Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Imtheacht an Dá Nónbhar agus Tóraigheacht Taise Taoibhghile

Title
Imtheacht an Dá Nónbhar agus Tóraigheacht Taise Taoibhghile
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ní Mhuirgheasa, Máire
Composition Date
1671
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1954)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



IMTHEACHT AN DÁ NÓNMHAIR AGUS TÓRAIGHEACHT
THAISI TAOIBH-GHILE ANN SO,
AGUS AINM AN SGEÓIL SO.



Arna thionnsngnamh ann so a n-ainm Dé per
mé Danil Duignianus.



Aird-rí fisigh fír-eólach ro ghabhasdur aird-cheannus
Érenn gan uireasbhaidh, .i. Cormac
mac Airt aoinfhir mheic Cuinn chédchathaigh, .i.
file ar fhilidheacht agus breitheamh ar bhreitheamhnus
agus brughaidh ar bhrughachus agus mílidh ar mhíleatacht
agus rí a ndligheadh rígh an Cormac sin.



Acht cheana, fa comhlán muir agus mór-thalamh
do rath agus do ro-thoice re re<i>mheas an rígh soin;
fa measraighthe síona agus soineanna, fa comhthorach
coillte agus caoímh-fhearanna; fa híasgmhur eassa agus
inbheara Éireann fria ré. Báoi, dono, aird-fhianaighi
ághmhur oirdhearc oireaghdha i ndÉrinn
fria láimh Cormaic, .i. Fionn mac Cumhall mheic
Shoailt mheic Bháoisgne mheic Núadha Neacht
do Laighnibh.



Acht cheana, cé do bhí ceannus gacha cóigidh
ag Cormac, as beag má bá líonmhaire a fhlaithius
ós Éirinn iná flaithius Finn fessin, .i. tríocha
chéd gacha cúigidh, agus baile gacha túaithe,
ceathramha gacha baile, lios agus abhall-ghort gacha
baile dhíbh-séin; coilén con agus gadhair agus giolla
a ttigh gacha brughadh agus gacha bíataigh ó


L. 2


Shamhain go Bealltaine gacha bliadhna dá
mbeathughadh ar eadh Éreann a n-onóir Fhinn;
gan eathearrach ón mbúailidh gusin sen-bhaile
gan a cheadughadh agus a comhairliughadh d'Fhionn,
gan urdail an laoi<gh> allaidh nó an bhric dhubháin
do mharbhadh ná do mhór-airleach gan a cheadughadh
dhó; fós, coill óghachta agus áontomha ingheanradh
na hÉireann; agus a bhreith féin d'ionmhus
agus d'earradhaibh air sin anúas, maille re cíoscháin
gacha críche agus gacha comhfhorba go críochaibh
Leatha dá ttabhach agus dá ttógbháil agus dá ttrénchruinniughadh
le láochaibh agus le fíor-ghaisgeadhachaibh
na Féine. Conadh dá dhearbhadh in
fhlaithiusa sin ro chan so:




Flaithius Fhinn, fá ríogha an rath,
ar ccáomhna na gcóigeadhach,
do dáileadh dhó mar do dhligh
tríocha chéd gacha cúigidh.



Baile gacha tuaithe dhe
is ceathramha gacha baile,
lios ann gach baile go mbrígh
agus abholl 'gon aird-rígh.



Giolla is coilén con gan chlódh
agus gadhar go nglan-ghlór
i ttigh gach brughadh bhaile
Ó Shamhain go Bealltoine.


L. 3


Gan d'áon athrughadh eile
ó bhúailidh go sean-bhaile,
gan cíos do thabhairt dá thigh
do mhac Comhaill a hAlmhuin.



Gan urdail an bhric go mblaidh
nó an óglaoigh álainn allaidh
gan cheadughadh d'Fhionn fá seach:
fá mór an urruim d'aoineach.



<Ro> bhí, níor bheag an chomha,
coll óghachta is áontomha
ag mac Cumhaill ceann a gceann
óigingheanradh na hÉreann.



Cíos gach tíre ag teacht dá thigh,
ó Fhrancaibh, ó Rómhánchaibh,
a los a ghaisgidh go ngus;
dó fa trom an tighearnus.



Cíos-cháin íarthair na hEórpa
ag Fionn go ffuighlibh eólcha;
Ealba is Easbáinn a ndeas
a ccíos sin is dá fhlaitheas.



Flaithea<s>.




<Conadh do remhtheacht an sgéil co n-uige sin.
Corp an sgéil síosana co léig.>


L. 4


Ro comóradh sealg agus fiadhach agus fian-chosgur
le Fionn mac Comhaill aon do laithibh a mBeinn
Éadair mheic Étghaoidh agus la ceithre cathaibh
gaisgidh na gnáth-Fhéine. Ro sgaoíleadh la
Fionn ina fhiadhnuise an uair sin a choin agus a
ghadhair, a ghiollaidhe agus a ghalgada, a churaidh
agus a chaithmhíleadha fó na tulchaibh toghaidhe
taobh-úaine, agus fó na fearannaibh fosgadhacha
fér-nuaidhe, agus fá chnocaibh corracha ceannchaomha
na críche 'na ccomhghaire.



Is ann sin tarla don rígh-fhéinnidh an ionbhaidh
<s>in a bheith ina dhumha shealga ar mullach
Chairnn in Aoínfhir a mBeinn Éadair <úair is
ann ro marbhadh an t-aoinfhear déigheanach
d'fhine> <Fhomhra> <ag fágbháil chatha> <Muighe
Thuireadh> <la> <Lugh> <Lámhfhada, conadh dhe ro
lean an furthormach anma sin de, .i.> <Carnn an
Aoinfhir>. Bádar trá maithe agus mór-úaisle na
Féine 'na uirthimcheall ind uair sin, .i. Óisín agus
Osgar, Diarmaid ó Duibhne agus Caoilte mac Cronnchon
mheic Rónáin, agus Mac Lughach láimhéchtach,
triar mac Meic Con mheic Mhaicniadh
mheic Luigheach, agus trí meic Aoinchearda Béarra,
.i. Glas, Géar, agus Gabha, Sgíath Breac mac
Dathchaoin, .i. fear iomchuir scéithe Finn in
gach fír-sgainnir, agus an mílidh mearrdha meanmnach
mórdhálach mór-aigeantach, .i. Goll mac
Morna, agus in deagh-laoch sóithimh súil-mhear, .i.
Conán mac Morna, agus roighne agus ro-dhíoghrais na
Féine ó sin amach.


L. 5


Níorbhó cían comhfhada dáibh as a haithle
silleadh agus sír-dhearcadh dá ttucsat seacha go
bhfacadar isin aibhéis n-eochair-ghuirm n-iolradharcaigh
gach ndíreach dá n-ionnsaighe an
curach cúanna caoímh-dhéanmhach caoín-éttrocht
crédhumha, gan frichnamh aistir ná iomromha, ag
gabháil chúain agus chalaidh 'na chomhfhaisgearadh.
Ro éirigh ón gcurach iar sin inghean
álainn il-dhealbhach fa caoimhe don cheathair-dhúil.
Is amhlaidh imorra baoí in inghean sin
agus léne easnadhach ór-shnáith a custal a caoimhchnis,
agus ionar snáth-cháol síor-éttrocht sireagdha
cona chnaipidhibh cáoine comhdhlútha don ór
áluinn il-bhuadhach fri hiadhadh agus fri hoslugadh
ar úachtur na hór-léineadh sin, agus brat donndearg
dath-álainn dealbh-chomharthach cona eó
cúanna ceardamhail caomh-óir isin bhrat ós a
bán-bhruinne, dá asa éxamhla órrdhaidhe eidir
a troighthibh tana toghaidhe agus talmhain, calla
briocht-rionnta buadh-chlochach banríoghna imá
ceann cona líagaibh búadhlóghmhara bríogha isin
mionn mór-éttrocht. Acht cheana is súaill ná
budh emhiolta re fhaisnéis túarusgbháil na hinghine
cé bé dó airémhadh go huilidh<e> <í>.



Iomthúsa na hinghine, imorra, ráinig roimpe
go cobhsaidh céillidhi go hairimeal na sluagh.
Ro seachnadh slighe agus ro réidhigheadh ród agus ro
comhghlanadh conair don inghin co n-uige in
ionadh a mbuí an flaith-fhéindidh Finn. Ro


L. 6


<stuagh>ustair an inghean in dá ghlún ghasda
ghlé-mhíne re lár <ina fhiadhnuise>. Tug an
rígh-fhéindidh cead uraghaill don inghin d'éis a
humhla agus fochtais sgéla go deagh-ráiteach di.



"Ní fhuilitt scéla núaidhe agum re n-innisin,"
ar sí, "acht aon-ní: ní fhuil tír do thíorrthaibh
an domhain nár chuartaigheas co n-uige so, ó
thairsigh thréin-tuinighthe na turghabhála gusin
bhfearann sa ina bhfuilim anois, agus is eadh is
adhbhur dhó sin, .i. searc throm shíor-adhbhal
do thoirbherius duit-si, a Fhinn, ar h'airscélaibh
do réir do theasda agus do thúaruscbhála, conadh
aire sin tánac seachnóin an domhain dot h'íarraidh
co n-uige so."



"Dá mbeith a fhios aguinne do bheith-si
amhlaidh sin," ar Finn, "is sinn féin do dhénamh
an t-aistear sin dot h'ionnsuighe-si, agus ní tibharthaoi
idir ort-sa é go madh ar én-rían no bheithmís
agá dhénamh, agus ó thángais anois ní meathfaidhthear
ort do thurus dom thaoibh-si, ór léigfidhthear
gach aoin-bhean eile orad-sa, agus is tú bhús
aon-chéile damh in gcéin bhus loinn lat."



"Léig as idir, a Fhinn," bhar in inghean,
"dáigh cidh laochdha do lámh, agus cidh cródha do
chroidhe, agus cidh líonmhar dot láochaibh, cidh
maith do chonách agus do chiall-mheanma-sa, ní
thiucfainn-si do dhénamh aistir d'én-toisg co


L. 7


n-uige so d'fheis ná d'aoidheachtain leat-sa go
ndearntá urdail aistir dom ionnsaighe agus a ndearnus
dot rochtain-si, a Fhinn," air sí; "cé do-ghébhthá-sa
mná Éreann ar an ordughadh sin,
ní fuighthear misi samhlaidh."



Acht atá ní cheana: fa hurghairdiughadh
<l>e a n-úaislibh éisteacht a huraighill, agus fa mían
le a míleadhaibh a mór-dhéchsin, agus fa saint le a
slúaghaibh a sír-shilleadh, conach raibhe aca
d'ísiol ná d'úasal, do choimdhigh ná d'éccoimdhidh,
do rígh ná do ró-fhlaith neach nach ttuc
grádh n-anma a n-aoinfheacht dí.



"Bhéd-sa ag imtheacht úaibh anosa," ar an
inghean, "agus geasa agus áil agus airmearta ort, a Fhinn,
muna leanair misi góm dhúnadh agus góm dheaghchathraigh
budhdhéin, agus muna ttucair leat mé
d'aimhdheóin lochta mo chosanta co hÉrinn
arísi, agus gan do bhreith do laochaibh leat achd dá
náonmhur féindeadh gan aóinfhear d'iomurcaidh
nó d'uireasbhaidh orra."



"Cáit attá an chathair sin," ar Fionn, "nó
cía is lucht coimhéada nó cosanta dhi."



"Ní bhfuighbhe dá heólus úaim acht a
ffúarais," ar an inghean, "dáigh ní bhfuil acht
ceithre hairde san chruinne, mur atá, soir agus síar,
budhdheas agus budhthuaidh, agus ní bhfuil acht trí
ranna isna ceithre hairdibh sin, .i. reann Eórpa


L. 8


agus reann Africa agus reann Assia, agus do-ghébhthar misi
a reann nó a n-aird éiccin díbh."



Agus ad-bheart an laoí ann ag ceileabhradh dháibh:




"Fágbha<i>m ort, a churaidh chaoimh,
geasa nach bhfuilngid fiór-laoích,
muna leanair mé gom thoigh,
a mhic Comhaill a hAlmhoin."



"Cáit a leanfaidhthear linn thú,
a inghean óg an iomthnúth;
dáigh ní fhidir, a bhean,
cá tír ina bhfuil th'aítreabh."



"Sir na trí reanna go dían,
Eóraip, Affraic is Assia,
do-gébhthar misi, is fíor dhamh soin,
a reann éigin dona trí reannaibh.



"Budh é so áireamh do shlóigh,
a mheic Cumhaill mheic Tréinmhóir,
ocht bhfir dhéag d'íarraidh gach fuinn
do laochaibh agad fágbhuim."



Fágbhuim.


L. 9



A haithle na laoidhe sin ro imdhigh an inghean
uathaibh dochum a curaigh go coimhdhíochra, agus
do-chuaidh ann as a haithle, agus do thsheól roimpe
tar fliuch-shnámh na fairrge furránaighe fíor-dhoimhne,
agus tar muinchinn na mór-mhara mór-thonnaigh<e>
measc-mhuiridhe, agus tar srothaibh
saobha siubhlacha na searbh-thonn, agus tar císélaibh
leathna luchtmhara na lóech-mhara, agus tar colpadhaibh
cainnteacha coimhghearánacha na ccrúadhgháoth,
co ndeachaidh feadh ruisg agus radhairc ó
chách a ccoitchinne.



Iomthúsa Finn agus na Féine ceasnaighthear sonn
sealad eile ar n-imtheacht don inghin úathaibh
agus arna ffágbháil fá gheasaibh. Ro bhádar agá
imrádh eaturra cionnus do choimheóldís a ngeasa
nó mur do leanfadaís an inghean.



"Cionnus leanfaidhthear í," ar Finn, "agus gan
a fhios agaibh cá haird nó cá hionadh sa chruinn
do-chuaidh úaibh, nó in le dochar do dhénamh
dhaoibh táinic, nó caidhe fios a hanma nó a
haithna, a huáisle nó a hatharrdha, nó créd
adhbhar a geasa ná a gnáth-airmeart."



"Do-fheadar-sa sin, a árd-fhlaith," ar Oisín,
".i. anní lé ffhoillsighthear fios agus fír-eólus duit-si
do ghrés, agus déntar leat an úair si é, .i. h'ordóg
do chur fád dhétt fis dá fhoillsiughadh dhúinn
ca leath do-chuaidh an inghean uainn, nó caidhe a
hadhbha nó a hionadh, nó fios a húaisle nó a
hatharrdha, ór ní bhfuil tír do thírthaibh na


L. 10


cruinne go himlán acht go ffagham-ne a fhios
go fírinneach ina bhfuighbhe sin a dídean nó a
deagh-chaomhna orainn gan a tabhairt linn go
lán-urlamh ar áis nó ar éigean go hÉrinn aridhis."



"Is deacair damh-sa sin do dhénamh," ar Finn,
"agus cidh eadh is dénta damh é."



Is amhlaidh imorra do-gébhthaoi an fios úd le
Fionn, .i. feóil agus finn-leathar a mheóir do ghearradh
agus do ghéar-oirleach go cnáimh caoimh-gheal re a
dhédaibh, agus mur sin ní bhídh aon-ní 'na aincheas
air ó sin amach gan a fhoillsiughadh dhó. Agus is
amhlaidh so do fríth an fios sin re Fionn ar tosach, .i.:



Laithe n-aon dia ndearnadh sealg na Seaghsa
lais, agus suidhis a mullach Chairn Choirrshléibhe,
agus Mac Reith an rígh-fhéindidh agus Diorraing mac
Doghair ina fharradh ann. Ní cían ro bhádar
ann go ffacadar an dorus ar ur na síodha óbhél
oslaicthe ar a n-aghaidh, agus reithid-siomh chuige
co dian deinmnidach go dorus an tsíodha; agus
bádar dano trí hingheana Big mheic Bhúain ar a
ccionn isin síth, .i. Cé fhinn agus Teithad agus Arbách
a n-anmanna, agus cúach lán a láimh gach hinghine
aca don lionn iomhais.



Ó 'd-chonncadar mná in tshíodha Finn cona
fhéinneadhaibh dá n-ionnsaighe tucsat a n-aoineacht
a lámha do dhúnadh na comhladh ar a
gcionn. Tucadar-somh imorra a lámha isin leith
eile dá hoslugadh go ttárla ordóg Fhinn itir


L. 11


ursainn an tsíodha agus an ccomhlaidh, gurbhó
lán-obair dó féin agus don dís eile a tharraing a
n-aóineacht, agus doirtear taosg don lán do bhí a
copán Ché inghine Bicc ima a n-aighthibh, gur
bhean a mbél Mhic Reitha agus Diorraing mheic
Dhoghair Dhámhaigh, gur fhágaibh fios foirbhthe
fír-eólach aca dá éis, gurab uime sin baoi fios
furbhurach ag Fionn, úair ro chuireastair a ordóg
ar tosach arna tarraing asin tsíodh idir a dhédaibh
gur fhágaibh fhios fír-eólach aige amhlaidh sin.



Is ann sin tucadh a luing-shíothal aisgidhe
lán d'uisge línidhe linn-fhúar ar amus an rígh-fhéindeadh.
Níamhais agus núadh-ghlanais a ghnúis
agus a gheal-ghlaca aiste as a haithle, agus cuiris a
ordóg fóna dhéd fis go foillseaghach nó gur
foillsigheadh fios fírinneach dhó 'na dheaghaidh.
Ro deargadh agus ro droch-dhathaigheadh dreach
il-dhealbhach an rígh-fhéindeah. Ro bánadh agus
ro dubhadh agus ro dían-ghlasadh é d'éis a fheasa
d'fhaghbháil, agus is súaill ná bá hanaithnidh dá
fhíor-cháirdibh bunaidh é mur thángadar airrdheana
báis agus búan-éga chuige.



"Is cubhais damh-sa," ar Oisín, "ó do ghabhais
airm ghaisgidh láoich id láimh nach bhfacamar
a ionnshamhail ind éccosga sin furt re gágh ná re
gúasacht dár imthigh ort ríamh gus anosa."



"Is deithbhir dhamh-sa sin," ar Fionn, "ór
ní bhfúarus ón laithe rom-ghéanair gus anosa
adhúath nó úrghráin do chuirfinn a gcoinndeilg


L. 12


mh'éigin nó mh'anbhfurlainn in úair sin, ór ní
bhfuil mh'úidh nó mh'aire re cabhuir ná re comhfhurtacht
ó so amach go bruinne brátha agus beatha;
agus cé mór <d>o gheassaibh doirbhe dí-fhulaing fáir
cuireadh mé go n-uige an aimsir si do bhí mo
shúil re furtacht nó re fóirighthin d'fhagháil
úathaibh agus rena chomhall gan chonntabhairt
gusna geassaibh si an láe aniú."



"Cía hí an inghean úd, a árd-fhlaith," ar Oisín,
"agus créd is adhbhar dhi ag teacht don tír si, nó
in do dhénamh díthe nó díghbhála dhúinne
táinic isin turus úd, agus cáit ina bhfuil ceann ar
ttosga nó ar tturuis budhdheasta?"



"Inneósad-sa sin," ar Finn; "Taisi Tháobhgheal,
inghean rígh Thíre na n-Iongnadh, bean
Chuillinn Chrúadh-armaigh, .i. rígh Innsi Tile,
bean is mó cumhachta do mhnáibh na cruinne
go comhlán, agus is eadh is adhbhar dhó sin, .i. ag
rígh na ffear nDorcha ro hoileadh í: rígh sidhéin
is mó cumhachta draogheachta agus deagh-ealadhna
do ríoghaibh an domhain, dáigh ní fhuil én-cheard
ina uireasbhaidh dá ndearnadh le draí ná deaghfhisigh
ó thús domhain gusin tráth so, eattar
fhithnisacht agus amhainseacht agus fhé fía agus tinncheadal
drúadh agus ruithiughadh ró-mharbh, toirmeasg tuile
agus aife i nd-aimsioraibh teasa, gur mhúin díamhair
gacha deigh-chearda dhíbh sin dá dhalta, conadh
eólach a n-ealadhnuibh díamhra deagh-shochair
in domhain hí.


L. 13


Agus is aire sin táinic sí dá bhur n-ionnsuighi-si
don turus <s>a, agus tré adhbhar eile imorra, .i.
imreasan tarla idir dá fhilidh agus dá dheigh-fhear
dána i ndúnadh rígh Innsi Tile, fear don rann
oirrthearach a hAsia agus fear don rann Eórpa a
híarthar in domhain. Ad-bheart an fear don
rann thoir nach raibhe rígh ná ró-fhlaith isin
domhan budh fearr dúnadh agus deagh-chathair,
budh fearr gal agus gaisgeadh, budh líonmhaire
laochradh agus budh lía teaghlach agus trom-thionól,
budh fearr im ionnmhus agus im mháoinibh, d'fhileadhaibh
agus d'ollamhnaibh, budh árrachta a
gcathaibh agus a gcomhlannaibh iná Cuilleann Crúadh-armach.



Adubhairt an dara fear d'íarthar na hEórpa
nach raibhe cúis chomhardaidh ná adhbhar
imurbhádha ag rígh ná ag ró-fhlaith do ríoghaibh
an talmhan rem theisd-si ná rem thúarusgbháil,
agus adubhairt gur líonmhaire mo laoich agus gur cródha
mo churadha agus gurbh fhearr m'eineach agus mh'árdthioghlaicthi,
agus nachar dhiúltus re dreich nduine
ar tuinidhthe na talmhan, acht go mbeith teanga
re híarraidh agus cosa re cémniughadh agus lámha re
lúaigheall aige.



Acht cheana, gér mhór na teasda agus na túaruscbhála
tuc an céd-fhear ar Chuilleann, tuc an
dara fear a imurcaidh orm-sa. Et do-chuaidh an
comhrádh sin co mór fó mheanmain mhná Cuillinn,


L. 14


ionnus gur ro líonustar tuile throm-ghrádha agus
rabhurta ró-sheirce agus aidhle imchaisi i nd-aigneadh
na hinghine im na haitheascaibh sin na n-ollamhan.
Ro chuireadh ar Chuilleann feisin na hairrdheana
sin d'éirghe uirri-si, agus ar chách a gcoitchinne, agus
ro líonustar idha eoíd agus aingidheachta agus imfhurmod
croidhi Cuillinn don chur sin, agus adubhairt
go ttiucfadh féin do dhíoghail an trom-ghrádha
sin tucustar a bhain-chéile damh-sa go hÉrinn,
agus do dhíghail a chomhthuirsi agus a choimeasa, agus
do ghabháil tréin agus treisi na hÉreann ar áis nó ar éigean.



Is ann sin adubhairt an inghean nach é
do thiucfadh ann idir acht í féin; agus co riocfadh a
leas dol ann <nó toigheacht ann> nó go fféchadh
sí féin inur ffíor na teasda, na túaruscbhála
do-chúalaidh úaim-si, agus nach dénamh feis ná
fóemheachtain leam-sa ná le háein-fhear eile nó go
ffágbhadh Éire arísi, agus nó co mbeireadh misi agus
úathadh slúaigh agus sochaidhe eile ina híarmhóracht
lé, dá ttaithninn-si fría, agus muna ttaithnínn nach
diongnadh lúadh ná lán-táeradh orm; agus adubhairt
go gcuirfeadh mé fó na geasaibh úd ad-chúalabhair-si
dá tabhairt leam as a longphort d'aimhdheóin
a fir féin do thoradh na ngeas sin, mur adubhramar
remhe. Tug sí gréin agus ésca agus ranna nimhe agus
talmhan mur eidireadha uirre féin nach ffaoídhfeadh


L. 15


le fear d'fhearaibh an domhain, ná leam-sa
seach cách, nó go ttoirseadh tar a hais go hInis
Tile. Et ro sheól an gháoth í gan ro-thoirmeasg
ittir lá agus adhaigh dá bhur n-ionnsaigh-si go hÉrinn
mur do-chonncabhair.



Acht atá ní cheana, is adhbhar urbhadha agus
is fochann frithbhearta agus is mana mór-ghleóidh
dháoibh-si dol ina deaghaidh, dáigh is crosta in
chonuir agus is aimhréidh ind uidhe, agus ní soirbh na
slighthe agus ní réidh na róda dá rochtain, .i. sliabh
trom-lasrach tinntighi do dealbhadh le draoigheicht
in bhur n-urchomhair-si go roicheann míle céimionn
ar gach taobh ina thimcheall a theas agus a thrénbhruth,
agus nach éidir a thacmhang iná a thimcheallradh
re a fhad agus ré a imchéine. Et as eadh is gaire
dhó sin, .i. muir thiugh-thonnach throm-an-fadhach
thécht nach éidir do luing ná do lánarthrach
a luamhaireacht ná a lán-imtheacht re
liostacht agus re lán-tighe na lind-mhara sin, dáigh
ní fhuilingeann sidhéin én-arthrach ar talmhain
don trén-imtheacht gan a sreangadh agus a slugadh-bhádhadh
a ffudhomhain agus a ffíor-íachtar in
mhara mheascaidhe sin.



Et as í tír is gaire dhí sin, .i. Inis thromthoirrthach
Tile, agus is eadh is bés bunaidh don
innsi sin, .i. gach aon téid le heasaonta inte a
chosa do choimhleanmhain d'úir in oiléin muna


L. 16


taosca dheargaid ar shleaghuibh na hinnsi iná
sleigh na hinnsi orra-somh.



Et as eadh as gaire dhíbh ina dhíaigh sin,"
ar Finn, ".i. raibhéar cainnteach congháireach agus
buinne rúadh rabharta nach éidir d'én-athar do
shnámh iná do shiubhal le a threisi agus a thairpighe,
agus droichead cáol cumhang anbhfossaidh d'én-chonair
ar an abhoinn sin, agus tor comhdhaingean
cathrach isin cheann oirrthearach don droichead
sin. Et is amhlaidh imorra atá in dúnadh dí-mhór
sin agus formhóir fíor-árrachta fearamhail, agus dúil
daor-chlannda dhoidhealbhdha, agus aitheach aindiúid
árrachta ina aird-cheannus <n>eart chéd churadh
i n-am éigin dána' comhainm Aitheach in
Droichid, cona shúisde imreamhar iarnaidhe ina
dheas-láimh re clódh curadh agus re díthiughadh
deigh-fhear agus re mudhughadh míleadh agus re
heasbhaidh ánradh.



As é is gaire d'Aitheach an Droichid ann sin,
.i. Aitheach an Chorráin, agus ní hégcalma eséin
iná an céd-fhear, is dearbhráthair dhó, cona
chorrán cadatt cruaidh-iaroinn ar lúamhain ina
láimh con n-áithe ailtean agus co ngabháil gríbhe agus
go so-thapadh seabhaic i nd-úair áigh nó iorghaili;
agus dá tteagmhadh dhaoibh-si téarnó ón chéd-fhear,
ni dóich bhur ttéarnó ón dara fear re huathmhairi
a innill agus re hárrachta a fheadhma ag clódh céd
agus cath-bhuighean.


L. 17


As é gábhadh is gaire dona gábhthaibh sin, .i.
Ridire an tSlabhraidh, .i. slabhradh agarbh
iarnaidhe eneach-gharbh fil aige-séin cona thenntibh
tréna tarbhacha trom-gharbha, conach reimhe
lán-arg láoich lán-chalma iná gach tene dhaingean
dheagh-chóirighthe dhíbh, agus idh im-reamhar
iarnaidhe gacha cinn de, agus cairthe comh-adhbhal
cloiche re a chathraigh aneachtair ar a suidhighthear
idir in slabhradh sin, et cuiridh-siomh a cheann
i n-idh dhíbh sin, agus cuiridh an dara fear a cheann
isin idh eile, agus bíd ag sreang-tharraing an tshlabhraidh
ó chéile iman ccairrthe agus a ndromanna fri
aroile. Tógbhaidh-siumh fá dheóigh a fhear
iomthach ar úachtar in árd-chairrthe don taoibh
araill, agus beanaigh a cheann dá cholainn, et ní
théarnaigheann neach ón bhorb-chomhlann sin gan
bás agus bith-oigheadh urlamh d'fhagháil uadha.



Et atá éigean is mó ná gach éigean agus gábhadh is
mó ná gach gábhadh dhíbh sin ina ccomhghaire,
.i. caoga cú confaidh do chonuibh garbha glasfhionnfadhacha,
co n-anfadh mion-ubhall nó mór-áirne
ar úachtar gach róinne fhásus tré dhruim
gach droch-mhadaidh dhíbh re faicsin a n-easccarad
ina n-urchomhair. Splanc-aoibhle trom-adhbhla
teinntidhe ag teacht a guilbnibh a nglomhur-cheann,
co ndóighfeadh mollt-chroiceann tiugh-olla treibhliathnach
gach doighear donn-rúadh dearg-lasrach
éirgheas a n-airde úathaibh an tan fhoslaigthear


L. 18


dá cceanglaibh agus dá ccuibhrighthibh íad; conach
bí fíadh-mhíol i ffásach iná bleidh-mhíol a muir
iná eathaid a nd-áer isin tríocha chéd d'fhearonn fa
coimhneasa do na conuibh sin nach ccurthaói ar
fáe<n>scur agus ar folúamhain óna háiteachaibh bunaidh
a mbíd re hadhúath agus re hurghráin na n-onchon
n-óbéla a n-allmhurrdha sin ro hoileadh agus ro
leasaigheadh in bhur ccomhair agus a n-oirchill bhur
n-eachtra-sa agus bhur n-imtheachta. Ag cáemhna
agus ag coimhéad dúnaidh agus deagh-chathrach Cuillinn
dá gach taoibh bhíd na borb-choin bhrottla
bharbarrdha sin, maille re hiol-choimhédaibh
iomdha eile aircheana.



Is amhlaidh imorra atá an chathair sin Chuillinn
agus seacht múir dhaingne dhí-thoghlaighthi ina
mór-thimcheall imáccuairt, agus seacht sonnaighe
sár-mhóra sith-árda ar úachtar na n-árd-mhúr
sin, go cceann curadh nó cathmhíleadh ar rinn
gacha soinn díbh-séin, do mhéadughadh ádha agus
urghráine na hárd-chathrach. Atáid, dano, sleasa
uirri-séin agus dorus eidir gach dá shlios, agus céd curadh
coimhfheadhma ag coimhéad gacha doruis díbh,
génbhóthá teaghlach an rígh feisin.



An rí féin imorra, .i. Cuilleann Crúaidh-armach,
ní bhfuil dúil do dhúilibh an domhain inchathaighthe
fris, dáigh as <a>mhlaidh atá-séin, coimhéad
cadatt comhdhaingean codhna ina uirthimcheall
ar nach deargaid airm ináid iol-fháobhair i n-am
chatha ná chomhlainn, agus dá mbeith céd i n-áoineacht


L. 19


agá dhiúbhracadh do-ghébhadh-somh a n-arma
uile eidearbhúais re háithe agus re himghlioca a
anocail agus a imdheaghla. Agus is eadh is adhbhar
dhó sin, .i. buime agus ban-chumhachtach fil aige-séin,
agar fhoghluim ealadhna diamhra draoidheachta
an domhain agus cearda goile agus gaisgidh agus
cleasa coire agus cudruma na cruinne gan turbhródh,
bhís ar a fhoraibh fis agus fír-eólais isin aér eadarbhúasach
ós cionn Chuillinn isin chath-láthair
chomhlainn ina mbaoí ag gabháil na n-arm agus
na n-iol-fhaobhar díobhraicthear ar a dhaltta,
conach leigeann arm ina fhaisgearadh dá ccaitear
chuige gan a ngabháil ina fhoraibh fis agus ina
ghabhlaibh gliocais gan fhios dá chéile comhraic,
agus ní bhfuil acht caitheamh aimsire d'aóinneach
ar tuinn talmhan triall áigh nó imghona frisin
ccomhairead bhías in t-arracht feasach fír-ghránna
fuireachair agus in seirgne síabhartha sálfhada
sáobh-chomtha agus an amaid imghlic
aidhéitchigh urbhadhach ar a foraibh fis agus ar a
haltóraibh ídhlaidhi ag anacal Chuillinn ar
chrúadh-ghleacaibh curadh agus caith-mhíleadh."



"In bhfuil ar bith arm ná iol-fhaobhar lé
ndeargthar fair?" ar Oisín.



"Atá co fírinneach," ar Finn, ".i. airm shénta
shomhaiseacha do-rinneadh ina urchomhair ind


L. 20


oidhche rucadh é le rí na hIrúaidhe, .i. lé a oide
budhdheín, .i. sleagh agus claidheamh dá nach
téarnó élaitheach beathadh ar a ndeargthar
dhíbh; agus is ag rígh na hIruaidhe atá taisgidh na
n-arm sin, ór as é as oide do Chuilleann, agus is é
féin do-rinne na hairm sin ar sén uaire agus aimsire,
uair ní bhí rígh choidhche ar in Iruaidh acht
gabha. Agus is leis na harmaibh sin atá i
bhfiodhair agus a bhfáistine do rígh Inse Tile bás
d'fhagháil, agus is uime sin nach ttabhradh-siomh
taisbénadh na n-arm d'aoín-neach ar talmhain do
dhúthracht dá dhalta; agus ní hiomdha do ríoghaibh
an domhain rí is línmhaire slúagh agus sochaidhe
inás, agus inghean rí na hAntuaithe is bain-chéile dhó,
agus is buime do Chuilleann, agus is dóich go ccuirfeadh
sé oraibh-si go mór, .i. rígh na hAntuaithe, dá
ndeachadh do chách eile gan díghbháil do
dhénamh dhíbh. Fós atá mac meanmnach mór-aigeantach
ag rígh na hIruaidhe, .i. Iollann
Airm-dhearg, agus is tearc do thréin-fhearaibh na
cruinne a chomhchalma, agus atá taoiseach teaghlaigh
aige, agus ní héccalma eiséin iná Iollann, dánab
comhainm Tuire Tort-bhuilleach.



Dá mbeith gan do ghábhadh ná do ghúasacht
in bhur ccionn-sa acht neart lámha na deise sin
agus an rígh féin ag imdheaghail na n-arm oraibh,
ní budh beag do chaomhna ná do choimheád orra
é agus d'anacal Chuillinn re chéile, agus is beag nach


L. 21


neimhní gach ní dá ndubhart co n-uige so a
ffarradh rígh na bhFear nDorcha chaithfius a
chumhachta in bhur n-aghaidh, .i. oide na hinghine
úd. Uair do budh lór d'adhbhar uathbháis agus
uireagla dhaoibh-si é agus do mheath bhur n-eachtra
oraibh, maille re comháonta agus re coimhéirghe
gach áon-duine eile dár áirmheas do bheith a
n-oirchill agus a n-urchomhair bhur millte. Agus
is íad sin sgéla na hinghine úd agus adhbhar a tosga
agus a turais da bhar n-ionnsaighi-se," ar Finn.



Agus ro chain an laoi and as a haithle, go
nd-ébhairt sonn:




"Atáid liom sgéla nach gar,
a Fhíana Éreann is Alban,
dá roistí Inis Tile
do-ghébhthaoí olc ainbhfine.



Gach a bhfúarabhair d'olc ríamh,
theas is thuaidh, thoir agus thíar,
neimhní gach én-olc dhíbh sin
go n-uige Taisi Tháoibhghel.



Slíabh go slabhradhaibh troma,
muir thécht nach snáidhid longa,
atá ar bhar ccionn gan dul de
eadraibh is Inis Tile.


L. 22


Aitheach an Droichid go ngráin
agus Aitheach an Chorráin,
Ridire an tShlabhraidh íar sin
atáid a n-oirchill oraibh.



Coin chonfaidh nach coin fhíadhaigh
bhrisios reacht agus ríaghail,
is leó sin claoitear gach cath
agus saoiltear bhar bhforrach.



Buime an rí<o>gh féin, forrach slúaigh,
ní beag do chách mur anbhúain,
teagmhaidh i ccath ria ccomhlonn
lór d'easgar is d'anfforlond.



Atáid re cách san ccathraigh
seacht c<c>éd láoch ná lámhaighthear,
a bhfégmuis ro-shlóigh an ríogh
lén gnáth cosgar is cruaidh-ghníomh.



Neart Chuillinn mó ná gach modh
agus ná gach neart dá ndubhramar,
ní ghoin rinn, ní theasg faobhar
cneis an rí<o>gh as ro-bhaoghal.


L. 23


Dul d'iarraidh na n-arm go n-ágh,
dá bhfuil bás an rí<o>gh a ndán,
is beag nach é is duilghe dhe
cur re rígh na hIruaidhe.



Na sgéla do lúaidheadh leam,
a Fhíana áille Éireann,
bíthe úaibh 'na n-oirchill thrá
agus a dheimhin aguibh mur atá."



Atáid.




Iomthúsa na Féine, imorra, ro thinóileadar
agus ro thiomsaigheadar as gach aird ina rabhadar
go hairm ina raibhe in rígh-fhéindidh ar sgur
na sealga agus ar ttairgsin in troim-fhíadhaigh, agus
ro hoirrdhearcadh na hairdsgéla sin eaturra le
Fionn agus le a raibhe do láthair rompa. Ro luidh
socht mór uile orra-somh dhe sin acht madh
úaithe dá n-úaislibh agus dá n-ard-mhaithibh, dá
ccuraidhibh agus dá ccath-mhíleadhuibh ar-cheana.



Is ann sin ro labhair Conán mac Morna i lár na
laochraidhe sin, ó ro airigh an socht adhbhalmhór
sin ina rabhadar, agus as eadh ro ráidh:



"A úaisle agus a árd-mhaithe Fhían Éireann,"
ar sé, "ní hinléigthi inmhe iná ard-onóir Éreann
ar bhur n-ordughadh, et fós ná méd bhur mbreatha
doirbhe docamhlacha ar áos na treabhaire, in tan


L. 24


is ar aba áon-mhá do thabhairt go hÉirinn dá
haimhdheóin, agus gan acht lucht én-chríche gá
cosnamh, ghabhus an crithnughadh coimheagla sin
sibh; agus da ttucadh Finn slánta fileadh agus ard-ollamhan
Éireann damh-sa gan an inghean úd
do bhúain díom ar ttoirrachtain damh go hÉrinn
tar mh'ais do-bhéarainn liom í d'aimhdheóin
Chuillinn Chruadh-armaigh cona chomháonta, agus
ní shirfinn aoínneach agaibh-si leam d'fhinidhibh
nó d'aicmidhibh eili acht dá náonmhar curadh agus
caith-mhíleadh dom chineadh agus dom chloinn-mhaicne
féin."



Ro fháitmhigheadar an Fhían aon-gháir sgige
agus fhochaidmhe im na haitheascaibh sin Conáin,
acht gér mhór a ndoilgheas gairid roimhe sin.



"Léig as idir, a Chonáin," ar Finn, "uair ní
let áitheasg ná let uraghall atámaíd acht re
cinneadh agus re críochnughadh ar ccomhthosga feisin."



Is ann sin ro fhíarfaigh an rí-fhéindigh: "Cúich
agaibh da bhur n-úaislibh agus da bhar n-ard-mhaithibh
rachus ar an eachtra úd leam?"



"Rachad-sa leat," ar Oisín mac Finn agus ar
Osgar mac Oisín.



"Rachmaid-ne leat," ar trí meic eile an rígh-fhéindeadh,
.i. Caoínche Corcuir-dhearg agus Ailbhe
Ard-úallach agus Roighne Roisg-leathan, .i. triar mac
Aillbhe Grúadh-bhrice, inghine Cormaic mhic
Airt mheic Cuinn Chéd-chathaigh, "agus do rachmís


L. 25


féin do chúartughadh chríoch agus cheannadhach na
cruinne do oirrdhearcadh ar n-anma dár n-éis,
agus is fearr linn dul ar én-shlighidh riot-sa, agus do
thabhairt ar ccabhartha agus ar ccunganta dhuit, iná
dhul linn féin ann, agus geallmíd duit-si ar ccoimhlíon
do na curadhaibh bhús luinn leat do choscc díot
airm a tteigémhaidh ar n-ánradha ré-roile."



"Cía hoile théitt liom?" ar Fionn.



"Rachad-sa leat," ar Fearghus File mac Finn,
"do mhaoídheamh bhur mór-ghníomh, agus d'innisin
bhur n-aird-écht, agus do laoídheadh bhur láochraidhe,
agus do chosg mo choimhlín da bhur n-anfforlainn."



"Rachad-sa leat," ar Mac Lughach láimh-échtach.



"Rachmaíd-ne leat," ar trí meic Áon-chearda
Béarra, .i. Glas, Géar agus Gubha <clann> <Mheic
Con mheic Mhaicníadh mhic Luíghdeach>, .i. clann
rígh Mhumhan, agus inghean Aon-chearda Béarra a
máthair, conadh aire sin ro lean an furthormach
anma íad>.



"Rachad-sa lat," ar Diarmaid mac Duinn
mheic Dhubháin mheic Dhonnchadha mheic
Dhuibhne mheic Fhíacha Suighe ré n-abarthar
Diarmaid déd-gheal ó Duibhne.



"Rachad féin lat," ar Caoilte mac Cronnchon
mheic Rónáin.



"Raghad-sa lat," ar Sgíath Breac mac Dathchaóin,
fear imchurtha sgéithe Finn in gach aon-sgainnir.


L. 26


"Rachad féin leat," ar an féindidh fearamhail
fráoch-aigmhéil fír-árrachta, .i. Goll mear míleata
meanmnach mórdhálach mór-aigeantach mac
Morna, "agus is aire nár gheallus do chédneithibh
dol lat go faicinn cía do mhaithibh na Féine do
anfadh nó do rachadh díbh; ní eile, ionnus go
madh móide do bhuidhechus orm dol lat día
n-anadh roighne na Féine uaibh."



Fáiltighis an flaith-fhéindidh Fionn re huraghall
mheic Mhornae, uair ro mheas ina aigneadh ind
úair sin nach raibhe gúais nó gábhadh na heachtra
sin fair et an t-airsigh, .i. Goll, do thoigheacht
uirre, agus isseadh is-beart:



"A mheic Mhorna," ar sé, "ní raibhe d'iomad
slúagh ná sochraide im aghaidh-si co n-uige so
ar a mbeith gúais nó gér-úamhan áigh nó iorghaile
orm agus neart do láimhi-si ag cur leam 'na n-aghaidh."



"Ort do ghráin agus do dhúabhuis, a Ghuill," ar
Conán mac Mornae, "is éccóir agus is indlightheach
do gheallais dol leis, agus ó do gheallais sin go hégcóir
ní bhfuil ar do chumus a dhol ris iná a chomhall
ná a chomhlíonadh dhó, dóich, ámh, do budh
fearr dheit nach ffilleadh éineach do chlannaibh
Baoiscne ina bheathaidh don eachtra úd, ionus
go madh leat féin flaithius na Féine go fuirleathan
agus árd-fhíanaigheacht Éireann ina dheaghaidh,
mur do bhí agad re linn Cuinn Chéd-chathaigh ar
marbhadh Cumhaill a ccath Muighe Cnocha dot


L. 27


chosgar budhdheín; agus muna cumhain leat féin
sin is cumhain le Fionn agus le clannibh Báoisgne é.
Et dar ar mbréithir, ámh, nochan fhuil d'airmhidin
ná d'onóir aca ort-sa air acht amháin gach gníomh
doirbh do-fhulaing doidhéanmha nach éidir leó
féin do chríochnughadh ná do chomhfhorbhadh
thusa, a Ghuill, dá dhiongbháil díbh amhail do-ghníodh
Conall Cearnach do chlannuibh
Rudhraighe, .i. tosach agus deireadh a ttír-fhoghladh
agus easccarad fair ar bélaibh ánradh Uladh, go
mbeireadh imshlán dá n-íathaibh agus dá n-adhbhadhaibh
bunaidh féin íad as a haithle a threas agus a
thachar is na háitibh ainiúil ina ttéighdís. Mur
sin deit-si dano, ag cosg éigin agus anffurlainn
d'Fhíanaibh Éireann seach gach flaith-fhéindidh
éile don Fhéin.



"Misi, imorra," ar Conán, "ó nach bhfuil ar
mo chumus ná ar mo chomhairle d'fhearuibh
Éireann acht mé féin im áenar anfad ar bhur n-éis
go teacht díbh doridhisi, agus gébhad ceannus agus
ríghe ar an bhFéin in bhur ndeaghaidh-si ó nach
cosmhail ribh féin teacht ar bhur n-ais dá bhur
n-eachtra, agus fós atá ní éile ann, .i. nach dúthcha
dhaoiph-si a teachtadh nó 'teann-ghabháil do
tháoibh chiníl nó clann-mhaicne iná dhamh-sa dá
leantaoi dligheadh nó dúthchus."



"Ind é badh cíall do na comhráitibh sin, a


L. 28


Chonáin, nach rachthá-sa féin linne ar in turus
ughad?" ar Finn.



"As é go deimhin," ar Conán, "agus dar mo
bhréithir ámh, dob fhearr leam nach deachaidh
aoineach éile don Adhamh-chlainn libh nó go
ndeachainn féin libh, ionnus go madh oirbhearnadh
dot h'ineach-sa, agus go madh baoghal dot bheathaidh,
agus go madh briseadh dot bhúain-gheasaibh isin
uair si é."



"Do-bheirim fám préithir fhíor-laóich," ar
Fionn, "gurab tusa céd-duine d'Fhíanaibh
Éireann dánab éigean toigheacht leam d'fháis nó
d'éigean giodh bé huair imghébhadh ar an eachtra
ughad, agus fós dá ttugainn maitheamh slúaghaidh
nó éirghe amach d'Fhianaibh Éireann uile nach
duit-si budh dóich mé dá tabhairt."



Iomthúsa Conáin ó 'd-chúalaidh na comhráiti
sin ó mhac Cumhaill, rugustar léim leabhair-éadrom
lán-lúthmhar agus biodhgadh barramhail bithurlamh,
gurab ann ros-oiris eidir Oisín mac Finn
agus Osgar mac Oisín, agus tucustair treas trom-aidhbhseach
trén-mholta ar Oisín ina fhiadhnuise,
agus gabhuis a chomairce im gan é féin do léigean le
Fionn ar an eachtra sin.



"Ní dhingén-sa comairce dheit," ar Oisín,
"agus dá madh mé féin budh airdcheann ar an
eachtra so is dearbh go mbérainn thusa leam


L. 29


d'fháis nó d'éigean, acht munbhudh ro-mhaith
h'anacal orm."



"Is ro-fhada atá cuimhne, a Oisín, ar easccair<d>eas
chloinne Báoisgne agus chloinne Morna ré
chéile," ar Conán: "gé madh mían lat do mholadh
nó do mhór-laóidheadh, ní ro-mhaith do tuillfidhe
lat é, acht bladh bréige agus áireamh gan fhochonn
agus clú fáis dot hoirdhearcughadh."



Agus tuc aghaidh ar Osgar ainnséin, agus gabhais a
chumairci mur an ccédna.



"Nocha dingén-sa cosnamh ná cumairci duit,"
ar Osgar, "ó nach dearna Osín duit í."



"Mac diongbhála dot hathair féin thusa ar
mhiosgais agus ar mhór-fhúath," bhar Conán, "agus ní
sháoilfinn-si co ndingéntá anacal ná imdheaghail
damh pféin nó d'aoneach eile budh mó cairdeas
nó caradradh iná mé féin."



Téid iar sin go hairm ina raibhe clann eile an rígh-fhéindeadh,
.i. Cáoinche Cosgair-dhearg agus Ailbhe
Árd-úallach agus Roighne Rosg-leathan, agus gabhais a
gcumairce ar an ccur cédna, agus maoidhis orra gurab
í inghean aird-rí Éireann a máthair, agus gurab é
rígh-fhéindidh iarthair Eórpa a n-athair. Acht
cheana do dhiúltsat cumairce Chonáin mur chách.



Do labhair Conán la sodhain, agus is eadh ro ráidh:



"Cidh beac dá bhur cclú agus dá bhur ccomhthúarusgbháil
do chuireabhair go soidhche so, is


L. 30


lugha sháoilimíd d'áirimh nó d'árd-nós d'fhaghbháil
díbh ar an eachtra sa iná ariamh roimpe."



Agus gabhais cumairce Fhearghusa File meic
Fhinn as a haithle a hucht na héixsi agus na healadhna.



"Nocha dingén-sa cumairci dheit," ar Fearghus,
"d'aindeóin Fhinn agus na Féine, ór ní hoircheas agus ní
himchubhaidh do chloinn faosamh nó fiór-chumairci
do dhénamh do neamh-thoil a ttighearna
d'áoinneach imá adhbhar fhollus nó fhíor-dhleaghthach."



Tucustar Conán imdheargadh úathbhásach agus
achmhusán adhbhail-ghéar d'Fhearghus as a haithle
sin; agus as eadh ro ráidh nár laoch ar laochdhacht
agus nár fhile ar fhilidheacht, gé do thréigeastar ceard
a shean agus a shinsir ar an ealadhain nach raibhe
aige, agus nár fhoghluim as a thosach.



Agus gabhais cumairci Mheic Lughach annsin
as a haithle, agus tuc treas adhmolta air go himurcach
ina fhiadhnaise féin fair. Diúltais Mac Lughach
Conán mur gach n-áon.



"Neimh-iongnadh mac millti mallachtach mór-cholach
mur thusa dom dhiúltadh-sa, amhlaidh
sin," ar Conán, "dóich as é Dáire Dearg mac Finn
th'athair agus Lughach, inghean Fhinn, do mháthair,
iar tteagmháil dóibh díbh línibh ré-roile iar mór-ól
fleidhi i tTeamhair láoch-armaigh Lúachra, iar
mbeith ar caoi mheisce agus mhearaighthe, gur toirrcheadh
Lughach le Dáiri Dearg don dol sin, go


L. 31


rucadh thusa don toirrchius sin; agus an mac rucadh
amhlaidh sin co coirpthe crosta cláoin-bhreathach,
ní hiongnadh gan gníomha gaisgeamhla gnáth-áitheasacha
do dhénamh dhó."



Téid roimhe mur a raibhe clann Aonchearda
Béarra, .i. Glas, Gér agus Gubha, agus gabhais a
ffaosomh agus a bhfíor-chumairce.



"Nocha dénam-ne cumairce dheit," ar síad.



"As cóir agus is cosmhail nár mheath adhbhar mo
dhóich agus mo dheagh-shaoileachtain orm," ar
Conán, "ór gé táthaoi-si in bhur ccloinn aird-rí
Éreann, ní sháoilfinn go ndiongnadh sibh cumairci
nó caomh-anacal damh pféin nó d'aoineach eile
don Ádhamh-chloinn, gé madh anffann égcrúaidh
an-airsidh antí do bheith agá hiarraidh, acht gé
do léigeabhair inmhe agus árd-oireachus na hÉireann
díbh ar coimhdeacht gan tairbhe gan toradh.
Agus más eadh sin uile dob áil libh do dhénamh,"
ar Conán, "gabhaim-si cumairce intí is treisi agus is
tréine ná sibh eadrom féin agus Fionn, .i. cumairce
Cháoilte mheic Rónáin, an mac óglaoich is fearr
táirill talmhain riamh, chothaighius mnáe agus miondaoine,
eisreacha agus abhlóire Fhían Éireann ó
Shamhain go Bealltaine gacha bliadhna."



"Ná bí-si dom mholadh-sa, a Chonáin, a
ccomáoin na cumairce nach saoilim do dhénamh
duit," ar Caoilte.



"Gé do-radus treas adhmolta ort go hiomurcach
it fhiadhnuisi féin, a Chaoilte," ar Conán, "ní cliú


L. 32


gaisgidh ná gnáth-iorghuili do-chuala gá imrádh
ort, acht clú reatha agus rinn-lúais ag imghabháil
óg agus ánradh in n-óair áigh, éigin nó anbhforluinn;
agus gidh eadh, ní chuala breith ghill duit ar aonneach
d'Fhíanaibh Éreann a n-áon tréighibh dhíbh
sin féin, gin gur fhoghlumuis acht íad. Agus
naisgim-si mh'fháosamh agus mh'híor-chumairce ar
Sgéith Bhric mhac Dathchaoin annsúd, .i. deighbhisigh
dhéttla dían-láidir in deigh-fhir Finn
mheic Cumhaill .i. fear iomchuir a sgéith ria gach
sgainnir re cois a fheadhma agus a eangnamha budhdhéin."



"Ní ghébh-sa do chumairce chugum," ar Sgiath
Breac, "agus is cead leam gan áon-duine eile d'Fhianaibh
Éireann dá dhénamh duit."



"Ní hingnadh gan tú dá dhénamh," ar Conán,
"dóich, ámh, nochan fhuil d'fheidhm ná d'fhoghnamh
ort eidir Fhíanaibh Éreann acht iomchur
sgéithi Finn amháin, gan coimhniughadh catha nó
comhlainn, neirt nó niadhachais eile acht éiséin
ina aonar. Agus gabhaim-si cumairce agus comhfhaosamh
in churadh ós na curaidhibh agus in laoich
ós na laochaibh agus in tréin-fhir óss na tréin-fhearaibh
agus an mhíleadh ós na míleadhuibh, .i. Aichil
ionntshamhlaidhtheach na hEórpa, Samsón meanmnach
mór-aigeantach sleacht Míleadh Easbáine,
leómhan gasta gairg-bheódha gníomharthach na
nGáoidheal, agus rígh-fhéindidh fíochdha flaitheamhail


L. 33


na Féine .i. Goll mear míleata mórdhálach móraigeantach
mac Morna, .i. mo dhearbhráthair
díleas deagh-thairisi budhdhéin."



"Ní ghébh-sa do chumairce nó do chádhus
chugum," ar Goll, "agus ní d'eagla aon-nduini
d'Fhíanaibh Éreann nó d'fhearuibh domhain uile
fó-deara dham gan a dhénamh, acht teanga luathlabharthach
atá agad agus th'intinn mhisgneach mhírúnach
agus do chomhrádh cealgach cosaoideach ag
tabhach miosgaisi agus mór-fhuatha dhuit ó gach
aon-duine d'fhearuibh Éreann, agus uaim-si féin co
háirighthe; agus nochan fhuil áoin-neach eile don
Ádhamh-chloinn do-ghébhadh mo chumairci-si nach
gcoiseónainn dó hí acht tusa at aonar, a Chonáin."



"Éccóir agus ainffios tlacuna orm do chumairce do
ghabháil," ar Conán, "agus gan do chuid fochuidbhe
nó fanomhaid ná fíor-sgige ag Fienaibh Éreann
uile acht do choimhdeacht ar Fionn tar éis inmhe
agus ard-fhlaithius<a> na Féine do bhúain díot, agus gan
do chuid do thabhairt dí acht rígh-fhíenaigheacht
aon-chóigidh Ól n-Égmhocht amháin d'árd-bhúannacht
Éireann uile, fóarais ó Chonn Chéd-chathach
iar mór-leadradh Cumhaill a cCath Cnucha, dott
chosgar agus dott chaithréim; agus fós adhbhar eile
mhéadaigheas do mhí-chonách agus do mhór-ghráin, .i.
fáidhe agus fisidh agus fíor-eólaigh Éreann dá tharrngire
duit co mór go madh le Fionn agus le clannuibh


L. 34


Báoisgne do-gébhthar baoghal do bháis agus do
bhúan-oighidh, iar bhfaghbháil áraigh agus fhíor-úaigniusa
ort a gCarruic Ghuill, agus nach lughaide
ataoi-si ag dénamh leasa agus lán-fhoghnomho
d'Fhionn agus do chlannuibh Baoisgne na hadhbhair
sin. Agus gabhaim-si cumairce Dhiarmada mheic
Dhuinn mheic Dhubháin mheic Dhonnchadha
d'iarsma ríogh agus ríogh-dhamhna Éreann .i. Diarmaid
ó Duibhne annsúd, .i. oide cleas ngoile agus
ngaisgidh na nGáoidheal, agus antí nach ruc én-troigh
theithmhe roimhe so riamh roimh úathadh ná
roimh shochaidhe a n-am áigh nó eangnomha."



"Ní bhfuil dá mhéad laoidheadh nó lán-mholadh
dá ttabhruir-si orm im fhiadhnuisi féin," ar
Diarmuid, "ar a ndingén cumairci nó cáomhchádhus
duit d'éis na Féine a n-aoinfheacht dott
dhiúltadh, agus da ngébhthá mh'fhaosomh nó mh'fhíorchumairci
ar tosach do rachadh go hár én-duine
d'Fhíanaibh Éreann it thimcheall résiú do dhiúltfuinn
do chumairce do chosnamh."



"Dar mo bhréithir, ámh," ar Conán, co fúasoídeach,
"acht gé ro mholus go himurcach thú do
bhí a fhios agum nach dingéntá cumairce damh, a
Dhiarmaid, ó nach do ríoghnaibh ná do ro-mhnáibh
Éreann damh, agus dá madh eadh go deimhin nocha
ghébhthá leithsgél nó lán-turbhaidh rium-sa im
chumairce nó im chomhfháosomh do dhénamh
damh, úair go deimhin as é clú is comhthúarusgbhálaighe,
is treisi agus is trom-aidhbhsighe do


L. 35


thuillis roimhe so ríamh clú agus comhoirrdhearcus
suirghe agus sibhionraidh re hainnribh agus re hingheanaibh
Éreann."



Téid roimhe a sidhéin go hairm a mbuí Coirioll
cédach cath-bhuadhach ó Conbhróin, agus ros-labhair
go faoilidh fíor-fhoisdineach fris, agus is eadh ro ráidh:



"Is amhlaidh so ro ordaigheadar na hughdair
agus ro chumadar na caoimh-fhileadha agus ro dhealbhadar
na deigh-eólaigh agus ro tharrngir na fáidhe, .i.
"gach trén go talmhain agus gach teas go teine agus
gach gloine go gréin agus gach áirde go háer agus gach
ro-éigean go rígh." Tusa, immorra, is rí agus is ro-thighearna
d'Fhíenaibh Éreann in tan téid Fionn
a ccríochaibh eidir-chíana eachtrann, agus is tú
fhágbhus ina ionadh go teacht dó dá eachtra agus dá
imtheacht, agus fós is tú tighearna amhus agus ógláoch,
giolla agus gasraidhe, ban agus macáomh, ollamhan agus
árd-éigeas Fhian Éireann gacha bliadhna ar
bhélaibh chloinni barramhla Baoisgne; agus ar na
hadhbharaibh sin dlighidh tú th'fháosomh agus
h'fhíor-chumairce do chosnamh seach gach n-áon
d'Fhianaibh Éreann."



"Ní ghabhuim-se do chumairce chugum," ar
Coirioll, "ó ro dhiúltadar úaisli agus árd-mhaithe
Éreann a dénamh duit."



"Dar ar cubhais, ámh," ar Conán, "ní raibhe
mo dhóich ná mo dheagh-sháoileachtain asat, a
Choirill, ór as dóich mheatachta agus mháoth-ógláchais


L. 36


do bhí agum asad, gé do mholus go hiomurcach
thú, uair do hoirneadh fá dhó roimhe so thú a
ffianaidheacht, agus ní raibhe acht ríoghacht Chinn
Bhíorraide ar chlannuibh Rudhraighe isin ríghe sin,
gan do shúil re a teachtadh nó re' teannghabháil
acht ar feadh tosga nó turuis Fhinn feisin."



Cidh tráth acht, ní raibhe ó tháoiseach naonmhair
dhon Fhéin go taoiseach thrí ccéd nó cheithre ccéd
neach nár ghabh Conán cumairce aige, agus nochar
aontaigh aon aca a chumairce do dhiongmháil.



"Más eadh, rachat féin libh," ar Conán, "ós
éigean damh é, agus nach éittir righe ná ro-imreasain
ré haird-rígh eitir; acht cheana budh doghrainge
agus budh doilghe dhao<i>bh-si mo dhul-sa libh don
dul sa iná mh'fhuireach, re a ndingén d'ionnlach agus
d'eadar-chosaoidhibh eattraibh."



"Ní bhfuil acht días d'uireasbhaidh ar mo dhá
nónmhar budhdheasda, agus ní bhfuil a fhios nach
bhfuighinn an dias sin féin," ar Finn, "résiú do
imeóchainn faran eachtra, agus nocha mbér don
Fhéin leam ann acht ar gheall annsúd dol leam,
ór fúicfead ag coimhéad chúan agus chaladhphort na
hÉreann íad."



"Má táoi ag gabháil fá imtheacht," ar Conán,
"ad-chím, immorra, uireasbhaidh imurcach ort
nach mothaighe féin agus nach ttabhra dot h'úidh ná
ttot h'aire isin tan sa, .i. gan aird-rí do fhágbháil
it h'ioinadh ar an bhFéin, ór ó't-chluinfidhthear


L. 37


tusa, a Fhinn, agus an chuid si do roighnibh na Féine
do imtheacht ar áon-rían a hÉirinn, éireóchaid
cúig cúigidh Éreann a n-aghaidh na codach eile
dhíobh do dhíoghail a n-éccraidhe agus a n-aindlighidh farro."



"Ní hamhlaidh sin bhías," ar Fionn, "ór
fúicfead-sa áird-rí im ionadh féin ar in bhFéin, .i.
Caireall cédach cath-bhúadhach ó Conbhróin agus
fúicfidh aithne ag Cormac mac Airt mheic Cuinn
Chéd-chathaigh, .i. áird-rí Éreann, gach onóir agus gach
airmhidin dá bhfuair misi agus fear mh'ionaidh riamh
úadha san sin do thabhairt do Chairioll agus dá gach
aon dá n-anfa imur áon ris go teacht dam-sa día
soighin."



Is annsin ro éirgheadar an Fhian éirghe athlamh
áoin-fhir a háon-chomhairle eidir rígh agus ríghthaoiseach,
eidir churaidh agus chaithmhílidh, eidir
ollamh agus eistreacht, eittir eólach agus fhíor-thosccuire
im an áird-rí im Fhionn. Ro shindid a stoic agus a
storgáin agus a n-adharca áigh agus a gcuisleanna comharc,
agus níor fhanadar don réim nó don ruathar roi-reatha
sin nó go rángadar gan fhúaradh, gan oiriseamh
go hAlmhain leathain-mhóir Laighean.



Ní cían ro bhádar ann far faithche na hAlmhaine
in tan it-chonncadar chuca farsan ffaithche go
fír-éadrom in t-óglaoch nóeidhe neamh-arrsaidh fa
coímhe do churaidhibh agus fa mó do mhíleadhuibh


L. 38


agus fa háilne d'fhearaibh co n-innshamhail aird-rí, co
ttoichim tréin-fhir agus co bhfraoch feadhma, agus fírghaisgidh,
co mbeirt churadh agus chaith-mhíleadh.
Táinic a ffíadhnuise Fhinn as a haithle, agus beannachais
co fáoilidh foisteanach fíor-shuilbhir dhó.
Fearais Fionn fáilte co connail carrthanach cairdeamhail
fris, agus aithnighis gan fhuireach é, .i.
Labhra lámh-fhada mac Taidhg mheic Núadhad,
.i. dearbhráthair máthar Finn feisin, in fear sin.



Ro fhiarfaigh Fionn sgéla co deithfireach dhe
iar <dteacht> do láthair dhó.



"Ní fhuilid sgéla núaidhe neamh-ghnáthacha
agum, a ard-fhlaith," ar sé, "acht aon-ní: mur
do chúala éigean agus anfforlann eachtra imchéine
an-fhada it chionn-sa, a ard-fhlaith, tánac féin do
chongnamh agus do chuidiúghadh leat isin tan sa."



"Caidhe do chabhair nó do chongnamh nó do
chuidiúghadh dhúinn in ionbhaidh si, a Labhra
lámh-fhada?" ar Fionn.



"Budh maith sin," bhar Labhra, ".i. bhur
n-aos cneadh agus crécht agus bhur n-aos othar agus bhur
n-óig ath-gháoith biodhoid sleamhan sláin-chréchtach
leam-sa ar maidin gan áladh, gan fhoirdheargadh,
iad, ór na losa soineamhla sídhe agus na cumhgaisidhe
cumhachtacha comhshlána ré ttabhraid
Tuatha Dé Danann taobh agus tul-aire - beatha agus
buan-tshláinte a n-anmanna-séin - bíaid agum-sa
re bhur n-aghaidh-si, dá bhur leigheas agus dá bhur


L. 39


leasughadh d'éis chatha nó chomhlainn nó chomhraic."



Rugadar as ar an ordughadh sin an oidhche sin
ríasan mór-thóraigheacht sin Thaisi Táoibh-ghile,
inghean rígh Thíre na nIongnamh, ag imrádh agus ag
imagallamh na heachtra imchéine imfhoda báoi
ina cionn, ag breith a rroghan arm agus earradh agus
éideadh agus iol-fhaobhair leó uile ar-cheana.



Ro éirghíodar uile a mocha na maidne muiche
arna mhárach, agus ro ghabhsat lámh ar imtheacht
as a haithle go hurlamh. Is annsin ro hoirneadh
agus ro honóraigheadh Caireall ó Conbhróin a n-ionadh
Finn a fflaitheas na Féine. Do radadh, immorra,
in Bhreac-bhárc, .i. lung Fhinn mheic Cumhaill
ó bhun na Bóinne go Beinn Édair ina n-ur-chomhair:
gach ré cclár inte do dhearg-iobhur dhath-áluinn
agus do dharaigh dhubh-dhuinn isin deaghluing
dhian-cheangailte sin, agus nuibhir aidhbhseach
adhbhal-mhór dho chlochaibh criostail agus cairrmhogail
agus do leagaibh lán-mhaiseacha lóghmharra
iarna n-iol-eagar inte; le seóladh súaicheanta
sáor agus le coemh-oific chuanna cheard agus le hinntleachtuibh
ughdar agus ard-ollamhan ro comadh agus
ro cáoimh-dhealbhadh an chóeimh-cheard sin,
conadh airi-sin ro lean an Bhreac-bhárc d'ainm
dhí ó bhreachtradh agus ó bhreic-dhealbhadh na
<c>clár cúanna coemh-álainn agus <na> ngeam gcoemh


L. 40


gcairrmhogail ré chéile. Buaidh n-eachtra n-imtheachta
uirri-séin ar gach toisg agus ar gach turus
ar a ttéigheadh.



Ro líonadh agus ro leasaigheadh an laoidheang leó
go lán-athlamh do ghléire arm agus earradh agus éideadh
agus iol-fháobhar agus chinél gacha haidhme imá rángus
a leas a chur inte, a n-oirchill agus a n-ur-chomhair
na heachtra sin.



Téid Finn iar sin co Teamhraigh, agus dream
dheagh-laoch do mhaithibh na Féine ina fhochair,
do cheileabhradh do Chormac mac Airt agus do na
cóigeadhachaibh a gcoitchinne. Agus tharladar
maithe Éreann a n-aonach agus a n-árd-oireachtus
im Chormac in tan sin ar faithche na Teamhrach,
agus smacht-chána sídhamhla sochra na hÉreann agá
n-ordughadh agus agá ndaingean-chongmháil ina uirthimcheall.



Do réidhigheadh conair chobhsaidh chóeimhríogha
d'Fhionn agus dá Fhéin go hairm a mboí in
t-aird-rí. Ro éirigh Cormac in<a> ccoinne agus ina
ccomhdháil, agus do thoirbhir do phógaibh miochra
mór-ghradhacha muintearrdha, agus fíedhuibhis go
fír-onórach ina fhiadhnuise as a haithle é. Fochtais
an rígh sgéla de ina dheaghaidh sin. Ro
innis Fionn, immorra, a éigean agus a anfforlann ó
thús co deireadh dhó, agus adhbhar a gheas agus a
ghnáth-airmeart. Ba hégcaointeach aithmhélach
an t-aird-rí im na sgélaibh sin do chuala ón árdfhlaith,


L. 41


ó Fhionn, agus gabhais agá n-égcáoine go hadhbhal.



Dála in rígh, immorra, do ráidh go ccuirfeadh
congnamh sluagh agus sochaidheadh le Finn dochum
na tosga sin. Agus adubhairt Finn nach béradh
aoin-neach leis ar an eachtra sin acht na hocht
bhfir dhég do iomráidhimar romhainn, agus do ráidh
fós dá mbeith ar a chumus féin go mbéradh buidhne
bailce bríghmhara agus curaidh chliste choimhdheasa
agus laochradha lonna láin-bheódha do láthair leis,
agus nár fhéd do bhreith ina choimhdeacht ná ina
chomhlúadar acht an dá nónmhar neartmhara
nós-oirdhearca, gan áoinfhear d'iomurcaigh ná
d'uireasbhaidh orra.



"Cía fhágbhair it h'ionadh féin a n-aird-ríghe
na Féine, ó tharla a roighni ag dol leat mur sin?"
ar Cormac.



"Coirioll cédach cath-bhúadhach ó Conbhróin,"
ar Fionn, "is dá aithne dhíot-sa tánag go Teamhraigh
don turus-<s>a agus d'aithne na Féine mur áon
ris, agus dá rádha riot-sa fós gach airmhidin agus gach
onóir dá ttug tusa agus th'athair romhad damh-sa a
ionnshamhail sin do thabhairt do Chairioll, agus a
thabhach dhó ar gach aird eile d'Éirinn nó go
ttíosad-sa tar mh'ais do ridhisi."



"As cubhais damh-sa," ar Cormac, "go ndingén-sa
gach maith bhus imchubhaidh do dhénamh
dhóibh agus do Chairioll go háirighthe, agus nach bearnfad


L. 42


a ríghe iná i rro-chumhachta impa nó im Chairioll,
agus muna ttucar bárr maitheasa nó mór-inmhe
dhóibh ina cheann go teacht daoibh-si día rochtain."



Tuc Fionn lámh Chormaic a láimh Chairill re
gach connradh dhár chanamar do chomhall gan
chonntabhairt. Agus do bhean Fionn gealladh as
cóigeadhachaibh Éireann im gach maith dá ndiongnadís
dó féin a macasamhla do dhénamh do
Chairioll agus dá Fhéin nó go ttíseadh féin díae
rochtain do-ridhisi. Agus ro fhágaibh ar an ordughadh
sin íad díbh líonibh.



Dála Fhinn agus a shé bhfear ndég ro bhádar imur
aon ris: do cheileabhradar do Chormac, don Fhéin
agus do Chairioll tar chách agus d'fhearuibh Éireann go
himlán, agus fágbhaid iomchomharc beatha agus sláinte
ag na sluaghuibh go sunnradhach, agus do gheall
Fionn dóibh go ttiucfadh tar a ais úair éigin fá
cheann mbliadhna dá mbeith ina bheathaidh.



Acht atá ní cheana, fá dubhach dobrónach agus
himshníomhach égcáointeach éixi, ollamhain,
banntracht agus ban-chuire, úaisle agus ard-mhaithe
Éireann i ndeaghaidh na cuideachta cródha curata
coimhfhíochdha agus na buighne bailce bríghmhaire
buan-neartmhaire sin, agus gan a dhearbh nó a
dheimhin aca a ttoigheacht tar a n-ais dá n-eachtra arís.



Rángadar rompa don réim sin go Beinn Éadair


L. 43


mheic Édgháoith in fhéindheadha. <Et ad-bheart
aroile go mbíodh búaidh n-eachtra agus n-imtheachta
ar gach n-Éireannach díae ngluaiseadh ón mBeinn
do bhunadh; conadh aire sin ro imghidar an Fhian
uathadh ind uair sin.>



A mbádar ann íar sin go bhfacadar chuca isin
chonair óglóech fír-áluinn forffaoilidh co-n-éccosc
aird-rígh, go mór-mhéid mhílidh, go bhforghnúis
fflatha. Ba coemh, thrá, toichim agus túaruscbháil
an óglaoích sin: léine shreabhnaidhe shróill a
ccustal a choeimh-chnis, ionar asnadhach ór-shnáith
cona chnipeadhaibh dísle deilighthe dearrsgaighthe
dearg-óir fríe hiadhadh agus fríe hoslugadh
isin ionar sin, brat corcratharach cóig-dhiabhail
ime, nach feas cá miotal do mhiotalaibh in domhuin
dia ndearnadh an deigh-éideadh sin, cona dhealg
óir ór-loiscthe isin mbrat ós a bhruinne, agus fleasg
dh'airgead aoin-gheal aithgheal imá fholt, ar nach
díen-sgáoileadh in gháoth an folt dúalach druimneach
dath-álainn baoí tré chléithi a chinn chais
chruthaigh cháomh-álainn, cloidheamh ór-dhuirn
intaláis a n-árd-ghabháil ghaisgidh for a chliú
chneas-gheal choemh-álainn chruthach, as álainn
iolbhuadhach órdhaidhe uime, agus an chos chruthach
chéim-athlamh no thógbhadh ó lár is impi no
theagmhadh an t-as.



Táinig d'ionnsaighe Fhinn co fír-aibéil agus na
Féine co fíor-amhnus forffaoilidh, et beannighis
go búadh-nósach dhóibh agus d'Fhinn go háirighthe.


L. 44


Freagrais Fionn an beannughadh sin agus fochtais
sgéla dhe, cia hé féin, nó cáit as a ttáinic.



"Aonghus óg mac an Dagha mheic Ealathain
mheic Dhealbhaoidhi mheic Néid mheic Inaoi misi,"
ar sé, "agus do-chuala imshníomh agus éigin adhbhalmhór
do bheith ort-sa 'mun am sa agus tánag féin
do chuidiughadh agus do chongnamh lat, agus do chosg
an chéd-ghábhaidh theigébhus chugad dhíot."



"Is maith leam sin," ar Finn, "más amhlaidh
thángois, agus do-chím go bhfuilid dá naonmhar
imshlána agum bhúdheasta, uair do bhí fear
d'uireasbhaidh orum romhad-sa, agus is dóchaide
búaidh agus búan-chosgar do bhreith dhamh ar an
eachtra sa thusa do thoigheacht leam."



"Is dóchaide go deimhin," ar Aonghus, "uair
cidh bé céd-ghábhadh theigébhus duit dingébhad-sa
dhíot é."



Is ann sin rángadar rompa gusin caladh réidh
ro-fhairsing ina raibhe an long, .i. an Bhreac-bhárc
bhúadh-thosgach bhúan-urlamh, agus do-chuadar
innte ar uair shéin agus sholaimh, gur ghabh
gach áon aca a ionadh áirighthe, a fheidhm
urdhálta isin loing luchtmhair leabhair-dhaingin
sin; agus ro shuidh Finn feisin i ccuirr ghasda dheiridh
na báirce beann-chuirre bith-áirde sin, agus ro ghabhustar
stíom na stiúire sdátmhaire sin imá bhrághaid,
agus ro bhuí ag furáileamh agus ag fíor-aslach for na
Fien-laochaibh in long do lúamhaireacht agus do lán-arthrachadh


L. 45


ón chaladh; agus ad-bheart an laoi so síos and:




"Seólaidh dhúinn ón inbhear-sa,
ó inbhear Bhenne hÉdair,
cidh hamhgar in t-imtheacht-sa
gan a dhénamh ní héidir.



Imtheacht cidh nach toigérainn
do thóir ar an mnaoí méir-sheing,
mo gheasa ní choimhéllainn
dá mbéinn dá oidhche i nÉirinn.



In ainnir gheal ghruadh-chorcra,
munum cuireadh fá gheasaibh,
re ro-mhéd ar ngúasachta
nocha rachainn 'na deaghaidh.



Ní raibhe ar tuinn talmhan-sa
a comhghrádhach linn uile,
aniugh cé beag n-annsachta,
mór n-égnach againn uirre.



Ar meanma fa ró-choimseach
ar tteacht don mhnaoí go maisi,
gé tám aniúgh ró-thuirseach
ar n-imtheacht úainn do Thaisi.


L. 46


Cúl re moighibh mín-sheanga
caithfid uile bhur n-eólaigh;
ar dhromchla na dílinne
ucht na seirrghinne seólaidh."



Seólaidh.




A haithle na laoidhe sin ro sguchsat ó oirearuibh
agus ó imlibh na críche i cédóir, agus do thógbhadar an
bréid snasda snáith-righin siúil a mullach a chroinn
réidh róireamhair, agus ro léigseat a llán féin don
ghaoíth ghailfigh ghlan-utmhaill i mbolgán in
bhréide so-fhairgsionaigh siúil. Ro sgúab gaoth agus
ro imluaghail anfadh an fhoireand sin ar dhromchladhaibh
doirbhe dí-chumhga dásachtacha na
dílionn, agus tar an lear linn-fhúar dhaingean leathanghlas
lán-aidhbhseach, agus tar an mothar mhúichneach
mhuiridhe mhurrdhúchanda, agus tar an aibhéis
n-eochair-ghuirm n-atmhair n-úathmhair n-ilphiastaigh,
agus tar srothaibh siorthacha searbha
siubhlacha slios-gharbha síor-lúatha na sruthmhara,
agus tar froidhthibh fúara frith-chasa fliuchghainmhighe,
agus tar na colbhadhuibh cáinteacha
crith-lúaimhneacha cuip-gheala, agus tar na hárdchnocuibh
aidhbhle osgarrdha imeal-fhliucha
atmhara an-aidhbhseacha, conách ccúaladar ní ar
bioth ina bharamhail dó acht madh nuall mhór
mhúichneach mheasgaighthe na murdhúchonn, agus
gotha gáibhtheacha gáireachtacha na n-én ccorrach


L. 47


ccrith-lúaimhneach ccoimhghearánach, agus foghar
mór-ghothach mear-utmhall na mara ina móirthimchioll.



Is ann sin ro fhíafraigh Osgar mac Oisín d'Fhinn
agus do mhaithibh na Féine cá tír nó cá talamh ina
rachdís ar tosach do chur a ccéd-chuarta.



"Cá háit ina rachmís," ar Finn, "acht go
hInis Tile, ós innte atá ceann ar ttosga agus ar tturais?"



"Ní hí sin comhairle ná coimhtheagasg do-bhérainn-si
dhaoibh," ar Osgar, "acht dol d'ionnsaighe
chríchi na hIorúaidhe d'íarraidh na n-arm
agus na n-iolfhaobhar dá ffuil i ndán agus a bhfiodhair
agus a bhfáisdine do rígh Innsi Tile tuitim go trochamhail
tubaisteach trom-anbhfann, agus do bhreith
buadha agus búan-chosgair na críche go coitchionn;
ór dá mbúadhaighthear libh ar rígh na hIorúaidhe,
agus na hairm shénta sho-mhaiseacha úd do bhúain
de, is so-aitheana dhíbh, imorra, go mbúadhóchar
bhar tturais agus bhar ttréin-eachtra libh ó sin amach;
agus dá madh go hInis Tile ar tosach no raghthaoí,
ré ndol d'ionnsaighe na hIorúaidhe, as cinnte
daoibh nach críochnóchar bhar n-eachtra nó bhar
n-árd-thurus libh, úair bíaidh congnamh agus coimhéirghi
na dhá ríoghachta sin a n-aóinfheacht in bhar
n-aghaidh, muna ndingéntaói a n-abraim-si, dóigh
is ar a dhol go soiche an Íorúaidh ar tosach atá
cinneadh agus críochnughadh bhur ccomhthosga."


L. 48


"Is maith in chomhairle sin, a Osgair," ar
Aonghus airm-nimhneach mac an Dagha agus ar
Labhra Lámh-fhada mac Taidhg mheic Núadhat,
"agus do-bhérmís-ne an chomhairle sin díbh muna
bheith a lúas tucais-<s>i úaid í, a Osgair."



"As olc an chomhairle sin," ar Conán mírésúnta
mac Morna, "agus nár léigid déi neartchoimseacha
nua-ghlana nimhe comhairle ar líth
nó ar leas don lucht isa chomhairle í; acht amháin,
cidh bé dhíbh súd tír nó trom-thalamh is táosga
in saoilfeam bás agus bith-oigheadh d'fhagháil is inte
ragham ar tosach, uair go deimhin ní haoineach
aguinn agá bhfuil súil nó saóileachtain tilleadh tar
a ais ón eachtra so go bráth. Agus is cuma dúinn
cáit ina bhfuigheam ar n-oigheadh, agus dob urusa
dhamh pféin bás d'fhoghbháil a n-Érinn, dáigh is
iomdha agus is iolarrdha dom lucht faladh agus fíor-easgcairdis
inte, agus gan teacht d'fhoghbháil bháis a
gcríochuibh cíana comhaightheacha in domhain
mhóir, d'iarraidh mná don tí agá bhfuil coill
óghachta agus áontomha ingheanraidhe na hÉireann
a n-aoíneacht ar a ordughadh agus ar a fhuráileamh."



Ro thibheastair in Fhían a ngean gáire agus gnáth-shuilbhireachta
a gcoimhnéineacht im Chonán.
Acht cheana, is ar comhairle Osgair ro anadar
uile. Ro sheóladar rompa iar sin seóladh cáocáoisi
ar mhís, maille re mór-gháibhthibh, conach ffacadar
iath nó innsi no oilén uatha re headh na haimsire
sin, acht madh clár úaine ainfeanach imdhomhain


L. 49


na fairge falcmhaire fíor-dhoimhne ag at agus ag
éirghe ina n-uirthimcheall.



As a haithle sin, agus iar ccaitheamh na haimsire
sin agus iarna coimhlínadh dóibh díbh líonaibh, at-chonncadar
taobh críche ina ccomhghaire. Agus
tucsat frais-ghlés fearrdha fearamhail fír-árrachta
agus bann athlamh ainndreannda urmhuisneach
imramha ar an mBreac-bháirc go bioth-neartmhar
d'ionnsaighe an chúain a cédóir, go ttucsat leithad
a taóibh can turbhró don trácht gheal-ard
ghainmhidhe agus don chúan chuip-gheal chubharbhán
don chaomh-luing.



At-bheart Aonghus gurbh í críoch na hIrúaidhe,
.i. an tír ro-bhaói-séin d'íarraidh agus d'fhiosraidhe
go ttrásta buí ann. Ro ghabh fáilteachus Fionn agus
an Fhían im na háitheascaibh sin Aonghusa
ó 't-chúaladar gurbh í críoch na hIoruaidhe céidtír
ina ttárla íad iar ttoirisiomh. Dóich, ámh, ba
maith léo sgís agus meirtean na mór-mhara do dhíchur
dhíobh inte, nó go ttíosadh ionbhaidh deabhtha
agus díbheirge dhóibh.



Is ann sin ro éirghiodar in drong nósmhar
neart-choimhneach don Fhéin dochum in chalaidh,
.i. Roighne Roisg-leathan agus Caoinche Corcuir-dhearg
agus Ailbhe Ard-úallach, Osgar mac Oisín, Diarmuid ó
Duibhne agus Mac Lughach láimh-échtach, Caoilte
mac Cronnchon mheic Rónáin, agus Sgíath Breac mac
Dathchaoin, agus Labhra Lámh-fhada mac Taidhg
mheic Núadhat; et rángadar go himlibh na críche


L. 50


a cédóir; agus tucsat fó ghion ga agus claidhimh gach
neach ara rucsat inte eidir mhnaoí agus fear, go ttucsat
troim-néll teineadh agus teannála tarsan tír go tinneasnach
gach conair no chéimnighdís; agus tucsat
airgne agus édála adhbhal-mhóra léo, agus leath ar
lamhadh búain riú nó soighin furra, nó go ttángadar
go cosgrach cath-mhaoidhmheach coinghleacach
dochum in chalaidh ina raibhe a long, cona lán-édála léo.



Rángadar as in aghaigh sin go luinneach lán-shuilbhir,
agá shúr agus agá sgrúdadh ina meanmain
cionnus do-dhéndaóis imdhála in tíre ina ttángadar.
Go heidirdhealughadh na maidne muiche mochshoillsi
arna mhárach farna himráitibh sin dáibh.



"Curthar feassa agus teachta agus taighleóiridhe úainn
go rígh na hIoruaidhe," ar Fionn, "d'iarraidh na
n-arm n-ádhmhar neart-choimseach nimhe atá aige
fair do chomhaigh as a chrích agus as a choimhfhearann,
sul do-ghéntar díth dhó ní bhús mó
iná a ndearnadh."



"Cia rachus risin teachtaireacht sin, a rígh-fhéindidh?" ar siad.



"Mo mhac-sa féin," ar Fionn, ".i. Fearghus
Fín-bhél an file sunn, agus is dóich go bhfuighe na hairm."



"As urus a aith<n>e ar sin gur a n-aisgidh nó
a n-athchuinghidh dob áil leat na hairm d'fhagháil
ó rígh na hIoruaidhe," bhar Conán, "ó ataoí ag


L. 51


cur fhileadh agus fhíor-dhuine ealadhan dá n-íarraidh
gan chath gan chrádh nó a los chatha nó chomhlainn
nó ar fheadhmannuibh fear-ghluinn. Agus
cionnus dob áil libh a bhfagháil acht mur sin?
Agus gé mór bhur mí-chétfaidh orm-sa do ghnáth
do bhí a fhios agum go rachadh sibh a muinghín
athchuingheadh bhur ffileadh fó dheireadh."



"Cia hoile do budh áil leat-sa dá n-iarraidh, a
Chonáin?" bhar Fionn.



"Misi féin rachus dá n-iarraidh," air Conán, "agus
muna bhfaghar íad go haibéil deargfat mo lámh
féin far ánradhaibh ríesiú tiucfat tar mh'ais
di-ridhis, agus do-bhéarad Fearghus file leam d'fhiedhain
ar gach adhbhar dhíbh sin, agus is mé is córa agus is
cosmhaile dhíbh-si do chur ann, uair dá marbhtar
mé, is mé is lugha d'écht agus d'uireasbhaidh agaibh-si,
agus dá ndearnar écht nó aird-iorghail is oraibh-si a
bhladh agus a bhúan-oirdhearcus."



"Deónaighmíd sin féin," ar cách uile.



Ro éirigh Fearghus File la sodhain, agus gabhais a
earradh áigh iomghona uime, eittir chutún agus
chathbharr agus choémh-lúirigh agus a arm agus a éideadh
uile ar-cheana, agus gabhuis a thuidhnigh éixamhail
fileadh agus ollamhan do shó-mhaisi a earraidh, ar a
uachtar-sén, uime.



Is ann sin ro éirghiustar an caithmhílidh cédfadhach
coinghleacach, .i. Conán máol mac Morna,
agus gabhais a chathbheirt chatha agus chomhlainn uime
far a chaomh-chorp, .i. a léne shreabhnaidhe shnáthchóel


L. 52


shíor-édrocht agus a chotún corr-chúanna córtharach
cadás-ghlan, agus a lúireach leabhar lán-righin
lucht-fhairsing agus a sgabal dlúth-mháilleach
díen-mhaiseach deagh-fhulaing don choimhchinél
chédna; agus ro ghabh a chathbharr catad cóemh-sholus
crúaidh-íaroinn imá cheann, agus a cholg
dúaibhseach dubh-ghorm dlúith-aigmhéil ar a
cháoin-shlíasaid chomhathloimh chlí go curata
cáomh-thogarthach, a dhá chraoisigh cheinn-ghéra
chrithreacha chrécht-aidhbhle go deagh-ghreamaighthe
ina dheas-láimh, agus glúaisis co lúthmhar
lúath-aigeantach láin-ésgaidh don láthair sin ón
laochraidh go léidmheach, agus Fearghus File co
frichnamhach fiodhrata ina fharradh.



Maith an tí asa thuarus<g>bháil buí ann sin, .i.
Conán mac Morna, óair fa hésidhein an t-umhal
fhaidhittneach do chairdibh agus an t-anumhal ainsheargach
d'easgcáirdibh agus an fial fosaidh fíorshuilbhir
re fileadhaibh, .i. an tí nár dhiúlt aoínneach
don Ádhamhchlóinn im aisgidh nó im athchuinghidh
dá dhoirbhe ná dá dhocamhla dá
n-íarrfaidhe fair, mur gach n-áon dá úaisle agus dá
onóraighe d'Fhíenaibh Éireann; agus fós an tí ag
nach raibhe tuilleamh buidhe re beathaidh fria
haoineach ar druim dhomhain, dá mhéid d'inmhi
nó d'édáil do-ghébhadh, muna budh caraid chomhghaoil
nó fhíalghus fíor-thairis dhó budhdhesin;
intí, imorra, agá mbuí teanga gacha tíre gan
turbhró, agus oileamhain gacha hoiléin gan uireasbhaidh,


L. 53


agus eólus aircheadail agus aird-ealadhan a
n-aoineacht gan friochnamh gan ro-shaothar,
amhail fa bés bunaidh do gach árd-taoíseach
nónmhair isin aimsir sin, agus fós ina raibhe neart
céd a lláthair chatha agus chomhlainn, agus ar nach feas
locht ná láin-ainimh a ttréidhibh ar tuinn talmhan,
acht namá a theanga luath labharthach láinmhillte
féin, ag meath agus ag milleadh agus ag mór-mhúchadh
a mhaitheasa seach cách.



Iomthúsa Chonáin, imorra, ráinic-séin roimhe, agus
Fearghus file imur áon ris, tar athghoirid gacha
heólusa agus tar coimhréidhe gacha conuire, nó go
ráinic gan anadh gan oirisiomh go dúnadh rígh
na hIoruaidhe. Agus fuair sé an rígh a n-áonach
agus a n-árd-oireachtus, go maithibh a mhuintire agus a
mhór-theaghlaigh ina uirthimcheall, ag teacht tar
a ndearnsat an Fhían d'olc agus d'inghreim orra an
lá roimhe sin. Do-chonncadar an días sin díe
soighin, agus íad iongnadh anaithnidh éxamhalta
ainíarrdha neartmhar naimhdeamhail níeth-mheiscneach
ag toigheacht gan toirisiomh dochum na
dála go deagh-thapaidh. Do réighigheadh conuir
chobhsaidh choimhréidh agus bóthar bruach-thirim agus
ionadh imtheachta ina n-oirchill co hairm ina
raibhe in rígh.



Dála Fhearghuis Fhile, imorra, ro imthigh-séin co
fáthach fír-innill friochnomhach, agus go féigh fuireachair
fíor-árrachta dochum na conuire do comhfholmhaigheadh


L. 54


fóna ccomhair co pubaill an rígh
co ro-shuilbhir, agus do-rinne comhairthe umhla agus
uruma don aird-rí as a haithle. Fiadhuidhis in
rígh go ro-onórach an t-árd-ollamh ina fhiadhnuisi.
Dála Chonáin, imorra, in áit fa líonmhaire an
laochraidh agus fa truime in teaghlach agus fa haidhbhle
na hoireachta, is ann ro ghabhustar-séin, gur
imghidh go haindreanda ar ochtaibh óglách agus ar
dhromannibh daigh-fhear agus ar ghúaillibh gaisgeadhach
agus ar chaomh-chorpaibh curadh agus
cathmhíleadh, nó go ráinic gan anadh <gan>
oirisiomh co hairm ina raibhe rígh na hIoruaidhe.
Agus ar rochtain dó ann ní dhearna comhartha
umhla ná uruma as a haithle.



Is ann sin ro fhás airm-ghrioth adhbhol-mhór agus
cumhsgughadh meanman agus mór-aigeanta isna
míleadhuibh iman ní neamh-ghnáthach sin nach
ffacadar a ionnshamhail ríamh roimhe, agus ro
iongantaighseat ime go hadhbhal-mhór, agus ro
shamhlaigheadar éirghe a n-aoinfheacht dá ionnsaighe
dá mharbhadh agus dá mhudhughadh, muna
bheith eagla agus urúamhan in rígh orra. Fíerfaighis
an rígh sgéla do Chonán, .i. caidhe é féin agus cá tíre
as a ttáinic, nó cá háit a mboí ceann a thosga
nó a thuruis, agus ciodh im nach dearna umhla nó
onórughadh ar tteacht do láthair dhó.



"Conán mac Morna mh'ainm-si," ar sé, ".i.
fear mí-fhocail agus mór-urlabhra agus mear-tháisg Fhían
Éreann, do mhuintir Fhinn mheic Cumhaill, a


L. 55


híerthar na hEórpa agus a ffearannuibh na ffuineadhach
ffíor-árrachta mé; et is friot-sa atá mo thoisg agus
mo throm-ghnóthaighe, agus dá ffaghar an toisc agus an
turus lé ttánac is urusa leam a ndearnus do dhroch-oiliomhain
agus do dhoi-bhésaibh do leigheas agus do
lán-leasughadh ribh-si, agus muna ffaghar sin, imorra,
do-bheirim fóm bréithir fhíor-laoích nach bíaidh
coimhne ná comhaireamh aguibh-si ar anumhla
nó ar easonóir dá ffúarabhair a ffochair a ffuighbhíthi
ó sonn amach."



"Créd an toisc nó an turus ré ttángabhair in
tan sa?" bhar in rígh.



"Ní hannsa," ar Conán, ".i. Fionn mac Cumhaill
táinic don chrích si, dá nóenmhar féindeadh fíor-árrachta
d'úaislibh agus d'ard-mhaithibh Fhían
Éireann, d'íarraidh na n-arm n-adhbhal neartaigmhéil
nimhe filead agad-sa do-rinneadh do rígh
Inse Tile, dá bhfuil a ndán dó féin bás bith-chinnte
agus bith-urlamh anabaidh d'fhagháil, do chomhaidh
agus do cheannach as t'íeth agus as t'uile-fhearonn agus as
t'ard-mhaitheas ar-cheana; agus issé do chuir misi
d'fhagháil na n-arm sin, agus dá ffaghar íad béd ar
son a ffaghála, agus coisgfeat m'fhíoch agus m'fhúathmhaireacht
dhaoíbh ina dheaghaidh sin."



"Dar linne, nocha leas-ainm duit-si fear díen-áithisc
agus droch-urlabhra na Féine," ar in rígh agus
ar cách go coitcheann d'áitheasg agus d'uradhall
áoin-fhir, "agus ní híad Fíena Éreann amháin, acht


L. 56


fear droch-áithisg agus díen-uradhaill ffear ndomhuin uile."



"Ciodh im nár léigis don fhilidh a uradhall agus a
árd-chúis féin do chantain ar tús?" ar an rígh.



"Maith a adhbhar agum," ar Conán, ".i. dá
madh é áera an fhileadh do-dhéntá-sa im na harmuibh
nach diongnadh sé díoghbháil nó díen-mhasla
duit-si, acht a innisin dá thighearna, agus dá
n-érthaidhe mise impa, con ndingén lóach na
n-arm do dhíoghaltus oraibh-si siú rachad tar
mh'ais; agus fós, ní oile, gurab fhearr leam bladh agus
búan-chlú a ffaghála orm féin ag Fíenaibh Éreann
nó ar fhilidh nó ar fhear dána, d'eagla co n-aibeóradh
oeinneach agaibh-si gurab a n-aisgidh nó a n-athchuinnghe
d'fhilidh nó d'fhear dána do-bérthaoi
iad, agus nach dúinne nó dár n-eagla."



"Máseadh, ní thibhar-sa sin óaim," ar an rígh,
"agus dá madh leam inmhe nó oireachus na cruinne
co comhthrom, as tóesga thoirbhéruinn sin uile a
n-aoínfheacht úaim iná do-bhéruinn na hairm sin,
dá bhfuil a ndán do ma dhalta bás agus bith-oigheadh
d'fhaghbháil, a n-aisgidh nó a n-athchuinnghidh.
Agus ní tugadh dh'onóir nó dh'airmhidin d'aonduine
ríemh romhad-sa onóir budh aidhbhle iná
gan do thuitim it anghlór agus it anuradhall; agus
fágaibh mo thír agus mo thalamh go tinneasnach, nó
do-ghébhair h'oigheadh agus th'athchuma gan chonntabhairt."



Ó 't-chúala Conán na comhráiti sin impáis


L. 57


easgcáoine a sgéith co so-fhairgsionach ris na
sluaghuibh, agus iarrais comhrac aoinfhir ar na
hógaibh go hathlamh. Ro éirgheadar céd ánradh
infheadhma a n-áoinfheacht ina aghaidh d'aithfe
a anghlóir agus a uraghaill fair.



"Léigidh as itir, a óga," ar an rí, "ní thiubhram-ne
ar n-eineach nó ar n-ard-nós ar aba anma
áon-duini, gé madh aird-rí fursan uile dhomhan
é, agus dámhthar fír fhear agus comhlann cudruma
dhó co ttáothadh-sain libh-si nó go ttaothaidhi-si laisiomh."



"Is ann sin ro éirigh mílidh mór-chalma dá
n-ánradhuibh-san do mhuintir na hIoruaidhe do
dhíoghail a bhorb-ghlóir far Conán, agus dá chosc a
cédóir. Gérbh é Conán ann dano, níor bhearn
gan búan-choimhéd, agus níorbh fhál gan airbhe, agus
níorbh olc <gan> aife, ionnsaighe nó imghabháil do
thabhairt fair a n-alt na hóaire agus na haimsire sin.
Dóigh fóair a fhreastal agus a fhritheólamh go hathlamh
anurmhuisneach, go gclos gacha hairde
úatha leadghaire na lann líomhtha lomchrúaidh
lasamhail agá lán-bhúaladh, agus coigeadal
na ccraíseach cceann-ghorm ccréacht-aigmhéil agá
comhmbeartnughadh, agus tul-ghubha na fíeth corcra
caomh-álne agá comhmbriseadh, m<a>oidheamh agus
mór-bhrostughadh na laochraidhe ag lóeidheadh in
láin-treasa agus ag greasacht an ghér-chomhraic.


L. 58


Is ann sin ro thógaibh Conán an láimh ndeis
ndeagh-thapaidh leisin lainn fhada fháobhar-chruaidhi
agus búailis béim reachtmhar ro-aingidhe
tar úachtar na bocóide, gur sgarusdair a cheann agus
a cholann ré chéile don churaidh, agus crothais a cheann
agus a chosgur risin slúagh ar sodhain. Iarrais ann sin
díes ánradh airm-neimhneach do chur chuige do chomhrac.



Ro éirgheadar in días sin, agus a gceart-chomhdháil
Chonáin isin choinnsgleó sin. Sillis Conán
ar an ffear ndéigheanach díbh, agus cuiris a choirrmhér
ghaamhail ghaisgidh a ssúaineamh na sleighi
síor-neimhnighe soi-dhiúbhraice sin, agus acaithis
urchur ághmhar aigmhéil urmhuisneach ina cheart-aghaidh
chuige, gur amuis a mbél a ochta agus a
urbhruinne an tréin-fhear, gur threaghdustar an
talamh ier n-íarthar iar bhfágbháil a anma isin
ionadh soin. Sillis agus síor-dhearcais an cédfhear
tar a ais ó 'd-chúalaidh foghar géar-án na
sleighe seacha, agus nocha ráinic leis iompódh tar a ais
do-ridhis in tan do bhúaileasdair Conán béim
claidhimh co curata comhathlomh a gcomhrac
a chathbha<i>rr agus a chomhsgabail, gur sgar a cheann
<agus> a choemh-mbruinne ré-roile. Agus comhmaoidhis
an cosgar mur in cédna.



Iarrais triar tréin-fhear eile do thachur agus theagmháil
chuige. Teagaid an triar sin chuige fó chédóir,
agus ionnsaigh esiomh íad as a haithle co talchuir
tréin-neartmhar tinneasnach, agus níor sgarusdar riú


L. 59


gur chuir a ccionna isin chosuir chró chédna.



"Teagadh ceathrar eile cugum," ar Conán.



Ro éirgheadar in ceathrar curadh calma cédfadhach
sin a haon-chomhairle chuige. Acht atá ní
cheana, níor léigiustar Coná<n> dáibh a n-airm
d'imbirt nó d'imthógbháil in tan ro chuireastar a
ccinn agus a ccosgair isin chosuir
chró chomhfhuilighthe chédna.



"Teagbhadh cúigear curadh im chomhdháil," bhar Conán.



Ro freagradh an t-íarratus sin co hathlamh ris
na hógaibh, agus do-chúadhdar co dían dísgir dásachtach
ina aghaidh, agus dob fhearr dáibh nach
deachdaoís, dóigh ámh, dob íad a leacht agus a lighe
do thuaireadar don turus sin.



Tángadar, imorra, seisear sár-churadh ar sodhain
isin choinnsgleó chalma choimhtheann choimhdhíochra
sin go Conán go comhacfainneach, gur
chuireadar teannta anbháil adhbhal-mhór fair.
Gidh eadh cheana, ní mó rángadar-somh tar a
n-ais ná gach neach dá ttáinic.



"Taoiseach naonmhair" mh'ainm a ffíanaibh
Éreann," ar Conán, "ciodh mó do theaghlach agus do
throim-thionól mé iná sin; agus tigeadh lucht mo
chomhanma do chomhlann chugum don chur
sa, .i. nóenmhar fé<i>ndeadh agus fear-óglách."



Tángadar nóenmhar neartmhar náimhdeamhail
dá ionnsaighe ainn-séin. Síthlais agus síor-thuairgis
Conán na curaidh co cliste comhchalma do bhéimeannuibh


L. 60


borba barbarrdha búain-eaglacha báis agus
do bhuilleadhuibh tailce tinneasnacha trén-ghábhaidh,
conár léig ursglaidhe nó imdheaghail d'aoineach
aca, nó gur sgarustar a mbradána beatha re
a mbruinneadhuibh.



""Taoiseach naonmhair" mh'ainm gusin tráth sa,"
bhar Conán, "agus ní búdh furáil leam go madh
biseach no bhíadh ar mh'inmhi agus ar mh'oireachus
ar tteacht a n-íethaibh imchíena allmharrdha
damh, agus teagadh dá nónmhar nós-oirrdhearca
níath-mhisgneacha neart-aidhbhle do chomhlann chugum."



Ro éirgheadar an dá nónmhar sin a ccomhdháil
Chonáin don chur sin, gur dhiúbhraigeadar i nd-airm
agus a n-iolfhaobhair a n-aoinfheacht agus a n-áonfhábhall
fair, dá fhorrach agus dá fhíor-mharbhadh.
Dála Chonáin imorra, do-rinne féin faobhairchleas
go fuireachair fíor-láochdha dá fhottolscíath
ina uirthimcheall dá imdhítean, gur ghabhustar
na hairm eattarbhúas isin ór-sgíath riesiú
do-rinneadar fuiliughadh nó foirdheargadh fair
feisin, agus do shó fútha fá dheóigh co ndearna guin
ghalann agus ubhall iomfhaobhair dá gach deighfhear
dhíobh, agus dícheannais íad as a haithle.



"Teagmhadh trí nónmhair úaibh anois," ar
Conán, "ó do rucus eólus ar laige bhur laochraidhe
agus anbhfainne bhur n-ánradh agus ar mhí-chródhacht
bhar ccuradh."



Cidh tráth acht, nocharbh ésgaidh árd-aigeantach


L. 61


ro freagradh na hiarrata sin lasna hainiúil
allmhardha, gér mhear meanmnach mí-chéillidh
ro bhádar ar tosach agá choimhionnsaighe. Ro
dhiúltsat maithe na hIoruaidhe Conán im chomhrac
agus im choimhling, agus adubhradar uile d'áithiusc
aoin-fhir agus d'én-aigneadh nach ttuitfeadh dá
n-ánradhuibh a n-asgaidh le samhail an laoích
anfhoclaigh anghlóraigh sin acht in mhéid do
thuit, .i. seisear agus sé nónmhair, nó co ttíseadh líon
budh lía d'Fhíanaibh Éireann chuca iná ttáinic,
agus nó co ccindís comhairle caidh do-dhéndáois
im dhála na n-arm do hiarradh orra, ó nár éirigh
sén catha nó comhluinn don dul sin dáibh.



"Béd féin ag imtheacht uaibh budhdheasda,"
bhar Conán, "ó nach ffaghaim comhrac nó
cathughadh co héimh nó go hurusa uaibh, agus do-bheirim
fóm bréithir fhíor-láoich co rachadh co
hár áon-duine aguibh-si 'siú do sgarfuinn-si fribh
amhail sgaruim, nó dano cheana go ttuitfinn
eadraibh a n-anbhfurlann iomairg agus a leathtrom
láin-treasa."



Is ann sin ro thargaidh rí na hIoruaidhe seóda
agus sáer-mhoeine, maitheasae agus mór-dhála don fhilidh
ríe n-imtheacht dó, .i. d'Fhearghus File mac Finn.



"Ní ghébh-sa móeine ná mór-mhaitheasa tiodhlaicthe
ar bioth úait," ar Fearghus, "ó nach dá
n-iarraidh tánag don toisg si; agus ó nach bhfuil
a ríechtanus leasa orm, agus dá mbeith fo-ghébhainn ó
Fhionn agus ó Fhienaibh Éireann mo dhoethain díbh."


L. 62


Rángadar rompa iar sin go hairm inar fhágbhadar
an Fhíen, agus ro innis Fearghus Fíon-bhéul échta agus
áitheasa Conáin mheic Mhórna ó thosach go
deireadh dhóibh, agus is amhlaidh ro bhoí agá n-innisin
dóibh tré ghlór-shnáithe filidheachta, co ndérbhairt
an t-airchéadal so:




"Sgéla fíre fúarus-<s>a,
ní bhiú dá ffolach feasda,
uaibh ón tan do-chúadhus-<s>a
co teacht arís dom eachtra.



Slóigh mhóra gan mhion-uaisle,
co n-iomad arm is fáobhair,
fá aird-rí na hIoruaidhe
fúaramar a n-árd an áonaigh.



Slighe romhainn do réidhigheadh
trésan sluagh n-ogla n-ainmhín;
mór an onóir éin-fhileadh
do fhuráil oirn in t-aird-rí.



Gér shoilbhir in tslighi-sin
dona sluaghuibh co soágh,
an róen fúair an file-si<n>
ní hé do ghabh Conán.


L. 63


Conán cóemh na cathaighe
níor ghabh an fearonn fód-bhláth,
acht ar ghúaillibh gasraidhe
agus ar ochtuibh óglách.



Modh Conáin nír chleachtsatar
gach aon dá raibhe romhuinn:
don rígh gusa ndeachamar
ní thug umhla ná uruim.



Gér chien é ó' athardha,
do mharbh d'úaislibh an aonaigh
ar deireadh a n-anomhla
seisear agus sé naonmhuir.



Le haoinneach níorbh urusa
búain le a iomghuin fá dheireadh;
cur le Conán curata
do ba búain le teagh teineadh.



Tugadh leis co lán-adhbhal
imad míleadh fá mhéla;
ón eachtra ar a rángamar
mór lé sgaoileadh ar sgéla."



Sgéla.




Gabhais luathgháir agus lán-tshubhachus Fionn agus
Fíana Éireann imin ccosgar sin Chonáin, agus ro


L. 64


ráidhseat gur dheimhin leó go mbérdaois buaidh agus
búan-choscar in tíre i ttángadar in tan sin.



Dála shochraide na hIrúaidhe, imorra, iar
n-imtheacht úatha do Chonán, do ghabh gráin agus
eagla adhbhal-mhór íed, dóich, ámh, do bhreathnaigheadar
eatarra féin co fíor-fhollus an tan do
thuit an urdail sin dá n-úaislibh agus dá n-árd-oireachtaibh
a n-asgaidh re háon-churaidh, dá mbeith
congnomh nó comhfhurtacht a mhuintire ina
chomhghaire go rachadh tar ríomh agus tar ro-áireamh
a ttuitfeadh dá ttinól agus dá ttrom-shochraide
ar aon-láthair leó, ó do-bhérdaóis féin ar chongnamh
agus ar chomhfhurtacht do thabhairt dá chéile isin
chomhlann. Et as í comhairle ro aslaighsiot
treabha agus túatha an tíre farsan rígh tré fhuráiliomh
agus tré úamhan na himeagla, .i. na hairm hsénta
hsoineamhla do imráidheamar romhuinn do thabhairt don
Fhéin nísa tháosga iná do-géntaoí díghbháil
budh aidhbhle dhóibh as a los iná ndearnadh.



"Truagh, ámh, sin," ar an rí, "ar inmhe agus ar
acfuinn ind uile dhomhain ní thiubhrainn-si na
hairm sin úaim, agus is fearr leam bás d'fhaghbháil
damh pféin agus do gach aoinneach agaibh-si, agus
tabhartus agus tiodhlacadh do thabhairt ar mh'uile
mhaitheasa agus mhór-inmhe iná mé féin do thabhairt
na n-arm, dá bhfuil a ffiodhair agus a ffáistine agus a
ffíor-chinneadh do rígh Inse Tile bás d'fhaghbháil,
ar los maitheasa in talmhan do dhísliughadh úaim
pféin agus óm chinél im dheaghaidh. Agus dá


L. 65


ttucainn na hairm úaim is ríesiú do muirfidhe ar
marbhadh do mhaithibh mo mhuintire agus mo
mhór-ghassraidhe do-bhéruinn uaim íad. Et dá
mbeith gan do choimhéd nó do chosnamh ar na
harmuibh sin acht laochdhacht agus lán-ghaisgeadh
Oelloinn Airm-dheirg, .i. mo mhac mear meanmnach-sa
bhádhesin, agus neart láimhe an láochmhíleadh
Tuireann Tort-bhuilleach trén-armach,
mo thaoiseach teaghlaigh budhdhéin, ní budh beag
d'anacal nó d'imdheaghail na n-arm úd íad,
genmhóthá neart mo shlúaigh-si agus mo shochaidhe
ó sin amach."



<A n-iomthúsa co n-uige sin. Iomthúsa Finn
agus na Féine, do-bhearar ós aird sealad eile íar bhfagháil
scéil Chonáin dóibh, agus iarna ndiúltadh do rígh
na hIrúaidhe imna harmuibh.>



Ro ráidh an rígh-fhéindidh riú:



"Gabhaidh imaibh, a Fhíena Éireann," ar sé
"go ndeachmuís do bhúain na n-arm úd ar éigin
do rígh na hIrúaidhe ó nach ffúaramar do dheóin
úadha íad, úair is ar faithche agus ar fíor-urluinn a
dhúnaidh agus a dheagh-chathrach do-dhénom críochnughadh
ar ccoinne agus ar gcomhdhála re chéile don chur sa."



Is ann sin do éirgheadar an Fhíen éirghe athlamh
aoín-fhir go hudmhall urmhuisneach a haonchomhairle
le haitheasg an aird-rí. Agus ro
ghabhsat a ttrealmha áigh agus iorghaile agus iomghona
agus imairg a n-aoínfheacht iompa, .i. a léinte leabhra


L. 66


línighe lán-aillne, agus cotúin chearta chraobh-órrdha
chruth-núaidhe, agus a rádhainge réidhe ríghne ro-dhaingne,
agus a sgabail sciamhdha scáth-bhreaghdha
sceanmdha scothamhla, agus a ccathbharra cáidhe
comtha comhglana cloch-órrdha, agus a gclaidhmhe
crúaidhe creat-ghorma crécht-aidhbhle, agus a n-omhnadha
áithe échtacha aigmhéile, agus a ttroimscéith
thaithneamhacha thaobh-úaine thoirteamhla,
agus a n-aighme áigh agus iorghaile air-cheana.
Ro budh cúanna cruthach caoin-dealbhach toichim
agus túaruscbháil na tréin-bhuidhne sin an tan sin
re himad a ttlacht ttaidhbhseach ttaobh-bhláith
ttaithneamhach agus a n-arm n-áith-ghér núadhfháobhrach
agus a n-earradh n-órrdha n-allmhardha
n-iongantach, go lasfadh an ghóeth gháifeach
ghlór-udmhall agus an ghrían ghairthe ghlan-ruithneach
ghríos-teasaidhe do gach deigh-fhear díbh,
alt na huaire, re néimh-thaithneamh a n-airm agus a
n-éididh agus a n-iolfhaobhair, agus re héxamhlacht a n-earradh
agus a n-éadaigh agus a n-innill agus a n-égoisc.



Rángadar rompa fón réim sin co faithche
chathrach rígh na hIruaidhe, agus iar rochtain dóibh
uirri ro suidhigheadh pubaill an rígh-fhéindidh
far urloinn na faithchi ar agahidh an dúnaidh a
ccomhfhogus an rígh cona shlúaghaibh. Is ann sin
do labhair Conán mac Morna eidir Fhíenaibh
Éreann agus as eadh ro ráidh:



"Ó nach bhfuil urghairdiughadh eile againn,"
ar sé, "acht cathughadh, téigheadh tríar mac an


L. 67


rígh-fhéinnidh annsút go hoinadh na himreasna agus
na hiorghaile re hógaibh na hIorúaidhe, .i. Caoínche
Corcairdhearg agus Aillbhe Ard-úallach agus Roighne
Roisg-leathan, neoch ro bhoí, imorra, ag toigheacht
leó féin do thaistiol an talmhan agus do chuartughadh
na cruinne, gion go mbiath cuideachta nó comhluadar
oile aca. Má do-ghníad gníomha goile nó
gaiscidh, áitheasa nó iorghaile, is maith dhóibh
a bhfuil sonna do roighnibh gaisgeadhach Fhían
Éireann do bheith d'fhiadhnuise orro. Óair dá
rabhum amhlaidh so gan ágh iommbúalaidh, ní
comhaillfidhthear ar ngeasa linn, agus ní críochnóchar
ar n-eachtra. Agus is doiligh dhaoibh, a óga,
gurab éigean bheith agá bhur ngreasacht agus agá
bhur ngér-bhrosdadh, ag iarraidh orruibh na
neithe nach bhfuil teacht aguibh tarrsa do
dhénamh fá dheóigh."



"Is fíor agus is críochnaighthe na fuighle sin," ar
Finn agus ar Fearghus File. "Agus éirghidh annsúd,
a óga," bhar Finn, "do chosg bhur ccoimhlín
do churadhaibh na críche ríe ccách."



Is ann sin do éirgheadar an triar talchair troighésgaidh
ar amus na hiorghaile fá bhróin airm agus
éittidh agus iolfhaobhair, agus ro iarradar céd curadh
cleas-omhnach a n-iomfhogus agus a ccomharrcis
gach deigh-fhir dhíbh. Ro éirghiodar trí chéd ina
ccoinne agus in<a> ccomhdháil fón choimhinnioll
cédna, agus tucadar frassa fraoch-fheargacha fuileacha


L. 68


fíor-chrúaidhe dá n-armuibh ionchaithmhe
a n-aoinfheacht a n-aghaidh chloinni in rígh-fhéindeadh.
Giodh iad-séin ann dano, ní ar mheatacht
iná ar mhór-thlás nó ar mhaoth-chraídhe do-chuaidh
an ionnsaighe sin aca. Tángadar fútha agus
tríotha agus tárrsa, gur leónadh laóich agus gur teasgadh
tréin-fhir agus gur mughuigheadh mór-mhílidh agus gur
comhroinneadh caomh-churaidh agus gur heasbhaigheadh
ógbhaidh, gurbhó samhalta re sruth ro-bhorb
rabharta rían-adhbhal an ollchóigidh dég go
dían-mhear dásachtach, ag toigheacht gan toirisiomh
a ccomhdháil chúain agus chalaidh co céimthric
coimhdhíochra dásachtach, rúathar na ríghmhíleadh
seachnóin na slúagh agus na sochraide gá
marbhadh agus gá mughughhadh agus gá mór-airleach,
gá leó agus gá láin-teasgadh, gá ndíth agus gá ndíanoigheadh,
gá ttráothadh agus gá ttrén-athchuma,
conach deachaidh aoin-fhear inniste uradhaill ná
maoidhte mór-scéil nó canta comhráidh dona
mór-mhíleadhuibh tar a n-ais úatha gan bás nó
gan búan-oigheadh d'fhaghbháil ón tríar sin. A
haithle an iomfhorráin easmhuinteardha adhbhalghairbh
sin ro sgarsat cách ré-roile dhíbh, et
tángadar an tríar mac sin Finn tar a n-ais go
cosgarach cath-mhaóithfeach co popaill agus go
príomh-árus Finn.



Is ann sin ro éirghiodar triar tréin-fhear troiméchtach
don Fhéin, .i. Osgar mac Oisín, agus Diarmaid


L. 69


ó Duibhni agus Mac Lughach láimh-échtach go
láthair an láoch-treasa agus <go> hionadh na himriosna.
Ro iarradar sin, imorra, mur in cédna tri chéd a
n-aoínfheacht ina n-aghaidh. Tángadar na trí chéd
sin go tinneasnach dá ttráothadh agus dá ttrén-lagadh.
Acht atá ní cheana, níor chomhairle chonáigh
re críochnughadh an chomhairle sin, agus níor thurus
ó a ttángus an turus sin, agus níormh eachtra ó
ttángus ar ais an eachtra sin, uair níorbh aidhbhle
ár na ccéd-churadh iná échta agus áitheasa na ttréinfhear
ttánaissi ar a ttrom-shluaghaibh, conach
deachaidh aoín-fhear a mbeathaidh as díbh gan
bás bith-urlomh oidhidh anabaidh d'fhagháil
úatha ar an modh cédna. Agus tángadar go
hairm ina raibhe in rígh-fhéindidh as a haithle
d'oirdhearcughadh a n-échta agus a n-áitheasa.



Ro éirgheadar triar féinneadh eile don Fhéin iar
sin dochum im chomhraic, .i. Caoilte mac Cronchon
mheic Rónáin agus Sgiaith Breac mac Dathchaóin
agus Labhra Lámh-fhada mac Taidhg mheic Núadhat.
Ro iarradar-séin trí chéd eile dá n-ionnsaighe.
Tángadar na trí chéd sin go comhathlamh confadhach
ina ccomhdháil dá ccoimhfhreastal, go
ttugsat treas thairptheach thinneasnach thul-bhorb
agus coinnsgleó calma coimhtheann crúaidh-neartmhar
dhá chéile, go ttucsat an triar togha trén-láidir
sin an chomhfhúabairt chédna for na curadhuibh
a ccrích an chomhlainn, conach deachaidh aoinfhear
gan oigheadh ó na deigh-fhearaibh déigheanacha


L. 70


sin díbh. Agus ní haca ro ansat eidir, acht
tucsat aghaidh ar an ionadh fa haidhbhle na
hánraidh agus fa mó na mílidh, gur léigseat ingheilt
na lann go lán-athlomh far fhormnaibh fear agus far
mhéidhibh míleadh agus far tháobhaibh tréin-fhear agus
far sleasaibh sáor-chlann go ttárla chuca co coimhdhíochra
na trí cholamhain chalma chomhthuinighthe
churata, .i. áird-rí na hIorúaidhe agus a mhac,
.i. Iollann Airm-dhearg, agus Tuireann Tort-bhuilleach,
.i. a thaoiseach teaghlaigh, gomá comhroinn dáibh
seisear sáor-mhíleadh, gur ghabhsat ag treaghdadh
agus ag trén-athchuma a chéile gur sgaradar dumhacha
dían-dorcha doi-readhairc deiridh an láoi agus urthosach
na hoidhche na lán-mhílidh re chéile, iar
mbriseadh arm agus éididh agus iolfháobhar dhóibh díbh líonaibh.



Ro impádar na tréin-fhir sin don Fhéin ar a
n-ais co popaill an rígh-fhéinneadh co cneadhach
cródhach cró-leadarthach, agus gan acht irseacha a
scíath n-órrdha n-imeal-chrúaidh <nó n-imealchúanna>
ina lámhuibh leó, iarna ndearbh-oirleach
ón urlaidhi agus ón easorgoin. Et iar ttorrachtain
dóibh ann, cuiris Aonghus óg mac an Dágha
urchusg cabhartha agus coimhíce ina ccneadhuibh agus
ina ccrécht-leadarthaibh, co rabhadar sleamhain
sláin-chréchtach ar ceann na mainne muiche arna mhárach.



Ro éirgheadar an Fhíen Éireannach sin ar an
dara laithe go lúathgháireach, agus ro éidighseat íad


L. 71


féin a ndorus na puible go príomhurlomh a n-oirchill
na himghona. Agus ro éirgheadar sluaigh
na críche don taoibh aroile ina n-aghaidh, agus ro
éidighseat íad féin fón chuma cédna. Is ann sin
ro éirigh an curaidh comhlann-chrúaidh, .i. Conán
mac Morna a n-urthosach na n-ánradh, agus ro
ghabhustar a chulaidh chatha agus chomhraic uma
chneas co comhárrachta curata, agus is eadh ro ráidh
as a haithle:



"A Fhíana Éireann," ar sé, "ní córa dhamh
pféin furáileamh áigh nó iorghuile ar gach aon
agaibh-si iná orum pféin budheasdo, agus gé mór
mh'adhbhar agus m'fhaltanus friot-sa, a Fhinn, agus re
clannuibh Baóisgne air-cheana, ní lugha mh'adhbhar
agus mh'fhíor-fhaltanus re hárd-shlúaghuibh na hIoruaidhe."



Iomthúsa Conáin, ro innsaigh go láthair na
troda as a haithle co tairptheach tinneasnach, goma
comhrainn dó fén agus don tréin-fhear teann toghaidhe,
.i. Tuireann Tort-bhuilleach, taoiseach teaghlaigh
an rí, gur ghabhadar ag comhthúargain ceann agus
corp agus caomh-cholann a chéile gan choigill, gurbho
briste bloghtha brúach-rébtha eidir éideadh agus arm agus
óir-scéith ó iomfhorrán an dá ánradh sin. Do bhí
do mhéid anfhorluinn Chonáin isin chéd-chathughadh
agus dá ffúair do ghonaibh gnáth-ghéra guasachtacha
gábhaidh agus d'áladhuibh doimhni do-iongabhála
dían-mharbhthacha isin chéd-chathughadh


L. 72


agus isin choinnsgleó sin Tuirinn feisin, gur
beanadh a osnadh éccomhlainn agus a íachtadh árd-churadh
as ó thuinnsiomh agus ó thrén-ghabháil
bhuilleadh in bhorb-mhíleadh baoí agá thrén-túargain.



Ó 'd-chonnairc Finn Conán isin chonntabhairt
chathuighthe i mbaoí ro ghairmeastar a ghnáth-chaismeart
chatha go congháireach, .i. a sgal coilleadh,
agus tuc cróidháil agus comhfhúagra go coitchinn
don Fhéin cabhair agus comhfhurtacht do thabhairt
do Chonán do chéd-neithibh, agus én-aghaidh do
thabhairt a n-aoínfheacht ar na hallmharachaibh
dá fhóirighthin.



Ro freagradh an furchongra sin lasin fFéin, agus
ro ionnsaigheadar ionadh curtha an chomhlainn
ina n-aon-bhróin armtha éidighthe agus ina ccipe
chíochmhar chonfadhach chéim-dhíochra a ccoinne
agus a cceart-chomhdháil a n-easccarad. Ó'd-chonnairc,
imorra, sochraide na cathrach an
choimhéirghe sin ina ccomhdháil, tángadar ina
léibheann lán-dlúith léidmheach láin-mhear, agus ina
mainnir mheanmnaigh mhisgnigh mhór-aigmhéil
agus ina mbuailidh bhodhbha bhoirb-threasach don
taoíbh oile dá n-ionnsaighe. Rob álainn il-dealbhach
an fhoireann sin re hiomad a n-earradh
n-iolbhreac n-ór-shnáith agus a n-arm n-úathmhar
nimh-fháobhrach agus a n-éideadh fhíor-dhaingean
imfhulaing agus a sgíath ccaomh-édrocht ccorcar-ghlan


L. 73


agus a sgíath n-úaine n-iolchomharthach agus a
sgíath nglé-ghlan nglain-ghreiseach agus a sgíath
mbreac-cháomh mbúabhallda agus a ttlacht n-allmhardha
n-iolreachtach ó sin amach. Agus ro
ghabhadar ag leódh agus ag leadradh, ag oirleach agus
ag athchuma, ag cumbach agus ag cnáimh-ghearradh
a chéle fón samhlaidh sin.



Dála trí mac Meic Con mhic Maic Níadh mheic
Luighdheach, .i. Glas agus Gér agus Gubha <dá ngoirthí
go gnáth trí meic Aonchearda Béarra>, ro mhionaigheadar-séin
bearnadha céd ar a cceart-aghaidh,
gur thráoth treóin agus gur marbhadh mílidh agus gur
forraigheadh flaithe agus gur léonadh laoích leó in
gach cúil agus in gach cearnaidh agus in <gach> conair
inar chéimnigheadar gur chuireadar na catha
ceachtarrdha ar comhmbúaidhreadh céille agus cédfaidhe a
ccoimhnéinfheacht.



Iomthúsa Aonghusa óig mheic in Dágho téid-séin
ina shidhe dhían dhíochra dheigh-reatha agus ina
chéimeannaibh trice talchaire tinneasnacha, gurab
ann ro fhor agus ro dheisidh eidir Chonán mac Morna
agus Tuireann Tortbhuilleach.



"Seachain an comhlann, a Chonáin," ar
Aonghus, "uair ataoí a n-anffainne nirt agus níadhachuis
a haithle do threasa agus do thachair go ttrásda,
agus léig eadrom-sa agus rabharta an rígh-mhílidh do
fhrithráileamh budhdheasdo."



Seachnais Conán an comhlann don chur sin


L. 74


agus téid fón ccath co curata coimhdhíomsach, do
chosc curadh co catharrdha agus do thraothadh
tréin-fhear co tapaidh a ccoma cháich. Iomthúsa
an dá churadh agus an dá chathmhíleadh sin, .i.
Tuireann Tort-bhuilleach agus Aonghus óg mac
an Dágha, tugadar aghaidh ar aroile ainnséin.
Cidh tráth acht, rob é sin an gleó gáibhtheach
gráineamhuil gér-nimhneach agus an iomghuin aindiúid
úathmhar aggarbh aindreanda agus an chomhthúargain
chalma chréchtmhar choimhfheargach.
Rob í, imorra, críoch dheabhtha na deise sin gur
thorchair Tuireann Tort-bhuilleach do bhéimionnuibh
áithe imghlioca Aonghusa ar deireadh
an deabhtha agus in dían-imreasno ré-roile.



Iomthúsa Oisín mheic Fhinn, imorra, ro dlúigheadh
agus ro dían-sgaóileadh agus ro síor-easoirgeadh na
slúaigh agus na sochaidhe leis gacha taobha ina
thimcheall, nó go ccomhráinic co hairm a mbúi
Iollann Airm-dhearg mac rí na hIruaidhe. Ó'd-chonnairc
Illann éisein táinic ina réim roi-reatha
agus ina shidhe sheólta shíor-nimhneach sheabhcamhail
agus ina bhuinne dhían dhílionnda ar cinn comhraic
chuige. Ó rángadar, imorra, an dá mhac
rígh rathmhara roi-bheódha sin co háit áontadhach
áiridhthe na himriosna agus co hionadh urdhálta na
hiomghona, is ann sin tucadar achmhusán frithir
fíor-nimhneach agus coinnsgleó fearrdha fuinnmhidhe
fíor-neartmhar dá-roile dá sleaghuibh seimhneacha


L. 75


agus dá n-omhnadhuibh aigmhéile agus dá n-airidhthibh
catha agus comhlainn ar-cheana, agus ro fhearadar comhrac
díochra dána deagh-thapaidh neimhneach
neartmhar neamh-fhallsa ainmhín ain-éttrócaireach
láidir láimh-thrén láoch-eargnaidh fuileach
fearg-bhúan fraoch-aigmhéil. Agus dob é
foircheann comhraic na deise sin go ttoirchair
Iollann Airm-dhearg mac rí na hIruaidhe do
láimh áitheasaigh iol-bhúadhaigh Oisín mhic
Fhinn, agus dícheannais é gan fuireach. As a haithle
sin crothais an ceann agus an coscar sin fria cách, agus
téid féin fó shlúaghaibh na hIruaidhe iar sin, mur
gach n-aon eile d'Fhianaibh Éireann, día ndíthláithriúghadh.



Dála Ghuill mheic Mhórna, imorra, ro chromustar
fón chath go calma curata amhail nathraigh
ar neimhnighe nó leómhan ar láidireacht nó
mathghamhain ar mór-lúaghaill, agus nochar lamhadh
béin fris nó ionnsaighe fair nó go ráinic go hairm
ina raibhe in flaith fearrdha furránach agus an triath
talchair trén-neartmhar, .i. aird-rí oirrdheirc Ioruaidhe,
baoí a n-eidir-mheadhón na láochraidhe
agá lán-ghreasacht agus agá lán-lúathlaoidheadh. Is
ann sin ro ionnsaigheadar an dá úaithne áigh sin
aroile, agus in dá dhos díona, agus in dá bheithir
bhadhbhdhá, agus an dá tharbh ar threisi, gur dhingeadar
na sleagha sénta seimhneacha isna sleasuibh,
agus isna hiomnadhuibh aithghéra iomfhaobhracha
isna hurbhruinnibh, agus isna craoíseachuibh


L. 76


cinn-leathna cró-fhairsinge isna caomh-chorpaibh,
gurbhó créchthach cró-ainmheach colla na ccuradh
agus na ccathmhíleadh ó chréchtaibh na ccuradhomhnadh,
iarna lagadh agus iarna leónadh agus iarna
lán-bhriseadh ina lánuibh craoí go curata comhathlamh.



Et do-chúadar ainnséin ar a cclaidhmhibh claisleathna
cruaidh-ghéra coimhshínteacha, agus do-rónsat
urlaidhi díochra dúabhsacha doi-fhreastail
mur mhodhaghaibh mearrdha mí-laochdha ós mór-omhnaibh
agá mion-oirleach agus agá mear-chosgairt,
nó mur ghaibhnibh gusmhara glac-láidire ós
caóraibh cáidhe crúaidh-iaroinn dá ccrúadh-shíneadh
ar chaoimh-inneónuibh, nó mur bhéimionnuibh
lúath-árrachta ladrann lán-chalma ar
punnannaibh righne roithiorma do bheith ar
urlár ata iomloime adhbhal-sgúaptha, gá n-easorgain
agus gá ttrén-bhúaladh eatarra go hathlamh.
Feacht n-áon búailis rí na hIruaidhe béim bunata
borib-reamhar do loinn leathain lán-fhaobhraigh ar
amus chinn Ghuill isin láin-ghleó ghoirt-amhuinseach
sin. Tógbhais an scíath eang-bhláith
áluinn-bhreac ina aghaidh gur sgoilt an scíath
cona sgeimhlibh, co ndearna dá leith chearta
chudroma don chaoimh-sgéith ar ionchuibh an
ánraidh, co ndeachaidh feadh fearrdhoirnne don
leabhar-loinn a ttalmhain gan turbhró, íar dteasgadh
an tréin-sgéith; agus nocha ráinic risin rígh tarraing


L. 77


a láimhe tar a hais dá ionnsaighe in tan ro
bhuaileastar Goll béim athlamh urmhuisneach a
maoil na gúalann air, gur léigeastar an lámh go
lán-athlamh dochum talmhan gan trén-bhacáil, agus
buailis in t-athbhéim trom tánaisi, gur dhiúbhraic
agus gur dhían-ghearr a cheann dá chúil-mhéidhe a
ccoimhnéineacht, agus an t-áitheas as a haithle.



Dála shochraide na hIruaidhe, imorra, iar
ttuitim a ttríath agus a ttighearna isin troim-threas
sin, ro ghabhsat ráon mire agus mór-theithmhe chuca,
agus an Fhíen in gach aird ina n-uirthimcheall gá
marbhadh agus gá mór-oirleach, gá ndlúirghe agus gá
ndian-dealughadh, conach deachaidh écht dob
ionáirmhe úatha díbh gan bás bith-urlamh agus
a<i>gheadh an-abaidh d'fhagháil, nó go ttáinic
urthosach oidhche dá saighin.



Ro impódar an Fhían tar a n-ais go hionadh
an chomhlainn agus co maighin na mór-throda, íar
nglanadh a n-airm agus iar n-aidhbhliughadh a n-écht
agus a n-áitheasa. Ro lingseat fur múraibh na mórchathrach
fá dheóigh, agus rannsat a hór agus a hairgead
agus a hiolmhaoine, a cuirn, a cúaich, agus a copáin, agus
a caoimh-easgair air-cheana. Tucadh a lanna agus a
lúireacha, a ffailghe agus a ffithchiolla, agus a n-uile
ionnmhusa agus édála ó shin amach ar amus an rí-fhéindeadh.
Ro bhádar amhlaidh sin an oidhche
sin go subhach sódhamhail seasgair a n-adhbhaidh


L. 78


agus a n-ionadh rígh na hIruaidhe agus a mhná cúanna
cáomh-áille, agus í féin agus mná na cathrach ar a gcumus
agus ar a gcáomh-orduighthibh, .i. inghean rígh na
hAntúaithe, bean rí na hIruaidhe ag Finn, agus
roighni óg-bhan agus ríogh-bhan na cathrach ag
Oisín agus ag maithibh na Féine do réir a n-úaisle agus
a n-onóra. Co ceann cáocaoísi comhláine isin
ccathraigh ar in ccórughadh sin dáibh, .i. an feadh
do bhí a lucht cneadh agus crécht agá leigheas gus
agá láin-íoc ag Labhra Lámh-fhada mac Taidhg
mheic Núadhat agus le hAo<n>ghus óg, agus ag cur a
meirtine agus a mór-sgísi dá maithibh.



Íar ccaitheamh agus iar ccoimhchinneadh na réé
agus na roi-aimsire sin dóibh, dano, agus iar mbeith ion-aistir
agus ion-imtheachta dá n-áos cneadh agus crécht,
agus dá lucht othrais agus easláinte, ro gabhadh lámh
ar imtheacht leó go luinneach lúathgháireach
dochum a loinge agus a lúath-arthraigh d'fhágbháil
na hIruaidhe fó chédóir. Et tángadar asin
ccathraigh amach seal seachtair. Boí, trá, gáir agus
golgháire agus gér-aigmhéile ag banntracht in bhaile
agus ag ban-chuire in dúnaidh agus an deigh-áruis ina
ndíaidh, agus fós éigis, ollamhuin, agus abhlóiridhe, agus
eistreachta in áruis chédna, ag dubha agus diobargóid
ina ndeaghaidh, ag caoíneadh a ccarad agus a gcoiccéile
agus a gcomhfhlaitehas gaóil, agus a ffear agus a ffíorchéileadh
air-cheana do marbhadh úatha, agus gan
an Fhian aca 'na n-ionadh.


L. 79


"Múrthar agus mór-sgaoiltear an chathair linn
budhdheasda," ar Conán mac Morná, "agus ná
fágthar cloch ar cóir innte iná clár ar cuibhdheas,
conach bía aitreabh iná ard-chomhnaidhe ag aon-duine
re beathaidh inte ó so amach do chomhartha
agus do choimhniúghadh ar n-écht agus ar n-áitheasa agus
ar n-imtheachta ó so amach."



A mbádar ann far na hiomráitibh sin go ffacadar
forsan ffaithche ffér-uaine céd curadh coimhfheadhma,
ceangailte dá ccneas-éitteadh catha agus
comhlainn, óglách ríogha rathmhar ro-árrachta a
n-eidir-mheadhón eatarra, go móir-mhéid mhíleadh
agus go ttoichim tréin-fhir agus go n-ionnchomhartha
aird-rí. Tángadar go hairm a raibhe an t-airdfhéinnidh
Fionn, agus is amhlaidh tángadar dochum
na comhdhála sin agus gésga pailme ina lámhaibh
leó mur chomhartha ceannsa agus caoin-chomhraic.
Agus do-righne tighearna na trén-bhuidhne sin
umhla agus ard-onóir go hoileamhanta d'Fhionn agus
d'úaislibh Fhian Éireann air-cheana, agus fearais
fáilte go friochnamhach fris agus fria maithibh a
mhuintire imá leith. Fochtais Fionn a sgéla
féin agus a imtheachta ina dheaghaidh sin de, agus cá
tír nó cá talamh as a ttáinic, agus cá hairm ina raibhe
a thoisg nó a thurus in tan sin, nó cía d'fholaibh
úaisle nó anúaisle in domhuin dó.



"Miodhach mac Mortair mh'ainm-si," ar sé, "agus
tighearna in tíri si mh'athair, .i. rígh na hIruaidhe,


L. 80


agus dearbhráthair dhamh an rígh ro mharbhabhair-si,
.i. Mearcair mac Mortair, agus ní raibhe do chloinn
ag ar n-athair ag fagháil bháis dó acht sinn féin
inar ndís. Gabhais Mearcuir flaitheas agus furlámhas
na críche so a haithle bháis 'athar a los a aóisi
agus a aimsire agus a fhoirfeachta, agus ro ghabhus-<s>a
tánaisteacht an tíre gan turbhaidh. Ro bhámar
amhlaidh sin aimsir imchían a' caitheamh ar
n-aimsire agus ar n-inmhe agus ar n-áirttighearnois ré-roile,
nó gur fhásastar mac móir-mheanmnach
mór-aigeantach d'áon-oighre ag an aird-rí, .i.
Iollann Airm-dhearg mac rígh na hIruaidhe. Agus
ó do ruc an mac sin ar chumhachtuibh agus ar
choimhthreisi in tíre, do bhean sé mo chumhachta
agus mo dheigh-inmhe féin díom-sa ar seóladh a athar
agus mo dhearbhráthar-sa budhdhéin; agus do-rónsat
loingeaseach agus ionnárpthach díom-sa seachnóin na
críche so agus críoch agus ceannadhach na cruinne.
Agus do bhádhus ar an ordughadh sin ar díbirt,
mé féin agus in beagán buidhni si im fharradh, nó go
ccúala mé thusa do theacht don tír si agus a ndearnais
d'échtaibh agus d'áitheasuibh in tíre go huilidhi; agus
mur do-chúalus-<s>a sin, tánag do dhénamh mo
chadaigh agus mo charadraidh riot-sa, agus do ghabháil
mo ríghe agus mo ro-fhlaithis as do láimh-si, agus do
thabhairt chíosa agus chánachuis na críchi si go
coitcheann gacha bliadhna red bheathaidh go
hÉrinn dot ionnsaighe, maille re héirghe amach


L. 81


agus re furtacht agus re sluaghadh re gach éigean-dáil
ghábhaidh agus re gach gúasacht chatha agus chomhlainn
bhías ort ó sonn amach, riasiú do millfidhe ard-chathair,
inmhe, agus oireachus na hIruaidhe, agus
riasiú do-bérthaoí a hór agus a hairgead agus a huile
mhaitheas agus móir-édála ar aon-rían eiste."



"Gébhum na comhadha sin do chanais," bhar
Finn, "agus fúicfiom flaitheas do thíre agus do thalmhan
féin ar h'ordughadh, do chionn umhla agus uruma
agus cíos-chánachuis do chríche co cinnte d'fhagháil
úait, amhail agus mur dho gheall do bhél go ttrásta."



"Do budh olc re críochnughadh an chomharle
sin," bhar Conán mac Morná, "agus do budh fada
a hiarmairt <ní budh measa ná sin>, agus do budh
córa a ndearnadh ar a dhearbhráthair súd agus ar
maithibh a chiníl agus a chlann-mhaicne a leithéid
do dhénamh fuireach fair féin, .i. bráon báis agus
deocha dían-oighidh do dháil go fuireachair fír-chinnte
fair, agus ciodh fa budh annsa linne é iná
lé a bhráthair agus lé a bhunadh cineóil budhdhesin,
nach dearna goél ná gnáth-choimhdhealus fair.
Et má do-ghníthe mo chomhairle-si ann, ní bhía
neach don fhréimh rígh ná don ghnáth-ghinealach,
dá bhfuil an fear úd, a cceannus ná a ccodhnachus
na críchi si go bruinne mbrátha agus mbeathadh.
Agus is iongnadh gurab é is comha agus is ceannach


L. 82


dhó dá furáileamh orainn na neithe atátt ar ar
fhagháil féin agus ar ar ccumus aguinn, .i. ór agus airgead,
flaitheas agus furlámhus in tíre ina ttángamar. Agus
ó nach bhfuil ríghe iná ro-inmhe fám chomhair
féin a nÉirinn iná a n-ionadh eile, gébhad chugum
comhachta agus comus na críchi so, agus biaidh inghean
rígh na hAntuaithe, .i. bean rí na hIoruaidhi,
agum mur bhain-chéile bhúan-tairisi; agus is fearr
dhaoibh-si sin ná bhur námha agus bhur n-easccara
do fhágbháil a n-inmhe agus a n-oireachus inte, agus go
ttiubhar-sa dhaoibh-si gach ní dhá ccúalabhair
dá fhuráiliomh oraibh-si go ttrásda."



Ro thibhseat in Fhían a ngean gáire agus formhaóilteachais
a ccoimhnéineacht im Chonán; agus ro
ráidhseat eatarra féin co hinchleithi ós ísiol gurbh
oircheas agus gurbh imchubhaidh gach comhrádh dár
chan Conán, acht namá nár léig eagla ná uromhan
Finn dóibh a oirrdhearcughadh ós aird.



"Gion gurbh aithni dhamh do dhealbh nó do
dhénamh gus anois, agus fós, gion go bhfacus do
chruth nó do choimhinnioll, a Chonáin mheic
Mhorna," bhar Miodhach mac Mortair, "aithnighim
a los do dhroch-áithisg agus do dhían-uraghaill thú,
agus ní bhfuil aoínneach agaibh-si dá loighead inmhe
nó ard-dhínitt nach budh fearr leam-sa a impidhe
agus a fhuráileamh leam iná impidhe aon-nduine don
talmhain si ina bhfuilim. Et a Chonáin mheic
Mhorna," ar sé, "muna bheith go mo fearr leam-sa


L. 83


mh'aithne agus mh'eólus do chur ar Fhinn mac
Cumhaill, agus umhla agus aird-thighearnus do thabhairt
ó sonn amach dhó, agus buidheachus agus búan-altughadh
do bhreith fris im gach ní dá ndearnadh, as é a
sheachna agus a shíor-imghabháil do-dhénuinn, agus ní
lughaide do bhíadh ríghe mo thíre agus mo thalmhan
fén agum as a haithli, ó nach bhfanfadh-somh
choidhche dá chosnamh agus dá chumhdach, agus fós ó
nach bhfuil fear frithbhearta nó imriosna oile im aghaidh."



"Léig as idir, a Chonáin, dott anghlór agus dott
anuraghall," bhar Fionn, "agus ná bí ag súa<i>rceas nó
ag síor-áineas ar aoinneach ag nach bhfuil iúl nó
aithne ar do bhésaibh do bhunadh; agus gébhmíd
gach comha agus gach conradh dár chanastar
Miodhach, agus do-bhérum a ríghe agus a ró-fhlaitheas
co háontadhach urrumach a n-ordughadh, ó nach
dual dúinn féin fuireach dá follamhnughadh."



Is ann sin do-radadh gairm rígh agus ro-thighearna
ar Mhiodhach mac Mortair le Finn agus le Fíenn
Éireann. Agus tuc a lámh a láimh Fhinn as a
haithle, agus tucustair rátho agus ro-eidireadha tar nach
tte<a>gthaoi in tan sin dó, .i. grian agus ésga, muir agus
mór-thalamh ina chomhall gacha coinghill agus gacha
ceangail dár imráidheadar eatarra co n-uige sin,
an gcéinn do bhíadh-somh agus Finn a fflaithius. Do
roinn Fionn iar sin a fhlaithius agus a édáil agus a
ionnmhus agus a earradha ón Ioruaidh a ttrí treanuibh,
.i. in céd-trian a ttuillmhe agus a ttúarustal do rígh


L. 84


na hIoruaidhe feisin, .i. do Mhiodhach mhac
Mortair, agus an trían ar-aill i nd-eallomh agus i
n-adhbhar choibhche d'aindribh agus d'ingheanuibh
na hIoruaidhe, d'fhileadhuibh agus d'éxibh, d'ard-ollamhnuibh
agus d'aos íarrata athchuinghe, et an
treas trían dó féin a los a shaothair agus a shíor-chomhraic.



Is ainnsin do-radadh na hairm as an ionadh
agus a<s> in imfholach ina mbádar, .i. comhruir chomhthuinighe
d'uisce linne lionn-fhuar baoí a n-imsging
an aírd-rígh, is innte-sein bádar na hairm dhúaibhseacha
dhobhardha dhraoidheachta día ttáinic
dí<o>th agus dílgheann rígh na hIruaidhe cona árdmhaithibh.
Sleagh agus claidheamh, imorra, rob é
a líon. Ro beanadh na hairm nimhe sin iaramh
as na ceanglaibh agus as na cuibhrigthhibh a mbádar.
Is ann sin at-rachtadur soighnéna trom-aidhbhle
teinntidhe trén-lasamhna agus bolga badhbha bioth-neimhneacha
d'imlibh agus d'eochair-fhaobhraibh na
n-arm sin gurbhó lór dho shoillsi agus do shíor-dhealradh
i n-oidhchibh imdhoirchibh a ffosgadh
agus a ffíor-thaithneamh an tan do beantaoí an dídean
agus an deagh-fholach dhíbh. Fáiltighis Finn re faicsin
na n-arm ina fhíadhnuise, agus is eadh ro ráidh:



"Mór d'ulc agus d'anbhfurlonn, do gháibhthibh
mara agus tíre fuaramar dá bhur n-iarraidh co n-uige
sin, agus ní cás dúinn én-olc dá ffúaramar agus bhur


L. 85


ffhagháil amhlaidh sin," ar sé, "agus is beac bheirmíd
a bhuidhe risin tí dá ttáramar na hairm si a mbeith
ar ar ttabhartus agus ar ar ttaisgidh fén anosa, ó nach
do mhuin annsachta nó acarra tarla dhúinn a ffagháil."



Agus is cuma ro bhaoí agá rádh in tan ro fhuráil
far na fénneadhuibh éirghe co hathlamh dochum
in chúain agus an churadh-chalaidh a mboeí an
Bhreac-bhárc, d'fhágbháil in tíre co trén-athlamh,
agus do chríochnughadh a gcomhthosga agus d'olmhughadh
a n-eachtra. Is ann sin do éirgheadar an
Fhíen co hurmhuisneach la furchongra an rígh-fhéinneadh,
iarna n-éideadh agus iarna n-imdheasughadh
a n-oirchill fhreasdail agus fhritheólmha na fúar-áibhéisi.
Iarrais Miodhach mac Mortair ar Finn
é fén do léigin ar an eachtra leis. Adubhairt
Fionn nach rachadh leis ar an eachtra sin do
dhaóinibh, "acht an dá nónmhar nós-oirrdhearca
tángadar a hÉirinn ar aon-rian rium;" agus ro ráidh
dá mbeith ar cumus dó féin comhlúadar do bhreith
leis ná budh usae do neach eile daóine do bheith
aige iná dhó féin.



A haithle na mbriathar sin fo fhágaibhseat an
Fhíen imchomharc beatha agus sláinte ag Midhach
mac Mortair cona mhuintir, agus ag banntracht na
cathrach, agus ag éxibh agus ag ollamhnaibh, ag áos
ciúil agus oirfide agus gacha healadhan ar-cheana ó shin
amach. Acht as é a fhíor agus a fhán agus a fhaisnéis
ann sin re innisin nochar mhó múich nó mórthuirsi


L. 86


fhileadh nó fhíor-ollamhan, aindear nó
ógbhadh, eistreacht nó abhlóireadh in oil sin a
ndeaghaidh a <g>céd-tighearna nó a <g>céd-mhuintire
iná i ndeaghaidh Fhinn agus na Féne.



Ro ionnsaigh an ógbhaidh úallach ard-mheanmnach
sin dochum a luinge go lán-ghasta gur
ghabh gach aoín-fhear aca a obair urdhálta agus a
fheidhm cosmhail cudroma isin ccáomh-arthrach
ó shin amach, gur scuchsat ó chi-imlibh an oirir
agus ó chiumhsaibh an chrúadh-chalaidh a ccoimhnéineacht.
Baoí Fearghus Fil<e> ag faisnéis agus ag
foillsiughadh agus ag furáileamh far na Féinneadhuibh
a ngnímh agus a <ngnáth>-obair do ghabháil
isin luing; agus ad-bheart na ranna sa amach ann:




"Mithigh dúinn dul tar tuinn tréin,
a Fhíana na n-arm n-aigmhéil,
do stiúradh luinge lúaithe
d'fhágbháil oirir Iorúaidhe.



Gér lia do chách ar bhur cceann,
is beart danár fágbhadh fuigheall,
anois ní fhuil ar bhur n-éis
aoinneach badh oircheas d'fhaisnéis.


L. 87


A chluithe búadha arna bhreith,
slúagh na hIoruaidhe d'éin-leith;
beart chluithe ar ndul a ndeabhaidh
d'fháobhraibh na n-arm do imreabhair.



Atá aguibh, is ní gan fháth,
rígh na hIoruaidhe do óglách
fá chuing chíosa agus chána,
daoibh ní hoirbheart édána.



Rachaidh chugaibh cúis mheanma,
re treisi bhar ttighearna,
cíos ón Iorúaidh go mblaidh
gacha bliadhna re bhur mbeathaidh.



Goll mac Morna go méid ngluinn,
deagh-mhac Cormaic mheic Neamhnuinn,
leis do thuit tríath na túaidhe,
áird-rí áluinn Iorúaidhe.



Le hOisín calma crothach
is le hAonghus iolchrothach
do thuitsiod curaidh na gceard,
Tuireann is Iollann Airmdhearg.


L. 88


Céd ar fhithchid láoch gan lén
imeólach im Thuireann trén,
ár na ccuradh ceann a gceann
ó Fhíanuibh áille Éireann.



Nocha gcúala ríamh roimhe,
dar mh'úaisle is dar mh'ealadhain,
ar fhéile, ar ghaisgeadh, ar ghoil
a chomhmaith d'fhine Ádhoimh.



Ní thiucfa ocht ndeigh-fhir dhég
's níor bhlais betha ná buan-ég
budh chalma re chur a suim
a láthair chatha agus chomhluinn.



Finn mhac Cumhuill, flaith go gcéill,
is Oisín a dheagh-mhac-séin,
Osgar is Caoilte na gcath,
Diarmuid agus Mac Lughach,



Roighne Roisg-leathan go reacht,
Caoinche Corcair-dhearg coimhcheart,
Ailbhe Ard-uallach go n-aoibh,
agus Sgiath Breac mac Dathchaóin.


L. 89


In tríar tréin-fhear gan tubha,
Glas agus Gér agus Gubha,
is Aonghus mhac an Daghdha
agus Labhra<i>dh lán-chalma,



Ferghus Fínbheóil, file Finn,
agus Conán, ní cheilim,
Goll mhac Morna, an mílidh mear,
dual gach díoghrais fá dheireadh.



Ag sin gan bhéd gan bháoghal
fios anmann an dá náonmhar,
fir do thaisdil gach tuinn tigh,
imtheacht is mó ná mithigh."



Mithigh.




A haithle na mbriathar sin d'fhaisnéis agus d'innisin
d'Fhearghus, ró líon subha agus sobhrón in Fhían
imá ngníomhaibh goile agus gaisgidh, échta agus áithiusa
d'oirrdhearcughadh lena ffile ina ffiadhnuise; agus do
ráidhsiod go madh éttarbhach a ttoisc agus a tturus,
agus go madh maith gan áireamh gan fhoillsiughadh
a ndiongnadís, muna tteagmhadh Fearghus File
ina bhfochair. Agus a haithle na ráiteadh sin
dáibh ro ghabh gach aon díbh a théchta agus a throim-eire
agus a obair áirighthe agus a fheidhm imchubhaidh
isin leabhar-luing gan lán-fhuireach do fhreasdal


L. 90


agus do fhritháileamh na bóchna bith-bhuirbe buanghlaisi
agus na fairrge fíor-ghoirme falcmhaire agus na
haibhéisi aidhbhle imeaglaighi ard-chubhraighe.



Iar seasmhughadh agus iar síor-dhaingniughadh a
seól-chrann, iar nglanadh agus iar ngleó-thiormughadh
a ngeil-éideadh, iar seóladh agus iar suidhiughadh a
sith-rámh go sár-neartmhar agus a n-ancuire go
hadhbhal imchubhaidh, iar niamhadh agus iar núa-ghlanadh
a n-arm agus a n-éideadh agus a n-iolfháobhar
do mheirge agus do mhí-ghné a n-oirchill agus a n-urlaimhe
gacha doilghiusa agus gacha docamhla, is ann
sin ro thógbhadar na hanairte áille aóin-gheala agus
na bréide bláith-ríghne búan-chumhdaighthe agus na
seólta seada síor-shoillsi a ccrois go comharthach
comhshúaichnidh a n-uachtar na gcrann ndíreach
ndeadh-dhaingean, gur léigeadar co lán-tshéitreach
a lán do ghlain-téighle na gaoíthe glóraighe goirt-amhainsi
géire a ngloitnibh na nglain-bhréideann
siúil sith-fhada só-ghlúaiste, gur iomair anfadh agus
gur chomhghlúais gáoth an cuire cródha cédfadhach
agus an bhuidhean bheódha bháidheamhail
bhúan-charrthanach agus in tinól talchair tréin-neartmhar
sin ó chiumhsaibh cuimhne caomh-fhosgadhacha
na gcríoch agus ó imlibh oirear-leathna
anaitheanta na n-íath agus na n-aird-chríoch agus ó
fhosgadh fhéar-úaine na n-oiléan agus na n-árd-phort
ar na tonnaibh tiugha tulgánacha troim-liosta agus
ar na caladhuibh súas-fhliuch <nó súas-shiubhlacha>


L. 91


slios-gharbha sál-gháibhtheacha agus ar dhromchladhuiph
diana díogháire díchoiscthe na dílionn dubhghlaisi
dían-mheisgidhthe agus ar iomdhoimhnibh an
oigéin adhbhal-mhóir il-phíastaigh anacarra il-phíanda,
gurab é fa céol agus fa hairfide agus fa hiontalás
meanman agus mór-aigeanta dona maithibh sin, a
n-ionadh a n-aoibhnis agus a n-urghairdighthe co
n-uige sin, gáir na rón agus na rionnach, na muc
mara agus na mór-thoillgheann, na mbleidh-mhíol
mór-adhbhal muiridhe agus na libheadhán liosda
leabhar-mhungach ag dréim agus ag dían-éirghe ré
corraibh agus ré cáoimh-shleasaibh, re taobhuibh agus re
tréun-bhruinnibh a luingi luchtmhaire leabhar-mhóire
agus a mbáirce beann-chuirre bruach-airde.



Co ceann cían cáocaoísi ar muir agus ar mór-fhairge
dona míleadhuibh gan iath nó insi nó oilén nó
árd-phort nó críoch do chríochaibh na cruinne nó
tír do thíorrthaibh an trom-thalmhan d'fhaicsin
re headh na haimsire sin, acht madh radharc
fada fairgsionach na fairrge forránaighe fíordhoimhne
ag fás agus ag forbairt co hiomarcach
ainimchubhaidh ar a n-aghaidh. Aon do laithibh
a n-eacmhaing na haimsire sin fíafraighis in flaith-fhéinnidh
Fionn do Labhraidh Lámh-fhada mac
Taidhg mheic Nuadhat agus d'Aonghus óg mac an
Dágha cá tír nó cá talamh ina rachdaois ar tosach
don réim sin.



"Rachmaíd co críochaibh na hAntúaithe," bhar


L. 92


Aonghus óg, "dá hionradh agus dá hargain,
mharbhadh a rígh agus a ro-dhaoíne, a cloinne agus a
cineóil, ionnus nach bía a cabhair nó a cungnamh
nó a coimhéirghe inar n-aghaidh mar áon le rígh
Inse Tile nó re rígh na Ffear nDorcha."



"Nocha diongnom an chomhairle sin choidhche,"
ar Conán mí-rúnach mac Morna, "acht rachmaíd
co hInis Tile ar tosach, ós inte atá ceann ar ttosga
agus ar tturusa; et ó do-bhérum búaidh agus búanchosgar
ar rígh Innsi Tile, ní fhuil ar mbrígh nó
ar mbúain-chion ar aoinneach oile don Ádhamhchloinn
d'éirghe nó d'árdughadh inar n-aghaidh.
Agus, a Aonghuis," ar sé, "nochan fhuil d'adhbhar
agad-sa agá iarraidh oirne dol d'ionnsaighe na
hAntuaithe acht a ndóchus go ttuitfeamaois innte
ó thús riasiú do roichfemaoís Inis Tile don turus
<s>a. Agus is ime ro aisdrighis sinn d'ionnsaighe
na hIoruaidhe ar tosach, acht gé do bhúadhaigheamar
orra go háirmheach, ag coimhniughadh
fhola agus easgcairdis Túaithe Dé Danann fría
macaibh Míleadh. Agus, a Aonghais," ar sé, "as
é sin fáth do thoigheachta ar an eachtra sa, a
ndóich go bhfuightheá brath agus buan-tréigean ar
Fionn agus ar maithibh na Féine fuilid ina fhochair
in tan so, imorra, a ndíoghail chatha Taillteann
tucadh eidir Thuathaibh Dé Danann agus meic
Mhíleadh, airm inar thuitseat trí haird-ríogha
ághmhara ionnsaightheacha Éireann, cona ttrí


L. 93


roighnibh rosg-mhalla imur áon riú, .i. Mac Cuill,
Mac Cécht, agus Mac Gréine, trí meic Cearmoda
Mil-bheóil mheic an Dágha, clann do dhearbhráthar
budhdhéin, agus Éire agus Fódla agus Banbha, a ttriar
bain-chéile; agus roéd eile nach lugha iná a ndubhramar,
Cath Druma Lighean do cuireadh doridhis
eatarra, airm inar thuitseat in líon nach ttorchair
do Thúathaibh Dé Danann a cCath Taillteann ar
tosach agus laochraidh líonmhar lán-adhbhal Lochlann
leath ar leath, nó gurmh éigean anmhain ar
bhreitheamhnus agus ar bhúan-rádha Aimhirghín
Ghlúin-ghil mhic Mhíleadh Easbáinne fá dheóigh,
gurab í breath ruc sidhéin, .i. an leath úachtarach
d'Éirinn fria haóibhneas agus fria hurghairdiughadh
do dhísliughadh dá bhráithribh agus bhunadh
cineóil budhdhéin, et an leath iachtarach don
caoimh-fhearonn chédna do Thuathaibh Dé
Danann, go bhfuilid arna ccoinnmheadh ar chnocaibh
agus arna suidhiughadh ar shíth-bhroghuibh ó
sin anall gus aniu. Agus is do dhíoghail gacha
gníomha dhíbh sin, agus gacha hinghreama oile dá
ndearnadh eadraibh ó shin a leith, táinic tusa, a
Áonghais, far an turus <s>a, agus ní ar mhaithe re Finn
ná re Fíanaibh Éireann idir."



Ó 'd-chúalaidh, imorra, Oenghus óg na haitheasga
adhbhail-ghéra sin ó Chonán mac Morna,
gabhuis náire adhbhal-mhór agus imdheargadh éccoimseach
an t-áirsigh, go ndearnadh aoibheall aigmhéil


L. 94


fíor-lasrach dhá aghaidh agus rothnúall corcra cróidhearg
dá cháomh-ghnúis, conár léig a náire nó a
neamh-dhánacht dó a ndeaghaidh a áithisc nó a
uraghaill comhrádh nó caoin-bhriathra do chantain.



Iar bhfaicsin agus iar bhfíor-chloisteacht an
imdheargtha sin fuair Aonghus óg do Gholl mac
Morna, gabhuis fearg agus fúasmadh go halcmhar
iomfhormadach é, agus do éirigh go hainndreannda
ainiarrdha iomathlamh d'easonórughadh Chonáin
don chur sin. Ó 'd-chonnairc Conán Goll ina
choinne re fearg agus le fíochmhaireacht, ro dhéch go
féigh fíor-dhearcaighthe gacha taobha ina thimcheall,
agus at-chonnairc Osgar mac Oisín ina shuidhe
go sunnda síor-neartmhar a lifting na luinge lánmhóire,
agus amhail ad-chonnairc Conán eisidhéin
tucustar lúath-léim lúthmhar lán-athlamh d'ionnsaighi
Osgair, agus gabhuis a chumairce agus a chomhfháosomh
fó chédóir. Tógbhais Goll an dornn
deas doinn-ingneach 'na dheaghaidh, agus cuiris neart
colla ar in gcáoimh-ridh agus neart na ridheadh ar
an ró-dhuirn, agus tucustar í do rochtuin Chonáin go
foinnmhidhe fíor-árrachta foirneartmhar ar amus
a chinn. Cláonais agus comhfheacais Conán ar sgáth
croinn siúil na luinge don taoibh oile d'Osgar, gur
bhean dorn an deagh-churadh re díthcheall nirt a
ttáoibh an chroinn chada<i>tt chrúaidh-righin, co


L. 95


ndeachaidh go caol na leath-láimhe leabhair-ghasda
isin lomm-chrann lán-fheóidhighthe, agus ní
ráinic leis tarraing na trén-láimhe tar a hais dá
ionnsaighe an tan ruc Osgar ar a dhá láimh lánchalma
d'íadhadh agus d'iomdhaingniughadh a n-aoinfheacht
ina urthimchioll. Tug Goll teibeadh agus
trén-tarraing ar an láimh don láthair sin, go ruc
leis go lán-urlomh ar a hais go haimdheónach í,
iar bhfágbháil a croicinn agus a cáoimh-leathair isin
ccumusg agus isin ccáoimh-éigean sin.



Iar bhfaicsin a' neithe sin d'Osgar, .i. Goll ar
mbreith a láimhe go lán-ogal lais, éirghis ina
cholamhain chomhdhírigh ina cheart-sheasamh, agus
rug sighe gruamdha gairg-bheódha glac-láidir ar
Goll. Agus rug Goll ar in samhail séin ar Osgar,
gur chuireadar a lámha leabhra lán-áillne agus a
n-eithreadha faide fearamhla ar taobhuibh agus ar
trén-asnach tar collaibh agus tar cáomh-bruinnibh a
chéile; agus tucadar cuir ána athlamha urmhuisneacha
agus imruscáil úathmhar aggarbh aindreanda
dá-roili an tan sin.



Éirghis Oisín mac Finn agus Diarmaid deagh-ionnsaightheach
ó Duibhne do dhealughadh agus do
dhían-sgaradh na deise sin, agus tucadar dá tharruing
theanna thrén-chalma agus dá theibeadh árrachta
ainiarrdha fhíor-láidire ar na curadhuibh ó chéile,
agus nochar fhédsat a n-eadarghán nó a n-eidirdheiliughadh
ó aroile nó taithmheach nó trén-sgáoileadh
do thabhairt orra. Ro éirigh Cáoilte mac Cronnchon


L. 96


mheic Rónáin agus Mac Lughach láimh-échtach go
hionadh na headarghána agus go ród an ró-dheilighthe,
et tucadar dá tharraing throma thrén-neartmhara
agus dá chor chalma choimhésgaidhe dona curadhaibh
dá ccur ó chéile, agus nochar fhédsat a ndeiliughadh
nó a n-eadarsgaradh re chéile. Ro éirgheadar trí
meic Áon-chearda Bérra, .i. Glas agus Gér agus Gubha,
agus trí mic an rígh-fhéinneadh, .i. Caoinche Corcair-dhearg
agus Ailbhe Árd-úallach agus Roighne Ruisg-leathan
ar amus na headarghána, agus tucadar dá
tharraing thoghdha thrén-ogla ar na tréin-fhearuibh
an dá thriar féinneadh sin, agus ní ro fhédsat sgáoileadh
nó sganradh, bogadh nó beartnughadh ar neachtar díbh.



Ro éirgheadar an días dána dhédla dheaghcheardacha
do Thuaithibh dath-áille díoghraiseacha
Dé Danann baoí aca a cuma cháich, .i. Aonghus
óg agus Labhra lámh-fhada. Acht cheana, gér
láidir a lámha, agus gér chródha a gcroidheadha, agus
gérbh athlamh a n-imdheaghail, ní ro fhédsat a
n-eadarsgaradh na n-ánradh nó dealughadh na
n-earr nó na n-árd-ghaisgeadhach, acht mur gach
aon dá n-ógbhaidh. Ro éirigh Sgíath Breac mac
Dathchaóin agus Conán mac Mórna agus Fearghus Fínbhél
agus Finn feisin fá dheóigh do dhénamh a ndealaighthe,
agus an Fhían a n-áoinfheacht mur aon riú,
go ndearnadh dá leith do na láochaibh ar an láthair
sin leó, .i. ochtar léidmheach lán-arrachta laoch


L. 97


gacha leithe, agus tucadar a ccomhnamh agus a ccoimhfheidhm
a ccoimhnéinfheacht dá chéile don chur sin.



Acht atá ní cheana, gach teibeadh thalchair
throim-liosta agus gach tarraing thoghdha thromtholgánach
dá ttucdís ar na tréin-fhearaibh, is
daingne sa dhaingne agus is dlúithe sa dhlúithe agus is
teinne sa theinne do theagmhadís in dá churaidh
agus an dá chathmhílidh a n-íadhadh agus a n-iomfhogus
dá-roile. Ro tuirsigheadh agus ro trén-anbhfainnigheadh
na hánradha a n-áoinfheacht ó fheadargháin
agus ó imdheaghail na deise deagh-laoch sin, conach
raibhe neart mná siúil síor-anffainne a n-aoín-fhear
aca. Is ann sin ro fhógair Fionn, fá dheóigh,
léigean eatarra nó <go> ttuiteadh ceachtar dhíbh,
nó íad aráon, a n-égcomhlann.



Dála na ndeigh-fhear, dano, ro chuirseat an
mbáirc mbronn-fhairsing mbél-thirim agus an láoidheang
luchtmhair lán-udmhall ar crioth agus ar
commbogadh fó a ccosaibh ó thuinnseamh agus ó
thulgánaibh na ttréin-fhear agá ttúargain, gur
comhsgaigheadh a corra imá ceanglaibh agus a
búird imá búan-chumhdach, gur turnadh a téda agus
gur hísligheadh a hanairte agus gur leónadh a leabharchrainn
agus gur bladhadh a borb-róbadha, conach
raibhe deireadh nó deagh-thosach, nó trom-dhruim,
ná bord, ná búan-loistín, ná loman, ná lán-téd ná
crann, ná cáoimh-sheól, ná én-aidhme oile imchubhaidh
isin cháomh-arthrach gan lagadh agus gan


L. 98


lúath-leónadh ar an láthair sin, gur chongbhadar
leath-bhord agus leathtrom ar an laoidhing. Gé
do bhádar an Fhían a n-aoinfheacht don leith oile
agá hanacal agus agá himchoimhéd, nochar fhédsat
róba do ró-cheangal nó crann do chomhchorrughadh
nó anairt d'ádhbhal-árdughadh, go raibhe an
fhairge fhíor-fhalcmhar agus an áibhéis imdhomhain
fhúair-fhliuch imchubhrach ina srothaibh agus ina
síor-aibhnibh agus ina linntibh agus ina loch-thobraibh
ag toigheacht ina tuile isin trén-luing in uair sin,
gur ffoicse bás iná beatha don fhoirinn sin na
Breac-bháirce don bhreisimh agus don bhúan-troid sin.



Is ann sin ro éirigh an t-ughdar oirdhearc
ealadhnach agus an file feasach fír-eólach agus an feallsamh
fossaigh fáth-fhreagarthach, .i. Fearghus file
mac Finn; agus ro choimhnidh-séin ar eochraibh a
éixe agus ar dhiamhair a dheagh-fhoghloma, gérbh
adhbhal a anbhfurlann agus a imghábhadh. Ba
deifir dhó-somh sin, dano, úair ní raibhe d'éixibh
nó d'fhileadhaibh a aimsire féin file no dhearsgaighfeadh
dhe, acht madh Fionntain mac Bóchna
nó Fítheal file coan thrí macuibh, agus giodh íad-séin
ann, is umhal urramach agus is searcach síorghrádhach
bádar im Fhearghus, uair is aca ro fhoghluim-siumh
éxamhlacht a ealadhna agus diamhair a dheagh-dhána.
Ro labhair co céillidh caoín-bhríathrach as a
haithle sin ris na curadhuibh a cédóir, agus as eadh
ro ráidh riú:


L. 99


"Tréigidh bhur bhfráoch agus bhur bhfúathmhaireacht,"
ar sé; "turnaidh bhar bhfearg agus bhar
bhfíor-mhiosgais; íslighidh bhar n-anfhola agus bhur
n-easccairdeas ar mh'impídhi-si agus ar mh'fhuláireamh,
ó nár fhédsat maithe agus mór-úaisli Fhían
Éireann bhur n-eadarsgaradh do bhur n-aimhdheóin;
agus ná léigidh bás ná bioth-oigheadh d'fhaghbháil
d'Fhinn ná dhá Fhíanaibh a n-aisgidh amhlaidh
so gan troid gan tachar, agus fós gurab dearbh gurab
usa do gach oéineach aca a oigheadh d'fhagháil óna
náimhdibh agus óna n-easgcairdibh, ór is iomdha
iolarrdha díbh seachnóin an domhain. Et má
do-neiche orum-sa a bhfuráilim oraibh, do-bhér
lúaidhaigheacht agus lán-aisgidh dháoibh as a los, .i.
dá láoi léire luchra lán-mholta agus dá dhúain dhíana
dhréchtamhla dheagh-rannacha do roighnibh
mh'aisde agus mh'fhoirceadail agus mh'ealadhna do
thromughadh bhur tteasda agus bhur ttúarusgbhála agus
do mhédughadh bhur mór-chlú nós-oirdheirc, nó
na deich fhoghla féighe frithire fíor-neimhneacha
fileatt far fháobhraibh na haoíre muna bhfhaghar
mh'athchuinghidh, .i. tár n-aoíre agus tár molta,
tamhan n-aóire agus tamhan molta, on agus aineamh,
athais agus easbhaidh, nó aoír agus ainmheadh agus glámh
dhíoghainn."



Agus is amhlaidh buí agá n-agallamh, agus do-rinne
an rosg ann, co nd-ébheart:


L. 100



"Tláthaighthear bhur ttrén-mheanma,
mínighthear bhur mór-aigneadh,
aóislighthear bhur n-árd-úabhar,
laghdaighthear bhur lán-mhiosgais,
faillighthear bhar bhfúathmhaireacht;
bíodh aguibh ar mh'impidhi-si,
onóir dom ealadhain,
croidhe miochair muinntearrdha
chloinne áon-mháthar agus áon-athar;
do budh dhaoibh mur dheagh-cheannach,
ar a bheith soirbh síochánta,
re chéile ó bhur ccomhfhúachtaibh,
dá laóidh léire lán-mholta,
nó dá dhúain dheagh-rannacha,
nó dréchta nó dúthchunnna,
go mba hadhbhar urghairdighthe
le ríoghaibh, le ró-dhaoínibh,
le banntracht, le banchuire
bhur ngaisgidh, bhur ngníomhartha,
agá n-aithris ar bhur n-éisi-si;
dob fhaisnéis le fileadhuibh
go ttí laithe an Lúan-bhrátha,
bhur ccosgar comhaigmhéil,
bhur n-iomghuin is aindreannda,
bhur ttachar is trén-neartmhar;
bhur ttreasa ní tláth."


L. 101



Ó 'd-chúaladar na dá churaidh chalma chédfadhacha
sin bagar a ndóertha agus a n-imdheargtha
nó gealladh a láoidhidh agus a lán-mholta do láthair
ann sin, gabhais meanma agus mór-inntinn íad imá
moladh, omhan agus imeagla imá n-imdheargadh.
Táinic cáor chonnailbhe agus báidh bhráithreasa agus
inntinn fhíor-charthanach dhá n-ionnsaighe, gur
thréigseat a miosgais agus a mí-dhúthracht, a fformad
agus a ffíochmhaireacht agus a ffíor-aingidheacht. Do
choimhnigheadar a ccairdeas agus a ccaradradh, a
ccaidreabh agus a ccompántas, go rabh a gcroidheadha
go caomh-charthanach dá chéile don chur sin, agus
tucsat a n-úidh agus a n-aire a n-aoinfheacht agus a
n-áon-fhábhall d'anshógh agus d'uireasbhaidh an rígh-fhéinneadh,
dá mbeathaidh agus dá mbaoghal budhdhéin,
go ttucsat aghaidh a n-aoinfheacht agus a
n-áon-úair dá mbeathaidh agus dá bhfóirighthin.



Is ann sin do táomadh agus do tiormuigheadh, do
dúbladh agus <do> daingnigheadh, do glanadh agus do
gér-sgúabadh, do niamhadh agus do núa-ghlanadh
urlár agus imdhadha agus airighne agus toff agus tile agus tábladha,
taoibh agus tréin, tosach agus troim-dheireadh, cláir agus
croinn agus caoimh-théda, seóil, slata agus sith-rámha na
seirrghinne, gur cuireadh leó go lán-uttmhall gach
crann ina chaomh-log agus gach róba ina ro-áit agus gach
anairt ina hionadh agus gach aidhme eile ina adhbha
áirighthe urdhálta agus ina aitreabh im-dhílis, mur
rángus a leas ag na laochaibh, gur ro éirigh meanma
isna mílidhiph agus calmacht isna curadhuibh agus treise


L. 102


isna tréin-fhearuibh agus aigneadh isna hárd-mhaithibh
air-cheana an úair sin.



An tan ad-chonnairc Fearghus Fín-bhél comharrdha
subhachais agus sobhróin fón samhla sin far
na sáor-chlannaibh téid a cceann a dhúaine, a
dheagh-dhána, agus a dheagh-chearda do ghabháil mur
do gheallustair, agus tug tosach a dheagh-ealadhan
do Gholl mur fa cubhaidh d'onóir, dá aóis, agus dá
shinnsireacht do shunradh. Agus as eadh so an
dúain do-rinne síosana:




"Goll mear míleatta,
ceap na cródhachta,
lámh fhíal árrachta,
mían na mórrdhachta.



Léomhan luath-adhbhal,
leónadh láin-bhiodhbhadh,
tonn gan trén-toirneadh
Goll <n>a ngnáth-iorghal.


L. 103


Fraoch nár fúaraigheadh,
laoch go láin-deibheadh,
réim in rígh-churadh
mur léim láin-teineadh.



Ágh gan fhúarachadh,
mál go médachadh,
láoch gan lámhachadh
nár thráoth trén-ndochar.



Dí<o>th ar dheagh-dháoinibh
d'fhíoch a n-oll-bhúadhaibh,
úaill ós áird-ríoghaibh,
búaidh ar bhorb-shlúaghaibh.



Tríath na trom-chána,
in Brian binn-mhálla,
mílidh mearr-dhána,
díllidh diongmhála.



Tréin-fhear trén-lámhach,
séin-fhear slógh-dhánach,
fear lonn lán-bhúadhach,
Goll mear mórrdhálach.



Scál i<s> sciemh-úire,
bláth go mbuan-áille,
tuile trén-láimhe
buille a bhúadh-láimhe.


L. 104


Mórrdha a meir-imghuin,
cródha ar chin-airgnibh,
tuir go ttrom-fhoghlaibh,
muir ós mion-aibhnibh.



Tonn is trén-fhearrdha,
Goll nach glór-dhorrdha,
searc na síor-fhoghla,
mac mear mór-Mhorna.



Dí<o>th ar dhanaraibh,
cíos gach cineadhaigh
grian ós glan-fheadhaibh,
fíal re fileadhaibh.



Goll maith mór-fháoilidh,
flaith nach fír-dhiamhair
gach tír trén-leónaidh,
rígh go rígh-ríaghail.



Dúas go ndeirbh-<fh>éile,
cnúas is comhláine,
mac dían deagh-Dháire,
tríath gach tromdháimhe.



Súr gach síodh-oirir,
clú nach ccáinfidhear,
grís bheó an bhúan-oinigh,
breó nach báithfidhear.


L. 105


Féinnidh fearonn-mhín
céillidh comholl-ghlóir,
béim Guill ghlain-imláin
mur thuinn torann-mhóir.



Ruirigh rían-ghlórach
suiligh síor-shloghach
dealbhdha deigh-ghníomhach
fearrdha fíor-bhúadhach.



Córaidh crúaidh-reannach
d'ógbhaidh Éireannach,
colg lom lúath-bhuilleach,
Goll borb béimeannach.



Flaith na bhfoghal-chríoch,
maith gan mhugha-ghnáth,
sruth ag siubhal-lúath
cruth mur chubhar-bhláth.



Éin-fhear iomarcach,
tréin-fhear trom-fholtach,
a sgiath na sgeimhealtach,
a chlíath na cConnachtach.


L. 106


Ceann slúaigh saor-ro-thruim,
búaidh gach én-chomhloinn,
a treas táobh-fhairsing
mur eas trén-torainn.



Feidhm nach feidhm-fhallsa
feidhm na bhfear-ghlonn-sa,
cródha an comhlann-sa,
mórdha an mear-Gholl-sa.




A haithle an fhoircheadail sin d'fhoillsiughadh
agus d'inisin d'Fhearghus, ro líon subha agus sobhrón
adhbhal Goll imá ghnáth-mholadh, agus is inbhfeachtain
má ro thacmhaingeastair a chroidhe ina
chlíaph d'iomad a mheanma agus a mhór-aignidh.
Tuc a lámh go lúath a ccomhraidh a scéith mhóir
mheadhónaigh mhíleata, agus tucustair mun-torc
maiseach mín-chumhdaigh don ór áluinn éxamhail
aisde, cona lomnaibh leabhra lán-áillne, agus go
slabhradhaibh sreith-gheala soluis-gheamacha do
dhearg-ór dhíoghraiseach dhath-álainn agus d'airgead
aoín-gheal aithleagtha fria hiághadh agus fri hoslugadh
isin ór-mhuinche im mhuinél in mhíleadh, mur budh
gnáth ríamh do rígh-mhílidh, agus tuc a láimh
Fhearghuis an aisgidh sin, maille re fiche uinge
dh'ór agus fiche uinge dh'argead agus re fiche uinge


L. 107


d'fhionndruine bhoí isin chobhraidh chaomh-álainn
chédna, agus adubhairt 'na dheaghaidh sin:



"Do-bhér-sa," ar sé, "coibhéis na ttrí ffithchitt
uinge sin dom chíos míleadh gacha bliadhna rem
bheathaidh a lóghaidheacht do dhána dhuit, agus
coimhleathatt h'aighthe dh'ór do ma mháoinibh
agus do ma mhaitheasaibh fil a ccomhrair choimhéda
mo shéd a n-oirchill fhileadh agus ollamhan agus aos
gacha dána, leath mo rúin agus mo chogair agus mo
chomhairle agus urdail re gach tóeiseach noenmhair
do chlannuiph Morna d'fhíadhach agus d'fhían-chosgar
eidir Fhíanaibh Éreann ar sin anúas an feadh
bhías rí-fhíanaigheacht chóigidh Ól nÉgmhocht ar
mo chumus, dá ngoirthear go comhghnáth cóigeadh
caomh-álainn Connacht."



"Beir búaidh agus beannacht, a láoich ós na
laochaibh, agus a churaidh ós na curadhaibh, agus a
thréin-fhir ós na tréin-fhearuibh, agus a airsigh ós na
hairseadhaibh, agus a mhílidh ós na míleadhuibh," bhar
Fearghus, "úair ní thug rígh ná ró-fhlaith,
curaidh ná cath-mhílidh, triath ná táoiseach
d'uaislibh ná d'árd-mhaithibh Éireann an urdail
sin a n-áoinfheacht dá fhilidh ná dá ollamh, acht
madh Cú Rí mac Dáire mheic Dheaghadh an tan
tucustair na tiodhlaicthe trén-aidhbhle dá ollamh
budhdhesin, .i. Ferchirne file, amhail ro fhoillsigheastar
fén d'aithle bháis Chon Rí, ag tuireamh


L. 108


agus ag trén-fhaisnéis a mhaitheasa agus a mhóir-édála
ón aird-rígh."



Tuc a aghaidh annséin ar Osgar, agus do-chuaidh
a cceann a dhúaine 'na dheaghaidh sin, agus as eadh
so dúain agus deadh-aircheadal do gabhadh aca ann:




Osgar iolbhúadhach,
cosgrach comhdhálach,
deacrach deighgníomhach,
searcach soghrádhach.



Fear na ffoirimeal,
na sleadh sean-ndaingean,
ágh nach an-ullamh,
grádh na ngeal-ainnear.



Súil re sioth-fhoghuil,
úidh air aith-cheanuibh,
brosgar beithreamhuil,
Osgar aithreamhuil.


L. 109


Flaith is fíal-bhuige,
maith is mór-thraide,
máor gan mháoth-laige,
mac caomh Cróchnaide.



Trén-láoch trom-ághach,
bél-gháoth binn-dhálach,
tairbtheach teannálach,
airgtheach iol-dhánach.



Dána dí-fhreasdail
lámha lúath-Osgair,
slighe ar seól-aisgidh,
bile búadh-fhosguidh.



Ceann na ccath-bhuidhean,
geall gach glan-churadh,
déine deigh-theineadh,
méinne mathghamhan.



Dualach donn-bhoig-mhín
búadhach barr-laig-réidh,
blosgadh borb-aigéin
Osgar airm-aigmhéil.


L. 110


Tosd ar trén-bhuidhnibh
nár fhosd a<o>in-iorghail,
bárr ar bhúan-fhoghluibh,
crann ós caoimh-fhiodhbhaidh.



Libh fád fineachuis
is dál druineachuis,
an mír murrachuis
gan bhrídh mbuidheachuis.



Buile ar bhanchuire
uile ót ionmhuine,
mealladh maighdine,
earradh iorghuile.



Badhbh ag bél-ghuidhe
ós t'arm oirdnidhe,
ord na hurlaidhi
do cholg coilgnimhi.



Leat tús túarustail
ód lúth lán-aistir,
ar ndíol dlúth-fhosgaidh
do ghníomh gnáth-ghaisgidh.


L. 111


Osgar arm-ghuineach,
bos-ghlan bionn-bhladhach,
calma confadhach,
adhbha iorghalach.



Úir is ioth-bhuige,
dúil gan dochraide,
céim an chathuighe,
mar réim ro-thuile.



Ágh na n-árd-churadh,
mál gan mheirg-theimheal,
crithre ar coilg-shiubhal,
drithle dheirg-theineadh.



Aoibh na n-ógánach
in cáoin céd-ághach,
cosgar cruadh-dhálach
Osgar édálach.



Mionn na mór-bhuidhean
liom gá lán-mholadh,
cosg gach cáomh-churadh,
gort fá ghrán-toradh.




A haithle na ndrécht ndéigheanach sin d'fhaisneís
agus d'oirrdhearrcughadh d'Fhearghus, tucustar Osgar
mac Oisín a lámh leabhar lán-ghasda a cobhraidh


L. 112


cáomh-álainn a sgéith úaine álainn-bhric, agus tucustar
fearonn adhbhal im-reamhar órdhaidhe aisde ina
mbuí balc-lán láimhe láoich láidir lán-chalma ina
tighe agus ina tacmhang <.i. idh mhílidh no bhíodh
im chois-cholpa curadh agus cath-mhíleadh día
fhosdadh agus día fhíor-chongmháil a n-ionadh áigh agus
iorghaile ar ionchaibh a chéile comhraic: gé madh
teicheamh nó tréin-sheachna budh mían nó budh
mór-laind leis nach beith fur a chumus, agus is
diséin is ainm fír-ghnáthach "fearann"; agus is d'ór
álainn éxamhail no bhíodh sin ag na ríoghaibh agus
ag na ro-ghaisgeadhachaibh, d'airgead, dano, agus
d'fhionnruine, d'umha agus d'íaronn im chách a
gcoitchinne, .i. do réir a n-úaisle agus a n-onóra ó
sin amach>; agus tuc fiche uinge dh'ór agus in choibhéis
eile d'airgead agus d'fhionnruinne maille friú. Agus
is-beart fri Fearghus:



"Ag so aisgidh úaim-si dhuit," ar sé, "a ttús
díola do dhána agus do dheagh-ealadhna. Agus do-bhér
duit ar gheall Goll do mháoinibh agus do mhór-chomhthaibh
ina cheann sin duit, muna ttucar
ní bhus aidhbhle nó bhús imarcaíghe."



"Éccóir do bheitheása ag coimeas nó ag
comhardadh re dúais nó re deagh-thoici Guill
mheic Mhorna, a Osgair mheic Oisín," bhar Conán
mac Morna, "agus nach ffuil a bhFíanaibh Éireann
éin-neach is láidire lámh, agus is cródha croidhe, agus is


L. 113


árrachtaighe inntinn, is féile agus is fíor-dhearlaigthighe
d'éixibh agus d'ollamhnibh, agus fós is sine ar
aoi n-aoisi inás, acht madh onóir agus airmhidin
Fhinn mheic Cumhaill amháin, mur thárla do
thoice agus do throm-chonách dhó dearrsgughadh dá
gach deigh-fhear dhíbh."



"Ná bí-si gom chosnamh, a Chonáin," ar Goll,
"úair do-ghébhuinn ar son do chonganta agus do
chosanta úait do theanga lúath labharthach agus
do bhél cainteach comhghlórach do chosg do chách."



"Ní bhíu immorra, a áirsigh, ghut chosnamh,"
bhar Conán, "acht dar lium, gé mór bhar n-aifear
imaifear orm gus ttrásda, is maith dhaoibh fá
dheóidh a ndearnus, úair béid bhur láoidhe agus
bhur lán-mholta ar meabhrughadh agus ar mórchongmháil
go bruinne brátha agus go deireadh
dhomhain, agus muna bheinn-si, ní dhingéntá a
ndearnadh d'aircheadal nó d'ealadhain díbh tar
gach neach oile d'úaislibh Fhíen Éireann. Agus
is dursan damh-sa nach re héixe nó re healadhain
rom-cuireadh as mo thosach mé, amhail ro
cuireadh Fearghus Fínbhél mac Finn, uair gé tá
ina mhac rígh agus ró-fhlatha, ní ffuighe guth ná
gnáth-oirbhire im mheattacht nó im mhídh-láochdhacht
do dhénamh, agus atá a bhreath f<éin> do
mháoinibh agus do mhór-chomhthaibh ar úaislibh agus
ar ard-mhaithibh Éireann aige, agus in gach
ionadh eile ina ttéid ar ttoisg nó ar tturus, agus dá


L. 114


madh <beac> d'echtaibh nó d'áithiusaibh do-dhéna,
is oirrdhearca dhó iad sin iná d'éin-neach
eile. Agus níora chóra dhó a bhfuair d'édáil agus
d'ard-bhronntaibh ann súd d'fhaghbháil iná dhamh
pféin, dóigh is mé tug fá deara in dearlacadh úd
do thabhairt dó-san, gion gurab oram a mbuidheachus;
agus is meinic tarla sin damh-sa," for
Conán, "adhón toradh mo sháothair agus mo shíor-fhoghnomha
ag neach eile im fhíadhnuise agus mé
fhéin díolmhuin ina dheaghaidh."



Fáitbhis an Fhián a n-áoinfheacht im chomhráitibh
Conáin, go mbádar go meadhón laoí lán-mhóir
fó chomhgháir shubha agus shobhróin a
ndeaghaidh gach docamhail agus gach doghrainge
dá bhfhúaradar go soiche sin, agus tar éis síodha agus
agallmha Fearghusa Fín-bhéil mheic Fhinn eidir na
Fíenaibh. d'aithle na ráiteadh sin, adubhairt Fionn:



"Ciá hí an chríoch it-chímíd?"



"Críocha na hAntuaithe súd," bhar Aonghus agus
bhar Labhra Lámh-fhada.



"Cosnaidh an caladh go curata dhúinn, a
dheagh-mhaithe," bhar Fionn, "riasiú cuirfeas
cogadh agus ceannarraig na comhgháoithe, nó easgal
an aigéin, nó anfadh na hard-áibhéisi anshógh nó
iomrall sligheadh ar ar seirrghin."



Is ann sin tucadar an Fhíen a n-aoinfheacht a


L. 115


seóla agus a síth-anarta a n-aon-fhábhall don arthrach.
Do chuireadar dá shreith chearta chomhthroma
chomhmóra do rámhuibh réidhe righne ró-chrúaidhe
agus do sheasaibh tailce taoibh-leathna toirteamhla
ina ttimcheall, go ttugadar seóladh santach
síor-lúath sár-athlamh agus innioll édrom utmhall
urmhuisneach agus bann díochra deigh-imramha ar an
mbáirc mbeann-áird mbronn-fhairsing agus ar an
láoidhing luchtmhair lán-daingin, d'aindeóin tonn
agus tuile agus trén-anfaidh, d'ionnsaighe in oirir go
haindreannda, go ttucsat leathad a lán-táoibh don
láoidhing ar an leabhar-thrácht.



Tángadar an laochraidh sin dochum in chalaidh
co luinneach lán-tshuilbhir don chur sin, agus ro
ghabhsat ag taghall agus ag taisteal in oirir ina
n-uirthimtheal, ór fa maith leó meirbhthean na
mara agus a mór-scís do dhíchur dhíbh ré ndul a
ndáil chatha nó chomhlainn. Bádar amhlaidh an
oidhche sin, gan dol dochum a luinge nó a lán-arthraigh,
ar fheórannaibh fér-úaine fíor-thairisi
na ffearann sin, agus ar chearchallaibh clúmh-ghlasa
caoimh-fhéracha na ccríoch, agus ar leapthachuibh
leathna luchtmhara lán-mháotha in fheóir agus an
fhásaigh, go ttáinic an mhaidean mhoch-sholus
arna mhárach gusna maithibh.



Ro éi<r>gheadar an Fhíen go hurmhuisneach iar
sin, agus ro ghabhadar a ttrealmha troda agus tachair
go tinniusnach d'fhágbháil an oirir agus d'asgnamh


L. 116


ar amus dhúnaidh agus dheagh-chathrach rígh na
hAntuaithe; agus is amhlaidh baoí séin a n-ard-aonach
agus a n-árd-oireachtus a n-oirchill na Féine,
ar ndul a sgél fó na críochaibh a ndearnsat d'échtuibh
agus d'áithiusibh agus d'imreasuin isin Ioruaidhe.
Ro fhágaibh Aonghus Óg agus Labhra Lámh-fhada fé
fíadh agus cealtair choimhdhe iman mBreac-bháirc,
conach urmhaiseadh aon-duine dá heasccáirdibh a
hinghreim iná a himfhorrán co teacht do na saorfhearaibh
dá saighin.



Rángadar an Fhían rompa don ruathar sin ina
mbróinn bhodhbha agus ina léibheann lán-dlúith, agus
ina ccipe cheangailti agus ina ndaingean dhíghinn,
go rángadar go faithche an dúnaidh sin rígh na
hAntuaithe. Agus ar ttorrachtain dáibh, ro suidhigheadh
pubal don rígh-fhéinnidh a n-imeal na
hurluinne, agus ro sgáoilitt a bhrothracha agus a bhreacáin
agus a choilceacha agus a chearchallacha, a fhoirche, a
fhoirghoimhne tairrsi gon toisg sin. Agus suidhis
Finn agus maithe na Féine ina fharradh innte as a haithle.



Ba hann sin ro fhíafraigh an rí-fhéinnidh:



"Cúich aguibh do bhur n-úaislibh fhreagrus
cathughadh agus comhchosnamh an loí aniú a n-aghaidh
ógbhadh na hAntuaithe, nó 'na n-aoinfheacht
raghthaoí do chathughadh friú?"



"Ní headh, idir," ar Aonghus óg, "acht a
ndeaghaidh aroile, uair dá ndeachmuís inar
mbeacán buidhne a n-aghaidh na n-iol-chéd úd do


L. 117


mhúchfadh anffurlann na hiorghaile agus gaisgeadh
na ngalgatt agus ursglaidhe na n-ánradh a n-áoinfheacht
umainn, acht cuirfemíd aóin-fhear dhár
n-ánradhuibh i n-aghaidh gach laithe nó go
ttraothar an-bhárr a láoch agus a lán-tionóil linn."



"Is cubhaidh coimhchneasda an chomhuirle
sin, a Aonghuis," bhar Finn, "agus cia haguibh
d'Fhienaibh Éireann," ar sé, "ghébhus tús tachair
agus urthosach iorghaile re hógaibh na hAntuaithe
re a ais isin laithe si aniúdh?"



"Ní fhaicim aguibh," bhar Conán mac Morna,
"neach darab córa tús glíadh agus tachair do ghabháil
do láimh isin laithi si aniúdh iná do mhac rúanaidh
rathmhar roithrén an rí-fhéinneadh, gá ffuil súil agus
saoileachtain re hinmhe agus re hoineachus Éreann
d'fhaghbháil d'éis a athar, .i. Oisín mac Finn, .i.
gaisgeadhach fraochdha fearrdha flaitheamhail fíor-bheódha
lámh chosanta agus chothuighthe agus chongbhála
Fhian Éireann mur shaoilius fén tar éis a athar."



"Ní rángus a leas laoidheadh nó lánbhrosdadh
do dhénamh orum-sa d'ionnsaighe áigh nó iorghaile
ón laithe rom-ghéanair gus anosa," bhar Oisín.



As cuma no bhuí agá rádha agus ro ghabh a
chulaidh chatha agus chomhraic imá cháol-cholainn,
.i. a chotún corrtharach caoimh-ghrésach agus a
lúireach dhlúith-mhear dhían-fhada agus a chathbharr
cáoimh-righin crúadh-fhulaing agus a dhá chraoisigh
dhíorgha dheigh-sheólta agus a chlaidheamh lasamhail


L. 118


lán-fháobhrach agus a sgíath dhúal-cháoin dhealbh-álainn
ós stuaidh-leirg a dhroma an deagh-láoich
agus a aidhme áigh agus imfhorráin ré-roile. Táinic
roimhe go talchair troigh-ésgaidh go himeal
oireachtuis na hAntuaithe, agus ro fhógair comhlann
ar na curadhuibh a cédóir.



Ro freagradh co fuireachair leis na tréinfhearuibh
in t-iarratus sin, agus tucadar aghaidh
a n-áoinfheacht ar Oisín, gur dhiúbhraiceadar
saithe seólta síor-neimhneacha dá sleaghaibh sénta
so-lámhaigh, agus dá n-armaibh deagh-fhaobhracha
doi-fhreastail, agus dá ngun-bhuinnibh géra gnáth-ghaisgeamhla
a n-aghaidh Oisín, dá oirleach agus dá
oigheadh amhail cheatha falcmhara fiór-chrúaidhe
fearthana, nó mur shaithche bhríoghmhar bhúan-neimhneach
bheach ós beach-losaibh.



Ó'tt-chonnairc Oisín, imorra, na haird-cheatha
sin dá ionnsaighe, ro chromustar a cheann a
ccrioslach a sgéith sgíomhdha sgeall-bholgaigh, agus
do-rinne faobhair-chleas go hathlamh dá imdheaghail,
gur ghabhustar na harma imfhaobhracha
aigmhéile a n-airbhearuibh lán-mhóra leith-bhrisde
a n-imlibh agus a n-árd-thulaibh a sgéith, arna n-airleach
agus arna n-adhbhail-ghearradh d'fhaobhraibh a
fhíor-chuilg agus do reannaibh a rúadh-shleagh. Téid
féin fúthaibh fá dheóigh, agus gabhais gá ndluighe agus
gá ndian-sgaoileadh, gá marbhadh, gá meir-leadradh,
gá n-airleach agus gá n-easargain, conár léig
úadha aoin-fhear gan oigheadh iná curaidh gan


L. 119


athchuma ná tréin-fhear gan teasargain ná láoch
gan lúath-bhás dár aistrigh ina aghaidh do na
curadhuibh sin.



Ro iarr, imorra, céd oile dá ionnsaighe. Táinic
an céd chuige a ccuma cháich, agus do-rinne an ábhairt
chédna ar na caomh-fhearaibh re dumhachaibh
deiridh in deagh-láoi, gur fhágaibh ina n-easrachuibh
uirghearrtha agus ina leapthaibh leadartha agus ina
ndaisibh dian-teasctha gach deigh-fhear do na
drong-bhuighnibh sin.



Táinic féin go fuileach flann-chomharthach co
pubail an rígh-fhéinneadh re hurthosach na hoidhchi.
Agus ro cuireadh losa soineamhla sídhe Tuaithe
Dé Danann, .i. beatha agus búan-tshláinti a n-anmonna,
ina n-áladhuibh agus ina n-ard-chneadhuibh le hAonghus
óg agus le Labhra Lámh-fhada do leigheas a lot
agus a chaoimh-chrécht. Bádar faran ordughadh sin
an oidhche sin gan bhrón, gan bhéd, gan bhaoghal
go tráth éirghe do ló arna mhárach.



"Cía rachus úaibh andiú ar amus na hiorghaile,
a óga?" ar Finn.



"Rachad-sa ann," bhar Osgar mac Oisín, "ór
is amhlaidh is imchubhaidh do réir reachta agus
ro-dhlighidh an mac a n-ionadh an athar, óir ó
dho bhí-sion ané isin iorghail, agus rachad-sa andiú
ina inadh innte dhá chosnamh."



Is ann sin ro éirigh an chliath-bhearna chéd agus
an bheithir bhorb bhéimionnach agus an mathghamhain


L. 120


mear mór-ghlonnach agus an t-onchú iorghaile
agus in t-Eachtair iontshamhlaightheach agus aon-bharraighe
na hEórpa ina aimsir féin, .i. Osgar
iolbhúadhach adhbhail-ghníomhach mhac Oisín,
ar amus na himghona go hárrachta; agus rucustar
lámh thapaidh láochdha lán-urlamh ar a leathan-armaibh
agus ar a chulaidh chatha agus chomhlainn a
ccoimhnéinfheacht uime; agus táinic go cobhsaidh
céim-dhíoghainn a ccomhdháil in chathaighthe;
agus fuair céd fear n-armach n-ionchomhlainn fó aon-bhróin
airm agus éididh agus innillte ina urchomhair.



Iomthúsa Osgair, imorra, ro léig ingheilt agus ardchognamh
a chuilg chrúadha chlais-leathain chomh-mhóir
ar mhuinélaibh míleadh agus ar dhromannuibh
deigh-fhear agus ar fhormnaibh fíor-láoch agus ar ochtuibh
óig-fhear agus ar chaoimh-chneasuibh curadh agus caithmhíleadh
ar-cheana, conár fféidir silleadh ná sírfhéchain,
freastal ná fritheólamh fair, gur chuir
gach aoin-fhear aca a ccosair chró agus a n-áit a
oigheadha. Agus íarrais céd eile fá dheóigh ina dhóchum.



Táinic an céd sin fá chédóir chuige; agus ní théarnó
neach budh fiú a aithris ná a imrádh ar a n-ais
do na hógaibh gan bás agus búan-ég d'imbirt a
n-áoinfheacht orra re coim dheiridh an chaomhláoi.
Agus táinic féin cneadhach créchtach crólinnteach
fá bhuaidh chosgair agus chomhlainn go
pubail Fhinn im iarnóin.


L. 121


Ro cuireadh na luibhe comhromhacha cédna ina
chneadhuibh, ina chréchtuibh agus ina chomháladhuibh,
.i. beatha agus sláinte. Bádar amhlaidh sin
an oidhche sin fó shubha agus fó sho-mheanmuin go
ttáinic an mhaidean mhoch-sholus arna mhárach.



Ro éirgheadar an Fhían ar an treas laithe go
lúath-gháireach a pubail an rígh-fhéinneadh. Fíafraighis
Fionn do na Fíenuibh cia dhíobh no
raghadh isin comhlann don chur sin.



"Rachmaíd-ne chuige," ar na trí tréin-fhir
thailce thoghaidhe throim-ghníomhacha agus ar na
trí curaidh chalma choimhneartmhara, .i. Glas agus
Géar agus Gubha, .i. trí meic Aon-chearda Béarra.



Rucadar sin a ttrealmha troda agus a n-aidhme
áigh go hurmhuisneach impa. Tángadar go
tinniusnach go hionadh oirismhe na laoch agus co
maighin curtha an chomhlainn co coitcheann.
Agus ar rochtain dáibh ann, ro iarradar céd tréin-fhear
troim-ghníomhach do thachar agus do theagmháil
friú, .i. dá chéd a n-aghaidh gach aoin-fhir aca.
Ar ttorrachtain do na hógaibh go háon-láthair, ro
roinnseat clann rígh Éireann íad féin a n-uirthimcheall
na n-allmharrach ina ttrí húathnibh
ághmhara allmharrdha im-fhulaing agus ina trí
colamhnaibh comhthuinidhe agus ina ngabhlaibh
teanna tairismheacha; agus do-chúadhdar fúthaibh
fá dheóigh co feargach fuireachair fír-dhédla agus
co treas-bhorb talchair trom-ghonach amhail fhaolchonaibh


L. 122


féighe feargacha fír-lúatha ag dul fó
ainmhinntibh laga láin-mheirbhe, nó mur sheabhacaibh
seólta sír-lúatha ag dul fó énlaith édroim
anárrachta, nó mur libheaghánaibh láidire lánmhóra
ag dul fó mhíolaibh mara agus mór-fhairrge,
gurab é sin sreathadh agus searnadh agus sír-leadradh,
díth agus dluighe agus dían-sgaoileadh, freastal agus fodhbhadh
agus fiar-leadradh, roinn agus rúagadh agus roi-theasgadh
tugadar trí meic rathmhara roi-bheódha
rígh Éireann ar úaislibh agus ard-mhaithibh na
hAntuaithe, conach deachaidh fear maoíte maitheasa
re marthain ná neach budh fiú d'aithris nó
d'iomrádh ar ais úaidh gan bás nó bith-ainimh.



Agus tángadar féin go cneadhach coirp-chréchtnaighthe
dochum na puible re fuineadh néill
nóna; agus ro cuireadh luibhe diamhra deigh-leighis
Thuath Dé Danann ina n-áladhuibh le hAonghus
óg agus le Labhra Lámh-fhada. Bádar go sádhal
soi-bhríathrach an oidhchi sin ag imrádh a n-áithiusa
agus a n-iol-écht agus gach neithi oile baoí ar a ccionn
dochum a ttosga agus a tturuis, agus in fé fíadh co
folaightheach fíor-dhiamhair thairsibh an tan sin
ó na túaith-fhearuibh treabharrdha gá ndíon agus gá
ndeagh-chaomhna go maidin mór-radharcaigh arna mhárach.



Dála na Féine, imorra, ro éirghiodar ar an


L. 123


cceathramhadh laithe co lán-obann; agus ro éirigh a
reimheas rompa an fisidh fáidheamhail fír-eólach,
agus in t-áirsidh échtach ilcheardach, agus a<n> t-ughdar
oirrdheirc ioldánach, agus an curaidh clisde cathbhúadhach,
.i. Aonghus oirrdheirc iolreachtach
ard-chumhachtach mac an Dághdha mhóir mheic
Dhealbhadha mheic Ealathan mheic Néid mheic
Ionnuí, .i. mac aird-rí Éireann; agus ro ghabhustar-séin
a earradh agus a iombúaladh co hésgaidh
urmhuisneach uime; agus ro fhógair comhlann dá
chéd ar churadhuibh na críche.



Tángadar, tra, in dá chéd chuige a n-aoínfheacht,
agus tucadar ceatha díana doi-fhreastail dá n-armuibh
agus dá n-iolfháobhraibh a n-aoínfheacht dá fhorrach.
Iomthúsa Aonghusa, dano, do-chúaidh sidhéin a
ndígheann a dhraoídheachta agus a ndíamhair a
dheagh-eólusa agus a muinighin a mhór-chumhacht, agus
cuiris opadha agus órrthana ina n-aghaidh d'fhosdadh
agus d'iomfhuireach na n-árd-churadh n-adhbhal
n-ioliomdha sin uadh, co n-impódís tar a n-ais
d'ionnsaighe an fhíallaigh agus an nimh-dhiúbhraicthe,
go mbeandaoís ina n-ochtuibh agus ina
n-urbhruinneibh, ina ttulaibh agus ina ttrom-tháobhuibh,
go bhfágbhadaoís a n-anmanna gan fhuireach
a n-ionadh a n-iomdhiúbhraicthe ar an ordughadh
sin. In feacht eile, imorra, no dhíorghadaoís
sleagha nó soighde nó arma ionchaithmhi éigin


L. 124


oile dochum Aonghusa asa ccorpuibh agus as cáomh-bhruinnibh
a fféindeadh agus a ffíor-mhuintire féin
do bhunadh, agus do bheandaoís, ionnus dá mbeith
Aonghus gan arm d'imeirt ar aoín-fhear aca go
ttuitfidís féin a n-aoinfheacht re-roile, ar measgadh
agus ar mór-chumasg a iolchumhacht orra. Uair fa
hiomghuin re sgáili, agus fa glacadh gaoí gréine,
agus fa hanál fri hárd-ghaoith, fa háradh fri haiér
triall áigh nó iomghona, fuilighthe nó fírdheargtha
fris, dáigh ní raibhe, ón libheadhán
lán-adhbhal is ceann agus is codhnach d'ilphiastaibh
an aigéin gusin gcorr-mhíol mbeag mbith-dheireóil
is lugha far lár talmhan, cruth ná caireachtar
nach taighleadh agus nach taiéradh gach tan ba lainn
agus ba lán-mhaith leis. Agus táinic féin fá dheóigh
a ndeaghaidh na n-écht sin tar a ais gan áladh,
<gan> fhoirrdheargadh ar amus Fhinn agus a Fhéine,
agus ro léigeadh a iolach cosgair agus comhmaoithfe leó
im na láochuibh. Mur sin dóibh go teacht an
laoi lán-sholuis arna mhárach fó shubha agus fó
shoi-mheanmain.



Ro éirgheadar, imorra, ógbhaidh na hAntúaithe
ar an gcúigeadh caomh-laithe dochum in chomhraig,
agus do éirgheadar in Fhían don leith eile don
iomghuin. Iomthúsa Labhra Lámh-fhada meic
Thaidhg mheic Nuadhat, ro éirigh-séin go himathlamh
aird-ésgaidh dochum in chomhlainn, agus ro


L. 125


ghabhustar a earradh áigh agus iombúailte d'imdhídean
a chnis agus a chaomh-cholla ar armuibh a easccarad
eidir shleigh agus sgéith agus cathbharr agus lúirigh, agus ro
fhógair comhlann céd ar na curadhaibh as a
haithle. Ro freagradh an forchongra sin la hánradhuibh
na hAntuaithe, ór táinic céd díbh a
n-aghaidh Labhra Lámhfhada. Ionnsaighis Labhra
agus an céd sin a chéile. Acht cheana, ní raibhe
én-neach risin ffraoch feirge, risin confadh feadhma
agus fiór-ghaisgidh agus risin mire chatha ad-ceas fair
go fiadhnach. Acht as é a chríoch agus a choimh-chinneadh
ní dheachaidh fear díthchill ná dearmaid
do na deagh-láochaibh gan bás bith-urlamh agus
oigheadh an-abaidh d'fhoghbháil ó Labhra ar an
láthair sin.



Agus ro shiriostar céd eile dá ionnsaighe. Freagrais
Labhra in céd sin eile don athuair, agus gé
gur fhreagradur-somh eiséin, ní théarnó aón ina
mbeathaidh dhíbh fó dheireadh a ffoircionn an
chomhraic sin, gur chuir a ccinn agus a gcolla isin
chosair chomh-fhuilighthe chró. Agus táinic im
thráthnóna gan fhuiliughadh, gan fhoirrdheargadh
dochum na Féine go fíor-aibéil, agus ní raibhe cneadh
nó coimhchrécht fara chneas ón chealltair dhoilfe
dhraoidheachta búi uime, amhail buí Aonghus agá
anacal. Rugadar as in oidhche sin gan imshníomh,
gan athtuirsi, agus an fé fíadh tharrsa gá tteasargain
ó Áonghus óg agus ó Labhra Lámhfhada.



Ní hamhlaidh sin do shochraide na hAntuaithe:


L. 126


bá himshníomhach athtuirseach a n-aigeanta agus a
n-árd-mheanma, ba corracha a ccialla agus a ccédfadha,
badar fanna a ffeadhmanna agus a ffíor-mheisneach
dá ttucadur in Fhían d'áruibh agus d'easbhadhuibh
orra gusan uair sin, agus gan aon écht dá ttríathaibh-siumh
do thuitim ná do thsraothadh.



Ar an seiseadh sáor-laithe, dano, ro éirgheadar
leath ar leath asa scoraibh seachtair do rochtain
go hionadh na himreasna agus go maighin curtha an chomhlainn.



Is ann sin ro éirigh an tréinmhílidh teanntoghaidhe
troim-ghníomhach, agus an curaidh colgmhur
confadhach céim-dhíoghuinn, agus in dos
dídin dána deagh-thapaidh, .i. Diarmaid dian
deidh-ionnsaightheach ó Duibhne, oide cleas ngoile
agus ngaisgidh na nGaoidheal, agus leannán ban agus baoíth-inghean
na Banbha, do chosg a choda comhlainn
agus coimhghníomha do churadhaibh na hAntuaithe
d'Fhíanaibh Éireann. Gabhais a chaith-earradh
catha agus comhlainn imá chneas, agus táinic 'na shidhe
dhían-dhísgir dheagh-reatha go láthair an chomhlainn,
gur chriothnaigh an talamh trom-fhóideach,
agus an fhaighthe fhód-ghlan fhéar-úaine agus na cairrge
crúaidhe ceann-gharbha fá chosaibh an churadh
ag rochtain go háit na hiomghona. Ba deifir
dhó-somh sin, .i. na hairrgheana áigh agus na comharthaighe
claoíte comhlainn sin do bheith fair seach
cách, .i. Aonghus óg mac an Dághdha, a oide
bhudhéin, do chuir fraoch feadhma agus éccosg


L. 127


iorghaile agus inneall imreasna agus dealbh dhísgir
dhraoidheachta fair go fíadhnach, d'aidhbhliughadh
a adhfhuatha agus a urghráine fria gach n-áon.



Ciodh tráth acht, ro íarrastair comhlann céd ar
na curadhaibh don chur sin. Acht cheana, fa
haidhleasg ainéscaidh leó-san an athchuinghidh
sin d'iarraidh orra lé ar thuit dá n-árd-mhaithibh
go soiche sin leision Féin; agus gérbh eadh ro fhreagair
céd deigh-fhear deagh-thapaidh go Diarmaid ann
sin. Ro fhreagair Diarmaid co díochra na deaghmhaithe,
agus ro imir a chleasa goile agus gaisgidh go
hurmhuisneach orra, conár fhill fear ina fhrithing
dá n-uaislibh nó dá n-árd-mhaithibh gan oigheadh
obann agus gan ég urlamh d'fhagháil. Agus ro
chuinnghiostair céd eile dá ionnsaighe; acht
cheana is roi-ghiorra ruc an céd tánaiste don troim-ghleadhradh
sin iná an céd toisionach. Agus
táinic féin gan áladh, gan fhoirrdheargadh dochum
na Féine. Ro hoirrdheargaigheadh a ghníomha
agus a ghnáth-áithiusa ag Fearghus Fín-bhél agus ag
Aonghus iolchrothach agus le cách ar-cheana.
Rucadur as amhlaidh sin go subhach sobhrónach,
nó gur éirigh lá cona lán-shoillsi ar na mhárach
orra féin agus ar na laochaibh eile.



Ro éirgheadar, imorra, ar in seachtmhadh laithe
go lán-aibéil. Iomthúsa rígh na hAntuaithe agus
maithe a thíre agus a thalmhan, ba hí a n-áon-chomhairle
uile gan comhlann céd ná áoin-fhir do
thabhairt úatha d'Fhíanaibh Éireann, acht dul


L. 128


go láthair chatha re a ccuradhaibh do chinneadh
a gconáich chatha agus do dhíoghail a n-éccraidhe agus
a n-anfhorluinn. Is ann sin do éirigh an curaidh
cath-bhúadhach agus in tréinfhear teagmhálach agus in
t-airsigh iorghaile d'Fhianaibh Éireann, .i. Sgíath
Breac mac Dathcháoin, dalta rúanaidh roi-thrén
an rígh-fhéinneadh agus fear imchuir a sgéith co
hionadh urdhálta na himreasna agus go céide comhchoitcheann
in chathaighthe, agus ro íarr comhlann céd
co comhathlamh ar na curadhaibh.



Ó'd-chonncadur úaisle na hAntuaithe anní sin,
ro éirgheadur féin a n-aóinfheacht dá ionnsaighe,
agus tucadur saithe sunda síth-nimhneacha dá
sleaghuibh seimhneacha síth-righne sár-mhóra agus
dá saighdibh srúibh-ghéra seasmhacha síor-lúatha
agus dá loirg-fheirstibh leathna léidmheacha lán-mhóra
agus dá cclaidhmhibh clais-leathna curata comhmóra
'na gceart-aghaidh co coimhdhíochra, agus níor dhámhadur
fír fear ná comhlann fa coimhlión dó, acht
atá ní cheana, níor dhámhadur comhthrom iná
cuibhdhios dó in tan sin. Ní ar thime ná ar thlás
iná ar theitheamh do-chúaidh sin ag Sgiath Breac
in borb-chumusc sin, acht ro chromustair a cheann
a gcrioslach a sgéith órdha imeall-cháoin, agus ro
lúathaigh a lámh re a laighin go lán-urlamh, agus ro
chrúadhaigh a chroidhe co curata risin ccathughadh,
agus ro thoirismhigh a throighthe go toghdha ris
na tulgánaibh nó gur dhóirteadar na deigh-fhir
dhíana dhío-choiscthe agus na curaidh chródha chéim-dhíochra


L. 129


agus na tréin-fhir thailcthe thinneasneacha
agus na hairsigh olbhdha ard-rathmhara a n-áon-úair
fair, gur beanadh osnadh ard acáointeach agus
íachtadh éccomhlainn asin ard-mhílidh ó iomchar
ánradh agus armann agá easarguin.



Ó't-chonnarc, tra, Fíena Éireann imurcaidh na
céd agus na ccath-bhuidhean agus na ttréin-fhear ttoirismheach
ttalchair agus na laoch láidir laimhthionach
ag tabhairt a n-aighthi a n-áoinfheacht ar Scíath
Bhreac go barbarrdha báoth-chiallaidhi, ocus nár
dámhadh fíor fear ná comhrac comhthrom ná
deabhaidh fa deighlíon dó, do chúadar fén co
hathlamh éscaigh im-ghlic dá fhóirighthin, agus ro
éirigh a ttosach ris na tréin-fhearuibh in curaigh
cliste comhromhach agus in leómhan laochdha lán-arnaidh
agus an bheithir bharann-chrúaidh bhioth-láidir,
.i. Goll mear míliota mearr-dhána mórbhuilleach,
mac Morna d'fhurtacht a ógláigh agus do
chosg a choda catha do thréin-fhearuibh in tíre.



Ro luathaigh a lámh ré a lainn agus re a laighin
ar in láthair sin, go cclos fó im-chíanaibh an oiléin
comhchoigeadal a chuilg agus a chrúaidh-shleighi ag
díthughadh deigh-fhear agus ac teasgadh tréinmhíleadh
agus ac mudhughadh mór-láoch agus ag clódh curadh agus
cath-armach seachnóin in chatha cheachtarrdha
sin, conach fríth ath ar a fheirg ná úain ar a fhírneart
ná cosg ar a chonfadh go ráinic gusan ionadh
ina raibhe aird-rí na hAntúaidhe ag laoídheadh agus


L. 130


ag lán-bhrosdadh a láochraidhe dochum in chatha,
agus as é a n-eidir-mheadhón.



Cidh tráth acht, ó'd-chonnairc an dá chathmhílidh
sin a chéile, ro nochtadar a n-arma
d'fhorrach agus d'fhíor-oigheadh aroile, agus ro fhearadur
comhrac dísgir dána dásachtach agus deabhaidh dhí-fhreagra
dhoi-fhrea<s>dail agus gleó gáifeach gér-ogla
garbh-aigmhéil agus troid thalchair thréin-neartmhur
thinneasnach, gur chriothnaigh an talamh trom-athlamh
trén-adhbhal fá throighthibh na ttréinfhear,
gurbhó teann-obair dho na curadhaibh
ceachtarrdha cathughadh gan a leagadh nó a
láin-easguir go lár agus go lán-talmhuin, gur thréigeadar
a ffeadhmanna catha agus comhlainn ac coimhfhéchain
deabhtha na deise sin.



Acht atá ní cheana, ro lúathaighitt lámha, agus ro
chomhchothaighid cosa agus ro fhír-dhaingnighid feadhmanna,
agus ro chrúadhaighid croidheadha, agus ro
hardaighid aigeanta, gurbho brisdi bloghfa bruaichrébtha
a n-airm agus a n-éididh agus a n-iolfhaobhuir
ón imshloíghe. Is ann sin ro ghlacustar Goll
an gorm-gha garbh-dhaingean glac-thoimhsighe
ar leónadh a lainne do na borb-bhéimeannaibh, agus
ro chuir a choirr-mhér díreach daingean-neartmhur
a súaithneamh sídhamhail na sleighi slinn-leithne
soitheilgthe sin, agus ro léigeastair amach an mhanaoís
ina láomannaibh casda crithir-nimhneacha agus ina
hanrachtán fhíor-nimhe agus ina hinnioll urbhadha,
gur bheanustair in bhorb-shleagh a mbél a ochta


L. 131


agus a urbhruinne isin áird-rí, co n<d>eachaidh feadh
láimhe laoích dá leabhur-chrann ar lorg a láin-íaroinn
tré chompur a chroidhe agus a chléibh don
churaidh, gur scoilt a chroidhe ina chliaph agus a
dhruim ara dhó don deigh-fhear, agus ro-bheanustair
a cheann dá cholainn don chrúaidh-bhéim trén
tánaisde sin. Ro léigseat an Fhían iolach cosgair
agus comhmaoídhmhe im cheann an áird-rí as a haithli.



Dála shl<ú>aigh an oiléin, immorra, ar ttuitim a
ttriath agus a ttighearna re a ttaobh, ro ghabhadar
dobhar agus dásacht, faoinneal agus folúamhain, meatacht
agus maoth-chroidheacht co hullamh dá n-ionnsaighe;
agus ro ghabhadar ráon mire agus móir-theithmhe chuca.
Ro leanadar an Fhían go hathlamh íad; ro
bhádar gá sloighi agus gá sléachtadh, agá ttiughadh,
agus agá ttanughadh, gá ccumach, agus gá ccrúadh-airleach,
gá leadradh agus gá lán-mharbhadh, conach deachaidh
áon gan oigheadh, ná láoch gan lúath-bhasgadh,
ná curaidh gan chréchtnughadh ná rígh gan ro-leónadh,
ná úaisle gan fhorrach d'árd-mhaithibh
na hAntuaithe, muna dheachaidh do rinn ga nó
cloidhimh, nó d'fháobhraibh tana túagh. Is mur
sin ro bhádar ag leanmhain agus ag lán-tóraigheacht
orra, nó gur scar imdhorcha na hoidhche ré-roile íad.



Ro impádar go cath-láthair an chomhlainn; agus
ro lingeadar tar múraibh agus tar mór-dhaingnibh na
cathrach co trén-thinneasnach. Agus ro bhádar


L. 132


innte an oidhche sin agus mná dealbh-áille na cathrach
agus in dúnaidh ar feis leabtha agus lán-dérgaighthe ag
na láochaibh; agus ro leighis Áonghus óg agus Labhra
Lámh-fhada Goll mac Morna agus na maithe oile
ar-cheana do loiteadh do ló an mhór-chatha. Ro
bhádar co ceann cáocáoisi comhláine isin cathraigh,
airgthe agus édála, ór agus airgead, ionnmhus agus earradha
an oiléin gá thionól agus gá thiumsughadh chuca gach
laoí, conár fhágbhadar dúnadh gan deigh-bhriseadh
ná cathair gan chumhsgughadh ná árus gan fhíorbhlodhadh
isin innis, go ttucadar an uile ionnmhus
agus édála go háon-láthair leó, agus ro líonadh leó go
lán-udmhall in Bhreac-bhárc bhith-urlamh do chinél
gacha hionnmhusa agus gacha hearraidh dob imchubhaidh
do luing nó do lán-arthrach. Agus ro lámh
Fionn ar imtheacht asin oilén an lá déigheanach
don cháocaois sin.



Níor chían ro bhádar ann as a haithle sin co
ffacadar céd curadh cédfadhach coimhfheadhma ag
asgnamh isin bhfaithche ffér-úaine ina ndóchum,
agus íad ceangailte comhordaighthe ina gcath-éideadh
catha agus comhlainn, agus ógláoch áluinn osgarrdha
aird-mheanmnach i nd-eidir-mheadhón eatarra fa
cáoimhe don cheathair-dhúil, go mbrat áluinn iolchomharthach
úainidhe agus go scuird shreabhnaidhe
shnasda shireaga agus go cotún cáomh-áluinn ciumhusbhláith
agus go lúirigh ndaingin ndeagh-fhulaing
ndoibhriste agus go sgabal sgíemhdha sgoramhail
scoth-éttrocht agus go ccathbharr ccrúaidh-righin


L. 133


ccaoimh-dhealbhdha ccoinnealldha agus go lainn
líomhtha láin-ghéir leadarthaigh a ttruaill ilbhric
éxamhail órdhaidhe agá himurchar agus co sleaghuibh
áilli iongantacha órdhaidhe agus fros-bhreachtradh
fíor-áluinn forórrdha don ór áluinn ioldathach
ar a armuibh agus ar a éideadh agus ar a iolfháobhruibh
co huilidhi.



Tángadar go hairm ina raibhe in rígh-fhéinnidh,
agus ro sdúadhadar a nglúine go glé-neartmhar a
ffíadhnuise Fhinn cona Fhíanaibh. Ro thógaibh
an rígh-fhéinnidh a lámh go lán-ullamh ós cionn
an chath-mhíleadh ba codhnach do na curadhuibh,
agus ro fhiafraigh a sgéla féin de go foillsightheach.



"Ioldánach Ór-armach mac rígh na hAntuaithe
misi," ar sé, "do bhí ag foghluim chleas ngoile agus
ngaisgidh fó chríochaibh agus fó chineadhachaibh na
cruinne domhanta, agus céd mac rígh do mhacuibh
ríogh agus ro-thighearna na hAntuaithe mur áon
rium; agus do-chúalamar ar n-aithre agus ar n-árd-chinél
do mhudhughadh agus do mhór-thuitim ribh-si,
agus ar ndúinte agus ar ndeagh-áruis do dhían-bhriseadh
agus ar n-ór agus ar n-airgead agus ar n-uile ionnmhus
d'fhoghail agus d'fhíorsgáoileadh, agus mná broide agus
búanghála do dhénamh dár mnáibh agus d'ingheanaibh
rígh agus ro-tháoiseach na hAntúaithe. Agus ó
nach rabhus-<s>a líon troda nó tachair do thabhairt
dá bhur ttréin-fhearaibh-si, tánac do chur mh'aithne
agus mh'eólusa ort-sa, a Fhinn, agus do thabha<i>rt


L. 134


umhla agus urruma duit, agus do dhénamh mo chuir
agus mo chomhmuintearais riot agus do ghabháil mo
ríghe agus mo fhlaitheamhnuis as do láimh, ríasiú
do millfidhe mo dhúnadh agus mo dheagh-árus, .i.
cathair agus iostadh rígh na hAntúaithe, agus fós ríasiú
do-bhértháoi ar meic agus ar mbanchuire, ar n-éigis
agus ar n-ollamhain, ar n-eistreacht agus ar n-óinmhididhe
a n-aoinfheacht úainn. Agus ó nach rabhamar-ne
ar cconganta in bhur n-aghaidh go soiche so, ná
bíodh fíoch ná fúathmhaireacht aguibh imainn ó
thángamar ar bhur n-ineach agus ar bhur n-árdfháosomh;
agus do-bhérthar cíos agus cáin agus cabhach
gacha bliadhna do bhunadh asin Antúaith dhaoibh
ar amus Éireann, amhail do-bhéras Miodhach mac
Mortuir asin Iorúaidh, agus éirghe amach re gach
n-éigeandáil chatha agus chomhlainn bhíos oraibh,
agus ní córa sin do ghabháil ó Mhiodhach iná uaim," ar sé.



"Fort do chlé agus do choll-<d>úabhais," bhar Conán
mór-ghlórach mac Morna, "ní fhacamar mac rígh
ná ro-fhlatha ríamh budh measa toisc agus turus ag
toigheacht a cceann chomhlúadair iná thusa féin,
agus ní hionann is imchubhaidh maith do dhénamh
dhuit-si agus do Mhiodhach mac Mortuir agus gabháil
aige im gach n-adhbhar, uair bhuí adhbhar oirchius
agus leith-sgél lán-mhaith aige re teacht ag ceann
na Féine, uair do bhuí sé 'na loingseach agus 'na
lán-ionnarbthach seachnóin chríoch agus cheannadhach


L. 135


ó rígh na hIorúaidhe, .i. ó dhearbhráthair a athar;
agus in tan do-chúalaidh a bhás agus a bhith-bhasgadh
táinic do dhénamh rainn agus ró-chadaigh rinne agus do
bhreith bhuidheachuis a ndearnsum dhó féin do
mhaith agus do mhóir-leas; agus ní hamhlaidh sin
duit-si, a Iollainn," ar sé, "ór ní raibhe fáth ná
fíor-adhbhar agad re teacht inur ndáil-ne, acht
meatacht agus mío-láochdhacht, agus fodeagla go leanmáois-ne
fó dhiamhraibh agus fá dhroibhélaibh, fá
shléibhtibh agus fá shith-ghleanntaibh, fá mhoithribh
agus fá mhór-choilltibh in thíre so thú; agus is córa
dhúinni h'oirleach agus h'athchuma a traide iná
h'athair go maithibh a mhóirthinóil agus a thromshochraide
ar tosach, ór as anois atá ar ffíoch agus ar
ffaltanus ré-roile, agus ní roimhe so. Agus dar déibh
núa-ghlana nimhe dá léigeadh faitchius nó fíor-úamhan
Finn damh-sa, do-ghénuinn guin ghalann
agus áigheadha foghailte feól-sgáoilte dot chorp gusin
ccoimhlíon curadh agus caith-mhíleadh do-rala imur áon riot."



"Léig as, idir, a Chonáin," bhar Finn, "dot
anghlór agus tot anuraghall eidir na hanaitheantaibh,
acht go deimhin gébhmuíd-ne na comhadha úd
do fhuráil Iolann Ór-armach orainn, ó do bhí
dhóigh aige asuinn go toigheacht inur ccean<n> gan
fháosamh, gan fhíor-airchis ar marbhadh a charad
agus a choimhfhialghusa. Agus fúicfemáoid iostadh


L. 136


agus ard-árus a athar gan mhilleadh, gan mhí-chórughadh
aige an uair se, agus ceart-roinn chosmhail dá
hór agus dá hionnmhus a ttúarustal gá thinól agus gá
thrén-bhuidhin, a ccoibhche ag ríoghnaibh agus ag
ró-mhnáibh, a n-athchuinnghibh ac fileadhaibh agus
ag fír-éixsibh an oiléin, ó nach anmhain aca do-dhénam
féin don chur sa."



Ro cinneadh an chomhairle sin leith ar leith, agus
ro gairmeadh rígh agus ro-thighearna ar an Antúaith
d'Iollann Ór-armach, agus tuc Finn túarustal a
dhiongmhála dhó agus do mhaithibh a mhuintire.
Naisgis a cháin agus a chabhach agus a fhreagra fri
gach n-éigean agus fri gach n-anfhorlann ó sin amach
fair, agus ad-bheart aroile co ttéigheadh cíos-cháin na
críche sin do bhunadh <go> hÉrinn go búan-bhlíadh
nach re beathaidh Finn mailli re cíos-cháin críche
na hIorúaidhe.



Roinnis Finn ór agus ionnmhus agus earraidhe na
hAntuaithe uili a ttrí treanuibh, amhail ro gheall
d'Iollann Ór-armach; agus ro sgaradh ré-roile iat gan
fhíoch, gan fhúathmhaireacht, gan fhíor-mhiosgais;
agus ro asgnamhsat rompa dochum a luinge as a
haithle, gur shuidh gach áon aca iona ionadh
urdhálta agus ina áit áirighe isin arthrach.



Ro labhair Fearghus Fín-bhél mac Finn, agus ro
bhoí ag faslach agus ag furáil ar na fearaibh an
mBreac-luing, immorra, do lúamharacht co lán-urlamh
ó chiumhsaibh an chalaidh a ccoimhnéineacht,


L. 137


agus baoí ag innisin a ndearna an Fhían
d'echtaibh agus d'iolghníomhaibh isin Antúaith; agus
ad-bheart sond: -




Triallam tar tuinn anfaidh,
re lúamhaireacht arthraigh,
bhur lámha ní lamhthair,
nít ceannsa bhur ngleó;
as ádhbhal bhur n-eire
a los bhur n-airm <neimhe>,
ní bheir aicme eile
bhur mbúaidh re bhar mbeó.



A Fhían ághmhar Éireann,
re cródhacht bhur ccéimeann,
re gaisgeadh bhur ngéir-reann,
ní cneasda cur libh;
a mhíleadha móro
ac cosnamh bhur ccóro,
éireóchaidh co hodhbho
gach lán-turus libh.



Finn co n-aidhbhle n-uabhair,
Óisín saor <go> slúaghaibh,
Osgar bailc co mbúadhaibh,
agus Díarmaid donn;
Glas is Géar is Gubha,
Raighni agus Mac Lughach,
dias eile nach dubhach
Sgíath Bhreac agus Goll.


L. 138


Cáoilti cáomh mac Rónáin,
Labhra, Áonghus óg-bhláith
na mílidh go mór-ghráin,
is misi bhudh-dhéin;
a ffeadhmanna is fáobhrach,
a mór-chosgar is báoghlach,
ag sin in dá náonmhar
acht Conán gan chéill.



Gníomh Oisín san Antúaith,
is Osgair co n-anbhúain,
ceithre chéd co nglan-bhúaidh
do mharbhsat na fir;
re cloinn aird-rí Éireann
do chródhacht a ccéimeann
sé chéd míleadh méir-sheing
do thuitsiot mur sin.



Le gníomh Osgair amhra
agus Aonghuis adhbhail,
ceithre chéd co nglan-bhail
do thuitsiot san chath;
ceithre chéd le Diarmaid
is le Sgéith Bhric go ríaghail,
níorbh é in gníomh diamhair,
do budh lór do rath.


L. 139


Ocht ccéd dég co deimhin
do mharbhsat na deigh-fhir
san chomhlann, ná ceilidh,
do budh gleó go ffí;
le Goll is cáomh faicsin,
mór-thíortha ro thaisdil,
le búaidh a ghníomh ngaisgidh
do-róchair an rí.



d'éis chríochnaighthe an tachair
co fíochdha dhá fflathaibh,
ar scur do na cathaibh,
do ríoghsat a mhac;
cíos is cáin in tíre,
ar áon is a ríghe,
ag Fionn, an flaith fíre,
bíaidh gó bhás gan bhac.



Ag sin fios bhur ngníomha,
a Fhían Éireann fhíochdha,
agus fós bhur síodha
ar deireadh bhur nglíadh;
ar muir mearrdha mongaigh,
ar treathan, ar tonnaibh,
nochan olc do chonguibh,
is mithigh dhúinn triall.


L. 140



A haithle na laoidhe sin ro longaid agus ro lán-tiormaighid
a luing, agus ro chóirghitt agus ro choilgsheasmhaighid
a ccroinn, ro shleamhnaid agus ro
shínitt a seólta, ro thógbhaid agus ro theannaid a
ttéda. Ro n-eagruid agus ro n-árdaighid a
n-anarta, gur scuchsat ó oirearuibh agus ó imlibh na
críche a cédóir, go rugadar bann dían-neartmhar
deigh-imramha agus sighe saighdeamhail sithlúaimhneach
ar an lear léidmheach lán-fharsiong
lionn-uaine agus ar na tonnuibh tréna tairbtheacha
trom-ghlasa agus ar in n-aibhéis n-at-ghuirm n-atmhair
n-éignidh n-ádhbhail-mhir agus ar na mullaighibh
mearrdha measgaighthe murdhúchanda; go rángadar
uidhi adhbhal-mhór agus aimsir im-chían ó
oirear na hAntúaithe, conach ffacadar iath ná
oilén, críoch ná caoimh-fhearann ina ccomhfhogus,
acht madh urlár agarbh ainbhtheanach na
mara mothar-dhorcha mí-shíothchánta agus na tonna
tormánacha treathan-gharbha troim-liosta 'na timcheal.



Is ann sin ro labhair an rí fosaigh fír-bhreathach
agus eó fis fír-eóluis agus farránach fursanta na Fódla,
.i. Fionn mac Cumhaill; agus is eadh ro ráidh:



"A Fhiana Éireann," ar sé, "caidhe bhur
ccomhairle re cinneadh don dul sa, .i. cia hí an tír
nó in talamh is táosga ina raghtháoi isin tan sa?"



"Rachmaíd co Críoch na bhFear nDorcha,"
bhar Aonghus óg mac in Daghdha, "uair as é sin


L. 141


gábhadh agus gúasacht is goire dhúinn agus is uilli inur
cceann, céinmhóthá neart agus níadhachus Chuillinn
Chrúaidh-armaigh a aonar, dóigh, ámh, níor
bhúadhaigh neach dá ttáinic ríamh romhaibh-si
ar rígh na fFear nDorcha re méd a ghoile agus a
ghaisgidh, a neart agus a níadhachus, agus re a threisi
a ccathaibh agus a ccomhlannuibh, agus dá mbúadhaighthear
libh-si fair is follus daoibh go gcinnfidhthear
liph ar Chuillinn cona lucht caomhanta agus cosanta."



Ro sheólsat rompa iar ccinneadh ar in ccomhairle
sin seóladh caocáoisi comhláine ó thuinn co tuinn,
ó shruth do shruth, ó anfadh d'fhanfadh ar fhud
mara agus mór-fhairge ag fulang co fíor-árrachta
gacha doilghiusa agus gacha docamhla dá ttárla
dóibh, gurbho leónta lán-mharbh a láoich, agus gurbho
máoichneach mudhaighthe a mílidh dá ffúaradar
d'éigean agus d'anfforlann na háibhéisi risin aimsir sin.



Ar coimhlíonadh na cáocáisi sin do na curadhuibh
ad-chonncadar taobh críche 'na ccomhghaire agus
innamhail oiléin áluinn éxamhail ar a n-aghaidh
ina n-iomfhogus. Is ann sin go ghabh luinneachus
agus luathgháire na lán-churaidh don chur sin.
Freagrais Finn co fuireachair do na féinneadhuibh
an bhfeadadar cía an chríoch nó an coimhfhearann
ad-chonncadar.


L. 142


"Do fheadamair-ne sin, a aird-rígh," bhar
Aonghus iolchrothach agus bhar Labhra <Lámh->fhada:
"Críoch na fFear nDorcha an chríoch úd ad-chíthi-si,
agus is í atátháoi-si d'íarraidh agus d'árd-lorgaireacht
go ttrásda. Acht atá ní cheana, is adhbhar acaoíne
agus is damhna díghbhála agus is mana mór-urbhadha
dhaoibh-si an radharc úd d'fhaicsin, munab iolarrdha
bhur n-oirchill agus munab feithmheach bhur fforaire."



Dála rígh na fFear nDorcha, dano: ní dhearnadar
an Fhían gníomha goile ná gaisgidh ó do
fhágbhadar Éire iadh-ghlas oilénach gusin am sin
nachar fhoillsigheadh go deirrid dían-ráiteach dhó
tré dhiamhair dheagh-dhraídheachta. Cidh fil anna
tráth acht, ó do rángadar an Fhían ar cúan na
críche, do-chúaidh-sion a muinighin a fheasa agus a
fhithnaiseachta agus a fhíor-fhoghluma bhúdhesin do
dhóigh as a ealadhnachuibh diamhra dráoidheachta,
go ro ghealladar na dúile aigsidhe agus
neamh-aigsidhe go dóchra daingean-chumhachtach
dhó; ionnus gur éirgheadar ceithre príomh-gháotha
an bheatha do bhunadh do chaitheamh a chiorghaile
agus a cheannairrge re chéile, .i. an sdefir aníar
agus in uorobir atúaidh agus an ebhir anoir, an aibhistir
aneas, gur chriothnaigh agus gur chomhghlúais an
t-áier ard eadarbhúas agus in fhiormamint fhorlúamhanda
úasda agus in talamh trén-tuinighthe ina thimcheall


L. 143


agus in mhuir mhór-ghothach mhear-udmhall
im na míleadhuibh; co raibhe sneachta ag snighe
agus fearthain ag fobhairsi agus gáoth ag glonn-bhéimneach
agus ró ag roi-théachtuin do na caith-mhíleadhuibh
don chur sin; gur ghlúais gáoth agus <gur> sheól
sneachta agus gur imlúaigh ard-dheartan an fhoireann
dhúr-chroidheach dheigh-neartmhar agus na tréin-fhir
theanna thairptheacha agus na curaidh chalma chédfadhacha
sin ó chiumhsaibh na críche a cédóir,
gur ceileadh gach íath agus gach oilén agus gach aird-reannach
agus gach aird-innis a n-áoinfheacht orra,
acht imagalluimh na haibhéisi eochair-ghuirme
agus na mara mórghailfighe measgaighthe murdhúchanda
agus na fairrge fíor-ghairbhe forránaighe ag at
agus <ag> éirghe go himurcach ina n-uirthimcheall,
gur baoghladh, agus gur bloigh-rébadh in Bhreac-bhárc
imá búan-tairngibh agus in laoidheang imá lán-téduibh
agus an t-árd-arthrach imá aidhmibh aidhbhle imchuibhdhi
ar-cheana, conach raibhe feidhm ar chrann
ná ar chaoimhsheól, ar théd ná ar thrén-lomán
isin luing luchtmhair leabhair-mhóir sin; gurbh
fhoigsi bás iná beatha don bhuidhin agus don bhúanfhoirinn
báoi innte in uair sin, gur chomhairlaigheadar
na curaidh agus na caith-mhílidh léim agus
lúath-bhiodhgadh fána ccomhair co fíor-aibéil isin
aibhéis n-adhbhail neartmhair n-iolphíastaigh agus
isin muir mór-thonnaigh mear-dhána múr-ghainmhidhe
agus isin lear lán-mhór leathan-ghlas lán-radharcach


L. 144


ar furáileamh an omhain agus ar faslach na himeagla.



Is ann sin ro labhair Conán mac Mórna go
mór-ghlórach mearaighthe mí-thuigseach, agus is eadh
ro ráidh:



"A Aonghuis óig mheic in Daghdha," ar sé,
"dar leam-sa do chláochló do chumhachta agus do
turnadh do thréin-bhrígh agus do lagadh do láin-ghliocus
in tan atáoi ac fulag draoidheachta
agus díabhaltanachta agus deigh-ealadhna aon-duine
d'éirghe ná d'árdughadh thorad don toisg si; agus
dá lamhuinn-si a lúadh nó a labhra riot, is brath
agus is buan-tréigean atá agad oruinne, agus is íad
cumhachta agus coimhghliocus Tuath Dé Danann atrachtadar
inar n-aghaidh do dhíoghuil a n-anfhola
agus a n-easgairdis a n-áoinfheacht oruinn, agus munbhadh
headh do choisgfeá-sa in doghraing agus in docamhail
sa dhínne d'éis a ghealladh dhuit ag teacht ar an
eachtra sa dhúinn go ndingébhthá in céd-ghábhadh
mara nó tíre do theigébhadh d'Fhíanaibh Éireann
díbh, agus dar leam-sa ní tháinic agus ní thiucfa go bráth
baramhail ná búan-chosmhaili<u>s don ghábhadh
sa ina bhfuilid Fíana Éireann in tan sa."



"Más eadh," ar Aonghus "níom-túalaing-si cur
a n-aghaidh méid ghliocuis agus draoidheachta rígh
na fFear nDorcha, agus fós ní eile, ní bhfuilim
ar an eachtra ionamharais do dhénamh orum
féin ina thimchioll sin," bhar Aonghus,


L. 145


"dóigh, ámh, a ffoicsi bás ná búan-oighidh d'aoinfhear
aguibh-si d'Fhianaibh Éireann ná dhamh-sa
féin, agus ní bhfuil feallsamh ná fír-eólach, iná draoí
iná deigh-fhisigh isin domhan dá ttiucfadh cumhachta
nó coimhghliocus rígh na bhFear nDorcha
do dhiongmháil acht amháin mór-chumhachta
Manannáin mhic Allóid a aonar, agus do gheall sé
damh-sa ag toigheacht ar in turus <s>a damh go
ttiucfadh féin do thabhairt fóiríghne d'Fhianaibh
Éireann aon do laithibh ...



B 1700c 18T
<Críoch don ls. B IV 1: ar leanúint annso óna lss.>
<A V 2 agus V>.



<A V 2, 126> ar an eachtra sa <a n-aghaidh>
rígh na bhFear nDorcha, do dhiongmháil
agus do chosg an chéd-ghábhaidh dhíobh ria <nd>ol
isin ccrích fesin; agus muna bheith an gealladh sin
do-dhénainn-si mo dhíthchioll dom <im>dheaghail
féin agus dá bhar n-imdheaghail-si, gen go saoilim
go n-éireóchadh leam."



<"Trúagh, ámh">, ar Goll mac Morna agus ar
Osgar mac Óisín, "nach iad trí príomh-ranna
cearta <cudroma> comhmóra na cruinne go coimhiomlán
do dáileadh i n-aoinfheacht inar n-urchomhair
<go ttuitfeadh> <ar> <cc>oimhlíon do
láthair linn, riasiú do-géabhthaidh a n-asgaidh ar
n-ard-mhaithe ar <an> <ordughadh sa> gan
éacht rígh nó ro-thighearna d'airleach nó d'athchuma
ina n-aghaidh."


L. 146


<Do bhádar ar na> <h>iomráite sin go bhfacadar
an curach chugtha, agus é cuanna ceann-<ard
céim>-ésgaidh arna chuma go ceardamhail don
chrédhumha chaomh-álainn dá dhí<rghadh agus dá>
<dheigh-sheóladh> ina ccoinne agus ina cceart-chomhdháil,
agus ógláoch rathmhar ríogha ro-álainn fa
háille don Ádhomh-chloinn ar deireadh an dian-arthuraigh
go mbrat <cco>rcra ccortharach agus co
n-inar n-amhlaidh n-égsamhuil n-órdha agus go sguird
shreabhnaidhe <shir>eagdha agus go ccloidhiomh n-órdhoirn
n-iontláis ina fhiadhnuisi agus go mionn
río<ghdha> ro-éttrocht ag ceangal agus ag cuibhreach
a fhuilt álainn égsamhail re cleith a chinn chais
<chruthaigh> chaomh-álainn. Atharrach dealbha
agus dénmhusa ag éirghe for an óglach n-égsamhail
niamhdha neart-chuimseach sin gach úair dá
bhféuchthaoí fair. Táinic ina ccomhfhogus iar
sin, agus beannaighios go díochra deag-thairisi dhóibh
ina n-anmanna fó leith.



Níor chumhaing aoin-neach d'Fhianaibh Éireann
freagra nó fíor-uraghall do thabhairt fair.



"Dob aoibhne ard-mheanmnaighe dhaoibh i
nAlmhuin leathain-mhóir Laighean ag ól agus ag
aoibhnios agus ag urghairdiughadh meanman agus mór-aigionnta,
ag éisdeacht re ceól agus re hoirfididhe agus
re healadhain re binn-chomhrádh ban agus banchuire,
aindear agus ingheanradh Fhian Éireann, ag comhmóradh
sealga agus fiadhaigh agus fian-chosgair, ag
tabhach ciósa agus cána ar aoís na treabhaire go


L. 147


ttrásda ná a bheith ar an orrdughadh sin ag fulang
báis agus buain-éuga, agus a usacht do gach aon agaibh
a thogha tochmhairce d'fhagháil i nÉirinn féin a
bhféagmhais Thaisi Taoibhghile, agus is dóich liom a
ndearnabhair d'aindlighiughadh ar Éirionnchaibh
riamh co n-uige so, gur haithbhireadh oraibh an
uair si é."



As ann sin ro labhair Aonghus óg mac an
Daghdha, agus as eadh ro ráidh:



"A oide ionmhuin, agus a atair feasa agus foirceadail,"
ar sé, "as iomfhada imchia<n> ataoi-si agár bhfulang
isin éigean agus isin anbhforrlann adhbhal-mhór sa
ina bhfuil<míd>." "<Ní hion>gnadh sin, a
dhaltáin ionmhuin," ar Manannán, ".i. mo bheith-si
go fada gan <bhar bhfóirighin>, óir is imchi<a>n
iomfhada ón ionadh sa gusan tír as a ttángus, .i.
Tír <Tairngaire agus Loch> Ló agus Loch Luachra,
Cruithean na cCúan agus Eamhain Eabhlach agus na
hoil<éin éagsamhla> archeana, agus ní dhearnus
comhnaidhe nó comhair<is>iomh ó Thír Thairngire
gusan ionadh sa <a bhfuilim-si>, agus a Fhiana
Éireann," ar sé, "tigidh asteach isin churach sa
ina bhfuilim-si agus fágbhaidh an <Bhreac-bháirc> go
bith-aigmhéil, óir ní bhfuil long nó lán-artharach
isin chruinne cheachtarrdha lé r<achthaidhe> go
Tír na bhFear nDorcha, maille re himreasain nó
re heasaonta, acht lei<s an> churach sa amháin .i.
"Sguabadh Tuinne" a chomhainm, agus coimhédfad-sa
bhar long feisin, <.i. an Bhreac>-bháirc, i ccaladh


L. 148


na críchi go teacht dhaoibh féin arís dá rochtain."



Is <ann sin do rugusdar> Manannán Fionn agus Fiana
Éireann fá sech chuige isin churach, agus ro sheó<lsat
g>o réimeamhail rói-dhíochra dochum cuain agus
calaidh chríche na bhFear nDorcha, agus an Bhreacbháirc
i leanmhuin an churaigh, arna ccomhcheangal dá chéile.



"Teighidh as an <churach> <budh>dheasda, a
airseadha," ar sé, "do chur chuarta isin chrích
chomhaighthigh i ttángabhair, óir ní bhiad-sa mar
aon ribh ó sin amach, agus ní thiubhar congnamh nó
comhfhu<rta>acht, cuidiughadh nó comhluadar
daoibh, acht a ttugus, dóigh ní damh atá a ttuigse
nó a ttairnghire bladh nó buan-oirdhearcus na
heachtra sa d'ainmneadh orm, agus ó nach dhamh,
ní bhíad ag caitheamh mh'aimsire ribh ní as sía; agus
fágbhaim mo chomhachta agus mo choimhghliocus
féin ag Aonghus óg iolchrothach mac an Daghdha
ann súd, .i. ag mo dhalta dil dearbh-thairis<e>
budhdhéin."



Ceileabhrais Manannán do na maithibh, agus
fágbhus iomchumhairce beatha agus sláinte ag na
sochaidhibh ar sodhain, agus ro imidh féin dá chrích
agus dá chaoimh-fhearonn don chur sin, ar ttabhairt
imdheaghla agus furtachta d'Fhionn agus dá Fhéin
co n-uige sin.



Dála Finn agus na Féine, iommora, ar n-imtheacht
do Mhanannán go hard-ésgaidh uabhtha, iarna


L. 149


bhfághbáil i ccaladh na críche, ro fhiafraidh
Fionn <g>o fíor-ollamh:



"Cionnus atá aigneadh bhar n-ánradh, a óga,"
ar sé, "nó céadfadha comh<r>amhacha bhar
ccuradh nó meanmanna mór-ghalacha bhar míleadh,
nó feadhmanna fíor-neartmhara bhar bhféinneadh
nó gaisgeadh garg-bheódha bhar ngalgadh
d'aithle a bhfuarabhair d'éigean agus d'anbhforlann
ar muir agus ar mór-fhairge?"



As ann sin ro labhair Conán mac Mo<rna> <agus as
eadh> <r>o ráidh:



"Asad éccruaidh anbhfann anárrachta ar
n-ánraidh agus asad fanna <fóilli fíor-la>ga ar bhféinnidh
agus asad múichneacha meirbhe maoth-chroidheacha
ar míleadha agus asad <trén-teasgtha> tromghonta
ar ttréin-fhir agus as ion-mhná seóla síor-anbhfanna
ar sochaidhe <ag iomfhorrán> <re>
hógbhaidh easccarad; agus gé do fhágaibh Manannán
ann so sinn agus go ttáinic dár bhfu<rtacht> agus dár
bhfóirithin <dar leis féin>, ní ar mhaith ná ar mhórleas
dúinne táinic <chuga>inn ittir, agus ní móide
shaoilmíd buaidh do bhreith ar an tír i ttángamar a
thoidheacht. <Agus gé> suaithionda an sanas damhsa
nó do chách i ccoitchinne, as urus dhamh a
<dhearbha> nach do mhian furtachta ná fóirithne
do thabhairt dhaoibh-si táinic aon-duine <do>
<T>huathaibh Dé Danann libh, agus dá madh eadh
nach beith Aonghus óg mac an Daghdha ag fulang
<báis agus buain-éga> d'fhagháil do bhrígh báis


L. 150


nó beag-shaoghail d'fhagháil daoibh-se <agus cumas
bhar> n-anacail agus bhar n-iomfhurtachta aige."



As ann sin ro labhair Osgar mac Óisín, agus as
eadh ro ráidh:



"Ní mar do innis Conán mac Morna ann súd
<a ard-fhlaith,> <a>támaoidhne," ar sé, "agus ní
raibhi rún nó ro-aigneadh aon-duine uainne aige
<acht madh> a rún féin amháin, dóigh asad calma
comhnart céim-dhíoghainn ar ccur<adha, agus> asad
toghtha tréna talchara ar ttréin-fheara, agus asad ána
ésgaidh athlamha ar n-ánraidh, <agus> <as>ad
gríobhdha gusmhara glaic-láidire ar ngaisgeadhaidh,
agus asad mearrdha meanmnacha mío<-shíoth>chánta
ar míleadha; agus ní bhfuil aon-neach againn san
ionadh sa nach loinneach lán-mheanmneach leis
<tús> troda agus tachair, deabhtha agus díbhfeirge
d'fhagháil dó féin, nó d'aon-neach oile d'<Fhianaibh>
<Éireann> dá mhéad a chairdis agus a choimhfhialus
leis don chur sa."



Acht atá ní cheana, ní raibhi aon-neach d'Fhianaibh
Éireann nach dearnaidh fiadhnaisi go foillsighthach
le haitheasg agus le huraghall Osgair san
am sin a n-aghaidh comhráidh agus cantana Conáin.
Fáiltighios an flaith-fhéinnidhe Fionn ó't-chualaidh
rún échta agus áitheasa ag gach aon-duine
don Fhéin <amhlaidh> sin, agus as eadh adubhairt:


L. 151


"Ní bhfuil feidhm greasachta nó gér-laoidhidh
againn oraibh," ar sé, "óir muna bheith bhar
n-úmhla agus bhar n-urraim damh-sa, do ba ceann
slóigh agus sochaidhe ar gach n-eachtra agus ar gach
turus gach aoin-fhear dá óige agus dá anfhoirbhthe agaibh."



"As fírinneach na fuighli féighe fíor-ghaotha agus
an comhrádh caomhálainn caoin-ráiteach sin,"
ar Goll mac Morna, "dóigh ní bhfuil aon-neach
againne nach amhlaidh atá a mheanma agus a mhór-aigneadh
amhail do bheith arna laoidheadh agus
arna lán-ghreasacht do chomhrádh caoin-fhileadh
agus d'aitheasgaibh úghdar agus do ghér-inntleacht
ollamhan re hucht catha agus comhlainn."



"Rigthí-si a leas <a bheith> amhlaidh sin," ar
Aonghus óg mac an Daghdha, "uair as neimhthní
gach ágh agus gach ard-iorghail dá bhfuarabhair
co n-uigi so aríamh i n-athfhogus draoitheachta agus
deagh-ealadhan rígh na bhF<ear> nDorcha, agus as
saothar díomhaoin bhar ttoisg agus bhar tturus don
tír si muna <m><aith> bhar bhfoichill agus bhar
bhfíor-oirchill air, uair dá mbeith gan a bheith do
ghágh ná do <ghu>asacht ann bhar ccomhair acht
neart gaile agus gaisgidh rígh an tíre si i ttángabhair,
maille rena ealadhnaibh diamhra draoidheachta agus
rena cheardaibh claona comhmallaighthe, <ní>
budh beag do leónadh bhar laochraidhe agus bhar
látha gaile isin uair sin é."



As a haithle sin do cóirigheadh a phuball go


L. 152


príomh-urlamh le a phuibleóir ós cionn an rígh-fhéinneadh,
agus deiseadar an dá naonmhar sin ina
urthimchioll ann, ag éisde<a>cht re hur<aghall> agus
le haitheasg fhear oile re cinneadh agus re críochnughadh
a ccomhairle. <Níor> <chian> dóibh
ann as a haithle an tan ad-chonncadar chugtha an
t-aitheach adhu<athmhar> urghránna cona chochall-bhrat
ciarrtha clártha coimhéidigh d'éin-earradh
agus d'éin-édeadh <uime>, agus é dísgir
dearg-lomnocht, génmothá an t-aon-bhrat sin.
Aithearrach adhuatha <agus> <urghráin>e ag gach
aon-duine dá bhféachadh fair gá thaibhsi agus gá
thaisbeánadh, ar a dhroch-dheilbh <agus ar> a dhroch-dhéanamh.
Táinic i n-athfhogus don Fhéin iar
sin, agus ro chraitheasdar a cheirt chiar<tha> <chomh>-ghránna
ar a cceart-aghaidh, gur shileadar srotha
diana dí-fhulaing agus ceatha <doirbh>e dásachta
do shneachta adhuar oidhreata agus do chasrachaibh
cruaidhi cloch-shneachta, go ráinic ochta na
n-ánradh agus righthe na rígh-mhíleadh agus guaille na
gasraidhe, gur chriothnaigheadar a ccosa agus gur
mheirtnigheadar a meóir agus gur comhfhorraigheadh
a ccuirp, conár fhágaibh céimniughadh ina ccosaibh
ná luaighill ina lámhaibh ná cuimhne ina ccroidhibh
nó aithne ina n-inntinn ná labhra ina tteangthaibh
le hiomarcaidh an fhuachta gá bhforrach agus
gá bfíor-bhásughadh. Acht cheana, gach teas
agus gach téigheadh dá ttairgdís do thabhairt ar a
ccorpaibh agus ar a ccaomh-chollanna as barr agus buan-bhiseach


L. 153


fuachta agus fír-neimhe no fhásadh agus no
fhuróbradh orra, gurbh fhaicsi bás nó beatha
d'Fhionn agus dá Fhéin an uair sin, co nach raibhi gá
namhaid agus agá n-easccaraid acht a ndíthcheannughadh
gan ágh, gan iombualadh d'fhagháil ina aghaidh.



As ann sin ro éirigh an fisidh fír-ghlic fáitheólach
fallsamhanta agus an tréin-fhear treas-bhorb
tailchair trom-ghníomhach agus an curaidhe céillidhe
comhláidir cath-bhuadhach, .i. Aonghus óg arm-neimhneach
iolchrothach mac an Dagha mhic
Ealathain mhic Dhealbhaoidh mhic Néid, agus ro
chuimhnigh go comhathlamh ar a dhraoitheacht agus
ar a dheagh-fhoghluim a n-aoinfheacht san uair sin,
gur ghéilleadar na dúile agus na deagh-airdreanna go
deithbhireach dhó, agus gur éirigh an ghrian ghasda
ghlan-ruithneach as a ciorcaill chomh<th>uinighthe
ina chomhairrcis, go raibhi ina thinde
throm-adhbhal thinntidhe agus 'na haoibhioll <s>eólta
séimhidhe solusda, gur shoillsighe cnuic agus céidi agus
cabháin an talmhan ina thimchioll, gur adhain agus
gur shíor-las gach cúil agus gach cearn, gach árd agus gach
aircheann do na hiathaibh, eidir chloich agus chrann
agus chaomh-thalmhuin ina ccomhfhoigsioradh, conár
fhágaibh aonchoch don ard-shneachta gan mhilleadh,
gan mhór-leaghadh le teas agus le trén-bhruith
na trom-ghréine, go ttáinic láidireacht isna
láochaibh agus calmacht isna curadhaibh agus feidhm


L. 154


isna féinneadhaibh d'aithle fíor-chabhra agus <fu>rtachta
Aonghusa orra.



Ro imthigh an t-aitheach uatha as a haithle gan
fhios d'aon-neach aca. Bhádar amhlaidh sin nó
gur chomhfhogus iomdhorcha na hoidhche dhóibh.
Ó tháinic an <adh>aigh dá n-ionnsoighidh, ro
dhealbhusdar Aonghus óg agus Labhraidh Lámhfhada
fál tineadh trichimhruaidhe timchioll an
phobail go príomh-urlamh dia ccaomhnadh agus
<dia cca>bhair ar ghliocus agus ar ghnáth-ealadhnacha
rígh na bhFear nDorcha.



Iomthusa <an> <aithigh>, <ó> tháinic an adhaidh
dá ionnsaighidh, táinic chugtha gusan bpoball dá
n-aidhmhilleadh <do ridhísi>, <agus ro> chraitheastar
a cheirt go comhathlamh coimhdhísgir coimhdhíochra
ós na curadhaibh <gur> <fhearustar> ceatha
cruaidhe cloich-shneachta agus frasa falcmhara fíorfhliucha
fearth<ainne> <gur bháithiost>ar na
tinnte agus na teandála go trén-athlomh. Bhádar ag
imdheaghail na puible <gur chuiriostar> an poball
féin dá thréoir agus dá thuinighthe, agus fós gur chuir a
raibhi ann isin chomhmbua<ireadh> <agus isin> choimhmeasgadh
chéanna. Ro éirgheadar an dias céillidhe
caomh-ealadhnach comh acfainneach do Thuathaibh
Dé Danann bhádar ina bhfearradh dá bhfóirithin,
agus ro adaidhsiot na teinnte daigheardha draoidheachta
ina ttimchioll go trénathlamh an toisg
tánaisdi a n-aghaidh an aithigh agus d'anacal na
Féine ar iomarcaidh an fhuachta. Acht cheana


L. 155


nachar luaithe a lán-ollmha leó-samh ag fadódh agus
ag fíor-a<dhnadh> na teineadh teannálta trén-tuinnighthe
trom-dhraoitheachta sin ná leis an
aitheach gá traoitheadh agus gá trén-<mhúchadh> agus
nachar luaithe láin-éasgaidh lasan aitheach gá
traoitheadh agus gá trén-mhúchadh ná leó-san gá
hadh<nadh> agus gá hard-lasadh do-ridhisi.



Bhádar amhlaidh an adhaigh sin ag coimhimdioll
re-aroile, conár léigeadh <s><uan> ná sádhaile,
tathomh ná tionnabhradh, longadh nó lánbhlasdacht
d'aoin-neach aca go solus-<tráth> éirghe
do ló arna mhárach. Ó tháinic an mhaidin mhochsholus
gusna míleadhaibh, ro thionsgain an
t-<aitheach> teicheadh ó na tréin-fhearaibh, arna
n-aidhmhilleadh isin oidhche reimhtheachtach.
Ciodh trácht, ód-chonnairc an fis<idh> fír-eólach
fáith-fhreagarthach agus an rígh-fhéinnidh rathmhar
ro-dhédla, .i. Fionn mac Cubhaill, an t-aitheach
<ag> triall agus ag togra térna tar a ais do-rídhisi ó
na hógaibh, iarna ccur i socht agus a síor-<thuirsi>,
agus iar mbreith a neirt agus a niadhachais ó na hógaibh
i n-asgaidh, ro thugosdar urchar athlomh ágh<mh><ar>
urmhaisneach gan chaime, gan chlaoine,
gan choimhiomroll, go ttarla an t-omna aigmhéil
iolbhua<dhach> <i> cceart-lár a dhroma go deagh-urlamh
isin aitheach gur bhris a dhruim ar dhó agus
a ucht <a ndíobh rannaibh>, go ndeachaidh an
tsleagh a feadh agus a fíor-fhad féin i ttalmhain ar a
aghaidh an ait<high>, <ar> <ttre>aghdughadh agus ar


L. 156


tteasgadh a chroidhe ina chliabh; agus ro thuitiosdar
ina thamhan thromdha <thora>thardha theasgaighthe
go talmhuin don trén-tuinnsiomh sin. Ro
fháiltigheadar an Fhian go <hadhbhal um> an
urchar sin, agus ro fháiltigh Fearghus file mac Finn
fris i ccuma cáich, agus as eadh <ro ráidh>:



"Gé mór n-urchar n-ághmhar n-áithiosach agus
troid thalchar thinniosnach agus comhrac <clisde>
<cath-bhuadh><ach> do-rinnis-<s>i, a Fhinn, gusan
am sa, as é sin urchar as áithiosaighe ro theilgis
ariamh." Agus <is> <cuma> ro bhaoi dá rádha, agus do
labhair an laoi ann d'adhmholadh a athar, co n-éabhairt: -




<Buadhach sin>, a rígh-fhéinnidh,
a thriath na ccuradh ccalma,
ní thiocfa i n-am fír-éigin
go bráth do mhaca samhla.



<Gé mór> n-urchar ndeibheadhach
tuccais i cceann a chéile,
as é an t-urchar deigheanach
ar ar mhó feidhm na Féine.



In t-aitheach daor do-chlaoite,
ro-mhór an dóigh a dhraoitheacht,
i nguasacht ar ccomhmaoite
do chuir inn uili a n-aoineacht.


L. 157


<Díreach> agus ro-dhíreach
do dhá shleigh, <a> Fhinn éachtaigh,
lór do dhiongmháil d'fhíoch-mhílidh
iad re hucht n-ágha d'fhéchain.



<Le ro-dhírghe d'>iarraidhe
do-rinnis écht nach iomná<i>r,
dhúinn as fáth fáiltighe
an t-aitheach dhínn do dhiongmháil.



<Gé mór turus t>ángamar
ór ttír féin, as fáth orchra,
samhail riamh ní rángamar
don Chrích si na bhFear nDorcha.



<As an tír ó> thiocfamaois,
gé tháinic innte go haithghearr,
arís nocha roich<f>emaois
dá féachain an feadh mhairfiom.



<Tug gealladh> <a> chosmhaile,
amhail fhoillsighid eólaigh,
an loisgionn, an los-bhuidhe,
roimhe i leabaidh an leómhain.



<Dúinn dob> fhada an fuarughadh,
aréir ón aitheach uathmhar;
an furtacht do fuarumar
d'Fhionn re a bheathaidh is buadhach.


L. 158



A ndeadhaidh na ndeagh-rann sin, ro bhádar
an Fhian ag teacht ar an dochar agus ar an docamhal
do fuaradur an oidhche roimhe sin, agus ag comhmaoidheamh
écht agus áithios an rígh-fhéinneadh.



As ann sin adubhairt Aonghus óg mac an Daghdha:



"Gé mór fuarabhair-si, "do ghábhadh agus
do ghuasacht ón aitheach <g>us anosa, ní
bhfuil acht comhrádh re céid-neithibh agaibh ann i
bhfearradh a bhfuighthidh ó sunn amach do mhóir-éigean,
<dói><gh>, ámh, dá mbeith a fhios agaibh a
bhfuil d'oirchill oraibh san oilén sa, amhail atá
agam-sa, dob usa <libh> bheith i nguasacht agus i
ngábhadh bhar ngeas agus bhar ngnáth-airmeart do
neamh-chomhall ná teacht <don> tír si i ttángabhair;
agus muna bheith eagla orm-sa gur 'na mheatacht
nó 'na mhíolaochdhacht do <chuir>fedís bhar
ccuradha agus bhar ccathmhíleadha orm comhairle do
thabhairt dháoibh um gan toidheacht don tír
si, ní sheólfainn dhaoibh a theacht innte; óir ní
tháinic agus ní thiocfa don chineadh daonna slóigh nó
sochaidhe <dá> n-ioliomad do fhéadfadh díth nó
díoghbháil do dhéanamh do rígh na bhFear
nDorcha le neart a ghoile agus <a> ghaisgidh, a dhána
agus a dheagh-fhoghloma, acht namá muna ccongnadís
lucht diamhra deigh-ealadhna <nó> dobhardhraoitheacht
leó. Óir as é an tí do thuit libh-si
dhíobh do ba lugha draoitheacht agus diabhal-dánacht
in bhar n-aghaidh, .i. oide rígh na bhFear


L. 159


nDorcha fesin, agus atá bean an aithigh gan teacht
da bhar n-<ionns>aighidh, .i. buime an rígh, agus ní
bhiaidh áiriomh agaibh-si ar acais ná ar urchóid
dá bhfuarabh<air> a bhfearradh a bhfuighthidh
uaithe-si; agus dá ccuireadh sibh sin dáoibh, ní ba
leas ná lán-fhuarughadh dháoibh <i> <ttioc>fadh ina
dheaghaidh chugaibh, .i. naoi ccoin chonfadhacha
chruaidh-fhiaclacha choimhneartmhara cona ttrí
<líne l><onna> lán-ghéra d'fhiaclaibh neimhneacha
nathardha i ccionn gach onchon confaidhe do na
conibh sin, ar nach <deargaid airm> agus ar nach
aimsighionn uisge agus nach ttrén-loisgionn teine.
As iad as taoisge agus as <toisionaighe> <thiocfus>
chugaibh ina dheaghaidh sin, .i. triar mac meanmnach
mór-chroidheach rígh na bhFear nDorcha
ar nár cinneadh i láthair chatha nó chomhloinn, agus
dá mha<c> <a> oid<e> agus <a> <bhuime>, agus a
thaoiseach teaghlaigh, agus leómhan láidir lán-chalma
ro hoileadh agus ro hard-le<asadh> <ann bhar>
n-oirchill-si; agus dá mbuaighigheadh libh ar gach aon
dár áirmhios<s>a ann sin as baramhail <dá> neart
agus dá niadhachus uile neart láimhe an aird-rígh ina
aonar in bhar <n>-<aghaidh>. <Gur>ab iad sin
gach gábhadh agus gach guasacht dá bhfuil ar bhar
ccionn isin tír si."



Gabh<us> <eagla> agus uathbhás adhbhal-mhór an
Fhian um na sgélaibh olca adhuathmhara ad-chua<ladar>
<ó> Aonghus óg agá n-innisin
dóibh. Níor chian dóibh iar sin go bhfacadar


L. 160


an t-arracht guilbneach gob-lom gnúis-odhar
glaoi-shúileach agus an seirgne salach siabhartha sálfhada
soic-reamhar saobh-chumtha agus an amaid
aidhéidigh aingidhe urbha<dhach> adhmhilte fhíorghránna,
fa ban-chéile don aitheach ro iomráidhemar
romhainn, <agus a> faoidh guil agus gol-gháire
aisde ag caoineadh a fir agus a fír-chéile ó ráinic do
láth<air> gusan laochraidhe. Ro dhealbhusdar na
hairdheana céanna, amhail do dhealbh a fear
<c><éile> fíor-chubhaidh roimpe, gur chuiriosdar na
caomh-churaidh ar an ccomhmbuaidhreadh <chéadna>,
go nár áirmheadar olc ná ainimh dá
bhfuaradar ón aitheach <i bhf><earradh> a bhfuaradar
ón arracht. Ro léig Aonghus óg agus Labhraidh
Lámh-fhada <a> n-ealadhna ina haghaidh dá n-anacal,
conár léigseat sneachta nó saobh-dhoinionn
dár <dh><ealbh>asdar gan díobhadh, gan dian-leaghadh
lena ndraoitheacht agus lena ndian-cheardaibh
<budhe>sin.



Ó'd-chonnairc an chailleach nár urchóidigh an
sneachta ní dhíobh, tré dhraoitheacht <na> deisi
deigh-fhear bhádar gá n-anacal uirre, ro fhadóghusdar
tor trén-aidhbh<seach> tineadh trichimhruaidhe
gan adhbhar gan fhundament, acht a
dhéanamh le draoitheacht <agus le> druadh-cheardaibh
ar gach taoibh do na trén-fhearaibh.
Acht atá ní cheana, fa tinn <súil> <ó>na sírshilleadh,
agus fa fann fir óna féuchain, agus fa lag


L. 161


laoich óna láin-ghr<eas><acht>, <agus fa> comhmeirbh
curaidh óna comhchaidriobh, agus fa brúighte
buidhne óna buan-deataigh, gur <meas>gadh, agus gur
mór-bhuaidhreadh, gur saobhadh agus gur síormhilleadh
a ccialla agus a ccéadfadha, a <meanm><anna>
agus a mór-aigionta, re teas agus re trén-bhruith
na teineadh treathan-ghairbhe <le a> <géire>
agus le a grod-<a>mhainsighe, rena gnáth-shilleadh,
re a bréine agus re a buan-t<útmhaire> <agus re>na
bith-shúdhadh. Óir go deimhin fa husa le gach
aon-neach aca a cheann agus <a> <chaomh-aghaidh> do
chongbháil i bhfial-tigh throchamhail thul-bhréan
agus i ccamraidhibh claona comh<shalacha ?> <re a>
bheathaidh ná aon-mhóimint as lugha ar bith
ag súghadh agus ag síor-thairraing aiéir th<ruaillighthe
na teineadh> fíor-bhréine sin; dá mbeith gan do
chrith nó do choimheagla ina ccoinne acht aim<siu>ghadh
na haon-teineadh sin amháin, do ba lór dá
mughughadh agus dá mór-dhíth é, gur thuiteadar a
n-arm <faona> friothnochta as a lámhaibh ar
an látha<i>r sin, conár chuimhnigh aon aca a uaisle
nó a athardha, a ghal nó a ghaisgeadh, a neart
nó a niadhachus, a chorp nó a chaomh-anam nó
fós a adhbhar a <thosg>a nó a thurusa don tír
sin, gur ceileadh a bhfios agus a bhfoghluim, a
ndraoitheacht agus a ndiabhal-d<ánacht> ar Labhraidh
go lán-athlamh agus ar Aonghus óg go huiréasgaidh
mar gach aon oile, óir gach <fód>


L. 162


agus gach fonn-láthair ar a ttaidhledís, no thuisledís
a ttroighthe díobh mar omh easgoinne nó mar úr
seicheadh, ar bhféimdheadh a ndraoitheachta agus a
n-ard-ealadhan orra.



As ann sin ro labhair Conán mac Morna, agus as
eadh adubhairt:



"As truagh an clú gliocais agus gnáth-dhraoitheachta
do-chuaidh <far> Tuathaibh Dé Danann
riamh in gach ionadh, agus nach bhféadaid an dias as
mó clú agus comhthuarusgbháil dá ttáinic dhíobh re
hathaidh furtacht ná fóirighthin do thabhairt
dhúinne ná dhóibh féin; agus a Dhiarmaid mhic
Dhuinn mhic Dhubháin mhic Dhonnchadha," ar
sé, "as meanmnach mór-athlamh mear-udmhall
do bheitheá i measg ban agus baoith-inghean na
Banbha, agus adéarrthá nach ttiubharthá urchar
n-iomroill i n-uair áigh nó iorghaile, agus nach ccinnfidhe
ar do chomhrac i láthair troda nó an-tachair,
gein go ttig dhíot neart aon-chaillighe coirpthe
claon-chearrdaighe do chosg dár ccuradhaibh, agus tú
it iarrsma ríogh agus ríodhamhna Éireann do thaobh
athar agus máthar, ó nach bhfuil do láthair nó do
luaighill i n-aoin-neach oile a cosg dhínn."



Dála Dhiarmada <uí> Dhuibhne, dano, ó't-chualaidh
comhrádh agus coimhéccaoine Chonáin agá
choimhghreasacht, ro chuimhnigh <a> <u>aisl<e>
<agus a> atharrdha, a ghal agus a ghaisgeadh, le a bhfuair
do laoidheadh agus do láin-ghreasacht, agus ro <ch>uiriosdar
chloich cheart chudroma ina chrann-tábhuill


L. 163


go tinniosnach, agus tugusdar urchar ceart <coimh-d>híochra
dédla díoghainn deagh-thapaidh fada
foinnmhidhe fíor-athlamh, go ttarla an chloch
<go> <hi>mchubhaidh i ttulchlár a haighthe agus a
héadain go hurmhaisneach don amaid, go rug <a>
coimhleathad cudroma don inchinn tréna ceann
siar seachtair, agus gur thuit ina hasglainn adhbhail
urbhadhaigh, ar bhfágbháil a hanma san ionadh
sin, go ndeachaidh a neart agus a nós-dhraoitheacht
ar neimhthní an úair sin, go bhfuaradar an Fhian
furtacht agus fíor-fhaoisiomh ó áitheas deagh-urchair
Dhiarmada.



Cíodh thrácht, fa subhach síor-shuilbhir an
Fhian as a haithle sin, agus bhádar ag tabhairt buidheachais
go < > do Dhiarmaid ina dheadhaidh,
umá fhóirithin orra. Baoi Fearghus File ag
aisnéis agus ag <foillsiu>ghedh fair seach cách, agus as
amhlaidh ro bhaoí agá dhéanomh, agus do-rinne an laoi: -




<Marthain leis> an lámhach-sin,
lámhach Dhiarmada uí Dhuibhne;
a chomhmaith ní thárrthomar,
biaidh againn choidhche ar cuimhne.



Urchar Logha a ionnamhail,
ag Magh Tuire na mbéimionn;
tugadh leat-sa a iomarcaidh
ag an<acal Fhiana Éireann>.


L. 164


Ar ccuirp 's ar mór-chroidhe
a gheall do thriath ní thiubhrainn
do <bhúadhaibh> meic Cróchnaide
nach ttabhair urchar <n-iomraill>.



An t-arracht garbh gaoisideach
do bhuaidhir inn a n-aoinfheacht,
ní hé a<n> mílidh maoth-chroidheach
do dhiong<aibh dhínn a draoitheacht>.



Cioth teineadh, cioth cloch-shneachta,
dá chith do fearadh léith-si;
dá ghuais riamh budh ro-theacra,
ní thig choidhche <dá n-éisi>.



Dalta Aonghu<i>s arm-álainn,
fear curtha gach comhlainn,
cloch Dhiarmada a chrann-tábhuill
do fhóir fá <dheóidh> <ar ndoghraing>.



Sinn roimhe gér ro-dhubhach
ón mnaoí rér dheacair sgarthainn,
biam anois go comhshubhach;
do Dhiarmaid gurab <marthainn>!


L. 165



A haithle na laoidhe sin fiarfaighios Fionn
d'Aonghus iol-chrothach cionnus do-dhéandaois um
dhála <na ccon> nó cionnus do dingeóbhdís díobh íad.



"Ní fheadar-sa sin," ar Aonghus, "acht namá
fiarfaighidh <don Fhéin> cia dhíobh dhingéabhus
comhrac na ccon díot agus gach comhrac eile dá
bhfuil i n-oirchill oraibh." Is a<nn> ro fhiarfaigh
Fionn do na flaithibh:



"Cia hagaibh," ar sé, "a ghabhus do láimh
neart na ccon cco<nfadh>ach do fhritheólamh ar tús?"



"Coisgfead-sa an chéad-chú dhíobh," ar an
dreagan diomsach dána doi-fhulaing, .i. G<oll>
meanmnach mór-aigeantach mac Morna.



"Coisgfead-sa cú dhíobh," ar Caoilte mac
Cronnchon mhic Rónaín.



"Coisgfead-sa cú eile dhíobh," ar Sgiath Breac
mac Dathchaoin.



"Coisgfead-sa cú dhíobh," ar Mac Luighdhe<ach>.



"Coisgfead-sa cú dhíobh," ar Conán mear-áithiosach
mío-résúnta mac Morna, "acht gé
neamh-chumaoin damh mo chongnamh do
thabhairt le haoin-neach do chlannaibh Baoisgne,
ar mbuain mh'inmhe agus mh'<ard>-fhlaitheamhnuis
díom féin agus dom fhine."



"Coisgfiom-ne dhá choin eile dhíobh," ar
Aonghus iolchrothach agus ar Labhraidh Lámh-fhada.


L. 166


"Dingéubhad-sa daol-chú dian-fheargach dhíobh,"
ar Diarmaid ua Duibhne.



"Dingéubhad-sa cú dhíobh," ar Fearghus File mac Finn.



"Coisgfead-sa do chú-sa maille rem choin féin,
<a> Fhearghuis," ar Diarmaid, "i lóigheacht
h'airceadail agus h'ealadhna."



"Cia hagaibh a dhingéubh<us> <an> leómhan
gáibhtheach gráineamhail isa iomrádh do-chuala agaibh?"



"Dingéabhad-sa sin," ar Oisín f<laith>eamhail
fír-bheódha mac Finn.



"Cia hagaibh a dhingéubhus díom clann rígh
na bhFear nDorcha?" ar Fionn.



"Coisgfiom-ne sin," ar trí mic an rígh-fhéinneadh,
.i. Caoinche Cosgair-dhearg, Raighne Rosg-leathan
agus Ailbhe Ard-uallach.



"Cia hagaibh a choisgfios dias dearbh-chomhalta
an rígh agus a thaoiseach te<aghlaigh> dhíom?" ar Fionn.



"Coisgfiom-ne iad sin," ar trí mic Aonchearda
Béarra, .i. Glas, Gér agus Gubha.



"Cia haghaibh dhingémhus rígh na bhFear
nDorcha féin díom?" ar sé.



"Dingéabhad-sa sin," ar Osgar mac Oisín.



"Créd fhágaibhthe um chomhair-si féin?" ar Fionn.



"Fágmaíd teaghlach agus trom-shochroide an aird-rígh
it <urchomhair-si>, <ar> Connán mac


L. 167


Morna, "agus gach an-bharr catha agus comhlainn eile
dá n-éireóchaidh orainn ó sin amach."



Ní cian no bhádar ann for na hiomráite sin
an tan ad-chonncadar na naoi ccoin chliabh-leathna
chraos<fhosluice> chomh-láidire ina ccomhairrcis,
go ndrúcht nimhe neart-chalma ar barr-uachtar
gach ruainne réidh ro-dhírigh ro fhás agus ro
fhorbhair tré chorp gach con confaidhe comhaigbhéile
dhíobh. Ro éirgheadar an naonbhar nós-oirdhearc
don Fhéin baoí i n-orchill orra ina
n-aghaidh, agus ro éirigh i réim-thús rompa an
trén-fhear talchar tinneasnach troigh-éasgaidh agus
an curaidh céim-thric confadhach comhdhálach agus
an mílidh meanmnach mílota mórdhálach, .i. Goll
mac Morna go ttreisi tréin-fhír agus go n-inntinn
ánraidh agus go meanmain mór-mhíleadh i ccomhdháil
na ccon dá ccomach agus dá ccomh-marbhadh.



Ó'd-chonnairc tao<is>each na ccon sin, ro
ruaimnigh a rosg agus ro dhranntaigh a dhéd
agus ro éirigh 'aird-róinneach, <g>o n-anfadh miach
mion-ubhall nó mór-áirneadh for a mullach,
agus táinic gan obadh gan édánacht, <gan>
fhéimhdheadh, gan én-turbhaidh ina aghaidh
iar sin. Ní ar mheatacht ná ar mheirbhe ná ar
mhío-ch<r>oidhe do-chuaidh an gharbh-ionnsaighe


L. 168


sin ag Goll, acht ro chuiriosdar a chorr-mhér <i>
suainiomh na sleighe slinn-ghéire, agus tugusdar
urchar díreach doi-sheachanta deigh-neartmhar
don omhna aigmhéil amhnos éttrócair dá hionnsaighidh,
gur amais go haindreannda i ttul-chlár
a haighthe agus a hédain an t-archú. Acht cheana,
fa saothar díomhaoin do-tharbhach an deagh-urchar
sin, óir do sgingeasdar an t-omhna go díbhadhach
di, mar do sgingfeadh do chloich nó do chnáimh
nó do chongna, conach dearnaidh do dhíoghbháil
di acht a cur ina suidhe. Ó'd-chonnairc, iomorra,
Goll nár dheargusdar a arm uirre, gabhais ar ubhall
mbrághad go bioth-aigmhéil an mborb-choin, go
ttug fásgadh fearrdha fíor-láidir fuirri eidir a
dhóidibh agus a dheagh-lámhaibh, gur chuireasdar a
dhá dhreich ina ndragnaibh dearga dásachta
dímhóra tair a ceann amach seal seachtair, agus gur
tharraing a croidhe go coimhfhiadhnach <don
chur sin> eisde. Acht cheana, ro chognusdar agus
ro chomhmbrúighiosdar an chú an lámh conár
<f>hágaibh leathar nó láin-fheóil, féith nó fíor-chuisle
gan leadradh gan lán-chognamh don
leabhar-láimh go lán-urlamh, conár fhágaibh neart
mná siúil síor-laige isin saor-mhílidh.



Dála Chaoilte mhic Rónáin, iomorra, ro ionnsaighe
féin agus an dara cú do na conaibh a chéile
<go> feargach fureachair fír-bheódha agus go cródha
calma croidheamhail comhdhúthrachtach. Acht
atá ní cheana, géar laoch calma Caoilte in gach


L. 169


comhlann co n-uige sin, ro bhaoí an chú ag fortamhlughadh
<fair> go fíor-dhíochra. Feacht ann
dár osgail an chú a glomhar-cheann dá ghérairleach,
ro ghabhusdar <Caoilte> go curata a dá
dhreimhis go deagh-thapaidh eidir a dhí<bh>
lámhaibh, agus tug tarraing fhoinnmhidhe < >the
fhearrdha arrachta ar a glomhar-cheann ó chéile,
gur sgoilt agus gur sgaoil agus gur sganraigh <con-uig>e
a muinél an mórchoin, go ttug a giall go glé-neartmhar
isin dara láimh leis agus an ceann isin
láimh eile, arna ccoimhdhealughadh go curata ré
chéile; agus baoi féin go cneadhach créchtach crólinnteach
ar ccur an chosgair sin.



Iomthús Sgéith Bhric mhic Dhathchaoin, ro
<ionnsa>ighe a chú do na conaibh i ccédóir.
Ó't-chonnairc an chú éisein dá hionnsaighidh ro
osgail a craos dá shlugadh agus dá shíor-shúghadh.
Arna fhaicsin sin do Sgéith Bhric, tug urchar
comhthrom coimhdhíreach do chloich thailc thuinighthe
thul-amhais ro thógaibh <d>on talamh in
tan sin, gur cheart-amais an chú ina craos comhfhoslaicthe
go céim-dhíreach, gur bhr<is> a croidhe
ina cliabh agus a hinne ina hinmheadhón, agus co ndeachaidh
an chloch go comhathlamh <comh>urlamh
tréna hiarccomhlaidh siar seachtair, ar mbriseadh
agus ar mbuan-réubadh a habaigh agus a hion<a><th>air
innte, conach ráinic a leas feidhm nó fíor-ualach


L. 170


do chur ar a chorp nó ar a chao<mh-chol>ainn dá
hairleach nó dá hathchuma nó dá hard-chasgairt
ó áitheas an aon-urchair sin, gur thuitiostar faon
fotharsna i bhfiaghnuisi na Féine, gan áladh gan
foirdheargadh d'fhag<háil> air féin.



Fa tnúthach trom-fhormadach an Fhian a
n-aoinfheacht fris an urchar sin, óir <níor> tharbha
d'aoinneach aca féin díobhracadh nó deagh-lámhach
dá ndearnsad ar na conaibh co n-uige <sin>.



Comhraicios Mac Lughach agus a chú do na conaibh
go trén tairptheach tul-obann agus go ba<dhbhdha>
beódha buan-chalma agus go láidir láimh-thrén laocharnaidh.
Gach béim agus gach buille dá mbuai<leadh>
<Mac> Lughach ar an laoch-choin leómhanta sin,
nó éirgheadh di amhail no eireóchadh do chnáimh
<nó> do charraic nó do chruaidh-iaronn. Feacht
ann tugusdar an chú fábhadh fuachdha f<ír>-nimhneach
d'ionnsaighidh brollaigh Mhic Lughach
go láin-dédla, go rugusdar ar choilé<r> <a> caomh-sgabail
agus ar leabhar-bhrollach a lúirigh leabhair
lán-daingion ná don chotú<n> chuanna chaoimh-éttrocht
ná don léinidh shreabhnaidhe shireagdha
baoi i ccusdal a <chaoimh>-chneis gan chombachadh
agus gan chnáimh-ghearradh, go rug leathad
a leabhar-fhiacal <d'fheóil> agus d'fhinn-leathar a
ochta agus a urbhruinne go lár agus go lán-talmhuin.


L. 171


A ha<ithle> <an álaidh> agus an ard-shracaidh sin,
rugusdar Mac Lughach ar bhrághaid ar an mborbchoin,
conár lei<g> <lúaighill> nó lán-choraighacht
dí, gur chuiriosdar a raibh d'ionathar agus d'innibh
ina hinmheodhón tréna <h><iar>chomhlaidh siar
seachtair, agus nochar sgarusdar ria gur dhealaigh agus
gur dhian-sgaoil a <hanom agus> a habach-chorp ré-roile.



Is ann sin ro ionnsaighe Conán Mac Morna agus
a chú a chéile, agus ro <fhear>adar gleó gruamdha,
gairbh-thrén gér-obann, agus ursglaighe fhearrdha
aigmhéil uathbhásach agus c<omhrac> duaimhseach
dána dian-láidir agus coinsgleó calma coimhtheann
coimhléidmheach, gur thuitio<sdar> an ccoin do
chruaidh-choinsgleó Chonáin, iar mbriseadh agus ar
mbaoth-airleach a compair agus a croidhe <ina> ceart-mheadhón;
agus baoi féin go huchbhadhach éccaointeach
d'éis a chomhraic agus a chathaighthe do<n chur sin>.



<Ro éirigh> <Aon>ghus Óg mac an Daghdha agus
Labhraidh Lámh-fhada mac Taidhg mhic Nuadhad
do chosg a ccoda <agus a gcoin>ghleaca do na conaibh
sin do chách; agus ro chuireadar cealtair chomhgha
agus chomh<dhraoitheachta> ina n-urthimchioll dá
n-imdheaghail ar neimh na ccon <g>confadhach,
conár urchóideach <ní dhíobh> di, óir níorbh usa
leó uain bhith-cheannsa do bhásughadh agus do
bhioth-oidheadh in<á iad> <tr>ésan innioll ndíomhór


L. 172


ndraoitheachta agus trésan éccosg n-allmhurrdha
n-égsamhail <ro> chuirseat umpa dá n-anacal, go
ttérnadar féin gan áladh, gan foirdheargadh uatha
<as> a haithle.



Dála Diarmada uí Dhuibhne Donn, ro éirigh-séin
do dhiongmháil a choda do na conaibh cédna,
.i. a chuid féin agus cuid Fhearghusa File. Ro ionnsaighe
féin agus an chéd-chú do na conaibh a chéile.
Ci thrácht, ro ghabhasdar Diarmaid an chú go
curata ar chois dheagh-thapaidh dheiridh, go
ttug rodh n-urchair uadha don ár-choin um
chairthe comhadhbhal cloiche baoi ina chomhfhogus,
gur gheal agus gur dhearg an láthair dá fuil
agus dá fír-inchinn; agus rug an dara sidhe go sonnda
ar an dara coin do na conaibh, go ndearna an
cleas cédna go fíor-athlamh fria agus gur chomhtharraing
a ceann as a cruaidh-mhuinél don mhór-ruathar
trén tánaisdi; agus térna féin gan fuiliughadh,
gan foirdheargadh, d'éis a chomhlainn agus a chathaighthe.



A haithle na ccon do chombach agus do chomh-maoidheamh
do na curaidhibh don chur sin, ad-chonncadar
chugtha go confadhach an leómhan
colgmhar craos-oslaicthe arna thaithmheach agus arna
thrén-sgaoileadh dá cheanglaibh agus dá chuibhrighthe,
sé allta uathbhásach, sé fia<dhmh>ach foirrniata,
agus sé srón-mhaol seng-mheadhóin, sé guilbneach
gér-ingneach, sé gruamdha gráineamhail, sé


L. 173


búir<f>eadhach borb-ghairmneach; agus baoi ag
líomhadh agus ag láin-ghérughadh a fhiacal ré-roile,
ag asgnamh gan anadh, gan oirisiomh, gus na hógaibh.



Arna fhaicsin sin d'Oisín mac Finn, ro éirigh go
beódha beadhg-léimneach buan-aigiontach do luath-airleach
agus do leadar-thrasgairt an leómhain. Fa
mór, iomorra, an comhartha meanman agus meisnighe
d'Oisín an ionnsaighidh sin, óir go deimhin an tí
do chuir gabhla cothaighthe agus congmhála fán
chruinne, .i. Earcuil adhbhal échtach mhac
<A>impetionis, dá ngoirthí go gnáthach an treas
trén na trom-thalmhan, do ba comhrac <leó>mhain
comhrac ba doilghe agus ba docamhlaighe leis dá
bhfúair an feadh do bhí ina bheathaidh. <Iom>thús
Oisín, iomorra, ro chomhraic féin agus an leómhan go
laoch-aigmhéil ar an láthair sin go séi<trea>ch
síor-chalma agus go dorrdha dian-láidir agus go fearrdha
fíor-ghruamdha agus go lúthmhar lán-<aig>mhéil.
Acht atá ní cheana, níor chomhrac comhthrom
comhrac an ainmhidhe écceannsa allta ainiarmartaigh
agus Oisín ré-roile; óir bhádar áladha doimhne
do-leighis agus créchta fada fiar-thárrsna agus cneadha
ainmhíne aigmhéile uadha-séin ar Oísín, agus ní
dhergdaois airm ináid iolfhaobhair Oisín air-siomh.
Feacht n-aoin ann dár osgail an leómhan a leabhar-chraos,
agus beirios eidir a ghuilbnibh gruamdha géir-fhiaclach<a>


L. 174


for chaol cholla agus chompair an churaidh,
agus crothas an tréin-fhear gach taobh ina
thimchioll amhail cheatnaid mbig mbioth-anbhfainn
i mbeól brécha.



"Uch, a anam, a Oisín," ar Fearghus Fili mac
Finn, "as ísiol t'ionadh cathaighthe agus comhlainn
eidir th'easccáirdibh agus a imchéine ót atharrdha
agus a fhad ót dhúithigh dhílis ataoí ag fulang báis
agus buan-oidheadha ó ainmhidhe allta anaccarra,
ar ccinneadh ar gach comhfhorba comhlainn fris
ar thacrais gusan tan sa; agus as iomnár dhuit re a
innisin eidir ríoghnaibh agus ro-mhnáibh, ainnribh agus
ingheanaibh Éireann gurab beathadhach beig-chiallaidhe
buan-ainbhfiosach agus ainmhidhe
écceannsa nod-bhásaigheas seach gach aoin-fhear
oile d'Fhianaibh Éireann; agus as lughaide do chuirfeadh
th'oidheadh oirne dá madh rí nó ro-dhuine,
triath nó tighearna, curaidh nó caith-mhílidh nodchomhmaoidhfeadh."



Ar ccluinsion an aitheisg agus an uraghaill sin
d'Oisín, ro éirigh a fhearg agus a fhuasnughadh, ro
mhéadaigh a mheanma agus ro áirdigh a aigneadh agus
ro chuimhnigh go comhathlamh ar a uaisle agus ar a
fholaidhacht, ar a ghal agus ar a ghaisgeadh, ar a
chródhacht agus ar a chatharrdhacht, agus ar laghad a
charad agus a choigéileadh ina chomhghaire agus ar
aidhbhle a easccarad ina fhiadhnaisi, go ttucasdar


L. 175


tuinnsiomh tairptheach trén-arracht<ach> agus crothadh
calma coimhtheann céim-dhíochra agus tarraing
láidir láin-trén laoch-bheódha frisan leomhan, gur
théltosdar ar éigin as a ghlomhar gruamdha garbhchognamhach
agus as a dheimhis <dhubh>-aibhsíghe
dhath-ghránna, go ndeachaidh uidhe imtheachta
naoi n-iomaire agus naoi n-eitreadha d'eit<il> iomathloimh
uadha; agus tugusdar an céim comhathlomh
céadna chuige do-rídhisi dá chomb<ach> agus dá chomhfhorrach;
agus beirios ar ubhall brághad go fearrdha
fíor-neartmhar fair, go ttugusdar fásgadh foirtill
fraoch-aigmhéil eidir a righthibh réidhe ro-láidire
agus a dhóide daingne doi-leónta for mhuinél an
mhear-leómhain, gur iompódh leath a aighthe
umá ccuairt ar a chúl go coimhneartmhar, go ndearna
míonmhach do mhór-altaibh a mhuinéil isin
maighionn sin, gur leag<usdar> faon fotharsna
fri lár agus fria lán-talmhain é as a haithle, agus buailios
a ghlún ghas<da> ghlé-neartmhar i ccompar a
chléibh agus a chroidhe, go ndearna cnó-mhaidhm
ceart cudroma dá chroidhe ina cheart-mheadhón,
go bhfuair bás agus buan-oidheadh amhlaidh sin;
agus tuitios féin i ttaisibh agus a ttáimh-néllaibh as a haithle.



Tógbhus Labhraidh Lámh-fhada agus Aonghus Óg
eatorra é go poball an rígh-fhéinnidhe; agus ro
chuirseat losa soineamhla sídhe Thuath Dé Danann


L. 176


ina chneadhaibh agus ina chréchtaibh, agus fágbhaid
amhlaidh sin é.



Ní cian ro bhádar ann as a haithle, go bhfacadar
na slóigh líonmhara lán-mhóra agus na hoireachta
aidhbhle osgardha agus na tuinnteadha <tinni>osnacha
trom-shlóigh ag mall-asgnamh ina ndochum ó
dhorus dúnaidh Rígh na bhFear nDorcha, gur
ghabhadar long-phort agus lán-fhorbhais i leith-imeal
na faithche fér-úaine ina bhfogus. Ro chuirsead
feasa agus teachta iar sin go hairm i raibhi Fionn
d'iarraidh comhlainn do chloinn Rígh na bhFear
nDorcha. Ro freagradh go fíor-athlamh an
iarraidh sin ag cloinn an rígh-fhéinneadh, agus ro
cheangladar a ccuirp dá ccneis-éideadh catha agus
comhloinn, agus ro fhágbhadar an poball seal
seachtair gusan sosadh cathaighthe ro hoirdaigheadh
eatarra agus na hallmhurraidhe; agus gidh iad séin
ann, ro fhuaradar clann Rígh na bhFear nDorcha
ollamh im-ésgaidh ina n-oirchill.



Ar rochtain a chéile do na curadhaibh, tugadar
achmhusán aggharbh aindreanda ainiarmartach
dá-roile dá n-armaibh tréna tairptheacha tromghlasa
agus dá sleaghaibh sénta seólta síth-ríghne,
gur bho ceapa comhruinnte comhfhuilighthe cuirp
na ccaomh-churadh ó chréchtaibh comhaidhbhle
na ccraoiseach dá ccéd-choinsgleó. Ar ttairgsion,
iomorra, na sleagh solámhaigh do na saor-mhíleadhaibh,
ro nochtsad a ccuilg cháidhi
chruaidhe choimhshíntidhe agus do-rónsd urrlaidhe


L. 177


fearrdha foinnmhidhe fíor-láidir, go gclos fó gach
leith don long-phurt coigeadal na ccolg cclaisleathan
agá ccomhmbualadh for chaomhchorpaibh
na ccuradh, gur shileadar srotha diana dásachtacha
donn-fhola a ccréchtaibh na ccath-mhíleadh agus a
háladhaibh na n-ánradh ar sleachtaibh na sleagh
agus ar comhlorg na ccloidhiomh. Ciodh thrácht, ó
thráth téirte do ló dhóibh ar an loinne sin go
ttángadar dumhacha dorcha dobhardha deiridh
an laoi chugtha, agus go rug urthosach oidhche orra.



Ó't-chonncadar na curadha an adhaidh dá
ionnsaighidh, nocha druid nó dian-dealughadh ó
aroile do-rónsat, acht ro luaithigheadar a lámha
go lán-urlamh leis na lán-bhuilleadhaibh, agus ro
thoirismhigheadar a ttroigthe go tinniosnach risan
tuargain, gurbho hanbhfann éneirt anbhforusta
gach aon do na hógaibh ó iomarcaidh na bhfíor-áladh
dá bhforrach. Ro chuimhnigheadar clann
an rígh-fhéinneadh fad a ccarad agus a ccoigéileadh
uatha san ionadh sin agus foigsi a n-easccarad ina
n-urthimchioll dóibh, gur chuireadar cruadhughadh
ar na builleadhaibh isin chath-látha<i>r ar chloinn
Rígh na bhFear nDorcha fá dheóidh, agus níor sgarsat
riú dá ro-thuargain, gur chuirseat a ccinn isin
chosair chró. Ro léigeadh iolach cosgair agus comhmaoithi
ag Fianaibh Éireann dá ccomhmaoidheadh
agus ag slóghaibh na críche dá ccaoineadh.


L. 178


An tan ro bhádar clann an rígh-fhéinneadh ag
fodhbadh na bhféinneadh, tugsad slóigh na críche
én-aghaidh dá n-ionnsaighidh. Ó't-chonncadar an
Fhian an ní sin, ro éirgheadar go dian deagh-thapaidh
ina ccoinne agus ina ccomhdháil do chabhair
agus do chomhfhurtacht chloinne an rígh-fhéinneadh
ar na ríogh-bhuidhnibh go ttugsat ceatha tréna
trom-aidhbhle dá n-armaibh nimhneacha neartchalma
i ccoinne agus a ccomhairrcis a chéile.
O't-chonnairc an fl<aith-fhéinnidhe> <an>bhforrlann
agus iomarcaidh na n-allmhurrach ag éirghe a n-aghaidh
Fiana Éireann, ro cheang<ail> <a chorp dá
chath-éideadh> catha agus comhlainn, agus ro ionnsaighe
na slóigh go sáir-dhíochra, gur léig ingheilt <Mhic>
<an Luin> go lán-urlamh ar ochtaibh ánradh agus
ard-ghaisgeadhach agus ar dhromchladhuibh díogháiri
deagh-fhear agus ar <aighthibh> áille aird-ríogh agus ar
chaomh-chollaibh curadh agus cath-mhíleadh ar-cheana,
agus ro imbir a fhearg agus a fhorr<án> as a haithle, go
n-imeóchadh an brainén cíocrach confadhach ón
cholainn chíorrtha chros-bh<uailte> do na curadhaibh,
gur chuir i raon mire agus móir-theichidh na
maithe go dorus an dúnaidh. Ro ghabh Rígh na
bhFear nDorcha deireadh ar na deigh-fhearaibh, agus
a dhá dhearbh-chomhalta agus a thaoiseach teaghlaigh
maille fris, goma comhroinn don cheathrar curadh
sin agus d'Fhionn fesin agus d'Osgar mhac Oisín agus do


L. 179


Dhiarmaid ó Dhuibhne agus do Mhac Lughach ar an
láthair sin, go raibheadar ag tuargain agus ag trén-airleach,
ag combach agus ag coimheasorgain a chéile,
nó gur fhortamhlaigh imdhorcha na hoidhche a
n-aoinfheacht orra, agus ro sgarsat ré-roile fón réim sin.



Ro iompaidhseat an Fhian do chum a bpuibli
agus ro iompódar slóigh na críche dá ccathraigh
budhdhéin go heasbhadhach acaoineach dubhach
dubrónach, ar n-iompódh a ndraoitheachta agus a
ndeagh-cheard ina n-aghaidh amhail rob ainmheinic
leó go hionamh na huaire sin féin. Ro
chuir Labhraidh Lámh-fhada agus Aonghus Óg losa
leighis agus láin-íoca agus leasaighthe leadartha ina
ccneadhaibh agus ina ccréchtaibh go raibheadar
sleamhain sláin-chréchtach ar ceann na maidhne
muiche ar na mhárach.



Ar ttocht na maidhne gusna míleadhaibh agus ar
n-adhnadh neart gréine gairthighe gnúis-leithne ós
dreich na trom-thalmhan, ro éirgheadar an Fhian
éirghe athlomh aon-fhir as a bpoball go príomh-árrachta
ar chéidi chomhuaine na cathrach, agus
tángadar trom-shlóigh trén-aidhbhseacha an tíre
ina ccomhdháil ón chruadh-chathraigh. Ro
chuingeadar comhrac go hathlomh ar Fhianaibh
Éireann. Ro freagradh go fureachair le cloinn aird-rígh
Éireann an athchuinghidh sin, .i. Glas, Gér agus
Gubha, dá ngoirthidhe clann Aonchearda Bérra.
Ro ionnsaigheadar dhá dhearbh-chomhalta an rígh


L. 180


agus a thao<i>seach teaghlaigh na tréin-fhir, dá
ttraoitheadh agus dá ttrom-easorgain; tucadar ochta
re hiorghail agus aighthe re hiombualadh agus aire re
hiomfhorrán agus meanma re mór-airleach, gur bháitheadar
na homnadha ard-aidhbhli agus na sleagha
síth-ghéra sír-nimhneacha agus na craoiseacha ceannruadha
comhfhada i ccomparaibh a chéile.



Acht cheana, níorbh urusa a ndeadhail ná a
mór-dhéach<ain> re <síltidhe> na síor-fhola ag
teibearsainn a thaobhaibh na ttrén-fhear ttrasgartha
agus a sleasaibh agus a sa<oir>-sheathnachaibh
na saor-chlann, agus re coimhchoigeadal na ccraoiseach
ccrainn-reamhar ccró-fharsing agus na ccolg
c<coimhgh>ér <ccoimh>shínte ag ciorrbhadh na
ccaomh-churadh, agus re tuisleaghadh trén-adhbhal
an talmhan tairismhighe fá <thro>ighthibh na
ttrén-mhíleadh, gur hanbhfainnigheadh aigeanta
na n-ánradh ó iomarcaidh an iombuail<t>e, gurbho
créchtach comharthach cuirp na ccath-mhíleadh agus
<sleasa> na saor-churadh óna sith-chréchtaibh.



Ciodh thrácht, an ní fa meinic le cloinn rígh
Éireann, <cinneadh ar a> ccomhfhorba comhlainn
i ccléith catha, nír fhágbhadar na gábhaidh sin
gan a bhfíor-<chomhall>, óir ro chinnsead ar na
curadhaibh go comhathlamh, gur chuirseat a ccinn
agus a ccosgair <isin> <chos>air chró chédna; agus comhmaoidhseat
a n-éachta agus a n-áitheasa as a haithle.


L. 181


Is ann sin ro éirghe an <chuingidh> clisde
comhdhána cath-bhuadhach agus an mílidh meanmnach
mór-thoghaidhe mear-chalma agus an ridire
ríodha rathmhar ro-dhéadla, .i. Rí na bhFear
nDorcha, do dhíoghail a éccroidhe agus a ainchridhe
ar an bhFéin go fíor-neartmhar, amhail leómhan
arna chrádh fá a choilénaibh, nó nathraigh ar
neart-aigmhéile, nó oncho<i>n ar adhbhal-airleach,
nó mathghamhain ar mhór-chalmacht; agus táinic
ina shidhi dhian dhíochra dheigh-reatha ó dhorus
an dúnaidh go céidi na caomh-chathrach, agus a
dhíormanna deigh-shluaigh ina dheadhaidh.
Táinic fá a chleasaibh gaile agus gaisgidh i bhfiaghnuisi
na Féine, conárbh aidhbhsighe údmhoille saithe
bríoghmhara buan-athlomha beach ag teagar agus ag
tiomsughadh a ttigh-mhaisi go treabhardha trén-<neart>mhar
do bharraibh baoith-bhreaghdha
buan-áille na mbán-sgoth i ló ghlan-álainn ghréine
ná cleasa gaile agus gaisgidh ar iomluadhaill agus ar
árd-inneall uasa; agus baoi ag tómhaithiomh agus ag
tarcasal ar an bhFéin, agus iarrais Fionn fesin i
cceart comhloinn chuige.



Gabhais adhuath agus urghráin adhbhal-mhór an
Fhian um na hairdheanaibh uathmhara agus um an
inneall urbhadhach ad-cheas dóibh forsan aird-rígh
an uair sin, óir go deimhin ro ba mó guais agus gér-ghráin
agus gnáth-uathbhás agus uireagla Rígh na bhFear


L. 182


nDorcha ina aonar orra ná guais áigh et eangnamha
a shlúaigh agus a shochaidhe ó sin amach.



Dála Osgair mhic Oisín, imorra, ód-chonnairc-<séin>
an criothnughadh coimheagla sin ar an
bhFéin fón bhfír-éigean sin, ro éirigh go hathlamh
ésgaidh urmhaisneach i bhfiadhnuisi na Féine, agus
gabhais a earradh áigh agus a inneall imreasna uime,
agus téid go talchar troigh-ésgaidh go hionadh iorghaile
agus go háit iombuailte re Rígh na bhFear nDorcha.



Ar rochtain dochum a chéile do na cathmhíleadhaibh,
tugadar dhá thoimhdheadh fhearrdha
fhoinnmhidhe fhíor-neartmhara dá laighnibh
leabhra láin-ghéra agus dá ccraoiseachaibh coimh-nimhneacha
i n-ochtaibh agus i n-urbhruinnibh a
chéile, gur bhriseadar na borb-shleagha ina lánaibh
craoí go comhárracht, ar ccothughadh agus ar ccongmháil
do na lúireachaibh lán-daingne re ceannaibh
na ccruadh-chraoiseach. Do-chuadar ann-séin
ar a loirg-fhearstaibh leathna lán-fhaobhracha, agus
ro ghabhsat ag réabadh agus ag roi-theasgadh, ag
combach agus ag comhthuargain a chéile, gurbho
soiléir so-fhairgsiona fó cheithre hairdibh na críche
comhláine macalla ard uathbhásach gacha béime
agus gacha buille dá mbuaildís an dá churaidh chalma
chomhdhána agus an dá rígh-mhílidh rathmhara roi-bheódha
sin for aroile. Fa lór do ghráin agus do
ghrod-bhiodhgadh do na gasraidhibh a n-éisdeacht
agus a n-imdhéchsain, <dóigh>, ámh, ní re dúilibh
nó re déinmhasaibh daoine ba cosmhail a


L. 183


ccórughadh ná a ccoimhinnioll re headh na huaire
sin, óir do bhéiceadar amhail bhufa agus do ghréachadar
amhail ghreadha <agus do> iachtadar amhail
éachtacha agus ro bhúireadar amhail tharbha, go
raibhi an tal<amh> <treathan>-mhór trom-fhóideach
fó a ttroighthibh agus an fhirmameint oll-adhbhal
fhuasnaidh uasa ar cumhsgughadh agus ar comhmbuaireadh
ó chomhnuall agus ó chomhiachtach an dá
chath-mhíleadh archeana.



As ann sin tángadar naonmhar nós-orrdhairc
neart-ghonach do lucht coimhéada sgéith an aird-rígh
<for a> ionchaibh, agus ro thuairgeadar le naoi
ccolgaibh clais-leathna cruaidh-ghéara a sgiath
go sgaoilteach sgeanmdha sganradhach ar Osgar.
Tuairgios agus athuairgios Osgar go ha<llmharrdha>
iad-san, agus nochar sgarusdar riú gur dhiúbhraic a
cceanna dhá ccúl-mhéidhibh; agus freagrais a
chomhrac fesin do Rígh na bhFear nDorcha fá
dheóidh. Tángadar naonmhar eile dá <fhíor>-mhuinntir
ar ionchaibh an aird-rígh, agus tugadar
béim gach aoinfhir go hathlomh ar Osgar isin
imreasain sin. Fritháilios Osgar go hurmhaisneach
an iomghoin, conach deachaidh aon neach uadha
ar ais don naonmhar trén tánaisde gan tuitim
isin chosair chomhroinnte chédna; agus freagrais
an comhlann as a haithle do Rígh na bhFear
nDorcha. Tángadar an treas naonmhar do na
curadhaibh cédna a n-aghaidh Osgair isin iorghail,


L. 184


go ttugadar áladh adhbhal gacha haoinfhir aca
air. Tugusd<ar> Osgar comaoin chubhaidh ina
áladh do gach aoinfhear dhíobh-somh, agus ní aige
ro anasdar, acht ro dhícheann gach deigh-fhear
díobh ina dheadhaidh; agus freagrais a chomhlann
fá dheóidh do Rígh na bhF<ear> nDorcha.



Arna fhaicsin sin don rígh, éirghios a fhearg agus
a fhorrán isin iorghail go hiomarcach i n-aghaidh
Osgair, agus timchiollais é, amhail thimchiollus féithle
fiodh nó íara énlaith nó miodhach mór-ghraidh
nó buachaill bó ceathra; agus gabhais agá easorgain
do bhráth-bhuilleadhaibh díomhóra díoghla
agus do bhéimionnaibh borb-aidhbhle buan-ogla agus
d'áladhaibh nimhneacha neart-chródha. Athchuirios
agus ionnarbais é do reandaibh agus do ro-fhaobhraibh
a arm agus a ionadh iomghona agus as a
chath-láthair comhlainn, go ndeachaidh i n-anbhfainne
agus a n-éineirti ó thionsadain an tréinfhir agá thuargain.



Ar bhfaicsin an éttualaing sin d'Fhionn agus
d'Fhianaibh Éireann, gabhais iongnadh adhbhalmhór
iad um aon-laoch san domhan d'fhoruaisliugh<adh>
nó d'fhortamhlughadh air, nó do bhuain
iomghabhála nó fírsheachna a hionadh iorghaile agus
iomghona go haindeónach ass; fós, níor lugha
iongnadh an aird-rígh um aon-lao<ch> don Ádh<a>mh-chluinn
d'anamhain i n-áit troda nó tachair


L. 185


fris an feadh do an Osgar <isin> iorghail ina aghaidh,
gan traoitheadh agus gan trén-bhásughadh.



"Éirghidh dá chabhair agus dá chomh-fhaos<amh, a>
Fhian Éireann," ar Fionn, "óir as usa
a anacal agus 'imdheaghail anosa ná uair eile, agus as
briathar damh-sa," ar sé, "gidh a bhfuil beó agus
marbh do mhaithibh na críchi-si no chomhdháilfeadh
ina <cheann nach> saoilfinn-si go ccuirfedís
an choibhéis úd d'éigean agus d'anbhforrlann fair."



As ann sin tángadar trí mic ruanadha ro-aigionta
an rígh-fhéinneadh dochum an chomhlainn, <go
ttugadar> forghoin fhíor-árracht gach fir ar Rígh na
bhFear nDorcha. Fritháilios an rígh go foirniata
na forrghona fíor-aigmhéile sin, agus síothlais agus síor-bhuailios
na saor-chlanna ar sodhain, gur chuiriostar
ar ccúl tair an sreibh catha go hainndeónach
iad; agus freagrais a chomhlunn féin d'Osgar a
haithle an ghníomha sin.



As ann sin tángadar trí mic Aonchearda Bérra
gusan chath-láthair chinnte chédna, go ttugsat
gér-ghoin ainiarmartach gach aoin-fhir aca ar
Rígh na bhFear nDorcha. Tugusdar an rígh
comhmaoin chomhaingidhe a ngona do na gaisgeadhachaibh,
agus sraonais agus síor-thuairgios tair
chéide chomhdhíochra an chomhloinn na curadha
le béimionnaibh laochdha láidire a loirg-fheirsde,
conár léig a ccinn do thógbháil do na trénfhearuibh


L. 186


ó bhordaibh bruach-leathan a mbocóideadh;
agus freagrais a chomhlann d'Osgar as a haithle.



As ann sin táinic Mac Lughach gusan chathláthair
agus go hionadh na hiomghona; agus tugusdar
áladh árd aidhbhseach aingidhe omna ard-adhbhail
forsan aird-rígh. Tugusdar an rígh béim lúthmhar
lán-árracht dá loirg-fheirsit do Mhac Lughach go
laoch-bheódha a n-éiric an ard-álaidh sin. Tógbhais
Mac Lughach an sgiath suas do choimhdhídion a
cheinn-mhullaigh, gur bhain an lorg-fhearsat
líomhtha leabhar-chruaidh isin sgéith chuanna
chorcair-bhláith, go ndearna dhá leith chearta
chudroma don chaoimh-sgéith agus don chathbharr
cheathair-eochair umar-aon, go ráinic ceann agus
caoimh-mullach an chath-fhéinneadh, iar ngearradh
a fheóla agus a fhinn-leathair gusan ccnáimh ccoimhgheal,
gur dhoirteastar a fhuil agus a fhíor-dhéara
um a dhearcaibh; agus athchuirios agus ionnarbais an
t-earsaidhe ó ionadh na hiorghaile agus ó chéide an
chathaighthe; agus fritháilios go friuchnamhach fír-athlomh
a chomhlann d'Osgar as a haithle.



As ann sin táinic Diarmaid ua Duibhne gusan
ccathughadh ccédna, agus tuccusdar goin dhoiligh
dho-iongabhála ar Rí na fFear nDorcha. Tuccusdar
an rígh goin agus athghoin ina haghaidh-séin; agus
treas-bhuailios Diarmaid ina dheadhaidh, conár
léigiostar a cheann do thógbháil don tréin-fhear
<tair> bhile na bocóide, tair imeal an óir-sgéith,


L. 187


agus cuirios uidhe naoi n-iomaire go haindeónach ó
ionadh cothaighthe an chomhloinn an cath-mhílidh;
agus fritháilios go fíor-thapaidh <a> chomhlann d'Osgar
as a haithle.



As ann sin táinic Sgiath Bhreac mac Dathchaoin
agus Caoilte mac Cronnchon mic Rónáin umar-aon
d'fhurtacht Osgair isin ard-ghleó, go ttugsat goin
dhíoghla gacha deigh-fhir ar an rígh go ro-urlamh
don ruathar sin. Tugusdar guin a n-aghaidh na
<gona> sin do na huaislibh, conár lamhsat a ccinn
do thógbháil ináid a n-airm d'iomluadhail <in>a
aghaidh as a haithle; agus freagrais a chomhlann
d'Osgar iaromh.



"As trúagh an díth agus an dian-<ainigin> do-rala
dhaoibh, a dheagh-fhlatha Fhian Éireann," ar
Conán mac Morna, "agus a mhéd do chlú comhloinn
agus do gheall gnáth-ghaisgidh fuarabhair ó chineadhachaibh
na cruinne agus ó aicm<eadhaibh> an ardbheatha,
agus én-láoch ar talmhain do bhreith bhar
mbuaidh agus d'fhortamhlughadh a n-aoinfheacht
oraibh, agus nach lamhthaidhe teacht eadh urchair
'na fhoigsearadh; agus rachad-sa do thabhairt amais
iorghaile nó airligh ar Rí na bhFear nDorcha agus
d'fhurtacht Osgair, gé neamh-chumaoin dhamh a dhéanomh."



Agus as cuma ro bhaoi agá rádha, agus ro éirigh
go hésgaidh iomathlomh ar amus na hiorghaile,
go tuccusdar sáthadh síor-chalma sleighe ar Rígh


L. 188


na bhFear nDorcha, go ndeachaidh feadh láimhe
laoich dá leabhar-chrann tré chompar an chaith-mhíleadh,
agus níor tharraing an t-omna thair ais
an tan ro bhuailiostar béim bríoghmhar buanláidir
don cholg chlais-leathan chruaidh-nimhneach,
gur fhalaigh faobhar na fíor-lainne i ngualainn an
ghér-ghaisgeadhaigh, ar laoch-leadradh na lúirighe
agus ar ccoimhtheasgadh an chotúin i ccoimhnéinfheacht.



Tairrngios an rígh go ro-ollamh an tsleagh as
budhdhéin ar sodhain, agus sáithios i bhforfholamh
a chléibh agus a chompair an chraoiseach tré Chonán
go comhurlamh, gur bhris a chléith-easnach ar a
aghaidh go húdmhall agus ar a chúl go coimhésgaidh
don churaidh, conach raibhi re a bheathaidh gan
bioth-ainimh, .i. cumhgach cléibh agus luas anála a
n-aoinfheacht, maille re cneidh chléibh agus maothán
imá leith; agus ionnarbais an cath-mhílidh tar chéidi
an chomhloinn agus tair ionadh na hiomghona uadha;
agus fritháilios a chomhlann go friochnamhach d'Osgar
as a haithle.



"Táinic mo thairngire-si asteach dhaoibh, a
Fhiana Éireann," ar Aonghus óg mac an Daghdha,
"óir do ráidheas-<s>a ribh, dá mbeith gan do
ghábhadh nó do ghuasacht in bhar ccionn acht
neart láimhe Rí na bhFear nDorcha amhaín,
gomadh díomhaoin bhar ttoisg agus bhar tturus don
tír si; agus as briathar damh-sa," ar sé, "<nach>
bhfuil ag iomchar airm ná iolfhaobhair curaidh


L. 189


nó cath-mhílidh do chuirfeadh an uirid úd
d'fhuireach áigh nó d'iomfhosdadh iorghaile nó
d'anbhuain troda air, acht an féinnidh foirniata
fearamhail fír-bheódha úd fil i cceann catha agus
comhlainn fris, .i. Osgar mac Oisín ina aonar."



"Éccóir dhuit-si sin do rádha, a Aonghuis," ar
Conán, "an feadh do mhairfeadh Goll míleata
m<ear>-chalma mór-aigeantach mac Morna ina
bheathaidh, a gheall gaisgidh nó gnáth-chródhachta
<do th><a>bhairt do thriath nó do thréin-fhear
ar talmhain, ná fós curaidh nó cath-chuinghidh
sa chruinne <do> shamhlughadh fris, agus nach
ccoisgfidhear cosgar ná cruaidh-ghleó Rígh na
bhFear nDorcha nó go roichidh Goll do dhiongmháil
a dheabhtha agus a dhíbheirge."



"Léig as idir, a Chonáin, dot chomhfhuachadh
agus dot choimhimreasain," ar Fionn, "acht
éirigheadh dream éigin eile uaibh d'fhóirithin
Osgair agus do chur anffainne nó iomfhasdaidh ar
fheirg agus ar iomfhorrán an aird-rígh."



Is ann sin ro éirigh Labhraidh Lámh-fhada mac
Taidhg mhic Nuadhat agus Aonghus Óg ard-échtach
mac an Daghdha d'amos agus d'ionnsaighidh na himreasna.



Ó't-chonnairc Rí na bhFear nDorcha na deighfhir
dá ionnsaighidh, aithnighios gan fhuireach
íad, agus ro ráidh riú:



"Do ba córa agus do ba chuibhdhe dhaoibh-si
bhar lá bágha agus buan-chosanta do thabhairt liom-sa,


L. 190


a dheagh-mhaithe Thuath Dé Danann," ar sé,
"ná teacht do dhénamh díthe nó díoghbhála
damh, agus méd bhar n-éccroidhis agus bhar n-easccairdis
fris an fhianlach fil agá n-imdheaghail agam an
uair si; agus fós muna bheithdís mór-chumhachta
Manannáin mhic Allóid ag traoitheadh agus ag turnamh
mo chumhacht-sa agus mo choimhghliocais, ní
bérthaoi baoghal buain-eólais rem bheathaidh for
mo chrích nó for mo chaomh-fhearonn. Agus
seachnaidh m'ágh agus m'iombualadh budhdheasda,"
ar sé, "óir ní horaibh as lainne nó as láin-éasgaidhe
liom m'fhíoch nó m'iomfhorrán d'imbirt an tan sa."



"Acht idir," ar Aonghus, "ní dhiongnaim-ne
an chomhairle sin, óir ní léigfiom eidir Fionn agus
éin-neach eile ar druim dhomhain an feadh bhiam
ina choimhideacht, agus ní fheallfum ar ar ttríath ná
ar ar ttighearna agus é ar ar n-eineach agus ar ar
n-ionchaibh."



As ann sin tugadar achmhasán féigh foirniata
feargach agus imreasain ainmhín easmeardha dá-roile,
gur chaitheadar a bhfíoch agus a bhfuathmhaireacht,
a ccleasa gaile agus gaisgidh, a ccumhachta agus a
ccaoimh-ealadhna re chéile don chur sin. Acht
atá ní cheana, gér laochdha láin-bheódha a lámha
agus gér chródha curata a ccroidheadha agus gérbh
árracht<a> aindreanda a n-aigionta agus gér ghlioca
gusmhara a ngnáth-chearrda, tugustar an rígh
an créchtnughadh cédna agus an chomhfhuabairt ar


L. 191


na curadhaibh coimhghlioca amhail do bhe<i>readh
do bhunadh, gur chuiriostar ó ionadh na hiomghona
agus ó chéidi an chathaighthe go haindeónach iad, ar
mbriseadh a n-arm agus a n-éideadh agus a n-iolfhaobhar
agus arna n-ilchréchtnughadh go hadhbhal as a
haithle. Agus fritháilios a chomhlann go fíor-chuimhneach
d'Osgar iar sin.



Táinic Oisín mac Finn dochum an chomhlainn,
go ttug béim bádhbha borb-thrén agus toimhdheadh
teann trom-chalma agus áladh uathmhar aigmhéil
isin aird-rígh, gur beineadh osna ard éccomhlainn
go haindeónach as. Iompais an rígh a aghaidh
a<i>r as a haithle, go ttugustar áladh iomdhomhain
agus béim buan-chalma i ccomaoin a ghona agus a ghér-airligh
dhó, agus treasbhuailios an tréin-fhear fá
dheóidh, gur chuireasdar a neart ar neimhthní agus
a aigneadh a n-uirísle agus a mheanma i móir-dhimbrígh,
gur dhíochuir agus gur dhian-ionnarb
d'fhaobhraibh a luinne agus a loirg-fheirsde tair an
sreibh catha amach é; agus iompaois a aghaidh
ar Osgar ann-séin agus freagrais a chomhlann agus a
chathughadh ina dheaghaidh.



As ann sin ro éirigh Fearghus File mac Finn, agus
gabhais a earradh catha agus comhlainn umá chneis,
agus gabhais a thuighneach éxamhail fhili ar 'uachtar-séin
go bhfrois-bhreachtradh fíor-alainn fionndruine
forsan dara leith dhi, go bhforrdhath órrdha
ionntláis forsan leith araill i n-ionadh chomhartha
éigsi agus ollamhan, amhail fa buan-bhésach d'fhileadhaibh


L. 192


na haimsire sin. Agus téid go hionadh
na hiomghona agus go haitreabh an achmhasáin agus go
céidi an chathaighthe.



Agus ar rochtain dó ann gabhais ag laoidheadh
agus ag láin-ghreasacht Osgair d'aitheasgaibh cóire
ciallamhla agus <do> bhriathraibh fóille fíor-ghlioca,
agus as eadh ro ráidh:



"Uch ámh, a anam, a Osgair," ar sé, "as
adhnáir dhuit féin agus d'Fhianaibh Éireann uile
ísle h'ionaidh isin iorghail, agus as mairg táinic isin
turus lér fágadh a alladh agus a orrdhearcus, fuair
athais agus imdheargadh agus a oidheadh obann ina
ionadh, agus fós is iomnár do neach ní nach éireóchaidh
leis do ghabháil do láimh i láthair fhiadhan maith
do mhíleadhaibh mór-chalma agus do shochraoidibh
síor-adhbhla; óir dá mbeithdís i bhfuil i rann
adhbhal-mhór Eórpa ar aon-látha<i>r go hiomlán
níorbho hanfforlann leis an aird-rígh iad, acht go
ndamhdaoís fíor fear nó comhrac fá choimhlíon
dó; agus ní bán a láithreach sin fort-sa," ar sé, "óir
do rachdaoís eóin agus eathididhe aiérdha ar eiteall
agus ar ard-luaighill tréd chneis agus tréd chaomh-mbruinne
ar lorg arm agus iolfhaobhar an aird-rígh;
agus as nár dhuit fós gan cuimhniughadh ar na
cosgraibh móra mionca agus ar na héchtaibh aidhbhle
adhbhal-mhóra do-rinneadh leat gusan láthair si; agus
budh cumhach banntracht agus ban-chuire agus ard-ollamhain


L. 193


Éireann ar ndol do sgéalaibh do bháis
agus do bhioth-oidheadha dá n-ionnsaighidh."



Agus as cuma ro bhaoí dá rádha, agus adubhairt an laoi: -




"Truagh sin, a Osgair échtaigh,
a laoích fa hésgaidh iomghoin,
I n-am chatha ní chuala
breith do bhuadha dot bhiodh<bhaidh.>



Nár dhuit-si is d'Fhianaibh Éireann,
a fhir na ccéimionn ccalma,
ísle th'ionaidh sa teagmháil,
's nach éidir eadráin th'anma.



A mhic Chróchnaidhe caoimhe,
do bhíodh fa dhaoírsi ag dámhuibh,
tabhair dot h'aire an uair-si
méad ar nguaise 's ar ngábhaidh.



Ód thachar ar bhruinn bearna
risin bhflaith bhfearrdha bhfoismhín
do rachdaois <eóin tréd> chréchtaibh,
a dheagh-mhic échtaigh Oisín.



A bhfuil do dhaoinibh beódha
i rann na hEórpa d'fhorgla,
leó a n-aoinfheacht dob fhorlann
comhlonn Rígh na bhFear nDorcha.


L. 194


Ar tteacht dhuit i ttír eachtrann
as truagh led leatrom m'fhuireach,
a laoich na ccosgar ccalma
<dá mbídís> badhbha buidheach.



Ardaigh h'aigneadh ní a fuille
ar cionn an chuinge chomhchruaidh;
cuimhnigh ar th'échtaibh i<omdha>,
a bhiodhbha gacha borb-shluaigh.



Dá ccluinid, as dáil doiligh,
thusa d'oidheadh mun am-sa
dot chaoineadh in gach ard-<phort>
budh brónach bantracht Banbha.



Gaisgeadh Rígh na bhFear nDorcha,
leis do fódhbhadh fo-shluagh;
méd d'fhorlainn uadh as ionnsa;
nocha liom-sa nach ro-thruagh."



Truagh.




A haithle an laoidhidh agus an láin-teagaisg sin
tugusdar Fearghus Fili for Osgar, ro chuimnigh
for a uaisle agus for a aithearrdha, for a fheidhm agus
for a ail-ghníomha conuige sin, <sáithis> comhla
chatha go curata for a cheart-aghaidh, agus fearus
garbh-ghleó furachair fearrdha foirniata fria Rígh
na bhFear nDorcha, go cclos a bhfuaím agus a bhfothram,


L. 195


a ttuargain agus a ttrén-bhualadh, a n-uirleach agus
a n-aird-easorgain, a mairgneach agus a móir-iachtach
míle céimionn comhadhbhal ó na curadhaibh.



Dála Fearghusa File, iomorra, táinic báidh
bhráithriosa agus cuimhniughadh caradraidh agus grádh
gnáth-ghaoil an uair si dá ionnsaighidh; agus ro
thuigiostar gurbh fhearr an t-am cabhra agus cosanta
d'Osgar an tan sin ná an uair as anbhfainne agus as
éineirte no bhiadh; agus tugusdar sáthadh séitreach
síor-neartmhar don chraoisigh chinn-ghéir chomhghráineamhail
i Rígh na bhFear nDorcha isin
deabhaidh, gur chuir feadh láimhe laoich dá
leabhar-chrann tré chompar cuirp an chathmhíleadh,
ar ttreaghdughadh agus ar ttrén-athchuma
a inneadh agus a árann a n-aoinfheacht. Sillis agus
sír-dhéachais Rígh na bhFear nDorcha go hathlamh
imésgaidh tar a ais, agus féchais go feargach fíorghruama
ar Fhearghus, agus tógbhais a arm go
hollamh dá fhorrach agus dá fhíor-mharbhadh. Agus
arna aithne dhó, fillios a arm uadha doridhísi, agus
do ráidh ris: -



"Dursann leam," ar sé, "nach trén-fhear
talchar tinniosnach nó curaidh cródha cath-bhuadhach,
neoch do bheith d'fheidhm nó d'aoin-cheird
ar ghaisgeadh agus ar ghnáth-iorghail, rom-ghoiniostar,
óir dámadh eadh do budh é a leacht agus a líghi
budh fiadha agus ba fíor-iardraighe dá éis, óir ní
dheargfad mh'airm shénamhla shíor-choisreagtha,


L. 196


ináid m'iolfhaobhair aidhbhle airmhidneacha ar
éigsibh ná ar ollamhnaibh gom ég."



Agus as cuma ro bhaoi agá rádha, agus tug a
aghaidh ar Osgar ann-séin do dhíoghail ghona
Fearghusa fair, agus tugusdar fóbairt fhearrdha fhír-nimhneach,
agus tochartadh tarbhdha trom-ghonach
agus timchiollradh ogla ainiarmartach dá oidheadh agus
dá fhíor-airleach, gurbho hí sgiath dílligh dhealbh-chobharthach
<an> deigh-fhir baoi ag<á> dhídion agus
agá dheagh-anacal fá dheóidh ar iomghoin agus ar
iomfhorrán an ánraidh.



As í sin uair agus aimsear i ttáinic an t-onchú
aigmhéil uathbhásach agus an nathair nimhneach
neart-ghonach agus an beithir buanata beó-chroidheach,
.i. Goll mear mór-aigiontach mac Morna go
hairm i mbádar <n>a curadha ag comhrac, go
ttugustar forgomh fuachdha fír-neartmhar agus áladh
sotla síor-láidir <agus> <créachta> doimhne dí-leighis
ar an deigh-fhear go deigh-neartmhar. Fritháilios
an rígh go ro-ésgaidh <an> ionnsaighidh sin, go
ttugustar comhmaoin a ghona agus a ghér-álaidh do
Gholl, gur thuairgsad cinn agus cathbhair<r> agus coimhsgéith,
sleasa agus taoibh agus trén-asnach, ochta agus
aighthe agus urbhruinne gá-roile, go raibhi a macalla
i cclochaibh agus i ccairgibh, i n-easaibh agus i n-inbhioraibh,
i gcoinntibh agus i ccaomh-moighibh, i bhfithisibh


L. 197


agus i bhfo-thollaibh an talmhan trom-thuinighthe
ina ttimchioll.



<Téid> Osgar, iomorra, don taobh eile don
aird-rígh agá easorgain ó fuair leatrom Ghuill agus
Fhearghusa fili fair; agus as comhmór no ghoineadh-somh
dá dheis agus dá chlé, dá chúl agus dá aghaidh agus
do cheachtar dá dhíbh thaobhaibh iad, go ttabhradh
comhmaoin a chrécht agus a chomh-áladh dá
gach aoin-fhear aca as a haithle.



Acht atá ní cheana, gér mhór an leatrom agus an
lánbhforlann d'aoin-fhear ar druim domhain dhá
anghlonn agus dhá áirsidhe iartha<i>r an bheatha
do bheith ag comhlann agus ag coimhghleic fris .i.
Goll mac M<orna> agus Osgar mac Oisín, maille le
trom agus trén-iomarcaidh gach aoin aeile don Fhéin
co n-uige sin, <ní> <roibhe> a iomarcaidh sin ag
aoin-fhear aca ó Rígh na bhFear nDorcha, acht
baoi ag fortamhlughadh orra fá dheóidh nó gur
ghairmiostar Fearghus Fili ar an Fhéin a n-aoinfheacht
dá ionnsaighidh, gur sháitheadar a sleagha
seimhneacha sith-ríghne agus a n-omnadha duaibhseacha
doi-fhreasdail a n-aon-uair isin aird-rígh,
gur thógbhadar an tréin-fhear ós talmhain ar
chrannaibh a ccraoiseach ccomhaigmhéil, óir níor
dhamhsat deabhaidh fá dheagh-líon nó comhlonn
fá chomhthrom don chuingidh, con ndorchair
eidir lámhaibh na laochraidhe ar an láthair sin,
ar ndol a dhraoitheacht agus a dheigh-ealadhan ar


L. 198


díomhaoin uadha. Agus dícheannais Goll agus Osgar
é as a haithle.



As ann sin adubhairt Conán mac Morna:



"As maith liom a Fhiana Éireann," ar sé,
"gé tao<i>thí a n-aoinfheacht anois ós cionn cosgair
agus comhmaoite Rígh na bhFear nDorcha, gurab é
G<oll> gníomhach glaic-láidir mac Morna fa
laochdha dá leónadh agus fa díochra dá dhiongmháil
agus fa treisi dá thraoitheadh, agus fós nachar sheachain
a ionadh deabhtha nó díbhfeirge dhó fá dheireadh,
nó gur thuit eidir lámhaibh na laochraidhe, amhail
ro gheallus-<s>a dhaoibh roimhe, .i. nach bérthaoi
a bhuaidh nó a bhuan-chosgar go ttigeadh Goll
dá dhiongmháil.



"Léig as idir, a Chonáin," ar Goll fesin, "óir
ní bhfuil ar n-úidh ná ar n-aire ar th'égnach ná
ar th'iomchasaoid budhdheasda, acht ar chinneadh
agus ar chomhairliughadh ar ttosga agus ar tturusa."



A haithle cosgair agus comaoite Rígh na bhFear
nDorcha don Fh<éin>, bhádar go cneadhach créchtach
cró-linnteach, ar ccur áir agus easbhadha ar
shluaghaibh an oiléin i <n-aoin>fheacht, gan fear
doithchill nó dearmaid d'fhágbháil ina bheathaidh
dhíobh; agus dá mbeith <gan comhlann> nó cathughadh
eile d'fhagháil dhóibh acht a bhfuaradar ón
rígh fesin, ní bheithdís ion<chomhlainn> go
haimsir imchéin dá éis. Bhádar, iomorra, go
ceann caoighthighisi ar mhís isin bhaili sin gá
leighios <agus> gá leasughadh ag Labhraidh Lámhfhada


L. 199


agus ag Aonghus Óg, agus ag tineól óir agus airgid,
ionnmhais agus éudála na cathrach i ccoimhnéinfheacht,
agus ag dénamh bainnsi agus buain-fhésda a
banntracht agus a ban-chuire go buadh-nósach. Acht
atá ní cheana, ní mó ná ion-aisdir agus ion-imtheachta
baoi Osgar d'aithle na haimsire sin, dóigh adbhearad
aroile nach raibhi a shláinte féin go
hiomlán aige ón uair si go ham a éga agus a oidhidh
d'éis comhraic Rígh na bhFear nDorcha.



<R>o ghabhsat lámh for imtheacht d'asgnamh
go hInis Tili, agus do-chuadar dochum a luinge go
lán-aibéil, gur líonsat í do chinél gacha maithiosa
agus gach hinmhe for talmhuin, <con>ár tineól<adh>
le a n-oiread slóigh nó sochaidhe rompa riamh
coibhéis nó cudroma <ar> chruinnigheadar do
sheó<daibh> uaisle onóracha agus do leagaibh dúisi
deagh-amhra agus do raighnibh séd mbríoghmhar
<mbuadha> gach tíre i ttángadar.



Tugsat tráth, iar sin a seóil áille iongantacha
agus a hanarta úamhtha aoin-gheala agus a haidhme
aisdir agus imtheachta ar-cheana do Bhreac-bháirc,
arna tiormughadh <agus> arna trén-ghlanadh, arna
sgiobadh agus arna sgiamh-dhaingniughadh, go ttugadar
bann cubhaidh coimhneartmhar agus sidhe seólta
saighdeamhail agus uidhi imchian ó imlibh agus ó oirear
an oiléin gan airisiomh, go rángadar crioslaighthe
cainteacha coimhghearánacha na fairge fíordhoimhne
agus na haibhéisi uathmhaire imleithne agus
na mara mór-aidhbhle murdhúchanta.


L. 200


As ann sin ro fhiarfaigh an rígh-fhéinnidh dá
Fhianaibh cidh dhéndaoís nó cáit i rachdaoís
don ruathar sin.



"Rachmaoidh-ne go hInis Tili," ar Aonghus
Óg, "dóigh ní bhfuil acht uidhe thrí laithe fó lán-sheólaibh
uainn go himlibh Mara Técht agus go slios
sioth-fhada Sléibhe Teinntighe."



Ro sheólsat rompa fón réim sin ar mhuinchinn
gacha mór-anfaidh agus ar uachtar gacha ard-tuinne
agus ar fhliuch-shnámh gacha fuar-aigéin agus ar shaobhchorra
gacha sreabh-thonn agus gach searbh-shrotha,
go ro ghabhsat cuan agus caladh-phurt i ttráigh Mara
Técht agus ar shlios Sléibhe Tinntidhe. Ro thuirnseat
a seóil iar sodhain, agus ro ísligheadar a n-anairte
riasiú no berthaidhe seóladh na gaoithe grod<a>mhainnsighe
isin Muir thiugh-thonnaigh Thécht
go haindeónach iad.



As amhlaidh, iomorra, baoí an mhuir sin arna
horrdughadh agus arna heagar uile a n-aoinfheacht
do chrannaibh feóidhe fíor-arsanta agus d'omnadhaibh
cruaidhe coilg-dhíorgha agus d'fhiodhbhaidh
iomdhlúith adhbhal-mhóir gan díon, gan duille,
gan deagh-fhasgadh, taobh re taobh agus uille fria huilli.



"Dar liom féin," ar Conán mac Morna, "as
leas-ainm don mhuir úd Muir Thécht do rádh ría,
oir go deimhin do ba córa "Coill Thécht" <do>


L. 201


ghairm dhi nó Muir Thécht, dóigh an eó-fhiodh
as dlúithe agus as do-imtheachta chonncamur <ann>
gach crích dár chuartaighmar, as aimhréidhi agus as
iomfhoigsi dá-roile an fiodh úd nás; <agus> <c>réad
as adhbhar dó súd, a Aonghuis?" air sé.



"Inneósad-sa sin," ar Aonghus, .i. cobhlaighe
<co>mh-aidhbhseacha na cruinne go comhlán do
neoch ar ar imidh anshódh mara ná mór-anfadh
dhóibh seóltar dá n-aimhdheóin isin ionadh úd
íad, go bhfuil an chéd-long agus an long dhéidhionach
aca cona ccranna siúil sioth-arda ina ccoill chomh-adhbhail
ann amhail ad-chídhthí-si."



"An éidir le haon artharach ar talmhain a
tadhall nó a taistiol?" ar Conán.



"Ní héidir, iomorra," ar Aonghus, "acht
artharaigh bheaga bhioth-éudroma a ollmhaighthear
re aroile daoine i n-oirchill a himtheachta,
agus ní chuirid aon tairrnge iaruinn ionnta acht
tairrngeadha comhchalma croinn, óir dá ccurthaoi
coibhéis craoi no corthaire <fris a n-abharthar
an tsnáthad> d'iarann ina luing as go mic Airigtonius,
nó ina chomhmór d'artharach eile, ní
léigfeadh an fhairrge úd dá haistear nó dá himtheacht
í gan a srangadh agus a slugadh-<bháthadh>
gan fhuireach dá hionnsaighidh; agus 'Fhian Éireann,"
ar sé, "cí do-ghéntaoi anois? Óir, ní chuirfe
críoch ar bhar ccomhthosgaibh ar ttocht co n-uige
so muna dheachthaoi thairis, agus ní hurusa dhaoibh


L. 202


r<é>idhiughadh risan ionadh sa ina bhfuiltí, óir dá
mbeithdís slóigh na cruinne go comhlán agus a ccongnamh
re chéile ní thiocfadh dhíobh dol go hInis
Tili acht le cumhachtaibh coimhghliocais agus draoitheachta
tar na doilghiosaibh agus tar na docamhlaibh
filead eattraibh agus í ó so amach."



"Do-dhiongnaim-ne deigh-mheanma dhe sin,"
ar Conán mac Morna, "óir atá d'fhiachaibh againn
ort-sa, gidhbé céd-ghábhadh no thaigéamhadh ar
muir nó ar tír dhúinn ar nach bhfédfamaoís féin
ar bhfóirithin thusa dá dhiongmháil dhínn; agus ní
féidir gábhadh nó gér-ghuasacht d'fhagháil ar
muir nó ar tír mar an ghábhadh sa."



"Máseadh," ar Aonghus, "atá an féth fia agamsa,
.i. brat Manannáin mhóir-chumhachtaigh mhic
Allóid tugas leam i n-oirchill na heachtra so, agus ní
bhfuil ar tuinn talmhan aoin-ní lé rachthaoi-si go
hInis Tili, tré acais agus tré urchóid an tSléibhi
Thinntidhe agus Mara Técht cona tiugh-thonnaibh,
acht le buadhaibh agus le buan-bhreachtradh druadh
an bhruit sin, dóigh, ámh, éirghidh-s<éin> dorn
ós fér agus ós fiodh agus ós uisge um gach lucht agus um
gach láin-mhurar umá <ccu>rthar é; agus as imdheaghail
ar fhuacht agus as anacal ar aird-theas, agus
as sásamh bídh agus beathadh a bheith fá dhíon agus fá
dheagh-fhosgadh an édaigh iongantaigh éxamhail
allmharrdha; agus coimhéadfad-sa bhar long agus bhar
láin-arthrach cona huile ionnmhas," ar sé, "conach
bhfuighe aoin-neach don Ádh<a>mh-chloinn eólus


L. 203


uirre re a hinghreim go teacht dhaoibh-si ina
dochum do-ridhisi."



Gabhais subha agus sobhrón adhbhal an Fhian um
an aitheasg sin:



As ann sin ro chuiriostar Aonghus an brat
buadhach bioth-oirdhairc sin timchioll na ttréinfhear
cona n-aidhmibh áigh agus iorghaile umar-aon
riú. Ro thógbhusdar roimhe go ro-dhéadla ó<s>
an muir mór-thonnaigh mear-anfadhach agus ós an
sliabh trom-lasrach tinntidhe seóladh trí laithe
cona lán-oidhche, go rángadar gan bhéd, gan
bhaoghal, gan ágh, gan imshníomh, míle chéim
comhadhais ón muir agus ón mór-shliabh imá leith.



"Tugus-<s>a co n-uige sin sibh, a Fhian Éireann,"
ar Aonghus, "lem dhraoitheacht agus lem dheagh-ghliocus,
agus déanaidh féin oirbheart agus urradhus
d<aoibh> <féin> <budh>dheasda; acht adeirim ribh
gan an t-ionadh sa d'fhágbháil go bhfaghaidh neach
éigin agaibh écht <cur><aidh> nó cathmhílidh do
shochraoidi an tíri si i ttángabhair ar tosach, óir
go deimhin muna bhfaghthaoi biaidh bhar ccosa i
ccoimhleanmhuin d'úir na hinnsi si, munfa taosga
dheargfaidh sibh bhar lámha for a laochaibh-sion
ná iad-séin oraibh-si."



As amhlaidh ro bhaoi Aonghus agá rádha sin, agus
rugusdar sidhi santach saighdeamhail ar a armaibh
agus ar a iolfhaobhraibh a n-aoinfheacht, agus ro chuibhrigh


L. 204


agus ro choimhcheangail a chorp agus a chaomhmbruinne
dá chath-éideadh comhlainn agus dá earradh
imreasna, agus táinic roimhe d'fhéachain agus d'fhíor-dhearcadh
na críche ina chomh<fhogus>.



Ní cian baoi ann iar sin go bhfacaidh chuige
ina chomhairrcis naonmhar féinneadh agus fearóglách
arna n-iomfholach ina ttrealmhaibh troda agus
tachair. Ar ttocht go láthair do na laochaibh,
fochtais Aonghus sgéla dhíobh: cia hiad féin nó
can as a ttángadar.



"As córa do chur-sa a ccomhaithghios isin
chrích si iná sinne," ar iad-san, "dóigh ní aithnighmaoid
gurab dár laochaibh nó dár lán-ghaisgeadhachaibh
dhuit red mhidheamhain nó réd mhóir-dhéachain."



"Ní headh, iomorra," ar Aonghus, "acht óglách
d'Fhionn mhac Cubhaill misi, táinic don tír si dhá
naonmhar curadh comhárrachta do mhaithibh a
mhuinntire agus a mhóir-theaghlaigh imailli fris
d'arguin agus d'iondradh na críche si, agus do mharbhadh
agus do mhór-airleach Chuilinn chruadh-armaigh cona
chomhaonta, agus do bhreith a bhan-chéile úadha as
a haithle dá aimhdheóin. Agus an ní nach
cceilfeadh Fionn féin ní cheilfead-sa air é," ar Aonghus.



"Dob fhearr a cheilt," ar fear dhíobh-samh, "agus
gein go bhfuil críoch nó cineadhacha, ó thairseach
teann tuinnighthe na turghabhála go fearann na
bhfuineadhach bhfíor-chalma, gan fios bhar n-écht


L. 205


agus <bhar> na n-il-ghníomhradh do dhol ann gach ionadh
aca, ní rachthaidh éloightheach beathadh ar a ais
agaibh as an tír si i ttángabhair gan bás biothurlamh
agus oidheadh an-abaidh d'fhagháil i ccionn
bhar n-éccóra agus bhar n-aindlighidh; agus gé do
chinneabhair ar gach crích dár chuartaigheabhair,
ní móide bhérthaoi buaidh na hinnsi si é; agus as
do choimhéd oraibh tángamar-ne an naonmhar
tréin-fhear trom-armach sa atámaoíd, óir go
deimhin do foillsigheadh don rígh go ttáinic sibh
i néallaibh comhdhorcha cíach agus a n-éccosg diamhair
draoitheachta i ndeaghail na maidhne muichi se
aniudh dochum na críche si."



"Créud an coimhéd do-dhéantaoi-si orainn
idir?" ar Aonghus.



"Do-dhéanam," ar iad-san, "fear gacha fir
uaibh-si do mharbhadh don naonmhar atámaoid,
óir do-chluinmaoid gurab fear coisgthe céd i
ccomhlann gach aoin-fhear agaibh-si, agus as eadh
sinne gan indeimhin, conach biaidh acht naonmhar
eile agaibh ar cionn a bhfuil ann bhar n-oirchill."



"As cubhais damh-sa," ar Aonghus, "nach
biaidh bhar ccuid-si don chosgar sin ré a chomhmaoidheamh."



Agus as amhlaidh ro bhaoí agá rádha agus nochtais
a cholg duaimhseach deagh-fhaobhrach <for>sa
raibhe briocht badhbha bith-nimhe ó urdheis go
urdhorn, agus buailios béim bunata buan-athlomh gan
imroll, gan fíor-sheachna, gur dhíobhraic go díochra


L. 206


deigh-árrachta a naoi ccinn dá ccúl-mhéidhibh
d'iongnamh naoi mbuilli d'éis aroile. Agus tug
comhartha a chosgair le a chommaoidheadh ar
a ais lais go hairm i mbádar an Fhéin, agus do ráidh riú:



"A Fhian Éireann," ar sé, "ó do bhriseabhair
geasa agus gnáth-airmbhearta na críchi si agus ó do
dheargabhar ar a ttréin-fhearaibh ar tosach, fágbhaidh
an chealtair dhoilfe dhó-aithnidh dhraoitheachta
agus an féth fia folaightheach fír-chleithi ina bhfuiltí."



As ann sin ro éirgheadar an Fhian go hathlomh
urmhaisneach agus go talchar troigh-ésgaidh agus go
laochdha luath-obann as an bhféth fia agus as an
diamhair dhraoitheachta i mbádar. Fa hálainn
éxamhail an bhuidhean bhunata bhráithreamhail
agus <an chuid>eachta chródha chroidheamhail sin
le treisi a ttréin-fhear agus le cródhacht a ccuradh agus
le laochdhacht a látha ngoile agus le huathmhaire a
n-innill agus re hurghráin a n-éccosga. Tángadar
rompa, trá, go cobhsaidhe céim-dhíochra et go
rústa ro-chéillidhe agus go fosaidh fíor-obann, go
rángadar gusan mbuinne ruadh-robharta agus gusan
chuan chainteach chomhanfadhach, forsa raibhe
an droichiot cumhang caol-fhada mar chonair et
mar chaol-chasán. Baoi an t-aitheach adubhramar
i n-ar ttinsgeadal agá fhoraire agus agá iomchoimhéad.



Ar ndol go himeal an ard-tsrotha do na hógaibh,


L. 207


ro labhair an rígh-fhéinnidh, agus as eadh ro ráidh:



"Cia hagaibh," ar sé, "dhiongmhas dhíom an
duirb duaibhseach do-dhealbhdha daor-chlannda
agus an t-arracht gruamdha gráineamhail gnúis-odhar
agus an fomhóir fuachdha fortill fíor-dhochraidh,
darab comhainm coimhleanmhana "Aitheach an Droichid"?



"Dingéabhad-sa sin," ar Oisín fíochdha flaitheamhail
mac Fhinn.



"Cia hagaibh a dhingéabhus dhíom an torathar
tarbhdha toghnamhach agus an bleidh-mhíol bailc
borb-bhuilleach agus an tonn thrén-mhór throm-anfadhach,
.i. Aitheach an Chorráin?"



"Dingéabhad-sa é," ar an t-onch<ú> ogla ionnsaightheach
.i. Osgar mac Oisín.



"Cia hagaibh," ar sé, "dhinggéabhus an curaidh
échtach aindreanda iorghalach agus an bhéist bheódha
bhadhbhdha bhith-nimhneacha agus an rígh-mhílidh
reachtmhar ro-bhorb rúinmheisgneach, .i. Ridire
an tSlabhraidh dhíom?"



"Dingéabhad-sa sin," ar an t-airsidhe uaibhreach
aindreannda ard-mheanmnach, .i. Diarmaid
dána dúr-chroidheach ua Duibhne.



"Cia hagaibh dhingéabhus a' bhreisimh bhorbthrén
bhrátha bhuan-gháibhtheach agus an t-aidhgeall
amhnos aithidhe éttróchair, .i. an caoga cú confadhach
coimhneartmhar céim-ésgaidh cuthach
comhaingbhidh atá ar bhar ccionn?"


L. 208


"Dingéabhad-sa agus mo dhias dhearbhráthar cúig
coin dég re a ndeigh-áiriomh dhíobh," ar Raighne
Rosg-leatha<n> mac Finn.



"Dingé<abhmao>idh-ne an comhlíon cédna do
na conaibh," ar an triar tréin-fhear trom-ghníomhach,
.i. Glas, Gér agus Gubha, trí meic Éinchearda Bérra.



"Dingéubhaim-ne deich ccoin re a ccomháiriomh
dhíobh," ar an dá arsidhe eólcha iolchumhachtacha,
.i. Labhraidh Lámh-fhada agus Aonghus Óg airméchtach
mac an <D>agha.



"Dingéubhad-sa cúig coin díobh," ar an deighfhear
dísgir dédla doi-fhreasdail, .i. Sgi<ath> <Bhr>eac
mac Dathchaoin.



"Rachad-sa do choinghleic agus do chomhiorghail
le cúig conaibh dhíobh," <ar an cui>ngidh clisde
comhláidir cath-bhuadhach, .i. Conán mac Morna,
"agus as é as adhbhar damh uime sin" <ar sé>, "óir
as cinnte coimhdhearbhtha liom nach ar ais ón
eachtra sa raghad, agus as fearr <li><om> <na>
coin chonfadhacha chruaidh-fhiaclacha úd dom
chognamh agus dom choimhithe ná m'fhágbháil i
n-ár<mhaigh> Innsi Tili, gan onóir uaidhe nó
adhnacal d'fhagháil ó aoin-neach."



Ro thibhseat an Fhia<n> <a> ngean gáire go gér-shuilbhir
um chomhrádh Conáin.



"Cia ghabhus do láimh na seacht <ccéd curadh>


L. 209


coimhfheadhma filid ag coimhéd cathrach Cuillinn
Chruaidh-armaigh i nfhéagmhais a theaghlaigh agus
a throm-thineóil ó sin amach?" ar Fionn.



"Léigthear sinne ina n-urchomhair sin," ar
Goll mac Morna agus ar Caoilte mac Cronchon mic
Rónáin agus ar Mac laochdha lán-bhuadhach Lughach
agus ar Fearghus Fili mac Finn.



Ar ngabháil do láimh do na laochaibh a bhfeidhm
agus a bhfíor-chongnamh do dhiongmháil d'ógbhaidh
Innsi Tili, ro éirigh Oisín mac Finn dochum an
droichid go deagh-thapaidh, arna chumhdach agus
arna choirpdhídion dá chneis-éideadh catha agus
comhlainn, agus fógrais comhrac go curata ar Aitheach
an Droichid. Freagrais Aitheach an Droichid go
dána díchéillidhe, agus go hainmhín easmeardha an
iarraidh sin. Tugadar an dá bheithir bhrátha
sin agus an dá loisgionn láin-bheódha agus an dá árchoin
iorghaile aghaidh for aroile. Acht cheana, fa
comhrac dá churadh an comhrac sin; fa troid
dhá thréin-fhear agus fa heasorgain dá ánradh agus fa
mear-chumusg dá mhíleadh ó urthosach an laoi
lán-sholais nó gur mhuidh a mheadhón isin mórlaithe
do na curadhaibh isin choinsgleó sin, gan
tlás, gan time, gan teichmhighe, gan tréithe, gan
toirsi, gan trom-chroidhe, gan laigi, gan leónadh,
gan láin-mheirbhe, gan chosg, gan chlaochlódh,
gan choimhsheachna ag ceachtar dhíobh for a chéile.


L. 210


As ann sin ro dhruideasdar Fearghus File mac
Finn a n-iomfhogus d'Oisín, agus téid i n-áit iomagallmha
fris, agus as eadh ro ráidh: -



"Maith ámh, a anam, a Oisín," ar sé, "as
laochdha lán-neartmhar, as trén-bhorb tinniosnach
agus as cródha cruaidh-chroidheach an comhrac sin.
Acht cheana, as imchian iomfhada le gach aoinneach
don Fhéin go gcinnir ar do chéile comhraic,
agus as iongnadh adhbhal leó ó nach bhfuil cudromus
dá bhar n-uaisle nó dá bhar n-atharrdha re aroile
cudromus bhar ccomhraic re chéile."



Agus as amhlaidh <ro> bhaoi agá rádha-séin, agus
do-rinne an riotharg do laoidheadh agus do lánghreasacht Oisín;




<Luaith>igh ar do laoch-bhuillibh,
a Oisín fhéil iolbhuadhaigh,
a fhlaith na bhFian bhfiodh-dána,
a mheic aobhdha aithreamhail
agus inghine Deirg Diansgothaigh;
cuimhnigh h'uaisle is h'atharrdha,
th'eangnomh is t'fhíor-chródhacht
i n-aghaidh an allmhurraigh,
óir ní comhlann comhadhais
do mhac rígh nó ro-fhlatha
nó do <thríath> mar táthaoi-si
dúil dhaor-chlannda dhoidhealbhdha


L. 211


nó fomhóir féigh fíor-ghránna;
córaide <dhuit> deigh-mheanma
do dhéanamh sa deabhaidh-si,
sgéla th'áigh is th'iongnamha
goma hadhbhar <airf>ididh
ag éigsibh, ag ollamhnaibh,
gá n-innisin d'ard-mhaithibh;
coisg a chomhlann curata
is trao<thaigh> a thrén-chalmacht
is laghdaigh a láin-bheódhacht;
ar chinneadh an chomhraic sin,
a mheic an rígh, ro-luaithigh.




A haithle na mbriathar bhféigh bhfíor-sgothach
sin Fearghusa File d'fhaisnéis agus d'fhoillsiughadh
<d'>Oisín, éirghios méd meanman agus dásacht dianchroidhe
agus airde aigionnta ann re haghaidh an
athaigh, gur chuiriostar a laochdhacht i luathlaige
agus a neart ar neimhthní agus a chalmacht ar
claochlódh isin <ch>omhlann, conár sgar fris fón
samhail sin, gur chuir a chionn agus a chosgar i
ccosa<i>r chró.



Tugsad an Fhian iolach comhadhbhal cosgair agus
comaoite ós a chionn, agus do-chuadar fó<n dú>nadh
ina dheadhaidh sin, go ttugsat fo ghion ga
agus claidhimh gach aon díobh go comhlán. Agus
ro bhádar innte an adhaigh sin gan imshníomh
gan atuirsi go trá<th> éirghe do ló arna mhárach, agus
Oisín dá leighios agus dá lán-íocadh ag Labhraidh


L. 212


Lámh-fhada agus ag Aonghus Óg, ar ccur urchoisg
cabhartha ina chréchtaibh agus luibhe láin-íce ina
áladhaibh d'aithle a chathaighthe agus a chomhraic.



Ar ttocht an laoi lán-sholais gusna laochraidhe,
ro éirgheadar as an chathraigh feacht, arna n-innioll
agus arna n-orrdughadh i n-oirchill comhlainn Athaigh
an Chorráin, go ttángadar ina mbróin chobhsaidhe
choimhdhíochra agus ina léibheann dlúith dosgaoilte
go faithche agus go fíor-urloinn dhúnaidh Aithigh an
Chorráin don chur sin.



Ar rochtain dhóibh ann, ro éirigh an trén-fhear
talchar trom-ghníomhach agus an faol-chú feargach
foirrniata agus an leómhan láin-bheódha luathghonach,
.i. Osgar angbhach adhbhail-ghleacach
mac Oisín, agus ro fhógair comhrac go hathlomh ar
Aitheach an Chorráin. Freagrais go furachair
fíor-amhnos an choimh-iarraidh sin, óir táinic go
hionadh imreasna agus iombuailte d'Osgar, go ttugsat
dá shidhi shanntacha shíor-shotla agus dhá chéim
athlamh<a> uiréasgaidh<e> i ccoin<n>e agus i cceartchomhdháil
a chéile, go ttugadar tochartadh
toghtha tul-bhorb trén-láidir agus gleó niata náimhdidhe
neamh-chairdeamhail agus iomghoin aigmhéil
uathmhar ainiarmartach dá-roile, go gclos sgreadghaire
a sgiath agus coimhchoigeadal a cclaidhiomh agus
a ccoilgnnedh agus sian-gháir a sleagh agus a saighead
agus iomfhorrán aghgharbh a n-arm archeana agus
iachtach árd-adhbhal na n-óg in gach ard agus in


L. 213


gach aircheann, in gach leith agus in gach lán-taobh,
in gach cúil agus in gach cearn don chrích ina ccomhfhogus.



Bhádar amhlaidh sin gan fuaradh gan airisiomh
ó urthosach an laoi lán-fhada go luighe don
ghréin ghlan-álainn.



As ann sin tugusdar an t-aitheach tarraing
thalchar thrén-láidir dá chorrán chadad chruaidh-iarainn
tair <mhuinél> an mhóir-mhíleadh, gur
leagusdar faon fotharsna for lár agus for lán-talmhain
an tréin-fhear, ar ttréigean a arm agus a iolfhaobhar
agus a aidhme áigh agus iorghaile archeana a n-aoinfheacht.
An tan dob áil don aitheach a fhódhbairt
agus a athbhualadh gairmios agus goirt-ghréchais Fearghus
Fili fair, agus ro ráidh ris:



"Ro thimchill an tréin-fhear thú amhail thimcchiollus
féithle fiodh, agus ro cheangail amhail cheanglus
carcair cimbidh, agus rod-león amhail leóntar
aindear nó óig-ingheann, agus nod-chúr amhail chúras
bean bháoth a beag-naoidhe; agus gér mhór do
ghábhadh agus do ghuasacht ó ghrod-ghleó g<ráin>eamhail
gér-ghonach Rígh na bhFear nDorcha, as
aidhbhle agus as uille th'éigean agus th'uathbhás ón
aitheach, agus ro budh mó a alladh agus a orrdhearcus
dhuit do dhiongmháil i ccath nó i ccomh<lann> <do
rígh> nó do thighearna nó d'fhuil uasail don
Ádh<a>mh-choinn ná béisd bhadhbhdha bhio<thghránna agus>
torathair díomhór doidhealbhdha dot
athchuma agus dot airleach".


L. 214


Ó't-chualaidh Osgar aitheasg <an fhile> agá
imdheargadh, ro éirigh a bhruth agus a bhrígh agus a
bharann, a fhíoch agus a fhearg agus a io<mfhorrán>, a
fheidhm agus a neart agus a niadhachus, gur éirgheadar
ina cholamhain choimhdhírigh ina cheart-<sheasamh>,
agus tugastar fásgadh foirtill fíor-láidir agus
súdhadh sanntach síor-neartmhar et cuir fhearrdha
iomluatha don aitheach dá fhorrach agus dá fhíor-thrasgairt.
Tugastar an t-aitheach comaoin
chubhaidh a choinghleaca agus a choraidhachta go
deagh-athlamh dhó-somh.



As ann sin ro thógaibh Osgar an t-aitheach ós
ard a fhormna go huirésgaidh iméttrom, gur chuir
a cheithre gáibhthe clis ós a chionn i ccoimhnéinfheacht,
agus nír léig éirghe as an ard-leagadh sin dó
gur dhiúbhraic a cheann go comhathlamh dá
cholainn. Agus ro léigeadh iolach comhaidhbhseach
cosgair gá chomhmaoidheadh ag an Fhéin
ós a chionn.



Bhádar an Fhian an oidhchi sin i ndúnadh
Athaigh an Chorráin fó ghaoine freasdail agus
fritheóilte, agus maithios agus móir-inmhe na cathrach
for a ccomus.



Ar tteacht na maidhne arna mhárach dochum
na ccuradh, ro éirgheadar as an dúnadh amach,
ar ngabháil a n-earradh áigh agus iorghaile a n-aoinfheacht
iompa; agus ro ghabhsat rompa gach


L. 215


ndíreach ar amus dúnaidh Ridire an tSlabhraidh.
Agus ar ttorrachtain dhóibh ann, téid Diarmuid
ua Duibhne dochum an chairthe chomhmóir baoi
ar fosadh-lár na faithche fód-bhláithe agá ccomhraicdís
na curaidh ré chéile; agus cuirios a cheann
cas cruth-iolrachtach caomh-áilinn i n-idh adhbhal
imreamhar iarnaidhe baoi forsan dara ceann don
tslabhradh fhéich-reamhar shith-righinn baoi um
an ccairthe; agus cuinghios comhrac go comhaibéil
as a haithle.



Freagrais Ridire an tSlabhraidh ionadh na
deabhtha go deithniusach do Dhiarmaid, gur chuir
a cheann isin idh eile go hurmhaisneach. Ciodh
thrácht, tugsat an dá rígh-mhílidh rathmhar<a> ro-chalma
sin agus an dá churaidh chlisde chonfadhacha
agus an dá mhílidh mheara mhór-chroidheacha dhá
tharraing <th>eanna thrén-chalma agus dhá shidhi
shonnda shíor-luatha agus dhá chrothadh chudroma
cheart-árrachta ó chéile ar an ccruaidh-shlabhradh,
gur shuaithseat agus gur shír-shínseat righthe agus dóide
agus dearnonna, cléibh agus compair agus caomh-asnach,
cinn agus bráighde agus bruinneadha don bhorb-chleas
sin. Cidh gaoth, iomorra, do thabhairt eidir a
ttroighthibh taoibh-áille agus talmhuin ní thugsat re
háithe agus re himghlioca a n-imdheaghla for aroile.



Bhádar amhlaidh sin leath ar leath gur bhó
deireadh don ló. Fo hiongnadh adhbhal le lucht
feithmhe agus forchoimhéda Ridire an tSlabhraidh
a fhad agus a imchéine gur chineasdar for a chéile


L. 216


comhlainn, amhail fa bésa bunaidh dhó gusan
láthair sin. Níor lugha, iomorra, a iongantus ag
an bhFéin aon laoch ar druim dhomhain do dhol
gan diongmháil an fad sin d'uidhi nó d'aimsir
ó Dhiarmaid. Feacht n-aoin ann, tugusdar
Ridire <an> <tS>labhraidh tarraing dhédla dhíochra
dheagh-neartmhar for Dhiarmaid, gur thógbhusdar
<go h>éttrom eadarbhuasach ó thuinnighthe na
trom-thalmhan go huachtar an ard-chairthe; agus
tugusdar Diarmaid an tarraing thrén tánaisdi air-siomh,
gur chuiriostar banna fola forruaidhe ar
bun gach aon ruainne dá fholt agus ar rinn gach meóir
dá mhéraibh, go ttug cos dá chosaibh don taobh
araill do mhullach an aird-chairthe, agus do righne-siomh
an cleas céanna fria Dhiarmaid ina dheaghaidh.
Gach ré bhfeacht dóibh amhlaidh sin ag
iomthrasgradh agus ag iomtharraing a chéile gan
fhoráil, gan iomorcraidh ag ceachtair dhíobh ar a chéile.



Arna fhaicsin sin d'Fhearghus Fili, gabhais ag
dian-laoidheadh Diarmada, agus ro ráidh fris:



"A anom, a Dhiarmaid," ar sé, "as iongnadh
le gach aon-neach againne a fhad a mhairios do
chéile comhlainn gan chomhmaoidheadh dhuit, agus
nachar iomchair talamh ar a mhuin mílidh nó
mór-ghaisgeadhach tar éis Logha Lámh-fhada do
chinfeadh ar do chomhlann nó ar do chathughadh


L. 217


gusan uair si; agus ní hiongnadh do bheith-si mar
sin, óir atáid cearda diamhra draoitheacht agus
ealadhnacha aidhbhle easdrolaighachta do léir agus
do láin-mheabhair leat ó mhór-chumhachtaibh
Manannáin mhic Allóid agus ó ard-fhoghluim Aonghusa
fil 'na oide agus 'na fhíor-athair oileamhna agad, agus
fós asad úa ríogh agus ríogh-dhamhna Éireann re
hiondathmhla do ghéag ngeinealaigh agus do chraobh
ccoimhneasa, .i. ua Fiachach Suidhi meic Feidhlime
Reachtmhair meic Tuathail Teachtmhair meic
Fi<a>chach Fionn-fholadh for a bhfuilid fíorfhlaithe
for a shliocht agus for a mbeid go bráth; agus
ní bhfuil aoin-fhear d'Fhianaibh Éireann ann so
nach ag gabháil do thuillmhe agus do thuarusdail ba
dual agus ba dúcha dhóibh a bheith do thaobh uaisle
agus folaidhachta."



Dála Diarmada, iomorra, ro mhédaigh a
mheanma agus ro ardaigh a aigneadh re haitheasg
agus re huraghall an fhile agus an ard-úghdair agá
adhbhail-ghreasacht, go ttug sidhi sanntach seabhcamhail
síor-thapaidh ar an slabhradh, go ttug
sreang-tharraing ogla ainiarmartach ar an ardmhílidh,
conár léig a bhonn nó a bhán-troighthe
re talmhuin gan a thógbháil eadarbhuasach ós
cionn an chairthe go leathad a thaoibh gan
turbhaidh, gan toirisiomh, don taobh araill don
ard-chairthe don tréin-fhear, agus níor leíg éirghe nó


L. 218


iompó, cosnamh nó coraidheacht ar a chumus,
gur bhain a cheann agus a choimhéd beatha dá
bhruinne go bríoghmhar buadh-nósach.



Bhádar an oidhche sin i ndúnadh agus a ndaingean-árus
Ridire an tSlabhraidh gan gá, <gan> guasacht,
gan bhrón, gan bhuan-tuirrsi agus uile mhaoine agus
mhaithiosa na hard-chathrach <ar> a ccumus go
hard-tráth éirghe do ló arna mhárach.



Ar n-éirghe don ló ar na laoch<raidh>, ro éirgheadar
go hoban<n> urmhaisneach d'fhágbháil an
dúnaidh, arna ccuibhreach <agus> <ar>na cc<omh>fhuaidhéal
ina n-earradhaibh iomghona agus iombuailte.
Agus tángadar ina réim <dhío>gh<ainn>
dheagh-sheólta agus ina ruathar ríodha ro-chobhsaidhe
go rángadar faithche dhún<aidh agus deagh>-chathrach
Chuillinn Chruaidh-armaigh, agus ro ghabhsat
sosadh agus síor-longphort ina leith-iomeal <conach
roibhe> acht iomthairsna aon-abhanna eatarra agus
dorus an dúnaidh agus aon áth farsing fíor-dhomhain
mar chonair choitcheann fri chomhthathaighe
chuigthe agus uaithe.



Arna bhfaicsin do shluaghaibh na cathrach,
tángadar ina ttoinntibh toirteamhla agus ina mbróintibh
borb-thréna agus ina ccóirighthibh comhchalma
tair dhoirsibh na cathrach amach ina ccomhairrcis
do bhreith radhairc agus ro-aithne ar innioll agus ar
orrdughadh, ar chruth agus ar chaomh-dhénamh na
Féine fón tairm sin. Ro sgaoileadh agus ro sgiamhchóru<i>gheadh
a phoball éxamhail ioldathach ós


L. 219


ceann an rígh-fhéinneadh cona ro-dhaoinibh. Ro
bhádar ag tocht ar a ccleasaibh goile agus gnáthghaisgidh,
lúth agus lámhaigh, fiadhaigh agus fianchosgair
i bhfiadhnuisi na sluagh iar sin.



As ann sin ro fhuráil Cuillionn Cruadh-armach,
.i. Rígh Innsi Tile, osgladh do cheanglaibh agus do
chuibhrighthe na ccon cconfadhach adubhramar
i n-airrcis Fhian Éireann gan oirisiomh. Ar
ccluisdin na furfhógra sin do na Fianaibh, ro
éirgheadar sé deigh-fhir dhána dhúr-chroidheacha
dhoi-fhreasdail dhíobh i ccoinne agus i ccomhdháil
na ccon cconfadhach, .i. trí mic uaisle échtacha
ághmhara an rígh-fhéinneadh, .i. Raighne agus
Caoinche agus Aillbhe, agus trí mic uaisle échtacha
ághmhara Aonchearda Bérra, .i. Glas agus Gér et
Gubha. Tángadar go hobann ésgaidh ionnsaightheach
agus go laochdha lúthmhar láin-bheódha seal
seachtair ó na sluaghaibh ar cionn catha agus comhthachair
ó na conaibh; agus ro ráidheadar agus ro
iarradar deich ccoin fhichiod a n-aoinfheacht dá
n-ionnsaighidh, .i. cúig coin dochum gach deighfhir
dhíobh. Fríth go hollamh an athchuinghidh
sin ó fhianlach a n-iomchoimhéda, go ttángadar
don taobh araill don abhainn ina ndochum.



Ar ttorrachtain, trá, do na conaibh gusna cathmhíleadhaibh,
tugadar gleó gruamdha gráineamhail
agus fóbairt aigmhéil adhuathmhar agus tachar cródha
comhdhúthrachtach dá chéile gan choigill. Ba
truagh, trá, ro bhás isin bhorb-chumusg sin agus ba


L. 220


héccomhthrom, óir bhádar áladha doimhne agus
srotha síor-ruadha silteacha agus créchta fada fiartharsna
forsna féinneadhaibh ó imleadradh na
n-ilphiasd, agus ní dhéndaois a n-airm-siomh náid a
n-iolfhaobhair acht éirghe uatha go huirédrom
amhail do éireóchdaois do chloich nó do chnáimh
nó do charaicc nó do chruaidh do chruadhaibh na
cruinne nó do thinne do thinnibh na talmhan, gur
lagadh agus gur lán-anbhfainneadh na laoich don
luath-threas sin. Bhádar, iomorra, an Fhian agus
<s>lóigh <na> críche i ccoimhnéinfheacht ag coimhéirghe
agus ag coimhghreasacht na ccon agus <na ccu>r<adh>
dochum aroile.



Iomthús curadh an chomhloinn, ód chonncadar
iomghoin a n-arm do <dhul a n-ais>gidh uadha,
ro thréigseat a n-airm d'éis a leónta agus a lán-bhaoghlaighthe,
gur ghabhsat glés dí<o>ghla <díbhf>eirge
do na conaibh do chaobaibh comhaidhbhle criadh
agus do chlochaibh comhmóra cudroma agus do leacaibh
troma treathan-mhóra na talmhan, gur bhrisseat
agus gur bhrúidhseat leasa <agus> láirgi agus leicni, cloigne
agus cuirp agus croidheadha, taoibh agus muinéil agus mórbhráighde,
co ndearnsat smior-iomair chró dá
ccnámhaibh i cceart-lár a ccaichir agus a ccroicinn,
gur imreadar ég orra amhlaidh sin.



Agus ro thuitseat féin i ttaisibh agus i ttáimhnéllaibh
éga a haithle na hadhbhal-imreasna sin
gan fáth leighis nó leasaighthe air aoin-fhear aca,
dar le gach aoin-neach dá bhfacaidh iad, gurab


L. 221


iad lucht a bhfeithmhe agus a bhfíor-choimhéda
ro<s iom>chair ar chrannaibh a sleagh agus a siothchraoiseach
iad go pobal an rígh-fhéinneadh gan a
bhfoghbhadh agus a n-athmharbhadh do shochraoidibh
na cathrach. Ro cóirigheadh easracha íce agus
leaptha <lua>th-leighis do na laochaibh le Labhraidh
agus le hAonghus an oidhche sin. Acht cheana
fa mó <sa> mhó nimh agus acais agus urchóid a n-áladh
agus a nua-chrécht le gach tionsgan leighis agus lánchabhra
dá ndearnadh orra an oidhche sin le
draoithibh agus le deigh-leaghaibh Tuath Dé Danann.
Mar sin dóibh go tráth éirghe do ló arna mhárach.



As ann sin ro éirigh Cuilleann Cruaidh-armach
cona choimhthineól tair mhúr na mór-chathrach agus
tar dhaingion-dhorsibh an dúnaidh, agus ro fhuráil-<seat>
osgladh do na conaibh a ccoimhnéineacht
dochum na Féini dá ndíth agus dá ndílghionn, óir fa
hiad-séin fa mó nimh agus nuadh-acais do na conaibh,
agus as iad ro shaoiliostar an t-aird-rígh d'fhóirighthin
fair fá dheóidh um fhorrán agus fhíor-uamhan agus fhíor-mharbhadh
Finn agus na Féine.



As ann sin ro éirgheadar ceathrar cuanna
comhathlamh <d'Fh>ianaibh Éireann i ccomhdháil
na ccon, .i. Labhraidh Lámh-fhada mac Taidhg
meic Nuadhat agus Aonghus Óg iolchrothach mac an
Dágha agus Sgiath Bhreac mac Dathchaoin agus Conán
mac Morna. Ciodh thrácht, tugsat ceithre clocha
cudroma comhchruinne ina ccrann-tá<ibhlibh> leó


L. 222


go láthair an leabhar-ghleóidh, go ttugsat ceithre
hurchair chearta choimhdhíorgha i ccomhdháil na
ccon cconfadhach, gur bhainseat na clocha i
ccoimhnéinfheacht i ttul<-chlár> a n-aighthe agus a
n-édain do na conaibh bhádar i réimh-thús rompa,
go rugsat a choimhleathad d'inchin na n-árchon
tréna ttimthireacht siar seachtair, iar bhfágbháil
a n-anmann san ionadh sin. Ro sguchsat dochum
a chéile don chur sin eidir chonaibh agus <chomh>-churaidh.



Acht atá ní cheana, fa héccomhthrom an iomairg
sin, óir bhádar cneadha <agus> créchta agus crólinnte
báis ag na conaibh gá bhfearthainn forsna féinneadhaibh,
conár dh<íon> agus nár dhídion orra airm
nó éideadh ná iolfhaobhar, béim ná buille ná
buan-ur<char>, cleas nó cluiche ná cruaidhghliaidh,
lúth nó látha<i>r nó lán-tapaidh dár
fhogh<luim> aoin-fhear do na hánradhaibh co
n-uige sin, gur sgaoileadh a sgiatha agus gur <leadradh a>
lúireacha agus gur coimhghearradh a ccotúin agus gur
dian-bhriseadh a ndeagh-arma <conár fágbhadh>
leathad boisi baoth-mhacaoimh dá n-éideadh nó
dá n-armaibh i n-aoin-ionadh gan airleach agus <gan
athchuma> ó na hárchonaibh. Gidh é Labhraidh,
dono, agus Aonghus ann níor fhéadsat aoin-ní do
nimh na ccon cconfadhach do chlaoi nó do chomhthoirmiosg,
acht mar gach n-aon oile d'Fhianaibh Éireann.



Acht cheana, ro cruaidhigheadh a ccomhlonn


L. 223


frisna conaibh fá dheóidh ar sgithleim a neirt agus a
niadhachais, gur bhrisseat a n-innidhe agus gur bhuainréubsat
a n-ionathar eidir a ndóidibh díochra
deigh-neartmhara gan deargadh nó dian-fhuiliughadh
do dhénamh for chorp nó for chaoin-leathar
droch-mhadraidh dhorrdha dhaor-chlannda dhíbh,
agus tuitid na tréin-fhir budhdhéin i n-adhartaibh
éga agus éislinn as a haithle.



Dála Sgéith Bhric mheic Dhathchaoin, dono, do
<rinn>e-séin na cleasa cédna fria a chuid chomhlainn
do na conaibh, gur chuiriostar i riocht
urbhadhacha éga a n-aoinfheacht iad, agus tuitios
féin for muin na mór-chon, gur chuiriostar i riocht
urbhadhacha é isin maighionn sin i n-éccosg báis agus
buain-éga.



Iomthús Conáin mhic Mhorna, iomorra, do thuitseat
trí coin choimhfheargacha choimhaigmhéile
dá chonaibh confadhacha ar an láthair sin leis, agus
baoi taoiseach na ccon gan chomhthraoitheadh
aige an uair sin. As amhlaidh bhaoi féin, iomorra,
agus splang-aoibhle tineadh trichimhruaidhe ag teibearsainn
agus ag trén-toidheacht as sluighthibh a sróna
agus a conairidhibh a comhchluas agus a fithisibh a hard-fhiacal
agus a guilbnibh a glomhar-chinn, gur chuiriostar
a airm agus a iolfhaobhair tré theinidh ina
thimchiol go raibhe dá dhódh agus dá dhian-losgadh
gan chabhair, gan chomhfhurtacht.



Fritháilios an féinnidh go furachair an t-aidhgeall
agus an t-aimsiughadh sin. Téid for faínneal


L. 224


agus for foluamhain, for dobhar agus for dásocht, for
mire agus for mór-fhulang iar sin, conárbh fhearr leis
airm nó iolfhaobhair d'imbirt for an árchoin iná
gach aon bhall eile dia chorp agus dia chaomhcholainn.
Agus tug súil agus silleadh forsan áth baoi
for a chomhair; agus tugusdar tarraing dhíochra
dheigh-neartmhar forsan choin ina choimhleanmhain
dochum an átha; agus téid fón uisge as a
haithle do dhíobhadh a bhrotha agus a bhuan-teasa.
Gach ré n-uair amhlaidh sin dóibh ag iombáthadh
aroile, .i. an uair no bhíodh Conán agá chomhlosgadh
do théigheadh for íochtar agus for iomdhomhain
an átha; iar sin do fhreasdladh a chomhlonn
agus a chomhiomairg fris an árchoin.



Fa crádh croidhe agus fa híslioghadh ard-aignidh
le Fionn agus leis an Fhéin Conán d'fhaicsin isin
anbhforlann sin gan cumus comhachta a fhóirithin
aca, go ttugsat trí trom-ghártha treathan-mhóra
trén-aidhbhseacha ós aird agus ós aircheann, agá égcaoine
agus agá ard-chaoineadh don chur sin. Agus
tugsat slóigh na cathrach an choibhéis chédna do
chomaoidheadh na con.



Acht atá ní cheana, ba móide luinne agus láinfhearg
<meanma agus> móirinntinn Chonáin gach
a ccualaidh do na comhgháirthibh sin ó chách
leath ar leath. Feacht n-aoin <iadh>us Conán go
curata a dhá dhóid río-dhaingne dhó-sgaoilte im
bhrághaid na brod-<chon> <go> ttugustar fásgadh


L. 225


foirtill fíor-chalma fuirre, gur chuiriostar a druim
go fíor-aibéil <fúighthe> go forrneartmhar fri
ghrian agus fri ghrainniol an ghlan-uisge agus a glomhar
chognamhach chraos-fhoslaigthe ós a chionn, conár
leig cothughadh nó caraighacht, filleadh nó fíor-iompódh
fors<an leith ar>aill di, nó gur sgarustar
a hanam agus a hadbhal-chorp i ccoimhnéinfheacht
<ré chéile>. Agus táinic féin ón áth d'ionnsaighidh
an ionaidh i raibheadar an Fhían agá fheichiomh,
agus cro<inn> a choirrshleighe agus a chraoiseach gacha
láimh leis dá chongmháil agus dá chothughadh gan
a <thuitiom> agus a thrasgairt for thalmhain agus a
sgiath mhór mhíliota mhór-chobhradhach arna
caith<iomh> agus <arna> cruaidh-chognamh ó a
híochtar go a huachtar ós a fhormna agus ós a charcair
chiartha chl<áir-dhéan>ta, a chlaidhimh fás folamh
for a chliú, iar mbriseadh agus iar mbith-airleach na
lainne risan tuargain; agus suidhios i n-athfhogus
Finn agus na Féine, agus léigios fris an fhearonn <fér->uaine
ina fhochair, gur léig osnamh ard éccomhlainn
ós aird as.



"Ní héccaoine gan fhochain agus ní hosna gan
ádhbhar, agus ní múich gan mór-dhamhna, agus ní
hiarndéanamh meatacht ná mío-laochais an mór-osna
sin," ar Fearghus File mac Finn, "acht osna
curadh chródha choimhgleacaigh agus chaith-mhíleadh
chalma chédfadhaidh, iar mbreith buaidh agus buanchosgair."



Tógbhais Fearghus eidir a ghlacaibh an gaisgeadhach,


L. 226


gur bhean an tiaruairsi dá arm agus dá
earradh agus dá éideadh dhe ina dheadhaidh, agus cuirios
i n-osair-leabaidh leighis agus láin-íce eidir na laochaibh
athghaoith<e> eile é isin phobal a haithle an
chosgair sin.



Ar marbhadh agus ar mudhughadh na ccon cconfadhach
amhlaidh sin don Fhéin, bhádar a lucht
cneadh agus crécht go hosnadhach éccaointeach d'éis
comhraic na ccon nimhe sin, óir nír fhédsat comhachta
nó caomh-ealadhnacha Aonghuis óig nó
Labhraidh Lámh-fhada iad féin nó aon-neach eile
don Fhéin a fhóirighthin ó nimh agus ó neart-acais
na n-árchon. Gidh iad lucht Innsi Tili cona ttineól
agus cona ttiomsughadh no dháilfeadh i n-aoinfheacht
ina cceann, ní fhédfadhdís a ccabhair nó a ccomhanacal
ar aon-duine dá anbhfainne nó dá éineirte dhíbh.



As ann sin ro labhair Aonghus Óg mac an
Daghdha, agus as eadh ro ráidh:



"A Fhiana Éireann," ar sé, "ní deagh-mhaise
do-rala dhaoibh an ionbhaidh si, óir ó nach bhfuil
comhacht againne ar anacal nó ar imdheaghail,
ar leighios nó ar láin-íocadh do dhénamh d'aoinneach
agaibh do-ghéabhthar bhar n-uaisli a
n-asgaidh re a n-oidheadh muna ndéntaoi féin
oirchill agus iomchoimhéd oraibh, .i. foraire agus furachus
do dhénamh uaibh gach n-oidhche ar an áth úd
ar comhair na cathrach agus ar an phoball ina bhfuiltí
fós, dóigh ód chraipladar <sinne> an dias so do


L. 227


Thuathaibh Dé Danann gan ar mbeith ionchatha
nó ionchomhraic nó iondén<t><a> <draoi>dheachta
no deagh-ghliocais dhaoibh-si do-dhéntar
dóich do bhrath agus do bhua<n-idhghealladh> do
dhénamh orainn a n-aoinfheacht, dóigh ní shaoilionn
an rígh bhar mbuaidh-si d<o bhreith i>
ccléith catha nó comhlainn airm a mbiaidh bhar
ccongnamh agus bhar ccomhchabhair féin <agá>
chéile, acht le leatrom agus le lán-bhaoghal d'fhagháil
oraibh d'éis a ndearnabhair <d'échtaibh agus d'il>-ghníomhaibh
co n-uige so, gurab uime sin chuirfios
seól millte agus m<údhaighthe ar bhar maithibh>."



"<Créd> an milleadh nó an mór-imdhioll shaoili-si
do dhénamh dhó do chéad-neithibh orainn?" ar Fionn.



"Saoilim," ar Aonghus, "buime bhan-chumhachtach
nós-orrdhairc fil aige agá bhfuilid <ceárda>
diamhra draoitheachta an domhain agus ealadhnacha
claona comhmallaighthe na cruinne do <chur>
chugaibh-si d'aidhmhilleadh oidhche oraibh, do
losgadh agus do lán-dógh bhar bpuible agus bhar bpailliún
agus bhar bpríomh-chúmhdaigh, nó teacht i riocht
oirfide agus fir ealadhna feacht eile dá bhar n-ionnsaighidh
<agus dá bhar> ccur a suan agus a síor-chodladh
ré bhar bhfágbháil dá bhar n-airleach agus dá bhar
n-athchuma a n-aoinfheacht ar an ordughadh sin;
ó nach bhfuil do neart nó do niadhachus ionainne
an féth fia do thabhairt in bhar ttimchioll dá


L. 228


bhar tteasargain, gurab eadh as indénta dhaoibh-si,"
ar sé, "oidhche fhoraire agus fhorchoimhéda do
chur ar gach aon-fhear dá bhfuil ionchomlainn
nó ionchathaighthe d'Fhianaibh Éireann nó <go>
bhfaghaid bhar lucht feasa agus fiosraighthe fóirithin,
óir as ágh agus iombualadh oidhche as dócha
d'fhagháil daoibh feasda."



"An bhfuil fóirithin nó fíor-chabhair in bhar
bhfogus?" ar Fionn.



"Ní bhfuil, iomorra," ar Aonghus, "acht aon-fhóirithin,
agus ní hurusa a fhagháil le foiréigean, .i.
cornn caomh-égsamhail cloch-bhuadhach fil ag
Rígh Innsi Tili, agus atá leag lán-mhaiseach lóghmhar
do chlochaibh srotha nEófrait arna lán-chumhdach
i mbord agus i mbruach-imiol an bhláith-chuaigh sin;
agus as dá bhuadhaibh-séin go bhfaghann gach aon-duine
a rogha díghe as do réir a thoile agus a aignidh
an tan bhus loinn leis, gé madh fír-shreabh nó
fíor-uisge do chuirfeadh ann, agus as <dá> bhuadhaibh
fós go mbeithdís lucht cneadh agus crécht na cruinne
sleamhuin slán-chréchtach iar n-ól dighe as; agus
dá bhfaghadhmaoís-ne iasacht an chuirn sin do
bheithmaoís uile ógh-shlán dá éis."



Iar tteacht urthosaigh na hoidhche gus na
hógaibh, ro fhiarfiagh an rígh-fhéinnidh:



"Cia do-ghéabhainn d'fhorchoimhéd an átha
anocht?" ar sé.


L. 229


"Rachad-sa dá fhorchoimhéd," ar Goll mac
Corbmaic mhic Neumhainn mhic Mhoirne mhóir
mhic Garaidh Ghlúinduibh mhic Aodha <Dhuanaigh>
mhic Aodha Chinnchlaire mic Shainbh
Shithchinn mhic Ceit mhic Mhághach d'iarsma agus
d'fhíor-uaisle gég ngionealaigh agus chraobh ccoimhneasa
Gamhanraighe Iorrais Domhnann.



As cuma ro bhaoi gá rádha agus ro ghabhusdar a
earradh áigh agus iombuailte eidir ann agus éideadh agus
iolfhaobhair uime dia imdhídean ar armaibh a
easccarad, agus téid go hurimeal an átha as a
haithle; agus ro bhaoi go hathlamh iomluaimneach
athaigh ann, agus cóirighios a sgiath <uai>ne earr-chaol
uachtar-fharsing ina cuailli comhraic agus ina hairbhe
iomghona agus ina hua<ithne> iorghaile i n-imeal an
átha ar a ionchaibh, agus a dhá chraoisigh chinn-ghéra
chrann-ríghne chró-fhar<sainge ina> ccuailleadhibh
airde iomfhulaing fria a himlibh an óirsgéith,
agus a lann líomhtha <lán-chruaidh> leadarthach
for dhornchla dhaingion dhoileónta ina dheasláimh.
Agus anais féin go feith<mheach> <fura>chair
forghruama san ionnus sin ag iomchoimhéad
an átha ina fhiadhnuisi agus puible <na Féin>e don
taoibh araill.



As í sin úair agus aimsear 'nar labhair Cuilleann
Cruaidharmach isin ard-chathraigh <agus is seadh>
ro ráidh:



"Cia do-gheóbhainn d'ionnsaighidh Fhian Éireann


L. 230


B 1700c 18T
anocht," ar sé, "do losgadh a bpuible agus a
bpríomh-áruis agus do thabhairt amais long-phuirt
<orra, ó nach bhfuil> <Labhraidh> Lámh-fhada nó
Aonghus Óg infheadhma risan bhféith fia do
<thabhairt> <na ttimcheall>, <agus> ní eile fós deichneamhar
do roighnibh a laoch agus a láth ngoile
díleighis <ina ccomhnuidhe> ó nimh agus ó nuadhacais
na ccon cconfadhach?"



Ar ccluisdin an chomhráidh <sin Chuilinn> dá
theaghlach agus dá throm-shochraoide budhdhéin, ro
éirigh céd laoch lán-chalma <láidir lán-tapaidh>
fó bhróin éideadh agus iolfhaobhar. Ní raibhi,
iomorra, cliú gan caomh-sgiath ná <leabhar-lámh
gan> laighin nó caomh-chrios gan claidhiomh nó
mór-mhílidh gan dá mhanaois aidhbhle fhíor<-fhada>
<re hias a> ghualann don chéd tréin-fhear tromghonach
sin. Tángadar, trá, don taoibh eile
d<on> <áth> <fón> toichim agus fón tuarusgbháil
sin; agus ro léigseat urlanna a sleagh agus a siothchraoiseach
<fó lár agus> ria lán-talmhain.



Ar ttocht dhóibh ann, do mhidheamhainseat agus
do mhór-dhéchsat úatha <air gach leith>. Rathaighid
iar sin an rígh-mhílidh ro-chalma amhail
dhos-bhili díomhór ós ard-fhiodhbhaidh <'na
shuidhe ar> ur an átha ar a n-aghaidh. Fiafraidhios
fear dhíobh go dian-bhriathrach cia <ro bhí ar> a
cceann ar an áth nó an dia muinntir féin dó.



"Ní cara nó coibhdhealach dhaoibh<-si fil ann>"
ar <Goll>, "acht biodhbha bhunaidh agus námhaid


L. 231


níth-mheisgneach agus foghlaidh foltanuis agus <.i.,
fíanaighe> échtach < >dhal d'Fhianaibh
Éireann fil ag feitheamh agus ag furachrus d'Fhionn
mhac Cumhaill cona churadhaibh coimhideachta."



"Freagraidh go furachair an fianaighe úd," ar
cách i ccoit<chinne>, "<agus> ná damhaidh fír fear
nó comhlann comhthrom ná deabhaidh fá dheagh-líon dó."



Ro scuchsat <dá ionnsa>ighe iar sin tarsan áth,
go ttugsat frasa fíor-chruaidhe feargacha dá
bhfog<haidhibh> fé<ighe> frithre forrghomhacha
agus dá ccraoiseachaibh cearta cáidhe cruaidh-ghéra
agus dá n-omnadhaibh dírghe deigh-sheólta driuchmhara
agus dá ngonannaibh gráineamhla gonacha
gaisgeamhla agus do chaobaibh comhaidhbhle comhthroma
criadh agus do chlochaibh tréna tul-amhais
na <tal>mhan do thraoitheadh Ghuill isin gharbhghleó
ghrod-gháibhtheach ghráineamhail sin.



Ciodh thracht, <ní ar> mheatacht nó ar mhíolaochdhacht
nó ar mhaoth-chroidhe do-chuaidh do
Gholl an garbh<-chumasg> cloch-chruaidh caobamhail
sin, acht tógbhais a chomhla chatha go
hurmhaisneach ar a <ionchaibh agus> cromais a
cheann a ccuip a chuar-sgéithe coimhdhealbhaighe,
agus tugusdar fras-fhóbairt <bhíodhbhadh agus> bhioth-easccarad
for na buidhnibh buan-mhaiseacha sin,
gur ghabhusdar na hairm áithe aig<mhéile>
<eadar>bh<u>as isin ard-sgiath, arna ngearradh agus


L. 232


arna ngér-airleach d'fhaobhraibh áith<e> iomaigb<héile>
<a luinne> agus a leabhar-chuilg, ar nach
bhfaghbhadís fianlach a n-imtheilgthe athurchar
re a <n-imdhiúbhracadh> díobh, gurbho lór
d'airbhe agus d'fháilinis im cheathraibh agus im chrodhaibh
an dáire sle<agh> <séunta> sioth-fhada
baoí arna ccomach agus arna ccoimhghearradh i
mbilibh agus i mb<ordaibh na bocóide>, conár léig
fuiliughadh ná forrdheargadh fair fesin.



Ro dhruidsiot i n-athfhogus <dhó 'na dheaghaidh>
sin, acht nach rángadar a n-aoinfheacht
dá iombualadh ó chúmhge na conaire, <conach>
<reicheadh> acht naonmhar i n-aon-uair díobh
ina dhochum. An céd naonmhar díobh d<ono>
<táinic dá ionsaidhe tugsat gleó díochra doi-fhreasdail>
agus treas borb-thrén buan-ogla agus deabhaidh
mheisgneach mhío-rúnach <agus fobhairt ath>gharbh
easmeartdha dá-roile, go gclos go néullaibh
nimhe agus go fr<o>ighthibh na fir<mameinte> <m>uirneadh
agus mór-thuargain. Cruaidhighios Goll an
gleó ar na gaisgidheachaibh, gur bheanustar <a
ccinn agus a ccoimhéad beatha réna> ccomháiriomh
dhíobh isin deabhaidh.



Táinic naonmhar eile ina n-ionadh dá ionnsaighidh,
go ttugsat <an fhobhairt> agus an easargain chédna orra.



Acht atá ní cheana, ní dheachaidh aon-duine a


L. 233


mbeathaidh ó <Gholl gan> <b>ás agus buan-oidheadh
d'fhagháil don chéd tréin-fhear talchair treas-láidir
sin do theaghlach <Cuilinn Cruadh-a>rmaigh riasiú
táinic an mhaidin mhoch-sholus arna mhárach
acht aon fhear amháin <dá mhaithibh>, neoch
bhaoi ar sgithléim a lúith agus a láidireacht ó mhéd
a bhuilleadh agus ó iomad 'áladh, <go> <tt>ugusdar
cor seachanta agus iomghabhála ar Gholl, ó nár
fhéd a fhreasdal nó a fhritheólamh <um chath>
nó um chomhlonn. Leanus Goll don taobh eile
don áth é, agus do ráidh ris féin:



"<Ní fearride> damh a ndearnus d'eangnomh nó
d'iomghoin co n-uige so," ar sé, "agus fear inniste
sgél <nó canta> comhráidh do dhol uaim gan oidheadh."



As amhlaidh ro bhaoi gá rádha séin, agus cuirios
<cloch> <ina> chrann-tábhuill go tinniosnach, go
ttugusdar urchar leabhar láin-sheólta i leanmhain
<an lao>ich dhi, gur amais ina dhruim go díreach
do-eadrána an deagh-fhear, go ndeachaidh an
t-urchar <tré bhél> a ochta agus a urbhruinne ar a
aghaidh, gur thuitiosdar isin maighean sin.



Iomthúsa Cuillinn Chruaidharmaigh, táinic re
héirghe an laoi ar faithe na cathrach do choimhéisdeacht
re heidirdhealiughadh an fhia<nla>igh
ro chuiriostar uadha d'ionnradh agus d'orgain Finn
agus na Féine, óir do shíliostar go ttiubhraidís i ccinn
agus a ccosgar chuige, nó go bhfacaidh an fear


L. 234


déidhionach díobh ag tuitim go trasgartha trochanffann
ar lár na faithe ina fhiadhnuisi, agus Goll ina
chrom-ruathar curadh ag iompódh tair a ais
<a h>aithle a échta agus a áithiosa.



Ó'd-chonnairc Cuileann sin, ro fhógair do na
laochaibh a leanmhuin agus gan <a> léigean tar a ais
d'ionsaighidh a mhuinntire ó tháinic tair sreibh
an chatha ina ccomhghaire.



Ro freagradh an foircheadughadh sin le teaghlach
Cuillinn, óir tángadar ina ttoinntibh troma toirteamhla
agus ina <ccipibh> cóirighthe comhdhlúithe
agus ina sreathaibh siortha síor-shiúbhlacha agus ina
mbuidhnibh buan-ais<dreach'> <béul->sgaoilte,
gach aon fhear aca a muinghin a luais agus a lán-reatha
i leanmhuin Ghuill dá <ghér-air>leach.



Ciothrácht, ó'd-chonnairc Goll an ghléire ghlan
laoch lonn-ghuineach ina leanmhuin, tugus<dar a>
<a>ghaidh go haindreannda orra, agus cóirighios a
sgiath chorcra chaomh-álainn go hiomathlamh
<ar a ionch>aibh, agus tógbhais a loirg-fhearsat lánmhór
leabhar-fhaobhrach dá láin-dídion gur léig a
hin<gheilt ar l>eicnibh laoch agus ar mh<a>élaibh míleadh
agus ar throm-thaobhaibh tréin-fhear, agus gabhais
agá sloighe agus <agá> <sléucht>ughadh, agá ccombach
agus agá ccnáimh-ghearradh go siubheóladh an brainén
cíocrach confadhach ón cholainn chró-dheirg
chomharthaigh go a chéile do churadhaibh Cuilinn
Chruaidh-armaigh seachneoín na <faithche fóid->réidhe.
Agus ro éirgheadar dhá cholamhain


L. 235


thréna throm-aidhbhle thinntidhe i n-urchomhair
<air, conár> fhéad aon-neach a shilleadh nó a
shíor-dhéachsain re halt na huaire sin re ruamnadh
<na roi-fhéire bhí> 'na ríoghnúis, conár fédadh a
iomfhosdadh nó a iomfhuireach, go ráinic go hairm
i raibhi Cuilleann Cruadharmach i cceart-lár na
ccath-mhíleadh, go ttugusdar béim lúthmhar <láin-neartmhar>
<don> <loi>rg-fhearsait líomhtha láin-fhaobhraigh
d'ionnsaighidh cinn chais chaomh-álainn Chuilinn.



Tó<gbhaid> <naonmhar curadh> coimhghlioca
coimhéda Cuilinn a naoi sgiatha sgealbholgacha
for a sg<áth>, <gur bhain> an loirg-fhearsat fo
láin-réim agus luath-bhuille do na laochaibh, gur
le<a>gustar faon <fotharsna> for aroile an naonmhur
don aoin-bhéim sin, ar sgoilteadh a sgiath agus ar
mbriseadh a <mbocóide>. Buailios an t-aithbhéim
trén tánaisi orra, gur ros-díthcheann fá dheóidh
<íad agus tug an> treas béim d'ionnsaighidh Chuillinn
don chur sin. Tógbhais Cuileann an sgiath ar a
sg<áth gur bhainiostar> an leabhar-lorg isin
chobhraidh mhór mheadhónach ar ionchaibh an
aird-rígh an uair sin, <gur sgaoileas>tar ó a
híochtar go a huachtar í, go ráinic lár agus lán-talamh,
agus téid <an lorg-fhear>sad fear-chúbhad fir isin
talamh, ar ttreaghdughadh an trom-sgéith.



Táinic caoga l<áoch do theaghlach> an rígh
ar a ionchaibh, gur thógbhadar a n-arma a
n-aoinfheacht a n-aghaidh Guill, agus <tugsat guin>


L. 236


gacha fir go foirníata fair. Siodhlais agus síor-bhuailios
na gaisgeadhaigh gér-nimhn<eacha sin, agus
níor> anusdar dá n-easorgain agus dá n-iombualadh
gur chuir Goll a ccinn agus a ccosgar isin cho<sair>
<chomh>fhuilighthe chró.



Agus tug a aghaidh ar Chuileann don chur sin,
agus tuairgios cách a chéile dhíobh <do bhráith>-bhéimionnaibh
díomhóra do-ingabhála agus d'áladhaibh
aigmhéile easmearrtdha agus do ghonaibh
gái<bhtheacha> gér-nimhneacha, gur chriothnaigh
an talamh trom-chladhach tuinighthe ó thuinnsiomh
na ttréin-mhíleadh gá ttrom-shaltairt.



<Ar>na fhaicsin sin d'oireachtaibh aidhbhle
adhbhal-mhóra Cuilinn Chruadh-armaigh, tugsat
aon-aghaidh agus aon-fhóbairt <i> n-aoinfheacht dá
fhóirithin; agus as suaill nár mhúch cách a chéili
dhíobh ag rochtain tair a ch<éile> dochum an
chomhlainn, gur chuirseat céd sleagh seólta solámhaigh
do chéad-fhráis choimhdhiúbhraicthe
<isin> chaith-mhílidh; agus ní raibhi sleagh nó siothomna
dhíobh nach deachaidh tré sgéith nó tré
sgiamh<-éideadh>, tré chorp nó tré chaomhmbruinne
don churaidh, gur iadhsat as gach aird
ina uirthimchioll go n<dearnadh> <dú>n-bhuaile
bhódhbha agus cró cadad comhdhaingean agus léibheann
lom-chruaidh láin-díoghai<nn> <do gach> taoibh
um an tréin-fhear, gonár léigeadh iomluaighill a
arm nó céimniughadh a cholla <for a> chumus,
go raibhi a n-ionadh a lámhaighthe agus a lán-mhaslaighthe


L. 237


ar an láthair sin.



As í sin <uair> agus aimsir fá raibhe Fionn mac
Cubhaill cona sheisear féinneadh agus fear-óglách ag
feitheamh <Ghuill isin ghábhadh> sin, .i. é féin,
Osgar, Oisín, Diarmaid ua Duibhne, Caoilte mac
Cronnchon mheic Rónáin, <Mac Lugh>, agus Fearghus
File an seachtmhadh. Bhádar féin dono armtha
éidighthe ó urthosach a<n laoí lán-sholuis> gusan
uair sin i ndorus na puible, óir níor dháilseat
tathamh nó t<ionnabhradh ó mheadhón> na
hoidhche go mór-mhaidin le treathan agus re torann-chleas,
re fuaim agus <re fothram na bhféinneadh>
gá bhfodhbhadh agus gá bhfíor-leadradh do bhéimionnaibh
gusmhara glac-láidire <Guill>, <dóigh ní raibh>
ionchathaighthe nó ionoireachta don dá naonmhar
sin acht madh an móirsheisear <agus Goll budhdhéin>.
<Ro> ghoireastar Fionn a chaismeart chatha don
chur sin, .i. sgal ghré<ine agus> c<hoille> <go congháireach>.



<Ro nochtadar> a meirgeadha riasna míleadhaibh
an tan sin, go ttángadar d'ionnsaighidh an átha
<go hiomathlamh>, agus ro cheangailseat corránbhach
a sgiath dá chéile dochum an chomhraic, go nach
<sgaradh neachtar> dhíobh fria roile. Tugsat
aghaidh ann-séin ar ógbhaidh agus ar ard-fhearaibh
Innsi Tile <dá ttraoítheadh> nó go ttugsad dúsgadh
níth-mheisgneach námhad agus fóbairt bhodhbha
bhar<bardha> <agus> <ion>nsaighidh ainmhín easmeartdha


L. 238


orra, gur bhrissiod bearn sheacht ccéd
ar a <n-aghaidh dá> ccéd-choinsgleó, go rángadar
an cró cadad comhdhaingean catha do dúnadh
<agus do da>ingniughadh ar Gholl dia ghabháil agus dia
ghnáth-chuibhreach, gur léigeadh láthair lán-<adhbhal an>
chatha folamh fíor-uaigneach ag na
Fianaibh gan aoin-neach d'anmhuin ná d'oirisiomh
<'na n-aghaidh> dá raibhi ag forrán nó ag fíor-iomorcaidh
forra, go ttugsat fuasgladh <agus fíor-chabh>air
do Gholl ón móir-éigin sin.



Ro ghreis Cuileann Cruadharmach a shlóigh agus a
sho<chaidhe> <i n-aoi>nfheacht a n-aghaidh na
Féine, ar ttabhairt Guill as an éigean agus as an
anbhforlann <a raibh>, go ttugsat a n-aghaidh a
n-aoinfheacht orra eidir óg agus shean, eidir rígh agus
rígh-dhamhna, <eidir> <thr>iath agus thighearna,
eidir mhaibhibh agus mhór-uaisle, gur iadhsat na céda
cath-bhuidheanda <gach tao>bh ina ttimchioll.



As ann sin ro labhair Fionn agus as eadh ro ráidh:



"A Fhiana Éireann," <ar sé>, "ó nach bhfuilmíd
lucht freasdail nó fritheólmha dá bhfuil agár
bhforrach, tabhrom sgiath <tar> <l>org dár laochaibh
go lán-obann, go roisiom tar ar n-ais dochum ar
bpuible an <mh>aigheann as nach éidir le neach
fíor fhear do bhriseadh orainn, .i. céidi an chathaighthe
agus ionadh <n>a himreasna."



Do-rónsat amhlaidh, agus do-chuirseat tosach agus
deireadh go deigh-sheólta orra a <n-o>irchill


L. 239


imtheachta ar éigin óna n-easccairdibh. Anais
Fionn fesin ar deireadh na ndeagh-bhuidhean
<agus> Mac Lughach for a ttosach san toghairm do
réidhiughadh roimhe, agus Caoilte for a <chlé agus>
Diarmaid ua Duibhne ar a dheis, agus cuirios Goll
eatarra a n-eidir-mheadhón, <agus Oisín> agus Osgar do
gach taoibh dhe; óir ní raibhi infheadhma nó
ionursglaighe ittir ó iomghoin na <hoidhche> agus an
laoí a ndeaghaidh aroile, dóigh fa mór agus fa míochuibhdheas
an t-anbhforrlann d'aon-<neach ar>
druim dhomhain céd nó dhá chéd a n-aoinfheacht
agá chomhthuargain gan cobhair carad nó coibhdhealaigh
sa <chruinne> acht madh neart a áigh
agus a eangnamha-séin ina aonar.



Dála Finn, dano, ro chongaibh féin na Sean<choll Snitheach>
go soilléir fris na sluaghaibh, agus
nochtais Mac an Luin go lán-obann, agus léigios a
<ingheilt-sé>in go hudmhall imésgaidh ar chorpaibh
curadh agus ar sheathnachaibh saor-chlann agus ar
chollaibh <caoimh-chinéoil>, conár lamh laoch nó
láth nguile, triath nó tréin-fhear teacht eadh
urchair ina fhoigsearadh, <óir as comhmór> <n>o
airligheadh agus no athchumughadh na harma agus na
hiolfhaobhair eadarbhuasacha agus na <cáoba comhchru>aidhe
criadh agus na clocha comhlámhacha agus
cuirp na ccuradh agus na ccath-mhíleadh a <ccoimhnéinfheacht>
d'fhaobhar-chleas a chruaidh-chuilg
chlais-leathain. Baoi, iomorra, Oisín agus Osgar,
Diarmaid ó Duibhne <agus Fearghus File> ag réidhiughadh


L. 240


agus <ag> ro-ghlanadh toiseach an treasa agus oirimeal
an ágha riasna hógaibh fón ccuma cédna, go
rángadar ina n-aon-bhróin armtha in<illte ó chéide na>
cathrach go hoirimeal an átha, agus as-séin go
dorus a bpuible féin agus ní<or leanadh seacha> sin
iad. Iompáid slóigh Chuillinn Chruaidh-armaigh
ar a n-ais dochum na cathrach agus ní<or thóraigheacht>
gan trom-easbhaidh a n-iarmhóracht co
n-uige sin, dóigh, ámh, muna ndearnndaois an
Fh<ian d'éachtaibh nó> d'easbhadhaibh ó do
fhágbhadar Éire acht a ndearnsat fris an ló co
n-oidhche sin i nInis <Tile do ba> lór do dhíth
agus do dhíoghbháil re a fhoillsiughadh orra é.



Iomthús na Féine, trá, <ar ttorachtain> dóibh
ann, do bheanadar a ccathbharra agus a ccaithbheirte
comhlainn díobh agus do Gholl <mar gach n-áon eile>
don aois cneadh et crécht, agus ro cóirigheadh iomdhaidh
agus othar-leabaidh isin phoball dó 'na dhe<adhaidh>.
<Fa dubhach> dubrónach Fionn agus Fian
Éireann an uair sin dá bhfuaradar do ghágh agus do
ghuas<acht> <con-uige sin>; agus gé do marbhadh agus
do mughadh iomad agus an-aidhbhsi leó gusan uair
sin, nach ra<ibhe> <acht beagán> a bhfail mhóráin
ann a bhfearradh a raibhi ina mbeathaidh dá
mbiodhbhadhaibh agus a laghad <bhí ionfheadhma>
dá n-uaislibh-siomh ina n-aghaidh, agus fós faicsin
Guill mhic Mhorna isin anbhforrlann <éccoimseach sin>,
dóigh dá mbeith-séin iontroda nó iontachair


L. 241


maille riú, ní bhiadh ceist cath<a nó comhlainn>,
áigh nó iorghaile orra, amhail at-bheart Fionn féin
ag teacht air an eachtra sin dó.



Ó<ir is amhlaidh> bhaoi Goll ar mbuain <a>
earraidh agus a éididh dhe, ní raibhi eadh n-ordlaigh
ó a bhonn go <a bhathais> gan cneadh nó crécht
nó cróluidhe báis budh cosmhail d'oidheadh agus
d'fhíor-bhás gach aoin f<air> <a mb>eithdís fair.



"Dursann dhamh-sa," ar Conán mac Morna,
"nach a bhfochair mo bhráthar do bhádhas an
uair do bhí dá airleach eidir a easccairdibh, ionnus
go ttuiteadh mo choimhlíon liom do laochaibh, acht
ar ttuitim araon a n-éccomhlann gan cabhair nó
cuidiughadh ceachtar uainn ag <aroile>; agus ní
hiongnadh d'Fhionn agus dá chlann-mhaicne, gurab
adhbhar subha agus sobhróin leó sinn do <thuitim don>
toisg si a n-aoinfheacht, agus gan ar bhfola
nó ar bhfoltanus do bheith orra féin ag tabhach
<agus ag> tóraigheacht tochmhairc agus tabhartais ríoghna
ro-uaibhrighe nach rángus a leas againn, agus go
<bhfuíghmís> ar ttochmhairc iomchubhaidh i
n-Éirinn gan gágh, gan guasacht."



<A ndála co n-uige sin>.



Dála, iomorra, <Taise> <Taoibhghile>, inghion Rígh
Thíre na n-Iongnadh, bean Chuilinn Chruaidh-armaigh
Rígh Innsi Tile, baoi sí for tá<ibhlibh a>
tuir agus a trén-chathrach ag feithiomh tathaighthe
sochraoide Insi Tile agus Fian Éireann an u<air sin agus trí>
chaoga finn-bhean ina fochair go fiór-égsamhail


L. 242


do mhnáibh ríogh agus ro-dhaoine <na críche> arna
ccoimhthineól. Agus ní dearnadh gníomh nó
écht nó áithios eatarra ó urtho<sach an laoi> lánsholais
gusan uair sin nach raibh na mná do
mhidheamhain agus do <mhóir-dhéchain>. Agus má
do bhí fuighioll seirce nó síor-ghrádha ag Taisi gan
tabhairt d'Fhion<n> <gus an uair sin> tugasdar
an uair sin dó é, arna aithne idir na hógaibh.



Do raídh bean d<on bhantracht, agus> dob é glór
agus gnáth-uraghall gach én-mhná aca an tan sin an
t-aitheasg <cédna>:



"<Mairg>, ámh," ar sí, "bheirios aithbhir ar
an tí tug searc agus síor-ionmhuine do<n> <té do-rinne>
na héchta agus na háithiosa úd go ttrásda, óir ní
bhfuil ag fea<r> <nó gan fhear don> Ádh<a>mh-chloinn
aon dá bhfacaidh a dhealbh nó a dhénamh
nó do-chluinfeadh <a thoichim nó a thuarusgbháil>
nach ttiubhradh tuile trom-ghrádha agus
sruth síor-adhbhal seirce dhó <agus do gach aon fhe>ar
eile dá bhfuil ina fhearradh; agus as iongnadh gan
mná agus mór-ainnire <an talmhan> gan a theacht
for aithighe agus for élódh fóna tteisd agus fóna ttuarusgbháil."



<As ann sin> táinic Taisi Thaobhgheal do
tháidhbhlibh an tuir cona banntracht agus cona
bann<áil> <dochum> <na> dála go hairm i raibhi
Cuilleann cona mhaithe archeana, agus suidhios i
n-aird <aonaigh agus eich>threasa eatarra, go mbaoi
ag éisdeacht ris na huaislibh ag teacht ar a


L. 243


<ndoilghios>aibh agus ar a ndocamhlaibh, ar a
n-áraibh agus ar a n-easbhadhaibh budhdhéin <agus ar a
bhfuair> bás agus buain-ég do dheagh-shluaghaibh
an domhain tréna bithin-si. Ciodh <thrácht>
<níor> chuir aon-ní aca sin náire nó neamhdhánacht
uirri-si, agus do ráidh iar sin:



"Rachad féin <ar cuairt> agus ar chaomh-chéilidhe
d'ionnsaighidh Fhinn mic Cubhaill," ar sí, "óir an
tan do-chuadhus ar <cuairt chuig>e go hÉirinn
iath-ghlais oilénaigh im uath agus im aonar ní
hiongnadh anois mo dhol <ar cuairt chuige an
tan> atá sonn ar faithche na cathrach im chomhghaire."



Táinic roimpe iar sin cona <bantracht> agus cona
bann-chuire go hairm i raibhi Fionn, agus tugusdar
pruinn chéd do bhiadhaibh <blasda> buain-mhíne
agus do dheochaibh meara móir-mhillsi léith do
láthair na Féine for<a> < > <agus feadhm>-ladrann;
agus téid isdeach isin phobal i raibhi Fionn,
agus fearus fíor-chaoin <fáilte> fris go friuchnamhach
as a haithle agus fria Fhianaibh Éireann imar aon
fris, agus do-rinne <b>arr subha agus sobhróin fria gach
aoin-neach fo leith dhíobh, agus baoi ag égcaoine a
n-aois <á>laidh agus othrais go hadhbhal, agus do ráidh
riú nach bhfuighdís a bhfurtacht ná a bhfóir<i>thin
re luibh nó re leighios for thalmhuin ó nimh agus ó
neart-acais na ccon cconfadhach, <acht> do bhrígh
agus do bhuan-chumhachtaibh na cúaiche cuanna


L. 244


caoin-bhláithe baoi ag <Cuilleann> Cruadh-armach.



"Cionnus do-ghéabhmaois-ne an chuach sin?"
ar Conán mac Morna, "óir ní thig <dúinn> <a>
fagháil ar éigean, agus ní mó bhérus Cuilleann dá
dheóin féin uaidhe é; agus as maith do <dhlighf>eá-sa,"
ar sé, "an chuach sin d'fhagháil dhúinne, dóigh
as tré do bhithin-si fuaramar <gach> <ac>ais agus gach
urchóid dá bhfuil orainn agus gach ar fhuilngamar
d'anshódh mara agus mór-th<íre sea><ch>neóin mara agus
mór-thíre, críoch agus cinedhach na cruinne."



"Dá ndeachadh dhíbh féin <gan a fa>gháil ar
éigin, agus dénaidh-si oirchill mhaith ar inntleacht
agus ar ealadhnachaibh Chuillinn Chruadh-<armaigh>
<don> chur sa, óir cuirfidh a bhuime agus a bhan-chumhachtach
agus a choimhédaidhe chugabh dá
bhar <ccur i n->asrochtoibh éga agus oidheadha, agus dá
mbeith Aonghus Óg nó Labhraidh Lámh-fhada
agaibh-si <infheadhma> rena ccomhachtaibh agus
rena ccaomh-ealadhnacha <do chaitheamh> i
n-aghaidh na hamaide sin, do ba lughaide adhbhar
bhar n-uamhain-si agus bhar <n-imeagla é>. Biad-sa
ag imtheacht uaibh budhdheasda," ar sí, "óir
ní shaoilionn an t-aird-rígh nach <d'fhanamhain agus
d'iomfhuireach> agaibh-si thángus-<s>a don toisg
si," ar sí, "agus ní headh idir nó go mbeantar
d'aimhdheóin rígh agus ro-dhaoine Insi Tile amach mé."


L. 245


<Ceileabhrais dóibh> iar sin agus fágbhais iomchumairce
beatha agus sláinte ag na saor-fhlathaibh <agus téid>
<ar a hais> d'ionnsaighidh na cathrach.



As annsin táinic Fearghus File mac Finn gusan
<sosadh ríogha a roibh> Rígh Innsi Tile, gur
shuidh ina fhiadhnuisi. Fearais an rígh fáilte
fris agus <fiafraighis dhé> cia d'Fhianaibh Éireann
baoi ag forchoimhéd an átha an oidhche sin roimhe
agus <do-rinne na> héchta agus na heasbhadha úd.



"As é do-rinne na héchta úd," ar Fearghus,
".i. <an féidhm nach> bhfulaingthear agus an laoch
nach lámhaighthear agus an trén nach ttrasgarthar,
.i. <Goll gúsmhar> glaic-láidir míliota mear-aigiontach
mór-chroidheach mac Morna."



"An é nach r<abhadar an Fhian> uile agus Fionn
fesin ag dénamh an airligh úd na hoidhche aréir?"
ar an t-aird-<rí>.



"<Is cubhais> dhamh-sa nach ráibhi aon-fhear
d'Fhianaibh Éireann ann acht an t-aon-fhear úd,"
ar <Fearghus, "agus nach> ttugadar cabhair nó comhfhurtacht
nó comhfhaosamh dhó nó go bhf<acadar>
<fíor> fear agus comhlann comhadhais dá choimhmbriseadh
go foillsightheach fair, agus ní <hobair>
<iomchubhaidh> do rígh nó do ro-thighearna a
ndearnais-<s>i," ar an file, ".i. feall agus fír-mheabhail
<do chuma> agus do choimhsheóladh ar do chéileadhaibh
comhlainn, acht a ttraoitheadh agus a ttrén-turnamh
ó lá<thair troda agus> trén-tachair, diamadh
tualaing thú ar ghalaibh aoin-fhir, agus gan do


L. 246


shluaghaibh aca a <n-aghaidh na> n-il-chéd agus na
n-il-mhíleadh atá agad-sa acht ocht ndeigh-fhir
dhég, agus iad uile <d'fhorgla> ina luidhe liúin agus lán-othrais."



"Cuma leam-sa sin," ar an rígh, "óir dá
mbeithd<ísion> líon budh lia do laochaibh nó an
líon sin as im cheann-sa do chuirfedí<s>, <agus níor>
líonmhaire do mhuirear nó do mhóir-theaghlach
misi nó gach triath agus gach tighearna dár t<hraothsat gus>
an uair sin."



Tig Fearghus file ina fhrithing do-ridhisi go
hairm a mbaoi Fionn, iar <ndiúltadh> maoine agus
móir-ionnmhais ar Chuilleann, agus ro aithin an rígh
dhe teacht gach láo<i> <dá ionnsa>ighidh d'innsin
sgél na Féine dhó, agus dá fhios cia do thiocfadh ina
aghaidh tar <éis> aroile.



Ar rochtain don phoball d'Fhearghus, ro innis
don Fhéin reacht agus roi-mhe<abhail, éd> agus aingidheacht
Rígh Innsi Tile agus a acfainn slóigh agus sochaidhe
agus ceann gacha ca<ingne dá> raibhi aige ina n-oirchill.



Mar sin dóibh leath ar leath, gan soighin, gan
síor-amus <do cheachtar> dhíbh for aroile, go
ttáinic an oidhche dá n-ionnsaighidh. Ar ttocht
na hoidhche, iomorra, <dá rochtain> ro chaithseat
a bhfésda agus a bhfuiriogha, go ttáinic am suain agus
síor-chodalta.


L. 247


<As ann sin> ro labhair Cuilleann Cruadh-armach
fria a bhuime agus fria a bhan-fhisidh, agus ro
ráidh fr<ia> <dul a riocht> crutaire agus fir fhíor-fhuinn
dochum na Féine agus na trí neithe ar <a neimhighthear cruitire>
.i. golltraighe agus geantraighe agus suantraighe,
do sheaphnadh agus do shír-s<hinim dhóibh go ccuirthí>
ina soirrchim suain agus síor-chodalta
iad, agus an tan fo shaoilfeadh-sio<mh a súan do
thuitim forsna trén-fhearaibh> go ccuirfeadh céd
laoch dá laochaibh ina leanmhain dá ndícheannadh.



Táinic, <tráth, an amaid> ilcheardach uathbhásach
agus an bhan-fháidh bhríoghmhar bhuanchumhachtach
mar do <ráidh ria> go phoball
ríodha roi-thaitneamhach an rígh-fhéinneadh i
riocht oirfidigh an aird-rígh <agus cruit cheóil-bhi>nn
chaointé<a>dach ar aisdear agus ar iomchar aigci.
Táinic i bhfiaghnuisi Finn as a <haithle agus fearais>
fáilte go fíor-ollomh fris.



"Cia fhearus an fháilte?" ar Fionn.



"Cruitire Cuilinn <Chruadh-armaigh," ar> an
chailleach, "táinic do dhénamh oirfididh dhuit-si."



"Mo chean don ealadhain," ar Fionn, "agus ní<l mo ghean>
d'fhear a dénmha, óir ní shaoilim gur
do dhénamh mo leasa tig."



"Do ráidhios-<s>a <libh-si," ar> Aonghus óg,
"go ttiocfadh an chailleach úd chugaibh i n-éccosg
oirfidigh <d'aidhmilleadh> oraibh."


L. 248


"Adérmaoís a marbhadh ná a míoghníomhadh," ar Conán mac Morna.



"Acht idir," ar Fionn, <ní dingé>nntar feall nó
fíor-mhilleadh linne ar ar n-eineach, óir dá madh
Cuileann Cruadh-armach go bhflaithibh <agus go>
<bhfíor>-uaislibh Innsi Tile no thiocfadh ar ar
n-eineach-ne agus go háiridhe isin éccosg úd ina
<bhfuil sí>, .i. i riocht oirfidigh agus fir dána, do
rachdís iomshlán uainne."



As ann sin ro <ghléasus>tar an chailleach a
cruit, gur shinniostar gadáin ghlésda ghlanghothacha
agus orgáin ég<samhla> iongantacha agus ceól
síorrachtach síodhamhail, go gcoideóldís mná
meirbhe meath<easlána> nó laoich leath-mharbha
arna láin-leadradh nó curadha coimhchlisde arna
ccoimhchi<orrbhadh> nó lucht sáoth agus síor-othrais
risan cceól coimmbinn codalta ro choimhshinnios<tar, gur>
thuit a soirrchim suain agus síor-chodalta
i n-aoinfheacht ar an bhFéin eidir aos <othrai>s agus
neamh-othrais, acht madh Caoilte mac Cronnchon
mic Rónáin ina aonar. Óir as <amhlaidh> do-rinne-séin
an tan ad-chonairc an ceól agá chomhfhorrach,
ro chuiriostar fo<ghrainne> na sleighe
slíoptha slinn-ghéire tréna throighthibh go talmhuin,
agus ro chongaibh <an> tsleagh ar an tseóladh
sin, conár léig tathamh nó tionnabhradh, codladh
nó comhsanadh, <sua>n nó sádhaile dhó ó nimh a
háladh agus a húir-chrécht.



Ciothrácht an tan ro shaoiliostar <an> chruitire


L. 249


cách do bheith ina soirrchim sámh-shocair suain
amhlaidh sin, éirghios gan fhuireach <gan im>-fhosdadh
do dhícheannadh na laoch agus na láth
nghoile; agus téid isin riocht a raibhi roimhe
<.i., i r>iocht ban-fháidhe buadhaighe buanchumhachtaigh,
agus beanus a chlaidhiomh fír-ghér
fos<gadhach> as a charcair chomhdhlúith chomhthaisgeadha
d'oidheadh agus d'fhíor-bháthadh agus
d'fhíor-bhas<ga>dh na n-ánradh.



Ó'd-chonnairc Caoilte, iomorra, an chomhairle
agá comhchinneadh agus an cosgar <agá chrío>chnughadh
ro éirghe go reachtmhar rún-ógla agus go
feargach frithir-nimhneach <agus go héas>gaidh
urmhaisneach, agus tógbhais a sgiath álainn-bhreac
ór-chobhradhach ar a ionchaibh <agus a dhá iom>na
uathmhara aigmhéile uasa agus a cholg duaibhseach
deagh-fhaobhrach ina <dheas-láimh agus fear>ais
iomghoin amhnos éttrócair agus deabhaidh dhíochra
dho-fhreasdail agus coimh<ling chalma> chruaidhghleacach
fris an chailligh go comhathlamh, gur
bheanustar a ceann dá cúl-mhéidhe <ar deireadh>
<na deagh>-ursglaighe <agus cuir>ios an ceann ar
bior-chuaille bodhbha agus for sonnach sioth-ard i ndorus
<Críoch don ls. Av2, agus leantar ón ls. V>
B 1718ls 18T
na puible go príomh-athlamh, agus téid
féin d'fhoraire agus d'fhorchoimhéd an átha asa haithle.



Iomthúsa Chuillinn Chrúadharmaigh, ar n-imtheacht


L. 250


dá bhuime agus dá bhain-fhisidh úadha, ro
iarrusdar an chéd láoch dá mhuintir a leanmhain
do dhíthcheannadh na Féine an uair do shíl
a ccur 'na ccolladh do cheól na caillighe. Ro
freagra<dh> an forchongra sin le teaghlach an rígh,
óir táinic céd deighfhear dhióbh dochum an átha
fó sgeimhiol sgíamh-láidir <sgiath?> agus fó léibheann
leathan-mhór lúireach agus fó choimhdhídean comhdhaingean
cathbharr agus fá chrúaidh-mhaindir
chomhláidir chlaidhiomh, agus fó ard-choill adhbhalmhóir
omnadh agus fó áon-bhróin airm agus éididh
ar-cheana. Ar rochtain dóibh gusan átha, ad-chonncadar
an fíanaighe fearrdha fearamhail
amhail rála ríodha ro-mhóir ós árd-fhíodhbhaidh
ina cholamhain cheart-ard choimhdhírigh for a
chomhaghaidh go colgdha comhaigmhéil. Tugadar,
tráth achbhusán athgharbh easmhearrdha agus
gleó gáibhtheach grod-urlaidhe agus fobhairt chalma
chomhdhúthrachtach for Chaoilte fó chédóir.
Congmhais Caoilte go curata a sgíath for a sgáth,
agus toirbhirios na tréin-fhir feach-imeal an óir-sgéith
dá chraoiseachaibh cóigrinne crann-rúadha, agus dá
cholg fada fáobhar-ghér, go ndearnadaís < >
díomhóra dian-airlighthe dá ndeigh-fhearaibh agus
cárn cait comhfhuiltighe dá ccuradhaibh, agus
airbhire athchumtha úr-arda dá n-ánradhaibh,
conár fhágaibh trén-fhear gan traoítheadh nó
laóch gan leónadh, ná mílidh gan mhodh<u>ghadh


L. 251


don chéd trén-fhear sin, .i. gach fear a bhfáil i
ghlúin agus a n-ionadh a throightheadh, bonn fria
bhonn, dóid fria dhóid, gurab eadh ro dhúisigh an
Fhían asan súan síor-chodalta a raibheadar a
bhfuaim agus a bhfothramh, <a> meallghail agus a mórthuargain,
a n-iomghoin agus a n-iombualadh fría
aroile fri dheadhail an laoí lán-sholais.



Ar n-éirghe an laoí go lán-mhoch, iomorra,
agus ar músgladh na maidhne moch-shoillsighe, táinic
Cuilleann Crúadharmach cona choimhthineól ar
urlainn a árd-chathrach d'éisteacht agus d'fhurachus
re heidirdhealughadh an fhíanlaigh ro chuiriostar
úadha d'iondradh agus d'argain Finn agus na Féine;
óir do shíl go ttiubhraidís a ccinn agus a ccosgair
chuige don chur sin, go bhfacaidh an fear déighionach
dhíobh ag tuitim. Agus ó'd-chonnairc, ro chuir
neach úadha d'fhéuchain an átha, go bhfacaidh
na colna cró-dhearga agus na tamhna táobh-gheárrtha
agus na méidhidhe meadhaighthe agus na sochaidhe
saobh-chumptha a sruthair fhíor-ghloin na habhanna,
arna n-adhbhal-airleach.



Táinic ar a ais go hairm a roibh Cuilleann
Cruadharmach íar sin, agus ro innis a bhfacaidh dhó.
Ro luidh socht agus síor-thuirsi ar Chuileann don
chosgar sin, agus ro fhíarfaigh an roibh acht
aoín-fhear ag dénamh an airligh sin.



"Ní fhaca-sa acht aoín-fhear ós úir an átha,"
ar an t-óglách, "agus do-chonnairc ní as doilghe


L. 252


dhuit-se ná sin, .i. ceann do bhuime agus do bhanchoimhéadaidhe
air bhior-chúaille bioraighthe
bádhbha i ndorus puible agus príomh-áruis na Féine."



Gabhais fearg agus fúalang fíor-adhbhal an t-aird-rígh
umna sgéala sin, dóigh is mó do chuir bás agus
buan-ég a bhuime agus a bhan-fhisidhe fiar nó a
ndearnsat an Fhían d'éuchtuibh agus d'easbhadhaibh
ó do fhágbhadar Éire co n-uige sin, agus do ráidh asa
haithle gur bhain ciall do chabhair agus do
chomhfhurtacht re a bheathaidh, agus fós nach
béardís fir bheatha a bhúaidh i ccléith catha nó
comhluinn an feadh do mhairfeadh an aoín-bhean
sin cona hiolchumhachtaibh 'na fhochair.



Do ráidhseat a chomhairleacha comhthairisi
fris gurbh fhearr dhó gach ní umá rabhadar an
Fhian do dhílsiughadh dhóibh nó a bhás agus a
bhúan-oidheadh féin do theacht a ttrúidhe amhail
do bhí a bhfíoghair agus a bhfáisdine ag fisidhe agus ag
fáidhibh fír-eólacha, "ó táid ag breith búaidh agus
búan-treisi ar ríoghaibh agus air ro-thighearnaibh
gacha tíre a ttángadar, agus gan do lán-bheóil agus
búan-theangtha i cceithre hairdibh na cruinne
acht iomrádh a ngoile agus a ngaisgidh, a neirt agus a
níadhachius i mbél gach duine don Ádhamh-chloinn."



"Ní dhingén-sa an chomhairle sin," ar Cuilleann,
"óir ní thiubhar mo bhean, cona maoíne agus cona
mór-mhaithiosa maille fría, d'aóin-fhear <ar> thuinn
talmhan im fhiadhnaisi ar aba troda nó tachair
do thabhairt 'na timcheall."


L. 253


<A ndála co n-uige sin.>



Dála Caoílte, iomorra, táinic tair a ais d'ionnsaighe
na puible, agus é cneadhach créchtach comharthach
ó chomhlann na caillighe agus cháich eile
i ccoimhnéinfheacht, agus fuáir Fionn agus a raibh
infheadhma don Fhéin 'na fhochair ann, ar n-éirghe
asa súan síthe agus asa ndubh-cholladh draoítheachta,
agus iád ag midheamhain agus ag móir-fhéachain for
cheann na caillighe ad-chonncadar ar an chúaille
ina ccomhfhogus agus forsan cholainn chros-bhúailte
chrécht-leadarrtha bhí 'na bhfíadhnuisi don táobh
araill. Agus bhádar ag iongantus go hadhbhal uime
ag breith buidhe agus buan-alltaighthe fris an Dúile
a dhiongbháil dhióbh. Mar sin dóibh go bhfacadar
Caoilte chugtha, ar ccinneadh ar a ccomhairleacha comhlainn.



Ar ttocht a láthair dhó, bhádar ag subha agus ag
sobhrón adhbhal-mhór ime a fhaicsin agus ag breith
buidhe agus buanaltaighthe fris uma ndeárna d'áitheas
co n-uige <sin>. Bhí Fearghus File mac Finn seach
chách ag comhmaoídheamh cathaighthe agus comhlainn Chaoilte,
agus ag tabhairt a theasda agus a
thuarusgbhála ós árd. Agus is cuma ro bhí agá
rádh agus dubhairt an laoi so síos ann:




Búadhach sin, a Chaóilte chaoímh,
a mhic Ronáin go <ro->aoíbh;
ní rug gaisgidheach do gheall,
a ghein shocha<i>r Fhián Éirionn.


L. 254


Tú an curaidh ós gach curaidh,
tú an brughaidh ós gach brughaidh,
fíal re fileadhaibh, mín le mnáibh,
a dheigh-mhic ríogha Ronáin.



Seacht ccatha Finn na Féine
d'iomarcaidh do ghnáth-fhéile
i mbiathadh gan tacha id thoigh
gacha treas bliadhain re a mbeathaidh.



Re cíos gach éigin eile
dá mbí ar Féin Almhuine
do dhingbháil dhíobh do gach taoibh,
ní beag an t-eangnamh én-laóich.



Gidh iomdha gleó talchar teann
tuguis timcheall Fhian Éireann,
as é an gleó sa go núadh anocht
as mó tug oruinn d'fhurtacht.



Gé bheith do mhéd a neimhe,
agus foghar ceóil na caomh-chruite
do chuirfeadh 'na soirchim súain
síol Ádha<i>mh uile a n-én-úair.


L. 255


Fionn is na seacht ndeigh-fhir dhég,
muna mbeith Caoílte dá ccoimhéd
do bheithdís a ccosgar chró:
ní beag an t-adhbhar 's an t-íarghnó.



Beannacht an tí do dhealbh neamh,
Tighearna na tTrí Muintear,
is beannacht na ndúl 'má leith
for láimh chosgraigh <Chaoilte>.



Goin a throighthe, crúaidh an céim,
tug mar anacal don Fhéin;
le foghrainne ghér a gha
ní héidir breith a bhuadha.




A ndeaghaidh na laoí sin ro baineadh a bheirt
chatha do Chaóilte, agus ro cóirigheadh iomdha agus
árd-leaba dhó a bhfochair an aoís othrais agus álaidh,
óir ní raibh iontroda nó iontachair d'éis a ghona
agus a ghér-álaidh.



"Is amhgar ataoíthí anosa, a Fhían Eireann,"
ar Fearghus File, "óir ní bhfuil ionchomhlainn
agaibh a n-aghaidh na n-il-chéd filid ag forbhais
oraibh acht misi feisin agus Mac Lughach agus an triar
do dhiongbhaidh dhínn na trí chéd-chomhluinn a
fuarabhair a nInis Tile ar tosach, agus iad-séin fós
gan bheith ionchathaighthe acht le héigean-dáil
gábhaidhe; agus cia rachus úaibh do fhritheólamh


L. 256


feirge Chuilinn Chruadharmaigh don chur sa agus
do thrén-chosg a throm-theaghlaigh don toisg si,
óir ní taoíbh re comhlann nó re cathughadh
na hoidhche do bheithí budhdheasda?"



"Rachad-sa dá bhfritheólamh," ar Gaoine glanmhór
gaisgeamhail mac Dáire Dheirg, darbhó
comhainm gnáthach Mac Lughach.



Agus is amhlaidh ro bhí agá rádha agus rug sidhe
sanntach saighthenach ar a armaibh agus ar a iolfhaobhraibh
a n-aoínfheacht, agus téid dochum an
átha go hathlamh. Cóirighios a sgíath sgíamhdha
sgealbholgach for a sgáth, agus a dhá chraoíseach
chomhfhada chrann-réithe chudroma 'na ghuaillibh
colg-sheasmhacha comhthuinnighthe for a chúlaibh,
agus a cholg tana trom-ghér taitneamhach ar a lía
chaoimh chomhchosmhail a n-oirchill <troda> agus
tachair frisna trén-fhearaibh, agus deisidh for an
átha amhlaidh sin.



Téid Fearghus File iar sin go hairm a mbí
Cuileann Cruadharmach ag crú a cheasda agus a
chomhaingne, agus a mhór < > Innsi Tile na
thimcheall ann. Fearais Cuilleann fáilte chaoín-chéillidhe
charthannach fria Fearghus ar ttoirisiomh,
agus suighios go honórach ina fhochair agus 'na
fharradh é. Ro fhiarfaigh ina dheaghaidh cia
do bhí ag coimhéd an átha an oidhche roimhe
sin agus do mharbh agus do mhóir-leadair a bhuime agus a
bhan-fhisighe, agus do-rinne éachta aidhbhle ar an
átha asa haithle.


L. 257


"Caoílte confadhach, crúaidh-chosgrach mac
Rónáin do-rinne na héachta agus na heasbhadha sin,"
ar Fearghus, "agus do mharbh agus do mhórmhudhaigh
do bhorb-máthair fhis agus fhír-ealadhna,
.i. an mac ógláigh is fearr a thárruill talmhain
ann gach aón-tréighthe, agus as é chuir rinn aithghér
ailtnidhe na sleighe seólta sith-nimhnighe tréna
throighthibh go talmhain d'eagla agus d'fhuruamhan
chaoín-cheóil chruthaigh choimhmbinn na caillighe
coirpe claón-cheardaighe dá chur 'na cholladh mar
gach n-aon eile don Fhéin dár chodail re caoineas
ceóil na caillighe, go bhfuair baoghal báis agus buan-éga
uirre amhlaidh sin, ar ccur na Féine 'na ccodladh."



"Cía súd ar an átha anois?" ar an righ.



"Mac láochdha lán-arnaidh Lughach," ar
Fearghus, ".i. mac mic d'Fhionn mhac Cubhaill,
agus is dá innsin gurab é tig i cceann catha agus
comhlainn chugaibh-s<e> aniodh a tángas-<s>a don toisg-si."



"Cia rachus do chosg Mhic Lughach go lán-athlamh
dá bhar laóchaibh?" ar an rígh.



"Rachad-sa agus mo chéd cathmhíleadh do chomhlann
agus do choimhgh<l>eic chuige," ar Traóitheadh
Teaghlaigh mac rígh Innsi Tile, .i. an treas rígh dá
ríoghaibh agus dearbhráthair don rígh féin, .i. do
Chuilleann é-séin, óir is 'na trí treanaibh bhíos
ríoghacht Innsi Tile do shíor, agus triar dearbhráithreacha


L. 258


dá-roile bhí 'na haireach isin ionbhaidh
sin, .i. Cuilleann Cruadharmach, Leónadh Láochrach
agus Traóitheadh Teaghlaigh a n-anmanna;
dóigh ámh dob iád-séin trí mic rígh Innsi Tile,
agus Cuilleann Cruadharmach a n-aird-ríoghacht orra uile.



Ann sin ro éirigh Traoítheadh Teaghlaigh go
tinniosnach troigh-ésgaidh dochum an chomhluinn,
agus gabhais a earradh grúama gráineamhail gnúis-odhar
agus a chathbheirt chadad chrúaidh-íaruinn
chathaighthe umá chneis, agus a airm dhubh-aidhbhseacha
dhoi-eadrána ina lámhaibh ar árdluamhain,
agus téid go hathlamh iméasgaidh dochum
an átha gan iomfhuireach fón éaccosg sin, cona
chéd laóch láidir láin-bheódha ina luath-leanmhain
don láoch-réim sin. Gabhais for a laoidheadh
agus for a lán-bhrosdadh go Mac Lughach go haingidhe
iar sin, go ttugsat treas toll-bhorb tinniosnach agus
gleó gáibhtheach gér-nimhneach agus fobhairt fhearrdha
ainiarmartach dá n-armaibh aidhbhle ionchaithmhe
a n-aghaidh Mhic Lughach dá lan-thraoítheadh.
Congbhais, iomorra, Mac Lughach go láin-bheódha
a sgíath agá dhídion ar bhoirb-threasaibh a
bhíodhbhadh agus a bhúan-námhad, go ndearna
airbhire athchumptha dá n-armaibh agus dá
n-iolfhaobhraibh a n-aoínfheacht a nfhaobhraibh a
luinne a luirg-fheirside. Do shó fútha asa haithle


L. 259


agus a luirgfhearsat 'na láimh dheis dheagh-thapaidh
agus a chlaidhiomh 'na láimh chlé churata ag combach
agus ag cnáimhghearradh na ccuradh agus na ccrúaidh-ghaisgeadhach,
go mbuaileadh dhá bhuille bhorb-neartmhara
a ccomhaircis a chéile don luinn agus don
luirgfhearsait, go ndéanamh dá cheart-roinn chudroma
do cholainn chíorrtha chneas-airlighthe gach
aóin-fhir don bhuille sin, conach deachaidh
éladhach 'na bheathaidh as dhíobh gan bás agus
bith-oidheadh d'fhághail úadha go meadhón an
mhór-laíthe dona míleadhaibh; acht madh Traóitheadh
Teaghlaigh ina áonar bhí ar cúl an chomhlainn
ag dinge agus ag dlúthughadh na ndeigh-fhear
gusan deabhaidh go deithniosach dúr-aigeantach
dián-ionnsaightheach, gur fhiuchsat an dá chathmhílidh
go a chéile dochum an chomhluinn don
chur sin ó nach roibh a n-aithearrach re heághadh
nó re hiombualadh aca, go ttugsat tochartadh
túaitheal trén-neartmhar agus coinnsgleó coimhtheanach
cruaidh-nimhneach agus gleic ghusmhar
gharbh-aigmhéil agus urlaidhe gaibhnidhe gér-athlamh
do leódhadh agus do léir-leadradh, d'airleach agus d'athchuma
areile, conár fhan leathad boisi báothmhaoíthe
dá n-armaibh nó dá n-éideadh a n-aoín-ionadh
aca gan réabadh, gan ro-ghearradh ó
chomhbualadh na lann agus <n>a luirgfhearsat for
a láoch-bhruinne.


L. 260


Ar ttairgsin a n-arm agus a n-éideadh do na láochaibh
ní druid nó dian-dhealughadh ó aroile do-rónsat,
acht ro íathsat na dóide daingne doi-leónta agus
na lámha séimhidhe sith-gheala agus na righthe
ramhra réidhe ro-ghlana tair chorpaibh agus tair
cháomh-chollaibh a chéile, go ndearnsat fód
faóbach agus go ttugsat trén-chuir theanna
thalchara thul-bhorba agus iomrusgbháil úathmhar
ainmhín aindreannda agus tógbháil throma thairpidhe
thrén-neartneartmhara do thraoítheadh agus do
throm-leadradh, do chlódh agus do chomhfhorrach a
chéile, go ndeárnsat ceapa criothnaighthe comhbrúite
agus slighthe salcha síor-bhoga dona tolchaibh
agus dona trom-chnocaibh tiorm-ródacha for a
ttaidhlidís. An tan eile, iomorra, do thigdís forsan
átha go hinmheadhónach, ní fhágbhaidís ní dá
uisge for ghrían agus for ghrainneall an ghlan-átha
gan a thógbháil isin aíer eadarbhúas agus ann gach
én-aird eile ina n-uirthimchioll, go bhfágbhaidís
na leatha lán-tiorma agus grainnioll an ghlan-aigéin
gan aon bhanna dá ndéis.



Go dumhachaibh an laoí lán-sholais dona
laóchaibh for an luinne sin, agus cách agá ccoimhfhéachuin
leith ar leith. Tángadar, tráth, an
Fhían, gach neach bhí athghaoíthe dhióbh, asa
leapchaibh leighis agus asa n-iomdhadhaibh othrais
dá n-imdhéachain, go ttugsat trí trom-ghárrtha
trén-aidhbhseacha do mhaoídheadh agus
do mhóir-ghreasacht Thraóithidh Theaghlaigh.


L. 261


As ann sin do-chúaidh Fearghus File mac Finn
go hairm a mbí Mac Ludhach go lán-athlamh;
agus gabhais agá theagasg agus agá thrén-laoídheadh,
agus do ráidh an riotharg sa do mhédughadh a mheanman
agus a mhór-<aigeanta> a n-aghaidh 'easccarad
an tan sin:




"A Mhic Lughach láoch-arnaidh,
a thriáth talchar troigh-ésgaidh,
a bheithir bhailc bhéimionnach,
a nathair núadh neart-chalma,
a dhreagain deín dúr-chroidheach,
a leomhain luinn leadarrthaigh,
a aigne mear mathghamhna,
a chéim oip aigmhéile,
a chú chonfadhach choinghleacach
bhíos re clódh gach conairte,
a thuile theann thrén-shleíbhe
le mbáitior biodhbhadha,
a mhic dhéid-ghil dheag-Dháire
rugadh dhó dá dheagh-thurus,
a úath cubhaidh cath-bhuadhach
lér coisgeadh gach comhardadh
dá ttagmhadh Fionn flaith-fhéinnidh
'S an Fhian uile ar én-shlighe
táobh re heangnamh én-nduine
anámhaigh dá n-imdheaghail
ar anbhforlann easccarad.


L. 262


Is tusa Gaoíne gníomharthach
mac Dáire Dheirg dhath-álainn
budh dócha dá ndeagh-dhídean.
Dhiongnaidh dhínn sa deabhaidh-si
an treas rígh gan fhreasabhra
Innsi Tile torrthaighe,
Traoítheadh Teaghlaigh trén-chalma.
Ní rug rígh ná ridire
a n-am áigh nó iorghaile
búaidh do láimhe a laoich-thréine
ariamh co n-uige an n-aimsir-si,
a Mhic mheanmnaigh mhór-Lughach.




< > fáith-fhreagartha Fhearghusa File
mhic Fhinn, ro éirigh a luinne agus a luath-fhearg,
a lúth agus a láidireacht, a mheanma agus a mhórchroidhe;
agus cuimhnighios go coimhchliste a ágh
agus 'eangnamh ann gach aon-ionadh co n-uige sin,
gur thógbhusdar Traoítheadh Teaghlaigh go trénláidir
os a fhormna go huiréadrom aiérdha, gur
chuir a aghaidh álainn osgarrdha agus a ghnúis
chruthach chaoimh-éattrocht for grainneal an
ghlan-aigéin, agus congbhais fón uisge n-athfhúar
iomdhomhain amhlaidh sin é, gur sgar a
anom rena chorp. Tógbhais go hor an
átha an láochmhílidh eidir a lámha, gur
dhíthcheann gan fhuireach ann é asa haithle, agus


L. 263


crothais an ceann fris na slúaghaibh agus comhmaoígheas
an cosgar don chur sin. Agus táinic
féin ar ccúl go hairm a roibh Fionn agus an
Fhían ar sin.



Do léigseat slóigh Innsi Tile trí trom-ghárrtha
trén-aidhbhle treathan-gharbha agus trí hiolaighe
aidhbhseacha adhbhal-mhóra ós áird d'éaccaoíne
agus d'árd-ghubhaidh Thraoíthidh Theaghlaigh; agus
do léigseat an Fhían an urdail céanna dá chomhmaoídheadh.



Teíd Cuilleann dochum a chathrach go huchbhadhach
éaccaoínteach an oidhche sin do chúmhaidh
a charad agus do dhíth a dhearbhráthar, agus
tiaghaid an Fhían dá bpuball san ccuma chéanna.
Mar sin dóibh go ham súain agus sádhaile leith ar leith.



Agus do fhiarfaigh an rígh-fhéinnidhe:



"Cia rachus d'fhoraire an átha anocht?" ar sé.



"Cia rachadh ann acht mise," ar Mac Lughach,
"óir ní furáil liom ló co n-oidhche do dhiongmháil
don Fhéin dá ndoilghios agus <dá> ndocamhail,
acht gé tretholl<ta> trom-ghonta atú"



As ann sin ro éirigh Mac Lughach, agus gabhais
aithearrach earraidh agus airm-ghaisgidh agus éididh
a n-aoinfheacht dá imdhídion. Agus téid féin ar
amus an átha go hathlamh iméttrom, agus suidhios
isin fhoirire, agá iomchoimhéd amhail do-rinne roimhe.


L. 264


As í sin úair agus aimsir ann ar iarustar
Cuilleann Cruadharmach ar chéd curadh coimhfheadhma
dá churadhaibh teacht do thabhairt
amuis nó ionnsaighthe ar an bhFéin, ó nach
roibh acht uathadh dá n-ánradhaibh re hursglaighe
nó re hiomfhorrán aca. Ro éirghiodar céd ánradh
ionchomhluinn do theaghlach Chuillinn dochum an
átha, agus fuaradar Mac Lughach ar a ccionn dá choimhéd.



"Cia súd ar an átha?" ar fear dhíobh.



"Atá sonn," ar Mac Lughach, "an tí nach
bhfuil báidh nó caradradh ré háon-neach agaibh-si,
agus do mharbh bhar ttríath agus bhar ttighearna ann
bhar bhfíadhnuisi isin láthair si aniodh, agus rug a
cheann agus a chosgar re a chomhmaoídheadh úaibh
dá bhar n-aimhdheóin, agus mhuirfios sibh féin
ar an ordughadh céanna."



Is amhlaidh, iomorra, ro bhí agá rádha, agus rug
rúathar reachtmhar ro-aigeantach, agus sídhe sanntach
sír-reatha gusna sochaidhe, agus do shó fútha go
fíor-aibéil amhail libheadhán lán-adhbhal fó iolphíastaibh
nó leomhan angbhaidh afracdha fó
ainmhintibh éaccrúaidhe anárracht, nó mar fhaolchoin
fhearrdha aigmhéil fó cheathnadaibh ciúine
comhanffana, gur chuireastar a n-ár agus a n-éineirte,
a n-uathadh agus a n-uireasbhaidh a n-aoinfheacht
iád go héirghe agus go hurthosach na maidhne mochshoillsighe


L. 265


arna mhárach, conár lamh aoín-neach
a bpoball na Féine nó a ccathair Chuillinn tathamh
nó tionnabhradh, súan nó síor-chomhnaidhe ó
choigeadal agus ó shíor-sgalfartach loinne agus luir<g>fherside
Mhic Lughach, ag leadradh agus ag lúathmharbhadh
laoch agus láth ngoile, curadh agus caithmhíleadh,
ánradh agus óig-thighearnadh Insi Tile
agus ó ro-íachtach agus ó acaoíne na n-óg dá ccur
a mbuile báil agus a n-asrochtaibh éaga agus a
bhfódaibh faoín-lighe, conach deachaidh duine
dhíobh i mbeathaidh ó bhéimionnaibh mionca
mór-láidire Mic Lughach; agus táinic féin ar
sgithléim a lúith agus a lán-ghaisgidh, a neirt agus a
níadhachais ar a ais go puball na Féine<e> fón
ionnus sin. Do baineadh a earradh agus a éideadh
aca dhe ina dheaghaidh agus do cuireadh 'na luidhe
liúin agus lán-othrais iar sin é.



Táinic Cuileann Cruadharmach go maithibh a
mhuintire agus a mhór-theaghlaigh ar céide na
comhchathrach agus ar urluinn an árd-dúnaidh go
chrúdh cheasta agus comhairle um dhála a n-áir
agus a n-easbhadha ón Fhéin co n-uige sin.



As ann sin ro labhair an rígh-fhéinnidhe, Fionn
mac Cubhaill, agus as é ro ráidh:



"Trúagh mar atáthar ann sin, a Fhían Éireann,"
ar sé, "óir ní bhfuil re hágh nó re hiombúaladh


L. 266


nó re cothughadh cath-láithrigh dá bhar ccuradhaibh,
acht madh éin-chúigear re comhaireamh, agus
Fearghus File forsan áiriomh sin, agus do-ghéabhthar
a n-aisgidh rena n-oidheadh bhar n-árd-mhaithe
ó nach bhféadaidh féin cabhair nó comhfhurtacht
a chéile."



Ro ráidseat a n-aoís cneadh agus créacht gurbh
fhíor na fuighle sin Fhinn.



"Ní comhrádh is cosamhail do do chanamhain
an comhrádh sin, a ard-fhlaith," ar Osgar mac
Oisín, "óir dá mbeith a bhfuil beó agus marbh do
mhaithibh Innsi Tile a n-aoínfheacht 'nar n-aighidh-ne
ní hanbhforlann linn uile íad an ceathrar
tréin-fhear sa atámaoíd a bhféagmhais ar bhfile
agus ar n-ollamhan, nó go roibh ar n-aoís cneadh agus
crécht infheadhma eadrainn."



"Cía rachus úaibh ar an átha anois?" ar Fionn.



"Cía do rachadh ann acht misi?" ar Osgar.



Is amhlaígh ro bhí agá rádha, agus ro ghabh a
bheirt chatha agus a earradh iomairg go hathlamh
uime. Táinic 'na ruáthar rígh-mhíleadh agus 'na
bhuinne búan-díleann agus 'na thon<n>ghuil thrén-anfaidh,
gur shuidh ar an átha amhlaidh sin ag
furnaidhe foghla agus a easccarad.



Dála Fearghusa File, iomorra, téid roimhe go
hairm a mbí rígh Innsi Tile go treórach toisg-athlamh.
Fearais an rígh fáilte fris, agus fíarfaighios
dhe 'narbh é Mac Lughach 'na áonar do-rinne na
héachta agus na hára aidhbhle úd idir lá agus lán-oidhche.


L. 267


"As é go fírinneach," ar Fearghus, "agus ní hé
sin is iongantach linne do dhéanamh dhó, acht a
ndeachaidh as díobh do léigean úadha gan oidheadh."



"Cia súd ar an átha anois?" ar <an> rígh.



"Atá," ar Fearghus file, "ann súd an tonn
gan turnadh agus an bruach gan bhlaghadh agus
an mhuir gan iompódh agus an tuile gan teasargain .i.
Osgar úaibhreach állta iomghonach mac Oisín."



"Gá líon don Fhéin atá ionchomhlainn anois?" ar an rígh.



"Ní dual bríathar bréige do rádh re rígh nó
re ro-dhuine amhail ataoí-si," ar an file, "acht
tuingim fóm dhán agus fóm dheagh-ealadhain nach
bhfuil ionchathaighthe don dá naonmhar d'fhágaibh
Éire ar én-rían acht Fionn feisin agus Oisín a mhac
agus Osgar a mhac-séin agus Díarmaid úa Duibhne agus
misi budhdhéin, agus gurab é bríathar do ráidh Osgar
isin laéithi-si 'niu dá mbeithdís a bhfuil beó agus
marbh dot mhaithibh-si agus a ccongnamh re chéile
nacharbh fhorlann leó íad uile."



"As mór agus is mí-réasúnta an bríathar sin," ar
an rígh, "acht gé maith an fear dá chomhall tug
í, agus gach áon-fhear dá aicme."



"As fíor na fuighle sin," ar an file, "agus gidh
eadh, dob é mo chomhairle si dhuit-sí," ar an
file, "an toisg um a ttángadar do thabhairt dhóibh
'siú do millfidhe níosa mhó ná ar milleadh iomad,
óir atá 'bhfioghar agus a bhfáisdine dhuit do bhúaidh


L. 268


do bhreith agus do bhan-chéile do bhúain díot,
óir níor rugadh a mbúaidh nó a n-ilchosgar i
ccléith catha nó comhraic ón láithe ro gheinseat gus aniodh."



"Ní dhingéan-sa an chomhairle sin," ar an rígh,
"nó go rabhaid uile gan a bheith ionchomhlainn
díobh acht tusa it áonar go bhfaghthar a n-asgaidh
amhlaidh sin íad."



Tig Fearghus File d'ionnsaighe na Féine iar sin,
agus a-innisios a imtheachta ó thús go deireadh dhóibh.



"Éirghidheadh céd láoch dá bhar láth ngoile
agus gér-ghaisgidh do fhritheólamh Osgair," ar an
t-aird-rígh, "óir is fear comhluinn céd do bhunadh
ann gach gágh agus ann gach ghúais é."



Tíaghaid, iomorra, an céd sin dochum an átha
ina n-áon-bhróin éididh-innilte, go ttugsat sáite
dísgire doi-fhreasdail dá n-armaibh ionchaithmhe
a n-aoinfheacht ar Osgar. Tugusdar Osgar a
aghaidh orramh-somh asa haithle, agus gabhais
agá ttraóitheadh go trén-fhearrdha agus agá ccombach
na ccuradh go crobh-láidir, agus ag díothughadh
na ndeigh-fhear go deigh-mheisneach
agus ag mughughadh na míleadh go mór-iomarcach agus
ag feidhm-leadradh na bhféinnidhe go fíor-iomarcach
nó go fíor-aigmhéil, conach deachaidh áon-neach
ina bheathaidh díobh gan bhásughadh
ó áladhaibh aidhbhle iomdhoimhne Osgair an
céd láoch lán-árrachtach sin. Léigios a bhorb-bhuirreadh
anreatha as ann sin, agus iarrais céd eile
do chomhlann leis. Tángadar-séin ina chomhdháil


L. 269


go ttug-san an ábhairt chéanna agus an easorgain
réamhráite orra, conár léig fear maoíte mór-bhríathar
aisrighthe urghill gan oidheadh uadha
dhíobh re dumhachaibh deiridh an deagh-laithe;
agus táinic féin go fosaidh forbhfaoílidh go puball na
Féine, d'aithle a ghaisgidh agus a ghníomharrtha.



Ba subhach subháilceach an Fhían d'éachtaibh
agus d'áithiosaibh Osgair. Níorbhó hamhlaidh
sin tráth do shluaghaibh Innsi Tile, acht fa dubhach
dubrónach droch-mheisneach uile íad dá n-easbhadhaibh
agus dá n-aimsiughadh ó Fhían Éireann
gach láithe i ndeaghaidh aroile.



Ar ttocht na hoidhche, iomorra, dá n-ionsuighe
leath ar leath, agus ar ccaitheamh a bpruinne agus a
ttomhaltus dóibh, ro ráidh rígh Innse Tile re a
theaghlach teacht d'ionnsaighe puible na Féine
agus iathadh as gach áird ina thimcheall, agus gan fíor
fear nó comhlainn chomhthrom do dhámhadh
dhóibh, ó nach roibh sén catha nó comhluinn orra
ina n-aghaidh co n-uige sin. Ro éirghiodar cúig
céd míleadh mór-chalma do mhaithibh a mhuintire
agus a mhóir-theaghlaigh dochum an átha a n-aoínfheacht
an úair sin a n-éagmhais modhadh agus
muadh-ladrann, daoíne díomhaoín agus daósgarshluagh
agus aoís anbhfainne ar-cheana.



Dála Finn agus Fían Éireann, iomorra, as í sin
úair agus aimsir ann ar fhíarfaigh an rígh-fhéinnidhe
dhíobh cía rachadh d'fhoraire an átha úatha.
Ro éirigh Osgar iar sin, agus ro ghabh a earradh áigh


L. 270


agus a threalmha troda go hurmhaisneach uime dá
imdhídean. Téid d'ionnsaighe an átha iar sin
gan gúasacht gábhaidh, gan uamhan iorghaile,
gan ceist chathaighthe nó comhluinn ría uathadh
nó re sochaidhe fair. Ar tteacht dochum an átha
dhó, is amhlaidh fuair céd fear do mhuintir
Chuillinn ar ttocht don táobh eile don átha. Arna
fhaicsin sin d'Osgar cuiríos cloch chomhchruinn
chudroma ina chrann-tábhuill go trén-ath<l>amh
go ttugusdar urchar díreach deighsheólta gan
iomroll, gan fíor-sheachna, go ttárla a ttul-chlár
a aighthe agus a éaduin í don fhear fa coimhneasa
dhó dhíobh, gurab a cceann a' naoídheadh fir
ro airis, ar ttreaghdughadh agus ar t<t>rén-tolladh
a cceann a n-aoínfheacht, óir is as lorg aón-fhir
do bhádar uile, gur thuit a n-aoínfheacht isin
abhainn. Íar sin tig an dara naonmhar ina n-ionadh
asa haithle cona dearna an cleas <céadna> friú.
Acht atá ní cheana, ro thuitseat naoí náonmhair
dá láochaibh leis ar an láthair sin, gan argain,
gan iolfháobhair eile d'imirt orra ar an ordughadh
sin, agus téid féin fúthaibh fá dheóigh, gur imir a
fhearg agus a fhorrán go hiomarcach orra, go ndearna
céide cearta agus sreatha siorrtha agus conair choithcionn
agus bódhthar bodhbha dona buídhnibh agus dona
borb-láochaibh co n-imeóchadh an brainén bláith
bioth-chíocrach ón ccolainn chíorrtha chrosbhúailte
go a chéile don choimhthineól, gach


L. 271


fear a bhfail a ghlúin agus a n-ionadh a throigheadh
dona trén-fhearaibh. Dá ngábhadh fear soir nó
síar, budh-dheas nó budh-thúaith, do theagmhadh
Osgar 'na aonar a bhfosadh-mhullach a aighthe
agus a éaduin do gach fear aca, conach deachaidh
<fear> díthchill nó dearmuid dhióbh gan bás
gan bith-oidheadh d'fhagháil re himdheireadh na
hoidhche agus le hurthosach an leabhar-laoí. Ciodh
thrácht ní dhearnaidh curaigh nó cathmhílidh,
laoch nó leabhar-ghaisgeadhach d'fhearaibh Éireann
ariamh co n-uige sin samhail airligh agus athchuma na
hoidhche sin, acht namá an breisimh brátha
buan-aigmhéil tugsat Lughaidh Lámh-fhada láoch-bhuilleach
for cheithre macaibh Poimine Point
cona ttineól agus cona ttoithchiosdal ag foraire na
bhFomhrach re hucht Catha Muighe troim-easbhadhaigh
Tuireadh, nó an chloch-threas calma
comhmaoidhmheach agus an gleó trén-gharbh
tinniosnach tugusdar Cú Cholann d'uaisle agus d'árd-mhaithibh
Éireann i mBreisligh mhóir Mhuighe
Mhurtheimhne, nó na hára agus na hil-échta tugusdar
Conall Cearnach ar cheithre cóigeadhaibh Éireann
dá ndílghionn ar an Dearg-rúathar a ndeaghaidh
chosair agus chomhmaóite Con cColuinn, gurab íad
sin fa samhail do ghníomhaibh gaile agus gaisgidh
Osgair mhic Oisín an oidhche sin for ánradhaibh
na Tile ag teasorgain Fhían Éireann.


L. 272


Táinic tair a ais don táobh dá rabhadar an Fhian
don átha íar sin d'éis a airleach agus a easorgan,
agus suidheas 'na shuidhe faire agus forchoimhéda ann
nó gur éirigh a roibh ionfheádhma don Fhéin asa
bpuball go príomh-urlamh, agus gur éirigh Cuileann
Cruadharmach cona choimhthineól ar chéide na
cathrach d'fhios sgéal a mhuintire agus a mhóir-theaghlaigh,
go bhfacadar na colna cró-dhearga
comhfhuilighthe agus na méidhidh mudhaighthe
móir-theasgtha agus an ógbhaidh airlighthe fhiar-ghearrtha
forsna fearannaibh fóda fairsinge agus
forsna ródaibh réidhe ro-leathna agus forsna conairibh
cinnte coitcheanna for a ccomhair. Gabhais
gráin agus grod-bhíogadh ádhmhar aireacht Innse
an tan ad-choncadar an t-ármhach trén-aidhbhseach
sin rena ttáobh do thoradh áigh agus iongnamha áon-fhir;
agus tugsat aghaidh a n-aoinfheacht forsan
aird-rígh, agus ro ghabhsat ag aithfir iomaithfir fair
fá gan gach ní dá roibheadar an Fhían d'iarraidh
do dhílsiughadh dhóibh, ó do ghabhsat trén agus
treisi for gach crích isin chruinne dár chúartaighseat.



Gabhais fearg agus fu<a>lang adhbhal-mhór an t-áird-rígh
umna haitheasgaibh sin, agus do ráidh gibé
neach dá úaisle nó dá onóraighe do-chluinfeadh
dá lúadh nó dá labhairt sin fris go ccuirfeadh
chum báis go bioth-aibéil é.


L. 273


Táinic tráth Fionn agus a thríar tréin-fhear ina
choimhdheacht d'fhéuchuin Osgair agus do bhreith
radhairc agus ro-amhairc ara ndearna Osgar d'éuchtaibh
agus d'easbhadhaibh an oidhche roimhe sin
agus do thaidhbhreadh for shochraidibh Innsibh Tile.



Do-chúaidh Fearghus File gusan sosadh ríogha a
roibh Cuilleann íar sin. Suidhios an rígh go
honórach ina fhíadhnuise é; fíarfaighios an raibh
áon-neach eile mar áon re hOsgar ag déanamh a
ndearna san oidhche roimhe sin do dhíth agus do
dhíobháil dá dheagh-shluaghaibh.



"Ní roibh cheanna," ar Fearghus, "aon neach
'na fhochair acht é féin 'na áonar, agus ní ráinic
a leas a bheith, óir níor shaltair air talmhain
tríath nó tighearna nó trén-fhear tar Hectóir
mhic Phrímh nó Logha mac Eithneann fil ionchomhraic
fría Osgur, agus fós ní bhfuil áon-neach
'na fhochair anosa isin átha ina bhfuil ag furnaidhe
áigh agus iorghaile."



"Gá beag d'Fhionn agus d'Fhíanaibh Osgar 'na
áonar do ghabháil treisi agus tréine dhóibh amhlaidh
sin ar gach tír agus ar gach talamh a ttiaghaid?" ar gach
aoin-duine isin oireacht d'aitheasg aoín-fhir.



"Éirigheadh céd eile úaibh d'ionsaighe Osgair,"
ar an t-aird-rígh, "nó go ndeachaidh go hár aon-duine ...


L. 274


Críoch ar V annso. Eirigheann sgríobhaí
V as an aithsgríobhadh i lár líne ar l.166. Chuir
sé an uimhir 167 ar an gcéad leathanach eile don
ls. ach d'fhág sé bán é gan sgríobhadh air.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services