Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéalta Rómánsuíochta

Title
Sgéalta Rómánsuíochta
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ní Mhuirgheasa, Máire agus Ó Ceithearnai
Composition Date
1859
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1952)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



TÓRUIGHEACHT NA HEILITE LE
CÚ CHUILINN AGUS OILLIOLL FIONN



Fleadh mhór-aibheal do comóradh le Conchubhair
mhac Neasa, rígh Uladh, a n-Eamhun Macha
feacht n-aill. Agus níor fháig sé prionnsa nó
ridire, triath nó taoiseach, laoich nó gasgaidheach,
ó chuain go cuan san chóigibh nach dtug sé
cuireamh dhó a theacht 'a chaitheamh na fleadha
sin go maithibh a theaghlaigh. Agus is uime
do comóradh an féasda sin leis, eadhón, fo ghnáth
leis seilg na fiodhbhuidhe do bhí fó shleasaibh an
abhunn Callainn agus na Craobh-ruaidhe
'dhéunamh uair gach bliaghan. Agus do chathaidís
mídh gach bliaghan a' fleadhughadh agus a'
seilg. Ach tá ní cheudhna, air dteacht na dtrom-shochruidhe
agus na mór-uaisle sin a gceann a
chéile air faich na hEamhna budh samhalta le
coill dhlúth dhosgaoilte díona agus daingneach a
n-eich agus a gcarbaid, a laochraigh agus a
gcunairt; óir ní raibh triath nó taoiseach gan a
ghiolla chinn eich ann' fhorraid, agus ní raibh
ridire nó rígh-mhíligh gan a ghiolla cosaigh agus
a chú agus a ghadhair air éill leis. Tháinig ann
mur an gcéudhna a n-óig-ríogunaibh, a mbann-dháil


L. 2


agus a mbanntracht, agus ní raibh bain-tighearna
dhíobhtha nach raibh a hinnioll agus a
bean choimheadacht léighthe.



Agus air rochtain a láthair na Craobh-ruaidh
dhóibh, do chuaidh lucht friáthlaidh thuigh
Chonchubhair do gcur 'na suighe fó bhordaibh
fial-fharsang na rígh-chaithreacha sin, gach aoin
oca do réir a chéime agus uaisle 'chud' fola fó
seacha, agus a ríogun féin air ghualaing chlí
gach triath; agus do cuirtheadh a ngiollaidh
agus a seirbhísigh anna seamra fó leith. Agus
air mbeith do chách suighte ann' áiti féin, do
folagh buird shlimleathan na caithreacha sin
de nuadh gach bídhe agus de shean gach dighe,
nó gur bhudh súgach meaghair-chaoimh na
mór-shlóighte sin. Is ansin a d'éirigh na hollamh
agus na héigsibh a' sinim a nduan agus a ndréachta,
ionnus go ndeurnadar trí trian don aoidhche,
eadhón, trian le hól, trian le ceóil, agus trian le
tromchionn suan agus sáimh-chodlata, agus chaitheadar
an aimsir amhluighe go cionn caocaíse.



Is ansin do hiomrádhach leó gur mhithid dhóibh
an tseilg do thionsgnadh air dteacht na maidhne
air n-a márach. Is ansin do labhair Caithfidh
draoi, agus is sé ro rádha: "Gé gur mór meaghair
agus meanmnagh an mhór-theaghlaigh so anocht,


L. 3


chím tubaiste ro-mhór aige feitheamh air neoch
éigin do na mór-mhaithibh atá anso a láthair,
a thucfais do dhruim na sealga sin."



Is ansin do labhair Conchubhar mhac Neasa
agus is sé adubhairt: "Ní heagla linne sluagh
nó sochraidh 'o mhéud dá dtarla dhúnn air tír,
nó cabhlach 'o thréuna do dtigeadh air mur as
réagún imchian, nó allmharaibh eachtrainn
air bith ele."



A haithle sin air dteacht mhoch na maidhne
air n-a márach, beartuidheas na mór-bhuidheanaibh
sin iad féin a n-arm agus a n-éideamh sealga,
(gach aon oca) aige breith a chú agus a ghadhair
air éill leis gan fhuireach. Gluasaid rompa fo
dhéin na foraoise agus Conchubar ana réumthosach,
aige fágbháil na ban-dháile uile a
n-Eamhuin 'na ndéigh.



Air dteacht a ngar don choillidh dhóibh sgaoilis
gach aon oca a chú agus a ghadhair dá héill, agus
leigid fón choill iad, agus dar leat budh leóir a
dh'aoibhnis a bheith aige éisdeacht le uall ghuithbhinn
na ngadhar sin agus le fead-gháir na bhfear
fiadh da mbrosnamh.



Ciodh trácht, níor chian dhóibh nó gur dúisgeadh
leófa eilit mhaol. Agus budh ghile an taoibh deas
di nó an eala air n-a folcadh a dtonnaibh na
bóchna, agus budh duibhe nó guail gobhann air n-a
bháthamh anna bhfuair-uisge an taobh ele di.


L. 4


A haithle sin sgabais na slóighte sin iad féin
síos agus suais, soir agus siar air feadh na
coilleadh dá tóruigheacht. Ach tá ní cheudhna,
air dteacht dheireamh don lá do chailleadar
amhairc air an eilit. Is ansin do cineadh comhairle
oca a mbeannaibh agus a stuic do shinim agus
gairm air ais a chur air a gconairt shealga, agus
fuireach ansa choill an aoidhche sin go teacht na
maidhne air n-a márach, agus gach haoin oca a
dhéine agus a luathais a dhúblamh an t-am sin.
Air chríochnadh na comhairle sin dhóibh do
shéudadar a n-adhairce agus a mbeannaibh ceóil
ionnus gur chrunnadar a gceann a chéile air aon
láthair eadra cú, giolla agus gadhair. Tilleadar air
sin don Chraobh-ruadh go tuirseach trominntineach
agus go sáruidhe suaghta, agus níor
canamh ceóil nó duan le ollamh nó éigse an
aoidhche sin.



Is ansin adubhairt Conchubhar mhac Neasa le
cách ele go raibh eagla mór air gur amsamh
draoigheachta do bhí air slighe a imirt ortha, óir
más minic do sraonadh seilg na foraoise sin leis
roimhe sin nach bhfacaidh sé samhuilt na heilite
úd ariamh aroimhe:



"Agus is dóigh liom," air sé, "go bhfuil míoth-ághadh
éigin ann teagbháil do cheann."


L. 5


Is ansin do labhair Oillioll Fionn, mhac rígh
Oileach Néid, agus is sé adubhairt:



"Ní mó linne an t-iomlán de sin uile, óir
sgaoilfidh sinne ar mbuidhnibh ann gach ard don
fhoraois amárach, ionnus go dtimchiollaidh sinne
an fhoraois air mhodh nach féidir don eilit úd
éalóch uann air aoin taobh. Agus luigheam fóm
armaibh gaisge, má chím amhairc do ma shúilibh
uirthi arísd, nach dtilliom go bráth go faich na
hEamhna go dtutfaidh sí liom, súd agus go
mbeidhinn bliaghan iomlán do tóruigheacht."



A haithle sin thugadar as an aoidhche sin go
teacht na maidhne air n-a márach. Is ansin do
thrialladar rompa go deagh-thapaidh fó dhéin na
foraoise. Agus air dtimchiolladh na foraoise sin
dhóibh, sgaoilis gach aon oca a chú do héill, agus
bheireadar leigint don chonart sin tríd í. Ciodh
trácht, níor chian dhóibh air an ordughadh sin an
t-am do dhúisgeadar an eilit chéudhna a bhíodar
'a thóruigheacht an lá roimhe sin. Agus do
leanadar go dian-bheódha agus go luath-nimhneach
lán-fheargach í, agus níor sguradar don ruaig sin
go síneamh néull nóna agus go hur-thosach
aoidhche. Agus fá dheóigh do chailleadar amhairc
uirthi.



Is ansin adubhairt Conchubhar mhac Neasa leó
a mbuabhaill a shéideamh agus a n-adhaircibh,


L. 6


ionnus go dtionáladh na mór-mhaithibh sin a
gceann a chéile. Agus air dteacht air aon láthair
dhóibh adubhairt sé leó iad tilleamh abhaile gusna
hEamhna, agus gan a theacht don fhoraois sin
níos mó, óir go raibh leatrom mór agus amsadh
draoigheachta do imirt ortha. Tilleadar air ais
air sin, agus gé gur mhór a n-uaignis agus a dtuirse
an aoidhche roimhe sin, budh mhó go mór an t-am
sin é. Ach tá ní cheudhna, ní aithristear níos mó
de n-imtheacht go rochtain na hEamhna dhóibh.



Dála Oillioll Fionn, mhic rígh Oileach Néid,
níor thill sé ón fhoraois amhul chách an aoidhche
sin. Agus níor fhan aige do na slóigh iomarcach
sin ach Cú Chuilinn féin amháin agus é 'na
mhaoth-mhacaibh. Agus a dh'eagla díobháil air
bith 'éirigh dhóibhthe, do-chuadar suas anna
gcrann mhór ard do tharla dhóibh, agus d'fhanadar
ann air feadh na haoidhche sin go teacht na
maidhne air n-a márach; agus air sin thángadar
anuas as an gcrann sin, agus chuadar 'a theasdail
na foraoise a' cuartadh na heilite réamhráidhte.
Agus do shubhaladar ó mhoch-thráth maidhne
go fainne néull nóna agus go hur-thosach aoidhche,
agus ní bhfacaidear amhairc uirthi. Is ansin do
mheasadar ná raibh sábháltuis dhóibh codlamh air


L. 7


an fhásach sin le hiomad na mbeathaigh allta do
bhí ann; ghluasadar air sin suas a ngéugaibh bile
mhór ard, agus is iongnadh nach ndeurna geiltibh
dhíobhtha le méud na mbeannánaibh agus na
mbocánaibh agus ilphéisdibh ele do bhí 'na
dtimchioll a n-alt na huaire sin.



Atá ní cheudna, d'fhanadar ann an aoidhche sin
go héirigh don ghréin go lán-shoilseach air n-a
márach. Is annsin do thángadar anuas as an
mbile sin, agus ghabhadar aige féuchaint na
n-ardaibh 'na dtimchioll do gach leith, mur ndúil
go bhfaiceadaist an eilit úd ó chianaibh. Agus
do-choncadar óglach a n-éideadh giolla cosaigh a'
teacht do n-ionsuighe, agus air dteacht a láthair
dó, beannuidheas dhóibhthe do bhriathra
fíor-mhuintiordha do réir na canamhunn do bhí air
bunn an uair sin. Do fhreagradar-san an beannadh
agus d'fhiafraidh sgéala de. Adubhairt-san leó
gur sheirbhíseach díleas é a bhí aige iarraidh
tighearna maith.



"Ní mór do thoirbhe a theacht chugainn-ne
don toisg so," air Oillioll Fionn.



"Cionnus sin?" air an t-óglach.



"Mur támuraoinne gan díon gan daingneach,
gan bhiadh gan deoch gan suain, air siabhradh
seachrán," air Oillioll Fionn.


L. 8


"Gan ghéilleamh dó sin," air an t-óglach, "is
maol gualann triath nó taoisigh gan giolla cosaigh
ann' fhocair, "air an t-óglach, "agus dhéunaid-se
mur dhéunaidh sibh-se."



"Créad é an foghnamh do-ghnídh tú?" air
Oillioll Fionn.



"Dhéunaid giolluigheacht ansa lá agus faire
ansan aoidhche," air sé.



"Máiseadh, is oircheas dhut nídh éigin de da
fhoghnamh maith a chur a ngníomh," air Oillioll
Fionn.



Imthíos an t-óglach air sin, agus bainis slat
fhionn-chuileann, agus curthais ruannach air a
bharr. Agus téid fó dhéin locha do bhí 'ngar
dhóibh agus curthais an ruannach san loch, agus
níor bhfada gur thóg sé iasg mór as. Curthais
síos an dara feacht é agus tógbhais iasg beag
aníos as; agus curthais síos an treas uair é, agus
tógbhais iasg beag ele as an loch. Ceanglais an
ruainneach air sin fó chaoil a churp, agus curthais
an tslat a bhfolach air bhruach an locha agus
gluasais roimhe go réim-dhíreach gusan áiti dar
fhág sé Oillioll Fionn agus Cú Chuileann. Agus
air dteacht a láthair na dise sin dhó, lasais teine
chrios air an fhásach sin agus ollmhaidhis an
t-iasg dhóibh. Agus rádhais le hOillioll an t-iasg
mór do tharraing chuige; agus rádhais le Cú
Chuilinn iasg beag oca 'thabhairt leis, agus go
mbeirtheadh sé féin an t-iasg beag ele leis.


L. 9


Do rinneadh amhluighe sin leó, agus do shuigheadar
síos, gur chaitheadar a leór-dhóchain de,
agus budh mhór a bhfeidhm air fón am sin. Ach
tá ní cheudhna, air n-ithe an éisg do Oillioll Fionn
do-gheabh brásloid ór-dhealbhthaigh astuigh ann-san
iasg, agus (budh) mhór a n-ionghantais uile
uime sin, óir níorbh fhéidir leó a thuigsint cionnus
mur tharla ansin é.



"Is gníomh míorbhuilleach é so gan amhras,"
air an t-óglach, "ach ní curtha 'n ionghantais é,
óir féuch mur do tharla an nídh céudhna do
Thobias anallóid. Agus tabhair-se aire dhílios dhó,
óir ní fios dhut cia hionad a bhfoghnadh sé dhut."



A haithle sin fiafrais Oillioll Fionn don óglach
sin annarbh eólach sin tír sin é.



"Is eólach acheudhna," air an t-óglach, "agus
is aithne gach tír ele mur an gcéadhna."
"Créad is ainim dhut?" air Oillioll Fionn.



"Leig as," air an t-óglach, "óir ní háil liom
m'ainim a dh'innsin do aoin-neoch."



Is ansin fiafrais Oillioll Fionn de an dtucfadh
leis nídh éigin a dh'aithris dhóibh fón eilit úd a bhí
siad 'a thóruigheacht, agus a sháruidhe cómh mór
agus sin maithibh an chógaibh agus a gconairt
shealga uile.



"Is dóigh liom," air sé, "gur féidir dhamh
fionnasgadh a thabhairt dhut air sin. Ach ní


L. 10


tráth comhnaoi dhíobh an áiti so anis," óir dá
mbeidh siod níos iomarcaigh a n-uimhir agus níos
treise 'ngoil agus a ngaisge, go marbhthaidh iad
fuidhe mheódhain aoidhche anocht.



"Cionnus sin?" air Oillioll Fionn, "agus gan
tathuighe duine nó ainmhidh anso?"



"Cur de da sheanchus," air an t-óglach, "ach
leanaidh mise an gach conair do rachaid, mur
ndúil go bhfuigheann fosgach agus dídion na
haoidhche 'nocht dhíobh féin agus dhamh-sa."



Gluasais an t-óglach leis air sin a réam-thosach
na sligheadh, agus Oillioll Fionn agus Cú Chuileann
go dian air a lorg. Agus tair éis asduir fhada tríd
diamhuir na gcoillte sin do thángadar go bonn
carraige mór air bhruach alla aibheal, agus téid
an t-óglach asteach anna bhfosgladh do bhí ansa
charraig, agus do lean Oillioll Fionn agus Cú
Chuilinn é. Agus a ndéigh iad a dhol a bhfad
siar ansan fhosgladh sin, do fuaradar seamra
mór-fharsaing deagh-orduighe rompa, agus macaoimh
mín-dhealbhach mná 'na suighe ann go
triamhunach tuirseach, agus sgréachóg roilge, dá
ngoirthear cailleach aoidhche di, 'na suighe air a
bhord ann a fiaghnuise.



Beannais Oillioll Fionn di tríd bhriathra
faisdineach fír-ghlic, agus do fhreagur sí an
beannadh anna mbriathra fíor-chaoimh fáilteach,


L. 11


agus curthais gléas suighe ortha. Éirghis an
ríoguin air sin agus deasuigheas biadha saora
sogh-bhlasda agus deocha milse meisgeamhla air
bord as a gcomhair, agus rádhais leó a n-earradh
asdair agus imtheacht a leigin díobhtha, agus a
ndóchain don oileamhun sin úsoid.



"Óir is dóigh liom," air sí, "go bhfuil leatrom
beatha ('s) suain oraibh, agus ní neamh-chosmhul
libh gur fhág sibh ár."



A haithle sin do chaitheadair a leór dhóchain
bhídhe agus dighe, gurbhudh subhach soigh-mheanmnach
iad do éis.



Is ansin ro fhiafrais a sgéala dhíobhtha.
Adubhairt Oillioll Fionn léighthe gur comáradh
seilg le Conchubhar mhac Neasa, a réamh-bráthair,
rígh Uladh, agus air an chéad-lá don
tseilg sin gur dúisgeadh eilit mhaol leó, agus go
raibh an taoibh deas di air dhath na géise agus
an taobh clí air dhath an ghuail air n-a bháthadh
a bhfuar-uisge. "Agus bhímur da tóruigheacht
ó mhoch maidhne go néull nóna, agus ní raibh
sé air ar gcumais a theacht suas léighthe."
Thilleadar uile gusna Craobh-ruaidhe an aoidhche
sin, agus is sé adubhradar uile gur amsadh
draoigheachta do himreadh ortha. "Agus adubhairt
mise air sin, dá bhfaicinn amhairc do mo
shúile an dara lá uirthi nach dtilleann tar ais go
hEamhuin go bráth nó go dtutfadh sí liom, nó


L. 12


mise léighthe. A haithle sin, air dteacht na
maidhne air n-a márach, do ghluasamur uile don
choill an dara feacht, agus tair éis sinn an choill
a thimchiolladh do dúisgeadh linne an eilit
chéudhna. Agus gé gur freasdaladh í go dian
linne, d'fhág sí ar radhairc air dteacht dheireamh
don lá. Agus do thill cách ele don Chraobh-ruaidh
ach mise agus an maoth-mhacaibh so a d'fhan an
m'fhochair, agus támaoinne a' síor-fhaireachus na
heilite sin ó shoin a leith, agus ní bhfacamur í.
As air mbeith a' teasdail na foraoise dhúnn do
tharla an giolla cosaigh so linn. Agus aige sin ar
sgéala féin agud," air Oilioll Fionn.



"Créad do threóraidh don ionad uaigneach so
thú?" air an ríogun.



"Atá, an t-óglach so," air Oillioll Fionn leis
an ghiolla chosaigh.



"Cia shé do thug eólais dhuit-se don ionad
dhiamhuirthe so?" ar sí, leis an ghiolla cosaigh.



"Is móide de (mo) mhódaigh agus bréithir de
mo bhriathra gan ma sgéulta d'innsin do neoch
air bith."



Fiafrais Oillioll Fionn air sin don ríogun an
(raibh) fear a diongmháile aicí, nó cionnus do
raibh sí cómh triamhunach. Is ansin do fhreagair
sí é, aige rádha:



"Do bhí, agus ní mbeidh go bráth arísd."
"Cionnus sin?" air Oillioll.


L. 13


"Ní bhfuil nídh air bith is deacraigh liom-sa
nó sin a dh'innsin," air sí.
"Air grádh h'ine, a ríoghain," air Oillioll Fionn,
"nach ceil do rún níos faide oram."
"Gé gur deacur liom sin," air sí, "(ní) dtig liom
do shamhuil-se de raoighrigh a dhúilteamh," air si.



Is ansin do chuaidh an ríogun a gceann sgéul,
agus is sé adubhrais:



"Ridire na Bualadh an t-athair dár rugadh mise
dhó," air sí, "agus is sé áiti do raibh sé 'na
chomhnaoi aige Dealbhna Nuadhat. Agus do bhí
gasgaidheach óig a n-Oil-na-Meacht darbh ainm
Gruagach an Ghleanna. Agus dá mbéidhin-se 'mo
bhainríogun air an domhun mhór, budh díol céile
dhamh an fear sin. Agus tharla dhó tuile trom-ghrádh
agus sruth fíor-aibheal seirce do thabhairt
dhamh-sa. Agus thugas-sa an chumann chéudhna
dhó.



"Agus fón am sin do bhí arrachta ur-ghrána
'na chomhnaoi láimh le Loch Corab do ngoirthídh
Faitheach Mór an Locha de. Agus do chur an
ilphéisd sin dúl phósda oram. Agus mur thugais-se
trom-dhúilteadh dhó, líon sé de dhásacht
feirge agus daoghaltais ann m'aghaidh, agus bhí
sé air mo shíghe do lá agus do aoidhche. Agus
do tharla dhamh lá n-aon a dhol amach ar an


L. 14


fhaich aige tuighe m'athara agus thainig an
fathaich sin mé, óir do bhí sé a bhfolach láimh
liom. Agus do thug sé suigheadh sanntach
athlaimh fó mo dhéin. Agus an uair do-chonairc
mise é, thugais léim ard éunamhul go dorais an
dún. Agus tráth do bhídhis a' dol asteach ann,
fuair sé greim lena láimh neartmhur air shlabhra
fionndhruine do bhí fó ma mhuinéal, agus bhris
sé é, agus d'iomchair air shubhail leis é. Agus ní
mór nach m'fhearr liom mo bhás nó a chaill.



A haithle sin tigis Gruagach an Ghleanna, agus
pósadh é féin agus mise le chéile. Agus air
gcaitheadh seal gearr a dh'aimsir dhúnn a gcuideachta
'chéile fó mhór-aoibhneas, go dtarla dom
athair agus do Ghruagach an Ghleanna a dhol
amach a gcuideachta 'chéile air faich an dún sin,
agus tigis dearbhshúir do Fhathaich an Locha, do
bhí ro-líomhtha a n-ealadhan draoigheachta, air
foluamnadh as a gcionn, gur dhóirt sí anuais
uisge as suightheach do bhí léighthe air mhullach
chionn Ghruagach an Ghleanna, go ndeurna sí
sgréachóig roilge de, mur chí tusa anis ansin é."



Air rádha na mbriathra sin do leig an t-éun
gránna sin sgréach as a chlonfaidh fó na críochaibh
budh choimhneas dhóibh.



"Agus créad do ruaig a gcuais na cairge so ann
a bhfuil tú anis thú?" air Oillioll Fionn.


L. 15


"Atá," air sí, "bhí giolla grádhach agum do
bhí 'na dhalta aige m'athair do chloinn Chonchubair
Ruaidh, rígh Oileach Néid, agus a
dh'eagla go ndéunfaidh aithmhilleadh draoigheachta
oram féin, amhuil agus mur do-rinneadh
air Ghruagach an Ghleanna, do threóraidh sé
ansan áiti uaigneach so mé. Agus táim ann ó
shoin a leith," air sí. "A haithle mé Dealbhna
Nuaghat a d'fhágbháil, foillseadh don drochmhnaoi
úd tré rúindhiamhur a healadhna go
dtángais don ard so. Agus do lean sí féin agus
a dearbhráthair, eadhón, Fathaich an Locha mé,
'ndúil aire 'fhagháil oram agus mo bhreith leis
chuige féin, nó mo aithmhilleadh le draoigheachta,"
air sí, "agus mur is féidir leis an mhnaoi
sin a rogha crotha agus deilbh do ghlacadh, is
dóigh liom-sa gurbh í do tharla libh-se, 'fhianaibh
Uladh, a bhfíoghur eilit, agus gurb í atá tusa 'a
thóruigheacht gus anis. Agus aig sin mo sgéala
féin dhut, a óig-ghasgaidh," air sí.



"Beir buaidh agus beannacht," air Oillioll
Fionn, "má chualaidh mé a'n sgéala ariamh is
milse liom nó sin. Agus anis aithris dhamh an
gcomhnaoidhean an giolla grádha sin do theaghlach
d'athaire, do threóraidh anso thú, agud ó shoin
a leith?"



"Ní déun a cheudhna," air sí, "óir an t-am a
d'fhág sé anso mé, d'éaloich sé uam, agus ní


L. 16


bhfacas é ó shoin, nó neoch air bith ele, go dtarla
dhíobh-sa 'theacht chugam. Agus anis is eagal
mór liom go bhfuighe an ilphéisd úd eólus oram,
óir do shaoil mé nach raibh fhios aige neoch beo
air an áiti uaigneach so ach dalta m'athaire.
Agus anis ó tá fhios aige daoine ele fair, is
contabhairteach dham fanmhun ann."



"Nach himshníomhur thú uime sin," air Oillioll
Fionn, "óir luigheam fóm armaibh gaisge nach
dtillim air ais go bráth go hEamhun Mhacha nó
go tutaidh an ilphéisd cailligh úd le mo láimh
agus Fathaich an Locha mur an gcéudhna."



Is ansin do labhair an ríogun agus is sé ro
rádha:



"Is díomhaoin do ghlórthaigh, a óig-ghasgaidh,"
air sí, "óir is snáimh a n-aghaidh srotha dhuit-se,
nó do laoich air bith ele, a dhol a ngleic le Fathaich
an Locha an feadh do bheidhis an bhean úd beó,
óir gé go rachadh tusa nó neoch air bith ele ann
comhraic leis, is féidir di tré líonmhaire a healadhna
cuaille fearnóige 'fhágbháil as da choinne ann a
fhíoghair, agus eisin do ghoid uad nó go gclaofaidh
sibh ibh féin da mar leadramh agus da mur
dtuargain féin," air sí.



A haithle sin fiafras Oillioll Fionn di an raibh
ní air bith air mur nó air tír a leighisfeadh


L. 17


Gruagach an Ghleanna, agus má bhí, gan a cheilt
air.



"Atá agus ní bhfuil," air sí.



"Cionnus sin?" air Oillioll.



"Atá," air sí, "ní bhfuil nídh air bith ansa
domhun a dhéunamh a leighis ach fórcadh do
chur air de fhuil cruidhe na cailligh úd, agus sin
nídh nach bhfoghair go foircheann na beatha,"
air sí.



Atá ní cheudhna, thugadar as an aoidhche go
maidin air n-a márach. Is ansin a d'fhiafraidh
Oillioll Fionn don ríogun a ndéunamh sí eólus dó
gusan ionad a raibh na hilphéisdibh úd.



Do fhreagur sí é aige rádha nach nglacadh sí ór
na beatha agus a dhol air amharc ceachtar
díobhtha - agus tuilleamh ele, nach dtucfadh
léighthe eólus a dhéunamh dhóibh.



Is ansin do labhair an t-óglach do bhídh
n-éideamh giolla cosaigh agus is sé ro rádha:



"Is aithne dhamh-sa an uaimh a mbídhean siad
ann, agus is deacair a taobhadh. Ach is sé is
indhéunta dhuit-se fuireach anso go ceann thrí lá,
óir théid an ilphéisd cailligh úd da fórcadh ansa
loch úd da bhfuarais an t-iasg ann, lá ansa mhídhe,
timchioll meódhain lae; agus rachaidh sí ann a'
teacht na haimsire úd, agus curthaidh sí a
héideamh di air bhruach an locha, ach an slabhra
fionndhruine atá fóna brághaid. Agus ní dheargann


L. 18


arm nó iol-fhaobhar uirthi an feadh do
bheidhis sé 'na timchioll, agus ní mó bháthfais
uisge í, nó teine a dóghadh. Agus is sé is déunta
dhuit-se a bheith 'bhfolach fó shleasaibh an locha
go rachaidh sí san uisge, agus ansin a freasdal go
nimhneach."



Ach tá ní cheudhna, air dteacht na maidhne an
treas lá, gluasais Oillioll Fionn agus Cú Chuilinn
agus an giolla cosaigh rompa gusan loch úd ó
chianaibh, agus timchioll meódhain don lá do-chídear
an ilphéisd mhór-ghránna cailligh sin a'
teacht chum an locha. Agus air a theacht ansin
di, curthais a héideamh di agus téid do shnáimh
an locha. Dála Oillioll Fionn, curthais a éideamh
féin de agus téid 'na déigh san loch. Agus géar
mhór a ghoil agus a ghaisge, níor fhéid sé a
theacht suais léighthe, gé gur shnáimh sé an loch
fó thrí dá ruagadh.



Dála Chú Chuilinn, éirghis as 'áiti foluighe, agus
tigis gusan áiti do raibh éideamh na cailligh air
bhruach an locha. Agus níor chian dhó ansin an
t-am a d'éirigh sí aníos as an uisge. Agus air sin
bheiris Cú Chuilinn suigheadh sanntach sár-chalma
lena dhá láimhe leabhar-gheal fo chaol a
curp, gur thrasgair go lár agus go lán talamhna
í; agus curthais a láimh fón tslabhra fionndhruine
do bhí fóna brághad, agus thug tuibe agus tréun-tharraing
gur bhris é. Agus sul do dtáinig Oillioll


L. 19


Fionn chuige, bhí cúig caoil na cailligh ceangailte
go cruaidh a gceann a chéile aige.



Is annsin do tháinig Oillioll Fionn (nuair a chur
sé 'éideamh fair) agus an giolla cosaigh a láthair,
agus is sí comhairle do cineadh leó Oillioll Fionn a
dhol fón ríogun, agus í féin agus a sgréachóg roilge
a thabhairt ansin go gcurthaidh ann a chruth
féin é.



Imthis Oillioll Fionn air sin, agus go samhultaidh
le sonnadh do ghaoth Márta air mhaol-mhong gach
sléibhe gach sidheamh rua-ratha do dtugadh sé,
agus ní deurna fos nó comhnaoi go dtáinig sé mur
a raibh an ríogun sin agus toirbhear a theachtaracht
di. Budh deacair léighthe na sgéala 'chreadmhun
uadha; gidheagh, do thriall sí leis, agus ní
aithristear a sgéala go dtángadar go harm a raibh
Cú Chuilinn air bhruach an locha, agus an
chailleach a gcuimhreach aige. Agus air bhfacsaint
na cailligh don sgréachóg roilge, do leig sé uaill
as a chlonfaidh tríd an chóigibh.



Is ansin do labhair an chailleach le Cú Chuilinn,
agus is sé ro rádha: "A óig-mhíligh," air sí,
"nasgaim ort gan ma mharbhadh agus dhéanaidh
'réir do thola ó so suais."



Is ansin adubhairt Cú Chuilinn léighthe Gruagach
an Ghleanna a chur ann a riocht féin air dtúis.
Adubhairt sise nach raibh sin ar a cumais nó go
sgaoileadh sé di. Ansin adubhairt Cú Chuilinn


L. 20


léighthe nachar bhfusa leisin a ceangal nó a
sgaoleadh nó a sgaoileadh nó a ceangal arísd.
Sgaolais air sin don chailligh. Is ansin a d'iarr
sí ortha básain uisge a thabhairt chuigthi; agus
air n-a fhagháil sin di do labhair sí beagán focail
as a cheann nachar thuig ceachtar dhíobhtha.
Agus a haithle sin teilgis fó mhullach an chionn
air an sgréachóg roilge é, aige rádha:



"Till an da chruth agus an da dheilbh féin."



Ach tá ní cheudhna, ní luaidhthe theilg sí air é
nó a tháinig sé anna riocht féin. Agus ní raibh sé air
dhrum talamhna gasgaidheach air bith dob fhearr
déunamh agus dreacht, clódh agus maise nó é.
Agus air bhfacsaint sin dó féin, tugais an suigheadh
sanntach sáir-nimhneach sin air an tsleagh do
bhí a láimhe Oillioll Fionn, go dtug sáthamh
de don chailligh gur chur fad láimhe laoich ón
taoibh 'na chéile di é, air dtreadamha a cruidhe
ann a cliabh. Agus tugais an dara hionsuidhe air
Chú Chuilean, agus iadhais a dhá láimh 'na
thimchioll agus thug teóra póg dhó. Ach tá ní
cheudhna, ní féidir le teanga daoine a dh'aithris
leith nó trian ollghardais na buidhne beag sin
an tráth sin.



A haithle sin gluasadar rompa gusna carraige
annar chomhnaodar an aoidhche roimhe sin.
Agus air rochtain na háiti sin dhóibh do cuirtheadh
rogha gach bídhe agus togha gach dighe a láthair


L. 21


chugtha gur bhudh súgach meadhair-chaoimh an
teaghlach beag sin uile, go ndeurnadar trí trian
don aoidhche sin, eadhón, trian le hól, trian le
ceóil, agus trian le tromchionn suain agus sáimh-chodlata
go héirigh don ghréin go lán-shoilseach
air n-a márach. Is ansin do labhair an t-óglach
do bhí 'n-éideamh giolla cosaigh agus is sé ro
rádha:



"Do-rinneadh glan-ghníomha agus éuchta oirdheirc
fón ghleann so shíos anae; gidheagh, tá
tuilleamh le déunamh anuigh ann."



"Cia gníomh é sin?" air Oillioll Fionn.



"Atá," air sí, "an uair nach bhfacaidh Fathach
an Locha an ilphéisd cailligh úd a' tilleamh
abhaile chuige air maidin, rachaidh sé dá cuartadh;
agus muna gcosgthair é sol do rachaidh sé ansan
áiti a bhfuil sí marbh, éireóchaidh a chon-mhire
agus a dhásacht feirge agus a leómhan-laochdhacht,
air mhodh nach lamhann neoch a dhol 'na dháil,
agus bhéarthaidh dearg-ár an teaghlaigh so."



Is ansin do labhair Gruagach an Ghleanna agus
adubhairt gur bhudh hionmholta an chomhairle í
sin. Agus rádhais le Oillioll Fionn a arm a
thabhairt dhó don toisg sin.



"Ní nós liom-sa," air Oillioll, "m'arm nó
m'éideamh a thabhairt do neoch air bith ele, ach
a dhol a dtosach an chomraic mé féin."


L. 22


"Gan géilleadh dó sin," air (an) giolla cosaigh,
"tabhair-se d'arm dhó, óir is íce a gcneadhaibh
le Gruagach an Ghleanna cead fhíoch agus fhearg
a fhagháil 'imirt air an arrachta ur-ghránna úd, a
n-éiric an easonóir do thug sé dona mhnaoi ó
chianaibh, aige breith a brásloid air subhal go
foiréigneach uaidhthe."



A haithle na mbriathra sin, bheirthis Oillioll
Fionn arm agus éideamh dhó. Gluasais Gruagach
an Ghleanna roimhe go harm do raibh an ilphéisd
chailligh úd ó chianaibh marbh, aige fágbháil
Oillioll Fionn, Cú Chuilinn agus an giolla cosaigh
a gcuas na carraige aige n-a mhnaoi 'na dhéigh.
Agus níor chian dhó ansin an t-am do-chonairc
sé an t-arrachta ur-ghrána do raibh a mhéud as
gach fear agus a neart as gach laoch, agus gur
leór a dh'adhbhar uamhain agus eagla do laoch
'o thréine do-chífeadh é, óir bhí sé air n-a fholach
do ghuarach dubh ó bhonn goo bais a cheann,
agus gan ach aoinshúil aige, agus í sin a gceart-lár
a éadon agus í air lasair-mhire ann a cheann. Bhí
lorg-fhearsad air a ghualaing agus slabhra ath-gharbh
de iaronn aith-leighte do cheangal fóna
chorp go fithe dhealgaibh nimhe uirthi, agus
sgiath mhór mhíleata ann a láimh ládair luath-ghonach,
agus claoidheamh leathan dhá fhaobhair
air a thaobh. Agus air dteacht a láthair dhó,


L. 23


agus do fuair sé a dhearbhshúir marbh air bhruach
an locha, do leig sé glaoi mhór ard anabháil as,
agus d'fhiafraidh de Ghruagach an Ghleanna do
bhí 'na sheasamh láimh leis cia shé an méith-óglach
nó an biothbhuanach do-rinne an slaod-mharbhadh
so.



Do fhreagur Gruagach an Ghleanna é aige rádha
go ndeurna sé féin é, agus go dtabhradh an oidhe
chéudhna dhó-san.



A haithle na mbriathra sin, ionsuigheas an dá
leómhan chródha churata sin a chéile a' tuargain
agus a' leadramh, a' gearramh agus a' snamhadh
a chéile gan taise gan trócaire ón am sin go dtáinig
deireamh don lá. Is ansin a d'iarr an t-arrachtach
fhosamh comhraic go maidin air n-a mhárach. Ach
níor umhlaidh Gruagach an Ghleanna don ath-chuinge
sin, ach dhúblaidh a neart a mbéim agus
a mbullaidh, a bhfuath agus a bhformaid, a
bhfíoch agus a bhfeirg. Agus air n-a bhfacsaint
sin don arrachta, tugais éirigh ard éunamhul fair,
agus iomthuidheas air subhal mur cheó deataigh
a bhfritheadh na firmament.



Tillis Gruagach an Ghleanna air sin, go tuirseach
triamhunach fó mur d'fhág an t-arrachtach ur-ghrána
úd é gan díth-cheannamh. Agus air n-a
fhacsaint sin do Ghruagach an Ghleanna, triallais


L. 24


roimhe go harm a raibh a bhean, Cú Chuilinn,
Oillioll Fionn agus an t-óglach úd a bhí a n-éideamh
giolla cosaigh a gcuais na carraige.



Agus air dteacht a láthair dhó fiafrais Oillioll
Fionn sgéala de. Do fhreagur Gruagach an
Ghleanna é aig rádha gur éaloch sé uadha amhuil
ceo deataigh a bhfritheadh na firmament.



A haithle an chomhráidh sin do labhair an
t-óglach úd a bhí a n-éideamh giolla cosaigh, agus
is sé ro rádha:



"Nachar nasg mise ort sol dá ndeachaidh tú
air an aisdear sin an ilphéisd úd a dh'ionnsuidhe,
sol do dtuicfeadh sé go harm a raibh a dhearbhshúir
marbh, agus muna ndéuntaidh a dhíth-cheannamh
a gcéadóir go dtuicfeadh mórán uilc agus díobháil
do cheann? Agus anis d'imthidh sé gusan dún
úd atá aige air bhruach Loch Coraib. Agus is
amhluighe atá an dún sin, ní bhfuil sé air chumus
laoch 'o thréuna a dhol asteach ann, ach an té úd
a bhéarthis léim ón talamh go barr an tuighe, agus
an dara léim síos air urlár an charcaire dhaingean
sin. Agus is deacar do neoch a dhol don toisg
sin, cur a gcás go mbeidh sé ionchathach an
fhathaich sin, óir atá leannán aige ansa charcaire
sin atá ro-líomhtha a n-ealadhain draoigheachta.
Agus dearbhaim dhut," air sé, "muna bhfreastalfar
go luathapaidh é, go dtabhraidh sé féin agus an


L. 25


leannán sin corp gonta na hilphéisd úd a dhearbhshúir
leó, go ndéuntar a haithbheódhamh le
feabhais rúindhiamhur a ndraoigheachta. Agus is
baoghalach dhuit-se agus do da chéile do cheann
sin," air sé.



A haithle sin do críochnadh comhairle oca a
dhol a gceann asdair air n-a márach go tuigh
Ridire na Bualadh, eadhón, athair bhean Ghruagach
an Ghleanna, agus an t-arrachta úd a shíor-thóruigheacht
ann gach conaire nó go dtugadh
braon bás agus beag-shaoghail dhó.



A haithle sin ghluasadar rómpa air maidin air n-a
márach, eadhón, Gruagach an Ghleanna, a
bhean, Oilioll Fionn, Cú Chuileann agus an giolla
cosaigh, agus ní aithristear sgéaluigheacht ortha
(go) dtángadar go dún-phurt Ridire na Bualadh.
Agus air dteacht ansin dhóibh agus go bhfacadar
go raibh Gruagach an Ghleanna ann a riocht féin
mur bhí ó chianaibh, is ansin do hordughadh do
lucht ealadhna an teaghlaigh sin a stuic agus a
n-adharcaibh ceóil do shéideamh agus do shinim
le hollghardas. Agus tair éis seal fada do chaoimh-chomhrádh
eotarra do folagh buird shlim-leathan
na caithreacha sin do sgardaibh síoda agus sgiamh-shróil,
agus rogha gach sóirt bídhe agus dighe air
a gceann. Agus air gcathamh a leóir-dhóchan
dhóibh do nuadh gach bídhe agus do shean gach


L. 26


dighe, ionnus gur bhadh meadhair-chaoimh an
teaghlach uile an aoidhche sin, is ansin do labhair
Ridire na Bualadh agus d'fhiafraidh cionnus mur
do curthadh Gruagach an Ghleanna ana riocht
féin, nó cia dob ughdar do na mór-mhíorbhuille
sin. Adubhairt bean Ghruagach an Ghleanna leis
gurab iad an triar macaibh so do thug na neithe
chum críochnaidh. "Bíodh 'fhiaghnuise ortha
féin," air sí.



"Innis dhamh, a rígh-mhílidh," air Ridire na
Bualadh le hOillioll Fionn, "cionnus mur tharla
an rúindhiamhuir so."



Is ansin do chuaidh Oillioll Fionn a gceann sgéil
agus issé adubhairt:



"Oillioll Fionn 'sé is ainim dílis dhamh, agus
mac do rígh Oileach Néid mé. Agus do hollmhadh
fleadh agus féusda mór-abhail le Conchubhar mhac
Neasa air Faich na hEamhna, agus chur sé
crunnadh air mhaithibh agus air mhór-uaisle an
chóigibh 'a chaitheadh na fleadha sin. Agus air
gcaitheadh trí lá agus teóra n-aoidhche air an
ordamh sin, do-chuadair do sheilg fón choill;
agus air sraonadh na sealga sin dhóibh, do
dúisgeadh leó eilit mhaoil. Agus is amhluigh do
bhí an eilit sin, do bhí an taobh deas di air dhath
na géise, agus an taobh ele air dhath an ghual.
Agus ní raibh sé air chumas giolla nó gadhair
agun a theacht suais léighthe ó mhoch maidhne


L. 27


go neóin don lá, agus fá dheóigh d'fhág sí ar
radhairc amach.



"Thilleamur uile go hEamhun an aoidhche sin.
Agus thug mise mionna agus mór-mhóide a láthair
na mór-uaisle an aoidhche sin, dá bhfaicinn amharc
da mo shúile an ath-uair uirthi nach dtillfhinn
go hEamhun go bráth nó go dtuitfeadh sí le mo
láimh, nó go dtuitfinn-se léighthe. Ach tá ní
cheudhna, air dteacht na maidhne air n-a márach
chuadhmur uile don choill an dara feacht. Agus
níor chian dhúnn an t-am a dúisgeadh an eilit
chéudhna linn. Agus tair éis sinne tóruigheacht
dhian a thabhairt di ó mhoch maidhne go néull
nóna, do chaillmur amhairc uirthi arísd.



"A haithle sin d'fhan an maoth-mhacaibh so,
eadhón Cú Chuilinn, agus mise san choill an
aoidhche sin. Agus air n-a márach do-chuadhmur
'a theasdol na foraoise sin, agus mur sin dún gusan
treas lá. Agus air dteacht na haimsire sin do
tharla an t-óglach so linn agus é a n-éideamh
giolla cosaigh, agus ghreamaidh sé 'na sheirbh-
íseach linn.



"Agus a haithle sin do-chuaidh sé fó dhéin
locha do bhí 'ngar dhúnn agus do ghobh sé trí
hiasgaibh ann, eadhón, iasg mór agus dhá iasg
bheaga. Agus d'ollmhaidh dhúnn iad agus thug
sé an t-iasg mór dhamh-sa. Agus air bhfosgailt


L. 28


an éisg sin dhamh, do fuarais an slabhra
fionndhruine dob áille do ndeurna le láimhe
suadh nó saoir-cheardaigh ariamh astuigh ann.
Agus 'na dhéigh sin do threóraidh an t-óglach
chéudhna so sinne chum cuas carraige móire mur
ar tharla an bhean so linn 'na suighe go triamhunach,
agus sgréachóg roilge eadar a láimhe aici.



"Agus an t-am a chur mise cuaisnneadh uirthi
agus a d'fhiafrais adhbhar a dubrón, do nochtaidh
sí a rún damh, agus adubhairt sí liom go leighthe
gurb í an bhean chéudhna a d'imir amsadh
draoigheachta air Ghruagach an Ghleanna do bhí
mise 'thóruigheacht a riocht eilite, óir go raibh sí
féin agus arrachta ur-ghrána, eadhón, a dearbhráthair,
a n-áiti éigin san choill sin. Agus
adubhairt an t-óglach so go dtigeadh sí lá gach
haoin mídhe dá fórcamh féin san loch timchioll
meódhan lae.



"A haithle na mbriathra sin do-chuaidh sinne
ar dtriar fó shleasaibh an locha. Agus an t-am
do chur sí a héideamh di agus a chuaidh sí 'a
shnáimh, agus do lean mise ann í, agus gé gur
ruaig mé í hart timchioll an locha fó thrí, níor
fhéid mé theacht suas léighthe. Agus fá dheóigh
d'fhág sí an loch amach, agus ní bhfuair sí a
theacht gusan áiti 'raibh a héideadh an t-am do
thug an mac beag so, eadhón, Cú Chuilinn, suigheadh


L. 29


sanntach sár-luath urthi, gur thrasgair
go lár agus go lán talamhna í. Agus bainis slabhra
fionndhruine do bhí fóna brághad di, air a raibh
iomad buaidhibh, eadhón, nach ndeargfadh arm
nó iolfhaobhar uirthuidhe, nach mbáthfadh uisge
í, agus nach losgfadh teine í an feadh do bhí sé
uirthi. A haithle sin do nasg sí cumairce fair,
aige rádha leis gan a marbhadh, agus go ndéunamh
sí 'réir a thola ó sin suais.



"Air sin rádhais an mac beag so léighthe
Gruagach an Ghleanna a chur ann a riocht féin.
Agus do rinne sí sin amhuil agus chí tusa anis é.
Agus ní luaidhthe a tháinig sé ann a riocht féin
nó thug sé suigheadh faobhrach lámh-fheargach
air an tsleagh do bhí le taoibh an mhic bheag so,
gur chur fad láimh' laoich don taoibh ele de corp
é, air dtreadughadh a cruidhe ann a cliabh.



"Agus tair éis sinne an aoidhche sin a chathamh
go subhach so-mheanmnach a gceann a chéile a
gcuas na cairge úd ó chianaibh, agus air n-a márach
'na dhéigh sin adubhart an giolla cosaigh so
agunn, an uair nach deachaidh an ilphéisd cailligh
úd abhaile an aoidhche sin chuige an arrachtach
ur-ghrána a dearbhráthair, go dtucfadh sé do
cuartadh an mhaidin sin; agus muna gcosgfaidh
'fhíoch sul do bhfacfadh sé a dhearbhfúr marbh
nár bhféidir a dhéunamh 'na dhéigh.



"A haithle sin do chuaidh Gruagach an Ghleanna


L. 30


a n-arm agus a n-éideamh catha a n-oirchioll air,
ach amháin níor theagmhaidh sé leis go dtáinig
sé gusan áiti do raibh an chailleach marbh. Is
ansin do chomhrac siad araon air an láthair sin ó
mhoch maidhne go néull nóna gan fios time nó
tlás aige ceachtair dhíobhtha. Agus ó nach
dtabhradh Gruagach an Ghleanna fhosadh comhraic
dhó go maidin air n-a márach, d'éirigh sé a
n-airde mur cheó deataigh a bhfritheadh na
firmaimente uadha. Agus tá munn anis do
thóruigheacht; agus aig sin mo sgéala féin dhut,"
air Oillioll Fionn.



Is ansin d'fhiafraidh bean Ghruagach an
Ghleanna de Oillioll Fionn cia raibh an slabhra
míorbhuilleach úd a fuair sé ansan iasg úd ó
chianaibh. Is ansin do theisbeán Oillioll Fionn
an slabhra di.



"Dearbhaim dhut 'óig-ghasgaidh," air sí, "gébé
háiti do bhfuair tusa an slabhra sin, gurb é so an
slabhra céudhna do bhain an t-arrachta ur-ghrána
úd atá tusa 'thóruigheacht de mo bhrághad-sa
'ndorus an dún-sa a bhfuil sibh-se ann anis."
"Más fíor sin," air Oillioll Fionn, "is éigein don
ghiolla cosaigh so agunn roimh-eólus do bheith
(aige) air neithibh rúindhiamhrach, ó ghobh sé an
t-iasg ana raibh sin ann dhamh-sa."



"Atá acheudhna," air an giolla.


L. 31


"Máiseadh," air Oillioll Fionn, "tabhair da
sgéal dún, eadhón, d'ainim, do thír agus d'ealadhain."



"Tocht air do bhéul," air an giolla, "a
d'fhiafraidh an cheisd sin an dara feacht dhíom,
tair éis mé do dhúilteamh a gcéadóir; óir munab
é d'fhiafraidh ní bhfágfainn go dtrásd thú.
Gidheagh, so dhut trí shéud-chomhartha a
gcuimhne do mhór-mhaithis."



Agus air sin do-bheir sé córda dhó air a raibh
iomad sníom, agus cíor, agus brat beag, agus
rádhais leis am air bith do mbeidh sé anna
gcruaidh-chás mhór, é snaom a sgaoladh don
chórda. Agus am air bith do mbeidh teirce bídhe
air, é an brat beag sin a leathnamh air an talamh,
gébé háiti do mbeidh sé. Agus am air bith do
mbeidh sé tuirseach a cheann a chíoradh leis an
chíor. Agus a haithle na dtíolca sin sginnis an
t-óglach amach air dhorus Ridire na Bualadh,
agus níor bhféidir do neoch don teaghlach a
dh'aithris cia hard da ndeachaidh sé.



Budh mhór tuirse an teaghlaigh sin 'na dhéigh,
agus go háiridhe Gruagach an Ghleanna, óir budh
dearbhtha leis gurb é do cheannfa lena chur ann
a riocht féin. Gidheagh, níor dhearmuid sé do
rádha gur mhithid amus a thabhairt air Fhathaich


L. 32


an Locha. Is ansin do labhair Oillioll Fionn agus
adubhairt leis gur mhithid, agus go rachadh sé
féin air cuairt amárach chuige, agus d'iarr ortha
eólais na háiteadh sin a dhéunamh dhó.



A haithle sin air n-a márach triallais Gruagach
an Ghleanna agus a bhean leis, air bhfagbhál
Chú Chuilinn aige Ridire na Bualadh ansa mbaile
'na ndéigh. Agus ní deurna siad fos nó comhnaoi
go dtáinig siad air amharc charcaire 'n fhathaich
agus gur theisbeán siad dó é. Gluasais Oillioll
Fionn roimhe gusan tuighe sin. Agus air dteacht
annsin dhó, do fuair sé é amhuil agus mur
adubhairt an giolla cosaigh leis, eadhón, gan slighe
air bith air a dhol asteach ann muna dtugadh sé
léim ón talamh go dí a bharr, agus léim ele
'thabhart síos air an urlár, óir ní roibh dorus nó
funnóig fair.



Air bhfacsaint sin dhó, tugais an éirigh ard
éunamhul sin air go laochdha calma, gur ghaibh
leathad a dhá bhonn de mhullach na carcaire sin,
agus an dara léim síos air an urlár. Agus air
bhfacsaint sin don fhathaich, éirghis suas 'na cheó
amhuil smúid deataigh, agus imthis amach air
mhullach an tuighe. Agus air nglanadh don
cheó sin air subhal, do ghaibh Oillioll Fionn an
clár 's an fhuireann fuidhe féin gan fear innsin
na sgéala aige ann.


L. 33


A haithle sin fanais Oillioll Fionn ansin trí lá
agus teóra n-aoidhche 'ndúil go dtilleamh an
fathach air ais ann. Agus an uar nach dtáinig
sé a gceann na rae agus na haimsire sin, do thill
Oillioll Fionn go tuigh Ridire na Bualadh. Agus
d'aithris dhóibhthe an t-am do léim sé síos air
urlár Fathach an Locha, gur éirigh an t-arrachta
ur-ghrána sin a n-airde mur cheó deataigh, agus
gur imthidh amach air mhullach an tuighe agus
nachar bhfios dhó cia hard don domhan dar
ghluais sé, agus gur fhan sé ann ó shoin a leith
mur ndúil go dtilleadh sé.



Atá ní cheudhna, thugadar as an aoidhche go
moch na maidhne air n-a márach. Agus air
n-éirigh do Oillioll Fionn ní bhfacaidh sé Cú
Chuilinn. Bíogais suais agus d'fhiafraidh ós ard
cia raibh Cú Chuilinn, agus ní dtucfadh le ceachtar
dhíobhtha a bheag nó 'mhór do sgéala d'innsin dó.
Is ansin a thug Oillioll Fionn mionna agus trom-mhóide
nach dtilleadh sé go hOileach Néid nó go
Teach na Craobh-ruaidh go foircheann a bheatha
nó go bhfuigheadh sé Cú Chuilinn. Agus amhul is
mur bheidh ceann-mhire agus measgadh meanmna
fair, sgingis amach air faich an dún, agus tair éis
seal aimsire 'chaitheamh dhó aige féuchaint na
gceithre hardaibh, tugais aghaidh siar-dheas tríd
choillte cluamhura cnuas-thorthach, agus tríd


L. 34


ghlinnte raodha ro-álunn, agus ní bhfacaidh sé
duine nó ainmhidh. Agus ní mó chonairc sé tuigh
nó frus comhnaoi ó moch maidhne go néull nóna
an lá sin. Suigheas síos air sin agus leathnais a
bhrat bheag air éaduin na tulcha sin amhuil agus
mur theagasg a ghiolla cosaigh féin dhó, agus a
bprab na súl do fuair sé a leór-dhóchain de
bhiadhaibh saora so-bhlasda, agus do dheochaibh
milse meisgeamhla fair. Agus tair éis é a dhóchain
de a chathaimh, do-chuaidh sé suais anna mbile
mhór ard go dtáinig an mhaidin.



Agus air n-a márach do leig chum subhail
arísd é. Agus timchioll meódhain lae do tharla
triar laoch mór neartmhur dhó air mhaolann cnoic
ós cionn tulaigh aoibhin ro-thaitneamhach, agus
iad na gciomaibh chreapuilte a gcruaidh-chuimhreach.
Agus is amhluighe do bhí an maol-chnoc
sin agus tiobraid álunn fíor-uisge a' snitheadh
amach aige n-a bhonn, agus a dol tríd lár na tolcha
'na amhunn ghlégheal.



Ach tá ní cheudhna, air dteacht a láthair do
Oillioll Fionn nasgais cumairce air, agus ath-chungais
fair sgaoileadh dhóibhthe. Glacais
truaighe mhór Oillioll Fionn fóna bhfacsaint annsa
chruaidh-ghéibhinn sin agus do sgaoil sé iad.


L. 35


Gidheagh, ní luaidhthe a sgaoil sé iad nó cheangail
siad-san é féin air an láthair sin, agus d'imthidh
siad uadha.



Dála Oillioll Fionn, mur nach raibh tathuighe
duine nó ainmhidh air an bhfásach uagnach sin,
do bhí sé ansan anbhruid sin feadh seal áiridhe
d'aimsir, agus gan bean a shínte nó a chaointe le
fagháil, nó fear 'fhuasgailt nó 'fhurtacht a' teacht
fóna thárrtháil. Agus fá dheóigh do smaonaidh
sé air an chórda do thug an giolla cosaigh dhó,
agus sgaolais snaom oca de lena fhiacla; agus
air sin do thig óglach rannach ruadh cionn-nochtaidh
cos-nochtaidh chuige, agus oll-sgath
ghéar sgine ann a láimh leis. Agus gearrais an
chumhrach do bhí do cheangal a dh'aon-sracamh,
agus amhul mur do shlucadh an talamh é,
d'fhág sé a radharc.



Ach tá ní cheudhna, an feadh do bhí Oillioll
Fionn a gcumhrach do-chonairc sé sluaigh bantracht,
agus óig-ríogun dob fhearr deilbh, dreach
agus ionnall, do mhnáibh an domhan go hiomlán
ann a n-ur-thosach. Agus do bhí calloid don ór
álunn Aifriceach air a ceann, agus brat fíor-uaisle
síoda agus sról, air n-a chur a n-eagair le lámhaibh
suadh agus saor-cheardobh, do folach go búclaigh
a bróga. Agus do bhí bróg ór agus bróg airgit


L. 36


urthi. Agus do thigidís gach aon mhéodhain lae
feadh na haimsire sin do n-ionnladh san tsruth
úd do bhí a' snitheadh ón tiobrait réamh-ráidhte.



Tair éis Oillioll Fionn 'fhagháil sgaoilte as a
gheimhlibh, do leathnaidh a bhrat agus chaith a
chud. Is ansin do chíor sé a cheann amhul agus
mur a d'iarr an giolla cosaigh fair, agus do haithle
sin níor chuimhneach duath nó dochar do bhfuair
roimhe sin feadh 'eachtra, ach amháin a chumhaidh
fó Chú Chuilinn.



Fanais air an chnoc an aoidhche sin. Agus air
dteacht meódhan don lá air n-a márach, do-chí sé
an sluagh bantracht a' teacht do n-ionladh san
tsruth. Agus chongbhaidh amharc géar-radharcach
air an áiti do bhfacaidh sé an ríogun a'
fágbháil a héadaigh, agus an t-am do fuair sé
ansa tsruth iad tháinig sé a dh'aon rása gusna linne.
Agus air bhfacsaint sin don bhantracht thugadar
láimh fóna n-éideadh agus d'fhágadar é. Gidheagh,
d'fhág an ríoghain a leith-bhróg ór 'na déigh le
déine an bhealaigh.



Ach tá ní cheudhna, fanais Oillioll Fionn a
bhfód fó leith láimh leis an tsruth sin go ceann
thrí lá agus teóra n-aoidhche, mur ndúil go
bhfacadh sé an aon amharc amháin arísd air an
bhantracht bhioth-álunn úd ó chianaibh.


L. 37


Ciodh trácht, air gcaitheamh na haimsire sin
dhó ansan ionad uagnach sin, agus nach bhfacaidh
sé iad a' teacht tair a n-ais, smaoinaidh sé nach
tráth nó ionad comhnaoi dhó furach níos faide
ansin. A haithle gluasais roimhe ansa tslighe do
bhfacaidh sé iad aige imtheacht uadha. Agus
subhlais leis air feadh an lae sin go dtáinig an
tránóna. Agus ní bhfacaidh sé díon nó daingneach
anna rachadh sé air aoidheacht an aoidhche sin.
Chuaidh sé suas air sin anna gcrann ard leathan
ghéagánach, go dtáinig soillse ghlan gréine air n-a
márach. Agus air dteacht anuais as dó, imthidheas
roimhe de chéimeannaibh tinneasnach tréun-luath
ratha, agus timchioll meódhain lae do-chí sé
cathair cheann-ard ucht-bhláith fhuinneógach, air
lár magha taoibh-leathan teatnamhach, agus
aonach abhail-mhór crunn 'na thimchioll do
mhaithibh agus do mhór-uaisle na hEórpa. Air
facsaint na slóighte sin dhó, suigheas síos agus
leathanais a bhrat air iomail na tulcha sin, gur
chaith a leór-dhóchain bídhe agus dighe air an
ordughadh sin. Is ansin do tháinig fear foirfe
fann-liath chuige, agus fiafrais Oillioll Fionn sgéula
an mhór-aonaigh sin de, agus ainim na caithreacha
sin de.


L. 38


Do fhreagur an seanóir é aige rádha:



"Is cosmhul gurab 'ndiamhur coille, a
gcuais carraige, nó a n-uaimh talamhna, a hoileadh
thú, an uair nach bhfuil fios ainim na caithreacha
úd agud, nó fáth an mhór-aonaigh atá 'na
timchioll."



"Ní sheadh acheudhna," air Oillioll, "agus
luigheam fóm armaibh gasgaidh, dár laoich nó
curaidh ionchathach do-bhéarthadh an freagra sin
oram go n-imreachunn faobhair mo lainne fair."
"Nach feargthair thú, a óig-mhílidh," air an
seanóir, "uime sin, agus an méud sgéul atá agum-sa
do-gheabhair gan imreasun é."



"Is ansin do-chuaidh an sean-laoch a gcionn
sgéul, agus issé adubhrais:



"Cathair Lios Finne ainim na caithreach' úd,
agus tighearna Lis Finne is triath agus tighearna
uirthi. Agus tá inghean álunn iolchrotha aige do
chinn air mhnáibh an domhain mhór air dheise,
air mhaise, agus air dheilbh chrotha. Agus ní
bhfuil raoighrigh nó ro-fhlaith ansa rann Eórpa
nach dtáinig air a sheal dá hiarraidh mur chéile
agus mur chaoimh-leannán dó féin, agus ní dtug
sí taobhadh do éan-neoch oca. Agus an t-aonach
mór úd a chí tusa crunn fón chathair úd, ní bhfuil
neoch ann ach triath nó taoiseach a tháinig dá
hiarraidh. Agus gé lionmhur na slóigh úd agus
gé mór a ngoil agus a gcródhacht a gcluithe glan


L. 39


gasgaidh, máiseadh, ní dtilleann aon oca beó do
thír dhúchais féin go foircheann na beatha," air
an sean-laoch.



"Cionnus sin?" air Oillioll Fionn.



"Atá," air an seanóir, "thug sí móide mór
nach nglacadh sí a'n fhear achaoidhche ach an
fear a bhaineadh sgéula don Ghruagach Chaoich,
eadhón, fathaich atá air mhaolann an chnuc úd
hall, cionnus mur chaill sé a shúil. Agus dá
rachadh cách agus ceúd oca ga' haon lá a
dh'iarraidh na sgéula sin, ní dtilleadh neoch beó
oca. Agus (gé) mór an uimhir úd a chí tusa 'nis
ansúd, ní bhíon neoch beó fón am-sa amárach.
Agus tuilleadh eile," air sé, "fo ghnáth leis an
ríogun úd agus a bantracht a dhol gach lá do
n-ionladh anna dtiobrad fíor-uisge atá soir thuagh
ón tulaigh so. Agus tharla di a dhol annsin do
hionladh beagán laethibh ó shoin, agus do tháinig
rígh-mhíligh ro-oirdheirc óis íseal go hiomal an
tsrotha sin. Agus le méud a' sgaoil do ghlac sí
féin agus a bantracht fóna bheith nochtaidh,
d'fhág sí an bhróg ór do bhí air a cos dheas 'na
déigh. Agus chur sí forfhógradh 'mach ná
bpósadh sí a'n fhear go brách, ach fear do-bhéaradh
an bhróg sin chuigthi, agus a bhaineadh
sgéala de Ghruagach na leath-shúile cionnus mur


L. 40


chaill sé a shúil. Agus aig sin a bhfuil agum de
sgéala le tabhairt dhut," air sé.



A haithle na sgéula sin gluasais Oillioll Fionn
leis air amus chathair thighearna Lis Finne, óir
dob fhearr leis nó seidhbhris na cruinne go
hiomlán, a'n amharc amháin ele d'fhagháil air an
áilleagán sin. Agus air dteacht a ngar don
chathair sin dhó, do smaonaidh sé go m'fhearr dhó
gan a dhol air amharc na ríoguine sin go maidin
air n-a márach. A haithle sin glacais dídion
fuidhe bhinn carraige do bhí láimh leis. Agus air
gcathamh a choda dhó don bhrat mur (ba) ghnáth,
do chíor a cheann; agus d'imthidh gach imshnídh
intine uadha ach amháin easbhuidhe Chú Chuilinn.



Ach tá ní cheudhna, air dteacht na maidhne
air n-a márach triallais roimhe go cathair Lis
Finne. Agus air dteacht dó a láthair issé an
chéad-ghníomh do-rinne sé, suigheamh sanntach
solaimhe a thabhairt tré thuibhe na sluagh
buidheanach do bhí air an fhaich, go dtáinig sé
gusan chuaille comhraic, gur bhuail béim neartmhur
lán-fheargach air, gur chreathnaigh muirear
agus mór-theaghlach na caithreacha sin agus na
hóg-mhacnaoi do bhí 'na timchioll.



A haithle sin tháinig tighearna Lis Finne amach,
agus fiafrais de créad do bhí sé a dh'iarraidh.
Adubhairt Oillioll Fionn leis go raibh aige iarraidh


L. 41


an óig-ríogun a bhí san chathair sin nó comhrac
do cionn. Is annsin do labhair tighearna Lis Finne
agus issé ro rádha:



"Níor bhocht linne do mhacasamhul-sa do
ghasgaidheach a hiarraidh, muna bé fear níos
fearr nó thú a bheith dá hiarraidh anso anis."
"Cia shé sin?" air Oillioll Fionn.



"Mac rígh Mumhan," air sé, "agus atá sé ana
forraid isan am a láthair."



"Tigeadh sé amach air an bhfaich so," air
Oillioll Fionn, "go bhféuchamur a bhfiaghnuise
chách neart ar láimhe agus ar ngoile, óir luigheam
fóm armaibh gasgaidh nach bhfágbham an fhaich
so go bráth go dtutfaidh an prionsa sin liom, nó
mise leis."



A haithle na mbriathra sin tigis mac rígh
Mumhan amach a n-arm agus a n-éideamh catha,
agus ionnsuigheas féin agus Oillioll Fionn a chéile
go mear meanmnach agus go fuathmhur feargach
agus go fíochmhur nimhneach, a' tuargan agus a'
leadramh, a' gearramh agus (a') snamhamh
corpaibh a chéile. Gidheagh, dob é críoch an
chomhraic sin gur chur Oillioll Fionn a shleagh
fad láimh' laoich do thaobh ele do chorp mhac
rígh Mumhan, air dtreadadh a chruidhe ann a
chliabh, gur thut 'na chosair chró ar lár na faiche.


L. 42


Dála na hóig-ríoguine, do bhí sí a n-airde air
mhullach na caithreacha aige amhairc anuas air
choimhghleic na dise deagh-laoch sin.



Siolladh do dtug Oillioll Fionn a measg na
sluagh, do-chí sé an triar úd do cheangail air an
fhásach é tair éis é sgaoladh dhóibh as a gcuimhreach.
Agus air bhfacsaint an léir-amharc sin
dhó, ghríosaidh sé 'fhuil ríogha, agus d'éirigh a
mheanmna, agus thug an sáthadh sanatach sár-luath,
mur leómhan craoasach a sgaoilfidh de
shlabhra, tríd thuibhe na sluagh, go ndeurna sé
trí torr dhíobhtha, eadhón, torr dá gcionn, torr
do gcorpaibh, agus torr dá n-arm agus dá
n-éideadhamh.



Air bhfacsaint sin do thighearna Lis Finne, go
raibh ruamhain na feirge a lasadh ann a ghnúis,
do labhair sé leis agus issé ro rádha:



"A rígh-mhílidh," air sé, "socraidh da mheanmna
agus íoslaidh da leantaibh, agus triall liom-sa
go seamra na n-inghean mur a bhfuil an bhean
atá tusa dh'iarraidh."



Is ansin do fhreagair Oillioll Fionn é aige rádha:



"Ní mur leanbán óg nó mur mhéith-laoch a
tháinig mise a dh'ionsuighe do inghean, nó 'bualadh
cúl mo bhaise air do dhoras."



Agus air n-a rádha sin dhó, tugais an éirigh
ard éunamhul sin fair do dhrum na faiche, gur


L. 43


ghaibh leathad a dhá bhonn do urlár an tseamra
do raibh an ríogun ann.



"Dearbham dhut a ghasgaidh," air sí, "gurab
acbhuineach da léim tair éis air chasgur tú de
laochraidh air an fhaich so amuigh; agus is furais
aithneamh air do ghníomha gasgaidh nach fuil
brughaidh nó bodaigh dár shíolaidh tú uadh."



"Ní sheadh," air Oillioll Fionn, "ach de
ard fhuil ríogha Uladh."



"Máiseadh," air an ríogun, "is tocht agus
tuirse mhór liom go dtugais móide obann sul do
bhfacais thú, óir tá dealradh do ghnúise 'ndéigh
mearughadh mór intinne agus measgadh meanmun
do chur oram."



"Cia móide sin?" air Oillioll Fionn.



"Tá," air sí, "gan a'n fhear a ghlacan go bráth
ach an fear a bhaineadh sgéula don Ghruagach
Chaoch cionnus mur chaill sé a shúil, nó créad
do-bheir na carra air a cheann."



"Cia bhfuil an Gruagach sin 'na chomhnaoi?"
air Oillioll Fionn.



"Atá, air mhaolan an chnuc so shiar," air sí.



Thugadar as an aoidhche sin go maidin air n-a
márach. Is ansin do iarr Oillioll Fionn ortha
eólus thuigh an Ghruagaigh Chaoch a dhéunamh
dó.



"Dhéunaidh acheudhna," air tighearna Lis
Finne, "agus is amhgair mór linne thú a dhol
don toisg sin."


L. 44


"Cionnus sin?" air Oillioll Fionn.



"Atá," air sé, "mur chuaidh an iomad romhad
a dh'iarraidh na sgéula sin, agus níor thill neoch
oca tair a n-ais."



"Gan ghéilleadh dó sin," air Oillioll, "rachaidh-se
ann, agus muna dtugaidh sé a sgéala go deónach
uadha do-bheirim-se mo bhréithir dhut go dtabhraidh
sé go haimhdheónach uadha é."



A haithle sin triallais Oillioll Fionn agus giolla
grádha do mhuintir thighearna Lis Finne rompa
go rabhadar air amharc thuigh an Ghruagaigh
Chaoich. Tilleas an giolla air sin. Agus ní deurna
Oillioll Fionn fos nó comhnaoi go raibh sé ('na)
sheasamh air lár urlár an Ghruagaigh. Agus air
'fhacsaint don Gruagach Chaoch, éirghis 'na
cholumhain choimh-dhíreach 'na cheart-sheasamh,
agus feireas fíor-chaoimh fáilte roimhe agus
curthais 'na shuighe ann a chaithíor féin é, agus
fiafrais sgéula de. Do fhreagair Oillioll Fionn é,
aige rádha nach a dh'innsin sgéul a tháinig sé ach
a dh'iarraidh sgéul, agus muna bhfuigheadh go
deónach é go bhfuigheadh go haimhdheónach.



"Créad é an sgéala tá tú a dh'iarraidh, 'óig-
ghasgaidh?" air an Gruagach.



"Atá," air Oillioll Fionn, "cionnus mur chaill
tusa da shúl, nó créad é an fáth fó bhfuil na
carra air da cheann."


L. 45


"Is léur dhamh-sa gurb í inghean thigearna Lis
Finne do chur a dh'iarraidh na sgéula sin thú, a
rígh-mhíligh," air an Gruagach.



"Issí acheudhna," air Oillioll Fionn.



"Gaibh a leith," air an Gruagach.



Téid Oillioll Fionn amach leis a bhfód fó leith
go bhfacaidh sé carnnán aibheal-mhór do chionn
agus de chnámha ann.



"An bhfaic tú sin?" air sé.



"Do-chím acheudhna," air Oillioll Fionn.
"Máiseadh," air an Gruagach, "ní bhfuil ceann
ansin ach ceann triath nó taoiseach do chur an
ríogun sin annso aig iarraidh na sgéala sin. Agus
níor thill neach oca air a n-ais chuigthi leis na
sgéula sin."



A haithle sin ní raibh Oillioll Fionn gan
ionghantas agus mór-uathbhás a bheith air fón
amharc sin a dh'fhacsaint. Is ansin do thug an
Gruagach asteach arísd é agus thug friáthlamh
fíor-chathrannach dhó, an nídh nach raibh dúl
aige leis. Agus air gcathamh a leór-dhóchan bídhe
agus dighe dhóibhthe go caomhúil subháilceach a
gceann a chéile, chuaidh an Gruagach a gceann
sgéul, agus 'sé dubhrais:



"Air ór na cruinne," air sé, "ní dtabhrainn-se
na sgéula sin do neoch a marthainn nó go gcaillfinn
an ceann, muna bé gur réamh-rádha dhamh go
dtucfadh rígh-mhíligh ro-uasal ó thuath a d'fhóirtheadh


L. 46


dhamh ó ma leatrom; agus an t-am
do thucfadh sé go lasadh an chaor iaroinn a bheidh
san teine. Agus ó do-chualais sin do chongbhais
an chaor do ghréis annsa teine. Agus comh luath
agus tháinig tusa asteach do las sé, agus do bhrígh
sin do-bhéarthadh mise na sgéala sin dhut gan
imreasun.



"Do bhí mise seal," air sé, "air an laoch budh
neartmhaire, budh chródha, budh chalma agus ab
fhearr croth agus deilbh do raibh a gceithre
hollchóigibh Éirinne. Agus do bhí inghean aige
Curaidh na gCleas a thug tuile trom-ghrádh agus
sruth fíor-aibheal seirce dhamh. Agus do thug
mise fuath agus formuit dí do thairbhe a draoigheachta
agus a heasarluigheacht. A haithle sin
líon sí lán éuda agus nimhe dhamh; agus an t-am
do pósadh le hinghean Ridire na Sgeath mé, do
lean sí mé ann agus fuair aire oram; agus theilg
sí lán a máime de dhusta fón cheann oram, agus
tám mur chí tusa mé ó sin a leith. Agus aig sin
mo sgéula dhut," air an Gruagach.



"Beir buaidh agus beannacht," air Oillioll
Fionn, "agus tabhair sgéala na mná cealgaigh
sin dhamh, agus cia hionad a gcomhnaoidheann
sí."



"Is féidir léighthe, tré rúindhiamhuir a healadhna,
a rogha crotha nó deilbh a ghlacan," air an


L. 47


Gruagach, "agus comhnaoidhean sí air oileán beag
atá a lár locha a bhfad uadh so. Gidheagh, thig
sí an bealach so go laitheamhul, air uaraibh a
bhfioghur cú, agus air uaraibh a bhfioghuir
seabhaic, agus air uaraibh ele a bhfioghur gearr-fhiadhach
do ma ghríosadh-sa."



"Luigheam fóm armaibh gasgaidh," air Oillioll,
"nach dtilleam go bráth go Lis Finne nó go
bhfacfaidh mé í."



A haithle sin téid an Gruagach agus Oillioll
Fionn amach fón bhfaich, agus níor chian dhóibh
ansin, an t-am do-chonairc siad cú gearr glas a'
teacht a ngar dhóibhthe, agus ceatha teine as a
béul agus as a súile amach. Rádhais an Gruagach
le hOillioll Fionn gurab súd an bhean úd anis.
Curthais Oillioll Fionn a láimh fón chórda a thug
an giolla cosaigh dhó air sgarmhun leis. Agus
sgaoilis snaoim de, agus a bprab na súl do fuair
sé an t-óglach rannach ruadh úd a sgaoil dó (ó)
chianaibh 'na sheasamh lena ghualainn.



"Créad dob áil leat?" air an t-óglach.



"Dob áil liom an cú úd a chí tú a fhagháil fó
ma láimhe," air Oillioll Fionn.



Air chlosmhuin na mbriathra sin sgiongais an
t-óglach sin a ndéigh an chú amhul gath gréine
nó mur shoighneán teineadh. Agus an t-am do-chonairc
an cú a' teacht do ionsuighe é, do thug


L. 48


sé casamh tapaidh tréun-luath aige teitheamh fóna
dhíthioll uadha, ach níor chian do Ghruagach na
gCarra agus do Oillioll Fionn gur chailleadar
amhairc ortha. Ach tá ní cheudhna, ní bhfacadar
níos mó iad an lá sin.



Thugadar an aoidhche sin seal go subhach agus
seal go dubhach a dtuigh Ghruagach na gCarra,
go dtáinig an mhaidin air n-a márach. Is ansin
do chuadar amach air an fhaich aig amharc 'na
dtimchioll do gach leith. Agus timchioll meódhan
lae do-chídear an t-óglach sin a' teacht trasna na
tulcha, agus an mheirdreach úd a bhí sé 'thóruigheacht
'na cime chreapailte a gcruaidh-chumhrach,
agus air dteacht a láthair dhó tugais air chumairce
Oillioll Fionn í.



A haithle sin rádhais an mheirdreach sin leó
gan a marbhadh agus (go) ndéunamh sí 'réir a
dtola ó sin shuais. Is ansin adubhairt Oillioll
Fionn léighthe an Gruagach so a chur ann a chruth
agus ann a dheilbh féin mur bhí ó chianaibh a
neart, a ndeilbh, agus a radharc súl. Cromthais
an bhean chealgach sin síos air an fhaich agus
tógbhais luibh bheag ghlas, agus cumlaidhis do
shúil an Ghruagaigh í. Agus ní luaidhthe do rinne
sí sin nó fuair sé soillse a shúil amhul agus mur
bhí a gcéadóir. Is ansin do chrath sí uisge as
suightheach do bhí ann a hasgaill aici air a cheann,
agus a haithle sin d'imthidh na carra do a bprab


L. 49


na súl; ionnus nach raibh sé air dhrum talamhna
gasgaidheach dob fhearr deilbh clódh agus déunadh
nó é, nó laoch a dhiongmhála a gcródhacht agus
a gcalmacht fó thrí fódhla-rannaibh an bheatha.



Is ansin a d'fhiafraidh Oillioll de créad dob áil
leis a dhéunamh leis an easarluightheóir callaigh
so anis, ó fuair sé é féin ann a dheilbh, ann a
sgéimh agus a radhairc a shúil.



"Do-chífear-sa sin gan mhoill," air an Gruagach.



Air rádha na mbriathra sin tugais an Gruagach
sonnamh sár-thréun, agus beirthis air ghreim dhá
chois air an mhnaoi chealgaigh sin, agus bualais
air charraig mhór cloiche do bhí láimh leis í, gur
chur a hinchin siar seachtair tair chúl a ceann;
agus d'fhág marbh annsin aige éunluighe cíochrach
an aedhir í.



Tigid air sin asteach go tuighe an Ghruagaigh
agus suigheadh boird na caithreacha sin, gur
friáthlamh Oillioll Fionn go huasal onórach de
nuadh gach bídhe agus do shean gach dighe. Is
ansin do thug Oillioll Fionn an chíor do bhí aige
don Ghruagach gur chíor sé a cheann; agus a
haithle sin níor chuimhneach leis duath nó dochar
dár fhullaing sé ó lámha na callaigh úd go dí sin.
Ach tá ní cheudhna, níor sguradar do fhleadha
agus do fhéusda go ceann trí lá agus teóra
n-aoidhche. Gidheagh, ní bhfacadar amharc air
an óglach a lean an cú ó thoirbhear sé suas do


L. 50


Oillioll Fionn í, le go bhfuigheadh siad sgéula
uadha cionnus mur fuair sé suais léighthe.



Is ansin do rádhais Oillioll Fionn gur mhithid
dhó a dhol lena sgéala chuige inghean thighearna
Lis Finne. A haithle sin adubhairt an Gruagach
leis nach dtoirmeasgadh sé féin an t-imtheacht sin
fair, agus go rachadh sé féin agus a bhean leis
don toisg sin do dhearbhadh na sgéala.



"Óir air bhéalaibh fhearaibh an domhain," air
sé, "is duit-se is beirthe buidheachus fó ma
shaoirse."



Triallais air sin 'na dtriar, eadhón, Oillioll Fionn,
an Gruagach agus a bhean, agus ní dheurna fos
nó comhnaoi go dtángadar go tuighe thighearna
Lis Finne. Agus air dteacht a láthair ansin
dhóibh, budh mhór ollghardais an teaghlaigh sin
rompa, agus go háiridhe an tighearna agus an
inghean.



Fón am sin do thárla uimhir mór do dheagh-laochraigh
an domhain a bheith crunn air an
fhaich sin aig iarraidh na ningheana sin. Agus is
amhluighe do bhí an inghean an t-am sin agus í
shuais air mhullach na caithreacha do bhféachaint.
Tugais Oillioll Fionn éirigh ard acbhuineach air
féin, agus léimthis do dhrum na faiche, gur ghaibh
leathad a dhá bhonn don urlár a raibh an ríogun
sin ann. Air bhfacsaint sin do Ghruagach na
gCarra tugais an dara léim 'na dhéigh go raibh


L. 51


mur a raibh Oillioll Fionn agus an óig-ríogun sin.
Goirthis Oillioll Fionn air thighearna Lis Finne,
agus rádhais leis a bhean féin agus bean an
Ghruagaigh a thabhairt ann a láthair annsin.
Imthidis an tighearna agus tugais an dís bean
uasal sin leis go harm a raibh Oillioll Fionn, an
Gruagach agus a inghean.



A haithle sin fiafrais an inghean do Oillioll Fionn
cia shé an ríogh-laoch sin do bhí leis, nó an
macaoimh mín-dheilbheach mná do bhí 'n' fhochair:



"Óir is dóigh liom," air sí, "nachar iomchair
an talamh trom-fhóda ariamh lánamhain a
samhult air dheise, maise agus air áille a ndreach
agus a ndéunamh."



"Atá," air Oillioll, "aig súd aged an Gruagach
agus a bhean dá gcurthá tusa na daoine chuige
do ndíth-cheannadh fó sgéala, eadhón, Gruagach
na gCarra agus a bhean.



"An dtug sé na sgéala sin dhuit-se," air sí,
"nó créad do ghluais don chaithrigh so é?"



"Is geall leis na sgéala sin a dh'insin é féin, "air
Oillioll Fionn.



Is ansin do-chuaidh an Gruagach a gceann
sgéul, agus d'aithris síos a bhfiaghnuise chách an
tslighe le ar chaill sé amharc a shúl agus ar ghlac


L. 52


sé carra le heasarluigheacht na mná úd mur thug
sé trom-dhuilteamh pósda di, agus gach leatrom
agus gach amhgair dá ndeurna sí fair, agus illiacht
sár agus taircisne a thug sí dhó. Agus
daithris mur an gcéudhna dhóibh gur réamh-rádha
dhó go dtucfadh laoich oirdheirc do ard-fhul
uasal ríogha ó thuagh a d'fhóirfeadh as an anbhruid
sin dhó, nuair a lasadh an caor iaroinn a bhí
ansa teine aige, agus an dóigh do las sé air a
ndol asteach do Oillioll Fionn, agus an dóigh
darbh éigin don mhnaoi chealgaigh sin a chur ann
ann a chruth agus a dheilbh tré mhór-ghníomha
an ghasgaidh so:



"Agus saoilim," air sé le tighearna Lis Finne,
"do mbeidh da inghean-sa 'na bainríogun air an
domhan gur díol céile di Oillioll Fionn."



"Máiseadh," air an óig-ríogun, "do-chuaidh
mise agus mo bhantracht lá n-aon dar n-ionladh
anna sruth glé-gheal ata seal fada as so, agus
tharla óig-mhacaibh a bheith 'na luighe a n-uaignis
láimh leis an tiobrait do raibh an sruth sin a'
snaothadh uadha. Agus an t-am do chur sinne
ar n-éideamh dhíonn tháinig sé fónar ndéin. Agus
an uair a-chonnairc sinne é churmar láimh fónar
n-éideamh, agus le méud ma chearaidh-se do
dhearmudaigh mé bróig ór do bhí air mo chois
dheas. Agus do haithle sin do churthais


L. 53


for-fhógradh amach nach bpósfainn aon duine ach
an tsé do-bhéarthadh an bhróg chugam. Agus
anis is amhgur mór liom é," air sí.



"Máiseadh," air an Gruagach, "ní mholfainn féin
don ghasgaidheach so a dhol fad aon truighthe
a chosa amach go bráth a dh'iarraidh da bhróige,
nó bróig mná air bith ele do shásamh, ach más
raoghan leis thú is éigin dut a dhol leis d'aimhdheóin
lucht da chosanta fón teaghlach so."



A haithle na mbriathra sin tigis an bolsaire
burd a láthair agus bróg ór ann a láimh leis, agus
rádhais go raibh ridire óg san doras a chur an
bhróg so leis chuige inghean an tighearna. Beiris
an ríogun air an bhróig agus rádhais nach shí a
bróig féin í.



"Goirthear a láthair an ridire sin," air Oillioll Fionn.



"Ní riachtnach é," air an inghean.
"Is seadh a-cheudhna," air Oillioll.
"Goirthear é," air an Gruagach.



Téid an bolsaire fón ridire agus bheirthis a
láthair é. Fiafrais an Gruagach a n-ainim na
ningheana de cia bhfuair sé an bhróig sin. Do


L. 54


fhreagur an ridire é aige rádha go bhfuair sé í
aige an tsruth ana raibh an ríogun so agus a
bantracht do n-ionladh ann.



"An í so an bhróig úd a chaill tusa, a ríogun?"
air an Gruagach.



"Ní shí a-cheudhna," air an ríogun.



"Is sí go deimhin," air an ridire.



"Máiseadh," air Oillioll Fionn, "bhí mise
'tóruigheacht óig-chompánach a goideamh uam a
dtuigh Ridire na Bualadh tré chealtair draoigheachta.
Agus lá n-aon tharla dhamh go bhfacais
triar curadh ceangailte air éadon an fhásaigh, agus
do nasg siad oram sgaolamh dhóibhthe. Gabhais
truaighe mhór leófa agus sgaolais iad. Agus ní
luaidhthe sgaoil mé iad nó ceangladh mé féin
leó-san; agus fágaid air an ordamh sin mé feadh
seal áiridhe d'aimsir. Agus fá dheóigh tré mhíorbhuille
an chórda úd a chonairc tusa, a Ghruagaigh,
gur sgaoil an fear úd dhamh do lean an cú. Agus
an feadh do bhí mé 'gcoimhreach do-chonairc mé
sluagh bantracht a' teacht go laitheamhul do
n-ionladh anna sruth do bhí láimh liom. Agus an
t-am do fuarais sgaoilte d'fhanais a bhfolach a
n-uagnais go bhfacais a' teacht an ath-uair iad.
Agus an t-am do chur siad a n-éideamh dhíobhtha
do-chuadhais fóna ndéin, agus an uair do-chonairc
siad mise a theacht chuca, do theitheadar fóna
ndíthioll uam. Agus an uair a thángais gusan áiti


L. 55


do raibh siad ann, do fuarais bróig ór ann, agus
chongbhais a dteasgaidh í ó sin a leith. Aig súd
í," air sé.



Air fhacsaint na bróige sin don ríogun, éirghis, 'na
seasamh go prab príomh-éusgaidh, agus iadhas
a dá láimh leabhar-gheal timchioll a churp agus
tugais teóra póg dhó, agus rádhais leis: "A
raoghan air fhearaibh an domhan, is leat-se mise
mur chéile taoibhe agus leapa."



"Luigheam fóm armaibh gasgaidh," air an
Gruagach, "dá dtabhair-se taobhamh don ridire
so nó do neoch air bith ele fón fhaich so shíos,
agus dúltaghudh a thabhairt do Oillioll Fionn,
nach bhfágfainn ceann air cholainn air fhear nó
mhnaoi do bhfuil fón teaghlach so anuigh, agus
dhíot-sa féin, a ríogun," air sé.



A haithle na mbriathra sin goirtheas tighearna
Lis Finne a challaire chuige, agus rádhais leis
éirigh don bhfaich, agus fhoillseadh ós ard don
mhacnaoi do bhí ann go raibh fear a diongmhála
aige' inghean. Dála na macnaoi sin, air gclosmhun
na sgéala sin dhóibhthe d'imthidh gach aon oca
do thír féin.



Air n-a márach do hollmhadh fleadh agus féusda
mór a dtuigh tighearna Lis Finne ag comóradh
pósadh na dise sin. Agus bhíodar trí naoi lá aige
caitheamh na fleadha sin agus aige insin a


L. 56


n-eachtra. Agus a gcionn na rae agus na haimsire
sin triallais Oillioll Fionn agus a ríogun ann
asdair, agus ní sgarthamh Gruagach na gCarra
dhíobhtha go drást, ach téid é féin agus a bhean
leo. Agus ní aithristear a n-imtheacht go dtainig
siad go tuigh Ridire na Bualadh. Agus budh mhór
ollghardais an teaghlaigh sin rompa agus go
háiridhe Gruagach an Ghleanna agus a bhean.
Ach tá ní cheudhna do hollmhadh fleadh agus
féusda dhóibhthe ansin; agus d'fhanadar do
do chaitheamh air feadh seachtmhun agus mídhe a
dtuigh Ridire na Bualadh.



Lá n-aon dhóibh air an ordughadh sin
do tháinig callaire Ridire na Bualadh asteach, agus
rádhais leó go raibh laoch mór míleata a' teacht
a dh'ionsuidhe an dún sin, a raibh a mhéud as
gach fear agus a neart as gach laoch; agus
óg-mhacaibh an' fhocair. Is annsin do labhair
Gruagach na Carra agus issé ro rádha:



"Ní mó linne laoch 'o thréuna dá dtigeadh ó
thonn nó ó thír, gé go mbeidh comhlan céud ann
gach láimh leis."



A haithle sin éirghis Oillioll Fionn agus Gruagach
na gCarra agus Gruagach an Ghleanna amach a
dh'fhéuchaint cia shé an rígh-laoch nó an
t-ógmhacaibh ud. Agus an t-am do thángadar a ngar


L. 57


dhóibh d'aithnidh Oillioll Fionn agus Gruagach
an Ghleanna gurb é Cú Chuilinn do bhí ann,
agus Fathach an Locha ceangailte leis go caol
cruaidh. Air fhoillseadh na sgéula sin air feadh
an dún, éirghis an teaghlach uile amach eadra
mná agus mion-dhaoine. Gidheagh, níor bhféidir
le teanga 'o gheursgna leith nó trian ollghardais
Oillioll Fionn a dh'insing fó Chú Chuilinn a
a d'fhacsaint. Agus níor thaise le Cú Chuilinn é
um Oillioll Fionn agus Gruagach an Ghleanna
agus a bhean a dh'fhacsaint nó teagmháil leis.



"Air ghrádh h'ine," air Oillioll Fionn, "agus
aithris d'eachtra dhún gan fhuireach."



"Ní tráth sgéulaigheacht so," air Cú Chuilinn, "óir
thugais mór-mhóide," air sé, "nach gcathfainn
biadh nó deoch 'mur measa go dtabhrainn
Fathaich an Locha air chumairce bhean Ghruagaigh
an Ghleanna, go mbaineamh sásamh as, a n-éiric
na heasonóire do thug sé di ó chianaibh, aige
tarraing an tslabhra fhionndhruine dena brághaidhe ghlé-gheal."



Air gclosmhun na mbriathra sin do bhean
Ghruagach an Ghleanna, d'éirigh a cud fola fíor-uasal
agus tugais láimh air shleagh faobhrach
rinn-ghéur do bhí a láimh Oillioll Fionn, gur chur
le neart a láimhe leabhar-gheal tríd chorp an
fhathaich é, agus an dara sáthamh ann a bhrainn


L. 58


dhó, gur leig 'aba agus 'ionar tré chompar a chléibh le
ar thutais marbh a bhfiaghnuise chách.



Is ansin do thógadar murair an teaghlaighe sin
trí gártha ós ard, a chlonfaidh ó thráigh go tráigh
tríd Èirinn, eadhón, gár luathgháire fó theacht
Chú Chuilinn air ais, agus dhá ghár fó bhás
Fhathaich an Locha. An uar a d'fhuaraidh a
gcud fola agus a d'íoslaidh a leanntaibh, agus a
spioraid a theacht ann a síothcháinte chinnte,
is ansin do-chuaidh Cú Chuilinn a gceann sgéul
a dh'insing, agus is sé adubhrais:



"A Oillioll," air sé, "is cumhain leat an t-am a
tháinig tusa anna a tuighe so 'ndéigh fuireach
trí lá agus trí haoidhche a dtuigh Fhathach an
Locha aige feitheamh air."



"Is cumhain acheudhna," air Oillioll Fionn.



"Ó nach bhfacaidh mise gur éirigh mur n-eachtra
leat féin nó le Gruagach an Ghleanna, do thugais
móide marbhthach nach rachadh mo bheó nó mo
mharbh air ais go hEamhun go foircheann na
beatha, go bhfuigheann sásamh ar an ilphéisd
sin a sháraidh sibh-se araoin. Agus nuair a fuarais
an teaghlach so ann dtrom-shuan, d'imthis go
tuigh Fathaich an Locha, agus ní bhfuarais
amharc fair. Agus d'fhanthais annsin go raibh
soillse gheal lae agum. Is ansin budh léur dhamh
an bealach a chuadh sé uat-sa, óir do losg sé an


L. 59


féur glas an bealach a shúbhail sé. Lean mise a
lorg, agus ní bhfacais air feadh aimsir fhada é,
agus fá dheóigh do-chím a' teacht chugam é a
bhfásach na coilleadh móire láimh le Malaidh an
tSreóin. Is ansin do luigheas síos air an bhfásach
sin go dtáinig sé chugam. Agus air dteacht a
láthair dhó, tógbhais a n-airde ann a láimhe mé
agus rádhais gur fada 'ngrádh dalta é.



"Tugais leis abhaile air an ordughadh sin mé.
Agus is sé áiti chomhnaoi do bhí aige anna
ndiamhair coilleadh anna n-uamh mhór fharsang.
Bhí mé fuidhe mhurnn mhór aige ansin seal aimsire,
go bhfacais an aibít nó an cochull suathnaigh
síoda do churthadh sé air a chorp giobach gach
aoidhche, agus bhaintheadh de gach maidin é.
Lá n-aon dár fhág sé an baile do chur mise an
cochuill sin umam, agus budh dóigh liom go raibh
comhlann céuda ann gach láimh liom; agus
tuilleamh ele, níor cheisd liom éirigh a n-airde a
gcoimhideacht gaoithe glan-fhuaire.



"Ach tá ní cheudhna, air dteacht abhaile dhó
a n-ur-thosach na haoidhche, d'fhiafraidh sé
dhíom-sa cia raibh an cochull úd a bheidh air
ansan aoidhche, agus dubhairt mise leis go dtáinig
ríogh-laoich éigin ansin a thug leis é féin, agus
an sgiath mhór mhíleata do bhí lena thaobh.
Rádhais an fathach annsin gurab tusa nó Gruagach
an Ghleanna do lean é isan áiti uaigneach sin.


L. 60


"Agus anis, a dhalta ionmhun," air sé, "déun-sa
faire agus foirchoimheacht dhamh-sa 'nocht an
feadh do bheidhis mé 'mo chodlamh, d'eagla go
dtucfadh an fear sin air ais agus mo mharbhadh.
Óir an feadh do bheidh an cochull úd umam ní
gcodlachunn aoin néull, agus anis ó nach bhfuil
sé oram codlachaidh mé, agus ní mhosglaim go
ndúsgaidh tusa mé.



"Thugais geallamh dhó go ndéunainn sin 'réir
mur d'iarr sé; gidheadh, níor choimhlíon mise na
geallaidh sin, óir an t-am a fuarais 'na thromchionn
suan é do cheanglais go daor dosgaoilte é, amhul
agus mur chonairc sibh-se. Agus dar leat budh
mór na héuchta do mhaoth-mhacaibh an fear a
cheangal a sháruidhe tú féin agus Gruagach a' Ghleanna," air
Cú Chuileann.



"Beir buaidh agus beannacht," air cách go
coitcheann, "má rinneadh a shamhul do ghníomha
gasgaidh a nÉirinn ariamh aroimhe."



Is ansin a d'fhiafraidh Cú Chuilinn a sgéula de
Oillioll Fionn ó d'fhág sé é, agus thug sin dhó ó
thús go deireamh gan claonadh focail. Agus
adubhairt leis gurab dá thóruigheacht-san do bhí
sé an t-am do tharla an bhean sin leis.



Air n-aithris a n-eachtra dona laochraidh sin
do gach leith, do labhair Ridire na Bualadh agus
is sé ro rádha:



"Anis ó nach bhfuil guais nó contabhairt oram-sa


L. 61


nó air mo chliabhuin ó Fhathach an Locha nó
an ilphéisd a dhearbhshúir, is oircheas dhamh
fleadh a dh'ollmhadh a n-onóireachais na ngasgaidh
oirdheirc a shaoraidh mé féin agus mo
theaghlach ón fhoiréigin sin."



Adubhairt Gruagach na gCarra gur budh
hionmholta an gníomh é. A haithle sin do
hollmhadh an fleadh sin leis. Agus an t-am budh
mhian le cách suighe go sáimh do chaitheamh
tháinig an callaire chuca, agus adubhairt leó
nach tráth fleadha nó féusda é, óir go raibh sluagh
agus sochruidhe iomdha a' teacht ón taobh tuagh,
agus go samhultaidh le sgein ealta gile a n-airm,
agus rígh-mhíligh anna n-ur-thosach, agus ruamhain
na feirge ana ghnúis, "agus is mairg don tír a bhfuil a bhfearg leis."



"Nach imshníodhthear sibh uime sin," air Cú
Chuilinn, "óir súd maithibh na hEamhna aige
teacht dom iarraidh-se, agus mo phopa Conchubhair
mhac Neasa ann a réam-thosach."



Ach tá ní cheudhna, air dteacht a láthair do
na mór-shochruidhe sin, fuaradar gurab iad
maithibh na hEamhna do bhí ann, agus Conchubhair
mhac Neasa 'na ard-thaoiseach ortha,
agus an giolla cosaigh úd ó chianaibh do dtreóradh.



Ní féidir aithris an t-ollghardais do bhí a dtuighe
Ridire na Bualadh an aoidhche sin aige aithris a
n-eachtra ón am a leanadar an eilit air dtús
halt na huaire sin. Ach tá ní cheudhna, do


L. 62


chaitheadair mídhe fhada raoidh air an ordughadh
sin a dtuigh Ridire na Bualadh fó mhór-aoibh.
Agus a gcionn na rae agus na haimsire sin do
thrialladair chum bealaigh, agus níor sgar Gruagach
na gCarra nó a bhean leó nó Gruagach an Ghleanna
agus a bhean, go dtángadar go hEamhun Mhacha,
agus gur chaitheadar seal fada d'aimsir ann
intleacht seanchais ann, agus aig aithris do
Chonchubhair agus dona mhór-theaghlach éuchta Chú Chuilinn.



Agus air gcaitheamh seal áiridhe ansin fó
mheaghair agus fó mhór-aoibhnis, ceileabhrais an
dís Gruagach réamh-ráidhte agus a gcéile do
Chonchubhair mhac Neasa, aige fágbháil
iomchumairce beatha agus sláinte aigé féin agus aige'
theaghlach, agus tillead do dtír féin a gcionn
bliaghna ón gcallainn 'na chéile. Agus budh
tuirseach na curaidhibh fón sgarmhun sin.



Gona é sin Tóruigheacht na hEilite ó thús go
deireamh.


L. 63



TORUIGHEACHT EILEANN SGIAMHACH GO
CRIOCHAIBH LOCHLAN




Ard-rígh uasal forórdha foirtil fiosach fír-eólach
móir-neartmhur mear-chalma ro-chródha
do ghaibh flathais agus urlámhas air chóigibh
ghlan-aoibhinn Uladh darbh ainim Colla Sgiathleathan.
Agus is uime goirtheadh Colla Sgiathleathan de,
do bhrígh nach raibh a nÉirinn ann a
chomhaimsir féin laoch nó gasgaidheach air bith
a arm cosanta do thógbháil ann a láimh agus ní
áiriom a dh'imirt a gcath nó 'gcomhlann
mur ghnídheadh sé do ghnáth ann gach deabhuidhe
do dteagmhadh leis, ionnus go raibh sé ionráidhte tríd
cheithre holl-chóigibh air fheabhus a dheilbh, a
mhéud, a neart, a chródhacht agus a ghaisge.



Feacht n-aon dár tharla don ruighrigh
óigmheanmnach sin a dhol air tiomchuairt go cóigibh
Chonruidhe mhic Dáire san Mumhan a dh'imirt
a lúth agus a lonn; agus cia huair nó cia haimsir
sin ach an t-am do comóradh aonach agus ardoireachtais
leis an rígh sin air faich a ríoghchaithreacha;
agus ní raibh laoch cródha curata,
triath nó taoiseach isan Mumhan mhór nach
dtáinig go faich an dún sin a dh'fhéuchaint
na mór-shochruidhe a tháinig ann. Agus is uime
do chur Conruidhe mhac Dáire an cruinneadh


L. 64


sin air mhaithibh a thíre an t-am sin, eadhón,
bhí inghean álunn iolchrothach aige a thug barr
sgéimhe agus maise air mhnáibh na cruinne go
coimhiomlán dar bhudh ainim Eilin Sgiamhach.
Agus do-chuaidh a taisd agus a haird-iomrádh
tríd an domhun go huile, ionnus gur mhosgail
agus gur bhrosduighe sé mic ríghthe agus
rofhlaithe ó oirthear go hiarthair an domhun a
theacht air eachtra imchian dá fios, agus dár
bhfeidir dhóibh, a breith leó air dheóin nó air
éigin d'aimhdheóin lucht a cosanta ansan Mumhan.



Tharla draoi ceart-bhriathrach fír-eólach do
bheith a dteaghlach Chonruidhe mhic Daire an
t-am sin do-rinne fáisdine dhó go raibh mac
rígh Fionn-Lochlann aige ollmhadh beart agus
ceilg chum a breith leis an a bheith 'na mnaoi
agus 'na caoimh-chéile aige féin darbh ainim
Aimhirgin Crom-shúileach. Agus mur ndúil toirmisg
do chur air an chóigcríocha sin, is sé do rug
air tionáladh do chur air na trom-shlóighte do bhí
air faich na caithreacha a n-ailt na huaire sin.



Ach tá ní cheudhna, air dteacht do Cholla
Sgiath-leathan air amharc n a mór-shlóighte sin
suightheas síos air bhruach alla do bhí a ngar don
ríogh-dhún sin, agus dob iongnadh leis tuibhe na
sluagh agus na sochruidhe do-chonairc sé.
Agus air mbeith dhó an sin seal áiridhe tháinig
eachlach do chud an rígh chuige, agus fiafrais


L. 65


Colla Sgiath-leathan créad dob adhbhar dona
mór-shlóighte úd do-chonairc sé a gcéin uadha.



Is an sin do labhair an t-óglach leis agus is
sé ro rádha:



"Is cosmhul," air sé, "gur a ndiamhur coilleadh
a n-uaimh talamhun, a gcuais cairge nó a ngleanntáin
sléibhe do hoileadh thu, ó nach bhfuil fhios
agud créud a chiallais an mór-aonach ud," air an t-óglach.



Tráth chualuidh Colla Sgiath-leathan an freagra
baoth beag-thairbheach sin do thug sé suightheadh
sanntach sár-luath, gur cheangail a láimhe go
dainghean dosgaoilte é, agus d'iarr a dhol agus é
féin a theisbeán dona thighearna agus do na
maithibh a bhí crunn 'na thimchioll. A haithle sin
druidios an t-óglach roimhe gusna mór-shlóighte
sin. Air bhfaicsint 'eachlach 'na chime chreapailte
do Chonruidhe mhac Dáire do fhiafraidh de
cia an biothamhnach do chur ansa daor-bhruid
sin é.



"Atá," air an t-óglach, "rígh-mhíligh a bhfuil a
mhéud as gach fear agus a neart as gach laoch
agus dár bhorraigh a sgéimh, a dhreach agus
'éugcosg air fhearaibh na cruinne"



Is an sin do labhair an rígh, agus is sé ro rádha:
"A chairde dhílios, créad is indhéunta dhúnn
anis leis an ghasgaidheach mhór-neartmhur


L. 66


ath-dhána ud a chreapail m'eachlach amhul mur chí sibh."



Rádhais an draoi leis gur chóir dhá fhear dhéag
de na laochraidh budh tréuna agus dob fhearr
goil agus gníomha do raibh air an fhaich sin a
chur fó dhéin an ghasgaidhe úd, air mhodh go
mbaineadh siad sgéula go haimhdheónach dhe.
Is an sin adubhairt cách go coitchion gurb
ionmholta an chomhairle í sin. A haithle sin
ghléusais dhá fhear dhéug de na gasgaidhe budh
chalma a gcath agus a gcomhlan iad féin, agus
gluaisis go lán-éasguidhe go harm do raibh Colla
Sgiath-leathan air bhruach an alla.



Agus air dteacht a láthair dhóibh fiafrais Colla
Sgiath-leathan sgéula an mhór-aonaigh sin
dhíobhtha. Do fhreagradar-san é, aige radha
nach 'a dol a dh'innsing sgéul dhó do thángadar
ach an sgéula bhaint dhe-san go deónach nó
go haimhdheónach. Air na chlosmhunt sin do
Cholla Sgiath-leathan tugais suigheadh sanntach
lán-dhásachtach ortha, agus do bhain a n-arm
agus a n-éideamh dhíobhtha uile go ndeurna
dhá thorr dhíobhtha ann a bhfiaghnaise, eadhón,
torr de n-arm agus torr de n-éideamh, agus
cuirthis tár-nochtaidh ann a mbaile iad.



Ach tá ní cheudhna, air dteacht dhóibh air an
ordughadh sin a bhfiaghnuise chách, fiafrais an


L. 67


rígh sgéula an óglaigh sin dhíobhtha agus cionnus
mur leig siad a n-arm agus a n-éideamh uabhtha
leis. Adubhradar-san leis go raibh rígh-mhíligh
aird-chéimeach an súd do raibh comhlann céuda
ann gach láimh leis, agus dealradh ann a ghnuis
amhuil loinnir na gréine, agus nach raibh triath
nó taoiseach isan chomhdháil sin a thógfadh a
sgiath ó ur na talamhna ann a dhá láimh. Fiafrais
Conruidhe an dara feacht de na maithibh do bhí
'na thimchioll créad dob indhéunta dhóibh. Do
fhreagur ridire óg ó Chruachain Chonnachta do
bhí san chomhdháil é, aige raibh grádh foluighe
do inghean Chonruidhe, aige rádha gurab oircheas
dhóibhthe caogad deagh-laoch do chur 'na dhál
do-bhéarthadh ceangailte chum na caithreacha sin
é, agus go ngeabhadh sé féin ceannus na buidhne
sin fair.



A haithle sin deasais caogad do na laochraidhe
ab fhearr eaganta agus meanmna do raibh air
an láthair sin a n-arm agus a n-éideamh catha,
agus trialladar rompa go bruach an alla mur a
raibh Colla Sgiath-leathan 'na shuighe a' féuchaint
na sluagh. Agus air a dteacht a lathair dhóibh
fiafrais Colla Sgiath-leathan dhíobhtha créad dob
áil leó. Do fhreagur an ridire Connachta é,
aige rádha go dtángadar do thabhairt-san leó
a gceimlibh a bhfiadhnuise an rígh.
"Leigidh as, a dhísgear-shluagh," air Colla


L. 68


Sgiath-leathan, "nó luigheam fóm armaibh
gasgaidhe nach dtéud fear iomchar na sgéula
agaibh ar ais chuige mur dtighearna ann a bheatha
uam. A haithle sin tógbhais an ridire Connachta
a láimh chum béim do chlaoidheamh a thabhairt
do Cholla Sgiath-leathan, aige radha go dtabhradh
siad leó a bhfiaghnuise an rígh beó nó marbh é.
Air na fhaicsint sin do Cholla Sgiath-leathan
tugais sáthamh do shleagh dhó, gur chur fad
láimhe laoich don taobh ele de chorp, air dtreadamh
a chruidhe ana chliabh gur thut 'na chosar chró
go talamhun. Agus air sin d'éirigh a lonn feirge
agus a ghoil gasgaidhe, agus thug sídheamh
fíochmhar dásachtach tríd an chud ele de
bhuidhean, mur leómhan craosach bheidh a dol
a ngorta, ionnus nach ar fhág sé ceann air
cholainn a bprab na súl don chaogad sin nachar
sgar sé dhíobhtha, ach aon óglach amháin do
leig sé uadha ann a bheatha chum na sgéula a
thabhairt chuige an rígh tair éis arm agus éideadh
a bhaint de.



Dala 'n óglaigh sin, air dteacht a lathair an
rígh agus na n-uasal ele dhó, do thoirbhear a
sgéula go crith-eaglach dhóibh, agus d'aithris
dhóibh an slaod-mharbhadh agus an mór-ármhach
do-rinneadh air a mbuidhean, agus dhearbhuidhe
dhóibh fós nachar bhuail ceachtar dhíobhtha


L. 69


buille no béim air an tréun-mhíligh ud, óir go
raibh do mhéud fad a láimhe agus 'arm cosanta
nach raibh sé air a gcumas fuileamh nó foirdheargadh
do dhéunamh air.



Is an sin do labhair an rígh an trees feacht agus is
sé ro rádha:



"Ta sé néull nóna anis," air sé, "agus is sé is
indhéunta dhúnn a dhol a gcomhairle anocht
agus críochnadh fair créad í an tslighe is feurr
le ar féidir dhúnn an gasgaidheach ud a dh'fhágháil
fónar gcumairce agus fuidhe n-ar riaghail féin,
a ndóigh go mbaineadhmaois umhlacht agus urraim ais."



Ciodh trácht, air gcathadh urmhór na haoidhche
sin dhóibh a gceann a chéile is sí comhairle air ar
chineadar, eadhón, Conruidhe mhac Daire é féin
a dhol air n-a márach chuige an tréun-mhíligh
úd, agus a mheallamh leis don chathair sin,
ionnus go bhfuighdeas slighe ceilg a dh'imirt fair.



Air dteacht mhoch na maidhne air n-a márach
rádhais an rígh go rachadh sé féin fó dhéin an
ghasgaidhe oirdheirc úd air cheann sgéula, agus
dar bhféidir dhó a mheallamh leis don dún sin,
ionnus go dtabhradh éiric ann a ndeurna de
leatrom dó féin agus ann gach masladh agus
easonóir da dtug sé dó féin agus do mhaithibh a thíre.



"Ní sheadh acheudhna," air inghean an rígh,
eadhón, Eilinn Sgiamhach, "óir da rachfá thusa


L. 70


fóna dhéin ann a fheirg is dóigh liom nach
dtigeadh do bheó don dún so go bráth air ais.
Ach gléusfaid-se mé féin anna n-éideamh ríogha
ro-uasal agus rachaid féin agus mo bhantracht a
dh'agalladh an tréun-laoich sin, agus más mac rígh
nó ro-thighearna é ní dteisbeánan sé gnúis
fheargach nó ghruama dhúnne, agus ní mó
do-bhéarthaidh sé oilbhéim nó taircisnne dhúnn;
agus más mac brughaidh nó bodaigh é nochtachaidh
sé faobhair a lainne 'nar gcoinne."



A haithle na mbriarthra sin deasais an
óg-ríogun sin í féin agus a bantracht anna héideamh
ríogha, eadhón, callaid don ór álunn Aifrica air
a ceann, agus brat fionndhruine do foclach go
búclaigh a bróga, agus dealg ór isan mbrat sin,
ionnus nach raibh sé ó oirthear go hiarthai an
domhain bean comh deas léighthe. Gluasaid
rompa iar sin gusan áiti do raibh Colla
Sgiath-leathan air bhruach an alla. Air bhfaicsint
na bantracht bioth-álunn sin a' teacht chuige do
Cholla Sgiath-leathan agus an ríogun óig sin
ann a réum-thosach, éirghis 'na sheasamh agus
leagas 'arm cosanta air lár agus téid de chéimibh
clisde deagh-thapaigh ann a n-oircheas. Agus
air facsaint éugcosg agus áille na ríoguna sin
dhó ní mór nach dtáinig measgadh meanmun
agus mearughadh céille fair do grádh, agus air
facsaint gnúis Cholla Sgiath-leathan, a mheud


L. 71


agus a dhreach, do líon sí do thinte gortha grádh
ann a cruidhe agus ann a meanmna dhó.



Ach tá ní cheudhna, air dteacht a láthair na
ríoguna agus a bantracht do Cholla Sgiath-leathan
sléachtais é féin síos aige a cosaibh.
Dála na ríoguna, cromthais síos go héasgaidhe
tapaidh agus iadhais a dá láimh leabhar-gheal
uime' bhrághaid, agus do thoirbhir póga go dil
agus go díochrach dhó, agus rádhais leis éirigh
'na sheasamh agus a theacht léighthe go cathair
a hathaire, óir nacharbh ionadh caoineas
comhrádh dhóibh an áiti sin. A haithle sin
tógbhais Colla Sgiath-leathan a arm cosanta suas
agus gluasais leis an ríogun láimh air láimh, go
dtángadar go faich na caithreacha. Agus iar
n-aithne do Cholla Sgiath-leathan súile chách a
bheith 'na suighe go friochnamhach fair, do
labhair se leó agus is sé adubhairt:



"Sibh-se, 'dhísgear-shluagh, má chím go
nochtachaidh ceachtar dhíobh colg nó arm cosanta,
luigheam fóm armaibh gasgaidh nach bhfágam
ceann air cholainn fón ríogh-chathair so."



Dála an rígh, air facsaint an deagh-laoch sin
air láimh lena inghean do-chuaidh sé 'na oircheas
agus feirthis failte fris agus treórais ann a sheamra
fein é, áiti ar friáthladh go huasal onóireach é
de nuadh gach bidhe agus de shean gach dighe


L. 72


gur budh súgach meaghair-chaoimh an rígh, an
bhainríoghain, an óig-ríogun agus Colla
Sgiath-leathan. Is an sin a d'fhiafraidh an rígh don
tréun-laoch sin cia tír dar bhudh as dó, cia hainim é
agus créad do ghluais don toisc sin é. Do
fhreagur an gasgaidheach sin é, agus is sé ro
rádha: "Olltach mise," ar sé, "agus Colla
Sgiath-leathan sé is ainim dílios dhamh, agus a
dh'iarraidh na hóig-ríoguna so do thángas don
tír so, mur mhnaoi agus mur chaoimh-chéile
dhamh féin."



"Bheirthim bréithir dhut," ar an rígh, "nach
tuirsach linne do chuairt don tír so, óir is dóigh
linn-ne dá mbeidh an bhean sin atá air láimh
agaid 'na inghean aige Rígh an domhain, agus
gan a bheith aige do chloinn nó do oighribh aige
ach í gurbh fhear diongmhála di thú; gidh eagh,
is gníomh gnáth agus nós arsuighe do mhic ríghthe
agus óg-fhlaithe a gcraobhaibh agus a ngéugaibh
geinealach a chraobhsgaoladh go foirleathan."



"Is seadh a-cheudhna," air Colla Sgiath-leathan,
"agus ní náire liom-sa sin a dh'fhoillseadh
ós ard air faich do dhún-sa: Fachtna Fathaich
mhac Cais mhic Ruirigh Mhór airdrígh Éirinne
an t-athair fár rugadh mise dhó, agus inghean
do rígh na Breataine Móire mo mháthair," air sé.



"Beir buaidh agus beannacht," air an rígh,
"ní gcualais ariamh seanchas air bith is fearr agus


L. 73


is binne liom nó sin, óir is deimhin liom nach
bhfuil sé a gceithre holl-chóigibh Éirinne ann a
bheatha anugh mac rígh nó ro-fhlaith, triath nó
taoiseach comh uasal onóireach a bhfuil leat, nó
comh oirdheirc leat a n-éuchta gasgaidhe. Agus
do dhearbhadh m'ollghardais fó sin," air sé,
"do-bheirthim an bhean sin dhut mur chaoimh-chéile,
agus is dóigh liom," air sé, "gur mór adhbhar
a hurghardais féin fó do shamhul 'a óg-fhlaith
do bheith aici."



Is an sin do labhair an óig-ríogun, aige rádha
air fhearaibh na cruinne gurb é 'rogha é.



A haithle sin do ghoir an rígh a challaire chuige,
agus d'iarr air fhoillseadh ós ard a meódhain na
faiche a measg na sluagh go raibh cliabhnus agus
coimhcheangal caraduis críochnaidh eadra inghean
an rígh agus an tréun-mhíligh ud ó chianaibh,
eadhon, Colla Sgiath-leathan mhac rígh Uladh.



Iomthús' an challaire a haithle sin, tugais
forfhuagradh do na slóighte do bhí fón fhaich
nach raibh feidhm cosanta air inghean an rígh
níos faide a n-aghaidh allmhurach eachtran air
bith, óir go raibh fear a cosanta agus a coimheacht
aici. Air chlosmhun na sgéula sin do na trom-shlóighte
do bhí air an fhaich, ceileabhrais don
rígh agus dona mhór-theaghlach aige fágbháil
iomchumairce beatha agus slainte aige, agus


L. 74


gluasais gach aon oca do thír dhúchais féin, ach
an méud do lean an ridire Connachta go bruach
an alla agus do marbhadh an sin le Colla Sgiath-leathan.
Ach tá ní cheudhna, air dteacht moch na
maidhne air n-a márach do cuirtheadh fios agus
teachta go Grianán Aileach, eadhón, dún-phurt
Rígh Uladh mur a raibh athair Cholla Sgiath-leathan,
agus go hEamhain Macha mur a raibh
a réumh-bhráthair, eadhón, Conchubhur mhac
Neasa, agus anna Craobhruaidhe mur a raibh
na curaidh, aige iarraidh ortha theacht 'a chathamh
fleadh pósda Cholla Sgiath-leathan go tuigh
Chonruidhe mhic Dáire, rígh Mumhan, agus iad
uile a bheith an sin caocaís ón lá sin.



Dála Cholla Sgiath-leathan, do posadh é féin
agus Eilinn Sgiamhach le 'chéile. Agus do
hollmhughadh fleadh mór-abhail le rígh Mumhan
a n-onóireachuis na mór-uaisle do bhí 'triall
chuige, ionnus nach ar chodlaidh lucht friáthlaidh
thuigh rígh Mumhan aon-néull feadh na caocaíse
sin, ach a' déunamh raoidh agus aige cur gach
nídh a n-ordughadh. Agus a gceann na rea
agus na haimsire sin thángadar maithibh agus
mór-uaisle chóigibh Uladh don Mhumhan go
tuigh Chonruidhe mhic Dáire, agus maithibh
Mhumhain don leith ele. Agus air dteacht a
láthair dhóibh do suigheadh gach aon oca do


L. 75


réir a chéime agus a onóire, eadhón, rígh Mumhan
aige an bhord chrunn a meódhain na n-uasal,
agus rígh Uladh air a láimh dheas agus rígh na
hEamhna ar a láimh chlídh, agus Colla Sgiath-leathan
agus Eilinn Sgiamhach air an taobh
ele don bhord as a choinne, agus curaidhibh na
Craobhruaidhe 'na dtimchioll.
Ach tá ní cheudhna, air gcaitheamh seachtmhain'
air mhí dhóibh air an ordughadh sin, do luaghadh
leó gach aon oca tilleamh do thír féin. Is an sin
do labhair draoi Chonruidhe mhic Dáire, agus is
sé ro rádha:



"A rígh agus 'ard-thighearna," air sé, "is
cumhain leat go ndubhrais ó chianaibh go raibh
Amhairgin mhac Rígh Lochlann aige ollmhughadh
ceilge um Eilinn Sgiamhach a dh'fhuadach leis
go críochaibh Lochlan. Anis bheirthim-se bréithir
dhuit-se agus do a bhfuil ann so a láthair go
dtabhraidh sé leis go foiréigneach í go
haithghearr, agus sin an gníomh a dtucfaidh
ármhach mór agus trom-argun as; gidh eagh,
beirthir ar ais í arísd gan truailleamh gan aithmhilleadh
tar éis Fionn-Lochlannaigh do dhíthcheannadh
agus Amhairgin Crom-shúlach a mharbhadh."
Is mór an tuirse agus an dubrón do ghlac
Eilinn Sgiamhach le closmhunt na mbriathra sin.
A haithle sin triallais na hUlltaigh air n-a márach


L. 76


fó dhéin a dtíre féin, mur aon le Colla Sgiath-leathan
agus Ellinn Sgiamhach. Ceileabhrais air
sin do theaghlach Chonruidhe mhic Dáire agus
do uaisle agus do mhaithibh Mumhan, aige
fágbháil iomchumairce beatha agus sláinte oca.
Trialladar rompa air sin, agus ní aithristear
níos mó dá n-imtheacht go dtangadar go hEamhain
Mhacha. Agus chomhnaoidear an sin aige
Conchubhar mhac Neasa agus aige curaidhibh na
Craobhruaidhe seachtmhain agus mí ele, aige
éisdeacht le sinim cheóil, aige ól agus aig aoibhneas.
Agus a gceann na haimsire sin ceileabhradar do
theaghlach Chonchubhair aige fagbháil iomchumairce
beatha agus sláinte oca, agus do-chuaidh
Conchubhar mhac Neasa agus ochtar curaidhibh
na Craobhruaidhe leó go Grianán Aileach, eadhón,
dún-phurt rígh Uladh. Agus d'fhanadar an sin
an feadh aimsir chéudhna. Is an sin do labhair
draoi rígh Uladh do ghuth ard fhollais-ghlan a
n-éisdeacht chách, agus is sé adubhairt:



"'Ard-uaisle, agus a mhaithibh an chóigibh,
agus a rígh-mhílidhibh na cruinne, is dóigh liom-sa
go bhfuil sibh a' cathamh mur n-aimsire fón
teaghlach so gan tairbhe dhíbh féin nó do neoch
air bith dá bhfuil ansan dún so."



"Cionnus da n-abrair sin?" air Conall
Ceithearnnach.


L. 77


"Atá," air sé, "cabhlach tréun as réagún
imchian éigin atá 'triall don tír so, agus a dhéunas
díth agus dochar mór don dún so ann a bhfuil
sibh-se 'nocht; agus an t-am do bheidhis feidhm
oraibh-se a bheith an so ní mbídhion sibh ann."



Is an sin do labhair Conall Ceithearnnach an
dara feacht agus adubhairt:



"Níor iomchar an mhur bhraonach air a
borbthonnaibh nó an talamh trom-fhódach air a dhrum
ariamh, sluagh nó sochruighe nach bhfuigheadh
siad lucht a gclaoidh san dún so anis."



"Dearbhaim dhut, a Chonaill," air sé, "go
bhfacaidh tú mo ráidhte críochnaoi, agus go
mblasaidh tú de sheirbhe na fáisdine a dtíortha
coigcríche, agus mórán ele dá bhfuil an so a láthair,"
air sé.



"Cia ham a dtarlachaidh sin?" air Conall
Ceithearnnach.



"Ní fhéidim-se sin," air an draoi.



Ach tá ní cheudhna, air gcathamh seal áiridhe
d'aimsir'na dhéigh sin dhóibh a nGrianán Aileach,
do-chuaidh Conchubhar agus na curaidhibh air ais
go hEamhain, agus budh huagnach tursach Colla
Sgiath-leathan agus a theaghlach 'na ndéigh.



Ciodh trácht, air gcathamh seal áiridhe d'aimsir
do Cholla Sgiath-leathan agus do Eilinn Sgiamhach
a bhfochair a chéile go sona séunmhur agus go


L. 78


subhach soimheanmnach, tharla do Chonchubhar
mhac Neasa tionáladh do chur air mhaithibh an
chóige chum seilg Choill Laimhrigh do chomóradh,
mur budh ghnáth leis gach bliaghan, agus fleadh
mór a dh'ollmhadhugh a n-onóireachus na
mórshloighte do thigeadh chuige as gach ard don
chóigibh, ionnus nach mbeidh fear iomchar sgéithe
nó claoidheamh san chóigibh nach mbeidh aige
a' cathamh na fleadha sin air feadh caocaíse.
Dála Cholla Sgiath-leathan, tháinig sé féin agus
maithibh a thíre leis chum na sealga sin.



Tharla do chabhlach ceithre long, agus trí
chaogad laoch lán-chalma ann gach long oca, as
críochaibh Lochlann 'a theacht a bhfogus do
Aileach Néid, agus Amhairgin mhac rígh Lochlann
'na ard-thaoiseach ortha. Agus tharla do Eilinn
Sgiamhach a bheith amuigh aige féuchaint na
mara, agus gan aici ach a hinnill, agus súl seacha
do dtug sí do-chonairc sí Amhairgin Crom-shúileach
agus buidhean mhór do mhuintir a' teacht go
lán-éusguidhe fóna déin. Sgingis air sin mur fiadh
air na dhúisgeadh as a leaba luighe, agus ní
deurna sí comhnaoi nó sgíth go dtáinig sí go
Grianán Aileach agus gur chur i féin a bhfolach ann.



Dála Amhairgin Crom-shúileach do lean sé go
dian í gusan dún; agus mur nach raibh fear a


L. 79


hanacal air fagháil fó mhúraibh na caithreacha
sin, do raob agus do bhris an fear sin agus a
bhuidhean neamh-thrócaireach gach díon agus
gach daingneach da dtarla leó, fuidhe agus ós
ceann talamh, san chathair aoil-ghléusda sin, go
dtángadar air an n-áiti uaigneach anna raibh sí,
agus gur tharrangadar leó as í. Agus gé gur
ghár agus gur sgréach sí ós ard aige iarraidh
cuidighthe, budh bheag brígh do bhí di ann, óir ní
raibh taise nó truaighe oca lena hosnnaigh nó lena
headarghuidhe, mur bhí 'fhios oca nach raibh
lucht a hanacal air a gar nó annsa roinn sin don
chóigibh 'mun am sin. (Ach do mbeidh Colla
Sgiath-leathan fón chaithrigh an tráth sin budh
mhairg don bhuidhean 's thréuna a d'fhuráladh
an gníomh sin a dhéunamh, óir do mbeidh sé air
an láthair sin ní dtabhradh Amhairgin
Crom-shúileach agus a throm-shlóighte Eilinn
Sgiamhach uadha.)



Ach tá ní cheudhna, do thógadar leó í go hur
an chuain, mur a raibh an chud ele don chabhlach
'na luighe a' feitheamh ortha, gur churadar asteach
anna long Amhairgin Chrom-shúileach í. Gidheagh,
ó do-chonairc sí nach raibh brígh nó tairbhe
ann a himpidh nó ann a hathchuinge, do labhair
sí do ghuth chródha mhór-mheanmnach le Amhairgin
Crom-shúileach, aige rádha:



"Ó nach bhfuilead taise nó truaighe agad-sa


L. 80


liom-sa, curtham-sa thusa agus do chabhlach
míolaochdha fó gheasa droma draoigheachta, agus
sin do dhrum uisge, nach féidir a bhriseadh nó a
sgaoileamh, gan luighe nó leannánacht nó feis
leapa do dhéunamh liom-sa, nó codlamh nó
comhnaoi do dhéunamh a n-aon-tuigh liom-sa
aoidhche nó lá, nó go gclaoidhfir air dtus Colla
Sgiath-leathan a gcomhrach aoin-fhir ann mo
fhiaghnuise, mur shásamh ansan easonóir a thugais
dhamh-sa."



A haithle na mbriathra lán-fheargach sin, ní
mór nach m'fhearr leis nach dtáinig sé air an
eachtra sin. Gidh eagh, do thogadar a seóltaigh
leó go lán-éasguidhe amach ó shleasaibh an chuain
tair dhoimhne na mara mór-fharsang, agus is
gearr gur fhágadar radhairc theaghlaigh Ghrianán
Aileach. Do lean (na mná) an ríogun sin go
hiomal an chuain, agus a dh'fhan an sin go triamhunach
dubrónach gur fhág an cabhlach a n-amharc
amach. Tilleadar air sin go ceann-trom tuirseach
lán dóláis agus do bhrón cruidhe abhaile.



A haithle sin cuirthear fios agus teachta go
géur luath go teach na Craobhruaidh ail cheann
Cholla Sgiath-leathan, dá fhoillseadh dhó go
dtáinig Amhairgin Crom-shúileach le cabhlach
ceithre long, agus trí chaogad laoch lán-chalma
ann gach long oca, agus go dtug sé Eilinn
Sgiamhach go foiréigneach leis go críochaibh


L. 81


Lochlann. Dala an teachtaire, níor leig sé don
fhéur fás fuidhe na chose go dtáinig sé don
Chraobhruadh, agus gur nochtaigh a rún do
Cholla Sgiath-leathan. Agus air gclosmhun na
sgéula lán-iongantach sin don ursa chródha chathbhuadhach
sin, is iongnamh nach ar imthidh 'na
gheilt le meisge meanmun, agus ar baois chéille.



Féuchais Conchobhar fair agus thug fó daire
ruamhun na feirge ann a ghnúis, agus fiafrais de
óis íosal créad do mhíochóraigh 'intinn. Adubhartsan
leis go raibh ráidhte an draoi ó chianaibh anis
críochnaidh.



"Cionnus sin?" air Conchubhar.



"Atá," air Colla Sgiath-leathan, "go dtáinig
mac rígh Lochlann le cabhlach cheithre long, agus
trí chaogad laoch lán-chalma ann gach long oca,
agus go dtug sé Eilinn Sgiamhach go foiréigneach
leis do thír féin."



A haithle sin do-chuaidh na sgéula
lan-uadhbhásach sin mur shoighneán teineadh tríd na
curaidhibh a bprab na súl.



A haithle na sgéula sin, do labhair Conchobhar
mhac Neasa, agus is sé ro rádha:



"'Ard-uaisle agus a mhaithibh Uladh agus a
phríomh-ghasgaidhibh an domhain uile atá annso
a láthair, is aithne dhamh-sa gur himreadh ceilg
agus claon-bheart air mhac mo dhearbhrathair-se


L. 82


le mac rígh Lochlann, aige breith a chéile air
subhal uadha go foiréigneach an feadh do bhí sé
air tiomchuairt agum-sa agus aige'chomhbhráthraibh,
eadhón, curaidhibh na Craobhruaidhe. Is
dóigh liom-sa nach bhfuil sé air dhrum talamhna
teaghlach air bith do bhfuil il-liacht laoch leónta
leadardha agus curaidh cruaidh-chalma agus
gasgaidheach glan-ghníomhach ann leis an teaghlach
so anocht, agus nach bhfuil aon-laoch, curaidh
nó caithmhíligh ann ach gidh bé dar shíolaidh
uadh chlanna Róigh, éadhon, uadh Rúraighe Mhór,
rígh Éirinne, céud agus ceithre bliaghna ua shoin.
Agus an féidir a rádha go leigfidh sibh easonóir
nó leatrom mur gcomhbhráthair le allmhuire
eachtran san mbioth gan a dhíochioll?"



Is an sin do labhair Conall Ceithearnnach,
eadhón, triath na gcuraidhibh agus rígh-laoich
fhearaibh Éirinne ann a chomhaimsir féin, agus
is sé ro rádha:



"A Ard-rígh, a thriath agus a réumh-bhráthair,
créad is indhéunta dhúnn don toisg so ionnus
go gcosgfamaois ar bhfíoch, ar bhfearg agus
faobhar ar lann air an bhiothbhuanach coigcríochach
úd a d'fhuadaigh sgéimh mhná na
cruinne go foiréigneach leis uadh rígh-laoich an
domhain mhór, eadhón, Colla Sgiath-leathan mhac
rígh Uladh?"



Is an sin do fhreagur Conchubhar mhac Neasa
agus is sé ro rádha:


L. 83


A mhic mo dhearbhshúrach," air sé, "ó
do chí tú leatrom, éugcóir, easonóir agus an tarcaisne
a tugadh do da chomhbhráthair agus do sgéimh
na cruinne, eadhónn, a chéile, inghean rígh
Mumhan, is sé is oircheas dhíbh tóruigheacht
ghéur dhian athlaimh do thabhairt di. Tuigeamsa
nach bhfuil sé ar a chumas díth nó dochair do
dhéunamh do mhórdhacht na ríoguna sin gé fada
nó gearr, nó go rachaidh an laoch leónta leadardha
na críocha, eadhón, Colla Sgiath-leathan a gcomhlann
agus a gcoimhghleic ann a fiaghnuise leis an
tréatúir sin, eadhón, Amhairgin Crom-shúlach,
agus go gclaoifidh sé é a gcomhrac aoin-fhir;
agus is sí mo chomhairle dhílios féin dhíbh,"
air sé, "Colla Sgiath-leathan go maithibh a thíre
agus a charaid a dhol do thóruigheacht na ríoguna
sin, agus ceithrear do churaidhibh na Craobhruaidhe
do dhol leis, agus an ceithrear ele fuireach
a' déunamh faire agus forchoimheád an chóigibh
go dtigeadh sibh tar ais le buaidh chosgair mhic
rígh Lochlann, nó mur dtuitim féin san treas."



Is an sin do labhair an Fear Dia agus is se ro rádha:



"Is dóigh liom-sa gur cóir teachta do chur
fó dhéin Chonruidhe mhac Dáire don Mhumhan,
agus 'fhoillseadh dhó an fheill-bheart do-rinneadh
air a inghean."



"Ní hamhluighe atá sin," air Cú Chulinn, "óir


L. 84


ní minic linne a bheith aig iarraidh cuideamh nó
cumhainnte air Mhumhnaigh a n-aghaidh
allmhuraibh eachtrain, agus ní mó iarrthamud anis
a gcuideamh, oir luígheam fóm armaibh gasgaidh,
munach bhfuighean an dara fear do Ulltaibh an a
dhol liom go críochaibh Lochlann, go rachainn
féin um aoin-fhear ann 'a thóruigheacht na ríoguna
sin, agus nach dtilltheann tair ais go bráth go
hEamhun go dtutfeadh mac rígh Lochlan le mo
láimh, agus go dtabhrainn Eilinn Sgiamhach go
Grianán Aileach air ais, d'aimhdheoin neart Lochlann,
chuige' céile fein."



A haithle sin ro fhiafrais Colla Sgiath-leathan
de Chonchobhar mhac Neasa: "Créad is indhéunta
dhúnn don toisg so?"



Is an sin do fhreagur Conchubhar é, aig rádha:



"A mhic mo dhearbhráthair ionmhun, beir-se
da rogha ceathrar do na curaidhibh leat 'a thóruigheacht
na deagh-mhná sin, agus fanadh an ceathrar
ele aige coimheád cuantaigh agus caithreacba na
cóigibh go dtillidh sibh tar ais, agus curfaid-se
long luchtmhar lán-aibhseach leó nach heagal don
ghaoth a sgathadh, don tunn a bathadh, nó don
ghrian a sgailteadh nó a sganradh, mur aon le
stórais fairge do naoi naonmhur laoch air feadh bliaghna."


L. 85


Is an sin do labhair Conall Ceithearnnach, agus is
sé ro rádha:



"Is dóigh liom-sa," air sé, "ó nach bhfuil ach
ceathrar do na curaidhaibh ann a dhol air an
eachtra sin nach bhfuil ceathrar air bith is feurr
a dhol ann nó Cú Chuilinn, an Fear Dia, Lughaidh
mhac Nos agus mise, óir tá maoinne eólach air
theasdail tíortha imchian ón t-am do-chuaidh
maoinne 'thóruigheacht Ghruagach na gCoin agus
a mhná go hOileán an Ar."



Is an sin do labhair Lughaidh mhac Nos, agus is sé
ro rádha:



"Do-bheirim-se briathar dhuit-se, a Cholla
Sgiath-leathan," air sé, "do mbeidh uaisle Mhumhan,
laochraighe Laighean, maithibh Chonnachta
agus raoghruighibh Uladh leat air an eachtra sin,
ní mbeidh tairbhe inte uile gan Conall Ceithearnnach
do bheith leat."



A haithle na mbriathra sin éirghis Colla
Sgiathleathan 'na sheasamh a measc na sluagh agus
labhrais leó do ghuth ard fhollus-ghlan aige rádha:



"Gach aon dár mian leis mo dhochair-se do
dhíthioll air Lochlannaigh trialladh sé liom teacht
moch na maidhne 'márach go hEas Aodh Ruaidhe
mur a gcuramar ar lón fairge, ar stóras cogaidh,
ar n-airm cosanta, agus ar mbuidhean laochraidh
air bord longa ann."



Ach tá ní cheudhna, air dteacht mhoch na maidhne
air n-a márach gluasais Conall Ceithearnnach


L. 86


Lughaidh mhac Nos, Cú Chuilinn agus
an Fear Dia le Colla Sgiath-leathan agus trí
chaogad do mhuintir féin líon a shluagh. Agus
do-chuaidh Conchubhar agus maithibh a theaghlaigh
leó go hEas Aodh Ruaidhe, go bhfuaradar
dha long luchtmhur lán-aibhseach do chud Chonchubhar
féin a n-ordughadh dhóibh. Is an sin
do churadar trí príomh thonn-ghortha longa ionnta,
eadhón, biadh a n-ionad a chaimhthe, arm a
n-ionad a dhíbhirce agus ór a n-ionad a phronta.
Agus air bhfagháil gléus seólta agus rámhaidh a
n-ordughadh dhóibh d'fhágbhadar umchumairce
beatha agus sláinte aige' gcairde 'na ndéigh. Is
an sin do thugadar tosach a longibh don mhur
agus a ndeireamh do thír; is an sin do thógadar
a seóltaigh bocádach báin-dhearg a mbarraibh na
sár-chrann subhail, aige leigean na gaoithe glanifhuaire
'na glotain fúdhtha. Agus do churadar Colla
Sgiath-leathan 'na ard-thaoiseach air long
oca agus céud dá mhuintir aige. Agus do-rinneadh
taoiseach de Chonall Ceithearnach air an long ele,
agus tugadh caogad do mhuintir Cholla Sgiathleathan
dhó, mur aon le Cú Chuilinn, an Fear
Dia, agus Lughaidh mhac Nos.



Sheóladar leó go réim-dhíreach go raibheadar
naoi lá cona n-aoidhche air sáile. Is an sin a
dh'éirigh stoirm agus anafa mhór air an fhairge,
agus tháinig ceo dorcha duabhsach, ionnus nach


L. 87


ar léur dhóibh a chéile ach dá luasgadh ó thonn
go tonn ar feadh thrí lá agus trí haoidhche. Agus
air sgaoileadh don cheó, chailleadar a chéile agus
bhíodar air seachráin air feadh naoi lá'na dhéigh
sin. Agus fá dheóigh do-chonairc an Fear Dia
de bharr an chrann seóil long Cholla Sgiathleathan,
agus long ele a ngar di. A haithle sin
do iarrais air Chonaill Cheithearnnach an long do
dhíreagh le luathais fóna ndéin. Is an sin do-chuaidh
gach aon san long dá rámhamh agus dá
seóladh, ionnus go raibheadar a bhfogus. Is ann sin
do fuaradar long Cholla Sgiath-leathan greamaidh
don long ele le crúca siath-ringhin da iaronn
aithleichte, agus fathach mór-thortach cnáimhramhar
'na sheasamh a gcorrthosach na longa
sin, agus trí chéud laoch lán-armach air dhruimthaiste
na longa sin.



Ach tá ní cheudhna, air bhfacsaint long Chonall
Cheithearnnaigh a' teacht a bhfogus dhó, síonais
an fathach sin a láimh ciar-dhubh croith-neartmhur
le crúca ele 'ndúil a greamadh mur an gcéudhna
dona long féin. Agus an feadh do bhí sé a' gleic
leis an chrúca, léimthis Cú Chuilinn amach annsan
aibhéis, agus curthais an gath boilg a laoghar a
choise deasa, agus thug rotha an urchair dhó go
dtarla an ucht an fhathaich é, gur sgoilt óna


L. 88


bhrainn go dtí a bhrághad é, ionnus go rachadh
leanabh míosa amach agus asteach tríd an chréucht
chraos-fhosgailte do-rinne sé, agus é 'na chosair
chró air dhruim-thaiste na longa. Nuar do-chonairc
an ursa chamhlann sin, tugais iarraidh an crúca
do bhí 'greamadh na longa do sgaoileadh, agus a
dhol a raon teithe. Agus bualais Colla Sgiathleathan
béim do chloidheamh fair, gur bhain an
láimh ón ghualann de. A haithle sin léimthis
lucht an dá long asteach air long an fhathaich,
agus níor chian go ndeurnadar iad féin 'na maighistear
uirthi, óir an méud nach ar marbhadh oca
bathamh iad aige iarraidh teitheadh ó fhaobhar
airm a mbiodhbhuidhe.



Ciodh trácht, do sheóladar leó seal airidhe ele
go bhfacadar feaghar iatha agus imdhéunamh
oileán a bhfad uabhtha, agus do sheóladar a
longaibh fó dhéin na háiti sin. Agus air dteacht
an sin dhóibh do fuaradar tráighe gheal ghanaigh
ann agus feaghar cuain do bhí 'bhfad as úsoid.
Chathadar anncara amach air sin, óir b'fhada leó
go bhfuigheadh siad leathad a mboinn do ur na
talamhna. Ach tá ní cheudhna, níor fhágadar a
longaibh an aoidhche sin go teacht na maidhne
air n-a marach.



Is an sin do rádhais Conall Ceithearnnach leó


L. 89


go rachadh sé féin agus Colla Sgiath-leathan agus
an triar ele de na curaidhibh do bhí an sin 'a
theasdail an oileán seal, agus an chud ele fuireach
an sin a coimheád na longaibh go dtigeadh siad
air ais arísd chuca; agus dá dtigeadh allmhura
eachtran air bith ortha iad comhrac fuilteach
feól-gheurtha do dhéunamh leó.



A haithle na mbriathra sin, gluasad an bhuidhean
chalma sin leó 'a theasdail an oileán chnuasthorthach
sin feadh seal fada d'aimsir, agus ní
bhfacadar duine nó ainmhidh, díon nó daingneach
a bhfogas dhóibh nó a bhfad uabhtha. Is an sin
do bhaineadar a dtrom-ualach da thortha milse na
gcrann sin, agus do thugadar leó ann a longaibh
iad. Thugadar as an aoidhche sin go maidin
air n-a márach.



Is an sin fiafrais Colla Sgiath-leathan créad a
dhéunadais anis. Adubhairt Conall go rachadh
siad 'na gcúigear amach an dara feacht, agus má
bhí cúrt nó caisleán nó duine beó air bith san
n-oileán nach dtilleadh siad gan sgéula na foraoise
sin. Gluasad rompa air sin agus bhíodar a' síor-shubhal
an fhásaigh uagnaigh sin go dtáinig néull
nóna ortha, agus ní bhfacadar aoin-neoch do
bhéarthadh sgéula air bith dhóibh. Críochnaigheadh
comhairle leó air sin fuireach san áiti sin go


L. 90


maidin air n-a márach agus cuartadh
caoindúthrachtach a dhéunamh an lá sin ann. Ciodh
trácht, air mbeith dhóibh a' dol do bhfolach fuidhe
ghéugaibh na gcrann caoimh-álunn sin, do-chídear
laoch cian-aosda a'teacht chuca; agus air n-a
bhfacsaint dhó, do chreathnaidh sé go mór. Air n-a
aithne sin do Chonall do bheannuidheas dhó
go ceannsuighe caoimh-uasal agus go
milisbhriathrach. Do fhreagair an sean-laoch é go
faon crith-eaglach, aige rádha:



"A bhuidhean oirdheirc, is fuar folamh mur
leaba luighe."



"Is seadh acheudhna," air Conall.



"Máiseadh," air sé, "is amhgar mór liom mur
samhul de ghasgaidhe do bheith san éigin sin anna
bhfacaim sibh, agus da dtigeadh sibh liom-sa
bhéarthainn oidheacht na haoidhche anocht
dhíbh."



"Is deimhin," ar cách, "nach bhfuaramur
ariamh oidheacht is mó do bhfuilmaoid
ann a fheidhm."



"Leanaidh mise," air sé.



Leanadar uile an sean-laoch feadh asdar fada
tríd choillidh uagnach do-shiubhailte, agus fá
dheóigh do thángadar chuige dún dorcha dubh,
agus dar leat go raibh seal 'na bhuinne geal álunn


L. 91


caisleán. Agus air ndol asteach dhóibh annsan
tsean-chaisleán sin fuaradar sean-bhean 'na suighe
ann, agus go gcuirtheadh a gnúis gran air mhná
na cruinne go hiomlán. Éirghis an tsean-bhean
air ndol asteach dhóibh agus dearcais go géur
grinn a ngnús gach aon oca fó leith. Agus air
bhféuchaint a bhfad di gan aon-fhocal a labhairt
rádhais leó a n-earradh asdar do leigion dhíobhtha
agus suighe. A haithle sin bainthis an cúigear
sin a n-arm agus a n-éideamh catha dhíobhtha.
Is an sin do friáthladh go huasal onóireach iad le
biadhaibh saora sobhlasda agus le deocha milse
meisgeamhla nó gur chathadar a leór-dhóchain
bídhe agus dighe ann. Is an sin do labhair an
tsean-bhean le Cú Chuilinn, agus is sé ro radha:



"'Óg-mhacaibh," air sí, "an raibh tusa san
n-oileán so ariamh aroimhe?"



"Ní cumhain liom go rabhais," air Cú Chuilinn.



"Nach déuna bréug liom-sa," air sí, "oir is
dóigh liom go rabhais, agus gasgaidheach óg eile
leat nach bhfacaim ann so anocht."



"Ni rabhais acheudhna," ar Cú Chuilinn.



"Ni nach cumhain leat," air sí," an t-am do
bhí tú a dol a n-Oileán na Diamhuire chuige
Maoileann Ruadh na Luthóige d'fhoghhlim cleasa
goile agus gasgaidhe?"


L. 92


"Is cumhain go deimhin," air Cú Chuilinn.



"Ni nach cumhain leat," air sí, "gur mharbh
tú an fathach a raibh ceann a' dreagun air a bhí
san uaimh?"



"Is cumhain go deimhin," air Cú Chuilinn, "ach
ní féidir gurab tusa an óig-bhean chaoin-dheilbheach
do tharla liom a gcaisleán álunn aol-dhaite 'na haonar?"



"Is mé acheudhna," air sí.



"Créad é an snuadh sin ort anis," air Cú
Chuilinn, "nó cia hé an sean-laoch é so atá do da
choimheád?"



"Sin mo chéile," air sí, "agus is éigin dhúinne
sinn féin do chur san riocht so tráth thig sluagh
nó sochruighe anna chuain so shíos d'eagla ar
ndíthcheannadh, mur nach bhfuil lucht ar n-anacail
agunn," air sí.



"Maiseadh air grádh h'ine," air Cú Chuilinn, "agus
curthaidh sibh an mur riocht féin sibh."



A haithle sin téid an dís cian-aosda sin anna
seamra cúl do bhí san tsean-chaislean sin, agus air
dteacht amach dhóibh as níorbh áille lánmhun san
domhan nó iad.



"Is deimhin," air Cú Chuilinn, "go n-aithneam
anis tú."



Is an sin do gléusudh umdha agus ard-leaba do


L. 93


na laochraidh sin, agus go ndeachadar 'a chodlamh
go héirigh don ghréin go lán-shoilseach air n-a
márach.



Ar n-éirigh dhóibh fiafrais Conall Ceithearnnach
de an tsean-laoch sin cia bhus triath air an oileán
sin, créad fáth fó rabhadar comh crith-eaglach
agus a bhí siad, agus cia hé da raibh an t-eagla
sin ortha roimhe. Do fhreagur an sean-laoch é,
aige rádha:



"Oileán an Fhásaigh Mhór is ainim don oileán
so, agus inghean do Ghruagach Oileán an Fhásaigh,
a bhí 'na rígh agus 'na ard-thriath air an tír so,
an bhean sin hall. Agus an t-am a d'éug Gruagach
an Oileán do bhí fathaich urghránna as críochaibh
Lochlann do ceann dreagun fair agus do tuile
trom-ghráidh don mhnaoi so. Agus mur do thug
sise fuath agus formut agus trom-dhúilteamh dhó,
do tháinig sé go ndeurna comhnaoi anna n-uaimh
atá air iomal an oileán so, do gríosadh do shíor
go dtug sé ár a muintir' agus gur sgrios sé an
t-oileán so. Agus sin an fathach réamh-ráidhte
do mharbh an t-óg-mhacaibh so an t-am do bhí
sé air eachtra san tíor so ó chianaibh. Agus a
haithle sin do pósadh mise leis an mhnaoi so.
Agus air n-a gclosmhun sin a gcríochaibh Lochlann,
do tháinig mac meódhanach an rígh le trí chéud


L. 94


laoch lán-chalma go hiomal an oileán so, san áiti
dá bhfuil mur longaibh-sa 'nis, agus do chomhrac
mise agus beagán buidhean do bhí agum leó air
ur an chuain sin, agus do marbadh mac an rígh
liom-sa a gcath aoinfhir. Agus air n-a fhacsaint
sin do na shlóighte, an méud nach ar marbadh oca do
theith siad uainn. Gidheagh, níor chian
na 'dhéigh sin go dtáinig an mac fa hóige don
rígh leis an uimhir chéudhna, do dhíothall bás a
dhearbhráthair; agus do marbhadh an fear sin
liom mur an gcéudhna mur aon le urmhór a
mhuintire. Agus do thairbhe sin tá an mac fo
shine dhíobhtha, eadhón, Amhairgin Crom-shúileach
air mo shuighe, agus ó nach bhfuil mé a
líon catha leis, mur tugadh ár mo mhuintire, is sé
sin fáth mo uamhain agus m' eagla. Agus thig siad
do ghnáth aige umramh fó chumhsaibh an chuain
so síos 'ndúil aire fhagháil oram. Agus shaolais-se
gurb iad a d'aitiann, an t-am do-choncas mur
longaibh-se ann."



"Beir buaidh agus beannacht," air Colla
Sgiathleathan, "má chualais le mo chluasa ariamh sgéula
air bith is binne liom nó an méud a d'aithris tú
dhúnn. Agus anis, aithris dhúnn an eólach thusa
air chríochaibh Lochlann, nó an bhfuil fios na
sligheadh agud go dí an áiti do gcomhnaoidhean
Amhairgin Crom-shúileach?"


L. 95


"Is eólach acheudhna," air an sean-laoch.



"Máiseadh, treóraidh sinne go cathair an fhir
sin, nó múin an tslighe dhúnn, agus do-bheirim-se
bhréithir dhut nach mbuarthann sé go bruinne
an bhráith tú arísd."



"Is deimhin," air an sean-laoch, "go seólaidhe
mé sibh, go dtreóraidhe mé sibh, agus go gcuideachaidh
mé fó mo dhíthioll libh. Ach air dtús
foillsidh damh-sa fáth mur n-eachtra don tíor so."



Is an sin do-chuaidh Colla Sgiath-leathan a
gceann sgéul, agus d'aithris dhó ó thús go deireamh
mur thug Amhairgin Crom-shúileach a bhean go
foiréigneach uadha, an feadh do bhí sé air tiomchuairt
aige 'n-a réamh-bhráthair, agus gur dá
tóruigheacht do thángadar don toisg so.



Is an sin do labhair an sean-laoch an dara
feacht, agus is sé ro-rádha:



"A rígh-mhíligh," air sé, "is truagh tuirseach
liom do sheanchus, agus is ro-dheacair na neithibh
sin do choimhlíonamh. Dún na Dabhcha Deirge
is ainm don chathair a gcomhnaoidhean an fear
sin ann. Tá slighe nó bealach lena dhol ann air
mur, agus slighe ele air tír; tá torr mór ard ann,
agus is ann sin do thasgaidhis sé na séud-chomharthaigh
agus gach seód uasal ele dá mbídheann
aige, agus is ann do chodlann sé an t-am a bhídheann
sé san mbaile; agus tá trí doirse ar an torr
sin, agus caogad laoch lán-chalma aige gach doras


L. 96


oca do shíor, a' déunamh faire agus forchoimheád
dhó; agus tá trí bealaigh aige fágbháil na ndoirse
sin, agus tá caogad coin allta an gach slighe oca,
agus ubhall nimhe air bharr gach ruibhe don
fhinneamh atá ortha, agus ní dtainig neoch saor
uabhtha ariamh gan mharbhadh. Agus ní dtig
le cabhlach 'theacht air mur chum an chuain sin,
nó sluagh nó sochruighe don tír, nach bhfaic se
uadh bharr an toirr sin sol do dtigidís fó na tríocha
céuda dhó. Agus tuilleamh ele, tá leannán aige
atá ro-líomhtha 'n-ealadhan draoigheachta, darb
ainm di Saghran na hUaimhe Móire, agus an t-am
do bheidhis a gcruaidh-chás nó a n-éigin air bith
do-bheir sí léighthe 'gcealtair dhraoigheachta uadh
n-a bhiodhbhuidhe é. Agus is dóigh liom-sa,"
air sé, "gurab annsa torr sin atá an bhean atá
sibh-se 'thóruigheacht a bhfolach. Agus sin a
bhfuil de sgéula agum-sa dhíbh," air sé.



"Máiseadh," air Conall Ceithearnnach, "créad
í an tslighe is indhéunta dhúnn a ghlacain anis?"



"Atá," air an sean-laoch, "tá mac meanmnach
mór-neartmhur ro-chalma agum-sa, agus curthad-sa
le mur muintir-se air an long é, mur aon le
caogad deagh-laochraidh nach dtug truigh air
gcúla riamh a gcath nó 'gcomhlann, agus seólaidh
sé an bealach dhóibh chum Cuain na Dabhcha
Deirge. Agus rachaidh mé féin libh-se da mur
treoramh air tír."


L. 97


Is an sin do mholadar cách go coitchean an
chomhairle sin. Goirtheas an sean-laoch a mhac
agus an caogad laoch sin chuige, agus nochtais
éirim na heachtra sin dhóibhthe, agus fo mhór a
n-urghardais uim an sgéul sin. Iarrais ann sin
ortha soigheach fíona do bhí san dún sin a thabhairt
leó, mur a raibh an chud ele do mhuintir Cholla
Sgiath-leathan aige an chuan, agus iad uile a dhol
leisean anna háiti sin. Gluasaidh an sean-laoch
roimhe agus an bhuidhean chalma sin 'na dhéigh,
go dtángadar chum na longaibh. Agus air dteacht
ann sin dhó, dálais deoch go fialmhur ortha.
Agus tráth budh subháilceach soilbhear cách da
dhruim na dighe sin do labhair an sean-laoch leó
agus is sé ro rádha:



"A bhuidhean chalma na lann líomhtha," air
sé, "tá mur n-eachtra cruaidh guasachtach don
toisg so. So mo aon-mhac féin do-bheirim dhíbh
an mur dtreóradh chum cuan Dún na Dabhcha
Deirge, agus bíodh sibh ansan chuan sin le héirigh
don ghréin air maidin iar n-a márach. Nach
fanadh sibh an mur longaibh féin aon mhoimente
air dteacht an sin dhíbh, ach léimthidh asteach a
longaibh na Lochlannach; nach tabhraidh cághas
nó ceathramh do aoin-neoch, nach bualaidh
beidhm claoidheamh nach dtrasgrachaidh sibh
dís nó triur leis, agus nach tugaidh sáthamh do


L. 98


shleagh nach bpollaidh sibh an uimhir chéudhna
leis, agus nach sguraidh dá dtuargain agus dá
ngearradh roimh go mbeidh sibh aige an torr.
Agus casfaidh mise agus an cúigear so ele dhíbh
an sin, agus beirim bréithir dhíbh nach a moghadh
a rachais ar n-aimsir a measg na gcon allta agus
na laochraidh neartmhur atá an súd romhainn.
Agus anis tá sibh cródha, tá sibh mór-neartmhur,
tá sibh meanmnach neamh-chlaortha. Cumhnaidh
m'fhocail, nach déunaidh dearmud de mo
chomhairle, beirthidh buaidh chosgair libh."



Air rádha an bheagán bhriathra sin leó, tillios
abhaile agus an cúigear curaidhibh réamhráidhte
leis. Ach tá ní cheudhna, air gcathamh
na haoidhche sin dhóibh, seal go subhach agus
seal go dubhach, go teacht na maidhne air n-a
márach, is an sin do ghluasadar rompa fó dhéin
Dhún na Dabhcha Deirge. Agus air dteacht néull
nóna agus ur-thosach aoidhche, do fuaradar iad
féin a ngar don rígh-chathair sin. Agus an t-am
do bhí lucht na caithreacha uile ann a dtrom-shuan
codlata do thug an sean-laoch leis na curaidhibh,
gur theisbeán dhóibh na trí rian do bhí 'dol
anna toirr, agus rádhais le Colla Sgiath-leathan é
bealach oca sin a ghlacan agus é an Fear Dia
do thabhairt leis, agus iarrais air Chonall


L. 99


Cheithearnnach agus air Lughaidh mhac Nos a dhol
chuige rian ele oca, agus go rachadh sé féin agus
Cú Chuilinn chuige an treas rian.



"Agus anis," air sé, "tá caogad coin allta
agus caogad laoch calma curata le casgairt aige
gach ndís agabh; cumhnaidh, teilgidh na hubhla
nimhe de na coinibh le mur gclaoidheamh, agus
sleaghaidh na laochraidh. Agus nach faicim-se
goin sleagha nó cneadh claoidheamh a gcorp nó
a gcnis aoin agabh a ndéigh an chomhraic, nó lorg
fiacuil coin a gcois nó 'láimh libh. Agus anis ó
tá gach neoch eadra duine agus ainmhidh 'na
dtrom-shuan, is riachtanach dhúnn tosach, ionnus
go mbeidh ar gcomhrac críochnaidh le fuinne an
lae."



A haithle na mbriathra mór-mheanmnach sin
glacais gach dís oca a rian féin. Agus an t-am do
shéid an sean-laoch feadán sighe-bhinn do bhí aige
do thionsgain siad. Agus an laoch nó an choin
do bhí 'na mhosgladh, do thut sé 'na shuan air
gclosmhunt an cheoil sin, ionnus go ndeachadar
tríd iad dá dtrasgairt agus do ngearradh, dá
dtuargain agus dá leadradh mur sheabhac tríd
ealta, nó mur leómhan tríd maoith-thréud ar
mhodh nach ar léigeadar fear iomchair na sgéula
beó as.



Dála lucht na longaibh, bhíodar a dol a


L. 100


dh'ionnsuighe leis an chabhlach an t-am do bhí a ngnoithe
críochnaidh aige an tsean-laoch agus aige na
curaidhibh. Rádhais an sean-laoch le Cú Chuilinn,
an Fear Dia, Lughaidh mhac Nos agus é fein a
dhol síos go hiomal an chuain, 'ndóigh gé bé hé
do rachadh a rian teithe do Lochlonnaigh do
longaibh go marbhthadh siad iad air dteacht a
dtír dhóibh, agus Conall Ceithearnnach agus Colla
Sgiath-leathan fuireach aige an torr a' déunamh
faire agus forchoimheád, 'ndóigh má bhí
Amhairgin Crom-shúileach ann, go dtucfadh sé
amach air facsaint dearg-ár a mhuintire.



A haithle sin triallais an ceathrar réamhráidhte
rompa go hiomal an chuan. Agus tráth chonairc
a mhac an sean-laoch a' feitheamh ortha, agus
na hUlltaigh agus na curaidhibh gan ghoin gan
chréucht, d'éirigh a n-eagainte agus a meanmna,
agus dhúblaidh a neart agus a gcródhacht agus
d'ardaigh a lon fíoch agus feirge, ionnus go raibh
Lochlannaigh a' tuitim rompa mur bhláth na
gcraobh le linn sonnamh sighe gaoithe. Agus an
méud do theith oca fó dhéin an chuain a' seachnadh
faobhar na lann líomhtha, do marbhadh leis an


L. 101


cheathrar cath-bhuadhach réamhráidhte iad,
ionnus nach ar fhágadar fear iomchair sgéithe nó
claoidheamh fó Dhun na Dabhcha Deirge da
Lochlannaigh beó ann a bheatha nach ar mharbh
nó nach ar bháth siad.



Ciodh trácht, air ndúsgadhugh do Amhairgin
Crom-shúileach air maidin féuchais amach de bharr
an toirr agus chídhis an slaod-mharbhadh agus
an lom-argain do-rinne air a mhuintir. Do thug
sé suigheadh borb-mhire fó dhéin dorais an toirr
a' dol amach. Agus tigidh Saghran na hUaimhe
Móire air eitil ós cionn an toirr, óir foillseadh di
tré rúindhiamhur a healadhna Amhairgin Crom-shúileach
a bheith 'ngéibhinn; agus curthais
cealtair dhraoigheachta fair ionnus gur thóg sí
léighthe a gcoimheadacht na gaoithe glan-fhuaire
amach as a radharc é.



Ach tá ní cheudhna, air gcríochnadh an chomhraic
do lucht na longaibh, agus ó nach raibh níos
mó le marbhadh oca do chrunnadar uile hart fón
torr gan chneadh gan chréucht. Is an sin do-chuadar
asteach ann, agus níor fhágadar méud
a'n orlaigh ann ó mhullach go lár nach ar chuartadar
mur ndúl go raibh Eilinn Sgiamhach a
bhfolach ann; gidheagh, ní bhfuaradar ann í. A
haithle sin do thugadar an méud ór agus iolmhaoine
eadra seódaibh mic ríghthe agus roi-thighearna
do raibh ann leófa fó dhéin na longaibh.


L. 102


Rádhais Conall Ceithearnnach leó fuireach ansa
torr an aoidhche sin, mur ndul go dtabhradh
Amhairgin Crom-shúileach ath-chasadh a
dh'fhéuchaint an ármhach do-rinneadh air a mhuintir, agus
mur sin go m'fhéidir leó a fhagháil. Ach tá ní
cheudhna, fanais an sean-laoch agus a chúigear
compánach ó chianaibh annsa torr an aoidhche
sin, agus chuaidh an chud ele de na laochraidh
go longaibh na Lochlannach, gur chomhnaoi ionnta
go héirigh don ghréin go lán-shoilseach air n-a
marach. Agus ó nach dtáinig sé, do thógadar leó
gidh bé éideamh agus earraigh beatha agus airm,
fíontaigh milse agus leanntaigh láidir dá raibh
a nDún na Dabhcha Deirge gusna longaibh, agus
do churadar teinte agus teineálach ansa torr, gur
fhágadar na 'ghual ghrís-bheó é agus an ríogh-chathair
uile. Tigis as sin go longaibh na Lochlannach,
agus tugais iomad oca leó líonta de gach
hollmhaithis dár tharla leó go hOileán an Fhásaigh,
gur líon dún an tsean-laoch leófa.



A haithle sin rádhais an sean-laoch leó uile a
theacht do dhún-san an aoidhche sin, óir nach
arbh eagal dhóibh duath nó dochar ó Lochlanaibh
níos mó, agus nach bhaoghal do na longaibh nó
do nídh air bith do raibh ionnta. Crunnaidhis
na laochraidh mór-ghníomhach oirdheirc sin go
dún-phurt Oileán an Fhásaigh, mur ar friáthladh
go fialmhur onóireach iad air feadh seachtmhaine


L. 103


de bhiadhaibh saora so-bhlasda agus le deocha
garga gabháltach thugadar leó ó Dhún na Dabhcha
Deirge. Agus a gcionn na rae agus na haimsire
sin do labhair an sean-laoch do ghuth ard fhalláin
a bhfiaghnuise na mór-shlóighte sin, agus is sé
adubhairt:



"A chairde ionmhun agus a bhuidhean chródha
is feurr gail agus gníomha gaisge a gcath agus a
gcruadh-chomhrac dár iomchar lann nó sleagh a
gcomhlann ariamh, is mór m'urghardais fó mur
ngníomha 'measg na Lochlannach air mur n-eachtra
don toisg so. Ní heagal dhúinne a bhfuath nó
a bhfearg ó so suas. Gidheagh, ó nach bhfuar
maoinn Amhairgin Crom-shúileach a chlaoith nó
an ríogun sin atá na laochraidh so 'a thóruigheacht
a dh'fhacsaint nó 'fhagháil, is doigh liom nach tráth
mailís' é gan a ruagadh as gach hionad foluighe
dá bhfuil aige go ndéuntar a dhíthcheannadh linn,
d'aimhdheóin a bheart agus asarluigheacht a
leannán, .i. Saghran na hUaimhe Móire. Agus
anis," ar sé, "is sí mo chomhairle féin dhíbh gach
deichneamhur agaibh a dhol le gualann a chéile
agus gan uaimh talamhna, cuais cairrge, bionn
sléibhe, diamhur coilleadh, suighe nó cathraigh,
cuan nó cala-phurt, dún nó daingneach 'fhágbhál
a gcríochaibh Lochlan nach gcuartachaidh sibh
fón ríogun úd, agus munach bhfughaidh sibh ann sin


L. 104


í a dhol fó na críocha is neasa dhó, agus
munach ar mharbh an biothbhuanach úd í ní
baoghal dhíbh gan a fagháil. Agus air an modh
sin b'fhéidir go dtarla Amhairgin Crom-shúileach
libh; agus gidh bé agaibh a chífis é agus a
leigfis uadha é luigheam fóm armaibh gaisge go
gcurthaid 'an bás pianamhul é, súd is gurb é
m'aon-mhac féin é. Agus tuilleamh ele adeirim
libh," air sé, "ní bhfuil neoch de mo mhuintir-se
nach bhfuil eólas chríochabh Lochlan aige, agus
ó nach bhfuil sin aige do mhuintir-se," air sé le
Conall Ceithearnnach, "coimhmheasgaidh maoinn
iad ionnus go seólaidh siad gach bealach uaigneach
dhóibh."



Rádhais cách go coitcheann gurab ionmholta
an chomhairle í sin, agus leis an chomhairle sin
do choimheád go beacht nach arbh eagal dhóibh
gan a n-iarraidh a dh'fhagháil. Is an sin do
labhair mac an tsean-laoich leis, agus is sé ro rádha:



"Is oircheas dhuit-se na laochraidh so a
riaghladh."



"Is seadh acheudhna," air an sean-laoch, "agus
gaibh-se ceannus naonmhur oca, agus Colla
Sgiathleathan ceannus naonmhur, agus Conall
Ceithearnnach ceannus naonmhur, agus an Fear Dia
ceannus naonmhur agus Lughaidh mhac Nos
ceannus naonmhur agus gach taoiseach de ma


L. 105


mhuintir féin ceannus naonmhur, agus gach
taoiseach do mhuintir na hÉirinne ceannus naonmhur,
agus beidh an t-óg-mhacaibh so, eadhón,
Cú Chuilinn, liom-sa an gach conair da rachaid.
Agus is dhíbh gach buidhean agaibh do bheith
air amharc a chéile, ionnus go rachaidh fuam mur
ngotha tréas an iomlán agaibh, agus go mbeidh
mur gcuideamh a gceann a chéile ann gach bealach
guasachtach. Ná fullanghaidh easonóir uadh
aoin-neach, agus ní mó a leigfis sibh fear beó
ann a bheatha dá bhfacfaidh sibh, agus ós ceann
an uile nídh bíodh sibh air bhfaireachas air amsugh
draoigheachta na tire sin nó air aithmhilleamh
Saghran na hUamha Móire, agus tugaidh do mur
n-aire gidh bé neoch do bhfacfaid-se cneadh nó
aáa fair ó arm laoch nó gasgaidheach, air dtilleamh
dó tar ais, go sleaghachaid-se é gan chogal."



A haithle na mbriathra meanmnach
mór-mheisneamhul sin do shínidear amach teacht
moch na maidhne air n-a márach, agus gach
taoiseach díobh a réum-thosach a bhuidhne féin,
agus bhíodar uile 'an cruinneadh a gceann a chéile
teacht neóin gach lae, agus a n-eachtra d'aithris
do chách ele.



Ach tá ní cheudhna, do thugadar ucht air dtús
air Dhún na Dabhcha Deirge, agus ní bhfuaradar
neoch beó inti. Ghluasadar rompa feadh trí lá
mur sin, agus (air) dteacht néull nóna gach lá


L. 106


oca ní raibh aoin-fhocal le haithris aige ceachtar
dhíobhtha agus air an ceathramh lá do tháinig
cud oca ós ceann glinne dubh duabhseach air n-a
fholach le ceó doilbhe draoigheachta, ionnus nach
raibh sé air a gcumas a dhol aoin-chéim air aghaidh
ann. Ciodh trácht, air dteacht go bruach an
ghlinne dóibh, do-chualadar na ceóltaigh budh
binne dár sinneamh ariamh, agus ní bhfacadar
aonneoch, ach tá ní cheudhna, air gclosmhunt an
cheóil sin dhóibh do thutadar anna suan ro-throm,
ionnus nach rabhadar le facsaint air dteacht
dheireadh lae a measg chách. Thugadar as an
aoidhche sin go teacht mhoch na maidhne air n-a
márach. Is an sin do-chuaidh an Fear Dia agus
Colla Sgiath-leathan lena mbuidhean go bruach
an ghleanna mur' bhfuaradar 'na gcodlamh ann sin
iad. Dúsgair leofa iad, agus fón tráth sin bhí
an ceó glan ionnus gur léur dhóibh an gleann ón
gceann 'na chéile de.



Ciodh trácht, air dteacht na haoidhche, tráth
thángadar a gceann a chéile, d'fhoilsidh siad gach
nídh dár tharla dhóibh a n-éisdeacht chách. A
haithle sin do-chuadar uile chum an ghleanna sin,
gur timchiolladh leó é, agus air n-a chuartadh go
grinn leó do fuaradar béul uamha caol ann. Air n-a
fhacsaint sin dhóibh téid Colla Sgiath-leathan
agus Conall Ceithearnnach asteach innti. Agus
tar éis iad a dhol a bhfad air aghaidh innti
do fuaradar leaba air n-a folach de éideamh


L. 107


fíor-uasal, agus teine air n-a mhúchadh, agus lóchran
loinneartha lán-shoilseach lasda ann. Glacais
meisneach mhór air sin, agus leanadar an uaimh
nó go dtangadar amach aige an cheann ele dí,
agus ní bhfacadar níos mó do chomhartha. Agas
air dteacht amach dhóibh nochtais do chách a
bhfacadar. Rádhais an sean-laoch leó gurab
ann sin do chodlaidh Amhairgin Crom-shúileach aréir,
agus gurb í Saghran na hUaimhe Móire do chur
an ceó duilbhe draoigheachta 'na thimchioll, agus
do bhí 'déunamh ceóil dhóibh-sin, go gcodlachadh
sé a néull, agus a ghoid léighthe le fuinne an lae é.



"Is beag tairbhe di san imirce sin," air Cú
Chuilinn, "óir má shubhlam-sa an domhun mór
'na déigh ní sguram nó go marbhthaid í."



Ach tá ní cheudhna, do shuigheadar síos a
gceann a chéile air bhruach an ghleana a' chathamh
a gcoda; agus níor chian dhóibh amhluighe sin
an t-am do chualadar torann agus tormán ro-mhór
a n-airde as a gceann amhul fuam iomad carbat,
agus bhí dluamh dhorcha a' tuitim 'na dtimchioll
agus bhí sé a' ceathadh nimhe agus ráimh anuas
'na measg. Féuchais Cú Chuilinn suas as a
chionn, agus chídhis feaghair mná a n-airde san
cheó. Èirghis 'na sheasamh go prab athlaimh,
agus tarrangais ubhall nimhe as cuimhreach a
sgéithe go dtug rotha an urchar di, go dtarla a


L. 108


gceart-lar a héadan í, go dtug a hinchin siar
seachtair tré chúl a ceann, gur thut sí anuais
marbh a bhfiaghnuise na sluaigh. Agus a bprab
na súl d'imthidh an ceó uabhtha.



"Beir buaidhe agus beannacht, 'óg-mhacaibh,"
air an sean-laoch, "má chonairc a'n urchar ariamh
comh maith le d'urchar, óir móidiom fó na
déithibh gurb í sin Saghrann na hUaimhe Móire
do mharbhthais, agus nach bhfaic sibh mur ghlan
an ceó air dtuitim go talamhun di?"



"Agus anis ó nach bhfuil neoch aige Amhairgin
Crom-shúileach a dhéunas 'anacal nó iomcharas
as géibhinn é, do-bheirim-se bréithir dhut," air
Cú Chuilinn, "má chím-se amharc da ma shúile
fair an fhear sin go dtabhraidh mé sásamh na
callaigh úd dhó."



Is an sin do labhair Colla Sgiath-leathan le Cú
Chuilinn, aige rádha:



"Athchungam tú mur charad dhílios, gidh go
bhfacaidh tu é, nach marbh é, nó go bhfuighead
m'fhíoch agus faobhar mo lainne do chosg fair a
n-éiric gach maslamh agus easonóir do dtug sé
dhamh."



"Is deimhin," air Cú Chuilinn, "go bhfuighe
tú an athchuinge sin agus níos mó dá n-iarrfá é.
Gidheagh, is dóigh liom-sa," air sé, "gur cóir
dhúnn uile furach a ngoire do bhéul na huaimhe


L. 109


so anocht, óir is cosmhul go dtucfaidh an fear
úd fó dhéin a leapa, óir saoilfidh sé gur dhibir nó
gur dhíthcheannaidh an leannán úd a bhí aige,
agus nach mbídhean go bráth arísd sinne go hiomlán."



A haithle sin d'fhanadar fó bhruachaibh an
ghleanna sin a bhfogas do bhéul na huaimhe air
feadh na haoidhche sin gan suain nó codlamh go
héirigh don ghréin air n-a márach; agus ní
bhfacadar a' teacht é. Goirthis an sean-laoch
ortha a gceann a chéile air sin 'un comhairle
chríochnamh créad dob indhéunta dhóibh a dhéunamh
nó cia an tslighe dob fheurr dhóibh a ghlacadh.
Gidheagh, níor cineadh an chomhairle leó an t-am
do chídead óglach beódha aige trasnamh an
ghleanna agus a' déanamh déine luathas chuca,
agus ionnall draoi fair.



Èirghis an sean-laoch a' dol a sgaolamh gath an
t-am do choisg Conall Ceithearnnach é.



"Créad fó ndeurnas súd?" air an sean-laoch.



"Leig as go fóill," ar Conall Ceithearnnach,
"go bhfiosfamaois cia tá ann."



Ach tá ní cheudhna, air dteacht don óglach a
bhfogus dhoibh éirghis Conall Ceithearnnach 'na
choinne, agus iadhais a dhá láimh fóna bhrághaid,
agus toirbhris póga go dil agus go díochrach dhó.


L. 110


Èirghis Cú Chuilinn, an Fear Dia agus Lughaidh
mhac Nos, agus do thugadar póga iomdha dhó
mur an gcéudhna. Do ghlac iongnadh agus
uathbhás mór an sean-laoch agus a mhuintir fó
gurbh aithne do mhuintir na hÈirinne neoch air
bith san tír sin; gidheagh, níor fhiafradar a
theachta dhíobhtha, agus ní mó a d'aithris siad
a seanchas dóibh, ach tair éis comhrádh gearr leó
do labhair an t-óglach sin, agus is sé dubhrais:



"A Chú Chuilinn," air sé, "créad fár mharbhais
mo bhuime?"



"Bheirim bréithir dhut, a chomhdhalta, "air
Cú Chuilinn, "nach ngéillfinn di do mbeidh sí 'na
buime agum féin an t-am úd."



"A Chú Chuilinn," air sé, "nach dtug urchar
a n-iomroill ariamh, muna bé gur mharbh tú í a
d'aon urchar ní bhfágfadh aonneoch an gleann so
beó go bráth. Agus, a Chonaill Cheithearnnaigh,"
air sé, "airis damh-sa créad do ghluais don tír so
sibh don toisg so."



"Atá," air Conall Ceithearnach, "do
dhearbhshur-sa do pósadh le mac rígh Uladh ó Aileach
Néid, agus mur chuaidh sgéal tríd an domhan
mór air áille a deilbh, agus mur do chualaidh mac
rígh Lochlann sin, do-chuaidh sé cabhlach cheithre
long go hÈirinn, go dtug air shubhal go foiréigneach
leis í go críochaibh Lochlann an feadh do bhí a


L. 111


fear aige cathamh fleadha againne a n-Eamhun.
Agus thángamar leis don tír so dá tóruigheacht,"
air sé.



"An bhfuair an bhean sin fear a diongmhála?"
air an draoi.



"Dá mbeidh sí 'na inghean aige rígh an domhain,
agus gan a bheith da oighre aige ach í, budh díol
céile di é," air Conall Ceithearnnach.



"Goir chugainn é," air an draoi.



Goirthis Conall Colla Sgiath-leathan chuige, aige
rádha:



"Súd é."



Èirghis an draoi, agus beirthis air chaol crotha
fair, agus feiris fáilte roimhe leis, agus tugais
teóra póg dhó, aige rádha:



"Is dóigh liom, a Chonall, nach ar aithris tú
bréug dhamh."



"Níor aithris acheudhna," air Conall
Ceithearnnach.



Rádhais an draoi leó uile a dhol tar ais an
aoidhche sin go hOileán an Fhásaigh go gcurfadais
a gcomhairle 'gceann a chéile créad is indhéunta
dhóibh.



A haithle sin gluasad rompa go hOileán an
Fhásaigh Mhór. Agus ní aithristear a n-imtheacht
go dtangadar go dún an tsean-laoch reamhráidhte,
áiti dar friáthladh go huasal onóireach iad le rogha
gach bídhe agus le togha gach dighe, eadhón, le
fíontaigh dearg Spáinneach agus leann láidir


L. 112


Lochlannach, mur aon le deocha garga gabháltach'
agus deocha milse meisgeamhla, ionnus go
ndeurnadar trí trian don aoidhche sin, eadhón, trian le
hól, trian le ceól, agus trian le trom-cheann
suain agus sáimh-chodlata, go héirigh don ghréin
go lán-shoilseach air n-a márach. Agus air
gcathamh tomhaltais dhóibh do labhair an draoi
sin leó, darbh ainim dílios Connla
Ceart-bhriathrach, agus is sé ro rádha:



"Gach aon dár mian leis fios a dh'fhagháil cia
bhfuil Amhairgin Crom-shúileach a bhfolach, nó
cia hionad da bhfuil an ríogun úd atá na curaidhibh
so a thóruigheacht a ngéibhinn aige, tigeadh sé
liom-sa, óir is a ngéibhinn chruaich atá sí aige ón
lá do thug sé 'un na tíre so í air dtus. Óir an
t-am do chur sé air bord longa í do chur sí fó
gheasaibh druma draoigheachta é, agus sin do
dhruim uisge, an nídh (nach) féidir a bhriseadh
nó 'sgaoileadh, gan luighe nó leannánacht nó feas
leapa do dhéunamh léighthe, gan suighe nó chomhnaoi
nó codlamh, nó go fiú seasamh a n-aontuigh
léighthe go ceann lá agus bliaghan."



Dubhradar d'aon-ghoth go rachadais uile leis.



"Ní féidir sin," air sé, "óir tucfaidh mac rígh na
Dreóllaine Móire le cabhlach tréun anuigh ann


L. 113


mur gcuan anna dún so agus an t-oileán a sgrios,
agus is riachtanach dhíbh a bheith aige mur
longaibh dá n-anacal air. Agus tusa," air sé leis
an tsean-laoch, "tráth thucfais mac rígh na
Dreóllaine anna chuan tabhair an fáinne so dhó,
agus abair leis a theacht don dún so anocht, agus
nach ceasnaoithear thu 'na dhéigh sin."



A haithle sin triallais Conall Ceithearnnach, an
Fear Dia, Lughaidh mhac Nois, Cú Chuilin agus
Colla Sgiath-leathan leis an draoi. Agus ní
aithristar sgéaluigheacht ortha go dtángadar go
hiomal loch mhór leathan-bháite. Agus is amhluighe
do bhí an loch sin: do bhí oileán beag
astuigh ann a cheart-lár agus buinne geal álunn
caisleán tógthaidh fair, agus gan slighe cosaidh
nó marcaigh chuige, agus ní mó bhí báda nó curach
fair an loch sin anna dhol air ais nó air aghaidh
ann. Agus an uair a thángadar go hiomal an
locha rádhais an draoi le Colla Sgiath-leathan:



"Anis, a rígh-mhíligh, tá trí doirse air an
chaisleán sin, agus tá an fear atá sibh-se 'thóruigheacht
shuas a mbarr an chaisleán, agus is éigin
dhuit-se a dhol chuige an dorais atá ar a' taobh
thuagh don chaislean, agus Conall Ceithearnnach
chuige an dorais atá don taobh dheas, agus Cú
Chuilinn chuige an dorais atá don taobh shiar,
agus bristear libh na trí doirse 'n-aon am, agus
tucfaidh an fear sin anuas agus bhéarthaidh


L. 114


iarraidh a dhol amach air dhorais oca; agus gidh
agaibh a dtigidh sé chuige ceangladh sé é, agus
tugadh sé beó an so é. Agus so brat dhut a
bhéarthais anonn agus anall sabháilte sibh."



A haithle sin curthais an triar gasgaidheach sin
an brat 'na dtimchioll, agus bheireadar ucht air
an loch gur shubhaladar anonn tiriom-chosach
uirthi. Téid gach fear dhíobhtha chuige an doras
a hiarradh fair, agus a bprab na súl bualadar a
dtrí béidhme ro-neartmhur air na doirse, go
gclosfaidh fó trúiche céuda budh choimhneasa
dhóibh fuam na dtrí bhuille sin. Léimthis
Amhairgin Crom-shúileach fó dhéin an dorais do
raibh Colla Sgiath-leathan aige , agus beirthis fó
thlacht a chuirp air, go dtug ceangal na gcúig
caol go daor do-sgaoilte fair, agus goirthis chuige
a dhís compánach. Agus tráth chonairc an
biothamhnach sin iad b'fheurr leis a (bheith)
báite san loch nó a bheith beó. Ciodh trácht,
curthais na laochraidh sin an brat 'na dtimchioll
an dara feacht, go dtángadar a dtír mur a raibh
an draoi, agus leigis Amhairgin Crom-shúileach
síos aige 'chosa.



"Is dóigh liom gur maith na teachta sibh,"
air an draoi, "agus anis, a Cholla Sgiath-leathan,"
air sé, "cur an brat sin da thimchioll arísd, agus
gaibh chuige caol-dhorais atá don taobh shiar
astuigh ansa chaisleán, agus goir da chéile chugad."



Air n-a chlosmhunt sin do Cholla Sgiath-leathan


L. 115


tugas láimh air an bhrat go héasguidhe athlaimh,
agus tugais baoith-léim ard lán-éusgaidh, go raibh
sé a lár an locha a dh'aoin-chéim, agus air an dara
coiscéim go raibh sé ar urlár an chaisleán. Agus air
dteacht gusan chaol-dhoras réamhráidhte,
gárthais amach do ghuth mhór ard fhollas-ghlan,
aige rádha: "'Eilinn! 'Eilinn!"



Do fhreagar sise é go faon-laig aige rádha:
"Tá mé ann so a gcuibhreach."



Air n-a gclosmhunt sin do Cholla Sgiath-leathan,
léimthis go prab fóna déin, gur raob an cuibhreach
a bhí dá ceangal, agus go dtug teóra póg di. Is
an sin fiafrais an ríogun sin de Cholla Sgiath-
leathan cionnus mur tháinig sé ann sin, nó cá
raibh Amhairgin Crom-shúileach.



"Subhail go bhfacaidh tú," air sé.



A haithle sin do chur sé an brat 'na dtimchioll
araon go dtángadar mur a raibh na curaidhibh,
an draoi, agus Amhairgin Crom-shúileach ceangailte.
Ach tá ní cheudhna, air bhféuchaint
'na timchioll di do aithineas na curaidhibh,
agus do thoirbhear sí póga go dil agus go díochrach
dhóibh. Féuchais an dara feacht ar Amhairgin
Crom-shuileach, aige rádha:



"Cia hé an biothamhnach a cheangal thusa,
a thréun-laoch? "


L. 116


Do fhreagair sé sin í, aige rádha gurb é Colla
Sgiath-leathan do cheangal é.



"Ní bhféidear-sa bheith níos faide a gcuibhreach
aige," air sí.



Agus air n-a rádha sin dí, tugais láimh thapaidh
air an tsleagh do bhí a láimh Cholla Sgiath-leathan,
agus tugas sáthamh sanntach fír-nimhneach dó,
go dtarla 'n-urbhruinn Amhairgin Chrom-shuileach
é, gur leig 'abach agus ionar ar lár an mhagha.



"Dar liom, a ríogun," air an draoi, "is feargach a
bhualais tú da bhuille."



"Nach cur-se sin a n-iongnadh 'óg-ghasgaidhe,"
air sí, "a ndéigh dar fhullaing mé ó láimhe an
bhiothamhnaigh úd le haimsir fhada."



"Bheirim ro-gheallamh dhut," air an draoi,
"nach bhfullangan tú níos mó uadha. Gabhaidhse
an brat mur dtimchioll arísd," air an draoi,
"agus má gheabh sibh ór nó iolmhaoin san dún
sin tugaidh libh é, agus 'na dhéigh sin fágaidh 'na
ghual ghrís-bheó é."



Do rinneadar-san sin, agus fuaradar mórán
seidhbhris ann, agus air creachadh an chaisleán
dhóibh churadar teinte agus teineálach ann, gur
fhágadar 'na dhóighthir dhonn-ruadh dhearg-
lasracha é. Rádhais an draoi leó air sin gur
mhithid dhóibh a bheith 'triall go hOileán an
Fhásaigh Mhór. Rádhas an ríogun nach rachadh
a beó nó a marbh go bráth go hÉirinn gan ceann


L. 117


Amhairgin Crom-shúileach do bheith léighthe.
Agus air sin bainis a cheann de, agus triallais
rompa air sm.



Dála an tsean-laoich réamhráidhte, triallais féin
agus a shlóighte go hur an chuain mur a raibh
longa na gcuraidhibh. Agus níor chian dhóibh
ann a haithle sin an t-am do-choncadar cabhlach
mór chuca go ndíorach chum an chuain; agus
air bhfacsaint an sluagh armach rompa air na
longabh a thugadar leó ó Dhún na Dabhcha
Deirge, iarrais mac rígh na Dreóllaine a n-ionsuighe
gan chogal.



"Ní hamhluighe sin," air an sean-laoch, "bí
trócaireach, agus glac-sa an seód so uadh do
sheirbhíseach bith-dhílios."



Agus air n-a rádha sin dhó síonais an fáinne
thug an draoi dhó do mhac rígh na Dreóllaine,
aige rádha:



"Gluais liom-sa oidheacht na haoidhche 'nocht."



Beirthis mac rígh na Dreóllaine air an fháine,
agus air bhféuchaint fair beirthis air láimh air an
tsean-laoch, agus iarrais do ghuth mhór ard air a
chabhlach gan díth nó dochar a dhéunamh "do
nídh ar bith dá mbainthin leis an fhear so," go
dtigeadh sé féin chuca air ais arísd. Gluasais
leis an tsean-laoch agus lena mhuintir air sin fó
dhéin a dhún-phurt. Agus air dteacht go faich


L. 118


na caithreacha sin dhóibh do-chídear Colla Sgiath-
leathan agus Eilinn Sgiamhach a' teacht a tosach
agus ceann Amhairgin Crom-shúileach leó, agus
an draoi agus Conall Ceíthearnnach, Cú Chuilinn,
Lughaidh mhac Nois agus an Fear Dia go dlúth
lena sáile. Agus an t-am do chas mac rígh na
Dreóllainne, an draoi, agus na curaidhibh le chéile
ní féidir le teanga 'o ghlice a n-urghardas a d'insing.
Chuadar asteach san dún ar sin mur ar friáthladh
iad go fial flathamhul.



Agus air gcathamh a leórdhóchain bídhe agus
dighe dhóibh air sin, fiafrais mac rígh na Dreóllaine
de Chonall Ceithearnnach créad do ghluais don
tír sin é. Do fhreagair Conall Ceithearnach é, aige
rádha gur "rug mac rígh Lochlann an bhean sin
hall go foiréigneach leis uadh an ríogh-laoch sin
lena taobh, an feadh do bhí féin a' cathamh fleagha
aguine a nEamhun Mhacha; agus tháinig sinne
leis do tóruigheacht don tír so; agus sgrios
maoinn Dúin na Dabhcha Deirge, eadhón, baile
comhnaoi an rígh, ionnus nach ar fhág sinne
duine nó ainmhidh beó san chathair sin; gidheagh,
ghoid Saghrann na hUamha Móire é féin uann an
t-am sin, ach do mharbh Cú Chuilinn í féin 'na
dhéigh le hubhall neimhe as cuimhreach a sgéithe,
agus i a n-airde as ar gceann dár ndíthcheannadh
le trom-cheatha nimhe."



"Agus cionnus mur fuair sibh e 'na dhéigh sin?"
air mac righ na Dreóllaine.



"Atá," air Conall Ceithearnnach, "foillseadh


L. 119


do Chonnla Ceart-bhriathrach tré rúndhiamhur
ealadhna sinne do bheith air siabhradh seachrán,
agus tháinig sé chugann anae, agus thug sé sinne
leis anugh mur bhfuair maoinn anna gcaisleán a
lár locha mhór é, agus an ríogun sin hall a gcuibhreach
chruaich aige ann; agus thugamur ceangailte
linne ón loch é; agus an t-am do sgaoileadh don
mhnaoi sin do mharbh sí le sleagh a céile é, agus
tair éis sin do bhain sí a cheann de lena láimhe
féin, agus aig sin aicí é," air Conall Ceithearnnach.
"Agus anis," air sé, "cionnus mur tharla dhuitse
casamh linne ann so anocht, nó cionnus mur
chualais sgéula uann?"



"Ní gcualais aon-fhocal de mur n-eachtra go
n-uige so," air mac rígh na Dreollaine, "ach
thángas do ghlacan urlámhas an oileán so le mo
chabhlach, agus tráth tháinig mé anna chuain so
síos chas an ridire sin hall oram, agus thug an
fáinne so dhamh, agus d'iarr sé oram a theacht
leis don dún so anocht, agus mur d'aithne mise
gurab é fáinne Chonla Cheart-bhriathraigh é budh
héigin dhamh a theacht fóna dhéin. Agus aig
sin fáth mo thurais don dún so anocht," air sé.



Is an sin do labhair Conla Ceart-bhriathrach, agus
is sé ro rádha:



"Créad da sheilbh sinsireacht air an oileán
so?" air sé.



"Ní féidir dhamh sin," air mac rígh na
Dreóllaine.


L. 120


"A haille sin," air an draoi, "till-sa abhaile
arísd gan dochar 'a dhéunamh do lucht an teaghlaigh
so, agus nach hamhairc don taobh so go bráth arísd."



"Dhéunaid go deimhin," air mac rígh na
Dreóllaine, "óir is éigin dhamh a bheith umhal dhut."



Is an sin do labhair an draoi an dara feacht,
aige rádha:



"A Chonaill Cheithearnnaigh, na dtug breith
chlaon nó éigceart air dhuais ariamh, créad mur
dhéunais tú le rígheachta Amhairgin Crom-shúileach
anis?"



"Máiseadh," air Conall Ceithearnnach, "tá mac
meanmnach móir-ghníomhach aige fear an tuighe
so a bhfuileamud ann anis, agus is deagh-laoch é
a gcath agus a gcomhlann, agus budh mhaith an
ursa chomhlann é féin agus 'athair dhúinne ó
tháinig maoin don tír so, agus do bhrígh sin
bheirim-se seilbh na rígheachta sin dhó, agus beidh
sé féin agus 'athair 'na gcuideamh aige chéile a
n-aghaidh an-orlan eachtran."



Rádhais cách go coitchean gur breith chomhthrom
chneasda í sin, agus budh mhór buidheachus an
tsean-laoich agus a theaghlaigh fón bhreith
sin. Is an sin do labhair an sean-laoch leis an
draoi, agus is sé ro rádha:



"Athchuingim thu, a óg-mhacaibh, aithris anis


L. 121


dhamh cia thú féin, cia hainim thú, cia tír dhut, agus
cionnus darbh éigin do mhac rígh na Dreóllaine
Móire a bheith ómóideach dhut? "



"Tá sgéula fada le haithris air sin," air sé, "gé
nach bhfuil sé a bhfolach air a lán dá bhfuil
an so a láthair, óir d'fhuasgail mé mac rígh na
Dreóllaine as géibhinn chruaich roimhe so."



"Do-rinnis go deimhin," air mac rígh na
Dreóllaine.



"Agus d'fhuasgail mé do na curaidhibh so as a
ngeasaibh roimhe so," air sé.



"Do-rinneas go lán-dhearbhtha," air siad.



"Agus anis tháinig mé 'a thabhairt fuasgailt
don ríogun so as a cruaidh-ghéibhinn féin agus a
tabhairt dona céile, óir is fear dingmheala di féin
nó do mhnaoi air bhith ele san domhan é. Agus
bíodh fhios agaibh uile gur mac rígh uasal oirdheirc
mé, agus gur dearbhshúir dhamh an ríogun so,
agus gur comhdhalta do na curaidhibh uile mé,
agus gur Conla Ceart-bhriathrach is ainim dílios
dhamh," air sé.



A haithle na mbriathra sin iadhais Eilinn
Sgiamhach agus Colla Sgiath-leathan a láimhe
fóna bhrághad, agus thug teóra póg dhó.



Ach tá ní cheudhna, air gcathamh na haoidhche
sin dhóibh go subhach soi-mheanmnach a gceann
a chéile, rádhais Conall Ceithearnach gur mhithid
dhóibh triall abhaile. Agus air chlosmhunt na
mbriathra sin don tsean-laoch agus do theaghlach


L. 122


budh mhór a dtuirse uime. Gidheagh, air dteacht
mhoch na maidhne air n-a márach, do ghluasadar
ann a' chuain fó dhéin a longaibh, agus do-chuaidh
teaghlach an dún sin uile leó go triamhunach
dólásach. Agus do-bheireadar dhá long do chud na
Lochlanach leó a n-áiti a longaibh féin, agus
ceileabhrais do na slóighte iomdha sin, agus
fágbhais iomchumairce beatha agus sláinte aige
mac rígh na Dreóllaine, aige Conla Ceart-bhriathrach,
agus aige an tsean-laoch is a theaghlach.
Is an sin do thógadar a seóltaigh suathnaigh
síor-ringhinn a mbarraibh na sár-chrann subhail.
Agus ní aithristear níos mó de n-imtheacht, gur
ghabhadar cuan san áiti chéudhna dar curthadh
Eilinn Sgiamhach a long Amhairgin Crom-shúileach,
mhac rígh Lochlann, agus as sin go Grianán
Aileach. Agus budh mhór urghardais an teaghlaigh
sin rompa; agus is sé an chéad-nídh do-rinneadh
leó iar sin ceann Amhairgin Crom-shúileach do
chur a n-airde 'mbarr cuaille fada coill láimh leis
an chuan, chum sganradh agus crith-eagla do
chur air gach biothamhnach dá sheórt. Churadar
teachta as sin go hEamhain fó Chonchubhar agus
fón chud ele de na curaidhibh, gur innseadar a
n-eachtra ó thús go deireamh dhóibhtha, agus gur
sgríobhadar a rola na caithreacha í.


L. 123


EACHTRA CHONAILL CHEITHEARNAIGH
AGUS AN FHIR DIA, LUGHAIDH MHAC
NÓS, BHRICIN, AGUS CHÚ CHUILIN GO
HOILEAN AN ÁR A RIGHEACHTA RIGH
INNSE TOIRC



Feacht n-aon do raibh Conchubhar mhac
Neasa, rígh Uladh, agus Bachrach a dhraoi aige
gabháil aoibhneas agus aedhir fó bhruaichabh an
amhuinn Callann, láimh le hEamhain ghlanálunn
Mhacha, seal aige éisdeacht le ciolúr
ro-bhinn na n-éun air feadh na gcoillte dlúthmhair
cnuas-thortha a bhí 'na dtimchioll, agus seal ele
aige féuchaint gach cineál éusg darbh fhéidir a
dh'fhacsaint air mur nó air linn aige síor-ruagadh
a chéile go greaghnach air íochtar an eagán. Agus
air gcathaimh seal aimsire dhóibh amhluighe sin,
do-choncadar dobhar-chú a' teacht anuas leis
an amhuinn sin, agus eala a' snáimh air thaoibh
de, agus corr ghlas air an taoibh ele. Budh mhór
a n-ionghantas agus a n-uathbhás fón amharc
neamh-ghnáthasach a dh'fhacsaint.



Is an sin do labhair Conchubhar, agus is sé ro
rádha:



"Is oircheas dhúinne," air sé, "luighe fair
ais agus súl ghéur-radharcach a chongbhál leó
súd, go bhfiosamur créad a chiallais an coimhcheangal


L. 124


carthantais atá eadra an bhuidhean so nach
bhfuil dís oca d'aoín-chineál."



Rádhais Conchubhar mur an gcéudhna le Bachra:



"Drud-sa romhad ionnus go mbeidh tú as a
gcomhair feadh an asdur, agus fanfaid-se 'na
ndéigh go dian air a lorg."



Adubhairt Bachra gurab ionmholta an chomhairle
í sin. Agus gluaisis roimhe fuidhe ghéugaibh
na gcrann go folachtach le súile seabhaich,
agus Conchubhar go héasgaidh athlaimh 'na dhéigh.



Dála an dabhar-chú: an t-am do tháinig sé a
ngar do Eamhain d'éirigh sé amach as an amhunn;
agus do lean a dhá chompánach é, eadhón, an eala
agus an chorr ghlas; agus chuaidh rompa go
réim-dhíreach fó dhéin faich na hEamhna gan
fhuireach. Agus gé gur mhór ionghantas na dise
réamhráidhte do bhí do bhféuchaint roimhe sin,
budh mhó go mór an t-am sin é. Gidheagh do
leanadar go dian uaigneach iad.



Ach tá ní cheudhna, air rochtain go faich na
hEamhna don dobhair-chú agus dona dhís
compánach, níor fháig siad éun álunn ioldhathach a
tugadh ó chríochaibh imchian coigcríche fón
ríghchathair sin nach ar mheall siad leó asteach a


L. 125


n-uaignis na coille; agus an uair a fuair siad ann
sin iad do thionsgan an dobhar-chú agus an chorr
ghlas do n-argun agus do ndíthcheanamh gan
chogailt. Air na fhacsaint sin do Chonchubhar
agus dona dhraoi do thugadar suigheadh prab
athlaimh fóna ndéin mur ndúl a bhfearg a dhíghthioll
ortha. Ach, géar mhór a mbeart agus a
meisneach, a gcródhacht agus a ngliocas, fuair an
dobhar-chu agus a dhís compánach tilleadh air
an amhunn arísd gan díthe nó díobháil a dhéunamh
dóibh; agus imthios tair as a n-aghaidh an
tsrotha arísd a bhfriothadh na conaire céudhna,
agus níor bhfada gur fhágadar a radharc.



Dála Chonchobhair: budh mhor a thuirse air
facsaint a ealta 'na gcosair chró; gidheagh,
tógbhadar leó fón gcuma sin go hEamhun iad.
Agus air dteacht a bhaile dhóibh curthais Conchubhar
cruinneamh air a mhór-theaghlach air
aon láthair, agus nochtais éirim na heachtra sin
a chonairc sé dhóibh, aige rádha: "Is dóigh
liom gur romh-amharc air nídh éigin é" do chonairc sé.



Is an sin do labhair Bachra, draoi Chonchubhair,
agus is sé a dubhrais:



"'Ard-rígh agus a thighearna," air sé, "is
dóigh liom-sa agus is eagul mór liom é go bhfuil
allmhuire eachtrain éigin a'triall don dún so chum


L. 126


díthe agus díoghbháill a dhéunamh do ar laochraigh,
agus a dtarraing le cluan, nó go bhfuigheadh
siad a ndiamhair uaigneach iad, agus a n-aithmhilleadh
le faobhar lann nó amsúdh draoigheachta."



Is an sin do labhair Conall Ceithearnach, agus is sé
ro rádha:



"Ní mó linne slóigh nó sochruighe do dtig air
mur nó air tír a dhéunamh cogaidh nó cruaidhchomhrach
linn, óir níor hoileamh agus níor
hardleasadh laoch nó gasgaidheach, 'o chródhacht a
ghoil agus a ghníomha, ó oirthear go hiarthair an
domhain nach bhfuighear fear a chlaoidh isan
teaghlach so a bhfuilim anocht."



Is an sin do fhreagar Bachra é, aige rádha:



"Is dóigh liom, a Chonaill chath-bhuadhaigh, a
bhearnn bhriste gach gábhuidhe, nach sluagh nó
sochruighe atá 'triall chugaibh, óir ní dtig ach
triar, agus beidh bean chaoimh-dhealbhach air an
áireamh sin agus cuileán coin, air mhodh nach
dtig ach aon ghasgaidheach amháin."



Fiafrais Conall Ceitheirneach an dara feacht cia
hoca thucfadh an coigcríochach sin ó dheas nó ó
thuaigh, ó oirthear nó o iarthair na cruinne.



Do fhreagair Bachra é aige rádha:



"Ní fios dhamh cia hard don domhan ann a
dtucfaidh sé as, ach amháin go dtucfaidh sé don
fhaich so amuigh uadh an taoibh ó thuagh."


L. 127


Is an sin do rádha Conchubhar gurb é is oircheas
dhóibh faire agus forchoimheád do chur
fó chuantaigh na cógaibh, agus go speisealta fó
Easa Ruaidhe agus Loch Feabhall.



Air críochnadh na comhairle sin dhóibh do
cuirtheadh dís de na curaidhibh go hEas Aodh
Ruaidhe agus dís ele go Loch Feabhall, agus
bhíodar chum fuasgailt a dh'fhagháil a gcionn
gach seachtmhun uadh an cheithrear ele curaidhibh,
agus iad a bheith mur sin a ré sealuigheacht le
cheile go ceann bliaghna, agus muna dtigeadh
aitreabhach air bhi a dtír chuca feadh na haimsire
sin iad uile a theacht chum na Craobhruaidhe tar
as, agus go raibh fáisdine Bhachra neamhchinnte.



A haithle sin triallais Conall Ceithearnach agus
an Fear Dia mac Domhain mhic Daire go hEas Aodh
Ruaidhe, agus do-chuaidh Cú Chuilinn agus
Lughaidh mhac Nós go Loch Feabhall, agus
d'fhan ceithrear eile de na curaidhibh a coimheád
na hEamhna go ceann seachtmhuine, nó go
ndeachadar a dh'fhurtacht na laochraidhe ele aige
Eas Aodh Ruaidhe agus aige Loch Feabhall.



Ach tá ní cheudhna, bhíodar a' sealuigheacht
amhluighe sin le chéile go cionn lae agus bliaghna.
Agus a gcionn ne rae agus na haimsire sin, ó nach


L. 128


dtáinig aitreabhach air bith a dtír 'sin chógaibh,
goirtheas Conchubhar a bhaile ortha go hEamhun,
aige rádha nach breith fhírinneach nó chinnte do
thug Bachra air theacht an dobhar-chú agus a dhís
compánach.



Dála na gcuraidhibh, air dteacht go hEamhun
dhóibh líonadar lán dásacht agus feirge 'n-aghaidh
Bhachrach, ionnus gur hionnorbadh ó theach na
Craobhruadh é. Tair éis díbirt Bhachra do shaoil
Conchubhar agus na curaidhibh go raibheadar
saor uadh gach guas agus uadh gach contabhairt
da hainimneadh le Bachra do bhí aige feitheamh ortha.



Ach tá ní cheudhna, air n-a máireach 'ndéigh
Bhachra a dhíbirt ó Eamhun do bhí Conchubhar
agus na curaidhibh a gcuideachta 'chéile air
faich na hEamhna an t-am do-choncadar óglach
óig-mheanmnach mór-neartmhur 'a teacht do
n-ionnsuighe go réim-dhíreach, a n-arm agus a
n-éideamh catha; do bhí ríogun álunn iolchrothach
air a láimh dheas, agus budh samhult a dealradh
leis an ngréin ghlórmhur ghlan-shoilseach
aige éirigh as a heabhuidhe chodlata maidin
shamhraidh, agus cú gearr glas air éill leis ann
a láimh chlí, agus a dá shúil mhire mur lasair
céireacha ann a lom-chlaigion, agus claoidheamh
crom dhá fhaobhar ann a láimh dheas.


L. 129


Is an sin adubhairt Conchubhar gur fíoradh
ráidhte Bhachra, agus gur hionnorbadh go
héagcóireach é, óir nach ar dhearbhaidh sé an t-am do
thucfadh an coigcríochach úd, "Ach dubhuirt sé
gur budh ón ard ó thuagh a thucfadh sé don
chathraigh so, agus do-chím gurbh fhír-cheart a
bhreithneamh air eachtra an chaithmhílidh so.
Ach ní tráth achmhusán anis é."



Ní mór gur críochnadh an comhrádh gearr sin
leó an t-am do tháinig an gasgaidheach sin do
láthair, agus beannuidheas do bhriathra faisdineach
fíor-mhuinteardha do Chonchubar agus do
na curaidhibh. Do fhreagradar-san an beannadh,
agus fiafrais sgéala de. Do fhreagur an t-óglach
sin iad, aige rádha:



" Ní dtáinig mise asdur fada 'gcéin chum sgéala
d'innsin dhíbh-se, nó do neoch air bith ele, agus ní
mó a tángais a dh'iarraidh sgéul oraibh. Ach dá
mbeidh sgéula uam, muna dtugadh sibh-se go
deónach damh é, budh sáimh an gníomh liom a
bheith dá mur n-uirleach agus dá mur dtuargain
nó go mbainthinn dhíobh go haimhdheónach é;
ach is sé fáth m'asdur ann so anis," air sé le
Conchubhar, "is dóigh liom gur budh tusa is
taoiseach agus is ceannfurt air an díscear-shluagh
so do thimchioll, agus fágfaid coimheád an chuilean
so air mo mhnaoi, agus coimheád mo mhna


L. 130


ort-se, go dtigidh mé air ais uadh chathair
Chonraigh mhic Dáire san Mumhan, agus luighim
fóm armaibh gasgaidh má aontaidheann tú féin
nó neoch air bith ele easonóir a thabhairt di, nó
leatrom a dhéunamh oram-sa, fada nó gearr a
bheidhis mé amuigh uaidhthe nach bhfágbhaim
ceann air cholann agaibh air dteacht air m'ais
dhamh."




A haithle na mbriathra sin imthios an t-óglach
leis, air bhfagbhál a mhná agus a chuileán coin
air chumairce Chonchubhair, agus bhí do mhéud a
luathas ratha nach arbh fhéidir dhóibh aithris
cia haird don domhan a ndeachaidh sé uabhtha.



Ach tá ní cheudhna, air n-imtheacht don
óglach sin do labhair Conchubhar, agus is sé ro
rádha:



"Is dóigh liom-sa," air sé, "gur chóir a dhol a
gcaoinis comhraidh leis an mhnaoi ud," ionnus go
bhfuigheadh siad sgéala uaidhthe cia an tír
darbh as dí féin nó don óglach ud, nó créad fáth a
thurais go hEamhun. Dubhradar cách gur
riachtnach na gnoithe sin le déunamh.



A haithle sin bheirthis Conchubhar an ríogun
leis asteach don ríogh-dhún sin, agus deasuidheas
rogha gach bídhe agus togha gach dighe air
bhuird slim-leathan na caithreacha ann a
fiaghnuise. Gidheagh, ní mblasadh sí biadh nó
deoch


L. 131


uadha. Smaoinis Conchubhar gur naire nó
faitcheas do ghlac sí, agus uime sin bheiris a
chaithír ríogha leis 'nduil suighe lena taobh
agus sgéala d'fhagháil uaidhthe. Ciodh trácht,
air na fhacsaint sin don chuileán coin bíogais
'na sheasamh, agus tugais amus fón sgórnnaigh
fair go fealltach feargach, gur thrasgur go lár
agus go lán talamhna é. Goirtheas Conchubhar
air fhurtacht go cruaidh cráidhte, agus gé go
dtáinig Conall Ceithearnnach agus an Fear Dia
go héasguidhe athlaimh do fhurtacht, do-rinne
an choin créuchtaibh domhain doi-leighiste fair.
Togadar leó an ríogh amach as an tseamra sin,
gur churadar fó leighis ansa Bhrón-mhairg é,
eadhón, (i) dteach na n-easlán san
Chraobhruaidh.



Dála an óglaigh réamhráidhte úd, ní mó dtáinig
leó an ríogh a chur fuidhe leigiis an t-am do
tháinig sé, agus ruamhun na feirge ann a ghnúis;
agus air dteacht a láthair dhó tarrangais feadán
beag as cuibhreach a sgéithe, agus curthais ann a
bhéul í, go ndeurna fead ard sígh-bhinn a
chlonfaidh tríd an chóigibh uile.



A haithle sin tigis a bhean agus a chuileán
coin amach chuige. Seasaidhis an bhean air a
láimh dheas agus a chuileán coin air a láimh chlí;
agus fuagrais cath aoin-fhir air na curaidhibh.
Do fhreagur an Fear Dia dhó air dtus.


L. 132


Is an sin a d'ionnsuídear an dís deagh-laoch
sin a chéile air faich na hEamhna a bhfiaghnuise
na gcuraidhibh, a' tuargain agus a' leadradh a
chéile ó sin go hurthosach aoidhche, agus gé gur
chródha neartmhur móir-bhéimeach an Fear Dia,
ní raibh méud aon-orlaighe slán de ó bhonn go
bathas gan cneadh nó ála dhomhain dhoileighiste
air. Dála an óglaigh ud, ní raibh cneadh
nó créucht air, agus ní mó do-rinneadh
fuileamh nó foirdheargadh air le láimhe
croithneartmhur an Fhir Dia.



Sguradar an dís sin do chasgairt a chéile air
dhubhamh don aoidhche air fhuráileidh Chonaill
Cheithearnnaigh. Is an so do-chuaidh an Fear
Dia mur a raibh Conchubhar do leighis. Agus
do luigh an t-óglach ud ele, é féin agus a
bhean agus a chuilean coin, air faich na
hEamhna go maidin air n-a marach. Agus gé
gur congbhadh faireachais géur-radharcach leó ní
bhfaicidh duine air bith iad ag ithe nó aig ól.
Gidheagh, air dteacht moch na maidhne air n-a
márach fuagrais an t-óglach comhrac aoinfhir
air theaghlach Chonchubhar.




Radhais Lughaidh mhac Nós go ndéunamh sé
féin comhlan an lae sin leis. A haithle sin
deasuigheas Lughaidh air a chlaoidheamh, a
sgiath, a luireach agus a chlogaid chruaidhe, agus
do thug sé féin agus an t-óglach sin a n-aghaidh


L. 133


air a chéile mur dhá leómhan chraosach a
sgaolfaidh de shlabhra, a' treudamh agus a'
treasgart a chéile ó mhoch maidhne go dtáinig
dubhadh air an aoidhche. Ach dob é críoch an
chomhraic gurbh éigin Lughaidh a dh'iomchar go
harm a raibh Conchubhar agus an Fear Dia.
Agus do luigh an t-óglach a gcuideachta a mhná
agus a chuileán coin air an fhaich go maidin
air n-a márach.



Is an sin a feargadh go mór é, agus iarrais
ortha dís do laochraidh a dhol a gcomhlan leis.
Iar sin do-chuaidh Bricin agus Cú Chuilean san
deabhaidh leis, agus dob é críoch na teagbhála
sin gur ceangladh an dís deagh-laoch sin leis air
an láthair sin. Budh hamhgarach
truaghthuirseach le Conall Ceithearnach an dís dob
annsa leis ar dhrum talamhna a bheith a
gcuimhreach cruaidh ann' fhiaghnuise, agus gan
é air a chumas nó ann a chomhta fórthaint nó
fuasgailt a thabhairt dóibhthe.



Ach tá ní cheudhna, air dteacht néull nóna
thógbhais Conall Cú Chuilean agus Bricin leis
don Chraobhruaidh, mur a raibh Conchubhar, an
Fear Dia agus Lughaidh mac Nóis, agus sgaoilis
dhóibh; agus budh mhór a dhólás agus a dhubróin
fón am sin air bhfacsaint an cheathrar laoch
budh huaisle a bhfuil, budh chródha 'ngníomh,


L. 134


dob fhearr goil agus éuchta gasgaidh, agus budh
hoirdheirce air an domhan a bheith 'na gcoscar
chró, mur aon lena rígh.



Air bhfacsaint sin do Chonchubhar mhac
Neasa goirthis Conall Ceithearnach chuige go
taobh leabtha, go ndubhairt:



"A mhic ghrádhaigh," air sé, "is truagh do
státa anocht, níl lucht d'anacal fón tulaigh
so anocht 'na seasasnh, agus is dóigh liom-sa
do mbeidh fir Uladh ar aon láthair go dtutadais
uile le láimhe an ghasgaidhe úd, óir is
éigin dó buadhaibh ar leith do bheith air an
t-am do chlaoitheamh na curaidhibh so leis a
thug buadh as gach gleó a dtíortha coigcríche
imchian, agus nach n-ithean sé biadh agus nach
ndeun sé suan, agus ó nach ndeargfaidh arm nó
iolfhaobhar fair agus nach féidir cneadh nó
créucht a dhéunamh, ní cóir agus ní dlighthe
dhúnn níos mó de ar muintir a chaill leis. Agus
is aithreach mór liom gur hionnorbadh Bachra
linn on chathraigh so fó neamh-chinteacht
'fhaistine, oir budh fhéidir leis beart éigin
dhéunamh a n-aghaidh ilchleasa an óglaigh ud.
Agus is sé is indhéunta dhuit-se fios agus teachta
do chur anocht air cheann Bhachra, agus a bhreith
air ais go hEamhun do dheóin nó ar éigin."



Ceileabhrais Conall Ceithearnach de
Chonchubhar air sin, agus imthidhis a dh'iarraidh


L. 135


Bhachra. Agus mur bhí 'fhios aige gur ghnáth
leis foslongphurt a dhéunamh anna n-uamh do
bhí a gCoill Laimhrigh, do-chuaidh sé an gan
fhuireach. Agus fuarais an sin é go hatursach
uaigneach. Agus fa hiongnadh leis Conall a
dh'fhacsaint chuige, agus feiris fáilte roimhe, agus
fiafrais sgéula de. Agus do-bheir Conall a sgéula
dhó ó thús go deireamh, mur do tháinig an
t-óglach go faich na hEamhna agus a bhean
agus cuileán coin leis, agus mur nach n-aithriseóchadh
sé sgéala dhóibhthe, agus ní mo a d'iarr
sé sgéala ortha, ach, air sé, gur fhág sé a chuileán
coin air chumairce a mhná agus a bhean air
coimheád Chonchubhair go dtigeadh sé féin air
ais ó chathair Chonraigh mhic Dáire san
Mumhan. "Agus an feadh do bhí sé amuigh
do chríochnamur comhairle eadrainn Conchubhar
a chur a dh'iarraidh sgéul ar an mhnaoi. Dála
Chonchubhair, beirthis an ríogun sin leis do
sheamra féin, agus friathálais í do thogha gach
bídhe agus do shean gach dighe lena lámhaibh
ríogha ro-uasal féin. Gidheagh, ní mblasamh sí
biadh nó deoch uaidhe, agus ní do thug sí a
bheag nó a mhór de sgéala dhó. Smaoinis
Conchubhar iar sin gur náire nó faitcheas do
ghaibh sí, agus beirthis a chaithír ríogha féin
leis a bhfogas dí, mur ndul a dhol a gcaoinis


L. 136


comhradh léi, agus sgéala d'fhagháil uaidhthe
créad é an tír do chleacht sí ann a hóige, cia
hainim a fear, nó créad do ghluais an bealach
sin é. Ach tá ní cheudhna, air bhfacsaint sin
don chuileán coin do bhí ann a fochair tugais
amus fón bhrághaid air an rígh, agus trasgrais
go lár agus go lán talamhna é, agus munab é an
freasdal tapaidh athlaimh do thug mise dhó is
deimhin go marbhthadh sé é. Gidheagh, do-rinne
sé créuchtaibh domhain doi-leighiste air
agus tá sé ó shon a leith san Bhron-mhairg do
leighis," air Conall.



"Agus an dtáinig an t-oglach sin ar ais ón
Mumhan go fóill?" air Bachra.



"Tháinig a-cheudhna," air Conall, "agus air
dtilleamh dhó," air Conall, "go faich na hEamhna
do chur sé feadán ceólmhur ann a bhéul, go
ndeurna sé fead a chlonfaidh tríd an chóigibh
uile, agus tháinig a bhean agus an cuileán coin
amach chuige air chlosmhunt fuam an fheadán
sin. Agus an sin do sheas a bhean air a ghualainn
dheas agus an cuileán coin air a láimh chlí agus
fuagras ann sin comhrac aoin-fhir air na
curaidhibh.



"Do fhreagair an Fear Dia dhó a gcéadóir,
agus do gonadh an rígh-mhíligh sin leis. Do
fhreasdal Lughaidh mhac Nós é an dara lá, agus
do gonadh an gasgaidheach sin leis mur an


L. 137


gcéudhna. Do fhuagair sé an treas feacht dís
agunn a dhol a gcomhlann leis. A haithle sin
téid Bricin agus Cú Chuileann san teagmháil leis,
agus tair éis gleic chalma chródha churata a
dhéunamh leis do cheangail sé an dís ar an láthair
sin. Agus sgéula fo hiongnadh leat," air Conall, "
níor fuileadh agus níor foirdheargadh air an
óglach sin le haon de ar gcuraidhibh; codlann sé
air an fhaich gach aoidhche a gcuideachta a
mhná agus a chuileán coin, agus ní bhfacaidh
neoch aguinne é aig ithe nó aig ól ó tháinig sé go
hEamhun air dtúis.



"Agus chur Conchubhar mise chugad-sa aige
aithchuinge ort tilleamh go hEamhun ar ais,
agus mas féidir duit, beart theagasg nó comhairle
'thabhairt dhó a n-aghaidh an óglaigh ud sul do
dtutamar lena láimhe uile. Agus aig sin mo
sgéala-sa dhuit," air Conall.



"A Chonall," air Bachra, "ní dual
agus ní dleacht go rachfain-se tar ais go hEamhun
arísd a shásamh Chonchubhar, óir do dhíbear
é go ro-éagcóireach mé. Níor dhubhairt mise
leis féin nó le neoch air bith ele cia ham a dtucfadh
an t-óglach sin go hEamhun, óir níor foillseadh
a rúindiamhur m'ealadhna dhamh é; ach
dhearbhaidh mé go dtucfadh allmhuireach go
hEamhun, agus nach sluagh nó sochruidhe
do thucfadh ann, ach fear agus bean agus cuileán


L. 138


cú nó coin; agus rádhais leis nach raibh fios a
ainime nó a thíre agum, ach amháin go dtucfadh
sé ón taobh thuagh go faich na hEamhna. Agus
anis, a Chonall," air sé, "is sé an rígh is ciontaigh
agus ní mise, óir is sé a d'fhág na curaidhibh 'na
gcosar chró mur a táid anugh, agus é féin air
nós chách; óir an t-am do-chuaidh an t-óglach
sin fó dhéin Chonraigh mhic Dáire don Mumhan
do shantaigh Conchubhar a bhean air a háille,
agus sin an t-am do thug an cuileán coin sracadh
fair. Agus tré líonmburacht an ghasgiadh sin
a n-ealadhan draoigheachta do foillseadh an
mí-rún sin an rígh dhó, agus líon sé lán fuath
agus formaid dhíbh-se uile tair a cheann sin.



"A haithle sin athchungam ort gan níos mó
do na curaidhibh a dhol a ndeabhaidh leis an
óglach sin, óir fir Èirinne uile agus bíodh siad
air aon láthair, ní gclaoidhfeadh siad an t-óglach
sin, agus ní mó a dhéunadais fuileamh nó foir-dheargadh
fair le faobhar lainne nó sgiath, an
feadh do bheidhis an bhean úd lena ghualainn.
Agus cumhnaidh fair a Chonaill," air sé,
"gurb éigin dhut-sa comhrac cruaidh curata a dhéunamh
leis an óglach ud go fóill a dtíortha coigcríche;
agus teagmhaidh fear nochtaidh leat a bhéarthais
comhairle ort roimhe sin, agus a haithle an bheart
theagaisg sin claoidhfidh tú é; gidheagh, is mór


L. 139


an dochmhul do-ghéabhais tú go halt na huaire
sin air mur agus air tír. Agus sin ar féidir dhamhsa
d'fhoillseadh dhut," ar Bachra.



Ceileabhrais Conall do Bhachra air sin, aige
fágbhail iomchumairce beatha agus sláinte aige.
Agus níor léig se don fhéur fás fuidhe n-a chose
go rochtain na hEamhna dhó agus go harm
a raibh Conchubhar. Agus nochtais dhó gach
nídh dár dhubhairt an draoidh leis.



A haithle na mbriathra sin rádhais an rígh le
Conall a dhol air n-a márach go faich na hEamhna,
mur a raibh an t-óglach ud, agus forfhógradh
a thabhairt dhó nach ndéunamh neoch níos mo do
theaghlach na hEamhna cath nó coimhghleic níos mó leis.



Tigis Conall go faich na hEamhna teacht mothrath
na maidhne air n-a márach. Agus ní
luaithe do-chonairc an t-óglach sin é nó gháir
sé amach ag iarraidh dís ele de na sirridigh sin
do chur chuige go gcosgfadh sé faobhar a lainne ortha.



Do fhreagur Conall é, aige rádha:



"Ní beag linne an méud de ar muintir do
ciorrbhadh leat go n-uige so, agus air an adhbhar
sin ní théid níos (mó) oca fó da chleith-armaibh."



Air chlosmhun na mbriathra sin don óglach rádhas
le Conall:


L. 140


"Ó nach dtug sibh-se sásamh dhamh ann gach
dochar agus an gach leatrom do ndeurna sibh
oram féin agus air mo mhuintir air an fhaich so,
curtham-sa fó gheasa droma draoigheachta thusa
agus an ceathrar dailtín úd ele do-chuaidh
chum catha liom a dhol go faich mo chaithreachasa,
agus sásamh, thabhairt dhamh ann."



Agus air rádha na mbriathra sin dhó, do thug
sé trí léim ard éunamhail fair, aige rádha: "Slán
fhearaibh an domhain fudham." Agus a haithle
sin imthidhis leis a bhfriothamh na conaire
céudhna do tháinig sé.



A haithle sin tigidhis Conall go tuirseach
dólasach mur a raibh Conchubhar agus na
laochraigh leonta bhí an' fharroid, agus nochtais
a sgéala dhóibhthe, agus fa mhór a dtuirse agus
a dtriamhun mun am sin.



Is an sin do labhair Conchobhar leó, aige rádha:



"Ó nach dtáinig libh uile an aon-óglach amháin
a chlaoidh air mur dteallach féin, is deacar a
smaoineadh go gclaofaidh sibh é a dtíortha
coimhtheach', agus gan fios dhíbh féin nó dhamh-sa
cia hard don domhan a gcomhnaoidhean sé."



Is an sin do fhreagar Conall é, aige rádha:



"Ní tráth achmhusán so, ach is deimhin le
rádha é nach bhfuil óglach mío-laochdha air bith
nach feurr an comhlann do dhéunas sé anna
reagun choimhtheach nó ghnídís san mbaile."


L. 141


Is an sin adubhairt an Fear Dia le Conall:



"Is sé is indhéunta dhuit-se a dhol go hEas
Aodh Ruaidhe, agus an long is fearr a gheabhais
tú san chuan sin a dh'ollmhadh don eachtra sin;
agus nuar a bheidhis sí a n-ordughadh seólta agus
asdur mara agad cur trí tonn-ghairte trom-longa
inte, eadhón, biadh a n-ionad a chaimhthe,
arm a n-ionad a dhíbhirce, agus ór a n-ionad a
phronta; agus an t-am a bheidhis gach nídh
ollmhaidh agud cur teachta fó ar ndéin-inne, agus
rachaidh muraoinne chugad gan fhuireach. Agus
is dóigh liom-sa gé nach bhfuilimíd ionchatha le
neoch 'o thime anis go mbeidh munn slán sol do
dtarlachaidh an t-óglach dhúnn, ó nach bhfuil
fios agunn cia hard don domhan air a dtabhraidh
muinn ar n-aghaidh."



Molthais cách go coitcheann an chomhairle sin.



Agus air n-a márach gluasais Conall go hEas
Aodh Ruaidhe, agus ghaibh aige cóireadh agus
aige leasadh na longa go lán-shaothrach, gur
churadar a n-ordughadh rámhaidh í.



Tráth foillseadh do Chonchubhar go raibh an
long gléasda oca do chur sé trí chaogad carbad
líonta do stóras beatha fóna ndéin leith amugh
do stóras airm agus éidigh, ór agus iolmhaoin
mur aon le móran de hucsodaibh de dheochaibh


L. 142


garga gabháltach' agus de fhíontaigh milse
meisgeamhla.



Is an sin do thógbhadar a seóltaigh bocádach'
bain-dhearg' a mbarraibh na sár-chrann subhail,
agus thugadar tus a longa do mhur agus a
deireadh do thír, ag eisdeacht le mílibh móra,
le gotha rón, le sgartach na bhfaoileann, le
dísgearnnach na n-eascon, agus beathaigh
éagsamhailte na fairge aige éirigh ó íochtar an
eagáin go huachtar an uisge, aige déunamh
ceóil agus cuideachta dhóibh le neart feabhas
ró an tsubhail a bhí leó, go raibheadar trí naoi
lá air fairge. Agus ní bhfacadar feaghuir iath
nó imdhéunamh tíre nó oileán.



Agus a gceann na rae agus na haimsir' sin
choncadar éun mór dubh budh mhó go mór nó
fiolar, agus é 'déunamh urraid tormán le iomad
carbad, agus níor (stad) sé gur thuirrling
sé air phubal meódhanach na longa.



A haithle sin dhrud ceó dubh dorcha 'na
dtiomchioll, ionus nach ar léir do cheachtar
dhíobh a chéile, agus sgur an long de hiomramh.
Agus air sin d'éirigh stoirm agus anafa air
gach taobh dhíobhtha, air mo go raibheadur do
luasgadh anonn agus anoll ó thaobh go taobh na
longa. Air mbeith dhóibh is san bpeireacul sin


L. 143


fuagrais an Fear Dia soilse do lasamh. Agus air
lasamh na soilse do Chonall do-chídear cat mór
ruadh 'na shuighe air churr thosaigh na longa,
agus a dhá shúil mhire air lasair ann a cheann.



"A Chú Chuilean," air an Fear Dia, "éirigh-se
da sheasamh, agus ná tabhair urchar a
n-iomroill, agus cumhnaoi air an t-am do bhual
tú cú Chuilean ceard agus tú da mhaothmhacaíbh."



Éirghis Cú Chuilean go faon-lag éagcruaidh,
agus sgaoilis an ubhal nimhe do bhí 'gcumhrach a
sgéithe aige, agus tugais rotha an urchair sin
don chat go dtarla eadra dhá shúil an chait é,
gur thiomán a haba agus a hionar siar seachtar
a tarr, gur thut marbh amach san aibhéis. Agus
a bprab na súl do sgaoil an ceó doilbhe sin,
agus shochruidhe tonnaibh lán-bhorb' na mara,
agus d'íslidh sonnaibh mór-fheargach' na gaoithe,
ionnus gur léir dhóibh a bhfad a gcéin uadhtha.



Sheóladar rompa iar sin go réim-dhíreach cinte,
aige amharc go géur-radharcach do gach leith
fó fheaghair tíre nó cala-phurt, agus gan fhios oca
cia hoca bhíodar a' dol cóir nó contrádha. Mur
sin dhóibh go cionn chúig lá dhéug ele air
siabhramh seachrán, agus a gceann na rae agus na
haimsire sin d'éirigh giolla grádha de mhuintir
Chonchubhair, do bhí leó chum rámhamh, suas
a gcrann seóil na longa, agus radhais le Conall go


L. 144


bhfacaidh sé duibheagan mór a bhfad uadha don
taobh soir, amhul tor cluthmhur coilleadh. Air
chlosmhun na mbriathra sin do na hothair do
bhí san long do ghlacadar meanmnagh agus
meisneach mhór, agus iarrad air Chonall an long a
sheolamh air amus na háiti ud.



Seóilis Conall an long amhluighe sin; agus air
dteacht a bhfogas dhó is sé do fuaradar air a
gceann ann sin sléibhte corra cíor-arda, is gan air
chumas duine nó oinmhidh a dhol suas ortha
nó a subhal. Rámhadar leó hart le hiomal
na mara a ngar do na sléibhte sin air feadh trí
lá agus teóra n-aoidhche; agus fá dheóigh
thángadar chuige seóirt chuan agus fosgladh san
tsliabh; agus churadar a long a dtír ann.



Is an sin do rádhais Conall:



"Is truagh tuirseach mo státa anugh agus gan ,
fear m'anacal agam a bhfad uadh Eamhun,
agus má théidhm-se 'theasdail na sléibhte so 'mo
aonar aige iarraidh tualas an óglaigh úd go
m'fhéidir go dtigeadh mur námhud oraibh-se
agus mur ndíthcheannamh, agus gan neoch
agubh air son é féin a chosnamh an feadh do-bheidhin-se uabh."



"Is fíor sin," air an Fear Dia, "agus is sé is
indhéunta dhut-sa fuireach ansan long anocht,
agus a márach a dhol go mullach an tsléibhe
so agus féuchaint a bhfad uad agus a bhfogus


L. 145


dhut go géur-radharcach grinn, agus tilleamh
chugaine le do sgéala teacht dheireadh don lá."



Do-rinne Conall amhluighe sin. Agus air
maidin air n-a márach go moch-thráth ceileabhrais
Conall do na curaidhibh, agus budh tuirseach
iad 'na dhéigh mur nach raibh sé air a gcumas
a bheith leis air an eachtra sin.



Gluasais Conall roimhe go tréun tapaidh
agus go héusgaidh eagantach, agus ní deurna
sgíth nó comhnaoi go raibh se air mhaol-mhong
an tsléibhthe. Agus dob é sin uair agus aimsir
do raibh an ghrian a' dealradh air tair éis a héirigh
as a heabhuidhe chodlata, agus bhí do mhéud teas
an tsléibhe an t-am sin gurb éigin do Chonall a
chlogad chruaidhe agus a éideamh pláta do
bhaint de. A haithle sin suigheas Conall air
mhullach an tsléibhe féuchaint na gceithre
hardaibh fó seacha, agus siollamh éigin do dtug
seacha do-chí sé óig-laoch deagh-ghruadhach
anna dtrom-shuan codlata, agus é tár-nochtaidh
gan arm gan éideamh.



Budh ro-iongnadh le Conall a dh'fhacsaint san
gclódh sin a ndiamhair díth-eólais sléibhe, gan
díon nó daingneach do ghoire; gidheagh, do
chumhnaoidhis gur dhubhairt Bachra, draoi
Chonchubhar, leis annsan uamh a gCoill
Laimhrigh go dteagmhadh fear tár-nochtaidh leis a


L. 146


dtírthe coigcríche do-bhéarthadh teagasg
mórthairbheach dhó. Le dóchas as an fhaisdine sin
éirghis Conall, agus mosglais é. Ach tá ní
cheudhna, air ndúsgudhagh don óglach sin do
dhearc sé go sgaolmhur mear-chiallach air Chonall
aige rádha: "Créad fár dhusguidheas mé?"
Agus iar sin tuitis 'na shuan an ath-uair.



Do-chuaidh Conall a theasdail mullach an
tsléibhe seal ele, agus ó nach bhfacaidh sé duine
nó oinmhidh, suighe nó cathraigh, dún nó
daingneach feadh a radhairc, tillios air an óglach
úd arísd, agus mosglais an dara feacht é.



Féuchais an t-óglach go grinn feadh aimsir fhada
air Chonall, agus fá dheóigh eirghis 'na sheasamh
go táimh-leisgamhul, agus iarrais air Chonall
roinn de' éideamh a thabhairt dhó. Do-bheirthis
Conall a lúibhreach dhó. Féachais gach ard 'na
thimchioll go creathnaitheach crith-eaglach agus
go mear baoith-chiallach, agus fiafraidhis de
Chonall cia hionad sin ann a raibh sé. Adubhairt
Conall leis nach raibh sé air a chumas a bheag
de sgéal na háite sin a thabhairt dhó.



"Ach triall liom-se," air sé, "go bonn an tsléibhe
so mur a bhfuil mo long go bhfaghaidh tú folach
da gheal-chnis de éideamh a gcéadóir."



Gluasais an t-óglach sin le Conall chum na
longa, gur chur culaidh de éideamh ríogha ro-uasal
fair, agus ní raibh a shamhul de ghasgaidh


L. 147


each fó trí fodhla-rannaibh an domhain ar
mhéud, air mhaise, air dheilbh agus air neart.
Is an do friáthladh go huasal onórach é le nuadh
gach bídh agus de shean gach digh, gur chaith
a leoir-dhóchain dhíobh. A haithle sin do-chuadar
a gcaoinis comhráidh, agus fiafrais an
t-óglach de Chonall cia shiad féin, cia has a
dtángadar, nó créad do ghluais air eachtra san
ionad dí-eóluis sin iad.



Is an sin do-chuaidh Conall a gcionn sgéul,
agus d'aithris do thús go deireamh mur gonamh
na curaidhibh sin leis an choigricheach úd, agus
'na dhéigh sin a gcur fó gheasa droma draoigheachta
a dhol do thóruigheacht, go dtabhradaís
sásamh dhó air 'fhaich féin an gach leatrom dá
ndeurna dhó.



"Agus sin an t-adhbhair do ghluais an bealach
so sinne," air Conall, "agus gan fios agunn cia
háiti san domhan a mbídheann sé. Agus aig sin
ar sgéala go haithghearr dhut, agus éirim ar
n-eachtra," air Conall.



"Beir buaidh agus beannacht, a ríghmhíligh,"
air an t-oglach sin, "má chualais
sgéula as ceann neoch ariamh is sáimhe liom nó
mur seanchas, agus gé gur mhór m'iongnamh-sa
ann mur sgéula-sa, is dóigh liom ní lughadh mur
n-iongantais-se an mo sgéala-sa trá chlonfaidh sibh é."


L. 148


Is an sin do-chuaidh an gasgaidheach sin a
gcionn sgéul, agus is sé adubhrais:



"A bhuidhean oirdheirc," air sé, "mac do rígh
na Dreóllana Móra mise, agus is sé is ainim dílis
dhamh, .i. Cairioll Cath-bhuadhach, agus ní
bhfuil de oighre aige an rígh sin ach mé.
Do-chualais iomrádh air inghean álun iolchrothach
do bhí aige rígh Thír an Uaignis darbh ainim
Ailleagán na Bantracht, agus dob e sin a hainim
go dílis, óir níor dhealraidh grian ariamh air
bhean air bith comh trian dheas leighthe. Ach
tá ní cheudhna, do-chuaidh mise do fios, agus
ní dtugais liom do shluagh nó de shochruighe
ach mé féin agus lucht rámhaidh ma churach,
.i. ceathrar dílis do theaghlach m'athaire. Agus
an t-am do ghabhais cuan láimh le tuighe
rígh Thír an Uaignis d'fhágbhais mo lucht freasdail
aige coimheád mo churach san chuan, agus
chuadhais an m'aonar air amus thugh an rígh;
agus air rochtain na háiti sin dhamh do fuair
mé aonach mór crunn air faich na rígh-chaithreacha
sin. Agus is amhluighe do bhí an rígh 'na
shuighe ann a gceart-mheódhan an a chaithír
ríogha, agus a bhainríoghun air a láimh dheas an
gcaithir óir-loisge, agus a inghean air a láimh
chlí 'na suighe anna gcaithír don chineál


L. 149


chéudhna, agus ní lighe fuinne féur air mhalaidh
an tsléibhe so holl nó mac rígh agus ro-thighearna
bhí air an fhaich sin aig iarraidh na hóighe sin.
Ciodh trácht, air bhfacsaint sin dhamh-sa ní
naire nó faitcheas do ghlacais, ach tugais
suigheadh sanntach sár-thapaidh tríd thuibhe na
sluagh go rabhais air ghualann na ríoguna sin;
agus beirthis uirthi eadra mo láimhe; agus
tógbhais as an chaithír í, agus suigheas féin
innti, agus curthais ise 'na suighe oram féin.
Agus do mhaoth gaire air an óig-ríogun sin,
amhuil agus nach ar bh'easonóir léighthe mé, nó
nach ar thaircisne léighthe da ndeurnnais
uirthi.



A haithle sin do-chualais monmhair ameasg
na macnaoi. Uime sin d'éirghis mo sheasamh,
agus do tharrangais mo chlaoidheamh colg-ghéur
as a thruaill thasgaidh, agus beirthim
air ann mo láimh dheas, agus air an ríogun
ann mo láimh chlí, agus fágbhais an t-aonach
amach a bhfiaghnuise an rígh agus an mhacnaoi
uile, agus níor aontaigh ceachtair dhíobh mo
leanmhunt. Gidheagh, air n-imtheacht ón
bhfaich dhamh suigheas an ríogun sin agus
mise a leath-taoibh na foraoise ais coinne na
mór-shlóighte sin gan ceasnamh, gan eagla.


L. 150


Dála an rígh, air n-imtheacht dhamh as
'fhiaghnuise fiafrais ós ard de na slóighte narbh
aithne d'aon-duine oca an t-óg-fhlaith úd. Do
labhair mac rígh na bhfear sin, aige radha:



"Is aithne dhamh-sa é, agus dá mbeidhfá
thusa do rígh air an domhan mhór go hiomlán,
agus gan a beith de oighre agud ach an inghean
ud, is díol céile dí an prionsa, eadhón, Cairioll
Cath-bhuadhach, mhac ríogh na Dreóllaine."



"Is deimhin," air an rígh, "nach bhfuil sé an
mo theaghlach-sa uile neoch air bhith
oireamhnach go lóir ana dhol air cheann an
óig-fhlaith sin agus a rádha leis a theacht
air ais, agus air an adhbhur sin is éigin dhamh,
a dhol an don toisg so."



Éirghis an rígh air sin, agus beirthis an tslat
ríogha leis ann a laimh, agus níor fhullaing do
neoch do mhór-theaghlach a dhol leis; agus
thainig go héusgaidh athlaimh go harm a raibh
mise agus a inghean. Agus air dteacht a láthar
dhó, is sé an chéad-nídh do-rinne sé ceann an
tslait ríogha do shíonamh ann mo laimh-se agus
an ceann ele do inghean mur chomhartha
síothcháinte; agus a haithle sin beirthis air láimh
oram, agus feiris fáilte romham, agus thug teóra
póg dhamh; agus tógbhais an rígh an ar seasamh
sinne, agus tugais leis ann a ríogh-dhún gan


L. 151


fhuireach sinn, mur ar friáthlamh go huasal
onórach sinn, go ndeurnnadar trí trian don
aoidhche sin, eadhón, trian le hól, trian le ceól
agus trian le trom-chionn suain agus
sáimhchodlata.



Agus air n-a márach do pósamh an ríogun sin
agus mise.



Is an sin do curthadh teachta air cheann mo
lucht rámhaidh do bhí san long do rádha leó
tilleamh a bhaile don Dreóllain, agus a
rádha le rígh na Dreóllaine é féin agus maithibh
a thíre a theacht go tuigh rígh Thír an Uaignais
a chaitheamh fleadha na baineise sin. Agus
curthais rígh Thír an Uaignais a challaire féin leó.



Is an sin do curthadh fios agus teachta amach
air feadh Thír an Uagnais a' crunnadh maithibh
agus mór-uaisle na rígheachta sin mur an
gcéudhna, agus iomad de réagún ele, agus
ordughadh oca uile a bheith crunn air aon-láthair
mídhe uadh an lá sin.



Ach tá ní cheudhna, is dóigh liom-sa," air sé, "
go raibh comhluadar eadra cud do phrionsaigh do
bhí air an fhaich an lá sin agus na siabhruidhe,
agus le neart mire agus éud liom-sa an t-am
do-chuaidh mise 'luighe an chéad-aoidhche leis
an ríogun sin, agus sin aréir, an t-om do thuitis
mo chodhlamh do thógbhadur na siabhruidhe


L. 152


leó mé, gur fhágbhadar tár-nochtaidh a mullach
an tsléibhe úd mé, ós nisdhamh mur bhfuar
tusa mé ann," air sé, "agus is dóigh liom
(go) gcaillfidhe an sin mé muna bé go dtáinig
tusa chugam."



"An aithne dhuit-se an tír so?" air Conall
Ceithearnach.




"Ní sheadh acheudhna," air sé.



"Ann féidir leat eólus air bith a dhéunamh
dhúinne cia hard don domhan a mbídhean an
t-óglach ud atá muinne a thóruigheacht nó cia
hainim é?" air Conall.



"Ní fhéideam-sa sin," air sé, "gidheagh is
dóigh liom má ghaibhinn sibh-se mo chomhairle
go bhfuigheadh fios dhíobh fair, gidh bé fuidhe
nó as cionn talamh atá sé."



"Is deimhin go nglacaidh sinne do chomhairle," air
an Fear Dia.



"Maiseadh," air Cairioll Cath-bhuadhach, "is
sé is indhéunta dhíbh-se," air sé, "a dhol liom-sa
go Tír an Uaignais a chaitheamh na fleadha úd
atá do ollmhughadh, agus an t-am do bheidhis
uaisle agus maithibh oirthear an domhain crunn
ann gheabhaidh sibh-se fios gan chonntabhairt
cia shé an t-óglach é sin, agus cia an tír do
chleachtais sé; agus an uair a gheabhamur fírinne
na neithibh sin rachaidh tusa agus mise," air
sé, "le Conall air a lorg, agus fanfaidh na


L. 153


laochraigh gonta so a dTír an Uagnais fuidhe
leighis. Agus do-bheirim-se mo bhreithir dhíbh
nach dtilleamar go bruinne an bhráth agus go
foircheann na beatha gan buaidh chosgair an
óglaigh sin."



Adubhradar cách go coitcheann gur budh
ionmholta an chomhairle í sin.



Air dteacht moch na maidhne air n-a márach
do sheóladar a long air mur an ath-uair; agus
ní aithristear sgéuluigheacht ortha go dtángadar
air amharc tíre taoibh-leathan taitniamhach air an
ceathramh lá.



Fiafraidhis Conall de Chairioll Cath-bhuadhach
ann arbh aithne dhó an tír sin.



"Is aithne go deimhin," air Cairioll, "óir is
so roinn de rígheachta Thír an Uagnais, agus is
dóigh liom nach fada uam-sa an áiti dar ghabhais
cuan san tír so air dtús."



Sheóladar leó seal ele d'aimsir le sleasaibh na
tíre sin go dtángadar chuige calaphurt air thráighe
gheal-ghainibh, agus bile ard mór-ghéagánach do
fholach. Budh sáimh an t-amharc sin leis na
curaidhibh, óir ní bhfacadar tír nó talamh feadh
aimsir fhada roimhe sin.



Ach tá ní cheudhna, air dteacht a bhfogas
don tráigh sin dhóibh is sé fuaradar air a
gceann ann carrgaibh neamh-thorthach' gan
dún nó daingneach, gan tathaidh duine nó


L. 154


oinmhidh, gan crannaibh cnuas-thorthach' nó
milis-bhlasda ann.



"Is dóigh linne gur bhain seachrán mara dhut,
a Chairioll," air Conall.



"Níor bhain a-cheudhna," air Cairioll, "ní
nach bhfaic tú an chú ruadh úd holl air iomal an
chuan, agus a dhá shul air lasair ann a ceann
agus ceatha nimhe a' teacht amach as a brághad,
aige feitheamh orunn chum ar ndíthcheannadh? "



"Chím," air Conall.



"Máiseadh, le hasarluigheacht agus le
draoigheachta do theanta sí sud gnúis na tíre so romhad,
agus muna marbhthar a dh'aon bhéim claodhfaidh
sí sinne uile."



"Seólaidh an long a bhfogas dí," air Cú Chuilean.



Ramhais Conall agus Cairioll an long go
raibheadar lena taobh. Agus an t-am do thug
sí éirigh ard éunamhul uirthi a' tabhairt amus
fón bhrághad air Chonall lena craos fosgailte,
bualais Cú Chulean í leis an ubhall nimhe do
bhí a gcuibhreach a sgéithe aige go dtarla ann a
craos fhosgailte í, ionnus go dtug sí a habach
agus a hionar siar seachtar a tarr, gur thut sí
marbh. Agus a bprab na súl tháinig
gnúis na tíre ann a gné agus ann' deilbh féin,
ionnus gurbh aoibhin a srotha, a fonn agus a


L. 155


fiodhbhuidhe, agus tortha mil-bhlasda na gcrann sin
a' lúbadh go talamh le méud a gcomhthrom.



Is an sin do labhair Cú Chuileann le Conall
agus leis an chuid ele de na curaidhibh, agus is
sé ro rádha:



"Luigheam fó mo armaibh gasgaidh," air sé,
"gidh bé hard don domhan do dtáinig sé an so
a chur toirmeasg nó eagla oruinne, gurb é súid
an cuileán coin do bhí leis an óglach úd atá
muinne 'thóruigheacht go faich na hEamhna
agus do-rinne cneadhaibh domhain doi-leighiste
air ar rígh." Rádhais na curaidhibh uile gurbh é
gan chontabhairt, agus gur mhaith an urraid sin
féin de sgéala oca.



Silleadh éigin do dtug Conall seacha do-chonairc
sé long luchtmhur lán-aibhseach a' teacht go dian
chugtha, agus rígh-mhíligh mhóir-neartmhur
gléasda 'n-arm agus a n-éideamh catha, le clogad
chruaidhe agus éideadh pláta a gcurr thosach na
longa, agus buidhean iomadúl do laochraidh
ro-thréun air dhruim-theasda na longa sin.
Claoidheamh iol-fhaobhrach ceangailte air a dtaobh
dheas, agus dhá sgiath mhór-mhíleata a láimhe
gach laoch oca.



Fiafrais Conall de Chairioll Chath-bhuadhach an
arbh aithne dhó lucht na longa sin. Do fhreagur
Cairioll, aige rádha:


L. 156


"Ní haithne dhamh ceachtar dhíobhtha, agus is
dóigh liom nach carad dhuinne neach oca, óir
tá gnúis na námhud oca, agus is mór an leatrom
dhúinne gan ar mbuidhean oirdheirc féin a bheith
ionchathach."



Rádhais Conall air sin le Cairioll arm a
ghlacadh, agus imirt fhíochmhur fheargach a
dhéunamh leis. Iarrais an Fear Dia, Lughaidh
mhac Nos agus Bricin a n-airm féin a thabhairt
ann a lámhaibh, ionnus go ndéunadaois iad féin a
chosnamh comh maith agus b'fheidir dhóibh.
Feiris Conall 'arm féin a láimh gach curaidh
oca air sin, agus éirghis go tréith-laig claoidhte
'na seasamh chum gleic agus comhlann a
dhéunamh le lucht na longa.



Is an sin do labhair an t-ard-thaoiseach na
longa leó, agus d'fhiafraidh an iad do mharbh
an cuileán coin do bhí 'déunamh faire agus
forchoimheád an chuain sin. Do fhreagair Conall
é, aige rádha gurab iad, agus a mharbhthadh
"céud oca dá dtarla linn iad d'aimhdheóin lucht
a gcosanta."



A haithle na mbriathra sin feargthar an
ceannfurt sin go mór, agus rádhais le Conall gurb
é sin féin an gníomh a dtabhradais díol daor ann.
Agus air rádha na mbriathra sin dho díridheas a
long chuca.


L. 157


Air n-a bhfacsaint sin do Chú Chuilinn goirthis
Conall chuige aige rádha:



"Neart gach buidhean a gceanfurt, agus ó
thréig mo lúthmhuireacht agus mo mheisneach
mise teilg-se amach san uisge mé, agus féuch mo
fhoghnamh dhíbh an sin."



Mur bhí dóchus agus muinighean mhór aige
Conall as ghníomha gasgaidhe Chú Chuilinn,
togbhais eadra lámha láidir luath-ghonach é,
agus caithis amach san aibhéis é.



"Is mire an gníomh súid do-rinnis, a ghasgaidh,"
air Cairioll, "an t-óg-mhacaíbh a shaorthaidh
ó ghuas bás sinne uile gur bháth tú é!"



"Eisd go fóill," air Conall.



Dála Chú Chuilinn, air ndol san uisge dhó go
dí a bhraghad, curthais an gath bulg a laighir a
choise deasa, agus dírigheas air amus an cheanfart
sin é, go dtug rotha an urchair dhó, go dtarla a
gceart-lár 'éadoin é, go dtug 'inchin agus leith a
cheann leis; agus bhí do mhéud neart agus nimhe
an urchair sin gur mharbh sé an ursa chomhlann
agus triar ele de' mhuintir. Agus an sin a
d'iarr sé air Chairioll, ób é budh neasa dhó, a
thabhairt asteach san long as an uisge. Tógbhais
Cairioll asteach é, aige rádha:



"Mo nuair thú bheith gonta tréith-laig, óir
dá bhfacais air mur nó air tír ariamh do shamhul 'a
mhacaíbh gan ulcha gan fheasóig."


L. 158


Is an sin do labhair Cú Chuileann lán dasacht agus
feirge leó, aige rádha:



"Créad dob áil libh? Créad é an mhailís
do-ghnídh sibh gan lingeadh san long ar an
ghranbhrasg úd agus mur leatrom do dhíoghailt
ortha. Bheirim bréithir dhíbh," air sé, "má
fhanaidhinn fear gonta nó slán agaibh gan a dhol
asteach air a long chuca, agus cath fuilteach
feóil-gheurtha a dhéunamh de' gcoirp go rachaid
san uisge 'rísd, agus go sgoltaidhid mur long 'na
blaithe beaga béul-sgaoilteach, agus feóil sheabhaic
a dhéunamh de mur gcoirp."



A haithle sin éirghis Cú Chuilinn a n-airde do
léim éunamhul, óir do bhí cleas an chleite 'a
mheabhair aige, gur ghaibh leathad a dhá bhonn
do dhruim-theisde na longa, agus ní mó gur
shraoithidh sé an long an t-am do bhí Conall,
Cairioll Cath-bhuadhach, an Fear Dia, Lughaidh
mhac Nóis agus Bricín lena ghualainn, gur
thosaigh siad dá dtuargain agus do ngreadamh, dá
ngearramh agus dá sneamhadh, dá dtreideamh
agus dá bpollamh, dá leónamh, agus dá leadramh,
air mhodh gur dí-chreidthe ó bhéul suadh nó
seanchaidh a ndeurnadar de ármhach agus de
shlaod-mharbhadh ortha, ionnus go raibh do


L. 159


mheud an argun sin nár leigeadar fear innsin na
sgéula ann a bheatha uabhtha gan mharbhadh,
ach aon-óglach do raibh ionnaill draoidh fair do
bhí 'na measg gan arm nó éideamh catha. Agus
an t-am do thuig sé go raibh Conall a dol a
thabhairt béim do chlaoidheamh dhó do labhair
sé do ghuth mhór ard fhollus-ghlan, aige rádha:



"A Chonaill, uadh Eamhain mise!"



Air chlosmhaint na mbriathra sin d'íslidh fearg
Chonaill, agus chuaidh fuaim an fhocail "Eamhain" a
measg na gcuraidhibh mur shoighneán tineadh.



"Créad do ghluais don tosg so thú?" air Conall.



"Tá matair fada forsgaoilte sgéul air sin," ar sé.



"Gaibh-se an ar long-inne," air Conall.



Curthais an draoidh a dhá láimh leabhairgheal
timchioll Chú Chuilinn, agus fuadais leis
do long féin é. Leanthad an chud ele de na
curaidhibh iad, air bhfágbhail na longa 'na
dearglasrach.



Iar sin fiafrais Conall an dara feacht cia shé
féin nó créad do ghluais an bealach sin é.



"Leig as, a Chonaill," air an draoidh, "ach
goir Cú Chuilinn chugam."



Tigis Cú Chuilinn chuige air sin, agus curthais
an draoidh láimh an' ascaill, agus tarrangais
buidéal agus cleite amach as, agus cumlaidhis a
gcréuchta Chú Chuilinn é go ma slán a gcéadóir


L. 160


é! Iarrais an sin an Fear Dia do chur chuige,
agus do leighis sé é air (an chuma) chéudhna.
Goirthis an sin air Bhricin agus air Lughaidh
mhac Nóis, agus do chur an íce an a gcneadhaibh
mur chách ele, gur fhag sleamhain slánchreuchtach
iad. Agus na créuchta do-rinneadh
air Chonall agus air Chairioll Cath-bhuadhach le
lucht na longa do chur sé an íce mur an gcéudhna
ionta, go mo slán iad uile ó ghoimh na gcréucht sin.



Is an sin do labhair Conall, agus is sé ro rádha:



"Is dóigh liom-sa, 'ógánaigh," air sé, "gur
maith an liagh thu, agus ó fuarais an beagán
buidhean so slán le mo ghualaing arísd, ní mó
liom laochraidh an domhain do mbeidh ann
m'aghaidh, agus anis aithris do chardais linne."



"Éisd, a Chonall," air an draoidh, "gár
mhaoithe 'ndéigh buaidhe is maith é."



"Créad a chiallaidhis tú le sin?" air Conall.



"Atá," air sé, "ní bhfuil na siabhruidhe
sásda le mur gcompánach a theacht fó dhéin a
mhná, agus do bhrígh sin gheabhaidh sibh guais
agus toirmeasg mór uabhtha sul do rachaidh sibh
go tuigh rígh Thír an Uagnais go fóill; agus is
sé is indhéunta dhíbhse mur gcluasa 'stopa le
caonnach nó duillear na gcrann so, do eagla go
gcloinfeadh sibh na ceóltaigh sígh-bhinn a
shinnfear air gach taoibh dhíobh; óir má éisdinn
sibh leó, is deimhin go dtutfaidh codladh oraibh
agus go marbhthar sibh uile: agus is amhluighe


L. 161


tharlachas dhíbh: chífidh sibh sréud mór roimh
isan bhforais agus reithchín lathain ann a
n-urthosach, agus an t-am do chífidh sibh sin
tosachaidh an ceóil. Agus anis beartadh gach
aon agaibh é féin ann a chath-arm agus 'éideamh.
Agus, a Chú Chuilinn," air sé," nach dtug urchoir
a n-iomroill ariamh, buail-se an reithchín a gclár
'éadoin leis an ubhaill nimhe atá 'gcuimhreach
do sgéithe, agus freasdalaidh sibh-se an chud ele
don tsréud le mur n-armaibh. Agus a Chairioll,"
air se, "(má) mharbhann sibh an sréud uile ní
churaid na siabhruidhe níos mó cian nó toirmeasg
ort go bruinne an bhráth' arísd.



"Tair éis an roisge file sin línidhios na
curaidhibh a gcluasa do chaonnach, agus gléusaid
iad féin ann a n-arm agus a n-eideamh catha,
agus is deimhin nach ar iomchair an talamh
trom-fhódach ariamh a samhuilt do bhuidhean
air uaisle, air cródhacht, agus ar oirdheircis.



Rádhais an draoidh leó air sin marsail leó,
agus go bhfuireachadh sé féin go gcuirfeadh
sé coimheád fón long a dhéunamh a hanacal go
dtilleadais arísd.



Gluasaid rompa air sin, agus níor chian dhóibh
an t-am do-chídear an sréud réamhraidhte a'
teacht go mall do n-ionnsuidhe. Is an sin do


L. 162


thosaigh na ceóltaigh budh bhinne do gcualaidh
cluas dhaondha ariamh, agus ní bhfacadar aonneoch.



Dála an draoidh, air bhfagbháil na longa dhó,
gluasais 'na ndéigh go beódha deagh-thapaidh;
agus air dteacht a láthair dhó do bhí Cairioll
Cath-bhuadhach dol a thuitiom le trom-chodlata
an t-am do bhuail an draoidh é le slat do bhí ana
láimh, agus do mhosgail é.



Dala Chú Chuilinn, tarrangais an ubhall neimhe
as cuimhreach a sgéithe, agus bualais an
reithchín lathan eadra 'dhá shúil léighthe, go
dtug méud na hubhaille de inchin siar tré chúl
a cheann; agus (air) dtuitiom marbh dhó do leig
sé uaill as, a chlonfaidh fó na críochaibh budh
choimhneasa dó.



Lingis na curaidhibh iar sin air in tsréud lena
n-armaibh iolfhaobhrach, agus 'réir mur do bhíodar
a' casgairt an tsréuda do bhí an ceól aige
éirigh lag neamh-shuaimhneach, agus an t-am
do mharbh Cairioll an chaoire dhéigheanach oca
do sgur sé.



Is an sin do labhair an draoidh, agus is sé ro rádha:



"Anis, a Chairioll mhic rígh na Dreóllaine,
gluais leat go tuigh rígh Thír an Uagnais chuige
do mhnaoi comh luath is áil leat, agus bheirim-se
bréithir dhut nach dtugann na siabhruidhe níos


L. 163


mó buairt nó trioblóid dhut; agus is dóigh liom-sa
muna bé go dtarla curaidhibh na Craobhruaidhe
leat nach bhfacfá í go bráth. Agus anis, an
uar a bheidhis fleadh do phósda hart, is oircheas
duit-se do chuideamh a thabhairt do na curaidhibh
uasal so ann a sgaoileadh as a ngeasaibh."



Is an sin do labhair Cairioll Cath-bhuadhach,
agus is sé adubhairt:



"Is deimhin," air sé, "nach ar deurnamh
acht nó conradh ariamh is feurr a dhéuntar a
choimhlíonamh nó sin."



A haithle sin trialladar rompa, agus ní aithristear
a n-imtheacht go dtángadar go cathair rígh Thír
an Uagnais. Agus dob é sin uain agus aimsir
do dtáinig rígh na Dreóllaine, go maithibh a
thíre agus a mhuintire, eadra dhraoithe agus
ollaimh. Ach tá ní cheudhna, ní féidir le teanga
dhaondha a dh'insin ollghairdais theaghlach rígh
Thír an Uagnais air bhfacsaint Chairioll Chathbhuadhaigh
a theacht, agus níor lugha a
n-ionghantais air bhfacsaint na gcuraidhibh ann
a n-arm agus a n-éideamh chatha, agus go háiridhe
Cú Chuilinn a bhí gan ulcha gan fhéasóig.



Fochtais an rígh sgéala de, eadhón, fochain agus
adhbhar 'eachtra.



"Leig as," air Cairioll Cath-bhuadhach, "go
dtrást, go rachaidh cách a dh'innsin a n-eachtra,
agus an t-am do chlonfais tú ar n-eachtra de


L. 164


gach leith ní bhiodhar gan ionghantuis agus
mór-uathbhás ort."



Ciodh thrácht, air dteacht do na flatha agus
do na prionsaigh sin agus cách ele aircheudhna,
do chuirtheadh 'na suighe iad do réir a gcéime, a
n-uaisle, agus a n-onóir. Agus is amhluighe do
shuigh Cairioll agus na curaidh, eadhón, suigheas
Cairioll aige an bhord chrunn a gceart-lár urláir
na ríogh-chaithreacha sin, agus a ríogun air a
laimh chlí, agus Conall Ceithearnach air a láimh
dheas, agus Cú Chulinn as a choinne, agus an
draoidh air ghualain Chú Chuilinn, agus an chud
ele de na curaidhibh hart 'na thimchioll. Suigheas
rígh na Dreóllaine as coinne Cairioll aige an
bhord ceatharnnach, agus rígh Thír an Uagnais
lena thaobh, agus cách eile do réir a gcéime.



Is an sin do folughadh boird shlim-uasal na
ríogh-chaithreacha sin do sgardaibh síoda agus
sgiamh-shról. Agus curthadh biadha saora
so-chaimhthe air na bordaibh sin, agus rogha gach
seórt dighe air a gceann, gur budh súgach
meaghairchaoimh an mór-theaghlach sin. Agus bhíodar
amhluighe sin air feadh seachtmhun agus mídhe.
Nuair a bheidh meisge ortha do dhrum dighe,
do chur dhíobhtha le sinim théuda; agus an uair a
bheidh meisge dhíobhtha, do chur ortha le deocha
garga gabháltach.


L. 165


Is an sin do labhair Cairioll Cath-bhuadhach, agus
is sé ro rádha:



"'Chairde ionmhun," air sé, "tá buidhean
bheag crunn 'mo thimchioll an so nach haithne
do neoch agaibh iad, agus is dóigh liom-sa nach
ar iomchair an mhur mhór-fhairsaing air a
tonnaibh ariamh, nó an talamh trom-fhódach
air a dhrum, a samhul air uaisle fola, air chródhacht
comhlann, agus air oirdheircis goil agus gníomha.
Tá matair fada forsgaoilte sgéul le hinnsin oca.
Agus tugaidh éisdeacht go grinn dhóibh, agus
gach haoin-neoch do bhfuil san choimhthionál so
anugh tugadh sé a chuideamh agus a theagasg
dhóibhthe. Agus anis, a Chonaill," air sé,
"nochtaidh d'eachtra don uaisle so ó thus go
dtarla liom-sa thú a mullach an tsléibhe agus mé
tár-nochtaidh, agus aithriseachaidh mise an dara
roinn eachtra sin go dtarla an draoidh so
linn, agus an sin atá rúin a bhfolach aige an
draoidh so a gheall sé a chraobhsgaoladh dhúnn
a chlonfidh sibh an treas feacht."



A haithle na mbriathra sin do-chuadh Conall
a gceann, agus is sé dubhrais:



"Feacht n-aon do raibh mise mur aon le
Conchubhar mhac Neasa, rígh na hEamhna
'nÉirinn, air faich an rígh-dhún sin, tháinig
óglach óg deagh-ghruadhach, agus maidhre


L. 166


mín-dheilbheach mná leis, agus cuileán coin leis air
éill. Ní dtabhradh sé sgéala air bith uadha,
agus ní mó a d'iarr se sgeula orainne. D'fhuagair
sé cath aoin-fhir oruinne; agus an méud de ar
muintir do fhreagair dhó do-rinne sé cneadhaibh
domhain do-leighiste ortha. Do-rine mise comhairle
le draoidh an rígh, agus d'iarr sé oram gan
neoch níos mó agun freagradh dhó, óir nacharbh
fhéidir dhúinne nó do neoch air bith ele a
chlaoidh an feadh do bheidh an bhean lena
ghualang. Agus ó nach leigfinn-se do neoch
níos mó freasdal dhó, do chur sé mé féin agus an
ceathrar so a fhreagur dhó fó gheasa droma
draoigheachta a leanmhunt go faich a dhún féin,
agus sásamh a thabhairt dhó an gach easonóir
dá dtugamur dhó. A haithle sin d'fhag sé sinne,
agus bhímur a' teasdail na mara ó soin, gur tharla
an t-óg-fhlaith so liom 'na throm-shuan a
mullach sléibhe, agus é tár-nochtaidh le héirigh
don ghrein air maidin. Agus anis, a mhic rígh
na Dreóllaine," air Conall, "aithris thusa an
chud ele de da eachtra dhóibh go dtarla an
t-óglach so linne a n-éideamh draoidh air an long."



Is an sin do-chuaidh mac rígh na Dreóllaine a
gcean sgéul, agus is sé ro rádha:



"An t-am do tháinig mise go faich na
ríoghchaithreacha so ar cionn na hóig-ríoguna so


L. 167


fuarais aonach mór crunn fón rígh, agus é 'na
shuighe ann a gceart-mheódhan ann a gcaithír
ríogha agus an inghean so aige 'na suighe ana
gcaithír ór-loisge lena taobh. Agus ní lighe
luibh a' fás air an fhaich sin nó mac rígh nó
ro-thighearna do bhí ann dá hiarraidh, óir
do-chuaidh a cliú agus a hiomrádh tríd an domhan.



Ach tá ní cheudhna, air dteacht a láthair
dhamh-sa ameasg na sluagh ní ceasnamh nó
faitcheas do ghlacais, ach suigheamh sanntach
sár-luath a thabhairt gus an áiti do raibh
an ríogun so; agus tógbhais liom í a bhfiaghnuise
chách tríd thuibhe na sluagh, gur shuigheas
féin agus ise air leath-taobh na foraoise go dtáinig
a hathair chugainn, agus go dtug leis do dhún-sa
sinne. A haithle sin do pósamh sinne air n-a
márach, agus cuirtheadh fios agus teachta air
mur gcean-sa ule a láthair an so a theacht a
chaitheamh na fleadha so. Ach tá ní cheudhna,
an chéad-aoidhche do luigheas anna leaba comh
luath agus chodla mé tógbhadh air subhal an mo
shuan mé gan éideamh, gan earramh, agus fágbhadh
air mhullach sléibhe nach fios dhamh cia
hard don domhan a bhfuil sé anis.



Tharla don rígh-mhíligh so air mo ghualainn
dheas a theacht chugam, agus do thug leis ann a
longa féin mé, áiti ar friáthlamh go huasal
onóireach mé, agus a bhfuarais arm agus éideamh


L. 168


ann. An uair a d'fholsaigh sé a leatrom, d'iarr
mé air a long a sheóladh don tír so, agus an
triar laoch so ele, agus an mac beag do bhí
'n-othrais éuga ó ghoin an óglaigh ud atá siad a
thoruigheacht, a dh'fhagbháil fuidhe leighis ann
san dún so an feadh do bheidhmaois aige
caitheamh na fleadha so.



Do thugadar uile aontughadh air sin do
dhéunamh, aige rádha gurbh inmheasda an
chomhairle í. Sheólamur an long air sin hart le
hiomal an tsléibhe sin feadh iomad laethibh, go
dtángamur air amhairc tíre taoibh-leathan
taitniamhach agus feaghuir cuain. Ach tá ní
cheudhna, air dteacht chuige iomal an chuain
dhúnn is sé fuaramur air ar gceann carrgaibh
corracha cia-arda gan dún nó daingneach, gan
toirtha, gan bhláth nó meas, agus cuileán coin nó
dobhar-chú nimhe air ur an chuan uirlighthe ann
ar ndíthcheanamh, agus lasracha teine as a shúile
agus as a brághad amhach. D'éirigh an mac
beag so go tré-lag claoidhte, agus tarrangais
ubhaill nimhe as cuimhreach a sgéithe, agus
bualais an choin leis go dtarla 'meódhan a héadain
í, go dtug a meanach agus a miallach siar seachtar
a tarr, gur thut sí marbh. Agus a bprab na
súil tháinig gnuis na tíre ann a gné agus
ann a cuma féin.


L. 169


Is an sin a d'aithne mise gurb í Tír an Uagnais
do bhí ann. Gidheagh, ní mó go dtáinig linne
an long do chur anna chuain an t-am do-chímear
long luchtmhur lán-aidhbhseach a' teacht chugann,
agus rígh-mhíligh mór-neartmhur ann a curr
thosach gléusda a n-arm agus a n-éideamh catha,
agus uimhir mhór do laochruigh sár-chalma air
dhrum-theasda uirthi air n-a bhfolach le clogaid
chruaidhe agus éideamh pláta. Fiafrais Conall
dhíom-sa ann arbh aithne dhamh iad. Agus
dubhrais leis nach arbh aithne.



Air gclosmhun na mbriathra sin don mhac
bheag so agus é 'na luighe go fann tré-lag, iarrais
air Chonall a chathamh amach san uisge, agus
súil fhrichneamhach a chongbháil leis, aige rádha:
"Neart gach buidhean a gceannfurt."



Agus an t-am do sheilg sé san aibhéis amach é
do thugas-sa achmhusán cruaidh dhó fón mac
beag do bháthamh, óir budh deimhin liom gurbh é
géire a phiantaigh ó ghoimh a chréuchta do rug
air a bhás a shantagh. Ach sé dubhairt Conall
liom: ' Éisd go fóill.'



Ach tá ní cheudhna, tráth bhí sé shíos
go dí a bhrághad do chur sé gath a laghair a
choise deise, gur bhuail sé an rígh-mhíligh úd
a bhí san long leis, go dtug inchin agus leith a
cheann siar seachtar, gur thut sé marbh air an
láthair sin.


L. 170


Is an sin a d'iarr an mac beag oram-sa
'thabhairt asteach san long. Agus air ndéunamh
amhluighe sin dhamh, d'fhiafraidh sé de ghuth
feargach créad é an feitheimh do-ghnídhmaoinn
gan a dhol san long agus lom-argun a dhéunamh
ortha. Agus air sin do-chuadhmar uile gonta
agus slán uirthi.



Dála na buidhne sin, tráth chailleadar a
gceanfurt chaill siad a neart agus a n-uchtach,
agus do bhrígh sin níor leig sinne fear innsin na
sgéala dhíobhtha ann a bheatha uann, ach an
t-óglach so as mo choinne a bhí 'n-éideamh draoi
air churr deirigh na longa, agus gan arm cosnaibh
fair; agus labhair sé le Conall, agus dubhairt sé
leis gurab ó Eamhain é; agus sin an focal a
shábháil é. A d'iarr Conall air a theacht do
long féin, ' óir do loisgmur an long ele.' A
haithle sin d'fhiafraidh Conall de: "Créad do
chardais linne?" Agus is sé an freagra a fuair sé:
"Leig as, a Chonaill."



A haithle sin d'iarr sé Cú Chuilinn, eadhón
an mac beag so, a chur chuige. Is ann sin
do thug sé buidéal agus cleite as a ascaill, gur chuir
íce ann a chréuchtaibh, go mo slán ó ghoimh
na gcneadhabh sin é. Agus do-rinne mur an
gcéudhna leis an triar so ele, gur fhág sé sleamhun
slán-chréuchtach iad, mur bhí roimhe riamh.
Is an sin do chumal sé an cleite do Chonall agus
dhamh-sa ann gach áiti do ndeurna lucht na


L. 171


longa cneadh orunn. d'fhiafraidh Conall an dara
feacht a sgéala de, agus ní bhfuair sé é.
Agus anis is mian liom-sa an t-óglach sin a sgéala
féin a thabhairt dhúnn, agus an seanchus so do
chríochnamh."



Is an sin do-chuaidh an t-óglach sin a gceann
sgéul agus is sé a dubhrais:



"Mac do Chonraigh mhac Dáire, rígh Mumhan,
mise", air se, "agus Connla Ceart-bhriathrach is
ainim dhamh, agus an t-am do bhidhios mo
leanaibh d'athchungaidh Conchubhar mhac Neasa,
rígh Uladh, air m'athair mise 'thabhairt dhó mur
dhalta. Agus fuair sé an athchuinge sin uadh.
Agus a Chonaill," air sé, "is tusa an fear céudhna
do thug anna gcarbaid Chonchubhar féin as
cóigibh Mumhan go h-Eamhun mé."



Air gclosmhun sin do Chonall, lingis 'na
sheasamh, agus feiris teóra póg dhó, agus do-rinne
an chud ele de na curaidhibh mur an gcéudhna.



" Tá 'fhios agad go raibh mé fuidhe mhurnn
agus fuidhe ómóid mhór aige an rígh sin agus
aig n-a theaghlach feadh aimsir fhada, agus
fuidhe theagasg aige Cafaigh draoidh gur éug sé,
agus 'na dhéigh sin aige Bachra, óir dob iad sin
na draoithe budh deirsgne bhí 'n-Èirinn lena linn.
Do-chuadhais as sin go Dún Sgáthaigh a n-Alban
chuige bainríoghun Aoife d'fhoghlum cleasa goile
agus gascaidh; agus d'fhanais seal áiridhe


L. 172


d'aimsir an sin fuidhe mheas agus onóir mhór.
Agus 'na dheigh sin do-chuaidh mé chuige
Sáthran na hUamha Móire a gcríochaibh Lochlon
a dh'fhoghlum rúindiamhar agus ealadhan draoigheachta.
Agus do haithle sin foilseadh dhamh
sibh-se bheith 'ngéibhinn chruaidh, eadhón, thusa
do bheith an d'aonar, agus do chud compánach
a gcrethleadh a n-éuga. Is an sin
d'athchuingeas air an bhean-dhraoidh sin cead
agus cuideamh a thabhairt dhamh a theacht do
mur bhfuirteacht-sa; agus thug sin dhamh, agus
brat beag do bhí mo thimchioll san long nacharbh
fheidir do neoch oca m'fhaicsint. Agus do theilgis
díom é an t-am do labhair mé leat-sa, 'Chonaill," air sé.



Tiontais hart air sin.



"Agus a mhic rígh na Dreóllaine," air sé, "is
fiosamh fíor dhuit-se go raibh mac rígh na bhFear
Finn san chomhdháil do bhí air faich an dún so
an lá tháinig tusa ann air dtús."



"Bhí acheudhna," air rígh Thír an Uagnais.



"Máiseadh," ar sé, "do líon sé lán mire agus
éud leat-sa fón ríogun sin agad; agus mar is
suir dó bean an óglaigh atá na curaidh so 'a
thóruigheacht, agus ro-threightheach a n-asarluigheacht
agus a ndraoigheachta, do tháinig sé chuigthi,
go dtug sí thusa léighthe do shuan, gur fhág sí a
mullach an tsléibhe úd uadh chianaibh thú.
Agus is sí so chur an dobhair-chú nimhe úd a


L. 173


chonairc sibh air shleas an chuain roimh, agus
is sí do chur lucht na longa úd mur ndéigh, a
ndúil mur ndíthcheannadh; agus an t-am do
thug mise oraibh an caonnach do chur ann mur
gcluasa d'eagla an cheóil sígh bhinn a chlosmhun,
is sí do bhí 'déunamh an cheóil sígh romhainn.
Agus a mhic rígh na Dreóllaine," air sé, "muna
bé bhuail mise leis an tslait so thú an t-am do
bhídhios a dol a tuitiom da chodladh, ní
seasachfá air faich an dun so go bruinne
an bhráth. Agus gidh bé air bith uimhir
caorach do mharbh sibh air mur mbealach,
mharbh sibh an urraid sin de shlóighte an óglaigh ata
sibh 'a thóruigheacht; agus an reithchín
lathain úd do mharbh tusa, 'Chú Chuilinn, dob
é ursa chomhlainn an óglaigh úd é. Agus aig
sin mo sgéula dhíbh," air sé.



"Beir buadh agus beannacht," air rígh Thír an
Uagnais, "mo chuala mé a'n sgéal ariamh is
binne liom nó an eachtra sin. Agus más féidir
leat ainim an óglaigh sin agus 'ionad comhnaoi
(d'innsin damh) do-gheabhair uam-sa do thromualach
fo thrí do ór aithleite."



" Ní mur gheall air d'ór nó da iolmhaoin do
tháinig mise air an eachtra so, ach air faicsint
mo chomhdhaltaibh a bhfoiréigin."


L. 174


Is an sin do labhair Conall Ceithearnnach agus is
sé ro radha:



"Air ghrádh h'ine aithris ainim an óglaigh
úd dhún, agus cia an tír do gcomhnaoidhean sé."



"Gruagach na gCoin is sé is ainim dhó," air
an draoidh, "agus Oileán an Ár is sé is ainim
don áiti do gcomhnaoidhean sé a rígheachta
rígh Inse Toirc. Agus is uime ghoirthear Oileán
an Ár de do bhrigh nach dtáinig neoch beó air
ais as do ndeachaidh ann, óir is amhluighe atá
an fear sin; fir an domhain, agus bíodh siad do
thuargain, agus ní déunamh siad fuileamh nó
foirdheargadh fair an feadh do bheidhis a bhean
lena ghualann. Óir tá do mhéud a draoigheachta
gur féidir léighthe crann darach do fhágbháil
ann áiti a gcruaidh-chomhlan a bhfeaghair an
Ghruagaidh sin; agus bíodh 'fhios agaibh nach ar
bhuail sé buille do shleagh nó chlaoidheamh air
faich na hEamhna ó chuaidh sé ann gur fhág sé
é, ach gach buille agus gach sáthamh dá dtug
sibh, is sibh fein do bhí sibh a threadamh. Agus
tuilleamh ele, ata crann mór a' fas air faich an
Ghruagaidh sin, agus do chur an bhean úd iara
ruadh asteach ann; agus tá do mhéud na mbuadh
do leanuis e nach ramhann neach a dhol a
gcomhlann leis, ach an fear do theasgadh an crann
sin d'aon-bhéidhm agus a ghabhthadh an iara tráth
léimtheadh sí as ar dtuitim don chrann, agus an


L. 175


tsé nach ndéunaidh sin ní tairbheach dhó a
dhol ann," air an draoidh.



Fiafrais Conall de:



"Cia an tslighe is oircheas dhúnn?"



"Atá," air an draoidh, "teacht mhoch na
maidhne amárach seólfaid-se sibh."



Ach tá ní cheudhna, air theacht na maidhne ar n-a
márach rádhais Connla Ceart-bhriathrach:



"Gach aon dar mian leis na curaidhibh so
fhagháil sgaoilte óna ngeasaibh agus buaidh
chosgair a bheith leófa, leanthadh sé mise."



Dubhradar cách uile go leanthadh siad é.



"Ní hindhéunta sin," air sé, "ach tigeadh mac
rígh na Dreollann' agus na curaidhibh liom, agus
fanamh cách eile an so go dtigidh sinne air ais arísd."



A haithle sin gléusaidhis an bhuidhean chródha
sin iad féin a n-arm agus a n-eideadh catha; agus
gluasadar rompa, agus an draoidh ann a n-urthosach.
Agus ní aithristir a n-imtheacht go dtángadar
gusan oilean réamhráidhte. Is an
do bheiris an draoidh leis iad a ndiamhur coilleadh
do bhí láimh le dún Ghruagach na gCoin, agus
rádhais leo fuireach an sin go dtilleamh sé féin ortha.



Gluasais leis air sin agus a bhrat foluighe uime,
go dtarla bean an Ghruagaidh dhó air an fhaich
'na haonar, agus curthais a bhrat 'na timchioll


L. 176


agus fuadaighis leis í go harm a raibh na curaidhibh;
agus toirbhris suas don Fhear Dia í, aige
taobhadh leis a coimheád go cruaidh. Air
bhfacsaint na gcuraidhibh dí do thug maise ar
mhí-mhaise agus deilbh mhaith air dhrochdheilbh,
agus thut sí a néull anbhfuinne.



"Anis, a Chonaill," air an draoidh, "is tusa an
laoch is tréuna agus is neartmhaire buille dár
sheasaidh air an fhaich so ariamh; cur an brat
so air da ghuaille air mhodh nach bhfaicthear
thú, agus teasg an crann so do leagfaidh mise mo
láimh air agus a dh'aon-bhuille agus an iara ruadh
fhágfais é, no ní théid da bheó ais an áiti so go
bráth; agus má ghnídhthear sin ní contabhairt
dhut gan buadh chosgair an Ghruagaidh do
bhreith leat."



"Nach ceasnaoithear thú uime sin," air Conall.



Tillios an draoidh iar sin go harm a raibh
Cairioll Cath-bhuadhach, Lughaidh mhac Nos,
Cú Chuilin, agus Bricin. Agus rádhais leó súil
fhrichneamhach do chongbhail leis, agus an t-am
do-chloinfeadh siad an bile buadhach sin do
thrasgart, iad freasdal athlaimh do thabhairt
dhóibhthe.



A haithle sin bheirthis an draoidh Conall leis
go faich na caithreacha sin, agus leagais a láimh
air bhile mhór ard-bheangánach leathanghéagánach,
agus imthidheas a bhfód fó leith air


L. 177


sin. Air bhfacsaint an bhile sin do Chonall d'éirigh
a choin mhire agus a dhásacht feirge agus a ghoil
gasgaidh, agus tugais béidhm fíochmhur
ro-neartmhur de chlaidheamh don chrann sin, gur
thrasgair go lár agus go lán-talmhun a dh'aon
bhuille é. Agus a h'aithle sin sginngis an íara
amach as a haobhuigh chodlata; agus gobhais
Conaill í air a ruam ratha, agus marbhthais í.
Ach tá ní cheudhna, air dtuitiom don bhile sin,
níor fhág fuath nó arrachta, ginte glinne nó
deamhun aédhir fó na tríocha chéud budh choimhneasa
dhóibh, nachar mhosgul sé le fuam an
tormán do-rinne sé air dtuitiom dhó.



Dála bhean an Ghruagaigh do bhí 'láimh aige 'n
Fhear Dia, air gclosmhunt fuam agus macalla an
bhile, do tháinig argnamh bás uirthi, agus d'éug
do láthair.



Ciodh trácht, air n-a chlosmhun don Ghruagach tigis
amach air an fhaich, agus air bhfacsaint an
bhile trasgraidh dhó, agus ó nach bhfacaidh sé
a bhean air a ghualainn glacus eagla mór e,
agus tillios asteach arísd do ghléas a n-arm agus
a n-éideamh catha. Agus greasais dhá choin
ghlas chraosach nimhneach do bhí aige dá anacal
amach, go dtarla Cú Chuilinn dhóibh, gur mharbh
an dá choin a dh'aoin urchar don ubhall nimhe do


L. 178


bhi 'gcuimhreach a sgéithe, ó is sé nach dtug urchar
a n-iomroill ariamh. Teilgis Conall brat an
draoidh de air sin, agus téid fó lonn fíoch agus
feirge láimh le doras an Ghruagaigh aige feitheamh
go mí-fhoighideach fair.



Dála an Ghruagaigh, air bhfacsaint an bhile
trasgraidh, agus a dhá choin do bhí aige ann'
chosnamh marbh, agus gan a bhean air fagháil
aige, agus Conall go dásachtach uirlighthe chum a
dhíthcheannadh, téid a raon teithe tair chaol-dhoras
do bhí de leith cúl an dún, go dtarla dhó
Lughaidh mhac Nós. Agus ó nachar fhéid sé gan
comhlann agus gleic a dhéunamh an t-am sin
agus a easgcarad an gach raon do dtugadh sé
aghaidh, tillios tar ais, agus thig a d'ionnsuighe
Chonaill go croith-neartmhur; agus ionnsuigheas
an dís deagh-laoch sin a chéile mur dhá leómhan
chraosach a bheidh a' dol a ngorta a' tuargain
agus a trasgart a chéile, go ndeurnnadar cneadhaibh
domhain doi-leighiste fair thaobhaibh agus
fair chorpaibh a chéile.



Is ansin do labhair an draoidh go gnúis
fheargach, aige rádha:



"A láimh na n-éucht a thug buaidh chosgair
gach curaidh, ann a dol a gcaoinis comhráidh
leis atá tú?"



Air gclosmhunt na mbriathra sin do Chonall


L. 179


tuigis an sáthamh sanntach sáir-nimhneach sin
don Ghruagach, gur chur a shleagh fad láimh' laoch
don taoibh ele do chorp, air dtreadamh
a chruidhe ann a chliabh; agus tugais an dara
béidhm de chlaoidheamh dhó, gur bhain a cheann
de, aige rádha:



"Bhéarthaid-se thusa go hEamhun mur bhuaidh
chosgair agus mur fhiaghnuise an mhór-eachtra
so."



A haithle sin chuadar uile asteach annsa dún
sin, agus ní bhfuaradar aon-neoch beó marbh
inte. Shuigheadar síos, gur chaitheadar a leórdhochainn
bídh agus dighe ann, agus iad ann a
fheidhm go mór mun am sin. Agus d'fhanadar
ann an aoidhche sin.



Is ansin adubhairt an Fear Dia air son gach
leatrom do bhfuaradar ó thús go deireimh leis an
Ghruagach úd, go mbeirtheadh siad an méud ór
agus iolmhaoine agus an méud seódaibh mic
rígh agus ro-thighearna do raibh san dún leó go
hEamhun, agus go loisgfeadh siad an dún 'na dhéigh sin.



Is ansin do labhair Conall, agus is sé ro rádha:



"Ní shé sin breith do-bhéarthainn-se," air se,
"ach ó sé Conla Ceart-bhriathrach, ar gcomhdhalta
féin, a thug sibh-se ó bhás go beatha, agus a thug
buaidh chosgair an chatha so lena bheart, lena


L. 180


theagasg agus lena chuideamh, óir is follas dhíbh
gur budh dhó is beartha buidheachus an iomlán,
agus do bhrígh sin is cóir agus is ceart an dún
so fó a mbaininn leis a thabhairt dhó, agus é a bheith
'na thriath agus 'na thighearna fair."



Is ansin adubhradar uile gurbh í sin an bhreith
fhírinneach cheart; agus dubhairt mac rígh na
Dreóllaine go mbeidh sé féin 'na ursa chumhainte
agus cosainte aige feadh a rae, agus go dtabhradh sé
lán carbat cogaidh de ór álunn aithleite dhó.



Air dtabhairt cartacha agus seilbh dhó air an
áiti sin, gluasaid rompa go dún righ Thír an
Uaignais, agus an draoidh leó, agus ceann
Ghruagach na gCoin. Agus air dteacht ansin
dhóibh budh (mór) olghardas na mór-uaisle do
bhí ansin rompa, óir níor imthidh neoch as
ach a' feitheamh a dteacht agus a dtuarasgbhál.
Agus air dteacht dhóibh, do hathnuadhamh an
fleadh sin. Agus air gcaitheadh seal áiridhe
dhóibh amhluighe sin aige éisdeacht le ceól, le
hól agus le haoibhnis, fiafrais rígh Thír an Uagnais
sgéala a mór-imtheacht dhíobhtha.



Do fhreagur Conall é aige rádha gurb é an
draoidh so do-rinne gach éuchta dá ndeurnadh
lena theagasg agus lena ghliocas, agus do bhrígh
sin gurb é is feurr a dtucfadh leis innsin.



"Ní sheadh a-cheudhna," air an draoidh, "ach


L. 181


thusa do-rinne na gníomha, agus na gníomh
budh hoirdheirce do-rinneadh air mur nó air tír
ariamh, eadhón, an bile mór-thréun úd a thrasgart
a dh'aon-bhuille."



"Ó nach háil le ceachtar dhíobh 'éuchta cródha
féin a dh'aithris," air an rígh, "a mhic bheag,"
air se, le Cú Chuilinn, "innsidhe thusa mur
n-eachtra dhúnn."



Is ansin do-chuaidh Cú Chuilinn a gceann sgéul,
agus is sé dubhrais:



"An t-am a chuadh sinne go hOileán an Ár
do thug an draoidh sinne leis, gur fhág sé (sinn) a
ndiamhur coilleadh fuidhe fholach, agus chuaidh
sé féin go tuigh Ghruagach na gCon, go dtarla a
bhean air an fhaich dhó, agus gur fhuadaigh leis í,
gur fhág air láimh an Fhir Dia í. Is ansin do
thug sé Conall leis. Theisbeán sé an crann dhó do
raibh an iara ann, gur thrasgair Conall a dh'aon
bhéidhm é, agus gur mharbh an iara. Agus an
t-am do-chualaidh an bhean an tormán do-rinne
an crann air dtuitiom dhó, do ghlac sí argnamh
bás, agus d'éug sí do láthair.



"Dála an Ghruagaidh, air gclosmhunt dhó an
crann a' tuitiom, chur sé dhá choin allta amach
ann ar ndíthcheannamh; agus do mharbh mise an
dá choin a dh'aon-bhuille le hubhall neimhe as
cumhrach mo sgéithe. Is ann sin do shaol an


L. 182


Gruagach teitheamh tré dhoras cúl, go dtarla
Lughaidh mhac Nós dhó, agus do thill sé 'ais
gusan áiti do raibh Conall, gur mharbh sé é.
Agus mur chruthughadh air sin, aig so a cheann,"
air Cú Chuilinn.



"Créad do-rinne sibh lena chathair?" air rígh na
Dreóllaine.



"Toirbhreadh suas í féin agus a mbaininn
léighthe de ór agus de iolmhaoin don draoidh ar
fhuráil Chónaill," air Cú Chuilinn.



"Do-bheirthim bréithir," air rígh na Dreóllaine, "
nachar deurnnamh le neoch ar bith ariamh
breitheamhnus níos feurr nó sin; agus bhéarthaid-se
cur agus teanta don draoidh a bheith mur ursa
chomhlan agus chuidheamh aige, agus go gcurthaid
lucht faire agus forchoimheád chuige chum
seasamh ceart dhó feadh a rae."



Rádhais rígh Thír an Uagnais go ndéunamh sé
mur adubhairt sé roimhe leis, agus gidh bé air
bith tiodhlaca do-bhéarthadh rígh na Dreóllaine
dhó go dtabhradh sé féin a shamhul ele uadha.
Ach tá ní cheudhna, do-bheir na ríghthe sin grian
agus éusga 'choruigheacht ortha um choimhlíonamh
a ngealladh, agus do coimhneartadh a
bhfiaghnuise na gcuraidhibh iad.



Air gcríochnadh na neithibh sin dhóibh, rádhais
Conall go raibh sé bliaghan anis ón gcallainn 'na


L. 183


chéile ó d'fhagadar baile, agus gur mhithid
dhóibh tilleamh tar a n-ais ann. Dála na n-uasal,
budh mhór a dtuirse uime sin.



Air dteacht mhoch na maidhne air n-a márach,
triallais na curaidhibh fó dhéin a longa. Agus
chuaidh an draoidh agus mac rígh na Dreóllaine
leó go hur an chuan mur a raibh a long, agus do
thug mac rígh na Dreóllaine iomad carbad leis
líonta de nuadh gach bídhe agus de shean gach
dighe mur lóin fairge. Agus an uar do churadar a
long a n-ordughadh chum subhal ceileabhrad don
uaisle sin, aige fágbhál iomchumairce beatha
agus sláinte oca.



Agus ní aithristear sgéaluigheacht ortha go
dtángadar go hEasa Ruaidhe agus go hEamhan
Mhacha, mur ar thoirbheir siad ceann Ghruagach
na gCoin do Chonchubhar, agus gur aithriseadar a
n-eachtra ó thús go deireamh dhó, agus gur
sgríobhadar a rola na hEamhna é.



Gurb é sin eachtra Chonaill Cheithearnaoi
go hOileán an Ár a gcríochaibh
Inse Toirc, srl.: -



Air n-a scríobhadh chum
usoid Eamoinn A. mhic Anaosa, 1859
A.B.


L. 184


EACHTRA FOIRBE MAC CHONCHUBHAIR
MHIC NEASA RIGH ULADH



Ní bhfuil léightheóir comhthrom a nÈirinn, le
ar mian seanchuis nó sinsearacht do leanmhuint
nó do lorgaireacht, nach bhfuil fios go foirleathan
aige gur nós gnáthach le Conchubhuar mhac Neasa
seilg Choill Lamhruighe a dhéunamh uair
gach bliaghan. Agus do churthadh gairm agus
tionáladh air uaisle agus air mhaithibh an
chóigibh, ionnus nach raibh triath nó tabhartana,
taoiseach nó tréun-fhear a gcoigibh Uladh
nach dtigeadh a chomóradh na sealga sin. Agus
air gcathamh trí lá dhóibh air an ordughadh, do
chathadaois seachtmhuin air mhídh a' fleadha agus
aige féusda a dteach na Craobhruaidhe, seal aige
imirt, seal aige ól, seal aige innsin a n-eachtra a
dtíorthaibh imchéin, agus seal ele aige féuchaint a
lúth agus a neart le cleasa goile agus gaisge.



Tharla don rígh forórdha fíor-uasal so a bheith
pósda le dearbhshúir Chonruighe mhic Dháire,
eadhón, rígh Mumhan, ar dtús, agus níor fhag sí do
chloinn nó do shliocht 'na déigh aige ach aon-mhac
oirbheartach, dar bhudh ainim Foirbe mhac
Conchubhair, eadhón, ríogh-dhamhna Uladh, agus
do ghlac sé inghean Chriomhthain Nia Nar chuige,
eadhón, rígh Èirinne, mur chéile an dara feacht,
agus do rug an bhean sin iomad cloinne dhó.


L. 185


Atá ní cheudhna: do líon an bhainríoghun sin
lán do fhuath agus do éud don mheic sin a dh'eagla
urlámhas an chóigibh a theacht chuige, ionnus
gur gheall sí tiodhlaca agus prontas mór do
eachlach do bhí aici a bhí ro-eólach a n-ealadhan
draoigheachta, dá ndéunamh sé an mac táiniste
sin a dh'aithmhilleadh lena asarluigheacht.



Dála Chonchubhair: feacht n-oile dár chur
cruinneamh agus tionáladh air mhaithibh Uladh
níor fhan triath nó taoiseach, nó fear iomchar
claoidheamh nó sleagh ón gceann 'na chéile don
chóigibh, ó Shruth na Boinne go Clochán na
bhFoghmharach, nó ó thraighe Loch Cuan go
hIorras Domhnann, nach dtáinig air an
fhorfhógradh sin go faich na hEamhna. Agus
air tonn nó air tráighe, ó oirthir go hiarthair an
domhain ní bhfacfaidh nó ní bhfaghfaidh a
gcomhshamhult air bheódhacht, air chalmacht agus air
uaisle fola, ionnus go raibh príomh-laochraidh an
domhain crunn air an láthair sin.



Ach tá ní cheudhna: air dteacht air faich na
ríogh-bhruighne sin dhóibh, do-chuaidh gach aon
oca ann' arm agus anna éideamh sealga, agus
ghluasadar rompa go meanmnach craobhach
lán-eagainte d'fhis na foraoise réamhráidhte.
Ciodh tracht, do thug Foirbe mhac Conchubhair
buadh cosgar na sealga leis an chéad agus an
dara lá. Gidh eadh, do fuair eachlach na
bainríoghuna foill air, gur amsughadh


L. 186


draoigheachta air, agus gur chuir fó gheasaibh
é a bheith an chéad-bhliaghan 'na sheabhac
shúl-ghorm chraosach, agus an dara bliaghan 'na
leómhan ghortach chíochrach, agus an treas
bliaghan anna gclódh dhaondha; agus gan cead
a bheith aige comhnaoi nó dídion do dhéunamh
a gcúrt nó 'gcaisleán, a mboth nó a mbruighean,
ó sin a leith, go dtugadh sé ceann an Mhacaíbh
Mhór, mhac rígh na Sorcha go faich na hEamhna
leis, eadhón an rígh-mhíligh budh mhó neart,
budh éuchtaigh a ngoil agus a ngníomh do raibh
san gcruinne ann a aimsir féin; agus ní mó bhí
sé air a chumas arm cosanta do bhreith leis as
Éirinn, nó aon laoch, curaidh, nó gasgaidheach
do bhreith leis do anacal.



Dála na mór-uaisle sin: air dtilleamh dhóibh
go hEamhain, air gcathamh na dtrí lá dhóibh
fón choill do sír-theasdail, a' ruagadh eallta
fhiadhan na foraoise sin, do-chuadar a gceann
na fleadha móra sin do bhí seal áiridhe do
ollmhughadh dhóibh. Agus trá shuidheas cách
fó na bordaibh slios-fhada sin fiafrais Conchubhar
don bhollsaire boird an raibh gach triath agus
gach saol an' ionad cinnte féin.



Do fhreagair an bollsaire é aige radha go raibh
gach aon don choimhthional mhór-uasal sin ann'
áiti féin mur bheidh uadh chianaibh ach amháin
nach bhfacaidh sé Foirbe mhac Conchubhar san
chomhdháil.


L. 187


Goirtheas an rígh an callaire chuige, aige
iarraidh air a dhol don fhaich agus gairm a
thabhairt leis. A haithle sin do-chuaidh an
callaire don fhaich, agus do ghoir leis lucht stoic
agus beannaibh na caithracha, agus do shéideadar
go hard a n-adharcaibh agus a mbuabhaill. Gidheadh,
níor fhreagur sé dhóibhthe. Tilleadar ar
ais don dún arísd, agus nochtais don rígh agus
do theaghlach nach bhfacadar é.



Iarrais an rígh ortha an dara feacht a dhol
don choill réamhraidhte agus gár fo holl a
thabhairt leis ann. d'imthídear rompa air sin
gusan choill, agus níor fhág clúd nó cearnn ann
nach ar chuartaídear, agus ní bhfuaradar a bheag
do sgéula.



A haithle sin tilleadar abhaile chuige an rígh
go ceann-trom tuirseach, agus rádhais
(an callaire ?) leis nach bhfacadar agus nach gcualadar
a bheag do sgéula nó do thualais. Air gclosmhunt
na sgéala sin don rígh agus dona mhórtheaghlach,
d'íoslaidh a nglóir agus a n-eagainte
air mhodh nach gclonfaidh nídh ar bith air feadh
na caithreach fón am sin ach cneadh nó osnnaigh,
agus ní raibh neach don chomhdháil, dar leat,
a bhídh comh dólásach leis an bhainríogun an
tráith sin. Dála an rígh: glacais a leaba do dhrum
tuirse agus buaraidh, ionnus gur luigh sé bliaghan
ón gcallainn 'na chéile a ngalar dubróin, gur


L. 188


teanadh go léir a chaoimh-chorp, agus gur thréig
sé a chroth agus a shnuadh.



Air bhfacsaint don mhór-uaisle do bhí crunn
'na thimchioll gurbh éigin don rígh a dtréigmheál,
agus go raibh an teaghlach suarcach sin fuidhe
throm-chúmhaidh, ceileabhrais dhó, aige fágbháil
iomchumairce beatha agus sláinte aige. Agus ní
dtángadar a gceann a chéile go ceann trí
mbliadhna do éis sin.



Ach tá ní cheudhna: air bhfacsaint do mhac
an rígh, eadhón, Foirbe mhac Conchubhar, go
ndeurnamh seabhac de tré asarluigheacht
bhonnaire na bainríoguine, d'éirigh sé ar eitiol
a n-airde as amharc chách, agus níor thuirrling
sé go dtáinig go hEamhuin, mur ar chomhnaoi
sé a ngéugaibh na gcrann caoimh-airde do bhí
timchioll an rígh-dhún sin air feadh na bliaghna
do bhí sé san deilbh-riocht sin. Agus feadh na
rae agus na haimsire sin níor fhág sé éun do
chineál a' chlúmhaigh fó cúrt na hEamhna nach
ar mharbh se; agus tuilleamh ele: bhí éun álunn
aige an bhainríogun, eadhón, fearán breac do
bhí a gcomhdach aici, agus an feadh do bhí sí
a' tabhairt aedhir gréine dhó crochta air bheangán
crainn, do chur a ghob tréun trésan laitis, gur
mharbh é. Agus an t-am do-chonairc an bhainríogun
sin rathais do fhuirteacht. Ach tá ní
cheudhna: bualais an seabhac sáthamh de'


L. 189


spoir nimhneach go ro-chlisde san tsúil uirthi,
gur chur as a ceann í. Gríostair an bhean
chealgach sin go mór do haithle sin, agus
d'imdheargaidh na curaidhibh fó nach ar
mharbhadar roimhe sin an seabhac le gath nó sleagh.



Ciodh trácht, ar gcathamh bliaghna go
coimhiomlán 'na sheabhac do Fhoirbe mhac
Conchubhar do thiontach sé ('na?) leómhan
chraosach, aige déunamh díthe agus dochar air
feadh an tsréuda buabh agus ealta na caithreacha,
air mhodh nach ar fhág sé caora nó uan, bó nó
gamhun no éun do chineál air bith beó dar bhain
leis an chathair nach deurna sé a dhíthcheannadh
feadh na bliaghna sin do bhí sé 'na leómhan.



Ach tá ní cheudhna: air gcríochnadh na
bliaghna sin dhó do tháinig se a gclódh dhaondha;
gidh eagh, ní shí 'dheilbh nó a dhreacht féin do fuair sé.



Dála Chonchubhar, curthais fios agus teachta
an gach ard don chóigibh a' crunnadh maithibh
a thíre, nuair a d'aithbheódhaigh se a ndéigh
caill a mhic ionmhun, chum seilg na coilleadh
á dheunamh mur fo ghnáth leis roimhe sin. Agus
an t-am do bhíodar uile air faich na hEamhna
dá ngléas féin a n-éideamh agus a n-arm sealga
rádhais an callaire leis an rígh gur súd holl óglach
éigin don taobh ele don fhaich nach raibh a'


L. 190


teacht a coimhmheasgadh leó, óir gur dhóigh
leis go raibh sé a' fuireach ansin mur ndúil aire
d'fhagháil air neoch éigin don uaisle sin ann a
mharbhadh. Fiafrais Conchubhar de' theaghlach
féin cia do rachadh a bhaint sgéul don óglach
úd. Adubhairt giolla grádhach de mhuintir na
banríoguna do bhí san chomhdháil go rachadh sé féin ann.



A haithle sin gléusais é féin ann a arm agus
ann a éideamh catha agus téid go lán-mheanmnach
gusan ionad do raibh an t-óglach sin. Agus
air dteacht a láthair dó fochtais sgéula de.
Gidheagh, níor labhair an t-óglach sin aon-fhocal
leis. Air bhfacsaint sin do ghiolla na banríoguine,
curthais láimh 'na thimchioll mur ndúil a thabhairt
a gcuibhreach leis a láthair an rígh. A haithle
sin tugas an t-óglach sin siodhamh sandach
sáir-nimhneach fair, agus trasgrais go lár et go
lán-talamhna é, agus bainis 'arm agus 'éideamh
dhe, agus iar sin do bhain a chluasa dhe, agus do
do thug bearramh íosal, bearramh ard, bearramh
óinmhid agus amadáin air 'fhuilt, agus léig a
bhaile fó dhéin an rígh fón gcuma sin é a
bhfiaghnuise na mór-uaisle do bhí 'na thiomchioll.



Agus airna fhacsaint sin don rígh rádhais leis:



"Is dóigh liom-sa nach leanbán óg nó
maoth-mhacaíbh do thárla leat, agus is bréithir


L. 191


dhamh-sa go m'fhearr dhut go mór é da cheann a bhaint
dhíot a dh'aon-bhéidhm nó 'shamhul sin do
oilbhéim a thabhairt dut."



Do fhreagar an giolla é, aige rádha:



"Is dóigh liom-sa," air sé, "nach bhfuil sé
air an fhaich so 'nuigh triath nó taoiseach, laoch
nó curaidh nach bhfuigheadh an chumann uadha
a fuair mise."



"Luigheam fóm arm gasgaidhe," air ridire óg
do bhí san chomhdhál, eadhón, dearbhráthair
don bhainríogun, "go mbainfid-se sgéala de
agus gé dtillfid gan fuileadh nó foirdheargadh a
dhéunamh oram, gé neartmhur a láimh, agus gé
faobhrach a lannaibh."



"Bheirim briathar dhut," air an giolla, "nach
bhfuil arm cosanta air bith aige ach le' dhá arm
féin go gclaoithfidh sé thú, óir tá comhlann céud
an gach (láimh ?) leis," ar sé.



Triallais an ridire sin leis go harm (a raibh)
an t-óglach sin 'na shuighe. Air dteacht a láthair
dó fiafrais sgéula de; acht tá ní cheudhna, ní
bhfuair sé a bheagán nó a mhórán cainte aige.
Fiafrais sgéula an dara feacht de, agus ní dtug sé
freagra air. Iar sin tarrangais a chlaoidheamh as a
thruaill thasgaidh, mur ndúl a dhol chum
comhraic leis. Airna fhacsaint sin don óglach,
tugais ionnsuighe sár-thapuigh ro-fheargach fair,
gur bhain an claoidheamh de, agus gur bhuail
buille neartmhur fíochmhur fair leith a cheann


L. 192


agus a láimh dheas ón ghualann de a dh'aon-bhéidhm,
agus do léig air subhal a gceann chách
é air an ordamh sin.



Ciodh trácht, air dteacht a láthair dhó, fochtais
es an rígh sgéula 'n óglaigh sin de. Do fhreagur
an ridire é, aige radha:



"Tá mo theachta folluis dhíbh uile, agus
thángais gan sgéula ach na sgéula a ghoin mé."



Is ansin do labhair Conchubhar mhac Neasa,
agus is sé ro rádha:



"A Chonaill chath-bhuadhaigh agus a bheirnn
bhrisde gach gábhaidh, is dóigh liom gurb éigin
dhut a dhol a bhaint sgéula don óglach úd."



"Is deimhin," air an rígh-mhíligh sin, "agus
nach dtilleam gan a sgéula bheith liom chugaibh."



Gluasais an ursa chródha chaith-réimach sin
roimhe gusan áiti do raibh an t-óglach sin 'na
shuighe; agus air dteacht chuige dhó éirghis an
t-óglach sin 'na choinne, agus feirthis fáilte
fíor-mhuntardha roimhe. Do fhreagur Conall an
beannadh go milis-bhriathrach, agus d'fhiafraidh
a sgéula de. Do fhreagur an t-óglach é, agus
adubhairt:



"Do bhéarfaid-se sin dut, a Chonaill," air sé,
"a raoghan air fhearaibh na cruinne, agus is
dóigh liom an uair a chlonfais tú mo sgéula
nach feirde dhiot é, ach suigh-se síos go drásd."



Agus airna rádha sin dhó do léig sé na frasa diana


L. 193


deór síos ann' fhiaghnuise. A haithle sin suigheas
Conall síos ann a fhochair, agus air sin do-chuaidh
an t-óglach a gceann sgéul a dh'innsin dhó, et
is sé adubhairt:



"Misi Foirbe mhac Conchubhair, ríogh-dhamhna
Uladh, gé gurab iongnadh leat-se a luadh, a
Chonaill," air sé.



Air chlosmhunt na mbriathra sin do Chonall,
dearcais go géur grinn air, agus do léig sé frasa
diana deór go talamhun mur an gcéudhna, agus
fiafrais de: "Créad é an riocht so ann a
bhfuilear nó cia do dh'imir an asarluigheacht
sin ort?"



"Nach cumhain leat," air sé, "cian a dh'aimsir ó
shoin nuair a bhí maithibh an chóigibh a' seilg san
choill agus go dtug mise buaidh chosgair na
sealga liom ó chách an chead agus an dara lá."



"Is cumhain," air Conall Ceithearnnach, "go
deimhin."



"Máiseadh," air Foirbe," air an treas lá,
eadhón an lá déighineach don tseilg sin, do gheall
an bhainríogun tiodhlaca agus prontas mór
dona heachlach, ach amsughadh draoigheacht
a dh'imirt oram; agus a haithle sin do-rinne sé
seabhac craosach dhíom feadh bliaghna; agus an
fad do bhídhios ansa riocht sin níor fhágbhais
éun do chineál a' chlúmhaigh fón Chraobh-ruaidh
nach ar ithe mé, agus níor chaomhain mé an
fearán breac do bhí aige an bhainríogun gan


L. 194


a dhíthcheannadh, agus an tsúil do bhaint aisdi
féin tráth chuaidh sí do tharthail. Air mbeith
dham bliaghan amhluighe sin, do-rinneadh
leómhan gortach fíochmhar dhíom; agus an
bhliaghan do bhídhis amhluighe sin níor chogail
mé sréud buabh nó eallta dar ghéill do Eamhun;
agus anis tháinig mé a gclódh daondha anae,
gidh nach ann mo dheilbh nó ann ma dhreacht
féin, agus beid amhluighe sin mur chí tusa anis
mé nó go dtabhraidh mé ceann an laoich is tréuna
san domhan liom go hEamhun, eadhón ceann
a' Mhacaíbh Mhór, mac rígh na Sorcha."



"Nach h-imnidhthear thú uime sin," air
Conall, "óir do mbeidh neart laochraidh an
domhain mhór uile annsan fhear sin amháin
tucfaidh a cheann go faich na hEamhna 'ndoigh
fuasgailt 'fhagháil dhuit-se," ar sé.



"Nach habair-se sin, a Chonaill," air Foirbe,
"óir ní fhéideam-sa neoch air bith do bheith
liom dam anacal air an eachtra sin, agus ní mó
fhéideam arm cosanta a dh'iomchar liom as
Éirinn."



Air chlosmbunt na mbriathra lán-thruagh sin
do Chonall, tugais léim lúthmhar lán-éusgaidh 'na
sheasamh, agus bheiris siodhamh ruagh-ratha,
mur shonnadh gaoithe lá Marta air bhinn sléibhe,
mur neoch a bheidh air mire nó air saobhadh
céille, agus níor sgur sé go raibh 'na sheasamh a
bhfiaghnuise an rígh. Agus tharla go raibh an


L. 195


bhainriogun agus a heachlach a gcuideachta
leis san am sin, agus an uair do-chonnairc an
bhainriogun a' teacht é, agus ruamhain na feirge
go soilléar ann a ghnúis, chuaidh sí a bhfolach
air. Gidheagh, air bhfacsaint a heachlach,
tugais sáthamh borb láin-neartmhur don tsleagh
do bhí ann a láimh dhó, go dtarla ann' urbhroinn
é, gur leig 'abach agus 'inear air lár na faiche a
bhfiaghnuise na sluagh. Glacais uamhain agus
eagla mór an rígh agus an chuid ele de na
curaidhibh nuar a choncadar a lonn dásacht
agus feirge (ag ?) lasamh. Ach fá dheoigh, do
labhair an righ leis go cúin agus go caomhúil
milis-bhriathrach, agus is sé ro rádha:



"Is mire an gníomh súd do-rinneas, a
rígh-mhiligh," air sé.



Do fhreagur Conall Ceithearnach é, agus is
sé adubhairt:



"Gidh nach bhfuil fear air dhrum talamhna
nuigh is annsa liom nó Cú Chuilinn móduigheam
fó na déithibh dá ndéunamh sé na gníomha
do-rinne an biothamhnach úd go dtabhrainn
an oidhe chéudhna dhó; agus tuilleamh ele, munab
é comh luath agus a d'fhág an bhainríoghun mé
go bhfágfainn a colann chlaon gan cheann a
d'aimdhheóin do bhfuil air faich na hEamhna
nuigh," air sé.



"A phríomh-ghasgaidhe na beatha gan roinn,"
air an rígh, "créad do ghríosaidh thú, nó thóg


L. 196


d'fhíor-fhuil uasal a thug buaidh chosgar gach
gábhaidh, mur chím? "



"Gaibh-se liom, a réumh-bhráthair a bhfód fó
leith, agus nochtachaidh mé fírinne na neithibh
so uile dhut, agus is dóigh liom nach barr
meanmna dhut é."



A haithle sin théid an rígh le Conall go leathtaobh
na faiche, gur nochtaidh sé dhó an
t-iomlán don fheall do himreadh air a mhac,
agus mur bhí sé bliaghan 'na sheabhac chraosach
aige díthcheannadh eallta na caithreacha, agus
an tslighe le ar chaill an bhainríogun a súl leis,
agus mur bhí sé bliaghan ele ina leomhan ghortach
aige slad an tsréuda, agus anis go raibh sé a
gclódh daondha, ach amhain nach ann a riocht
nó ann a dheilbh féin do bhí sé, agus go raibh
sé fuidhe gheasa droma draoigheachta a dhol gan
fuireach go críochaibh na Sorcha, agus ceann an
Mhacaíbh Mhór, mac an rígh, a thabhairt leis
go hEamhuin; agus tuilleamh ele," air sé, "ní
féidir dhó neoch air bith againne do bheith leis
air an eachtra sin, agus ní mó tá cead aige arm
cosanta do bhreith leis as Éirinn. Agus anis, a
réumh-bhráthair," air Conall, "aig sin agud
adhbhar mo dhásacht agus mo cheann-mhire."



Air gclosmhunt na sgéula lán-iongantach sin
don rígh, thug deilbh maith air dhroch-dheilbh,
agus thuit a laige agus 'néulltaidh; agus bhí
amhluighe sin ó néull go néull agus ó tháimh


L. 197


go táimh go dtáinig an t-am sin airna márach.
Ach tá ní cheudhna, air bhfagháil brígh a
chéadfuighe dó, goirthis air Chonall chuige agus
rádhais leis a theacht fó dhéin Foirbe, go
bhfacadh sé an aon amharc amháin air an
ghaisgaidheach dob annsa leis da fhearaibh an domhain.



A haithle sin théid Conall Ceithearnnach agus
an rígh gusan áiti do raibh Foirbe mhac
Conchubhar 'na shuighe ó chianaibh. Gidheagh,
bhfachadar ann é. Tilleadar tair ais go faich
na hEamhna arísd go dolásach dubrónach, agus
fógrais don uaisle do bhí crunn annsin gach haon
oca 'dhol do bhaile féin gan seilg a chumóradh
nó fleadh a chathamh. Ciodh trácht, air
n-imtheacht do na trom-shlóighte sin ó Eamhun,
rádhais Conchubhar lena theaghlach a dhol amach
agus gan diamhar nó daor-bhealach 'fhágbháil
gan chuartadh go bhfuigheadaois Foirbe agus a
thabhairt abhaile leó chuige.



Dála Foirbe, tráth d'imthidh Conall Ceithearnnach
uadha, chuaidh sé go Coill Laimhrigh, mur
nach ar fhéid é compántas nó comhluadar a
dhéunamh le haoin-neoch. Agus air dteacht
chuige ionad uaigneach dob aithne dhó san
choilligh sin.... Ach tá ní cheudhna, do dhruim


L. 198


tuirse intinne, air mbeith dealuighe uadh na
curaidh, agus a dh'easbhuidhe bídhe, do thuit
trom-shuan codlata fair, agus air ndúisgeadh
dhó as a' neull sin is sé áiti do bhfuair sé é féin
a bhfásach uaigneach gan tathaidh duine nó
ainmhidhe anna réagúin coigcríoche. A haithle
sin éirghis an macaíbh oirdheirc sin 'na sheasamh,
agus féuchais na ceithre hardaibh iomal-leathan na
cruinne air gach taobh dhe go ceathraigh agus
go sgáthmhur baoith; agus níor aithne sé spéir
nó talamh nó nídh air bith ele feadh a radharc,
agus dob iongnadh leis na tortha milse do bhí
láimh leis aige lúbadh na gcrann go talamh air
gach taobh dhe.



Níor chian dhó iar sin an t-am do-chí sé
laoch meanmnach mór-mhíleachtach lán-armach
'teacht go héasguidhe do ionnsuighe. Agus air
dteacht a láthair dhó, beannuidheas Foirbe mhac
Conchubhar dhó go milis-bhriathrach. Freagras an
fear mór sin an beannadh, agus fiafrais a sgéula
dhe. Do fhreagur Foirbe mhac Conchubhair é,
aige rádha go ndeachaidh sin tair a dhíthchioll,
óir nach arbh aithne dhó an áiti do raibh sé anis
nó nídh air bith do bhfacaidh sé 'na thimchioll.



"Ní nach féidir leat a dh'innsin cia tír dár
hoileamh thú, nó cread do ghluais don réugan so
thú don toisg so?" air an fear mór.


L. 199


"Is féidir a-cheudhna," air Foirbe mhac
Conchubhair. "Do hoileamh a dTeach na Craobhruaidhe
mé," air sé, "agus mac do Chonchubhar
mac Neasa mé, eadhón rígh Uladh, agus do curthadh
geasaibh oram a dhol go rígheachta rígh na Sorcha
agus ceann a mhic do bhreith liom go hEamhun,
agus ní bhfuil sé air mo chumas neoch air bith
do bheith liom dom anacal. Agus aig sin mo
sgéula dhut," air sé.



Is ansin do labhair an fear mór leis, agus is sé ro
rádha:



"A chníopaire agus a chneamhaire, is aireach
dhut do sheanchuis, óir is dóigh liom-sa nach
dtéid da bheó nó da mharbh go crích na Sorcha
go bruinne an bhráth agus go foircheann
na beatha; agus bíodh fhios agud go bhfuil tú anis
a rígheachta rígh na hAntuaidhe san domhan
shoir, agus curfaid-se 'gcuimhne dhut gurab iad
da mhuintir-se do mharbh rígh an oileán so,
eadhón mo athair-se, air faich na caithreacha sin
dár hoileamh thusa innti. Agus do thairbhe sin
do bhainthinn-se do cheann dhíot gan fhuireach
air an láthair so, munab é gur feurr liom bás
pianamhuil a thabhairt dhut."



A haithle na mbriathra sin tugais an fear mór
sin ceangal na gcúig caol go cruaidh dosgaoilte
air Foirbe, agus do rug leis é gur chur fuidhe


L. 200


shileadh na ríoth-chainnle annan fhárus dhorcha
é, mur a rachadh gach braon di ó chracainn go
feóil, agus ó fheóil go cnáimh, agus ó chnáimh go
smior, agus ó smior go smaois. Agus drudais suas
go daingean amhluighe sin é.



Dála Chonchubhair mhic Neasa, ó nach ar
tharla Foirbe do neoch dá deachaidh do chuartadh,
gluasais Conchubhar mhac Neasa é fein agus
ochtar curaidhibh na Craobh-ruaidhe, mur aon
lena slóighte amach dá thóirigheacht. Agus níor
fhágadar diamhuir nó daor-bhealach, uagnais
coilleadh, cuais cairrge, binn sléibhe, uaimh nó
ionad folaighe, cuan nó calaphurt ó Loch Cuan
go Bun Drobhaois nó ó Thóchar na dTréun-fhear
go Sruth Bóinne, nach ar chuartadar do iarraidh.
Gidheagh, ní bhfuaradar aon-fhocal de sgéula
go dtarla Aonghus an Bhrotha, eadhón príomhdhraoi
Éirinne leó, agus gur dhubhairt sé leófa
gur dhíomhaoin a n-éirigh amach, óir nach raibh sé a
n-áiti air bith a n-Éirinn, óir go raibh sé a
gcuibhreach chruaidh agus a ngéibhinn mhór
a n-uaimh dhorcha a dtír choigcríochach nach raibh
sé air a chumas aithris cia an réagún don domhan
ann a raibh sé ann. A haithle sin tilleadar a
bhaile lán tuirse agus dubróin tair éis a n-asdair.


L. 201


Ach tá ní cheudhna: air gcathadh seal fada
do Fhoirbe mhac Conchubhair san chruaidhghéibhin
réamh-ráidhte sin, thainig inghean óg
iol-chrothach do bhí aigen fhear mhór chuige
nuair a fuair sí foill air a hathair, feacht n-aoin
dá ndeachaidh sé air eachtra; agus rádhais leis
dá mbeidh fhios aici go bhfágfadh sé an réagún
sin le rinn-luathais ratha as bealach a hathaire
go sgaoileadh sí dhó, óir gur crádh inntinne
léighthe 'dh'fhacsaint a nglasaibh mur bhí sé.



Air gclosmhunt na mbriathra trócaireach sin do
Fhoirbe mac Conchubhar, do labhair sé léighthe, agus
is sé ro rádha:



"Bheirthim bréithir dhut, 'óg-mhaighdean,"
air sé, "dá bhfuighean-sa sgaoilte as mo chuibhreach
nach gceangaladh h'athair-se nó aon laoch
air bith ele mé arísd, agus ní mó cheangaladh
an fear mór úd mé nó fear air bith ele do mbeidh
arm cosanta ann mo láimh an t-am sin."



A haithle sin sgaoilis an óig-bhean sin dhó, agus
bheirthis claoidheamh faobhrach ór-dhoirnn do
chud a hathaire ann a láimh dhó, agus rádhais
leis a imirt go calma curachta; agus fágais
iomchumairce beatha agus sláinte aige. Gluasais
Foirbe mhac Conchubhair roimhe de chéimibh
tineasnach tréun-luath ratha, agus ní deurna
comhnaoi nó sgíth aoidhche nó lá go raibh sé
asdar trí lá agus teora n-aoidhche uadh sin tríd


L. 202


choillte, tulcha agus glinnte agus gach bealach
diamhairthe ele, agus ní bhfacaidh sé dún nó
duine feadh na haimsire sin. Agus air leigean
a sgisde dhó san ionad uagnach sin do thriall sé
arisd ar' asdar, agus gan fios aige cia hard don
domhan do raibh sé a' tabhairt aghaidh ann.
Agus air mbeith dhó seal fada ele a' subhal na
n-ionadaibh uaigneach sin do-chí sé cathair cheannard
ucht-bhláith fhuinneógach aol-daite a bhfad
uadha, agus do-rinne sé go dian fóna déin.



Agus air dteacht dhó a bhfogas dí, do-chí sé
sluagh líonmhar lán-armach timchioll na caithreacha
sin. Suigheas síos air maolan cnoic air
amharc na caithreacha a' féuchaint na mórshochruidhe
sin, agus níor chian dhó ann amhluighe
sin an t-am do-chí sé óglach beódha deaghthapaidhe
a' teacht do ionnsuighe. Agus air
dteacht a láthair dhó fiafrais Foirbe ainim na
caithreacha sin de agus fáth na mór-shochruidhe
sin a bhí 'na timchioll. Do fhreagur an t-óglach
é, aige rádha:



""Cathair na Féile" ainim na caithreacha ud a
chí tú, agus is uime ghoirthir Cathair na Féile (di)
do bhrígh nach ar fhág neoch ariamh í gan a
dhóchain bídhe agus dighe a dh'fhagháil ann, agus
dá ma coigcrícheach é go bhfuigheadh oigheachta
ann. Agus súd Gruagach Ghleann na gCon Allta
agus a mhuintir atá 'díthcheannadh sluagh na
caithreacha do shíor, mur ndul lena hurlámhas a


L. 203


dh'fhagháil dhó féin, mur nach bhfuil do cheannfurt
uirthi ach ríogun óg chlódh-cheart dheilbheach.
Agus molam dhuit-se a (dhul) don chathair úd
agus cuideamh le teaghlach an dún sin, agus
rachaid-se leat."



"Cia bhfuil d'arm cosanta?" air Foirbe.



"Aig súid é," air an t-óglach, a' teasbeán slat
bheag do bhí ann a láimh dhó.



"Is dóigh liom," air Foirbe, "nach sgiath
dhídion nó chosanta í sin a' dol a gceann sluagh
armach," air sé.



"Nach ceasnaoithear thú uime sin," air an
t-óglach.



A haithle sin imthidheas an dís sin rompa go
rabhadar a gceann na mór-shlóighthe a bhí
'timchiolladh an dún sin. Is ansin rádhais an
t-óglach sin le Foirbe gan géilleadh do thréun nó
do thruagh dá gcasfadh leis, óir go raibh muintir
na ríoguna uile an taobh astuigh don chathair.
Ionnsuigheas an dís réamhráidhte na tromshochruidhe
sin go cródha calma croith-neartmhar
agus go fíochmhur feargach, agus gidh gur
bhuaidh-bheimeannach an laoch Foirbe lena chlaoidheamh
a' gearramh agus a' leadramh, máiseadh is mó
go mór an t-ármhach agus an argain do-rinne an
t-óglach lena shlait bheag. Gidheagh, do tharla
a dtriath, eadhón, Gruagach Ghleann na gCon


L. 204


Allta, do Fhoirbe, agus ionnsuigheas an díos
deagh-laoch sin a chéile go námhudach
neamhcharthannach, go ndeurnnadar cneadhaibh agus
créuchtaibh domhain do-leighiste fair thaobhaibh
agus fair chorpaibh a chéile. Ach fá dheóigh do
labhair an t-oglach sin le Foirbe, agus is sé ro
rádha:



"Dar liom, 'óg-mhacaíbh," air sé, "is mór an
fonn cleasuighacht atá ort leis an Ghruagach sin."



Air chlosmhunt na mbriathra sin do Fhoirbe
gríostair go mór é, agus air sin tugais éirigh
ard achunach fair, agus bualais béim neartmhur
lán-fheargach do chlaoidheamh air an Ghruagach a
gcomhrac a cheann agus ramhracht a mhuinéal.
Ciodh trácht, air bhfagháil na béidhme sin don
Ghruagach, curthais a dhá laimh suas gus a cheann
agus fásgais a n-aice 'chéile é arísd, air bhfágbhail
an chlaoidheamh greamaidh ann agus láimh
Foirbe dainghean a ngáirde nó 'ndornn an
chlaoidheamh; agus imthidhis air subhal do
shidheamh ruagh ratha, agus Foirbe amhluighe
sin leis, agus gan air a chumas é féin a sgarmhun
de.



Atá ní cheudhna, air bhfacsaint sin don óglach
úd a bhí 'cuideamh leis san iorghail sin leanas an
Gruagach go dian dásachtach; agus air mbeith
dhó a' dol asteach a mbéul uamha móire do bhuail


L. 205


sé buille don tslait do bhí ann a láimh air an
Ghruagach, agus air sin sgaoilis láimh Fhoirbe as
dornn an chlaoidheamh; gidheagh, do thug an
Gruagach an claoidheamh leis uadha.



Is ann sin do labhair an t-óglach le Foirbe, agus is
sé ro rádha:



"Is dóigh liom-sa 'ghasgaidhe," ar sé, "gur
feurr an t-arm cosanta an tslat so agum-sa nó da
chlaoidheamh-sa, gidh gur mhór da thaircisne dí
ó chianaibh."



"Is feurr a-cheudhna," ar Foirbe, "agus gidh
gur teasargadh mise ó láimhe an Ghruagaidh
chleasaigh úd, is amhgar cruidhe liom mo
chlaoidheamh do bheith leis uam."



"Nach imníthear thú uime sin go fóill," air,
an t-óglách, "agus triallamaois tair ais fó dhéin
mhagh an ár go bhfacaidh maoinn ordughadh na
caithreacha sin."



A haithle sin tilleadar air a n-ais, agus fuaradar
doirse an dún sin uile fosglaidh agus an ríogun,
is a teaghlach amuigh air an fhaich aig amharc
air na slaodaibh do bhí 'na gcosair chródh
timchioll na caithreacha mun am sin. Dob
iomdha sleagh brisde, lughrach raobthaidh agus
corp curaidh tre-thollta do bhí ann an t-am sin,
le facsaint. Ciodh trácht, air faicsint an dís
deagh-laoch sin a' teacht chuici don ríogun,


L. 206


do-chuaidh si 'na n-airceas agus feirthis fáilte don
dún iad, mur ar friáthlamh go huasal onóireach
iad an aoidhche sin.



Ach tá ní cheudhna: air dteacht mhoch na
maidhne airna márach chuaidh an ríogun agus
an dis curaidhibh sin amach don fhaich a
d'fhéuchaint an ár mhór do-rinneadh ann a' lá
roimhe sin. Gidheagh, ní bhfuaradar neoch beó nó
marbh ann do na trom-shlóighte do casgradh an
lá roimhe sin.



Fiafrais Foirbe don ríogun créad a chiallais sin.
Do fhreagair an ríogun é, aige rádha gur minic a
tharla sin dhóibh, óir dá marbhthaidh iad uile
anugh go mbeidh siad amárach a n-ordughadh
catha amhul mur bhí ar dtús.



"Cionnus sin?" air Foirbe.



"Atá," air an ríogun, "tá uaimh mhór
dhomhain fharsang a ngar don dún so, agus do
ghlac an mhuintir úd a chonairc sibh-se anae
annso a hurlámhas, agus comhnaoid innti; agus
tá slighe éigin oca a n-aithbheódhagh nach fios
dhamh-sa nó do mo theaghlach," air sí.



Is ansin rádhais an t-óglach úd le Foirbe gurab
oircheas dóibh fuireach san dún sin seal beag ele
go bhfiosfadh an dtucfadh an Gruagach úd nó a
shlóighte an dara feacht. Do fhreagar Foirbe é,
aige rádha gurab ionmholta an chomhairle í sin.


L. 207


A haithle sin d'fhanadar aige an ríogun sin
trí lá agus teora n-aoidhche aige ithe agus aige ól
agus aige éisdeacht le sinim cheól go bionnghothach.
Agus air an ceathramh lá, trá bhíodar aige
dol a thriall air subhal, do tháinig callaire
na ríoguna asteach, agus dubhairt leó go raibh
Gruagach Ghleann na gCon Allta a' teacht a
dtosach a mhór-shlóighte, agus gur leór a
dh'adhbhar uamhain agus eagla do laoch 'o
thréuna a chífeadh a ghnúis. Airna chlosmhunt
sin don bheagán sluagh do bhí aige an ríogun,
deasaidear iad féin a n-arm agus a n-éideamh
catha, agus do thugadar a dhiongmhál do arm
cosanta do Fhoirbe.



Is annsin do-chuadar amach a n-oirchill na
dtrom-shlóighte sin. A haithle sin rádhais an
t-óglach réamhraidhte le Foirbe an láimh dheas
don mhagh a ghlacan, agus an beagán do mhuintir
na ríoghuna do mhair aici an láimh chlí do
ghlacan, agus go n-ionnsachadh sé tuibhe na
buidhne sin ann a meódhan, agus go mbeidh gach ré
ruaig aige otarra a' tabhairt meisneach agus
uchtaigh dhóibh.



Ciodh trácht, air dteacht do na tréun-bhuidhne
sin go faich na caithreacha dtionnsuighedear a
chéile go feargach námhdamhul, ionnus go raibh


L. 208


na srotha fola fíor-ruaidhe 'sniothadh do gach
leith don fhaich. Agus gidh go ndeurna Foirbe
mhac Conchubhair easorgan do-áirmhthe cinnte,
budh mhó go mór dár thut le láimhe an óglaigh
sin nó ar thut leis féin agus le muintir na ríoguna
uile do námhud san deabhaidh sin.



Ach tá ní cheudhna: do tharla Foirbe agus
Gruagach Ghleann na gCon Allta do chéile an dara
feacht, agus dá dtucfadh neoch ó oirthear go
hiarthar an domhain aig amharc air iongantais
nó air uadhbhás air bith, gur a dh' amharc air
chomhlann na dise sin do thucfadh, go ndeurnadar
comhrac fuilteach feóil-gheurrtha ó mheódhan lae
go neull nóna gan fios time ná tláthais aige
ceachtar dhíobh. Ciodh trácht, air bhfacsaint don
Ghruagach a mhuintir do ndíthcheannadh gan
chogal, d'éirighe a chonfa mire agus a dhásacht
feirge, agus tugais béidhm ro-neartmhur do
chlaoidheamh do Fhoirbe, gur chur air a ghlúnaibh
é. Agus air n-eiridh do Fhoirbe tugais sáthamh
santach sár-nimhneach don Ghruagach don tsleagh
do bhí ann a láimh, gur chur tríd chorp an
Ghruagaigh é agus feadh a chnámhruighe a
dtalmhun, tairéis a chruidhe a threadughadh ann a
chliabh, agus fágus an sleagh sáighte ann, aige rádha:



"Beir an gath sin leat don uaimh, mur thugais
an claoidheamh."


L. 209


A haithle sin tógbhadh dhá ghár air an bhfaich
a chlonfaidh ón gceann 'na chéile don oileán sin,
eadhón: gár chaointe fó bhás an Ghruagaigh le
ar mhair do mhuintir féin gan díthcheannadh,
agus gár mhaoithe aige muintir na caithreacha.
Ciodh trácht, air dtuitim don Ghruagach do
thimchiollaidh muintir na caithreacha fuighilleach
na sluagh do mhair 'na dhéigh, ar mhodh nach ar
léigeadar fear innsin na sgéula ann a bheatha
uabhtha gan mharbhadh ón bhfaich sin. Do
thilleadar don chathair air sin go cneadhach
cró-linnte.



Ach tá ní cheudhna: air gcathamh a leór-dhóchain
bídhe agus dighe dhóibh aige an ríogun
is an sin adubhairt an t-ógloch réamhraidhte le
Foirbe agus le ursa chomhlainn na ríoguna gurab
oircheas dhóibh faire agus forchoimheacht na
gcoirp sin do dhéunamh anocht go bhfiosfadh
cionuis mur do-ghnídhthear an mhuintir sin a
d'aithbheódhugh do ghnéis. Molthais cách an
chomhairle sin. Agus ar dteacht urthosach
aoidhche, do luigheadar ameasg na marbh air an
fhaich; agus timchioll meódhan-aoidhche do-choncadar
cailleach mhór urghrána 'na seasamh
ameasg na marbh, agus do labhair sí do ghuth
gharbh allmhartha, aige rádha:




L. 210


"An bhfuil neoch air bith beó ansan ár mhór
so? "



Do fhreagar an t-óglach í, aige rádha:



"Tá mise croith-bheó anso."



"Cia hionad a bhfuil mo dhalta?" ar sí.



"Ta sé anso ar mo chlí-se," air sé.



A haithle sin tigis an chailleach a dh'ionsuighe
na háiti sin do raibh an t-óglach, agus fiafrais de
cia raibh a chneadh, mur is gnáth le gach liagh.



"Tá an mo thaobh," air sé.



Cromthais an chailleach sios air chum íce do
chur ann a chréuchtaibh, agus a haithle sin bualais
an t-óglach buille géur nimhneach don tslait do
bhí ann a láimh uirthi, gur thut sí marbh ameasg
chách. Bainthis an íce di air sin, agus rádhais
lena dhís compánach a dhol don dún, óir nach
raibh níos mó contabhairt ortha.



Téid siad uile don chathair air sin, gur chur an
t-óglach roinn don íce sin a gcneadhaibh gach aon
don teaghlach dár gonadh san chath, go mo sláin a
gcéadóir iad. Agus rádhais ansin leis an
ríoghain nach arbh eagal dí contabhairt ar bith
níos mó ón Ghruagach nó uadh n-a thromshochruidhe.
Thugadar as an aoidhche sin go
teacht na maidhne air n-a márach; agus ar
bhfacsaint corp na laochraidhe sin 'na srathaibh


L. 211


air lár na faiche do chreid sí go raibh sí saor ó
gach guas do raibh 'na ceann.



Iar sin rádhais an ríogun lena bollsaire boird
biadh agus deoch do leagan síos go fialmhar
farsang don dís gasgaidheach sin a d'fhuasgail as
géibhinn dí. Cidh trácht, air gcathamh a leór
dóibh air na caomh-bordaibh sin, fiafrais an
ríogun sgéula dhíobhtha. Is ansin do fhreagar
Foirbe mhac Conchubhar í, agus is sé ro rádha:



"Conchubhar mhac Neasa rígh Uladh a nÉirinn
an t-athair far rugadh mise dhó," air sé, "agus Foirbe
mhac Conchubhair is ainim dílios dhamh.
Do himreadh amsughadh draoigheachta oram tré
mhí-rún mo leis-mháthair lena hachla, ionnus
go raibh mé bliaghan 'ma sheabhac agus bliaghan
'mo leomhan, agus gé go bhfuilim anis a gclódh
daondha ní shé mo dheilbh nó mo dhreacht féin
atá oram. Curthadh geasaibh oram ansin a bheith
san chlódh sa go dtabhrainn ceann an Mhacaíbh
Mhór, mac rígh na Sorcha, go faich m'athaire liom,
agus níor fhéidios fear m'anacal do bheith liom
as Éirinn nó arm cosanta. Air bhfacsaint mo
chinneamhain dhamh do sheachnais comhluadar
chách go coitcheann go ndeachais a bhfolach a
ndiamhair choilleadh; agus air suighe ansin dhamh
thut suan trom codlata oram; agus air ndúsgadh
dhamh is sé áiti do fuarais mé féin air fásach nach


L. 212


raibh tathaidh duine nó ainmhidhe ana réagún
coigcríche nach arbh aithne damh. Agus níor
chian dhamh ansin an t-am do thainig laoch mór
míleachtach lán-armach chugam, agus nach raibh
arm cosanta agum nó fear m'anacal a ngar dhamh.
Thug sé leis a gcuibhreach mé gur chur fuidhe
shileadh na ríoth-chainnle mé feadh seal fada
d'aimsir, nó go dí fá dheóigh gur ghlac inghean
álun iolchrothach do bhí aige an fhear sin taise
agus truaighe liom, agus gur sgaoil sí dhamh
nuair a fuair sí foill air a hathair, agus thug sí
an claoidheamh úd dhamh a thug an Gruagach uam
air chonradh gan mé 'thaigbheál lena hathair níos
mó. Agus bhí mé seal fada 'taisdeal na n-ionadaibh
uagnach sin gan bhiadh, gan chodlamh, gan fhios
agum cia hard don domhun a raibh mé ann go
dtarla mé leacht-sa air leath-taoibh na foraoise
ria 'nae, agus ní mó atá fios agum ar cia hionad
anna bhfuilim anis. Agus aig sin mo sgéula féin
dhíobh," air Foirbe.



Is ansin fochtais an ríogun a sgéula don óglách
úd ansin, eadhón 'ainim agus an tír dar hoileadh
ann é, agus créad a chardais léighthe féin nuair
a d'fhuasgail sé asan anbhruid sin anna raibh sí
féin agus a teaghlach í.



"Do-gheabhair sin uam-sa gan mailís," air an
t-óglach, "air dtilleadh asteach dhamh."


L. 213


Agus air rádha na bhfocal sin, éirghis amach
air dhoras an dún, agus ní dtáinig sé tair ais níos
mó chuca; agus ní mó bhí sé air a gcumas innsin
cia hard don domhan dar ghaibh sé uabhtha.



Dála na ríoguna; air n-imtheacht don óglach
sin, do-chuaidh sí a gceann sgéul a dh'innsin do
Fhoirbe, agus is sé adubhairt:



"'Óg-ghasgaidhe," air sí, "is tuirseach liom
d'eachtra don tír so, óir atá asdar fada guasachtach
ón dún so go cuan nó calaphurt do thaobh air bith
dá gabhthar, agus fairge fhada chontabhartach
'na dhéigh sin eadra so agus críoch na Sorcha.
Agus cionnus mur rachfa thusa don tír sin as so
gan long, gan churach, gan seóltáir mara, gan
lóin fairge, gan arm cosanta nó fear d'anacal leat?
Óir bheirim-se bréithir dhut," air sí, "gurab
iomdha rígh agus ro-thighearna, taoiseach agus
tréun-fhear agus laoch cruaidh calma agus gasgaidheach
cródha curachtach do-chuaidh don tír
sin romhad le cabhlach tréun-mhór lán-armach;
gidheagh, níor phill aoin-neoch oca ann a bheatha
air ais as. Óir is amhluighe atá an tír sin: ní
bhfuil oileán san domhan is mó draoigheachta agus
asarluigheacht nó é, óir aige béul an chuain na
ríoghachta sin tá trí chaogad dobhar-chú nimhe air
snáimh do ghréis fó shleasaibh an chuain sin,


L. 214


agus ní bhfuil sé air chumas cabhladh 'o thréuna
a bhfágbháil gan díthcheannadh; agus tá an
uimhir chéudhna do laochraidh neartmhur lánéuchtach
'na seasamh do shíor air iomlaibh an
chuain a' déunamh faire agus forchoimheacht na
críocha, agus dá hanacal air anfhorlann eachtran
agus allmhuraibh ó thírthe imchian ele. Agus cur
a gcás," air sí, "saor uadh gach guais dár
ármhaidhis dhut, agus a dhol gan mhothaghudh
dhóibh uile suas go faich caithreacha rígh na
Sorcha, is sé sin an t-aon-fhear is mó neart, is
cródha gníomha gasgaidhe, agus is líomhtha
'n-ealadhain draoigheachta do phrionsaidh na
cruinne, ionnus nach lamhaidheann neoch a dhol a
ngleic nó a gcomhlann leis; óir is nós leis cuaill
fionnchoill a dh'fhágbháil ann a riocht agus ann a
fheaghur féin air an fhaich as coinne curaidh nó
caithmhíligh, gidh tréigheach a ghníomh agus a
ghliocas, agus a dhol don chathair iar sin, agus
a bheith a' féuchaint amach go fochmhudach air
a' tuargain an chuaille sin, agus do leónamh féin
le gach beim dá dtugaidh dhó; agus is féidir leis
imtheacht air eitil nuair is mian leis teitheadh
tré uamhan nó eagla a n-ionadaibh uaigneach


L. 215


dí-eólus ele," air sí, "óir is dearbhshuir dhamh-sa
an chéad-bhean do bhí aige'n fhear sin, agus níor
mhair sí a bhfad aige gur éug sí, agus tá inghean
rígh na hIndia aige mur mhnaoi anis, agus uime
sin is aithne dhamh-sa gach cálaigheacht dá
bhfuil annsa phríomh-laoch sin agus gach guas
dá bhfuil do cheann. Agus do bhrígh sin is dóigh
liom go m'fheurr dhuit-se bás 'fhagháil an da
gheasaibh nó iarraidh 'thabhairt air chríoch na
Sorcha," air an ríogun, "agus budh hionmholta
an chomhairle dhuit-se," air sí, "fuireach anso
feadh da rae, agus ceannus sluagh na caithreacha
so do ghabhail air da láimh, agus do-gheabhthair
tuillbhe agus tuarasdail maith uam-sa do cheann,
air sí.



Ciodh trácht, le méud na huamhain agus an
eagal do ghlac Foirbe 'haithle an sgéul sin is
iongnamh nach ndeurnamh geilt de, nó nach ar
imthidh sé ar baois céille. Ach tá ní cheudhna,
thugadar as an aoidhche sin seal go subhach agus
seal go dubhach.



Agus air dteacht na maidhne air n-a márach is
sé áiti do bhfuair Foirbe mhac Conchubhair é
féin air magh taoibh-leathan taitneamhach a
láimh le luibh-ghoirt álunn chnuas-thorthach;
agus air ndúisgeadh dhó do fuair sé claoidheamh
iol-fhaobhrach ór-dhoirnn lena thaobh, clogad


L. 216


chruaidhe, lúghrach agus sgiath. Féuchais Foirbe
'na thimchioll go lán-ionghantach 'féuchaint créad
do thug an t-arm cosanta sin ann, nó cionnus
mur tháinig sé féin annsin; agus air mbeith
'meabhradh dhó air na míorbhuille sin, curthais
an t-arm agus an t-éideadh sin fair. Agus ní mó go
raibh sé beartaidh innte an t-am do-chonairc sé
gasgaidheach óig sgiamhach a n-éideamh giolla
cinn eich a' teacht do ionnsuighe go díreach.



Agus air dteacht a láthair dhó, beannuidheas go
caoimh ceannsuighe agus go milis-bhriathrach
fíor-ghlic, agus d'fhiafraidh de cia hainim an réagún
sin nó cia bhus triath air. Do fhreagur an
gasgaidheach é, aige rádha:



"Críoch na Sorcha is ainim don réagún so,
agus an Macaibh Mór is triath agus tighearna ann."



Air gclosmhunt na mbriathra sin do Fhoirbe
glacais meanmna agus meisneach mhór é, agus
fiafrais don ghasgaidheach ann arbh eóleach san
tír sin é.



"Is eólach a-cheudhna," air an gasgaidheach.



"An seólaidh tú an bealach dhamh-sa go
ríoghchathair an oileán so?" air Foirbe. "Dheunaidh
gan chontabhairt," air an gasgaidheach, "gidheagh,
dob ál liom fios do theachta d'fhagháil uat," air
an gasgaidheach. "Do-gheabhair-se sin uam gan
fhuireach," air Foirbe, "thángais a dh'imirt neart
mo lainne agus mo láimhe don tír se, agus chum


L. 217


ceann an rígh-mhiligh sin do bhreith liom go
hÉirinn, más féidir," air sé.



"Rachaid-se leacht mur ghiolla cosaigh," air
an gasgaidheach.



"Ní théidhir," air Foirbe.



"Cionnus sin?" air an gasgaidheach.



"Do bhrígh gurab é feill-bheart mo ghiolla
cosaigh do chur air an eachtra so mé don toisg
so mé," air Foirbe, "agus tuilleamh ele ní
ceadaigh dhamh aonneach do bheith liom dom anacal.



"Gan ghéilleadh dhó sin," air an gasgaidheach,
"óir ní dual mac rígh nó ard-thaoiseach gan
bonnaire, do bhrígh gur maol gualann gan charaid
a ndeabhaigh nó a gcomhlann."



"Créad do chardais linne?" air Foirbe.



"Léig as," air an gasgaidheach, "óir ní háil liom
ceisdibh."



A haithle sin trialladar rompa go dtángadar a
ngar do chaisleán rígh na Sorcha.



Is ansin do labhair an gasgaidheach le Foirbe,
agus is sé ro rádha:



"Is oircheas dhuit-se," air sé, "tráth rachais
tú don dún álun órdha úd a chí tú, a dhol gusan
chuaille comhraic air dtús, agus buail buille
neartmhur ro-thréin fair, agus ma chomhsgrair é
glacaidh an fear sin uamhain agus eagla romhad,
agus curthaidh teachta chugad a' fiafraidh créad
atá tú a d'iarraidh; agus abar-sa leis go bhfuil


L. 218


comhrac aoin-fhir, agus nach ndéun tú gleic le
neoch air bith ach é féin, óir b'fhearr leis cud do
na laochraidh tréun ele dá theaghlach do chur da
dháil air dtús a ndóigh do neart agus do mheisneach
a chlaoidh a gcéadóir, ionnus go m'fhusa dhó féin
a dhol a ndeabhaidh leat 'na dhéigh, agus da
bhuaidh chosgar do thabhairt leis. Gidheagh, ná
humhlaigh cath nó comhrac a dhéunamh le neoch
air bith ele ach leis féin amháin; agus má iarraidh
sé sosadh comhrach ort air dteacht dheir' lae
nach dhúilt é."



A haithle na mbriathra sin gluasais Foirbe
roimhe air amus an ríogh-dhún sin gan cheasnadh
nó crith-eagla. Agus air dteacht chuige an chuaille
comhrac dhó, bualais béidhm neartmhur ro-thréun
fair, gur sgailt ón gceann 'na chéile é, ionnus nach
ar fhág sé searrach a gcapoll, uan a gcaora,
gamhain a mart, leanaibh anna mnaoi, nó piseán
anna gcat san n-oileán uile nach ar chur sé as leis
na crithe créuchta agus eagla uadhbhásach do ghlacadar.



Is ansin do labhair an Macaíbh Mór, aige
rádha gur cosmhuil nach leanbán óg nó maothmhacaíbh
do tháinig anna faiche, óir nach
gcualaidh sé air mur nó air tír ariamh samhuil
na béidhme sin, óir ní shé amhain gur sgailt sé
an cuaille comhraic ó cheann go ceann, ach do chreath


L. 219


sé múraibh an dún so ó mhullach go grinneall na
talamhna.



A haithle sin tigis an Macaíbh Mór amach, agus
fiafrais de Fhoirbe créad dob áil leis. Adubhairt
Foirbe go raibh comhrac aoin-fhir air an láthair sin.



"Do-gheabhair-se sin," air an Macaíbh Mór,
"óir níor iomchar an talamh trom-fhódach air a
dhruim ariamh aon laoch nó gasgaidheach nach
bhfuigheadh fear a chlaoidh fón teaghlach so."



"Gidh líonmhur do shlóighte, agus gidh cródha
da laochraidh, agus gidh mór da mheanmna agus
da dhóchus as a neart agus as a gcalmacht,"
air Foirbe, "ní ghabhaidh mé neoch oca uad chum
gleic leis ach thú féin amháin."



Air gclosmhunt na mbriathra sin don Mhacaíbh
Mhor, tilleas don dún, ghléas é féin a n-arm agus
a n-éideamh catha, agus tigis amach air an fhaich,
gidh go raibh lán d'uamhain agus d'eagla. Agus
ionnsuigheas féin agus Foirbe a chéile mur dhá
leómhan chraosach a gcionn sréuda, a' tuargain
agus a' leadramh a chéile ó mhoch maidhne go
neóin lae, gan fios time nó tláthais aige
ceachtar dhíobhtha. Is ansin iarrais an Macaíbh
Mór fosamh comhraic air Foirbe go teacht na
maidhne air n-a márach; agus rádhais Foirbe
leis go dtabhradh sin dó.



A haithle sin sgurthais an dís deagh-laoch sin
do gcomhbhualadh. Agus téid an Macaíbh Mór


L. 220


do chaisleán air sin; agus tigios Foirbe gusan
áiti dar fhág sé an gasgaidheach úd ó chianaibh
air maidin an lae sin, agus fuair 'na shuighe é
aige bonn bile mhór ard géagánach. Agus air
dtabhairt sgéala an chatha dhó, curthais an
gasgaidheach sin íce do bhí a dtasgaidh aige anna
gcréuchtaibh Foirbe, go mo slán a gcéadóir é.
Ach tá ní cheudhna, thugadar as an aoidhche sin go
teacht mhoch na maidhne air n-a márach.



Is ansin rádhais an gasgaidheach le Foirbe:



"Trá rachais tú san taigbheál leis an Mhacaíbh Mór
anugh, tabhair dod aithre sol do dtucfaidh
meódhan don lá so tréigfidh an Macaíbh Mór an
magh sin air a gcomhracfaidh sé féin agus tusa
anugh, agus teithfidh sé uad tré uamhain, agus
fágfaidh sé cuaille fionnchoill as da chomhair
anna dheilbh agus anna fheaghair féin; agus ní
bhfuil buille dá mbualthair air an chuaille sin
nach mbeidh tú do da thuargain féin. Gidheagh,
an t-am do-chídhfis tusa dluaimh nó dorchadais a'
teacht air an fhaich do thimchioll tabhair céim ar
ais, agus má tá an Macaíbh Mór as da choinne
cinnte leanthaidh sé thú, agus muna bhfacaidh
tú é 'teacht chugad nach buail aon bhuille níos
mó go dtigidh tú annso air ais arísd."



Ach tá ní cheudhna, air dteacht mhoch na
maidhne air n-a márach, téid Foirbe go faich na
caithreacha go héadtrom éasguidhe lán eiginte


L. 221


agus meanmna; agus bualais béidhm neartmhur
ro-thréun air an chuaille comhraic. Agus gé ar
mhór uadhbhas an Mhacaíbh Mhór ann san chéadbhéidhm
do bhuail sé an lá roimhe sin, budh mhó
go mór an t-am sin é; gidheagh, tigios amach
agus ionnsuigheas féin agus Foirbe le chéile go
fonnmhur fíochmhur, go ndeurnnadar cneadhaibh
domhain doi-leighiste fair thaobhaibh agus fair
chorpaibh a chéile.



Ciodh trácht, air dteacht meódhan don lá
chonairc Foirbe dorchadais mór a' drud 'na
thimchioll, agus a haithle sin tugais béidhm
fhaobhrach lán-fheargach, dar leis, don Mhacaíbh
Mhór. Gidheagh, níor bhuail sé a'n bhuille ó
thosach an chomhraic a león é féin urraid leis.
Ach tá ní cheudhna, do chumhnaidh sé air
chomhairle an ghasgaidhe réamh-ráidhte, agus
tugais coiscéim tair ais; agus ó nach ar lean an
Macaíbh Mór é, tillidhis ar ais chuige an áiti dar
fhág se an gasgaidheach air maidin an lae sin.
Air dtabhairt sgéula an chatha dhó, do chur an
gasgaidheach sin luibhibh íce agus leighis lena
chréuchtaibh go ma slán a gcéadóir iad. Tugadar
as an aoidhche go héiridh don ghréin teacht mhochthráth
na maidhne air n-a márach.



Is ansin do rádhais an gasgaidheach le Foirbe a
dhol go dún an Mhacaíbh Mhór an treas feacht,
agus béidhm neartmhur a bhualadh air an chuaille


L. 222


comhrac, agus má thill an tréun-laoch sin air a
bhaile go dtucfaidh sé amach chuige, agus muna
dtigeadh sé amach chuige é tilleamh comh luath
agus b'fhéidir dhó tair ais arísd.



Dala Foirbe, imthidhios leis air amus an dún sin,
agus bualais buille fiochmhur feargach
lándhasachtach air an chuaille comhraic an treas
feacht. Gidheagh, níor fhreagur an Macaíbh Mór
dhó. A haithle sin tillidhis fó dhéin an ghasgaidh,
gur nochtais iomlán na sgéula dhó.



"Nach imnídhthear thu uime sin," air an
gasgaidheach sin, "óir is beag brígh dhó a bheith
aig imtheacht air fothluanagh amhluighe súd, ach
is oircheas dhúnn fuireach annso anocht."



Ach tá ní cheudhna, air dteacht mhoch-thráth
na maidhne air n-a márach, rádhais an gasgaidheach
le Foirbe go raibh ionad uagnach air
iomal an chuan do bhí 'bhfogus dhóibh ann ar
ghnáth leis an Mhacaíbh Mhór é féin a dh'fholach
anna n-aimsir ruagaidh nó an-orlann eachtran,
agus gur doigh leis gurab annsin a chuaidh air
teitheadh uabhtha. Críochnadh comhairle leó air
sin a dhol do thóruigheacht don áiti sin.



Imthios leó air amus na háiti sin, agus ní
aithristear sgéuluigheacht ortha go dtángadar air
amharc an chuain channtaigh chubhar-ghlé sin.
Agus is amhluighe do bhí an cuan sin: do bhí trí


L. 223


chaogad de laochraidh neartmhur lán-armach do
choimheacht do shíor do raibh comhlann céuda
ann gach laoch oca, agus an uimhir chéudhna do
dhobhair-chú nimhe a raibh a súile mur lasur céir
ann a gceann aige snáimh do ghréis a mbéul an
chuain, ionnus nach raibh sé air chumas sluagh
nó sochruidhe nó cabhlach 'o thréuna theacht
uabhtha gan díthcheannadh.



Ciodh trácht, air dteacht air amharc an chuain
dhóibhthe, do-chídear an Macaíbh Mór a' dol
anna gcurach éasguidhe taoibh-leathan sliosfhada;
agus níorbh fhada gur fhág a rádharc
amach air dhoimhne na mara mór-fharsang.



A haithle sin rádhas an gasgaidheach le Foirbe
gur bhudh riachtnach dhóibh tilleadh tair a n-ais,
ó nach raibheadar ion-chatha leis na trom-bhuidheanaibh
úd do-choncais aige an chuain. Air
chríochnadh na comhairle sin dhóibh, tigeadar tair
ais gusan ionad dar fhág siad ar maidin, go
dtugadar as an aoidhche sin ann.



Ciodh trácht, air ndusgadh do Fhoirbe air
maidin, ní raibh an gasgaidheach réamhráidhte le
fagháil aige, agus gé ar mhór a thuirse fón
Mhacaíbh Mhór éalóch uabhtha, budh mhó go
mór a chumhaigh fón ghasgaidheach úd, óir bhí
súl le sochar aige an fad do bhí sé ann 'fhochair,
ach anis ó d'imthidh se budh dóigh leis nach


L. 224


bhfágfadh a bheó nó a mharbh an áiti sin go
bruinne an bhráth agus go foircheann na beatha.
Éirghis air sin air mhaolann cnoic do bhí 'ngar
dhó, agus féuchais na ceithre hardaibh fó seach
go géur-radharcach 'na thimchioll go truagh
tuirseach, agus ó nach bhfacaidh sé an gasgaidheach
a' teacht air thaobh air bith chuige, suigheas síos
go gruama dólasach, agus tré dhrum tuirse agus
triamhun tutais suan trom-chodlata fair.



Agus is sé áiti do bhfuair se é féin air ndúsgadh
dhó teacht mhaidin air n-a márach air an fhaich
chéudhna dar mharbh sé Gruagach Ghleann na
gCoin Allta clan a dh'aimsir roimhe sin. Agus air
n-aithne na háiti sin dhó, tigios asteach don
ríogh-dhún sin; agus budh mhór urghárdais na
ríoguna sin agus a teaghlach roimhe, agus níor
lugha a ollghárdas féin fóna fhagháil ann sin
amach as críochaibh na Sorcha, óir níor cheist
leis a bhás, ach gan a dhíthcheannadh leó.



Ach tá ní cheudhna: air gcathamh seal gearr
dhóibh a gcuideachta 'chéile a gcaoinis comhráidh,
fiafrais an ríogun sgéula de, agus cionnus mur
d'fhag sé an dún sin ó chianaibh gan fhios dí féin
agus do teaghlach.



Do fhreagur Foirbe í, agus is sé ro rádha:



"Bheirthim bréithir dhut, a ríogun uasal,"
air sé, "nach bhfacais agus nach ar mhothaidhis
mé féin do fhágbháil so nó go bhfuarais mé féin
seal éigin 'na dhéigh sin air dúsgadh dhamh a lár


L. 225


luibh-ghoirt álunn cnuas-thorthach, agus an t-arm
agus an t-éideamh catha so do-chí oram 'na luighe
le mo thaobh. Thógbhas suas iad, agus ní mó go
raibh fuill agum a ngléas oram an t-am do tháinig
gasgaidheach deagh-thapaidh chugam a n-éideamh
giolla cinn eich fair; agus an uair a d'fhiafrais
de cia hainim na rígheachta sin, agus cia shé budh
triath uirthi, adubhairt sé liom gur Críoch na
Sorcha dob ainim don chríoch sin, agus gurab é
an Macaíbh Mór budh triath agus ard-thighearna
uirthi.



Is ansin do thosaighis a mheabhramh agus a
mhór-smaonamh cionnus mur thángas ansin.
Agus air mbeith amhluighe sin dhamh d'fhiafraidh
an gasgaidheach sin adhbhar m'eachtra dhíom,
agus d'aithris mé sin dhó ó thus go deireamh.
Agus air sin d'fhógar sé dhamh a dhol liom ar an
asdar sin mur ghiolla cosaigh; agus an t-am
adubhras leis nach ar fhéid mé fear m'anacal do
bheith liom, adubhairt sé liom nach mur fhear
cumhanta do rachadh sé liom ach mur fhear
comhairle; agus a haithle sin do leigis liom é.



Agus budh cneasda dílios fír-eólach é, óir do
thug sé roimh-eólus damh air gach nídh mur
theagaibh, agus do lean mise a chomhairle go
beacht. Agus do chomhraic mé leis an Mhacaíbh
Mór an céad-lá, gur iarr sé fhosadh comhrac
teacht neón don lá; agus do thugas-sa sin dhó.
Agus an dara lá d'fhag se fionn-chuaille cuill as


L. 226


mo choinne, agus theith sé uam. Sgurais air sin
do thuargain an chuaille, amhul agus mur d'iarr
an gasgaidheach sin oram. Agus air an treas lá
do-rinneamur a thóruigheacht go hur an chuain,
agus an t-am do-chonairc maoinne é a' dol air,
níor leanamur níos faide é ach tilleamh air ais
san ionad dar chomhnaoi maoinn an aoidhche
roimhe sin. Agus air maidin air n-a márach, air
ndúusgadh dhamh, ní bhfuaras an gasgaidheach sin
agum. A haithle sin tutais cumhaigh agus tuirse
mór oram 'na thimchioll, agus do bhrígh sin thuit
trom-shuan codlata oram. Agus is sé áiti da
bhfuaras mé féin air ndúsgadh dhamh air faich
na ríogh-chaithreacha so, agus air n-aithne na
háiti dhamh thángais asteach chugad. Agus aig
sin iomlán mo sgéul dhut," air sé.



Do labhair an ríogun le Foirbe air sin, agus
is sé ro rádha:



"Is dóigh liom-sa, 'óg-mhacaíbh," air si, "gé
bé gasgaidheach é sin do tharla leat, air dteacht
don dún so dhut air dtús, agus a rinne argun air
an mhuinntir úd do bhí dam inghreim-se, gurab
é do tharla leat a mbréig-ríocht annsa luibh-ghort
sin, agus gurb é a d'iomchar air ais agus air
aghaidh go Críoch na Sorcha thú tré rúindiamhur
ealadhan draoigheachta. Agus más sé, is carad
ionmhunn dhuit-se é, agus ní heagal dhuit nach
bhfacaidh tu go haithghearr arísd é."



Do thug an beagán briathra sin do labhair an


L. 227


ríogun leis meanmna agus meisneach mhór do
Fhoirbe, agus dubhrais léighthe cur a gcás nach
bhfacaidh sé go bráth arísd é gur mhór a shásamh
leis gan 'fhágbhál a gcríochaibh na Sorcha, óir go
m'fhearr leis bás fhagháil ann ag a gheasaibh fóna
cathair san nó a dhíthcheannadh le slóighte
Chríoch na Sorcha.



Ach tá ní cheudhna: air gcaitheamh seal áiridhe
do Fhoirbe aige an ríogun sin, seal go subhach
sólásach agus seal go dubhthach dólasach, feacht
n-aon dár tharla dhóibh a bheith amuigh air faich
na caithreacha sin, do-choncadar ógánach tapaidh
beódha gan arm nó eideamh catha fair a' teacht
chuca don taobh dheas don mhagh. Agus air
dteacht dhó a bhfogas dhóibh aitheanais Foirbe
gurab é do casadh leis a gCríoch na Sorcha, agus
téid ann a oirchioll, agus feirthis teora póg dhó,
agus d'fhiafraidh sgéula de.



Do fhreagair an t-ógánach é, aige rádha:



"Leig as go fóill, óir ní tráth sgéaluigheacht so."



"Cionnus sin?" air Foirbe.



"Lean-sa mise," air an t-ógánach, "agus chífe tú."



Gluaisis an dís sin rompa go dtángadar go béul
na huamha céudhna ann a ndeachaidh Gruagach
Ghleann na gCoin Allta uabhtha, an t-am do rug
sé an claoidheamh ann a cheann leis ó Fhoirbe;
agus air rochtain annsin dhóibh, rádhais an
t-óganách sin le Foirbe:


L. 228


"Is dóigh liom go bhfuil an Macaíbh Mór a
bhfolach san uamh so, agus fan-sa anso a mbéul
na huamha nó go rachaid-se don cheann ele di,
agus déun faire mhaith go dtigidh mise chugad arísd."



Imthidhis an t-ógánach air sin gusan cheann
ele don uamh, agus chuaidh asteach inte, agus
níor sgur do síor-chuartamh, go dtáinig amach
aige an cheann ele di mur a raibh Foirbe, agus
an Macaíbh Mór a gcruaidh-chuibhreach leis.



Ciodh trácht, air bhfacsaint Foirbe roimhe a
mbéul na huamha don Mhacaíbh Mor tháinig
claochlódh crotha fair. Agus air bhfacsaint an
Mhacaíbh Mhór do Fhoirbe, d'éirigh a choin mhire
agus a lonn feirge, agus tarrangais a chlaoidheamh
as a thruaill thasgaidh 'dol a thaisg a cheann de.



Is ansin do labhair an t-ógánach le Foirbe,
agus is sé adubhairt:



"Coisg da láimh a ghasgaidh," air sé, "óir ní
gníomh uasal nó onóireach caith-mhíligh a bhualadh
agus é creapailte."



Freagrais Foirbe é air sin, aige rádha:



"Is éigin dhamh a bheith umhal dhut-sa ann
gach nídh."



A haithle sin thilleadar air ais chuige dún na
ríoguna réamhráidhte; agus air dteacht dhóibh
ní raibh sí gan ionghantus mór uirthi le linn an
Macaíbh Mhór 'fhacsaint a gcuibhreach. Agus air


L. 229


ndol asteach san dún dhoibh, iarrais an t-ógánach
sin an Macaíbh Mór a chur anna seamra dhúnta
dhainghean, agus a bhiadhthadh go fialmhur mur
budh chuibhe dhó go drást.



A haithle sin do curthadh an Macaíbh Mór a
nglasaibh géibhinn. Agus tair éis sin suigheas an
ríogun agus an dís curaidhibh sin anna seamra
fó leith, mur ar friáthlamh go huasal onóireach iad
do nuadh gach bídhe agus do shean gach dighe.
Agus air gcaitheamh a leór-dhóchain dhóibh air
sin fiafrais an ríogun dan ógánach réamhráidhte
an raibh sé annsa dún so ariamh aroimhe.



"Do bhídhis a-cheadhna," air sé.



"Cia ham sin?" air sí.



"An t-am do marbhadh Gruagach Ghleann na
gCoin Allta agus a mhuintir air an fhaich so
amuigh," air sé.



"Ó do obais seanchus a thabhairt dhúnn an
t-am sin," air an ríogun, "athchuingeam thú da
sgéula 'thabhairt dhúnn anis."



"Do-gheabhair-se sin gan ghó," air sé.



Is ansin do-chuaidh an t-ógánach a gceann
sgéul, agus is sé dubhrais:



"Conla Ceart-bhriathrach m'ainim," ar sé,
"agus mac do Chonruidhe mhac Dáire rígh
Mumhan mé, agus bráthair gaoil don ghasgaidheach
so; agus tógamh 'mo dhalta a dteaghlach athaire
mé fuidhe mhuirnn agus fuidhe mheas mór mé.
Chuadhais as sin go Dún Sgáthaigh a nAlbain


L. 230


chuige bainríoghun Aoife chum foghlum diamharaibh
m'ealadhna. Agus bhídhios annsin an
t-am do himreadh an cheilg chlaon úd air an
mhacaíbh so. Thángais air sin go dtugais liom
as Coill Laimhrigh é, mur a raibh sé anna n-uamh
fuidhe thuirse mhór, mur ná raibh cead aige arm
cosanta d'iomchar nó fear anacal do bhreith leis
as baile; agus d'fhágbhais san tír so é, a
rígheachta rígh na hAntuaidhe, áiti dar chur mac
an Rígh sin fuidhe shileadh na ríoth-chainnle (é)
feadh seal aimsire, gur fhuasgail a inghean dhó.
Thangais an dara feacht go dtugais annso é, gur
dhíthcheannaidh sinne an mhuintir a bhí do da
inghreim-se. Agus thángais iar sin an treas
feacht, agus thugais liom go Críoch na Sorcha é, gur
chomhrac sé leis an Mhacaíbh Mór ansin.
Agus thugais liom air ais arísd é don dún so
arísd, go dtugais an Macaíbh Mór air a chumas.
Agus aig sin mo sgéula dhut gan mheabhall," air sé.



Air gclos na sgéula sin do Fhoirbe éirghis 'na
sheasamh go prab príomh-urlaimh, agus iadhais a
dhá láimh fó bhrághaid an ógánaigh sin, agus
toirbhris póga le síor-ghárdachas dhó. A haithle
sin fiafrais an ríogun an dara feacht créad dob
áil leis a dhéunamh leis an Mhacaíbh Mór anis, ó
do bhí air a chumas, óir nach arbh áil léiche a
chud fola d'fhacsaint dá dhortamh, tair éis é
'theacht do fholach féin fóna cumairce, óir gur
chliabhain di é anallóid.


L. 231


Is ansin do fhreagur Connla Ceart-bhriathrach
í aige rádha:



"Go goirthear an Macaíbh Mór anso a láthair go
dtabhraidh mise breitheamhnus air ana éisdeacht
féin."



Ciodh trácht, air ndol do Fhoirbe fón Mhacaíbh
Mhór, do shaoil sé go raibh sé a' dol do chur an
teas air an láthair sin gan chogal, agus thug maise
air mhío-mhaise agus deilbh mhaith air dhrochdheilbh,
agus d'agraidh go cruaidh é, aige rádha:



"Óg-ghasgaidh, créad í an díobhail nó an ( )
do-rinneas dhut léar mhian leat mo dhíthcheanamh
gan choir, gan cháin? "



Do fhreagur Foirbe é, agus rádhais leis:




"An cumhan leat an t-am a d'fhágais mise
ngleic le cuaille fada fionnchoill do mo ghoin
féin? "



Ach tá ní cheudhna: tugais Foirbe an Macaíbh
Mór leis a bhfiaghnuise na ríoguna agus an
óganaigh do chur a gcuibhreach é. Cuirthis Connla
Ceart-bhriathrach 'na shuighe lena thaoibh féin é,
agus is sé ro rádha:



"A phríomh-ghasgaidh oirthear an domhain,"
air sé, "bíodh 'fhios agad gur ollmhaigh bean
chealgach chlaon feill-bheart léar curthadh
an t-óg-mhacaíbh so, eadhón, Foirbe mhac
Conchubhair, rígh Uladh a nÉirinn, fó gheasaibh


L. 232


droma draoigheachta 'dhol go Críoch na Sorcha
gan arm cosanta nó fear anacal do bheith leis,
agus gan tilleamh go bráth gusan bhaile go
dtabhradh sé do cheann-sa leis go faich na
hEamhna; agus tuilleamh ele, ní feidir dó 'theacht
ann a dheilbh féin gusan t-am sin. Agus anis is
amhgur mór agus is truagh tuirseach liom-sa righ-laoich
uasal oirdheirc do shamhul-sa 'dhíthcheanamh
a sásamh na mná mío-rúnach sin,
agus tuilleamh ele, is dóigh liom nach bhfuil modh
air bith is feurr a ndearcaidh do cheann-sa nó air
do cholann mór neartmhur féin, agus ní miadh
nó maise liom-sa a sgarmhunt uadh chéile, agus
uime sin, is sí mo chomhairle féin dhut a dho
leis an óg-mhacaíbh so go hÉirinn, agus do cheann
a theisbeán air da ghuaille brioghmhur mórghníomhach
féin air faich na hEamhna 'bhfiaghnuise
na mná cealgaigh sin, eadhón, an bhainríogun,
ionnus go bhfuasgaltoir don mhacaíbh so
as an éigin ann a bhfuil sé le aimsir fhada. Agus
bheirthim-se breithir dhut," air sé, "nach
dtarrangthar arm nó iolfhaobhar ort, nó feall nó
ceil" a dhéunamh ort, go dtigidh tu do da thír féin arísd."



Air n-a chlosmhunt an bhreitheamhnus sin don
Mhacaíbh Mór, sléachtas é féin sios air a


L. 233


ghlúnaibh, aige tabhairt molamh agus
mórbhuidheachus do Chonnla Ceart-bhriathrach um a
bhreitheamhnus. Is ansin do labhair Connla
Ceart-bhriathrach an dara feacht, agus is sé ro rádha:



"Teacht ghluais na maidhne go moch amárach
triallthamur a gceann ar n-asdar."



"Cia bhfuigheamaoin slighe seólaidh nó
rámhuidhe?" air an Macaíbh Mór.



"Nach imnidhthear thú uime sin," air Connla
Ceart-bhriathrach, "óir tá longas mór tréun, gidh
nach bhfuil sé líonmhur nó iomadúl, a' triall ann
ar gcoinne iomcharais sibh."



Agus rádhais leis an ríogun gurab oircheas di-se
dhol leó go hur an chuain.



Ciodh trácht, air dteacht moch-thráth na maidhne
air n-a márach, gluasais Connla Ceartbhriathrach a
réumh-thosach na buidhne sin, agus
an Macaíbh Mór agus Foirbe mhac Conchubhair
agus an ríogun leis, air bhfágbhál a hardthaoiseach
a' faire agus a' forchoimheacht a
caithreacha go dtigeadh sí air ais. Ach tá ní
cheudhna, air ndol tríd magh taoibh-leathan
taitneamheach dhóibh, fiafrais Connla dhíobhtha
ann arbh aithne do 'n duine oca an magh sin.



"Ní haithne a-cheudhna," air cách go coitcheann.


L. 234


"Is iongnadh liom sin," air sé.



A haithle sin níor chian dhóibh go bhfacadar
óglach ceann-ard tréun-mhór neartmhur a' teacht
chuca agus lurg-fhearsad de iaronn aithleite go
figh-dhealgaibh nimhe air a ghualang. Agus (air)
dteacht a bhfogus dhóibh, fiafrais Connla dhíobh
ann arbh aithne do 'n duine oca an t-óglach sin.
Agus dubhradar-san uile nach arbh aithne. Iar
sin tugais Connla suigheamh tapaidh athlaimh air
an óglach sin agus trasgrais go lár agus go lán
talamhna é, gur cheangal a chúig caoil a gceann
a chéile go daor do-sgaoilte. Is ansin do labhair
an t-óglach, agus is sé ro rádha:



"Mo chumraigh ort, 'óg-ghasgaidh, agus nach
díthcheanaidh mé, agus beidh mé umhal dhut an
gach cás agus dhéunaid réir do thola uadh so
suas."



"Ní hair mo láimh-se atá da bhás nó da
bheatha," air sé, "gidheagh, cur an ríogun so
ansa sgéimh agus ansa deilbh ann a raibh sí an
uair a mhill tú í le da asarluigheacht."



A haithle sin fágbhais an t-óglach an ríogun
ann a gné agus ann' dreacht féin mur bhí 'gcéadóir,
agus níorbh áille bean san domhan nó í.



"Dar liom, 'óg-ghasgaidh," air an ríogun, "is
maith luach m'asdar."



Ach tá ní cheudhna, air facsaint sgéimh na
ríoguna do Fhoirbe, do thug sé tuile trom grádh


L. 235


agus sruth fíor-abhail seirce dí. Is ansin do
fhiafrais Connla do Fhoirbe ni nach ar chumhan
leis an t-am do cheangal an t-óglach sin é, agus
do chur sé fuidhe shileadh na ríoth-chainnle é
feadh aimsir fhada.



Air rádha na mbriathra sin dhó, tugais Foirbe
an sáthamh sanntach sáir-nimhneach dhó do
shleagh, gur chur fad láimh laoch don taobh ele
do chorp é, air dtreudamh a chruidhe ann a
chliabh.



Imthidhis air sin go hiomal an chuain chantaigh
chubhar-ghlé do bhí air a taoibh ele don mhachaire
sin. Agus níor chian dhóibh ann sin an t-am
do-choncadar long luchtmhar lán-aibhseach a' teacht
le deineas chum an chuain, agus níor sguradar go
dtáinig siad a dtír ann. Agus air dteacht don
tráigh dhóibh, do labhair Connla do ghuth mhór
ard le Foirbe, aige rádha:



"Aig súid mo phopa Conchubhar agus dís do
na curaidhibh, eadhón, Conall Ceithearnnach agus
Cú Chuilinn."



Tigis Connla agus Foirbe agus an Macaíbh Mór
agus an ríogun chuca anna trágha, agus ní féidir
le teanga dhaondha d'aithris an urghárdas do bhí
ortha a gcoinne chéile an t-am sin.



A haithle sin fiafrais Conchubhar do Fhoirbe cia
shé an rígh-mhíligh é sin a gcuibhreach leó.
Adubhairt Foirbe go raibh an Macaíbh Mór mac
rígh na Sorcha.


L. 236


"Créad fáth nach é a cheann a thug sibh libh?"
air sé. "Ní háil liom ceisdibh go drást," air
Connla, "go mbeidh sibh a nEamhun."



Is ann sin do labhair Conall Ceithearnach, agus
is sé ro rádha:



"Is amhgar agus is crádh mór inntine liom an
laoch cródha curachta sin' fhacsaint a gcuibhreach,
agus gaibhim-se ar mo láimh a choimheacht agus
'fhaire go mbeidh maoinn a nEamhun, agus
sgaoiltear dó."



Sgaoilis Connla don Mhacaíbh Mór air sin.



A haithle sin rádhais Connla Ceart-bhriathra leis
an ríogun a theacht leis go hEamhun Macha,
óir gurab oircheas dí an eachtra sin a dhéunamh.



Is ansin do fhreagur an ríogun é, aige rádha:



"'Fhuasgaltóir ionmhun, ó is tusa shaoraidh mé
uadh 'n inghreim agus an anbhruid do rabhais
feadh aimsir fhada aig éagcaoin fuidhe aige
Gruagach Ghleann na gCoin Allta, agus a d'aisiog
dhamh mo dheilbh agus mo dhreacht féin, is
riachtnach dhamh a bheith umhal dhut an gach
nídh."



Ciodh trácht, air gcathamh seal aimsire dhóibh
a gceann a chéile air iomal an chuain a' nochtadh
agus a' foillseadh a n-urghárdas agus a lúthgháire
do gach leith, rádhais Connla Ceart-bhriathrach leó


L. 237


air sin gurab oircheas dhóibh a bheith 'triall air
sáile, óir go raibh dís deagh-laoch ansin darbh
fhada leó go dtigiodaís go hEamhun, .i. an Macaíbh
Mór mhac rígh na Sorcha agus Foirbe.



Fiafrais Conchubhar air sin do Chonnla cia shí
an óig-ríogun súd leó dar bhorraidh a sgéimh air
mhná na cruinne.



Adubhairt Connla leis go raibh bean chumainn
dhó féin dar mhian léighe Éirinn a dh'fhacsaint.



"An bhfuil fear a diongmhála aici?" air
Conchubhar.



"Leig as go drást," air Connla.



A haithle sin tigid do long, agus suigheas
Conchubhar air chorr thosaigh na longa, agus
suigheas Conall Ceithearnnach air ghualainn an
Mhacaíbh Mhór. Agus ní raibh sé uadh oirthear
go hiarthar na cruinne air tonn nó air tír
macasamhailt an dís laoch sin. Agus suigheas
Connla ar ghualainn Chú Chuilinn, agus suigheas
an ríogun air ghualainn Foirbe. Agus tógadar
air sin a seóltaigh bocádach báin-dhearg a
mbarraibh na sár-chrann subhail, agus thugadar
tús a longa do mhur agus a deireamh do thír. Is
ansin a chuadar a gceann a n-eachtra agus a
n-ard-imtheacht a dh'innsin, agus ní haithristear
níos mó de sgéaluigheacht ortha go rochtain Loch
Feabhall dhóibh.



Agus air dteacht a dtír dhóibh ann sin, ní
deurnnadar sgíth nó comhnaoi go dtángadar go


L. 238


faich na hEamhna. Agus air rochtain na
rígh-chaithreacha sin dhóibh do labhair Connla
Ceart-bhriathrach le Foirbe, agus is sé ro rádha:



"A Fhoirbe mhic Chonchubhair, beir thusa 'nis
greim foilt air an Mhacaíbh Mhór, agus gár amach
go hard allmhairthe trí huaire, aige rádha: 'So
ceann an Mhacaíbh Mhór mhac rígh na Sorcha
air faich na hEamhna, agus tá mise sgaoilte uadh
ma gheasaibh."



A haithle sin do-ghnídh Foirbe amhluighe sin;
agus ní luaighthe do-rinne sé sin nó tháinig sé ann
a chroith agus ann a dheilbh féin arísd. Agus air
bhfacsaint a ghné agus a dhéunamh don ríogun
réamhráidhte, goirtheas a bhfód fó leith air, agus
nochtais dhó na frasa diana trom-ghráidh do
thug sí dhó ó tháinig sé ann a riocht féin.



"Do-bheirthim bréithir dhut, a óig-ríogun,"
air Foirbe, "go bhfuilim-se gointe de da ghean-sa
a choncais da sgéimh air aisioch do chrotha dhut."



Tigeadar asteach don dún air sin, agus do
leagadar boird shlim-leathan na caithreacha sin a
folughadh iad do sgardaibh síoda agus sgiamh-
shról, agus curthadh biadha saora so-chaimhthe
ortha agus rogha gach seórt dighe air a gceann.



Agus air gcathamh a leór-dhóchain bídhe agus
dighe dhóibh air na comhbhordaibh sin, do labhair
Connla Ceart-bhriathrach le Conchubhar, agus


L. 239


rádhais leis gurab oircheas dhó fleadh pósda
d'ollmhadh don dís úd, eadhón, Foirbe agus an
ríogun.



"Is deimhin," air an Macaíbh Mór, "gur maith
do roimh-eólus air gach nídh, agus nach feurr nó
do chomhairle má ghlacair í. Agus do mbeidh
fios do chálaidheacht onóireach agum-sa air dtús,
is dearbhtha nach mbeidh feim cuibhreach oram
da ma thabhairt anso, óir go tuicfinn go
toilteamhul leat."



Ach tá ní cheudhna, do pósadh an dís réamh-ráidhte
le chéile réir gnáthais na haimsire sin,
agus bhíodar a' cathamh na fleadha sin feadh
seachtmhuin air dhá mhídhe. Agus feadh na
haimsire sin níor theisbeán an bhainríoghun í féin
san comhdháil sin le fuath agus formut do Fhoirbe.



Is ansin labhair Connla an uair dhéigheanach
leó, agus adubhairt gur mithid do gach aon oca
a dhol do bhaile féin, agus rádhais le Foirbe dhol
leis an ríogun abhaile, agus comhnaoi aici, óir
nach taobhthach dhó fuireach fó láimhe na
bainríoghuna claoin-bheartach do bhí ansin d'eagla
a ceilge 'n athuar.



Ciodh trácht, air críochnamh na comhairle sin
dóibh do ceangladh síth agus párt eadra an
Macaíbh Mór agus Teach na Craobh-ruaidh' agus
do comhdhaingneadh na conghaill sin a bhfiaghnuise
Chonchubhair mhac Neasa agus Connla


L. 240


Ceart-bhriathrach. Agus a haithle sin triallais
an Macaíbh Mór agus Foirbe mhac Conchubhar
agus (an) ríogun leó do dtír féin, agus do chur
Conchubhar a long féin leó uadh Loch Feabhall
agus stóras mór fairge, agus chuaidh sé féin agus
na curaidhibh leó gusan chuain sin go tuirseach
dubrónach, gur sgaradar leó aige fágbháil
iomchumairce beatha agus sláinte. Agus chuaidh
Connla Ceart-bhriathrach tair ais go hAlban chuige
bainríoghun Aoife.



Aig sin eachtra ghuasachtach Foirbe mac Chonchubhair
mhic Neasa ó thús go deireamh.


L. 241


EACHTRA THAILC MHIC THRÉUN GO
HÉIRINN
AGUS TÓRUIGHEACHT NA CALLAIGH
AS INNSE TOIRC



Lá n-aon do raibh Fionn mhac Cumhaill mhic
Thréunmhór mhic Bhaoisgne agus seacht gcatha
na Gnáth-fhéine ann a dháil, a' cumóir seilg
fhiadhach agus fhian-chosgair fó Ghleann na
Smóil, agus budh mhór a meanmnagh, a neart
agus a ndóchas as luthas a gconairt agus chródhacht
a laochraidh. Súil seacha do dtug Conán
mhac Moirnne go bhfacaidh sé an bhean dob
fheurr gné, deilbh agus macasamhuil do bhfacaidh
súile daondha ariamh; agus rádhais go fochmhudach:



"A Dhiarmut, an bhfaic tú an bhean úd?"



A haithle sin iarrais Fionn ar an Fhéin fuireach
go dtigeadh an bhean chuca, óir go raibh sí 'díreagh
a hasdar fóna ndéin. Do sheasaidh cách mur a
raibh siad go dtáinig an ríogun sin a láthair;
agus budh leóir a dh'aithbheódhamh air chuirp
mhorga an dealramh thucfadh do gnúis, agus
dearcais go friochnamhach grinn air chách don
Fhéin go dtáinig sí gusan áite do raibh Fionn
mhac Cumhaill, agus beannuigheas dhó tré


L. 242


bhriathra fír-ghlic fíor-mhuntardha. Do fhreagur
Fionn an beannamh go caoimh ceannsuighe agus
go milis-chomhrádh; agus fiafrais a sgéala dí
agus fáth a heachtra agus a hard-imtheacht don
toisg sin.



Is ansin do labhair an ghnúis mhórdha
mhín-dheilbheach sin leis, agus is sé ro rádha:



"Niamh Nuadh-chrotha is ainim dílis dhamh,"
air sí, "agus inghean do Gharbh mhac Dolair,
eadhón, ard-rígh Gréag mé."



"A ríogun is feurr méin, deilbh agus déunamh,
is binne liom fuaim do ghotha nó a bhfuil da shinim
téuda san mbith, binn nó searbh, aithris dhamh
agus nach ceil feisde orm é, créad fáth do thurais
anoll chughann?"



"Tá sgéula fada do-aithriste agus seanchus
tuirseach dólásach le n-innsin air sin," air sí,
"gidheagh, is éigin dhamh a nochtamh dhuit-se."



Is ansin do-chuaidh an ríogun a gceann sgéul,
agus adubhairt:



"Do shubhail mise an domhun fó thrí, agus níor
fhágbhais a'n rígh nó flaith, triath nó tighearna,
taoiseach nó tréun-fhear, curaidh nó gasgaidheach
nó laoch oirdheirc cath-bhuadhach ó éirghe
na gréine go dí a luighe, aige iarraidh mo anacal
air earrachtach urghrána atá do ma thóruigheacht,


L. 243


agus níor aontaidh neoch dhíobhtha ma
shábháil air," ar sí.



"Créad do-bheir dá sheachnadh thú," air Fionn,
"nó an é da chéile é?"



"Is sé a-cheudhna," air sí.



"Cionnus do dtugais fuath dhó," air Fionn,
"a ndéis gean a thabhairt dhó a dtús?"



"Ní dtugais féin nó neach air bith ele gean
dhó," air sí, "ach m'athair, mo mhallacht air!
do cheangal de mé, an nídh a d'fhág dath an
ghuail ar mo ghné."



"Créad fó dtugais fuath dó?" air Fionn.



"Atá, mur is earrachta urghrána é air a bhfuil
ceann, cluasa agus earball cait, agus a bhfuil a
mhéud as gach fear agus a neart as gach laoch.
Agus a ndéis m'asdar níor gheall neoch mo
anacal air," ar sí, "go dtáinig mé fó da chumairce-se,
'ard-rígh atá ionráidhte an gach bealach dár
shubhlais air d'fhéile, air chródhacht da shlóighte
agus ar fheabhas mur gcarthannacht le coigcríochach."




"A ghnúis ghil," air Fionn, "aithris ainim
an ilphéisd dhún agus a thír."



"Tailc mhac Tréun a ainim," air sí, "agus
mac do rígh Inse Turc é."



"Créad an fáth nach ar gheall aoin-neoch
d'anacal?" air Fionn.



"Air mhéud a neart, air chródhacht a ghníomha,


L. 244


agus air fhuathmhuireacht a dheilbhe agus a
ghnúise," air sí.



"Nár chaithis treimhse air bith a dh'aimsir aige
an fhear sin?" air Fionn.



"Níor chaithis a-cheudhna," air sí, "óir comh
luath agus chualais gur dheónaigh m'athair mise
thabhairt mur mhnaoi agus mur chaoimh-leannán
dhó d'imthidh mé mur gheilt nó mur fhiadh air n-a
dhúsgudhagh as a leaba luighe air bhfacsaint
na conairt air a lorg. Agus tá mé gan suan, gan
socruidheacht ó sin a leith, agus níor chodlais a
ndíon nó 'ndaingneach aon aoidhche ó shon, ach
a bheith gan bhiadh gan suaimhnis a gcuasaibh
cairrge agus a ndiamharaibh coillte go n-uige so.
Agus aig sin mo sgéula dhut," ar sí.



Air gclosmhun na mbriathra sin do Fhionn,
rádhais léighthe go ndéunadh sé a hanacal, agus
nach leigfeadh fó láimhe nó fó chumairce an
earrachta sin í go dtutfadh seacht gcatha na
Féine air a sgáth.



Air gclosmhun na bhfocal sin do Bhran bhuadhach,
do léig sí sgread chruaidh chráidhte aisti agus
do luigh sí síos a bhfiaghnuise chách air an fhaich.



Is ansin do labhair Garaidh Glúingheal mhac
Moirnne, agus rádhais le Fionn gur mhór a eagla
go dtucfadh dochar agus díthcheannadh fair an
Fhéin do haithle a gheallaidh.



"Agus 'Fhionn," air sé, "ní minig leat-sa a
dhol a ngleic nó 'ndeabhaidh le allmhuraibh


L. 245


eachtreann, nó de dheagh-laoch air bith ele, ach
dar ngreasacht-aoinne a gcomhlann leó."



Is ansin do labhair Gal Gaoithe mhac Moirnne,
agus is sé ro rádha:



"Luigheam fóm armaibh gasgaidhe, 'Fhionn
mhic Cumhaill," air sé, "nach mbualam sáthamh
de shleagh nó béim do chlaoidheamh do da chosnamh
féin nó na mná cealgaigh sin go brách."



Is ansin do labhair ríogh-laoch na Féine, eadhón,
Goll greanmhur gníomh-éuchtach mhac Moirnne,
agus is sé adubhairt:



"Is bréithir dhamh-sa, 'Fhionn," air sé, "gan
cath nó coimhghleic a dhéunamh air da shon le
neoch air bith go foircheann mo bheatha, do
bhrígh gur minic a chosnaidh mé thú a gcath agus
a gcruaidh-chomhlann, agus gach eachtraibheach
do dtigeadh as tírthe coigcríche gur bhudh mé do
chosgfadh iad cinnte, agus ní bhfacais d'éuchta
féin ariamh nó breith buaidh chosguir laoch nó
gasgaidh leat, ach a' tabhairt oil-bhéim agus
tarcaisne dhamh-sa agus do ma bhráthraibh ón
am do mharbh Cumhall, do athair."



Is ansin do labhair Mac Lughadha, eadhón mac
dearbhshúir Fhionn, agus is sé ro rádha:



"d'aimhdheóin a bhfuil do chlanna Moirnne
ansan Fhéin, is dóigh liom-sa go bhfuil urraid de
chlanna Baoisgne air an bhfaich so anuigh agus
a dhéunais an ghruaidh chorcra so a dh'anacal agus
a chlaoidhfis an ilphéisd úd."


L. 246


Is ansin do labhair an ríogun sin, agus is sé
adubhairt:



"Dearbhtham dhut 'óg-mhacaíbh," air sí,
"gidh líonmhur mur gcuraidhibh agus gidh
neartmhur mur laochraidh go dtutfaidh cách agus
céud le láimhe láidir luath-ghonach an fhir úd
sol do gclaoidhfear é; óir níor bhuadhaigh curaigh
nó gasgaidheach 'o thréighthe nó 'o thréune é
ariamh go fóill."



Leig h'iomarbhádh as," air Fionn, "'óig-ríogun,
óir ní bhfuil sé air an domhun air mur nó ar tír
taoiseach nó tréun-fhear nach bhfuigheadh fear a
chlaoidh san bhFéin anugh."



Is ansin do rádhais an ríogun:



"d'aimhdheóin calmacht na Féine uile, má
gheibh sé a láimh chiorclach chiar-dhubh oram-sa
bhéarthaidh sé leis mé."



Is ansin a d'fhiafraidh Osgar di an ndeurna sí
luighe nó leannánacht leis an fhear úd a bhí dá
tóruigheacht go n-uige sin.



"Dair an láimh sin ort-sa, 'óg-ghasgaidh," ar
sí, "ní deurnais cumann céile le neoch ariamh go
fóill."



"Máiseadh," air Osgar, "gabh air sgáth mo
sgéithe agus bheirim bhréithir dhut nach bhfoghain
sé láimh ort go dtutfaidh mise lena láimh a
gcéadóir."


L. 247


Éirghis an ríogun agus téid air chumairce
Osgair, agus ní mó gur chríochnadar an comhrádh
sin an t-am do-choncadar an t-arrachtach
urghránna réamhráidhte úd a' teacht do n-ionsuighe,
agus gur leóir a dh'uamhain agus a dh'eagla do
laochraidh cródha na cruinne dearcain air a
ghnúis, a ghné agus air a dheilbh. Ach tá ní
cheudhna, air dteacht a láthair dhó, do labhair
sé amhuil beatha fiadháin nó ainmhidh allta,
agus iarrais a bhean do chuir chuige nó cath do
ceann.



Air gclosmhun an ghlóir sin don óig-ríogun,
do thug sí maise air mhío-mhaise agus deilbh
mhaith air dhroch-dheilbh, agus cromais air sgáth
Osgair. Le méud an eagla agus an uathbháis do
ghlac an Fhéin, níor fhreagar ceachtar dhíobhtha.
Dála 'n ilphéisd sin, uaillis an dara feacht, agus
iarrais a bhean do chur chuige nó caogad laoch
lán-armach.



A haithle sin do ghléus caogad do chlannaibh
Baoisgne iad féin a n-arm agus a n-éideadh catha
agus fhreagradar dhó. Is ansin a d'ionnsaidh an
t-earrachtach sin leó do n-oirleach agus do n-athchumadh,
go ndeachaidh tríd iad agus trasna mur rachadh
seabhac tríd ealta nó léomhan fó mhaoith-shréudaibh,
go ndeurna trí torr dhíobhtha,
eadhón, torr do gcionn, torr do gcoirp, agus torr


L. 248


de n-arm agus de n-éideamh. Agus géarbh
fhuathmhur éugsamhulta a ghlóir air dtús, budh
ath-uathmhaire go mór um an tráth sin í, agus
iarrais an comhrac a dhúbladhugh dhó.



A haithle sin do-chuaidh céud laoch lán-chalma
don Fhéin 'na dháil. Gidheagh, ní deachaidh an
ghrian a' luighe gur fhág sé iad uile 'na gcosar
chró air feadh na faiche. Is ansin rádhais Fearghus
File leó síghe agus fosadh comhrac a dhéunamh
go maidin air n-a márach.



Is ansin do-chuaidh Osgar chuige Fionn, agus
iarrais cead fair comhrac aoin-fhir a dhéunamh
leis an ilphéisd sin. Adubhairt Fionn leis
gurab amhgar mór leis é dhol fó láimh an tsé a
chasgair trí chaogad do mhaithibh na Féine anna
n-aimsir comh gearr. Rádhas Osgar leis go
mbeirtheadh sé díol ansan iomlán de na
mí-ghníomha sin air dteacht na maidhne air n-a
márach.



Is ansin do labhair an ríogun le hOsgar, agus
is sé ro rádha:



"Ní beag linne dar thut de do mhuintir air mo
shon-sa agus gan do shamhul-sa 'dheagh-laoch
thuitim leis. Ach do mbeidh an méud úd a cailleadh
de da mhuintir agum-sa aige srotha niamh-ghlan
na Gréige, mur bhfuil mo athair, is deimhin
go ndéunann a n-athbheódhadh arísd."


L. 249


Leis sin dearcais Osgar uirthi, agus rádhais
léighthe: "Leig as go drást."



Ach tá ní cheudhna, air dteacht mhoch na
maidhne air n-a márach, fágbhais Osgar an ríogun
air chumairce Oisín, agus gléusais é féin a n-arm
agus a n-éideamh catha, eadhón, a léine longmhaire
do shíoda bhraonach, a lúireach shleamhun
liath-ghlas, a chlaoidheamh iontláis ór-dhoirnn
air a thaobh, dhá shleagh chaola chró-fharsang
ann a láimhe agus a chlogad do chruaidhe aithleite
air a cheann. Is níor chian dhó iar sin an t-am
do-chualaidh sé an t-arrachtach fuathmhar úd
aige uaillfeartaigh go héugsamhulta aig iarraidh
a bhean a chuir chuige nó an comhrac a dhúbludhagh
fá dhó. Is ansin do labhair Osgar agus
rádhais leis nach beag leó dar chaill siad do laochraidh
agus gan níos mó oca thuitim leis, agus do
bhíthin sin nach rachadh sluagh nó sochruidhe
a ngleic leis don dol so, ach eisin féin an' aonar.
A haithle sin do-chuaidh Osgar go meanmnach
láin-eagainte go harm a raibh an fathach sin.
Agus thugadar a n-aghaidh fair a chéile mur
bhéaradh dhá leomhan chraosach air n-a sgaolamh
da shlabhra, aige sáthamh agus aige snamhthamh,
aige treadamh agus aige pollamh, aige tuargan
agus aige trasgairt, aige bualadh agus a'


L. 250


leadrughadh a chéile ó mhoch maidhne go néull
nóna, gan fios time nó tláthais aige ceachtar
dhíobh. Is iomdha sgiath do briseadh agus
lúireach do raobadh agus fed claoidheamh le
cnáimh a n-alt na huaire sin, ionnus go raibh na
srotha fola fíor-ruaidhe do shil uadh a gcneasaibh
'na linnteibh domhuin ar an mhagh fón tráth sin.
Is ansin do labhair Fearghus, eadhón, file na
bhFian, agus is sé ro rádha:



"A Osgair, a rígh-mhíligh, tóg do mheanmna,
agus ardaigh da leanntaigh agus smaonaidh air
uaisle da chud fola, agus air il-liacht laoch cródha
curachta do dtug tú bhuaidh chosgair, agus a
ndéigh gach éuchta uasal calma caithréimeach dá
ndeurnnas anna dtíortha imchian coigcríche an
bhfuil tú anis a' cleisreamh leis an fheithide is
fuathmhuire deilbh agus dreacht dár iomchar an
mhur mhór bhraonach air a tonnaibh borba nó
an talamh trom-fhódach air a dhrum ariamh?"



Air gclosmhunt na mbriathra sin do Osgar, ro
éirigh a choin mhire agus a dhásacht feirge, agus
a lann biodhbhuidhe, agus thug an sáthamh
sanntach sáir-nimhneach ro-neartmhur do shleagh
don arrachta, gur chur fad a láimhe don taobh ele
do chorp é, air dtreudamh a chruidhe ann a
chliabh; agus tutais marbh air an mhagh sin.
Ciodh trácht, air dtuitim dhó, do léig sé uaill


L. 251


allmhaire mhór uathbhásach as go gclonfaidh fó
na tríocha céud budh choimhneasa dhóibh é,
ionnus nach ar fhág sé fuath nó arrachta, geinte
glinne nó deamhun aedhir fó cheithre holl-chóigibh
Éirinn nach ar dhúisg sé, ionnus go dtáinig siad
aig eitiolaigh agus air fothluamnadh as a gceann.



Ach tá ní cheudhna: eadra lúthghár fó thuitim
na hilphéisde sin agus le tuirse fó ar thut don
Fhéin do hanacal, air n-a fhacsaint sin don ríogun
tuitios marbh a láimhe Oisín. A haithle sin do
léigeadar trí gártha trom-airde ós ard aisdeamh,
.i. gár chaointe fó ar marbhadh don Fhéin ansa
chath ghuasachtach sin, gár mhaoithe fó bhás na
hilphéisde sin, agus gár dhóláis fó bhás na
hóigríoguna deagh-mhasaigh sin. Suigheas
Osgur síos air sin, agus ní raibh méud a'n órlaigh
ó bhonn go bais de gan cneadh dhíreach nó fiar-thrasna
air ó ghoin armaibh an arrachta réamh-ráidhte úd.




Ach tá ní cheudhna; ní mór go dtáinig le
Diarmut ua Duibhne agus le Fearghus File a
thógbháil 'na sheasamh an t-am do tháinig do
láthair ilphéisd do challaigh mhór gharbh ghaosánach
chuca, agus budh duibhe nó gual gobhann
air n-a bháthamh a bhfuar-uisge a héadan, agus is
amhluighe do bhí an dúil mhodartha


L. 252


mhí-sgiamhach sin, eadhón, fult a ceann go dí a
hascalla, fionamh a hascalla go dí a bléin, agus
guarach a bléin a' sguabamh an mhagha léighthe,
agus fad láimhe laoch ó thréune ann gach fiacul
aici don taoibh amuigh do bhéul aige sileamh
ronn agus salchar. Agus air dteacht a bhfiaghuise
na bhFian dí fiafrais dhíobhtha cia oca do
mhairbh an laoch so. Rádhais Osgar gurab eisin
do mharbh é.



"Máiseadh," air sí, "cuirim-se thusa fó gheassa
droma draoigheachta thú féin agus an uimhir
chéudhna tá gointe an so do mhaithibh na Féine
mise leanmhun ann mo bhaile féin, agus sásamh
thabhairt dhamh anna marbhadh mo leanbán."



Is an sin do labhair Faolán mhac Fionn, agus
adubhairt:



"Is dóigh liom-sa gurab fusa do chongbhál anso
an feadh atá tú ann nó dhol a theasdal an
domhain da dhéigh." A haithle sin do-bheir sí
éirigh ard éunamhul uirthi, agus rádhais:



"Slán fhearaibh Éirinne fudham."



Agus d'imthidh sí air sin a gcoimheadacht na
gaoithe glan-fhuaire, agus is geurr gur fhág sí
a radhairc amach.



Dála Osgair do thógadar leó do bhfian-bhoth é
gur cuirtheadh luibhibh íce agus leighis lena
chréuchta.



Is ansin a d'iarr Osgar air Mhac Lughadhach
corp na ríoguna thabhairt leis agus lus is


L. 253


luibheannach cumhra a chur 'na timchioll a chongbhadh
ó thruailleadh nó ó mhorgadh í, agus an
méud don Fhéin do thuit san gcath a dhéunamh
air-cheudhna leó. Imthios Mac Lughadhach agus
Oisín agus Diarmut ua Duibhne agus Faolán
mhac Fionn agus Fearghus file na bhFian, gur
chrunnaidh siad leó na coirp sin gur chuireadar a
n-aon áiti amháin iad, agus fhágadar an ríogun
sin air uachtar, agus curadar lus agus luibheannach
deagh-bholaimh 'na dtimchioll. Agus rádhais
gur "Cnoc an Ár" is dlighthe a ghoirthean don
chnoc sin ó sin suas go bráth.



Ach tá ní cheudhna, air mbeith do Osgur slán
óna chréuchtaibh, do hiomluathadh a measg na
bhFian cia do rachadh air an mhór-eachtra sin.



Is ansin do labhair Goll, agus is sé ro rádha:



"'Fhionn mhic Cumhaill," air sé, "gidh nach
dtroidfinn-se air do shon ó chianaibh, rachad féin
agus céud laoch lán-chalma do chlannaibh Moirnne
air an eachtra sin."



"Rachaidh," air Garaidh Glúingheal mhac
Moirnne.



"Rachaidh a-cheudhna," air Gal Gaoithe mhac
Moirnne.



Rádhas Diarmut ua Duibhne go rachadh sé féin
agus a ghaoltaidh air an eachtra; agus rádhais
cách ele air-cheudhna go rachaidh siad ann.
Adubhairt Osgar gurab oircheas do Fhionn agus
do Oisín agus tuilleamh ele oca fuireach san


L. 254


mbaile a' coimheacht cuantaidh agus caithreacha
na rígheachta ó an-orlan eachdrann. Is ansin
a rádhais Goll agus Diarmut gurab ionmholta an
chomhairle í sin.



Is ansin do labhair Conán mhac Moirnne, agus
is sé adubhairt:



"Luigheam fóm armaibh gasgaidh do gcuirfeadh
sibh toirmeasg oram-sa a dhol air an eachtra sin
nach bhfágfainn ceann air cholainn agaibh."



A haithle sin iarrais Fionn air Oisín agus air
chud ele oca a dhol go Binn Éadair agus an long
do bhí ansin a dh'ollmhadh don eachtra sin agus
stóras maith farge a chur inte. Atá ní cheudhna,
air mbeith do gach nídh ollmhaidh agus an long
gléusda an asdair do-chuaidh an bhuidhean
chródha sin inti, agus níor dhearmud Osgar corp
na ríoguna thabhairt leis san long. Is ansin do
thugadar ucht air an long da urlann a sgéithe,
agus de chrannaibh a gcraosaigh, gur ghaibh
leathad a ndá bhonn do dhruim-theasda na longa;
agus thógadar a seóltaidh bocádach báin-dhearg a
mbarraibh na sár-chrann subhal, agus thugadar
a tosach do mhur agus a deireamh do thír. Agus
ní aithristir a n-imtheacht gur ghabhadar cuan
agus calaphurt annsa Ghréig láimh le cathair na
hAithne, eadhón, (...). An t-am do-chonairc


L. 255


slóighte na Gréige iad do chrunnadar as gach hard
'na mbuidheanaibh dlúth do-sgaoilte go hiomal
an chuan do dtoirmeasg a theacht a dtír. Ansin
do labhair Fearghus File go milis-bhriathrach agus
go caoinis comhrádh leó dá rádha nach mur
námhud a thángadar ach mur charad, agus nach
aige iarraidh catha nó comhlann do bhíodar, ach
aige iarraidh agallamh an rígh. Is ansin do labhair
an t-ard-thaoiseach do bhí air shlóighte na Gréige,
agus rádhais nach rachadh siad féin nó neoch air
bith ele, tréun nó truagh, d'fhios an rígh an
feadh do sheasamh triar de mhuintir lena dhrum.



Air gclosmhun na mbriathra baoth beag-thairbheach
sin do Osgar, éirghis de urlann a sgéithe
agus do chrannaibh a chraosaigh don long, gur
ghaibh leathad a dhá bhonn don tráigh gheal
ghainibh air ur an chuain, agus tugais suigheamh
santach sáir-nimhneach air an óglach sin go
ndeurna ro-nuaill chorcra de ó bhonn go bathais,
agus gur cheangail a láimhe ro-neartmhur go
sár-chruaidh; agus thug leis é fón gcuma sin a'
déunamh eólus dhó go tuighe an rígh, aige rádha
le Goll an long do choimheacht go dtigeadh sé air
ais ón rígh.



A haithle sin gluasais Osgur agus an taoiseach
Gréagach 'na chime chreapailte a gcuimhreach
leis. Air bhfacsaint an léir-amhairc sin don rígh,
ní raibh sé gan ionntus agus mór-uathbhás a


L. 256


bheith air fón laoch a neartmhair' agus budh
chalma do bhí san Ghréig go hiomlán, agus a
raibh dóchas agus muinidhean agus dóchas mór
aige as aige déunamh faire agus forchoimheacht
fó iomal a rígheachta, 'fhacsaint ceangailte a
measg a shlóighte. Ach tá ní cheudhna, air
bhfacsaint sin (don) rígh fiafrais de cia shiad na
laochraidh do cheangail é mur sin. Adubhairt-san
go raibh an gasgaidheach óg so. Goirthis
an rígh air Osgar, agus fiafrais de ann é do cheangal
an taoiseach so.



"Is mé a-cheudhna," air Osgar, "agus a cheangaladh
thusa mur an gcéudhna dá dtugthá easonóir
nó easurram dhamh mur do thug seisean."



"Sgaoil dhó," air an rígh, "agus ansin aithris
da sgeala dhúnn."



"Sgaoilfid," air Osgar, "óir ní fusa liom a
cheangal nó a sgaoileadh nó 'sgaoileadh nó a
cheangal arísd."



Sgaoilis Osgar don óglach air sin. Is ansin
fiafrais a sgéala de. Do fhreagur Osgur é, aige
rádha:



"Ní brughaidh nó bodach mé a d'innseachadh
sgéal air éadan magha dhuit-se (nó) do neoch air
bith ele."



"Dearbhtham dhut, 'óg-ghasgaidh," air an
rígh, "gur dóigh liom nach dóchasaigh do bhriathra
nó do ghníomha."


L. 257


"Bheirim bréithir dhut," air Osgar, "go mbeidh
'fhios sin agud go haithghearr muna bhfacaid-se
níos carthannaigh thú."



A haithle na mbriathra sin beirthis an rígh ar
láimh air Osgur, agus bheirthis asteach ana pharlais
féin é; agus rádhais lena thaoiseach fuireach mur
bhí sé go drásd. Ach tá ní cheudna, air dteacht
asteach do friáthlamh go huasal onóireach é le
nuadh gach bídhe agus do shean gach dighe, gur
chaith a leóir-dhóchann dhíobhtha. Is ansin fiafrais
an rígh a ainim agus a thíre agus créad do rug
don toisg sin é. Rádhais Osgar leis nach ar aithris
sé sgéul rún ariamh anna dtuigh a mbeidh
bean-tighearna ann gan í do bheith ansa láthair.
Goirtheas an rígh an bhainríogun chuige agus
d'aithris dí gach nídh dár tharla. Is ansin
do-chuaidh Osgar a gceann sgéal, agus is sé adubhrais:



"Osgar mhac Oisín mhic Fionn mhic Cumhaill,
ard-rígh na Féine a nÉirinn, mise," air sé, "agus
do-chualais go raibh inghean álun iolchrothach
agad-sa darbh ainim Niamh Nuadh-chrothach,
agus do hiarraidh a tháinig mise don toisg se mur
mhnaoi."



Air gclosmhun na mbriathra sin don rígh agus
do bhainríogun, do léigeadar na frasa diana deór
síos air an mbord a rabhadar 'na suighe aige.



"Créad fáth mur ngola?" air Osgar, "an
tocht nó tuirse libh mur n-inghean a thabhairt
dhamh-sa?" air sé.


L. 258


"Ní sheadh a-cheudhna," air siad, "ach fó nach
bhfuil sí agunn le tabhairt dhut, óir do mbeidh
sí 'na inghean aige rígh an domhain agus gan do
oighre aige ach í, mheasamaois gurbh fhear diongmhála
dí thú."



"Agus ni nach raibh inghean aigaibh?" air
Osgar.



"Bhí, agus ni bheidh go bráth," air siad.



"Cionnus sin?" air Osgar.



"Atá," air an rígh, "do bhí inghean agunn,
agus budh mhaith a dreacht agus a deilbh, agus
do bhí ilphéisd aige rígh Innse Toirc air a raibh
ceann, cluasa agus urbaill cait, agus is amhluighe
do bhí an fear sin: do thug sé tuile trom-ghráidh
agus sruth fíor-aibheal seirce dí. Agus do líon
sise lán do fhuath agus do fhormut dhó, agus mur
do bhí a mhéud ais gach fear agus a neart as gach
laoich, óir ní lamhadh aoin-neoch a dhol a ndeabhaidh
leis, do ghlac an inghean sin ceasnamh mór
nach ndéunamh slóighte na rígheachta so a hanacal
air; agus do haithle sin d'éalóch sí uadha mur
gheilt a' teitheamh roimhe; agus thug seisean
móide go subhaladh sé an domhan do leith a
chúl agus 'aghaidh go bhfuigheadh sé í. Agus
tá sé ó shon a leith do tóruigheacht, agus ní fios
dhúnn a beó nó a marbh, ach mur sin. Agus
aige sin dhuit-se adhbhair ar ndólás," air an rígh.



"Máiseadh," air Osgar, "do cumóradh seilg
fhiadhach agus fhian-chosgair le Fionn mhac


L. 259


Cumhaill seal áiridhe d'aimsir ó shon, agus do bhí
muraoinne seacht gcatha na Féine crunn 'na
dháil, agus an t-am budh mhian linn an tseilg sin
a shraonadh do-choncamar óig-ríogun dár n-ionnsuighe
le deineas ro-mhór, agus budh dóigh linne
go samhultadh a dealradh leis an ghréin; agus
air dteacht 'nar ndál dí fuagrais cumairce air
Fhionn mhac Cumhaill. Fiafrais Fionn dí adhbhar
a ceasnaoi, agus dubhairt sí leis go raibh arrachta
urghránna do tóruigheacht air a raibh ceann,
cluasa agus urball cait, agus gur shubhail sí an
domhun fó thrí, agus nach ar fhág sí rígh nó
ro-fhlaith, triath nó taoiseach nár athchuinge sí a
hanacal air, agus nach ar dheónaigh oca a sábháil.
Air chlosmhun an ghearán chráidhte sin, rádhais
Fionn léighthe go ndéunamh sé féin a hanacal,
ach an t-am do-chonairc mise méud agus mí-sgéimh
na hilphéisde sin d'iarrais uirthi a theacht
air sgáth mo sgéithe, agus go ndéunainn a dídion
fair. Ach tá ní cheudhna, air dteacht chugainn
dhó d'iarr sé a bhean nó cath do ceann. Chur
muraoine caogad laoch lán-chalma 'na dhál;
gidheadh, níorbh fhada gur chasgar sé iad; agus
ansin iarrais an dara feacht a bhean do chur
chuige nó an comhrach a dhúbladh. Máiseadh
do curthadh céud laoch 'na dháil, agus do mharbh
sé uile iad mur an gcéudhna. Ghlac tuirse mhór


L. 260


an ríogun fó ar marbhadh dhaoinne air a sgáth,
agus dubhairt sí liom-sa dá mbeidh na laochraidh
sin aici aige srutha niamh-ghlan na Gréige mur a
raibh a hathair, go ndéunamh a n-aithbheódhagh
arísd. Dála an arrachta urghránna úd, air n-a
márach iarrais a bhean a chur chuige nó an comhrac
a dhúbladh fá dhó, agus ní leigfinn-se ceachtair
dhíobhtha do ionnsuíghe ach mé féin an m'aonar.
Agus air bhfágbháil na hóig-ríoguna sin air
chumairce Oisín mhac Fionn, eadhón, m'athair
féin, do-chuadhais a gcomhlann catha leis an
fhathach sin, agus is deimhin nach bhfuarais air
mur nó air tír ariamh cath air bith comh chruaidh
leis. Gidheagh, do mharbhthais é. Ach air
dtuitim dhó, do thut an ríogun sin marbh eadra
láimhe m'athaire. Ach tá ní cheudhna, ní mór go
dtáinig liom an fhaich a dh'fhágbhál an t-am do
tháinig ilphéisd callaigh a chur fó gheasaibh mé
féin agus an uimhir chéudhna do marbhadh a
dhol liom do laochraigh slán, agus a leanmhun
do háras comhnaoi agus sásamh a thabhairt anna
marbhadh an arrachta sin. Is ansin a d'ordaidh
mise lus agus luibheanacha cúmhra deagh-bholamh
do chur 'na timchioll féin agus an méud úd a
marbhadh de ar muintir san chath sin ann a
gcongbhál ó lochtadh nó ó mhorgadh, mura ndúil
go m'fhéidir go bhfuighfidh le hathbheódhagh iad
go fóill. Agus aige sin mo sgéal-sa agus fáth mo
theacht don toisg so," air Osgar.


L. 261


Air chlosmhunt na sgéala sin don rígh agus don
bhainríogun, ní mór nach ar imthidear 'na ngeilt
uadha le lúthghár agus le hollghárdais fó na sgéala
sin a dh'fhagháil, agus éirghid 'na seasamh, agus
bheirthis air Osgar air láimh, agus do thug teora
póg dó, aige rádha:



"Beir buaidh agus beannacht, a rígh-mhíligh,
má chualamar le ar gcluasa ariamh sgéala is binne
linn nó sin, agus ní mó do-rinneadh éucht air
bith ariamh le láimhe gasgaidh is feurr a
gheabhthais luach saothar nó sin. Agus air dteacht
moch na maidhne amárach rachad-sa, agus longus
measardha liom, go harm a bhfuil na laochraidh
sin agus mo inghean 'na gcodlamh anna suan
marbhtha agus do bhéarthaid liom don Ghréig
iad go ndéuntair a n-aithbheódhagh aige na srotha
niamh-ghlan atá 'gcomhdach agunn."



Is ansin do labhair Osgar, agus is sé ro rádha:



"An t-am do bhí ar laochraidh a' gléas na longa
dúnn a thug air an eachtra so sinne do smaonaidh
mise go m'fhéidir dhuit-se beart theagasg a
thabhairt dhúnn agus eólus na tíre ann a mbídhionn
an ilphéisd cailligh úd do chur na geasa orainn
'na comhnaidh, ór is dóigh liom-sa gur súr nó
bean chumann do Thailc mhac Tréun í. Agus ó
do bhíos a' teacht don tír so do thugais corp na
ríoguna sin liom, agus tá sé ansa long mur a
bhfuil mo mhuintir-se isan chuan so síos."



A haithle na sgéala sin tuitidhis an bhainríoghun


L. 262


a néull anbhfainne, agus do chlaochchlodhaigh an
rígh féin go mór. Gidheagh, air dteacht a dtreise
dhóibh arísd, goirtheas an rígh air a ghiolla cinn
eich chuige, agus rádhais leis na carbad ríogha
do ghléas a bprab na súl, eadhón, carbad an rígh
dó féin agus do Osgar, agus carbad na
bainríoguna dí féin agus do bantracht. Agus an
t-am do bhíodar gléusda do lingeadar innte, agus
níor léigeadar don fhéurr fás fuidhe chosaibh an
eachraigh dhíomsach sin nó go dtángadar chum
an chuan mur a raibh long Fhianaibh Éirinn.
Agus fuaradar Goll 'na sheasadh air ur an chuain
aige déunamh faire agus forchoimheacht dhóibh.
Goirtheas Rígh Gréag Goll chuige, agus feiris
fáilte roimhe; agus ansin fáltaidhis roimhe chách
ele air-cheudhna. Is ansin do ghoir sé air thriar
do chud taosaigh, agus rádhais leó corp na
ríoguna 'thabhairt as an long agus a chur san
charbad. Is ansin do labhair Osgar agus is sé
ro rádha:



"Luigheam fóm armaibh gasgaidh do leagthamh
neoch oca láimh uirthi, triath nó taoiseach go
ndéunthainn-se gun-dhallain agus deamhun aedhir
do gcoirp." A haithle sin lingis Osgar san long,
agus tugais corp na ríoguna leis gur fhág a
gcarbad an rígh í. Glacais an rígh agus a thaosaigh
uamhan agus eagla mór roimhe leis an Fhéin,
ionnus nach ndéunadais nídh air bith ann aghaidh


L. 263


a dtola nó a n-aointe. Rádhais an ríogh air sin
le hOsgar agus le Goll a dhol san gcarbad, agus
go dtreóradh sé féin an chud ele don Fhéin chum
a ríogh-chaithreach, agus nach ar bhaoghal do
nídh air bith do raibh san long, óir go ndéunamh
a shlóighte féin faire agus forchoimheacht an
chuain sin go dtigid tar a n-ais, gé fada é.



"Ní sheadh a-cheudhna," air Goll, "óir ní
cóir agus ní ceart go mbeidhin-se an da charbad
agus tusa 'teasdail an mhagha, ach gaibh féin
ann da charbad, agus is dóigh liom-sa go mbeidh
sinne aige da dhún comh luath leat féin. Ach
bheirim bréithir dhud dá lamhadh neoch de na
siorradaigh so agad bainte do arm nó eideamh nó
do nídh air bith ele dá bhfuil san long sin nach
bhfágfain-se ceann air cholunn a gcathair na
hAithne fuidhe an am so a márach."



A haithle sin ghluasadar an Fhian uile a n-aon-bhuidhean,
agus Goll ann a réamh-thosach, agus
Osgar ansa charbat le rígh Gréag; agus ní mó
rángadar an chathair an t-am do bhí an Fhian
uile crunn 'na dtimchioll.



Air dteacht go faich na caithreacha sin dhóibh,
do thréoraidh an rígh é féin ann a pharlais iad,
gur suigheadh gach aon oca fó bhordaibh slim-leathan
na caithreacha sin go huasal onórach.
Goirthis an rígh air sin (air) an bholsgaire buird,
agus rádhais leis biadh a fhriáthlamh go hiomarcach
ortha. Goirthis ansin air an fhear dála, agus do


L. 264


iarr air fíontaigh milse meisgeamhla agus deocha
garga gaibhilteach do dháil ortha gan chogal.
Agus air míneamh na ngníomha sin dhó, suigheas
síos ann a measg; agus Osgar air a láimh dheas
agus Goll air a láimh chlí, agus cách ele 'na
thimchioll. Agus air gcaitheamh a leór-dhóchainn
bídhe agus dighe dhóibh air na comhbhordaibh
sin do goirtheadh lucht clársach agus
caoimh-théudaibh a láthair, ionnus go ndeurna siad trí
trian don aoidhche sin, eadhón, trian le hól, trian
le ceóil, agus trian le trom-cheann suan agus
sámh-chodlata go héirigh don ghréin go
lán-shoilseach air n-a márach.



Is ansin do sinneamh stoic agus beannaibh na
ríogh-bhruigheana sin a' tabhairt forfhógradh don
mhór-theaghlach sin a theacht a chaitheamh a
gcéad-lón. Agus air suighe dhóibh ann a nionadaibh
cinte, rádhais an rígh leis an bholsgaire agus
leis an fhear dála biadh agus deoch do roinn go
fialmhar air Fhianaibh glan álunn Éirinne an
feadh do rachadh sé féin le corp Niamh
Nuadh-chrotha go srotha síghe-bhuadhach na Naoi Maighdean,
óir gurbh éigin dó a bheith 'na throsgamh
tráth d'inleachadh sé í. A haithle sin do fhriáthlaidh
an bolsgaire biadh gan chogal ortha.



Dála rígh na Gréige tógbhais féin agus giolla
fíor-ghrádhach do theaghlach corp na ríoguna


L. 265


leó; agus leanthaidh an bhainríogun agus a
bantracht iad gusna srotha réamhráidhte. Ach
tá ní cheudhna, do chur an rígh é féin fuidhe an
chéad-sruth í, óir is éigin dó bheith 'n fhuil ríogha
ofrálais corp san tsruth sin. Agus ar mbeith seal
áiridhe don chorp annsa tsruth, agus an rígh
agus an bhainríogun a' faireachus go frichneamhach
leis, do thug siad fó daire go raibh a gruaidh
a' tiontach.



Tógbhas an rígh leis gusan dara sruth í, agus
curthais fuidhe seal áiridhe ele í. Is ansin a
d'aithineadar gur éaloich dath athfhuathmhur an
éuga do bhí ann a héudan ro-mhaiseach uaidhthe.



Is ansin do churadar fuidhe an treas sruth
feadh seal ele í. Agus ar mbeith seal gearr ansin
dí, do fhosgal sí a súile. Tógbhais an rígh amach
as an tsruth í air sin, agus leagais air faich na
tiobraide í. Agus an t-am do leag sé annsin í
do thuit suan trom codlata uirthi. Tigis an
bhainríogun air sin, agus curthais brat don tsról
do bhí uimpe 'na timchioll, agus rádhais gur trom
an codla so atá air Niamh Nuadh-chrotha.



"Ní curtha 'n-ionghantus sin," (air) an rígh,
"óir is dóigh liom gur fada ó d'éug sí, agus
tuilleamh ele le méud a heagla agus a huamhain
feadh aimsir fhada a dtíortha coigcríche do bhí
sí éagcruadh laig-bhríghtheach sol dar éug sí."



Ann seal áiridhe 'na dhéigh sin, tógbhais an


L. 266


ríogun a ceann, agus dearcais go fiadhán
éigcéillidh baoth, agus uallais do ghuth mór
all-mhuirthe, aige rádha:
"Uch! Cia bhfuil mé? Cia bhfuil an
gasgaidheach dá ndeachus air sgáth a sgéithe? Cia
bhfuil Tailc mhac Tréun?"



Is ansin a d'iarr an rígh ortha gan neoch oca
freagra dí, ionnus go m'fhéidir go gcodlachadh sí
arísd.



A haithle sin ó nach bhfacaidh sí aoin-neoch
oca, agus nach fhreagur ceachtair oca dí, do thuit
táimh chodlata uirthi arísd. Gidheagh, níor chian
dhoibh do éis sin nuair a mhosgail sí suas. Agus
iarrais an rígh air an ghiolla ghrádha réamhráidhte
a dhol do hionnsuighe. Téid an t-óglach fóna
déin. D'éirigh sí 'na seasamh, agus iadhais a
láimhe 'na thimchioll, agus fiafrais cia shé a thug
ansin í, óir d'aithne sí an tiobrad sin. Dubhairt
an t-óglach léighthe gurbh é an rígh agus an
bhainríogun.



"Cia bhfuil siad?" air sí.



A haithle sin tigis an bhainríogun agus a
bantracht fóna déin air dtús, agus ansin an rígh,
go dtugadar teora póg di go dil díochrach. Air
bhfagháil fosamh ón mhór-uathbháis agus iongantais
do bhí uirthi, fiafrais dhíobhtha cionnus mur
tháinig sí ansin. Freagrais an rígh í aige rádha:



"Triallamus go cathair na hAithne a gcéadóir,
agus ansin do-gheabhthair iomlán na sgéala."


L. 267


Dála Chonán an feadh do bhí an rígh aige an
tiobraid bhuadhach sin do labhair sé do ghuth ard,
aige rádha:



"Anis, 'Osgair, más mór a d'fhullang tú a'
cosnamh agus aige anacal an ríoguna úd, an
uair a gheabhais an rígh aithbheódhaigh í curthaidh
sé a bhfolach í do caomhain do mhac rígh nó
ro-fhlaith ele."



"Nach himshníomhur thú uime sin," air an
bolsgaire boird, "ní déun an rígh feall nó fallaigh
oraibh-se."



"Bheirim bréithir dut, a Chonáin," air Goll,
"do ndéunamh an rígh claoin-bheart orainn, nach
bhfágfamaois ceann air cholainn a gcathair na
hAithne fuidhe 'n am so 'márach, agus an chathair
í féin 'fhágbháil 'na gual ghríos-bheó d'aimhdheóin
lucht a cosanta."



Ach tá ní cheudhna, ní mó go raibh an seanchus
sin críochnaidh aige Fianaibh Éirinn eochtarra
an t-am do tháinig callaire an teaghlaigh sin
asteach, agus adubhairt leó go raibh an rígh a'
teacht, agus Niamh Nuadh-chrothach isan charbatt
leis, agus go samhultaidh dealraidh a gruaidhe le
loinnear an ghréin aige éirigh. Air gclos na
mbriathra mór-fháilteach, d'íoslaidh a nglóir agus
sgur a n-imreusan, agus bhíodar cúin meadhartha
air dteacht a láthair don rígh.



Dála na ríoguna, do-chuaidh sí asteach tair


L. 268


chúl-dhoras do bhí air an dún sin, gur ghléus í
féin anna n-éideamh ríogha ro-uasal, agus ní raibh
air dhrum talamhna bean comh trian ro-dheas
an tráth sin.



Is ansin do ghoir an rígh air Osgar, aige rádha
go raibh Niamh Nuadh-chrothach aige feitheamh
fair a ngrianán na n-inghean.



Air gclosmhun na mbriathra sin do Osgar
éirghis go prab príomh-urlaimh dá hionnsuighe,
agus do-chuaidh an rígh leis do thréoraghadh.
Agus air dteacht don tseamra sin dhóibh, éirghis
an ríogun sin 'na seasamh, agus iadhais a dá
láimh leabhar-gheal umá bhrághad, agus toirbhris
póga go dil agus go díochrach dhó, aige (rádha):



"A rígh-mhíligh is uaisle de fhlaithibh, is cródha
do laochraidh, is oirdheirce do churaidhibh agus
is feurr gail agus gníomha gasgaidh dár iomchar
an talamh air a dhrum ariamh, ó is tú shaoraidh
mise as gach foiréigin agus gach cruaidh-chás do
raibh mo cheann is leat-sa mé, a raoghan air
fhearaibh an domhain, más áil leat-sa mé!"



"Dearbhtham dhut, 'óig-ríogun," air Osgar,
"air ollmhaithis na cruinne nach dtréigthinn thú,
agus dá dtugadh neoch ann a bheatha iarraidh
toirmeasg do chur ort go ndearghthainn mo arm
go fonnmhur feargach ann a chréuchtaibh."



Tair éis caoimh-chomhráidh fada ansa n-ionad sin
dhóibh, agus iad 'na n-aonair, do thángadar go
harm a raibh an Fhian 'na suighe, agus feiris an


L. 269


ríogun fáilte rompa uile go cathair na hAithne.
Agus do fhreagradar-san í, aige tabhairt buidheachas
mór dí, agus dá rádha léighthe gur sáimh leó a
facsaint san chlódh sin, agus nach arbh eagal dí
an t-arrachta urghránna úd níos mó.



Is ansin do labhair an rígh, agus is sé adubhairt:
"Is dóigh liom," air sé, "gur cóir agus gur
dlighthe an dís so a cheangal le chéile agus fleadh
a bpósda 'chur do chaitheamh."



Adubhairt cách go coitcheann gurbh ionmholta
an chomhairle í sin. Is ansin do labhair Conán
mhac Moirnne, agus is sé adubhairt:



"Bheirim bréithir dhut, a rígh, dá ndéunfá
arrtha sin do bhreitheamhnuis go mbainthin féin
an sean-cheann liath sin dhíot leis an chlaoidheamh
mheirgeach so, óir is ro-dhaor a cheannaigh sé
í roimhe so, agus ní árbhaim gach guas agus gach
contabhairt do bhfuil roimhe féin agus sinne do
cheann na ríoguna sin."



Ach tá ní cheudhna, do pósadh Osgar agus
Niamh Nuadh-chrothach le chéile air n-a márach,
agus do hollmhadh fleadh mhór le rígh Gréag a
n-onóireachus na dise sin. Agus air gcaitheamh
seachtmhun air mhídhe dhóibh aige caitheamh
na fleadha sin, is ansin do labhair Fearghus file
na bhFian, agus is sé ro rádha:



"'Ard-rígh uasail oirdheirc," air sé, "tá fhios
agad cionnus mur budh héigin don óig-ríogun


L. 270


sin da inghean imtheacht mur fhiadh air n-a
dhúsgadh as a leaba luighe, nó mur gheilt
anna ndiamhur coillte, gur theasdail sí an
domhun fó thrí aige iarraidh agus aige
ath-chuingtheamh air chách a hanacal air an
ilphéisd do bhí do tóruigheacht; agus níor
dheónaigh neoch a sábháil go dtáinig sí
chugainne. Tá 'fhios agud air-cheudhna gur
cailleadh trí chaogad do mhaithibh ar muintire
dá cosnamh, agus sinne air siabhradh seachráin
anna réagún choimhtheach, agus gan
fios agun cia hard do dtabhraidh maoinn ar
n-aghaidh a tóruigheacht an dúl mhodaire
mhíth-sgiamhach callaigh úd, agus sinne cinte
fuidhe throm-ualach na ngeasaibh sin. Agus
anis ó tá do inghean aithbheódhaigh agud
budh mhian liom-sa thusa do chuideamh a
thabhairt dhúinne an ar muintir a
dh'aithbheódhaigh, mur thug sinne dhuit-se."



Is ansin do labhair an rígh, agus is sé ro
rádha:



"Is deimhin nach dtáinig comhrádh amach
tair bhéul suadh nó seanchaidh is fírinnigh
agus is dleachta nó a n-abair tú; agus is
dearbhtha nach ar díoladh fiacha air bith
ariamh níos beachta nó dhíolfais mise ansa
chás sin le mo chomhairle agus le mo chuideamh,
le mo mhór-shlóighte, le mo chabhlach
agus stórais fairge," air sé.


L. 271


Is ansin do labhair an ríogun, agus is sé
ro rádha:



"Is sé is déunta dhíbh-se, eadhón, an rígh,
mo athair, longas do ghléus dhamh-sa, agus
rachad-se le sluagh na Gréige dá dtreóradh
go harm a bhfuil na laochraidh gointe sin do
marbhadh air mo sgáth-sa; agus bhéaramud
linn don Ghréig iad mur ndéuntar a
n-aithbheódhugh arísd."



"Ní sheadh," air an rígh, "ach rachaidh
mise air an eachtra sin le mo chabhlach, agus
rachaidh gasgaidheach éigin oca so liom an
mo threóradh agus bhéarthaid na laochraidh
gointe sin liom go srotha niamh-ghlan na
Gréige go n-aithbheódhadh iad," air sé.



"Is dóigh liom-sa nach hionmholta mur
gcomhairle air aon-chor," rádhais Diarmut
ó Duibhne, "do bhrígh dá rachfá thusa air
an eachtra sin, a rígh, go m'fhéidir go dtucfadh
allmhurach eachtran do sgriosfadh do rígheachta
an feadh do bheidh tú as baile agus
do mhuintir a dhíthcheannadh. Tuilleamh
ele: ní dual agus ní dleacht don ríogun
dhol san áiti a bhfuair urrad dochar; is
córtha dí fuireach san mbaile a' cathamh
'gealach na meala' aige a leannán agus a
caoimh-chéile.


L. 272


Is ansin do labhair an rígh, agus is sé ro
rádha:



"A cheann suighe na heagna agus a bhile
na cródhacht, créad é do bhreithneamh-sa?"



"Atá," air Diarmut, "thusa lucht dhá
long do mhaithibh do shlóighte agus a bheidhis
éolach air mur do ghléus, agus stórad maith
fairge do chur leó, mur aon le lón airm agus
éidigh, agus rachaidh fear de ar muintir-se
leó a thréorachus iad," air sé.



Adubhairt Fianaibh Éirinn uile gur bhudh
hionmholta an chomhairle í sin. Is ansin do
labhair Conán, aige rádha nach rachadh sé
féin dá seólamh nó dá dtreóramh air an eachtra
sin, óir go m'fheurr a tóruigheacht an
ilphéisd callaigh réamhráidhte.



Is ansin do labhair Faolánn mhac Fionn,
agus is sé ro rádha:



"A Chonáin mhaoil mhallachtaigh, nach
bhfacuis agus nach gcualas d'éachta goile
nó gasgaidh a gcath nó a gcruaidh-chomhlann
ariamh, créad fáth nach ar mhian leat ar
laochraidh cródha calma thug buaidhe gach
crích' a dh'aithbheódhagh le deinis? Agus ós
mise nach ar chlaonaigh ón cheart air ghrádh
nó air dhuais ariamh go fóill, rachaid-se leó
le hollghárdais mór, air dtucsaint dhamh go


L. 273


bhfuil rogha ar laochraidh atá 'nis marbh ó
ghoin Thailc mhic Tréun air shlighe a
n-aithbheódhaigh."



Is ansin do labhair Goll mhac Moirnne,
eadhón, rígh-laoich na Féine, agus is sé
adubhairt:



"Is sí mo chomhairle air an gcás so dhíobh,
eadhón, Caoilte mhac Rónán a dhol air an
eachtra sin a' seóladh agus a' treóradh muintir
rígh Gréig air an mhór-eachtra sin, ó is sé
nach ar ob cath agus nach ar dhúilt asdar
ariamh."



Is ansin do labhair Caoilte mhac Rónán,
agus is sé ro rádha:



"Rachaidh mise mo eólaigh le sluaighte
rígh Gréag go hÉirinn fo dhéin mo
chomh-chompánaigh atá 'feitheamh air fuasgailt annsin
le haimsir imchian ón lá dár goineamh
iad leis an ilphéisd ód, eadhón, Tailc mhac
Tréun; agus tucfaid tar ais leó don gcathraidh
so arísd. Agus tuilleamh ele," air sé, "dearbhaim
dhíobh," air sé, "má ghnídh slóighte
na Gréige fionghail nó feall oram air an dol
go hÉirinn dhamh leó go ndíolfaid go daor do
chionn air ndol ansin dhóibh; agus do ndéunadais
oram é, air dtilleamh dhamh tar ais, air
ndóigh, a Ghoill," air sé, "go ndíchiollfaidh
tusa ortha é," air Caoilte.



Is ansin do labhair Goll greanmhur gníomhéuchtach


L. 274


mhac Moirnne, agus is sé ro rádha:



"A ard-rígh chomhthaigh, a dheónaidh da
shlóighte iomarcach a chur go hÉirinn air
cheann an laochraidh úd a cailleadh air sgáth
do ingheana do hanacal, dearbhthaim dhut
féin agus dhóibh-sin má ghnídhthiod leatroim
nó éugcóir air Chaoilte mhac Rónán nó
oilbhéim nó taircisne thabhairt dhó air an
eachtra sin, nach bhfága maoinne an Ghréig
go bráth go ndéunthaidh muinne fásach di,
agus an chathair ríogha so a dh'fhagbháil 'na
gual ghrís-bheó, tair éis an ceann sin ort-sa
a bhaint dhíot 'na gheall."



Glacais eagla mór an rígh roimhe Gholl,
agus do rádhais leis gan ceasnamh nó buarthamh
a ghlacan uime sin, óir go leagfadh
sé a cheann agus a choróin síos a ngeall leis
na coinghill sin do choimhlíonadh go beacht.



Do éis na ngeallaidh sin don rígh, do hollmhudhagh
dhá long shlios-fhada bhrunn-fharsaing
thaoibh-leathun do chud rígh Gréag,
agus do curthadh céud laoch mear meanmnach
cruaidh calma innte, eadhón, caogad laoch
an gach long dhíobh fóna ndóchainn airm
agus éidigh mur aoin le lón beatha feadh trí
chaogad lá. A haithle sin do thug rígh Gréag
stúireamh na longabh sin do Chaoilte mhac
Rónáin agus ordamh speisealta do na Gréagaigh
a bheith umhal dhó. Gluasaid rompa


L. 275


air an asdair fhada sin, tair thonnaibh gach
domhain-fhairge agus air dhrumchlaidh gach
díle dá luasgamh ó thonn go tonn. Agus ní
aithristear sgéaluigheacht ortha go dtángadar
air amharc chuain Bhinn Éidear a n-oirthear
Laighean. Is ansin do labhair Caoilte mhac
Rónáin leó, agus is sé so mur adubhrais:



"Is riachtnach dhúnn bratacha na Gréige
d'ísleadh agus bratacha féur-uaithne na
hÉirinne do thógbháil go hard a mbarraibh
na sár-chrann subhail, óir do bhfacadh rígh na
sealga nó neoch air bith ele do Fhianaibh
glan-álunn Gaoidhil sinne a' teacht a d'fhios an
chuain so romhuinn, ní leigfeadh chum cuain
go bráth sinne gan díthcheannadh."



A haithle sin do híosladh bratacha na
Gréige agus do hardughadh bratacha na
hÉirinne ann a n-ionad; agus sheóladar a
longaibh a dtír isan chuan sin. Tharla Loighne
Rosg-leathan agus Oisín agus Coireall mhac
Fionn dhóibh, agus iad a' faire agus a'
for-choimheacht an chuain sin, agus budh mhór
a n-urghárdas roimhe Chaoilte. Agus air
dteacht a dtír dhóibh fiafraid a sgéula dhíobhtha,
agus d'innis Caoilte a n-eachtra ó thús
go deireadh dhóibhthe, mur do haithbheódhugh
Niamh Nuadh-chrothach aige srotha


L. 276


mór-bhuadhach na Gréige, agus mur do pósamh
'na dhéigh sin í le hOsgar, agus go dtángadar-san
fó chorpaibh na laoch sin do marbhadh
le Tailc mhac Tréun san dearg-ruathar sin
a thug sé 'na measg.



A haithle sin do thángadar rompa go hAlmhun
mhór-leathan lán-fharsang Laighean,
mur dtarla Fionn mhac Cumhaill agus an chud
ele don Fhian dhóibh. Agus dob ard fuam
tiompán, agus budh binn-ghlórach ollaimh
agus aois téuda an aoidhche sin, go ndeurnadar
trí trianaibh di, eadhón, trian le hól, trian le
ceóil agus trian le trom-cheann suan agus
sáimh-chodlata, go héirigh don ghréin go
lán-shoilseach air n-a márach.



Tair éis Caoilte agus a bhuidhean Gréagach
a dhol air an asdar sin, do rádhais Goll gur
mhithid dhóibhthe smaonadh air a dhol a
d'fhios na callaigh úd ó chianaibh, agus iad
féin a dh'fhagháil a sgaoileadh as na geasaibh
cruaidh sin do bhí ortha comh luath agus
b'fhéidir é. Is annsin do labhair rígh na
Gréige, agus is sé ro rádha:



"'Ursa chródha gach cruaidhchomhlann, ní
cóir agus ní dlighthe dhíbh-se imtheacht air
eachtra 'dtíorthaibh coigcrích go bhfiosfaidh
sibh cia hard don domhun a bhfuil an bhean
sin ann, agus is dóigh liom-sa go bhfuil saoithe


L. 277


foghluma agus draoithe comh tuigseach ealadhanta
'ndiamhuraibh draoigheachta agum-sa
ansa rígheachta so agus atá 'n-áiti air bith
san domhun, agus curfaid-se fios agus teachta
air a gceann a theacht don gcathraigh so, go
ndéunadh siad ar dtreóradh agus fáisdine na
teagmháile sin a dh'innsin dhúnn," air sé.



Adubhairt cách gurab ionmholta an chomhairle
í sin. A haithle sin curthais an rígh
fios agus teachta do gach hard don Ghréig,
ionnus nach ar fhág sé saoith le seanchus,
draoi nó bean-dhraoi, ón gceann 'na chéile
don rígheachta nach ar chrunnaidh sé go
cathair na hAithne. Is ansin a d'aithris sé
dhóibh mur b'éigin do inghean imtheacht
'na geilt tríd an domhun mór a' seachnadh
ilphéisd do bhí dá tóruigheacht agus mur
nach bhfuair sí aoinneoch a d'fhógur furtacht
nó fuasgailt a thabhairt dí go dtáinig sí chuige
Fianaibh Éirinne, agus mur d'anacal siad
sin í, agus mur marbhadh trí chaogad de
mhaithibh a muintir a' trod air a sgáth; agus
a ndéis an t-arrachta urghránna sin a mharbhadh
le rígh-mhíligh óig don Fhian sin, go
dtáinig ilphéisd callaigh a chur é féin agus
trí chaogad do mhaithibh na Féine fé gheasaibh
a leanmhunt chum a baile féin, agus sásamh
a thabhairt dí an gach leatrom do deurna siad
uirthi; agus anis," air sé, "tá siad an mo


L. 278


chathair-se anis a' tóruigheacht na callaigh
sin, agus níl fios a hainim oca, agus ní mó tá
fios oca cia hard don gcruinne a mbídhion sí.
Agus anis," air sé, "is sé fáth dár churthais
crunamh oraibh-se, ionnus go m'fhéidir libh
fionn-asgadh nó tualas a thabhairt dhúnn fó
ainim na mná úd nó ainim na tíre a n-áiteann
sí. Agus má fhollsaidhean sibh dhamh-sa
do-gheabhaidh sibh mur mbreith féin do ór
agus do fhearann," air an rígh.



A haithle sin do-chuaidh na draoithe a
gceann comhairle a bhfód fó leith, agus tair
éis imreasun fada agus diospóireacht chruaidh
eotarra do thángadar chuige an rígh, agus
dubhradar leis nach raibh sé air a gcumas
eólus air bith a thabhairt dó a dtimchioll na
callaigh sin. Air gclosmhun na mbriathra
sin don rígh do líon sé lán do thuirse agus do
dhubrón inntinne; agus ar n-aithne sin don
bhean-dhraoi do bhí san chomhdháil sin
éirghis 'na seasamh go feargach a bhfiaghnuise
an rígh agus na ndraoithe, agus fiafrais:



"Cia bhfuil an gasgaidheach úd do mharbh
Tailc mhac Tréun agus dar curthadh na geasaibh
air do cheann?"



Adubhairt an rígh go raibh sé san chathair
sin.


L. 279


"Goirthear a láthair é," air an bhean-dhraoi.



A haithle sin tigis Osgar a láthair, agus air
sin tarrangais an bhean-dhraoi slat do bhí
casda fó chaol a coirp, agus do-rinne streóic
nó líne comhchrunn air an urláir léighthe,
agus air sin do (bhuail) buille nimhneach don
tslait sin air, agus a bprab na súl do éirigh
dúil mhodairthe mhí-sgiamhach aníos as a
lár.



Fiafrais ansin do Osgar ann í súd an bhean
do chur na geasaibh fair. Do fhreagair Osgar
í, aige rádha: "Is sí a-cheudhna."



"Féuch go grinn uirthi," air sí, "go bhfiosfaidh
tú ann í súd do-chonairc tú a nÉirinn."



Do fhreagar Osgar í an dara feacht, aige
rádha: "Is sí go deimhin."



A haithle sin iarrais an bhean-dhraoi uirthi,
air bualamh na slaite an dara feacht san
bhfáinne sin, a dhol air ais a bhfriothamh na
conaire céudhna gan díth nó dochar a dhéunamh
do aoin-nídh.



Is ansin do labhair an rígh, aige rádha:



"Is dóigh liom gur feur an t-eólus do-ghnídh
tú féin nó na draoithe."



"Ní deacar dhamh sin," air sí.



Tair éis sin do-bheir an rígh leis an bhean-dhraoi
agus Osgar gusan áit do raibh an Fhian.


L. 280


Agus fiafrais dí ann arbh aithne dí an bhean
úd, agus dubhairt sí leis gurbh aithne dí í ó
chianaibh.



"Cionnus mur tharla dhut a haithneadh?"
air an rígh.



"Mur bhí maoin a gcuideachta 'chéile dár
dteagasg agus dár bhfoghlum aige Maoilinn
Ruadh ni Luthóige a n-Oileán na Diamhura,"
air sí.



"Máiseadh," air an rígh, "aithris a hainim
dhúnn agus a tír, agus múin dhúnn an tslighe
a ndéuntar an eachtra sin do chríochnamh
agus na laochrain cath-bhuadhach so a
sgaoladh ó na geasaibh, agus do-gheabhair
lán do charbat seathardha do ór agus do
iolmhaoin mur aon le hiomad de éideamh
fíor-uasal síoda agus sról uam-sa," air sé.



"Geall gach rígh lena fhocal," air sí.
"Is seadh a-cheadhna," air an rígh.



Is ansin do-chuaidh an bhean-draoi sin
a chraobhsgaoileadh na ndiamhuraibh sin
dhóibh, agus is sé adubhrais:



"Carthann Cas Dubh ainim na mná úd,"
ar sí, "agus Oileán na nArrachtach is ainim
don áiti do gcomhnaoidhean sí; agus is uime
ghoirthear Oileán na nArrachtaigh de, do
bhrígh nach mbídhion aoinneoch ann ach
fathaich; agus a rígheachta rígh Inse Toirc
atá sé. Agus is amhlaighe atá an bhean úd:


L. 281


do bhí triar daltaibh aici, agus budh fear oca
sin Tailc mac Tréun; agus tá sí féin agus an
dís fathach ele 'na gcomhnaoi anna mbuinne
geal caisleán a lár loch mhór, agus ní laimhidh
neoch 'o thréuna a dhol dá gcóir; agus an
t-am do thigid duine air bith don oileán sin
éirghid na fathaigh sin air eitiol as an gcaisleán
sin go dtigid don oileán, agus ní bhfágbhainn
tréun nó truagh iad gan díthcheannadh;
agus is sé áite do gcodlann an bhean
úd san n-aoidhche eadra a dís dalta. Agus aig
sin agad, a rígh, a hainim agus a háiti chomhnaoi,"
air an bhean-dhraoi.



"Is mór an sásamh meanmna agus inntine
dhúinne," air an rígh, "an tuarasgbhál sin
a dh'fhagháil, agus air ghrádh h'ine, múin
dhúnn an tslighe is feur le a dtucfaidh an
eachtra sin a chríochnamh."



"Atá: air dteacht na maidhne go moch
amárach, bíodh a long gléasda aige na curaidhibh
so raoidh chum rámhaidh, agus ní
théid ceachtar leó air an imtheacht sin ach
iad féin amháin, agus curthair beatha thrí
naoi lá san long air dtús; agus rachaid-se
leó go hur an chuan, agus bhéarthaid beart
theagaisg dhóibhthe ansin."



Atá ní cheudhna, do thugadar as an aoidhche
sin go súgach soi-mheanmnach, mur fuaradar


L. 282


an urraid sin do sgéala na callaigh a thug air
an éirigh amach sin iad.



Air dteacht mhoch na maidhne air n-a
márach, thrialladar na fir oirdheirc sin go hur
an chuain fó dhéin a longa, agus do-chuaidh
a' rígh agus a theaghlach uile agus an bhean-dhraoi
leó; agus air dteacht ann a' chuain
dhóibh, do labhair an bhean-dhraoi leó mur
leanus:



"Anis," air sí, "tá sibh a' dol air eachtra,
agus is cruaidh an dáil mur dtoisg. Éisdidh
liom-sa go grinn agus cumhnaoidhigh mo
chomhairle agus coimheachtaidh í go beacht:
ar bhfágbháil an chuain so dhíobh leigfid-se
dabhar-chú róimh air mur; leanthaidh é,
agus dhéunaidh sé an t-eólus dhíobh, agus
cha sgarthann sé libh go dtabhraidh sé air
ais arísd sibh; agus an uar a thugfais sibh
an cuan curthaidh mur long a dtír fuidhe an
bhile mhór leathan ghéagánach a tharlachais
libh, agus tucfaidh an dobhair-chú ansin san
long, agus fuireachaidh sé ansin go dtilleadh
dhíbh-se tair mur n-ais arísd; agus air bhfágbháil
na longa dhuíbh ní héidir neoch agaibh
a (dhol) don oileán ach triar, agus fanadh an
chud ele a' coimheacht na longa, agus gidh
bé duine, ainmhidh nó éun dá dtigidh chugca
ann marbhthair leó é. Agus anis, a fhir
chaoich," air sí le Goll, "nuair a rachais sibh


L. 283


don oileán, ní cian díobh go dtarlaidh an loch
réamhráidhte libh; agus an uar a chífeas
na fathaich sibh tucfaidh fear oca chugabh,
agus fuagaraidh cath aoin-fhir oraibh, agus
freasdail thusa é, agus is cruaidh da theagmháil,"
air sí; "agus an t-am do bheidhis
sé air bhuille sgaite a chionn agud glacaidh sé
deilbh ele, agus fágfaidh sé thú; agus ar
ndéunamh sin dhó, so dhut-sa gráinne pise
agus teilg é san áiti do mbeidh an fathaich
'na sheasamh, agus beidh do roinn-se don
chomhlann críochnaigh." Agus tusa,
'óg-mhacaíbh," ar sí le hOsgur, "is éigin dhut-sa
freagra don dara fathaich trá iarrfais sé comhrac
aoin-fhir oraibh, agus an t-am do-chífeas
sé é féin claoite agad glacaidh sé arrtha
crotha, agus fágfaidh sé thú; agus so dhuit-se
gráinne ele don chineál chéudhna, agus teilg
san áiti do mbeidh an fathaich 'na sheasamh
é. Agus tusa, 'ghráidhtheóir na mbean," air
sí le Diarmut ó Duibhne, "ó nach féidir a
dhol don oileán ach sibh mur dtriar, an uair
nach bhfacaidh an bhean úd do chur na geasa
oraibh a dís daltaibh a' teacht air ais tucfaidh
sí féin chugaibh, agus fuagaraidh sí cath
aonara oraibh, agus freasdail thusa dhí, agus
ó mhothaidh sí a neart do chlaoidh claontaidh
sí a dheilbh mur chách ele, agus teilg-se an


L. 284


gráinne so san ionad a mbeidh sí. Agus má
ghnídh sibh mur dubhrais libh beidh mur
ngeasaibh sgaoilta agus mur n-eachtra
críochnaidh," air an bhean-dhraoi.



Air sin ceileabhrais na laochraidh sin do
rígh na Gréige agus do theaghlach, air bhfágbháil
iomchumairce beatha agus sláinte oca;
agus air dtógbháil a seóltaigh go hard leis a'
ghaoith do-chídear an dobhar-chú rompa air
an mhur; agus air bhfágbháil an chuain
dhóibh ní aithristear níos mó do n-imtheacht
go rángadar gusan bhile mór air ur an chuain.
Agus air dteacht ann sin dhóibh éirghis an
dobhar-chú amach as an uisge, agus tigis
asteach air ann long. Ciodh trácht, níor fhágadar
dar an long go maidin air n-a márach.



Ach tá ní cheudhna, air dteacht na haoidhche
do-chídear crutaire ceóil-bhinn caoimh-théudach
'na shuighe air churr deirigh na longa a'
sinim go bionn-ghotha. Air sin cumhnaidhis
Fearghus File air ráidhte na bean-dhraoi, agus
bualais béim dona chlaoidheamh fair, gur
theilg a cheann de. Dála an chrutaire,
tógbhais an ceann a láimh leis, agus imthios
uabhtha. Gidheagh, ní luaighthe d'imthidh
sé nó tháinig éun ro-álunn, agus suigheas air
bharr an chrann seól a' sinim go sígh-bhinn,
ionnus nach mór nach ar thut cách 'na gcodlamh.
Teilgis Gal Gaoithe mhac Moirnne


L. 285


urchoir de ghath leis, gur thut marbh fóna
gcosaibh. Agus ní bhfacadar níos mó go
maidin don tseóirt.



A haithle sin, air dteacht mhoch na maidhna
air n-a márach, triallais Goll agus Osgar agus
Diarmut ó Duibhne leó gusan locha
réamh-ráidhte. Agus air dteacht ansin dhóibh, níor
bhfada go bhfacadar an fathaich mór-thorthach
sin a' teacht chuca air eitiol; agus
ar dturlaing dhó fuagrais cath aoin-fhir
ortha. Freagrais Goll dhó.



Is ansin a d'ionnsuighe an díos curaidhibh
sin a chéile a' sáthamh agus a' sleaghadh,
a' tuargain agus a' trasgairt a chéile air feadh
aimsir fhada gan fios time nó tláthais aige
ceachtair dhíobhtha. Ciodh trácht, air bhfacsaint
a chréuchtaibh craos-fhosgailte agus a
chud fola a' tibhearsain do Gholl, is ansin
a d'éirigh a lonn fíoch agus feirge, agus bualais
béidhm chalma ro-neartmhur do chlaoidheamh
air an fhathaich, gur thrasgair go lár
agus go lán-talamhna é.



Air bhfacsaint don fhathaich nach raibh
sé ionchathach níos faide le Goll do-rinne sé
bradán álun taobhthrom de féin, agus léimthis
asteach san loch do bhí 'ngoire dhó, mur
ndúil le dásacht Ghoill a sheachnamh. Ach
tá ní cheudhna: cumhnaidhis Goll air a'


L. 286


chomhairle do thug an bhean-dhraoi dhó,
agus teilgis an gráinne pise do thug sí dhó
ansan ionad do raibh an fathaich 'na sheasamh,
agus a bprab na súil do-gheabh sé dobhar-chú
nimhe 'na sheasamh ann' áiti, agus a haithle
sin léimthis asteach sa loch a ndéigh a
bhradáin. Agus níor chian dhó go dtug sé aníos
ó íotar an eagáin é, agus gur mharbh aige
cosa Ghoill é; agus éalóchais uadha air sin.



O nach bhfacaidh an fathach ele an dís a'
gleic mur bhí a dtosach an lae, óir chífeadh
sé iad ó mhullach an chaisleán do mheas sé
gur tuargnadh é; agus éirghis do léim ard
éunamhul a gcoimheadacht na gaoithe glain-fhuaire,
gur thurlang mur a raibh na gasgaidh
réamhráidhte air bhruach an locha, agus
fuagrais cath aoin-fhir ortha. Freagrais
Osgar dó air sin go meanmnach móir-mhíleachtach
agus go feargach nimhneach agus
go calma neartmhur, go ndeurnadar comhrac
fuilteach feóil-gheurtha cnáimh-bhrúite le
chéile, ionnus go ndeunadaís bogán don
chreagán agus creagán don bhogán le neart a ngleic
agus a gcomhbhuailte, go dí fá dheóigh go
raibh a neart a' tréigmheál an fhathaich. Is
ansin do thugais tionnta tapaidh so-láimhe
fair féin go ndeurna fiadh beannach ro-luamnach


L. 287


de féin, agus sgingis uabhtha. Ach tá
ní cheudhna, níor dhearmud Osgar an gráinne
pise do thug an bhean dhó, agus teilgis ansan
áiti do raibh an fathach sin 'na sheasamh é;
agus ní luaighthe a thut sé air talamh nó d'fhás
gadhair cluas-dearg ballach agus leanais an
fiadh, agus níor léig sé as a radhairc é an
t-am do fuarais greim lena fhiacla rinn-ghéura
fair, agus tugais tar ais é, gur mharbh a
bhfiaghnuise na macnaoi sin é.



A haithle sin, ó nach bhfacaidh an ilphéisd
callaigh úd a chur na geasaibh ortha a dís
dalta 'tilleadh, tigis féin air eitiol go hur an
locha, agus fuagrais cath aonara ortha. Do
fhreagur Diarmut ó Duibhne í, aige rádha go
bhfuigheadh sí sin uadh-san.



Is ansin a d'ionnsuighe Diarmut agus an
challach urghránna sin le chéile, go ndeurnadar
comhrac leónta leadairthe agus gleic
fhada ro-namhudach le chéile. Gidheagh,
air n-aithne don challaigh a meisnach agus a
neart a bheith do tréigmheál do-rinne sí
colum ghlé-gheal di féin, agus d'éirigh a n-airde
a bhfiothadh na ndúlaibh. Air bhfacsaint
sin do Dhiarmut teilgis an gráinne do thug
an bhean-dhraoi (dhó) air lorg a cosa, agus a
bprab na súil do léim seabhac súil-nimhneach
agus leanais an cholum, agus níorbh fhada
go dtáinig sé air ais, agus an cholum anna


L. 288


ghob leis, gur mharbh aige cosa Dhiarmut í.



Tógadar trí ghár air sin, agus fágmhaid an
magh sin, agus budh mhór a dtuirse fó nach
raibh sé air a gcumas a dhol don chaisleán go
sgriosfadh siad é, agus 'fhágbháil 'na ghual
ghrís-bheó, agus ó nach raibh tilleadar do
long go meanmnach subháilceach, gidh go
rabhadar cneadha crói-lionntach.



Dála na cuid ele don Fhian do bhí ansin a'
feitheamh ortha, budh mhór a n-ollghárdas
fó bheith sgaoilte óna ngeasaibh.



d'fhanadar annsa long an aoidhche sin go
maidin air n-a márach. Agus an t-am dar
mhian leó an long do chur ón chuan air dhoimhne
na mara níor fhéideadar a seóladh nó
a rámhadh, agus ní mó a rachadh an dobhar-chú
san uisge 'n athuair dhóibhthe. Is ansin
do labhair Fearghus File, agus is sé ro rádha:



"Is dóigh liom," air sé, "go ndeurna maoinn
fallaigh anna gcás éigin air ar n-eachtra, ó
nach féidir dhúnn ar long do (chur) chum
subhail."



Do fhreagur Diarmut ó Duibhne é, aige
rádha gur fallaigh mhór dhóibh gan an bradán
an fiadh agus an cholum úd a bhreith leó go
cathair na hAithne. Adubhairt cách go
coitcheann gur chóir sin a dhéunamh. A
haithle sin tillios Goll, Osgar agus Diarmut


L. 289


ó Duibhne air ais, go dtugadar leó do long iad.
Agus air dteacht dhóibh tair a n-ais chuige
an long arísd léimthis an dobhar-chú amach
san fhairge, agus éalóchais an long 'na dhéigh;
agus ní aithristear níos mó do sgéula nó go
dtángadar chum cuain aige cathair na
hAithne san ionad chéudhna dar ghabhadar
cuan air dtús.



(Is éigin don tseanchaidh a bhfágbháil ansin,
agus athchasamh a thabhairt air Chaoilte
agus air an longus Gréagach do chuaidh go
hÉirinn leis fó chorpaibh na laochraidh do
marbhadh le Tailc mhac Tréun.



Air gcathamh beagán laethibh dhóibh a
n-Almhun Laighean do chrunnaidh an Fhian
as gach ard go dtugadar corpaibh na dtrí
chaogad laoch leó, gur churadar a n-aonlong
iad, agus do-chuaidh na Gréagaigh agus
Caoilte mhac Rónáin san long ele, agus do
cheangladar an dá long do chéile go daingean
do-sgaoilte. Ceileabhris na Gréagaigh air
sin do Fhionn mhac Cumhaill agus do chách
ele air-cheudhna, agus ní aithristear níos mó
do n-imtheacht go dtángadar don Ghréig,
agus as sin go Cathair na hAithne, gur nochtais
don rígh go raibh corp na laochraidh úd
as Éirinn a gcuan na caithreacha.



Is ansin do rádhais an rígh le sgiobharaigh


L. 290


agus le lucht freasdail na n-eich caogad carbad
a dh'ollmhughadh, agus a dtabhairt chum an
chuain, agus triar do na laochraidh úd a chur
an gach carbat oca, agus a dtabhairt a d'fhios
na tiobraide buadhaigh úd, agus go rachadh
sé féin (go) gcuirtheadh ansna srothaibh sin
iad.



Gléastair caogad carbat leó go ro-éusgaidhe
athlaimh, agus bheireadar leó iad go dtángadar
gusna tiobraide. Tógbhais an rígh iad déigh
a ndéigh, gur chur caogad oca fuidhe an
chéad-shruth iad; agus air mbeith dóibh
seal áiridhe ansin do churthais fuidhe an dara
sruth iad; agus air (mbeith) dhóibh seal ele
ansin tógbhais leis iad gur chur san treas
sruth iad; agus tráth bhíodar aimsir fhada
ansin, do thóg ammach air an fhaich iad, agus
do chur folach do bhrat seathardha ortha.
Gidheagh, níorbh fhéid d'aoin chomhartha beatha
nó beódhacht a dh'fhaxsaint ann a ngnúis nó
ana ngruaidh.



Is ansin do rádhais an rígh le giolla grádhach
do theaghlach a charbat ríogha féin do bhreith
leis an Niamh Nuadh-chrotha do thabhairt
leis ansin.



A haithle sin gluasais an t-óglach sin le
deinis luathais go tuigh rígh Gréag, agus
toirbhreas a theachta don ríogur sin. Goirthis


L. 291


an ríogun air Chaoilte mhac Rónáin, agus
fiafrais de arbh áil leis srotha niamh-ghlan
na Gréige d'fhacsaint. Adubhairt-san gur
mhiath leis na srotha sin atá ionráidhte tríd
an domhan a dh'fhacsaint. Air sin iarrais
an ríogun fair suighe san gcarbat anna
fochair. Gluasaid rompa air sin gusna srotha
sin.



Agus air dteacht a láthair dóibh, rádhais
an ríogh le Niamh Nuadh-chrotha gur dóigh
leis nach ar bhféidir an mhuintir sin a dh'áithbheódhugh
ansna srotha mórbhuaidheach sin,
agus gur minic a haithbheódhugh daoine ansin
do bhí bliaghan marbh. "Agus is uime do
churthais fios ort-sa," air sé, "mur is a' trod
air do sgáth-sa do cailleamh na fir chródha
so go m'fhéidir gur tú féin a chóir a gcur
annsna srothaibh, air mbeith don fhuil ríogha
duit," air sé.



A haithle sin curthais Niamh Nuadhchrothach
a héideamh ríogha ro-uasal dí,
agus tógbhais fear oca ann a láimhe léighthe
gusan chéad-shruth; agus air mbeith seal dhó
ansin curthais fuidhe an dara sruth é; agus
air mbeith seal ghearr dhó ann do thosaigh
dath dorcha fuathmhur an bhás a bheith do
thréigbheál agus a ghruaidh aige éirigh dearg.
Tógbhais é air sin, agus curthais fuidhe an
treas sruth é, agus air mbeith dhó seal gearr


L. 292


annsin d'éirigh sé féin aníos as an linn go
sleamhun slán-chréuchtach mur bhí roimhe
ariamh. A haithle sin do mhaoth gáire air
an ríogh, aige rádha:



"Is bréithir dhamh-sa gur feurr an liagh
thú féin nó mise."



Goirthis an ríogun air sin air Caoilte mhac
Rónáin, agus fiafrais de le sméideamh arbh
aithne dhó an fear sin. Rádhais Caoilte
léighthe gurbh aithne go deimhin, óir gurbh
é Aodh Beag mhac Fionn, a dhalta féin é.
Agus air sin iadhais Caoilte a láimhe 'na
thimchioll agus toirbhreas póga go dil agus
go díochrach dhó.



Is ansin do labhair Aodh Beag mhac Fionn,
agus is sé ro rádha:



"Créad é ann áiti so a bhfuiliomud, óir ní
haithne dhamh neoch do bhfacaim, nó ann
áiti, nó cia an t-ár so do-rinneamh air an
mhagh so agus nach bhfaciom aon-laoch
armach ann a measg?" air sé.



Is ansin do fhreagur Caoilte é, aige rádha:



"Tá tú anis aige srotha niamh-ghlan na
Gréige aige bonn Sliabh na mBean Síghe."



"Agus créad do thug annso ann ar gcodlamh
(sinn)?" ar Aodh Beag.



"Nach cumhann leat an lá úd a tháinig
Tailc mhac Tréun chugainn go Gleann na


L. 293


Smóil, agus é aige tóruigheacht na hóig-ríoghna?"



"Is cumhain a-cheudhna," air Aodh Beag.



"Máiseadh," air Caoilte, "aig súd an
ríogun sin, agus an t-am do chomhrac sibh-se,
'Chlanna Baoisgne, leis do mharbh sé trí
chaogad de mhaithibh mur muintire, agus
tusa air nós chách; agus do chomhrac Osgur
an' aoin-fhear leis an fhathach sin, agus do
mharbh sé é; agus air bhfacsaint an mhór-argun
sin don ríogun so tháinig argnadh bás
uirthi, agus d'éug sí eadra láimhe Ossín do
bhí dá hanacal. Agus ní mó go dtáinig Osgar
ó mhagh an mhór-ár sin an t-am do tháinig
ilphéisd callaigh do chur fó gheasaibh é féin
agus trí chaogad don Fhian (sin an t-áireamh
do marbhadh dhíobh-se le láimhe Thailc) a
leanmhun chum a tíre féin agus sásamh a
thabhairt anna marbhadh a dalta. Chrunnaidh
maoinne sibh-se a gceann a chéile a
n-aon-charnnán, agus curthadh lus agus luibheanach
cumhthra mur dtimchioll linne.
Agus air ndol air an eachtra sin dhúnn thugamar
corp na ríoguna so linn go tuigh rígh
Gréag a hathair, mur ar haithbheódhadh
isan tsruth sin í. Agus mur oineachus agus
mur luach saothar dhúnn air son na
mór-ghníomha sin do chur an rígh longas mur


L. 294


gcuinne-sa, agus mise leó dá dtreóradh go
dtugamar linn don áiti so sibh chum mur
n-aithbheódhagh. Agus do-chuaidh Osgar,
Goll agus Diarmut ó Duibhne aige ceann na
trom-bhuidhne sin de ar muintire 'thóruigheacht
na callaigh réamhráidhte, agus ní bhfuil
níos mó do sgéala agum," air Caoilte.



Dála Niamh Nuadh-chrothach, air bhfacsaint
dí gur haithbheódhugh Aodh Beag mhac
Fionn léighthe san tsruth, do thug sí an
t-iomlán oca léighthe chum na srotha sin do
réir fear agus fear, gur haithbheódhugh iad
uile, ach amháin ceathrar do na príomhghasgaidh
do budh cródha 'na measg. Agus
budh mhór iongnadh an rígh fó nach ar bhféidir
iad sin a thabhairt chum beatha air chonradh
air bith. Gidheagh, dubhrais le Caoilte
go dtabhradh sé leis a gcoirp a bhaile 'ndúl go
m'fhéidir go bhfuighfaidh le leighis iad go
fóill.



A haithle sin orduigheas an rígh do na
laochraidh sin na Féine lingeadh ansna carbat
agus a ndíreamh fó dhéin na caithreacha go
dian. Agus air a dteacht ansin, do friáthladh
go huasal onóireach leis an rígh iad le rogha
gach bídhe agus le taogha gach dighe, go ndeurnadar
dearmud do gach amhgar agus de gach
leatrom do bhfuaradar go n-uige sin.



Ach tá ní cheudhna, ní mó gur chaitheadar


L. 295


a ndóchain oileamhun air na comhbhordaibh
sin an t-am do tháinig an callaire asteach,
agus adubhairt leó go raibh Osgar agus Goll
agus Duibhne a 'teacht don bhfaich agus
an chud ele 'na mbuidheanaibh, dlúth
do-sgaoilte 'na ndéigh.



A haithle na mbriathra sin éirghis an teaghlach
uile amach air an fhaich 'na gcoinne,
agus an t-am do-choncadar an Fhian a chéile
do thógbhadar trí ghár mhór allmhartha os ard,
ionnus nach raibh diamhair coilleadh, cuas
cairrge, nó beainn sléibhe ón gceann 'no chéile
don Ghréig nach gcualas é. Is ansin do thóg
teaghlach an rígh trí ghár ele le hollghárdas
fó Osgar agus a bhuidhean oirdheirc a dh'fhacsaint
tair a n-ais slán.



Ciodh trácht, air n-íoslamh do nglóir do
thángadair asteach go tuighe an rígh mur ar
suigheadh iad fó bhordaibh mór-fharsaing na
ríogh-bhruighne sin. Is ansin a d'ordaidh an
rígh do lucht stuic agus tiompáin a mbuabhaill
a shéideamh go hard air an fhaich feadh na
haoidhche sin, agus ollaimh is lucht clársaigh
'sinim go bionnghothach aige ceann na mbordaibh
sin, ionnus nach ndeurnadair suan
nó codlamh ó sin go maidin air n-a márach.



Ach tá ní cheudhna, air dteacht na maidhne,
thig an bhean-dhraoi ó chianaibh, agus iarrais


L. 296


éisdeacht a dh'fhagháil 'na measg; agus rádhais
cách go coitcheann go bhfuigheadh le hurraim
agus le óiméad.



"Máiseadh, a rígh-mhíligh," air sí le Goll,
"aithris dhúnn cionnus mur d'éirigh d'eachtra
leat ó d'imthios uann."



"Tá," air sé, "do thug an dobhar-chú úd
go réim-dhíreach chum cuain fuidhe ghéugaibh
an bhile réamhráidhte, agus tháinig air sin
asteach san long chugainn, agus níor fhág
maoinn an long an aoidhche sin go maidin
air n-a márach. Is ansin do-chuadh maoinn
go hur an locha, agus níor chian dhúnn annsin
an t-am do tháinig fathach mór urghránna
air eitil chugann ón chaisleán atá san loch,
agus d'ionsaighe sé féin agus mise go
neamh-chardamhul le chéile, agus an t-am dar aithne
sé a neart do thréigmheál le truime mo láimh-se
do-rinne sé bradán de féin, agus léim sé
asteach san loch; agus air dteilgeann an
ghráinne pise dham san ionad do raibh sé
'na sheasamh fuarais dobhar-chú nimhe ann a
ling síos go híotar an eagáin 'na dhéigh, go
dtug aníos é agus gur mharbh aige mo chois é.



"Godé rinne tú leis an bradán sin?" air
sí le hOsgar.



"Aig súd é," air Goll.



"'Oig-mhacaíbh," air sí le hOsgar, cionnus


L. 297


mur rinne tusa air do mhór-imtheacht?
Nach ceil orainn é."



"Atá," air Osgar, "air dtuitim don chéad-fhathach
le láimh éuchtach Ghoill agus na
dobhar-chon, do tháinig an dara fathach air
eitil chugan ón gcaisleán atá san loch, agus
d'ionnsuighe sé féin agus mise le chéile; agus
tair éis cath fuilteach feóil-gheurtha 'dhéunamh
do-rinne sé fiadh de féin, agus an t-am
do theilgios an gráinne pise úd ann' áiti do
fuarais gadhar cluas-dearg ballach do lean air
a lorg é, agus níor léig as ar radhairc é go dtug
air ais é, agus gur mharbh ann ar bhfiaghnuise."



"Cia bhfuil an fiadh sin anis?" air sí.
"Tá sé ansa long agum," air Osgur.
"A mhealltóir na mbean," air sí, "aithris
dhamh mur rinneas leis an challaigh."



"Atá," air Diarmut, "a bheith dá sleaghadh
agus dá sáthamh go dtáinig urmhór
a cud fola, agus go ndeurna sí colaim di féin,
agus d'éirigh sí a n-airde annsna spéirigh
uann; agus an t-am do theilgis an gráinne
pise san áiti do raibh sí, is sé fuarais seabhac
súl-ghorm do lean í, agus a thug leis ana ghob
í, gur mharbh as mo choinne í."



"Cia bhfuil an cholam sin anis?" air sí.
"Aig súd í," air sé.



Is ansin do labhair an bhean-dhraoi, agus
is sé ro rádha:


L. 298


"'Ard-rígh chomhthaigh agus 'Fhianaibh
Éirinne," air sí, "tá na siabhraidh do bhí a
gcomhluadar leis an challaigh réamhráidhte
úd comh líonta 'dhásacht agus nár mhór
leó ceathrar de mur muintire a dhol a moghadh
air son a gceathrar féin, eadhón, Tailc mhac
Tréun, an chailleach agus a díos dalta. Agus
anis, beirthear an bradán, an fiadh agus an
cholum libh, agus bruighthear a n-aon soigheach
iad, agus curthar mur fhórcamh air
chorp na muintire sin nach ar haithbheódhagh
dhíobh, agus beidh siad slán a bhaile
libh mur chách."



Imthidheas Osgar gusan long go dtug an
fiadh leis, agus gur curthadh é féin, a' bradán
agus an cholum do mbruigh a n-aon choire;
agus tráth bhí siad ollmhaidh, tugais an bhean-dhraoi
léighthe é, gur bhuacaidh corp an
cheathrar réamhráidhte leó.



Agus ansin imthíos Niamh Nuadh-Chrothach
agus Osgar leó go tobar na mbuadh agus
corpaibh an cheathrar sin leó anna gcarbad;
agus tair éis an ríogun sin a n-innleadhugh
annsna srotha míorbhuilleach sin, d'éirghidear
aníos aisde go meanmnach beódha gan chneadh,
gan chréucht. Gluasad rompa air sin go
tuigh an rígh; agus air dteacht ansin dhóibh
budh mhór lúthghóir chách rompa.


L. 299


Ciodh trácht, air mbeith don Fhéin uile
aithbheódhaigh slán ó ghoimh armaibh Thailc
mhic Thréun, agus iad sgaoilte ó gheasaibh na
callaigh, do ghléusadar iad féin chum a theacht
a bhaile go hÉirinn, agus do chur an rígh
dhá long leó do chud féin líonta do bheatha
agus de arm; agus an t-am do bhíodar aige
imtheacht do-chuaidh an rígh agus a theaghlach
leó go hiomuil an chuain, agus air bhfacsaint
Niamh Nuadh-chrotha a sgarmhuint
leó, thógadar gár chaointe ós ard.



Ach tá ní cheudhna, ceileabhrais Fianaibh
Éirinne don rígh agus dona theaghlach, aige
fágbháil iomchumairce beatha agus sláinte
oca; agus budh tuirseach iad 'na ndéigh.
Agus ní aithristear níos mó do sgéaluigheacht
ortha go dtángadar go cuan Bhinn
Éadair agus go hAlmhun Laighean mur a
raibh an Fhian, agus budh mhór a n-ollghárdas
'na gcoinne.



Gona í sin Eachtra Thailc
mhic Tréun agus ard-imtheacht
na bhFian
go dí sin.



CRÍOCH.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services