag teacht do dún-soin
begán beg bá feirde mé,
S ní fhuaras feóirling dhá shochar,
turas Ghóidrisg, donas é.



Olc.



Diarmuid Mac Muiredhaigh cecinit.



Gluaisigh ribh a ghlac rannsa
ná fuirghe a bfad agamsa
go hÓ Néill na ngradh ngarrtha
dó féin sdual gach deaghtarrtha.



Abruidh uaim ré a fholt tais
gur cná sibh don chrann iomhais
do bhean mé sa taoibh ré tuinn
don chraoibh go ngné núir náluinn.



Innsigh dhósan do shúr suilt
doighre Cuind et Cormuic
go bfuil im sdórsa lámh libh
lán cóffra dona cnóaibh.



Mac Sir Féidhlim flaith Eamhna
gion go labhair Gaoidhealga
do dhéin gáire gléghlan ruibh
ní náire dhó féin bhar bféuchuin.



Muidhfigh air a ghean gáire
tré neart luinde is luathgháire
an séig súlghlas ó Theamhair
a dhúthchas téid tair oileamhuin.



Mur chídhfe sibh an naoibh sin air
an flaith do thriall ó Theamhair
innsigh dhó brigh bhar dtoisge
don ghríbh nimhnigh ndíchoisge.


L. 90


Innsigh dhósan gur léur liom
go bfuilid uaisle Éiriond
mon-uar ag tréigin a gceirt
san nGaeidhlig na nuam noirrdheirc.



Níor thréigthe dhóibh í ile
air bhéurla chríoch gcoigríchthe
teangaidh aerdha bhlasda bhinn
béurla do bheannaidh na tailginn.



Dá dtuigmís sní tuigthior linn
milteanga muighe Féidhlim
níl ceól ná comhrádh ba binde
lomlán deól is dfhírinne.



Sgoith gach béurla táinig ón tur
a ghoirios gach deaghughdar
is faghluim sgagtha mar sin
do thaghluim gharta Ghaoidhil.



Tá an dán san diadhacht innte
san ríghréim go róichinnte
bí an tsuirghe shaor sna treathain
sgach ní sduilghe dealathain.



Féuchtar sní bfhuighthior libh
air lorg Solaimh na Sigir
caingne comh-oirrdheirc friu sin
airrle Coirbmheic do Chairbridh.



Tochmhairc Ailbhe is Fhinn fheassaigh
Éimhre is an nilchleassaigh
mac Prím sa ghrádha ón Ghréig
ní bhídh óna lámha a leithéid.


L. 91


Agallmha na suagh aile
Néidhe agas Athairnne
ní bhaoi air sliocht suagh a samhuil
ní chual o dhraoi a ndeaghshamhuil.



An tiomna nuagh san tiomna shean
táid go glan aig an Ghaoidheal
sgach air labhair an fáidh tré fhios
na meabhair atáid gan tuathlios.



Sguiriom dhe so gá dtám dhe
nior sgríobh fallsamh ná file
mír dhá mhillse don neagna
nach bídh innte go hinfheadhma.



Ní hí an teanga do chuaidh ó chion
acht an dream dár dhual a dídion
mon-uar dár-bhéigin a ndán
sa nduan do thréigin go tiomlán.



Dlighidh siadsan dhá dhruim sin
fíriasma ghléire Gaoidhil
dán a dtíre bá trom teist
do ládh go lonn a láincheist.



Ní bfuil dair liomsa duine
duaislibh innse Laoghuire
dár chóra a hórdúgh a cceist
ná Górdún is cródha coimhtheist.



Atámaoid go léir dhá liamhain
ré hoighre Néill Naoighiallaigh
gur dó sdleacht sas dísle go hég
ceart a chríche do choimhéd.


L. 92


Tionóladh an chara gan cheilg
a bfuighe feassach san nGaoidheilg
sdo dhéna fínbhriathra dhi
béurla cíndhiamhra a chríche.



Ó Néill dlighthioch deimhin liom
dá léig a lámh na tiomchioll
do dhén gach éurla duaislibh an fuinn
an réud céudhnna gan choguill.



Ní beag so dhá chur a gcuimhne
don choin muighe Modhuirnne
gur dó is cinnte mad luinn lais
innte cnó an chruinn iomhais.



Cenn Aodh Ruaidh Mhic Uí Néill ar na thogbháil as adhlacadh isin Róimh
cecinit nó Aodh Mac Aingil ina ainm.



A fhir fhéachus uaid an cnáimh
ná fiafraigh do chách cia hé
ná bí ina ainbhfes acht druid liom
is misi cenn Aodh Í Néill.



Dobhér dhuit gerr-léighen glan
an saoghal ná car go bráth
dá lucht cogadh ní dhén díth
sas cealgach bhíos dá aois gráidh.



Iomdha gealladh nach bí fíor
iomdha líon re ngabhann inn
fírinneach dar leat atá
sas bréag do ghnáth do ní rinn.



Gealluidh saidhbhrios gé atá bocht
gealluidh éudach nocht atá
gealluidh aoidhbhnes tuirseach é
gealluidh séan nemshona atá a cháil.



Gealluidh daingneach brisdeach é
gealluidh ré gidh gerr a seal
gelluidh mórán beg a mhaoin
se re a thaobh gé tharla dham
sro egna daoibh gé tharla leam.


L. 100


Gealluidh ní amárach uaidh
go lá an luain ní fuighthior súd
bréagach uile a ngellann daoibh
a chuid an daoil tréig a rún.



Sgáile an begán dobheir uaidh
roigherr an cuairt do ní sé
néull beg siubhlach nach mór luach
comhluath chugaibh is uaibh é.



Ní sgéul bréige a ndubhart ribh
ná gabh chuguibh mar sin é
oram féin do rinne an chealg
creidigh dhamh is derbh mo sgéal.



Dearbh ua Í Dhomhnaill aguibh mé
is oighre Í Néill dá ghairm dhíom
dalta Uladh uatha amach
nír bheg an rath san tír shíos.



Do gheall dhamh dúthaigh mhór mhór
sna tri hinnsibh nár mhó ag aon
ar díbeirt a bfhad ór ttír
acht secht ttroighthe nír fríoth dAodh.



Doluibh uaisle na ttrí niath
uaim nír chian mo rogha mná
fuaras is ní gearr a seal
fuairleac re mo chneas go ttí an bráth.



Do gheall halla caisléun cúirt
grianán áluinn go múr mbláith
tug dhamh uamhuigh ccumhaing ccriadh
is biad innti go ttí an bráth.


L. 101


Do gheall teglach muinnter mhór
óg ghasruigh fá lór do sluagh
um aonar fa chriaidh atáim
is biad amhluigh go lá an luain.



Minic do ráidh biaidh ad dhún
medhair fledha sdo rún daor
a mbrugh cumhang bodhar balbh
atáim ag biadhugh darbh-daol.



Tug dhamh uaisle deghdhealbh rath
tréighe chuirp fa maith mo chiall
nír fhan le sileadh na súl
aguinn a ttug dhúinn ariamh.



Do gheall fadaois dhamh re néug
giolla na mbréag mairg dár gheall
ní mór gur ráinic linn fás
an uair tig an bás ar mo chenn.



Uch is mairg do mheall a mhian
sas mairg ariamh dhá ttug a ghrádh
mairg do chreid a chogar claon
ro mhairg dAodh nár thréig a pháirt.



Truagh nár threiges é dom dheóin
truagh nach beó do thréiges é
anois tuigim má lé súd
anuair cuirther san úir mé.



Siocra na nolc do mhill sinn
nír léigsiod a ccill ar spéis
bá binne glór ngadhar ngarbh
nó ceól psalm ag moladh Dé.


L. 102


Loisi an tshaoighil caidreamh claon
do mheallsad fa-raor ar cclí
bláth ar nóige do rugsad uainn
och anois is truagh mo chríoch.



Truagh nár cuiredh sinn ó thús
ar sgoil chrábhuidh ar iúl Chríosd
tús ar naoisi fuair an corp
as sin táinic olc an gníomh.



A fhir fhéuchas ar an ccnáimh
gabh mo thegasg madh áil neamh
tús don spiorad deólas Chríosd
deireadh don chlí gerr a seal.



Gabh mo thegasg a nam uaim
ní fes cá huair tig an téug
san aimsir nach smuaintior sin
na fhoghlaidh chugain tig sé.



Cuimhnigh an bhreath rugadh oram
leanfoidh sibsi ar lorg sar ré
ní fhuil do dhiffir ann súd
acht sibhsi aniú is sinne ané.



Seachna na bpeacadh ma dháil
do mheabhair do ghnáth is cóir
ceithre críocha do-chum Dia
certbhreith éug pian is glóir.



Dá ndiúlta tegasg na mbeó
gnás na bpecadh dhóibh gidh náir
diúltadh do ghlór mairbh ní dú
an toictheac Saúl do ráidh.


L. 103


Ar mhaith mbréige an tsaoighil bhoicht
tréigen Dé as olc an chiall
le tigh nimhe do bheir cúl
s gabhuidh iúl go tigh na bpian.



Tug an saoghal dhamhsa a rún
guidhim sibhsi sgrúd mo chás
gabh múnadh an leomhuin uaim
a fhir fheuchas uaid an cnáimh.



A FHIR



Ag sin chugad a Bhrighid Ní Néill maille re céud mile beannacht.



H. Ard.



Fearghal óg Mac an Bhaird.



Truagh liom Máire agus Mairghréag
ní beó bláth na n-umhail-ghéag
do chuir siad a nduille dhíobh
dhá bhuime iad don imshníomh.



Faríor faríor nocha-nfhuil
braon n-a gcroidhibh ón chumhuidh
dá sheise shuadh fháid Uladh
truagh mar táid ar dtiormughadh.



Ionann tuirse damh-sa is dóibh
Aodh Ruadh céad-damhna ar gciach-bhróin
Rughraighe Cabha dár gcrádh
mana turbhaidhe a théarnádh.



Tréad bocht gan aoghaire inn
Cathbharr ceann einigh Eirinn
fa líg trá ga truaighe dáil
atá uainne san Eadáil.



San Eadáil na n-eas dtana
ionann is éag Nualadha
atá géis chnó-mhuighe Chuinn
cró-luighe dá héis oruinn.


L. 109


Nualaidh dhuais-líonmhar dóigh cháigh
mairfidh go laithe an luain-bhráith
tosach garma crú gCriomhthain
clú a hanma idir Eirionchaibh.



Do beanadh dhínn dia do chor
a-bhus ar tús tuar cumhodh
súil mhall-ghlas dar creite i gcath
Maghnus eite na n-Ulltach.



Ar Mhaghnus mac Í Dhomhnuill
i gcrích Uisnigh iobhar-dhuinn
cuire a chomhaoise nír chinn
ro-Naoise fuile Féidhlim.



Ceithre héigneadha ón Bhóinn bhrais
ceithre mic dAodh mac Maghnais
cuan dreagan nár dháil a rún
dháibh níorbh eagal acht iomthnúth.



Ní faicfidhear foirbhthe an béad
lorg a gcroitheadh ná a gcroim-sdéad
fan Eithne fan Mháigh mhall-fhuair
ceithre cráidh an Chonall-shluaigh.



Seabhaig uaisle innse Fáil
ceithre creacha chnuic Chruacháin
ceithre troim-chreacha Teamhra
na doinn-chleatha doigheardha.


L. 110


Iongnadh Máire do mharthain
s na haibhne nach ion-arthaigh
is fiodhbhadh chríon craoi Uisnigh
do shíor ag caoi an cheathruir-sin.



Ní filltear fiodhradh abhla
lé hubhlaibh feadh fionn-Bhanbha
ná fiodhradh caill-ghéag lé cnoibh
iongnadh Mairghréag do mharthoin.



Ní hí Mairghréag nó Máire
chaoinim is cúis diombáidhe
acht an cor-sa ar Chró na bhFionn
mó-sa-mhó osna Éirionn.



A gceithre dearbhráithre ar ndul
Máire is Mairghréag mhúir Chruachun
cosg ag dul do shíor ar shuan
a gcur faríor is ro-thruagh.



Truagh



Piaras Feireitéar.



A bhean óg ón a bhean óg
ní cumhain leat pósa ná póg
ní cumhain leat suirghe ná searc
doiligh do bheart a bhean óg.



Roi-bhinn leat ón roi-bhinn leat
m'osna éagcomhlainn gan neart
leigheas dod león nód léan
bheith ag deól mo dhéar óm dhearc.


L. 119


Creach tríom thaobh ón creach tríom thaobh
a ghrua chorcra a chneas mar aol
méad mo pháise s gan tú tinn
loighead do cháis-si is gan sinn saor.



Duit a mhairg ón duit a mhairg
gur clos don uile órd ós aird
gur léigis sinn ag searg gan lorg
a chealg bhorb mar cholg rom chailg.



Och is dearbh ón och is dearbh
ón ló ina robha a leinbh im leanbh
go bhfuil mo shealbh id sheilbh shoirbh
mo dhealbh ód dheilbh cé doirbh dealbh.



Cé chuais tharm ón cé chuais tharm
a chúl chomhthrom rom arg gan arm
do shille mheirbh marbh-dhearc ngorm
bronnaim feirm orm óm anm.



A ghrian gheal ón a ghrian gheal
a ghlór shámh na soirbh-rádh sean
muna saoile ar chosnamh ár gcás
brosdaigh ar mo bhás a bhean.



Luan an tslóigh ón luan an tslóigh
itchim ar áird-rígh na nae n-órd
gan comhthrom nár léige leat
do bheart orm a bhean óg.



a.b.e.a.n.o.g


L. 122



An t-úcaire adtuaidh do chan so san Iomarbháidh.



Ná hosglaid Muimhnigh a mbéal
ná habraid mé ioná thú
ná labhraid í gcás an bhidh
do bhí mise mí farrú.



An t-úcaire Muimhmeach do chan an freagra so



Leath Eoghain ceart cródha is úire sluagh
flath-fhód na bhfleadh n-óil nach dubhradh i gcruas
gan glas-ósda seamróg n-a gcúis do luadh
laibheór-sa d'aimhdheóin na cúige thuaidh.



A Athair onóraigh,



As cóir dhúinn do réir comhairle an eaccnuighe curam do bheith againn far
nainm agus far cclú. Da brígh sin atamaoíd da chur síos díbhse maille ré
hosnadhaibh troma, agus ré doilgheas intinne an timdheargadh do fúair an
coimhthionól beannaigh-se. Óir ata ar cclú ar-na spotadh, agus ar-na dubhadh
a cconveint Lobháin, agus ní fuil amhrus go mbía mar an cceudna an Éirinn,
do brígh nách bfuil iomrádh nó sgél fábhaill ar bith bias annsin nach
ccluinfidhthear gan mhoill sa bprovinsi, ó luas teangtha na ndaoine léarab
usa nóta do chur ar locht da lughat na ar mhaith da méad. Do lotadh sinne go
trom, agus dob usaide sin da madh áonduine amháin do gonfaidhe biodh nar
maith linn sin féin da madh áonbhall amháin don chorp do leónfaidhe, muna
beith an corp uile dá ghearradh. Do dhéanmaóis foighide re lot an chuirp
féin, da madh esccara do loitfeadh sinn; gidheadh as truagh agus as olc linn
ar ndearbraithre dar ngonadh. Do tuicceamar as litreachaibh aithreach
Lobháin, go spéisialta ó dhís acu, gurab é meas atá ar an áitse nach bfuil
innte acht táibherne photairidhe


L. 195


mar nach bfuil dexersís againn acht na
copáin; agus da brígh sin do bheirid comhairle uatha as an áit sin dona
braithribh tainicc annso ar ccomhluadar do sheachna amhail dhaoíne ata ar ar
salcadh re lubhra na pótaireachta. Go dimhin as críonna an chomhairle sin da
mbeith si deisccreideach nó carthanach: óir do ba córa an locht do chíd na
súile linxamhla úd ata a bfad uainn, agus nach bfaicmíd féin ata do láthair,
do chur a ccéill duachtarán éiccin do chuirfeadh ceirín ar an ccneidh ina
beith da sgríobhadh cum brathar príváideach, óir ni mar sin do ordaigh XR
riaghail na carthanachta. Cuirfeam chugaibh ann so na briathra do sgriobhadh
sna litribh réamráite, ionnus gurab móide do thuicfeadh sibh méad na heccóra
do rinneadh orainn. Ag so mar sgriobhas an chéad litir aca. Do mhothaigheas
ar daoinibh áiridhe ann sin fonn do beith aca chun copán agus seachainse iad
le brathair áiridhthe do bí ag labhairt mar an phlaigh an mhéid gur daóine
don tsortsin íad. Níor lór leis an dara fear a sgriobhadh go bfuil daoíne
áiridhthe mar sin againn, muna nabradh go bfuil an coimhthionól uile
amhlaidh: óir as mar so sgriobhus chum bráthar eile. Tibi soli ar se atá
amuigh ar an áit sin ina bfuil tú nách bfuil áit do bheagaibh as mó díol óil
agus dighe ina í. Ataimse ag iarradh ortsa as ucht Dé etca a samhail sin do
comhluadar do seachna agus gan an áit aga mbeith se da dhéanamh do
tháobhadh, etca. Ag so, a Athair an ní do gluais sinne go romhór:


L. 196


agus biodh nach bfuilmíd ag iarradh dioghaltais, ar a shon sin atamaóid ag
iarradh cirt inar masla .i. aissiocc inar cclú, biodh gur baoghlach linn gur
deacair sin do thabhairt dhúinn má cuireadh an chúis go publide orainn. Agus
as córaide an taisioccsa diarradh, nach mór gur mó an mhasla fuaramarne ina
sibhse féin, óir do ba cóir don pastúir an tréd do bhí ag morgadh más fíor
dona sgelaibhsi do cheartughadh. Uime sin iarrmaóid ar son Dé oraibh
leighios do chuir ar an ccúis si, amhail ata dfiachaibh oraibh mar
mheasamaoid; agus ma tamaoidne ciontach, ceartaighthear sinn mar as dual:
muna bfuilmid mar as dearbh nach bfuilmid ceartaighthear lucht an
mhurmuir, agus tugthar orra a clú agus a honóir daisiocc don coimhthionol-sa
ara roibh agus ara bfuil meas maith, acht an mhéid do beanadh dhi anos go
héaccorach. Ma sccrudthar an chúis as uras an mhuintir do scríobh an litir
dfagail amach. Ata súil againn go sáibheolaidh sibh ar cclú na agus bhur
nonóir féin sa bpuncsa. Lór. as Prága 6 Martii 1641.



Rdi. adm. Patris Humillimi filii et servi
Fr. Patritius a Sta Maria.
Fr. Franciscus Ferral O.F.M.
Fr. Ioannes Barnewall.
Fr. Bernardus Coffey.


L. 198


Baile Hardaman. Ian. 28, 1718.



A charaid ionmhuin,



Atá dúil agam go bfuil tú sásaidh leis an leabhar leighis óir do bhí an
t-ógánach a thug


L. 199


damh é annso dia Domhnaigh agus dfáig sé mo leabhar féin agam agus adeir
sé go bfuil dearbhráthair dhó ro-thinn agus nach bféachann sealbhadóir
an leabhair sin dó go bfuighe sé an leabhar ar ais. Chuir misi leabhar
oile chuige dféachain nár shásuigh é go ttiucfaidh an leabhar sin.
Guidhim thú fa n-a chur a n-ordadh comh maith agus is feidir leat a modh
nach croneóbhaidh sé é agus cuir anuas é comh doith agus is féidir leat. Na
dearmoid Seathrún do chur chugam agus an t-abhrán do sgríobh Proinnsias
Doibhlín. Tabhair mo sheirbhís do Ghearóid Mac Conmidhe agus do
Shéamus O Fearghail agus innis dóibh gur fada liom go bfaicim gach ar
gheall siad dhamh. Chuir mé saothar Mheic Cearchair chuca mar aon leis
an litir so agus abhrán Bhriste na Bóinne roimhe sin. Ma tá spéis agad
ionnta gheabhair ag Gearóid iad. Madh chualaidh tú ní ar bioth fam
dhoctur cuir sgéala chugam óir is fada liom go ccluiniom uaidh agus is
ro-fhada liom go bfagham do sgéala féin. A ndóigh go bfuil an tsláinte
agad féin agus ag do chúram go léir mar atá agam-sa do láthair glóir mhór
do Dhia dá cheann gabham mo chead agad.



Od charaid bhithdhílis go héug.



Seon Mac Solaidh.



Fiafraigh an bfuair Gearóid an t-abhrán agus muna bfuighe sé é romhad
tabhair chuige é.



ffor Mr. Richd. Tupper in
Michillstowen near Dublin
THIS.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services