Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéalta Rómánsuíochta
Title
Sgéalta Rómánsuíochta
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ní Mhuirgheasa, Máire agus Ó Ceithearnai
Composition Date
1859
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1952)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TÓRUIGHEACHT NA HEILITE LE CÚ CHUILINN AGUS OILLIOLL FIONN Fleadh mhór-aibheal do comóradh le Conchubhair mhac Neasa, rígh Uladh, a n-Eamhun Macha feacht n-aill. Agus níor fháig sé prionnsa nó ridire, triath nó taoiseach, laoich nó gasgaidheach, ó chuain go cuan san chóigibh nach dtug sé cuireamh dhó a theacht 'a chaitheamh na fleadha sin go maithibh a theaghlaigh. Agus is uime do comóradh an féasda sin leis, eadhón, fo ghnáth leis seilg na fiodhbhuidhe do bhí fó shleasaibh an abhunn Callainn agus na Craobh-ruaidhe 'dhéunamh uair gach bliaghan. Agus do chathaidís mídh gach bliaghan a' fleadhughadh agus a' seilg. Ach tá ní cheudhna, air dteacht na dtrom-shochruidhe agus na mór-uaisle sin a gceann a chéile air faich na hEamhna budh samhalta le coill dhlúth dhosgaoilte díona agus daingneach a n-eich agus a gcarbaid, a laochraigh agus a gcunairt; óir ní raibh triath nó taoiseach gan a ghiolla chinn eich ann' fhorraid, agus ní raibh ridire nó rígh-mhíligh gan a ghiolla cosaigh agus a chú agus a ghadhair air éill leis. Tháinig ann mur an gcéudhna a n-óig-ríogunaibh, a mbann-dháil
agus a mbanntracht, agus ní raibh bain-tighearna dhíobhtha nach raibh a hinnioll agus a bean choimheadacht léighthe. Agus air rochtain a láthair na Craobh-ruaidh dhóibh, do chuaidh lucht friáthlaidh thuigh Chonchubhair do gcur 'na suighe fó bhordaibh fial-fharsang na rígh-chaithreacha sin, gach aoin oca do réir a chéime agus uaisle 'chud' fola fó seacha, agus a ríogun féin air ghualaing chlí gach triath; agus do cuirtheadh a ngiollaidh agus a seirbhísigh anna seamra fó leith. Agus air mbeith do chách suighte ann' áiti féin, do folagh buird shlimleathan na caithreacha sin de nuadh gach bídhe agus de shean gach dighe, nó gur bhudh súgach meaghair-chaoimh na mór-shlóighte sin. Is ansin a d'éirigh na hollamh agus na héigsibh a' sinim a nduan agus a ndréachta, ionnus go ndeurnadar trí trian don aoidhche, eadhón, trian le hól, trian le ceóil, agus trian le tromchionn suan agus sáimh-chodlata, agus chaitheadar an aimsir amhluighe go cionn caocaíse. Is ansin do hiomrádhach leó gur mhithid dhóibh an tseilg do thionsgnadh air dteacht na maidhne air n-a márach. Is ansin do labhair Caithfidh draoi, agus is sé ro rádha: "Gé gur mór meaghair agus meanmnagh an mhór-theaghlaigh so anocht,
chím tubaiste ro-mhór aige feitheamh air neoch éigin do na mór-mhaithibh atá anso a láthair, a thucfais do dhruim na sealga sin." Is ansin do labhair Conchubhar mhac Neasa agus is sé adubhairt: "Ní heagla linne sluagh nó sochraidh 'o mhéud dá dtarla dhúnn air tír, nó cabhlach 'o thréuna do dtigeadh air mur as réagún imchian, nó allmharaibh eachtrainn air bith ele." A haithle sin air dteacht mhoch na maidhne air n-a márach, beartuidheas na mór-bhuidheanaibh sin iad féin a n-arm agus a n-éideamh sealga, (gach aon oca) aige breith a chú agus a ghadhair air éill leis gan fhuireach. Gluasaid rompa fo dhéin na foraoise agus Conchubar ana réumthosach, aige fágbháil na ban-dháile uile a n-Eamhuin 'na ndéigh. Air dteacht a ngar don choillidh dhóibh sgaoilis gach aon oca a chú agus a ghadhair dá héill, agus leigid fón choill iad, agus dar leat budh leóir a dh'aoibhnis a bheith aige éisdeacht le uall ghuithbhinn na ngadhar sin agus le fead-gháir na bhfear fiadh da mbrosnamh. Ciodh trácht, níor chian dhóibh nó gur dúisgeadh leófa eilit mhaol. Agus budh ghile an taoibh deas di nó an eala air n-a folcadh a dtonnaibh na bóchna, agus budh duibhe nó guail gobhann air n-a bháthamh anna bhfuair-uisge an taobh ele di.
A haithle sin sgabais na slóighte sin iad féin síos agus suais, soir agus siar air feadh na coilleadh dá tóruigheacht. Ach tá ní cheudhna, air dteacht dheireamh don lá do chailleadar amhairc air an eilit. Is ansin do cineadh comhairle oca a mbeannaibh agus a stuic do shinim agus gairm air ais a chur air a gconairt shealga, agus fuireach ansa choill an aoidhche sin go teacht na maidhne air n-a márach, agus gach haoin oca a dhéine agus a luathais a dhúblamh an t-am sin. Air chríochnadh na comhairle sin dhóibh do shéudadar a n-adhairce agus a mbeannaibh ceóil ionnus gur chrunnadar a gceann a chéile air aon láthair eadra cú, giolla agus gadhair. Tilleadar air sin don Chraobh-ruadh go tuirseach trominntineach agus go sáruidhe suaghta, agus níor canamh ceóil nó duan le ollamh nó éigse an aoidhche sin. Is ansin adubhairt Conchubhar mhac Neasa le cách ele go raibh eagla mór air gur amsamh draoigheachta do bhí air slighe a imirt ortha, óir más minic do sraonadh seilg na foraoise sin leis roimhe sin nach bhfacaidh sé samhuilt na heilite úd ariamh aroimhe: "Agus is dóigh liom," air sé, "go bhfuil míoth-ághadh éigin ann teagbháil do cheann."
Is ansin do labhair Oillioll Fionn, mhac rígh Oileach Néid, agus is sé adubhairt: "Ní mó linne an t-iomlán de sin uile, óir sgaoilfidh sinne ar mbuidhnibh ann gach ard don fhoraois amárach, ionnus go dtimchiollaidh sinne an fhoraois air mhodh nach féidir don eilit úd éalóch uann air aoin taobh. Agus luigheam fóm armaibh gaisge, má chím amhairc do ma shúilibh uirthi arísd, nach dtilliom go bráth go faich na hEamhna go dtutfaidh sí liom, súd agus go mbeidhinn bliaghan iomlán do tóruigheacht." A haithle sin thugadar as an aoidhche sin go teacht na maidhne air n-a márach. Is ansin do thrialladar rompa go deagh-thapaidh fó dhéin na foraoise. Agus air dtimchiolladh na foraoise sin dhóibh, sgaoilis gach aon oca a chú do héill, agus bheireadar leigint don chonart sin tríd í. Ciodh trácht, níor chian dhóibh air an ordughadh sin an t-am do dhúisgeadar an eilit chéudhna a bhíodar 'a thóruigheacht an lá roimhe sin. Agus do leanadar go dian-bheódha agus go luath-nimhneach lán-fheargach í, agus níor sguradar don ruaig sin go síneamh néull nóna agus go hur-thosach aoidhche. Agus fá dheóigh do chailleadar amhairc uirthi. Is ansin adubhairt Conchubhar mhac Neasa leó a mbuabhaill a shéideamh agus a n-adhaircibh,
ionnus go dtionáladh na mór-mhaithibh sin a gceann a chéile. Agus air dteacht air aon láthair dhóibh adubhairt sé leó iad tilleamh abhaile gusna hEamhna, agus gan a theacht don fhoraois sin níos mó, óir go raibh leatrom mór agus amsadh draoigheachta do imirt ortha. Tilleadar air ais air sin, agus gé gur mhór a n-uaignis agus a dtuirse an aoidhche roimhe sin, budh mhó go mór an t-am sin é. Ach tá ní cheudhna, ní aithristear níos mó de n-imtheacht go rochtain na hEamhna dhóibh. Dála Oillioll Fionn, mhic rígh Oileach Néid, níor thill sé ón fhoraois amhul chách an aoidhche sin. Agus níor fhan aige do na slóigh iomarcach sin ach Cú Chuilinn féin amháin agus é 'na mhaoth-mhacaibh. Agus a dh'eagla díobháil air bith 'éirigh dhóibhthe, do-chuadar suas anna gcrann mhór ard do tharla dhóibh, agus d'fhanadar ann air feadh na haoidhche sin go teacht na maidhne air n-a márach; agus air sin thángadar anuas as an gcrann sin, agus chuadar 'a theasdail na foraoise a' cuartadh na heilite réamhráidhte. Agus do shubhaladar ó mhoch-thráth maidhne go fainne néull nóna agus go hur-thosach aoidhche, agus ní bhfacaidear amhairc uirthi. Is ansin do mheasadar ná raibh sábháltuis dhóibh codlamh air
an fhásach sin le hiomad na mbeathaigh allta do bhí ann; ghluasadar air sin suas a ngéugaibh bile mhór ard, agus is iongnadh nach ndeurna geiltibh dhíobhtha le méud na mbeannánaibh agus na mbocánaibh agus ilphéisdibh ele do bhí 'na dtimchioll a n-alt na huaire sin. Atá ní cheudna, d'fhanadar ann an aoidhche sin go héirigh don ghréin go lán-shoilseach air n-a márach. Is annsin do thángadar anuas as an mbile sin, agus ghabhadar aige féuchaint na n-ardaibh 'na dtimchioll do gach leith, mur ndúil go bhfaiceadaist an eilit úd ó chianaibh. Agus do-choncadar óglach a n-éideadh giolla cosaigh a' teacht do n-ionsuighe, agus air dteacht a láthair dó, beannuidheas dhóibhthe do bhriathra fíor-mhuintiordha do réir na canamhunn do bhí air bunn an uair sin. Do fhreagradar-san an beannadh agus d'fhiafraidh sgéala de. Adubhairt-san leó gur sheirbhíseach díleas é a bhí aige iarraidh tighearna maith. "Ní mór do thoirbhe a theacht chugainn-ne don toisg so," air Oillioll Fionn. "Cionnus sin?" air an t-óglach. "Mur támuraoinne gan díon gan daingneach, gan bhiadh gan deoch gan suain, air siabhradh seachrán," air Oillioll Fionn.
"Gan ghéilleamh dó sin," air an t-óglach, "is maol gualann triath nó taoisigh gan giolla cosaigh ann' fhocair, "air an t-óglach, "agus dhéunaid-se mur dhéunaidh sibh-se." "Créad é an foghnamh do-ghnídh tú?" air Oillioll Fionn. "Dhéunaid giolluigheacht ansa lá agus faire ansan aoidhche," air sé. "Máiseadh, is oircheas dhut nídh éigin de da fhoghnamh maith a chur a ngníomh," air Oillioll Fionn. Imthíos an t-óglach air sin, agus bainis slat fhionn-chuileann, agus curthais ruannach air a bharr. Agus téid fó dhéin locha do bhí 'ngar dhóibh agus curthais an ruannach san loch, agus níor bhfada gur thóg sé iasg mór as. Curthais síos an dara feacht é agus tógbhais iasg beag aníos as; agus curthais síos an treas uair é, agus tógbhais iasg beag ele as an loch. Ceanglais an ruainneach air sin fó chaoil a churp, agus curthais an tslat a bhfolach air bhruach an locha agus gluasais roimhe go réim-dhíreach gusan áiti dar fhág sé Oillioll Fionn agus Cú Chuileann. Agus air dteacht a láthair na dise sin dhó, lasais teine chrios air an fhásach sin agus ollmhaidhis an t-iasg dhóibh. Agus rádhais le hOillioll an t-iasg mór do tharraing chuige; agus rádhais le Cú Chuilinn iasg beag oca 'thabhairt leis, agus go mbeirtheadh sé féin an t-iasg beag ele leis.
Do rinneadh amhluighe sin leó, agus do shuigheadar síos, gur chaitheadar a leór-dhóchain de, agus budh mhór a bhfeidhm air fón am sin. Ach tá ní cheudhna, air n-ithe an éisg do Oillioll Fionn do-gheabh brásloid ór-dhealbhthaigh astuigh ann-san iasg, agus (budh) mhór a n-ionghantais uile uime sin, óir níorbh fhéidir leó a thuigsint cionnus mur tharla ansin é. "Is gníomh míorbhuilleach é so gan amhras," air an t-óglach, "ach ní curtha 'n ionghantais é, óir féuch mur do tharla an nídh céudhna do Thobias anallóid. Agus tabhair-se aire dhílios dhó, óir ní fios dhut cia hionad a bhfoghnadh sé dhut." A haithle sin fiafrais Oillioll Fionn don óglach sin annarbh eólach sin tír sin é. "Is eólach acheudhna," air an t-óglach, "agus is aithne gach tír ele mur an gcéadhna." "Créad is ainim dhut?" air Oillioll Fionn. "Leig as," air an t-óglach, "óir ní háil liom m'ainim a dh'innsin do aoin-neoch." Is ansin fiafrais Oillioll Fionn de an dtucfadh leis nídh éigin a dh'aithris dhóibh fón eilit úd a bhí siad 'a thóruigheacht, agus a sháruidhe cómh mór agus sin maithibh an chógaibh agus a gconairt shealga uile. "Is dóigh liom," air sé, "gur féidir dhamh fionnasgadh a thabhairt dhut air sin. Ach ní
tráth comhnaoi dhíobh an áiti so anis," óir dá mbeidh siod níos iomarcaigh a n-uimhir agus níos treise 'ngoil agus a ngaisge, go marbhthaidh iad fuidhe mheódhain aoidhche anocht. "Cionnus sin?" air Oillioll Fionn, "agus gan tathuighe duine nó ainmhidh anso?" "Cur de da sheanchus," air an t-óglach, "ach leanaidh mise an gach conair do rachaid, mur ndúil go bhfuigheann fosgach agus dídion na haoidhche 'nocht dhíobh féin agus dhamh-sa." Gluasais an t-óglach leis air sin a réam-thosach na sligheadh, agus Oillioll Fionn agus Cú Chuileann go dian air a lorg. Agus tair éis asduir fhada tríd diamhuir na gcoillte sin do thángadar go bonn carraige mór air bhruach alla aibheal, agus téid an t-óglach asteach anna bhfosgladh do bhí ansa charraig, agus do lean Oillioll Fionn agus Cú Chuilinn é. Agus a ndéigh iad a dhol a bhfad siar ansan fhosgladh sin, do fuaradar seamra mór-fharsaing deagh-orduighe rompa, agus macaoimh mín-dhealbhach mná 'na suighe ann go triamhunach tuirseach, agus sgréachóg roilge, dá ngoirthear cailleach aoidhche di, 'na suighe air a bhord ann a fiaghnuise. Beannais Oillioll Fionn di tríd bhriathra faisdineach fír-ghlic, agus do fhreagur sí an beannadh anna mbriathra fíor-chaoimh fáilteach,
agus curthais gléas suighe ortha. Éirghis an ríoguin air sin agus deasuigheas biadha saora sogh-bhlasda agus deocha milse meisgeamhla air bord as a gcomhair, agus rádhais leó a n-earradh asdair agus imtheacht a leigin díobhtha, agus a ndóchain don oileamhun sin úsoid. "Óir is dóigh liom," air sí, "go bhfuil leatrom beatha ('s) suain oraibh, agus ní neamh-chosmhul libh gur fhág sibh ár." A haithle sin do chaitheadair a leór dhóchain bhídhe agus dighe, gurbhudh subhach soigh-mheanmnach iad do éis. Is ansin ro fhiafrais a sgéala dhíobhtha. Adubhairt Oillioll Fionn léighthe gur comáradh seilg le Conchubhar mhac Neasa, a réamh-bráthair, rígh Uladh, agus air an chéad-lá don tseilg sin gur dúisgeadh eilit mhaol leó, agus go raibh an taoibh deas di air dhath na géise agus an taobh clí air dhath an ghuail air n-a bháthadh a bhfuar-uisge. "Agus bhímur da tóruigheacht ó mhoch maidhne go néull nóna, agus ní raibh sé air ar gcumais a theacht suas léighthe." Thilleadar uile gusna Craobh-ruaidhe an aoidhche sin, agus is sé adubhradar uile gur amsadh draoigheachta do himreadh ortha. "Agus adubhairt mise air sin, dá bhfaicinn amhairc do mo shúile an dara lá uirthi nach dtilleann tar ais go hEamhuin go bráth nó go dtutfadh sí liom, nó
mise léighthe. A haithle sin, air dteacht na maidhne air n-a márach, do ghluasamur uile don choill an dara feacht, agus tair éis sinn an choill a thimchiolladh do dúisgeadh linne an eilit chéudhna. Agus gé gur freasdaladh í go dian linne, d'fhág sí ar radhairc air dteacht dheireamh don lá. Agus do thill cách ele don Chraobh-ruaidh ach mise agus an maoth-mhacaibh so a d'fhan an m'fhochair, agus támaoinne a' síor-fhaireachus na heilite sin ó shoin a leith, agus ní bhfacamur í. As air mbeith a' teasdail na foraoise dhúnn do tharla an giolla cosaigh so linn. Agus aige sin ar sgéala féin agud," air Oilioll Fionn. "Créad do threóraidh don ionad uaigneach so thú?" air an ríogun. "Atá, an t-óglach so," air Oillioll Fionn leis an ghiolla chosaigh. "Cia shé do thug eólais dhuit-se don ionad dhiamhuirthe so?" ar sí, leis an ghiolla cosaigh. "Is móide de (mo) mhódaigh agus bréithir de mo bhriathra gan ma sgéulta d'innsin do neoch air bith." Fiafrais Oillioll Fionn air sin don ríogun an (raibh) fear a diongmháile aicí, nó cionnus do raibh sí cómh triamhunach. Is ansin do fhreagair sí é, aige rádha: "Do bhí, agus ní mbeidh go bráth arísd." "Cionnus sin?" air Oillioll.
"Ní bhfuil nídh air bith is deacraigh liom-sa nó sin a dh'innsin," air sí. "Air grádh h'ine, a ríoghain," air Oillioll Fionn, "nach ceil do rún níos faide oram." "Gé gur deacur liom sin," air sí, "(ní) dtig liom do shamhuil-se de raoighrigh a dhúilteamh," air si. Is ansin do chuaidh an ríogun a gceann sgéul, agus is sé adubhrais: "Ridire na Bualadh an t-athair dár rugadh mise dhó," air sí, "agus is sé áiti do raibh sé 'na chomhnaoi aige Dealbhna Nuadhat. Agus do bhí gasgaidheach óig a n-Oil-na-Meacht darbh ainm Gruagach an Ghleanna. Agus dá mbéidhin-se 'mo bhainríogun air an domhun mhór, budh díol céile dhamh an fear sin. Agus tharla dhó tuile trom-ghrádh agus sruth fíor-aibheal seirce do thabhairt dhamh-sa. Agus thugas-sa an chumann chéudhna dhó. "Agus fón am sin do bhí arrachta ur-ghrána 'na chomhnaoi láimh le Loch Corab do ngoirthídh Faitheach Mór an Locha de. Agus do chur an ilphéisd sin dúl phósda oram. Agus mur thugais-se trom-dhúilteadh dhó, líon sé de dhásacht feirge agus daoghaltais ann m'aghaidh, agus bhí sé air mo shíghe do lá agus do aoidhche. Agus do tharla dhamh lá n-aon a dhol amach ar an
fhaich aige tuighe m'athara agus thainig an fathaich sin mé, óir do bhí sé a bhfolach láimh liom. Agus do thug sé suigheadh sanntach athlaimh fó mo dhéin. Agus an uair do-chonairc mise é, thugais léim ard éunamhul go dorais an dún. Agus tráth do bhídhis a' dol asteach ann, fuair sé greim lena láimh neartmhur air shlabhra fionndhruine do bhí fó ma mhuinéal, agus bhris sé é, agus d'iomchair air shubhail leis é. Agus ní mór nach m'fhearr liom mo bhás nó a chaill. A haithle sin tigis Gruagach an Ghleanna, agus pósadh é féin agus mise le chéile. Agus air gcaitheadh seal gearr a dh'aimsir dhúnn a gcuideachta 'chéile fó mhór-aoibhneas, go dtarla dom athair agus do Ghruagach an Ghleanna a dhol amach a gcuideachta 'chéile air faich an dún sin, agus tigis dearbhshúir do Fhathaich an Locha, do bhí ro-líomhtha a n-ealadhan draoigheachta, air foluamnadh as a gcionn, gur dhóirt sí anuais uisge as suightheach do bhí léighthe air mhullach chionn Ghruagach an Ghleanna, go ndeurna sí sgréachóig roilge de, mur chí tusa anis ansin é." Air rádha na mbriathra sin do leig an t-éun gránna sin sgréach as a chlonfaidh fó na críochaibh budh choimhneas dhóibh. "Agus créad do ruaig a gcuais na cairge so ann a bhfuil tú anis thú?" air Oillioll Fionn.
"Atá," air sí, "bhí giolla grádhach agum do bhí 'na dhalta aige m'athair do chloinn Chonchubair Ruaidh, rígh Oileach Néid, agus a dh'eagla go ndéunfaidh aithmhilleadh draoigheachta oram féin, amhuil agus mur do-rinneadh air Ghruagach an Ghleanna, do threóraidh sé ansan áiti uaigneach so mé. Agus táim ann ó shoin a leith," air sí. "A haithle mé Dealbhna Nuaghat a d'fhágbháil, foillseadh don drochmhnaoi úd tré rúindhiamhur a healadhna go dtángais don ard so. Agus do lean sí féin agus a dearbhráthair, eadhón, Fathaich an Locha mé, 'ndúil aire 'fhagháil oram agus mo bhreith leis chuige féin, nó mo aithmhilleadh le draoigheachta," air sí, "agus mur is féidir leis an mhnaoi sin a rogha crotha agus deilbh do ghlacadh, is dóigh liom-sa gurbh í do tharla libh-se, 'fhianaibh Uladh, a bhfíoghur eilit, agus gurb í atá tusa 'a thóruigheacht gus anis. Agus aig sin mo sgéala féin dhut, a óig-ghasgaidh," air sí. "Beir buaidh agus beannacht," air Oillioll Fionn, "má chualaidh mé a'n sgéala ariamh is milse liom nó sin. Agus anis aithris dhamh an gcomhnaoidhean an giolla grádha sin do theaghlach d'athaire, do threóraidh anso thú, agud ó shoin a leith?" "Ní déun a cheudhna," air sí, "óir an t-am a d'fhág sé anso mé, d'éaloich sé uam, agus ní
bhfacas é ó shoin, nó neoch air bith ele, go dtarla dhíobh-sa 'theacht chugam. Agus anis is eagal mór liom go bhfuighe an ilphéisd úd eólus oram, óir do shaoil mé nach raibh fhios aige neoch beo air an áiti uaigneach so ach dalta m'athaire. Agus anis ó tá fhios aige daoine ele fair, is contabhairteach dham fanmhun ann." "Nach himshníomhur thú uime sin," air Oillioll Fionn, "óir luigheam fóm armaibh gaisge nach dtillim air ais go bráth go hEamhun Mhacha nó go tutaidh an ilphéisd cailligh úd le mo láimh agus Fathaich an Locha mur an gcéudhna." Is ansin do labhair an ríogun agus is sé ro rádha: "Is díomhaoin do ghlórthaigh, a óig-ghasgaidh," air sí, "óir is snáimh a n-aghaidh srotha dhuit-se, nó do laoich air bith ele, a dhol a ngleic le Fathaich an Locha an feadh do bheidhis an bhean úd beó, óir gé go rachadh tusa nó neoch air bith ele ann comhraic leis, is féidir di tré líonmhaire a healadhna cuaille fearnóige 'fhágbháil as da choinne ann a fhíoghair, agus eisin do ghoid uad nó go gclaofaidh sibh ibh féin da mar leadramh agus da mur dtuargain féin," air sí. A haithle sin fiafras Oillioll Fionn di an raibh ní air bith air mur nó air tír a leighisfeadh
Gruagach an Ghleanna, agus má bhí, gan a cheilt air. "Atá agus ní bhfuil," air sí. "Cionnus sin?" air Oillioll. "Atá," air sí, "ní bhfuil nídh air bith ansa domhun a dhéunamh a leighis ach fórcadh do chur air de fhuil cruidhe na cailligh úd, agus sin nídh nach bhfoghair go foircheann na beatha," air sí. Atá ní cheudhna, thugadar as an aoidhche go maidin air n-a márach. Is ansin a d'fhiafraidh Oillioll Fionn don ríogun a ndéunamh sí eólus dó gusan ionad a raibh na hilphéisdibh úd. Do fhreagur sí é aige rádha nach nglacadh sí ór na beatha agus a dhol air amharc ceachtar díobhtha - agus tuilleamh ele, nach dtucfadh léighthe eólus a dhéunamh dhóibh. Is ansin do labhair an t-óglach do bhídh n-éideamh giolla cosaigh agus is sé ro rádha: "Is aithne dhamh-sa an uaimh a mbídhean siad ann, agus is deacair a taobhadh. Ach is sé is indhéunta dhuit-se fuireach anso go ceann thrí lá, óir théid an ilphéisd cailligh úd da fórcadh ansa loch úd da bhfuarais an t-iasg ann, lá ansa mhídhe, timchioll meódhain lae; agus rachaidh sí ann a' teacht na haimsire úd, agus curthaidh sí a héideamh di air bhruach an locha, ach an slabhra fionndhruine atá fóna brághaid. Agus ní dheargann
arm nó iol-fhaobhar uirthi an feadh do bheidhis sé 'na timchioll, agus ní mó bháthfais uisge í, nó teine a dóghadh. Agus is sé is déunta dhuit-se a bheith 'bhfolach fó shleasaibh an locha go rachaidh sí san uisge, agus ansin a freasdal go nimhneach." Ach tá ní cheudhna, air dteacht na maidhne an treas lá, gluasais Oillioll Fionn agus Cú Chuilinn agus an giolla cosaigh rompa gusan loch úd ó chianaibh, agus timchioll meódhain don lá do-chídear an ilphéisd mhór-ghránna cailligh sin a' teacht chum an locha. Agus air a theacht ansin di, curthais a héideamh di agus téid do shnáimh an locha. Dála Oillioll Fionn, curthais a éideamh féin de agus téid 'na déigh san loch. Agus géar mhór a ghoil agus a ghaisge, níor fhéid sé a theacht suais léighthe, gé gur shnáimh sé an loch fó thrí dá ruagadh. Dála Chú Chuilinn, éirghis as 'áiti foluighe, agus tigis gusan áiti do raibh éideamh na cailligh air bhruach an locha. Agus níor chian dhó ansin an t-am a d'éirigh sí aníos as an uisge. Agus air sin bheiris Cú Chuilinn suigheadh sanntach sár-chalma lena dhá láimhe leabhar-gheal fo chaol a curp, gur thrasgair go lár agus go lán talamhna í; agus curthais a láimh fón tslabhra fionndhruine do bhí fóna brághad, agus thug tuibe agus tréun-tharraing gur bhris é. Agus sul do dtáinig Oillioll
Fionn chuige, bhí cúig caoil na cailligh ceangailte go cruaidh a gceann a chéile aige. Is annsin do tháinig Oillioll Fionn (nuair a chur sé 'éideamh fair) agus an giolla cosaigh a láthair, agus is sí comhairle do cineadh leó Oillioll Fionn a dhol fón ríogun, agus í féin agus a sgréachóg roilge a thabhairt ansin go gcurthaidh ann a chruth féin é. Imthis Oillioll Fionn air sin, agus go samhultaidh le sonnadh do ghaoth Márta air mhaol-mhong gach sléibhe gach sidheamh rua-ratha do dtugadh sé, agus ní deurna fos nó comhnaoi go dtáinig sé mur a raibh an ríogun sin agus toirbhear a theachtaracht di. Budh deacair léighthe na sgéala 'chreadmhun uadha; gidheagh, do thriall sí leis, agus ní aithristear a sgéala go dtángadar go harm a raibh Cú Chuilinn air bhruach an locha, agus an chailleach a gcuimhreach aige. Agus air bhfacsaint na cailligh don sgréachóg roilge, do leig sé uaill as a chlonfaidh tríd an chóigibh. Is ansin do labhair an chailleach le Cú Chuilinn, agus is sé ro rádha: "A óig-mhíligh," air sí, "nasgaim ort gan ma mharbhadh agus dhéanaidh 'réir do thola ó so suais." Is ansin adubhairt Cú Chuilinn léighthe Gruagach an Ghleanna a chur ann a riocht féin air dtúis. Adubhairt sise nach raibh sin ar a cumais nó go sgaoileadh sé di. Ansin adubhairt Cú Chuilinn
léighthe nachar bhfusa leisin a ceangal nó a sgaoleadh nó a sgaoileadh nó a ceangal arísd. Sgaolais air sin don chailligh. Is ansin a d'iarr sí ortha básain uisge a thabhairt chuigthi; agus air n-a fhagháil sin di do labhair sí beagán focail as a cheann nachar thuig ceachtar dhíobhtha. Agus a haithle sin teilgis fó mhullach an chionn air an sgréachóg roilge é, aige rádha: "Till an da chruth agus an da dheilbh féin." Ach tá ní cheudhna, ní luaidhthe theilg sí air é nó a tháinig sé anna riocht féin. Agus ní raibh sé air dhrum talamhna gasgaidheach air bith dob fhearr déunamh agus dreacht, clódh agus maise nó é. Agus air bhfacsaint sin dó féin, tugais an suigheadh sanntach sáir-nimhneach sin air an tsleagh do bhí a láimhe Oillioll Fionn, go dtug sáthamh de don chailligh gur chur fad láimhe laoich ón taoibh 'na chéile di é, air dtreadamha a cruidhe ann a cliabh. Agus tugais an dara hionsuidhe air Chú Chuilean, agus iadhais a dhá láimh 'na thimchioll agus thug teóra póg dhó. Ach tá ní cheudhna, ní féidir le teanga daoine a dh'aithris leith nó trian ollghardais na buidhne beag sin an tráth sin. A haithle sin gluasadar rompa gusna carraige annar chomhnaodar an aoidhche roimhe sin. Agus air rochtain na háiti sin dhóibh do cuirtheadh rogha gach bídhe agus togha gach dighe a láthair
chugtha gur bhudh súgach meadhair-chaoimh an teaghlach beag sin uile, go ndeurnadar trí trian don aoidhche sin, eadhón, trian le hól, trian le ceóil, agus trian le tromchionn suain agus sáimh-chodlata go héirigh don ghréin go lán-shoilseach air n-a márach. Is ansin do labhair an t-óglach do bhí 'n-éideamh giolla cosaigh agus is sé ro rádha: "Do-rinneadh glan-ghníomha agus éuchta oirdheirc fón ghleann so shíos anae; gidheagh, tá tuilleamh le déunamh anuigh ann." "Cia gníomh é sin?" air Oillioll Fionn. "Atá," air sí, "an uair nach bhfacaidh Fathach an Locha an ilphéisd cailligh úd a' tilleamh abhaile chuige air maidin, rachaidh sé dá cuartadh; agus muna gcosgthair é sol do rachaidh sé ansan áiti a bhfuil sí marbh, éireóchaidh a chon-mhire agus a dhásacht feirge agus a leómhan-laochdhacht, air mhodh nach lamhann neoch a dhol 'na dháil, agus bhéarthaidh dearg-ár an teaghlaigh so." Is ansin do labhair Gruagach an Ghleanna agus adubhairt gur bhudh hionmholta an chomhairle í sin. Agus rádhais le Oillioll Fionn a arm a thabhairt dhó don toisg sin. "Ní nós liom-sa," air Oillioll, "m'arm nó m'éideamh a thabhairt do neoch air bith ele, ach a dhol a dtosach an chomraic mé féin."
"Gan géilleadh dó sin," air (an) giolla cosaigh, "tabhair-se d'arm dhó, óir is íce a gcneadhaibh le Gruagach an Ghleanna cead fhíoch agus fhearg a fhagháil 'imirt air an arrachta ur-ghránna úd, a n-éiric an easonóir do thug sé dona mhnaoi ó chianaibh, aige breith a brásloid air subhal go foiréigneach uaidhthe." A haithle na mbriathra sin, bheirthis Oillioll Fionn arm agus éideamh dhó. Gluasais Gruagach an Ghleanna roimhe go harm do raibh an ilphéisd chailligh úd ó chianaibh marbh, aige fágbháil Oillioll Fionn, Cú Chuilinn agus an giolla cosaigh a gcuas na carraige aige n-a mhnaoi 'na dhéigh. Agus níor chian dhó ansin an t-am do-chonairc sé an t-arrachta ur-ghrána do raibh a mhéud as gach fear agus a neart as gach laoch, agus gur leór a dh'adhbhar uamhain agus eagla do laoch 'o thréine do-chífeadh é, óir bhí sé air n-a fholach do ghuarach dubh ó bhonn goo bais a cheann, agus gan ach aoinshúil aige, agus í sin a gceart-lár a éadon agus í air lasair-mhire ann a cheann. Bhí lorg-fhearsad air a ghualaing agus slabhra ath-gharbh de iaronn aith-leighte do cheangal fóna chorp go fithe dhealgaibh nimhe uirthi, agus sgiath mhór mhíleata ann a láimh ládair luath-ghonach, agus claoidheamh leathan dhá fhaobhair air a thaobh. Agus air dteacht a láthair dhó,
agus do fuair sé a dhearbhshúir marbh air bhruach an locha, do leig sé glaoi mhór ard anabháil as, agus d'fhiafraidh de Ghruagach an Ghleanna do bhí 'na sheasamh láimh leis cia shé an méith-óglach nó an biothbhuanach do-rinne an slaod-mharbhadh so. Do fhreagur Gruagach an Ghleanna é aige rádha go ndeurna sé féin é, agus go dtabhradh an oidhe chéudhna dhó-san. A haithle na mbriathra sin, ionsuigheas an dá leómhan chródha churata sin a chéile a' tuargain agus a' leadramh, a' gearramh agus a' snamhadh a chéile gan taise gan trócaire ón am sin go dtáinig deireamh don lá. Is ansin a d'iarr an t-arrachtach fhosamh comhraic go maidin air n-a mhárach. Ach níor umhlaidh Gruagach an Ghleanna don ath-chuinge sin, ach dhúblaidh a neart a mbéim agus a mbullaidh, a bhfuath agus a bhformaid, a bhfíoch agus a bhfeirg. Agus air n-a bhfacsaint sin don arrachta, tugais éirigh ard éunamhul fair, agus iomthuidheas air subhal mur cheó deataigh a bhfritheadh na firmament. Tillis Gruagach an Ghleanna air sin, go tuirseach triamhunach fó mur d'fhág an t-arrachtach ur-ghrána úd é gan díth-cheannamh. Agus air n-a fhacsaint sin do Ghruagach an Ghleanna, triallais
roimhe go harm a raibh a bhean, Cú Chuilinn, Oillioll Fionn agus an t-óglach úd a bhí a n-éideamh giolla cosaigh a gcuais na carraige. Agus air dteacht a láthair dhó fiafrais Oillioll Fionn sgéala de. Do fhreagur Gruagach an Ghleanna é aig rádha gur éaloch sé uadha amhuil ceo deataigh a bhfritheadh na firmament. A haithle an chomhráidh sin do labhair an t-óglach úd a bhí a n-éideamh giolla cosaigh, agus is sé ro rádha: "Nachar nasg mise ort sol dá ndeachaidh tú air an aisdear sin an ilphéisd úd a dh'ionnsuidhe, sol do dtuicfeadh sé go harm a raibh a dhearbhshúir marbh, agus muna ndéuntaidh a dhíth-cheannamh a gcéadóir go dtuicfeadh mórán uilc agus díobháil do cheann? Agus anis d'imthidh sé gusan dún úd atá aige air bhruach Loch Coraib. Agus is amhluighe atá an dún sin, ní bhfuil sé air chumus laoch 'o thréuna a dhol asteach ann, ach an té úd a bhéarthis léim ón talamh go barr an tuighe, agus an dara léim síos air urlár an charcaire dhaingean sin. Agus is deacar do neoch a dhol don toisg sin, cur a gcás go mbeidh sé ionchathach an fhathaich sin, óir atá leannán aige ansa charcaire sin atá ro-líomhtha a n-ealadhain draoigheachta. Agus dearbhaim dhut," air sé, "muna bhfreastalfar go luathapaidh é, go dtabhraidh sé féin agus an
leannán sin corp gonta na hilphéisd úd a dhearbhshúir leó, go ndéuntar a haithbheódhamh le feabhais rúindhiamhur a ndraoigheachta. Agus is baoghalach dhuit-se agus do da chéile do cheann sin," air sé. A haithle sin do críochnadh comhairle oca a dhol a gceann asdair air n-a márach go tuigh Ridire na Bualadh, eadhón, athair bhean Ghruagach an Ghleanna, agus an t-arrachta úd a shíor-thóruigheacht ann gach conaire nó go dtugadh braon bás agus beag-shaoghail dhó. A haithle sin ghluasadar rómpa air maidin air n-a márach, eadhón, Gruagach an Ghleanna, a bhean, Oilioll Fionn, Cú Chuileann agus an giolla cosaigh, agus ní aithristear sgéaluigheacht ortha (go) dtángadar go dún-phurt Ridire na Bualadh. Agus air dteacht ansin dhóibh agus go bhfacadar go raibh Gruagach an Ghleanna ann a riocht féin mur bhí ó chianaibh, is ansin do hordughadh do lucht ealadhna an teaghlaigh sin a stuic agus a n-adharcaibh ceóil do shéideamh agus do shinim le hollghardas. Agus tair éis seal fada do chaoimh-chomhrádh eotarra do folagh buird shlim-leathan na caithreacha sin do sgardaibh síoda agus sgiamh-shróil, agus rogha gach sóirt bídhe agus dighe air a gceann. Agus air gcathamh a leóir-dhóchan dhóibh do nuadh gach bídhe agus do shean gach
dighe, ionnus gur bhadh meadhair-chaoimh an teaghlach uile an aoidhche sin, is ansin do labhair Ridire na Bualadh agus d'fhiafraidh cionnus mur do curthadh Gruagach an Ghleanna ana riocht féin, nó cia dob ughdar do na mór-mhíorbhuille sin. Adubhairt bean Ghruagach an Ghleanna leis gurab iad an triar macaibh so do thug na neithe chum críochnaidh. "Bíodh 'fhiaghnuise ortha féin," air sí. "Innis dhamh, a rígh-mhílidh," air Ridire na Bualadh le hOillioll Fionn, "cionnus mur tharla an rúindhiamhuir so." Is ansin do chuaidh Oillioll Fionn a gceann sgéil agus issé adubhairt: "Oillioll Fionn 'sé is ainim dílis dhamh, agus mac do rígh Oileach Néid mé. Agus do hollmhadh fleadh agus féusda mór-abhail le Conchubhar mhac Neasa air Faich na hEamhna, agus chur sé crunnadh air mhaithibh agus air mhór-uaisle an chóigibh 'a chaitheadh na fleadha sin. Agus air gcaitheadh trí lá agus teóra n-aoidhche air an ordamh sin, do-chuadair do sheilg fón choill; agus air sraonadh na sealga sin dhóibh, do dúisgeadh leó eilit mhaoil. Agus is amhluigh do bhí an eilit sin, do bhí an taobh deas di air dhath na géise, agus an taobh ele air dhath an ghual. Agus ní raibh sé air chumas giolla nó gadhair agun a theacht suais léighthe ó mhoch maidhne
go neóin don lá, agus fá dheóigh d'fhág sí ar radhairc amach. "Thilleamur uile go hEamhun an aoidhche sin. Agus thug mise mionna agus mór-mhóide a láthair na mór-uaisle an aoidhche sin, dá bhfaicinn amharc da mo shúile an ath-uair uirthi nach dtillfhinn go hEamhun go bráth nó go dtuitfeadh sí le mo láimh, nó go dtuitfinn-se léighthe. Ach tá ní cheudhna, air dteacht na maidhne air n-a márach chuadhmur uile don choill an dara feacht. Agus níor chian dhúnn an t-am a dúisgeadh an eilit chéudhna linn. Agus tair éis sinne tóruigheacht dhian a thabhairt di ó mhoch maidhne go néull nóna, do chaillmur amhairc uirthi arísd. "A haithle sin d'fhan an maoth-mhacaibh so, eadhón Cú Chuilinn, agus mise san choill an aoidhche sin. Agus air n-a márach do-chuadhmur 'a theasdol na foraoise sin, agus mur sin dún gusan treas lá. Agus air dteacht na haimsire sin do tharla an t-óglach so linn agus é a n-éideamh giolla cosaigh, agus ghreamaidh sé 'na sheirbh- íseach linn. "Agus a haithle sin do-chuaidh sé fó dhéin locha do bhí 'ngar dhúnn agus do ghobh sé trí hiasgaibh ann, eadhón, iasg mór agus dhá iasg bheaga. Agus d'ollmhaidh dhúnn iad agus thug sé an t-iasg mór dhamh-sa. Agus air bhfosgailt
an éisg sin dhamh, do fuarais an slabhra fionndhruine dob áille do ndeurna le láimhe suadh nó saoir-cheardaigh ariamh astuigh ann. Agus 'na dhéigh sin do threóraidh an t-óglach chéudhna so sinne chum cuas carraige móire mur ar tharla an bhean so linn 'na suighe go triamhunach, agus sgréachóg roilge eadar a láimhe aici. "Agus an t-am a chur mise cuaisnneadh uirthi agus a d'fhiafrais adhbhar a dubrón, do nochtaidh sí a rún damh, agus adubhairt sí liom go leighthe gurb í an bhean chéudhna a d'imir amsadh draoigheachta air Ghruagach an Ghleanna do bhí mise 'thóruigheacht a riocht eilite, óir go raibh sí féin agus arrachta ur-ghrána, eadhón, a dearbhráthair, a n-áiti éigin san choill sin. Agus adubhairt an t-óglach so go dtigeadh sí lá gach haoin mídhe dá fórcamh féin san loch timchioll meódhan lae. "A haithle na mbriathra sin do-chuaidh sinne ar dtriar fó shleasaibh an locha. Agus an t-am do chur sí a héideamh di agus a chuaidh sí 'a shnáimh, agus do lean mise ann í, agus gé gur ruaig mé í hart timchioll an locha fó thrí, níor fhéid mé theacht suas léighthe. Agus fá dheóigh d'fhág sí an loch amach, agus ní bhfuair sí a theacht gusan áiti 'raibh a héideadh an t-am do thug an mac beag so, eadhón, Cú Chuilinn, suigheadh
sanntach sár-luath urthi, gur thrasgair go lár agus go lán talamhna í. Agus bainis slabhra fionndhruine do bhí fóna brághad di, air a raibh iomad buaidhibh, eadhón, nach ndeargfadh arm nó iolfhaobhar uirthuidhe, nach mbáthfadh uisge í, agus nach losgfadh teine í an feadh do bhí sé uirthi. A haithle sin do nasg sí cumairce fair, aige rádha leis gan a marbhadh, agus go ndéunamh sí 'réir a thola ó sin suais. "Air sin rádhais an mac beag so léighthe Gruagach an Ghleanna a chur ann a riocht féin. Agus do rinne sí sin amhuil agus chí tusa anis é. Agus ní luaidhthe a tháinig sé ann a riocht féin nó thug sé suigheadh faobhrach lámh-fheargach air an tsleagh do bhí le taoibh an mhic bheag so, gur chur fad láimh' laoich don taoibh ele de corp é, air dtreadughadh a cruidhe ann a cliabh. "Agus tair éis sinne an aoidhche sin a chathamh go subhach so-mheanmnach a gceann a chéile a gcuas na cairge úd ó chianaibh, agus air n-a márach 'na dhéigh sin adubhart an giolla cosaigh so agunn, an uair nach deachaidh an ilphéisd cailligh úd abhaile an aoidhche sin chuige an arrachtach ur-ghrána a dearbhráthair, go dtucfadh sé do cuartadh an mhaidin sin; agus muna gcosgfaidh 'fhíoch sul do bhfacfadh sé a dhearbhfúr marbh nár bhféidir a dhéunamh 'na dhéigh. "A haithle sin do chuaidh Gruagach an Ghleanna
a n-arm agus a n-éideamh catha a n-oirchioll air, ach amháin níor theagmhaidh sé leis go dtáinig sé gusan áiti do raibh an chailleach marbh. Is ansin do chomhrac siad araon air an láthair sin ó mhoch maidhne go néull nóna gan fios time nó tlás aige ceachtair dhíobhtha. Agus ó nach dtabhradh Gruagach an Ghleanna fhosadh comhraic dhó go maidin air n-a márach, d'éirigh sé a n-airde mur cheó deataigh a bhfritheadh na firmaimente uadha. Agus tá munn anis do thóruigheacht; agus aig sin mo sgéala féin dhut," air Oillioll Fionn. Is ansin d'fhiafraidh bean Ghruagach an Ghleanna de Oillioll Fionn cia raibh an slabhra míorbhuilleach úd a fuair sé ansan iasg úd ó chianaibh. Is ansin do theisbeán Oillioll Fionn an slabhra di. "Dearbhaim dhut 'óig-ghasgaidh," air sí, "gébé háiti do bhfuair tusa an slabhra sin, gurb é so an slabhra céudhna do bhain an t-arrachta ur-ghrána úd atá tusa 'thóruigheacht de mo bhrághad-sa 'ndorus an dún-sa a bhfuil sibh-se ann anis." "Más fíor sin," air Oillioll Fionn, "is éigein don ghiolla cosaigh so agunn roimh-eólus do bheith (aige) air neithibh rúindhiamhrach, ó ghobh sé an t-iasg ana raibh sin ann dhamh-sa." "Atá acheudhna," air an giolla.
"Máiseadh," air Oillioll Fionn, "tabhair da sgéal dún, eadhón, d'ainim, do thír agus d'ealadhain." "Tocht air do bhéul," air an giolla, "a d'fhiafraidh an cheisd sin an dara feacht dhíom, tair éis mé do dhúilteamh a gcéadóir; óir munab é d'fhiafraidh ní bhfágfainn go dtrásd thú. Gidheagh, so dhut trí shéud-chomhartha a gcuimhne do mhór-mhaithis." Agus air sin do-bheir sé córda dhó air a raibh iomad sníom, agus cíor, agus brat beag, agus rádhais leis am air bith do mbeidh sé anna gcruaidh-chás mhór, é snaom a sgaoladh don chórda. Agus am air bith do mbeidh teirce bídhe air, é an brat beag sin a leathnamh air an talamh, gébé háiti do mbeidh sé. Agus am air bith do mbeidh sé tuirseach a cheann a chíoradh leis an chíor. Agus a haithle na dtíolca sin sginnis an t-óglach amach air dhorus Ridire na Bualadh, agus níor bhféidir do neoch don teaghlach a dh'aithris cia hard da ndeachaidh sé. Budh mhór tuirse an teaghlaigh sin 'na dhéigh, agus go háiridhe Gruagach an Ghleanna, óir budh dearbhtha leis gurb é do cheannfa lena chur ann a riocht féin. Gidheagh, níor dhearmuid sé do rádha gur mhithid amus a thabhairt air Fhathaich
an Locha. Is ansin do labhair Oillioll Fionn agus adubhairt leis gur mhithid, agus go rachadh sé féin air cuairt amárach chuige, agus d'iarr ortha eólais na háiteadh sin a dhéunamh dhó. A haithle sin air n-a márach triallais Gruagach an Ghleanna agus a bhean leis, air bhfagbhál Chú Chuilinn aige Ridire na Bualadh ansa mbaile 'na ndéigh. Agus ní deurna siad fos nó comhnaoi go dtáinig siad air amharc charcaire 'n fhathaich agus gur theisbeán siad dó é. Gluasais Oillioll Fionn roimhe gusan tuighe sin. Agus air dteacht annsin dhó, do fuair sé é amhuil agus mur adubhairt an giolla cosaigh leis, eadhón, gan slighe air bith air a dhol asteach ann muna dtugadh sé léim ón talamh go dí a bharr, agus léim ele 'thabhart síos air an urlár, óir ní roibh dorus nó funnóig fair. Air bhfacsaint sin dhó, tugais an éirigh ard éunamhul sin air go laochdha calma, gur ghaibh leathad a dhá bhonn de mhullach na carcaire sin, agus an dara léim síos air an urlár. Agus air bhfacsaint sin don fhathaich, éirghis suas 'na cheó amhuil smúid deataigh, agus imthis amach air mhullach an tuighe. Agus air nglanadh don cheó sin air subhal, do ghaibh Oillioll Fionn an clár 's an fhuireann fuidhe féin gan fear innsin na sgéala aige ann.
A haithle sin fanais Oillioll Fionn ansin trí lá agus teóra n-aoidhche 'ndúil go dtilleamh an fathach air ais ann. Agus an uar nach dtáinig sé a gceann na rae agus na haimsire sin, do thill Oillioll Fionn go tuigh Ridire na Bualadh. Agus d'aithris dhóibhthe an t-am do léim sé síos air urlár Fathach an Locha, gur éirigh an t-arrachta ur-ghrána sin a n-airde mur cheó deataigh, agus gur imthidh amach air mhullach an tuighe agus nachar bhfios dhó cia hard don domhan dar ghluais sé, agus gur fhan sé ann ó shoin a leith mur ndúil go dtilleadh sé. Atá ní cheudhna, thugadar as an aoidhche go moch na maidhne air n-a márach. Agus air n-éirigh do Oillioll Fionn ní bhfacaidh sé Cú Chuilinn. Bíogais suais agus d'fhiafraidh ós ard cia raibh Cú Chuilinn, agus ní dtucfadh le ceachtar dhíobhtha a bheag nó 'mhór do sgéala d'innsin dó. Is ansin a thug Oillioll Fionn mionna agus trom-mhóide nach dtilleadh sé go hOileach Néid nó go Teach na Craobh-ruaidh go foircheann a bheatha nó go bhfuigheadh sé Cú Chuilinn. Agus amhul is mur bheidh ceann-mhire agus measgadh meanmna fair, sgingis amach air faich an dún, agus tair éis seal aimsire 'chaitheamh dhó aige féuchaint na gceithre hardaibh, tugais aghaidh siar-dheas tríd choillte cluamhura cnuas-thorthach, agus tríd
ghlinnte raodha ro-álunn, agus ní bhfacaidh sé duine nó ainmhidh. Agus ní mó chonairc sé tuigh nó frus comhnaoi ó moch maidhne go néull nóna an lá sin. Suigheas síos air sin agus leathnais a bhrat bheag air éaduin na tulcha sin amhuil agus mur theagasg a ghiolla cosaigh féin dhó, agus a bprab na súl do fuair sé a leór-dhóchain de bhiadhaibh saora so-bhlasda, agus do dheochaibh milse meisgeamhla fair. Agus tair éis é a dhóchain de a chathaimh, do-chuaidh sé suais anna mbile mhór ard go dtáinig an mhaidin. Agus air n-a márach do leig chum subhail arísd é. Agus timchioll meódhain lae do tharla triar laoch mór neartmhur dhó air mhaolann cnoic ós cionn tulaigh aoibhin ro-thaitneamhach, agus iad na gciomaibh chreapuilte a gcruaidh-chuimhreach. Agus is amhluighe do bhí an maol-chnoc sin agus tiobraid álunn fíor-uisge a' snitheadh amach aige n-a bhonn, agus a dol tríd lár na tolcha 'na amhunn ghlégheal. Ach tá ní cheudhna, air dteacht a láthair do Oillioll Fionn nasgais cumairce air, agus ath-chungais fair sgaoileadh dhóibhthe. Glacais truaighe mhór Oillioll Fionn fóna bhfacsaint annsa chruaidh-ghéibhinn sin agus do sgaoil sé iad.
Gidheagh, ní luaidhthe a sgaoil sé iad nó cheangail siad-san é féin air an láthair sin, agus d'imthidh siad uadha. Dála Oillioll Fionn, mur nach raibh tathuighe duine nó ainmhidh air an bhfásach uagnach sin, do bhí sé ansan anbhruid sin feadh seal áiridhe d'aimsir, agus gan bean a shínte nó a chaointe le fagháil, nó fear 'fhuasgailt nó 'fhurtacht a' teacht fóna thárrtháil. Agus fá dheóigh do smaonaidh sé air an chórda do thug an giolla cosaigh dhó, agus sgaolais snaom oca de lena fhiacla; agus air sin do thig óglach rannach ruadh cionn-nochtaidh cos-nochtaidh chuige, agus oll-sgath ghéar sgine ann a láimh leis. Agus gearrais an chumhrach do bhí do cheangal a dh'aon-sracamh, agus amhul mur do shlucadh an talamh é, d'fhág sé a radharc. Ach tá ní cheudhna, an feadh do bhí Oillioll Fionn a gcumhrach do-chonairc sé sluaigh bantracht, agus óig-ríogun dob fhearr deilbh, dreach agus ionnall, do mhnáibh an domhan go hiomlán ann a n-ur-thosach. Agus do bhí calloid don ór álunn Aifriceach air a ceann, agus brat fíor-uaisle síoda agus sról, air n-a chur a n-eagair le lámhaibh suadh agus saor-cheardobh, do folach go búclaigh a bróga. Agus do bhí bróg ór agus bróg airgit
urthi. Agus do thigidís gach aon mhéodhain lae feadh na haimsire sin do n-ionnladh san tsruth úd do bhí a' snitheadh ón tiobrait réamh-ráidhte. Tair éis Oillioll Fionn 'fhagháil sgaoilte as a gheimhlibh, do leathnaidh a bhrat agus chaith a chud. Is ansin do chíor sé a cheann amhul agus mur a d'iarr an giolla cosaigh fair, agus do haithle sin níor chuimhneach duath nó dochar do bhfuair roimhe sin feadh 'eachtra, ach amháin a chumhaidh fó Chú Chuilinn. Fanais air an chnoc an aoidhche sin. Agus air dteacht meódhan don lá air n-a márach, do-chí sé an sluagh bantracht a' teacht do n-ionladh san tsruth. Agus chongbhaidh amharc géar-radharcach air an áiti do bhfacaidh sé an ríogun a' fágbháil a héadaigh, agus an t-am do fuair sé ansa tsruth iad tháinig sé a dh'aon rása gusna linne. Agus air bhfacsaint sin don bhantracht thugadar láimh fóna n-éideadh agus d'fhágadar é. Gidheagh, d'fhág an ríoghain a leith-bhróg ór 'na déigh le déine an bhealaigh. Ach tá ní cheudhna, fanais Oillioll Fionn a bhfód fó leith láimh leis an tsruth sin go ceann thrí lá agus teóra n-aoidhche, mur ndúil go bhfacadh sé an aon amharc amháin arísd air an bhantracht bhioth-álunn úd ó chianaibh.
Ciodh trácht, air gcaitheamh na haimsire sin dhó ansan ionad uagnach sin, agus nach bhfacaidh sé iad a' teacht tair a n-ais, smaoinaidh sé nach tráth nó ionad comhnaoi dhó furach níos faide ansin. A haithle gluasais roimhe ansa tslighe do bhfacaidh sé iad aige imtheacht uadha. Agus subhlais leis air feadh an lae sin go dtáinig an tránóna. Agus ní bhfacaidh sé díon nó daingneach anna rachadh sé air aoidheacht an aoidhche sin. Chuaidh sé suas air sin anna gcrann ard leathan ghéagánach, go dtáinig soillse ghlan gréine air n-a márach. Agus air dteacht anuais as dó, imthidheas roimhe de chéimeannaibh tinneasnach tréun-luath ratha, agus timchioll meódhain lae do-chí sé cathair cheann-ard ucht-bhláith fhuinneógach, air lár magha taoibh-leathan teatnamhach, agus aonach abhail-mhór crunn 'na thimchioll do mhaithibh agus do mhór-uaisle na hEórpa. Air facsaint na slóighte sin dhó, suigheas síos agus leathanais a bhrat air iomail na tulcha sin, gur chaith a leór-dhóchain bídhe agus dighe air an ordughadh sin. Is ansin do tháinig fear foirfe fann-liath chuige, agus fiafrais Oillioll Fionn sgéula an mhór-aonaigh sin de, agus ainim na caithreacha sin de.
Do fhreagur an seanóir é aige rádha: "Is cosmhul gurab 'ndiamhur coille, a gcuais carraige, nó a n-uaimh talamhna, a hoileadh thú, an uair nach bhfuil fios ainim na caithreacha úd agud, nó fáth an mhór-aonaigh atá 'na timchioll." "Ní sheadh acheudhna," air Oillioll, "agus luigheam fóm armaibh gasgaidh, dár laoich nó curaidh ionchathach do-bhéarthadh an freagra sin oram go n-imreachunn faobhair mo lainne fair." "Nach feargthair thú, a óig-mhílidh," air an seanóir, "uime sin, agus an méud sgéul atá agum-sa do-gheabhair gan imreasun é." "Is ansin do-chuaidh an sean-laoch a gcionn sgéul, agus issé adubhrais: "Cathair Lios Finne ainim na caithreach' úd, agus tighearna Lis Finne is triath agus tighearna uirthi. Agus tá inghean álunn iolchrotha aige do chinn air mhnáibh an domhain mhór air dheise, air mhaise, agus air dheilbh chrotha. Agus ní bhfuil raoighrigh nó ro-fhlaith ansa rann Eórpa nach dtáinig air a sheal dá hiarraidh mur chéile agus mur chaoimh-leannán dó féin, agus ní dtug sí taobhadh do éan-neoch oca. Agus an t-aonach mór úd a chí tusa crunn fón chathair úd, ní bhfuil neoch ann ach triath nó taoiseach a tháinig dá hiarraidh. Agus gé lionmhur na slóigh úd agus gé mór a ngoil agus a gcródhacht a gcluithe glan
gasgaidh, máiseadh, ní dtilleann aon oca beó do thír dhúchais féin go foircheann na beatha," air an sean-laoch. "Cionnus sin?" air Oillioll Fionn. "Atá," air an seanóir, "thug sí móide mór nach nglacadh sí a'n fhear achaoidhche ach an fear a bhaineadh sgéula don Ghruagach Chaoich, eadhón, fathaich atá air mhaolann an chnuc úd hall, cionnus mur chaill sé a shúil. Agus dá rachadh cách agus ceúd oca ga' haon lá a dh'iarraidh na sgéula sin, ní dtilleadh neoch beó oca. Agus (gé) mór an uimhir úd a chí tusa 'nis ansúd, ní bhíon neoch beó fón am-sa amárach. Agus tuilleadh eile," air sé, "fo ghnáth leis an ríogun úd agus a bantracht a dhol gach lá do n-ionladh anna dtiobrad fíor-uisge atá soir thuagh ón tulaigh so. Agus tharla di a dhol annsin do hionladh beagán laethibh ó shoin, agus do tháinig rígh-mhíligh ro-oirdheirc óis íseal go hiomal an tsrotha sin. Agus le méud a' sgaoil do ghlac sí féin agus a bantracht fóna bheith nochtaidh, d'fhág sí an bhróg ór do bhí air a cos dheas 'na déigh. Agus chur sí forfhógradh 'mach ná bpósadh sí a'n fhear go brách, ach fear do-bhéaradh an bhróg sin chuigthi, agus a bhaineadh sgéala de Ghruagach na leath-shúile cionnus mur
chaill sé a shúil. Agus aig sin a bhfuil agum de sgéala le tabhairt dhut," air sé. A haithle na sgéula sin gluasais Oillioll Fionn leis air amus chathair thighearna Lis Finne, óir dob fhearr leis nó seidhbhris na cruinne go hiomlán, a'n amharc amháin ele d'fhagháil air an áilleagán sin. Agus air dteacht a ngar don chathair sin dhó, do smaonaidh sé go m'fhearr dhó gan a dhol air amharc na ríoguine sin go maidin air n-a márach. A haithle sin glacais dídion fuidhe bhinn carraige do bhí láimh leis. Agus air gcathamh a choda dhó don bhrat mur (ba) ghnáth, do chíor a cheann; agus d'imthidh gach imshnídh intine uadha ach amháin easbhuidhe Chú Chuilinn. Ach tá ní cheudhna, air dteacht na maidhne air n-a márach triallais roimhe go cathair Lis Finne. Agus air dteacht dó a láthair issé an chéad-ghníomh do-rinne sé, suigheamh sanntach solaimhe a thabhairt tré thuibhe na sluagh buidheanach do bhí air an fhaich, go dtáinig sé gusan chuaille comhraic, gur bhuail béim neartmhur lán-fheargach air, gur chreathnaigh muirear agus mór-theaghlach na caithreacha sin agus na hóg-mhacnaoi do bhí 'na timchioll. A haithle sin tháinig tighearna Lis Finne amach, agus fiafrais de créad do bhí sé a dh'iarraidh. Adubhairt Oillioll Fionn leis go raibh aige iarraidh
an óig-ríogun a bhí san chathair sin nó comhrac do cionn. Is annsin do labhair tighearna Lis Finne agus issé ro rádha: "Níor bhocht linne do mhacasamhul-sa do ghasgaidheach a hiarraidh, muna bé fear níos fearr nó thú a bheith dá hiarraidh anso anis." "Cia shé sin?" air Oillioll Fionn. "Mac rígh Mumhan," air sé, "agus atá sé ana forraid isan am a láthair." "Tigeadh sé amach air an bhfaich so," air Oillioll Fionn, "go bhféuchamur a bhfiaghnuise chách neart ar láimhe agus ar ngoile, óir luigheam fóm armaibh gasgaidh nach bhfágbham an fhaich so go bráth go dtutfaidh an prionsa sin liom, nó mise leis." A haithle na mbriathra sin tigis mac rígh Mumhan amach a n-arm agus a n-éideamh catha, agus ionnsuigheas féin agus Oillioll Fionn a chéile go mear meanmnach agus go fuathmhur feargach agus go fíochmhur nimhneach, a' tuargan agus a' leadramh, a' gearramh agus (a') snamhamh corpaibh a chéile. Gidheagh, dob é críoch an chomhraic sin gur chur Oillioll Fionn a shleagh fad láimh' laoich do thaobh ele do chorp mhac rígh Mumhan, air dtreadadh a chruidhe ann a chliabh, gur thut 'na chosair chró ar lár na faiche.
Dála na hóig-ríoguine, do bhí sí a n-airde air mhullach na caithreacha aige amhairc anuas air choimhghleic na dise deagh-laoch sin. Siolladh do dtug Oillioll Fionn a measg na sluagh, do-chí sé an triar úd do cheangail air an fhásach é tair éis é sgaoladh dhóibh as a gcuimhreach. Agus air bhfacsaint an léir-amharc sin dhó, ghríosaidh sé 'fhuil ríogha, agus d'éirigh a mheanmna, agus thug an sáthadh sanatach sár-luath, mur leómhan craoasach a sgaoilfidh de shlabhra, tríd thuibhe na sluagh, go ndeurna sé trí torr dhíobhtha, eadhón, torr dá gcionn, torr do gcorpaibh, agus torr dá n-arm agus dá n-éideadhamh. Air bhfacsaint sin do thighearna Lis Finne, go raibh ruamhain na feirge a lasadh ann a ghnúis, do labhair sé leis agus issé ro rádha: "A rígh-mhílidh," air sé, "socraidh da mheanmna agus íoslaidh da leantaibh, agus triall liom-sa go seamra na n-inghean mur a bhfuil an bhean atá tusa dh'iarraidh." Is ansin do fhreagair Oillioll Fionn é aige rádha: "Ní mur leanbán óg nó mur mhéith-laoch a tháinig mise a dh'ionsuighe do inghean, nó 'bualadh cúl mo bhaise air do dhoras." Agus air n-a rádha sin dhó, tugais an éirigh ard éunamhul sin fair do dhrum na faiche, gur
ghaibh leathad a dhá bhonn do urlár an tseamra do raibh an ríogun ann. "Dearbham dhut a ghasgaidh," air sí, "gurab acbhuineach da léim tair éis air chasgur tú de laochraidh air an fhaich so amuigh; agus is furais aithneamh air do ghníomha gasgaidh nach fuil brughaidh nó bodaigh dár shíolaidh tú uadh." "Ní sheadh," air Oillioll Fionn, "ach de ard fhuil ríogha Uladh." "Máiseadh," air an ríogun, "is tocht agus tuirse mhór liom go dtugais móide obann sul do bhfacais thú, óir tá dealradh do ghnúise 'ndéigh mearughadh mór intinne agus measgadh meanmun do chur oram." "Cia móide sin?" air Oillioll Fionn. "Tá," air sí, "gan a'n fhear a ghlacan go bráth ach an fear a bhaineadh sgéula don Ghruagach Chaoch cionnus mur chaill sé a shúil, nó créad do-bheir na carra air a cheann." "Cia bhfuil an Gruagach sin 'na chomhnaoi?" air Oillioll Fionn. "Atá, air mhaolan an chnuc so shiar," air sí. Thugadar as an aoidhche sin go maidin air n-a márach. Is ansin do iarr Oillioll Fionn ortha eólus thuigh an Ghruagaigh Chaoch a dhéunamh dó. "Dhéunaidh acheudhna," air tighearna Lis Finne, "agus is amhgair mór linne thú a dhol don toisg sin."
"Cionnus sin?" air Oillioll Fionn. "Atá," air sé, "mur chuaidh an iomad romhad a dh'iarraidh na sgéula sin, agus níor thill neoch oca tair a n-ais." "Gan ghéilleadh dó sin," air Oillioll, "rachaidh-se ann, agus muna dtugaidh sé a sgéala go deónach uadha do-bheirim-se mo bhréithir dhut go dtabhraidh sé go haimhdheónach uadha é." A haithle sin triallais Oillioll Fionn agus giolla grádha do mhuintir thighearna Lis Finne rompa go rabhadar air amharc thuigh an Ghruagaigh Chaoich. Tilleas an giolla air sin. Agus ní deurna Oillioll Fionn fos nó comhnaoi go raibh sé ('na) sheasamh air lár urlár an Ghruagaigh. Agus air 'fhacsaint don Gruagach Chaoch, éirghis 'na cholumhain choimh-dhíreach 'na cheart-sheasamh, agus feireas fíor-chaoimh fáilte roimhe agus curthais 'na shuighe ann a chaithíor féin é, agus fiafrais sgéula de. Do fhreagair Oillioll Fionn é, aige rádha nach a dh'innsin sgéul a tháinig sé ach a dh'iarraidh sgéul, agus muna bhfuigheadh go deónach é go bhfuigheadh go haimhdheónach. "Créad é an sgéala tá tú a dh'iarraidh, 'óig- ghasgaidh?" air an Gruagach. "Atá," air Oillioll Fionn, "cionnus mur chaill tusa da shúl, nó créad é an fáth fó bhfuil na carra air da cheann."
"Is léur dhamh-sa gurb í inghean thigearna Lis Finne do chur a dh'iarraidh na sgéula sin thú, a rígh-mhíligh," air an Gruagach. "Issí acheudhna," air Oillioll Fionn. "Gaibh a leith," air an Gruagach. Téid Oillioll Fionn amach leis a bhfód fó leith go bhfacaidh sé carnnán aibheal-mhór do chionn agus de chnámha ann. "An bhfaic tú sin?" air sé. "Do-chím acheudhna," air Oillioll Fionn. "Máiseadh," air an Gruagach, "ní bhfuil ceann ansin ach ceann triath nó taoiseach do chur an ríogun sin annso aig iarraidh na sgéala sin. Agus níor thill neach oca air a n-ais chuigthi leis na sgéula sin." A haithle sin ní raibh Oillioll Fionn gan ionghantas agus mór-uathbhás a bheith air fón amharc sin a dh'fhacsaint. Is ansin do thug an Gruagach asteach arísd é agus thug friáthlamh fíor-chathrannach dhó, an nídh nach raibh dúl aige leis. Agus air gcathamh a leór-dhóchan bídhe agus dighe dhóibhthe go caomhúil subháilceach a gceann a chéile, chuaidh an Gruagach a gceann sgéul, agus 'sé dubhrais: "Air ór na cruinne," air sé, "ní dtabhrainn-se na sgéula sin do neoch a marthainn nó go gcaillfinn an ceann, muna bé gur réamh-rádha dhamh go dtucfadh rígh-mhíligh ro-uasal ó thuath a d'fhóirtheadh
dhamh ó ma leatrom; agus an t-am do thucfadh sé go lasadh an chaor iaroinn a bheidh san teine. Agus ó do-chualais sin do chongbhais an chaor do ghréis annsa teine. Agus comh luath agus tháinig tusa asteach do las sé, agus do bhrígh sin do-bhéarthadh mise na sgéala sin dhut gan imreasun. "Do bhí mise seal," air sé, "air an laoch budh neartmhaire, budh chródha, budh chalma agus ab fhearr croth agus deilbh do raibh a gceithre hollchóigibh Éirinne. Agus do bhí inghean aige Curaidh na gCleas a thug tuile trom-ghrádh agus sruth fíor-aibheal seirce dhamh. Agus do thug mise fuath agus formuit dí do thairbhe a draoigheachta agus a heasarluigheacht. A haithle sin líon sí lán éuda agus nimhe dhamh; agus an t-am do pósadh le hinghean Ridire na Sgeath mé, do lean sí mé ann agus fuair aire oram; agus theilg sí lán a máime de dhusta fón cheann oram, agus tám mur chí tusa mé ó sin a leith. Agus aig sin mo sgéula dhut," air an Gruagach. "Beir buaidh agus beannacht," air Oillioll Fionn, "agus tabhair sgéala na mná cealgaigh sin dhamh, agus cia hionad a gcomhnaoidheann sí." "Is féidir léighthe, tré rúindhiamhuir a healadhna, a rogha crotha nó deilbh a ghlacan," air an
Gruagach, "agus comhnaoidhean sí air oileán beag atá a lár locha a bhfad uadh so. Gidheagh, thig sí an bealach so go laitheamhul, air uaraibh a bhfioghur cú, agus air uaraibh a bhfioghuir seabhaic, agus air uaraibh ele a bhfioghur gearr-fhiadhach do ma ghríosadh-sa." "Luigheam fóm armaibh gasgaidh," air Oillioll, "nach dtilleam go bráth go Lis Finne nó go bhfacfaidh mé í." A haithle sin téid an Gruagach agus Oillioll Fionn amach fón bhfaich, agus níor chian dhóibh ansin, an t-am do-chonairc siad cú gearr glas a' teacht a ngar dhóibhthe, agus ceatha teine as a béul agus as a súile amach. Rádhais an Gruagach le hOillioll Fionn gurab súd an bhean úd anis. Curthais Oillioll Fionn a láimh fón chórda a thug an giolla cosaigh dhó air sgarmhun leis. Agus sgaoilis snaoim de, agus a bprab na súl do fuair sé an t-óglach rannach ruadh úd a sgaoil dó (ó) chianaibh 'na sheasamh lena ghualainn. "Créad dob áil leat?" air an t-óglach. "Dob áil liom an cú úd a chí tú a fhagháil fó ma láimhe," air Oillioll Fionn. Air chlosmhuin na mbriathra sin sgiongais an t-óglach sin a ndéigh an chú amhul gath gréine nó mur shoighneán teineadh. Agus an t-am do-chonairc an cú a' teacht do ionsuighe é, do thug
sé casamh tapaidh tréun-luath aige teitheamh fóna dhíthioll uadha, ach níor chian do Ghruagach na gCarra agus do Oillioll Fionn gur chailleadar amhairc ortha. Ach tá ní cheudhna, ní bhfacadar níos mó iad an lá sin. Thugadar an aoidhche sin seal go subhach agus seal go dubhach a dtuigh Ghruagach na gCarra, go dtáinig an mhaidin air n-a márach. Is ansin do chuadar amach air an fhaich aig amharc 'na dtimchioll do gach leith. Agus timchioll meódhan lae do-chídear an t-óglach sin a' teacht trasna na tulcha, agus an mheirdreach úd a bhí sé 'thóruigheacht 'na cime chreapailte a gcruaidh-chumhrach, agus air dteacht a láthair dhó tugais air chumairce Oillioll Fionn í. A haithle sin rádhais an mheirdreach sin leó gan a marbhadh agus (go) ndéunamh sí 'réir a dtola ó sin shuais. Is ansin adubhairt Oillioll Fionn léighthe an Gruagach so a chur ann a chruth agus ann a dheilbh féin mur bhí ó chianaibh a neart, a ndeilbh, agus a radharc súl. Cromthais an bhean chealgach sin síos air an fhaich agus tógbhais luibh bheag ghlas, agus cumlaidhis do shúil an Ghruagaigh í. Agus ní luaidhthe do rinne sí sin nó fuair sé soillse a shúil amhul agus mur bhí a gcéadóir. Is ansin do chrath sí uisge as suightheach do bhí ann a hasgaill aici air a cheann, agus a haithle sin d'imthidh na carra do a bprab
na súl; ionnus nach raibh sé air dhrum talamhna gasgaidheach dob fhearr deilbh clódh agus déunadh nó é, nó laoch a dhiongmhála a gcródhacht agus a gcalmacht fó thrí fódhla-rannaibh an bheatha. Is ansin a d'fhiafraidh Oillioll de créad dob áil leis a dhéunamh leis an easarluightheóir callaigh so anis, ó fuair sé é féin ann a dheilbh, ann a sgéimh agus a radhairc a shúil. "Do-chífear-sa sin gan mhoill," air an Gruagach. Air rádha na mbriathra sin tugais an Gruagach sonnamh sár-thréun, agus beirthis air ghreim dhá chois air an mhnaoi chealgaigh sin, agus bualais air charraig mhór cloiche do bhí láimh leis í, gur chur a hinchin siar seachtair tair chúl a ceann; agus d'fhág marbh annsin aige éunluighe cíochrach an aedhir í. Tigid air sin asteach go tuighe an Ghruagaigh agus suigheadh boird na caithreacha sin, gur friáthlamh Oillioll Fionn go huasal onórach de nuadh gach bídhe agus do shean gach dighe. Is ansin do thug Oillioll Fionn an chíor do bhí aige don Ghruagach gur chíor sé a cheann; agus a haithle sin níor chuimhneach leis duath nó dochar dár fhullaing sé ó lámha na callaigh úd go dí sin. Ach tá ní cheudhna, níor sguradar do fhleadha agus do fhéusda go ceann trí lá agus teóra n-aoidhche. Gidheagh, ní bhfacadar amharc air an óglach a lean an cú ó thoirbhear sé suas do
Oillioll Fionn í, le go bhfuigheadh siad sgéula uadha cionnus mur fuair sé suais léighthe. Is ansin do rádhais Oillioll Fionn gur mhithid dhó a dhol lena sgéala chuige inghean thighearna Lis Finne. A haithle sin adubhairt an Gruagach leis nach dtoirmeasgadh sé féin an t-imtheacht sin fair, agus go rachadh sé féin agus a bhean leis don toisg sin do dhearbhadh na sgéala. "Óir air bhéalaibh fhearaibh an domhain," air sé, "is duit-se is beirthe buidheachus fó ma shaoirse." Triallais air sin 'na dtriar, eadhón, Oillioll Fionn, an Gruagach agus a bhean, agus ní dheurna fos nó comhnaoi go dtángadar go tuighe thighearna Lis Finne. Agus air dteacht a láthair ansin dhóibh, budh mhór ollghardais an teaghlaigh sin rompa, agus go háiridhe an tighearna agus an inghean. Fón am sin do thárla uimhir mór do dheagh-laochraigh an domhain a bheith crunn air an fhaich sin aig iarraidh na ningheana sin. Agus is amhluighe do bhí an inghean an t-am sin agus í shuais air mhullach na caithreacha do bhféachaint. Tugais Oillioll Fionn éirigh ard acbhuineach air féin, agus léimthis do dhrum na faiche, gur ghaibh leathad a dhá bhonn don urlár a raibh an ríogun sin ann. Air bhfacsaint sin do Ghruagach na gCarra tugais an dara léim 'na dhéigh go raibh
mur a raibh Oillioll Fionn agus an óig-ríogun sin. Goirthis Oillioll Fionn air thighearna Lis Finne, agus rádhais leis a bhean féin agus bean an Ghruagaigh a thabhairt ann a láthair annsin. Imthidis an tighearna agus tugais an dís bean uasal sin leis go harm a raibh Oillioll Fionn, an Gruagach agus a inghean. A haithle sin fiafrais an inghean do Oillioll Fionn cia shé an ríogh-laoch sin do bhí leis, nó an macaoimh mín-dheilbheach mná do bhí 'n' fhochair: "Óir is dóigh liom," air sí, "nachar iomchair an talamh trom-fhóda ariamh lánamhain a samhult air dheise, maise agus air áille a ndreach agus a ndéunamh." "Atá," air Oillioll, "aig súd aged an Gruagach agus a bhean dá gcurthá tusa na daoine chuige do ndíth-cheannadh fó sgéala, eadhón, Gruagach na gCarra agus a bhean. "An dtug sé na sgéala sin dhuit-se," air sí, "nó créad do ghluais don chaithrigh so é?" "Is geall leis na sgéala sin a dh'insin é féin, "air Oillioll Fionn. Is ansin do-chuaidh an Gruagach a gceann sgéul, agus d'aithris síos a bhfiaghnuise chách an tslighe le ar chaill sé amharc a shúl agus ar ghlac
sé carra le heasarluigheacht na mná úd mur thug sé trom-dhuilteamh pósda di, agus gach leatrom agus gach amhgair dá ndeurna sí fair, agus illiacht sár agus taircisne a thug sí dhó. Agus daithris mur an gcéudhna dhóibh gur réamh-rádha dhó go dtucfadh laoich oirdheirc do ard-fhul uasal ríogha ó thuagh a d'fhóirfeadh as an anbhruid sin dhó, nuair a lasadh an caor iaroinn a bhí ansa teine aige, agus an dóigh do las sé air a ndol asteach do Oillioll Fionn, agus an dóigh darbh éigin don mhnaoi chealgaigh sin a chur ann ann a chruth agus a dheilbh tré mhór-ghníomha an ghasgaidh so: "Agus saoilim," air sé le tighearna Lis Finne, "do mbeidh da inghean-sa 'na bainríogun air an domhan gur díol céile di Oillioll Fionn." "Máiseadh," air an óig-ríogun, "do-chuaidh mise agus mo bhantracht lá n-aon dar n-ionladh anna sruth glé-gheal ata seal fada as so, agus tharla óig-mhacaibh a bheith 'na luighe a n-uaignis láimh leis an tiobrait do raibh an sruth sin a' snaothadh uadha. Agus an t-am do chur sinne ar n-éideamh dhíonn tháinig sé fónar ndéin. Agus an uair a-chonnairc sinne é churmar láimh fónar n-éideamh, agus le méud ma chearaidh-se do dhearmudaigh mé bróig ór do bhí air mo chois dheas. Agus do haithle sin do churthais
for-fhógradh amach nach bpósfainn aon duine ach an tsé do-bhéarthadh an bhróg chugam. Agus anis is amhgur mór liom é," air sí. "Máiseadh," air an Gruagach, "ní mholfainn féin don ghasgaidheach so a dhol fad aon truighthe a chosa amach go bráth a dh'iarraidh da bhróige, nó bróig mná air bith ele do shásamh, ach más raoghan leis thú is éigin dut a dhol leis d'aimhdheóin lucht da chosanta fón teaghlach so." A haithle na mbriathra sin tigis an bolsaire burd a láthair agus bróg ór ann a láimh leis, agus rádhais go raibh ridire óg san doras a chur an bhróg so leis chuige inghean an tighearna. Beiris an ríogun air an bhróig agus rádhais nach shí a bróig féin í. "Goirthear a láthair an ridire sin," air Oillioll Fionn. "Ní riachtnach é," air an inghean. "Is seadh a-cheudhna," air Oillioll. "Goirthear é," air an Gruagach. Téid an bolsaire fón ridire agus bheirthis a láthair é. Fiafrais an Gruagach a n-ainim na ningheana de cia bhfuair sé an bhróig sin. Do
fhreagur an ridire é aige rádha go bhfuair sé í aige an tsruth ana raibh an ríogun so agus a bantracht do n-ionladh ann. "An í so an bhróig úd a chaill tusa, a ríogun?" air an Gruagach. "Ní shí a-cheudhna," air an ríogun. "Is sí go deimhin," air an ridire. "Máiseadh," air Oillioll Fionn, "bhí mise 'tóruigheacht óig-chompánach a goideamh uam a dtuigh Ridire na Bualadh tré chealtair draoigheachta. Agus lá n-aon tharla dhamh go bhfacais triar curadh ceangailte air éadon an fhásaigh, agus do nasg siad oram sgaolamh dhóibhthe. Gabhais truaighe mhór leófa agus sgaolais iad. Agus ní luaidhthe sgaoil mé iad nó ceangladh mé féin leó-san; agus fágaid air an ordamh sin mé feadh seal áiridhe d'aimsir. Agus fá dheóigh tré mhíorbhuille an chórda úd a chonairc tusa, a Ghruagaigh, gur sgaoil an fear úd dhamh do lean an cú. Agus an feadh do bhí mé 'gcoimhreach do-chonairc mé sluagh bantracht a' teacht go laitheamhul do n-ionladh anna sruth do bhí láimh liom. Agus an t-am do fuarais sgaoilte d'fhanais a bhfolach a n-uagnais go bhfacais a' teacht an ath-uair iad. Agus an t-am do chur siad a n-éideamh dhíobhtha do-chuadhais fóna ndéin, agus an uair do-chonairc siad mise a theacht chuca, do theitheadar fóna ndíthioll uam. Agus an uair a thángais gusan áiti
do raibh siad ann, do fuarais bróig ór ann, agus chongbhais a dteasgaidh í ó sin a leith. Aig súd í," air sé. Air fhacsaint na bróige sin don ríogun, éirghis, 'na seasamh go prab príomh-éusgaidh, agus iadhas a dá láimh leabhar-gheal timchioll a churp agus tugais teóra póg dhó, agus rádhais leis: "A raoghan air fhearaibh an domhan, is leat-se mise mur chéile taoibhe agus leapa." "Luigheam fóm armaibh gasgaidh," air an Gruagach, "dá dtabhair-se taobhamh don ridire so nó do neoch air bith ele fón fhaich so shíos, agus dúltaghudh a thabhairt do Oillioll Fionn, nach bhfágfainn ceann air cholainn air fhear nó mhnaoi do bhfuil fón teaghlach so anuigh, agus dhíot-sa féin, a ríogun," air sé. A haithle na mbriathra sin goirtheas tighearna Lis Finne a challaire chuige, agus rádhais leis éirigh don bhfaich, agus fhoillseadh ós ard don mhacnaoi do bhí ann go raibh fear a diongmhála aige' inghean. Dála na macnaoi sin, air gclosmhun na sgéala sin dhóibhthe d'imthidh gach aon oca do thír féin. Air n-a márach do hollmhadh fleadh agus féusda mór a dtuigh tighearna Lis Finne ag comóradh pósadh na dise sin. Agus bhíodar trí naoi lá aige caitheamh na fleadha sin agus aige insin a
n-eachtra. Agus a gcionn na rae agus na haimsire sin triallais Oillioll Fionn agus a ríogun ann asdair, agus ní sgarthamh Gruagach na gCarra dhíobhtha go drást, ach téid é féin agus a bhean leo. Agus ní aithristear a n-imtheacht go dtainig siad go tuigh Ridire na Bualadh. Agus budh mhór ollghardais an teaghlaigh sin rompa agus go háiridhe Gruagach an Ghleanna agus a bhean. Ach tá ní cheudhna do hollmhadh fleadh agus féusda dhóibhthe ansin; agus d'fhanadar do do chaitheamh air feadh seachtmhun agus mídhe a dtuigh Ridire na Bualadh. Lá n-aon dhóibh air an ordughadh sin do tháinig callaire Ridire na Bualadh asteach, agus rádhais leó go raibh laoch mór míleata a' teacht a dh'ionsuidhe an dún sin, a raibh a mhéud as gach fear agus a neart as gach laoch; agus óg-mhacaibh an' fhocair. Is annsin do labhair Gruagach na Carra agus issé ro rádha: "Ní mó linne laoch 'o thréuna dá dtigeadh ó thonn nó ó thír, gé go mbeidh comhlan céud ann gach láimh leis." A haithle sin éirghis Oillioll Fionn agus Gruagach na gCarra agus Gruagach an Ghleanna amach a dh'fhéuchaint cia shé an rígh-laoch nó an t-ógmhacaibh ud. Agus an t-am do thángadar a ngar
dhóibh d'aithnidh Oillioll Fionn agus Gruagach an Ghleanna gurb é Cú Chuilinn do bhí ann, agus Fathach an Locha ceangailte leis go caol cruaidh. Air fhoillseadh na sgéula sin air feadh an dún, éirghis an teaghlach uile amach eadra mná agus mion-dhaoine. Gidheagh, níor bhféidir le teanga 'o gheursgna leith nó trian ollghardais Oillioll Fionn a dh'insing fó Chú Chuilinn a a d'fhacsaint. Agus níor thaise le Cú Chuilinn é um Oillioll Fionn agus Gruagach an Ghleanna agus a bhean a dh'fhacsaint nó teagmháil leis. "Air ghrádh h'ine," air Oillioll Fionn, "agus aithris d'eachtra dhún gan fhuireach." "Ní tráth sgéulaigheacht so," air Cú Chuilinn, "óir thugais mór-mhóide," air sé, "nach gcathfainn biadh nó deoch 'mur measa go dtabhrainn Fathaich an Locha air chumairce bhean Ghruagaigh an Ghleanna, go mbaineamh sásamh as, a n-éiric na heasonóire do thug sé di ó chianaibh, aige tarraing an tslabhra fhionndhruine dena brághaidhe ghlé-gheal." Air gclosmhun na mbriathra sin do bhean Ghruagach an Ghleanna, d'éirigh a cud fola fíor-uasal agus tugais láimh air shleagh faobhrach rinn-ghéur do bhí a láimh Oillioll Fionn, gur chur le neart a láimhe leabhar-gheal tríd chorp an fhathaich é, agus an dara sáthamh ann a bhrainn
dhó, gur leig 'aba agus 'ionar tré chompar a chléibh le ar thutais marbh a bhfiaghnuise chách. Is ansin do thógadar murair an teaghlaighe sin trí gártha ós ard, a chlonfaidh ó thráigh go tráigh tríd Èirinn, eadhón, gár luathgháire fó theacht Chú Chuilinn air ais, agus dhá ghár fó bhás Fhathaich an Locha. An uar a d'fhuaraidh a gcud fola agus a d'íoslaidh a leanntaibh, agus a spioraid a theacht ann a síothcháinte chinnte, is ansin do-chuaidh Cú Chuilinn a gceann sgéul a dh'insing, agus is sé adubhrais: "A Oillioll," air sé, "is cumhain leat an t-am a tháinig tusa anna a tuighe so 'ndéigh fuireach trí lá agus trí haoidhche a dtuigh Fhathach an Locha aige feitheamh air." "Is cumhain acheudhna," air Oillioll Fionn. "Ó nach bhfacaidh mise gur éirigh mur n-eachtra leat féin nó le Gruagach an Ghleanna, do thugais móide marbhthach nach rachadh mo bheó nó mo mharbh air ais go hEamhun go foircheann na beatha, go bhfuigheann sásamh ar an ilphéisd sin a sháraidh sibh-se araoin. Agus nuair a fuarais an teaghlach so ann dtrom-shuan, d'imthis go tuigh Fathaich an Locha, agus ní bhfuarais amharc fair. Agus d'fhanthais annsin go raibh soillse gheal lae agum. Is ansin budh léur dhamh an bealach a chuadh sé uat-sa, óir do losg sé an
féur glas an bealach a shúbhail sé. Lean mise a lorg, agus ní bhfacais air feadh aimsir fhada é, agus fá dheóigh do-chím a' teacht chugam é a bhfásach na coilleadh móire láimh le Malaidh an tSreóin. Is ansin do luigheas síos air an bhfásach sin go dtáinig sé chugam. Agus air dteacht a láthair dhó, tógbhais a n-airde ann a láimhe mé agus rádhais gur fada 'ngrádh dalta é. "Tugais leis abhaile air an ordughadh sin mé. Agus is sé áiti chomhnaoi do bhí aige anna ndiamhair coilleadh anna n-uamh mhór fharsang. Bhí mé fuidhe mhurnn mhór aige ansin seal aimsire, go bhfacais an aibít nó an cochull suathnaigh síoda do churthadh sé air a chorp giobach gach aoidhche, agus bhaintheadh de gach maidin é. Lá n-aon dár fhág sé an baile do chur mise an cochuill sin umam, agus budh dóigh liom go raibh comhlann céuda ann gach láimh liom; agus tuilleamh ele, níor cheisd liom éirigh a n-airde a gcoimhideacht gaoithe glan-fhuaire. "Ach tá ní cheudhna, air dteacht abhaile dhó a n-ur-thosach na haoidhche, d'fhiafraidh sé dhíom-sa cia raibh an cochull úd a bheidh air ansan aoidhche, agus dubhairt mise leis go dtáinig ríogh-laoich éigin ansin a thug leis é féin, agus an sgiath mhór mhíleata do bhí lena thaobh. Rádhais an fathach annsin gurab tusa nó Gruagach an Ghleanna do lean é isan áiti uaigneach sin.
"Agus anis, a dhalta ionmhun," air sé, "déun-sa faire agus foirchoimheacht dhamh-sa 'nocht an feadh do bheidhis mé 'mo chodlamh, d'eagla go dtucfadh an fear sin air ais agus mo mharbhadh. Óir an feadh do bheidh an cochull úd umam ní gcodlachunn aoin néull, agus anis ó nach bhfuil sé oram codlachaidh mé, agus ní mhosglaim go ndúsgaidh tusa mé. "Thugais geallamh dhó go ndéunainn sin 'réir mur d'iarr sé; gidheadh, níor choimhlíon mise na geallaidh sin, óir an t-am a fuarais 'na thromchionn suan é do cheanglais go daor dosgaoilte é, amhul agus mur chonairc sibh-se. Agus dar leat budh mór na héuchta do mhaoth-mhacaibh an fear a cheangal a sháruidhe tú féin agus Gruagach a' Ghleanna," air Cú Chuileann. "Beir buaidh agus beannacht," air cách go coitcheann, "má rinneadh a shamhul do ghníomha gasgaidh a nÉirinn ariamh aroimhe." Is ansin a d'fhiafraidh Cú Chuilinn a sgéula de Oillioll Fionn ó d'fhág sé é, agus thug sin dhó ó thús go deireamh gan claonadh focail. Agus adubhairt leis gurab dá thóruigheacht-san do bhí sé an t-am do tharla an bhean sin leis. Air n-aithris a n-eachtra dona laochraidh sin do gach leith, do labhair Ridire na Bualadh agus is sé ro rádha: "Anis ó nach bhfuil guais nó contabhairt oram-sa
nó air mo chliabhuin ó Fhathach an Locha nó an ilphéisd a dhearbhshúir, is oircheas dhamh fleadh a dh'ollmhadh a n-onóireachais na ngasgaidh oirdheirc a shaoraidh mé féin agus mo theaghlach ón fhoiréigin sin." Adubhairt Gruagach na gCarra gur budh hionmholta an gníomh é. A haithle sin do hollmhadh an fleadh sin leis. Agus an t-am budh mhian le cách suighe go sáimh do chaitheamh tháinig an callaire chuca, agus adubhairt leó nach tráth fleadha nó féusda é, óir go raibh sluagh agus sochruidhe iomdha a' teacht ón taobh tuagh, agus go samhultaidh le sgein ealta gile a n-airm, agus rígh-mhíligh anna n-ur-thosach, agus ruamhain na feirge ana ghnúis, "agus is mairg don tír a bhfuil a bhfearg leis." "Nach imshníodhthear sibh uime sin," air Cú Chuilinn, "óir súd maithibh na hEamhna aige teacht dom iarraidh-se, agus mo phopa Conchubhair mhac Neasa ann a réam-thosach." Ach tá ní cheudhna, air dteacht a láthair do na mór-shochruidhe sin, fuaradar gurab iad maithibh na hEamhna do bhí ann, agus Conchubhair mhac Neasa 'na ard-thaoiseach ortha, agus an giolla cosaigh úd ó chianaibh do dtreóradh. Ní féidir aithris an t-ollghardais do bhí a dtuighe Ridire na Bualadh an aoidhche sin aige aithris a n-eachtra ón am a leanadar an eilit air dtús halt na huaire sin. Ach tá ní cheudhna, do
chaitheadair mídhe fhada raoidh air an ordughadh sin a dtuigh Ridire na Bualadh fó mhór-aoibh. Agus a gcionn na rae agus na haimsire sin do thrialladair chum bealaigh, agus níor sgar Gruagach na gCarra nó a bhean leó nó Gruagach an Ghleanna agus a bhean, go dtángadar go hEamhun Mhacha, agus gur chaitheadar seal fada d'aimsir ann intleacht seanchais ann, agus aig aithris do Chonchubhair agus dona mhór-theaghlach éuchta Chú Chuilinn. Agus air gcaitheamh seal áiridhe ansin fó mheaghair agus fó mhór-aoibhnis, ceileabhrais an dís Gruagach réamh-ráidhte agus a gcéile do Chonchubhair mhac Neasa, aige fágbháil iomchumairce beatha agus sláinte aigé féin agus aige' theaghlach, agus tillead do dtír féin a gcionn bliaghna ón gcallainn 'na chéile. Agus budh tuirseach na curaidhibh fón sgarmhun sin. Gona é sin Tóruigheacht na hEilite ó thús go deireamh.
TORUIGHEACHT EILEANN SGIAMHACH GO CRIOCHAIBH LOCHLAN Ard-rígh uasal forórdha foirtil fiosach fír-eólach móir-neartmhur mear-chalma ro-chródha do ghaibh flathais agus urlámhas air chóigibh ghlan-aoibhinn Uladh darbh ainim Colla Sgiathleathan. Agus is uime goirtheadh Colla Sgiathleathan de, do bhrígh nach raibh a nÉirinn ann a chomhaimsir féin laoch nó gasgaidheach air bith a arm cosanta do thógbháil ann a láimh agus ní áiriom a dh'imirt a gcath nó 'gcomhlann mur ghnídheadh sé do ghnáth ann gach deabhuidhe do dteagmhadh leis, ionnus go raibh sé ionráidhte tríd cheithre holl-chóigibh air fheabhus a dheilbh, a mhéud, a neart, a chródhacht agus a ghaisge. Feacht n-aon dár tharla don ruighrigh óigmheanmnach sin a dhol air tiomchuairt go cóigibh Chonruidhe mhic Dáire san Mumhan a dh'imirt a lúth agus a lonn; agus cia huair nó cia haimsir sin ach an t-am do comóradh aonach agus ardoireachtais leis an rígh sin air faich a ríoghchaithreacha; agus ní raibh laoch cródha curata, triath nó taoiseach isan Mumhan mhór nach dtáinig go faich an dún sin a dh'fhéuchaint na mór-shochruidhe a tháinig ann. Agus is uime do chur Conruidhe mhac Dáire an cruinneadh
sin air mhaithibh a thíre an t-am sin, eadhón, bhí inghean álunn iolchrothach aige a thug barr sgéimhe agus maise air mhnáibh na cruinne go coimhiomlán dar bhudh ainim Eilin Sgiamhach. Agus do-chuaidh a taisd agus a haird-iomrádh tríd an domhun go huile, ionnus gur mhosgail agus gur bhrosduighe sé mic ríghthe agus rofhlaithe ó oirthear go hiarthair an domhun a theacht air eachtra imchian dá fios, agus dár bhfeidir dhóibh, a breith leó air dheóin nó air éigin d'aimhdheóin lucht a cosanta ansan Mumhan. Tharla draoi ceart-bhriathrach fír-eólach do bheith a dteaghlach Chonruidhe mhic Daire an t-am sin do-rinne fáisdine dhó go raibh mac rígh Fionn-Lochlann aige ollmhadh beart agus ceilg chum a breith leis an a bheith 'na mnaoi agus 'na caoimh-chéile aige féin darbh ainim Aimhirgin Crom-shúileach. Agus mur ndúil toirmisg do chur air an chóigcríocha sin, is sé do rug air tionáladh do chur air na trom-shlóighte do bhí air faich na caithreacha a n-ailt na huaire sin. Ach tá ní cheudhna, air dteacht do Cholla Sgiath-leathan air amharc n a mór-shlóighte sin suightheas síos air bhruach alla do bhí a ngar don ríogh-dhún sin, agus dob iongnadh leis tuibhe na sluagh agus na sochruidhe do-chonairc sé. Agus air mbeith dhó an sin seal áiridhe tháinig eachlach do chud an rígh chuige, agus fiafrais
Colla Sgiath-leathan créad dob adhbhar dona mór-shlóighte úd do-chonairc sé a gcéin uadha. Is an sin do labhair an t-óglach leis agus is sé ro rádha: "Is cosmhul," air sé, "gur a ndiamhur coilleadh a n-uaimh talamhun, a gcuais cairge nó a ngleanntáin sléibhe do hoileadh thu, ó nach bhfuil fhios agud créud a chiallais an mór-aonach ud," air an t-óglach. Tráth chualuidh Colla Sgiath-leathan an freagra baoth beag-thairbheach sin do thug sé suightheadh sanntach sár-luath, gur cheangail a láimhe go dainghean dosgaoilte é, agus d'iarr a dhol agus é féin a theisbeán dona thighearna agus do na maithibh a bhí crunn 'na thimchioll. A haithle sin druidios an t-óglach roimhe gusna mór-shlóighte sin. Air bhfaicsint 'eachlach 'na chime chreapailte do Chonruidhe mhac Dáire do fhiafraidh de cia an biothamhnach do chur ansa daor-bhruid sin é. "Atá," air an t-óglach, "rígh-mhíligh a bhfuil a mhéud as gach fear agus a neart as gach laoch agus dár bhorraigh a sgéimh, a dhreach agus 'éugcosg air fhearaibh na cruinne" Is an sin do labhair an rígh, agus is sé ro rádha: "A chairde dhílios, créad is indhéunta dhúnn anis leis an ghasgaidheach mhór-neartmhur
ath-dhána ud a chreapail m'eachlach amhul mur chí sibh." Rádhais an draoi leis gur chóir dhá fhear dhéag de na laochraidh budh tréuna agus dob fhearr goil agus gníomha do raibh air an fhaich sin a chur fó dhéin an ghasgaidhe úd, air mhodh go mbaineadh siad sgéula go haimhdheónach dhe. Is an sin adubhairt cách go coitchion gurb ionmholta an chomhairle í sin. A haithle sin ghléusais dhá fhear dhéug de na gasgaidhe budh chalma a gcath agus a gcomhlan iad féin, agus gluaisis go lán-éasguidhe go harm do raibh Colla Sgiath-leathan air bhruach an alla. Agus air dteacht a láthair dhóibh fiafrais Colla Sgiath-leathan sgéula an mhór-aonaigh sin dhíobhtha. Do fhreagradar-san é, aige radha nach 'a dol a dh'innsing sgéul dhó do thángadar ach an sgéula bhaint dhe-san go deónach nó go haimhdheónach. Air na chlosmhunt sin do Cholla Sgiath-leathan tugais suigheadh sanntach lán-dhásachtach ortha, agus do bhain a n-arm agus a n-éideamh dhíobhtha uile go ndeurna dhá thorr dhíobhtha ann a bhfiaghnaise, eadhón, torr de n-arm agus torr de n-éideamh, agus cuirthis tár-nochtaidh ann a mbaile iad. Ach tá ní cheudhna, air dteacht dhóibh air an ordughadh sin a bhfiaghnuise chách, fiafrais an
rígh sgéula an óglaigh sin dhíobhtha agus cionnus mur leig siad a n-arm agus a n-éideamh uabhtha leis. Adubhradar-san leis go raibh rígh-mhíligh aird-chéimeach an súd do raibh comhlann céuda ann gach láimh leis, agus dealradh ann a ghnuis amhuil loinnir na gréine, agus nach raibh triath nó taoiseach isan chomhdháil sin a thógfadh a sgiath ó ur na talamhna ann a dhá láimh. Fiafrais Conruidhe an dara feacht de na maithibh do bhí 'na thimchioll créad dob indhéunta dhóibh. Do fhreagur ridire óg ó Chruachain Chonnachta do bhí san chomhdháil é, aige raibh grádh foluighe do inghean Chonruidhe, aige rádha gurab oircheas dhóibhthe caogad deagh-laoch do chur 'na dhál do-bhéarthadh ceangailte chum na caithreacha sin é, agus go ngeabhadh sé féin ceannus na buidhne sin fair. A haithle sin deasais caogad do na laochraidhe ab fhearr eaganta agus meanmna do raibh air an láthair sin a n-arm agus a n-éideamh catha, agus trialladar rompa go bruach an alla mur a raibh Colla Sgiath-leathan 'na shuighe a' féuchaint na sluagh. Agus air a dteacht a lathair dhóibh fiafrais Colla Sgiath-leathan dhíobhtha créad dob áil leó. Do fhreagur an ridire Connachta é, aige rádha go dtángadar do thabhairt-san leó a gceimlibh a bhfiadhnuise an rígh. "Leigidh as, a dhísgear-shluagh," air Colla
Sgiath-leathan, "nó luigheam fóm armaibh gasgaidhe nach dtéud fear iomchar na sgéula agaibh ar ais chuige mur dtighearna ann a bheatha uam. A haithle sin tógbhais an ridire Connachta a láimh chum béim do chlaoidheamh a thabhairt do Cholla Sgiath-leathan, aige radha go dtabhradh siad leó a bhfiaghnuise an rígh beó nó marbh é. Air na fhaicsint sin do Cholla Sgiath-leathan tugais sáthamh do shleagh dhó, gur chur fad láimhe laoich don taobh ele de chorp, air dtreadamh a chruidhe ana chliabh gur thut 'na chosar chró go talamhun. Agus air sin d'éirigh a lonn feirge agus a ghoil gasgaidhe, agus thug sídheamh fíochmhar dásachtach tríd an chud ele de bhuidhean, mur leómhan craosach bheidh a dol a ngorta, ionnus nach ar fhág sé ceann air cholainn a bprab na súl don chaogad sin nachar sgar sé dhíobhtha, ach aon óglach amháin do leig sé uadha ann a bheatha chum na sgéula a thabhairt chuige an rígh tair éis arm agus éideadh a bhaint de. Dala 'n óglaigh sin, air dteacht a lathair an rígh agus na n-uasal ele dhó, do thoirbhear a sgéula go crith-eaglach dhóibh, agus d'aithris dhóibh an slaod-mharbhadh agus an mór-ármhach do-rinneadh air a mbuidhean, agus dhearbhuidhe dhóibh fós nachar bhuail ceachtar dhíobhtha
buille no béim air an tréun-mhíligh ud, óir go raibh do mhéud fad a láimhe agus 'arm cosanta nach raibh sé air a gcumas fuileamh nó foirdheargadh do dhéunamh air. Is an sin do labhair an rígh an trees feacht agus is sé ro rádha: "Ta sé néull nóna anis," air sé, "agus is sé is indhéunta dhúnn a dhol a gcomhairle anocht agus críochnadh fair créad í an tslighe is feurr le ar féidir dhúnn an gasgaidheach ud a dh'fhágháil fónar gcumairce agus fuidhe n-ar riaghail féin, a ndóigh go mbaineadhmaois umhlacht agus urraim ais." Ciodh trácht, air gcathadh urmhór na haoidhche sin dhóibh a gceann a chéile is sí comhairle air ar chineadar, eadhón, Conruidhe mhac Daire é féin a dhol air n-a márach chuige an tréun-mhíligh úd, agus a mheallamh leis don chathair sin, ionnus go bhfuighdeas slighe ceilg a dh'imirt fair. Air dteacht mhoch na maidhne air n-a márach rádhais an rígh go rachadh sé féin fó dhéin an ghasgaidhe oirdheirc úd air cheann sgéula, agus dar bhféidir dhó a mheallamh leis don dún sin, ionnus go dtabhradh éiric ann a ndeurna de leatrom dó féin agus ann gach masladh agus easonóir da dtug sé dó féin agus do mhaithibh a thíre. "Ní sheadh acheudhna," air inghean an rígh, eadhón, Eilinn Sgiamhach, "óir da rachfá thusa
fóna dhéin ann a fheirg is dóigh liom nach dtigeadh do bheó don dún so go bráth air ais. Ach gléusfaid-se mé féin anna n-éideamh ríogha ro-uasal agus rachaid féin agus mo bhantracht a dh'agalladh an tréun-laoich sin, agus más mac rígh nó ro-thighearna é ní dteisbeánan sé gnúis fheargach nó ghruama dhúnne, agus ní mó do-bhéarthaidh sé oilbhéim nó taircisnne dhúnn; agus más mac brughaidh nó bodaigh é nochtachaidh sé faobhair a lainne 'nar gcoinne." A haithle na mbriarthra sin deasais an óg-ríogun sin í féin agus a bantracht anna héideamh ríogha, eadhón, callaid don ór álunn Aifrica air a ceann, agus brat fionndhruine do foclach go búclaigh a bróga, agus dealg ór isan mbrat sin, ionnus nach raibh sé ó oirthear go hiarthai an domhain bean comh deas léighthe. Gluasaid rompa iar sin gusan áiti do raibh Colla Sgiath-leathan air bhruach an alla. Air bhfaicsint na bantracht bioth-álunn sin a' teacht chuige do Cholla Sgiath-leathan agus an ríogun óig sin ann a réum-thosach, éirghis 'na sheasamh agus leagas 'arm cosanta air lár agus téid de chéimibh clisde deagh-thapaigh ann a n-oircheas. Agus air facsaint éugcosg agus áille na ríoguna sin dhó ní mór nach dtáinig measgadh meanmun agus mearughadh céille fair do grádh, agus air facsaint gnúis Cholla Sgiath-leathan, a mheud
agus a dhreach, do líon sí do thinte gortha grádh ann a cruidhe agus ann a meanmna dhó. Ach tá ní cheudhna, air dteacht a láthair na ríoguna agus a bantracht do Cholla Sgiath-leathan sléachtais é féin síos aige a cosaibh. Dála na ríoguna, cromthais síos go héasgaidhe tapaidh agus iadhais a dá láimh leabhar-gheal uime' bhrághaid, agus do thoirbhir póga go dil agus go díochrach dhó, agus rádhais leis éirigh 'na sheasamh agus a theacht léighthe go cathair a hathaire, óir nacharbh ionadh caoineas comhrádh dhóibh an áiti sin. A haithle sin tógbhais Colla Sgiath-leathan a arm cosanta suas agus gluasais leis an ríogun láimh air láimh, go dtángadar go faich na caithreacha. Agus iar n-aithne do Cholla Sgiath-leathan súile chách a bheith 'na suighe go friochnamhach fair, do labhair se leó agus is sé adubhairt: "Sibh-se, 'dhísgear-shluagh, má chím go nochtachaidh ceachtar dhíobh colg nó arm cosanta, luigheam fóm armaibh gasgaidh nach bhfágam ceann air cholainn fón ríogh-chathair so." Dála an rígh, air facsaint an deagh-laoch sin air láimh lena inghean do-chuaidh sé 'na oircheas agus feirthis failte fris agus treórais ann a sheamra fein é, áiti ar friáthladh go huasal onóireach é de nuadh gach bidhe agus de shean gach dighe
gur budh súgach meaghair-chaoimh an rígh, an bhainríoghain, an óig-ríogun agus Colla Sgiath-leathan. Is an sin a d'fhiafraidh an rígh don tréun-laoch sin cia tír dar bhudh as dó, cia hainim é agus créad do ghluais don toisc sin é. Do fhreagur an gasgaidheach sin é, agus is sé ro rádha: "Olltach mise," ar sé, "agus Colla Sgiath-leathan sé is ainim dílios dhamh, agus a dh'iarraidh na hóig-ríoguna so do thángas don tír so, mur mhnaoi agus mur chaoimh-chéile dhamh féin." "Bheirthim bréithir dhut," ar an rígh, "nach tuirsach linne do chuairt don tír so, óir is dóigh linn-ne dá mbeidh an bhean sin atá air láimh agaid 'na inghean aige Rígh an domhain, agus gan a bheith aige do chloinn nó do oighribh aige ach í gurbh fhear diongmhála di thú; gidh eagh, is gníomh gnáth agus nós arsuighe do mhic ríghthe agus óg-fhlaithe a gcraobhaibh agus a ngéugaibh geinealach a chraobhsgaoladh go foirleathan." "Is seadh a-cheudhna," air Colla Sgiath-leathan, "agus ní náire liom-sa sin a dh'fhoillseadh ós ard air faich do dhún-sa: Fachtna Fathaich mhac Cais mhic Ruirigh Mhór airdrígh Éirinne an t-athair fár rugadh mise dhó, agus inghean do rígh na Breataine Móire mo mháthair," air sé. "Beir buaidh agus beannacht," air an rígh, "ní gcualais ariamh seanchas air bith is fearr agus
is binne liom nó sin, óir is deimhin liom nach bhfuil sé a gceithre holl-chóigibh Éirinne ann a bheatha anugh mac rígh nó ro-fhlaith, triath nó taoiseach comh uasal onóireach a bhfuil leat, nó comh oirdheirc leat a n-éuchta gasgaidhe. Agus do dhearbhadh m'ollghardais fó sin," air sé, "do-bheirthim an bhean sin dhut mur chaoimh-chéile, agus is dóigh liom," air sé, "gur mór adhbhar a hurghardais féin fó do shamhul 'a óg-fhlaith do bheith aici." Is an sin do labhair an óig-ríogun, aige rádha air fhearaibh na cruinne gurb é 'rogha é. A haithle sin do ghoir an rígh a challaire chuige, agus d'iarr air fhoillseadh ós ard a meódhain na faiche a measg na sluagh go raibh cliabhnus agus coimhcheangal caraduis críochnaidh eadra inghean an rígh agus an tréun-mhíligh ud ó chianaibh, eadhon, Colla Sgiath-leathan mhac rígh Uladh. Iomthús' an challaire a haithle sin, tugais forfhuagradh do na slóighte do bhí fón fhaich nach raibh feidhm cosanta air inghean an rígh níos faide a n-aghaidh allmhurach eachtran air bith, óir go raibh fear a cosanta agus a coimheacht aici. Air chlosmhun na sgéula sin do na trom-shlóighte do bhí air an fhaich, ceileabhrais don rígh agus dona mhór-theaghlach aige fágbháil iomchumairce beatha agus slainte aige, agus
gluasais gach aon oca do thír dhúchais féin, ach an méud do lean an ridire Connachta go bruach an alla agus do marbhadh an sin le Colla Sgiath-leathan. Ach tá ní cheudhna, air dteacht moch na maidhne air n-a márach do cuirtheadh fios agus teachta go Grianán Aileach, eadhón, dún-phurt Rígh Uladh mur a raibh athair Cholla Sgiath-leathan, agus go hEamhain Macha mur a raibh a réumh-bhráthair, eadhón, Conchubhur mhac Neasa, agus anna Craobhruaidhe mur a raibh na curaidh, aige iarraidh ortha theacht 'a chathamh fleadh pósda Cholla Sgiath-leathan go tuigh Chonruidhe mhic Dáire, rígh Mumhan, agus iad uile a bheith an sin caocaís ón lá sin. Dála Cholla Sgiath-leathan, do posadh é féin agus Eilinn Sgiamhach le 'chéile. Agus do hollmhughadh fleadh mór-abhail le rígh Mumhan a n-onóireachuis na mór-uaisle do bhí 'triall chuige, ionnus nach ar chodlaidh lucht friáthlaidh thuigh rígh Mumhan aon-néull feadh na caocaíse sin, ach a' déunamh raoidh agus aige cur gach nídh a n-ordughadh. Agus a gceann na rea agus na haimsire sin thángadar maithibh agus mór-uaisle chóigibh Uladh don Mhumhan go tuigh Chonruidhe mhic Dáire, agus maithibh Mhumhain don leith ele. Agus air dteacht a láthair dhóibh do suigheadh gach aon oca do
réir a chéime agus a onóire, eadhón, rígh Mumhan aige an bhord chrunn a meódhain na n-uasal, agus rígh Uladh air a láimh dheas agus rígh na hEamhna ar a láimh chlídh, agus Colla Sgiath-leathan agus Eilinn Sgiamhach air an taobh ele don bhord as a choinne, agus curaidhibh na Craobhruaidhe 'na dtimchioll. Ach tá ní cheudhna, air gcaitheamh seachtmhain' air mhí dhóibh air an ordughadh sin, do luaghadh leó gach aon oca tilleamh do thír féin. Is an sin do labhair draoi Chonruidhe mhic Dáire, agus is sé ro rádha: "A rígh agus 'ard-thighearna," air sé, "is cumhain leat go ndubhrais ó chianaibh go raibh Amhairgin mhac Rígh Lochlann aige ollmhughadh ceilge um Eilinn Sgiamhach a dh'fhuadach leis go críochaibh Lochlan. Anis bheirthim-se bréithir dhuit-se agus do a bhfuil ann so a láthair go dtabhraidh sé leis go foiréigneach í go haithghearr, agus sin an gníomh a dtucfaidh ármhach mór agus trom-argun as; gidh eagh, beirthir ar ais í arísd gan truailleamh gan aithmhilleadh tar éis Fionn-Lochlannaigh do dhíthcheannadh agus Amhairgin Crom-shúlach a mharbhadh." Is mór an tuirse agus an dubrón do ghlac Eilinn Sgiamhach le closmhunt na mbriathra sin. A haithle sin triallais na hUlltaigh air n-a márach
fó dhéin a dtíre féin, mur aon le Colla Sgiath-leathan agus Ellinn Sgiamhach. Ceileabhrais air sin do theaghlach Chonruidhe mhic Dáire agus do uaisle agus do mhaithibh Mumhan, aige fágbháil iomchumairce beatha agus sláinte oca. Trialladar rompa air sin, agus ní aithristear níos mó dá n-imtheacht go dtangadar go hEamhain Mhacha. Agus chomhnaoidear an sin aige Conchubhar mhac Neasa agus aige curaidhibh na Craobhruaidhe seachtmhain agus mí ele, aige éisdeacht le sinim cheóil, aige ól agus aig aoibhneas. Agus a gceann na haimsire sin ceileabhradar do theaghlach Chonchubhair aige fagbháil iomchumairce beatha agus sláinte oca, agus do-chuaidh Conchubhar mhac Neasa agus ochtar curaidhibh na Craobhruaidhe leó go Grianán Aileach, eadhón, dún-phurt rígh Uladh. Agus d'fhanadar an sin an feadh aimsir chéudhna. Is an sin do labhair draoi rígh Uladh do ghuth ard fhollais-ghlan a n-éisdeacht chách, agus is sé adubhairt: "'Ard-uaisle, agus a mhaithibh an chóigibh, agus a rígh-mhílidhibh na cruinne, is dóigh liom-sa go bhfuil sibh a' cathamh mur n-aimsire fón teaghlach so gan tairbhe dhíbh féin nó do neoch air bith dá bhfuil ansan dún so." "Cionnus da n-abrair sin?" air Conall Ceithearnnach.
"Atá," air sé, "cabhlach tréun as réagún imchian éigin atá 'triall don tír so, agus a dhéunas díth agus dochar mór don dún so ann a bhfuil sibh-se 'nocht; agus an t-am do bheidhis feidhm oraibh-se a bheith an so ní mbídhion sibh ann." Is an sin do labhair Conall Ceithearnnach an dara feacht agus adubhairt: "Níor iomchar an mhur bhraonach air a borbthonnaibh nó an talamh trom-fhódach air a dhrum ariamh, sluagh nó sochruighe nach bhfuigheadh siad lucht a gclaoidh san dún so anis." "Dearbhaim dhut, a Chonaill," air sé, "go bhfacaidh tú mo ráidhte críochnaoi, agus go mblasaidh tú de sheirbhe na fáisdine a dtíortha coigcríche, agus mórán ele dá bhfuil an so a láthair," air sé. "Cia ham a dtarlachaidh sin?" air Conall Ceithearnnach. "Ní fhéidim-se sin," air an draoi. Ach tá ní cheudhna, air gcathamh seal áiridhe d'aimsir'na dhéigh sin dhóibh a nGrianán Aileach, do-chuaidh Conchubhar agus na curaidhibh air ais go hEamhain, agus budh huagnach tursach Colla Sgiath-leathan agus a theaghlach 'na ndéigh. Ciodh trácht, air gcathamh seal áiridhe d'aimsir do Cholla Sgiath-leathan agus do Eilinn Sgiamhach a bhfochair a chéile go sona séunmhur agus go
subhach soimheanmnach, tharla do Chonchubhar mhac Neasa tionáladh do chur air mhaithibh an chóige chum seilg Choill Laimhrigh do chomóradh, mur budh ghnáth leis gach bliaghan, agus fleadh mór a dh'ollmhadhugh a n-onóireachus na mórshloighte do thigeadh chuige as gach ard don chóigibh, ionnus nach mbeidh fear iomchar sgéithe nó claoidheamh san chóigibh nach mbeidh aige a' cathamh na fleadha sin air feadh caocaíse. Dála Cholla Sgiath-leathan, tháinig sé féin agus maithibh a thíre leis chum na sealga sin. Tharla do chabhlach ceithre long, agus trí chaogad laoch lán-chalma ann gach long oca, as críochaibh Lochlann 'a theacht a bhfogus do Aileach Néid, agus Amhairgin mhac rígh Lochlann 'na ard-thaoiseach ortha. Agus tharla do Eilinn Sgiamhach a bheith amuigh aige féuchaint na mara, agus gan aici ach a hinnill, agus súl seacha do dtug sí do-chonairc sí Amhairgin Crom-shúileach agus buidhean mhór do mhuintir a' teacht go lán-éusguidhe fóna déin. Sgingis air sin mur fiadh air na dhúisgeadh as a leaba luighe, agus ní deurna sí comhnaoi nó sgíth go dtáinig sí go Grianán Aileach agus gur chur i féin a bhfolach ann. Dála Amhairgin Crom-shúileach do lean sé go dian í gusan dún; agus mur nach raibh fear a
hanacal air fagháil fó mhúraibh na caithreacha sin, do raob agus do bhris an fear sin agus a bhuidhean neamh-thrócaireach gach díon agus gach daingneach da dtarla leó, fuidhe agus ós ceann talamh, san chathair aoil-ghléusda sin, go dtángadar air an n-áiti uaigneach anna raibh sí, agus gur tharrangadar leó as í. Agus gé gur ghár agus gur sgréach sí ós ard aige iarraidh cuidighthe, budh bheag brígh do bhí di ann, óir ní raibh taise nó truaighe oca lena hosnnaigh nó lena headarghuidhe, mur bhí 'fhios oca nach raibh lucht a hanacal air a gar nó annsa roinn sin don chóigibh 'mun am sin. (Ach do mbeidh Colla Sgiath-leathan fón chaithrigh an tráth sin budh mhairg don bhuidhean 's thréuna a d'fhuráladh an gníomh sin a dhéunamh, óir do mbeidh sé air an láthair sin ní dtabhradh Amhairgin Crom-shúileach agus a throm-shlóighte Eilinn Sgiamhach uadha.) Ach tá ní cheudhna, do thógadar leó í go hur an chuain, mur a raibh an chud ele don chabhlach 'na luighe a' feitheamh ortha, gur churadar asteach anna long Amhairgin Chrom-shúileach í. Gidheagh, ó do-chonairc sí nach raibh brígh nó tairbhe ann a himpidh nó ann a hathchuinge, do labhair sí do ghuth chródha mhór-mheanmnach le Amhairgin Crom-shúileach, aige rádha: "Ó nach bhfuilead taise nó truaighe agad-sa
liom-sa, curtham-sa thusa agus do chabhlach míolaochdha fó gheasa droma draoigheachta, agus sin do dhrum uisge, nach féidir a bhriseadh nó a sgaoileamh, gan luighe nó leannánacht nó feis leapa do dhéunamh liom-sa, nó codlamh nó comhnaoi do dhéunamh a n-aon-tuigh liom-sa aoidhche nó lá, nó go gclaoidhfir air dtus Colla Sgiath-leathan a gcomhrach aoin-fhir ann mo fhiaghnuise, mur shásamh ansan easonóir a thugais dhamh-sa." A haithle na mbriathra lán-fheargach sin, ní mór nach m'fhearr leis nach dtáinig sé air an eachtra sin. Gidh eagh, do thogadar a seóltaigh leó go lán-éasguidhe amach ó shleasaibh an chuain tair dhoimhne na mara mór-fharsang, agus is gearr gur fhágadar radhairc theaghlaigh Ghrianán Aileach. Do lean (na mná) an ríogun sin go hiomal an chuain, agus a dh'fhan an sin go triamhunach dubrónach gur fhág an cabhlach a n-amharc amach. Tilleadar air sin go ceann-trom tuirseach lán dóláis agus do bhrón cruidhe abhaile. A haithle sin cuirthear fios agus teachta go géur luath go teach na Craobhruaidh ail cheann Cholla Sgiath-leathan, dá fhoillseadh dhó go dtáinig Amhairgin Crom-shúileach le cabhlach ceithre long, agus trí chaogad laoch lán-chalma ann gach long oca, agus go dtug sé Eilinn Sgiamhach go foiréigneach leis go críochaibh
Lochlann. Dala an teachtaire, níor leig sé don fhéur fás fuidhe na chose go dtáinig sé don Chraobhruadh, agus gur nochtaigh a rún do Cholla Sgiath-leathan. Agus air gclosmhun na sgéula lán-iongantach sin don ursa chródha chathbhuadhach sin, is iongnamh nach ar imthidh 'na gheilt le meisge meanmun, agus ar baois chéille. Féuchais Conchobhar fair agus thug fó daire ruamhun na feirge ann a ghnúis, agus fiafrais de óis íosal créad do mhíochóraigh 'intinn. Adubhartsan leis go raibh ráidhte an draoi ó chianaibh anis críochnaidh. "Cionnus sin?" air Conchubhar. "Atá," air Colla Sgiath-leathan, "go dtáinig mac rígh Lochlann le cabhlach cheithre long, agus trí chaogad laoch lán-chalma ann gach long oca, agus go dtug sé Eilinn Sgiamhach go foiréigneach leis do thír féin." A haithle sin do-chuaidh na sgéula lan-uadhbhásach sin mur shoighneán teineadh tríd na curaidhibh a bprab na súl. A haithle na sgéula sin, do labhair Conchobhar mhac Neasa, agus is sé ro rádha: "'Ard-uaisle agus a mhaithibh Uladh agus a phríomh-ghasgaidhibh an domhain uile atá annso a láthair, is aithne dhamh-sa gur himreadh ceilg agus claon-bheart air mhac mo dhearbhrathair-se
le mac rígh Lochlann, aige breith a chéile air subhal uadha go foiréigneach an feadh do bhí sé air tiomchuairt agum-sa agus aige'chomhbhráthraibh, eadhón, curaidhibh na Craobhruaidhe. Is dóigh liom-sa nach bhfuil sé air dhrum talamhna teaghlach air bith do bhfuil il-liacht laoch leónta leadardha agus curaidh cruaidh-chalma agus gasgaidheach glan-ghníomhach ann leis an teaghlach so anocht, agus nach bhfuil aon-laoch, curaidh nó caithmhíligh ann ach gidh bé dar shíolaidh uadh chlanna Róigh, éadhon, uadh Rúraighe Mhór, rígh Éirinne, céud agus ceithre bliaghna ua shoin. Agus an féidir a rádha go leigfidh sibh easonóir nó leatrom mur gcomhbhráthair le allmhuire eachtran san mbioth gan a dhíochioll?" Is an sin do labhair Conall Ceithearnnach, eadhón, triath na gcuraidhibh agus rígh-laoich fhearaibh Éirinne ann a chomhaimsir féin, agus is sé ro rádha: "A Ard-rígh, a thriath agus a réumh-bhráthair, créad is indhéunta dhúnn don toisg so ionnus go gcosgfamaois ar bhfíoch, ar bhfearg agus faobhar ar lann air an bhiothbhuanach coigcríochach úd a d'fhuadaigh sgéimh mhná na cruinne go foiréigneach leis uadh rígh-laoich an domhain mhór, eadhón, Colla Sgiath-leathan mhac rígh Uladh?" Is an sin do fhreagur Conchubhar mhac Neasa agus is sé ro rádha:
A mhic mo dhearbhshúrach," air sé, "ó do chí tú leatrom, éugcóir, easonóir agus an tarcaisne a tugadh do da chomhbhráthair agus do sgéimh na cruinne, eadhónn, a chéile, inghean rígh Mumhan, is sé is oircheas dhíbh tóruigheacht ghéur dhian athlaimh do thabhairt di. Tuigeamsa nach bhfuil sé ar a chumas díth nó dochair do dhéunamh do mhórdhacht na ríoguna sin gé fada nó gearr, nó go rachaidh an laoch leónta leadardha na críocha, eadhón, Colla Sgiath-leathan a gcomhlann agus a gcoimhghleic ann a fiaghnuise leis an tréatúir sin, eadhón, Amhairgin Crom-shúlach, agus go gclaoifidh sé é a gcomhrac aoin-fhir; agus is sí mo chomhairle dhílios féin dhíbh," air sé, "Colla Sgiath-leathan go maithibh a thíre agus a charaid a dhol do thóruigheacht na ríoguna sin, agus ceithrear do churaidhibh na Craobhruaidhe do dhol leis, agus an ceithrear ele fuireach a' déunamh faire agus forchoimheád an chóigibh go dtigeadh sibh tar ais le buaidh chosgair mhic rígh Lochlann, nó mur dtuitim féin san treas." Is an sin do labhair an Fear Dia agus is se ro rádha: "Is dóigh liom-sa gur cóir teachta do chur fó dhéin Chonruidhe mhac Dáire don Mhumhan, agus 'fhoillseadh dhó an fheill-bheart do-rinneadh air a inghean." "Ní hamhluighe atá sin," air Cú Chulinn, "óir
ní minic linne a bheith aig iarraidh cuideamh nó cumhainnte air Mhumhnaigh a n-aghaidh allmhuraibh eachtrain, agus ní mó iarrthamud anis a gcuideamh, oir luígheam fóm armaibh gasgaidh, munach bhfuighean an dara fear do Ulltaibh an a dhol liom go críochaibh Lochlann, go rachainn féin um aoin-fhear ann 'a thóruigheacht na ríoguna sin, agus nach dtilltheann tair ais go bráth go hEamhun go dtutfeadh mac rígh Lochlan le mo láimh, agus go dtabhrainn Eilinn Sgiamhach go Grianán Aileach air ais, d'aimhdheoin neart Lochlann, chuige' céile fein." A haithle sin ro fhiafrais Colla Sgiath-leathan de Chonchobhar mhac Neasa: "Créad is indhéunta dhúnn don toisg so?" Is an sin do fhreagur Conchubhar é, aig rádha: "A mhic mo dhearbhráthair ionmhun, beir-se da rogha ceathrar do na curaidhibh leat 'a thóruigheacht na deagh-mhná sin, agus fanadh an ceathrar ele aige coimheád cuantaigh agus caithreacba na cóigibh go dtillidh sibh tar ais, agus curfaid-se long luchtmhar lán-aibhseach leó nach heagal don ghaoth a sgathadh, don tunn a bathadh, nó don ghrian a sgailteadh nó a sganradh, mur aon le stórais fairge do naoi naonmhur laoch air feadh bliaghna."
Is an sin do labhair Conall Ceithearnnach, agus is sé ro rádha: "Is dóigh liom-sa," air sé, "ó nach bhfuil ach ceathrar do na curaidhaibh ann a dhol air an eachtra sin nach bhfuil ceathrar air bith is feurr a dhol ann nó Cú Chuilinn, an Fear Dia, Lughaidh mhac Nos agus mise, óir tá maoinne eólach air theasdail tíortha imchian ón t-am do-chuaidh maoinne 'thóruigheacht Ghruagach na gCoin agus a mhná go hOileán an Ar." Is an sin do labhair Lughaidh mhac Nos, agus is sé ro rádha: "Do-bheirim-se briathar dhuit-se, a Cholla Sgiath-leathan," air sé, "do mbeidh uaisle Mhumhan, laochraighe Laighean, maithibh Chonnachta agus raoghruighibh Uladh leat air an eachtra sin, ní mbeidh tairbhe inte uile gan Conall Ceithearnnach do bheith leat." A haithle na mbriathra sin éirghis Colla Sgiathleathan 'na sheasamh a measc na sluagh agus labhrais leó do ghuth ard fhollus-ghlan aige rádha: "Gach aon dár mian leis mo dhochair-se do dhíthioll air Lochlannaigh trialladh sé liom teacht moch na maidhne 'márach go hEas Aodh Ruaidhe mur a gcuramar ar lón fairge, ar stóras cogaidh, ar n-airm cosanta, agus ar mbuidhean laochraidh air bord longa ann." Ach tá ní cheudhna, air dteacht mhoch na maidhne air n-a márach gluasais Conall Ceithearnnach
Lughaidh mhac Nos, Cú Chuilinn agus an Fear Dia le Colla Sgiath-leathan agus trí chaogad do mhuintir féin líon a shluagh. Agus do-chuaidh Conchubhar agus maithibh a theaghlaigh leó go hEas Aodh Ruaidhe, go bhfuaradar dha long luchtmhur lán-aibhseach do chud Chonchubhar féin a n-ordughadh dhóibh. Is an sin do churadar trí príomh thonn-ghortha longa ionnta, eadhón, biadh a n-ionad a chaimhthe, arm a n-ionad a dhíbhirce agus ór a n-ionad a phronta. Agus air bhfagháil gléus seólta agus rámhaidh a n-ordughadh dhóibh d'fhágbhadar umchumairce beatha agus sláinte aige' gcairde 'na ndéigh. Is an sin do thugadar tosach a longibh don mhur agus a ndeireamh do thír; is an sin do thógadar a seóltaigh bocádach báin-dhearg a mbarraibh na sár-chrann subhail, aige leigean na gaoithe glanifhuaire 'na glotain fúdhtha. Agus do churadar Colla Sgiath-leathan 'na ard-thaoiseach air long oca agus céud dá mhuintir aige. Agus do-rinneadh taoiseach de Chonall Ceithearnach air an long ele, agus tugadh caogad do mhuintir Cholla Sgiathleathan dhó, mur aon le Cú Chuilinn, an Fear Dia, agus Lughaidh mhac Nos. Sheóladar leó go réim-dhíreach go raibheadar naoi lá cona n-aoidhche air sáile. Is an sin a dh'éirigh stoirm agus anafa mhór air an fhairge, agus tháinig ceo dorcha duabhsach, ionnus nach
ar léur dhóibh a chéile ach dá luasgadh ó thonn go tonn ar feadh thrí lá agus trí haoidhche. Agus air sgaoileadh don cheó, chailleadar a chéile agus bhíodar air seachráin air feadh naoi lá'na dhéigh sin. Agus fá dheóigh do-chonairc an Fear Dia de bharr an chrann seóil long Cholla Sgiathleathan, agus long ele a ngar di. A haithle sin do iarrais air Chonaill Cheithearnnach an long do dhíreagh le luathais fóna ndéin. Is an sin do-chuaidh gach aon san long dá rámhamh agus dá seóladh, ionnus go raibheadar a bhfogus. Is ann sin do fuaradar long Cholla Sgiath-leathan greamaidh don long ele le crúca siath-ringhin da iaronn aithleichte, agus fathach mór-thortach cnáimhramhar 'na sheasamh a gcorrthosach na longa sin, agus trí chéud laoch lán-armach air dhruimthaiste na longa sin. Ach tá ní cheudhna, air bhfacsaint long Chonall Cheithearnnaigh a' teacht a bhfogus dhó, síonais an fathach sin a láimh ciar-dhubh croith-neartmhur le crúca ele 'ndúil a greamadh mur an gcéudhna dona long féin. Agus an feadh do bhí sé a' gleic leis an chrúca, léimthis Cú Chuilinn amach annsan aibhéis, agus curthais an gath boilg a laoghar a choise deasa, agus thug rotha an urchair dhó go dtarla an ucht an fhathaich é, gur sgoilt óna
bhrainn go dtí a bhrághad é, ionnus go rachadh leanabh míosa amach agus asteach tríd an chréucht chraos-fhosgailte do-rinne sé, agus é 'na chosair chró air dhruim-thaiste na longa. Nuar do-chonairc an ursa chamhlann sin, tugais iarraidh an crúca do bhí 'greamadh na longa do sgaoileadh, agus a dhol a raon teithe. Agus bualais Colla Sgiathleathan béim do chloidheamh fair, gur bhain an láimh ón ghualann de. A haithle sin léimthis lucht an dá long asteach air long an fhathaich, agus níor chian go ndeurnadar iad féin 'na maighistear uirthi, óir an méud nach ar marbhadh oca bathamh iad aige iarraidh teitheadh ó fhaobhar airm a mbiodhbhuidhe. Ciodh trácht, do sheóladar leó seal airidhe ele go bhfacadar feaghar iatha agus imdhéunamh oileán a bhfad uabhtha, agus do sheóladar a longaibh fó dhéin na háiti sin. Agus air dteacht an sin dhóibh do fuaradar tráighe gheal ghanaigh ann agus feaghar cuain do bhí 'bhfad as úsoid. Chathadar anncara amach air sin, óir b'fhada leó go bhfuigheadh siad leathad a mboinn do ur na talamhna. Ach tá ní cheudhna, níor fhágadar a longaibh an aoidhche sin go teacht na maidhne air n-a marach. Is an sin do rádhais Conall Ceithearnnach leó
go rachadh sé féin agus Colla Sgiath-leathan agus an triar ele de na curaidhibh do bhí an sin 'a theasdail an oileán seal, agus an chud ele fuireach an sin a coimheád na longaibh go dtigeadh siad air ais arísd chuca; agus dá dtigeadh allmhura eachtran air bith ortha iad comhrac fuilteach feól-gheurtha do dhéunamh leó. A haithle na mbriathra sin, gluasad an bhuidhean chalma sin leó 'a theasdail an oileán chnuasthorthach sin feadh seal fada d'aimsir, agus ní bhfacadar duine nó ainmhidh, díon nó daingneach a bhfogas dhóibh nó a bhfad uabhtha. Is an sin do bhaineadar a dtrom-ualach da thortha milse na gcrann sin, agus do thugadar leó ann a longaibh iad. Thugadar as an aoidhche sin go maidin air n-a márach. Is an sin fiafrais Colla Sgiath-leathan créad a dhéunadais anis. Adubhairt Conall go rachadh siad 'na gcúigear amach an dara feacht, agus má bhí cúrt nó caisleán nó duine beó air bith san n-oileán nach dtilleadh siad gan sgéula na foraoise sin. Gluasad rompa air sin agus bhíodar a' síor-shubhal an fhásaigh uagnaigh sin go dtáinig néull nóna ortha, agus ní bhfacadar aoin-neoch do bhéarthadh sgéula air bith dhóibh. Críochnaigheadh comhairle leó air sin fuireach san áiti sin go
maidin air n-a márach agus cuartadh caoindúthrachtach a dhéunamh an lá sin ann. Ciodh trácht, air mbeith dhóibh a' dol do bhfolach fuidhe ghéugaibh na gcrann caoimh-álunn sin, do-chídear laoch cian-aosda a'teacht chuca; agus air n-a bhfacsaint dhó, do chreathnaidh sé go mór. Air n-a aithne sin do Chonall do bheannuidheas dhó go ceannsuighe caoimh-uasal agus go milisbhriathrach. Do fhreagair an sean-laoch é go faon crith-eaglach, aige rádha: "A bhuidhean oirdheirc, is fuar folamh mur leaba luighe." "Is seadh acheudhna," air Conall. "Máiseadh," air sé, "is amhgar mór liom mur samhul de ghasgaidhe do bheith san éigin sin anna bhfacaim sibh, agus da dtigeadh sibh liom-sa bhéarthainn oidheacht na haoidhche anocht dhíbh." "Is deimhin," ar cách, "nach bhfuaramur ariamh oidheacht is mó do bhfuilmaoid ann a fheidhm." "Leanaidh mise," air sé. Leanadar uile an sean-laoch feadh asdar fada tríd choillidh uagnach do-shiubhailte, agus fá dheóigh do thángadar chuige dún dorcha dubh, agus dar leat go raibh seal 'na bhuinne geal álunn
caisleán. Agus air ndol asteach dhóibh annsan tsean-chaisleán sin fuaradar sean-bhean 'na suighe ann, agus go gcuirtheadh a gnúis gran air mhná na cruinne go hiomlán. Éirghis an tsean-bhean air ndol asteach dhóibh agus dearcais go géur grinn a ngnús gach aon oca fó leith. Agus air bhféuchaint a bhfad di gan aon-fhocal a labhairt rádhais leó a n-earradh asdar do leigion dhíobhtha agus suighe. A haithle sin bainthis an cúigear sin a n-arm agus a n-éideamh catha dhíobhtha. Is an sin do friáthladh go huasal onóireach iad le biadhaibh saora sobhlasda agus le deocha milse meisgeamhla nó gur chathadar a leór-dhóchain bídhe agus dighe ann. Is an sin do labhair an tsean-bhean le Cú Chuilinn, agus is sé ro radha: "'Óg-mhacaibh," air sí, "an raibh tusa san n-oileán so ariamh aroimhe?" "Ní cumhain liom go rabhais," air Cú Chuilinn. "Nach déuna bréug liom-sa," air sí, "oir is dóigh liom go rabhais, agus gasgaidheach óg eile leat nach bhfacaim ann so anocht." "Ni rabhais acheudhna," ar Cú Chuilinn. "Ni nach cumhain leat," air sí," an t-am do bhí tú a dol a n-Oileán na Diamhuire chuige Maoileann Ruadh na Luthóige d'fhoghhlim cleasa goile agus gasgaidhe?"
"Is cumhain go deimhin," air Cú Chuilinn. "Ni nach cumhain leat," air sí, "gur mharbh tú an fathach a raibh ceann a' dreagun air a bhí san uaimh?" "Is cumhain go deimhin," air Cú Chuilinn, "ach ní féidir gurab tusa an óig-bhean chaoin-dheilbheach do tharla liom a gcaisleán álunn aol-dhaite 'na haonar?" "Is mé acheudhna," air sí. "Créad é an snuadh sin ort anis," air Cú Chuilinn, "nó cia hé an sean-laoch é so atá do da choimheád?" "Sin mo chéile," air sí, "agus is éigin dhúinne sinn féin do chur san riocht so tráth thig sluagh nó sochruighe anna chuain so shíos d'eagla ar ndíthcheannadh, mur nach bhfuil lucht ar n-anacail agunn," air sí. "Maiseadh air grádh h'ine," air Cú Chuilinn, "agus curthaidh sibh an mur riocht féin sibh." A haithle sin téid an dís cian-aosda sin anna seamra cúl do bhí san tsean-chaislean sin, agus air dteacht amach dhóibh as níorbh áille lánmhun san domhan nó iad. "Is deimhin," air Cú Chuilinn, "go n-aithneam anis tú." Is an sin do gléusudh umdha agus ard-leaba do
na laochraidh sin, agus go ndeachadar 'a chodlamh go héirigh don ghréin go lán-shoilseach air n-a márach. Ar n-éirigh dhóibh fiafrais Conall Ceithearnnach de an tsean-laoch sin cia bhus triath air an oileán sin, créad fáth fó rabhadar comh crith-eaglach agus a bhí siad, agus cia hé da raibh an t-eagla sin ortha roimhe. Do fhreagur an sean-laoch é, aige rádha: "Oileán an Fhásaigh Mhór is ainim don oileán so, agus inghean do Ghruagach Oileán an Fhásaigh, a bhí 'na rígh agus 'na ard-thriath air an tír so, an bhean sin hall. Agus an t-am a d'éug Gruagach an Oileán do bhí fathaich urghránna as críochaibh Lochlann do ceann dreagun fair agus do tuile trom-ghráidh don mhnaoi so. Agus mur do thug sise fuath agus formut agus trom-dhúilteamh dhó, do tháinig sé go ndeurna comhnaoi anna n-uaimh atá air iomal an oileán so, do gríosadh do shíor go dtug sé ár a muintir' agus gur sgrios sé an t-oileán so. Agus sin an fathach réamh-ráidhte do mharbh an t-óg-mhacaibh so an t-am do bhí sé air eachtra san tíor so ó chianaibh. Agus a haithle sin do pósadh mise leis an mhnaoi so. Agus air n-a gclosmhun sin a gcríochaibh Lochlann, do tháinig mac meódhanach an rígh le trí chéud
laoch lán-chalma go hiomal an oileán so, san áiti dá bhfuil mur longaibh-sa 'nis, agus do chomhrac mise agus beagán buidhean do bhí agum leó air ur an chuain sin, agus do marbadh mac an rígh liom-sa a gcath aoinfhir. Agus air n-a fhacsaint sin do na shlóighte, an méud nach ar marbadh oca do theith siad uainn. Gidheagh, níor chian na 'dhéigh sin go dtáinig an mac fa hóige don rígh leis an uimhir chéudhna, do dhíothall bás a dhearbhráthair; agus do marbhadh an fear sin liom mur an gcéudhna mur aon le urmhór a mhuintire. Agus do thairbhe sin tá an mac fo shine dhíobhtha, eadhón, Amhairgin Crom-shúileach air mo shuighe, agus ó nach bhfuil mé a líon catha leis, mur tugadh ár mo mhuintire, is sé sin fáth mo uamhain agus m' eagla. Agus thig siad do ghnáth aige umramh fó chumhsaibh an chuain so síos 'ndúil aire fhagháil oram. Agus shaolais-se gurb iad a d'aitiann, an t-am do-choncas mur longaibh-se ann." "Beir buaidh agus beannacht," air Colla Sgiathleathan, "má chualais le mo chluasa ariamh sgéula air bith is binne liom nó an méud a d'aithris tú dhúnn. Agus anis, aithris dhúnn an eólach thusa air chríochaibh Lochlann, nó an bhfuil fios na sligheadh agud go dí an áiti do gcomhnaoidhean Amhairgin Crom-shúileach?"
"Is eólach acheudhna," air an sean-laoch. "Máiseadh, treóraidh sinne go cathair an fhir sin, nó múin an tslighe dhúnn, agus do-bheirim-se bhréithir dhut nach mbuarthann sé go bruinne an bhráith tú arísd." "Is deimhin," air an sean-laoch, "go seólaidhe mé sibh, go dtreóraidhe mé sibh, agus go gcuideachaidh mé fó mo dhíthioll libh. Ach air dtús foillsidh damh-sa fáth mur n-eachtra don tíor so." Is an sin do-chuaidh Colla Sgiath-leathan a gceann sgéul, agus d'aithris dhó ó thús go deireamh mur thug Amhairgin Crom-shúileach a bhean go foiréigneach uadha, an feadh do bhí sé air tiomchuairt aige 'n-a réamh-bhráthair, agus gur dá tóruigheacht do thángadar don toisg so. Is an sin do labhair an sean-laoch an dara feacht, agus is sé ro-rádha: "A rígh-mhíligh," air sé, "is truagh tuirseach liom do sheanchus, agus is ro-dheacair na neithibh sin do choimhlíonamh. Dún na Dabhcha Deirge is ainm don chathair a gcomhnaoidhean an fear sin ann. Tá slighe nó bealach lena dhol ann air mur, agus slighe ele air tír; tá torr mór ard ann, agus is ann sin do thasgaidhis sé na séud-chomharthaigh agus gach seód uasal ele dá mbídheann aige, agus is ann do chodlann sé an t-am a bhídheann sé san mbaile; agus tá trí doirse ar an torr sin, agus caogad laoch lán-chalma aige gach doras
oca do shíor, a' déunamh faire agus forchoimheád dhó; agus tá trí bealaigh aige fágbháil na ndoirse sin, agus tá caogad coin allta an gach slighe oca, agus ubhall nimhe air bharr gach ruibhe don fhinneamh atá ortha, agus ní dtainig neoch saor uabhtha ariamh gan mharbhadh. Agus ní dtig le cabhlach 'theacht air mur chum an chuain sin, nó sluagh nó sochruighe don tír, nach bhfaic se uadh bharr an toirr sin sol do dtigidís fó na tríocha céuda dhó. Agus tuilleamh ele, tá leannán aige atá ro-líomhtha 'n-ealadhan draoigheachta, darb ainm di Saghran na hUaimhe Móire, agus an t-am do bheidhis a gcruaidh-chás nó a n-éigin air bith do-bheir sí léighthe 'gcealtair dhraoigheachta uadh n-a bhiodhbhuidhe é. Agus is dóigh liom-sa," air sé, "gurab annsa torr sin atá an bhean atá sibh-se 'thóruigheacht a bhfolach. Agus sin a bhfuil de sgéula agum-sa dhíbh," air sé. "Máiseadh," air Conall Ceithearnnach, "créad í an tslighe is indhéunta dhúnn a ghlacain anis?" "Atá," air an sean-laoch, "tá mac meanmnach mór-neartmhur ro-chalma agum-sa, agus curthad-sa le mur muintir-se air an long é, mur aon le caogad deagh-laochraidh nach dtug truigh air gcúla riamh a gcath nó 'gcomhlann, agus seólaidh sé an bealach dhóibh chum Cuain na Dabhcha Deirge. Agus rachaidh mé féin libh-se da mur treoramh air tír."
Is an sin do mholadar cách go coitchean an chomhairle sin. Goirtheas an sean-laoch a mhac agus an caogad laoch sin chuige, agus nochtais éirim na heachtra sin dhóibhthe, agus fo mhór a n-urghardais uim an sgéul sin. Iarrais ann sin ortha soigheach fíona do bhí san dún sin a thabhairt leó, mur a raibh an chud ele do mhuintir Cholla Sgiath-leathan aige an chuan, agus iad uile a dhol leisean anna háiti sin. Gluasaidh an sean-laoch roimhe agus an bhuidhean chalma sin 'na dhéigh, go dtángadar chum na longaibh. Agus air dteacht ann sin dhó, dálais deoch go fialmhur ortha. Agus tráth budh subháilceach soilbhear cách da dhruim na dighe sin do labhair an sean-laoch leó agus is sé ro rádha: "A bhuidhean chalma na lann líomhtha," air sé, "tá mur n-eachtra cruaidh guasachtach don toisg so. So mo aon-mhac féin do-bheirim dhíbh an mur dtreóradh chum cuan Dún na Dabhcha Deirge, agus bíodh sibh ansan chuan sin le héirigh don ghréin air maidin iar n-a márach. Nach fanadh sibh an mur longaibh féin aon mhoimente air dteacht an sin dhíbh, ach léimthidh asteach a longaibh na Lochlannach; nach tabhraidh cághas nó ceathramh do aoin-neoch, nach bualaidh beidhm claoidheamh nach dtrasgrachaidh sibh dís nó triur leis, agus nach tugaidh sáthamh do
shleagh nach bpollaidh sibh an uimhir chéudhna leis, agus nach sguraidh dá dtuargain agus dá ngearradh roimh go mbeidh sibh aige an torr. Agus casfaidh mise agus an cúigear so ele dhíbh an sin, agus beirim bréithir dhíbh nach a moghadh a rachais ar n-aimsir a measg na gcon allta agus na laochraidh neartmhur atá an súd romhainn. Agus anis tá sibh cródha, tá sibh mór-neartmhur, tá sibh meanmnach neamh-chlaortha. Cumhnaidh m'fhocail, nach déunaidh dearmud de mo chomhairle, beirthidh buaidh chosgair libh." Air rádha an bheagán bhriathra sin leó, tillios abhaile agus an cúigear curaidhibh réamhráidhte leis. Ach tá ní cheudhna, air gcathamh na haoidhche sin dhóibh, seal go subhach agus seal go dubhach, go teacht na maidhne air n-a márach, is an sin do ghluasadar rompa fó dhéin Dhún na Dabhcha Deirge. Agus air dteacht néull nóna agus ur-thosach aoidhche, do fuaradar iad féin a ngar don rígh-chathair sin. Agus an t-am do bhí lucht na caithreacha uile ann a dtrom-shuan codlata do thug an sean-laoch leis na curaidhibh, gur theisbeán dhóibh na trí rian do bhí 'dol anna toirr, agus rádhais le Colla Sgiath-leathan é bealach oca sin a ghlacan agus é an Fear Dia do thabhairt leis, agus iarrais air Chonall
Cheithearnnach agus air Lughaidh mhac Nos a dhol chuige rian ele oca, agus go rachadh sé féin agus Cú Chuilinn chuige an treas rian. "Agus anis," air sé, "tá caogad coin allta agus caogad laoch calma curata le casgairt aige gach ndís agabh; cumhnaidh, teilgidh na hubhla nimhe de na coinibh le mur gclaoidheamh, agus sleaghaidh na laochraidh. Agus nach faicim-se goin sleagha nó cneadh claoidheamh a gcorp nó a gcnis aoin agabh a ndéigh an chomhraic, nó lorg fiacuil coin a gcois nó 'láimh libh. Agus anis ó tá gach neoch eadra duine agus ainmhidh 'na dtrom-shuan, is riachtanach dhúnn tosach, ionnus go mbeidh ar gcomhrac críochnaidh le fuinne an lae." A haithle na mbriathra mór-mheanmnach sin glacais gach dís oca a rian féin. Agus an t-am do shéid an sean-laoch feadán sighe-bhinn do bhí aige do thionsgain siad. Agus an laoch nó an choin do bhí 'na mhosgladh, do thut sé 'na shuan air gclosmhunt an cheoil sin, ionnus go ndeachadar tríd iad dá dtrasgairt agus do ngearradh, dá dtuargain agus dá leadradh mur sheabhac tríd ealta, nó mur leómhan tríd maoith-thréud ar mhodh nach ar léigeadar fear iomchair na sgéula beó as. Dála lucht na longaibh, bhíodar a dol a
dh'ionnsuighe leis an chabhlach an t-am do bhí a ngnoithe críochnaidh aige an tsean-laoch agus aige na curaidhibh. Rádhais an sean-laoch le Cú Chuilinn, an Fear Dia, Lughaidh mhac Nos agus é fein a dhol síos go hiomal an chuain, 'ndóigh gé bé hé do rachadh a rian teithe do Lochlonnaigh do longaibh go marbhthadh siad iad air dteacht a dtír dhóibh, agus Conall Ceithearnnach agus Colla Sgiath-leathan fuireach aige an torr a' déunamh faire agus forchoimheád, 'ndóigh má bhí Amhairgin Crom-shúileach ann, go dtucfadh sé amach air facsaint dearg-ár a mhuintire. A haithle sin triallais an ceathrar réamhráidhte rompa go hiomal an chuan. Agus tráth chonairc a mhac an sean-laoch a' feitheamh ortha, agus na hUlltaigh agus na curaidhibh gan ghoin gan chréucht, d'éirigh a n-eagainte agus a meanmna, agus dhúblaidh a neart agus a gcródhacht agus d'ardaigh a lon fíoch agus feirge, ionnus go raibh Lochlannaigh a' tuitim rompa mur bhláth na gcraobh le linn sonnamh sighe gaoithe. Agus an méud do theith oca fó dhéin an chuain a' seachnadh faobhar na lann líomhtha, do marbhadh leis an
cheathrar cath-bhuadhach réamhráidhte iad, ionnus nach ar fhágadar fear iomchair sgéithe nó claoidheamh fó Dhun na Dabhcha Deirge da Lochlannaigh beó ann a bheatha nach ar mharbh nó nach ar bháth siad. Ciodh trácht, air ndúsgadhugh do Amhairgin Crom-shúileach air maidin féuchais amach de bharr an toirr agus chídhis an slaod-mharbhadh agus an lom-argain do-rinne air a mhuintir. Do thug sé suigheadh borb-mhire fó dhéin dorais an toirr a' dol amach. Agus tigidh Saghran na hUaimhe Móire air eitil ós cionn an toirr, óir foillseadh di tré rúindhiamhur a healadhna Amhairgin Crom-shúileach a bheith 'ngéibhinn; agus curthais cealtair dhraoigheachta fair ionnus gur thóg sí léighthe a gcoimheadacht na gaoithe glan-fhuaire amach as a radharc é. Ach tá ní cheudhna, air gcríochnadh an chomhraic do lucht na longaibh, agus ó nach raibh níos mó le marbhadh oca do chrunnadar uile hart fón torr gan chneadh gan chréucht. Is an sin do-chuadar asteach ann, agus níor fhágadar méud a'n orlaigh ann ó mhullach go lár nach ar chuartadar mur ndúl go raibh Eilinn Sgiamhach a bhfolach ann; gidheagh, ní bhfuaradar ann í. A haithle sin do thugadar an méud ór agus iolmhaoine eadra seódaibh mic ríghthe agus roi-thighearna do raibh ann leófa fó dhéin na longaibh.
Rádhais Conall Ceithearnnach leó fuireach ansa torr an aoidhche sin, mur ndul go dtabhradh Amhairgin Crom-shúileach ath-chasadh a dh'fhéuchaint an ármhach do-rinneadh air a mhuintir, agus mur sin go m'fhéidir leó a fhagháil. Ach tá ní cheudhna, fanais an sean-laoch agus a chúigear compánach ó chianaibh annsa torr an aoidhche sin, agus chuaidh an chud ele de na laochraidh go longaibh na Lochlannach, gur chomhnaoi ionnta go héirigh don ghréin go lán-shoilseach air n-a marach. Agus ó nach dtáinig sé, do thógadar leó gidh bé éideamh agus earraigh beatha agus airm, fíontaigh milse agus leanntaigh láidir dá raibh a nDún na Dabhcha Deirge gusna longaibh, agus do churadar teinte agus teineálach ansa torr, gur fhágadar na 'ghual ghrís-bheó é agus an ríogh-chathair uile. Tigis as sin go longaibh na Lochlannach, agus tugais iomad oca leó líonta de gach hollmhaithis dár tharla leó go hOileán an Fhásaigh, gur líon dún an tsean-laoch leófa. A haithle sin rádhais an sean-laoch leó uile a theacht do dhún-san an aoidhche sin, óir nach arbh eagal dhóibh duath nó dochar ó Lochlanaibh níos mó, agus nach bhaoghal do na longaibh nó do nídh air bith do raibh ionnta. Crunnaidhis na laochraidh mór-ghníomhach oirdheirc sin go dún-phurt Oileán an Fhásaigh, mur ar friáthladh go fialmhur onóireach iad air feadh seachtmhaine
de bhiadhaibh saora so-bhlasda agus le deocha garga gabháltach thugadar leó ó Dhún na Dabhcha Deirge. Agus a gcionn na rae agus na haimsire sin do labhair an sean-laoch do ghuth ard fhalláin a bhfiaghnuise na mór-shlóighte sin, agus is sé adubhairt: "A chairde ionmhun agus a bhuidhean chródha is feurr gail agus gníomha gaisge a gcath agus a gcruadh-chomhrac dár iomchar lann nó sleagh a gcomhlann ariamh, is mór m'urghardais fó mur ngníomha 'measg na Lochlannach air mur n-eachtra don toisg so. Ní heagal dhúinne a bhfuath nó a bhfearg ó so suas. Gidheagh, ó nach bhfuar maoinn Amhairgin Crom-shúileach a chlaoith nó an ríogun sin atá na laochraidh so 'a thóruigheacht a dh'fhacsaint nó 'fhagháil, is doigh liom nach tráth mailís' é gan a ruagadh as gach hionad foluighe dá bhfuil aige go ndéuntar a dhíthcheannadh linn, d'aimhdheóin a bheart agus asarluigheacht a leannán, .i. Saghran na hUaimhe Móire. Agus anis," ar sé, "is sí mo chomhairle féin dhíbh gach deichneamhur agaibh a dhol le gualann a chéile agus gan uaimh talamhna, cuais cairrge, bionn sléibhe, diamhur coilleadh, suighe nó cathraigh, cuan nó cala-phurt, dún nó daingneach 'fhágbhál a gcríochaibh Lochlan nach gcuartachaidh sibh fón ríogun úd, agus munach bhfughaidh sibh ann sin
í a dhol fó na críocha is neasa dhó, agus munach ar mharbh an biothbhuanach úd í ní baoghal dhíbh gan a fagháil. Agus air an modh sin b'fhéidir go dtarla Amhairgin Crom-shúileach libh; agus gidh bé agaibh a chífis é agus a leigfis uadha é luigheam fóm armaibh gaisge go gcurthaid 'an bás pianamhul é, súd is gurb é m'aon-mhac féin é. Agus tuilleamh ele adeirim libh," air sé, "ní bhfuil neoch de mo mhuintir-se nach bhfuil eólas chríochabh Lochlan aige, agus ó nach bhfuil sin aige do mhuintir-se," air sé le Conall Ceithearnnach, "coimhmheasgaidh maoinn iad ionnus go seólaidh siad gach bealach uaigneach dhóibh." Rádhais cách go coitcheann gurab ionmholta an chomhairle í sin, agus leis an chomhairle sin do choimheád go beacht nach arbh eagal dhóibh gan a n-iarraidh a dh'fhagháil. Is an sin do labhair mac an tsean-laoich leis, agus is sé ro rádha: "Is oircheas dhuit-se na laochraidh so a riaghladh." "Is seadh acheudhna," air an sean-laoch, "agus gaibh-se ceannus naonmhur oca, agus Colla Sgiathleathan ceannus naonmhur, agus Conall Ceithearnnach ceannus naonmhur, agus an Fear Dia ceannus naonmhur agus Lughaidh mhac Nos ceannus naonmhur agus gach taoiseach de ma
mhuintir féin ceannus naonmhur, agus gach taoiseach do mhuintir na hÉirinne ceannus naonmhur, agus beidh an t-óg-mhacaibh so, eadhón, Cú Chuilinn, liom-sa an gach conair da rachaid. Agus is dhíbh gach buidhean agaibh do bheith air amharc a chéile, ionnus go rachaidh fuam mur ngotha tréas an iomlán agaibh, agus go mbeidh mur gcuideamh a gceann a chéile ann gach bealach guasachtach. Ná fullanghaidh easonóir uadh aoin-neach, agus ní mó a leigfis sibh fear beó ann a bheatha dá bhfacfaidh sibh, agus ós ceann an uile nídh bíodh sibh air bhfaireachas air amsugh draoigheachta na tire sin nó air aithmhilleamh Saghran na hUamha Móire, agus tugaidh do mur n-aire gidh bé neoch do bhfacfaid-se cneadh nó aáa fair ó arm laoch nó gasgaidheach, air dtilleamh dó tar ais, go sleaghachaid-se é gan chogal." A haithle na mbriathra meanmnach mór-mheisneamhul sin do shínidear amach teacht moch na maidhne air n-a márach, agus gach taoiseach díobh a réum-thosach a bhuidhne féin, agus bhíodar uile 'an cruinneadh a gceann a chéile teacht neóin gach lae, agus a n-eachtra d'aithris do chách ele. Ach tá ní cheudhna, do thugadar ucht air dtús air Dhún na Dabhcha Deirge, agus ní bhfuaradar neoch beó inti. Ghluasadar rompa feadh trí lá mur sin, agus (air) dteacht néull nóna gach lá
oca ní raibh aoin-fhocal le haithris aige ceachtar dhíobhtha agus air an ceathramh lá do tháinig cud oca ós ceann glinne dubh duabhseach air n-a fholach le ceó doilbhe draoigheachta, ionnus nach raibh sé air a gcumas a dhol aoin-chéim air aghaidh ann. Ciodh trácht, air dteacht go bruach an ghlinne dóibh, do-chualadar na ceóltaigh budh binne dár sinneamh ariamh, agus ní bhfacadar aonneoch, ach tá ní cheudhna, air gclosmhunt an cheóil sin dhóibh do thutadar anna suan ro-throm, ionnus nach rabhadar le facsaint air dteacht dheireadh lae a measg chách. Thugadar as an aoidhche sin go teacht mhoch na maidhne air n-a márach. Is an sin do-chuaidh an Fear Dia agus Colla Sgiath-leathan lena mbuidhean go bruach an ghleanna mur' bhfuaradar 'na gcodlamh ann sin iad. Dúsgair leofa iad, agus fón tráth sin bhí an ceó glan ionnus gur léur dhóibh an gleann ón gceann 'na chéile de. Ciodh trácht, air dteacht na haoidhche, tráth thángadar a gceann a chéile, d'fhoilsidh siad gach nídh dár tharla dhóibh a n-éisdeacht chách. A haithle sin do-chuadar uile chum an ghleanna sin, gur timchiolladh leó é, agus air n-a chuartadh go grinn leó do fuaradar béul uamha caol ann. Air n-a fhacsaint sin dhóibh téid Colla Sgiath-leathan agus Conall Ceithearnnach asteach innti. Agus tar éis iad a dhol a bhfad air aghaidh innti do fuaradar leaba air n-a folach de éideamh
fíor-uasal, agus teine air n-a mhúchadh, agus lóchran loinneartha lán-shoilseach lasda ann. Glacais meisneach mhór air sin, agus leanadar an uaimh nó go dtangadar amach aige an cheann ele dí, agus ní bhfacadar níos mó do chomhartha. Agas air dteacht amach dhóibh nochtais do chách a bhfacadar. Rádhais an sean-laoch leó gurab ann sin do chodlaidh Amhairgin Crom-shúileach aréir, agus gurb í Saghran na hUaimhe Móire do chur an ceó duilbhe draoigheachta 'na thimchioll, agus do bhí 'déunamh ceóil dhóibh-sin, go gcodlachadh sé a néull, agus a ghoid léighthe le fuinne an lae é. "Is beag tairbhe di san imirce sin," air Cú Chuilinn, "óir má shubhlam-sa an domhun mór 'na déigh ní sguram nó go marbhthaid í." Ach tá ní cheudhna, do shuigheadar síos a gceann a chéile air bhruach an ghleana a' chathamh a gcoda; agus níor chian dhóibh amhluighe sin an t-am do chualadar torann agus tormán ro-mhór a n-airde as a gceann amhul fuam iomad carbat, agus bhí dluamh dhorcha a' tuitim 'na dtimchioll agus bhí sé a' ceathadh nimhe agus ráimh anuas 'na measg. Féuchais Cú Chuilinn suas as a chionn, agus chídhis feaghair mná a n-airde san cheó. Èirghis 'na sheasamh go prab athlaimh, agus tarrangais ubhall nimhe as cuimhreach a sgéithe go dtug rotha an urchar di, go dtarla a
gceart-lar a héadan í, go dtug a hinchin siar seachtair tré chúl a ceann, gur thut sí anuais marbh a bhfiaghnuise na sluaigh. Agus a bprab na súl d'imthidh an ceó uabhtha. "Beir buaidhe agus beannacht, 'óg-mhacaibh," air an sean-laoch, "má chonairc a'n urchar ariamh comh maith le d'urchar, óir móidiom fó na déithibh gurb í sin Saghrann na hUaimhe Móire do mharbhthais, agus nach bhfaic sibh mur ghlan an ceó air dtuitim go talamhun di?" "Agus anis ó nach bhfuil neoch aige Amhairgin Crom-shúileach a dhéunas 'anacal nó iomcharas as géibhinn é, do-bheirim-se bréithir dhut," air Cú Chuilinn, "má chím-se amharc da ma shúile fair an fhear sin go dtabhraidh mé sásamh na callaigh úd dhó." Is an sin do labhair Colla Sgiath-leathan le Cú Chuilinn, aige rádha: "Athchungam tú mur charad dhílios, gidh go bhfacaidh tu é, nach marbh é, nó go bhfuighead m'fhíoch agus faobhar mo lainne do chosg fair a n-éiric gach maslamh agus easonóir do dtug sé dhamh." "Is deimhin," air Cú Chuilinn, "go bhfuighe tú an athchuinge sin agus níos mó dá n-iarrfá é. Gidheagh, is dóigh liom-sa," air sé, "gur cóir dhúnn uile furach a ngoire do bhéul na huaimhe
so anocht, óir is cosmhul go dtucfaidh an fear úd fó dhéin a leapa, óir saoilfidh sé gur dhibir nó gur dhíthcheannaidh an leannán úd a bhí aige, agus nach mbídhean go bráth arísd sinne go hiomlán." A haithle sin d'fhanadar fó bhruachaibh an ghleanna sin a bhfogas do bhéul na huaimhe air feadh na haoidhche sin gan suain nó codlamh go héirigh don ghréin air n-a márach; agus ní bhfacadar a' teacht é. Goirthis an sean-laoch ortha a gceann a chéile air sin 'un comhairle chríochnamh créad dob indhéunta dhóibh a dhéunamh nó cia an tslighe dob fheurr dhóibh a ghlacadh. Gidheagh, níor cineadh an chomhairle leó an t-am do chídead óglach beódha aige trasnamh an ghleanna agus a' déanamh déine luathas chuca, agus ionnall draoi fair. Èirghis an sean-laoch a' dol a sgaolamh gath an t-am do choisg Conall Ceithearnnach é. "Créad fó ndeurnas súd?" air an sean-laoch. "Leig as go fóill," ar Conall Ceithearnnach, "go bhfiosfamaois cia tá ann." Ach tá ní cheudhna, air dteacht don óglach a bhfogus dhoibh éirghis Conall Ceithearnnach 'na choinne, agus iadhais a dhá láimh fóna bhrághaid, agus toirbhris póga go dil agus go díochrach dhó.
Èirghis Cú Chuilinn, an Fear Dia agus Lughaidh mhac Nos, agus do thugadar póga iomdha dhó mur an gcéudhna. Do ghlac iongnadh agus uathbhás mór an sean-laoch agus a mhuintir fó gurbh aithne do mhuintir na hÈirinne neoch air bith san tír sin; gidheagh, níor fhiafradar a theachta dhíobhtha, agus ní mó a d'aithris siad a seanchas dóibh, ach tair éis comhrádh gearr leó do labhair an t-óglach sin, agus is sé dubhrais: "A Chú Chuilinn," air sé, "créad fár mharbhais mo bhuime?" "Bheirim bréithir dhut, a chomhdhalta, "air Cú Chuilinn, "nach ngéillfinn di do mbeidh sí 'na buime agum féin an t-am úd." "A Chú Chuilinn," air sé, "nach dtug urchar a n-iomroill ariamh, muna bé gur mharbh tú í a d'aon urchar ní bhfágfadh aonneoch an gleann so beó go bráth. Agus, a Chonaill Cheithearnnaigh," air sé, "airis damh-sa créad do ghluais don tír so sibh don toisg so." "Atá," air Conall Ceithearnach, "do dhearbhshur-sa do pósadh le mac rígh Uladh ó Aileach Néid, agus mur chuaidh sgéal tríd an domhan mór air áille a deilbh, agus mur do chualaidh mac rígh Lochlann sin, do-chuaidh sé cabhlach cheithre long go hÈirinn, go dtug air shubhal go foiréigneach leis í go críochaibh Lochlann an feadh do bhí a
fear aige cathamh fleadha againne a n-Eamhun. Agus thángamar leis don tír so dá tóruigheacht," air sé. "An bhfuair an bhean sin fear a diongmhála?" air an draoi. "Dá mbeidh sí 'na inghean aige rígh an domhain, agus gan a bheith da oighre aige ach í, budh díol céile di é," air Conall Ceithearnnach. "Goir chugainn é," air an draoi. Goirthis Conall Colla Sgiath-leathan chuige, aige rádha: "Súd é." Èirghis an draoi, agus beirthis air chaol crotha fair, agus feiris fáilte roimhe leis, agus tugais teóra póg dhó, aige rádha: "Is dóigh liom, a Chonall, nach ar aithris tú bréug dhamh." "Níor aithris acheudhna," air Conall Ceithearnnach. Rádhais an draoi leó uile a dhol tar ais an aoidhche sin go hOileán an Fhásaigh go gcurfadais a gcomhairle 'gceann a chéile créad is indhéunta dhóibh. A haithle sin gluasad rompa go hOileán an Fhásaigh Mhór. Agus ní aithristear a n-imtheacht go dtangadar go dún an tsean-laoch reamhráidhte, áiti dar friáthladh go huasal onóireach iad le rogha gach bídhe agus le togha gach dighe, eadhón, le fíontaigh dearg Spáinneach agus leann láidir
Lochlannach, mur aon le deocha garga gabháltach' agus deocha milse meisgeamhla, ionnus go ndeurnadar trí trian don aoidhche sin, eadhón, trian le hól, trian le ceól, agus trian le trom-cheann suain agus sáimh-chodlata, go héirigh don ghréin go lán-shoilseach air n-a márach. Agus air gcathamh tomhaltais dhóibh do labhair an draoi sin leó, darbh ainim dílios Connla Ceart-bhriathrach, agus is sé ro rádha: "Gach aon dár mian leis fios a dh'fhagháil cia bhfuil Amhairgin Crom-shúileach a bhfolach, nó cia hionad da bhfuil an ríogun úd atá na curaidhibh so a thóruigheacht a ngéibhinn aige, tigeadh sé liom-sa, óir is a ngéibhinn chruaich atá sí aige ón lá do thug sé 'un na tíre so í air dtus. Óir an t-am do chur sé air bord longa í do chur sí fó gheasaibh druma draoigheachta é, agus sin do dhruim uisge, an nídh (nach) féidir a bhriseadh nó 'sgaoileadh, gan luighe nó leannánacht nó feas leapa do dhéunamh léighthe, gan suighe nó chomhnaoi nó codlamh, nó go fiú seasamh a n-aontuigh léighthe go ceann lá agus bliaghan." Dubhradar d'aon-ghoth go rachadais uile leis. "Ní féidir sin," air sé, "óir tucfaidh mac rígh na Dreóllaine Móire le cabhlach tréun anuigh ann
mur gcuan anna dún so agus an t-oileán a sgrios, agus is riachtanach dhíbh a bheith aige mur longaibh dá n-anacal air. Agus tusa," air sé leis an tsean-laoch, "tráth thucfais mac rígh na Dreóllaine anna chuan tabhair an fáinne so dhó, agus abair leis a theacht don dún so anocht, agus nach ceasnaoithear thu 'na dhéigh sin." A haithle sin triallais Conall Ceithearnnach, an Fear Dia, Lughaidh mhac Nois, Cú Chuilin agus Colla Sgiath-leathan leis an draoi. Agus ní aithristar sgéaluigheacht ortha go dtángadar go hiomal loch mhór leathan-bháite. Agus is amhluighe do bhí an loch sin: do bhí oileán beag astuigh ann a cheart-lár agus buinne geal álunn caisleán tógthaidh fair, agus gan slighe cosaidh nó marcaigh chuige, agus ní mó bhí báda nó curach fair an loch sin anna dhol air ais nó air aghaidh ann. Agus an uair a thángadar go hiomal an locha rádhais an draoi le Colla Sgiath-leathan: "Anis, a rígh-mhíligh, tá trí doirse air an chaisleán sin, agus tá an fear atá sibh-se 'thóruigheacht shuas a mbarr an chaisleán, agus is éigin dhuit-se a dhol chuige an dorais atá ar a' taobh thuagh don chaislean, agus Conall Ceithearnnach chuige an dorais atá don taobh dheas, agus Cú Chuilinn chuige an dorais atá don taobh shiar, agus bristear libh na trí doirse 'n-aon am, agus tucfaidh an fear sin anuas agus bhéarthaidh
iarraidh a dhol amach air dhorais oca; agus gidh agaibh a dtigidh sé chuige ceangladh sé é, agus tugadh sé beó an so é. Agus so brat dhut a bhéarthais anonn agus anall sabháilte sibh." A haithle sin curthais an triar gasgaidheach sin an brat 'na dtimchioll, agus bheireadar ucht air an loch gur shubhaladar anonn tiriom-chosach uirthi. Téid gach fear dhíobhtha chuige an doras a hiarradh fair, agus a bprab na súl bualadar a dtrí béidhme ro-neartmhur air na doirse, go gclosfaidh fó trúiche céuda budh choimhneasa dhóibh fuam na dtrí bhuille sin. Léimthis Amhairgin Crom-shúileach fó dhéin an dorais do raibh Colla Sgiath-leathan aige , agus beirthis fó thlacht a chuirp air, go dtug ceangal na gcúig caol go daor do-sgaoilte fair, agus goirthis chuige a dhís compánach. Agus tráth chonairc an biothamhnach sin iad b'fheurr leis a (bheith) báite san loch nó a bheith beó. Ciodh trácht, curthais na laochraidh sin an brat 'na dtimchioll an dara feacht, go dtángadar a dtír mur a raibh an draoi, agus leigis Amhairgin Crom-shúileach síos aige 'chosa. "Is dóigh liom gur maith na teachta sibh," air an draoi, "agus anis, a Cholla Sgiath-leathan," air sé, "cur an brat sin da thimchioll arísd, agus gaibh chuige caol-dhorais atá don taobh shiar astuigh ansa chaisleán, agus goir da chéile chugad." Air n-a chlosmhunt sin do Cholla Sgiath-leathan
tugas láimh air an bhrat go héasguidhe athlaimh, agus tugais baoith-léim ard lán-éusgaidh, go raibh sé a lár an locha a dh'aoin-chéim, agus air an dara coiscéim go raibh sé ar urlár an chaisleán. Agus air dteacht gusan chaol-dhoras réamhráidhte, gárthais amach do ghuth mhór ard fhollas-ghlan, aige rádha: "'Eilinn! 'Eilinn!" Do fhreagar sise é go faon-laig aige rádha: "Tá mé ann so a gcuibhreach." Air n-a gclosmhunt sin do Cholla Sgiath-leathan, léimthis go prab fóna déin, gur raob an cuibhreach a bhí dá ceangal, agus go dtug teóra póg di. Is an sin fiafrais an ríogun sin de Cholla Sgiath- leathan cionnus mur tháinig sé ann sin, nó cá raibh Amhairgin Crom-shúileach. "Subhail go bhfacaidh tú," air sé. A haithle sin do chur sé an brat 'na dtimchioll araon go dtángadar mur a raibh na curaidhibh, an draoi, agus Amhairgin Crom-shúileach ceangailte. Ach tá ní cheudhna, air bhféuchaint 'na timchioll di do aithineas na curaidhibh, agus do thoirbhear sí póga go dil agus go díochrach dhóibh. Féuchais an dara feacht ar Amhairgin Crom-shuileach, aige rádha: "Cia hé an biothamhnach a cheangal thusa, a thréun-laoch? "
Do fhreagair sé sin í, aige rádha gurb é Colla Sgiath-leathan do cheangal é. "Ní bhféidear-sa bheith níos faide a gcuibhreach aige," air sí. Agus air n-a rádha sin dí, tugais láimh thapaidh air an tsleagh do bhí a láimh Cholla Sgiath-leathan, agus tugas sáthamh sanntach fír-nimhneach dó, go dtarla 'n-urbhruinn Amhairgin Chrom-shuileach é, gur leig 'abach agus ionar ar lár an mhagha. "Dar liom, a ríogun," air an draoi, "is feargach a bhualais tú da bhuille." "Nach cur-se sin a n-iongnadh 'óg-ghasgaidhe," air sí, "a ndéigh dar fhullaing mé ó láimhe an bhiothamhnaigh úd le haimsir fhada." "Bheirim ro-gheallamh dhut," air an draoi, "nach bhfullangan tú níos mó uadha. Gabhaidhse an brat mur dtimchioll arísd," air an draoi, "agus má gheabh sibh ór nó iolmhaoin san dún sin tugaidh libh é, agus 'na dhéigh sin fágaidh 'na ghual ghrís-bheó é." Do rinneadar-san sin, agus fuaradar mórán seidhbhris ann, agus air creachadh an chaisleán dhóibh churadar teinte agus teineálach ann, gur fhágadar 'na dhóighthir dhonn-ruadh dhearg- lasracha é. Rádhais an draoi leó air sin gur mhithid dhóibh a bheith 'triall go hOileán an Fhásaigh Mhór. Rádhas an ríogun nach rachadh a beó nó a marbh go bráth go hÉirinn gan ceann
Amhairgin Crom-shúileach do bheith léighthe. Agus air sin bainis a cheann de, agus triallais rompa air sm. Dála an tsean-laoich réamhráidhte, triallais féin agus a shlóighte go hur an chuain mur a raibh longa na gcuraidhibh. Agus níor chian dhóibh ann a haithle sin an t-am do-choncadar cabhlach mór chuca go ndíorach chum an chuain; agus air bhfacsaint an sluagh armach rompa air na longabh a thugadar leó ó Dhún na Dabhcha Deirge, iarrais mac rígh na Dreóllaine a n-ionsuighe gan chogal. "Ní hamhluighe sin," air an sean-laoch, "bí trócaireach, agus glac-sa an seód so uadh do sheirbhíseach bith-dhílios." Agus air n-a rádha sin dhó síonais an fáinne thug an draoi dhó do mhac rígh na Dreóllaine, aige rádha: "Gluais liom-sa oidheacht na haoidhche 'nocht." Beirthis mac rígh na Dreóllaine air an fháine, agus air bhféuchaint fair beirthis air láimh air an tsean-laoch, agus iarrais do ghuth mhór ard air a chabhlach gan díth nó dochar a dhéunamh "do nídh ar bith dá mbainthin leis an fhear so," go dtigeadh sé féin chuca air ais arísd. Gluasais leis an tsean-laoch agus lena mhuintir air sin fó dhéin a dhún-phurt. Agus air dteacht go faich
na caithreacha sin dhóibh do-chídear Colla Sgiath- leathan agus Eilinn Sgiamhach a' teacht a tosach agus ceann Amhairgin Crom-shúileach leó, agus an draoi agus Conall Ceíthearnnach, Cú Chuilinn, Lughaidh mhac Nois agus an Fear Dia go dlúth lena sáile. Agus an t-am do chas mac rígh na Dreóllainne, an draoi, agus na curaidhibh le chéile ní féidir le teanga 'o ghlice a n-urghardas a d'insing. Chuadar asteach san dún ar sin mur ar friáthladh iad go fial flathamhul. Agus air gcathamh a leórdhóchain bídhe agus dighe dhóibh air sin, fiafrais mac rígh na Dreóllaine de Chonall Ceithearnnach créad do ghluais don tír sin é. Do fhreagair Conall Ceithearnach é, aige rádha gur "rug mac rígh Lochlann an bhean sin hall go foiréigneach leis uadh an ríogh-laoch sin lena taobh, an feadh do bhí féin a' cathamh fleagha aguine a nEamhun Mhacha; agus tháinig sinne leis do tóruigheacht don tír so; agus sgrios maoinn Dúin na Dabhcha Deirge, eadhón, baile comhnaoi an rígh, ionnus nach ar fhág sinne duine nó ainmhidh beó san chathair sin; gidheagh, ghoid Saghrann na hUamha Móire é féin uann an t-am sin, ach do mharbh Cú Chuilinn í féin 'na dhéigh le hubhall neimhe as cuimhreach a sgéithe, agus i a n-airde as ar gceann dár ndíthcheannadh le trom-cheatha nimhe." "Agus cionnus mur fuair sibh e 'na dhéigh sin?" air mac righ na Dreóllaine. "Atá," air Conall Ceithearnnach, "foillseadh
do Chonnla Ceart-bhriathrach tré rúndhiamhur ealadhna sinne do bheith air siabhradh seachrán, agus tháinig sé chugann anae, agus thug sé sinne leis anugh mur bhfuair maoinn anna gcaisleán a lár locha mhór é, agus an ríogun sin hall a gcuibhreach chruaich aige ann; agus thugamur ceangailte linne ón loch é; agus an t-am do sgaoileadh don mhnaoi sin do mharbh sí le sleagh a céile é, agus tair éis sin do bhain sí a cheann de lena láimhe féin, agus aig sin aicí é," air Conall Ceithearnnach. "Agus anis," air sé, "cionnus mur tharla dhuitse casamh linne ann so anocht, nó cionnus mur chualais sgéula uann?" "Ní gcualais aon-fhocal de mur n-eachtra go n-uige so," air mac rígh na Dreollaine, "ach thángas do ghlacan urlámhas an oileán so le mo chabhlach, agus tráth tháinig mé anna chuain so síos chas an ridire sin hall oram, agus thug an fáinne so dhamh, agus d'iarr sé oram a theacht leis don dún so anocht, agus mur d'aithne mise gurab é fáinne Chonla Cheart-bhriathraigh é budh héigin dhamh a theacht fóna dhéin. Agus aig sin fáth mo thurais don dún so anocht," air sé. Is an sin do labhair Conla Ceart-bhriathrach, agus is sé ro rádha: "Créad da sheilbh sinsireacht air an oileán so?" air sé. "Ní féidir dhamh sin," air mac rígh na Dreóllaine.
"A haille sin," air an draoi, "till-sa abhaile arísd gan dochar 'a dhéunamh do lucht an teaghlaigh so, agus nach hamhairc don taobh so go bráth arísd." "Dhéunaid go deimhin," air mac rígh na Dreóllaine, "óir is éigin dhamh a bheith umhal dhut." Is an sin do labhair an draoi an dara feacht, aige rádha: "A Chonaill Cheithearnnaigh, na dtug breith chlaon nó éigceart air dhuais ariamh, créad mur dhéunais tú le rígheachta Amhairgin Crom-shúileach anis?" "Máiseadh," air Conall Ceithearnnach, "tá mac meanmnach móir-ghníomhach aige fear an tuighe so a bhfuileamud ann anis, agus is deagh-laoch é a gcath agus a gcomhlann, agus budh mhaith an ursa chomhlann é féin agus 'athair dhúinne ó tháinig maoin don tír so, agus do bhrígh sin bheirim-se seilbh na rígheachta sin dhó, agus beidh sé féin agus 'athair 'na gcuideamh aige chéile a n-aghaidh an-orlan eachtran." Rádhais cách go coitchean gur breith chomhthrom chneasda í sin, agus budh mhór buidheachus an tsean-laoich agus a theaghlaigh fón bhreith sin. Is an sin do labhair an sean-laoch leis an draoi, agus is sé ro rádha: "Athchuingim thu, a óg-mhacaibh, aithris anis
dhamh cia thú féin, cia hainim thú, cia tír dhut, agus cionnus darbh éigin do mhac rígh na Dreóllaine Móire a bheith ómóideach dhut? " "Tá sgéula fada le haithris air sin," air sé, "gé nach bhfuil sé a bhfolach air a lán dá bhfuil an so a láthair, óir d'fhuasgail mé mac rígh na Dreóllaine as géibhinn chruaich roimhe so." "Do-rinnis go deimhin," air mac rígh na Dreóllaine. "Agus d'fhuasgail mé do na curaidhibh so as a ngeasaibh roimhe so," air sé. "Do-rinneas go lán-dhearbhtha," air siad. "Agus anis tháinig mé 'a thabhairt fuasgailt don ríogun so as a cruaidh-ghéibhinn féin agus a tabhairt dona céile, óir is fear dingmheala di féin nó do mhnaoi air bhith ele san domhan é. Agus bíodh fhios agaibh uile gur mac rígh uasal oirdheirc mé, agus gur dearbhshúir dhamh an ríogun so, agus gur comhdhalta do na curaidhibh uile mé, agus gur Conla Ceart-bhriathrach is ainim dílios dhamh," air sé. A haithle na mbriathra sin iadhais Eilinn Sgiamhach agus Colla Sgiath-leathan a láimhe fóna bhrághad, agus thug teóra póg dhó. Ach tá ní cheudhna, air gcathamh na haoidhche sin dhóibh go subhach soi-mheanmnach a gceann a chéile, rádhais Conall Ceithearnach gur mhithid dhóibh triall abhaile. Agus air chlosmhunt na mbriathra sin don tsean-laoch agus do theaghlach
budh mhór a dtuirse uime. Gidheagh, air dteacht mhoch na maidhne air n-a márach, do ghluasadar ann a' chuain fó dhéin a longaibh, agus do-chuaidh teaghlach an dún sin uile leó go triamhunach dólásach. Agus do-bheireadar dhá long do chud na Lochlanach leó a n-áiti a longaibh féin, agus ceileabhrais do na slóighte iomdha sin, agus fágbhais iomchumairce beatha agus sláinte aige mac rígh na Dreóllaine, aige Conla Ceart-bhriathrach, agus aige an tsean-laoch is a theaghlach. Is an sin do thógadar a seóltaigh suathnaigh síor-ringhinn a mbarraibh na sár-chrann subhail. Agus ní aithristear níos mó de n-imtheacht, gur ghabhadar cuan san áiti chéudhna dar curthadh Eilinn Sgiamhach a long Amhairgin Crom-shúileach, mhac rígh Lochlann, agus as sin go Grianán Aileach. Agus budh mhór urghardais an teaghlaigh sin rompa; agus is sé an chéad-nídh do-rinneadh leó iar sin ceann Amhairgin Crom-shúileach do chur a n-airde 'mbarr cuaille fada coill láimh leis an chuan, chum sganradh agus crith-eagla do chur air gach biothamhnach dá sheórt. Churadar teachta as sin go hEamhain fó Chonchubhar agus fón chud ele de na curaidhibh, gur innseadar a n-eachtra ó thús go deireamh dhóibhtha, agus gur sgríobhadar a rola na caithreacha í.
EACHTRA CHONAILL CHEITHEARNAIGH AGUS AN FHIR DIA, LUGHAIDH MHAC NÓS, BHRICIN, AGUS CHÚ CHUILIN GO HOILEAN AN ÁR A RIGHEACHTA RIGH INNSE TOIRC Feacht n-aon do raibh Conchubhar mhac Neasa, rígh Uladh, agus Bachrach a dhraoi aige gabháil aoibhneas agus aedhir fó bhruaichabh an amhuinn Callann, láimh le hEamhain ghlanálunn Mhacha, seal aige éisdeacht le ciolúr ro-bhinn na n-éun air feadh na gcoillte dlúthmhair cnuas-thortha a bhí 'na dtimchioll, agus seal ele aige féuchaint gach cineál éusg darbh fhéidir a dh'fhacsaint air mur nó air linn aige síor-ruagadh a chéile go greaghnach air íochtar an eagán. Agus air gcathaimh seal aimsire dhóibh amhluighe sin, do-choncadar dobhar-chú a' teacht anuas leis an amhuinn sin, agus eala a' snáimh air thaoibh de, agus corr ghlas air an taoibh ele. Budh mhór a n-ionghantas agus a n-uathbhás fón amharc neamh-ghnáthasach a dh'fhacsaint. Is an sin do labhair Conchubhar, agus is sé ro rádha: "Is oircheas dhúinne," air sé, "luighe fair ais agus súl ghéur-radharcach a chongbhál leó súd, go bhfiosamur créad a chiallais an coimhcheangal
carthantais atá eadra an bhuidhean so nach bhfuil dís oca d'aoín-chineál." Rádhais Conchubhar mur an gcéudhna le Bachra: "Drud-sa romhad ionnus go mbeidh tú as a gcomhair feadh an asdur, agus fanfaid-se 'na ndéigh go dian air a lorg." Adubhairt Bachra gurab ionmholta an chomhairle í sin. Agus gluaisis roimhe fuidhe ghéugaibh na gcrann go folachtach le súile seabhaich, agus Conchubhar go héasgaidh athlaimh 'na dhéigh. Dála an dabhar-chú: an t-am do tháinig sé a ngar do Eamhain d'éirigh sé amach as an amhunn; agus do lean a dhá chompánach é, eadhón, an eala agus an chorr ghlas; agus chuaidh rompa go réim-dhíreach fó dhéin faich na hEamhna gan fhuireach. Agus gé gur mhór ionghantas na dise réamhráidhte do bhí do bhféuchaint roimhe sin, budh mhó go mór an t-am sin é. Gidheagh do leanadar go dian uaigneach iad. Ach tá ní cheudhna, air rochtain go faich na hEamhna don dobhair-chú agus dona dhís compánach, níor fháig siad éun álunn ioldhathach a tugadh ó chríochaibh imchian coigcríche fón ríghchathair sin nach ar mheall siad leó asteach a
n-uaignis na coille; agus an uair a fuair siad ann sin iad do thionsgan an dobhar-chú agus an chorr ghlas do n-argun agus do ndíthcheanamh gan chogailt. Air na fhacsaint sin do Chonchubhar agus dona dhraoi do thugadar suigheadh prab athlaimh fóna ndéin mur ndúl a bhfearg a dhíghthioll ortha. Ach, géar mhór a mbeart agus a meisneach, a gcródhacht agus a ngliocas, fuair an dobhar-chu agus a dhís compánach tilleadh air an amhunn arísd gan díthe nó díobháil a dhéunamh dóibh; agus imthios tair as a n-aghaidh an tsrotha arísd a bhfriothadh na conaire céudhna, agus níor bhfada gur fhágadar a radharc. Dála Chonchobhair: budh mhor a thuirse air facsaint a ealta 'na gcosair chró; gidheagh, tógbhadar leó fón gcuma sin go hEamhun iad. Agus air dteacht a bhaile dhóibh curthais Conchubhar cruinneamh air a mhór-theaghlach air aon láthair, agus nochtais éirim na heachtra sin a chonairc sé dhóibh, aige rádha: "Is dóigh liom gur romh-amharc air nídh éigin é" do chonairc sé. Is an sin do labhair Bachra, draoi Chonchubhair, agus is sé a dubhrais: "'Ard-rígh agus a thighearna," air sé, "is dóigh liom-sa agus is eagul mór liom é go bhfuil allmhuire eachtrain éigin a'triall don dún so chum
díthe agus díoghbháill a dhéunamh do ar laochraigh, agus a dtarraing le cluan, nó go bhfuigheadh siad a ndiamhair uaigneach iad, agus a n-aithmhilleadh le faobhar lann nó amsúdh draoigheachta." Is an sin do labhair Conall Ceithearnach, agus is sé ro rádha: "Ní mó linne slóigh nó sochruighe do dtig air mur nó air tír a dhéunamh cogaidh nó cruaidhchomhrach linn, óir níor hoileamh agus níor hardleasadh laoch nó gasgaidheach, 'o chródhacht a ghoil agus a ghníomha, ó oirthear go hiarthair an domhain nach bhfuighear fear a chlaoidh isan teaghlach so a bhfuilim anocht." Is an sin do fhreagar Bachra é, aige rádha: "Is dóigh liom, a Chonaill chath-bhuadhaigh, a bhearnn bhriste gach gábhuidhe, nach sluagh nó sochruighe atá 'triall chugaibh, óir ní dtig ach triar, agus beidh bean chaoimh-dhealbhach air an áireamh sin agus cuileán coin, air mhodh nach dtig ach aon ghasgaidheach amháin." Fiafrais Conall Ceitheirneach an dara feacht cia hoca thucfadh an coigcríochach sin ó dheas nó ó thuaigh, ó oirthear nó o iarthair na cruinne. Do fhreagair Bachra é aige rádha: "Ní fios dhamh cia hard don domhan ann a dtucfaidh sé as, ach amháin go dtucfaidh sé don fhaich so amuigh uadh an taoibh ó thuagh."
Is an sin do rádha Conchubhar gurb é is oircheas dhóibh faire agus forchoimheád do chur fó chuantaigh na cógaibh, agus go speisealta fó Easa Ruaidhe agus Loch Feabhall. Air críochnadh na comhairle sin dhóibh do cuirtheadh dís de na curaidhibh go hEas Aodh Ruaidhe agus dís ele go Loch Feabhall, agus bhíodar chum fuasgailt a dh'fhagháil a gcionn gach seachtmhun uadh an cheithrear ele curaidhibh, agus iad a bheith mur sin a ré sealuigheacht le cheile go ceann bliaghna, agus muna dtigeadh aitreabhach air bhi a dtír chuca feadh na haimsire sin iad uile a theacht chum na Craobhruaidhe tar as, agus go raibh fáisdine Bhachra neamhchinnte. A haithle sin triallais Conall Ceithearnach agus an Fear Dia mac Domhain mhic Daire go hEas Aodh Ruaidhe, agus do-chuaidh Cú Chuilinn agus Lughaidh mhac Nós go Loch Feabhall, agus d'fhan ceithrear eile de na curaidhibh a coimheád na hEamhna go ceann seachtmhuine, nó go ndeachadar a dh'fhurtacht na laochraidhe ele aige Eas Aodh Ruaidhe agus aige Loch Feabhall. Ach tá ní cheudhna, bhíodar a' sealuigheacht amhluighe sin le chéile go cionn lae agus bliaghna. Agus a gcionn ne rae agus na haimsire sin, ó nach
dtáinig aitreabhach air bith a dtír 'sin chógaibh, goirtheas Conchubhar a bhaile ortha go hEamhun, aige rádha nach breith fhírinneach nó chinnte do thug Bachra air theacht an dobhar-chú agus a dhís compánach. Dála na gcuraidhibh, air dteacht go hEamhun dhóibh líonadar lán dásacht agus feirge 'n-aghaidh Bhachrach, ionnus gur hionnorbadh ó theach na Craobhruadh é. Tair éis díbirt Bhachra do shaoil Conchubhar agus na curaidhibh go raibheadar saor uadh gach guas agus uadh gach contabhairt da hainimneadh le Bachra do bhí aige feitheamh ortha. Ach tá ní cheudhna, air n-a máireach 'ndéigh Bhachra a dhíbirt ó Eamhun do bhí Conchubhar agus na curaidhibh a gcuideachta 'chéile air faich na hEamhna an t-am do-choncadar óglach óig-mheanmnach mór-neartmhur 'a teacht do n-ionnsuighe go réim-dhíreach, a n-arm agus a n-éideamh catha; do bhí ríogun álunn iolchrothach air a láimh dheas, agus budh samhult a dealradh leis an ngréin ghlórmhur ghlan-shoilseach aige éirigh as a heabhuidhe chodlata maidin shamhraidh, agus cú gearr glas air éill leis ann a láimh chlí, agus a dá shúil mhire mur lasair céireacha ann a lom-chlaigion, agus claoidheamh crom dhá fhaobhar ann a láimh dheas.
Is an sin adubhairt Conchubhar gur fíoradh ráidhte Bhachra, agus gur hionnorbadh go héagcóireach é, óir nach ar dhearbhaidh sé an t-am do thucfadh an coigcríochach úd, "Ach dubhuirt sé gur budh ón ard ó thuagh a thucfadh sé don chathraigh so, agus do-chím gurbh fhír-cheart a bhreithneamh air eachtra an chaithmhílidh so. Ach ní tráth achmhusán anis é." Ní mór gur críochnadh an comhrádh gearr sin leó an t-am do tháinig an gasgaidheach sin do láthair, agus beannuidheas do bhriathra faisdineach fíor-mhuinteardha do Chonchubar agus do na curaidhibh. Do fhreagradar-san an beannadh, agus fiafrais sgéala de. Do fhreagur an t-óglach sin iad, aige rádha: " Ní dtáinig mise asdur fada 'gcéin chum sgéala d'innsin dhíbh-se, nó do neoch air bith ele, agus ní mó a tángais a dh'iarraidh sgéul oraibh. Ach dá mbeidh sgéula uam, muna dtugadh sibh-se go deónach damh é, budh sáimh an gníomh liom a bheith dá mur n-uirleach agus dá mur dtuargain nó go mbainthinn dhíobh go haimhdheónach é; ach is sé fáth m'asdur ann so anis," air sé le Conchubhar, "is dóigh liom gur budh tusa is taoiseach agus is ceannfurt air an díscear-shluagh so do thimchioll, agus fágfaid coimheád an chuilean so air mo mhnaoi, agus coimheád mo mhna
ort-se, go dtigidh mé air ais uadh chathair Chonraigh mhic Dáire san Mumhan, agus luighim fóm armaibh gasgaidh má aontaidheann tú féin nó neoch air bith ele easonóir a thabhairt di, nó leatrom a dhéunamh oram-sa, fada nó gearr a bheidhis mé amuigh uaidhthe nach bhfágbhaim ceann air cholann agaibh air dteacht air m'ais dhamh." A haithle na mbriathra sin imthios an t-óglach leis, air bhfagbhál a mhná agus a chuileán coin air chumairce Chonchubhair, agus bhí do mhéud a luathas ratha nach arbh fhéidir dhóibh aithris cia haird don domhan a ndeachaidh sé uabhtha. Ach tá ní cheudhna, air n-imtheacht don óglach sin do labhair Conchubhar, agus is sé ro rádha: "Is dóigh liom-sa," air sé, "gur chóir a dhol a gcaoinis comhraidh leis an mhnaoi ud," ionnus go bhfuigheadh siad sgéala uaidhthe cia an tír darbh as dí féin nó don óglach ud, nó créad fáth a thurais go hEamhun. Dubhradar cách gur riachtnach na gnoithe sin le déunamh. A haithle sin bheirthis Conchubhar an ríogun leis asteach don ríogh-dhún sin, agus deasuidheas rogha gach bídhe agus togha gach dighe air bhuird slim-leathan na caithreacha ann a fiaghnuise. Gidheagh, ní mblasadh sí biadh nó deoch
uadha. Smaoinis Conchubhar gur naire nó faitcheas do ghlac sí, agus uime sin bheiris a chaithír ríogha leis 'nduil suighe lena taobh agus sgéala d'fhagháil uaidhthe. Ciodh trácht, air na fhacsaint sin don chuileán coin bíogais 'na sheasamh, agus tugais amus fón sgórnnaigh fair go fealltach feargach, gur thrasgur go lár agus go lán talamhna é. Goirtheas Conchubhar air fhurtacht go cruaidh cráidhte, agus gé go dtáinig Conall Ceithearnnach agus an Fear Dia go héasguidhe athlaimh do fhurtacht, do-rinne an choin créuchtaibh domhain doi-leighiste fair. Togadar leó an ríogh amach as an tseamra sin, gur churadar fó leighis ansa Bhrón-mhairg é, eadhón, (i) dteach na n-easlán san Chraobhruaidh. Dála an óglaigh réamhráidhte úd, ní mó dtáinig leó an ríogh a chur fuidhe leigiis an t-am do tháinig sé, agus ruamhun na feirge ann a ghnúis; agus air dteacht a láthair dhó tarrangais feadán beag as cuibhreach a sgéithe, agus curthais ann a bhéul í, go ndeurna fead ard sígh-bhinn a chlonfaidh tríd an chóigibh uile. A haithle sin tigis a bhean agus a chuileán coin amach chuige. Seasaidhis an bhean air a láimh dheas agus a chuileán coin air a láimh chlí; agus fuagrais cath aoin-fhir air na curaidhibh. Do fhreagur an Fear Dia dhó air dtus.
Is an sin a d'ionnsuídear an dís deagh-laoch sin a chéile air faich na hEamhna a bhfiaghnuise na gcuraidhibh, a' tuargain agus a' leadradh a chéile ó sin go hurthosach aoidhche, agus gé gur chródha neartmhur móir-bhéimeach an Fear Dia, ní raibh méud aon-orlaighe slán de ó bhonn go bathas gan cneadh nó ála dhomhain dhoileighiste air. Dála an óglaigh ud, ní raibh cneadh nó créucht air, agus ní mó do-rinneadh fuileamh nó foirdheargadh air le láimhe croithneartmhur an Fhir Dia. Sguradar an dís sin do chasgairt a chéile air dhubhamh don aoidhche air fhuráileidh Chonaill Cheithearnnaigh. Is an so do-chuaidh an Fear Dia mur a raibh Conchubhar do leighis. Agus do luigh an t-óglach ud ele, é féin agus a bhean agus a chuilean coin, air faich na hEamhna go maidin air n-a marach. Agus gé gur congbhadh faireachais géur-radharcach leó ní bhfaicidh duine air bith iad ag ithe nó aig ól. Gidheagh, air dteacht moch na maidhne air n-a márach fuagrais an t-óglach comhrac aoinfhir air theaghlach Chonchubhar. Radhais Lughaidh mhac Nós go ndéunamh sé féin comhlan an lae sin leis. A haithle sin deasuigheas Lughaidh air a chlaoidheamh, a sgiath, a luireach agus a chlogaid chruaidhe, agus do thug sé féin agus an t-óglach sin a n-aghaidh
air a chéile mur dhá leómhan chraosach a sgaolfaidh de shlabhra, a' treudamh agus a' treasgart a chéile ó mhoch maidhne go dtáinig dubhadh air an aoidhche. Ach dob é críoch an chomhraic gurbh éigin Lughaidh a dh'iomchar go harm a raibh Conchubhar agus an Fear Dia. Agus do luigh an t-óglach a gcuideachta a mhná agus a chuileán coin air an fhaich go maidin air n-a márach. Is an sin a feargadh go mór é, agus iarrais ortha dís do laochraidh a dhol a gcomhlan leis. Iar sin do-chuaidh Bricin agus Cú Chuilean san deabhaidh leis, agus dob é críoch na teagbhála sin gur ceangladh an dís deagh-laoch sin leis air an láthair sin. Budh hamhgarach truaghthuirseach le Conall Ceithearnach an dís dob annsa leis ar dhrum talamhna a bheith a gcuimhreach cruaidh ann' fhiaghnuise, agus gan é air a chumas nó ann a chomhta fórthaint nó fuasgailt a thabhairt dóibhthe. Ach tá ní cheudhna, air dteacht néull nóna thógbhais Conall Cú Chuilean agus Bricin leis don Chraobhruaidh, mur a raibh Conchubhar, an Fear Dia agus Lughaidh mac Nóis, agus sgaoilis dhóibh; agus budh mhór a dhólás agus a dhubróin fón am sin air bhfacsaint an cheathrar laoch budh huaisle a bhfuil, budh chródha 'ngníomh,
dob fhearr goil agus éuchta gasgaidh, agus budh hoirdheirce air an domhan a bheith 'na gcoscar chró, mur aon lena rígh. Air bhfacsaint sin do Chonchubhar mhac Neasa goirthis Conall Ceithearnach chuige go taobh leabtha, go ndubhairt: "A mhic ghrádhaigh," air sé, "is truagh do státa anocht, níl lucht d'anacal fón tulaigh so anocht 'na seasasnh, agus is dóigh liom-sa do mbeidh fir Uladh ar aon láthair go dtutadais uile le láimhe an ghasgaidhe úd, óir is éigin dó buadhaibh ar leith do bheith air an t-am do chlaoitheamh na curaidhibh so leis a thug buadh as gach gleó a dtíortha coigcríche imchian, agus nach n-ithean sé biadh agus nach ndeun sé suan, agus ó nach ndeargfaidh arm nó iolfhaobhar fair agus nach féidir cneadh nó créucht a dhéunamh, ní cóir agus ní dlighthe dhúnn níos mó de ar muintir a chaill leis. Agus is aithreach mór liom gur hionnorbadh Bachra linn on chathraigh so fó neamh-chinteacht 'fhaistine, oir budh fhéidir leis beart éigin dhéunamh a n-aghaidh ilchleasa an óglaigh ud. Agus is sé is indhéunta dhuit-se fios agus teachta do chur anocht air cheann Bhachra, agus a bhreith air ais go hEamhun do dheóin nó ar éigin." Ceileabhrais Conall Ceithearnach de Chonchubhar air sin, agus imthidhis a dh'iarraidh
Bhachra. Agus mur bhí 'fhios aige gur ghnáth leis foslongphurt a dhéunamh anna n-uamh do bhí a gCoill Laimhrigh, do-chuaidh sé an gan fhuireach. Agus fuarais an sin é go hatursach uaigneach. Agus fa hiongnadh leis Conall a dh'fhacsaint chuige, agus feiris fáilte roimhe, agus fiafrais sgéula de. Agus do-bheir Conall a sgéula dhó ó thús go deireamh, mur do tháinig an t-óglach go faich na hEamhna agus a bhean agus cuileán coin leis, agus mur nach n-aithriseóchadh sé sgéala dhóibhthe, agus ní mo a d'iarr sé sgéala ortha, ach, air sé, gur fhág sé a chuileán coin air chumairce a mhná agus a bhean air coimheád Chonchubhair go dtigeadh sé féin air ais ó chathair Chonraigh mhic Dáire san Mumhan. "Agus an feadh do bhí sé amuigh do chríochnamur comhairle eadrainn Conchubhar a chur a dh'iarraidh sgéul ar an mhnaoi. Dála Chonchubhair, beirthis an ríogun sin leis do sheamra féin, agus friathálais í do thogha gach bídhe agus do shean gach dighe lena lámhaibh ríogha ro-uasal féin. Gidheagh, ní mblasamh sí biadh nó deoch uaidhe, agus ní do thug sí a bheag nó a mhór de sgéala dhó. Smaoinis Conchubhar iar sin gur náire nó faitcheas do ghaibh sí, agus beirthis a chaithír ríogha féin leis a bhfogas dí, mur ndul a dhol a gcaoinis
comhradh léi, agus sgéala d'fhagháil uaidhthe créad é an tír do chleacht sí ann a hóige, cia hainim a fear, nó créad do ghluais an bealach sin é. Ach tá ní cheudhna, air bhfacsaint sin don chuileán coin do bhí ann a fochair tugais amus fón bhrághaid air an rígh, agus trasgrais go lár agus go lán talamhna é, agus munab é an freasdal tapaidh athlaimh do thug mise dhó is deimhin go marbhthadh sé é. Gidheagh, do-rinne sé créuchtaibh domhain doi-leighiste air agus tá sé ó shon a leith san Bhron-mhairg do leighis," air Conall. "Agus an dtáinig an t-oglach sin ar ais ón Mumhan go fóill?" air Bachra. "Tháinig a-cheudhna," air Conall, "agus air dtilleamh dhó," air Conall, "go faich na hEamhna do chur sé feadán ceólmhur ann a bhéul, go ndeurna sé fead a chlonfaidh tríd an chóigibh uile, agus tháinig a bhean agus an cuileán coin amach chuige air chlosmhunt fuam an fheadán sin. Agus an sin do sheas a bhean air a ghualainn dheas agus an cuileán coin air a láimh chlí agus fuagras ann sin comhrac aoin-fhir air na curaidhibh. "Do fhreagair an Fear Dia dhó a gcéadóir, agus do gonadh an rígh-mhíligh sin leis. Do fhreasdal Lughaidh mhac Nós é an dara lá, agus do gonadh an gasgaidheach sin leis mur an
gcéudhna. Do fhuagair sé an treas feacht dís agunn a dhol a gcomhlann leis. A haithle sin téid Bricin agus Cú Chuileann san teagmháil leis, agus tair éis gleic chalma chródha churata a dhéunamh leis do cheangail sé an dís ar an láthair sin. Agus sgéula fo hiongnadh leat," air Conall, " níor fuileadh agus níor foirdheargadh air an óglach sin le haon de ar gcuraidhibh; codlann sé air an fhaich gach aoidhche a gcuideachta a mhná agus a chuileán coin, agus ní bhfacaidh neoch aguinne é aig ithe nó aig ól ó tháinig sé go hEamhun air dtúis. "Agus chur Conchubhar mise chugad-sa aige aithchuinge ort tilleamh go hEamhun ar ais, agus mas féidir duit, beart theagasg nó comhairle 'thabhairt dhó a n-aghaidh an óglaigh ud sul do dtutamar lena láimhe uile. Agus aig sin mo sgéala-sa dhuit," air Conall. "A Chonall," air Bachra, "ní dual agus ní dleacht go rachfain-se tar ais go hEamhun arísd a shásamh Chonchubhar, óir do dhíbear é go ro-éagcóireach mé. Níor dhubhairt mise leis féin nó le neoch air bith ele cia ham a dtucfadh an t-óglach sin go hEamhun, óir níor foillseadh a rúindiamhur m'ealadhna dhamh é; ach dhearbhaidh mé go dtucfadh allmhuireach go hEamhun, agus nach sluagh nó sochruidhe do thucfadh ann, ach fear agus bean agus cuileán
cú nó coin; agus rádhais leis nach raibh fios a ainime nó a thíre agum, ach amháin go dtucfadh sé ón taobh thuagh go faich na hEamhna. Agus anis, a Chonall," air sé, "is sé an rígh is ciontaigh agus ní mise, óir is sé a d'fhág na curaidhibh 'na gcosar chró mur a táid anugh, agus é féin air nós chách; óir an t-am do-chuaidh an t-óglach sin fó dhéin Chonraigh mhic Dáire don Mumhan do shantaigh Conchubhar a bhean air a háille, agus sin an t-am do thug an cuileán coin sracadh fair. Agus tré líonmburacht an ghasgiadh sin a n-ealadhan draoigheachta do foillseadh an mí-rún sin an rígh dhó, agus líon sé lán fuath agus formaid dhíbh-se uile tair a cheann sin. "A haithle sin athchungam ort gan níos mó do na curaidhibh a dhol a ndeabhaidh leis an óglach sin, óir fir Èirinne uile agus bíodh siad air aon láthair, ní gclaoidhfeadh siad an t-óglach sin, agus ní mó a dhéunadais fuileamh nó foir-dheargadh fair le faobhar lainne nó sgiath, an feadh do bheidhis an bhean úd lena ghualainn. Agus cumhnaidh fair a Chonaill," air sé, "gurb éigin dhut-sa comhrac cruaidh curata a dhéunamh leis an óglach ud go fóill a dtíortha coigcríche; agus teagmhaidh fear nochtaidh leat a bhéarthais comhairle ort roimhe sin, agus a haithle an bheart theagaisg sin claoidhfidh tú é; gidheagh, is mór
an dochmhul do-ghéabhais tú go halt na huaire sin air mur agus air tír. Agus sin ar féidir dhamhsa d'fhoillseadh dhut," ar Bachra. Ceileabhrais Conall do Bhachra air sin, aige fágbhail iomchumairce beatha agus sláinte aige. Agus níor léig se don fhéur fás fuidhe n-a chose go rochtain na hEamhna dhó agus go harm a raibh Conchubhar. Agus nochtais dhó gach nídh dár dhubhairt an draoidh leis. A haithle na mbriathra sin rádhais an rígh le Conall a dhol air n-a márach go faich na hEamhna, mur a raibh an t-óglach ud, agus forfhógradh a thabhairt dhó nach ndéunamh neoch níos mo do theaghlach na hEamhna cath nó coimhghleic níos mó leis. Tigis Conall go faich na hEamhna teacht mothrath na maidhne air n-a márach. Agus ní luaithe do-chonairc an t-óglach sin é nó gháir sé amach ag iarraidh dís ele de na sirridigh sin do chur chuige go gcosgfadh sé faobhar a lainne ortha. Do fhreagur Conall é, aige rádha: "Ní beag linne an méud de ar muintir do ciorrbhadh leat go n-uige so, agus air an adhbhar sin ní théid níos (mó) oca fó da chleith-armaibh." Air chlosmhun na mbriathra sin don óglach rádhas le Conall:
"Ó nach dtug sibh-se sásamh dhamh ann gach dochar agus an gach leatrom do ndeurna sibh oram féin agus air mo mhuintir air an fhaich so, curtham-sa fó gheasa droma draoigheachta thusa agus an ceathrar dailtín úd ele do-chuaidh chum catha liom a dhol go faich mo chaithreachasa, agus sásamh, thabhairt dhamh ann." Agus air rádha na mbriathra sin dhó, do thug sé trí léim ard éunamhail fair, aige rádha: "Slán fhearaibh an domhain fudham." Agus a haithle sin imthidhis leis a bhfriothamh na conaire céudhna do tháinig sé. A haithle sin tigidhis Conall go tuirseach dólasach mur a raibh Conchubhar agus na laochraigh leonta bhí an' fharroid, agus nochtais a sgéala dhóibhthe, agus fa mhór a dtuirse agus a dtriamhun mun am sin. Is an sin do labhair Conchobhar leó, aige rádha: "Ó nach dtáinig libh uile an aon-óglach amháin a chlaoidh air mur dteallach féin, is deacar a smaoineadh go gclaofaidh sibh é a dtíortha coimhtheach', agus gan fios dhíbh féin nó dhamh-sa cia hard don domhan a gcomhnaoidhean sé." Is an sin do fhreagar Conall é, aige rádha: "Ní tráth achmhusán so, ach is deimhin le rádha é nach bhfuil óglach mío-laochdha air bith nach feurr an comhlann do dhéunas sé anna reagun choimhtheach nó ghnídís san mbaile."
Is an sin adubhairt an Fear Dia le Conall: "Is sé is indhéunta dhuit-se a dhol go hEas Aodh Ruaidhe, agus an long is fearr a gheabhais tú san chuan sin a dh'ollmhadh don eachtra sin; agus nuar a bheidhis sí a n-ordughadh seólta agus asdur mara agad cur trí tonn-ghairte trom-longa inte, eadhón, biadh a n-ionad a chaimhthe, arm a n-ionad a dhíbhirce, agus ór a n-ionad a phronta; agus an t-am a bheidhis gach nídh ollmhaidh agud cur teachta fó ar ndéin-inne, agus rachaidh muraoinne chugad gan fhuireach. Agus is dóigh liom-sa gé nach bhfuilimíd ionchatha le neoch 'o thime anis go mbeidh munn slán sol do dtarlachaidh an t-óglach dhúnn, ó nach bhfuil fios agunn cia hard don domhan air a dtabhraidh muinn ar n-aghaidh." Molthais cách go coitcheann an chomhairle sin. Agus air n-a márach gluasais Conall go hEas Aodh Ruaidhe, agus ghaibh aige cóireadh agus aige leasadh na longa go lán-shaothrach, gur churadar a n-ordughadh rámhaidh í. Tráth foillseadh do Chonchubhar go raibh an long gléasda oca do chur sé trí chaogad carbad líonta do stóras beatha fóna ndéin leith amugh do stóras airm agus éidigh, ór agus iolmhaoin mur aon le móran de hucsodaibh de dheochaibh
garga gabháltach' agus de fhíontaigh milse meisgeamhla. Is an sin do thógbhadar a seóltaigh bocádach' bain-dhearg' a mbarraibh na sár-chrann subhail, agus thugadar tus a longa do mhur agus a deireadh do thír, ag eisdeacht le mílibh móra, le gotha rón, le sgartach na bhfaoileann, le dísgearnnach na n-eascon, agus beathaigh éagsamhailte na fairge aige éirigh ó íochtar an eagáin go huachtar an uisge, aige déunamh ceóil agus cuideachta dhóibh le neart feabhas ró an tsubhail a bhí leó, go raibheadar trí naoi lá air fairge. Agus ní bhfacadar feaghuir iath nó imdhéunamh tíre nó oileán. Agus a gceann na rae agus na haimsir' sin choncadar éun mór dubh budh mhó go mór nó fiolar, agus é 'déunamh urraid tormán le iomad carbad, agus níor (stad) sé gur thuirrling sé air phubal meódhanach na longa. A haithle sin dhrud ceó dubh dorcha 'na dtiomchioll, ionus nach ar léir do cheachtar dhíobh a chéile, agus sgur an long de hiomramh. Agus air sin d'éirigh stoirm agus anafa air gach taobh dhíobhtha, air mo go raibheadur do luasgadh anonn agus anoll ó thaobh go taobh na longa. Air mbeith dhóibh is san bpeireacul sin
fuagrais an Fear Dia soilse do lasamh. Agus air lasamh na soilse do Chonall do-chídear cat mór ruadh 'na shuighe air churr thosaigh na longa, agus a dhá shúil mhire air lasair ann a cheann. "A Chú Chuilean," air an Fear Dia, "éirigh-se da sheasamh, agus ná tabhair urchar a n-iomroill, agus cumhnaoi air an t-am do bhual tú cú Chuilean ceard agus tú da mhaothmhacaíbh." Éirghis Cú Chuilean go faon-lag éagcruaidh, agus sgaoilis an ubhal nimhe do bhí 'gcumhrach a sgéithe aige, agus tugais rotha an urchair sin don chat go dtarla eadra dhá shúil an chait é, gur thiomán a haba agus a hionar siar seachtar a tarr, gur thut marbh amach san aibhéis. Agus a bprab na súl do sgaoil an ceó doilbhe sin, agus shochruidhe tonnaibh lán-bhorb' na mara, agus d'íslidh sonnaibh mór-fheargach' na gaoithe, ionnus gur léir dhóibh a bhfad a gcéin uadhtha. Sheóladar rompa iar sin go réim-dhíreach cinte, aige amharc go géur-radharcach do gach leith fó fheaghair tíre nó cala-phurt, agus gan fhios oca cia hoca bhíodar a' dol cóir nó contrádha. Mur sin dhóibh go cionn chúig lá dhéug ele air siabhramh seachrán, agus a gceann na rae agus na haimsire sin d'éirigh giolla grádha de mhuintir Chonchubhair, do bhí leó chum rámhamh, suas a gcrann seóil na longa, agus radhais le Conall go
bhfacaidh sé duibheagan mór a bhfad uadha don taobh soir, amhul tor cluthmhur coilleadh. Air chlosmhun na mbriathra sin do na hothair do bhí san long do ghlacadar meanmnagh agus meisneach mhór, agus iarrad air Chonall an long a sheolamh air amus na háiti ud. Seóilis Conall an long amhluighe sin; agus air dteacht a bhfogas dhó is sé do fuaradar air a gceann ann sin sléibhte corra cíor-arda, is gan air chumas duine nó oinmhidh a dhol suas ortha nó a subhal. Rámhadar leó hart le hiomal na mara a ngar do na sléibhte sin air feadh trí lá agus teóra n-aoidhche; agus fá dheóigh thángadar chuige seóirt chuan agus fosgladh san tsliabh; agus churadar a long a dtír ann. Is an sin do rádhais Conall: "Is truagh tuirseach mo státa anugh agus gan , fear m'anacal agam a bhfad uadh Eamhun, agus má théidhm-se 'theasdail na sléibhte so 'mo aonar aige iarraidh tualas an óglaigh úd go m'fhéidir go dtigeadh mur námhud oraibh-se agus mur ndíthcheannamh, agus gan neoch agubh air son é féin a chosnamh an feadh do-bheidhin-se uabh." "Is fíor sin," air an Fear Dia, "agus is sé is indhéunta dhut-sa fuireach ansan long anocht, agus a márach a dhol go mullach an tsléibhe so agus féuchaint a bhfad uad agus a bhfogus
dhut go géur-radharcach grinn, agus tilleamh chugaine le do sgéala teacht dheireadh don lá." Do-rinne Conall amhluighe sin. Agus air maidin air n-a márach go moch-thráth ceileabhrais Conall do na curaidhibh, agus budh tuirseach iad 'na dhéigh mur nach raibh sé air a gcumas a bheith leis air an eachtra sin. Gluasais Conall roimhe go tréun tapaidh agus go héusgaidh eagantach, agus ní deurna sgíth nó comhnaoi go raibh se air mhaol-mhong an tsléibhthe. Agus dob é sin uair agus aimsir do raibh an ghrian a' dealradh air tair éis a héirigh as a heabhuidhe chodlata, agus bhí do mhéud teas an tsléibhe an t-am sin gurb éigin do Chonall a chlogad chruaidhe agus a éideamh pláta do bhaint de. A haithle sin suigheas Conall air mhullach an tsléibhe féuchaint na gceithre hardaibh fó seacha, agus siollamh éigin do dtug seacha do-chí sé óig-laoch deagh-ghruadhach anna dtrom-shuan codlata, agus é tár-nochtaidh gan arm gan éideamh. Budh ro-iongnadh le Conall a dh'fhacsaint san gclódh sin a ndiamhair díth-eólais sléibhe, gan díon nó daingneach do ghoire; gidheagh, do chumhnaoidhis gur dhubhairt Bachra, draoi Chonchubhar, leis annsan uamh a gCoill Laimhrigh go dteagmhadh fear tár-nochtaidh leis a
dtírthe coigcríche do-bhéarthadh teagasg mórthairbheach dhó. Le dóchas as an fhaisdine sin éirghis Conall, agus mosglais é. Ach tá ní cheudhna, air ndúsgudhagh don óglach sin do dhearc sé go sgaolmhur mear-chiallach air Chonall aige rádha: "Créad fár dhusguidheas mé?" Agus iar sin tuitis 'na shuan an ath-uair. Do-chuaidh Conall a theasdail mullach an tsléibhe seal ele, agus ó nach bhfacaidh sé duine nó oinmhidh, suighe nó cathraigh, dún nó daingneach feadh a radhairc, tillios air an óglach úd arísd, agus mosglais an dara feacht é. Féuchais an t-óglach go grinn feadh aimsir fhada air Chonall, agus fá dheóigh eirghis 'na sheasamh go táimh-leisgamhul, agus iarrais air Chonall roinn de' éideamh a thabhairt dhó. Do-bheirthis Conall a lúibhreach dhó. Féachais gach ard 'na thimchioll go creathnaitheach crith-eaglach agus go mear baoith-chiallach, agus fiafraidhis de Chonall cia hionad sin ann a raibh sé. Adubhairt Conall leis nach raibh sé air a chumas a bheag de sgéal na háite sin a thabhairt dhó. "Ach triall liom-se," air sé, "go bonn an tsléibhe so mur a bhfuil mo long go bhfaghaidh tú folach da gheal-chnis de éideamh a gcéadóir." Gluasais an t-óglach sin le Conall chum na longa, gur chur culaidh de éideamh ríogha ro-uasal fair, agus ní raibh a shamhul de ghasgaidh
each fó trí fodhla-rannaibh an domhain ar mhéud, air mhaise, air dheilbh agus air neart. Is an do friáthladh go huasal onórach é le nuadh gach bídh agus de shean gach digh, gur chaith a leoir-dhóchain dhíobh. A haithle sin do-chuadar a gcaoinis comhráidh, agus fiafrais an t-óglach de Chonall cia shiad féin, cia has a dtángadar, nó créad do ghluais air eachtra san ionad dí-eóluis sin iad. Is an sin do-chuaidh Conall a gcionn sgéul, agus d'aithris do thús go deireamh mur gonamh na curaidhibh sin leis an choigricheach úd, agus 'na dhéigh sin a gcur fó gheasa droma draoigheachta a dhol do thóruigheacht, go dtabhradaís sásamh dhó air 'fhaich féin an gach leatrom dá ndeurna dhó. "Agus sin an t-adhbhair do ghluais an bealach so sinne," air Conall, "agus gan fios agunn cia háiti san domhan a mbídheann sé. Agus aig sin ar sgéala go haithghearr dhut, agus éirim ar n-eachtra," air Conall. "Beir buaidh agus beannacht, a ríghmhíligh," air an t-oglach sin, "má chualais sgéula as ceann neoch ariamh is sáimhe liom nó mur seanchas, agus gé gur mhór m'iongnamh-sa ann mur sgéula-sa, is dóigh liom ní lughadh mur n-iongantais-se an mo sgéala-sa trá chlonfaidh sibh é."
Is an sin do-chuaidh an gasgaidheach sin a gcionn sgéul, agus is sé adubhrais: "A bhuidhean oirdheirc," air sé, "mac do rígh na Dreóllana Móra mise, agus is sé is ainim dílis dhamh, .i. Cairioll Cath-bhuadhach, agus ní bhfuil de oighre aige an rígh sin ach mé. Do-chualais iomrádh air inghean álun iolchrothach do bhí aige rígh Thír an Uaignis darbh ainim Ailleagán na Bantracht, agus dob e sin a hainim go dílis, óir níor dhealraidh grian ariamh air bhean air bith comh trian dheas leighthe. Ach tá ní cheudhna, do-chuaidh mise do fios, agus ní dtugais liom do shluagh nó de shochruighe ach mé féin agus lucht rámhaidh ma churach, .i. ceathrar dílis do theaghlach m'athaire. Agus an t-am do ghabhais cuan láimh le tuighe rígh Thír an Uaignis d'fhágbhais mo lucht freasdail aige coimheád mo churach san chuan, agus chuadhais an m'aonar air amus thugh an rígh; agus air rochtain na háiti sin dhamh do fuair mé aonach mór crunn air faich na rígh-chaithreacha sin. Agus is amhluighe do bhí an rígh 'na shuighe ann a gceart-mheódhan an a chaithír ríogha, agus a bhainríoghun air a láimh dheas an gcaithir óir-loisge, agus a inghean air a láimh chlí 'na suighe anna gcaithír don chineál
chéudhna, agus ní lighe fuinne féur air mhalaidh an tsléibhe so holl nó mac rígh agus ro-thighearna bhí air an fhaich sin aig iarraidh na hóighe sin. Ciodh trácht, air bhfacsaint sin dhamh-sa ní naire nó faitcheas do ghlacais, ach tugais suigheadh sanntach sár-thapaidh tríd thuibhe na sluagh go rabhais air ghualann na ríoguna sin; agus beirthis uirthi eadra mo láimhe; agus tógbhais as an chaithír í, agus suigheas féin innti, agus curthais ise 'na suighe oram féin. Agus do mhaoth gaire air an óig-ríogun sin, amhuil agus nach ar bh'easonóir léighthe mé, nó nach ar thaircisne léighthe da ndeurnnais uirthi. A haithle sin do-chualais monmhair ameasg na macnaoi. Uime sin d'éirghis mo sheasamh, agus do tharrangais mo chlaoidheamh colg-ghéur as a thruaill thasgaidh, agus beirthim air ann mo láimh dheas, agus air an ríogun ann mo láimh chlí, agus fágbhais an t-aonach amach a bhfiaghnuise an rígh agus an mhacnaoi uile, agus níor aontaigh ceachtair dhíobh mo leanmhunt. Gidheagh, air n-imtheacht ón bhfaich dhamh suigheas an ríogun sin agus mise a leath-taoibh na foraoise ais coinne na mór-shlóighte sin gan ceasnamh, gan eagla.
Dála an rígh, air n-imtheacht dhamh as 'fhiaghnuise fiafrais ós ard de na slóighte narbh aithne d'aon-duine oca an t-óg-fhlaith úd. Do labhair mac rígh na bhfear sin, aige radha: "Is aithne dhamh-sa é, agus dá mbeidhfá thusa do rígh air an domhan mhór go hiomlán, agus gan a beith de oighre agud ach an inghean ud, is díol céile dí an prionsa, eadhón, Cairioll Cath-bhuadhach, mhac ríogh na Dreóllaine." "Is deimhin," air an rígh, "nach bhfuil sé an mo theaghlach-sa uile neoch air bhith oireamhnach go lóir ana dhol air cheann an óig-fhlaith sin agus a rádha leis a theacht air ais, agus air an adhbhur sin is éigin dhamh, a dhol an don toisg so." Éirghis an rígh air sin, agus beirthis an tslat ríogha leis ann a laimh, agus níor fhullaing do neoch do mhór-theaghlach a dhol leis; agus thainig go héusgaidh athlaimh go harm a raibh mise agus a inghean. Agus air dteacht a láthar dhó, is sé an chéad-nídh do-rinne sé ceann an tslait ríogha do shíonamh ann mo laimh-se agus an ceann ele do inghean mur chomhartha síothcháinte; agus a haithle sin beirthis air láimh oram, agus feiris fáilte romham, agus thug teóra póg dhamh; agus tógbhais an rígh an ar seasamh sinne, agus tugais leis ann a ríogh-dhún gan
fhuireach sinn, mur ar friáthlamh go huasal onórach sinn, go ndeurnnadar trí trian don aoidhche sin, eadhón, trian le hól, trian le ceól agus trian le trom-chionn suain agus sáimhchodlata. Agus air n-a márach do pósamh an ríogun sin agus mise. Is an sin do curthadh teachta air cheann mo lucht rámhaidh do bhí san long do rádha leó tilleamh a bhaile don Dreóllain, agus a rádha le rígh na Dreóllaine é féin agus maithibh a thíre a theacht go tuigh rígh Thír an Uaignais a chaitheamh fleadha na baineise sin. Agus curthais rígh Thír an Uaignais a challaire féin leó. Is an sin do curthadh fios agus teachta amach air feadh Thír an Uagnais a' crunnadh maithibh agus mór-uaisle na rígheachta sin mur an gcéudhna, agus iomad de réagún ele, agus ordughadh oca uile a bheith crunn air aon-láthair mídhe uadh an lá sin. Ach tá ní cheudhna, is dóigh liom-sa," air sé, " go raibh comhluadar eadra cud do phrionsaigh do bhí air an fhaich an lá sin agus na siabhruidhe, agus le neart mire agus éud liom-sa an t-am do-chuaidh mise 'luighe an chéad-aoidhche leis an ríogun sin, agus sin aréir, an t-om do thuitis mo chodhlamh do thógbhadur na siabhruidhe
leó mé, gur fhágbhadar tár-nochtaidh a mullach an tsléibhe úd mé, ós nisdhamh mur bhfuar tusa mé ann," air sé, "agus is dóigh liom (go) gcaillfidhe an sin mé muna bé go dtáinig tusa chugam." "An aithne dhuit-se an tír so?" air Conall Ceithearnach. "Ní sheadh acheudhna," air sé. "Ann féidir leat eólus air bith a dhéunamh dhúinne cia hard don domhan a mbídhean an t-óglach ud atá muinne a thóruigheacht nó cia hainim é?" air Conall. "Ní fhéideam-sa sin," air sé, "gidheagh is dóigh liom má ghaibhinn sibh-se mo chomhairle go bhfuigheadh fios dhíobh fair, gidh bé fuidhe nó as cionn talamh atá sé." "Is deimhin go nglacaidh sinne do chomhairle," air an Fear Dia. "Maiseadh," air Cairioll Cath-bhuadhach, "is sé is indhéunta dhíbh-se," air sé, "a dhol liom-sa go Tír an Uaignais a chaitheamh na fleadha úd atá do ollmhughadh, agus an t-am do bheidhis uaisle agus maithibh oirthear an domhain crunn ann gheabhaidh sibh-se fios gan chonntabhairt cia shé an t-óglach é sin, agus cia an tír do chleachtais sé; agus an uair a gheabhamur fírinne na neithibh sin rachaidh tusa agus mise," air sé, "le Conall air a lorg, agus fanfaidh na
laochraigh gonta so a dTír an Uagnais fuidhe leighis. Agus do-bheirim-se mo bhreithir dhíbh nach dtilleamar go bruinne an bhráth agus go foircheann na beatha gan buaidh chosgair an óglaigh sin." Adubhradar cách go coitcheann gur budh ionmholta an chomhairle í sin. Air dteacht moch na maidhne air n-a márach do sheóladar a long air mur an ath-uair; agus ní aithristear sgéuluigheacht ortha go dtángadar air amharc tíre taoibh-leathan taitniamhach air an ceathramh lá. Fiafraidhis Conall de Chairioll Cath-bhuadhach ann arbh aithne dhó an tír sin. "Is aithne go deimhin," air Cairioll, "óir is so roinn de rígheachta Thír an Uagnais, agus is dóigh liom nach fada uam-sa an áiti dar ghabhais cuan san tír so air dtús." Sheóladar leó seal ele d'aimsir le sleasaibh na tíre sin go dtángadar chuige calaphurt air thráighe gheal-ghainibh, agus bile ard mór-ghéagánach do fholach. Budh sáimh an t-amharc sin leis na curaidhibh, óir ní bhfacadar tír nó talamh feadh aimsir fhada roimhe sin. Ach tá ní cheudhna, air dteacht a bhfogas don tráigh sin dhóibh is sé fuaradar air a gceann ann carrgaibh neamh-thorthach' gan dún nó daingneach, gan tathaidh duine nó
oinmhidh, gan crannaibh cnuas-thorthach' nó milis-bhlasda ann. "Is dóigh linne gur bhain seachrán mara dhut, a Chairioll," air Conall. "Níor bhain a-cheudhna," air Cairioll, "ní nach bhfaic tú an chú ruadh úd holl air iomal an chuan, agus a dhá shul air lasair ann a ceann agus ceatha nimhe a' teacht amach as a brághad, aige feitheamh orunn chum ar ndíthcheannadh? " "Chím," air Conall. "Máiseadh, le hasarluigheacht agus le draoigheachta do theanta sí sud gnúis na tíre so romhad, agus muna marbhthar a dh'aon bhéim claodhfaidh sí sinne uile." "Seólaidh an long a bhfogas dí," air Cú Chuilean. Ramhais Conall agus Cairioll an long go raibheadar lena taobh. Agus an t-am do thug sí éirigh ard éunamhul uirthi a' tabhairt amus fón bhrághad air Chonall lena craos fosgailte, bualais Cú Chulean í leis an ubhall nimhe do bhí a gcuibhreach a sgéithe aige go dtarla ann a craos fhosgailte í, ionnus go dtug sí a habach agus a hionar siar seachtar a tarr, gur thut sí marbh. Agus a bprab na súl tháinig gnúis na tíre ann a gné agus ann' deilbh féin, ionnus gurbh aoibhin a srotha, a fonn agus a
fiodhbhuidhe, agus tortha mil-bhlasda na gcrann sin a' lúbadh go talamh le méud a gcomhthrom. Is an sin do labhair Cú Chuileann le Conall agus leis an chuid ele de na curaidhibh, agus is sé ro rádha: "Luigheam fó mo armaibh gasgaidh," air sé, "gidh bé hard don domhan do dtáinig sé an so a chur toirmeasg nó eagla oruinne, gurb é súid an cuileán coin do bhí leis an óglach úd atá muinne 'thóruigheacht go faich na hEamhna agus do-rinne cneadhaibh domhain doi-leighiste air ar rígh." Rádhais na curaidhibh uile gurbh é gan chontabhairt, agus gur mhaith an urraid sin féin de sgéala oca. Silleadh éigin do dtug Conall seacha do-chonairc sé long luchtmhur lán-aibhseach a' teacht go dian chugtha, agus rígh-mhíligh mhóir-neartmhur gléasda 'n-arm agus a n-éideamh catha, le clogad chruaidhe agus éideadh pláta a gcurr thosach na longa, agus buidhean iomadúl do laochraidh ro-thréun air dhruim-theasda na longa sin. Claoidheamh iol-fhaobhrach ceangailte air a dtaobh dheas, agus dhá sgiath mhór-mhíleata a láimhe gach laoch oca. Fiafrais Conall de Chairioll Chath-bhuadhach an arbh aithne dhó lucht na longa sin. Do fhreagur Cairioll, aige rádha:
"Ní haithne dhamh ceachtar dhíobhtha, agus is dóigh liom nach carad dhuinne neach oca, óir tá gnúis na námhud oca, agus is mór an leatrom dhúinne gan ar mbuidhean oirdheirc féin a bheith ionchathach." Rádhais Conall air sin le Cairioll arm a ghlacadh, agus imirt fhíochmhur fheargach a dhéunamh leis. Iarrais an Fear Dia, Lughaidh mhac Nos agus Bricin a n-airm féin a thabhairt ann a lámhaibh, ionnus go ndéunadaois iad féin a chosnamh comh maith agus b'fheidir dhóibh. Feiris Conall 'arm féin a láimh gach curaidh oca air sin, agus éirghis go tréith-laig claoidhte 'na seasamh chum gleic agus comhlann a dhéunamh le lucht na longa. Is an sin do labhair an t-ard-thaoiseach na longa leó, agus d'fhiafraidh an iad do mharbh an cuileán coin do bhí 'déunamh faire agus forchoimheád an chuain sin. Do fhreagair Conall é, aige rádha gurab iad, agus a mharbhthadh "céud oca dá dtarla linn iad d'aimhdheóin lucht a gcosanta." A haithle na mbriathra sin feargthar an ceannfurt sin go mór, agus rádhais le Conall gurb é sin féin an gníomh a dtabhradais díol daor ann. Agus air rádha na mbriathra sin dho díridheas a long chuca.
Air n-a bhfacsaint sin do Chú Chuilinn goirthis Conall chuige aige rádha: "Neart gach buidhean a gceanfurt, agus ó thréig mo lúthmhuireacht agus mo mheisneach mise teilg-se amach san uisge mé, agus féuch mo fhoghnamh dhíbh an sin." Mur bhí dóchus agus muinighean mhór aige Conall as ghníomha gasgaidhe Chú Chuilinn, togbhais eadra lámha láidir luath-ghonach é, agus caithis amach san aibhéis é. "Is mire an gníomh súid do-rinnis, a ghasgaidh," air Cairioll, "an t-óg-mhacaíbh a shaorthaidh ó ghuas bás sinne uile gur bháth tú é!" "Eisd go fóill," air Conall. Dála Chú Chuilinn, air ndol san uisge dhó go dí a bhraghad, curthais an gath bulg a laighir a choise deasa, agus dírigheas air amus an cheanfart sin é, go dtug rotha an urchair dhó, go dtarla a gceart-lár 'éadoin é, go dtug 'inchin agus leith a cheann leis; agus bhí do mhéud neart agus nimhe an urchair sin gur mharbh sé an ursa chomhlann agus triar ele de' mhuintir. Agus an sin a d'iarr sé air Chairioll, ób é budh neasa dhó, a thabhairt asteach san long as an uisge. Tógbhais Cairioll asteach é, aige rádha: "Mo nuair thú bheith gonta tréith-laig, óir dá bhfacais air mur nó air tír ariamh do shamhul 'a mhacaíbh gan ulcha gan fheasóig."
Is an sin do labhair Cú Chuileann lán dasacht agus feirge leó, aige rádha: "Créad dob áil libh? Créad é an mhailís do-ghnídh sibh gan lingeadh san long ar an ghranbhrasg úd agus mur leatrom do dhíoghailt ortha. Bheirim bréithir dhíbh," air sé, "má fhanaidhinn fear gonta nó slán agaibh gan a dhol asteach air a long chuca, agus cath fuilteach feóil-gheurtha a dhéunamh de' gcoirp go rachaid san uisge 'rísd, agus go sgoltaidhid mur long 'na blaithe beaga béul-sgaoilteach, agus feóil sheabhaic a dhéunamh de mur gcoirp." A haithle sin éirghis Cú Chuilinn a n-airde do léim éunamhul, óir do bhí cleas an chleite 'a mheabhair aige, gur ghaibh leathad a dhá bhonn do dhruim-theisde na longa, agus ní mó gur shraoithidh sé an long an t-am do bhí Conall, Cairioll Cath-bhuadhach, an Fear Dia, Lughaidh mhac Nóis agus Bricín lena ghualainn, gur thosaigh siad dá dtuargain agus do ngreadamh, dá ngearramh agus dá sneamhadh, dá dtreideamh agus dá bpollamh, dá leónamh, agus dá leadramh, air mhodh gur dí-chreidthe ó bhéul suadh nó seanchaidh a ndeurnadar de ármhach agus de shlaod-mharbhadh ortha, ionnus go raibh do
mheud an argun sin nár leigeadar fear innsin na sgéula ann a bheatha uabhtha gan mharbhadh, ach aon-óglach do raibh ionnaill draoidh fair do bhí 'na measg gan arm nó éideamh catha. Agus an t-am do thuig sé go raibh Conall a dol a thabhairt béim do chlaoidheamh dhó do labhair sé do ghuth mhór ard fhollus-ghlan, aige rádha: "A Chonaill, uadh Eamhain mise!" Air chlosmhaint na mbriathra sin d'íslidh fearg Chonaill, agus chuaidh fuaim an fhocail "Eamhain" a measg na gcuraidhibh mur shoighneán tineadh. "Créad do ghluais don tosg so thú?" air Conall. "Tá matair fada forsgaoilte sgéul air sin," ar sé. "Gaibh-se an ar long-inne," air Conall. Curthais an draoidh a dhá láimh leabhairgheal timchioll Chú Chuilinn, agus fuadais leis do long féin é. Leanthad an chud ele de na curaidhibh iad, air bhfágbhail na longa 'na dearglasrach. Iar sin fiafrais Conall an dara feacht cia shé féin nó créad do ghluais an bealach sin é. "Leig as, a Chonaill," air an draoidh, "ach goir Cú Chuilinn chugam." Tigis Cú Chuilinn chuige air sin, agus curthais an draoidh láimh an' ascaill, agus tarrangais buidéal agus cleite amach as, agus cumlaidhis a gcréuchta Chú Chuilinn é go ma slán a gcéadóir
é! Iarrais an sin an Fear Dia do chur chuige, agus do leighis sé é air (an chuma) chéudhna. Goirthis an sin air Bhricin agus air Lughaidh mhac Nóis, agus do chur an íce an a gcneadhaibh mur chách ele, gur fhag sleamhain slánchreuchtach iad. Agus na créuchta do-rinneadh air Chonall agus air Chairioll Cath-bhuadhach le lucht na longa do chur sé an íce mur an gcéudhna ionta, go mo slán iad uile ó ghoimh na gcréucht sin. Is an sin do labhair Conall, agus is sé ro rádha: "Is dóigh liom-sa, 'ógánaigh," air sé, "gur maith an liagh thu, agus ó fuarais an beagán buidhean so slán le mo ghualaing arísd, ní mó liom laochraidh an domhain do mbeidh ann m'aghaidh, agus anis aithris do chardais linne." "Éisd, a Chonall," air an draoidh, "gár mhaoithe 'ndéigh buaidhe is maith é." "Créad a chiallaidhis tú le sin?" air Conall. "Atá," air sé, "ní bhfuil na siabhruidhe sásda le mur gcompánach a theacht fó dhéin a mhná, agus do bhrígh sin gheabhaidh sibh guais agus toirmeasg mór uabhtha sul do rachaidh sibh go tuigh rígh Thír an Uagnais go fóill; agus is sé is indhéunta dhíbhse mur gcluasa 'stopa le caonnach nó duillear na gcrann so, do eagla go gcloinfeadh sibh na ceóltaigh sígh-bhinn a shinnfear air gach taoibh dhíobh; óir má éisdinn sibh leó, is deimhin go dtutfaidh codladh oraibh agus go marbhthar sibh uile: agus is amhluighe
tharlachas dhíbh: chífidh sibh sréud mór roimh isan bhforais agus reithchín lathain ann a n-urthosach, agus an t-am do chífidh sibh sin tosachaidh an ceóil. Agus anis beartadh gach aon agaibh é féin ann a chath-arm agus 'éideamh. Agus, a Chú Chuilinn," air sé," nach dtug urchoir a n-iomroill ariamh, buail-se an reithchín a gclár 'éadoin leis an ubhaill nimhe atá 'gcuimhreach do sgéithe, agus freasdalaidh sibh-se an chud ele don tsréud le mur n-armaibh. Agus a Chairioll," air se, "(má) mharbhann sibh an sréud uile ní churaid na siabhruidhe níos mó cian nó toirmeasg ort go bruinne an bhráth' arísd. "Tair éis an roisge file sin línidhios na curaidhibh a gcluasa do chaonnach, agus gléusaid iad féin ann a n-arm agus a n-eideamh catha, agus is deimhin nach ar iomchair an talamh trom-fhódach ariamh a samhuilt do bhuidhean air uaisle, air cródhacht, agus ar oirdheircis. Rádhais an draoidh leó air sin marsail leó, agus go bhfuireachadh sé féin go gcuirfeadh sé coimheád fón long a dhéunamh a hanacal go dtilleadais arísd. Gluasaid rompa air sin, agus níor chian dhóibh an t-am do-chídear an sréud réamhraidhte a' teacht go mall do n-ionnsuidhe. Is an sin do
thosaigh na ceóltaigh budh bhinne do gcualaidh cluas dhaondha ariamh, agus ní bhfacadar aonneoch. Dála an draoidh, air bhfagbháil na longa dhó, gluasais 'na ndéigh go beódha deagh-thapaidh; agus air dteacht a láthair dhó do bhí Cairioll Cath-bhuadhach dol a thuitiom le trom-chodlata an t-am do bhuail an draoidh é le slat do bhí ana láimh, agus do mhosgail é. Dala Chú Chuilinn, tarrangais an ubhall neimhe as cuimhreach a sgéithe, agus bualais an reithchín lathan eadra 'dhá shúil léighthe, go dtug méud na hubhaille de inchin siar tré chúl a cheann; agus (air) dtuitiom marbh dhó do leig sé uaill as, a chlonfaidh fó na críochaibh budh choimhneasa dó. Lingis na curaidhibh iar sin air in tsréud lena n-armaibh iolfhaobhrach, agus 'réir mur do bhíodar a' casgairt an tsréuda do bhí an ceól aige éirigh lag neamh-shuaimhneach, agus an t-am do mharbh Cairioll an chaoire dhéigheanach oca do sgur sé. Is an sin do labhair an draoidh, agus is sé ro rádha: "Anis, a Chairioll mhic rígh na Dreóllaine, gluais leat go tuigh rígh Thír an Uagnais chuige do mhnaoi comh luath is áil leat, agus bheirim-se bréithir dhut nach dtugann na siabhruidhe níos
mó buairt nó trioblóid dhut; agus is dóigh liom-sa muna bé go dtarla curaidhibh na Craobhruaidhe leat nach bhfacfá í go bráth. Agus anis, an uar a bheidhis fleadh do phósda hart, is oircheas duit-se do chuideamh a thabhairt do na curaidhibh uasal so ann a sgaoileadh as a ngeasaibh." Is an sin do labhair Cairioll Cath-bhuadhach, agus is sé adubhairt: "Is deimhin," air sé, "nach ar deurnamh acht nó conradh ariamh is feurr a dhéuntar a choimhlíonamh nó sin." A haithle sin trialladar rompa, agus ní aithristear a n-imtheacht go dtángadar go cathair rígh Thír an Uagnais. Agus dob é sin uain agus aimsir do dtáinig rígh na Dreóllaine, go maithibh a thíre agus a mhuintire, eadra dhraoithe agus ollaimh. Ach tá ní cheudhna, ní féidir le teanga dhaondha a dh'insin ollghairdais theaghlach rígh Thír an Uagnais air bhfacsaint Chairioll Chathbhuadhaigh a theacht, agus níor lugha a n-ionghantais air bhfacsaint na gcuraidhibh ann a n-arm agus a n-éideamh chatha, agus go háiridhe Cú Chuilinn a bhí gan ulcha gan fhéasóig. Fochtais an rígh sgéala de, eadhón, fochain agus adhbhar 'eachtra. "Leig as," air Cairioll Cath-bhuadhach, "go dtrást, go rachaidh cách a dh'innsin a n-eachtra, agus an t-am do chlonfais tú ar n-eachtra de
gach leith ní bhiodhar gan ionghantuis agus mór-uathbhás ort." Ciodh thrácht, air dteacht do na flatha agus do na prionsaigh sin agus cách ele aircheudhna, do chuirtheadh 'na suighe iad do réir a gcéime, a n-uaisle, agus a n-onóir. Agus is amhluighe do shuigh Cairioll agus na curaidh, eadhón, suigheas Cairioll aige an bhord chrunn a gceart-lár urláir na ríogh-chaithreacha sin, agus a ríogun air a laimh chlí, agus Conall Ceithearnach air a láimh dheas, agus Cú Chulinn as a choinne, agus an draoidh air ghualain Chú Chuilinn, agus an chud ele de na curaidhibh hart 'na thimchioll. Suigheas rígh na Dreóllaine as coinne Cairioll aige an bhord ceatharnnach, agus rígh Thír an Uagnais lena thaobh, agus cách eile do réir a gcéime. Is an sin do folughadh boird shlim-uasal na ríogh-chaithreacha sin do sgardaibh síoda agus sgiamh-shról. Agus curthadh biadha saora so-chaimhthe air na bordaibh sin, agus rogha gach seórt dighe air a gceann, gur budh súgach meaghairchaoimh an mór-theaghlach sin. Agus bhíodar amhluighe sin air feadh seachtmhun agus mídhe. Nuair a bheidh meisge ortha do dhrum dighe, do chur dhíobhtha le sinim théuda; agus an uair a bheidh meisge dhíobhtha, do chur ortha le deocha garga gabháltach.
Is an sin do labhair Cairioll Cath-bhuadhach, agus is sé ro rádha: "'Chairde ionmhun," air sé, "tá buidhean bheag crunn 'mo thimchioll an so nach haithne do neoch agaibh iad, agus is dóigh liom-sa nach ar iomchair an mhur mhór-fhairsaing air a tonnaibh ariamh, nó an talamh trom-fhódach air a dhrum, a samhul air uaisle fola, air chródhacht comhlann, agus air oirdheircis goil agus gníomha. Tá matair fada forsgaoilte sgéul le hinnsin oca. Agus tugaidh éisdeacht go grinn dhóibh, agus gach haoin-neoch do bhfuil san choimhthionál so anugh tugadh sé a chuideamh agus a theagasg dhóibhthe. Agus anis, a Chonaill," air sé, "nochtaidh d'eachtra don uaisle so ó thus go dtarla liom-sa thú a mullach an tsléibhe agus mé tár-nochtaidh, agus aithriseachaidh mise an dara roinn eachtra sin go dtarla an draoidh so linn, agus an sin atá rúin a bhfolach aige an draoidh so a gheall sé a chraobhsgaoladh dhúnn a chlonfidh sibh an treas feacht." A haithle na mbriathra sin do-chuadh Conall a gceann, agus is sé dubhrais: "Feacht n-aon do raibh mise mur aon le Conchubhar mhac Neasa, rígh na hEamhna 'nÉirinn, air faich an rígh-dhún sin, tháinig óglach óg deagh-ghruadhach, agus maidhre
mín-dheilbheach mná leis, agus cuileán coin leis air éill. Ní dtabhradh sé sgéala air bith uadha, agus ní mó a d'iarr se sgeula orainne. D'fhuagair sé cath aoin-fhir oruinne; agus an méud de ar muintir do fhreagair dhó do-rinne sé cneadhaibh domhain do-leighiste ortha. Do-rine mise comhairle le draoidh an rígh, agus d'iarr sé oram gan neoch níos mó agun freagradh dhó, óir nacharbh fhéidir dhúinne nó do neoch air bith ele a chlaoidh an feadh do bheidh an bhean lena ghualang. Agus ó nach leigfinn-se do neoch níos mó freasdal dhó, do chur sé mé féin agus an ceathrar so a fhreagur dhó fó gheasa droma draoigheachta a leanmhunt go faich a dhún féin, agus sásamh a thabhairt dhó an gach easonóir dá dtugamur dhó. A haithle sin d'fhag sé sinne, agus bhímur a' teasdail na mara ó soin, gur tharla an t-óg-fhlaith so liom 'na throm-shuan a mullach sléibhe, agus é tár-nochtaidh le héirigh don ghrein air maidin. Agus anis, a mhic rígh na Dreóllaine," air Conall, "aithris thusa an chud ele de da eachtra dhóibh go dtarla an t-óglach so linne a n-éideamh draoidh air an long." Is an sin do-chuaidh mac rígh na Dreóllaine a gcean sgéul, agus is sé ro rádha: "An t-am do tháinig mise go faich na ríoghchaithreacha so ar cionn na hóig-ríoguna so
fuarais aonach mór crunn fón rígh, agus é 'na shuighe ann a gceart-mheódhan ann a gcaithír ríogha agus an inghean so aige 'na suighe ana gcaithír ór-loisge lena taobh. Agus ní lighe luibh a' fás air an fhaich sin nó mac rígh nó ro-thighearna do bhí ann dá hiarraidh, óir do-chuaidh a cliú agus a hiomrádh tríd an domhan. Ach tá ní cheudhna, air dteacht a láthair dhamh-sa ameasg na sluagh ní ceasnamh nó faitcheas do ghlacais, ach suigheamh sanntach sár-luath a thabhairt gus an áiti do raibh an ríogun so; agus tógbhais liom í a bhfiaghnuise chách tríd thuibhe na sluagh, gur shuigheas féin agus ise air leath-taobh na foraoise go dtáinig a hathair chugainn, agus go dtug leis do dhún-sa sinne. A haithle sin do pósamh sinne air n-a márach, agus cuirtheadh fios agus teachta air mur gcean-sa ule a láthair an so a theacht a chaitheamh na fleadha so. Ach tá ní cheudhna, an chéad-aoidhche do luigheas anna leaba comh luath agus chodla mé tógbhadh air subhal an mo shuan mé gan éideamh, gan earramh, agus fágbhadh air mhullach sléibhe nach fios dhamh cia hard don domhan a bhfuil sé anis. Tharla don rígh-mhíligh so air mo ghualainn dheas a theacht chugam, agus do thug leis ann a longa féin mé, áiti ar friáthlamh go huasal onóireach mé, agus a bhfuarais arm agus éideamh
ann. An uair a d'fholsaigh sé a leatrom, d'iarr mé air a long a sheóladh don tír so, agus an triar laoch so ele, agus an mac beag do bhí 'n-othrais éuga ó ghoin an óglaigh ud atá siad a thoruigheacht, a dh'fhagbháil fuidhe leighis ann san dún so an feadh do bheidhmaois aige caitheamh na fleadha so. Do thugadar uile aontughadh air sin do dhéunamh, aige rádha gurbh inmheasda an chomhairle í. Sheólamur an long air sin hart le hiomal an tsléibhe sin feadh iomad laethibh, go dtángamur air amhairc tíre taoibh-leathan taitniamhach agus feaghuir cuain. Ach tá ní cheudhna, air dteacht chuige iomal an chuain dhúnn is sé fuaramur air ar gceann carrgaibh corracha cia-arda gan dún nó daingneach, gan toirtha, gan bhláth nó meas, agus cuileán coin nó dobhar-chú nimhe air ur an chuan uirlighthe ann ar ndíthcheanamh, agus lasracha teine as a shúile agus as a brághad amhach. D'éirigh an mac beag so go tré-lag claoidhte, agus tarrangais ubhaill nimhe as cuimhreach a sgéithe, agus bualais an choin leis go dtarla 'meódhan a héadain í, go dtug a meanach agus a miallach siar seachtar a tarr, gur thut sí marbh. Agus a bprab na súil tháinig gnuis na tíre ann a gné agus ann a cuma féin.
Is an sin a d'aithne mise gurb í Tír an Uagnais do bhí ann. Gidheagh, ní mó go dtáinig linne an long do chur anna chuain an t-am do-chímear long luchtmhur lán-aidhbhseach a' teacht chugann, agus rígh-mhíligh mór-neartmhur ann a curr thosach gléusda a n-arm agus a n-éideamh catha, agus uimhir mhór do laochruigh sár-chalma air dhrum-theasda uirthi air n-a bhfolach le clogaid chruaidhe agus éideamh pláta. Fiafrais Conall dhíom-sa ann arbh aithne dhamh iad. Agus dubhrais leis nach arbh aithne. Air gclosmhun na mbriathra sin don mhac bheag so agus é 'na luighe go fann tré-lag, iarrais air Chonall a chathamh amach san uisge, agus súil fhrichneamhach a chongbháil leis, aige rádha: "Neart gach buidhean a gceannfurt." Agus an t-am do sheilg sé san aibhéis amach é do thugas-sa achmhusán cruaidh dhó fón mac beag do bháthamh, óir budh deimhin liom gurbh é géire a phiantaigh ó ghoimh a chréuchta do rug air a bhás a shantagh. Ach sé dubhairt Conall liom: ' Éisd go fóill.' Ach tá ní cheudhna, tráth bhí sé shíos go dí a bhrághad do chur sé gath a laghair a choise deise, gur bhuail sé an rígh-mhíligh úd a bhí san long leis, go dtug inchin agus leith a cheann siar seachtar, gur thut sé marbh air an láthair sin.
Is an sin a d'iarr an mac beag oram-sa 'thabhairt asteach san long. Agus air ndéunamh amhluighe sin dhamh, d'fhiafraidh sé de ghuth feargach créad é an feitheimh do-ghnídhmaoinn gan a dhol san long agus lom-argun a dhéunamh ortha. Agus air sin do-chuadhmar uile gonta agus slán uirthi. Dála na buidhne sin, tráth chailleadar a gceanfurt chaill siad a neart agus a n-uchtach, agus do bhrígh sin níor leig sinne fear innsin na sgéala dhíobhtha ann a bheatha uann, ach an t-óglach so as mo choinne a bhí 'n-éideamh draoi air churr deirigh na longa, agus gan arm cosnaibh fair; agus labhair sé le Conall, agus dubhairt sé leis gurab ó Eamhain é; agus sin an focal a shábháil é. A d'iarr Conall air a theacht do long féin, ' óir do loisgmur an long ele.' A haithle sin d'fhiafraidh Conall de: "Créad do chardais linne?" Agus is sé an freagra a fuair sé: "Leig as, a Chonaill." A haithle sin d'iarr sé Cú Chuilinn, eadhón an mac beag so, a chur chuige. Is ann sin do thug sé buidéal agus cleite as a ascaill, gur chuir íce ann a chréuchtaibh, go mo slán ó ghoimh na gcneadhabh sin é. Agus do-rinne mur an gcéudhna leis an triar so ele, gur fhág sé sleamhun slán-chréuchtach iad, mur bhí roimhe riamh. Is an sin do chumal sé an cleite do Chonall agus dhamh-sa ann gach áiti do ndeurna lucht na
longa cneadh orunn. d'fhiafraidh Conall an dara feacht a sgéala de, agus ní bhfuair sé é. Agus anis is mian liom-sa an t-óglach sin a sgéala féin a thabhairt dhúnn, agus an seanchus so do chríochnamh." Is an sin do-chuaidh an t-óglach sin a gceann sgéul agus is sé a dubhrais: "Mac do Chonraigh mhac Dáire, rígh Mumhan, mise", air se, "agus Connla Ceart-bhriathrach is ainim dhamh, agus an t-am do bhidhios mo leanaibh d'athchungaidh Conchubhar mhac Neasa, rígh Uladh, air m'athair mise 'thabhairt dhó mur dhalta. Agus fuair sé an athchuinge sin uadh. Agus a Chonaill," air sé, "is tusa an fear céudhna do thug anna gcarbaid Chonchubhar féin as cóigibh Mumhan go h-Eamhun mé." Air gclosmhun sin do Chonall, lingis 'na sheasamh, agus feiris teóra póg dhó, agus do-rinne an chud ele de na curaidhibh mur an gcéudhna. " Tá 'fhios agad go raibh mé fuidhe mhurnn agus fuidhe ómóid mhór aige an rígh sin agus aig n-a theaghlach feadh aimsir fhada, agus fuidhe theagasg aige Cafaigh draoidh gur éug sé, agus 'na dhéigh sin aige Bachra, óir dob iad sin na draoithe budh deirsgne bhí 'n-Èirinn lena linn. Do-chuadhais as sin go Dún Sgáthaigh a n-Alban chuige bainríoghun Aoife d'fhoghlum cleasa goile agus gascaidh; agus d'fhanais seal áiridhe
d'aimsir an sin fuidhe mheas agus onóir mhór. Agus 'na dheigh sin do-chuaidh mé chuige Sáthran na hUamha Móire a gcríochaibh Lochlon a dh'fhoghlum rúindiamhar agus ealadhan draoigheachta. Agus do haithle sin foilseadh dhamh sibh-se bheith 'ngéibhinn chruaidh, eadhón, thusa do bheith an d'aonar, agus do chud compánach a gcrethleadh a n-éuga. Is an sin d'athchuingeas air an bhean-dhraoidh sin cead agus cuideamh a thabhairt dhamh a theacht do mur bhfuirteacht-sa; agus thug sin dhamh, agus brat beag do bhí mo thimchioll san long nacharbh fheidir do neoch oca m'fhaicsint. Agus do theilgis díom é an t-am do labhair mé leat-sa, 'Chonaill," air sé. Tiontais hart air sin. "Agus a mhic rígh na Dreóllaine," air sé, "is fiosamh fíor dhuit-se go raibh mac rígh na bhFear Finn san chomhdháil do bhí air faich an dún so an lá tháinig tusa ann air dtús." "Bhí acheudhna," air rígh Thír an Uagnais. "Máiseadh," ar sé, "do líon sé lán mire agus éud leat-sa fón ríogun sin agad; agus mar is suir dó bean an óglaigh atá na curaidh so 'a thóruigheacht, agus ro-threightheach a n-asarluigheacht agus a ndraoigheachta, do tháinig sé chuigthi, go dtug sí thusa léighthe do shuan, gur fhág sí a mullach an tsléibhe úd uadh chianaibh thú. Agus is sí so chur an dobhair-chú nimhe úd a
chonairc sibh air shleas an chuain roimh, agus is sí do chur lucht na longa úd mur ndéigh, a ndúil mur ndíthcheannadh; agus an t-am do thug mise oraibh an caonnach do chur ann mur gcluasa d'eagla an cheóil sígh bhinn a chlosmhun, is sí do bhí 'déunamh an cheóil sígh romhainn. Agus a mhic rígh na Dreóllaine," air sé, "muna bé bhuail mise leis an tslait so thú an t-am do bhídhios a dol a tuitiom da chodladh, ní seasachfá air faich an dun so go bruinne an bhráth. Agus gidh bé air bith uimhir caorach do mharbh sibh air mur mbealach, mharbh sibh an urraid sin de shlóighte an óglaigh ata sibh 'a thóruigheacht; agus an reithchín lathain úd do mharbh tusa, 'Chú Chuilinn, dob é ursa chomhlainn an óglaigh úd é. Agus aig sin mo sgéula dhíbh," air sé. "Beir buadh agus beannacht," air rígh Thír an Uagnais, "mo chuala mé a'n sgéal ariamh is binne liom nó an eachtra sin. Agus más féidir leat ainim an óglaigh sin agus 'ionad comhnaoi (d'innsin damh) do-gheabhair uam-sa do thromualach fo thrí do ór aithleite." " Ní mur gheall air d'ór nó da iolmhaoin do tháinig mise air an eachtra so, ach air faicsint mo chomhdhaltaibh a bhfoiréigin."
Is an sin do labhair Conall Ceithearnnach agus is sé ro radha: "Air ghrádh h'ine aithris ainim an óglaigh úd dhún, agus cia an tír do gcomhnaoidhean sé." "Gruagach na gCoin is sé is ainim dhó," air an draoidh, "agus Oileán an Ár is sé is ainim don áiti do gcomhnaoidhean sé a rígheachta rígh Inse Toirc. Agus is uime ghoirthear Oileán an Ár de do bhrigh nach dtáinig neoch beó air ais as do ndeachaidh ann, óir is amhluighe atá an fear sin; fir an domhain, agus bíodh siad do thuargain, agus ní déunamh siad fuileamh nó foirdheargadh fair an feadh do bheidhis a bhean lena ghualann. Óir tá do mhéud a draoigheachta gur féidir léighthe crann darach do fhágbháil ann áiti a gcruaidh-chomhlan a bhfeaghair an Ghruagaidh sin; agus bíodh 'fhios agaibh nach ar bhuail sé buille do shleagh nó chlaoidheamh air faich na hEamhna ó chuaidh sé ann gur fhág sé é, ach gach buille agus gach sáthamh dá dtug sibh, is sibh fein do bhí sibh a threadamh. Agus tuilleamh ele, ata crann mór a' fas air faich an Ghruagaidh sin, agus do chur an bhean úd iara ruadh asteach ann; agus tá do mhéud na mbuadh do leanuis e nach ramhann neach a dhol a gcomhlann leis, ach an fear do theasgadh an crann sin d'aon-bhéidhm agus a ghabhthadh an iara tráth léimtheadh sí as ar dtuitim don chrann, agus an
tsé nach ndéunaidh sin ní tairbheach dhó a dhol ann," air an draoidh. Fiafrais Conall de: "Cia an tslighe is oircheas dhúnn?" "Atá," air an draoidh, "teacht mhoch na maidhne amárach seólfaid-se sibh." Ach tá ní cheudhna, air theacht na maidhne ar n-a márach rádhais Connla Ceart-bhriathrach: "Gach aon dar mian leis na curaidhibh so fhagháil sgaoilte óna ngeasaibh agus buaidh chosgair a bheith leófa, leanthadh sé mise." Dubhradar cách uile go leanthadh siad é. "Ní hindhéunta sin," air sé, "ach tigeadh mac rígh na Dreollann' agus na curaidhibh liom, agus fanamh cách eile an so go dtigidh sinne air ais arísd." A haithle sin gléusaidhis an bhuidhean chródha sin iad féin a n-arm agus a n-eideadh catha; agus gluasadar rompa, agus an draoidh ann a n-urthosach. Agus ní aithristir a n-imtheacht go dtángadar gusan oilean réamhráidhte. Is an do bheiris an draoidh leis iad a ndiamhur coilleadh do bhí láimh le dún Ghruagach na gCoin, agus rádhais leo fuireach an sin go dtilleamh sé féin ortha. Gluasais leis air sin agus a bhrat foluighe uime, go dtarla bean an Ghruagaidh dhó air an fhaich 'na haonar, agus curthais a bhrat 'na timchioll
agus fuadaighis leis í go harm a raibh na curaidhibh; agus toirbhris suas don Fhear Dia í, aige taobhadh leis a coimheád go cruaidh. Air bhfacsaint na gcuraidhibh dí do thug maise ar mhí-mhaise agus deilbh mhaith air dhrochdheilbh, agus thut sí a néull anbhfuinne. "Anis, a Chonaill," air an draoidh, "is tusa an laoch is tréuna agus is neartmhaire buille dár sheasaidh air an fhaich so ariamh; cur an brat so air da ghuaille air mhodh nach bhfaicthear thú, agus teasg an crann so do leagfaidh mise mo láimh air agus a dh'aon-bhuille agus an iara ruadh fhágfais é, no ní théid da bheó ais an áiti so go bráth; agus má ghnídhthear sin ní contabhairt dhut gan buadh chosgair an Ghruagaidh do bhreith leat." "Nach ceasnaoithear thú uime sin," air Conall. Tillios an draoidh iar sin go harm a raibh Cairioll Cath-bhuadhach, Lughaidh mhac Nos, Cú Chuilin, agus Bricin. Agus rádhais leó súil fhrichneamhach do chongbhail leis, agus an t-am do-chloinfeadh siad an bile buadhach sin do thrasgart, iad freasdal athlaimh do thabhairt dhóibhthe. A haithle sin bheirthis an draoidh Conall leis go faich na caithreacha sin, agus leagais a láimh air bhile mhór ard-bheangánach leathanghéagánach, agus imthidheas a bhfód fó leith air
sin. Air bhfacsaint an bhile sin do Chonall d'éirigh a choin mhire agus a dhásacht feirge agus a ghoil gasgaidh, agus tugais béidhm fíochmhur ro-neartmhur de chlaidheamh don chrann sin, gur thrasgair go lár agus go lán-talmhun a dh'aon bhuille é. Agus a h'aithle sin sginngis an íara amach as a haobhuigh chodlata; agus gobhais Conaill í air a ruam ratha, agus marbhthais í. Ach tá ní cheudhna, air dtuitiom don bhile sin, níor fhág fuath nó arrachta, ginte glinne nó deamhun aédhir fó na tríocha chéud budh choimhneasa dhóibh, nachar mhosgul sé le fuam an tormán do-rinne sé air dtuitiom dhó. Dála bhean an Ghruagaigh do bhí 'láimh aige 'n Fhear Dia, air gclosmhunt fuam agus macalla an bhile, do tháinig argnamh bás uirthi, agus d'éug do láthair. Ciodh trácht, air n-a chlosmhun don Ghruagach tigis amach air an fhaich, agus air bhfacsaint an bhile trasgraidh dhó, agus ó nach bhfacaidh sé a bhean air a ghualainn glacus eagla mór e, agus tillios asteach arísd do ghléas a n-arm agus a n-éideamh catha. Agus greasais dhá choin ghlas chraosach nimhneach do bhí aige dá anacal amach, go dtarla Cú Chuilinn dhóibh, gur mharbh an dá choin a dh'aoin urchar don ubhall nimhe do
bhi 'gcuimhreach a sgéithe, ó is sé nach dtug urchar a n-iomroill ariamh. Teilgis Conall brat an draoidh de air sin, agus téid fó lonn fíoch agus feirge láimh le doras an Ghruagaigh aige feitheamh go mí-fhoighideach fair. Dála an Ghruagaigh, air bhfacsaint an bhile trasgraidh, agus a dhá choin do bhí aige ann' chosnamh marbh, agus gan a bhean air fagháil aige, agus Conall go dásachtach uirlighthe chum a dhíthcheannadh, téid a raon teithe tair chaol-dhoras do bhí de leith cúl an dún, go dtarla dhó Lughaidh mhac Nós. Agus ó nachar fhéid sé gan comhlann agus gleic a dhéunamh an t-am sin agus a easgcarad an gach raon do dtugadh sé aghaidh, tillios tar ais, agus thig a d'ionnsuighe Chonaill go croith-neartmhur; agus ionnsuigheas an dís deagh-laoch sin a chéile mur dhá leómhan chraosach a bheidh a' dol a ngorta a' tuargain agus a trasgart a chéile, go ndeurnnadar cneadhaibh domhain doi-leighiste fair thaobhaibh agus fair chorpaibh a chéile. Is ansin do labhair an draoidh go gnúis fheargach, aige rádha: "A láimh na n-éucht a thug buaidh chosgair gach curaidh, ann a dol a gcaoinis comhráidh leis atá tú?" Air gclosmhunt na mbriathra sin do Chonall
tuigis an sáthamh sanntach sáir-nimhneach sin don Ghruagach, gur chur a shleagh fad láimh' laoch don taoibh ele do chorp, air dtreadamh a chruidhe ann a chliabh; agus tugais an dara béidhm de chlaoidheamh dhó, gur bhain a cheann de, aige rádha: "Bhéarthaid-se thusa go hEamhun mur bhuaidh chosgair agus mur fhiaghnuise an mhór-eachtra so." A haithle sin chuadar uile asteach annsa dún sin, agus ní bhfuaradar aon-neoch beó marbh inte. Shuigheadar síos, gur chaitheadar a leórdhochainn bídh agus dighe ann, agus iad ann a fheidhm go mór mun am sin. Agus d'fhanadar ann an aoidhche sin. Is ansin adubhairt an Fear Dia air son gach leatrom do bhfuaradar ó thús go deireimh leis an Ghruagach úd, go mbeirtheadh siad an méud ór agus iolmhaoine agus an méud seódaibh mic rígh agus ro-thighearna do raibh san dún leó go hEamhun, agus go loisgfeadh siad an dún 'na dhéigh sin. Is ansin do labhair Conall, agus is sé ro rádha: "Ní shé sin breith do-bhéarthainn-se," air se, "ach ó sé Conla Ceart-bhriathrach, ar gcomhdhalta féin, a thug sibh-se ó bhás go beatha, agus a thug buaidh chosgair an chatha so lena bheart, lena
theagasg agus lena chuideamh, óir is follas dhíbh gur budh dhó is beartha buidheachus an iomlán, agus do bhrígh sin is cóir agus is ceart an dún so fó a mbaininn leis a thabhairt dhó, agus é a bheith 'na thriath agus 'na thighearna fair." Is ansin adubhradar uile gurbh í sin an bhreith fhírinneach cheart; agus dubhairt mac rígh na Dreóllaine go mbeidh sé féin 'na ursa chumhainte agus cosainte aige feadh a rae, agus go dtabhradh sé lán carbat cogaidh de ór álunn aithleite dhó. Air dtabhairt cartacha agus seilbh dhó air an áiti sin, gluasaid rompa go dún righ Thír an Uaignais, agus an draoidh leó, agus ceann Ghruagach na gCoin. Agus air dteacht ansin dhóibh budh (mór) olghardas na mór-uaisle do bhí ansin rompa, óir níor imthidh neoch as ach a' feitheamh a dteacht agus a dtuarasgbhál. Agus air dteacht dhóibh, do hathnuadhamh an fleadh sin. Agus air gcaitheadh seal áiridhe dhóibh amhluighe sin aige éisdeacht le ceól, le hól agus le haoibhnis, fiafrais rígh Thír an Uagnais sgéala a mór-imtheacht dhíobhtha. Do fhreagur Conall é aige rádha gurb é an draoidh so do-rinne gach éuchta dá ndeurnadh lena theagasg agus lena ghliocas, agus do bhrígh sin gurb é is feurr a dtucfadh leis innsin. "Ní sheadh a-cheudhna," air an draoidh, "ach
thusa do-rinne na gníomha, agus na gníomh budh hoirdheirce do-rinneadh air mur nó air tír ariamh, eadhón, an bile mór-thréun úd a thrasgart a dh'aon-bhuille." "Ó nach háil le ceachtar dhíobh 'éuchta cródha féin a dh'aithris," air an rígh, "a mhic bheag," air se, le Cú Chuilinn, "innsidhe thusa mur n-eachtra dhúnn." Is ansin do-chuaidh Cú Chuilinn a gceann sgéul, agus is sé dubhrais: "An t-am a chuadh sinne go hOileán an Ár do thug an draoidh sinne leis, gur fhág sé (sinn) a ndiamhur coilleadh fuidhe fholach, agus chuaidh sé féin go tuigh Ghruagach na gCon, go dtarla a bhean air an fhaich dhó, agus gur fhuadaigh leis í, gur fhág air láimh an Fhir Dia í. Is ansin do thug sé Conall leis. Theisbeán sé an crann dhó do raibh an iara ann, gur thrasgair Conall a dh'aon bhéidhm é, agus gur mharbh an iara. Agus an t-am do-chualaidh an bhean an tormán do-rinne an crann air dtuitiom dhó, do ghlac sí argnamh bás, agus d'éug sí do láthair. "Dála an Ghruagaidh, air gclosmhunt dhó an crann a' tuitiom, chur sé dhá choin allta amach ann ar ndíthcheannamh; agus do mharbh mise an dá choin a dh'aon-bhuille le hubhall neimhe as cumhrach mo sgéithe. Is ann sin do shaol an
Gruagach teitheamh tré dhoras cúl, go dtarla Lughaidh mhac Nós dhó, agus do thill sé 'ais gusan áiti do raibh Conall, gur mharbh sé é. Agus mur chruthughadh air sin, aig so a cheann," air Cú Chuilinn. "Créad do-rinne sibh lena chathair?" air rígh na Dreóllaine. "Toirbhreadh suas í féin agus a mbaininn léighthe de ór agus de iolmhaoin don draoidh ar fhuráil Chónaill," air Cú Chuilinn. "Do-bheirthim bréithir," air rígh na Dreóllaine, " nachar deurnnamh le neoch ar bith ariamh breitheamhnus níos feurr nó sin; agus bhéarthaid-se cur agus teanta don draoidh a bheith mur ursa chomhlan agus chuidheamh aige, agus go gcurthaid lucht faire agus forchoimheád chuige chum seasamh ceart dhó feadh a rae." Rádhais rígh Thír an Uagnais go ndéunamh sé mur adubhairt sé roimhe leis, agus gidh bé air bith tiodhlaca do-bhéarthadh rígh na Dreóllaine dhó go dtabhradh sé féin a shamhul ele uadha. Ach tá ní cheudhna, do-bheir na ríghthe sin grian agus éusga 'choruigheacht ortha um choimhlíonamh a ngealladh, agus do coimhneartadh a bhfiaghnuise na gcuraidhibh iad. Air gcríochnadh na neithibh sin dhóibh, rádhais Conall go raibh sé bliaghan anis ón gcallainn 'na
chéile ó d'fhagadar baile, agus gur mhithid dhóibh tilleamh tar a n-ais ann. Dála na n-uasal, budh mhór a dtuirse uime sin. Air dteacht mhoch na maidhne air n-a márach, triallais na curaidhibh fó dhéin a longa. Agus chuaidh an draoidh agus mac rígh na Dreóllaine leó go hur an chuan mur a raibh a long, agus do thug mac rígh na Dreóllaine iomad carbad leis líonta de nuadh gach bídhe agus de shean gach dighe mur lóin fairge. Agus an uar do churadar a long a n-ordughadh chum subhal ceileabhrad don uaisle sin, aige fágbhál iomchumairce beatha agus sláinte oca. Agus ní aithristear sgéaluigheacht ortha go dtángadar go hEasa Ruaidhe agus go hEamhan Mhacha, mur ar thoirbheir siad ceann Ghruagach na gCoin do Chonchubhar, agus gur aithriseadar a n-eachtra ó thús go deireamh dhó, agus gur sgríobhadar a rola na hEamhna é. Gurb é sin eachtra Chonaill Cheithearnaoi go hOileán an Ár a gcríochaibh Inse Toirc, srl.: - Air n-a scríobhadh chum usoid Eamoinn A. mhic Anaosa, 1859 A.B.
EACHTRA FOIRBE MAC CHONCHUBHAIR MHIC NEASA RIGH ULADH Ní bhfuil léightheóir comhthrom a nÈirinn, le ar mian seanchuis nó sinsearacht do leanmhuint nó do lorgaireacht, nach bhfuil fios go foirleathan aige gur nós gnáthach le Conchubhuar mhac Neasa seilg Choill Lamhruighe a dhéunamh uair gach bliaghan. Agus do churthadh gairm agus tionáladh air uaisle agus air mhaithibh an chóigibh, ionnus nach raibh triath nó tabhartana, taoiseach nó tréun-fhear a gcoigibh Uladh nach dtigeadh a chomóradh na sealga sin. Agus air gcathamh trí lá dhóibh air an ordughadh, do chathadaois seachtmhuin air mhídh a' fleadha agus aige féusda a dteach na Craobhruaidhe, seal aige imirt, seal aige ól, seal aige innsin a n-eachtra a dtíorthaibh imchéin, agus seal ele aige féuchaint a lúth agus a neart le cleasa goile agus gaisge. Tharla don rígh forórdha fíor-uasal so a bheith pósda le dearbhshúir Chonruighe mhic Dháire, eadhón, rígh Mumhan, ar dtús, agus níor fhag sí do chloinn nó do shliocht 'na déigh aige ach aon-mhac oirbheartach, dar bhudh ainim Foirbe mhac Conchubhair, eadhón, ríogh-dhamhna Uladh, agus do ghlac sé inghean Chriomhthain Nia Nar chuige, eadhón, rígh Èirinne, mur chéile an dara feacht, agus do rug an bhean sin iomad cloinne dhó.
Atá ní cheudhna: do líon an bhainríoghun sin lán do fhuath agus do éud don mheic sin a dh'eagla urlámhas an chóigibh a theacht chuige, ionnus gur gheall sí tiodhlaca agus prontas mór do eachlach do bhí aici a bhí ro-eólach a n-ealadhan draoigheachta, dá ndéunamh sé an mac táiniste sin a dh'aithmhilleadh lena asarluigheacht. Dála Chonchubhair: feacht n-oile dár chur cruinneamh agus tionáladh air mhaithibh Uladh níor fhan triath nó taoiseach, nó fear iomchar claoidheamh nó sleagh ón gceann 'na chéile don chóigibh, ó Shruth na Boinne go Clochán na bhFoghmharach, nó ó thraighe Loch Cuan go hIorras Domhnann, nach dtáinig air an fhorfhógradh sin go faich na hEamhna. Agus air tonn nó air tráighe, ó oirthir go hiarthair an domhain ní bhfacfaidh nó ní bhfaghfaidh a gcomhshamhult air bheódhacht, air chalmacht agus air uaisle fola, ionnus go raibh príomh-laochraidh an domhain crunn air an láthair sin. Ach tá ní cheudhna: air dteacht air faich na ríogh-bhruighne sin dhóibh, do-chuaidh gach aon oca ann' arm agus anna éideamh sealga, agus ghluasadar rompa go meanmnach craobhach lán-eagainte d'fhis na foraoise réamhráidhte. Ciodh tracht, do thug Foirbe mhac Conchubhair buadh cosgar na sealga leis an chéad agus an dara lá. Gidh eadh, do fuair eachlach na bainríoghuna foill air, gur amsughadh
draoigheachta air, agus gur chuir fó gheasaibh é a bheith an chéad-bhliaghan 'na sheabhac shúl-ghorm chraosach, agus an dara bliaghan 'na leómhan ghortach chíochrach, agus an treas bliaghan anna gclódh dhaondha; agus gan cead a bheith aige comhnaoi nó dídion do dhéunamh a gcúrt nó 'gcaisleán, a mboth nó a mbruighean, ó sin a leith, go dtugadh sé ceann an Mhacaíbh Mhór, mhac rígh na Sorcha go faich na hEamhna leis, eadhón an rígh-mhíligh budh mhó neart, budh éuchtaigh a ngoil agus a ngníomh do raibh san gcruinne ann a aimsir féin; agus ní mó bhí sé air a chumas arm cosanta do bhreith leis as Éirinn, nó aon laoch, curaidh, nó gasgaidheach do bhreith leis do anacal. Dála na mór-uaisle sin: air dtilleamh dhóibh go hEamhain, air gcathamh na dtrí lá dhóibh fón choill do sír-theasdail, a' ruagadh eallta fhiadhan na foraoise sin, do-chuadar a gceann na fleadha móra sin do bhí seal áiridhe do ollmhughadh dhóibh. Agus trá shuidheas cách fó na bordaibh slios-fhada sin fiafrais Conchubhar don bhollsaire boird an raibh gach triath agus gach saol an' ionad cinnte féin. Do fhreagair an bollsaire é aige radha go raibh gach aon don choimhthional mhór-uasal sin ann' áiti féin mur bheidh uadh chianaibh ach amháin nach bhfacaidh sé Foirbe mhac Conchubhar san chomhdháil.
Goirtheas an rígh an callaire chuige, aige iarraidh air a dhol don fhaich agus gairm a thabhairt leis. A haithle sin do-chuaidh an callaire don fhaich, agus do ghoir leis lucht stoic agus beannaibh na caithracha, agus do shéideadar go hard a n-adharcaibh agus a mbuabhaill. Gidheadh, níor fhreagur sé dhóibhthe. Tilleadar ar ais don dún arísd, agus nochtais don rígh agus do theaghlach nach bhfacadar é. Iarrais an rígh ortha an dara feacht a dhol don choill réamhraidhte agus gár fo holl a thabhairt leis ann. d'imthídear rompa air sin gusan choill, agus níor fhág clúd nó cearnn ann nach ar chuartaídear, agus ní bhfuaradar a bheag do sgéula. A haithle sin tilleadar abhaile chuige an rígh go ceann-trom tuirseach, agus rádhais (an callaire ?) leis nach bhfacadar agus nach gcualadar a bheag do sgéula nó do thualais. Air gclosmhunt na sgéala sin don rígh agus dona mhórtheaghlach, d'íoslaidh a nglóir agus a n-eagainte air mhodh nach gclonfaidh nídh ar bith air feadh na caithreach fón am sin ach cneadh nó osnnaigh, agus ní raibh neach don chomhdháil, dar leat, a bhídh comh dólásach leis an bhainríogun an tráith sin. Dála an rígh: glacais a leaba do dhrum tuirse agus buaraidh, ionnus gur luigh sé bliaghan ón gcallainn 'na chéile a ngalar dubróin, gur
teanadh go léir a chaoimh-chorp, agus gur thréig sé a chroth agus a shnuadh. Air bhfacsaint don mhór-uaisle do bhí crunn 'na thimchioll gurbh éigin don rígh a dtréigmheál, agus go raibh an teaghlach suarcach sin fuidhe throm-chúmhaidh, ceileabhrais dhó, aige fágbháil iomchumairce beatha agus sláinte aige. Agus ní dtángadar a gceann a chéile go ceann trí mbliadhna do éis sin. Ach tá ní cheudhna: air bhfacsaint do mhac an rígh, eadhón, Foirbe mhac Conchubhar, go ndeurnamh seabhac de tré asarluigheacht bhonnaire na bainríoguine, d'éirigh sé ar eitiol a n-airde as amharc chách, agus níor thuirrling sé go dtáinig go hEamhuin, mur ar chomhnaoi sé a ngéugaibh na gcrann caoimh-airde do bhí timchioll an rígh-dhún sin air feadh na bliaghna do bhí sé san deilbh-riocht sin. Agus feadh na rae agus na haimsire sin níor fhág sé éun do chineál a' chlúmhaigh fó cúrt na hEamhna nach ar mharbh se; agus tuilleamh ele: bhí éun álunn aige an bhainríogun, eadhón, fearán breac do bhí a gcomhdach aici, agus an feadh do bhí sí a' tabhairt aedhir gréine dhó crochta air bheangán crainn, do chur a ghob tréun trésan laitis, gur mharbh é. Agus an t-am do-chonairc an bhainríogun sin rathais do fhuirteacht. Ach tá ní cheudhna: bualais an seabhac sáthamh de'
spoir nimhneach go ro-chlisde san tsúil uirthi, gur chur as a ceann í. Gríostair an bhean chealgach sin go mór do haithle sin, agus d'imdheargaidh na curaidhibh fó nach ar mharbhadar roimhe sin an seabhac le gath nó sleagh. Ciodh trácht, ar gcathamh bliaghna go coimhiomlán 'na sheabhac do Fhoirbe mhac Conchubhar do thiontach sé ('na?) leómhan chraosach, aige déunamh díthe agus dochar air feadh an tsréuda buabh agus ealta na caithreacha, air mhodh nach ar fhág sé caora nó uan, bó nó gamhun no éun do chineál air bith beó dar bhain leis an chathair nach deurna sé a dhíthcheannadh feadh na bliaghna sin do bhí sé 'na leómhan. Ach tá ní cheudhna: air gcríochnadh na bliaghna sin dhó do tháinig se a gclódh dhaondha; gidh eagh, ní shí 'dheilbh nó a dhreacht féin do fuair sé. Dála Chonchubhar, curthais fios agus teachta an gach ard don chóigibh a' crunnadh maithibh a thíre, nuair a d'aithbheódhaigh se a ndéigh caill a mhic ionmhun, chum seilg na coilleadh á dheunamh mur fo ghnáth leis roimhe sin. Agus an t-am do bhíodar uile air faich na hEamhna dá ngléas féin a n-éideamh agus a n-arm sealga rádhais an callaire leis an rígh gur súd holl óglach éigin don taobh ele don fhaich nach raibh a'
teacht a coimhmheasgadh leó, óir gur dhóigh leis go raibh sé a' fuireach ansin mur ndúil aire d'fhagháil air neoch éigin don uaisle sin ann a mharbhadh. Fiafrais Conchubhar de' theaghlach féin cia do rachadh a bhaint sgéul don óglach úd. Adubhairt giolla grádhach de mhuintir na banríoguna do bhí san chomhdháil go rachadh sé féin ann. A haithle sin gléusais é féin ann a arm agus ann a éideamh catha agus téid go lán-mheanmnach gusan ionad do raibh an t-óglach sin. Agus air dteacht a láthair dó fochtais sgéula de. Gidheagh, níor labhair an t-óglach sin aon-fhocal leis. Air bhfacsaint sin do ghiolla na banríoguine, curthais láimh 'na thimchioll mur ndúil a thabhairt a gcuibhreach leis a láthair an rígh. A haithle sin tugas an t-óglach sin siodhamh sandach sáir-nimhneach fair, agus trasgrais go lár et go lán-talamhna é, agus bainis 'arm agus 'éideamh dhe, agus iar sin do bhain a chluasa dhe, agus do do thug bearramh íosal, bearramh ard, bearramh óinmhid agus amadáin air 'fhuilt, agus léig a bhaile fó dhéin an rígh fón gcuma sin é a bhfiaghnuise na mór-uaisle do bhí 'na thiomchioll. Agus airna fhacsaint sin don rígh rádhais leis: "Is dóigh liom-sa nach leanbán óg nó maoth-mhacaíbh do thárla leat, agus is bréithir
dhamh-sa go m'fhearr dhut go mór é da cheann a bhaint dhíot a dh'aon-bhéidhm nó 'shamhul sin do oilbhéim a thabhairt dut." Do fhreagar an giolla é, aige rádha: "Is dóigh liom-sa," air sé, "nach bhfuil sé air an fhaich so 'nuigh triath nó taoiseach, laoch nó curaidh nach bhfuigheadh an chumann uadha a fuair mise." "Luigheam fóm arm gasgaidhe," air ridire óg do bhí san chomhdhál, eadhón, dearbhráthair don bhainríogun, "go mbainfid-se sgéala de agus gé dtillfid gan fuileadh nó foirdheargadh a dhéunamh oram, gé neartmhur a láimh, agus gé faobhrach a lannaibh." "Bheirim briathar dhut," air an giolla, "nach bhfuil arm cosanta air bith aige ach le' dhá arm féin go gclaoithfidh sé thú, óir tá comhlann céud an gach (láimh ?) leis," ar sé. Triallais an ridire sin leis go harm (a raibh) an t-óglach sin 'na shuighe. Air dteacht a láthair dó fiafrais sgéula de; acht tá ní cheudhna, ní bhfuair sé a bheagán nó a mhórán cainte aige. Fiafrais sgéula an dara feacht de, agus ní dtug sé freagra air. Iar sin tarrangais a chlaoidheamh as a thruaill thasgaidh, mur ndúl a dhol chum comhraic leis. Airna fhacsaint sin don óglach, tugais ionnsuighe sár-thapuigh ro-fheargach fair, gur bhain an claoidheamh de, agus gur bhuail buille neartmhur fíochmhur fair leith a cheann
agus a láimh dheas ón ghualann de a dh'aon-bhéidhm, agus do léig air subhal a gceann chách é air an ordamh sin. Ciodh trácht, air dteacht a láthair dhó, fochtais es an rígh sgéula 'n óglaigh sin de. Do fhreagur an ridire é, aige radha: "Tá mo theachta folluis dhíbh uile, agus thángais gan sgéula ach na sgéula a ghoin mé." Is ansin do labhair Conchubhar mhac Neasa, agus is sé ro rádha: "A Chonaill chath-bhuadhaigh agus a bheirnn bhrisde gach gábhaidh, is dóigh liom gurb éigin dhut a dhol a bhaint sgéula don óglach úd." "Is deimhin," air an rígh-mhíligh sin, "agus nach dtilleam gan a sgéula bheith liom chugaibh." Gluasais an ursa chródha chaith-réimach sin roimhe gusan áiti do raibh an t-óglach sin 'na shuighe; agus air dteacht chuige dhó éirghis an t-óglach sin 'na choinne, agus feirthis fáilte fíor-mhuntardha roimhe. Do fhreagur Conall an beannadh go milis-bhriathrach, agus d'fhiafraidh a sgéula de. Do fhreagur an t-óglach é, agus adubhairt: "Do bhéarfaid-se sin dut, a Chonaill," air sé, "a raoghan air fhearaibh na cruinne, agus is dóigh liom an uair a chlonfais tú mo sgéula nach feirde dhiot é, ach suigh-se síos go drásd." Agus airna rádha sin dhó do léig sé na frasa diana
deór síos ann' fhiaghnuise. A haithle sin suigheas Conall síos ann a fhochair, agus air sin do-chuaidh an t-óglach a gceann sgéul a dh'innsin dhó, et is sé adubhairt: "Misi Foirbe mhac Conchubhair, ríogh-dhamhna Uladh, gé gurab iongnadh leat-se a luadh, a Chonaill," air sé. Air chlosmhunt na mbriathra sin do Chonall, dearcais go géur grinn air, agus do léig sé frasa diana deór go talamhun mur an gcéudhna, agus fiafrais de: "Créad é an riocht so ann a bhfuilear nó cia do dh'imir an asarluigheacht sin ort?" "Nach cumhain leat," air sé, "cian a dh'aimsir ó shoin nuair a bhí maithibh an chóigibh a' seilg san choill agus go dtug mise buaidh chosgair na sealga liom ó chách an chead agus an dara lá." "Is cumhain," air Conall Ceithearnnach, "go deimhin." "Máiseadh," air Foirbe," air an treas lá, eadhón an lá déighineach don tseilg sin, do gheall an bhainríogun tiodhlaca agus prontas mór dona heachlach, ach amsughadh draoigheacht a dh'imirt oram; agus a haithle sin do-rinne sé seabhac craosach dhíom feadh bliaghna; agus an fad do bhídhios ansa riocht sin níor fhágbhais éun do chineál a' chlúmhaigh fón Chraobh-ruaidh nach ar ithe mé, agus níor chaomhain mé an fearán breac do bhí aige an bhainríogun gan
a dhíthcheannadh, agus an tsúil do bhaint aisdi féin tráth chuaidh sí do tharthail. Air mbeith dham bliaghan amhluighe sin, do-rinneadh leómhan gortach fíochmhar dhíom; agus an bhliaghan do bhídhis amhluighe sin níor chogail mé sréud buabh nó eallta dar ghéill do Eamhun; agus anis tháinig mé a gclódh daondha anae, gidh nach ann mo dheilbh nó ann ma dhreacht féin, agus beid amhluighe sin mur chí tusa anis mé nó go dtabhraidh mé ceann an laoich is tréuna san domhan liom go hEamhun, eadhón ceann a' Mhacaíbh Mhór, mac rígh na Sorcha." "Nach h-imnidhthear thú uime sin," air Conall, "óir do mbeidh neart laochraidh an domhain mhór uile annsan fhear sin amháin tucfaidh a cheann go faich na hEamhna 'ndoigh fuasgailt 'fhagháil dhuit-se," ar sé. "Nach habair-se sin, a Chonaill," air Foirbe, "óir ní fhéideam-sa neoch air bith do bheith liom dam anacal air an eachtra sin, agus ní mó fhéideam arm cosanta a dh'iomchar liom as Éirinn." Air chlosmbunt na mbriathra lán-thruagh sin do Chonall, tugais léim lúthmhar lán-éusgaidh 'na sheasamh, agus bheiris siodhamh ruagh-ratha, mur shonnadh gaoithe lá Marta air bhinn sléibhe, mur neoch a bheidh air mire nó air saobhadh céille, agus níor sgur sé go raibh 'na sheasamh a bhfiaghnuise an rígh. Agus tharla go raibh an
bhainriogun agus a heachlach a gcuideachta leis san am sin, agus an uair do-chonnairc an bhainriogun a' teacht é, agus ruamhain na feirge go soilléar ann a ghnúis, chuaidh sí a bhfolach air. Gidheagh, air bhfacsaint a heachlach, tugais sáthamh borb láin-neartmhur don tsleagh do bhí ann a láimh dhó, go dtarla ann' urbhroinn é, gur leig 'abach agus 'inear air lár na faiche a bhfiaghnuise na sluagh. Glacais uamhain agus eagla mór an rígh agus an chuid ele de na curaidhibh nuar a choncadar a lonn dásacht agus feirge (ag ?) lasamh. Ach fá dheoigh, do labhair an righ leis go cúin agus go caomhúil milis-bhriathrach, agus is sé ro rádha: "Is mire an gníomh súd do-rinneas, a rígh-mhiligh," air sé. Do fhreagur Conall Ceithearnach é, agus is sé adubhairt: "Gidh nach bhfuil fear air dhrum talamhna nuigh is annsa liom nó Cú Chuilinn móduigheam fó na déithibh dá ndéunamh sé na gníomha do-rinne an biothamhnach úd go dtabhrainn an oidhe chéudhna dhó; agus tuilleamh ele, munab é comh luath agus a d'fhág an bhainríoghun mé go bhfágfainn a colann chlaon gan cheann a d'aimdhheóin do bhfuil air faich na hEamhna nuigh," air sé. "A phríomh-ghasgaidhe na beatha gan roinn," air an rígh, "créad do ghríosaidh thú, nó thóg
d'fhíor-fhuil uasal a thug buaidh chosgar gach gábhaidh, mur chím? " "Gaibh-se liom, a réumh-bhráthair a bhfód fó leith, agus nochtachaidh mé fírinne na neithibh so uile dhut, agus is dóigh liom nach barr meanmna dhut é." A haithle sin théid an rígh le Conall go leathtaobh na faiche, gur nochtaidh sé dhó an t-iomlán don fheall do himreadh air a mhac, agus mur bhí sé bliaghan 'na sheabhac chraosach aige díthcheannadh eallta na caithreacha, agus an tslighe le ar chaill an bhainríogun a súl leis, agus mur bhí sé bliaghan ele ina leomhan ghortach aige slad an tsréuda, agus anis go raibh sé a gclódh daondha, ach amhain nach ann a riocht nó ann a dheilbh féin do bhí sé, agus go raibh sé fuidhe gheasa droma draoigheachta a dhol gan fuireach go críochaibh na Sorcha, agus ceann an Mhacaíbh Mhór, mac an rígh, a thabhairt leis go hEamhuin; agus tuilleamh ele," air sé, "ní féidir dhó neoch air bith againne do bheith leis air an eachtra sin, agus ní mó tá cead aige arm cosanta do bhreith leis as Éirinn. Agus anis, a réumh-bhráthair," air Conall, "aig sin agud adhbhar mo dhásacht agus mo cheann-mhire." Air gclosmhunt na sgéula lán-iongantach sin don rígh, thug deilbh maith air dhroch-dheilbh, agus thuit a laige agus 'néulltaidh; agus bhí amhluighe sin ó néull go néull agus ó tháimh
go táimh go dtáinig an t-am sin airna márach. Ach tá ní cheudhna, air bhfagháil brígh a chéadfuighe dó, goirthis air Chonall chuige agus rádhais leis a theacht fó dhéin Foirbe, go bhfacadh sé an aon amharc amháin air an ghaisgaidheach dob annsa leis da fhearaibh an domhain. A haithle sin théid Conall Ceithearnnach agus an rígh gusan áiti do raibh Foirbe mhac Conchubhar 'na shuighe ó chianaibh. Gidheagh, bhfachadar ann é. Tilleadar tair ais go faich na hEamhna arísd go dolásach dubrónach, agus fógrais don uaisle do bhí crunn annsin gach haon oca 'dhol do bhaile féin gan seilg a chumóradh nó fleadh a chathamh. Ciodh trácht, air n-imtheacht do na trom-shlóighte sin ó Eamhun, rádhais Conchubhar lena theaghlach a dhol amach agus gan diamhar nó daor-bhealach 'fhágbháil gan chuartadh go bhfuigheadaois Foirbe agus a thabhairt abhaile leó chuige. Dála Foirbe, tráth d'imthidh Conall Ceithearnnach uadha, chuaidh sé go Coill Laimhrigh, mur nach ar fhéid é compántas nó comhluadar a dhéunamh le haoin-neoch. Agus air dteacht chuige ionad uaigneach dob aithne dhó san choilligh sin.... Ach tá ní cheudhna, do dhruim
tuirse intinne, air mbeith dealuighe uadh na curaidh, agus a dh'easbhuidhe bídhe, do thuit trom-shuan codlata fair, agus air ndúisgeadh dhó as a' neull sin is sé áiti do bhfuair sé é féin a bhfásach uaigneach gan tathaidh duine nó ainmhidhe anna réagúin coigcríoche. A haithle sin éirghis an macaíbh oirdheirc sin 'na sheasamh, agus féuchais na ceithre hardaibh iomal-leathan na cruinne air gach taobh dhe go ceathraigh agus go sgáthmhur baoith; agus níor aithne sé spéir nó talamh nó nídh air bith ele feadh a radharc, agus dob iongnadh leis na tortha milse do bhí láimh leis aige lúbadh na gcrann go talamh air gach taobh dhe. Níor chian dhó iar sin an t-am do-chí sé laoch meanmnach mór-mhíleachtach lán-armach 'teacht go héasguidhe do ionnsuighe. Agus air dteacht a láthair dhó, beannuidheas Foirbe mhac Conchubhar dhó go milis-bhriathrach. Freagras an fear mór sin an beannadh, agus fiafrais a sgéula dhe. Do fhreagur Foirbe mhac Conchubhair é, aige rádha go ndeachaidh sin tair a dhíthchioll, óir nach arbh aithne dhó an áiti do raibh sé anis nó nídh air bith do bhfacaidh sé 'na thimchioll. "Ní nach féidir leat a dh'innsin cia tír dár hoileamh thú, nó cread do ghluais don réugan so thú don toisg so?" air an fear mór.
"Is féidir a-cheudhna," air Foirbe mhac Conchubhair. "Do hoileamh a dTeach na Craobhruaidhe mé," air sé, "agus mac do Chonchubhar mac Neasa mé, eadhón rígh Uladh, agus do curthadh geasaibh oram a dhol go rígheachta rígh na Sorcha agus ceann a mhic do bhreith liom go hEamhun, agus ní bhfuil sé air mo chumas neoch air bith do bheith liom dom anacal. Agus aig sin mo sgéula dhut," air sé. Is ansin do labhair an fear mór leis, agus is sé ro rádha: "A chníopaire agus a chneamhaire, is aireach dhut do sheanchuis, óir is dóigh liom-sa nach dtéid da bheó nó da mharbh go crích na Sorcha go bruinne an bhráth agus go foircheann na beatha; agus bíodh fhios agud go bhfuil tú anis a rígheachta rígh na hAntuaidhe san domhan shoir, agus curfaid-se 'gcuimhne dhut gurab iad da mhuintir-se do mharbh rígh an oileán so, eadhón mo athair-se, air faich na caithreacha sin dár hoileamh thusa innti. Agus do thairbhe sin do bhainthinn-se do cheann dhíot gan fhuireach air an láthair so, munab é gur feurr liom bás pianamhuil a thabhairt dhut." A haithle na mbriathra sin tugais an fear mór sin ceangal na gcúig caol go cruaidh dosgaoilte air Foirbe, agus do rug leis é gur chur fuidhe
shileadh na ríoth-chainnle annan fhárus dhorcha é, mur a rachadh gach braon di ó chracainn go feóil, agus ó fheóil go cnáimh, agus ó chnáimh go smior, agus ó smior go smaois. Agus drudais suas go daingean amhluighe sin é. Dála Chonchubhair mhic Neasa, ó nach ar tharla Foirbe do neoch dá deachaidh do chuartadh, gluasais Conchubhar mhac Neasa é fein agus ochtar curaidhibh na Craobh-ruaidhe, mur aon lena slóighte amach dá thóirigheacht. Agus níor fhágadar diamhuir nó daor-bhealach, uagnais coilleadh, cuais cairrge, binn sléibhe, uaimh nó ionad folaighe, cuan nó calaphurt ó Loch Cuan go Bun Drobhaois nó ó Thóchar na dTréun-fhear go Sruth Bóinne, nach ar chuartadar do iarraidh. Gidheagh, ní bhfuaradar aon-fhocal de sgéula go dtarla Aonghus an Bhrotha, eadhón príomhdhraoi Éirinne leó, agus gur dhubhairt sé leófa gur dhíomhaoin a n-éirigh amach, óir nach raibh sé a n-áiti air bith a n-Éirinn, óir go raibh sé a gcuibhreach chruaidh agus a ngéibhinn mhór a n-uaimh dhorcha a dtír choigcríochach nach raibh sé air a chumas aithris cia an réagún don domhan ann a raibh sé ann. A haithle sin tilleadar a bhaile lán tuirse agus dubróin tair éis a n-asdair.
Ach tá ní cheudhna: air gcathadh seal fada do Fhoirbe mhac Conchubhair san chruaidhghéibhin réamh-ráidhte sin, thainig inghean óg iol-chrothach do bhí aigen fhear mhór chuige nuair a fuair sí foill air a hathair, feacht n-aoin dá ndeachaidh sé air eachtra; agus rádhais leis dá mbeidh fhios aici go bhfágfadh sé an réagún sin le rinn-luathais ratha as bealach a hathaire go sgaoileadh sí dhó, óir gur crádh inntinne léighthe 'dh'fhacsaint a nglasaibh mur bhí sé. Air gclosmhunt na mbriathra trócaireach sin do Fhoirbe mac Conchubhar, do labhair sé léighthe, agus is sé ro rádha: "Bheirthim bréithir dhut, 'óg-mhaighdean," air sé, "dá bhfuighean-sa sgaoilte as mo chuibhreach nach gceangaladh h'athair-se nó aon laoch air bith ele mé arísd, agus ní mó cheangaladh an fear mór úd mé nó fear air bith ele do mbeidh arm cosanta ann mo láimh an t-am sin." A haithle sin sgaoilis an óig-bhean sin dhó, agus bheirthis claoidheamh faobhrach ór-dhoirnn do chud a hathaire ann a láimh dhó, agus rádhais leis a imirt go calma curachta; agus fágais iomchumairce beatha agus sláinte aige. Gluasais Foirbe mhac Conchubhair roimhe de chéimibh tineasnach tréun-luath ratha, agus ní deurna comhnaoi nó sgíth aoidhche nó lá go raibh sé asdar trí lá agus teora n-aoidhche uadh sin tríd
choillte, tulcha agus glinnte agus gach bealach diamhairthe ele, agus ní bhfacaidh sé dún nó duine feadh na haimsire sin. Agus air leigean a sgisde dhó san ionad uagnach sin do thriall sé arisd ar' asdar, agus gan fios aige cia hard don domhan do raibh sé a' tabhairt aghaidh ann. Agus air mbeith dhó seal fada ele a' subhal na n-ionadaibh uaigneach sin do-chí sé cathair cheannard ucht-bhláith fhuinneógach aol-daite a bhfad uadha, agus do-rinne sé go dian fóna déin. Agus air dteacht dhó a bhfogas dí, do-chí sé sluagh líonmhar lán-armach timchioll na caithreacha sin. Suigheas síos air maolan cnoic air amharc na caithreacha a' féuchaint na mórshochruidhe sin, agus níor chian dhó ann amhluighe sin an t-am do-chí sé óglach beódha deaghthapaidhe a' teacht do ionnsuighe. Agus air dteacht a láthair dhó fiafrais Foirbe ainim na caithreacha sin de agus fáth na mór-shochruidhe sin a bhí 'na timchioll. Do fhreagur an t-óglach é, aige rádha: ""Cathair na Féile" ainim na caithreacha ud a chí tú, agus is uime ghoirthir Cathair na Féile (di) do bhrígh nach ar fhág neoch ariamh í gan a dhóchain bídhe agus dighe a dh'fhagháil ann, agus dá ma coigcrícheach é go bhfuigheadh oigheachta ann. Agus súd Gruagach Ghleann na gCon Allta agus a mhuintir atá 'díthcheannadh sluagh na caithreacha do shíor, mur ndul lena hurlámhas a
dh'fhagháil dhó féin, mur nach bhfuil do cheannfurt uirthi ach ríogun óg chlódh-cheart dheilbheach. Agus molam dhuit-se a (dhul) don chathair úd agus cuideamh le teaghlach an dún sin, agus rachaid-se leat." "Cia bhfuil d'arm cosanta?" air Foirbe. "Aig súid é," air an t-óglach, a' teasbeán slat bheag do bhí ann a láimh dhó. "Is dóigh liom," air Foirbe, "nach sgiath dhídion nó chosanta í sin a' dol a gceann sluagh armach," air sé. "Nach ceasnaoithear thú uime sin," air an t-óglach. A haithle sin imthidheas an dís sin rompa go rabhadar a gceann na mór-shlóighthe a bhí 'timchiolladh an dún sin. Is ansin rádhais an t-óglach sin le Foirbe gan géilleadh do thréun nó do thruagh dá gcasfadh leis, óir go raibh muintir na ríoguna uile an taobh astuigh don chathair. Ionnsuigheas an dís réamhráidhte na tromshochruidhe sin go cródha calma croith-neartmhar agus go fíochmhur feargach, agus gidh gur bhuaidh-bheimeannach an laoch Foirbe lena chlaoidheamh a' gearramh agus a' leadramh, máiseadh is mó go mór an t-ármhach agus an argain do-rinne an t-óglach lena shlait bheag. Gidheagh, do tharla a dtriath, eadhón, Gruagach Ghleann na gCon
Allta, do Fhoirbe, agus ionnsuigheas an díos deagh-laoch sin a chéile go námhudach neamhcharthannach, go ndeurnnadar cneadhaibh agus créuchtaibh domhain do-leighiste fair thaobhaibh agus fair chorpaibh a chéile. Ach fá dheóigh do labhair an t-oglach sin le Foirbe, agus is sé ro rádha: "Dar liom, 'óg-mhacaíbh," air sé, "is mór an fonn cleasuighacht atá ort leis an Ghruagach sin." Air chlosmhunt na mbriathra sin do Fhoirbe gríostair go mór é, agus air sin tugais éirigh ard achunach fair, agus bualais béim neartmhur lán-fheargach do chlaoidheamh air an Ghruagach a gcomhrac a cheann agus ramhracht a mhuinéal. Ciodh trácht, air bhfagháil na béidhme sin don Ghruagach, curthais a dhá laimh suas gus a cheann agus fásgais a n-aice 'chéile é arísd, air bhfágbhail an chlaoidheamh greamaidh ann agus láimh Foirbe dainghean a ngáirde nó 'ndornn an chlaoidheamh; agus imthidhis air subhal do shidheamh ruagh ratha, agus Foirbe amhluighe sin leis, agus gan air a chumas é féin a sgarmhun de. Atá ní cheudhna, air bhfacsaint sin don óglach úd a bhí 'cuideamh leis san iorghail sin leanas an Gruagach go dian dásachtach; agus air mbeith dhó a' dol asteach a mbéul uamha móire do bhuail
sé buille don tslait do bhí ann a láimh air an Ghruagach, agus air sin sgaoilis láimh Fhoirbe as dornn an chlaoidheamh; gidheagh, do thug an Gruagach an claoidheamh leis uadha. Is ann sin do labhair an t-óglach le Foirbe, agus is sé ro rádha: "Is dóigh liom-sa 'ghasgaidhe," ar sé, "gur feurr an t-arm cosanta an tslat so agum-sa nó da chlaoidheamh-sa, gidh gur mhór da thaircisne dí ó chianaibh." "Is feurr a-cheudhna," ar Foirbe, "agus gidh gur teasargadh mise ó láimhe an Ghruagaidh chleasaigh úd, is amhgar cruidhe liom mo chlaoidheamh do bheith leis uam." "Nach imníthear thú uime sin go fóill," air, an t-óglách, "agus triallamaois tair ais fó dhéin mhagh an ár go bhfacaidh maoinn ordughadh na caithreacha sin." A haithle sin tilleadar air a n-ais, agus fuaradar doirse an dún sin uile fosglaidh agus an ríogun, is a teaghlach amuigh air an fhaich aig amharc air na slaodaibh do bhí 'na gcosair chródh timchioll na caithreacha mun am sin. Dob iomdha sleagh brisde, lughrach raobthaidh agus corp curaidh tre-thollta do bhí ann an t-am sin, le facsaint. Ciodh trácht, air faicsint an dís deagh-laoch sin a' teacht chuici don ríogun,
do-chuaidh si 'na n-airceas agus feirthis fáilte don dún iad, mur ar friáthlamh go huasal onóireach iad an aoidhche sin. Ach tá ní cheudhna: air dteacht mhoch na maidhne airna márach chuaidh an ríogun agus an dis curaidhibh sin amach don fhaich a d'fhéuchaint an ár mhór do-rinneadh ann a' lá roimhe sin. Gidheagh, ní bhfuaradar neoch beó nó marbh ann do na trom-shlóighte do casgradh an lá roimhe sin. Fiafrais Foirbe don ríogun créad a chiallais sin. Do fhreagair an ríogun é, aige rádha gur minic a tharla sin dhóibh, óir dá marbhthaidh iad uile anugh go mbeidh siad amárach a n-ordughadh catha amhul mur bhí ar dtús. "Cionnus sin?" air Foirbe. "Atá," air an ríogun, "tá uaimh mhór dhomhain fharsang a ngar don dún so, agus do ghlac an mhuintir úd a chonairc sibh-se anae annso a hurlámhas, agus comhnaoid innti; agus tá slighe éigin oca a n-aithbheódhagh nach fios dhamh-sa nó do mo theaghlach," air sí. Is ansin rádhais an t-óglach úd le Foirbe gurab oircheas dóibh fuireach san dún sin seal beag ele go bhfiosfadh an dtucfadh an Gruagach úd nó a shlóighte an dara feacht. Do fhreagar Foirbe é, aige rádha gurab ionmholta an chomhairle í sin.
A haithle sin d'fhanadar aige an ríogun sin trí lá agus teora n-aoidhche aige ithe agus aige ól agus aige éisdeacht le sinim cheól go bionnghothach. Agus air an ceathramh lá, trá bhíodar aige dol a thriall air subhal, do tháinig callaire na ríoguna asteach, agus dubhairt leó go raibh Gruagach Ghleann na gCon Allta a' teacht a dtosach a mhór-shlóighte, agus gur leór a dh'adhbhar uamhain agus eagla do laoch 'o thréuna a chífeadh a ghnúis. Airna chlosmhunt sin don bheagán sluagh do bhí aige an ríogun, deasaidear iad féin a n-arm agus a n-éideamh catha, agus do thugadar a dhiongmhál do arm cosanta do Fhoirbe. Is annsin do-chuadar amach a n-oirchill na dtrom-shlóighte sin. A haithle sin rádhais an t-óglach réamhraidhte le Foirbe an láimh dheas don mhagh a ghlacan, agus an beagán do mhuintir na ríoghuna do mhair aici an láimh chlí do ghlacan, agus go n-ionnsachadh sé tuibhe na buidhne sin ann a meódhan, agus go mbeidh gach ré ruaig aige otarra a' tabhairt meisneach agus uchtaigh dhóibh. Ciodh trácht, air dteacht do na tréun-bhuidhne sin go faich na caithreacha dtionnsuighedear a chéile go feargach námhdamhul, ionnus go raibh
na srotha fola fíor-ruaidhe 'sniothadh do gach leith don fhaich. Agus gidh go ndeurna Foirbe mhac Conchubhair easorgan do-áirmhthe cinnte, budh mhó go mór dár thut le láimhe an óglaigh sin nó ar thut leis féin agus le muintir na ríoguna uile do námhud san deabhaidh sin. Ach tá ní cheudhna: do tharla Foirbe agus Gruagach Ghleann na gCon Allta do chéile an dara feacht, agus dá dtucfadh neoch ó oirthear go hiarthar an domhain aig amharc air iongantais nó air uadhbhás air bith, gur a dh' amharc air chomhlann na dise sin do thucfadh, go ndeurnadar comhrac fuilteach feóil-gheurrtha ó mheódhan lae go neull nóna gan fios time ná tláthais aige ceachtar dhíobh. Ciodh trácht, air bhfacsaint don Ghruagach a mhuintir do ndíthcheannadh gan chogal, d'éirighe a chonfa mire agus a dhásacht feirge, agus tugais béidhm ro-neartmhur do chlaoidheamh do Fhoirbe, gur chur air a ghlúnaibh é. Agus air n-eiridh do Fhoirbe tugais sáthamh santach sár-nimhneach don Ghruagach don tsleagh do bhí ann a láimh, gur chur tríd chorp an Ghruagaigh é agus feadh a chnámhruighe a dtalmhun, tairéis a chruidhe a threadughadh ann a chliabh, agus fágus an sleagh sáighte ann, aige rádha: "Beir an gath sin leat don uaimh, mur thugais an claoidheamh."
A haithle sin tógbhadh dhá ghár air an bhfaich a chlonfaidh ón gceann 'na chéile don oileán sin, eadhón: gár chaointe fó bhás an Ghruagaigh le ar mhair do mhuintir féin gan díthcheannadh, agus gár mhaoithe aige muintir na caithreacha. Ciodh trácht, air dtuitim don Ghruagach do thimchiollaidh muintir na caithreacha fuighilleach na sluagh do mhair 'na dhéigh, ar mhodh nach ar léigeadar fear innsin na sgéula ann a bheatha uabhtha gan mharbhadh ón bhfaich sin. Do thilleadar don chathair air sin go cneadhach cró-linnte. Ach tá ní cheudhna: air gcathamh a leór-dhóchain bídhe agus dighe dhóibh aige an ríogun is an sin adubhairt an t-ógloch réamhraidhte le Foirbe agus le ursa chomhlainn na ríoguna gurab oircheas dhóibh faire agus forchoimheacht na gcoirp sin do dhéunamh anocht go bhfiosfadh cionuis mur do-ghnídhthear an mhuintir sin a d'aithbheódhugh do ghnéis. Molthais cách an chomhairle sin. Agus ar dteacht urthosach aoidhche, do luigheadar ameasg na marbh air an fhaich; agus timchioll meódhan-aoidhche do-choncadar cailleach mhór urghrána 'na seasamh ameasg na marbh, agus do labhair sí do ghuth gharbh allmhartha, aige rádha:
"An bhfuil neoch air bith beó ansan ár mhór so? " Do fhreagar an t-óglach í, aige rádha: "Tá mise croith-bheó anso." "Cia hionad a bhfuil mo dhalta?" ar sí. "Ta sé anso ar mo chlí-se," air sé. A haithle sin tigis an chailleach a dh'ionsuighe na háiti sin do raibh an t-óglach, agus fiafrais de cia raibh a chneadh, mur is gnáth le gach liagh. "Tá an mo thaobh," air sé. Cromthais an chailleach sios air chum íce do chur ann a chréuchtaibh, agus a haithle sin bualais an t-óglach buille géur nimhneach don tslait do bhí ann a láimh uirthi, gur thut sí marbh ameasg chách. Bainthis an íce di air sin, agus rádhais lena dhís compánach a dhol don dún, óir nach raibh níos mó contabhairt ortha. Téid siad uile don chathair air sin, gur chur an t-óglach roinn don íce sin a gcneadhaibh gach aon don teaghlach dár gonadh san chath, go mo sláin a gcéadóir iad. Agus rádhais ansin leis an ríoghain nach arbh eagal dí contabhairt ar bith níos mó ón Ghruagach nó uadh n-a thromshochruidhe. Thugadar as an aoidhche sin go teacht na maidhne air n-a márach; agus ar bhfacsaint corp na laochraidhe sin 'na srathaibh
air lár na faiche do chreid sí go raibh sí saor ó gach guas do raibh 'na ceann. Iar sin rádhais an ríogun lena bollsaire boird biadh agus deoch do leagan síos go fialmhar farsang don dís gasgaidheach sin a d'fhuasgail as géibhinn dí. Cidh trácht, air gcathamh a leór dóibh air na caomh-bordaibh sin, fiafrais an ríogun sgéula dhíobhtha. Is ansin do fhreagar Foirbe mhac Conchubhar í, agus is sé ro rádha: "Conchubhar mhac Neasa rígh Uladh a nÉirinn an t-athair far rugadh mise dhó," air sé, "agus Foirbe mhac Conchubhair is ainim dílios dhamh. Do himreadh amsughadh draoigheachta oram tré mhí-rún mo leis-mháthair lena hachla, ionnus go raibh mé bliaghan 'ma sheabhac agus bliaghan 'mo leomhan, agus gé go bhfuilim anis a gclódh daondha ní shé mo dheilbh nó mo dhreacht féin atá oram. Curthadh geasaibh oram ansin a bheith san chlódh sa go dtabhrainn ceann an Mhacaíbh Mhór, mac rígh na Sorcha, go faich m'athaire liom, agus níor fhéidios fear m'anacal do bheith liom as Éirinn nó arm cosanta. Air bhfacsaint mo chinneamhain dhamh do sheachnais comhluadar chách go coitcheann go ndeachais a bhfolach a ndiamhair choilleadh; agus air suighe ansin dhamh thut suan trom codlata oram; agus air ndúsgadh dhamh is sé áiti do fuarais mé féin air fásach nach
raibh tathaidh duine nó ainmhidhe ana réagún coigcríche nach arbh aithne damh. Agus níor chian dhamh ansin an t-am do thainig laoch mór míleachtach lán-armach chugam, agus nach raibh arm cosanta agum nó fear m'anacal a ngar dhamh. Thug sé leis a gcuibhreach mé gur chur fuidhe shileadh na ríoth-chainnle mé feadh seal fada d'aimsir, nó go dí fá dheóigh gur ghlac inghean álun iolchrothach do bhí aige an fhear sin taise agus truaighe liom, agus gur sgaoil sí dhamh nuair a fuair sí foill air a hathair, agus thug sí an claoidheamh úd dhamh a thug an Gruagach uam air chonradh gan mé 'thaigbheál lena hathair níos mó. Agus bhí mé seal fada 'taisdeal na n-ionadaibh uagnach sin gan bhiadh, gan chodlamh, gan fhios agum cia hard don domhun a raibh mé ann go dtarla mé leacht-sa air leath-taoibh na foraoise ria 'nae, agus ní mó atá fios agum ar cia hionad anna bhfuilim anis. Agus aig sin mo sgéula féin dhíobh," air Foirbe. Is ansin fochtais an ríogun a sgéula don óglách úd ansin, eadhón 'ainim agus an tír dar hoileadh ann é, agus créad a chardais léighthe féin nuair a d'fhuasgail sé asan anbhruid sin anna raibh sí féin agus a teaghlach í. "Do-gheabhair sin uam-sa gan mailís," air an t-óglach, "air dtilleadh asteach dhamh."
Agus air rádha na bhfocal sin, éirghis amach air dhoras an dún, agus ní dtáinig sé tair ais níos mó chuca; agus ní mó bhí sé air a gcumas innsin cia hard don domhan dar ghaibh sé uabhtha. Dála na ríoguna; air n-imtheacht don óglach sin, do-chuaidh sí a gceann sgéul a dh'innsin do Fhoirbe, agus is sé adubhairt: "'Óg-ghasgaidhe," air sí, "is tuirseach liom d'eachtra don tír so, óir atá asdar fada guasachtach ón dún so go cuan nó calaphurt do thaobh air bith dá gabhthar, agus fairge fhada chontabhartach 'na dhéigh sin eadra so agus críoch na Sorcha. Agus cionnus mur rachfa thusa don tír sin as so gan long, gan churach, gan seóltáir mara, gan lóin fairge, gan arm cosanta nó fear d'anacal leat? Óir bheirim-se bréithir dhut," air sí, "gurab iomdha rígh agus ro-thighearna, taoiseach agus tréun-fhear agus laoch cruaidh calma agus gasgaidheach cródha curachtach do-chuaidh don tír sin romhad le cabhlach tréun-mhór lán-armach; gidheagh, níor phill aoin-neoch oca ann a bheatha air ais as. Óir is amhluighe atá an tír sin: ní bhfuil oileán san domhan is mó draoigheachta agus asarluigheacht nó é, óir aige béul an chuain na ríoghachta sin tá trí chaogad dobhar-chú nimhe air snáimh do ghréis fó shleasaibh an chuain sin,
agus ní bhfuil sé air chumas cabhladh 'o thréuna a bhfágbháil gan díthcheannadh; agus tá an uimhir chéudhna do laochraidh neartmhur lánéuchtach 'na seasamh do shíor air iomlaibh an chuain a' déunamh faire agus forchoimheacht na críocha, agus dá hanacal air anfhorlann eachtran agus allmhuraibh ó thírthe imchian ele. Agus cur a gcás," air sí, "saor uadh gach guais dár ármhaidhis dhut, agus a dhol gan mhothaghudh dhóibh uile suas go faich caithreacha rígh na Sorcha, is sé sin an t-aon-fhear is mó neart, is cródha gníomha gasgaidhe, agus is líomhtha 'n-ealadhain draoigheachta do phrionsaidh na cruinne, ionnus nach lamhaidheann neoch a dhol a ngleic nó a gcomhlann leis; óir is nós leis cuaill fionnchoill a dh'fhágbháil ann a riocht agus ann a fheaghur féin air an fhaich as coinne curaidh nó caithmhíligh, gidh tréigheach a ghníomh agus a ghliocas, agus a dhol don chathair iar sin, agus a bheith a' féuchaint amach go fochmhudach air a' tuargain an chuaille sin, agus do leónamh féin le gach beim dá dtugaidh dhó; agus is féidir leis imtheacht air eitil nuair is mian leis teitheadh tré uamhan nó eagla a n-ionadaibh uaigneach
dí-eólus ele," air sí, "óir is dearbhshuir dhamh-sa an chéad-bhean do bhí aige'n fhear sin, agus níor mhair sí a bhfad aige gur éug sí, agus tá inghean rígh na hIndia aige mur mhnaoi anis, agus uime sin is aithne dhamh-sa gach cálaigheacht dá bhfuil annsa phríomh-laoch sin agus gach guas dá bhfuil do cheann. Agus do bhrígh sin is dóigh liom go m'fheurr dhuit-se bás 'fhagháil an da gheasaibh nó iarraidh 'thabhairt air chríoch na Sorcha," air an ríogun, "agus budh hionmholta an chomhairle dhuit-se," air sí, "fuireach anso feadh da rae, agus ceannus sluagh na caithreacha so do ghabhail air da láimh, agus do-gheabhthair tuillbhe agus tuarasdail maith uam-sa do cheann, air sí. Ciodh trácht, le méud na huamhain agus an eagal do ghlac Foirbe 'haithle an sgéul sin is iongnamh nach ndeurnamh geilt de, nó nach ar imthidh sé ar baois céille. Ach tá ní cheudhna, thugadar as an aoidhche sin seal go subhach agus seal go dubhach. Agus air dteacht na maidhne air n-a márach is sé áiti do bhfuair Foirbe mhac Conchubhair é féin air magh taoibh-leathan taitneamhach a láimh le luibh-ghoirt álunn chnuas-thorthach; agus air ndúisgeadh dhó do fuair sé claoidheamh iol-fhaobhrach ór-dhoirnn lena thaobh, clogad
chruaidhe, lúghrach agus sgiath. Féuchais Foirbe 'na thimchioll go lán-ionghantach 'féuchaint créad do thug an t-arm cosanta sin ann, nó cionnus mur tháinig sé féin annsin; agus air mbeith 'meabhradh dhó air na míorbhuille sin, curthais an t-arm agus an t-éideadh sin fair. Agus ní mó go raibh sé beartaidh innte an t-am do-chonairc sé gasgaidheach óig sgiamhach a n-éideamh giolla cinn eich a' teacht do ionnsuighe go díreach. Agus air dteacht a láthair dhó, beannuidheas go caoimh ceannsuighe agus go milis-bhriathrach fíor-ghlic, agus d'fhiafraidh de cia hainim an réagún sin nó cia bhus triath air. Do fhreagur an gasgaidheach é, aige rádha: "Críoch na Sorcha is ainim don réagún so, agus an Macaibh Mór is triath agus tighearna ann." Air gclosmhunt na mbriathra sin do Fhoirbe glacais meanmna agus meisneach mhór é, agus fiafrais don ghasgaidheach ann arbh eóleach san tír sin é. "Is eólach a-cheudhna," air an gasgaidheach. "An seólaidh tú an bealach dhamh-sa go ríoghchathair an oileán so?" air Foirbe. "Dheunaidh gan chontabhairt," air an gasgaidheach, "gidheagh, dob ál liom fios do theachta d'fhagháil uat," air an gasgaidheach. "Do-gheabhair-se sin uam gan fhuireach," air Foirbe, "thángais a dh'imirt neart mo lainne agus mo láimhe don tír se, agus chum
ceann an rígh-mhiligh sin do bhreith liom go hÉirinn, más féidir," air sé. "Rachaid-se leacht mur ghiolla cosaigh," air an gasgaidheach. "Ní théidhir," air Foirbe. "Cionnus sin?" air an gasgaidheach. "Do bhrígh gurab é feill-bheart mo ghiolla cosaigh do chur air an eachtra so mé don toisg so mé," air Foirbe, "agus tuilleamh ele ní ceadaigh dhamh aonneach do bheith liom dom anacal. "Gan ghéilleadh dhó sin," air an gasgaidheach, "óir ní dual mac rígh nó ard-thaoiseach gan bonnaire, do bhrígh gur maol gualann gan charaid a ndeabhaigh nó a gcomhlann." "Créad do chardais linne?" air Foirbe. "Léig as," air an gasgaidheach, "óir ní háil liom ceisdibh." A haithle sin trialladar rompa go dtángadar a ngar do chaisleán rígh na Sorcha. Is ansin do labhair an gasgaidheach le Foirbe, agus is sé ro rádha: "Is oircheas dhuit-se," air sé, "tráth rachais tú don dún álun órdha úd a chí tú, a dhol gusan chuaille comhraic air dtús, agus buail buille neartmhur ro-thréin fair, agus ma chomhsgrair é glacaidh an fear sin uamhain agus eagla romhad, agus curthaidh teachta chugad a' fiafraidh créad atá tú a d'iarraidh; agus abar-sa leis go bhfuil
comhrac aoin-fhir, agus nach ndéun tú gleic le neoch air bith ach é féin, óir b'fhearr leis cud do na laochraidh tréun ele dá theaghlach do chur da dháil air dtús a ndóigh do neart agus do mheisneach a chlaoidh a gcéadóir, ionnus go m'fhusa dhó féin a dhol a ndeabhaidh leat 'na dhéigh, agus da bhuaidh chosgar do thabhairt leis. Gidheagh, ná humhlaigh cath nó comhrac a dhéunamh le neoch air bith ele ach leis féin amháin; agus má iarraidh sé sosadh comhrach ort air dteacht dheir' lae nach dhúilt é." A haithle na mbriathra sin gluasais Foirbe roimhe air amus an ríogh-dhún sin gan cheasnadh nó crith-eagla. Agus air dteacht chuige an chuaille comhrac dhó, bualais béidhm neartmhur ro-thréun fair, gur sgailt ón gceann 'na chéile é, ionnus nach ar fhág sé searrach a gcapoll, uan a gcaora, gamhain a mart, leanaibh anna mnaoi, nó piseán anna gcat san n-oileán uile nach ar chur sé as leis na crithe créuchta agus eagla uadhbhásach do ghlacadar. Is ansin do labhair an Macaíbh Mór, aige rádha gur cosmhuil nach leanbán óg nó maothmhacaíbh do tháinig anna faiche, óir nach gcualaidh sé air mur nó air tír ariamh samhuil na béidhme sin, óir ní shé amhain gur sgailt sé an cuaille comhraic ó cheann go ceann, ach do chreath
sé múraibh an dún so ó mhullach go grinneall na talamhna. A haithle sin tigis an Macaíbh Mór amach, agus fiafrais de Fhoirbe créad dob áil leis. Adubhairt Foirbe go raibh comhrac aoin-fhir air an láthair sin. "Do-gheabhair-se sin," air an Macaíbh Mór, "óir níor iomchar an talamh trom-fhódach air a dhruim ariamh aon laoch nó gasgaidheach nach bhfuigheadh fear a chlaoidh fón teaghlach so." "Gidh líonmhur do shlóighte, agus gidh cródha da laochraidh, agus gidh mór da mheanmna agus da dhóchus as a neart agus as a gcalmacht," air Foirbe, "ní ghabhaidh mé neoch oca uad chum gleic leis ach thú féin amháin." Air gclosmhunt na mbriathra sin don Mhacaíbh Mhor, tilleas don dún, ghléas é féin a n-arm agus a n-éideamh catha, agus tigis amach air an fhaich, gidh go raibh lán d'uamhain agus d'eagla. Agus ionnsuigheas féin agus Foirbe a chéile mur dhá leómhan chraosach a gcionn sréuda, a' tuargain agus a' leadramh a chéile ó mhoch maidhne go neóin lae, gan fios time nó tláthais aige ceachtar dhíobhtha. Is ansin iarrais an Macaíbh Mór fosamh comhraic air Foirbe go teacht na maidhne air n-a márach; agus rádhais Foirbe leis go dtabhradh sin dó. A haithle sin sgurthais an dís deagh-laoch sin do gcomhbhualadh. Agus téid an Macaíbh Mór
do chaisleán air sin; agus tigios Foirbe gusan áiti dar fhág sé an gasgaidheach úd ó chianaibh air maidin an lae sin, agus fuair 'na shuighe é aige bonn bile mhór ard géagánach. Agus air dtabhairt sgéala an chatha dhó, curthais an gasgaidheach sin íce do bhí a dtasgaidh aige anna gcréuchtaibh Foirbe, go mo slán a gcéadóir é. Ach tá ní cheudhna, thugadar as an aoidhche sin go teacht mhoch na maidhne air n-a márach. Is ansin rádhais an gasgaidheach le Foirbe: "Trá rachais tú san taigbheál leis an Mhacaíbh Mór anugh, tabhair dod aithre sol do dtucfaidh meódhan don lá so tréigfidh an Macaíbh Mór an magh sin air a gcomhracfaidh sé féin agus tusa anugh, agus teithfidh sé uad tré uamhain, agus fágfaidh sé cuaille fionnchoill as da chomhair anna dheilbh agus anna fheaghair féin; agus ní bhfuil buille dá mbualthair air an chuaille sin nach mbeidh tú do da thuargain féin. Gidheagh, an t-am do-chídhfis tusa dluaimh nó dorchadais a' teacht air an fhaich do thimchioll tabhair céim ar ais, agus má tá an Macaíbh Mór as da choinne cinnte leanthaidh sé thú, agus muna bhfacaidh tú é 'teacht chugad nach buail aon bhuille níos mó go dtigidh tú annso air ais arísd." Ach tá ní cheudhna, air dteacht mhoch na maidhne air n-a márach, téid Foirbe go faich na caithreacha go héadtrom éasguidhe lán eiginte
agus meanmna; agus bualais béidhm neartmhur ro-thréun air an chuaille comhraic. Agus gé ar mhór uadhbhas an Mhacaíbh Mhór ann san chéadbhéidhm do bhuail sé an lá roimhe sin, budh mhó go mór an t-am sin é; gidheagh, tigios amach agus ionnsuigheas féin agus Foirbe le chéile go fonnmhur fíochmhur, go ndeurnnadar cneadhaibh domhain doi-leighiste fair thaobhaibh agus fair chorpaibh a chéile. Ciodh trácht, air dteacht meódhan don lá chonairc Foirbe dorchadais mór a' drud 'na thimchioll, agus a haithle sin tugais béidhm fhaobhrach lán-fheargach, dar leis, don Mhacaíbh Mhór. Gidheagh, níor bhuail sé a'n bhuille ó thosach an chomhraic a león é féin urraid leis. Ach tá ní cheudhna, do chumhnaidh sé air chomhairle an ghasgaidhe réamh-ráidhte, agus tugais coiscéim tair ais; agus ó nach ar lean an Macaíbh Mór é, tillidhis ar ais chuige an áiti dar fhág se an gasgaidheach air maidin an lae sin. Air dtabhairt sgéula an chatha dhó, do chur an gasgaidheach sin luibhibh íce agus leighis lena chréuchtaibh go ma slán a gcéadóir iad. Tugadar as an aoidhche go héiridh don ghréin teacht mhochthráth na maidhne air n-a márach. Is ansin do rádhais an gasgaidheach le Foirbe a dhol go dún an Mhacaíbh Mhór an treas feacht, agus béidhm neartmhur a bhualadh air an chuaille
comhrac, agus má thill an tréun-laoch sin air a bhaile go dtucfaidh sé amach chuige, agus muna dtigeadh sé amach chuige é tilleamh comh luath agus b'fhéidir dhó tair ais arísd. Dala Foirbe, imthidhios leis air amus an dún sin, agus bualais buille fiochmhur feargach lándhasachtach air an chuaille comhraic an treas feacht. Gidheagh, níor fhreagur an Macaíbh Mór dhó. A haithle sin tillidhis fó dhéin an ghasgaidh, gur nochtais iomlán na sgéula dhó. "Nach imnídhthear thu uime sin," air an gasgaidheach sin, "óir is beag brígh dhó a bheith aig imtheacht air fothluanagh amhluighe súd, ach is oircheas dhúnn fuireach annso anocht." Ach tá ní cheudhna, air dteacht mhoch-thráth na maidhne air n-a márach, rádhais an gasgaidheach le Foirbe go raibh ionad uagnach air iomal an chuan do bhí 'bhfogus dhóibh ann ar ghnáth leis an Mhacaíbh Mhór é féin a dh'fholach anna n-aimsir ruagaidh nó an-orlann eachtran, agus gur doigh leis gurab annsin a chuaidh air teitheadh uabhtha. Críochnadh comhairle leó air sin a dhol do thóruigheacht don áiti sin. Imthios leó air amus na háiti sin, agus ní aithristear sgéuluigheacht ortha go dtángadar air amharc an chuain channtaigh chubhar-ghlé sin. Agus is amhluighe do bhí an cuan sin: do bhí trí
chaogad de laochraidh neartmhur lán-armach do choimheacht do shíor do raibh comhlann céuda ann gach laoch oca, agus an uimhir chéudhna do dhobhair-chú nimhe a raibh a súile mur lasur céir ann a gceann aige snáimh do ghréis a mbéul an chuain, ionnus nach raibh sé air chumas sluagh nó sochruidhe nó cabhlach 'o thréuna theacht uabhtha gan díthcheannadh. Ciodh trácht, air dteacht air amharc an chuain dhóibhthe, do-chídear an Macaíbh Mór a' dol anna gcurach éasguidhe taoibh-leathan sliosfhada; agus níorbh fhada gur fhág a rádharc amach air dhoimhne na mara mór-fharsang. A haithle sin rádhas an gasgaidheach le Foirbe gur bhudh riachtnach dhóibh tilleadh tair a n-ais, ó nach raibheadar ion-chatha leis na trom-bhuidheanaibh úd do-choncais aige an chuain. Air chríochnadh na comhairle sin dhóibh, tigeadar tair ais gusan ionad dar fhág siad ar maidin, go dtugadar as an aoidhche sin ann. Ciodh trácht, air ndusgadh do Fhoirbe air maidin, ní raibh an gasgaidheach réamhráidhte le fagháil aige, agus gé ar mhór a thuirse fón Mhacaíbh Mhór éalóch uabhtha, budh mhó go mór a chumhaigh fón ghasgaidheach úd, óir bhí súl le sochar aige an fad do bhí sé ann 'fhochair, ach anis ó d'imthidh se budh dóigh leis nach
bhfágfadh a bheó nó a mharbh an áiti sin go bruinne an bhráth agus go foircheann na beatha. Éirghis air sin air mhaolann cnoic do bhí 'ngar dhó, agus féuchais na ceithre hardaibh fó seach go géur-radharcach 'na thimchioll go truagh tuirseach, agus ó nach bhfacaidh sé an gasgaidheach a' teacht air thaobh air bith chuige, suigheas síos go gruama dólasach, agus tré dhrum tuirse agus triamhun tutais suan trom-chodlata fair. Agus is sé áiti do bhfuair se é féin air ndúsgadh dhó teacht mhaidin air n-a márach air an fhaich chéudhna dar mharbh sé Gruagach Ghleann na gCoin Allta clan a dh'aimsir roimhe sin. Agus air n-aithne na háiti sin dhó, tigios asteach don ríogh-dhún sin; agus budh mhór urghárdais na ríoguna sin agus a teaghlach roimhe, agus níor lugha a ollghárdas féin fóna fhagháil ann sin amach as críochaibh na Sorcha, óir níor cheist leis a bhás, ach gan a dhíthcheannadh leó. Ach tá ní cheudhna: air gcathamh seal gearr dhóibh a gcuideachta 'chéile a gcaoinis comhráidh, fiafrais an ríogun sgéula de, agus cionnus mur d'fhag sé an dún sin ó chianaibh gan fhios dí féin agus do teaghlach. Do fhreagur Foirbe í, agus is sé ro rádha: "Bheirthim bréithir dhut, a ríogun uasal," air sé, "nach bhfacais agus nach ar mhothaidhis mé féin do fhágbháil so nó go bhfuarais mé féin seal éigin 'na dhéigh sin air dúsgadh dhamh a lár
luibh-ghoirt álunn cnuas-thorthach, agus an t-arm agus an t-éideamh catha so do-chí oram 'na luighe le mo thaobh. Thógbhas suas iad, agus ní mó go raibh fuill agum a ngléas oram an t-am do tháinig gasgaidheach deagh-thapaidh chugam a n-éideamh giolla cinn eich fair; agus an uair a d'fhiafrais de cia hainim na rígheachta sin, agus cia shé budh triath uirthi, adubhairt sé liom gur Críoch na Sorcha dob ainim don chríoch sin, agus gurab é an Macaíbh Mór budh triath agus ard-thighearna uirthi. Is ansin do thosaighis a mheabhramh agus a mhór-smaonamh cionnus mur thángas ansin. Agus air mbeith amhluighe sin dhamh d'fhiafraidh an gasgaidheach sin adhbhar m'eachtra dhíom, agus d'aithris mé sin dhó ó thus go deireamh. Agus air sin d'fhógar sé dhamh a dhol liom ar an asdar sin mur ghiolla cosaigh; agus an t-am adubhras leis nach ar fhéid mé fear m'anacal do bheith liom, adubhairt sé liom nach mur fhear cumhanta do rachadh sé liom ach mur fhear comhairle; agus a haithle sin do leigis liom é. Agus budh cneasda dílios fír-eólach é, óir do thug sé roimh-eólus damh air gach nídh mur theagaibh, agus do lean mise a chomhairle go beacht. Agus do chomhraic mé leis an Mhacaíbh Mór an céad-lá, gur iarr sé fhosadh comhrac teacht neón don lá; agus do thugas-sa sin dhó. Agus an dara lá d'fhag se fionn-chuaille cuill as
mo choinne, agus theith sé uam. Sgurais air sin do thuargain an chuaille, amhul agus mur d'iarr an gasgaidheach sin oram. Agus air an treas lá do-rinneamur a thóruigheacht go hur an chuain, agus an t-am do-chonairc maoinne é a' dol air, níor leanamur níos faide é ach tilleamh air ais san ionad dar chomhnaoi maoinn an aoidhche roimhe sin. Agus air maidin air n-a márach, air ndúusgadh dhamh, ní bhfuaras an gasgaidheach sin agum. A haithle sin tutais cumhaigh agus tuirse mór oram 'na thimchioll, agus do bhrígh sin thuit trom-shuan codlata oram. Agus is sé áiti da bhfuaras mé féin air ndúsgadh dhamh air faich na ríogh-chaithreacha so, agus air n-aithne na háiti dhamh thángais asteach chugad. Agus aig sin iomlán mo sgéul dhut," air sé. Do labhair an ríogun le Foirbe air sin, agus is sé ro rádha: "Is dóigh liom-sa, 'óg-mhacaíbh," air si, "gé bé gasgaidheach é sin do tharla leat, air dteacht don dún so dhut air dtús, agus a rinne argun air an mhuinntir úd do bhí dam inghreim-se, gurab é do tharla leat a mbréig-ríocht annsa luibh-ghort sin, agus gurb é a d'iomchar air ais agus air aghaidh go Críoch na Sorcha thú tré rúindiamhur ealadhan draoigheachta. Agus más sé, is carad ionmhunn dhuit-se é, agus ní heagal dhuit nach bhfacaidh tu go haithghearr arísd é." Do thug an beagán briathra sin do labhair an
ríogun leis meanmna agus meisneach mhór do Fhoirbe, agus dubhrais léighthe cur a gcás nach bhfacaidh sé go bráth arísd é gur mhór a shásamh leis gan 'fhágbhál a gcríochaibh na Sorcha, óir go m'fhearr leis bás fhagháil ann ag a gheasaibh fóna cathair san nó a dhíthcheannadh le slóighte Chríoch na Sorcha. Ach tá ní cheudhna: air gcaitheamh seal áiridhe do Fhoirbe aige an ríogun sin, seal go subhach sólásach agus seal go dubhthach dólasach, feacht n-aon dár tharla dhóibh a bheith amuigh air faich na caithreacha sin, do-choncadar ógánach tapaidh beódha gan arm nó eideamh catha fair a' teacht chuca don taobh dheas don mhagh. Agus air dteacht dhó a bhfogas dhóibh aitheanais Foirbe gurab é do casadh leis a gCríoch na Sorcha, agus téid ann a oirchioll, agus feirthis teora póg dhó, agus d'fhiafraidh sgéula de. Do fhreagair an t-ógánach é, aige rádha: "Leig as go fóill, óir ní tráth sgéaluigheacht so." "Cionnus sin?" air Foirbe. "Lean-sa mise," air an t-ógánach, "agus chífe tú." Gluaisis an dís sin rompa go dtángadar go béul na huamha céudhna ann a ndeachaidh Gruagach Ghleann na gCoin Allta uabhtha, an t-am do rug sé an claoidheamh ann a cheann leis ó Fhoirbe; agus air rochtain annsin dhóibh, rádhais an t-óganách sin le Foirbe:
"Is dóigh liom go bhfuil an Macaíbh Mór a bhfolach san uamh so, agus fan-sa anso a mbéul na huamha nó go rachaid-se don cheann ele di, agus déun faire mhaith go dtigidh mise chugad arísd." Imthidhis an t-ógánach air sin gusan cheann ele don uamh, agus chuaidh asteach inte, agus níor sgur do síor-chuartamh, go dtáinig amach aige an cheann ele di mur a raibh Foirbe, agus an Macaíbh Mór a gcruaidh-chuibhreach leis. Ciodh trácht, air bhfacsaint Foirbe roimhe a mbéul na huamha don Mhacaíbh Mor tháinig claochlódh crotha fair. Agus air bhfacsaint an Mhacaíbh Mhór do Fhoirbe, d'éirigh a choin mhire agus a lonn feirge, agus tarrangais a chlaoidheamh as a thruaill thasgaidh 'dol a thaisg a cheann de. Is ansin do labhair an t-ógánach le Foirbe, agus is sé adubhairt: "Coisg da láimh a ghasgaidh," air sé, "óir ní gníomh uasal nó onóireach caith-mhíligh a bhualadh agus é creapailte." Freagrais Foirbe é air sin, aige rádha: "Is éigin dhamh a bheith umhal dhut-sa ann gach nídh." A haithle sin thilleadar air ais chuige dún na ríoguna réamhráidhte; agus air dteacht dhóibh ní raibh sí gan ionghantus mór uirthi le linn an Macaíbh Mhór 'fhacsaint a gcuibhreach. Agus air
ndol asteach san dún dhoibh, iarrais an t-ógánach sin an Macaíbh Mór a chur anna seamra dhúnta dhainghean, agus a bhiadhthadh go fialmhur mur budh chuibhe dhó go drást. A haithle sin do curthadh an Macaíbh Mór a nglasaibh géibhinn. Agus tair éis sin suigheas an ríogun agus an dís curaidhibh sin anna seamra fó leith, mur ar friáthlamh go huasal onóireach iad do nuadh gach bídhe agus do shean gach dighe. Agus air gcaitheamh a leór-dhóchain dhóibh air sin fiafrais an ríogun dan ógánach réamhráidhte an raibh sé annsa dún so ariamh aroimhe. "Do bhídhis a-cheadhna," air sé. "Cia ham sin?" air sí. "An t-am do marbhadh Gruagach Ghleann na gCoin Allta agus a mhuintir air an fhaich so amuigh," air sé. "Ó do obais seanchus a thabhairt dhúnn an t-am sin," air an ríogun, "athchuingeam thú da sgéula 'thabhairt dhúnn anis." "Do-gheabhair-se sin gan ghó," air sé. Is ansin do-chuaidh an t-ógánach a gceann sgéul, agus is sé dubhrais: "Conla Ceart-bhriathrach m'ainim," ar sé, "agus mac do Chonruidhe mhac Dáire rígh Mumhan mé, agus bráthair gaoil don ghasgaidheach so; agus tógamh 'mo dhalta a dteaghlach athaire mé fuidhe mhuirnn agus fuidhe mheas mór mé. Chuadhais as sin go Dún Sgáthaigh a nAlbain
chuige bainríoghun Aoife chum foghlum diamharaibh m'ealadhna. Agus bhídhios annsin an t-am do himreadh an cheilg chlaon úd air an mhacaíbh so. Thángais air sin go dtugais liom as Coill Laimhrigh é, mur a raibh sé anna n-uamh fuidhe thuirse mhór, mur ná raibh cead aige arm cosanta d'iomchar nó fear anacal do bhreith leis as baile; agus d'fhágbhais san tír so é, a rígheachta rígh na hAntuaidhe, áiti dar chur mac an Rígh sin fuidhe shileadh na ríoth-chainnle (é) feadh seal aimsire, gur fhuasgail a inghean dhó. Thangais an dara feacht go dtugais annso é, gur dhíthcheannaidh sinne an mhuintir a bhí do da inghreim-se. Agus thángais iar sin an treas feacht, agus thugais liom go Críoch na Sorcha é, gur chomhrac sé leis an Mhacaíbh Mór ansin. Agus thugais liom air ais arísd é don dún so arísd, go dtugais an Macaíbh Mór air a chumas. Agus aig sin mo sgéula dhut gan mheabhall," air sé. Air gclos na sgéula sin do Fhoirbe éirghis 'na sheasamh go prab príomh-urlaimh, agus iadhais a dhá láimh fó bhrághaid an ógánaigh sin, agus toirbhris póga le síor-ghárdachas dhó. A haithle sin fiafrais an ríogun an dara feacht créad dob áil leis a dhéunamh leis an Mhacaíbh Mór anis, ó do bhí air a chumas, óir nach arbh áil léiche a chud fola d'fhacsaint dá dhortamh, tair éis é 'theacht do fholach féin fóna cumairce, óir gur chliabhain di é anallóid.
Is ansin do fhreagur Connla Ceart-bhriathrach í aige rádha: "Go goirthear an Macaíbh Mór anso a láthair go dtabhraidh mise breitheamhnus air ana éisdeacht féin." Ciodh trácht, air ndol do Fhoirbe fón Mhacaíbh Mhór, do shaoil sé go raibh sé a' dol do chur an teas air an láthair sin gan chogal, agus thug maise air mhío-mhaise agus deilbh mhaith air dhrochdheilbh, agus d'agraidh go cruaidh é, aige rádha: "Óg-ghasgaidh, créad í an díobhail nó an ( ) do-rinneas dhut léar mhian leat mo dhíthcheanamh gan choir, gan cháin? " Do fhreagur Foirbe é, agus rádhais leis: "An cumhan leat an t-am a d'fhágais mise ngleic le cuaille fada fionnchoill do mo ghoin féin? " Ach tá ní cheudhna: tugais Foirbe an Macaíbh Mór leis a bhfiaghnuise na ríoguna agus an óganaigh do chur a gcuibhreach é. Cuirthis Connla Ceart-bhriathrach 'na shuighe lena thaoibh féin é, agus is sé ro rádha: "A phríomh-ghasgaidh oirthear an domhain," air sé, "bíodh 'fhios agad gur ollmhaigh bean chealgach chlaon feill-bheart léar curthadh an t-óg-mhacaíbh so, eadhón, Foirbe mhac Conchubhair, rígh Uladh a nÉirinn, fó gheasaibh
droma draoigheachta 'dhol go Críoch na Sorcha gan arm cosanta nó fear anacal do bheith leis, agus gan tilleamh go bráth gusan bhaile go dtabhradh sé do cheann-sa leis go faich na hEamhna; agus tuilleamh ele, ní feidir dó 'theacht ann a dheilbh féin gusan t-am sin. Agus anis is amhgur mór agus is truagh tuirseach liom-sa righ-laoich uasal oirdheirc do shamhul-sa 'dhíthcheanamh a sásamh na mná mío-rúnach sin, agus tuilleamh ele, is dóigh liom nach bhfuil modh air bith is feurr a ndearcaidh do cheann-sa nó air do cholann mór neartmhur féin, agus ní miadh nó maise liom-sa a sgarmhunt uadh chéile, agus uime sin, is sí mo chomhairle féin dhut a dho leis an óg-mhacaíbh so go hÉirinn, agus do cheann a theisbeán air da ghuaille brioghmhur mórghníomhach féin air faich na hEamhna 'bhfiaghnuise na mná cealgaigh sin, eadhón, an bhainríogun, ionnus go bhfuasgaltoir don mhacaíbh so as an éigin ann a bhfuil sé le aimsir fhada. Agus bheirthim-se breithir dhut," air sé, "nach dtarrangthar arm nó iolfhaobhar ort, nó feall nó ceil" a dhéunamh ort, go dtigidh tu do da thír féin arísd." Air n-a chlosmhunt an bhreitheamhnus sin don Mhacaíbh Mór, sléachtas é féin sios air a
ghlúnaibh, aige tabhairt molamh agus mórbhuidheachus do Chonnla Ceart-bhriathrach um a bhreitheamhnus. Is ansin do labhair Connla Ceart-bhriathrach an dara feacht, agus is sé ro rádha: "Teacht ghluais na maidhne go moch amárach triallthamur a gceann ar n-asdar." "Cia bhfuigheamaoin slighe seólaidh nó rámhuidhe?" air an Macaíbh Mór. "Nach imnidhthear thú uime sin," air Connla Ceart-bhriathrach, "óir tá longas mór tréun, gidh nach bhfuil sé líonmhur nó iomadúl, a' triall ann ar gcoinne iomcharais sibh." Agus rádhais leis an ríogun gurab oircheas di-se dhol leó go hur an chuain. Ciodh trácht, air dteacht moch-thráth na maidhne air n-a márach, gluasais Connla Ceartbhriathrach a réumh-thosach na buidhne sin, agus an Macaíbh Mór agus Foirbe mhac Conchubhair agus an ríogun leis, air bhfágbhál a hardthaoiseach a' faire agus a' forchoimheacht a caithreacha go dtigeadh sí air ais. Ach tá ní cheudhna, air ndol tríd magh taoibh-leathan taitneamheach dhóibh, fiafrais Connla dhíobhtha ann arbh aithne do 'n duine oca an magh sin. "Ní haithne a-cheudhna," air cách go coitcheann.
"Is iongnadh liom sin," air sé. A haithle sin níor chian dhóibh go bhfacadar óglach ceann-ard tréun-mhór neartmhur a' teacht chuca agus lurg-fhearsad de iaronn aithleite go figh-dhealgaibh nimhe air a ghualang. Agus (air) dteacht a bhfogus dhóibh, fiafrais Connla dhíobh ann arbh aithne do 'n duine oca an t-óglach sin. Agus dubhradar-san uile nach arbh aithne. Iar sin tugais Connla suigheamh tapaidh athlaimh air an óglach sin agus trasgrais go lár agus go lán talamhna é, gur cheangal a chúig caoil a gceann a chéile go daor do-sgaoilte. Is ansin do labhair an t-óglach, agus is sé ro rádha: "Mo chumraigh ort, 'óg-ghasgaidh, agus nach díthcheanaidh mé, agus beidh mé umhal dhut an gach cás agus dhéunaid réir do thola uadh so suas." "Ní hair mo láimh-se atá da bhás nó da bheatha," air sé, "gidheagh, cur an ríogun so ansa sgéimh agus ansa deilbh ann a raibh sí an uair a mhill tú í le da asarluigheacht." A haithle sin fágbhais an t-óglach an ríogun ann a gné agus ann' dreacht féin mur bhí 'gcéadóir, agus níorbh áille bean san domhan nó í. "Dar liom, 'óg-ghasgaidh," air an ríogun, "is maith luach m'asdar." Ach tá ní cheudhna, air facsaint sgéimh na ríoguna do Fhoirbe, do thug sé tuile trom grádh
agus sruth fíor-abhail seirce dí. Is ansin do fhiafrais Connla do Fhoirbe ni nach ar chumhan leis an t-am do cheangal an t-óglach sin é, agus do chur sé fuidhe shileadh na ríoth-chainnle é feadh aimsir fhada. Air rádha na mbriathra sin dhó, tugais Foirbe an sáthamh sanntach sáir-nimhneach dhó do shleagh, gur chur fad láimh laoch don taobh ele do chorp é, air dtreudamh a chruidhe ann a chliabh. Imthidhis air sin go hiomal an chuain chantaigh chubhar-ghlé do bhí air a taoibh ele don mhachaire sin. Agus níor chian dhóibh ann sin an t-am do-choncadar long luchtmhar lán-aibhseach a' teacht le deineas chum an chuain, agus níor sguradar go dtáinig siad a dtír ann. Agus air dteacht don tráigh dhóibh, do labhair Connla do ghuth mhór ard le Foirbe, aige rádha: "Aig súid mo phopa Conchubhar agus dís do na curaidhibh, eadhón, Conall Ceithearnnach agus Cú Chuilinn." Tigis Connla agus Foirbe agus an Macaíbh Mór agus an ríogun chuca anna trágha, agus ní féidir le teanga dhaondha d'aithris an urghárdas do bhí ortha a gcoinne chéile an t-am sin. A haithle sin fiafrais Conchubhar do Fhoirbe cia shé an rígh-mhíligh é sin a gcuibhreach leó. Adubhairt Foirbe go raibh an Macaíbh Mór mac rígh na Sorcha.
"Créad fáth nach é a cheann a thug sibh libh?" air sé. "Ní háil liom ceisdibh go drást," air Connla, "go mbeidh sibh a nEamhun." Is ann sin do labhair Conall Ceithearnach, agus is sé ro rádha: "Is amhgar agus is crádh mór inntine liom an laoch cródha curachta sin' fhacsaint a gcuibhreach, agus gaibhim-se ar mo láimh a choimheacht agus 'fhaire go mbeidh maoinn a nEamhun, agus sgaoiltear dó." Sgaoilis Connla don Mhacaíbh Mór air sin. A haithle sin rádhais Connla Ceart-bhriathra leis an ríogun a theacht leis go hEamhun Macha, óir gurab oircheas dí an eachtra sin a dhéunamh. Is ansin do fhreagur an ríogun é, aige rádha: "'Fhuasgaltóir ionmhun, ó is tusa shaoraidh mé uadh 'n inghreim agus an anbhruid do rabhais feadh aimsir fhada aig éagcaoin fuidhe aige Gruagach Ghleann na gCoin Allta, agus a d'aisiog dhamh mo dheilbh agus mo dhreacht féin, is riachtnach dhamh a bheith umhal dhut an gach nídh." Ciodh trácht, air gcathamh seal aimsire dhóibh a gceann a chéile air iomal an chuain a' nochtadh agus a' foillseadh a n-urghárdas agus a lúthgháire do gach leith, rádhais Connla Ceart-bhriathrach leó
air sin gurab oircheas dhóibh a bheith 'triall air sáile, óir go raibh dís deagh-laoch ansin darbh fhada leó go dtigiodaís go hEamhun, .i. an Macaíbh Mór mhac rígh na Sorcha agus Foirbe. Fiafrais Conchubhar air sin do Chonnla cia shí an óig-ríogun súd leó dar bhorraidh a sgéimh air mhná na cruinne. Adubhairt Connla leis go raibh bean chumainn dhó féin dar mhian léighe Éirinn a dh'fhacsaint. "An bhfuil fear a diongmhála aici?" air Conchubhar. "Leig as go drást," air Connla. A haithle sin tigid do long, agus suigheas Conchubhar air chorr thosaigh na longa, agus suigheas Conall Ceithearnnach air ghualainn an Mhacaíbh Mhór. Agus ní raibh sé uadh oirthear go hiarthar na cruinne air tonn nó air tír macasamhailt an dís laoch sin. Agus suigheas Connla ar ghualainn Chú Chuilinn, agus suigheas an ríogun air ghualainn Foirbe. Agus tógadar air sin a seóltaigh bocádach báin-dhearg a mbarraibh na sár-chrann subhail, agus thugadar tús a longa do mhur agus a deireamh do thír. Is ansin a chuadar a gceann a n-eachtra agus a n-ard-imtheacht a dh'innsin, agus ní haithristear níos mó de sgéaluigheacht ortha go rochtain Loch Feabhall dhóibh. Agus air dteacht a dtír dhóibh ann sin, ní deurnnadar sgíth nó comhnaoi go dtángadar go
faich na hEamhna. Agus air rochtain na rígh-chaithreacha sin dhóibh do labhair Connla Ceart-bhriathrach le Foirbe, agus is sé ro rádha: "A Fhoirbe mhic Chonchubhair, beir thusa 'nis greim foilt air an Mhacaíbh Mhór, agus gár amach go hard allmhairthe trí huaire, aige rádha: 'So ceann an Mhacaíbh Mhór mhac rígh na Sorcha air faich na hEamhna, agus tá mise sgaoilte uadh ma gheasaibh." A haithle sin do-ghnídh Foirbe amhluighe sin; agus ní luaighthe do-rinne sé sin nó tháinig sé ann a chroith agus ann a dheilbh féin arísd. Agus air bhfacsaint a ghné agus a dhéunamh don ríogun réamhráidhte, goirtheas a bhfód fó leith air, agus nochtais dhó na frasa diana trom-ghráidh do thug sí dhó ó tháinig sé ann a riocht féin. "Do-bheirthim bréithir dhut, a óig-ríogun," air Foirbe, "go bhfuilim-se gointe de da ghean-sa a choncais da sgéimh air aisioch do chrotha dhut." Tigeadar asteach don dún air sin, agus do leagadar boird shlim-leathan na caithreacha sin a folughadh iad do sgardaibh síoda agus sgiamh- shról, agus curthadh biadha saora so-chaimhthe ortha agus rogha gach seórt dighe air a gceann. Agus air gcathamh a leór-dhóchain bídhe agus dighe dhóibh air na comhbhordaibh sin, do labhair Connla Ceart-bhriathrach le Conchubhar, agus
rádhais leis gurab oircheas dhó fleadh pósda d'ollmhadh don dís úd, eadhón, Foirbe agus an ríogun. "Is deimhin," air an Macaíbh Mór, "gur maith do roimh-eólus air gach nídh, agus nach feurr nó do chomhairle má ghlacair í. Agus do mbeidh fios do chálaidheacht onóireach agum-sa air dtús, is dearbhtha nach mbeidh feim cuibhreach oram da ma thabhairt anso, óir go tuicfinn go toilteamhul leat." Ach tá ní cheudhna, do pósadh an dís réamh-ráidhte le chéile réir gnáthais na haimsire sin, agus bhíodar a' cathamh na fleadha sin feadh seachtmhuin air dhá mhídhe. Agus feadh na haimsire sin níor theisbeán an bhainríoghun í féin san comhdháil sin le fuath agus formut do Fhoirbe. Is ansin labhair Connla an uair dhéigheanach leó, agus adubhairt gur mithid do gach aon oca a dhol do bhaile féin, agus rádhais le Foirbe dhol leis an ríogun abhaile, agus comhnaoi aici, óir nach taobhthach dhó fuireach fó láimhe na bainríoghuna claoin-bheartach do bhí ansin d'eagla a ceilge 'n athuar. Ciodh trácht, air críochnamh na comhairle sin dóibh do ceangladh síth agus párt eadra an Macaíbh Mór agus Teach na Craobh-ruaidh' agus do comhdhaingneadh na conghaill sin a bhfiaghnuise Chonchubhair mhac Neasa agus Connla
Ceart-bhriathrach. Agus a haithle sin triallais an Macaíbh Mór agus Foirbe mhac Conchubhar agus (an) ríogun leó do dtír féin, agus do chur Conchubhar a long féin leó uadh Loch Feabhall agus stóras mór fairge, agus chuaidh sé féin agus na curaidhibh leó gusan chuain sin go tuirseach dubrónach, gur sgaradar leó aige fágbháil iomchumairce beatha agus sláinte. Agus chuaidh Connla Ceart-bhriathrach tair ais go hAlban chuige bainríoghun Aoife. Aig sin eachtra ghuasachtach Foirbe mac Chonchubhair mhic Neasa ó thús go deireamh.
EACHTRA THAILC MHIC THRÉUN GO HÉIRINN AGUS TÓRUIGHEACHT NA CALLAIGH AS INNSE TOIRC Lá n-aon do raibh Fionn mhac Cumhaill mhic Thréunmhór mhic Bhaoisgne agus seacht gcatha na Gnáth-fhéine ann a dháil, a' cumóir seilg fhiadhach agus fhian-chosgair fó Ghleann na Smóil, agus budh mhór a meanmnagh, a neart agus a ndóchas as luthas a gconairt agus chródhacht a laochraidh. Súil seacha do dtug Conán mhac Moirnne go bhfacaidh sé an bhean dob fheurr gné, deilbh agus macasamhuil do bhfacaidh súile daondha ariamh; agus rádhais go fochmhudach: "A Dhiarmut, an bhfaic tú an bhean úd?" A haithle sin iarrais Fionn ar an Fhéin fuireach go dtigeadh an bhean chuca, óir go raibh sí 'díreagh a hasdar fóna ndéin. Do sheasaidh cách mur a raibh siad go dtáinig an ríogun sin a láthair; agus budh leóir a dh'aithbheódhamh air chuirp mhorga an dealramh thucfadh do gnúis, agus dearcais go friochnamhach grinn air chách don Fhéin go dtáinig sí gusan áite do raibh Fionn mhac Cumhaill, agus beannuigheas dhó tré
bhriathra fír-ghlic fíor-mhuntardha. Do fhreagur Fionn an beannamh go caoimh ceannsuighe agus go milis-chomhrádh; agus fiafrais a sgéala dí agus fáth a heachtra agus a hard-imtheacht don toisg sin. Is ansin do labhair an ghnúis mhórdha mhín-dheilbheach sin leis, agus is sé ro rádha: "Niamh Nuadh-chrotha is ainim dílis dhamh," air sí, "agus inghean do Gharbh mhac Dolair, eadhón, ard-rígh Gréag mé." "A ríogun is feurr méin, deilbh agus déunamh, is binne liom fuaim do ghotha nó a bhfuil da shinim téuda san mbith, binn nó searbh, aithris dhamh agus nach ceil feisde orm é, créad fáth do thurais anoll chughann?" "Tá sgéula fada do-aithriste agus seanchus tuirseach dólásach le n-innsin air sin," air sí, "gidheagh, is éigin dhamh a nochtamh dhuit-se." Is ansin do-chuaidh an ríogun a gceann sgéul, agus adubhairt: "Do shubhail mise an domhun fó thrí, agus níor fhágbhais a'n rígh nó flaith, triath nó tighearna, taoiseach nó tréun-fhear, curaidh nó gasgaidheach nó laoch oirdheirc cath-bhuadhach ó éirghe na gréine go dí a luighe, aige iarraidh mo anacal air earrachtach urghrána atá do ma thóruigheacht,
agus níor aontaidh neoch dhíobhtha ma shábháil air," ar sí. "Créad do-bheir dá sheachnadh thú," air Fionn, "nó an é da chéile é?" "Is sé a-cheudhna," air sí. "Cionnus do dtugais fuath dhó," air Fionn, "a ndéis gean a thabhairt dhó a dtús?" "Ní dtugais féin nó neach air bith ele gean dhó," air sí, "ach m'athair, mo mhallacht air! do cheangal de mé, an nídh a d'fhág dath an ghuail ar mo ghné." "Créad fó dtugais fuath dó?" air Fionn. "Atá, mur is earrachta urghrána é air a bhfuil ceann, cluasa agus earball cait, agus a bhfuil a mhéud as gach fear agus a neart as gach laoch. Agus a ndéis m'asdar níor gheall neoch mo anacal air," ar sí, "go dtáinig mé fó da chumairce-se, 'ard-rígh atá ionráidhte an gach bealach dár shubhlais air d'fhéile, air chródhacht da shlóighte agus ar fheabhas mur gcarthannacht le coigcríochach." "A ghnúis ghil," air Fionn, "aithris ainim an ilphéisd dhún agus a thír." "Tailc mhac Tréun a ainim," air sí, "agus mac do rígh Inse Turc é." "Créad an fáth nach ar gheall aoin-neoch d'anacal?" air Fionn. "Air mhéud a neart, air chródhacht a ghníomha,
agus air fhuathmhuireacht a dheilbhe agus a ghnúise," air sí. "Nár chaithis treimhse air bith a dh'aimsir aige an fhear sin?" air Fionn. "Níor chaithis a-cheudhna," air sí, "óir comh luath agus chualais gur dheónaigh m'athair mise thabhairt mur mhnaoi agus mur chaoimh-leannán dhó d'imthidh mé mur gheilt nó mur fhiadh air n-a dhúsgudhagh as a leaba luighe air bhfacsaint na conairt air a lorg. Agus tá mé gan suan, gan socruidheacht ó sin a leith, agus níor chodlais a ndíon nó 'ndaingneach aon aoidhche ó shon, ach a bheith gan bhiadh gan suaimhnis a gcuasaibh cairrge agus a ndiamharaibh coillte go n-uige so. Agus aig sin mo sgéula dhut," ar sí. Air gclosmhun na mbriathra sin do Fhionn, rádhais léighthe go ndéunadh sé a hanacal, agus nach leigfeadh fó láimhe nó fó chumairce an earrachta sin í go dtutfadh seacht gcatha na Féine air a sgáth. Air gclosmhun na bhfocal sin do Bhran bhuadhach, do léig sí sgread chruaidh chráidhte aisti agus do luigh sí síos a bhfiaghnuise chách air an fhaich. Is ansin do labhair Garaidh Glúingheal mhac Moirnne, agus rádhais le Fionn gur mhór a eagla go dtucfadh dochar agus díthcheannadh fair an Fhéin do haithle a gheallaidh. "Agus 'Fhionn," air sé, "ní minig leat-sa a dhol a ngleic nó 'ndeabhaidh le allmhuraibh