Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Agallamh na Seanórach III

Title
Agallamh na Seanórach III
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ní Shéaghdha, Nessa
Composition Date
1680
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1945)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



(AGALLAMH NA SEANÓRACH)



(IMLEABHAR A TRÍ)



As a haithle sin ro éirghéadar na slúaigh eidir
laoch agus láin-chléireach, agus teaccoid co Callonn agus co
Cuilleann i nÍbh Cúanach. Suidheas Pádraig a
ndingna árd aireaghdha ann soin, conadh Suidhe
Pádraig a ainm. Suidheas rí Mumhan ar ghualoinn
Pádruic. Suidhis Caoilté ina ffiadhnuisi. Ro
fhiarfaigh Oenghus d'Oisín ann sin:



"Créd 'má ttuccadh Callonn agus Cuilleann ar na
cnocuibh si ar a bhfuilmaoíd," úair as do Chaoilte
ro fhiarfaigh a cheist roimhe.



"Laithe n-aon," ol Oisín, "dia mboí Fionn acc
Ráith Cuire eidir Dhún Dealccan agus muir, i ccionn
Trágha Baile mhéic Bhúain, acc Leabaidh na
hIubhraighe don dara taobh do Dhealccain, agus
Ráith na hEachraidhe don taobh araill díobh, an
bhail a ttabharthaoi a bhfinn-léithreanna fosdadha
fón Dubh Saighlinn srían-chumhdach agus fón Léith
mhór-mhongaigh Mhacha, agus nocharbh imchían
dúinn ann," ol sé, "an tan ad-chonncamar an
tríocha cairptheach n-imrim chuccoinn isin ttráigh
attúaidh go trén-díreach. Ro thuirlingsead isin
ttulaigh, agus ro shuidh an fear ba mó dhíobh agus ba
húaisle ar ghualoinn an ghlain-fhéinnéadh Fhinn


L. 2


mheic Cumhuill. Ro fhiarfaigh Fionn de cia hé
budhdhéin, agus can as a ttánoicc, agus créd fa hainm
dhó.



"Callonn mac Fearghosa Finn aird-rígh Uladh
meisi," ol sé, "agus mo bhráthoir féin Aodh Donn
mac Fearghusa fil dom athchor agus dom ionnarbadh,
ionnus nach léicceann im thír mé agus nach mó
léicceas do Chormac ua cCuinn mo chongbháil, agus
tánocc id dháil-si agus dot rochtain, a rícch-fhéinnidh,"
do thaobh mo charadraidh riot, uair Duibhéis
inghean Fheidhlimidh mheic Connrach bean
Tuathail Teachtmhair do shean-mháithir-si, agus
Meas Mhuingheal ainm oile dhí, agus tánaic sí ar
athaidh agus ar élódh ó Thuathal Theachtmhar iar
mbreith trír dhó dhí, .i. mac agus días inghean,
Feidhlimidh Reachtmhar an mac agus Fithir agus Dáirinne
na hingheanadh.



"Tánaic sí go Trénmhór mac Souilt, got shean-
aithir-si, a shaoir-fhir, agus rucc tríar mac dhó: .i.
Cumhall calma an caithmhílidh, th'athair-si, a
Fhinn; Criomhall sochla an sein-fhéinnidh, athair
Chairill, Chuilleann, Aodha, Fhearrdhomhainne, agus
Bodhaimhne an bhain-fhéinnidh; Aodh ollamh
an treas mac, athair Luídheach láin-éachtaigh.
Agus rob í sin," ar Callonn, "cúis chonganta
Chuinn re Cumholl gosan tan so fó ttáinic mire
meanman dona míleadhaidhaibh ionnus gur


L. 3


trasgcradh gan teasarccain in Trénmhór sin i
ccath-chomhlannuibh Cnuca, agus as é sin ar
ccaradradh agus ar ccoimhmbráithreas ré-roile," ar
Callonn."



Conadh do chuimhniucchadh charadraidh
chloinne Tuathail Teachtmhuir, chloinne Baois-
ccne, agus Challainn mheic Fhearghusa Finn ro ráidh
Oisín:




"Clointear craobh coibhneasa an ríogh
Chumhaill chalmo na ccaoimh-ghníomh
is Chuinn Chéad-chathaigh, méid nglonn,
mar do bhaoi a ccairdeas comhthrom.



Uathadh ar talmhuin na ttreabh
gá ttá 'fhios, giodh fhiarfaighear,
agus bu uathadh tar m'éis
bus eólach ina fhaisnéis.



Feidhlimidh aird-rí Uladh
do shíol Ír thréin nár tubhadh,
mac do Chonnrach chleachtadh gail,
mac Fearghusa foirteamhuil.



Inghean acc an rícch go rath
darbh ainm Duibhéis dheigh-eólach;
ro charsad í cách uile
eidir rí agus roi-dhuine.


L. 4


Leis an bhFeidhlimidh gan fheall
ad-rochair aird-rí Éireann
i Moigh Bholcc, díochra an deabhuigh,
Fíacha fíochdha Fionn-fholaidh.



Fiche bliadhoin, as beacht liom,
Feidhlimidh 'na rí Éireann:
ba dú a ruathor as a reabh
go ros-marbh Tuathal Teachtmhar.



Tuathal mac Fearadhaigh Fhinn
ro ghabh aird-ríghe ar Éirinn,
ro bhris an slúagh nGaoidheal nglic
cúicc catho is ceithre fichid.



As ón teachtadh do theachtaidh
Tuathol Teamhra an tairrngeartaigh,
géacc ngil gan fhairbhrícch, gan ainimh,
ro lil don aird-rígh a fhorainm.



Inghean Fheidhlim Aonaigh Bhreagh
darbh ainm Meas Mhuingheal
núachor nachar ghrádhaigh fear
gur lámhaidh Tuathol Teachtmhar.


L. 5


Beiris Tuathol go Teamhraigh
an ghéacc n-urchaoín n-ildhealbhaigh:
seal gon rí áith 'na iomdhaidh
bean bhláith ina bain-bhiodhbhaidh.



Cúicc bhlíadhna décc a tTeamhraigh
don ríoghan go roi-mheanmuin:
níor éccnaighsiott fir ná mná
an ccén ro bhaoi eatorrá.



Rucc sí tríar a tTeamhraigh Bhreacch,
rob lán-mhaith an leith-sheisir,
Fithir is Dáirinne dhron
agus Feidhlimidh Reachtmhar.



Grádh don Trénmhór, don laoch lonn,
tucc Meas Mhunchaoimh mhalach-dhonn,
gor luidh ar élódh toile
cco cathroicch aird Almhoine.



Rucc tríar do Thrénmhór na lann
ris nach gébhthaoi i ccath comhlann
Cumhall is Criomhall na ccath
agus Aodh áloinn Ollach.



Trí meic acc Criomhall na cclann
is inghean darbh ainm Bodhmann:
Cairioll, Cuilleann, Aodh go mbladh,
's an ceathramhadh Fearrdhomhan.


L. 6


Siúr Fhearghusa fhinn fhleadhoigh
Duibhéis chaoímh a caoin-Eamhuin
máthoir chloinne na ccur ccóir
Tuathail tsheing is Tréinmhóir.



Acc sin cairdeas ceart an tshlóigh
cloinne Tuathoil is Trénmhóir
's chloinne Fhearghusa na bhfleadh
úainne a ccairdeas-san cluintear.



Cluintear.




Ro labhoir Fionn re Callonn an soin," ol
Oisín, "agus is eadh ro ráidh:



"Tair-si leam, a Challuinn," ol sé, "co cóicceadh
meadhach Mumhan, go bhfacchor inghean rígh
Mumhan duit agus roinn forba agus fearuinn, agus ná cuir
comhmbúaidhreadh coccaidh ar do shinnsir bhrá-
thoir im ríghe nUladh rena shaoghal feisin."



"Madh í sin do thoil-si," ol Callonn, "budh sí
mo thoil-si."



Lodmar ann soin," ol Oisín, "trí fichid céad
im Fhionn, agus nochar tairiseadh linn go ránccamar
rícch-dhún Shléibhe Crot mar i mboí rícch Mumhan.
Ro hoslaiceadh an dún reamhuinn, ro fiadhoigheadh
co fíor-athlomh sinn, agus ba haoibhinn ar n-ordughadh
'gon aird-rí an ionbhaidh sin. Ro fhiarfaigh an


L. 7


rí d'Fhionn íaromh," ol Oisín, "cia an laoch boí
ar a láimh.



"Mac aird-rígh oirrdheirc Uladh," ol Fionn,
"tánoicc d'iarraidh forba agus fearoínn ort-sa, a
Eochaidh, in laoch sa ar mo láimh-si."



"Mo-chean faoilte-si roimhe," ol an rí, "agus do-
bheirim na trí thríocha chéad fil ó Shliabh cCláire
go hÁth Rínn agus ó Áine go Slíabh Eibhline mur
fhearonn dó."



"Rod-fiadh buaidh agus beannachtoin," ol Fionn,
"agus ó thuccois an ccoibhéas sin do chrích agus do
chaoimh-fhearonn don deigh-fhear soin tabhair
h'én-inghean chruthach choemh-nár dhó, .i. Cuill-
eann chnis-gheal chaoín-bhriathrach, óir as
iomchubhaidh an lánamhuin mac rígh Uladh agus
h'inghean-sa.



"Do-bhéara," ol an rígh, "go maoinibh agus go
mór-mhaitheasuibh mór-aidhbhle lé."



Snadhmthar an lanamhuin ré-roile," ol Oisín,
"agus as and so as mó do chaithsad a ré agus a réimheas
ó sin go mbás, ór baoi bruighean bhuadhach
bhláth-oirrdhearc acu, agus isin nglionn so thíos baoi,
agus ní hurasa a innsin iná 'fhoillsiucchadh gach a
ndearnsad do mhaith inte. Agus ar an ttulaigh
so do ghnáithigheadh an curaidh cath-chalmo
Callonn agus a laochradh ina lán-fharradh acc dénomh
lúth agus lámhach, áineas agus imbeartha, cleasradh agus
caoin-reabhradh; agus as ar an ttulaigh ucchad ar ar
ccomhuir do ghnáthaigheadh Cuilleand cona bann-


L. 8


tracht bheith acc cur chorthaire agus caomh-dhruine
agus acc lán-dhearcadh na laochraidhe do mhéad-
ucchadh meanman agus mór-aicceanta dóibh.



Cona aire sin," ol Oisín, "ro hainmniugheadh
na tulcha sin, .i. Callonn agus Cuilleand; agus as and so
do-níodh Fionn trí catha don Fhéin gacha
bliadhna co buan-chuimhneach. As ann ro toghtha
curaidh agus caithmhílidh i n-ionadh gach aoín budh
easbhadhach d'Fhianuibh Éireann, agus as ann do-
bheirthaoi na daimh imdhísccre árd-léimneacha agus
na tuirc thaoibh-leabhra thuil-leathna thréi-
nmheara go lár an laoch-thighe sin Calloinn, gan
fuiliucchadh cen fordhearccadh forra. Agus ní
bhfuair an Fhian i n-aon-bhaile i nÉirinn ó
Almhuin amach," ol Oisín, "urdail a bhfuairsead
d'áineas agus d'uraoibhneas isin mbaile si an ccén
bhádar an deagh-lánamhuin sin ann."



Cona do dheimhniughadh gach neithe dhíobh
sein ro ráidh Oisín na roinn:




"Cuilleand ba hadhbha d'fhiadhuibh
i mbíodh Fionn gosna Fíanaibh,
i mbíodh Callonn na ccéad sleagh
agus Cuilleand chaoimh chnis-gheal.



Is eól damh in fáth dia bhfuil,
a Phádruic, a phrímh-abstoil,
agus a Aonghuis an áigh,
dinnsheanchas an chnuic chomhláin.


L. 9


Lá dá raibhe Fionn na bhfleadh
isin ráith ós Dealccoin Bhreagh,
i ccionn Trágha Baile Búain,
acc Luidhe an Laoich go laoch-bhúaidh.



At-chímoid san tráigh ittúaidh
tríocha cairptheach go mór-bhúaidh,
go n-armoibh namhdhoibh neimhe
go ndorn-chloidhmhibh altnaighe.



Tairlingid ós Tráigh Baile
fir na n-earradh n-iubhlaidhe;
acc Fionn fár fearadh gach frass
snidhid san ttealaigh ttaoibh-ghlaiss.



Is é fa tighearna dhóibh
fear scéith dreaganta dhí-mhóir,
fear fúair gan fhairbhrícch gach bladh,
Callonn mac aird-rígh Uladh.



Atn-aigh a lámh a láimh Fhinn
Callonn ro budh lán-mhaith linn,
is ro innis bile Bhreagh
a fhine dá ionnarbadh.



Is í comhuirle tucc Fionn
don fhior fhorasda fhoilt-fhionn
gan coccadh do chur co glé
ar a shinnsir 'mun ríghe.


L. 10


Ro ráidh ris (aitheascc go gcéill)
saighidh rí Mumhan móir-thréin,
re taobh inghine ón rígh
go bhfacchadh crodh is caoimh-chrích.



"Gach ní bus toil duit-si, a Fhinn,"
do ráidh Callonn tré chéill ngrinn,
"do ghníomh dhúinne (go ttú dhe?),
go dearbh ar-sean anfam-ne."



Teaccmoid iar soin, suairc an séad,
le Fionn ceithre ficheat céad
go dún Sléibhe Crot na cceárd
go hEochaidh Fionn faobhar-dhearcc.



Oslaicthear romhainn an dún;
fa feis colcthach agus clúmh;
an tan sin acc aoibhill Dor
ba haoibhinn ar n-órducchadh.



Fiarfaigheas Eochaidh na n-arm
d'Fhionn mac Cumhoill gan ghlór ngarbh:
"a fhir a Fraochmhaigh an áigh,
cia an laoch-soin ar do leath-láimh?"


L. 11


"As é so," ar Fionn feabhdha,
"Callonn mac aird-rí Eamhna,
éin-fhear as colgdha dár chinn,
d'íarraidh forba agus fearoinn."



"Do-bhéar-sa dhó," ol Eochaidh án,
"trí thríocha chéad, dearbh an dáil,
ó Shliabh cCláire go hÁth Rinn
óthá Áine go hEibhlinn."



"Rod-fía beannacht agus búaidh,"
ol Fionn, "a Eochaidh arm-rúaidh,
tabhoir dhó tré shaor-bháidh treall
h'áon-inghin ccaomh-náir, Cuilleand."



"Rod-fia an inghean, a Fhinn;
a híarraidh ní haithreach linn;
don dáil go ttí dhóibh a leas;
rod-fia maoíne agus maitheas."



Snádhmthar ré-roile ann soin
Callonn is inghean Eochaidh,
is faíid d'adhaigh san tigh:
dhóibh níor dhainimh a dhénomh.


L. 12


Do-níad bruicchean mhaisicch mhóir
san nglionn sa thíos a ccéadóir:
gach maith dá ndearnsad san teagh
dhúinn níorbh uras a áireamh.



Do athaigheadh Callonn crúaidh
an cnoc sa ar a mbíodh gach búaidh:
acc cur cothrair go ndruine
air no bhíodh 's a ban-chuire.



Air thicceadh Cuilleand gan chacht,
ar an ccnoc cona banntracht,
d'uilleadh aicceanta an chuire,
d'fhéachoin lúith na laochraidhi.



Ón mbeirt si (nocha brécc dhamh)
do bhíodh orra fá úabhar
fáth, mar as lér san liobhar,
fúair na tulchu ainmniughadh.



Sonna do-ghníodh Fionn cco ccéill
trí catha go ceart don Fhéin:
é fa cuimhneach ar an ccleas
ion gach bliadhoin dá fhlaitheas.



Sonn no thoghadh fós an fear
i n-áit na n-ócc no imgheadh
curaidh, caithmhílidh gan chrádh,
go mbíodh a Fhian-san iomlán.


L. 13


Sonn ticceadh na daimh go dían
as gach áird anoir 's aníar,
's na tuirc thaoibh-leabhra leó soin
's gach aé dhíobh ina bheathoigh.



Ní fhúair an Fhían, deimhin leam,
a n-aon-áít ar fud Éireann
acht a nAlmhoin féin, ro feas,
a bhfuairsiott sonna d'aoíbhneas.



Úaill a ceathroibh, caoimhe a crodh,
ónna do dhuine a dhénamh,
a hór, a hairccead gach foinn,
tar éis Cuillinne agus Calloinn.



Folamh na tolchu sa trá:
orra ní bhíd fir nó mná:
i mbeith amhlaidh as crádh leam:
ba hadhbha d'fhiadhaibh Cuilleann."



Cuilleand.




Ro éirgheadar na sluaigh ann sin agus ro cheileabhair
Pádraig do rí Mumhan, agus ro éirgheadar na sean-
óirigh do dhul lais. Ro íarr rí Mumhan ar Pádraig
ann soin Caoilte d'fháccbháil aigi féín an oídhche
sin. Ro cheadaigh Pádraig do Chaoilte, don
tshein-fhéinnidh, fuireach a bhfarradh rí Mumhan
go ara-mhároch agus é féín do leanmhuin íaromh.


L. 14


Ro ghlúais an naomh-chléirioch roimhe ann soin
go ráinig go dobhar-linntibh díana dath-ghorma
dos-chubhracha Duibh-cheachra, agus deisidhe féin
agus Oisín mac Finn i suidhe.



Ro fhiarfaigh an t-abstol d'Oisín ann soin cia
hainm an t-ionadh i mbádor.



"Duibh-cheachoir Droma Dá Oss ainm díleas
dinnsheanchois an droma sa go deimhin agár
ndaoinibh-ne, a dheagh-abstoil," ol Oisín, "agus as
minic ad-chonnarc-sa Fionn agus Fíana Éireann go
rathmhar ro-chonáigh isin rígh-thulaigh si," ol
sé, "agus ro thairrngir fós Fionn go fírinneach do
thuidheacht-sa, a Tháilginn, isin ccnuc sa, agus go
ndíthchuirfeá deamhuin dá dhumhadhaibh,
agus co ccoisgfeá drúaidh dá ttinnchéadlaibh, agus go
mbinneóchá in cnoc sa cen chonntabhairt don
chuairt sin, agus as ainmheinic do bréccnaiccheadh
a bhúan-fháistine-siomh madh gose."



"Ní bhréccnaighfidh anosa fáisdine an fhlaith-
fhéinneadh cco ttoil don tréun-Thrínóid, óir
beindeóchar go bith-urlaimh an ccnuc sa gan
chonntabhairt."



Ro éiridh as a haithle, agus ro thimchill an slíabh
go saoíthreach, agus ro bheannaigh an tulach go
treabhoir-ghlic. Ránoicc síar iar soin go sruth-
linntíbh sribh-gheala solus-chubhracha sneach-
tuidhe na solus-thiobraid boí a nDuibh-cheachoir,
agus tucc sighin na croiche go connail tar a chubhar-


L. 15


thonnuibh agus tar a caomh-uiscce, agus ro bheannaigh
gan uireasbhaidh í as a haithle. As ann sin ro
bhiodhgosdoir bradán ball-chorcra bláith-eith-
reach a headairmheadhón agus a hoiccén-bhuinne na
hóicch-thiobrad, agus as amhlaidh tánoicc go turchor-
thach agus sítheal solas-choémh sreith-líneach síthe
arna tóccbháil do tháith-leacoibh tuinn-gheala na
tiobrad go hurárd ar fhormna agus ar uachtar an
éiccne iolbhuadhaigh, ionnus gur chuir a n-ucht
Phádraig go harnaidh urmhaiseach í. Gabhaidh
Pádraig ina láimh go láin-ésccaidh an síthil so-
mhaiseach sáor-chumhdaigh sin. Aithnigheas
Oisín an sítheal i suidhe íarna silleadh dhó agus ro
ráidh íaromh:



"Sítheal Chaoilte a Collamhuir fil ann soin, a
naomh-chléirigh," ol sé.



"Créd tucc isin tiobraid úd í?" ol Pádraig.



"Inneósad-sa sin duit," ol Oisín, "agus cionnus do
fríth ar tús í: .i. Láithe n-oén do bhámair-ne inar
bhfíanuibh," ol sé, "i bhfarradh Fhinn mheic
Cumhoill ós úir Easa ro-thurchorthaigh Rúaidh.
Ciodh trá acht roinnis Fionn feadha, foithre,
agus fásaighe Laighean agus Leithe Cuinn óirne
ann soin. Tuccadh Fionnchadh, Corr Cos-lúath,
Faolchú, Seanach mac Fir Chruim, Cairbre caomh,
Lughaidh Liatroma, agus trí rígh fhían fhear mBrea-
ton, .i. Forrann, Ánlúan agus Fearadhach, .i. trí mic
Iobhair annghlonnaigh i ccóicceadh Connacht.
Agus ro budh maith in mac do-chúaidh ann soin,"


L. 16


ol Oisín, ".i. Forann mac Iobhair, agus ní tháinicc
mac allmhuraigh isin fhían-ghaiscceadh ríamh
budh feárr inás. Agus ro leanadar an treas
rann do dheóradhaibh agus d'amhsaibh Fhían Éireann
é maille re ar ngiollannraidh, agus ní lugha ro leansad
filidh, éiccsi, oirfidigh, agus ollamhuin é, .i. Súanach,
Seanach, Breasal binn-fhoclach, Aoifear áodhbha,
Ailgeannánn, Ciothruaidh, Cobhthach, Cass,
Maine, Énna, Crónán, Crionna, Ceólach, Faoi, agus
Fosccadh. Rob íad sin lucht coimhideachta
Foruinn agus dob fheárr lais airfidigh, deóraidh, agus
amhuis do ríar iná gach maith do bheith aicce
budhdhéin.



Ro ghabh tnúth throm-aidhbhseach an Fhían
re Forrann ann soin, óir budh hádhbhal-mhór a
n-étt im a rucc-somh do dheóradhuibh agus
d'amhsoibh uatho. Tuccadh sealcc Laicchen
cona laochradhuibh agus Osraighe cona hairearuibh
dhamh-sa," ol Oisín, "agus tucc Fionn tabhartas oile
dhamh an lá sin, .i. Cnú Dheireóil an deagh-
oirfideach, agus Bláthnaid a bhan-chéile, agus Daighre
mac Mórna an mílidh agus an mór-ollamh.



Ba maith meanma meic ríogh Breaton agus mo
mheanma-so an lá sin, agus ro thoirbhir teóra pócca
dia-roile ria n-imsgaradh.



Tuccadh sealcc agus saoir-fhiadhach Midhe agus mór-
Uladh don ghnáth-fhéinnidh. Suidhis Fionn a
mBearnois íaromh agus ochtar do mhaithibh an
fhían-ghaisccidh ina fhochair, .i. Aodh Becc mac


L. 17


Finn, Riondolbh, Fál Feadha Mór ó Neamhnainn,
Cúán Cruimghlinne, Glas mac Gaídhil Gharbh-
léith, Caoince corcair-dhearcc, Dáire déud-ghlas
donn-sholais a Glaisi Bulcca, agus Donnghas. An-
monn a ccon iaromh, .i. Bran ar bélaibh Fhinn,
Fuilteach acc Aodh mBeacc, Éachtach ag Rion-
dolbh, Féur Ghlinne acc Fál Feadha Mór, Gaoth
acc Cúán, Aithim acc Glass, Fíamhach acc Caoínce,
Fearcc Lonn acc Dáire, Fear Baoth acc Donnghus.



Agus ní cían do bhádor ann co bhfacadar an
t-arracht muice mór-aídhbhle mothar-dhoirche dá
saighidh go sáir-dhíochra. Ro léiccsead-somh a
cconairt i ccoimhnéinfheacht 'na coinne ionnus
gur mharbh re hén-uair íad. Greasas Fionn ann sin
Bran dá hionnsoicchidh. Teicheas an torc tar
ghleann soir, gonadh Gleann Teichidh fós ainm an
ghleanna inar ghabh. Fostais Bran an torc an soin,
agus gebhidh leath-chlúas ina leathon-bheól,
agus gebhidh Fionn an cclúas n-aile. Ro chaith-
sead an t-ochtar áith-amhnus ionnsaightheach soin
a n-ocht sleagha snas-mhíne síodh-roinnaighthe a
n-aoínfheacht fris, agus ro sginnsead de fa mur bo
do charroicc nó congna no bheanfadhdís cen fuiliug-
hadh cen fordheargadh fair. Iompaidhis riú
íaromh agus brisis go borb-neartmhar íad agus léigeas
scréich n-uathmhair n-ádhbhail n-uabhásaigh as
iar mbriseadh na sleagh dhó, ionnus gur fhreagair
aitheach éidigh odhar-ghorm as an ccnuc ina
ccomhfhoccus é, agus ro ráidh riú-somh:


L. 18


"Léiccidh an mhuc dhamh-sa, a ócca," ol sé,
"nó tuitfidhe uile liom."



Nír fuilngeadh leis na féinneadha an dáil sin
d'éisteacht," ol Oisín, "gan bíodhccadh chuicce a
n-aoín-shísd. Iompaidhis an t-aitheach riú, agus
ceanglas go borb-neartmhar an dá cheathror sin
gan chuidiughadh. Ro bhaoi Fionn agus Bran acc
comhrac risan ttorc ar an bhfeadh soin, agus nochar
chomhaingsead ní dhó. Tárraidh an t-aitheach an
torc ar a dhruim, agus ros-fhúadghen úatha aráon
dá n-aimhdheóin é, co nach raibhe dá ccumas air
acht a fhéaghadh ina iarmhóracht, agus ro chuir fó
gheasaibh iad acht muna leanadh é féin agus an
torc don tulaigh sin. Ro ráidh Fionn muna
bhfáccbhadh a mhuinntir aicce cen bhloghadh
cen bhearnadh nach leanfadh don láthoir sin é.



"Rod-fía-si sin," ol an t-aitheach, "agus aiscceadha
iomdha eile re a ttáobh."



Ro sgaoil a chuibhreach do gach aon don ochtar
ánradh bádor cuibhrighthe aicce ann soin. Teac-
coid íaromh leith for leith gosan síth ós Ghleann
Deircc-dheis. Iar rochtuin dhoruis na sídhe
dhóibh do-bheir an t-aitheach buille don fhleiscc
dhraoidheachta baoi ina láimh don torc, ionnus
go ndeárna ócclaoch aoidheadhach so-ghrádh-
aighthe dhe. Tucc an ccéadna dhó féin gurbhó grían
ghríos-thaithneach ós deagh-fhearaibh dhomhuin
ar dheilbh agus ar dhénomh é. Teaccoid rionn isin


L. 19


sídh íaromh, agus ro éirgheadar coécca ngiolla n-óg
naoidhe-dhealbhdha n-éideadh-chaoímh n-iol-
chrothach agus coecca sgolócc sgíamhdha sgúird-
leabhor sgíath-chorcra d'fhearthain fáilte risna
féinneadhaibh go fíor-chonnail, agus teaccoit trí
choécca bean mbrat-úaine isteagh dia n-éis, agus
deisidhe gach aé dhíobh a bhfarradh a feir-chéile
isin bhfleidh-thigh go fíor-shuilbhir. Do-ghníth-
ear a n-umhol-fhósaigh go heallomh iméasccaidh nó
gur thimchill dáil go dúbalta ar na deagh-fhear-
uibh. Ro labhair Fionn as a haithle," ol Oisín,
"agus as eadh ro ráidh:



"Cia sibh-si, a mhuinntear mheanmnach mhór-
aicceantach, agá bhfuilmaoid-ne inar n-ainbhfios?"
ol sé. "Agus do budh maith linn gan bheith amh-
laidh sin ní bhus síre."



"Ní himchían bhéir-si inar n-anbhfis-ne, a ard-
fhlaith," ol an t-ócclách. "Énán mac Leabhar
Thuinne mh'ainm-si," ol sé, "agus Croithfhionn
chruth-mhaiseach inghean Mhanannáin an
mhuaidh-ríoghan sa im fhochair agus nochan fhuil do
chloinn accoinn acht én-ndías namá, .i. mac agus
inghean: Úathach an mac agus Sgáthach in inghean;
agus acc súd ar h'aghaidh-si, a árd-fhlaith, an t-
aon-mhac soin agoinn."



"Maith an mhaisi eisiomh," ol Fionn, "ór
ríoghdha a dhealbh agus a dhénomh, agus dá bhfaicmís-ne
in inghean," ol sé, "do-bhérmís a tuarasgbháil ós
áird."


L. 20


Do-radadh an óicc-inghean asteagh íaromh,
ó 't-chonnairc Fionn í tucc tuile tromh-
ghrádha dhí agus ro íarr fó chéadóir ar a hathair í.



"Créad do-dhéantar ar súd, a inghean?" ol
Énán.



"Gen gurab fear diongmhála dhamh-sa con-
mháor," ol an inghean, "gibé ní déroir-si liom do
dhénomh do-dhéan é gan amhoras," ar an inghean.



Naisgthear an inghean le Fionn ann soin," ol
Oisín. "Tucc Énán seóid úaisle d'Fhionn an
adhoigh sin, .i. ficheall, fáinne, sgían, ocht n-ealta
cloidhimh, agus séud dob fheárr iná gach séad, .i. an
sítheal sa fil ad láimh-si, a naoimh-chléirigh, a
Phádraig," ol Oisín, "agus tucc Fionn do Chaoilte í
as a haithle.



Laithe n-aon bámuir-ne sonn a bhfarradh
Fhinn," ol Oisín, "agus ro ghabh íota adhbhal-mhór
ann sin, agus siris ar Ghúaire mac Neachtoin dul
d'iarraidh dighe dhó. Téid Guaire go hathlomh
isin ttoiscc sin agus beiris in síthil lais agus ticc gusan
ttiobraid si a ttámaoid-ne. Cuiris in sítheal go
sáir-ésccaidh fán sreibh solus-thaitneamhaigh si.
Ciodh fil ann trá," ol Oisín, "acht ro fhuadoigh an
sruth síor-láidir an sítheal úaidh, ionnus nach
bhfuair í. Teaccoid an Fhían íaromh dá híar-
raidh agus téid naoi n-onfaisigh ar céad dhínn fón
sruth sa, agus ba dímhaóin dóibh agus ní fhúairsead an


L. 21


sítheal; agus do tharrngoir Fionn do thoidheacht-sa,
a Tháilgin, gusan uiscce si, agus go mbeinneóchá é,
agus go madh tú do-ghéabhadh an síthil si ann, agus go
mbeith ar bhachluibh agus ar bhinn-cheólánuibh
agad iarna fhagháil, agus as briste mo chroidhe óna
faxin," ol sé.



Agus ro ráidh na roinn:




"Sítheal Chaoílte cia ros-fúair
sloinnidh dhúinn i mbeathaidh bhúain:
fáiltighidh mo chroidhe cain
sítheal Chaoilte an charadraidh.



Tóccaibh in síthil mbicc mbáin
in uair do-rala í it láimh:
fada bhás, gá hiarraidh soin
san úarán ós Duibh-cheachoir.



Deagh-easgar is glaine gorm
síthel Chaoilte na ccéad ccorn:
dearcc-ór agus airccead bán
sítheal Chaoilte an characcán.



Ionmhain fear dá ndáiltí dhi
as an síthil slabhraidh-ghil:
nochar dáileadh do neoch riamh
budh feárr conn agus caoimh-chiall.


L. 22


Ubhall dearcc-óir ar a lár
go n-uaithneadhaibh d'airccead bhán:
mur no leathadh dá thaobh clí
ba hénghlas úaidh in t-uiscci.



An uair no bhíodh don taobh deas
in t-ubholl cuanna caoimh-dheas,
ro léicceadh an t-ubhall bán
an t-uiscci úadha go hiomlán.



Mo theisd ar úa Rónáin réidh,
seach gach én-laoch isin bhFéin,
nochar thaisdil tír nó tuinn
aon-fhear mur Chaoilte mac Cruinn.



Ba hócclaoch, ba giolla gnáth,
ba brughaidh no bhiathadh cách,
ba tréinfhear no chiorrbhadh cath,
ba laoch fearrdha foruallach.



Dá madh ór croinn beatha búain,
acht go bhfacchbhadh Caoílte crúaidh,
as é glóir do bhíodh 'gun fhior
ar chách gur chóir a sgaoíleadh.



Teannfad-sa rem chroidhe crúaidh
an síthel n-áloinn n-ionnfhuair:
truagh nach é Caoilte ar ccara
atá sonn mur do-rala.


L. 23


An-sa agom ar Dhia ndil
a Tháilgin, a thabhartaigh,
go n-innsir dhuit mur dom tá
sgéalaidhacht na sítheal sá.



Lá do bhámar acc Eas Rúaidh,
Fíana Éreann, iomad slúaigh,
roinnis Fionn dúinne 'madh-le
feadha, foithre, fásaighthe.



Fionnchadh, Corr Coss-lúath gan acht,
gabhoidh sealcc chríche Connacht:
Faolchú, Seanach mac Fir Chruim,
Cairbre is Lughaidh a Líatruim.



Trí rí fhían mBreatan gan ach
Ánluan, Forann, Fearadhach,
ionmhuin grinne sotal soin,
trí meic Iobhair anghlonnaigh.



Faoiis Forann seachoinn síar
go Dún Ruis Áruigh na ngíall;
ionmhuin grinne ba glan gníomh
trí mic Iobhair an aird-rígh.



Glaslaith is giollannraidh ghnáth
leanuid Forann úainn seach cách:
rucc mac rígh Breaton go ngus
trían ar ndeóradh 's ar n-amhus.


L. 24


Oirfidicch Finn féin gan fheircc
leanaid Forann air a sheilcc:
rucc Suanach, rucc Breasal bán,
Uallach, Aoifear, Ailgenán.



Ciothruaidh, Cobhthach, agus Cass,
Maine, agus Éanna amhnus,
Crónán, Crionna, caoín an modh,
Ceólach, Faoi, agus Fosccadh.



Dar an rígh do ordaigh sin,
an laoch rucc úadha an aisccidh sin
dob fheárr leis nó ar thairchill grían
deóraidh, airfidigh d'óighriar.



Gabhoitt tnúth an Fhían an soin
re mac rígh Breaton buidhnigh:
ba héad leó a rucc-san lais,
deóraidh, airfidigh, amhuis.



As ann soin adubhairt Fionn:
"gen gor iarrois íad dar liom
beir leat, a Oisín, 'ma-le
Cnú Dheireóil agus Daighre.



Ós tusa as feárr eineach úainn,
a Oisín," ar flaith an tshlúaigh,
"as riot as cuibhdhe go mbloidh
deóraidh, amhuis, ar th'ionchaibh.


L. 25


Déna sealcc Laighen na leann,
is Osraighe na liath-reann,
rod-fia gach maith araon ris
beir m'airfidigh, beir m'amhuis."



Toirbhirim-si teóra pócc
do mhac ríogh Breaton na ród:
misi agus Forann rér lá
budh faoílidh ar n-aiccentá.



"Dénadh mo ghnáith-Fhían go fíor
sealcc Midhe thalchóir gan fhíoch,
óthá Drobhaois go roich muir,
Ulltaigh agus Aradhuigh.



Dá chúicceadh Mumhan gan mheircc,
léicceam seachoinn sin gan seilcc:
ní foráil go madh habuidh
deóraidh agus urradhaigh."



Suidhidh-siomh féin i mBearnus
Fionn dá ttuccsam tighearnas:
sgaoílid úadh a lucht sealcca
cona cconuibh croibh-dhearcco.



Ochtar i bhfarradh in ríogh
d'óccbhaidh nach ísligheadh gníomh:
é budhdhéin an naoímheadh fear,
Fionn mac Cumhoill an caoímh-fhear.


L. 26


Aodh Becc is Rindolbh go rinn,
Fál is Cuán ó Chruimghlinn,
Glas mac Gaoidhil, garbh a ghus,
Caoince, Dáire, agus Donnghas.



Cú ar éill gach fir dhíobh sin,
Fionn is Bran ar a bhéalaibh:
an-sa accam ar am tá
go sloinntear a n-anmanna.



Fuilteach acc Aodh mBeacc mac Finn,
Échtach acc Rindolbh go rinn,
Fear Glinne acc Fál ima-le,
Gáoth acc Cúán Cromghlinne.



Aithim acc Glas, garcc a ghráin,
Fiamhach cú Caoinche comhláin,
Fearghlonn acc Dáire re lá,
Fear Baoth i lláimh Donnghosa.



Bran géarbha cú nírsad cú
maith a gaiscceadh, caoimh a clú,
nír mhac con, nír chin ó choin,
nír chuimpirt con a máthair.



Ní dheacha Bran ar choin ríamh:
budh maith a conn is a cíall:
níor chóir cú do rádha ré,
mac rígh Dhál Aruidhe.


L. 27


Gairid bádor ar an ard
'mun bhflaith-fhéinnidh bhfaobhar-dhearg
cco bhfacatar an muic móir
n-uathmhair n-anaithnidh ndíthmhóir.



As amhloidh tánoicc an torc
bá samhalta re gach n-olc,
nír mhó cnoc sléibhe iná sé
go maoil duibh-ghuirm deimhsidhe.



Léccoid uathoibh a n-ocht ccoin
gusan ttorc mhór ar an moigh:
iompais riú (budh comhlann cruaidh),
marbhus iad uile a n-aon-uair.



Éircchoid in t-ochtar glan garcc
ar marbhadh a ccon cceann-ard,
agus seólaidh sleacch gach fir
ar an torc n-áluinn n-alluidh.



Ro sginnsead na sleagha dhe
mur ba do chairthe claiche:
iompais riú, brisidh uile
na hocht sleaccha snas-bhuidhe.



"Anos úair na ngothann mór,
a Bhrain, adeir riot an slógh:
gealladh úaitt nach ttiocfadh trá
fíadh nó torc nach dingéabhthá."


L. 28


Éircchis Fionn agus gebhis Bran
agus crothais an slabhradh,
agos tuirmhis dí re a lá
a héachta 's a heasbhadha.



"Nochar mhó an torcc úcchad, dar liom,
iná an torc budh marbh san nglionn
do-rochair leat imma-le
eidir Eabha is Rognéde.



Gérbh adhbhal torc Droma an Eóin
maith ro chuiris é dá threóir,
torc Clúana Leamh-choille ar lear,
agus torc Droma Lighean.



Torc Creamh-choille taoith dot ghuin,
torc Boirche, torc Ruis Áruigh,
torc Cinn Feabhraid, torc Muine,
naoi ttuirc Uamha Sneachtuidhe.



Do mhárbhuis torc acc Áth Néid
risar ghabh gráin uile an bhFéin
torc Cnámh-choille, torc Clochoir,
agus torc Chnuic ós Lochuiphair.


L. 29


Do mharbhais torc acc Áth Lúain,
agus naoi ttuirc acc Áth Búain,
torc Muighe Glinne is mór ainm,
torc Fionnabhrach, torc Fionn-chairn.



Áireamh do bhrígh is do bhladh,
lia a líon nó a n-úathadh
ó do cuireadh coin-íall ort
gosan ionbhaidh si a ttaoí 'nocht."



Do éiricch Bran lán dá feircc
is cumhsgaighis uile an leircc
teichidh an torc tar shliabh soir
ó 't-chonnairc a n-ionnsaicchidh.



Fada an rúaicc ó Bhearnois Mhóir
go Glean Teichidh soir gan e
mar ar fhasttaidh Bran an torc,
mur a bhfuair Fionn adhbhal-olc.



Seafais Bran, gabhus a chluas
agus sgaras ris anúas:
connmhaigh Fionn an ccluas aile:
baoi an torc ina mhór-sheasamh.



Léiccis an torc sgréich 'na cheann,
agus ro chlos im in ghleann:
tánoicc as an ccnoc 'na dháil
aitheach anaithnidh anbháil.


L. 30


Adobhairt aitheach an chnuic:
"léiccidh uaibh dhamh-sa an mhuic,
nó beithi i ndáil deabhtha dhe
fá dháigh marbhtha na muice."



Ro-chuala Rindolbh go rinn,
ro-chuala Aodh Becc mac Finn,
ro-chuala Dáire go ngus,
ro-chuala Daighre agus Donnghus.



Éircchid an ceathror glan garcc
gosan aitheach n-áith n-ionárd:
ceanglas an t-aitheach iad soin
gan neart sgéith, gan cruais cloidhoimh.



Do-chuala Caoince mac Finn
agus Glass an ghaisccidh ghrinn,
do-chúala Fál imma-lle
agus Cúaan Croimghlinne.



Ceanglas an t-aitheach iar n-úair
an t-ochtar laoch go lán-bhuaidh:
ro chuir iris ionnta so;
ros-thócc ar learcc a dhroma.



Fionn, Bran, agus a' torc
cionn ar chionn ó chnoc do chnoc:
nír chuimhgheadar ní dhó dhe;
nír ghabh arm nír loiscc teine.


L. 31


Gabhus an t-aitheach ar dhruim
an torc, gur chuir re a ghúaloinn:
ní raibh acc Fionn 's occ Bran de
acht a bhféaghoinn dá n-éisi.



"Geis is gádh is aincheas ort
muna leana tú do thorc;
ní maith suarraighe re seilcc,
a Fhinn mheic Cumhoill airm-dheircc.



Béid fó gheasuiph cuid dot Fhéin
muna leana do sheilcc féin:
bíaidh fó gheasuibh Bran búadhach
in cú áluin iolbhuadhach."



"Do racchainn-si leat," ar Fionn,
"dá bhfacchbhainn comhaidh dá chionn,
madh dá léicctheá leam gan acht
m'ochtar laoch im choimhideacht."



"Beir-si beannachtoin leó soin,
a mhic Cumhaill a hAlmhoin,
rod-fía uaim aisccidh oile:
nochan asccoidh miodhlaighe."



Sgaoilidh an t-aitheach, géar chruaidh,
don ochtar laoch go lán-bhúaidh,
agus do-chuador-son lais
gusan sídh ós Ghleann Deircc-dheis.


L. 32


An uair ránccatar san doras
tucc aniar fleiscc gan chonas,
agus tucc buille don torc go rath
gurbh ócclaoch in aoidheadhach.



Tucc buille oile dhó féin,
agus nochar mheasa réim,
go lasfadh gaoth agus grían
don fhior fhorasda fhíor-fhíal.



Mar do-chuador isin sídh
fuaradar fáilte gan fhíoch:
cuirther íad 'na suidhe
ar cholbhadhuibh gloinidhe.



Tánoicc caocca giolla n-ócc
orra isteagh do thoirbhirt pócc;
do-ríacht 'na ndíaigh, línibh snas,
caocca sgolócc fionn folt-chass.



Trí chaoga bean bhrat n-úaine
ticc isteagh, ba bladh búaidhe:
suidhidh gach bean díbh 'ma-le
i bhfarradh a caomh-chéile.



Ríoghan 'na suidhe isticch thall
ba háille don chineadh chlann:
feruis fáilte frisin rígh
re mac Cumhoill Ailmhuiní.


L. 33


Asda ro hasaoideadh dháil
a hocht síothlaibh airccid bháin,
agus sítheal chumhdaigh óir
d'Fhionn mac Cumhaill mheic
Thréinmhóir.



Núa gach mbídh, sean gach dicche,
tuccadh do lucht an tighe:
fuarador airfideadh án
maráon is gaoíne comhráidh.



In úair ro ghabh meascca cách
Is ann ad-beart an t-ócclách:
"créd anos atá ar h'aire,
a mhic Cumhoill Almhuine?"



"Is eadh atá ar mh'aire," ar Fionn,
"ó taoi-si 'gá labhra riom,
cia sibh-si, a mhuinntear mheanmnach,
do chinn ar gach caoimh-theaghlach?"



"Énán mac Labhair Thuinne
m'ainm-si, is mé an laoch go luinne:
Croifhionn mo bhean chaoimh gan chrádh,
inghean mhín-gheal Mhanannáin.


L. 34


As eadh fil dár ccloinn gan acht
aon-inghean agus aon-mhac:
Uathach an mac, glan a lí;
Sgáthach ainm na hinghiní."



"An ghein ad-chiamaoid-ne dhíbh
samholta a éccosg frí rígh:
dá bhfaicmaois in inghean n-áin
do-bhéarmaois a tuarasgbháil."



Inn sin tuccadh isin teagh
Sgáthoch, an aindir uicht-gheal:
rucc buaidh ndealbha agus ndruine
do mhnáibh talmhuin tonn-bhuidhe.



Líonas a searc, ní fáth fóill,
Fionn mac Cumhoill mheic Thrénmhóir:
tarrccaidh dhí céad do gach crodh
dá thabhairt a ttuarusdal.



Tarccaidh dá bráthoir go mbúaidh
scíath is cloidhimh díolta shlúaigh;
tarrccaidh dhi ina coibhche thrá
céad uinge d'ór ór-lasta.



"Créd lat súd," ar a hathoir,
"a bhean nár fhaomh anachoin?
ciodh maith bean ní headh is fearr
a tochmhairc tar a choimhtheann."


L. 35


"Gen gob fear diongbhála dhamh
conmhaor go n-ágh im fharradh,
nocha bhiú-sa in bhur n-aghaidh
gonach-am-tháir trom-fhaluidh."



Córaighthear ar gúaloinn Fhinn
an ríoghan luchair láin-ghrinn;
naisgthear an coibhche gan chair
ar mhac Cumhuill a hAlmhuin.



"Tabhraidh uile dhamh-sa dhe
cor an fhir ar a chéile
dá ndeach libh m'inghean féin
bhur mbeith uile dá hóighréir."



Do-rad ris gach aoin-fhear dhíbh
grían, éscca, muir, is tír,
is do-rad-son dóibh mur soin
fa chongnamh dhóibh a ccomhachtuibh.



"Ón ló taoi id chliamhuin dúin,"
ar Énán d'iomad rúin,
"aire tuccsamar dd i-le
d'fhéachsoin ar mh'inghine.


L. 36


As é mo mhac an torc trom
d'imir oruibh-si anfhorlann,
mé féin in fomhoir fuirmeach
do-rinne bhur luath-chuibhreach.



Ó thárramair oruibh baoghal,
gan neart sgéith gan crúas bhfaobhar,
racha éruic dhaoibh ann sin
d'ór, d'airccead, is d'iolmhaoínibh.



An t-ochtar úd d'Fhíanuibh Fáil
raghaidh ina n-eaneach dháibh
dá chumhoil óir gach fir dhíbh
is a ceathair dá n-aird-rígh.



Beir mo shítheal mur shéad sluaigh
lat, a mheic Cumhoil arm-ruaidh,
gloine agus airccead uile,
dearccór agus fionnbhruinne.



Mo shítheal is séad sluaigh,
a mheic Cumhoill iolbhuadhaigh,
go seacht bhfailcchibh d'ór gan acht
go madh feirrde a taodhuigheacht.


L. 37


Beir-si lat an bhfichil bhfinn,
beir mo sgían go n-ór imghrinn,
beir m'fháinne dearccóir go mbloidh:
fiú céad gach cloch dá chlochaibh.



Beir lat m'ocht n-ealta cloidhimh
do dhearccór arna snoidhidh:
íocfaithear ar ccoin cháomha
is bhur sleagha snas-mhíne."



An tan tánoicc tráth luighe
druididh cách dhíobh ré-roile:
do luigh gach aon 'na iomdhaidh,
níorbh ordughadh eisionmhuin.



Déarghaithear a n-iomdhaidh ann;
taoscca Fionn ina comhdháil;
d'íarr Sgáthoch suil do luigh
iasacht cruite in airfidigh.



Cruit baoi istigh ar thrí théad,
dar liom fa sulchair in séud,
téad d'iarann, téud d'umha án
an ccéadna d'arccod iomlán.


L. 38


Anmonn na ttéud nár throm
suantoir-ghlés, geantoir-ghléas oll,
golltair-ghléas an téud oile
chuireas cách ar chíamhoire.



Dá sinntear an goilltear-ghlés glan
do shluaghuibh troma an talmhan
slóigh an domhuin gan dolbha
do bheith uile acc bioth-dhoghra.



Dá seinticche an geantoir-ghlés gádh
do shlúagh an talmhan gan trom-ár,
do bheidís acc gáire dhe
ón tráth rathmhor go-roile.



Dá seinnticche an súantoir-ghlés sáor
do shluaghuibh beatha na mbráon,
fir dhomhuin, mór an modh,
do bheittís 'na síor-chodladh.



Seinnis an inghean fháthach
an suaintear-ghléas síor-ghnáthach
nó gur thuit a thoirrchim súain
ar mhac Muirne go mór-bhúaidh.



Cuiris 'na ccomhshúan tar chách
Bran is an t-ochtar ócclách:
go meadhón laoi, mór an modh,
ro bhádar 'na ccodladh.


L. 39


An úair do éirigh grían ós fhiodh
dhóibh siomh níorbh adhbhal an cion,
ann ro bhádar i mBearnus,
géar lugha leó a ttighearnus.



A chú féin acc fear dhíobh
is a shleagh bhuidhe bhláith-mhín,
an t-ór is an t-airccead geal,
na seóid agus an tshítheal.



"Truagh nach éucc fuaros de,"
do ráidh Fionn flaith na Féine,
"suil do bheith acc mnaoi mur sccéal
mo bheith adhaigh a n-éttréan."



Dona laithibh ro chreid Fionn
an lá soin do Rí na rionn
sul do dheachaidh don bhioth bhán
Rí na séad is na síothladh.



Ann soin tánccatar an Fhían
idir andeas is aníar,
gur innis Fionn dóibh go tais
a bheith adhaigh 'na n-éccmais.


L. 40


"Ná habuir bréithir co nghaoi,
a mheic Mhuirne is adhbhal gnaoi;
ó mhadin dúin ar an selcc
úaid, a mhic Cumhoill airm-dheircc."



Ro innis Fionn dóibh sgéala
is gach a bhfuair do mhéla,
's tucc comhartha úaidh an fear
na seóid agus an tshítheal.



Do-bheir Fionn na seacht bhfailghe
do sheacht mnáibh na fionnaidhne,
Édaoin, Aobhdhonn, Aoife, Aobh,
Aillbhe, Ruithen, agus Ro-cháomh.



Tucc-san damh-sa an fáinne óir
fiú céad do gach crodh comhchóir,
an fhithcheall d'Osccor na sleagh
agus do Chaoilte an tshítheal.



Seacht mbliadhna ag Caoilte chóir
don tshíthil mhaisigh mhaoth-shróil
go ttáinig an fáth dá bhfuil
a fáccbháil ós Duibh-cheachoir.



Áon do ló ag Duibh-cheachoir dhúin
misi is Fionn, go n-iomad rúin,
agus bheós Caoílte rom-char,
Guaire giolla na síthal.


L. 41


Iarras Caoilte digh uiscce
ar Ghúaire fa glan tuixe:
gabhus in sítheal 'na láimh;
luidhis lé d'iarraidh úaráin.



Fúair úairáin ro budh maith níamh
re taobh an chnuic rinn aníar:
ro thaitin ris féin, monúar,
an sruth línidhe lán-úar.



Cuiris Gúaire mac Neachtoin
in sítheal fón sreibh sneacht-ghloin:
ro thuit isin oiccén úaidh
in tshítheal, dál go ndiombúaidh.



Naoi n-onfaisigh ar dá chéad
ro bhaoí dá hiarraidh, 's ní brécc,
agus ní bhfuaradar de
an lá soin sítheal Chaoílte.



Sítheal.



Iar soin adubhairt Fionn
ar an ttulaigh ós ar ccionn:
"nochan fhuighthear í dar leam
ón ló iniogh go ttí an Táilgean.



Tiucfaidh an Táilgeann tar muir,
budh sochar do Ghaoídhealuibh,
beinneóchaidh Éirinn a broid,
is beannachaidh an ttiobruid.


L. 42


Mar bheinneóchas in sreibh sláin
Pádraig mac Alproinn iomláin
tiocfaidh bradán sonna seal
thóiccéabhas dó an tshítheal.



Niamhóchthar bachla bána,
cluicc cháomha, agus ceólána,
is soiscéala gan snímhche
d'ór is d'airccead na síthle."



Sítheal.



As íad sin a scéala dhuit,
a rí an phubuill, a Phádruic,
fann anocht atú-sa dhe
ó 't-chiú-sa sítheal Chaoílte."



Sítheal.




Tánccatar teachta Cáirrthinn Fhinn mheic
Bhloid mheic Cais mheic Conaill Each-lúaith ann soin
ar ceann Phádraig, ór baoí fleadh mhór-
adhbhal arna hullmhughadh aicce dhó. Téid in
Táilgean leis na teachtoibh sin go Dún ngeal-
chlochach ngorm-chraobhach nGaoíthe mur i
mboí Cáirthín. Ro éirgheadar maithe agus mór-
úaisle in dúnaidh ann soin d'fhearthain fáilte ré
bPádruig. Ro shléachtsad dó íaromh agus tuccsad a
ccionna ina ucht. Teaccoid isin mbaile inonn as


L. 43


a haithle. Is ann soin ro hasaoideadh bean
Cháirthin Fhinn tre úathbhás ria bPádraig, agus
ruccustar deircc-lia dhonn-fhola gan duiniughadh.
Ro hinniseadh soin do Phádraig agus ro fhuráil a
tabhairt chuicce dá coisreaccadh agus dá céad-
bheannachadh.



"Monúar, a úasoil," ol áon díobh-siomh, "ní
hionbhaisde idir an ghin fil ann, agus ní hoircheas
acht uathadh dá faixin."



"Cuma sin ón," ol Pádraig, "ór madh háil do
Dhia budh hionbhaisde in ghein sin."



Tuccadh an lía lán-fhola chuicce íaromh, agus tucc-
somh signum na croiche tairis fó thrí, ionnus gur
fhorbair go hathlomh, gérbh anabaidh ro bhaoi, co
ndeárna gein bhúan-chrothach bhláth-dhéan-
mhach bhall-chorcra mhic dhe. Ro baitseadh é
íaromh agus tuccadh Eochaidh Baill-dearg d'ainm
fair, agus as uaidhe-sidhe atád Dál cCais coscarach
cúil-fhionn, agus ro fháccuibh búadha iomdha fair agus
ar a chloinn dia éis. Ciodh fil ann trá acht do
bhádor trí laithe agus teóra hoídhche acc fleadh-ól i
ttimcheall Phádraig. Ro fhiarfaigh Colmán
caoimh-eaccnaidh do mhuinntir Phádraig d'Oisín
ann soin:



"Créd 'mádh ttuccadh Dún nGaoithe ar an dún
sa, Druim nDíthlann ar an druim si amuich, agus
Fionn-loch ar an loch sa inar ccomhfhoccus?"



"Sealcc Breac-shléibhe Bolccraighe do-rinne


L. 44


Fionn cona Fhíanaibh laithe n-áon, agus do-chuaidh
Fionn dá chois isin ccnuc dár chomhainm Fionn-
laoi (risa ráitear Fionn-ais), agus tánoicc do thaobh
in ghleanna boí ann agus Dirraing mac Doghair
Dhámhuigh maráon ris, agus nochar chían dóibh go
bhfacadar lánamhuin n-áloinn n-ilchrothach i
n-aon-leabaidh isin nglionn go bpubuil n-il-bhric
n-iubhlaidhi ina n-urthimcheall agus nochan fhacatar-
somh ríasan uair sin a ccomhmaiseach do lánamh-
uin. Ticcid-siomh chuca ann soin, agus bean-
naigheas dóibh. Fiarfaighis Fionn díobh iaromh
cúich íad budhdhéin nó cia tír as a ttángatar.



"Dolbh Scóinne mh'ainm féin," ol an láoch
luchair-thaitneamhach buí isin leabaidh, "agus ó
Dhún Scóine i nAlbain tánocc, agus Fionn-lacha a
Fionn-inis Floinn ainm na hinghine si im fharr-
adh."



"Maith, a Dhuilbh," ol Fionn, "créd 'mádh
ttánccois sonna?"



"D'ionnsaicchidh Fhinn mheic Cumhoill tánocc
don turas sa," ol sé, "dom bheith seal ina fho-
chair."



"Maith ro éirigh do thuras-sa dhuit," ar
Dírroing, "dóigh ámh an fear ar a ttuccois íarr-
aidh is é fil 'got t'agallaimh."



An tan ro-chualaidh-somh soin tucc a lámh
i lláimh Finn agus do-rinne a chor agus a chonnradh ris.
Boí bliadhoin a bhFianaibh íaromh, agus nochar
briseadh cath nó comhrac nó comhlann tairis


L. 45


risin mbliadhoin sin, agus do-bheireadh céad-chosgar
agus céad-ghuine ón bhFéin uile ion gach ádh agus ion
gach iorghail i mboí. Ro chumadh Fionn-lacha
earradh agus éadach do mhaithibh Fhian Éreann, agus
ro fhuaigheadh íaromh gan uireasbhaidh as a
haithle.



Accus budh hisi an dara bean budh háilne baoi
i fFíanaibh aríamh, agus Muirn Mhunchaoimh, inghean
Thaidhcc mheic Nuadhod, máthair Fhinn, in bhean
oile.



Ar n-olc do cheilt," ol Oisín, "ní dhingneam úair
innismaoíd ar maith an tan ticc chuccoinn. Agus,
'anuim, a naoimh chléirigh," ol sé, "icc so an
t-olcc ód deirim, .i. misi do thabhairt grádho agus
géur-ionmhuine d'Fionn-lachoin tar ceann a
fir féin agus mo bheith bliadhoin i ngalor dá grádh
gon fhios d'aoinneach dona Fíanaibh, co ndearn-
adh sealcc Droma ós Dubh-loch le Fionn cona
Fhíanaibh, agus tánccatar banntracht na bláth-
Fhéine do chomhshnámh go lúathgháireach ar
an loch sa inar ccomhfhoccas-ne.



Téicchim-si leó an lá soin tar an loch," ol Oisín,
"agus ro thréiccios mo shealcc agus m'fhíadhach, agus rob
fhearr damh nach ndeárnuinn. Agus as gairid
bámar ann," ol Oisín, "an tráth ránoicc leam-sa
póicc do thabhairt dá haimhdheóin d'Fhionn-lachoin,
agus rucc in ríocchan biodhccadh as mo
láimh, agus ro léicc isin loch as a haithle í, nó gur
bháithsead dobhar-linnte an Dubh-locha an deigh-


L. 46


ríocchan tré iomad adhnáire im an áon-phóicc
sin tuccas-sa dhi.



FhionnAccas ó 'd-chúala Dolbh Scóinne an deagh-
laoch sin," ol sé, "ro fhóccair comhrac go hath-
lomh oram-sa, agus nocharbh urasa eisiomh do fhrea-
gra láimh ar láimh," ol Oisín, "uair ámhdhóigh
mádh do bhí isin ccruinne a chomhcalma ina
aimsir.



Tarccais Fionn cumhadha móra d'ór agus d'arccead
agus do gach maith ar-cheano do Dholbh i n-éruic na
hinghine," ol Oisín, "agus ba dimhaoín an tairccsin
sin. Tarccois íaromh a roccha d'ócc-mhnáibh
aontumha Éireann dó ós a ccionn sin, agus ní raibhe
brígh ainnsidhe," ol Oisín, "óir do luidh-siomh
dá bhfaghbhadh ard-cheannus Éronn d'éroicc a
bhFinn-lachoin nach ngéabhadh é nó go n-aitheadh
a anbhfolaidh.



Ro éirigh mo mhac molbhthach móir-ghníomh-
ach-sa, .i. Osgar, 'mun ádhbhar sin agus adubhairt
gurab dó féin budh leannán bean Dhuilbh Scóinne,
gurab ann sin ro fhóccair-siomh comhrac go
hainiardha ar Osgar 'mun ádhbhar sin, agus as and ro
fearadh in t-iomaireacc eatorra i mullach Droma
Díthlann, agus ro bhriseador a ccloidhmhe san
chéad-chuinnscleó ionnus gor díthiccheadh a lanna
go lán-athlomh. Cona dhe ro hainmnigheadh in
druim ucchod, .i. Druim nDílann.



Gabhois Osgar a sgin ann soin agus gonus Dolbh


L. 47


go deagh-thapaidh dhi. Ro ghabh Dolbh láimh
Osgair iarna ghuin dó agus croithis an sgín go haimh-
dheónach esde, ionnus gorbh é sin céad-oil ágha
Osgoir, .i. a sgían do bhreith d'aon-chrothadh as
a láimh. Tárraidh Osccar go hathlomh ann sin a
sgin neimhe ro bhaoi ar chrios Dhuilbh Sgcóinne,
ionnus co ttorchoir Dolbh dhi íar mbeith car
in chaoimh-laoi dhóibh acc iomthuarccain aroile;
agus as súaill nár básoígheadh Osgar isin iorghoil,
ór nochan fhuair ionnshamhail na héccne soin
ríamh acht madh comhrac Cithidh mhic Éccuind a
aonar.



Ro bhaoi an sgín acc Osgar athaidh fhada
iaromh, cona aire deirthí Dolbh Scóinne ris.
Tucc iar soin d'Aonghus mac Criomhthann
chosgaraigh í, agus do ghoirthí Dolbh Scóinne dhe
in ccéin baoi in sgín aicce. Ro hadhnaiceadh
Dolbh agus Fionn-lacha isin dúnadh so iaromh,"
ol Oisín, "agus ro chaoinsead an Fhian uile íad
íarna n-adhnacal. Conadh ann ro ráidh Fionn:



"As fuar agus goirt in ghaoth gheur-chumhadh
dhúinn in días sa do hadhnaiceadh sonna agus ad-
rochair go hanachuin."



"Fír, i rígh-fhéinnidh," ol Fearghus Fínbhél.
"Agus budh Dún Gaoíthe ainm an dúnaidh si
dá ngoirthí Cathair Cuilleand gos inos, agus budh
Fionn-loch ainm an locha so ar ar báidheadh
Fionn-lacha a Finn-inis dá ngoirthí Dubh-loch
anallano."


L. 48


Ro fíoradh sin," ol Oisín, "úair ro lilsead na
hanmonna sin díbh gosin ionbhaidh si, agus lilfid ó
sonna amach. Gonadh íad soin érnadh na cceasd
ro chuiris, a Cholmáin," ol Oisín.



Agus ro ráidh na roinn:




"Leaba dese a nDún Gaoithe
do leathtaobh Airir Aoífe
i nGlionn na Geilte Glinne
do thaobh Cathrach Cuillinne.



Aní dá bhfuil an leaba lir
isum cuimhneach, a chléirigh,
is innisfeadh co ngaoíne
dhuit-si tar cheann cumaoine.



An días ro fuigh san leabaidh,
a chléirigh rom-choimhfhreaccoir,
as úatha atá an leabaidh láin
(nocha chél ort, a Cholmáin).



Dá chéad bliadhoin gos anocht
lódmar go gleann ós Dubh-loch
ceithre haidhche san ghleann ghlan
d'Fhionn mac Cumhoill nárbh uathadh.



Do luidh go moch flaith na bhFían
do sheilcc sonna san sein-shlíabh;
do luidh isin ccnoc dá chois:
úadha atá Fionn-laoi ar Fhionn-ais.


L. 49


Tánocc do thaobh an ghleanna
an laoch go ccóir ccoimhleanga;
do-chí fear is a mhnaoi imuigh
taobh re taobh isin leabaidh.



Beannaighis dóibh leath ar leath
Fionn is Dirrong go dlightheach,
agus do ráidhsead riú gan omhan
a n-anmonna d'fhíor-shloinneadh.



Do ráidh an laoch go líon ngal:
"m'ainm-si Dolbh Scóinne sgiath-ghlan
Fionn-lacha a Finn-inis Floinn
is í an inghean ócc áluinn."



d'fhiarfaigh Fionn ar sodhain:
cia tír as a ttánccabhoir,
nó cá háit a ttád bhur ttosca?"
nír fhiarfaigh anfhorasta.



Do ráidh Dolbh Sgóinne in sgéith bhric
(an t-aiseacc nocharmh amhghlic):
"tánccamair-ne d'íarraidh Finn
a híath Alban i nÉirinn."



Adobhairt Diorroing dúanach
risin ngiolla n-ócc n-uallach:
"as é so an tríath ro thoghuis,
a Dhuilbh Scóinne sgéith-sholuis."


L. 50


Atn-aigh a lámh i llaimh Fhinn
an soin Dolbh Scóinne a Scoitlind,
's do bhí re bliadhoin mbladhuigh
aicce san bhFéin allmhuraigh.



Ní bristi comhlann nó cath
tar mac rí Scota sgíamhdha,
's do-bheireadh ón bhFéin uile
cosgar agus céad-ghuine.



Ro chumadh Fionn-lach go ccéill
earradh almhurdha don Fhéin,
is ro fhuaigheadh dhóibh uile,
an ríocchan ócc fholt-bhuidhe.



Gé ro shirseam tír is tuinn
nochan fhuaramur eadruinn
dhá inghin budh áille araon
ináisi is Muirn Mhunchaoímh.



Grádhaighis Oisín amhra
in mhnaoi n-áluin n-almhurdha:
ro budh feárr dhó nach ndearnadh;
maircc do-chuaidh don choimhreabhradh.



Do éirigh Fionn maidin mhoch
do sheilg go Druim ós Dubh-loch:
as ann ro hinnleadh uile
sealcc im Bhreac-shliabh mBolccraighe.


L. 51


Do-chúador ós an loch lán
na mná cúanna do chomhshnámh:
do luidheas-sa leó ar an linn
is rob ionnsaighidh d'éislinn.



Do-rad Oisín ar n-athaidh
póicc dá haimhdheóin d'Fhinn-lachain:
báitear an bhean tré náire;
ro budh caingean nuall-gháire.



Ó 'd-chúala Dolbh Scóinne an sccéul
éirgheas an mílidh móir-thrén,
gor fhóccair comhrac 'mun mnaoí
ar Oisín nachar chomhthaoi.



"Do-ghéabha airccead agus ór,"
ol Fionn ris an laoch lán-mhór,
"is t'aon-rogha mná gan mheing
dá mbeith i n-aontomha i nÉirinn."



"Tuingim bhád láimh, a laoich luinn,"
glór in fhir a hAlbuin uill,
"nach gébh comha ar dhruim domhain
nó go n-aithear mh'anbhfolaidh."



Adubhairt Oscar amhra
risin bhféinnidh bhfíor-chalmo:
"accom-sa ro bhaoi do bhean
rob mé a leannán láimh-gheal."


L. 52


Do ráidh an fear go feargach
re hOsgar go himdheargthach:
"éirigh, má thicc dhíot deabhaidh;
ní fhéadfaidh t'Fhían t'imdheaghail."



Gabhuid i cceangal catha
an dá mhílidh mheanmnacha;
brisid a lanna líomhtha
isin ccomhlann ccoimhfhíochdha.



Druim nDíthlann ina dheaghaidh
ainm in droma troim-dheabhthaigh
iar mbriseadh na ccolcc catha
dona fearoibh faobhracha.



An samh-lá ó dhubh go dubh
rob iomaireacc gan fhuaradh:
ro bhás gan chomhlann chródha
go ttánoicc tráth iarnóna.



Gabhus a sgían Osgar oll
agus gonois an laoch lonn
gor thuit Dolbh Sccóinne don sgín
da láimh Osgoir mheic Oisín.



Beiris Dolbh ar láimh Osgoir
íarna ghoin 'na chaomh-osccaill;
croithidh-siomh an lámh íar soin;
benas eiste an sgín sgíamh-ghloin.


L. 53


Acc soin oil ágha Osgoir
i lló catha agus cosgoir,
a sgían do bhreith as a láimh,
a crothadh 's gan a congmháil.



Gabhoidh-siomh in sgín neimhe
do bhí 'ccon ócclách eile:
nír thréith a throid san tachor,
gur thuit céile Fionn-lachan.



Dealbh Scóinne fa hainm d'Osgar
ón ló ro chuir an cosgar:
don sgín fa hainm dó 'n Sccóinn ghlan,
ainm na tíre as a ttuccadh.



Tucc Osccar an sgín tar muir
d'Aonghus mac Criamhthoinn chosccraigh:
in feadh ro bhaoi for bhioth abhus
Dealbh Scóinne fa hainm d'Aonghus.



Dealbh Sccóinne do-rochair ann
i mullach Droma Díthleann
maraon is Fionn-lacha féin,
itáid isin ccnuc ccoimhréidh.



Do chaoinsead an Fhían uile
idir rígh is ro-dhuine
in días táid fraigh re fraigh
'na luighe liúin san leabaidh.


L. 54


Is mé Oisín budhdhéine;
creidim Flaith fionn na féile;
brisde mo chroidhe chain
mo luighe for an leabaidh."



Leabaidh.




"Beir buaidh agus beannachtoin, a Oisín," ol
Colmán, "agus innis dúin anois ar fíor do ghoile agus
ghaisccidh in bhfúair Osccar aoin-ail ghaisccidh
riamh a n-éccmais na haile sin go bhfios dhuit
féin, agus mádh do fuair ná ceil óirn."



"Dar fíor mh'einigh ní cheileabh sin ort, a
Cholmáin," ol Oisín, "agus inneósad anos gan cháirde
an aon-oil eile fuair.



Feacht n-aon," ol sé, "do comhmóradh sealcc
chríche hAighle agus Umhoill linne, Fíana Finn.
Agus ro budh mór ar lúathgháire im an sealcc
soin, óir nír lamhsam a dénomh re ré Chuinn agus
Chonoill Chruachna gosan ionbhaidh sin ina
ránccadar críocha agus caoimh-fhearonna iarthar
Connacht ar láimh Lughach mheic Fhorcca mheic
Fhearadhaigh mheic Aonghusa Feirt, agus gérbh
eisiomh ann níorbhó bhearn bhaoghail é idir,
ór ní mó lamhmaois-ne sealcc Umhoill do
dhénomh ina aimsir iná a n-aimsir Chuinn agus
Chonoill.



Laithe n-áon," ol Oisín "ro hinniseadh
dhúinn Lughaidh do dhul i ccrích Mumhon ar


L. 55


céilidhe go a chlíamhuin, .i. Mogh Néid mac
Deirgthine. Téicchmíd-ne do sheilcc Aighle agus
Umhoill ó do fuaramar an fhaill sin orra. As
amhlaidh baoi Osccar," ol Oisín, "agus é ar ttabhoirt
grádho do mhnaoi Luighdheach an tan soin
gérbh ádhbhar lán-chuidhbhidh dhó é, agus go
ndeachaidh trí chéad d'óccbhaidh Fhian Éireann
dá tabhairt lais ar áis nó ar éigin ó Dhún Inbhir
gheal-maighrigh ghlain-Iorruis, agus nocharbh feasach
d'Fhionn créd do budh toiscc dhóibh acht amháin
gur shaoileastar gurab tinneannus tréan-shealcca
baoí orra. Leanmíd-ne íad ara-bhárach," ol
Oisín, "agus ro suidhigheadh sealcc linn im Phartrai-
cche Droma Rén rathmhair, im Ghleann Caoin,
im Chruachán Aighle agus im shléibhtibh Umhoill
ar-cheano.



Ro hinniseadh dhúinn iar sreathucchadh na
sealcco," ol Oisín, "nach deachaidh Lughaidh
don Mumhoin an ionbhaidh sin agus go mbaoi ina
dhúnadh feisén; agus ro ráidh Fionn risan bhFéin
ann soin íad féin d'iomghabháil go hairchilleach
ar shlúaightibh na tíre gosa ttánccatar do bhrígh
nár charaid dhóibh íad; agus do ráidh fós gér nár
lamhadh sealcc na sáor-fhearonn sin do dhénomh
re linn Chuinn Chéad-chathaigh, Chonoill Chrúa-
chna, agus Eachdhach Én-shúla, dá bhfeasadh féin
gan Lughaidh do bheith i ccóicceadh Mumhan
nach ccuirfeadh dochum a sealcca do dhénomh


L. 56


gan cead Luighdheach d'fhagháil. Accus do
ráidh mar an ccéadna acht gérbh ócc an-áosda
Luighidh gorbho maircc baoí a bhfíor-naimhdeanas
ris ar 'fheabhas do laoch, agus nach raibhe i nÉirinn
aon-fhear budh dóigh lais féin dá dhiongbháil; agus
ro ráidh bhós nárbh iongnadh an mac sin Baillghile
inghine Mogha meanmnaigh mhóir-neartmhair
(ón Máigh cciúin ccaoimh-shreabhaigh) agus Forcca
fíochmhair airm-neimhnigh meic Aonghusa fhear-
rdha fheidhm-neartmhair Feirt do bheith níatha
naimhdeamhuil, agus fós gor chóruide dhó bheith
cródha curata feabhas na n-arm agus na n-iolfhaobhar
baoi aicce, .i. dígh shleagh a shaor-athar, loircc-
fhearsad Chonuill, agus lúireach, muince, agas cath-
bharr Chuinn chomhramhaigh Chéad-chathaigh.



Dála Osgoir," ol Oisín, "téid fón dúnadh soin
an deigh-fhir, ro loiscc agus ro lán-aircc é agus tucc in
inghean ass cona ban-chuire, agus ó nach raibhe ar
cumas don chaoimh-mbanntracht acht gáirthe
grod-mheara gola agus géir-éighmhe do léiccen ós
áird do-rónsad é. As amhlaidh boí Lughaidh an
lá sin agus a theaghlach ar ndol do sheilcc Sléibhe
gnáth-oirrdheirc Gamh agus gan ina fhochair féin
díobh acht madh aon-ndías namá, .i. Labhraidh
Lámhfhada mac Deircc agus Aodh Arm-chorcra
mac Deircc agus íad ina ttriúr ag dubhánacht
ar Charroic na cCuradh taobh thúaigh don dúnadh.



"Ciodh fil ann trá," ol Oisín, "acht ó 'd-chúala-
dor na caithmhílidh coimhíachtach an bhan-


L. 57


trachta tánccadar co tinneasnadhach dá n-ionn-
saighe agus iad armtha éidighthe, agus ó 't-chonnairc
an chaoimh-ríoghan Lughaidh ina hiarmhóireacht
ro ghabh agá ghríosadh go coimhláidir caoin-
bhriathrach imá cosnamh go calmo curata ar an
Laighneach lán-ghann baoi ar a tí, agus ro chuimh-
nigh dhó a fheabhas do chosain í roimhe sin agá
tabhairt go tréun-chalmo ó Mhuimhneachaibh.
Ro ghabh greim an greasacht sin," ol Oisín, "óir
ling Lughaidh cona dhias deigh-fhear fó Fhían-
aibh Finn go hamhnas ainsearcach agus go fíoch-
dha foirníata, ionnus gor mharbh céad ina ccéad-
chuinnsgleó dhíobh go deagh-thapaidh, agus ro
ghabh an chuid eile dhíobh briseadh agus búan-
sgaoileadh chucu ionnus nár fhan aon-fhear
dhíobh a bhfarradh Oscair.



Ro ráidh Lughaidh rena dhías deagh-laoch
fanmhuin dá n-iombúaladh an tan soin nó go
bhféachadh féin agus Osccar dúthracht a ndeabhtha
ré-roile. Is ann soin ro ionnsaigheadar an días
deagh-laoch sin a chéile go cródha curata agus co
naimhdighe neart-chalmo. Acht cheana ro trom-
loiteadh in tréin-mhílidh Osccar isin iorghuil sin
agus ro beanadh leath-ugh as agus ro ceangladh agus ro
crúaidh-chuibhriccheadh é as a haithle. Agus, a
Cholmáin," ol Oisín, "is í sin aon-ail ghaisccidh is
mó fuair Osgar an ccén no mhair, agus ba teann-obair


L. 58


do Chorbmac ua cCuinn agus d'Fhionn úa Baoisccne
beó Osgoir d'fhagháil ón deigh-fhear. Cona ann soin
ro dílsiccheadh sealcc agus saoir-fhíadhach
Connacht gan chuidiughadh do Lughaidh agus dá
laoch-mhaicne d'fhuasccladh as Osccor."



Cona do dheimhniughadh in sgéil sin ro ráidh
Oisín na roinn:




"Sealcc do-righneadh le Fionn féin
im Phartraicche Droma Réin,
im Ghleann Caoin agus im Chruachoin
Chruim,
im shléibhtibh iarthoir Umhoill.



Adubhairt Fionn risin bhFéin:
"iomghabhaidh go maith sibh féin:
sluaicch in tíri si i ttá sibh
ní caroid iad-séin idir."



Nír lamhadh iccoinne riamh
sealcc ar na sléibhtibh si thiar
an ccén do mhair mac Úna
agus Eochaidh Én-shúla.



Dá bhfeasoinn-si gan Lughaidh
do bheith theas isin Mumhoin
go bráth ní dingeantaoi in tshealcc
gan cead do Lughaidh Lámh-dhearg.


L. 59


Ciodh ócc an laoch sin Lughaidh
mairg dár bhudh biodhbhaidh bunaidh:
ní bhfuil i nÉirinn in áigh
aon-laoch is dóidh dá dhiongmháil.



Baillgheal inghean Mhogha ón Máigh
máthair in rígh, móide a ghráin;
Forcca ua hAonghusa Feirt
athair Lughaidh an láimh-neirt.



Dá shleicch Fhorcca aige féin,
ní husaide in laoch do réir;
nochan deaghail re a láimh luinn
lorcc-fhearsad catha Conuill.



Lúireach Chruim bhá chneas in fhir,
séad is fearr fó nimh,
a mhuince, a chathbhar d'ór dearcc,
atád acc Lughaidh Láimh-dhearcc.



Inghean Mogha neartmhair Néd,
Áine fhial nach abradh brécc,
rob í an chruthach gan cheilcc
ban-chéile Lughach Láimh-dheirg.



Grádhaighis Osgar éachtach
Áine, ro ba cém créachtach,
go ndeachaidh trí chéad dá tigh
dá breith ar áis nó ar éiccin.


L. 60


Nochar shiubhail tír no tráigh,
nír ghin d'Fhianaibh beatha báin,
do chlannaibh Ádhuimh, aoin-fhear
dár chubhaidh a chomhmaoidheamh.



Do luidhsead go Dún Inbhir
(as turas dá raibhe imneadh),
béraid an mnaoi tar an múr,
airccidh, loisccidh an laoch-dhún.



Lughaidh, Labhraidh, agus Aodh
acc iasccach san ttráigh re a ttaobh,
tádhbas dóibh an t-éighmheach áith,
teaccoid na laoich bhán luath-gháir.



Ba seadh éigheamh baoi ann soin
iachtach ban-chuire i n-éccin,
tar gach adhbhar (ráidhim ribh)
im dhol re Fíanoibh Osgoir.



Do ráidh Áine fholt-chas fhíal
re Lughaidh co neart laoch-níadh,
"nám-léicc, a laoich rucc gach mbuaidh,
le Féin Osgoir adhbhal-chrúaidh.



A Lughaidh,
ó do-radais mé a Mumhain,
a mheic rígh Cruachon na ccladh,
ná gabh uathadh ó iolar.


L. 61


A Lughaidh,
ó do-radais mé a Mumhuin,
a mheic rícch Cruachan na cclann,
nám-léicc le Laighneach lán-ghann.



A Lughaidh,
cuimhnigh do chuairt san Mumhoin
dár chosnais mé go meadhrach
re a maithibh, gér mhór-mheanmnach."



Ro ghabh greim greasacht Áine
don triar laoch go lán-áilne:
ro lingsead fón sluagh íar soin;
marbhaid céad d'Fhianaibh Osgoir.



Gabhuid maidhm in chuid oile
ar teicheadh na hiorghoile,
go nár fhan aon díobh 'na bhun:
fáccbhuid Osgor 'na úathadh.



"Sguiridh dár n-iombualadh trá,
a ócca," ar Lughaidh Leamhna,
"go bhfaicear féin 's an laoch lonn
cia dhínn bhus crúaidhe comhlonn."



Do chomhraic Osgor amhra
agus Lughaidh lán-chalmo,
gor ceangladh Osgar go n-ail
le Lughoidh isin iomghoin.


L. 62


Beantar a ugh a Osgar
ó nár thúaloing é a chosnamh:
"slán úaim-si choídhche dá chruth;
leór leam don Laighneach leath-ugh."



Teann-obuir Chorbmuic uí Chuinn
agus Fhinn a hAlmhuin uill
beó Osccoir d'fhácchbháil tar ais
ó mhac Fhorcca fhaobhair-ghlais.



Acc sin, a Cholmáin céad rún,
do sccél ón tsheanóir re a thúr,
an dá oil ghaisccidh is gal
do bhí ar mo mhac ar Osccor.



Nír lamhsad clann Bhaoísccne bhúain
sealcc Connacht ná cuairt a cúain:
Lughaidh (ro budh laochdha 'fhearcc)
do-ghéabhadh sochar na sealcc."



Sealcc.




"Beir búaidh agus beannachtoin, a Oisín," ol
Pádraig, "is mór in fios agus in fíor-eólus ro fhácc-
bhuis accoinn, agus a Bhróccáin," ol sé, "sgríobh na
sgeóil úd ro innis."



Do-rónnadh samhlaidh. Bádor ann for a
n-iomráitibh. Ro-siacht Caoilte chucu, agus ro
fháiltighdar roimhe, agus toirbhiris Oisín póicc dhó agus


L. 63


ro éirigh do ghúaloinn Phádraig agus ro íarr air-
siomh suidhe isin ionadh i mboí.



"Acc amhaé," ol Caoilte, "nocha suidheabh-sa
choidhche isin ionadh bhus feárr agus tusa i lláthoir,
ór is riot as cuibhdhe bheith a ndeigh-ionadh."



"Truagh sin, a chara," bhar Oisín, "nír chóir
d'áonneach d'Fhíanuibh a n-éccmhuis an rígh-
fhéinneadh bheith úasad-sa a n-aoin-ionadh i
mbeatha."



Ro suidhiccheadh ól-teach aca íar soin agus ro
shuidh Caoilte ar ghúaloinn Cháirthín Fhinn, agus ro
dáileadh miodh so-mblasda so-óla orra agus biadha
bioth-bhlasda bríghmhara, ionnus gurbhó súaach
soi-ráiteach íad.



Is ann soin ro fhiarfaigh Cáirthín mac Bloid do
Chaoilte ciarbhó hí máthair Osccoir mheic Oisín
asan sccél ro bhaoi dá innisin acc toidheacht do
láthoir dhó-somh.



"Is deimhin go bhfuil a fhios sin accom-sa," ol
Caoílte. "Flaithbheart inghean Dá Neara a
mháthoir-siomh, agus budh hí ba máthair do mhac
mhaith baoi accom-sa," ol sé, ".i. do Cholla mac
Caoilte, agus isum cuimhneach-sa iomarbháidh adh-
bhal-mhór do theaccbháil eidir óccbhaidh cloinne
Baoísccne ag Ráith Tuirc don taoíbh thuaigh
d'Almhuin Laighean, .i. eidir Oisín mac Finn
Raighne Rosg-leathon, Fearghus Fínbhéil agus a dhá
mhac, .i. Aodh agus Flann file, Osgar mac Oisín, Colla
mac Caoílte, Oirbh Sgéine, Fear Logha, agus trí mic


L. 64


Aillbhe Gruaidh-bhrice, .i. Faolán, Caoínce agus
Uilleand, agus ro fhóibreadh mór n-olc do dhénomh
eatorra ann tré iomarbháidh a máithreach; agus
ro-chúalaidh an féinnidh a bhfreagartha," ol
Caoilte, "agus ro chuir misi d'eadarghaire eatorra
óir ní raibhe i fhFíanaibh acht madh misi nó
Fionn neach ro-shoisfeadh a n-eadarghaire gan
cathughadh do dhénomh dhóibh, agus ro ráidh Fionn
na roinn acc imtheacht dhamh-sa do choscc na
n-ócc," ol Caoilte:




"A Chaoilte, coiscc na fiora
go nár dheabhthaighead adiodhú;
nochan fhuil díbh, tóla treabh,
laoch nach maith do mháithribh.



Gé madh bras Oisín Ealcca,
Abhla deigh-inghean Dealcca
a geanuis, amhail do gheall,
do chin ar ócc-mhnáibh Éreann.



Fíor do thrí macuibh Aillbhe
go madh í budh déach d'aindribh:
gach a ccanoid nocha cam,
Faolán, Uince, agus Uilleann.



Mula inghean Bholcáin bhil,
máthair Raighne Rosg-leathoin,
ní fhuil sonna siú ná thall
bean nár chuirthe 'na conchlann.


L. 65


Raiceat inghean Cathaoir chaoimh
máthair Fhearghosa co n-aoibh;
Tuile máthair chloinne in fhir,
inghean d'Fhionn mhac Treghamhuin.



Flaithbheart inghean Dá Neara
máthair Osccoir ar-cheana
's máthair Cholla mheic Caoílte,
an dá mhac fa mór-mhaoídhte.



Duibhneóin inghean Dubháin dil
máthair Uirbh Sgéine sgiath-ghil
agus máthair Fhir Logha,
an días chaomh fa comhrogha.



Misi is tusa (díoghrais ráidh),
gen go ndearnam iomarbháidh,
Idh agus Muirn co n-aoibh nglé
ar ndí máthar, a Chaoílte."



A Chaoílte.




Is ann soin ro cheileabhar Pádraig do Cháirthin
mac Bloid agus ro fháccoibh beannochtain aicce a
ccumaoin a fhleidhe agus a lán-onóra dhó. Ro
cheileabhratar na seanóirigh dhó as a haithle agus
bador buidheach dhe.



Gluaisid rompa iaromh go Gleann Glaisi Gleadh-
raighe don táobh theas do Dhún cCoirín Chiorr, i
ccríchd heisccirt Éle tuaisceartaighe, risa ráitear


L. 66


Gleann Gad anú. Ro sreathadh a phubal tar
Pádraig isin ionadh soin, ór fa deireadh do ló ann.
Ro-riachtsad lucht na críche gosna cléirchibh dá
ccoimhfhreasdal an adhaigh sin go nach mbeith
uireasbhaidh orra acu. Ro chaithsead proinn agus
tomhaltas íaromh, agus tuccadh uiscce as a haithle
gosan Táilgean do lór-ghlanadh a lámh ass. Iar
n-ionnmhadh dhó tuccadh an t-uisce go Caoílte.
Aithnighis Caoílte an t-uisce comh lúath agus tánoicc
ina fhiadhnoisi, agus ro ráidh íaromh:



"Uiscce Glaisi Gleadhraighe sonn," ol sé, "agus as
eisiomh an treas uiscce nach bhfáomhadh Fionn
ionnmhadh as a nÉirinn, agus do-dhéan-sa d'aithris
ar mo thighearna gan ionnmhadh as an uiscce
si."



"Cia an dá uisge oile," ol Pádraig.



"Uisge milis Mínicháin agus uiscce Mónadh na
Bothaighe," ol Caoilte. "Agus ro ráidh Fionn na
roinn," ol sé, "an tan bámar sonn ina fharradh,
Fíana Éireann, got thairrngire-si, a Tháilgin:




"Uisge Glaisi Gleadhraighi,
maisi, taisi, tonn-ghile:
budh í an abhonn ainglidhi,
sruth na n-abhonn n-oirdnidhe.



Do-ria an t-oíghidh oirdnidhe,
mac Arpluin mheic Fhódaidhe,
sreabh na glaisi géaccaighe
tar aisi gach fódmaighi.


L. 67


Beinneóchaidh go búadhnasach
eas na glaisi gainmhidhe,
uiscce Glaisi Gleadhraighe:
cráobh gan chuisne in coll-bhile.



Trí uiscce is feárr fúaras-sa
le feóil oss is ailbhine:
uiscce milis Mínacháin,
midh na n-abhonn n-ainglidhi;



Uiscce Mónadh Bothaighe,
loch-bhuinne geal gainmhidhe;
gan taisi ar a tonnghaire
uiscce Glaisi Gleadhraighi."



Uiscce.




"Dar ar ccubhais," ol Pádraig, "as mór an
t-urghairdiucchadh meanman agus móir-aicceanta
dhúinne bheith acc éisteacht ret fhuighlibh, agus
innis dúinn anois ar son h'einigh créd 'má ttuccais
an chorr-imirce iomráiteach chluinmíd go Teamhraigh
agus cionnus tuccais íad."



"Donn mac Aonghusa ro ba rí ar dhá chóicceadh
Mumhan athaidh éiccin, agus tánccos rena fhlaitheas
ionnus nach raibhe aicce acht Rinn Iarmhumhan
agus Eóghanacht Locha Léin. Tánccos ris fá dheóigh
go raibh 'na thaoíseach teaghlaigh acc Cormac
mac Airt a tTeamhraigh, agus tánaic dhó doridhisi go


L. 68


raibhe 'na thaoiseach féine i fFhianaibh Éireann go
cionn bliadhna.



Táinig i ccionn na blíadhna sin mar a raibhe
Fionn, d'íarraidh a thuarasdail fair, agus is eadh ro
íarr ina thuarasdal fair fios an rúin budh hionnsa
lais d'innisin dá mbuí aicce. Adubhairt Fionn ris
nach raibhe éifeacht dó isin iarratas do-roighne agus
go bhfuighbheadh ór agus airccead ina thuarasdal agus
dob fheárr dhó d'fhagháil; agus adubhairt Donn ris
nach géabhadh sin úaidh; "agus a rícch-fhéinnidh,"
ol sé, "nach ccuimhnighir go ttuccais bréithir
dhamh-sa go bhfaighbhinn mo bhreith féin úaid
acht go ttuccoinn m'aimsir féin duit. Misi,
iomorra," ol sé, "ro choimhlíonus m'fhocal duit-si,
agus beid acc imtheacht úaid acht muna ccomhlíon-
air an céadna dhamh."



Do-roighne-siomh comhairle an neithe sin re
hOisín and soin agus liom-sa, agus ro ráidhimair-ne gur
bhúaine bladh nó saoghal agus gor chomhaillte dhó-
samh a fhocal do Dhonn acht go ttuccadh dain-
gean dó go ndingeanadh rún fair an ccén budh
rún aicce féin aní d'inneósadh dhó.



Cuirios Fionn fios ar Dhonn ann soin agus ro innis
dó go raibhe do rún aicce Fíana Éireann do bhreith
i ttimcheall Teamhrach, agus é féin do dhul móir-
sheisir armtha éidighthe innillte go teach na
Teamhrach agus éididh umpa leith astigh dá n-éid-
eadhuibh ionnus go bhfealldís ar Chormac agus go


L. 69


sgardaoís re a ríghe é; agus tucc Donn fírinne flatha
dhó co ndiongnadh rún air sin in ccén budh rún
aicce-siomh é, agus gidh eadh tucc rabhadh do Chor-
mac agus do chuir ar a choimheád é.



Téid Fionn go Teamhraigh iaromh agus tucc
móirsheisir lais go doras Tighe Miodhchúartha, agus
mur fríth rabhadh roimhe nochar léicceadh asteach
acht é féin ina áonar. Agus iar ndol isteach dhó
ro féachadh é, agus fríth éididhe uime taobh istigh dá
éadach dochum an fhill do dhénomh mur do
ráidh Donn. Do gabhadh Fionn and soin acc
Cormac agus do barradh glais agus geimhleacha fair,
gonadh iarna ghabháil do-roighne na roinn:




"Maircc do-ní
coccar da nach ttáirthear ní;
mairg thréigeas a dhuine gnáth
ar dhuine dhá thráth nó thrí.



Maircc do-ní éathach is goid;
maircc fheallas ar a charuid;
maircc do-ghní cogar meabhla
mairg thréicceas a thighearna.



Trúagh an tríall, ón trúagh an tríall,
do fhoirchill oirn an Fhían;
cogar nocha ngabhann scís
ó roicheas do dhís go tríar.


L. 70


Donn mac Aonghusa a Druim Dheircc
do-rad orchra i ngach aird
flaithghille cinnfhionnbhruit deirg
do-rad dúinn meircc is maircc."




"Cionnus do fuasccladh an flaith-fhéinnidh iar
soin, a Chaoilte?" ol Pádruic.



"Ciodh 'mádh mbeinn-si dá cheilt sin?" ol
eisiomh, "gé nár chleachtas mo ghníomhartha do
mhaoidheamh gos anois, agus gidh eadh inneósad
duit-si cionnus do fúasccladh Fionn ón mbraigh-
denas úcchod.



Ar ngabháil in rícch-fhéinneadh tuccadh ceannas
na Féine d'Oisín and soin, agus do bhámar acc dénomh
focchla fó Éirinn in bhliadhoin baoi Fionn i
lláimh, agus maille re gach focchoil eile ro sgaras-sa
ris na Fianaibh agus nochar fháccbhas áithe nó
muileand dá bhfuaros i nÉirinn gan losccadh.
Do-riachtas go Teamhraigh 'haithle gach focchla
dá ndérnus, agus ro mharbhas a' dorsaidh agus do-
chuadhas ina riocht isteach mur a raibhe Cormac
ua cCuinn; agus ro ghabh amhoras in rí um thim-
cheall agus ro ráidh íaromh:


L. 71


"Iongnadh leam," ol sé, "iní ad-chiú, .i. tairm
ghotha Chaoilte agus éadach in doirseóra."



"Ná haboir sin," ol Fionn, "ór ní fhursainfeadh
Caoilte coindil agus ní dhiongnadh a fritháileamh mur
dhoirseóir ar ór Éireann."



In tan táirrnig an t-ól," ol Caoilte, "tóccphuim-
si in ccoinnil agus ruccos leam í re cois in rígh gosan
bhfialteach, agus do shuidhis ar a dheis-láimh do-
chum aimhleasa do dhénomh; agus fa geis don rí do
bhíadh i tTeamhraigh," ol Caoilte, "caonnach
Seisccinn Fhúairbheóil d'fhaccháil, agus géarbh eadh
tuccus-sa dhó-samh ina láimh, agus do ráidh
íaromh:



"Iongnadh leam," ol sé, "iní thuccois damh, a
dhoirsidh, .i. cáonnach Seisccionn Fhuairbheóil agus
baladh chnis Chaoilte fair."



Agus ro léacceas m'aithne chuicce and soin," ol
Caoilte, "agus ro ráidhis ris nár dhú bráighe do
chongbháil i mbraighdeanas dá bhfaghthaoi fuasc-
cladh esde do réir breitheamhnuis in rícch féin;
agus adubhairt-siomh co ngéabhadh fuasccladh uaim-
si as an bhflaith-fhéinnidh. Ro fhiarfaigheas-sa
créad an fúasccladh. Lánamhuin do gach cinél
beathadhach n-éccéillidh dá raibhe i nÉirinn do
thabhuirt chuicce cco Teamhraigh - agus is eadh ro
iarr-somh, agus ro ráidh nach ngéabhadh comhaidh
aile acht sin namá.



Ro aontaigheas-sa sin," ol Caoilte, "agus do-


L. 72


chuadhas d'íarraidh in fhuasccailte sin agus gérbh
imchían bhádhus agá ttiomsucchadh tuccas liom
go faithche na Teamhrach íad, agus nocha mór do
shochar baoi acc Cormac acht a bhfaixin, ór
comh lúath agus táinig Fionn imach nochar chuireas-
sa congbháil ar an ccorr-imirce agus níorbh fhada
dhóibh ar an bhfaithche ó thaccas-sa cúl riú gur
ghabhsad sccaoileadh chuca, agus nochar ghabh aon-
dís dhíobh a n-aon-chonair. Agus is íad míorbh-
aile in mhóir-Choimdheadh, rath Finn, agus mo rioth
féin fo-déra dhamh-sa an tréud tréun-ádhbhal sin
do thiomsucchadh, a Tháilgin," ol Caoilte.



Agus ro ráidh na roinn acc deimhniughadh gach
foghla dá ndeárna an ccén ro bhaoí Fionn i
mbraighdeanas, agus na corr-imirce sin, co n-érb-
hairt:




"Téighim toiscc d'fhulucchadh Finn
go Teamhraigh na sreabh n-aoibhinn,
go hairm i mboí an mborr-shlat mir,
go Cormac mac Airt Éin-fhir.



Níor chleacht mé maoidheamh mo ghníomh,
géarsom fuilteach re foirlíon,
dár thraoítheasa Fíana i bhfuil
ós úr Locha Feadhamhuil.


L. 73


Do chearbsamar laoch fá líach
an uair do chearb-samh ar ttríath,
agus tuccsam cath iar soin
áit a ttorchoir ceann Curraigh.



Cuirreach Life cona lí
ro chuirseam é ar neimhthní,
agus ruccsam a cheann gan choir
ar an árd ós Bhodhamair.



Do-roighneas-sa beódhacht budh léir
iar sgarthain damh risin bhFéin:
na guirt ba haibche im fhocchail
do loisccinn go lasamhuin.



Do-righnis beódhacht ba léir
iar sgarthainn damh risin bhFéin:
do léigin a laoígh go a mbúaibh
uile fá Éirinn adhfhuair.



Do-roighneas beódhacht budh léir
íar sgarthain damh risin bhFéin:
na doirsi ar a mbíodh an ghaoth gharcc
do fhosccloinn íad go hiomard.


L. 74


Íar soin ro léiccseadar riom
eachradha áille Éireann;
téighim úatha i llúas mo chos
nó go ránccos Iorrois.



Iar soin iontaigheam iníar
go Teamhraigh, géarbh eidirchían,
níor toirneadh éin-each dhíobh dhe
róm a tTeamhraigh dorídhisi.



Tuccas i tTeamhraigh immalle
bean fir chomhtha dá chéle:
bean in fhir comhtha sa
tuccas don fhior comhtha sa.



Tuccos i tTeamhraigh gan acht
bean ó Chairbre do Chorbmac,
agus bean Chorbmaic mo aille
tuccas í do Choirbre.



Tuccas leam cloidheamh in rígh
(géarbh eisiomh fa borb a bhrígh);
mo chloidheamh féin, fáth gan cheilt,
fágbhuim a ttruaill chuilcc Chormuic.


L. 75


Iar soin tráth tugas-sa liom
éadach in doirsidh iomam:
isin oidhche thall tré ghoid
mé fo choinnleóiridh Chormuic.



"Iongnadh liom tairm a ghlór
dí shúil Chaoilte acc an choinnleóir,"
ol Corbmac caomh lé Fionn de,
"agus éadach an doirsidh uime."



"Ná haboir-si sin," ol Fionn,
ar aird-rí na bhFían bhfoilt-fhionn,
"giodh tú-sa a ngeimhiol istigh
ná tucc ar mo mhuinntir.



Ní hé sin aiccneadh Chaoílte,"
ol Fionn in chomhráidh chaoín-te,
"ní adhainfeadh coindil ccain
ar a bhfuil d'ór for thalmhuin."



Íar soin táirrnic in t-ól
'gon rí ro-ghasda ro-mhór;
gérbh é an coisgéim budh crúaidh sin
téighim leis isin bhfíaltigh.


L. 76


Lodmar íaramh dá thaobh deas
tan ba háil dúinn aimhleas
agus tuccas dó dom dheóin
caonnach Seisccionn Fuarbheóil.



"Iongnadh leam a ttuccais damh,
a dhorsaidh," ol an rí rathmhar,
"baladh chnisi Chaoilte an cheóil
caonnach Seisccionn Fuarbheóil."



"Ná haboir-si sin, a rí,"
ar misi i rrocht in ghilli:
"briathra bróccoide rod-mher;
cuibhdhe d'aird-rí airfideadh."



Íarnam aithne dhó gan acht
adubhart-sa re Corbmac:
"an ttabhraidh-si comhall nglé
damh re fuasccladh m'oide?"



"Ní bhéaroir Fionn lat dá thoigh
ar luagh dá bhfuil ar talmhuin
acht áon-chumha, a Chaoilte cháidh,
da nach tualoing a fagháil."



"Ainmnigh dhamh an chumha chóir,"
ráidhim-si re flaith in tshlóigh,
"ghébhoir uaim a Fionn in áigh,
dús an bhféadfoinn a fagháil."


L. 77


"Dá bhfaghthá, a Chaoílte, réd lá
lánamhuin gacha fíadha
do-bhéruinn h'oide dhuit de
go madh cuibhdhe ar ccomhmaoíne."



Téighim ann do shúr n-íath
dús an bhfuaisceóluinn mo thríath;
dá éis sin go Teamhraigh thailc
tuccas leam comha Chormuic.



Tuccas-sa leam in gheilt gharcc,
is in ghríbh ingneach iomard,
is dá fhíach Fheadha in Dá Bheann,
dí lachoin Locha Saoíleann;



Dhá shionnach a Shliabh Cuilinn,
dhá dhamh allaidh a Bhoirrinn,
dí ghéis a Fiodh Gabhráin Guill,
is dá chaoi Fheadha Fordhruim;



Dá thoghmhall ó choilltibh craobh
do leathtaobh Dhá Ráon,
is dá dhobhrán iar soin
a Charroic dhonn-bháin Dobhair;


L. 78


Dá fhaoílinn i Tráigh Lí ai-lle,
dí ruiligh a Purt Láircce,
ceithre snoicc a Brosnaigh bháin,
di fheadóicc Chairrge Dúnáin;



Dí éachtaigh ó Etghe árd,
dá smólach Leitre Lonn-gharcc,
dhá dhréan ó Dhún Aoíbhthe,
dí chaoínce na Corraoibhthe;



Dí chuirr in Choruinn chladhaigh,
dhá eirrfhiach Mhoighe Fabhuir,
dhá iolar Chairrge na cCloch,
dhá sheabhac Fheadha Caonnach;



Dá pheasan ó Loch Meilghe,
dhá chirc uiscce a Loch Éirne,
dhá chirc fhraoich Mónadh Mafa,
dí ghaircc dhíana Dhubh-lacha;



Dhá chricharán a Chúaloinn,
dhá mhiontán a Mhoigh Tualoing,
dhá cháochán a Ghleann Gaibhle,
dhá ghealbhoinn na Seanainne;



Dhá pheata odhra ó Áth Clíath,
dí onchoin ó Chrotuibh Clíach,
dhá chabhóicc ó Dhruim in Daimh,
dí riabhóicc ó Leathon-mhoicch;


L. 79


Dhá choinín a Dumha Dhuinn,
dí muic n-állta a Chnoghbha chuirr,
dhá pheatán Chreite Rúaidhe,
dhá thorc Theamhrach táobh-uaine;



Dhá choluim as an cCéas ccuirr,
dá lon a Leitribh Fionn-chuill,
dhá dhuibh-én Thráccha Dhá Bhan,
dí earb loicc Luachra Deaghadh;



Dá fhaoínil a Sídh mBuidhe,
dhá íaroinn a Fiodh Luaidhraidhe,
dí ghéseachtaigh ón Máigh mhoill,
dí spideóicc cháomha a' Cnámh-choill;



Dá fhear eidhin Átha Lóich,
dí uisín a Mhónaidh Mhóir,
dí íalltáin a hÚaimh Chnoghbha,
dhá phorc a chrích Ollorbha;



Dhá chreabhoir ón cCoillidh Ruaidh,
dhá fhaidhirclín Léana hÚair,
dhá bhruacharán Shléibhe Dhá Éun,
dhá chadhan Thurlaigh Bhruidhéil.


L. 80


Dhá naoscáin a Dhún Daighre,
dí buidheóicc a bhruach Báirne,
dí spireóicc sonna a Sliabh cCleath,
dá lochaidh liatha a Luimneach;



Dá thraghna a srathuibh Sionna,
dí ghlaiseóicc a bhruach mBiorra,
dá chrotach a Chuan nGaillbhe,
dí sgréachóicc a Mhurtheimhne;



Dí gheilt ghlinne Gleanna Smóil,
dí bhaidhbh Átha Mogha móir,
dhá onchoin luatha a Loch Con,
dí chait o hÚaimh Chrúachon;



Dá chadhla a Síth Ghabhráin ghil,
dí mhuc do mhucoibh mic Lir;
reithe is caora chorcra chas
do-radus leam ó Aonghus.



Tuccas leam each agus láir
do ghroidh mhaisigh Mhanannáin;
tarbh is banbha a Druim Caoín
fuaros féin o Mhuirn Mhunchaoimh.


L. 81


Arna tteacclamadh dhamh uile
dhamh-sa go lár aon-mhuighe
an tan fa háil damh a maoidheamh
do fhóbradar ath-sgaoíleadh.



Do-chuaidh an fiach uaim budhdheas,
ór fa bladh é dom aimhleas;
ruccas air a tTráigh Dhá Bhan
ós airear Locha Lurgan.



Do-chuaidh mo lacha fó láimh
(níorbh fhuras í d'fhagháil)
go srothaibh Bearbha braisi,
go tráigh Inbhir Dubhghlaisi.



Do ghabhas-sa í ar bhrághuid;
gion gor shulchar lé tánaicc;
agus tuccas í gan acht
d'fhuasccladh Fhinn do Chormac.



Gach a bhfuaras-sa d'olc leó
tiocfaidh liom an ccén bhér beó:
ar gach mbothar ar gach fán
dom fharradh liath luisenán.


L. 82


Do chongmháil Fhinn aicce i lláimh,
agus nár shaoil a fhagháil,
uime ro aontaigh-siomh soin
d'íarraidh oruinn mar chomhaidh.



Ainm don imirce sgaoílte
"corr-imirce chorr-Chaoilte";
acht a bhfaixin taoibh re taoibh
ní bhfuair Corbmac dá ccumaoín.



In tráth do-chuaidh Fionn amach
do sgannradar go sgaoilteach:
nocha ndeachaidh dias nó triar
ó Theamhraigh dhíbh ar én-rían.



Mo rioth féin agus rath Finn,
míorbhuile in Choimdheadh rom-chinn,
trí neithe fa-deara dhamh
in tréad san do thiomsughadh.



Ní sgíath chuirim ar mo chliú;
creidim Críost thall agus siú;
m'iomirce d'fhiadhuibh Finn
giodh ionmhain í ní mhaoidhim.


L. 83


An soin fa lúthmhar mo léim
a bhfoccus nó a n-eidirchéin;
giodh mór ccrann do loisg rem linn
mall gach toiscc gus a ttéighim."



T.




"Maith, 'anom, a Chaoílte," ol Pádraig, "as
oirrdheirc árd-uallach an fuasccladh sin tuccuis as
do thríath agus as do thighearna, agus nochan iongnadh
iomrádh na corr-imirce sin do bheith i mbéalaibh
fhear nÉireann. Agus, a Bhróccáin," ol sé,
"sgríobhthar lat ar innis an seanóir Caoilte
dhúinn ann súd."



Do-ghní Bróccán samhlaidh.



Iomthúsa Oisín, in ard-fhlatha, iar nfhaisnéis na
corrimirce do Chaoílte amhuil ro ráidheamar, ro
ghabh doghailsi agus dobhrón, imneadh agus athuirsi é i
ndíaigh Fhinn agus na Féne agus re a imchéine lais gan a
chomhdhalta carrthannach agus a bhráthoir bunaidh-
chineóil, .i. Deaircc mac Eóghain, d'fhaicsin. Ro
cheadaigh do Phádraig dul d'aicsin in deigh-fhir
soin go Sídh Ochta Cleitigh, agus ro innis dó amhail
do dhealaigh féin agus a naonbhar riséin agus re Caoilte
i cCuilleann ó cCúanach agus a ndul a síodhuibh.



"'Anom, a Oisín," ol Pádraig, "do budh maith
leam-sa in Dearcc soin mac Eóghoin d'fhaixin
ionnus go ccreideadh don Choimdhe chumhach-
tach dá ccreidim-si agus sibh-si, agus as toil leam-sa
thusa do dhénomh cúartha acht nach rabhair go
himchian im fhéaccmais feisin."


L. 84


Ro ghluais-siomh roimhe and soin cona
mhuinntir ina choimhideacht agus ina chomhleanm-
hain cco Sídh Ochta Cleitigh, agus acc tocht re taobh
Churraigh Bodhamhrach at-chí an ccuirr ccrotaigh
ccruaidh-luirgneach do leathtaobh na conaire, agus
tucc aithne fuirre. Ro bheannaigh dhí as
a haithle. Ro fhreaccair-si an beannach-
adh.



"Ar fíor-ghrádh h'oinigh, h'anmo, agus an Rí
rom-chruthaigh," ol Oisín, "innis dhúinn, a
chruaidh-luirccneach chian-áosda, ní dott im-
theachtuibh agus cionnus do cuireadh isin ccorr-
éccoisg sin thú ionnus go madh húrghairdiughadh
meanman agus móir-aicceanta dhúin bheith acc
éisteacht riot, óir as iomchían ó ro choimhricc-
siomh rér ccoimhdhíne gos anos."



"Truagh sin," ol sí, "as athnuaghadh doghra
agus doimheanman dúinne bheith acc toigheacht tar
m'imcheachtuibh; gidh eadh, madh dá ttarairsi
god mhuinntir im fharradh sonn inneósad duit an
fáth imá rom-chuireadh isin ccruth sa, giodh
doiligh dhamh a innisin."



Ro shuidh Oisín cona mhuinntir ar an bhfód ina
farradh, agus deisidh-si ina ccomhfhoccus, co n-
érbhairt Oisín na roinn agus ro fhreagair sí
dhó:


L. 85



"A chorr úd thall san léana,
innis dúinn do mhóir-sccéala;
cubhaidh riot bheith fó reachtuibh;
toirchill ní dott imcheachtuibh.



A chorr úd thall san léana,
munabh áil leat ar n-éra
do-ghébhthaoi úaid, foramh ndil,
gach ní budh áil d'fhiafraighidh.



Fada íad do luirccne loma,
is glas íad h'adhbhronna,
fluich do leann acc súr ccuirreach,
a sheanóir chríon chruaidh-uilneach.



A chorr, do laibheartha liom,
do fhanfuinn agad iar ttríall;
do fuil agam aithne ríogh
ort, a lua-luirccneach lán-chríon."



"Ní hurasa aithne orm,
a Oisín co n-iomad nglonn;
as cian atú-sa gan fos,
is mór d'ilreachtuibh fúaras.


L. 86


Mór laithe, mór n-oídhche bhfuar
fúaras ó chúan do chúan;
mór do dhiamhroibh 's do dheacroibh
fuaros, is d'ilreachtoibh."



"Innis tré mheator go mbloidh
cia thú féin ar thuinn talmhuin;
can do chinéal, clú gan tár,
innis damh, a chorraccán."



"Miadhach inghean Eachdhuinn Mhóir
is eadh m'ainm, is ní fáth fóill;
cúicc bhliadhna ar dhá chéad ceasda
fuilim isin ccorr aitheascca."



"Créd 'már cuireadh thú amhlaidh
id inghin óicc ildhealbhoidh,
nó créd, a chorraccán, a chorr,
fár himreadh ort anfhorlann?"



"Eachdhonn Mór, lí go rathoibh,
adéroid gurbh é mh'athoir,
is fa headh ainm a dhalta
Morann inghean Fhionnachta.


L. 87


Tuccsamar grádh, ceachtor ndil,
d'Ábhartach mac Iollathaigh:
nír thréicc bean úain dá chéle:
dhúinn ba hádhbhar amhraéidhe.



Gérbh isi ar tús tucc an grádh
dhamh-sa ba hádhbhar ochán:
treisi misi, mór an modh,
ciodh mé baoi 'gá chúiteachadh.



Téid dá chasaoíd le a hoide,
le hEachdhonn, fáth gan loicce;
éirghis fearcc Eachdhuinn gan on
fá a dhalta do shárucchadh.



Do fhiarfaigh do Mhoraind mhais,
d'inghin Fhionnachta fholt-chais:
"an leigfir-si, a dhaltáin dil,
in fear dhamh-sa dom inghin?"



"Acc sin, a oide ionmhuin,
in fear dhuit-si gan diomdhuidh:
dá madh leam in bioth búan bailc
do-bhéaruinn ar do bheannaicht."



"Mo thrí ingheana gan fheall
Fionnsgath, Míadhach, agus Cuilleann;
is tusa, a fhéata fhinn-gheal,
is tocha don triúr inghean.


L. 88


Mo bheannacht-sa ort-sa dhe,
beannacht gach rígh fón ríghe:
tú 'gá ttréiccen ar mo ghrádh,
a dhil is a dhaltaccán."



Ann sin ruccadh misi asteach
go hEachdhonn bhféata bhfuileach;
ro ráidh m'athoir nárbhó mear:
"gurab Dia do bheatha, a inghean.



Tárla sonn ceist ret aghaidh
dá madh áil leat a cabhair:
is eadh dhligheas ríoghain raith
fuaslaccadh ar gach príomh-fhlaith.



Tusa agus mo dhaltán dil
tárla siph a searc aon-fhir:
muna léiccidh dom dhalta
ebéalaidh do chomhdhalta.



Rachaidh lán sheacht ndabhach ndron
do dheargór, d'airccead gan on,
rachaidh lais duit is ní cealg
fiche bó bheannach ói-dhearcc,



Seacht ccaoirigh inghine glóir
is reithe go mbeandoibh óir,
édghaithidh d'fhoirinn catha
d'olainn chorcra chomhdhatha.


L. 89


Seacht bhfailcche déag fós gebhuinn,
seacht n-ionar do shról Manann,
seacht ndelcc dearccóir arna mbruith,
seacht ccarbaid is seacht ccuraidh,



Seacht ttoboir go mblas meala,
seacht ndroighne, seacht n-airneadha,
seacht mbile mbúadha go mbrígh
do neoch is measda d'aird-rígh.



Beir mo bheannacht le gach séad
is béara m'onóir go héug,
ór as feárr dhuit ná fear,
a inghean luchair láimh-gheal."



"M'athoir agus mo mháthair
mo dhí shíar agus mo dhearbhráthoir,
dá sáoradh ar écc, truagh an dáil,
ní léiccfinn úaim mo leannán."



Cuiris Eachdhonn mé ar síabhradh
re ré sheacht bhficheat mbliadhan
ó gach doire do dhoire
i rriocht cuirre glaodhaighe.


L. 90


Buailis dá fhleiscc órdha,
dhamh-sa ro budh gníomh doghra,
is do ionnarb sé mé amach
go ríacht Cuirreach Bodhamhnach.



Dom-ríacht iolar Droma Cró
(nochan fhuaros olc budh mó)
nó gur ionnarb mé tar tuinn
go ránoicc Doire Díoghuinn.



Rom-thárla ar lon Leitreach Caoin;
gairid leam éisteacht le a fhaoídh:
madh dá mbeimís go búan de
nocha sgérmís re chéile.



Dom-rúacht lon Leitreach Bile
(inmhoin mh'fhear comtha cridhe):
cúig bhliadhna décc, líth co ngus,
ar ccomann, ar ccomhthanus.



Fa gairid linn ar gach fán,
fa ciúin condail ar ccomhrádh:
ná bíodh locht ann mur thárla
acht nár charsom aon-ádhbha.



Fear comaind dob fheárr ná soin
ní bhfúair bás, nír bhlas beathaidh,
nó gur mharbh an mucaidh mas
uadh do bhunnsachan bharr-ghlas.


L. 91


Dom-ríacht sionnach Sléibhe Mis;
ráithe mo chomhthanus ris;
grian is éascca tucc-samh dhe
dhamh-sa go madh tairisi.



Lá dár íadhus mo shúile
tánoicc d'fhéachsoin mo chlúimhe;
rom-chogain-siomh, truagh an dál,
mallacht uaim don loingseachán.



Fear eidhinn Aonaigh Luisean
tuccamar grádh gan tuisel
gairid linn fó bheithe bán
acc éisteacht re a chúichearán.



Cúicc bhliadhna déag fó dheacroibh
dhamh is dó-san acc teachtoin;
nochan fhuilim 'gá séana,
is íad sin duit mo sgéula.



Tusa 'nos, a Oisín fhéil,
innis sgéala dhamh budhdhéin;
taom oile do bhágh na mban
innis ar th'ágh 's ar h'eangnamh."



"Laithe bámar acc Drom Crot
mé féin is Fionn faobhar-nocht,
trí mic an Chearda rom-char,
Cas Cúailghne agus Goll Gulban,


L. 92


Deaghaidh mac Deircc, fear fuileach,
is Caol cródha céad-ghuineach,
Fáolán, Cairbre, agus Colla,
Raighne, Lughoidh Liadroma,



Occus Diarmaid ó Duibhne
(fa fear séaghuin acc suirghe):
cúicc fhir dhécc dhúinne san ccnoc
ro budh taoisigh trí chaoccad.



Téighmíd-ne a ffiadhnuisi Finn
do fháith-imirt ar fhithchill:
fa gairid linn ar gach ndáil
nó go ttárla in iomarbháigh.



Ro ráidhsead mic an Chearda
is Díarmaid, saor gach sealcca,
go nach mbéradh aon gan acht
an geall úatha ar fhichilleacht.



Do-radsad briathra móra,
meic Cruim-chinn is Caoil chródha,
go mbérdís úatha gan fheall
dá madh leó ríghe nÉireann.



Ros-ghreannaigh íad Diarmaid donn
meic Cruim-chinn co n-iolar nglonn,
im dhá fhail óir ceachtar dhe
do thabhuirt a n-áon-chluithe.


L. 93


Ro éirigh fearcc i nOsgar
i mac Cruim-chinn re a bhrosdadh:
fáomhas mac Cruim-chinn tré ghoid
uadha dorn gusan Díarmaid.



Éirghid cách dhíbh fó chéile;
do marbhadh líon a bhFéine;
do-dhéntaoi móir-ghníomh san moigh
muna ttíosadh teasarccoin.



Éirghios Fionn ba fearrdha fíoch;
gairid nó go ndeárna síth;
suidhis eatorra imalle;
sgaraidh cách dhíobh ré chéile.



Gairid dhúinn iar sgur dár bhfeircc
go bhfaicmíd chugoinn san leircc
ócclaoch mór áloinn amhra
fossaigh fearrdha fíor-chalma.



Ass arccoid imá chois chlí
go leaguibh lóghmhara lí,
ass órdha imá chois ndeis:
nocharbh é an t-indeall aindeas.



Brat ós a bhruinne 'gon láoch
is léine do mhíon-shról mháoth,
eó íarna eaccor d'ór dhonn
do bhaoi isin mbrat mbláith mbeann-
chorr.


L. 94


Cathbharr órdhuidhe imá cheann
go n-ealtoibh leómhan laindeall,
sgíath úaine ós a dhruim gan acht
go ngrés inghine macdhacht.



Cloidhimh catha co gcrios chóir
go n-ealtoibh dílsi deargóir;
dí shleigh leabhra ina láimh ndeis,
nochar thabharta i n-éisleis.



Bean ndealbhdha 'na dhíaigh san ráon
ríoghan ruitheanta ro-chaomh;
da lasfadh gáoth is grían gheal
dá taithneamh acc tocht tar lear.



Do-radsad uile grádh dhí,
don inghin fa luchoir lí,
óir ní fhacos roimpi soin
bean budh áillne for thalmhuin.



Suidhit i ffiadhnoisi Finn
in t-óglaoch 's an inghean bhinn;
do fhiarfaigh Fionn, fear nár thais:
"cía tír as a ttánccadhais?"


L. 95


"Tánacc misi ón Fhuardha uill,
agus tánag ó Lochluinn,
agus ní ruccadh úaim go se
mo gheall ríamh ar aon-chluithe."



"Deich meic fhichead Mhorna mhúaidh
um Gholl ris ná gabhaid slúaigh
dá ccluindís úaid, ro budh racht,
breith i ngill ar fhichilleacht.



Dá ccluineadh sin Cas Cuailghne,
dá ccluineadh Lughaidh Lúaighne,
ceithre mic Mhaine mheic Bhric,
agus dá mhac uí Eibhric;



Dá ccluineadh mac Dathchaoín déin,
dá ccluineadh Gaillmhe an airm réidh
do imeórdaois teora snas,
Áodh, Fiamhain, Faolán folt-chas.



An dá Gharbh Dhoire gan on,
madh dá ccluineadh Fearrdhomhan,
do-ghéabhtheá úatho, miadh nglonn,
gleó sleagh agus cloidheamh ccorr.



Na cúicc fhir dhéacc don Fhéin,
a ócclaoich tánoicc a ccéin,
gá ttaghthaoi íad, búan a rath,
ad íad raighne na n-imeartach."


L. 96


"Cúich thussa, a ócclaoich go réim,
chanas an t-aitheascc go ccéill
ór is tú ro tharla i bhfios
gá háit a ffhuil h'áros?"



"As misi Fionn, foramh n-íath;
asam foirfe, gé laoch-níadh;
imrim fithchill go ríoghdha;
lingeam mo léim céad-ngníomha."



"Imérat-sa riot mo mhnaoi,
do ráidh in t-ócclách go ngaoi,
"is do bhean féin 'na haghaidh
a Fhinn chródha chéad-ghoinidh."



Sgoith-fhionn inghean Bhrain Bhoirne
do bhí acc Fionn gan doilghe:
áloinn í, nír bhean fhir bhaoith;
áille fó naoi bean an ócclaoích.



As ann soin do chuir Fionn fial
fios ar a mhnaoi go himchían;
teaccoid na ceithre fir dhéag
a mná chuca tré fhoiréd.


L. 97


An uair do-radadh na mná
go hionadh a n-imberta
tucc gach bean, géar dhoirbh in fáth,
searc a hanmo don ócclách.



"Tabhraidh cuir dhamh-sa gan fheall,
madh mé bhéaras an bain-gheall,
rem iodhlacadh uaibh slán
gan fheircc is gan achmhusán."



Do-radadh ris gach én-fhear dhíobh
grían is éscca gan iomshníomh
go n-iodhloicdaois é gan fheall
go roicheadh an sál snéidh-sheang.



And sin imrid an dá mhnaoí
Fionn is an t-ócclách gan ghaoí;
do fáccbhadh Fionn gan mhnaoi dhe
da chomhal an aon-chluithe.



Adubhairt in t-ócclaoch re Fionn:
"imir fó thrí do mhnaoí riom;
mar dhlighir ceannas ó chách
dleaghair úaim-si," ol an t-ócclách.



Imbreas Fionn a mhnaoi fó thrí
ris an ócclách fa caoímh lí;
ruccadh fó thrí air, gan acht,
a phean féin ar fhichilleacht.


L. 98


Imrid na ceithre fir dhécc
a mná ris, fa borb in béad;
do fáccbhadh iad-san gan mhná,
ba lúghaide a n-aiccénta.



"Mo chomhuirle dhaoibh," ol Fionn,
"a chuire féata foilt-fhionn,
ná himbridh nís mó iná sin
risin ócclách an-aithnidh."



"Acc súd misi ag imtheacht úaibh,"
do ráidh an t-ócclách go mbúaidh:
"bératt bhur mná, mílibh clann,
nó go roisir oirear Lochlann."



"Nocha mbéarair lat ar mná
nocha maoidhfithear íad red lá;
do-ghéabhair úadha, miadh nglonn,
gleó cloidhimh is sleagh ccorr."



"Caidhe na briathra móra
do-rad sibh, a chuire cródha,
fám iodhlacadh úaibh slán
gan fheircc is gan achmhusán?"


L. 99


Nocha bhfúair acht misi and sin
neoch ro chomhuill a bhréithir:
tairccim-si, ba mór an modh,
don ócclách a iodhlacadh.



"Beannacht ort, a Oisín fhéil,
is tusa tá dom réir
fám iodhlacadh re taobh tonn
go roichir mo churach corr."



Do-rónsad coccar nár chóir
muinntir mheic Cumhoill árd-mhóir:
do thriallsad, géar dhoirbh in fáth,
coill a n-einigh fán ócclách.



Gairid dóibh-sén gáirde de,
Fionn is maithe a mhuinntire,
gur éirghe míol moighe mas
eidir in ccuire ccomhmpras.



Mur do fhéachatar uile
úathaibh ar an míol mhoighe,
ceiltear an t-ócclách gan acht
agus ceiltear an bhanntracht.



Fios in ócclaoich is na mban
ní ffuair neach ar thuinn talmhan
acht mur do shluigfeadh muir mhór
nó mar do rachadh i n-áigheór.


L. 100


Dar anmuin a raibh ann soin
d'fhearoibh carad caradroigh,
do bhaoi dhínne seisir amhra
dhá lá is oídhche gan labhra.



Adubhart-sa risin tuir
re mac Muirne rem athoir:
"olc ar mbeatha d'éis ar mban,
far ndul d'écc do chró cumhadh."



Cáirrthe do bhí san ccnoc chrúaidh
gusa n-athaighdís na slúaigh,
snadhmas Fionn ogham 'na shlios
go nach mbeith áon 'na ainbhfios.



Iar sin gluaismíd beccán sluaigh
do Thráigh Eóthuile pudhthúaidh,
seólmaid romhuin tar muir mall
go ruachtsom críocha Lochlann.



Eóghan Fionn (ba fear go ngráin)
ba rí ar an Lochluinn láin;
cúicc fhir dhéag dhúinne co ngus
i rriocht deóradh is amhos.



Do ráidh an rícch go bhforas:
"cia sibh-si, a bheaccán amhos;
ósa deóraidh siph gan acht
can ass a tticc bhur ndeóradhacht?"


L. 101


"Éareannuigh sinne uile,"
do ráidh Fionn an flaith-ruire,
"óm aoís mhacáin atú ille
le cách acc reic m'amhsoine."



"Cia an t-amhas mór sa as feárr uaibh,"
ar rí Lochlann go líon slúaigh,
"cia 'ainm a nÉirinn co ngus,
an fód a ttá 'urradhas?"



"Mac brughadh misi gan fheall
do bhrughadhuibh na hÉireann:
nochan oircheas gaoi re flaith,
a Eóghain, ósad fíor-mhaith."



Glantor teach dhúinn 'nar n-amhsoibh,
is cóiraighear go cabhsaidh;
teaccor proinn chéad 'nar ccuid,
dhúinne nochar dháil dearmuid.



Crédh inghean Eachdhach gan gheis,
bean rígh Lochlann na loingeas,
líonaidh searc an amhuis í
ó bhonn go barr baithisi.



Ráithe don mhnaoi gan chabhair
iar mbeith i seirc síor-ghalair;
nocha bhfríth do thocht tar lear
líaigh nó lus do choibheóradh.


L. 102


Go ttáinig fisicch an rícch
ón Fhúardha mhuill gan iomshníomh,
gor fhiarfaigh an fisigh íar soin,
"créd is galor don inghin?"



Tóccaibhthear in ríoghan rán
gusan bhfisicch (feirrde a dáil)
do ráidh an fisigh iar soin:
"tarla tú ar searc Éireannaigh."



"Imthigh úaim," ar an ríoghan,
"óir níd fisicch, rod fíoradh;
sgeó neimhe is áigh fort i cclí;
níd-rala ar fios fírinní."



"Leabhor im láimh-si go léicc,
tearc acc fisigh a leithéid,
mádh tú-sa ar bhréicc, mór an modh,
féadfaidh tusa a fhoslacadh."



Tárraigh an líaigh an leabhor
osluiceas é gan mheabhol,
ór fa hé nach tárla ar ghaoi;
íadhas é gan iomarghaoí.



Sínidh an leabhor breac báin
don ríoghain gur ghabh ina láimh:
dá mbeith go bráth, mór an modh,
ní fhéadfadh sí a fhoslagadh.


L. 103


"Measa an fear dá ttárdais h'úidh,"
ar rí Lochlann go líon rúin;
"cuibhdhe dhuit iná rí reabhach
amhas fíochdha fuineadhach."



"Ná habuir-si sin, a rí,
ná ráidh-si bréithir co ngoí,
agus ná maslaigh mé go se
nó go bhfeasair fírinne.



Fíor gur fhóbair éccen orm
an t-amhas mór bhí fád chornn:
atú i seircc ó shin ille
ar uamhan a innise."



Tineóltar uainne gan fheall
isin mbruighin 'nar ttimcheall
Saxanaigh, Breathnaigh go mblaidh,
Frangcaigh agus Lochlannaigh.



Do gabhadh sinne go fíor
dár ttabhairt ar breith in ríogh:
breith an rígh, fa mór an modh,
báthadh óirne nó losccadh.



Do chuinghidh asccaidh Fionn fáidh
an tráth soin ar fhíor an áigh,
gan báthadh óirn, gan losccadh,
go ttuillmís ar ttuarasdal.


L. 104


Blíaghain dóibh gan fhios a ríogh
(eadh no baoi an Fhían i n-imshníomh),
go ttángatar go Dún Crot
'gur fháccsad Fionn faobhar-nocht.



Fuair Mac Lúghach san ccairrthe
oghumn ar a ttucc aithne,
Fionn a lorccaireacht a bhan
go rí Lochluinn, go hEóghan.



Teaccoid-siomh go Snámh Aighneach,
ionmhain cuire fionnailgeach:
seólaid rompa tar muir mall
go ránccatar íath Lochlonn.



Lá dá raibhe ar an bhfaithche
rí Lochlann go líon graifne,
go bhfaca chuicce an slúagh seang
ó innsibh áillne Éireand.



"Teachta dá fhios cia na sluaigh,"
ar rí Lochlann go lán-bhúaidh,
"is fiarfaigher díbh gan acht
can as a tticc a ndeóradhacht."


L. 105


"Cía na slúaigh si," ar na teachta,
"tánoicc sonn, línibh reachta,
ciodh 'má ttángador san tír
munab cead lais an aird-rícch?"



"Atáid sonna Fíana Fáil
im Gholl mac Mórna go ngráin
d'íarraidh catho, líon bhfeadhmo,
nó d'íarroidh a ttighearna."



"As é Fionn an t-amhas mór,"
ar rí Lochlonn, líon slógh,
"mo chean don Lochlonnach lonn
lena bhfuighbheadh a bhforlonn."



Éircchis Goll fa gaircce gal,
fóccrais comhlann ar Eóghan;
trí laithe dhóibh gan fhúaradh
acc iomghuin, acc iombúaladh.



Cuindghis Goll osadh catho
ar Eóghan go neart bhflatho,
go ttíosadh an Fhían isin ccath,
go tráth éircche arna mhároch.


L. 106


Téid Eóghan san ngríanán nglan
san áit a raibh in ríoghan:
"mo chion," ol sí, "a rí, rut
d'éis do chosgar san ccomhrac."



"Nír bhlais beathaidh, nír bhlais bhíadh,
nochar thimchill gáoth nó grían
áon-laoch risa scuchfadh Goll
dia ngabhadh a airm comhthrom."



Ad-bheart in ríoghan go mbladh
aitheascc iongnadh re hEóghan
"ciodh nach gabhoid airm oile
tú, a rí go rathmhoire?"



"Meisi nocha gabhoid airm,
nocha ttraoitheann mo thréun-thairm;
ní fuil acht mo chalcc gan cheass
áon-arm dá ndéntaoí m'aimhleas."



"Ná cluinidh úaid neach oile
búadha do chloidhimh neimhe,
ná tabhoir a fhios réd lá
do neoch acht duit-si is damh-sa."



Mur do thuit a thoirchim súain
ar rí Lochlann go líon slúaigh
gadais Crédh an cloidheamh thrá
go ttucc do Gholl mac Mórna.


L. 107


Tucc lé claidheamh Guill go ngráin
nó go ttorracht ina dháil,
agus do sháith, géar chuairt cham,
a ttruaill chloidhimh rí Lochlann.



Éirccheas rí Lochlann amach
im thráth éircche arna mhároch;
éirgheas Goll, ba garbh a ghoil,
seadal mháith úas an maidin.



Mar do thuic rí Lochlann láin
gan a chloidheamh féin 'na láimh,
nascaidh úadh uile do Gholl
uinge d'ór as gach puball.



Gach treas bean boí gan fhear
tarccaidh rí Lochlann ar lear,
gach treas each is gach treas bó
's gach treas gíall, ní hiomarghó.



Nocha ngéabhadh Goll úaidh soin
dá ttuccadh rí an domhoin:
ro bhean-siomh d'Eóghan a cheann
i ffíadhnuisi bhfear nÉireann.


L. 108


And soin luidhmíd Fíana Fáil
agus sgaoilmaoíd an grianán,
agus brisidh an giolla Goll
dína na nDanmarcc n-iomthrom.



Mur do fhéachsom a chéile,
sinne is maithe na Féine,
ba doilghe dhúinn nó gach dáil
a bhfúaramar d'achmhusán.



Ad-bheartsad an Fhian co ngal,
"tuccthor chuccoinn an ríoghan;
bíodh é a díol, gé mór an modh,
bádhadh uirre nó losccadh."



"Éisdidh riom-sa," bhar Goll glan:
"dhamh-sa is oineach in ríoghan;
muna millidh a céile
ro bhíadh dhamh 'na bain-chéile."



Do airccseam Lochluinn na lagh,
agus do fháccsom an ríoghan,
agus tánccamar fó bhúaidh
Fiana Éireann go mór-úaill.



Trí tonna sin tar muir múaidh
snáidhidh sisi a ndíaigh an tshlúaigh,
gor bháidh an ceathromhadh tonn,
gan luing is gan churach chorr.


L. 109


Cumann mná budh mó iná soin
tearc madh do-chonnairc ar talmhuin,
ciodh fada sin, línibh nglonn,
mar innisim dhuit, a chorr.



Ar tteacht dhúin go hÉirinn áin
adubhairt Mac Reithe ráin
ar mná féin do bheith san mBrugh
agus Aonghus dár mealladh.



Luigheam go faithche an Bhrogha
sinne ro budh maith an modha;
gabhaidh neach acc comhlonn ann
uain do Thuathaibh Dé Danann.



Ann soin ticc chuccoinn amach
Aonghas féata foruallach;
nasccaidh anacal gan ghaoi
ar mac Muirne, ar an mór-shaoí.



"Acc súd bhar mná, beiridh libh,"
do ráidh Aonghus go faoílidh:
"níor coilleadh dhíbh genas mná -
nocha ccoillfinn-sea go bráth.



As misi rucc úaibh bhar mná
(nocha cceileabh oirbh rem lá)
ar nach deárnadh sibh gan cheilt
iomarbháigh as bhur n-imbirt.


L. 110


Mé ro dhealbh an míl moighe
ar ar fhéach sibh-si uile,
go mbeith mur mná fó dhíamhair
agus sibh gá sír-íarraidh.



Rachaidh éroic dhaoibh-si ann soin
d'ór, d'arccoid agus d'ilmhaoínibh,
is rachaidh dhaoíbh tar a cceann
tionól Tuaithe Dé Danann."



"Gá hasccaidh is feárr ná ór?"
ar mac Cumhoill go lán-ghlór:
"Tuatha Dé díllsi a n-asccaidh
gan bhuin gan each tuarasdoil."



Ann soin luidhsiom go Cnóghbha
(ionmhain sluagh ághmhar órdha);
arna mhároch dhúinne dhe
go teach mór na hAlmhuine.



Rachaidh misi ar an bhfaithche
ar mo mhisge mearaighthe;
rachaidh tusa, a luirccneach lom,
isin cCurrach imeasg na ccorr."



A Chorr.




Íar sin ro éirigh Oisín cona mhuinntir agus ro
cheileabhairsead don churr, agus ba dubhach doi-
mheanmnach íad acc sgarthainn ria dhóibh, agus


L. 111


nochar lúgha léisi, óir ba tuirrseach trén-chumhth-
ach agus ba hinirt éttrén boí ina ndeaghaidh-siomh,
agus ní mór go ttairrnig lé etioll nó iomluaghoill do
dhénomh acc dul ar an cCurrach dhí.



Dála Oisín, imorra, ráinig cco Síth Ochta
Cleitigh, agus fuair Dearcc ar a chionn isin sídh iar
ndol inonn dó innte. Ro éiricch Dearcc i ccoinne
agus a ccomhdháil Oisín, agus tucc póicc dhó, agus do theann
re a ucht agus re a úrbhruinne é íaromh. Ciodh trá
acht ro éirgheadar maithe na sídhe íar soin agus ro
fháiltighsad ría gach n-áon fó leath do mhuinntir
Oisín, agus ro thoirbhir gach aonneach dhíobh póicc
dhó budhdhéin. Ro suidhiccheadh íad as a
haithle agus ro dáileadh fleadha orra ionnus gurbhó
subhach suilbhir-sholas íad.



Ro fhiarfaigh Dercc mac Eócchain d'Oisín:



"Cionnus tárla do Chaoilte dol ar amas an
Táilginn agus creideamh Críost do ghabháil chuicce,
agus cáit inar fháccoibh don chur soin é?"



Ro innis Oisín do-samh ann soin gach ar imdhigh
ar Chaoilte, dul ar amus an Táilgind agus creideamh
Críost do ghabháil, agus mur do sgarastar riú féin
acc Cuilleand ó cCúanach, agus mur do sgarsad a
mhuinntear fris acht Fionnachadh mac Floinn
amháin, agus amhuil tárla don Táilgeand é agus mur
chreid féin agus Fionnachadh dhó agus an cruth ar ar
baitseadh íad. "Accos i bhfarradh an Táilgind
do fháccbhas íad aráon," ol Oisín, "a ndeisceart
chríche hÉile."


L. 112


"Maith, ámh, 'anom," ol Dearcc, "cionnus atá
phur meanma-sa agus meanma Chaoílte ón
ccreideamh sin do ghabhabhair chuccaibh, agus
créd mur thaitneas comhlúadar na ccoirneach
ccaoín-bhríathrach sin liph?"



"Maith meanma gach fir dhínne, agus nochan
iongnadh dhúinn a bheith amhlaidh, óir ní tháinic
d'Fhíanaibh Éireann drong is deagh-chinneamhne
iná sinne, úair do thréigeamar creideamh
íodhal agus arracht agus adhradh na ndéa mbréacc, agus ro
ghabhamar chugoinn creideamh na heacclaisi agus
na Trínóide toighthe tré-phearsonaighe, agus do
baitseadh sinn a bhathais ndíadha in Dúileamh-
uin, ionnus gurab cinnte coimhdheimhin linn go
mbíam a bhfochair ar cCruthigheóra acc caitheamh
na glóire suthaine go síoruighe i bhflaitheamhnas
gan chrích gan fhoircheann; agus nochan fhacamar
ríamh," ol sé, "ó do sgar Fionn agus maithe na Féine
linn comhlúador is feárr agus darab córa grádh do
thabhairt iná an Táilgeand tabhartach, .i. Pádraig
mac Alproinn, gusna cléirchibh cráibhtheacha
coisreagtha filit ina fharradh. Agus an bhfeadair-
si," ol Oisín, "créd an t-éinní as mó chuireas
oram-sa agus ar mo charoid, ar Chaoílte, a n-éccmhais
uireasbhaidhe na Féine?"



"Nochan fheadar go deimhin," ol sé, "agus do
budh maith leam a fhios d'fhagháil úait-si."



"As é éinní as mó do chuir óirne, leith amuigh


L. 113


d'écc ar ccarod agus ar ccomhmbráthor, gan an
beccán mhareas d'iarsma agus d'fhuighleach na Féine
forníata fír-bheódha do bheith i ffarradh agus a
bhfochair aroile an ccén ro fhéadfadaoís, agus dá
bhrícch sin tánccas-sa ar do cheann-sa agus ar ceann
an mhéide do mhair nó do lean tú d'iarsma na
Féine an lá ro sgaramor ré-roile i cCuilleand ó
cCúanach, dar mbreith do láthair Phádraig príomh-
fhádha agus Chaoilte mheic Rónáin, dochum gan
eadarsgaradh dhúinn ré-roile nó go n-eadarsgaradh
an bás sinn."



"Mo chean dot thuras," ol Dearcc, "agus gibé ní
éireóchas dúinne do mhaith nó d'olc dá tháobh,
racham leat-sa don dul sa do láthair Phádraig agus
Chaoilte."



"Beir búaidh agus beannachtoin, a charo agus a
chomhmbráthoir, a Dheircc," ol Oisín, "agus as
maith fuaras gan mo dhóigh do mheath oram-sa
agus gan mh'aisdear do léiccin a n-aisccidh, agus ní
mó go madh fearr liom-sa bás iná beatha acht
muna tticctheá-sa don toiscc si liom, do bhrícch
gor aithin an Táilgeand díom do bhreith ar
'amus."



Ro bhádor trí laithe agus teóra hoídhche isin sídh
íaromh gan uireasbhaidh bídh nó búan-leanna
orra.



Íar soin ro cheileabhoirsad d'áos na sídhe. Ro
ghluaseadar rompa, agus nochan aithristear sgéalaigh-
acht orra nó go rángadar as gach sídh ina-roile ina


L. 114


mbádor na deigh-fhir sin agus gur thinóilsad íad nó
go rabhadar a n-aon-mhaighin. Ro ghluaiseadar
as a haithle, agus tánccatar rompa tar aithghairid
gacha conaire, go ránccatar go crích ccaomh-
tharrthaigh glain-Éle, mur a raibhe Pádraig gá
n-iornaidhe.



Cidh fil ann trá acht iar ttoigheacht d'Oisín ar
amus a' naoímh-chléirigh ro léicc ar a ghlúinibh
a ffíadhnuisi a' naoímh-chléirigh é, agus ro chrom a
cheann ina ucht agus ro íarr beannachtoin fair.
Fuair-siomh sin go hésccaidh.



"'Anom, a Oisín," ol Pádraig, "an é súd Dearg
mac Eóghain cona mhuintir?"



"Ass deimhin gurab é," ol Oisín.



Ro éirigh Pádraig ann sin agus ro fhuráil uisge do
bheannughadh gan mhoille. Ro labhoir re Dearcc
as a haithle agus is eadh ro ráidh:



"Maith," ol sé, "is mithigh dhuit-si agus dot
mhuinntir creideamh íodhal agus arracht do thréiccin
agus creideamh an Choimdhe chumhachtaigh do
leanmhuin budhdheasda, ór as é do chúm neamh
cona ainglibh, talomh cona thorrthaibh, an
fhairrge cona hilmhílibh, agus ifreann cona phíanaibh,
agus an cineadh dáonda as é do chruthaigh co comhlán,
agus is é ro chuir 'Áon-Mhac féin dá bhfuasccladh ó
ifreann íar ttuitim isin loing-bhriseadh dhóibh,
ionnus gur fhulaing an Mac Naomhtha sin, .i.
Aon-Mhac Dé Athair agus an Dara Pearsa don Trínóid,
bás croiche do thabhairt dó féin imaille toil an


L. 115


Athar uile-chomhachtaigh tar ar ccinn-ne an
cineadh dáonda go huilidhi. Accus ar an ádhbhar
sin iarruim-si ort-sa baitseadh do ghabháil i
n-ainm an Athar agus an Mhic agus an Spiorad Naomh
dot fhúasccladh féin ó chuibhreach an díabhail."



Ro aontaigh Dearcc cona mhuinntir a mbait-
seadh ar an láthoir sin. Ro baitseadh íad as a
haithle gan mhoille, agus ro shuidhsead i bhfochair
na ccléireach íaromh, agus budh mór an buidheachas
rucc Pádraig re hOisín im Dhearcc cona mhuinntir
do thabhairt chuicce don chur soin.



Ro fhiarfaigh Oisín do Phádruic ann soin cia
hionadh i ndeachaidh Caoílte nó Fionnchadh nó
Cascorach mhac Caoinchinne uaidh, agus gá lá do
sgarsad ris.



"An lá do-chúadhais ar cuairt go Sídh cCleitigh,"
ol eisiomh, "do íarr Caoílte cead oram-sa an lá
soin dol go Sídh Ilbhric Easa Rúaidh, agus tuccos
an cead sin dó, agus do chongbhas Fionnchadh úaidh
im fhochoir budhdhéin."



"Cadhe Fionnchadh anosa?" ol Oisín.



"Do-chuaidh do dhearcadh na ccnoc agus na
ccéideadh inar ccomhfhoccus dús an bhfaicfeadh
thusa ná Caoilte ag toigheacht dár saighidh-ne,"
ol Pádraig.



Nochar chían dóibh for na hiomráitibh sin an
tan at-chonncatar Fionnchadh chuca, agus íar ttoigh-
eacht do láthair dhó ro dhearcoistar ar Oisín agus ar


L. 116


Dhearcc cona muinntir, agus beirios ar Oisín agus tuccas
teóra pócca dhó, agus do-ghní mur an ccéadna re
Dearcc, agus tucc pócc do gach aon dia mhuinntir, agus ro
theann rena ucht gach aoin díbh íar ttabhairt
póicce dhó. Ro shuidh ar leath-láimh Dheircc
as a haithle.



Dála Chaoílte imorra at-fíadhar sonna: iar n-
imtheacht d'Oisín go Sídh cCleitigh ro ghabh
dubha agus dobrón é ina dheóigh, agus tánccadar a
shein-chneadha othrais ris. Ro labhoir re Pádraig
íaromh agus is eadh ro ráidh:



"An bhfeadoir-si, a fhíreóin," ol sé, "an
treaghod threaghdas misi go minic?"



"Nochan fheadar, ámh," ol sé, "agus innis
budhdhéin dhamh í."



"Sleagh neimhe ro bhaoi acc Maine mac rícch
Lochlann a ccath Beinde hÉadair thoir, agus ní
théarnó duine dár guineadh ríamh gan écc tréna
neimh nó gan bith-ainimh, agus ro bháttar cáocca
laoch láidir lán-chalma acc comhrac friom in
lá soin a ccath Béinde hÉdoir, agus ro bhádhus-sa
iccá bhfreasdal-siomh uile, agus ro dhíobhraicc Maine
mé gan fhios damh, agus níor fheadar-sa cáit as ar
díobhroicceadh mé, acht ad-chuadhlas-sa foth-
ramh agus fidhrén na sleighe dom ionnsoicchidh.
Tóccbhaim-si an sgíath súas do dhídean mo
chinn agus mo chuirp, agus gidh eadh nír dhídin sin
mé, óir do-rala an tshleagh im thairbh-fhéith agus do


L. 117


fháccuibh páirt dá neimh agus dá hacais, agus moth-
aighim a neimh fós agus ní fhédoim gan dul d'íarraidh
leighis."



"Cia háit ina raghair?" ol Pádraig.



"Go hAodh Minbhreac Eassa Ruaidh," ol
Caoilte, "óir as aigeá mhnaoí tá deoch íce agus leighis
Thuath Dé Danann, ór as aice atá in méid mharas
do Fhleidh Ghaibhninn."



"Más eadh," ol Pádraig, "fáccoibh Fionnchadh
accom-sa nó go bhfillir féin arís."



Do-rónadh samhlaidh, agus ro éirigh Caoílte agus
Cascorach mac Coinchinne agus ro thiomainsead
cealeabhradh do Phádruic, d'Fhionnchadh agus dona
cléirchibh ar-cheano, agus lodor rompa iaromh go
ránccatar Sídh Dumha i Luighne Connacht, agus
mur ránccatar ar faithche an tshíodha ad-chonn-
catar an t-áon-mhacaomh ina ccomhfhoccas; brat
uaine uime, dealcc óir isin mbrat, mionn óir
úasa. Ticc Coscarach mac Conchinne chuicce agus
do-bheir póicc dhó.



"Caidhe ádhbhar bhur ccaradraidh?" ol
Caoílte.



"Ionann máthair dhúinn araén," ol an
macaoimh.



"Caidhe h'ainm-si?" ol Caoilte.



"Fear Maisi mac Eóghabhail mh'ainm-si," ol eisiomh.



"Nocha leas-ainm sin," ol Caoilte, "úair as
lór do mhaisighe agus h'áilne."


L. 118


"Teaccoidh inonn isin sídh," ol an macaomh.



"Ní raghom," ol Caoílte, "co ndearnair-si
uirfhuigheall romhann."



Téid Fear Mhaisi isin sídh iaromh agus ro innis
d'fhior an tshíodha, .i. d'Fhearghos fhoilt-fhionn
mac an Dághdha, Caoílte mac Rónáin do bheith
ar faithche an bhaile imuich.



"Éirghidh-si ar a cheann," ol Fearghus, "agus
tabhoir dár n-ionnsoigh-ne é, óir ní chualomor a
ccoimhré ris mac ócclaoích budh feárr inás."



Luidh-seamh and sin ar ceann Chaoilte, agus rucc
lais isin sídh, agus ro fáilticcheadh rompa íar ndul
asteach dhóibh, agus ro freasdladh íad as a haithle.



"Maith, a charo, a Chaoilte," ol Fearghos arna
mhárach, "atá dornchla cloidhimh accom-sa agus
budh maith leam thusa dá chórucchadh dhamh."



"Faiceam é," ol Caoilte.



Tuccadh chuicce íaromh an dornchla agus an
cloidheamh, agus do chóirigh íar ccén mháir.



"An bhfeadair-si, a Chaoilte," ol Fearghus,
"créad ádhbhar córaighthe an chloidhimh si
accoinne?"



"Ní fheadair imorra," ol Caoilte.



"Ócclaoch atá i mbithbheanas re Tuatha éD
Danann ccén mháir, Garbh mac Tairbh rí tuaiscirt
Lochlann, agus Eólas a bhráthoir: teaccoid gach
treas bliadhoin dár nd-ionnsoigh agus cabhlach mór
leó agus ban-ghaisgeadhach amhra maraon riú, .i. Bé
Dhreaghoin inghean Iorúaidh, agus acc ban-ndraoí ro


L. 119


hoileadh í ionnus nach mboí díamhuir uirre ar
sídh dá bhfuil acc Tuathaibh Dé Danann, agus aní
nach rocheann lé do bhreith rena droígheacht
eisdibh do shéaduibh, do mhaoínibh, agus d'ionnmha-
suibh, do-bheir sí sluagh agus sochraide lé ar lár
gacha sídhe dhíobh dá bhreith leó d'áis nó d'éiccen,
ionnus go n-airccid agus co n-ionraid sinn go hiom-
lán; agus déana-sa an tshleagh fil accom-sa d'ionns-
madh fá chomhuir na ban-ghaisgeadhaighe sin."



Ro innsmastair Caoilte an sleicch, agus ro mhuídh
a lán-chraoí íarna hionnsmuibh. Tuccadh seacht
ccroinn chuicce as a haithle, agus nochar fhan aon-
chrann díobh as a haithle gan bhriseadh. Tuccadh
an t-ochtmhadh crann chuicce, agus ro ionnsmastar go
daingean díth-fhoghlaidhi é.



"Acc so," ol Fearcchas, "fogha fo-ghabhlánach
dhuit, agus déana a ionnsmadh a ccoinne an treas
neich dhíobh súd."



Ro ionnsmastair-siomh an fhogha go fothaigh-
theach fíor-dhainccean ann soin agus tucc i lláimh
Fhearghosa é.



"Mo chean," ol Fearghas, "don fhoirinn dhínn
an triúr fá chomhair ar hionnsmadh na hairm si."



"Créd anmonna na n-arm soin," ol Caoilte, "a
Fhearghuis?"



"Cosgar ainm an chloidhimh," ol Fearghas,
"Bean Bhodhbha in tshleagh, agus Deoch Bháis an
foccha."


L. 120


"Ro bhaoi a ttairrngire dhamh-sa," ol Caoílte,
"éacht do dhénomh dá madh buidheach fir Éireann
agus Alban, agus Tuatha Dé Danann go háiridhe, agus ní
dheárnas as m'óige é, agus ní fheador nach anos fil a
ndán damh a dhénomh."



"Cía thuitius don chloidhoimh?" ol Casgaroch.



"An bhan-ghaisgeadhach," ol Fearghas.



"Cia thuitius don fhoccha?" ol Fear Maisi.



"Leith-rí Lochlann," ol Fearghas.



"Cia thuitfeas don tshleicch?" ol Caoilte.



"Garbh mac Tairbh, rí Lochlann," ol Fearghas.



Ro bhádar trí laithe agus teóra hoídhche isin sídh
iar soin acc ól agus acc aoíbhneas. Ceileabhraid do
lucht in tshíodha as a haithle, agus tuccsad na hairm
sin úatha, agus tánoicc Fear Maisi leó. Lodsadar
rompa go riachtadar go hEas na nÉun ris a ráitear
Eas Dara in ionbhaidh si, agus eas-sidhe go hEas
Rúaidh mhic Bhadhoirn agus d'Árd na Macraidhe,
.i. dú i ndéandaoís macradh Thuatha Dé Danann
a n-iomáin i ndoras sídhe Easa Rúaidh.



Tánoicc Bé Bhionn inghean Ealcmhair imach
'na ccoinde agus trí cháocca inghean ina urthimcheall.
Ticc Ilbhreac Easa Rúaidh, Aodh Minbhreac
íaromh, agus trí cháocca laoch ina chomhaideacht, agus
ro fhearsad fír-chaoín bhfáilte re cCaoílte agus ro
thoirbhearsad pócca dile dílsi do Chascorach agus
d'Fhior Mhaisi.


L. 121


"Olc an caradradh dhaoibh, a ócca," ol Ilbhreac,
"gan toidheacht dár bhfurtacht-ne in tan do
bheith móir-éiccin óirn."



"Ní le heangnomh do hoileadh mé," ol
Cascorach, "acht re ceól agus re hoirfide, agus dá madh
éiccen ealadhna do bhiadh oirbh-si do-dhénoinn-si
mh'ealadha féin daoíbh."



"Ní le gaiscceadh atámaoid-ne anallanna," ol
Fear Mhaisi, "agus gidh eadh do-bhéaram congnamh
daoíbh-si don chur sa."



Ro innis Caoilte a thoisg do Bhé Bhinn agus do
lucht an tshíodha ar-cheano.



"Do-dhéntar do leigheas go maith isin sídh si,"
ol íad-somh.



Teaccoid isin sídh íaromh agus bádor acc áineas
ionnta an oídhche sin. Tánoicc neach a ndoras
in bhaile arna mhároch, agus do ráidh an cúan lán do
longaibh agus do leathon-bhárcoibh agus go ttáinic
sluagh ádhbhal-mhór eisdibh.



"Maith, 'anom, a Chaoilte," ol Ilbhreac, "créd
is iondénta dhúinne riú súd?"



"Osadh catha d'iarraidh orra," ol Caoilte, "go
ttinóilaid Tuatha Dé Danann a n-aoin-ionadh."



Do-rónadh samhlaidh. Ro thionóilsead Tuatha
Dé Danann an lá soin ionnus go rabhdar dhá chath
dhéag ar faithche in bhrogha sin Ilbhric. Do-
ríacht teachta rí Lochlann chuca ann sin d'íarraidh
catho nó braighdeadh orra.



"Cia dhíobh súd do-dhénom, a Chaoilte?" ol
iad-somh.


L. 122


"Ní thiobhram braighde dhóibh," ol Caoilte,
"nó go bhfaiceam íad."



Lodsad Tuatha Dé Danann rompa íaromh co
ránccadar an tráicch ar a mbádar na hallmhuraigh.



"An bhfuil carbat cuicht-ghlinne ag aoinneach
dhíbh?" ol Caoílte. "Agus má tá tuccadh
dhamh-sa é."



"Atá agom-sa," ar Miodhar mór-ghlonnach
mac in Dághdha.



Tuccadh ann sin an carbad co n-eachradhaibh
innillte n-aird-érmachadh faoí accá iomfhulong
dochum Caoilte. Téid isin ccarbad íaromh agus
tuccadh a shleagh, .i. Bean Bhodhbha, dhó, agus ro
ionnsoigh tiugh trom-shluaigh na n-allmhurach.



Ó 't-chonncadar na hallmhuraigh sin do chóirigh-
eadar amhdhaphach do sgíathuibh doi-sgaoílte
dealccnacha ina n-uirthimcheall. Iar soin tucc-
somh a chlé risin ccarbad, agus tucc-samh a mhéur
gaisccidh a súaineamh na sleighe, agus tucc ród
n-urchoir dhi ar amos rícch Lochlann gosan
airm a bhfacaidh é, ionnus go ttárla go dithreach
bith-urláimh dá ionnsoigh í, gor bhris a dhruim
ar dhó ann, go bhfuair bás a ccéadóir. Ruccsad a
mhuinntir a chorp leó ina luing íaromh, agus ro
ráidhsead:



"As mór an gníomh do-roighne in t-aon-nduine,"
ol síad, ".i. an t-aonneach dob fheárr isin domhan


L. 123


i n-áon-aimsir ris féin do mharbhadh a n-asccidh
ameasg a mhuinntire."



Conadh dhe goirthear Tráigh an Ghairbh don
tráicch sin ó shin gos aniodh. Ro ráidh an
bhain-ghaisgeadhach riú as a haithle:



"Éirghidh-si in bhar longaibh," ol sí, "agus anfad-
sa sonn re haighthibh Tuath Dé Danann co ndíogh-
lar mo thríath agus mo thighearna orra."



"An bhfuil sgíath chadod chomhdhainccean
agoibh damh-sa, a Thúatha Dé Danann?" ol
Coscaroch.



"Atá accom-sa," ol Donn mac Miodhair.



Tuccadh an sgíath do Chascorach and sin agus do
chuir ar a chliú, agus ro chuir a chloidheamh ina
dheas-láimh, agus ráinic gusin mbain-ghaisgeadh-
ach samhlaidh.



"Maith a mhacáin," ol sí, "can duit agus créad as
turas duit?"



"Do chomhrac riot-sa, agus ní fhoillseóchad duit
acht sin namá," ol Cascorach.



"Gos aniogh," ol an bhan-ghaisgidheach
"nír chomhruic duine ná dís riom-sa 'na n-aonar
ó do ghabhas grádho gaisgidh, agus ba mionca ro
chuireas omhan ar churadhaibh agus ar chéaduibh
iná ro chuirsead oram, agus as urasa aithne ort-sa,
a mhacaoímh," ol sí, "nach bhfuarois ionadh isin
domhan an tráth tánccois do chomhrac riom-sa."


L. 124


Íar sin do chomhraicsead gan fhuireach go
fuileach fóbartach fíor-neimhneach, ionnus go ttucc
cách dhíobh tríocha troim-chréacht for aroile.
Tánoicc-siomh a ttimcheall na ban-ghaisgeadh-
aighe go tric tinneasnadhach, go bhfúair baoghal
béime uirre tar bhile an sgéith, gur bhuaileastar í,
gur chuir a ceann dá cúl-mhéighe, agus ro léicc do
shaighidh Tuath Dé Danann é agus an ceann lais.
Tuccsad na hallmhuraigh ann soin gáirthe groid-
mheara ós áird aggá caoineadh, agus ro ráidhsead
gurph adhbhal in gníomh d'aoin-fhear isin dom-
han in deigh-bhean sin do mharbhadh i ccomh-
throm comhraic.



Ro ríoghsad na hallmhuraigh ann sin Eólus
mac rí Lochlann, agus teaccoid ina thimcheall agus ro
fhóccairsad cath ar Thuatha Dé Danann.



Ro ráidhsead-somh go ttiobhradhdaoís in cath
sin dóibh-siomh, agus gurbh usaide dhóibh a thabhairt
an rí agus an bhain-ghaisgeadhach do thuiteam leó.
Ro éirigh Fear Maisi mac Eóghabhail ann soin
roimh aoinneach don tshlúagh agus ro ghabh a
fhoccha foghabhlánach ina láimh; agus as uime
adearthaoi fogha foghabhlánach ris, .i. cúic gabhla
ro bhaoi ar gach taobh dhe agus corrán ar gach taoibh
dhíobh-sén. Do theasccadh fionna a n-aghaidh rotha.



"A Dhé nimhe," ol sé, "gan fios crotha Eóluis
accom."



"Ócclaoch as áillne d'fhearuibh an domhain é,"
ar fear boí ina fharradh-siomh.


L. 125


"Más aithne dhuit-si é," ol Fear Maisi, "ná
héirigh a n-imchéine úaim-si nó go múinir dhamh é."



Ro ghabh Fear Maisi a earradh comhroic agus
comhloinn uime ann soin, agus ro ghabh a arm
gaisccidh ina láimh, agus tánoicc tar sgeimheal-
bhord na luinge amach. Do labhoir in fear
forchoimhéada le Fear Maisi ann sin agus is eadh ro
ráidh:



"Acc súd," ol sé, "an fear d'íarrais oram do
mhúnadh dhuit, agus a mhionn óir imá cheann, agus an
sgíath croi-dhearcc fair, agus an t-éadach iobh-
laidhe uime."



Agus tucc-samh ann sin a chos chlé re taca na
talmhan, agus tucc a mhéur a suaineamh na sleighi, agus
tucc urchor ar Eólus de, go ttárla i mbile in
sgéith, go ráinic thríd, gur bhris a dhruim ar dhó
ann, gur chuir a chroidhe 'na dhuibh-lia fola tar
a bhéul amach seachtar.



Dála na n-allmhurach ó 't-chonncadar an
triúr sin ar ttuitim adubhradar nach ttiobhradaoís
cath do Thuathaibh Dé Danann. Ro cinneadh an
chomhairle sin leó agus ro iompaighsead dá ttír
íaromh.



Ro ráidh Caoílte ann sin re Bé Bhinn agus re háos
an tshíodha a leigheas go lán-athlomh.



"Do-dhéantar léine lán-mhaiseach sho-chrotha
liom-sa dhuit," ol an inghean, "ionnus go rabhair
fó lúth agus lán-mhaisi agoinne agus go raibhe fíor-
mhacánntacht Thuath Dé Danann agad réd ré."


L. 126


"Trúagh sin," ol Caoílte, "a rádh co ngébhuin-
si dealbh dhraoidheachta oram agus an dealbh tucc
mo Chruithoightheór dhamh do thréiccen agus in iris
chreidimh agus chrábhaidh do ghabhas ón Táilgeand
do dhiúltadh, creideamh Oisín agus an Táilginn do
léiccin díom mur an ccéadna agus an bheatha shuthain
is cinnte leam d'fhaccháil fá dheóigh. Ar a
bhfuil d'ór isin mbioth," ol sé, "ní thréiccfinn-si
na neithe sin."



"Dar ar ccubhuis-ne," ol íad-somh, "is fíor-
theist tuccadh ort-sa, a sheanóir, agus as briathra fíor-
laoich do bhríathra, agus tabhair cáirde dhúinn fád
leigheas."



"Créd fochain na cáirde?" ol Caoílte.



"Trí fíaich teaccoid ittuaidh gacha ndíreach
gacha bliadhno, agus an uair bhíd macraidhe an
tshíodha acc iomáin tóirnid orra agus beirid fear gacha
fíaich leó dhíbh, agus adhaigh Shamhna do
shunnradh teaccoid chuccoinn," ol Ilbhreac, "agus as
geis dúinn gan iomáin do bheith agár macraidh an
oídhche sin."



"Ádhbhar éccen-dála sin," ol Caoilte.



Ro chaithsead an aimsir isin sídh amhlaidh sin
acc ól agus ag aoibhneas co ceann thrí laithe agus teóra
n-oídhche. Ro éirgheadar amach ar an bhfaithche,
deireadh laoi oidhche Shamhna, a bhfiadhnuisi na
hiomána. Tuccadh fithcheall gacha ceathroir
dhíobh, brannamh gacha cúiccir, táiphlis gacha


L. 127


seisir, tiompán gacha fiche, cruit gacha céad, agus
cuislionnadh féighe fír-bhinne gacha naonbhair.



Níorbh fhada dhóibh amhlaidh go ríachtadar
na trí fíaich sin a bhfudhomhain an locha nó in
mhara attúaidh dá saighidh go sáir-dhíochra. Ro
thoirnsead ar an bhfaithche, amhail fa béus dóibh,
agus do léigsead teóra sgread duaibhseacha doilghe
eisdibh, agus dá madh gnáth mairbh do thóccbháil a
talmhuin nó carrge do chomhsgoltadh do-
dhéandaoís na sgreada sin gach ní dhíobh, ionnus
gur mheascc-bhuaidhirsead an sluagh uile.



Ro thóccuibh Caschorach fear d'fhearuibh na
fithchille ann soin, agus tucc urchor d'ionnsoighe
eóin díobh-siomh de, go ttárla go fíartharsna ina
bhrághaid é, go ros marbhadh gan mhoille é. Ro
dhiúbhraicc Caoílte agus Fear Maisi an dá éun
oile a ccoimhnéinfheacht, ionnus gur mharbhsad
íad mur an céna.



"Déantar mo leigheas budhdheasda," ol Caoilte.



"An ffeadoir-si, 'anom, a Chaoílte," ol Ilbhreac,
"glíffid mhóra do leanmhuin Tuath Dé Danann
anos re hathaidh fhoda?"



"Gá glifitt sin?" ol Caoílte.



"Trí mic rí Uladh attúaidh, .i. Conn, Conghal,
agus Colla a n-anmanna, ticc a d'iarraidh éroic a
sean-athar, .i. Eachdhach Muindeircc, gacha
bliadhna ar Thuathaibh Dé Danann, ór as íad ro
mharbh é i ccath Tráccha Baile ittúaidh, agus ní
ghabhoitt éiroic oile úainn acht comhrac trír fá


L. 128


seacha, gacha bliadhna, gach síodha a nÉirinn, agus ní
comhthrom in comhrac, óir tuitid ar muinntir-ne
agus téarnóid-siomh gan fuiliughadh gan fordhearrgadh
orra; agus is dúinne roicheas comhrac riú a mblíadhna,
agus is é áit i mbíd d'éis ar bhfoghlai-ne do dhénomh
i mBeannoibh Boirche a ccóicceadh Uladh."



"Anfam-ne riú-san gan leigheas," ol Caoilte.



As í sin úair agus aimsir ro labhuir mac dhíobh-
siomh risin días oile, agus is eadh ro ráidh:



"Cia sídh ionnsachaim-ne i mblíadhno?"
ol sé.



"Sídh Ilbhreic Easa Ruaidh," ol eisiomh.



"Atá óccláoch do mhuinntir Fhinn mheic
Cumhuill isin sídh sin," ol eisiomh, .i. Caoilte
mac Rónáin, agus dá ócclaoch mhaithe aicce ina
fharradh, agus is iomghabhtha in t-ionadh a mbíad
dhóibh."



"Adérdaoís Tuatha Dé Danann," ol an días
oile, "dá n-iomghabhmaoís-ne sídh Ilbhric don
chur sa gorab ar omhan Chaoílte agus a dheisi óccláoch
do sheachónmís í, agus ní bhíaidh sin acu-samh re
a rádh ór rachmoine dá saighidh."



Bádor in oídhche sin acc daingniughadh a
n-arm agus a n-iolfháobhar, agus do-ríachtador rompa ara
bhároch, agus ní haithristear a n-imtheachta go
rángadar go hEas Rúaidh mhic Bhadhoirn.
Teaccoid lucht in tshíodha amach ina ccoinne agus
ina ccomhdháil, agus Caoílte agus a dhías ócclaoch ina
pharradh.


L. 129


"An íad súd clann rí Uladh?" ol Caoilte.



"As deimhin gurab íad," ol Ilbhreac.



"Créad agarthaoi ar Thuathaibh Dé Danann,
a chlann rí Uladh?" ol Caoilte.



"Éraic ar sean-athor ro mharbhsad Tuatha Dé
Danann," ol íad-somh.



"Gá fad atáthaoi gá haccra?" ol Caoilte.



"Céad bliadhoin gus aniodh," ol iad-somh.



"Nár mharbhamhair triar do Thuathaibh Dé
Danann gacha bliadhno don chéad sin?" ol Caoilte.



"Is deimhin gur mharbhamar," ol íad-somh.



"Más eadh," ol Caoilte, "do dhíoghlabhair fó
thrí go sár-mhaith bhar sean-athoir for Tuatha
Dé Danann, agus as accoibh atá in éccóir budhdheasda
madh iaronn sibh comhrac ar Thuathaibh Dé
Danann, agus tabhroitt éroic óir agus airccid daoíbh, agus
ná híarraidh a haithearrach d'éroicc orra."



"Do-bhéroim-ne," ol Ilbhreac, "fiche uinge
d'ór agus in céadna d'airccid dóibh-siomh ó gach
sídh i nÉirinn d'éroicc ina sean-athoir."



"Gébhuim-ne sin," ol íad-somh.



Tuccadh sin dóibh-siomh gan mhoille, agus ro
cheangal Caoilte síthcháin eatorra féín agus Tuatha
Dé Danann ann sin. Ro cheileabhairsead dóibh
as a haithle, agus bádor buidheach do Chaoilte leath
ar leath.



"Déntar mo leigheas go lán-athlomh," ol
Caoílte, "agus ná cuirthear cáirde oram, óir is mithigh
dhamh imtheacht a síodhuibh."


L. 130


"Cáit a bhfuil Bé Bheann inghean Ealcmhair
in Bhrogha?" ol Ilbhreac.



"Atú sonn" ol an inghean.



"Beir Caoílte lat a ccúil-teach na n-arm, agus
déntar a leigheas agus a leasughadh go lán-mhaith
lat; dénaidh Cascorach ceól agus airfide dhó, agus bíodh
Fear Maisi gá fhreasdal agus gá fhrítheálamh."



Tánoicc Bé Bhionn i tteach na n-arm agus a dá
mhac, agus do-roighneadh leaba luchoir leighis lé ann soin
do Chaoilte. Tuccadh sítheal bhán-óir chuicce
gona lán d'fhíor-uiscce fhionn-fhuar innte. Do
ghabh lathamór gloinidhe íaromh, agus a lán do
losaibh íce ann, agus ro mhionaigh íad ar an uisge.
Tucc an sítheal a láimh Chaoilte íaromh agus ro
ráidh ris;



"Iph dicch as an síthil," ol sí.



Do-ghní-siomh samhlaidh. Ro sgeitheasdor
sgeithrigh úaine íarna hól, agus ro fhiarfaigh don
inghin íaromh:



"Créad fochoin na sgeathroighe sin?"



"Gaí cró na n-eas, na n-abhonn, na n-inbhear,
agus na sealcc moch-mhaidneach do-nítheá is fochoin
dí," ol an inghean, "agus ibh digh oile."



Do-roighní amhlaidh. Ro sgeith cro-bhuinne
fola rúaidhe 'na dheóigh. Ro fhiarfaigh an
ccéadna don inghin.



"Cro-bhuinne na sleagh agus na bhfaobhar tuccadh


L. 131


ort i ccathoibh agus a ccomhluinnibh is fochain dí
so," ol an inghean, "agus ibh dicch oile."



Do-ghní-siomh samhlaidh. Ro sgeith sgeath-
raigh ccíor-dhubh agus ro fhiarfaigh an ccéadna don
inghin.



"Goí cró cumhadh do choiccleadh agus do chomhdh-
altadh agus do thicchearna is fochain dí so go
fírinneach," ol in inghean, "agus ibh dicch n-aile,"
ol sí.



Do-ghní samhlaidh, agus do sgeith sgeathraigh
mbuidhe 'na dhiaidh.



"Coimhéad agus fuilriocht neimhe na ngaoi ccró
ro bhádor ionnad anallana is fochain dí so," ol
in inghean, "agus ibh anois an mbeicc-dhigh fil isin
tshíthil."



"Leascc leam sin," ol Caoilte, "uair ní bhfúaras
a ccath nó i ccomhlonn ríamh doilgheas budh
mó leam ná a hól, agus gidh eadh íobhad í."



Agus do sgeith sgeithrigh co n-ilradh gacha
datha innte 'na dhíaigh.



"Cumasg gacha reatho ro-neirtmhara agus gach
eangnamha dá ndeárnais i n-aghaidh chéideadh,
chnoc, agus charrog so," ol in inghean, "agus an dath
fola fil ar a húachtor croi-linnte fola do chuirp agus
do cholanna fil ann, agus as é as foixe do shláinte."



Tucc íar sin boicc-lionn leamhlachta dhó.
Íar sin táinig brígh agus borrfadh, neart agus níadhachas
ann. Ticc in inghean ar chuairt chuicce agus ro
dhearcostar fair agus ro ráidh:


L. 132


"Anndar leam, a charo," ol sí, "fuarais
faoíseamh agus fóirghin."



"Is deimhin go bhfúaros," ol eisiomh.



Ro éirigh Caoilte and soin agus ro bhaoi acc ceileabh-
radh dhóibh-siomh agus acc breith buidheachuis a
leighis riú, agus ro bhádor-somh accá thoirmeascc im
scairthain riú agus acc iarraidh air moill do dhénomh
aca. Ro ráidh-siomh go raibhe comhdháil bhfear
nÉireann i tTeamhraigh a ccionn aimsire
aithghiorra, agus nár fhéad féin gan a bheith ann, agus
gurbh imchían lais i pheith i nfhéaccmhaís Pádraig
agus Oísín.



Ro ghlúais Caoilte agus Caschorach rompa, agus ro
gheall Fear Maisi a lleanmhain go Teamhraigh
i n-aimsir na feisi do dhénomh. Ro leansad
lucht na síodha íad go Cnoc na Núall, conadh ann
ro thóccabhsad núalla móra ós áird acc dealughadh
do Chaoilte riú, conadh Cnoc na Núall a ainm
ó shin gus aniogh. Tánccatar rompa go hEas
Crónáin, agus Eas na Fionghoile fa hainm dhó an
uair sin, agus as ris adeirthear Eas Crónáin mheic in
Bhailbh aniogh.



Ro fhíarfaigh Caschorach do Chaoilte ann sin:



"Créd 'má ttuccadh Eas na Fionghaile for in
eas sin?"



"Móirsheisir do chloinn én-athar bádor ann,"
ol Caoilte, "agus tárla imreasan eatorra um in eas
gur mharbhsad féin. Conadh dhe atá Eas na


L. 133


Fionghaile dá ghairm, agus ro mhair a n-athair dia
n-éis, .i. Crónáin mac in Bhailbh, agus do-ghníodh
cumhaidh agus comhthuirsi do ghréas acc caoíneadh
a chloinne, agus ro bhris a chroidhe ina chliabh
adhoigh n-áon acc an eas so dia ccomhaidh, go
bhfúair bás go bith-urlaimh. Agus de sin
goirthear (nó ráitear) Eas Crónáin ris."



Ro ghluaisead rompa iar sin co ránccador
Slíabh Lugha i cCúil Radhorc dá ngoirthear Cúil
ó bhFinn isin tan so, agus assidhe co Carn na Fion-
ghaile ris a ráitear Dumha na cCon in ionbhaidh
si, agus ar rochtuin dóibh gusin ionadh nó in ccarn ad-
chonncadar náonbhar do mhnáibh mong-bhuidhe
mín-áillne ina suidhe ann ar a ccionn agus ríoghan
chaomh-chruthach chnis-gheal eatorra. Ro éirigh
in óicc-ríoghan ina seasomh íar bhfaixin Caoilte
dhi agus tucc pócc dhó.



"Cia thusa, a inghean?" ol Caoílte.



"Eachna inghean rí Connacht misi," ol sí, "agus
ro aithnigheas tusa ar do thuarasgbháil, agus as ro-
mhaith liom t'fhaixin go bhfaghthar fios agus fíor-
eólus uaid."



Ad-chonnairc Caoilte ann soin trí dúin ina
chomhfhoccus dó agus nochar aithin íad.



"Cia lais a ndearnadh na dúin si inar ccomh-
fhoccus?" ol Caoilte.



"Liom-sa do-rónadh íad," ol in inghean.



"Is saothar deagh-mhná íad-somh," ol Caoilte.


L. 134


"Cía in cruitire sin it fhochair, a Chaoilte?"
ol in inghean.



"Caschorach mac Caoínchinne súd," ol Caoilte,
".i. mac ollamhan Tuath Dé Danann."



"Maith a dhealbh," ol in inghean, "gibé mur
atá a oirfide inás. Gabh do thiompán, a oirfidigh,"
ol in inghin.



Ro ghabh-somh a thiompán íaromh agus ro bhaoi
accá sheinm ccén máir. Tucc in inghean dhá
fhalaigh óir baoí ina lámhaibh dhó:



"Ad-raé buaidh agus beannachtain, a inghion," ol
Caschorach, "ní riccim-si íad so a leas, agus ó nach
riccim ní bheanfad dhíot-sa íad dochum a
ttabharta do neoch oile."



Ro éirgheadar ann soin, agus teaccoidh isin dún
fa foixe dhóibh, agus ro suidhigheadh go huasol
onórach íad íar ndol asteach dhóibh. Ro éirigh
Éttrom mac Lughoir, oide na hinghine, agus do fhear
fíor-chaoímh bhfáilte friú-somh. Ro dáileadh
fleadh forra, agus ro bhádar athaidh fhoda acc ól agus
aoibhneas as a haithle.



"Maith, 'anom, a Chaoilte," ol in rí, "créd 'má
ttugthar Cárn na Fionghaile ar an ccárn sa amuich
agus Dumha na gCon ar an dumha fil ina fhochair?"



"Lámh Lúath, mac Cumaisg Dheabhtha, meic
Dhéanta Comhluinn, do lucht in tíri si féin," ol
Caoilte, "agus an comhrac nó an t-éiccean ticceadh
go Corbmac mac Airt nó go Cairbre Lifeachair as


L. 135


eisiomh agus a athoir agus a shean-athoir do dhiongphadh
é. Agus boí ócclaoch a nDuibh-fhiodh i Slíabh
Gúaire ris a ráitear Sliabh Chairbre iniogh, Borbchú
mac Trénlámhaigh a ainm-siomh, agus ro bhoí inghean
shaineamhuil aicce darbh ainm Níamh. Ro bhoí
naonbhar dearbhráthar acc in Láimh Lúaith sin,
agus táinig gach aon díobh d'íarraidh a inghine ar
Bhorbchoin, agus ad-bearadh gach fear dhíobh go
muirfeadh Borbchú muna bhfaghadh a inghean
úadh. Ad-bearadh-siomh re gach fear dhíobh-
somh, ar a eaccla, go ttiobhradh a inghean dó.



Ad-beart Lámh Luath adhoigh ann re a
bhráthroibh:



"An fíor," ol sé, "gor iarrabhoir-si a inghean ar
Bhorbhchoin agus misi dá híarraidh romhaibh?"
ol sé.



"Is fíor go deimhin," ol íad-somh.



Tánoicc doígh éada dá ionnsoigh-siomh ann sin.
Tucc a chlaidhiomh imach íaromh, agus tucc buille
don fhior fa neasa dhó dhóibh, ionnus gur mharbh-
astoir. Mur ad-chonncadar an chuid oile dhíobh-
siomh sin tuccsad a n-aighthe ré-roile fris in
talmhain agus fuarsad bás go bith-urlaimh do chumh-
aidh a mbráthor agus do ghráin na fionghaile, agus do
cuireadh fó thalmhain isin ccarn sin íad. Conadh
dhé atá Cárn na Fionghaile.



Do-rála Lámh Luath iaromh do Phádraig agus do-
roighne aithrighe fhírinneach isin ngníomh do-
righne, agus do ráidh dá madh áil don Táilgionn é


L. 136


co ngéabhadh do chlaidhiomh ina chorp budhdhéin
i n-éroic in ghníomha sin, agus do ráidh Pádraig
gorbh fheárr dhó-somh beith ina bheathaidh acc
dénomh lórghníomha agus aithreachuis isin
bhfionghail do-rinne iná é féin do mharbhadh ina
héroic. Ro chreid do Dhía agus do Phádraig íaromh
agus boí acc dénomh aithrighe isin ngníomh réimh-
ráite go a bhás.



Anní oile ro fhiarfaighis díom," ol sé, ".i.
seanchos Dumha na cCon, ním ainbhfiosach ina
fhaisnéis. Bean Mheabhla inghean Rónáin
ban-draoí Thuath Dé Danann uile tucc grádh
dom thighearna-sa, d'Fhionn mac Cumhoill. Do
ráidh-siomh nach biadh ban-draoi aicce in ccén no
ghéabhadh a haithearrach. Laithe n-áon," ol
Caoilte, "do-riachtsad coin licthe Finn gusin
ionadh sa, deich ccoin agus seacht bhfichid a líon.
Baoi-si ar a ccionn sonn, agus tucc a hanál draoídh-
eachta fón cconoirt gur mharbhoistoir go hobann
íad i ndíoghoil gan a tochmhairc, agus do chuir fón
dumha sa in mhairbh-chonairt sin go hiomlán.
Cona úatha ro hainmnigheadh é."



"Att-raé buaidh agus beannachtoin, a Chaoílte,"
ol in inghean, "as mór in fios agus an fíor-eólus
tuccais dúinn. Agus, a charo," ol sí, "an
bhfeadoir-si créad an uireasbhaidh fil oram-sa?"



"Ní fheador go deimhin," ol sé.



"Cinn-easláinte ticc liom," ol sí, "agus ní fuil
uiscce i ccomhfhoccus damh, agus as mór mhilleas sin


L. 137


mé, óir do-gheibhim furtacht ón tinneas soin an
tan chuiream uiscce oram."



"Éirigh, a Chascoraigh," ol Caoilte, "dochum
na tiobraid fil i n-iomfhoccas dúinn, agus beir uisge
coisreagtha lat, agus croith uirre é agus rachaidh a
cruth draoídheachta dhi, agus foigheóinigh sí do
gach aon, agus Tiobra Aillbhe Grúaidh-bhrice inghine
Corbmuic goirthear dhi."



Ro éirigh Caschorach ann soin, agus ro chroith
uiscce coisreagtha ar an ttiobraid, ionnus gur
dhíthchuir a cealtoir dhraoidheachta di, ionnus
gorbh fhollas d'áos in dúnaidh í as a haithle.



"Fhíach do shoichill duit, a inghean," ol Caoilte,
".i. an tiobra úcchod d'fhoghnamh dhuit féin agus do
gach aon bhus comhfhoccus di. Agus do bhí sí
roimhe so ag foghnamh do dhaoínibh aimsir
imchían, co ndearnsad dhá rí Connacht, .i. Áodh agus
Eóghan a n-anmonna, fionghail eotorra féin, .i.
Aodh do mharbh Eóghan acc Leic an Fhormuid ris
a ráitear Leac Gnathail aniogh, agus tuccadh tri
heas-badhadha aidhbhle for Connachtuibh a ndíoghuil
na fionghoile réimhráite in tan soin, .i. an t-eas
iomarcach ticceadh go hInbhear na bhFear, ris a
ráitear an Mhúaidh in ionbhaidh si, do thrághadh,
an lán mara ticceadh chum na Gaillmhe gach
blíadhno, agus leasucchadh in chóiccidh uile do
tharthaibh lais, do thrághadh in oidhche chéadna,
agus in tiobraid si do dhíchealt (nó dhíthchleith)
ionnas nár fhocchain d'áonneach gos anocht."


L. 138


Ro chaithsad an oidhche sin go socair sadhail,
agus íar mbreith don maidion orra ro ghabhsad-somh
umpo agus ro cheileabhoirsead don inghin agus d'aos in
dúnaidh ar-cheano, agus bádor buidheach dia-roile.
Tánccatar rompa íaromh go Cnoc na Dála budh-
dheas fris a ráitear Carn Fraoích mheic Fhiodhaigh
in ionbhaidh si, agus aissidhe go Feart in Drúadh ris
a ráitear Feart in Ghéidigh an tan so, .i. Géideach
draoí Oilleala agus Meadhbha torchoir ann. Ciodh
fil trá acht do-rála Pádraig, cona chléirchibh agus
Fionnchadh ina fharradh, ina suidhe in tan soin
ar Charn na Drúadh rompa-samh, agus iar n-aithne
Chaoilte agus Chaschoraigh dhóibh ro éirgheador 'na
ccoinne agus 'na ccomhdháil agus ro fhearsad fíor-
chaoimh bhfáilte friú. Toirbhiris Fionnchadh
teóra pócca do Chaoilte agus ro fhear fáilte re Cas-
chorach. Ro shuidhsead íaromh agus ro fhiarfaigh
Pádraig a iomthúsa do Chaoilte. Ro innis-siomh
sin dó ó thosach go deireadh do réir mur do
ráidheamar. Ro fhiarfaigh-siomh as a haithle
cia hionadh inar ghabh Oisín úaidh.



"Do-chuaidh féin agus Dearcc mac Eóghain, co
ndá naonbhar ina bhfarradh, go Teamhraigh na
Ríogh," ol Pádraig, "agus do chreid Dearcc cona
mhuinntir," ol sé, "agus do baisteadh agus do buan-
bheannuigheadh íad."



Fa binn le Caoilte an sgéul sin, agus rucc buidheachas
adhbhal-mhór re Pádraig. Do-ríacht rí Connacht
ann soin go Ráith Caorach Méidhbhe, ris a ráitear


L. 139


an Mairtine mac Connrach iniogh, agus táinig aissidhe
go Feart in Drúadh, dú a raibhe Pádraig, agus ro
thionóilsad Connachtaigh óthá Leac Easa Lomann,
ris a ráitear Luimneach aníogh, go hEas nglan-
shrothach Rúaidh, agus tánccatar isin ionadh sin i
rraibhe an rí agus Pádraig agus do-roighneadh dúnadh
agus deagh-áras leó ann, agus ro chuirseat rompa gan in
t-ionadh sin d'fháccbháil nó go mbeith feis na
Teamhrach gá tomhuilt agus go ttoirsidaois cóicceadh-
aigh Éireann chuicce, agus do-roighneadh teach
dearraidh diamhuir aco do Chaoilte agus d'Fhionchadh
agus do Chaschorach idir theach rí Connacht agus
phubuill Phádraig, a ndóigh go mbeithdaoís ar áon
ag éisteacht re gach scél dá n-inneósadh Caoilte
dhóibh agus re Caschorach ag seinm a chruite.



Lá éiccin as a haithle tuccadh fithcheall co
n-ór dá n-ionnsoicchidh, agus fríth triúr d'uireas-
bhaidh uirre, agus do ráidh in rí íaromh:



"Ní fuighthear i nÉirinn nó a nAlboin
ionnshamhuil in trír ucchad a n-éaccmais na
foirne sin budhdhéin."



"Rachad-sa," ol Caoilte, "d'íarraidh na
fithchille at-chonnairc agá folach feacht n-aill, agus
as dóigh leam go bhfuigheónadh triúr dá fhoirinn
don fhoirinn sin ad-chíam."



Tánoicc roimhe soir go ceann Sléibhe an Chliath-
air, re ráitear Sliabh Baghna aniodh, agus at-chonnairc


L. 140


an ccarocc ccomhdhaingion ccloiche ro bhaoí ar
an bhfithchill irís isin ionadh ccéadna, agus arna
fhaixin dó téid dá saighidh, agus tucc a dhí lámh
ina timcheall, agus do thóccaibh go láidir lán-chalmo
í, agus boí faircle comhdhaingean cloiche fúithe, agus
tucc an bhfithchill ass, agus in tSholusthairt a
hainm, agus do bhean trí fir óir agus trí fir airrccid
eisde, agus ro chuir in bhfithchill isin ionadh ccéadna
arís, agus tánoicc d'ionnsoighidh rí Connacht agus in
fhoirinn ina láimh. Lán duirn in fhir fa mó don
tshluagh is é baoí ion gach fear dhíobh.



"A anom, a Chaoílte," ol rí Connacht, "an
raibhe d'fhoirinn isin ionadh a rabhadar so acht
in méid fil sonn?"



"Ro bhoí go deimhin," ol Caoilte, "trí choécca
fear óir agus in ccéadna d'airccead, agus fithcheal chúanda
cheárdamhail ina timcheall."



"Créd tucc ort-sa gan an bhfithchill sin cona
fhoirinn do thabhairt chuccam-sa?"



"Tríar d'fhoirinn at-chonnairc d'uireasbhaidh
ort, agus tuccos sin agus a urdoil oile chugod."



"Cia aicce a raibhe in bhfithchill darab fuirionn
so?" ol an rí.



"Acc CColl mór mac Mórna," ol Caoilte.



Ro éirigh an rí ina sheasomh íar soin agus tucc a
dhruim re cairthe comhádhbhal cloiche boí ar
an ttulaigh ina ccomhfhoccus, .i. Lia in Iomroill
do ghoirthí dhi, agus do fhiarfaigh an rí do Chaoilte
créd 'mádh ttuccadh an t-ainm sin uirre.


L. 141


"Feacht n-oén," ol Caoilte, "tángadar meic
Mórna go Cúaille in Cheapáin a nEchtghe Connacht
agus íad acc dénomh foghla agus díbheircce ar Fionn
agus ar an bhFéin. Tánccamair-ne trí catha na
gnáth-Fhéinne ar mhullach Sléibhe in Cháirn
theas i ccrích Chorcamrúaidh, agus do bhoí dál
chloinne Mórna ann soin ina aincheas ar Fhionn,
óir ní raibhe a fhios aicce an gusin Mumhain
budhdheas do-chúador nó an seacha budhthuaigh
i ccúicceadh Connacht, agus is í comhairle do-roighne
ann soin, .i. a dhá mhac féin, .i. Uilleand agus Caoínche,
do léiccin don Mumhain, agus a bhfiana ina ffarradh,
do thóraighacht chloinne Mórna, agus dhá mhac rí
Uladh, .i. Aodhán agus Cathol, do léiccin i ccóicceadh
Connacht agus dá chéad ócclaoch ina bhfarradh, agus
gibé dhíobh do-ghéabhadh brath ar chlandaibh
Mórna sgéala do léiccin chuicce féin go hEichtghe
resiú no bheardaoís troid nó trom-bhúaladh dhóibh.



Ro éirgheadar na sluaigh ann soin. Téd
Uilleand agus Caoínche cona muinntir isin Mumhain
budhdheas, agus ticc Aodhán agus Cathol, .i. meic rí
Uladh, gusin ccóicceadh si a bhfuilmaoíd-ne, agus
bádar dhá mhac rígh Laighean, .i. Connla agos
Ceallach, i bhfíadhnuisi Fhinn ann soin, agus nochar
fhuilngeadar fuireach tar éis chloinne rí Uladh,
óir fa comhdhaltadha carthannacha dhóibh íad,
agus ro iarrsad ar Fhionn a cheadughadh dhóibh
clann rí Uladh do leanmhuin, agus ro cheadaigh-
siomh sin dóibh.


L. 142


Ro éirgheador-somh dhá chéad ócclaoch
annsidhe, agus ro leansad clann rí Uladh, agus ro chomh-
raicsead ré-roile ionnus go rabhdar céad laoch
láidir lán-chalmo ar oén-láthair, agus nochar hairis-
iomh leó íaromh go ránccadar in maighin si ina
bhfuilmíd-ne anos," ol Caoilte. "Do shirdís ó
Áth Colta go hÁth mBearcha gach laoi d'íarraidh
cloinne Mórna, agus ticcdís gach n-oídhche gusin
maighin si, agus ro bhádar ccén máir samhlaidh.



Ciodh fil ann trá acht rob iongnadh le Fionn agus
linne," ol Caoilte, "iomthúsa na muinntire sin,
.i. a imchéine bádor ina n-éccmais gan a sccéala
d'fhaccháil. Ro éirigh Fionn cona mhuinntir agus
is í comhairle ar ar cinneadh linn toidheacht don
tír si, óir is í baramhail tucc Fionn gurab a
ndíamhruibh an chúiccidh si do bhí Goll cona
mhuinntir, agus ba deimhin leis gurab é marbhadh
chloinne rí Uladh agus chloinne rí Laighean cona
muinntir do-roighneadh. Ro ghluaiseamair-ne
romhuinn," ol Caoilte, "agus tángamar i lleíth-
imeal na críche si agus fuaramor sleacht-lorcc na
sochaidhe romhuinn, agus do shaoileamur gorab é
lorcc chloinne Mórna boí and, agus gérbhó deireadh
don ló an tan soin ro leanamar an lorcc, ór dob
fheárr linn oidhche agoinn nó ló an tan do-
bhéarmaois amos ar Gholl, do bhrígh go mbíodh
moille radhairc air isin oídhche.



Ciodh trá acht do leanamor an lorcc gosan
ionadh so. Ro íadhamar rompa do gach táobh


L. 143


íaromh, go nár léicccamar áon-fhear do sgaoíleadh
ó-roile dhíobh nó gur mharbhamar na ceithre
chéad fear bádar ar áon-láthoir cona ngiollaibh agus
chonaibh, agus do-righneamar comhnaidhe na
hoidhche sin a n-iomfhoiccsi dhóibh dochum a
n-adhnaicthe ara mhároch.



Íar mbreith na maidne óirn tiaghmoid do
shaighidh an ármhaigh, dús cia do mhaithibh
chloinne Mórna torchoir ann. Ro aithnighmar
gurab íad ar muinntir féin boí and, íarna marbhadh
a n-iomroll, an tan do dhearcamor orra. Teaccmoid
ós cionn chloinne rí Uladh agus ós cionn chloinne rí
Laighean, agus ro léicceamar teóra gáirrthe groid-
mheara géir-neimhneacha ós áird do cháoineadh
ar muinntire ro mharbhamar a n-iomroll.



Ro ráidh Fionn ann sin an ceathror macaomh
sin d'adhnacadh . . . agus rícch-lía chloicche
do chur úasda. Ro éirgheas-sa agus Oisín and sin,"
ol Caoilte, "d'íarraidh cloiche d'fhoigheónadh
dhóibh-siomh, agus rángamor go Ráithín in Mheadha,
ris a ráitear Ráith na cCaorach aniogh, agus fuar-
amar an rícch-lía sa and, agus tuccamar gosin ionadh
sa í, agus suidhigheadh úasda-somh í amhuil mur do-
chídhthí-si, agus as de atá Lia in Iomraill fuirre, don
iomrall sin Fhinn ar a mhuinntir dár mharbhsad
íad i rriocht cloinne Mórna."



"Ad-raé buaidh agus beannachtoin, a Chaoilte,"
ol in rí; "as maith an sgéul sin do innisis dúinn.


L. 144


A anom, a Chaoílte," ol an rí, "cía an Conall agus
in Cóbhthach ó n-ainmnighthear in dí ráith filid i
n-íarthar an chúiccidh si, i ccomhfhoccus Bhearnadh
na cCon i mBréicthír, dá ngoirthear Fir Chonga
aniogh?"



"Dhá mhac do rí Chinéil cConuill ittúaidh," ol
Caoilte, ".i. Conall Cosgarach agus Cobhthach Cas, in
días sin," ol Caoilte, "agus as amhlaidh bádor," ol sé,
"agus biodhbhadha bunaidh aco i nÉirinn, .i. clanna
Mórna, agus dob é ádhbhar bíodhbhanuis chloinne
Mórna dhóibh, .i. feacht n-oén dá ndeárnadh sealcc
Sléiphe Gamh le Fionn, agus do-rála meall-ghalach
muinntire, an trodach tréan oireachtais, an
deabhthach deagh-láithreach, agus in búaidhreadh
borb-shlúaigh, .i. Conán mhac Mhórna, im in
sealcc sin, agus tré mhallachtadh in Chonáin sin," ol
Caoílte, "fúaradar clanna Morna uile bás comh-
obann.



Ciodh trá acht do dúisgeadh damh imdhísgir
ard-aicceantach alltaidhe la Conán agus le cloinn rí
Chinéil cConuill an lá soin, ionnus gur dhíobh-
raicsead a tteóra sleagha snas-mhíne soi-dhíobh-
raicthe a ccoimhnéinfheacht fair, ionnus go ttarladar
tríd ina ttriúr go tinneasnadhach tréun-láidir.
Ro reathadar-somh chuicce do bhúain a sleagh
ass agus dá chascoirt íaromh.



"Léiccidh an fíadh úaibh, a ócca," ol Conán.



"Ní léiccfeam idir," ol íad-somh, "óir ní mó ro
mharbhais-si nó mharbh gach fear dhínne."


L. 145


"Misi ro chéad-ghoin é," ol Conán.



"Gé tú," ol íad-samh, "ní bhéaroir lat acht
oiread le fear dhínne dhe, agus más beag lat soin do-
ghébhoir cóir úainne."



"Mallacht d'aonneach dá ttiobhra cóir nó ceart
dhamh-sa," ol Conán, "agus mallacht oram-sa mur in
ccéadna dá ttugthar cóir nó ceart do charoid nó
do námhuid in ccén bhíad beó."



Tóccbhais Conall Cascorach an lámh ann soin,"
ol Caoílte, "agus tucc buille do chronn na sléighe ar
Chonán ina cheann, ionnus gor fhácc comhreamhor
na sleighe budhdhéin do chnoc charroch chomhaird
fair, agus nocha ndeárna Conán ann soin acht a chúl
do thabhairt dhóibh-siomh agus in fíadh d'fháccbháil
aco, agus nochar labhoir ar an ccúis sin nó co ndeach-
adar mic Mórna ar foghail agus ar díbheircce ar Fhionn
cona mhuinntir agus gan a charoid agus go rabhador acc
marbhadh a dhaltadha agus a áosa grádha ion gach
ionadh a mbeirdís orra.



Tángadar laithe n-oén íar sin go Forba na bhFear,
ris a ráitear Uí Énna in Bhaile in ionbhaidh si,
conadh ann ro labhoir Conán re Goll, agus is eadh ro
ráidh:



"An bhfeadoir-si, a rícch-fhéinnidh, a Ghuill,"
ol sé, "buille do chrann sleighe do thabhairt do
mhac rí Chinéil cConuill oram-sa in tan do bhámar
ag sealcc Sléiphe Gamh? Agus as uime do
cheileas son gus anos," ol sé, "baramhuil accom,"


L. 146


ol sé, "an ccén do bheitheá-sa síodhach lé Fionn
nach léiccfeá dhamh-sa aindligheadh ar bith do
dhénomh ar áon dia mhuinntir, agus as mían leam
dol do dhíoghuil mo mhasla anoss orra."



"Dar ar mbréithir," ol Goll, "ní hé ar ccara do
budh maith leam do theaccmháil riú-somh, ór
criothnughadh áil aon-mhuice leó."



"Más eadh," ol Conán, "rachad-sa céad laoch dá
n-ionnsoighidh."



Ro éirigh a dhías bráthor, .i. Tamhan agus Tréan a
n-anmonna, agus ro ráidhsead go rachdaoís céad
laoch leis do chongnamh dhó. Ro éirgheadar
íaromh an chuideachta soin agus teaccoid gusin
ionadh i mbádor clann rí Chinéil cConuill, agus da
bhádor-somh dhá chéad oile, ionnus gor ionn-
saigheadar a chéile, agus dob é críoch a ndála nach
ttéarnó aoin-fhear dhíobh, acht Conán namá, nár
thuit ré-roile.



Ránoicc Conán roimhe as in árbhach gusin
maighin i mbádor a bhráithre, agus a sgíath arna
sgoltadh imá bhrághoid, agus ro innis dóibh in dá
chéad sin dia muinntir do thuitim ar aon-
láthoir.



"Olc an turas i ndeachuis, a Chonáin," ol íad-
somh, "d'fháccbháil do bhráithreach agus do mhuinn-
tire, agus is deimhin go ttuitfim-ne uile treamhod agus
go ttuitfidhir féin fá dheóigh."



Do cuireadh dhá rí Chinéil cConuill fó thalmhuin
isin dá ráith réumhráite," ol Caoilte, "óir is i


L. 147


n-iomfhoccus dhóibh ro marbhadh íad, agus do
tóccbhadh lía ós leacht gach fir dhíobh, agus ro
sgríobhadh a n-anmonna oghuim íaromh, agus as
úatha ainmnighthear an dí ráith sin, .i. Ráith
Chonuill agus Ráith Chobhthaigh."



"Beir buaidh agus beannachtoin, a Chaoilte," ol
in slúagh uile a ccoimhnaoinfheacht, "is mór in
fios agus in fíor-eólus d'fháccbhuis accoinn."



"Maith, 'anom, a Chaoílte," ol rí Connacht,
"créad an fosdadh oirrdhearc ucchod tuccois ar
an bhFéin, agus créad in fáth fár mheasador in
rícch-fhéinnidh d'fhágbháil?"



"Laithe n-áon," ol Caoilte, "boí Fionn agus trí
catho no gnáth-Fhéinne i ccrích Laighean i
n-iomfhoccus d'abhoinn Sláine acc Ard Fosdadha
na Féine, agus nochar chían dúinn inar ccomhnaidhe
ar in árd soin go bhfacamar in inghean mhín
mhong-bhuidhe ar in ccloich ccuirr boí a ccionn
an átha ar ar n-ionchuibh-ne; ionar sireaccdha
sróil uimpe, brat úaine aon-datha seachtair,
dealcc óir ann, mionn óir imá ceann do chomhar-
dha ríoghna. Do labhoir rinne íaromh," ol
Caoílte, "agus is eadh ro ráidh:



"Ticceadh aon-fhear accoibh dom accallmhadh,
a Fhíana Éireann," ol in inghean.



Ro fhiarfaigh Sgiathbhreac mac Dathchaoín
don inghin ann soin," ol Caoilte, "cia don Fhéin
dob fheárr lé do dhul dá hagallmhadh.



"Fionn mac Cumhoill," ol sí.


L. 148


Do-ríacht Fionn gusan áth íaromh, agus ro fhiar-
faigh dhi créd fa toiscc dhi, agus cia hainm buí fuirre,
agus can dia a hathoir.



"Doirionn m'ainm-si, agus do Thuathaibh Dé
Danann m'athoir, agus Budhbh Dearg mac in
Dághdha a chomhainm, agus d'fheis riot-sa tánocc,"
ol sí, "agus d'fhagháil tionnsgra uaid."



"Créad in tionnscra iarrfoir?" ol Fionn.



"Gach bean do thréiccean duit-si oram co ceann
blíadhno," ol in inghion, "agus leath feisi ó sin imach."



"Ní thabhroim-si sin d'áon-mhnaoi ar bith,
agus ní thiobhrar dhuit-si."



Ro fearccaigheadh in inghean ann sin," ol
Caoilte, "agus tucc a lámh fó a brat agus ticc cúach
fionn-airccid lé agus a lán do mhiodh shéimh sho-óla
ann, agus tucc i lláimh Fhinn é.



"Créd so, a inghean?" ol sé.



"Miodh so-óla so-mblasda," ol in inghean.



Fa geis dó-somh fleadh do dhiúltadh," ol Caoilte,
"agus ro ibh dicch as an ccúaich, agus iarna hól dó do
measg-bhuaidhreadh é fó chéadóir. Tucc a
aghaidh ar an bhFéin i ccéadóir, agus gach olc agus
gach lén catha agus comhroic ro fhionn ar gach áon
díobh ro chuir ris ar an úair sin é, ionnus gurbh
fheárr le gach áon díobh a bhás inás a bheatho.



Ro éirgheadar uile ann soin agus ro sgarsad ré-
roile, agus ro ionnsoicchidh gach aon díobh a chríoch agus
a chomhfhorba feisín, ionnus nár fhuirigh ina


L. 149


fhochair ar an ttulaigh sin," ol Caoilte, "acht
madh misi um aonar. Ro éirgheas-sa íaromh 'na
ndeaghaidh, agus ro leanas gach drong dhíobh fó
seach, agus ro ráidheas riú gan a ttríath agus a ttíghearna
d'fháccbháil tré mhilleadh mná sírreachtaighe
sídhe fair, agus do fhostas dá uair dhéag eidir sin agus
oídhche íad.



Ciodh trá acht ó tháinig deireadh do ló agus tosach
d'oídhche ann do-chuaidh an neimh buí uirre
dhá theangaidh, agus tánoicc a chiall agus a chuimhne
dhó, agus dob fheárr lais a bhás iná a bheatho in
tan do fhoillsigheas-sa dhó an crut for i mboí agus
in bhfuil tucc for a mhuinntir. Agus is é sin in dara
lá is mó fuaras-sa d'olc ríamh," ol Caoilte, ".i.
an lá tuccos in chorr-imirce go Teamhraigh agus in
lá soin oile acc Fastadh na Féine. Conadh Ard
Fostaighthe na Féine ainm na tulcha for i mbádor
ó shin gus iniogh," ol Caoilte. "Agus is é sin
fírinne in sgeóil ro fhiarfaighis díom, a rí Connacht,"
ol sé.



"Ní chúala-sa do cheól iná do chaomh-oirfide
ríamh ceól budh binne leam iná do sgéalaigheacht-
sa, a Chaoilte," ol in rí.



Níor chían dóibh iaromh go bhfacatar teachta
rí Éireann chuca dá n-íarraidh do thomhuilt feisi
na Teamhrach. Ro éirigh Pádraig ann sin, rígh
Connacht, Caoilte, agus Fionnchadh, agus fir Connacht


L. 150


ar-cheano, agus lódar go Teamhraigh agus fuairsead
maithe Éireann ar a ccionn i tTeamhraigh im rí
Éireann agus im Oisín mac Finn.



Ciodh trá acht níor sháimh re húaislibh agus re
hárd-mhaíthibh ealadha iná oirfide, imbeart nó
áineas, fios nó fíor-eólas, cluithe nó caoímh-
reabhradh dá mboí i tTeamhraigh in oidhche sin
do choitseacht nó do chomhchlos acht bheith
acc fiarfaighe sgéul d'Oisín agus do Chaoílte, agus i
mbeith acc tabhairt aire go friochnamhach dhóibh,
ionnus gur leasaigheadh gach ní dá ndubhradar
acc ollamhnaibh agus acc ughdaraibh Éireann.



Ro éirigh Caschorach mac Caoínchinne íaromh
agus ro ráidh:



"Maith, 'anom, a Chaoilte," ol sé, "is mithigh
dhamh-sa imtheacht budhdheasda agus beannacht
gach dalta ort-sa úaim."



"Beannacht gach oide 'gá raibhe dalta ort-sa,"
ol Caoilte, "óír ní fhaca ríamh dalta nach comh-
maith thú agus ealadha nach comhmaith h'ealadha."



"Ollamhnas Éireann uaim-si dhó," ol an rí,
"in ccén bhéid i ríghe."



Íar sin ro éirgheadar an dá naonbhar do
dheireadh agus d'iarsma na Féne, .i. naonbhar Deircc
agus naonbhar Oisín, agus teaccoid gusin ttulaigh allainíar
do Theamhraigh, agus tuccsad dá n-úidh agus dá n-aire
i bheith a bhféaccmuis a lúith agus a lámhaigh, gan
a bheith do rath orra aonneach do chomhrádh
riú iná do thabhairt aire dhóibh, ionnus gur líon


L. 151


dubha agus dobrón íad, agus tuccsad a n-aighthe re lár
agus re lán-talmhain, go bhfuairsead bás fó chéadóir,
agus do hadhnaiceadh íad as a haithle. Cona Cnoc
na Náonbhar ainm in chnuic sin an ionbhaidh
si.



"Truagh ón sin," ol Oisín, "ór is íad súd in
méid ro mhair do mhuinntir ar ttríath agus ar
ttighearna agus d'íarsma na deigh-Fhéine."



Is ann sin ro thuit dubha agus dobrón, tuirsi agus
trom-chumhaidh for an triúr seanórach sin, .i.
for Oisín, for Chaoílte, agus for Fhionnchadh, ó nár
mhair do thrí cathoibh na gnáth-Fhéine acht
iad féin 'na ttriúr, agus do bhádor fiora 'na ttosd
idir rí agus ruireach, thriath agus thighearna, bhrughaidh
agus bhiatach, amhus agus ócclaoch, gan neach do labhoirt
re chéile dhíobh ar an méid do chuir orra a
ndearnador na seanóraigh do ghol agus do ghéar-chaoi,
d'imneadh agus d'aththuirsi a ndeaghaidh a ndeagh-
mhuinntire.



Ro labhair Oisín íaromh agus is eadh ro ráidh:




"An bhfuil sonn neach do-fheiseadh,
gé madh fán, gé madh deiseal,
bhail a ruccadh cuach fén Finn
i n-aon-fhuarán a gCroimghlinn?"




"Ní rabhas-sa ríamh," ol Caoilte, "lá nó
oídhche nach budh éasccaidh leam labhoirt riot-


L. 152


sa gos iniogh agus freagra do thabhairt ort, a Oisín."
Agus ro ráidh in rann:




"Atá sonn neach do-fheiseadh,
muna iompaidheadh deiseal,
bhail a tá fón nglionn ghlas:
ní folach acht féth fionas."




Occas is é fáth fór fhiarfaigh Oisín in cheisd sin
d'fhéachoin in raibhe Caoilte iná Fionnchadh beó,
ór do shaoileastar go bhfuarsad bás ar aon, agus ba
deimhin lais dá mbeadh Caoilte beó, etc. etc.
........
.........
... deireadh an leanna dhóibh an
tan bhías an lionn oile aca íarna ullmhughadh; agus
muna ndearnthar a bhfritháileamh amhlaidh," ol
in rí, "muirfead-sa thusa, do chlann, agus do bhean
gan chonntabhairt."



"Trúagh sin," ol Caoilte acc léiccin osnadh ass,
"óir ní hionganta líghe an abhoicc i tTeamhraigh,
agus ticcdís fir Éirionn dá fhéachainn ar a iongan-


L. 153


taighe iná sinne: go bhfuilmíd dár n-aithne do
Mhaol Muirir mhic Dubháin, do reachtoire na
Teamhrach, agus do Chúarnait inghin Bécáin bóaire,
dá mhnaoí, im bhíadh agus im lionn do thabhairt
dúinn i tTeamhraigh na Ríogh."



"Maith, a anam, a Chaoílte," ol in rígh, "créad
an t-abhoc sin?"



"Tuirchoirthe flatho fuair Conn Céad-chathach,"
ol Caoilte, "agus a theóra durn baoí ina áirde, agus dob é
brannaighe agus fíthcheallach dob fheárr a bhoí i
nÉirinn é, agus galor in domhuin do bheith ar neach
acht go ttuccadh-somh a lámh air do bhíadh slán
fá chéadóir, agus dá mbeithdaoís fir Éireann i lláthoir
catho agus comhloinn do dhingénfadh-somh síth agus
caoímh-cheangal eatorra; agus cloch baoí sonna a
tTeamhraigh is uirre no luigheadh, agus dob iongnadh
cor na leaptha sin," ol Caoílte, ".i. an fear is mó
d'fhearuibh Éireann a theóra traighthe agus in naoidhe
budh lugha i nÉirinn (ní bhíodh acht a theóra
traighthe inte) do théiccheadh uirre, agus dob issidhe
an Lia Fis do bhí a tTeamhraigh."



"Gá búaidh do bhí uirri sin?" ol in rígh.



"Gach áon dá ngabhadh ríghe for Éirinn," ol
Caoílte, "an tan ticceadh ria ngabháil rícche dhó,
do ghéiseadh faoi, go bhfreagradaoís teóra príomh-
thonna Éireann in géiseadh sin; an tan ticceadh


L. 154


damhna rí in chúiccidh, do bhúireadh faoi; an
tan ticceadh bean aimbritt uirre, drúcht fola no
mhuigheadh dhi, agus braon dearcc-fhola do chuireadh
dhí an tan do thicceadh bean chlannmhar uirre."



"Mo chean daoíbh, a sheanórcha úaisle," ol in
rí, "ór is mór in fios sin ro fháccabhoir accoinn."



Teaccoid go Teamhraigh isteach agus ro bhádar in
oidhche sin inte. Ro éirigh rí Éireann ara bhárach,
agus ro gabhadh a eachraidhe dhó, agus tánocc féin agus in
ríoghan agus na slóigh ar-cheano do cheileabhradh
gosin teach i mbádor. Do luidh in rí roimhe co
teagh Chionaodha mheic Conchubhair go Ráith
Chuirre in oidhche sin, go ceann mbliadhno, cen
uireasbhaidh bídh nó búan-leanna orra, agus tuatha
Breagh agus Midhe acc toidheacht gach laoi dá
n-ionnsoicchidh acc fagháil feasa agus eólasa úatho.
Is ann sin táinic Eóghan mac Duibh, .i. flath-
bhrughaidh céadach comhramhach do cholamh-
naibh na Teamhrach eisiomh, agus tucc seacht ttuirc
agus seacht ttinne agus dabhach arna mion-sccagadh do
mhiodh shaineamhail lais chuca-somh, agus ruccadar-
somh buidheachas búan-ádhbhal lais.



"'Anam, a Chaoilte," ol Eóghan, "cia is sine
thusa iná Oisín?"



"Is sine misi go deimhin," ol Caoilte," ór
as slán sé bliadhna ar dhá chéad damh gosin


L. 155


mbliadhoin si ina bhfuilmaoíd, agus más fíor don
fháisdine atád dhá bhlíaghoin oile dom shaoghal
reamhom."



"Caidhe h'aoís-si anos, a Oisín?" ol Eóghan.



"Accom-sa atá a fhios sin," ol Caoilte, "ór as
beag teasda do dhá chéad bliadhon nach slán dó."



"Maith ámh na saoghail fúarabhoir," ol
Eóghan.



As í sin úair agus aimsir do-riacht Maoil Muirir mac
Dubháin, prímh-reachtoiri na Teamhrach, go Cnoc
na nÉicceas alla-anoir do Theamhraigh, dú i
mbídís éiccsi agus ollamhuin acc Feirceirtne agus acc
Ciothrúaidh ag dénomh foghlama dhóibh. Agus
nochar chían dó go bhfaca in inghean dá ionn-
soicchidh, léine do shíoda bhuidhe imá cneas, brat
úaine aon-datha uimpi agus dealcc óir ann. Édaoín
inghean Chuinne Chúanaigh an inghean, agus draoí
Thuath Dé Danann an Cuinni sin. Ro fhiarfaigh
in reachtoire dhi créad dob ainm dhi agus cia a cinéul.
Ro innis in inghean a hainm agus a hatharrdha
dhó, agus ro ráidh íaromh nár charoid do Thuathaibh
Dé Danann a thighearna-somh, .i. rí Éireann.



"Ciodh soin?" ol eisiomh.



"Gach grían-bhrugh gabhala dá raibhe a
tTeamhraigh agus a tTailtin accoinne," ol sí, "do-
roighne-siomh féur-bhrugh each dhíobh-siomh,
co nach lamhmaoid-ne a n-imtheacht acc eachraidh
agus acc aradhuibh in rí."



"An bhfeadoir-si, a bhan-chumhachtach," ol


L. 156


eisiomh, "nach bhfuil cumhang acc Tuathaibh Dé
Danann ó tháinig creideamh agus crábhadh i nÉirinn
acht i mbeith a ngrían-bhrocchuibh talmhan re
tréan-chumhachtuibh in Táilgin?"



Ó 't-chúala in inghean sin ro feargaigheadh í,
ionnus go ttucc urchor dhó-somh, gur mharbhastoir
é fó chéadóir, agus do haidhnaiceadh isin ttulaigh sin
é, gona Tulach Maol Muirir a hainm ó shin alle.
Ina dhíaigh sin ba sgítheach fir Éireann im
beith acc tabhoirt a ccíosa agus i ndlicchidh go Teamh-
raigh, ionnus gur éirgheador Muimhnigh agus
Laicchnigh i ccoccadh agus i ccathughadh i n-aghaidh
in aird-rí 'mun adhbhor sin, go mboí coccadh agus
comhbuaidhreadh ar fud Éireann deisidhe.



Dála na seanórach ro bhádar-somh ocht ttráth
gan bhíadh gan dicch tré comhmbuaidhreadh in
choccaidh sin.



"'Anom, a Oisín," ol Caoilte, "is mór ticc in
mallacht tucc Fionn dúinn rinn anois, agus as mairg
thuilleas mallachtoin a thighearna," ol sé, "agus
créad is indéanta dhúinn anois, ór ní fhéadmaoíd
gan sgaradh ré-roile tré chogadh fhear nÉireann?"



"Nochan fheador ámh," ol Oisín.



"Is eadh is indéanta dhúinn," ol Caoilte,
"thusa do dhul id dhúthaidh budhdhéin, .i. i
ccóicceadh Laighean budhdheas go teach do
thighearna dúthaidhe, .i. Cionaoidhe mheic Conchu-
bhair, Fionnchadh agus misi d'fhanamhuin sonn i
mBreaghoibh."


L. 157


Ciodh trá acht ba sgarthoin anmo re corp an
sgaradh sin dob éiccen dóibh-siomh do dhénomh
tré éiccén-dáil na gorta. Ro ghabhsad a n-édaighe
umpa iaromh, agus acc tocht do Chaoilte tar
cholbha na hiomdhaidhe ro bheanasdar an colbha
fána lurgain dó, ionnus gur bheanastar a fheóil agus
'fhinn-leathor dá chois.



"Nochar mheinic leam-sa," ol sé, "oilbhéim
d'fhaccháil gos anos, agus as gairid úaim ceann mo
rée agus mo reimhis, ór do réir in tshaoghail as
imchéne do innseadar fáidhe agus fír-eólaigh dhamh
do bheith accom, nocha mó iná dhá bhliadhoin
atá romham dhe agus beccán do chorr-laithibh";
agus do ráidh na roinn:




"Am seanóir, im sean-fhilidh,
géarsam laoch feargach fuileach;
riom-sa samhailtear proinn chéad;
rob fheárr m'écc nó m'fhuireach.



Riom-sa samhailter proinn chéad,
aniogh giodh uathadh mo líon;
an úair do-nín le proinn aoín-fhir
is aniugh soin budh feárr mo bhríogh.



Sé fithchid bliadhoin ad-chiú
gosan Lúan, an laithe-siú,
ón uair ad-báth Fionn na bhfleagh
gusin ionbhaidh si an-oirthear.


L. 158


A Fhionnchaidh, a Oisín fhéil,
maircc do bhíadh mur támaoid féin
'nar mbeathaidh tar éis ar slóigh:
aniogh monuar 'sum seanóir."



Am.




Tánccadar rompa iaromh a Teamhraigh amach
go fáinghleantaibh in bhaile eidir Acoill agus Teamhoir,
agus do shuidheadar ar dhumha árd ann. Att-
chonncadar an t-oén-óccláoch chuca agus tríar fear-
mhogh ina dhíaigh, torc agus tine iarna mbruith leó, agus
measoir mheasccdha chaocca do mhiodh. Aith-
nígheas an t-ócclaoch íad-somh agus táinig dá
saighidh. Ro léicceadh an oirchiseacht sin ar
lár ina bhfíadhnuisi, agus ba hé Eóghan flaith-bhrughaidh
boí ann sin, agus ruccsad-somh buidh-
eachas adhbhal-mhór ris.



"'Anom, a Chaoílte," ol Oisín, "ós tusa fhuireó-
chas sonn, bíodh an bíadh so agad."



"Dursan duit-si sin a rádh, a charo," ol Caoilte,
"agus gen go mbíadh do bhíadh isin domhan acht so,
ní chaithfinn-si tar h'éisi é."



Ro chaithsead féin agus Fionnchadh in bíadh
íaromh, agus ro ráidhsead íarna chaitheamh:



"Ana bídh agus éadaigh accad, a Eóghain," ol
síad, "agus ar mbeannacht-ne dhuit."



"'Anam, a Oisín," ol Caoilte, "fáccoibh-si
do sgíath, do chlaidhomh, agus do shleagh, 'gun


L. 159


fhior úcchod, óir is maith an furtach tuccustar
dhúinn."



"Fáccbham éimh," oil eisiomh, "agus mo bheann-
acht riú."



"Acc súd mo lorcc imtheachta-sa dhuit, a
charo mo chroidhe," ol Caoilte.



Gabhais-siomh an luircc ina láimh, agus léicceas
a ucht uirre, agus ro labhoir re Caoilte, agus is eadh ro
ráidh:



"A Chaoilte," ol sé, "in bhfuil i ndán dúinne
comhroc ré-roile dorídhisi nó faixin a chéile go
ceann an dá bhliadhon fil romhad-sa dod rée agus
dod réimheas."



"Atá go deimhin," ol Caoilte, "ór do-chídhfeam
a chéile i n-aimsir feisi na Teamhrach agus do-ghébh-
sa bás an dara hoidhche tar éis na feisi sin."



"Béad-sa acc imtheacht budhdheasda," ol
Oisín; agus ro ráidh na roinn:




"A Chaoilte, cealeabhradh dhít,
óir ní fhacchoim sonn sláin-ícc;
as sonn ror-tréaccadh, gan on,
's ror-fháccbhadar gan leasughadh.



Gé dheachor-sa úaid ar cúairt
timcheal Éireann imáccúairt,
fuíccfead-sa mo chroidhe im chlí
ar an ccnoc 'na chomhnaidhe.


L. 160


Neoch ro shireas theas is thuaidh
isin domhan re mór-úaill,
maca samhla in laithe iniugh
ní bhfuaros ann, a Chaoiltiú."



A Chaoilte.




Ciodh fil ann trá acht ro ghlúais Oisín roimhe iar
cceileabhradh do Chaoilte agos d'Fhionnchadh, agus
ba dubhach doimheanmnach boí iar sgarthain
riú dhó, agus ránaic roimhe soir gacha ndíreach agus
ráinic go teach Chionaoidhe mheic Conchubhair
i ndeisceart Laighean. Ro fáilticcheadh roimhe
isuidhe. Ro labhuir Cionáodh ris, agus is eadh ro
ráidh:



"Fo-chean duit, a Oisín," ol sé; "ciodh
naonbhar do luidhfeá-sa sonn do-ghéabhdaoís
fáilte it onóir-si, bíodh gomdaoís goill, imalle re
freasdol agus re fritháileamh bídh agus búain-leanno do
réir ar ccomhaing-ne."



Fa maith risin seanóir, re hOisín, sin, óir baoi
éiccén-dál na gorta gá fhorrach, agus nochar choimh-
líonmhar a charoid, agus ní mó do bhí lúth iná
láthoir ann re a bheith acc siophal ar úaislibh agus ar
ard-mhaithibh Éireann. Do bhoí Oisín íar soin
go ciúin comhnaidhthach i bhfarradh Chionaodha
mheic Conchubhair, agus freasdal agus fritheólamh
seanóire dá dhénomh dó amhuil do oirdéachadh a
bhéul budhdheisin.


L. 161


Iomthúsa Chaoílte agus Fhionnchaidh do-bheror ós
áird: fa dubhach déarach agus fa meirtneach mór-
thuirseach íad íar n-imtheacht Oisín uatho, agus ro
bhádor accá dhearcadh don tulaigh sin nó co
ndeachaidh as a radhorc agus as a ro-fhaixin. Ro
ghabh truaighe Caoilte d'Oisín íaromh fá a bheith
'na uathadh agus 'na áonar dhó, agus ro ráidh na roinn
agá éccaoíne:




"Úaiccneach sin, a sheanóir shaoir,
a úa Cumhoill, nár char maoín,
gan laoch, gan ghiolla, gan choin,
do bheith iniu at fhochair.



Gan filidh faobhrach foclach,
gan cruitire ciúil-phortach
it fharradh aniogh for fheacht,
gan abhlóir is gan ésreacht.



Ar gach taoibh do Theamhraigh Bhreagh
mór n-uair do bhíodh it thimcheal
saidhbhreas fileadh, sleagh, agus slóigh,
ciodhad úaiccneach, a sheanóir."



Úaiccneach.




Iar sin ro éirigh Caoilte agus Fionnchadh agus ránccador
co Collamhoir Breagh mur a mboí athardha agus
ard-dhúthchas Caoilte agus cloinne Rónáin roimhe
sin, agus as amhlaidh fuarador na bruigh agus na bailte


L. 162


im Chollamhair agus im Mhoigh Breagh gan duine
gan ainmhidhe ar a ccionn ann.



"Truagh dhúinn, a charo, a Chaoilte," ol
Fionnachadh, "an ní éireóchas dúinn anois .i. an
ghorta dár marbhadh agus eiteadhaidhe in aidheóir
dár ttomhuilt as a haithle."



"Nochan amhlaidh bhías," ol Caoilte, "acht
rachmaoine a ndiamhraibh agus a ndroibhéluibh dár
mbeathucchadh ar énlaith agus ar íasgach, agus bíam
inar ccomhnaidhe a n-ionadh éiccin acc caitheamh
gach sealcco dá bhfuigheam ann."



Ro cinneadh ar an ccomhuirle sin leó, agus ro
ghluaiseadar rompa budhdheas, agus giodh mór
mball ro shirsead nochan fhúaradar aon-bhall do
thaiteónadh leó go rángadar Ros Dhá Chon a
bhFiodh nGaibhle. Íar rochtain ainnsidhe
dhóibh-siomh ro ráidh Caoílte:



"Maith in t-ionadh Ros Dhá Chon," ol sé,
"óir is eissidhe in cóicceadh ros as feárr i
nÉirinn."



Teaccoid fón bhfiodh íaromh, agus ro boingeadh
caol in fheadha leó, agus do-ghnísad fían-bhoith
mbronn-fhairsing, agus tuccsad fleascc tar féicce dhi
agus dlaoi dhíona di aneachtar.



"Mithidh dhúin," ol Caoilte, "sealcc do
dhénomh accoinn agus rachad-sa dá déanomh."



Ro éirigh íaromh agus téid roimhe soir im Choill
Dá Shruth, agus nochar chían dó ann an tan do
éirgheadar na trí fúatha dhó, .i. fúath Tighe meic


L. 163


Caémháin, fúath Lilchaighe, agus fúath Doire Bráon-
áin; clann Cholmáin Chorrghuthaigh íad-somh,
agus as é Caoilte ro mharbhastoir in Colmán sin.



"Acc so," ol iad-somh, "in tí ro mharbh ar
n-athoir-ne, agus tabhram úathbhás agus imeaccla
uime ionnus nach ccomhraicfe féin agus Fionnchadh
ré-roile ina thimcheal-somh, ionnus go mboí cách
dhíobh acc marbhadh agus mughadh a chéile."



Ó 't-chonnairc Caoilte sin is eadh ro ráidh:



"Ro thionchoisg," ol sé, "an Táilgean damh-
sa gan daoíne do mharbhadh agus gan a bheith a
bhfiadhnuisi fola accá tionsaidin."



Táinig go Doire Bráonáin íaromh, agus do thuit a
thoirrchim súain agus síor-chodalta fair co ttáinic
solas-tráth éircche do ló ara bhároch. Ro dhúisigh
ann soin as a shúan, agus do-rinne bric abhonn agus míl
moighe d'inneónadh agus d'fhíor-bhearbhadh.



Imthúsa Fhionnchadha imorra, ro bhoí in'áonor
in oídhche sin. Teaccoid trí mic uí Fhloinn a
Falmhaigh Laighean isin moch-mhaidin sin do
mhuic-fhiadhach fón doire, trí naonbhar a líon.
Lodar assidhe go Ros Dá Chon i bhFiodh Gaibhle.
Fúaradar sliocht in fheadha arna bhúain, agus na
lúachra agus na láin-sheiscce arna lúath-ghearradh, agus
ro leansad an lúachoir ar a lorcc go ránccatar an
fhían-bhoith. Is ann sin ro labhoir in seanóir
Fionnchadh agus is eadh ro ráidh:



"Monúair," ol sé, "nocha beó Caoilte áon-chor;


L. 164


úair dá mairidh-siomh nocha mbéinn-si im áonar
aréir."



Ro chúalador-samh sin, agus teaccoid go tinneas-
nadhach dochum na boithe. An tan do mhoithigh-
siomh seasdán na sochaidhi acc iadhadh uime
do gach áird, ro labhoir riú, agus is eadh ro ráidh:



"Ná loitidh mé, a ócca," ol sé, "óir ní fhuil
ionnam acht seanóir do dheaghaidh iarsmo Féine
Finn agus duine nach dír bás do thabhairt."



"Cia d'Fhíanaibh Finn thú, a sheanóir?" ol
Cormán mac uí Fhloinn.



"Fionnchadh mac Floinn misi a Falmhagh
Laicchen."



"Ar sean-ne thú, agus fo-chean duit."



"Cía siph-si budhdhéin?" ol Fionnchadh.



"Cormán, Mélcian, agus Dubhlann ar n-anmonna,"
ol íad-somh, "agus trí mic uí Fhloinn a Falmhagh
Laicchen sinn."



Ro innis-siomh amhail ro sgar Oisín ris féin
agus re Caoilte agus in fáth imá ttánoicc Caoilte gusan
ionadh sin seach gach ionadh oile isin ccóicceadh,
.i. ar a uaiccnighe agus a fheabhos d'ionadh sealcco,
agus do bhrícch nach raibhe a fhios aco cionnus do-
ghébhdaois i mbeathaidh acht muna bhfaghdaoís
do thaobh sealcco Caoilte í.



"Tairr linne," ol íad-somh.



"Nátó," ol eisiomh, "óir is feárr leam isin
ionadh sa inar fháccaibh Caoilte mé, giodh bás
do-ghébh ann, iná a n-aon-ionadh oile."


L. 165


"Biodh éiccen duit toidheacht," ol íad-somh.



Beirid leó dá neamh-thoil é dá ndúnadh-
árasoibh feisne.



Dála Caoilte imorra, ticc gusin fhían-bhoith, agus ó
nach bhfuair a fhear comhtha inn ro ghabh tuirse agus
trom-chumha é. Ticc imach íaromh, agus tucc a thrí
béicceadha buan-neartmhara borb-chaoínte, agus
a theóra núallanna neart-chumhadh ass. Ro
ghabh trí cheann na boithe as a haithle agus fúair
lorcc na lán-bhuidhne seacho.



"Námhuid tudchador sonn," ol sé, "do bhreith
Fionnchadha úaim-si."



Ro ghabh a lorcc-samh íaromh, agus ro luigh
roimhe go ránoicc Druim Dá Mhoighe ar a
lorcc.



"Ro fheadar anos," ol sé, "gurab íad clann a
bhráthor rucc leó é dá bhíathadh agus dá bhúan-
leasughadh, óir is í so a ndúthaigh, agus dá madh
námhuid do-bhéaradh leó é as in mboith ní hí so
slighe do ghéabhthaoi lais, agus nocha rachad dá
chumhgadh fair ciodh nach bhfuil ní budh feárr
leis-siomh iná m'fhaixin, agus giodh doiligh leam
i bheith a bhfoithribh agus a bhfásachoibh ní rachad
dá thabhairt-siomh liom d'fhagháil anshóigh
ionnta.



Tánoicc roimhe ann sin go Druim Gréine, ris
a ráitear Druim nAirbhreach anois, agus ro an ann an
oídhche sin. Ro éirigh ara bhárach, agus ní haithris-


L. 166


tear an imtheacht go ránoicc Doire in tShean-
eóin, agus ro ráidh íaromh:



"Maith," ol sé, "an doiri si."



Téd i meadhón críche comhdhaingne fuair ann,
agus ro íarr . . . sgiatháin sealcco dá shaor-
dhruim. Ro leadoir in ccrích ccomhdhaingin do
gach aird agus do gach aircheann de agus do-rinne áite
agus adhbhaidh ina meadhón; seacht ndoirsi ar an
ccrích, agus an dorass díobh ar a tteageadh-somh
imach ní hann do ghabhadh isteach. Do-roighne
indle sealcco mur in ccéadna. Ro bhoí trí bliadhno
isin ccrích sin gan uireasbhaidh bídh nó búan-
leanna fair.



Brughaidh céadach ro bhaoi i ccrích Midhe,
Bróccán a ainm, fuair bás in ionbhaidh sin, agus ro
gabhadh a thrí mic acc rí Midhe acc iarraidh
séud, maoíne, agus ionnmhusa orra. Eóghan, Illann,
agus Aonghus a n-anmonna. Samhnach inghean
Cholccáin mhic Áodha mhic Fíachra mhic Rónáin
a máthair. Tuccoistear rí Midhe a cródh féin di,
agus ro bhoí an treas mac dia cloinn ina láimh, .i.
Aonghoss. Ro léicceadh Eóghan agus Iollann ass.
Ro móradh aca-somh Dún Samhnaighe. Seacht
n-áirghe leó, seacht bhfichid bó gacha háirghe.
Rucc Eóghan agus Illann íar soin Oenghus leó a
glasoibh rí Midhe, gan fhios don rí, agus tíaghoid a


L. 167


ttríar fó Dhubhthairbh dheiscirt Breagh dia
ccáomhna ar an rí, agus no bhíttís gach n-oidhche
acc dénomh focchla for in tír. Trí naonbhair a
líon. Teaccoid iaromh go Doire in tShein-eóin,
agus do-ghnítt fían-bhoith dhóibh and.



Adhoigh n-áon íar soin do-chúador d'fhoghuil
ar a namhduibh. Teaccoid fó bhúailidh rí Midhe
gor mharbhsad i mboí innte idir mhíl agus duine.
Acc iompódh ón mbúailidh sin dóibh do-chúaidh
in mac fa só dhíobh d'fhoghoil ar leith leis féin.
Teaccoid an días oile, .i. Eóghan agus Illonn go a
mboith. Ticc Aonghus iar ndénomh a fhocchla
amhail fa lór lais gusin bhfían-bhoith. Tánoicc
imorra Caoilte mac Rónáin as a bhoith in tan
soin, agus is í slicche inar ghabh seach taobh fían-
bhoith cloinne Brógáin.



"Boith fhoghlaidheadh sonn," ol sé, agus ro
sheasaimh ar cúl na boithe go gcúala Eócchan agus
Illann acc iomardadh ar a sósar, ar Aonghus, im
dhul do dhénomh focchla ar a aghaidh budhdhéin,
agus ro fhiarfaighsad créad fá ccuirfe roimhe
barr gaisccidh do dhénomh nach dingéndaoís
feisne.



"Cóir dhamh," ol sé, "barr gaisccidh do
bheith ionnam thoraibh, óir in tí ris ar ghiallas, .i.
Caoilte mac Rónáin, as é fa beódha a n-áon-
aimsir ris, agus re taoibh phur n-athar dhíalltaighi-si,
agus as neamh-mbeódha iad-somh iná taobh ar
máthar, .i. clanna Rónáin."


L. 168


Ticc Caoilte chuca fón ccomhrádh sin, agus ro
ghabhsad-somh a n-armo.



"Ná homhnaicchidh, a ócca," ol Caoilte, "óir
ní harracht, nó fuath, ná orchóidigh misi." Agus
ro shuidh ina bhfarradh.



"Cia thusa, a óccláigh?" ol íad-somh.



"Seanóir do dheireadh agus do dheagh-íarsma na
Féine fíor-neartmhaire mé, agus Caoilte mac Rónáin
mo chomhainm, agus cía sibh-si anois, a ócca?" ol sé.



"Trí mic do Bhróccán brughaidh agus do Shamhna
inghin Cholccáin mhic Aodha mhic Fiachna
mhic Rónáin sinne," ol íad-somh. Agus ro
innseadar dhó cúis a n-ionarbtha.



"Ticcidh leam-sa, a bhráithre," ol Caoilte, "agus
bídh ar mo chomhuirle."



Teaccoid leis íaromh go a fhían-bhoith féisin.



"Is glic," ol íad-somh, "do-roighneadh in
bhoith sin."



Ro thuillsead a ttrí náonbhair isin dara leith
dhi, agus iomdhaigh Chaoílte a áonar isin leath
araill. Bádor amhlaidh sin ráithe. Ro íarr
rí Midhe ann soin clann Bhróccáin do thabhoirt
chuicce co ndeárnadh síth riú. Theaccoid caroid
dhóibh-siomh ar a cceann. Teaccoid do láthoir
in rí íaromh, agus ro fhan Caoilte día n-éis isin mboith.
Ro ceangladh síthcháin eatorra-somh agus in rí, agus
tuccadh a bhfearonn féin dóibh-siomh.



Teaccoid ar ceann Chaoilte ann sin gan mhoille.


L. 169


Adubhairt Caoílte nach rachadh leó-somh acht
muna mbéardaoís go dúnadh a dheagh-sheathor é,
.i. go Dún Samhnaighe. Ro gheallsad-somh sin
dó. Teaccoid féin agus Caoilte rompa íaromh go
hEas nDubhthaigh. Bádar ann an oídhche sin, agus
teaccoid go Cnuca arna mhárach. Do-roicchnead-
ar comhnaidhe and soin, ór do bhean laicce do
Chaoilte ann co nár thualoing ar aisdear nó ar
imtheacht do dhénomh. Teaccoid lucht na
críche eidir laoch agus chléireach agus lán-airigh, ollomh
agus oirfide, brughaidh agus bíatach dá ionnsoicchidh.
Ro fhiarfaigh aon dá maithibh dhe:



"Créd 'má ttuccadh Cnuca ar an ccnoc sin?
Agus an air tuccadh cath Cnuca inar marbhadh
Cumholl? Créad in aoís a raibhe Fionn in tan
soin? Cía méid ríogh tárraidh Éire? Agus
cionnus do rannadh Éire re Conn?"



"Cuiridh im shuidhe mé," ol Caoilte, "con
fhaisnéidhinn gach ní dhíobh sin dhaoíbh."



Do-rónnadh amhlaidh agus ro ráidh na roinn
íaromh:




"Cnuca, chnoc ós linn Life,
ro bhí uair (ba háiridhthe) -
ba dún aoidheadh ro bhoí tan
dá raibhe Tuathal Teachtmhar.


L. 170


Tuathol ar tús ro thóccaibh;
ba dún rí, ba rí-obair;
ní bhoí acht Teamhoir teach budh feárr,
ba hannsa la rí Éireann.



Feidhlimidh ro ghabh iar soin,
mac Tuathoil, meic Fhearadhoigh;
Conn íar bhFeidhlimidh, flaith Fáil.
ro bhoí isin ttulaigh ttonn-bháin.



Feart an Drúagh a ainm roimhe,
ó chéad-reimheas Iughoine
go reimheas Cuínn a Chnuc Brain,
go ttáinig inghean Chonnaigh.



Moime Choinn no chardaois roinn
ba hí Cnoca cheann-áloinn:
ro bhaoi isin dún sa athaidh
re réimheas Choinn Chéad-chathoigh.



Cnoca, inghean Chonnaigh chais
a híath Luimnigh leathon-ghlais,
do-chúaidh d'écc do thámh ina thoicch:
ro budh crádh re Gaoidhealuibh.



Adhnocht in bhean (géarbhó brón)
isin ccnoc ina cheart-mheadhón,
gorab Cnocha a shoin imach
ainm go ttoir in bráth breathach.


L. 171


As é soin in sliocht nach fann
a rús fíre ó shoin anall:
seanchos na tolcha sa ana
ris a n-aibeórthar Cnuca.



Cnuca.



Ann do-radadh an gleó garbh
bhail a bhfaice in dá charn;
ann do chomhraicsead na slóigh
díar tháoth Cumholl mac Tréinmhóir.



Trí thráth ré ccur in chatho
coimpeirt mheic in árd-fhlatho:
do-rala Fionn, fichtibh gal,
do Mhuirn mhóir a Sídh Almhuin.



Iar soin a haithle an áir
robsad síodhaighe flaithe Fáil;
roinnsead Éirinn leath ar leath
Conn agus Eóghan Taighleach.



Leath Moccha acc Mogh Nuadhad nár
is Leath Coinn acc Conn comhlán
ré naoí mbliadhon, sídh gan mheircc,
go díth Labhradha Láimh-dheirg.



Labhradh Lámh-dhearg, laoch nádh gann,
mac Láimh-dheircc athigh Éireann,
torchoir le Maol mac Mongaigh
feasccor i ccath Dubhchonnaigh.


L. 172


Thionóilsad Leath Mogha ar sin
im Eóghan chalmo, in cuingidh;
cuirid cath re Conn gan cheilcc
íar ndíth Labhradha Láimh-dheircc.



Comhraicoid i Magh Léna
cona ccathoibh coimhthréna;
Modh Nuadhot ad-rochoir dhe
re mac feasach Feidhleimthe.



Leath Coinn is Leath Mogha móir
táthaighis Conn a ccéadóir
ré fhichid bliadhon gan bhrath
gur fhás Tiobraitte Tíreach.



Tiobraide Tíreach ba teann
leis do-rochoir Conn caoimh-sheang;
do-rochoir ra rí Uladh
rí Teamhra na ttréun-chumhal.



Tiobraitte is Conaire caoímh,
seacht mbliadhno a ccosnamh maráon,
gor briseadh cath Dúine in Mháil
ar rí Uladh, gér bhéad áigh.



Íar sin ba rí i tTeamhraigh thruim
mac Mogha Lámha laoch-luinn;
ré ocht mbliadhon gan mheabhoil
rícche Conoire chneadhoigh.


L. 173


Ro luidh Conaire budhdheas
a ccrích Mumhon na móir-leacht,
gor ros-mharbh Neimheadh go neimh
ar fhaithche Árda Neimheidh.



Ceithre bliadhna d'Art Aoinfhear
acc cosnamh críche Gaoidheal;
ní raibhe bliadhoin gan chath
gur ro ghíalladh túir Teamhrach.



Deich mbliadhno fichit iar soin
sáimhríghe Airt i tTeamhroigh
gur ros-dhíthcheann Lúgh in rí
san ccath ar Maigh Mhucramhí.



Ré sheacht laithibh, lí nádh gann,
do ghabh Lughoidh íath nÉireann:
tánoicc dá ríghe neartmhoir
táth Éireann re hén-sheachtmhoin.



Tríocha bliadhon gan mhíne
boí Mac Con a n-aird-ríghe,
nó go ttorchoir an cur cas
gan léan for a aireachus.



Luidh budhdheas do tháth Mumhon
Lughoidh, géarbhó mór-phudhor;
ro marbh Ferches, fichtibh tor,
i cCarn Ferches d'áon-orchor.


L. 174


Gabhsoid iar soin slóigh Theamhrach
im Chorbmac na ccaoimh-theaghlach,
gor ríoghadh i tTeamhraigh thoir
mac Airt mhic Cuinn Chéad-chathaigh.



Ro ghabhsad slúaigh Laighean lir
im Mheidhbh Leith-dheircc do Laighnibh,
im sheacht macuibh Eachdhach Finn
dár dhúal aird-rícche ar Éirinn.



Cath ar leathtaobh Teamhroch thoir
ro briseadh leó for Laighnibh,
gor cuireadh Corbmac ua Cuinn
a Teamhraigh co Cala Truim.



Claidhsead Laicchnigh ar an learg
Ráth Méidhbhe do Mhéidhbh Leith-dheircc:
Ráith Meadhbha ó sin amach
ós in múir re taoibh Teamhrach.



Cúicc mís, trí ráithe go rath,
ro bhaoi Méadhbh 'na flaith Teamhrach
nó gur éirigh Criomhthan cas,
mac do Chathaoir chloidheamh-ghlas.



Do-radsad Laicchnigh na leann
rícche do mhac rígh Éireann;
gur ro fhaoídh Meadhbh risin mac
nírbhó rí Teamhrach Corbmac.


L. 175


Seacht mbliadhno ar marbhadh Meic Con
ro bhaoi re Corbmac cosnamh,
nár ro tháthaigh teann i tteann
cóicc cóiccidh innsi hÉireann.



Tré ríghe Cormuic na ccath
ba rí Fearghus Duibh-dhéadach;
a tTeamhroigh thoir ro chosoin
go cath Crionna nár chobhsaigh.



Na trí Fearghosa fionna
ro mharbhsad a ccath Crionna
re Lughaidh, re Tádhcc mac Céin,
re Corbmac gusan mhóir-chéill.



Dá fhichead bliadhoin go mbúaidh
aird-rícche Corbmaic in tshluaigh
go ndeachaidh, ba hiongnadh linn,
go Ráith Spealáin ós Bóinn bith-bhinn.



A Tailtin táinic flaith Fáil
go faithche Rátha Spealáin;
rucc Spealán 'na raith go rath
aird-rícche toghaidhe Teamhrach.



Bradán isin mBóinn ro ghabh
iasgoire tighe an bhrughadh;
bádor 'gá thothchaitheamh treall
re ttoidheaccht do rí Éireann.


L. 176


Cnáimh do chionn in bhradáin bhuicc
torchoir ón mnaoí san losuid;
ro-lá in chruithneacht 'na cheann
dá fuine do rí Éireann.



Tuccadh i ffíadhnuisi in rícch
an bhairghín, géarbhó míoghníomnh;
conadh de tánoicc a leacht
Corbmuic uí Chuinn na ccaoímh-reacht.



Bádor ar faithche an bhaile
slúaigh iomdha agá iornaidhe:
do-radsad gáir in sluagh searbh
im chluithe na ndá cheithern.



Mar do-radsad an gháir
ad-chúalaidh in rígh go roi-ghráin;
biodhccaidh a aigneadh gan tlás;
sluigidh in mír tré úathbhás.



Leanaidh in cnáimh gan truime
ina ucht is 'na úrbhruinne,
go bhfúair bás isin toigh thall
aird-rí airmhidneach Éireann.



Ba trúagh baoi Éire íar soin
gan tríath gan rícch i tTeamhraigh
re ré cheithre mbliadhon mbúan
gur éirigh Eochaidh arm-rúadh.


L. 177


Eochaidh Gunnad ro gíalladh
i ccionn cheithre ceirt-bhliadhon;
aoin-bhliadhon i rícche theann
go ttorchoir i ccath Cuilleand.



Cóicc bhlíadhno ro bhoí Cairbre
acc iomchosnamh Éirionn airde,
accos i sé .x. dég íar soin
ba rí Cairbre Lifeachair.



Cairbre Lifeachar nír lacc
gor ghabh risan bhFéin formad,
go ttorchoir i ccath cCabhra glan
do láimh oirlaimh áitheasaigh.



Cóicc bhliadhno don dá athoigh
mhillsead Éirinn re hathoigh;
ro bhaoí a ccosnamh gan mhíne;
éin-bhliadhoin a n-áird-ríghe.



Do-roighne Fothadh Aircctheach
fionghal ar Fhothadh cCairptheach;
Fothadh Aircctheach fuair íar soin
bás risin bhFéin bhfortamhuil.


L. 178


Ceithre bliadhno a ccosnamh chrúaidh
d'Fhiachaidh Sraibhtine go mbúaidh;
ar Eochaidh nDoimhlén an fear
cath gacha bliadhno do chuireadh.



Naoí mbliadhno ar thríochad ro theacht
Éire agus Alba a n-aoínfheacht,
nó go ttórrocht Colla cain
i ccath Dúine Dubhchomair.



Cath Dubhchomair, ba calmo,
ro bhris Colla Uais amhra,
dá ndeárna gníomh talcmhar teann,
díthcheannadh aird-rí Éireann.



Ros-ghéanoir Fionn roimhe sin
i ttús ríghe Chuinn chreachaigh;
marbh a n-aoín-mhís, gérbho tric,
agus Fíacha an fear fíor-ghlic.



Ceithre laithe go fá dhó
(is fíor, is ní hiomarghó)
ó bhás Fhinn ro fhoirgheadh gail
go cath Dúine Dubhchomair.



Co ro thuit Fionn 'na lém aoísi
robsad úaithte 'chomhaoisi,
Ocha file an fear feasa
is Mogh Ruith mac Soineasa.


L. 179


Ocha file an fear attúaidh,
Mogh Ruith isin Mumhoin múaidh:
marbh do chríne ceachtor de
Mogh agus Ocha file.



Éin-fhichid décc bliadhoin bhinn
ar dheich mbliadhnoibh saoghal Fhinn;
a mhaca Bróccáin don moigh,
atá leam-sa do mheabhoir.



As é sin an sliocht amhra
réimhsi na rígh ro-chalmo;
a mhaca Bróccáin don mhoigh,
atá leam-sa do mheabhoir.



A mhaca Bróccáin don mhoigh,
atá leam-sa do mheabhoir;
gém anbhfann, géar sgiath mo neart,
budh cóir dhaoíbh uile m'éisteacht.



M'éccaoin, monuar, ro charos
iomad fían, iomad amhus,
caroim iniogh do dheóin Dé
creideamh, comaín, aithricche.



Do-ghébh bás do thoil Dé;
a tTeamhraigh thiocfas mo ré;
bia mo leacht go laithe an Lúain
re taoíbh Teamhrach aniardtuaidh.


L. 180


Eóghan, Iollann, Aonghus án,
gabhthar leó go lúath mo lámh;
fáccbhar linn in feart sa ana
ris a n-aiberthar Cnucha."



Cnucha.




Ro éirgheadar meic Bhróccáin ann soin agus
tuccudor eisiomh go Dún Samhnaighe, agus ro bhás
gá ghaire agus gá ghlan-leasucchadh ann. Aoídhche
n-oén ro bheadhcc-somh as a chodladh agus ro bhoí
acc osnadhaigh agus acc airchaoineadh íaromh. Ro
labhair Samhnach íaromh ris agus is eadh ro ráidh:



"A sheanóir," ol sí, "créd is fachoin dot
osnadhoigh?"



"Fís ad-chonnoirc," ol sé, ".i. mé féin, Fionn,
agus maithe na Féine do bheith ar áon-láthoir mur as
feárr do bhámar ríamh." Agus ro ráidh na
roinn:




"Iongnadh fís tádhbhas damh,
truagh táthar dom mheadhradh,
an lucht do-chuaidh don bhioth bhras
a bhfaixin im chomhthanas.



Dar leam at-chonnairc in bhFéin
acc imtheacht ó shlébh do shléibh;
gach drong rom-thádhbhas rom-thá:
meabhoir leam a n-aoidheadha.


L. 181


At-báth Fionn gá léim aoísi,
ciodh eadh ro budh léim baoísi;
torchoir Díarmuid le muic mir
isin ccárn ós Ghlionn Comair.



Torchoir Feardhomhan a bhfus
le Conán 'má ráthachas;
i n-Eisgoir cCoíl, gé ro-chrádh linn,
ad-rochradar choimhthuitim.



Torchoir Aodh la hiolar bhfear
isin ccnuc a cCarn Aoidheadh;
torchoir Faolán ris anoir
ós Clúain Bhicc i nEatharlaigh.



Ad-rochoir Cáol i nDruim Chaoíl;
ad-rochoir Dubhthach ós Daoíl;
torchoir Cruinn-bheacc i cClúain Damh
agus Sgannal Sgíath-leathon.



Ad-rochoir Corra ina Chúil,
as fair ro claidheadh an úir;
torchoir Fiodh Dorcha a bhFiodh Gairbh
as de ro ceachladh in t-ainm.



Ad-rochoir Fál Feadha Becc
do leathtaobh Glinne Delmeic,
maráon is Fál Feadha Móir,
do lecc Choirill uí Chonbhróin.


L. 182


Torchradar trí meic Maoíl Chruinn
ag Garbhair, ba garbh a gluinn:
Dubh Dromán ro thuit san ccath,
Flaitheas, agus Mac Lúghach.



Fionn mac Breasoil ro thuit thoir
ar an leircc ós Lícc Dubhthoigh;
taobh re taobh a ndá lighe,
é, is Uairbhél mac Uairchridhe.



Naoi naonbhoir do éircchdís leam
Dubh agus Dubh Dhá Bhoireann;
ní fhuil neach rem linn, rem lá,
ro fhionnfadh a n-aoidheadha.



Cobhthach, Conghal, Caichear, Conn,
Fiachra Féigh, agus Achlonn,
Dubha, agus dá Dhubhán dil,
naoí meic Lughain mhic Luaimhnaigh.



Naoi meic acc Lughan ro bhoí,
náonbhar gach meic, móide a ghnaoí,
cú gach fir, giolla gach con:
dhóibh do-bheirinn tuarasdol.



Ceathror imaircce dhíbh soin
gaodh Conghal mac Muireadhaigh;
cóiccear ós cionn Locha an Eóin
ro gháoth Merchill mac mic Threóin.


L. 183


Lughan ba hainm dá n-athoir
gusin lá i cCárn Fionnachaidh,
co ro theagaiscc re Féin Fhinn
leath for leath uadha fairinn.



Faireann Dubh Dá ó shoin amach
de do ghoirdís in teaghlach,
gor thuit i bhfiadhnoisi Fhinn
don tshleigh baoi i lláimh Dechill.



Ua meic seathor dhamh-sa an fear,
Lughan ba láochdha tar lear,
liom-sa co ngníodh a luighe
do thaobh leircce Líathdhoire.



Ro marbhadh trí meic Fiodhaigh;
marbham trí chéad 'na ccionaidh;
atád 'na luighe imalle
do thaoibh leircce Líathdhoire.



An tríar ba hainimh dhamh-sa;
ba maith accom a n-amhsa;
as ram thaobh-sa ro thiughbhadh:
mo bheith dá n-éis is iongnadh."



Ingnadh


L. 184



"Maith, a sheanóir," ol Samhnach, "ná tabhoir-
si dot aire easbhaidh t'fhéine agus t'fhóirne, agus as
córa dhuit aithreachas fírinneach do dhénomh ad
dhroch-ghníomhaibh agus id dhuáilcibh i n-err
h'áoisi agus h'aimsire anos nó bheith agá ccuimh-
niughadh."



"Trúagh sin," ol Caoilte, "óir ní phuil aoinneach
isin ccruinne do-bhéaradh eólas ar Fhionn agus ar an
bhFéin agá madh éidir dhó a ccuimhne do léiccin
úaidh nó go sgaradh a anom ris."



Ro luidh-siomh as a haithle, agus ba hanbhfann
inirt éccrúaidh baoi, agus baoi accá fhreasdal go
dúthrachtach deitheattneach acc an sáor-mhnaoí,
.i. ag Samhnaigh, nó go raibhe Aonach Tailltean
accá iomrádh re fearoibh Éireann. Tánccadar
clanna Bróccáin ann sin ar a chionn-somh, agus ro
íarrador leó é gos . . . sin, agus nochan
fhuair-seamh meaisneach re coisigheacht nó re
marcoigheacht do dhénomh, óir do bhí isna laithibh
déighneacha go deimhin an tan soin agus a chríne
arna chaitheamh, agus ro chuir truaighe orra-somh
an cruth ina bhfacador eisiomh, agus ro fhiarfaighdar
dhe in rabhadar eich ná carboid acc Fíanaibh
Éireann.



"Cía aicce a rabhador," ol eisiomh, "acht
accoinne inár bhFianaibh?"



Agus ro ráidh na roinn ag foillsiughadh amhuil
ticcdís chum an Aonaigh, amhoil do shuighdís
ann, agus amhoil d'ordoigheadh Corbmac iar n-órd


L. 185


cách ann, agus acc foillsiughadh bloidhe dia ttiodh-
laicthibh iaromh. Conadh ann ro ráidh na roinn:




"D'Aonach Tailltean téighmís-ne
(robsad ile ar libhearna);
is amhloidh ro chéimnighmís,
slóigh mhóra imm ar ttighearna.



As amhloidh do lodmais-ne
(nír chumhdach go ccaoil-bheathaidh),
ar ríogh 'no roi-chairpthibh,
ar n-óig ar a n-aoin-eachaibh.



Seacht suidhighthe i suidhmís-ne
ós fheart inghine Maghmhóir;
seacht ccéad gacha suidhighthe
baoimís do ghléire ghlan-shlúaigh.



Ticcdís aoís na treabhoire,
i mbiaitaigh is a mbrughaidh;
ticceadh in flaith feachtnaighthe
dá ccur ina . . .



Córughadh an áonaigh-sin
no fhóccradh orra cána;
d'orducchadh an aonaigh-sin
ba buidheach aos gach dána.


L. 186


Córughadh an aonaigh-sin
ba haoibhinn lenar n-amhsoibh,
ba loinneach lenar n-aoidheadhaibh,
ba faoilidh re ar n-arsuibh.



Trí chéad fail ros-dearlaiceadh
d'ór bhuidhe go n-iomghloine,
trí chéad uinge geal-arccoid,
trí fichit uinge d'fhionndhruine,



Trí chéad sgiath go ccaoímh-ghloine,
trí chéad sleagh ba seóid flatho,
trí chéad claidhomh caol-bhuidhe,
trí chéad leann gacha datha,



Trí chéad cuach do gheal-airccead
cona ndrom-lannuibh dearcco,
caoga cuilén ceann-mhaiseach
agus caoga cú sealcco,



Trí chéad each do thréan-bhronnadh,
trí chéad bó bheirdís brughaidh,
trí chéad carbad crédhumha,
trí chéad torc comhtheann cubhaidh.



Corbmac ua Cuinn Chéad-chathaigh
ro fhodhladh maoin do mhaithibh,
robsad troma a thairbhearta
d'fhileadhuibh is do fhlaithibh.


L. 187


Ba haoibhinn ar mbeith-ne
a bhfarradh na bhFían bhfáobhrach;
ba hiolardha ar n-eachraidhe
acc tríall dúinn gusan áonach.
D.



Misi do budh . . . -rmach
an uair sin leam níorbh eólach
go mbeinn isin mheirbh-néill-si
acc tríall dhamh gosan áonach."
D.




Ro chuirsead a ccróchair é íaromh agus éadaighthe
láin-mhíne ina urthimcheall, agus ro thóccabhsad ar a
ghuaillnibh leó é as a haithle go ránccadar Ros
Teamhrach. Ro thairneadh in seanóir agus ro
fhíarfoigheadh dhó íaromh cía an t-ionadh inar
léicceadh ar lár é.



"Ros Teamhrach an t-ionadh sa," ol sé, "agus
ba ghnáitheach móir-theaghlach ann gos anois, agus
ba mór lá ro bhámar go han-aoibhinn sonn."



Agus ro ráidh na roinn iar suidhe:




"Baile na ríogh Ros Teamhrach:
ann fa meinic móir-theaghlach
a gcéid-reimheas Fhear mBolcc mbinn,
dár ghabhsad uile Éirinn.


L. 188


Cía ris ar tóccbhadh ar tús?
cia a céid-rí fuair a hiomthús?
cia ris a ndeárnadh dún di?
caidhe a hionganta uili?



Caidhe a búadha brasa? -
fionnaid lucht an eólasa;
créd dhligheas rí reabhach
do chíos do gach cóicceadhach?



Cía méad a fhearonn ro feas
idir thoir is thuaidh is theas?
is caidhe ríomh a toighe
má theagh Teamhrach tonn-ghloine?



Cionnas ro bhoí Teamhoir theann
acc Fearoibh Bolcc na mbéimeann?
cionnus ro ghabhsad Túath Dé
múr na Teamhrach toghaidhe?



Cionnas tánccadar andeas
Gaoidhil forra, gérbho deas?
cionnas ruccadh Teamhoir thall
ó shaor-Thuathaibh Dé Danann?



Fir Bholcca is Tuatha Dé,
Gaoidhil uirre for áon-ré:
in síth, in cogadh, nó in cath
do-rónsad im mhúr Teamhrach?


L. 189


Túatha Dé ina dheaghaidh
caidhe a ngleó re Gaoidhealaibh
cionnus ro fáccbhadh Magh mBreagh
re macoibh móra Míleadh?



An fíor gur chuirseador croinn
ar Inis Ealcco n-áloinn,
nó an bhfoclann an seanchos soin
aittreabh a ttuath fó thalmhain?



Craéd do-rónsad Túatha Dé?
caidhe cinnte a ccomhuirle?
má ro ghabhsad síth gan on,
caidhe a ndíol iarna dénomh?



Tuatha foirthréana fFear mBolcc
caidhe a n-aittreabh, caidhe a n-ord?
cía méad d'fhearonn iar ndeaghail
ro ghabhsad ó Ghaoidhealaibh?



Sluaigh iomdhadh na nGaoidheal ngarcc,
dia ttuccadh dhóibh Éire ard
idir shlíabh is móin is magh,
caidhe an roinn do-rónsadar?



Trí mic do Mhílidh mhear-mhór,
Aimhirgín is Éireamhón
agus Éimhear gaoth glan grinn,
cionnus do rannsad Éirinn?


L. 190


Madh ro bhoí neach oile and,
madh ro aittreabh íath nÉireann,
do chlannduibh Mílidh na magh,
ciodh amhlaidh nach innistear?



Ro ghabhsad rígh go rath mhór
iath Éireann ó Éireamhón;
ro lécceadh dhóibh Teamhoir the;
leó ba bladhach in baile.
Baile.



Sláinghe d'Fhearoibh Bolcc go mblaidh
ro thóccaibh ar tús Teamhoir;
as lais do móradh an múr
is do-rónadh in rígh-dhún.



Ionganta Teamhrach fó thrí
iongnadh a ndul ar neimhthní:
tiobra, lía is lighe ghlan,
cía duine ris nach iongnadh?




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services