(AGALLAMH NA SEANÓRACH)
(IMLEABHAR A DÓ)
Imthúsa Oisín ní híad ceasnaighthear sonn go
léicc; acht iomthúsa Chaoilte mheic Rónáin ó do
sgar féin agus Oisín ré-roile i cCuilleann ó cCúanach
go ttáinic fá chuing creidmhi agus crábhaidh, gach
air chés d'imneadh agus d'édúalong ris an aithidh
sin, agus amhuil ro sgarsad a mhuinntir fris acht
Fionnchadh amháin ad-fíadhar sonn sealad oile.
IMTHÚSA Chaoilte mheic Rónáin cona ochtar
áird-fhéinneadh, íar n-imtheacht d'Oisín do
mhúghúdhadh Phádraig cona chléirchibh, agus do
Dhearg go Sídh Brain, fa dubhach an degh-
bhrughaidh, fa meirtneach an mílidh, agus fa tuirseach
an trén-churaidh íaromh an oídhche sin d'aithle
scarthana dhó fria charoid agus fria chomhdhalta,
.i. re hOisín cona mhuinntir, óir do budh baramhuil
lais nach ccomhraicfeadh re háon díobh as a
haithle: dóigh ámh do thuicc-siomh iar
n-imtheacht d'Oisín go ccreidfeadh don Táilgeann
agus co ngébhadh baisdeadh úaidh ionnus nach
ccomhraicfeadh ris féin; agus ní mó mheasaisdair
Dearcc mac Eóghain do chomhrac ris ó do rachadh
a síodhuibh. Ro bhaoí an oídhche sin a Sliabh
Crot cona mhuinntir, agus nochar chaithseat proinn
nó tomhaltus innte acht a bheith fó dhubha agus fó
dhoimheanmain dóiph.
Ro éirigh Caoilti a ndeaghóil na maidne, agus ro
labhar rena mhuinntir, agus as eadh ro ráidh:
"Ní raghaim-ni," ol sé, "a síodhaibh a ndiaigh
Deircc agus ní mó ragham a ndiaicch Oisín d'eaccla
cco ccreidfeadhmaois donaibh coirneachuibh ucchot
ar aithris Oisín. Agus monúar," ol sé, "nach
a ccath nó i ccomhlonn atáid na tréin-mhílidh sin,
d'fhéachoin an raghmaois-ne d'fhurtacht dóibh,
agus as eadh as iondénta dhúinn dol a bhfeadhoibh
agus a bhfásoighibh, a ndiamhruibh agus a ndroibhélaibh,
d'iomghabháil na ttoill-cheann sa tánoicc a nÉirinn
d'eaccla a saoibh-chreidimh do fheicheamh nó do
shíor-leanmhain dúinn."
Ro cinneadh leó an chomhairle sin agus ro ghluais-
siot rompa gacha ndíreach go Gleann an Áir, a
lLeitir Abhrat Chaoimh a cCeand Feabhrad
Sléibhe Caoín, agus a lLeitir Dhuibh a lLúachoir
Dheaghadh. As ann sin ticc deireadh do ló agus
tosach d'oídhche, agus anuid an oidhche sin a Luachoir
Dheaghadh, agus ro choduilsiot go meirtneach mí-
mheanmnach mór-sgítheach isin bhfían-bhoith do-
rinne Fearghaire dhóibh.
Éirghios Caoílte a moch-dheagháil na maidne
arna mhárach agus tánoicc ar bhord an átha fa
coimhfhoiccsi dhó agus at-chonnairc an linn ar snámh
fó íascc. Ticc tar ais dochum a aosa cumhtha.
"Éirghidh, a fhiora," ol sé, "do ghabháil an
éiscc si amuigh ar an linn, agus cuiridh bhar ndorbha
agus phar ndubháin, ór ní sheachontar an bíadh agus as
éiccin go seachontar an charoid."
Éirghid ann sin an t-ochtar bádor maille ris,
agus ro ghabhsat acc gabháil an éiscc gur éirigh an
ghrian tar easuibh agus tar inbhearoibh. Is ann sin
tánccatar aodheareadha cona ttáintibh agus cona
n-innlibh i mullach Chairn Leitreach Duibhe ós
cionn Chaoílte agus é ina shuidhe ós úr an átha, agus ro
ghabhsat na buachaillidhi acc cantain duird
aodhearadh, agus tucc Caoílte a mheanma go mór
ann, óir budh cosmhuil ris an Dord Fiansa é, agus
ro ráidh riú-somh coitseacht ris, agus do-rinne na
roinn ann:
"Éistidh beaccán, bíom ar ttost,
a Fhiorghaire, gebh mo choscc:
ceól do-chluinim dom thaobh chlí
do chuir mo chorp ar neimhthní.
Trom threaghdas mo chroidhe cain
aithris Fían a Fotharlaicch:
annraidh bheacca a mboith Ghúaire,
an ceól chanaid mo thrúaighe!
Aoghaire dhubha a Druim Léis
ar n-aithris fuabraid d'arnéis:
bínn núaill a mac samhla soin
dordán trí meic bhFearrdhomhuin,
Crónán Faolchon a Fiodh Gairbh,
fodhord Floinn do Leircc Lathoirn,
abhrán Fáoláin, fead Loinne,
foghar thrí mic Cochruinne.
Caoín ceól do chandaoís tar lear
Cairioll, Art, is Eóbhrán,
Mongán, Maolghus, mór a n-ádh,
Faolchú, Eóghan, Uamhanán.
A Leitribh Ceand Rabhnírind
Daolghus, Dubhachán, Dubh Rind,
Mugh Sláine, Dubhthach mac Braín,
agus Findchadh a Formaíl,
Dubh Róid, Dubhán, Dubh Dala,
Dubh Druman mac Seanchadha,
Conán, Flaitheas, Fear Dá Ghal,
Garrbh Daire, Dáire, Dúnghal.
Maol Ughra agus Maol Eanaigh,
ba bind le cách a meadhair,
Caince, Fearrdhomhan, Find Bán,
Oscur, Oisín, Uallachán.
Dearcc agus Ruadh agus Goll,
Lughaidh, Lucán, Conghal, Cond,
Scannal, Uairbhél, Aichél, Earcc,
Bran séaghdha, Sealbhach saoir-earc,
Colla, Corc, Féice fóill fíal,
Fiacha, Conall, Caichear, Cian,
Garbh Crot caol i Cluain Dá Ros,
Donn, Dérath Dubh, dá Dhonnghus,
Find féin is Flann mac Eachach,
Diarmait, Raighne Rosc-leathan,
canait in Dord Fiansa ar fuin,
canaidh Caílte Collamhair.
Canaidh Caílte Chnuic Dá Dhamh,
canaidh Caílti Chnuic Aradh,
canaidh Caílte Cos-luath cain,
canaidh Caílte mac Fidhaigh.
Canaidh Uilleand, canaidh Aodh,
is Druim Dearg is Dubh Dá Raon
agus Subhach mac Maol Cruim
agus Flandchadh a Fordhruim.
Canmais a nAlpain re seal
is a Fornocht Droma Dean,
i nAonach Life, líth ngal,
i ndAlmhain, cen imarghal,
A nAonach Thaillten na n-áth,
i Carman, i Cnucc Dá Ráth,
a nUisneach, a Tailltin tair,
a Cnodhbha, a Tlachtgha, a Teamhair,
A Téide, a Corann na treabh,
i ndAonach Clochair tar lear,
a nAonach Cliach is Luinge,
i ndAonach mhór Mhucruimhe.
A nAonach Cruachan ro bhaé
canmais dord ar ndul ar caé:
ba bind foghur fiansa ar feacht,
ba maith le cách a éisteacht."
A haithle na laoidhi sin ro bhádar in tshein-
Fhian ac tarmeasc Caílti dá eólchuire, agus do ráidhseat
nár chóir dhó bheith ac cuimhniughadh na Féinde
dhóibh.
"Déntar iascach d'indeónadh dúind," ar siat.
"Ní hinadh dúind so, ar is imdha a aitreabha
in inait so," ar Caílte: "a imgabháil is cóir
dhúind."
Agus táncatar rompu, a clé re Leitribh Duibhi,
agus do Theamhuir Luachra, agus do Ghleand na Cond,
agus d'Áth Luchraidh for Féil, agus do Bhrosna Droma
hIaraind, agus tar aibhnibh Féile. Agus ó ráncatar
tar in Fhéil adubhairt Caílti:
"Is mithigh," ar sé, "indeónadh do dhénumh
acuind."
Do-ríneadh fón cuma sin a fhulacht, agus mar
thairnic dóibh do éirighseat reompu tar Ré in
Chind i Luachair, bail i rucsat meic Cuilgreand
ceand Finn huí Bhuíscne, agus a ceand tSléibhe Mis
lámh re Cathair na Claon-rátha, agus d'Uisci
Labhrainde, agus a Tráigh Fhir Ghrinne mheic Dheagh-
adh, agus do Loch Daimh Dheircc, agus do Dhumha
Mhaissine i nGleand na nDiadh, agus amach a Comhar
Cind tseind-Shléibhe.
"Is inad maith seo," arse Caílte "agus is . . . . . .
dhainccean é, agus nocha purt gabhála do mhuir nó
do thír in t-ionadh so ina bhfuilmaoíd, muna
ttíaghoid lucht fíadhoigh nó fían-chosccuir ann."
Tánoicc Fearghoire ann sin fó dhiamhoir an
fhoadha agus ro theasccadh reamhar na roi-chleith
agus caol na ccáomh-shlat leis, agus do-righne boith
bhél-mháir bhronn-fhairsincc, agus tucc fleasg tar a
féicce agus díon tar a deagh-úachtar. Agus an ccéin
bhaoí-siomh ag dénomh na deagh-bhoithe do-
chuadar an t-ochtar aird-fhéinneadh do sheilcc,
agus ro budh hurlamh leaba gach deise agus iomdhaidh
gacha con, agus teóra coilceach coilleadh i ngach
iomdhaigh dhíobh, .i. coilceach chraobh, coilceach
cháonnaigh agus coilceach úrluachra, lasiomh ar a
ccionn.
Téid a ndochum an tshrotha íaromh baoí a
ccomhfhoccus dó, agus do-ghní teasccadh agus tóbhacht
an talmhuin go tinneasnach, agus ro léicc a lór-
dhaothain d'uiscce in tshrotha chuicce ann, ionnus
gurbh ullomh an mhór-fhochraicc lais mur an
ccéadna ar chionn na ccaithmhíleadh.
Tánccador-somh íaromh gusan bhfían-bhoith agus
ro chuirsiot a n-eireadha sealcco dhíobh. Do-
rónsat a ffothraccadh íaromh, agus ro chuirseat a
meirten agus a mór-chumhaidh dhíobh, agus do-roigh-
neadh inneónadh dhóibh, agus ro thomhuilseat
a-seannadh. Ro bhádor go moch-shoillsi na
maidne ina ccodladh. Ro éirgheadar ann sin, agus
teaccoid ar an ttulaigh 'na n-iomfhochraoibh, agus
bádor ag déxain úatha ar gach áird.
Bádor días a ríghe agus a roi-cheannos na críche
sin an ionbhaidh sin, Irghal mac Muireadhaigh agus
Ceallach mac Sealbhaigh a n-anmonna. Ciodh
trácht, is é sin lá táinicc Irghal mac Muireadhaigh
do sheilcc isin ccrích sin. Impádar-somh, agus do
dhúiscceadh iomad faoil-bheathadhach agus fíadh le
hIorghal agus rena mhuinntir, agus nochar marbhadh don
fhíadhach sin leó acht madh aon-ndamh amháin.
Rob iongnadh adhbhal-mhór lasain íarsma soin
na sein-Fhéine a laghad do marbhadh don mhóir-
fhíadhach sin.
"A Fhionnchaidh," ol Caoilte, "as olc rioth
fhear agus chon na sealcco so."
"Deithbhir sidhéin," ol Fionchadh, "ór as
amhneirte agus as anfhainne gach líne dá dhéighioncha
inás in líne roimhe."
Teaccoit dá ffían-bhoith agus codlaid inte an
adhoigh sin. Tíaghoid do sheilcc isin ionadh
chéadna arna mhárach. Ro dúiscceadh leó
damhradh dhearg-ruadha dhásachtacha agus agha
imdhísccire alltaidhe, agus ro mharbhsad a ndíol
díobh.
Ticc Irghal mac Muireadhaigh íar sin isin nglionn
a mbaoi an tshealcc acc na tréinfhearuibh, agus fuair
forlorcc na bhfear mór agus na ccon comhadhais, agus
ro lean an lorcc.
Ro ráidh as a haithle: "A aois comhtha," ol
sé, "as sliocht-lorcc Fomhoireadh agus daoine nach
coimhdhíne an lorcc so ad-chíam, agus leanom é go
bhfeasom cia 'sa sliocht"; agus nochan fhuair-siomh
duine dá leanmhuin.
Ro ghlúais féin agus a chú a ndeaghaidh an luircc,
agus ro lean é go Comair Chinn tShléibhe co bhfacaidh
an fhian-bhoith úaidh. Do-rála Fearghoire ann sin
acc foraire dona fearuibh a ndoras na fían-
bhoithe. At-chonnairc an t-aon-ócclaoch chuicce.
Do ráidh ria mhuintir:
"Slán foraibh, a dheagh-laocha," ol sé.
"Ciodh ad-chí?" ol Caoílte.
"Áon-mhacaomh ócc áloinn agus áon-chú ar
slabhradh ina fharradh."
Do-riacht in mac gusan ffían-bhoith agus téid
asteach innte. Ro bhádor na coin mhóra ag
dlomhadh a ndaingean-shlábhradh dochum con
an óccláigh.
"Taoi forsan cconairt, a ghille," ol Caoilte, "go
suidhidh an sáor-mhacaomh agus go bhfoillsighidh a
sgéala."
"Córa dhaoibh-si," ol eisiomh, "innisin damh-
sa céadús, ós mé do-rála um aonar."
"Is onórach labhras an laoch-mhac," ol Caoílte.
"A Fhionnchaidh, innis ar sgéla dhó."
"In ccualais iomrádh Finn agus na Féine?" ol
Fionnchadh.
"Do-chuala," ol eisiomh.
"An ccúalais cia hócclaoich is feárr baoi aicce?"
ol Fionnchadh.
"Ní chúala," ol an macaomh, "tríar do thabh-
airt a lámh a lláimh tighearna ríamh dob fheárr
nó Caoílte mac Rónáin acc Fionn, Lughaidh
Lágha acc Mac Con, agus Dubh mac Salmhair ag
Fothadh Canann."
"Fíor," ol Fionnchadh, "agus as é an treas fear
dhíobh fil sonn, .i. Caoílte."
"Cia thusa anos, a ócclaoích?" ol Caoilte.
"Irghal mac Muireadhaigh misi," ol sé, "agus
do Chorca Duibhne dhamh-sa, agus as liom leath an
fhearoinn agus na críche si ina bhfuilti-si."
"Más eadh," ol Caoílte, "déna maith fóirne, agus
athaigh chugainn, agus dhénam-ne comhrádh agus caoín-
bhriathra riot."
Snadhmaid for aroile comhall an chunnraidh
sin. Téid Iorghal dá dhúnadh feisin agus ro innis dá
mhuinntir gor lean lorg na bhfear mór sin go
fairrge agus nach bhfúair íat. Téid a ccionn trí lá
gan fhios dá mhuinntir gusan fhian-bhoith
chéadna agus fearoid-siomh fáilte fris.
"Sgéala leat?" ol íad-somh.
"Éire uile fá lán-mhaitheas," ol Iorghal, "agus ro
budh mían liom-sa sein-sccéala d'fhagháil uaibh-si,"
ol eisiomh, "agus do-ghébhuinn ar son gach sein-
sccéil sén sealcco do mhúnadh dhamh."
"Múin súd dó, a Fhionnchaidh," ol Caoilte.
"Tabhradh a mhuinntir agus a chonairt leis Dia
Céadaoine ticc dár ccionn, agus dénadh sealcc, agus
an chéad-fhiadh mhuirfeas cosccradh é, agus tabhradh
dá mhuinntir agus dá chonairt é, agus coimleadh a fhuil
do lámhaibh a mhuinntire agus dá chonuibh, agus bíaidh
conách sealcco air."
Téid Iorghal dá theaglach, agus téid Dia Cédaoíne
do sheilcc, agus do-rinne mar adubhradh ris, agus no
mharbhadh fó a chumas gach fíadh ó sin amach.
A ccionn aimsire iar sin ro élaidh Iorcchal ó a
mhuinntir agus tánoicc gusan bhfían-bhoith.
"Atá ceisd accom re a fíarfoigh anos," ol
eisiomh, ".i. ócclaoch maith atá im roinn fearoinn
riom, .i. Ceallach mac Sealbhaigh, agus atá ar bport
gabhála flaithis aicce-siomh ar áon um aghaidh-
si aonar, agus as fear beódha cródha é, agus rígh Mumhan
agá mhéadughadh thoram-sa, agus rob áil dhamh
sén agus soladh d'fhagháil dia ionnarbadh."
"Cuir do mhuinntir," ol Fionchadh, "Dia
Dardaoin ticc fó fheadhuibh, agus teaccoid Dia
hAoine gusan bport flaitheasa fil eadroibh agus
tabhroid cleith gacha fir leó, agus sáidheadh gach
aon cleith ann ionnus go mbíaid 'na ttimchioll
do gach áird, agus budh lat-sa an port dia éis."
Do-rinne Iorghal samhlaidh. Do-rionáil Ceallach
accá chloisdin sin, agus thuccsot tachor talc-mhór
tinneasnach dia-roile, agus torchoir Ceallach do láimh
Iorghail don iomaireacc sin, agus ro ghabh ríghe
Chorca Duibhne trésan séun sin.
Ticc Iorghal ar cuairt go' aois comhtha, agus
fearaid fáilte fris. As í fa bain-chéile d'Iorghal
Dubh Ghréine, inghean Chathoil Chruim-chinn, .i,
inghean brughadh dhó budhdhéin, agus do bhreathnaigh
ina hinntinn gorbhó lucht comhtha draoidheachta
baoi ag Iorghal ór do líon rath agus ruabhar é, agus ro
theilcc ina hinntinn agus ina haiccneadh go ttiobhradh
mnaoi oile tairsi agus nach bhfuighbheadh dol inte
ó fuair an oiread sin do rath agus do ro-chonách, agus
ro lean ar a lorcc é nó go riacht an fhían-bhoith,
agus ro chuir a clúas ria, agus ro ráidh ina meanmain
gurbh íad sin tucc gach rath agus gach ro-chonách
dhó dá bhfuair-siomh, agus go ttiobhradaois a fúath
feisin faoí.
Is ann sin ad-rala Iorghal acc accolamh a aosa
comhtha agus adubhairt riú:
"Maith bhur ccumaoín oram-sa, a aois comh-
tha," ol sé, "ór torchair Ceallach mac Sealbhaigh
riom, agus atá a fhorba agus a fhearonn accom tré bhar
ccomhuirle. Agus atá ceasda oile accom, .i. ealta
do dhuibh-énoibh do-ríacht chuccam, agus an gort
ar a luidhit ní fháccbhuit déis arbha air cen a
bhreith leó ina ccrobhaibh go mbí 'na úir dheircc
dia n-éis, agus tabhraidh sén dhamh-sa dia ndíth-
chur."
"Maith an tráth tánccois, a mheic," ol Fionn-
chadh, "ór beathadhaigh Éireann agus daoine an
domhuin do fuaiccérthaoi risin sén mhúinfead-sa
dhuit, ó thráth nóna anocht go tráth éirghe don
ghréin amárach, muna bhfágbhaid an t-ionadh a
mbéid agus cen a thadhall as a haithle budh marbh
fá cheann nómhaidhe íad - .i. dul ar a ccúl isin
ionadh a mbéid agus a fhuaccra dhóibh imtheacht
rompa cen mhoille agus cen iompódh doridhisi."
Ó 't-chualaidh bean Iorghail sin ro labhuir agus as
eadh ro ráidh: "Fuaccraim-si dhaoibh-sí an
t-ionadh so d'fháccbháil anos gan chairde agus cen
a thadhall ó sonn amach."
Biodhccaid-siomh agus beadhccaidh Iorghal an sin.
Ro éirigh an macaomh íaromh agus gabhois a
arm agus ticc i ndeaghaidh na hinghine, agus téid sí a
muinghin a reatha. Ro ghabh lámh re hor an
mhara ar iomghabháil Iorghail, agus acc silleadh dhi
tar a hais torchuir um charruic muiridhe gurbho
marbh í.
"Ar mallacht ort," ol Caoilte, "a bhean, is
iomshníomhach do fháccbhois sinn." Agus ro
ráidh na roinn etcrca. etc. conadh:
"Mallacht úainn for mnaoi Iorghail,
mallacht gach rí don ríoghraidh,
mallacht Oisín agus Finn
ar inghin Chathoil Chruim-chinn.
Do fhóccair dúinn Dubh Ghréine
fáccbháil Comair Chinn tShléibhe:
mallacht ar an mnaoi ro-d-mbrath;
budh sé a diúltadh déighionach.
Bámar sealatt sonn go sáimh,
cían ó fhearuibh, cían ó mhnáibh,
cían ó Tháilgeannaibh go beacht:
níorbhó conair cuartaighacht.
Annamh linne gus anú
iomghabháil ar aoidheadhu:
budh faoilidh linn cách 'már bhfeis:
gan aoigheadha ní loingmeis.
Beannacht uainn ar Iorghal án:
rinn ba connail a chomhrádh:
gairm a mhná nír ghairm go ngart:
ro thuill go mór ar mallacht.
M.
Fáccbhom an t-ionadh sa," ol Caoilte, "óir
ní córa do gach neach teachadh riana fhóccra nó
do gach aon dínne."
Tánccadar rompa íaromh go Gleann Masáin, do
Loch an Doimh Dheircc, do Loch Léin, agus do
Ghleann na Mangortaigh' ós Loch Léin.
"As maith an gleann sa a bhfuilmaoíd anos,"
ol Caoílte, "agus ní aitheócha neach n-aon chuccoinn."
Teaccoid fón ngleann, agus tógbhaid ionadh nderrid
ar bhrú easa fír-áloinn fuarador ann, agus beanas
Fearghaire caol an fheadha, agus do-ghní boith bhéal-
fhairsincc, agus cuirios fleasg tar féicce fuirre, agus
tuighios go trén-athlomh í, agus do-ghní iomdhaidh
gacha deisi agus leaba gacha con agus trí coilceachtha
coilleadh i ngach iomdhaidh. In airead ro bhaoi-
siomh acc eallmhughadh na fían-bhoithe do-ghní
an giolla tóbhacht a taoibh ghrinn-talmhan, agus
léicceas an sruth chuicce ann, ionnus gurbh ollamh
an fothraccadh aicce rompa-somh.
Téaccoid na tréin-mhílidh ón tsheilcc íaromh,
agus do-roighneadh inneónadh agus ard-bhearbhadh
dhóibh. Ro chaithsiod proinn agus tomhaltas. Do
chodailseat íaromh as a haithle ar a n-easrachaibh
acht Fearghaire a aonar.
Bádor ar an orducchadh sin go fíor-dheireadh
na hoídhche, conadh ann ro-chuala Fearghaire
suasán na sealcco ós a chionn isin sléibh, agus ad-
chonnairc lucht na sealcca idir fhior agus choin.
Ro ráidh riú-somh éirghe go hormhaisneach agus cco
ttánccois ina ttimchioll. Ro éirighdar-somh go
hathlomh ann sin agus ro ghabhsat a n-armo.
"Ní neach oile do-ghní an seilcc si acht rí
Mumhan," ol Caoílte, "agus fáccbham an t-ionadh
sa dhó."
Teaccoid iaromh go Gleann Fleisge do leath-
taoibh Locha Léin. Dála Fionnchaidh agus Chaoílte
as amhlaidh ro bhádar agus a lámha for bhraighdibh
aroile, agus tángador go Ráith na nIongnadh.
"Créd imá ngoirthear Ráith na nIongnadh dhi
so, a Chaoílte?" ol Fionnchadh.
"Dia mbaoi Fionn lá ina longphort sonn," ol
Caoílte, "(agus ní ro-d-ghéanoir-si an ionbhaidh sin,
a Fhionnchaidh), tánccadar tríar isin nglionn sa
dá ionnsoighidh agus do-rónnsat a ccor agus a cconnradh
ris - aon-chú budh ghile ná sneachta a ccú, cú
sealcco san ló, caor theineadh san oídhche -; agus
as í comha ro shirsead ar Fhionn: a mbeith gach
laoi acc coimhsheilcc risin bhFéin, agus a mbeith
ar leith gach n-oidhche; ciodh beacc mór do
mhuirfeadhdaois gan a aiscc orra. Agus budh
do bhúadhaibh na con baoi aco, an t-uisce ina
ttéigheadh budh fíon nó miodh co ceann
naomhaidhe dá éis; agus ba hí an cú soin ro mharbh
dhá mhac rígh Uladh, .i. Donn agus Dubhán a
n-anmanadh."
"Cionnus ro mharbhusdair-si na deigh-fhir
sin?" ol Fionnchadh.
"Ní hannsa," ol Caoílte, "a lonccphort ar leith
no bhíodh an triúr úghod agus a ccú gach n-oidhche,
agus múr theineadh 'na ttimchioll ó thicceadh adhoigh,
agus an cú ar mheadhón eotorra, agus nocha lamhadh
aon d'Fhianuibh Éreann teacht dá ffhaixin ó
thicceadh adhoigh, ór do chuirsiot a ccor agus a
cconnradh ar Fhionn cen áonneach dá ffaircsin an
ccén bheithdís a fFíanaibh.
Ciodh trácht, ránoicc do chloinn rígh Uladh
foraire na fFhían aon d'oídhchibh ann, agus tánccodor
fó thrí a ttimchioll na bhFían, agus at-chonncadar
an múr theineadh ina mbádar an triar réimhráite
agus a ccú. Ro ráidh siadh-somh ann sin gur mhór
an t-iongnadh nár dhearcustar aon d'Fhianoibh
Éireann an tríar sin ná a ccú aon-oidhche risin
mbliadhoin si bádor ina bhfarradh, agus nach mó do
bhíodh a fhios acu créd an córughadh ar a mbídís;
"agus dá ccaomhsaim-ne," ol siad, "brisfeam a
ngeasa agus a ngnáth-airmeartadh don chur sa."
Do chuirsead a n-éideadha iompa agus ro ríachtador
anonn trésan múr theineadh. Ro ghabhsad a
n-airm ina lámhaibh agus ro ghabhsat acc dearcadh
an trír chéadna agus an chon. Is amhlaidh imorra
baoi an cú árd-mhór aireadha sin baoi aca gach
laoí, gonár mhó nó méad oirce ísiol bheag nó
crannchú coimhideacht' innte. Ba méidightheir
re molt-chroicinn gach top trom teinntighe no
bhíodh úaisde ó a hó go a híarthor. Días díobh
agus a ccloimhthe áithe urnochta ina lámhaibh acc
coimhéd an chon, agus an treas fear dhíobh agus cuach
ghasda ghlan-airccid ina ghlaic ghá ghlé-chongbháil
re béul an chon; agus rogha gach dighe dá sirdís na
saoir-fhir ro sgéeadh an cú; agus slabhradh sídhe
ar an ccúaich láin-gheal leathon-bhórdach ro bhí
a láimh an laoch-mhíleadh ghá dáil ar na deagh-
fhearuibh.
"Is a ro-úaigneas filtear ann sin," ol Dubhán
mac Breasoil.
Ro-chualadar-somh sin. Agus ro ráidh fear
dhíobh risin ccoin: "A uasoil agus a fhíreóin, a
Fhailínis, nach mothaighthear in tréan-bhrath agus
an taisccéaladh tuccadh oirn anocht ó Fhionn agus
ó Fhianuibh Érionn?"
Ro chraith an cú a hearboll agus a hiathrorlaoigh,
agus tánoicc goéth nimheisnidh neimhe as co ndeach-
aidh fóna n-aighthibh-siomh ionnus gur thuit-
eadar a sgéith dá ngúaillibh, a sleagha as a saor-
lámhaibh, agus a ccloidhmhthi dá ccaoimh-chreasuibh
isin móir-theinidh, agus nocha raibh ar cumas dhóibh
a tteasargoin ar a ttrom-losccadh íar ndol fútha
don ghaoíth, agus ro marbhadh íad as a haithle.
Agus ro impaidh an cú iar marbhadh na míleadh
agus tucc a hanáil fóna corpaibh, ionnus co ndérna
lúaith dá lán-chnámhaibh ar an láthair sin, co
nách fríth fuil ná feóil na fóirne sin dia éis.
Rob adhbhal an t-iongnadh linne," ol Caoilte,
"gan fios écca ná aidheadh na laoch sin d'fhagháil;
agus an tan do-chuaidh dhínn gan deimhin a mbáis
d'fhaccháil tuccamar ar Fhionn a ordain do chur
fána dhéud fis, ionnus gor foillsiccheadh fios fírinn-
each do thaoibh chloinne rígh Uladh agus chloinne
rígh na hIoruaidhe, .i. Seala, Domhnus agus Domhnán,
.i. amhuil ro ghadsad an ccoin óna n-athoir
budhdhéin, .i. ó rígh na hIoruaidhe, .i. Fliuchradh
Niadh a ainm, agus ro foillsigheadh dhó mur an
ccéadna gach búaidh dá mboí uirre agus amhuil
tuccadh go Lugh Lámhfhoda í agus an ccéin baoi
aicce.
Ro innis Fionn dúinne," ol Caoilte, "amhail
agus do básoigheadh clann rígh Uladh. Ro ráidh-
siomair-ne clann rígh na hIoruaidhe do bhásoghadh
gan cháirde isin ngníomh sin.
"Ní mhuirfidhear," ol Fionn, "agus gébhoim éruic
isin ngníomh do-rónnsat."
Ro ráidh siad-somh go ttiobhradaois éruic
úatha dob fheárr nó áird-ríghe na hÉireann, .i.
an cú baoi aco. Tuccsat grían agus éascca, muir agus
tír a ráthoigheacht orra gan beó na con do bhreith
go bráth a hÉirinn.
Bádor íaromh ráithe agus bliadhoin tar éis na
héirce do dhíol isin bhFéin nár leicceadh an ccoin
ar a ccumas agus nach mó fuairsiot amass uirre.
Íar sin ro shaoil Fionn gur thairisi dhó íad-somh
agus ro léicc an ccoin ar a ccoimhideacht mar gach
ccoin oile. Ro mharbhadar-somh í as a haithle,
agus ruccsat a croiceann leó, agus ro élaidhseat a hÉirinn,
agus lodar seach Albain budhthúaigh go ránccatar
Dún Meircce. Ro leanamair-ne Fíana Éireann
immár ttighearna íad. Ro chruithnighdar Breath-
naigh, Albanaigh, agus Cruithnigh chuccoinn. Rucc-
samair-ne," ol Caoilte, "cloich gach fir linn ón
tráigh baoi a ccomhfoccus dúinn gusan maighin
inar cuireadh cath eadroinn agus na hallmhuroigh, agus
do-rónnsam carn dhíobh, agus ro mhionnaighseam
nach tteichfeadh aon dínn aon-troicch ar a chúl
roimh allmhurchaibh nó go n-éireóchadh in chloch
dob íochtaroigh' isin charn sin. Ro cuireadh
cath Confhaitte edroinn íaromh. Ro briseadh for
allmhurachaibh íaromh isin chath sin agus ro cuireadh
a n-ár. Tuccamar ar ccoin linn. Maraidh an
carn sin bheós," ol Caoilte, agus ro ráidh na roinn:
"Dámh trír tánccador a-le
do chor le Fionn na Féine:
shirdís linn gach móin 's gach magh
an tríar áluinn iongantach.
Do bhádor ós cách san bhFéin
an tríar laoch tánoicc a ccéin:
sealcc leó a ccumha cháigh choídhche;
feis ar leith gach n-én-oídhche.
Aon-chú aco, áille dath,
ina choin fón mbioth mbráonach:
caoga fíadh forrghadh a gail
ó thráth éirghe go nónaigh.
Lodar an tríar sin le a ccoin
feasccor go Carn Fearodhaigh:
ruccsad an ccoin, comhall nglé,
síos fón tiobraid fhíor-uiscce.
Fíon dá éis uiscce an tobair
rob áloinn an úrobair,
nó ba miodh go millsi mblais:
naoí ttráth dhó gan dol tar ais.
Lonccphort ar leith aco soin
gan neach dá bhfaixin d'adhoigh,
an cú eidir an tríar fear
is múr teineadh 'na timcheall.
Ránoicc do Dhubhán 's do Dhonn
faire na bhFian gan iomroll:
tuccsat cúairt fó thrí 'mun bhFéin
ad-chíad múr theineadh ainnséin.
Iongnadh re cloinn rígh Uladh
gan neach d'fhaixin na ccuradh
's a mbeith bliadhoin a bhFéin Fhinn,
a n-oidhche dhóibh géarbh éisling.
Cuirid rompa, ráth nach mear,
geasa na laoch do bhriseadh:
trésan múir teaccoid anonn;
dearcoid na fir go fíoroll.
An cú soin (gá ttúsa dhó?)
mó do chonuibh ar gach ló,
's ní bhíodh a n-oídhche amháin
acht méid oirce nó measáin.
Gach top teineadh go coitchionn
fa médoightheir molt-chroicinn;
no bhíodh úaisde i ngach tan
ó a hó go roich a híarthar.
Días díobh 's a n-airm re a n-ucht
do chomhdha a ccon ar gach ulc,
in treas fear is cúach 'na láimh
ar bhél an chon ghá congbháil.
Gach deoch dá sireadh gach laoch
don tríar curadh nárbho báoth,
eadh ro sgeitheadh an cú cain
san ccorn baoi ar a bhéluibh.
Slabhradh sanaidhe as an ccúach
do shíneadh an laoch go lúath
ón áit i mbíodh 'na shuidhe
go fearoibh na foraire.
At-beart Dubhán go habuidh:
"is uaigneach filter accoibh;"
dhóibh at-ceas gan ghuth, géar bheg;
risin ccoin ro éccaoínseat.
Croithis a hearboll go lonn,
go ndeach gaoíth is go hobann:
téid fó dhreich Dubháin is Duinn;
sgeireadh a neart ré ccoluinn.
Ro marbhadh ann, láthar nglé,
días mhac Breasoil Bhóirne,
ná tíosadh an gníomh 'na cceann
a bhfiadhnoisi bhfear nÉireann.
Rob iongnadh re Fionn iar soin
sgéala borb-chloinne Breasoil,
gan fios aoidheadha na bhfear
d'fhagháil a n-íath nó a n-oirear.
Ro fhoillsidh dhó a dhéud fis,
do mhac Cumhaill gan éisleis,
gurbh íad an triar luidh tar muir
ro mharbh caomh-chlann deigh-Bhreasoil.
As í súd acu an cú cían,
is í ro bhaoi ag Fliuchradh Níadh:
gan fhios tuccsatar a-lle
culén rígh na hIorúaithe.
Is í ro bhaoi acc Lugh na leann:
tuccsat mic Tuireann Biccreann;
re ré chaocca mbliadhon mbil
'na hiobhar áille biodhbhadh.
An cú soin go n-aidhbhle ngluinn
ris nach gébhthí cath chomhluinn,
gé mór an t-iongnadh choídhche,
caor theineadh gach én-oidhche.
Búaidh oile ar an ccoin ccaoímh
(feárr an mhnaoí si ná gach maoín),
miodh nó fíon do-ghníthí dhe
don fhuar-uiscce a bhfothraicthe.
Anmanna na laoch go lán
Seala, Domhnus, is Domhnán;
ainm an ccoin cco ccaoimhe ccnis
tuccsat go Fionn, Failínis.
"A marbhadh," ol Fíana Fáil,
"i ccionaidh Duínn is Dubháin:
ní cóir a bhfuireach a bhfad:
éidigh an gníomh do-rónnsad."
"Nocha marbhthar," ol Fionn féin,
"an tríar tudhchadar a ccéin:
gébhthar éruic natha (is fíor),
gé do-rónnsadar mí-ghníomh."
"Racha éruic dhuit san mbeirt,
a fhlaith na bhFían bhfíor-oirrdheirc,
ar ccú dhuit-si féin as fearr
iná ríghe na hÉireann."
Teaccoid rátha ris don rígh
grían, éscca, muir, is tír,
gan beó an chon do bhreith go bráth
a ttír n-allmhurchach n-ionghnáth.
Ráithe is bliadhoin dhóibh san bhFéin,
don tríar laoch tánoicc a ccéin:
teaccor taobh dhóibh ris an ccoin
a ccionn ráithe for bhliadhoin.
Marbhoid íaromh an ccoin ccruaidh:
tiaghuid seach Alboin budhthuaigh:
ruccsot croiceann an chon soir
go Dún Meircce mór-ghlonnaigh.
Tinóilis Fionn Fíana Fáil:
tiaghuid tar muir go mór-ghráin:
tinóiltear dúin san tír thoir
Breathnaigh, Cruithnigh, 's Albonaigh.
Tuccsamar linn cloich gach fir,
an líon ro bhámar d'Fhianaibh,
co ro sháithsiom ar an moigh
ré ccomhriachtoin dár ccathoibh.
Rádh gach aoin-fhir re Fionn féin,
eidir ócc is sean don Fhéin,
nach techfeadh ó bhun na ccloch
ar uamhon na n-allmhuroch.
Maraid na clocha as tír thoir
bhail a rabhsam 'nar ccathoibh:
ro mharbhsom iolar n-aicme
dár chuirsiom cath Confaitte.
Bristear línn an cath iar soin
ar an líon paoi ar n-aghaidh:
tuccsamar croiceann an chon:
dhúinne budh calmo an cosccor.
Meirg agus Maon athoir,
robdar naonbhar a ccathoibh:
ní ghabhdaoís ar n-arm co n-ágh:
doilghe íad ná gach dámh."
Dámh.
As a haithle sin teaccoid rompa do Ghlinn Déis
soir d'Áth na Foraire ar an Bhóinn mhóir. Anuis
Fearghaire tar éis a mhuinntire acc ól dighe as
an áth, agus gluaisios 'na ndeaghaidh íaromh. Nochar
chian dó nó co bhfaco an agh fholuaimneach
ard-érmeach ar or na habhonn. Is amhlaidh baoi
an giolla agus dá choin chomhluatha Chaoílte ina
láimh. Sreangaid an slabhradh a lláimh in ghille
ar bhfaixin an fhiadha dhóibh, agus ro leansad é
eidir choin agus ghiolla. Gabhus an agh d'Áth an
Éin-fhir áit a mbaoi Mac Con agá leighios,
do Rosaigh na Ríogh, do Rosaigh Ruaidh,
d'Fheart Sgéith áit ar marbhadh Sciath Breac
mac Dathchaín le macaibh Morna, i mMairtine
Mumhan, agus a Cliú Mháil mheic Iúghaine, agus
d'Eachlascaibh Each Uladh, agus co Loch Gair fris
a n-apair Loch na Maccraidhi, agus fath timcheall in
locha, agus léicid a ceathrar isin loch.
Caílte, imorra, a ochtar, tic-séin a dheas re
hAbhaind Mhóir hi crích Fear Maighi. Sillis
Caílte tar a ais agus ní fhacca a ghilla, agus impáid dá
iarraidh, agus tecait a fritheing na conaire céadna
co hÁth na Foraire, agus do-gheibh lorcc in fhiadha
agus na gcon agus in ghilla co Loch na Maccraidhi, agus
it-beart Caílte:
"Is ann so rucadh ar coin agus ar ngilla, agus Fear
Aoí mac Eóghamhail ro bhréc iat, .i. fear in tshígha
so thuas, agus ní fhuil neart acaindi ar Thuathaibh
Dé Danann."
Bádar ind oidhchi sin i Carraic Locha Gair co
dubhach co mucha laí arna mhárach, agus gabhsat
rompu sair i mMairtine Mumhan, agus a slighidh
Chnámh-choille, agus a Sean-mhagh mBreoghain, agus i
nÁth Íssell, agus a mBealach na nGeinte mBan-druagh,
tar Áth Con Uaith mheic ú Néit, agus a Find-magh
Feimhin, agus do Dhruim Dil mheic Dá Chreaca, agus co
hUarán Brain ar leattaíbh tShígha Feimhin, agus
anaid ann, uair droibhél fairsing agus díthreabh feadha
hí, agus at-beart Caílte:
"Déntar sealc lind ann so." Agus do-righneadh.
Agus bá dainimh dóibh a ngilla, uair ba hiat féin
do-rinde both dóibh ind oidhchi sin, agus do-rindeadh
indeónadh leó, agus téit Caílte agus Findchadh do indladh
a lámh chum in tsrotha.
"Inadh fulachta so," ar Findchadh, "agus is cian
ó do-rindeadh."
"Is fír," ar Caílte, "agus Fulacht na Mór-ríghna
so, agus ní dénta gan uisci, agus cúic mhic Eachaidh Abhrad-
ruaidh do-rinde, .i. Fat, agus Feat, Flann, agus Én, agus
Eanach." Agus do-rinde in laídh:
"Fulachtt na Mór-ríghna anall
do ghrés Eascair Aon-ghabhann;
Indeóin in Daghdha ba druin
do ghrés Ghrinne mheic Luchtair.
Crand a mhol, crand a roth réidh,
idir uiscce is thene thréin:
iarn a chorp (ní bhíodh a shamhuil):
ba caoín lucht a leith-ghabhail.
Dhá fichit roithleán a mol mór
fá lúth athlomh acc iompódh:
tríocha bior no bhíttís ass,
tríocha drol, tríocha feartais.
Seól ráithe (ba coémh a cruth)
re lúth gréine lucht a ruth:
don teobh anall budh tréna
lúth a dhrol, lúth a bheara.
Trí naoi mbior is trí naoi ttuill
a hIndeóin an Daghdha dhuinn:
éin-bhior ros-fhuilngeadh iar soin
ad-chear Eochaidh Oll-athoigh.
Aoín-sgíath ar a luidh (ba léir)
do innleadh aoin-bhior dá réir
ar túr teinn istigh thall
(nírsat úaitte an gheis ghabhann).
Bior nDeichin frí Ghoibhneann nglan
fulacht indeón ro fhorladh:
tréicche gobhann ro-dus-geall:
nír theacht gobha re Goibhneann.
Ní tualoincc gobha a Moigh Aí
tar éis Lóich, tar éis Ealcaí,
mo dhaigh-fhir (is dóibh as cucht):
ní mó as tualoincc in fulacht."
F.
Tiaccoid dá bhfían-bhoith íaromh, agus ro chaithsead
a bhfulacht, agus ro bhádor inte go heidirscaradh laoí
agus oídhche. I mbádor samhlaidh co bhfacatar teóra
hingheana Buidhbh Dheircc mheic in Dághdha,
Sadhbh, Sároid agus Uchtghealbh, ós dreich an
tshíodha acc faixin na deathaighi, agus ro ráidhsead
gurbhó dé fulachta ad-chonncatar agus nárbh fheis
dóibh cia ghá mbaoi.
"Acc iarsma Féine Finn fil an fhulacht ucchot,"
ol Sároid.
"Ní caroid dhúinne iad-somh," ol Sadhbh,
"ór as é Conán ro mharbhustar ar mbráthoir-ne,
.i. Fearrdhomhan mac Buidhbh, agus dealbham sinn
féin a riocht theóra n-agh n-allaidh, agus do-dhéansat
a ccoin-siomh ar ttoghairm, agus leanfoid a ccoinn
íaromh, agus deileócham Caoilte agus Fionnchadh riú,
ó nach do chlannuibh Morna íad, agus as friú atá ar
bhfoltai-ne."
Tánccatar iaromh dochum na fían-bhoithe i
mucha laoi, agus ro chuirsiot a ccionna asteach innte.
Sreangoid na coin a slabhraidh, agus leanoid na
haighe, agus leanoid-siomh na coin agus íad dísccir
dearcc-lomhnachta acht a bhecc. Accus ro
ghabhsat lámh dheas re Sídh Bhan bhFionn agus i
Maigh an Chléra. Sgaroitt na mná sídhe, rena
ndroídheacht, a cconn agus a cciall riú, ionnus gur
leansad a ccoin agus an fhiadhach a ccrích Chaoílle
an Chosnamhuigh, a bhFiodh nGráin, a rédh
Mhoighe Roighne, a bhFeartaidh Mhóir, a Slíabh
Maircc, a Suidhe mheic Mórna, a Sídh Deircc re
ráitear Cleiteach, do Linn Féicc, do Leitir Lon, agus
d'Inbhear na Bóinne bradáin-ghile.
As ann sin tuccsad cor síair-dheas lámh chlé
re muir a Sean-mhagh n-Ealta, dar Inbhear Life
a cCollamhoir Chualonn, a n-Aonach Seara, a
bhFeart Clároigh, agus d'inbhar Locha Dá Dhaél.
Snádhait na hóicch an t-inbhear amach agus tiaghoid
na hingheana ina reachtoibh féin iar ndénomh a
n-eidirdhealaighthe agus íar n-aidhcceall iarsma
chloinne Mórna.
"Cia umá rabhabhair dhúinn, a ingheana?"
ol Caoilte.
"Conán maol mac Mórna," ol síad, "ro mharbh
ar mbráthoir-ne, .i. Fearrdhomhan mac Buidhbh
Dheircc, agus as lór dhúinn anacol do thabhairt
duit-si agus d'Fhionnchadh, agus nír shamhlamar gan
a' méid baoi inar ccaoimhtheacht do mharbhadh
a n-éroicc Feardhomhain, óir ní raibhe neach
dhíobh gan a athoir nó a mháthair do chlannaibh
Mórna."
"A Fhionnchaidh," ol Caoílte, "iompuidhiom
d'iarraidh ar muinntire."
Do impaidhsiod íaromh, agus a' chéid-fhear do
casadh leó dhíobh as amhlaidh baoí agus a bhéul re
lár agus é acc sgeith fola 'na bhfiadhnuisi agus cen acht
beagán dia anmuinn ann, agus ro íarr a sháith uiscce
ar Chaoílte, agus ó do tháirrnic leis an t-uiscce d'ibhe
ro sgar a anom ris; agus fa marbh ina seisir íad ann sin
agus a ndá ccoin déag ar a mbéluibh. Ro hadh-
naiceadh íad leó-samh, agus ro chárnsad clocha an
mhuighe orra. Cona Carn-mhagh a ainm ó sin
alle.
Ro ghabh Caoilte agus Fionnchadh for dhoghra agus
for dhoimheanmain íar soin tar éis a aosa comhtha.
"Ciodh do-dhénom anos, a Chaoílte?" ol
Fionnchadh.
"Inaid díamhra deirride d'iarraidh," ol Caoílte,
"a ndingnam sása agus airnil sealcco dár mbeath-
occhadh, ó do sgarador ar ccoin agus ar ccaroid linn."
Agus tánccatar rompa iar ccinneadh na comhuirle
sin i cceann Mhoighe an Iomaircc.
"Itá droibhél fásaigh ann so," ol Caoílte, "i
ndingnam áite agus adhbhaidh dhúinn."
Teaccoid fón bhfioth agus do-ghnísiot boith ann, agus
tuccsad dlaoí dhíona tháirsi agus ro chuirsiot fleascc
agus féicce uirre. Tánccatar a cceann an mhoighe
íaromh, agus do-rónnsad trí fithchid failcheasa folaigh
for shlicchthibh agus conairuibh a n-athaidhdaoís
fíadha, trí naoi corra indill, trí naoi cliabháin
coilleadh, trí naoí ccléibh abhonn, agus trí naoi
snáitheadha feadha, agus fear gach laoi fó seach
dhíobh d'fhios na n-aircheas sin uile, agus inneónadh
do dhénomh a n-éccmoís a bhfían-bhoithe dhóibh
agas a bhreith eallamh innte.
Baoi brughaidh conáiche coimhshaidhbhir isin
ccrícch sin darbho comhainm Bran brughaidh.
Do theaccdaoís a mhuca isin ionadh a rrabhadar-
somh, agus do gheibheadh an mucaidh a lorcc-somh
and, agus sliocht an fhulachta, agus ní fhaca íad féin.
In tan tánoicc ionomh a n-orcc do bhreith dona
mucoibh ro easraidhseat fón ccoillidh, agus buí an
mucaidh iccá n-íarraidh ar fud an fheadha, agus
fuair muc dhíobh agus a hoirc fúaithe. Ro fhadoigh
teinidh, agus ro chaith orc dhíobh, agus ro loisc an
choill as a haithle agus an fhían-bhoith.
Ro éirighsíod na seanóraigh amach, agus ro
airighsiod an choill agus an fhían-bhoith ar lasadh
immá cceannaibh. Biodhccait tar an teinidh
amach, agus an chonair a ttudchadar as uirre baoi
a ccomhfhoccus don bhoithnaitt. Atn-aigh Caoilte
urchor fair gur chuir a cheann san tiobraid.
Conadh Tiobraid an Mhucaidh a hainm ó sin alle.
Lodor rompa íar sin a Níamh Dhá Ghlass, i
bhFothartuibh Feadha, do Ráith Manntáin
Muirsce, do Mhaistin na Ríogh, agus tánccadar suas
go Mullach Maisdean agus co Ceardcha Gaibhninn.
"Maith ámh, 'anam, a Chaoilte," ol Fionnchadh,
"in ann so do-roighneadh airm catho Mhuighe
Tuireadh do Ghoibhneann, Bior nDeichin, Inneóin
an Dághdha agus Fulacht na Móir-ríoghna?"
"Nochan ann," ol Caoílte, "acht isin nglionn
ód shíos do-roighneadh na hairm sin, agus as ann
do-roighneadh Bior nDeichin, agus Deichin draoi do-
roighne é bliadhoin ré Lugh do theacht ó Thír
Tairrngeire, co mbeith eallamh ar a chionn."
Agus ro ráidh Caoilte na roinn:
"Dechean do-ghníomh Bior nDeichin
gan iomroll a nGlionn Treithimh,
ar sealbh Logha (línn gal),
dia thaisccidh a ttreabh Núadhan.
Éin-fhear décc isin toigh thall
do chlannaibh áille Anann
do-ghníodh an fulacht fearrdha:
ba díobh soin a ttighearna:
Lugh, Aonghus Ócc an Bhrogha,
Cearmad, Miodhar, mac Sola,
Cú, Cían, is Cethén don mhoigh
Úar, Iucharbha, Iobhair.
Re linn Ériomhóin (rod-feas)
(a tTeamhraigh ba trén a threas),
naonbhar théiccheadh 'na dháil
do mhacuibh Míleadh Easpáinn:
Lughar, Túacc, Teanbha teann,
Confa, Caithfhear, áillne dream,
Éna Becc is Éna Mór,
Gola Meann is Éremhón.
Ré linn Iughoine amhra,
ós Bior nDeichin an Dághdha,
ochtar a tTeamhraigh na ttréd
ba tualoincc a iomchoimhéad:
Áodh agus Lughaidh na lann,
Crom agus Earc is Iollainn,
trí mic Glaiss a Ghlinn in Sccáil,
tirc no thiaghdaois 'na chomhdháil.
Ag an rí ba hamhra dreach
dar chomhainm Eochaidh Feidhleach,
fear is seisir a dhream
ós fulacht fleadha Goibhneann.
Eócchan Earc, is Eochaidh Garbh,
Cobhthach Cobhthaigh chaitheadh arm,
Lughaidh Fionn, Fíacha na bhfleadh,
Morann is Dáire déud-gheal.
Acc Conchobhar a nEamhuin
baoi Bior nDeichin 'na dheaghaidh;
cóiccear laoch, éin-bhean (ní brécc),
ba tualoincc a iomchoimhéad:
Naoísi agus Ceathearn go mbúaidh,
Conchubhur, Cú Chuloinn crúaidh,
Feidhlim ná ffoirrgedís fir,
Meas Deaghadh mac Aimhirghin.
Ceathror 'man bhfulacht san bhFéin:
ro ba díobh-sen Fionn féin:
Oisín, Caoílte, Diarmaid dil,
ro innlimís Bior nDeichin.
Deich sleassa re linn Logha,
deich bhfaobhair áith iomghona,
ar Bhior nDechín lúidhdaoís fir
go haimsir Eathach Feidhligh.
Re hEochaidh Feidhleach mac Finn
do-níodh Goibhneann (níorbhó tim)
ocht sleasa, ocht bhfaobhair chrúaidh,
go Conchubhur ón cCraoibhrúaidh.
Ó Chonchubhur árd amhra,
aird-rí eassádhal Eamhna,
sé faobhair, sé sleasa, iar soin
go ttórracht Fionn flaith-fhéinnidh.
Ealt aigde do-ghníodh Fionn,
bior cheathar-shleas (séaghdha i rinn):
ceithre faobhair (fothramh ndil)
do bhíttís for Bhir nDechin."
D.
Níorbho cían dóibh as a haithle go bhfacatar
na Táilginn ina séisibh agus 'na saor-bhuidhnibh
psailm-chéadlacha dá n-ionnsoighidh.
"A chara, a Fhionnchaidh," ol Caoilte, "tabhar
h'aghaidh re lár agus re lán-talmhain, óir do chrioth-
naigh mo chroidhe riasna dronccaibh si 'nar
ndóchum, agus do-fheadoir dá bhrícch sin gurab íad
na toillchinn si tánccadar a nÉirinn agus do chealcc
Oisín cona mhuinntir filid chuccoinn gan chonn-
tabhairt."
Ba fíor do Chaoílte ar chanasdair, úair ba hé
sin Pádraig mac Alproinn iar ttabhairt in bhaile
dianadh hainm An Forrach do Chriomhthann
mac Éanna Chinnsiligh. Lodar-samh rompa tar
a n-ais go Maisden, do shruth-Linntibh Gráin, do
Dhún Ailleala Áine, do Loch Laoígh, agus tar Áth
Airthir. Conadh ann tánoicc feasccor dá saighidh.
"Ciodh do-dhéanom-ne anocht, a Chaoilte?"
ol Fionnchadh.
"Min-shealcc as cóir dhúinn do dhénomh," ol
Caoilte, "ar ghasánuibh sánuis agus ar mhíolaibh
moighe, agus tiaghom go Carcoir Ghlais mheic
Mongaigh."
"Nach tusa, a Chaoilte, do mharbh Ghlass mac
Mongaigh?"
"As deimhin gurab mé," ol Caoilte, "agus do
chuireass rátha agus cuir ar chloinn Ghlaiss agus ar a
ccoimhfhialus gan neach d'Fhianaibh Éireann do
mharbhadh go bráth ina éruicc. Ba headh
anmonna na cloinne sin, Bearnsa, Cliach, Fulach,
agus Fleadhach, amhoil adubhradh san rann:
Deisidh Beárnsa for an moigh;
deisidh Cliach a cCleith-bhearnaibh;
deisidh Fulach a nGleann Smóil;
deisidh Fleadhach for Dhearccmhóin."
Téid Caoílte agus Fionnchadh gusan cCarcair
íaromh, óir níor shaoilsead a ndíon d'fhaccháil ar
na tollcheannnibh a n-aon-ionadh a nÉirinn acht
isin cCarcoir sin amháin.
Ro ráidh Fulach re Fleadhach ann sin:
"Atá an fear ro mharbh ar n-athoir-ne," ol sé,
"a leabaidh ar n-athor-ne," ol sé. "Atá sé
nocht."
"Atáid rátha agus cuir úainne re cen a mharbhadh,"
ol Fleadhach.
"Tabhrom úathbhás adhbhal uime," ol Bearnsa.
"Dhénom amhlaidh," ol Clíach.
Ro dholbhsat íad ann sin a riocht cheithre muc
n-allaidh, agus ba samholta go mbíodh fear-dhorn
d'fhíacluibh gach muice dhíobh leath amuigh dá
cheann. Teaccoid a ttimcheall na Carcra. Ba
hé méid an tóirnighthe agus an ghriothnaighthe do-
rónsad gurbhó dóigh lais an días seinóireach gurbhó
hé an slíabh do thearchor forra.
"Is íad na hamuitte agus na harrachta aidhcill
so," ol Caoilte, ".i. clann Ghlais."
Éircchid na muca iaromh fútha, agus ro leadairsiot
íad, gurbhó dóigh leó-samh co mbeandaois a
n-ionathar eistibh. Bádor amhlaidh go trían na
hoidhche. Tánccador an trían meadhónach
d'oídhche i rriocht méadhach chucu. Do sceirdidís
fuil as a méidhibh go roicheadh uachtar na
húamhadh go ttuiteadh ina cceannaibh inúas gan
mhoille. In trían déighionach teaccoid i rriocht
thrí n-aitheach ndubh ndóite agus trí sústó íaroinn
aco, agus gabhoid accá n-airleach-somh nó go ttáinig
lá cona lán-shoillsi, agus do-rochoir gach fear dhíobh
adiu agus anall a ndeireadh oídhche.
Tóccbhoidh Caoilte a cheann íaromh agus adubhairt
re Fionnchadh éirghe agus doras na Carcra d'íadhadh
dá éis. Do-rónadh amhlaidh. Lodor rompa
íaromh go Doire Meadhón, do Cholbha Caoíl, do
Chlár Laighen, do Cheann Moighe na Bóromha,
agus d'Áth Dhá Laorcc. Dearcois Caoilte do leathtaobh
ann sin, agus ad-chonnairc an choill a ccomhfhoccus
dó agus an charrog úaigneach fhoiriadhtha ina himeal-
bhord.
"Dénam dochum na coilleadh sa 'nar ccomhghar,
a Fhionnchaidh," ol Caoílte.
"Créd as ainm don choill sin?" ol Fionnchadh.
"Ros Coimhdhe ainm an rossa so," ol Caoílte,
"agus giodh mór an choill si ann," ol sé, "ní bhíaidh
aon-chrann coilleadh ar a háit fiche bliadhoin ria
mbráth acht madh aon-abholl namá."
Agus ro ráidh an rann:
"A Fhionnchaidh, innis do chách:
ceirt-fhichit bliadhoin ria mbráth
ní bhiadh crann i rRoss Coimhdhe
acht madh gégán aon-aibhle."
Tiaghoid isin doire iaromh agus ro choduilsead
ann go trom tuirseach. Is í sin úair agus aimsir
do-rala Naomh Pádraicc cona chléirchibh isin
mbaile baoi a ffharradh Ros Coimhdhe tucc rí
Laicchen dó, agus tánccodar eidir laoch agus chléireach
do chuartucchadh an doire sin. Níorbhó cian dóibh
accá shiobhal cco ccualador ruchtadh agus ro-
shreanghal na bhfear mór. Samhalta re fúaim
luinge ag saighidh saobh-chairrge, re gluasacht
garbh-ghaoíthe 'gá trén-tuarccoin, adhaigh a
n-adhaigh, ionbholccadh sróna Caoílte chuicce agus
úaidh.
Teichid na cléirigh fó chéadóir go rángadar
Pádraig, agus ro innseadar adhbhar a tteichidh dhó.
Téid an Táilgeann iar sin gusan ionadh a mbádor
agus coisreacthas íad immalle 'na ccodladh. Biodh-
gaid-siomh go borb-neartmhar fó chéadóir. Ro
labhuir an naomh-chléireach riú ann sin, agus as eadh
ro ráidh:
"A sheanórcha úaisle," ol sé, "fáccbhaidh
cumann agus caradradh díabhuil agus ticcidh a ccomhadh-
radh Dé uile-chumhachtaigh, an Mhic ro césadh
dar bhur ccionn agus d'fhuasccoil ó dhiabhal sibh, agus
an Spioraid Naoímh ó ffhúair sibh gach tiodh-
lacadh."
Tánoicc rath orra-somh ann sin ó Dhia, ionnus
gur iarrsad ar Phádruic a mbaitseadh go lúath.
Nírbhó háilseadhach ro freaccradh an t-iarratas
sin lais-siomh, úair ro bhaitseastair íad-somh go
hathlomh ésccaidh. Ro suidhigheadh puboill do
Phádraig isin ionadh a ndeárna a mbaitseadh, agus
do bháttor-somh ar aon maille ris innte, agus é acc
teaccoscc agus acc trén-orducchadh creidimh agus
crábhaidh dhóiph. Agas do tóirneadh eacclas
lais and agus Ceall Uaisle a hainm.
I mbádor ann co nfhacodar rí Laighen dá n-ionn-
soicchidh agus a fhile ina fhochair, .i. Dubhthach
ua Lughair. Ticc Pádraig a ccoinne an rí agus rucc
leis don phuboill é agus ro innis sgéla na séin-fhéinn-
eadh dhó. Cidh trácht, ó 't-chúala ollamh an
rígh gurbho eisiomh Caoilte mac Rónáin ro ghabh
acc fíarfoicche seanchusa dionn agus deagh-chnoc,
eass agus abhonn, magh agus mór-shliabh dhe, ór bha
dearbhtha lais co bhfuighbheadh a ffios aicce gan
amhoras.
"Cia ó n-ainmnighthear in abhonn sa fil inar
bhfochair-si, a Chaoílte," ol Dubhthach, ".i.
Abhonn Liffe?"
"Ó Life, inghin Iuchna chiabh-fháinnigh
d'Fhearoibh Bolcc," ol Caoilte, "ro báidheadh
innte ro anmnighthear an abhonn sin."
"Cidh ar a ráitear Currach Life risan magh
mór sa rinn andeas?"
"Currach mac Cathaoir ro marbhadh ann la
Fionn mac Cumhaill," ol Caoilte, "agus as úaidh
dearar Cuirreach risin magh soin, agus ruccos-sa
ceann an Chuirrigh sin gusan sliabh ós Bhadho-
mar."
"Cia dia ttá Áth Dhá Mhíl for an áth so inar
ccomhfhochraoibh?"
"Beannán Teamhrach agus Luath Life ro marbh-
uidh ann," ol Caoílte, "gonadh Áth Dhá Mhíl a
ainm ó soin."
Do fhiarfaigh Caoilte do Dhubhthach caidhe
an saoghal tuccadh d'Fhionn, agus mórán do neithoibh
oile, do réir mar fhoillsigheas an laoidh si do
láthoir. An tan nár fhuasccoil Dúbhthach, nó
aon oile, na ceasda sin dó, do-righne Caoilte feisein
an laoídh do chur na cceasd agus dá nd-éarnadh:
"In bhfuil neach uaibh abradh riom
créd an saocchal tuccadh d'Fhionn,
cia hainm an bhuime ro halt,
cia hainm an fear ro adhnacht?
Gá céad-rann ro roighneadh aríamh,
cia dá ttucc-somh cath Gáilían,
cia céid-fhear ad-rochair dhe
a ccath cloidhmhtheach Confaitte?
Accas Confaitt fén (ro-feas)
cia ris a ttuccadh a threas,
créd dá bhfuil a bhunadh bras,
cia tír a ttá 'hurradhas?
Gá líon do-rochair dia láimh,
gá céid-bhean a ndeachaidh dáil,
cia don Fhéin tuachoil trá
agá raibhe an bpiasd-bhéarla?
Áth Beártha Finn san sléibh
cia do bearradh and don Fhéin,
cáit ar fháccoibh a lia luinn,
cia folach fuair a Líathtruim?
Adhoigh d'Fhionn a bhFiodh nGaibhle
cia dealbh tánicc dá fhaicchdhe
dia ffríth an ceann sa chronn chain,
cia líon ro bhaoí and oidhche-sain?
Cuirreach Life gona lí
cia ros-adhnocht, cia ro bhí,
cia rucc 'na láimh a cheann cain
go Cnoc Máil ós Bhadhomair?
Sliabh Cuilleand do dheis a bhronn,
an t-ainm si ciodh 'má rádham?
cidh 'má n-abar as é a leacht
's ná torchair ann acht aindreacht?
Cia fear do rioth a Bhruth Breac
i nAonach Seara na leac,
cúich ro reath ris immale,
caidhe fochonn na graifne?
Is Lia Bealaigh Átha hÍ
cia hogham ro bhí 'na crí,
cia fear do rolaigh don tshlógh
ro thuicc i mbaoi 'na meadhón?
Cia fear ro ghabh tré shuirghe
lámh na Deanmhe Tuirme,
agus gá méid n-oidhche iar soin
ro bhaoi an fear soin a mbeathaidh?
Gá dámh iongnadh rodus-fúair
ro chan irbhadha aníarttúaidh,
ciodh chanoid ré ccnoc anoir,
agus cia riocht ina bhfuil?
Ní bhfuil úaibh abradh riom soin,
gach ní gá ttú d'fhiarfhaighe;
a thaithmheach ní tualoincc neach
muna ndearna deigh-eólach.
Tríocha bliadhon ar dhá chéad
saoghal Fhinn (ní hiomar-bhrécc)
go ros-adhnocht Flann mac Broin,
dalta Siona as Eidhearmhagh.
An céad-rann do-righne riamh
fiodhradh file (feárrde a chíall),
aoir a mhuime (molta na rann):
ros leasoigh Siona is Bodhmall.
Breasal búadhach ro thuit thíar
dhó do-radadh cath Gáilían:
céid-fhear thorchuir san ccath thoir
Naoisi mac Breoghuin bhláthmhoir.
Confaitt ba croiceann an chon
do chuir móir bhFían a bhfordhol:
do fheadhuibh Ioruaith anoir;
a bhunadh a hInneaccdhoibh.
Aodh Cinn Eisi tucc 'na láimh
Confaitt, ar ccur bheós an áir,
gur ro leasoigh Fionn iar soin
an ccén no bhí 'na bheathoidh.
Seacht ccéad seachtmhoghad, seacht ndeich,
seacht bhfichit gan iomair-chleith,
tríocha mhíle, tríocha chéud,
as eadh sin do-rad a n-éucc.
Deamhnach céid-bhean a ndeach dáil:
í ba mais-inghen Locháin.
Sealbhach fear an bhéurla bhinn
fó dhílinn agus úas dílinn.
Deamhnach ro bhaoi a tTuirme thoir,
tríocha bó 'gan bhan-bhrughaidh:
daoithain deichneamhair fá dhó
a mbleoghan gacha haon-bhó.
A bhasccadh féin ar gach ló
do bhuachoill an bheaccáin bó:
ticcdaoís an buar sin dia ttoigh
gan buachoill gacha feasccoir.
Gach buachoil no théigheadh leó
ní iontódh a mharbh ná a bheó:
nochan fhaghthaoi thiar nó thoir,
géar chían re cách a n-easbhaidh.
Lodmar naonbhar úain don Fhéin
'má Osccar is 'má Oiséin
do thigh Deamhnaighe Tuirme
(biodh chian bhéaras a chuimhne).
Amhloidh fuaramar Deamhnach
is í éccaointeach éccnach:
easbhaidh naoí mbó (borb an roinn)
baoi uirri-si gan bhuachoill.
Buachoill ro dhicchseadh re a búaibh
ar ór, ar aircceat, ní fhúair,
ar chrodh, ar chumhaidh, nó ar chacht,
gé ro bhí gá oirchiseacht.
"Nár d'oígheadhuibh mo thoighe
mo dhul féin don ionghaire,
gan mo choimhéad re headh laoi
's gan breith a n-einigh d'én-mhnaoi?"
Ar sin ro éirghseam amach:
móide ba faoilidh Deamhnach:
ruccois liom mo chloidheamh crúaidh;
lod-sa a ndíaigh an bheccáin búair.
Lodmar re taobh trágha thall
cco síthén Inbhir Domhnann:
aoin-bhean san ccnuc ar ar ccionn,
inghin mhín fhéatta fhoilt-fhionn.
Seinnidh-si cruit, caoin a cor,
gur chuir sinn 'nar síor-chodladh:
rom-beir-si lé iar sin amach
ina hoilén iongantach.
Dom-rad a n-úaimh nduibh ndorchu
bhail a rabhsat m'áos comhtha,
gan soillsi tré bhiotha síor
acht gorta, fuacht, is iomshníomh.
Seachtmhogha laoch isin toigh
a nglasoibh, a ngéibhionnoibh,
i n-úaimh Dá Bhiolla gan bhrécc:
ní chúala féin a lethéid.
An uair líonadh an mhuir
ticceadh toran 'nar n-uamhuigh,
go mbeantaoi sinn ó lár,
go mbímaoís uile ar urshnámh.
An úair no théiccheadh amach
an mhuir uathmhar iongantach
do thuitmís treasa tréna
im na cairrccibh crúaidh-ghéra.
Teóra hoidhche bá-sa thoir
ag Dá Bhilla ina húamhoigh,
gan lúth, cen láthor, gan neart:
nocha ttárus an t-ainreacht.
Iar soin luidh Oisín amach
dom iarraidh-si arna mhárach:
san oilén eidir tír 's toinn
nochan fhuair a fhear comuinn.
An dara lá do-chuaidh-simh
d'fhéachoin an bheccáin buair-sin,
gidh fada ro bhaoi amuigh,
é nochan fhuair a íarruidh.
Lodar ar an treas ló
a ndeaghaidh an bheccáin bó:
luidhsiot re taobh trágha thall
do shíthén Inbhir Domhnann.
Luidhsiod 's a n-aighthe ra lár,
luidh Oisín isin síodhán,
go ttáinic ann Dá Bhiolla
ina curach 's a giolla.
An tan tánoicc Dá Bhiolla
ina curach 's a giolla,
seannoid an ccruit go cóir
nó gur chodoil úa Tréinmhóir.
Iar sin ro éirighsiot an Fhían
eidir anoir is aníar;
níor léiccseat Dá Bhiolla amach
nó a giolla ná a curach.
Téd cách a niort a chlaidhimh;
rob áil dóibh a ndían-aidhidh;
"In ngébhthaoi cumhaidh dom chionn,
a theaghlach féatta foilt-fhionn?"
"Taithmheach dhíot-sa ma saoílte,
nó go ttora caoímh-Chaoilte
's gach laoch do bhréccois don moigh
agus a buar go Deamhnaigh."
"Grian is éscca rachaidh dhaoíbh,
rath mara is tíre ré dtaoibh:
rachaidh dhuibh, a Fhían amhra,
a sirthi tar cheann m'anma."
Iar sin léccthar amach
muinntir Fhinn nárbh éccaointeach:
ionnsaighidh cách aon dia threibh;
léccthar a buar do Dheamhnaigh.
Áth Bérrtha Finn na Féine
a mberradh cách a chéile,
Fionn mac Cumhoill, tóluibh tor,
agus Fionn mac Iath-onchon.
Cnú Dheireóil an bhérla ghlic
as é folach fuair fón lícc;
an lia tarrloicc as a láimh
ro fháccoibh a n-Iath Bolcáin.
Ar n-adhaigh a Ross Dá Chon
a bhFiodh Gaibhle ba baoghal,
aon-tríar ban is aon-tríar fear,
con-us-torracht delbh dhuaibhseach.
Ann nos-tánoicc médhach maol,
dí chlúas ceachtor a dhá thaobh,
ceatheóra lámha as a dhruim,
cloidheamh teineadh re a ghúaluinn.
Labhruidh co fúachdha fearrdha;
saighidh go Fionn flaitheamhdha:
"Tabhair dhamh do cheann budhdhéin
nó ceann Chaoilte nó Oiséin."
"An ngébhoir comhaidh oile
ar mac Cumhoill Almhoine?
Dá ngabhoir, do-ghébhoir sin
má atá a nÉirinn nó a nAlbain."
"Gébhott úait, a Fhinn co nghoil,
an ceann gá ttú a shír-íarraidh,
nó bérott mo rogha cinn
do bhur cceanduibh gan choiccill."
Nochtas Oisín cloidheamh ceart,
agus nochtaim-si a n-éinfheacht:
tuccsam ar ndá mbéim go mbuaidh;
teasccmaoíd an ralaigh ro-chrúaidh.
Tuitidh ceann as an raluidh,
ní fhacos-sa a ionnshamhuil,
comhmór choire ina ttuillfeadh mart:
ba faoilidh risan arrocht.
"Beannacht ort, a Fhinn amhra;
maith do mhuintear mhór-chalma;
is slán úaim dhuit pudhdheasta:
do íocais mo airmearta.
"Tríocha bliadhon gus anocht
ó do scaras rem choémh-chorp:
ceann m'fhir comhtha rom-chabhoir,
ceann uathaidh i nghamhuil.
"Na trí cinn le Cairn Éadoir
as iad dom-rad a n-éccoibh,
as íad ros-fholaigh gan acht
tré shonuibh dolbhtha draoidheacht."
Cuirreach Life, lór do ghail,
as le Fionn féin at-rochair:
ann ro fháccbhus-sa a cheann cruaidh
do leathtaoibh Crot aníarttúaidh.
Ros-adhnocht Eóghan mac Duibh
corp an rígh rathmhair san muigh,
conadh Cuirreach coemh gan chacht
ainm an ionaidh ar hadhnacht.
Cuilleann Cairptheach ro ba coémh,
(ba heangnamh mór don mhacaomh)
ros-ghon Glass co ngére reann,
gonadh dhe atá Sliabh Cuilleand.
Dubhthoit ro laí a chuir ra Fionn;
do bhí blíaghuin maraon rinn,
cosan sealcc a Slíabh Dhá Ghlass
ra taobh Cuillinne 'nairdheas.
Luidh Oisín ón Fhéin uile
go rucc trí chéd céadghuine:
ní ro imthigh móin nó magh
fiadh ar bioth ar nach mbéradh.
Ann tuccostair bréithir mhóir
Fionn mac Cumhuill mheic Tréinmhóir
gonár imthigh talmhuin tréin
neach budh lúaithe nó Oiséin.
At-beart Dubhthaid an bhruit bhric:
"Rom-luaigheabh ris co ro-thric:
tuccsaidh bréithir mhór go mear;
nár dhaoibh muna ccomhailtear."
Ann sin ros-riothait na laoich
tar Fhiort Mhagh Druidh, tar Mhagh Fraoích,
dar Bérre, dar Seafa soir,
dar Chualoinn, dar Chnuc nAirthair,
Dar Bhuidhin, dar Bháirc Dá Bhan,
tar Dhothra, tar Druim Garadh,
tar Chúalo, tar Chnoc na cCeann,
tar Bruigh, tar Bhealach Finneann,
Go Sruth Life, go Línn Duibh,
gosan Uamhaigh a nEas nGolaimh
luidh Dubhthait ón Fhéin uile
eidir choin agus dheagh-dhuine.
Ann soin luidh úatha budhdheass
Dubhthait mac Duibh Dá Leass:
ba láoch a láthoir troide;
uaidh sloinntear Eass Dubhthoide.
Maoíne Sheancháin, seóid fá bhlaidh,
darbho cisde Lia an Bhelaigh:
Oisín ro bhrécc í ó mhnáibh,
feachtais n-aill, a Tigh Locháin.
Naoi n-ingheana boí acc Babhgna
agus naoi meic ba hamhra:
áillne iná gach clann go beacht
go ros-cuireadh fó dhraoidheacht.
Bean a n-athor ros-ráthaigh -
ba hí sin a leas-mháthair -
ros-thairbhir i rreachtoibh én,
Échtach inghean Muirirén.
Feasccor luidh Fionn, fichtibh gal,
trésan doire i cCarn Irbhadh:
dearbh lais bádh gotha daoíne
mar do-chúala a n-éccaoíne.
Naonbhar dóibh a ccuas an chroinn:
rob iongnadh ré mac Cumhoill:
fuit! fuit! ba guth do gach én
con foirrgheadh an reódh roi-thrén.
Ní bhíodh radhorc ina rosgoibh
nó go ttóradh tráth feasccoir:
dalla a súile tar gach ní
aicme úr na hénlaithí.
Iad 'na luidhe lá choidhche
nó go tticceadh dubh n-oidhche:
a' caoine a n-imnidh manoitt:
as é sin an ceól chanoitt.
Acc Éachtoigh ní bhí cobhoir
nó gur shíolsad for chonair:
Eóin Éachtoighe ó sin amach
a n-anmann fón mbioth mbroénach.
Neach ar bioth ro fhionnfadh soin
a n-innisim d'iongantaibh,
thuaidh nó theas, thíar nó thoir,
nochan fhedar cáit i bhfuil."
In.
Ro éirigh Pádraig, Caoilte, agus rí Laighen and sin,
agus teaccaid rompa tar Áth Maighe amach, agus
ro leansad an méid baoi do láthair eidir laoch
agus chléireach íad go hAlmhain Laighen. Tíaghaid
co hÁrd Almhaine, .i. an bhail a ruccadh Fionn
mac Cumhoill.
"Sonn, a naoímh-chléirigh," ol Caoílte, "ruccadh
ar ttríath agus ar ttighearna, .i. an flaith-ruire Fionn."
Agus ro ráidh na roinn:
"Acc so an feart i ngéanoir Fionn:
nochan eadh nach meabhoir liom:
Muirne máthair an mhic mhóir
bean do Chumholl mac Trénmhóir.
Oisín mac Finn fear co ngoil
ro géanair i cClúain Íochtair:
inghen Deircc a mháthair mhaith,
torrach naoi mís ón mhór-fhlaith.
Flaithbheart inghean Da Nearo
ar dheich mnáibh rodus-creano
rucc Osccar ag Imchaoin thoir -
sí ag Oiséin re naoi mblíadhnoibh.
Moireann acc Oisín, gan acht,
seacht mbliadhna dhi re draoidheacht:
máthair na ttri mac n-oile
inghen áloinn Chíochmhuine.
Dairinne acc mac Cumhoill chain:
ní thucc-samh mnaoi 'na deaghaidh:
Daolghas ba hainm dá hathoir,
mac do Lir Sídhe Fionnachaidh.
Dubh-Ailme inghean Dubhthaigh dhéin
máthair Cholla is Chuirc is Chéin
bean Chaoilte meic seathor Finn
ar a ffuil Dumha Dubh-Ailim.
Bás Finn i mBroic ar ndul di;
feascor nDáire im Lícc nDáire;
bás Chriomhoill a Loch Dá Dhall;
gaott a ccath Cnuca Cumholl.
As é súd an feart fá bhfuil
mac Cumhoill is a athoir,
agus Criomhall (cían ro clos)
agus Dáire déud-sholus.
Maith dhamh scaradh risin bhFéin:
feárr dhamh creidemh Dé budhdhéin:
bathois Críostt form cheann ro-lá
an Táilgeann do-ghní fearta."
Acc so.
"Beir búaidh agus beannachtoin, a Chaoílte," ol
Pádruic, "as maith gach fios agus gach fír-eólas dá
fhoillsighis dúinn; agus a Bhróccáin," ol sé, "sgríobh-
thar leat gach a ccúalamar do chaoimh-scélaibh ó
Chaoílte."
Do-rinne Bróccán samhlaidh. Nír chian dóibh
as a haithle an tan it-chonncadar teachta rígh
Érionn, .i. Laoghuire mic Néill, chuca isin chonair
gach ndíreach. Teaccoid do láthoir íaromh, agus ro
fhillsead glúine íaromh a bhfiadhnoisi Pádraig, icus
ro innseadar dhó gur ar a cheann ó rígh Éreann
tánccadar, agus gurab a nUisneach Midhe do gheall
a bheith roimhe.
Ciodh trá acht, nír failleaghadh an teachtoireacht
sin la Pádraig. Ro éirigh féin agus rígh Laighean,
Caoilte agus Fionnachadh, agus a mbádor ar an láthoir
ar-cheano eidir laochaibh agus chléirchibh, agus nocha
ndearnsad fos nó fíor-chomhnaidhe co ránccatar
Uisneach Midhe. Ro éirígh Laocchuire, agus ro
fháiltigheadh risin Táilcceann agus ria rígh Laighean,
ria Caoilte agus ria Fionnchadh iarna bhfios dó. Do
suidhigheadh íad as a haithle do réir mur do
ráidheamar.
A ndála go sin.
Dála agus deighlíne Oisín iar n-imtheacht do
Chonall mac Néill úaidh: téid gusan dún a
ngnáthoigheadh roimhe sin an ccén do bhíodh i
ccóicceadh oll-bhladhach Uladh, agus Dún Oisín
'ainm-siomh, a n-imeal Dál Ríada, soir gacha
ndíreach ó dhún agus ó dheagh-bhaile Conailleadh,
nochan imchían eotorra. Ciodh trácht, ó 'd-chúala
an ríoghan Bé Bhionn, inghean Duach Ghalaigh
mhic Brain mhic Eathach Moighmheadhón, eadhón
bain-chéile Chonaill mhic Néill, Oisín do sheachna
a dheagh-ároiss budhdhéin an adhoigh sin, ro
hinnleadh a carbad di agus rucc coéga inghean lé
acc dul ar cuairt chuicce do mhédocchadh mean-
monn agus dia fhrítháilemh im phroinn agus im thomhaltas.
Ránccodor an ingheanruidh íaromh go Dún
Oisín agus fuairsiot rompa cona mhuintir é. Ro
fhearsatar fáilteachadh go fíor-mhiochardha ria-
roile, agus ro shuidh an inghean sin rígh Connacht a
bhfarradh Oisín. Acht atá ní cheana, fa meirtneach
mór-thuirseach agus ba dubhach dér-chaointeach
boí-siomh tar éis na sealcco soethraighe do-roighne
an lá soin.
Nír chían dóibh amhlaidh íaromh co rucc in
tríocha féin ro dháil a ndeaghaidh na deagh-
ríoghna im núa gach bhídh agus im shean gach dighe
do fhreasdol agus do fhrítháileadh Oisín agus a mhuinntire
orra. Ro phronnighsead ann sin ionnas gurbhó
measccdha meadhoir-chaoín íad. Ro fhuráil an
ríoghan iomdhadha agus ard-leabtha do dhércchadh
d'Oisín agus dá mhuinntir. Do-rónnadh cen fhaillighe.
Ro chodailsead íaromh go socair sádhol an adhaigh
co maidin.
Ro éirígh Oisín a moch-dheaghail na maidne.
Ro gabhadh a eich agus ro hinnleadh a charbad.
Ro cheileabhair don ríoghain agus tánoicc roimhe go
fossadh-mhullach Shléibhe Fúait fionn-sccothaigh,
do Cháorthann Ban fFionn dá ngoirther Caorthann
Cluanna Dá Dhamh, d'Ard an Ghaisccidh risa
ráitear Muirthemhne, d'Áth na cCarbad ría ráiter
Áth nGuill, d'Eighleiscc Chon cCuloinn ria ráitear
Lighe in Léith Mhacho eidir Dún Dealccan agus
muir, do Shlíabh an Chomhnaidhe budhdheas risa
ráitear Magh Breagh, do Linn Féicc for Bhóinn
mbán-shrothaigh, lámh dheas re Cnoc Tlachtgha
inghine Mogha Ruith, lámh chlí re Tailtean.
Is ann sin ro ghabh íota ádhbhal-mhór Laoghuire
mac Néill, .i. rígh Éireann.
"Taphair sítheal dhamh-sa, 'dheigh-rígh," ol
Caoílte, "go ttabhroinn digh chuccad."
Tuccadh sítheal dó íaromh, agus do ghlúais roimhe,
agus nochar léicc lais aonneach d'fhearoibh, agus ránoicc
d'ionnsoicchidh tiobraitt Uisnigh, agus an Fhleascach
ainm oile dhí, agus ní fhuair neach í ó tuccadh cath
Gabhra gusan úair sin. Ránoicc-siomh co grían
na glan-tiobroide, agus at-chonnairc na seacht n-éicc-
neadha áillne aireaghdha uirre. Tucc-samh
an síthel fón tiobruid agus tucc na seacht mbradáin
inte lais cona ccoimhlíonaibh d'uiscce fhíor-áluinn.
Beanas ocht ngios mbiorair agus ocht ngais fholachta,
agus tucc an biorar agus an fholachta ar uachtar na
síthile, agus tánoicc roimhe go Laoghuire, agus do chuir
an t-easccra agus an t-uiscce, an t-iasc agus an cnuasach
ar a bhéluibh. Ó 't-chonnairc Laocchuire agus
maithe Éireann an oirchiseacht sin ro ghabh
iongantas adhbhal-mhór íad ar aidhbhle an
bhiorair agus an fholachta, ór fa samhalta leó go
rachadh glún díalta a ccuais gacha gais díobh.
"Roinntear ar dhó so," ol an rí, "agus tabhorthar
a leith don Táilgheann cona chléirchibh agus an
leith n-aill dhamh-sa agus d'fhearoibh Éreann."
"Nochan amhlaidh roinnfidher," ol Pádruic,
"ór as mó do ghresoibh agus do ghlámhaibh dhaoíbh-
si, a árd-fhlaith, inás dúinne; acht ranntar a ttrí,
agus tabharthar trían agus deachmhadh don eacclois, óir
is é sin a ccuid go fírinneach."
Do-rónadh amhlaidh.
Do-riacht Oisín chuca as a haithle fóna n-iom-
ráitibh, agus ro ghabh a Raon na cCarbod súas a
muillach Uisnigh. Ro thairling as an ccarbat, agus
tucc a cheann i n-ucht Phádruic, agus ro shlécht go
hiníseal. Ro éirigh íaromh, agus do-rad teóra pócca
do Chaoilte, agus ro theann re a ucht agus re a úrbhruinne
hé, agus ro ráidh as a haithle:
"Mo chean don éucc feasda ó tharrnigh liom
an radharc so do bhreith fort, a Chaoílte, agus ar
mbeith sísd a bhfarradh aroile fó chuing creidmhe
agus crábhaidh tar éis gach caoímh-chéle ro scarosdar
rinn."
Ro ghair Laocchuire Oisín chuicce do shuidhe
ar a ghualoinn.
"Ní shuidheabh," ol Oisín, "a n-ionadh
Chaoílte, ór as feárr an fear leath-lámha rígh é
inú-sa."
"Ná ráidh sin, a charo mo chroidhe, a Oisín,"
ol Caoílte, "óir ní fear leith-lámha flatha meisi agus
tusa do láthoir, uair mac ócclaoich mé, agus as feárr
go mór do haithríccheadh agus do máithrigheadh
thusa iná mé, agus a bhfíadhnuisi rí is iomairccidhi
mo bheith."
"Dar mo bhréithir-si," ol Oisín, "ní ruccadh
neach a bhFíanoibh a n-aon-aimsir riot-sa, a
Chaoilte, dá madh cóir a rádh go madh feárr é
ná thú."
"A uasoil," ol Caoílte, "suidh ar láimh an
aird-rí agus suidhfead-sa in bhur bhfíadhnoisi."
Do-rónadh amhlaidh. Baoi lán a dhuirn don
bhiorar agus don fholacht a láimh Chaoílte agus do-rad
d'Oisín é.
"Fothlacht agus fíor-bhiorar na Fleasccaighe sonn,"
ol Oisín, "agus an bhfúarois íascc as an tobar as ar
treachlamh so?"
"Fuaras," ol Caoilte, "seacht n-éiccneadha
móra ba samholto d'éiccneadhuibh Maro Robhair,
agus atá an seachtmhadh éiccne dhíobh sonn agom
fód chomhair-si."
"Dar mo bhréithir-si," ol Oisín, "ní raibhe
mo chuid-si ríamh agus nocha mbiadh go bráth ar
láimh aoin is lugha ar a ndiongnuinn-si amhoras
iná thusa, a Chaoilte."
Tucc Oisín ann sin a lámh a ccobhraidh a
scéith agus tuccustar slabhradh Logha mheic Eithleann
esde agus ro léicc ar lár i bhfiadhnoisi Chaoilte é.
"Is a cCarn Gharbh Dhoire fuarois an séad
fine agus an fionn-shlabhradh fíthe si, a charo, 'Oisín,"
ol Caoilte, ".i. an slabhradh ina mbídís braighde
gacha laoch-mhaicne ag Lugh."
"Is deimhin gorbhudh ann," ol Oisín, agus tucc i
lláimh rígh Éireann é iaromh.
Agus na cúicc catho fichit bádor-somh do-
roicheadh-siomh ina n-uirthímcheall uile, agus ocht
ccéad ócclaoch is eadh ro thuilleadh ann re húair
mbuain ngéillsine agus braighdenois, agus dúnadh ar
gach céid-fhear dhíobh agus cen comus a oslaicthe
nó go n-oslaicthe ar an ccéid-fhear. Agus ro
ráidh Caoilte na rainn:
"As é so an slabhradh suairc sean
do bhaoi acc Lugh go lonn-ghloine;
gé tá anú acc fear don Fhéin
do bhíodh géill 'na ghlonn-ghaile.
Ba saidhbhir aiccneadh an fhir
'gá raibh an séad suadhamhoil,
Lugh mac Eithleann cloidhemh dhearg:
diombúan ceard ó a chruadh-ghonaibh.
Séad sin ro chum Creidhne ceard
d'ór dhearcc arna dheagh-bhruinneadh
agus d'airccead aoin-gheal oll
do Dhonn dóide deagh-bhuidhen.
Ocht ccéad ina idhibh óir
do roighnibh slóigh síodh-Bhanbha:
ní gabhtha ann iar ngleic ngníomh
acht meic ríogh nó ríogh-dhamhna.
Séd ro bhaoi acc ríoghaibh Éreann é
(ba maith gné an ghlan-shlabhraidh)
go bhfuair Fionn, flaith na bhfileadh
(a chineadh ros-clann-ghabhlaigh).
Nochar élaidh duine ríamh
a góiste gíall glan-Logha:
braighe dár snaídhmeadh san sás
nír mhill bás nó badhbh-ghona.
Corbmac, ceann comhairle cáich,
do bhronn d'Fhionn áith fhaobhar-dhercc,
tighearna sochraidh ar slúaigh
nár béd ná baoighail-chealg.
Ar marbhadh Gairbh Dhoire dhéinmhigh
tucc ar Fhéinnibh flaith-airleach
slabhradh Logha, grés caoín ceart,
'na fheart ccén go n-aithearreach.
Oisín mac Finn, féinnidh Ealcco,
fear mo cherda cridhi-si,
fuair slabhradh Logha go laoidhincc,
sgéal aoibhinn ré innisi."
As é.
Is ann sin ro fhiarfaigh rígh Éreann sgéla an
cheathroir baoi a ccóimhaimsir ré-roile, .i. Corbmac
mac Airt, Cairbre Lifeachoir, Fionn, agus Oisín.
"Ro budh maith an flaith Corbmac," ol Caoilte,
"agus ro budh maith coitcheann do gach maith ar-
cheana Fionn - ro ba fíor a bheith amhlaidh
sin," ol Caoilte.
Agus ro ráidh an rann:
"Dá ttíosdaoís fá bhrón dála
a mhac chuicce 's a námha,
dar Rí na mionn 's na mbreath
ní bhéradh Fionn acht fíor-bhreath."
"Maith a mh'anam, a Chaoilte," ol an rí, "cia
don cheathror ucchot do budh fearr?"
Ro fhreaccoir Caoilte agus is eadh ro ráidh:
"Dar an Rígh fil ós mo chionn,
níorbh fheárr Cormac nó Fionn;
nír mheasa Oisín re hathaidh
iná Cairbre Lifeachoir."
Is ann sin ro fhiarfaigh Críomhthann mac
Éanna Chinnsealaigh, rí Laighen, do Chaoilte:
"Créd tucc ar Fhionn gan an bhéisd ádhbhal-
mhór atá accoinne a nGleann Ruis Eanuigh do
mharbhadh seach gach n-arrocht oile ro mharbh
a nÉirinn?"
"An ceathromhadh cuid d'inchinn Mheas
Geadhra í," ol Caoílte, "agus do-chuaidh a ttalmhain
ann soin co ndeárnadh béisd adhbhal-mhór dhi, agus
ní raibhe a ndán dúinne a marbhadh nó go ttoir-
seadh an Táilgeann. Agus atá a ttairrngoire dhí
maic-chléireach dia mhuinntir dá ceangal d'éin-
sheimhin luachra re deireadh dhomhuin, agus ní
dhiongna urchóid d'aoinneach dá éis. Agus as
eadh sin fo-dera d'Fhionn gan a díchar agus a dían-
mharbhadh."
"Cionnus tucc an trom-ár adhbhal-mhór ad-
chualamar do thabhairt dí ar chonuibh agus ar
fhearoibh Fhían Éreann ar dhobhar-linntibh Dubh-
locha?" ol Criomhthann.
"Lionnán sídhe do bhaoi acc Fionn ua Baois-
ccne," ol Caoilte, "eadhón, Úaine, inghean
Modhoirn, agus tánoicc i rrocht fiadha sídhe dár
siabhraidh-ne íar ttabhairt éra tochmhairc uirre
d'Fhionn ar mhéid a draoidheachta, ór ticceadh
a n-ilreachtuibh.
Tánccodar an Fhían aon do laithibh ar an
ccnoc ós cionn an locha soin, agus tánoicc Úaine
inghen Modhoirn isin riocht ro ráidhiomar romh-
uinn, agus ránicc fó bhun an chnuic i n-ionadh ina
raibhe radhorc accoinne uirre, agus ro shreangsad ar
cconoirt-ne a cceomh-shlabhradha a glacuibh ar
nglain-ngiolladh, agus ro leansad an fíadh, agus ro
leanamuir-ne íad-somh. Ro ghabhsad timcheall
an locha go láin-ésccaidh, agus rucc an fíadh léim
léidmheach lán-chalma isin loch, agus ro leansad an
chonoirt í, agus nocha raibhe cumhang aco uirre.
Teaccoid sruith shéitreacha shluaigh-iomdha
dár mathoibh-ne a ttimchioll an locha, agus téid
saithe dár snámhaighibh imach air ionnus gur
mheascc-bhuaidhearsad é. Ro éirigh an bhéasda
go boirb-neimhneach re séiseilbhe na sochaidhe,
agus ro imbeir ar míodh-rún go mór-imneadhach
ar ar mathaibh-ne ionnus gur mharbhasdar dhá
chéad cú agus an céadna d'fhearoibh ina céad-
chuinnsgleó, agus do-chuaidh féin iomshlán úatha
íaromh gan fuiliucchadh cen foirdhearccadh fuirre.
Dála an fhíadha," ol Caoilte, "an ccén no
bhaoi ar n-adhaigh-ne ar an bpéisd, ro fháccoibh
an loch a n-aithearrach crotha, agus nocharbh fheas
dúinne don cheathor-áird cia haird inar ghabh.
Ro fhiarfaigheas-sa don rígh-fhéinnidh ann sin,"
ol Caoílte, "an linn do thuitfeadh an t-arrocht
phéasda ro dhíbhaidh ar ndeigh-fhir, agus dámadh
linn co ndíthighmís fó chédóir í agus co ndíoghlamaois
ar muinntir uirre. Tucc-samh ann sin a ordán
fó a dhéud fis, agus ro foillsigheadh dhó go fírinneach
nach raibhe a ndán dúinne an phéisd do thuiteam
linn ná a trén-bhrúth do thoirmeascc. Agus do
ráidh rínn íaromh an loch d'fhágbháil agus gan cur
risan bpéisd ní budh mó, agus ro innis dúinn gomadh
teallach Táilgeann Gleann Ruis Eanaigh agus gomadh
é Caoimhghin no aitréabhadh. Agus ro ráidh
an laoidh:
"Gleann Ruis Eanaigh (budh fíor dhamh)
budh binn guth a chluicc bíaidh tan:
gé tá fá dhamhuibh rúadha,
badhad ile a naomh-shlúagha.
Ro ghabh an doineann dubhadh;
ní soineann acht ar sealaigh;
ro ghabh an talomh trocholl;
ro ghabh cocholl cheann Eanaigh.
Eanach féine (fádhbh fulach)
rulach féar (gharbh re conoibh);
fíadh srotha, ealta eanaigh,
rían treathain, triachtgha troghain.
Trocholl féine, fúath cuirrigh
ós duillibh (ruadha rinnibh),
sceó gaoíthe, ceó tar ghleannuibh
ós reangoibh (leabhra linnibh).
Dá fholach ní bhiú-sa im fhuighlibh,
coscrach ad-chiú-sa an muirbheach,
druim úaine taoibh-ghrinn taidhleach,
biaidh ag Caoimhghin a ccuibhreach.
Muirbheach lonn Locha hEanaigh
tonn 'na deaghaidh ad-raghaidh:
isí ag sloighe na Féine,
óicc na Féine agá sloigheadh.
Dá chéad bliadhon ré n-áireamh
(do réir riaghladh agus rélaidh)
ar dhá bhliadhoin décc dhoilbhthe
gusan oidhche ann ro-ghéanair.
Loch Eanaigh, ádhbha ealadh,
inbhear idir dhá dhoire,
aonach troghain, blá céide,
óthá an féicce go 'roile.
Gleann Eanaigh eidir dhá shlíabh
as é as áillne ad-chonnairc ríamh:
abhonn dá loch ar a lár
is an lán don leith aníar.
Budh ádhbha oithlithreach ffhúar;
biodh adhbha trúagh agus trén;
budh ard-rúamh ríogh ceann i cceann;
tioccfaidh Caoimhghin san ngleann ngéar."
G.
Ní bhfuil áireamh air, agus ní fheador a fhaisnéis,
agus ní thuilleand a n-uimhir, ineoch ro innistear
do dhéanomh don phéisd mhóir-ghníomharthaigh
sin do ghail agus do ghaiscceadh ar mhaithibh Fhían
Éireann ar-cheana re taoibh dinnsheanchois gach
cnuic, gach forba, agus gach fearoinn dár fhiarfaighsead
cúicc cóicceadhaigh Éireann díbh.
Is ann sin tánoicc Tamhan trén-bhrughaidh mac
Tréin, .i. flaith-bhrughaidh céadach comhramhach,
do rí Éireann, agus trí chaoga fear maraon ris, agus
faidirán fíor-úaine im gach fear dhíobh, agus feathana
find-umha isna brataibh bláth-ghorma sin ós a
mbruinnighibh, agus léinnte líogha lán-ghlasa im na
laochaibh sin, agus trí chaoga gabhol-lorcc umhaidhe
i meadhón a mór-dhórn; agus do bheannoigheadar
do rígh Éireann, agus freaccras an t-aird-rí an beann-
achadh.
Is ann sin adubhairt Tamhan mac Tréin:
"Atá fleadh mhór-ádhbhal accom-sa dhuit, a
rí Éireann, .i. naoi ndabhcha ficheat do mhiodh
agus naoi ndabhcha fichead d'fhíon cona lór-dhaoíthain
bídh agus leanna."
Rucc an rígh buidheachas an bhídh sin risin
mbrughaidh, agus tánccatar ar cúlaibh íaromh fó
aoibh agus fó ard-nós ón aird-rí.
"Maith ámh, a Oisín," ol an rígh, "an a
n-aoin-teach re maithibh Éireann bhéir-si agus do
chomhdhalta Caoílte, nó an teagh for leith
bhias accoibh?"
"Teach ar leith thoghmaoid-ne," ol Oisín, "agus
ar ccuid bídh agus leanna do chur chuccoinn ann,
óir ní lucht coimhdhíne nó coimhaimsire dhúinne
aon dá bhfuil san mbaile si."
"Caidhe bhur líon, a rígh-fhéinnidh?" ol an rí.
"Naonbhar atú-sa," ol Oisín, "agus días atá
Caoilte, ór do básoigheadh móirsheisir dá
naonbhar."
"Fiche dabhach do lionn agus do mhiodh dhóibh,"
ol an rí, "gona bhforthain bídh agus búain-bheath-
adh."
Ro bhádor ann an oidhche sin gan uireasbhaidh
orra. Arna mhárach do creasadh a phuball for
an aird-rí a n-uachtar cnuic na n-aird-ríogh a
nUisneach, agus tánoicc Pádruic cona phrímh-
chléirchibh don dara taoibh don phíolóid agus don
phuball, agus nocha raibhe isin leith ina mboí dhi
acht easpuicc nó úasoil-shagairt nó mic ochta an
Choimdheadh cen chonntabhairt.
Suidhios Oisín i ffíadhnuisi Pádraig, agus Caoílte i
bhfiadhnoisi rígh Éirenn.
"Cia haccaibh as sine, a Oisín?" ol Pádruic.
"Do budh slán tríocha bliaghan damh-sa," ol
Caoilte, "an tan ruccadh Oisín, agus ro bhuí seacht
mbliadhnoibh déag iarna bhreith im iomdhaidh agus
im árd-leabaidh-si 'gá oileamhoin agus 'gá áird-
leasucchadh, agus as as mo theagh ro ghabh fían agus
fearonn céadus."
Ro fhiarfaigh rí Érionn d'Oisín ann sin cía
líon do ríoghaibh lé ttuccadh fianaighacht agus
fearonnus don Fhéin, agus cía líon rígh-fhéinneadh
dá tuccadh.
"Rígh ro ghabhosdoir Éirinn," ol Oisín, "dár
chomhainm Fearadhach Fionneachtnach. Bádor
dhá mhac mhaithe aicce - Tuathol agus Fiacho a
n-anmonna - agus ro roinn Éirinn eatorra íar n-écc a
n-athor. Tuccadh a seóid, i maoine, a hionnmhusa,
a bruit, a buar, a bó-tháinte, a failcche, a fornascca,
a dúinte, a diongna, agus a deagh-fhearoinn do mhac
dhíobh. Tuccadh a halla, a hinbheara, a meas, a
mur-chuirthe, a haibhne, a héiccneadha, a tuirc, a
trén-fhiadhach, a hellte, agus a hócc-dhamhradh don
mac oile."
"Dar linne ní comhthromh an roinn sin," ol
maithe Érionn, ".i. a fleadha, a toirrthe, a
tigheadhas, a maoíne, agus a maitheasa do thaobh,
a feadha, a fásoighe, a sealcc, agus a sáor-fhíadhach
don taobh oile."
"Más eadh," ol Oisín, "an roinn as táire libh
dhíobh súd dob fhearr linne do bheith accuinn, .i.
a seilcc agus a saoir-fhíadhach, agus dob fheárr risan
deigh-fhear do ghabh mar roinn í, .i. Fíacho mac
Fearadhaigh, agus ba buídheach dá shinnsir bhráthair,
do Thuathol, fóna léiccen dó.
Ro ghabh Tuathal iar sin ríghe for Éirinn,"
ol Oisín, "agus ro shuidh a tTeamhraigh. Agus ro
ghabh Fíacha rígh-fhéinnidhacht, agus dob eisiomh
céid-rígh-fhéinnidh Érionn tucc fearannus agus fian-
aighacht uaidh, a Laoghaire," ol Oisín, "agus tuccsat
mór ríogh rígh-fhéinnidhacht úatha ar 'aithris-
siomh agus ar a áird-leanmhain do réir mar fhoill-
séachas Caoilte dhaoibh."
Agus ro ráidh Oisín an rann agus ro fhreagair
Caoílte dhó:
"Ráidh, a Chaoilte, cia dá bhfuil
(mór n-eólus re fíarfaighidh)
céad-roinn Érionn for gach leith
ro ghabh an Fhían a hUisneach.
Cia do-rad fearonn don Fhéin
innis, a Chaoilte, d'Oiséin;
cia do sgar re giollacht con;
cia do íoc a thuarasdol."
"Meabhair liom aní dá bhfuil,
a mhic inghine an Deircc dhruin,
ó ro leasaigh Fíacha féin
gur thrécceadar thú, a Oiséin.
Dhá mhac Fearadhaigh, dar liom,
Tuathal is Fiacha foilt-fhionn,
rannsad Éireann leith ar leith
gan choccadh dhóibh (budh deigh-bhreath).
Rucc don roinn an mac ba só
beith re féin (ní hiomarghó),
foithre, fásoighe, feadha,
easa, alla, is inbheara.
Do léicc-sen do Thuathol theann
air sin aird-ríghe Éireann,
a búar, a tairthe, a toighe,
a táinte, is a treabhaire.
Ríghe Tuathoil ro budh maith
nó gur gháot Maolán mac-fhlaith
ro budh bás rígh (ríghdha i ngail)
bás Tuathoil mheic Fearadhaigh.
Fearadhach Fachtnach ba flaith
athoir Fhíacha, an mhic mhóir-mhaith:
Eithne inghean Dáire Dhuibh,
an ríoghan, ba hí a mháthoir.
Morna mac Maine ro budh maith
ba mac inghine Fíachaidh:
ba tréinfhear sin is ba tríath
tearc fear ris nach cconbhadh sgíath.
Iar sin do-rad Fíacha an fFéin
do Mhórna, mac gan bhaoith-chéill:
ceithre bliadhno i ríghe ngloin
go Trénmhór ro theachtostair.
Trénmhór mac Baoisccne ba bailc,
do chlannuibh Séadna Síothbhuic,
sean-athoir Finn chardais cloinn,
athoir Chumhoill is Chriomhuill.
Ceithre bliadhno ficheat féin
ba rígh Fiacho for an fhFéin:
ba maith a ghlór as a ghoil,
deagh-bhráthoir Tuathoil Teachtmhair.
Cúicc bhliadhno Morna, méid cclann,
a ríghe ar Fhianaibh Éireann;
a ceathoir Garadh na ccearn
nó gor sgaradh re a chaoimh-cheann.
Daighre mac Garaidh na ccleas
seacht mbliadhna dhó ina bhflaitheas;
a cúicc a bhflaithios gan mheircc
Morna mac Daicchre dhreich-dheircc.
Iar ndíth Mórna, mór an ail,
ba rí an t-aitheach a hÉarnaibh:
ba bliadhoin dó gan bhaoghal
co ndeachaidh d'écc, 's ní d'fhaobhar.
Eochaidh mac Archadha anoir
rí Fhían Éireann a hUlltaibh:
bliaghoin go leith, ríomhthar leam,
ro ghabh iar n-aitheach nÉrenn.
Gabhsad a Mumhoin, méid ccealcc,
Líath Luachra is Lughaidh Láimh-dhearg:
dá bhliadhoin dóibh gan mhíne
íar nEochaidh, nír ainríghe.
Cass mac Cannáin, crúaidh a ghail,
aon-bhliadhoin dó 'na dheaghaidh:
Dubhán mac Caiss, monar mbinn,
éin-bhliacchoin aicce áirmhim.
Tárraidh Trénmhór, trén a bháigh,
Fíana Éireann a n-aon-ndáil:
ro ríoghsat an rí gan treass:
trí bliadhna déag a réimheas.
Ro ghabh Cumhall íad íar sin
i niort sgéith agus cloidhimh -
ríghe 'má ttucc teóra cath
sul ro ghabh an Fhían armach.
Dhá bhliadhoin décc, ní fáth fann,
a ríghe ar Fhíanuibh Érionn;
écc is brath do bhuidhnibh bla
gur marbhadh a ccath Cnucha.
Iar soin gabhsod meic Mhorna,
íar mbrón is ar mbith-dhoghra,
deich mic fhichead, oll a mbladh,
im Dhaighre, im Gholl, im Gharadh.
Goll mór ba mílidh a ccath,
mac don Mhórna déigheanach,
fiche bliadhoin, ní fáth fann,
a ríghe ar Fhíanuibh Éireann.
Iar soin ro ghabh an t-eó óir,
Fionn mac Cumhoill mheic Thréinmhóir,
ar ttairbheartaigh séad slúaghach,
ar ndraoi amhra iolbhuadhach.
Sé ríogh déag is deimhin liom
ro ghabh ríghe Fhían Éireann:
feárr Fionn ináid sin uile,
caithmhílidh ard Almhuine.
Trí chéad bliadhoin go mbláithe,
deich mbliadhna acht madh aon-ráithe,
saoghal Finn go bhfúair a ré,
go ndorchoir 'gá léim baoísi.
Deich mbliadhna a ríghe raith
dhuit-si, a Oisín, a árd-fhlaith,
gur ros-bhrécc Fothadh an bhFéin,
gur thréiccsead thú, a Oiséin.
Cóiccear as feárr fríth riamh,
ba feárr im bhrat is im bhíadh
do chineadh na nGaoidheal nglé
gen gor chátaighsead maoíne:
Lugh mac Céin mheic Cáinte anall,
Cú Chuloinn agus Conoll,
Eochaidh Feidhleach, féitheach graigh,
Fionn flaith na bhFían a hAlmhuin.
Cóiccear as áillne do chinn
do bhaoi a nÉirinn íar nDílinn,
rob caoimhe dealbh agus dreach
dob fheárr arm agus éadach:
Cearmad Milbhél, clú go mbúaidh,
Moran mac Maoin go mór-úaill,
Conaire caoímh (cruth nár chlaoí),
Fionn, as Fíamhuin mac Foraoi.
Ar líaigh, ar séaghoinn, ar saoi,
ar mbreathamh, ar ndrúth, ar ndraoí,
ar bhfilidh, ar bhfisidh, ar bhfáidh,
fa binn linn gach ní ro ráidh.
Na cúig flatha féaghthar dhamh
as feárr do ghein ó Ghaoidheal,
asad cumhain leam abhus,
cen ccob cubhaidh a bhflaitheas:
Éireamhón mac Míleadh mhóir,
Iughoine a ndíaigh Ériomhóin,
Aonghus Tuirmheach, forramh ndil,
Fionn flaith chlann mBaoisccni mbairr-
ghloin.
Cóiccear coimhshéacchoin ro chinn
baoi a nÉirinn iar nDílinn;
ro chinnseattor a ccearda
for óccuibh Innsi hEalcca:
Lugh ua Lughdhach, Aonghus án,
Cú Chuloinn fa cruaidhi lámh,
Fathadh Canonn, ceann gach slóigh,
Fionn is Cumholl mac Trénmhóir.
Cúiccear leagha lúaittear leam
is fearr thároill íath nÉireann;
ciodh fada 'taoi-si dá n-éis
isam eólach 'na n-fhaisnéis:
Miach as Airmheadh, deimhne dréacht,
agus a n-athoir Dían Chéacht
Fínghín fáidh-líaigh, fearrdha an fear
Fionn ua Baoisccne is é an cóigeadh.
Cóiccear fileadh féghthor leam
as fearr tároill iath nÉrionn,
as meabhair leam-sa co ceart
a n-fhaisnéis 'na ffilidheacht:
Cairbrí filidh fuair tar lear
Aimhirgín innsi Gaoidheal,
Athoirne nach labhradh locht,
Feircheirtne is Fionn faobhar-nocht.
Cúiccear druadh re dáimh nduiligh
do neoch tároill íath fuinidh,
as meabhoir leam-sa gan acht
a n-anmonna ina ndraoídheacht:
Ba díobh Baghna a Sídh Baghna
is Cathfadh draoi deagh-amhra
is Tochma mac Fir Chaoímh,
Mogh Ruith is Fionn a Formhaoíl.
Cóiccear breathomhon gan bhrath
as feárr tároill teach Teamhrach,
as meabhoir leam-sa gan locht
a n-fhaisnéis 'na mbreathamhnocht:
Sláinghe d'Fhearoibh Bolcc nír bhaoth,
is Aimhirgín glún-gheal gáoth,
Seancha mac Ailealla uill,
Fítheal as Fionn a Fordhruim.
Cúiccear ba gaoíthe im chéill ngrinn
ro bhaoí a n-éin-tigh a nÉirinn:
Fítheal agus Flaithrí a mhac,
Fionn is Cairbre is Corbmac.
In cheisd ro chuirdís tria chéill
moch ro fhuasccladh Fionn féin;
ceist dá ccuireadh Fionn co ngal
neach don cheathror ní fhúasccladh.
Ní raibhe ní d'Fhionn
- 's do adhoir do Rí na rionn:
foghnaighfe i mbráth na mbreath
a chreideamh, a chaoimh-dhligheadh.
Go bhá sheacht ro chreid an rí
Fionn mac Cumhoill Almhuní:
an seachtmhadh feacht, ní fáth fás,
as ann tánoicc a thiugh-bhás.
Ar mbreitheamh, ar neirt, líon glonn,
ba rígh-laoch ar gach comhlonn,
cléireach ar chreideamh Mhic Dé
agus flaith ar fhírinne.
Ní mharoid an mhuinntir mhaith;
ní mhair Fionn féin an fíor-fhlaith;
ní mhair an cuire, sníomh céil,
an ruire, ná an rígh-fhéinnidh.
Ní fheattor locht ar an bhFéin,
dar an Rígh ro chum an ngréin,
d'úair nó do shísd, thíar nó thoir,
acht gan Rí an Lúain da leanmhain.
Feárr a sreath nó gach sreath,
fearr Fionn nó gach flaith fuilteach
ar méid a bhan is a chon
is a laoch léidmheach lúthmhar."
"Airigh na fFhían fa mór neart,
a Phádruicc fhéil gan aimhreacht,
do bhádor a nInis Fáil,
Caoílte an rígh-fhéinnidh ro ráidh."
Ráidh.
"Att-rae buaidh agus beannochtain, a Chaoilte,"
ol an rígh; "as mór an fios agus an fír-eólus ro
fhoillsighis dúinn."
Ro sccríobhadh aca-somh go huirésccaidh gach
ar innis Caoílte agus Oisín dóibh da mharthoin go
meabhraightheach a n-árus-bhruíghnibh ollamhon,
agus rucc gach cúicceadhach a chuid féin lais dár
sccríobhadh ann sin, co nach raibhe ríogh-bhaile
ruirigh nó roi-thighearna a nÉirinn ina uireas-
bhaidh.
Ro fhiarfaigh Fionn mac Faobhair, .i. mac rígh
Ua cCinnsealaigh, do Chaoílte ann sin créad an
fáth má-deara naoimh agus neirt-fhíreóin acc adhradh
agus acc árd-leanmhain don Ghiúsaigh Fhínn a
Laighnibh seach gach fiodh dá mbaoi a ccrích Ua
cCinnsealaigh.
"Lubhghort sealcca agus sáor-fhíadhaigh d'Fhionn
an t-ionadh soin," ol Caoílte, "agus an tráth nach
ffhaghdaoís an Fhían a ndaothain sealcca i
ccóicceadh láin-aidhbhseach Laighean do-gheibh-
daoís san Ghiúsaigh soin a sáith sealcca agus sáir-
fhíadhaigh, agus nochan fhuil a Laighnibh," ol sé,
"ionadh inar thairthighe trom-thalomh, agus inarbh
iascmhaire inbhear, agus inar chóra do chléirchibh
cuimhne do dhénamh inás."
"Créd 'má ttuccadh Áth Feárna ar an áth fil
a cceart-lár na Giúsaighe?" ol Fionn.
"Goll mór-ghlonnach mac Mórna baoí acc
foghail agus fír-dhíbheircc ar Fhionn agus é arna athchur
úaidh," ol Caoílte, "agus ro marbhosdoir Fearna
mac Cairill ar an áth soin, .i. mac rí na nDéisi,
úair ba fear grádha d'Fhionn é, agus ro hadhnaiceadh
ar úir an átha é; agus iccá chur fó throm-fhóidibh
talmhan tuccustar an rí a ordán fó a dhéad fis,
dús cionnus do bhíadh an t-ionadh sin inar
hadhnaiceadh a fhear grádha. Ro labhuir íaromh
agus as eadh ro ráidh:
"Dom bhréithir, émh, a Fheárna mheic Carill,"
ol sé, "as mo-ghéanair dhuit do haidhnaiceadh
isin ionadh sa, úar budh locc do lán-cheólánaibh
agus d'fhinn-cheólaibh taithneamhacha tráth é agus
d'adhbhartaibh Cuirp Chríost, uair tioccfaidh
Madhócc Feárna in fíor-náomh ann, agus beann-
eóchaidh é." Agus ro ráidh na roinn:
"Áth Fearna,
áit a mbia Madhócc feabhdha:
aniú ciodh iomdha a chuanna
budh íomdha a nualla neamhdha.
Áth feóruinne Fearna
budh feabhdha an fear agá mbia:
dó thiucfadh ann beó-chuire
bus iomfhoccus thall do Dhia.
Do-ria Madhócc muinntiorach,
maisi gréine tar chiotha;
do-ria an cáidh coirp-iodhan,
réadla bhúadha tré bhiotha.
Biodh é an t-ionadh tuillfidher,
a mbíd Fíana bhá fhulacht:
do-ria Madhócc muinntearach -
mo-chion rí dia mbá rulacht.
Biodh é an tríath trén-toighthe;
budh é an treas-bhorb brátha;
pudh é Madhócc molfuidher,
in tonn tar iolar n-átha."
Áth.
"Is maith do innisis ar fhiarfaigheas díot, a
dheigh-fhir," ol Fionn mhac Faobhair, "agus atá
ceist oile agam anoiss, .i. baile atá accoinne a
cComar iollbhuidhneach na tTrí nUiscce, áit a
ccomhraic Siúir agus Feóir agus Bearbha i n-éin-ionadh,
agus Ros mBroc a ainm, agus dob áil damh a fhios
d'fhaccháil cía 'gá raibh an dún, an diongna, agus
an deagh-bhaile soin."
Ro fhreaccoir Oisín an cceisd ísin agus as eadh
ro ráidh:
"Tríar ócclaoch grádha d'Fhionn," ol sé, ".i.
Ceallach Maol, Bráon Bile, agus Moi Lincc Lúath do
chóicceadh Laicchen, boí dhá chéad giolla, dhá
chéad óccláoch, agus dhá chéad cú ag gach fear
dhíobh, agus dá sirthí trí catha na Féine ní fuicchthí
dhíobh tríar dob fheárr lúth agus lámhach ináid.
Agus ro bhoí maith mór-adhbhal oile ionnta
imaille ri sin, ór as íad do chongbhadh an Fhían
bliadhoin iomlán ina ndún agus ina ndeagh-bhaile
gan teirce mbídh nó leanna ar aonneach acu i
n-oídhche nó a ló risin ré sin."
"Iongnadh adhbhal-mhór liom," ol Fionn mac
Faobhair, "uiscce an bhaile sin ina árd agus an
t-ionadh as a tticc an' ísioll, agus gach neach bhíos
a n-easláinte mar íocas an t-uisce sin é go mbíonn
sleamhoin slán-chréachtach."
"Indeósad-sa adhbhar an ratha sin," ol Oisín,
"uair as é sin céad-uiscce ro bheannaighsead
aingil a nÉirinn, agus as é uiscce déigheanach beinn-
eóchar inte é, agus Taoidhin ainm an uiscce sin
agus na habhonn.
Agus ro bhádor na deigh-fhir sin ann co
ndheachador mic Morna ar focchail agus ar díbheircce
ar Fhionn, agus ní ro rathaighsead-somh ní aon
d'oídhchibh ann gur íadhsat meic Mórna im an
tteach anoir agus aníar, pudhdheas agus pudhthuaigh, agus
ro bhádor trí laithe cona n-oidhchibh acc cur fris
an bhaile, agus nochar chumhaingsead ní dhó frisin
ré soin ar feabhos na foirne baoi ann.
Iar sin ro chuirsead teine ann gach áird ó nár
fhédsad dul ar ár-chor oile, agus ro loiscceadh leó é
as a haithle ionnus nach ttéarnó feir-ghin nó bain-
ghin gan bhúan-losccadh ass. Agus in tan trá
tairnic leó-samh an baile do losccadh agus do lán-
arccoin tánccadar tar sgairbh Inbhir Dhuibhghlaisi
agus tar Bhearbha síar go séid-dhíreach, agus ní mó nó
sruthair an Bhearbha tairnicc leó-samh d'fháccbháil
in tan tánccomair-ne trí catha na gnáith-Fhéine
dochum an dúnaidh dá n-éis, gen gurbhó cobhair
donaibh curadhoibh ar ccoimhriachtoin chuca an
tan soin.
Suidhios Fionn ar bhfaixin in dúnaidh tré
dhoicchir dheircc-theineadh, agus suidhitt maithe na
Féine ina fharradh agus ro accaoínsead an gníomh sin
go dubhach dobrónach dérach, óir ní minic do-
roighneadh ríamh nó íaromh gníomh budh doilghe
le gach áon díobh inás.
Tucc an flaith-fhéinnidh a ordan fó a dhéud
fis ann sin dús cia tt'áittéabhadh an t-áras toighthe
sin dia éis. Conadh ann ro taibhreadh agus ro
taisealbhadh dhó-somh an treas fios as aidhbhle
ro foillsigheadh dhó ríamh agus ro ráidh as a haithle:
"Tiocfaidh ceithre fáidhe toghaighdhe tar m'éis
a nÉirinn, agus do Rí nimhe agus talmhuin fhogheónaid,
agus tiocfaidh an ceathramhadh fear dhíobh gosan
deigh-ionad sa, .i. Mo Ling mac Fáoláin mheic
Fhearadhaigh mheic Fhíacha, agus cuirfidher cath re
deireadh aimsire i nÉirinn, .i. cath Mhoighe Rath,
agus rachaidh Suibhne Gealt ar ghealtacht as an
ccath soin, agus isin mbaile si muirbhfidhear é, agus nocha
lamhfaid fir Mhumhan olc an bhaile si do dhénomh
go deireadh an domhain." Agus ro ráidh na
roinn:
"Ros mBroc anú as conoir chuan,
rubha rúadh idir dhá ghleann:
ciodh cían gairid go ttoir inn,
Mo Ling ainm an fhir 'sa cheall.
Mo Ling Lúath, Ceallach, 's Braon Bil,
trí mic Fiachna gusa' neimh,
ann ros-fairrgheadh imá bhfaidhbh:
ní budh huatha a ainm iar sein.
Mo dhruim re Daithleannann dían
is m'aghaidh ar Shlíabh Dá Ráon:
irréir dhamh i rRáth Dhá Thorc,
anocht i rRos mBroc na mbráon.
Taoidhin choirtheach cham-linnteach,
as é sin ainm na habhonn:
tiocfaidh sonna tairrngiortach
tar éis Mo Lincc do thadholl.
Taoidhin ghasta ghríanánach
biodh í an oithlithre iodhan:
Ross mBroc i mbíttís úaisle,
Teach Mo Ling uaibhsigh in t-ionadh.
Do icfa an fear foluaimneach,
dó budh ainm Suibhne an saoir-fhear,
scérthor a chorp 's a anom
sonn ar ttadholl na tTaoídhean.
Teach Mo Lincc, sin Teach Mo Lincc
mheic Fháoláin mheic Fhearadhaigh Fhinn:
uinge d'ór do-bhéara neach
ar a thicch a tTeach Mo Lincc.
Beannán Mo Lincc a Luachoir
beantar ('s ní tim) le tráthuibh;
ní leamhfaid laoích ó Luimneach,
ór as Muimhneach a mháthoir.
Ticcfaid fir Chualonn attúaidh,
sealbha sluaigh, co Teach Mo Lincc:
ó shoin amach go bráth mbeann
fearr 'sa fearr láin-Teach Mo Lincc.
Adeirim-si rádh glan glé,
gach saoth íocfaidh in t-uiscce
(in rádh sa ní rádh cham)
fil i rRos mBroc na mbúabholl,
As air do-ghní easlán slán
tar gach n-uiscce a nInis Fáil
gurbh é an t-uiscce fil san Ros
ro bheannaigh aingil céados.
Adeirim-si ribh-si dhe
(biodh fíor dhamh a fháistine)
budh maith d'anmoinn Fhinn, 's ní anoss,
tarrngoire Mo Lincc san Ross."
R.
Rucc Fionn mac Faobhair buidheachas adhbhal-
mhór re hOisín agus re Caoilte do bhrígh mar do
fhuasccailsead gach ceisd dhíobh sin dó. Ro
ráidh rí Laicchen iaromh co mpéradh Oisín lais
cona mhuinntir co Dún Lámhna Lán-chaoíne
inghine Dobhráin Duthoire, co ceann bliadhna, co
ccomhraicdís fir Éireann doridhisi a tTeamhraigh.
"Bérad-sa Pádraig liom," ol aird-rí Éireann,
"agus bíaidh am fharradh i tTeamhraigh risin
mbliadhoin sin, do bhaisdeadh ffear nÉireann innte
agus dia n-órducchadh ina reacht agus ina ríaghail
pudhdhéin."
Ro sccaoilsead fir Éireann ó 'roile ann, agus ro
chomhraicsead a ccionn na haimsire céadna a
tTeamhraigh. Conadh Accollamh na Seanórach
a nUisneach ann sin agus comhrac Chaoilte agus Oisín
ré-roile.
Dála Chaoilte ro éirigh-siomh ina sheasomh
agus ro cheileabhoir don aird-rí, don naoimh-chléir-
each, d'Oisín mac Finn, agus do mhaithibh Éireann
ol-cheana. Ro fhiarfaigh Pádraig do Chaoilte cá
hionadh anar mheas dul, nó aimsir do chaithiomh,
risin mbliadhoin sin. Ro ráidh-siomh go rachadh
a bhfeadhuibh agus a bhfásoighibh, a ndiamhruibh
agus a ndroibhélaibh mar a mbíttís a chompáin agus a
choiccleadha, a charoid agus a chomhmbráithre, agus cco
mbeathóchadh é féin agus Fionnchadh do thoradh a
shealcco agus a shaoír-fhiadhaigh.
"Náthó," ol Conadl mac Néill, "acht an im
fhochair-si agus rod-fia fáilte agus fíor-chomhnaidhe
liom."
Ro chinn Caoílte ar an ccomhairle sin do
dhénomh, agus fa lúathgháireach Conall ó fúair áonta
ó Chaoilte dochum a choimhideachta do dhénomh.
Ro éirigh Conall gona mhuinntir ann sin, Caoílte
agus Fionnchadh immaille riú. Teaccoid go Ráith
Arthrach budhthuaigh a ccrích Chineóil cConaill.
Ro éirighdar ingheana míne mong-bhuidhe, meic
bheacca bhrat-úaine, amhuis, agus ócclaoích, an tan
do-chualadar Caoilte a bheith a ffarradh Conaill,
agus ro fhearsadar fíor-chaoimh fáilte fris. Teaccaid
isin rígh-theach iaromh, agus bádor acc ól agus acc
aoíbhneas ann re headh an chaoimh-láithe, nó
gur éirigh grían 'na ciorcuill trom theinntidhe,
gur líonustar alla, easa, agus inbheara, agus túaith-
theamhracha in talmhan ina deaghaidh.
Tánoicc Conall go maithibh i mhuinntire,
Caoilte agus Fionnchadh ina bhfochair, ar an bhfeart
boí ar ionchaibh in bhaile. Ro fhiarfaigh Conall
do Chaoílte ann sin créd 'mádh ttuccadh Ráith
Arthrach ar an ráith sin ar a mbéulaibh, Ráith
Mongaigh ar in ráith si attúaidh, agus Lios na nÉiccios
ar an lios so linn andeas.
"Trí mic bádor acc Bódhbh Dearcc mac in
Daghdha isin mBrugh mbráonach mbrat-sholus,
Arthrach, Áodh Áluinn, agus Aonghus a n-anmonna.
Agus do-rala easáonta agus imreasain eotorra agus a
n-athoir.
"Maith, a mh'anom, a ócca," ol Bódhbh,
"fáccbhuidh-si Tuatha Dé Danann damh-sa, agus
éirghidh d'ionnsoicchidh rí Éirionn, .i. Cormac ua
Cuinn, uair ní bhfuil d'fhearonn acc maithibh
an tshíodha sa fulang a bhfuil acc Arthrach, agus as
lía d'Aonghus iná dhó, agus as lia d'Aodh Áloinn
éicceas nó dhóibh aráon."
Ro ionnsoighdar na deigh-fhir ann sin go
Teamhraigh, agus fuairsiot an rí rompa ar faithche
na Teamhrach. Fearas an t-aird-rí fáilte fríú.
Ro innseadar-somh dhó as a haithle mur do
fóccradh ass an mBrugh íad rena n-athair, agus
gurbhu ar cúairt cuicce-siomh tángadar d'íarraidh
forba agus fearoinn fair.
"Do-bhéar-sa ceithre thríocha chéad oll-
bhladhach Uladh dhaoíbh-si," ol an rí, "re mo
shaoghal féin."
Agus ba isin ccrích si a bhfuilir-si, a Chonoill,"
ol Caoílte, "fúarsad na ceithre thríocha chéad
sin.
Ro ghabh an mac fa sine dhaoibh, .i. Arthrach,
isin ráith si ar ar mbéalaibh-ne, agus as amhlaidh
baoi agus teach n-oígheadh coitcheann aicce dá
chongmháil, agus do-gheibheadh gach áon dá tticceadh
gusan deigh-fhear comhnaidhe bliadhno ann úaidh
cen uireasbhaidh pídh nó leanna, imearta nó lán-
áinis, do bheith air risin mbliadhoin sin.
Ro bhaoi Aonghus isin ráith si attuaidh agus
meic ríogh na ccrích ccomhfhoccus ina fhochair,
agus an tí nach bhfacchadh a chongbháil acc brughaidh
nó acc bíatach a nÉirinn nó a nAlbain do cong-
bhathaoi aicce-siomh é isin ráith si, agus is innte
do bheantaoi a monga agus a mór-ghacco d'each-
radhaibh aird-érmhacha Uladh," ol Caoilte, "cona
air a deirthear Ráith Mongaigh ría.
Ro bhaoi imorra Áodh Áluinn isin lios sa
budhdheas agus éiccsi Éireann ina fharradh ann,
conadh aire goirthear Lioss na nÉicceas de. Deich
mbliadhna fichead ro chaithsead samhlaidh do
fhlaitheas Chormuic uí Chuinn, nó go bhfuair bás
ag Ráith Spealáin i mBreaghoibh.
Tánccadar-somh ar a n-ais co Tuatha Dé
Danann iar n-écc an rí, agus ro ba lioss ballach
breac-dhearcc buidhe in lios so in ionbhaidh sin
cco cnóibh cceand-chorcra caomh-áilne agus co
n-ubhlaibh cumhra coimh-millsi agus co n-iomad
gacha toraidh agus gach trén-mhaitheasa ar-cheana,
acht ciodh ráith rúadh anú gan chrann gan chaomh-
dhuille. Agus an chloch úghod," ol Caoílte, "fil
isin áird thuaigh don lios ar ar n-ionchuibh-ne, as
uathadh mhaireas dá fír-eólchaibh, agus as aithnidh
dhamh-sa go bhfuil folach fúithe, .i. lia ina bhfuil
trí chaoga uinge d'ór agus an céadna d'airccead agus
claidhiomh catha."
Agus ro ráidh na roinn:
"As rúadh anú Ráith Arthrach
gérbhó ráith ócc is ánrath:
solas budhdheas is budhthúaidh
as an ráith fhóid-ghlais fhionnfhúair.
Fios na cceasd do chuiris orm,
a Chonaill chleachtaigh na ccorn,
do-bhéar dhuit gan dícheall trá
im dhál na tteóra rátha.
Trí mic baoí ag Bodhbh go ngus
Árthrach, Aodh, agus Aonghus;
a Chonaill, foillsighim dheit
nárbad duma na deigh-mheic.
Eidir Bodhbh agus a thríar mac
tárla imreasoin go prab,
gor fhóccair dhóibh Bodhbh na lann
fáccbháil Tuaithe Dé Danann.
"Tabhraidh cúairt ar Chorbmac choémh,
ar ua cCuinn nár eitigh áon:
cuinghidh ar an bhfáith nach fann
dár ccrodh forba agus fearann.
Deithbhir duibh saighidh ór sídh;
dor aighthe ar an aird-rígh;
gibé huaibh as lugha crodh
ní thicc dár sídh-ne a iomchar."
Teaccoid na meic co Teamhraigh
ccaoín nua-chrothaigh n-ildhealbhaigh:
baoi an rí ar faithche amuigh
ar cionn na mac ar madain.
Ro éccaoínsad ris ann sin
Bodhbh dá síor-chur a síodhuibh,
iad don dheigh-fhear géarbho clann,
's a mbeith gan íath gan fhearonn.
"Ceithre thríocha chéad nach olc
do-ghébhthaoi úaim-si," ol Corbmac,
'rem ré, ciodh cían, fá bhur ccrodh
a ccóicceadh oirdheirc Uladh."
As é fearonn fuair na meic
ann sin ó Chorbmac coimhghlic
(foillsigheam féin do gach druing)
in tír si i ttáim-ne, a Chonaill.
Ro ghabh sinnsir na mac maith,
darbh ainm Arthrach árd-fhlaith,
san ráith si ar bhélaibh na bhfear,
conadh úaidh ainmnighthear.
Teach n-oídheadh coitchionn do chách
do chongbhadh Arthrach gach tráth:
aicce do-gheibheadh gach fear
congbháil bliadhna gan bhúaidhreadh.
Ro ghabh Aonghus san ráith thuaigh,
i rRáith Mongaigh go mór-bhúaidh:
aicce do chongbhadh an doss
mic ríogh na ccrích ccomhfhoccus.
Innte do beantaoi a monga
d'eachruibh caomha ceann-chroma
cóiccidh Uladh co ndligheadh,
conadh úaidh ro hainmnigheadh.
Ann baoi san lios so budhdheas
Oédh Áloinn fa trén i ttreas:
amhloidh baoi an fear go mblaidh
éiccsi Éireann, 'na fhochair.
Óna héixibh baoi san lioss
ráitear ris Lioss na nÉiccios:
acc sin daoíbh (gá ttámuid ris?)
éarneadh na cceasd do chuiris.
Teaccoid na mic ríogh tar a n-ais
gusan sídh ós Bhóinn mbraon-ghlais
ar ccúl arís go a n-athoir:
at-báth ua Cuinn Chéad-chathoigh.
Deich mbliadhna ficheat go fíor
co ndeachadar soir san síodh:
tríar soin nár dhodhaincc a llios:
ní bhfuil oruinn 'na ainbhfios.
An chloch sa atá thuaigh san lioss
sochuidhe atád 'na hainbhfios,
dá chaoga unga fó thrí
fó a bruinne 'na ccomhnuidhe.
Ba lios comháloinn go ccnoibh
an lios sa i mbíd na hughdoir,
ría ndul don tríar mac amach,
gé ráth anú Ráith Arthrach."
As R agus rl.
"Ro budh maith linne, a rígh-fhéinnidh," ol
Conall, "an t-ór sin atá fón ccloich d'fhaccháil."
"Nochan furas a tabhoirt-si a thalmhuin," ol
Caoílte.
"Budh urasa linne anoss," ol Conall.
Agus ro éirigh trí caogaid fear n-armach, agus
tuccsad a tteinn-fheidhm i n-aoinfheacht uirre, agus
nochar chorraighsead a talmhain í. Thicc Caoilte
chuicce as a haithle, agus tucc sáthadh sanntach
sáir-shéitreach sleighe fúithe, ionnus gur thóccaibh
dá háit agus dá hadhbhaidh í, agus tucc a lámh ina
hionadh agus tuccostar lía Finn mheic Cumhoill as,
ina rabhdar trí chaocca uinge d'ór agus an céadna
d'airccead, slabhradh órdha agus cloidheamh catho,
agus ro chuir an chloch isin ionadh chéadna doridhisi.
"'Anam, a Chaoilte," ol Conall, "cionnus
roinnfir an fríthe sin fon-fhúarois?"
"Do-bhéara an cloidheamh agus an slabhradh
dhuit-si," ol Caoílte; "agus do-bhéara an lia dhearcc-
óir do Náomh Pádraicc, óir is é líaigh íoca agus ard-
leasaighthe na nÉirionnach é."
Is ann sin adubhairt Conoll: "Atád teóra
tulcha accoinn sonn, agus nochan fhaghmaoíd acc
sean nó acc seanchaidh, acc fáidh nó acc file cia
ní dá bhfuilfeadh. Leacht na Laochraidhe agus
Tulach an Bhan-chuire anmonna dhá chnoc
dhíobh; tiobraid isin treas tulaigh dhaoibh-sidhe,
agus abhonn eisti imach, agus Glaiss na bhFear goirthear
dhí."
"Do-ghéabhoir-si a ffios sin go fírinneach úaim-
si," ol Caoílte. "Bean tugastar Fionn, .i. Sadhbh
inghean Búidhbh Dheircc mheic in Dághdha, agus
ro shireasdar-si coibhche ar Fhionn, .i. leith feisi
agus fíor-édála do thabhairt dí. Agus as é fáth fár
shireasdar an coibhche sin, ar a feabhas feisin,
ór ní raibhe ó Thiobraitt Bó Finne go Gardha
na hIspeirne bean bu feárr ináisi, agus ní raibhi a
nÉirinn nó a nAlbain bean bhiaidh a ccoindealcc
gloine dhí.
Ro snadhmadh an inghean agus Fionn ré-roile
iaromh ag Sídh bhFear bhFeimhén, ria ráitear
Sídh Bhan bhFionn, agus níor chían dó as a haithle
gur luidheadar ar shliocht-lorcc chloinne Morna,
bádor acc foghail agus acc díbheircc fair, agus do-ríacht
gusan ráith si ina bhfuilmaoíd-ne anoss ar a
lorcc agus ar a lán-eing-siomh, agus ro thuit oidhche
fair inte, agus ro gabhadh sosadh agus longphurt lais sonn
an adhoigh sin. Ro labhuir as a haithle le Fearr-
dhomhuin mac Buidhbh Dheircc, agus as eadh ro
ráidh ris:
"A Fheardhomhuin," ol sé, "ní fheadamair-ne
cá fad bhíam ar an lorgaireacht so, agus d'eaccla go
madh himchían le hinghin Buidhbh ar n-iornaidhe,
go madh ail agus aithis lé bheith inar bhféaccmuis-
ne, is iomchubhaidh dhúinn teachta do chur ar a
ceann dia tabhairt chuccoinn, agus féach-sa cia bhus
cóir dhúinn do chur isin teachtoireacht soin."
"A ceithre dearbh-chomhaltadha budhdhéin," ol
Fearrdhomhan, "is iomchuibhdhe do chur ar a
ceann, .i. Conoincc agus Cathol, .i. dhá mhac Aonghusa
Tírigh an tréinfhir, agus dhá mhac rígh Mumhan,
agus Cathosach agus Criamhthonn, dhá mhac rígh Laighen,
ór as íad-somh ceathror as annsa lé i nÉirinn."
"A ócca," bhar Fionn, "cia dhaoibh rachos isin
teachtoireacht úcchod?"
"Rachmaid-ne," ar clann rígh Mumhan, "ór
is inar ccrích atá in inghean."
Gluaisid rompa arna mhárach ceithre chéad
fear cona cconuibh agus ghiolluibh go Sídh Bhan
fFhionn, agus teaccoid rompa anonn isin sídh solus-
mhóir, agus ro fearadh fíor-chaoin fáilte riú gan
mhío-rún gan mheabhuil ag an inghin, agus ro bhádor
trí laithe agus teóra hoidhche isin sídh go nua gach
mbídh agus co sean gach saoir-dhighe. Ro laphuirsead
risin inghin as a haithle agus as eadh ro ráidhsad:
"Maith ámh, a inghean," ol síad, "tánccamair-
ne ar do cheann don toiscc si ó Fhionn agus ó Fhíanuibh
Éireann, ór as cían leó taoi ina ffhéagmuis."
"Ní faillighthe dhúinne gan dul libh-si," ol sí,
"ccen go mbeith in rígh-fhéinnidh dár ro-íarraidh."
Ro ghabh an inghean an sin a hearradh
oenaigh agus oireachtais impe, agus ro ghabhadar an trí
choécca inghean no bhíodh ina banntracht a
n-éadaighe aireaghdha ionntlaisi iompa mur an
ccéadna. Do-riachtadar gusan ttulaigh ttonn-
ghlais ttoghaidh si. Ro scuireadh a n-eachradha,
agus do cuireadh a bhfinn-leathreanna fastadha fútha,
gor ghealtador féur barr-ghlas burr-úaine go grian
na glan-chríaidhe. Ro ghabh tart trom-aidhbh-
seach in ingheanradh tar éis an aisdeir agus in áird-
éarmo sin, agus ro accaoínsead a n-íota agus a n-imneadh
ris na hóccaibh.
"Nochan aithnidh dhamh-sa uisce inar ngoire
ann so," ol Conoing.
Ro éirigh an t-arsaidh íar sin, agus rígh-lía
chloiche ro bhaoí a mullach na tulcha tonn-
ghlaisi tucc tarraing go tréan-láidir uirre, gur
bheanustoir a thalmhoin go tinneasnach í, ionnus
gur bhriss loch-thobar grinn glan-ghainmheach a
lorcc an lán-cháirrthe. Conadh ann ro ráidh an
ríocchan:
"As fearrdha ro tóccadh an cárthe agus caomh-
ghlais uisce dhúinn," ol sí.
"Gá feárr ainm dá mbia uirre," ol íad-somh,
"iná Glais na bhFear?"
Cona amhlaidh sin ro ghabh an ghlaisi
ainmniughadh.
Ro ibheadar an ingheanruidh a ndaothain
don uisce íaromh.
"Caidhe Fionn agus na Fíana?" ol an inghean,
"ór ann so adubhrabhair a mbeith ar ar ccionn."
"Dar ar mbréithir-ne," ol íad-somh, "as ann so
do gheallador inar ndáil-ne, agus nochan eadamair-
ne créd tucc orra gan an gealladh sin do choimh-
líonadh, acht gurab dóigh linn gurab trén-bhrath
agus taisccéladh fuairsad ar chlonnuibh Mórna, agus go
ttuccsat amus forra."
Nír chian dóibh an tan it-chonncador an
ghrinne áigh agus iorghaile isin magh andeas gacha
ndíreach dá n-ionnsoicchidh.
"An ttabhraidh aithne ar an ngrinne glan-
shlúaigh ucchot?" ol an inghean.
"Do-bhéaruidh aithne orra anoiss, ór as é Goll
mac Mórna cona bhráithribh fil ann dár marbhadh-
ne an líon támaoid."
Ro éirgheadar na deigh-fhir go dían-athlomh
ann soin, agus ro inneillsat a ccairpthe dona haindribh
sin, agus do cuireadh ionnta go hághmhar urmhaisn-
each íad. Ro fhiarfaigh Goll ann sin dia mhuinntir
'narbh fheasach dhóibh cía na sáir-mhílidh sin
baoi accá seachna.
"Do-bheirim-si a fhios duit," ol Conán mac
Mórna, "gurab íad súd dhá mhac rígh Mumhan,
dhá dheirbh-fhear grádho Fhinn mheic
Cumhuill."
Ó 't-chúala Goll sin ro ghreas a ghlan-bhráithre
ina ndeaghaidh co nach ndeachdaois úatha. Ro
cuireadh clann rí Mumhan 'na mór-chomhnaidhi
don ghreasacht sin, agus mur nach raibhe ar cumas
dóibh imtheacht do thoradh a ttréin-reatha
tuccsad glún re glíaidh do Gholl cona mhuintir agus
ro dhíobhraicc cách dhíobh a chéile do shaighdibh
síoth-ghorma, do bhearuibh barr-ghéara, do laigh-
nibh leathon-ghlassa lán-mhóra agus d'ilchinéil gacha
hairm ionchaithmhe ol-cheana. Ciodh trá acht,
torchradar ceithre chéud fear n-armach n-ion-
chomhluinn do mhear-shochraide mhac Morna
risan úathadh do mhuinntir Fhinn boeí isin
iomaircc, agus torchradar feisin gan neach n-eólaigh-
theach do dhul i mbeathaidh ass díoiph.
Dála in bhan-chuire, imorra, ó 't-chonncatar
an imni sin, tuccsad a ngnúisi re talmhain ar an
tulaigh si agus fuarador bás fó chéadóir d'úathbhás
uirre. Conadh dhe gairthear Tulach an Bhan-
chuire dhi," ol Caoilte.
"Do-riacht Fionn iar soin, agus an Fhían, gusan
ionadh sa, agus ad-chonncadar in sleacht-luidhe ban
agus fear sin dá muintir ar ttuitim. Dála dhá mhac
rígh Laighean, imorra, tánccatar ar an leathtaobh
oile don tulaigh, agus ó 't-chonncatar a ccomhdhalta
ar ttuitim, tuccsat a n-aighthe isin ttulaigh ttoinn-
mhín ionnus go bhfuaradar bás go bioth-urlamh.
Ó 't-chonnairc an flaith-ruire Fionn an t-éacht
soin, do thuitsad a airm leabhra lán-aidhbhle as
a lámhuibh go lúth-obann, agus ro chieasdar frasa
díochra déur, agus ro chieadar Fíana Éreann uile, an
méid baoi beó ann sin díobh, im an ádhbhar
ccéadna.
Ro ráidh Fionn íaromh:
"As olc an scéul so roichfeas go rígh Laighen
go Sídh Liamhna Láin-chaoíne, agus ní feárr an sccél
roichfeas go rí Mumhan go Ráith na Míleadh go
Slíabh Cua, agus ní ba hurgháirdiughadh le hánradh-
aibh co Sídh bhFear bhFeimhén, agus ciodh misi
féin," ol Fionn, "as adhbhar déar agus doghailsi
dhamh go deimhin in dáil sin, ór as mé as aidhbhle
easbhadha dhi, ór as leam do chuideóchdís na
curaidh agus na caithmhílidh ucchot."
Ro cuireadh ceathre chéad fear-ócclách do
mhuinntir Fhinn fó fheartuibh in talmhuin trom-
fhóidigh, ro tóccbhadh a lia ós a leachtuibh, agus ro
sgríobhadh a n-anmonna oghuim, agus as de sin atá
Cnoc na Láochradh ar an ccnuc sa gan conntabhairt,
a Chonoill," ol Caoílte.
"Ro hadhnaiceadh in ingheanradh isin ccnuc
sa theas mar an ccéadna. Cona dhe atá Cnoc an
Bhan-chuire fair. Agus ro hadhnaiceadh dhá mhac
rígh Laighean isin móir-thulaigh rinn attúaidh.
Conadh dhe atá Ard na Macradh dá ghairm di.
Agus as é sin seanchas fírinneach na tteóra ttulach
sa ro fhiarfaighis díom, a Chonoill," ol Caoílte,
"agus na glaisi, .i. Glais na bhFear."
Agus do-roighne na roinn d'éccaoine na ndeagh-
laoch sin agus na hinghine, agus d'fhoillsiughadh choda
do mhaith Fhinn agus a bháis:
"Is trúagh an gnímh
bás mac nDuibh, dhá mhac an rígh;
dhá chéad fear 's a n-urdail con
do bhíodh ar a thuarasdol.
Mór an sccél
im Ráith Arthrach, iomad ndéur,
bás Chonoing agus Chathoil
do bheith im cheann aon-achaidh.
Glais na bhFear,
budh é an tobar suthain sean
ag foghnamh do chách (ní chéul)
gan léun go ttí bráth na mbreath.
Gan imtheacht maithne a Sliabh Breagh,
gan coitseacht re féin bhfinn-fhear,
gan bheith adhoigh acc Dún Fraoch
is ccen tuarasdol d'ócclaoch;
Gan feis re hinghin Búidhbh Dheircc
rucc mo shiubhal 's mo shaoír-sheilcc,
's gan dul go Síth fFhear fFheimhen
le ríoghraidh n-aird ndeircc-theineadh.
Nír dhiúilt Fionn re duine ríamh
im ór, um airgead, im bhíadh,
go bhfúair bás co ndulghe dhe
saor-mhac Muirne móir-ghile.
Éucc Cathoil is Chriamhthainn chaoimh
ar an tulaigh si rem thaoibh;
éucc Finn, fichtibh gal,
le croidhe Caoílte is cumhan.
Ro marbhadh Fionn na Féine
acc tabhairt a laoich-léime
gan imtheacht ar aon ris
croidhe Chaoílte is eadh bhriseas."
"Att-rae búaidh agus beannachtoin, a Chaoilte," ol
Conall, "as maith an foras agus an fíor-eólas rod
fháccbhuis accár n-eólchuibh ré innisin d'uaislibh
agus d'aird-mhaithibh Érionn, óir ní córa dhúinne
dúil d'fhagháil isna scéalaibh sin iná dhóibh-
siomh."
Teaccoid isin mbaile inonn as a haithle in
oidhche sin, agus ro bhádor acc ól agus acc aoibhneas
ann ó sholus-tráth éirghe do ló arna mhárach.
Téid Conall ann sin amach ar an bhfaighthe, agus
téid Caoilte lais, agus ro bhuí a lámh i lláimh Chonaill
agus é acc síor-shuarcas air, ór ro mhothaigh ionmhaille
imtheachta for an seanóir.
Ro labhair ris, is eadh ro ráidh:
"Cia dar mhac h'athoir-si, a Chaoilte?" ol
Conall.
"Mac do Dhruindearccán mac Dorcoill mheic
Criomhuill mheic Thréinmhóir m'athair-si," ol
Caoílte, "agus bráthoir bunaidh-cheineóil d'Fhionn
é, ór ba do chlandaibh Tréinmhóir mheic Shoailt
mheic Garaidh mheic Bhaoisgne mheic Núadhat
Neacht iad araon," ol Caoílte, "agus Fionn Filidh
ba hainm don Tréinmhór sin."
Agus do-righne an laoidh ann d'fhoillsiughadh
a nd-éarbhairt ann sin agus do chraoibhsgaoileadh
chloinne Tréinmhóir:
"Fionn Fili ba fear go lí,
ba rí uasol oirnidhe:
cidh fili adeirmís ris,
ro budh rí ruanidh roi-chlis.
Fionn File ba fear gan bhrón
as de do ghairmís Trénmhór -
trén-mhór é ar threisi a threas:
ciodh eadh ón ba hainm aircheas.
Trí meic acc Trénmhór na ttreas
(fionnadh gach saoí re seanchas):
Criomhalt, Cumholl, Aodh Ollach:
ionmhain an tríar trén-ghlonnach.
Aon-mhac ro bhoí acc Aodh Ollach,
Lughach feargach fíor-ghlonnach:
aon-mhac 'gan Lughach céadna
Fearrdhomhan, fear ionéachta.
Cúicc mhic ag Criomhall rom-char,
Aodh, Caireall, is Fearrdhomhan,
Dáire nach bhfolchaidhe a n-ágh
agus Dorchoille déud-bhán,
is an seiseadh tréin-mhac teann
an curaidh cródha Cuilleand.
Dhá mhac Dorchoille dhúanaigh
(robsad gille go mbúadhaibh)
Druindearccán dar mhac Rónán
is Flaitheas Fear Leith-chórán.
Trí meic baoi acc Cumholl cháomh
Fionn flaitheamhdha, feárr gach áon,
is Díthramhach a Dhruim Dean
is Fítheal flaith-bhreathamh.
Seacht meic shoineamhla acc Fionn féin:
budh díobh Oisín in airm ghéir,
Fearghos file Fín-bhéul Finn,
Caoinche, Uilleand áith airm-ghrinn,
Raicchne Roscc-leathon na rann,
Fáolán is Aodh na n-órlann:
ro budh ceann feadhnach gach fear;
fa meanmnach an móirsheisir.
Inghean acc Fionn, fearrdha an bhean,
dar chomhainm Lughach láimh-gheal;
fearrdhacht ro thríall, tóla tlacht,
agus ro thréicc a bandacht.
Laithe ro bhádor acc seilcc
Dáire is Lughach ar aoin-leircc:
do-chuaidh Dáire gan deacoir
go Lughach 'na caoín-leabaidh.
Ba torrach Lughach co ngus
ó Dháire géar dhroch-thuras,
go rucc a ccionn naoí mís mac
ré mbíttís Fíana acc formad.
"Ro budh feárr leam iná ór,"
ar Fionn re Lughach lán-mhór,
"go bhfeasoin athoir in mheic
eidir Fhianuibh co coimhthric."
"Coirpthe an mac," ar íad uile,
"a rígh-fhlaith, a rígh-dhuine;
Gaoin an mac, ór gaoin a bhreith
gé tá Lughach gá dhíthchleith."
Dáire Dearcc mac Finn go mbloidh,
mhic Cumhoill chaoímh chomhramhaigh,
mhic Thréinmhóir go ruathor nglé
ris a ráitear Fionn File.
Fionn, Flann, is Deimne ón Druim
trí hanmanna mhic Cumhuill:
Fionn is Trénmhór ón tráigh theinn
rob íad anmonnadh an chéid-Fhinn. "
Fionn.
Ro éirigh Caoilte ann sin, agus ro thiomain ceileabh-
radh do Chonall, agus ro ráidh go rachadh do chuart-
ughadh in chóiccidh, agus gur thuirseach lais bheith
ina chomhnaidhe i n-aoín-ionadh; agus fa crádh
croidhe le Conall in ceileabhradh sin.
Ciodh trácht, ránoicc Caoilte agus Fionnchadh
rompa go Loch Doimh Dheircc soir re fuineadh
nóna, bhail i mbádor dhá uasol-chruimthear do
mhuintir Phádruicc, .i. Colmán Ealo agus Eóghannán.
Agus bádor an tan sin acc tréun-ghabháil na
canóine coimhdhéata agus ag aghmholadh an Dúil-
eamhuin go díochra. Is ann sin tánccadar trí
meic eaccolsa dá muinntir imach ar an loch a
ccurach do ghabháil éiscc, agus bádor acc cantoin
a n-easparta.
Ó 't-chuala Caoilti sin ro labhuir re Fionnchadh
agus is eadh ro ráidh:
"Uch, uch!" ol sé, "rob annamh leam-sa
coitseacht re coicceadol cléireach acc sonn-ghabháil
a psalm agus a psaltrach ós an linn se, agus ba binne
leam dordán deagh-bhan na Féine do chlos inás.
Ór dob eisiomh in treas ceól as binne boí isin
domhan: foghar an Duird Fhíansa agus an ceól
cruite do-níodh Cnú Dheireóil an dá cheól
aile."
Agus ro ráidh na roinn:
"Ba hannamh le hó mo chinn
coitseacht re léighionn ós linn:
ba mionca liom, ro bhaoi tan,
coitseacht re dordán deagh-bhan.
Ní bhaoi san ccruinne go ceart
ceól budh binne re coitseacht,
a nfhéagmuis dá cheól oile,
ná ceól caoín an bhan-chuire.
An dord do chandaoís an Fhían
ceól ba binne thoir nó thíar:
an dara céol (fa ceól cóir)
easnadh cruite Chnaoi Dheireóil.
Cia bé gá tteiccéabhadh peand
fada do bhiadh gá sgríbhenn:
truagh, a Dhé, mur tú-sa anos
tar éis na n-ilcheól fuaros.
Mall mo thuras ó Thráigh Lí:
as fada mo chomhnaidhi;
leabhair léicchinn, mór an modh,
a n-éisteacht leam dob annomh."
B.
Tánoicc Colmán Ealo agus Eóghannán amach íar
ccanntoin a ccáomh-thráth, agus at-chonncatar na
fir mhóra gona cconaibh ccomhadhoisi, agus ro ghabh
iongantas ádhbhal-mhór íad íarna bhfaixin.
"Do-fheador féin," ol Colmán, "gurb é súd
Caoílte mac Rónáin do mhuintir Fhinn mheic
Cumhoill," ol Colmán, "agus Fionnchadh mac Floinn
ina fhochoir, agus cuirthear na mic-cléirigh ina ccoinne,
ór do-chualamar gur ghabhsad baisdeadh agus gur
chreideastar ó Naomh Pádraig."
Do-rónadh samhlaidh, agus do fháiltigh Colmán agus
Eóghannán rompa. Ro freasdladh agus ro frioth-
áileadh íad íaromh, ionnus gurbhó subhach soi-
mheanmnach íad.
Is ann sin ro fhiarfaigh Colmán do Chaoilte:
"Créd 'mádh ttuccadh Loch Daimh Dheircc
ar an loch sin?"
"Damh dearcc ro bhaoí a n-eislearccaibh na
Luachra leann-bhraonaighe theas, agus do théiccheadh
d'fhearoibh agus do chonuibh na Féine feacht fó thrí
gacha bliadhno; agus ro leansad an Fhían é ó
leislearccaibh na Luachra laithe n-áon go ránccatar
in loch sa. Agus do bhámair-ne ceathror don
Fhéin ag tocht a ngoire dhó ag teacht chum an
locha sa, .i. Diarmuid ó Duibhne, Mac Lughach,
Glass mac Aoin-chearda Bérra, agus misi budhdhéin, agus
is mé budh foixe don damh don cheathror.
Ro dhiúbhraccomair-ne ceitheóra sleagha a
n-aoinfheacht fair," ol Caoilte, "gor ghabhador
uile greim ann, ionnus go ttorchair go tinneas-
nadhach dochum láir agus láin-talmhuin ar an láthoir
sin é, agus tárras-sa an dara beann dó, agus tárraigh
Díermuid Ó Duibhne an mbeann n-aile agus rucc
lais í go Teamhraigh Luachra d'ionnsaighidh Finn,
agus tucc Fionn a ceann ar a chaomh-thraighidh agus
tánoicc a ceann uachtarach dhó go a bhathais,
géarbh é ócclaoch ba mó do Ghaoidhealaibh é; agus
ro fháccbhus-sa an bheann do bhaoi accom
pfhéin díobh-somh i cceann na hinnsi si a bhfolach,
agus do budh dóigh dá madh solus an adhaigh go
mbéaruinn eólas fair, agus as ón damh dhearcc sin
deagh-Luachra torchradh 'gon loch sa ro hainm-
nigheadh é," ol Caoilte.
"Att-rae buaidh agus beannachtoin, a Chaoilte,"
ol Colmán, "as maith ro fhuasglais in cceisd so
chuireas fort, agus do budh maith linn in bheann
sin d'fhagháil."
Ro éirigh Caoilte ann sin, agus ránoicc gusan
ionadh inar chuireastar in ccaoimh-mbeann,
icas tucc a lámh isin mbrúach, agus ro tharroing
an bheann go láidir lán-chalmo ass an locc ina
mboí, agus tucc ar a mhuin í gosna cléirchibh gur
líon an teach ó airidhidh go a iarrshlios.
As é fa rí ar chóicceadh Uladh in ionbhaidh
sin Eochaidh Faobhair-dhearg mac Fir Ghlinne,
agus as ann boí dúnadh agus deagh-áros aicce a tTulaigh
na nArm ria ráitear Magh ruadh-armach Rath
isin tan so. Iar ttocht na maidne gosna maic-
chléirchibh ro éirghiodar co hésccaidh urlamh, agus
téid Colmán agus Eóghannán, seisir saor-chléireach,
ar cuairt ccosan rí, agus an bheann ar iomchar re a
ccois, dá breith dá taisealbhadh don rí-thigh do
Cholmán agus d'Eóghannán cona ccléirchibh. Ro
léicceadh an láin-bheann ar lár i ffiadhnuisi an rí.
Ro ghabh iongantas adhbhal-mhór an rí agus an
méid boí ina fhochair im aidhbhle agus im anfhóille
na háird-bheinne ad-chonncadar, agus ro fhiarfaigh-
sead do Cholmán cia hionadh ina bhfríth í.
"A Loch Doimh Dheircc," ol Colmán.
"Cía fuair and-somh í?" ol an rí.
"Caoilte mac Rónáin," ol Colmán.
"Mo-ghéanar accá mbiaidh an deigh-fhear sin
ina fhochair, agus monúar," ol sé, "nach bhfuil inar
bhfochair-ne go ffaghmoeis dinnsheanchas ar
ndionn agus ar ccnoc, coimhghne ar ccríoch agus fásach
ar bhfearonn úadh!"
Dála na ccléireach tánccador ar ccúl doridhisi agus
nochar inseadar don rí Caoilte do bheith acc Loch
Daimh Dheircc, d'eaccla go mbéaradh úatha
é gan airisiomh, agus ro fháccsad an bheann
aicce.
Ro bheannaigh Colmán do Chaoilte iar ttocht
do láthoir dó agus ro fhreagair-siomh an beannachadh
go búan-charthonach. Ro chansad na cléirigh a
ccaoimh-easparta, agus ro phronnaighsead íaromh, agus
ba sobhraigh soi-bhríoghach na sein-fhéinnidh iar
sin. Ro bhoí Caoilte ag coimhéad Cholmáin go
coimhdhíochra i ngach am dá ndiongnadh
urnaighthe an ccén boí ar a chomhair. Ro
labhuir ris aon do laithibh, agus is eadh ro
ráidh:
"Maith ámh, 'anam, a Cholmáin, créad fochuin
'má n-abruir-si na hocht ttrátha adeirir?"
"Maith na hadhbhair 'má n-abroim-si íad-
somh," ol Colmán, "ór atád ocht ccoire colnaidhe
i ccoimhleanmhuin chuirp gach aoin isin domhan,
agus íocaid-siomh íad."
"Aboir dhamh-sa," ol Caoílte, "agus ainmnighidh
dhamh-sa na hocht ttrátho sin agus na hocht ccoire
colnaidhe, gurbham eólach ionnta."
"Adér go deimhin," ol Colmán, agus ro ráidh:
"Na hocht ccoire colnaidhe
con-ghelit go grían:
na hocht trátha toghaidhe
dia ndíolghadh go dían.
Prímh re craos nach coimsidhe;
teirt re feircc na bhfáth;
meadhón laoi suairc soillsighe
uaim re héadradh ngnáth.
Nóin a n-aghaidh n-occobhoir
ar lár talmhan teinn;
easparta suairc socamhuil
uaim re tuirsi ttinn.
Coimpléit re sníomh sochmhaidhe,
úair is comhroinn chóir;
iarmhéirghe thrén toghaidhe
frí mhainneachtnaigh mhóir.
Tiughnáir maith na mín-leabhar
frí dhíomus dhúr ndocht:
go rom-shaora an Rígh-bhreathach
ar nua-chion na n-ocht!"
"Ciodh dhamh-sa, a Cholmáin," ol Caoilte,
"gan na hocht ttrátha soin do ghnáthughadh, ór
rom-fhuirigh Rí nimhe agus talmhuin i ccoimhré agus a
ccoimhaimsir riú?"
"Oirne na meic Eaglosa as mó atáid ceangoilte,"
ol Colmán, "agus nochan oirbh-si."
Ro fhiarfaigh Colmán do Chaoílte ann sin:
"Créad 'má ttuccadh Tiobra na Banntrachta
ar an tiobruid si i cceann an locha línidhe láin-
fhúair sin amuigh?"
"Niamh inghean Tiobraitte Thírigh, inghean rí
dhá chóicceadh Mumhan," ol Caoilte, "luidh ar
aitheadh agus ar éoládh le hOisín mac Finn óthá
Dún na Macaomh andeas i ccóicceadh Mumhan
gusan maighin si, agus boí Oisín dhá mhís acc dénomh
sealcca agus saor-fhiadhaigh in chóiccidh si sonn, agus
ticceadh Niamh tríocha inghean gacha haon-
mhaidne d'ionnmhadh a llámh agus do nighe a niamh-
aightheadh as an uisce áloinn fhíor-úaine boí isin
tiobraitt ttaitneamhaigh ttoinn-ghil ro fhiar-
fhaighis, a Cholmáin.
Dála Tiobraitte Thírigh," ol Caoílte, "do
chuir air go mór an inghean d'élódh le hOisín,
ionnus gur tionóileadh go trén-athlomh dhá
chóicceadh mhór-gharcco Mumhan lais do leanmhuin
agus do lán-íarmhóireacht Oisín agus na hinghine, agus fa
headh a líon, iar léir-thionól dóibh, cúicc catho
cródha curata, agus deich ccéad i ngach cath dhíobh,
agus nochar hairisiomh leó nó go rángador gosan roi-
thiobraitt si. Agus as amhlaidh boí an inghean
agus í ós cionn na caoimh-thiobraitte, agus a banntracht
ina timcheall, agus íad accá niamh-ghlanadh a huisce
na hóigh-thiobraid; agus acc éirghe dhóibh ón
tiobraid at-chonncadar na cúicc catho comhmóra
ar an ccaomh-thulaigh uasda. Ro laphuir an
inghean rena banntracht ann soin, íar n-aithne
na n-árd-shlógh dhí, agus is eadh ro ráidh:
"Monúar," ol sí, "nach bás fuaros sul do-
chífinn m'athair cona thríar mac, m'oide, mo dhá
chomhdhalta, agus maithe Mumhon ol-cheano 'gá
cciorbhadh agus 'gá ccnáimh-ghearradh gan choiccill
acc curadhaibh calmo coimhneartmhora Fhían
Éireann trém fhochonn agus trém acois budhdhéin."
Agus as cuma boí agá rádh agus tucc a haghaidh
re lár agus re lán-talmhuin ionnus go ffuair bás fó
chéadóir d'fhéle agus do náire, agus nocha deárna aoin-
bhean don bhanntracht gan bhásughadh fán ccuma
chéadna. Gurab Cnoc an Áir ainm na tealcha so
amuigh, agus gurab Tiobra an Bhanntrachta ainm
na tiobraitte ó shoin gus anú," ol Caoilte; agus ro
ráidh na roinn:
"Atá san ccnoc an ríoghan:
sochaidhe boí 'gá díoghal:
Cnoc an Áir ó shoin a-lle
áit a bhfuil 'na comhnuidhe.
et cetera.
Accus ó 't-chonncador maithe Mumhan an
inghean cona banntracht d'fhagháil bháis amhlaidh
sin, ro budh dubhach dobrónach íad. Ro labhair
in rí agus as eadh ro ráidh:
"A dheagh-mhuinntir," ol sé, "as olc an t-amus
tucc Fionn accus Oisín cona fFíanaibh oirn, .i.
an inghean do thabhuirt úainn agus a hoidhidh do
thocht tríotha, agus éirccheadh teachta dá n-ionn-
soicchidh go Slíabh Cinn Chon, agus fóccorthar cath
forra a ccionaidh an aindlighidh do-rónsad oirn."
Do cuireadh bain-eachlach an rí risin teach-
toireacht sin, agus Maireann Muirscce ainm na ban-
eachlaighi. Ránoicc-si roimpe go réim-dhíochra
go Ráith Cinn Chon mur a rabhador Fíana Finn.
Is amhlaidh boí an rígh-fhéinnidh an tan soin acc
fáith-imirt fithile re hOsccar mac Oisín, agus ro
fhiarfaigh scéala don bhain-eachlaighi. Ro innis
gurab d'fhóccra catho fair-siomh ó rígh Mumhon
tánoicc don toiscc sin, agus ro ráidh na roinn:
"d'fhóccra catho ort, a Fhinn,
a fhir na mbriathar mbith-bhinn,
as dó tánag go Ceann Con
gan áithcheódh gan éiliughadh.
Comhrac Fhinn is rí Mumhan
sochaidhe dá mbia a phudhar;
oirccfi cách dhíobh a chéile;
budh curata a ccoimhéirghe.
Adeirim-si ribh, rádh nglé,
(budh fíor dhamh an fháistine),
biaidh brath fir a nAlmhuin fhinn
don chath fhóccraim ort, a Fhinn."
A Fhinn.
"Rob annamh leam-sa," ol Fionn, "cath d'fhóccra
orm ó aonneach d'Éirionnchaibh gos anos, agus éirigh,
a Gharbh Goire," ol sé, "do rádh risin bhFéin
éirghe athlomh aon-fhir do dhénomh, go bhfreag-
ram rí Mumhan, do thabhairt catho dhó."
Tánoicc Garbh amach ann soin ar árd na
tulcha, agus ro léicc a theóra barrann-ghlaodha
bódhbha ós áird; agus ro fhreagradar an Fhían
go neamháilseathach é, ór do budh dearbh leó
gurab le deithbhir ro luaidheasdoir-siomh na teóra
gláodha gáibhtheacha groid-ghéara sin.
Ciodh trácht, do-chúador an Fhían ághmhar
urchar-cheart i n-urdhornchlaibh a ccloidheamh
ttort-bhuilleach, i ccrioslaighibh a sgíath reandach
réaldannach; agus ro ghlacsad a sleagha seimh-
neacha snasda sleamhuin-chruaidhe go sáir-
dheithnisach ann sin. Ro cóirgheadh cath
fearrdha fiothnaiseach fottuilsgiath as a haithle
im an aird-fhlaith, im Fhionn, agus amhdhamhach
dhoinn-sgiathach dílse deilighthe dath-chorcra ina
n-urthimcheall aneachtoir, agus ro tóccbhadh fidh-
némheadh neimhneach nathorrdha do shleaghaibh
snais-gheala síth-ronnaighthe soi-dhiúbhraicthe re
geal-ghuaillibh na gasraighthe as a haithle.
"Maith, 'anom, a ard-fhlaith," ol maithe na
Féine, "créad ádhbhor an árd-chatha so chum a
ttriallmaid don turus sa?"
Ro fhaillsigh an rígh-fhéinnidh damhna an
deagh-chatha.
"As étteachta dhuit-si, a dheigh-fhir," ol Fearghos
Fínbhéil, "dul do chur catho re rí Mumhan im an
adhphar sin, ór as follus gurab aicce atá an chóir
at aghaidh-si, agus as eadh mholmaoid-ne dhuit-si
maithe na Féine do theacclamadh ar fhód fó leith
dús créad do mholfaid do dhéanomh 'mun dáil
sin."
Ro dheilighseat ocht bhfichit fear-óglaoch do
mhaithibh na Féine ar fód fó leith do dhénomh
comhuirle créd budh iomairccidhe dhóibh do
dhénomh, agus as í comhairle ar ar cinneadh leó gan
an cath do thabhairt agus breath Chormaic Uí Chuinn,
Chiothruaidh mheic Fir Cháogad, agus Eithne
Ollamhdha inghine Cathaoir Mhóir do thabhairt
do rígh Mumhan i ngach aindligheadh dá ndeárnadh
fair.
"Cáit ina bhfuil Smiorghat, inghean Eathach
Éttualngigh, an eachlach?" ol Fionn.
"Sonn, a rí-fhéinnidh," ol sí.
"Éircchigh gusan ionadh ina bhfuil rí Mumhan,"
ol sé, "agus innis dó go ttiobhar-sa breath Chorbmaic
Uí Chuinn, Chiothruaidh mheic Fir Chaoccad, agus
Eithne Ollamhdha inghine Cathaoír Mhóir dó i
ngach éccóir dá ndearnas féin agus Oisín fair."
Do luidh an bhain-eachlach roimpe gan ro-
airisiomh go ráinicc gusan airm i mboí Aonghus
Tíreach agus maithe Mumhan. Fochtais Aonghas
di can as a ttudchaidh.
"Ó Shlíabh Cinn Chon tánag," ol sí, "agus Fionn
mac Cumhoill do chuir chuccoibh-si mé dá fhoill-
siughadh dhaoíph go pfhuighthí breatheamhnas
Corbmuic, Chiothrúaidh mheic Fir Chaogad, agus
Eithne Ollamhdha inghine Cathaoir Mhóir úaidh
ina mhíofholta fribh."
"Dá ttuccadh cuir agus rátha dhamh-sa rissin
mbreatheamhnus úcchot," ol an rí, "do chomhall,
Osccar mhac Oisín, Fearrdhomhan mac Búidhbh
Dheirg, agus Diarmaid Ó Duibhne."
Téid an eachlach ar a hais go Fionn agus ro innis
dó freaccra rí Mumhan.
"Do-bhéar-sa na rátha agus na ro-chuir sin dó,"
ol Fionn, "resiú chomhraicfeam ré-roile."
Ránoicc a fhios sin go hAonghus. Teaccoid
díbh líonaibh go Teamraigh, agus as í breath ruccatar
an tríar réimhráite comhthrom na hinghine d'ór agus
d'airccead do thabhairt do rí Mumhan a n-éruic
a inghine, agus éruic ar leith i ngach inghin tighearna
agus taoisigh dár básoigheadh ann.
"Cionnus rannfam an éruic ucchot, a Fhíano
Éireann?" ol Fionn.
"Is amhlaidh as iomchubhaidh a roinn," ol
Fearghos Fínbhéil, ".i. a trían ar chlannuibh
Morna, a trian arn-aill ar chlandaibh Baoísccne, agus
in treas trían di ar an fFhéin ol-cheana."
Do híocadh an éruic amhlaidh," ol Caoílte,
"agus as issidhe áon-éruic na Féine 'gá díol ríamh, a
Cholmáin," ol sé.
"Beir buaidh agus beannachtoin, a Chaoílte," ol
Colmán, "as mór an fios agus an fíor-eólus d'fháccbhois
accoinne."
Is ann sin thánccatar teachta ó rí Uladh, .i. ó
Eochaidh Faobhar-dhearcc mac Fir Ghlinne, go
Loch Daimh Dheircc, ar cionn Chaoilte agus Fhionn-
chaidh, dá mbreith chuicce ar cúairt agus ar céilidhi.
Ro cheadoighsead na cléirigh dhíobh dol ar cuairt
gusan rí. Ro cheileabhradar-somh do Cholmán
agus d'Eóghanán ann sin, agus ránccadar rompa as a
haithle go dúnadh agus go deigh-áros an rí, agus ro
fearadh fíor-chaoimh fáilte friú ag an rígh agus acc
maithibh an mhóir-theaghlaigh. Ro freasdladh
agus ro fritheóladh íad as a haithle agus ro déarghadh
iomdhadha agus áird-leapthacha dhóibh, agus ro chodail-
sead go sádhol suaimhneach go ar a bhárach. Ro
éirgheadar na sluaigh a mucha na maidne agus
teaccoid ar dua na rátho amach, agus ro shuidh in
rí ar árd na rátha agus ro shuidh Caoilte in' fharradh.
"A charo, a Chaoilte," ol Eochaidh, "innis
damh-sa créad 'má ttuccadh Ráith Áine ar an
ráith si ina bhfuilmaoíd?"
"Áine Fhosccadhach a Sídh Náis tucc aimsiu-
ghadh ar Fhionn agus ar fhoirinn don Fhéin," ol
Caoílte, "agus ba híad so an fhorionn sion, .i. Oisín
ollghníomhach, Osccar aird-éachtach, Mac Lúghach
láin-éachtach, Díarmuid déad-sholuis Ó Duibhne,
agus misi budhdhéin: .i. Laithe n-oén do-rónnadh sealcc
Bhoirche la Fionn mac Cumhoill. Do sreathadh
agus do searnadh a saor-ionadhaibh na sealgo an
sluagh ann sin. Do foillsiogheadh go fírinneach do
Áine shíodhánuigh sinne do bheith acc suidh-
iucchadh na sealcca soin a Sliabh bladh-adhbhal
Boirche, agus ro dhealbh go brodla an bhan-chumh-
achtach damh seing-reamhar sídhe do shiabhradh
fear, con, agus caithmhíleadh na Féine.
Is ann so," ol Caoílte, "boí Fionn 'na
shuidhe shealga an laithe sin, agus sinne an cúiccear
caithmhíleadh ina urthimchioll gá chomhdha agus gá
choimhéad, agus nochar chían dúinn amhlaidh an
tan ad-chonncamar an fíadh sídhe dár saighidh
ré cconaibh agus ré ccaoimh-fhearoibh na Féine, agus
ro léigeamar-ne an seisir saor-fhear bámar sonn ar
cconoirt i ccoimhnéinfheacht dó, agus ro ritheamar
féin a bhfíor-lorcc ar bhfear-chon. Agus tiaghmuid
eadh imchían ón bhFéin uile a ndeaghaidh an
fhíadha, óthá so go Sliabh Fúaid na n-ois-ealbhadh,
agus mur do bhámar ann, a tricce na togharma agus a
nd-eadeir-mheadhón na hanbhúano ad-chonncamar
an t-aon-ócclaoch ar an leircc dár leathtaobh, agus
ro aithin Fionn an fear-ócclaoch, agus as é baoi ann
Bearnghal Bói-chéadach a himeal-bhordaibh
Sléibhe Fúaid fionn-sccothaigh.
Tucc Fionn an dara sleagh lámho bhoí aicce
dhó agus muinche Brain, dá mbúan-choimhéad, agus
bhós co madh comhartha creidmheach coimh-
dhearbhtha le curadhaibh na coimh-Fhéine go
bhfaca an t-óccláoch sinne na seóid sin d'fhaixin
aigi, dá leandaoís sinn; agus do ráidh an rícch-
fhéinnidh ris, na Fíana do ghreasacht inar ndíaigh-
ne, dá mbuailtí uime íad, agus gan an sleigh nó an
slabhradh do thabhairt d'aonneach dhíobh go
bhfaiceadh é féin doridhisi.
Ciodh trácht," ol Caoilte, "rob ádhbhal re a
fhaisnéis gach siobhal dá ndearnamar an lá soin
agus gach imneadh fúaramor, ór ro shirseam urmhór
Éireann uile ria nd-oídhche, ar ndeas re tír agus ar
cclé re muir, go rángamar re dumhachadh dubh-
dhoirche deiridh an laoi go Sliabh iongantach Én.
Ro éirigh dobhor-cheó doilbhthe draoidheachta
dhúinn ainnsidhe, ionnus nach bhfacamar fíadh
nó cú agus co ndeachaidh an fíadh fá dhíthchleath
ar ar ndeagh-chonuibh, agus an tan do-chuaidh an
fhiadh tar fhaircsin úatha," ol Caoilte, "ro
fhilleadar óirne," ol Caoilte, "agus íad meirtneach
mór-thuirseach. Ro dhearcastar an deigh-fhear,
.i. Fionn, seacha, agus ro-chonnairc an síodh-bhrugh
solus-mhór sluagh-iomdha isin ccnuc inar ccomh-
fhoccus.
Teaccmaid íaromh isin sídh anonn as a haithle
go soinnimh saighthionach. Ro éirghiodar tréin-
fhiora an tshíodha go tinneasnach dár n-umhol-
fhósaigh, agus nochan fhaca-sa samhoil nó saor-
aithghin an tighe sin do thighthibh no talmhan,"
ol Caoílte, "ar iomdha a slúagh agus a sochraide, a
bhan agus a mhacoémh, a chúach, a chorn, agus a chopán,
a arm-éideadh agus a iolfhaobhar, agus ro fíadhaigheadh
Fionn cona fhoirinn go fíor-urlamh.
Ro freasdladh agas ro fritháileadh sinn as a
haithle amhail fa mían le meanmain agus le mór-
aiccneadh gach aoín dínn. Ro fhiarfaighsadar
mór-sccéla íaromh, agus ro innseamar dhóibh ó thús
go deireadh. Ro fhiarfaigh Fionn dhíobh-somh
cúich an síodh-bhrugh seasgar sluagh-iomdha sin, agus
cúich íad budhdhéin.
"Donn mac Miodhair misi," ol fear an tshíodha,
"agus Sídh Shléibhe Dhá Én goirthear don tshídh
si ina bhfuilim agus Áine Fhosccadhach a Sídh Náis
in óicc-inghean sa im fharradh, agus as í tucc thusa
isin turas sa do ghabháil ríghe dhamh-sa ar
Tuathaibh Dé Danann, dóigh is leannán búain-
ghníomhach ban-chumhachtach dhuit-si í, agus do-
chuaidh ad choinne don chur sa dochum conganta
dhamh-sa dhuit agus d'fheis lé féin go fírinneach.
Agus béir-si bliadhoin ar an mbúain-eachtra so
a n-éccmais Fhían Éireann, agus ní budh aithreach
dhuit-si nó dhóibh-siomh an turas so, óir béarair
braighdhe agus búain-éadála, ór agus ionnmhas, congh-
namh agus cumhachta ó Áine Fhoscadhaigh iolchroth-
aigh, úaim-si, agus ó mhaithibh Tuath Dé Danann don
toiscc si."
Agus ro fíoradh gach ní dhíobh sin," ol
Caoilte.
"Iomthúsa Fhían Éireann, tánccatar uile go
haon-ionadh isin maidin íar sgarthainn dúinne
riú go hIobhar Chinn Cóiche meic Neachtoin, agus
budh dubhach doimheanmach íad a ndíaigh a
n-árd-fhlatho, agus 'nar ndeaghaidh-ne an cúiccear
caithmhíleadh bámar ina bhúain-leanmhain. Ro
cruthaigheadh comhuirle leó and sin, .i. tocht go
Teamhraigh óir do bhí feis Teamhrach agá
trén-urghnamh an tan soin acc Corbmac ua cCuinn.
Agus budh faoílidh Corbmac agus maithe bhfear
nÉireann rompa, úair do shaoilsead go raibhe
Fionn ina fharradh, acht gér dhíol fáilte na
Féinneadha gen go mbeith.
Ro fhiarfaighsad maithe bhfear nÉireand
sgéula Fhinn agus ar sgeól-ne agus do ráidheadar-somh
nach mór dár sgéuluibh baoi aca ón uair do
sgaramar riú acc seilcc Bheinde Boirche. Rob
olc le Corbmac agus le maithibh fhear nÉireann na
sccéala soin, agus ro ghabhadar uile accár ccaoineadh,
ór do budh deimhin leó muna mbásaighthi sinn
'gon selcc soin go mbeithmaois i tTeamhraigh acc
tomhuilt na feisi a bhfochair an rí agus na ccóicc-
eadhach.
Ro labhair Bearnghal Bói-chéadach a himeal-
bhórdaibh Sléibhe Fúaid fonn-sccothaigh, brugh-
aidh céadach comhramhach eisécc, agus as eadh ro
ráidh:
"Do-ghébhthar agam-sa, a ard-fhlaith," ol sé,
"beccán do sgéulaibh na saoír-fhóirne go fírinneach,
óir tárla an seisir saoir-fhéinneadh suairc so-
dhánach sin dhamh ar Slíabh Fúaid agus iad ag
leanmhain seing-fhiadha sídhe agus misi ag comhdha
agus acc coimhéad mo bhúar agus mo bhó-tháinteadh.
Ro aithin Fionn mé, agus tucc an sleigh n-áith n-uillinn-
ghéur agus an muince mín-déanmhach ro bhoí ina
gheal-ghlaic dhamh, agus adubhairt riom gan a
ttabhairt d'aonneach go ttoirrseadh féin dom
ionnsoighidh doridhisi."
Tucc Bearnghal an sleigh agus an saor-mhuince
i lláimh an árd-fhlatha Corbmuic uí Chuinn. Tucc
Cormac a láimh Ghuill mheic Mhorna.
"Easbhaidh mhór d'Éirinn uile an fear 'gá
raibhe an tsleagh agus an mhuince si," ol Goll mac
Morna.
"In rabhadar conoirt ag na curadhuibh sin?"
ol Cormac.
"As dearbhtha go raibhi," ol Bearnghal Bói-
chéadach.
"Cúich na coin baoi aca, a Ghuill?" ol Cormac.
"Bran agus Sgeólang a láimh Fhinn, Adhnúall agus
Féur-úaine i lláimh Oisín, Iarratach agus Fosdadh i
lláimh Osguir, Báoth agus Buidhe a lláimh Dhiarmada
Lúath agus Roi-bhinn i lláimh Chaoilte, Congbháil agus
Coimhrith i lláimh Mheic Lúghach."
"Caidhe Fearghas Finnbhéil?" ol Corbmac.
"Sonna, a árd-fhlaith," ol sé.
"An mbeith a fhios accod créad an seal bhías
Fionn inar bhféccmais?" ol Corbmac.
"Bliadhain chomhlán," ol Fearghas.
"Más eadh," ol Corbmac, "éircchead Fíana
Éireann ar coinnmheadh agus ar coimhshreathnughadh
risin mbliadhoin soin, agus teaccoid sonna go Teamh-
raigh íar ccoimhlíonadh na bliadhna dhóibh go
bhfaiceam an fíor na fuighle chanas Fearghas
Fínbhéil."
Do-rónnadh samhlaidh," ol Caoilte. "Thán-
ccatar an Fhían agus maithe bhfear nÉireann ar-
cheana iar ttocht dheireadh na bliadhna dá
soighidh go Teamhraigh na Ríogh cco Corbmac ua
cCuinn. Ro fhiarfaigh Corbmac ann soin d'Fhear-ghos
nar chomhlán an bhliadhoin. Ro ráidh-seamh
gurbh eadh gan conntabhart agus gur mhithid don
Fhéin eidir-dhealughadh acht muna ttoirrseadh
Fionn go hathchomair chuca, agus cuma bhaoi accá
rádha agus do-rinne na roinn ag éccaoine Fhinn agus an
chúicceir bhámuir-ne ina fharradh co n-ébhairt:
"Bliadhuin chomhlán, ráidheam ribh,
ó theasda Fionn flaith-fhéinnidh:
mithigh aniú d'Fhíanaibh Fháil
dealughadh uile d'éin-láimh.
Aniu as comhlán an bhliadhoin
ó theasda flaith ar bhfiadhuigh,
ó do-chuaidh amugha an rí,
Fionn mac Cumhaill Almhainí.
Mór an easbhaidh Mac Lughach,
fear sáor-cheardach sáor-shubhach:
bheith gan Osgar luaidheadh gail,
bheith gan Oisín as easbhaidh.
Mór an easbhaidh Diarmaid dúin,
daltán Aonghusa an chaomh-dhúin:
Caoilte agus Fionn nárbh fhíamhdha
mór an easbhaidh én-bhlíadhna."
Bliadhain.
Ro labhair an rí ann sin agus as eadh ro ráidh:
"As mór an easbhaidh dhúinn," ol sé, "an seisir
saor-churadh rob fheárr a bhFíanuibh do bheith
inar bhféccmais agus gan súil agoinn re a ttocht
chugainn go bruinne an bhrátha agus beatha, agus a
Chiothruaidh mheic Fhir Chaoccad," ol sé, "as
mór do shéaduibh agus do sháor-ionnmhasaibh tucc
an flaith-fhéinnidh Fionn duit gen go bhfaghmaoid
a fhios úait an beó nó an marbh é."
Freagras Ciothruadh don rí agus as eadh ro
ráidh:
"As beó Fionn go deimhin," ol sé, "agus as uime
nár fhoillsigheas-sa sin daoíbh-si gos anos a
fhios agom gurab feárr le Fionn gan aonní dá
sgéuluibh d'fhoillsiughadh dhaoibh dhamh-sa nó
go ffoilsighidh féin daoíbh íad."
Ba faoílidh an rí agus fir Éireann ar-cheana don
aitheascc sin, ór do budh deimhin dearbhtha leó
nach raibhe acht fírinne ann ó do thiorchan
Ciothruadh é. Ro fhiarfaigh Corbmac de as a
haithle cuin tiucfadh Fionn cuca.
"An oidhche dhéighionach d'fheis Teamhrach,"
ol eisiomh, "bíaidh féin agus a chóiccer caithmhíleadh
at fharradh-sa agá tochaitheamh."
Ro fíoradh sin," ol Caoílte, "óir tángamair-ne
an seisir sáor-fhéinneadha sin go Teamhraigh
tiogh-oídhche na trén-fheisi, iar ngabháil gíall
Tuath Dé Danann dhúinn do Dhonn mac Miodhair
agus iarna fhágbháil a n-árd-cheannos orra, agus ní mó
do chaithmís-ne inar bhFíanaibh," ol Caoilte,
"fíanlach treabhoire ó shoin amach iná Tuatha
Dé Danann.
Ag tocht as an sídh dhúinn ro iarrastar an
inghean, .i. Áine, coibhche ar Fhionn, .i. an tulach
ina raibhe 'na shuidhe sealcco an lá ro lán-
bhuaidhir sí é d'ainmniughadh úaithe. Fuair
sí an coibhche sin," ol Caoilte, "óir is uaithe
ainmnighthear an ráith si gos anos, .i. Ráith Áine.
Conadh é sin fúaisgleadh na ceasda ro chuiris
oram, a Eochaidh," ol Caoilte.
"Agus do réir aroile sliocht," ol Caoilte, "as
de atá Ráith Áine ar an ráith si: .i. Rí rathmhar
roi-thiodhlaictheach ro ghabhastar árd-cheannus
for Albain gan uireasbhaidh darbhó comhainm
Modhorn mór-bhreathach, agus boí inghean áloinn
aireaghdha 'gun aird-rígh sin, .i. Áine inghean
Modhoirn, agus boí gan fhear athaidh fhada.
Ro fhiarfaighsead maithe agus mór-úaisle fhear
nAlban di créd tucc uirre gan feis le fear maith
éiccin d'Éirinn nó d'Albain. Ro ráidh-si nach
raibhe a nÉirinn nó a nAlbain fear budh diongbhála
lé acht Fionn mac Cumhaill namá.
Ó 't-chúala Fionn sin," ol Caoilte, "adubhairt
le Fionn Fear an Champuir agus le Rónán Rí-óglách
dol do thochmhairc inghine rí Alban dó.
"Gá comha bhéaram úainn?" ol íad-somh.
"Comas a bhfuil agom-sa a nÉirinn agus a nAlbain
dí," ol Fionn, "agus cen a léiccean tré bhioth síor."
"Maith, a rí-fhéinnidh," ol íad-somh, "cuir-si
días dot shean-mhuinntir féin linn ar eaccla nach
ccreidfeadh an inghean gurab tusa do chuirfeadh
dá tochmhairc sinn."
"Éirghidh agus Mac Lughach ann sin," ol Fionn,
"agus gach ní ghéabhaidh forraibh coimhlíonfad-sa é."
Lodsomar romhuinn an ceathror soin go
rángamor Dún Monaidh baile rí Alban. Ro
fáilltigheadh riúin. Ro freasdladh agus ro frioth-
áileadh sinn go maith a n-aireaccal ar leath isin
dúnadh. Ticc Modharn feisin agus a inghean, .i.
Áine, dár saighidh-ne as a haithle, agus ro fhiarfaigh
adhbhar ar n-aisdir agus ar n-imtheachta dhínn. Ro
fhoillsighmair-ne dhó," ol Caoilte, "gurab é Fionn
do chuir d'iarraidh a dheigh-inghine sin do bhí
do láthoir sinn.
"An ccluinir súd, a inghean," ol an rí, ".i. an
fear as feárr a bhFianaibh 'got t'íarraidh?"
"Nochan olc leam-sa sin," ol an inghean, "madh
í do thoil-si."
"Is deimhin gurab í," ol an rí, "acht go bhfagh-
thar cuir agus rátha dhuit-si re gach ní dá sirfir ar
an sáor-fhéinnidh do chomhal duit."
"Rachoim-ne an ceathrar curadh so a ccor dhí,"
ar Mac Lughach, "le gach ní dá n-íarrfaidh ar an
sáor-fhéinnidh do chomhall dí."
"Géabhoim-ne sin," ol an rí.
Tánccamar arna mhárach go hÉirin agus tuccamar
an inghin linn co n-iolar gach maitheasa lé.
Teaccmaid gusan ráith si as a haithle, ór as innte
boí Fionn agus forgla na Féine ina fharradh.
Ro faoiltigheadh romhuinn," ol Caoilte. "Ro
snadhmadhmair-ne an inghean le Fionn íaromh,
agus do-rad dí gach ní dár shireadar ina coibhche.
Do-rónnadh dúnadh agus deagh-bhaile leó isin ráith
si, agus do budh aidhbhseach ádhbhal-mhór an mhaith
do-níodh an inghean sin and, ór do fhreasdladh
agus do fhriotháleadh tri catho na gnáth-Fhéine gach
dara bliadhoin ionnus nach mbíodh easbhaidh
bídh nó búan-leanna, áinis nó aird-aoíbhnis, ar
áonneach dhíobh an tan do bhíttís isin mbaile
sin a bhfuilmaoid-ne anois a bhfarradh na deagh-
mhná soin.
Íar mbeith amhlaidh sin don inghin," ol
Caoilte, "ag bíathadh na bláith-Fhéine, ro labhair
Mac Lughach le Fionn, agus as eadh ro ráidh:
"Maith, a ri-fhéinnidh," ol sé, "saoilmíd-ne gurab
lór lat-sa do chreich agus do chomhfhorba accad Áine
inghean Mhodhairn namá."
"Deithbhir dhamh-sa sin, a Mhic Lúghach," ol
Fionn, "ór ní fheadar-sa dá sirinn Éire agus Alba
créd dho-ghébhuinn a ndún nó a ndeagh-bhaile,
a ccrich nó a ccaoímh-fhearonn ionnta ní nach
bhfagham ag Áine isin dúnadh sa, agus nochan
fhaighinn inte fós aindir budh áilne nó budh
aireaghdha, budh súarca, budh séghoinne, budh
réidhe, budh rioghanta, budh míne, budh macánta,
budh réidhe, budh ro-áillne inás deagh-aindir an
dúnaidh si."
Baoi-si acc Fionn go ceann shé mbliadhan dá
éisi sin agus rucc dhá mhac dhó, .i. Iollann Faobhar-
dhearcc agus Aédh Becc a n-anmonna. Fa marbh
í do bhreith Aedha agus do cuireadh isin ccaomh-
thulaigh si inar ccomhfhoccas-ne. Do tóccbhadh
a lía ós a leacht, agus ro sgríobhadh a hainm oghuim,
agus ro fearadh a cluithe caoínte, agus adearatt foreann
gurab uaithe ainmnighthear an ráith si, .i. Ráith
Áine, agus as deimhin go bhfuilid an dá dhéanomh sin
uirre," ol Caoilte, "agus as taosga ro ghabh ainm-
niughadh ó Áine inghin Modhairn nó ón mban-
shíodhuighe, ó Áine Fhosccadhaigh a Sídh Náis.
Cona é sin fuaslaccadh na ceasda do chuiris oram,
a ard-fhlaith," ol Caoilte.
Luidh Eochaidh íaromh go Ráith na Sgíath ós
cionn Tráchta romhuir Ruidhe, risa ráitear Tonn
Rudhraighe an tan so. Teaccoid isin dúnadh
anonn. Tuccadh teach diamhsach do Chaoílte
ann. Ro freasdladh agus ro friotháileadh é go
dubhrachtach díchra. Tuccadh cumas an chaomh-
dhúnaidh dhó as a haithle.
"Innis dúinn, a Chaoílte," ol Eochaidh, "créd
'má bhfuilid an dá fheart filid sonn ar Thráigh
Rudhraighe, agus cia do hadhnaiceadh ionnta."
"Dhá mhac d'Aodh mhac Fhinn mheic Fhionn-
tain, do rí Connacht, bádor a bhfarradh Finn
athaidh fhoda. Tuccastar Fionn agus na Fíana
ar-cheana, eidir mhaith agus shaith, íseal agus úasol,
grádh a n-anma uile dhóibh. Dob é fochain a
bhfíor-ghrádhaighthe don Fhéin amhlaidh sin ar
feabhas a mbéus agus i mbuan-aicceanta, uair ní
raibhe do mhaith nó d'olc na healadhna do bhiadh
ag neach do rachadh folamh uatha-somh, agus ní
bhiadh aoin-ndream dhínne ná deagh-lucht a
n-imreasoin ré-roile d'Fhianaibh Éreann nach
síthaighidís-siomh go soi-réidh íad tré fheabhas
a n-innsgne agus a n-urlabhra. Comhlann céad i
ngach fear dhíobh. Seacht mbliadhna déag ro
bhádar a bhFíanaibh, agus ba diongbhála na meic
do Chorbmac úa cCuinn nó d'Fhionn ua Bhaoísccne
íad.
Feacht n-aon íar soin," ol Caoilte, "do-riacht
Fionn agus trí catha na gnáth-Fhéinne ar áird-sheilcc
Éireann go rochtadar go Tráigh Rúghraighe sonn.
Ro gabhadh longphort linn ann sin, (agus adubhairt
Fionn) foraire agus forchoimhéad do dhéanomh dhó
an oidhche sin," ol Caoilte, "ór días mac ríogh
do-ghníth a fhoraire gach n-oídhche, gona muintir
ina bhfarradh.
Tángatar na tréinfhir sin go tinneasnach
troigh-éasgaidh gusan cceann so thíos don tráigh.
Nochar chían dóibh ann go ttángadar dhá ríogh
do ríoghuibh Lochlann attúaidh, Conghas agus
Conmhaol a n-anmanna, gusan tráigh cuca ann soin,
do dhíoghuil a n-athar oirne, ro thuit le Fionn
a ccath Droma Deircc i nAlbain agus dá chath
chóirighthe churata ina ccomhaideacht. Ad-
chonncatar na Lochlannaigh no hocht ccéad sgíath-
armach urlaimh ésccaidh ionchathaighthe ar a
ccionn isin ccaomh-thrácht.
Is amhlaidh bhádor meic ríogh Connacht an
tan soin, .i. Art agus Eóghan, agus dhá shleigh neimh-
neacha uilleand-ghlasa ághmhara aca tucc Fionn
dóibh an bhliadhoin roimhe sin, .i. an Órlasrach
sleagh Airt agus an Acoiseach sleagh Eóghain. Is
ann sin d'fhiarfaighseat na hallmharraigh cia do
bhaoi acc coimhéad na trágha. It-beartador-somh
gurbho do mhuinnter Fhinn mheic Cumhaill íad.
"Mo-ghénar," ol íad-somh, "fúair an ccomhlíon
soin dá mhuintir a n-éin-ionadh ré a n-oirleach agus
ré a n-athchuma."
"Má do frith dream dá mhuinntir a mbaoghal
ríamh," ol íad-somh, "nocha sinne íad."
Tánccatar na hallmhurraigh a ccoimhnéin-
fheacht ina ccoinne-siomh, agus ro ionnsaigheador-
somh i n-aghaidh na n-allmhurach. Ro bhádor
acc teasccadh agus acc tréun-chumach, acc loit agus acc
lúath-mharbhadh a chéile ó fheasgar go meadhón
oidhche.
At-chonnairc Fionn fís agus aisling an ionbhaidh
sin. Anndar leis go rabhadar dhá rón ghlasa ag
deól a dhá chíoch. Ro mhosgail an rí-fhéinnidh
iaromh," ol Caoilte, "agus as eadh ro ráidh:
"Cáit a bhfuil Fearghos Finnbhéil?" ol sé.
"Sonna, a ard-fhlaith," ol Fearghos.
"Ad-chonnarc-sa aisling," ol Fionn: "indar
leam bádor dhá rón mhóra mhuiridhe ag deól mo
chíogh agus mo chaomh-ochta, agus beir-si breith dhamh."
"Clann rígh Connacht," ol Fearghas, "do chuiris-
si d'fhoraire agus d'fhorchoimhéad na Féine anocht,
agus as deimhin leam-sa cco bhfuilid a n-éccomhlann
ag allmhurchaibh anosa, úair is íad-somh do dhá
chích-si, óir as daltadha dhuit íad; agus as íad na
róin ad-chonncais ag deól do chíogh allmhurraigh
ag deól a bhfola as an ccloinn sin rígh Connacht."
Ro éirgheadar ann soin an Fhian," ol Caoílte,
"agus tángadar go Tráigh Rughraighe, agus nochan
fhúaradar beó ar a ccionn ar an tráigh acht dhá
mhac rígh Connacht namá. Agus as amhlaidh
bhádor agus irseacha a sgiath imá mbráighdibh, agus a
ccorp ina ccrói-linntibh fola, agus a sleagha agus a sgéith
agá ccongbháil ina ccoimh-sheasomh, agus nochar
dhionguibh días aríamh don Fhéin urdail ar
dhionguibhsead-somh risan oiread sin d'aimsir.
Ro airccsead an Fhian ainnsidhe longa agus laoidh-
eanga na Lochlannach, agus do thairrngeatar a ttír
íad as a haithle. Ro haidhneacadh maithe agus mór-
úaisle na loingsi linne ar an ttrácht so," ol Caoilte.
"Dála chloinne rí Connacht, do thógbhamar
súas ós cionn Tuinne Rughraighi íat," ol sé, "agus
ro fhíarfaigh Fionn díobh nar dhóigh leó co madh
ionleighis íad.
"Trúagh dhuit-si, a Fhinn," ol íad-somh, "an
fhiafraigh sin do dhénomh, agus feabhas th'aithne,
óir ránccatar naoi ccéad im gach aon dínne, agus ro
thuiteadar linn, agus ro thuiteamair-ne do neimh a
n-áladh sin, agus déntar lighe agus láin-fheart dúinn,"
ol síad, "ina n-adhlaicfithear sinn, agus cuirthear
na hairm dá ndearnamar maith agus mór-laochdhacht
at t'fharradh-sa, a ard-fhlaith, gos anos a n-éin-
fheacht linn."
Nochor chían as a haithle gur sgarastar a
dheigh-spiorad anma re gach aon don dís dheagh-
laoch sin, .i. Art agus Eóghan. Ro léigeamair-ne,"
ol Caoilte, "an Fhían eidir úasol agus ísiol, beacc agus
mór, aruith agus ánruith, rí agus ruireach, gáir ádhbhal-
mhór ós áird do chaoíneadh na ccaithmhíleadh
ccalmo ccurata, agus ro thochladar feart do gach
aon díobh, agus ro cuireadh ionnta íad agus 'arm féin
a bhfochair gach aoin-fhir. Ro tóccbhadh a lía
ós a leachtaibh, agus ro sgríobhadh a n-anmannadh
oghuim íaromh. Agus as don chloinn sin rígh
Connacht ro tógbhadh an dá fheart ro fhiarfaighis,
a Eochaidh," ol Caoilte, "agus as íad ro hadhnaiceadh
ionnta. Conadh d'éccaoine na n-ócc sin," ol
sé, "ro ráidh Fionn na roinn:
"Feartán Airt, feartán Eóghain,
sochaidhe uainn lenar bheó-ghuin:
ionmhuin an días fa coémh cruth
do ghonsad óccbhadh allmhurach.
Dhá mhac rí Connacht aníar
rob aitte conn agus cíall,
rob aite maithios 'mo-le
ésreacht agus abhlóire.
Adeirim-si ribh-si dhe
(as fíor aní ráidhim-si):
ionmhuin dias ba calmo cuir
neoch do folchadh 'sna feartaibh."
Feartán.
"Ar fíor h'oinigh agus h'anma, a Chaoílte," ol rí
Uladh, "tabhoir na hairm sin chugam as feartaibh
na bhféinneadh."
"Leasg leam-sa sin," ol Caoilte, "a los Fhinn
ro adhnaic íad agus a los na n-ócc agá bhfuilid ina
fharradh."
Gé ro ráidh sin, do-chuaidh gos na feartoibh
agus tucc an Órlasrach agus an Acoiseach leis ésdibh.
Tucc an nÓrlassrach d'Eochaidh agus an Acoiseach
dá mhac, .i. Aonghus. Ruccsad búain-bhuidhea-
chas bioth-aidhbhseach lais.
Teaccoid isin dúnadh anonn as a haithle. Do
cóirigheadh teach n-óla ag na húaislibh, agus do
bhádor acc ól agus acc aoíbhneas in oidhche sin
nó gurbhó súuach soimheanmnach íad. Ro
cóirigheadh iomdhadha agus áird-leaptha dhóibh
íaromh. Turthachta Caoilte imorra, nochar
chodail a bheacc an oídhche sin, úair as amhlaidh
baoi acc caoí agus acc coimhéccaoine a charad agus a
choimhmbráithreach, a thighearna agus a thréun-
mhuinntire, a fhéine agus a fhóirne, an ccén bádor
na sluaigh ina suan-chodladh.
Ticc Eochaidh dá fhios isin maidin mhuich arna
mhárach, agus as amhlaidh fúair é agus cruth seanórach
go fír-dheimhin fair. Ro ghabh trúaighe ádhbhal-
mhór Eochaidh dhó, agus ro fhiarfoigh dhe cionnus
bhádhos aicce.
"Dá bhfacchoinn sealcc Bheinne Poirche do
dhéanomh dhamh," ol sé, "d'airdeóchadh m'inntin
agus m'árd-aigneadh gan amhoras."
Ro chuir Eochaidh ann sin tionól agus tiom-
succhadh ar shochruide, ar chonoirt, agus ar chaomh-
ghadhraibh na críche, ionnus go ttánccatar chuicce
go coimhdhíochra. Ro luidhsead go Binn
Bhoirche as a haithle. Ro shuidheastar an seilcc
go sáir-dhíochra im an sáor-bheinn, ionnus go
ttuccadh gach fear dhíobh an ccoinnéill agus an
muinche as an láimh go 'roile ó Eathuigh go Tuinn
Tuile budhthúaidh, agus ro bhádor acc déachsoin na
mara amach; agus nochar chían dóibh amhlaidh sin go
bhfacatar an inghin mhín mhong-bhuidhe ar an
ttuinn agus í acc snámh ar ccúl agus acc troigharshnámh
ina bhfíadhnuisi. Ro do shuidh íaromh ar an
ttuinn amhuil do shuidhfeadh ar tír nó ar tiorm-
charroicc; tóccbhas a ceann íaromh, agus ro labhair
riú-siumh, agus as eadh ro ráidh:
"An é Caoilte mac Rónáin súcchot?" ol sí.
"As deimhin gurab mé," ol eisiomh.
"Más eadh," ol an inghean, "as mór lá ad-
chonncamair-ne ar an ccarruic sin thú, a shein-
fhéinnidh, i bhfarradh na flatha Finn."
"Cia thusa, a inghean?" ol Caoilte.
"Lí Bhann inghean Eachdhach mheic Eóghain
mheic Oilealla misi," ol an inghean, "agus tú céad
bliadhoin ar an lionn-uisge si, agus nochar thóccbhas
ceann do neoch ó ro theasda an flaith Fionn gos
aniogh, agus as eadh fo-deara dhamh a thógbháil
anú, dot fhaixinn-si, a chara, a Chaoilte."
Ránccadar na fiadh-mhíola ar an muir amach
ann soin do theicheadh riasan cconoirt.
"Iasacht na sleighi sin damh," ol an inghean,
"a Chaoilte, go marbhuinn an fiadhach so dhi
agus go ccuirinn chuiccuibh íad ar tír."
Tucc-san an Chascorach, .i. an tsleagh, don
inghin agus ro mharbh an fíadhach lé agus ba choibhéas
sealg an laithe sin don tsheilcc is mó dá ndeárna
Fionn isin n-ionadh son aríamh. Díobhriocas an
inghean an sleigh co Caoilte íar marbhadh an
nfhiadhaigh dhi, agus téid úaidh as a haithle.
Is amhlaidh aithristear go ráinic muc, fíadh, agus
agh do gach cúigear d'Ulltaibh mur chuid ronna
don tsheilcc sin, agus tríocha fíadh don rí agus do
Chaoilte. Conadh Sealcc Bheinne Boirche agus
Iomagallmhadh Lí Baine inghine Eachdhach, rígh
Éreann, agus Caoilte go sin.
Teaccaid rompa ar a ccúla go Ráith na Sgíath,
risa ráitear Ráth an Mhíl an ionbhaidh si. Teaccoid
innte anonn íaromh, agus do cóirgheadh teach n-óil
agus áineasa aca. Is ann ad-chonnairc Caoilte aní
budh hiongnadh lais isin teach soin, .i. inghean
mhín mhong-bhuidhe acc tiodhlaiceadh séud agus sár-
mhaoíneadh ar son ar gabhadh d'ealadhain ann.
Do labhair-siomh risan rí agus ro fhiarfaigh dhe cia
an inghean sain dá raibhe an míadh mór-ádhbhal
dá thabhairt seach cách.
"Inghean óccláigh leanamhna dhamh-sa súd,"
ol an rí, "agus ní mhaireann i mbeathaidh dá shíol
acht an inghean úcchod 'na háonar, agus atá leath-
rann aice, agus ní fhoghann neach do chuirfeadh
leath-rann oile lais."
"Gen gurab fir dhána sinne," ol Caoilte, "do
budh maith linne isi do ghabháil an leath-roinn
sin dúinn."
"Gabh do leath rann, a inghean," ol an rí.
Ro ghabh an inghean, co n-érbhairt:
"Dún Fir Dhuibh
as é an dúnadh fada ar fuin."
"Ó 'd-chúador as uile an Fhian
nocha maronn fíal ar fuil,"
ol Caoilte.
Ro chuir Caoilte íaromh an córn as a láimh, agus ro
chaoí íaromh déara falcmhara fíor-thrúagha gurbhá
fliuch bla agus bruinne dhó.
"Créd as ciall don rann, a Chaoilte?" ol an
rí.
"Is dursan leam-sa a chíall," ol Caoilte, "ór
as é as ciall do leath-rann na hinghine gurab
trúagh fáonadh nó fannughadh do dhol ar dhún
an fhir darab ainm Dubh, nó gurab fada do-
chuaidh faonadh agus fannughadh fair; agus as é as
cíall dom leath-rann-sa," ol sé, "ó do-chúador an
Fhían boí isin dúnadh sin, as nach maireann aon,
nach fíal nó fairsing ar fhuil eile dia n-éis.
Maith, 'anom, a Eochaidh," ol Caoilte, "an
bhfeadoir-si an ceathror dob fheárr oineach boí
a ccoimhaimsir dia-roile a nÉirinn?"
"Nochan fheadair ámh," ol an rí.
Inneósad-sa dhuit íad," ol Caoílte, ".i.
Corbmac ua Cuinn rí Éireann, Fionn ua Baoísgne,
Dubh mac Treóin ann so d'Ulltaibh, agus Fíal a
mhac, agus as adhphal in iomarcaidh oinigh baoi a
nDubh agus ina mhac tar Chorbmhac agus tar Fhionn,
úair dá ttugthaoi i mbaoi a nÉirinn agus a nAlbain
dóiph do-bhéardaois úatha gan fhuireach é, acht
go bhfacchdaoís daoíne dá iarraidh orra. Fa
trúagh imorra la Cormac ua Cuinn agus le Fionn ua
mBaoísgne gan cumas adhbhal-mhór do bheith
aca," ol Caoilte, "ó do bhaoi coibhéas soin ionnta
d'oineach.
Tánccatar fir Éireann feacht go hAonach
Tailltean, agus do-ríacht Dubh mac Treóin agus a mhac
ann a ccuma cháich. Do shuidhsad ann a bhfíadh-
nuisi rí Éireann, agus nocharbh aithnidh dhó íad
roimhe sin acht cco ccúala a mbeulaibh súadh agus
seanchadha, éicceas agus ollamhain, a n-iomrádh.
Ro fhiarfaigh Fionn do Chorbmac ann soin narbh
aithnidh dhó na deigh-fhir sin baoi ina fhíadhnuisi.
"Nochan aithnidh dhamh," ol eisiomh.
"Dubh mac Treóin agus a mhac an días úcchod,"
ol Fionn, "agus do chóicceadh Uladh íad."
"In eisiomh an t-ócclaoch daidhbhir deagh-
oinigh agá ccluinmaoíd a ard-iomrádh agus 'oirr-
dhearcas?" ol an rí.
"As deimhin gurab é," ol Fionn.
"'Anam, a Dhuibh," ol Corbmac, "créd do-
bheir an t-oineach trom-aidhbhseach úd accoibh,
eidir athair agus mac, tar gach beirt oile a nÉirinn,
agus gan sibh acht bhur macoibh ócclaoch?"
"Truagh sin, a rí," ol iad-somh, "anndar linne
dá n-érmaoís énneach um ní dá mbeith accoinn
do-ghéabhmaoís bás eidir mac agus athair."
"Is truagh dhaoibh, a fhiora Éireann," ol Cairbre
Lifeachair agus ar Goll mac Mórna, "gan furtacht
do thabhairt do Dhubh agus dá mhac, ór as liph
féin do chaithfidís in méid ar a mbérdaois."
"Do-bhér-sa céad do gach crodh dhóibh gacha
blíadhna," ol Corbmac ua Cuinn.
"An ccoibhéas céadna úaim-si dhóibh," ol
Fionn.
Do gheallsad maithe agus mór-uaisle fhear
nÉireann maoíne agus maitheasa mór-iomracacha
dhóibh as a haithle. Táinic Dubh agus Fial rompa
go a ndúnadh feisin, agus bádor acc tomhuil agus acc
tréun-chaitheamh na n-iolmhaitheas sin ann go
socair suaimhneach go ceann sheacht mbliadhon
ndéucc, agus nocharbh éidir áireamh nó innisin gach
a ndeárna in deigh-fhear sin do mhaith nó go
ttáinic dáil dúabhaisi chuicce ar faithche a dhún-
aidh agus a dheagh-bhaile budhdhéin, .i. marc-shluagh
sírreachtach sídhe tánoicc adhaigh n-áon ar amos
an bhrogha i mboí an deigh-fhear. Ro fhiarfaigh
aon daoíbh cia an baile gos a ttánccatar.
"Baile Dhuibh mheic Threóin, .i. an t-áoneach is
feárr oineach do mhacuibh Míleadh agus do Thuathaibh
Dé Danann," ol an tí diar fhiarfaigh sccéala.
"As náir do Thuathaibh Dé Danann," ol íad-
somh, "gan fear a fhreasdail do bheith dhíobh."
Ticc Dubh dá n-ionnsoighidh iaromh, dá
mbreith isin dúnadh anonn. Tucc fear dhíobh-
somh urchor do shleigh neimhe baoi ina láimh
fair-siomh gur bhean-siomh dhó i n-odhor a
chléibh nó a chíche go bhfúair bás gan fhuirioch
ar an láthoir sin. Agus do bhaoi Fíal, a mhac,
deich mbliadhna ficheat isin dúnadh gan easbhaidh
maitheasa fair, go bhfuair bás íaromh. Agus dob
fheárr leam-sa," ol Caoilte, "go bhfeasoinn créd
an caradradh fil don inghin úd, d'fhoillsigheadh
sccéala an deigh-fhir Duibh mheic Threóin, ris fén
nó rena mhac."
"Inghean d'Fhíal mhac Threóin an inghean úd,
agus nocha maireann don mhuinntir mhaith sin ad-
chonnairc-si, a Chaoílte, acht an inghean úd namá.
Conadh ar a .. na hinghine ag an deigh-fhir
soin," ol Eochaidh, "tuccas-sa cumos mo shéad
agus mo mhaoíneadh re a ttiodhlacadh dhí."
"Cia do chomhainm?"
"Úaine mo chomhainm," ol isi.
Ro ráidh Caoilte rann íar cclos anma na hinghine
dhó:
"A Úaine áloinn, inghean Fhéil,
ro budh maith h'athair iar ccén:
rob eisiomh cara na cclíar,
an laoch forasda fíor-fhíal.
"A rí," ol Caoilte, "do budh doiligh dhuit-si
comh-maith na hinghini si d'inghin athor agus sean-
athor d'fhaccháil re comas do shéad agus do
mhaoíneadh do thabhairt re a ttiodhlacadh dí."
Ro labhuir Eochaidh ann sin rena mhac, .i. le
hAonghus, agus ro ráidh ris in inghean do thabhairt,
do bhrígh nach bhfuighbheadh a n-aon-chúigeadh
oile a nÉirinn inghean dob fheárr sccéala athar agus
sean-athar inás í.
Tug Aonghus in inghean íaromh agus do bhoí go
lán-ghrádhach aicce feadh a beatho.
Pádor acc ól agus acc áineas trí laithe agus teóra
n-oídhche. Iar sin ro laphuir Eochaidh re Caoilte,
agus as eadh ro ráidh:
"A anam, a Chaoilte," ol an rí, "ro budh mían
leam-sa dul d'fhiadhach go Foradh na Féine im
fharradh sonn."
"Acc sin mo mhían-sa," ol Caoilte.
Ro éirgheadar trí catha curata comhmóra a
ttimchioll an rí agus Caoílte, agus nochar hairiseadh leó
go rángadar go Foradh na Féne. Téd Caoilte
agus an rí, .i. Eochaidh, isin lios mór baoi isin
bhForadh.
"Sochaidhe ro díoladh 'mun tteallach so do
dhán agus d'ealadhoin, d'íotain agus d'ocrass, ag an
bhflaith-fhéinnidh Fionn," ol Caoilte.
Ro shuidhsad ar an ráith as a haithle, agus nochar
chian dhóibh ann go bhfacatar an t-aon-ócclaoch
dá soighidh go sáir-dhíochra, brat úaine aon-datha
uime, dealcc n-airccid ann, léine do shíoda bhuidhe
le grian a gheil-chneis, ionar maoth-shróil tairis
aneachtoir, agus tiompán toighidhi téid-bhinn ar a
mhuin.
"Can ass a ttige, a ócclaoich?" ol an rí.
"A sídh Bhuidhbh Dheircc mheic in Dághdha,
a deisceart Éirean," ol sé.
"Cia thú féin?" ol an rígh. "Cia rod-asdraigh
gusan ionadh so?"
"Caschorach mac Cainchinne, mac ollamhain
Thuath Dé Danann, agus damhna deagh-ollamhan
mé budhdhéin, agus as eadh rom-lúaidh d'fhoghluim
fheasa agus eólais agus móir-ghníomh gaisccidh na
glain-Fhéine a bhfarradh Chaoilte."
Do-righne oirfeadeadha dhóibh as a haithle sin,
gur chuir ina súan sár-chodalta íad as a haithle,
acht Caoilte namá.
"Créd an fhreagra bheirir oram, a Chaoilte?"
ol Coscharach.
"Gach ní dá ttángais dá iarraidh a fhaghbháil,"
ol Caoilte, "acht go roibh d'inntleacht ionnad a
fhoghluim. Agus do bhí deigh-fhear isin dúnadh
sa lá éiccin, a oirfidigh," ol sé, "do-bhéaradh
tuarasdol trom-adhbhal duit-si, acht giodh folamh
ataoi aniogh." Agus ro ráidh na roinn acc éccaoine
druinge don Fhéin no bhíodh im Fhionn, co
n-érbhairt an laoidh ann:
"Foradh na bhFían fás anocht
i tticceadh Fionn faobhar-nocht:
do bhás an deagh-dhuine (ar mbrón!)
folamh Almha úasal-mhór.
Ní mhaireann an mhuinntear mhaith:
ní mhair Fionn fén an fíor-fhlaith;
ní mhair an cuire rom-chráidh,
an ruire réidh, nó ríogh-fháidh.
As marbh uile Féne Finn
gé do théighdís glionn do ghlinn:
olc attaoi aniogh tar éis cáich,
d'aithle Dhiarmada is Chonáin.
D'éis Ghuill mheic Mhórna don mhuigh
agus Oilealla chédaigh,
ar ndíth Eóghain an ghaoi ghlais
agus Conaill don chéad-fhraiss.
Adeirim-si riot-sa ane
(as fíor aní ráidhim-ne)
gurab mór an easbhaidh ann
an Dubh díobhthraigtheach Dromann.
Ria ndíth na ccuire 's na ccéad
truagh dhamh nach ann fuaras écc,
ar n-imtheacht ó or go hor,
tan fa forlán an Foradh."
Foradh.
Tucc-somh ann sin dá úidh agus dá aire easbhaidh
na ccarad agus na ccoimhmbráithreach boí aicce. Ro
chíeasdair frassa déur falcmhara fíor-thrúagha,
gurbho fliuch blá agus bruinne dhó.
Teaccoid amach as an lios íaromh go hiomlán,
agus ro fhiarfaigh an rí do Chaoilte créad fá ttuccadh
Tulach an Trír ar an ttulaigh ar air airiseadar,
Abhonn Deisi ar an abhoinn ina fochair, agus Leacht
Cinn Chon ar an leacht ód thall.
"Do-bhéar-sa fios gacha neithe dhíobh sin
duit-si," ol Caoilte, "agus nochar sheanóir misi an
tan fár lilsead na hanamnadh sin íad.
Aird-rígh ro ghabhustar ríghe nAlboin darbho
comhainm Ioruaidh mac Ailpín. Bádor teóra
hinghean aicce-somh, Muireasg, Aoife, agus Aillbhe
a n-anmanna. Tuccsad grádh do thrí laochaibh
d'Fhíanaibh Éireann, .i. do thrí macuibh Aon-
chearda Béarra (Glas, Géur, agus Gabha a n-anmonn-
adh), agus tuccsad-somh grádh dhóibh-siomh mar an
ccéadna, agus baoi an coimhshearc sin eotarra fiche
bliadhoin.
Ro élaidhsad na hingheana aon do laithibh agus
tánccatar gosan ttulaigh si, agus do thuit súan sádhol
síor-chodalta orra sonn. Is í sin úair agus aimsir do
cuireadh bruighean uathaidhi le Fionn agus le mac
Mhic Con mhic Mhaicniadh i ccóigeadh Laighean,
agus nochan fhuil áireamh acc fileadhuibh ar a ttor-
chrador ann don Fhéin agus do mhuintir Fhathaidh
Canoinn, agus torchradar trí géaroide gaisccidh don
Fhéin ann, .i. na trí meic sin Aon-chearda Béarra.
Dála na n-inghean, imorra, iar n-éircche as a
ccodladh dhóibh at-chonncatar tríar óccláoch don
Fhéin dá soighidh, agus ro fhiarfaighdar sgéala dhíobh.
Ro fhoillsigheador-somh don ingheanraidh bruigh-
ean do chur ar Fhionn, agus ár na Féine do chur
innte, agus trí meic Aoin-cheárda Béarra do bhás-
ughadh.
Iar cclos na sgéul sion dóibh-siomh do-rónnsad
nuall-ghubha aidhbhle isin ttulaigh sin, agus tuccsad
a n-aighthe re lár agus le lán-talmhuin, agus fuarsad
bás gan fhuireach do chumhaidh an trír laoch sin
dá ttuccsad an trom-ghrádh.
Bádar, trá, dá dhearbh-chomhdhalta a nAlbain
aca-somh, .i. dhá mhóir-rígh Cat ittúaidh, Uilleann
occus Eochair a n-anmonna. Agus do-rónnsad
comhairle a ccomhdhaltadha do choimhleanmhuin.
Ro críochnuighadh an chomhairle sin leó, agus ro
leansad íad gusan abhoinn si, agus ro thuil sí réna
n-aghaidh, agus mur do-chonncador-somh na
héaduighe amhlacha iobhlaidhe bádor im in
ingheanraidh ar a ccomus isin ccaomh-thulaigh,
ro aitheansad íad, agus ro ghluaiseadar go dásachtach
dían obann isin áth gur ro bháith borb-thuile na
habhonn íad. Conadh íad fil fón dá fheart ghlasa
úd ós ur an átha.
Cú grádhach ro bhí acc Fionn," ol sé, ".i.
Adhnúall a hainm, do-rala ar mearughadh í ag
bruighin budhthuaigh. Ro shireastar Éire fó
thrí go ríacht an t-áth so. Tucc a tréun-núalla
esde ann, agus fúair bás go bioth-urlaimh as a
haithle. Agus dob isidhe an treas cú as feárr
fúair Fionn roimpe ríamh.
Dála dhá rígh-fhéinneadh Uladh, .i. Goll
Gulban agus Goll Cúailgne, ro bhádor acc seilcc an
mhuighe si agus ad-chonncatar na teóra hinghean
marbh ar an tulaigh si cco n-éxamhlacht gacha
datha ina n-éadaighuibh, agus ro chuir orra go mór
a mbeith marbh amhlaidh sin. Ro adhnoicsad
isin ttulaigh íad, agus uaidhe goirthear Tulach an
Trír dhí.
Teaccoid gosan áth iaromh, agus fuarsad días
deigh-fhear ann iarna mbáthadh, agus ro adhnoicsad
íad isna feartaibh fil ós úr an átha. Agus as ón
dá churaidh sin ro báitheadh innte ro hainmneadh
an abhann sa inar n-athfhoccus, .i. Abhonn Deisi.
Ro adhnaicsad an ccoin mur an ccéadna isin
cceann ód thall don áth, ór do fheadarsad go
madh buidheach an rígh-fhéinnidh dhíobh fá
onóir adhnaicthe do thabhairt don choin sin,
agus as uaithe ro ghabh an leacht ainmniugh-
adh."
Cona do dheimhniughadh na n-anmonn sin do
ráidh Caoilte na roinn:
"As í sin Tulach an Trír
tángadar ó thír do thír:
budh hé a hainm ó sonn amach
go ttí an díne déigheanach.
As í so Abhonn Deisi;
uirre fa heólach meisi;
don dís ro-dus-báidheadh sonn
fúair ainmniughadh on abhonn.
Leacht Con i ccionn an átha,
innisim daoiph a fhátha:
Adhnuall fa hé ainm an chon
fuair bás sonn ar mearughadh.
Mór ccéide, mór ccarroic crúaidh
imor luaidheas airm gach úair,
ciodh uathadh tánag san tír
sonna go Tulach an Trír."
As í.
"Beir búaidh agus beannachtoin, a Chaoilte," ol
Eochaidh, "is feasach fíor-eólach ro fhuaslaccais
gach ceisd dár chuireamair-ne ort, agus as mór an
t-eólus agus an t-ard-fhios ro fháccbhois 'gár n-éccsibh
agus 'gár n-ollamhnaibh dot éis."
Cealabhras Caoílte do rí Uladh ann sin, agus do
mhaithibh an chúigeadh ar-cheana. Ro cheal-
eabhair Fionnchadh agus Caschorach dhóibh mur an
ccéadna.
Cíodh fil ann trá, ro ghluaiseadar rompa go
réim-dhíochra a n-édnaibh cnoc agus carroc, go riacht-
adar go fosadh-mhullach Sléibhe Fúaid féur-úaine.
Do-rala Pádraig dhóibh ann sin cona easboccaibh,
sagartaibh agus aroile deóchnaibh agus psailm-chéadlai-
dhibh, agus íad ina suidhe acc cantain a ccaomh-thráth
agus acc deagh-mholadh an Dúileamhan go ndícheall.
Ro fhearsador na naoimh-chléirigh sin fáilteacha
re Caoilte agus re Fionnchadh, agus ro fhiarfaigh an
Táilgean sgéula dhe ó do sgarastar ris roimhe
gusan uair sin. Ro innis-siomh a iomthús dhó
ó do sgar ris go sin.
"A Bhrógáin," ol Pádraig, "sgríobhthar leat
gach ní dár innis an seanóir dhúinn."
Do-rónnadh samhlaidh.
"Cúich an macaomh mín-dhéanmhach sin ad
choimhideacht, a Chaoilte," ol Pádraig, "'cá bhfuil
an crann ciúil?"
"Mac ollamhuin Thuath Dé Danann an macaomh
úd," ol Caoilte, "agus Caschorach mac Cainchinne
goirthear dhe, agus d'fhoghluim gaisccidh, fis, agus
eólais chuccam-sa tánoicc, agus cruitire ro-mhaith
é."
"Maith an chonair a ttánoicc-siomh d'íarraidh
gach néith dhíobh sin," ol Pádraig, "agus, a Chaoilte,"
ol sé, "as maith an ní lér fuirgheadh thú, .i. re
haimsir creidmhe agus crábhaidh i muinnteardhas
naomh agus fíréun ar an tearmonn sa agus a bhfreacnarcas
an Dúileamhuin fá dheóigh, agus tú acc tabhairt fis
agus eólais uaid do gach aon dá n-iarrann ort é."
"Deo gratias," ol Caoilte; "ad-lochar-sa sin
risin bhfíor-Dhia bhforórrdha ion gach adha...
gom écc.
"Faiceam páirt dot t'ealadhain, a Choschoraigh,"
ol Pádraig.
"Nochan fhaca aonneach m'ealadha-sa aríamh,"
ol Coscharach, "budh feárr leam dá faxin inaí-si,
a naoímh-chléirigh, agus ní dhearnas d'aonneach
ríamh í agár fhonnmhaire leam a dhéinimh iná
dhuit."
Tucc a thiompán chuicce íaromh. Ro ghléas-
astair í, agus do shinneastar coirche caoin-bhinne
ciúil uirre, go nach ccualador-samh aríamh roimhe
sin a choimhmbinn acht coigeadal na canóine
amháin agus eadarmholadh an Athar neamhdha. An
tan táirrnig dhó-samh a oirfide do dhénomh,
amhuil fa lór leó-san, ro fhiarfaigh do Phádraig
créad an lúach do-bhéaradh dhó ar son ealadhna.
"Créd iarroir orm ar a son?" ol Pádraig.
"Neamh dom anmuin," ol eisiomh, "agus rath ar
m'ealadhain go bráth."
"Do-ghébhair an raith sin ar h'ealadhain," ol
Pádraig, "agus fáccbhuim-si do bhúadhaibh ar
h'ealadhain-si, a Chaschoraigh, go madh sí an
treas ealadhna as mó ar a bhfuighbhe neach a
leasucchadh re deireadh an domhuin si i nÉirinn,
agus ciodh mór an doicheall bhías roimhe an tí 'gá
mbía, acht go ndeárna ní dhi agus go n-innisi sgéul,
ó shoin amach soirbheas dó acht nach deárna
leiscce."
Ro chuir-siomh a chrann ciúil iona ionadh
íaromh.
"Maith an t-oirfideadh do-rónuis," ol Brógán.
"As maith go deimhin," ol Pádraic, "acht
muna bheith sían sáir-bhriocht sídhe ann, agus nochan
fhaca ceól budh cosmhaile re ceól nimhe inás
acht muna mbeith soin."
"Ó tá ceól a nimh," ol Brógán, "ciodh um
nach beadh a ttalmhuin, agus an abraidh-si gan an
t-oirfidigh do dhíochar?"
"Adeirim go deimhin, acht nach ro-chreitear
dhó," ol Pádraig.
Is ann sin ad-chonncatar an t-áon-ócclaoch dá
n-ionnsoicchidh; léne do shíoda re grían a gheil-
chneis, siadhal-bhrat áloinn úaine uime agus dealcc
óir ann. Ba coemh a chórughadh an ócclaoich
iséin.
"Car do chomhainm, a óglaoich?" ol Caoilte
íar tteacht chucu dhó.
"Aodh mac Aodha na nAbhaiseach, a Cnuc
Ard-mhulla amuich don muir risa n-abarthar
Rachrainn anos, misi," ol sé, "agus mac ollamhan
do Thuathaibh Dé Danann misi, agus d'fhiarfoighidh
neithe dhíot tánccus."
"Créd dob áil d'fhiarfoighidh dhíom?" ol
eisiomh.
"Ní feárr leam ní dá bhfiarfóchaid díot," ol
eisiomh, "nó créd 'má ttuccadh Carn Malarta ar
an ccárn ód thoir."
"Urasa leam-sa a fhios sin do thabhairt duit,"
ol Caoilte, ".i. ócclaoch do Thuathaibh Dé Danann,
Aillén mac Eóghabhail a ainm-siomh, tucc grádh
do mhnaoi Mhanannáin mheic Lir agus tucc Mananán
grádh dá dheirbhshíair-siomh, .i. d'Áine, ionnus
gurbh annsa leis í iná mná na cruinne go comhlán,
agus nochar lugha grádh na hinghine dhó-samh. Ro
fhiarfaigh-si d'Aillén aon do laithibh ciodh tánoicc
ris nó créd re thráigh an dealbh dhearsgoitheach
ro bhaoi fair.
"Grádh adhbhal-mhór tuccus d'Uicht-dheilbh,
d'inghin Fhearghosa Finn, do mhnaoi Mhanannáin,"
ol eisiomh, "agus níbam beó muna roisidh leam toil
m'inntine do choimhlíonadh lé, agus nochan fhuil
áonneach ar talmhuin dá n-inneósain soin acht
tusa namá."
"Maith tárla dhúinn," ol an inghean, "ór atá
d'fhurtacht-sa ón imneadh soin ar mo chor-sa cen
chonntabhairt, ór tucc Manannán grádh áidh-
bhseach dhamh, agus dá ttuccadh Uicht-dhealbh
dhuit-si d'fhaoifinn lais."
Ro chuir fios go falaightheach go Manannán agus
ro ghabhsad ionadh coinne ar an ttulaigh úcchot.
Do-riachtsat an ceathror sin a ccoimhnéinfheacht
dochum na tulcha a n-am na dála. Ro shuidhsead
uirre. Boí Áine a bhfochar Mhanannáin agus Ucht-
dhealbh a bhfochair Aillén, ór tucc tuile trom-
ghrádha dhó arna fhaixin dí, ionnus gurbh fhurasa
lé bheith ina fharradh. Tucc gach fear dhíobh
pócc don mhnaoí bhí ina fharradh agus do léicc fios
a inntinne lé. Do-rónnsad malairt ann soin, ór
rucc Manannán inghean Eóghabhail lais, agus rucc
Aillén inghin Aonghusa Finn mur an ccéadna agus
budh faoilidh an ceathror sin eidir fhear agus mhnaoí
íar ndénomh na híomlaoide amhlaidh sin. Conadh
ón maloirt sin ro hainmniugheadh an árd-thulach
ucchod.
A anoim, a Aodha," ol Caoilte, "goirther
Tulach Mhanannáin dí tré a mhionca do athaigh-
eadh uirre agus trésan malairt sin do dhénomh
dhó uirre tar aon-tulaigh oile, agus nochan fhuil dá
seanchas agom-sa acht an méid sin, agus dá mbeith
do-ghéabhthá-sa."
Teaccoid rompa iar soin go gleann risa ráitear
Muinntear Dhiughoire isin ionbhaidh si, áit a
raibhe Pádraig a ndaore ag Míolchoin mac uí
Bhúain, rí Dhál nAraidhe. At-chonncatar an
ccill ccaoimh cclogásaigh, agus tríocha mac eacclasa
no bhíodh innte ag adhmholadh an Dúileamhan.
Ro dhéach Caoilte 'na thimchioll agus at-chonnairc
an ccáomh-chill cceólánach oile úaidh a n-ath-
fhoccus dhó.
"At-lochamar do Rí nimhe an t-ionadh sa do
bheith 'na árus náomh agus fíréun, agus a mhionca do-
chonncamar é 'na adhphaidh sluagh agus sochaidhe
ria sonn."
"Cia do bhí san ionadh ucchot, a Chaoílte?"
ol Pádraig.
"Raighne Rosg-leathon mac Finn," ol Caoilte,
"agus Caonche Corcor-dhearg boí isin árus úd oile
fil ar air ccomhair, agus fa haoibhinn a bheith ion
gach baile dhíobh an ccén bádor na deigh-fhir sin
ionnta."
"Innis dúinn," ol Pádraig, "cionnus fuairsead
oidheadha."
"Clanna Mórna," ol Caoilte, "ro mharbhustar
íad, .i. Raighne ar Magh Raighne, conadh úaidh
adeirthear Magh Raighne, agus Caoinche ina shlébh,
conadh dhe atá Slíabh Caoínche."
Íar soin ro éirigh Pádraig cona mhac-chléirchibh
agus Caoílte cona dhías deagh-laoch imaille ris, as an
ionadh a ndearnsat comhnaidhe ag coitseacht re
Caoilte acc tocht tar na tréinfhearuibh soin.
Nochar chían dóibh as a haithle go bhfacatar
teachta agus taighleóra rígh Mumhan dá n-ionn-
soicchidh agus do fhoillsigheadar do Phádruic gurab
ó rí Mumhan, .i. Aonghus mac Nattraoich, tángadar
ina choinne agus ina choimhdháil-siomh dá bhreith
go Muimhneachuibh doridhisi.
Ro fháilltigh an naoimh-chléireach riú, agus ro
ráidh go rachadh do shaighidh rí Mumhan gan
mhoille, go haithghairid ina dheaghaidh soin, acht
go síoladh creideamh agus crábhadh isin chúicceadh
i mboí don chur soin. Ro cheileabhairsead-somh
don náomh-chléireach íaromh, do Chaoilte, agus do
chách ar-cheana, agus ránccatar rompa go Caisiol na
Ríogh agus ro innseadar d'Aonghus dáil Phádraig do
bheith chuicce go hathchomair. Fa faoílidh
Aonghus don aitheascc sin.
Dála Phádruic, imorra, ro bhaoí gach laoi co
ceann seachtmhuine as a haithle acc síoladh
creidmhe agus crábhaidh agus acc seanmóir go sáir-
dhíochra seachnóin an chúiccidh go comhchoit-
chionn, ionnus go ttucc fó chuing creidmhe agus
crábhaidh íad, a mainchine agus a mór-dhúalgas do
Dhia agus dó-samh agus dá chomharbaibh ina choimh-
leanmhuin.
Ro cheileabhar dhóibh íaromh agus táinic roimhe
go réim-thric, agus nochan aithristear a imtheachta
go ránoicc Leac na Laochraidhi, dá ngoirthear
Caisiol Cuirc mheic Luíghdheach anú. Ro ghluais
Aonghus agus sé catha cródha curata ina ccoinne agus a
ccomhdháil Phádraig cona phríomh-chléirchibh.
Ro shléachtsad dó íaromh agus do-radsad a ccionna
ina ucht díaigh a ndíaigh.
"Tabhoir sgreaball soiscéal do Phádruic, a rí
Mumhan," ol Binén.
"Do-bheirim-si an baile si dhó," ol Áonghus,
"go síorraidhe agus dá ccomharbaibh 'na dhíaigh."
"Cionnus bheirir dhúinn é?" ol Binén.
"Do-bheirim," ol Oenghus, "gach a bhfaicfe
Pádraig do mhullach Leice na cCéad do gach
taoíbh do mhín Mhuighe Mumhan do bheith aicce
féin agus accá iardoighthe tar 'éis."
Tánoicc Pádraig ar charroig Chaisil, agus bádh míle
do dheamhnaibh ós cionn an bhaile, co ndeachatar
a n-aiéar ar teathadh an Táilginn. Ro éirigh an
ghrian ann soin ós cionn Pádraig. Do ba solus
gach áird ina thimchioll. Tucc a chos for Leic
na cCéad agus beannaigheas hí, agus fáccbhus búaidh
ccomhairle uirre, agus aingeal dá tadhall gacha trátha,
trosccadh do rí Mumhan agus do naonbhar mac
tighearna ina fharradh uirre agus gach itche dá
n-íarrfadh go dlightheach as deimhin go bhfuighbhe
agus budh í teine an bhaile si treas teine bhus
imchéine bhías fó rath i nÉirinn. Ro fhearastoir
Oénghus ann sin fíor-chaoin bhfáilte re cCaoílte, agus
ro fhearostar maithe Mumhan mur an ccéadna.
"'Anam, a Chaoílte," ol Aonghus, "créd 'má
ttuccadh Leac na cCéad ar an leic si?"
"Urasa dhamh-sa a fhios sin do thabhairt
úaim," ar Caoilte, ".i. feacht n-áon tháinig Fionn,
agus na Fianna 'na thimchiall, agus do shuidh an flaith-
fhéinnidh ar an leic sin. Tuccastar a ordán fó
a dhéud fis. Ro foillsigheadh neamh agus talamh
dhó, agus ro foillsigheadh dhó mur an ccéadna thusa,
a Tháilginn, do thoigheacht i nÉirinn agus go mbeithdís
noémh agus tighearnaidh agus creideamh cross agus crábhadh
inte ó do thiocfá-sa dá taisdeal agus dá tréun-
imtheacht. Agus nocharbh fheas dúinne neamh
do bheith ann gusan laithe sin," ol Caoílte; "agus
ro ráidh Fionn rinn," ol sé, "go madh mór ccéad
dá madh hárus an leac ucchot.
"Gá córa ainm dá mbía, trá," ol Fearghos
Finnbhéil, "ná Leac na cCéad?"
"Ní feárr imorra," ol Fionn, "ór ní ba leas-
ainm dhí an t-ainm sin."
Cona hamhlaidh sin ro hainmnigheadh an
leac ód, a Aonghas," ol Caoílte.
"Cía do-righne dúnadh agus deagh-bhaile sonna, a
Chaoilte?" ol Aonghus.
"Fíacha Muilleathon mac Eócchain," ol Caoílte,
"ro bhaoi tríocha bliadhon i ríghe Mumhan, as
lais do-rónadh cloch agus daingean an dúnaidh si, agus
as ann ro bhaoí a longphort."
Íar n-innisin an sgeóil sin do ráidh Pádraic na
roinn acc deimhniughadh coda don tarrngire sin
Fhinn:
"An chloch sa is í Cloch na cCéad:
sochaidhe bhías impi íar n-écc;
budh ionadh crábhaidh is cross
d'aithle na n-áros fhúaros.
Caiseal ceann Éireann uile,
beann imá ttéigheann teine,
ionadh a bhfríth fios nimhe
gan fhios do ríoghuibh reimhe.
Fa maith mo cheall san tír thuaigh,
a ccrích Connacht an chaomh-shlúaigh,
gur fháccbhusa, glan a lí,
mo dhá bhradán go ccaoímhi.
Mo bhaile-si a ccrích Uladh
rem chroidhe féin is cumhonn:
biamaid re tteacht domhuin de
tríar árd-naomh a n-áon-bhaile.
Deichneamhar ceathracha agus céad
(as eadh a fhíor, is ní brécc)
budh eadh ghéabhas sonn mo cheall:
do budh dhíobh innsi hÉireann.
Gébhthar psailm, gébhthar crédha,
paidreacha agus soiscéala:
bíadh céadól sonna go moch
im an ccrann a bhfuil an chloch."
In.
"Att-raé búaidh agus beannachtoin, a naoímh-
chléirigh agus a Chaoílte," ol rí Mumhan, "is mór
d'fhios agus d'fhíor-chreideamh ro fháccsabhoir
accoinn."
Ro bhádar amhlaidh sin gurbho meadhón laoí
ann. Ro éirgheadar na sluaigh íaromh eidir
laochaibh agus chléirchibh, agus lodar rompa síar go
Gleann na nIongnadh ar Mhoigh Feimhen.
Suidheas Pádraig ar ceann na rátha baoi isin
nglionn, agus suidheas rí Mumhan ar an cceand oile
dhi go maithibh a mhuinntire uime. Ro fhiarfaigh
Oenghus do Chaoilte créad 'mádh ttuccadh Ráith
na nIongnadh ar an ráith sin. Ro ráidh Caoilte
an rann agá fhoillsiughadh:
"Iongnadh turchuirthe fuair Fionn
isin ttulaigh maille rinn,
aon-tríar fhear, budh caoimh a cclú,
agus aon-chú eatorrú.
Laithe a n-áon," ol Caoílte, "tángamair-ne
trí catha na gnáth-Fhéine gusan ttealaigh so, agus
ad-chonncamar tríar tréunfhear ar ar ccionn ina
ccomhnaidhe innte agus oén-chú aca, agus nocha raibhe
dath isin mbioth nach mbí inte, agus an trénfhear
fa mó d'Fhíanaibh Éireann, .i. Fionn mac Cumhaill,
théigheadh cen chromadh fána bhlénuibh. Tea-
ccoid na tréinfhir gosan bhflaith-fhéinnidh íaromh,
agus suidhit ina fhiadhnuisi.
"Can as a ttángabhar, a ócca?" ol Fionn.
"As an Ioruaidh airthearaigh," ol íad-somh.
"Créd tucc sonn sibh?" ol Fionn.
"Do dhénomh ar ccuir agus ar cconnartha riot-sa,
a rígh-fhéinnidh, agus do bheith seal at fharradh
dhúinn."
"Créd an mhaith damh-sa," ol Fionn, "bheith
im fharradh dhaoíbh-si?"
"Budh mór a mhaith dheit," ol fear dhíobh-
siomh, "ór atá feídhm ar leith acc gach fear
dhínn don tríar atámaoid."
"Foillsighidh bhur bhfeadhmonnadh dhúinn," ol
Fionn.
"Gébhaid féin foirchoimhéad Fhían Éireann
oram," ar fear dhíobh.
"Agus coisccfead gach éiccen-dáil dá mbéara
orra nó dá mbaeinfe dhóibh an ccén bhíad ina
bhfarradh," ol an dara fear, - "dingéabhaid am
áonar dhíbh é."
"Gach ní bhus mían le mo thighearna d'fhagháil
re a thiodhlacadh, in ccén bheid-si imaille ris,
do-ghéabha go deimhin úaim-si é," ar an treas
fear, "agus an comhfhad mhairfeas fíadh a nÉirinn,"
ol sé, "coisccfe an cú fil accoinne an dara hoídhche
a sealcc dhaoibh-si, agus coisgidh féin an oidhche
oile."
"Créd íarros sibh ar son na seirbhísi sin?" ol
Fionn.
"Gan aoinneach maith nó saith, úasol nó anuasol,
do thocht d'fhios ar longphuirt ó bhus dorcha an
oídhche tré bhioth síor, do chían nó d'fhoixe, gan
a bheg nó 'mhór do thúaraibh nó do thomhaltas
do thabhairt dúinn, agus díogha sealcca agus saoir-
fhiadhaigh dhúinn ó gach buidhin d'Fhíanaibh,
.i. sealcc dheireadh oidhche, is eadh shirmaoid-ne,"
ol fear dhíobh-siomh, "ar son gach seirbhísi dá
ndiongnam."
"Créd bhá n-íarrann sibh gan neach da bhur
bhfaixin ó thicc oídhche?" ol Fionn.
"Fil aba agus adhbhar dleasdeanach agoinn," ol
íad-somh, "agus inneóstar dhuit-si é, agus ná sir nísa
mhó dár sgéuluibh, ciodh gar cían bhiam it
fhochair: .i. an tríar tréinfhear támaoid sonn,
bí an treas fear dhínn marbh gach n-oídhche, agus
bí an días fhear oile gá choimhéad go maidin, agus
as geis dúinn gan áon dár bhfaixinn an ccéin bhíos
an fear sin dínn marbh, agus fós ad-chúalamair-ne
gur dot gheasaibh-si, a Fhinn, marbh d'fhaixinn
munab airm do mhuirbhthaoi é."
Agus as deimhin," ol Caoilte, "go mbuí na
geasa sin ar Fhionn, agus dá mbriseadh íad is eadh
do fhóirfeadh é úatha toigheacht a ttimchioll na
rátha so ar a bhfuiltí-si anois."
Agus ro ráidh an rann accá dheimhniucchadh:
"Ba geis d'Fhionn bheith ós mharbh
do neoch nach muirbhfdhe ó arm,
muna ttísadh sonna ana
dá ícc timcheall na rátha.
Do cheangladar na deigh-fhir le Fionn as a
haithle," ol Caoilte, "agus tuccsad i llámha ina láimh.
A ccionn aimsire dá éis sin," ol Caoilte, "tánccatar
móirsheisir fleadh do mhuinntir Chiothruaidh
mhic Fhir Choégad d'íarraidh dúaisi dúaine ar
Fhionn, .i. trí sheacht cumhala deargóir agus an
ccoibhés céadna d'airccead aithleaghtha.
"Do-ghébhthar ríar na dáimhe si," ol Scannal
ua Líathán, .i. ócclaoch grádha d'Fhionn eisiomh,
agus nochan fhaca Fionn aríamh é nach diongnadh
gáiri ar 'fháiltighe leis a fhaixin.
"Má gébhthar," ol an tríar ucchot, "nocha
úait-si ná ó aon oile do-ghébhthar, acht úainne
namá, agas féachadh an flaith-fhéinnidh cia ass
feárr lais, a ríar anocht nó amárach."
"Is feárr amároch," ol Fionn.
Teaccoid-siomh ann sin ina ttríar agus a ccú leó
go leabaidh na con isin ráith si. Ro sceitheastar
an cú trí sheacht ccumhala do bhronór bhruinnte
agus an céadna d'airccead aoin-gheal, ionnus go
ttuccadh do mhuinntir an ollamhuin íad fá
chéadóir, agus badar buidhigh dhíobh.
Is amhlaidh baoi an ráith si an tan sin," ol
Caoilte, "agus gan uiscce a n-iomfhoiccsi dhí, agus ro
éccaoín Fionn gan digh éiccin do bheith aicce.
Ro labhair fear don tríar réimhráite ann soin, agus
as eadh ro ráidh:
"Maith, a rígh-fhéinnidh," ol sé, "dá ttuccthá
féin agus maithe na Féine bhur ccuirn agus bhur ccopáin,
bhur n-íana agus bhur n-ard-leasdair dhúinne, do
rachmaoís d'iarraidh dighe cuccoibh acht gan a
diúltadh oirn."
Fuair-siomh ann sin na cuirn agus rucc lais do
shaighidh na con iad, agus nocharbh iomchían baoi
accá líonadh do mhiodh shoimblasda sho-óla, agus
do líon fó thrí isin ccruth sin íad, ionnus gurbhó
measgdha meadhoir-chaoin mall-bhriathrach na
maithe ón treas dáil ro ibhsead díobh. Rob
iongnadh le Fionn an fleaghucchadh soin. Conadh
Lios na Fleighe a ainm ó sin anúas, agus cona Leabaidh
Chinn Chon ainm na háite ina mboí an cú acc
sgeith an óir tuccadh dona héiccsibh; agus as aire
sin," ol Caoilte, "tuccadh Ráith na nIongnadh ar
an ráith si agus Lios na Fleidhe ar an lios so rinn
anoir, agus Leabaidh Chinn Chon ar an ráith si thíar.
Agus ro bhádor seacht mbliadhna inar bhfoch-
air-ne," ol Caoilte, "gur ros-marbhsad dhá mhac
rí Uladh agus gur theicheadar íaromh iar suidhiúcchadh
an mharbhtha ortha, agus ruccsad croiceann an chon
leó a hÉirinn, uair do bhí cuir agus rátha orra gan
beó na con sin do bhreith leó a hÉirinn an ccéin
do bheithdaoís ann a mbeathaidh."
"A anoim, a Chaoilte," ol Aonghus, "cionnus
do mharbhsad-siomh an chlann sin rí Uladh?"
Ro innis-siomh an sccéul iar n-urd ann sin do
Phádraig agus do rí Mumhan amhail ro innis do
Fhionnchadh roimhe fá mur do ráidheamar
romhuinn.
Dálo Caoilte go sin.
Iomthúsa Oisín, imorra, ro ghabh múich agus
mór-chumhaidh, meirtne agus mifridhe, eamhealtas
agus eideireacht é a n-aghaidh a' naomh-chléirigh,
óir ba himchían lais baoi ina fhéccmais, acht
gérbh aoibhinn a orducchadh agus géar dhíchra a
dheagh-fhriotháileamh agus géar líonmhar a lán-
chairde a Laíghnibh, uair budh crádh croidhe
lais gan earr a aoisi agus 'aimsire do chaitheamh a
bhfochair Chaoilte gan conntabhairt, agus ro íarr ar
rí Laighen a iodhlacadh gosan ionad a ccluinfeadh
Pádraig do bheith.
Ro cheileabhair do mhaithibh an chúiccidh
iaromh agus ro ghlúais roimhe, agus nochan aithristear
a imtheacht go riacht go Gleinn na nIongnadh ar
Mhagh Feimhén mur a raibh Pádruic cona phríomh-
chléirchibh, rí Mumhan cona mhór-mhuintir, agus
Caoilte ina ccomhfhochraoibh. An tan at-chonn-
cadar-somh Oisín cona ochtar dá n-ionnsoighidh,
ro éirgheadar go hathlomh ioméasccaidh 'na
choinne agus 'na chomhdháil, agus ro fhearsad fíor-chaoin
fáilte ris agus ría gach aon dia mhuinntir. Ro naisg
Caoilte re a chorp agus re a chaomh-mbruinne é as a
haithle, agus ro thoirbhir teóra pócca dhó.
Teaccoid rompa íaromh co Ráith Chin Chon agus co
Lios an Bhanntrachta a ndeiscirt Mhoighe Feimhen.
Suidheas Pádruic ar imeal na rátha. Suidhis Oisín
ar a dheis-láimh. Suidhios Aonghus agus Caoílte ar
an imeal oile dhi.
"Maith, 'anom, a Oisín," ol Oenghus, "créd
'mádh ttuccadh Ráith Chinn Chon ar an ráith
si agus Lios an Bhanntrachta ar an dumha so
thuaidh?"
"Brughaidh bó-chédach comhramhach boí
sonn," ol Oisín. "Ceallach mac Duibhdhéad a
choimhainm. Agus in úair thionóiltí a thréun-
almha agus a throm-indli a n-aoín-ionadh, is eadh no
bhíodh ionnta lán leathon-mhachoire Mhuighe
Feimhen. Gé do bhoí an urdail sin do cheathroibh
agus do chaomh-chrodh aicce, ní raibhe isin domhan
duine budh mó díbhe agus leóchoilleacht inás.
Tánccamair-ne deichneamhar ar fhicheat
sgiath-armmach imaille re Fionn dia thigh-siomh
feacht n-aoín íar ndéanomh sealcca Sléibhe Cúa
dár ccúan-bhuidhnibh. Ro shuidheamar ar
cholbhadhuibh caomh-easracha comhdaighthe agus a
ccathaoiribh caomha crédhumha an chaortthoighe,
agus resiú no samhlaigheadh ar n-umhal-fhósaigh iná
ar n-ordughadh tucc Ceallach ail agus athais do gach
áon accoinn fó leath acht don rígh-fhéinnidh namá.
Ro labhair boirb-fhear bríogha búan-aigeantach
don Fhéin arnaidh allmhurdha go brottla risin
mbrughaidh, .i. Cuinnsgleó Giolla mac Ainnsgleó
.i. mac rí Breatan an bláith-fhear sin, agus as eadh
ro ráidh:
"As amhnus an sgeamhach chinn chon do-bheir
an t-aitheach dhúinn," ol sé.
"Pudh focal n-anma sin," ol Fionn, "ór budh
Fear Cinn Con 'ainm-siomh agus Ráith Chinn Chon
ainm na rátha sa ina bhfuil."
Conadh amhlaidh sin ro hainmnigheadh an
ráith si, a Aonghuis," ol Oisín.
"Créd 'mádh ttuccadh Lioss an Bhanntrachta
ar an lios sa budhthuaidh?" ol Oenghus.
"In méid budh feárr do mhnáibh druine agus
deagh-lámhdha i nÉirinn," ol Oisín, "ro thionóil
Fionn gusan lioss sin adeiridh-si, a Oenghuis, fá
urchomhair earraidh agus éadaigh do dhéanomh do
mhaithibh Fhían Éireann. Agus as í ba bain-
cheann orra Dearcc dhaigh-chealtrach mhaill-
bhriathrach mhong-bhuidhe mhalach-dhonn,
inghean rígh Breaton, céile Osccoir mo mheic-si
budhdhéin. Ciodh fil ann tráth," ol Oisín, "acht
ro bhádor an bláth-bhanntracht binn-bhriathrach
búan-náireach sin feadh blíadhna gan bhuaidh-
readh isin lioss ód. Conadh uatha ro hainmnigh-
eadh gan conntabhairt."
"Créad an carrtha ad-chímaoíd ar lár an leasa,
a Oisín?" ol Aonghus.
"Coinneallbhra an bhanntrachta sin," ol Oisín,
"uair níorbh áil leó teine do bheith a n-aon-árus
riú acht fó thrí ion gach bliadhoin, fó bhith nach
roiseadh smál nó smúaid-dheannghor na teineadh
a ndeichealta núa-ghlana agus a n-édaighe ioldhath-
acha iobhlaidhe.
Ro bhaoí urghairdiucchadh meanma agus móir-
aigeanta ag an mban-chuire seach gach bantracht
oile, .i. tiompán no shindís teóra hingheana rígh
Ua cCinnsealaigh, Fionn-chas, Fionn-bhruinne, agus
Finn-inghean a n-anmonna. Agus as amhlaidh
baoi an tiompán áloinn ór-chumhdaigh sin baoi
aca cona leath-rinn arccoid inte agus cona dheilgnibh
dearcc-óir, agus ro chodeóldaois curaidh agus caithmhílidh
im reannoibh re hilcheól gacha hóicc-ríoghna
dhíobh-somh," ol Oisín.
"Créad an sunnach ard aireadha úd re taobh
an chairrthe, a Oisín?" ol Aonghus.
"Tuarasdal an bhan-chuire gacha bliadhna ón
bhflaith-fhéinnidh fil fón sonnach sin," ol Oisín,
"agus Osccor mo mhac-sa ro-dus-fholaigh go
fireannach an tuarasdal soineamhuil soin fón
ccairrthe ucchod, agus nochan fhuil miotal ar bioth
inte acht ór dearg deagh-bhruinnte."
Ro éirgheastar na sluaigh íaromh, agus teaccoid
gusan ccairrthe, agus do thochailsead go tréun-láidir
dá háite agus dá hadhbaidh í, ionnus go ttuccadh
an t-ór as a hionadh. Ro rannadh a ttrí é as a
haithle, .i. a thrían do Phádruic agus dá mhuinntir,
a thrían d'Aonghus agus do mhaithibh Mumhan, a
thrían n-aill d'Oisín agus do Chaoilte.
"A ócca," bhar Oisín, "mairidh an t-ór agus an
t-ionnmhus, agus ní mhair an flaith-ruire ros-thoirbhir,
nós an tréunfhear ros-tromfholaigh."
Agus ro ráidh na roinn accá dheimhniucchadh
agus acc toigheacht tar na mnáibh agus acc éccaoine na
Féine gan marthain, co n-érbhairt:
"Mairidh anú Ráth Chin Chon
'na ruidhe arm is fhaobhor,
agus ní mharionn an rí,
Fionn mac Cumhuill Almhuiní.
Mairidh rígh-lía na Rátha
gos ttathaighmís gach trátha,
as mairidh an t-ór dearg dron,
agus ní mhaireann Osccor.
Fionn-chas, Fionn-bhruinne íar bhfíor
is Fionn-inghean gan iomshníomh:
ingheana (fa suthoin sin)
rí ccruthoigh Ó cCinnsealaigh.
Tiompán no shindís 'na ttriúr
(uathadh riamh ro shinn mur chiúl)
risa ccoideóldaois gach úair
slúaigh an domhain gan diombuaidh.
Tiompán no bhíodh acc na mnáibh
gona leath-rinn airccid bháin,
cona dheilccnibh óir bhuidhe,
cona théadaibh fionn-bhruine.
Cáocca leabaidh 'na ttigh thall,
cáocca ficheall, caoga corn,
caoga uinge d'ór dhearg dhron
gacha bliadhna a ttuarasdol.
Ag sin, a chléirigh, gan chol,
dinnsheanchas Rátha Chinn Chon
agus an lía gan lochta
agus Leasa an Bhanntrachta.
Ní mhaireann an Fhían amhra,
maicne Finn na fíor-fhaghla;
saor-shlat as duilghe nó an dream,
aon-mhac Muirne ní mhaireann."
Ní.
Dála Phádruic, imorra, Oisín, agus Chaoilte agus rí
Mumhan, tánccatar rompa ass sin go Beinn mBáin
in Reatha budhdheas eidir Shlíabh Crot agus Sliabh
cCláire. Ro leansad na slúaigh uile íad, agus íar
rochtain ann soin dóiph ro shuidheadar uile ar
an mbeinn.
Ro fhiarfaigh Aonghus do Chaoilte:
"Créd 'má ttuccadh Beann Bhán an Reatha
ar an mbeinn si ar a bhfuilmaoíd?" ol sé.
"Oén do laithibh dá raibh mac Cumhuill ar
an tealaigh so," ol Caoílte, "agus an Fhían ina
fharradh, agus nochar chían dúinn ann go bhfacamar
an aoín-inghin cuccoinn go coimhdhíreach ccusan
ccnoc sa, brat corcra corrtharach impi, dealcc do
dhron-ór dath-bhuidhe isin mbrat ós a bruinne,
niamh-lann óir ímá hédan: fad righeadh an rígh-
fhéinneadh budh headh fad gach leacoin don láin-
inghin sin," ol Caoilte. "Ro fhiarfaigh Fionn
dí gá háird d'Éirinn as a ttánoicc.
"Ó Bheinn Éidir mheic Éadghaoi tánocc," ol an
óicc-ríocchan.
"Créad 'má ttánguis don turas sa?" ol Fionn.
"D'iarraidh coimhleanga agus coimhreatha ar
óccbhaidh Fhían Éirionn tánocc," ol sí.
"Cionnus atá do rioth, a óicc-inghean?" ol
Díarmaid Ó Duibhne.
"Is eadh as gnáth dhamh," ol an inghean, "gan
neach dom shárughadh in feadh no ghébhuinn
tír re tadhall."
Téighim-si do choimhling ría," ol Caoilte.
"Ro lean Fionn go maithibh na Féine sinn ion
gach ionadh ar ghabhamar. Do bhámar ar an
rioth sin cois re cois agus guala re gúaloinn go
rángamar an bheann ós Bhadhamuir, agus ba comh-
luath sinn a n-uachtar na beinne, agus ba hionann
leam-sa sin agus do fhúichfidhi mé. Gluaismaoíd as
sin go hÚaimh an Uabhoir, aissidhe tar Ochtuibh
Glinne, tar inbhear Duibhlinne. Tuccsom
aighthe ar Bheinn Éidir íaromh, agus bam luaithi-si
gosan sídh buí a n-uachtar na beinde inás an
inghean, agus ro dhéachas-sa im thimcheall, romham,
agus um dhiaigh," ol Caoilte, "agus nochan fhacas an
inghin a n-aird dona ceatheóra hairdibh. Rucc
Fionn agus an Fhían orm ann sin. Teaccmoid inonn
isin sídh as a haithle, agus ro bhámar fithche oidhche
inte gan uireasbhaidh freasdail iná friotheólmha."
Agus ro ráidh na roinn:
"Is eól damh aní dá bhfuil
in tealach so a ttánccabhoir,
a Oénghuis mheic Nattraoich fhinn,
a thabharthaigh, a Tháilgin.
Meinic tánccamar 'sin ccnoc,
maraon le Fionn faobhar-nocht,
maraon le cloinn Bhaoísccne bhinn
is re clainn neartmhair Neamhnaill.
Maraon re Goll an ágha,
agus re Lughaidh Lágha,
agus re Lughaidh mac Con,
re Fearghus, is re Fothadh.
Cóir d'fhearuibh comhdháil san ccnoc,
faidhbh-learcca Fían 's a bhfulacht;
aonach féigh fleadhach na bhFían
enach réidh an dá rígh-shlíabh.
Crota Clíach dá dheis budhdhéin,
Slíabh cCláire dá chlí coimhréidh,
Beann Bhán, Tulach Logha, an Learcc,
Dumha Sona na sáor-cheárd.
Mór d'iongantaibh fuair an Fhían
ar an druim si idir dhá shlíabh,
dár dearccadh fothnasa is fir,
dár riothas-sa is Bé Mhandair.
Lá dá ttánag le Fionn bhfáidh
gosan mbeinn si, go Binn Bháin,
ad-chímaoid chuccoinn san ccnoc
bean go mbrat áloinn éttrocht.
Do chínn a cruth ar gach cruth;
binne a glór ná gach glan-ghuth;
ro fhóccair ar Fhianaibh Finn
coimhling aoinfhir, géarbh éislinn.
Do reathas-sa ria iar sin
gosan mbeinn ós Bhodhamoir:
ba comhlúath dhúinn san ccnoc ccáidh:
ionann leam agus m'fháccbháil.
Is ro gluaisiodh linn íar soin
as an ccnoc, a Badhamoir,
tar Úaimh, tar Ochtuibh Glinne,
tar Inbhear ndian nDuibhlinne.
Do-chúadhas-sa do rioth dhi
gosan síth a mBeinn Éadoir;
ar ndol don bhaídhbh tar gach mbrúach:
dob é m'ainm Caoilte Cos-lúath.
Do-chúamar uile go mbloidh
isin sídh i mBeinn Éadoir:
ba cúairt dár bhuidheach na slúaigh
a ttoisg san síth solus-bhúain.
Ar ttoigheacht dhúinn isin síodh
ba dearbh go bhfúaramar fíon,
is ro bhámar ann íar ttain
fiche aoidhche 'na dheaghaidh.
Briste mo chroidhe im chlí chain,
a Phádraig, a phrímh-absdail,
ós Bhinn Bháin ar a ttú shlios,
ciodhum fír-eólach 'na fhios.
Is eól.
Ciodh fil ann trá," ol Caoilte, "acht ar ndol
isin sídh anonn dúinne, in fhiche chéad cath-armach
bámar im Fhionn, ro suidhigheadh sinn a ccath-
aoíribh gloinidhe agus ar cholbhadhaibh comhdaighthi.
Do-righneadh ar n-umhol-fhósaigh íaromh, agus ro
clóadh ar n-aithghéire, agus ro tóirneadh ar ttruim-
íota. Ro fhéachamar an sídh íaromh. Rob
iolardha a maithe agus a mór-dhaoíne, agus baoi inghean
mhong-bhuidhe mhilis-bhriathrach isin fhochla
fhéinneadh inar n-iomchéadfaidh, agus cuach fhíor-
gheal fhionn-airccid ina láimh leabhair láin-ghil
agá dáil go feithmheach ar a fionn-bhanntracht.
Ro fhiarfaigh an flaith-ruire Fionn ann soin,"
ol Caoilte, "d'fhior na sídhe baoi ar a leath-láimh
narbh isidhe an inghean ro fhóccair coimhling ar
na Fíanaibh i bhfíor-mheadhón an laithe soin.
"Nochan í éimh," ol eisiomh, "uair is í an
inghean úcchot inghean is ionmhuille agus as ionmhálla
imtheacht i nÉirinn agus a nAlbain."
"Cia an inghean úd ro fhóccair in choimhling
óirne, a dheagh-fhir?" ol Fionn.
"Bé Mhandair inghean Aingceóil, ban-eachlach
Thuath Dé Danann, is í téid i ngach cruth, eidir
dhuine agus fiadh-mhaoíl, an tan as adhlaic dhí, agus
téid i rrocht carod gach aoín, go léccoid a rúna díamhra
deiritte lé: is í ro fhóccair an choimhling
ucchot oruibh-si. Agus as amhlaidh baoi an
inghean ód fil isin fhochla fhéinneadh, car an
chaoimh-laithe si aniogh, acc ól agus acc aoíbhneas
eidir a fionn-bhanntracht feisin ina fíor-chomh-
naidhe."
"Caidhe a comhainm?" ol Fionn.
"Édaoin Ucht-gheal a hainm," ol eisiomh, "agus
ban-mhacaoimh Thuath Dé Danann uile í, agus nochan
fhuil do chloinn inghean agam-sa acht isi namá, agus
as amhlaidh atá an inghean ucchot agus leannán a
bhFíanaibh aice."
"Cia dhínne as leannán dí?" ol Fionn.
"Osgar mac Oisín," ol eisiomh, "agus as í do chuir
an mbain-eachlaigh d'fhóccra coimhleanga oruibh-
si dár ttarraing don teagh so anocht, agus d'fhuráil
Cairbre Lifeachair an tríocha chéad budh coimh-
neasa do Bheinn Éadoir, .i. ó Inbhear Life go
Bóinn, dí ina tionnscra, agus a comhthrom d'ór agus an
ccéadna d'arccead ós a ccionn sin, agus feis leis."
"Ciodh im nach ttuccabhoir-si do mac rícch
Éireann an óicc-inghean ucchad as an ccoibhche
ccoimhshaidhbhir sin?" ol Fionn.
"Grádh Osgair aice," ol eisiomh, "ionnus nach
bhfríth úaithe feis le haon-fhear oile tar a cheann."
"Maith, 'anam, a Áodh," ol Fionn, "gá coibhche
iarrair óirne eiste?"
"Gan a léiccean tré bhioth síor," ol Aodh Ucht-
gheal, "nó go ttuillidh a hanfholta féin a léiccean,
agus cuir re a chomhall dí .i. Goll ó mhacuibh Mórna
agus tusa budhdhéin, a árd-fhlaith, ó chlanduibh
Baoisccne agus ó Fhianuibh Éireann ar-cheana."
Fuair sí an ccoibhche sin agus na rátha," ol
Caoilte, "agus ro fhaoi féin agus Osgar ré-roile isin
oidhche sin féin, agus do bhámair-ne fiche oidhche
ar an mbanais sin," ol sé.
"Ro ráidh re hOsgar íaromh inghean Aodha
Uicht-ghil do bhreith lais go hAlmhoin leathoin-
mhóir Laighean agus a beith ann go ceann sheacht
mbliadhon. Do-rinneadh samhlaidh," ol Caoilte.
"Bámar iar soin seal fada dár n-aimsir go sáimh
sódhamhuil gan choccadh gan chathucchadh agus gan
ar ar n-aire acht fleadhucchadh agus fíadhach, nó go
ttuccadh cath buidhneach Beinde hÉadoir, agus ro
trom-loiteadh Osgar ann, ionnas gur beanadh
céill dá choimhéircche.
Tánoicc Éadaoin adhaigh n-áon ar cholbha
a iomdhaidhe go hOsgar, agus ó 't-chonnairc an
dealbh ro-thaitneamhach boí fair ar cclódh dhe,
agus glaisi agus duibhe do thoigheacht a n-ionadh deircce
agus dath-ghlaine don deigh-fhear, ro chiesdair frasa
díochra déur agus do-roighne nuall-ghubha throm-
adhbhal. Tánoicc ina hiomdhaidh íaromh, agus ro
mheabhaidh a croidhe ina clíabh ionnus go bhfuair
bás go bith-urlaimh do chumhaidh a céle agus a
céad-mhuinntire, gé do bhí tioruairsi dá anmuin
ann.
Ro chuir sin go hádhbhal-mhór ar Fhionn agus
ar Fhianaibh Éreann," ol Caoilte, "agus ruccamar í
go Sídh Bheinne hÉadoir dhá hiodhlacadh, agus ro
bhámar an oidhche sin go doi-mheanmnach a
n-urthimchioll Éadaoine cco déur-chaoínteach. Ro
ráidh Fionn ris na fearoibh feart do chloidhe don
inghin ar amhárach," ol Caoilte. "Do-rónnadh
amhlaidh aca-somh, .i. ro chlaidhsead feart agus ro
adhnaicsad an inghean, ro chuirsead a lía ós a
lighe, ro sgríobhadh a hainm oghuim, agus ro fearadh
a cluithe caoínte acc na curadhaibh, agus as uaithe
ainmnighthear an feart ód," ol Caoilte, ".i. Feart
Éadaoine acc Sídh Éadoir.
Agus ro ráidh Fionn na roinn an tan baoi
an feart accá chlaidhe do mholadh na hinghine agus
d'fhoillsigheadh na ccarad agus na ccoiccleach ar a
ccuirfeadh a haidhidh go haidhbhseach iomarcach,
go n-érbhairt:
"Cladhitt fir feart Édaoine,
céile Oscoir ba hálainn,
an gheal-troigheach ghéacc-naoidhe,
Édaoin mhaiseach a Málainn.
Tláith aigneadh na hinghine
le banntracht míadhach míolla:
buidheach d'aoibhill fhinn-Mhidhe
filidh a n-ám a dhíola.
Fial-chiúin Édaoin iolchrothach,
an bhean ba caoimhe cuire,
ciúin re cogar cíorghalach,
égciúin anbháil re a guidhe.
Leannán Chairbre Lifeachair,
Éadaoin an éadaigh úaine,
bean an fhuilt imeal-ghlain,
céile Osgoir na húaille.
Bean aoin-fhir an fhinn-bhean-sa:
níorbh fheárr Úna iná Eimhear:
as ádhbhal an t-imneadh-sa
a hoidhidh do dhál na ndeigh-fhear.
Ó Bheinn Bháin rom-bhréccasdair
Édaoín go Sídh úir Éadoir,
bean an chrotha céad-mhaisigh:
durson a dul a n-éccoibh.
Ní budh beó d'éis Édaoine
Aodh mac Aonghusa a hathoir:
ní budh lugha a héccaoine
acc Oénghus Ócc a mBreaghoibh.
Teaghlach mór-ghlan Manannáin
beidid sin dá héis amhloidh,
lucht an chéde chladh-fhalláin,
na fir a hEamhuin Abhloigh.
Ciodh mór easbhaidh Édaoine
acc Tuaith Dé Danann daith-ghil,
ní budh lugha a héccaoine
acc na hóccuibh a hAlmhuin.
Dá ría an sgéal sa sgaoilfidhear
go hOsgar go Ráith Dhoire,
acht ciodh meisde maoidhfidhear
feart an churadh do chloidhe."
Claidhitt.
Accus as ón rioth sin do-righneas-sa agus Bé
Mhandair ón mbeind si go Beind Édoir," ol
Caoilte, "goirther Beann Bhán an Reatha dhi.
Cona é sin fios na neithe ro fhiarfaighis díom, a
Oenghuis," ol sé.
Críoch don dara imleabhar.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11