Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Imtheacht an Dá Nónbhar agus Tóraigheacht Taise Taoibhghile
Title
Imtheacht an Dá Nónbhar agus Tóraigheacht Taise Taoibhghile
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ní Mhuirgheasa, Máire
Composition Date
1671
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1954)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
IMTHEACHT AN DÁ NÓNMHAIR AGUS TÓRAIGHEACHT THAISI TAOIBH-GHILE ANN SO, AGUS AINM AN SGEÓIL SO. Arna thionnsngnamh ann so a n-ainm Dé per mé Danil Duignianus. Aird-rí fisigh fír-eólach ro ghabhasdur aird-cheannus Érenn gan uireasbhaidh, .i. Cormac mac Airt aoinfhir mheic Cuinn chédchathaigh, .i. file ar fhilidheacht agus breitheamh ar bhreitheamhnus agus brughaidh ar bhrughachus agus mílidh ar mhíleatacht agus rí a ndligheadh rígh an Cormac sin. Acht cheana, fa comhlán muir agus mór-thalamh do rath agus do ro-thoice re re
mheas an rígh soin; fa measraighthe síona agus soineanna, fa comhthorach coillte agus caoímh-fhearanna; fa híasgmhur eassa agus inbheara Éireann fria ré. Báoi, dono, aird-fhianaighi ághmhur oirdhearc oireaghdha i ndÉrinn fria láimh Cormaic, .i. Fionn mac Cumhall mheic Shoailt mheic Bháoisgne mheic Núadha Neacht do Laighnibh. Acht cheana, cé do bhí ceannus gacha cóigidh ag Cormac, as beag má bá líonmhaire a fhlaithius ós Éirinn iná flaithius Finn fessin, .i. tríocha chéd gacha cúigidh, agus baile gacha túaithe, ceathramha gacha baile, lios agus abhall-ghort gacha baile dhíbh-séin; coilén con agus gadhair agus giolla a ttigh gacha brughadh agus gacha bíataigh ó
Shamhain go Bealltaine gacha bliadhna dá mbeathughadh ar eadh Éreann a n-onóir Fhinn; gan eathearrach ón mbúailidh gusin sen-bhaile gan a cheadughadh agus a comhairliughadh d'Fhionn, gan urdail an laoi
allaidh nó an bhric dhubháin do mharbhadh ná do mhór-airleach gan a cheadughadh dhó; fós, coill óghachta agus áontomha ingheanradh na hÉireann; agus a bhreith féin d'ionmhus agus d'earradhaibh air sin anúas, maille re cíoscháin gacha críche agus gacha comhfhorba go críochaibh Leatha dá ttabhach agus dá ttógbháil agus dá ttrénchruinniughadh le láochaibh agus le fíor-ghaisgeadhachaibh na Féine. Conadh dá dhearbhadh in fhlaithiusa sin ro chan so:
Flaithius Fhinn, fá ríogha an rath, ar ccáomhna na gcóigeadhach, do dáileadh dhó mar do dhligh tríocha chéd gacha cúigidh. Baile gacha tuaithe dhe is ceathramha gacha baile, lios ann gach baile go mbrígh agus abholl 'gon aird-rígh. Giolla is coilén con gan chlódh agus gadhar go nglan-ghlór i ttigh gach brughadh bhaile Ó Shamhain go Bealltoine.
Gan d'áon athrughadh eile ó bhúailidh go sean-bhaile, gan cíos do thabhairt dá thigh do mhac Comhaill a hAlmhuin. Gan urdail an bhric go mblaidh nó an óglaoigh álainn allaidh gan cheadughadh d'Fhionn fá seach: fá mór an urruim d'aoineach.
bhí, níor bheag an chomha, coll óghachta is áontomha ag mac Cumhaill ceann a gceann óigingheanradh na hÉreann. Cíos gach tíre ag teacht dá thigh, ó Fhrancaibh, ó Rómhánchaibh, a los a ghaisgidh go ngus; dó fa trom an tighearnus. Cíos-cháin íarthair na hEórpa ag Fionn go ffuighlibh eólcha; Ealba is Easbáinn a ndeas a ccíos sin is dá fhlaitheas. Flaithea
.
Ro comóradh sealg agus fiadhach agus fian-chosgur le Fionn mac Comhaill aon do laithibh a mBeinn Éadair mheic Étghaoidh agus la ceithre cathaibh gaisgidh na gnáth-Fhéine. Ro sgaoíleadh la Fionn ina fhiadhnuise an uair sin a choin agus a ghadhair, a ghiollaidhe agus a ghalgada, a churaidh agus a chaithmhíleadha fó na tulchaibh toghaidhe taobh-úaine, agus fó na fearannaibh fosgadhacha fér-nuaidhe, agus fá chnocaibh corracha ceannchaomha na críche 'na ccomhghaire. Is ann sin tarla don rígh-fhéinnidh an ionbhaidh
in a bheith ina dhumha shealga ar mullach Chairnn in Aoínfhir a mBeinn Éadair <úair is ann ro marbhadh an t-aoinfhear déigheanach d'fhine>
. Bádar trá maithe agus mór-úaisle na Féine 'na uirthimcheall ind uair sin, .i. Óisín agus Osgar, Diarmaid ó Duibhne agus Caoilte mac Cronnchon mheic Rónáin, agus Mac Lughach láimhéchtach, triar mac Meic Con mheic Mhaicniadh mheic Luigheach, agus trí meic Aoinchearda Béarra, .i. Glas, Géar, agus Gabha, Sgíath Breac mac Dathchaoin, .i. fear iomchuir scéithe Finn in gach fír-sgainnir, agus an mílidh mearrdha meanmnach mórdhálach mór-aigeantach, .i. Goll mac Morna, agus in deagh-laoch sóithimh súil-mhear, .i. Conán mac Morna, agus roighne agus ro-dhíoghrais na Féine ó sin amach.
Níorbhó cían comhfhada dáibh as a haithle silleadh agus sír-dhearcadh dá ttucsat seacha go bhfacadar isin aibhéis n-eochair-ghuirm n-iolradharcaigh gach ndíreach dá n-ionnsaighe an curach cúanna caoímh-dhéanmhach caoín-éttrocht crédhumha, gan frichnamh aistir ná iomromha, ag gabháil chúain agus chalaidh 'na chomhfhaisgearadh. Ro éirigh ón gcurach iar sin inghean álainn il-dhealbhach fa caoimhe don cheathair-dhúil. Is amhlaidh imorra baoí in inghean sin agus léne easnadhach ór-shnáith a custal a caoimhchnis, agus ionar snáth-cháol síor-éttrocht sireagdha cona chnaipidhibh cáoine comhdhlútha don ór áluinn il-bhuadhach fri hiadhadh agus fri hoslugadh ar úachtur na hór-léineadh sin, agus brat donndearg dath-álainn dealbh-chomharthach cona eó cúanna ceardamhail caomh-óir isin bhrat ós a bán-bhruinne, dá asa éxamhla órrdhaidhe eidir a troighthibh tana toghaidhe agus talmhain, calla briocht-rionnta buadh-chlochach banríoghna imá ceann cona líagaibh búadhlóghmhara bríogha isin mionn mór-éttrocht. Acht cheana is súaill ná budh emhiolta re fhaisnéis túarusgbháil na hinghine cé bé dó airémhadh go huilidh
<í>. Iomthúsa na hinghine, imorra, ráinig roimpe go cobhsaidh céillidhi go hairimeal na sluagh. Ro seachnadh slighe agus ro réidhigheadh ród agus ro comhghlanadh conair don inghin co n-uige in ionadh a mbuí an flaith-fhéindidh Finn. Ro
ustair an inghean in dá ghlún ghasda ghlé-mhíne re lár
. Tug an rígh-fhéindidh cead uraghaill don inghin d'éis a humhla agus fochtais sgéla go deagh-ráiteach di. "Ní fhuilitt scéla núaidhe agum re n-innisin," ar sí, "acht aon-ní: ní fhuil tír do thíorrthaibh an domhain nár chuartaigheas co n-uige so, ó thairsigh thréin-tuinighthe na turghabhála gusin bhfearann sa ina bhfuilim anois, agus is eadh is adhbhur dhó sin, .i. searc throm shíor-adhbhal do thoirbherius duit-si, a Fhinn, ar h'airscélaibh do réir do theasda agus do thúaruscbhála, conadh aire sin tánac seachnóin an domhain dot h'íarraidh co n-uige so." "Dá mbeith a fhios aguinne do bheith-si amhlaidh sin," ar Finn, "is sinn féin do dhénamh an t-aistear sin dot h'ionnsuighe-si, agus ní tibharthaoi idir ort-sa é go madh ar én-rían no bheithmís agá dhénamh, agus ó thángais anois ní meathfaidhthear ort do thurus dom thaoibh-si, ór léigfidhthear gach aoin-bhean eile orad-sa, agus is tú bhús aon-chéile damh in gcéin bhus loinn lat." "Léig as idir, a Fhinn," bhar in inghean, "dáigh cidh laochdha do lámh, agus cidh cródha do chroidhe, agus cidh líonmhar dot láochaibh, cidh maith do chonách agus do chiall-mheanma-sa, ní thiucfainn-si do dhénamh aistir d'én-toisg co
n-uige so d'fheis ná d'aoidheachtain leat-sa go ndearntá urdail aistir dom ionnsaighe agus a ndearnus dot rochtain-si, a Fhinn," air sí; "cé do-ghébhthá-sa mná Éreann ar an ordughadh sin, ní fuighthear misi samhlaidh." Acht atá ní cheana: fa hurghairdiughadh
e a n-úaislibh éisteacht a huraighill, agus fa mían le a míleadhaibh a mór-dhéchsin, agus fa saint le a slúaghaibh a sír-shilleadh, conach raibhe aca d'ísiol ná d'úasal, do choimdhigh ná d'éccoimdhidh, do rígh ná do ró-fhlaith neach nach ttuc grádh n-anma a n-aoinfheacht dí. "Bhéd-sa ag imtheacht úaibh anosa," ar an inghean, "agus geasa agus áil agus airmearta ort, a Fhinn, muna leanair misi góm dhúnadh agus góm dheaghchathraigh budhdhéin, agus muna ttucair leat mé d'aimhdheóin lochta mo chosanta co hÉrinn arísi, agus gan do bhreith do laochaibh leat achd dá náonmhur féindeadh gan aóinfhear d'iomurcaidh nó d'uireasbhaidh orra." "Cáit attá an chathair sin," ar Fionn, "nó cía is lucht coimhéada nó cosanta dhi." "Ní bhfuighbhe dá heólus úaim acht a ffúarais," ar an inghean, "dáigh ní bhfuil acht ceithre hairde san chruinne, mur atá, soir agus síar, budhdheas agus budhthuaidh, agus ní bhfuil acht trí ranna isna ceithre hairdibh sin, .i. reann Eórpa
agus reann Africa agus reann Assia, agus do-ghébhthar misi a reann nó a n-aird éiccin díbh." Agus ad-bheart an laoí ann ag ceileabhradh dháibh:
"Fágbha
m ort, a churaidh chaoimh, geasa nach bhfuilngid fiór-laoích, muna leanair mé gom thoigh, a mhic Comhaill a hAlmhoin." "Cáit a leanfaidhthear linn thú, a inghean óg an iomthnúth; dáigh ní fhidir, a bhean, cá tír ina bhfuil th'aítreabh." "Sir na trí reanna go dían, Eóraip, Affraic is Assia, do-gébhthar misi, is fíor dhamh soin, a reann éigin dona trí reannaibh. "Budh é so áireamh do shlóigh, a mheic Cumhaill mheic Tréinmhóir, ocht bhfir dhéag d'íarraidh gach fuinn do laochaibh agad fágbhuim." Fágbhuim.
A haithle na laoidhe sin ro imdhigh an inghean uathaibh dochum a curaigh go coimhdhíochra, agus do-chuaidh ann as a haithle, agus do thsheól roimpe tar fliuch-shnámh na fairrge furránaighe fíor-dhoimhne, agus tar muinchinn na mór-mhara mór-thonnaigh
measc-mhuiridhe, agus tar srothaibh saobha siubhlacha na searbh-thonn, agus tar císélaibh leathna luchtmhara na lóech-mhara, agus tar colpadhaibh cainnteacha coimhghearánacha na ccrúadhgháoth, co ndeachaidh feadh ruisg agus radhairc ó chách a ccoitchinne. Iomthúsa Finn agus na Féine ceasnaighthear sonn sealad eile ar n-imtheacht don inghin úathaibh agus arna ffágbháil fá gheasaibh. Ro bhádar agá imrádh eaturra cionnus do choimheóldís a ngeasa nó mur do leanfadaís an inghean. "Cionnus leanfaidhthear í," ar Finn, "agus gan a fhios agaibh cá haird nó cá hionadh sa chruinn do-chuaidh úaibh, nó in le dochar do dhénamh dhaoibh táinic, nó caidhe fios a hanma nó a haithna, a huáisle nó a hatharrdha, nó créd adhbhar a geasa ná a gnáth-airmeart." "Do-fheadar-sa sin, a árd-fhlaith," ar Oisín, ".i. anní lé ffhoillsighthear fios agus fír-eólus duit-si do ghrés, agus déntar leat an úair si é, .i. h'ordóg do chur fád dhétt fis dá fhoillsiughadh dhúinn ca leath do-chuaidh an inghean uainn, nó caidhe a hadhbha nó a hionadh, nó fios a húaisle nó a hatharrdha, ór ní bhfuil tír do thírthaibh na
cruinne go himlán acht go ffagham-ne a fhios go fírinneach ina bhfuighbhe sin a dídean nó a deagh-chaomhna orainn gan a tabhairt linn go lán-urlamh ar áis nó ar éigean go hÉrinn aridhis." "Is deacair damh-sa sin do dhénamh," ar Finn, "agus cidh eadh is dénta damh é." Is amhlaidh imorra do-gébhthaoi an fios úd le Fionn, .i. feóil agus finn-leathar a mheóir do ghearradh agus do ghéar-oirleach go cnáimh caoimh-gheal re a dhédaibh, agus mur sin ní bhídh aon-ní 'na aincheas air ó sin amach gan a fhoillsiughadh dhó. Agus is amhlaidh so do fríth an fios sin re Fionn ar tosach, .i.: Laithe n-aon dia ndearnadh sealg na Seaghsa lais, agus suidhis a mullach Chairn Choirrshléibhe, agus Mac Reith an rígh-fhéindidh agus Diorraing mac Doghair ina fharradh ann. Ní cían ro bhádar ann go ffacadar an dorus ar ur na síodha óbhél oslaicthe ar a n-aghaidh, agus reithid-siomh chuige co dian deinmnidach go dorus an tsíodha; agus bádar dano trí hingheana Big mheic Bhúain ar a ccionn isin síth, .i. Cé fhinn agus Teithad agus Arbách a n-anmanna, agus cúach lán a láimh gach hinghine aca don lionn iomhais. Ó 'd-chonncadar mná in tshíodha Finn cona fhéinneadhaibh dá n-ionnsaighe tucsat a n-aoineacht a lámha do dhúnadh na comhladh ar a gcionn. Tucadar-somh imorra a lámha isin leith eile dá hoslugadh go ttárla ordóg Fhinn itir
ursainn an tsíodha agus an ccomhlaidh, gurbhó lán-obair dó féin agus don dís eile a tharraing a n-aóineacht, agus doirtear taosg don lán do bhí a copán Ché inghine Bicc ima a n-aighthibh, gur bhean a mbél Mhic Reitha agus Diorraing mheic Dhoghair Dhámhaigh, gur fhágaibh fios foirbhthe fír-eólach aca dá éis, gurab uime sin baoi fios furbhurach ag Fionn, úair ro chuireastair a ordóg ar tosach arna tarraing asin tsíodh idir a dhédaibh gur fhágaibh fhios fír-eólach aige amhlaidh sin. Is ann sin tucadh a luing-shíothal aisgidhe lán d'uisge línidhe linn-fhúar ar amus an rígh-fhéindeadh. Níamhais agus núadh-ghlanais a ghnúis agus a gheal-ghlaca aiste as a haithle, agus cuiris a ordóg fóna dhéd fis go foillseaghach nó gur foillsigheadh fios fírinneach dhó 'na dheaghaidh. Ro deargadh agus ro droch-dhathaigheadh dreach il-dhealbhach an rígh-fhéindeah. Ro bánadh agus ro dubhadh agus ro dían-ghlasadh é d'éis a fheasa d'fhaghbháil, agus is súaill ná bá hanaithnidh dá fhíor-cháirdibh bunaidh é mur thángadar airrdheana báis agus búan-éga chuige. "Is cubhais damh-sa," ar Oisín, "ó do ghabhais airm ghaisgidh láoich id láimh nach bhfacamar a ionnshamhail ind éccosga sin furt re gágh ná re gúasacht dár imthigh ort ríamh gus anosa." "Is deithbhir dhamh-sa sin," ar Fionn, "ór ní bhfúarus ón laithe rom-ghéanair gus anosa adhúath nó úrghráin do chuirfinn a gcoinndeilg
mh'éigin nó mh'anbhfurlainn in úair sin, ór ní bhfuil mh'úidh nó mh'aire re cabhuir ná re comhfhurtacht ó so amach go bruinne brátha agus beatha; agus cé mór
o gheassaibh doirbhe dí-fhulaing fáir cuireadh mé go n-uige an aimsir si do bhí mo shúil re furtacht nó re fóirighthin d'fhagháil úathaibh agus rena chomhall gan chonntabhairt gusna geassaibh si an láe aniú." "Cía hí an inghean úd, a árd-fhlaith," ar Oisín, "agus créd is adhbhar dhi ag teacht don tír si, nó in do dhénamh díthe nó díghbhála dhúinne táinic isin turus úd, agus cáit ina bhfuil ceann ar ttosga nó ar tturuis budhdheasta?" "Inneósad-sa sin," ar Finn; "Taisi Tháobhgheal, inghean rígh Thíre na n-Iongnadh, bean Chuillinn Chrúadh-armaigh, .i. rígh Innsi Tile, bean is mó cumhachta do mhnáibh na cruinne go comhlán, agus is eadh is adhbhar dhó sin, .i. ag rígh na ffear nDorcha ro hoileadh í: rígh sidhéin is mó cumhachta draogheachta agus deagh-ealadhna do ríoghaibh an domhain, dáigh ní fhuil én-cheard ina uireasbhaidh dá ndearnadh le draí ná deaghfhisigh ó thús domhain gusin tráth so, eattar fhithnisacht agus amhainseacht agus fhé fía agus tinncheadal drúadh agus ruithiughadh ró-mharbh, toirmeasg tuile agus aife i nd-aimsioraibh teasa, gur mhúin díamhair gacha deigh-chearda dhíbh sin dá dhalta, conadh eólach a n-ealadhnuibh díamhra deagh-shochair in domhain hí.
Agus is aire sin táinic sí dá bhur n-ionnsuighi-si don turus
a, agus tré adhbhar eile imorra, .i. imreasan tarla idir dá fhilidh agus dá dheigh-fhear dána i ndúnadh rígh Innsi Tile, fear don rann oirrthearach a hAsia agus fear don rann Eórpa a híarthar in domhain. Ad-bheart an fear don rann thoir nach raibhe rígh ná ró-fhlaith isin domhan budh fearr dúnadh agus deagh-chathair, budh fearr gal agus gaisgeadh, budh líonmhaire laochradh agus budh lía teaghlach agus trom-thionól, budh fearr im ionnmhus agus im mháoinibh, d'fhileadhaibh agus d'ollamhnaibh, budh árrachta a gcathaibh agus a gcomhlannaibh iná Cuilleann Crúadh-armach. Adubhairt an dara fear d'íarthar na hEórpa nach raibhe cúis chomhardaidh ná adhbhar imurbhádha ag rígh ná ag ró-fhlaith do ríoghaibh an talmhan rem theisd-si ná rem thúarusgbháil, agus adubhairt gur líonmhaire mo laoich agus gur cródha mo churadha agus gurbh fhearr m'eineach agus mh'árdthioghlaicthi, agus nachar dhiúltus re dreich nduine ar tuinidhthe na talmhan, acht go mbeith teanga re híarraidh agus cosa re cémniughadh agus lámha re lúaigheall aige. Acht cheana, gér mhór na teasda agus na túaruscbhála tuc an céd-fhear ar Chuilleann, tuc an dara fear a imurcaidh orm-sa. Et do-chuaidh an comhrádh sin co mór fó mheanmain mhná Cuillinn,
ionnus gur ro líonustar tuile throm-ghrádha agus rabhurta ró-sheirce agus aidhle imchaisi i nd-aigneadh na hinghine im na haitheascaibh sin na n-ollamhan. Ro chuireadh ar Chuilleann feisin na hairrdheana sin d'éirghe uirri-si, agus ar chách a gcoitchinne, agus ro líonustar idha eoíd agus aingidheachta agus imfhurmod croidhi Cuillinn don chur sin, agus adubhairt go ttiucfadh féin do dhíoghail an trom-ghrádha sin tucustar a bhain-chéile damh-sa go hÉrinn, agus do dhíghail a chomhthuirsi agus a choimeasa, agus do ghabháil tréin agus treisi na hÉreann ar áis nó ar éigean. Is ann sin adubhairt an inghean nach é do thiucfadh ann idir acht í féin; agus co riocfadh a leas dol ann
nó go fféchadh sí féin inur ffíor na teasda, na túaruscbhála do-chúalaidh úaim-si, agus nach dénamh feis ná fóemheachtain leam-sa ná le háein-fhear eile nó go ffágbhadh Éire arísi, agus nó co mbeireadh misi agus úathadh slúaigh agus sochaidhe eile ina híarmhóracht lé, dá ttaithninn-si fría, agus muna ttaithnínn nach diongnadh lúadh ná lán-táeradh orm; agus adubhairt go gcuirfeadh mé fó na geasaibh úd ad-chúalabhair-si dá tabhairt leam as a longphort d'aimhdheóin a fir féin do thoradh na ngeas sin, mur adubhramar remhe. Tug sí gréin agus ésca agus ranna nimhe agus talmhan mur eidireadha uirre féin nach ffaoídhfeadh
le fear d'fhearaibh an domhain, ná leam-sa seach cách, nó go ttoirseadh tar a hais go hInis Tile. Et ro sheól an gháoth í gan ro-thoirmeasg ittir lá agus adhaigh dá bhur n-ionnsaigh-si go hÉrinn mur do-chonncabhair. Acht atá ní cheana, is adhbhar urbhadha agus is fochann frithbhearta agus is mana mór-ghleóidh dháoibh-si dol ina deaghaidh, dáigh is crosta in chonuir agus is aimhréidh ind uidhe, agus ní soirbh na slighthe agus ní réidh na róda dá rochtain, .i. sliabh trom-lasrach tinntighi do dealbhadh le draoigheicht in bhur n-urchomhair-si go roicheann míle céimionn ar gach taobh ina thimcheall a theas agus a thrénbhruth, agus nach éidir a thacmhang iná a thimcheallradh re a fhad agus ré a imchéine. Et as eadh is gaire dhó sin, .i. muir thiugh-thonnach throm-an-fadhach thécht nach éidir do luing ná do lánarthrach a luamhaireacht ná a lán-imtheacht re liostacht agus re lán-tighe na lind-mhara sin, dáigh ní fhuilingeann sidhéin én-arthrach ar talmhain don trén-imtheacht gan a sreangadh agus a slugadh-bhádhadh a ffudhomhain agus a ffíor-íachtar in mhara mheascaidhe sin. Et as í tír is gaire dhí sin, .i. Inis thromthoirrthach Tile, agus is eadh is bés bunaidh don innsi sin, .i. gach aon téid le heasaonta inte a chosa do choimhleanmhain d'úir in oiléin muna
taosca dheargaid ar shleaghuibh na hinnsi iná sleigh na hinnsi orra-somh. Et as eadh as gaire dhíbh ina dhíaigh sin," ar Finn, ".i. raibhéar cainnteach congháireach agus buinne rúadh rabharta nach éidir d'én-athar do shnámh iná do shiubhal le a threisi agus a thairpighe, agus droichead cáol cumhang anbhfossaidh d'én-chonair ar an abhoinn sin, agus tor comhdhaingean cathrach isin cheann oirrthearach don droichead sin. Et is amhlaidh imorra atá in dúnadh dí-mhór sin agus formhóir fíor-árrachta fearamhail, agus dúil daor-chlannda dhoidhealbhdha, agus aitheach aindiúid árrachta ina aird-cheannus
eart chéd churadh i n-am éigin dána' comhainm Aitheach in Droichid, cona shúisde imreamhar iarnaidhe ina dheas-láimh re clódh curadh agus re díthiughadh deigh-fhear agus re mudhughadh míleadh agus re heasbhaidh ánradh. As é is gaire d'Aitheach an Droichid ann sin, .i. Aitheach an Chorráin, agus ní hégcalma eséin iná an céd-fhear, is dearbhráthair dhó, cona chorrán cadatt cruaidh-iaroinn ar lúamhain ina láimh con n-áithe ailtean agus co ngabháil gríbhe agus go so-thapadh seabhaic i nd-úair áigh nó iorghaili; agus dá tteagmhadh dhaoibh-si téarnó ón chéd-fhear, ni dóich bhur ttéarnó ón dara fear re huathmhairi a innill agus re hárrachta a fheadhma ag clódh céd agus cath-bhuighean.
As é gábhadh is gaire dona gábhthaibh sin, .i. Ridire an tSlabhraidh, .i. slabhradh agarbh iarnaidhe eneach-gharbh fil aige-séin cona thenntibh tréna tarbhacha trom-gharbha, conach reimhe lán-arg láoich lán-chalma iná gach tene dhaingean dheagh-chóirighthe dhíbh, agus idh im-reamhar iarnaidhe gacha cinn de, agus cairthe comh-adhbhal cloiche re a chathraigh aneachtair ar a suidhighthear idir in slabhradh sin, et cuiridh-siomh a cheann i n-idh dhíbh sin, agus cuiridh an dara fear a cheann isin idh eile, agus bíd ag sreang-tharraing an tshlabhraidh ó chéile iman ccairrthe agus a ndromanna fri aroile. Tógbhaidh-siumh fá dheóigh a fhear iomthach ar úachtar in árd-chairrthe don taoibh araill, agus beanaigh a cheann dá cholainn, et ní théarnaigheann neach ón bhorb-chomhlann sin gan bás agus bith-oigheadh urlamh d'fhagháil uadha. Et atá éigean is mó ná gach éigean agus gábhadh is mó ná gach gábhadh dhíbh sin ina ccomhghaire, .i. caoga cú confaidh do chonuibh garbha glasfhionnfadhacha, co n-anfadh mion-ubhall nó mór-áirne ar úachtar gach róinne fhásus tré dhruim gach droch-mhadaidh dhíbh re faicsin a n-easccarad ina n-urchomhair. Splanc-aoibhle trom-adhbhla teinntidhe ag teacht a guilbnibh a nglomhur-cheann, co ndóighfeadh mollt-chroiceann tiugh-olla treibhliathnach gach doighear donn-rúadh dearg-lasrach éirgheas a n-airde úathaibh an tan fhoslaigthear
dá cceanglaibh agus dá ccuibhrighthibh íad; conach bí fíadh-mhíol i ffásach iná bleidh-mhíol a muir iná eathaid a nd-áer isin tríocha chéd d'fhearonn fa coimhneasa do na conuibh sin nach ccurthaói ar fáe
scur agus ar folúamhain óna háiteachaibh bunaidh a mbíd re hadhúath agus re hurghráin na n-onchon n-óbéla a n-allmhurrdha sin ro hoileadh agus ro leasaigheadh in bhur ccomhair agus a n-oirchill bhur n-eachtra-sa agus bhur n-imtheachta. Ag cáemhna agus ag coimhéad dúnaidh agus deagh-chathrach Cuillinn dá gach taoibh bhíd na borb-choin bhrottla bharbarrdha sin, maille re hiol-choimhédaibh iomdha eile aircheana. Is amhlaidh imorra atá an chathair sin Chuillinn agus seacht múir dhaingne dhí-thoghlaighthi ina mór-thimcheall imáccuairt, agus seacht sonnaighe sár-mhóra sith-árda ar úachtar na n-árd-mhúr sin, go cceann curadh nó cathmhíleadh ar rinn gacha soinn díbh-séin, do mhéadughadh ádha agus urghráine na hárd-chathrach. Atáid, dano, sleasa uirri-séin agus dorus eidir gach dá shlios, agus céd curadh coimhfheadhma ag coimhéad gacha doruis díbh, génbhóthá teaghlach an rígh feisin. An rí féin imorra, .i. Cuilleann Crúaidh-armach, ní bhfuil dúil do dhúilibh an domhain inchathaighthe fris, dáigh as
mhlaidh atá-séin, coimhéad cadatt comhdhaingean codhna ina uirthimcheall ar nach deargaid airm ináid iol-fháobhair i n-am chatha ná chomhlainn, agus dá mbeith céd i n-áoineacht
agá dhiúbhracadh do-ghébhadh-somh a n-arma uile eidearbhúais re háithe agus re himghlioca a anocail agus a imdheaghla. Agus is eadh is adhbhar dhó sin, .i. buime agus ban-chumhachtach fil aige-séin, agar fhoghluim ealadhna diamhra draoidheachta an domhain agus cearda goile agus gaisgidh agus cleasa coire agus cudruma na cruinne gan turbhródh, bhís ar a fhoraibh fis agus fír-eólais isin aér eadarbhúasach ós cionn Chuillinn isin chath-láthair chomhlainn ina mbaoí ag gabháil na n-arm agus na n-iol-fhaobhar díobhraicthear ar a dhaltta, conach leigeann arm ina fhaisgearadh dá ccaitear chuige gan a ngabháil ina fhoraibh fis agus ina ghabhlaibh gliocais gan fhios dá chéile comhraic, agus ní bhfuil acht caitheamh aimsire d'aóinneach ar tuinn talmhan triall áigh nó imghona frisin ccomhairead bhías in t-arracht feasach fír-ghránna fuireachair agus in seirgne síabhartha sálfhada sáobh-chomtha agus an amaid imghlic aidhéitchigh urbhadhach ar a foraibh fis agus ar a haltóraibh ídhlaidhi ag anacal Chuillinn ar chrúadh-ghleacaibh curadh agus caith-mhíleadh." "In bhfuil ar bith arm ná iol-fhaobhar lé ndeargthar fair?" ar Oisín. "Atá co fírinneach," ar Finn, ".i. airm shénta shomhaiseacha do-rinneadh ina urchomhair ind
oidhche rucadh é le rí na hIrúaidhe, .i. lé a oide budhdheín, .i. sleagh agus claidheamh dá nach téarnó élaitheach beathadh ar a ndeargthar dhíbh; agus is ag rígh na hIruaidhe atá taisgidh na n-arm sin, ór as é as oide do Chuilleann, agus is é féin do-rinne na hairm sin ar sén uaire agus aimsire, uair ní bhí rígh choidhche ar in Iruaidh acht gabha. Agus is leis na harmaibh sin atá i bhfiodhair agus a bhfáistine do rígh Inse Tile bás d'fhagháil, agus is uime sin nach ttabhradh-siomh taisbénadh na n-arm d'aoín-neach ar talmhain do dhúthracht dá dhalta; agus ní hiomdha do ríoghaibh an domhain rí is línmhaire slúagh agus sochaidhe inás, agus inghean rí na hAntuaithe is bain-chéile dhó, agus is buime do Chuilleann, agus is dóich go ccuirfeadh sé oraibh-si go mór, .i. rígh na hAntuaithe, dá ndeachadh do chách eile gan díghbháil do dhénamh dhíbh. Fós atá mac meanmnach mór-aigeantach ag rígh na hIruaidhe, .i. Iollann Airm-dhearg, agus is tearc do thréin-fhearaibh na cruinne a chomhchalma, agus atá taoiseach teaghlaigh aige, agus ní héccalma eiséin iná Iollann, dánab comhainm Tuire Tort-bhuilleach. Dá mbeith gan do ghábhadh ná do ghúasacht in bhur ccionn-sa acht neart lámha na deise sin agus an rígh féin ag imdheaghail na n-arm oraibh, ní budh beag do chaomhna ná do choimheád orra é agus d'anacal Chuillinn re chéile, agus is beag nach
neimhní gach ní dá ndubhart co n-uige so a ffarradh rígh na bhFear nDorcha chaithfius a chumhachta in bhur n-aghaidh, .i. oide na hinghine úd. Uair do budh lór d'adhbhar uathbháis agus uireagla dhaoibh-si é agus do mheath bhur n-eachtra oraibh, maille re comháonta agus re coimhéirghe gach áon-duine eile dár áirmheas do bheith a n-oirchill agus a n-urchomhair bhur millte. Agus is íad sin sgéla na hinghine úd agus adhbhar a tosga agus a turais da bhar n-ionnsaighi-se," ar Finn. Agus ro chain an laoi and as a haithle, go nd-ébhairt sonn:
"Atáid liom sgéla nach gar, a Fhíana Éreann is Alban, dá roistí Inis Tile do-ghébhthaoí olc ainbhfine. Gach a bhfúarabhair d'olc ríamh, theas is thuaidh, thoir agus thíar, neimhní gach én-olc dhíbh sin go n-uige Taisi Tháoibhghel. Slíabh go slabhradhaibh troma, muir thécht nach snáidhid longa, atá ar bhar ccionn gan dul de eadraibh is Inis Tile.
Aitheach an Droichid go ngráin agus Aitheach an Chorráin, Ridire an tShlabhraidh íar sin atáid a n-oirchill oraibh. Coin chonfaidh nach coin fhíadhaigh bhrisios reacht agus ríaghail, is leó sin claoitear gach cath agus saoiltear bhar bhforrach. Buime an rí
gh féin, forrach slúaigh, ní beag do chách mur anbhúain, teagmhaidh i ccath ria ccomhlonn lór d'easgar is d'anfforlond. Atáid re cách san ccathraigh seacht c
éd láoch ná lámhaighthear, a bhfégmuis ro-shlóigh an ríogh lén gnáth cosgar is cruaidh-ghníomh. Neart Chuillinn mó ná gach modh agus ná gach neart dá ndubhramar, ní ghoin rinn, ní theasg faobhar cneis an rí
gh as ro-bhaoghal.
Dul d'iarraidh na n-arm go n-ágh, dá bhfuil bás an rí
gh a ndán, is beag nach é is duilghe dhe cur re rígh na hIruaidhe. Na sgéla do lúaidheadh leam, a Fhíana áille Éireann, bíthe úaibh 'na n-oirchill thrá agus a dheimhin aguibh mur atá." Atáid.
Iomthúsa na Féine, imorra, ro thinóileadar agus ro thiomsaigheadar as gach aird ina rabhadar go hairm ina raibhe in rígh-fhéindidh ar sgur na sealga agus ar ttairgsin in troim-fhíadhaigh, agus ro hoirrdhearcadh na hairdsgéla sin eaturra le Fionn agus le a raibhe do láthair rompa. Ro luidh socht mór uile orra-somh dhe sin acht madh úaithe dá n-úaislibh agus dá n-ard-mhaithibh, dá ccuraidhibh agus dá ccath-mhíleadhuibh ar-cheana. Is ann sin ro labhair Conán mac Morna i lár na laochraidhe sin, ó ro airigh an socht adhbhalmhór sin ina rabhadar, agus as eadh ro ráidh: "A úaisle agus a árd-mhaithe Fhían Éireann," ar sé, "ní hinléigthi inmhe iná ard-onóir Éreann ar bhur n-ordughadh, et fós ná méd bhur mbreatha doirbhe docamhlacha ar áos na treabhaire, in tan
is ar aba áon-mhá do thabhairt go hÉirinn dá haimhdheóin, agus gan acht lucht én-chríche gá cosnamh, ghabhus an crithnughadh coimheagla sin sibh; agus da ttucadh Finn slánta fileadh agus ard-ollamhan Éireann damh-sa gan an inghean úd do bhúain díom ar ttoirrachtain damh go hÉrinn tar mh'ais do-bhéarainn liom í d'aimhdheóin Chuillinn Chruadh-armaigh cona chomháonta, agus ní shirfinn aoínneach agaibh-si leam d'fhinidhibh nó d'aicmidhibh eili acht dá náonmhar curadh agus caith-mhíleadh dom chineadh agus dom chloinn-mhaicne féin." Ro fháitmhigheadar an Fhían aon-gháir sgige agus fhochaidmhe im na haitheascaibh sin Conáin, acht gér mhór a ndoilgheas gairid roimhe sin. "Léig as idir, a Chonáin," ar Finn, "uair ní let áitheasg ná let uraghall atámaíd acht re cinneadh agus re críochnughadh ar ccomhthosga feisin." Is ann sin ro fhíarfaigh an rí-fhéindigh: "Cúich agaibh da bhur n-úaislibh agus da bhar n-ard-mhaithibh rachus ar an eachtra úd leam?" "Rachad-sa leat," ar Oisín mac Finn agus ar Osgar mac Oisín. "Rachmaid-ne leat," ar trí meic eile an rígh-fhéindeadh, .i. Caoínche Corcuir-dhearg agus Ailbhe Ard-úallach agus Roighne Roisg-leathan, .i. triar mac Aillbhe Grúadh-bhrice, inghine Cormaic mhic Airt mheic Cuinn Chéd-chathaigh, "agus do rachmís
féin do chúartughadh chríoch agus cheannadhach na cruinne do oirrdhearcadh ar n-anma dár n-éis, agus is fearr linn dul ar én-shlighidh riot-sa, agus do thabhairt ar ccabhartha agus ar ccunganta dhuit, iná dhul linn féin ann, agus geallmíd duit-si ar ccoimhlíon do na curadhaibh bhús luinn leat do choscc díot airm a tteigémhaidh ar n-ánradha ré-roile." "Cía hoile théitt liom?" ar Fionn. "Rachad-sa leat," ar Fearghus File mac Finn, "do mhaoídheamh bhur mór-ghníomh, agus d'innisin bhur n-aird-écht, agus do laoídheadh bhur láochraidhe, agus do chosg mo choimhlín da bhur n-anfforlainn." "Rachad-sa leat," ar Mac Lughach láimh-échtach. "Rachmaíd-ne leat," ar trí meic Áon-chearda Béarra, .i. Glas, Géar agus Gubha
, .i. clann rígh Mhumhan, agus inghean Aon-chearda Béarra a máthair, conadh aire sin ro lean an furthormach anma íad>. "Rachad-sa lat," ar Diarmaid mac Duinn mheic Dhubháin mheic Dhonnchadha mheic Dhuibhne mheic Fhíacha Suighe ré n-abarthar Diarmaid déd-gheal ó Duibhne. "Rachad féin lat," ar Caoilte mac Cronnchon mheic Rónáin. "Raghad-sa lat," ar Sgíath Breac mac Dathchaóin, fear imchurtha sgéithe Finn in gach aon-sgainnir.
"Rachad féin leat," ar an féindidh fearamhail fráoch-aigmhéil fír-árrachta, .i. Goll mear míleata meanmnach mórdhálach mór-aigeantach mac Morna, "agus is aire nár gheallus do chédneithibh dol lat go faicinn cía do mhaithibh na Féine do anfadh nó do rachadh díbh; ní eile, ionnus go madh móide do bhuidhechus orm dol lat día n-anadh roighne na Féine uaibh." Fáiltighis an flaith-fhéindidh Fionn re huraghall mheic Mhornae, uair ro mheas ina aigneadh ind úair sin nach raibhe gúais nó gábhadh na heachtra sin fair et an t-airsigh, .i. Goll, do thoigheacht uirre, agus isseadh is-beart: "A mheic Mhorna," ar sé, "ní raibhe d'iomad slúagh ná sochraide im aghaidh-si co n-uige so ar a mbeith gúais nó gér-úamhan áigh nó iorghaile orm agus neart do láimhi-si ag cur leam 'na n-aghaidh." "Ort do ghráin agus do dhúabhuis, a Ghuill," ar Conán mac Mornae, "is éccóir agus is indlightheach do gheallais dol leis, agus ó do gheallais sin go hégcóir ní bhfuil ar do chumus a dhol ris iná a chomhall ná a chomhlíonadh dhó, dóich, ámh, do budh fearr dheit nach ffilleadh éineach do chlannaibh Baoiscne ina bheathaidh don eachtra úd, ionus go madh leat féin flaithius na Féine go fuirleathan agus árd-fhíanaigheacht Éireann ina dheaghaidh, mur do bhí agad re linn Cuinn Chéd-chathaigh ar marbhadh Cumhaill a ccath Muighe Cnocha dot
chosgar budhdheín; agus muna cumhain leat féin sin is cumhain le Fionn agus le clannibh Báoisgne é. Et dar ar mbréithir, ámh, nochan fhuil d'airmhidin ná d'onóir aca ort-sa air acht amháin gach gníomh doirbh do-fhulaing doidhéanmha nach éidir leó féin do chríochnughadh ná do chomhfhorbhadh thusa, a Ghuill, dá dhiongbháil díbh amhail do-ghníodh Conall Cearnach do chlannuibh Rudhraighe, .i. tosach agus deireadh a ttír-fhoghladh agus easccarad fair ar bélaibh ánradh Uladh, go mbeireadh imshlán dá n-íathaibh agus dá n-adhbhadhaibh bunaidh féin íad as a haithle a threas agus a thachar is na háitibh ainiúil ina ttéighdís. Mur sin deit-si dano, ag cosg éigin agus anffurlainn d'Fhíanaibh Éireann seach gach flaith-fhéindidh éile don Fhéin. "Misi, imorra," ar Conán, "ó nach bhfuil ar mo chumus ná ar mo chomhairle d'fhearuibh Éireann acht mé féin im áenar anfad ar bhur n-éis go teacht díbh doridhisi, agus gébhad ceannus agus ríghe ar an bhFéin in bhur ndeaghaidh-si ó nach cosmhail ribh féin teacht ar bhur n-ais dá bhur n-eachtra, agus fós atá ní éile ann, .i. nach dúthcha dhaoiph-si a teachtadh nó 'teann-ghabháil do tháoibh chiníl nó clann-mhaicne iná dhamh-sa dá leantaoi dligheadh nó dúthchus." "Ind é badh cíall do na comhráitibh sin, a
Chonáin, nach rachthá-sa féin linne ar in turus ughad?" ar Finn. "As é go deimhin," ar Conán, "agus dar mo bhréithir ámh, dob fhearr leam nach deachaidh aoineach éile don Adhamh-chlainn libh nó go ndeachainn féin libh, ionnus go madh oirbhearnadh dot h'ineach-sa, agus go madh baoghal dot bheathaidh, agus go madh briseadh dot bhúain-gheasaibh isin uair si é." "Do-bheirim fám préithir fhíor-laóich," ar Fionn, "gurab tusa céd-duine d'Fhíanaibh Éireann dánab éigean toigheacht leam d'fháis nó d'éigean giodh bé huair imghébhadh ar an eachtra ughad, agus fós dá ttugainn maitheamh slúaghaidh nó éirghe amach d'Fhianaibh Éireann uile nach duit-si budh dóich mé dá tabhairt." Iomthúsa Conáin ó 'd-chúalaidh na comhráiti sin ó mhac Cumhaill, rugustar léim leabhair-éadrom lán-lúthmhar agus biodhgadh barramhail bithurlamh, gurab ann ros-oiris eidir Oisín mac Finn agus Osgar mac Oisín, agus tucustair treas trom-aidhbhseach trén-mholta ar Oisín ina fhiadhnuise, agus gabhuis a chomairce im gan é féin do léigean le Fionn ar an eachtra sin. "Ní dhingén-sa comairce dheit," ar Oisín, "agus dá madh mé féin budh airdcheann ar an eachtra so is dearbh go mbérainn thusa leam
d'fháis nó d'éigean, acht munbhudh ro-mhaith h'anacal orm." "Is ro-fhada atá cuimhne, a Oisín, ar easccair
eas chloinne Báoisgne agus chloinne Morna ré chéile," ar Conán: "gé madh mían lat do mholadh nó do mhór-laóidheadh, ní ro-mhaith do tuillfidhe lat é, acht bladh bréige agus áireamh gan fhochonn agus clú fáis dot hoirdhearcughadh." Agus tuc aghaidh ar Osgar ainnséin, agus gabhais a chumairci mur an ccédna. "Nocha dingén-sa cosnamh ná cumairci duit," ar Osgar, "ó nach dearna Osín duit í." "Mac diongbhála dot hathair féin thusa ar mhiosgais agus ar mhór-fhúath," bhar Conán, "agus ní sháoilfinn-si co ndingéntá anacal ná imdheaghail damh pféin nó d'aoneach eile budh mó cairdeas nó caradradh iná mé féin." Téid iar sin go hairm ina raibhe clann eile an rígh-fhéindeadh, .i. Cáoinche Cosgair-dhearg agus Ailbhe Árd-úallach agus Roighne Rosg-leathan, agus gabhais a gcumairce ar an ccur cédna, agus maoidhis orra gurab í inghean aird-rí Éireann a máthair, agus gurab é rígh-fhéindidh iarthair Eórpa a n-athair. Acht cheana do dhiúltsat cumairce Chonáin mur chách. Do labhair Conán la sodhain, agus is eadh ro ráidh: "Cidh beac dá bhur cclú agus dá bhur ccomhthúarusgbháil do chuireabhair go soidhche so, is
lugha sháoilimíd d'áirimh nó d'árd-nós d'fhaghbháil díbh ar an eachtra sa iná ariamh roimpe." Agus gabhais cumairce Fhearghusa File meic Fhinn as a haithle a hucht na héixsi agus na healadhna. "Nocha dingén-sa cumairci dheit," ar Fearghus, "d'aindeóin Fhinn agus na Féine, ór ní hoircheas agus ní himchubhaidh do chloinn faosamh nó fiór-chumairci do dhénamh do neamh-thoil a ttighearna d'áoinneach imá adhbhar fhollus nó fhíor-dhleaghthach." Tucustar Conán imdheargadh úathbhásach agus achmhusán adhbhail-ghéar d'Fhearghus as a haithle sin; agus as eadh ro ráidh nár laoch ar laochdhacht agus nár fhile ar fhilidheacht, gé do thréigeastar ceard a shean agus a shinsir ar an ealadhain nach raibhe aige, agus nár fhoghluim as a thosach. Agus gabhais cumairci Mheic Lughach annsin as a haithle, agus tuc treas adhmolta air go himurcach ina fhiadhnaise féin fair. Diúltais Mac Lughach Conán mur gach n-áon. "Neimh-iongnadh mac millti mallachtach mór-cholach mur thusa dom dhiúltadh-sa, amhlaidh sin," ar Conán, "dóich as é Dáire Dearg mac Finn th'athair agus Lughach, inghean Fhinn, do mháthair, iar tteagmháil dóibh díbh línibh ré-roile iar mór-ól fleidhi i tTeamhair láoch-armaigh Lúachra, iar mbeith ar caoi mheisce agus mhearaighthe, gur toirrcheadh Lughach le Dáiri Dearg don dol sin, go
rucadh thusa don toirrchius sin; agus an mac rucadh amhlaidh sin co coirpthe crosta cláoin-bhreathach, ní hiongnadh gan gníomha gaisgeamhla gnáth-áitheasacha do dhénamh dhó." Téid roimhe mur a raibhe clann Aonchearda Béarra, .i. Glas, Gér agus Gubha, agus gabhais a ffaosomh agus a bhfíor-chumairce. "Nocha dénam-ne cumairce dheit," ar síad. "As cóir agus is cosmhail nár mheath adhbhar mo dhóich agus mo dheagh-shaoileachtain orm," ar Conán, "ór gé táthaoi-si in bhur ccloinn aird-rí Éreann, ní sháoilfinn go ndiongnadh sibh cumairci nó caomh-anacal damh pféin nó d'aoineach eile don Ádhamh-chloinn, gé madh anffann égcrúaidh an-airsidh antí do bheith agá hiarraidh, acht gé do léigeabhair inmhe agus árd-oireachus na hÉireann díbh ar coimhdeacht gan tairbhe gan toradh. Agus más eadh sin uile dob áil libh do dhénamh," ar Conán, "gabhaim-si cumairce intí is treisi agus is tréine ná sibh eadrom féin agus Fionn, .i. cumairce Cháoilte mheic Rónáin, an mac óglaoich is fearr táirill talmhain riamh, chothaighius mnáe agus miondaoine, eisreacha agus abhlóire Fhían Éireann ó Shamhain go Bealltaine gacha bliadhna." "Ná bí-si dom mholadh-sa, a Chonáin, a ccomáoin na cumairce nach saoilim do dhénamh duit," ar Caoilte. "Gé do-radus treas adhmolta ort go hiomurcach it fhiadhnuisi féin, a Chaoilte," ar Conán, "ní cliú
gaisgidh ná gnáth-iorghuili do-chuala gá imrádh ort, acht clú reatha agus rinn-lúais ag imghabháil óg agus ánradh in n-óair áigh, éigin nó anbhforluinn; agus gidh eadh, ní chuala breith ghill duit ar aonneach d'Fhíanaibh Éreann a n-áon tréighibh dhíbh sin féin, gin gur fhoghlumuis acht íad. Agus naisgim-si mh'fháosamh agus mh'híor-chumairce ar Sgéith Bhric mhac Dathchaoin annsúd, .i. deighbhisigh dhéttla dían-láidir in deigh-fhir Finn mheic Cumhaill .i. fear iomchuir a sgéith ria gach sgainnir re cois a fheadhma agus a eangnamha budhdhéin." "Ní ghébh-sa do chumairce chugum," ar Sgiath Breac, "agus is cead leam gan áon-duine eile d'Fhianaibh Éireann dá dhénamh duit." "Ní hingnadh gan tú dá dhénamh," ar Conán, "dóich, ámh, nochan fhuil d'fheidhm ná d'fhoghnamh ort eidir Fhíanaibh Éreann acht iomchur sgéithi Finn amháin, gan coimhniughadh catha nó comhlainn, neirt nó niadhachais eile acht éiséin ina aonar. Agus gabhaim-si cumairce agus comhfhaosamh in churadh ós na curaidhibh agus in laoich ós na laochaibh agus in tréin-fhir óss na tréin-fhearaibh agus an mhíleadh ós na míleadhuibh, .i. Aichil ionntshamhlaidhtheach na hEórpa, Samsón meanmnach mór-aigeantach sleacht Míleadh Easbáine, leómhan gasta gairg-bheódha gníomharthach na nGáoidheal, agus rígh-fhéindidh fíochdha flaitheamhail
na Féine .i. Goll mear míleata mórdhálach móraigeantach mac Morna, .i. mo dhearbhráthair díleas deagh-thairisi budhdhéin." "Ní ghébh-sa do chumairce nó do chádhus chugum," ar Goll, "agus ní d'eagla aon-nduini d'Fhíanaibh Éreann nó d'fhearuibh domhain uile fó-deara dham gan a dhénamh, acht teanga luathlabharthach atá agad agus th'intinn mhisgneach mhírúnach agus do chomhrádh cealgach cosaoideach ag tabhach miosgaisi agus mór-fhuatha dhuit ó gach aon-duine d'fhearuibh Éreann, agus uaim-si féin co háirighthe; agus nochan fhuil áoin-neach eile don Ádhamh-chloinn do-ghébhadh mo chumairci-si nach gcoiseónainn dó hí acht tusa at aonar, a Chonáin." "Éccóir agus ainffios tlacuna orm do chumairce do ghabháil," ar Conán, "agus gan do chuid fochuidbhe nó fanomhaid ná fíor-sgige ag Fienaibh Éreann uile acht do choimhdeacht ar Fionn tar éis inmhe agus ard-fhlaithius
na Féine do bhúain díot, agus gan do chuid do thabhairt dí acht rígh-fhíenaigheacht aon-chóigidh Ól n-Égmhocht amháin d'árd-bhúannacht Éireann uile, fóarais ó Chonn Chéd-chathach iar mór-leadradh Cumhaill a cCath Cnucha, dott chosgar agus dott chaithréim; agus fós adhbhar eile mhéadaigheas do mhí-chonách agus do mhór-ghráin, .i. fáidhe agus fisidh agus fíor-eólaigh Éreann dá tharrngire duit co mór go madh le Fionn agus le clannuibh
Báoisgne do-gébhthar baoghal do bháis agus do bhúan-oighidh, iar bhfaghbháil áraigh agus fhíor-úaigniusa ort a gCarruic Ghuill, agus nach lughaide ataoi-si ag dénamh leasa agus lán-fhoghnomho d'Fhionn agus do chlannuibh Baoisgne na hadhbhair sin. Agus gabhaim-si cumairce Dhiarmada mheic Dhuinn mheic Dhubháin mheic Dhonnchadha d'iarsma ríogh agus ríogh-dhamhna Éreann .i. Diarmaid ó Duibhne annsúd, .i. oide cleas ngoile agus ngaisgidh na nGáoidheal, agus antí nach ruc én-troigh theithmhe roimhe so riamh roimh úathadh ná roimh shochaidhe a n-am áigh nó eangnomha." "Ní bhfuil dá mhéad laoidheadh nó lán-mholadh dá ttabhruir-si orm im fhiadhnuisi féin," ar Diarmuid, "ar a ndingén cumairci nó cáomhchádhus duit d'éis na Féine a n-aoinfheacht dott dhiúltadh, agus da ngébhthá mh'fhaosomh nó mh'fhíorchumairci ar tosach do rachadh go hár én-duine d'Fhíanaibh Éreann it thimcheall résiú do dhiúltfuinn do chumairce do chosnamh." "Dar mo bhréithir, ámh," ar Conán, co fúasoídeach, "acht gé ro mholus go himurcach thú do bhí a fhios agum nach dingéntá cumairce damh, a Dhiarmaid, ó nach do ríoghnaibh ná do ro-mhnáibh Éreann damh, agus dá madh eadh go deimhin nocha ghébhthá leithsgél nó lán-turbhaidh rium-sa im chumairce nó im chomhfháosomh do dhénamh damh, úair go deimhin as é clú is comhthúarusgbhálaighe, is treisi agus is trom-aidhbhsighe do
thuillis roimhe so ríamh clú agus comhoirrdhearcus suirghe agus sibhionraidh re hainnribh agus re hingheanaibh Éreann." Téid roimhe a sidhéin go hairm a mbuí Coirioll cédach cath-bhuadhach ó Conbhróin, agus ros-labhair go faoilidh fíor-fhoisdineach fris, agus is eadh ro ráidh: "Is amhlaidh so ro ordaigheadar na hughdair agus ro chumadar na caoimh-fhileadha agus ro dhealbhadar na deigh-eólaigh agus ro tharrngir na fáidhe, .i. "gach trén go talmhain agus gach teas go teine agus gach gloine go gréin agus gach áirde go háer agus gach ro-éigean go rígh." Tusa, immorra, is rí agus is ro-thighearna d'Fhíenaibh Éreann in tan téid Fionn a ccríochaibh eidir-chíana eachtrann, agus is tú fhágbhus ina ionadh go teacht dó dá eachtra agus dá imtheacht, agus fós is tú tighearna amhus agus ógláoch, giolla agus gasraidhe, ban agus macáomh, ollamhan agus árd-éigeas Fhian Éireann gacha bliadhna ar bhélaibh chloinni barramhla Baoisgne; agus ar na hadhbharaibh sin dlighidh tú th'fháosomh agus h'fhíor-chumairce do chosnamh seach gach n-áon d'Fhianaibh Éreann." "Ní ghabhuim-se do chumairce chugum," ar Coirioll, "ó ro dhiúltadar úaisli agus árd-mhaithe Éreann a dénamh duit." "Dar ar cubhais, ámh," ar Conán, "ní raibhe mo dhóich ná mo dheagh-sháoileachtain asat, a Choirill, ór as dóich mheatachta agus mháoth-ógláchais
do bhí agum asad, gé do mholus go hiomurcach thú, uair do hoirneadh fá dhó roimhe so thú a ffianaidheacht, agus ní raibhe acht ríoghacht Chinn Bhíorraide ar chlannuibh Rudhraighe isin ríghe sin, gan do shúil re a teachtadh nó re' teannghabháil acht ar feadh tosga nó turuis Fhinn feisin." Cidh tráth acht, ní raibhe ó tháoiseach naonmhair dhon Fhéin go taoiseach thrí ccéd nó cheithre ccéd neach nár ghabh Conán cumairce aige, agus nochar aontaigh aon aca a chumairce do dhiongmháil. "Más eadh, rachat féin libh," ar Conán, "ós éigean damh é, agus nach éittir righe ná ro-imreasain ré haird-rígh eitir; acht cheana budh doghrainge agus budh doilghe dhao
bh-si mo dhul-sa libh don dul sa iná mh'fhuireach, re a ndingén d'ionnlach agus d'eadar-chosaoidhibh eattraibh." "Ní bhfuil acht días d'uireasbhaidh ar mo dhá nónmhar budhdheasda, agus ní bhfuil a fhios nach bhfuighinn an dias sin féin," ar Finn, "résiú do imeóchainn faran eachtra, agus nocha mbér don Fhéin leam ann acht ar gheall annsúd dol leam, ór fúicfead ag coimhéad chúan agus chaladhphort na hÉreann íad." "Má táoi ag gabháil fá imtheacht," ar Conán, "ad-chím, immorra, uireasbhaidh imurcach ort nach mothaighe féin agus nach ttabhra dot h'úidh ná ttot h'aire isin tan sa, .i. gan aird-rí do fhágbháil it h'ioinadh ar an bhFéin, ór ó't-chluinfidhthear
tusa, a Fhinn, agus an chuid si do roighnibh na Féine do imtheacht ar áon-rían a hÉirinn, éireóchaid cúig cúigidh Éreann a n-aghaidh na codach eile dhíobh do dhíoghail a n-éccraidhe agus a n-aindlighidh farro." "Ní hamhlaidh sin bhías," ar Fionn, "ór fúicfead-sa áird-rí im ionadh féin ar in bhFéin, .i. Caireall cédach cath-bhúadhach ó Conbhróin agus fúicfidh aithne ag Cormac mac Airt mheic Cuinn Chéd-chathaigh, .i. áird-rí Éreann, gach onóir agus gach airmhidin dá bhfuair misi agus fear mh'ionaidh riamh úadha san sin do thabhairt do Chairioll agus dá gach aon dá n-anfa imur áon ris go teacht dam-sa día soighin." Is annsin ro éirgheadar an Fhian éirghe athlamh áoin-fhir a háon-chomhairle eidir rígh agus ríghthaoiseach, eidir churaidh agus chaithmhílidh, eidir ollamh agus eistreacht, eittir eólach agus fhíor-thosccuire im an áird-rí im Fhionn. Ro shindid a stoic agus a storgáin agus a n-adharca áigh agus a gcuisleanna comharc, agus níor fhanadar don réim nó don ruathar roi-reatha sin nó go rángadar gan fhúaradh, gan oiriseamh go hAlmhain leathain-mhóir Laighean. Ní cían ro bhádar ann far faithche na hAlmhaine in tan it-chonncadar chuca farsan ffaithche go fír-éadrom in t-óglaoch nóeidhe neamh-arrsaidh fa coímhe do churaidhibh agus fa mó do mhíleadhuibh
agus fa háilne d'fhearaibh co n-innshamhail aird-rí, co ttoichim tréin-fhir agus co bhfraoch feadhma, agus fírghaisgidh, co mbeirt churadh agus chaith-mhíleadh. Táinic a ffíadhnuise Fhinn as a haithle, agus beannachais co fáoilidh foisteanach fíor-shuilbhir dhó. Fearais Fionn fáilte co connail carrthanach cairdeamhail fris, agus aithnighis gan fhuireach é, .i. Labhra lámh-fhada mac Taidhg mheic Núadhad, .i. dearbhráthair máthar Finn feisin, in fear sin. Ro fhiarfaigh Fionn sgéla co deithfireach dhe iar
do láthair dhó. "Ní fhuilid sgéla núaidhe neamh-ghnáthacha agum, a ard-fhlaith," ar sé, "acht aon-ní: mur do chúala éigean agus anfforlann eachtra imchéine an-fhada it chionn-sa, a ard-fhlaith, tánac féin do chongnamh agus do chuidiúghadh leat isin tan sa." "Caidhe do chabhair nó do chongnamh nó do chuidiúghadh dhúinn in ionbhaidh si, a Labhra lámh-fhada?" ar Fionn. "Budh maith sin," bhar Labhra, ".i. bhur n-aos cneadh agus crécht agus bhur n-aos othar agus bhur n-óig ath-gháoith biodhoid sleamhan sláin-chréchtach leam-sa ar maidin gan áladh, gan fhoirdheargadh, iad, ór na losa soineamhla sídhe agus na cumhgaisidhe cumhachtacha comhshlána ré ttabhraid Tuatha Dé Danann taobh agus tul-aire - beatha agus buan-tshláinte a n-anmanna-séin - bíaid agum-sa re bhur n-aghaidh-si, dá bhur leigheas agus dá bhur
leasughadh d'éis chatha nó chomhlainn nó chomhraic." Rugadar as ar an ordughadh sin an oidhche sin ríasan mór-thóraigheacht sin Thaisi Táoibh-ghile, inghean rígh Thíre na nIongnamh, ag imrádh agus ag imagallamh na heachtra imchéine imfhoda báoi ina cionn, ag breith a rroghan arm agus earradh agus éideadh agus iol-fhaobhair leó uile ar-cheana. Ro éirghíodar uile a mocha na maidne muiche arna mhárach, agus ro ghabhsat lámh ar imtheacht as a haithle go hurlamh. Is annsin ro hoirneadh agus ro honóraigheadh Caireall ó Conbhróin a n-ionadh Finn a fflaitheas na Féine. Do radadh, immorra, in Bhreac-bhárc, .i. lung Fhinn mheic Cumhaill ó bhun na Bóinne go Beinn Édair ina n-ur-chomhair: gach ré cclár inte do dhearg-iobhur dhath-áluinn agus do dharaigh dhubh-dhuinn isin deaghluing dhian-cheangailte sin, agus nuibhir aidhbhseach adhbhal-mhór dho chlochaibh criostail agus cairrmhogail agus do leagaibh lán-mhaiseacha lóghmharra iarna n-iol-eagar inte; le seóladh súaicheanta sáor agus le coemh-oific chuanna cheard agus le hinntleachtuibh ughdar agus ard-ollamhan ro comadh agus ro cáoimh-dhealbhadh an chóeimh-cheard sin, conadh airi-sin ro lean an Bhreac-bhárc d'ainm dhí ó bhreachtradh agus ó bhreic-dhealbhadh na
clár cúanna coemh-álainn agus
ngeam gcoemh
gcairrmhogail ré chéile. Buaidh n-eachtra n-imtheachta uirri-séin ar gach toisg agus ar gach turus ar a ttéigheadh. Ro líonadh agus ro leasaigheadh an laoidheang leó go lán-athlamh do ghléire arm agus earradh agus éideadh agus iol-fháobhar agus chinél gacha haidhme imá rángus a leas a chur inte, a n-oirchill agus a n-ur-chomhair na heachtra sin. Téid Finn iar sin co Teamhraigh, agus dream dheagh-laoch do mhaithibh na Féine ina fhochair, do cheileabhradh do Chormac mac Airt agus do na cóigeadhachaibh a gcoitchinne. Agus tharladar maithe Éreann a n-aonach agus a n-árd-oireachtus im Chormac in tan sin ar faithche na Teamhrach, agus smacht-chána sídhamhla sochra na hÉreann agá n-ordughadh agus agá ndaingean-chongmháil ina uirthimcheall. Do réidhigheadh conair chobhsaidh chóeimhríogha d'Fhionn agus dá Fhéin go hairm a mboí in t-aird-rí. Ro éirigh Cormac in
ccoinne agus ina ccomhdháil, agus do thoirbhir do phógaibh miochra mór-ghradhacha muintearrdha, agus fíedhuibhis go fír-onórach ina fhiadhnuise as a haithle é. Fochtais an rígh sgéla de ina dheaghaidh sin. Ro innis Fionn, immorra, a éigean agus a anfforlann ó thús co deireadh dhó, agus adhbhar a gheas agus a ghnáth-airmeart. Ba hégcaointeach aithmhélach an t-aird-rí im na sgélaibh sin do chuala ón árdfhlaith,
ó Fhionn, agus gabhais agá n-égcáoine go hadhbhal. Dála in rígh, immorra, do ráidh go ccuirfeadh congnamh sluagh agus sochaidheadh le Finn dochum na tosga sin. Agus adubhairt Finn nach béradh aoin-neach leis ar an eachtra sin acht na hocht bhfir dhég do iomráidhimar romhainn, agus do ráidh fós dá mbeith ar a chumus féin go mbéradh buidhne bailce bríghmhara agus curaidh chliste choimhdheasa agus laochradha lonna láin-bheódha do láthair leis, agus nár fhéd do bhreith ina choimhdeacht ná ina chomhlúadar acht an dá nónmhar neartmhara nós-oirdhearca, gan áoinfhear d'iomurcaigh ná d'uireasbhaidh orra. "Cía fhágbhair it h'ionadh féin a n-aird-ríghe na Féine, ó tharla a roighni ag dol leat mur sin?" ar Cormac. "Coirioll cédach cath-bhúadhach ó Conbhróin," ar Fionn, "is dá aithne dhíot-sa tánag go Teamhraigh don turus-
a agus d'aithne na Féine mur áon ris, agus dá rádha riot-sa fós gach airmhidin agus gach onóir dá ttug tusa agus th'athair romhad damh-sa a ionnshamhail sin do thabhairt do Chairioll, agus a thabhach dhó ar gach aird eile d'Éirinn nó go ttíosad-sa tar mh'ais do ridhisi." "As cubhais damh-sa," ar Cormac, "go ndingén-sa gach maith bhus imchubhaidh do dhénamh dhóibh agus do Chairioll go háirighthe, agus nach bearnfad
a ríghe iná i rro-chumhachta impa nó im Chairioll, agus muna ttucar bárr maitheasa nó mór-inmhe dhóibh ina cheann go teacht daoibh-si día rochtain." Tuc Fionn lámh Chormaic a láimh Chairill re gach connradh dhár chanamar do chomhall gan chonntabhairt. Agus do bhean Fionn gealladh as cóigeadhachaibh Éireann im gach maith dá ndiongnadís dó féin a macasamhla do dhénamh do Chairioll agus dá Fhéin nó go ttíseadh féin díae rochtain do-ridhisi. Agus ro fhágaibh ar an ordughadh sin íad díbh líonibh. Dála Fhinn agus a shé bhfear ndég ro bhádar imur aon ris: do cheileabhradar do Chormac, don Fhéin agus do Chairioll tar chách agus d'fhearuibh Éireann go himlán, agus fágbhaid iomchomharc beatha agus sláinte ag na sluaghuibh go sunnradhach, agus do gheall Fionn dóibh go ttiucfadh tar a ais úair éigin fá cheann mbliadhna dá mbeith ina bheathaidh. Acht atá ní cheana, fá dubhach dobrónach agus himshníomhach égcáointeach éixi, ollamhain, banntracht agus ban-chuire, úaisle agus ard-mhaithe Éireann i ndeaghaidh na cuideachta cródha curata coimhfhíochdha agus na buighne bailce bríghmhaire buan-neartmhaire sin, agus gan a dhearbh nó a dheimhin aca a ttoigheacht tar a n-ais dá n-eachtra arís. Rángadar rompa don réim sin go Beinn Éadair
mheic Édgháoith in fhéindheadha.
A mbádar ann íar sin go bhfacadar chuca isin chonair óglóech fír-áluinn forffaoilidh co-n-éccosc aird-rígh, go mór-mhéid mhílidh, go bhforghnúis fflatha. Ba coemh, thrá, toichim agus túaruscbháil an óglaoích sin: léine shreabhnaidhe shróill a ccustal a choeimh-chnis, ionar asnadhach ór-shnáith cona chnipeadhaibh dísle deilighthe dearrsgaighthe dearg-óir fríe hiadhadh agus fríe hoslugadh isin ionar sin, brat corcratharach cóig-dhiabhail ime, nach feas cá miotal do mhiotalaibh in domhuin dia ndearnadh an deigh-éideadh sin, cona dhealg óir ór-loiscthe isin mbrat ós a bhruinne, agus fleasg dh'airgead aoin-gheal aithgheal imá fholt, ar nach díen-sgáoileadh in gháoth an folt dúalach druimneach dath-álainn baoí tré chléithi a chinn chais chruthaigh cháomh-álainn, cloidheamh ór-dhuirn intaláis a n-árd-ghabháil ghaisgidh for a chliú chneas-gheal choemh-álainn chruthach, as álainn iolbhuadhach órdhaidhe uime, agus an chos chruthach chéim-athlamh no thógbhadh ó lár is impi no theagmhadh an t-as. Táinig d'ionnsaighe Fhinn co fír-aibéil agus na Féine co fíor-amhnus forffaoilidh, et beannighis go búadh-nósach dhóibh agus d'Fhinn go háirighthe.
Freagrais Fionn an beannughadh sin agus fochtais sgéla dhe, cia hé féin, nó cáit as a ttáinic. "Aonghus óg mac an Dagha mheic Ealathain mheic Dhealbhaoidhi mheic Néid mheic Inaoi misi," ar sé, "agus do-chuala imshníomh agus éigin adhbhalmhór do bheith ort-sa 'mun am sa agus tánag féin do chuidiughadh agus do chongnamh lat, agus do chosg an chéd-ghábhaidh theigébhus chugad dhíot." "Is maith leam sin," ar Finn, "más amhlaidh thángois, agus do-chím go bhfuilid dá naonmhar imshlána agum bhúdheasta, uair do bhí fear d'uireasbhaidh orum romhad-sa, agus is dóchaide búaidh agus búan-chosgar do bhreith dhamh ar an eachtra sa thusa do thoigheacht leam." "Is dóchaide go deimhin," ar Aonghus, "uair cidh bé céd-ghábhadh theigébhus duit dingébhad-sa dhíot é." Is ann sin rángadar rompa gusin caladh réidh ro-fhairsing ina raibhe an long, .i. an Bhreac-bhárc bhúadh-thosgach bhúan-urlamh, agus do-chuadar innte ar uair shéin agus sholaimh, gur ghabh gach áon aca a ionadh áirighthe, a fheidhm urdhálta isin loing luchtmhair leabhair-dhaingin sin; agus ro shuidh Finn feisin i ccuirr ghasda dheiridh na báirce beann-chuirre bith-áirde sin, agus ro ghabhustar stíom na stiúire sdátmhaire sin imá bhrághaid, agus ro bhuí ag furáileamh agus ag fíor-aslach for na Fien-laochaibh in long do lúamhaireacht agus do lán-arthrachadh
ón chaladh; agus ad-bheart an laoi so síos and:
"Seólaidh dhúinn ón inbhear-sa, ó inbhear Bhenne hÉdair, cidh hamhgar in t-imtheacht-sa gan a dhénamh ní héidir. Imtheacht cidh nach toigérainn do thóir ar an mnaoí méir-sheing, mo gheasa ní choimhéllainn dá mbéinn dá oidhche i nÉirinn. In ainnir gheal ghruadh-chorcra, munum cuireadh fá gheasaibh, re ro-mhéd ar ngúasachta nocha rachainn 'na deaghaidh. Ní raibhe ar tuinn talmhan-sa a comhghrádhach linn uile, aniugh cé beag n-annsachta, mór n-égnach againn uirre. Ar meanma fa ró-choimseach ar tteacht don mhnaoí go maisi, gé tám aniúgh ró-thuirseach ar n-imtheacht úainn do Thaisi.
Cúl re moighibh mín-sheanga caithfid uile bhur n-eólaigh; ar dhromchla na dílinne ucht na seirrghinne seólaidh." Seólaidh.
A haithle na laoidhe sin ro sguchsat ó oirearuibh agus ó imlibh na críche i cédóir, agus do thógbhadar an bréid snasda snáith-righin siúil a mullach a chroinn réidh róireamhair, agus ro léigseat a llán féin don ghaoíth ghailfigh ghlan-utmhaill i mbolgán in bhréide so-fhairgsionaigh siúil. Ro sgúab gaoth agus ro imluaghail anfadh an fhoireand sin ar dhromchladhaibh doirbhe dí-chumhga dásachtacha na dílionn, agus tar an lear linn-fhúar dhaingean leathanghlas lán-aidhbhseach, agus tar an mothar mhúichneach mhuiridhe mhurrdhúchanda, agus tar an aibhéis n-eochair-ghuirm n-atmhair n-úathmhair n-ilphiastaigh, agus tar srothaibh siorthacha searbha siubhlacha slios-gharbha síor-lúatha na sruthmhara, agus tar froidhthibh fúara frith-chasa fliuchghainmhighe, agus tar na colbhadhuibh cáinteacha crith-lúaimhneacha cuip-gheala, agus tar na hárdchnocuibh aidhbhle osgarrdha imeal-fhliucha atmhara an-aidhbhseacha, conách ccúaladar ní ar bioth ina bharamhail dó acht madh nuall mhór mhúichneach mheasgaighthe na murdhúchonn, agus gotha gáibhtheacha gáireachtacha na n-én ccorrach
ccrith-lúaimhneach ccoimhghearánach, agus foghar mór-ghothach mear-utmhall na mara ina móirthimchioll. Is ann sin ro fhíafraigh Osgar mac Oisín d'Fhinn agus do mhaithibh na Féine cá tír nó cá talamh ina rachdís ar tosach do chur a ccéd-chuarta. "Cá háit ina rachmís," ar Finn, "acht go hInis Tile, ós innte atá ceann ar ttosga agus ar tturais?" "Ní hí sin comhairle ná coimhtheagasg do-bhérainn-si dhaoibh," ar Osgar, "acht dol d'ionnsaighe chríchi na hIorúaidhe d'íarraidh na n-arm agus na n-iolfhaobhar dá ffuil i ndán agus a bhfiodhair agus a bhfáisdine do rígh Innsi Tile tuitim go trochamhail tubaisteach trom-anbhfann, agus do bhreith buadha agus búan-chosgair na críche go coitchionn; ór dá mbúadhaighthear libh ar rígh na hIorúaidhe, agus na hairm shénta sho-mhaiseacha úd do bhúain de, is so-aitheana dhíbh, imorra, go mbúadhóchar bhar tturais agus bhar ttréin-eachtra libh ó sin amach; agus dá madh go hInis Tile ar tosach no raghthaoí, ré ndol d'ionnsaighe na hIorúaidhe, as cinnte daoibh nach críochnóchar bhar n-eachtra nó bhar n-árd-thurus libh, úair bíaidh congnamh agus coimhéirghi na dhá ríoghachta sin a n-aóinfheacht in bhar n-aghaidh, muna ndingéntaói a n-abraim-si, dóigh is ar a dhol go soiche an Íorúaidh ar tosach atá cinneadh agus críochnughadh bhur ccomhthosga."
"Is maith in chomhairle sin, a Osgair," ar Aonghus airm-nimhneach mac an Dagha agus ar Labhra Lámh-fhada mac Taidhg mheic Núadhat, "agus do-bhérmís-ne an chomhairle sin díbh muna bheith a lúas tucais-
i úaid í, a Osgair." "As olc an chomhairle sin," ar Conán mírésúnta mac Morna, "agus nár léigid déi neartchoimseacha nua-ghlana nimhe comhairle ar líth nó ar leas don lucht isa chomhairle í; acht amháin, cidh bé dhíbh súd tír nó trom-thalamh is táosga in saoilfeam bás agus bith-oigheadh d'fhagháil is inte ragham ar tosach, uair go deimhin ní haoineach aguinn agá bhfuil súil nó saóileachtain tilleadh tar a ais ón eachtra so go bráth. Agus is cuma dúinn cáit ina bhfuigheam ar n-oigheadh, agus dob urusa dhamh pféin bás d'fhoghbháil a n-Érinn, dáigh is iomdha agus is iolarrdha dom lucht faladh agus fíor-easgcairdis inte, agus gan teacht d'fhoghbháil bháis a gcríochuibh cíana comhaightheacha in domhain mhóir, d'iarraidh mná don tí agá bhfuil coill óghachta agus áontomha ingheanraidhe na hÉireann a n-aoíneacht ar a ordughadh agus ar a fhuráileamh." Ro thibheastair in Fhían a ngean gáire agus gnáth-shuilbhireachta a gcoimhnéineacht im Chonán. Acht cheana, is ar comhairle Osgair ro anadar uile. Ro sheóladar rompa iar sin seóladh cáocáoisi ar mhís, maille re mór-gháibhthibh, conach ffacadar iath nó innsi no oilén uatha re headh na haimsire sin, acht madh clár úaine ainfeanach imdhomhain
na fairge falcmhaire fíor-dhoimhne ag at agus ag éirghe ina n-uirthimcheall. As a haithle sin, agus iar ccaitheamh na haimsire sin agus iarna coimhlínadh dóibh díbh líonaibh, at-chonncadar taobh críche ina ccomhghaire. Agus tucsat frais-ghlés fearrdha fearamhail fír-árrachta agus bann athlamh ainndreannda urmhuisneach imramha ar an mBreac-bháirc go bioth-neartmhar d'ionnsaighe an chúain a cédóir, go ttucsat leithad a taóibh can turbhró don trácht gheal-ard ghainmhidhe agus don chúan chuip-gheal chubharbhán don chaomh-luing. At-bheart Aonghus gurbh í críoch na hIrúaidhe, .i. an tír ro-bhaói-séin d'íarraidh agus d'fhiosraidhe go ttrásta buí ann. Ro ghabh fáilteachus Fionn agus an Fhían im na háitheascaibh sin Aonghusa ó 't-chúaladar gurbh í críoch na hIoruaidhe céidtír ina ttárla íad iar ttoirisiomh. Dóich, ámh, ba maith léo sgís agus meirtean na mór-mhara do dhíchur dhíobh inte, nó go ttíosadh ionbhaidh deabhtha agus díbheirge dhóibh. Is ann sin ro éirghiodar in drong nósmhar neart-choimhneach don Fhéin dochum in chalaidh, .i. Roighne Roisg-leathan agus Caoinche Corcuir-dhearg agus Ailbhe Ard-úallach, Osgar mac Oisín, Diarmuid ó Duibhne agus Mac Lughach láimh-échtach, Caoilte mac Cronnchon mheic Rónáin, agus Sgíath Breac mac Dathchaoin, agus Labhra Lámh-fhada mac Taidhg mheic Núadhat; et rángadar go himlibh na críche
a cédóir; agus tucsat fó ghion ga agus claidhimh gach neach ara rucsat inte eidir mhnaoí agus fear, go ttucsat troim-néll teineadh agus teannála tarsan tír go tinneasnach gach conair no chéimnighdís; agus tucsat airgne agus édála adhbhal-mhóra léo, agus leath ar lamhadh búain riú nó soighin furra, nó go ttángadar go cosgrach cath-mhaoidhmheach coinghleacach dochum in chalaidh ina raibhe a long, cona lán-édála léo. Rángadar as in aghaigh sin go luinneach lán-shuilbhir, agá shúr agus agá sgrúdadh ina meanmain cionnus do-dhéndaóis imdhála in tíre ina ttángadar. Go heidirdhealughadh na maidne muiche mochshoillsi arna mhárach farna himráitibh sin dáibh. "Curthar feassa agus teachta agus taighleóiridhe úainn go rígh na hIoruaidhe," ar Fionn, "d'iarraidh na n-arm n-ádhmhar neart-choimseach nimhe atá aige fair do chomhaigh as a chrích agus as a choimhfhearann, sul do-ghéntar díth dhó ní bhús mó iná a ndearnadh." "Cia rachus risin teachtaireacht sin, a rígh-fhéindidh?" ar siad. "Mo mhac-sa féin," ar Fionn, ".i. Fearghus Fín-bhél an file sunn, agus is dóich go bhfuighe na hairm." "As urus a aith
e ar sin gur a n-aisgidh nó a n-athchuinghidh dob áil leat na hairm d'fhagháil ó rígh na hIoruaidhe," bhar Conán, "ó ataoí ag
cur fhileadh agus fhíor-dhuine ealadhan dá n-íarraidh gan chath gan chrádh nó a los chatha nó chomhlainn nó ar fheadhmannuibh fear-ghluinn. Agus cionnus dob áil libh a bhfagháil acht mur sin? Agus gé mór bhur mí-chétfaidh orm-sa do ghnáth do bhí a fhios agum go rachadh sibh a muinghín athchuingheadh bhur ffileadh fó dheireadh." "Cia hoile do budh áil leat-sa dá n-iarraidh, a Chonáin?" bhar Fionn. "Misi féin rachus dá n-iarraidh," air Conán, "agus muna bhfaghar íad go haibéil deargfat mo lámh féin far ánradhaibh ríesiú tiucfat tar mh'ais di-ridhis, agus do-bhéarad Fearghus file leam d'fhiedhain ar gach adhbhar dhíbh sin, agus is mé is córa agus is cosmhaile dhíbh-si do chur ann, uair dá marbhtar mé, is mé is lugha d'écht agus d'uireasbhaidh agaibh-si, agus dá ndearnar écht nó aird-iorghail is oraibh-si a bhladh agus a bhúan-oirdhearcus." "Deónaighmíd sin féin," ar cách uile. Ro éirigh Fearghus File la sodhain, agus gabhais a earradh áigh iomghona uime, eittir chutún agus chathbharr agus choémh-lúirigh agus a arm agus a éideadh uile ar-cheana, agus gabhuis a thuidhnigh éixamhail fileadh agus ollamhan do shó-mhaisi a earraidh, ar a uachtar-sén, uime. Is ann sin ro éirghiustar an caithmhílidh cédfadhach coinghleacach, .i. Conán máol mac Morna, agus gabhais a chathbheirt chatha agus chomhlainn uime far a chaomh-chorp, .i. a léne shreabhnaidhe shnáthchóel
shíor-édrocht agus a chotún corr-chúanna córtharach cadás-ghlan, agus a lúireach leabhar lán-righin lucht-fhairsing agus a sgabal dlúth-mháilleach díen-mhaiseach deagh-fhulaing don choimhchinél chédna; agus ro ghabh a chathbharr catad cóemh-sholus crúaidh-íaroinn imá cheann, agus a cholg dúaibhseach dubh-ghorm dlúith-aigmhéil ar a cháoin-shlíasaid chomhathloimh chlí go curata cáomh-thogarthach, a dhá chraoisigh cheinn-ghéra chrithreacha chrécht-aidhbhle go deagh-ghreamaighthe ina dheas-láimh, agus glúaisis co lúthmhar lúath-aigeantach láin-ésgaidh don láthair sin ón laochraidh go léidmheach, agus Fearghus File co frichnamhach fiodhrata ina fharradh. Maith an tí asa thuarus
bháil buí ann sin, .i. Conán mac Morna, óair fa hésidhein an t-umhal fhaidhittneach do chairdibh agus an t-anumhal ainsheargach d'easgcáirdibh agus an fial fosaidh fíorshuilbhir re fileadhaibh, .i. an tí nár dhiúlt aoínneach don Ádhamhchlóinn im aisgidh nó im athchuinghidh dá dhoirbhe ná dá dhocamhla dá n-íarrfaidhe fair, mur gach n-áon dá úaisle agus dá onóraighe d'Fhíenaibh Éireann; agus fós an tí ag nach raibhe tuilleamh buidhe re beathaidh fria haoineach ar druim dhomhain, dá mhéid d'inmhi nó d'édáil do-ghébhadh, muna budh caraid chomhghaoil nó fhíalghus fíor-thairis dhó budhdhesin; intí, imorra, agá mbuí teanga gacha tíre gan turbhró, agus oileamhain gacha hoiléin gan uireasbhaidh,
agus eólus aircheadail agus aird-ealadhan a n-aoineacht gan friochnamh gan ro-shaothar, amhail fa bés bunaidh do gach árd-taoíseach nónmhair isin aimsir sin, agus fós ina raibhe neart céd a lláthair chatha agus chomhlainn, agus ar nach feas locht ná láin-ainimh a ttréidhibh ar tuinn talmhan, acht namá a theanga luath labharthach láinmhillte féin, ag meath agus ag milleadh agus ag mór-mhúchadh a mhaitheasa seach cách. Iomthúsa Chonáin, imorra, ráinic-séin roimhe, agus Fearghus file imur áon ris, tar athghoirid gacha heólusa agus tar coimhréidhe gacha conuire, nó go ráinic gan anadh gan oirisiomh go dúnadh rígh na hIoruaidhe. Agus fuair sé an rígh a n-áonach agus a n-árd-oireachtus, go maithibh a mhuintire agus a mhór-theaghlaigh ina uirthimcheall, ag teacht tar a ndearnsat an Fhían d'olc agus d'inghreim orra an lá roimhe sin. Do-chonncadar an días sin díe soighin, agus íad iongnadh anaithnidh éxamhalta ainíarrdha neartmhar naimhdeamhail níeth-mheiscneach ag toigheacht gan toirisiomh dochum na dála go deagh-thapaidh. Do réighigheadh conuir chobhsaidh choimhréidh agus bóthar bruach-thirim agus ionadh imtheachta ina n-oirchill co hairm ina raibhe in rígh. Dála Fhearghuis Fhile, imorra, ro imthigh-séin co fáthach fír-innill friochnomhach, agus go féigh fuireachair fíor-árrachta dochum na conuire do comhfholmhaigheadh
fóna ccomhair co pubaill an rígh co ro-shuilbhir, agus do-rinne comhairthe umhla agus uruma don aird-rí as a haithle. Fiadhuidhis in rígh go ro-onórach an t-árd-ollamh ina fhiadhnuisi. Dála Chonáin, imorra, in áit fa líonmhaire an laochraidh agus fa truime in teaghlach agus fa haidhbhle na hoireachta, is ann ro ghabhustar-séin, gur imghidh go haindreanda ar ochtaibh óglách agus ar dhromannibh daigh-fhear agus ar ghúaillibh gaisgeadhach agus ar chaomh-chorpaibh curadh agus cathmhíleadh, nó go ráinic gan anadh
oirisiomh co hairm ina raibhe rígh na hIoruaidhe. Agus ar rochtain dó ann ní dhearna comhartha umhla ná uruma as a haithle. Is ann sin ro fhás airm-ghrioth adhbhol-mhór agus cumhsgughadh meanman agus mór-aigeanta isna míleadhuibh iman ní neamh-ghnáthach sin nach ffacadar a ionnshamhail ríamh roimhe, agus ro iongantaighseat ime go hadhbhal-mhór, agus ro shamhlaigheadar éirghe a n-aoinfheacht dá ionnsaighe dá mharbhadh agus dá mhudhughadh, muna bheith eagla agus urúamhan in rígh orra. Fíerfaighis an rígh sgéla do Chonán, .i. caidhe é féin agus cá tíre as a ttáinic, nó cá háit a mboí ceann a thosga nó a thuruis, agus ciodh im nach dearna umhla nó onórughadh ar tteacht do láthair dhó. "Conán mac Morna mh'ainm-si," ar sé, ".i. fear mí-fhocail agus mór-urlabhra agus mear-tháisg Fhían Éreann, do mhuintir Fhinn mheic Cumhaill, a
híerthar na hEórpa agus a ffearannuibh na ffuineadhach ffíor-árrachta mé; et is friot-sa atá mo thoisg agus mo throm-ghnóthaighe, agus dá ffaghar an toisc agus an turus lé ttánac is urusa leam a ndearnus do dhroch-oiliomhain agus do dhoi-bhésaibh do leigheas agus do lán-leasughadh ribh-si, agus muna ffaghar sin, imorra, do-bheirim fóm bréithir fhíor-laoích nach bíaidh coimhne ná comhaireamh aguibh-si ar anumhla nó ar easonóir dá ffúarabhair a ffochair a ffuighbhíthi ó sonn amach." "Créd an toisc nó an turus ré ttángabhair in tan sa?" bhar in rígh. "Ní hannsa," ar Conán, ".i. Fionn mac Cumhaill táinic don chrích si, dá nóenmhar féindeadh fíor-árrachta d'úaislibh agus d'ard-mhaithibh Fhían Éireann, d'íarraidh na n-arm n-adhbhal neartaigmhéil nimhe filead agad-sa do-rinneadh do rígh Inse Tile, dá bhfuil a ndán dó féin bás bith-chinnte agus bith-urlamh anabaidh d'fhagháil, do chomhaidh agus do cheannach as t'íeth agus as t'uile-fhearonn agus as t'ard-mhaitheas ar-cheana; agus issé do chuir misi d'fhagháil na n-arm sin, agus dá ffaghar íad béd ar son a ffaghála, agus coisgfeat m'fhíoch agus m'fhúathmhaireacht dhaoíbh ina dheaghaidh sin." "Dar linne, nocha leas-ainm duit-si fear díen-áithisc agus droch-urlabhra na Féine," ar in rígh agus ar cách go coitcheann d'áitheasg agus d'uradhall áoin-fhir, "agus ní híad Fíena Éreann amháin, acht
fear droch-áithisg agus díen-uradhaill ffear ndomhuin uile." "Ciodh im nár léigis don fhilidh a uradhall agus a árd-chúis féin do chantain ar tús?" ar an rígh. "Maith a adhbhar agum," ar Conán, ".i. dá madh é áera an fhileadh do-dhéntá-sa im na harmuibh nach diongnadh sé díoghbháil nó díen-mhasla duit-si, acht a innisin dá thighearna, agus dá n-érthaidhe mise impa, con ndingén lóach na n-arm do dhíoghaltus oraibh-si siú rachad tar mh'ais; agus fós, ní oile, gurab fhearr leam bladh agus búan-chlú a ffaghála orm féin ag Fíenaibh Éreann nó ar fhilidh nó ar fhear dána, d'eagla co n-aibeóradh oeinneach agaibh-si gurab a n-aisgidh nó a n-athchuinnghe d'fhilidh nó d'fhear dána do-bérthaoi iad, agus nach dúinne nó dár n-eagla." "Máseadh, ní thibhar-sa sin óaim," ar an rígh, "agus dá madh leam inmhe nó oireachus na cruinne co comhthrom, as tóesga thoirbhéruinn sin uile a n-aoínfheacht úaim iná do-bhéruinn na hairm sin, dá bhfuil a ndán do ma dhalta bás agus bith-oigheadh d'fhaghbháil, a n-aisgidh nó a n-athchuinnghidh. Agus ní tugadh dh'onóir nó dh'airmhidin d'aonduine ríemh romhad-sa onóir budh aidhbhle iná gan do thuitim it anghlór agus it anuradhall; agus fágaibh mo thír agus mo thalamh go tinneasnach, nó do-ghébhair h'oigheadh agus th'athchuma gan chonntabhairt." Ó 't-chúala Conán na comhráiti sin impáis
easgcáoine a sgéith co so-fhairgsionach ris na sluaghuibh, agus iarrais comhrac aoinfhir ar na hógaibh go hathlamh. Ro éirgheadar céd ánradh infheadhma a n-áoinfheacht ina aghaidh d'aithfe a anghlóir agus a uraghaill fair. "Léigidh as itir, a óga," ar an rí, "ní thiubhram-ne ar n-eineach nó ar n-ard-nós ar aba anma áon-duini, gé madh aird-rí fursan uile dhomhan é, agus dámhthar fír fhear agus comhlann cudruma dhó co ttáothadh-sain libh-si nó go ttaothaidhi-si laisiomh." "Is ann sin ro éirigh mílidh mór-chalma dá n-ánradhuibh-san do mhuintir na hIoruaidhe do dhíoghail a bhorb-ghlóir far Conán, agus dá chosc a cédóir. Gérbh é Conán ann dano, níor bhearn gan búan-choimhéd, agus níorbh fhál gan airbhe, agus níorbh olc
aife, ionnsaighe nó imghabháil do thabhairt fair a n-alt na hóaire agus na haimsire sin. Dóigh fóair a fhreastal agus a fhritheólamh go hathlamh anurmhuisneach, go gclos gacha hairde úatha leadghaire na lann líomhtha lomchrúaidh lasamhail agá lán-bhúaladh, agus coigeadal na ccraíseach cceann-ghorm ccréacht-aigmhéil agá comhmbeartnughadh, agus tul-ghubha na fíeth corcra caomh-álne agá comhmbriseadh, m
oidheamh agus mór-bhrostughadh na laochraidhe ag lóeidheadh in láin-treasa agus ag greasacht an ghér-chomhraic.
Is ann sin ro thógaibh Conán an láimh ndeis ndeagh-thapaidh leisin lainn fhada fháobhar-chruaidhi agus búailis béim reachtmhar ro-aingidhe tar úachtar na bocóide, gur sgarusdair a cheann agus a cholann ré chéile don churaidh, agus crothais a cheann agus a chosgur risin slúagh ar sodhain. Iarrais ann sin díes ánradh airm-neimhneach do chur chuige do chomhrac. Ro éirgheadar in días sin, agus a gceart-chomhdháil Chonáin isin choinnsgleó sin. Sillis Conán ar an ffear ndéigheanach díbh, agus cuiris a choirrmhér ghaamhail ghaisgidh a ssúaineamh na sleighi síor-neimhnighe soi-dhiúbhraice sin, agus acaithis urchur ághmhar aigmhéil urmhuisneach ina cheart-aghaidh chuige, gur amuis a mbél a ochta agus a urbhruinne an tréin-fhear, gur threaghdustar an talamh ier n-íarthar iar bhfágbháil a anma isin ionadh soin. Sillis agus síor-dhearcais an cédfhear tar a ais ó 'd-chúalaidh foghar géar-án na sleighe seacha, agus nocha ráinic leis iompódh tar a ais do-ridhis in tan do bhúaileasdair Conán béim claidhimh co curata comhathlomh a gcomhrac a chathbha
rr agus a chomhsgabail, gur sgar a cheann
a choemh-mbruinne ré-roile. Agus comhmaoidhis an cosgar mur in cédna. Iarrais triar tréin-fhear eile do thachur agus theagmháil chuige. Teagaid an triar sin chuige fó chédóir, agus ionnsaigh esiomh íad as a haithle co talchuir tréin-neartmhar tinneasnach, agus níor sgarusdar riú
gur chuir a ccionna isin chosuir chró chédna. "Teagadh ceathrar eile cugum," ar Conán. Ro éirgheadar in ceathrar curadh calma cédfadhach sin a haon-chomhairle chuige. Acht atá ní cheana, níor léigiustar Coná
dáibh a n-airm d'imbirt nó d'imthógbháil in tan ro chuireastar a ccinn agus a ccosgair isin chosuir chró chomhfhuilighthe chédna. "Teagbhadh cúigear curadh im chomhdháil," bhar Conán. Ro freagradh an t-íarratus sin co hathlamh ris na hógaibh, agus do-chúadhdar co dían dísgir dásachtach ina aghaidh, agus dob fhearr dáibh nach deachdaoís, dóigh ámh, dob íad a leacht agus a lighe do thuaireadar don turus sin. Tángadar, imorra, seisear sár-churadh ar sodhain isin choinnsgleó chalma choimhtheann choimhdhíochra sin go Conán go comhacfainneach, gur chuireadar teannta anbháil adhbhal-mhór fair. Gidh eadh cheana, ní mó rángadar-somh tar a n-ais ná gach neach dá ttáinic. "Taoiseach naonmhair" mh'ainm a ffíanaibh Éreann," ar Conán, "ciodh mó do theaghlach agus do throim-thionól mé iná sin; agus tigeadh lucht mo chomhanma do chomhlann chugum don chur sa, .i. nóenmhar fé
ndeadh agus fear-óglách." Tángadar nóenmhar neartmhar náimhdeamhail dá ionnsaighe ainn-séin. Síthlais agus síor-thuairgis Conán na curaidh co cliste comhchalma do bhéimeannuibh
borba barbarrdha búain-eaglacha báis agus do bhuilleadhuibh tailce tinneasnacha trén-ghábhaidh, conár léig ursglaidhe nó imdheaghail d'aoineach aca, nó gur sgarustar a mbradána beatha re a mbruinneadhuibh. ""Taoiseach naonmhair" mh'ainm gusin tráth sa," bhar Conán, "agus ní búdh furáil leam go madh biseach no bhíadh ar mh'inmhi agus ar mh'oireachus ar tteacht a n-íethaibh imchíena allmharrdha damh, agus teagadh dá nónmhar nós-oirrdhearca níath-mhisgneacha neart-aidhbhle do chomhlann chugum." Ro éirgheadar an dá nónmhar sin a ccomhdháil Chonáin don chur sin, gur dhiúbhraigeadar i nd-airm agus a n-iolfhaobhair a n-aoinfheacht agus a n-áonfhábhall fair, dá fhorrach agus dá fhíor-mharbhadh. Dála Chonáin imorra, do-rinne féin faobhairchleas go fuireachair fíor-láochdha dá fhottolscíath ina uirthimcheall dá imdhítean, gur ghabhustar na hairm eattarbhúas isin ór-sgíath riesiú do-rinneadar fuiliughadh nó foirdheargadh fair feisin, agus do shó fútha fá dheóigh co ndearna guin ghalann agus ubhall iomfhaobhair dá gach deighfhear dhíobh, agus dícheannais íad as a haithle. "Teagmhadh trí nónmhair úaibh anois," ar Conán, "ó do rucus eólus ar laige bhur laochraidhe agus anbhfainne bhur n-ánradh agus ar mhí-chródhacht bhar ccuradh." Cidh tráth acht, nocharbh ésgaidh árd-aigeantach
ro freagradh na hiarrata sin lasna hainiúil allmhardha, gér mhear meanmnach mí-chéillidh ro bhádar ar tosach agá choimhionnsaighe. Ro dhiúltsat maithe na hIoruaidhe Conán im chomhrac agus im choimhling, agus adubhradar uile d'áithiusc aoin-fhir agus d'én-aigneadh nach ttuitfeadh dá n-ánradhuibh a n-asgaidh le samhail an laoích anfhoclaigh anghlóraigh sin acht in mhéid do thuit, .i. seisear agus sé nónmhair, nó co ttíseadh líon budh lía d'Fhíanaibh Éireann chuca iná ttáinic, agus nó co ccindís comhairle caidh do-dhéndáois im dhála na n-arm do hiarradh orra, ó nár éirigh sén catha nó comhluinn don dul sin dáibh. "Béd féin ag imtheacht uaibh budhdheasda," bhar Conán, "ó nach ffaghaim comhrac nó cathughadh co héimh nó go hurusa uaibh, agus do-bheirim fóm bréithir fhíor-láoich co rachadh co hár áon-duine aguibh-si 'siú do sgarfuinn-si fribh amhail sgaruim, nó dano cheana go ttuitfinn eadraibh a n-anbhfurlann iomairg agus a leathtrom láin-treasa." Is ann sin ro thargaidh rí na hIoruaidhe seóda agus sáer-mhoeine, maitheasae agus mór-dhála don fhilidh ríe n-imtheacht dó, .i. d'Fhearghus File mac Finn. "Ní ghébh-sa móeine ná mór-mhaitheasa tiodhlaicthe ar bioth úait," ar Fearghus, "ó nach dá n-iarraidh tánag don toisg si; agus ó nach bhfuil a ríechtanus leasa orm, agus dá mbeith fo-ghébhainn ó Fhionn agus ó Fhienaibh Éireann mo dhoethain díbh."
Rángadar rompa iar sin go hairm inar fhágbhadar an Fhíen, agus ro innis Fearghus Fíon-bhéul échta agus áitheasa Conáin mheic Mhórna ó thosach go deireadh dhóibh, agus is amhlaidh ro bhoí agá n-innisin dóibh tré ghlór-shnáithe filidheachta, co ndérbhairt an t-airchéadal so:
"Sgéla fíre fúarus-
a, ní bhiú dá ffolach feasda, uaibh ón tan do-chúadhus-
a co teacht arís dom eachtra. Slóigh mhóra gan mhion-uaisle, co n-iomad arm is fáobhair, fá aird-rí na hIoruaidhe fúaramar a n-árd an áonaigh. Slighe romhainn do réidhigheadh trésan sluagh n-ogla n-ainmhín; mór an onóir éin-fhileadh do fhuráil oirn in t-aird-rí. Gér shoilbhir in tslighi-sin dona sluaghuibh co soágh, an róen fúair an file-si
ní hé do ghabh Conán.
Conán cóemh na cathaighe níor ghabh an fearonn fód-bhláth, acht ar ghúaillibh gasraidhe agus ar ochtuibh óglách. Modh Conáin nír chleachtsatar gach aon dá raibhe romhuinn: don rígh gusa ndeachamar ní thug umhla ná uruim. Gér chien é ó' athardha, do mharbh d'úaislibh an aonaigh ar deireadh a n-anomhla seisear agus sé naonmhuir. Le haoinneach níorbh urusa búain le a iomghuin fá dheireadh; cur le Conán curata do ba búain le teagh teineadh. Tugadh leis co lán-adhbhal imad míleadh fá mhéla; ón eachtra ar a rángamar mór lé sgaoileadh ar sgéla." Sgéla.
Gabhais luathgháir agus lán-tshubhachus Fionn agus Fíana Éireann imin ccosgar sin Chonáin, agus ro
ráidhseat gur dheimhin leó go mbérdaois buaidh agus búan-choscar in tíre i ttángadar in tan sin. Dála shochraide na hIrúaidhe, imorra, iar n-imtheacht úatha do Chonán, do ghabh gráin agus eagla adhbhal-mhór íed, dóich, ámh, do bhreathnaigheadar eatarra féin co fíor-fhollus an tan do thuit an urdail sin dá n-úaislibh agus dá n-árd-oireachtaibh a n-asgaidh re háon-churaidh, dá mbeith congnomh nó comhfhurtacht a mhuintire ina chomhghaire go rachadh tar ríomh agus tar ro-áireamh a ttuitfeadh dá ttinól agus dá ttrom-shochraide ar aon-láthair leó, ó do-bhérdaóis féin ar chongnamh agus ar chomhfhurtacht do thabhairt dá chéile isin chomhlann. Et as í comhairle ro aslaighsiot treabha agus túatha an tíre farsan rígh tré fhuráiliomh agus tré úamhan na himeagla, .i. na hairm hsénta hsoineamhla do imráidheamar romhuinn do thabhairt don Fhéin nísa tháosga iná do-géntaoí díghbháil budh aidhbhle dhóibh as a los iná ndearnadh. "Truagh, ámh, sin," ar an rí, "ar inmhe agus ar acfuinn ind uile dhomhain ní thiubhrainn-si na hairm sin úaim, agus is fearr leam bás d'fhaghbháil damh pféin agus do gach aoinneach agaibh-si, agus tabhartus agus tiodhlacadh do thabhairt ar mh'uile mhaitheasa agus mhór-inmhe iná mé féin do thabhairt na n-arm, dá bhfuil a ffiodhair agus a ffáistine agus a ffíor-chinneadh do rígh Inse Tile bás d'fhaghbháil, ar los maitheasa in talmhan do dhísliughadh úaim pféin agus óm chinél im dheaghaidh. Agus dá
ttucainn na hairm úaim is ríesiú do muirfidhe ar marbhadh do mhaithibh mo mhuintire agus mo mhór-ghassraidhe do-bhéruinn uaim íad. Et dá mbeith gan do choimhéd nó do chosnamh ar na harmuibh sin acht laochdhacht agus lán-ghaisgeadh Oelloinn Airm-dheirg, .i. mo mhac mear meanmnach-sa bhádhesin, agus neart láimhe an láochmhíleadh Tuireann Tort-bhuilleach trén-armach, mo thaoiseach teaghlaigh budhdhéin, ní budh beag d'anacal nó d'imdheaghail na n-arm úd íad, genmhóthá neart mo shlúaigh-si agus mo shochaidhe ó sin amach."
Ro ráidh an rígh-fhéindidh riú: "Gabhaidh imaibh, a Fhíena Éireann," ar sé "go ndeachmuís do bhúain na n-arm úd ar éigin do rígh na hIrúaidhe ó nach ffúaramar do dheóin úadha íad, úair is ar faithche agus ar fíor-urluinn a dhúnaidh agus a dheagh-chathrach do-dhénom críochnughadh ar ccoinne agus ar gcomhdhála re chéile don chur sa." Is ann sin do éirgheadar an Fhíen éirghe athlamh aoín-fhir go hudmhall urmhuisneach a haonchomhairle le haitheasg an aird-rí. Agus ro ghabhsat a ttrealmha áigh agus iorghaile agus iomghona agus imairg a n-aoínfheacht iompa, .i. a léinte leabhra
línighe lán-aillne, agus cotúin chearta chraobh-órrdha chruth-núaidhe, agus a rádhainge réidhe ríghne ro-dhaingne, agus a sgabail sciamhdha scáth-bhreaghdha sceanmdha scothamhla, agus a ccathbharra cáidhe comtha comhglana cloch-órrdha, agus a gclaidhmhe crúaidhe creat-ghorma crécht-aidhbhle, agus a n-omhnadha áithe échtacha aigmhéile, agus a ttroimscéith thaithneamhacha thaobh-úaine thoirteamhla, agus a n-aighme áigh agus iorghaile air-cheana. Ro budh cúanna cruthach caoin-dealbhach toichim agus túaruscbháil na tréin-bhuidhne sin an tan sin re himad a ttlacht ttaidhbhseach ttaobh-bhláith ttaithneamhach agus a n-arm n-áith-ghér núadhfháobhrach agus a n-earradh n-órrdha n-allmhardha n-iongantach, go lasfadh an ghóeth gháifeach ghlór-udmhall agus an ghrían ghairthe ghlan-ruithneach ghríos-teasaidhe do gach deigh-fhear díbh, alt na huaire, re néimh-thaithneamh a n-airm agus a n-éididh agus a n-iolfhaobhair, agus re héxamhlacht a n-earradh agus a n-éadaigh agus a n-innill agus a n-égoisc. Rángadar rompa fón réim sin co faithche chathrach rígh na hIruaidhe, agus iar rochtain dóibh uirri ro suidhigheadh pubaill an rígh-fhéindidh far urloinn na faithchi ar agahidh an dúnaidh a ccomhfhogus an rígh cona shlúaghaibh. Is ann sin do labhair Conán mac Morna eidir Fhíenaibh Éreann agus as eadh ro ráidh: "Ó nach bhfuil urghairdiughadh eile againn," ar sé, "acht cathughadh, téigheadh tríar mac an
rígh-fhéinnidh annsút go hoinadh na himreasna agus na hiorghaile re hógaibh na hIorúaidhe, .i. Caoínche Corcairdhearg agus Aillbhe Ard-úallach agus Roighne Roisg-leathan, neoch ro bhoí, imorra, ag toigheacht leó féin do thaistiol an talmhan agus do chuartughadh na cruinne, gion go mbiath cuideachta nó comhluadar oile aca. Má do-ghníad gníomha goile nó gaiscidh, áitheasa nó iorghaile, is maith dhóibh a bhfuil sonna do roighnibh gaisgeadhach Fhían Éireann do bheith d'fhiadhnuise orro. Óair dá rabhum amhlaidh so gan ágh iommbúalaidh, ní comhaillfidhthear ar ngeasa linn, agus ní críochnóchar ar n-eachtra. Agus is doiligh dhaoibh, a óga, gurab éigean bheith agá bhur ngreasacht agus agá bhur ngér-bhrosdadh, ag iarraidh orruibh na neithe nach bhfuil teacht aguibh tarrsa do dhénamh fá dheóigh." "Is fíor agus is críochnaighthe na fuighle sin," ar Finn agus ar Fearghus File. "Agus éirghidh annsúd, a óga," bhar Finn, "do chosg bhur ccoimhlín do churadhaibh na críche ríe ccách." Is ann sin do éirgheadar an triar talchair troighésgaidh ar amus na hiorghaile fá bhróin airm agus éittidh agus iolfhaobhair, agus ro iarradar céd curadh cleas-omhnach a n-iomfhogus agus a ccomharrcis gach deigh-fhir dhíbh. Ro éirghiodar trí chéd ina ccoinne agus in
ccomhdháil fón choimhinnioll cédna, agus tucadar frassa fraoch-fheargacha fuileacha
fíor-chrúaidhe dá n-armuibh ionchaithmhe a n-aoinfheacht a n-aghaidh chloinni in rígh-fhéindeadh. Giodh iad-séin ann dano, ní ar mheatacht iná ar mhór-thlás nó ar mhaoth-chraídhe do-chuaidh an ionnsaighe sin aca. Tángadar fútha agus tríotha agus tárrsa, gur leónadh laóich agus gur teasgadh tréin-fhir agus gur mughuigheadh mór-mhílidh agus gur comhroinneadh caomh-churaidh agus gur heasbhaigheadh ógbhaidh, gurbhó samhalta re sruth ro-bhorb rabharta rían-adhbhal an ollchóigidh dég go dían-mhear dásachtach, ag toigheacht gan toirisiomh a ccomhdháil chúain agus chalaidh co céimthric coimhdhíochra dásachtach, rúathar na ríghmhíleadh seachnóin na slúagh agus na sochraide gá marbhadh agus gá mughughhadh agus gá mór-airleach, gá leó agus gá láin-teasgadh, gá ndíth agus gá ndíanoigheadh, gá ttráothadh agus gá ttrén-athchuma, conach deachaidh aoin-fhear inniste uradhaill ná maoidhte mór-scéil nó canta comhráidh dona mór-mhíleadhuibh tar a n-ais úatha gan bás nó gan búan-oigheadh d'fhaghbháil ón tríar sin. A haithle an iomfhorráin easmhuinteardha adhbhalghairbh sin ro sgarsat cách ré-roile dhíbh, et tángadar an tríar mac sin Finn tar a n-ais go cosgarach cath-mhaóithfeach co popaill agus go príomh-árus Finn. Is ann sin ro éirghiodar triar tréin-fhear troiméchtach don Fhéin, .i. Osgar mac Oisín, agus Diarmaid
ó Duibhni agus Mac Lughach láimh-échtach go láthair an láoch-treasa agus
hionadh na himriosna. Ro iarradar sin, imorra, mur in cédna tri chéd a n-aoínfheacht ina n-aghaidh. Tángadar na trí chéd sin go tinneasnach dá ttráothadh agus dá ttrén-lagadh. Acht atá ní cheana, níor chomhairle chonáigh re críochnughadh an chomhairle sin, agus níor thurus ó a ttángus an turus sin, agus níormh eachtra ó ttángus ar ais an eachtra sin, uair níorbh aidhbhle ár na ccéd-churadh iná échta agus áitheasa na ttréinfhear ttánaissi ar a ttrom-shluaghaibh, conach deachaidh aoín-fhear a mbeathaidh as díbh gan bás bith-urlomh oidhidh anabaidh d'fhagháil úatha ar an modh cédna. Agus tángadar go hairm ina raibhe in rígh-fhéindidh as a haithle d'oirdhearcughadh a n-échta agus a n-áitheasa. Ro éirgheadar triar féinneadh eile don Fhéin iar sin dochum im chomhraic, .i. Caoilte mac Cronchon mheic Rónáin agus Sgiaith Breac mac Dathchaóin agus Labhra Lámh-fhada mac Taidhg mheic Núadhat. Ro iarradar-séin trí chéd eile dá n-ionnsaighe. Tángadar na trí chéd sin go comhathlamh confadhach ina ccomhdháil dá ccoimhfhreastal, go ttugsat treas thairptheach thinneasnach thul-bhorb agus coinnsgleó calma coimhtheann crúaidh-neartmhar dhá chéile, go ttucsat an triar togha trén-láidir sin an chomhfhúabairt chédna for na curadhuibh a ccrích an chomhlainn, conach deachaidh aoinfhear gan oigheadh ó na deigh-fhearaibh déigheanacha
sin díbh. Agus ní haca ro ansat eidir, acht tucsat aghaidh ar an ionadh fa haidhbhle na hánraidh agus fa mó na mílidh, gur léigseat ingheilt na lann go lán-athlomh far fhormnaibh fear agus far mhéidhibh míleadh agus far tháobhaibh tréin-fhear agus far sleasaibh sáor-chlann go ttárla chuca co coimhdhíochra na trí cholamhain chalma chomhthuinighthe churata, .i. áird-rí na hIorúaidhe agus a mhac, .i. Iollann Airm-dhearg, agus Tuireann Tort-bhuilleach, .i. a thaoiseach teaghlaigh, gomá comhroinn dáibh seisear sáor-mhíleadh, gur ghabhsat ag treaghdadh agus ag trén-athchuma a chéile gur sgaradar dumhacha dían-dorcha doi-readhairc deiridh an láoi agus urthosach na hoidhche na lán-mhílidh re chéile, iar mbriseadh arm agus éididh agus iolfháobhar dhóibh díbh líonaibh. Ro impádar na tréin-fhir sin don Fhéin ar a n-ais co popaill an rígh-fhéinneadh co cneadhach cródhach cró-leadarthach, agus gan acht irseacha a scíath n-órrdha n-imeal-chrúaidh
ina lámhuibh leó, iarna ndearbh-oirleach ón urlaidhi agus ón easorgoin. Et iar ttorrachtain dóibh ann, cuiris Aonghus óg mac an Dágha urchusg cabhartha agus coimhíce ina ccneadhuibh agus ina ccrécht-leadarthaibh, co rabhadar sleamhain sláin-chréchtach ar ceann na mainne muiche arna mhárach. Ro éirgheadar an Fhíen Éireannach sin ar an dara laithe go lúathgháireach, agus ro éidighseat íad
féin a ndorus na puible go príomhurlomh a n-oirchill na himghona. Agus ro éirgheadar sluaigh na críche don taoibh aroile ina n-aghaidh, agus ro éidighseat íad féin fón chuma cédna. Is ann sin ro éirigh an curaidh comhlann-chrúaidh, .i. Conán mac Morna a n-urthosach na n-ánradh, agus ro ghabhustar a chulaidh chatha agus chomhraic uma chneas co comhárrachta curata, agus is eadh ro ráidh as a haithle: "A Fhíana Éireann," ar sé, "ní córa dhamh pféin furáileamh áigh nó iorghuile ar gach aon agaibh-si iná orum pféin budheasdo, agus gé mór mh'adhbhar agus m'fhaltanus friot-sa, a Fhinn, agus re clannuibh Baóisgne air-cheana, ní lugha mh'adhbhar agus mh'fhíor-fhaltanus re hárd-shlúaghuibh na hIoruaidhe." Iomthúsa Conáin, ro innsaigh go láthair na troda as a haithle co tairptheach tinneasnach, goma comhrainn dó fén agus don tréin-fhear teann toghaidhe, .i. Tuireann Tort-bhuilleach, taoiseach teaghlaigh an rí, gur ghabhadar ag comhthúargain ceann agus corp agus caomh-cholann a chéile gan choigill, gurbho briste bloghtha brúach-rébtha eidir éideadh agus arm agus óir-scéith ó iomfhorrán an dá ánradh sin. Do bhí do mhéid anfhorluinn Chonáin isin chéd-chathughadh agus dá ffúair do ghonaibh gnáth-ghéra guasachtacha gábhaidh agus d'áladhuibh doimhni do-iongabhála dían-mharbhthacha isin chéd-chathughadh
agus isin choinnsgleó sin Tuirinn feisin, gur beanadh a osnadh éccomhlainn agus a íachtadh árd-churadh as ó thuinnsiomh agus ó thrén-ghabháil bhuilleadh in bhorb-mhíleadh baoí agá thrén-túargain. Ó 'd-chonnairc Finn Conán isin chonntabhairt chathuighthe i mbaoí ro ghairmeastar a ghnáth-chaismeart chatha go congháireach, .i. a sgal coilleadh, agus tuc cróidháil agus comhfhúagra go coitchinn don Fhéin cabhair agus comhfhurtacht do thabhairt do Chonán do chéd-neithibh, agus én-aghaidh do thabhairt a n-aoínfheacht ar na hallmharachaibh dá fhóirighthin. Ro freagradh an furchongra sin lasin fFéin, agus ro ionnsaigheadar ionadh curtha an chomhlainn ina n-aon-bhróin armtha éidighthe agus ina ccipe chíochmhar chonfadhach chéim-dhíochra a ccoinne agus a cceart-chomhdháil a n-easccarad. Ó'd-chonnairc, imorra, sochraide na cathrach an choimhéirghe sin ina ccomhdháil, tángadar ina léibheann lán-dlúith léidmheach láin-mhear, agus ina mainnir mheanmnaigh mhisgnigh mhór-aigmhéil agus ina mbuailidh bhodhbha bhoirb-threasach don taoíbh oile dá n-ionnsaighe. Rob álainn il-dealbhach an fhoireann sin re hiomad a n-earradh n-iolbhreac n-ór-shnáith agus a n-arm n-úathmhar nimh-fháobhrach agus a n-éideadh fhíor-dhaingean imfhulaing agus a sgíath ccaomh-édrocht ccorcar-ghlan
agus a sgíath n-úaine n-iolchomharthach agus a sgíath nglé-ghlan nglain-ghreiseach agus a sgíath mbreac-cháomh mbúabhallda agus a ttlacht n-allmhardha n-iolreachtach ó sin amach. Agus ro ghabhadar ag leódh agus ag leadradh, ag oirleach agus ag athchuma, ag cumbach agus ag cnáimh-ghearradh a chéle fón samhlaidh sin. Dála trí mac Meic Con mhic Maic Níadh mheic Luighdheach, .i. Glas agus Gér agus Gubha
, ro mhionaigheadar-séin bearnadha céd ar a cceart-aghaidh, gur thráoth treóin agus gur marbhadh mílidh agus gur forraigheadh flaithe agus gur léonadh laoích leó in gach cúil agus in gach cearnaidh agus in
conair inar chéimnigheadar gur chuireadar na catha ceachtarrdha ar comhmbúaidhreadh céille agus cédfaidhe a ccoimhnéinfheacht. Iomthúsa Aonghusa óig mheic in Dágho téid-séin ina shidhe dhían dhíochra dheigh-reatha agus ina chéimeannaibh trice talchaire tinneasnacha, gurab ann ro fhor agus ro dheisidh eidir Chonán mac Morna agus Tuireann Tortbhuilleach. "Seachain an comhlann, a Chonáin," ar Aonghus, "uair ataoí a n-anffainne nirt agus níadhachuis a haithle do threasa agus do thachair go ttrásda, agus léig eadrom-sa agus rabharta an rígh-mhílidh do fhrithráileamh budhdheasdo." Seachnais Conán an comhlann don chur sin
agus téid fón ccath co curata coimhdhíomsach, do chosc curadh co catharrdha agus do thraothadh tréin-fhear co tapaidh a ccoma cháich. Iomthúsa an dá churadh agus an dá chathmhíleadh sin, .i. Tuireann Tort-bhuilleach agus Aonghus óg mac an Dágha, tugadar aghaidh ar aroile ainnséin. Cidh tráth acht, rob é sin an gleó gáibhtheach gráineamhuil gér-nimhneach agus an iomghuin aindiúid úathmhar aggarbh aindreanda agus an chomhthúargain chalma chréchtmhar choimhfheargach. Rob í, imorra, críoch dheabhtha na deise sin gur thorchair Tuireann Tort-bhuilleach do bhéimionnuibh áithe imghlioca Aonghusa ar deireadh an deabhtha agus in dían-imreasno ré-roile. Iomthúsa Oisín mheic Fhinn, imorra, ro dlúigheadh agus ro dían-sgaóileadh agus ro síor-easoirgeadh na slúaigh agus na sochaidhe leis gacha taobha ina thimcheall, nó go ccomhráinic co hairm a mbúi Iollann Airm-dhearg mac rí na hIruaidhe. Ó'd-chonnairc Illann éisein táinic ina réim roi-reatha agus ina shidhe sheólta shíor-nimhneach sheabhcamhail agus ina bhuinne dhían dhílionnda ar cinn comhraic chuige. Ó rángadar, imorra, an dá mhac rígh rathmhara roi-bheódha sin co háit áontadhach áiridhthe na himriosna agus co hionadh urdhálta na hiomghona, is ann sin tucadar achmhusán frithir fíor-nimhneach agus coinnsgleó fearrdha fuinnmhidhe fíor-neartmhar dá-roile dá sleaghuibh seimhneacha
agus dá n-omhnadhuibh aigmhéile agus dá n-airidhthibh catha agus comhlainn ar-cheana, agus ro fhearadar comhrac díochra dána deagh-thapaidh neimhneach neartmhar neamh-fhallsa ainmhín ain-éttrócaireach láidir láimh-thrén láoch-eargnaidh fuileach fearg-bhúan fraoch-aigmhéil. Agus dob é foircheann comhraic na deise sin go ttoirchair Iollann Airm-dhearg mac rí na hIruaidhe do láimh áitheasaigh iol-bhúadhaigh Oisín mhic Fhinn, agus dícheannais é gan fuireach. As a haithle sin crothais an ceann agus an coscar sin fria cách, agus téid féin fó shlúaghaibh na hIruaidhe iar sin, mur gach n-aon eile d'Fhianaibh Éireann, día ndíthláithriúghadh. Dála Ghuill mheic Mhórna, imorra, ro chromustar fón chath go calma curata amhail nathraigh ar neimhnighe nó leómhan ar láidireacht nó mathghamhain ar mór-lúaghaill, agus nochar lamhadh béin fris nó ionnsaighe fair nó go ráinic go hairm ina raibhe in flaith fearrdha furránach agus an triath talchair trén-neartmhar, .i. aird-rí oirrdheirc Ioruaidhe, baoí a n-eidir-mheadhón na láochraidhe agá lán-ghreasacht agus agá lán-lúathlaoidheadh. Is ann sin ro ionnsaigheadar an dá úaithne áigh sin aroile, agus in dá dhos díona, agus in dá bheithir bhadhbhdhá, agus an dá tharbh ar threisi, gur dhingeadar na sleagha sénta seimhneacha isna sleasuibh, agus isna hiomnadhuibh aithghéra iomfhaobhracha isna hurbhruinnibh, agus isna craoíseachuibh
cinn-leathna cró-fhairsinge isna caomh-chorpaibh, gurbhó créchthach cró-ainmheach colla na ccuradh agus na ccathmhíleadh ó chréchtaibh na ccuradhomhnadh, iarna lagadh agus iarna leónadh agus iarna lán-bhriseadh ina lánuibh craoí go curata comhathlamh. Et do-chúadar ainnséin ar a cclaidhmhibh claisleathna cruaidh-ghéra coimhshínteacha, agus do-rónsat urlaidhi díochra dúabhsacha doi-fhreastail mur mhodhaghaibh mearrdha mí-laochdha ós mór-omhnaibh agá mion-oirleach agus agá mear-chosgairt, nó mur ghaibhnibh gusmhara glac-láidire ós caóraibh cáidhe crúaidh-iaroinn dá ccrúadh-shíneadh ar chaoimh-inneónuibh, nó mur bhéimionnuibh lúath-árrachta ladrann lán-chalma ar punnannaibh righne roithiorma do bheith ar urlár ata iomloime adhbhal-sgúaptha, gá n-easorgain agus gá ttrén-bhúaladh eatarra go hathlamh. Feacht n-áon búailis rí na hIruaidhe béim bunata borib-reamhar do loinn leathain lán-fhaobhraigh ar amus chinn Ghuill isin láin-ghleó ghoirt-amhuinseach sin. Tógbhais an scíath eang-bhláith áluinn-bhreac ina aghaidh gur sgoilt an scíath cona sgeimhlibh, co ndearna dá leith chearta chudroma don chaoimh-sgéith ar ionchuibh an ánraidh, co ndeachaidh feadh fearrdhoirnne don leabhar-loinn a ttalmhain gan turbhró, íar dteasgadh an tréin-sgéith; agus nocha ráinic risin rígh tarraing
a láimhe tar a hais dá ionnsaighe in tan ro bhuaileastar Goll béim athlamh urmhuisneach a maoil na gúalann air, gur léigeastar an lámh go lán-athlamh dochum talmhan gan trén-bhacáil, agus buailis in t-athbhéim trom tánaisi, gur dhiúbhraic agus gur dhían-ghearr a cheann dá chúil-mhéidhe a ccoimhnéineacht, agus an t-áitheas as a haithle. Dála shochraide na hIruaidhe, imorra, iar ttuitim a ttríath agus a ttighearna isin troim-threas sin, ro ghabhsat ráon mire agus mór-theithmhe chuca, agus an Fhíen in gach aird ina n-uirthimcheall gá marbhadh agus gá mór-oirleach, gá ndlúirghe agus gá ndian-dealughadh, conach deachaidh écht dob ionáirmhe úatha díbh gan bás bith-urlamh agus a
gheadh an-abaidh d'fhagháil, nó go ttáinic urthosach oidhche dá saighin. Ro impódar an Fhían tar a n-ais go hionadh an chomhlainn agus co maighin na mór-throda, íar nglanadh a n-airm agus iar n-aidhbhliughadh a n-écht agus a n-áitheasa. Ro lingseat fur múraibh na mórchathrach fá dheóigh, agus rannsat a hór agus a hairgead agus a hiolmhaoine, a cuirn, a cúaich, agus a copáin, agus a caoimh-easgair air-cheana. Tucadh a lanna agus a lúireacha, a ffailghe agus a ffithchiolla, agus a n-uile ionnmhusa agus édála ó shin amach ar amus an rí-fhéindeadh. Ro bhádar amhlaidh sin an oidhche sin go subhach sódhamhail seasgair a n-adhbhaidh
agus a n-ionadh rígh na hIruaidhe agus a mhná cúanna cáomh-áille, agus í féin agus mná na cathrach ar a gcumus agus ar a gcáomh-orduighthibh, .i. inghean rígh na hAntúaithe, bean rí na hIruaidhe ag Finn, agus roighni óg-bhan agus ríogh-bhan na cathrach ag Oisín agus ag maithibh na Féine do réir a n-úaisle agus a n-onóra. Co ceann cáocaoísi comhláine isin ccathraigh ar in ccórughadh sin dáibh, .i. an feadh do bhí a lucht cneadh agus crécht agá leigheas gus agá láin-íoc ag Labhra Lámh-fhada mac Taidhg mheic Núadhat agus le hAo
ghus óg, agus ag cur a meirtine agus a mór-sgísi dá maithibh. Íar ccaitheamh agus iar ccoimhchinneadh na réé agus na roi-aimsire sin dóibh, dano, agus iar mbeith ion-aistir agus ion-imtheachta dá n-áos cneadh agus crécht, agus dá lucht othrais agus easláinte, ro gabhadh lámh ar imtheacht leó go luinneach lúathgháireach dochum a loinge agus a lúath-arthraigh d'fhágbháil na hIruaidhe fó chédóir. Et tángadar asin ccathraigh amach seal seachtair. Boí, trá, gáir agus golgháire agus gér-aigmhéile ag banntracht in bhaile agus ag ban-chuire in dúnaidh agus an deigh-áruis ina ndíaidh, agus fós éigis, ollamhuin, agus abhlóiridhe, agus eistreachta in áruis chédna, ag dubha agus diobargóid ina ndeaghaidh, ag caoíneadh a ccarad agus a gcoiccéile agus a gcomhfhlaitehas gaóil, agus a ffear agus a ffíorchéileadh air-cheana do marbhadh úatha, agus gan an Fhian aca 'na n-ionadh.
"Múrthar agus mór-sgaoiltear an chathair linn budhdheasda," ar Conán mac Morná, "agus ná fágthar cloch ar cóir innte iná clár ar cuibhdheas, conach bía aitreabh iná ard-chomhnaidhe ag aon-duine re beathaidh inte ó so amach do chomhartha agus do choimhniúghadh ar n-écht agus ar n-áitheasa agus ar n-imtheachta ó so amach." A mbádar ann far na hiomráitibh sin go ffacadar forsan ffaithche ffér-uaine céd curadh coimhfheadhma, ceangailte dá ccneas-éitteadh catha agus comhlainn, óglách ríogha rathmhar ro-árrachta a n-eidir-mheadhón eatarra, go móir-mhéid mhíleadh agus go ttoichim tréin-fhir agus go n-ionnchomhartha aird-rí. Tángadar go hairm a raibhe an t-airdfhéinnidh Fionn, agus is amhlaidh tángadar dochum na comhdhála sin agus gésga pailme ina lámhaibh leó mur chomhartha ceannsa agus caoin-chomhraic. Agus do-righne tighearna na trén-bhuidhne sin umhla agus ard-onóir go hoileamhanta d'Fhionn agus d'úaislibh Fhian Éireann air-cheana, agus fearais fáilte go friochnamhach fris agus fria maithibh a mhuintire imá leith. Fochtais Fionn a sgéla féin agus a imtheachta ina dheaghaidh sin de, agus cá tír nó cá talamh as a ttáinic, agus cá hairm ina raibhe a thoisg nó a thurus in tan sin, nó cía d'fholaibh úaisle nó anúaisle in domhuin dó. "Miodhach mac Mortair mh'ainm-si," ar sé, "agus tighearna in tíri si mh'athair, .i. rígh na hIruaidhe,
agus dearbhráthair dhamh an rígh ro mharbhabhair-si, .i. Mearcair mac Mortair, agus ní raibhe do chloinn ag ar n-athair ag fagháil bháis dó acht sinn féin inar ndís. Gabhais Mearcuir flaitheas agus furlámhas na críche so a haithle bháis 'athar a los a aóisi agus a aimsire agus a fhoirfeachta, agus ro ghabhus-
a tánaisteacht an tíre gan turbhaidh. Ro bhámar amhlaidh sin aimsir imchían a' caitheamh ar n-aimsire agus ar n-inmhe agus ar n-áirttighearnois ré-roile, nó gur fhásastar mac móir-mheanmnach mór-aigeantach d'áon-oighre ag an aird-rí, .i. Iollann Airm-dhearg mac rígh na hIruaidhe. Agus ó do ruc an mac sin ar chumhachtuibh agus ar choimhthreisi in tíre, do bhean sé mo chumhachta agus mo dheigh-inmhe féin díom-sa ar seóladh a athar agus mo dhearbhráthar-sa budhdhéin; agus do-rónsat loingeaseach agus ionnárpthach díom-sa seachnóin na críche so agus críoch agus ceannadhach na cruinne. Agus do bhádhus ar an ordughadh sin ar díbirt, mé féin agus in beagán buidhni si im fharradh, nó go ccúala mé thusa do theacht don tír si agus a ndearnais d'échtaibh agus d'áitheasuibh in tíre go huilidhi; agus mur do-chúalus-
a sin, tánag do dhénamh mo chadaigh agus mo charadraidh riot-sa, agus do ghabháil mo ríghe agus mo ro-fhlaithis as do láimh-si, agus do thabhairt chíosa agus chánachuis na críchi si go coitcheann gacha bliadhna red bheathaidh go hÉrinn dot ionnsaighe, maille re héirghe amach
agus re furtacht agus re sluaghadh re gach éigean-dáil ghábhaidh agus re gach gúasacht chatha agus chomhlainn bhías ort ó sonn amach, riasiú do millfidhe ard-chathair, inmhe, agus oireachus na hIruaidhe, agus riasiú do-bérthaoí a hór agus a hairgead agus a huile mhaitheas agus móir-édála ar aon-rían eiste." "Gébhum na comhadha sin do chanais," bhar Finn, "agus fúicfiom flaitheas do thíre agus do thalmhan féin ar h'ordughadh, do chionn umhla agus uruma agus cíos-chánachuis do chríche co cinnte d'fhagháil úait, amhail agus mur dho gheall do bhél go ttrásta." "Do budh olc re críochnughadh an chomharle sin," bhar Conán mac Morná, "agus do budh fada a hiarmairt
, agus do budh córa a ndearnadh ar a dhearbhráthair súd agus ar maithibh a chiníl agus a chlann-mhaicne a leithéid do dhénamh fuireach fair féin, .i. bráon báis agus deocha dían-oighidh do dháil go fuireachair fír-chinnte fair, agus ciodh fa budh annsa linne é iná lé a bhráthair agus lé a bhunadh cineóil budhdhesin, nach dearna goél ná gnáth-choimhdhealus fair. Et má do-ghníthe mo chomhairle-si ann, ní bhía neach don fhréimh rígh ná don ghnáth-ghinealach, dá bhfuil an fear úd, a cceannus ná a ccodhnachus na críchi si go bruinne mbrátha agus mbeathadh. Agus is iongnadh gurab é is comha agus is ceannach
dhó dá furáileamh orainn na neithe atátt ar ar fhagháil féin agus ar ar ccumus aguinn, .i. ór agus airgead, flaitheas agus furlámhus in tíre ina ttángamar. Agus ó nach bhfuil ríghe iná ro-inmhe fám chomhair féin a nÉirinn iná a n-ionadh eile, gébhad chugum comhachta agus comus na críchi so, agus biaidh inghean rígh na hAntuaithe, .i. bean rí na hIoruaidhi, agum mur bhain-chéile bhúan-tairisi; agus is fearr dhaoibh-si sin ná bhur námha agus bhur n-easccara do fhágbháil a n-inmhe agus a n-oireachus inte, agus go ttiubhar-sa dhaoibh-si gach ní dhá ccúalabhair dá fhuráiliomh oraibh-si go ttrásda." Ro thibhseat in Fhían a ngean gáire agus formhaóilteachais a ccoimhnéineacht im Chonán; agus ro ráidhseat eatarra féin co hinchleithi ós ísiol gurbh oircheas agus gurbh imchubhaidh gach comhrádh dár chan Conán, acht namá nár léig eagla ná uromhan Finn dóibh a oirrdhearcughadh ós aird. "Gion gurbh aithni dhamh do dhealbh nó do dhénamh gus anois, agus fós, gion go bhfacus do chruth nó do choimhinnioll, a Chonáin mheic Mhorna," bhar Miodhach mac Mortair, "aithnighim a los do dhroch-áithisg agus do dhían-uraghaill thú, agus ní bhfuil aoínneach agaibh-si dá loighead inmhe nó ard-dhínitt nach budh fearr leam-sa a impidhe agus a fhuráileamh leam iná impidhe aon-nduine don talmhain si ina bhfuilim. Et a Chonáin mheic Mhorna," ar sé, "muna bheith go mo fearr leam-sa
mh'aithne agus mh'eólus do chur ar Fhinn mac Cumhaill, agus umhla agus aird-thighearnus do thabhairt ó sonn amach dhó, agus buidheachus agus búan-altughadh do bhreith fris im gach ní dá ndearnadh, as é a sheachna agus a shíor-imghabháil do-dhénuinn, agus ní lughaide do bhíadh ríghe mo thíre agus mo thalmhan fén agum as a haithli, ó nach bhfanfadh-somh choidhche dá chosnamh agus dá chumhdach, agus fós ó nach bhfuil fear frithbhearta nó imriosna oile im aghaidh." "Léig as idir, a Chonáin, dott anghlór agus dott anuraghall," bhar Fionn, "agus ná bí ag súa
rceas nó ag síor-áineas ar aoinneach ag nach bhfuil iúl nó aithne ar do bhésaibh do bhunadh; agus gébhmíd gach comha agus gach conradh dár chanastar Miodhach, agus do-bhérum a ríghe agus a ró-fhlaitheas co háontadhach urrumach a n-ordughadh, ó nach dual dúinn féin fuireach dá follamhnughadh." Is ann sin do-radadh gairm rígh agus ro-thighearna ar Mhiodhach mac Mortair le Finn agus le Fíenn Éireann. Agus tuc a lámh a láimh Fhinn as a haithle, agus tucustair rátho agus ro-eidireadha tar nach tte
gthaoi in tan sin dó, .i. grian agus ésga, muir agus mór-thalamh ina chomhall gacha coinghill agus gacha ceangail dár imráidheadar eatarra co n-uige sin, an gcéinn do bhíadh-somh agus Finn a fflaithius. Do roinn Fionn iar sin a fhlaithius agus a édáil agus a ionnmhus agus a earradha ón Ioruaidh a ttrí treanuibh, .i. in céd-trian a ttuillmhe agus a ttúarustal do rígh
na hIoruaidhe feisin, .i. do Mhiodhach mhac Mortair, agus an trían ar-aill i nd-eallomh agus i n-adhbhar choibhche d'aindribh agus d'ingheanuibh na hIoruaidhe, d'fhileadhuibh agus d'éxibh, d'ard-ollamhnuibh agus d'aos íarrata athchuinghe, et an treas trían dó féin a los a shaothair agus a shíor-chomhraic. Is ainnsin do-radadh na hairm as an ionadh agus a
in imfholach ina mbádar, .i. comhruir chomhthuinighe d'uisce linne lionn-fhuar baoí a n-imsging an aírd-rígh, is innte-sein bádar na hairm dhúaibhseacha dhobhardha dhraoidheachta día ttáinic dí
th agus dílgheann rígh na hIruaidhe cona árdmhaithibh. Sleagh agus claidheamh, imorra, rob é a líon. Ro beanadh na hairm nimhe sin iaramh as na ceanglaibh agus as na cuibhrigthhibh a mbádar. Is ann sin at-rachtadur soighnéna trom-aidhbhle teinntidhe trén-lasamhna agus bolga badhbha bioth-neimhneacha d'imlibh agus d'eochair-fhaobhraibh na n-arm sin gurbhó lór dho shoillsi agus do shíor-dhealradh i n-oidhchibh imdhoirchibh a ffosgadh agus a ffíor-thaithneamh an tan do beantaoí an dídean agus an deagh-fholach dhíbh. Fáiltighis Finn re faicsin na n-arm ina fhíadhnuise, agus is eadh ro ráidh: "Mór d'ulc agus d'anbhfurlonn, do gháibhthibh mara agus tíre fuaramar dá bhur n-iarraidh co n-uige sin, agus ní cás dúinn én-olc dá ffúaramar agus bhur
ffhagháil amhlaidh sin," ar sé, "agus is beac bheirmíd a bhuidhe risin tí dá ttáramar na hairm si a mbeith ar ar ttabhartus agus ar ar ttaisgidh fén anosa, ó nach do mhuin annsachta nó acarra tarla dhúinn a ffagháil." Agus is cuma ro bhaoí agá rádh in tan ro fhuráil far na fénneadhuibh éirghe co hathlamh dochum in chúain agus an churadh-chalaidh a mboeí an Bhreac-bhárc, d'fhágbháil in tíre co trén-athlamh, agus do chríochnughadh a gcomhthosga agus d'olmhughadh a n-eachtra. Is ann sin do éirgheadar an Fhíen co hurmhuisneach la furchongra an rígh-fhéinneadh, iarna n-éideadh agus iarna n-imdheasughadh a n-oirchill fhreasdail agus fhritheólmha na fúar-áibhéisi. Iarrais Miodhach mac Mortair ar Finn é fén do léigin ar an eachtra leis. Adubhairt Fionn nach rachadh leis ar an eachtra sin do dhaóinibh, "acht an dá nónmhar nós-oirrdhearca tángadar a hÉirinn ar aon-rian rium;" agus ro ráidh dá mbeith ar cumus dó féin comhlúadar do bhreith leis ná budh usae do neach eile daóine do bheith aige iná dhó féin. A haithle na mbriathar sin fo fhágaibhseat an Fhíen imchomharc beatha agus sláinte ag Midhach mac Mortair cona mhuintir, agus ag banntracht na cathrach, agus ag éxibh agus ag ollamhnaibh, ag áos ciúil agus oirfide agus gacha healadhan ar-cheana ó shin amach. Acht as é a fhíor agus a fhán agus a fhaisnéis ann sin re innisin nochar mhó múich nó mórthuirsi
fhileadh nó fhíor-ollamhan, aindear nó ógbhadh, eistreacht nó abhlóireadh in oil sin a ndeaghaidh a
céd-tighearna nó a
céd-mhuintire iná i ndeaghaidh Fhinn agus na Féne. Ro ionnsaigh an ógbhaidh úallach ard-mheanmnach sin dochum a luinge go lán-ghasta gur ghabh gach aoín-fhear aca a obair urdhálta agus a fheidhm cosmhail cudroma isin ccáomh-arthrach ó shin amach, gur scuchsat ó chi-imlibh an oirir agus ó chiumhsaibh an chrúadh-chalaidh a ccoimhnéineacht. Baoí Fearghus Fil
ag faisnéis agus ag foillsiughadh agus ag furáileamh far na Féinneadhuibh a ngnímh agus a
-obair do ghabháil isin luing; agus ad-bheart na ranna sa amach ann:
"Mithigh dúinn dul tar tuinn tréin, a Fhíana na n-arm n-aigmhéil, do stiúradh luinge lúaithe d'fhágbháil oirir Iorúaidhe. Gér lia do chách ar bhur cceann, is beart danár fágbhadh fuigheall, anois ní fhuil ar bhur n-éis aoinneach badh oircheas d'fhaisnéis.
A chluithe búadha arna bhreith, slúagh na hIoruaidhe d'éin-leith; beart chluithe ar ndul a ndeabhaidh d'fháobhraibh na n-arm do imreabhair. Atá aguibh, is ní gan fháth, rígh na hIoruaidhe do óglách fá chuing chíosa agus chána, daoibh ní hoirbheart édána. Rachaidh chugaibh cúis mheanma, re treisi bhar ttighearna, cíos ón Iorúaidh go mblaidh gacha bliadhna re bhur mbeathaidh. Goll mac Morna go méid ngluinn, deagh-mhac Cormaic mheic Neamhnuinn, leis do thuit tríath na túaidhe, áird-rí áluinn Iorúaidhe. Le hOisín calma crothach is le hAonghus iolchrothach do thuitsiod curaidh na gceard, Tuireann is Iollann Airmdhearg.
Céd ar fhithchid láoch gan lén imeólach im Thuireann trén, ár na ccuradh ceann a gceann ó Fhíanuibh áille Éireann. Nocha gcúala ríamh roimhe, dar mh'úaisle is dar mh'ealadhain, ar fhéile, ar ghaisgeadh, ar ghoil a chomhmaith d'fhine Ádhoimh. Ní thiucfa ocht ndeigh-fhir dhég 's níor bhlais betha ná buan-ég budh chalma re chur a suim a láthair chatha agus chomhluinn. Finn mhac Cumhuill, flaith go gcéill, is Oisín a dheagh-mhac-séin, Osgar is Caoilte na gcath, Diarmuid agus Mac Lughach, Roighne Roisg-leathan go reacht, Caoinche Corcair-dhearg coimhcheart, Ailbhe Ard-uallach go n-aoibh, agus Sgiath Breac mac Dathchaóin.
In tríar tréin-fhear gan tubha, Glas agus Gér agus Gubha, is Aonghus mhac an Daghdha agus Labhra
dh lán-chalma, Ferghus Fínbheóil, file Finn, agus Conán, ní cheilim, Goll mhac Morna, an mílidh mear, dual gach díoghrais fá dheireadh. Ag sin gan bhéd gan bháoghal fios anmann an dá náonmhar, fir do thaisdil gach tuinn tigh, imtheacht is mó ná mithigh." Mithigh.
A haithle na mbriathar sin d'fhaisnéis agus d'innisin d'Fhearghus, ró líon subha agus sobhrón in Fhían imá ngníomhaibh goile agus gaisgidh, échta agus áithiusa d'oirrdhearcughadh lena ffile ina ffiadhnuise; agus do ráidhsiod go madh éttarbhach a ttoisc agus a tturus, agus go madh maith gan áireamh gan fhoillsiughadh a ndiongnadís, muna tteagmhadh Fearghus File ina bhfochair. Agus a haithle na ráiteadh sin dáibh ro ghabh gach aon díbh a théchta agus a throim-eire agus a obair áirighthe agus a fheidhm imchubhaidh isin leabhar-luing gan lán-fhuireach do fhreasdal
agus do fhritháileamh na bóchna bith-bhuirbe buanghlaisi agus na fairrge fíor-ghoirme falcmhaire agus na haibhéisi aidhbhle imeaglaighi ard-chubhraighe. Iar seasmhughadh agus iar síor-dhaingniughadh a seól-chrann, iar nglanadh agus iar ngleó-thiormughadh a ngeil-éideadh, iar seóladh agus iar suidhiughadh a sith-rámh go sár-neartmhar agus a n-ancuire go hadhbhal imchubhaidh, iar niamhadh agus iar núa-ghlanadh a n-arm agus a n-éideadh agus a n-iolfháobhar do mheirge agus do mhí-ghné a n-oirchill agus a n-urlaimhe gacha doilghiusa agus gacha docamhla, is ann sin ro thógbhadar na hanairte áille aóin-gheala agus na bréide bláith-ríghne búan-chumhdaighthe agus na seólta seada síor-shoillsi a ccrois go comharthach comhshúaichnidh a n-uachtar na gcrann ndíreach ndeadh-dhaingean, gur léigeadar co lán-tshéitreach a lán do ghlain-téighle na gaoíthe glóraighe goirt-amhainsi géire a ngloitnibh na nglain-bhréideann siúil sith-fhada só-ghlúaiste, gur iomair anfadh agus gur chomhghlúais gáoth an cuire cródha cédfadhach agus an bhuidhean bheódha bháidheamhail bhúan-charrthanach agus in tinól talchair tréin-neartmhar sin ó chiumhsaibh cuimhne caomh-fhosgadhacha na gcríoch agus ó imlibh oirear-leathna anaitheanta na n-íath agus na n-aird-chríoch agus ó fhosgadh fhéar-úaine na n-oiléan agus na n-árd-phort ar na tonnaibh tiugha tulgánacha troim-liosta agus ar na caladhuibh súas-fhliuch
slios-gharbha sál-gháibhtheacha agus ar dhromchladhuiph diana díogháire díchoiscthe na dílionn dubhghlaisi dían-mheisgidhthe agus ar iomdhoimhnibh an oigéin adhbhal-mhóir il-phíastaigh anacarra il-phíanda, gurab é fa céol agus fa hairfide agus fa hiontalás meanman agus mór-aigeanta dona maithibh sin, a n-ionadh a n-aoibhnis agus a n-urghairdighthe co n-uige sin, gáir na rón agus na rionnach, na muc mara agus na mór-thoillgheann, na mbleidh-mhíol mór-adhbhal muiridhe agus na libheadhán liosda leabhar-mhungach ag dréim agus ag dían-éirghe ré corraibh agus ré cáoimh-shleasaibh, re taobhuibh agus re tréun-bhruinnibh a luingi luchtmhaire leabhar-mhóire agus a mbáirce beann-chuirre bruach-airde. Co ceann cían cáocaoísi ar muir agus ar mór-fhairge dona míleadhuibh gan iath nó insi nó oilén nó árd-phort nó críoch do chríochaibh na cruinne nó tír do thíorrthaibh an trom-thalmhan d'fhaicsin re headh na haimsire sin, acht madh radharc fada fairgsionach na fairrge forránaighe fíordhoimhne ag fás agus ag forbairt co hiomarcach ainimchubhaidh ar a n-aghaidh. Aon do laithibh a n-eacmhaing na haimsire sin fíafraighis in flaith-fhéinnidh Fionn do Labhraidh Lámh-fhada mac Taidhg mheic Nuadhat agus d'Aonghus óg mac an Dágha cá tír nó cá talamh ina rachdaois ar tosach don réim sin. "Rachmaíd co críochaibh na hAntúaithe," bhar
Aonghus óg, "dá hionradh agus dá hargain, mharbhadh a rígh agus a ro-dhaoíne, a cloinne agus a cineóil, ionnus nach bía a cabhair nó a cungnamh nó a coimhéirghe inar n-aghaidh mar áon le rígh Inse Tile nó re rígh na Ffear nDorcha." "Nocha diongnom an chomhairle sin choidhche," ar Conán mí-rúnach mac Morna, "acht rachmaíd co hInis Tile ar tosach, ós inte atá ceann ar ttosga agus ar tturusa; et ó do-bhérum búaidh agus búanchosgar ar rígh Innsi Tile, ní fhuil ar mbrígh nó ar mbúain-chion ar aoinneach oile don Ádhamhchloinn d'éirghe nó d'árdughadh inar n-aghaidh. Agus, a Aonghuis," ar sé, "nochan fhuil d'adhbhar agad-sa agá iarraidh oirne dol d'ionnsaighe na hAntuaithe acht a ndóchus go ttuitfeamaois innte ó thús riasiú do roichfemaoís Inis Tile don turus
a. Agus is ime ro aisdrighis sinn d'ionnsaighe na hIoruaidhe ar tosach, acht gé do bhúadhaigheamar orra go háirmheach, ag coimhniughadh fhola agus easgcairdis Túaithe Dé Danann fría macaibh Míleadh. Agus, a Aonghais," ar sé, "as é sin fáth do thoigheachta ar an eachtra sa, a ndóich go bhfuightheá brath agus buan-tréigean ar Fionn agus ar maithibh na Féine fuilid ina fhochair in tan so, imorra, a ndíoghail chatha Taillteann tucadh eidir Thuathaibh Dé Danann agus meic Mhíleadh, airm inar thuitseat trí haird-ríogha ághmhara ionnsaightheacha Éireann, cona ttrí
roighnibh rosg-mhalla imur áon riú, .i. Mac Cuill, Mac Cécht, agus Mac Gréine, trí meic Cearmoda Mil-bheóil mheic an Dágha, clann do dhearbhráthar budhdhéin, agus Éire agus Fódla agus Banbha, a ttriar bain-chéile; agus roéd eile nach lugha iná a ndubhramar, Cath Druma Lighean do cuireadh doridhis eatarra, airm inar thuitseat in líon nach ttorchair do Thúathaibh Dé Danann a cCath Taillteann ar tosach agus laochraidh líonmhar lán-adhbhal Lochlann leath ar leath, nó gurmh éigean anmhain ar bhreitheamhnus agus ar bhúan-rádha Aimhirghín Ghlúin-ghil mhic Mhíleadh Easbáinne fá dheóigh, gurab í breath ruc sidhéin, .i. an leath úachtarach d'Éirinn fria haóibhneas agus fria hurghairdiughadh do dhísliughadh dá bhráithribh agus bhunadh cineóil budhdhéin, et an leath iachtarach don caoimh-fhearonn chédna do Thuathaibh Dé Danann, go bhfuilid arna ccoinnmheadh ar chnocaibh agus arna suidhiughadh ar shíth-bhroghuibh ó sin anall gus aniu. Agus is do dhíoghail gacha gníomha dhíbh sin, agus gacha hinghreama oile dá ndearnadh eadraibh ó shin a leith, táinic tusa, a Áonghais, far an turus
a, agus ní ar mhaithe re Finn ná re Fíanaibh Éireann idir." Ó 'd-chúalaidh, imorra, Oenghus óg na haitheasga adhbhail-ghéra sin ó Chonán mac Morna, gabhuis náire adhbhal-mhór agus imdheargadh éccoimseach an t-áirsigh, go ndearnadh aoibheall aigmhéil
fíor-lasrach dhá aghaidh agus rothnúall corcra cróidhearg dá cháomh-ghnúis, conár léig a náire nó a neamh-dhánacht dó a ndeaghaidh a áithisc nó a uraghaill comhrádh nó caoin-bhriathra do chantain. Iar bhfaicsin agus iar bhfíor-chloisteacht an imdheargtha sin fuair Aonghus óg do Gholl mac Morna, gabhuis fearg agus fúasmadh go halcmhar iomfhormadach é, agus do éirigh go hainndreannda ainiarrdha iomathlamh d'easonórughadh Chonáin don chur sin. Ó 'd-chonnairc Conán Goll ina choinne re fearg agus le fíochmhaireacht, ro dhéch go féigh fíor-dhearcaighthe gacha taobha ina thimcheall, agus at-chonnairc Osgar mac Oisín ina shuidhe go sunnda síor-neartmhar a lifting na luinge lánmhóire, agus amhail ad-chonnairc Conán eisidhéin tucustar lúath-léim lúthmhar lán-athlamh d'ionnsaighi Osgair, agus gabhuis a chumairce agus a chomhfháosomh fó chédóir. Tógbhais Goll an dornn deas doinn-ingneach 'na dheaghaidh, agus cuiris neart colla ar in gcáoimh-ridh agus neart na ridheadh ar an ró-dhuirn, agus tucustar í do rochtuin Chonáin go foinnmhidhe fíor-árrachta foirneartmhar ar amus a chinn. Cláonais agus comhfheacais Conán ar sgáth croinn siúil na luinge don taoibh oile d'Osgar, gur bhean dorn an deagh-churadh re díthcheall nirt a ttáoibh an chroinn chada
tt chrúaidh-righin, co
ndeachaidh go caol na leath-láimhe leabhair-ghasda isin lomm-chrann lán-fheóidhighthe, agus ní ráinic leis tarraing na trén-láimhe tar a hais dá ionnsaighe an tan ruc Osgar ar a dhá láimh lánchalma d'íadhadh agus d'iomdhaingniughadh a n-aoinfheacht ina urthimchioll. Tug Goll teibeadh agus trén-tarraing ar an láimh don láthair sin, go ruc leis go lán-urlomh ar a hais go haimdheónach í, iar bhfágbháil a croicinn agus a cáoimh-leathair isin ccumusg agus isin ccáoimh-éigean sin. Iar bhfaicsin a' neithe sin d'Osgar, .i. Goll ar mbreith a láimhe go lán-ogal lais, éirghis ina cholamhain chomhdhírigh ina cheart-sheasamh, agus rug sighe gruamdha gairg-bheódha glac-láidir ar Goll. Agus rug Goll ar in samhail séin ar Osgar, gur chuireadar a lámha leabhra lán-áillne agus a n-eithreadha faide fearamhla ar taobhuibh agus ar trén-asnach tar collaibh agus tar cáomh-bruinnibh a chéile; agus tucadar cuir ána athlamha urmhuisneacha agus imruscáil úathmhar aggarbh aindreanda dá-roili an tan sin. Éirghis Oisín mac Finn agus Diarmaid deagh-ionnsaightheach ó Duibhne do dhealughadh agus do dhían-sgaradh na deise sin, agus tucadar dá tharruing theanna thrén-chalma agus dá theibeadh árrachta ainiarrdha fhíor-láidire ar na curadhuibh ó chéile, agus nochar fhédsat a n-eadarghán nó a n-eidirdheiliughadh ó aroile nó taithmheach nó trén-sgáoileadh do thabhairt orra. Ro éirigh Cáoilte mac Cronnchon
mheic Rónáin agus Mac Lughach láimh-échtach go hionadh na headarghána agus go ród an ró-dheilighthe, et tucadar dá tharraing throma thrén-neartmhara agus dá chor chalma choimhésgaidhe dona curadhaibh dá ccur ó chéile, agus nochar fhédsat a ndeiliughadh nó a n-eadarsgaradh re chéile. Ro éirgheadar trí meic Áon-chearda Bérra, .i. Glas agus Gér agus Gubha, agus trí mic an rígh-fhéinneadh, .i. Caoinche Corcair-dhearg agus Ailbhe Árd-úallach agus Roighne Ruisg-leathan ar amus na headarghána, agus tucadar dá tharraing thoghdha thrén-ogla ar na tréin-fhearuibh an dá thriar féinneadh sin, agus ní ro fhédsat sgáoileadh nó sganradh, bogadh nó beartnughadh ar neachtar díbh. Ro éirgheadar an días dána dhédla dheaghcheardacha do Thuaithibh dath-áille díoghraiseacha Dé Danann baoí aca a cuma cháich, .i. Aonghus óg agus Labhra lámh-fhada. Acht cheana, gér láidir a lámha, agus gér chródha a gcroidheadha, agus gérbh athlamh a n-imdheaghail, ní ro fhédsat a n-eadarsgaradh na n-ánradh nó dealughadh na n-earr nó na n-árd-ghaisgeadhach, acht mur gach aon dá n-ógbhaidh. Ro éirigh Sgíath Breac mac Dathchaóin agus Conán mac Mórna agus Fearghus Fínbhél agus Finn feisin fá dheóigh do dhénamh a ndealaighthe, agus an Fhían a n-áoinfheacht mur aon riú, go ndearnadh dá leith do na láochaibh ar an láthair sin leó, .i. ochtar léidmheach lán-arrachta laoch
gacha leithe, agus tucadar a ccomhnamh agus a ccoimhfheidhm a ccoimhnéinfheacht dá chéile don chur sin. Acht atá ní cheana, gach teibeadh thalchair throim-liosta agus gach tarraing thoghdha thromtholgánach dá ttucdís ar na tréin-fhearaibh, is daingne sa dhaingne agus is dlúithe sa dhlúithe agus is teinne sa theinne do theagmhadís in dá churaidh agus an dá chathmhílidh a n-íadhadh agus a n-iomfhogus dá-roile. Ro tuirsigheadh agus ro trén-anbhfainnigheadh na hánradha a n-áoinfheacht ó fheadargháin agus ó imdheaghail na deise deagh-laoch sin, conach raibhe neart mná siúil síor-anffainne a n-aoín-fhear aca. Is ann sin ro fhógair Fionn, fá dheóigh, léigean eatarra nó
ttuiteadh ceachtar dhíbh, nó íad aráon, a n-égcomhlann. Dála na ndeigh-fhear, dano, ro chuirseat an mbáirc mbronn-fhairsing mbél-thirim agus an láoidheang luchtmhair lán-udmhall ar crioth agus ar commbogadh fó a ccosaibh ó thuinnseamh agus ó thulgánaibh na ttréin-fhear agá ttúargain, gur comhsgaigheadh a corra imá ceanglaibh agus a búird imá búan-chumhdach, gur turnadh a téda agus gur hísligheadh a hanairte agus gur leónadh a leabharchrainn agus gur bladhadh a borb-róbadha, conach raibhe deireadh nó deagh-thosach, nó trom-dhruim, ná bord, ná búan-loistín, ná loman, ná lán-téd ná crann, ná cáoimh-sheól, ná én-aidhme oile imchubhaidh isin cháomh-arthrach gan lagadh agus gan
lúath-leónadh ar an láthair sin, gur chongbhadar leath-bhord agus leathtrom ar an laoidhing. Gé do bhádar an Fhían a n-aoinfheacht don leith oile agá hanacal agus agá himchoimhéd, nochar fhédsat róba do ró-cheangal nó crann do chomhchorrughadh nó anairt d'ádhbhal-árdughadh, go raibhe an fhairge fhíor-fhalcmhar agus an áibhéis imdhomhain fhúair-fhliuch imchubhrach ina srothaibh agus ina síor-aibhnibh agus ina linntibh agus ina loch-thobraibh ag toigheacht ina tuile isin trén-luing in uair sin, gur ffoicse bás iná beatha don fhoirinn sin na Breac-bháirce don bhreisimh agus don bhúan-troid sin. Is ann sin ro éirigh an t-ughdar oirdhearc ealadhnach agus an file feasach fír-eólach agus an feallsamh fossaigh fáth-fhreagarthach, .i. Fearghus file mac Finn; agus ro choimhnidh-séin ar eochraibh a éixe agus ar dhiamhair a dheagh-fhoghloma, gérbh adhbhal a anbhfurlann agus a imghábhadh. Ba deifir dhó-somh sin, dano, úair ní raibhe d'éixibh nó d'fhileadhaibh a aimsire féin file no dhearsgaighfeadh dhe, acht madh Fionntain mac Bóchna nó Fítheal file coan thrí macuibh, agus giodh íad-séin ann, is umhal urramach agus is searcach síorghrádhach bádar im Fhearghus, uair is aca ro fhoghluim-siumh éxamhlacht a ealadhna agus diamhair a dheagh-dhána. Ro labhair co céillidh caoín-bhríathrach as a haithle sin ris na curadhuibh a cédóir, agus as eadh ro ráidh riú:
"Tréigidh bhur bhfráoch agus bhur bhfúathmhaireacht," ar sé; "turnaidh bhar bhfearg agus bhar bhfíor-mhiosgais; íslighidh bhar n-anfhola agus bhur n-easccairdeas ar mh'impídhi-si agus ar mh'fhuláireamh, ó nár fhédsat maithe agus mór-úaisli Fhían Éireann bhur n-eadarsgaradh do bhur n-aimhdheóin; agus ná léigidh bás ná bioth-oigheadh d'fhaghbháil d'Fhinn ná dhá Fhíanaibh a n-aisgidh amhlaidh so gan troid gan tachar, agus fós gurab dearbh gurab usa do gach oéineach aca a oigheadh d'fhagháil óna náimhdibh agus óna n-easgcairdibh, ór is iomdha iolarrdha díbh seachnóin an domhain. Et má do-neiche orum-sa a bhfuráilim oraibh, do-bhér lúaidhaigheacht agus lán-aisgidh dháoibh as a los, .i. dá láoi léire luchra lán-mholta agus dá dhúain dhíana dhréchtamhla dheagh-rannacha do roighnibh mh'aisde agus mh'fhoirceadail agus mh'ealadhna do thromughadh bhur tteasda agus bhur ttúarusgbhála agus do mhédughadh bhur mór-chlú nós-oirdheirc, nó na deich fhoghla féighe frithire fíor-neimhneacha fileatt far fháobhraibh na haoíre muna bhfhaghar mh'athchuinghidh, .i. tár n-aoíre agus tár molta, tamhan n-aóire agus tamhan molta, on agus aineamh, athais agus easbhaidh, nó aoír agus ainmheadh agus glámh dhíoghainn." Agus is amhlaidh buí agá n-agallamh, agus do-rinne an rosg ann, co nd-ébheart:
"Tláthaighthear bhur ttrén-mheanma, mínighthear bhur mór-aigneadh, aóislighthear bhur n-árd-úabhar, laghdaighthear bhur lán-mhiosgais, faillighthear bhar bhfúathmhaireacht; bíodh aguibh ar mh'impidhi-si, onóir dom ealadhain, croidhe miochair muinntearrdha chloinne áon-mháthar agus áon-athar; do budh dhaoibh mur dheagh-cheannach, ar a bheith soirbh síochánta, re chéile ó bhur ccomhfhúachtaibh, dá laóidh léire lán-mholta, nó dá dhúain dheagh-rannacha, nó dréchta nó dúthchunnna, go mba hadhbhar urghairdighthe le ríoghaibh, le ró-dhaoínibh, le banntracht, le banchuire bhur ngaisgidh, bhur ngníomhartha, agá n-aithris ar bhur n-éisi-si; dob fhaisnéis le fileadhuibh go ttí laithe an Lúan-bhrátha, bhur ccosgar comhaigmhéil, bhur n-iomghuin is aindreannda, bhur ttachar is trén-neartmhar; bhur ttreasa ní tláth."
Ó 'd-chúaladar na dá churaidh chalma chédfadhacha sin bagar a ndóertha agus a n-imdheargtha nó gealladh a láoidhidh agus a lán-mholta do láthair ann sin, gabhais meanma agus mór-inntinn íad imá moladh, omhan agus imeagla imá n-imdheargadh. Táinic cáor chonnailbhe agus báidh bhráithreasa agus inntinn fhíor-charthanach dhá n-ionnsaighe, gur thréigseat a miosgais agus a mí-dhúthracht, a fformad agus a ffíochmhaireacht agus a ffíor-aingidheacht. Do choimhnigheadar a ccairdeas agus a ccaradradh, a ccaidreabh agus a ccompántas, go rabh a gcroidheadha go caomh-charthanach dá chéile don chur sin, agus tucsat a n-úidh agus a n-aire a n-aoinfheacht agus a n-áon-fhábhall d'anshógh agus d'uireasbhaidh an rígh-fhéinneadh, dá mbeathaidh agus dá mbaoghal budhdhéin, go ttucsat aghaidh a n-aoinfheacht agus a n-áon-úair dá mbeathaidh agus dá bhfóirighthin. Is ann sin do táomadh agus do tiormuigheadh, do dúbladh agus
daingnigheadh, do glanadh agus do gér-sgúabadh, do niamhadh agus do núa-ghlanadh urlár agus imdhadha agus airighne agus toff agus tile agus tábladha, taoibh agus tréin, tosach agus troim-dheireadh, cláir agus croinn agus caoimh-théda, seóil, slata agus sith-rámha na seirrghinne, gur cuireadh leó go lán-uttmhall gach crann ina chaomh-log agus gach róba ina ro-áit agus gach anairt ina hionadh agus gach aidhme eile ina adhbha áirighthe urdhálta agus ina aitreabh im-dhílis, mur rángus a leas ag na laochaibh, gur ro éirigh meanma isna mílidhiph agus calmacht isna curadhuibh agus treise
isna tréin-fhearuibh agus aigneadh isna hárd-mhaithibh air-cheana an úair sin. An tan ad-chonnairc Fearghus Fín-bhél comharrdha subhachais agus sobhróin fón samhla sin far na sáor-chlannaibh téid a cceann a dhúaine, a dheagh-dhána, agus a dheagh-chearda do ghabháil mur do gheallustair, agus tug tosach a dheagh-ealadhan do Gholl mur fa cubhaidh d'onóir, dá aóis, agus dá shinnsireacht do shunradh. Agus as eadh so an dúain do-rinne síosana:
"Goll mear míleatta, ceap na cródhachta, lámh fhíal árrachta, mían na mórrdhachta. Léomhan luath-adhbhal, leónadh láin-bhiodhbhadh, tonn gan trén-toirneadh Goll
a ngnáth-iorghal.
Fraoch nár fúaraigheadh, laoch go láin-deibheadh, réim in rígh-churadh mur léim láin-teineadh. Ágh gan fhúarachadh, mál go médachadh, láoch gan lámhachadh nár thráoth trén-ndochar. Dí
th ar dheagh-dháoinibh d'fhíoch a n-oll-bhúadhaibh, úaill ós áird-ríoghaibh, búaidh ar bhorb-shlúaghaibh. Tríath na trom-chána, in Brian binn-mhálla, mílidh mearr-dhána, díllidh diongmhála. Tréin-fhear trén-lámhach, séin-fhear slógh-dhánach, fear lonn lán-bhúadhach, Goll mear mórrdhálach. Scál i
sciemh-úire, bláth go mbuan-áille, tuile trén-láimhe buille a bhúadh-láimhe.
Mórrdha a meir-imghuin, cródha ar chin-airgnibh, tuir go ttrom-fhoghlaibh, muir ós mion-aibhnibh. Tonn is trén-fhearrdha, Goll nach glór-dhorrdha, searc na síor-fhoghla, mac mear mór-Mhorna. Dí
th ar dhanaraibh, cíos gach cineadhaigh grian ós glan-fheadhaibh, fíal re fileadhaibh. Goll maith mór-fháoilidh, flaith nach fír-dhiamhair gach tír trén-leónaidh, rígh go rígh-ríaghail. Dúas go ndeirbh-
éile, cnúas is comhláine, mac dían deagh-Dháire, tríath gach tromdháimhe. Súr gach síodh-oirir, clú nach ccáinfidhear, grís bheó an bhúan-oinigh, breó nach báithfidhear.
Féinnidh fearonn-mhín céillidh comholl-ghlóir, béim Guill ghlain-imláin mur thuinn torann-mhóir. Ruirigh rían-ghlórach suiligh síor-shloghach dealbhdha deigh-ghníomhach fearrdha fíor-bhúadhach. Córaidh crúaidh-reannach d'ógbhaidh Éireannach, colg lom lúath-bhuilleach, Goll borb béimeannach. Flaith na bhfoghal-chríoch, maith gan mhugha-ghnáth, sruth ag siubhal-lúath cruth mur chubhar-bhláth. Éin-fhear iomarcach, tréin-fhear trom-fholtach, a sgiath na sgeimhealtach, a chlíath na cConnachtach.
Ceann slúaigh saor-ro-thruim, búaidh gach én-chomhloinn, a treas táobh-fhairsing mur eas trén-torainn. Feidhm nach feidhm-fhallsa feidhm na bhfear-ghlonn-sa, cródha an comhlann-sa, mórdha an mear-Gholl-sa.
A haithle an fhoircheadail sin d'fhoillsiughadh agus d'inisin d'Fhearghus, ro líon subha agus sobhrón adhbhal Goll imá ghnáth-mholadh, agus is inbhfeachtain má ro thacmhaingeastair a chroidhe ina chlíaph d'iomad a mheanma agus a mhór-aignidh. Tuc a lámh go lúath a ccomhraidh a scéith mhóir mheadhónaigh mhíleata, agus tucustair mun-torc maiseach mín-chumhdaigh don ór áluinn éxamhail aisde, cona lomnaibh leabhra lán-áillne, agus go slabhradhaibh sreith-gheala soluis-gheamacha do dhearg-ór dhíoghraiseach dhath-álainn agus d'airgead aoín-gheal aithleagtha fria hiághadh agus fri hoslugadh isin ór-mhuinche im mhuinél in mhíleadh, mur budh gnáth ríamh do rígh-mhílidh, agus tuc a láimh Fhearghuis an aisgidh sin, maille re fiche uinge dh'ór agus fiche uinge dh'argead agus re fiche uinge
d'fhionndruine bhoí isin chobhraidh chaomh-álainn chédna, agus adubhairt 'na dheaghaidh sin: "Do-bhér-sa," ar sé, "coibhéis na ttrí ffithchitt uinge sin dom chíos míleadh gacha bliadhna rem bheathaidh a lóghaidheacht do dhána dhuit, agus coimhleathatt h'aighthe dh'ór do ma mháoinibh agus do ma mhaitheasaibh fil a ccomhrair choimhéda mo shéd a n-oirchill fhileadh agus ollamhan agus aos gacha dána, leath mo rúin agus mo chogair agus mo chomhairle agus urdail re gach tóeiseach noenmhair do chlannuiph Morna d'fhíadhach agus d'fhían-chosgar eidir Fhíanaibh Éreann ar sin anúas an feadh bhías rí-fhíanaigheacht chóigidh Ól nÉgmhocht ar mo chumus, dá ngoirthear go comhghnáth cóigeadh caomh-álainn Connacht." "Beir búaidh agus beannacht, a láoich ós na laochaibh, agus a churaidh ós na curadhaibh, agus a thréin-fhir ós na tréin-fhearuibh, agus a airsigh ós na hairseadhaibh, agus a mhílidh ós na míleadhuibh," bhar Fearghus, "úair ní thug rígh ná ró-fhlaith, curaidh ná cath-mhílidh, triath ná táoiseach d'uaislibh ná d'árd-mhaithibh Éireann an urdail sin a n-áoinfheacht dá fhilidh ná dá ollamh, acht madh Cú Rí mac Dáire mheic Dheaghadh an tan tucustair na tiodhlaicthe trén-aidhbhle dá ollamh budhdhesin, .i. Ferchirne file, amhail ro fhoillsigheastar fén d'aithle bháis Chon Rí, ag tuireamh
agus ag trén-fhaisnéis a mhaitheasa agus a mhóir-édála ón aird-rígh." Tuc a aghaidh annséin ar Osgar, agus do-chuaidh a cceann a dhúaine 'na dheaghaidh sin, agus as eadh so dúain agus deadh-aircheadal do gabhadh aca ann:
Osgar iolbhúadhach, cosgrach comhdhálach, deacrach deighgníomhach, searcach soghrádhach. Fear na ffoirimeal, na sleadh sean-ndaingean, ágh nach an-ullamh, grádh na ngeal-ainnear. Súil re sioth-fhoghuil, úidh air aith-cheanuibh, brosgar beithreamhuil, Osgar aithreamhuil.
Flaith is fíal-bhuige, maith is mór-thraide, máor gan mháoth-laige, mac caomh Cróchnaide. Trén-láoch trom-ághach, bél-gháoth binn-dhálach, tairbtheach teannálach, airgtheach iol-dhánach. Dána dí-fhreasdail lámha lúath-Osgair, slighe ar seól-aisgidh, bile búadh-fhosguidh. Ceann na ccath-bhuidhean, geall gach glan-churadh, déine deigh-theineadh, méinne mathghamhan. Dualach donn-bhoig-mhín búadhach barr-laig-réidh, blosgadh borb-aigéin Osgar airm-aigmhéil.
Tosd ar trén-bhuidhnibh nár fhosd a
in-iorghail, bárr ar bhúan-fhoghluibh, crann ós caoimh-fhiodhbhaidh. Libh fád fineachuis is dál druineachuis, an mír murrachuis gan bhrídh mbuidheachuis. Buile ar bhanchuire uile ót ionmhuine, mealladh maighdine, earradh iorghuile. Badhbh ag bél-ghuidhe ós t'arm oirdnidhe, ord na hurlaidhi do cholg coilgnimhi. Leat tús túarustail ód lúth lán-aistir, ar ndíol dlúth-fhosgaidh do ghníomh gnáth-ghaisgidh.
Osgar arm-ghuineach, bos-ghlan bionn-bhladhach, calma confadhach, adhbha iorghalach. Úir is ioth-bhuige, dúil gan dochraide, céim an chathuighe, mar réim ro-thuile. Ágh na n-árd-churadh, mál gan mheirg-theimheal, crithre ar coilg-shiubhal, drithle dheirg-theineadh. Aoibh na n-ógánach in cáoin céd-ághach, cosgar cruadh-dhálach Osgar édálach. Mionn na mór-bhuidhean liom gá lán-mholadh, cosg gach cáomh-churadh, gort fá ghrán-toradh.
A haithle na ndrécht ndéigheanach sin d'fhaisneís agus d'oirrdhearrcughadh d'Fhearghus, tucustar Osgar mac Oisín a lámh leabhar lán-ghasda a cobhraidh
cáomh-álainn a sgéith úaine álainn-bhric, agus tucustar fearonn adhbhal im-reamhar órdhaidhe aisde ina mbuí balc-lán láimhe láoich láidir lán-chalma ina tighe agus ina tacmhang <.i. idh mhílidh no bhíodh im chois-cholpa curadh agus cath-mhíleadh día fhosdadh agus día fhíor-chongmháil a n-ionadh áigh agus iorghaile ar ionchaibh a chéile comhraic: gé madh teicheamh nó tréin-sheachna budh mían nó budh mór-laind leis nach beith fur a chumus, agus is diséin is ainm fír-ghnáthach "fearann"; agus is d'ór álainn éxamhail no bhíodh sin ag na ríoghaibh agus ag na ro-ghaisgeadhachaibh, d'airgead, dano, agus d'fhionnruine, d'umha agus d'íaronn im chách a gcoitchinne, .i. do réir a n-úaisle agus a n-onóra ó sin amach>; agus tuc fiche uinge dh'ór agus in choibhéis eile d'airgead agus d'fhionnruinne maille friú. Agus is-beart fri Fearghus: "Ag so aisgidh úaim-si dhuit," ar sé, "a ttús díola do dhána agus do dheagh-ealadhna. Agus do-bhér duit ar gheall Goll do mháoinibh agus do mhór-chomhthaibh ina cheann sin duit, muna ttucar ní bhus aidhbhle nó bhús imarcaíghe." "Éccóir do bheitheása ag coimeas nó ag comhardadh re dúais nó re deagh-thoici Guill mheic Mhorna, a Osgair mheic Oisín," bhar Conán mac Morna, "agus nach ffuil a bhFíanaibh Éireann éin-neach is láidire lámh, agus is cródha croidhe, agus is
árrachtaighe inntinn, is féile agus is fíor-dhearlaigthighe d'éixibh agus d'ollamhnibh, agus fós is sine ar aoi n-aoisi inás, acht madh onóir agus airmhidin Fhinn mheic Cumhaill amháin, mur thárla do thoice agus do throm-chonách dhó dearrsgughadh dá gach deigh-fhear dhíbh." "Ná bí-si gom chosnamh, a Chonáin," ar Goll, "úair do-ghébhuinn ar son do chonganta agus do chosanta úait do theanga lúath labharthach agus do bhél cainteach comhghlórach do chosg do chách." "Ní bhíu immorra, a áirsigh, ghut chosnamh," bhar Conán, "acht dar lium, gé mór bhar n-aifear imaifear orm gus ttrásda, is maith dhaoibh fá dheóidh a ndearnus, úair béid bhur láoidhe agus bhur lán-mholta ar meabhrughadh agus ar mórchongmháil go bruinne brátha agus go deireadh dhomhain, agus muna bheinn-si, ní dhingéntá a ndearnadh d'aircheadal nó d'ealadhain díbh tar gach neach oile d'úaislibh Fhíen Éireann. Agus is dursan damh-sa nach re héixe nó re healadhain rom-cuireadh as mo thosach mé, amhail ro cuireadh Fearghus Fínbhél mac Finn, uair gé tá ina mhac rígh agus ró-fhlatha, ní ffuighe guth ná gnáth-oirbhire im mheattacht nó im mhídh-láochdhacht do dhénamh, agus atá a bhreath f<éin> do mháoinibh agus do mhór-chomhthaibh ar úaislibh agus ar ard-mhaithibh Éireann aige, agus in gach ionadh eile ina ttéid ar ttoisg nó ar tturus, agus dá
madh
d'echtaibh nó d'áithiusaibh do-dhéna, is oirrdhearca dhó iad sin iná d'éin-neach eile. Agus níora chóra dhó a bhfuair d'édáil agus d'ard-bhronntaibh ann súd d'fhaghbháil iná dhamh pféin, dóigh is mé tug fá deara in dearlacadh úd do thabhairt dó-san, gion gurab oram a mbuidheachus; agus is meinic tarla sin damh-sa," for Conán, "adhón toradh mo sháothair agus mo shíor-fhoghnomha ag neach eile im fhíadhnuise agus mé fhéin díolmhuin ina dheaghaidh." Fáitbhis an Fhián a n-áoinfheacht im chomhráitibh Conáin, go mbádar go meadhón laoí lán-mhóir fó chomhgháir shubha agus shobhróin a ndeaghaidh gach docamhail agus gach doghrainge dá bhfhúaradar go soiche sin, agus tar éis síodha agus agallmha Fearghusa Fín-bhéil mheic Fhinn eidir na Fíenaibh. d'aithle na ráiteadh sin, adubhairt Fionn: "Ciá hí an chríoch it-chímíd?" "Críocha na hAntuaithe súd," bhar Aonghus agus bhar Labhra Lámh-fhada. "Cosnaidh an caladh go curata dhúinn, a dheagh-mhaithe," bhar Fionn, "riasiú cuirfeas cogadh agus ceannarraig na comhgháoithe, nó easgal an aigéin, nó anfadh na hard-áibhéisi anshógh nó iomrall sligheadh ar ar seirrghin." Is ann sin tucadar an Fhíen a n-aoinfheacht a
seóla agus a síth-anarta a n-aon-fhábhall don arthrach. Do chuireadar dá shreith chearta chomhthroma chomhmóra do rámhuibh réidhe righne ró-chrúaidhe agus do sheasaibh tailce taoibh-leathna toirteamhla ina ttimcheall, go ttugadar seóladh santach síor-lúath sár-athlamh agus innioll édrom utmhall urmhuisneach agus bann díochra deigh-imramha ar an mbáirc mbeann-áird mbronn-fhairsing agus ar an láoidhing luchtmhair lán-daingin, d'aindeóin tonn agus tuile agus trén-anfaidh, d'ionnsaighe in oirir go haindreannda, go ttucsat leathad a lán-táoibh don láoidhing ar an leabhar-thrácht. Tángadar an laochraidh sin dochum in chalaidh co luinneach lán-tshuilbhir don chur sin, agus ro ghabhsat ag taghall agus ag taisteal in oirir ina n-uirthimtheal, ór fa maith leó meirbhthean na mara agus a mór-scís do dhíchur dhíbh ré ndul a ndáil chatha nó chomhlainn. Bádar amhlaidh an oidhche sin, gan dol dochum a luinge nó a lán-arthraigh, ar fheórannaibh fér-úaine fíor-thairisi na ffearann sin, agus ar chearchallaibh clúmh-ghlasa caoimh-fhéracha na ccríoch, agus ar leapthachuibh leathna luchtmhara lán-mháotha in fheóir agus an fhásaigh, go ttáinic an mhaidean mhoch-sholus arna mhárach gusna maithibh. Ro éi
gheadar an Fhíen go hurmhuisneach iar sin, agus ro ghabhadar a ttrealmha troda agus tachair go tinniusnach d'fhágbháil an oirir agus d'asgnamh
ar amus dhúnaidh agus dheagh-chathrach rígh na hAntuaithe; agus is amhlaidh baoí séin a n-ard-aonach agus a n-árd-oireachtus a n-oirchill na Féine, ar ndul a sgél fó na críochaibh a ndearnsat d'échtuibh agus d'áithiusibh agus d'imreasuin isin Ioruaidhe. Ro fhágaibh Aonghus Óg agus Labhra Lámh-fhada fé fíadh agus cealtair choimhdhe iman mBreac-bháirc, conach urmhaiseadh aon-duine dá heasccáirdibh a hinghreim iná a himfhorrán co teacht do na saorfhearaibh dá saighin. Rángadar an Fhían rompa don ruathar sin ina mbróinn bhodhbha agus ina léibheann lán-dlúith, agus ina ccipe cheangailti agus ina ndaingean dhíghinn, go rángadar go faithche an dúnaidh sin rígh na hAntuaithe. Agus ar ttorrachtain dáibh, ro suidhigheadh pubal don rígh-fhéinnidh a n-imeal na hurluinne, agus ro sgáoilitt a bhrothracha agus a bhreacáin agus a choilceacha agus a chearchallacha, a fhoirche, a fhoirghoimhne tairrsi gon toisg sin. Agus suidhis Finn agus maithe na Féine ina fharradh innte as a haithle. Ba hann sin ro fhíafraigh an rí-fhéinnidh: "Cúich aguibh do bhur n-úaislibh fhreagrus cathughadh agus comhchosnamh an loí aniú a n-aghaidh ógbhadh na hAntuaithe, nó 'na n-aoinfheacht raghthaoí do chathughadh friú?" "Ní headh, idir," ar Aonghus óg, "acht a ndeaghaidh aroile, uair dá ndeachmuís inar mbeacán buidhne a n-aghaidh na n-iol-chéd úd do
mhúchfadh anffurlann na hiorghaile agus gaisgeadh na ngalgatt agus ursglaidhe na n-ánradh a n-áoinfheacht umainn, acht cuirfemíd aóin-fhear dhár n-ánradhuibh i n-aghaidh gach laithe nó go ttraothar an-bhárr a láoch agus a lán-tionóil linn." "Is cubhaidh coimhchneasda an chomhuirle sin, a Aonghuis," bhar Finn, "agus cia haguibh d'Fhienaibh Éireann," ar sé, "ghébhus tús tachair agus urthosach iorghaile re hógaibh na hAntuaithe re a ais isin laithe si aniúdh?" "Ní fhaicim aguibh," bhar Conán mac Morna, "neach darab córa tús glíadh agus tachair do ghabháil do láimh isin laithi si aniúdh iná do mhac rúanaidh rathmhar roithrén an rí-fhéinneadh, gá ffuil súil agus saoileachtain re hinmhe agus re hoineachus Éreann d'fhaghbháil d'éis a athar, .i. Oisín mac Finn, .i. gaisgeadhach fraochdha fearrdha flaitheamhail fíor-bheódha lámh chosanta agus chothuighthe agus chongbhála Fhian Éireann mur shaoilius fén tar éis a athar." "Ní rángus a leas laoidheadh nó lánbhrosdadh do dhénamh orum-sa d'ionnsaighe áigh nó iorghaile ón laithe rom-ghéanair gus anosa," bhar Oisín. As cuma no bhuí agá rádha agus ro ghabh a chulaidh chatha agus chomhraic imá cháol-cholainn, .i. a chotún corrtharach caoimh-ghrésach agus a lúireach dhlúith-mhear dhían-fhada agus a chathbharr cáoimh-righin crúadh-fhulaing agus a dhá chraoisigh dhíorgha dheigh-sheólta agus a chlaidheamh lasamhail
lán-fháobhrach agus a sgíath dhúal-cháoin dhealbh-álainn ós stuaidh-leirg a dhroma an deagh-láoich agus a aidhme áigh agus imfhorráin ré-roile. Táinic roimhe go talchair troigh-ésgaidh go himeal oireachtuis na hAntuaithe, agus ro fhógair comhlann ar na curadhuibh a cédóir. Ro freagradh co fuireachair leis na tréinfhearuibh in t-iarratus sin, agus tucadar aghaidh a n-áoinfheacht ar Oisín, gur dhiúbhraiceadar saithe seólta síor-neimhneacha dá sleaghaibh sénta so-lámhaigh, agus dá n-armaibh deagh-fhaobhracha doi-fhreastail, agus dá ngun-bhuinnibh géra gnáth-ghaisgeamhla a n-aghaidh Oisín, dá oirleach agus dá oigheadh amhail cheatha falcmhara fiór-chrúaidhe fearthana, nó mur shaithche bhríoghmhar bhúan-neimhneach bheach ós beach-losaibh. Ó'tt-chonnairc Oisín, imorra, na haird-cheatha sin dá ionnsaighe, ro chromustar a cheann a ccrioslach a sgéith sgíomhdha sgeall-bholgaigh, agus do-rinne faobhair-chleas go hathlamh dá imdheaghail, gur ghabhustar na harma imfhaobhracha aigmhéile a n-airbhearuibh lán-mhóra leith-bhrisde a n-imlibh agus a n-árd-thulaibh a sgéith, arna n-airleach agus arna n-adhbhail-ghearradh d'fhaobhraibh a fhíor-chuilg agus do reannaibh a rúadh-shleagh. Téid féin fúthaibh fá dheóigh, agus gabhais gá ndluighe agus gá ndian-sgaoileadh, gá marbhadh, gá meir-leadradh, gá n-airleach agus gá n-easargain, conár léig úadha aoin-fhear gan oigheadh iná curaidh gan
athchuma ná tréin-fhear gan teasargain ná láoch gan lúath-bhás dár aistrigh ina aghaidh do na curadhuibh sin. Ro iarr, imorra, céd oile dá ionnsaighe. Táinic an céd chuige a ccuma cháich, agus do-rinne an ábhairt chédna ar na caomh-fhearaibh re dumhachaibh deiridh in deagh-láoi, gur fhágaibh ina n-easrachuibh uirghearrtha agus ina leapthaibh leadartha agus ina ndaisibh dian-teasctha gach deigh-fhear do na drong-bhuighnibh sin. Táinic féin go fuileach flann-chomharthach co pubail an rígh-fhéinneadh re hurthosach na hoidhchi. Agus ro cuireadh losa soineamhla sídhe Tuaithe Dé Danann, .i. beatha agus búan-tshláinti a n-anmonna, ina n-áladhuibh agus ina n-ard-chneadhuibh le hAonghus óg agus le Labhra Lámh-fhada do leigheas a lot agus a chaoimh-chrécht. Bádar faran ordughadh sin an oidhche sin gan bhrón, gan bhéd, gan bhaoghal go tráth éirghe do ló arna mhárach. "Cía rachus úaibh andiú ar amus na hiorghaile, a óga?" ar Finn. "Rachad-sa ann," bhar Osgar mac Oisín, "ór is amhlaidh is imchubhaidh do réir reachta agus ro-dhlighidh an mac a n-ionadh an athar, óir ó dho bhí-sion ané isin iorghail, agus rachad-sa andiú ina inadh innte dhá chosnamh." Is ann sin ro éirigh an chliath-bhearna chéd agus an bheithir bhorb bhéimionnach agus an mathghamhain
mear mór-ghlonnach agus an t-onchú iorghaile agus in t-Eachtair iontshamhlaightheach agus aon-bharraighe na hEórpa ina aimsir féin, .i. Osgar iolbhúadhach adhbhail-ghníomhach mhac Oisín, ar amus na himghona go hárrachta; agus rucustar lámh thapaidh láochdha lán-urlamh ar a leathan-armaibh agus ar a chulaidh chatha agus chomhlainn a ccoimhnéinfheacht uime; agus táinic go cobhsaidh céim-dhíoghainn a ccomhdháil in chathaighthe; agus fuair céd fear n-armach n-ionchomhlainn fó aon-bhróin airm agus éididh agus innillte ina urchomhair. Iomthúsa Osgair, imorra, ro léig ingheilt agus ardchognamh a chuilg chrúadha chlais-leathain chomh-mhóir ar mhuinélaibh míleadh agus ar dhromannuibh deigh-fhear agus ar fhormnaibh fíor-láoch agus ar ochtuibh óig-fhear agus ar chaoimh-chneasuibh curadh agus caithmhíleadh ar-cheana, conár fféidir silleadh ná sírfhéchain, freastal ná fritheólamh fair, gur chuir gach aoin-fhear aca a ccosair chró agus a n-áit a oigheadha. Agus íarrais céd eile fá dheóigh ina dhóchum. Táinic an céd sin fá chédóir chuige; agus ní théarnó neach budh fiú a aithris ná a imrádh ar a n-ais do na hógaibh gan bás agus búan-ég d'imbirt a n-áoinfheacht orra re coim dheiridh an chaomhláoi. Agus táinic féin cneadhach créchtach crólinnteach fá bhuaidh chosgair agus chomhlainn go pubail Fhinn im iarnóin.
Ro cuireadh na luibhe comhromhacha cédna ina chneadhuibh, ina chréchtuibh agus ina chomháladhuibh, .i. beatha agus sláinte. Bádar amhlaidh sin an oidhche sin fó shubha agus fó sho-mheanmuin go ttáinic an mhaidean mhoch-sholus arna mhárach. Ro éirgheadar an Fhían ar an treas laithe go lúath-gháireach a pubail an rígh-fhéinneadh. Fíafraighis Fionn do na Fíenuibh cia dhíobh no raghadh isin comhlann don chur sin. "Rachmaíd-ne chuige," ar na trí tréin-fhir thailce thoghaidhe throim-ghníomhacha agus ar na trí curaidh chalma choimhneartmhara, .i. Glas agus Géar agus Gubha, .i. trí meic Aon-chearda Béarra. Rucadar sin a ttrealmha troda agus a n-aidhme áigh go hurmhuisneach impa. Tángadar go tinniusnach go hionadh oirismhe na laoch agus co maighin curtha an chomhlainn co coitcheann. Agus ar rochtain dáibh ann, ro iarradar céd tréin-fhear troim-ghníomhach do thachar agus do theagmháil friú, .i. dá chéd a n-aghaidh gach aoin-fhir aca. Ar ttorrachtain do na hógaibh go háon-láthair, ro roinnseat clann rígh Éireann íad féin a n-uirthimcheall na n-allmharrach ina ttrí húathnibh ághmhara allmharrdha im-fhulaing agus ina trí colamhnaibh comhthuinidhe agus ina ngabhlaibh teanna tairismheacha; agus do-chúadhdar fúthaibh fá dheóigh co feargach fuireachair fír-dhédla agus co treas-bhorb talchair trom-ghonach amhail fhaolchonaibh
féighe feargacha fír-lúatha ag dul fó ainmhinntibh laga láin-mheirbhe, nó mur sheabhacaibh seólta sír-lúatha ag dul fó énlaith édroim anárrachta, nó mur libheaghánaibh láidire lánmhóra ag dul fó mhíolaibh mara agus mór-fhairrge, gurab é sin sreathadh agus searnadh agus sír-leadradh, díth agus dluighe agus dían-sgaoileadh, freastal agus fodhbhadh agus fiar-leadradh, roinn agus rúagadh agus roi-theasgadh tugadar trí meic rathmhara roi-bheódha rígh Éireann ar úaislibh agus ard-mhaithibh na hAntuaithe, conach deachaidh fear maoíte maitheasa re marthain ná neach budh fiú d'aithris nó d'iomrádh ar ais úaidh gan bás nó bith-ainimh. Agus tángadar féin go cneadhach coirp-chréchtnaighthe dochum na puible re fuineadh néill nóna; agus ro cuireadh luibhe diamhra deigh-leighis Thuath Dé Danann ina n-áladhuibh le hAonghus óg agus le Labhra Lámh-fhada. Bádar go sádhal soi-bhríathrach an oidhchi sin ag imrádh a n-áithiusa agus a n-iol-écht agus gach neithi oile baoí ar a ccionn dochum a ttosga agus a tturuis, agus in fé fíadh co folaightheach fíor-dhiamhair thairsibh an tan sin ó na túaith-fhearuibh treabharrdha gá ndíon agus gá ndeagh-chaomhna go maidin mór-radharcaigh arna mhárach. Dála na Féine, imorra, ro éirghiodar ar an
cceathramhadh laithe co lán-obann; agus ro éirigh a reimheas rompa an fisidh fáidheamhail fír-eólach, agus in t-áirsidh échtach ilcheardach, agus a
t-ughdar oirrdheirc ioldánach, agus an curaidh clisde cathbhúadhach, .i. Aonghus oirrdheirc iolreachtach ard-chumhachtach mac an Dághdha mhóir mheic Dhealbhadha mheic Ealathan mheic Néid mheic Ionnuí, .i. mac aird-rí Éireann; agus ro ghabhustar-séin a earradh agus a iombúaladh co hésgaidh urmhuisneach uime; agus ro fhógair comhlann dá chéd ar churadhuibh na críche. Tángadar, tra, in dá chéd chuige a n-aoínfheacht, agus tucadar ceatha díana doi-fhreastail dá n-armuibh agus dá n-iolfháobhraibh a n-aoínfheacht dá fhorrach. Iomthúsa Aonghusa, dano, do-chúaidh sidhéin a ndígheann a dhraoídheachta agus a ndíamhair a dheagh-eólusa agus a muinighin a mhór-chumhacht, agus cuiris opadha agus órrthana ina n-aghaidh d'fhosdadh agus d'iomfhuireach na n-árd-churadh n-adhbhal n-ioliomdha sin uadh, co n-impódís tar a n-ais d'ionnsaighe an fhíallaigh agus an nimh-dhiúbhraicthe, go mbeandaoís ina n-ochtuibh agus ina n-urbhruinneibh, ina ttulaibh agus ina ttrom-tháobhuibh, go bhfágbhadaoís a n-anmanna gan fhuireach a n-ionadh a n-iomdhiúbhraicthe ar an ordughadh sin. In feacht eile, imorra, no dhíorghadaoís sleagha nó soighde nó arma ionchaithmhi éigin
oile dochum Aonghusa asa ccorpuibh agus as cáomh-bhruinnibh a fféindeadh agus a ffíor-mhuintire féin do bhunadh, agus do bheandaoís, ionnus dá mbeith Aonghus gan arm d'imeirt ar aoín-fhear aca go ttuitfidís féin a n-aoinfheacht re-roile, ar measgadh agus ar mór-chumasg a iolchumhacht orra. Uair fa hiomghuin re sgáili, agus fa glacadh gaoí gréine, agus fa hanál fri hárd-ghaoith, fa háradh fri haiér triall áigh nó iomghona, fuilighthe nó fírdheargtha fris, dáigh ní raibhe, ón libheadhán lán-adhbhal is ceann agus is codhnach d'ilphiastaibh an aigéin gusin gcorr-mhíol mbeag mbith-dheireóil is lugha far lár talmhan, cruth ná caireachtar nach taighleadh agus nach taiéradh gach tan ba lainn agus ba lán-mhaith leis. Agus táinic féin fá dheóigh a ndeaghaidh na n-écht sin tar a ais gan áladh,
fhoirrdheargadh ar amus Fhinn agus a Fhéine, agus ro léigeadh a iolach cosgair agus comhmaoithfe leó im na láochuibh. Mur sin dóibh go teacht an laoi lán-sholuis arna mhárach fó shubha agus fó shoi-mheanmain. Ro éirgheadar, imorra, ógbhaidh na hAntúaithe ar an gcúigeadh caomh-laithe dochum in chomhraig, agus do éirgheadar in Fhían don leith eile don iomghuin. Iomthúsa Labhra Lámh-fhada meic Thaidhg mheic Nuadhat, ro éirigh-séin go himathlamh aird-ésgaidh dochum in chomhlainn, agus ro
ghabhustar a earradh áigh agus iombúailte d'imdhídean a chnis agus a chaomh-cholla ar armuibh a easccarad eidir shleigh agus sgéith agus cathbharr agus lúirigh, agus ro fhógair comhlann céd ar na curadhaibh as a haithle. Ro freagradh an forchongra sin la hánradhuibh na hAntuaithe, ór táinic céd díbh a n-aghaidh Labhra Lámhfhada. Ionnsaighis Labhra agus an céd sin a chéile. Acht cheana, ní raibhe én-neach risin ffraoch feirge, risin confadh feadhma agus fiór-ghaisgidh agus risin mire chatha ad-ceas fair go fiadhnach. Acht as é a chríoch agus a choimh-chinneadh ní dheachaidh fear díthchill ná dearmaid do na deagh-láochaibh gan bás bith-urlamh agus oigheadh an-abaidh d'fhoghbháil ó Labhra ar an láthair sin. Agus ro shiriostar céd eile dá ionnsaighe. Freagrais Labhra in céd sin eile don athuair, agus gé gur fhreagradur-somh eiséin, ní théarnó aón ina mbeathaidh dhíbh fó dheireadh a ffoircionn an chomhraic sin, gur chuir a ccinn agus a gcolla isin chosair chomh-fhuilighthe chró. Agus táinic im thráthnóna gan fhuiliughadh, gan fhoirrdheargadh dochum na Féine go fíor-aibéil, agus ní raibhe cneadh nó coimhchrécht fara chneas ón chealltair dhoilfe dhraoidheachta búi uime, amhail buí Aonghus agá anacal. Rugadar as in oidhche sin gan imshníomh, gan athtuirsi, agus an fé fíadh tharrsa gá tteasargain ó Áonghus óg agus ó Labhra Lámhfhada. Ní hamhlaidh sin do shochraide na hAntuaithe:
bá himshníomhach athtuirseach a n-aigeanta agus a n-árd-mheanma, ba corracha a ccialla agus a ccédfadha, badar fanna a ffeadhmanna agus a ffíor-mheisneach dá ttucadur in Fhían d'áruibh agus d'easbhadhuibh orra gusan uair sin, agus gan aon écht dá ttríathaibh-siumh do thuitim ná do thsraothadh. Ar an seiseadh sáor-laithe, dano, ro éirgheadar leath ar leath asa scoraibh seachtair do rochtain go hionadh na himreasna agus go maighin curtha an chomhlainn. Is ann sin ro éirigh an tréinmhílidh teanntoghaidhe troim-ghníomhach, agus an curaidh colgmhur confadhach céim-dhíoghuinn, agus in dos dídin dána deagh-thapaidh, .i. Diarmaid dian deidh-ionnsaightheach ó Duibhne, oide cleas ngoile agus ngaisgidh na nGaoidheal, agus leannán ban agus baoíth-inghean na Banbha, do chosg a choda comhlainn agus coimhghníomha do churadhaibh na hAntuaithe d'Fhíanaibh Éireann. Gabhais a chaith-earradh catha agus comhlainn imá chneas, agus táinic 'na shidhe dhían-dhísgir dheagh-reatha go láthair an chomhlainn, gur chriothnaigh an talamh trom-fhóideach, agus an fhaighthe fhód-ghlan fhéar-úaine agus na cairrge crúaidhe ceann-gharbha fá chosaibh an churadh ag rochtain go háit na hiomghona. Ba deifir dhó-somh sin, .i. na hairrgheana áigh agus na comharthaighe claoíte comhlainn sin do bheith fair seach cách, .i. Aonghus óg mac an Dághdha, a oide bhudhéin, do chuir fraoch feadhma agus éccosg
iorghaile agus inneall imreasna agus dealbh dhísgir dhraoidheachta fair go fíadhnach, d'aidhbhliughadh a adhfhuatha agus a urghráine fria gach n-áon. Ciodh tráth acht, ro íarrastair comhlann céd ar na curadhaibh don chur sin. Acht cheana, fa haidhleasg ainéscaidh leó-san an athchuinghidh sin d'iarraidh orra lé ar thuit dá n-árd-mhaithibh go soiche sin leision Féin; agus gérbh eadh ro fhreagair céd deigh-fhear deagh-thapaidh go Diarmaid ann sin. Ro fhreagair Diarmaid co díochra na deaghmhaithe, agus ro imir a chleasa goile agus gaisgidh go hurmhuisneach orra, conár fhill fear ina fhrithing dá n-uaislibh nó dá n-árd-mhaithibh gan oigheadh obann agus gan ég urlamh d'fhagháil. Agus ro chuinnghiostair céd eile dá ionnsaighe; acht cheana is roi-ghiorra ruc an céd tánaiste don troim-ghleadhradh sin iná an céd toisionach. Agus táinic féin gan áladh, gan fhoirrdheargadh dochum na Féine. Ro hoirrdheargaigheadh a ghníomha agus a ghnáth-áithiusa ag Fearghus Fín-bhél agus ag Aonghus iolchrothach agus le cách ar-cheana. Rucadur as amhlaidh sin go subhach sobhrónach, nó gur éirigh lá cona lán-shoillsi ar na mhárach orra féin agus ar na laochaibh eile. Ro éirgheadar, imorra, ar in seachtmhadh laithe go lán-aibéil. Iomthúsa rígh na hAntuaithe agus maithe a thíre agus a thalmhan, ba hí a n-áon-chomhairle uile gan comhlann céd ná áoin-fhir do thabhairt úatha d'Fhíanaibh Éireann, acht dul
go láthair chatha re a ccuradhaibh do chinneadh a gconáich chatha agus do dhíoghail a n-éccraidhe agus a n-anfhorluinn. Is ann sin do éirigh an curaidh cath-bhúadhach agus in tréinfhear teagmhálach agus in t-airsigh iorghaile d'Fhianaibh Éireann, .i. Sgíath Breac mac Dathcháoin, dalta rúanaidh roi-thrén an rígh-fhéinneadh agus fear imchuir a sgéith co hionadh urdhálta na himreasna agus go céide comhchoitcheann in chathaighthe, agus ro íarr comhlann céd co comhathlamh ar na curadhaibh. Ó'd-chonncadur úaisle na hAntuaithe anní sin, ro éirgheadur féin a n-aóinfheacht dá ionnsaighe, agus tucadur saithe sunda síth-nimhneacha dá sleaghuibh seimhneacha síth-righne sár-mhóra agus dá saighdibh srúibh-ghéra seasmhacha síor-lúatha agus dá loirg-fheirstibh leathna léidmheacha lán-mhóra agus dá cclaidhmhibh clais-leathna curata comhmóra 'na gceart-aghaidh co coimhdhíochra, agus níor dhámhadur fír fear ná comhlann fa coimhlión dó, acht atá ní cheana, níor dhámhadur comhthrom iná cuibhdhios dó in tan sin. Ní ar thime ná ar thlás iná ar theitheamh do-chúaidh sin ag Sgiath Breac in borb-chumusc sin, acht ro chromustair a cheann a gcrioslach a sgéith órdha imeall-cháoin, agus ro lúathaigh a lámh re a laighin go lán-urlamh, agus ro chrúadhaigh a chroidhe co curata risin ccathughadh, agus ro thoirismhigh a throighthe go toghdha ris na tulgánaibh nó gur dhóirteadar na deigh-fhir dhíana dhío-choiscthe agus na curaidh chródha chéim-dhíochra
agus na tréin-fhir thailcthe thinneasneacha agus na hairsigh olbhdha ard-rathmhara a n-áon-úair fair, gur beanadh osnadh ard acáointeach agus íachtadh éccomhlainn asin ard-mhílidh ó iomchar ánradh agus armann agá easarguin. Ó't-chonnarc, tra, Fíena Éireann imurcaidh na céd agus na ccath-bhuidhean agus na ttréin-fhear ttoirismheach ttalchair agus na laoch láidir laimhthionach ag tabhairt a n-aighthi a n-áoinfheacht ar Scíath Bhreac go barbarrdha báoth-chiallaidhi, ocus nár dámhadh fíor fear ná comhrac comhthrom ná deabhaidh fa deighlíon dó, do chúadar fén co hathlamh éscaigh im-ghlic dá fhóirighthin, agus ro éirigh a ttosach ris na tréin-fhearuibh in curaigh cliste comhromhach agus in leómhan laochdha lán-arnaidh agus an bheithir bharann-chrúaidh bhioth-láidir, .i. Goll mear míliota mearr-dhána mórbhuilleach, mac Morna d'fhurtacht a ógláigh agus do chosg a choda catha do thréin-fhearuibh in tíre. Ro luathaigh a lámh ré a lainn agus re a laighin ar in láthair sin, go cclos fó im-chíanaibh an oiléin comhchoigeadal a chuilg agus a chrúaidh-shleighi ag díthughadh deigh-fhear agus ac teasgadh tréinmhíleadh agus ac mudhughadh mór-láoch agus ag clódh curadh agus cath-armach seachnóin in chatha cheachtarrdha sin, conach fríth ath ar a fheirg ná úain ar a fhírneart ná cosg ar a chonfadh go ráinic gusan ionadh ina raibhe aird-rí na hAntúaidhe ag laoídheadh agus
ag lán-bhrosdadh a láochraidhe dochum in chatha, agus as é a n-eidir-mheadhón. Cidh tráth acht, ó'd-chonnairc an dá chathmhílidh sin a chéile, ro nochtadar a n-arma d'fhorrach agus d'fhíor-oigheadh aroile, agus ro fhearadur comhrac dísgir dána dásachtach agus deabhaidh dhí-fhreagra dhoi-fhrea
dail agus gleó gáifeach gér-ogla garbh-aigmhéil agus troid thalchair thréin-neartmhur thinneasnach, gur chriothnaigh an talamh trom-athlamh trén-adhbhal fá throighthibh na ttréinfhear, gurbhó teann-obair dho na curadhaibh ceachtarrdha cathughadh gan a leagadh nó a láin-easguir go lár agus go lán-talmhuin, gur thréigeadar a ffeadhmanna catha agus comhlainn ac coimhfhéchain deabhtha na deise sin. Acht atá ní cheana, ro lúathaighitt lámha, agus ro chomhchothaighid cosa agus ro fhír-dhaingnighid feadhmanna, agus ro chrúadhaighid croidheadha, agus ro hardaighid aigeanta, gurbho brisdi bloghfa bruaichrébtha a n-airm agus a n-éididh agus a n-iolfhaobhuir ón imshloíghe. Is ann sin ro ghlacustar Goll an gorm-gha garbh-dhaingean glac-thoimhsighe ar leónadh a lainne do na borb-bhéimeannaibh, agus ro chuir a choirr-mhér díreach daingean-neartmhur a súaithneamh sídhamhail na sleighi slinn-leithne soitheilgthe sin, agus ro léigeastair amach an mhanaoís ina láomannaibh casda crithir-nimhneacha agus ina hanrachtán fhíor-nimhe agus ina hinnioll urbhadha, gur bheanustair in bhorb-shleagh a mbél a ochta
agus a urbhruinne isin áird-rí, co n
eachaidh feadh láimhe laoích dá leabhur-chrann ar lorg a láin-íaroinn tré chompur a chroidhe agus a chléibh don churaidh, gur scoilt a chroidhe ina chliaph agus a dhruim ara dhó don deigh-fhear, agus ro-bheanustair a cheann dá cholainn don chrúaidh-bhéim trén tánaisde sin. Ro léigseat an Fhían iolach cosgair agus comhmaoídhmhe im cheann an áird-rí as a haithli. Dála shl<ú>aigh an oiléin, immorra, ar ttuitim a ttriath agus a ttighearna re a ttaobh, ro ghabhadar dobhar agus dásacht, faoinneal agus folúamhain, meatacht agus maoth-chroidheacht co hullamh dá n-ionnsaighe; agus ro ghabhadar ráon mire agus móir-theithmhe chuca. Ro leanadar an Fhían go hathlamh íad; ro bhádar gá sloighi agus gá sléachtadh, agá ttiughadh, agus agá ttanughadh, gá ccumach, agus gá ccrúadh-airleach, gá leadradh agus gá lán-mharbhadh, conach deachaidh áon gan oigheadh, ná láoch gan lúath-bhasgadh, ná curaidh gan chréchtnughadh ná rígh gan ro-leónadh, ná úaisle gan fhorrach d'árd-mhaithibh na hAntuaithe, muna dheachaidh do rinn ga nó cloidhimh, nó d'fháobhraibh tana túagh. Is mur sin ro bhádar ag leanmhain agus ag lán-tóraigheacht orra, nó gur scar imdhorcha na hoidhche ré-roile íad. Ro impádar go cath-láthair an chomhlainn; agus ro lingeadar tar múraibh agus tar mór-dhaingnibh na cathrach co trén-thinneasnach. Agus ro bhádar
innte an oidhche sin agus mná dealbh-áille na cathrach agus in dúnaidh ar feis leabtha agus lán-dérgaighthe ag na láochaibh; agus ro leighis Áonghus óg agus Labhra Lámh-fhada Goll mac Morna agus na maithe oile ar-cheana do loiteadh do ló an mhór-chatha. Ro bhádar co ceann cáocáoisi comhláine isin cathraigh, airgthe agus édála, ór agus airgead, ionnmhus agus earradha an oiléin gá thionól agus gá thiumsughadh chuca gach laoí, conár fhágbhadar dúnadh gan deigh-bhriseadh ná cathair gan chumhsgughadh ná árus gan fhíorbhlodhadh isin innis, go ttucadar an uile ionnmhus agus édála go háon-láthair leó, agus ro líonadh leó go lán-udmhall in Bhreac-bhárc bhith-urlamh do chinél gacha hionnmhusa agus gacha hearraidh dob imchubhaidh do luing nó do lán-arthrach. Agus ro lámh Fionn ar imtheacht asin oilén an lá déigheanach don cháocaois sin. Níor chían ro bhádar ann as a haithle sin co ffacadar céd curadh cédfadhach coimhfheadhma ag asgnamh isin bhfaithche ffér-úaine ina ndóchum, agus íad ceangailte comhordaighthe ina gcath-éideadh catha agus comhlainn, agus ógláoch áluinn osgarrdha aird-mheanmnach i nd-eidir-mheadhón eatarra fa cáoimhe don cheathair-dhúil, go mbrat áluinn iolchomharthach úainidhe agus go scuird shreabhnaidhe shnasda shireaga agus go cotún cáomh-áluinn ciumhusbhláith agus go lúirigh ndaingin ndeagh-fhulaing ndoibhriste agus go sgabal sgíemhdha sgoramhail scoth-éttrocht agus go ccathbharr ccrúaidh-righin
ccaoimh-dhealbhdha ccoinnealldha agus go lainn líomhtha láin-ghéir leadarthaigh a ttruaill ilbhric éxamhail órdhaidhe agá himurchar agus co sleaghuibh áilli iongantacha órdhaidhe agus fros-bhreachtradh fíor-áluinn forórrdha don ór áluinn ioldathach ar a armuibh agus ar a éideadh agus ar a iolfháobhruibh co huilidhi. Tángadar go hairm ina raibhe in rígh-fhéinnidh, agus ro sdúadhadar a nglúine go glé-neartmhar a ffíadhnuise Fhinn cona Fhíanaibh. Ro thógaibh an rígh-fhéinnidh a lámh go lán-ullamh ós cionn an chath-mhíleadh ba codhnach do na curadhuibh, agus ro fhiafraigh a sgéla féin de go foillsightheach. "Ioldánach Ór-armach mac rígh na hAntuaithe misi," ar sé, "do bhí ag foghluim chleas ngoile agus ngaisgidh fó chríochaibh agus fó chineadhachaibh na cruinne domhanta, agus céd mac rígh do mhacuibh ríogh agus ro-thighearna na hAntuaithe mur áon rium; agus do-chúalamar ar n-aithre agus ar n-árd-chinél do mhudhughadh agus do mhór-thuitim ribh-si, agus ar ndúinte agus ar ndeagh-áruis do dhían-bhriseadh agus ar n-ór agus ar n-airgead agus ar n-uile ionnmhus d'fhoghail agus d'fhíorsgáoileadh, agus mná broide agus búanghála do dhénamh dár mnáibh agus d'ingheanaibh rígh agus ro-tháoiseach na hAntúaithe. Agus ó nach rabhus-
a líon troda nó tachair do thabhairt dá bhur ttréin-fhearaibh-si, tánac do chur mh'aithne agus mh'eólusa ort-sa, a Fhinn, agus do thabha
rt