Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Agallamh na Seanórach III
Title
Agallamh na Seanórach III
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ní Shéaghdha, Nessa
Composition Date
1680
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1945)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
(AGALLAMH NA SEANÓRACH) (IMLEABHAR A TRÍ) As a haithle sin ro éirghéadar na slúaigh eidir laoch agus láin-chléireach, agus teaccoid co Callonn agus co Cuilleann i nÍbh Cúanach. Suidheas Pádraig a ndingna árd aireaghdha ann soin, conadh Suidhe Pádraig a ainm. Suidheas rí Mumhan ar ghualoinn Pádruic. Suidhis Caoilté ina ffiadhnuisi. Ro fhiarfaigh Oenghus d'Oisín ann sin: "Créd 'má ttuccadh Callonn agus Cuilleann ar na cnocuibh si ar a bhfuilmaoíd," úair as do Chaoilte ro fhiarfaigh a cheist roimhe. "Laithe n-aon," ol Oisín, "dia mboí Fionn acc Ráith Cuire eidir Dhún Dealccan agus muir, i ccionn Trágha Baile mhéic Bhúain, acc Leabaidh na hIubhraighe don dara taobh do Dhealccain, agus Ráith na hEachraidhe don taobh araill díobh, an bhail a ttabharthaoi a bhfinn-léithreanna fosdadha fón Dubh Saighlinn srían-chumhdach agus fón Léith mhór-mhongaigh Mhacha, agus nocharbh imchían dúinn ann," ol sé, "an tan ad-chonncamar an tríocha cairptheach n-imrim chuccoinn isin ttráigh attúaidh go trén-díreach. Ro thuirlingsead isin ttulaigh, agus ro shuidh an fear ba mó dhíobh agus ba húaisle ar ghualoinn an ghlain-fhéinnéadh Fhinn
mheic Cumhuill. Ro fhiarfaigh Fionn de cia hé budhdhéin, agus can as a ttánoicc, agus créd fa hainm dhó. "Callonn mac Fearghosa Finn aird-rígh Uladh meisi," ol sé, "agus mo bhráthoir féin Aodh Donn mac Fearghusa fil dom athchor agus dom ionnarbadh, ionnus nach léicceann im thír mé agus nach mó léicceas do Chormac ua cCuinn mo chongbháil, agus tánocc id dháil-si agus dot rochtain, a rícch-fhéinnidh," do thaobh mo charadraidh riot, uair Duibhéis inghean Fheidhlimidh mheic Connrach bean Tuathail Teachtmhair do shean-mháithir-si, agus Meas Mhuingheal ainm oile dhí, agus tánaic sí ar athaidh agus ar élódh ó Thuathal Theachtmhar iar mbreith trír dhó dhí, .i. mac agus días inghean, Feidhlimidh Reachtmhar an mac agus Fithir agus Dáirinne na hingheanadh. "Tánaic sí go Trénmhór mac Souilt, got shean- aithir-si, a shaoir-fhir, agus rucc tríar mac dhó: .i. Cumhall calma an caithmhílidh, th'athair-si, a Fhinn; Criomhall sochla an sein-fhéinnidh, athair Chairill, Chuilleann, Aodha, Fhearrdhomhainne, agus Bodhaimhne an bhain-fhéinnidh; Aodh ollamh an treas mac, athair Luídheach láin-éachtaigh. Agus rob í sin," ar Callonn, "cúis chonganta Chuinn re Cumholl gosan tan so fó ttáinic mire meanman dona míleadhaidhaibh ionnus gur
trasgcradh gan teasarccain in Trénmhór sin i ccath-chomhlannuibh Cnuca, agus as é sin ar ccaradradh agus ar ccoimhmbráithreas ré-roile," ar Callonn." Conadh do chuimhniucchadh charadraidh chloinne Tuathail Teachtmhuir, chloinne Baois- ccne, agus Challainn mheic Fhearghusa Finn ro ráidh Oisín:
"Clointear craobh coibhneasa an ríogh Chumhaill chalmo na ccaoimh-ghníomh is Chuinn Chéad-chathaigh, méid nglonn, mar do bhaoi a ccairdeas comhthrom. Uathadh ar talmhuin na ttreabh gá ttá 'fhios, giodh fhiarfaighear, agus bu uathadh tar m'éis bus eólach ina fhaisnéis. Feidhlimidh aird-rí Uladh do shíol Ír thréin nár tubhadh, mac do Chonnrach chleachtadh gail, mac Fearghusa foirteamhuil. Inghean acc an rícch go rath darbh ainm Duibhéis dheigh-eólach; ro charsad í cách uile eidir rí agus roi-dhuine.
Leis an bhFeidhlimidh gan fheall ad-rochair aird-rí Éireann i Moigh Bholcc, díochra an deabhuigh, Fíacha fíochdha Fionn-fholaidh. Fiche bliadhoin, as beacht liom, Feidhlimidh 'na rí Éireann: ba dú a ruathor as a reabh go ros-marbh Tuathal Teachtmhar. Tuathal mac Fearadhaigh Fhinn ro ghabh aird-ríghe ar Éirinn, ro bhris an slúagh nGaoidheal nglic cúicc catho is ceithre fichid. As ón teachtadh do theachtaidh Tuathol Teamhra an tairrngeartaigh, géacc ngil gan fhairbhrícch, gan ainimh, ro lil don aird-rígh a fhorainm. Inghean Fheidhlim Aonaigh Bhreagh darbh ainm Meas Mhuingheal núachor nachar ghrádhaigh fear gur lámhaidh Tuathol Teachtmhar.
Beiris Tuathol go Teamhraigh an ghéacc n-urchaoín n-ildhealbhaigh: seal gon rí áith 'na iomdhaidh bean bhláith ina bain-bhiodhbhaidh. Cúicc bhlíadhna décc a tTeamhraigh don ríoghan go roi-mheanmuin: níor éccnaighsiott fir ná mná an ccén ro bhaoi eatorrá. Rucc sí tríar a tTeamhraigh Bhreacch, rob lán-mhaith an leith-sheisir, Fithir is Dáirinne dhron agus Feidhlimidh Reachtmhar. Grádh don Trénmhór, don laoch lonn, tucc Meas Mhunchaoimh mhalach-dhonn, gor luidh ar élódh toile cco cathroicch aird Almhoine. Rucc tríar do Thrénmhór na lann ris nach gébhthaoi i ccath comhlann Cumhall is Criomhall na ccath agus Aodh áloinn Ollach. Trí meic acc Criomhall na cclann is inghean darbh ainm Bodhmann: Cairioll, Cuilleann, Aodh go mbladh, 's an ceathramhadh Fearrdhomhan.
Siúr Fhearghusa fhinn fhleadhoigh Duibhéis chaoímh a caoin-Eamhuin máthoir chloinne na ccur ccóir Tuathail tsheing is Tréinmhóir. Acc sin cairdeas ceart an tshlóigh cloinne Tuathoil is Trénmhóir 's chloinne Fhearghusa na bhfleadh úainne a ccairdeas-san cluintear. Cluintear.
Ro labhoir Fionn re Callonn an soin," ol Oisín, "agus is eadh ro ráidh: "Tair-si leam, a Challuinn," ol sé, "co cóicceadh meadhach Mumhan, go bhfacchor inghean rígh Mumhan duit agus roinn forba agus fearuinn, agus ná cuir comhmbúaidhreadh coccaidh ar do shinnsir bhrá- thoir im ríghe nUladh rena shaoghal feisin." "Madh í sin do thoil-si," ol Callonn, "budh sí mo thoil-si." Lodmar ann soin," ol Oisín, "trí fichid céad im Fhionn, agus nochar tairiseadh linn go ránccamar rícch-dhún Shléibhe Crot mar i mboí rícch Mumhan. Ro hoslaiceadh an dún reamhuinn, ro fiadhoigheadh co fíor-athlomh sinn, agus ba haoibhinn ar n-ordughadh 'gon aird-rí an ionbhaidh sin. Ro fhiarfaigh an
rí d'Fhionn íaromh," ol Oisín, "cia an laoch boí ar a láimh. "Mac aird-rígh oirrdheirc Uladh," ol Fionn, "tánoicc d'iarraidh forba agus fearoínn ort-sa, a Eochaidh, in laoch sa ar mo láimh-si." "Mo-chean faoilte-si roimhe," ol an rí, "agus do- bheirim na trí thríocha chéad fil ó Shliabh cCláire go hÁth Rínn agus ó Áine go Slíabh Eibhline mur fhearonn dó." "Rod-fiadh buaidh agus beannachtoin," ol Fionn, "agus ó thuccois an ccoibhéas sin do chrích agus do chaoimh-fhearonn don deigh-fhear soin tabhair h'én-inghean chruthach choemh-nár dhó, .i. Cuill- eann chnis-gheal chaoín-bhriathrach, óir as iomchubhaidh an lánamhuin mac rígh Uladh agus h'inghean-sa. "Do-bhéara," ol an rígh, "go maoinibh agus go mór-mhaitheasuibh mór-aidhbhle lé." Snadhmthar an lanamhuin ré-roile," ol Oisín, "agus as and so as mó do chaithsad a ré agus a réimheas ó sin go mbás, ór baoi bruighean bhuadhach bhláth-oirrdhearc acu, agus isin nglionn so thíos baoi, agus ní hurasa a innsin iná 'fhoillsiucchadh gach a ndearnsad do mhaith inte. Agus ar an ttulaigh so do ghnáithigheadh an curaidh cath-chalmo Callonn agus a laochradh ina lán-fharradh acc dénomh lúth agus lámhach, áineas agus imbeartha, cleasradh agus caoin-reabhradh; agus as ar an ttulaigh ucchad ar ar ccomhuir do ghnáthaigheadh Cuilleand cona bann-
tracht bheith acc cur chorthaire agus caomh-dhruine agus acc lán-dhearcadh na laochraidhe do mhéad- ucchadh meanman agus mór-aicceanta dóibh. Cona aire sin," ol Oisín, "ro hainmniugheadh na tulcha sin, .i. Callonn agus Cuilleand; agus as and so do-níodh Fionn trí catha don Fhéin gacha bliadhna co buan-chuimhneach. As ann ro toghtha curaidh agus caithmhílidh i n-ionadh gach aoín budh easbhadhach d'Fhianuibh Éireann, agus as ann do- bheirthaoi na daimh imdhísccre árd-léimneacha agus na tuirc thaoibh-leabhra thuil-leathna thréi- nmheara go lár an laoch-thighe sin Calloinn, gan fuiliucchadh cen fordhearccadh forra. Agus ní bhfuair an Fhian i n-aon-bhaile i nÉirinn ó Almhuin amach," ol Oisín, "urdail a bhfuairsead d'áineas agus d'uraoibhneas isin mbaile si an ccén bhádar an deagh-lánamhuin sin ann." Cona do dheimhniughadh gach neithe dhíobh sein ro ráidh Oisín na roinn:
"Cuilleand ba hadhbha d'fhiadhuibh i mbíodh Fionn gosna Fíanaibh, i mbíodh Callonn na ccéad sleagh agus Cuilleand chaoimh chnis-gheal. Is eól damh in fáth dia bhfuil, a Phádruic, a phrímh-abstoil, agus a Aonghuis an áigh, dinnsheanchas an chnuic chomhláin.
Lá dá raibhe Fionn na bhfleadh isin ráith ós Dealccoin Bhreagh, i ccionn Trágha Baile Búain, acc Luidhe an Laoich go laoch-bhúaidh. At-chímoid san tráigh ittúaidh tríocha cairptheach go mór-bhúaidh, go n-armoibh namhdhoibh neimhe go ndorn-chloidhmhibh altnaighe. Tairlingid ós Tráigh Baile fir na n-earradh n-iubhlaidhe; acc Fionn fár fearadh gach frass snidhid san ttealaigh ttaoibh-ghlaiss. Is é fa tighearna dhóibh fear scéith dreaganta dhí-mhóir, fear fúair gan fhairbhrícch gach bladh, Callonn mac aird-rígh Uladh. Atn-aigh a lámh a láimh Fhinn Callonn ro budh lán-mhaith linn, is ro innis bile Bhreagh a fhine dá ionnarbadh. Is í comhuirle tucc Fionn don fhior fhorasda fhoilt-fhionn gan coccadh do chur co glé ar a shinnsir 'mun ríghe.
Ro ráidh ris (aitheascc go gcéill) saighidh rí Mumhan móir-thréin, re taobh inghine ón rígh go bhfacchadh crodh is caoimh-chrích. "Gach ní bus toil duit-si, a Fhinn," do ráidh Callonn tré chéill ngrinn, "do ghníomh dhúinne (go ttú dhe?), go dearbh ar-sean anfam-ne." Teaccmoid iar soin, suairc an séad, le Fionn ceithre ficheat céad go dún Sléibhe Crot na cceárd go hEochaidh Fionn faobhar-dhearcc. Oslaicthear romhainn an dún; fa feis colcthach agus clúmh; an tan sin acc aoibhill Dor ba haoibhinn ar n-órducchadh. Fiarfaigheas Eochaidh na n-arm d'Fhionn mac Cumhoill gan ghlór ngarbh: "a fhir a Fraochmhaigh an áigh, cia an laoch-soin ar do leath-láimh?"
"As é so," ar Fionn feabhdha, "Callonn mac aird-rí Eamhna, éin-fhear as colgdha dár chinn, d'íarraidh forba agus fearoinn." "Do-bhéar-sa dhó," ol Eochaidh án, "trí thríocha chéad, dearbh an dáil, ó Shliabh cCláire go hÁth Rinn óthá Áine go hEibhlinn." "Rod-fía beannacht agus búaidh," ol Fionn, "a Eochaidh arm-rúaidh, tabhoir dhó tré shaor-bháidh treall h'áon-inghin ccaomh-náir, Cuilleand." "Rod-fia an inghean, a Fhinn; a híarraidh ní haithreach linn; don dáil go ttí dhóibh a leas; rod-fia maoíne agus maitheas." Snádhmthar ré-roile ann soin Callonn is inghean Eochaidh, is faíid d'adhaigh san tigh: dhóibh níor dhainimh a dhénomh.
Do-níad bruicchean mhaisicch mhóir san nglionn sa thíos a ccéadóir: gach maith dá ndearnsad san teagh dhúinn níorbh uras a áireamh. Do athaigheadh Callonn crúaidh an cnoc sa ar a mbíodh gach búaidh: acc cur cothrair go ndruine air no bhíodh 's a ban-chuire. Air thicceadh Cuilleand gan chacht, ar an ccnoc cona banntracht, d'uilleadh aicceanta an chuire, d'fhéachoin lúith na laochraidhi. Ón mbeirt si (nocha brécc dhamh) do bhíodh orra fá úabhar fáth, mar as lér san liobhar, fúair na tulchu ainmniughadh. Sonna do-ghníodh Fionn cco ccéill trí catha go ceart don Fhéin: é fa cuimhneach ar an ccleas ion gach bliadhoin dá fhlaitheas. Sonn no thoghadh fós an fear i n-áit na n-ócc no imgheadh curaidh, caithmhílidh gan chrádh, go mbíodh a Fhian-san iomlán.
Sonn ticceadh na daimh go dían as gach áird anoir 's aníar, 's na tuirc thaoibh-leabhra leó soin 's gach aé dhíobh ina bheathoigh. Ní fhúair an Fhían, deimhin leam, a n-aon-áít ar fud Éireann acht a nAlmhoin féin, ro feas, a bhfuairsiott sonna d'aoíbhneas. Úaill a ceathroibh, caoimhe a crodh, ónna do dhuine a dhénamh, a hór, a hairccead gach foinn, tar éis Cuillinne agus Calloinn. Folamh na tolchu sa trá: orra ní bhíd fir nó mná: i mbeith amhlaidh as crádh leam: ba hadhbha d'fhiadhaibh Cuilleann." Cuilleand.
Ro éirgheadar na sluaigh ann sin agus ro cheileabhair Pádraig do rí Mumhan, agus ro éirgheadar na sean- óirigh do dhul lais. Ro íarr rí Mumhan ar Pádraig ann soin Caoilte d'fháccbháil aigi féín an oídhche sin. Ro cheadaigh Pádraig do Chaoilte, don tshein-fhéinnidh, fuireach a bhfarradh rí Mumhan go ara-mhároch agus é féín do leanmhuin íaromh.
Ro ghlúais an naomh-chléirioch roimhe ann soin go ráinig go dobhar-linntibh díana dath-ghorma dos-chubhracha Duibh-cheachra, agus deisidhe féin agus Oisín mac Finn i suidhe. Ro fhiarfaigh an t-abstol d'Oisín ann soin cia hainm an t-ionadh i mbádor. "Duibh-cheachoir Droma Dá Oss ainm díleas dinnsheanchois an droma sa go deimhin agár ndaoinibh-ne, a dheagh-abstoil," ol Oisín, "agus as minic ad-chonnarc-sa Fionn agus Fíana Éireann go rathmhar ro-chonáigh isin rígh-thulaigh si," ol sé, "agus ro thairrngir fós Fionn go fírinneach do thuidheacht-sa, a Tháilginn, isin ccnuc sa, agus go ndíthchuirfeá deamhuin dá dhumhadhaibh, agus co ccoisgfeá drúaidh dá ttinnchéadlaibh, agus go mbinneóchá in cnoc sa cen chonntabhairt don chuairt sin, agus as ainmheinic do bréccnaiccheadh a bhúan-fháistine-siomh madh gose." "Ní bhréccnaighfidh anosa fáisdine an fhlaith- fhéinneadh cco ttoil don tréun-Thrínóid, óir beindeóchar go bith-urlaimh an ccnuc sa gan chonntabhairt." Ro éiridh as a haithle, agus ro thimchill an slíabh go saoíthreach, agus ro bheannaigh an tulach go treabhoir-ghlic. Ránoicc síar iar soin go sruth- linntíbh sribh-gheala solus-chubhracha sneach- tuidhe na solus-thiobraid boí a nDuibh-cheachoir, agus tucc sighin na croiche go connail tar a chubhar-
thonnuibh agus tar a caomh-uiscce, agus ro bheannaigh gan uireasbhaidh í as a haithle. As ann sin ro bhiodhgosdoir bradán ball-chorcra bláith-eith- reach a headairmheadhón agus a hoiccén-bhuinne na hóicch-thiobrad, agus as amhlaidh tánoicc go turchor- thach agus sítheal solas-choémh sreith-líneach síthe arna tóccbháil do tháith-leacoibh tuinn-gheala na tiobrad go hurárd ar fhormna agus ar uachtar an éiccne iolbhuadhaigh, ionnus gur chuir a n-ucht Phádraig go harnaidh urmhaiseach í. Gabhaidh Pádraig ina láimh go láin-ésccaidh an síthil so- mhaiseach sáor-chumhdaigh sin. Aithnigheas Oisín an sítheal i suidhe íarna silleadh dhó agus ro ráidh íaromh: "Sítheal Chaoilte a Collamhuir fil ann soin, a naomh-chléirigh," ol sé. "Créd tucc isin tiobraid úd í?" ol Pádraig. "Inneósad-sa sin duit," ol Oisín, "agus cionnus do fríth ar tús í: .i. Láithe n-oén do bhámair-ne inar bhfíanuibh," ol sé, "i bhfarradh Fhinn mheic Cumhoill ós úir Easa ro-thurchorthaigh Rúaidh. Ciodh trá acht roinnis Fionn feadha, foithre, agus fásaighe Laighean agus Leithe Cuinn óirne ann soin. Tuccadh Fionnchadh, Corr Cos-lúath, Faolchú, Seanach mac Fir Chruim, Cairbre caomh, Lughaidh Liatroma, agus trí rígh fhían fhear mBrea- ton, .i. Forrann, Ánlúan agus Fearadhach, .i. trí mic Iobhair annghlonnaigh i ccóicceadh Connacht. Agus ro budh maith in mac do-chúaidh ann soin,"
ol Oisín, ".i. Forann mac Iobhair, agus ní tháinicc mac allmhuraigh isin fhían-ghaiscceadh ríamh budh feárr inás. Agus ro leanadar an treas rann do dheóradhaibh agus d'amhsaibh Fhían Éireann é maille re ar ngiollannraidh, agus ní lugha ro leansad filidh, éiccsi, oirfidigh, agus ollamhuin é, .i. Súanach, Seanach, Breasal binn-fhoclach, Aoifear áodhbha, Ailgeannánn, Ciothruaidh, Cobhthach, Cass, Maine, Énna, Crónán, Crionna, Ceólach, Faoi, agus Fosccadh. Rob íad sin lucht coimhideachta Foruinn agus dob fheárr lais airfidigh, deóraidh, agus amhuis do ríar iná gach maith do bheith aicce budhdhéin. Ro ghabh tnúth throm-aidhbhseach an Fhían re Forrann ann soin, óir budh hádhbhal-mhór a n-étt im a rucc-somh do dheóradhuibh agus d'amhsoibh uatho. Tuccadh sealcc Laicchen cona laochradhuibh agus Osraighe cona hairearuibh dhamh-sa," ol Oisín, "agus tucc Fionn tabhartas oile dhamh an lá sin, .i. Cnú Dheireóil an deagh- oirfideach, agus Bláthnaid a bhan-chéile, agus Daighre mac Mórna an mílidh agus an mór-ollamh. Ba maith meanma meic ríogh Breaton agus mo mheanma-so an lá sin, agus ro thoirbhir teóra pócca dia-roile ria n-imsgaradh. Tuccadh sealcc agus saoir-fhiadhach Midhe agus mór- Uladh don ghnáth-fhéinnidh. Suidhis Fionn a mBearnois íaromh agus ochtar do mhaithibh an fhían-ghaisccidh ina fhochair, .i. Aodh Becc mac
Finn, Riondolbh, Fál Feadha Mór ó Neamhnainn, Cúán Cruimghlinne, Glas mac Gaídhil Gharbh- léith, Caoince corcair-dhearcc, Dáire déud-ghlas donn-sholais a Glaisi Bulcca, agus Donnghas. An- monn a ccon iaromh, .i. Bran ar bélaibh Fhinn, Fuilteach acc Aodh mBeacc, Éachtach ag Rion- dolbh, Féur Ghlinne acc Fál Feadha Mór, Gaoth acc Cúán, Aithim acc Glass, Fíamhach acc Caoínce, Fearcc Lonn acc Dáire, Fear Baoth acc Donnghus. Agus ní cían do bhádor ann co bhfacadar an t-arracht muice mór-aídhbhle mothar-dhoirche dá saighidh go sáir-dhíochra. Ro léiccsead-somh a cconairt i ccoimhnéinfheacht 'na coinne ionnus gur mharbh re hén-uair íad. Greasas Fionn ann sin Bran dá hionnsoicchidh. Teicheas an torc tar ghleann soir, gonadh Gleann Teichidh fós ainm an ghleanna inar ghabh. Fostais Bran an torc an soin, agus gebhidh leath-chlúas ina leathon-bheól, agus gebhidh Fionn an cclúas n-aile. Ro chaith- sead an t-ochtar áith-amhnus ionnsaightheach soin a n-ocht sleagha snas-mhíne síodh-roinnaighthe a n-aoínfheacht fris, agus ro sginnsead de fa mur bo do charroicc nó congna no bheanfadhdís cen fuiliug- hadh cen fordheargadh fair. Iompaidhis riú íaromh agus brisis go borb-neartmhar íad agus léigeas scréich n-uathmhair n-ádhbhail n-uabhásaigh as iar mbriseadh na sleagh dhó, ionnus gur fhreagair aitheach éidigh odhar-ghorm as an ccnuc ina ccomhfhoccus é, agus ro ráidh riú-somh:
"Léiccidh an mhuc dhamh-sa, a ócca," ol sé, "nó tuitfidhe uile liom." Nír fuilngeadh leis na féinneadha an dáil sin d'éisteacht," ol Oisín, "gan bíodhccadh chuicce a n-aoín-shísd. Iompaidhis an t-aitheach riú, agus ceanglas go borb-neartmhar an dá cheathror sin gan chuidiughadh. Ro bhaoi Fionn agus Bran acc comhrac risan ttorc ar an bhfeadh soin, agus nochar chomhaingsead ní dhó. Tárraidh an t-aitheach an torc ar a dhruim, agus ros-fhúadghen úatha aráon dá n-aimhdheóin é, co nach raibhe dá ccumas air acht a fhéaghadh ina iarmhóracht, agus ro chuir fó gheasaibh iad acht muna leanadh é féin agus an torc don tulaigh sin. Ro ráidh Fionn muna bhfáccbhadh a mhuinntir aicce cen bhloghadh cen bhearnadh nach leanfadh don láthoir sin é. "Rod-fía-si sin," ol an t-aitheach, "agus aiscceadha iomdha eile re a ttáobh." Ro sgaoil a chuibhreach do gach aon don ochtar ánradh bádor cuibhrighthe aicce ann soin. Teac- coid íaromh leith for leith gosan síth ós Ghleann Deircc-dheis. Iar rochtuin dhoruis na sídhe dhóibh do-bheir an t-aitheach buille don fhleiscc dhraoidheachta baoi ina láimh don torc, ionnus go ndeárna ócclaoch aoidheadhach so-ghrádh- aighthe dhe. Tucc an ccéadna dhó féin gurbhó grían ghríos-thaithneach ós deagh-fhearaibh dhomhuin ar dheilbh agus ar dhénomh é. Teaccoid rionn isin
sídh íaromh, agus ro éirgheadar coécca ngiolla n-óg naoidhe-dhealbhdha n-éideadh-chaoímh n-iol- chrothach agus coecca sgolócc sgíamhdha sgúird- leabhor sgíath-chorcra d'fhearthain fáilte risna féinneadhaibh go fíor-chonnail, agus teaccoit trí choécca bean mbrat-úaine isteagh dia n-éis, agus deisidhe gach aé dhíobh a bhfarradh a feir-chéile isin bhfleidh-thigh go fíor-shuilbhir. Do-ghníth- ear a n-umhol-fhósaigh go heallomh iméasccaidh nó gur thimchill dáil go dúbalta ar na deagh-fhear- uibh. Ro labhair Fionn as a haithle," ol Oisín, "agus as eadh ro ráidh: "Cia sibh-si, a mhuinntear mheanmnach mhór- aicceantach, agá bhfuilmaoid-ne inar n-ainbhfios?" ol sé. "Agus do budh maith linn gan bheith amh- laidh sin ní bhus síre." "Ní himchían bhéir-si inar n-anbhfis-ne, a ard- fhlaith," ol an t-ócclách. "Énán mac Leabhar Thuinne mh'ainm-si," ol sé, "agus Croithfhionn chruth-mhaiseach inghean Mhanannáin an mhuaidh-ríoghan sa im fhochair agus nochan fhuil do chloinn accoinn acht én-ndías namá, .i. mac agus inghean: Úathach an mac agus Sgáthach in inghean; agus acc súd ar h'aghaidh-si, a árd-fhlaith, an t- aon-mhac soin agoinn." "Maith an mhaisi eisiomh," ol Fionn, "ór ríoghdha a dhealbh agus a dhénomh, agus dá bhfaicmís-ne in inghean," ol sé, "do-bhérmís a tuarasgbháil ós áird."
Do-radadh an óicc-inghean asteagh íaromh, ó 't-chonnairc Fionn í tucc tuile tromh- ghrádha dhí agus ro íarr fó chéadóir ar a hathair í. "Créad do-dhéantar ar súd, a inghean?" ol Énán. "Gen gurab fear diongmhála dhamh-sa con- mháor," ol an inghean, "gibé ní déroir-si liom do dhénomh do-dhéan é gan amhoras," ar an inghean. Naisgthear an inghean le Fionn ann soin," ol Oisín. "Tucc Énán seóid úaisle d'Fhionn an adhoigh sin, .i. ficheall, fáinne, sgían, ocht n-ealta cloidhimh, agus séud dob fheárr iná gach séad, .i. an sítheal sa fil ad láimh-si, a naoimh-chléirigh, a Phádraig," ol Oisín, "agus tucc Fionn do Chaoilte í as a haithle. Laithe n-aon bámuir-ne sonn a bhfarradh Fhinn," ol Oisín, "agus ro ghabh íota adhbhal-mhór ann sin, agus siris ar Ghúaire mac Neachtoin dul d'iarraidh dighe dhó. Téid Guaire go hathlomh isin ttoiscc sin agus beiris in síthil lais agus ticc gusan ttiobraid si a ttámaoid-ne. Cuiris in sítheal go sáir-ésccaidh fán sreibh solus-thaitneamhaigh si. Ciodh fil ann trá," ol Oisín, "acht ro fhuadoigh an sruth síor-láidir an sítheal úaidh, ionnus nach bhfuair í. Teaccoid an Fhían íaromh dá híar- raidh agus téid naoi n-onfaisigh ar céad dhínn fón sruth sa, agus ba dímhaóin dóibh agus ní fhúairsead an
sítheal; agus do tharrngoir Fionn do thoidheacht-sa, a Tháilgin, gusan uiscce si, agus go mbeinneóchá é, agus go madh tú do-ghéabhadh an síthil si ann, agus go mbeith ar bhachluibh agus ar bhinn-cheólánuibh agad iarna fhagháil, agus as briste mo chroidhe óna faxin," ol sé. Agus ro ráidh na roinn:
"Sítheal Chaoílte cia ros-fúair sloinnidh dhúinn i mbeathaidh bhúain: fáiltighidh mo chroidhe cain sítheal Chaoilte an charadraidh. Tóccaibh in síthil mbicc mbáin in uair do-rala í it láimh: fada bhás, gá hiarraidh soin san úarán ós Duibh-cheachoir. Deagh-easgar is glaine gorm síthel Chaoilte na ccéad ccorn: dearcc-ór agus airccead bán sítheal Chaoilte an characcán. Ionmhain fear dá ndáiltí dhi as an síthil slabhraidh-ghil: nochar dáileadh do neoch riamh budh feárr conn agus caoimh-chiall.
Ubhall dearcc-óir ar a lár go n-uaithneadhaibh d'airccead bhán: mur no leathadh dá thaobh clí ba hénghlas úaidh in t-uiscci. An uair no bhíodh don taobh deas in t-ubholl cuanna caoimh-dheas, ro léicceadh an t-ubhall bán an t-uiscci úadha go hiomlán. Mo theisd ar úa Rónáin réidh, seach gach én-laoch isin bhFéin, nochar thaisdil tír nó tuinn aon-fhear mur Chaoilte mac Cruinn. Ba hócclaoch, ba giolla gnáth, ba brughaidh no bhiathadh cách, ba tréinfhear no chiorrbhadh cath, ba laoch fearrdha foruallach. Dá madh ór croinn beatha búain, acht go bhfacchbhadh Caoílte crúaidh, as é glóir do bhíodh 'gun fhior ar chách gur chóir a sgaoíleadh. Teannfad-sa rem chroidhe crúaidh an síthel n-áloinn n-ionnfhuair: truagh nach é Caoilte ar ccara atá sonn mur do-rala.
An-sa agom ar Dhia ndil a Tháilgin, a thabhartaigh, go n-innsir dhuit mur dom tá sgéalaidhacht na sítheal sá. Lá do bhámar acc Eas Rúaidh, Fíana Éreann, iomad slúaigh, roinnis Fionn dúinne 'madh-le feadha, foithre, fásaighthe. Fionnchadh, Corr Coss-lúath gan acht, gabhoidh sealcc chríche Connacht: Faolchú, Seanach mac Fir Chruim, Cairbre is Lughaidh a Líatruim. Trí rí fhían mBreatan gan ach Ánluan, Forann, Fearadhach, ionmhuin grinne sotal soin, trí meic Iobhair anghlonnaigh. Faoiis Forann seachoinn síar go Dún Ruis Áruigh na ngíall; ionmhuin grinne ba glan gníomh trí mic Iobhair an aird-rígh. Glaslaith is giollannraidh ghnáth leanuid Forann úainn seach cách: rucc mac rígh Breaton go ngus trían ar ndeóradh 's ar n-amhus.
Oirfidicch Finn féin gan fheircc leanaid Forann air a sheilcc: rucc Suanach, rucc Breasal bán, Uallach, Aoifear, Ailgenán. Ciothruaidh, Cobhthach, agus Cass, Maine, agus Éanna amhnus, Crónán, Crionna, caoín an modh, Ceólach, Faoi, agus Fosccadh. Dar an rígh do ordaigh sin, an laoch rucc úadha an aisccidh sin dob fheárr leis nó ar thairchill grían deóraidh, airfidigh d'óighriar. Gabhoitt tnúth an Fhían an soin re mac rígh Breaton buidhnigh: ba héad leó a rucc-san lais, deóraidh, airfidigh, amhuis. As ann soin adubhairt Fionn: "gen gor iarrois íad dar liom beir leat, a Oisín, 'ma-le Cnú Dheireóil agus Daighre. Ós tusa as feárr eineach úainn, a Oisín," ar flaith an tshlúaigh, "as riot as cuibhdhe go mbloidh deóraidh, amhuis, ar th'ionchaibh.
Déna sealcc Laighen na leann, is Osraighe na liath-reann, rod-fia gach maith araon ris beir m'airfidigh, beir m'amhuis." Toirbhirim-si teóra pócc do mhac ríogh Breaton na ród: misi agus Forann rér lá budh faoílidh ar n-aiccentá. "Dénadh mo ghnáith-Fhían go fíor sealcc Midhe thalchóir gan fhíoch, óthá Drobhaois go roich muir, Ulltaigh agus Aradhuigh. Dá chúicceadh Mumhan gan mheircc, léicceam seachoinn sin gan seilcc: ní foráil go madh habuidh deóraidh agus urradhaigh." Suidhidh-siomh féin i mBearnus Fionn dá ttuccsam tighearnas: sgaoílid úadh a lucht sealcca cona cconuibh croibh-dhearcco. Ochtar i bhfarradh in ríogh d'óccbhaidh nach ísligheadh gníomh: é budhdhéin an naoímheadh fear, Fionn mac Cumhoill an caoímh-fhear.
Aodh Becc is Rindolbh go rinn, Fál is Cuán ó Chruimghlinn, Glas mac Gaoidhil, garbh a ghus, Caoince, Dáire, agus Donnghas. Cú ar éill gach fir dhíobh sin, Fionn is Bran ar a bhéalaibh: an-sa accam ar am tá go sloinntear a n-anmanna. Fuilteach acc Aodh mBeacc mac Finn, Échtach acc Rindolbh go rinn, Fear Glinne acc Fál ima-le, Gáoth acc Cúán Cromghlinne. Aithim acc Glas, garcc a ghráin, Fiamhach cú Caoinche comhláin, Fearghlonn acc Dáire re lá, Fear Baoth i lláimh Donnghosa. Bran géarbha cú nírsad cú maith a gaiscceadh, caoimh a clú, nír mhac con, nír chin ó choin, nír chuimpirt con a máthair. Ní dheacha Bran ar choin ríamh: budh maith a conn is a cíall: níor chóir cú do rádha ré, mac rígh Dhál Aruidhe.
Gairid bádor ar an ard 'mun bhflaith-fhéinnidh bhfaobhar-dhearg cco bhfacatar an muic móir n-uathmhair n-anaithnidh ndíthmhóir. As amhloidh tánoicc an torc bá samhalta re gach n-olc, nír mhó cnoc sléibhe iná sé go maoil duibh-ghuirm deimhsidhe. Léccoid uathoibh a n-ocht ccoin gusan ttorc mhór ar an moigh: iompais riú (budh comhlann cruaidh), marbhus iad uile a n-aon-uair. Éircchoid in t-ochtar glan garcc ar marbhadh a ccon cceann-ard, agus seólaidh sleacch gach fir ar an torc n-áluinn n-alluidh. Ro sginnsead na sleagha dhe mur ba do chairthe claiche: iompais riú, brisidh uile na hocht sleaccha snas-bhuidhe. "Anos úair na ngothann mór, a Bhrain, adeir riot an slógh: gealladh úaitt nach ttiocfadh trá fíadh nó torc nach dingéabhthá."
Éircchis Fionn agus gebhis Bran agus crothais an slabhradh, agos tuirmhis dí re a lá a héachta 's a heasbhadha. "Nochar mhó an torcc úcchad, dar liom, iná an torc budh marbh san nglionn do-rochair leat imma-le eidir Eabha is Rognéde. Gérbh adhbhal torc Droma an Eóin maith ro chuiris é dá threóir, torc Clúana Leamh-choille ar lear, agus torc Droma Lighean. Torc Creamh-choille taoith dot ghuin, torc Boirche, torc Ruis Áruigh, torc Cinn Feabhraid, torc Muine, naoi ttuirc Uamha Sneachtuidhe. Do mhárbhuis torc acc Áth Néid risar ghabh gráin uile an bhFéin torc Cnámh-choille, torc Clochoir, agus torc Chnuic ós Lochuiphair.
Do mharbhais torc acc Áth Lúain, agus naoi ttuirc acc Áth Búain, torc Muighe Glinne is mór ainm, torc Fionnabhrach, torc Fionn-chairn. Áireamh do bhrígh is do bhladh, lia a líon nó a n-úathadh ó do cuireadh coin-íall ort gosan ionbhaidh si a ttaoí 'nocht." Do éiricch Bran lán dá feircc is cumhsgaighis uile an leircc teichidh an torc tar shliabh soir ó 't-chonnairc a n-ionnsaicchidh. Fada an rúaicc ó Bhearnois Mhóir go Glean Teichidh soir gan e mar ar fhasttaidh Bran an torc, mur a bhfuair Fionn adhbhal-olc. Seafais Bran, gabhus a chluas agus sgaras ris anúas: connmhaigh Fionn an ccluas aile: baoi an torc ina mhór-sheasamh. Léiccis an torc sgréich 'na cheann, agus ro chlos im in ghleann: tánoicc as an ccnoc 'na dháil aitheach anaithnidh anbháil.
Adobhairt aitheach an chnuic: "léiccidh uaibh dhamh-sa an mhuic, nó beithi i ndáil deabhtha dhe fá dháigh marbhtha na muice." Ro-chuala Rindolbh go rinn, ro-chuala Aodh Becc mac Finn, ro-chuala Dáire go ngus, ro-chuala Daighre agus Donnghus. Éircchid an ceathror glan garcc gosan aitheach n-áith n-ionárd: ceanglas an t-aitheach iad soin gan neart sgéith, gan cruais cloidhoimh. Do-chuala Caoince mac Finn agus Glass an ghaisccidh ghrinn, do-chúala Fál imma-lle agus Cúaan Croimghlinne. Ceanglas an t-aitheach iar n-úair an t-ochtar laoch go lán-bhuaidh: ro chuir iris ionnta so; ros-thócc ar learcc a dhroma. Fionn, Bran, agus a' torc cionn ar chionn ó chnoc do chnoc: nír chuimhgheadar ní dhó dhe; nír ghabh arm nír loiscc teine.
Gabhus an t-aitheach ar dhruim an torc, gur chuir re a ghúaloinn: ní raibh acc Fionn 's occ Bran de acht a bhféaghoinn dá n-éisi. "Geis is gádh is aincheas ort muna leana tú do thorc; ní maith suarraighe re seilcc, a Fhinn mheic Cumhoill airm-dheircc. Béid fó gheasuiph cuid dot Fhéin muna leana do sheilcc féin: bíaidh fó gheasuibh Bran búadhach in cú áluin iolbhuadhach." "Do racchainn-si leat," ar Fionn, "dá bhfacchbhainn comhaidh dá chionn, madh dá léicctheá leam gan acht m'ochtar laoch im choimhideacht." "Beir-si beannachtoin leó soin, a mhic Cumhaill a hAlmhoin, rod-fía uaim aisccidh oile: nochan asccoidh miodhlaighe." Sgaoilidh an t-aitheach, géar chruaidh, don ochtar laoch go lán-bhúaidh, agus do-chuador-son lais gusan sídh ós Ghleann Deircc-dheis.
An uair ránccatar san doras tucc aniar fleiscc gan chonas, agus tucc buille don torc go rath gurbh ócclaoch in aoidheadhach. Tucc buille oile dhó féin, agus nochar mheasa réim, go lasfadh gaoth agus grían don fhior fhorasda fhíor-fhíal. Mar do-chuador isin sídh fuaradar fáilte gan fhíoch: cuirther íad 'na suidhe ar cholbhadhuibh gloinidhe. Tánoicc caocca giolla n-ócc orra isteagh do thoirbhirt pócc; do-ríacht 'na ndíaigh, línibh snas, caocca sgolócc fionn folt-chass. Trí chaoga bean bhrat n-úaine ticc isteagh, ba bladh búaidhe: suidhidh gach bean díbh 'ma-le i bhfarradh a caomh-chéile. Ríoghan 'na suidhe isticch thall ba háille don chineadh chlann: feruis fáilte frisin rígh re mac Cumhoill Ailmhuiní.
Asda ro hasaoideadh dháil a hocht síothlaibh airccid bháin, agus sítheal chumhdaigh óir d'Fhionn mac Cumhaill mheic Thréinmhóir. Núa gach mbídh, sean gach dicche, tuccadh do lucht an tighe: fuarador airfideadh án maráon is gaoíne comhráidh. In úair ro ghabh meascca cách Is ann ad-beart an t-ócclách: "créd anos atá ar h'aire, a mhic Cumhoill Almhuine?" "Is eadh atá ar mh'aire," ar Fionn, "ó taoi-si 'gá labhra riom, cia sibh-si, a mhuinntear mheanmnach, do chinn ar gach caoimh-theaghlach?" "Énán mac Labhair Thuinne m'ainm-si, is mé an laoch go luinne: Croifhionn mo bhean chaoimh gan chrádh, inghean mhín-gheal Mhanannáin.
As eadh fil dár ccloinn gan acht aon-inghean agus aon-mhac: Uathach an mac, glan a lí; Sgáthach ainm na hinghiní." "An ghein ad-chiamaoid-ne dhíbh samholta a éccosg frí rígh: dá bhfaicmaois in inghean n-áin do-bhéarmaois a tuarasgbháil." Inn sin tuccadh isin teagh Sgáthoch, an aindir uicht-gheal: rucc buaidh ndealbha agus ndruine do mhnáibh talmhuin tonn-bhuidhe. Líonas a searc, ní fáth fóill, Fionn mac Cumhoill mheic Thrénmhóir: tarrccaidh dhí céad do gach crodh dá thabhairt a ttuarusdal. Tarccaidh dá bráthoir go mbúaidh scíath is cloidhimh díolta shlúaigh; tarrccaidh dhi ina coibhche thrá céad uinge d'ór ór-lasta. "Créd lat súd," ar a hathoir, "a bhean nár fhaomh anachoin? ciodh maith bean ní headh is fearr a tochmhairc tar a choimhtheann."
"Gen gob fear diongbhála dhamh conmhaor go n-ágh im fharradh, nocha bhiú-sa in bhur n-aghaidh gonach-am-tháir trom-fhaluidh." Córaighthear ar gúaloinn Fhinn an ríoghan luchair láin-ghrinn; naisgthear an coibhche gan chair ar mhac Cumhuill a hAlmhuin. "Tabhraidh uile dhamh-sa dhe cor an fhir ar a chéile dá ndeach libh m'inghean féin bhur mbeith uile dá hóighréir." Do-rad ris gach aoin-fhear dhíbh grían, éscca, muir, is tír, is do-rad-son dóibh mur soin fa chongnamh dhóibh a ccomhachtuibh. "Ón ló taoi id chliamhuin dúin," ar Énán d'iomad rúin, "aire tuccsamar dd i-le d'fhéachsoin ar mh'inghine.
As é mo mhac an torc trom d'imir oruibh-si anfhorlann, mé féin in fomhoir fuirmeach do-rinne bhur luath-chuibhreach. Ó thárramair oruibh baoghal, gan neart sgéith gan crúas bhfaobhar, racha éruic dhaoibh ann sin d'ór, d'airccead, is d'iolmhaoínibh. An t-ochtar úd d'Fhíanuibh Fáil raghaidh ina n-eaneach dháibh dá chumhoil óir gach fir dhíbh is a ceathair dá n-aird-rígh. Beir mo shítheal mur shéad sluaigh lat, a mheic Cumhoil arm-ruaidh, gloine agus airccead uile, dearccór agus fionnbhruinne. Mo shítheal is séad sluaigh, a mheic Cumhoill iolbhuadhaigh, go seacht bhfailcchibh d'ór gan acht go madh feirrde a taodhuigheacht.
Beir-si lat an bhfichil bhfinn, beir mo sgían go n-ór imghrinn, beir m'fháinne dearccóir go mbloidh: fiú céad gach cloch dá chlochaibh. Beir lat m'ocht n-ealta cloidhimh do dhearccór arna snoidhidh: íocfaithear ar ccoin cháomha is bhur sleagha snas-mhíne." An tan tánoicc tráth luighe druididh cách dhíobh ré-roile: do luigh gach aon 'na iomdhaidh, níorbh ordughadh eisionmhuin. Déarghaithear a n-iomdhaidh ann; taoscca Fionn ina comhdháil; d'íarr Sgáthoch suil do luigh iasacht cruite in airfidigh. Cruit baoi istigh ar thrí théad, dar liom fa sulchair in séud, téad d'iarann, téud d'umha án an ccéadna d'arccod iomlán.
Anmonn na ttéud nár throm suantoir-ghlés, geantoir-ghléas oll, golltair-ghléas an téud oile chuireas cách ar chíamhoire. Dá sinntear an goilltear-ghlés glan do shluaghuibh troma an talmhan slóigh an domhuin gan dolbha do bheith uile acc bioth-dhoghra. Dá seinticche an geantoir-ghlés gádh do shlúagh an talmhan gan trom-ár, do bheidís acc gáire dhe ón tráth rathmhor go-roile. Dá seinnticche an súantoir-ghlés sáor do shluaghuibh beatha na mbráon, fir dhomhuin, mór an modh, do bheittís 'na síor-chodladh. Seinnis an inghean fháthach an suaintear-ghléas síor-ghnáthach nó gur thuit a thoirrchim súain ar mhac Muirne go mór-bhúaidh. Cuiris 'na ccomhshúan tar chách Bran is an t-ochtar ócclách: go meadhón laoi, mór an modh, ro bhádar 'na ccodladh.
An úair do éirigh grían ós fhiodh dhóibh siomh níorbh adhbhal an cion, ann ro bhádar i mBearnus, géar lugha leó a ttighearnus. A chú féin acc fear dhíobh is a shleagh bhuidhe bhláith-mhín, an t-ór is an t-airccead geal, na seóid agus an tshítheal. "Truagh nach éucc fuaros de," do ráidh Fionn flaith na Féine, "suil do bheith acc mnaoi mur sccéal mo bheith adhaigh a n-éttréan." Dona laithibh ro chreid Fionn an lá soin do Rí na rionn sul do dheachaidh don bhioth bhán Rí na séad is na síothladh. Ann soin tánccatar an Fhían idir andeas is aníar, gur innis Fionn dóibh go tais a bheith adhaigh 'na n-éccmais.
"Ná habuir bréithir co nghaoi, a mheic Mhuirne is adhbhal gnaoi; ó mhadin dúin ar an selcc úaid, a mhic Cumhoill airm-dheircc." Ro innis Fionn dóibh sgéala is gach a bhfuair do mhéla, 's tucc comhartha úaidh an fear na seóid agus an tshítheal. Do-bheir Fionn na seacht bhfailghe do sheacht mnáibh na fionnaidhne, Édaoin, Aobhdhonn, Aoife, Aobh, Aillbhe, Ruithen, agus Ro-cháomh. Tucc-san damh-sa an fáinne óir fiú céad do gach crodh comhchóir, an fhithcheall d'Osccor na sleagh agus do Chaoilte an tshítheal. Seacht mbliadhna ag Caoilte chóir don tshíthil mhaisigh mhaoth-shróil go ttáinig an fáth dá bhfuil a fáccbháil ós Duibh-cheachoir. Áon do ló ag Duibh-cheachoir dhúin misi is Fionn, go n-iomad rúin, agus bheós Caoílte rom-char, Guaire giolla na síthal.
Iarras Caoilte digh uiscce ar Ghúaire fa glan tuixe: gabhus in sítheal 'na láimh; luidhis lé d'iarraidh úaráin. Fúair úairáin ro budh maith níamh re taobh an chnuic rinn aníar: ro thaitin ris féin, monúar, an sruth línidhe lán-úar. Cuiris Gúaire mac Neachtoin in sítheal fón sreibh sneacht-ghloin: ro thuit isin oiccén úaidh in tshítheal, dál go ndiombúaidh. Naoi n-onfaisigh ar dá chéad ro bhaoí dá hiarraidh, 's ní brécc, agus ní bhfuaradar de an lá soin sítheal Chaoílte. Sítheal. Iar soin adubhairt Fionn ar an ttulaigh ós ar ccionn: "nochan fhuighthear í dar leam ón ló iniogh go ttí an Táilgean. Tiucfaidh an Táilgeann tar muir, budh sochar do Ghaoídhealuibh, beinneóchaidh Éirinn a broid, is beannachaidh an ttiobruid.
Mar bheinneóchas in sreibh sláin Pádraig mac Alproinn iomláin tiocfaidh bradán sonna seal thóiccéabhas dó an tshítheal. Niamhóchthar bachla bána, cluicc cháomha, agus ceólána, is soiscéala gan snímhche d'ór is d'airccead na síthle." Sítheal. As íad sin a scéala dhuit, a rí an phubuill, a Phádruic, fann anocht atú-sa dhe ó 't-chiú-sa sítheal Chaoílte." Sítheal.
Tánccatar teachta Cáirrthinn Fhinn mheic Bhloid mheic Cais mheic Conaill Each-lúaith ann soin ar ceann Phádraig, ór baoí fleadh mhór- adhbhal arna hullmhughadh aicce dhó. Téid in Táilgean leis na teachtoibh sin go Dún ngeal- chlochach ngorm-chraobhach nGaoíthe mur i mboí Cáirthín. Ro éirgheadar maithe agus mór- úaisle in dúnaidh ann soin d'fhearthain fáilte ré bPádruig. Ro shléachtsad dó íaromh agus tuccsad a ccionna ina ucht. Teaccoid isin mbaile inonn as
a haithle. Is ann soin ro hasaoideadh bean Cháirthin Fhinn tre úathbhás ria bPádraig, agus ruccustar deircc-lia dhonn-fhola gan duiniughadh. Ro hinniseadh soin do Phádraig agus ro fhuráil a tabhairt chuicce dá coisreaccadh agus dá céad- bheannachadh. "Monúar, a úasoil," ol áon díobh-siomh, "ní hionbhaisde idir an ghin fil ann, agus ní hoircheas acht uathadh dá faixin." "Cuma sin ón," ol Pádraig, "ór madh háil do Dhia budh hionbhaisde in ghein sin." Tuccadh an lía lán-fhola chuicce íaromh, agus tucc- somh signum na croiche tairis fó thrí, ionnus gur fhorbair go hathlomh, gérbh anabaidh ro bhaoi, co ndeárna gein bhúan-chrothach bhláth-dhéan- mhach bhall-chorcra mhic dhe. Ro baitseadh é íaromh agus tuccadh Eochaidh Baill-dearg d'ainm fair, agus as uaidhe-sidhe atád Dál cCais coscarach cúil-fhionn, agus ro fháccuibh búadha iomdha fair agus ar a chloinn dia éis. Ciodh fil ann trá acht do bhádor trí laithe agus teóra hoídhche acc fleadh-ól i ttimcheall Phádraig. Ro fhiarfaigh Colmán caoimh-eaccnaidh do mhuinntir Phádraig d'Oisín ann soin: "Créd 'mádh ttuccadh Dún nGaoithe ar an dún sa, Druim nDíthlann ar an druim si amuich, agus Fionn-loch ar an loch sa inar ccomhfhoccus?" "Sealcc Breac-shléibhe Bolccraighe do-rinne
Fionn cona Fhíanaibh laithe n-áon, agus do-chuaidh Fionn dá chois isin ccnuc dár chomhainm Fionn- laoi (risa ráitear Fionn-ais), agus tánoicc do thaobh in ghleanna boí ann agus Dirraing mac Doghair Dhámhuigh maráon ris, agus nochar chían dóibh go bhfacadar lánamhuin n-áloinn n-ilchrothach i n-aon-leabaidh isin nglionn go bpubuil n-il-bhric n-iubhlaidhi ina n-urthimcheall agus nochan fhacatar- somh ríasan uair sin a ccomhmaiseach do lánamh- uin. Ticcid-siomh chuca ann soin, agus bean- naigheas dóibh. Fiarfaighis Fionn díobh iaromh cúich íad budhdhéin nó cia tír as a ttángatar. "Dolbh Scóinne mh'ainm féin," ol an láoch luchair-thaitneamhach buí isin leabaidh, "agus ó Dhún Scóine i nAlbain tánocc, agus Fionn-lacha a Fionn-inis Floinn ainm na hinghine si im fharr- adh." "Maith, a Dhuilbh," ol Fionn, "créd 'mádh ttánccois sonna?" "D'ionnsaicchidh Fhinn mheic Cumhoill tánocc don turas sa," ol sé, "dom bheith seal ina fho- chair." "Maith ro éirigh do thuras-sa dhuit," ar Dírroing, "dóigh ámh an fear ar a ttuccois íarr- aidh is é fil 'got t'agallaimh." An tan ro-chualaidh-somh soin tucc a lámh i lláimh Finn agus do-rinne a chor agus a chonnradh ris. Boí bliadhoin a bhFianaibh íaromh, agus nochar briseadh cath nó comhrac nó comhlann tairis
risin mbliadhoin sin, agus do-bheireadh céad-chosgar agus céad-ghuine ón bhFéin uile ion gach ádh agus ion gach iorghail i mboí. Ro chumadh Fionn-lacha earradh agus éadach do mhaithibh Fhian Éreann, agus ro fhuaigheadh íaromh gan uireasbhaidh as a haithle. Accus budh hisi an dara bean budh háilne baoi i fFíanaibh aríamh, agus Muirn Mhunchaoimh, inghean Thaidhcc mheic Nuadhod, máthair Fhinn, in bhean oile. Ar n-olc do cheilt," ol Oisín, "ní dhingneam úair innismaoíd ar maith an tan ticc chuccoinn. Agus, 'anuim, a naoimh chléirigh," ol sé, "icc so an t-olcc ód deirim, .i. misi do thabhairt grádho agus géur-ionmhuine d'Fionn-lachoin tar ceann a fir féin agus mo bheith bliadhoin i ngalor dá grádh gon fhios d'aoinneach dona Fíanaibh, co ndearn- adh sealcc Droma ós Dubh-loch le Fionn cona Fhíanaibh, agus tánccatar banntracht na bláth- Fhéine do chomhshnámh go lúathgháireach ar an loch sa inar ccomhfhoccas-ne. Téicchim-si leó an lá soin tar an loch," ol Oisín, "agus ro thréiccios mo shealcc agus m'fhíadhach, agus rob fhearr damh nach ndeárnuinn. Agus as gairid bámar ann," ol Oisín, "an tráth ránoicc leam-sa póicc do thabhairt dá haimhdheóin d'Fhionn-lachoin, agus rucc in ríocchan biodhccadh as mo láimh, agus ro léicc isin loch as a haithle í, nó gur bháithsead dobhar-linnte an Dubh-locha an deigh-
ríocchan tré iomad adhnáire im an áon-phóicc sin tuccas-sa dhi. FhionnAccas ó 'd-chúala Dolbh Scóinne an deagh- laoch sin," ol sé, "ro fhóccair comhrac go hath- lomh oram-sa, agus nocharbh urasa eisiomh do fhrea- gra láimh ar láimh," ol Oisín, "uair ámhdhóigh mádh do bhí isin ccruinne a chomhcalma ina aimsir. Tarccais Fionn cumhadha móra d'ór agus d'arccead agus do gach maith ar-cheano do Dholbh i n-éruic na hinghine," ol Oisín, "agus ba dimhaoín an tairccsin sin. Tarccois íaromh a roccha d'ócc-mhnáibh aontumha Éireann dó ós a ccionn sin, agus ní raibhe brígh ainnsidhe," ol Oisín, "óir do luidh-siomh dá bhfaghbhadh ard-cheannus Éronn d'éroicc a bhFinn-lachoin nach ngéabhadh é nó go n-aitheadh a anbhfolaidh. Ro éirigh mo mhac molbhthach móir-ghníomh- ach-sa, .i. Osgar, 'mun ádhbhar sin agus adubhairt gurab dó féin budh leannán bean Dhuilbh Scóinne, gurab ann sin ro fhóccair-siomh comhrac go hainiardha ar Osgar 'mun ádhbhar sin, agus as and ro fearadh in t-iomaireacc eatorra i mullach Droma Díthlann, agus ro bhriseador a ccloidhmhe san chéad-chuinnscleó ionnus gor díthiccheadh a lanna go lán-athlomh. Cona dhe ro hainmnigheadh in druim ucchod, .i. Druim nDílann. Gabhois Osgar a sgin ann soin agus gonus Dolbh
go deagh-thapaidh dhi. Ro ghabh Dolbh láimh Osgair iarna ghuin dó agus croithis an sgín go haimh- dheónach esde, ionnus gorbh é sin céad-oil ágha Osgoir, .i. a sgían do bhreith d'aon-chrothadh as a láimh. Tárraidh Osccar go hathlomh ann sin a sgin neimhe ro bhaoi ar chrios Dhuilbh Sgcóinne, ionnus co ttorchoir Dolbh dhi íar mbeith car in chaoimh-laoi dhóibh acc iomthuarccain aroile; agus as súaill nár básoígheadh Osgar isin iorghoil, ór nochan fhuair ionnshamhail na héccne soin ríamh acht madh comhrac Cithidh mhic Éccuind a aonar. Ro bhaoi an sgín acc Osgar athaidh fhada iaromh, cona aire deirthí Dolbh Scóinne ris. Tucc iar soin d'Aonghus mac Criomhthann chosgaraigh í, agus do ghoirthí Dolbh Scóinne dhe in ccéin baoi in sgín aicce. Ro hadhnaiceadh Dolbh agus Fionn-lacha isin dúnadh so iaromh," ol Oisín, "agus ro chaoinsead an Fhian uile íad íarna n-adhnacal. Conadh ann ro ráidh Fionn: "As fuar agus goirt in ghaoth gheur-chumhadh dhúinn in días sa do hadhnaiceadh sonna agus ad- rochair go hanachuin." "Fír, i rígh-fhéinnidh," ol Fearghus Fínbhél. "Agus budh Dún Gaoíthe ainm an dúnaidh si dá ngoirthí Cathair Cuilleand gos inos, agus budh Fionn-loch ainm an locha so ar ar báidheadh Fionn-lacha a Finn-inis dá ngoirthí Dubh-loch anallano."
Ro fíoradh sin," ol Oisín, "úair ro lilsead na hanmonna sin díbh gosin ionbhaidh si, agus lilfid ó sonna amach. Gonadh íad soin érnadh na cceasd ro chuiris, a Cholmáin," ol Oisín. Agus ro ráidh na roinn:
"Leaba dese a nDún Gaoithe do leathtaobh Airir Aoífe i nGlionn na Geilte Glinne do thaobh Cathrach Cuillinne. Aní dá bhfuil an leaba lir isum cuimhneach, a chléirigh, is innisfeadh co ngaoíne dhuit-si tar cheann cumaoine. An días ro fuigh san leabaidh, a chléirigh rom-choimhfhreaccoir, as úatha atá an leabaidh láin (nocha chél ort, a Cholmáin). Dá chéad bliadhoin gos anocht lódmar go gleann ós Dubh-loch ceithre haidhche san ghleann ghlan d'Fhionn mac Cumhoill nárbh uathadh. Do luidh go moch flaith na bhFían do sheilcc sonna san sein-shlíabh; do luidh isin ccnoc dá chois: úadha atá Fionn-laoi ar Fhionn-ais.
Tánocc do thaobh an ghleanna an laoch go ccóir ccoimhleanga; do-chí fear is a mhnaoi imuigh taobh re taobh isin leabaidh. Beannaighis dóibh leath ar leath Fionn is Dirrong go dlightheach, agus do ráidhsead riú gan omhan a n-anmonna d'fhíor-shloinneadh. Do ráidh an laoch go líon ngal: "m'ainm-si Dolbh Scóinne sgiath-ghlan Fionn-lacha a Finn-inis Floinn is í an inghean ócc áluinn." d'fhiarfaigh Fionn ar sodhain: cia tír as a ttánccabhoir, nó cá háit a ttád bhur ttosca?" nír fhiarfaigh anfhorasta. Do ráidh Dolbh Sgóinne in sgéith bhric (an t-aiseacc nocharmh amhghlic): "tánccamair-ne d'íarraidh Finn a híath Alban i nÉirinn." Adobhairt Diorroing dúanach risin ngiolla n-ócc n-uallach: "as é so an tríath ro thoghuis, a Dhuilbh Scóinne sgéith-sholuis."
Atn-aigh a lámh i llaimh Fhinn an soin Dolbh Scóinne a Scoitlind, 's do bhí re bliadhoin mbladhuigh aicce san bhFéin allmhuraigh. Ní bristi comhlann nó cath tar mac rí Scota sgíamhdha, 's do-bheireadh ón bhFéin uile cosgar agus céad-ghuine. Ro chumadh Fionn-lach go ccéill earradh almhurdha don Fhéin, is ro fhuaigheadh dhóibh uile, an ríocchan ócc fholt-bhuidhe. Gé ro shirseam tír is tuinn nochan fhuaramur eadruinn dhá inghin budh áille araon ináisi is Muirn Mhunchaoímh. Grádhaighis Oisín amhra in mhnaoi n-áluin n-almhurdha: ro budh feárr dhó nach ndearnadh; maircc do-chuaidh don choimhreabhradh. Do éirigh Fionn maidin mhoch do sheilg go Druim ós Dubh-loch: as ann ro hinnleadh uile sealcc im Bhreac-shliabh mBolccraighe.
Do-chúador ós an loch lán na mná cúanna do chomhshnámh: do luidheas-sa leó ar an linn is rob ionnsaighidh d'éislinn. Do-rad Oisín ar n-athaidh póicc dá haimhdheóin d'Fhinn-lachain: báitear an bhean tré náire; ro budh caingean nuall-gháire. Ó 'd-chúala Dolbh Scóinne an sccéul éirgheas an mílidh móir-thrén, gor fhóccair comhrac 'mun mnaoí ar Oisín nachar chomhthaoi. "Do-ghéabha airccead agus ór," ol Fionn ris an laoch lán-mhór, "is t'aon-rogha mná gan mheing dá mbeith i n-aontomha i nÉirinn." "Tuingim bhád láimh, a laoich luinn," glór in fhir a hAlbuin uill, "nach gébh comha ar dhruim domhain nó go n-aithear mh'anbhfolaidh." Adubhairt Oscar amhra risin bhféinnidh bhfíor-chalmo: "accom-sa ro bhaoi do bhean rob mé a leannán láimh-gheal."
Do ráidh an fear go feargach re hOsgar go himdheargthach: "éirigh, má thicc dhíot deabhaidh; ní fhéadfaidh t'Fhían t'imdheaghail." Gabhuid i cceangal catha an dá mhílidh mheanmnacha; brisid a lanna líomhtha isin ccomhlann ccoimhfhíochdha. Druim nDíthlann ina dheaghaidh ainm in droma troim-dheabhthaigh iar mbriseadh na ccolcc catha dona fearoibh faobhracha. An samh-lá ó dhubh go dubh rob iomaireacc gan fhuaradh: ro bhás gan chomhlann chródha go ttánoicc tráth iarnóna. Gabhus a sgían Osgar oll agus gonois an laoch lonn gor thuit Dolbh Sccóinne don sgín da láimh Osgoir mheic Oisín. Beiris Dolbh ar láimh Osgoir íarna ghoin 'na chaomh-osccaill; croithidh-siomh an lámh íar soin; benas eiste an sgín sgíamh-ghloin.
Acc soin oil ágha Osgoir i lló catha agus cosgoir, a sgían do bhreith as a láimh, a crothadh 's gan a congmháil. Gabhoidh-siomh in sgín neimhe do bhí 'ccon ócclách eile: nír thréith a throid san tachor, gur thuit céile Fionn-lachan. Dealbh Scóinne fa hainm d'Osgar ón ló ro chuir an cosgar: don sgín fa hainm dó 'n Sccóinn ghlan, ainm na tíre as a ttuccadh. Tucc Osccar an sgín tar muir d'Aonghus mac Criamhthoinn chosccraigh: in feadh ro bhaoi for bhioth abhus Dealbh Scóinne fa hainm d'Aonghus. Dealbh Sccóinne do-rochair ann i mullach Droma Díthleann maraon is Fionn-lacha féin, itáid isin ccnuc ccoimhréidh. Do chaoinsead an Fhían uile idir rígh is ro-dhuine in días táid fraigh re fraigh 'na luighe liúin san leabaidh.
Is mé Oisín budhdhéine; creidim Flaith fionn na féile; brisde mo chroidhe chain mo luighe for an leabaidh." Leabaidh.
"Beir buaidh agus beannachtoin, a Oisín," ol Colmán, "agus innis dúin anois ar fíor do ghoile agus ghaisccidh in bhfúair Osccar aoin-ail ghaisccidh riamh a n-éccmais na haile sin go bhfios dhuit féin, agus mádh do fuair ná ceil óirn." "Dar fíor mh'einigh ní cheileabh sin ort, a Cholmáin," ol Oisín, "agus inneósad anos gan cháirde an aon-oil eile fuair. Feacht n-aon," ol sé, "do comhmóradh sealcc chríche hAighle agus Umhoill linne, Fíana Finn. Agus ro budh mór ar lúathgháire im an sealcc soin, óir nír lamhsam a dénomh re ré Chuinn agus Chonoill Chruachna gosan ionbhaidh sin ina ránccadar críocha agus caoimh-fhearonna iarthar Connacht ar láimh Lughach mheic Fhorcca mheic Fhearadhaigh mheic Aonghusa Feirt, agus gérbh eisiomh ann níorbhó bhearn bhaoghail é idir, ór ní mó lamhmaois-ne sealcc Umhoill do dhénomh ina aimsir iná a n-aimsir Chuinn agus Chonoill. Laithe n-áon," ol Oisín "ro hinniseadh dhúinn Lughaidh do dhul i ccrích Mumhon ar
céilidhe go a chlíamhuin, .i. Mogh Néid mac Deirgthine. Téicchmíd-ne do sheilcc Aighle agus Umhoill ó do fuaramar an fhaill sin orra. As amhlaidh baoi Osccar," ol Oisín, "agus é ar ttabhoirt grádho do mhnaoi Luighdheach an tan soin gérbh ádhbhar lán-chuidhbhidh dhó é, agus go ndeachaidh trí chéad d'óccbhaidh Fhian Éireann dá tabhairt lais ar áis nó ar éigin ó Dhún Inbhir gheal-maighrigh ghlain-Iorruis, agus nocharbh feasach d'Fhionn créd do budh toiscc dhóibh acht amháin gur shaoileastar gurab tinneannus tréan-shealcca baoí orra. Leanmíd-ne íad ara-bhárach," ol Oisín, "agus ro suidhigheadh sealcc linn im Phartrai- cche Droma Rén rathmhair, im Ghleann Caoin, im Chruachán Aighle agus im shléibhtibh Umhoill ar-cheano. Ro hinniseadh dhúinn iar sreathucchadh na sealcco," ol Oisín, "nach deachaidh Lughaidh don Mumhoin an ionbhaidh sin agus go mbaoi ina dhúnadh feisén; agus ro ráidh Fionn risan bhFéin ann soin íad féin d'iomghabháil go hairchilleach ar shlúaightibh na tíre gosa ttánccatar do bhrígh nár charaid dhóibh íad; agus do ráidh fós gér nár lamhadh sealcc na sáor-fhearonn sin do dhénomh re linn Chuinn Chéad-chathaigh, Chonoill Chrúa- chna, agus Eachdhach Én-shúla, dá bhfeasadh féin gan Lughaidh do bheith i ccóicceadh Mumhan nach ccuirfeadh dochum a sealcca do dhénomh
gan cead Luighdheach d'fhagháil. Accus do ráidh mar an ccéadna acht gérbh ócc an-áosda Luighidh gorbho maircc baoí a bhfíor-naimhdeanas ris ar 'fheabhas do laoch, agus nach raibhe i nÉirinn aon-fhear budh dóigh lais féin dá dhiongbháil; agus ro ráidh bhós nárbh iongnadh an mac sin Baillghile inghine Mogha meanmnaigh mhóir-neartmhair (ón Máigh cciúin ccaoimh-shreabhaigh) agus Forcca fíochmhair airm-neimhnigh meic Aonghusa fhear- rdha fheidhm-neartmhair Feirt do bheith níatha naimhdeamhuil, agus fós gor chóruide dhó bheith cródha curata feabhas na n-arm agus na n-iolfhaobhar baoi aicce, .i. dígh shleagh a shaor-athar, loircc- fhearsad Chonuill, agus lúireach, muince, agas cath- bharr Chuinn chomhramhaigh Chéad-chathaigh. Dála Osgoir," ol Oisín, "téid fón dúnadh soin an deigh-fhir, ro loiscc agus ro lán-aircc é agus tucc in inghean ass cona ban-chuire, agus ó nach raibhe ar cumas don chaoimh-mbanntracht acht gáirthe grod-mheara gola agus géir-éighmhe do léiccen ós áird do-rónsad é. As amhlaidh boí Lughaidh an lá sin agus a theaghlach ar ndol do sheilcc Sléibhe gnáth-oirrdheirc Gamh agus gan ina fhochair féin díobh acht madh aon-ndías namá, .i. Labhraidh Lámhfhada mac Deircc agus Aodh Arm-chorcra mac Deircc agus íad ina ttriúr ag dubhánacht ar Charroic na cCuradh taobh thúaigh don dúnadh. "Ciodh fil ann trá," ol Oisín, "acht ó 'd-chúala- dor na caithmhílidh coimhíachtach an bhan-
trachta tánccadar co tinneasnadhach dá n-ionn- saighe agus iad armtha éidighthe, agus ó 't-chonnairc an chaoimh-ríoghan Lughaidh ina hiarmhóireacht ro ghabh agá ghríosadh go coimhláidir caoin- bhriathrach imá cosnamh go calmo curata ar an Laighneach lán-ghann baoi ar a tí, agus ro chuimh- nigh dhó a fheabhas do chosain í roimhe sin agá tabhairt go tréun-chalmo ó Mhuimhneachaibh. Ro ghabh greim an greasacht sin," ol Oisín, "óir ling Lughaidh cona dhias deigh-fhear fó Fhían- aibh Finn go hamhnas ainsearcach agus go fíoch- dha foirníata, ionnus gor mharbh céad ina ccéad- chuinnsgleó dhíobh go deagh-thapaidh, agus ro ghabh an chuid eile dhíobh briseadh agus búan- sgaoileadh chucu ionnus nár fhan aon-fhear dhíobh a bhfarradh Oscair. Ro ráidh Lughaidh rena dhías deagh-laoch fanmhuin dá n-iombúaladh an tan soin nó go bhféachadh féin agus Osccar dúthracht a ndeabhtha ré-roile. Is ann soin ro ionnsaigheadar an días deagh-laoch sin a chéile go cródha curata agus co naimhdighe neart-chalmo. Acht cheana ro trom- loiteadh in tréin-mhílidh Osccar isin iorghuil sin agus ro beanadh leath-ugh as agus ro ceangladh agus ro crúaidh-chuibhriccheadh é as a haithle. Agus, a Cholmáin," ol Oisín, "is í sin aon-ail ghaisccidh is mó fuair Osgar an ccén no mhair, agus ba teann-obair
do Chorbmac ua cCuinn agus d'Fhionn úa Baoisccne beó Osgoir d'fhagháil ón deigh-fhear. Cona ann soin ro dílsiccheadh sealcc agus saoir-fhíadhach Connacht gan chuidiughadh do Lughaidh agus dá laoch-mhaicne d'fhuasccladh as Osccor." Cona do dheimhniughadh in sgéil sin ro ráidh Oisín na roinn:
"Sealcc do-righneadh le Fionn féin im Phartraicche Droma Réin, im Ghleann Caoin agus im Chruachoin Chruim, im shléibhtibh iarthoir Umhoill. Adubhairt Fionn risin bhFéin: "iomghabhaidh go maith sibh féin: sluaicch in tíri si i ttá sibh ní caroid iad-séin idir." Nír lamhadh iccoinne riamh sealcc ar na sléibhtibh si thiar an ccén do mhair mac Úna agus Eochaidh Én-shúla. Dá bhfeasoinn-si gan Lughaidh do bheith theas isin Mumhoin go bráth ní dingeantaoi in tshealcc gan cead do Lughaidh Lámh-dhearg.
Ciodh ócc an laoch sin Lughaidh mairg dár bhudh biodhbhaidh bunaidh: ní bhfuil i nÉirinn in áigh aon-laoch is dóidh dá dhiongmháil. Baillgheal inghean Mhogha ón Máigh máthair in rígh, móide a ghráin; Forcca ua hAonghusa Feirt athair Lughaidh an láimh-neirt. Dá shleicch Fhorcca aige féin, ní husaide in laoch do réir; nochan deaghail re a láimh luinn lorcc-fhearsad catha Conuill. Lúireach Chruim bhá chneas in fhir, séad is fearr fó nimh, a mhuince, a chathbhar d'ór dearcc, atád acc Lughaidh Láimh-dhearcc. Inghean Mogha neartmhair Néd, Áine fhial nach abradh brécc, rob í an chruthach gan cheilcc ban-chéile Lughach Láimh-dheirg. Grádhaighis Osgar éachtach Áine, ro ba cém créachtach, go ndeachaidh trí chéad dá tigh dá breith ar áis nó ar éiccin.
Nochar shiubhail tír no tráigh, nír ghin d'Fhianaibh beatha báin, do chlannaibh Ádhuimh, aoin-fhear dár chubhaidh a chomhmaoidheamh. Do luidhsead go Dún Inbhir (as turas dá raibhe imneadh), béraid an mnaoi tar an múr, airccidh, loisccidh an laoch-dhún. Lughaidh, Labhraidh, agus Aodh acc iasccach san ttráigh re a ttaobh, tádhbas dóibh an t-éighmheach áith, teaccoid na laoich bhán luath-gháir. Ba seadh éigheamh baoi ann soin iachtach ban-chuire i n-éccin, tar gach adhbhar (ráidhim ribh) im dhol re Fíanoibh Osgoir. Do ráidh Áine fholt-chas fhíal re Lughaidh co neart laoch-níadh, "nám-léicc, a laoich rucc gach mbuaidh, le Féin Osgoir adhbhal-chrúaidh. A Lughaidh, ó do-radais mé a Mumhain, a mheic rígh Cruachon na ccladh, ná gabh uathadh ó iolar.
A Lughaidh, ó do-radais mé a Mumhuin, a mheic rícch Cruachan na cclann, nám-léicc le Laighneach lán-ghann. A Lughaidh, cuimhnigh do chuairt san Mumhoin dár chosnais mé go meadhrach re a maithibh, gér mhór-mheanmnach." Ro ghabh greim greasacht Áine don triar laoch go lán-áilne: ro lingsead fón sluagh íar soin; marbhaid céad d'Fhianaibh Osgoir. Gabhuid maidhm in chuid oile ar teicheadh na hiorghoile, go nár fhan aon díobh 'na bhun: fáccbhuid Osgor 'na úathadh. "Sguiridh dár n-iombualadh trá, a ócca," ar Lughaidh Leamhna, "go bhfaicear féin 's an laoch lonn cia dhínn bhus crúaidhe comhlonn." Do chomhraic Osgor amhra agus Lughaidh lán-chalmo, gor ceangladh Osgar go n-ail le Lughoidh isin iomghoin.
Beantar a ugh a Osgar ó nár thúaloing é a chosnamh: "slán úaim-si choídhche dá chruth; leór leam don Laighneach leath-ugh." Teann-obuir Chorbmuic uí Chuinn agus Fhinn a hAlmhuin uill beó Osccoir d'fhácchbháil tar ais ó mhac Fhorcca fhaobhair-ghlais. Acc sin, a Cholmáin céad rún, do sccél ón tsheanóir re a thúr, an dá oil ghaisccidh is gal do bhí ar mo mhac ar Osccor. Nír lamhsad clann Bhaoísccne bhúain sealcc Connacht ná cuairt a cúain: Lughaidh (ro budh laochdha 'fhearcc) do-ghéabhadh sochar na sealcc." Sealcc.
"Beir búaidh agus beannachtoin, a Oisín," ol Pádraig, "is mór in fios agus in fíor-eólus ro fhácc- bhuis accoinn, agus a Bhróccáin," ol sé, "sgríobh na sgeóil úd ro innis." Do-rónnadh samhlaidh. Bádor ann for a n-iomráitibh. Ro-siacht Caoilte chucu, agus ro fháiltighdar roimhe, agus toirbhiris Oisín póicc dhó agus
ro éirigh do ghúaloinn Phádraig agus ro íarr air- siomh suidhe isin ionadh i mboí. "Acc amhaé," ol Caoilte, "nocha suidheabh-sa choidhche isin ionadh bhus feárr agus tusa i lláthoir, ór is riot as cuibhdhe bheith a ndeigh-ionadh." "Truagh sin, a chara," bhar Oisín, "nír chóir d'áonneach d'Fhíanuibh a n-éccmhuis an rígh- fhéinneadh bheith úasad-sa a n-aoin-ionadh i mbeatha." Ro suidhiccheadh ól-teach aca íar soin agus ro shuidh Caoilte ar ghúaloinn Cháirthín Fhinn, agus ro dáileadh miodh so-mblasda so-óla orra agus biadha bioth-bhlasda bríghmhara, ionnus gurbhó súaach soi-ráiteach íad. Is ann soin ro fhiarfaigh Cáirthín mac Bloid do Chaoilte ciarbhó hí máthair Osccoir mheic Oisín asan sccél ro bhaoi dá innisin acc toidheacht do láthoir dhó-somh. "Is deimhin go bhfuil a fhios sin accom-sa," ol Caoílte. "Flaithbheart inghean Dá Neara a mháthoir-siomh, agus budh hí ba máthair do mhac mhaith baoi accom-sa," ol sé, ".i. do Cholla mac Caoilte, agus isum cuimhneach-sa iomarbháidh adh- bhal-mhór do theaccbháil eidir óccbhaidh cloinne Baoísccne ag Ráith Tuirc don taoíbh thuaigh d'Almhuin Laighean, .i. eidir Oisín mac Finn Raighne Rosg-leathon, Fearghus Fínbhéil agus a dhá mhac, .i. Aodh agus Flann file, Osgar mac Oisín, Colla mac Caoílte, Oirbh Sgéine, Fear Logha, agus trí mic
Aillbhe Gruaidh-bhrice, .i. Faolán, Caoínce agus Uilleand, agus ro fhóibreadh mór n-olc do dhénomh eatorra ann tré iomarbháidh a máithreach; agus ro-chúalaidh an féinnidh a bhfreagartha," ol Caoilte, "agus ro chuir misi d'eadarghaire eatorra óir ní raibhe i fhFíanaibh acht madh misi nó Fionn neach ro-shoisfeadh a n-eadarghaire gan cathughadh do dhénomh dhóibh, agus ro ráidh Fionn na roinn acc imtheacht dhamh-sa do choscc na n-ócc," ol Caoilte:
"A Chaoilte, coiscc na fiora go nár dheabhthaighead adiodhú; nochan fhuil díbh, tóla treabh, laoch nach maith do mháithribh. Gé madh bras Oisín Ealcca, Abhla deigh-inghean Dealcca a geanuis, amhail do gheall, do chin ar ócc-mhnáibh Éreann. Fíor do thrí macuibh Aillbhe go madh í budh déach d'aindribh: gach a ccanoid nocha cam, Faolán, Uince, agus Uilleann. Mula inghean Bholcáin bhil, máthair Raighne Rosg-leathoin, ní fhuil sonna siú ná thall bean nár chuirthe 'na conchlann.
Raiceat inghean Cathaoir chaoimh máthair Fhearghosa co n-aoibh; Tuile máthair chloinne in fhir, inghean d'Fhionn mhac Treghamhuin. Flaithbheart inghean Dá Neara máthair Osccoir ar-cheana 's máthair Cholla mheic Caoílte, an dá mhac fa mór-mhaoídhte. Duibhneóin inghean Dubháin dil máthair Uirbh Sgéine sgiath-ghil agus máthair Fhir Logha, an días chaomh fa comhrogha. Misi is tusa (díoghrais ráidh), gen go ndearnam iomarbháidh, Idh agus Muirn co n-aoibh nglé ar ndí máthar, a Chaoílte." A Chaoílte.
Is ann soin ro cheileabhar Pádraig do Cháirthin mac Bloid agus ro fháccoibh beannochtain aicce a ccumaoin a fhleidhe agus a lán-onóra dhó. Ro cheileabhratar na seanóirigh dhó as a haithle agus bador buidheach dhe. Gluaisid rompa iaromh go Gleann Glaisi Gleadh- raighe don táobh theas do Dhún cCoirín Chiorr, i ccríchd heisccirt Éle tuaisceartaighe, risa ráitear
Gleann Gad anú. Ro sreathadh a phubal tar Pádraig isin ionadh soin, ór fa deireadh do ló ann. Ro-riachtsad lucht na críche gosna cléirchibh dá ccoimhfhreasdal an adhaigh sin go nach mbeith uireasbhaidh orra acu. Ro chaithsead proinn agus tomhaltas íaromh, agus tuccadh uiscce as a haithle gosan Táilgean do lór-ghlanadh a lámh ass. Iar n-ionnmhadh dhó tuccadh an t-uisce go Caoílte. Aithnighis Caoílte an t-uisce comh lúath agus tánoicc ina fhiadhnoisi, agus ro ráidh íaromh: "Uiscce Glaisi Gleadhraighe sonn," ol sé, "agus as eisiomh an treas uiscce nach bhfáomhadh Fionn ionnmhadh as a nÉirinn, agus do-dhéan-sa d'aithris ar mo thighearna gan ionnmhadh as an uiscce si." "Cia an dá uisge oile," ol Pádraig. "Uisge milis Mínicháin agus uiscce Mónadh na Bothaighe," ol Caoilte. "Agus ro ráidh Fionn na roinn," ol sé, "an tan bámar sonn ina fharradh, Fíana Éireann, got thairrngire-si, a Tháilgin:
"Uisge Glaisi Gleadhraighi, maisi, taisi, tonn-ghile: budh í an abhonn ainglidhi, sruth na n-abhonn n-oirdnidhe. Do-ria an t-oíghidh oirdnidhe, mac Arpluin mheic Fhódaidhe, sreabh na glaisi géaccaighe tar aisi gach fódmaighi.
Beinneóchaidh go búadhnasach eas na glaisi gainmhidhe, uiscce Glaisi Gleadhraighe: cráobh gan chuisne in coll-bhile. Trí uiscce is feárr fúaras-sa le feóil oss is ailbhine: uiscce milis Mínacháin, midh na n-abhonn n-ainglidhi; Uiscce Mónadh Bothaighe, loch-bhuinne geal gainmhidhe; gan taisi ar a tonnghaire uiscce Glaisi Gleadhraighi." Uiscce.
"Dar ar ccubhais," ol Pádraig, "as mór an t-urghairdiucchadh meanman agus móir-aicceanta dhúinne bheith acc éisteacht ret fhuighlibh, agus innis dúinn anois ar son h'einigh créd 'má ttuccais an chorr-imirce iomráiteach chluinmíd go Teamhraigh agus cionnus tuccais íad." "Donn mac Aonghusa ro ba rí ar dhá chóicceadh Mumhan athaidh éiccin, agus tánccos rena fhlaitheas ionnus nach raibhe aicce acht Rinn Iarmhumhan agus Eóghanacht Locha Léin. Tánccos ris fá dheóigh go raibh 'na thaoíseach teaghlaigh acc Cormac mac Airt a tTeamhraigh, agus tánaic dhó doridhisi go
raibhe 'na thaoiseach féine i fFhianaibh Éireann go cionn bliadhna. Táinig i ccionn na blíadhna sin mar a raibhe Fionn, d'íarraidh a thuarasdail fair, agus is eadh ro íarr ina thuarasdal fair fios an rúin budh hionnsa lais d'innisin dá mbuí aicce. Adubhairt Fionn ris nach raibhe éifeacht dó isin iarratas do-roighne agus go bhfuighbheadh ór agus airccead ina thuarasdal agus dob fheárr dhó d'fhagháil; agus adubhairt Donn ris nach géabhadh sin úaidh; "agus a rícch-fhéinnidh," ol sé, "nach ccuimhnighir go ttuccais bréithir dhamh-sa go bhfaighbhinn mo bhreith féin úaid acht go ttuccoinn m'aimsir féin duit. Misi, iomorra," ol sé, "ro choimhlíonus m'fhocal duit-si, agus beid acc imtheacht úaid acht muna ccomhlíon- air an céadna dhamh." Do-roighne-siomh comhairle an neithe sin re hOisín and soin agus liom-sa, agus ro ráidhimair-ne gur bhúaine bladh nó saoghal agus gor chomhaillte dhó- samh a fhocal do Dhonn acht go ttuccadh dain- gean dó go ndingeanadh rún fair an ccén budh rún aicce féin aní d'inneósadh dhó. Cuirios Fionn fios ar Dhonn ann soin agus ro innis dó go raibhe do rún aicce Fíana Éireann do bhreith i ttimcheall Teamhrach, agus é féin do dhul móir- sheisir armtha éidighthe innillte go teach na Teamhrach agus éididh umpa leith astigh dá n-éid- eadhuibh ionnus go bhfealldís ar Chormac agus go
sgardaoís re a ríghe é; agus tucc Donn fírinne flatha dhó co ndiongnadh rún air sin in ccén budh rún aicce-siomh é, agus gidh eadh tucc rabhadh do Chor- mac agus do chuir ar a choimheád é. Téid Fionn go Teamhraigh iaromh agus tucc móirsheisir lais go doras Tighe Miodhchúartha, agus mur fríth rabhadh roimhe nochar léicceadh asteach acht é féin ina áonar. Agus iar ndol isteach dhó ro féachadh é, agus fríth éididhe uime taobh istigh dá éadach dochum an fhill do dhénomh mur do ráidh Donn. Do gabhadh Fionn and soin acc Cormac agus do barradh glais agus geimhleacha fair, gonadh iarna ghabháil do-roighne na roinn:
"Maircc do-ní coccar da nach ttáirthear ní; mairg thréigeas a dhuine gnáth ar dhuine dhá thráth nó thrí. Maircc do-ní éathach is goid; maircc fheallas ar a charuid; maircc do-ghní cogar meabhla mairg thréicceas a thighearna. Trúagh an tríall, ón trúagh an tríall, do fhoirchill oirn an Fhían; cogar nocha ngabhann scís ó roicheas do dhís go tríar.
Donn mac Aonghusa a Druim Dheircc do-rad orchra i ngach aird flaithghille cinnfhionnbhruit deirg do-rad dúinn meircc is maircc."
"Cionnus do fuasccladh an flaith-fhéinnidh iar soin, a Chaoilte?" ol Pádruic. "Ciodh 'mádh mbeinn-si dá cheilt sin?" ol eisiomh, "gé nár chleachtas mo ghníomhartha do mhaoidheamh gos anois, agus gidh eadh inneósad duit-si cionnus do fúasccladh Fionn ón mbraigh- denas úcchod. Ar ngabháil in rícch-fhéinneadh tuccadh ceannas na Féine d'Oisín and soin, agus do bhámar acc dénomh focchla fó Éirinn in bhliadhoin baoi Fionn i lláimh, agus maille re gach focchoil eile ro sgaras-sa ris na Fianaibh agus nochar fháccbhas áithe nó muileand dá bhfuaros i nÉirinn gan losccadh. Do-riachtas go Teamhraigh 'haithle gach focchla dá ndérnus, agus ro mharbhas a' dorsaidh agus do- chuadhas ina riocht isteach mur a raibhe Cormac ua cCuinn; agus ro ghabh amhoras in rí um thim- cheall agus ro ráidh íaromh:
"Iongnadh leam," ol sé, "iní ad-chiú, .i. tairm ghotha Chaoilte agus éadach in doirseóra." "Ná haboir sin," ol Fionn, "ór ní fhursainfeadh Caoilte coindil agus ní dhiongnadh a fritháileamh mur dhoirseóir ar ór Éireann." In tan táirrnig an t-ól," ol Caoilte, "tóccphuim- si in ccoinnil agus ruccos leam í re cois in rígh gosan bhfialteach, agus do shuidhis ar a dheis-láimh do- chum aimhleasa do dhénomh; agus fa geis don rí do bhíadh i tTeamhraigh," ol Caoilte, "caonnach Seisccinn Fhúairbheóil d'fhaccháil, agus géarbh eadh tuccus-sa dhó-samh ina láimh, agus do ráidh íaromh: "Iongnadh leam," ol sé, "iní thuccois damh, a dhoirsidh, .i. cáonnach Seisccionn Fhuairbheóil agus baladh chnis Chaoilte fair." Agus ro léacceas m'aithne chuicce and soin," ol Caoilte, "agus ro ráidhis ris nár dhú bráighe do chongbháil i mbraighdeanas dá bhfaghthaoi fuasc- cladh esde do réir breitheamhnuis in rícch féin; agus adubhairt-siomh co ngéabhadh fuasccladh uaim- si as an bhflaith-fhéinnidh. Ro fhiarfaigheas-sa créad an fúasccladh. Lánamhuin do gach cinél beathadhach n-éccéillidh dá raibhe i nÉirinn do thabhuirt chuicce cco Teamhraigh - agus is eadh ro iarr-somh, agus ro ráidh nach ngéabhadh comhaidh aile acht sin namá. Ro aontaigheas-sa sin," ol Caoilte, "agus do-
chuadhas d'íarraidh in fhuasccailte sin agus gérbh imchían bhádhus agá ttiomsucchadh tuccas liom go faithche na Teamhrach íad, agus nocha mór do shochar baoi acc Cormac acht a bhfaixin, ór comh lúath agus táinig Fionn imach nochar chuireas- sa congbháil ar an ccorr-imirce agus níorbh fhada dhóibh ar an bhfaithche ó thaccas-sa cúl riú gur ghabhsad sccaoileadh chuca, agus nochar ghabh aon- dís dhíobh a n-aon-chonair. Agus is íad míorbh- aile in mhóir-Choimdheadh, rath Finn, agus mo rioth féin fo-déra dhamh-sa an tréud tréun-ádhbhal sin do thiomsucchadh, a Tháilgin," ol Caoilte. Agus ro ráidh na roinn acc deimhniughadh gach foghla dá ndeárna an ccén ro bhaoí Fionn i mbraighdeanas, agus na corr-imirce sin, co n-érb- hairt:
"Téighim toiscc d'fhulucchadh Finn go Teamhraigh na sreabh n-aoibhinn, go hairm i mboí an mborr-shlat mir, go Cormac mac Airt Éin-fhir. Níor chleacht mé maoidheamh mo ghníomh, géarsom fuilteach re foirlíon, dár thraoítheasa Fíana i bhfuil ós úr Locha Feadhamhuil.
Do chearbsamar laoch fá líach an uair do chearb-samh ar ttríath, agus tuccsam cath iar soin áit a ttorchoir ceann Curraigh. Cuirreach Life cona lí ro chuirseam é ar neimhthní, agus ruccsam a cheann gan choir ar an árd ós Bhodhamair. Do-roighneas-sa beódhacht budh léir iar sgarthain damh risin bhFéin: na guirt ba haibche im fhocchail do loisccinn go lasamhuin. Do-righnis beódhacht ba léir iar sgarthainn damh risin bhFéin: do léigin a laoígh go a mbúaibh uile fá Éirinn adhfhuair. Do-roighneas beódhacht budh léir íar sgarthain damh risin bhFéin: na doirsi ar a mbíodh an ghaoth gharcc do fhosccloinn íad go hiomard.
Íar soin ro léiccseadar riom eachradha áille Éireann; téighim úatha i llúas mo chos nó go ránccos Iorrois. Iar soin iontaigheam iníar go Teamhraigh, géarbh eidirchían, níor toirneadh éin-each dhíobh dhe róm a tTeamhraigh dorídhisi. Tuccas i tTeamhraigh immalle bean fir chomhtha dá chéle: bean in fhir comhtha sa tuccas don fhior comhtha sa. Tuccos i tTeamhraigh gan acht bean ó Chairbre do Chorbmac, agus bean Chorbmaic mo aille tuccas í do Choirbre. Tuccas leam cloidheamh in rígh (géarbh eisiomh fa borb a bhrígh); mo chloidheamh féin, fáth gan cheilt, fágbhuim a ttruaill chuilcc Chormuic.
Iar soin tráth tugas-sa liom éadach in doirsidh iomam: isin oidhche thall tré ghoid mé fo choinnleóiridh Chormuic. "Iongnadh liom tairm a ghlór dí shúil Chaoilte acc an choinnleóir," ol Corbmac caomh lé Fionn de, "agus éadach an doirsidh uime." "Ná haboir-si sin," ol Fionn, ar aird-rí na bhFían bhfoilt-fhionn, "giodh tú-sa a ngeimhiol istigh ná tucc ar mo mhuinntir. Ní hé sin aiccneadh Chaoílte," ol Fionn in chomhráidh chaoín-te, "ní adhainfeadh coindil ccain ar a bhfuil d'ór for thalmhuin." Íar soin táirrnic in t-ól 'gon rí ro-ghasda ro-mhór; gérbh é an coisgéim budh crúaidh sin téighim leis isin bhfíaltigh.
Lodmar íaramh dá thaobh deas tan ba háil dúinn aimhleas agus tuccas dó dom dheóin caonnach Seisccionn Fuarbheóil. "Iongnadh leam a ttuccais damh, a dhorsaidh," ol an rí rathmhar, "baladh chnisi Chaoilte an cheóil caonnach Seisccionn Fuarbheóil." "Ná haboir-si sin, a rí," ar misi i rrocht in ghilli: "briathra bróccoide rod-mher; cuibhdhe d'aird-rí airfideadh." Íarnam aithne dhó gan acht adubhart-sa re Corbmac: "an ttabhraidh-si comhall nglé damh re fuasccladh m'oide?" "Ní bhéaroir Fionn lat dá thoigh ar luagh dá bhfuil ar talmhuin acht áon-chumha, a Chaoilte cháidh, da nach tualoing a fagháil." "Ainmnigh dhamh an chumha chóir," ráidhim-si re flaith in tshlóigh, "ghébhoir uaim a Fionn in áigh, dús an bhféadfoinn a fagháil."
"Dá bhfaghthá, a Chaoílte, réd lá lánamhuin gacha fíadha do-bhéruinn h'oide dhuit de go madh cuibhdhe ar ccomhmaoíne." Téighim ann do shúr n-íath dús an bhfuaisceóluinn mo thríath; dá éis sin go Teamhraigh thailc tuccas leam comha Chormuic. Tuccas-sa leam in gheilt gharcc, is in ghríbh ingneach iomard, is dá fhíach Fheadha in Dá Bheann, dí lachoin Locha Saoíleann; Dhá shionnach a Shliabh Cuilinn, dhá dhamh allaidh a Bhoirrinn, dí ghéis a Fiodh Gabhráin Guill, is dá chaoi Fheadha Fordhruim; Dá thoghmhall ó choilltibh craobh do leathtaobh Dhá Ráon, is dá dhobhrán iar soin a Charroic dhonn-bháin Dobhair;
Dá fhaoílinn i Tráigh Lí ai-lle, dí ruiligh a Purt Láircce, ceithre snoicc a Brosnaigh bháin, di fheadóicc Chairrge Dúnáin; Dí éachtaigh ó Etghe árd, dá smólach Leitre Lonn-gharcc, dhá dhréan ó Dhún Aoíbhthe, dí chaoínce na Corraoibhthe; Dí chuirr in Choruinn chladhaigh, dhá eirrfhiach Mhoighe Fabhuir, dhá iolar Chairrge na cCloch, dhá sheabhac Fheadha Caonnach; Dá pheasan ó Loch Meilghe, dhá chirc uiscce a Loch Éirne, dhá chirc fhraoich Mónadh Mafa, dí ghaircc dhíana Dhubh-lacha; Dhá chricharán a Chúaloinn, dhá mhiontán a Mhoigh Tualoing, dhá cháochán a Ghleann Gaibhle, dhá ghealbhoinn na Seanainne; Dhá pheata odhra ó Áth Clíath, dí onchoin ó Chrotuibh Clíach, dhá chabhóicc ó Dhruim in Daimh, dí riabhóicc ó Leathon-mhoicch;
Dhá choinín a Dumha Dhuinn, dí muic n-állta a Chnoghbha chuirr, dhá pheatán Chreite Rúaidhe, dhá thorc Theamhrach táobh-uaine; Dhá choluim as an cCéas ccuirr, dá lon a Leitribh Fionn-chuill, dhá dhuibh-én Thráccha Dhá Bhan, dí earb loicc Luachra Deaghadh; Dá fhaoínil a Sídh mBuidhe, dhá íaroinn a Fiodh Luaidhraidhe, dí ghéseachtaigh ón Máigh mhoill, dí spideóicc cháomha a' Cnámh-choill; Dá fhear eidhin Átha Lóich, dí uisín a Mhónaidh Mhóir, dí íalltáin a hÚaimh Chnoghbha, dhá phorc a chrích Ollorbha; Dhá chreabhoir ón cCoillidh Ruaidh, dhá fhaidhirclín Léana hÚair, dhá bhruacharán Shléibhe Dhá Éun, dhá chadhan Thurlaigh Bhruidhéil.
Dhá naoscáin a Dhún Daighre, dí buidheóicc a bhruach Báirne, dí spireóicc sonna a Sliabh cCleath, dá lochaidh liatha a Luimneach; Dá thraghna a srathuibh Sionna, dí ghlaiseóicc a bhruach mBiorra, dá chrotach a Chuan nGaillbhe, dí sgréachóicc a Mhurtheimhne; Dí gheilt ghlinne Gleanna Smóil, dí bhaidhbh Átha Mogha móir, dhá onchoin luatha a Loch Con, dí chait o hÚaimh Chrúachon; Dá chadhla a Síth Ghabhráin ghil, dí mhuc do mhucoibh mic Lir; reithe is caora chorcra chas do-radus leam ó Aonghus. Tuccas leam each agus láir do ghroidh mhaisigh Mhanannáin; tarbh is banbha a Druim Caoín fuaros féin o Mhuirn Mhunchaoimh.
Arna tteacclamadh dhamh uile dhamh-sa go lár aon-mhuighe an tan fa háil damh a maoidheamh do fhóbradar ath-sgaoíleadh. Do-chuaidh an fiach uaim budhdheas, ór fa bladh é dom aimhleas; ruccas air a tTráigh Dhá Bhan ós airear Locha Lurgan. Do-chuaidh mo lacha fó láimh (níorbh fhuras í d'fhagháil) go srothaibh Bearbha braisi, go tráigh Inbhir Dubhghlaisi. Do ghabhas-sa í ar bhrághuid; gion gor shulchar lé tánaicc; agus tuccas í gan acht d'fhuasccladh Fhinn do Chormac. Gach a bhfuaras-sa d'olc leó tiocfaidh liom an ccén bhér beó: ar gach mbothar ar gach fán dom fharradh liath luisenán.
Do chongmháil Fhinn aicce i lláimh, agus nár shaoil a fhagháil, uime ro aontaigh-siomh soin d'íarraidh oruinn mar chomhaidh. Ainm don imirce sgaoílte "corr-imirce chorr-Chaoilte"; acht a bhfaixin taoibh re taoibh ní bhfuair Corbmac dá ccumaoín. In tráth do-chuaidh Fionn amach do sgannradar go sgaoilteach: nocha ndeachaidh dias nó triar ó Theamhraigh dhíbh ar én-rían. Mo rioth féin agus rath Finn, míorbhuile in Choimdheadh rom-chinn, trí neithe fa-deara dhamh in tréad san do thiomsughadh. Ní sgíath chuirim ar mo chliú; creidim Críost thall agus siú; m'iomirce d'fhiadhuibh Finn giodh ionmhain í ní mhaoidhim.
An soin fa lúthmhar mo léim a bhfoccus nó a n-eidirchéin; giodh mór ccrann do loisg rem linn mall gach toiscc gus a ttéighim." T.
"Maith, 'anom, a Chaoílte," ol Pádraig, "as oirrdheirc árd-uallach an fuasccladh sin tuccuis as do thríath agus as do thighearna, agus nochan iongnadh iomrádh na corr-imirce sin do bheith i mbéalaibh fhear nÉireann. Agus, a Bhróccáin," ol sé, "sgríobhthar lat ar innis an seanóir Caoilte dhúinn ann súd." Do-ghní Bróccán samhlaidh. Iomthúsa Oisín, in ard-fhlatha, iar nfhaisnéis na corrimirce do Chaoílte amhuil ro ráidheamar, ro ghabh doghailsi agus dobhrón, imneadh agus athuirsi é i ndíaigh Fhinn agus na Féne agus re a imchéine lais gan a chomhdhalta carrthannach agus a bhráthoir bunaidh- chineóil, .i. Deaircc mac Eóghain, d'fhaicsin. Ro cheadaigh do Phádraig dul d'aicsin in deigh-fhir soin go Sídh Ochta Cleitigh, agus ro innis dó amhail do dhealaigh féin agus a naonbhar riséin agus re Caoilte i cCuilleann ó cCúanach agus a ndul a síodhuibh. "'Anom, a Oisín," ol Pádraig, "do budh maith leam-sa in Dearcc soin mac Eóghoin d'fhaixin ionnus go ccreideadh don Choimdhe chumhach- tach dá ccreidim-si agus sibh-si, agus as toil leam-sa thusa do dhénomh cúartha acht nach rabhair go himchian im fhéaccmais feisin."
Ro ghluais-siomh roimhe and soin cona mhuinntir ina choimhideacht agus ina chomhleanm- hain cco Sídh Ochta Cleitigh, agus acc tocht re taobh Churraigh Bodhamhrach at-chí an ccuirr ccrotaigh ccruaidh-luirgneach do leathtaobh na conaire, agus tucc aithne fuirre. Ro bheannaigh dhí as a haithle. Ro fhreaccair-si an beannach- adh. "Ar fíor-ghrádh h'oinigh, h'anmo, agus an Rí rom-chruthaigh," ol Oisín, "innis dhúinn, a chruaidh-luirccneach chian-áosda, ní dott im- theachtuibh agus cionnus do cuireadh isin ccorr- éccoisg sin thú ionnus go madh húrghairdiughadh meanman agus móir-aicceanta dhúin bheith acc éisteacht riot, óir as iomchían ó ro choimhricc- siomh rér ccoimhdhíne gos anos." "Truagh sin," ol sí, "as athnuaghadh doghra agus doimheanman dúinne bheith acc toigheacht tar m'imcheachtuibh; gidh eadh, madh dá ttarairsi god mhuinntir im fharradh sonn inneósad duit an fáth imá rom-chuireadh isin ccruth sa, giodh doiligh dhamh a innisin." Ro shuidh Oisín cona mhuinntir ar an bhfód ina farradh, agus deisidh-si ina ccomhfhoccus, co n- érbhairt Oisín na roinn agus ro fhreagair sí dhó:
"A chorr úd thall san léana, innis dúinn do mhóir-sccéala; cubhaidh riot bheith fó reachtuibh; toirchill ní dott imcheachtuibh. A chorr úd thall san léana, munabh áil leat ar n-éra do-ghébhthaoi úaid, foramh ndil, gach ní budh áil d'fhiafraighidh. Fada íad do luirccne loma, is glas íad h'adhbhronna, fluich do leann acc súr ccuirreach, a sheanóir chríon chruaidh-uilneach. A chorr, do laibheartha liom, do fhanfuinn agad iar ttríall; do fuil agam aithne ríogh ort, a lua-luirccneach lán-chríon." "Ní hurasa aithne orm, a Oisín co n-iomad nglonn; as cian atú-sa gan fos, is mór d'ilreachtuibh fúaras.
Mór laithe, mór n-oídhche bhfuar fúaras ó chúan do chúan; mór do dhiamhroibh 's do dheacroibh fuaros, is d'ilreachtoibh." "Innis tré mheator go mbloidh cia thú féin ar thuinn talmhuin; can do chinéal, clú gan tár, innis damh, a chorraccán." "Miadhach inghean Eachdhuinn Mhóir is eadh m'ainm, is ní fáth fóill; cúicc bhliadhna ar dhá chéad ceasda fuilim isin ccorr aitheascca." "Créd 'már cuireadh thú amhlaidh id inghin óicc ildhealbhoidh, nó créd, a chorraccán, a chorr, fár himreadh ort anfhorlann?" "Eachdhonn Mór, lí go rathoibh, adéroid gurbh é mh'athoir, is fa headh ainm a dhalta Morann inghean Fhionnachta.
Tuccsamar grádh, ceachtor ndil, d'Ábhartach mac Iollathaigh: nír thréicc bean úain dá chéle: dhúinn ba hádhbhar amhraéidhe. Gérbh isi ar tús tucc an grádh dhamh-sa ba hádhbhar ochán: treisi misi, mór an modh, ciodh mé baoi 'gá chúiteachadh. Téid dá chasaoíd le a hoide, le hEachdhonn, fáth gan loicce; éirghis fearcc Eachdhuinn gan on fá a dhalta do shárucchadh. Do fhiarfaigh do Mhoraind mhais, d'inghin Fhionnachta fholt-chais: "an leigfir-si, a dhaltáin dil, in fear dhamh-sa dom inghin?" "Acc sin, a oide ionmhuin, in fear dhuit-si gan diomdhuidh: dá madh leam in bioth búan bailc do-bhéaruinn ar do bheannaicht." "Mo thrí ingheana gan fheall Fionnsgath, Míadhach, agus Cuilleann; is tusa, a fhéata fhinn-gheal, is tocha don triúr inghean.
Mo bheannacht-sa ort-sa dhe, beannacht gach rígh fón ríghe: tú 'gá ttréiccen ar mo ghrádh, a dhil is a dhaltaccán." Ann sin ruccadh misi asteach go hEachdhonn bhféata bhfuileach; ro ráidh m'athoir nárbhó mear: "gurab Dia do bheatha, a inghean. Tárla sonn ceist ret aghaidh dá madh áil leat a cabhair: is eadh dhligheas ríoghain raith fuaslaccadh ar gach príomh-fhlaith. Tusa agus mo dhaltán dil tárla siph a searc aon-fhir: muna léiccidh dom dhalta ebéalaidh do chomhdhalta. Rachaidh lán sheacht ndabhach ndron do dheargór, d'airccead gan on, rachaidh lais duit is ní cealg fiche bó bheannach ói-dhearcc, Seacht ccaoirigh inghine glóir is reithe go mbeandoibh óir, édghaithidh d'fhoirinn catha d'olainn chorcra chomhdhatha.
Seacht bhfailcche déag fós gebhuinn, seacht n-ionar do shról Manann, seacht ndelcc dearccóir arna mbruith, seacht ccarbaid is seacht ccuraidh, Seacht ttoboir go mblas meala, seacht ndroighne, seacht n-airneadha, seacht mbile mbúadha go mbrígh do neoch is measda d'aird-rígh. Beir mo bheannacht le gach séad is béara m'onóir go héug, ór as feárr dhuit ná fear, a inghean luchair láimh-gheal." "M'athoir agus mo mháthair mo dhí shíar agus mo dhearbhráthoir, dá sáoradh ar écc, truagh an dáil, ní léiccfinn úaim mo leannán." Cuiris Eachdhonn mé ar síabhradh re ré sheacht bhficheat mbliadhan ó gach doire do dhoire i rriocht cuirre glaodhaighe.
Buailis dá fhleiscc órdha, dhamh-sa ro budh gníomh doghra, is do ionnarb sé mé amach go ríacht Cuirreach Bodhamhnach. Dom-ríacht iolar Droma Cró (nochan fhuaros olc budh mó) nó gur ionnarb mé tar tuinn go ránoicc Doire Díoghuinn. Rom-thárla ar lon Leitreach Caoin; gairid leam éisteacht le a fhaoídh: madh dá mbeimís go búan de nocha sgérmís re chéile. Dom-rúacht lon Leitreach Bile (inmhoin mh'fhear comtha cridhe): cúig bhliadhna décc, líth co ngus, ar ccomann, ar ccomhthanus. Fa gairid linn ar gach fán, fa ciúin condail ar ccomhrádh: ná bíodh locht ann mur thárla acht nár charsom aon-ádhbha. Fear comaind dob fheárr ná soin ní bhfúair bás, nír bhlas beathaidh, nó gur mharbh an mucaidh mas uadh do bhunnsachan bharr-ghlas.
Dom-ríacht sionnach Sléibhe Mis; ráithe mo chomhthanus ris; grian is éascca tucc-samh dhe dhamh-sa go madh tairisi. Lá dár íadhus mo shúile tánoicc d'fhéachsoin mo chlúimhe; rom-chogain-siomh, truagh an dál, mallacht uaim don loingseachán. Fear eidhinn Aonaigh Luisean tuccamar grádh gan tuisel gairid linn fó bheithe bán acc éisteacht re a chúichearán. Cúicc bhliadhna déag fó dheacroibh dhamh is dó-san acc teachtoin; nochan fhuilim 'gá séana, is íad sin duit mo sgéula. Tusa 'nos, a Oisín fhéil, innis sgéala dhamh budhdhéin; taom oile do bhágh na mban innis ar th'ágh 's ar h'eangnamh." "Laithe bámar acc Drom Crot mé féin is Fionn faobhar-nocht, trí mic an Chearda rom-char, Cas Cúailghne agus Goll Gulban,
Deaghaidh mac Deircc, fear fuileach, is Caol cródha céad-ghuineach, Fáolán, Cairbre, agus Colla, Raighne, Lughoidh Liadroma, Occus Diarmaid ó Duibhne (fa fear séaghuin acc suirghe): cúicc fhir dhécc dhúinne san ccnoc ro budh taoisigh trí chaoccad. Téighmíd-ne a ffiadhnuisi Finn do fháith-imirt ar fhithchill: fa gairid linn ar gach ndáil nó go ttárla in iomarbháigh. Ro ráidhsead mic an Chearda is Díarmaid, saor gach sealcca, go nach mbéradh aon gan acht an geall úatha ar fhichilleacht. Do-radsad briathra móra, meic Cruim-chinn is Caoil chródha, go mbérdís úatha gan fheall dá madh leó ríghe nÉireann. Ros-ghreannaigh íad Diarmaid donn meic Cruim-chinn co n-iolar nglonn, im dhá fhail óir ceachtar dhe do thabhuirt a n-áon-chluithe.
Ro éirigh fearcc i nOsgar i mac Cruim-chinn re a bhrosdadh: fáomhas mac Cruim-chinn tré ghoid uadha dorn gusan Díarmaid. Éirghid cách dhíbh fó chéile; do marbhadh líon a bhFéine; do-dhéntaoi móir-ghníomh san moigh muna ttíosadh teasarccoin. Éirghios Fionn ba fearrdha fíoch; gairid nó go ndeárna síth; suidhis eatorra imalle; sgaraidh cách dhíobh ré chéile. Gairid dhúinn iar sgur dár bhfeircc go bhfaicmíd chugoinn san leircc ócclaoch mór áloinn amhra fossaigh fearrdha fíor-chalma. Ass arccoid imá chois chlí go leaguibh lóghmhara lí, ass órdha imá chois ndeis: nocharbh é an t-indeall aindeas. Brat ós a bhruinne 'gon láoch is léine do mhíon-shról mháoth, eó íarna eaccor d'ór dhonn do bhaoi isin mbrat mbláith mbeann- chorr.
Cathbharr órdhuidhe imá cheann go n-ealtoibh leómhan laindeall, sgíath úaine ós a dhruim gan acht go ngrés inghine macdhacht. Cloidhimh catha co gcrios chóir go n-ealtoibh dílsi deargóir; dí shleigh leabhra ina láimh ndeis, nochar thabharta i n-éisleis. Bean ndealbhdha 'na dhíaigh san ráon ríoghan ruitheanta ro-chaomh; da lasfadh gáoth is grían gheal dá taithneamh acc tocht tar lear. Do-radsad uile grádh dhí, don inghin fa luchoir lí, óir ní fhacos roimpi soin bean budh áillne for thalmhuin. Suidhit i ffiadhnoisi Finn in t-óglaoch 's an inghean bhinn; do fhiarfaigh Fionn, fear nár thais: "cía tír as a ttánccadhais?"
"Tánacc misi ón Fhuardha uill, agus tánag ó Lochluinn, agus ní ruccadh úaim go se mo gheall ríamh ar aon-chluithe." "Deich meic fhichead Mhorna mhúaidh um Gholl ris ná gabhaid slúaigh dá ccluindís úaid, ro budh racht, breith i ngill ar fhichilleacht. Dá ccluineadh sin Cas Cuailghne, dá ccluineadh Lughaidh Lúaighne, ceithre mic Mhaine mheic Bhric, agus dá mhac uí Eibhric; Dá ccluineadh mac Dathchaoín déin, dá ccluineadh Gaillmhe an airm réidh do imeórdaois teora snas, Áodh, Fiamhain, Faolán folt-chas. An dá Gharbh Dhoire gan on, madh dá ccluineadh Fearrdhomhan, do-ghéabhtheá úatho, miadh nglonn, gleó sleagh agus cloidheamh ccorr. Na cúicc fhir dhéacc don Fhéin, a ócclaoich tánoicc a ccéin, gá ttaghthaoi íad, búan a rath, ad íad raighne na n-imeartach."
"Cúich thussa, a ócclaoich go réim, chanas an t-aitheascc go ccéill ór is tú ro tharla i bhfios gá háit a ffhuil h'áros?" "As misi Fionn, foramh n-íath; asam foirfe, gé laoch-níadh; imrim fithchill go ríoghdha; lingeam mo léim céad-ngníomha." "Imérat-sa riot mo mhnaoi, do ráidh in t-ócclách go ngaoi, "is do bhean féin 'na haghaidh a Fhinn chródha chéad-ghoinidh." Sgoith-fhionn inghean Bhrain Bhoirne do bhí acc Fionn gan doilghe: áloinn í, nír bhean fhir bhaoith; áille fó naoi bean an ócclaoích. As ann soin do chuir Fionn fial fios ar a mhnaoi go himchían; teaccoid na ceithre fir dhéag a mná chuca tré fhoiréd.
An uair do-radadh na mná go hionadh a n-imberta tucc gach bean, géar dhoirbh in fáth, searc a hanmo don ócclách. "Tabhraidh cuir dhamh-sa gan fheall, madh mé bhéaras an bain-gheall, rem iodhlacadh uaibh slán gan fheircc is gan achmhusán." Do-radadh ris gach én-fhear dhíobh grían is éscca gan iomshníomh go n-iodhloicdaois é gan fheall go roicheadh an sál snéidh-sheang. And sin imrid an dá mhnaoí Fionn is an t-ócclách gan ghaoí; do fáccbhadh Fionn gan mhnaoi dhe da chomhal an aon-chluithe. Adubhairt in t-ócclaoch re Fionn: "imir fó thrí do mhnaoí riom; mar dhlighir ceannas ó chách dleaghair úaim-si," ol an t-ócclách. Imbreas Fionn a mhnaoi fó thrí ris an ócclách fa caoímh lí; ruccadh fó thrí air, gan acht, a phean féin ar fhichilleacht.
Imrid na ceithre fir dhécc a mná ris, fa borb in béad; do fáccbhadh iad-san gan mhná, ba lúghaide a n-aiccénta. "Mo chomhuirle dhaoibh," ol Fionn, "a chuire féata foilt-fhionn, ná himbridh nís mó iná sin risin ócclách an-aithnidh." "Acc súd misi ag imtheacht úaibh," do ráidh an t-ócclách go mbúaidh: "bératt bhur mná, mílibh clann, nó go roisir oirear Lochlann." "Nocha mbéarair lat ar mná nocha maoidhfithear íad red lá; do-ghéabhair úadha, miadh nglonn, gleó cloidhimh is sleagh ccorr." "Caidhe na briathra móra do-rad sibh, a chuire cródha, fám iodhlacadh úaibh slán gan fheircc is gan achmhusán?"
Nocha bhfúair acht misi and sin neoch ro chomhuill a bhréithir: tairccim-si, ba mór an modh, don ócclách a iodhlacadh. "Beannacht ort, a Oisín fhéil, is tusa tá dom réir fám iodhlacadh re taobh tonn go roichir mo churach corr." Do-rónsad coccar nár chóir muinntir mheic Cumhoill árd-mhóir: do thriallsad, géar dhoirbh in fáth, coill a n-einigh fán ócclách. Gairid dóibh-sén gáirde de, Fionn is maithe a mhuinntire, gur éirghe míol moighe mas eidir in ccuire ccomhmpras. Mur do fhéachatar uile úathaibh ar an míol mhoighe, ceiltear an t-ócclách gan acht agus ceiltear an bhanntracht. Fios in ócclaoich is na mban ní ffuair neach ar thuinn talmhan acht mur do shluigfeadh muir mhór nó mar do rachadh i n-áigheór.
Dar anmuin a raibh ann soin d'fhearoibh carad caradroigh, do bhaoi dhínne seisir amhra dhá lá is oídhche gan labhra. Adubhart-sa risin tuir re mac Muirne rem athoir: "olc ar mbeatha d'éis ar mban, far ndul d'écc do chró cumhadh." Cáirrthe do bhí san ccnoc chrúaidh gusa n-athaighdís na slúaigh, snadhmas Fionn ogham 'na shlios go nach mbeith áon 'na ainbhfios. Iar sin gluaismíd beccán sluaigh do Thráigh Eóthuile pudhthúaidh, seólmaid romhuin tar muir mall go ruachtsom críocha Lochlann. Eóghan Fionn (ba fear go ngráin) ba rí ar an Lochluinn láin; cúicc fhir dhéag dhúinne co ngus i rriocht deóradh is amhos. Do ráidh an rícch go bhforas: "cia sibh-si, a bheaccán amhos; ósa deóraidh siph gan acht can ass a tticc bhur ndeóradhacht?"
"Éareannuigh sinne uile," do ráidh Fionn an flaith-ruire, "óm aoís mhacáin atú ille le cách acc reic m'amhsoine." "Cia an t-amhas mór sa as feárr uaibh," ar rí Lochlann go líon slúaigh, "cia 'ainm a nÉirinn co ngus, an fód a ttá 'urradhas?" "Mac brughadh misi gan fheall do bhrughadhuibh na hÉireann: nochan oircheas gaoi re flaith, a Eóghain, ósad fíor-mhaith." Glantor teach dhúinn 'nar n-amhsoibh, is cóiraighear go cabhsaidh; teaccor proinn chéad 'nar ccuid, dhúinne nochar dháil dearmuid. Crédh inghean Eachdhach gan gheis, bean rígh Lochlann na loingeas, líonaidh searc an amhuis í ó bhonn go barr baithisi. Ráithe don mhnaoi gan chabhair iar mbeith i seirc síor-ghalair; nocha bhfríth do thocht tar lear líaigh nó lus do choibheóradh.
Go ttáinig fisicch an rícch ón Fhúardha mhuill gan iomshníomh, gor fhiarfaigh an fisigh íar soin, "créd is galor don inghin?" Tóccaibhthear in ríoghan rán gusan bhfisicch (feirrde a dáil) do ráidh an fisigh iar soin: "tarla tú ar searc Éireannaigh." "Imthigh úaim," ar an ríoghan, "óir níd fisicch, rod fíoradh; sgeó neimhe is áigh fort i cclí; níd-rala ar fios fírinní." "Leabhor im láimh-si go léicc, tearc acc fisigh a leithéid, mádh tú-sa ar bhréicc, mór an modh, féadfaidh tusa a fhoslacadh." Tárraigh an líaigh an leabhor osluiceas é gan mheabhol, ór fa hé nach tárla ar ghaoi; íadhas é gan iomarghaoí. Sínidh an leabhor breac báin don ríoghain gur ghabh ina láimh: dá mbeith go bráth, mór an modh, ní fhéadfadh sí a fhoslagadh.
"Measa an fear dá ttárdais h'úidh," ar rí Lochlann go líon rúin; "cuibhdhe dhuit iná rí reabhach amhas fíochdha fuineadhach." "Ná habuir-si sin, a rí, ná ráidh-si bréithir co ngoí, agus ná maslaigh mé go se nó go bhfeasair fírinne. Fíor gur fhóbair éccen orm an t-amhas mór bhí fád chornn: atú i seircc ó shin ille ar uamhan a innise." Tineóltar uainne gan fheall isin mbruighin 'nar ttimcheall Saxanaigh, Breathnaigh go mblaidh, Frangcaigh agus Lochlannaigh. Do gabhadh sinne go fíor dár ttabhairt ar breith in ríogh: breith an rígh, fa mór an modh, báthadh óirne nó losccadh. Do chuinghidh asccaidh Fionn fáidh an tráth soin ar fhíor an áigh, gan báthadh óirn, gan losccadh, go ttuillmís ar ttuarasdal.
Blíaghain dóibh gan fhios a ríogh (eadh no baoi an Fhían i n-imshníomh), go ttángatar go Dún Crot 'gur fháccsad Fionn faobhar-nocht. Fuair Mac Lúghach san ccairrthe oghumn ar a ttucc aithne, Fionn a lorccaireacht a bhan go rí Lochluinn, go hEóghan. Teaccoid-siomh go Snámh Aighneach, ionmhain cuire fionnailgeach: seólaid rompa tar muir mall go ránccatar íath Lochlonn. Lá dá raibhe ar an bhfaithche rí Lochlann go líon graifne, go bhfaca chuicce an slúagh seang ó innsibh áillne Éireand. "Teachta dá fhios cia na sluaigh," ar rí Lochlann go lán-bhúaidh, "is fiarfaigher díbh gan acht can as a tticc a ndeóradhacht."
"Cía na slúaigh si," ar na teachta, "tánoicc sonn, línibh reachta, ciodh 'má ttángador san tír munab cead lais an aird-rícch?" "Atáid sonna Fíana Fáil im Gholl mac Mórna go ngráin d'íarraidh catho, líon bhfeadhmo, nó d'íarroidh a ttighearna." "As é Fionn an t-amhas mór," ar rí Lochlonn, líon slógh, "mo chean don Lochlonnach lonn lena bhfuighbheadh a bhforlonn." Éircchis Goll fa gaircce gal, fóccrais comhlann ar Eóghan; trí laithe dhóibh gan fhúaradh acc iomghuin, acc iombúaladh. Cuindghis Goll osadh catho ar Eóghan go neart bhflatho, go ttíosadh an Fhían isin ccath, go tráth éircche arna mhároch.
Téid Eóghan san ngríanán nglan san áit a raibh in ríoghan: "mo chion," ol sí, "a rí, rut d'éis do chosgar san ccomhrac." "Nír bhlais beathaidh, nír bhlais bhíadh, nochar thimchill gáoth nó grían áon-laoch risa scuchfadh Goll dia ngabhadh a airm comhthrom." Ad-bheart in ríoghan go mbladh aitheascc iongnadh re hEóghan "ciodh nach gabhoid airm oile tú, a rí go rathmhoire?" "Meisi nocha gabhoid airm, nocha ttraoitheann mo thréun-thairm; ní fuil acht mo chalcc gan cheass áon-arm dá ndéntaoí m'aimhleas." "Ná cluinidh úaid neach oile búadha do chloidhimh neimhe, ná tabhoir a fhios réd lá do neoch acht duit-si is damh-sa." Mur do thuit a thoirchim súain ar rí Lochlann go líon slúaigh gadais Crédh an cloidheamh thrá go ttucc do Gholl mac Mórna.
Tucc lé claidheamh Guill go ngráin nó go ttorracht ina dháil, agus do sháith, géar chuairt cham, a ttruaill chloidhimh rí Lochlann. Éirccheas rí Lochlann amach im thráth éircche arna mhároch; éirgheas Goll, ba garbh a ghoil, seadal mháith úas an maidin. Mar do thuic rí Lochlann láin gan a chloidheamh féin 'na láimh, nascaidh úadh uile do Gholl uinge d'ór as gach puball. Gach treas bean boí gan fhear tarccaidh rí Lochlann ar lear, gach treas each is gach treas bó 's gach treas gíall, ní hiomarghó. Nocha ngéabhadh Goll úaidh soin dá ttuccadh rí an domhoin: ro bhean-siomh d'Eóghan a cheann i ffíadhnuisi bhfear nÉireann.
And soin luidhmíd Fíana Fáil agus sgaoilmaoíd an grianán, agus brisidh an giolla Goll dína na nDanmarcc n-iomthrom. Mur do fhéachsom a chéile, sinne is maithe na Féine, ba doilghe dhúinn nó gach dáil a bhfúaramar d'achmhusán. Ad-bheartsad an Fhian co ngal, "tuccthor chuccoinn an ríoghan; bíodh é a díol, gé mór an modh, bádhadh uirre nó losccadh." "Éisdidh riom-sa," bhar Goll glan: "dhamh-sa is oineach in ríoghan; muna millidh a céile ro bhíadh dhamh 'na bain-chéile." Do airccseam Lochluinn na lagh, agus do fháccsom an ríoghan, agus tánccamar fó bhúaidh Fiana Éireann go mór-úaill. Trí tonna sin tar muir múaidh snáidhidh sisi a ndíaigh an tshlúaigh, gor bháidh an ceathromhadh tonn, gan luing is gan churach chorr.
Cumann mná budh mó iná soin tearc madh do-chonnairc ar talmhuin, ciodh fada sin, línibh nglonn, mar innisim dhuit, a chorr. Ar tteacht dhúin go hÉirinn áin adubhairt Mac Reithe ráin ar mná féin do bheith san mBrugh agus Aonghus dár mealladh. Luigheam go faithche an Bhrogha sinne ro budh maith an modha; gabhaidh neach acc comhlonn ann uain do Thuathaibh Dé Danann. Ann soin ticc chuccoinn amach Aonghas féata foruallach; nasccaidh anacal gan ghaoi ar mac Muirne, ar an mór-shaoí. "Acc súd bhar mná, beiridh libh," do ráidh Aonghus go faoílidh: "níor coilleadh dhíbh genas mná - nocha ccoillfinn-sea go bráth. As misi rucc úaibh bhar mná (nocha cceileabh oirbh rem lá) ar nach deárnadh sibh gan cheilt iomarbháigh as bhur n-imbirt.
Mé ro dhealbh an míl moighe ar ar fhéach sibh-si uile, go mbeith mur mná fó dhíamhair agus sibh gá sír-íarraidh. Rachaidh éroic dhaoibh-si ann soin d'ór, d'arccoid agus d'ilmhaoínibh, is rachaidh dhaoíbh tar a cceann tionól Tuaithe Dé Danann." "Gá hasccaidh is feárr ná ór?" ar mac Cumhoill go lán-ghlór: "Tuatha Dé díllsi a n-asccaidh gan bhuin gan each tuarasdoil." Ann soin luidhsiom go Cnóghbha (ionmhain sluagh ághmhar órdha); arna mhároch dhúinne dhe go teach mór na hAlmhuine. Rachaidh misi ar an bhfaithche ar mo mhisge mearaighthe; rachaidh tusa, a luirccneach lom, isin cCurrach imeasg na ccorr." A Chorr.
Íar sin ro éirigh Oisín cona mhuinntir agus ro cheileabhairsead don churr, agus ba dubhach doi- mheanmnach íad acc sgarthainn ria dhóibh, agus
nochar lúgha léisi, óir ba tuirrseach trén-chumhth- ach agus ba hinirt éttrén boí ina ndeaghaidh-siomh, agus ní mór go ttairrnig lé etioll nó iomluaghoill do dhénomh acc dul ar an cCurrach dhí. Dála Oisín, imorra, ráinig cco Síth Ochta Cleitigh, agus fuair Dearcc ar a chionn isin sídh iar ndol inonn dó innte. Ro éiricch Dearcc i ccoinne agus a ccomhdháil Oisín, agus tucc póicc dhó, agus do theann re a ucht agus re a úrbhruinne é íaromh. Ciodh trá acht ro éirgheadar maithe na sídhe íar soin agus ro fháiltighsad ría gach n-áon fó leath do mhuinntir Oisín, agus ro thoirbhir gach aonneach dhíobh póicc dhó budhdhéin. Ro suidhiccheadh íad as a haithle agus ro dáileadh fleadha orra ionnus gurbhó subhach suilbhir-sholas íad. Ro fhiarfaigh Dercc mac Eócchain d'Oisín: "Cionnus tárla do Chaoilte dol ar amas an Táilginn agus creideamh Críost do ghabháil chuicce, agus cáit inar fháccoibh don chur soin é?" Ro innis Oisín do-samh ann soin gach ar imdhigh ar Chaoilte, dul ar amus an Táilgind agus creideamh Críost do ghabháil, agus mur do sgarastar riú féin acc Cuilleand ó cCúanach, agus mur do sgarsad a mhuinntear fris acht Fionnachadh mac Floinn amháin, agus amhuil tárla don Táilgeand é agus mur chreid féin agus Fionnachadh dhó agus an cruth ar ar baitseadh íad. "Accos i bhfarradh an Táilgind do fháccbhas íad aráon," ol Oisín, "a ndeisceart chríche hÉile."
"Maith, ámh, 'anom," ol Dearcc, "cionnus atá phur meanma-sa agus meanma Chaoílte ón ccreideamh sin do ghabhabhair chuccaibh, agus créd mur thaitneas comhlúadar na ccoirneach ccaoín-bhríathrach sin liph?" "Maith meanma gach fir dhínne, agus nochan iongnadh dhúinn a bheith amhlaidh, óir ní tháinic d'Fhíanaibh Éireann drong is deagh-chinneamhne iná sinne, úair do thréigeamar creideamh íodhal agus arracht agus adhradh na ndéa mbréacc, agus ro ghabhamar chugoinn creideamh na heacclaisi agus na Trínóide toighthe tré-phearsonaighe, agus do baitseadh sinn a bhathais ndíadha in Dúileamh- uin, ionnus gurab cinnte coimhdheimhin linn go mbíam a bhfochair ar cCruthigheóra acc caitheamh na glóire suthaine go síoruighe i bhflaitheamhnas gan chrích gan fhoircheann; agus nochan fhacamar ríamh," ol sé, "ó do sgar Fionn agus maithe na Féine linn comhlúador is feárr agus darab córa grádh do thabhairt iná an Táilgeand tabhartach, .i. Pádraig mac Alproinn, gusna cléirchibh cráibhtheacha coisreagtha filit ina fharradh. Agus an bhfeadair- si," ol Oisín, "créd an t-éinní as mó chuireas oram-sa agus ar mo charoid, ar Chaoílte, a n-éccmhais uireasbhaidhe na Féine?" "Nochan fheadar go deimhin," ol sé, "agus do budh maith leam a fhios d'fhagháil úait-si." "As é éinní as mó do chuir óirne, leith amuigh
d'écc ar ccarod agus ar ccomhmbráthor, gan an beccán mhareas d'iarsma agus d'fhuighleach na Féine forníata fír-bheódha do bheith i ffarradh agus a bhfochair aroile an ccén ro fhéadfadaoís, agus dá bhrícch sin tánccas-sa ar do cheann-sa agus ar ceann an mhéide do mhair nó do lean tú d'iarsma na Féine an lá ro sgaramor ré-roile i cCuilleand ó cCúanach, dar mbreith do láthair Phádraig príomh- fhádha agus Chaoilte mheic Rónáin, dochum gan eadarsgaradh dhúinn ré-roile nó go n-eadarsgaradh an bás sinn." "Mo chean dot thuras," ol Dearcc, "agus gibé ní éireóchas dúinne do mhaith nó d'olc dá tháobh, racham leat-sa don dul sa do láthair Phádraig agus Chaoilte." "Beir búaidh agus beannachtoin, a charo agus a chomhmbráthoir, a Dheircc," ol Oisín, "agus as maith fuaras gan mo dhóigh do mheath oram-sa agus gan mh'aisdear do léiccin a n-aisccidh, agus ní mó go madh fearr liom-sa bás iná beatha acht muna tticctheá-sa don toiscc si liom, do bhrícch gor aithin an Táilgeand díom do bhreith ar 'amus." Ro bhádor trí laithe agus teóra hoídhche isin sídh íaromh gan uireasbhaidh bídh nó búan-leanna orra. Íar soin ro cheileabhoirsad d'áos na sídhe. Ro ghluaseadar rompa, agus nochan aithristear sgéalaigh- acht orra nó go rángadar as gach sídh ina-roile ina
mbádor na deigh-fhir sin agus gur thinóilsad íad nó go rabhadar a n-aon-mhaighin. Ro ghluaiseadar as a haithle, agus tánccatar rompa tar aithghairid gacha conaire, go ránccatar go crích ccaomh- tharrthaigh glain-Éle, mur a raibhe Pádraig gá n-iornaidhe. Cidh fil ann trá acht iar ttoigheacht d'Oisín ar amus a' naoímh-chléirigh ro léicc ar a ghlúinibh a ffíadhnuisi a' naoímh-chléirigh é, agus ro chrom a cheann ina ucht agus ro íarr beannachtoin fair. Fuair-siomh sin go hésccaidh. "'Anom, a Oisín," ol Pádraig, "an é súd Dearg mac Eóghain cona mhuintir?" "Ass deimhin gurab é," ol Oisín. Ro éirigh Pádraig ann sin agus ro fhuráil uisge do bheannughadh gan mhoille. Ro labhoir re Dearcc as a haithle agus is eadh ro ráidh: "Maith," ol sé, "is mithigh dhuit-si agus dot mhuinntir creideamh íodhal agus arracht do thréiccin agus creideamh an Choimdhe chumhachtaigh do leanmhuin budhdheasda, ór as é do chúm neamh cona ainglibh, talomh cona thorrthaibh, an fhairrge cona hilmhílibh, agus ifreann cona phíanaibh, agus an cineadh dáonda as é do chruthaigh co comhlán, agus is é ro chuir 'Áon-Mhac féin dá bhfuasccladh ó ifreann íar ttuitim isin loing-bhriseadh dhóibh, ionnus gur fhulaing an Mac Naomhtha sin, .i. Aon-Mhac Dé Athair agus an Dara Pearsa don Trínóid, bás croiche do thabhairt dó féin imaille toil an
Athar uile-chomhachtaigh tar ar ccinn-ne an cineadh dáonda go huilidhi. Accus ar an ádhbhar sin iarruim-si ort-sa baitseadh do ghabháil i n-ainm an Athar agus an Mhic agus an Spiorad Naomh dot fhúasccladh féin ó chuibhreach an díabhail." Ro aontaigh Dearcc cona mhuinntir a mbait- seadh ar an láthoir sin. Ro baitseadh íad as a haithle gan mhoille, agus ro shuidhsead i bhfochair na ccléireach íaromh, agus budh mór an buidheachas rucc Pádraig re hOisín im Dhearcc cona mhuinntir do thabhairt chuicce don chur soin. Ro fhiarfaigh Oisín do Phádruic ann soin cia hionadh i ndeachaidh Caoílte nó Fionnchadh nó Cascorach mhac Caoinchinne uaidh, agus gá lá do sgarsad ris. "An lá do-chúadhais ar cuairt go Sídh cCleitigh," ol eisiomh, "do íarr Caoílte cead oram-sa an lá soin dol go Sídh Ilbhric Easa Rúaidh, agus tuccos an cead sin dó, agus do chongbhas Fionnchadh úaidh im fhochoir budhdhéin." "Cadhe Fionnchadh anosa?" ol Oisín. "Do-chuaidh do dhearcadh na ccnoc agus na ccéideadh inar ccomhfhoccus dús an bhfaicfeadh thusa ná Caoilte ag toigheacht dár saighidh-ne," ol Pádraig. Nochar chían dóibh for na hiomráitibh sin an tan at-chonncatar Fionnchadh chuca, agus íar ttoigh- eacht do láthair dhó ro dhearcoistar ar Oisín agus ar
Dhearcc cona muinntir, agus beirios ar Oisín agus tuccas teóra pócca dhó, agus do-ghní mur an ccéadna re Dearcc, agus tucc pócc do gach aon dia mhuinntir, agus ro theann rena ucht gach aoin díbh íar ttabhairt póicce dhó. Ro shuidh ar leath-láimh Dheircc as a haithle. Dála Chaoílte imorra at-fíadhar sonna: iar n- imtheacht d'Oisín go Sídh cCleitigh ro ghabh dubha agus dobrón é ina dheóigh, agus tánccadar a shein-chneadha othrais ris. Ro labhoir re Pádraig íaromh agus is eadh ro ráidh: "An bhfeadoir-si, a fhíreóin," ol sé, "an treaghod threaghdas misi go minic?" "Nochan fheadar, ámh," ol sé, "agus innis budhdhéin dhamh í." "Sleagh neimhe ro bhaoi acc Maine mac rícch Lochlann a ccath Beinde hÉadair thoir, agus ní théarnó duine dár guineadh ríamh gan écc tréna neimh nó gan bith-ainimh, agus ro bháttar cáocca laoch láidir lán-chalma acc comhrac friom in lá soin a ccath Béinde hÉdoir, agus ro bhádhus-sa iccá bhfreasdal-siomh uile, agus ro dhíobhraicc Maine mé gan fhios damh, agus níor fheadar-sa cáit as ar díobhroicceadh mé, acht ad-chuadhlas-sa foth- ramh agus fidhrén na sleighe dom ionnsoicchidh. Tóccbhaim-si an sgíath súas do dhídean mo chinn agus mo chuirp, agus gidh eadh nír dhídin sin mé, óir do-rala an tshleagh im thairbh-fhéith agus do
fháccuibh páirt dá neimh agus dá hacais, agus moth- aighim a neimh fós agus ní fhédoim gan dul d'íarraidh leighis." "Cia háit ina raghair?" ol Pádraig. "Go hAodh Minbhreac Eassa Ruaidh," ol Caoilte, "óir as aigeá mhnaoí tá deoch íce agus leighis Thuath Dé Danann, ór as aice atá in méid mharas do Fhleidh Ghaibhninn." "Más eadh," ol Pádraig, "fáccoibh Fionnchadh accom-sa nó go bhfillir féin arís." Do-rónadh samhlaidh, agus ro éirigh Caoílte agus Cascorach mac Coinchinne agus ro thiomainsead cealeabhradh do Phádruic, d'Fhionnchadh agus dona cléirchibh ar-cheano, agus lodor rompa iaromh go ránccatar Sídh Dumha i Luighne Connacht, agus mur ránccatar ar faithche an tshíodha ad-chonn- catar an t-áon-mhacaomh ina ccomhfhoccas; brat uaine uime, dealcc óir isin mbrat, mionn óir úasa. Ticc Coscarach mac Conchinne chuicce agus do-bheir póicc dhó. "Caidhe ádhbhar bhur ccaradraidh?" ol Caoílte. "Ionann máthair dhúinn araén," ol an macaoimh. "Caidhe h'ainm-si?" ol Caoilte. "Fear Maisi mac Eóghabhail mh'ainm-si," ol eisiomh. "Nocha leas-ainm sin," ol Caoilte, "úair as lór do mhaisighe agus h'áilne."
"Teaccoidh inonn isin sídh," ol an macaomh. "Ní raghom," ol Caoílte, "co ndearnair-si uirfhuigheall romhann." Téid Fear Mhaisi isin sídh iaromh agus ro innis d'fhior an tshíodha, .i. d'Fhearghos fhoilt-fhionn mac an Dághdha, Caoílte mac Rónáin do bheith ar faithche an bhaile imuich. "Éirghidh-si ar a cheann," ol Fearghus, "agus tabhoir dár n-ionnsoigh-ne é, óir ní chualomor a ccoimhré ris mac ócclaoích budh feárr inás." Luidh-seamh and sin ar ceann Chaoilte, agus rucc lais isin sídh, agus ro fáilticcheadh rompa íar ndul asteach dhóibh, agus ro freasdladh íad as a haithle. "Maith, a charo, a Chaoilte," ol Fearghos arna mhárach, "atá dornchla cloidhimh accom-sa agus budh maith leam thusa dá chórucchadh dhamh." "Faiceam é," ol Caoilte. Tuccadh chuicce íaromh an dornchla agus an cloidheamh, agus do chóirigh íar ccén mháir. "An bhfeadair-si, a Chaoilte," ol Fearghus, "créad ádhbhar córaighthe an chloidhimh si accoinne?" "Ní fheadair imorra," ol Caoilte. "Ócclaoch atá i mbithbheanas re Tuatha éD Danann ccén mháir, Garbh mac Tairbh rí tuaiscirt Lochlann, agus Eólas a bhráthoir: teaccoid gach treas bliadhoin dár nd-ionnsoigh agus cabhlach mór leó agus ban-ghaisgeadhach amhra maraon riú, .i. Bé Dhreaghoin inghean Iorúaidh, agus acc ban-ndraoí ro
hoileadh í ionnus nach mboí díamhuir uirre ar sídh dá bhfuil acc Tuathaibh Dé Danann, agus aní nach rocheann lé do bhreith rena droígheacht eisdibh do shéaduibh, do mhaoínibh, agus d'ionnmha- suibh, do-bheir sí sluagh agus sochraide lé ar lár gacha sídhe dhíobh dá bhreith leó d'áis nó d'éiccen, ionnus go n-airccid agus co n-ionraid sinn go hiom- lán; agus déana-sa an tshleagh fil accom-sa d'ionns- madh fá chomhuir na ban-ghaisgeadhaighe sin." Ro innsmastair Caoilte an sleicch, agus ro mhuídh a lán-chraoí íarna hionnsmuibh. Tuccadh seacht ccroinn chuicce as a haithle, agus nochar fhan aon- chrann díobh as a haithle gan bhriseadh. Tuccadh an t-ochtmhadh crann chuicce, agus ro ionnsmastar go daingean díth-fhoghlaidhi é. "Acc so," ol Fearcchas, "fogha fo-ghabhlánach dhuit, agus déana a ionnsmadh a ccoinne an treas neich dhíobh súd." Ro ionnsmastair-siomh an fhogha go fothaigh- theach fíor-dhainccean ann soin agus tucc i lláimh Fhearghosa é. "Mo chean," ol Fearghas, "don fhoirinn dhínn an triúr fá chomhair ar hionnsmadh na hairm si." "Créd anmonna na n-arm soin," ol Caoilte, "a Fhearghuis?" "Cosgar ainm an chloidhimh," ol Fearghas, "Bean Bhodhbha in tshleagh, agus Deoch Bháis an foccha."
"Ro bhaoi a ttairrngire dhamh-sa," ol Caoílte, "éacht do dhénomh dá madh buidheach fir Éireann agus Alban, agus Tuatha Dé Danann go háiridhe, agus ní dheárnas as m'óige é, agus ní fheador nach anos fil a ndán damh a dhénomh." "Cía thuitius don chloidhoimh?" ol Casgaroch. "An bhan-ghaisgeadhach," ol Fearghas. "Cia thuitius don fhoccha?" ol Fear Maisi. "Leith-rí Lochlann," ol Fearghas. "Cia thuitfeas don tshleicch?" ol Caoilte. "Garbh mac Tairbh, rí Lochlann," ol Fearghas. Ro bhádar trí laithe agus teóra hoídhche isin sídh iar soin acc ól agus acc aoíbhneas. Ceileabhraid do lucht in tshíodha as a haithle, agus tuccsad na hairm sin úatha, agus tánoicc Fear Maisi leó. Lodsadar rompa go riachtadar go hEas na nÉun ris a ráitear Eas Dara in ionbhaidh si, agus eas-sidhe go hEas Rúaidh mhic Bhadhoirn agus d'Árd na Macraidhe, .i. dú i ndéandaoís macradh Thuatha Dé Danann a n-iomáin i ndoras sídhe Easa Rúaidh. Tánoicc Bé Bhionn inghean Ealcmhair imach 'na ccoinde agus trí cháocca inghean ina urthimcheall. Ticc Ilbhreac Easa Rúaidh, Aodh Minbhreac íaromh, agus trí cháocca laoch ina chomhaideacht, agus ro fhearsad fír-chaoín bhfáilte re cCaoílte agus ro thoirbhearsad pócca dile dílsi do Chascorach agus d'Fhior Mhaisi.
"Olc an caradradh dhaoibh, a ócca," ol Ilbhreac, "gan toidheacht dár bhfurtacht-ne in tan do bheith móir-éiccin óirn." "Ní le heangnomh do hoileadh mé," ol Cascorach, "acht re ceól agus re hoirfide, agus dá madh éiccen ealadhna do bhiadh oirbh-si do-dhénoinn-si mh'ealadha féin daoíbh." "Ní le gaiscceadh atámaoid-ne anallanna," ol Fear Mhaisi, "agus gidh eadh do-bhéaram congnamh daoíbh-si don chur sa." Ro innis Caoilte a thoisg do Bhé Bhinn agus do lucht an tshíodha ar-cheano. "Do-dhéntar do leigheas go maith isin sídh si," ol íad-somh. Teaccoid isin sídh íaromh agus bádor acc áineas ionnta an oídhche sin. Tánoicc neach a ndoras in bhaile arna mhároch, agus do ráidh an cúan lán do longaibh agus do leathon-bhárcoibh agus go ttáinic sluagh ádhbhal-mhór eisdibh. "Maith, 'anom, a Chaoilte," ol Ilbhreac, "créd is iondénta dhúinne riú súd?" "Osadh catha d'iarraidh orra," ol Caoilte, "go ttinóilaid Tuatha Dé Danann a n-aoin-ionadh." Do-rónadh samhlaidh. Ro thionóilsead Tuatha Dé Danann an lá soin ionnus go rabhdar dhá chath dhéag ar faithche in bhrogha sin Ilbhric. Do- ríacht teachta rí Lochlann chuca ann sin d'íarraidh catho nó braighdeadh orra. "Cia dhíobh súd do-dhénom, a Chaoilte?" ol iad-somh.
"Ní thiobhram braighde dhóibh," ol Caoilte, "nó go bhfaiceam íad." Lodsad Tuatha Dé Danann rompa íaromh co ránccadar an tráicch ar a mbádar na hallmhuraigh. "An bhfuil carbat cuicht-ghlinne ag aoinneach dhíbh?" ol Caoílte. "Agus má tá tuccadh dhamh-sa é." "Atá agom-sa," ar Miodhar mór-ghlonnach mac in Dághdha. Tuccadh ann sin an carbad co n-eachradhaibh innillte n-aird-érmachadh faoí accá iomfhulong dochum Caoilte. Téid isin ccarbad íaromh agus tuccadh a shleagh, .i. Bean Bhodhbha, dhó, agus ro ionnsoigh tiugh trom-shluaigh na n-allmhurach. Ó 't-chonncadar na hallmhuraigh sin do chóirigh- eadar amhdhaphach do sgíathuibh doi-sgaoílte dealccnacha ina n-uirthimcheall. Iar soin tucc- somh a chlé risin ccarbad, agus tucc-samh a mhéur gaisccidh a súaineamh na sleighe, agus tucc ród n-urchoir dhi ar amos rícch Lochlann gosan airm a bhfacaidh é, ionnus go ttárla go dithreach bith-urláimh dá ionnsoigh í, gor bhris a dhruim ar dhó ann, go bhfuair bás a ccéadóir. Ruccsad a mhuinntir a chorp leó ina luing íaromh, agus ro ráidhsead: "As mór an gníomh do-roighne in t-aon-nduine," ol síad, ".i. an t-aonneach dob fheárr isin domhan
i n-áon-aimsir ris féin do mharbhadh a n-asccidh ameasg a mhuinntire." Conadh dhe goirthear Tráigh an Ghairbh don tráicch sin ó shin gos aniodh. Ro ráidh an bhain-ghaisgeadhach riú as a haithle: "Éirghidh-si in bhar longaibh," ol sí, "agus anfad- sa sonn re haighthibh Tuath Dé Danann co ndíogh- lar mo thríath agus mo thighearna orra." "An bhfuil sgíath chadod chomhdhainccean agoibh damh-sa, a Thúatha Dé Danann?" ol Coscaroch. "Atá accom-sa," ol Donn mac Miodhair. Tuccadh an sgíath do Chascorach and sin agus do chuir ar a chliú, agus ro chuir a chloidheamh ina dheas-láimh, agus ráinic gusin mbain-ghaisgeadh- ach samhlaidh. "Maith a mhacáin," ol sí, "can duit agus créad as turas duit?" "Do chomhrac riot-sa, agus ní fhoillseóchad duit acht sin namá," ol Cascorach. "Gos aniogh," ol an bhan-ghaisgidheach "nír chomhruic duine ná dís riom-sa 'na n-aonar ó do ghabhas grádho gaisgidh, agus ba mionca ro chuireas omhan ar churadhaibh agus ar chéaduibh iná ro chuirsead oram, agus as urasa aithne ort-sa, a mhacaoímh," ol sí, "nach bhfuarois ionadh isin domhan an tráth tánccois do chomhrac riom-sa."
Íar sin do chomhraicsead gan fhuireach go fuileach fóbartach fíor-neimhneach, ionnus go ttucc cách dhíobh tríocha troim-chréacht for aroile. Tánoicc-siomh a ttimcheall na ban-ghaisgeadh- aighe go tric tinneasnadhach, go bhfúair baoghal béime uirre tar bhile an sgéith, gur bhuaileastar í, gur chuir a ceann dá cúl-mhéighe, agus ro léicc do shaighidh Tuath Dé Danann é agus an ceann lais. Tuccsad na hallmhuraigh ann soin gáirthe groid- mheara ós áird aggá caoineadh, agus ro ráidhsead gurph adhbhal in gníomh d'aoin-fhear isin dom- han in deigh-bhean sin do mharbhadh i ccomh- throm comhraic. Ro ríoghsad na hallmhuraigh ann sin Eólus mac rí Lochlann, agus teaccoid ina thimcheall agus ro fhóccairsad cath ar Thuatha Dé Danann. Ro ráidhsead-somh go ttiobhradhdaoís in cath sin dóibh-siomh, agus gurbh usaide dhóibh a thabhairt an rí agus an bhain-ghaisgeadhach do thuiteam leó. Ro éirigh Fear Maisi mac Eóghabhail ann soin roimh aoinneach don tshlúagh agus ro ghabh a fhoccha foghabhlánach ina láimh; agus as uime adearthaoi fogha foghabhlánach ris, .i. cúic gabhla ro bhaoi ar gach taobh dhe agus corrán ar gach taoibh dhíobh-sén. Do theasccadh fionna a n-aghaidh rotha. "A Dhé nimhe," ol sé, "gan fios crotha Eóluis accom." "Ócclaoch as áillne d'fhearuibh an domhain é," ar fear boí ina fharradh-siomh.
"Más aithne dhuit-si é," ol Fear Maisi, "ná héirigh a n-imchéine úaim-si nó go múinir dhamh é." Ro ghabh Fear Maisi a earradh comhroic agus comhloinn uime ann soin, agus ro ghabh a arm gaisccidh ina láimh, agus tánoicc tar sgeimheal- bhord na luinge amach. Do labhoir in fear forchoimhéada le Fear Maisi ann sin agus is eadh ro ráidh: "Acc súd," ol sé, "an fear d'íarrais oram do mhúnadh dhuit, agus a mhionn óir imá cheann, agus an sgíath croi-dhearcc fair, agus an t-éadach iobh- laidhe uime." Agus tucc-samh ann sin a chos chlé re taca na talmhan, agus tucc a mhéur a suaineamh na sleighi, agus tucc urchor ar Eólus de, go ttárla i mbile in sgéith, go ráinic thríd, gur bhris a dhruim ar dhó ann, gur chuir a chroidhe 'na dhuibh-lia fola tar a bhéul amach seachtar. Dála na n-allmhurach ó 't-chonncadar an triúr sin ar ttuitim adubhradar nach ttiobhradaoís cath do Thuathaibh Dé Danann. Ro cinneadh an chomhairle sin leó agus ro iompaighsead dá ttír íaromh. Ro ráidh Caoílte ann sin re Bé Bhinn agus re háos an tshíodha a leigheas go lán-athlomh. "Do-dhéantar léine lán-mhaiseach sho-chrotha liom-sa dhuit," ol an inghean, "ionnus go rabhair fó lúth agus lán-mhaisi agoinne agus go raibhe fíor- mhacánntacht Thuath Dé Danann agad réd ré."
"Trúagh sin," ol Caoílte, "a rádh co ngébhuin- si dealbh dhraoidheachta oram agus an dealbh tucc mo Chruithoightheór dhamh do thréiccen agus in iris chreidimh agus chrábhaidh do ghabhas ón Táilgeand do dhiúltadh, creideamh Oisín agus an Táilginn do léiccin díom mur an ccéadna agus an bheatha shuthain is cinnte leam d'fhaccháil fá dheóigh. Ar a bhfuil d'ór isin mbioth," ol sé, "ní thréiccfinn-si na neithe sin." "Dar ar ccubhuis-ne," ol íad-somh, "is fíor- theist tuccadh ort-sa, a sheanóir, agus as briathra fíor- laoich do bhríathra, agus tabhair cáirde dhúinn fád leigheas." "Créd fochain na cáirde?" ol Caoílte. "Trí fíaich teaccoid ittuaidh gacha ndíreach gacha bliadhno, agus an uair bhíd macraidhe an tshíodha acc iomáin tóirnid orra agus beirid fear gacha fíaich leó dhíbh, agus adhaigh Shamhna do shunnradh teaccoid chuccoinn," ol Ilbhreac, "agus as geis dúinn gan iomáin do bheith agár macraidh an oídhche sin." "Ádhbhar éccen-dála sin," ol Caoilte. Ro chaithsead an aimsir isin sídh amhlaidh sin acc ól agus ag aoibhneas co ceann thrí laithe agus teóra n-oídhche. Ro éirgheadar amach ar an bhfaithche, deireadh laoi oidhche Shamhna, a bhfiadhnuisi na hiomána. Tuccadh fithcheall gacha ceathroir dhíobh, brannamh gacha cúiccir, táiphlis gacha
seisir, tiompán gacha fiche, cruit gacha céad, agus cuislionnadh féighe fír-bhinne gacha naonbhair. Níorbh fhada dhóibh amhlaidh go ríachtadar na trí fíaich sin a bhfudhomhain an locha nó in mhara attúaidh dá saighidh go sáir-dhíochra. Ro thoirnsead ar an bhfaithche, amhail fa béus dóibh, agus do léigsead teóra sgread duaibhseacha doilghe eisdibh, agus dá madh gnáth mairbh do thóccbháil a talmhuin nó carrge do chomhsgoltadh do- dhéandaoís na sgreada sin gach ní dhíobh, ionnus gur mheascc-bhuaidhirsead an sluagh uile. Ro thóccuibh Caschorach fear d'fhearuibh na fithchille ann soin, agus tucc urchor d'ionnsoighe eóin díobh-siomh de, go ttárla go fíartharsna ina bhrághaid é, go ros marbhadh gan mhoille é. Ro dhiúbhraicc Caoílte agus Fear Maisi an dá éun oile a ccoimhnéinfheacht, ionnus gur mharbhsad íad mur an céna. "Déantar mo leigheas budhdheasda," ol Caoilte. "An ffeadoir-si, 'anom, a Chaoílte," ol Ilbhreac, "glíffid mhóra do leanmhuin Tuath Dé Danann anos re hathaidh fhoda?" "Gá glifitt sin?" ol Caoílte. "Trí mic rí Uladh attúaidh, .i. Conn, Conghal, agus Colla a n-anmanna, ticc a d'iarraidh éroic a sean-athar, .i. Eachdhach Muindeircc, gacha bliadhna ar Thuathaibh Dé Danann, ór as íad ro mharbh é i ccath Tráccha Baile ittúaidh, agus ní ghabhoitt éiroic oile úainn acht comhrac trír fá
seacha, gacha bliadhna, gach síodha a nÉirinn, agus ní comhthrom in comhrac, óir tuitid ar muinntir-ne agus téarnóid-siomh gan fuiliughadh gan fordhearrgadh orra; agus is dúinne roicheas comhrac riú a mblíadhna, agus is é áit i mbíd d'éis ar bhfoghlai-ne do dhénomh i mBeannoibh Boirche a ccóicceadh Uladh." "Anfam-ne riú-san gan leigheas," ol Caoilte. As í sin úair agus aimsir ro labhuir mac dhíobh- siomh risin días oile, agus is eadh ro ráidh: "Cia sídh ionnsachaim-ne i mblíadhno?" ol sé. "Sídh Ilbhreic Easa Ruaidh," ol eisiomh. "Atá óccláoch do mhuinntir Fhinn mheic Cumhuill isin sídh sin," ol eisiomh, .i. Caoilte mac Rónáin, agus dá ócclaoch mhaithe aicce ina fharradh, agus is iomghabhtha in t-ionadh a mbíad dhóibh." "Adérdaoís Tuatha Dé Danann," ol an días oile, "dá n-iomghabhmaoís-ne sídh Ilbhric don chur sa gorab ar omhan Chaoílte agus a dheisi óccláoch do sheachónmís í, agus ní bhíaidh sin acu-samh re a rádh ór rachmoine dá saighidh." Bádor in oídhche sin acc daingniughadh a n-arm agus a n-iolfháobhar, agus do-ríachtador rompa ara bhároch, agus ní haithristear a n-imtheachta go rángadar go hEas Rúaidh mhic Bhadhoirn. Teaccoid lucht in tshíodha amach ina ccoinne agus ina ccomhdháil, agus Caoílte agus a dhías ócclaoch ina pharradh.
"An íad súd clann rí Uladh?" ol Caoilte. "As deimhin gurab íad," ol Ilbhreac. "Créad agarthaoi ar Thuathaibh Dé Danann, a chlann rí Uladh?" ol Caoilte. "Éraic ar sean-athor ro mharbhsad Tuatha Dé Danann," ol íad-somh. "Gá fad atáthaoi gá haccra?" ol Caoilte. "Céad bliadhoin gus aniodh," ol iad-somh. "Nár mharbhamhair triar do Thuathaibh Dé Danann gacha bliadhno don chéad sin?" ol Caoilte. "Is deimhin gur mharbhamar," ol íad-somh. "Más eadh," ol Caoilte, "do dhíoghlabhair fó thrí go sár-mhaith bhar sean-athoir for Tuatha Dé Danann, agus as accoibh atá in éccóir budhdheasda madh iaronn sibh comhrac ar Thuathaibh Dé Danann, agus tabhroitt éroic óir agus airccid daoíbh, agus ná híarraidh a haithearrach d'éroicc orra." "Do-bhéroim-ne," ol Ilbhreac, "fiche uinge d'ór agus in céadna d'airccid dóibh-siomh ó gach sídh i nÉirinn d'éroicc ina sean-athoir." "Gébhuim-ne sin," ol íad-somh. Tuccadh sin dóibh-siomh gan mhoille, agus ro cheangal Caoilte síthcháin eatorra féín agus Tuatha Dé Danann ann sin. Ro cheileabhairsead dóibh as a haithle, agus bádor buidheach do Chaoilte leath ar leath. "Déntar mo leigheas go lán-athlomh," ol Caoílte, "agus ná cuirthear cáirde oram, óir is mithigh dhamh imtheacht a síodhuibh."
"Cáit a bhfuil Bé Bheann inghean Ealcmhair in Bhrogha?" ol Ilbhreac. "Atú sonn" ol an inghean. "Beir Caoílte lat a ccúil-teach na n-arm, agus déntar a leigheas agus a leasughadh go lán-mhaith lat; dénaidh Cascorach ceól agus airfide dhó, agus bíodh Fear Maisi gá fhreasdal agus gá fhrítheálamh." Tánoicc Bé Bhionn i tteach na n-arm agus a dá mhac, agus do-roighneadh leaba luchoir leighis lé ann soin do Chaoilte. Tuccadh sítheal bhán-óir chuicce gona lán d'fhíor-uiscce fhionn-fhuar innte. Do ghabh lathamór gloinidhe íaromh, agus a lán do losaibh íce ann, agus ro mhionaigh íad ar an uisge. Tucc an sítheal a láimh Chaoilte íaromh agus ro ráidh ris; "Iph dicch as an síthil," ol sí. Do-ghní-siomh samhlaidh. Ro sgeitheasdor sgeithrigh úaine íarna hól, agus ro fhiarfaigh don inghin íaromh: "Créad fochoin na sgeathroighe sin?" "Gaí cró na n-eas, na n-abhonn, na n-inbhear, agus na sealcc moch-mhaidneach do-nítheá is fochoin dí," ol an inghean, "agus ibh digh oile." Do-roighní amhlaidh. Ro sgeith cro-bhuinne fola rúaidhe 'na dheóigh. Ro fhiarfaigh an ccéadna don inghin. "Cro-bhuinne na sleagh agus na bhfaobhar tuccadh
ort i ccathoibh agus a ccomhluinnibh is fochain dí so," ol an inghean, "agus ibh dicch oile." Do-ghní-siomh samhlaidh. Ro sgeith sgeath- raigh ccíor-dhubh agus ro fhiarfaigh an ccéadna don inghin. "Goí cró cumhadh do choiccleadh agus do chomhdh- altadh agus do thicchearna is fochain dí so go fírinneach," ol in inghean, "agus ibh dicch n-aile," ol sí. Do-ghní samhlaidh, agus do sgeith sgeathraigh mbuidhe 'na dhiaidh. "Coimhéad agus fuilriocht neimhe na ngaoi ccró ro bhádor ionnad anallana is fochain dí so," ol in inghean, "agus ibh anois an mbeicc-dhigh fil isin tshíthil." "Leascc leam sin," ol Caoilte, "uair ní bhfúaras a ccath nó i ccomhlonn ríamh doilgheas budh mó leam ná a hól, agus gidh eadh íobhad í." Agus do sgeith sgeithrigh co n-ilradh gacha datha innte 'na dhíaigh. "Cumasg gacha reatho ro-neirtmhara agus gach eangnamha dá ndeárnais i n-aghaidh chéideadh, chnoc, agus charrog so," ol in inghean, "agus an dath fola fil ar a húachtor croi-linnte fola do chuirp agus do cholanna fil ann, agus as é as foixe do shláinte." Tucc íar sin boicc-lionn leamhlachta dhó. Íar sin táinig brígh agus borrfadh, neart agus níadhachas ann. Ticc in inghean ar chuairt chuicce agus ro dhearcostar fair agus ro ráidh:
"Anndar leam, a charo," ol sí, "fuarais faoíseamh agus fóirghin." "Is deimhin go bhfúaros," ol eisiomh. Ro éirigh Caoilte and soin agus ro bhaoi acc ceileabh- radh dhóibh-siomh agus acc breith buidheachuis a leighis riú, agus ro bhádor-somh accá thoirmeascc im scairthain riú agus acc iarraidh air moill do dhénomh aca. Ro ráidh-siomh go raibhe comhdháil bhfear nÉireann i tTeamhraigh a ccionn aimsire aithghiorra, agus nár fhéad féin gan a bheith ann, agus gurbh imchían lais i pheith i nfhéaccmhaís Pádraig agus Oísín. Ro ghlúais Caoilte agus Caschorach rompa, agus ro gheall Fear Maisi a lleanmhain go Teamhraigh i n-aimsir na feisi do dhénomh. Ro leansad lucht na síodha íad go Cnoc na Núall, conadh ann ro thóccabhsad núalla móra ós áird acc dealughadh do Chaoilte riú, conadh Cnoc na Núall a ainm ó shin gus aniogh. Tánccatar rompa go hEas Crónáin, agus Eas na Fionghoile fa hainm dhó an uair sin, agus as ris adeirthear Eas Crónáin mheic in Bhailbh aniogh. Ro fhíarfaigh Caschorach do Chaoilte ann sin: "Créd 'má ttuccadh Eas na Fionghaile for in eas sin?" "Móirsheisir do chloinn én-athar bádor ann," ol Caoilte, "agus tárla imreasan eatorra um in eas gur mharbhsad féin. Conadh dhe atá Eas na
Fionghaile dá ghairm, agus ro mhair a n-athair dia n-éis, .i. Crónáin mac in Bhailbh, agus do-ghníodh cumhaidh agus comhthuirsi do ghréas acc caoíneadh a chloinne, agus ro bhris a chroidhe ina chliabh adhoigh n-áon acc an eas so dia ccomhaidh, go bhfúair bás go bith-urlaimh. Agus de sin goirthear (nó ráitear) Eas Crónáin ris." Ro ghluaisead rompa iar sin co ránccador Slíabh Lugha i cCúil Radhorc dá ngoirthear Cúil ó bhFinn isin tan so, agus assidhe co Carn na Fion- ghaile ris a ráitear Dumha na cCon in ionbhaidh si, agus ar rochtuin dóibh gusin ionadh nó in ccarn ad- chonncadar náonbhar do mhnáibh mong-bhuidhe mín-áillne ina suidhe ann ar a ccionn agus ríoghan chaomh-chruthach chnis-gheal eatorra. Ro éirigh in óicc-ríoghan ina seasomh íar bhfaixin Caoilte dhi agus tucc pócc dhó. "Cia thusa, a inghean?" ol Caoílte. "Eachna inghean rí Connacht misi," ol sí, "agus ro aithnigheas tusa ar do thuarasgbháil, agus as ro- mhaith liom t'fhaixin go bhfaghthar fios agus fíor- eólus uaid." Ad-chonnairc Caoilte ann soin trí dúin ina chomhfhoccus dó agus nochar aithin íad. "Cia lais a ndearnadh na dúin si inar ccomh- fhoccus?" ol Caoilte. "Liom-sa do-rónadh íad," ol in inghean. "Is saothar deagh-mhná íad-somh," ol Caoilte.
"Cía in cruitire sin it fhochair, a Chaoilte?" ol in inghean. "Caschorach mac Caoínchinne súd," ol Caoilte, ".i. mac ollamhan Tuath Dé Danann." "Maith a dhealbh," ol in inghean, "gibé mur atá a oirfide inás. Gabh do thiompán, a oirfidigh," ol in inghin. Ro ghabh-somh a thiompán íaromh agus ro bhaoi accá sheinm ccén máir. Tucc in inghean dhá fhalaigh óir baoí ina lámhaibh dhó: "Ad-raé buaidh agus beannachtain, a inghion," ol Caschorach, "ní riccim-si íad so a leas, agus ó nach riccim ní bheanfad dhíot-sa íad dochum a ttabharta do neoch oile." Ro éirgheadar ann soin, agus teaccoidh isin dún fa foixe dhóibh, agus ro suidhigheadh go huasol onórach íad íar ndol asteach dhóibh. Ro éirigh Éttrom mac Lughoir, oide na hinghine, agus do fhear fíor-chaoímh bhfáilte friú-somh. Ro dáileadh fleadh forra, agus ro bhádar athaidh fhoda acc ól agus aoibhneas as a haithle. "Maith, 'anom, a Chaoilte," ol in rí, "créd 'má ttugthar Cárn na Fionghaile ar an ccárn sa amuich agus Dumha na gCon ar an dumha fil ina fhochair?" "Lámh Lúath, mac Cumaisg Dheabhtha, meic Dhéanta Comhluinn, do lucht in tíri si féin," ol Caoilte, "agus an comhrac nó an t-éiccean ticceadh go Corbmac mac Airt nó go Cairbre Lifeachair as
eisiomh agus a athoir agus a shean-athoir do dhiongphadh é. Agus boí ócclaoch a nDuibh-fhiodh i Slíabh Gúaire ris a ráitear Sliabh Chairbre iniogh, Borbchú mac Trénlámhaigh a ainm-siomh, agus ro bhoí inghean shaineamhuil aicce darbh ainm Níamh. Ro bhoí naonbhar dearbhráthar acc in Láimh Lúaith sin, agus táinig gach aon díobh d'íarraidh a inghine ar Bhorbchoin, agus ad-bearadh gach fear dhíobh go muirfeadh Borbchú muna bhfaghadh a inghean úadh. Ad-bearadh-siomh re gach fear dhíobh- somh, ar a eaccla, go ttiobhradh a inghean dó. Ad-beart Lámh Luath adhoigh ann re a bhráthroibh: "An fíor," ol sé, "gor iarrabhoir-si a inghean ar Bhorbhchoin agus misi dá híarraidh romhaibh?" ol sé. "Is fíor go deimhin," ol íad-somh. Tánoicc doígh éada dá ionnsoigh-siomh ann sin. Tucc a chlaidhiomh imach íaromh, agus tucc buille don fhior fa neasa dhó dhóibh, ionnus gur mharbh- astoir. Mur ad-chonncadar an chuid oile dhíobh- siomh sin tuccsad a n-aighthe ré-roile fris in talmhain agus fuarsad bás go bith-urlaimh do chumh- aidh a mbráthor agus do ghráin na fionghaile, agus do cuireadh fó thalmhain isin ccarn sin íad. Conadh dhé atá Cárn na Fionghaile. Do-rála Lámh Luath iaromh do Phádraig agus do- roighne aithrighe fhírinneach isin ngníomh do- righne, agus do ráidh dá madh áil don Táilgionn é
co ngéabhadh do chlaidhiomh ina chorp budhdhéin i n-éroic in ghníomha sin, agus do ráidh Pádraig gorbh fheárr dhó-somh beith ina bheathaidh acc dénomh lórghníomha agus aithreachuis isin bhfionghail do-rinne iná é féin do mharbhadh ina héroic. Ro chreid do Dhía agus do Phádraig íaromh agus boí acc dénomh aithrighe isin ngníomh réimh- ráite go a bhás. Anní oile ro fhiarfaighis díom," ol sé, ".i. seanchos Dumha na cCon, ním ainbhfiosach ina fhaisnéis. Bean Mheabhla inghean Rónáin ban-draoí Thuath Dé Danann uile tucc grádh dom thighearna-sa, d'Fhionn mac Cumhoill. Do ráidh-siomh nach biadh ban-draoi aicce in ccén no ghéabhadh a haithearrach. Laithe n-áon," ol Caoilte, "do-riachtsad coin licthe Finn gusin ionadh sa, deich ccoin agus seacht bhfichid a líon. Baoi-si ar a ccionn sonn, agus tucc a hanál draoídh- eachta fón cconoirt gur mharbhoistoir go hobann íad i ndíoghoil gan a tochmhairc, agus do chuir fón dumha sa in mhairbh-chonairt sin go hiomlán. Cona úatha ro hainmnigheadh é." "Att-raé buaidh agus beannachtoin, a Chaoílte," ol in inghean, "as mór in fios agus an fíor-eólus tuccais dúinn. Agus, a charo," ol sí, "an bhfeadoir-si créad an uireasbhaidh fil oram-sa?" "Ní fheador go deimhin," ol sé. "Cinn-easláinte ticc liom," ol sí, "agus ní fuil uiscce i ccomhfhoccus damh, agus as mór mhilleas sin
mé, óir do-gheibhim furtacht ón tinneas soin an tan chuiream uiscce oram." "Éirigh, a Chascoraigh," ol Caoilte, "dochum na tiobraid fil i n-iomfhoccas dúinn, agus beir uisge coisreagtha lat, agus croith uirre é agus rachaidh a cruth draoídheachta dhi, agus foigheóinigh sí do gach aon, agus Tiobra Aillbhe Grúaidh-bhrice inghine Corbmuic goirthear dhi." Ro éirigh Caschorach ann soin, agus ro chroith uiscce coisreagtha ar an ttiobraid, ionnus gur dhíthchuir a cealtoir dhraoidheachta di, ionnus gorbh fhollas d'áos in dúnaidh í as a haithle. "Fhíach do shoichill duit, a inghean," ol Caoilte, ".i. an tiobra úcchod d'fhoghnamh dhuit féin agus do gach aon bhus comhfhoccus di. Agus do bhí sí roimhe so ag foghnamh do dhaoínibh aimsir imchían, co ndearnsad dhá rí Connacht, .i. Áodh agus Eóghan a n-anmonna, fionghail eotorra féin, .i. Aodh do mharbh Eóghan acc Leic an Fhormuid ris a ráitear Leac Gnathail aniogh, agus tuccadh tri heas-badhadha aidhbhle for Connachtuibh a ndíoghuil na fionghoile réimhráite in tan soin, .i. an t-eas iomarcach ticceadh go hInbhear na bhFear, ris a ráitear an Mhúaidh in ionbhaidh si, do thrághadh, an lán mara ticceadh chum na Gaillmhe gach blíadhno, agus leasucchadh in chóiccidh uile do tharthaibh lais, do thrághadh in oidhche chéadna, agus in tiobraid si do dhíchealt (nó dhíthchleith) ionnas nár fhocchain d'áonneach gos anocht."
Ro chaithsad an oidhche sin go socair sadhail, agus íar mbreith don maidion orra ro ghabhsad-somh umpo agus ro cheileabhoirsead don inghin agus d'aos in dúnaidh ar-cheano, agus bádor buidheach dia-roile. Tánccatar rompa íaromh go Cnoc na Dála budh- dheas fris a ráitear Carn Fraoích mheic Fhiodhaigh in ionbhaidh si, agus aissidhe go Feart in Drúadh ris a ráitear Feart in Ghéidigh an tan so, .i. Géideach draoí Oilleala agus Meadhbha torchoir ann. Ciodh fil trá acht do-rála Pádraig, cona chléirchibh agus Fionnchadh ina fharradh, ina suidhe in tan soin ar Charn na Drúadh rompa-samh, agus iar n-aithne Chaoilte agus Chaschoraigh dhóibh ro éirgheador 'na ccoinne agus 'na ccomhdháil agus ro fhearsad fíor- chaoimh bhfáilte friú. Toirbhiris Fionnchadh teóra pócca do Chaoilte agus ro fhear fáilte re Cas- chorach. Ro shuidhsead íaromh agus ro fhiarfaigh Pádraig a iomthúsa do Chaoilte. Ro innis-siomh sin dó ó thosach go deireadh do réir mur do ráidheamar. Ro fhiarfaigh-siomh as a haithle cia hionadh inar ghabh Oisín úaidh. "Do-chuaidh féin agus Dearcc mac Eóghain, co ndá naonbhar ina bhfarradh, go Teamhraigh na Ríogh," ol Pádraig, "agus do chreid Dearcc cona mhuinntir," ol sé, "agus do baisteadh agus do buan- bheannuigheadh íad." Fa binn le Caoilte an sgéul sin, agus rucc buidheachas adhbhal-mhór re Pádraig. Do-ríacht rí Connacht ann soin go Ráith Caorach Méidhbhe, ris a ráitear
an Mairtine mac Connrach iniogh, agus táinig aissidhe go Feart in Drúadh, dú a raibhe Pádraig, agus ro thionóilsad Connachtaigh óthá Leac Easa Lomann, ris a ráitear Luimneach aníogh, go hEas nglan- shrothach Rúaidh, agus tánccatar isin ionadh sin i rraibhe an rí agus Pádraig agus do-roighneadh dúnadh agus deagh-áras leó ann, agus ro chuirseat rompa gan in t-ionadh sin d'fháccbháil nó go mbeith feis na Teamhrach gá tomhuilt agus go ttoirsidaois cóicceadh- aigh Éireann chuicce, agus do-roighneadh teach dearraidh diamhuir aco do Chaoilte agus d'Fhionchadh agus do Chaschorach idir theach rí Connacht agus phubuill Phádraig, a ndóigh go mbeithdaoís ar áon ag éisteacht re gach scél dá n-inneósadh Caoilte dhóibh agus re Caschorach ag seinm a chruite. Lá éiccin as a haithle tuccadh fithcheall co n-ór dá n-ionnsoicchidh, agus fríth triúr d'uireas- bhaidh uirre, agus do ráidh in rí íaromh: "Ní fuighthear i nÉirinn nó a nAlboin ionnshamhuil in trír ucchad a n-éaccmais na foirne sin budhdhéin." "Rachad-sa," ol Caoilte, "d'íarraidh na fithchille at-chonnairc agá folach feacht n-aill, agus as dóigh leam go bhfuigheónadh triúr dá fhoirinn don fhoirinn sin ad-chíam." Tánoicc roimhe soir go ceann Sléibhe an Chliath- air, re ráitear Sliabh Baghna aniodh, agus at-chonnairc
an ccarocc ccomhdhaingion ccloiche ro bhaoí ar an bhfithchill irís isin ionadh ccéadna, agus arna fhaixin dó téid dá saighidh, agus tucc a dhí lámh ina timcheall, agus do thóccaibh go láidir lán-chalmo í, agus boí faircle comhdhaingean cloiche fúithe, agus tucc an bhfithchill ass, agus in tSholusthairt a hainm, agus do bhean trí fir óir agus trí fir airrccid eisde, agus ro chuir in bhfithchill isin ionadh ccéadna arís, agus tánoicc d'ionnsoighidh rí Connacht agus in fhoirinn ina láimh. Lán duirn in fhir fa mó don tshluagh is é baoí ion gach fear dhíobh. "A anom, a Chaoílte," ol rí Connacht, "an raibhe d'fhoirinn isin ionadh a rabhadar so acht in méid fil sonn?" "Ro bhoí go deimhin," ol Caoilte, "trí choécca fear óir agus in ccéadna d'airccead, agus fithcheal chúanda cheárdamhail ina timcheall." "Créd tucc ort-sa gan an bhfithchill sin cona fhoirinn do thabhairt chuccam-sa?" "Tríar d'fhoirinn at-chonnairc d'uireasbhaidh ort, agus tuccos sin agus a urdoil oile chugod." "Cia aicce a raibhe in bhfithchill darab fuirionn so?" ol an rí. "Acc CColl mór mac Mórna," ol Caoilte. Ro éirigh an rí ina sheasomh íar soin agus tucc a dhruim re cairthe comhádhbhal cloiche boí ar an ttulaigh ina ccomhfhoccus, .i. Lia in Iomroill do ghoirthí dhi, agus do fhiarfaigh an rí do Chaoilte créd 'mádh ttuccadh an t-ainm sin uirre.
"Feacht n-oén," ol Caoilte, "tángadar meic Mórna go Cúaille in Cheapáin a nEchtghe Connacht agus íad acc dénomh foghla agus díbheircce ar Fionn agus ar an bhFéin. Tánccamair-ne trí catha na gnáth-Fhéinne ar mhullach Sléibhe in Cháirn theas i ccrích Chorcamrúaidh, agus do bhoí dál chloinne Mórna ann soin ina aincheas ar Fhionn, óir ní raibhe a fhios aicce an gusin Mumhain budhdheas do-chúador nó an seacha budhthuaigh i ccúicceadh Connacht, agus is í comhairle do-roighne ann soin, .i. a dhá mhac féin, .i. Uilleand agus Caoínche, do léiccin don Mumhain, agus a bhfiana ina ffarradh, do thóraighacht chloinne Mórna, agus dhá mhac rí Uladh, .i. Aodhán agus Cathol, do léiccin i ccóicceadh Connacht agus dá chéad ócclaoch ina bhfarradh, agus gibé dhíobh do-ghéabhadh brath ar chlandaibh Mórna sgéala do léiccin chuicce féin go hEichtghe resiú no bheardaoís troid nó trom-bhúaladh dhóibh. Ro éirgheadar na sluaigh ann soin. Téd Uilleand agus Caoínche cona muinntir isin Mumhain budhdheas, agus ticc Aodhán agus Cathol, .i. meic rí Uladh, gusin ccóicceadh si a bhfuilmaoíd-ne, agus bádar dhá mhac rígh Laighean, .i. Connla agos Ceallach, i bhfíadhnuisi Fhinn ann soin, agus nochar fhuilngeadar fuireach tar éis chloinne rí Uladh, óir fa comhdhaltadha carthannacha dhóibh íad, agus ro iarrsad ar Fhionn a cheadughadh dhóibh clann rí Uladh do leanmhuin, agus ro cheadaigh- siomh sin dóibh.
Ro éirgheador-somh dhá chéad ócclaoch annsidhe, agus ro leansad clann rí Uladh, agus ro chomh- raicsead ré-roile ionnus go rabhdar céad laoch láidir lán-chalmo ar oén-láthair, agus nochar hairis- iomh leó íaromh go ránccadar in maighin si ina bhfuilmíd-ne anos," ol Caoilte. "Do shirdís ó Áth Colta go hÁth mBearcha gach laoi d'íarraidh cloinne Mórna, agus ticcdís gach n-oídhche gusin maighin si, agus ro bhádar ccén máir samhlaidh. Ciodh fil ann trá acht rob iongnadh le Fionn agus linne," ol Caoilte, "iomthúsa na muinntire sin, .i. a imchéine bádor ina n-éccmais gan a sccéala d'fhaccháil. Ro éirigh Fionn cona mhuinntir agus is í comhairle ar ar cinneadh linn toidheacht don tír si, óir is í baramhail tucc Fionn gurab a ndíamhruibh an chúiccidh si do bhí Goll cona mhuinntir, agus ba deimhin leis gurab é marbhadh chloinne rí Uladh agus chloinne rí Laighean cona muinntir do-roighneadh. Ro ghluaiseamair-ne romhuinn," ol Caoilte, "agus tángamar i lleíth- imeal na críche si agus fuaramor sleacht-lorcc na sochaidhe romhuinn, agus do shaoileamur gorab é lorcc chloinne Mórna boí and, agus gérbhó deireadh don ló an tan soin ro leanamar an lorcc, ór dob fheárr linn oidhche agoinn nó ló an tan do- bhéarmaois amos ar Gholl, do bhrígh go mbíodh moille radhairc air isin oídhche. Ciodh trá acht do leanamor an lorcc gosan ionadh so. Ro íadhamar rompa do gach táobh
íaromh, go nár léicccamar áon-fhear do sgaoíleadh ó-roile dhíobh nó gur mharbhamar na ceithre chéad fear bádar ar áon-láthoir cona ngiollaibh agus chonaibh, agus do-righneamar comhnaidhe na hoidhche sin a n-iomfhoiccsi dhóibh dochum a n-adhnaicthe ara mhároch. Íar mbreith na maidne óirn tiaghmoid do shaighidh an ármhaigh, dús cia do mhaithibh chloinne Mórna torchoir ann. Ro aithnighmar gurab íad ar muinntir féin boí and, íarna marbhadh a n-iomroll, an tan do dhearcamor orra. Teaccmoid ós cionn chloinne rí Uladh agus ós cionn chloinne rí Laighean, agus ro léicceamar teóra gáirrthe groid- mheara géir-neimhneacha ós áird do cháoineadh ar muinntire ro mharbhamar a n-iomroll. Ro ráidh Fionn ann sin an ceathror macaomh sin d'adhnacadh . . . agus rícch-lía chloicche do chur úasda. Ro éirgheas-sa agus Oisín and sin," ol Caoilte, "d'íarraidh cloiche d'fhoigheónadh dhóibh-siomh, agus rángamor go Ráithín in Mheadha, ris a ráitear Ráith na cCaorach aniogh, agus fuar- amar an rícch-lía sa and, agus tuccamar gosin ionadh sa í, agus suidhigheadh úasda-somh í amhuil mur do- chídhthí-si, agus as de atá Lia in Iomraill fuirre, don iomrall sin Fhinn ar a mhuinntir dár mharbhsad íad i rriocht cloinne Mórna." "Ad-raé buaidh agus beannachtoin, a Chaoilte," ol in rí; "as maith an sgéul sin do innisis dúinn.
A anom, a Chaoílte," ol an rí, "cía an Conall agus in Cóbhthach ó n-ainmnighthear in dí ráith filid i n-íarthar an chúiccidh si, i ccomhfhoccus Bhearnadh na cCon i mBréicthír, dá ngoirthear Fir Chonga aniogh?" "Dhá mhac do rí Chinéil cConuill ittúaidh," ol Caoilte, ".i. Conall Cosgarach agus Cobhthach Cas, in días sin," ol Caoilte, "agus as amhlaidh bádor," ol sé, "agus biodhbhadha bunaidh aco i nÉirinn, .i. clanna Mórna, agus dob é ádhbhar bíodhbhanuis chloinne Mórna dhóibh, .i. feacht n-oén dá ndeárnadh sealcc Sléiphe Gamh le Fionn, agus do-rála meall-ghalach muinntire, an trodach tréan oireachtais, an deabhthach deagh-láithreach, agus in búaidhreadh borb-shlúaigh, .i. Conán mhac Mhórna, im in sealcc sin, agus tré mhallachtadh in Chonáin sin," ol Caoílte, "fúaradar clanna Morna uile bás comh- obann. Ciodh trá acht do dúisgeadh damh imdhísgir ard-aicceantach alltaidhe la Conán agus le cloinn rí Chinéil cConuill an lá soin, ionnus gur dhíobh- raicsead a tteóra sleagha snas-mhíne soi-dhíobh- raicthe a ccoimhnéinfheacht fair, ionnus go ttarladar tríd ina ttriúr go tinneasnadhach tréun-láidir. Ro reathadar-somh chuicce do bhúain a sleagh ass agus dá chascoirt íaromh. "Léiccidh an fíadh úaibh, a ócca," ol Conán. "Ní léiccfeam idir," ol íad-somh, "óir ní mó ro mharbhais-si nó mharbh gach fear dhínne."
"Misi ro chéad-ghoin é," ol Conán. "Gé tú," ol íad-samh, "ní bhéaroir lat acht oiread le fear dhínne dhe, agus más beag lat soin do- ghébhoir cóir úainne." "Mallacht d'aonneach dá ttiobhra cóir nó ceart dhamh-sa," ol Conán, "agus mallacht oram-sa mur in ccéadna dá ttugthar cóir nó ceart do charoid nó do námhuid in ccén bhíad beó." Tóccbhais Conall Cascorach an lámh ann soin," ol Caoílte, "agus tucc buille do chronn na sléighe ar Chonán ina cheann, ionnus gor fhácc comhreamhor na sleighe budhdhéin do chnoc charroch chomhaird fair, agus nocha ndeárna Conán ann soin acht a chúl do thabhairt dhóibh-siomh agus in fíadh d'fháccbháil aco, agus nochar labhoir ar an ccúis sin nó co ndeach- adar mic Mórna ar foghail agus ar díbheircce ar Fhionn cona mhuinntir agus gan a charoid agus go rabhador acc marbhadh a dhaltadha agus a áosa grádha ion gach ionadh a mbeirdís orra. Tángadar laithe n-oén íar sin go Forba na bhFear, ris a ráitear Uí Énna in Bhaile in ionbhaidh si, conadh ann ro labhoir Conán re Goll, agus is eadh ro ráidh: "An bhfeadoir-si, a rícch-fhéinnidh, a Ghuill," ol sé, "buille do chrann sleighe do thabhairt do mhac rí Chinéil cConuill oram-sa in tan do bhámar ag sealcc Sléiphe Gamh? Agus as uime do cheileas son gus anos," ol sé, "baramhuil accom,"
ol sé, "an ccén do bheitheá-sa síodhach lé Fionn nach léiccfeá dhamh-sa aindligheadh ar bith do dhénomh ar áon dia mhuinntir, agus as mían leam dol do dhíoghuil mo mhasla anoss orra." "Dar ar mbréithir," ol Goll, "ní hé ar ccara do budh maith leam do theaccmháil riú-somh, ór criothnughadh áil aon-mhuice leó." "Más eadh," ol Conán, "rachad-sa céad laoch dá n-ionnsoighidh." Ro éirigh a dhías bráthor, .i. Tamhan agus Tréan a n-anmonna, agus ro ráidhsead go rachdaoís céad laoch leis do chongnamh dhó. Ro éirgheadar íaromh an chuideachta soin agus teaccoid gusin ionadh i mbádor clann rí Chinéil cConuill, agus da bhádor-somh dhá chéad oile, ionnus gor ionn- saigheadar a chéile, agus dob é críoch a ndála nach ttéarnó aoin-fhear dhíobh, acht Conán namá, nár thuit ré-roile. Ránoicc Conán roimhe as in árbhach gusin maighin i mbádor a bhráithre, agus a sgíath arna sgoltadh imá bhrághoid, agus ro innis dóibh in dá chéad sin dia muinntir do thuitim ar aon- láthoir. "Olc an turas i ndeachuis, a Chonáin," ol íad- somh, "d'fháccbháil do bhráithreach agus do mhuinn- tire, agus is deimhin go ttuitfim-ne uile treamhod agus go ttuitfidhir féin fá dheóigh." Do cuireadh dhá rí Chinéil cConuill fó thalmhuin isin dá ráith réumhráite," ol Caoilte, "óir is i
n-iomfhoccus dhóibh ro marbhadh íad, agus do tóccbhadh lía ós leacht gach fir dhíobh, agus ro sgríobhadh a n-anmonna oghuim íaromh, agus as úatha ainmnighthear an dí ráith sin, .i. Ráith Chonuill agus Ráith Chobhthaigh." "Beir buaidh agus beannachtoin, a Chaoilte," ol in slúagh uile a ccoimhnaoinfheacht, "is mór in fios agus in fíor-eólus d'fháccbhuis accoinn." "Maith, 'anom, a Chaoílte," ol rí Connacht, "créad an fosdadh oirrdhearc ucchod tuccois ar an bhFéin, agus créad in fáth fár mheasador in rícch-fhéinnidh d'fhágbháil?" "Laithe n-áon," ol Caoilte, "boí Fionn agus trí catho no gnáth-Fhéinne i ccrích Laighean i n-iomfhoccus d'abhoinn Sláine acc Ard Fosdadha na Féine, agus nochar chían dúinn inar ccomhnaidhe ar in árd soin go bhfacamar in inghean mhín mhong-bhuidhe ar in ccloich ccuirr boí a ccionn an átha ar ar n-ionchuibh-ne; ionar sireaccdha sróil uimpe, brat úaine aon-datha seachtair, dealcc óir ann, mionn óir imá ceann do chomhar- dha ríoghna. Do labhoir rinne íaromh," ol Caoílte, "agus is eadh ro ráidh: "Ticceadh aon-fhear accoibh dom accallmhadh, a Fhíana Éireann," ol in inghean. Ro fhiarfaigh Sgiathbhreac mac Dathchaoín don inghin ann soin," ol Caoilte, "cia don Fhéin dob fheárr lé do dhul dá hagallmhadh. "Fionn mac Cumhoill," ol sí.
Do-ríacht Fionn gusan áth íaromh, agus ro fhiar- faigh dhi créd fa toiscc dhi, agus cia hainm buí fuirre, agus can dia a hathoir. "Doirionn m'ainm-si, agus do Thuathaibh Dé Danann m'athoir, agus Budhbh Dearg mac in Dághdha a chomhainm, agus d'fheis riot-sa tánocc," ol sí, "agus d'fhagháil tionnsgra uaid." "Créad in tionnscra iarrfoir?" ol Fionn. "Gach bean do thréiccean duit-si oram co ceann blíadhno," ol in inghion, "agus leath feisi ó sin imach." "Ní thabhroim-si sin d'áon-mhnaoi ar bith, agus ní thiobhrar dhuit-si." Ro fearccaigheadh in inghean ann sin," ol Caoilte, "agus tucc a lámh fó a brat agus ticc cúach fionn-airccid lé agus a lán do mhiodh shéimh sho-óla ann, agus tucc i lláimh Fhinn é. "Créd so, a inghean?" ol sé. "Miodh so-óla so-mblasda," ol in inghean. Fa geis dó-somh fleadh do dhiúltadh," ol Caoilte, "agus ro ibh dicch as an ccúaich, agus iarna hól dó do measg-bhuaidhreadh é fó chéadóir. Tucc a aghaidh ar an bhFéin i ccéadóir, agus gach olc agus gach lén catha agus comhroic ro fhionn ar gach áon díobh ro chuir ris ar an úair sin é, ionnus gurbh fheárr le gach áon díobh a bhás inás a bheatho. Ro éirgheadar uile ann soin agus ro sgarsad ré- roile, agus ro ionnsoicchidh gach aon díobh a chríoch agus a chomhfhorba feisín, ionnus nár fhuirigh ina
fhochair ar an ttulaigh sin," ol Caoilte, "acht madh misi um aonar. Ro éirgheas-sa íaromh 'na ndeaghaidh, agus ro leanas gach drong dhíobh fó seach, agus ro ráidheas riú gan a ttríath agus a ttíghearna d'fháccbháil tré mhilleadh mná sírreachtaighe sídhe fair, agus do fhostas dá uair dhéag eidir sin agus oídhche íad. Ciodh trá acht ó tháinig deireadh do ló agus tosach d'oídhche ann do-chuaidh an neimh buí uirre dhá theangaidh, agus tánoicc a chiall agus a chuimhne dhó, agus dob fheárr lais a bhás iná a bheatho in tan do fhoillsigheas-sa dhó an crut for i mboí agus in bhfuil tucc for a mhuinntir. Agus is é sin in dara lá is mó fuaras-sa d'olc ríamh," ol Caoilte, ".i. an lá tuccos in chorr-imirce go Teamhraigh agus in lá soin oile acc Fastadh na Féine. Conadh Ard Fostaighthe na Féine ainm na tulcha for i mbádor ó shin gus iniogh," ol Caoilte. "Agus is é sin fírinne in sgeóil ro fhiarfaighis díom, a rí Connacht," ol sé. "Ní chúala-sa do cheól iná do chaomh-oirfide ríamh ceól budh binne leam iná do sgéalaigheacht- sa, a Chaoilte," ol in rí. Níor chían dóibh iaromh go bhfacatar teachta rí Éireann chuca dá n-íarraidh do thomhuilt feisi na Teamhrach. Ro éirigh Pádraig ann sin, rígh Connacht, Caoilte, agus Fionnchadh, agus fir Connacht
ar-cheano, agus lódar go Teamhraigh agus fuairsead maithe Éireann ar a ccionn i tTeamhraigh im rí Éireann agus im Oisín mac Finn. Ciodh trá acht níor sháimh re húaislibh agus re hárd-mhaíthibh ealadha iná oirfide, imbeart nó áineas, fios nó fíor-eólas, cluithe nó caoímh- reabhradh dá mboí i tTeamhraigh in oidhche sin do choitseacht nó do chomhchlos acht bheith acc fiarfaighe sgéul d'Oisín agus do Chaoílte, agus i mbeith acc tabhairt aire go friochnamhach dhóibh, ionnus gur leasaigheadh gach ní dá ndubhradar acc ollamhnaibh agus acc ughdaraibh Éireann. Ro éirigh Caschorach mac Caoínchinne íaromh agus ro ráidh: "Maith, 'anom, a Chaoilte," ol sé, "is mithigh dhamh-sa imtheacht budhdheasda agus beannacht gach dalta ort-sa úaim." "Beannacht gach oide 'gá raibhe dalta ort-sa," ol Caoilte, "óír ní fhaca ríamh dalta nach comh- maith thú agus ealadha nach comhmaith h'ealadha." "Ollamhnas Éireann uaim-si dhó," ol an rí, "in ccén bhéid i ríghe." Íar sin ro éirgheadar an dá naonbhar do dheireadh agus d'iarsma na Féne, .i. naonbhar Deircc agus naonbhar Oisín, agus teaccoid gusin ttulaigh allainíar do Theamhraigh, agus tuccsad dá n-úidh agus dá n-aire i bheith a bhféaccmuis a lúith agus a lámhaigh, gan a bheith do rath orra aonneach do chomhrádh riú iná do thabhairt aire dhóibh, ionnus gur líon
dubha agus dobrón íad, agus tuccsad a n-aighthe re lár agus re lán-talmhain, go bhfuairsead bás fó chéadóir, agus do hadhnaiceadh íad as a haithle. Cona Cnoc na Náonbhar ainm in chnuic sin an ionbhaidh si. "Truagh ón sin," ol Oisín, "ór is íad súd in méid ro mhair do mhuinntir ar ttríath agus ar ttighearna agus d'íarsma na deigh-Fhéine." Is ann sin ro thuit dubha agus dobrón, tuirsi agus trom-chumhaidh for an triúr seanórach sin, .i. for Oisín, for Chaoílte, agus for Fhionnchadh, ó nár mhair do thrí cathoibh na gnáth-Fhéine acht iad féin 'na ttriúr, agus do bhádor fiora 'na ttosd idir rí agus ruireach, thriath agus thighearna, bhrughaidh agus bhiatach, amhus agus ócclaoch, gan neach do labhoirt re chéile dhíobh ar an méid do chuir orra a ndearnador na seanóraigh do ghol agus do ghéar-chaoi, d'imneadh agus d'aththuirsi a ndeaghaidh a ndeagh- mhuinntire. Ro labhair Oisín íaromh agus is eadh ro ráidh:
"An bhfuil sonn neach do-fheiseadh, gé madh fán, gé madh deiseal, bhail a ruccadh cuach fén Finn i n-aon-fhuarán a gCroimghlinn?"
"Ní rabhas-sa ríamh," ol Caoilte, "lá nó oídhche nach budh éasccaidh leam labhoirt riot-
sa gos iniogh agus freagra do thabhairt ort, a Oisín." Agus ro ráidh in rann:
"Atá sonn neach do-fheiseadh, muna iompaidheadh deiseal, bhail a tá fón nglionn ghlas: ní folach acht féth fionas."
Occas is é fáth fór fhiarfaigh Oisín in cheisd sin d'fhéachoin in raibhe Caoilte iná Fionnchadh beó, ór do shaoileastar go bhfuarsad bás ar aon, agus ba deimhin lais dá mbeadh Caoilte beó, etc. etc. ........ ......... ... deireadh an leanna dhóibh an tan bhías an lionn oile aca íarna ullmhughadh; agus muna ndearnthar a bhfritháileamh amhlaidh," ol in rí, "muirfead-sa thusa, do chlann, agus do bhean gan chonntabhairt." "Trúagh sin," ol Caoilte acc léiccin osnadh ass, "óir ní hionganta líghe an abhoicc i tTeamhraigh, agus ticcdís fir Éirionn dá fhéachainn ar a iongan-
taighe iná sinne: go bhfuilmíd dár n-aithne do Mhaol Muirir mhic Dubháin, do reachtoire na Teamhrach, agus do Chúarnait inghin Bécáin bóaire, dá mhnaoí, im bhíadh agus im lionn do thabhairt dúinn i tTeamhraigh na Ríogh." "Maith, a anam, a Chaoílte," ol in rígh, "créad an t-abhoc sin?" "Tuirchoirthe flatho fuair Conn Céad-chathach," ol Caoilte, "agus a theóra durn baoí ina áirde, agus dob é brannaighe agus fíthcheallach dob fheárr a bhoí i nÉirinn é, agus galor in domhuin do bheith ar neach acht go ttuccadh-somh a lámh air do bhíadh slán fá chéadóir, agus dá mbeithdaoís fir Éireann i lláthoir catho agus comhloinn do dhingénfadh-somh síth agus caoímh-cheangal eatorra; agus cloch baoí sonna a tTeamhraigh is uirre no luigheadh, agus dob iongnadh cor na leaptha sin," ol Caoílte, ".i. an fear is mó d'fhearuibh Éireann a theóra traighthe agus in naoidhe budh lugha i nÉirinn (ní bhíodh acht a theóra traighthe inte) do théiccheadh uirre, agus dob issidhe an Lia Fis do bhí a tTeamhraigh." "Gá búaidh do bhí uirri sin?" ol in rígh. "Gach áon dá ngabhadh ríghe for Éirinn," ol Caoílte, "an tan ticceadh ria ngabháil rícche dhó, do ghéiseadh faoi, go bhfreagradaoís teóra príomh- thonna Éireann in géiseadh sin; an tan ticceadh
damhna rí in chúiccidh, do bhúireadh faoi; an tan ticceadh bean aimbritt uirre, drúcht fola no mhuigheadh dhi, agus braon dearcc-fhola do chuireadh dhí an tan do thicceadh bean chlannmhar uirre." "Mo chean daoíbh, a sheanórcha úaisle," ol in rí, "ór is mór in fios sin ro fháccabhoir accoinn." Teaccoid go Teamhraigh isteach agus ro bhádar in oidhche sin inte. Ro éirigh rí Éireann ara bhárach, agus ro gabhadh a eachraidhe dhó, agus tánocc féin agus in ríoghan agus na slóigh ar-cheano do cheileabhradh gosin teach i mbádor. Do luidh in rí roimhe co teagh Chionaodha mheic Conchubhair go Ráith Chuirre in oidhche sin, go ceann mbliadhno, cen uireasbhaidh bídh nó búan-leanna orra, agus tuatha Breagh agus Midhe acc toidheacht gach laoi dá n-ionnsoicchidh acc fagháil feasa agus eólasa úatho. Is ann sin táinic Eóghan mac Duibh, .i. flath- bhrughaidh céadach comhramhach do cholamh- naibh na Teamhrach eisiomh, agus tucc seacht ttuirc agus seacht ttinne agus dabhach arna mion-sccagadh do mhiodh shaineamhail lais chuca-somh, agus ruccadar- somh buidheachas búan-ádhbhal lais. "'Anam, a Chaoilte," ol Eóghan, "cia is sine thusa iná Oisín?" "Is sine misi go deimhin," ol Caoilte," ór as slán sé bliadhna ar dhá chéad damh gosin
mbliadhoin si ina bhfuilmaoíd, agus más fíor don fháisdine atád dhá bhlíaghoin oile dom shaoghal reamhom." "Caidhe h'aoís-si anos, a Oisín?" ol Eóghan. "Accom-sa atá a fhios sin," ol Caoilte, "ór as beag teasda do dhá chéad bliadhon nach slán dó." "Maith ámh na saoghail fúarabhoir," ol Eóghan. As í sin úair agus aimsir do-riacht Maoil Muirir mac Dubháin, prímh-reachtoiri na Teamhrach, go Cnoc na nÉicceas alla-anoir do Theamhraigh, dú i mbídís éiccsi agus ollamhuin acc Feirceirtne agus acc Ciothrúaidh ag dénomh foghlama dhóibh. Agus nochar chían dó go bhfaca in inghean dá ionn- soicchidh, léine do shíoda bhuidhe imá cneas, brat úaine aon-datha uimpi agus dealcc óir ann. Édaoín inghean Chuinne Chúanaigh an inghean, agus draoí Thuath Dé Danann an Cuinni sin. Ro fhiarfaigh in reachtoire dhi créad dob ainm dhi agus cia a cinéul. Ro innis in inghean a hainm agus a hatharrdha dhó, agus ro ráidh íaromh nár charoid do Thuathaibh Dé Danann a thighearna-somh, .i. rí Éireann. "Ciodh soin?" ol eisiomh. "Gach grían-bhrugh gabhala dá raibhe a tTeamhraigh agus a tTailtin accoinne," ol sí, "do- roighne-siomh féur-bhrugh each dhíobh-siomh, co nach lamhmaoid-ne a n-imtheacht acc eachraidh agus acc aradhuibh in rí." "An bhfeadoir-si, a bhan-chumhachtach," ol
eisiomh, "nach bhfuil cumhang acc Tuathaibh Dé Danann ó tháinig creideamh agus crábhadh i nÉirinn acht i mbeith a ngrían-bhrocchuibh talmhan re tréan-chumhachtuibh in Táilgin?" Ó 't-chúala in inghean sin ro feargaigheadh í, ionnus go ttucc urchor dhó-somh, gur mharbhastoir é fó chéadóir, agus do haidhnaiceadh isin ttulaigh sin é, gona Tulach Maol Muirir a hainm ó shin alle. Ina dhíaigh sin ba sgítheach fir Éireann im beith acc tabhoirt a ccíosa agus i ndlicchidh go Teamh- raigh, ionnus gur éirgheador Muimhnigh agus Laicchnigh i ccoccadh agus i ccathughadh i n-aghaidh in aird-rí 'mun adhbhor sin, go mboí coccadh agus comhbuaidhreadh ar fud Éireann deisidhe. Dála na seanórach ro bhádar-somh ocht ttráth gan bhíadh gan dicch tré comhmbuaidhreadh in choccaidh sin. "'Anom, a Oisín," ol Caoilte, "is mór ticc in mallacht tucc Fionn dúinn rinn anois, agus as mairg thuilleas mallachtoin a thighearna," ol sé, "agus créad is indéanta dhúinn anois, ór ní fhéadmaoíd gan sgaradh ré-roile tré chogadh fhear nÉireann?" "Nochan fheador ámh," ol Oisín. "Is eadh is indéanta dhúinn," ol Caoilte, "thusa do dhul id dhúthaidh budhdhéin, .i. i ccóicceadh Laighean budhdheas go teach do thighearna dúthaidhe, .i. Cionaoidhe mheic Conchu- bhair, Fionnchadh agus misi d'fhanamhuin sonn i mBreaghoibh."
Ciodh trá acht ba sgarthoin anmo re corp an sgaradh sin dob éiccen dóibh-siomh do dhénomh tré éiccén-dáil na gorta. Ro ghabhsad a n-édaighe umpa iaromh, agus acc tocht do Chaoilte tar cholbha na hiomdhaidhe ro bheanasdar an colbha fána lurgain dó, ionnus gur bheanastar a fheóil agus 'fhinn-leathor dá chois. "Nochar mheinic leam-sa," ol sé, "oilbhéim d'fhaccháil gos anos, agus as gairid úaim ceann mo rée agus mo reimhis, ór do réir in tshaoghail as imchéne do innseadar fáidhe agus fír-eólaigh dhamh do bheith accom, nocha mó iná dhá bhliadhoin atá romham dhe agus beccán do chorr-laithibh"; agus do ráidh na roinn:
"Am seanóir, im sean-fhilidh, géarsam laoch feargach fuileach; riom-sa samhailtear proinn chéad; rob fheárr m'écc nó m'fhuireach. Riom-sa samhailter proinn chéad, aniogh giodh uathadh mo líon; an úair do-nín le proinn aoín-fhir is aniugh soin budh feárr mo bhríogh. Sé fithchid bliadhoin ad-chiú gosan Lúan, an laithe-siú, ón uair ad-báth Fionn na bhfleagh gusin ionbhaidh si an-oirthear.
A Fhionnchaidh, a Oisín fhéil, maircc do bhíadh mur támaoid féin 'nar mbeathaidh tar éis ar slóigh: aniogh monuar 'sum seanóir." Am.
Tánccadar rompa iaromh a Teamhraigh amach go fáinghleantaibh in bhaile eidir Acoill agus Teamhoir, agus do shuidheadar ar dhumha árd ann. Att- chonncadar an t-oén-óccláoch chuca agus tríar fear- mhogh ina dhíaigh, torc agus tine iarna mbruith leó, agus measoir mheasccdha chaocca do mhiodh. Aith- nígheas an t-ócclaoch íad-somh agus táinig dá saighidh. Ro léicceadh an oirchiseacht sin ar lár ina bhfíadhnuisi, agus ba hé Eóghan flaith-bhrughaidh boí ann sin, agus ruccsad-somh buidh- eachas adhbhal-mhór ris. "'Anom, a Chaoílte," ol Oisín, "ós tusa fhuireó- chas sonn, bíodh an bíadh so agad." "Dursan duit-si sin a rádh, a charo," ol Caoilte, "agus gen go mbíadh do bhíadh isin domhan acht so, ní chaithfinn-si tar h'éisi é." Ro chaithsead féin agus Fionnchadh in bíadh íaromh, agus ro ráidhsead íarna chaitheamh: "Ana bídh agus éadaigh accad, a Eóghain," ol síad, "agus ar mbeannacht-ne dhuit." "'Anam, a Oisín," ol Caoilte, "fáccoibh-si do sgíath, do chlaidhomh, agus do shleagh, 'gun
fhior úcchod, óir is maith an furtach tuccustar dhúinn." "Fáccbham éimh," oil eisiomh, "agus mo bheann- acht riú." "Acc súd mo lorcc imtheachta-sa dhuit, a charo mo chroidhe," ol Caoilte. Gabhais-siomh an luircc ina láimh, agus léicceas a ucht uirre, agus ro labhoir re Caoilte, agus is eadh ro ráidh: "A Chaoilte," ol sé, "in bhfuil i ndán dúinne comhroc ré-roile dorídhisi nó faixin a chéile go ceann an dá bhliadhon fil romhad-sa dod rée agus dod réimheas." "Atá go deimhin," ol Caoilte, "ór do-chídhfeam a chéile i n-aimsir feisi na Teamhrach agus do-ghébh- sa bás an dara hoidhche tar éis na feisi sin." "Béad-sa acc imtheacht budhdheasda," ol Oisín; agus ro ráidh na roinn:
"A Chaoilte, cealeabhradh dhít, óir ní fhacchoim sonn sláin-ícc; as sonn ror-tréaccadh, gan on, 's ror-fháccbhadar gan leasughadh. Gé dheachor-sa úaid ar cúairt timcheal Éireann imáccúairt, fuíccfead-sa mo chroidhe im chlí ar an ccnoc 'na chomhnaidhe.
Neoch ro shireas theas is thuaidh isin domhan re mór-úaill, maca samhla in laithe iniugh ní bhfuaros ann, a Chaoiltiú." A Chaoilte.
Ciodh fil ann trá acht ro ghlúais Oisín roimhe iar cceileabhradh do Chaoilte agos d'Fhionnchadh, agus ba dubhach doimheanmnach boí iar sgarthain riú dhó, agus ránaic roimhe soir gacha ndíreach agus ráinic go teach Chionaoidhe mheic Conchubhair i ndeisceart Laighean. Ro fáilticcheadh roimhe isuidhe. Ro labhuir Cionáodh ris, agus is eadh ro ráidh: "Fo-chean duit, a Oisín," ol sé; "ciodh naonbhar do luidhfeá-sa sonn do-ghéabhdaoís fáilte it onóir-si, bíodh gomdaoís goill, imalle re freasdol agus re fritháileamh bídh agus búain-leanno do réir ar ccomhaing-ne." Fa maith risin seanóir, re hOisín, sin, óir baoi éiccén-dál na gorta gá fhorrach, agus nochar choimh- líonmhar a charoid, agus ní mó do bhí lúth iná láthoir ann re a bheith acc siophal ar úaislibh agus ar ard-mhaithibh Éireann. Do bhoí Oisín íar soin go ciúin comhnaidhthach i bhfarradh Chionaodha mheic Conchubhair, agus freasdal agus fritheólamh seanóire dá dhénomh dó amhuil do oirdéachadh a bhéul budhdheisin.
Iomthúsa Chaoílte agus Fhionnchaidh do-bheror ós áird: fa dubhach déarach agus fa meirtneach mór- thuirseach íad íar n-imtheacht Oisín uatho, agus ro bhádor accá dhearcadh don tulaigh sin nó co ndeachaidh as a radhorc agus as a ro-fhaixin. Ro ghabh truaighe Caoilte d'Oisín íaromh fá a bheith 'na uathadh agus 'na áonar dhó, agus ro ráidh na roinn agá éccaoíne:
"Úaiccneach sin, a sheanóir shaoir, a úa Cumhoill, nár char maoín, gan laoch, gan ghiolla, gan choin, do bheith iniu at fhochair. Gan filidh faobhrach foclach, gan cruitire ciúil-phortach it fharradh aniogh for fheacht, gan abhlóir is gan ésreacht. Ar gach taoibh do Theamhraigh Bhreagh mór n-uair do bhíodh it thimcheal saidhbhreas fileadh, sleagh, agus slóigh, ciodhad úaiccneach, a sheanóir." Úaiccneach.
Iar sin ro éirigh Caoilte agus Fionnchadh agus ránccador co Collamhoir Breagh mur a mboí athardha agus ard-dhúthchas Caoilte agus cloinne Rónáin roimhe sin, agus as amhlaidh fuarador na bruigh agus na bailte
im Chollamhair agus im Mhoigh Breagh gan duine gan ainmhidhe ar a ccionn ann. "Truagh dhúinn, a charo, a Chaoilte," ol Fionnachadh, "an ní éireóchas dúinn anois .i. an ghorta dár marbhadh agus eiteadhaidhe in aidheóir dár ttomhuilt as a haithle." "Nochan amhlaidh bhías," ol Caoilte, "acht rachmaoine a ndiamhraibh agus a ndroibhéluibh dár mbeathucchadh ar énlaith agus ar íasgach, agus bíam inar ccomhnaidhe a n-ionadh éiccin acc caitheamh gach sealcco dá bhfuigheam ann." Ro cinneadh ar an ccomhuirle sin leó, agus ro ghluaiseadar rompa budhdheas, agus giodh mór mball ro shirsead nochan fhúaradar aon-bhall do thaiteónadh leó go rángadar Ros Dhá Chon a bhFiodh nGaibhle. Íar rochtain ainnsidhe dhóibh-siomh ro ráidh Caoílte: "Maith in t-ionadh Ros Dhá Chon," ol sé, "óir is eissidhe in cóicceadh ros as feárr i nÉirinn." Teaccoid fón bhfiodh íaromh, agus ro boingeadh caol in fheadha leó, agus do-ghnísad fían-bhoith mbronn-fhairsing, agus tuccsad fleascc tar féicce dhi agus dlaoi dhíona di aneachtar. "Mithidh dhúin," ol Caoilte, "sealcc do dhénomh accoinn agus rachad-sa dá déanomh." Ro éirigh íaromh agus téid roimhe soir im Choill Dá Shruth, agus nochar chían dó ann an tan do éirgheadar na trí fúatha dhó, .i. fúath Tighe meic
Caémháin, fúath Lilchaighe, agus fúath Doire Bráon- áin; clann Cholmáin Chorrghuthaigh íad-somh, agus as é Caoilte ro mharbhastoir in Colmán sin. "Acc so," ol iad-somh, "in tí ro mharbh ar n-athoir-ne, agus tabhram úathbhás agus imeaccla uime ionnus nach ccomhraicfe féin agus Fionnchadh ré-roile ina thimcheal-somh, ionnus go mboí cách dhíobh acc marbhadh agus mughadh a chéile." Ó 't-chonnairc Caoilte sin is eadh ro ráidh: "Ro thionchoisg," ol sé, "an Táilgean damh- sa gan daoíne do mharbhadh agus gan a bheith a bhfiadhnuisi fola accá tionsaidin." Táinig go Doire Bráonáin íaromh, agus do thuit a thoirrchim súain agus síor-chodalta fair co ttáinic solas-tráth éircche do ló ara bhároch. Ro dhúisigh ann soin as a shúan, agus do-rinne bric abhonn agus míl moighe d'inneónadh agus d'fhíor-bhearbhadh. Imthúsa Fhionnchadha imorra, ro bhoí in'áonor in oídhche sin. Teaccoid trí mic uí Fhloinn a Falmhaigh Laighean isin moch-mhaidin sin do mhuic-fhiadhach fón doire, trí naonbhar a líon. Lodar assidhe go Ros Dá Chon i bhFiodh Gaibhle. Fúaradar sliocht in fheadha arna bhúain, agus na lúachra agus na láin-sheiscce arna lúath-ghearradh, agus ro leansad an lúachoir ar a lorcc go ránccatar an fhían-bhoith. Is ann sin ro labhoir in seanóir Fionnchadh agus is eadh ro ráidh: "Monúair," ol sé, "nocha beó Caoilte áon-chor;
úair dá mairidh-siomh nocha mbéinn-si im áonar aréir." Ro chúalador-samh sin, agus teaccoid go tinneas- nadhach dochum na boithe. An tan do mhoithigh- siomh seasdán na sochaidhi acc iadhadh uime do gach áird, ro labhoir riú, agus is eadh ro ráidh: "Ná loitidh mé, a ócca," ol sé, "óir ní fhuil ionnam acht seanóir do dheaghaidh iarsmo Féine Finn agus duine nach dír bás do thabhairt." "Cia d'Fhíanaibh Finn thú, a sheanóir?" ol Cormán mac uí Fhloinn. "Fionnchadh mac Floinn misi a Falmhagh Laicchen." "Ar sean-ne thú, agus fo-chean duit." "Cía siph-si budhdhéin?" ol Fionnchadh. "Cormán, Mélcian, agus Dubhlann ar n-anmonna," ol íad-somh, "agus trí mic uí Fhloinn a Falmhagh Laicchen sinn." Ro innis-siomh amhail ro sgar Oisín ris féin agus re Caoilte agus in fáth imá ttánoicc Caoilte gusan ionadh sin seach gach ionadh oile isin ccóicceadh, .i. ar a uaiccnighe agus a fheabhos d'ionadh sealcco, agus do bhrícch nach raibhe a fhios aco cionnus do- ghébhdaois i mbeathaidh acht muna bhfaghdaoís do thaobh sealcco Caoilte í. "Tairr linne," ol íad-somh. "Nátó," ol eisiomh, "óir is feárr leam isin ionadh sa inar fháccaibh Caoilte mé, giodh bás do-ghébh ann, iná a n-aon-ionadh oile."
"Biodh éiccen duit toidheacht," ol íad-somh. Beirid leó dá neamh-thoil é dá ndúnadh- árasoibh feisne. Dála Caoilte imorra, ticc gusin fhían-bhoith, agus ó nach bhfuair a fhear comhtha inn ro ghabh tuirse agus trom-chumha é. Ticc imach íaromh, agus tucc a thrí béicceadha buan-neartmhara borb-chaoínte, agus a theóra núallanna neart-chumhadh ass. Ro ghabh trí cheann na boithe as a haithle agus fúair lorcc na lán-bhuidhne seacho. "Námhuid tudchador sonn," ol sé, "do bhreith Fionnchadha úaim-si." Ro ghabh a lorcc-samh íaromh, agus ro luigh roimhe go ránoicc Druim Dá Mhoighe ar a lorcc. "Ro fheadar anos," ol sé, "gurab íad clann a bhráthor rucc leó é dá bhíathadh agus dá bhúan- leasughadh, óir is í so a ndúthaigh, agus dá madh námhuid do-bhéaradh leó é as in mboith ní hí so slighe do ghéabhthaoi lais, agus nocha rachad dá chumhgadh fair ciodh nach bhfuil ní budh feárr leis-siomh iná m'fhaixin, agus giodh doiligh leam i bheith a bhfoithribh agus a bhfásachoibh ní rachad dá thabhairt-siomh liom d'fhagháil anshóigh ionnta. Tánoicc roimhe ann sin go Druim Gréine, ris a ráitear Druim nAirbhreach anois, agus ro an ann an oídhche sin. Ro éirigh ara bhárach, agus ní haithris-
tear an imtheacht go ránoicc Doire in tShean- eóin, agus ro ráidh íaromh: "Maith," ol sé, "an doiri si." Téd i meadhón críche comhdhaingne fuair ann, agus ro íarr . . . sgiatháin sealcco dá shaor- dhruim. Ro leadoir in ccrích ccomhdhaingin do gach aird agus do gach aircheann de agus do-rinne áite agus adhbhaidh ina meadhón; seacht ndoirsi ar an ccrích, agus an dorass díobh ar a tteageadh-somh imach ní hann do ghabhadh isteach. Do-roighne indle sealcco mur in ccéadna. Ro bhoí trí bliadhno isin ccrích sin gan uireasbhaidh bídh nó búan- leanna fair. Brughaidh céadach ro bhaoi i ccrích Midhe, Bróccán a ainm, fuair bás in ionbhaidh sin, agus ro gabhadh a thrí mic acc rí Midhe acc iarraidh séud, maoíne, agus ionnmhusa orra. Eóghan, Illann, agus Aonghus a n-anmonna. Samhnach inghean Cholccáin mhic Áodha mhic Fíachra mhic Rónáin a máthair. Tuccoistear rí Midhe a cródh féin di, agus ro bhoí an treas mac dia cloinn ina láimh, .i. Aonghoss. Ro léicceadh Eóghan agus Iollann ass. Ro móradh aca-somh Dún Samhnaighe. Seacht n-áirghe leó, seacht bhfichid bó gacha háirghe. Rucc Eóghan agus Illann íar soin Oenghus leó a glasoibh rí Midhe, gan fhios don rí, agus tíaghoid a
ttríar fó Dhubhthairbh dheiscirt Breagh dia ccáomhna ar an rí, agus no bhíttís gach n-oidhche acc dénomh focchla for in tír. Trí naonbhair a líon. Teaccoid iaromh go Doire in tShein-eóin, agus do-ghnítt fían-bhoith dhóibh and. Adhoigh n-áon íar soin do-chúador d'fhoghuil ar a namhduibh. Teaccoid fó bhúailidh rí Midhe gor mharbhsad i mboí innte idir mhíl agus duine. Acc iompódh ón mbúailidh sin dóibh do-chúaidh in mac fa só dhíobh d'fhoghoil ar leith leis féin. Teaccoid an días oile, .i. Eóghan agus Illonn go a mboith. Ticc Aonghus iar ndénomh a fhocchla amhail fa lór lais gusin bhfían-bhoith. Tánoicc imorra Caoilte mac Rónáin as a bhoith in tan soin, agus is í slicche inar ghabh seach taobh fían- bhoith cloinne Brógáin. "Boith fhoghlaidheadh sonn," ol sé, agus ro sheasaimh ar cúl na boithe go gcúala Eócchan agus Illann acc iomardadh ar a sósar, ar Aonghus, im dhul do dhénomh focchla ar a aghaidh budhdhéin, agus ro fhiarfaighsad créad fá ccuirfe roimhe barr gaisccidh do dhénomh nach dingéndaoís feisne. "Cóir dhamh," ol sé, "barr gaisccidh do bheith ionnam thoraibh, óir in tí ris ar ghiallas, .i. Caoilte mac Rónáin, as é fa beódha a n-áon- aimsir ris, agus re taoibh phur n-athar dhíalltaighi-si, agus as neamh-mbeódha iad-somh iná taobh ar máthar, .i. clanna Rónáin."
Ticc Caoilte chuca fón ccomhrádh sin, agus ro ghabhsad-somh a n-armo. "Ná homhnaicchidh, a ócca," ol Caoilte, "óir ní harracht, nó fuath, ná orchóidigh misi." Agus ro shuidh ina bhfarradh. "Cia thusa, a óccláigh?" ol íad-somh. "Seanóir do dheireadh agus do dheagh-íarsma na Féine fíor-neartmhaire mé, agus Caoilte mac Rónáin mo chomhainm, agus cía sibh-si anois, a ócca?" ol sé. "Trí mic do Bhróccán brughaidh agus do Shamhna inghin Cholccáin mhic Aodha mhic Fiachna mhic Rónáin sinne," ol íad-somh. Agus ro innseadar dhó cúis a n-ionarbtha. "Ticcidh leam-sa, a bhráithre," ol Caoilte, "agus bídh ar mo chomhuirle." Teaccoid leis íaromh go a fhían-bhoith féisin. "Is glic," ol íad-somh, "do-roighneadh in bhoith sin." Ro thuillsead a ttrí náonbhair isin dara leith dhi, agus iomdhaigh Chaoílte a áonar isin leath araill. Bádor amhlaidh sin ráithe. Ro íarr rí Midhe ann soin clann Bhróccáin do thabhoirt chuicce co ndeárnadh síth riú. Theaccoid caroid dhóibh-siomh ar a cceann. Teaccoid do láthoir in rí íaromh, agus ro fhan Caoilte día n-éis isin mboith. Ro ceangladh síthcháin eatorra-somh agus in rí, agus tuccadh a bhfearonn féin dóibh-siomh. Teaccoid ar ceann Chaoilte ann sin gan mhoille.
Adubhairt Caoílte nach rachadh leó-somh acht muna mbéardaoís go dúnadh a dheagh-sheathor é, .i. go Dún Samhnaighe. Ro gheallsad-somh sin dó. Teaccoid féin agus Caoilte rompa íaromh go hEas nDubhthaigh. Bádar ann an oídhche sin, agus teaccoid go Cnuca arna mhárach. Do-roicchnead- ar comhnaidhe and soin, ór do bhean laicce do Chaoilte ann co nár thualoing ar aisdear nó ar imtheacht do dhénomh. Teaccoid lucht na críche eidir laoch agus chléireach agus lán-airigh, ollomh agus oirfide, brughaidh agus bíatach dá ionnsoicchidh. Ro fhiarfaigh aon dá maithibh dhe: "Créd 'má ttuccadh Cnuca ar an ccnoc sin? Agus an air tuccadh cath Cnuca inar marbhadh Cumholl? Créad in aoís a raibhe Fionn in tan soin? Cía méid ríogh tárraidh Éire? Agus cionnus do rannadh Éire re Conn?" "Cuiridh im shuidhe mé," ol Caoilte, "con fhaisnéidhinn gach ní dhíobh sin dhaoíbh." Do-rónnadh amhlaidh agus ro ráidh na roinn íaromh:
"Cnuca, chnoc ós linn Life, ro bhí uair (ba háiridhthe) - ba dún aoidheadh ro bhoí tan dá raibhe Tuathal Teachtmhar.
Tuathol ar tús ro thóccaibh; ba dún rí, ba rí-obair; ní bhoí acht Teamhoir teach budh feárr, ba hannsa la rí Éireann. Feidhlimidh ro ghabh iar soin, mac Tuathoil, meic Fhearadhoigh; Conn íar bhFeidhlimidh, flaith Fáil. ro bhoí isin ttulaigh ttonn-bháin. Feart an Drúagh a ainm roimhe, ó chéad-reimheas Iughoine go reimheas Cuínn a Chnuc Brain, go ttáinig inghean Chonnaigh. Moime Choinn no chardaois roinn ba hí Cnoca cheann-áloinn: ro bhaoi isin dún sa athaidh re réimheas Choinn Chéad-chathoigh. Cnoca, inghean Chonnaigh chais a híath Luimnigh leathon-ghlais, do-chúaidh d'écc do thámh ina thoicch: ro budh crádh re Gaoidhealuibh. Adhnocht in bhean (géarbhó brón) isin ccnoc ina cheart-mheadhón, gorab Cnocha a shoin imach ainm go ttoir in bráth breathach.
As é soin in sliocht nach fann a rús fíre ó shoin anall: seanchos na tolcha sa ana ris a n-aibeórthar Cnuca. Cnuca. Ann do-radadh an gleó garbh bhail a bhfaice in dá charn; ann do chomhraicsead na slóigh díar tháoth Cumholl mac Tréinmhóir. Trí thráth ré ccur in chatho coimpeirt mheic in árd-fhlatho: do-rala Fionn, fichtibh gal, do Mhuirn mhóir a Sídh Almhuin. Iar soin a haithle an áir robsad síodhaighe flaithe Fáil; roinnsead Éirinn leath ar leath Conn agus Eóghan Taighleach. Leath Moccha acc Mogh Nuadhad nár is Leath Coinn acc Conn comhlán ré naoí mbliadhon, sídh gan mheircc, go díth Labhradha Láimh-dheirg. Labhradh Lámh-dhearg, laoch nádh gann, mac Láimh-dheircc athigh Éireann, torchoir le Maol mac Mongaigh feasccor i ccath Dubhchonnaigh.
Thionóilsad Leath Mogha ar sin im Eóghan chalmo, in cuingidh; cuirid cath re Conn gan cheilcc íar ndíth Labhradha Láimh-dheircc. Comhraicoid i Magh Léna cona ccathoibh coimhthréna; Modh Nuadhot ad-rochoir dhe re mac feasach Feidhleimthe. Leath Coinn is Leath Mogha móir táthaighis Conn a ccéadóir ré fhichid bliadhon gan bhrath gur fhás Tiobraitte Tíreach. Tiobraide Tíreach ba teann leis do-rochoir Conn caoimh-sheang; do-rochoir ra rí Uladh rí Teamhra na ttréun-chumhal. Tiobraitte is Conaire caoímh, seacht mbliadhno a ccosnamh maráon, gor briseadh cath Dúine in Mháil ar rí Uladh, gér bhéad áigh. Íar sin ba rí i tTeamhraigh thruim mac Mogha Lámha laoch-luinn; ré ocht mbliadhon gan mheabhoil rícche Conoire chneadhoigh.
Ro luidh Conaire budhdheas a ccrích Mumhon na móir-leacht, gor ros-mharbh Neimheadh go neimh ar fhaithche Árda Neimheidh. Ceithre bliadhna d'Art Aoinfhear acc cosnamh críche Gaoidheal; ní raibhe bliadhoin gan chath gur ro ghíalladh túir Teamhrach. Deich mbliadhno fichit iar soin sáimhríghe Airt i tTeamhroigh gur ros-dhíthcheann Lúgh in rí san ccath ar Maigh Mhucramhí. Ré sheacht laithibh, lí nádh gann, do ghabh Lughoidh íath nÉireann: tánoicc dá ríghe neartmhoir táth Éireann re hén-sheachtmhoin. Tríocha bliadhon gan mhíne boí Mac Con a n-aird-ríghe, nó go ttorchoir an cur cas gan léan for a aireachus. Luidh budhdheas do tháth Mumhon Lughoidh, géarbhó mór-phudhor; ro marbh Ferches, fichtibh tor, i cCarn Ferches d'áon-orchor.
Gabhsoid iar soin slóigh Theamhrach im Chorbmac na ccaoimh-theaghlach, gor ríoghadh i tTeamhraigh thoir mac Airt mhic Cuinn Chéad-chathaigh. Ro ghabhsad slúaigh Laighean lir im Mheidhbh Leith-dheircc do Laighnibh, im sheacht macuibh Eachdhach Finn dár dhúal aird-rícche ar Éirinn. Cath ar leathtaobh Teamhroch thoir ro briseadh leó for Laighnibh, gor cuireadh Corbmac ua Cuinn a Teamhraigh co Cala Truim. Claidhsead Laicchnigh ar an learg Ráth Méidhbhe do Mhéidhbh Leith-dheircc: Ráith Meadhbha ó sin amach ós in múir re taoibh Teamhrach. Cúicc mís, trí ráithe go rath, ro bhaoi Méadhbh 'na flaith Teamhrach nó gur éirigh Criomhthan cas, mac do Chathaoir chloidheamh-ghlas. Do-radsad Laicchnigh na leann rícche do mhac rígh Éireann; gur ro fhaoídh Meadhbh risin mac nírbhó rí Teamhrach Corbmac.
Seacht mbliadhno ar marbhadh Meic Con ro bhaoi re Corbmac cosnamh, nár ro tháthaigh teann i tteann cóicc cóiccidh innsi hÉireann. Tré ríghe Cormuic na ccath ba rí Fearghus Duibh-dhéadach; a tTeamhroigh thoir ro chosoin go cath Crionna nár chobhsaigh. Na trí Fearghosa fionna ro mharbhsad a ccath Crionna re Lughaidh, re Tádhcc mac Céin, re Corbmac gusan mhóir-chéill. Dá fhichead bliadhoin go mbúaidh aird-rícche Corbmaic in tshluaigh go ndeachaidh, ba hiongnadh linn, go Ráith Spealáin ós Bóinn bith-bhinn. A Tailtin táinic flaith Fáil go faithche Rátha Spealáin; rucc Spealán 'na raith go rath aird-rícche toghaidhe Teamhrach. Bradán isin mBóinn ro ghabh iasgoire tighe an bhrughadh; bádor 'gá thothchaitheamh treall re ttoidheaccht do rí Éireann.
Cnáimh do chionn in bhradáin bhuicc torchoir ón mnaoí san losuid; ro-lá in chruithneacht 'na cheann dá fuine do rí Éireann. Tuccadh i ffíadhnuisi in rícch an bhairghín, géarbhó míoghníomnh; conadh de tánoicc a leacht Corbmuic uí Chuinn na ccaoímh-reacht. Bádor ar faithche an bhaile slúaigh iomdha agá iornaidhe: do-radsad gáir in sluagh searbh im chluithe na ndá cheithern. Mar do-radsad an gháir ad-chúalaidh in rígh go roi-ghráin; biodhccaidh a aigneadh gan tlás; sluigidh in mír tré úathbhás. Leanaidh in cnáimh gan truime ina ucht is 'na úrbhruinne, go bhfúair bás isin toigh thall aird-rí airmhidneach Éireann. Ba trúagh baoi Éire íar soin gan tríath gan rícch i tTeamhraigh re ré cheithre mbliadhon mbúan gur éirigh Eochaidh arm-rúadh.
Eochaidh Gunnad ro gíalladh i ccionn cheithre ceirt-bhliadhon; aoin-bhliadhon i rícche theann go ttorchoir i ccath Cuilleand. Cóicc bhlíadhno ro bhoí Cairbre acc iomchosnamh Éirionn airde, accos i sé .x. dég íar soin ba rí Cairbre Lifeachair. Cairbre Lifeachar nír lacc gor ghabh risan bhFéin formad, go ttorchoir i ccath cCabhra glan do láimh oirlaimh áitheasaigh. Cóicc bhliadhno don dá athoigh mhillsead Éirinn re hathoigh; ro bhaoí a ccosnamh gan mhíne; éin-bhliadhoin a n-áird-ríghe. Do-roighne Fothadh Aircctheach fionghal ar Fhothadh cCairptheach; Fothadh Aircctheach fuair íar soin bás risin bhFéin bhfortamhuil.
Ceithre bliadhno a ccosnamh chrúaidh d'Fhiachaidh Sraibhtine go mbúaidh; ar Eochaidh nDoimhlén an fear cath gacha bliadhno do chuireadh. Naoí mbliadhno ar thríochad ro theacht Éire agus Alba a n-aoínfheacht, nó go ttórrocht Colla cain i ccath Dúine Dubhchomair. Cath Dubhchomair, ba calmo, ro bhris Colla Uais amhra, dá ndeárna gníomh talcmhar teann, díthcheannadh aird-rí Éireann. Ros-ghéanoir Fionn roimhe sin i ttús ríghe Chuinn chreachaigh; marbh a n-aoín-mhís, gérbho tric, agus Fíacha an fear fíor-ghlic. Ceithre laithe go fá dhó (is fíor, is ní hiomarghó) ó bhás Fhinn ro fhoirgheadh gail go cath Dúine Dubhchomair. Co ro thuit Fionn 'na lém aoísi robsad úaithte 'chomhaoisi, Ocha file an fear feasa is Mogh Ruith mac Soineasa.
Ocha file an fear attúaidh, Mogh Ruith isin Mumhoin múaidh: marbh do chríne ceachtor de Mogh agus Ocha file. Éin-fhichid décc bliadhoin bhinn ar dheich mbliadhnoibh saoghal Fhinn; a mhaca Bróccáin don moigh, atá leam-sa do mheabhoir. As é sin an sliocht amhra réimhsi na rígh ro-chalmo; a mhaca Bróccáin don mhoigh, atá leam-sa do mheabhoir. A mhaca Bróccáin don mhoigh, atá leam-sa do mheabhoir; gém anbhfann, géar sgiath mo neart, budh cóir dhaoíbh uile m'éisteacht. M'éccaoin, monuar, ro charos iomad fían, iomad amhus, caroim iniogh do dheóin Dé creideamh, comaín, aithricche. Do-ghébh bás do thoil Dé; a tTeamhraigh thiocfas mo ré; bia mo leacht go laithe an Lúain re taoíbh Teamhrach aniardtuaidh.
Eóghan, Iollann, Aonghus án, gabhthar leó go lúath mo lámh; fáccbhar linn in feart sa ana ris a n-aiberthar Cnucha." Cnucha.
Ro éirgheadar meic Bhróccáin ann soin agus tuccudor eisiomh go Dún Samhnaighe, agus ro bhás gá ghaire agus gá ghlan-leasucchadh ann. Aoídhche n-oén ro bheadhcc-somh as a chodladh agus ro bhoí acc osnadhaigh agus acc airchaoineadh íaromh. Ro labhair Samhnach íaromh ris agus is eadh ro ráidh: "A sheanóir," ol sí, "créd is fachoin dot osnadhoigh?" "Fís ad-chonnoirc," ol sé, ".i. mé féin, Fionn, agus maithe na Féine do bheith ar áon-láthoir mur as feárr do bhámar ríamh." Agus ro ráidh na roinn:
"Iongnadh fís tádhbhas damh, truagh táthar dom mheadhradh, an lucht do-chuaidh don bhioth bhras a bhfaixin im chomhthanas. Dar leam at-chonnairc in bhFéin acc imtheacht ó shlébh do shléibh; gach drong rom-thádhbhas rom-thá: meabhoir leam a n-aoidheadha.
At-báth Fionn gá léim aoísi, ciodh eadh ro budh léim baoísi; torchoir Díarmuid le muic mir isin ccárn ós Ghlionn Comair. Torchoir Feardhomhan a bhfus le Conán 'má ráthachas; i n-Eisgoir cCoíl, gé ro-chrádh linn, ad-rochradar choimhthuitim. Torchoir Aodh la hiolar bhfear isin ccnuc a cCarn Aoidheadh; torchoir Faolán ris anoir ós Clúain Bhicc i nEatharlaigh. Ad-rochoir Cáol i nDruim Chaoíl; ad-rochoir Dubhthach ós Daoíl; torchoir Cruinn-bheacc i cClúain Damh agus Sgannal Sgíath-leathon. Ad-rochoir Corra ina Chúil, as fair ro claidheadh an úir; torchoir Fiodh Dorcha a bhFiodh Gairbh as de ro ceachladh in t-ainm. Ad-rochoir Fál Feadha Becc do leathtaobh Glinne Delmeic, maráon is Fál Feadha Móir, do lecc Choirill uí Chonbhróin.
Torchradar trí meic Maoíl Chruinn ag Garbhair, ba garbh a gluinn: Dubh Dromán ro thuit san ccath, Flaitheas, agus Mac Lúghach. Fionn mac Breasoil ro thuit thoir ar an leircc ós Lícc Dubhthoigh; taobh re taobh a ndá lighe, é, is Uairbhél mac Uairchridhe. Naoi naonbhoir do éircchdís leam Dubh agus Dubh Dhá Bhoireann; ní fhuil neach rem linn, rem lá, ro fhionnfadh a n-aoidheadha. Cobhthach, Conghal, Caichear, Conn, Fiachra Féigh, agus Achlonn, Dubha, agus dá Dhubhán dil, naoí meic Lughain mhic Luaimhnaigh. Naoi meic acc Lughan ro bhoí, náonbhar gach meic, móide a ghnaoí, cú gach fir, giolla gach con: dhóibh do-bheirinn tuarasdol. Ceathror imaircce dhíbh soin gaodh Conghal mac Muireadhaigh; cóiccear ós cionn Locha an Eóin ro gháoth Merchill mac mic Threóin.
Lughan ba hainm dá n-athoir gusin lá i cCárn Fionnachaidh, co ro theagaiscc re Féin Fhinn leath for leath uadha fairinn. Faireann Dubh Dá ó shoin amach de do ghoirdís in teaghlach, gor thuit i bhfiadhnoisi Fhinn don tshleigh baoi i lláimh Dechill. Ua meic seathor dhamh-sa an fear, Lughan ba láochdha tar lear, liom-sa co ngníodh a luighe do thaobh leircce Líathdhoire. Ro marbhadh trí meic Fiodhaigh; marbham trí chéad 'na ccionaidh; atád 'na luighe imalle do thaoibh leircce Líathdhoire. An tríar ba hainimh dhamh-sa; ba maith accom a n-amhsa; as ram thaobh-sa ro thiughbhadh: mo bheith dá n-éis is iongnadh." Ingnadh
"Maith, a sheanóir," ol Samhnach, "ná tabhoir- si dot aire easbhaidh t'fhéine agus t'fhóirne, agus as córa dhuit aithreachas fírinneach do dhénomh ad dhroch-ghníomhaibh agus id dhuáilcibh i n-err h'áoisi agus h'aimsire anos nó bheith agá ccuimh- niughadh." "Trúagh sin," ol Caoilte, "óir ní phuil aoinneach isin ccruinne do-bhéaradh eólas ar Fhionn agus ar an bhFéin agá madh éidir dhó a ccuimhne do léiccin úaidh nó go sgaradh a anom ris." Ro luidh-siomh as a haithle, agus ba hanbhfann inirt éccrúaidh baoi, agus baoi accá fhreasdal go dúthrachtach deitheattneach acc an sáor-mhnaoí, .i. ag Samhnaigh, nó go raibhe Aonach Tailltean accá iomrádh re fearoibh Éireann. Tánccadar clanna Bróccáin ann sin ar a chionn-somh, agus ro íarrador leó é gos . . . sin, agus nochan fhuair-seamh meaisneach re coisigheacht nó re marcoigheacht do dhénomh, óir do bhí isna laithibh déighneacha go deimhin an tan soin agus a chríne arna chaitheamh, agus ro chuir truaighe orra-somh an cruth ina bhfacador eisiomh, agus ro fhiarfaighdar dhe in rabhadar eich ná carboid acc Fíanaibh Éireann. "Cía aicce a rabhador," ol eisiomh, "acht accoinne inár bhFianaibh?" Agus ro ráidh na roinn ag foillsiughadh amhuil ticcdís chum an Aonaigh, amhoil do shuighdís ann, agus amhoil d'ordoigheadh Corbmac iar n-órd
cách ann, agus acc foillsiughadh bloidhe dia ttiodh- laicthibh iaromh. Conadh ann ro ráidh na roinn:
"D'Aonach Tailltean téighmís-ne (robsad ile ar libhearna); is amhloidh ro chéimnighmís, slóigh mhóra imm ar ttighearna. As amhloidh do lodmais-ne (nír chumhdach go ccaoil-bheathaidh), ar ríogh 'no roi-chairpthibh, ar n-óig ar a n-aoin-eachaibh. Seacht suidhighthe i suidhmís-ne ós fheart inghine Maghmhóir; seacht ccéad gacha suidhighthe baoimís do ghléire ghlan-shlúaigh. Ticcdís aoís na treabhoire, i mbiaitaigh is a mbrughaidh; ticceadh in flaith feachtnaighthe dá ccur ina . . . Córughadh an áonaigh-sin no fhóccradh orra cána; d'orducchadh an aonaigh-sin ba buidheach aos gach dána.
Córughadh an aonaigh-sin ba haoibhinn lenar n-amhsoibh, ba loinneach lenar n-aoidheadhaibh, ba faoilidh re ar n-arsuibh. Trí chéad fail ros-dearlaiceadh d'ór bhuidhe go n-iomghloine, trí chéad uinge geal-arccoid, trí fichit uinge d'fhionndhruine, Trí chéad sgiath go ccaoímh-ghloine, trí chéad sleagh ba seóid flatho, trí chéad claidhomh caol-bhuidhe, trí chéad leann gacha datha, Trí chéad cuach do gheal-airccead cona ndrom-lannuibh dearcco, caoga cuilén ceann-mhaiseach agus caoga cú sealcco, Trí chéad each do thréan-bhronnadh, trí chéad bó bheirdís brughaidh, trí chéad carbad crédhumha, trí chéad torc comhtheann cubhaidh. Corbmac ua Cuinn Chéad-chathaigh ro fhodhladh maoin do mhaithibh, robsad troma a thairbhearta d'fhileadhuibh is do fhlaithibh.
Ba haoibhinn ar mbeith-ne a bhfarradh na bhFían bhfáobhrach; ba hiolardha ar n-eachraidhe acc tríall dúinn gusan áonach. D. Misi do budh . . . -rmach an uair sin leam níorbh eólach go mbeinn isin mheirbh-néill-si acc tríall dhamh gosan áonach." D.
Ro chuirsead a ccróchair é íaromh agus éadaighthe láin-mhíne ina urthimcheall, agus ro thóccabhsad ar a ghuaillnibh leó é as a haithle go ránccadar Ros Teamhrach. Ro thairneadh in seanóir agus ro fhíarfoigheadh dhó íaromh cía an t-ionadh inar léicceadh ar lár é. "Ros Teamhrach an t-ionadh sa," ol sé, "agus ba ghnáitheach móir-theaghlach ann gos anois, agus ba mór lá ro bhámar go han-aoibhinn sonn." Agus ro ráidh na roinn iar suidhe:
"Baile na ríogh Ros Teamhrach: ann fa meinic móir-theaghlach a gcéid-reimheas Fhear mBolcc mbinn, dár ghabhsad uile Éirinn.
Cía ris ar tóccbhadh ar tús? cia a céid-rí fuair a hiomthús? cia ris a ndeárnadh dún di? caidhe a hionganta uili? Caidhe a búadha brasa? - fionnaid lucht an eólasa; créd dhligheas rí reabhach do chíos do gach cóicceadhach? Cía méad a fhearonn ro feas idir thoir is thuaidh is theas? is caidhe ríomh a toighe má theagh Teamhrach tonn-ghloine? Cionnas ro bhoí Teamhoir theann acc Fearoibh Bolcc na mbéimeann? cionnus ro ghabhsad Túath Dé múr na Teamhrach toghaidhe? Cionnas tánccadar andeas Gaoidhil forra, gérbho deas? cionnas ruccadh Teamhoir thall ó shaor-Thuathaibh Dé Danann? Fir Bholcca is Tuatha Dé, Gaoidhil uirre for áon-ré: in síth, in cogadh, nó in cath do-rónsad im mhúr Teamhrach?
Túatha Dé ina dheaghaidh caidhe a ngleó re Gaoidhealaibh cionnus ro fáccbhadh Magh mBreagh re macoibh móra Míleadh? An fíor gur chuirseador croinn ar Inis Ealcco n-áloinn, nó an bhfoclann an seanchos soin aittreabh a ttuath fó thalmhain? Craéd do-rónsad Túatha Dé? caidhe cinnte a ccomhuirle? má ro ghabhsad síth gan on, caidhe a ndíol iarna dénomh? Tuatha foirthréana fFear mBolcc caidhe a n-aittreabh, caidhe a n-ord? cía méad d'fhearonn iar ndeaghail ro ghabhsad ó Ghaoidhealaibh? Sluaigh iomdhadh na nGaoidheal ngarcc, dia ttuccadh dhóibh Éire ard idir shlíabh is móin is magh, caidhe an roinn do-rónsadar? Trí mic do Mhílidh mhear-mhór, Aimhirgín is Éireamhón agus Éimhear gaoth glan grinn, cionnus do rannsad Éirinn?
Madh ro bhoí neach oile and, madh ro aittreabh íath nÉireann, do chlannduibh Mílidh na magh, ciodh amhlaidh nach innistear? Ro ghabhsad rígh go rath mhór iath Éireann ó Éireamhón; ro lécceadh dhóibh Teamhoir the; leó ba bladhach in baile. Baile. Sláinghe d'Fhearoibh Bolcc go mblaidh ro thóccaibh ar tús Teamhoir; as lais do móradh an múr is do-rónadh in rígh-dhún. Ionganta Teamhrach fó thrí iongnadh a ndul ar neimhthní: tiobra, lía is lighe ghlan, cía duine ris nach iongnadh?
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services