Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Agallamh na Seanórach II
Title
Agallamh na Seanórach II
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ní Shéaghdha, Nessa
Composition Date
1680
Publisher
(B.Á.C.: O.S., l942)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
(AGALLAMH NA SEANÓRACH) (IMLEABHAR A DÓ) Imthúsa Oisín ní híad ceasnaighthear sonn go léicc; acht iomthúsa Chaoilte mheic Rónáin ó do sgar féin agus Oisín ré-roile i cCuilleann ó cCúanach go ttáinic fá chuing creidmhi agus crábhaidh, gach air chés d'imneadh agus d'édúalong ris an aithidh sin, agus amhuil ro sgarsad a mhuinntir fris acht Fionnchadh amháin ad-fíadhar sonn sealad oile. IMTHÚSA Chaoilte mheic Rónáin cona ochtar áird-fhéinneadh, íar n-imtheacht d'Oisín do mhúghúdhadh Phádraig cona chléirchibh, agus do Dhearg go Sídh Brain, fa dubhach an degh- bhrughaidh, fa meirtneach an mílidh, agus fa tuirseach an trén-churaidh íaromh an oídhche sin d'aithle scarthana dhó fria charoid agus fria chomhdhalta, .i. re hOisín cona mhuinntir, óir do budh baramhuil lais nach ccomhraicfeadh re háon díobh as a haithle: dóigh ámh do thuicc-siomh iar n-imtheacht d'Oisín go ccreidfeadh don Táilgeann agus co ngébhadh baisdeadh úaidh ionnus nach ccomhraicfeadh ris féin; agus ní mó mheasaisdair Dearcc mac Eóghain do chomhrac ris ó do rachadh
a síodhuibh. Ro bhaoí an oídhche sin a Sliabh Crot cona mhuinntir, agus nochar chaithseat proinn nó tomhaltus innte acht a bheith fó dhubha agus fó dhoimheanmain dóiph. Ro éirigh Caoilti a ndeaghóil na maidne, agus ro labhar rena mhuinntir, agus as eadh ro ráidh: "Ní raghaim-ni," ol sé, "a síodhaibh a ndiaigh Deircc agus ní mó ragham a ndiaicch Oisín d'eaccla cco ccreidfeadhmaois donaibh coirneachuibh ucchot ar aithris Oisín. Agus monúar," ol sé, "nach a ccath nó i ccomhlonn atáid na tréin-mhílidh sin, d'fhéachoin an raghmaois-ne d'fhurtacht dóibh, agus as eadh as iondénta dhúinn dol a bhfeadhoibh agus a bhfásoighibh, a ndiamhruibh agus a ndroibhélaibh, d'iomghabháil na ttoill-cheann sa tánoicc a nÉirinn d'eaccla a saoibh-chreidimh do fheicheamh nó do shíor-leanmhain dúinn." Ro cinneadh leó an chomhairle sin agus ro ghluais- siot rompa gacha ndíreach go Gleann an Áir, a lLeitir Abhrat Chaoimh a cCeand Feabhrad Sléibhe Caoín, agus a lLeitir Dhuibh a lLúachoir Dheaghadh. As ann sin ticc deireadh do ló agus tosach d'oídhche, agus anuid an oidhche sin a Luachoir Dheaghadh, agus ro choduilsiot go meirtneach mí- mheanmnach mór-sgítheach isin bhfían-bhoith do- rinne Fearghaire dhóibh. Éirghios Caoílte a moch-dheagháil na maidne arna mhárach agus tánoicc ar bhord an átha fa
coimhfhoiccsi dhó agus at-chonnairc an linn ar snámh fó íascc. Ticc tar ais dochum a aosa cumhtha. "Éirghidh, a fhiora," ol sé, "do ghabháil an éiscc si amuigh ar an linn, agus cuiridh bhar ndorbha agus phar ndubháin, ór ní sheachontar an bíadh agus as éiccin go seachontar an charoid." Éirghid ann sin an t-ochtar bádor maille ris, agus ro ghabhsat acc gabháil an éiscc gur éirigh an ghrian tar easuibh agus tar inbhearoibh. Is ann sin tánccatar aodheareadha cona ttáintibh agus cona n-innlibh i mullach Chairn Leitreach Duibhe ós cionn Chaoílte agus é ina shuidhe ós úr an átha, agus ro ghabhsat na buachaillidhi acc cantain duird aodhearadh, agus tucc Caoílte a mheanma go mór ann, óir budh cosmhuil ris an Dord Fiansa é, agus ro ráidh riú-somh coitseacht ris, agus do-rinne na roinn ann:
"Éistidh beaccán, bíom ar ttost, a Fhiorghaire, gebh mo choscc: ceól do-chluinim dom thaobh chlí do chuir mo chorp ar neimhthní. Trom threaghdas mo chroidhe cain aithris Fían a Fotharlaicch: annraidh bheacca a mboith Ghúaire, an ceól chanaid mo thrúaighe!
Aoghaire dhubha a Druim Léis ar n-aithris fuabraid d'arnéis: bínn núaill a mac samhla soin dordán trí meic bhFearrdhomhuin, Crónán Faolchon a Fiodh Gairbh, fodhord Floinn do Leircc Lathoirn, abhrán Fáoláin, fead Loinne, foghar thrí mic Cochruinne. Caoín ceól do chandaoís tar lear Cairioll, Art, is Eóbhrán, Mongán, Maolghus, mór a n-ádh, Faolchú, Eóghan, Uamhanán. A Leitribh Ceand Rabhnírind Daolghus, Dubhachán, Dubh Rind, Mugh Sláine, Dubhthach mac Braín, agus Findchadh a Formaíl, Dubh Róid, Dubhán, Dubh Dala, Dubh Druman mac Seanchadha, Conán, Flaitheas, Fear Dá Ghal, Garrbh Daire, Dáire, Dúnghal.
Maol Ughra agus Maol Eanaigh, ba bind le cách a meadhair, Caince, Fearrdhomhan, Find Bán, Oscur, Oisín, Uallachán. Dearcc agus Ruadh agus Goll, Lughaidh, Lucán, Conghal, Cond, Scannal, Uairbhél, Aichél, Earcc, Bran séaghdha, Sealbhach saoir-earc, Colla, Corc, Féice fóill fíal, Fiacha, Conall, Caichear, Cian, Garbh Crot caol i Cluain Dá Ros, Donn, Dérath Dubh, dá Dhonnghus, Find féin is Flann mac Eachach, Diarmait, Raighne Rosc-leathan, canait in Dord Fiansa ar fuin, canaidh Caílte Collamhair. Canaidh Caílte Chnuic Dá Dhamh, canaidh Caílti Chnuic Aradh, canaidh Caílte Cos-luath cain, canaidh Caílte mac Fidhaigh. Canaidh Uilleand, canaidh Aodh, is Druim Dearg is Dubh Dá Raon agus Subhach mac Maol Cruim agus Flandchadh a Fordhruim.
Canmais a nAlpain re seal is a Fornocht Droma Dean, i nAonach Life, líth ngal, i ndAlmhain, cen imarghal, A nAonach Thaillten na n-áth, i Carman, i Cnucc Dá Ráth, a nUisneach, a Tailltin tair, a Cnodhbha, a Tlachtgha, a Teamhair, A Téide, a Corann na treabh, i ndAonach Clochair tar lear, a nAonach Cliach is Luinge, i ndAonach mhór Mhucruimhe. A nAonach Cruachan ro bhaé canmais dord ar ndul ar caé: ba bind foghur fiansa ar feacht, ba maith le cách a éisteacht."
A haithle na laoidhi sin ro bhádar in tshein- Fhian ac tarmeasc Caílti dá eólchuire, agus do ráidhseat nár chóir dhó bheith ac cuimhniughadh na Féinde dhóibh. "Déntar iascach d'indeónadh dúind," ar siat. "Ní hinadh dúind so, ar is imdha a aitreabha
in inait so," ar Caílte: "a imgabháil is cóir dhúind." Agus táncatar rompu, a clé re Leitribh Duibhi, agus do Theamhuir Luachra, agus do Ghleand na Cond, agus d'Áth Luchraidh for Féil, agus do Bhrosna Droma hIaraind, agus tar aibhnibh Féile. Agus ó ráncatar tar in Fhéil adubhairt Caílti: "Is mithigh," ar sé, "indeónadh do dhénumh acuind." Do-ríneadh fón cuma sin a fhulacht, agus mar thairnic dóibh do éirighseat reompu tar Ré in Chind i Luachair, bail i rucsat meic Cuilgreand ceand Finn huí Bhuíscne, agus a ceand tSléibhe Mis lámh re Cathair na Claon-rátha, agus d'Uisci Labhrainde, agus a Tráigh Fhir Ghrinne mheic Dheagh- adh, agus do Loch Daimh Dheircc, agus do Dhumha Mhaissine i nGleand na nDiadh, agus amach a Comhar Cind tseind-Shléibhe. "Is inad maith seo," arse Caílte "agus is . . . . . . dhainccean é, agus nocha purt gabhála do mhuir nó do thír in t-ionadh so ina bhfuilmaoíd, muna ttíaghoid lucht fíadhoigh nó fían-chosccuir ann." Tánoicc Fearghoire ann sin fó dhiamhoir an fhoadha agus ro theasccadh reamhar na roi-chleith agus caol na ccáomh-shlat leis, agus do-righne boith
bhél-mháir bhronn-fhairsincc, agus tucc fleasg tar a féicce agus díon tar a deagh-úachtar. Agus an ccéin bhaoí-siomh ag dénomh na deagh-bhoithe do- chuadar an t-ochtar aird-fhéinneadh do sheilcc, agus ro budh hurlamh leaba gach deise agus iomdhaidh gacha con, agus teóra coilceach coilleadh i ngach iomdhaigh dhíobh, .i. coilceach chraobh, coilceach cháonnaigh agus coilceach úrluachra, lasiomh ar a ccionn. Téid a ndochum an tshrotha íaromh baoí a ccomhfhoccus dó, agus do-ghní teasccadh agus tóbhacht an talmhuin go tinneasnach, agus ro léicc a lór- dhaothain d'uiscce in tshrotha chuicce ann, ionnus gurbh ullomh an mhór-fhochraicc lais mur an ccéadna ar chionn na ccaithmhíleadh. Tánccador-somh íaromh gusan bhfían-bhoith agus ro chuirsiot a n-eireadha sealcco dhíobh. Do- rónsat a ffothraccadh íaromh, agus ro chuirseat a meirten agus a mór-chumhaidh dhíobh, agus do-roigh- neadh inneónadh dhóibh, agus ro thomhuilseat a-seannadh. Ro bhádor go moch-shoillsi na maidne ina ccodladh. Ro éirgheadar ann sin, agus teaccoid ar an ttulaigh 'na n-iomfhochraoibh, agus bádor ag déxain úatha ar gach áird. Bádor días a ríghe agus a roi-cheannos na críche sin an ionbhaidh sin, Irghal mac Muireadhaigh agus Ceallach mac Sealbhaigh a n-anmonna. Ciodh trácht, is é sin lá táinicc Irghal mac Muireadhaigh
do sheilcc isin ccrích sin. Impádar-somh, agus do dhúiscceadh iomad faoil-bheathadhach agus fíadh le hIorghal agus rena mhuinntir, agus nochar marbhadh don fhíadhach sin leó acht madh aon-ndamh amháin. Rob iongnadh adhbhal-mhór lasain íarsma soin na sein-Fhéine a laghad do marbhadh don mhóir- fhíadhach sin. "A Fhionnchaidh," ol Caoilte, "as olc rioth fhear agus chon na sealcco so." "Deithbhir sidhéin," ol Fionchadh, "ór as amhneirte agus as anfhainne gach líne dá dhéighioncha inás in líne roimhe." Teaccoit dá ffían-bhoith agus codlaid inte an adhoigh sin. Tíaghoid do sheilcc isin ionadh chéadna arna mhárach. Ro dúiscceadh leó damhradh dhearg-ruadha dhásachtacha agus agha imdhísccire alltaidhe, agus ro mharbhsad a ndíol díobh. Ticc Irghal mac Muireadhaigh íar sin isin nglionn a mbaoi an tshealcc acc na tréinfhearuibh, agus fuair forlorcc na bhfear mór agus na ccon comhadhais, agus ro lean an lorcc. Ro ráidh as a haithle: "A aois comhtha," ol sé, "as sliocht-lorcc Fomhoireadh agus daoine nach coimhdhíne an lorcc so ad-chíam, agus leanom é go bhfeasom cia 'sa sliocht"; agus nochan fhuair-siomh duine dá leanmhuin. Ro ghlúais féin agus a chú a ndeaghaidh an luircc,
agus ro lean é go Comair Chinn tShléibhe co bhfacaidh an fhian-bhoith úaidh. Do-rála Fearghoire ann sin acc foraire dona fearuibh a ndoras na fían- bhoithe. At-chonnairc an t-aon-ócclaoch chuicce. Do ráidh ria mhuintir: "Slán foraibh, a dheagh-laocha," ol sé. "Ciodh ad-chí?" ol Caoílte. "Áon-mhacaomh ócc áloinn agus áon-chú ar slabhradh ina fharradh." Do-riacht in mac gusan ffían-bhoith agus téid asteach innte. Ro bhádor na coin mhóra ag dlomhadh a ndaingean-shlábhradh dochum con an óccláigh. "Taoi forsan cconairt, a ghille," ol Caoilte, "go suidhidh an sáor-mhacaomh agus go bhfoillsighidh a sgéala." "Córa dhaoibh-si," ol eisiomh, "innisin damh- sa céadús, ós mé do-rála um aonar." "Is onórach labhras an laoch-mhac," ol Caoílte. "A Fhionnchaidh, innis ar sgéla dhó." "In ccualais iomrádh Finn agus na Féine?" ol Fionnchadh. "Do-chuala," ol eisiomh. "An ccúalais cia hócclaoich is feárr baoi aicce?" ol Fionnchadh. "Ní chúala," ol an macaomh, "tríar do thabh- airt a lámh a lláimh tighearna ríamh dob fheárr nó Caoílte mac Rónáin acc Fionn, Lughaidh
Lágha acc Mac Con, agus Dubh mac Salmhair ag Fothadh Canann." "Fíor," ol Fionnchadh, "agus as é an treas fear dhíobh fil sonn, .i. Caoílte." "Cia thusa anos, a ócclaoích?" ol Caoilte. "Irghal mac Muireadhaigh misi," ol sé, "agus do Chorca Duibhne dhamh-sa, agus as liom leath an fhearoinn agus na críche si ina bhfuilti-si." "Más eadh," ol Caoílte, "déna maith fóirne, agus athaigh chugainn, agus dhénam-ne comhrádh agus caoín- bhriathra riot." Snadhmaid for aroile comhall an chunnraidh sin. Téid Iorghal dá dhúnadh feisin agus ro innis dá mhuinntir gor lean lorg na bhfear mór sin go fairrge agus nach bhfúair íat. Téid a ccionn trí lá gan fhios dá mhuinntir gusan fhian-bhoith chéadna agus fearoid-siomh fáilte fris. "Sgéala leat?" ol íad-somh. "Éire uile fá lán-mhaitheas," ol Iorghal, "agus ro budh mían liom-sa sein-sccéala d'fhagháil uaibh-si," ol eisiomh, "agus do-ghébhuinn ar son gach sein- sccéil sén sealcco do mhúnadh dhamh." "Múin súd dó, a Fhionnchaidh," ol Caoilte. "Tabhradh a mhuinntir agus a chonairt leis Dia Céadaoine ticc dár ccionn, agus dénadh sealcc, agus an chéad-fhiadh mhuirfeas cosccradh é, agus tabhradh dá mhuinntir agus dá chonairt é, agus coimleadh a fhuil
do lámhaibh a mhuinntire agus dá chonuibh, agus bíaidh conách sealcco air." Téid Iorghal dá theaglach, agus téid Dia Cédaoíne do sheilcc, agus do-rinne mar adubhradh ris, agus no mharbhadh fó a chumas gach fíadh ó sin amach. A ccionn aimsire iar sin ro élaidh Iorcchal ó a mhuinntir agus tánoicc gusan bhfían-bhoith. "Atá ceisd accom re a fíarfoigh anos," ol eisiomh, ".i. ócclaoch maith atá im roinn fearoinn riom, .i. Ceallach mac Sealbhaigh, agus atá ar bport gabhála flaithis aicce-siomh ar áon um aghaidh- si aonar, agus as fear beódha cródha é, agus rígh Mumhan agá mhéadughadh thoram-sa, agus rob áil dhamh sén agus soladh d'fhagháil dia ionnarbadh." "Cuir do mhuinntir," ol Fionchadh, "Dia Dardaoin ticc fó fheadhuibh, agus teaccoid Dia hAoine gusan bport flaitheasa fil eadroibh agus tabhroid cleith gacha fir leó, agus sáidheadh gach aon cleith ann ionnus go mbíaid 'na ttimchioll do gach áird, agus budh lat-sa an port dia éis." Do-rinne Iorghal samhlaidh. Do-rionáil Ceallach accá chloisdin sin, agus thuccsot tachor talc-mhór tinneasnach dia-roile, agus torchoir Ceallach do láimh Iorghail don iomaireacc sin, agus ro ghabh ríghe Chorca Duibhne trésan séun sin. Ticc Iorghal ar cuairt go' aois comhtha, agus fearaid fáilte fris. As í fa bain-chéile d'Iorghal Dubh Ghréine, inghean Chathoil Chruim-chinn, .i,
inghean brughadh dhó budhdhéin, agus do bhreathnaigh ina hinntinn gorbhó lucht comhtha draoidheachta baoi ag Iorghal ór do líon rath agus ruabhar é, agus ro theilcc ina hinntinn agus ina haiccneadh go ttiobhradh mnaoi oile tairsi agus nach bhfuighbheadh dol inte ó fuair an oiread sin do rath agus do ro-chonách, agus ro lean ar a lorcc é nó go riacht an fhían-bhoith, agus ro chuir a clúas ria, agus ro ráidh ina meanmain gurbh íad sin tucc gach rath agus gach ro-chonách dhó dá bhfuair-siomh, agus go ttiobhradaois a fúath feisin faoí. Is ann sin ad-rala Iorghal acc accolamh a aosa comhtha agus adubhairt riú: "Maith bhur ccumaoín oram-sa, a aois comh- tha," ol sé, "ór torchair Ceallach mac Sealbhaigh riom, agus atá a fhorba agus a fhearonn accom tré bhar ccomhuirle. Agus atá ceasda oile accom, .i. ealta do dhuibh-énoibh do-ríacht chuccam, agus an gort ar a luidhit ní fháccbhuit déis arbha air cen a bhreith leó ina ccrobhaibh go mbí 'na úir dheircc dia n-éis, agus tabhraidh sén dhamh-sa dia ndíth- chur." "Maith an tráth tánccois, a mheic," ol Fionn- chadh, "ór beathadhaigh Éireann agus daoine an domhuin do fuaiccérthaoi risin sén mhúinfead-sa dhuit, ó thráth nóna anocht go tráth éirghe don ghréin amárach, muna bhfágbhaid an t-ionadh a mbéid agus cen a thadhall as a haithle budh marbh
fá cheann nómhaidhe íad - .i. dul ar a ccúl isin ionadh a mbéid agus a fhuaccra dhóibh imtheacht rompa cen mhoille agus cen iompódh doridhisi." Ó 't-chualaidh bean Iorghail sin ro labhuir agus as eadh ro ráidh: "Fuaccraim-si dhaoibh-sí an t-ionadh so d'fháccbháil anos gan chairde agus cen a thadhall ó sonn amach." Biodhccaid-siomh agus beadhccaidh Iorghal an sin. Ro éirigh an macaomh íaromh agus gabhois a arm agus ticc i ndeaghaidh na hinghine, agus téid sí a muinghin a reatha. Ro ghabh lámh re hor an mhara ar iomghabháil Iorghail, agus acc silleadh dhi tar a hais torchuir um charruic muiridhe gurbho marbh í. "Ar mallacht ort," ol Caoilte, "a bhean, is iomshníomhach do fháccbhois sinn." Agus ro ráidh na roinn etcrca. etc. conadh:
"Mallacht úainn for mnaoi Iorghail, mallacht gach rí don ríoghraidh, mallacht Oisín agus Finn ar inghin Chathoil Chruim-chinn. Do fhóccair dúinn Dubh Ghréine fáccbháil Comair Chinn tShléibhe: mallacht ar an mnaoi ro-d-mbrath; budh sé a diúltadh déighionach.
Bámar sealatt sonn go sáimh, cían ó fhearuibh, cían ó mhnáibh, cían ó Tháilgeannaibh go beacht: níorbhó conair cuartaighacht. Annamh linne gus anú iomghabháil ar aoidheadhu: budh faoilidh linn cách 'már bhfeis: gan aoigheadha ní loingmeis. Beannacht uainn ar Iorghal án: rinn ba connail a chomhrádh: gairm a mhná nír ghairm go ngart: ro thuill go mór ar mallacht. M.
Fáccbhom an t-ionadh sa," ol Caoilte, "óir ní córa do gach neach teachadh riana fhóccra nó do gach aon dínne." Tánccadar rompa íaromh go Gleann Masáin, do Loch an Doimh Dheircc, do Loch Léin, agus do Ghleann na Mangortaigh' ós Loch Léin. "As maith an gleann sa a bhfuilmaoíd anos," ol Caoílte, "agus ní aitheócha neach n-aon chuccoinn." Teaccoid fón ngleann, agus tógbhaid ionadh nderrid ar bhrú easa fír-áloinn fuarador ann, agus beanas Fearghaire caol an fheadha, agus do-ghní boith bhéal- fhairsincc, agus cuirios fleasg tar féicce fuirre, agus
tuighios go trén-athlomh í, agus do-ghní iomdhaidh gacha deisi agus leaba gacha con agus trí coilceachtha coilleadh i ngach iomdhaidh. In airead ro bhaoi- siomh acc eallmhughadh na fían-bhoithe do-ghní an giolla tóbhacht a taoibh ghrinn-talmhan, agus léicceas an sruth chuicce ann, ionnus gurbh ollamh an fothraccadh aicce rompa-somh. Téaccoid na tréin-mhílidh ón tsheilcc íaromh, agus do-roighneadh inneónadh agus ard-bhearbhadh dhóibh. Ro chaithsiod proinn agus tomhaltas. Do chodailseat íaromh as a haithle ar a n-easrachaibh acht Fearghaire a aonar. Bádor ar an orducchadh sin go fíor-dheireadh na hoídhche, conadh ann ro-chuala Fearghaire suasán na sealcco ós a chionn isin sléibh, agus ad- chonnairc lucht na sealcca idir fhior agus choin. Ro ráidh riú-somh éirghe go hormhaisneach agus cco ttánccois ina ttimchioll. Ro éirighdar-somh go hathlomh ann sin agus ro ghabhsat a n-armo. "Ní neach oile do-ghní an seilcc si acht rí Mumhan," ol Caoílte, "agus fáccbham an t-ionadh sa dhó." Teaccoid iaromh go Gleann Fleisge do leath- taoibh Locha Léin. Dála Fionnchaidh agus Chaoílte as amhlaidh ro bhádar agus a lámha for bhraighdibh aroile, agus tángador go Ráith na nIongnadh.
"Créd imá ngoirthear Ráith na nIongnadh dhi so, a Chaoílte?" ol Fionnchadh. "Dia mbaoi Fionn lá ina longphort sonn," ol Caoílte, "(agus ní ro-d-ghéanoir-si an ionbhaidh sin, a Fhionnchaidh), tánccadar tríar isin nglionn sa dá ionnsoighidh agus do-rónnsat a ccor agus a cconnradh ris - aon-chú budh ghile ná sneachta a ccú, cú sealcco san ló, caor theineadh san oídhche -; agus as í comha ro shirsead ar Fhionn: a mbeith gach laoi acc coimhsheilcc risin bhFéin, agus a mbeith ar leith gach n-oidhche; ciodh beacc mór do mhuirfeadhdaois gan a aiscc orra. Agus budh do bhúadhaibh na con baoi aco, an t-uisce ina ttéigheadh budh fíon nó miodh co ceann naomhaidhe dá éis; agus ba hí an cú soin ro mharbh dhá mhac rígh Uladh, .i. Donn agus Dubhán a n-anmanadh." "Cionnus ro mharbhusdair-si na deigh-fhir sin?" ol Fionnchadh. "Ní hannsa," ol Caoílte, "a lonccphort ar leith no bhíodh an triúr úghod agus a ccú gach n-oidhche, agus múr theineadh 'na ttimchioll ó thicceadh adhoigh, agus an cú ar mheadhón eotorra, agus nocha lamhadh aon d'Fhianuibh Éreann teacht dá ffhaixin ó thicceadh adhoigh, ór do chuirsiot a ccor agus a cconnradh ar Fhionn cen áonneach dá ffaircsin an ccén bheithdís a fFíanaibh.
Ciodh trácht, ránoicc do chloinn rígh Uladh foraire na fFhían aon d'oídhchibh ann, agus tánccodor fó thrí a ttimchioll na bhFían, agus at-chonncadar an múr theineadh ina mbádar an triar réimhráite agus a ccú. Ro ráidh siadh-somh ann sin gur mhór an t-iongnadh nár dhearcustar aon d'Fhianoibh Éireann an tríar sin ná a ccú aon-oidhche risin mbliadhoin si bádor ina bhfarradh, agus nach mó do bhíodh a fhios acu créd an córughadh ar a mbídís; "agus dá ccaomhsaim-ne," ol siad, "brisfeam a ngeasa agus a ngnáth-airmeartadh don chur sa." Do chuirsead a n-éideadha iompa agus ro ríachtador anonn trésan múr theineadh. Ro ghabhsad a n-airm ina lámhaibh agus ro ghabhsat acc dearcadh an trír chéadna agus an chon. Is amhlaidh imorra baoi an cú árd-mhór aireadha sin baoi aca gach laoí, gonár mhó nó méad oirce ísiol bheag nó crannchú coimhideacht' innte. Ba méidightheir re molt-chroicinn gach top trom teinntighe no bhíodh úaisde ó a hó go a híarthor. Días díobh agus a ccloimhthe áithe urnochta ina lámhaibh acc coimhéd an chon, agus an treas fear dhíobh agus cuach ghasda ghlan-airccid ina ghlaic ghá ghlé-chongbháil re béul an chon; agus rogha gach dighe dá sirdís na saoir-fhir ro sgéeadh an cú; agus slabhradh sídhe ar an ccúaich láin-gheal leathon-bhórdach ro bhí
a láimh an laoch-mhíleadh ghá dáil ar na deagh- fhearuibh. "Is a ro-úaigneas filtear ann sin," ol Dubhán mac Breasoil. Ro-chualadar-somh sin. Agus ro ráidh fear dhíobh risin ccoin: "A uasoil agus a fhíreóin, a Fhailínis, nach mothaighthear in tréan-bhrath agus an taisccéaladh tuccadh oirn anocht ó Fhionn agus ó Fhianuibh Érionn?" Ro chraith an cú a hearboll agus a hiathrorlaoigh, agus tánoicc goéth nimheisnidh neimhe as co ndeach- aidh fóna n-aighthibh-siomh ionnus gur thuit- eadar a sgéith dá ngúaillibh, a sleagha as a saor- lámhaibh, agus a ccloidhmhthi dá ccaoimh-chreasuibh isin móir-theinidh, agus nocha raibh ar cumas dhóibh a tteasargoin ar a ttrom-losccadh íar ndol fútha don ghaoíth, agus ro marbhadh íad as a haithle. Agus ro impaidh an cú iar marbhadh na míleadh agus tucc a hanáil fóna corpaibh, ionnus co ndérna lúaith dá lán-chnámhaibh ar an láthair sin, co nách fríth fuil ná feóil na fóirne sin dia éis. Rob adhbhal an t-iongnadh linne," ol Caoilte, "gan fios écca ná aidheadh na laoch sin d'fhagháil; agus an tan do-chuaidh dhínn gan deimhin a mbáis d'fhaccháil tuccamar ar Fhionn a ordain do chur fána dhéud fis, ionnus gor foillsiccheadh fios fírinn- each do thaoibh chloinne rígh Uladh agus chloinne
rígh na hIoruaidhe, .i. Seala, Domhnus agus Domhnán, .i. amhuil ro ghadsad an ccoin óna n-athoir budhdhéin, .i. ó rígh na hIoruaidhe, .i. Fliuchradh Niadh a ainm, agus ro foillsigheadh dhó mur an ccéadna gach búaidh dá mboí uirre agus amhuil tuccadh go Lugh Lámhfhoda í agus an ccéin baoi aicce. Ro innis Fionn dúinne," ol Caoilte, "amhail agus do básoigheadh clann rígh Uladh. Ro ráidh- siomair-ne clann rígh na hIoruaidhe do bhásoghadh gan cháirde isin ngníomh sin. "Ní mhuirfidhear," ol Fionn, "agus gébhoim éruic isin ngníomh do-rónnsat." Ro ráidh siad-somh go ttiobhradaois éruic úatha dob fheárr nó áird-ríghe na hÉireann, .i. an cú baoi aco. Tuccsat grían agus éascca, muir agus tír a ráthoigheacht orra gan beó na con do bhreith go bráth a hÉirinn. Bádor íaromh ráithe agus bliadhoin tar éis na héirce do dhíol isin bhFéin nár leicceadh an ccoin ar a ccumas agus nach mó fuairsiot amass uirre. Íar sin ro shaoil Fionn gur thairisi dhó íad-somh agus ro léicc an ccoin ar a ccoimhideacht mar gach ccoin oile. Ro mharbhadar-somh í as a haithle, agus ruccsat a croiceann leó, agus ro élaidhseat a hÉirinn, agus lodar seach Albain budhthúaigh go ránccatar Dún Meircce. Ro leanamair-ne Fíana Éireann immár ttighearna íad. Ro chruithnighdar Breath-
naigh, Albanaigh, agus Cruithnigh chuccoinn. Rucc- samair-ne," ol Caoilte, "cloich gach fir linn ón tráigh baoi a ccomhfoccus dúinn gusan maighin inar cuireadh cath eadroinn agus na hallmhuroigh, agus do-rónnsam carn dhíobh, agus ro mhionnaighseam nach tteichfeadh aon dínn aon-troicch ar a chúl roimh allmhurchaibh nó go n-éireóchadh in chloch dob íochtaroigh' isin charn sin. Ro cuireadh cath Confhaitte edroinn íaromh. Ro briseadh for allmhurachaibh íaromh isin chath sin agus ro cuireadh a n-ár. Tuccamar ar ccoin linn. Maraidh an carn sin bheós," ol Caoilte, agus ro ráidh na roinn:
"Dámh trír tánccador a-le do chor le Fionn na Féine: shirdís linn gach móin 's gach magh an tríar áluinn iongantach. Do bhádor ós cách san bhFéin an tríar laoch tánoicc a ccéin: sealcc leó a ccumha cháigh choídhche; feis ar leith gach n-én-oídhche. Aon-chú aco, áille dath, ina choin fón mbioth mbráonach: caoga fíadh forrghadh a gail ó thráth éirghe go nónaigh.
Lodar an tríar sin le a ccoin feasccor go Carn Fearodhaigh: ruccsad an ccoin, comhall nglé, síos fón tiobraid fhíor-uiscce. Fíon dá éis uiscce an tobair rob áloinn an úrobair, nó ba miodh go millsi mblais: naoí ttráth dhó gan dol tar ais. Lonccphort ar leith aco soin gan neach dá bhfaixin d'adhoigh, an cú eidir an tríar fear is múr teineadh 'na timcheall. Ránoicc do Dhubhán 's do Dhonn faire na bhFian gan iomroll: tuccsat cúairt fó thrí 'mun bhFéin ad-chíad múr theineadh ainnséin. Iongnadh re cloinn rígh Uladh gan neach d'fhaixin na ccuradh 's a mbeith bliadhoin a bhFéin Fhinn, a n-oidhche dhóibh géarbh éisling.
Cuirid rompa, ráth nach mear, geasa na laoch do bhriseadh: trésan múir teaccoid anonn; dearcoid na fir go fíoroll. An cú soin (gá ttúsa dhó?) mó do chonuibh ar gach ló, 's ní bhíodh a n-oídhche amháin acht méid oirce nó measáin. Gach top teineadh go coitchionn fa médoightheir molt-chroicinn; no bhíodh úaisde i ngach tan ó a hó go roich a híarthar. Días díobh 's a n-airm re a n-ucht do chomhdha a ccon ar gach ulc, in treas fear is cúach 'na láimh ar bhél an chon ghá congbháil. Gach deoch dá sireadh gach laoch don tríar curadh nárbho báoth, eadh ro sgeitheadh an cú cain san ccorn baoi ar a bhéluibh. Slabhradh sanaidhe as an ccúach do shíneadh an laoch go lúath ón áit i mbíodh 'na shuidhe go fearoibh na foraire.
At-beart Dubhán go habuidh: "is uaigneach filter accoibh;" dhóibh at-ceas gan ghuth, géar bheg; risin ccoin ro éccaoínseat. Croithis a hearboll go lonn, go ndeach gaoíth is go hobann: téid fó dhreich Dubháin is Duinn; sgeireadh a neart ré ccoluinn. Ro marbhadh ann, láthar nglé, días mhac Breasoil Bhóirne, ná tíosadh an gníomh 'na cceann a bhfiadhnoisi bhfear nÉireann. Rob iongnadh re Fionn iar soin sgéala borb-chloinne Breasoil, gan fios aoidheadha na bhfear d'fhagháil a n-íath nó a n-oirear. Ro fhoillsidh dhó a dhéud fis, do mhac Cumhaill gan éisleis, gurbh íad an triar luidh tar muir ro mharbh caomh-chlann deigh-Bhreasoil. As í súd acu an cú cían, is í ro bhaoi ag Fliuchradh Níadh: gan fhios tuccsatar a-lle culén rígh na hIorúaithe.
Is í ro bhaoi acc Lugh na leann: tuccsat mic Tuireann Biccreann; re ré chaocca mbliadhon mbil 'na hiobhar áille biodhbhadh. An cú soin go n-aidhbhle ngluinn ris nach gébhthí cath chomhluinn, gé mór an t-iongnadh choídhche, caor theineadh gach én-oidhche. Búaidh oile ar an ccoin ccaoímh (feárr an mhnaoí si ná gach maoín), miodh nó fíon do-ghníthí dhe don fhuar-uiscce a bhfothraicthe. Anmanna na laoch go lán Seala, Domhnus, is Domhnán; ainm an ccoin cco ccaoimhe ccnis tuccsat go Fionn, Failínis. "A marbhadh," ol Fíana Fáil, "i ccionaidh Duínn is Dubháin: ní cóir a bhfuireach a bhfad: éidigh an gníomh do-rónnsad." "Nocha marbhthar," ol Fionn féin, "an tríar tudhchadar a ccéin: gébhthar éruic natha (is fíor), gé do-rónnsadar mí-ghníomh."
"Racha éruic dhuit san mbeirt, a fhlaith na bhFían bhfíor-oirrdheirc, ar ccú dhuit-si féin as fearr iná ríghe na hÉireann." Teaccoid rátha ris don rígh grían, éscca, muir, is tír, gan beó an chon do bhreith go bráth a ttír n-allmhurchach n-ionghnáth. Ráithe is bliadhoin dhóibh san bhFéin, don tríar laoch tánoicc a ccéin: teaccor taobh dhóibh ris an ccoin a ccionn ráithe for bhliadhoin. Marbhoid íaromh an ccoin ccruaidh: tiaghuid seach Alboin budhthuaigh: ruccsot croiceann an chon soir go Dún Meircce mór-ghlonnaigh. Tinóilis Fionn Fíana Fáil: tiaghuid tar muir go mór-ghráin: tinóiltear dúin san tír thoir Breathnaigh, Cruithnigh, 's Albonaigh. Tuccsamar linn cloich gach fir, an líon ro bhámar d'Fhianaibh, co ro sháithsiom ar an moigh ré ccomhriachtoin dár ccathoibh.
Rádh gach aoin-fhir re Fionn féin, eidir ócc is sean don Fhéin, nach techfeadh ó bhun na ccloch ar uamhon na n-allmhuroch. Maraid na clocha as tír thoir bhail a rabhsam 'nar ccathoibh: ro mharbhsom iolar n-aicme dár chuirsiom cath Confaitte. Bristear línn an cath iar soin ar an líon paoi ar n-aghaidh: tuccsamar croiceann an chon: dhúinne budh calmo an cosccor. Meirg agus Maon athoir, robdar naonbhar a ccathoibh: ní ghabhdaoís ar n-arm co n-ágh: doilghe íad ná gach dámh." Dámh.
As a haithle sin teaccoid rompa do Ghlinn Déis soir d'Áth na Foraire ar an Bhóinn mhóir. Anuis Fearghaire tar éis a mhuinntire acc ól dighe as an áth, agus gluaisios 'na ndeaghaidh íaromh. Nochar chian dó nó co bhfaco an agh fholuaimneach ard-érmeach ar or na habhonn. Is amhlaidh baoi an giolla agus dá choin chomhluatha Chaoílte ina
láimh. Sreangaid an slabhradh a lláimh in ghille ar bhfaixin an fhiadha dhóibh, agus ro leansad é eidir choin agus ghiolla. Gabhus an agh d'Áth an Éin-fhir áit a mbaoi Mac Con agá leighios, do Rosaigh na Ríogh, do Rosaigh Ruaidh, d'Fheart Sgéith áit ar marbhadh Sciath Breac mac Dathchaín le macaibh Morna, i mMairtine Mumhan, agus a Cliú Mháil mheic Iúghaine, agus d'Eachlascaibh Each Uladh, agus co Loch Gair fris a n-apair Loch na Maccraidhi, agus fath timcheall in locha, agus léicid a ceathrar isin loch. Caílte, imorra, a ochtar, tic-séin a dheas re hAbhaind Mhóir hi crích Fear Maighi. Sillis Caílte tar a ais agus ní fhacca a ghilla, agus impáid dá iarraidh, agus tecait a fritheing na conaire céadna co hÁth na Foraire, agus do-gheibh lorcc in fhiadha agus na gcon agus in ghilla co Loch na Maccraidhi, agus it-beart Caílte: "Is ann so rucadh ar coin agus ar ngilla, agus Fear Aoí mac Eóghamhail ro bhréc iat, .i. fear in tshígha so thuas, agus ní fhuil neart acaindi ar Thuathaibh Dé Danann." Bádar ind oidhchi sin i Carraic Locha Gair co dubhach co mucha laí arna mhárach, agus gabhsat rompu sair i mMairtine Mumhan, agus a slighidh
Chnámh-choille, agus a Sean-mhagh mBreoghain, agus i nÁth Íssell, agus a mBealach na nGeinte mBan-druagh, tar Áth Con Uaith mheic ú Néit, agus a Find-magh Feimhin, agus do Dhruim Dil mheic Dá Chreaca, agus co hUarán Brain ar leattaíbh tShígha Feimhin, agus anaid ann, uair droibhél fairsing agus díthreabh feadha hí, agus at-beart Caílte: "Déntar sealc lind ann so." Agus do-righneadh. Agus bá dainimh dóibh a ngilla, uair ba hiat féin do-rinde both dóibh ind oidhchi sin, agus do-rindeadh indeónadh leó, agus téit Caílte agus Findchadh do indladh a lámh chum in tsrotha. "Inadh fulachta so," ar Findchadh, "agus is cian ó do-rindeadh." "Is fír," ar Caílte, "agus Fulacht na Mór-ríghna so, agus ní dénta gan uisci, agus cúic mhic Eachaidh Abhrad- ruaidh do-rinde, .i. Fat, agus Feat, Flann, agus Én, agus Eanach." Agus do-rinde in laídh:
"Fulachtt na Mór-ríghna anall do ghrés Eascair Aon-ghabhann; Indeóin in Daghdha ba druin do ghrés Ghrinne mheic Luchtair.
Crand a mhol, crand a roth réidh, idir uiscce is thene thréin: iarn a chorp (ní bhíodh a shamhuil): ba caoín lucht a leith-ghabhail. Dhá fichit roithleán a mol mór fá lúth athlomh acc iompódh: tríocha bior no bhíttís ass, tríocha drol, tríocha feartais. Seól ráithe (ba coémh a cruth) re lúth gréine lucht a ruth: don teobh anall budh tréna lúth a dhrol, lúth a bheara. Trí naoi mbior is trí naoi ttuill a hIndeóin an Daghdha dhuinn: éin-bhior ros-fhuilngeadh iar soin ad-chear Eochaidh Oll-athoigh. Aoín-sgíath ar a luidh (ba léir) do innleadh aoin-bhior dá réir ar túr teinn istigh thall (nírsat úaitte an gheis ghabhann). Bior nDeichin frí Ghoibhneann nglan fulacht indeón ro fhorladh: tréicche gobhann ro-dus-geall: nír theacht gobha re Goibhneann.
Ní tualoincc gobha a Moigh Aí tar éis Lóich, tar éis Ealcaí, mo dhaigh-fhir (is dóibh as cucht): ní mó as tualoincc in fulacht." F.
Tiaccoid dá bhfían-bhoith íaromh, agus ro chaithsead a bhfulacht, agus ro bhádor inte go heidirscaradh laoí agus oídhche. I mbádor samhlaidh co bhfacatar teóra hingheana Buidhbh Dheircc mheic in Dághdha, Sadhbh, Sároid agus Uchtghealbh, ós dreich an tshíodha acc faixin na deathaighi, agus ro ráidhsead gurbhó dé fulachta ad-chonncatar agus nárbh fheis dóibh cia ghá mbaoi. "Acc iarsma Féine Finn fil an fhulacht ucchot," ol Sároid. "Ní caroid dhúinne iad-somh," ol Sadhbh, "ór as é Conán ro mharbhustar ar mbráthoir-ne, .i. Fearrdhomhan mac Buidhbh, agus dealbham sinn féin a riocht theóra n-agh n-allaidh, agus do-dhéansat a ccoin-siomh ar ttoghairm, agus leanfoid a ccoinn íaromh, agus deileócham Caoilte agus Fionnchadh riú, ó nach do chlannuibh Morna íad, agus as friú atá ar bhfoltai-ne." Tánccatar iaromh dochum na fían-bhoithe i mucha laoi, agus ro chuirsiot a ccionna asteach innte. Sreangoid na coin a slabhraidh, agus leanoid na haighe, agus leanoid-siomh na coin agus íad dísccir
dearcc-lomhnachta acht a bhecc. Accus ro ghabhsat lámh dheas re Sídh Bhan bhFionn agus i Maigh an Chléra. Sgaroitt na mná sídhe, rena ndroídheacht, a cconn agus a cciall riú, ionnus gur leansad a ccoin agus an fhiadhach a ccrích Chaoílle an Chosnamhuigh, a bhFiodh nGráin, a rédh Mhoighe Roighne, a bhFeartaidh Mhóir, a Slíabh Maircc, a Suidhe mheic Mórna, a Sídh Deircc re ráitear Cleiteach, do Linn Féicc, do Leitir Lon, agus d'Inbhear na Bóinne bradáin-ghile. As ann sin tuccsad cor síair-dheas lámh chlé re muir a Sean-mhagh n-Ealta, dar Inbhear Life a cCollamhoir Chualonn, a n-Aonach Seara, a bhFeart Clároigh, agus d'inbhar Locha Dá Dhaél. Snádhait na hóicch an t-inbhear amach agus tiaghoid na hingheana ina reachtoibh féin iar ndénomh a n-eidirdhealaighthe agus íar n-aidhcceall iarsma chloinne Mórna. "Cia umá rabhabhair dhúinn, a ingheana?" ol Caoilte. "Conán maol mac Mórna," ol síad, "ro mharbh ar mbráthoir-ne, .i. Fearrdhomhan mac Buidhbh Dheircc, agus as lór dhúinn anacol do thabhairt duit-si agus d'Fhionnchadh, agus nír shamhlamar gan a' méid baoi inar ccaoimhtheacht do mharbhadh a n-éroicc Feardhomhain, óir ní raibhe neach dhíobh gan a athoir nó a mháthair do chlannaibh Mórna."
"A Fhionnchaidh," ol Caoílte, "iompuidhiom d'iarraidh ar muinntire." Do impaidhsiod íaromh, agus a' chéid-fhear do casadh leó dhíobh as amhlaidh baoí agus a bhéul re lár agus é acc sgeith fola 'na bhfiadhnuisi agus cen acht beagán dia anmuinn ann, agus ro íarr a sháith uiscce ar Chaoílte, agus ó do tháirrnic leis an t-uiscce d'ibhe ro sgar a anom ris; agus fa marbh ina seisir íad ann sin agus a ndá ccoin déag ar a mbéluibh. Ro hadh- naiceadh íad leó-samh, agus ro chárnsad clocha an mhuighe orra. Cona Carn-mhagh a ainm ó sin alle. Ro ghabh Caoilte agus Fionnchadh for dhoghra agus for dhoimheanmain íar soin tar éis a aosa comhtha. "Ciodh do-dhénom anos, a Chaoílte?" ol Fionnchadh. "Inaid díamhra deirride d'iarraidh," ol Caoílte, "a ndingnam sása agus airnil sealcco dár mbeath- occhadh, ó do sgarador ar ccoin agus ar ccaroid linn." Agus tánccatar rompa iar ccinneadh na comhuirle sin i cceann Mhoighe an Iomaircc. "Itá droibhél fásaigh ann so," ol Caoílte, "i ndingnam áite agus adhbhaidh dhúinn." Teaccoid fón bhfioth agus do-ghnísiot boith ann, agus tuccsad dlaoí dhíona tháirsi agus ro chuirsiot fleascc agus féicce uirre. Tánccatar a cceann an mhoighe íaromh, agus do-rónnsad trí fithchid failcheasa folaigh for shlicchthibh agus conairuibh a n-athaidhdaoís fíadha, trí naoi corra indill, trí naoi cliabháin
coilleadh, trí naoí ccléibh abhonn, agus trí naoi snáitheadha feadha, agus fear gach laoi fó seach dhíobh d'fhios na n-aircheas sin uile, agus inneónadh do dhénomh a n-éccmoís a bhfían-bhoithe dhóibh agas a bhreith eallamh innte. Baoi brughaidh conáiche coimhshaidhbhir isin ccrícch sin darbho comhainm Bran brughaidh. Do theaccdaoís a mhuca isin ionadh a rrabhadar- somh, agus do gheibheadh an mucaidh a lorcc-somh and, agus sliocht an fhulachta, agus ní fhaca íad féin. In tan tánoicc ionomh a n-orcc do bhreith dona mucoibh ro easraidhseat fón ccoillidh, agus buí an mucaidh iccá n-íarraidh ar fud an fheadha, agus fuair muc dhíobh agus a hoirc fúaithe. Ro fhadoigh teinidh, agus ro chaith orc dhíobh, agus ro loisc an choill as a haithle agus an fhían-bhoith. Ro éirighsíod na seanóraigh amach, agus ro airighsiod an choill agus an fhían-bhoith ar lasadh immá cceannaibh. Biodhccait tar an teinidh amach, agus an chonair a ttudchadar as uirre baoi a ccomhfhoccus don bhoithnaitt. Atn-aigh Caoilte urchor fair gur chuir a cheann san tiobraid. Conadh Tiobraid an Mhucaidh a hainm ó sin alle. Lodor rompa íar sin a Níamh Dhá Ghlass, i bhFothartuibh Feadha, do Ráith Manntáin Muirsce, do Mhaistin na Ríogh, agus tánccadar suas go Mullach Maisdean agus co Ceardcha Gaibhninn. "Maith ámh, 'anam, a Chaoilte," ol Fionnchadh,
"in ann so do-roighneadh airm catho Mhuighe Tuireadh do Ghoibhneann, Bior nDeichin, Inneóin an Dághdha agus Fulacht na Móir-ríoghna?" "Nochan ann," ol Caoílte, "acht isin nglionn ód shíos do-roighneadh na hairm sin, agus as ann do-roighneadh Bior nDeichin, agus Deichin draoi do- roighne é bliadhoin ré Lugh do theacht ó Thír Tairrngeire, co mbeith eallamh ar a chionn." Agus ro ráidh Caoilte na roinn:
"Dechean do-ghníomh Bior nDeichin gan iomroll a nGlionn Treithimh, ar sealbh Logha (línn gal), dia thaisccidh a ttreabh Núadhan. Éin-fhear décc isin toigh thall do chlannaibh áille Anann do-ghníodh an fulacht fearrdha: ba díobh soin a ttighearna: Lugh, Aonghus Ócc an Bhrogha, Cearmad, Miodhar, mac Sola, Cú, Cían, is Cethén don mhoigh Úar, Iucharbha, Iobhair.
Re linn Ériomhóin (rod-feas) (a tTeamhraigh ba trén a threas), naonbhar théiccheadh 'na dháil do mhacuibh Míleadh Easpáinn: Lughar, Túacc, Teanbha teann, Confa, Caithfhear, áillne dream, Éna Becc is Éna Mór, Gola Meann is Éremhón. Ré linn Iughoine amhra, ós Bior nDeichin an Dághdha, ochtar a tTeamhraigh na ttréd ba tualoincc a iomchoimhéad: Áodh agus Lughaidh na lann, Crom agus Earc is Iollainn, trí mic Glaiss a Ghlinn in Sccáil, tirc no thiaghdaois 'na chomhdháil. Ag an rí ba hamhra dreach dar chomhainm Eochaidh Feidhleach, fear is seisir a dhream ós fulacht fleadha Goibhneann. Eócchan Earc, is Eochaidh Garbh, Cobhthach Cobhthaigh chaitheadh arm, Lughaidh Fionn, Fíacha na bhfleadh, Morann is Dáire déud-gheal.
Acc Conchobhar a nEamhuin baoi Bior nDeichin 'na dheaghaidh; cóiccear laoch, éin-bhean (ní brécc), ba tualoincc a iomchoimhéad: Naoísi agus Ceathearn go mbúaidh, Conchubhur, Cú Chuloinn crúaidh, Feidhlim ná ffoirrgedís fir, Meas Deaghadh mac Aimhirghin. Ceathror 'man bhfulacht san bhFéin: ro ba díobh-sen Fionn féin: Oisín, Caoílte, Diarmaid dil, ro innlimís Bior nDeichin. Deich sleassa re linn Logha, deich bhfaobhair áith iomghona, ar Bhior nDechín lúidhdaoís fir go haimsir Eathach Feidhligh. Re hEochaidh Feidhleach mac Finn do-níodh Goibhneann (níorbhó tim) ocht sleasa, ocht bhfaobhair chrúaidh, go Conchubhur ón cCraoibhrúaidh.
Ó Chonchubhur árd amhra, aird-rí eassádhal Eamhna, sé faobhair, sé sleasa, iar soin go ttórracht Fionn flaith-fhéinnidh. Ealt aigde do-ghníodh Fionn, bior cheathar-shleas (séaghdha i rinn): ceithre faobhair (fothramh ndil) do bhíttís for Bhir nDechin." D.
Níorbho cían dóibh as a haithle go bhfacatar na Táilginn ina séisibh agus 'na saor-bhuidhnibh psailm-chéadlacha dá n-ionnsoighidh. "A chara, a Fhionnchaidh," ol Caoilte, "tabhar h'aghaidh re lár agus re lán-talmhain, óir do chrioth- naigh mo chroidhe riasna dronccaibh si 'nar ndóchum, agus do-fheadoir dá bhrícch sin gurab íad na toillchinn si tánccadar a nÉirinn agus do chealcc Oisín cona mhuinntir filid chuccoinn gan chonn- tabhairt." Ba fíor do Chaoílte ar chanasdair, úair ba hé sin Pádraig mac Alproinn iar ttabhairt in bhaile dianadh hainm An Forrach do Chriomhthann mac Éanna Chinnsiligh. Lodar-samh rompa tar a n-ais go Maisden, do shruth-Linntibh Gráin, do Dhún Ailleala Áine, do Loch Laoígh, agus tar Áth Airthir. Conadh ann tánoicc feasccor dá saighidh. "Ciodh do-dhéanom-ne anocht, a Chaoilte?" ol Fionnchadh.
"Min-shealcc as cóir dhúinn do dhénomh," ol Caoilte, "ar ghasánuibh sánuis agus ar mhíolaibh moighe, agus tiaghom go Carcoir Ghlais mheic Mongaigh." "Nach tusa, a Chaoilte, do mharbh Ghlass mac Mongaigh?" "As deimhin gurab mé," ol Caoilte, "agus do chuireass rátha agus cuir ar chloinn Ghlaiss agus ar a ccoimhfhialus gan neach d'Fhianaibh Éireann do mharbhadh go bráth ina éruicc. Ba headh anmonna na cloinne sin, Bearnsa, Cliach, Fulach, agus Fleadhach, amhoil adubhradh san rann:
Deisidh Beárnsa for an moigh; deisidh Cliach a cCleith-bhearnaibh; deisidh Fulach a nGleann Smóil; deisidh Fleadhach for Dhearccmhóin."
Téid Caoílte agus Fionnchadh gusan cCarcair íaromh, óir níor shaoilsead a ndíon d'fhaccháil ar na tollcheannnibh a n-aon-ionadh a nÉirinn acht isin cCarcoir sin amháin. Ro ráidh Fulach re Fleadhach ann sin: "Atá an fear ro mharbh ar n-athoir-ne," ol sé, "a leabaidh ar n-athor-ne," ol sé. "Atá sé nocht." "Atáid rátha agus cuir úainne re cen a mharbhadh," ol Fleadhach. "Tabhrom úathbhás adhbhal uime," ol Bearnsa.
"Dhénom amhlaidh," ol Clíach. Ro dholbhsat íad ann sin a riocht cheithre muc n-allaidh, agus ba samholta go mbíodh fear-dhorn d'fhíacluibh gach muice dhíobh leath amuigh dá cheann. Teaccoid a ttimcheall na Carcra. Ba hé méid an tóirnighthe agus an ghriothnaighthe do- rónsad gurbhó dóigh lais an días seinóireach gurbhó hé an slíabh do thearchor forra. "Is íad na hamuitte agus na harrachta aidhcill so," ol Caoilte, ".i. clann Ghlais." Éircchid na muca iaromh fútha, agus ro leadairsiot íad, gurbhó dóigh leó-samh co mbeandaois a n-ionathar eistibh. Bádor amhlaidh go trían na hoidhche. Tánccador an trían meadhónach d'oídhche i rriocht méadhach chucu. Do sceirdidís fuil as a méidhibh go roicheadh uachtar na húamhadh go ttuiteadh ina cceannaibh inúas gan mhoille. In trían déighionach teaccoid i rriocht thrí n-aitheach ndubh ndóite agus trí sústó íaroinn aco, agus gabhoid accá n-airleach-somh nó go ttáinig lá cona lán-shoillsi, agus do-rochoir gach fear dhíobh adiu agus anall a ndeireadh oídhche. Tóccbhoidh Caoilte a cheann íaromh agus adubhairt re Fionnchadh éirghe agus doras na Carcra d'íadhadh dá éis. Do-rónadh amhlaidh. Lodor rompa íaromh go Doire Meadhón, do Cholbha Caoíl, do Chlár Laighen, do Cheann Moighe na Bóromha, agus d'Áth Dhá Laorcc. Dearcois Caoilte do leathtaobh
ann sin, agus ad-chonnairc an choill a ccomhfhoccus dó agus an charrog úaigneach fhoiriadhtha ina himeal- bhord. "Dénam dochum na coilleadh sa 'nar ccomhghar, a Fhionnchaidh," ol Caoílte. "Créd as ainm don choill sin?" ol Fionnchadh. "Ros Coimhdhe ainm an rossa so," ol Caoílte, "agus giodh mór an choill si ann," ol sé, "ní bhíaidh aon-chrann coilleadh ar a háit fiche bliadhoin ria mbráth acht madh aon-abholl namá." Agus ro ráidh an rann:
"A Fhionnchaidh, innis do chách: ceirt-fhichit bliadhoin ria mbráth ní bhiadh crann i rRoss Coimhdhe acht madh gégán aon-aibhle."
Tiaghoid isin doire iaromh agus ro choduilsead ann go trom tuirseach. Is í sin úair agus aimsir do-rala Naomh Pádraicc cona chléirchibh isin mbaile baoi a ffharradh Ros Coimhdhe tucc rí Laicchen dó, agus tánccodar eidir laoch agus chléireach do chuartucchadh an doire sin. Níorbhó cian dóibh accá shiobhal cco ccualador ruchtadh agus ro- shreanghal na bhfear mór. Samhalta re fúaim luinge ag saighidh saobh-chairrge, re gluasacht garbh-ghaoíthe 'gá trén-tuarccoin, adhaigh a n-adhaigh, ionbholccadh sróna Caoílte chuicce agus úaidh.
Teichid na cléirigh fó chéadóir go rángadar Pádraig, agus ro innseadar adhbhar a tteichidh dhó. Téid an Táilgeann iar sin gusan ionadh a mbádor agus coisreacthas íad immalle 'na ccodladh. Biodh- gaid-siomh go borb-neartmhar fó chéadóir. Ro labhuir an naomh-chléireach riú ann sin, agus as eadh ro ráidh: "A sheanórcha úaisle," ol sé, "fáccbhaidh cumann agus caradradh díabhuil agus ticcidh a ccomhadh- radh Dé uile-chumhachtaigh, an Mhic ro césadh dar bhur ccionn agus d'fhuasccoil ó dhiabhal sibh, agus an Spioraid Naoímh ó ffhúair sibh gach tiodh- lacadh." Tánoicc rath orra-somh ann sin ó Dhia, ionnus gur iarrsad ar Phádruic a mbaitseadh go lúath. Nírbhó háilseadhach ro freaccradh an t-iarratas sin lais-siomh, úair ro bhaitseastair íad-somh go hathlomh ésccaidh. Ro suidhigheadh puboill do Phádraig isin ionadh a ndeárna a mbaitseadh, agus do bháttor-somh ar aon maille ris innte, agus é acc teaccoscc agus acc trén-orducchadh creidimh agus crábhaidh dhóiph. Agas do tóirneadh eacclas lais and agus Ceall Uaisle a hainm. I mbádor ann co nfhacodar rí Laighen dá n-ionn- soicchidh agus a fhile ina fhochair, .i. Dubhthach ua Lughair. Ticc Pádraig a ccoinne an rí agus rucc leis don phuboill é agus ro innis sgéla na séin-fhéinn- eadh dhó. Cidh trácht, ó 't-chúala ollamh an rígh gurbho eisiomh Caoilte mac Rónáin ro ghabh
acc fíarfoicche seanchusa dionn agus deagh-chnoc, eass agus abhonn, magh agus mór-shliabh dhe, ór bha dearbhtha lais co bhfuighbheadh a ffios aicce gan amhoras. "Cia ó n-ainmnighthear in abhonn sa fil inar bhfochair-si, a Chaoílte," ol Dubhthach, ".i. Abhonn Liffe?" "Ó Life, inghin Iuchna chiabh-fháinnigh d'Fhearoibh Bolcc," ol Caoilte, "ro báidheadh innte ro anmnighthear an abhonn sin." "Cidh ar a ráitear Currach Life risan magh mór sa rinn andeas?" "Currach mac Cathaoir ro marbhadh ann la Fionn mac Cumhaill," ol Caoilte, "agus as úaidh dearar Cuirreach risin magh soin, agus ruccos-sa ceann an Chuirrigh sin gusan sliabh ós Bhadho- mar." "Cia dia ttá Áth Dhá Mhíl for an áth so inar ccomhfhochraoibh?" "Beannán Teamhrach agus Luath Life ro marbh- uidh ann," ol Caoílte, "gonadh Áth Dhá Mhíl a ainm ó soin." Do fhiarfaigh Caoilte do Dhubhthach caidhe an saoghal tuccadh d'Fhionn, agus mórán do neithoibh oile, do réir mar fhoillsigheas an laoidh si do láthoir. An tan nár fhuasccoil Dúbhthach, nó aon oile, na ceasda sin dó, do-righne Caoilte feisein an laoídh do chur na cceasd agus dá nd-éarnadh:
"In bhfuil neach uaibh abradh riom créd an saocchal tuccadh d'Fhionn, cia hainm an bhuime ro halt, cia hainm an fear ro adhnacht? Gá céad-rann ro roighneadh aríamh, cia dá ttucc-somh cath Gáilían, cia céid-fhear ad-rochair dhe a ccath cloidhmhtheach Confaitte? Accas Confaitt fén (ro-feas) cia ris a ttuccadh a threas, créd dá bhfuil a bhunadh bras, cia tír a ttá 'hurradhas? Gá líon do-rochair dia láimh, gá céid-bhean a ndeachaidh dáil, cia don Fhéin tuachoil trá agá raibhe an bpiasd-bhéarla? Áth Beártha Finn san sléibh cia do bearradh and don Fhéin, cáit ar fháccoibh a lia luinn, cia folach fuair a Líathtruim? Adhoigh d'Fhionn a bhFiodh nGaibhle cia dealbh tánicc dá fhaicchdhe dia ffríth an ceann sa chronn chain, cia líon ro bhaoí and oidhche-sain?
Cuirreach Life gona lí cia ros-adhnocht, cia ro bhí, cia rucc 'na láimh a cheann cain go Cnoc Máil ós Bhadhomair? Sliabh Cuilleand do dheis a bhronn, an t-ainm si ciodh 'má rádham? cidh 'má n-abar as é a leacht 's ná torchair ann acht aindreacht? Cia fear do rioth a Bhruth Breac i nAonach Seara na leac, cúich ro reath ris immale, caidhe fochonn na graifne? Is Lia Bealaigh Átha hÍ cia hogham ro bhí 'na crí, cia fear do rolaigh don tshlógh ro thuicc i mbaoi 'na meadhón? Cia fear ro ghabh tré shuirghe lámh na Deanmhe Tuirme, agus gá méid n-oidhche iar soin ro bhaoi an fear soin a mbeathaidh?
Gá dámh iongnadh rodus-fúair ro chan irbhadha aníarttúaidh, ciodh chanoid ré ccnoc anoir, agus cia riocht ina bhfuil? Ní bhfuil úaibh abradh riom soin, gach ní gá ttú d'fhiarfhaighe; a thaithmheach ní tualoincc neach muna ndearna deigh-eólach. Tríocha bliadhon ar dhá chéad saoghal Fhinn (ní hiomar-bhrécc) go ros-adhnocht Flann mac Broin, dalta Siona as Eidhearmhagh. An céad-rann do-righne riamh fiodhradh file (feárrde a chíall), aoir a mhuime (molta na rann): ros leasoigh Siona is Bodhmall. Breasal búadhach ro thuit thíar dhó do-radadh cath Gáilían: céid-fhear thorchuir san ccath thoir Naoisi mac Breoghuin bhláthmhoir. Confaitt ba croiceann an chon do chuir móir bhFían a bhfordhol: do fheadhuibh Ioruaith anoir; a bhunadh a hInneaccdhoibh.
Aodh Cinn Eisi tucc 'na láimh Confaitt, ar ccur bheós an áir, gur ro leasoigh Fionn iar soin an ccén no bhí 'na bheathoidh. Seacht ccéad seachtmhoghad, seacht ndeich, seacht bhfichit gan iomair-chleith, tríocha mhíle, tríocha chéud, as eadh sin do-rad a n-éucc. Deamhnach céid-bhean a ndeach dáil: í ba mais-inghen Locháin. Sealbhach fear an bhéurla bhinn fó dhílinn agus úas dílinn. Deamhnach ro bhaoi a tTuirme thoir, tríocha bó 'gan bhan-bhrughaidh: daoithain deichneamhair fá dhó a mbleoghan gacha haon-bhó. A bhasccadh féin ar gach ló do bhuachoill an bheaccáin bó: ticcdaoís an buar sin dia ttoigh gan buachoill gacha feasccoir. Gach buachoil no théigheadh leó ní iontódh a mharbh ná a bheó: nochan fhaghthaoi thiar nó thoir, géar chían re cách a n-easbhaidh.
Lodmar naonbhar úain don Fhéin 'má Osccar is 'má Oiséin do thigh Deamhnaighe Tuirme (biodh chian bhéaras a chuimhne). Amhloidh fuaramar Deamhnach is í éccaointeach éccnach: easbhaidh naoí mbó (borb an roinn) baoi uirri-si gan bhuachoill. Buachoill ro dhicchseadh re a búaibh ar ór, ar aircceat, ní fhúair, ar chrodh, ar chumhaidh, nó ar chacht, gé ro bhí gá oirchiseacht. "Nár d'oígheadhuibh mo thoighe mo dhul féin don ionghaire, gan mo choimhéad re headh laoi 's gan breith a n-einigh d'én-mhnaoi?" Ar sin ro éirghseam amach: móide ba faoilidh Deamhnach: ruccois liom mo chloidheamh crúaidh; lod-sa a ndíaigh an bheccáin búair. Lodmar re taobh trágha thall cco síthén Inbhir Domhnann: aoin-bhean san ccnuc ar ar ccionn, inghin mhín fhéatta fhoilt-fhionn.
Seinnidh-si cruit, caoin a cor, gur chuir sinn 'nar síor-chodladh: rom-beir-si lé iar sin amach ina hoilén iongantach. Dom-rad a n-úaimh nduibh ndorchu bhail a rabhsat m'áos comhtha, gan soillsi tré bhiotha síor acht gorta, fuacht, is iomshníomh. Seachtmhogha laoch isin toigh a nglasoibh, a ngéibhionnoibh, i n-úaimh Dá Bhiolla gan bhrécc: ní chúala féin a lethéid. An uair líonadh an mhuir ticceadh toran 'nar n-uamhuigh, go mbeantaoi sinn ó lár, go mbímaoís uile ar urshnámh. An úair no théiccheadh amach an mhuir uathmhar iongantach do thuitmís treasa tréna im na cairrccibh crúaidh-ghéra. Teóra hoidhche bá-sa thoir ag Dá Bhilla ina húamhoigh, gan lúth, cen láthor, gan neart: nocha ttárus an t-ainreacht.
Iar soin luidh Oisín amach dom iarraidh-si arna mhárach: san oilén eidir tír 's toinn nochan fhuair a fhear comuinn. An dara lá do-chuaidh-simh d'fhéachoin an bheccáin buair-sin, gidh fada ro bhaoi amuigh, é nochan fhuair a íarruidh. Lodar ar an treas ló a ndeaghaidh an bheccáin bó: luidhsiot re taobh trágha thall do shíthén Inbhir Domhnann. Luidhsiod 's a n-aighthe ra lár, luidh Oisín isin síodhán, go ttáinic ann Dá Bhiolla ina curach 's a giolla. An tan tánoicc Dá Bhiolla ina curach 's a giolla, seannoid an ccruit go cóir nó gur chodoil úa Tréinmhóir. Iar sin ro éirighsiot an Fhían eidir anoir is aníar; níor léiccseat Dá Bhiolla amach nó a giolla ná a curach.
Téd cách a niort a chlaidhimh; rob áil dóibh a ndían-aidhidh; "In ngébhthaoi cumhaidh dom chionn, a theaghlach féatta foilt-fhionn?" "Taithmheach dhíot-sa ma saoílte, nó go ttora caoímh-Chaoilte 's gach laoch do bhréccois don moigh agus a buar go Deamhnaigh." "Grian is éscca rachaidh dhaoíbh, rath mara is tíre ré dtaoibh: rachaidh dhuibh, a Fhían amhra, a sirthi tar cheann m'anma." Iar sin léccthar amach muinntir Fhinn nárbh éccaointeach: ionnsaighidh cách aon dia threibh; léccthar a buar do Dheamhnaigh. Áth Bérrtha Finn na Féine a mberradh cách a chéile, Fionn mac Cumhoill, tóluibh tor, agus Fionn mac Iath-onchon. Cnú Dheireóil an bhérla ghlic as é folach fuair fón lícc; an lia tarrloicc as a láimh ro fháccoibh a n-Iath Bolcáin.
Ar n-adhaigh a Ross Dá Chon a bhFiodh Gaibhle ba baoghal, aon-tríar ban is aon-tríar fear, con-us-torracht delbh dhuaibhseach. Ann nos-tánoicc médhach maol, dí chlúas ceachtor a dhá thaobh, ceatheóra lámha as a dhruim, cloidheamh teineadh re a ghúaluinn. Labhruidh co fúachdha fearrdha; saighidh go Fionn flaitheamhdha: "Tabhair dhamh do cheann budhdhéin nó ceann Chaoilte nó Oiséin." "An ngébhoir comhaidh oile ar mac Cumhoill Almhoine? Dá ngabhoir, do-ghébhoir sin má atá a nÉirinn nó a nAlbain." "Gébhott úait, a Fhinn co nghoil, an ceann gá ttú a shír-íarraidh, nó bérott mo rogha cinn do bhur cceanduibh gan choiccill." Nochtas Oisín cloidheamh ceart, agus nochtaim-si a n-éinfheacht: tuccsam ar ndá mbéim go mbuaidh; teasccmaoíd an ralaigh ro-chrúaidh.
Tuitidh ceann as an raluidh, ní fhacos-sa a ionnshamhuil, comhmór choire ina ttuillfeadh mart: ba faoilidh risan arrocht. "Beannacht ort, a Fhinn amhra; maith do mhuintear mhór-chalma; is slán úaim dhuit pudhdheasta: do íocais mo airmearta. "Tríocha bliadhon gus anocht ó do scaras rem choémh-chorp: ceann m'fhir comhtha rom-chabhoir, ceann uathaidh i nghamhuil. "Na trí cinn le Cairn Éadoir as iad dom-rad a n-éccoibh, as íad ros-fholaigh gan acht tré shonuibh dolbhtha draoidheacht." Cuirreach Life, lór do ghail, as le Fionn féin at-rochair: ann ro fháccbhus-sa a cheann cruaidh do leathtaoibh Crot aníarttúaidh.
Ros-adhnocht Eóghan mac Duibh corp an rígh rathmhair san muigh, conadh Cuirreach coemh gan chacht ainm an ionaidh ar hadhnacht. Cuilleann Cairptheach ro ba coémh, (ba heangnamh mór don mhacaomh) ros-ghon Glass co ngére reann, gonadh dhe atá Sliabh Cuilleand. Dubhthoit ro laí a chuir ra Fionn; do bhí blíaghuin maraon rinn, cosan sealcc a Slíabh Dhá Ghlass ra taobh Cuillinne 'nairdheas. Luidh Oisín ón Fhéin uile go rucc trí chéd céadghuine: ní ro imthigh móin nó magh fiadh ar bioth ar nach mbéradh. Ann tuccostair bréithir mhóir Fionn mac Cumhuill mheic Tréinmhóir gonár imthigh talmhuin tréin neach budh lúaithe nó Oiséin. At-beart Dubhthaid an bhruit bhric: "Rom-luaigheabh ris co ro-thric: tuccsaidh bréithir mhór go mear; nár dhaoibh muna ccomhailtear."
Ann sin ros-riothait na laoich tar Fhiort Mhagh Druidh, tar Mhagh Fraoích, dar Bérre, dar Seafa soir, dar Chualoinn, dar Chnuc nAirthair, Dar Bhuidhin, dar Bháirc Dá Bhan, tar Dhothra, tar Druim Garadh, tar Chúalo, tar Chnoc na cCeann, tar Bruigh, tar Bhealach Finneann, Go Sruth Life, go Línn Duibh, gosan Uamhaigh a nEas nGolaimh luidh Dubhthait ón Fhéin uile eidir choin agus dheagh-dhuine. Ann soin luidh úatha budhdheass Dubhthait mac Duibh Dá Leass: ba láoch a láthoir troide; uaidh sloinntear Eass Dubhthoide. Maoíne Sheancháin, seóid fá bhlaidh, darbho cisde Lia an Bhelaigh: Oisín ro bhrécc í ó mhnáibh, feachtais n-aill, a Tigh Locháin.
Naoi n-ingheana boí acc Babhgna agus naoi meic ba hamhra: áillne iná gach clann go beacht go ros-cuireadh fó dhraoidheacht. Bean a n-athor ros-ráthaigh - ba hí sin a leas-mháthair - ros-thairbhir i rreachtoibh én, Échtach inghean Muirirén. Feasccor luidh Fionn, fichtibh gal, trésan doire i cCarn Irbhadh: dearbh lais bádh gotha daoíne mar do-chúala a n-éccaoíne. Naonbhar dóibh a ccuas an chroinn: rob iongnadh ré mac Cumhoill: fuit! fuit! ba guth do gach én con foirrgheadh an reódh roi-thrén. Ní bhíodh radhorc ina rosgoibh nó go ttóradh tráth feasccoir: dalla a súile tar gach ní aicme úr na hénlaithí. Iad 'na luidhe lá choidhche nó go tticceadh dubh n-oidhche: a' caoine a n-imnidh manoitt: as é sin an ceól chanoitt.
Acc Éachtoigh ní bhí cobhoir nó gur shíolsad for chonair: Eóin Éachtoighe ó sin amach a n-anmann fón mbioth mbroénach. Neach ar bioth ro fhionnfadh soin a n-innisim d'iongantaibh, thuaidh nó theas, thíar nó thoir, nochan fhedar cáit i bhfuil." In.
Ro éirigh Pádraig, Caoilte, agus rí Laighen and sin, agus teaccaid rompa tar Áth Maighe amach, agus ro leansad an méid baoi do láthair eidir laoch agus chléireach íad go hAlmhain Laighen. Tíaghaid co hÁrd Almhaine, .i. an bhail a ruccadh Fionn mac Cumhoill. "Sonn, a naoímh-chléirigh," ol Caoílte, "ruccadh ar ttríath agus ar ttighearna, .i. an flaith-ruire Fionn." Agus ro ráidh na roinn:
"Acc so an feart i ngéanoir Fionn: nochan eadh nach meabhoir liom: Muirne máthair an mhic mhóir bean do Chumholl mac Trénmhóir. Oisín mac Finn fear co ngoil ro géanair i cClúain Íochtair: inghen Deircc a mháthair mhaith, torrach naoi mís ón mhór-fhlaith.
Flaithbheart inghean Da Nearo ar dheich mnáibh rodus-creano rucc Osccar ag Imchaoin thoir - sí ag Oiséin re naoi mblíadhnoibh. Moireann acc Oisín, gan acht, seacht mbliadhna dhi re draoidheacht: máthair na ttri mac n-oile inghen áloinn Chíochmhuine. Dairinne acc mac Cumhoill chain: ní thucc-samh mnaoi 'na deaghaidh: Daolghas ba hainm dá hathoir, mac do Lir Sídhe Fionnachaidh. Dubh-Ailme inghean Dubhthaigh dhéin máthair Cholla is Chuirc is Chéin bean Chaoilte meic seathor Finn ar a ffuil Dumha Dubh-Ailim.
Bás Finn i mBroic ar ndul di; feascor nDáire im Lícc nDáire; bás Chriomhoill a Loch Dá Dhall; gaott a ccath Cnuca Cumholl. As é súd an feart fá bhfuil mac Cumhoill is a athoir, agus Criomhall (cían ro clos) agus Dáire déud-sholus. Maith dhamh scaradh risin bhFéin: feárr dhamh creidemh Dé budhdhéin: bathois Críostt form cheann ro-lá an Táilgeann do-ghní fearta." Acc so.
"Beir búaidh agus beannachtoin, a Chaoílte," ol Pádruic, "as maith gach fios agus gach fír-eólas dá fhoillsighis dúinn; agus a Bhróccáin," ol sé, "sgríobh- thar leat gach a ccúalamar do chaoimh-scélaibh ó Chaoílte." Do-rinne Bróccán samhlaidh. Nír chian dóibh as a haithle an tan it-chonncadar teachta rígh Érionn, .i. Laoghuire mic Néill, chuca isin chonair gach ndíreach. Teaccoid do láthoir íaromh, agus ro fhillsead glúine íaromh a bhfiadhnoisi Pádraig, icus ro innseadar dhó gur ar a cheann ó rígh Éreann
tánccadar, agus gurab a nUisneach Midhe do gheall a bheith roimhe. Ciodh trá acht, nír failleaghadh an teachtoireacht sin la Pádraig. Ro éirigh féin agus rígh Laighean, Caoilte agus Fionnachadh, agus a mbádor ar an láthoir ar-cheano eidir laochaibh agus chléirchibh, agus nocha ndearnsad fos nó fíor-chomhnaidhe co ránccatar Uisneach Midhe. Ro éirígh Laocchuire, agus ro fháiltigheadh risin Táilcceann agus ria rígh Laighean, ria Caoilte agus ria Fionnchadh iarna bhfios dó. Do suidhigheadh íad as a haithle do réir mur do ráidheamar. A ndála go sin. Dála agus deighlíne Oisín iar n-imtheacht do Chonall mac Néill úaidh: téid gusan dún a ngnáthoigheadh roimhe sin an ccén do bhíodh i ccóicceadh oll-bhladhach Uladh, agus Dún Oisín 'ainm-siomh, a n-imeal Dál Ríada, soir gacha ndíreach ó dhún agus ó dheagh-bhaile Conailleadh, nochan imchían eotorra. Ciodh trácht, ó 'd-chúala an ríoghan Bé Bhionn, inghean Duach Ghalaigh mhic Brain mhic Eathach Moighmheadhón, eadhón bain-chéile Chonaill mhic Néill, Oisín do sheachna a dheagh-ároiss budhdhéin an adhoigh sin, ro hinnleadh a carbad di agus rucc coéga inghean lé acc dul ar cuairt chuicce do mhédocchadh mean- monn agus dia fhrítháilemh im phroinn agus im thomhaltas. Ránccodor an ingheanruidh íaromh go Dún
Oisín agus fuairsiot rompa cona mhuintir é. Ro fhearsatar fáilteachadh go fíor-mhiochardha ria- roile, agus ro shuidh an inghean sin rígh Connacht a bhfarradh Oisín. Acht atá ní cheana, fa meirtneach mór-thuirseach agus ba dubhach dér-chaointeach boí-siomh tar éis na sealcco soethraighe do-roighne an lá soin. Nír chían dóibh amhlaidh íaromh co rucc in tríocha féin ro dháil a ndeaghaidh na deagh- ríoghna im núa gach bhídh agus im shean gach dighe do fhreasdol agus do fhrítháileadh Oisín agus a mhuinntire orra. Ro phronnighsead ann sin ionnas gurbhó measccdha meadhoir-chaoín íad. Ro fhuráil an ríoghan iomdhadha agus ard-leabtha do dhércchadh d'Oisín agus dá mhuinntir. Do-rónnadh cen fhaillighe. Ro chodailsead íaromh go socair sádhol an adhaigh co maidin. Ro éirígh Oisín a moch-dheaghail na maidne. Ro gabhadh a eich agus ro hinnleadh a charbad. Ro cheileabhair don ríoghain agus tánoicc roimhe go fossadh-mhullach Shléibhe Fúait fionn-sccothaigh, do Cháorthann Ban fFionn dá ngoirther Caorthann Cluanna Dá Dhamh, d'Ard an Ghaisccidh risa ráitear Muirthemhne, d'Áth na cCarbad ría ráiter Áth nGuill, d'Eighleiscc Chon cCuloinn ria ráitear Lighe in Léith Mhacho eidir Dún Dealccan agus muir, do Shlíabh an Chomhnaidhe budhdheas risa ráitear Magh Breagh, do Linn Féicc for Bhóinn
mbán-shrothaigh, lámh dheas re Cnoc Tlachtgha inghine Mogha Ruith, lámh chlí re Tailtean. Is ann sin ro ghabh íota ádhbhal-mhór Laoghuire mac Néill, .i. rígh Éireann. "Taphair sítheal dhamh-sa, 'dheigh-rígh," ol Caoílte, "go ttabhroinn digh chuccad." Tuccadh sítheal dó íaromh, agus do ghlúais roimhe, agus nochar léicc lais aonneach d'fhearoibh, agus ránoicc d'ionnsoicchidh tiobraitt Uisnigh, agus an Fhleascach ainm oile dhí, agus ní fhuair neach í ó tuccadh cath Gabhra gusan úair sin. Ránoicc-siomh co grían na glan-tiobroide, agus at-chonnairc na seacht n-éicc- neadha áillne aireaghdha uirre. Tucc-samh an síthel fón tiobruid agus tucc na seacht mbradáin inte lais cona ccoimhlíonaibh d'uiscce fhíor-áluinn. Beanas ocht ngios mbiorair agus ocht ngais fholachta, agus tucc an biorar agus an fholachta ar uachtar na síthile, agus tánoicc roimhe go Laoghuire, agus do chuir an t-easccra agus an t-uiscce, an t-iasc agus an cnuasach ar a bhéluibh. Ó 't-chonnairc Laocchuire agus maithe Éireann an oirchiseacht sin ro ghabh iongantas adhbhal-mhór íad ar aidhbhle an bhiorair agus an fholachta, ór fa samhalta leó go rachadh glún díalta a ccuais gacha gais díobh. "Roinntear ar dhó so," ol an rí, "agus tabhorthar a leith don Táilgheann cona chléirchibh agus an leith n-aill dhamh-sa agus d'fhearoibh Éreann."
"Nochan amhlaidh roinnfidher," ol Pádruic, "ór as mó do ghresoibh agus do ghlámhaibh dhaoíbh- si, a árd-fhlaith, inás dúinne; acht ranntar a ttrí, agus tabharthar trían agus deachmhadh don eacclois, óir is é sin a ccuid go fírinneach." Do-rónadh amhlaidh. Do-riacht Oisín chuca as a haithle fóna n-iom- ráitibh, agus ro ghabh a Raon na cCarbod súas a muillach Uisnigh. Ro thairling as an ccarbat, agus tucc a cheann i n-ucht Phádruic, agus ro shlécht go hiníseal. Ro éirigh íaromh, agus do-rad teóra pócca do Chaoilte, agus ro theann re a ucht agus re a úrbhruinne hé, agus ro ráidh as a haithle: "Mo chean don éucc feasda ó tharrnigh liom an radharc so do bhreith fort, a Chaoílte, agus ar mbeith sísd a bhfarradh aroile fó chuing creidmhe agus crábhaidh tar éis gach caoímh-chéle ro scarosdar rinn." Ro ghair Laocchuire Oisín chuicce do shuidhe ar a ghualoinn. "Ní shuidheabh," ol Oisín, "a n-ionadh Chaoílte, ór as feárr an fear leath-lámha rígh é inú-sa." "Ná ráidh sin, a charo mo chroidhe, a Oisín," ol Caoílte, "óir ní fear leith-lámha flatha meisi agus tusa do láthoir, uair mac ócclaoich mé, agus as feárr go mór do haithríccheadh agus do máithrigheadh thusa iná mé, agus a bhfíadhnuisi rí is iomairccidhi mo bheith."
"Dar mo bhréithir-si," ol Oisín, "ní ruccadh neach a bhFíanoibh a n-aon-aimsir riot-sa, a Chaoilte, dá madh cóir a rádh go madh feárr é ná thú." "A uasoil," ol Caoílte, "suidh ar láimh an aird-rí agus suidhfead-sa in bhur bhfíadhnoisi." Do-rónadh amhlaidh. Baoi lán a dhuirn don bhiorar agus don fholacht a láimh Chaoílte agus do-rad d'Oisín é. "Fothlacht agus fíor-bhiorar na Fleasccaighe sonn," ol Oisín, "agus an bhfúarois íascc as an tobar as ar treachlamh so?" "Fuaras," ol Caoilte, "seacht n-éiccneadha móra ba samholto d'éiccneadhuibh Maro Robhair, agus atá an seachtmhadh éiccne dhíobh sonn agom fód chomhair-si." "Dar mo bhréithir-si," ol Oisín, "ní raibhe mo chuid-si ríamh agus nocha mbiadh go bráth ar láimh aoin is lugha ar a ndiongnuinn-si amhoras iná thusa, a Chaoilte." Tucc Oisín ann sin a lámh a ccobhraidh a scéith agus tuccustar slabhradh Logha mheic Eithleann esde agus ro léicc ar lár i bhfiadhnoisi Chaoilte é. "Is a cCarn Gharbh Dhoire fuarois an séad fine agus an fionn-shlabhradh fíthe si, a charo, 'Oisín," ol Caoilte, ".i. an slabhradh ina mbídís braighde gacha laoch-mhaicne ag Lugh."
"Is deimhin gorbhudh ann," ol Oisín, agus tucc i lláimh rígh Éireann é iaromh. Agus na cúicc catho fichit bádor-somh do- roicheadh-siomh ina n-uirthímcheall uile, agus ocht ccéad ócclaoch is eadh ro thuilleadh ann re húair mbuain ngéillsine agus braighdenois, agus dúnadh ar gach céid-fhear dhíobh agus cen comus a oslaicthe nó go n-oslaicthe ar an ccéid-fhear. Agus ro ráidh Caoilte na rainn:
"As é so an slabhradh suairc sean do bhaoi acc Lugh go lonn-ghloine; gé tá anú acc fear don Fhéin do bhíodh géill 'na ghlonn-ghaile. Ba saidhbhir aiccneadh an fhir 'gá raibh an séad suadhamhoil, Lugh mac Eithleann cloidhemh dhearg: diombúan ceard ó a chruadh-ghonaibh. Séad sin ro chum Creidhne ceard d'ór dhearcc arna dheagh-bhruinneadh agus d'airccead aoin-gheal oll do Dhonn dóide deagh-bhuidhen.
Ocht ccéad ina idhibh óir do roighnibh slóigh síodh-Bhanbha: ní gabhtha ann iar ngleic ngníomh acht meic ríogh nó ríogh-dhamhna. Séd ro bhaoi acc ríoghaibh Éreann é (ba maith gné an ghlan-shlabhraidh) go bhfuair Fionn, flaith na bhfileadh (a chineadh ros-clann-ghabhlaigh). Nochar élaidh duine ríamh a góiste gíall glan-Logha: braighe dár snaídhmeadh san sás nír mhill bás nó badhbh-ghona. Corbmac, ceann comhairle cáich, do bhronn d'Fhionn áith fhaobhar-dhercc, tighearna sochraidh ar slúaigh nár béd ná baoighail-chealg. Ar marbhadh Gairbh Dhoire dhéinmhigh tucc ar Fhéinnibh flaith-airleach slabhradh Logha, grés caoín ceart, 'na fheart ccén go n-aithearreach.
Oisín mac Finn, féinnidh Ealcco, fear mo cherda cridhi-si, fuair slabhradh Logha go laoidhincc, sgéal aoibhinn ré innisi." As é.
Is ann sin ro fhiarfaigh rígh Éreann sgéla an cheathroir baoi a ccóimhaimsir ré-roile, .i. Corbmac mac Airt, Cairbre Lifeachoir, Fionn, agus Oisín. "Ro budh maith an flaith Corbmac," ol Caoilte, "agus ro budh maith coitcheann do gach maith ar- cheana Fionn - ro ba fíor a bheith amhlaidh sin," ol Caoilte. Agus ro ráidh an rann:
"Dá ttíosdaoís fá bhrón dála a mhac chuicce 's a námha, dar Rí na mionn 's na mbreath ní bhéradh Fionn acht fíor-bhreath."
"Maith a mh'anam, a Chaoilte," ol an rí, "cia don cheathror ucchot do budh fearr?" Ro fhreaccoir Caoilte agus is eadh ro ráidh:
"Dar an Rígh fil ós mo chionn, níorbh fheárr Cormac nó Fionn; nír mheasa Oisín re hathaidh iná Cairbre Lifeachoir."
Is ann sin ro fhiarfaigh Críomhthann mac Éanna Chinnsealaigh, rí Laighen, do Chaoilte: "Créd tucc ar Fhionn gan an bhéisd ádhbhal- mhór atá accoinne a nGleann Ruis Eanuigh do mharbhadh seach gach n-arrocht oile ro mharbh a nÉirinn?" "An ceathromhadh cuid d'inchinn Mheas Geadhra í," ol Caoílte, "agus do-chuaidh a ttalmhain ann soin co ndeárnadh béisd adhbhal-mhór dhi, agus ní raibhe a ndán dúinne a marbhadh nó go ttoir- seadh an Táilgeann. Agus atá a ttairrngoire dhí maic-chléireach dia mhuinntir dá ceangal d'éin- sheimhin luachra re deireadh dhomhuin, agus ní dhiongna urchóid d'aoinneach dá éis. Agus as eadh sin fo-dera d'Fhionn gan a díchar agus a dían- mharbhadh." "Cionnus tucc an trom-ár adhbhal-mhór ad- chualamar do thabhairt dí ar chonuibh agus ar fhearoibh Fhían Éreann ar dhobhar-linntibh Dubh- locha?" ol Criomhthann. "Lionnán sídhe do bhaoi acc Fionn ua Baois- ccne," ol Caoilte, "eadhón, Úaine, inghean Modhoirn, agus tánoicc i rrocht fiadha sídhe dár siabhraidh-ne íar ttabhairt éra tochmhairc uirre d'Fhionn ar mhéid a draoidheachta, ór ticceadh a n-ilreachtuibh. Tánccodar an Fhían aon do laithibh ar an ccnoc ós cionn an locha soin, agus tánoicc Úaine inghen Modhoirn isin riocht ro ráidhiomar romh-
uinn, agus ránicc fó bhun an chnuic i n-ionadh ina raibhe radhorc accoinne uirre, agus ro shreangsad ar cconoirt-ne a cceomh-shlabhradha a glacuibh ar nglain-ngiolladh, agus ro leansad an fíadh, agus ro leanamuir-ne íad-somh. Ro ghabhsad timcheall an locha go láin-ésccaidh, agus rucc an fíadh léim léidmheach lán-chalma isin loch, agus ro leansad an chonoirt í, agus nocha raibhe cumhang aco uirre. Teaccoid sruith shéitreacha shluaigh-iomdha dár mathoibh-ne a ttimchioll an locha, agus téid saithe dár snámhaighibh imach air ionnus gur mheascc-bhuaidhearsad é. Ro éirigh an bhéasda go boirb-neimhneach re séiseilbhe na sochaidhe, agus ro imbeir ar míodh-rún go mór-imneadhach ar ar mathaibh-ne ionnus gur mharbhasdar dhá chéad cú agus an céadna d'fhearoibh ina céad- chuinnsgleó, agus do-chuaidh féin iomshlán úatha íaromh gan fuiliucchadh cen foirdhearccadh fuirre. Dála an fhíadha," ol Caoilte, "an ccén no bhaoi ar n-adhaigh-ne ar an bpéisd, ro fháccoibh an loch a n-aithearrach crotha, agus nocharbh fheas dúinne don cheathor-áird cia haird inar ghabh. Ro fhiarfaigheas-sa don rígh-fhéinnidh ann sin," ol Caoílte, "an linn do thuitfeadh an t-arrocht phéasda ro dhíbhaidh ar ndeigh-fhir, agus dámadh linn co ndíthighmís fó chédóir í agus co ndíoghlamaois ar muinntir uirre. Tucc-samh ann sin a ordán
fó a dhéud fis, agus ro foillsigheadh dhó go fírinneach nach raibhe a ndán dúinne an phéisd do thuiteam linn ná a trén-bhrúth do thoirmeascc. Agus do ráidh rínn íaromh an loch d'fhágbháil agus gan cur risan bpéisd ní budh mó, agus ro innis dúinn gomadh teallach Táilgeann Gleann Ruis Eanaigh agus gomadh é Caoimhghin no aitréabhadh. Agus ro ráidh an laoidh:
"Gleann Ruis Eanaigh (budh fíor dhamh) budh binn guth a chluicc bíaidh tan: gé tá fá dhamhuibh rúadha, badhad ile a naomh-shlúagha. Ro ghabh an doineann dubhadh; ní soineann acht ar sealaigh; ro ghabh an talomh trocholl; ro ghabh cocholl cheann Eanaigh. Eanach féine (fádhbh fulach) rulach féar (gharbh re conoibh); fíadh srotha, ealta eanaigh, rían treathain, triachtgha troghain.
Trocholl féine, fúath cuirrigh ós duillibh (ruadha rinnibh), sceó gaoíthe, ceó tar ghleannuibh ós reangoibh (leabhra linnibh). Dá fholach ní bhiú-sa im fhuighlibh, coscrach ad-chiú-sa an muirbheach, druim úaine taoibh-ghrinn taidhleach, biaidh ag Caoimhghin a ccuibhreach. Muirbheach lonn Locha hEanaigh tonn 'na deaghaidh ad-raghaidh: isí ag sloighe na Féine, óicc na Féine agá sloigheadh. Dá chéad bliadhon ré n-áireamh (do réir riaghladh agus rélaidh) ar dhá bhliadhoin décc dhoilbhthe gusan oidhche ann ro-ghéanair. Loch Eanaigh, ádhbha ealadh, inbhear idir dhá dhoire, aonach troghain, blá céide, óthá an féicce go 'roile.
Gleann Eanaigh eidir dhá shlíabh as é as áillne ad-chonnairc ríamh: abhonn dá loch ar a lár is an lán don leith aníar. Budh ádhbha oithlithreach ffhúar; biodh adhbha trúagh agus trén; budh ard-rúamh ríogh ceann i cceann; tioccfaidh Caoimhghin san ngleann ngéar." G.
Ní bhfuil áireamh air, agus ní fheador a fhaisnéis, agus ní thuilleand a n-uimhir, ineoch ro innistear do dhéanomh don phéisd mhóir-ghníomharthaigh sin do ghail agus do ghaiscceadh ar mhaithibh Fhían Éireann ar-cheana re taoibh dinnsheanchois gach cnuic, gach forba, agus gach fearoinn dár fhiarfaighsead cúicc cóicceadhaigh Éireann díbh. Is ann sin tánoicc Tamhan trén-bhrughaidh mac Tréin, .i. flaith-bhrughaidh céadach comhramhach, do rí Éireann, agus trí chaoga fear maraon ris, agus faidirán fíor-úaine im gach fear dhíobh, agus feathana find-umha isna brataibh bláth-ghorma sin ós a mbruinnighibh, agus léinnte líogha lán-ghlasa im na laochaibh sin, agus trí chaoga gabhol-lorcc umhaidhe i meadhón a mór-dhórn; agus do bheannoigheadar do rígh Éireann, agus freaccras an t-aird-rí an beann- achadh.
Is ann sin adubhairt Tamhan mac Tréin: "Atá fleadh mhór-ádhbhal accom-sa dhuit, a rí Éireann, .i. naoi ndabhcha ficheat do mhiodh agus naoi ndabhcha fichead d'fhíon cona lór-dhaoíthain bídh agus leanna." Rucc an rígh buidheachas an bhídh sin risin mbrughaidh, agus tánccatar ar cúlaibh íaromh fó aoibh agus fó ard-nós ón aird-rí. "Maith ámh, a Oisín," ol an rígh, "an a n-aoin-teach re maithibh Éireann bhéir-si agus do chomhdhalta Caoílte, nó an teagh for leith bhias accoibh?" "Teach ar leith thoghmaoid-ne," ol Oisín, "agus ar ccuid bídh agus leanna do chur chuccoinn ann, óir ní lucht coimhdhíne nó coimhaimsire dhúinne aon dá bhfuil san mbaile si." "Caidhe bhur líon, a rígh-fhéinnidh?" ol an rí. "Naonbhar atú-sa," ol Oisín, "agus días atá Caoilte, ór do básoigheadh móirsheisir dá naonbhar." "Fiche dabhach do lionn agus do mhiodh dhóibh," ol an rí, "gona bhforthain bídh agus búain-bheath- adh." Ro bhádor ann an oidhche sin gan uireasbhaidh orra. Arna mhárach do creasadh a phuball for an aird-rí a n-uachtar cnuic na n-aird-ríogh a nUisneach, agus tánoicc Pádruic cona phrímh- chléirchibh don dara taoibh don phíolóid agus don
phuball, agus nocha raibhe isin leith ina mboí dhi acht easpuicc nó úasoil-shagairt nó mic ochta an Choimdheadh cen chonntabhairt. Suidhios Oisín i ffíadhnuisi Pádraig, agus Caoílte i bhfiadhnoisi rígh Éirenn. "Cia haccaibh as sine, a Oisín?" ol Pádruic. "Do budh slán tríocha bliaghan damh-sa," ol Caoilte, "an tan ruccadh Oisín, agus ro bhuí seacht mbliadhnoibh déag iarna bhreith im iomdhaidh agus im árd-leabaidh-si 'gá oileamhoin agus 'gá áird- leasucchadh, agus as as mo theagh ro ghabh fían agus fearonn céadus." Ro fhiarfaigh rí Érionn d'Oisín ann sin cía líon do ríoghaibh lé ttuccadh fianaighacht agus fearonnus don Fhéin, agus cía líon rígh-fhéinneadh dá tuccadh. "Rígh ro ghabhosdoir Éirinn," ol Oisín, "dár chomhainm Fearadhach Fionneachtnach. Bádor dhá mhac mhaithe aicce - Tuathol agus Fiacho a n-anmonna - agus ro roinn Éirinn eatorra íar n-écc a n-athor. Tuccadh a seóid, i maoine, a hionnmhusa, a bruit, a buar, a bó-tháinte, a failcche, a fornascca, a dúinte, a diongna, agus a deagh-fhearoinn do mhac dhíobh. Tuccadh a halla, a hinbheara, a meas, a mur-chuirthe, a haibhne, a héiccneadha, a tuirc, a trén-fhiadhach, a hellte, agus a hócc-dhamhradh don mac oile." "Dar linne ní comhthromh an roinn sin," ol maithe Érionn, ".i. a fleadha, a toirrthe, a
tigheadhas, a maoíne, agus a maitheasa do thaobh, a feadha, a fásoighe, a sealcc, agus a sáor-fhíadhach don taobh oile." "Más eadh," ol Oisín, "an roinn as táire libh dhíobh súd dob fhearr linne do bheith accuinn, .i. a seilcc agus a saoir-fhíadhach, agus dob fheárr risan deigh-fhear do ghabh mar roinn í, .i. Fíacho mac Fearadhaigh, agus ba buídheach dá shinnsir bhráthair, do Thuathol, fóna léiccen dó. Ro ghabh Tuathal iar sin ríghe for Éirinn," ol Oisín, "agus ro shuidh a tTeamhraigh. Agus ro ghabh Fíacha rígh-fhéinnidhacht, agus dob eisiomh céid-rígh-fhéinnidh Érionn tucc fearannus agus fian- aighacht uaidh, a Laoghaire," ol Oisín, "agus tuccsat mór ríogh rígh-fhéinnidhacht úatha ar 'aithris- siomh agus ar a áird-leanmhain do réir mar fhoill- séachas Caoilte dhaoibh." Agus ro ráidh Oisín an rann agus ro fhreagair Caoílte dhó:
"Ráidh, a Chaoilte, cia dá bhfuil (mór n-eólus re fíarfaighidh) céad-roinn Érionn for gach leith ro ghabh an Fhían a hUisneach. Cia do-rad fearonn don Fhéin innis, a Chaoilte, d'Oiséin; cia do sgar re giollacht con; cia do íoc a thuarasdol."
"Meabhair liom aní dá bhfuil, a mhic inghine an Deircc dhruin, ó ro leasaigh Fíacha féin gur thrécceadar thú, a Oiséin. Dhá mhac Fearadhaigh, dar liom, Tuathal is Fiacha foilt-fhionn, rannsad Éireann leith ar leith gan choccadh dhóibh (budh deigh-bhreath). Rucc don roinn an mac ba só beith re féin (ní hiomarghó), foithre, fásoighe, feadha, easa, alla, is inbheara. Do léicc-sen do Thuathol theann air sin aird-ríghe Éireann, a búar, a tairthe, a toighe, a táinte, is a treabhaire. Ríghe Tuathoil ro budh maith nó gur gháot Maolán mac-fhlaith ro budh bás rígh (ríghdha i ngail) bás Tuathoil mheic Fearadhaigh. Fearadhach Fachtnach ba flaith athoir Fhíacha, an mhic mhóir-mhaith: Eithne inghean Dáire Dhuibh, an ríoghan, ba hí a mháthoir.
Morna mac Maine ro budh maith ba mac inghine Fíachaidh: ba tréinfhear sin is ba tríath tearc fear ris nach cconbhadh sgíath. Iar sin do-rad Fíacha an fFéin do Mhórna, mac gan bhaoith-chéill: ceithre bliadhno i ríghe ngloin go Trénmhór ro theachtostair. Trénmhór mac Baoisccne ba bailc, do chlannuibh Séadna Síothbhuic, sean-athoir Finn chardais cloinn, athoir Chumhoill is Chriomhuill. Ceithre bliadhno ficheat féin ba rígh Fiacho for an fhFéin: ba maith a ghlór as a ghoil, deagh-bhráthoir Tuathoil Teachtmhair. Cúicc bhliadhno Morna, méid cclann, a ríghe ar Fhianaibh Éireann; a ceathoir Garadh na ccearn nó gor sgaradh re a chaoimh-cheann.
Daighre mac Garaidh na ccleas seacht mbliadhna dhó ina bhflaitheas; a cúicc a bhflaithios gan mheircc Morna mac Daicchre dhreich-dheircc. Iar ndíth Mórna, mór an ail, ba rí an t-aitheach a hÉarnaibh: ba bliadhoin dó gan bhaoghal co ndeachaidh d'écc, 's ní d'fhaobhar. Eochaidh mac Archadha anoir rí Fhían Éireann a hUlltaibh: bliaghoin go leith, ríomhthar leam, ro ghabh iar n-aitheach nÉrenn. Gabhsad a Mumhoin, méid ccealcc, Líath Luachra is Lughaidh Láimh-dhearg: dá bhliadhoin dóibh gan mhíne íar nEochaidh, nír ainríghe. Cass mac Cannáin, crúaidh a ghail, aon-bhliadhoin dó 'na dheaghaidh: Dubhán mac Caiss, monar mbinn, éin-bhliacchoin aicce áirmhim. Tárraidh Trénmhór, trén a bháigh, Fíana Éireann a n-aon-ndáil: ro ríoghsat an rí gan treass: trí bliadhna déag a réimheas.
Ro ghabh Cumhall íad íar sin i niort sgéith agus cloidhimh - ríghe 'má ttucc teóra cath sul ro ghabh an Fhían armach. Dhá bhliadhoin décc, ní fáth fann, a ríghe ar Fhíanuibh Érionn; écc is brath do bhuidhnibh bla gur marbhadh a ccath Cnucha. Iar soin gabhsod meic Mhorna, íar mbrón is ar mbith-dhoghra, deich mic fhichead, oll a mbladh, im Dhaighre, im Gholl, im Gharadh. Goll mór ba mílidh a ccath, mac don Mhórna déigheanach, fiche bliadhoin, ní fáth fann, a ríghe ar Fhíanuibh Éireann. Iar soin ro ghabh an t-eó óir, Fionn mac Cumhoill mheic Thréinmhóir, ar ttairbheartaigh séad slúaghach, ar ndraoi amhra iolbhuadhach. Sé ríogh déag is deimhin liom ro ghabh ríghe Fhían Éireann: feárr Fionn ináid sin uile, caithmhílidh ard Almhuine.
Trí chéad bliadhoin go mbláithe, deich mbliadhna acht madh aon-ráithe, saoghal Finn go bhfúair a ré, go ndorchoir 'gá léim baoísi. Deich mbliadhna a ríghe raith dhuit-si, a Oisín, a árd-fhlaith, gur ros-bhrécc Fothadh an bhFéin, gur thréiccsead thú, a Oiséin. Cóiccear as feárr fríth riamh, ba feárr im bhrat is im bhíadh do chineadh na nGaoidheal nglé gen gor chátaighsead maoíne: Lugh mac Céin mheic Cáinte anall, Cú Chuloinn agus Conoll, Eochaidh Feidhleach, féitheach graigh, Fionn flaith na bhFían a hAlmhuin. Cóiccear as áillne do chinn do bhaoi a nÉirinn íar nDílinn, rob caoimhe dealbh agus dreach dob fheárr arm agus éadach:
Cearmad Milbhél, clú go mbúaidh, Moran mac Maoin go mór-úaill, Conaire caoímh (cruth nár chlaoí), Fionn, as Fíamhuin mac Foraoi. Ar líaigh, ar séaghoinn, ar saoi, ar mbreathamh, ar ndrúth, ar ndraoí, ar bhfilidh, ar bhfisidh, ar bhfáidh, fa binn linn gach ní ro ráidh. Na cúig flatha féaghthar dhamh as feárr do ghein ó Ghaoidheal, asad cumhain leam abhus, cen ccob cubhaidh a bhflaitheas: Éireamhón mac Míleadh mhóir, Iughoine a ndíaigh Ériomhóin, Aonghus Tuirmheach, forramh ndil, Fionn flaith chlann mBaoisccni mbairr- ghloin. Cóiccear coimhshéacchoin ro chinn baoi a nÉirinn iar nDílinn; ro chinnseattor a ccearda for óccuibh Innsi hEalcca: Lugh ua Lughdhach, Aonghus án, Cú Chuloinn fa cruaidhi lámh, Fathadh Canonn, ceann gach slóigh, Fionn is Cumholl mac Trénmhóir.
Cúiccear leagha lúaittear leam is fearr thároill íath nÉireann; ciodh fada 'taoi-si dá n-éis isam eólach 'na n-fhaisnéis: Miach as Airmheadh, deimhne dréacht, agus a n-athoir Dían Chéacht Fínghín fáidh-líaigh, fearrdha an fear Fionn ua Baoisccne is é an cóigeadh. Cóiccear fileadh féghthor leam as fearr tároill iath nÉrionn, as meabhair leam-sa co ceart a n-fhaisnéis 'na ffilidheacht: Cairbrí filidh fuair tar lear Aimhirgín innsi Gaoidheal, Athoirne nach labhradh locht, Feircheirtne is Fionn faobhar-nocht. Cúiccear druadh re dáimh nduiligh do neoch tároill íath fuinidh, as meabhoir leam-sa gan acht a n-anmonna ina ndraoídheacht: Ba díobh Baghna a Sídh Baghna is Cathfadh draoi deagh-amhra is Tochma mac Fir Chaoímh, Mogh Ruith is Fionn a Formhaoíl.
Cóiccear breathomhon gan bhrath as feárr tároill teach Teamhrach, as meabhoir leam-sa gan locht a n-fhaisnéis 'na mbreathamhnocht: Sláinghe d'Fhearoibh Bolcc nír bhaoth, is Aimhirgín glún-gheal gáoth, Seancha mac Ailealla uill, Fítheal as Fionn a Fordhruim. Cúiccear ba gaoíthe im chéill ngrinn ro bhaoí a n-éin-tigh a nÉirinn: Fítheal agus Flaithrí a mhac, Fionn is Cairbre is Corbmac. In cheisd ro chuirdís tria chéill moch ro fhuasccladh Fionn féin; ceist dá ccuireadh Fionn co ngal neach don cheathror ní fhúasccladh. Ní raibhe ní d'Fhionn - 's do adhoir do Rí na rionn: foghnaighfe i mbráth na mbreath a chreideamh, a chaoimh-dhligheadh.
Go bhá sheacht ro chreid an rí Fionn mac Cumhoill Almhuní: an seachtmhadh feacht, ní fáth fás, as ann tánoicc a thiugh-bhás. Ar mbreitheamh, ar neirt, líon glonn, ba rígh-laoch ar gach comhlonn, cléireach ar chreideamh Mhic Dé agus flaith ar fhírinne. Ní mharoid an mhuinntir mhaith; ní mhair Fionn féin an fíor-fhlaith; ní mhair an cuire, sníomh céil, an ruire, ná an rígh-fhéinnidh. Ní fheattor locht ar an bhFéin, dar an Rígh ro chum an ngréin, d'úair nó do shísd, thíar nó thoir, acht gan Rí an Lúain da leanmhain. Feárr a sreath nó gach sreath, fearr Fionn nó gach flaith fuilteach ar méid a bhan is a chon is a laoch léidmheach lúthmhar." "Airigh na fFhían fa mór neart, a Phádruicc fhéil gan aimhreacht, do bhádor a nInis Fáil, Caoílte an rígh-fhéinnidh ro ráidh." Ráidh.
"Att-rae buaidh agus beannochtain, a Chaoilte," ol an rígh; "as mór an fios agus an fír-eólus ro fhoillsighis dúinn." Ro sccríobhadh aca-somh go huirésccaidh gach ar innis Caoílte agus Oisín dóibh da mharthoin go meabhraightheach a n-árus-bhruíghnibh ollamhon, agus rucc gach cúicceadhach a chuid féin lais dár sccríobhadh ann sin, co nach raibhe ríogh-bhaile ruirigh nó roi-thighearna a nÉirinn ina uireas- bhaidh. Ro fhiarfaigh Fionn mac Faobhair, .i. mac rígh Ua cCinnsealaigh, do Chaoílte ann sin créad an fáth má-deara naoimh agus neirt-fhíreóin acc adhradh agus acc árd-leanmhain don Ghiúsaigh Fhínn a Laighnibh seach gach fiodh dá mbaoi a ccrích Ua cCinnsealaigh. "Lubhghort sealcca agus sáor-fhíadhaigh d'Fhionn an t-ionadh soin," ol Caoílte, "agus an tráth nach ffhaghdaoís an Fhían a ndaothain sealcca i ccóicceadh láin-aidhbhseach Laighean do-gheibh- daoís san Ghiúsaigh soin a sáith sealcca agus sáir- fhíadhaigh, agus nochan fhuil a Laighnibh," ol sé, "ionadh inar thairthighe trom-thalomh, agus inarbh iascmhaire inbhear, agus inar chóra do chléirchibh cuimhne do dhénamh inás." "Créd 'má ttuccadh Áth Feárna ar an áth fil a cceart-lár na Giúsaighe?" ol Fionn. "Goll mór-ghlonnach mac Mórna baoí acc foghail agus fír-dhíbheircc ar Fhionn agus é arna athchur
úaidh," ol Caoílte, "agus ro marbhosdoir Fearna mac Cairill ar an áth soin, .i. mac rí na nDéisi, úair ba fear grádha d'Fhionn é, agus ro hadhnaiceadh ar úir an átha é; agus iccá chur fó throm-fhóidibh talmhan tuccustar an rí a ordán fó a dhéad fis, dús cionnus do bhíadh an t-ionadh sin inar hadhnaiceadh a fhear grádha. Ro labhuir íaromh agus as eadh ro ráidh: "Dom bhréithir, émh, a Fheárna mheic Carill," ol sé, "as mo-ghéanair dhuit do haidhnaiceadh isin ionadh sa, úar budh locc do lán-cheólánaibh agus d'fhinn-cheólaibh taithneamhacha tráth é agus d'adhbhartaibh Cuirp Chríost, uair tioccfaidh Madhócc Feárna in fíor-náomh ann, agus beann- eóchaidh é." Agus ro ráidh na roinn:
"Áth Fearna, áit a mbia Madhócc feabhdha: aniú ciodh iomdha a chuanna budh íomdha a nualla neamhdha. Áth feóruinne Fearna budh feabhdha an fear agá mbia: dó thiucfadh ann beó-chuire bus iomfhoccus thall do Dhia.
Do-ria Madhócc muinntiorach, maisi gréine tar chiotha; do-ria an cáidh coirp-iodhan, réadla bhúadha tré bhiotha. Biodh é an t-ionadh tuillfidher, a mbíd Fíana bhá fhulacht: do-ria Madhócc muinntearach - mo-chion rí dia mbá rulacht. Biodh é an tríath trén-toighthe; budh é an treas-bhorb brátha; pudh é Madhócc molfuidher, in tonn tar iolar n-átha." Áth.
"Is maith do innisis ar fhiarfaigheas díot, a dheigh-fhir," ol Fionn mhac Faobhair, "agus atá ceist oile agam anoiss, .i. baile atá accoinne a cComar iollbhuidhneach na tTrí nUiscce, áit a ccomhraic Siúir agus Feóir agus Bearbha i n-éin-ionadh, agus Ros mBroc a ainm, agus dob áil damh a fhios d'fhaccháil cía 'gá raibh an dún, an diongna, agus an deagh-bhaile soin." Ro fhreaccoir Oisín an cceisd ísin agus as eadh ro ráidh: "Tríar ócclaoch grádha d'Fhionn," ol sé, ".i.
Ceallach Maol, Bráon Bile, agus Moi Lincc Lúath do chóicceadh Laicchen, boí dhá chéad giolla, dhá chéad óccláoch, agus dhá chéad cú ag gach fear dhíobh, agus dá sirthí trí catha na Féine ní fuicchthí dhíobh tríar dob fheárr lúth agus lámhach ináid. Agus ro bhoí maith mór-adhbhal oile ionnta imaille ri sin, ór as íad do chongbhadh an Fhían bliadhoin iomlán ina ndún agus ina ndeagh-bhaile gan teirce mbídh nó leanna ar aonneach acu i n-oídhche nó a ló risin ré sin." "Iongnadh adhbhal-mhór liom," ol Fionn mac Faobhair, "uiscce an bhaile sin ina árd agus an t-ionadh as a tticc an' ísioll, agus gach neach bhíos a n-easláinte mar íocas an t-uisce sin é go mbíonn sleamhoin slán-chréachtach." "Indeósad-sa adhbhar an ratha sin," ol Oisín, "uair as é sin céad-uiscce ro bheannaighsead aingil a nÉirinn, agus as é uiscce déigheanach beinn- eóchar inte é, agus Taoidhin ainm an uiscce sin agus na habhonn. Agus ro bhádor na deigh-fhir sin ann co ndheachador mic Morna ar focchail agus ar díbheircce ar Fhionn, agus ní ro rathaighsead-somh ní aon d'oídhchibh ann gur íadhsat meic Mórna im an tteach anoir agus aníar, pudhdheas agus pudhthuaigh, agus ro bhádor trí laithe cona n-oidhchibh acc cur fris an bhaile, agus nochar chumhaingsead ní dhó frisin ré soin ar feabhos na foirne baoi ann. Iar sin ro chuirsead teine ann gach áird ó nár
fhédsad dul ar ár-chor oile, agus ro loiscceadh leó é as a haithle ionnus nach ttéarnó feir-ghin nó bain- ghin gan bhúan-losccadh ass. Agus in tan trá tairnic leó-samh an baile do losccadh agus do lán- arccoin tánccadar tar sgairbh Inbhir Dhuibhghlaisi agus tar Bhearbha síar go séid-dhíreach, agus ní mó nó sruthair an Bhearbha tairnicc leó-samh d'fháccbháil in tan tánccomair-ne trí catha na gnáith-Fhéine dochum an dúnaidh dá n-éis, gen gurbhó cobhair donaibh curadhoibh ar ccoimhriachtoin chuca an tan soin. Suidhios Fionn ar bhfaixin in dúnaidh tré dhoicchir dheircc-theineadh, agus suidhitt maithe na Féine ina fharradh agus ro accaoínsead an gníomh sin go dubhach dobrónach dérach, óir ní minic do- roighneadh ríamh nó íaromh gníomh budh doilghe le gach áon díobh inás. Tucc an flaith-fhéinnidh a ordan fó a dhéud fis ann sin dús cia tt'áittéabhadh an t-áras toighthe sin dia éis. Conadh ann ro taibhreadh agus ro taisealbhadh dhó-somh an treas fios as aidhbhle ro foillsigheadh dhó ríamh agus ro ráidh as a haithle: "Tiocfaidh ceithre fáidhe toghaighdhe tar m'éis a nÉirinn, agus do Rí nimhe agus talmhuin fhogheónaid, agus tiocfaidh an ceathramhadh fear dhíobh gosan deigh-ionad sa, .i. Mo Ling mac Fáoláin mheic Fhearadhaigh mheic Fhíacha, agus cuirfidher cath re deireadh aimsire i nÉirinn, .i. cath Mhoighe Rath,
agus rachaidh Suibhne Gealt ar ghealtacht as an ccath soin, agus isin mbaile si muirbhfidhear é, agus nocha lamhfaid fir Mhumhan olc an bhaile si do dhénomh go deireadh an domhain." Agus ro ráidh na roinn:
"Ros mBroc anú as conoir chuan, rubha rúadh idir dhá ghleann: ciodh cían gairid go ttoir inn, Mo Ling ainm an fhir 'sa cheall. Mo Ling Lúath, Ceallach, 's Braon Bil, trí mic Fiachna gusa' neimh, ann ros-fairrgheadh imá bhfaidhbh: ní budh huatha a ainm iar sein. Mo dhruim re Daithleannann dían is m'aghaidh ar Shlíabh Dá Ráon: irréir dhamh i rRáth Dhá Thorc, anocht i rRos mBroc na mbráon. Taoidhin choirtheach cham-linnteach, as é sin ainm na habhonn: tiocfaidh sonna tairrngiortach tar éis Mo Lincc do thadholl. Taoidhin ghasta ghríanánach biodh í an oithlithre iodhan: Ross mBroc i mbíttís úaisle, Teach Mo Ling uaibhsigh in t-ionadh.
Do icfa an fear foluaimneach, dó budh ainm Suibhne an saoir-fhear, scérthor a chorp 's a anom sonn ar ttadholl na tTaoídhean. Teach Mo Lincc, sin Teach Mo Lincc mheic Fháoláin mheic Fhearadhaigh Fhinn: uinge d'ór do-bhéara neach ar a thicch a tTeach Mo Lincc. Beannán Mo Lincc a Luachoir beantar ('s ní tim) le tráthuibh; ní leamhfaid laoích ó Luimneach, ór as Muimhneach a mháthoir. Ticcfaid fir Chualonn attúaidh, sealbha sluaigh, co Teach Mo Lincc: ó shoin amach go bráth mbeann fearr 'sa fearr láin-Teach Mo Lincc. Adeirim-si rádh glan glé, gach saoth íocfaidh in t-uiscce (in rádh sa ní rádh cham) fil i rRos mBroc na mbúabholl, As air do-ghní easlán slán tar gach n-uiscce a nInis Fáil gurbh é an t-uiscce fil san Ros ro bheannaigh aingil céados.
Adeirim-si ribh-si dhe (biodh fíor dhamh a fháistine) budh maith d'anmoinn Fhinn, 's ní anoss, tarrngoire Mo Lincc san Ross." R.
Rucc Fionn mac Faobhair buidheachas adhbhal- mhór re hOisín agus re Caoilte do bhrígh mar do fhuasccailsead gach ceisd dhíobh sin dó. Ro ráidh rí Laicchen iaromh co mpéradh Oisín lais cona mhuinntir co Dún Lámhna Lán-chaoíne inghine Dobhráin Duthoire, co ceann bliadhna, co ccomhraicdís fir Éireann doridhisi a tTeamhraigh. "Bérad-sa Pádraig liom," ol aird-rí Éireann, "agus bíaidh am fharradh i tTeamhraigh risin mbliadhoin sin, do bhaisdeadh ffear nÉireann innte agus dia n-órducchadh ina reacht agus ina ríaghail pudhdhéin." Ro sccaoilsead fir Éireann ó 'roile ann, agus ro chomhraicsead a ccionn na haimsire céadna a tTeamhraigh. Conadh Accollamh na Seanórach a nUisneach ann sin agus comhrac Chaoilte agus Oisín ré-roile. Dála Chaoilte ro éirigh-siomh ina sheasomh agus ro cheileabhoir don aird-rí, don naoimh-chléir-
each, d'Oisín mac Finn, agus do mhaithibh Éireann ol-cheana. Ro fhiarfaigh Pádraig do Chaoilte cá hionadh anar mheas dul, nó aimsir do chaithiomh, risin mbliadhoin sin. Ro ráidh-siomh go rachadh a bhfeadhuibh agus a bhfásoighibh, a ndiamhruibh agus a ndroibhélaibh mar a mbíttís a chompáin agus a choiccleadha, a charoid agus a chomhmbráithre, agus cco mbeathóchadh é féin agus Fionnchadh do thoradh a shealcco agus a shaoír-fhiadhaigh. "Náthó," ol Conadl mac Néill, "acht an im fhochair-si agus rod-fia fáilte agus fíor-chomhnaidhe liom." Ro chinn Caoílte ar an ccomhairle sin do dhénomh, agus fa lúathgháireach Conall ó fúair áonta ó Chaoilte dochum a choimhideachta do dhénomh. Ro éirigh Conall gona mhuinntir ann sin, Caoílte agus Fionnchadh immaille riú. Teaccoid go Ráith Arthrach budhthuaigh a ccrích Chineóil cConaill. Ro éirighdar ingheana míne mong-bhuidhe, meic bheacca bhrat-úaine, amhuis, agus ócclaoích, an tan do-chualadar Caoilte a bheith a ffarradh Conaill, agus ro fhearsadar fíor-chaoimh fáilte fris. Teaccaid isin rígh-theach iaromh, agus bádor acc ól agus acc aoíbhneas ann re headh an chaoimh-láithe, nó gur éirigh grían 'na ciorcuill trom theinntidhe, gur líonustar alla, easa, agus inbheara, agus túaith- theamhracha in talmhan ina deaghaidh. Tánoicc Conall go maithibh i mhuinntire, Caoilte agus Fionnchadh ina bhfochair, ar an bhfeart
boí ar ionchaibh in bhaile. Ro fhiarfaigh Conall do Chaoílte ann sin créd 'mádh ttuccadh Ráith Arthrach ar an ráith sin ar a mbéulaibh, Ráith Mongaigh ar in ráith si attúaidh, agus Lios na nÉiccios ar an lios so linn andeas. "Trí mic bádor acc Bódhbh Dearcc mac in Daghdha isin mBrugh mbráonach mbrat-sholus, Arthrach, Áodh Áluinn, agus Aonghus a n-anmonna. Agus do-rala easáonta agus imreasain eotorra agus a n-athoir. "Maith, a mh'anom, a ócca," ol Bódhbh, "fáccbhuidh-si Tuatha Dé Danann damh-sa, agus éirghidh d'ionnsoicchidh rí Éirionn, .i. Cormac ua Cuinn, uair ní bhfuil d'fhearonn acc maithibh an tshíodha sa fulang a bhfuil acc Arthrach, agus as lía d'Aonghus iná dhó, agus as lia d'Aodh Áloinn éicceas nó dhóibh aráon." Ro ionnsoighdar na deigh-fhir ann sin go Teamhraigh, agus fuairsiot an rí rompa ar faithche na Teamhrach. Fearas an t-aird-rí fáilte fríú. Ro innseadar-somh dhó as a haithle mur do fóccradh ass an mBrugh íad rena n-athair, agus gurbhu ar cúairt cuicce-siomh tángadar d'íarraidh forba agus fearoinn fair. "Do-bhéar-sa ceithre thríocha chéad oll- bhladhach Uladh dhaoíbh-si," ol an rí, "re mo shaoghal féin." Agus ba isin ccrích si a bhfuilir-si, a Chonoill,"
ol Caoílte, "fúarsad na ceithre thríocha chéad sin. Ro ghabh an mac fa sine dhaoibh, .i. Arthrach, isin ráith si ar ar mbéalaibh-ne, agus as amhlaidh baoi agus teach n-oígheadh coitcheann aicce dá chongmháil, agus do-gheibheadh gach áon dá tticceadh gusan deigh-fhear comhnaidhe bliadhno ann úaidh cen uireasbhaidh pídh nó leanna, imearta nó lán- áinis, do bheith air risin mbliadhoin sin. Ro bhaoi Aonghus isin ráith si attuaidh agus meic ríogh na ccrích ccomhfhoccus ina fhochair, agus an tí nach bhfacchadh a chongbháil acc brughaidh nó acc bíatach a nÉirinn nó a nAlbain do cong- bhathaoi aicce-siomh é isin ráith si, agus is innte do bheantaoi a monga agus a mór-ghacco d'each- radhaibh aird-érmhacha Uladh," ol Caoilte, "cona air a deirthear Ráith Mongaigh ría. Ro bhaoi imorra Áodh Áluinn isin lios sa budhdheas agus éiccsi Éireann ina fharradh ann, conadh aire goirthear Lioss na nÉicceas de. Deich mbliadhna fichead ro chaithsead samhlaidh do fhlaitheas Chormuic uí Chuinn, nó go bhfuair bás ag Ráith Spealáin i mBreaghoibh. Tánccadar-somh ar a n-ais co Tuatha Dé Danann iar n-écc an rí, agus ro ba lioss ballach breac-dhearcc buidhe in lios so in ionbhaidh sin cco cnóibh cceand-chorcra caomh-áilne agus co n-ubhlaibh cumhra coimh-millsi agus co n-iomad
gacha toraidh agus gach trén-mhaitheasa ar-cheana, acht ciodh ráith rúadh anú gan chrann gan chaomh- dhuille. Agus an chloch úghod," ol Caoílte, "fil isin áird thuaigh don lios ar ar n-ionchuibh-ne, as uathadh mhaireas dá fír-eólchaibh, agus as aithnidh dhamh-sa go bhfuil folach fúithe, .i. lia ina bhfuil trí chaoga uinge d'ór agus an céadna d'airccead agus claidhiomh catha." Agus ro ráidh na roinn:
"As rúadh anú Ráith Arthrach gérbhó ráith ócc is ánrath: solas budhdheas is budhthúaidh as an ráith fhóid-ghlais fhionnfhúair. Fios na cceasd do chuiris orm, a Chonaill chleachtaigh na ccorn, do-bhéar dhuit gan dícheall trá im dhál na tteóra rátha. Trí mic baoí ag Bodhbh go ngus Árthrach, Aodh, agus Aonghus; a Chonaill, foillsighim dheit nárbad duma na deigh-mheic. Eidir Bodhbh agus a thríar mac tárla imreasoin go prab, gor fhóccair dhóibh Bodhbh na lann fáccbháil Tuaithe Dé Danann.
"Tabhraidh cúairt ar Chorbmac choémh, ar ua cCuinn nár eitigh áon: cuinghidh ar an bhfáith nach fann dár ccrodh forba agus fearann. Deithbhir duibh saighidh ór sídh; dor aighthe ar an aird-rígh; gibé huaibh as lugha crodh ní thicc dár sídh-ne a iomchar." Teaccoid na meic co Teamhraigh ccaoín nua-chrothaigh n-ildhealbhaigh: baoi an rí ar faithche amuigh ar cionn na mac ar madain. Ro éccaoínsad ris ann sin Bodhbh dá síor-chur a síodhuibh, iad don dheigh-fhear géarbho clann, 's a mbeith gan íath gan fhearonn. "Ceithre thríocha chéad nach olc do-ghébhthaoi úaim-si," ol Corbmac, 'rem ré, ciodh cían, fá bhur ccrodh a ccóicceadh oirdheirc Uladh."
As é fearonn fuair na meic ann sin ó Chorbmac coimhghlic (foillsigheam féin do gach druing) in tír si i ttáim-ne, a Chonaill. Ro ghabh sinnsir na mac maith, darbh ainm Arthrach árd-fhlaith, san ráith si ar bhélaibh na bhfear, conadh úaidh ainmnighthear. Teach n-oídheadh coitchionn do chách do chongbhadh Arthrach gach tráth: aicce do-gheibheadh gach fear congbháil bliadhna gan bhúaidhreadh. Ro ghabh Aonghus san ráith thuaigh, i rRáith Mongaigh go mór-bhúaidh: aicce do chongbhadh an doss mic ríogh na ccrích ccomhfhoccus. Innte do beantaoi a monga d'eachruibh caomha ceann-chroma cóiccidh Uladh co ndligheadh, conadh úaidh ro hainmnigheadh. Ann baoi san lios so budhdheas Oédh Áloinn fa trén i ttreas: amhloidh baoi an fear go mblaidh éiccsi Éireann, 'na fhochair.
Óna héixibh baoi san lioss ráitear ris Lioss na nÉiccios: acc sin daoíbh (gá ttámuid ris?) éarneadh na cceasd do chuiris. Teaccoid na mic ríogh tar a n-ais gusan sídh ós Bhóinn mbraon-ghlais ar ccúl arís go a n-athoir: at-báth ua Cuinn Chéad-chathoigh. Deich mbliadhna ficheat go fíor co ndeachadar soir san síodh: tríar soin nár dhodhaincc a llios: ní bhfuil oruinn 'na ainbhfios. An chloch sa atá thuaigh san lioss sochuidhe atád 'na hainbhfios, dá chaoga unga fó thrí fó a bruinne 'na ccomhnuidhe. Ba lios comháloinn go ccnoibh an lios sa i mbíd na hughdoir, ría ndul don tríar mac amach, gé ráth anú Ráith Arthrach." As R agus rl.
"Ro budh maith linne, a rígh-fhéinnidh," ol Conall, "an t-ór sin atá fón ccloich d'fhaccháil." "Nochan furas a tabhoirt-si a thalmhuin," ol Caoílte. "Budh urasa linne anoss," ol Conall. Agus ro éirigh trí caogaid fear n-armach, agus tuccsad a tteinn-fheidhm i n-aoinfheacht uirre, agus nochar chorraighsead a talmhain í. Thicc Caoilte chuicce as a haithle, agus tucc sáthadh sanntach sáir-shéitreach sleighe fúithe, ionnus gur thóccaibh dá háit agus dá hadhbhaidh í, agus tucc a lámh ina hionadh agus tuccostar lía Finn mheic Cumhoill as, ina rabhdar trí chaocca uinge d'ór agus an céadna d'airccead, slabhradh órdha agus cloidheamh catho, agus ro chuir an chloch isin ionadh chéadna doridhisi. "'Anam, a Chaoilte," ol Conall, "cionnus roinnfir an fríthe sin fon-fhúarois?" "Do-bhéara an cloidheamh agus an slabhradh dhuit-si," ol Caoílte; "agus do-bhéara an lia dhearcc- óir do Náomh Pádraicc, óir is é líaigh íoca agus ard- leasaighthe na nÉirionnach é." Is ann sin adubhairt Conoll: "Atád teóra tulcha accoinn sonn, agus nochan fhaghmaoíd acc sean nó acc seanchaidh, acc fáidh nó acc file cia ní dá bhfuilfeadh. Leacht na Laochraidhe agus Tulach an Bhan-chuire anmonna dhá chnoc dhíobh; tiobraid isin treas tulaigh dhaoibh-sidhe,
agus abhonn eisti imach, agus Glaiss na bhFear goirthear dhí." "Do-ghéabhoir-si a ffios sin go fírinneach úaim- si," ol Caoílte. "Bean tugastar Fionn, .i. Sadhbh inghean Búidhbh Dheircc mheic in Dághdha, agus ro shireasdar-si coibhche ar Fhionn, .i. leith feisi agus fíor-édála do thabhairt dí. Agus as é fáth fár shireasdar an coibhche sin, ar a feabhas feisin, ór ní raibhe ó Thiobraitt Bó Finne go Gardha na hIspeirne bean bu feárr ináisi, agus ní raibhi a nÉirinn nó a nAlbain bean bhiaidh a ccoindealcc gloine dhí. Ro snadhmadh an inghean agus Fionn ré-roile iaromh ag Sídh bhFear bhFeimhén, ria ráitear Sídh Bhan bhFionn, agus níor chían dó as a haithle gur luidheadar ar shliocht-lorcc chloinne Morna, bádor acc foghail agus acc díbheircc fair, agus do-ríacht gusan ráith si ina bhfuilmaoíd-ne anoss ar a lorcc agus ar a lán-eing-siomh, agus ro thuit oidhche fair inte, agus ro gabhadh sosadh agus longphurt lais sonn an adhoigh sin. Ro labhuir as a haithle le Fearr- dhomhuin mac Buidhbh Dheircc, agus as eadh ro ráidh ris: "A Fheardhomhuin," ol sé, "ní fheadamair-ne cá fad bhíam ar an lorgaireacht so, agus d'eaccla go madh himchían le hinghin Buidhbh ar n-iornaidhe, go madh ail agus aithis lé bheith inar bhféaccmuis- ne, is iomchubhaidh dhúinn teachta do chur ar a
ceann dia tabhairt chuccoinn, agus féach-sa cia bhus cóir dhúinn do chur isin teachtoireacht soin." "A ceithre dearbh-chomhaltadha budhdhéin," ol Fearrdhomhan, "is iomchuibhdhe do chur ar a ceann, .i. Conoincc agus Cathol, .i. dhá mhac Aonghusa Tírigh an tréinfhir, agus dhá mhac rígh Mumhan, agus Cathosach agus Criamhthonn, dhá mhac rígh Laighen, ór as íad-somh ceathror as annsa lé i nÉirinn." "A ócca," bhar Fionn, "cia dhaoibh rachos isin teachtoireacht úcchod?" "Rachmaid-ne," ar clann rígh Mumhan, "ór is inar ccrích atá in inghean." Gluaisid rompa arna mhárach ceithre chéad fear cona cconuibh agus ghiolluibh go Sídh Bhan fFhionn, agus teaccoid rompa anonn isin sídh solus- mhóir, agus ro fearadh fíor-chaoin fáilte riú gan mhío-rún gan mheabhuil ag an inghin, agus ro bhádor trí laithe agus teóra hoidhche isin sídh go nua gach mbídh agus co sean gach saoir-dhighe. Ro laphuirsead risin inghin as a haithle agus as eadh ro ráidhsad: "Maith ámh, a inghean," ol síad, "tánccamair- ne ar do cheann don toiscc si ó Fhionn agus ó Fhíanuibh Éireann, ór as cían leó taoi ina ffhéagmuis." "Ní faillighthe dhúinne gan dul libh-si," ol sí, "ccen go mbeith in rígh-fhéinnidh dár ro-íarraidh." Ro ghabh an inghean an sin a hearradh oenaigh agus oireachtais impe, agus ro ghabhadar an trí choécca inghean no bhíodh ina banntracht a
n-éadaighe aireaghdha ionntlaisi iompa mur an ccéadna. Do-riachtadar gusan ttulaigh ttonn- ghlais ttoghaidh si. Ro scuireadh a n-eachradha, agus do cuireadh a bhfinn-leathreanna fastadha fútha, gor ghealtador féur barr-ghlas burr-úaine go grian na glan-chríaidhe. Ro ghabh tart trom-aidhbh- seach in ingheanradh tar éis an aisdeir agus in áird- éarmo sin, agus ro accaoínsead a n-íota agus a n-imneadh ris na hóccaibh. "Nochan aithnidh dhamh-sa uisce inar ngoire ann so," ol Conoing. Ro éirigh an t-arsaidh íar sin, agus rígh-lía chloiche ro bhaoí a mullach na tulcha tonn- ghlaisi tucc tarraing go tréan-láidir uirre, gur bheanustoir a thalmhoin go tinneasnach í, ionnus gur bhriss loch-thobar grinn glan-ghainmheach a lorcc an lán-cháirrthe. Conadh ann ro ráidh an ríocchan: "As fearrdha ro tóccadh an cárthe agus caomh- ghlais uisce dhúinn," ol sí. "Gá feárr ainm dá mbia uirre," ol íad-somh, "iná Glais na bhFear?" Cona amhlaidh sin ro ghabh an ghlaisi ainmniughadh. Ro ibheadar an ingheanruidh a ndaothain don uisce íaromh. "Caidhe Fionn agus na Fíana?" ol an inghean, "ór ann so adubhrabhair a mbeith ar ar ccionn." "Dar ar mbréithir-ne," ol íad-somh, "as ann so
do gheallador inar ndáil-ne, agus nochan eadamair- ne créd tucc orra gan an gealladh sin do choimh- líonadh, acht gurab dóigh linn gurab trén-bhrath agus taisccéladh fuairsad ar chlonnuibh Mórna, agus go ttuccsat amus forra." Nír chian dóibh an tan it-chonncador an ghrinne áigh agus iorghaile isin magh andeas gacha ndíreach dá n-ionnsoicchidh. "An ttabhraidh aithne ar an ngrinne glan- shlúaigh ucchot?" ol an inghean. "Do-bhéaruidh aithne orra anoiss, ór as é Goll mac Mórna cona bhráithribh fil ann dár marbhadh- ne an líon támaoid." Ro éirgheadar na deigh-fhir go dían-athlomh ann soin, agus ro inneillsat a ccairpthe dona haindribh sin, agus do cuireadh ionnta go hághmhar urmhaisn- each íad. Ro fhiarfaigh Goll ann sin dia mhuinntir 'narbh fheasach dhóibh cía na sáir-mhílidh sin baoi accá seachna. "Do-bheirim-si a fhios duit," ol Conán mac Mórna, "gurab íad súd dhá mhac rígh Mumhan, dhá dheirbh-fhear grádho Fhinn mheic Cumhuill." Ó 't-chúala Goll sin ro ghreas a ghlan-bhráithre ina ndeaghaidh co nach ndeachdaois úatha. Ro cuireadh clann rí Mumhan 'na mór-chomhnaidhi don ghreasacht sin, agus mur nach raibhe ar cumas dóibh imtheacht do thoradh a ttréin-reatha tuccsad glún re glíaidh do Gholl cona mhuintir agus
ro dhíobhraicc cách dhíobh a chéile do shaighdibh síoth-ghorma, do bhearuibh barr-ghéara, do laigh- nibh leathon-ghlassa lán-mhóra agus d'ilchinéil gacha hairm ionchaithmhe ol-cheana. Ciodh trá acht, torchradar ceithre chéud fear n-armach n-ion- chomhluinn do mhear-shochraide mhac Morna risan úathadh do mhuinntir Fhinn boeí isin iomaircc, agus torchradar feisin gan neach n-eólaigh- theach do dhul i mbeathaidh ass díoiph. Dála in bhan-chuire, imorra, ó 't-chonncatar an imni sin, tuccsad a ngnúisi re talmhain ar an tulaigh si agus fuarador bás fó chéadóir d'úathbhás uirre. Conadh dhe gairthear Tulach an Bhan- chuire dhi," ol Caoilte. "Do-riacht Fionn iar soin, agus an Fhían, gusan ionadh sa, agus ad-chonncadar in sleacht-luidhe ban agus fear sin dá muintir ar ttuitim. Dála dhá mhac rígh Laighean, imorra, tánccatar ar an leathtaobh oile don tulaigh, agus ó 't-chonncatar a ccomhdhalta ar ttuitim, tuccsat a n-aighthe isin ttulaigh ttoinn- mhín ionnus go bhfuaradar bás go bioth-urlamh. Ó 't-chonnairc an flaith-ruire Fionn an t-éacht soin, do thuitsad a airm leabhra lán-aidhbhle as a lámhuibh go lúth-obann, agus ro chieasdar frasa díochra déur, agus ro chieadar Fíana Éreann uile, an méid baoi beó ann sin díobh, im an ádhbhar ccéadna. Ro ráidh Fionn íaromh: "As olc an scéul so roichfeas go rígh Laighen
go Sídh Liamhna Láin-chaoíne, agus ní feárr an sccél roichfeas go rí Mumhan go Ráith na Míleadh go Slíabh Cua, agus ní ba hurgháirdiughadh le hánradh- aibh co Sídh bhFear bhFeimhén, agus ciodh misi féin," ol Fionn, "as adhbhar déar agus doghailsi dhamh go deimhin in dáil sin, ór as mé as aidhbhle easbhadha dhi, ór as leam do chuideóchdís na curaidh agus na caithmhílidh ucchot." Ro cuireadh ceathre chéad fear-ócclách do mhuinntir Fhinn fó fheartuibh in talmhuin trom- fhóidigh, ro tóccbhadh a lia ós a leachtuibh, agus ro sgríobhadh a n-anmonna oghuim, agus as de sin atá Cnoc na Láochradh ar an ccnuc sa gan conntabhairt, a Chonoill," ol Caoílte. "Ro hadhnaiceadh in ingheanradh isin ccnuc sa theas mar an ccéadna. Cona dhe atá Cnoc an Bhan-chuire fair. Agus ro hadhnaiceadh dhá mhac rígh Laighean isin móir-thulaigh rinn attúaidh. Conadh dhe atá Ard na Macradh dá ghairm di. Agus as é sin seanchas fírinneach na tteóra ttulach sa ro fhiarfaighis díom, a Chonoill," ol Caoílte, "agus na glaisi, .i. Glais na bhFear." Agus do-roighne na roinn d'éccaoine na ndeagh- laoch sin agus na hinghine, agus d'fhoillsiughadh choda do mhaith Fhinn agus a bháis:
"Is trúagh an gnímh bás mac nDuibh, dhá mhac an rígh; dhá chéad fear 's a n-urdail con do bhíodh ar a thuarasdol.
Mór an sccél im Ráith Arthrach, iomad ndéur, bás Chonoing agus Chathoil do bheith im cheann aon-achaidh. Glais na bhFear, budh é an tobar suthain sean ag foghnamh do chách (ní chéul) gan léun go ttí bráth na mbreath. Gan imtheacht maithne a Sliabh Breagh, gan coitseacht re féin bhfinn-fhear, gan bheith adhoigh acc Dún Fraoch is ccen tuarasdol d'ócclaoch; Gan feis re hinghin Búidhbh Dheircc rucc mo shiubhal 's mo shaoír-sheilcc, 's gan dul go Síth fFhear fFheimhen le ríoghraidh n-aird ndeircc-theineadh. Nír dhiúilt Fionn re duine ríamh im ór, um airgead, im bhíadh, go bhfúair bás co ndulghe dhe saor-mhac Muirne móir-ghile. Éucc Cathoil is Chriamhthainn chaoimh ar an tulaigh si rem thaoibh; éucc Finn, fichtibh gal, le croidhe Caoílte is cumhan.
Ro marbhadh Fionn na Féine acc tabhairt a laoich-léime gan imtheacht ar aon ris croidhe Chaoílte is eadh bhriseas."
"Att-rae búaidh agus beannachtoin, a Chaoilte," ol Conall, "as maith an foras agus an fíor-eólas rod fháccbhuis accár n-eólchuibh ré innisin d'uaislibh agus d'aird-mhaithibh Érionn, óir ní córa dhúinne dúil d'fhagháil isna scéalaibh sin iná dhóibh- siomh." Teaccoid isin mbaile inonn as a haithle in oidhche sin, agus ro bhádor acc ól agus acc aoibhneas ann ó sholus-tráth éirghe do ló arna mhárach. Téid Conall ann sin amach ar an bhfaighthe, agus téid Caoilte lais, agus ro bhuí a lámh i lláimh Chonaill agus é acc síor-shuarcas air, ór ro mhothaigh ionmhaille imtheachta for an seanóir. Ro labhair ris, is eadh ro ráidh: "Cia dar mhac h'athoir-si, a Chaoilte?" ol Conall. "Mac do Dhruindearccán mac Dorcoill mheic Criomhuill mheic Thréinmhóir m'athair-si," ol Caoílte, "agus bráthoir bunaidh-cheineóil d'Fhionn é, ór ba do chlandaibh Tréinmhóir mheic Shoailt mheic Garaidh mheic Bhaoisgne mheic Núadhat Neacht iad araon," ol Caoílte, "agus Fionn Filidh ba hainm don Tréinmhór sin."
Agus do-righne an laoidh ann d'fhoillsiughadh a nd-éarbhairt ann sin agus do chraoibhsgaoileadh chloinne Tréinmhóir:
"Fionn Fili ba fear go lí, ba rí uasol oirnidhe: cidh fili adeirmís ris, ro budh rí ruanidh roi-chlis. Fionn File ba fear gan bhrón as de do ghairmís Trénmhór - trén-mhór é ar threisi a threas: ciodh eadh ón ba hainm aircheas. Trí meic acc Trénmhór na ttreas (fionnadh gach saoí re seanchas): Criomhalt, Cumholl, Aodh Ollach: ionmhain an tríar trén-ghlonnach. Aon-mhac ro bhoí acc Aodh Ollach, Lughach feargach fíor-ghlonnach: aon-mhac 'gan Lughach céadna Fearrdhomhan, fear ionéachta. Cúicc mhic ag Criomhall rom-char, Aodh, Caireall, is Fearrdhomhan, Dáire nach bhfolchaidhe a n-ágh agus Dorchoille déud-bhán, is an seiseadh tréin-mhac teann an curaidh cródha Cuilleand.
Dhá mhac Dorchoille dhúanaigh (robsad gille go mbúadhaibh) Druindearccán dar mhac Rónán is Flaitheas Fear Leith-chórán. Trí meic baoi acc Cumholl cháomh Fionn flaitheamhdha, feárr gach áon, is Díthramhach a Dhruim Dean is Fítheal flaith-bhreathamh. Seacht meic shoineamhla acc Fionn féin: budh díobh Oisín in airm ghéir, Fearghos file Fín-bhéul Finn, Caoinche, Uilleand áith airm-ghrinn, Raicchne Roscc-leathon na rann, Fáolán is Aodh na n-órlann: ro budh ceann feadhnach gach fear; fa meanmnach an móirsheisir. Inghean acc Fionn, fearrdha an bhean, dar chomhainm Lughach láimh-gheal; fearrdhacht ro thríall, tóla tlacht, agus ro thréicc a bandacht. Laithe ro bhádor acc seilcc Dáire is Lughach ar aoin-leircc: do-chuaidh Dáire gan deacoir go Lughach 'na caoín-leabaidh.
Ba torrach Lughach co ngus ó Dháire géar dhroch-thuras, go rucc a ccionn naoí mís mac ré mbíttís Fíana acc formad. "Ro budh feárr leam iná ór," ar Fionn re Lughach lán-mhór, "go bhfeasoin athoir in mheic eidir Fhianuibh co coimhthric." "Coirpthe an mac," ar íad uile, "a rígh-fhlaith, a rígh-dhuine; Gaoin an mac, ór gaoin a bhreith gé tá Lughach gá dhíthchleith." Dáire Dearcc mac Finn go mbloidh, mhic Cumhoill chaoímh chomhramhaigh, mhic Thréinmhóir go ruathor nglé ris a ráitear Fionn File. Fionn, Flann, is Deimne ón Druim trí hanmanna mhic Cumhuill: Fionn is Trénmhór ón tráigh theinn rob íad anmonnadh an chéid-Fhinn. " Fionn.
Ro éirigh Caoilte ann sin, agus ro thiomain ceileabh- radh do Chonall, agus ro ráidh go rachadh do chuart- ughadh in chóiccidh, agus gur thuirseach lais bheith ina chomhnaidhe i n-aoín-ionadh; agus fa crádh croidhe le Conall in ceileabhradh sin. Ciodh trácht, ránoicc Caoilte agus Fionnchadh rompa go Loch Doimh Dheircc soir re fuineadh nóna, bhail i mbádor dhá uasol-chruimthear do mhuintir Phádruicc, .i. Colmán Ealo agus Eóghannán. Agus bádor an tan sin acc tréun-ghabháil na canóine coimhdhéata agus ag aghmholadh an Dúil- eamhuin go díochra. Is ann sin tánccadar trí meic eaccolsa dá muinntir imach ar an loch a ccurach do ghabháil éiscc, agus bádor acc cantoin a n-easparta. Ó 't-chuala Caoilti sin ro labhuir re Fionnchadh agus is eadh ro ráidh: "Uch, uch!" ol sé, "rob annamh leam-sa coitseacht re coicceadol cléireach acc sonn-ghabháil a psalm agus a psaltrach ós an linn se, agus ba binne leam dordán deagh-bhan na Féine do chlos inás. Ór dob eisiomh in treas ceól as binne boí isin domhan: foghar an Duird Fhíansa agus an ceól cruite do-níodh Cnú Dheireóil an dá cheól aile." Agus ro ráidh na roinn:
"Ba hannamh le hó mo chinn coitseacht re léighionn ós linn: ba mionca liom, ro bhaoi tan, coitseacht re dordán deagh-bhan. Ní bhaoi san ccruinne go ceart ceól budh binne re coitseacht, a nfhéagmuis dá cheól oile, ná ceól caoín an bhan-chuire. An dord do chandaoís an Fhían ceól ba binne thoir nó thíar: an dara céol (fa ceól cóir) easnadh cruite Chnaoi Dheireóil. Cia bé gá tteiccéabhadh peand fada do bhiadh gá sgríbhenn: truagh, a Dhé, mur tú-sa anos tar éis na n-ilcheól fuaros. Mall mo thuras ó Thráigh Lí: as fada mo chomhnaidhi; leabhair léicchinn, mór an modh, a n-éisteacht leam dob annomh." B.
Tánoicc Colmán Ealo agus Eóghannán amach íar ccanntoin a ccáomh-thráth, agus at-chonncatar na
fir mhóra gona cconaibh ccomhadhoisi, agus ro ghabh iongantas ádhbhal-mhór íad íarna bhfaixin. "Do-fheador féin," ol Colmán, "gurb é súd Caoílte mac Rónáin do mhuintir Fhinn mheic Cumhoill," ol Colmán, "agus Fionnchadh mac Floinn ina fhochoir, agus cuirthear na mic-cléirigh ina ccoinne, ór do-chualamar gur ghabhsad baisdeadh agus gur chreideastar ó Naomh Pádraig." Do-rónadh samhlaidh, agus do fháiltigh Colmán agus Eóghannán rompa. Ro freasdladh agus ro frioth- áileadh íad íaromh, ionnus gurbhó subhach soi- mheanmnach íad. Is ann sin ro fhiarfaigh Colmán do Chaoilte: "Créd 'mádh ttuccadh Loch Daimh Dheircc ar an loch sin?" "Damh dearcc ro bhaoí a n-eislearccaibh na Luachra leann-bhraonaighe theas, agus do théiccheadh d'fhearoibh agus do chonuibh na Féine feacht fó thrí gacha bliadhno; agus ro leansad an Fhían é ó leislearccaibh na Luachra laithe n-áon go ránccatar in loch sa. Agus do bhámair-ne ceathror don Fhéin ag tocht a ngoire dhó ag teacht chum an locha sa, .i. Diarmuid ó Duibhne, Mac Lughach, Glass mac Aoin-chearda Bérra, agus misi budhdhéin, agus is mé budh foixe don damh don cheathror. Ro dhiúbhraccomair-ne ceitheóra sleagha a n-aoinfheacht fair," ol Caoilte, "gor ghabhador uile greim ann, ionnus go ttorchair go tinneas-
nadhach dochum láir agus láin-talmhuin ar an láthoir sin é, agus tárras-sa an dara beann dó, agus tárraigh Díermuid Ó Duibhne an mbeann n-aile agus rucc lais í go Teamhraigh Luachra d'ionnsaighidh Finn, agus tucc Fionn a ceann ar a chaomh-thraighidh agus tánoicc a ceann uachtarach dhó go a bhathais, géarbh é ócclaoch ba mó do Ghaoidhealaibh é; agus ro fháccbhus-sa an bheann do bhaoi accom pfhéin díobh-somh i cceann na hinnsi si a bhfolach, agus do budh dóigh dá madh solus an adhaigh go mbéaruinn eólas fair, agus as ón damh dhearcc sin deagh-Luachra torchradh 'gon loch sa ro hainm- nigheadh é," ol Caoilte. "Att-rae buaidh agus beannachtoin, a Chaoilte," ol Colmán, "as maith ro fhuasglais in cceisd so chuireas fort, agus do budh maith linn in bheann sin d'fhagháil." Ro éirigh Caoilte ann sin, agus ránoicc gusan ionadh inar chuireastar in ccaoimh-mbeann, icas tucc a lámh isin mbrúach, agus ro tharroing an bheann go láidir lán-chalmo ass an locc ina mboí, agus tucc ar a mhuin í gosna cléirchibh gur líon an teach ó airidhidh go a iarrshlios. As é fa rí ar chóicceadh Uladh in ionbhaidh sin Eochaidh Faobhair-dhearg mac Fir Ghlinne, agus as ann boí dúnadh agus deagh-áros aicce a tTulaigh
na nArm ria ráitear Magh ruadh-armach Rath isin tan so. Iar ttocht na maidne gosna maic- chléirchibh ro éirghiodar co hésccaidh urlamh, agus téid Colmán agus Eóghannán, seisir saor-chléireach, ar cuairt ccosan rí, agus an bheann ar iomchar re a ccois, dá breith dá taisealbhadh don rí-thigh do Cholmán agus d'Eóghannán cona ccléirchibh. Ro léicceadh an láin-bheann ar lár i ffiadhnuisi an rí. Ro ghabh iongantas adhbhal-mhór an rí agus an méid boí ina fhochair im aidhbhle agus im anfhóille na háird-bheinne ad-chonncadar, agus ro fhiarfaigh- sead do Cholmán cia hionadh ina bhfríth í. "A Loch Doimh Dheircc," ol Colmán. "Cía fuair and-somh í?" ol an rí. "Caoilte mac Rónáin," ol Colmán. "Mo-ghéanar accá mbiaidh an deigh-fhear sin ina fhochair, agus monúar," ol sé, "nach bhfuil inar bhfochair-ne go ffaghmoeis dinnsheanchas ar ndionn agus ar ccnoc, coimhghne ar ccríoch agus fásach ar bhfearonn úadh!" Dála na ccléireach tánccador ar ccúl doridhisi agus nochar inseadar don rí Caoilte do bheith acc Loch Daimh Dheircc, d'eaccla go mbéaradh úatha é gan airisiomh, agus ro fháccsad an bheann aicce. Ro bheannaigh Colmán do Chaoilte iar ttocht do láthoir dó agus ro fhreagair-siomh an beannachadh
go búan-charthonach. Ro chansad na cléirigh a ccaoimh-easparta, agus ro phronnaighsead íaromh, agus ba sobhraigh soi-bhríoghach na sein-fhéinnidh iar sin. Ro bhoí Caoilte ag coimhéad Cholmáin go coimhdhíochra i ngach am dá ndiongnadh urnaighthe an ccén boí ar a chomhair. Ro labhuir ris aon do laithibh, agus is eadh ro ráidh: "Maith ámh, 'anam, a Cholmáin, créad fochuin 'má n-abruir-si na hocht ttrátha adeirir?" "Maith na hadhbhair 'má n-abroim-si íad- somh," ol Colmán, "ór atád ocht ccoire colnaidhe i ccoimhleanmhuin chuirp gach aoin isin domhan, agus íocaid-siomh íad." "Aboir dhamh-sa," ol Caoílte, "agus ainmnighidh dhamh-sa na hocht ttrátho sin agus na hocht ccoire colnaidhe, gurbham eólach ionnta." "Adér go deimhin," ol Colmán, agus ro ráidh:
"Na hocht ccoire colnaidhe con-ghelit go grían: na hocht trátha toghaidhe dia ndíolghadh go dían. Prímh re craos nach coimsidhe; teirt re feircc na bhfáth; meadhón laoi suairc soillsighe uaim re héadradh ngnáth.
Nóin a n-aghaidh n-occobhoir ar lár talmhan teinn; easparta suairc socamhuil uaim re tuirsi ttinn. Coimpléit re sníomh sochmhaidhe, úair is comhroinn chóir; iarmhéirghe thrén toghaidhe frí mhainneachtnaigh mhóir. Tiughnáir maith na mín-leabhar frí dhíomus dhúr ndocht: go rom-shaora an Rígh-bhreathach ar nua-chion na n-ocht!"
"Ciodh dhamh-sa, a Cholmáin," ol Caoilte, "gan na hocht ttrátha soin do ghnáthughadh, ór rom-fhuirigh Rí nimhe agus talmhuin i ccoimhré agus a ccoimhaimsir riú?" "Oirne na meic Eaglosa as mó atáid ceangoilte," ol Colmán, "agus nochan oirbh-si." Ro fhiarfaigh Colmán do Chaoílte ann sin: "Créad 'má ttuccadh Tiobra na Banntrachta ar an tiobruid si i cceann an locha línidhe láin- fhúair sin amuigh?" "Niamh inghean Tiobraitte Thírigh, inghean rí
dhá chóicceadh Mumhan," ol Caoilte, "luidh ar aitheadh agus ar éoládh le hOisín mac Finn óthá Dún na Macaomh andeas i ccóicceadh Mumhan gusan maighin si, agus boí Oisín dhá mhís acc dénomh sealcca agus saor-fhiadhaigh in chóiccidh si sonn, agus ticceadh Niamh tríocha inghean gacha haon- mhaidne d'ionnmhadh a llámh agus do nighe a niamh- aightheadh as an uisce áloinn fhíor-úaine boí isin tiobraitt ttaitneamhaigh ttoinn-ghil ro fhiar- fhaighis, a Cholmáin. Dála Tiobraitte Thírigh," ol Caoílte, "do chuir air go mór an inghean d'élódh le hOisín, ionnus gur tionóileadh go trén-athlomh dhá chóicceadh mhór-gharcco Mumhan lais do leanmhuin agus do lán-íarmhóireacht Oisín agus na hinghine, agus fa headh a líon, iar léir-thionól dóibh, cúicc catho cródha curata, agus deich ccéad i ngach cath dhíobh, agus nochar hairisiomh leó nó go rángador gosan roi- thiobraitt si. Agus as amhlaidh boí an inghean agus í ós cionn na caoimh-thiobraitte, agus a banntracht ina timcheall, agus íad accá niamh-ghlanadh a huisce na hóigh-thiobraid; agus acc éirghe dhóibh ón tiobraid at-chonncadar na cúicc catho comhmóra ar an ccaomh-thulaigh uasda. Ro laphuir an inghean rena banntracht ann soin, íar n-aithne na n-árd-shlógh dhí, agus is eadh ro ráidh: "Monúar," ol sí, "nach bás fuaros sul do- chífinn m'athair cona thríar mac, m'oide, mo dhá chomhdhalta, agus maithe Mumhon ol-cheano 'gá
cciorbhadh agus 'gá ccnáimh-ghearradh gan choiccill acc curadhaibh calmo coimhneartmhora Fhían Éireann trém fhochonn agus trém acois budhdhéin." Agus as cuma boí agá rádh agus tucc a haghaidh re lár agus re lán-talmhuin ionnus go ffuair bás fó chéadóir d'fhéle agus do náire, agus nocha deárna aoin- bhean don bhanntracht gan bhásughadh fán ccuma chéadna. Gurab Cnoc an Áir ainm na tealcha so amuigh, agus gurab Tiobra an Bhanntrachta ainm na tiobraitte ó shoin gus anú," ol Caoilte; agus ro ráidh na roinn:
"Atá san ccnoc an ríoghan: sochaidhe boí 'gá díoghal: Cnoc an Áir ó shoin a-lle áit a bhfuil 'na comhnuidhe. et cetera.
Accus ó 't-chonncador maithe Mumhan an inghean cona banntracht d'fhagháil bháis amhlaidh sin, ro budh dubhach dobrónach íad. Ro labhair in rí agus as eadh ro ráidh: "A dheagh-mhuinntir," ol sé, "as olc an t-amus tucc Fionn accus Oisín cona fFíanaibh oirn, .i. an inghean do thabhuirt úainn agus a hoidhidh do thocht tríotha, agus éirccheadh teachta dá n-ionn- soicchidh go Slíabh Cinn Chon, agus fóccorthar cath forra a ccionaidh an aindlighidh do-rónsad oirn."
Do cuireadh bain-eachlach an rí risin teach- toireacht sin, agus Maireann Muirscce ainm na ban- eachlaighi. Ránoicc-si roimpe go réim-dhíochra go Ráith Cinn Chon mur a rabhador Fíana Finn. Is amhlaidh boí an rígh-fhéinnidh an tan soin acc fáith-imirt fithile re hOsccar mac Oisín, agus ro fhiarfaigh scéala don bhain-eachlaighi. Ro innis gurab d'fhóccra catho fair-siomh ó rígh Mumhon tánoicc don toiscc sin, agus ro ráidh na roinn:
"d'fhóccra catho ort, a Fhinn, a fhir na mbriathar mbith-bhinn, as dó tánag go Ceann Con gan áithcheódh gan éiliughadh. Comhrac Fhinn is rí Mumhan sochaidhe dá mbia a phudhar; oirccfi cách dhíobh a chéile; budh curata a ccoimhéirghe. Adeirim-si ribh, rádh nglé, (budh fíor dhamh an fháistine), biaidh brath fir a nAlmhuin fhinn don chath fhóccraim ort, a Fhinn." A Fhinn.
"Rob annamh leam-sa," ol Fionn, "cath d'fhóccra
orm ó aonneach d'Éirionnchaibh gos anos, agus éirigh, a Gharbh Goire," ol sé, "do rádh risin bhFéin éirghe athlomh aon-fhir do dhénomh, go bhfreag- ram rí Mumhan, do thabhairt catho dhó." Tánoicc Garbh amach ann soin ar árd na tulcha, agus ro léicc a theóra barrann-ghlaodha bódhbha ós áird; agus ro fhreagradar an Fhían go neamháilseathach é, ór do budh dearbh leó gurab le deithbhir ro luaidheasdoir-siomh na teóra gláodha gáibhtheacha groid-ghéara sin. Ciodh trácht, do-chúador an Fhían ághmhar urchar-cheart i n-urdhornchlaibh a ccloidheamh ttort-bhuilleach, i ccrioslaighibh a sgíath reandach réaldannach; agus ro ghlacsad a sleagha seimh- neacha snasda sleamhuin-chruaidhe go sáir- dheithnisach ann sin. Ro cóirgheadh cath fearrdha fiothnaiseach fottuilsgiath as a haithle im an aird-fhlaith, im Fhionn, agus amhdhamhach dhoinn-sgiathach dílse deilighthe dath-chorcra ina n-urthimcheall aneachtoir, agus ro tóccbhadh fidh- némheadh neimhneach nathorrdha do shleaghaibh snais-gheala síth-ronnaighthe soi-dhiúbhraicthe re geal-ghuaillibh na gasraighthe as a haithle. "Maith, 'anom, a ard-fhlaith," ol maithe na Féine, "créad ádhbhor an árd-chatha so chum a ttriallmaid don turus sa?"
Ro fhaillsigh an rígh-fhéinnidh damhna an deagh-chatha. "As étteachta dhuit-si, a dheigh-fhir," ol Fearghos Fínbhéil, "dul do chur catho re rí Mumhan im an adhphar sin, ór as follus gurab aicce atá an chóir at aghaidh-si, agus as eadh mholmaoid-ne dhuit-si maithe na Féine do theacclamadh ar fhód fó leith dús créad do mholfaid do dhéanomh 'mun dáil sin." Ro dheilighseat ocht bhfichit fear-óglaoch do mhaithibh na Féine ar fód fó leith do dhénomh comhuirle créd budh iomairccidhe dhóibh do dhénomh, agus as í comhairle ar ar cinneadh leó gan an cath do thabhairt agus breath Chormaic Uí Chuinn, Chiothruaidh mheic Fir Cháogad, agus Eithne Ollamhdha inghine Cathaoir Mhóir do thabhairt do rígh Mumhan i ngach aindligheadh dá ndeárnadh fair. "Cáit ina bhfuil Smiorghat, inghean Eathach Éttualngigh, an eachlach?" ol Fionn. "Sonn, a rí-fhéinnidh," ol sí. "Éircchigh gusan ionadh ina bhfuil rí Mumhan," ol sé, "agus innis dó go ttiobhar-sa breath Chorbmaic Uí Chuinn, Chiothruaidh mheic Fir Chaoccad, agus Eithne Ollamhdha inghine Cathaoír Mhóir dó i ngach éccóir dá ndearnas féin agus Oisín fair." Do luidh an bhain-eachlach roimpe gan ro-
airisiomh go ráinicc gusan airm i mboí Aonghus Tíreach agus maithe Mumhan. Fochtais Aonghas di can as a ttudchaidh. "Ó Shlíabh Cinn Chon tánag," ol sí, "agus Fionn mac Cumhoill do chuir chuccoibh-si mé dá fhoill- siughadh dhaoíph go pfhuighthí breatheamhnas Corbmuic, Chiothrúaidh mheic Fir Chaogad, agus Eithne Ollamhdha inghine Cathaoir Mhóir úaidh ina mhíofholta fribh." "Dá ttuccadh cuir agus rátha dhamh-sa rissin mbreatheamhnus úcchot," ol an rí, "do chomhall, Osccar mhac Oisín, Fearrdhomhan mac Búidhbh Dheirg, agus Diarmaid Ó Duibhne." Téid an eachlach ar a hais go Fionn agus ro innis dó freaccra rí Mumhan. "Do-bhéar-sa na rátha agus na ro-chuir sin dó," ol Fionn, "resiú chomhraicfeam ré-roile." Ránoicc a fhios sin go hAonghus. Teaccoid díbh líonaibh go Teamraigh, agus as í breath ruccatar an tríar réimhráite comhthrom na hinghine d'ór agus d'airccead do thabhairt do rí Mumhan a n-éruic a inghine, agus éruic ar leith i ngach inghin tighearna agus taoisigh dár básoigheadh ann. "Cionnus rannfam an éruic ucchot, a Fhíano Éireann?" ol Fionn. "Is amhlaidh as iomchubhaidh a roinn," ol Fearghos Fínbhéil, ".i. a trían ar chlannuibh
Morna, a trian arn-aill ar chlandaibh Baoísccne, agus in treas trían di ar an fFhéin ol-cheana." Do híocadh an éruic amhlaidh," ol Caoílte, "agus as issidhe áon-éruic na Féine 'gá díol ríamh, a Cholmáin," ol sé. "Beir buaidh agus beannachtoin, a Chaoílte," ol Colmán, "as mór an fios agus an fíor-eólus d'fháccbhois accoinne." Is ann sin thánccatar teachta ó rí Uladh, .i. ó Eochaidh Faobhar-dhearcc mac Fir Ghlinne, go Loch Daimh Dheircc, ar cionn Chaoilte agus Fhionn- chaidh, dá mbreith chuicce ar cúairt agus ar céilidhi. Ro cheadoighsead na cléirigh dhíobh dol ar cuairt gusan rí. Ro cheileabhradar-somh do Cholmán agus d'Eóghanán ann sin, agus ránccadar rompa as a haithle go dúnadh agus go deigh-áros an rí, agus ro fearadh fíor-chaoimh fáilte friú ag an rígh agus acc maithibh an mhóir-theaghlaigh. Ro freasdladh agus ro fritheóladh íad as a haithle agus ro déarghadh iomdhadha agus áird-leapthacha dhóibh, agus ro chodail- sead go sádhol suaimhneach go ar a bhárach. Ro éirgheadar na sluaigh a mucha na maidne agus teaccoid ar dua na rátho amach, agus ro shuidh in rí ar árd na rátha agus ro shuidh Caoilte in' fharradh. "A charo, a Chaoilte," ol Eochaidh, "innis damh-sa créad 'má ttuccadh Ráith Áine ar an ráith si ina bhfuilmaoíd?" "Áine Fhosccadhach a Sídh Náis tucc aimsiu- ghadh ar Fhionn agus ar fhoirinn don Fhéin," ol
Caoílte, "agus ba híad so an fhorionn sion, .i. Oisín ollghníomhach, Osccar aird-éachtach, Mac Lúghach láin-éachtach, Díarmuid déad-sholuis Ó Duibhne, agus misi budhdhéin: .i. Laithe n-oén do-rónnadh sealcc Bhoirche la Fionn mac Cumhoill. Do sreathadh agus do searnadh a saor-ionadhaibh na sealgo an sluagh ann sin. Do foillsiogheadh go fírinneach do Áine shíodhánuigh sinne do bheith acc suidh- iucchadh na sealcca soin a Sliabh bladh-adhbhal Boirche, agus ro dhealbh go brodla an bhan-chumh- achtach damh seing-reamhar sídhe do shiabhradh fear, con, agus caithmhíleadh na Féine. Is ann so," ol Caoílte, "boí Fionn 'na shuidhe shealga an laithe sin, agus sinne an cúiccear caithmhíleadh ina urthimchioll gá chomhdha agus gá choimhéad, agus nochar chían dúinn amhlaidh an tan ad-chonncamar an fíadh sídhe dár saighidh ré cconaibh agus ré ccaoimh-fhearoibh na Féine, agus ro léigeamar-ne an seisir saor-fhear bámar sonn ar cconoirt i ccoimhnéinfheacht dó, agus ro ritheamar féin a bhfíor-lorcc ar bhfear-chon. Agus tiaghmuid eadh imchían ón bhFéin uile a ndeaghaidh an fhíadha, óthá so go Sliabh Fúaid na n-ois-ealbhadh, agus mur do bhámar ann, a tricce na togharma agus a nd-eadeir-mheadhón na hanbhúano ad-chonncamar an t-aon-ócclaoch ar an leircc dár leathtaobh, agus ro aithin Fionn an fear-ócclaoch, agus as é baoi ann Bearnghal Bói-chéadach a himeal-bhordaibh Sléibhe Fúaid fionn-sccothaigh.
Tucc Fionn an dara sleagh lámho bhoí aicce dhó agus muinche Brain, dá mbúan-choimhéad, agus bhós co madh comhartha creidmheach coimh- dhearbhtha le curadhaibh na coimh-Fhéine go bhfaca an t-óccláoch sinne na seóid sin d'fhaixin aigi, dá leandaoís sinn; agus do ráidh an rícch- fhéinnidh ris, na Fíana do ghreasacht inar ndíaigh- ne, dá mbuailtí uime íad, agus gan an sleigh nó an slabhradh do thabhairt d'aonneach dhíobh go bhfaiceadh é féin doridhisi. Ciodh trácht," ol Caoilte, "rob ádhbhal re a fhaisnéis gach siobhal dá ndearnamar an lá soin agus gach imneadh fúaramor, ór ro shirseam urmhór Éireann uile ria nd-oídhche, ar ndeas re tír agus ar cclé re muir, go rángamar re dumhachadh dubh- dhoirche deiridh an laoi go Sliabh iongantach Én. Ro éirigh dobhor-cheó doilbhthe draoidheachta dhúinn ainnsidhe, ionnus nach bhfacamar fíadh nó cú agus co ndeachaidh an fíadh fá dhíthchleath ar ar ndeagh-chonuibh, agus an tan do-chuaidh an fhiadh tar fhaircsin úatha," ol Caoilte, "ro fhilleadar óirne," ol Caoilte, "agus íad meirtneach mór-thuirseach. Ro dhearcastar an deigh-fhear, .i. Fionn, seacha, agus ro-chonnairc an síodh-bhrugh solus-mhór sluagh-iomdha isin ccnuc inar ccomh- fhoccus. Teaccmaid íaromh isin sídh anonn as a haithle go soinnimh saighthionach. Ro éirghiodar tréin- fhiora an tshíodha go tinneasnach dár n-umhol-
fhósaigh, agus nochan fhaca-sa samhoil nó saor- aithghin an tighe sin do thighthibh no talmhan," ol Caoílte, "ar iomdha a slúagh agus a sochraide, a bhan agus a mhacoémh, a chúach, a chorn, agus a chopán, a arm-éideadh agus a iolfhaobhar, agus ro fíadhaigheadh Fionn cona fhoirinn go fíor-urlamh. Ro freasdladh agas ro fritháileadh sinn as a haithle amhail fa mían le meanmain agus le mór- aiccneadh gach aoín dínn. Ro fhiarfaighsadar mór-sccéla íaromh, agus ro innseamar dhóibh ó thús go deireadh. Ro fhiarfaigh Fionn dhíobh-somh cúich an síodh-bhrugh seasgar sluagh-iomdha sin, agus cúich íad budhdhéin. "Donn mac Miodhair misi," ol fear an tshíodha, "agus Sídh Shléibhe Dhá Én goirthear don tshídh si ina bhfuilim agus Áine Fhosccadhach a Sídh Náis in óicc-inghean sa im fharradh, agus as í tucc thusa isin turas sa do ghabháil ríghe dhamh-sa ar Tuathaibh Dé Danann, dóigh is leannán búain- ghníomhach ban-chumhachtach dhuit-si í, agus do- chuaidh ad choinne don chur sa dochum conganta dhamh-sa dhuit agus d'fheis lé féin go fírinneach. Agus béir-si bliadhoin ar an mbúain-eachtra so a n-éccmais Fhían Éireann, agus ní budh aithreach dhuit-si nó dhóibh-siomh an turas so, óir béarair braighdhe agus búain-éadála, ór agus ionnmhas, congh- namh agus cumhachta ó Áine Fhoscadhaigh iolchroth-
aigh, úaim-si, agus ó mhaithibh Tuath Dé Danann don toiscc si." Agus ro fíoradh gach ní dhíobh sin," ol Caoilte. "Iomthúsa Fhían Éireann, tánccatar uile go haon-ionadh isin maidin íar sgarthainn dúinne riú go hIobhar Chinn Cóiche meic Neachtoin, agus budh dubhach doimheanmach íad a ndíaigh a n-árd-fhlatho, agus 'nar ndeaghaidh-ne an cúiccear caithmhíleadh bámar ina bhúain-leanmhain. Ro cruthaigheadh comhuirle leó and sin, .i. tocht go Teamhraigh óir do bhí feis Teamhrach agá trén-urghnamh an tan soin acc Corbmac ua cCuinn. Agus budh faoílidh Corbmac agus maithe bhfear nÉireann rompa, úair do shaoilsead go raibhe Fionn ina fharradh, acht gér dhíol fáilte na Féinneadha gen go mbeith. Ro fhiarfaighsad maithe bhfear nÉireand sgéula Fhinn agus ar sgeól-ne agus do ráidheadar-somh nach mór dár sgéuluibh baoi aca ón uair do sgaramar riú acc seilcc Bheinde Boirche. Rob olc le Corbmac agus le maithibh fhear nÉireann na sccéala soin, agus ro ghabhadar uile accár ccaoineadh, ór do budh deimhin leó muna mbásaighthi sinn 'gon selcc soin go mbeithmaois i tTeamhraigh acc tomhuilt na feisi a bhfochair an rí agus na ccóicc- eadhach.
Ro labhair Bearnghal Bói-chéadach a himeal- bhórdaibh Sléibhe Fúaid fonn-sccothaigh, brugh- aidh céadach comhramhach eisécc, agus as eadh ro ráidh: "Do-ghébhthar agam-sa, a ard-fhlaith," ol sé, "beccán do sgéulaibh na saoír-fhóirne go fírinneach, óir tárla an seisir saoir-fhéinneadh suairc so- dhánach sin dhamh ar Slíabh Fúaid agus iad ag leanmhain seing-fhiadha sídhe agus misi ag comhdha agus acc coimhéad mo bhúar agus mo bhó-tháinteadh. Ro aithin Fionn mé, agus tucc an sleigh n-áith n-uillinn- ghéur agus an muince mín-déanmhach ro bhoí ina gheal-ghlaic dhamh, agus adubhairt riom gan a ttabhairt d'aonneach go ttoirrseadh féin dom ionnsoighidh doridhisi." Tucc Bearnghal an sleigh agus an saor-mhuince i lláimh an árd-fhlatha Corbmuic uí Chuinn. Tucc Cormac a láimh Ghuill mheic Mhorna. "Easbhaidh mhór d'Éirinn uile an fear 'gá raibhe an tsleagh agus an mhuince si," ol Goll mac Morna. "In rabhadar conoirt ag na curadhuibh sin?" ol Cormac. "As dearbhtha go raibhi," ol Bearnghal Bói- chéadach. "Cúich na coin baoi aca, a Ghuill?" ol Cormac. "Bran agus Sgeólang a láimh Fhinn, Adhnúall agus Féur-úaine i lláimh Oisín, Iarratach agus Fosdadh i lláimh Osguir, Báoth agus Buidhe a lláimh Dhiarmada
Lúath agus Roi-bhinn i lláimh Chaoilte, Congbháil agus Coimhrith i lláimh Mheic Lúghach." "Caidhe Fearghas Finnbhéil?" ol Corbmac. "Sonna, a árd-fhlaith," ol sé. "An mbeith a fhios accod créad an seal bhías Fionn inar bhféccmais?" ol Corbmac. "Bliadhain chomhlán," ol Fearghas. "Más eadh," ol Corbmac, "éircchead Fíana Éireann ar coinnmheadh agus ar coimhshreathnughadh risin mbliadhoin soin, agus teaccoid sonna go Teamh- raigh íar ccoimhlíonadh na bliadhna dhóibh go bhfaiceam an fíor na fuighle chanas Fearghas Fínbhéil." Do-rónnadh samhlaidh," ol Caoilte. "Thán- ccatar an Fhían agus maithe bhfear nÉireann ar- cheana iar ttocht dheireadh na bliadhna dá soighidh go Teamhraigh na Ríogh cco Corbmac ua cCuinn. Ro fhiarfaigh Corbmac ann soin d'Fhear-ghos nar chomhlán an bhliadhoin. Ro ráidh-seamh gurbh eadh gan conntabhart agus gur mhithid don Fhéin eidir-dhealughadh acht muna ttoirrseadh Fionn go hathchomair chuca, agus cuma bhaoi accá rádha agus do-rinne na roinn ag éccaoine Fhinn agus an chúicceir bhámuir-ne ina fharradh co n-ébhairt:
"Bliadhuin chomhlán, ráidheam ribh, ó theasda Fionn flaith-fhéinnidh: mithigh aniú d'Fhíanaibh Fháil dealughadh uile d'éin-láimh.
Aniu as comhlán an bhliadhoin ó theasda flaith ar bhfiadhuigh, ó do-chuaidh amugha an rí, Fionn mac Cumhaill Almhainí. Mór an easbhaidh Mac Lughach, fear sáor-cheardach sáor-shubhach: bheith gan Osgar luaidheadh gail, bheith gan Oisín as easbhaidh. Mór an easbhaidh Diarmaid dúin, daltán Aonghusa an chaomh-dhúin: Caoilte agus Fionn nárbh fhíamhdha mór an easbhaidh én-bhlíadhna." Bliadhain.
Ro labhair an rí ann sin agus as eadh ro ráidh: "As mór an easbhaidh dhúinn," ol sé, "an seisir saor-churadh rob fheárr a bhFíanuibh do bheith inar bhféccmais agus gan súil agoinn re a ttocht chugainn go bruinne an bhrátha agus beatha, agus a Chiothruaidh mheic Fhir Chaoccad," ol sé, "as mór do shéaduibh agus do sháor-ionnmhasaibh tucc an flaith-fhéinnidh Fionn duit gen go bhfaghmaoid a fhios úait an beó nó an marbh é." Freagras Ciothruadh don rí agus as eadh ro ráidh: "As beó Fionn go deimhin," ol sé, "agus as uime nár fhoillsigheas-sa sin daoíbh-si gos anos a
fhios agom gurab feárr le Fionn gan aonní dá sgéuluibh d'fhoillsiughadh dhaoibh dhamh-sa nó go ffoilsighidh féin daoíbh íad." Ba faoílidh an rí agus fir Éireann ar-cheana don aitheascc sin, ór do budh deimhin dearbhtha leó nach raibhe acht fírinne ann ó do thiorchan Ciothruadh é. Ro fhiarfaigh Corbmac de as a haithle cuin tiucfadh Fionn cuca. "An oidhche dhéighionach d'fheis Teamhrach," ol eisiomh, "bíaidh féin agus a chóiccer caithmhíleadh at fharradh-sa agá tochaitheamh." Ro fíoradh sin," ol Caoílte, "óir tángamair-ne an seisir sáor-fhéinneadha sin go Teamhraigh tiogh-oídhche na trén-fheisi, iar ngabháil gíall Tuath Dé Danann dhúinn do Dhonn mac Miodhair agus iarna fhágbháil a n-árd-cheannos orra, agus ní mó do chaithmís-ne inar bhFíanaibh," ol Caoilte, "fíanlach treabhoire ó shoin amach iná Tuatha Dé Danann. Ag tocht as an sídh dhúinn ro iarrastar an inghean, .i. Áine, coibhche ar Fhionn, .i. an tulach ina raibhe 'na shuidhe sealcco an lá ro lán- bhuaidhir sí é d'ainmniughadh úaithe. Fuair sí an coibhche sin," ol Caoilte, "óir is uaithe ainmnighthear an ráith si gos anos, .i. Ráith Áine. Conadh é sin fúaisgleadh na ceasda ro chuiris oram, a Eochaidh," ol Caoilte. "Agus do réir aroile sliocht," ol Caoilte, "as de atá Ráith Áine ar an ráith si: .i. Rí rathmhar
roi-thiodhlaictheach ro ghabhastar árd-cheannus for Albain gan uireasbhaidh darbhó comhainm Modhorn mór-bhreathach, agus boí inghean áloinn aireaghdha 'gun aird-rígh sin, .i. Áine inghean Modhoirn, agus boí gan fhear athaidh fhada. Ro fhiarfaighsead maithe agus mór-úaisle fhear nAlban di créd tucc uirre gan feis le fear maith éiccin d'Éirinn nó d'Albain. Ro ráidh-si nach raibhe a nÉirinn nó a nAlbain fear budh diongbhála lé acht Fionn mac Cumhaill namá. Ó 't-chúala Fionn sin," ol Caoilte, "adubhairt le Fionn Fear an Champuir agus le Rónán Rí-óglách dol do thochmhairc inghine rí Alban dó. "Gá comha bhéaram úainn?" ol íad-somh. "Comas a bhfuil agom-sa a nÉirinn agus a nAlbain dí," ol Fionn, "agus cen a léiccean tré bhioth síor." "Maith, a rí-fhéinnidh," ol íad-somh, "cuir-si días dot shean-mhuinntir féin linn ar eaccla nach ccreidfeadh an inghean gurab tusa do chuirfeadh dá tochmhairc sinn." "Éirghidh agus Mac Lughach ann sin," ol Fionn, "agus gach ní ghéabhaidh forraibh coimhlíonfad-sa é." Lodsomar romhuinn an ceathror soin go rángamor Dún Monaidh baile rí Alban. Ro fáilltigheadh riúin. Ro freasdladh agus ro frioth- áileadh sinn go maith a n-aireaccal ar leath isin
dúnadh. Ticc Modharn feisin agus a inghean, .i. Áine, dár saighidh-ne as a haithle, agus ro fhiarfaigh adhbhar ar n-aisdir agus ar n-imtheachta dhínn. Ro fhoillsighmair-ne dhó," ol Caoilte, "gurab é Fionn do chuir d'iarraidh a dheigh-inghine sin do bhí do láthoir sinn. "An ccluinir súd, a inghean," ol an rí, ".i. an fear as feárr a bhFianaibh 'got t'íarraidh?" "Nochan olc leam-sa sin," ol an inghean, "madh í do thoil-si." "Is deimhin gurab í," ol an rí, "acht go bhfagh- thar cuir agus rátha dhuit-si re gach ní dá sirfir ar an sáor-fhéinnidh do chomhal duit." "Rachoim-ne an ceathrar curadh so a ccor dhí," ar Mac Lughach, "le gach ní dá n-íarrfaidh ar an sáor-fhéinnidh do chomhall dí." "Géabhoim-ne sin," ol an rí. Tánccamar arna mhárach go hÉirin agus tuccamar an inghin linn co n-iolar gach maitheasa lé. Teaccmaid gusan ráith si as a haithle, ór as innte boí Fionn agus forgla na Féine ina fharradh. Ro faoiltigheadh romhuinn," ol Caoilte. "Ro snadhmadhmair-ne an inghean le Fionn íaromh, agus do-rad dí gach ní dár shireadar ina coibhche. Do-rónnadh dúnadh agus deagh-bhaile leó isin ráith si, agus do budh aidhbhseach ádhbhal-mhór an mhaith
do-níodh an inghean sin and, ór do fhreasdladh agus do fhriotháleadh tri catho na gnáth-Fhéine gach dara bliadhoin ionnus nach mbíodh easbhaidh bídh nó búan-leanna, áinis nó aird-aoíbhnis, ar áonneach dhíobh an tan do bhíttís isin mbaile sin a bhfuilmaoid-ne anois a bhfarradh na deagh- mhná soin. Íar mbeith amhlaidh sin don inghin," ol Caoilte, "ag bíathadh na bláith-Fhéine, ro labhair Mac Lughach le Fionn, agus as eadh ro ráidh: "Maith, a ri-fhéinnidh," ol sé, "saoilmíd-ne gurab lór lat-sa do chreich agus do chomhfhorba accad Áine inghean Mhodhairn namá." "Deithbhir dhamh-sa sin, a Mhic Lúghach," ol Fionn, "ór ní fheadar-sa dá sirinn Éire agus Alba créd dho-ghébhuinn a ndún nó a ndeagh-bhaile, a ccrich nó a ccaoímh-fhearonn ionnta ní nach bhfagham ag Áine isin dúnadh sa, agus nochan fhaighinn inte fós aindir budh áilne nó budh aireaghdha, budh súarca, budh séghoinne, budh réidhe, budh rioghanta, budh míne, budh macánta, budh réidhe, budh ro-áillne inás deagh-aindir an dúnaidh si." Baoi-si acc Fionn go ceann shé mbliadhan dá éisi sin agus rucc dhá mhac dhó, .i. Iollann Faobhar- dhearcc agus Aédh Becc a n-anmonna. Fa marbh í do bhreith Aedha agus do cuireadh isin ccaomh- thulaigh si inar ccomhfhoccas-ne. Do tóccbhadh
a lía ós a leacht, agus ro sgríobhadh a hainm oghuim, agus ro fearadh a cluithe caoínte, agus adearatt foreann gurab uaithe ainmnighthear an ráith si, .i. Ráith Áine, agus as deimhin go bhfuilid an dá dhéanomh sin uirre," ol Caoilte, "agus as taosga ro ghabh ainm- niughadh ó Áine inghin Modhairn nó ón mban- shíodhuighe, ó Áine Fhosccadhaigh a Sídh Náis. Cona é sin fuaslaccadh na ceasda do chuiris oram, a ard-fhlaith," ol Caoilte. Luidh Eochaidh íaromh go Ráith na Sgíath ós cionn Tráchta romhuir Ruidhe, risa ráitear Tonn Rudhraighe an tan so. Teaccoid isin dúnadh anonn. Tuccadh teach diamhsach do Chaoílte ann. Ro freasdladh agus ro friotháileadh é go dubhrachtach díchra. Tuccadh cumas an chaomh- dhúnaidh dhó as a haithle. "Innis dúinn, a Chaoílte," ol Eochaidh, "créd 'má bhfuilid an dá fheart filid sonn ar Thráigh Rudhraighe, agus cia do hadhnaiceadh ionnta." "Dhá mhac d'Aodh mhac Fhinn mheic Fhionn- tain, do rí Connacht, bádor a bhfarradh Finn athaidh fhoda. Tuccastar Fionn agus na Fíana ar-cheana, eidir mhaith agus shaith, íseal agus úasol, grádh a n-anma uile dhóibh. Dob é fochain a bhfíor-ghrádhaighthe don Fhéin amhlaidh sin ar feabhas a mbéus agus i mbuan-aicceanta, uair ní raibhe do mhaith nó d'olc na healadhna do bhiadh
ag neach do rachadh folamh uatha-somh, agus ní bhiadh aoin-ndream dhínne ná deagh-lucht a n-imreasoin ré-roile d'Fhianaibh Éreann nach síthaighidís-siomh go soi-réidh íad tré fheabhas a n-innsgne agus a n-urlabhra. Comhlann céad i ngach fear dhíobh. Seacht mbliadhna déag ro bhádar a bhFíanaibh, agus ba diongbhála na meic do Chorbmac úa cCuinn nó d'Fhionn ua Bhaoísccne íad. Feacht n-aon íar soin," ol Caoilte, "do-riacht Fionn agus trí catha na gnáth-Fhéinne ar áird-sheilcc Éireann go rochtadar go Tráigh Rúghraighe sonn. Ro gabhadh longphort linn ann sin, (agus adubhairt Fionn) foraire agus forchoimhéad do dhéanomh dhó an oidhche sin," ol Caoilte, "ór días mac ríogh do-ghníth a fhoraire gach n-oídhche, gona muintir ina bhfarradh. Tángatar na tréinfhir sin go tinneasnach troigh-éasgaidh gusan cceann so thíos don tráigh. Nochar chían dóibh ann go ttángadar dhá ríogh do ríoghuibh Lochlann attúaidh, Conghas agus Conmhaol a n-anmanna, gusan tráigh cuca ann soin, do dhíoghuil a n-athar oirne, ro thuit le Fionn a ccath Droma Deircc i nAlbain agus dá chath chóirighthe churata ina ccomhaideacht. Ad- chonncatar na Lochlannaigh no hocht ccéad sgíath-
armach urlaimh ésccaidh ionchathaighthe ar a ccionn isin ccaomh-thrácht. Is amhlaidh bhádor meic ríogh Connacht an tan soin, .i. Art agus Eóghan, agus dhá shleigh neimh- neacha uilleand-ghlasa ághmhara aca tucc Fionn dóibh an bhliadhoin roimhe sin, .i. an Órlasrach sleagh Airt agus an Acoiseach sleagh Eóghain. Is ann sin d'fhiarfaighseat na hallmharraigh cia do bhaoi acc coimhéad na trágha. It-beartador-somh gurbho do mhuinnter Fhinn mheic Cumhaill íad. "Mo-ghénar," ol íad-somh, "fúair an ccomhlíon soin dá mhuintir a n-éin-ionadh ré a n-oirleach agus ré a n-athchuma." "Má do frith dream dá mhuinntir a mbaoghal ríamh," ol íad-somh, "nocha sinne íad." Tánccatar na hallmhurraigh a ccoimhnéin- fheacht ina ccoinne-siomh, agus ro ionnsaigheador- somh i n-aghaidh na n-allmhurach. Ro bhádor acc teasccadh agus acc tréun-chumach, acc loit agus acc lúath-mharbhadh a chéile ó fheasgar go meadhón oidhche. At-chonnairc Fionn fís agus aisling an ionbhaidh sin. Anndar leis go rabhadar dhá rón ghlasa ag deól a dhá chíoch. Ro mhosgail an rí-fhéinnidh iaromh," ol Caoilte, "agus as eadh ro ráidh: "Cáit a bhfuil Fearghos Finnbhéil?" ol sé. "Sonna, a ard-fhlaith," ol Fearghos. "Ad-chonnarc-sa aisling," ol Fionn: "indar
leam bádor dhá rón mhóra mhuiridhe ag deól mo chíogh agus mo chaomh-ochta, agus beir-si breith dhamh." "Clann rígh Connacht," ol Fearghas, "do chuiris- si d'fhoraire agus d'fhorchoimhéad na Féine anocht, agus as deimhin leam-sa cco bhfuilid a n-éccomhlann ag allmhurchaibh anosa, úair is íad-somh do dhá chích-si, óir as daltadha dhuit íad; agus as íad na róin ad-chonncais ag deól do chíogh allmhurraigh ag deól a bhfola as an ccloinn sin rígh Connacht." Ro éirgheadar ann soin an Fhian," ol Caoílte, "agus tángadar go Tráigh Rughraighe, agus nochan fhúaradar beó ar a ccionn ar an tráigh acht dhá mhac rígh Connacht namá. Agus as amhlaidh bhádor agus irseacha a sgiath imá mbráighdibh, agus a ccorp ina ccrói-linntibh fola, agus a sleagha agus a sgéith agá ccongbháil ina ccoimh-sheasomh, agus nochar dhionguibh días aríamh don Fhéin urdail ar dhionguibhsead-somh risan oiread sin d'aimsir. Ro airccsead an Fhian ainnsidhe longa agus laoidh- eanga na Lochlannach, agus do thairrngeatar a ttír íad as a haithle. Ro haidhneacadh maithe agus mór- úaisle na loingsi linne ar an ttrácht so," ol Caoilte. "Dála chloinne rí Connacht, do thógbhamar súas ós cionn Tuinne Rughraighi íat," ol sé, "agus ro fhíarfaigh Fionn díobh nar dhóigh leó co madh ionleighis íad. "Trúagh dhuit-si, a Fhinn," ol íad-somh, "an
fhiafraigh sin do dhénomh, agus feabhas th'aithne, óir ránccatar naoi ccéad im gach aon dínne, agus ro thuiteadar linn, agus ro thuiteamair-ne do neimh a n-áladh sin, agus déntar lighe agus láin-fheart dúinn," ol síad, "ina n-adhlaicfithear sinn, agus cuirthear na hairm dá ndearnamar maith agus mór-laochdhacht at t'fharradh-sa, a ard-fhlaith, gos anos a n-éin- fheacht linn." Nochor chían as a haithle gur sgarastar a dheigh-spiorad anma re gach aon don dís dheagh- laoch sin, .i. Art agus Eóghan. Ro léigeamair-ne," ol Caoilte, "an Fhían eidir úasol agus ísiol, beacc agus mór, aruith agus ánruith, rí agus ruireach, gáir ádhbhal- mhór ós áird do chaoíneadh na ccaithmhíleadh ccalmo ccurata, agus ro thochladar feart do gach aon díobh, agus ro cuireadh ionnta íad agus 'arm féin a bhfochair gach aoin-fhir. Ro tóccbhadh a lía ós a leachtaibh, agus ro sgríobhadh a n-anmannadh oghuim íaromh. Agus as don chloinn sin rígh Connacht ro tógbhadh an dá fheart ro fhiarfaighis, a Eochaidh," ol Caoilte, "agus as íad ro hadhnaiceadh ionnta. Conadh d'éccaoine na n-ócc sin," ol sé, "ro ráidh Fionn na roinn:
"Feartán Airt, feartán Eóghain, sochaidhe uainn lenar bheó-ghuin: ionmhuin an días fa coémh cruth do ghonsad óccbhadh allmhurach.
Dhá mhac rí Connacht aníar rob aitte conn agus cíall, rob aite maithios 'mo-le ésreacht agus abhlóire. Adeirim-si ribh-si dhe (as fíor aní ráidhim-si): ionmhuin dias ba calmo cuir neoch do folchadh 'sna feartaibh." Feartán.
"Ar fíor h'oinigh agus h'anma, a Chaoílte," ol rí Uladh, "tabhoir na hairm sin chugam as feartaibh na bhféinneadh." "Leasg leam-sa sin," ol Caoilte, "a los Fhinn ro adhnaic íad agus a los na n-ócc agá bhfuilid ina fharradh." Gé ro ráidh sin, do-chuaidh gos na feartoibh agus tucc an Órlasrach agus an Acoiseach leis ésdibh. Tucc an nÓrlassrach d'Eochaidh agus an Acoiseach dá mhac, .i. Aonghus. Ruccsad búain-bhuidhea- chas bioth-aidhbhseach lais. Teaccoid isin dúnadh anonn as a haithle. Do cóirigheadh teach n-óla ag na húaislibh, agus do bhádor acc ól agus acc aoíbhneas in oidhche sin nó gurbhó súuach soimheanmnach íad. Ro cóirigheadh iomdhadha agus áird-leaptha dhóibh
íaromh. Turthachta Caoilte imorra, nochar chodail a bheacc an oídhche sin, úair as amhlaidh baoi acc caoí agus acc coimhéccaoine a charad agus a choimhmbráithreach, a thighearna agus a thréun- mhuinntire, a fhéine agus a fhóirne, an ccén bádor na sluaigh ina suan-chodladh. Ticc Eochaidh dá fhios isin maidin mhuich arna mhárach, agus as amhlaidh fúair é agus cruth seanórach go fír-dheimhin fair. Ro ghabh trúaighe ádhbhal- mhór Eochaidh dhó, agus ro fhiarfoigh dhe cionnus bhádhos aicce. "Dá bhfacchoinn sealcc Bheinne Poirche do dhéanomh dhamh," ol sé, "d'airdeóchadh m'inntin agus m'árd-aigneadh gan amhoras." Ro chuir Eochaidh ann sin tionól agus tiom- succhadh ar shochruide, ar chonoirt, agus ar chaomh- ghadhraibh na críche, ionnus go ttánccatar chuicce go coimhdhíochra. Ro luidhsead go Binn Bhoirche as a haithle. Ro shuidheastar an seilcc go sáir-dhíochra im an sáor-bheinn, ionnus go ttuccadh gach fear dhíobh an ccoinnéill agus an muinche as an láimh go 'roile ó Eathuigh go Tuinn Tuile budhthúaidh, agus ro bhádor acc déachsoin na mara amach; agus nochar chían dóibh amhlaidh sin go bhfacatar an inghin mhín mhong-bhuidhe ar an ttuinn agus í acc snámh ar ccúl agus acc troigharshnámh ina bhfíadhnuisi. Ro do shuidh íaromh ar an ttuinn amhuil do shuidhfeadh ar tír nó ar tiorm-
charroicc; tóccbhas a ceann íaromh, agus ro labhair riú-siumh, agus as eadh ro ráidh: "An é Caoilte mac Rónáin súcchot?" ol sí. "As deimhin gurab mé," ol eisiomh. "Más eadh," ol an inghean, "as mór lá ad- chonncamair-ne ar an ccarruic sin thú, a shein- fhéinnidh, i bhfarradh na flatha Finn." "Cia thusa, a inghean?" ol Caoilte. "Lí Bhann inghean Eachdhach mheic Eóghain mheic Oilealla misi," ol an inghean, "agus tú céad bliadhoin ar an lionn-uisge si, agus nochar thóccbhas ceann do neoch ó ro theasda an flaith Fionn gos aniogh, agus as eadh fo-deara dhamh a thógbháil anú, dot fhaixinn-si, a chara, a Chaoilte." Ránccadar na fiadh-mhíola ar an muir amach ann soin do theicheadh riasan cconoirt. "Iasacht na sleighi sin damh," ol an inghean, "a Chaoilte, go marbhuinn an fiadhach so dhi agus go ccuirinn chuiccuibh íad ar tír." Tucc-san an Chascorach, .i. an tsleagh, don inghin agus ro mharbh an fíadhach lé agus ba choibhéas sealg an laithe sin don tsheilcc is mó dá ndeárna Fionn isin n-ionadh son aríamh. Díobhriocas an inghean an sleigh co Caoilte íar marbhadh an nfhiadhaigh dhi, agus téid úaidh as a haithle. Is amhlaidh aithristear go ráinic muc, fíadh, agus agh do gach cúigear d'Ulltaibh mur chuid ronna don tsheilcc sin, agus tríocha fíadh don rí agus do
Chaoilte. Conadh Sealcc Bheinne Boirche agus Iomagallmhadh Lí Baine inghine Eachdhach, rígh Éreann, agus Caoilte go sin. Teaccaid rompa ar a ccúla go Ráith na Sgíath, risa ráitear Ráth an Mhíl an ionbhaidh si. Teaccoid innte anonn íaromh, agus do cóirgheadh teach n-óil agus áineasa aca. Is ann ad-chonnairc Caoilte aní budh hiongnadh lais isin teach soin, .i. inghean mhín mhong-bhuidhe acc tiodhlaiceadh séud agus sár- mhaoíneadh ar son ar gabhadh d'ealadhain ann. Do labhair-siomh risan rí agus ro fhiarfaigh dhe cia an inghean sain dá raibhe an míadh mór-ádhbhal dá thabhairt seach cách. "Inghean óccláigh leanamhna dhamh-sa súd," ol an rí, "agus ní mhaireann i mbeathaidh dá shíol acht an inghean úcchod 'na háonar, agus atá leath- rann aice, agus ní fhoghann neach do chuirfeadh leath-rann oile lais." "Gen gurab fir dhána sinne," ol Caoilte, "do budh maith linne isi do ghabháil an leath-roinn sin dúinn." "Gabh do leath rann, a inghean," ol an rí. Ro ghabh an inghean, co n-érbhairt:
"Dún Fir Dhuibh as é an dúnadh fada ar fuin." "Ó 'd-chúador as uile an Fhian nocha maronn fíal ar fuil,"
ol Caoilte.
Ro chuir Caoilte íaromh an córn as a láimh, agus ro chaoí íaromh déara falcmhara fíor-thrúagha gurbhá fliuch bla agus bruinne dhó. "Créd as ciall don rann, a Chaoilte?" ol an rí. "Is dursan leam-sa a chíall," ol Caoilte, "ór as é as ciall do leath-rann na hinghine gurab trúagh fáonadh nó fannughadh do dhol ar dhún an fhir darab ainm Dubh, nó gurab fada do- chuaidh faonadh agus fannughadh fair; agus as é as cíall dom leath-rann-sa," ol sé, "ó do-chúador an Fhían boí isin dúnadh sin, as nach maireann aon, nach fíal nó fairsing ar fhuil eile dia n-éis. Maith, 'anom, a Eochaidh," ol Caoilte, "an bhfeadoir-si an ceathror dob fheárr oineach boí a ccoimhaimsir dia-roile a nÉirinn?" "Nochan fheadair ámh," ol an rí. Inneósad-sa dhuit íad," ol Caoílte, ".i. Corbmac ua Cuinn rí Éireann, Fionn ua Baoísgne, Dubh mac Treóin ann so d'Ulltaibh, agus Fíal a mhac, agus as adhphal in iomarcaidh oinigh baoi a nDubh agus ina mhac tar Chorbmhac agus tar Fhionn, úair dá ttugthaoi i mbaoi a nÉirinn agus a nAlbain dóiph do-bhéardaois úatha gan fhuireach é, acht go bhfacchdaoís daoíne dá iarraidh orra. Fa trúagh imorra la Cormac ua Cuinn agus le Fionn ua mBaoísgne gan cumas adhbhal-mhór do bheith
aca," ol Caoilte, "ó do bhaoi coibhéas soin ionnta d'oineach. Tánccatar fir Éireann feacht go hAonach Tailltean, agus do-ríacht Dubh mac Treóin agus a mhac ann a ccuma cháich. Do shuidhsad ann a bhfíadh- nuisi rí Éireann, agus nocharbh aithnidh dhó íad roimhe sin acht cco ccúala a mbeulaibh súadh agus seanchadha, éicceas agus ollamhain, a n-iomrádh. Ro fhiarfaigh Fionn do Chorbmac ann soin narbh aithnidh dhó na deigh-fhir sin baoi ina fhíadhnuisi. "Nochan aithnidh dhamh," ol eisiomh. "Dubh mac Treóin agus a mhac an días úcchod," ol Fionn, "agus do chóicceadh Uladh íad." "In eisiomh an t-ócclaoch daidhbhir deagh- oinigh agá ccluinmaoíd a ard-iomrádh agus 'oirr- dhearcas?" ol an rí. "As deimhin gurab é," ol Fionn. "'Anam, a Dhuibh," ol Corbmac, "créd do- bheir an t-oineach trom-aidhbhseach úd accoibh, eidir athair agus mac, tar gach beirt oile a nÉirinn, agus gan sibh acht bhur macoibh ócclaoch?" "Truagh sin, a rí," ol iad-somh, "anndar linne dá n-érmaoís énneach um ní dá mbeith accoinn do-ghéabhmaoís bás eidir mac agus athair." "Is truagh dhaoibh, a fhiora Éireann," ol Cairbre Lifeachair agus ar Goll mac Mórna, "gan furtacht do thabhairt do Dhubh agus dá mhac, ór as liph féin do chaithfidís in méid ar a mbérdaois."
"Do-bhér-sa céad do gach crodh dhóibh gacha blíadhna," ol Corbmac ua Cuinn. "An ccoibhéas céadna úaim-si dhóibh," ol Fionn. Do gheallsad maithe agus mór-uaisle fhear nÉireann maoíne agus maitheasa mór-iomracacha dhóibh as a haithle. Táinic Dubh agus Fial rompa go a ndúnadh feisin, agus bádor acc tomhuil agus acc tréun-chaitheamh na n-iolmhaitheas sin ann go socair suaimhneach go ceann sheacht mbliadhon ndéucc, agus nocharbh éidir áireamh nó innisin gach a ndeárna in deigh-fhear sin do mhaith nó go ttáinic dáil dúabhaisi chuicce ar faithche a dhún- aidh agus a dheagh-bhaile budhdhéin, .i. marc-shluagh sírreachtach sídhe tánoicc adhaigh n-áon ar amos an bhrogha i mboí an deigh-fhear. Ro fhiarfaigh aon daoíbh cia an baile gos a ttánccatar. "Baile Dhuibh mheic Threóin, .i. an t-áoneach is feárr oineach do mhacuibh Míleadh agus do Thuathaibh Dé Danann," ol an tí diar fhiarfaigh sccéala. "As náir do Thuathaibh Dé Danann," ol íad- somh, "gan fear a fhreasdail do bheith dhíobh." Ticc Dubh dá n-ionnsoighidh iaromh, dá mbreith isin dúnadh anonn. Tucc fear dhíobh- somh urchor do shleigh neimhe baoi ina láimh fair-siomh gur bhean-siomh dhó i n-odhor a chléibh nó a chíche go bhfúair bás gan fhuirioch
ar an láthoir sin. Agus do bhaoi Fíal, a mhac, deich mbliadhna ficheat isin dúnadh gan easbhaidh maitheasa fair, go bhfuair bás íaromh. Agus dob fheárr leam-sa," ol Caoilte, "go bhfeasoinn créd an caradradh fil don inghin úd, d'fhoillsigheadh sccéala an deigh-fhir Duibh mheic Threóin, ris fén nó rena mhac." "Inghean d'Fhíal mhac Threóin an inghean úd, agus nocha maireann don mhuinntir mhaith sin ad- chonnairc-si, a Chaoílte, acht an inghean úd namá. Conadh ar a .. na hinghine ag an deigh-fhir soin," ol Eochaidh, "tuccas-sa cumos mo shéad agus mo mhaoíneadh re a ttiodhlacadh dhí." "Cia do chomhainm?" "Úaine mo chomhainm," ol isi. Ro ráidh Caoilte rann íar cclos anma na hinghine dhó:
"A Úaine áloinn, inghean Fhéil, ro budh maith h'athair iar ccén: rob eisiomh cara na cclíar, an laoch forasda fíor-fhíal.
"A rí," ol Caoilte, "do budh doiligh dhuit-si comh-maith na hinghini si d'inghin athor agus sean- athor d'fhaccháil re comas do shéad agus do mhaoíneadh do thabhairt re a ttiodhlacadh dí." Ro labhuir Eochaidh ann sin rena mhac, .i. le
hAonghus, agus ro ráidh ris in inghean do thabhairt, do bhrígh nach bhfuighbheadh a n-aon-chúigeadh oile a nÉirinn inghean dob fheárr sccéala athar agus sean-athar inás í. Tug Aonghus in inghean íaromh agus do bhoí go lán-ghrádhach aicce feadh a beatho. Pádor acc ól agus acc áineas trí laithe agus teóra n-oídhche. Iar sin ro laphuir Eochaidh re Caoilte, agus as eadh ro ráidh: "A anam, a Chaoilte," ol an rí, "ro budh mían leam-sa dul d'fhiadhach go Foradh na Féine im fharradh sonn." "Acc sin mo mhían-sa," ol Caoilte. Ro éirgheadar trí catha curata comhmóra a ttimchioll an rí agus Caoílte, agus nochar hairiseadh leó go rángadar go Foradh na Féne. Téd Caoilte agus an rí, .i. Eochaidh, isin lios mór baoi isin bhForadh. "Sochaidhe ro díoladh 'mun tteallach so do dhán agus d'ealadhoin, d'íotain agus d'ocrass, ag an bhflaith-fhéinnidh Fionn," ol Caoilte. Ro shuidhsad ar an ráith as a haithle, agus nochar chian dhóibh ann go bhfacatar an t-aon-ócclaoch dá soighidh go sáir-dhíochra, brat úaine aon-datha uime, dealcc n-airccid ann, léine do shíoda bhuidhe
le grian a gheil-chneis, ionar maoth-shróil tairis aneachtoir, agus tiompán toighidhi téid-bhinn ar a mhuin. "Can ass a ttige, a ócclaoich?" ol an rí. "A sídh Bhuidhbh Dheircc mheic in Dághdha, a deisceart Éirean," ol sé. "Cia thú féin?" ol an rígh. "Cia rod-asdraigh gusan ionadh so?" "Caschorach mac Cainchinne, mac ollamhain Thuath Dé Danann, agus damhna deagh-ollamhan mé budhdhéin, agus as eadh rom-lúaidh d'fhoghluim fheasa agus eólais agus móir-ghníomh gaisccidh na glain-Fhéine a bhfarradh Chaoilte." Do-righne oirfeadeadha dhóibh as a haithle sin, gur chuir ina súan sár-chodalta íad as a haithle, acht Caoilte namá. "Créd an fhreagra bheirir oram, a Chaoilte?" ol Coscharach. "Gach ní dá ttángais dá iarraidh a fhaghbháil," ol Caoilte, "acht go roibh d'inntleacht ionnad a fhoghluim. Agus do bhí deigh-fhear isin dúnadh sa lá éiccin, a oirfidigh," ol sé, "do-bhéaradh tuarasdol trom-adhbhal duit-si, acht giodh folamh ataoi aniogh." Agus ro ráidh na roinn acc éccaoine druinge don Fhéin no bhíodh im Fhionn, co n-érbhairt an laoidh ann:
"Foradh na bhFían fás anocht i tticceadh Fionn faobhar-nocht: do bhás an deagh-dhuine (ar mbrón!) folamh Almha úasal-mhór. Ní mhaireann an mhuinntear mhaith: ní mhair Fionn fén an fíor-fhlaith; ní mhair an cuire rom-chráidh, an ruire réidh, nó ríogh-fháidh. As marbh uile Féne Finn gé do théighdís glionn do ghlinn: olc attaoi aniogh tar éis cáich, d'aithle Dhiarmada is Chonáin. D'éis Ghuill mheic Mhórna don mhuigh agus Oilealla chédaigh, ar ndíth Eóghain an ghaoi ghlais agus Conaill don chéad-fhraiss. Adeirim-si riot-sa ane (as fíor aní ráidhim-ne) gurab mór an easbhaidh ann an Dubh díobhthraigtheach Dromann. Ria ndíth na ccuire 's na ccéad truagh dhamh nach ann fuaras écc, ar n-imtheacht ó or go hor, tan fa forlán an Foradh." Foradh.
Tucc-somh ann sin dá úidh agus dá aire easbhaidh na ccarad agus na ccoimhmbráithreach boí aicce. Ro chíeasdair frassa déur falcmhara fíor-thrúagha, gurbho fliuch blá agus bruinne dhó. Teaccoid amach as an lios íaromh go hiomlán, agus ro fhiarfaigh an rí do Chaoilte créad fá ttuccadh Tulach an Trír ar an ttulaigh ar air airiseadar, Abhonn Deisi ar an abhoinn ina fochair, agus Leacht Cinn Chon ar an leacht ód thall. "Do-bhéar-sa fios gacha neithe dhíobh sin duit-si," ol Caoilte, "agus nochar sheanóir misi an tan fár lilsead na hanamnadh sin íad. Aird-rígh ro ghabhustar ríghe nAlboin darbho comhainm Ioruaidh mac Ailpín. Bádor teóra hinghean aicce-somh, Muireasg, Aoife, agus Aillbhe a n-anmanna. Tuccsad grádh do thrí laochaibh d'Fhíanaibh Éireann, .i. do thrí macuibh Aon- chearda Béarra (Glas, Géur, agus Gabha a n-anmonn- adh), agus tuccsad-somh grádh dhóibh-siomh mar an ccéadna, agus baoi an coimhshearc sin eotarra fiche bliadhoin. Ro élaidhsad na hingheana aon do laithibh agus tánccatar gosan ttulaigh si, agus do thuit súan sádhol síor-chodalta orra sonn. Is í sin úair agus aimsir do cuireadh bruighean uathaidhi le Fionn agus le mac Mhic Con mhic Mhaicniadh i ccóigeadh Laighean, agus nochan fhuil áireamh acc fileadhuibh ar a ttor- chrador ann don Fhéin agus do mhuintir Fhathaidh Canoinn, agus torchradar trí géaroide gaisccidh don
Fhéin ann, .i. na trí meic sin Aon-chearda Béarra. Dála na n-inghean, imorra, iar n-éircche as a ccodladh dhóibh at-chonncatar tríar óccláoch don Fhéin dá soighidh, agus ro fhiarfaighdar sgéala dhíobh. Ro fhoillsigheador-somh don ingheanraidh bruigh- ean do chur ar Fhionn, agus ár na Féine do chur innte, agus trí meic Aoin-cheárda Béarra do bhás- ughadh. Iar cclos na sgéul sion dóibh-siomh do-rónnsad nuall-ghubha aidhbhle isin ttulaigh sin, agus tuccsad a n-aighthe re lár agus le lán-talmhuin, agus fuarsad bás gan fhuireach do chumhaidh an trír laoch sin dá ttuccsad an trom-ghrádh. Bádar, trá, dá dhearbh-chomhdhalta a nAlbain aca-somh, .i. dhá mhóir-rígh Cat ittúaidh, Uilleann occus Eochair a n-anmonna. Agus do-rónnsad comhairle a ccomhdhaltadha do choimhleanmhuin. Ro críochnuighadh an chomhairle sin leó, agus ro leansad íad gusan abhoinn si, agus ro thuil sí réna n-aghaidh, agus mur do-chonncador-somh na héaduighe amhlacha iobhlaidhe bádor im in ingheanraidh ar a ccomus isin ccaomh-thulaigh, ro aitheansad íad, agus ro ghluaiseadar go dásachtach dían obann isin áth gur ro bháith borb-thuile na habhonn íad. Conadh íad fil fón dá fheart ghlasa úd ós ur an átha. Cú grádhach ro bhí acc Fionn," ol sé, ".i.
Adhnúall a hainm, do-rala ar mearughadh í ag bruighin budhthuaigh. Ro shireastar Éire fó thrí go ríacht an t-áth so. Tucc a tréun-núalla esde ann, agus fúair bás go bioth-urlaimh as a haithle. Agus dob isidhe an treas cú as feárr fúair Fionn roimpe ríamh. Dála dhá rígh-fhéinneadh Uladh, .i. Goll Gulban agus Goll Cúailgne, ro bhádor acc seilcc an mhuighe si agus ad-chonncatar na teóra hinghean marbh ar an tulaigh si cco n-éxamhlacht gacha datha ina n-éadaighuibh, agus ro chuir orra go mór a mbeith marbh amhlaidh sin. Ro adhnoicsad isin ttulaigh íad, agus uaidhe goirthear Tulach an Trír dhí. Teaccoid gosan áth iaromh, agus fuarsad días deigh-fhear ann iarna mbáthadh, agus ro adhnoicsad íad isna feartaibh fil ós úr an átha. Agus as ón dá churaidh sin ro báitheadh innte ro hainmneadh an abhann sa inar n-athfhoccus, .i. Abhonn Deisi. Ro adhnaicsad an ccoin mur an ccéadna isin cceann ód thall don áth, ór do fheadarsad go madh buidheach an rígh-fhéinnidh dhíobh fá onóir adhnaicthe do thabhairt don choin sin, agus as uaithe ro ghabh an leacht ainmniugh- adh." Cona do dheimhniughadh na n-anmonn sin do ráidh Caoilte na roinn:
"As í sin Tulach an Trír tángadar ó thír do thír: budh hé a hainm ó sonn amach go ttí an díne déigheanach. As í so Abhonn Deisi; uirre fa heólach meisi; don dís ro-dus-báidheadh sonn fúair ainmniughadh on abhonn. Leacht Con i ccionn an átha, innisim daoiph a fhátha: Adhnuall fa hé ainm an chon fuair bás sonn ar mearughadh. Mór ccéide, mór ccarroic crúaidh imor luaidheas airm gach úair, ciodh uathadh tánag san tír sonna go Tulach an Trír." As í.
"Beir búaidh agus beannachtoin, a Chaoilte," ol Eochaidh, "is feasach fíor-eólach ro fhuaslaccais gach ceisd dár chuireamair-ne ort, agus as mór an
t-eólus agus an t-ard-fhios ro fháccbhois 'gár n-éccsibh agus 'gár n-ollamhnaibh dot éis." Cealabhras Caoílte do rí Uladh ann sin, agus do mhaithibh an chúigeadh ar-cheana. Ro cheal- eabhair Fionnchadh agus Caschorach dhóibh mur an ccéadna. Cíodh fil ann trá, ro ghluaiseadar rompa go réim-dhíochra a n-édnaibh cnoc agus carroc, go riacht- adar go fosadh-mhullach Sléibhe Fúaid féur-úaine. Do-rala Pádraig dhóibh ann sin cona easboccaibh, sagartaibh agus aroile deóchnaibh agus psailm-chéadlai- dhibh, agus íad ina suidhe acc cantain a ccaomh-thráth agus acc deagh-mholadh an Dúileamhan go ndícheall. Ro fhearsador na naoimh-chléirigh sin fáilteacha re Caoilte agus re Fionnchadh, agus ro fhiarfaigh an Táilgean sgéula dhe ó do sgarastar ris roimhe gusan uair sin. Ro innis-siomh a iomthús dhó ó do sgar ris go sin. "A Bhrógáin," ol Pádraig, "sgríobhthar leat gach ní dár innis an seanóir dhúinn." Do-rónnadh samhlaidh. "Cúich an macaomh mín-dhéanmhach sin ad choimhideacht, a Chaoilte," ol Pádraig, "'cá bhfuil an crann ciúil?" "Mac ollamhuin Thuath Dé Danann an macaomh úd," ol Caoilte, "agus Caschorach mac Cainchinne goirthear dhe, agus d'fhoghluim gaisccidh, fis, agus eólais chuccam-sa tánoicc, agus cruitire ro-mhaith é."
"Maith an chonair a ttánoicc-siomh d'íarraidh gach néith dhíobh sin," ol Pádraig, "agus, a Chaoilte," ol sé, "as maith an ní lér fuirgheadh thú, .i. re haimsir creidmhe agus crábhaidh i muinnteardhas naomh agus fíréun ar an tearmonn sa agus a bhfreacnarcas an Dúileamhuin fá dheóigh, agus tú acc tabhairt fis agus eólais uaid do gach aon dá n-iarrann ort é." "Deo gratias," ol Caoilte; "ad-lochar-sa sin risin bhfíor-Dhia bhforórrdha ion gach adha... gom écc. "Faiceam páirt dot t'ealadhain, a Choschoraigh," ol Pádraig. "Nochan fhaca aonneach m'ealadha-sa aríamh," ol Coscharach, "budh feárr leam dá faxin inaí-si, a naoímh-chléirigh, agus ní dhearnas d'aonneach ríamh í agár fhonnmhaire leam a dhéinimh iná dhuit." Tucc a thiompán chuicce íaromh. Ro ghléas- astair í, agus do shinneastar coirche caoin-bhinne ciúil uirre, go nach ccualador-samh aríamh roimhe sin a choimhmbinn acht coigeadal na canóine amháin agus eadarmholadh an Athar neamhdha. An tan táirrnig dhó-samh a oirfide do dhénomh, amhuil fa lór leó-san, ro fhiarfaigh do Phádraig créad an lúach do-bhéaradh dhó ar son ealadhna. "Créd iarroir orm ar a son?" ol Pádraig.
"Neamh dom anmuin," ol eisiomh, "agus rath ar m'ealadhain go bráth." "Do-ghébhair an raith sin ar h'ealadhain," ol Pádraig, "agus fáccbhuim-si do bhúadhaibh ar h'ealadhain-si, a Chaschoraigh, go madh sí an treas ealadhna as mó ar a bhfuighbhe neach a leasucchadh re deireadh an domhuin si i nÉirinn, agus ciodh mór an doicheall bhías roimhe an tí 'gá mbía, acht go ndeárna ní dhi agus go n-innisi sgéul, ó shoin amach soirbheas dó acht nach deárna leiscce." Ro chuir-siomh a chrann ciúil iona ionadh íaromh. "Maith an t-oirfideadh do-rónuis," ol Brógán. "As maith go deimhin," ol Pádraic, "acht muna bheith sían sáir-bhriocht sídhe ann, agus nochan fhaca ceól budh cosmhaile re ceól nimhe inás acht muna mbeith soin." "Ó tá ceól a nimh," ol Brógán, "ciodh um nach beadh a ttalmhuin, agus an abraidh-si gan an t-oirfidigh do dhíochar?" "Adeirim go deimhin, acht nach ro-chreitear dhó," ol Pádraig. Is ann sin ad-chonncatar an t-áon-ócclaoch dá n-ionnsoicchidh; léne do shíoda re grían a gheil- chneis, siadhal-bhrat áloinn úaine uime agus dealcc
óir ann. Ba coemh a chórughadh an ócclaoich iséin. "Car do chomhainm, a óglaoich?" ol Caoilte íar tteacht chucu dhó. "Aodh mac Aodha na nAbhaiseach, a Cnuc Ard-mhulla amuich don muir risa n-abarthar Rachrainn anos, misi," ol sé, "agus mac ollamhan do Thuathaibh Dé Danann misi, agus d'fhiarfoighidh neithe dhíot tánccus." "Créd dob áil d'fhiarfoighidh dhíom?" ol eisiomh. "Ní feárr leam ní dá bhfiarfóchaid díot," ol eisiomh, "nó créd 'má ttuccadh Carn Malarta ar an ccárn ód thoir." "Urasa leam-sa a fhios sin do thabhairt duit," ol Caoilte, ".i. ócclaoch do Thuathaibh Dé Danann, Aillén mac Eóghabhail a ainm-siomh, tucc grádh do mhnaoi Mhanannáin mheic Lir agus tucc Mananán grádh dá dheirbhshíair-siomh, .i. d'Áine, ionnus gurbh annsa leis í iná mná na cruinne go comhlán, agus nochar lugha grádh na hinghine dhó-samh. Ro fhiarfaigh-si d'Aillén aon do laithibh ciodh tánoicc ris nó créd re thráigh an dealbh dhearsgoitheach ro bhaoi fair. "Grádh adhbhal-mhór tuccus d'Uicht-dheilbh, d'inghin Fhearghosa Finn, do mhnaoi Mhanannáin,"
ol eisiomh, "agus níbam beó muna roisidh leam toil m'inntine do choimhlíonadh lé, agus nochan fhuil áonneach ar talmhuin dá n-inneósain soin acht tusa namá." "Maith tárla dhúinn," ol an inghean, "ór atá d'fhurtacht-sa ón imneadh soin ar mo chor-sa cen chonntabhairt, ór tucc Manannán grádh áidh- bhseach dhamh, agus dá ttuccadh Uicht-dhealbh dhuit-si d'fhaoifinn lais." Ro chuir fios go falaightheach go Manannán agus ro ghabhsad ionadh coinne ar an ttulaigh úcchot. Do-riachtsat an ceathror sin a ccoimhnéinfheacht dochum na tulcha a n-am na dála. Ro shuidhsead uirre. Boí Áine a bhfochar Mhanannáin agus Ucht- dhealbh a bhfochair Aillén, ór tucc tuile trom- ghrádha dhó arna fhaixin dí, ionnus gurbh fhurasa lé bheith ina fharradh. Tucc gach fear dhíobh pócc don mhnaoí bhí ina fharradh agus do léicc fios a inntinne lé. Do-rónnsad malairt ann soin, ór rucc Manannán inghean Eóghabhail lais, agus rucc Aillén inghin Aonghusa Finn mur an ccéadna agus budh faoilidh an ceathror sin eidir fhear agus mhnaoí íar ndénomh na híomlaoide amhlaidh sin. Conadh ón maloirt sin ro hainmniugheadh an árd-thulach ucchod. A anoim, a Aodha," ol Caoilte, "goirther Tulach Mhanannáin dí tré a mhionca do athaigh- eadh uirre agus trésan malairt sin do dhénomh dhó uirre tar aon-tulaigh oile, agus nochan fhuil dá
seanchas agom-sa acht an méid sin, agus dá mbeith do-ghéabhthá-sa." Teaccoid rompa iar soin go gleann risa ráitear Muinntear Dhiughoire isin ionbhaidh si, áit a raibhe Pádraig a ndaore ag Míolchoin mac uí Bhúain, rí Dhál nAraidhe. At-chonncatar an ccill ccaoimh cclogásaigh, agus tríocha mac eacclasa no bhíodh innte ag adhmholadh an Dúileamhan. Ro dhéach Caoilte 'na thimchioll agus at-chonnairc an ccáomh-chill cceólánach oile úaidh a n-ath- fhoccus dhó. "At-lochamar do Rí nimhe an t-ionadh sa do bheith 'na árus náomh agus fíréun, agus a mhionca do- chonncamar é 'na adhphaidh sluagh agus sochaidhe ria sonn." "Cia do bhí san ionadh ucchot, a Chaoílte?" ol Pádraig. "Raighne Rosg-leathon mac Finn," ol Caoilte, "agus Caonche Corcor-dhearg boí isin árus úd oile fil ar air ccomhair, agus fa haoibhinn a bheith ion gach baile dhíobh an ccén bádor na deigh-fhir sin ionnta." "Innis dúinn," ol Pádraig, "cionnus fuairsead oidheadha." "Clanna Mórna," ol Caoilte, "ro mharbhustar íad, .i. Raighne ar Magh Raighne, conadh úaidh adeirthear Magh Raighne, agus Caoinche ina shlébh, conadh dhe atá Slíabh Caoínche." Íar soin ro éirigh Pádraig cona mhac-chléirchibh
agus Caoílte cona dhías deagh-laoch imaille ris, as an ionadh a ndearnsat comhnaidhe ag coitseacht re Caoilte acc tocht tar na tréinfhearuibh soin. Nochar chían dóibh as a haithle go bhfacatar teachta agus taighleóra rígh Mumhan dá n-ionn- soicchidh agus do fhoillsigheadar do Phádruic gurab ó rí Mumhan, .i. Aonghus mac Nattraoich, tángadar ina choinne agus ina choimhdháil-siomh dá bhreith go Muimhneachuibh doridhisi. Ro fháilltigh an naoimh-chléireach riú, agus ro ráidh go rachadh do shaighidh rí Mumhan gan mhoille, go haithghairid ina dheaghaidh soin, acht go síoladh creideamh agus crábhadh isin chúicceadh i mboí don chur soin. Ro cheileabhairsead-somh don náomh-chléireach íaromh, do Chaoilte, agus do chách ar-cheana, agus ránccatar rompa go Caisiol na Ríogh agus ro innseadar d'Aonghus dáil Phádraig do bheith chuicce go hathchomair. Fa faoílidh Aonghus don aitheascc sin. Dála Phádruic, imorra, ro bhaoí gach laoi co ceann seachtmhuine as a haithle acc síoladh creidmhe agus crábhaidh agus acc seanmóir go sáir- dhíochra seachnóin an chúiccidh go comhchoit- chionn, ionnus go ttucc fó chuing creidmhe agus crábhaidh íad, a mainchine agus a mór-dhúalgas do Dhia agus dó-samh agus dá chomharbaibh ina choimh- leanmhuin. Ro cheileabhar dhóibh íaromh agus táinic roimhe go réim-thric, agus nochan aithristear a imtheachta
go ránoicc Leac na Laochraidhi, dá ngoirthear Caisiol Cuirc mheic Luíghdheach anú. Ro ghluais Aonghus agus sé catha cródha curata ina ccoinne agus a ccomhdháil Phádraig cona phríomh-chléirchibh. Ro shléachtsad dó íaromh agus do-radsad a ccionna ina ucht díaigh a ndíaigh. "Tabhoir sgreaball soiscéal do Phádruic, a rí Mumhan," ol Binén. "Do-bheirim-si an baile si dhó," ol Áonghus, "go síorraidhe agus dá ccomharbaibh 'na dhíaigh." "Cionnus bheirir dhúinn é?" ol Binén. "Do-bheirim," ol Oenghus, "gach a bhfaicfe Pádraig do mhullach Leice na cCéad do gach taoíbh do mhín Mhuighe Mumhan do bheith aicce féin agus accá iardoighthe tar 'éis." Tánoicc Pádraig ar charroig Chaisil, agus bádh míle do dheamhnaibh ós cionn an bhaile, co ndeachatar a n-aiéar ar teathadh an Táilginn. Ro éirigh an ghrian ann soin ós cionn Pádraig. Do ba solus gach áird ina thimchioll. Tucc a chos for Leic na cCéad agus beannaigheas hí, agus fáccbhus búaidh ccomhairle uirre, agus aingeal dá tadhall gacha trátha, trosccadh do rí Mumhan agus do naonbhar mac tighearna ina fharradh uirre agus gach itche dá n-íarrfadh go dlightheach as deimhin go bhfuighbhe agus budh í teine an bhaile si treas teine bhus imchéine bhías fó rath i nÉirinn. Ro fhearastoir Oénghus ann sin fíor-chaoin bhfáilte re cCaoílte, agus ro fhearostar maithe Mumhan mur an ccéadna.
"'Anam, a Chaoílte," ol Aonghus, "créd 'má ttuccadh Leac na cCéad ar an leic si?" "Urasa dhamh-sa a fhios sin do thabhairt úaim," ar Caoilte, ".i. feacht n-áon tháinig Fionn, agus na Fianna 'na thimchiall, agus do shuidh an flaith- fhéinnidh ar an leic sin. Tuccastar a ordán fó a dhéud fis. Ro foillsigheadh neamh agus talamh dhó, agus ro foillsigheadh dhó mur an ccéadna thusa, a Tháilginn, do thoigheacht i nÉirinn agus go mbeithdís noémh agus tighearnaidh agus creideamh cross agus crábhadh inte ó do thiocfá-sa dá taisdeal agus dá tréun- imtheacht. Agus nocharbh fheas dúinne neamh do bheith ann gusan laithe sin," ol Caoílte; "agus ro ráidh Fionn rinn," ol sé, "go madh mór ccéad dá madh hárus an leac ucchot. "Gá córa ainm dá mbía, trá," ol Fearghos Finnbhéil, "ná Leac na cCéad?" "Ní feárr imorra," ol Fionn, "ór ní ba leas- ainm dhí an t-ainm sin." Cona hamhlaidh sin ro hainmnigheadh an leac ód, a Aonghas," ol Caoílte. "Cía do-righne dúnadh agus deagh-bhaile sonna, a Chaoilte?" ol Aonghus. "Fíacha Muilleathon mac Eócchain," ol Caoílte, "ro bhaoi tríocha bliadhon i ríghe Mumhan, as lais do-rónadh cloch agus daingean an dúnaidh si, agus as ann ro bhaoí a longphort."
Íar n-innisin an sgeóil sin do ráidh Pádraic na roinn acc deimhniughadh coda don tarrngire sin Fhinn:
"An chloch sa is í Cloch na cCéad: sochaidhe bhías impi íar n-écc; budh ionadh crábhaidh is cross d'aithle na n-áros fhúaros. Caiseal ceann Éireann uile, beann imá ttéigheann teine, ionadh a bhfríth fios nimhe gan fhios do ríoghuibh reimhe. Fa maith mo cheall san tír thuaigh, a ccrích Connacht an chaomh-shlúaigh, gur fháccbhusa, glan a lí, mo dhá bhradán go ccaoímhi. Mo bhaile-si a ccrích Uladh rem chroidhe féin is cumhonn: biamaid re tteacht domhuin de tríar árd-naomh a n-áon-bhaile. Deichneamhar ceathracha agus céad (as eadh a fhíor, is ní brécc) budh eadh ghéabhas sonn mo cheall: do budh dhíobh innsi hÉireann.
Gébhthar psailm, gébhthar crédha, paidreacha agus soiscéala: bíadh céadól sonna go moch im an ccrann a bhfuil an chloch." In.
"Att-raé búaidh agus beannachtoin, a naoímh- chléirigh agus a Chaoílte," ol rí Mumhan, "is mór d'fhios agus d'fhíor-chreideamh ro fháccsabhoir accoinn." Ro bhádar amhlaidh sin gurbho meadhón laoí ann. Ro éirgheadar na sluaigh íaromh eidir laochaibh agus chléirchibh, agus lodar rompa síar go Gleann na nIongnadh ar Mhoigh Feimhen. Suidheas Pádraig ar ceann na rátha baoi isin nglionn, agus suidheas rí Mumhan ar an cceand oile dhi go maithibh a mhuinntire uime. Ro fhiarfaigh Oenghus do Chaoilte créad 'mádh ttuccadh Ráith na nIongnadh ar an ráith sin. Ro ráidh Caoilte an rann agá fhoillsiughadh:
"Iongnadh turchuirthe fuair Fionn isin ttulaigh maille rinn, aon-tríar fhear, budh caoimh a cclú, agus aon-chú eatorrú.
Laithe a n-áon," ol Caoílte, "tángamair-ne trí catha na gnáth-Fhéine gusan ttealaigh so, agus ad-chonncamar tríar tréunfhear ar ar ccionn ina
ccomhnaidhe innte agus oén-chú aca, agus nocha raibhe dath isin mbioth nach mbí inte, agus an trénfhear fa mó d'Fhíanaibh Éireann, .i. Fionn mac Cumhaill, théigheadh cen chromadh fána bhlénuibh. Tea- ccoid na tréinfhir gosan bhflaith-fhéinnidh íaromh, agus suidhit ina fhiadhnuisi. "Can as a ttángabhar, a ócca?" ol Fionn. "As an Ioruaidh airthearaigh," ol íad-somh. "Créd tucc sonn sibh?" ol Fionn. "Do dhénomh ar ccuir agus ar cconnartha riot-sa, a rígh-fhéinnidh, agus do bheith seal at fharradh dhúinn." "Créd an mhaith damh-sa," ol Fionn, "bheith im fharradh dhaoíbh-si?" "Budh mór a mhaith dheit," ol fear dhíobh- siomh, "ór atá feídhm ar leith acc gach fear dhínn don tríar atámaoid." "Foillsighidh bhur bhfeadhmonnadh dhúinn," ol Fionn. "Gébhaid féin foirchoimhéad Fhían Éireann oram," ar fear dhíobh. "Agus coisccfead gach éiccen-dáil dá mbéara orra nó dá mbaeinfe dhóibh an ccén bhíad ina bhfarradh," ol an dara fear, - "dingéabhaid am áonar dhíbh é." "Gach ní bhus mían le mo thighearna d'fhagháil re a thiodhlacadh, in ccén bheid-si imaille ris, do-ghéabha go deimhin úaim-si é," ar an treas fear, "agus an comhfhad mhairfeas fíadh a nÉirinn,"
ol sé, "coisccfe an cú fil accoinne an dara hoídhche a sealcc dhaoibh-si, agus coisgidh féin an oidhche oile." "Créd íarros sibh ar son na seirbhísi sin?" ol Fionn. "Gan aoinneach maith nó saith, úasol nó anuasol, do thocht d'fhios ar longphuirt ó bhus dorcha an oídhche tré bhioth síor, do chían nó d'fhoixe, gan a bheg nó 'mhór do thúaraibh nó do thomhaltas do thabhairt dúinn, agus díogha sealcca agus saoir- fhiadhaigh dhúinn ó gach buidhin d'Fhíanaibh, .i. sealcc dheireadh oidhche, is eadh shirmaoid-ne," ol fear dhíobh-siomh, "ar son gach seirbhísi dá ndiongnam." "Créd bhá n-íarrann sibh gan neach da bhur bhfaixin ó thicc oídhche?" ol Fionn. "Fil aba agus adhbhar dleasdeanach agoinn," ol íad-somh, "agus inneóstar dhuit-si é, agus ná sir nísa mhó dár sgéuluibh, ciodh gar cían bhiam it fhochair: .i. an tríar tréinfhear támaoid sonn, bí an treas fear dhínn marbh gach n-oídhche, agus bí an días fhear oile gá choimhéad go maidin, agus as geis dúinn gan áon dár bhfaixinn an ccéin bhíos an fear sin dínn marbh, agus fós ad-chúalamair-ne gur dot gheasaibh-si, a Fhinn, marbh d'fhaixinn munab airm do mhuirbhthaoi é." Agus as deimhin," ol Caoilte, "go mbuí na
geasa sin ar Fhionn, agus dá mbriseadh íad is eadh do fhóirfeadh é úatha toigheacht a ttimchioll na rátha so ar a bhfuiltí-si anois." Agus ro ráidh an rann accá dheimhniucchadh:
"Ba geis d'Fhionn bheith ós mharbh do neoch nach muirbhfdhe ó arm, muna ttísadh sonna ana dá ícc timcheall na rátha.
Do cheangladar na deigh-fhir le Fionn as a haithle," ol Caoilte, "agus tuccsad i llámha ina láimh. A ccionn aimsire dá éis sin," ol Caoilte, "tánccatar móirsheisir fleadh do mhuinntir Chiothruaidh mhic Fhir Choégad d'íarraidh dúaisi dúaine ar Fhionn, .i. trí sheacht cumhala deargóir agus an ccoibhés céadna d'airccead aithleaghtha. "Do-ghébhthar ríar na dáimhe si," ol Scannal ua Líathán, .i. ócclaoch grádha d'Fhionn eisiomh, agus nochan fhaca Fionn aríamh é nach diongnadh gáiri ar 'fháiltighe leis a fhaixin. "Má gébhthar," ol an tríar ucchot, "nocha úait-si ná ó aon oile do-ghébhthar, acht úainne namá, agas féachadh an flaith-fhéinnidh cia ass feárr lais, a ríar anocht nó amárach." "Is feárr amároch," ol Fionn.
Teaccoid-siomh ann sin ina ttríar agus a ccú leó go leabaidh na con isin ráith si. Ro sceitheastar an cú trí sheacht ccumhala do bhronór bhruinnte agus an céadna d'airccead aoin-gheal, ionnus go ttuccadh do mhuinntir an ollamhuin íad fá chéadóir, agus badar buidhigh dhíobh. Is amhlaidh baoi an ráith si an tan sin," ol Caoilte, "agus gan uiscce a n-iomfhoiccsi dhí, agus ro éccaoín Fionn gan digh éiccin do bheith aicce. Ro labhair fear don tríar réimhráite ann soin, agus as eadh ro ráidh: "Maith, a rígh-fhéinnidh," ol sé, "dá ttuccthá féin agus maithe na Féine bhur ccuirn agus bhur ccopáin, bhur n-íana agus bhur n-ard-leasdair dhúinne, do rachmaoís d'iarraidh dighe cuccoibh acht gan a diúltadh oirn." Fuair-siomh ann sin na cuirn agus rucc lais do shaighidh na con iad, agus nocharbh iomchían baoi accá líonadh do mhiodh shoimblasda sho-óla, agus do líon fó thrí isin ccruth sin íad, ionnus gurbhó measgdha meadhoir-chaoin mall-bhriathrach na maithe ón treas dáil ro ibhsead díobh. Rob iongnadh le Fionn an fleaghucchadh soin. Conadh Lios na Fleighe a ainm ó sin anúas, agus cona Leabaidh Chinn Chon ainm na háite ina mboí an cú acc sgeith an óir tuccadh dona héiccsibh; agus as aire sin," ol Caoilte, "tuccadh Ráith na nIongnadh ar an ráith si agus Lios na Fleidhe ar an lios so rinn
anoir, agus Leabaidh Chinn Chon ar an ráith si thíar. Agus ro bhádor seacht mbliadhna inar bhfoch- air-ne," ol Caoilte, "gur ros-marbhsad dhá mhac rí Uladh agus gur theicheadar íaromh iar suidhiúcchadh an mharbhtha ortha, agus ruccsad croiceann an chon leó a hÉirinn, uair do bhí cuir agus rátha orra gan beó na con sin do bhreith leó a hÉirinn an ccéin do bheithdaoís ann a mbeathaidh." "A anoim, a Chaoilte," ol Aonghus, "cionnus do mharbhsad-siomh an chlann sin rí Uladh?" Ro innis-siomh an sccéul iar n-urd ann sin do Phádraig agus do rí Mumhan amhail ro innis do Fhionnchadh roimhe fá mur do ráidheamar romhuinn. Dálo Caoilte go sin. Iomthúsa Oisín, imorra, ro ghabh múich agus mór-chumhaidh, meirtne agus mifridhe, eamhealtas agus eideireacht é a n-aghaidh a' naomh-chléirigh, óir ba himchían lais baoi ina fhéccmais, acht gérbh aoibhinn a orducchadh agus géar dhíchra a dheagh-fhriotháileamh agus géar líonmhar a lán- chairde a Laíghnibh, uair budh crádh croidhe lais gan earr a aoisi agus 'aimsire do chaitheamh a bhfochair Chaoilte gan conntabhairt, agus ro íarr ar rí Laighen a iodhlacadh gosan ionad a ccluinfeadh Pádraig do bheith. Ro cheileabhair do mhaithibh an chúiccidh iaromh agus ro ghlúais roimhe, agus nochan aithristear a imtheacht go riacht go Gleinn na nIongnadh ar
Mhagh Feimhén mur a raibh Pádruic cona phríomh- chléirchibh, rí Mumhan cona mhór-mhuintir, agus Caoilte ina ccomhfhochraoibh. An tan at-chonn- cadar-somh Oisín cona ochtar dá n-ionnsoighidh, ro éirgheadar go hathlomh ioméasccaidh 'na choinne agus 'na chomhdháil, agus ro fhearsad fíor-chaoin fáilte ris agus ría gach aon dia mhuinntir. Ro naisg Caoilte re a chorp agus re a chaomh-mbruinne é as a haithle, agus ro thoirbhir teóra pócca dhó. Teaccoid rompa íaromh co Ráith Chin Chon agus co Lios an Bhanntrachta a ndeiscirt Mhoighe Feimhen. Suidheas Pádruic ar imeal na rátha. Suidhis Oisín ar a dheis-láimh. Suidhios Aonghus agus Caoílte ar an imeal oile dhi. "Maith, 'anom, a Oisín," ol Oenghus, "créd 'mádh ttuccadh Ráith Chinn Chon ar an ráith si agus Lios an Bhanntrachta ar an dumha so thuaidh?" "Brughaidh bó-chédach comhramhach boí sonn," ol Oisín. "Ceallach mac Duibhdhéad a choimhainm. Agus in úair thionóiltí a thréun- almha agus a throm-indli a n-aoín-ionadh, is eadh no bhíodh ionnta lán leathon-mhachoire Mhuighe Feimhen. Gé do bhoí an urdail sin do cheathroibh agus do chaomh-chrodh aicce, ní raibhe isin domhan duine budh mó díbhe agus leóchoilleacht inás. Tánccamair-ne deichneamhar ar fhicheat sgiath-armmach imaille re Fionn dia thigh-siomh feacht n-aoín íar ndéanomh sealcca Sléibhe Cúa
dár ccúan-bhuidhnibh. Ro shuidheamar ar cholbhadhuibh caomh-easracha comhdaighthe agus a ccathaoiribh caomha crédhumha an chaortthoighe, agus resiú no samhlaigheadh ar n-umhal-fhósaigh iná ar n-ordughadh tucc Ceallach ail agus athais do gach áon accoinn fó leath acht don rígh-fhéinnidh namá. Ro labhair boirb-fhear bríogha búan-aigeantach don Fhéin arnaidh allmhurdha go brottla risin mbrughaidh, .i. Cuinnsgleó Giolla mac Ainnsgleó .i. mac rí Breatan an bláith-fhear sin, agus as eadh ro ráidh: "As amhnus an sgeamhach chinn chon do-bheir an t-aitheach dhúinn," ol sé. "Pudh focal n-anma sin," ol Fionn, "ór budh Fear Cinn Con 'ainm-siomh agus Ráith Chinn Chon ainm na rátha sa ina bhfuil." Conadh amhlaidh sin ro hainmnigheadh an ráith si, a Aonghuis," ol Oisín. "Créd 'mádh ttuccadh Lioss an Bhanntrachta ar an lios sa budhthuaidh?" ol Oenghus. "In méid budh feárr do mhnáibh druine agus deagh-lámhdha i nÉirinn," ol Oisín, "ro thionóil Fionn gusan lioss sin adeiridh-si, a Oenghuis, fá urchomhair earraidh agus éadaigh do dhéanomh do mhaithibh Fhían Éireann. Agus as í ba bain- cheann orra Dearcc dhaigh-chealtrach mhaill- bhriathrach mhong-bhuidhe mhalach-dhonn, inghean rígh Breaton, céile Osccoir mo mheic-si
budhdhéin. Ciodh fil ann tráth," ol Oisín, "acht ro bhádor an bláth-bhanntracht binn-bhriathrach búan-náireach sin feadh blíadhna gan bhuaidh- readh isin lioss ód. Conadh uatha ro hainmnigh- eadh gan conntabhairt." "Créad an carrtha ad-chímaoíd ar lár an leasa, a Oisín?" ol Aonghus. "Coinneallbhra an bhanntrachta sin," ol Oisín, "uair níorbh áil leó teine do bheith a n-aon-árus riú acht fó thrí ion gach bliadhoin, fó bhith nach roiseadh smál nó smúaid-dheannghor na teineadh a ndeichealta núa-ghlana agus a n-édaighe ioldhath- acha iobhlaidhe. Ro bhaoí urghairdiucchadh meanma agus móir- aigeanta ag an mban-chuire seach gach bantracht oile, .i. tiompán no shindís teóra hingheana rígh Ua cCinnsealaigh, Fionn-chas, Fionn-bhruinne, agus Finn-inghean a n-anmonna. Agus as amhlaidh baoi an tiompán áloinn ór-chumhdaigh sin baoi aca cona leath-rinn arccoid inte agus cona dheilgnibh dearcc-óir, agus ro chodeóldaois curaidh agus caithmhílidh im reannoibh re hilcheól gacha hóicc-ríoghna dhíobh-somh," ol Oisín. "Créad an sunnach ard aireadha úd re taobh an chairrthe, a Oisín?" ol Aonghus. "Tuarasdal an bhan-chuire gacha bliadhna ón bhflaith-fhéinnidh fil fón sonnach sin," ol Oisín, "agus Osccor mo mhac-sa ro-dus-fholaigh go fireannach an tuarasdal soineamhuil soin fón
ccairrthe ucchod, agus nochan fhuil miotal ar bioth inte acht ór dearg deagh-bhruinnte." Ro éirgheastar na sluaigh íaromh, agus teaccoid gusan ccairrthe, agus do thochailsead go tréun-láidir dá háite agus dá hadhbaidh í, ionnus go ttuccadh an t-ór as a hionadh. Ro rannadh a ttrí é as a haithle, .i. a thrían do Phádruic agus dá mhuinntir, a thrían d'Aonghus agus do mhaithibh Mumhan, a thrían n-aill d'Oisín agus do Chaoilte. "A ócca," bhar Oisín, "mairidh an t-ór agus an t-ionnmhus, agus ní mhair an flaith-ruire ros-thoirbhir, nós an tréunfhear ros-tromfholaigh." Agus ro ráidh na roinn accá dheimhniucchadh agus acc toigheacht tar na mnáibh agus acc éccaoine na Féine gan marthain, co n-érbhairt:
"Mairidh anú Ráth Chin Chon 'na ruidhe arm is fhaobhor, agus ní mharionn an rí, Fionn mac Cumhuill Almhuiní. Mairidh rígh-lía na Rátha gos ttathaighmís gach trátha, as mairidh an t-ór dearg dron, agus ní mhaireann Osccor. Fionn-chas, Fionn-bhruinne íar bhfíor is Fionn-inghean gan iomshníomh: ingheana (fa suthoin sin) rí ccruthoigh Ó cCinnsealaigh.
Tiompán no shindís 'na ttriúr (uathadh riamh ro shinn mur chiúl) risa ccoideóldaois gach úair slúaigh an domhain gan diombuaidh. Tiompán no bhíodh acc na mnáibh gona leath-rinn airccid bháin, cona dheilccnibh óir bhuidhe, cona théadaibh fionn-bhruine. Cáocca leabaidh 'na ttigh thall, cáocca ficheall, caoga corn, caoga uinge d'ór dhearg dhron gacha bliadhna a ttuarasdol. Ag sin, a chléirigh, gan chol, dinnsheanchas Rátha Chinn Chon agus an lía gan lochta agus Leasa an Bhanntrachta. Ní mhaireann an Fhían amhra, maicne Finn na fíor-fhaghla; saor-shlat as duilghe nó an dream, aon-mhac Muirne ní mhaireann." Ní.
Dála Phádruic, imorra, Oisín, agus Chaoilte agus rí
Mumhan, tánccatar rompa ass sin go Beinn mBáin in Reatha budhdheas eidir Shlíabh Crot agus Sliabh cCláire. Ro leansad na slúaigh uile íad, agus íar rochtain ann soin dóiph ro shuidheadar uile ar an mbeinn. Ro fhiarfaigh Aonghus do Chaoilte: "Créd 'má ttuccadh Beann Bhán an Reatha ar an mbeinn si ar a bhfuilmaoíd?" ol sé. "Oén do laithibh dá raibh mac Cumhuill ar an tealaigh so," ol Caoílte, "agus an Fhían ina fharradh, agus nochar chían dúinn ann go bhfacamar an aoín-inghin cuccoinn go coimhdhíreach ccusan ccnoc sa, brat corcra corrtharach impi, dealcc do dhron-ór dath-bhuidhe isin mbrat ós a bruinne, niamh-lann óir ímá hédan: fad righeadh an rígh- fhéinneadh budh headh fad gach leacoin don láin- inghin sin," ol Caoilte. "Ro fhiarfaigh Fionn dí gá háird d'Éirinn as a ttánoicc. "Ó Bheinn Éidir mheic Éadghaoi tánocc," ol an óicc-ríocchan. "Créad 'má ttánguis don turas sa?" ol Fionn. "D'iarraidh coimhleanga agus coimhreatha ar óccbhaidh Fhían Éirionn tánocc," ol sí. "Cionnus atá do rioth, a óicc-inghean?" ol Díarmaid Ó Duibhne. "Is eadh as gnáth dhamh," ol an inghean, "gan neach dom shárughadh in feadh no ghébhuinn tír re tadhall." Téighim-si do choimhling ría," ol Caoilte.