Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Agallamh na Seanórach I
Title
Agallamh na Seanórach I
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ní Shéaghdha, Nessa
Composition Date
1680
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1942)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AGALLAMH NA SEANÓRACH. Feachtt n-oen do-rala Oissín agus Caílti a nDún Clithair oc Sliabh Crott. Is í sin aimsir tháinic Pátraic dochum nÉreann. Is eadh do mhair d'iarsma na Féine .i. Oisín agus Caílti agus trí noenmhuir 'na bhfarradh. Ba headh an gnáthughadh do- ghnídís, .i. naonmhur ar timchell díbh cacha laithi imach do sheilc. Laithi n-oen do-rala do Chaílti mhac Rónáin dul amach, ochtar fear mór agus giolla in naomhadh. Ba seadh conuir do-chuadar um dhá Sliabh dhéc Eibhlinde agus um cheann Sean-Mhuighi Breoghuin bhuthuaidh. Ar tárrachtain dóibh a sealga la dubhachadh deiridh laoí is eadh tháncatar a Corr- fhód Cnámh-choille atuaidh. Is and boí Feargair, giolla Caílti, agus a ere féinmidha don tseilc fair, óir ní bhídh ere for Caílti féin ó ro ghabh rath. Tairnis in gilla ar in sruth agus beanuis cuach Caílti dá mhuin agus ibhis dhigh don tsruth. Airet ro bhuí
in gilla acá hól luidhseat in t-ochtar fear mór tar slighidh bhudheas ar fordul conuire, agus ac teacht don ghilla ina ndiaigh is ann at-chualaidh monghar in mhór-shluaigh, agus gabhuis in gilla ac fégain in tshluaigh agus craobh eatturra agus a cheann. At- chonnuirc a remhthús in tsluaigh buidhen ing- gnáthach. Samhalta lais trí caogait isin buidhin sin. Ba seadh a tuaruscbháil: casla caomha coimh- gheala lín umpu, cind tolla leó agus croind chroma ina lámhaibh, agus scéith tiugha eacurtha óir agus argait éin-ghil for a n-ochtaibh dóibh; aighthe bána attruagha bannda leó, agus gotha fearrdha accu, agus fothord conuire gach aoin-fhir díbh. Táinic in gilla i ndeaghaidh a muindtiri agus ní ruc orra co riacht in fhian-bhoith, agus ro-siacht uime, dar leis, anála na buidhne ingantaighi at-chonuirc, agus léicis a eri for lár agus loighis ina imdhaigh agus cuiris a uillinn faoi agus tic a osna ós aird ass. Is ann sin do ráidh Caílte mac Rónáin: "Maith, a ghilla, inn é truma h'eire thic riut?" "Ní hé," ar in gilla, "uair is mór n-ere is mó ináss do-ratas-sa lium agus nír chuirset form. Acht sluagh ingantach at-chonnarc a Cnámh-choill Cró. An chéd-bhuidhen it-chonnurc don tshluagh ing- antach sin, ro-m-lín tréaghait trom-ghalair re hanálaibh na buidhne sin." "Tabhuir a tuaruscbháil," ar Caílte.
"Samhalta leam trí caogait fear fuirri agus casla coimhgheala umpu agus cind tolla leó agus croind chroma ina lámhaibh agus scéith tiugha for a n-ochtaibh agus aighthi bannda leó agus gotha fear accu agus dord conuire ag gach aoin-fhir dhíbh." Ro lín ingantus in tshein-fhian re a chloistin. "Is iat sút," ar Oisín, "na Táilginn ro tharn- gairseat ar ndraíthi agus Find dúind, agus cidh do- dhénum friú?" "Muna marbhthar iat éireóchait toraind," ar cách. "Uch!" ar Oisín, "cid umá mbeamais dóibh? Uair deiridh na Féinde sind, agus ní hagaind féin atá ríghi nÉireann iná a hól ná a haíbhnius, acht a sealc agus a díthrubha agus a droibhéla, agus a n- imghabháil as cóir," ar sé. Agus do bhádar amhlaidh sin co táinic lá arna mhárach, agus ní bhí ní ar a meanmuin an oidhche sin acht iat. Ro éiridh, trá, Caílte a remhthús an laoi sin, uair is é ba sine acu, agus táinic ar an dumha oir- eachtais imach. Agus do ghlan grian ceó do mhuighibh ionnus gurbho so-fhaircsiona soill- eas ... gleannta, foithre, agus fásoighe, cnuic, agus coemh-choillte ... n.... cuitch- ionn. Ro ghabh-samh íar sin ag déxain gacha diamhair-ionaidh ina urthiomchioll. At-
chonnairc íaramh ní ba hionganadh lais .i. an dé agus an deathach ag éirigh do Chuilleann ó cCuanach, agus ro ghabh iongantas adhbhal-mhór é as a loss. Ro bhaoi agá midheamhoin agus agá mór-dhéxain go díochra dúthrachtach íaromh. Nírbh imchían dó as a haithle in tan táinig teimheal trom-adhbhal ar a rosccaibh ionnus gur gabhadh a radharc aire. Tig an rí-fhéínnidh Oisín ainnsidhe, agus ó'd-chuala an accaoíne agus an achlán ro fhoacht a fhochain de. "Teine i cCuilleann ó cCúanach," ol sé, "agus ruccustar a déxin mo radharc uaim, agus nochan fheidir cia lais a ndearnadh. Agus ro ghabh iongantus mé ó 't-chonnoirc í, óir ní bhfuilit brúigh nó bailte nó dúnaidh a cCuilleann agá mbíadh teine nó deathach, agus ní bhfuilit díbh- eirccigh nó danmharccaigh a nÉirinn, óir atá Éire ina tobar théachta agus 'na linn láin loissi, úair atáid dá chúige Mumhan ag Aonghus mac Nat Raoich go suaimhneach sádhal, agus cóiceadh Connacht ag Eithin mac Bhríain mheic Eochaidh Mhuimheadhóin, agus cóiceadh Uladh ac Muireadhach Muinn-dearg, cóigeadh Laighean ag Criamhthan mac Etna Cheinn- sealaigh cen fhoghail gan fhoiréigin, agus atáid braighde agus gill Éireann uile ag Laoghaire mac Néill a tTeamhraigh d'fhoillsiughadh ríghe agus
roi-thighearnais na hÉireann do bheith aicce gan fhrithbheirt cen fhreasabhra, agus ní bhfuil innte acht madh sinne amháin in bheag-bhuidhean sa, agus ní sinn do-ghní an deathach ughad." Ro dhearcoistear Oisín ar Chuillinn as a haithle agus at-chonnairc an deathach amhail ad- chonnairc Caoilte, agus do bhaoi a radharc agá bhreith úadha ó 'd-chonnairc í. Ro labhair íaramh agus is eadh ro ráidh: "Tene na ttollcheann súd ad-chonnarcais, a Chaoilte," ar sé, "agus as í ruccustar do radhairc úait agus atá agá bhreith uaim-si mar an ccéadna." "Is deimhin liom gurbhó maith an aithne tuccois uirre, agus as fada ó do thairrngir an flaith- ruire agus an fír-fháidh cco ttiocfaidís toillchinn co Cuillinn agus go madh re linn an ama sin do sgarfamaoís-ne an beagán sa d'iarsma na Féine. Agus fa mionca lé bheith 'na háit agus 'na hádhbhaidh fiadh agus conuirt ná 'na teallach toillcheann agus 'na háras . . . .. Mairg tárraidh a faicsinn amhlaidh fá chloguibh agus fá choirneachuibh!" Agus do ráidh an laoídh:
"Cuilleann ba hadhbha d'fhiadhaibh ccus a tticcmís 'nar bhfianuibh con thairrngirsiodh draoithe Finn conas-aithtréabhdaoís Táilginn.
Tairrnngirsiod dúinn co ngloine Lonán, Cathmhaol, Conghaile: Tioccfaid toillchinn tar Muir Mheann co n-aitréabhait iath Éreann. Teachtfoid íar ttoigheacht anoir Ráth Chormaic, Ráth chaomh Chealtchoir, Ráth Maighe, Ráth Gabhra, Gleann, Leitir Chaoín, Cuala, Cuilleand, Ceall Osnadh, is Cnoc Doire, Ráith Meadháin, Ráth Dúnghoile, Cathoir Oirnidhe gan acht, Leaccoin Midhe, Magh nDuthrracht." Ro thairrngir Fíonn fén íar sain aoidhche Shamhna a Sídh Éadair co mbíadh iarsma féine Finn a ré toigheachta an Táilccinn, Go mbeithmís a cCrota Clíach 'nar ttrí naonbhair fear finn-líath, go sgarmís ré-roile an tan: dúinn budh buan a bhith-ghalor. Raghaidh uaind Oisín mac Find naonbhar ar amus Táilccind, Aodhán, is Ceallach gan chacht, Lughaidh, Ceallach, is Cormac,
Siadhail file, Flann mac Brain, is Aodhán mac Aircheallaigh; .. ..thor budh becc a neart; sgarthor re neimheadh draoidheacht. Raghaidh Dearg soir go Sídh Broin, biaidh Faoillén a Fhionnabhair, biaidh Conán i Colbha Dhuinn, bia Flaitheas a Sídh Umhaill. Biaidh Diarmaid a Sídh Mairrge agus Iollainn go n-airde, Guaire i mBrugh Gairbh go mblaidh, bia Dubhán a Sídh Éadoir. Biaidh Dubh Dromán a Sídh Búidhbh ar deis inghine Modhuirn; budh íad sin sleachta na bhfear ort, a Oisín, ní chealeaph. Sonna fó dhíthreabhuibh slíabh seachnóin Éreann thoir is thíar bett-sa agus m'ochtar go fíor d'fhios an bhfuighmís ar ccoimhdhíon. Atá mo chroidhe dhá chnaoi, A Oisín, gan iomarghaoi, anoss ód sgaradh-sa leam san íath sa a ccomhghar Cuilleann.
An Táilgionn táinic anoir do dhíthchur drúagh an domhuin thógbhas anoss, ní maith leam, an deathach at-chiú a cCuilleand."
Iar ndéanamh na laoidhe sin do Chaoílte ro dhoghailsigheas Oisín go hadhbhal íar ttoigheacht teimhil tar a rosccaibh. Ro labhair íaromh agus is eadh ro ráidh: "An díach agus an díol," ar sé, "do-bhéaram fá dheóigh ar na tollcheannuibh tabhram anoss orra é, .i. a losccadh go lán-athlomh ina tteine féin agus a lúaith do léigin le sruth." As a haithle sin tug céim fearccach fúasnadha résna fearuibh san slíabh, agus ro leanadar a ochtar árd-fhéinneadh budhdhéin é, .i. Aodh Beg, Ceallach, Siadhal file, Flann mac Brain, Cormac, Colmán, Lughaidh, agus Aodhán mac Archeallaigh. Ro labhair Caoilte agus is eadh ro ráidh: "Eagal liom," ar sé, "an sítheadh sanntach sár-fheirge bheireas Oisín do mharbhadh na ttollcheann an tan sa co ttiucfaidh dhe dol. . . . ttré chumascc dhó, agus co millfid lena milis-bhríath- raibh a mhuinntir agus go ccreidfid fó mhám baidsi agus buan-adhortha na mo .....aireadha sin. Gach aon," ol sé, "nach mbía ar tí a ccreidimh
do choimhleanmhain is iomairccidh dho cen a n-athoidhe, agus madh misi," ol sé, "nochan raghad ar a n-amhus agus ní mó rachad a sídh dhóiph, agus rachad fó fheadhaibh agus fá dhiaimhruibh agus fá dhroibh- élaibh dá n-imghabháil." Ro éirigh Dearg íaromh cona ochtar, .i. Faoillén a Fhionnabhair, Conán a Cholbha Dhuinn, Flaitheas a Sídh Umhaill, Díarmaid agus Iollainn a Sídh Maircce, Guaire a Bhrugh Gairbh, Dubhán a Sídh Éadoir, agus Dubh Dromán a Sídh Búidhbh. Ro cheileabhair Dearg agus Caoílte dia-roile íaromh agus nochar chomhraiceator ré chéile as a haithle. Dála Deircc, do-chúaidh go doras Sídhe Broin, agus ro sgaoileat a ochtar úadha ann, agus ro chúaidh gach aon díobh d'ionnsoicchidh a charad amhail ro thairngir fírinne Caoílte dhóiph isin laoídh romhainn. Agus nochar chomhraiceadar ré chéile iaramh nó co ttucc Oisín ar amas Pádruicc íad. Téid Caoilte cona ochtar sár-mhaith sein- fhéinneadh bhá fheadhuibh agus bhá dhíthreabhaibh, agus nochar chomhraic féin nó Oisín ré chéile ón laithe sin gur chomhraicseat a mullach Uisnigh. Dála Oisín mhic Fhinn, imorra, cona ochtar fearrdha féinneadh, ráinic roimhe bhán réim roi-reatha sin go hairm a rabha Pádraicc mac Alpoirn mhic Fodaide cona phobal ndíadha ndiscréideach. Agus as amhlaidh do bhádar-san go bhfeirg n-adhbhail n-éttróchair n-ainmheasardha
ionnta do mharbhadh agus do mhudhucchadh an úasoil-chléirigh, óir níor smúain Oisín co madh críoch a bheathadh a bhaisdeadh a bhathais ndíadha, óir do bhí ar tí an Táilginn do thiugh- bhadh cce bé tráth do theccmhadh dhó é gan amhrass. Ráinic roimhe bhán réim sin agus fán ruathar rígh-fhéinneadh cusan airm a rabhadar na cléirigh chráibhtheacha chainnsiasacha bhádar a bhfarradh Phádruic phríomh-absdol. Is ann ro bhaoi Pádraig an tan sin ag canntain a hsalm agus ag binn-ghabháil a bhíaide agus occ eadar-mholadh an Dúileamhan co díochra agus ag gabháil na cánóine coimdheata agus ag beannachadh na rátha ród- ghlaisi do bhaoi ag Fionn mac Cumhaill, .i. Ráth Droma Deircc. Ciodh trácht, ó 't-choncadar na cléirigh an chuideachta chian-theaghlacha shaoghalach so chath- arm-dheas dá ccoimhriachtoin ro ghabh gráin agus eaccla adhbhal-mhór íad risna fearuibh fearrdha fír-mhóra sin cona cconuibh calma chomhadhuis ina ccomhadhradh, óir níor lucht comhaoise nó comhaimsire dona cléirchibh in chuideachta sin. Is ann sin ro éirigh an t-eó fis foirbeartach agus an colbha firén flaitheamhnuis agus an t-uaithne fír- órdhuirc aireachuis agus an port iomarchair uasal aingleata na nGaoidheal re a nguasacht pheac-
thoibh, .i. Pádruic an príomh-abstol. Ro fhuráil uiscce coisreacctha do chrothadh a ccéadóir thar na fearuibh go fíor-chonail, óir do bhí léghión do dheamhnuibh ós ceannuibh na ccaithmhíleadh ccusan laithe líthe sin, agus do-chúadar na deamhna a mbóithribh agus a sléibhtibh ar mearbhall agus ar mór-sheachrán le míorbhuilibh an mhóir- absdoil. Ro shuidhseat na féinneadha co fíor-chondail iar ndol a bhfeircce dhíobh agus iarna mbaisteadh a bhathais ndíadha in Dúileamhuin. Ticc Pádraig a bhfoccus Oisín iar sin agus do shuidh ina fharradh. Ro labhair ris agus as eadh ro ráidh: "Maith amhlaidh, 'anam, a óglaoich," ol Pádraig, "cadhe bhur ccomhanmanna agus cia sibh budheisinne?" "D'Fíanuibh Éreann sinn," ol Oisín, "agus mac do rígh-fhéinnidh na bhFian misi budhdhéin, agus Oisín mo chomhainm." Ro innis ainm gach fir don ochtar ard-fhéinn- eadh dhó. "Créd tucc sonn sibh?" ol Pádraig. "D'imirt báis agus búan-écca ort-sa agus ar do mhuinntir tánccamair-ne gusan ionadh sa, agus nochan ionann ar n-inntinn anois dochum bhar mbásaighthe agus an uair do ghluaiseamar chuicce as an ionadh a rabhamar, óir do-chuaidh ar
bhfíoch agus ar bhfearg dhínn an tan ad-chonncamar sibh, co nach mían linn anoiss díth nó dochar do dhéanamh dhuibh." Ó 't-chúalatar na cléirigh an comhrádh sin agus ó 't-chonnoirc íad-somh ro ghabh iongantus adh- bhal-mhór íad, agus ro bhádar agá midheamhain agus agá mór-dhéxain athaidh fhada, agus indar leó ní roichfeadh an fear ba mó dhíobh féin don fhior fa lugha do mhuinntir Oisín acht go tana a thaoíbh agus na cléirigh 'na seasamh agus iad-somh 'na suidhe. "Athchoinghidh dob áil liom d'fhagháil úait, a Oisín," ol Pádraig. "'Á mbeith an athchoinghidh sin accom-sa do-ghéabhthá-sa í gan conntabhairt, agus innis dúinn í go bhfeasom in bhfaighmís duit í." "As eadh as áil liom," ol Pádraig, "loch- thobar grinn gainmhidhe d'uisge fíor-áluinn ass a mbaistfinn túatha Breagh agus Midhe, accus buidhne arm-chorcra Uisnigh, agus pobal taobh-sholais Teamhrach tángatar sonna, d'fhagháil damh." "As í mo dhóigh-si go bhfuighéabh sin duit, a fhíreóin," ol Oisín ag éirigh 'na sheasamh co hésccaidh urlaimh. Agus ro ghabh tar chladh na rátha ro-ghlaise amach. Do lean Pádraig agus a mhuinntir é, agus do ghabh-san lámh an chléirigh ina láimh. Ní cían dó íar sin an tan do-choncadar an loch-tobar glan
gainmhidhi ina bhfiaghnuisi. Budh samhalta leó go rachadh glún an fhir ba mó do mhuinntir Phádraig tré chúas gach gais ghéagaigh ghlais- bhiorair dá raibh ar thunbhuinne na tiobruide. Do bhí Oisín ag tabhairt a thúarasgbhála ós áird. "Maith ámh, 'anam," ar Pádraig fri Easpog Sochill, "an ttáinig ar bproinn nó ar ttiomholtas chugainn?" "Do rainig," ar Easpog Sochill. "Roinn orainn an tiomholtas sin," ar Pádraig, "agus tabhair a leith d'Oisín agus dá mhuintir." Is ann sin do éirgheadar a shagairt, a shaor- easboic, agus a shalm-chéadlaidh a bhfiaghnuisi an fhíréin, agus thugsad a n-íana agus a n-aird-leastair, a ccuirn agus a ccupáin dá n-ionnsoigh, agus do chaith síad a ttiomhaltas gan mhoill. Do labhair Pádraig le hOisín as a haithle agus as é adubhairt: "Maith, a chara agus a chompáin, a Oisín," ar sé, "créad í an mheud corn agus cúach do bhí a ttigh do dheagh-athar?" "Do-bhéarad-sa a fhios sin duit, a naomh- chléirigh," ar Oisín. Agus adubhairt an laoí ann:
"Dhá chorn déag agus trí chéud do chornuibh go n-ór ag Fionn: an uair éirghimaoís 'na ndáil budh hadhbhal a lán do lionn."
"Teagaimh dhúinn ar an méid ba hoirdheirce agus ba suimeamhla dona cornuibh sin," ar Pádraig, "agus créad na hanmana bhí orrtha, agus cía do mhaithibh na Féine agá mbídís." "Adéar-sa riot anmonna na ccorn, an mhéid budh hoirdheirce dhíobh, agus sloinfiod dhuit na triatha agá mbídís, muna ttuirsis re a n-aisnéis." Agus ro rádh:
"Cuirnn ro bhádar a ttigh Fínn a n-anmann is meabhar linn, Mac-ala agus Grugán, dar leam, cuirn na mban, agus Búabhall. Macaomh na ccorn corn Aillbhe go n-óccuibh aidhbhle uime: ag an slúagh ó láimh do láimh ba mó a tráigh nó a tuile. Oirrdheirc an corn baoi ag Diarmaid do-beirthaoi a bhfialghoid di mhnáibh: ól dá fhear ann fó cheathoir; dar mo bheathaidh dob é a lán. Dá chorn Mheic Lughach an laoich Óralas, Odhrán go n-ágh; .. .. Óralas corn comhlán do sgaradh re comhrádh cách.
Mar do éircchmís do chomhól a tteaghlach Finn ba hard bladh, Mac-ala um láimh-si budhdhéin, a ccuirnn féin a láimh na mban. An lucht 'gá rabha na cuirnn, Fíana Finn gus nár folmhagh, ní rabha muirnn mar a muirnn, do ibhdís cuirm a chornaibh." Cuirnn.
"Dar mo chubhais, a Oisín," ol Pádraig, "is binn linn éisteacht ret fhuighlibh agus ret ard- sgélaibh, agus innis dúinn sgéala oile, .i. an rabhador eachrodha accuibh-si in bhur bhfíanaibh." "Ro bhátar imorra," ol Oisín, "trí caogait searrach n-aon-lára agus n-aoín-eich." "Iongnadh linn sin, a Oisín," ol Pádraig, "agus innis dúinn ar son h'einigh cionnus fríth íad." "Ócclaoch ro bhaoi ag Fionn," ol Oisín, ".i. Airtiúr mac Beinne Briot, .i. mac rígh Breaton, agus ba headh a líon trí naonbhair. Do-rinneadh sealg Bhinne hÉadair aon do laithibh re Fionn, agus ba toirtheach sidhe. Ro hoslaiceadh leó a muinchidh féighe forórdha flaith-mhaiseacha do bhraighdibh chon ccraosach ccroibh-dhearg cconfadhach a gheal-ghlacuibh giollanraidhe Fhinn. Agus do shuidh Fionn a cCarn an Fhéinneadha
eidir Bheinn Éadair agus muir. Agus ba maith le Fionn a mheanma ag éisteacht re greasacht na ccon cconfadhach ccraos-osluiccthe agus re raibh- cheadhadh na ndamh . . .ndíscir ndásachtach dhá ndlúth-mharbhadh. Is ann tuccadh Airtiúir mac Beinne Briot cona thrí naonbharuibh do bhláith-fhéinneadhaibh Breaton ina bhuan- leanmhain láimh re ciumhais an chúain dhá chomhfheitheamh agus re hor an aiccén dhá fhoraire. Do sheólsat an chonairt agus an ghiollanraidhe na doimh dhonna dhearg-rúadha agus na heillite imdhísgira allata cusan airm a raibhe Artúir mac Beinne Briot cona fheadhoin ina fharradh a ccionn an chuain ina ccomhnuighe, agus ad-chonncotar trí coin do chonuibh Fhinn a bhfír-thosach mur fa gnáth leó, .i. Bran orrdheirg iolbhuadhach, agus Sceólaing sgiamhdha sgainnear-bhorb agus Adhnuall éachtach ionnsaightheach. Ocus ró cruthaigheadh comhairle ic Artúir, na trí náonbhair ro bhaí, agus bá hí comhairle do-rónsatt na trí coin sin do bhreith leó. Ocus ro cinndedh in chomhairle sin leó, agus ro ghabhsat cúan agus caladhphort ic Indbher Mhara Geníath i crích Bhrétan, agus lodar rómpu i
Slíabh Lodáin mheic Lir. Iar riachtain dóibh do gníedh sealg agus fíadhach Sléibhe Lodáin leó. Dála na Féindi ina dheaghaidh, thairnic a fíadhach, agus ro ghabhsatt dúnadh agus lóngphort ac Beind Édair mheic Étghaith in fhénnedha ina dheaghaidh sin. Ro háirmheth coin tighe Finn ar dáigh ná fáctha cú a mothar ná a slíabh ná a fidh ná a fán-ghléntoibh do chóic oll-chúiceadh- aibh díbh, amhail it-beart an file:
"Áireimh craíbhi ar conaibh Find cona cúanart mbláith mbith-bhind trí chéad ngadhar ann male agus dá chéd ngadhríne."
"Ro bá mór do dhaínibh icá rabhatar sin," ar Pádraig. "Ba fír, ámh, duit-siu sin," ar Caoílte, "uair ba hedh so an lín ro bhí a tigh Find do dhainibh, amhail it-beart:
"Trí cáogait boí a tigh Find do thaísechaibh Fiann foirind, is trí chéad gilla ngrádha is dá chéad dalta dingmhála."
Má dho fhuaratar na coin agus na cuanarta cen easbhaidh nochan í in aidhchi sin fuaratar, agus do hindisedh d'Fhind iní sin.
"Sirthar," ar Find, "trí catha na Féindi." Ocus ro siredh, agus ro fríth imshlán iat acht trí naonbhair namá, agus ba hiat na trí naonbhair sin .i. Artúir mac Beinne Brit, mac rígh Brettan. Is ann sin tucadh longshíthal bán-óir chum Find agus ro indail a ghel-ghlacca agus ro níamh a ghnúis gheldearg agus do-beart a ordain fá dhét fís, agus ro foillsighedh fírindi dó ann agus do ceiledh goí air. Is ann sin adubhairt Find: "Rucastar Artúir mac rígh Bretan bhar coin uaibh. Toghaidh-si naonbhar fear do dhul ina ndeaghaidh siúd," ar Find. Ocus ro toghadh, agus ba hiat so a n-anmanda, .i. Diarmait mac Duind meic Dhubháin meic Dhonn- chadha meic Dhuibh Aidhchi d'fheraibh Mumhan andess, agus Goll mac Morna." "In meic ógláich nó in meic rígh clann Mhornda?" ar Pádraig. "Is meic rígh," ar Caoílte. "Indis dúind a ngenelach," ar Pádraig. "Indeósat," ar Caoilte:
"Mac Taidhg meic Mhornda don muigh meic Fhaeláin meic Fheradhaigh meic Fhiacha meic Airt don muigh meic Mhuiredhaigh meic Eóghain,
.i. Goll mac Morna. Et Cael cródha céad- ghuinech ua Nemhnaind, .i. óglách ar a raibhi
neimh ro bhí ac Find. Agus ba hí so neimh ro bhí fair, .i. nir dhíbhraicc a lámh urchur n-imraill riamh, agus nír fhuiligh a lámh ar dhuine mínbudh marbh a cédóir robo marbh a cind a nómhuidi, agus ní tháinig a tigh iffirn riamh cech duine ro mhuirbhfedh, amhail at-beart:
"A Chaíl ná tagair do ghaí cucum tar fedhaibh fidhghai; cech aen is tarrnocht fuil fear ní bhlais biadh a athmhuintear. Adubhairt rim mo dhét fis in céad-lá do-chuadhais ris cech aen teilgfedh fuil fát dornd conach targhadh a híforn."
Et Oisín mac Find in tía nár ér duine riamh im ní." "Is mór in teisd sín, a Chaoílte," ar Pádraig. "Is fír sin," ar Caoilte, agus at-beart:
"Nír ér Oisín duine riamh im ór ná im airget ná im biadh, ní mó ro athchuinghidh neach, cia madh indrígh a eineach,
in fer sin; agus Oscur mac Oisín, .i. in mac rígh is fearr lúth agus lámhach agus icár dhingmhála Ére agus
Albu do bheith, agus tuc cath do Aedh mac Fidhaigh meic Fhinntain, do rí Connacht, a cinn a dheich mbliadhan." "Adhbhar in chatha sin, a anum, a Chaoílte?" ar Pádraig. ".i. Níamh inghean Aedha Duibh mheic Fhearghusa Find, inghean rígh Uladh, agus leandán d'Oscur mac Oisín hí, agus tuc rí Condacht tar a sárughadh hí, agus agus ba hé sin adhbhar in chatha, a Phádraig," ar Caoílte. "Ocus idubhairt Find re hOscur:
"Éirigh suas, a Oscair, ro feass is tú in bunadh; cé beith méd na ndaigh-fear dingaibh dím céad curadh. Imigh tríthu is tarsu cursat maela méidi; geibh sciath eangach uaine, geibh cloighemh co ngéiri. Geibh sciath is geibh sleagha naram maeth rot-rubha; geibh lúirigh (rot-mheala) nár mhaídhet do thubha.
As mór in gnímh damh-sa a fiaghnaisi m'fhiadhan dearrlucadh mo naíghean a cinn a dheich mbliadhan. Ní thicfa is ní tháiníc is fearr lámh ná luighi, is ní fuíghi crand sleighi is sia ro-sía in nduine. Mairg risi tibhre a shidhe le cloighemh co ngéiri ó thicc fearcc a láimhe, an fhír-ghaircc iar n-éircche",
.i. Osgar; accos Feardhomhain mac Buidhbh Dheircc mheic in Dághdha, Raighne Roscc- leathon mac Finn, Glass mac Aon-cheárda Béarra, Mac Lughach lonn-láidir lán-chalma, Caoílte mac Cronchon mheic Rónáin, agus meisi budhdheisin. Conadh iad sin a naonbhar do-chuadh a ccoimh- leanmhain na ccon sin, agus dob í ar ndóigh, a Naomh Pádruic," ol Oisín, "nach raibh ó Thiobh- rad Bó Fainne go Gardha na hIsbheirne fiche céad laoch lán-chalmo do dhaoínibh an domhain nach dhingéabhmaoís a láthoir catha agus comhloinn in naonbhar óglaoch sin. Ní rabh gúala accoinn
gan geal-sgiath nó cionn gan cathbhárr nó deas- lámh gan a dhá dheagh-mhanaois re diúbh- ruccadh drong agus deagh-bhuidhean. Rángamuir-ne romhuinn an rígh-bhuidhean sin ar lorcc Artiúir cona mhuinntir, agus ní haithreastar ar n-imtheachta nó go ránccamar Sliabh Lottáin mheic Lir a laoch-Bhreatoin, agus ní cían bámar ann an tan at-chúalamar seasdán na sealcca arna suidhiughadh. Dála Artiúir mheic Beinne Briot, deisidhe ina dhumha sealcca agus .. leiccthe a mullach Shléibhe Lottoin, agus baoi go taoi tochta .. .. throim-sheilcc agus ag tabhairt uidhe agus aire dá chonairt, nó gur iadhsomair-ne a naonbhar sin do rogha agus do ro-thogha na Féne fíor-athloimhe ina uirthimchioll, gor ro ghaireamar do gach aird agus do gach ionadh and don dumha ina raibh Artúir agus dhá ttrian a mhuinntire. Do luath-mharbhadh an dá naonbhar boí ina fharradh ann sin linn. Ro íadh Osccar a lámha im Artúir agus ro ainic agus ro imdheaghail in tréinfhear d'aimhdheóin an ochtair bhámair-ne ag breath- nocchadh a bhúan-mharbhtha, agus leanamar an treas naonbhar co ruccamar orra agus co ttuccamar an díach agus an díol céadna orra, co nach térnó fear innste sgeóil díobh gan dian-mharbhadh as an láthair sin. Ro ghabhamar ar tteóra con as a haithle agus tuccsamar linn iet maraon le hArtúir. Féachoin ro dhéachustair Goll mór-ghlonnach
mac Morna seacha go bhfaca an t-each díom- sach do-ghabhála agus srían seacht-airrdeach so- mhaiseach do bhron-ór bhuidhe bhreachtnaighe fris. An fhéachain thánaisi tucc it-chonnairc an t-each ndígháir ndásachtách agus srían línidhe lán-urlaimh d'airgeat áloinn aithleagha fria, agus gabhus Goll gnáith-ghníomhach gnáith-leann- ghorm gnáth-oirrdhearc na deigh-eich sin go hathlomh iméasccaidh agus tuccustar seacha i lláimh Dhiarmoda uí Dhuibhne íad. Teaccmaoid iaromh go hÉirinn iar mbuaidh ccosgair agus coimhmhaoidhimh, agus cinn na ttrí naon- bhar sin linn co n-ar cconuibh agus co n-ar n-eachaibh maille hAirtúir, agus lodmar go Beinn Éadair agus eiste sidhe go Sean-mhagh Ealta mheic Úmhóir go hairm a raibhe Fionn mac Cumhoill," co ndeachadar isin bpubal n-áloinn n-ildhealbhach ina mbí an bláith-fhéinnidh, conadh ann ro ráidh Oisín na roinn:
"Tuccsamoir-ne Artiúir linn co nderna a chura le Finn, gar bha hóglách d'Fhionn íar soin gosan laithe luidh d'éccaibh. Aincemít Artúir iar soin agus marbhmaoit a mhuinntir; tuccsamar d'Fhionn leith ar leith an feir-each agus an bhain-each.
Rucc an bhain-each ocht ttairbhearta agus ocht searraigh gacha toirbhirt. Níorbh ádhbha each an Fhian roimhe sin, agus rob eadh as a haithle, óir tuccadh do dhrongaibh, do dhírmaibh, agus do dheagh-dhaoinibh Fhían Éreann na searraigh sin 'na sochar-thuarusdlaibh, ionnus gur sár-mhúin- eadh iad go mbádor 'na n-eachaibh acu." "Ad-raé búaidh agus beannachtain, a Oisín," ol Pádraig, "agus innis dúinn anois anmanna na ttríath agus na ttréinfhear icá rabhadar na heich sin agus anmanna na n-each budhdheisin." "Inneósad," ol Oisín. Conadh ann is-beart an laoidh:
"An Coinncheann Éachtach mhic Lir, an Doighreach Diarmada dhil, an Ostach curaidh na ccath. an Gormláidír Meic Lughach. Bean Bhaidhbhe ag Mac Lúghach lán, Éirne cruthach ag Conán; Bean Mhanann tucc tar muir do bhoí ag Fionn Bhán uai Bhreasail. An Chréachtach Osccair go n-ágh, an Dubhluirgneach ag Dubhán; Midhach Mairgce, Cath fo Choill, is Forbaoth acc mac Cumhaill.
Frangcán agus Lúth re srían dhá each thoísigh sgur na bhFían; Lúath a n-Éruim (toruibh ngal) is Frangcán ag Dubh Dirman. Gearr an Óir, Gearr an Airgid, maráon con cingtís carbait, dhá each boí ag Aillbhe treall, ag inghin aird-rí Éireann. Dubh Deis agus Dubh Tuinne dhá each Aonghusa Anghluinne; Caoilte agus Oisín go rath dá ccois thiaghdís gach n-aonach. Each Guill mheic Mhorna don moigh, fear faire donaibh Fíanuibh, tráth do léiccthaoi ar slíabh nó ar muir, comhlúath ann re gaoith n-earraigh. In Ghlas Tailbhne (mór an modh) (fearr iná céud each aonar) fá Fhionn féin in chrotha buain a ttosach gacha trom-shluaigh.
Gérbhó líonmhar eich bhfear bhFáil a n-áon-tulach a n-aon-dáil (fa mór sár an ghoéith ghrinn) lúaithe gan tlás each Chonchind.
Ag sin, a chléirigh, an sgeul ro fhochtuis díom gan conntabhart." "As urghairdiughadh mheanma agus aigeanta dhúinn t'fhuighle agus t'ard-bhríathra, a Oisín," ol Pádraig. "Ní bhfuil áon-locht agoinn orra acht muna mainneachtnaighi mór-chrábhaidh agus crois- fhighle dhúinn bheith ag coitseacht riú." Ro bhádar ann go ttáinic moch-shoillsi arna mhárach ag eadar-mholadh an Dúileamhan go díochra dúthrachtach. Ro éirigh Pádraig annsidhe agus gabhus a earradh agus a éadach uime agus táinoic ar an bhfaithche bhféur-úaine bhfochain-ghlais, agus is é líon do bhí ina choimhleanmhain trí fichit naomh-easboc óirnidhe aireagha, trí fichid sagart psalm-ghlan seirbhíseach, agus trí fichit psalm- chéadladh ag síoladh irsi agus creidimh seachnóin Éreann i ngach áird agus ag beannachadh go búan- shaothrach. Conadh ann ro riachtadar a dhá aingeal choimhideachta go Pádraig, .i. Aoibheall agus Solas-bhreathach a n-anmanna. Ro labhair Pádraig agus as eadh ro ráidh ria gach ní:
"Maith, a chairde mo chroidhe," ol sé, "do budh maith leam a fhios d'fhaccháil úaibh an budh móide grúcc Rí nimhe agus talmhan leam bheith ag coitseacht re sgéalaibh Fhían Érionn." Ro fhreaccradar san go hurmhaisneach an naomh-chléireach, agus as eadh ro ráidhsead ris: "Maith sin, a Phádraig," ol íad-somh, "ní mó iná trían a n-árd-sgéal agus a n-imtheachta fhoillsigheas an rí-fhéinnidh dheit orra, óir atá dearmad agus díth cuimhne orra aicce féin agus acc an ochtar oile fil ina choimhideacht. Agus beannoigh- thear a mbeóil lat-sa, agus tabharthor tonn baitsi Chríost tharsa, agus foráiltear orra sléachtuin do sheasccél na Trínóide agus creideamh Chríost agus na hEagloisi Caitoileachdha do leanmhain go lán- dhíochra, agus budh feasach as a haithle íad ar gach sgéul dá n-iarrfoir-si orra. Agus sgríobhthar lat-sa íad a bhfír-bhríathruibh fothaightheacha fileadh agus a saor-litribh solas-leabhor snasda saor- ollamhan ionnus go bhfoillsighthear íad d'uaislibh agus d'árd-mhaithibh re deireadh an domhain si, do ghairrdiughadh meanman agus mór-aigeanta dhóiph." Ceileabhroid dó íaromh na haingil, .i. Aoibheall agus Solus-bhreathach, dá ngoirthí Uictor. As ann sin do-chúas úadha-samh ar cheann Oisín cona ochtar árd-fhéinneadha, agus tánccatar chuicce gan mhoille ann sin. "An bhfuil a fhios accoibh," ol sé, "créd 'má
ttugadh dom shaighin-si sibh anocht, a dheagh- mhuinntear?" ol Pádraig. "Nochan fhuil go deimhin," ol síad. "Adéar-sa riot agus foillseóchaid daoíbh anossa," ol Pádraig, "créd 'má ttugadh cusan ionadh sa sibh, .i. a ndóigh go sléachtadh sibh do shoisgéal na Trínóide toghaidhe agus don fhír-Dhía forórdha agus don Choimsidh choimhchoitcheann, agus go ngéabhadh sibh baitseadh chuccaibh." "Támaoid-ne toilteanach toccarthach dochum do chomhairle-si do dhéanamh," ol Oisín. Is ann sin tuccadh tonn baitse Críosd tarsa acc Pádraig, .i. ag ceann baitsi agus búan-chreidmhe fhear nÉreann. Cuirios Oisín a lámh seacha i ccoibhraidh a sgéithe agus tuccusdar lía dhruimneach dheargóir don ór orloisgthe Arapthacha do Phádraig ar a bhaisdeadh agus ar bhaitseadh an ochtair oile. "Tuarusdol déigheanach na seirbhísi do-rónas-sa don rígh-fhéinnidh ann, a Phádraig," ol Oisín, "agus do-bheirim dhuit-si do rath m'anma budh- dhéin agus do rath anma an fhir dus-rad." Agus do-rocheadh an lía sin don naomh- chléireach ó ionn a mheóir co mullach a gheal- ghualonn, agus boí fearchubat ar leithfhad agus ar raimhe inte. Tugadh risin Táilgeann an lía loinneardha ar hsaltruibh solas-ghlana sithéaccnaidh na psalm- chéadladh go huilidhe.
"Maith ámh, a anam, a Oisín," ol Pádruic, "caidhe an tshealcc is feárr do-gheibhdís an Fhían eidir a nÉrinn agus a nAlbain?" "Sealg Aronn togha gacha sealcca gusa roichmís," ol Oisín. "Cáit a bhfuil an t-oilén sin?" ol Pádraig. "Idir Éirinn agus Albain, re hÉirinn anoir agus re hAlbain aníar, agus trí catha na gnáth-Fhéine théighmís anonn a laithe mís Troghain dá ngoirth- ear Lúghnasa, agus do-gheibhmís ar ndaoithain sealcca agus sáir-fhíadhaigh uile isin oilén sin nó co ngoireadh an ccaoi a cCéadamhuin do bharruibh doss-bhileadh; agus as gach ceól do thréigfeadh neach re hilcheólaiph na hénlaithe bhíos isin oilén sin ag éirghe do mhiodh-uachtar mara agus do thulmhongaibh ttonn ttaobh-úaine ttoghaidhe re hairear-phortaibh Aronn, .i. caoga ealta iongantach bhíos ar fúd an oiléin sin co n-éxamhlacht ccrotha eidir bhreac, bhuidhe, ghorm, ghlas, gheal, agus ghlan-chorcra." Agus ro ráidh Oisín an laoídh mbicc ag foillsiocch- adh tuarasgbhála Aronn don naomh-chléireach:
"Aronn na n-aidheadh n-iomdha tadhall faircce ar a formna, oilén gusa mbearor buidhne, druim a ndeirccthar ghaoíth gorma.
Ard ós a muir a mullach, caoimh a luibh, tearc a tonnach, oilén gorm graidheach gleannach, corr bheannach dharach dhrongach. Oighe baotha ina beannuibh, mónáin mhaotha ina mongaiph, uiscce fúar ina haibhnibh, meas ar a dairghibh donnuibh. Míolchoin ghéara innte is gadhoir, sméra, áirne, is dubh droighinn; dlúith a fraigh réna feadhuibh, doimh ar deaghail 'na dairibh. Díoghlaim chorcra ar a cairrgibh, fir gan lochta ar a leargoibh, ós a creaccoibh caomh cumhdaigh surdail laogh mbreacraidh mbéccaigh. Mín a magh, méith a muca, suairc a guirt, suairc a creite, cnó for bharruibh a bhfiodh-choll, seóladh na síth-long seice.
Bric ós bhruachoibh a habhonn, aoibhinn dóibh ó thicc soineann, ticcdís ó bheannoibh Alban co rannuibh ardoibh Aronn." Aronn.
"Ad-rae buaidh agus beannachtain, a Oisín," ol Pádraig, "is binn linn th'aitheasg agus th'uirigheall." Is and sin ad-chonncatar dún agus deagh-áras úatha gacha ndíreach a ccrioslach na críche. "Cia an baile ucchot, a Oisín?" ol Pádraig. "Baile súd is úaibhrighe ina rabhadhois i nÉirinn nó a nAlbain," ol Oisín. "Cia ro bhaoi ann?" ol Pádraig. "Trí meic Luighdheach Mind mheic Aonghusa rígh hÉireann, .i. Ruidhe Rúadh-armach, Fíacha Folt-snáitheach, agus Eochaidh Éin-ghorm a n-anmonna." "Créd tucc dhóibh-siomh an maitheas mór- adhbhal adeiridh do bheith aca?" ol Pádraig. "Feacht n-aon dia ndeachodar an triúr reimh- ráite d'agallomh a n-athar go Druim na nDruagh re Teamhraigh anoir. "Can ass a ttánccabhor, a ócca?" bhar aird-rí Éirionn. "A hEagluis Banghubha andeas, a thoigh ar mbuimeadh agus ar n-oideadh," ol íad-somh.
"Cidh tucc sonn sibh?" ol an rígh. "D'iarraidh forba agus fearoinn ort-sa tánccamar," ol íad-somh, "don turas sa." Do bhoí-siomh athoidh imchían 'na thocht íaromh co nd-érbhairt as a haithle: "Ní hathoir tucc forba nó fearonn nó flaith- eamhnus dhamh-sa budhdhéin," ol sé, "acht mo rath agus mo ro-chonách fén, agus ó nach eadh ní thiobhuir-si dhaoibh-si." Is ann sin ro éircchieadar-somh éircche athlomh aoín-fhir aontadhach, agus ba tríall re rath, re roi- thoice, agus re ríghe an éircche sin. Ránccador rompa íaromh 'na réim roi-reatha co faiche mbuicc mbraonaigh an Bhrogha fheur-úaine fhíor-áloinn, agus deisidheadar ann ina ttriúr cen neach n-áon ina bhfarradh. "Créd an chomhuirle as mían liph-si do dhéanomh anossa?" ol sinnsear cloinne an rígh. "Dob áil linn," ol íad-somh, "trosgadh do dhéanamh nó go bhfagham roinn chríche, forba, agus fearoinn ó Thuathaibh Dé Danann, óir do- chluinmaoíd gidh bé do throsgadh agus iarros ní orra dá éisi co ttabhraidh dhó é." Níor chían a n-iornaidhe dhóibh annsidhe co bhfacadar an t-aon-ócclách séghuinn saor-shuairc dá saigheadh in ionbhaidh sin; ulcha dheagh- ghabhlánach dhonn-bhuidhe fair; folt fann- chleathach forórdha tría leith a chúil síar seachtar; dhá chaol-shnáithe óir-dheircc for gach cur dia
fholt fada fíor-áluinn fionn-bhuidhe ar dháigh nach ngluaisfeadh an ngaoth ngeur ngailbhicc fionna fá rusg nó fá radhorc dhó; ass fionn- airccid fán dara cois dó, agus an chos no theagmhadh re ttalmhain dó is uimpe no bhíodh. Ba háith uréttrom réim ro-asdair an rígh-mhíleadh, óir ba deacmhaicc a mheas go ttallfadh a chruinneacc don ruinneacc ar áithe agus ar éttroma an aistir agus an imtheachta baoi faí. Beannaigheas do chloinn rígh Éireann ar ttocht do láthoir dhó, agus freaccraid-siomh an beannachadh agus fochtaid can ass a ttánic agus can a chinél agus créd ia comhainm dhó. "As an mBrucch mbraonach mbreachtnai-si fil in bhur bharradh-sa tánccos-sa," ol an t-ócc- laoch, agus do Thuathaibh Dé Danann mo bhunaidh- chinél, agus Bodhbh Dearg mac an Dághdha atom-chomhnaicc." "Créd rod-thoghluais-si don turus troigh- ésccaidh si, a Bhúidhbh?" ol íad-somh. "Ní hannsa," ol Bodhbh, "óir do foillsiccheadh do Thuathaibh Dé Danann bhur tteacht-sa don ionadh sa do throsccadh agus do thréigheanas ann ré forba agus ré fearonn, re maoín agus re mór-mhaitheas d'fhaccháil úatha, agus tánocc-sa chuccaibh-si do bhur mbreith gusan mbruighin mbronn-fhairrsing mbél-osluicthe ína bhfuilid maithe agus mór-úaisle Thuath Dé Danann ag ól agus ag aoíbhneas." Fa lúathgháireach lán-mheanmnach íad-somh
ag clos an aithiscc agus an uirighill sin dhóiph agus tíaghuid leis gusan sídh sholaismhoir shíadhamhail a mbádor maithe agus mór-úaisle Thuatha Dé Danann. Ro fáilticcheadh rompa i suidhe, agus tuccadh cathaoir chaoímh cheardamhail fó gach aon díobh, agus ro suidhiugheadh íad ar laoch-lár na lán-bhruighne iaromh. Ro dáileadh nua gacha bídh agus sean gacha leanna dá ttarla isin teaghdhais ttáobh- áloinn ttaitneamhaigh sin orra ionnus gorbho suilbhir soráiteach íad. Nír chían dóibh as a haithle gur thuit trén- néull aibhseach trom-chumhadh orra-somh 'na ttriúr ameascc an mhór-theaghlaigh, ionnus nár fhéadsat comhrádh nó cuideachta do dhéanamh, óir tuccsat subhachas ar dhubhachas, agus deagh- mheanmo ar dhroch-mheanman, trén-shuilbhir- eacht ar throm-thuirsi, agus caomh-chomhrádh ar chomhthaoí, ionnus nach bhfuairsiot filidh nó fallsamhain, úaisle nó árd-mhaithe, banntracht nó ban-dála na bruighne úatha áineas nó ioma- gallmhadh do dhéanamh athaidh fhoda. Ro labhair Bodhbh riú agus is eadh ro ráidh: "A chlann rígh Éirionn," ol sé, "créd an socht sin fil oruibh ó thánccobhair don teaghaidh si?" "Fil damhna agus deagh-aba accoinn," ol iad- somh, .i. ar n-athoir dár ndiúltadh im fhorba nó fhearonn do thabhairt dúinn, agus tánccamor dá éccaoine sin cugaibh-si agus dá fhoillsiúghadh dhaoibh
agus d'íarraidh forba agus fearoinn oruibh, agus nochan éttmaoíd áineas nó úraoibhneas do dhéanamh nó go bhfeasam bhur bhfreagra-sa oruinn a ttimchioll na cúísi sin." Is ann attracht Bodhbh Dearg re beinn mbláith- eaccoír mbuabhoill; ro hinneastar í, agus ro choitseadar aoís na bruíghne go taoi tosdánach a n-aoínfheacht agus a n-aoín-uair. Ro taiscceadh a ccuirn agus a ccopáin leó, agus ro líonadh láthair acu, agus ro cinneadh comhairle acu dús ciodh do-dhéundís im dhála chloinne rígh Érionn. Ba hé rob úaisle agus rob urramhanta dhíobh dá raibh ann sin do Thuathaibh Dé Danan, .i. Miodhair mór-ghlonnach mac an Dághdha. Ro ráidh riú Miodhair an tan sin teóra ócc-mhná áillne airrdhearca do thabhairt do thríbh macuibh rígh Éreann don ingheanraidh bádar a n-aontomha aco. "Dáigh," ol sé, "is tré mhnáibh fo-gheibhthear rath agus ro-chonách, uaisle agus ro-aireachos do shíor." Is ann sin tuccadh teóra hingheana míne moing- leabhra malach-dhonna Miodhair don chloinn sin rígh Éireann. Doireann, Aoife, agus Aillbhe an- monna na n-óicc-ríoghan sin. "Caidhe bhur ccongnamh cruidh agus ceathra do bhur ccleamhnuibh anossa, a Thuatha Dé Danann?" ol Miodhair. "Do-bhér-sa trí chaéga mac rígh atú isin tshídh si anocht," ol Bodhbh Dearg, "trí choéga uinge dheargóir dhóibh úaim budhdhéin, agus a urdail
céadna ó gach aon donuibh macuibh rígh sin. Do-bhéra ós a chionn sin trí chaoga each sréin- bhreac so-ghabhála dhóibh dom eachaibh budh- dheisin, co a ccairptibh caomha crédhumha leó co n-éxamhlacht gacha datha orra." "Do-bhér-sa corn agus dabhach dhóibh," ar mac Aodha adhbhaisigh - a Cnuc Airdmhulla amuigh don muir, risa n-abarthor Rachlonn Dál Ríatta isin reimhius sa, an rímhílidh sin, - "agus uiscce an mharo do chur isin dabhoicch sin is miodh so-mblasta so-óla do thiocfadh eiste, agus sáile searbh- ghorm solas-ghlanna saobh-fhairrge is fíon foirccthe fíor-mheasgdha do-dhéantaoi dhe." "Do-bhéar-sa trí choéga claidhiomh agus trí chaoga sleagh dhóiph," ar Lir a Sídh Fionnchaidh. "Do-bhéar-sa dúnadh deagh-mhaiseach agus brúcch bothach-mhór agus baile ríogha roí-dhaingean bus ionnshamhail d'Eamhuin Abhloigh ar aireachois nó don Bhrugh ar bhuan-aoibhneas, go sonna- dhuibh síodh-arda agus go ccolamhnuibh gorm-ghlana gloinidhe ar a tháobhuibh agus ar a tháibhliph eidir Ráth Cobhthaigh agus Teamhoir dhóibh," ol Oenghus Ócc mac an Dághdha. "Do-bhéar-sa ban-choigh dhóibh," ar Áine inghean Modhairn, "re búan-tairbhirt bídh, agus as geis dí duine do dhiúlltadh im bhíadh, óir do-ghébha sí mar do-bhéara.": Ciodh trácht ro thiodhlaicseat Tuatha Dé Danann iol-iomad maoíne agus maitheasa, cruith agus
ceathra, agus gacha saidhbhris ol-cheana do chloinn rígh Éreann agus dá mnáibh ar an láthair sin. Do ansat trí laithe agus teóra hoidhche isin mbruicchin mbreachtnaighe sin a bhfarradh Tuath Dé Danann ag ól agus ag aoibhneas. A ccionn na haimsire sin do labhair Aonghus Óg mac an Dághdha riú iccas as eadh ro ráidh: "A chlanna rí Éireann, beiridh teóra habhla a Fiodh Omna liph anos go bhur ndeagh-dhúnadh budhdhéin." Is ann sin ro éirigheador-samh go hathlamh iméasgaidh agus rugsad na teóra habhla sin leó, agus as amhlaidh ro bháttor, .i. abholl díobh fó bhláth, abholl iar ccur a blátha, agus an abholl oile abaigh ionbhúana, agus do-gheibhtaoí togha gacha toraidh i ngach am orra. Ránccador clann rígh Éireann rompa go a ndeagh-árus ndearrsgaiththe budhdheisein, óir ba hurlomh eallmhithe la hAonghus ar a ccionn- siomh é, agus ro cheileabharsat do Thuathaibh Dé Danann. Ro bhádor cáoga bliadhan isin dúnadh sin nó co ndeachaidh díth ar na deagh-dhaoínibh agus ar na trén-thaoiseachuibh bádor ina ttimchioll do mhacuibh Míleadh, ionnus nochar fhéadsat a bheith isin dúnadh sin as a haithle, co ndeachsat ar a ccúl co a ccaruid agus co a ccleamhnuibh, co Tuatha Dé Danann, gurab ann ro chaithsat a saoghal co suthain ó sin amach. Agus a anam,
a Naomh Pádruic, as é sin sgéula an dúnaidh agus an deagh-bhaile ro fhíarfaighis díom, .i. Dúnadh ard Ruidhe." Co ndobhairt na roinn:
"Trí thuile ticceadh go Dún árd Ruidhe tuile ógán, tuile each, tuile míolchon meic Luíghdheach. Trí ceóla co mbloidh no bhíodh ann (reghdha roghain) ceól crot, ceól tiompán, dord Fir Thuinne mheic Throghain. Teóra gáirrthe no bhíodh ann gan uair ttearca, gáir cheatnatt ar a bhfaithche, gáir ghraifne agus gáir earca. Teóra oile, gáir a muc iar mbleith feadha, gáir a sluagh ar bhlaí a bruinne, gáir eala acc sloighe eana. Trí cnúasa no bhíodh ann shúas ar shlatoibh, cnúas ag tuitim, cnúas 'na bhláth, cnúas gnáth agus cnuas abaigh.
Trí meic forfháccoibh Lughaidh, robsat rulaidh a bhfeadhma, Ruidhe fa búan a mbeathaidh, Eachaidh is Fíacha fearrdha. Do-bhéar-sa teisd ar Ruidhe ccus a ttigdís na trí thuile, nochar ér aon um ní ríamh 's nochar íarr ní ar dhuine. Do-bhéar-sa teisd ar Eachaidh, ní dheachaidh traighidh a mádhma, ní dubhairt riamh ní budh ró, ní baoí budh mó budh amhra. Do-bhéar-sa teisd ar Fhiachaigh, ar an ccinn-fhionn a Chnódhbha, nach mbíodh gan airfideadh ngnáth, nach mbíodh tráth cen ól corma. Tríocha ruireach, tríocha nía, tríocha triath (ba foramh rí), ba hé líon a theaghlaigh thréin tríocha dhá chéad go bhá thrí."
"Dar ar ccubhais," ol Pádraig, "is urgháirdiugh- adh inntinne agus médughadh meanman agus as tógbháil trom-thoirsi bheith 'gut t'éisteacht, a Oisín," ol Pádraig.
Nír chian dhóibh ann go bhfacatar an t-áon- ócclaoch andeas gacha ndíreach dá n-ionnsoigh; brat cas-lóach corcar-ghlan corrthorach uime, dealcc n-airgid ann, ionar fann-mhaiseach forórdha imá chneas co n-uachtar-chlár órdha air, léine do shleamhuin-shíoda bhuidhe co cciomhuis órrdha re grían a gheil-chneisi, cnuasach do chnaibh comhmbuidhe ina ucht agus d'ubhlaiph blasta bith-mhillsi; agus cuirios a mbaoi lais eidir ubhlaibh agus chnaibh i n-ucht Phádraig. "Can ass a ttángois, a ócclaoich?" ol Pádraicc. "Caidhe do chomhainm, agus cia an chríoch agus an caomh-fhearonn as dúthchas duit?" "A Fiodh géug-thorrthachtach glan-áluin Gaibhle tánac-sa," ol an t-óglaoch. "Fulartach mac Fearghusa attam-chomhnaicc, agus críoch Breagh agus Midhe agus Déisi Teamhrach as dual agus as duthchus damh, agus foghlaidh agus fír-dhíbherccach mé." "Cia ar a ndéanair t'fhocchail?" "Bráthair dhamh budhdhéin," ol sé, "rom-athchuir agus rom-ionnairb a bhfothribh, a bhfásoigh- ibh, agus a bhfeadhoibh, co nachim tualoing taisdeall nó tadhall mo dhúthchais lais, as air nos-ghním m'fhocchail, .i. Béaccán mac Fearghusa." "Do dhúthaigh dhuit-si co haithghairid," ol Pádraig. "Foircheand fair, a náomh-chléirigh," ol Fulartach.
"Isin mbliadhain si a ttú," ol Pádraig. "Can ass a ttuccais an cnuasach?" ol Pádraig. "Ro-fheadar-sa sin," ol Oisín, ".i. a Ros Mheic Threóin, a bhFíodh gécc-dhíoghain gorm- chraobhach Gaibhle, lubhghort sealcca d'óglaoch grádha d'Fhionn mac Cumhaill, .i. Mac Lughach láimh-éachtach." "Maith ámh, 'anam, a Oisín," ol Pádraig, "atá fear grádha dom mhuinntir-si ann sin anoss, .i. Cesán mac rí Alban, agus sagart méisi dhamh é." "Is fíor," ol Oísín, "is imchían ó do tharrngir an flaith feasach fír-eólach, .i. Fionn, co ttiocfadh an deigh-fhear sin adeiridh-si, a Naomh Pádruicc, cusan ionadh úghad, agus co madh neimheadh agus naomh-eagluis dhó é, agus co madh úadh do hainm- neóchthaoi an t-árus taitneamhach trén- aingleachdha sin go deireadh an domhain, agus fa gnáithe é ina áras damhraidhe dásochtaighe agus crann-lachan clúimh-fhlioch ccos-lúath iná 'na árus psalm acc sein-chléirchiph." Ro ghabh Oisín ann for mholadh chnúais agus chaoimh-thoraidh and doire, agus ag tabhairt a thuarusccphála ós áird co nd-érbhairt an laoidh:
"Clúain Chesáin ro chlos amach gus a ttaitheóchadh Mac Lughach ba Ross mheic Treóin, folamh ngrinn, re ré thoigheachta an Táilginn.
Acht ciodh cantar psailm fó sheach a cClúain Chesáin na ccléireach, ad-chonnoirc an cClúain ccreamhaigh fá dhamhraidh rúaidh ro-bheannaigh. Gé bheith léighionn isin laind ro bhaoí tan ann ba hosccailtt; ionnbhaidh ba linn shnámha an sruth, ádhbha chrána an Chlúain chruthach. Maith a criomh is cárna a hén, maith a meas ralach roi-thrén, caoimh a háirne is a hubhla, maoth a habhle fionn-chumhra. Tánoicc an tarrngire tair: Clúain Cheasáin ag Táilgeannnibh; adubhairt Fionn fíal failgheach go madh neimheadh naomh-aingleach. Trí fichid ríoghan go reacht bádar agam, 's nír aimhneart; do-nínn a leasa uile; robsam cleasach cluanuidhe." Clúain.
"Cia tráth do ló anoss?" ol Pádraig. "Deireadh laoi," ol Beinnén.
"An ttorracht proinn nó tomhaltus chuigainn," ol Pádraig, "anocht?" "Ní thorracht, imorra," ol Beinén. "Maith, a naomh-chléirigh," ol Fulartach, "do-bhéruinn féin eólus duit bhail i mbeith proinn agus tomhaltas." "Cia hionadh sin?" ol Oisín. "A ttigh mo bhráthor budhdhéin," ol eisiomh, ".i. Béccán mac Fearghusa." Cuireas Pádraig Beinén dh'iarraidh tomhaltais na hoidhche sin ar Bhéccán. Luidheas Benén go teach mBéccáin, agus as amhlaidh baoi-somh agus ocht bhfichit fionn-áirghe aicce a liasuibh agus a lán-mhachoibh. Íarras Benén aoidheacht na hoidhche sin do Phádraig ar Bhéccán. Éros Béccán é. Ticc Beinén d'innsín an sgeóil sin do Phádraig. "As cead liom-sa," ol Pádraig, "a bhfuil- siomh do chrodh, do chonách, agus do mhóir-mhuinntir do bhásoghadh go haithghairid isin oidhche si anocht a ccionn a neamh-umhloidhe, a dhíbhe, agus a dhoichill." Malloigheas Pádraig Béccán agus do-rinne an rann:
"Fá mar do dhiúlt rínn Béccán nárab ilar a thrédán; airead is bhías grian ar dheisseal nárab seisser d'íbh Béccán."
Fuair-siomh an athchuinghidh sin, óir ní facas Béccán iná míl dá mboí aicce arna mhárach, agus níorbh fheas d'áon créd do imthigh orra acht munab talomh do shluigeastar íad tré mhallachtoin Phádraig. "Maith sin, a naomh-chléirigh," ol Fulartach, "rod-fia feis na hoidhche si uaim-si, .i. fiche bó filid acc fír-bhiathadh mo mhuinntire-si anallana do chosg a bhfocchla raghaid dhuibh-si anocht co mbeannachtain la fáilte agus fír-thairisi." "Ríghe uaim-si dhuit-si ó mheadhón laoi amárach agus dot chloinn at dheaghaidh nó cco tteaghoid friom-sa," ol Pádraic. Ro ríoghadh Fulartach arna mhárach ar a dhúthaigh feisein iar ndíthucchadh Bégáin. Conadh Díth Béccáin ainm an sgeóil. Ro fhiarfaigh Pádraig d'Oisín and sin caidhe an líon bráthor ro bháttor ag Fionn. Ro fhreagoir-siomh go comhnort an ceist sin, óir do bhaoi a fhios go fíor-mhaith aicce, agus is eadh ro ráidh: "Do bháttor dhá bhráthoir mhaithe aicce," ol Oisín, "agus níorbh oirdhearca féin nó gach aon daoibh." "Caidhe a n-anmanna?" ol Pádraig. "Fítheal agus Dubh Díthraibh a n-anmonna," ol Oisín, agus it-beart an rann:
"Díamhuir ar sheanchadhuibh sonn na trí mic ro bhaoi ag Cumholl, Fionn agus Dubh Díthraibh dean agus Fítheal na bhfileadh."
"Cía dár mhac Mac Lughach, a Oisín?" ol Pádraig. "Ro budh ceisd ar neach oile sin agus ní ceisd oram-sa í. Mac do Dhearg mac Finn Mac Lúghach," ol Oisín. "Cia do budh máthair dó?" ol Pádraig. "Lughach inghean Fhinn," ar sé, "inghean díleas aindíleas ro bhaoi acc Fionn (agus as aire tuccadh Lughach uirre) do chomhraic a bráthoir ria a tTeamhraigh Lúachra theas, íar n-ól fleidhe, co ndeárna Mac Lughach ria. In oídhche ruc- custar an mac as í an sin adhoigh táinic Fionn agus trí catha na gnáth-Fhéine go Teamhraigh. Ro hinneasadh d'Fhionn Lughach do bhreith mic dá bráthoir. "As maith an sgéul," ol Fionn, "agus as gaoín ós mac do ruccadh ann, agus do budh olc an sgéul dá madh inghin do bérthaoí ann." "Is búadh-fhocal n-anma sin," ol Fearghus Finnbhéil. "Agus budh Ghaoíne ainm in mhic úcchod." Ut dixit poaeta:
Gaóine ainm Mhic Lughach loinn, Dáire a athoir ós gach droing; Cú Muighe ainm Meic Reithe, Bran a athair d'áiridhe.
Tuccadh an mac sin a n-ucht Finn, agus tucc
Fionn hé i n-ucht Mhoingfhine inghine Dubháin, agus as dí sin as-breath Duibhneóin inghean Dubháin bain-chéile Fhinn, agus is í ro thóccuibh ocht gcéad sgéitharmach don bFhéin, agus ro ail an mac sin gurbhó slán a dhá bhliadhain dég, agus tuccadh a dhaothain airm agus earraidh agus éidigh dhó íarromh, agus táinicc roimhe co Carraic Conlúain, co ceann Sléibhe Smóil mheic Eidhneaccoil ris a ráitear Sliabh Bladhmo an tan sa, gusan airm a mboí Fionn agus an Fhían. Ro léicceadh a bhfiadhnuisi Fhinn é agus ro fhearoistear Fionn fáilte fris. Do-rinne-siomh a chor agus a cheangal ann sin re Fionn agus tucc a lámh ina Iáimh agus ro bhoí bliadhoin isin bhFéin íoromh. Do-rinne liostachadh mór isin bhFéin risan mbliadhoin sin, agus ní mó iná fine naonbhair d'Fhian- aibh ro shaigheadh céad-ghuin aighe nó muice nó fiadh-mhíl roimhe-siomh re taobh buailte a ccon, a bhfear, agus an giolladhnraidh. Is ann sin tánccatar go Ross an Fhéinneadha go bruach Locha Léin andeas, agus tánccator trí catha na Féine go Fionn agus ro choisaoideadar eidir rí agus thaoíseach, eidir thríath agus thighearna, eidir ghiolla agus óccláoch, Mac Lughach ris, agus is eadh ro ráidheastor: "Do rogha dhuit, a Fhinn," ol síad, "trí catha na gnáth-Fhéine nó Mac Lughach 'na oénar." Tuccadh Mac Lughach ann sin d'agallomh Fhinn, agus is eadh ro fhiarfaigh Fionn de:
"Maith ámh, 'anam, a Mhic Lughach, créd do- rinnis risan bhFéin an tan atá do mhiosccuis agus do mhór-fhúath acu idir choin, ghiolla, agus ghadhor, agus ghaiscceadhach?" "Dar do láimh, a Fhinn," ar Mac Lughach, "ní fheador créd imá bhfuilit damh acht munab é an forcraidh lúith agus lámhaigh, lúais agus láidir- eachta, borrfaidh agus beódhachta fil accom tharsa as fachoin fúatha agus fíor-mhiosguisi dhóibh form." Tuccustoir Fionn comhairle do Mhac Lughach ann sin ro fhoghain go síorrthaidhi suthoin dó an ccéin ro mhair, óir budh do bhuadhaibh Finn gibé dá ttiobhradh comhuirle lán-rath do bheith fair go foircheand a shaoghail, agus gibé nach raibhe buaidh chomhuirle nocha ar Mac Lughach nach raibh; agus as í ann so comhuirle tuccoistar dhó amhail do ráidh Fionn féin iccá fhoillsiu- ghadh:
"A Mhic Lughach, tóla snass, más é h'órd an t-óccláchas, gorbhad subhach tteaghlach ttrén, gorbhad duiligh a ndroibhél. Ná búail do choin gan chionaidh; ná lí do mhnaoi go bhfionnair; ná bean re géanaidh i ccath a ccéin a bhéaroir, a Mheic Lughach.
Ná himdhearcc duine madh cáidh; ná héirigh re hiomarbháidh; národ-ttaccoir imale ar amoid nó ar dhroch-dhuine. Dhá ttrían do mhíne re mnáibh is re heachlachuibh urláir, re haois dána déanta dúan; nárab dian re díosgar-shlúagh. Ná gabh tosach leaptha a-le ret aos comtha is comhluidhe; ionguibh luidhe cláon is col; ná faomh uile t'fhíadhughadh. Ná tabhuir-si bréithir mhóir, ná habair nach ttiobhra an ccóir, úair as náir a rádh go teann muna ttí dhíot a chomhall. Náro thréiccthe do ruire an ccéin bhéir for bhioth mbarr-bhuidhe; ar ór nó ar shéatt for bioth cé nár thréiccthe do chomhairce.
Ná héaccnaigh fós go fearrdha a mhuinntir red thighearna, uair ní hobair duine mhaith égnach a shluaigh re príomh-fhlaith. Nárbhod buan-sgéalach bréagach, nárbhad labhoir luath-bhrégach; gérsat iomdha do ghartha nársat bíodhbha aireachta. Nárbhad diúltadhach im bhíadh; nárbhád cumhthach dhuit ainbhfial. rod-fhuráil ar mhaith 's ar shaith nád-égnaicchid re hárd-fhlaith. Nárbhad siobhlach tighe an óil; nárbhad saightheach ar sheanóir; an dáil uile it-chluine as cóir: ná bein re duine ndeireóil. Len dot éadach, lean dot arm resiu tháirr an gleó glas-gharbh; ná déna díbhe go rath; lean do mhíne, a Mheic Lughach."
"Att-raé buaidh agus beannachtain, a Oisín," ol Pádraig, "as maith an sgéul sin do innsis dúinn, agus caidhe Bróccán sgríbhinn?" ol sé. "Sonna, a naomh-chléirigh," ol eisiomh. "Sgríobhthar leat," ol Pádraig, "gach fios agus gach fíor-eólus dár fhoillsigheadh an seanóir, .i Oisín, dúinn gos anossa". Do-rónnadh amhlaidh. "Maith a mh'anam, a Oisín," ol Pádruicc, "an rabhadar airfideadh accoibh-si in bhur bhFianaibh?" "Ro bhaoi," ol Oisín, "an t-aon-airfideach dob fhearr a nÉirinn ina aimsir féin." "Créd a chomhainm?" ol Pádraig. "Cnú Dheireóil," ol Oisín. "Cáit a bhfríth é?" ol Pádraig. "Eidir Chrot agus Sídh Bhan bhFionn," ol Oisín. "Créd í a thuarusgbháil?" ol Pádraig. "Ceothar dhurn d'Fhionn ina airde agus teóra dhurn dhó ina chruit chiúil," ol Oisín. "Cionnus fuarabhoir ó thús é?" ol Pádruicc. "Laithe n-oén do-chuadhamair-ne a ccuideach- tain Finn go Sídh Ban bhFionn do sheilcc agus d'fhiadhach. Is eadh ann sin laithe inar ghabh formad agus fíor-thnúth airfidigh Thuath Dé Danann ris-siomh fá mur do dearsccaite dhóibh uile gur
ro ionnarbsat uatha a síodhuibh é, co náir lámhair a ttadhall ó sin amach. Gluaiseas roimhe as an sídh agus a thiompán taighiúir téd-bhínn ar a mhuin, agus is é an flaith- fhéinnidh Fionn céid-fhear tarla dhó iar bhfág- bháil na sídhe, agus ticc a lámh a láimh Fhinn, agus ro naisg a chumairce fair, agus do innis dó mar do dian- chuireadh a síodhuibh é agus an fochain imá rabhus dó. Ba suilbir solásach Fionn íar cclos an sgeóil sin dó agus ro chuiriostar an t-abhoc 'na shuidhe eidir a dhá gheal-ghlún, agus ro ghabh ag sír-sheinm a chruite choéimhe chiúil-bhinne nó go ruccadar forgla na Féine fíor-neartmhaire orra. Iar cclos an cheóil shírreachtaigh shídhe sin dóiph ro ghabhustar iongnadh adhbhal íad, agus ro fhochtadar can ass a ttánoig, agus ro innis Fionn an sgéul iar n-ord dhóiph. "Dar ar ccubhais-ne," ol iad-siomh, "is é sin an treas turchuirthe is feárr fúarois-si riamh cen chonntabhairt." "As eadh gan amhrus," ol Fionn, "a dheagh- mhuinntear." Ro ghabhsat ag féaghadh an abhoic agus ag coitseacht fris co nách mór nár thuitsead 'na suan síor-chodalta. Ro fhiarfaigh Fionn de cia do Thuathaibh Dé Danann dar mhac é. "Misi aén-mhac Logha mheic Eithnenn," ol
eisiomh, "agus as dó tánac sonn - dom bheith seal id choimhideacht-sa, a Fhinn." "Do-ghéibhuir-si sin co lán-ghrádhach," ol Fionn, "agus do-ghéibhuir seóid agus maoín agus ór agus airccead im fhochair." Tucc-samh ann sin a lámh a láimh Fhinn i bhfiadhnuisi na Féine. Teaccoid cúigear d'air- fideadh na Féine chuige gur fhoghluimsiot ceól séghuin sídhe úadha, .i. Binn mac Seanaigh, Seanach budhdheisin, dhá Dhoighre, agus Dubhán in cúigear sin. Ba ceist adhbhal-mhór re Fionn an t-abhoc a bheith gan mhnaoi a dhiongmhála aicce. Ro labhair risin bhFéin agus is eadh ro ráidh: "A óga," ol sé, "gidh bé dhíbh d'inneósadh dhamh cá hionadh ina bhfuighinn bean chubhaidh comhchosmhuil rena tochmhairc do Chnaoi Dheireóil an Éirinn nó an Albain do-bhéaruinn ór agus airgead dó dá chionn." "D'fheador fén," ol Sccí mac Eócchain d'fearaibh Mumhan, "cáit a bhfuighbhithear mnaoi dhó." "Beir ar mbeannacht-ne," ol Fionn, "agus innis dúinn go lúath." "A ttoigh Dhuinn mheic Mhiodhair i Mumhain," ol eisiomh, "atá, agus Bláthnoid a hainm, agus cúig dhuirnn a háirde d'inghinuibh, agus as druineachdha do dhruineachaibh." Luidh Fionn trí choéga dá chaoimh-Fhianuibh
gusan ionadh a raibh an inghean an adhoidh sin. Ro chomhraicseat ré-roile an adhoigh chéadna, .i. Cnú Dheireóil agus Bláthnuid. Tucc gach aon d'Fhianaibh dá rabha ann sin uinge dheargóir don mnaoi ina coibhche. Ro charsat an Fhian Cnú Dheireóil go hadhbhal, ionnus go n-abradh gach aon díobh nach ffuair Fionn ríamh turchuirthae budh feárr inás, leath amuigh do Sgeólaing agus do Bhran. An tráth ticcheadh doineann dóiph do bhíodh Cnú Dheireóil agus Bláthnoid fo a bhrat ag Fionn. No inniseadh an t-abhoc sin," ol Oisín, "an tan do bhíodh olc nó maith ar chionn na Féine." Cona do dheimhniughadh an sgeóil ro fhiarfaigh Pádraig do-roinne Oisín an laoidh mbicc:
"Abhoc do fuair Fionn fearrdha do bhí d'fheabhas a mheabhra gacha a ccluiniodh thiar is thoir go mbíodh aicce do mheabhair. Inneósad daoíbh, rádh gan locht, mur do fuair Fionn an t-abhog: ba gein shochair do fríth ann aon-mhac Logha meic Eithneann. Do bhámar a bhfarradh Fhinn eidir Chrot is Slíabh Bán bhFinn, go bhfaca Fionn fear gan chol chuicce as an sídh ina fharradh.
Ro iarfaigh dhe an rígh Fionn mac Cubhaill Almhaini: "can ass a ttángois, a fhir bhicc, shinneas an ccruit go caoimh-ghlic?" "Tánacc a Síth Bhan bhFionn, áit a n-eabhar miodh is lionn, is tánacc tré Ghleann Ghart dom bheith treall id choimhideacht." "Do-ghéabhair seóid is maoine agus ór dearg deagh-naoídhe, óir taitnidh leam do dhála; is do-ghéabhair mo lán-ghrádha." Ann sin sguirmíd-ne dár seilcc Fíana Éireann, leircc do leircc; ticcmíd ccusan loch a mbaoi Fionn agus an t-abhoc. Do bhámar ag coitseacht fris, risin cceól gan éisleis; as becc nach ttárd sinn 'nar súan an ceól sírreachtach sír-bhúan.
Atn-aigh a lámh a láimh Fhinn, iar sin ro budh subhach sinn, is teaccmaoid ass imale; rob áluinn ar tturchairthe. Ceitheóra dhurnn áirde an fhir, teóra dhurn ina chruit chaoimh, mór tairm na bláithe buicce, binn foghar na fionn-chruite. Teaccoid chuige imale cúicc oirfidigh na Féine; ro fhoghloimseat ceól sídhe thall ó Chnaoi go ccaoimh-dhírghe. Binn mac Seanaigh imale, Seanach agus dhá Dhaighre, do-rónnsat foghlaim go hán, íad budhdhéin agus Dubhán. Ba ceist re Fionn na Féine a abhac gan bhan-chéile, dáigh níorbh áil don fhior chródha na mná reamhra ro-mhóra. Adubhairt Fionn an flaith mór go ttiobhradh aircceat agus ór, gibé dhínn ro fheasfiodh sin a nÉirinn bean a chomhchosmhuil.
Adubhairt Sccí mac Eóghain óglaoch co n-eangnamh leómhuin: "inneósad tré dhlús dála a bhean díleas diongmhála." "Beir mo bheannacht, eircc do thoigh, a mhic Eóghain a Mumhain, agus innis dúinn tré spéis an inghean agus a haisnéis." "Eircc go teagh Dhuinn a Mumhain, a fhlaith na bhFían bhfíor-chubhaidh, atá ann thíar gan bhroid inghean dar comhainm Bláthnoid." Ann sin do luidhsiomar go tric im fhlaith na bhFían trí chaogaid go teagh Dhuínn d'íarraidh ar mná: ro budh mór linn ar meanma. Fo-ghabhmaoid an bhean 'gun sídh is teaccor dhúinn í gan sgíth; comhraicit thaill isin tigh mhóir Bláthnoid bheag is Chnú Dheireóil. Ticcmaoit uinge d'ór gach fir, an líon ro bhámar d'Fhianuibh, a ccoibhche na mná gan locht, do-radsamar dár n-abhoc.
Ceitheóra dhurn airde an fhir; cúig dhuirnn isin mhnaoí mhéir-ghil; airde an bhean inás an fear; ionmhain lánamhuin láimh-ghel. Ní fríth lánamhuin amhlaidh, agus níor thadhoill talmhuin, agus ní thiocfaidh dá n-éis, gé thrialladh neach a fhaisnéis. Lámhdha an domhain ag an mnaoí, imirt óir, airceit, gan ghaoi; lais an bhfear (ba mór an modh) slógh an domhain d'airfideadh. Ní raibhe ríoghan san bhFéin, ná taoiseach, nó fear go ccéill, nach ttugsat grádh ó a ccroidhibh do Chnaoi agus dá chaoímh-dhroinigh. Tráth no theagadh doineann dúr ar an bhFéin ba ríoghdha rún, no bhíttís ag Fionn fo a bhrat, Bláthnoid bhecc is an t-abhoc. An tan ticceadh maith don bhFéin nocha cheileadh Cnú go ccéill; an tan ticceadh dhóibh sin olc ní cheileadh orra an t-abhac.
Nocha raibhe ceól ar talmhain do neach budh binn re meanmain, re linn Fhinn an aiccnidh mhóir, nach mbaoí ag deagh-Chnaoi Dheireóil. Trí turchuirthe as feárr fúair ríamh Fionn mac Cumhaill, flaith na bhFían, Bran agus Sgeólang gan locht is Cnú Dheireóil an t-abhoc."
Níor chían dóibh amhlaidh sin go bhfacador an cóigear fearrdha fearamhoil dá n-ionnsoighidh gacha ndíreach. "Can ass a ttángabhor, a ócca?" ol Pádruic. "Tánccamor ó Aonghus mac Natt Fhraoich, ó rígh dhá chóigeadh Mumhan," ol iad-somh, "ar do cheann-sa." "Ní dleaghar bhail a bhfuighthear na mancha a n-éra." "Créd do-dhéanaim-ne, a náomh chléirigh?" ol Oisín. "Fáilte mhís, bhliadhna, agus ráithe uaim-si dhuíbh," ol Pádraig. Ro ghluaiseadar rompa an chuideachta chráibh- theach choicceadlach cléireach sin, agus an naonbhar feasach fír-eólach boí Oisín, agus teachta rí Mumhan, co ránccatar go Fionntulaigh na Féine ris a ráitear Ard Pádraig. Is ann sin ro bhoí Aonghus mac Natt Raoich,
aird-rí dhá chóigeadh Mumhan co maithibh a mhuinntire uime ag iornaidhe Pádraig. Ro chreasadh a phuball tar Pádraig and sin. Ticc Aonghus ria ccách d'umhlocchadh don phríomh- fháidh. Ro léicc ar a ghlúinibh ina fhiaghnuisi agus tucc a cheann ina ucht. Do-rónnsat maithe agus mór-uaisle Muimhneach ol-cheana an céadna. Ro fhan-somh ann sin co ceann seachtmhuine ag aithbheódhughadh daoíne, ag íoc galair, teadhma, agus trén-easláinte ar-cheana. Tuccadh a réir féin do Phádraig and sin. Táinicc rí Mumhan dá dhúnadh budhdheisin go Rosaigh, agus tíaghaid maithe agus mór-úaisle an chóiccidh as a haithle go a ndeagh-árasuibh budhdheisin. "Maith a mh'anam, a Oisín," ol Pádraig, "créd 'má ttugadh Fionntulach ar an ttulaigh si a ttám?" "Eiste so," ol Oisín, "do ghluaiseadar trí catha na gnáth-Fhéine fíor-neartmhaire do chur catha Fionntrágha. Tuccadh a shleagh go Fionn annsidhe agus tucc féith fiothshnaisi for a crann, agus do-righneadar an Fhían uile an céadna rena sleaghaibh. "'As fionn an tulach," ol cách a n-éinfheacht. "Gá feárr ainm dá mbia uirre," ol Fionn, "nó Fionntulach?" Conadh dhe sin do-radadh Fionntulach, a
Naomh Pádruic," ol Oisín. Co nd-ébhairt na roinn:
"A thulach árd aoibhinn-si gus a ttigdís Fiana fionna, ba gnáth longphort lán-adhbhal ort agus gasraidh ghiolla. Rob í ar ccuid re a coimhaireamh ar seilcc dhoire gacha díne sméra sccema sgeochora, cna do chraobhuibh Chinn tíre. Maotháin drissi dealccnaighe, gassáin chreamha gan chionaidh, do chaithmaois gacha Beultaine, buindén bhláithe, barr biorair. Eóin a dhoiribh diamhroibh do-riachtdaois fulacht Féine, toghmhoill bhreaca a Bearomhuin, nid bhecc' a beannuibh sléibhe. Bradáin lúatha Luibhnidhe, eascconna Sionna saoíre, coiligh fheadha Fhírghrinne, dobhráin a dhiamhruibh Daoile.
Iasgach mara muiridhe a chríochuibh Baoi agus Béarra, medhbhán Faíde fíor-ghloine, duillioscc a chuan caoimh Cléire. Snámhradh Loingsi lochaighi do budh maith re Mac Lughach; ticcmís slóigh is sochuidhe ar do thaobh thall, a thulach. Misi Oisín alt-bhladhach; théicchinn a ccorruibh curach; fuaras gáibhthe glasmhara a ttimchioll tonn is tulach. A.
Gluaismaoíd a haithle an tshnasda sin do bhúain dár sleaghuibh," ol Oisín, "go Fionntráigh budhdheass. Ro cóiriccheadh an cath iaromh, agus ba loch ar léithe é. Is and sin at-choncamar aon-óglaoch dár muinntir dár saigheadh," ol Oisín, ".i. Caol cródha céad-ghuineach ua Neamhnúaill. "Can ass a ttánccois chugoinn anossa, a Chaoil?" ol Fionn. "Ass an mBrugh mbráonach mbrat-sholuis mbúan-áloinn athúaidh," ol Caol. "Créd tucc ann sin thú?" ol Fionn.
"D'agallomh Mhuirne inghine Deircc, .i. mo bhuime, do-chúadhas ann," ol Cáol. "Créd imá ndeachois dá hagallomh-sidhéin?" ol Fionn. "D'iarraidh conganta uirre dochum mná dá ttugas toil agus trom-ghrádh do thochmhairc dhamh," ol Caol. "Cia an bhean dá ttugois an toil sin?" ol Fionn. "Do roighne ríoghan na sídhe solus-ghlan do-radus-sa an trom-ghrádh ucchod, agus Créadh a hainm." "Maith tárla duit más do Chréidh inghin Chairbre chneis-bháin, inghean rí Ciarraidhe Lúachra, tuccois an toil sin; agus an bhfeadoir-si, 'anam, a Chaoil, gurab í sin ban-mhealltóir banntrachta agus ban-dála na hÉireann uile?" ol Fionn. "Oir ní bhfuilid trí seóid a ndúnadh nó a ndeagh-bhaile a nÉirinn do neoch nár bhréccustar go a bunadh-bhaile budhdheisin. Agus as doiligh an bhean sin d'fhagháil duit-si, a Chaoil," ol Fionn, "óir ní ccomhraicfe an ccén bhias ina bheathaidh aoin-fhear lé acht muna ndeárna dúain dí ina mbiaidh tuarusccbháil a cúach, a corn, agus a copán, a síthile so-mhaisigh, a teaghlaigh, a tirm-ghríanáin, a cathaoire, a caoimh-iomdhadh, a dúnadh, agus a deagh-bhaile, etc.
"Maith tarla dhamh-sa," ol Caol, "óir itá dúain go heallomh accom don inghin íarna dhénamh dom bhuime dhamh, .i. do Mhuirn inghean Deircc." Tuccamair-ne trén-fhaillighe don chath do chórucchadh and sin," ol Oisín, "agus tiaghmaoíd do thochmhairc Créidhe do Chaol, agus nochar hanadh linn go ránccamor Carruic Locha Cuire a n-iarthair Éireann, airm a mbaoi an inghean cona bantracht briathar-mhilis. Iar ndul go doras an dúnaidh agus an deigh-bhaile dhúinn ro chansamor an dórd fíansa cco fearamhoil fír-bhinn, agus ro éirgheadar ingheana míne macánta ar sgeimheal- bhordaibh sgiamh-ghlana an solus-ghrianáin agus ar tháidhbhlibh taitneamhach na teadhghuisi. Do- riacht Créidhe dár n-agallomh iaromh agus trí chaoga ban do bhanntracht ina hurthimchioll. Ro labhuir an flaith-ruire Fionn as a haithle agus as eadh ro ráidh: "As dó thánccamair-ne sonn, a inghean," ol sé, "dot thogha-sa agus dot thochmharc." "Cía dá ttángabhar dom thochmhairc?" ol an inghean. "Do Cháol chródha ua Neamhnuaill, .i. mac rígh Laighean," ol Fionn. "Ro-chualamar an curaidh sin a ccen go bhfacamor," ol Créidhe. "'Anam, a Chaoil," ol sí, "an bhfuil accod an choidhbhche do-chuinghim-si
ar gach aonfhear, .i. dúain do thabhairt chugam go hérlaimh imésccaidh?" "Atá imorra," ol Caol. "Gabh dhúinn an dúain sin," ol Fionn. Ro éirigh Caol iaromh co nd-érbhairt:
"Turas agom Dia hAoine (gé dheachor, im fhíor-aoidhe) go teach Créidhe, ní gníomh súaill, re hucht an tshléibhe 'narttuaidh. Atá a ccinneadh dhamh dul ann go Créidhe dan críoch Anann, go rabhar ann gan deacoir ceithre laithe is leith-sheachtmhain. Aoibhinn do theaghlach na mná idir fhear mhnaoi is mhacaoimh, idir dhruithnigh is aos ceóil, idir dháileamh is dhorseóir. Bíodh aoibhinn dhamh-sa 'na dún ar choilcidh chaoimh is ar chlúimh; madh áil do Chréidh Chnuic na cCros budh aoibhinn damh mo thurass.
Sítheal aice a sil súgh subh eiste nigheas a caomh-chruth; dabhach ghloine im fhíon mheasccdha; copáin aice agus caoimh-easgra. A dath amhuil dhath an aoil; coilctheach idir hí is aoín, síoda idir hí is brat gorm, deargóir idir hí is glan-chorn. A grianán cloch go ccuirre d'aircceat agus d'ór bhuidhe, ro thuigh druineach gan dochta d'eitibh donna dubh-chorcra. Dhá ursoind uaine aice, a comhla ní d'fhiodh craicce; d'airccead eachta, caoimh ad-closs, an crann baoi ina ard-doras. Cathaoir Chréidhe dod láimh chlí badh suarca 'sa suarca hí: easair uirre d'ór Ealpa fá chosuibh a caoimh-leaptha. Leaba luchoir go ccaoine fil ós cionn na cathaoire do-rónnadh do thuile thair d'ór bhuidhe 's do lícc lóghmhair.
Leaba eile dá láimh dheis (codladh uirre níorbh éisleiss) cco bpuboill go mbriocht mbugha, go ccaomh-shlatuibh crédhumha. An teaghlach fil ina tigh as dóibh is aoibhne fá nimh: nídód ghlasa slioma a bhfuilt, ad casa fionna a bhforfhuilt. Do bheidís fir iarna ngoin ina síor-shúan go sádhail re hénuibh sídhe ag sináin ós bhordaibh a glain-ghrianáin. Madhim buidheach-sa don mhnaoí, do Chréidhe dá ngoir in chaoi bérad ní bhus sia a laoidhe do mhaoidheamh a comaoíne. Madh áil do Chréidh d'fhuil Chairbre ní rom-chuirfe for cháirde - a rádh go mear riom abhus: "mo chean, mo chean, dot thurus". Céd traighidh a ttigh Créidhe ón ccuirr go roich a chéile, tríocha traighidh re a dtomhus eidir a dhá dheagh-dhoras.
A fhudhnacht is a thuighe d'eitibh én ngorm is mbuidhe, a earrsgoir is a thobair do ghloine is do charrmhogal. Dabhach ann do chuirm flatha ass a sil súgh súarc-bhracha, abholl ós cionn na daibhche co n-iomad gach trom-thoirthe. An uair líontar corn Créidhe do mhiodh na daibhche déine tuitid isin ccorn go ceart ceithre hubhla a ccoimhnaoinfheacht. An tí 'gá ttád sin uile idir shéud agus dhuine, rucc Crédh a tulchoibh trí mbeann eadh urchoir do mhnáibh Éreann. Duain sonn chuice 'na coibhche, nocha duan fhir anfhoirfe; abradh riom Créidhe co ngus: "mo chion, a Chaoil, dot thurus." Turus.
Ro chomhraic Caol agus Créidhe ré-roile iar sin agus ro bhámair-ne ann co ceann chúig láithe cona
n-oidhchibh íaromh. Acht atá ní cheana, ní rabhamar a bheg don aimsir sin acht acc ól agus acc aoibhneas a ndúnadh na daigh-ríoghna Créidhe go subhach soimheanmnach. Is and sin do ráidh Fionn gurbh iomchian an iornaidhe bhoí forra óna hallmhurchaibh bádor a bhFionntráigh gan ionnsoighidh do thabhairt orra, agus co ngluaisfeadh chuca gan mhoille an tan sin. Do-rad an inghean earradha dísle diongmhála dhóibh go huilidhe ó ghiolla go hóglaoch agus ó ócclaoch go rígh-fhéinn- idh do réir úaisle agus aireachuis gach aoin díobh fó leith. Ro éirgheamar go hathlamh imésccaidh as a haithle," ol Oisín, "agus ro ráidh an flaith-ruire Fionn ann sin go mbéradh an inghean lais go bhfionnadh cia dhíobh budh cosccrach don chath- ughadh sin Fionntrágha, Fíana Éireann nó all- mhurchaigh. Ticc an inghean linn," ol Oisín, "go loinneach lán-mheanmach agus tucc ealbha agus innille, búar agus bó- tháinte lé do fhreasdol agus do fhritheólamh ríogh agus ruireach na Féine feidhm-neartmhaire a n-am tarta agus trom-íotan agus re hucht leasaighthe agus leighis othar agus anbhann fri hudhacht an chatha sin. Bámar seacht laithe dhéag ag cur an chatha iaromh, agus as a ttoigh na hinghine do bhíodh ar leagha agus ar lucht othrais gá mbiathadh agus gá mbuan- leighios re headh na haimsire sin.
Ciodh trácht, mur do dhearsccnaigh an inghean sin do bhanntracht agus do bhanchuirí na Féine ar chruth agus ar chaoimh-lí, ar thiodhnacal séud agus sár-mhaoíne, ro dhearsccnaigh a fear, .i. Caol cródha, ar ghoil agus ar ghaiscceadh do thríbh catha na gnáth-Fhéine isin ccathughadh chalma churata sin Fionntrágha go ttáinic tiomdhibheadh saoghail dá shoighidh; agus ro budh beud búan-chuimhneach an gníomh do-rónadh ann sin a ndeireadh an chathoicchthe sin, .i. an cathmhílidh do bháthadh íar líonadh an láin mara thairis; agus ro bhádar beothodhaigh shaolacha ag an ccuraidh sin," ol Oisín, "ionnus go bhfuairseat bás agus búan-écc an ionbhaidh sin. Tucc an tonn íaromh a chorp chum calaidh íaromh. Do-riacht an inghean agus maithe agus móir-úaisle na Féine chuige agus ro thógsat leó é gusan trácht ndiscceartach d'Fhionntráigh, agus Trácht Chaoil a ainm ó sin ale, agus Fearta Chaoil ainm na fearta. Táinic an inghean ann sin ós cionn a caoimh-chéile agus do-rinne nuall-ghubha adhbhal-mhór úasa. Ro shín re a thaobh as a haithle agus as-beart: "Ciodh um nach bhfuighbhinn-si bás go bith- erlamh do chumhaidh mo chaoímh-chéile an tan fuarsiot na fíadh-mhíola bás dá chumhaidh." Agus as cuma baoi agá rádh agus do-rinne an laoídh:
"Géisidh cúan ar a bhuinne ruadh Rinne dá Bhárc: báthadh laoích Locha dá Chon seadh chaoneas tonn frí thrácht. Luinche corr i seiscceann Droma dhá Thrén; is í nis freaccartha bí, sionnach Dhá Lí ar tí a hén. Truagh an fhaoídh do-ní an smáolach a nDruim Chaoín, agus ní neamhthruaighe an sccol do-ní lon a Litir Laoídh. Trúagh an tshéis do-ní damhán Droma Léis: marbh eilitt Locha Síleann, géisidh damh dílleann dá héis. Saoth liom bás an laoich no luigheadh leam, mac na mná ó Dhoire dhá Dhoss, a bheith aniogh is cross fá chionn.
Saoth liom, a Chaoil, do bheith a riocht mairbh rem tháobh is tonn do thocht thort, a fhir, is eadh rom-bhir fó mhaoíth. Truagh an gháir do-ní tonn trágha re tráigh: ó ro bháidh m'fhear séaghdha sáor as saoth liom a dhul 'na dháil. Truagh an treas do-ní tonn san tráigh si theas; misi, tháinig ceann mo ré, measoide mo ghné (ro-feas). Cithghal chrom do-ní tonn teann Tolcha Léis; misi, nochan fhuil mo mhaoin ó ro mhaoidh an sgéal ro ghéis. O ro bháidh Caol mac Criomhthain nochan fhuil m'ionmhain dá éis; as mór ttriath ro thuit dá láimh, a sgiath a ló gáidh ro ghéis."
Fuair an inghean," ol Oisín, "bás do chumhaidh a caoimh-leannáin. Ro hadhnaiceadh a n-aon-
uaigh íad, agus misi," ol Oisín, "ro thóccaibh an lía fil uasda, agus Feart Chaoíl agus Feart Créidhe ainm an fhearta ina bhfuilitt." "Caidhe Brógán sgríbhinn?" ol Pádraig. "Atú sonn," ol eisiomh. "Sgríobh an sgél ucchod," ol an naomh- chléireach. Do-ghní samhlaidh. Nír chían dóibh as a haithle go bhfacadar an dírim shluaigh dhána dheagh-shluaigh chuca gach ndíreach agus damh-dhabhach do sgiathaibh dísle deilicchthe dearccóir ina n-uirthimchioll agus fiodh- neimheadh do shleaghaibh dos-cháomha deagh- shnoite dath-rionnaighthe go húrárd re geal- ghúailnibh na gasraidhe. Tíaghaid isin bpuboll a mboí Pádraig, agus tuccastar an fear budh feárr dhíoph a cheann ina ucht agus ro shléachtasdair dó, agus do-rinneadar a mhuinntear mar an ccéadna. "Cía thusa anois?" ol Pádraig. "Bran mac Deircc misi," ol an t-óglaoch, "agus do bhí m'athair 'na aird-rígh ar dhá chóicceadh Mumhan. "Créd tucc sonn thú?" ol Pádraig. "Occlaoch maith do-chuala a bheith at fhochuir-si do mhuinntir Fhinn mheic Cumhaill, agus táinac d'fhoghluim an dhúird fhíansa agus thuilleadh fianaighachta nach bhfuil accam úaidh." "An ccluine súd, a Oisín?" ol Pádraig.
"Do-chluinim," ol Oisín. "A anom, a Bhroin," ol Oisín, "innis dúinn cionnus do-ní do mhuinn- tir seilcc agus sáir-fhiadhach." "Do-níd," ol Bran, "iadhadh im an ccnuc nó im an ngleann eidir choin, ghiolla, agus óglaoch. Bímaoíd re headh imchían laithe samhlaidh sul chuirid ar ngadhair ghlóracha fíadh nó fainn-eilitt dár n-ionnsoighidh. Feacht ann," ol sé, "marbh- maoíd an fíadh agus feacht oile ní mharbhmaoíd." Ro chaoieastar Oisín frasa díochra dér iar cclos na fíanoidheachta sin dó. Ro éirigh Pádraig ann sin agus ro íarr ar Oisín sgur don gholghaire for i mboí agus dul leó co Ceann Fheabhradh Sléibhe Caoín. Ro éirigh Oisín ar chomhairle an chléirigh agus tiaghoid an líon bhádor co ránccador Ceann Feabhradh. Is amhlaidh ro bhoí suidhiucchadh in ionaidh ina rabhador, .i. trí ghleanna ime agus loch lionn lionn-fhuar eottorra ar mheadhón, .i. Loch mBó a ainm, occus Oismeadoil ainm na tulcha sléibhe for a mbádor. "Cnoc na hAire alla aníar don loch áit a mbíodh Conán mac Mórna cona fheadhain ag déanamh sealcca, Finninis ainm an chnuic airrthearaigh áit a mbíodh Fearghus Finnbhéil, file na Féine, agus Fearrdhomhan mac Buídhbh Dheircc mheic an Dághdha agus conoirt léigthe ina lámhaibh, agus Cnoc Máine ainm an chnuic si theas, a naomh-chléirigh," ol Oisín, "áit a mbíodh giolla grádha d'Fhionn, .i. Flaitheas Fhear Leath-chúaráin, agus is ann bheós do
bhíodh an bréccuire daimh, .i. Liath na tTeóra mBeann, agus théigheadh don bhFéin uile go hiom- lán gach bliadhna gan fuiliughadh gon fordhear- gadh. Mar sin dó ag imtheacht uatho dá n-aimh- dheóin gacha bliadhna co ceann sheacht mbliadhan bhfichit gur mharbh óglaoch don bhFéin é d'aon- urchar sleighe," ol Oisín. "Cia an t-óglaoch sin?" ol Pádraig. "Misi budhdhéin," ol Oisín, "ro mharbh é, agus tuccoistar Fionn a bheannachtain damh ar son an ghníomha sin, agus ba buidheach dhíom an Fhían uile bhádar isin dáil sin." Agus do ráidh Oisín na roinn:
"Liath na tTeóra mBeann go mblaidh théigheadh uainn i ngach bliadhain tar gach tulaigh, tar gach tor, d'aimhdheóin laoch is luath-chon. Nochar lamhsad uile an Fhían teasgadh a chuirp thoir is thíar (mar iongnadh linne níor bhecc) re ré sheacht mbliadhan bhficheat. Do-radas-sa fair iar sin urchor do mhanaoís neimhnigh, gur thréghd a chroidhe (go dás) gur de tháinig a thiugh-bhás.
Iar ccosgradh an Léith léimnigh do ráidh Fionn an flaith-fhéinnidh rucc búaidh ccomhloinn ó gach cloinn: "beannocht ort, a ua Cumhuill". Ba buidheach dhíom Fiana Fáil - bádor annséin a n-aon-ndáil, tréinfhir fa treisi i ngach íath - ó 'd-rochair leam an luath-Líath." Liath.
Iar ndénomh na rann sin d'Oisín do dheimh- niughadh an fhír-sgeóil, ro chóirigh a mhuintear im an ccnoc do gach áird agus deisidh Pádraig ina shuidhe aoibhinn aireachais i cCionn Feabhradh, conadh Suidhe Pádraig ainm an ionaidh sin anossa. Tóccbhas Oisín a shuasán shealcca íaromh agus ro léicciostar a theóra barrann-ghlaodh bódhbha ós áird, co nachar fháccuibh fíadh foluaimneach ná torc taobh-reamhar a bhfiodh nó a bhfásach, a ndíamhuir nó a ndroibhél, a magh nó a mór-shlíabh, óthá Móin an Chosnamhaigh andeas fris a ráitear Móin Mhór co Cnuc an Chur- adh ris a ráiter Cnuc mBrénuinn, agus ó athá Cnoc na Ríogh dá ngoirthear Caisiol go Crích Fhear Morc dá ngoirthear Í Chonaill Ghabhra in tan sa, nár chuiristar ar Loch mbraondach mBó i ffíadhnuisi an phríomh-fhátha cona chléirchibh. Ro ghabh omhan agus iomeaccla an naomh-
chliar risan ffothramh ffíor-ádhbhal agus risan torann trén-aidhbhsigh do-rónsat na daimh imdhísccre alltaidhe agus na heillide rúadha roi-reamhra agus na tuirc thaobh-reamhra thuil-leathna ag dul ar an loch dhóiph, agus as becc nach muirfeadh bean re breasuibh bríghe agus re lamhnadh láin-choimpearta íad re fad gach reatha réim-thric rugoistair agus gach uathbháis adhbhail fuarador re haithsccís anbháil anála. Ro lingeadar na slúaigh do gach áird agus do gach aircheann don loch ann sin. Ro mharbhsat agus ro mhuidhaighseat, ro bháidhseat agus ro mhúchsad íad idir fhíadh agus eilitt, eidir mhuic agus mhór-thorc, co nach ternó éalaidhtheach i mbeathaidh dhíobh don loch. Ro rannadh go tinneasnach an troim- sheilcc sin ag na tréinfhearuibh, agus ránccador ocht ccéad muc agus ocht ccéad damh do gach leith dhi. "Caidhe deachmhadh na daimh-sheilcce, a dheagh-fhían?" ol Beinén. Nocharbh ésccaidh Bran mac Deircc im dhíol na deachmhaidhe sin, óir nírbh aithnidhe dhó í go ham na húaire i mboí an cléireach agá cuinghe agus ní fríth go hollamh úaidh ann sin í. Ro ghabh galor gér-obann ina bhroinn an caithmhílidh in tan sin. "A uasoil-fhíréin, a fPhádruic," ol sé, "tabhair lámh ar m'ucht agus ar m'úrbhruinne." "Briathra dhamh-sa nach ttiobhra," ol Benén, "nó go ttárdair a luach dhó."
"Créd an lúach iarrfas oram," ol Bran, "go ttardainn dó é?" "Aithnidh dhamh-sa, a Bhroin," ar Oisín, "an luach is iomchubhaidh dhuit do thabhairt úaid: .i. ós ad bhroinn atá an galor, tabhair tárr cech ainmhidhe dá muirfidheir féin nó gach aon dot mhuinntir do Pádraig agus don Eacclois choitch- eann Chaitiolcdha, agus tabhroid do chlann-mhaicne id choimhleanmhuin." "Do-bhér, imorra," ol Bran, "agus bhéaruid mo chlann agus mo chineul im dheaghaidh, agus fós bhéaraid an cineadh úasol Éirionnach ar m'aithris-si úatha in dligheadh sin." Tucc Pádraig a lámh ndeis ndeagh-thapaidh for a bhruinne-siomh agus ba slán é fó chéadóir. "Triallaim as an ionadh so, a Phádraig," ol Oisín. "Caidhé adhbhar ar ndeithnis as?" ol cách a ccoitchinne. "D'fheadar-sa sin," ol Oisín, "óir is cumhain liom nach lamhdaoís sluaigh náid sochaidhe suidhe ar na teóruibh tolcha sa ar a ttámaoid anoss ó Thuathaibh Dé Danann, agus as cumhaoin liom mar an ccéadna gorbho mionca cél agus caoimh- tharrngire drúadh ina ttimcheall ináid foghar clocc agus ceólán agus coicceadal cléireach, agus fa gnáthach misi agus Flann mac Fínghin acc lot agus ag luath- mharbhadh laoch léidmheach ar na tulchaibh si." Agus do ráidh Oisín na roinn:
Cumhaoin liom teóra tulcha (atád cen aos cen urchra) do lingeadh Líath Teóra mBeann óthá imeal go himeall. Cumhuin liom teóra mbeanda (robsat dúinte droin-sheanga) nach mbíodh guth cluicc ionnta thall; mionca cél druadh 'na ttimcheall. Coiligh fheadha ós Oismeadhoil éircchid re greaghuibh gaoth-shlúaigh, iasg Locha Bó poirt-leathain, laoigh bhreaca Beinde Maoithrúaidh. Flaitheas Fear an Leith-chuaráin cona choin a Chnoc Máine, Fearrdhomhan a bhFinninis, Conán a Cnoc na hÁire. Oisín rob é m'fhíor-ainm-si, robsam ceann Féine finne, nocha ndearnas díghaire ag tairmtheacht gacha binne.
Misi agus Flann mac Fínghin do dhearccmaois fir go bhfír-neimh; dar ar ccubhuis-ne dhuibh dhe as mór asam cumhoin-si." Cumhain.
"Ad-rae buaidh agus beannachtain, a Oisín," ol Pádraig, "is mór an t-urghairdiucchadh mean- man agus aigeanta linn t'fhuighle agus t'árd-sgéala." Att-raigh Pádraig ann sin agus an sluagh ar-cheana agus ruccsat a n-aireadha don fhíadhach leó go Ceann Feabhradh Sléibhe Caoín go a longphort leathan-aidhbhseach. Ro dhearcustar Oisín dá láimh dheis ag tocht dá longphort dó ionnus go bhfaca in dúnadh agus an deagh-bhaile i ccomhghar dhó. "Dar mo chubhuis," ol sé, "as mór lá ro bhámar isin ionadh sa agus níorbh aithnidh dhúinn dúnadh nó deagh-áras ann cus anossa, agus teaccoidh romhuinn don bhaile ucchod, a fhiora," ol Oisín. Iar ndol dóibh don dúnadh sin nochan fhuairsiot sluagh náid sochaidhe ar a ccionn ann, agus ba hiongnadh adhbhal-mhór leó a bheith samhlaidh. Tiaghaid iar sin a ngrianán glan-radharcach dhearrait dhiamhrach fuairsiot isin mbaile, agus at-chonncador dí mhnaoí áillne iolchrothacha ann agus iad ag gul accos ag géar-chaoíneadh co truaghach tuirseach. Ro shuidh Oisín agus a mhuinntear a
bhfochair na bhfionn-bhan sin agus ro fhochtadar cia an dúnadh deagh-mhaiseach sin gus a ttánccador. "Dúnadh dhá mhac ríogh Fhear Maighe ann so," ol na deagh-mhná; "Lóchán agus Eóghan a n-anmonnadh." "A ingheana," ol Oisín, "créd an dobrón sin fil oraibh-si?" "Fil aba agus adhbhar accoinn," ol iad-somh. "Foillsicchidh dhúinn a fhochain," ol Oisín. "Ag días bráthor dá chéile atámaoid," ol íad-somh, "agus dí dheirbhshiair dá-roile sinn, agus do- chuaidh ar bhfir do thabhairt ban oile anocht agus ní bhfuil do fhuireach oruinn isin dúnadh sa acht go feadh iad-san do thabhairt a mban leó amárach." Ro dhéachustar Oisín a n-íarthar na bruighne agus it-chonnairc an lia choimhaidhbhseach chloiche ro bhoí ag óglaoch grádhach d'Fhionn, .i. ag Seanchán mac Maoil Chró, agus as samhlaidh bhoí an lia sin agus trí choega uinge d'ór, trí choéga fail óir, trí chaoga uinge d'aircceat, agus an urdail céadna d'fhionn-bhruinne arna ffolach innte la Seanchán. "A dheagh-mhná," ol Oisín, "créd an cean- nach do-bhéradh sibh don tí do chuirfeadh d'fhiach- uibh ar bhur bhfearuibh féin filleadh oruibh doridh- isi?" "Dá mbeith ar ar ccumas lúach nó ceannach ina bhfuighbheadh dúil," ol na deagh-mhná, "as deimhin go ttiobhradhmaoís dó é."
"Atá imorra," ol Oisín, ".i. an rí-lía cloiche at- chiú a n-íarthar na bruighne." "Daomhaoín duit a hiarraidh," ol iad-somh, "bíodh go bhfuightheá í, do bhrígh nach bhféad- fadaois do mhuinntir acht gé go madh uille iad nó mar atád toghluasacht do thabhairt uirre, óir do bhí trom-shochraide na tíri-si accá trén-chorrugh- adh as an ionadh ina bhfuil, agus ro bhoí a tshein- tfheidhm for gach n-aon-fhear dhíobh." "Misi féin bhias meallta dhe sin," ol Oisín, "muna bhféduid." Tuccadar-somh an ccloich d'Oisín cco mbuidh- eachus mór-adhbhal. Téid-siomh as an mbaile amach, agus do beanadh lán a dheagh-ghlaice deisi do losaibh soineamhla sídhe lais, agus tucc dhóibh-siomh íad, ionnus go ttuccsadh a ndeagh-fhir féin grádh a n-anma dhóibh doridhisi agus gur thréiccseat na saor-mhná bádar do thochmhairc orra agus nár dhealaighsat riú go a mbás. Do bhí Oisín cona dheagh-mhuinntir ina bhfarradh an oidhche sin agus do freasdladh agus do frithóileadh go maith íad. Ro éirgheadar go moch ar maidin iarna mhároch, agus ro thócc-samh agus dias dá mhuinntir an lía do lár agus do lán-talmhoin, agus ruccsat leó í fá dhiamhuir- fhiodh dhaingean ndlúth-dhorcha baoi a ccoimh- fhoccus dóibh gor bheansad a mbiú d'ór agus d'airceat inte aisde. Tiaccoid rompa iaromh go Fionntu-
laigh, dá ngoirthear Ard Pádraicc an tan so, mur a raibh an naomh-chléirioch. Ro fhearustar Pádraig fáilte friú, agus ro do fhiarfaigh a iomthús d'Oisín ó do sgar fris in lá roimhe sin. Ro innis dó an sgeul iar n-urd. Níor chían dhóibh as a haithle go bhfacador an móirsheisir fear fíor-chalma dá n-ionnsoicchidh. "Can ass a ttudchabhair, a óga?" bhar Oisín. "A chóicceadh caomh-áluinn Connacht táncca- mar," bhar íad-somh. "Créd as toisg dhaoibh?" ol Pádraig. "Ar do cheann-sa a naomh-chléirigh," ol íad-samh, "dot bhreith eidir mhaithibh agus mhóir- úaislibh chríche Connacht, dá mbaisdeadh agus dá mbúan-leasughadh eidir shean agus ócc, úasal agus an- úasol, shaídhbhir agus dhaidhbhir, ionnus go mbeid ag comhaideacht do cheathoir seasgéal, ionnus go n-éirnid a manchuine agus a mór-chíos duit." "Ní fhailleóchad-sa an tochuireadh sin," ol Pádraig, "óir ní dhlighim gan an Eaglais d'onórugh- adh agus cen bríathra Dé do dheagh-shíoladh agus cen manchuine an Mhóir-Choimdhidhe do mhéadadh." Ro ghluaiseadar ó Mhuimhneachuibh ann sin iarna mbeannachadh agus iarna mbaitseadh do Naomh Pádraig. Ro cheileaphair dhóibh, agus ro fháccoibh beannachtain aco, agus ba buidheach dhíobh. Is eadh conoir inar ghabhsat, .i. i Mairtine meadhónaigh Mumhon, do Fhiodh na cCuan ris a ráitear an Chreatshalach, do Shliabh Oidhe an Rí
áit a ttorchair Criamhthann mac fearchonta Fiodhaigh, do Shliabh n-adhuathmhar nEchtghe inghine Ursgaithighe bean Fhearghusa Iuscca mheic Ruidhe ruaidh arm-ghlaisi, cuthchuire agus deoghbhaire Thuath Dé Danann, do Chuaille chían-oirrdheirc Cheapáin áit a ttorchair Ceapán mac Mórna an mílidh, agus do Loch na Bó Giorra ris a ráitear Loch nGréine inghine Finn ag na fileadhaibh, do Mhagh Mín meic Iúghoine ris a ráitear Mín-mhagh, do Fhiodh mbláith ard-chaoín mBreasail, do hSuca sruth-linntigh, do Bhreicthír Máine mheic Eachdhach Fir Dá Ghíall, agus do chúan Locha leathon-ghuirm Linnghaoith fris a n-aborthar Loch caomh-áluinn Cróine an ionbhaidh si. Ro searnadh a phuball and sin tar Pádraig cona chléirchibh, agus tángador maithe agus mór-uaisle na críche sin go coitchionn dá ionnsoicchidh, .i. an méid bhoí ó Loch ainbhfeitheach leathan-thonnach Ríbh co dobhar-linntibh duibh-Eithne. Tucc gach aon dhíobh a cheann a n-ucht Pádraig agus do dhian-shléachtadar dó go discréideach. Ro baisdeadh go hathlomh urésccaidh lais-siomh íad cen mhoille. Táinic as a haithle ar an bhfeart bhfód-bhláith bhféur-úaine boí ina fhochair agus Oisín ina choimheadacht. "'Anam, a Naomh-Phádraig," ol Oisín, "icc
so an t-ionadh ina ttugustar Osgar, .i. mo mhac-sa, a chéad-chath." "Créd adhbhar an chatha sin, a chara?" ol Pádraig. "Searc adhbhal-mhór tuccustar Osccar do Néimh inghine Dhuinn mheic Fhearghusa Finn .i. d'inghin rí Uladh," ol Oisín, "agus tucc Aodh mac Finn mhic Fhionntain, .i. mac rí Connacht, hí tar thoil Osccair. Fógrus Osccar cath a hucht Finn agus na Féine fair. Ní raibh-siomh coimhlíon catha re hOsccar gor shireastar sochraide sluaigh ar rí Éreann, .i. ar Corbmac ua Cuinn. Ro chuir Corbmac ceithre cúicceadhaigh Éireann lais a n-aghaidh na Féine, agus do-radadh an cath im in inghin san ionadh sa," ol Oisín, "agus ba hiad so a chéad-ghníomha, amhuil dhearbhócham isna ran- nuibh si;" co n-ébhairt:
"Céad-ghníomha Osccuir go mbúaidh rí Uladh gusan árd-úaill agus rí Laighen gan locht agus aird-rígh chóigidh Chonnacht. Aodh Donn mac Fearghusa Finn, rígh Uladh gusan imrinn, a los sgéith agus cloidhimh chruaidh ro mharbh Osccar a n-aon-uair.
Do-rala chuicce íar soin Aodh mac Finn mheic Fhionntain: ro mharbh é, lór a luaithe, re hathaidh na háon-uaire. A chomhalta caomh críonna (ba fear áloinn ard-mhíolla) Líne mac Léith, laoch na ttor, ro mharbh Osccar a n-iomroll. Tánaic d'fhéaghain an chatha Níamh an édaigh ioldhatha: meabhais an cath ina ceann; marbhtar an ríoghan roi-theann. Do-bhér-sa teisd ar Osccar ba curata a ccaomh-chosccar nár iadh a dhí chois im each budh feárr eangnamh is eineach. Adeirim-si riot-sa dhe, a Phádruic go bhfíor-ghloine, Osccar budh coimhghlic críonna rob íad sin a chéad-ghíomha." Céad.
Iar ndénomh na laoidhe sin d'Oisín do ghabh dubha agus dobrón é d'ureasbhaidh Fhinn agus na Féine agus Osccuir go háiridhe. Ro léicc a cheann re lár agus re lán-talmhan ionnus gur thuit a throm- chodladh fair. Nírbh imchían dó amlaidh gor bhíoccustar go bríghmhar borb-neartmhar. Ro dhearc ina thimchioll, agus ro léicc osnadh adhbhal- mhór ass, agus do-chuaidh cruth ar éccruth ó nach bhfacustar ina thimchioll acht Pádraig cona dheagh-mhuintir. Ro chiestar go falcmhar fíor- throm íaromh agus boí sealad gan aon-fhocal do labhairt. Ro ghabh tuirsi trén-aibhsioch an Táilginn ó 'd-chonnoirc eisiomh samhlaidh. Ro labhair ris agus as eadh ro ráidh: "A charo mo chroidhe, a Oisín," ol Pádraig, "innis dúinn créd it-chonnarcuis ad chodladh." "Uch! a chara ghrádhach," ol Oisín, "aislincc at-chonnairc ann, agus as suaill nár choimhbhris mo chroidhe im chliabh in tan ro dhúisgios agus nach ffaca im thimchioll acht sibh-si, óir andar liom," ol sé, "do bhádhus-sa a bhfochair mh'athar a a Maoín-mhagh, agus na Féine ar-cheana, agus do taidh- bhreadh dhamh íad ag dénomh an duird fhíansa." Agus do ráidh na roinn d'fhoillsioghadh a ttadhbhas dó, agus ro fhreaguir Pádraig cuid dona rannuibh sin d'eagla co ngébhadh saobh nó seach- rán chuicce tré bhuaidhreadh inntinne agus tré dhásacht na haislinge tárbhas dó, co n-ébhairt:
"Dordán na Féine acc Drom Chaoin tárphas damh, caoin an cleas, is eadh rom-dhúisgigh as mo shúan an dordán binn, búan rom-feas. Anndar liom ro bhádhus féin a bhfarradh Fhinn fhéil ann séin agus Osccair, fa caomh cíall, ro mharbhadh mór níadh go neimh. Fosccadh féighe Dáire Dhuinn tárbhas damh is ba binn leam, greasacht Faoláin tar gach fear, glaodh Aonghusa na sluagh seang. Súaill nár bhris mo chroidhe im chom tan ro dhúisgios, trom an teacht, uair nach faca Fionn na bhFian m'athair agus mo thriath trén." "A Oisín, ní maith do chíall, tréig do sgíath agus gabh lorcc, creid don Fhior is feárr iná Fionn do chanadh ós do chionn dord."
"Neach dob fheárr oineach nó Fionn níor ibh lionn 's níor mhaol colcc: fa maith a bhFormhaol na bhFían an úair do chanadh an Fhian dord." "Ná déan iomaidh as do thríath, creid do Dhia agus gabh lorcc don Té bhí, atá, agus bhías, dá ccanmaoid-ne gach días dord." "Creideam dhuit, a Rí na reabh do-ní gach treibh is gach tolcc."
"Maith ámh, 'anam, a Oisín," ol Pádraig, "innis dúinn cia an dá chath is mó inar díbhadh agus inar dílgheannadh Fíana Finn." "An dá chath dhéighionacha," ol Oisín, ".i. cath gáibhtheach Gabhra agus cath uathmhar Ollar- bha, óir do-chuamair-ne trí catha comhlána chum gach catha dhíoph agus ní tháinic ass an ccath dhéig- hionach dhínn acht cúicc céd amháin, agus níor cheis meanma Fhinn ar an bhFéin i ccath nó a ccomh- lann a rabhadar riamh roimhe. Tucc dá úidh agus dá aire easbhaidh na ttríath agus na ttighearnadh, na
ccuradh agus na ccaithmhíleadh agus an aos gráidh ro thuitsead ann. Accos ba híad so anmonna na n-uasol agus na n-árd-oireacht amhoil ro ráidh Fionn isin laoidh si iccá n-éccaoine, in tan ro ráidh risin mbegán bhámair-ne ina fhochair a fhionnachtain dó cia líon bhámar, co bhfionnadh cia líonmhuire dhó nó d'fheasbhaidh, co n-ébhairt:
"Fionnaidh dhúinn cia líon atáim (ní misde neach uaibh anadh) go bhfionnaim soin, líth co ngoil, an lía dhúinne nó d'Fhothaibh. Maith mo mhuinntear taobh re taobh nó go ttorchair Ceallach caoímh: gaott do shleigh Dhearcc mheic Dhulaigh, budh cúis tuirsi a tTuathmhumhain. Cellach caoin: gacha ccluindís an días gláon ní théigheadh úatha ar iomroll amach gach aon budh eguil d'égnach.
Seisir no bhíodh bhám iomdhaidh ní léiccdís neach fá dhiomdhaigh, no fhasdaois ré ndul amach gach aon budh eagal d'égnach. Déar mac Daigh do chíoradh m'fholt, maith do-ghníodh is ní holc, ní bheireadh fionnadh a thuinn agus ní bhriseadh a bharr bog. Cú Chuille do rannadh biadh, ionmhain deigh-lámh dhíreach dhian; ba maith m'iomdhuigh re luighe ó Dhubhthach mac Dáruine. Cú Chuille, trén ar gach mbeirn a bhuille, baoi ar n-easoir aicce go cían, níor chomhraic a lámh ria ríamh. M'ara carboid Glas mac Deircc, uathadh ro fhidir a fheircc; Dáire no bhíodh im roinn ris, ba feirrde in leath no théighdis. Lir mac Gabhra fear mo sgéith, ionmhain curaidh nárbho tréith; Cú Churraigh aro mo shleagh tan no théighinn d'orccain bhfear.
Taoiseach comhóil Corc mac Súain a hairear Alban atúaidh tríocha laoch no bhíodh 'na thoigh cco laithe Mónadh Mafhoidh. Cairbre Cas ro thinmhneadh dhúinn ar mbiadh mas: do-níodh dó acht triathaibh dég, do dhiongnadh dá mbeithmaois céad. Dhá ass don airccead bhreac bhán no bhíodh eidir é is lár, cliabh cas mur shiricc tar lear imá chorp tonn-bhán cneas-gheal. An uair do dháiltí ar ccuid dúinn ba solus sochair dár ccúil: aoin-dul do chách sonn imhne, a chathbharr im cheann Chairbre. Annamh liom ceasacht ar sluagh, a dhénamh ní damh ba dúal; ccus aniogh ní dhernas ríamh a bhfoccus nó a n-eidirchían.
As leasga liom-sa tocht san treas acht giodh mór riccim a leas; mo chéim ní céim gan mhoille go Dubhthor Dál Aroidhe. Éccóir d'Fhothuibh tachor riom, mór lá ro leasaigheadh liom; ní do dheóin Lughach meic Con ro bheanfadh riom féin Fothadh. Ochtar is sé fichid fear do neoch ba diongbhála dhamh ro marbhadh a cCarn Abhla fá Dhonnghus mhac Lánamhna. Trí chéud cath ro chuir an Fhían eidir theas, thúaidh, is thíar; nior chuirsat uile imale aon-chath is mó éccaoine. An lucht sin do beanadh dhíom do dhingéabhdis a dhá líon: anú dá mbeithdis im bhun ní hé Fothadh nach fionnfadh."
Is ann sein ro fhiarfaigh Cainén mac Fhailbhe mheic Fhearghusa mheic Eóghain Mhóir d'Oisín: "Cáit ar marbhadh Eócchan Mór mac Oilealla Óluim?" "I ccath Mucromha ro marbhadh an mílidh," ol Oisín, "do láimh Béinne Briot." "Cáit ar marbhadh Sadhbh inghean Chuinn Chéad-chathaigh?" ol Benén. "Marbh do chumhaidh a mic ghrádhaigh i tTeamhraigh na Ríogh," ol Oisín. "Agus Feirchis mac Comáin éiccis, cáit ar marbhadh?" "Urchar tucc El mac Deircc Dhuibh do bhior chruaidh chuilinn i mullach Sléibhe Crot, budh do dhamh imdhísccir allata, gur bheanustar d'Fheirchis a ttulchlár aighthe dhó gurbho marbh d'aon-urchor gan mhoille," ol Oisín. "Agus Áth Tuiseal ar Mhagh Mín-adhbhal ciodh dá ttá?" ol Cainén. "Connla Dearcc a Chnuc Dhean," ol Oisín, "ro bhuaileastar Fiachaidh Muilleathon mac Eóghain isin áth gur bheanasdair tuisel dó, conadh dhe atá Ath Tuisil." "Cath Sionna dna," ol Cainén, "cia ros-tucc agus cia do-rochair ann?" "Corbmac Cas mac Oilealla Óloim tuccustoir é d'Eochaidh Abhradhrúadh, .i. rí Uladh. Ro
mharbh Eochaidh ann, agus do buaileadh Corbmac go trom ann ionnus go raibhe teóra bliadhna agá leigheas agus a inchinn ag sileadh ass, agus ro bhiu-siomh a cceandus dhá chóigeadh Mumhan an tan sin. Do-rinneadh dúnadh leis annsidhe agus loch-thobar grinn gainmhidhe ar a lár. Ro cumhdaigheadh rí-theach ro-mhór úas ag an tiobraid, agus ro suidhigheadh teóra líacca lán-mhóra loinneardha a ttuinidhe na talmhan im an ttiob- raid. Ro suidhigheadh leaba don rí agus a ceann siar idir na huaithneadaibh cloch sin agus ógláoch grádha dhó féin acc tabhairt uisge na tiobraide imá cheann d'fhionnfhuaradh a inchinne ón ainteas baoi inte. Fuair-siomh bás iaromh d'fhuil-iodhain an othair sin gur cuireadh fá fhochladhuibh talmhan an t-airsigh. As de sin atá Dún Trí Líacc óisin, agus an dúnadh sa for a bhfuiltí as aoibhne an dúnadh sa thoir inás;" co n-ébhairt na roinn:
"Aoibhinn giodh an dún sa thoir ris a ráitear Dún Eachoir, agus ní hanaoibhne trá Luighe Sádhbha is Oilliolla. Marbh Sádhbh do chumhaidh Mic Con; ro goet Feirchis d'én-urchar; don arroind ina fharradh marbh Oilll do thámh-ghalar.
Rob marbh Eóghan Mór go rath a ccath Mucromha meanmnach; borb-shlat do las ó ghníomhuibh marbh Corbmac Cas d'fhuillíodhain. Fiacha Muilleathon fa mas, mac d'Eócchan co n-aireachas; lór a sholmha ro bhaoi tan ro gaot Connla ag Áth Leathan. Agas Áth Leathon do chéin shloinnid seanchaidh go saor-chéill is Dún Eochair ós Mhagh Mhóir, caidhe fochain a cclaochlóidh? Ath Tuisil ainm an átha, is é so an fios fíor-fhátha, tuisiol tucc Connla a Chnuc Dhean ar Fiacha maith Muilleathan. Cath Sionna ro-lá go mblaidh, ann ba raon madhma ar Ulltoibh, ro buaileadh Corbmac san ccath 's ro mharbhadh an-tuir Teamhrach. Tánccadar a chneadha ris re mac rígh Feadha Fidhlis, giolla nachar dhíombuan bladh, uiscce ionnuar ros-íocadh.
Gach lá dá ttéigheadh bhán eas mac Oilealla, Corbmac Cas, a fhleascc láimhe nochar ghar dol fá Eas Máighe mór-ghlan. Do dhruid as go dún ar sléibh go bruighin a athor féin; ro sáiti trí líaga lais d'fhionnfhuaradh a chinn chaomh-chais. Dona trí líaccaibh ad-chíad as de atá Dún Trí Liacc: Dún Trí Liacc ó sin alle tair éis Chorbmaic Chinn Chláire. Ba marbh rí Mumhon iar soin do chneadhoibh, do fhuillíodhoin; adhnacht a nDún Guiligh grinn a leabaidh fhionnfhúar aoibhinn." Aoibhinn.
"Att-rae buaidh agus beannachtain, a Oisín," ol Pádruicc, "is maith an seanchus sin d'innsis dhúinn, agus as de sin leanfoidh clanno Dáirine agus clanno Deirgtheineadh choidhche budhdheasto."
Dála Dhúach Dhálaigh mhic Bhrain, .i. aird-rí Connacht, as ann ro bhaoí a chomhnaidhe don chur sin a cCruachain chladh-áird chomháloinn, agus táinig Pádraig agus a mhuinntir chuige isin ionadh ina ccualadar a bheith an lá sin a n-oireachtas co maithibh a mhuinntire maille ris, .i. a cCarn ród-ghlas Fhraoích. Ó 't-chonncador na cléirigh chuca é do dhruideadar 'na choinne dia comh- onórughadh. Tucc rí Connacht ann sein a cheann a n-ucht Pádraig agus ro baitseadh as an mbathois ndiadha na deagh-fhir go dian-athlamh agus tuccadh a ainm féin fair, .i. Duach Ghaloch ar a ghníomharruibh, agus ro gheallusdair an naomh-chléireach ceannus agus ríghe an chúicceadh dá shíol agus dá shemen, agus do coimhlíonadh go ceart an gheallamhuin sin óir as acu boí an ríghe ó shin ccus anoiss. Ro bhoí mac ag Duach Ghalach an tan sin, .i. Eóghan Sreibh a ainm, agus do ghabhsat macradh Con- nacht ionadh coinne ré-roile ar an ccéide ós Cruachoin do chomhmóradh iomána. Ro chuir- siot a n-iomáin, agus rucc Eóghan ceathracha báire ar an macraidh boí don leith oile dá n-aimhdheóin, gan aon-bháire eatorra, agus ro shuidhiostar as a haithle, agus ro ghabh sláottán tiogh trom-ghalair é ionnus go bhfuair bás go bith-urlaimh. Do hinniseadh an sgél sin dá mháthair, .i. d'Aoífe fhoilt-fhinn, inghin rí Uladh. Do-rónnadh nuall- ghubha adhbhal-mhór acc maithibh an chóiccidh
do chaoíneadh an mhic. Ro ráidh an ríoghan a bhreith d'ionnsoicchidh an Táilccinn tiodhlaic- thigh agus a chur ina ucht "ar an adhbhar," ol sí, "gurab dhó do dheónaigh Dia go comhaontadh- ach leigheas gacha lán-aincis." "Iss imdhearccadh dhúinn a chur a n-ucht an chléirigh naomhtha gan a chead do ghabháil aicce féin ó thosach," ol an rí. Do chuirseat teachta ann sin a ccoinne Pádraig dia thabhairt go puball an rí, agus baoi an mac marbh ar láoch-lár na bruighne agus coilcthe corcordha ina urthimchioll. Iar ttocht do Phádraig ar amus an rí ro chuir an bhanríoghan sgéala chuicce, a haon- mhac d'fhagháil bháis an ionbhaidh sin, agus ro ráidh go bhfuighbheadh féin agus a trí cháoga comh- dhalta bás dá chumhaidh muna bhfaghadh-somh ón Choimdhe a aithbheódhughadh doridhisi. Ro hinniseadh sin dho Naomh Pádraig agus ba trúagh lais. Tánoic as an dúnadh amach iaromh agus tuccadh longshítheal bhán-óir chuige agus a lán d'uisge fhíor-áloinn innte. Ro bheannaigh an naomh- chléireach an t-uisce ann sin, agus adn-aghoir cúach fhionn-airccid chuige, agus ro chuir a lán don uiscce choisreagtha ind, agus éircchis féin ris agus tóccbhus coilcthe corcortha boí ar uachtar an mhacaoimh mhairbh dhe agus adn-aigh trí lomanna as an ccúaich ina bhéul. In ceathramhadh úair ro shín an chúach chuicce. Do éirigh an macaomh agus tucc lámh tar a aghuidh, agus as amhlaidh do bhí
mur bheith a ndáil, a n-áonach, nó a n-ól- tigh. Éirghios ina dheaghaidh amhuil ro ráidh Oisín agá dhearbhadh isin rann:
"Ro thodhúisidh Pádraig féin Eócchan cosccrach a Chorr-shléibh, mac do Dhuach tuachoil nár thais, go luath a cCruachoin chraobh-ghlais."
Ba subhach soimheanmnach cách uile don sgéal sin, agus tucc gach aon díobh fó leith a cheann ina ucht, agus ro chreidsat ann uile do Dhia agus do Phádruicc, agus tuccsat a mboí acu do shéaduibh agus d'innillibh ó bheg go mór ar cumus Phádraig. Ro bhádar ann eadh na hoidhche sin go ttáinic an lá cona lán- shoillsi arna mhárach dá n-ionnsaighidh. Do fhágbhadar an baile ann sin agus tánccador an sluagh uile leó go Gannmhaigh ris a ráitear Magh Mucosa in tan sa, áit inar chaithsead muco díana Deirbhrinne meas agus mór-thoradh bile thruim Tarbhgha, agus do Mhullaigh Mucosa agus do Ráith Ghlais ris a ráitear Ráth Bhrénuinn. Ro searnadh a phuball tar Pádraig agus tar rí Connacht isin ccnoc sin. Att-racht Pádraig agus Oisín agus tiaghoid ós or na rátha agus ro shuidhsiot aráon ann, agus táinic rí Connacht cona shochraide agus ro shuidhsiot ar or na rátho ród-ghlaisi i ffarradh Pádruicc agus Oisín. "Créd 'má ttugadh Ráith Ghlais ar an ráith si, a Oisín?" ar Dúach Galach.
"Glass mac Dreaccoin rí Lochlonn," ol Oisín, "táinic do bhúain ríghe an oiléin si na hÉireann amach ar éiccin; cúicc catha ficheat a líon ag tarrochtain co Cathaoír Dhoimh Dhíleann ris a ráitear Dún Ros Árach an tan so. Is ann ro bhoí Fionn a nAlmhoin leathain-mhóir Laighean an ionbhaidh sin." "A anom, a Oisín," ol rí Connacht, "créd 'má ttugadh Almha ar Almhoin, óir as fada me iccá iarraidh agus nochan fhuaras a fhios ag sean nó acc seanchaidh gus anoss?" "Ócclaoch ro bhoí 'na dhraoi agus 'na dheagh- fhilidh acc rí Laighean," ol Oisín, "agus ba hainm dhá mhnaoí sin Almha. Do chuinghidh ina coibh- che agus ina céad-thionnscra ar Chathaoir, .i. ar rí-fháidh Laighean, a hainm do bheith ar an ttulaigh sin. Fuair sí an choibhche sin ón rígh- fhilidh, .i. ó Chathaoír Mhór mac Aicheadh. Conadh adhbhar sin d'Almhain do thabhairt, óir filead mór nd-ádhbhar ag dúblughadh an deagh- anma sin uirre. Nó co madh ón ccumhdach tucc Nuadha mac Aicheadh uirre ro hainmneaghadh, .i. suinn aoin-gheal d'almhain aoin-ghil tucc ina thurthiomcheall go madh coimhgheal re haol. Nó cco madh ó Almhain, inghin Bhéccáin bhrat- sholais, bean Iuchna chíabh-fháinnigh, in cúicc- eadh inghean dó, ro hainmniugheadh. Agus as deimhnighthi gach dénamh ag dearbhadh a chéile,"
bhar Oisín, "agus gach áit inar ghabhsat na hin- gheana sin Iuchna ro ghabh ainmniughadh óna n-anmonaibh. Nó ócclaoch do Thuathaibh Dé Danann do bhoí sa mbrugh mbraonach mbreac- sholus, .i. Béccán a ainm, agus baoi inghean a n-aen- tomha aicce diarbho hainm Almha, agus tuccustar Cumhall mac Tréinmhóir do bhain-chéile í. Ro budh marbh an inghean sin ag breith mic do Chumhall, agus ro múradh an tulach thonn-ghlas uirre. Conadh uaithe ainmnighthear, óir as deimh- nighthe gach déighionach," ol Oisín. Co n-ébhairt an laoidh ag deimhniughadh gach seanchais dhíoph sin:
"Almha Laighean, lios na bhFían, port inar ghnáthuidh Fionn fhíor-fhíal, atá sonn do réir gach sein ní dia ttá Almha ar Almhein. Almha (rob álainn an bhean, bean Chathaoir Mhóir mheic Aicheadh) ro chuinghidh, ba caoimh an dáil, a hainm ar an ccnoc ccomhlán. Núadha draoi, ba giolla garcc, lais do-rónnadh dún dron-árd, dár ghabh-son Almhoin ghloin ngrinn: de sin atá an dún díghainn.
Almha ro budh caoimh dia cois, inghean Bhéccáin bhrat-sholais, an tshlat shaor dá sléachtadh sluagh, úaithe fil Almha arm-rúadh. Aoín-gheal an dún (dreimhne dreann) mur no ghéabhadh aol Érionn: don almhuin tucc ar an treibh dé atá Almha ar Almhuin. Almha ainm an fhir ro ghabh re linn Neimheadh co nert-bhladh; marbh thall san tuiligh úaine do ghalor olc én-úaire. Ócclaoch d'Fhearuibh Bolcc nár bhoéth, Iuchna ba hainm don ócclaoch, budh lán an dún thíar is thoir dá almhaibh, dá inniolluibh. Luidhseat na táinte tría thart d'ól uiscce chum na tiobraid; dá ngleic, re trom a ttarta, do chuirseat a n-adharca. Adhorc Bó Iuchna gan bhrath nó go ttóirr an bráth breathach ó bheannaibh na mbó mbreac mbán do ghleacsat im an fhúarán.
Bean d'Iuchna an fhuilt chaoimh chladhaigh inghean Bhéccáin bhorb-ghaloigh, in aindear chaomh budh chubhaidh, ro ghabh sonn san saor-thulaigh. Cúicc ingheana ag Béccán búan, acc an óccláoch áith arm-rúadh, as uatha sloinntear a bhfad gach fearann glan dár ghabhsad. Brí Oile is Almhoin na n-each dá mbídís baird go buidheach, Garman is Beann Teagho throm agus Brí Aiche éttrom. Loch Garman ó Gharman fhinn, is Garman fós (feasach linn); is Brí Éile ó Bhrí Éile áin, ó dheagh-mhnaoi an ghreagho gnáth- bhláith. Beann Teagho ó Bheinn Teagho thruim (in t-iúl sa ní hiúl fábhuill), 's Brí Aiche ó Bhrí Aiche áin, ó inghin bhladhoidh Bhéccáin.
Is íad sin an ceathror cóir, ingheana Béccáin bhrat-mhóir, agus (ní seanchus saobh so) an cúigeadh inghean Almhó. Almha ro budh caomh dia cois, inghean Bhéccáin bhrat-sholais, in tshlat chaomh dá sléachtadh slúagh, uaithe fil Almha arm-ruadh. Nó ócclaoch do Thuathaibh Dé ro bhaoi sonn go soinmhighe, Bécán budh seadh ainm an fhir, fear dho chuireadh mór n-imneadh. Amhlaidh baoi fear an bhrogha cona inghin óicc aontomha dárbh ainm Almha co ngloine, gibé bheith dá fhiarfaighe. Mac Tréinmhóir treun a ccathuibh, Cúmhall caomh ar sean-athair, deigh-fhear fa teann ar gach tráigh, tucc trom-shearc d'inghin Bhéccáin. Do-bheir Cumhall, gá ttám dhó, in inghean óg-nár Almhó; ba headh chuicce do bhrosdaigh a searc uair níor fhaolosdair.
Ba háthlacht an inghean ann íarna tabhairt do Chumhall; ro díbhadh isi cheana dá éis a n-am tuismheadha. Ro haidhnaiceadh sonn íar sin Almha imgheal a nAlmhain, gníomh le a muinntir ba frithir, conadh úaithe ainmnighthir. Deimhnighthe an déigheanach ann," do ráidh Oisín gan iomrall, "ó inghin Bhéccáin mar so anmnaighthear accoinn Almho. Inneósad duit, a Dhuaich fhéil," do ráidh Oisín co ndeigh-chéill, "aithidh chian d'aimsir íar soin cionnus fuair m'athair Almhoin." "Beannacht ort is innis damh," do ráidh annséin Duach Ghalach, "a Oisín is adhbhal fioss, co nach rabham 'na ainbhfios." "Tadhg mac Núadhat, fichet goil, draoí Chathaoír Mhóir go mbúan-bhlaidh, dhó ro fháccoibh a athoir Almhoin cona hard-rathoibh.
Inghean chruthach ag Tadhg chaoín darbho comhainm Muirn Mhunchaomh, cuingheas Cumhall í re headh; ro érusdair Tadhg taoibh-gheal. Nos-rucc Cumhall ar éiccin inghin Taidhg go ttréin-éidibh; bhliadhoin go hiomlán bhá bhúaidh do Mhuirn ag Cumhall cleith-rúaidh. Gabhus Muirn toirrchios fa trén ó Chumhall, ba maith an sccél, go rucc gein tshochair iar soin do bhaoi athoidh a nAlmhoin. Accaoinis Tádhg réidh rathach re Conn calma Céad-chathach: ro imdhearg é tréna olc, ris ro éccaoín a udhocht. Fuaccorthar ó Chonn chalma Cumhall ar fud na Banbha, go ttuccsat cath glonn ar ghlonn, gor marbhadh an curaidh Cumhall. Luidh Muirn íar marbhadh a fir go hAlmhoin áluinn imghil; budh cumhthach tuirseach ro bhaoi; ro bhaoí a adhbhar 'gun deagh-mhnaoi.
Amhloidh baoi an ríoghan go rath agus í taobh-throm torrach; ro choccoir Tadhg, trén an col, a marbhadh, a múdhghudhadh. Diúltaighthear acu Tádhg trén re Muirne, monúar an sccél, ó nár leicceadh dhó a laphradh, a milleadh nó a mór-mharbhadh: Do luidh go Teamhraigh Fhinn Fháil Muirne Mhunchaoimh cona mnáibh gor fhiarfaigh do Chonn gan chol a hiomthús a hordughadh. Do ráidh Conn co ngile glac: "dob fheárr linn co mbéarrthá mac" (ionann máthair thall 'na thoigh do Chumhall is dá athoir). Báine inghean Sgáil go mblaidh máthair Fheidhlimidh Reachtmhair accos Cumhaill, céadaibh clann, conach raibh neach ina iomrall. "Éiricch," ar Conn, "'s as maith leam go toigh Fíacha mheic Coincheand; deirbhshiúr Cumhaill atá 'sticch, Bodhmann brughaidh bhain-fhéinnidh."
Do luidh co Teamhraigh Mhaircce Muirn an úair sin gan cháirde; Connla giolla Chuinn gan chol gá haithne, gá hordughodh. Rob fhaoílidh ría (dreimhne dreann) Fíacha fíal-nár mac Coincheand; rob fhaoilidh Bodhmann go beacht; rob fhaoílidh uile an t-aireacht. Ann sin rugadh Fionn feabhdha, tighearna na bhFían bhfearrdha; a ccionn a naoi mbliadhon go mblaidh baoi 'na aird-rí for Fhíanuibh. Chuinghios úaidh ar Thadhg na ttor íoc Chumhaill do luath-mharbhadh, Cumholl nó ceart agus cóir nó comhlonn aoin-fhir d'fhagháil. Tadhg, ó nár thualoing ccatha a n-aghaidh an ard-fhlatha, do-radadh lais, ba lór dhó, mar chumhoil d'Fhionn úr-Almhó.
Mar sin fríth le Fionn na ttor Almha a n-éroicc a athor (creidthe dhuit, a Dhúaich nach lag) ón túir, ó Thadhg mhac Nuadhat. Ba feárr Fionn nó gach Gaoidheal, fearr a mhaith gan mór-mhaoidheamh; ochtmhoghad is céad bliadhan bil ro bhaoi gan ég ós Almhain." Almha.
"Ad-rae búaidh agus beannachtain, a Oisín," ol Duach Galach, "agus innis dúinn anois an sgeul dár tógbhadh thú." "Is ann bámair-ne," ol Oisín, "a nAlmhain leathain-mhóir Laighean i bhfochoir Fhinn an tan tánaic an loingsi sin chugoinn, agus is í tucc na sgéala sin chugoinn, .i. Sbrédh Aithinde inghean Mhughna Mhion-chraoisaigh, bain-echlach rí Éireann .i. Corbmaic mheic Airt. Ro thionóilseat ann sin fir Bhreagh agus Mhidhe, tuatha teanna na Teamhrach, agus buidhni arm-rúadha Uisnigh, agus maithe bhfear nÉireann ar-cheano. Ro háirmheadh ar muinntir linn ann sin," ol Oisín, "agus as é líon bámar, .i. cúig catho ficheat, agus tánccamar gusan ionadh sa, agus fa-creasadh crannchor ann sin le Corbmac eidir na Fíanoibh agus áos na treabhoire dús cia dhíobh dá roichfeadh cath do thabhairt agus tosach dona
hallmhurchaibh. Do-ruacht dúinne an cath do thabhairt," ar Oisín, "agus tuccadh cath linn dóibh gach laoi go ceann mís. Do mharbhsamair-ne trí catha dhíobh sin frisin ré sin. Tuccadh cath mór eadroinn fá dheóigh. Do chomhraic Fionn agus Glas ré chéile ann, agus dob é sin críoch an chomhraic Glas do dhíthcheannadh; agus do díthcheandadh a sheacht meic liom-sa agus lem bhráithribh; agus trí chaoga óglaoch do-chuador linne do thabhairt an chatha do mharbhsat trí choéga óglaoch gacha fir. Do-chuamair-ne días maraon re Fionn don phoball a raibhe Glas, agus fuaramor naoi n-uaithne óir ann, agus ba méadoighthir re cuing n-imeachtraigh gach uaithne dhíoph, agus ro fhoilgheamar isin mónaidh sa rinn attuaidh íad." Agus at-beirt Oisín na roinn ag deimhniugh- adh an sccéil:
"A Ráith Ghlas ccus a ttathoighmís mór n-uar, ro fhághbhus naoi n-uaithne óir isin mhóin réd mhúr attuaith. Tríar ro bhámar gá bhfolach, ba hé ar líon lán-chobhach, misi is Fionn is file na ndúan, sinn ros-fholaigh re hén-úair.
Trí choega do-chuamair-ne maille re Fionn g. . bhraisi; do mharbhsom céad gacha trátha im chladh na Rátha Glaisi. A Ráith.
Ro cuireadh Glas iar soin fá fhochladhaibh toghaidhthe na talmhan isin ráith si. Cona uadha ainmnighthear." "Att-rae buaidh agus beannachtain, a Oisín," ol Pádraig, "agus a Bhrógáin, sgríobhthar leat gach ar innis Oisín d'fhios agus d'eólus dúinn." Do-rinne Bróccán amhlaidh gor ro bhádor-samh ann go solus-trá éirghe do ló arna mhároch, agus tángador rompa go Ross na Fionghaile. Ro fhiarfaigh Duach Galach: "Créd 'má ttugadh Ross na Fionghail ar an doire ccomhard ccoilleadh sin. "Noéi mac Uair mheic Igaist do mharbh a chéile ann," ol Oisín, "agus as de sin go fírinneach itá Ross na Fionghaile fair." Tángadar rompa as a haithle i rRé Fhearghusa ris a ráitear Iomaire mhic Connrach aniu agus co Cnoc na Ríogh ris a ráitear Uarán nGaraidh. Ro gabhadh longphort leó annsidhe, agus do sreathadh a phoball tar cheann glan-irsi Gaoidheal. Do chan a thrátha agus a iorrnaighthe ann, agus ro bheannaigh an ttulaigh ttaobh-ghlas ttaitneamhach, agus ro ráidh:
"Budh í so an seachtmhadh reilicc dég bhus dile agus bhus tocha liom-sa a nÉirinn." "Is eadh bhus doilghe dhi gan uiscce comhghlan ina comhfhochruibh," ol Benén. "Madh toil dom thighearna," ol Pádraig, "do- gheibh-si sin a ccoimhfhoiccsi dhí." Agus at-chonnairc beann-charrog chloch-mhór ina chomhfhoccus a n-imeal an bhaile. Tánaicc dá hionnsaicchidh agus ro sháith a throsdán isin ccáirrthe gur bheanustar re grían agus re grinneall na glan-tiobraide ionnus gur mheabhsat teóra shrea- bha don uisge úaine eochar-bhláith imheal- ghorm as an ccarruic. "Fácc búadha for an tiobruid, a Phádraig," ol Benén. "Fágbham," ol eisiomh, ".i. ré nómhuidhe do gach fear lobhra an ccén bás d'fhagháil agus an mathoin bus marbh neamh dhó cen Purgadóir acht go raibh ar slighe shlánoicchthe, agus uiscceadha Éireann do thrághadh fó thrí go deireadh an domhain roimh an uiscci si, agus Éire uile do leasogh- adh ass, agus a thabhairt fó thrí ar gach gallraighth- each agus íocfaigh acht go raibh dóchas aicce. Innis dúinn, a Oisín," ol Pádraig, "créd an chúis imár fhóbradar Fiana Éireann marbhadh a chéile eidir dhaoinibh agus chonuibh."
"Ar Tulaigh Fhearadhaigh tárrasdair sin," ol Oisín, ".i. Fionn Bán mac Breasail, Guaire Goll, agus Saltrán Sál-fhoda, .i. dhá ghiolla fichille Finn, do shuidhsat ar an tulaigh si d'imirt fichle, agus trí choega uinge d'ór agus trí chaoga uinge d'aircceat agus an céadna d'fhionndhruine is eadh baoi d'imirt eotorra. Bádar trí laithe agus teóra n-oídhchibh agá n-imbeirt. Ba hé an Fionn Bán sin an treas imeartach is feárr boí a nÉirinn ina aimsir, agus ba híad an días boí a ccompráit imearta ris a bhFianaibh, .i. Fionn an flaith-fhéinnidh agus Flaitheas Faobhrach giolla Fhinn" - amhuil ro ráidh Oisín an rann:
"Flaitheas Faobhrach giolla Finn é dob fhéarr d'imreadh fichill: nocha ttardadh for chlár beirt lámh budh áilne dá himeirt.
An ccén ro bhádor acc an imirt sin ní rucc Guaire aon-chluithe, agus íar mbúain ghill de ro fearccadh é ionnus go ttug ail agus athais adh- bhal-mhór d'Fhionn Bhán, agus is eadh ro ráidh ris nárbhó hara ar aradhacht, nárbh ócclaoch ar ócclaochus, agus nach mó budh gaiscceadhach ar ghaiscceadh. Tóccbhus Fionn Bán an lámh agus búaileas an dorn ar Ghúaire, gur bheanusdar teóra fiacla as a charbat uachtarach agus an urduil oile as a char-
bat íochtarach, go ttarla 'na shuidhe ar chlár na fichle é. Ó 't-chúala Fionn an troid agus an torann sin at-beart re hAodh mac Móir-threóin, re mac reachtaire na Teamhrach: "Fionntar leat," ar sé, "créd fochain an imnidh si." Táinig Aodh co hathlomh dá n-ionnsaighidh, agus fuair fios an adhbhar, agus téid mur i mboí Fionn gus- na sccélaibh sin lais amhoil ad-chúas dó. Ro ráidh an flaith-fhéinnidh ann sin Fionn Bán cona fhéineadh cona mhuinntir do mharbhadh isin ngníomh sin do-rinne. Tuccas-sa luidhe," ol Oisín, "nach muirfidhe mac Breasail nó aon dia mhuinntir acht muna marbhthaoi mé budhdhéin agus a ngéabhadh mo pháirt. Ro fearccaigheadh Fionn ann sin, agus ro fhóccair cath oram-sa agus ar Fhionn mac Breasail. Ro ráidheamair-ne nach ttiobhramaois cath dhó-samh agus cco ttiobhramaois breatheamhnus Fear- ghusa Finnbhéil, .i. file na Féine, Chaoilte mheic Rónáin, agus Diarmada uí Dhuibhne dhó. Ro aontoigh-siomh sin do ghabháil uainn. Is í breith ruccsat an tríar sin," ol Oisín, "cipsí maighen i ccomhraicfeadh ara an rígh-fhéinn- eadh ré hara mheic Bhreasoil dórn ar ghiolla mheic Bhreasoil, agus uinge d'ór ó gach taoíseach d' Fhianaibh Éireann don árd-fhlaith ós a chionn sin.
Ro snadhmadh síthcháin eadrainn ann sin," ol Oisín. "Ro shuidhsíot na Fíana, dóigh as amhlaidh bádor agus íad urlomh iméasccaidh dochum catha do thabhairt do 'roile. Íar sin do fhiafraigh an flaith-ruire do mhac Breasoil créd in fhochain imreasana boí eatorra. "Do ghiolla-sa," ol eisiomh, "táinic teóra maidne d'iarraidh imearta oram-sa, agus ro ghreannaigh mé isin maidin dhéigheanaigh im aon-chluithe d'imirt lais. Ro imremar ré-roile íaromh. Tucc-samh athais adbhhal-mhór dhamh-sa iar mbúain im- earta dhe dhamh. Buailim-si do réir mur do- chuala-sa leis-siomh," ol Fionn Bán. Tuccus-sa mo bheannacht ann sin," ol Oisín, do mhac Breasail ann sin do los an bhúailte do- roighne, agus do-rad an rí-fhéinnidh a bheannachtain dó mar an ccéadna, agus ro ráidh nár mhór an t-aindligheadh do-roighne óir gur dhligh sáir- bhríathar sáir-bhéim. Tuccus-sa imdhearccadh d'Fhionn ann sin im gach anúabhar dá ndeárnsat a thríar aradh, .i. Gúaire Goll, agus Saltrán, ar Fhionn mac Breasail, ar Chamán, agus ar Fhearrdhomhan. Tuccsamar uile luidhe ó bhél go bél gibé giolla nach ttiobhradh uirrim úadh as a haithle cco ccaithfeadh ar seachna go síorruidhe. A ccionn aimsire imchéine íar sin tiaccoid an Fhían go Coill Coímhédo a ccrích Ua tTairseadho a Laighnibh ris a ráitear Druim Eachroidhe in ionbhaidh si. Agas do-chuador do dhénamh
sealcco as a longphortaibh an lá tar éis dul ann- sidhéin dhóibh, agus ro fáccbhadh sein-fhéinnidh do mhuinntir Ghuill mhic Mhórna a bhfarradh banntrachta na bainríoghna agus 'na farradh féin go háiridhe, .i. Garaidh mac Morna a ainm. Agus as amhlaidh boí an seanóir aosda arsuidh ar ttuitim a ndubha agus a ndobrón, a meirtne agus a mór-chumh- aidh íar sgarthain a fhéine agus a fhóirne, a charad agus a choimhmbráithreach ris. "Maith, a Gharaidh," ol bean don mbanntracht, "an madh toil leat fithleóracht do dhéanomh?" "Nocho toil," ol eisiomh. "Ciodh sin?" ol íad-somh. "Laithe n-oén," ar Garaidh, "do bhámair-ne Fíana Éireann a tTulaigh Fhearadhaigh acc Loch nEóin i cConachtuibh, agus do fhóbradar an Fhían marbhadh a chéile ann." Agus do innis an sgeul dóibh go hiomlán," ol Oisín, "amhail d'innisas-sa dhaoibh-si. Agus nocharbh imchían íaromh," ol Oisín, "gur fhiar- faigh bean oile don bhanntracht don bhanrío- ghain: "Nach chuige do fáccbhadh Garaidh accuinn d'imirt fichle linn agus do dhénamh teineadh dhúinn?" "Is eadh go deimhin," ol isi. "Agus do-chúaidh ar a lúdh agus ar a lámhach, óir ní cumas é ar áineas nó ar imirt do dhéanomh." "Dar mo bhréithir," ol Garaidh, "is comhrádh
ban mbíodhbhadh an comhrádh sin, agus ciodh fada bheinn-si i bhfochair chloinne Baoisgne ní char- faidhdís mé, óir ní cairde bunaidh dhamh íad." Agus ro fhadaigh teinidh dona mnáibh, agus ro dhúnustar doirsi na bruighne, agus tucc arm agus éideadh leis, agus ro ráidh na roinn:
"A mhná áilne Féine Finn, imridh-si féin bhur bhfithchill: sibh-si ósar aindear nglic; misi im sheanóir, shean mh'imirt. Brugh aoisi do mhearaigh me; am comhaois do bhur n-aithne; as áithe gach dealcc as só: ní comhdhíor ar ccomhchluitho. Cumhoin liom lá ag Loch nEóin (ní maith seanóir gan sean-sgeól), do meadhradh ar ndáil uile tré iomarbháigh áon-chluithe. Do bhí Guaire giolla Finn ag fáith-imirt ar fithchill agus Fionn Bán mac Breasail, dá ttárla dhóiph imreasoin.
Dob fhearr d'imeartoigh Fionn Bán ná Gúaire ó Ghlas Barráin: rucc Fionn Bán cluithe, agus ní rucc Guaire én-chluithe. Fásaigh fearcc mhór i nGuaire re mac Breasail brat-úaine, do-ráidh ólc dá ríribh ris tréna bheirt ndírigh ndílis. Mór iomnáire Fhinn Bháin, tóccbhus go luath an leith-láimh, gur bhen dó bhél Ghuaire ghloin dorn ó mhac buadhach Breasoil. Éircchid suas an Fhían amhra, fir ánrata fhíor-chalma: sáoth léo-samh giolla i bhflatha do bhualadh tré dhroch-fhatha. Éircchid suas fiana Finn Bháin, fíana Oisín d'én-láimh, fían Chonáin, fían Chaoilte chain, fían Osccair, fían Fhearrdhomhain.
As ann sin adubhairt Fionn féin:
"Éirigh amach, a mheic mhóir-thréin, créd dá bhfuil fearg na Féine, créd adhbhar a ccoimhéirghe?" "Guaire do ghiolla-sa féin," ar Camán blárdha a Bhláth-shléibh: "ní súaill in t-adhbhar dá bhfuil, a mharbhadh do mhac Breasail." "Gabhthar mac Breasail," ar Fionn, "ná gabhthar cumhaidh dá chionn, nárab cumoirce dhó dhe Diarmaid, Oisín, ná Caoilte." "Dar do láimh-si, a Fhinn an óil, dar h'úaisle agus dar h'onóir, ní muirbhfidhear mac Breasail ó thárla ann imreasain. A athair, toiris réd chéill, a mheic Cumhaill," ol Oiséin, "breith dhíreach is cóir do fhlaith agus ní briathar bhaoghal-bhraith.
Ciodh sinne no beith cco holc, dhíot-sa dleaghor ar tteagoscc; tabhair fád dhéud fis do mhéar, 's ná tabhar breith ar leithsgéul. Gabhthar Fionnchú mac Fir Chruim giolla meic Bhreasail bharrdhuinn; madh do mharbh-san Guaire glan marbhthar leat-sa féin Fionnchon." Gabhmaoid a ndeaghaidh Finn Bháin, a mhac Cumhaill eineach-náir, go ttuccsam mac Breasail linn go teach Fhinn rí Fhían Éireann. Do fhiarfaigh Fionn d'Fhionn oile caithmhílidh ard Almhaine: "créd do-rála dhuit-si dhe ó do mharbhais ann Gúaire?" "Gúaire do ghiolla-sa, a Fhinn, bachlach do bhoí fát fhichill, táinic trí maidne muiche dom ghreannadh im áon-chluithe. Beirios ceithri cluithe íar soin ar Ghúaire mac binn Breasail; rom-loiscc an úair budh loinn lais tría úaill is tré athais.
Tóccbham-sa súas an lámh ndeas is ní tárdas an éisleis go ttugsam dorn ar an bhél, ní innisim acht fíor-sgéul." "Beannacht ar an láimh tucc dhó," ar Oisín, ní hiomarghó, "do ghiolla Laoi Locha Gar nocha gan fhátha tuccadh. Muna maithe an dorn daith íocfaidhthear riot, a ro-fhlaith, rod-fia uinge d'ór gach fir in líon atámaoid d'Fhíanuibh." "Beir mo bheannacht, éircc dot thoigh," do ráidh Fionn re mac Breasail: "lúach a ndubhairt Gúaire fén - dlighidh sáir-bhriathar sár-bhéim." "Dóigh dá madh maith leat-sa soin olc do mhac acht ar giollaibh, Gúaire, Glas, is Saltrán seang acc imdhearccadh Fhían Éireann.
Gúaire d'imdhearccadh Fhinn Bháin, Glas d'imdhearccadh do Chamán, mó gach sgél Saltrán solamh do rádh uilc re Fearrdhomhan. Iarraim féin d'aisccidh ort, a fhlaith na bhFían bhfaobhar-nocht, nárab bés ó 'niu go bráth giolla do mheas re hógláoch." Tuccsam luidhe ó bhél go béul Fían Éireann uile deasgéul nach laimhfeadh bheith a bhFéin Fhinn giolla nach ttiobhradh uirrim. Misi giolla dhaoíbh inocht; uirruim dhúibh úaim, a bhanntrocht; tuccus dom bréithir theaghlaigh nach ttachroinn re hingheanaibh. Ciodh cían do bheithmís 'ma-le, a bhanntracht Fionn na Féine, ccéin bhus cumhaoin liom an lá ní iméara fribh, a mhná." A mhná.
Ag sin an sgeul do fhiafraighis díom, a Naomh-
Phádraig," ol Oisín, "óir as a ttimchioll na himearta sin ro shamhluigheadar Fíana Éireann a chéile do mharbhadh." Tárla óccláoch a ccomhaideacht Dhúaich, .i. Corbmac mac Dáire, mac rí Corca Dhuibhne. "Fiarfaighe dob áil liom do dhéanamh dhíot, a Oisín," ol sé, ".i. créd 'má ttuccadh Tonn Chliodh- na ar Thoinn Chliodhna, agus Tonn Téide ar Thoinn Téide?" "As deimhin go bhfuil fúasgladh ar fhiarfaighis agam-so," ol Oisín, ".i. fear Galldo do bhí ag Fionn mac Cumhuill, .i. Ciabhán cass-mhongach mac Eathach Arm-dheirg, .i. mac rígh na Sorcha. Is amhlaidh boí-siomh .i. an t-eadarsgaradh bheirios éascca ina oll-chúicceadh déag thair aird-rédhlonnuibh nimhe, rucc-samh sin ar chruth agus ar chaoimh-dheilbh ó mhacaibh ríogh agus taois- each na talmhan co comhchoitchionn, co nách bhfuair críoch nó ceannadhach isin ccruinne ina léiccfidhe fos nó fíor-chomhnaidhe dhó ar 'áilne agus ar a mhéid do-bheirdís mná gacha críche a ngab- hadh searc agus síor-ghrádh dhó. Agus do bhris mór ccath cco ttorracht an t-oilén sa," ol Oisín, "agus ránoicc gusan ionadh a mbámair-ne Fíana Éireann agus naonbhar ócclaoch ina choimhideacht agus íar ttórrachtain dó tuccamar uile grádh agus géir- ionmhuine dhó ar fheabhus a dhealbha agus éargna a earlaphartha, agus do naiscc-siomh cumairce óirne agus dá naonbhar go hiomlán.
Ro iomchomhaircamair-ne deisiomh créd fochain na cumairce. Ro innis sin dúinn, .i. gurab eagla boí air roimhe lucht an oiléin gus a ránoicc, agus ro innis a eachtra dhúinn. Ro ghabh Fionn ina mhuinnteardhas é, agus nocho ar chian dó amhlaidh in tan do ghabh fuath agus fíor-fhormad an Fhian uile dhó, úair ní raibhe acc fear nó gan fhear a bhFíanuibh bean nach ttugustar toil nó trom- ghrádh dhó, agus géarbho leisg le Fionn diúltadh do thabhairt d'aoineach tucc diúltadh do Chíabhán, óir ba heagail leis an Fhían dá mharbhadh tré eud. Ro íarr Ciabhán comhuirle ar Fhionn and sin. As í comhuirle tucc Fionn dó dul co Tír Thairrn- gire agus go mór-shlúagh Manannáin agus go bhfuigh- bheadh a dhiongbhála do mhná ann gan amhrus, agus a tabhairt lais a bhFíanaibh, agus co ccoisgfeadh sin inntinn agus meanmann aon-mhná oile dhe, agus fós go ttoirmisgfeadh sin gan fúath agus fíor-mhiosgais d'fhagháil dó nó bheith fána choinne ag na Fían- uibh. Ro ghlúais Cíabhán roimhe chum imtheachta ann sin, agus ba leascc le Fionn sin agus ro ráidh an laoídh:
"An abhus, a óccláigh fhinn, a mhacáin an bhéarla bhinn, ná héircc ór ngreaghaibh amach, ná deaghoil re ar tteaghlach.
An abhus, a óccláigh fhinn, do chomhdhealbhdha ní fhaicim, binn linn do theanga sholamh idir bhéarla is bhinn-fhoghar. An tan do fhéachsam do sgíamh, a fhir chaoímh, a chara clíar, do chruth breachtnaighthe go mbladh, linne budh hiongnadh adhbhal. Tánccuise naonbhar go mblaidh chugainn tar fhairrge bhforrúaidh; ro budh maith cruth gach duine don chuire fhíal fholt-bhuidhe. Tuccsamar uile grádh dhuit, do dhealradh h'aighthe agus t'fhuilt, ó mhac rí (rúamna rann) nó cco ríacht Liphe leascc-mhall. Tuccsamar grádh dot bhéarla agus dott aigneadh súairc séaghdha, gur nasccios cumairce chóir ar an bhFéin bhféata bhfíor-mhóir. Do ráidhsiom uile go beacht Fíana Éireann a n-aoinfheacht: "a ghéag na súirghe saidhbhre, créd 'mádh ccuinghidh cumairce?"
"An t-ádhbhar fán iarruim í inneósat duit, a aird-rí: ním-léiccthior san tír thoir; rí na Sorcha is é m'athoir. Ruccadh mé dom athair féin im mhac dob áilne fán ngréin; nochar fhácsad mná ná fir mé gan mo ghrádh 'na ccridhibh. Do fhásas gor bhinn mo ghlóir, gursam fear dealbhdha dímhór; mná na Sorcha saoíre dhe do mheadhras íad rem áilne. Do-rónnsat tionól gan lén fir na mban 's a rí roi-thrén dom dhíthchur a luing tar lear: acu níor mhían leó m'fhanadh. Do chuirsiom cath go cruaidh san Sorcha slim slat-rúaidh, tríocha cath dhamh-sa co mbrígh, trí fichid cath 'gun aird-rígh.
Do cheanglus m'athair co mblaidh go hathlomh isin iorghuil; do sheólus loingeas tar lear: acu nír mhíann leó m'fhanadh. Tánocc tír na cColach ccruaidh a n-íathrar domhain dréach-ruaidh; ó do bhí liom rún a mban acu níor mhían leó m'fhanadh. Tánacc a Napail budhdhéin a ndeisciort an domhain dén dá ffúaras ann grádh a mban, agus ní ffhuaras anadh. Tánocc ann sin don nGréig: mo dhealbh féin is í rom-thréicc dá ttuccsad seacht ccatha dhamh agus ní thuccsad anadh. Tánacc go Babilóin mbúain, dá éisi go Tur Neamhrúaidh; fúaras cath gach tuir dhíobh sin, agus a trí san Troighidh.
Fúaras cath san nGallia ngrinn is a dó a n-Easbáin aoíbhinn is a thrí a bPiocaird go mblaidh agus a cúig a bhFrangoibh. Trí catha a Saxoin íar soin, trí catha a nAlbain uathmhoir; noch ttánicc dom shluagh nglan ngrinn acht madh naonbhar go hÉirinn. Dar an rí fil ós mo chionn, a rí-fhéinnidh Fhían Éireann, in chúis 'mádh rabhadar dhamh ní raibh ag tuinn talmhuin. Ní fhuilim líon catha crúaidh do ríoghraidh andeas nó attuaidh, adhbhar neimhneach, búan an bladh: dob áil linn bliadhain anadh." Atá tú bliadhain san bhFéin, a óccláigh an fhuilt fhaid-réidh; béarla is breatheamhnus binn do fháccbhuis uile a nÉirinn.
Ní bhfuil file a bhFéin aniogh ná badh aird-fhir nó inghion ná badh taoiseach, búan an bladh, lais nach budh buidhe h'anadh. Nír ghuidh tú bean Mhic Réithe, ní dheárna tú gníomh cléithe; gion gur ghuidh, buan duit a bhladh, lé do budh buidhe h'anadh. Do-rad bean Súanáin sracadh dhuit-si (nochar dhéagh-thapadh), gur bhris an charrmhogal chórr do bhí san mbrat maoth-shróil. Géar mhaith leó do theacht alle clanna Mórna is clanna Baoisgne, Conán mac Morna co mbladh níor mhaith lais h'anadh. An lá tánccois tar tuinn thíar cugainn a bhFormhaol na bhFían, muna mbeinn-si is Goll co ngoil do bheitheá marbh gan anmain.
"Mo thuarosdal bliadhna dhamh; comhairle, a árd-fhlaith Almhan ar cco mbeinn-si, búan a bhladh, in bhliadhain si cen mharbhadh." Éiricch go Tír Tharrngire thruim ó nach bhféadair a bheith eadroinn; do dhealbh, ciodh háluinn a dath, acu-san ní budh hiongnadh. Déana suirghe sothamh . . . le hinghin aird-rí aindséin; tabhair isin bhFéin an bhean ar éaládh is ar aitheadh. Ó 't-chídhfid cách, a bharr bocc, bean bhus comhadhuis accod géabhad socht ma theimhle a mban, ní dhiongnaid éd fát anadh." An.
As ann sin," ol Oisín, "do ghlúais Cíabhán go Tráigh an Chairn ris a n-abairthear Tráigh na tTréinfhear a ccóigeadh Uladh acc Dún Droma, agus ad-chonnairc curach caomh-ard crédhumha cláir-leathan agus dhá ócclaoch áillne aireaghdha
ann, tuighneach pudraille forra go a bhformnaibh, agus beannochus Cíabhán dóibh. Freagraid-siomh dhó. "Cia sibh-si, a ócca?" bhar Cíabhán. "Lodán mac Lir mac do rí na hIndia duine dhínn," ol síad, "agus Eólus mac Gairbh mac rí Innsi Gréag an dara duine dhínn. Ro thiom- aircceadar tonna sinn agus ro ghluaisiodar goéth go nach ffeadamor gá críoch isin domhan a bhfuil- maoíd." "In ttiobhradh sibh ruinn do bhur ccurach don tí do-bhéaradh coimhideacht maro agus mór-fhairrge dhaoíbh?" "Dá madh at áonar do bheathá-sa, a dheagh- fhir," ol íad-somh, "do-bhéarmaoís-ne roinn don churach sa dhuit, óir taitnidh do chruth agus do chaomh-bhéarla linn." "Maith, 'anam, a Chiabháin," ol a mhuínntear fris, "an í Éire áloinn oilénach a mheasair-si d'fhágbháil?" "As deimhin gurb í," ol Cíabhán, "úair ní ghabhoim mo dhíon nó mo dheagh-dhídean inte." Téid isin ccuraigh agus ro dheaghailseat a mhuinn- tear fris go dubhach dóimheanmnach. Ro budh deaghoil anma agus cuirp an dealoghadh sin. Ro- righneadar an triar tréinfhear sin cumann agus caradradh ré-roile. Ránccadar as a haithle ar na tondaibh geala gáireachta, agus ro éirccheatar
tonna ainbthine na trom-fhairrge dhóibh ionnus gurbhó comhmór re cnoc sléibhe gach mór-thonn mhór-mhuiridhe dhíobh, agus do bhíttís na héiccn- eadha áilné eochair-bhláithe maráon re grían agus re grinneall na glan-fhairrge acc bíodhccadh ó bhordaibh an bheag-artharaigh, óir ní léiccthí fos nó comhnaidhe dhóibh a n-íochtar an mhóir- aigéin ré méid an mhór-anfaidh. Ro ghabh gráin, eaccla, agus omhan ádhbhal- mhór iad-somh in tan sin, agus do ráidh Cíabhán gur mhairg agus gur mhór-imneadh lais bás a bheith dá imbirt fair a n-ionadh nach ffhéadfadh a dhíoghuil for a naimhdibh, agus "monúar," ol sé, "nach ar tír thirim atámaoid-ne an triar trénfhear sa eidir bhíodhbhadhaibh gár mbásoghadh d'fhios cionnus do choiseónmís sinn féin." Agus do ráidh na roinn:
"In tríar atámíd ar toinn ron-tarla a n-íath éccomhlainn; trúagh liom nach bhfuil ar ar ccor bás d'imirt ar ar mbíodhbhaidh. Misi agus mo dhías íar sin go líon nglíadh agus gaisccidh dá mbeithmaoís a ccath gan bhrón dhingéibhmís céad do dheagh-shlógh.
Ó dho-chíam an tuinn si theas, is mór cheileas óirne dar leas; as adhbhar bróin in bhur n-iath bhur mbás eidir dhias is thríar." Triar.
Nír chían dóibh go bhfacadar an t-aon-mharcach dá n-ionnsoigh; each breac gorm-bhallach faoí. Ro fhíarfaigh au t-ócclaoch sin daoís-siomh créd an lúach do-bhéardís dó ar a n-anacal. "Do-bheirmís sinn féin for do chumas," ol iad-somh. Tuccadar-somh ann sin a llámha a lláimh an óglaoich ionnus go ttuc an curach ar taobh- shnámh ina fhochair nó co rángadar Loch Lúachra a tTír Tharrngoire, óir as ann boí dúnadh agus árus Mhanannáin an tan sin. Teaghoid a ttír andsidhe agus tiaghoid isin dúnadh, agus táirrnicc an t-óil-teach do shuidhiughadh rompa. Ro cuireadh íad-somh 'na suidhe 'na ttríar i ccathaoiribh caomha, agus ro freasdladh go friochnamhach íad as a haithle. Ro beanadh ann sin a ccinn-bhéga chaomha do dhabhchoibh donna deircc-iobhair; ro glanadh cuirnn, cúaich, agus copáin; ro éircchidar óccbhadh áloinn amhulchach do dháil gach dighe ar na deagh-fhearaibh; ro seabhnadh cruiteadha caoíne ceólmhara agus tiompáin taighúire théd-bhinne, go
ttárla an t-ól-teach 'na ían meascdha meadhor- chaoín, gorbh fharcha breath gach briathair bhríghach bhuan-charrthoineach leó. Ro éirigh ann sin bachlach sruibh-fhoda seireadh- chaol ruadh-mhaol roi-reangach no bhíodh ag dénomh lúth' agus lámhaigh a móir-thigh Man- annáinn. Ba hé cleas do-roighne in ionbhaidh sin naoí mbunnsacha bior-ghaoísi do thealgain imalle, ar leith-chois, ar leith-láimh, go féicce na fionn-bhruighne, agus ba minic nos-ghnáitheadh-siomh an cleas sin do dhénomh d'imdhearccadh saor-chlann soichineóil ticcdís a críochaibh cíana cumhaightheacha chuicce. Tucc a aghaidh ar Chiabhán chass-mhongach iorromh, agus tucc na naoí mbonnsacha ina láimh, uair is é budh fearr cruth agus caomh-lí dhíobh. Tárraigh Ciabhán na bunnsacha bárr-núaidhe ina láimh, agus do-roighne an cleas amhoil do bhiadh dá fhoghluim d'áon-obair go sin. Tuccadh i lláimh Eólais íad íaromh, agus do-rinne an céadna riú. Tuccadh i lláimh Lodáin íad, .i. mac rí na hIndia, agus do-rinne an cleas mur an ccéadna. Ro bhoí príomh-ollamh maith ag Mananán; Luchra atá-comhnaic. Bádor teóra hingheana aige. Cliodhna, Aoífe, agus Édaoín fhoilt-fhionn a n-anmonnadh. Rob iad-somh, teóra hingheana Luchra, teóra haiscceadha Tuath Dé Danann, óir nírbh eagal leó ní dá marbhadh acht madh gaoithe
cró na geanmnuigheachta nó braonán na buan- mhaisi do thuiteam orra. Ciodh trácht tuccsatar 'na ttriúr a n-aén-uair grádh agus géur-ionmhaine don tríar trén-mhíleadh sin ro ráidheamar. Ro chinneadar ann sin élódh isin maidin mhuich arna mhárach, agus ro chuirsiod fios go falaightheach gus na fearuibh fearrdha fíor-chalma sin ionnus go ndingéandís ionadh cinnte comhdhála riú. Do-rónnadh an t-ionadh coinne leó-somh, agus do chuirseat a fhios cuca-somh. Ciodh cúidh do chodail isin dúnadh an oídhche sin nochan íad-somh do-roighne, óir do bhádor acc furachrus na maidne muiche dia ttorrachtain. Ro éirgheadar íaromh isin deaghóil go deagh- thapaidh, agus tiacchat gusan maighean a ndearnsat coinne ris na curadhaibh. Téid Lodán agus Aoife, Eólas agus Édaoin ina cceathrar a n-oen-churach; téid Cíabhán agus Clíodhna a ccurach oile. Ro thóccbhadar an sáir-bhréid síodhaidhe a miodh- uachtair seól-chrainibh gacha sáor-churaigh dhíobh, agus ránaicc Cíabhán roimhe ina fhrithing go Tráigh Téde (.i. Téde Bhreac inghean Raghamhnach luidh aon do laithibh ann do chluithe tuinne trí choéga inghean áloinn, agus ro báidheadh íad uile, conadh ón Téde sin ráittear Tráigh Thétte). Dálo Chíabháin imorra," ol Oisín, "ro ghabhus- tar cúan agus caladhphort isin tráigh sin. Téitt do sheilg agus do shaor-fhíadhach bhán ccrích budh
comhfhoiccsi dhó as a haithle, agus ro fháccoibh an inghean ina curach ag an tuinn. Tánoicc tonn tar an ccurach íaromh gur ro báidheadh in inghean. Cona úaithe ainmnighthear Tonn Chlíodhna. Tíacchoid teaghlach Mhanannáin a n-íarmhóiracht na n-inghean maráon re hIldhathoch agus re días mac do-radsat toil agus trom-ghrádh don tríar inghean sin do ráidheamar. Tiocc tonn tuili cucu mur an ccéadna go ros báidheadh íad, agus gíodh mór neach ro báidheadh 'gun tuinn si ríamh agus íarromh is ón cCliodhna reimhráite ro hainmnigheadh í," ol Oisín. Agus ro ráidh an laoídh:
"Cliodhna chinn-fhionn, búan an béud, 'gun tuinn si tánoicc a héug, ádbhar dá máthair beith tinn gníomh do-rinneadh 'gun sein-linn. Dá ndearnadh an tonnach te ag lucht Tíre Tarrngoire is é tucc an mnaoi gan cheilcc Ciabhán mac Eathoch arm-dheirg. Ríoghain an aonaigh thall trá, inghean dar chomhainm Cliodhna, tar an lear leathon longach tucc leis Cíabhán cass-mhongach.
Ro fháccuibh í ar an tuinn, luidh uaithe eachtra n-édruim; d'iarruidh sealcca, monar mas, luidh Cíabhán bhán bhfiodh bhfolt-chass. Tánoicc an tonn tar a éis, do Chíabhán níorbhó dheigh-shéis; nó gníomh ba diongna linne bádhadh Chliodhna chinn-fhinne. Tonn Dúine Téide na ttriath a hainm sin roimhe i ngach íath nó gur bháidh an tonn sin trá inghin dar chomhainm Cliodhna. Leacht Téitte san tráigh si thuaidh, ba marbh ameasg a mór-shluaigh; leacht Cliodhna san ttulaigh theas, le Sídh Duirnn Bhuidhe bheanas. Fliuchthar folt an Duirn Bhuidhe a thonnuibh an trom-thuile; giodh iomdha do neoch fil ann as í Cliodhna nos-báidheann. Ildathoch is a dhá mhac ro bháidh an tonn 'gun trom-thart: is maircc do adhoir don luing nachas-anaicc ar aon-tuinn.
Caoga long lodar tar sál teaghlach thighe Manannáin; nocharbh í an chongaibh gan ga ro báithe ar thonndaibh Cliodhna. Cliodhna.
Do-riacht Cíabhán chugainne ioramh," ol Oisín, "go Druim nAsail mheic Umhóir, agus is í sin uair agus aimsir ina ccualamair-ne rí na Sorcha d' fhagháil báis. Luidh Ciabhán soir íaromh, agus ro ghabh ríghe na Sorcha; agus a sin an sgéul ro fhiar- faighis, a Chorbmaic mheic Dháire," ol Oisín. Teaccoid íar sin na sluaigh a ccoimhideacht Pádraig nó go ránccatar Ráith Méadhbha. "Cia hí an Mheadhbh ó n-ainmnighthear an ráith si, a Oisín?" ol Pádraig. "Meadhbh inghean Eathoch Fheidhligh," ol Oisín. "Ann é so ro budh baile bunaidh dhi?" ol Pádraig. "Nocharbh é imorra," ol Oisín, "acht fó laithe líthe na Samhna no theagadh d'agallaimh a druadh agus a deagh-fhileadh ar cco bhfeasadh cía do mhaith nó d'olc do bhíadh dhí isin mbliadhain sin. Is amhlaidh theaccadh agus naoi ccairpthe roimpe agus naoi ccarpthe 'na díaigh agus do gach taobh." "Créd an t-adhbhor imá mbíodh in urdoil sin do chairptibh ina tiomchioll?" ol Pádraig.
"D'eaccol go saileóchadh deannghor na conoire a glomhracheannaibh na n-each a deghchealta deagh-glana dealbh-níamhdha." "Adhbhar cétlaidh sin, a Oisín," ol Pádraig. "Agus caidhe ainm an ionaidh si a bhfuilmaoíd anois?" ol sé. "Gort an Fhosdadha a ainm," ol Oisín. "Créd an fosdadh sin?" ol Pádraig. "Ócclaoch d'Fhionn," ol Oisín, "do chuir and so dochum imtheachto ó Fhionn ar aoí a thuarasdoil, .i. Dearcc-dhruim mac Duibh-dhechelt do Chonnachtuibh. Tánccador trí catha na Féine an méid budh maith dhíobh ann so día fhosdadh, agus nochar anusdar aco, agus tánaic Fionn 'na ndiaigh agus ro fhosd an t-óglaoch, óir budh do bhuadhaibh Fhinn gibé neach no bhíodh ag imtheacht úadha don bhFéin go bhfosdfadh é acht go ndiongnadh trí rainn dó, agus gidh madh mór a fhearcc go madh sítheach é dá n-éis. Conadh ann sin ro ráidh Fionn na roinn agá fhosdadh-somh agus do shíodhucchadh a aignidh, co n-ébhairt:
"Tusa sin, a Dhruim-dheirg dhána, fear uirdhearg na hurbhádha; gé thís úaim anú gan lagh is céadlaigh dhamh ceileabhradh.
Dá ttugos duit ag Ráth Cró trí choega unga a n-oén-ló, lán mo chúaiche a cCarn Ruidhe d'aircceat agus d'ór bhuidhe. As cumhaoin liom-sa ag Ráith nAoí dá bhfuaramar an dá mhnaoi: fuaramar mná, aduadhmar cna, sinn araon, misi is tusa." Tusa.
As and sin ro éirccheadar na sluaigh agus tánccadar go Ráith na hEachroidhe ris a ráitear Ail Finn anú, agus ro fhiarfaigh Pádraig d'Oisín créd 'má ttugadh Ráith na hEachraidhthe ar an ráith sin nó ar an ionadh sin. "Eachraidhe na Féine no bhíodh sonn an ccén no bhíodh sealcc na críche si accá dénomh, óir ní fríth isin ccrích si gus anoss each-airm dob fheárr inás. Conadh aire ro charsamair-ne é seach gach n-ionadh oilé dár n-eachraidhi, agus con aire sin ráitear Ráith na hEachraidhe ris," ol Oisín. Agus do ráidh na roinn ag tabhairt a thuarusgbhála:
"Sonn no bhíodh ar n-éachradh féin, Fiana Éireann go ndeagh-chéill, gion no bhíodhmís gan disi ag seilcc chnuic na críche-si.
Nocha ffríth linne (go dás) eich-airm sonna dob fheárr inás, tar gach ionadh dá dhaingne conadh air ro charsaim-ne. Dhe sin, a fhir co ngloine, ráitear Ráith na hEachraidhe tar gach aon-ráith oile ana risin ráith a ttú sonna." Sonna.
"Att-rae buaidh agus beannachtain, a Oisín," ol Pádraig, "as fios agus as foras gach ar innsis dúinn." Ránccador as sin go Carn na hÁirmhe ris a n-abarthor Carn Fraoch an tan so. Téitt Pádraig súas ar an ccarn. "'Anam, a Oisín," ol Pádraig, "créd 'má ngoirthear Cárn na hÁirmhe don charn sa?" "An Fhian do háirmhithe gacha bliadhna sonn," ol Oisín. "A Oisín," ol Pádraig, "innis dúinn nar chreidiobhar-si do Rí nimhe agus talmhan nó narbh fheasach libh a bheith ós bhur ccionn a ccumhacht- uibh," ol sé. "D'fhidir Fionn," ol Oisín, "Rí nimhe agus talmhan do bheith úasa, agus do chreidsimair-ne sin
inar fFíanaibh do bhithin gnímh aon-oídhche at- chonncamar." "Créd an gníomh aon-aoídhche sin?" ol Pádraig. "Teaghlach mór ro bhoí acc Corbmac ua Cuinn," ol Oisín, "agus ní raibhe neach ann acht mac ríogh nó ríogh-dhamhna. Trí thríocha a líon, agus acc Ross na Ríogh no bhíttís frí Theamhraigh attuaidh." "Créd an ross sin, a Oisín?" ol Pádraig. "Ross coilleadh," ol Oisín, "ina mbíodh gach cinél énlaithe ag cantain ciúil ina chaomh-uachtar, agus ríogh-bhruighean ann ag an tteaghlach ttoghtha sin Chorbmaic uí Chuínn, agus proinn agus tomhaltus dá chur chuca dochum na ríogh-bhruighne reimh- ráite sin a tTeamhraigh agus as innte do dhéargh- oidhhthe dhóibh gacha nóna. Táinic reachtaire rí Éireann, .i. Binne Bóinne a ainm, aon do laithibh gusan bhruighin sin d'agallaimh meic an rí baoi inte, .i. Muireadach mac Corbmaic, agus ro dhear- costoir an bhruighean do gach áird agus nochar bhfaca aon ina dhúsgadh inte, óir as amhlaidh bhádor marbh gan amhorus. Tuiccamair-ne," ol Oisín, "Fíana Éireann, in tan ad-chualamair-ne an sgéul sgainner-bhorbh sgannradhach sin, go raibh an fír-Dhia forórdha ós ar ccionn a ccomhachtuibh agus ós cionn na cruinne go comh- choitchionn." Agus do ráidh ann sin na roinn acc deimhniugh- adh a ndubhairt:
"Baile na ríogh Ros Teamhrach ann budh minic mór-theaghlach; ba himthric sluagh is groidhe for a thaobh go ttonn-ghloine. Trí tríochaid mac ríogh ba rán bádor san ttulaigh ttonn-bhán, a ccoimhlíon uile do mhnáibh fil a ttulaigh an trom-áir. Ní chúala eachtra mur sin riamh theas nó budhthuaidh, thoir is thiar, a ndul uile as 'ma-le na sluaigh ro bhaoi a n-aon-bhaile. Do chreidsiomar uile ann-sin go raibh Rí uasainn a nimh an tan ba marbh uile dhe in lucht a bhoí san aon-bhaile. Baile.
Ro haidhnaicceadh iad idir fhearuibh agus ingheanuibh isin ttulaigh ttaobhh-uaraigh si," ol
Oisín, "cona Cnoc an Áir 'ainm ó sin alle. Agus an ross . . . . lacuna.
Mar do bhímís uile ann, Fiana Alban is Éirenn, dhá ttrían gill do-bheireadh lais ar bhrannamh is ar tháibhlis. Do-bhéur-sa teist oile fair, ar úa Cathaoir chosccoraigh, gur threisi a mheanmo go mbloidh iná an talamh atá fair. Fa geil-dearcc cruth uí Dhuibhne, icc mnáibh méraidh a chuimhne; a eineach, a ghníomh, 's a ghal biodh cuimhneach accá ghadhar.
Diarmaid mac Duibhne uí Dhonnchaidh torchoir sonn (doiligh leam-sa); ní tháinic dá chruas comhloinn dob fhorrlonn air a tteanta. Ar n-adhoigh a nDruim Dhá Bhan a ghníomhradh oirn níor fholchadh, dár dhíoghuil inghean uí Chuinn ar mhac Osccuir mheic ... Garbh a thréas acc Áth Boirche, nír ghníomhradh fhir ..... ceithre chéad fear, fa lí leam, do marbhadh frisin acc Carn. Fiche céad is seacht míle, deirim, 's as briathar fíre, do-rochair ris (budh gníomh gnáth) idir amhos is óglách. Trí fichit ríogh do-rochair lais ó do ghabh airm re a ais, re mac Dhuibhne go beacht, nó go ttáinig a thiugh-leacht. Ón ló tánoicc-siumh a cclí nó go ndeachaidh sé san ccrí um eineach nó um ghníomh goile ní dhearnadh air oirbhire.
Ní rucc aon-troigh ar ccúl, úa Duibhne, níor innis rún; . . . ingaibh an bhFéin bhfearrdha; nochar thréig a thighearna. Mo mhallacht-sa for an fFhéin, nír ghabhsat accam céill, far léiccsiodar leam 'ma-le, far thréiccsiodar ó Duibhne. Gráinne agus Diarmaid ó Duibhne, gá lánamhoin budh cuibhdhe? ros-cráidh mo chroidhe co beacht an liagán fil ós a leacht. Brisde mo chroidhe is mo chorp do dhíth mo dhaltáin nár dhocht; a ghnaoi mur ghaoth-mhuir go beacht nó gur chlaoí laochraidh go leacht. Adhlaicthear a mhnaoí re a thaoibh, is adhlaicthear a choin ccaoimh, 's adhlaicthear a mhic go ceart, ttógabhthar a lía 's a leacht." Leachtán.
Ro bhádor ann sin go tráth fuinidh nóna. "Truagh sin, a cháirde mo chroidhe," ol Oisín, "nocha mían leam-sa an airm si d'fhágbháil go bráth." Lodar rompa go Coill na mBuidhean as a haithle, agus do Bheinn Ghulbain Ghuirt mheic Mhaoil Ghairbh, agus do Gharbh-ros ria ráitear Doire na Damhruidhe, agus do Dhruim na nDruadh, áit ina ndeárnsat fían-bhoith, agus ro theccoirseat í do sheasccaigh bhun-reamhra bharr-úaine ó a féicce go a formna, agus do-rónnadh inneónadh agus ard- bhearbhadh dhóibh as a haithle. "An bhfuil uiscce a ccomhfhoccus dúinn sonn, a Oisín?" ol síad. "Atá imorra," ol Oisín, "agus Tiobra Oisín a hainm." "As dainimh dúinne dorchacht na hoidhche," ol iad-samh, "a ndóigh go ttiubhramaois uisge eiste." "Ní dainimh dhamh-sa," ol Oisín, "óir ní bhfuil ionad as a mbearthaoi lán aon-chuaiche d'uisge a n-all nó a n-abhuinn iná a n-inbhear a ccóig cóigeadhaibh Érionn nachsum eólach-sa a ló nó a n-oidhche." Ro éirigh iaromh agus ro ghabhustar a ghaiscceadh, agus rucc an chuach fhéata fhionn-airgid boí aco lais, agus ráinicc d'ionnsoicchidh na tiobruide agus at-chúala an fothramh fír-thrén aice. Is eadh boí ann sin torc taobh-reamhar ag ól uisge eisde. Tuccustar- somh urchor amhnus ághmhar don mhanaois
mhór-neimhnigh baoi ina dheas-láimh fair, gur bhúail a cceart-lár a ochta go húrmhaisneach é, ionnus gur sgoilt a chroidhe ar dhó inn. Téid d'ionnsoighidh na fían-bhoithe as a haithle agus an torc agus an t-uisce lais maraon. Ro éirghidar arna mhároch, agus tánccatar tar Eas mhic Bhadhoirn agus go Sídh Aodha ós úr an Easa, agus at-chonncatar an t-aon-óglách áloinn cneas-sholas isin ttulaigh ttonn-ghlais; brat corcra corthorach uime, dealcc n-airccid ann, geil-scíath go ttúaith-imlibh airccid fair, cúach- shnaidhm lógha for a fholt, agus dhá choin chaomha cheann-árda ar shlabhradh shínte shean-airgid aicce, airm thréana throm-ghlasa lais, agus é ag dírghadh 'na ndochum go fearrdha fír-chalmo. Iar tteacht cúca dhó do thoirbhir teóra póg go prímh-urlamh d'Oisín, agus pócc do gach áon don ochtar baoi ina fhochair, agus ro shuidhiostar i ffar- radh Oisín as a haithle. "Cia thusa, 'anam, a ógláigh?" ol Oisín. "Misi Dearcc mac Eóghain mhic Dheircc Dhian-sgothaigh a tuathaibh trén-Uisnigh amuigh," ol eisiomh, ".i. do chomhdhalta díleas diongmhála-sa." "Cionnus tá do bheatha la bráithribh do mháthar, a chara mo chroidhe, a Dheircc?" ol Oisín.
"Nochan fhuil ureasbhaidh bheathadh orm," ol Dearcc; "acht gérbh íad tríar budh measa beatha a fFíanaibh Éreann, Lighairni Leacan- fhoda, Semend Sacoire, agus Peg-ghiolla, ro budh fearr bheith ina mbeathaidh a fFianaibh ná bheith isin mbeathaidh a ffuilim-si a síodh- uibh." "Monúar-sa," ol Oisín, "nach eidir na Fíana támaoid-ne acc éccaoíne ar n-imneadh riú. Agus as uathadh sealgaireadh dhúinne anos, a Dheirg," ol sé, "agus ro bhámar mór do laithibh cen bheith amhlaidh, agus do-chonnairc-sa thusa, a Dheircc," ol Oisín, "a cComair ollbhuidhneach na tTrí nUisce n-ionnfhúar, áit a ccomhruic Siúir, Feóir, agus Bearbha ré-roile, cúicc céad ógláoch, cúig céad giolla, agus cúig céad deigh-ríoghan, ciodh- ad uathadh aniú," ol Oisín. Agus ad-beart an laoidh:
"Uathadh sealga sin, a Dheircc ro sgaruis ret fhéin agus red sheilcc; anat eólach, comhal nglé, a n-aidheadhuibh na Féine?" "Asum eólach-sa go se a n-aird-sgeulaibh na Féine; gé bheith san sídh mo chliú chain fil mo mheanma ar na Fianaibh.
Do marbhadh Buidhe ag Ath Báin fá bhordaibh Eangnamh an Mhacáin; ad-rochratar ag Áth Bran dhá Ghlas mhic Eathoch Gulban. Torchradar a Magh Ailbhe ceithre meic Ros' is Raighne, dhá Chonn, dhá Chorbmac go ngail: as é Díarmuid ros-dhíbhaidh. Seacht meic Dúaich ba gairbhe gos do-chearsad a nAirgead-ros: is le Diarmuid, líth go ngail, fuaradar a bhfír-adhoigh. Marbh Diarmuid, dob gníomh baoisi, la muic dhoilbhthi a dheagh-aoisi, áit ar chomhracadar san ghlionn, a ttorchradar comhthuitiom. Marbh Garbh Chrot isin Theamhraigh do láimh Mheic Lughach mheanmnaigh; marbh Mac Lughach, tóluibh clann, do láimh Bhreasail na mbuabhall. Marbh Dubhthoch a Sliabh Chuailghne do shleigh mheic Rinne Ruaidhe; marbh mac Rinne Ruaidhe dhe do láimh Cholla mheic Caoilte.
Marbh Colla mac Caoilte chruim do láimh Sheasnáin mheic Sheanguinn; marbh Seasnán, ba garbh an gleó, do láimh an laoich san dúir-ghleó. Marbh dhá chéad a cCionn Mara im Dhubhán ro badh cara, im Dhubhán a nDruim Dhá Ros, im Dhubhán a nAirgead-ros. Conán mac Eathoch, fíor dhamh, agus Conán Fionn fíor-ghlan, do mharbh cách dhíobh a chéile géarbh aois cumhtha is coimhéirge. .... go ttán . . imchosccaradh dá chéile na fir ba trén ar gach taoibh im throid dhá chon a fFormaoil. Ionann Mac Lúin, líth go ngail, isam eólach ina adhaigh: marbh ar Mhagh Dála na nÁth do ghalor cheithre cceart-tráth.
As é galor rucc an laoch, mac Luin (nírbho giolla báoth), cruimhe neimhe baoi ina chinn go rus-ghonsat a inchind. Conán mac Morna co ngoil do-fháoth do láimh Fhearrdhomhuin; do láimh Chonáin tré fhoghail táinic saoghal Fhearrdhomhuin. Ionmhuin liom-sa an laoch co ngoil Conán mac Finn Feidhneochair; iad-somh maraon re hAodh Rinn ad-rochradar coimhthuitim. Cruinn-bheacc ó Liatháin go mblaidh ad-rochair re Dubh Dromain; Dubh Dromain is Criamhthann cóir atád a leachta a Móin Mhóir. Fionn Foirrél, Fionn is Eargna agus Fionn mac Caisearla, isin lios bhá Chnoc in Ghlinn ad-rochradar coimhthuitim. I ccnoc Rátha Dá Ruireach ad-rochair Corr céad-ghuineach; i nDruim Treathan, búan an bhearcc, is ann ad-rochair Druim-dhearg.
Marbh Osccar an ghaisgidh ghoirt do láimh Chairbre mheic Corbmaic; marbh Cairbre a tTulaigh na Ríogh do láimh Osccair gan iomshníomh. Ba marbh Caoilte san Teamhraigh, ba haontadhach dom mheanmuin; nochar bhaoghal caointe a rádh, marbh Caoilte mac Rónáin. Cath Mónadh Mafadh go teann do-radsam agus Decheall; acht sé chéad don Fhéin co ngoil ní thérnó dhíbh 'na mbeathaidh. Cath Confaide tucc an Fhían eidir anoir is aniar; acht madh sin ní thérnó as aon attuaidh is días andeas. Do-rónadh ceist de go teann ag Fíana ána Éireann; rob é guth gach fir, líth ngal: "a Fhinn, anus ad uathadh." Nocha rabhus rem ré ríamh theas, nó thúaidh, nó thoir, nó thiar, bhail budh gairde leam gach tan ná 'na meascc, gé madh uathadh."
And sin do-chúas ó Phádraig a ttóraighacht Oisín, óir nír fhulaing bheith ina fhéagmuis, agus ro ráidh ris na teachtuibh a thabhairt ar tiom- sughadh gan tairiosiomh. Rángadar na teachta gusan ionadh a mbaoi Oisín, agus ro fhoillsigheadar dhó gurab ar a cheann tángadar ón Táilgeann. Nírbh anéasccaidh eisiomh uime sin, agus ro iompaidh tar a ais, agus ro budh lúthgháireach Pádraig roimhe, agus ro fhiarfaigh tallonn do sgéulaibh Finn ann sin de, agus ro fhreaguir-siomh dhó co n-érbhairt:
"An méid ro tháiroill Banbha eidir rígh is rígh-dhamhna, fearr ná aon díobh uile caithmhílidh ard Almhuine."
"As mór an teisd sin bheiridh-si ar do dheagh- athair, a Oisín," ol Pádraig. "Ní mór go deimhin," ol eisiomh, "óir dá mbeidís seacht ccinn oram-sa agus seacht so-urlabhra suadh ion gach teanga dhíobh ní tháirsiomh liom a mhaitheas-siomh d'innsinn, óir nír dhiúlt re duine ar an domhan sa riamh, agus cech aon nach léigthí a ttigh dá fheabhus a nÉirinn do léigeadh Fionn ina thigh." Co n-ébhairt:
"An tí nach léigeadh neach 'na theagh do léicceadh Fionn fír-bhreitheamh, is do chuingeadh ré thaobh soin in ccéin do bhíodh ina bheathaidh."
Tángadar as a haithle ann co Cnoc an Eolair re Cruachoin attúaidh. "Créad 'má ttuccadh Cnoc an Eolair ar an ccnoc sa, a Oisín?" ol Pádruic. "Nísam tírdha re a innsin," ol Oisín; "an t-aon- nduine dob fheárr dealbh agus déanomh don Adhamh- chloinn, .i. Eolar mac rígh Lochlann, do hadh- laiceadh sonn," ol Oisín, "agus as úadha ainm- nighthear an tulach thaoibh-shleamhuin si; óir tánoicc an trén-mhacaoimh si go hÉirinn chum a bheith a bhFíanaibh sealad aimsir', agus naoi ccéad óglaoch, naoi ccéad giolla, agus naoi ccéad cú ina fhochair. Ba faoilidh an flaith-fhéinnidh Fionn roimhe-siomh agus ro ghabh ina mhuinnteardhas é. Baoi-siomh samhlaidh nó go ndeárnadh sealcc Sléibhe Gamh agus na Seaghsa linn, agus chláir-mhach- aire an Choruinn. An ionbhaidh ba háine an tshealcc ro rioth an rígh-mhac reimhráite a ndiaigh fiadha, ionnus gur leaccadh é agus co ndeachaidh a dheagh-shleagh budhdhéin tríd feadh láimhe laoich, agus tuccamar íar sin gusan tulaigh si é, agus do bhámair-ne trí catha na gnáth-Fhéine accá chaoi- neadh feadh naoi ttráth, agus ar leaghadh agus íad ag iarraidh a leighis, agus fuair bás an deachmadh tráth isin ionadh sa, agus ro múradh an tulach sa fair," ol Oisín, "agus uadha ainmnighthear Cnoc an Eolair. Agus ro ráidh Fionn an rann so íar ffaixin fola Eolair ar ttrom-théachtadh" ol Oisín: