Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Agallamh na Seanórach I

Title
Agallamh na Seanórach I
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ní Shéaghdha, Nessa
Composition Date
1680
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1942)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



AGALLAMH NA SEANÓRACH.



Feachtt n-oen do-rala Oissín agus Caílti a nDún
Clithair oc Sliabh Crott. Is í sin aimsir tháinic
Pátraic dochum nÉreann. Is eadh do mhair
d'iarsma na Féine .i. Oisín agus Caílti agus trí noenmhuir
'na bhfarradh. Ba headh an gnáthughadh do-
ghnídís, .i. naonmhur ar timchell díbh cacha laithi
imach do sheilc.



Laithi n-oen do-rala do Chaílti mhac Rónáin
dul amach, ochtar fear mór agus giolla in naomhadh.
Ba seadh conuir do-chuadar um dhá Sliabh dhéc
Eibhlinde agus um cheann Sean-Mhuighi Breoghuin
bhuthuaidh. Ar tárrachtain dóibh a sealga la
dubhachadh deiridh laoí is eadh tháncatar a Corr-
fhód Cnámh-choille atuaidh. Is and boí Feargair,
giolla Caílti, agus a ere féinmidha don tseilc fair, óir
ní bhídh ere for Caílti féin ó ro ghabh rath.



Tairnis in gilla ar in sruth agus beanuis cuach Caílti
dá mhuin agus ibhis dhigh don tsruth. Airet ro bhuí


L. 2


in gilla acá hól luidhseat in t-ochtar fear mór tar
slighidh bhudheas ar fordul conuire, agus ac teacht don
ghilla ina ndiaigh is ann at-chualaidh monghar
in mhór-shluaigh, agus gabhuis in gilla ac fégain
in tshluaigh agus craobh eatturra agus a cheann. At-
chonnuirc a remhthús in tsluaigh buidhen ing-
gnáthach. Samhalta lais trí caogait isin buidhin
sin. Ba seadh a tuaruscbháil: casla caomha coimh-
gheala lín umpu, cind tolla leó agus croind chroma
ina lámhaibh, agus scéith tiugha eacurtha óir agus argait
éin-ghil for a n-ochtaibh dóibh; aighthe bána
attruagha bannda leó, agus gotha fearrdha accu, agus
fothord conuire gach aoin-fhir díbh.



Táinic in gilla i ndeaghaidh a muindtiri agus ní
ruc orra co riacht in fhian-bhoith, agus ro-siacht uime,
dar leis, anála na buidhne ingantaighi at-chonuirc,
agus léicis a eri for lár agus loighis ina imdhaigh agus
cuiris a uillinn faoi agus tic a osna ós aird ass.



Is ann sin do ráidh Caílte mac Rónáin:



"Maith, a ghilla, inn é truma h'eire thic riut?"



"Ní hé," ar in gilla, "uair is mór n-ere is mó
ináss do-ratas-sa lium agus nír chuirset form. Acht
sluagh ingantach at-chonnarc a Cnámh-choill Cró.
An chéd-bhuidhen it-chonnurc don tshluagh ing-
antach sin, ro-m-lín tréaghait trom-ghalair re
hanálaibh na buidhne sin."



"Tabhuir a tuaruscbháil," ar Caílte.


L. 3


"Samhalta leam trí caogait fear fuirri agus casla
coimhgheala umpu agus cind tolla leó agus croind chroma
ina lámhaibh agus scéith tiugha for a n-ochtaibh agus
aighthi bannda leó agus gotha fear accu agus dord conuire
ag gach aoin-fhir dhíbh."



Ro lín ingantus in tshein-fhian re a chloistin.



"Is iat sút," ar Oisín, "na Táilginn ro tharn-
gairseat ar ndraíthi agus Find dúind, agus cidh do-
dhénum friú?"



"Muna marbhthar iat éireóchait toraind," ar
cách.



"Uch!" ar Oisín, "cid umá mbeamais dóibh?
Uair deiridh na Féinde sind, agus ní hagaind féin
atá ríghi nÉireann iná a hól ná a haíbhnius,
acht a sealc agus a díthrubha agus a droibhéla, agus a n-
imghabháil as cóir," ar sé.



Agus do bhádar amhlaidh sin co táinic lá arna
mhárach, agus ní bhí ní ar a meanmuin an oidhche sin
acht iat.



Ro éiridh, trá, Caílte a remhthús an laoi sin,
uair is é ba sine acu, agus táinic ar an dumha oir-
eachtais imach. Agus do ghlan grian ceó do
mhuighibh ionnus gurbho so-fhaircsiona soill-
eas ... gleannta, foithre, agus fásoighe, cnuic, agus
coemh-choillte ... n.... cuitch-
ionn. Ro ghabh-samh íar sin ag déxain gacha
diamhair-ionaidh ina urthiomchioll. At-


L. 4


chonnairc íaramh ní ba hionganadh lais .i. an
dé agus an deathach ag éirigh do Chuilleann ó
cCuanach, agus ro ghabh iongantas adhbhal-mhór
é as a loss. Ro bhaoi agá midheamhoin agus agá
mór-dhéxain go díochra dúthrachtach íaromh.
Nírbh imchían dó as a haithle in tan táinig
teimheal trom-adhbhal ar a rosccaibh ionnus
gur gabhadh a radharc aire.



Tig an rí-fhéínnidh Oisín ainnsidhe, agus ó'd-chuala
an accaoíne agus an achlán ro fhoacht a fhochain de.



"Teine i cCuilleann ó cCúanach," ol sé, "agus
ruccustar a déxin mo radharc uaim, agus nochan
fheidir cia lais a ndearnadh. Agus ro ghabh
iongantus mé ó 't-chonnoirc í, óir ní bhfuilit
brúigh nó bailte nó dúnaidh a cCuilleann agá
mbíadh teine nó deathach, agus ní bhfuilit díbh-
eirccigh nó danmharccaigh a nÉirinn, óir atá
Éire ina tobar théachta agus 'na linn láin loissi,
úair atáid dá chúige Mumhan ag Aonghus
mac Nat Raoich go suaimhneach sádhal, agus
cóiceadh Connacht ag Eithin mac Bhríain
mheic Eochaidh Mhuimheadhóin, agus cóiceadh
Uladh ac Muireadhach Muinn-dearg, cóigeadh
Laighean ag Criamhthan mac Etna Cheinn-
sealaigh cen fhoghail gan fhoiréigin, agus atáid
braighde agus gill Éireann uile ag Laoghaire mac
Néill a tTeamhraigh d'fhoillsiughadh ríghe agus


L. 5


roi-thighearnais na hÉireann do bheith aicce gan
fhrithbheirt cen fhreasabhra, agus ní bhfuil innte
acht madh sinne amháin in bheag-bhuidhean sa,
agus ní sinn do-ghní an deathach ughad."



Ro dhearcoistear Oisín ar Chuillinn as a
haithle agus at-chonnairc an deathach amhail ad-
chonnairc Caoilte, agus do bhaoi a radharc agá
bhreith úadha ó 'd-chonnairc í. Ro labhair
íaramh agus is eadh ro ráidh:



"Tene na ttollcheann súd ad-chonnarcais, a
Chaoilte," ar sé, "agus as í ruccustar do radhairc
úait agus atá agá bhreith uaim-si mar an ccéadna."



"Is deimhin liom gurbhó maith an aithne
tuccois uirre, agus as fada ó do thairrngir an flaith-
ruire agus an fír-fháidh cco ttiocfaidís toillchinn
co Cuillinn agus go madh re linn an ama sin do
sgarfamaoís-ne an beagán sa d'iarsma na Féine.
Agus fa mionca lé bheith 'na háit agus 'na hádhbhaidh
fiadh agus conuirt ná 'na teallach toillcheann agus
'na háras . . . .. Mairg tárraidh a faicsinn
amhlaidh fá chloguibh agus fá choirneachuibh!"



Agus do ráidh an laoídh:




"Cuilleann ba hadhbha d'fhiadhaibh
ccus a tticcmís 'nar bhfianuibh
con thairrngirsiodh draoithe Finn
conas-aithtréabhdaoís Táilginn.


L. 6


Tairrnngirsiod dúinn co ngloine
Lonán, Cathmhaol, Conghaile:
Tioccfaid toillchinn tar Muir Mheann
co n-aitréabhait iath Éreann.



Teachtfoid íar ttoigheacht anoir
Ráth Chormaic, Ráth chaomh Chealtchoir,
Ráth Maighe, Ráth Gabhra, Gleann,
Leitir Chaoín, Cuala, Cuilleand,



Ceall Osnadh, is Cnoc Doire,
Ráith Meadháin, Ráth Dúnghoile,
Cathoir Oirnidhe gan acht,
Leaccoin Midhe, Magh nDuthrracht."



Ro thairrngir Fíonn fén íar sain
aoidhche Shamhna a Sídh Éadair
co mbíadh iarsma féine Finn
a ré toigheachta an Táilccinn,



Go mbeithmís a cCrota Clíach
'nar ttrí naonbhair fear finn-líath,
go sgarmís ré-roile an tan:
dúinn budh buan a bhith-ghalor.



Raghaidh uaind Oisín mac Find
naonbhar ar amus Táilccind,
Aodhán, is Ceallach gan chacht,
Lughaidh, Ceallach, is Cormac,


L. 7


Siadhail file, Flann mac Brain,
is Aodhán mac Aircheallaigh;
.. ..thor budh becc a neart;
sgarthor re neimheadh draoidheacht.



Raghaidh Dearg soir go Sídh Broin,
biaidh Faoillén a Fhionnabhair,
biaidh Conán i Colbha Dhuinn,
bia Flaitheas a Sídh Umhaill.



Biaidh Diarmaid a Sídh Mairrge
agus Iollainn go n-airde,
Guaire i mBrugh Gairbh go mblaidh,
bia Dubhán a Sídh Éadoir.



Biaidh Dubh Dromán a Sídh Búidhbh
ar deis inghine Modhuirn;
budh íad sin sleachta na bhfear
ort, a Oisín, ní chealeaph.



Sonna fó dhíthreabhuibh slíabh
seachnóin Éreann thoir is thíar
bett-sa agus m'ochtar go fíor
d'fhios an bhfuighmís ar ccoimhdhíon.



Atá mo chroidhe dhá chnaoi,
A Oisín, gan iomarghaoi,
anoss ód sgaradh-sa leam
san íath sa a ccomhghar Cuilleann.


L. 8


An Táilgionn táinic anoir
do dhíthchur drúagh an domhuin
thógbhas anoss, ní maith leam,
an deathach at-chiú a cCuilleand."




Iar ndéanamh na laoidhe sin do Chaoílte ro
dhoghailsigheas Oisín go hadhbhal íar ttoigheacht
teimhil tar a rosccaibh. Ro labhair íaromh agus
is eadh ro ráidh:



"An díach agus an díol," ar sé, "do-bhéaram
fá dheóigh ar na tollcheannuibh tabhram anoss
orra é, .i. a losccadh go lán-athlomh ina tteine
féin agus a lúaith do léigin le sruth."



As a haithle sin tug céim fearccach fúasnadha
résna fearuibh san slíabh, agus ro leanadar a ochtar
árd-fhéinneadh budhdhéin é, .i. Aodh Beg,
Ceallach, Siadhal file, Flann mac Brain, Cormac,
Colmán, Lughaidh, agus Aodhán mac Archeallaigh.
Ro labhair Caoilte agus is eadh ro ráidh:



"Eagal liom," ar sé, "an sítheadh sanntach
sár-fheirge bheireas Oisín do mharbhadh na
ttollcheann an tan sa co ttiucfaidh dhe dol. . . .
ttré chumascc dhó, agus co millfid lena milis-bhríath-
raibh a mhuinntir agus go ccreidfid fó mhám baidsi
agus buan-adhortha na mo .....aireadha sin.
Gach aon," ol sé, "nach mbía ar tí a ccreidimh


L. 9


do choimhleanmhain is iomairccidh dho cen a
n-athoidhe, agus madh misi," ol sé, "nochan raghad
ar a n-amhus agus ní mó rachad a sídh dhóiph, agus rachad
fó fheadhaibh agus fá dhiaimhruibh agus fá dhroibh-
élaibh dá n-imghabháil."



Ro éirigh Dearg íaromh cona ochtar, .i. Faoillén
a Fhionnabhair, Conán a Cholbha Dhuinn,
Flaitheas a Sídh Umhaill, Díarmaid agus Iollainn a
Sídh Maircce, Guaire a Bhrugh Gairbh, Dubhán
a Sídh Éadoir, agus Dubh Dromán a Sídh Búidhbh.
Ro cheileabhair Dearg agus Caoílte dia-roile íaromh
agus nochar chomhraiceator ré chéile as a haithle.



Dála Deircc, do-chúaidh go doras Sídhe Broin,
agus ro sgaoileat a ochtar úadha ann, agus ro chúaidh
gach aon díobh d'ionnsoicchidh a charad amhail
ro thairngir fírinne Caoílte dhóiph isin laoídh
romhainn. Agus nochar chomhraiceadar ré
chéile iaramh nó co ttucc Oisín ar amas Pádruicc
íad.



Téid Caoilte cona ochtar sár-mhaith sein-
fhéinneadh bhá fheadhuibh agus bhá dhíthreabhaibh,
agus nochar chomhraic féin nó Oisín ré chéile ón
laithe sin gur chomhraicseat a mullach Uisnigh.



Dála Oisín mhic Fhinn, imorra, cona ochtar
fearrdha féinneadh, ráinic roimhe bhán réim
roi-reatha sin go hairm a rabha Pádraicc mac
Alpoirn mhic Fodaide cona phobal ndíadha
ndiscréideach. Agus as amhlaidh do bhádar-san go
bhfeirg n-adhbhail n-éttróchair n-ainmheasardha


L. 10


ionnta do mharbhadh agus do mhudhucchadh an
úasoil-chléirigh, óir níor smúain Oisín co madh
críoch a bheathadh a bhaisdeadh a bhathais
ndíadha, óir do bhí ar tí an Táilginn do thiugh-
bhadh cce bé tráth do theccmhadh dhó é gan
amhrass.



Ráinic roimhe bhán réim sin agus fán ruathar
rígh-fhéinneadh cusan airm a rabhadar na cléirigh
chráibhtheacha chainnsiasacha bhádar a bhfarradh
Phádruic phríomh-absdol. Is ann ro bhaoi
Pádraig an tan sin ag canntain a hsalm agus ag
binn-ghabháil a bhíaide agus occ eadar-mholadh an
Dúileamhan co díochra agus ag gabháil na cánóine
coimdheata agus ag beannachadh na rátha ród-
ghlaisi do bhaoi ag Fionn mac Cumhaill, .i.
Ráth Droma Deircc.



Ciodh trácht, ó 't-choncadar na cléirigh an
chuideachta chian-theaghlacha shaoghalach so chath-
arm-dheas dá ccoimhriachtoin ro ghabh gráin
agus eaccla adhbhal-mhór íad risna fearuibh fearrdha
fír-mhóra sin cona cconuibh calma chomhadhuis
ina ccomhadhradh, óir níor lucht comhaoise nó
comhaimsire dona cléirchibh in chuideachta sin.



Is ann sin ro éirigh an t-eó fis foirbeartach agus
an colbha firén flaitheamhnuis agus an t-uaithne fír-
órdhuirc aireachuis agus an port iomarchair uasal
aingleata na nGaoidheal re a nguasacht pheac-


L. 11


thoibh, .i. Pádruic an príomh-abstol. Ro fhuráil
uiscce coisreacctha do chrothadh a ccéadóir thar
na fearuibh go fíor-chonail, óir do bhí léghión do
dheamhnuibh ós ceannuibh na ccaithmhíleadh
ccusan laithe líthe sin, agus do-chúadar na deamhna
a mbóithribh agus a sléibhtibh ar mearbhall agus ar
mór-sheachrán le míorbhuilibh an mhóir-
absdoil.



Ro shuidhseat na féinneadha co fíor-chondail
iar ndol a bhfeircce dhíobh agus iarna mbaisteadh a
bhathais ndíadha in Dúileamhuin. Ticc Pádraig
a bhfoccus Oisín iar sin agus do shuidh ina fharradh.
Ro labhair ris agus as eadh ro ráidh:



"Maith amhlaidh, 'anam, a óglaoich," ol
Pádraig, "cadhe bhur ccomhanmanna agus cia sibh
budheisinne?"



"D'Fíanuibh Éreann sinn," ol Oisín, "agus mac
do rígh-fhéinnidh na bhFian misi budhdhéin,
agus Oisín mo chomhainm."



Ro innis ainm gach fir don ochtar ard-fhéinn-
eadh dhó.



"Créd tucc sonn sibh?" ol Pádraig.



"D'imirt báis agus búan-écca ort-sa agus ar do
mhuinntir tánccamair-ne gusan ionadh sa, agus
nochan ionann ar n-inntinn anois dochum bhar
mbásaighthe agus an uair do ghluaiseamar chuicce
as an ionadh a rabhamar, óir do-chuaidh ar


L. 12


bhfíoch agus ar bhfearg dhínn an tan ad-chonncamar
sibh, co nach mían linn anoiss díth nó dochar
do dhéanamh dhuibh."



Ó 't-chúalatar na cléirigh an comhrádh sin agus
ó 't-chonnoirc íad-somh ro ghabh iongantus adh-
bhal-mhór íad, agus ro bhádar agá midheamhain agus
agá mór-dhéxain athaidh fhada, agus indar leó ní
roichfeadh an fear ba mó dhíobh féin don fhior
fa lugha do mhuinntir Oisín acht go tana a thaoíbh
agus na cléirigh 'na seasamh agus iad-somh 'na suidhe.



"Athchoinghidh dob áil liom d'fhagháil úait,
a Oisín," ol Pádraig.



"'Á mbeith an athchoinghidh sin accom-sa
do-ghéabhthá-sa í gan conntabhairt, agus innis
dúinn í go bhfeasom in bhfaighmís duit í."



"As eadh as áil liom," ol Pádraig, "loch-
thobar grinn gainmhidhe d'uisge fíor-áluinn ass
a mbaistfinn túatha Breagh agus Midhe, accus buidhne
arm-chorcra Uisnigh, agus pobal taobh-sholais
Teamhrach tángatar sonna, d'fhagháil damh."



"As í mo dhóigh-si go bhfuighéabh sin duit, a
fhíreóin," ol Oisín ag éirigh 'na sheasamh co
hésccaidh urlaimh.



Agus ro ghabh tar chladh na rátha ro-ghlaise
amach. Do lean Pádraig agus a mhuinntir é, agus do
ghabh-san lámh an chléirigh ina láimh. Ní cían
dó íar sin an tan do-choncadar an loch-tobar glan


L. 13


gainmhidhi ina bhfiaghnuisi. Budh samhalta leó
go rachadh glún an fhir ba mó do mhuinntir
Phádraig tré chúas gach gais ghéagaigh ghlais-
bhiorair dá raibh ar thunbhuinne na tiobruide.
Do bhí Oisín ag tabhairt a thúarasgbhála ós áird.



"Maith ámh, 'anam," ar Pádraig fri Easpog Sochill,
"an ttáinig ar bproinn nó ar ttiomholtas chugainn?"



"Do rainig," ar Easpog Sochill.



"Roinn orainn an tiomholtas sin," ar Pádraig,
"agus tabhair a leith d'Oisín agus dá mhuintir."



Is ann sin do éirgheadar a shagairt, a shaor-
easboic, agus a shalm-chéadlaidh a bhfiaghnuisi an
fhíréin, agus thugsad a n-íana agus a n-aird-leastair, a
ccuirn agus a ccupáin dá n-ionnsoigh, agus do chaith
síad a ttiomhaltas gan mhoill. Do labhair Pádraig
le hOisín as a haithle agus as é adubhairt:



"Maith, a chara agus a chompáin, a Oisín," ar
sé, "créad í an mheud corn agus cúach do bhí a ttigh
do dheagh-athar?"



"Do-bhéarad-sa a fhios sin duit, a naomh-
chléirigh," ar Oisín. Agus adubhairt an laoí ann:




"Dhá chorn déag agus trí chéud
do chornuibh go n-ór ag Fionn:
an uair éirghimaoís 'na ndáil
budh hadhbhal a lán do lionn."


L. 14



"Teagaimh dhúinn ar an méid ba hoirdheirce
agus ba suimeamhla dona cornuibh sin," ar Pádraig,
"agus créad na hanmana bhí orrtha, agus cía do mhaithibh
na Féine agá mbídís."



"Adéar-sa riot anmonna na ccorn, an mhéid
budh hoirdheirce dhíobh, agus sloinfiod dhuit na triatha
agá mbídís, muna ttuirsis re a n-aisnéis."
Agus ro rádh:




"Cuirnn ro bhádar a ttigh Fínn
a n-anmann is meabhar linn,
Mac-ala agus Grugán, dar leam,
cuirn na mban, agus Búabhall.



Macaomh na ccorn corn Aillbhe
go n-óccuibh aidhbhle uime:
ag an slúagh ó láimh do láimh
ba mó a tráigh nó a tuile.



Oirrdheirc an corn baoi ag Diarmaid
do-beirthaoi a bhfialghoid di mhnáibh:
ól dá fhear ann fó cheathoir;
dar mo bheathaidh dob é a lán.



Dá chorn Mheic Lughach an laoich
Óralas, Odhrán go n-ágh;
.. .. Óralas corn comhlán
do sgaradh re comhrádh cách.


L. 15


Mar do éircchmís do chomhól
a tteaghlach Finn ba hard bladh,
Mac-ala um láimh-si budhdhéin,
a ccuirnn féin a láimh na mban.



An lucht 'gá rabha na cuirnn,
Fíana Finn gus nár folmhagh,
ní rabha muirnn mar a muirnn,
do ibhdís cuirm a chornaibh."
Cuirnn.




"Dar mo chubhais, a Oisín," ol Pádraig, "is
binn linn éisteacht ret fhuighlibh agus ret ard-
sgélaibh, agus innis dúinn sgéala oile, .i. an rabhador
eachrodha accuibh-si in bhur bhfíanaibh."



"Ro bhátar imorra," ol Oisín, "trí caogait
searrach n-aon-lára agus n-aoín-eich."



"Iongnadh linn sin, a Oisín," ol Pádraig,
"agus innis dúinn ar son h'einigh cionnus fríth íad."



"Ócclaoch ro bhaoi ag Fionn," ol Oisín, ".i.
Airtiúr mac Beinne Briot, .i. mac rígh Breaton,
agus ba headh a líon trí naonbhair. Do-rinneadh
sealg Bhinne hÉadair aon do laithibh re Fionn,
agus ba toirtheach sidhe. Ro hoslaiceadh leó a
muinchidh féighe forórdha flaith-mhaiseacha do
bhraighdibh chon ccraosach ccroibh-dhearg
cconfadhach a gheal-ghlacuibh giollanraidhe Fhinn.
Agus do shuidh Fionn a cCarn an Fhéinneadha


L. 16


eidir Bheinn Éadair agus muir. Agus ba maith
le Fionn a mheanma ag éisteacht re greasacht
na ccon cconfadhach ccraos-osluiccthe agus re raibh-
cheadhadh na ndamh . . .ndíscir ndásachtach
dhá ndlúth-mharbhadh. Is ann tuccadh Airtiúir
mac Beinne Briot cona thrí naonbharuibh do
bhláith-fhéinneadhaibh Breaton ina bhuan-
leanmhain láimh re ciumhais an chúain dhá
chomhfheitheamh agus re hor an aiccén dhá fhoraire.
Do sheólsat an chonairt agus an ghiollanraidhe na
doimh dhonna dhearg-rúadha agus na heillite
imdhísgira allata cusan airm a raibhe Artúir
mac Beinne Briot cona fheadhoin ina fharradh a
ccionn an chuain ina ccomhnuighe, agus ad-chonncotar
trí coin do chonuibh Fhinn a bhfír-thosach
mur fa gnáth leó, .i. Bran orrdheirg iolbhuadhach,
agus Sceólaing sgiamhdha sgainnear-bhorb agus
Adhnuall éachtach ionnsaightheach. Ocus ró
cruthaigheadh comhairle ic Artúir, na trí náonbhair
ro bhaí, agus bá hí comhairle do-rónsatt na trí coin
sin do bhreith leó. Ocus ro cinndedh in chomhairle
sin leó, agus ro ghabhsat cúan agus caladhphort ic Indbher
Mhara Geníath i crích Bhrétan, agus lodar rómpu i


L. 17


Slíabh Lodáin mheic Lir. Iar riachtain dóibh
do gníedh sealg agus fíadhach Sléibhe Lodáin leó.



Dála na Féindi ina dheaghaidh, thairnic a
fíadhach, agus ro ghabhsatt dúnadh agus lóngphort ac
Beind Édair mheic Étghaith in fhénnedha ina
dheaghaidh sin. Ro háirmheth coin tighe Finn ar
dáigh ná fáctha cú a mothar ná a slíabh ná a
fidh ná a fán-ghléntoibh do chóic oll-chúiceadh-
aibh díbh, amhail it-beart an file:




"Áireimh craíbhi ar conaibh Find
cona cúanart mbláith mbith-bhind
trí chéad ngadhar ann male
agus dá chéd ngadhríne."




"Ro bá mór do dhaínibh icá rabhatar sin,"
ar Pádraig.



"Ba fír, ámh, duit-siu sin," ar Caoílte, "uair ba
hedh so an lín ro bhí a tigh Find do dhainibh,
amhail it-beart:




"Trí cáogait boí a tigh Find
do thaísechaibh Fiann foirind,
is trí chéad gilla ngrádha
is dá chéad dalta dingmhála."




Má dho fhuaratar na coin agus na cuanarta cen
easbhaidh nochan í in aidhchi sin fuaratar, agus do
hindisedh d'Fhind iní sin.


L. 18


"Sirthar," ar Find, "trí catha na Féindi."



Ocus ro siredh, agus ro fríth imshlán iat acht trí
naonbhair namá, agus ba hiat na trí naonbhair sin
.i. Artúir mac Beinne Brit, mac rígh Brettan.
Is ann sin tucadh longshíthal bán-óir chum Find
agus ro indail a ghel-ghlacca agus ro níamh a ghnúis
gheldearg agus do-beart a ordain fá dhét fís, agus ro
foillsighedh fírindi dó ann agus do ceiledh goí air.
Is ann sin adubhairt Find:



"Rucastar Artúir mac rígh Bretan bhar coin
uaibh. Toghaidh-si naonbhar fear do dhul ina
ndeaghaidh siúd," ar Find.



Ocus ro toghadh, agus ba hiat so a n-anmanda, .i.
Diarmait mac Duind meic Dhubháin meic Dhonn-
chadha meic Dhuibh Aidhchi d'fheraibh Mumhan
andess, agus Goll mac Morna."



"In meic ógláich nó in meic rígh clann
Mhornda?" ar Pádraig.



"Is meic rígh," ar Caoílte.



"Indis dúind a ngenelach," ar Pádraig.



"Indeósat," ar Caoilte:




"Mac Taidhg meic Mhornda don muigh
meic Fhaeláin meic Fheradhaigh
meic Fhiacha meic Airt don muigh
meic Mhuiredhaigh meic Eóghain,




.i. Goll mac Morna. Et Cael cródha céad-
ghuinech ua Nemhnaind, .i. óglách ar a raibhi


L. 19


neimh ro bhí ac Find. Agus ba hí so neimh
ro bhí fair, .i. nir dhíbhraicc a lámh urchur n-imraill
riamh, agus nír fhuiligh a lámh ar dhuine mínbudh
marbh a cédóir robo marbh a cind a nómhuidi,
agus ní tháinig a tigh iffirn riamh cech duine ro
mhuirbhfedh, amhail at-beart:




"A Chaíl ná tagair do ghaí
cucum tar fedhaibh fidhghai;
cech aen is tarrnocht fuil fear
ní bhlais biadh a athmhuintear.



Adubhairt rim mo dhét fis
in céad-lá do-chuadhais ris
cech aen teilgfedh fuil fát dornd
conach targhadh a híforn."




Et Oisín mac Find in tía nár ér duine riamh
im ní."



"Is mór in teisd sín, a Chaoílte," ar Pádraig.



"Is fír sin," ar Caoilte, agus at-beart:




"Nír ér Oisín duine riamh
im ór ná im airget ná im biadh,
ní mó ro athchuinghidh neach,
cia madh indrígh a eineach,




in fer sin; agus Oscur mac Oisín, .i. in mac rígh
is fearr lúth agus lámhach agus icár dhingmhála Ére agus


L. 20


Albu do bheith, agus tuc cath do Aedh mac Fidhaigh
meic Fhinntain, do rí Connacht, a cinn a dheich
mbliadhan."



"Adhbhar in chatha sin, a anum, a Chaoílte?"
ar Pádraig.



".i. Níamh inghean Aedha Duibh mheic
Fhearghusa Find, inghean rígh Uladh, agus leandán
d'Oscur mac Oisín hí, agus tuc rí Condacht tar a
sárughadh hí, agus agus ba hé sin adhbhar in chatha, a
Phádraig," ar Caoílte.



"Ocus idubhairt Find re hOscur:




"Éirigh suas, a Oscair,
ro feass is tú in bunadh;
cé beith méd na ndaigh-fear
dingaibh dím céad curadh.



Imigh tríthu is tarsu
cursat maela méidi;
geibh sciath eangach uaine,
geibh cloighemh co ngéiri.



Geibh sciath is geibh sleagha
naram maeth rot-rubha;
geibh lúirigh (rot-mheala)
nár mhaídhet do thubha.


L. 21


As mór in gnímh damh-sa
a fiaghnaisi m'fhiadhan
dearrlucadh mo naíghean
a cinn a dheich mbliadhan.



Ní thicfa is ní tháiníc
is fearr lámh ná luighi,
is ní fuíghi crand sleighi
is sia ro-sía in nduine.



Mairg risi tibhre a shidhe
le cloighemh co ngéiri
ó thicc fearcc a láimhe,
an fhír-ghaircc iar n-éircche",




.i. Osgar; accos Feardhomhain mac Buidhbh
Dheircc mheic in Dághdha, Raighne Roscc-
leathon mac Finn, Glass mac Aon-cheárda Béarra,
Mac Lughach lonn-láidir lán-chalma, Caoílte
mac Cronchon mheic Rónáin, agus meisi budhdheisin.
Conadh iad sin a naonbhar do-chuadh a ccoimh-
leanmhain na ccon sin, agus dob í ar ndóigh, a
Naomh Pádruic," ol Oisín, "nach raibh ó Thiobh-
rad Bó Fainne go Gardha na hIsbheirne fiche
céad laoch lán-chalmo do dhaoínibh an domhain
nach dhingéabhmaoís a láthoir catha agus comhloinn
in naonbhar óglaoch sin. Ní rabh gúala accoinn


L. 22


gan geal-sgiath nó cionn gan cathbhárr nó deas-
lámh gan a dhá dheagh-mhanaois re diúbh-
ruccadh drong agus deagh-bhuidhean. Rángamuir-ne
romhuinn an rígh-bhuidhean sin ar lorcc
Artiúir cona mhuinntir, agus ní haithreastar ar
n-imtheachta nó go ránccamar Sliabh Lottáin
mheic Lir a laoch-Bhreatoin, agus ní cían bámar
ann an tan at-chúalamar seasdán na sealcca
arna suidhiughadh.



Dála Artiúir mheic Beinne Briot, deisidhe
ina dhumha sealcca agus .. leiccthe a
mullach Shléibhe Lottoin, agus baoi go taoi tochta
.. .. throim-sheilcc agus ag tabhairt uidhe
agus aire dá chonairt, nó gur iadhsomair-ne a
naonbhar sin do rogha agus do ro-thogha na Féne
fíor-athloimhe ina uirthimchioll, gor ro ghaireamar
do gach aird agus do gach ionadh and don dumha
ina raibh Artúir agus dhá ttrian a mhuinntire. Do
luath-mharbhadh an dá naonbhar boí ina fharradh
ann sin linn. Ro íadh Osccar a lámha im
Artúir agus ro ainic agus ro imdheaghail in tréinfhear
d'aimhdheóin an ochtair bhámair-ne ag breath-
nocchadh a bhúan-mharbhtha, agus leanamar an
treas naonbhar co ruccamar orra agus co ttuccamar
an díach agus an díol céadna orra, co nach térnó
fear innste sgeóil díobh gan dian-mharbhadh as
an láthair sin. Ro ghabhamar ar tteóra con as
a haithle agus tuccsamar linn iet maraon le hArtúir.



Féachoin ro dhéachustair Goll mór-ghlonnach


L. 23


mac Morna seacha go bhfaca an t-each díom-
sach do-ghabhála agus srían seacht-airrdeach so-
mhaiseach do bhron-ór bhuidhe bhreachtnaighe
fris. An fhéachain thánaisi tucc it-chonnairc
an t-each ndígháir ndásachtách agus srían línidhe
lán-urlaimh d'airgeat áloinn aithleagha fria, agus
gabhus Goll gnáith-ghníomhach gnáith-leann-
ghorm gnáth-oirrdhearc na deigh-eich sin go
hathlomh iméasccaidh agus tuccustar seacha i lláimh
Dhiarmoda uí Dhuibhne íad.



Teaccmaoid iaromh go hÉirinn iar mbuaidh
ccosgair agus coimhmhaoidhimh, agus cinn na ttrí naon-
bhar sin linn co n-ar cconuibh agus co n-ar n-eachaibh
maille hAirtúir, agus lodmar go Beinn Éadair agus
eiste sidhe go Sean-mhagh Ealta mheic Úmhóir
go hairm a raibhe Fionn mac Cumhoill," co
ndeachadar isin bpubal n-áloinn n-ildhealbhach
ina mbí an bláith-fhéinnidh, conadh ann ro ráidh
Oisín na roinn:




"Tuccsamoir-ne Artiúir linn
co nderna a chura le Finn,
gar bha hóglách d'Fhionn íar soin
gosan laithe luidh d'éccaibh.



Aincemít Artúir iar soin
agus marbhmaoit a mhuinntir;
tuccsamar d'Fhionn leith ar leith
an feir-each agus an bhain-each.


L. 24



Rucc an bhain-each ocht ttairbhearta agus
ocht searraigh gacha toirbhirt. Níorbh ádhbha
each an Fhian roimhe sin, agus rob eadh as a haithle,
óir tuccadh do dhrongaibh, do dhírmaibh, agus do
dheagh-dhaoinibh Fhían Éreann na searraigh sin
'na sochar-thuarusdlaibh, ionnus gur sár-mhúin-
eadh iad go mbádor 'na n-eachaibh acu."



"Ad-raé búaidh agus beannachtain, a Oisín," ol
Pádraig, "agus innis dúinn anois anmanna na ttríath
agus na ttréinfhear icá rabhadar na heich sin agus
anmanna na n-each budhdheisin."



"Inneósad," ol Oisín.



Conadh ann is-beart an laoidh:




"An Coinncheann Éachtach mhic Lir,
an Doighreach Diarmada dhil,
an Ostach curaidh na ccath.
an Gormláidír Meic Lughach.



Bean Bhaidhbhe ag Mac Lúghach lán,
Éirne cruthach ag Conán;
Bean Mhanann tucc tar muir
do bhoí ag Fionn Bhán uai Bhreasail.



An Chréachtach Osccair go n-ágh,
an Dubhluirgneach ag Dubhán;
Midhach Mairgce, Cath fo Choill,
is Forbaoth acc mac Cumhaill.


L. 25


Frangcán agus Lúth re srían
dhá each thoísigh sgur na bhFían;
Lúath a n-Éruim (toruibh ngal)
is Frangcán ag Dubh Dirman.



Gearr an Óir, Gearr an Airgid,
maráon con cingtís carbait,
dhá each boí ag Aillbhe treall,
ag inghin aird-rí Éireann.



Dubh Deis agus Dubh Tuinne
dhá each Aonghusa Anghluinne;
Caoilte agus Oisín go rath
dá ccois thiaghdís gach n-aonach.



Each Guill mheic Mhorna don moigh,
fear faire donaibh Fíanuibh,
tráth do léiccthaoi ar slíabh nó ar muir,
comhlúath ann re gaoith n-earraigh.



In Ghlas Tailbhne (mór an modh)
(fearr iná céud each aonar)
fá Fhionn féin in chrotha buain
a ttosach gacha trom-shluaigh.


L. 26


Gérbhó líonmhar eich bhfear bhFáil
a n-áon-tulach a n-aon-dáil
(fa mór sár an ghoéith ghrinn)
lúaithe gan tlás each Chonchind.




Ag sin, a chléirigh, an sgeul ro fhochtuis díom
gan conntabhart."



"As urghairdiughadh mheanma agus aigeanta
dhúinn t'fhuighle agus t'ard-bhríathra, a Oisín," ol
Pádraig. "Ní bhfuil áon-locht agoinn orra acht
muna mainneachtnaighi mór-chrábhaidh agus crois-
fhighle dhúinn bheith ag coitseacht riú."



Ro bhádar ann go ttáinic moch-shoillsi arna
mhárach ag eadar-mholadh an Dúileamhan go
díochra dúthrachtach. Ro éirigh Pádraig annsidhe
agus gabhus a earradh agus a éadach uime agus táinoic ar
an bhfaithche bhféur-úaine bhfochain-ghlais, agus is
é líon do bhí ina choimhleanmhain trí fichit
naomh-easboc óirnidhe aireagha, trí fichid sagart
psalm-ghlan seirbhíseach, agus trí fichit psalm-
chéadladh ag síoladh irsi agus creidimh seachnóin
Éreann i ngach áird agus ag beannachadh go búan-
shaothrach. Conadh ann ro riachtadar a dhá
aingeal choimhideachta go Pádraig, .i. Aoibheall
agus Solas-bhreathach a n-anmanna. Ro labhair
Pádraig agus as eadh ro ráidh ria gach ní:


L. 27


"Maith, a chairde mo chroidhe," ol sé, "do
budh maith leam a fhios d'fhaccháil úaibh an
budh móide grúcc Rí nimhe agus talmhan leam bheith
ag coitseacht re sgéalaibh Fhían Érionn."



Ro fhreaccradar san go hurmhaisneach an
naomh-chléireach, agus as eadh ro ráidhsead ris:



"Maith sin, a Phádraig," ol íad-somh, "ní mó
iná trían a n-árd-sgéal agus a n-imtheachta
fhoillsigheas an rí-fhéinnidh dheit orra, óir atá
dearmad agus díth cuimhne orra aicce féin agus acc an
ochtar oile fil ina choimhideacht. Agus beannoigh-
thear a mbeóil lat-sa, agus tabharthor tonn baitsi
Chríost tharsa, agus foráiltear orra sléachtuin do
sheasccél na Trínóide agus creideamh Chríost agus na
hEagloisi Caitoileachdha do leanmhain go lán-
dhíochra, agus budh feasach as a haithle íad ar
gach sgéul dá n-iarrfoir-si orra. Agus sgríobhthar
lat-sa íad a bhfír-bhríathruibh fothaightheacha
fileadh agus a saor-litribh solas-leabhor snasda saor-
ollamhan ionnus go bhfoillsighthear íad d'uaislibh
agus d'árd-mhaithibh re deireadh an domhain si, do
ghairrdiughadh meanman agus mór-aigeanta dhóiph."



Ceileabhroid dó íaromh na haingil, .i. Aoibheall
agus Solus-bhreathach, dá ngoirthí Uictor. As
ann sin do-chúas úadha-samh ar cheann Oisín
cona ochtar árd-fhéinneadha, agus tánccatar chuicce
gan mhoille ann sin.



"An bhfuil a fhios accoibh," ol sé, "créd 'má


L. 28


ttugadh dom shaighin-si sibh anocht, a dheagh-
mhuinntear?" ol Pádraig.



"Nochan fhuil go deimhin," ol síad.



"Adéar-sa riot agus foillseóchaid daoíbh anossa,"
ol Pádraig, "créd 'má ttugadh cusan ionadh sa
sibh, .i. a ndóigh go sléachtadh sibh do shoisgéal
na Trínóide toghaidhe agus don fhír-Dhía forórdha
agus don Choimsidh choimhchoitcheann, agus go
ngéabhadh sibh baitseadh chuccaibh."



"Támaoid-ne toilteanach toccarthach dochum
do chomhairle-si do dhéanamh," ol Oisín.



Is ann sin tuccadh tonn baitse Críosd tarsa acc
Pádraig, .i. ag ceann baitsi agus búan-chreidmhe
fhear nÉreann. Cuirios Oisín a lámh seacha i
ccoibhraidh a sgéithe agus tuccusdar lía dhruimneach
dheargóir don ór orloisgthe Arapthacha do
Phádraig ar a bhaisdeadh agus ar bhaitseadh an
ochtair oile.



"Tuarusdol déigheanach na seirbhísi do-rónas-sa
don rígh-fhéinnidh ann, a Phádraig," ol Oisín,
"agus do-bheirim dhuit-si do rath m'anma budh-
dhéin agus do rath anma an fhir dus-rad."



Agus do-rocheadh an lía sin don naomh-
chléireach ó ionn a mheóir co mullach a gheal-
ghualonn, agus boí fearchubat ar leithfhad agus ar raimhe
inte. Tugadh risin Táilgeann an lía loinneardha
ar hsaltruibh solas-ghlana sithéaccnaidh na psalm-
chéadladh go huilidhe.


L. 29


"Maith ámh, a anam, a Oisín," ol Pádruic,
"caidhe an tshealcc is feárr do-gheibhdís an
Fhían eidir a nÉrinn agus a nAlbain?"



"Sealg Aronn togha gacha sealcca gusa
roichmís," ol Oisín.



"Cáit a bhfuil an t-oilén sin?" ol Pádraig.



"Idir Éirinn agus Albain, re hÉirinn anoir agus re
hAlbain aníar, agus trí catha na gnáth-Fhéine
théighmís anonn a laithe mís Troghain dá ngoirth-
ear Lúghnasa, agus do-gheibhmís ar ndaoithain
sealcca agus sáir-fhíadhaigh uile isin oilén sin nó co
ngoireadh an ccaoi a cCéadamhuin do bharruibh
doss-bhileadh; agus as gach ceól do thréigfeadh
neach re hilcheólaiph na hénlaithe bhíos isin oilén
sin ag éirghe do mhiodh-uachtar mara agus do
thulmhongaibh ttonn ttaobh-úaine ttoghaidhe re
hairear-phortaibh Aronn, .i. caoga ealta iongantach
bhíos ar fúd an oiléin sin co n-éxamhlacht ccrotha
eidir bhreac, bhuidhe, ghorm, ghlas, gheal, agus
ghlan-chorcra."



Agus ro ráidh Oisín an laoídh mbicc ag foillsiocch-
adh tuarasgbhála Aronn don naomh-chléireach:




"Aronn na n-aidheadh n-iomdha
tadhall faircce ar a formna,
oilén gusa mbearor buidhne,
druim a ndeirccthar ghaoíth gorma.


L. 30


Ard ós a muir a mullach,
caoimh a luibh, tearc a tonnach,
oilén gorm graidheach gleannach,
corr bheannach dharach dhrongach.



Oighe baotha ina beannuibh,
mónáin mhaotha ina mongaiph,
uiscce fúar ina haibhnibh,
meas ar a dairghibh donnuibh.



Míolchoin ghéara innte is gadhoir,
sméra, áirne, is dubh droighinn;
dlúith a fraigh réna feadhuibh,
doimh ar deaghail 'na dairibh.



Díoghlaim chorcra ar a cairrgibh,
fir gan lochta ar a leargoibh,
ós a creaccoibh caomh cumhdaigh
surdail laogh mbreacraidh mbéccaigh.



Mín a magh, méith a muca,
suairc a guirt, suairc a creite,
cnó for bharruibh a bhfiodh-choll,
seóladh na síth-long seice.


L. 31


Bric ós bhruachoibh a habhonn,
aoibhinn dóibh ó thicc soineann,
ticcdís ó bheannoibh Alban
co rannuibh ardoibh Aronn."
Aronn.




"Ad-rae buaidh agus beannachtain, a Oisín," ol
Pádraig, "is binn linn th'aitheasg agus th'uirigheall."



Is and sin ad-chonncatar dún agus deagh-áras
úatha gacha ndíreach a ccrioslach na críche.



"Cia an baile ucchot, a Oisín?" ol Pádraig.



"Baile súd is úaibhrighe ina rabhadhois i
nÉirinn nó a nAlbain," ol Oisín.



"Cia ro bhaoi ann?" ol Pádraig.



"Trí meic Luighdheach Mind mheic Aonghusa
rígh hÉireann, .i. Ruidhe Rúadh-armach, Fíacha
Folt-snáitheach, agus Eochaidh Éin-ghorm a
n-anmonna."



"Créd tucc dhóibh-siomh an maitheas mór-
adhbhal adeiridh do bheith aca?" ol Pádraig.



"Feacht n-aon dia ndeachodar an triúr reimh-
ráite d'agallomh a n-athar go Druim na nDruagh
re Teamhraigh anoir.



"Can ass a ttánccabhor, a ócca?" bhar aird-rí
Éirionn.



"A hEagluis Banghubha andeas, a thoigh ar
mbuimeadh agus ar n-oideadh," ol íad-somh.


L. 32


"Cidh tucc sonn sibh?" ol an rígh.



"D'iarraidh forba agus fearoinn ort-sa tánccamar,"
ol íad-somh, "don turas sa."



Do bhoí-siomh athoidh imchían 'na thocht
íaromh co nd-érbhairt as a haithle:



"Ní hathoir tucc forba nó fearonn nó flaith-
eamhnus dhamh-sa budhdhéin," ol sé, "acht mo
rath agus mo ro-chonách fén, agus ó nach eadh ní
thiobhuir-si dhaoibh-si."



Is ann sin ro éircchieadar-somh éircche athlomh
aoín-fhir aontadhach, agus ba tríall re rath, re roi-
thoice, agus re ríghe an éircche sin. Ránccador
rompa íaromh 'na réim roi-reatha co faiche mbuicc
mbraonaigh an Bhrogha fheur-úaine fhíor-áloinn,
agus deisidheadar ann ina ttriúr cen neach n-áon
ina bhfarradh.



"Créd an chomhuirle as mían liph-si do dhéanomh
anossa?" ol sinnsear cloinne an rígh.



"Dob áil linn," ol íad-somh, "trosgadh do
dhéanamh nó go bhfagham roinn chríche, forba,
agus fearoinn ó Thuathaibh Dé Danann, óir do-
chluinmaoíd gidh bé do throsgadh agus iarros ní
orra dá éisi co ttabhraidh dhó é."



Níor chían a n-iornaidhe dhóibh annsidhe co
bhfacadar an t-aon-ócclách séghuinn saor-shuairc
dá saigheadh in ionbhaidh sin; ulcha dheagh-
ghabhlánach dhonn-bhuidhe fair; folt fann-
chleathach forórdha tría leith a chúil síar seachtar;
dhá chaol-shnáithe óir-dheircc for gach cur dia


L. 33


fholt fada fíor-áluinn fionn-bhuidhe ar dháigh
nach ngluaisfeadh an ngaoth ngeur ngailbhicc
fionna fá rusg nó fá radhorc dhó; ass fionn-
airccid fán dara cois dó, agus an chos no theagmhadh
re ttalmhain dó is uimpe no bhíodh. Ba háith
uréttrom réim ro-asdair an rígh-mhíleadh, óir
ba deacmhaicc a mheas go ttallfadh a chruinneacc
don ruinneacc ar áithe agus ar éttroma an aistir agus
an imtheachta baoi faí.



Beannaigheas do chloinn rígh Éireann ar ttocht
do láthoir dhó, agus freaccraid-siomh an beannachadh
agus fochtaid can ass a ttánic agus can a chinél agus créd
ia comhainm dhó.



"As an mBrucch mbraonach mbreachtnai-si
fil in bhur bharradh-sa tánccos-sa," ol an t-ócc-
laoch, agus do Thuathaibh Dé Danann mo bhunaidh-
chinél, agus Bodhbh Dearg mac an Dághdha
atom-chomhnaicc."



"Créd rod-thoghluais-si don turus troigh-
ésccaidh si, a Bhúidhbh?" ol íad-somh.



"Ní hannsa," ol Bodhbh, "óir do foillsiccheadh
do Thuathaibh Dé Danann bhur tteacht-sa don
ionadh sa do throsccadh agus do thréigheanas ann
ré forba agus ré fearonn, re maoín agus re mór-mhaitheas
d'fhaccháil úatha, agus tánocc-sa chuccaibh-si do
bhur mbreith gusan mbruighin mbronn-fhairrsing
mbél-osluicthe ína bhfuilid maithe agus mór-úaisle
Thuath Dé Danann ag ól agus ag aoíbhneas."



Fa lúathgháireach lán-mheanmnach íad-somh


L. 34


ag clos an aithiscc agus an uirighill sin dhóiph agus
tíaghuid leis gusan sídh sholaismhoir shíadhamhail
a mbádor maithe agus mór-úaisle Thuatha Dé Danann.
Ro fáilticcheadh rompa i suidhe, agus tuccadh
cathaoir chaoímh cheardamhail fó gach aon díobh,
agus ro suidhiugheadh íad ar laoch-lár na lán-bhruighne
iaromh. Ro dáileadh nua gacha bídh agus sean
gacha leanna dá ttarla isin teaghdhais ttáobh-
áloinn ttaitneamhaigh sin orra ionnus gorbho
suilbhir soráiteach íad.



Nír chían dóibh as a haithle gur thuit trén-
néull aibhseach trom-chumhadh orra-somh 'na
ttriúr ameascc an mhór-theaghlaigh, ionnus nár
fhéadsat comhrádh nó cuideachta do dhéanamh,
óir tuccsat subhachas ar dhubhachas, agus deagh-
mheanmo ar dhroch-mheanman, trén-shuilbhir-
eacht ar throm-thuirsi, agus caomh-chomhrádh ar
chomhthaoí, ionnus nach bhfuairsiot filidh nó
fallsamhain, úaisle nó árd-mhaithe, banntracht
nó ban-dála na bruighne úatha áineas nó ioma-
gallmhadh do dhéanamh athaidh fhoda. Ro
labhair Bodhbh riú agus is eadh ro ráidh:



"A chlann rígh Éirionn," ol sé, "créd an socht
sin fil oruibh ó thánccobhair don teaghaidh si?"



"Fil damhna agus deagh-aba accoinn," ol iad-
somh, .i. ar n-athoir dár ndiúltadh im fhorba
nó fhearonn do thabhairt dúinn, agus tánccamor dá
éccaoine sin cugaibh-si agus dá fhoillsiúghadh dhaoibh


L. 35


agus d'íarraidh forba agus fearoinn oruibh, agus nochan
éttmaoíd áineas nó úraoibhneas do dhéanamh nó
go bhfeasam bhur bhfreagra-sa oruinn a ttimchioll
na cúísi sin."



Is ann attracht Bodhbh Dearg re beinn mbláith-
eaccoír mbuabhoill; ro hinneastar í, agus ro choitseadar
aoís na bruíghne go taoi tosdánach a n-aoínfheacht
agus a n-aoín-uair. Ro taiscceadh a ccuirn agus a
ccopáin leó, agus ro líonadh láthair acu, agus ro cinneadh
comhairle acu dús ciodh do-dhéundís im dhála
chloinne rígh Érionn. Ba hé rob úaisle agus rob
urramhanta dhíobh dá raibh ann sin do Thuathaibh
Dé Danan, .i. Miodhair mór-ghlonnach mac an
Dághdha. Ro ráidh riú Miodhair an tan sin
teóra ócc-mhná áillne airrdhearca do thabhairt do
thríbh macuibh rígh Éreann don ingheanraidh
bádar a n-aontomha aco.



"Dáigh," ol sé, "is tré mhnáibh fo-gheibhthear
rath agus ro-chonách, uaisle agus ro-aireachos do shíor."



Is ann sin tuccadh teóra hingheana míne moing-
leabhra malach-dhonna Miodhair don chloinn sin
rígh Éireann. Doireann, Aoife, agus Aillbhe an-
monna na n-óicc-ríoghan sin.



"Caidhe bhur ccongnamh cruidh agus ceathra do
bhur ccleamhnuibh anossa, a Thuatha Dé Danann?"
ol Miodhair.



"Do-bhér-sa trí chaéga mac rígh atú isin tshídh
si anocht," ol Bodhbh Dearg, "trí choéga uinge
dheargóir dhóibh úaim budhdhéin, agus a urdail


L. 36


céadna ó gach aon donuibh macuibh rígh sin.
Do-bhéra ós a chionn sin trí chaoga each sréin-
bhreac so-ghabhála dhóibh dom eachaibh budh-
dheisin, co a ccairptibh caomha crédhumha leó
co n-éxamhlacht gacha datha orra."



"Do-bhér-sa corn agus dabhach dhóibh," ar mac
Aodha adhbhaisigh - a Cnuc Airdmhulla amuigh
don muir, risa n-abarthor Rachlonn Dál Ríatta
isin reimhius sa, an rímhílidh sin, - "agus uiscce
an mharo do chur isin dabhoicch sin is miodh
so-mblasta so-óla do thiocfadh eiste, agus sáile searbh-
ghorm solas-ghlanna saobh-fhairrge is fíon foirccthe
fíor-mheasgdha do-dhéantaoi dhe."



"Do-bhéar-sa trí choéga claidhiomh agus trí
chaoga sleagh dhóiph," ar Lir a Sídh Fionnchaidh.



"Do-bhéar-sa dúnadh deagh-mhaiseach agus brúcch
bothach-mhór agus baile ríogha roí-dhaingean bus
ionnshamhail d'Eamhuin Abhloigh ar aireachois
nó don Bhrugh ar bhuan-aoibhneas, go sonna-
dhuibh síodh-arda agus go ccolamhnuibh gorm-ghlana
gloinidhe ar a tháobhuibh agus ar a tháibhliph eidir
Ráth Cobhthaigh agus Teamhoir dhóibh," ol Oenghus
Ócc mac an Dághdha.



"Do-bhéar-sa ban-choigh dhóibh," ar Áine inghean
Modhairn, "re búan-tairbhirt bídh, agus as geis dí
duine do dhiúlltadh im bhíadh, óir do-ghébha sí
mar do-bhéara.":



Ciodh trácht ro thiodhlaicseat Tuatha Dé
Danann iol-iomad maoíne agus maitheasa, cruith agus


L. 37


ceathra, agus gacha saidhbhris ol-cheana do chloinn
rígh Éreann agus dá mnáibh ar an láthair sin. Do
ansat trí laithe agus teóra hoidhche isin mbruicchin
mbreachtnaighe sin a bhfarradh Tuath Dé Danann
ag ól agus ag aoibhneas. A ccionn na haimsire sin
do labhair Aonghus Óg mac an Dághdha riú iccas
as eadh ro ráidh:



"A chlanna rí Éireann, beiridh teóra habhla a
Fiodh Omna liph anos go bhur ndeagh-dhúnadh
budhdhéin."



Is ann sin ro éirigheador-samh go hathlamh
iméasgaidh agus rugsad na teóra habhla sin leó, agus
as amhlaidh ro bháttor, .i. abholl díobh fó bhláth,
abholl iar ccur a blátha, agus an abholl oile abaigh
ionbhúana, agus do-gheibhtaoí togha gacha toraidh i
ngach am orra.



Ránccador clann rígh Éireann rompa go a
ndeagh-árus ndearrsgaiththe budhdheisein, óir ba
hurlomh eallmhithe la hAonghus ar a ccionn-
siomh é, agus ro cheileabharsat do Thuathaibh Dé
Danann. Ro bhádor cáoga bliadhan isin dúnadh
sin nó co ndeachaidh díth ar na deagh-dhaoínibh
agus ar na trén-thaoiseachuibh bádor ina ttimchioll
do mhacuibh Míleadh, ionnus nochar fhéadsat a
bheith isin dúnadh sin as a haithle, co ndeachsat
ar a ccúl co a ccaruid agus co a ccleamhnuibh, co
Tuatha Dé Danann, gurab ann ro chaithsat a
saoghal co suthain ó sin amach. Agus a anam,


L. 38


a Naomh Pádruic, as é sin sgéula an dúnaidh agus
an deagh-bhaile ro fhíarfaighis díom, .i. Dúnadh
ard Ruidhe." Co ndobhairt na roinn:




"Trí thuile
ticceadh go Dún árd Ruidhe
tuile ógán, tuile each,
tuile míolchon meic Luíghdheach.



Trí ceóla co mbloidh
no bhíodh ann (reghdha roghain)
ceól crot, ceól tiompán,
dord Fir Thuinne mheic Throghain.



Teóra gáirrthe
no bhíodh ann gan uair ttearca,
gáir cheatnatt ar a bhfaithche,
gáir ghraifne agus gáir earca.



Teóra oile,
gáir a muc iar mbleith feadha,
gáir a sluagh ar bhlaí a bruinne,
gáir eala acc sloighe eana.



Trí cnúasa
no bhíodh ann shúas ar shlatoibh,
cnúas ag tuitim, cnúas 'na bhláth,
cnúas gnáth agus cnuas abaigh.


L. 39


Trí meic forfháccoibh Lughaidh,
robsat rulaidh a bhfeadhma,
Ruidhe fa búan a mbeathaidh,
Eachaidh is Fíacha fearrdha.



Do-bhéar-sa teisd ar Ruidhe
ccus a ttigdís na trí thuile,
nochar ér aon um ní ríamh
's nochar íarr ní ar dhuine.



Do-bhéar-sa teisd ar Eachaidh,
ní dheachaidh traighidh a mádhma,
ní dubhairt riamh ní budh ró,
ní baoí budh mó budh amhra.



Do-bhéar-sa teisd ar Fhiachaigh,
ar an ccinn-fhionn a Chnódhbha,
nach mbíodh gan airfideadh ngnáth,
nach mbíodh tráth cen ól corma.



Tríocha ruireach, tríocha nía,
tríocha triath (ba foramh rí),
ba hé líon a theaghlaigh thréin
tríocha dhá chéad go bhá thrí."




"Dar ar ccubhais," ol Pádraig, "is urgháirdiugh-
adh inntinne agus médughadh meanman agus as tógbháil
trom-thoirsi bheith 'gut t'éisteacht, a Oisín," ol
Pádraig.


L. 40


Nír chian dhóibh ann go bhfacatar an t-áon-
ócclaoch andeas gacha ndíreach dá n-ionnsoigh;
brat cas-lóach corcar-ghlan corrthorach uime,
dealcc n-airgid ann, ionar fann-mhaiseach forórdha
imá chneas co n-uachtar-chlár órdha air, léine do
shleamhuin-shíoda bhuidhe co cciomhuis órrdha
re grían a gheil-chneisi, cnuasach do chnaibh
comhmbuidhe ina ucht agus d'ubhlaiph blasta
bith-mhillsi; agus cuirios a mbaoi lais eidir ubhlaibh
agus chnaibh i n-ucht Phádraig.



"Can ass a ttángois, a ócclaoich?" ol Pádraicc.
"Caidhe do chomhainm, agus cia an chríoch agus an
caomh-fhearonn as dúthchas duit?"



"A Fiodh géug-thorrthachtach glan-áluin
Gaibhle tánac-sa," ol an t-óglaoch. "Fulartach
mac Fearghusa attam-chomhnaicc, agus críoch Breagh
agus Midhe agus Déisi Teamhrach as dual agus as duthchus
damh, agus foghlaidh agus fír-dhíbherccach mé."



"Cia ar a ndéanair t'fhocchail?"



"Bráthair dhamh budhdhéin," ol sé, "rom-athchuir
agus rom-ionnairb a bhfothribh, a bhfásoigh-
ibh, agus a bhfeadhoibh, co nachim tualoing taisdeall
nó tadhall mo dhúthchais lais, as air nos-ghním
m'fhocchail, .i. Béaccán mac Fearghusa."



"Do dhúthaigh dhuit-si co haithghairid," ol
Pádraig.



"Foircheand fair, a náomh-chléirigh," ol
Fulartach.


L. 41


"Isin mbliadhain si a ttú," ol Pádraig. "Can
ass a ttuccais an cnuasach?" ol Pádraig.



"Ro-fheadar-sa sin," ol Oisín, ".i. a Ros
Mheic Threóin, a bhFíodh gécc-dhíoghain gorm-
chraobhach Gaibhle, lubhghort sealcca d'óglaoch
grádha d'Fhionn mac Cumhaill, .i. Mac Lughach
láimh-éachtach."



"Maith ámh, 'anam, a Oisín," ol Pádraig,
"atá fear grádha dom mhuinntir-si ann sin anoss,
.i. Cesán mac rí Alban, agus sagart méisi dhamh é."



"Is fíor," ol Oísín, "is imchían ó do tharrngir
an flaith feasach fír-eólach, .i. Fionn, co ttiocfadh
an deigh-fhear sin adeiridh-si, a Naomh Pádruicc,
cusan ionadh úghad, agus co madh neimheadh agus
naomh-eagluis dhó é, agus co madh úadh do hainm-
neóchthaoi an t-árus taitneamhach trén-
aingleachdha sin go deireadh an domhain, agus fa
gnáithe é ina áras damhraidhe dásochtaighe agus
crann-lachan clúimh-fhlioch ccos-lúath iná 'na
árus psalm acc sein-chléirchiph."



Ro ghabh Oisín ann for mholadh chnúais agus
chaoimh-thoraidh and doire, agus ag tabhairt a
thuarusccphála ós áird co nd-érbhairt an laoidh:




"Clúain Chesáin ro chlos amach
gus a ttaitheóchadh Mac Lughach
ba Ross mheic Treóin, folamh ngrinn,
re ré thoigheachta an Táilginn.


L. 42


Acht ciodh cantar psailm fó sheach
a cClúain Chesáin na ccléireach,
ad-chonnoirc an cClúain ccreamhaigh
fá dhamhraidh rúaidh ro-bheannaigh.



Gé bheith léighionn isin laind
ro bhaoí tan ann ba hosccailtt;
ionnbhaidh ba linn shnámha an sruth,
ádhbha chrána an Chlúain chruthach.



Maith a criomh is cárna a hén,
maith a meas ralach roi-thrén,
caoimh a háirne is a hubhla,
maoth a habhle fionn-chumhra.



Tánoicc an tarrngire tair:
Clúain Cheasáin ag Táilgeannnibh;
adubhairt Fionn fíal failgheach
go madh neimheadh naomh-aingleach.



Trí fichid ríoghan go reacht
bádar agam, 's nír aimhneart;
do-nínn a leasa uile;
robsam cleasach cluanuidhe."
Clúain.




"Cia tráth do ló anoss?" ol Pádraig.



"Deireadh laoi," ol Beinnén.


L. 43


"An ttorracht proinn nó tomhaltus chuigainn,"
ol Pádraig, "anocht?"



"Ní thorracht, imorra," ol Beinén.



"Maith, a naomh-chléirigh," ol Fulartach,
"do-bhéruinn féin eólus duit bhail i mbeith
proinn agus tomhaltas."



"Cia hionadh sin?" ol Oisín.



"A ttigh mo bhráthor budhdhéin," ol eisiomh,
".i. Béccán mac Fearghusa."



Cuireas Pádraig Beinén dh'iarraidh tomhaltais
na hoidhche sin ar Bhéccán. Luidheas Benén go
teach mBéccáin, agus as amhlaidh baoi-somh agus
ocht bhfichit fionn-áirghe aicce a liasuibh agus a
lán-mhachoibh. Íarras Benén aoidheacht na
hoidhche sin do Phádraig ar Bhéccán. Éros
Béccán é. Ticc Beinén d'innsín an sgeóil sin do
Phádraig.



"As cead liom-sa," ol Pádraig, "a bhfuil-
siomh do chrodh, do chonách, agus do mhóir-mhuinntir
do bhásoghadh go haithghairid isin oidhche si
anocht a ccionn a neamh-umhloidhe, a dhíbhe,
agus a dhoichill."



Malloigheas Pádraig Béccán agus do-rinne an rann:




"Fá mar do dhiúlt rínn Béccán
nárab ilar a thrédán;
airead is bhías grian ar dheisseal
nárab seisser d'íbh Béccán."


L. 44



Fuair-siomh an athchuinghidh sin, óir ní facas
Béccán iná míl dá mboí aicce arna mhárach, agus níorbh
fheas d'áon créd do imthigh orra acht munab talomh
do shluigeastar íad tré mhallachtoin Phádraig.



"Maith sin, a naomh-chléirigh," ol Fulartach,
"rod-fia feis na hoidhche si uaim-si, .i. fiche bó
filid acc fír-bhiathadh mo mhuinntire-si anallana
do chosg a bhfocchla raghaid dhuibh-si anocht
co mbeannachtain la fáilte agus fír-thairisi."



"Ríghe uaim-si dhuit-si ó mheadhón laoi
amárach agus dot chloinn at dheaghaidh nó cco
tteaghoid friom-sa," ol Pádraic.



Ro ríoghadh Fulartach arna mhárach ar a
dhúthaigh feisein iar ndíthucchadh Bégáin. Conadh
Díth Béccáin ainm an sgeóil.



Ro fhiarfaigh Pádraig d'Oisín and sin caidhe
an líon bráthor ro bháttor ag Fionn. Ro fhreagoir-siomh
go comhnort an ceist sin, óir do bhaoi a
fhios go fíor-mhaith aicce, agus is eadh ro ráidh:



"Do bháttor dhá bhráthoir mhaithe aicce," ol
Oisín, "agus níorbh oirdhearca féin nó gach aon daoibh."



"Caidhe a n-anmanna?" ol Pádraig.



"Fítheal agus Dubh Díthraibh a n-anmonna," ol
Oisín, agus it-beart an rann:




"Díamhuir ar sheanchadhuibh sonn
na trí mic ro bhaoi ag Cumholl,
Fionn agus Dubh Díthraibh dean
agus Fítheal na bhfileadh."


L. 45



"Cía dár mhac Mac Lughach, a Oisín?" ol
Pádraig.



"Ro budh ceisd ar neach oile sin agus ní ceisd
oram-sa í. Mac do Dhearg mac Finn Mac
Lúghach," ol Oisín.



"Cia do budh máthair dó?" ol Pádraig.



"Lughach inghean Fhinn," ar sé, "inghean
díleas aindíleas ro bhaoi acc Fionn (agus as aire
tuccadh Lughach uirre) do chomhraic a bráthoir
ria a tTeamhraigh Lúachra theas, íar n-ól fleidhe,
co ndeárna Mac Lughach ria. In oídhche ruc-
custar an mac as í an sin adhoigh táinic Fionn
agus trí catha na gnáth-Fhéine go Teamhraigh. Ro
hinneasadh d'Fhionn Lughach do bhreith mic dá
bráthoir.



"As maith an sgéul," ol Fionn, "agus as gaoín ós
mac do ruccadh ann, agus do budh olc an sgéul dá
madh inghin do bérthaoí ann."



"Is búadh-fhocal n-anma sin," ol Fearghus
Finnbhéil. "Agus budh Ghaoíne ainm in mhic
úcchod."



Ut dixit poaeta:




Gaóine ainm Mhic Lughach loinn,
Dáire a athoir ós gach droing;
Cú Muighe ainm Meic Reithe,
Bran a athair d'áiridhe.




Tuccadh an mac sin a n-ucht Finn, agus tucc


L. 46


Fionn hé i n-ucht Mhoingfhine inghine Dubháin,
agus as dí sin as-breath Duibhneóin inghean Dubháin
bain-chéile Fhinn, agus is í ro thóccuibh ocht gcéad
sgéitharmach don bFhéin, agus ro ail an mac sin gurbhó
slán a dhá bhliadhain dég, agus tuccadh a dhaothain
airm agus earraidh agus éidigh dhó íarromh, agus táinicc
roimhe co Carraic Conlúain, co ceann Sléibhe
Smóil mheic Eidhneaccoil ris a ráitear Sliabh
Bladhmo an tan sa, gusan airm a mboí Fionn agus
an Fhían.



Ro léicceadh a bhfiadhnuisi Fhinn é agus ro
fhearoistear Fionn fáilte fris. Do-rinne-siomh a
chor agus a cheangal ann sin re Fionn agus tucc a lámh
ina Iáimh agus ro bhoí bliadhoin isin bhFéin íoromh.
Do-rinne liostachadh mór isin bhFéin risan
mbliadhoin sin, agus ní mó iná fine naonbhair d'Fhian-
aibh ro shaigheadh céad-ghuin aighe nó muice
nó fiadh-mhíl roimhe-siomh re taobh buailte a
ccon, a bhfear, agus an giolladhnraidh.



Is ann sin tánccatar go Ross an Fhéinneadha
go bruach Locha Léin andeas, agus tánccator trí
catha na Féine go Fionn agus ro choisaoideadar
eidir rí agus thaoíseach, eidir thríath agus thighearna,
eidir ghiolla agus óccláoch, Mac Lughach ris, agus is
eadh ro ráidheastor:



"Do rogha dhuit, a Fhinn," ol síad, "trí catha
na gnáth-Fhéine nó Mac Lughach 'na oénar."



Tuccadh Mac Lughach ann sin d'agallomh
Fhinn, agus is eadh ro fhiarfaigh Fionn de:


L. 47


"Maith ámh, 'anam, a Mhic Lughach, créd do-
rinnis risan bhFéin an tan atá do mhiosccuis agus
do mhór-fhúath acu idir choin, ghiolla, agus ghadhor,
agus ghaiscceadhach?"



"Dar do láimh, a Fhinn," ar Mac Lughach,
"ní fheador créd imá bhfuilit damh acht munab
é an forcraidh lúith agus lámhaigh, lúais agus láidir-
eachta, borrfaidh agus beódhachta fil accom tharsa
as fachoin fúatha agus fíor-mhiosguisi dhóibh form."



Tuccustoir Fionn comhairle do Mhac Lughach
ann sin ro fhoghain go síorrthaidhi suthoin dó an
ccéin ro mhair, óir budh do bhuadhaibh Finn gibé
dá ttiobhradh comhuirle lán-rath do bheith fair
go foircheand a shaoghail, agus gibé nach raibhe
buaidh chomhuirle nocha ar Mac Lughach nach
raibh; agus as í ann so comhuirle tuccoistar
dhó amhail do ráidh Fionn féin iccá fhoillsiu-
ghadh:




"A Mhic Lughach, tóla snass,
más é h'órd an t-óccláchas,
gorbhad subhach tteaghlach ttrén,
gorbhad duiligh a ndroibhél.



Ná búail do choin gan chionaidh;
ná lí do mhnaoi go bhfionnair;
ná bean re géanaidh i ccath
a ccéin a bhéaroir, a Mheic Lughach.


L. 48


Ná himdhearcc duine madh cáidh;
ná héirigh re hiomarbháidh;
národ-ttaccoir imale
ar amoid nó ar dhroch-dhuine.



Dhá ttrían do mhíne re mnáibh
is re heachlachuibh urláir,
re haois dána déanta dúan;
nárab dian re díosgar-shlúagh.



Ná gabh tosach leaptha a-le
ret aos comtha is comhluidhe;
ionguibh luidhe cláon is col;
ná faomh uile t'fhíadhughadh.



Ná tabhuir-si bréithir mhóir,
ná habair nach ttiobhra an ccóir,
úair as náir a rádh go teann
muna ttí dhíot a chomhall.



Náro thréiccthe do ruire
an ccéin bhéir for bhioth mbarr-bhuidhe;
ar ór nó ar shéatt for bioth cé
nár thréiccthe do chomhairce.


L. 49


Ná héaccnaigh fós go fearrdha
a mhuinntir red thighearna,
uair ní hobair duine mhaith
égnach a shluaigh re príomh-fhlaith.



Nárbhod buan-sgéalach bréagach,
nárbhad labhoir luath-bhrégach;
gérsat iomdha do ghartha
nársat bíodhbha aireachta.



Nárbhad diúltadhach im bhíadh;
nárbhád cumhthach dhuit ainbhfial.
rod-fhuráil ar mhaith 's ar shaith
nád-égnaicchid re hárd-fhlaith.



Nárbhad siobhlach tighe an óil;
nárbhad saightheach ar sheanóir;
an dáil uile it-chluine as cóir:
ná bein re duine ndeireóil.



Len dot éadach, lean dot arm
resiu tháirr an gleó glas-gharbh;
ná déna díbhe go rath;
lean do mhíne, a Mheic Lughach."


L. 50



"Att-raé buaidh agus beannachtain, a Oisín," ol
Pádraig, "as maith an sgéul sin do innsis dúinn,
agus caidhe Bróccán sgríbhinn?" ol sé.



"Sonna, a naomh-chléirigh," ol eisiomh.



"Sgríobhthar leat," ol Pádraig, "gach fios agus
gach fíor-eólus dár fhoillsigheadh an seanóir, .i
Oisín, dúinn gos anossa".



Do-rónnadh amhlaidh.



"Maith a mh'anam, a Oisín," ol Pádruicc,
"an rabhadar airfideadh accoibh-si in bhur
bhFianaibh?"



"Ro bhaoi," ol Oisín, "an t-aon-airfideach dob
fhearr a nÉirinn ina aimsir féin."



"Créd a chomhainm?" ol Pádraig.



"Cnú Dheireóil," ol Oisín.



"Cáit a bhfríth é?" ol Pádraig.



"Eidir Chrot agus Sídh Bhan bhFionn," ol Oisín.



"Créd í a thuarusgbháil?" ol Pádraig.



"Ceothar dhurn d'Fhionn ina airde agus teóra
dhurn dhó ina chruit chiúil," ol Oisín.



"Cionnus fuarabhoir ó thús é?" ol Pádruicc.



"Laithe n-oén do-chuadhamair-ne a ccuideach-
tain Finn go Sídh Ban bhFionn do sheilcc agus
d'fhiadhach. Is eadh ann sin laithe inar ghabh
formad agus fíor-thnúth airfidigh Thuath Dé Danann
ris-siomh fá mur do dearsccaite dhóibh uile gur


L. 51


ro ionnarbsat uatha a síodhuibh é, co náir lámhair
a ttadhall ó sin amach.



Gluaiseas roimhe as an sídh agus a thiompán
taighiúir téd-bhínn ar a mhuin, agus is é an flaith-
fhéinnidh Fionn céid-fhear tarla dhó iar bhfág-
bháil na sídhe, agus ticc a lámh a láimh Fhinn, agus ro
naisg a chumairce fair, agus do innis dó mar do dian-
chuireadh a síodhuibh é agus an fochain imá rabhus
dó.



Ba suilbir solásach Fionn íar cclos an sgeóil
sin dó agus ro chuiriostar an t-abhoc 'na shuidhe
eidir a dhá gheal-ghlún, agus ro ghabh ag sír-sheinm
a chruite choéimhe chiúil-bhinne nó go ruccadar
forgla na Féine fíor-neartmhaire orra.



Iar cclos an cheóil shírreachtaigh shídhe sin
dóiph ro ghabhustar iongnadh adhbhal íad, agus ro
fhochtadar can ass a ttánoig, agus ro innis Fionn
an sgéul iar n-ord dhóiph.



"Dar ar ccubhais-ne," ol iad-siomh, "is é sin
an treas turchuirthe is feárr fúarois-si riamh
cen chonntabhairt."



"As eadh gan amhrus," ol Fionn, "a dheagh-
mhuinntear."



Ro ghabhsat ag féaghadh an abhoic agus ag
coitseacht fris co nách mór nár thuitsead 'na
suan síor-chodalta.



Ro fhiarfaigh Fionn de cia do Thuathaibh Dé
Danann dar mhac é.



"Misi aén-mhac Logha mheic Eithnenn," ol


L. 52


eisiomh, "agus as dó tánac sonn - dom bheith seal
id choimhideacht-sa, a Fhinn."



"Do-ghéibhuir-si sin co lán-ghrádhach," ol
Fionn, "agus do-ghéibhuir seóid agus maoín agus ór agus airccead
im fhochair."



Tucc-samh ann sin a lámh a láimh Fhinn i
bhfiadhnuisi na Féine. Teaccoid cúigear d'air-
fideadh na Féine chuige gur fhoghluimsiot ceól
séghuin sídhe úadha, .i. Binn mac Seanaigh,
Seanach budhdheisin, dhá Dhoighre, agus Dubhán in
cúigear sin. Ba ceist adhbhal-mhór re Fionn
an t-abhoc a bheith gan mhnaoi a dhiongmhála
aicce. Ro labhair risin bhFéin agus is eadh ro ráidh:



"A óga," ol sé, "gidh bé dhíbh d'inneósadh
dhamh cá hionadh ina bhfuighinn bean chubhaidh
comhchosmhuil rena tochmhairc do Chnaoi
Dheireóil an Éirinn nó an Albain do-bhéaruinn
ór agus airgead dó dá chionn."



"D'fheador fén," ol Sccí mac Eócchain d'fearaibh
Mumhan, "cáit a bhfuighbhithear mnaoi dhó."



"Beir ar mbeannacht-ne," ol Fionn, "agus innis
dúinn go lúath."



"A ttoigh Dhuinn mheic Mhiodhair i Mumhain,"
ol eisiomh, "atá, agus Bláthnoid a hainm, agus cúig
dhuirnn a háirde d'inghinuibh, agus as druineachdha
do dhruineachaibh."



Luidh Fionn trí choéga dá chaoimh-Fhianuibh


L. 53


gusan ionadh a raibh an inghean an adhoidh
sin. Ro chomhraicseat ré-roile an adhoigh
chéadna, .i. Cnú Dheireóil agus Bláthnuid. Tucc
gach aon d'Fhianaibh dá rabha ann sin uinge
dheargóir don mnaoi ina coibhche. Ro charsat
an Fhian Cnú Dheireóil go hadhbhal, ionnus go
n-abradh gach aon díobh nach ffuair Fionn ríamh
turchuirthae budh feárr inás, leath amuigh do
Sgeólaing agus do Bhran. An tráth ticcheadh
doineann dóiph do bhíodh Cnú Dheireóil agus
Bláthnoid fo a bhrat ag Fionn. No inniseadh an
t-abhoc sin," ol Oisín, "an tan do bhíodh olc
nó maith ar chionn na Féine."



Cona do dheimhniughadh an sgeóil ro fhiarfaigh
Pádraig do-roinne Oisín an laoidh mbicc:




"Abhoc do fuair Fionn fearrdha
do bhí d'fheabhas a mheabhra
gacha a ccluiniodh thiar is thoir
go mbíodh aicce do mheabhair.



Inneósad daoíbh, rádh gan locht,
mur do fuair Fionn an t-abhog:
ba gein shochair do fríth ann
aon-mhac Logha meic Eithneann.



Do bhámar a bhfarradh Fhinn
eidir Chrot is Slíabh Bán bhFinn,
go bhfaca Fionn fear gan chol
chuicce as an sídh ina fharradh.


L. 54


Ro iarfaigh dhe an rígh
Fionn mac Cubhaill Almhaini:
"can ass a ttángois, a fhir bhicc,
shinneas an ccruit go caoimh-ghlic?"



"Tánacc a Síth Bhan bhFionn,
áit a n-eabhar miodh is lionn,
is tánacc tré Ghleann Ghart
dom bheith treall id choimhideacht."



"Do-ghéabhair seóid is maoine
agus ór dearg deagh-naoídhe,
óir taitnidh leam do dhála;
is do-ghéabhair mo lán-ghrádha."



Ann sin sguirmíd-ne dár seilcc
Fíana Éireann, leircc do leircc;
ticcmíd ccusan loch
a mbaoi Fionn agus an t-abhoc.



Do bhámar ag coitseacht fris,
risin cceól gan éisleis;
as becc nach ttárd sinn 'nar súan
an ceól sírreachtach sír-bhúan.


L. 55


Atn-aigh a lámh a láimh Fhinn,
iar sin ro budh subhach sinn,
is teaccmaoid ass imale;
rob áluinn ar tturchairthe.



Ceitheóra dhurnn áirde an fhir,
teóra dhurn ina chruit chaoimh,
mór tairm na bláithe buicce,
binn foghar na fionn-chruite.



Teaccoid chuige imale
cúicc oirfidigh na Féine;
ro fhoghloimseat ceól sídhe
thall ó Chnaoi go ccaoimh-dhírghe.



Binn mac Seanaigh imale,
Seanach agus dhá Dhaighre,
do-rónnsat foghlaim go hán,
íad budhdhéin agus Dubhán.



Ba ceist re Fionn na Féine
a abhac gan bhan-chéile,
dáigh níorbh áil don fhior chródha
na mná reamhra ro-mhóra.



Adubhairt Fionn an flaith mór
go ttiobhradh aircceat agus ór,
gibé dhínn ro fheasfiodh sin
a nÉirinn bean a chomhchosmhuil.


L. 56


Adubhairt Sccí mac Eóghain
óglaoch co n-eangnamh leómhuin:
"inneósad tré dhlús dála
a bhean díleas diongmhála."



"Beir mo bheannacht, eircc do thoigh,
a mhic Eóghain a Mumhain,
agus innis dúinn tré spéis
an inghean agus a haisnéis."



"Eircc go teagh Dhuinn a Mumhain,
a fhlaith na bhFían bhfíor-chubhaidh,
atá ann thíar gan bhroid
inghean dar comhainm Bláthnoid."



Ann sin do luidhsiomar go tric
im fhlaith na bhFían trí chaogaid
go teagh Dhuínn d'íarraidh ar mná:
ro budh mór linn ar meanma.



Fo-ghabhmaoid an bhean 'gun sídh
is teaccor dhúinn í gan sgíth;
comhraicit thaill isin tigh mhóir
Bláthnoid bheag is Chnú Dheireóil.



Ticcmaoit uinge d'ór gach fir,
an líon ro bhámar d'Fhianuibh,
a ccoibhche na mná gan locht,
do-radsamar dár n-abhoc.


L. 57


Ceitheóra dhurn airde an fhir;
cúig dhuirnn isin mhnaoí mhéir-ghil;
airde an bhean inás an fear;
ionmhain lánamhuin láimh-ghel.



Ní fríth lánamhuin amhlaidh,
agus níor thadhoill talmhuin,
agus ní thiocfaidh dá n-éis,
gé thrialladh neach a fhaisnéis.



Lámhdha an domhain ag an mnaoí,
imirt óir, airceit, gan ghaoi;
lais an bhfear (ba mór an modh)
slógh an domhain d'airfideadh.



Ní raibhe ríoghan san bhFéin,
ná taoiseach, nó fear go ccéill,
nach ttugsat grádh ó a ccroidhibh
do Chnaoi agus dá chaoímh-dhroinigh.



Tráth no theagadh doineann dúr
ar an bhFéin ba ríoghdha rún,
no bhíttís ag Fionn fo a bhrat,
Bláthnoid bhecc is an t-abhoc.



An tan ticceadh maith don bhFéin
nocha cheileadh Cnú go ccéill;
an tan ticceadh dhóibh sin olc
ní cheileadh orra an t-abhac.


L. 58


Nocha raibhe ceól ar talmhain
do neach budh binn re meanmain,
re linn Fhinn an aiccnidh mhóir,
nach mbaoí ag deagh-Chnaoi Dheireóil.



Trí turchuirthe as feárr fúair ríamh
Fionn mac Cumhaill, flaith na bhFían,
Bran agus Sgeólang gan locht
is Cnú Dheireóil an t-abhoc."




Níor chían dóibh amhlaidh sin go bhfacador
an cóigear fearrdha fearamhoil dá n-ionnsoighidh
gacha ndíreach.



"Can ass a ttángabhor, a ócca?" ol Pádruic.



"Tánccamor ó Aonghus mac Natt Fhraoich, ó
rígh dhá chóigeadh Mumhan," ol iad-somh, "ar
do cheann-sa."



"Ní dleaghar bhail a bhfuighthear na mancha
a n-éra."



"Créd do-dhéanaim-ne, a náomh chléirigh?"
ol Oisín.



"Fáilte mhís, bhliadhna, agus ráithe uaim-si
dhuíbh," ol Pádraig.



Ro ghluaiseadar rompa an chuideachta chráibh-
theach choicceadlach cléireach sin, agus an naonbhar
feasach fír-eólach boí Oisín, agus teachta rí Mumhan,
co ránccatar go Fionntulaigh na Féine ris a
ráitear Ard Pádraig.



Is ann sin ro bhoí Aonghus mac Natt Raoich,


L. 59


aird-rí dhá chóigeadh Mumhan co maithibh a
mhuinntire uime ag iornaidhe Pádraig. Ro
chreasadh a phuball tar Pádraig and sin. Ticc
Aonghus ria ccách d'umhlocchadh don phríomh-
fháidh. Ro léicc ar a ghlúinibh ina fhiaghnuisi
agus tucc a cheann ina ucht. Do-rónnsat maithe agus
mór-uaisle Muimhneach ol-cheana an céadna.



Ro fhan-somh ann sin co ceann seachtmhuine
ag aithbheódhughadh daoíne, ag íoc galair,
teadhma, agus trén-easláinte ar-cheana. Tuccadh a
réir féin do Phádraig and sin. Táinicc rí Mumhan
dá dhúnadh budhdheisin go Rosaigh, agus tíaghaid
maithe agus mór-úaisle an chóiccidh as a haithle go
a ndeagh-árasuibh budhdheisin.



"Maith a mh'anam, a Oisín," ol Pádraig,
"créd 'má ttugadh Fionntulach ar an ttulaigh
si a ttám?"



"Eiste so," ol Oisín, "do ghluaiseadar trí
catha na gnáth-Fhéine fíor-neartmhaire do chur
catha Fionntrágha. Tuccadh a shleagh go Fionn
annsidhe agus tucc féith fiothshnaisi for a crann, agus
do-righneadar an Fhían uile an céadna rena
sleaghaibh.



"'As fionn an tulach," ol cách a n-éinfheacht.



"Gá feárr ainm dá mbia uirre," ol Fionn, "nó
Fionntulach?"



Conadh dhe sin do-radadh Fionntulach, a


L. 60


Naomh Pádruic," ol Oisín. Co nd-ébhairt na
roinn:




"A thulach árd aoibhinn-si
gus a ttigdís Fiana fionna,
ba gnáth longphort lán-adhbhal
ort agus gasraidh ghiolla.



Rob í ar ccuid re a coimhaireamh
ar seilcc dhoire gacha díne
sméra sccema sgeochora,
cna do chraobhuibh Chinn tíre.



Maotháin drissi dealccnaighe,
gassáin chreamha gan chionaidh,
do chaithmaois gacha Beultaine,
buindén bhláithe, barr biorair.



Eóin a dhoiribh diamhroibh
do-riachtdaois fulacht Féine,
toghmhoill bhreaca a Bearomhuin,
nid bhecc' a beannuibh sléibhe.



Bradáin lúatha Luibhnidhe,
eascconna Sionna saoíre,
coiligh fheadha Fhírghrinne,
dobhráin a dhiamhruibh Daoile.


L. 61


Iasgach mara muiridhe
a chríochuibh Baoi agus Béarra,
medhbhán Faíde fíor-ghloine,
duillioscc a chuan caoimh Cléire.



Snámhradh Loingsi lochaighi
do budh maith re Mac Lughach;
ticcmís slóigh is sochuidhe
ar do thaobh thall, a thulach.



Misi Oisín alt-bhladhach;
théicchinn a ccorruibh curach;
fuaras gáibhthe glasmhara
a ttimchioll tonn is tulach.
A.




Gluaismaoíd a haithle an tshnasda sin do bhúain
dár sleaghuibh," ol Oisín, "go Fionntráigh
budhdheass. Ro cóiriccheadh an cath iaromh, agus
ba loch ar léithe é. Is and sin at-choncamar
aon-óglaoch dár muinntir dár saigheadh," ol
Oisín, ".i. Caol cródha céad-ghuineach ua
Neamhnúaill.



"Can ass a ttánccois chugoinn anossa, a Chaoil?"
ol Fionn.



"Ass an mBrugh mbráonach mbrat-sholuis
mbúan-áloinn athúaidh," ol Caol.



"Créd tucc ann sin thú?" ol Fionn.


L. 62


"D'agallomh Mhuirne inghine Deircc, .i. mo
bhuime, do-chúadhas ann," ol Cáol.



"Créd imá ndeachois dá hagallomh-sidhéin?"
ol Fionn.



"D'iarraidh conganta uirre dochum mná dá
ttugas toil agus trom-ghrádh do thochmhairc dhamh,"
ol Caol.



"Cia an bhean dá ttugois an toil sin?" ol Fionn.



"Do roighne ríoghan na sídhe solus-ghlan do-radus-sa
an trom-ghrádh ucchod, agus Créadh a
hainm."



"Maith tárla duit más do Chréidh inghin
Chairbre chneis-bháin, inghean rí Ciarraidhe
Lúachra, tuccois an toil sin; agus an bhfeadoir-si,
'anam, a Chaoil, gurab í sin ban-mhealltóir
banntrachta agus ban-dála na hÉireann uile?" ol
Fionn. "Oir ní bhfuilid trí seóid a ndúnadh
nó a ndeagh-bhaile a nÉirinn do neoch nár
bhréccustar go a bunadh-bhaile budhdheisin.
Agus as doiligh an bhean sin d'fhagháil duit-si, a
Chaoil," ol Fionn, "óir ní ccomhraicfe an ccén
bhias ina bheathaidh aoin-fhear lé acht muna
ndeárna dúain dí ina mbiaidh tuarusccbháil a
cúach, a corn, agus a copán, a síthile so-mhaisigh, a
teaghlaigh, a tirm-ghríanáin, a cathaoire, a
caoimh-iomdhadh, a dúnadh, agus a deagh-bhaile,
etc.


L. 63


"Maith tarla dhamh-sa," ol Caol, "óir itá dúain
go heallomh accom don inghin íarna dhénamh
dom bhuime dhamh, .i. do Mhuirn inghean
Deircc."



Tuccamair-ne trén-fhaillighe don chath do
chórucchadh and sin," ol Oisín, "agus tiaghmaoíd
do thochmhairc Créidhe do Chaol, agus nochar
hanadh linn go ránccamor Carruic Locha Cuire a
n-iarthair Éireann, airm a mbaoi an inghean cona
bantracht briathar-mhilis. Iar ndul go doras an
dúnaidh agus an deigh-bhaile dhúinn ro chansamor
an dórd fíansa cco fearamhoil fír-bhinn, agus ro
éirgheadar ingheana míne macánta ar sgeimheal-
bhordaibh sgiamh-ghlana an solus-ghrianáin agus ar
tháidhbhlibh taitneamhach na teadhghuisi. Do-
riacht Créidhe dár n-agallomh iaromh agus trí chaoga
ban do bhanntracht ina hurthimchioll. Ro
labhuir an flaith-ruire Fionn as a haithle agus as
eadh ro ráidh:



"As dó thánccamair-ne sonn, a inghean," ol
sé, "dot thogha-sa agus dot thochmharc."



"Cía dá ttángabhar dom thochmhairc?" ol an
inghean.



"Do Cháol chródha ua Neamhnuaill, .i. mac
rígh Laighean," ol Fionn.



"Ro-chualamar an curaidh sin a ccen go
bhfacamor," ol Créidhe. "'Anam, a Chaoil," ol
sí, "an bhfuil accod an choidhbhche do-chuinghim-si


L. 64


ar gach aonfhear, .i. dúain do thabhairt chugam
go hérlaimh imésccaidh?"



"Atá imorra," ol Caol.



"Gabh dhúinn an dúain sin," ol Fionn.



Ro éirigh Caol iaromh co nd-érbhairt:




"Turas agom Dia hAoine
(gé dheachor, im fhíor-aoidhe)
go teach Créidhe, ní gníomh súaill,
re hucht an tshléibhe 'narttuaidh.



Atá a ccinneadh dhamh dul ann
go Créidhe dan críoch Anann,
go rabhar ann gan deacoir
ceithre laithe is leith-sheachtmhain.



Aoibhinn do theaghlach na mná
idir fhear mhnaoi is mhacaoimh,
idir dhruithnigh is aos ceóil,
idir dháileamh is dhorseóir.



Bíodh aoibhinn dhamh-sa 'na dún
ar choilcidh chaoimh is ar chlúimh;
madh áil do Chréidh Chnuic na cCros
budh aoibhinn damh mo thurass.


L. 65


Sítheal aice a sil súgh subh
eiste nigheas a caomh-chruth;
dabhach ghloine im fhíon mheasccdha;
copáin aice agus caoimh-easgra.



A dath amhuil dhath an aoil;
coilctheach idir hí is aoín,
síoda idir hí is brat gorm,
deargóir idir hí is glan-chorn.



A grianán cloch go ccuirre
d'aircceat agus d'ór bhuidhe,
ro thuigh druineach gan dochta
d'eitibh donna dubh-chorcra.



Dhá ursoind uaine aice,
a comhla ní d'fhiodh craicce;
d'airccead eachta, caoimh ad-closs,
an crann baoi ina ard-doras.



Cathaoir Chréidhe dod láimh chlí
badh suarca 'sa suarca hí:
easair uirre d'ór Ealpa
fá chosuibh a caoimh-leaptha.



Leaba luchoir go ccaoine
fil ós cionn na cathaoire
do-rónnadh do thuile thair
d'ór bhuidhe 's do lícc lóghmhair.


L. 66


Leaba eile dá láimh dheis
(codladh uirre níorbh éisleiss)
cco bpuboill go mbriocht mbugha,
go ccaomh-shlatuibh crédhumha.



An teaghlach fil ina tigh
as dóibh is aoibhne fá nimh:
nídód ghlasa slioma a bhfuilt,
ad casa fionna a bhforfhuilt.



Do bheidís fir iarna ngoin
ina síor-shúan go sádhail
re hénuibh sídhe ag sináin
ós bhordaibh a glain-ghrianáin.



Madhim buidheach-sa don mhnaoí,
do Chréidhe dá ngoir in chaoi
bérad ní bhus sia a laoidhe
do mhaoidheamh a comaoíne.



Madh áil do Chréidh d'fhuil Chairbre
ní rom-chuirfe for cháirde -
a rádh go mear riom abhus:
"mo chean, mo chean, dot thurus".



Céd traighidh a ttigh Créidhe
ón ccuirr go roich a chéile,
tríocha traighidh re a dtomhus
eidir a dhá dheagh-dhoras.


L. 67


A fhudhnacht is a thuighe
d'eitibh én ngorm is mbuidhe,
a earrsgoir is a thobair
do ghloine is do charrmhogal.



Dabhach ann do chuirm flatha
ass a sil súgh súarc-bhracha,
abholl ós cionn na daibhche
co n-iomad gach trom-thoirthe.



An uair líontar corn Créidhe
do mhiodh na daibhche déine
tuitid isin ccorn go ceart
ceithre hubhla a ccoimhnaoinfheacht.



An tí 'gá ttád sin uile
idir shéud agus dhuine,
rucc Crédh a tulchoibh trí mbeann
eadh urchoir do mhnáibh Éreann.



Duain sonn chuice 'na coibhche,
nocha duan fhir anfhoirfe;
abradh riom Créidhe co ngus:
"mo chion, a Chaoil, dot thurus."



Turus.




Ro chomhraic Caol agus Créidhe ré-roile iar sin agus
ro bhámair-ne ann co ceann chúig láithe cona


L. 68


n-oidhchibh íaromh. Acht atá ní cheana, ní
rabhamar a bheg don aimsir sin acht acc ól agus acc
aoibhneas a ndúnadh na daigh-ríoghna Créidhe go
subhach soimheanmnach. Is and sin do ráidh
Fionn gurbh iomchian an iornaidhe bhoí forra
óna hallmhurchaibh bádor a bhFionntráigh gan
ionnsoighidh do thabhairt orra, agus co ngluaisfeadh
chuca gan mhoille an tan sin. Do-rad an inghean
earradha dísle diongmhála dhóibh go huilidhe ó
ghiolla go hóglaoch agus ó ócclaoch go rígh-fhéinn-
idh do réir úaisle agus aireachuis gach aoin díobh
fó leith.



Ro éirgheamar go hathlamh imésccaidh as a
haithle," ol Oisín, "agus ro ráidh an flaith-ruire
Fionn ann sin go mbéradh an inghean lais go
bhfionnadh cia dhíobh budh cosccrach don chath-
ughadh sin Fionntrágha, Fíana Éireann nó all-
mhurchaigh.



Ticc an inghean linn," ol Oisín, "go loinneach
lán-mheanmach agus tucc ealbha agus innille, búar agus bó-
tháinte lé do fhreasdol agus do fhritheólamh ríogh agus
ruireach na Féine feidhm-neartmhaire a n-am
tarta agus trom-íotan agus re hucht leasaighthe agus leighis
othar agus anbhann fri hudhacht an chatha sin.
Bámar seacht laithe dhéag ag cur an chatha
iaromh, agus as a ttoigh na hinghine do bhíodh ar
leagha agus ar lucht othrais gá mbiathadh agus gá mbuan-
leighios re headh na haimsire sin.


L. 69


Ciodh trácht, mur do dhearsccnaigh an inghean
sin do bhanntracht agus do bhanchuirí na Féine ar
chruth agus ar chaoimh-lí, ar thiodhnacal séud agus
sár-mhaoíne, ro dhearsccnaigh a fear, .i. Caol
cródha, ar ghoil agus ar ghaiscceadh do thríbh catha
na gnáth-Fhéine isin ccathughadh chalma churata
sin Fionntrágha go ttáinic tiomdhibheadh saoghail
dá shoighidh; agus ro budh beud búan-chuimhneach
an gníomh do-rónadh ann sin a ndeireadh an
chathoicchthe sin, .i. an cathmhílidh do bháthadh
íar líonadh an láin mara thairis; agus ro bhádar
beothodhaigh shaolacha ag an ccuraidh sin," ol
Oisín, "ionnus go bhfuairseat bás agus búan-écc
an ionbhaidh sin. Tucc an tonn íaromh a chorp
chum calaidh íaromh. Do-riacht an inghean agus
maithe agus móir-úaisle na Féine chuige agus ro thógsat
leó é gusan trácht ndiscceartach d'Fhionntráigh, agus
Trácht Chaoil a ainm ó sin ale, agus Fearta Chaoil
ainm na fearta. Táinic an inghean ann sin ós
cionn a caoimh-chéile agus do-rinne nuall-ghubha
adhbhal-mhór úasa. Ro shín re a thaobh as a
haithle agus as-beart:



"Ciodh um nach bhfuighbhinn-si bás go bith-
erlamh do chumhaidh mo chaoímh-chéile an tan
fuarsiot na fíadh-mhíola bás dá chumhaidh."



Agus as cuma baoi agá rádh agus do-rinne an
laoídh:


L. 70



"Géisidh cúan
ar a bhuinne ruadh Rinne dá Bhárc:
báthadh laoích Locha dá Chon
seadh chaoneas tonn frí thrácht.



Luinche corr
i seiscceann Droma dhá Thrén;
is í nis freaccartha bí,
sionnach Dhá Lí ar tí a hén.



Truagh an fhaoídh
do-ní an smáolach a nDruim Chaoín,
agus ní neamhthruaighe an sccol
do-ní lon a Litir Laoídh.



Trúagh an tshéis
do-ní damhán Droma Léis:
marbh eilitt Locha Síleann,
géisidh damh dílleann dá héis.



Saoth liom
bás an laoich no luigheadh leam,
mac na mná ó Dhoire dhá Dhoss,
a bheith aniogh is cross fá chionn.


L. 71


Saoth liom, a Chaoil,
do bheith a riocht mairbh rem tháobh
is tonn do thocht thort, a fhir,
is eadh rom-bhir fó mhaoíth.



Truagh an gháir
do-ní tonn trágha re tráigh:
ó ro bháidh m'fhear séaghdha sáor
as saoth liom a dhul 'na dháil.



Truagh an treas
do-ní tonn san tráigh si theas;
misi, tháinig ceann mo ré,
measoide mo ghné (ro-feas).



Cithghal chrom
do-ní tonn teann Tolcha Léis;
misi, nochan fhuil mo mhaoin
ó ro mhaoidh an sgéal ro ghéis.



O ro bháidh Caol mac Criomhthain
nochan fhuil m'ionmhain dá éis;
as mór ttriath ro thuit dá láimh,
a sgiath a ló gáidh ro ghéis."




Fuair an inghean," ol Oisín, "bás do chumhaidh
a caoimh-leannáin. Ro hadhnaiceadh a n-aon-


L. 72


uaigh íad, agus misi," ol Oisín, "ro thóccaibh an
lía fil uasda, agus Feart Chaoíl agus Feart Créidhe ainm
an fhearta ina bhfuilitt."



"Caidhe Brógán sgríbhinn?" ol Pádraig.



"Atú sonn," ol eisiomh.



"Sgríobh an sgél ucchod," ol an naomh-
chléireach.



Do-ghní samhlaidh.



Nír chían dóibh as a haithle go bhfacadar an
dírim shluaigh dhána dheagh-shluaigh chuca gach
ndíreach agus damh-dhabhach do sgiathaibh dísle
deilicchthe dearccóir ina n-uirthimchioll agus fiodh-
neimheadh do shleaghaibh dos-cháomha deagh-
shnoite dath-rionnaighthe go húrárd re geal-
ghúailnibh na gasraidhe. Tíaghaid isin bpuboll a
mboí Pádraig, agus tuccastar an fear budh feárr
dhíoph a cheann ina ucht agus ro shléachtasdair dó, agus
do-rinneadar a mhuinntear mar an ccéadna.



"Cía thusa anois?" ol Pádraig.



"Bran mac Deircc misi," ol an t-óglaoch, "agus
do bhí m'athair 'na aird-rígh ar dhá chóicceadh
Mumhan.



"Créd tucc sonn thú?" ol Pádraig.



"Occlaoch maith do-chuala a bheith at fhochuir-si
do mhuinntir Fhinn mheic Cumhaill, agus táinac
d'fhoghluim an dhúird fhíansa agus thuilleadh
fianaighachta nach bhfuil accam úaidh."



"An ccluine súd, a Oisín?" ol Pádraig.


L. 73


"Do-chluinim," ol Oisín. "A anom, a Bhroin,"
ol Oisín, "innis dúinn cionnus do-ní do mhuinn-
tir seilcc agus sáir-fhiadhach."



"Do-níd," ol Bran, "iadhadh im an ccnuc nó
im an ngleann eidir choin, ghiolla, agus óglaoch.
Bímaoíd re headh imchían laithe samhlaidh sul
chuirid ar ngadhair ghlóracha fíadh nó fainn-eilitt
dár n-ionnsoighidh. Feacht ann," ol sé, "marbh-
maoíd an fíadh agus feacht oile ní mharbhmaoíd."



Ro chaoieastar Oisín frasa díochra dér iar cclos
na fíanoidheachta sin dó. Ro éirigh Pádraig ann sin
agus ro íarr ar Oisín sgur don gholghaire for i
mboí agus dul leó co Ceann Fheabhradh Sléibhe
Caoín. Ro éirigh Oisín ar chomhairle an chléirigh
agus tiaghoid an líon bhádor co ránccador Ceann
Feabhradh. Is amhlaidh ro bhoí suidhiucchadh
in ionaidh ina rabhador, .i. trí ghleanna ime agus
loch lionn lionn-fhuar eottorra ar mheadhón, .i.
Loch mBó a ainm, occus Oismeadoil ainm na
tulcha sléibhe for a mbádor.



"Cnoc na hAire alla aníar don loch áit a mbíodh
Conán mac Mórna cona fheadhain ag déanamh
sealcca, Finninis ainm an chnuic airrthearaigh áit
a mbíodh Fearghus Finnbhéil, file na Féine, agus
Fearrdhomhan mac Buídhbh Dheircc mheic an
Dághdha agus conoirt léigthe ina lámhaibh, agus Cnoc
Máine ainm an chnuic si theas, a naomh-chléirigh,"
ol Oisín, "áit a mbíodh giolla grádha d'Fhionn, .i.
Flaitheas Fhear Leath-chúaráin, agus is ann bheós do


L. 74


bhíodh an bréccuire daimh, .i. Liath na tTeóra
mBeann, agus théigheadh don bhFéin uile go hiom-
lán gach bliadhna gan fuiliughadh gon fordhear-
gadh. Mar sin dó ag imtheacht uatho dá n-aimh-
dheóin gacha bliadhna co ceann sheacht mbliadhan
bhfichit gur mharbh óglaoch don bhFéin é d'aon-
urchar sleighe," ol Oisín.



"Cia an t-óglaoch sin?" ol Pádraig.



"Misi budhdhéin," ol Oisín, "ro mharbh é, agus
tuccoistar Fionn a bheannachtain damh ar son
an ghníomha sin, agus ba buidheach dhíom an Fhían
uile bhádar isin dáil sin."



Agus do ráidh Oisín na roinn:




"Liath na tTeóra mBeann go mblaidh
théigheadh uainn i ngach bliadhain
tar gach tulaigh, tar gach tor,
d'aimhdheóin laoch is luath-chon.



Nochar lamhsad uile an Fhían
teasgadh a chuirp thoir is thíar
(mar iongnadh linne níor bhecc)
re ré sheacht mbliadhan bhficheat.



Do-radas-sa fair iar sin
urchor do mhanaoís neimhnigh,
gur thréghd a chroidhe (go dás)
gur de tháinig a thiugh-bhás.


L. 75


Iar ccosgradh an Léith léimnigh
do ráidh Fionn an flaith-fhéinnidh
rucc búaidh ccomhloinn ó gach cloinn:
"beannocht ort, a ua Cumhuill".



Ba buidheach dhíom Fiana Fáil -
bádor annséin a n-aon-ndáil,
tréinfhir fa treisi i ngach íath
- ó 'd-rochair leam an luath-Líath."
Liath.




Iar ndénomh na rann sin d'Oisín do dheimh-
niughadh an fhír-sgeóil, ro chóirigh a mhuintear
im an ccnoc do gach áird agus deisidh Pádraig ina
shuidhe aoibhinn aireachais i cCionn Feabhradh,
conadh Suidhe Pádraig ainm an ionaidh sin
anossa. Tóccbhas Oisín a shuasán shealcca
íaromh agus ro léicciostar a theóra barrann-ghlaodh
bódhbha ós áird, co nachar fháccuibh fíadh
foluaimneach ná torc taobh-reamhar a bhfiodh nó
a bhfásach, a ndíamhuir nó a ndroibhél, a magh
nó a mór-shlíabh, óthá Móin an Chosnamhaigh
andeas fris a ráitear Móin Mhór co Cnuc an Chur-
adh ris a ráiter Cnuc mBrénuinn, agus ó athá Cnoc na
Ríogh dá ngoirthear Caisiol go Crích Fhear Morc
dá ngoirthear Í Chonaill Ghabhra in tan sa, nár
chuiristar ar Loch mbraondach mBó i ffíadhnuisi
an phríomh-fhátha cona chléirchibh.



Ro ghabh omhan agus iomeaccla an naomh-


L. 76


chliar risan ffothramh ffíor-ádhbhal agus risan torann
trén-aidhbhsigh do-rónsat na daimh imdhísccre
alltaidhe agus na heillide rúadha roi-reamhra agus na
tuirc thaobh-reamhra thuil-leathna ag dul ar an
loch dhóiph, agus as becc nach muirfeadh bean re
breasuibh bríghe agus re lamhnadh láin-choimpearta
íad re fad gach reatha réim-thric rugoistair agus gach
uathbháis adhbhail fuarador re haithsccís anbháil
anála. Ro lingeadar na slúaigh do gach áird agus do
gach aircheann don loch ann sin. Ro mharbhsat
agus ro mhuidhaighseat, ro bháidhseat agus ro mhúchsad
íad idir fhíadh agus eilitt, eidir mhuic agus mhór-thorc,
co nach ternó éalaidhtheach i mbeathaidh dhíobh
don loch. Ro rannadh go tinneasnach an troim-
sheilcc sin ag na tréinfhearuibh, agus ránccador ocht
ccéad muc agus ocht ccéad damh do gach leith
dhi.



"Caidhe deachmhadh na daimh-sheilcce, a
dheagh-fhían?" ol Beinén.



Nocharbh ésccaidh Bran mac Deircc im dhíol
na deachmhaidhe sin, óir nírbh aithnidhe dhó í
go ham na húaire i mboí an cléireach agá cuinghe
agus ní fríth go hollamh úaidh ann sin í. Ro ghabh
galor gér-obann ina bhroinn an caithmhílidh in tan
sin.



"A uasoil-fhíréin, a fPhádruic," ol sé, "tabhair
lámh ar m'ucht agus ar m'úrbhruinne."



"Briathra dhamh-sa nach ttiobhra," ol Benén,
"nó go ttárdair a luach dhó."


L. 77


"Créd an lúach iarrfas oram," ol Bran, "go
ttardainn dó é?"



"Aithnidh dhamh-sa, a Bhroin," ar Oisín,
"an luach is iomchubhaidh dhuit do thabhairt
úaid: .i. ós ad bhroinn atá an galor, tabhair tárr
cech ainmhidhe dá muirfidheir féin nó gach aon
dot mhuinntir do Pádraig agus don Eacclois choitch-
eann Chaitiolcdha, agus tabhroid do chlann-mhaicne
id choimhleanmhuin."



"Do-bhér, imorra," ol Bran, "agus bhéaruid mo
chlann agus mo chineul im dheaghaidh, agus fós bhéaraid
an cineadh úasol Éirionnach ar m'aithris-si
úatha in dligheadh sin."



Tucc Pádraig a lámh ndeis ndeagh-thapaidh for
a bhruinne-siomh agus ba slán é fó chéadóir.



"Triallaim as an ionadh so, a Phádraig," ol
Oisín.



"Caidhé adhbhar ar ndeithnis as?" ol cách a
ccoitchinne.



"D'fheadar-sa sin," ol Oisín, "óir is cumhain
liom nach lamhdaoís sluaigh náid sochaidhe
suidhe ar na teóruibh tolcha sa ar a ttámaoid
anoss ó Thuathaibh Dé Danann, agus as cumhaoin
liom mar an ccéadna gorbho mionca cél agus caoimh-
tharrngire drúadh ina ttimcheall ináid foghar
clocc agus ceólán agus coicceadal cléireach, agus fa gnáthach
misi agus Flann mac Fínghin acc lot agus ag luath-
mharbhadh laoch léidmheach ar na tulchaibh si."



Agus do ráidh Oisín na roinn:


L. 78



Cumhaoin liom teóra tulcha
(atád cen aos cen urchra)
do lingeadh Líath Teóra mBeann
óthá imeal go himeall.



Cumhuin liom teóra mbeanda
(robsat dúinte droin-sheanga)
nach mbíodh guth cluicc ionnta thall;
mionca cél druadh 'na ttimcheall.



Coiligh fheadha ós Oismeadhoil
éircchid re greaghuibh gaoth-shlúaigh,
iasg Locha Bó poirt-leathain,
laoigh bhreaca Beinde Maoithrúaidh.



Flaitheas Fear an Leith-chuaráin
cona choin a Chnoc Máine,
Fearrdhomhan a bhFinninis,
Conán a Cnoc na hÁire.



Oisín rob é m'fhíor-ainm-si,
robsam ceann Féine finne,
nocha ndearnas díghaire
ag tairmtheacht gacha binne.


L. 79


Misi agus Flann mac Fínghin
do dhearccmaois fir go bhfír-neimh;
dar ar ccubhuis-ne dhuibh dhe
as mór asam cumhoin-si."
Cumhain.




"Ad-rae buaidh agus beannachtain, a Oisín," ol
Pádraig, "is mór an t-urghairdiucchadh mean-
man agus aigeanta linn t'fhuighle agus t'árd-sgéala."



Att-raigh Pádraig ann sin agus an sluagh ar-cheana
agus ruccsat a n-aireadha don fhíadhach leó go
Ceann Feabhradh Sléibhe Caoín go a longphort
leathan-aidhbhseach. Ro dhearcustar Oisín dá
láimh dheis ag tocht dá longphort dó ionnus go
bhfaca in dúnadh agus an deagh-bhaile i ccomhghar
dhó.



"Dar mo chubhuis," ol sé, "as mór lá ro
bhámar isin ionadh sa agus níorbh aithnidh dhúinn
dúnadh nó deagh-áras ann cus anossa, agus teaccoidh
romhuinn don bhaile ucchod, a fhiora," ol
Oisín.



Iar ndol dóibh don dúnadh sin nochan fhuairsiot
sluagh náid sochaidhe ar a ccionn ann, agus ba
hiongnadh adhbhal-mhór leó a bheith samhlaidh.
Tiaghaid iar sin a ngrianán glan-radharcach
dhearrait dhiamhrach fuairsiot isin mbaile, agus
at-chonncador dí mhnaoí áillne iolchrothacha ann
agus iad ag gul accos ag géar-chaoíneadh co truaghach
tuirseach. Ro shuidh Oisín agus a mhuinntear a


L. 80


bhfochair na bhfionn-bhan sin agus ro fhochtadar cia
an dúnadh deagh-mhaiseach sin gus a ttánccador.



"Dúnadh dhá mhac ríogh Fhear Maighe ann so,"
ol na deagh-mhná; "Lóchán agus Eóghan a
n-anmonnadh."



"A ingheana," ol Oisín, "créd an dobrón sin
fil oraibh-si?"



"Fil aba agus adhbhar accoinn," ol iad-somh.



"Foillsicchidh dhúinn a fhochain," ol Oisín.



"Ag días bráthor dá chéile atámaoid," ol íad-somh,
"agus dí dheirbhshiair dá-roile sinn, agus do-
chuaidh ar bhfir do thabhairt ban oile anocht agus ní
bhfuil do fhuireach oruinn isin dúnadh sa acht go
feadh iad-san do thabhairt a mban leó amárach."



Ro dhéachustar Oisín a n-íarthar na bruighne
agus it-chonnairc an lia choimhaidhbhseach chloiche
ro bhoí ag óglaoch grádhach d'Fhionn, .i. ag
Seanchán mac Maoil Chró, agus as samhlaidh bhoí
an lia sin agus trí choega uinge d'ór, trí choéga fail
óir, trí chaoga uinge d'aircceat, agus an urdail
céadna d'fhionn-bhruinne arna ffolach innte la
Seanchán.



"A dheagh-mhná," ol Oisín, "créd an cean-
nach do-bhéradh sibh don tí do chuirfeadh d'fhiach-
uibh ar bhur bhfearuibh féin filleadh oruibh doridh-
isi?"



"Dá mbeith ar ar ccumas lúach nó ceannach
ina bhfuighbheadh dúil," ol na deagh-mhná, "as
deimhin go ttiobhradhmaoís dó é."


L. 81


"Atá imorra," ol Oisín, ".i. an rí-lía cloiche at-
chiú a n-íarthar na bruighne."



"Daomhaoín duit a hiarraidh," ol iad-somh,
"bíodh go bhfuightheá í, do bhrígh nach bhféad-
fadaois do mhuinntir acht gé go madh uille iad nó
mar atád toghluasacht do thabhairt uirre, óir do
bhí trom-shochraide na tíri-si accá trén-chorrugh-
adh as an ionadh ina bhfuil, agus ro bhoí a tshein-
tfheidhm for gach n-aon-fhear dhíobh."



"Misi féin bhias meallta dhe sin," ol Oisín,
"muna bhféduid."



Tuccadar-somh an ccloich d'Oisín cco mbuidh-
eachus mór-adhbhal. Téid-siomh as an mbaile
amach, agus do beanadh lán a dheagh-ghlaice deisi
do losaibh soineamhla sídhe lais, agus tucc dhóibh-siomh
íad, ionnus go ttuccsadh a ndeagh-fhir féin
grádh a n-anma dhóibh doridhisi agus gur thréiccseat
na saor-mhná bádar do thochmhairc orra agus nár
dhealaighsat riú go a mbás. Do bhí Oisín cona
dheagh-mhuinntir ina bhfarradh an oidhche sin agus
do freasdladh agus do frithóileadh go maith íad.



Ro éirgheadar go moch ar maidin iarna mhároch,
agus ro thócc-samh agus dias dá mhuinntir an lía do
lár agus do lán-talmhoin, agus ruccsat leó í fá dhiamhuir-
fhiodh dhaingean ndlúth-dhorcha baoi a ccoimh-
fhoccus dóibh gor bheansad a mbiú d'ór agus d'airceat
inte aisde. Tiaccoid rompa iaromh go Fionntu-


L. 82


laigh, dá ngoirthear Ard Pádraicc an tan so, mur
a raibh an naomh-chléirioch. Ro fhearustar
Pádraig fáilte friú, agus ro do fhiarfaigh a iomthús
d'Oisín ó do sgar fris in lá roimhe sin. Ro innis
dó an sgeul iar n-urd.



Níor chían dhóibh as a haithle go bhfacador an
móirsheisir fear fíor-chalma dá n-ionnsoicchidh.



"Can ass a ttudchabhair, a óga?" bhar Oisín.



"A chóicceadh caomh-áluinn Connacht táncca-
mar," bhar íad-somh.



"Créd as toisg dhaoibh?" ol Pádraig.



"Ar do cheann-sa a naomh-chléirigh," ol íad-samh,
"dot bhreith eidir mhaithibh agus mhóir-
úaislibh chríche Connacht, dá mbaisdeadh agus dá
mbúan-leasughadh eidir shean agus ócc, úasal agus an-
úasol, shaídhbhir agus dhaidhbhir, ionnus go mbeid
ag comhaideacht do cheathoir seasgéal, ionnus go
n-éirnid a manchuine agus a mór-chíos duit."



"Ní fhailleóchad-sa an tochuireadh sin," ol
Pádraig, "óir ní dhlighim gan an Eaglais d'onórugh-
adh agus cen bríathra Dé do dheagh-shíoladh agus cen
manchuine an Mhóir-Choimdhidhe do mhéadadh."



Ro ghluaiseadar ó Mhuimhneachuibh ann sin
iarna mbeannachadh agus iarna mbaitseadh do
Naomh Pádraig. Ro cheileaphair dhóibh, agus ro
fháccoibh beannachtain aco, agus ba buidheach
dhíobh. Is eadh conoir inar ghabhsat, .i. i Mairtine
meadhónaigh Mumhon, do Fhiodh na cCuan ris a
ráitear an Chreatshalach, do Shliabh Oidhe an Rí


L. 83


áit a ttorchair Criamhthann mac fearchonta
Fiodhaigh, do Shliabh n-adhuathmhar nEchtghe
inghine Ursgaithighe bean Fhearghusa Iuscca
mheic Ruidhe ruaidh arm-ghlaisi, cuthchuire agus
deoghbhaire Thuath Dé Danann, do Chuaille
chían-oirrdheirc Cheapáin áit a ttorchair Ceapán
mac Mórna an mílidh, agus do Loch na Bó Giorra
ris a ráitear Loch nGréine inghine Finn ag na
fileadhaibh, do Mhagh Mín meic Iúghoine ris a
ráitear Mín-mhagh, do Fhiodh mbláith ard-chaoín
mBreasail, do hSuca sruth-linntigh, do Bhreicthír
Máine mheic Eachdhach Fir Dá Ghíall, agus do chúan
Locha leathon-ghuirm Linnghaoith fris a n-aborthar
Loch caomh-áluinn Cróine an ionbhaidh
si.



Ro searnadh a phuball and sin tar Pádraig cona
chléirchibh, agus tángador maithe agus mór-uaisle na
críche sin go coitchionn dá ionnsoicchidh, .i. an
méid bhoí ó Loch ainbhfeitheach leathan-thonnach
Ríbh co dobhar-linntibh duibh-Eithne. Tucc
gach aon dhíobh a cheann a n-ucht Pádraig agus do
dhian-shléachtadar dó go discréideach. Ro
baisdeadh go hathlomh urésccaidh lais-siomh
íad cen mhoille. Táinic as a haithle ar an bhfeart
bhfód-bhláith bhféur-úaine boí ina fhochair agus
Oisín ina choimheadacht.



"'Anam, a Naomh-Phádraig," ol Oisín, "icc


L. 84


so an t-ionadh ina ttugustar Osgar, .i. mo mhac-sa,
a chéad-chath."



"Créd adhbhar an chatha sin, a chara?" ol
Pádraig.



"Searc adhbhal-mhór tuccustar Osccar do
Néimh inghine Dhuinn mheic Fhearghusa Finn .i.
d'inghin rí Uladh," ol Oisín, "agus tucc Aodh mac
Finn mhic Fhionntain, .i. mac rí Connacht, hí
tar thoil Osccair. Fógrus Osccar cath a hucht
Finn agus na Féine fair. Ní raibh-siomh coimhlíon
catha re hOsccar gor shireastar sochraide sluaigh
ar rí Éreann, .i. ar Corbmac ua Cuinn. Ro chuir
Corbmac ceithre cúicceadhaigh Éireann lais a
n-aghaidh na Féine, agus do-radadh an cath im in
inghin san ionadh sa," ol Oisín, "agus ba hiad so a
chéad-ghníomha, amhuil dhearbhócham isna ran-
nuibh si;" co n-ébhairt:




"Céad-ghníomha Osccuir go mbúaidh
rí Uladh gusan árd-úaill
agus rí Laighen gan locht
agus aird-rígh chóigidh Chonnacht.



Aodh Donn mac Fearghusa Finn,
rígh Uladh gusan imrinn,
a los sgéith agus cloidhimh chruaidh
ro mharbh Osccar a n-aon-uair.


L. 85


Do-rala chuicce íar soin
Aodh mac Finn mheic Fhionntain:
ro mharbh é, lór a luaithe,
re hathaidh na háon-uaire.



A chomhalta caomh críonna
(ba fear áloinn ard-mhíolla)
Líne mac Léith, laoch na ttor,
ro mharbh Osccar a n-iomroll.



Tánaic d'fhéaghain an chatha
Níamh an édaigh ioldhatha:
meabhais an cath ina ceann;
marbhtar an ríoghan roi-theann.



Do-bhér-sa teisd ar Osccar
ba curata a ccaomh-chosccar
nár iadh a dhí chois im each
budh feárr eangnamh is eineach.



Adeirim-si riot-sa dhe,
a Phádruic go bhfíor-ghloine,
Osccar budh coimhghlic críonna
rob íad sin a chéad-ghíomha."
Céad.


L. 86



Iar ndénomh na laoidhe sin d'Oisín do ghabh
dubha agus dobrón é d'ureasbhaidh Fhinn agus na
Féine agus Osccuir go háiridhe. Ro léicc a cheann re
lár agus re lán-talmhan ionnus gur thuit a throm-
chodladh fair. Nírbh imchían dó amlaidh gor
bhíoccustar go bríghmhar borb-neartmhar. Ro
dhearc ina thimchioll, agus ro léicc osnadh adhbhal-
mhór ass, agus do-chuaidh cruth ar éccruth ó nach
bhfacustar ina thimchioll acht Pádraig cona
dheagh-mhuintir. Ro chiestar go falcmhar fíor-
throm íaromh agus boí sealad gan aon-fhocal do
labhairt. Ro ghabh tuirsi trén-aibhsioch an
Táilginn ó 'd-chonnoirc eisiomh samhlaidh. Ro
labhair ris agus as eadh ro ráidh:



"A charo mo chroidhe, a Oisín," ol Pádraig,
"innis dúinn créd it-chonnarcuis ad chodladh."



"Uch! a chara ghrádhach," ol Oisín, "aislincc
at-chonnairc ann, agus as suaill nár choimhbhris mo
chroidhe im chliabh in tan ro dhúisgios agus nach
ffaca im thimchioll acht sibh-si, óir andar liom,"
ol sé, "do bhádhus-sa a bhfochair mh'athar a
a Maoín-mhagh, agus na Féine ar-cheana, agus do taidh-
bhreadh dhamh íad ag dénomh an duird
fhíansa."



Agus do ráidh na roinn d'fhoillsioghadh a
ttadhbhas dó, agus ro fhreaguir Pádraig cuid dona
rannuibh sin d'eagla co ngébhadh saobh nó seach-
rán chuicce tré bhuaidhreadh inntinne agus tré
dhásacht na haislinge tárbhas dó, co n-ébhairt:


L. 87



"Dordán na Féine acc Drom Chaoin
tárphas damh, caoin an cleas,
is eadh rom-dhúisgigh as mo shúan
an dordán binn, búan rom-feas.



Anndar liom ro bhádhus féin
a bhfarradh Fhinn fhéil ann séin
agus Osccair, fa caomh cíall,
ro mharbhadh mór níadh go neimh.



Fosccadh féighe Dáire Dhuinn
tárbhas damh is ba binn leam,
greasacht Faoláin tar gach fear,
glaodh Aonghusa na sluagh seang.



Súaill nár bhris mo chroidhe im chom
tan ro dhúisgios, trom an teacht,
uair nach faca Fionn na bhFian
m'athair agus mo thriath trén."



"A Oisín, ní maith do chíall,
tréig do sgíath agus gabh lorcc,
creid don Fhior is feárr iná Fionn
do chanadh ós do chionn dord."


L. 88


"Neach dob fheárr oineach nó Fionn
níor ibh lionn 's níor mhaol colcc:
fa maith a bhFormhaol na bhFían
an úair do chanadh an Fhian dord."



"Ná déan iomaidh as do thríath,
creid do Dhia agus gabh lorcc
don Té bhí, atá, agus bhías,
dá ccanmaoid-ne gach días dord."



"Creideam dhuit, a Rí na reabh
do-ní gach treibh is gach tolcc."




"Maith ámh, 'anam, a Oisín," ol Pádraig,
"innis dúinn cia an dá chath is mó inar díbhadh
agus inar dílgheannadh Fíana Finn."



"An dá chath dhéighionacha," ol Oisín, ".i.
cath gáibhtheach Gabhra agus cath uathmhar Ollar-
bha, óir do-chuamair-ne trí catha comhlána chum
gach catha dhíoph agus ní tháinic ass an ccath dhéig-
hionach dhínn acht cúicc céd amháin, agus níor cheis
meanma Fhinn ar an bhFéin i ccath nó a ccomh-
lann a rabhadar riamh roimhe. Tucc dá úidh agus
dá aire easbhaidh na ttríath agus na ttighearnadh, na


L. 89


ccuradh agus na ccaithmhíleadh agus an aos gráidh ro
thuitsead ann. Accos ba híad so anmonna na
n-uasol agus na n-árd-oireacht amhoil ro ráidh Fionn
isin laoidh si iccá n-éccaoine, in tan ro ráidh risin
mbegán bhámair-ne ina fhochair a fhionnachtain
dó cia líon bhámar, co bhfionnadh cia líonmhuire
dhó nó d'fheasbhaidh, co n-ébhairt:




"Fionnaidh dhúinn cia líon atáim
(ní misde neach uaibh anadh)
go bhfionnaim soin, líth co ngoil,
an lía dhúinne nó d'Fhothaibh.



Maith mo mhuinntear taobh re taobh
nó go ttorchair Ceallach caoímh:
gaott do shleigh Dhearcc mheic Dhulaigh,
budh cúis tuirsi a tTuathmhumhain.



Cellach caoin:
gacha ccluindís an días gláon
ní théigheadh úatha ar iomroll amach
gach aon budh eguil d'égnach.


L. 90


Seisir no bhíodh bhám iomdhaidh
ní léiccdís neach fá dhiomdhaigh,
no fhasdaois ré ndul amach
gach aon budh eagal d'égnach.



Déar mac Daigh do chíoradh m'fholt,
maith do-ghníodh is ní holc,
ní bheireadh fionnadh a thuinn
agus ní bhriseadh a bharr bog.



Cú Chuille do rannadh biadh,
ionmhain deigh-lámh dhíreach dhian;
ba maith m'iomdhuigh re luighe
ó Dhubhthach mac Dáruine.



Cú Chuille,
trén ar gach mbeirn a bhuille,
baoi ar n-easoir aicce go cían,
níor chomhraic a lámh ria ríamh.



M'ara carboid Glas mac Deircc,
uathadh ro fhidir a fheircc;
Dáire no bhíodh im roinn ris,
ba feirrde in leath no théighdis.



Lir mac Gabhra fear mo sgéith,
ionmhain curaidh nárbho tréith;
Cú Churraigh aro mo shleagh
tan no théighinn d'orccain bhfear.


L. 91


Taoiseach comhóil Corc mac Súain
a hairear Alban atúaidh
tríocha laoch no bhíodh 'na thoigh
cco laithe Mónadh Mafhoidh.



Cairbre Cas
ro thinmhneadh dhúinn ar mbiadh mas:
do-níodh dó acht triathaibh dég,
do dhiongnadh dá mbeithmaois céad.



Dhá ass don airccead bhreac bhán
no bhíodh eidir é is lár,
cliabh cas mur shiricc tar lear
imá chorp tonn-bhán cneas-gheal.



An uair do dháiltí ar ccuid dúinn
ba solus sochair dár ccúil:
aoin-dul do chách sonn imhne,
a chathbharr im cheann Chairbre.



Annamh liom ceasacht ar sluagh,
a dhénamh ní damh ba dúal;
ccus aniogh ní dhernas ríamh
a bhfoccus nó a n-eidirchían.


L. 92


As leasga liom-sa tocht san treas
acht giodh mór riccim a leas;
mo chéim ní céim gan mhoille
go Dubhthor Dál Aroidhe.



Éccóir d'Fhothuibh tachor riom,
mór lá ro leasaigheadh liom;
ní do dheóin Lughach meic Con
ro bheanfadh riom féin Fothadh.



Ochtar is sé fichid fear
do neoch ba diongbhála dhamh
ro marbhadh a cCarn Abhla
fá Dhonnghus mhac Lánamhna.



Trí chéud cath ro chuir an Fhían
eidir theas, thúaidh, is thíar;
nior chuirsat uile imale
aon-chath is mó éccaoine.



An lucht sin do beanadh dhíom
do dhingéabhdis a dhá líon:
anú dá mbeithdis im bhun
ní hé Fothadh nach fionnfadh."


L. 93



Is ann sein ro fhiarfaigh Cainén mac Fhailbhe
mheic Fhearghusa mheic Eóghain Mhóir d'Oisín:



"Cáit ar marbhadh Eócchan Mór mac Oilealla
Óluim?"



"I ccath Mucromha ro marbhadh an mílidh," ol
Oisín, "do láimh Béinne Briot."



"Cáit ar marbhadh Sadhbh inghean Chuinn
Chéad-chathaigh?" ol Benén.



"Marbh do chumhaidh a mic ghrádhaigh i
tTeamhraigh na Ríogh," ol Oisín.



"Agus Feirchis mac Comáin éiccis, cáit ar
marbhadh?"



"Urchar tucc El mac Deircc Dhuibh do bhior
chruaidh chuilinn i mullach Sléibhe Crot, budh
do dhamh imdhísccir allata, gur bheanustar
d'Fheirchis a ttulchlár aighthe dhó gurbho marbh
d'aon-urchor gan mhoille," ol Oisín.



"Agus Áth Tuiseal ar Mhagh Mín-adhbhal
ciodh dá ttá?" ol Cainén.



"Connla Dearcc a Chnuc Dhean," ol Oisín,
"ro bhuaileastar Fiachaidh Muilleathon mac
Eóghain isin áth gur bheanasdair tuisel dó, conadh
dhe atá Ath Tuisil."



"Cath Sionna dna," ol Cainén, "cia ros-tucc agus
cia do-rochair ann?"



"Corbmac Cas mac Oilealla Óloim tuccustoir
é d'Eochaidh Abhradhrúadh, .i. rí Uladh. Ro


L. 94


mharbh Eochaidh ann, agus do buaileadh Corbmac go
trom ann ionnus go raibhe teóra bliadhna agá
leigheas agus a inchinn ag sileadh ass, agus ro bhiu-siomh
a cceandus dhá chóigeadh Mumhan an
tan sin. Do-rinneadh dúnadh leis annsidhe agus
loch-thobar grinn gainmhidhe ar a lár. Ro
cumhdaigheadh rí-theach ro-mhór úas ag an
tiobraid, agus ro suidhigheadh teóra líacca lán-mhóra
loinneardha a ttuinidhe na talmhan im an ttiob-
raid. Ro suidhigheadh leaba don rí agus a ceann siar
idir na huaithneadaibh cloch sin agus ógláoch grádha
dhó féin acc tabhairt uisge na tiobraide imá cheann
d'fhionnfhuaradh a inchinne ón ainteas baoi
inte. Fuair-siomh bás iaromh d'fhuil-iodhain an
othair sin gur cuireadh fá fhochladhuibh talmhan
an t-airsigh. As de sin atá Dún Trí Líacc óisin,
agus an dúnadh sa for a bhfuiltí as aoibhne an dúnadh
sa thoir inás;" co n-ébhairt na roinn:




"Aoibhinn giodh an dún sa thoir
ris a ráitear Dún Eachoir,
agus ní hanaoibhne trá
Luighe Sádhbha is Oilliolla.



Marbh Sádhbh do chumhaidh Mic Con;
ro goet Feirchis d'én-urchar;
don arroind ina fharradh
marbh Oilll do thámh-ghalar.


L. 95


Rob marbh Eóghan Mór go rath
a ccath Mucromha meanmnach;
borb-shlat do las ó ghníomhuibh
marbh Corbmac Cas d'fhuillíodhain.



Fiacha Muilleathon fa mas,
mac d'Eócchan co n-aireachas;
lór a sholmha ro bhaoi tan
ro gaot Connla ag Áth Leathan.



Agas Áth Leathon do chéin
shloinnid seanchaidh go saor-chéill
is Dún Eochair ós Mhagh Mhóir,
caidhe fochain a cclaochlóidh?



Ath Tuisil ainm an átha,
is é so an fios fíor-fhátha,
tuisiol tucc Connla a Chnuc Dhean
ar Fiacha maith Muilleathan.



Cath Sionna ro-lá go mblaidh,
ann ba raon madhma ar Ulltoibh,
ro buaileadh Corbmac san ccath
's ro mharbhadh an-tuir Teamhrach.



Tánccadar a chneadha ris
re mac rígh Feadha Fidhlis,
giolla nachar dhíombuan bladh,
uiscce ionnuar ros-íocadh.


L. 96


Gach lá dá ttéigheadh bhán eas
mac Oilealla, Corbmac Cas,
a fhleascc láimhe nochar ghar
dol fá Eas Máighe mór-ghlan.



Do dhruid as go dún ar sléibh
go bruighin a athor féin;
ro sáiti trí líaga lais
d'fhionnfhuaradh a chinn chaomh-chais.



Dona trí líaccaibh ad-chíad
as de atá Dún Trí Liacc:
Dún Trí Liacc ó sin alle
tair éis Chorbmaic Chinn Chláire.



Ba marbh rí Mumhon iar soin
do chneadhoibh, do fhuillíodhoin;
adhnacht a nDún Guiligh grinn
a leabaidh fhionnfhúar aoibhinn."
Aoibhinn.




"Att-rae buaidh agus beannachtain, a Oisín," ol
Pádruicc, "is maith an seanchus sin d'innsis
dhúinn, agus as de sin leanfoidh clanno Dáirine agus
clanno Deirgtheineadh choidhche budhdheasto."


L. 97


Dála Dhúach Dhálaigh mhic Bhrain, .i. aird-rí
Connacht, as ann ro bhaoí a chomhnaidhe don chur
sin a cCruachain chladh-áird chomháloinn, agus
táinig Pádraig agus a mhuinntir chuige isin ionadh
ina ccualadar a bheith an lá sin a n-oireachtas
co maithibh a mhuinntire maille ris, .i. a cCarn
ród-ghlas Fhraoích. Ó 't-chonncador na cléirigh
chuca é do dhruideadar 'na choinne dia comh-
onórughadh. Tucc rí Connacht ann sein a
cheann a n-ucht Pádraig agus ro baitseadh as an
mbathois ndiadha na deagh-fhir go dian-athlamh
agus tuccadh a ainm féin fair, .i. Duach Ghaloch ar
a ghníomharruibh, agus ro gheallusdair an
naomh-chléireach ceannus agus ríghe an chúicceadh
dá shíol agus dá shemen, agus do coimhlíonadh go ceart
an gheallamhuin sin óir as acu boí an ríghe ó
shin ccus anoiss.



Ro bhoí mac ag Duach Ghalach an tan sin, .i.
Eóghan Sreibh a ainm, agus do ghabhsat macradh Con-
nacht ionadh coinne ré-roile ar an ccéide ós
Cruachoin do chomhmóradh iomána. Ro chuir-
siot a n-iomáin, agus rucc Eóghan ceathracha báire ar
an macraidh boí don leith oile dá n-aimhdheóin,
gan aon-bháire eatorra, agus ro shuidhiostar as a
haithle, agus ro ghabh sláottán tiogh trom-ghalair é
ionnus go bhfuair bás go bith-urlaimh. Do
hinniseadh an sgél sin dá mháthair, .i. d'Aoífe
fhoilt-fhinn, inghin rí Uladh. Do-rónnadh nuall-
ghubha adhbhal-mhór acc maithibh an chóiccidh


L. 98


do chaoíneadh an mhic. Ro ráidh an ríoghan a
bhreith d'ionnsoicchidh an Táilccinn tiodhlaic-
thigh agus a chur ina ucht "ar an adhbhar," ol sí,
"gurab dhó do dheónaigh Dia go comhaontadh-
ach leigheas gacha lán-aincis."



"Iss imdhearccadh dhúinn a chur a n-ucht an
chléirigh naomhtha gan a chead do ghabháil aicce
féin ó thosach," ol an rí.



Do chuirseat teachta ann sin a ccoinne Pádraig
dia thabhairt go puball an rí, agus baoi an mac marbh
ar láoch-lár na bruighne agus coilcthe corcordha ina
urthimchioll. Iar ttocht do Phádraig ar amus an
rí ro chuir an bhanríoghan sgéala chuicce, a haon-
mhac d'fhagháil bháis an ionbhaidh sin, agus ro
ráidh go bhfuighbheadh féin agus a trí cháoga comh-
dhalta bás dá chumhaidh muna bhfaghadh-somh ón
Choimdhe a aithbheódhughadh doridhisi.



Ro hinniseadh sin dho Naomh Pádraig agus ba
trúagh lais. Tánoic as an dúnadh amach iaromh agus
tuccadh longshítheal bhán-óir chuige agus a lán d'uisge
fhíor-áloinn innte. Ro bheannaigh an naomh-
chléireach an t-uisce ann sin, agus adn-aghoir cúach
fhionn-airccid chuige, agus ro chuir a lán don uiscce
choisreagtha ind, agus éircchis féin ris agus tóccbhus
coilcthe corcortha boí ar uachtar an mhacaoimh
mhairbh dhe agus adn-aigh trí lomanna as an ccúaich
ina bhéul. In ceathramhadh úair ro shín an
chúach chuicce. Do éirigh an macaomh agus tucc
lámh tar a aghuidh, agus as amhlaidh do bhí


L. 99


mur bheith a ndáil, a n-áonach, nó a n-ól-
tigh. Éirghios ina dheaghaidh amhuil ro ráidh
Oisín agá dhearbhadh isin rann:




"Ro thodhúisidh Pádraig féin
Eócchan cosccrach a Chorr-shléibh,
mac do Dhuach tuachoil nár thais,
go luath a cCruachoin chraobh-ghlais."




Ba subhach soimheanmnach cách uile don
sgéal sin, agus tucc gach aon díobh fó leith a cheann ina
ucht, agus ro chreidsat ann uile do Dhia agus do Phádruicc,
agus tuccsat a mboí acu do shéaduibh agus d'innillibh ó
bheg go mór ar cumus Phádraig. Ro bhádar ann
eadh na hoidhche sin go ttáinic an lá cona lán-
shoillsi arna mhárach dá n-ionnsaighidh.



Do fhágbhadar an baile ann sin agus tánccador an
sluagh uile leó go Gannmhaigh ris a ráitear Magh
Mucosa in tan sa, áit inar chaithsead muco díana
Deirbhrinne meas agus mór-thoradh bile thruim
Tarbhgha, agus do Mhullaigh Mucosa agus do Ráith
Ghlais ris a ráitear Ráth Bhrénuinn. Ro searnadh
a phuball tar Pádraig agus tar rí Connacht isin ccnoc
sin. Att-racht Pádraig agus Oisín agus tiaghoid ós or
na rátha agus ro shuidhsiot aráon ann, agus táinic rí
Connacht cona shochraide agus ro shuidhsiot ar or
na rátho ród-ghlaisi i ffarradh Pádruicc agus Oisín.



"Créd 'má ttugadh Ráith Ghlais ar an ráith si,
a Oisín?" ar Dúach Galach.


L. 100


"Glass mac Dreaccoin rí Lochlonn," ol Oisín,
"táinic do bhúain ríghe an oiléin si na hÉireann
amach ar éiccin; cúicc catha ficheat a líon ag
tarrochtain co Cathaoír Dhoimh Dhíleann ris a
ráitear Dún Ros Árach an tan so. Is ann ro
bhoí Fionn a nAlmhoin leathain-mhóir Laighean
an ionbhaidh sin."



"A anom, a Oisín," ol rí Connacht, "créd 'má
ttugadh Almha ar Almhoin, óir as fada me iccá
iarraidh agus nochan fhuaras a fhios ag sean nó acc
seanchaidh gus anoss?"



"Ócclaoch ro bhoí 'na dhraoi agus 'na dheagh-
fhilidh acc rí Laighean," ol Oisín, "agus ba hainm
dhá mhnaoí sin Almha. Do chuinghidh ina coibh-
che agus ina céad-thionnscra ar Chathaoir, .i. ar
rí-fháidh Laighean, a hainm do bheith ar an
ttulaigh sin. Fuair sí an choibhche sin ón rígh-
fhilidh, .i. ó Chathaoír Mhór mac Aicheadh.
Conadh adhbhar sin d'Almhain do thabhairt, óir
filead mór nd-ádhbhar ag dúblughadh an deagh-
anma sin uirre. Nó co madh ón ccumhdach tucc
Nuadha mac Aicheadh uirre ro hainmneaghadh,
.i. suinn aoin-gheal d'almhain aoin-ghil tucc ina
thurthiomcheall go madh coimhgheal re haol.
Nó cco madh ó Almhain, inghin Bhéccáin bhrat-
sholais, bean Iuchna chíabh-fháinnigh, in cúicc-
eadh inghean dó, ro hainmniugheadh. Agus as
deimhnighthi gach dénamh ag dearbhadh a chéile,"


L. 101


bhar Oisín, "agus gach áit inar ghabhsat na hin-
gheana sin Iuchna ro ghabh ainmniughadh óna
n-anmonaibh. Nó ócclaoch do Thuathaibh Dé
Danann do bhoí sa mbrugh mbraonach mbreac-
sholus, .i. Béccán a ainm, agus baoi inghean a n-aen-
tomha aicce diarbho hainm Almha, agus tuccustar
Cumhall mac Tréinmhóir do bhain-chéile í. Ro
budh marbh an inghean sin ag breith mic do
Chumhall, agus ro múradh an tulach thonn-ghlas
uirre. Conadh uaithe ainmnighthear, óir as deimh-
nighthe gach déighionach," ol Oisín.



Co n-ébhairt an laoidh ag deimhniughadh
gach seanchais dhíoph sin:




"Almha Laighean, lios na bhFían,
port inar ghnáthuidh Fionn fhíor-fhíal,
atá sonn do réir gach sein
ní dia ttá Almha ar Almhein.



Almha (rob álainn an bhean,
bean Chathaoir Mhóir mheic Aicheadh)
ro chuinghidh, ba caoimh an dáil,
a hainm ar an ccnoc ccomhlán.



Núadha draoi, ba giolla garcc,
lais do-rónnadh dún dron-árd,
dár ghabh-son Almhoin ghloin ngrinn:
de sin atá an dún díghainn.


L. 102


Almha ro budh caoimh dia cois,
inghean Bhéccáin bhrat-sholais,
an tshlat shaor dá sléachtadh sluagh,
úaithe fil Almha arm-rúadh.



Aoín-gheal an dún (dreimhne dreann)
mur no ghéabhadh aol Érionn:
don almhuin tucc ar an treibh
dé atá Almha ar Almhuin.



Almha ainm an fhir ro ghabh
re linn Neimheadh co nert-bhladh;
marbh thall san tuiligh úaine
do ghalor olc én-úaire.



Ócclaoch d'Fhearuibh Bolcc nár bhoéth,
Iuchna ba hainm don ócclaoch,
budh lán an dún thíar is thoir
dá almhaibh, dá inniolluibh.



Luidhseat na táinte tría thart
d'ól uiscce chum na tiobraid;
dá ngleic, re trom a ttarta,
do chuirseat a n-adharca.



Adhorc Bó Iuchna gan bhrath
nó go ttóirr an bráth breathach
ó bheannaibh na mbó mbreac mbán
do ghleacsat im an fhúarán.


L. 103


Bean d'Iuchna an fhuilt chaoimh chladhaigh
inghean Bhéccáin bhorb-ghaloigh,
in aindear chaomh budh chubhaidh,
ro ghabh sonn san saor-thulaigh.



Cúicc ingheana ag Béccán búan,
acc an óccláoch áith arm-rúadh,
as uatha sloinntear a bhfad
gach fearann glan dár ghabhsad.



Brí Oile is Almhoin na n-each
dá mbídís baird go buidheach,
Garman is Beann Teagho throm
agus Brí Aiche éttrom.



Loch Garman ó Gharman fhinn,
is Garman fós (feasach linn);
is Brí Éile ó Bhrí Éile áin,
ó dheagh-mhnaoi an ghreagho gnáth-
bhláith.



Beann Teagho ó Bheinn Teagho thruim
(in t-iúl sa ní hiúl fábhuill),
's Brí Aiche ó Bhrí Aiche áin,
ó inghin bhladhoidh Bhéccáin.


L. 104


Is íad sin an ceathror cóir,
ingheana Béccáin bhrat-mhóir,
agus (ní seanchus saobh so)
an cúigeadh inghean Almhó.



Almha ro budh caomh dia cois,
inghean Bhéccáin bhrat-sholais,
in tshlat chaomh dá sléachtadh slúagh,
uaithe fil Almha arm-ruadh.



Nó ócclaoch do Thuathaibh Dé
ro bhaoi sonn go soinmhighe,
Bécán budh seadh ainm an fhir,
fear dho chuireadh mór n-imneadh.



Amhlaidh baoi fear an bhrogha
cona inghin óicc aontomha
dárbh ainm Almha co ngloine,
gibé bheith dá fhiarfaighe.



Mac Tréinmhóir treun a ccathuibh,
Cúmhall caomh ar sean-athair,
deigh-fhear fa teann ar gach tráigh,
tucc trom-shearc d'inghin Bhéccáin.



Do-bheir Cumhall, gá ttám dhó,
in inghean óg-nár Almhó;
ba headh chuicce do bhrosdaigh
a searc uair níor fhaolosdair.


L. 105


Ba háthlacht an inghean ann
íarna tabhairt do Chumhall;
ro díbhadh isi cheana
dá éis a n-am tuismheadha.



Ro haidhnaiceadh sonn íar sin
Almha imgheal a nAlmhain,
gníomh le a muinntir ba frithir,
conadh úaithe ainmnighthir.



Deimhnighthe an déigheanach ann,"
do ráidh Oisín gan iomrall,
"ó inghin Bhéccáin mar so
anmnaighthear accoinn Almho.



Inneósad duit, a Dhuaich fhéil,"
do ráidh Oisín co ndeigh-chéill,
"aithidh chian d'aimsir íar soin
cionnus fuair m'athair Almhoin."



"Beannacht ort is innis damh,"
do ráidh annséin Duach Ghalach,
"a Oisín is adhbhal fioss,
co nach rabham 'na ainbhfios."



"Tadhg mac Núadhat, fichet goil,
draoí Chathaoír Mhóir go mbúan-bhlaidh,
dhó ro fháccoibh a athoir
Almhoin cona hard-rathoibh.


L. 106


Inghean chruthach ag Tadhg chaoín
darbho comhainm Muirn Mhunchaomh,
cuingheas Cumhall í re headh;
ro érusdair Tadhg taoibh-gheal.



Nos-rucc Cumhall ar éiccin
inghin Taidhg go ttréin-éidibh;
bhliadhoin go hiomlán bhá bhúaidh
do Mhuirn ag Cumhall cleith-rúaidh.



Gabhus Muirn toirrchios fa trén
ó Chumhall, ba maith an sccél,
go rucc gein tshochair iar soin
do bhaoi athoidh a nAlmhoin.



Accaoinis Tádhg réidh rathach
re Conn calma Céad-chathach:
ro imdhearg é tréna olc,
ris ro éccaoín a udhocht.



Fuaccorthar ó Chonn chalma
Cumhall ar fud na Banbha,
go ttuccsat cath glonn ar ghlonn,
gor marbhadh an curaidh Cumhall.



Luidh Muirn íar marbhadh a fir
go hAlmhoin áluinn imghil;
budh cumhthach tuirseach ro bhaoi;
ro bhaoí a adhbhar 'gun deagh-mhnaoi.


L. 107


Amhloidh baoi an ríoghan go rath
agus í taobh-throm torrach;
ro choccoir Tadhg, trén an col,
a marbhadh, a múdhghudhadh.



Diúltaighthear acu Tádhg trén
re Muirne, monúar an sccél,
ó nár leicceadh dhó a laphradh,
a milleadh nó a mór-mharbhadh:



Do luidh go Teamhraigh Fhinn Fháil
Muirne Mhunchaoimh cona mnáibh
gor fhiarfaigh do Chonn gan chol
a hiomthús a hordughadh.



Do ráidh Conn co ngile glac:
"dob fheárr linn co mbéarrthá mac"
(ionann máthair thall 'na thoigh
do Chumhall is dá athoir).



Báine inghean Sgáil go mblaidh
máthair Fheidhlimidh Reachtmhair
accos Cumhaill, céadaibh clann,
conach raibh neach ina iomrall.



"Éiricch," ar Conn, "'s as maith leam
go toigh Fíacha mheic Coincheand;
deirbhshiúr Cumhaill atá 'sticch,
Bodhmann brughaidh bhain-fhéinnidh."


L. 108


Do luidh co Teamhraigh Mhaircce
Muirn an úair sin gan cháirde;
Connla giolla Chuinn gan chol
gá haithne, gá hordughodh.



Rob fhaoílidh ría (dreimhne dreann)
Fíacha fíal-nár mac Coincheand;
rob fhaoilidh Bodhmann go beacht;
rob fhaoílidh uile an t-aireacht.



Ann sin rugadh Fionn feabhdha,
tighearna na bhFían bhfearrdha;
a ccionn a naoi mbliadhon go mblaidh
baoi 'na aird-rí for Fhíanuibh.



Chuinghios úaidh ar Thadhg na ttor
íoc Chumhaill do luath-mharbhadh,
Cumholl nó ceart agus cóir
nó comhlonn aoin-fhir d'fhagháil.



Tadhg, ó nár thualoing ccatha
a n-aghaidh an ard-fhlatha,
do-radadh lais, ba lór dhó,
mar chumhoil d'Fhionn úr-Almhó.


L. 109


Mar sin fríth le Fionn na ttor
Almha a n-éroicc a athor
(creidthe dhuit, a Dhúaich nach lag)
ón túir, ó Thadhg mhac Nuadhat.



Ba feárr Fionn nó gach Gaoidheal,
fearr a mhaith gan mór-mhaoidheamh;
ochtmhoghad is céad bliadhan bil
ro bhaoi gan ég ós Almhain."



Almha.




"Ad-rae búaidh agus beannachtain, a Oisín," ol
Duach Galach, "agus innis dúinn anois an sgeul dár
tógbhadh thú."



"Is ann bámair-ne," ol Oisín, "a nAlmhain
leathain-mhóir Laighean i bhfochoir Fhinn an tan
tánaic an loingsi sin chugoinn, agus is í tucc na sgéala
sin chugoinn, .i. Sbrédh Aithinde inghean Mhughna
Mhion-chraoisaigh, bain-echlach rí Éireann .i.
Corbmaic mheic Airt. Ro thionóilseat ann sin fir
Bhreagh agus Mhidhe, tuatha teanna na Teamhrach,
agus buidhni arm-rúadha Uisnigh, agus maithe bhfear
nÉireann ar-cheano. Ro háirmheadh ar muinntir
linn ann sin," ol Oisín, "agus as é líon bámar, .i.
cúig catho ficheat, agus tánccamar gusan ionadh sa,
agus fa-creasadh crannchor ann sin le Corbmac eidir
na Fíanoibh agus áos na treabhoire dús cia dhíobh
dá roichfeadh cath do thabhairt agus tosach dona


L. 110


hallmhurchaibh. Do-ruacht dúinne an cath do
thabhairt," ar Oisín, "agus tuccadh cath linn dóibh
gach laoi go ceann mís. Do mharbhsamair-ne
trí catha dhíobh sin frisin ré sin. Tuccadh cath
mór eadroinn fá dheóigh. Do chomhraic Fionn agus
Glas ré chéile ann, agus dob é sin críoch an chomhraic
Glas do dhíthcheannadh; agus do díthcheandadh a
sheacht meic liom-sa agus lem bhráithribh; agus trí
chaoga óglaoch do-chuador linne do thabhairt an
chatha do mharbhsat trí choéga óglaoch gacha
fir. Do-chuamair-ne días maraon re Fionn don
phoball a raibhe Glas, agus fuaramor naoi n-uaithne
óir ann, agus ba méadoighthir re cuing n-imeachtraigh
gach uaithne dhíoph, agus ro fhoilgheamar isin
mónaidh sa rinn attuaidh íad."



Agus at-beirt Oisín na roinn ag deimhniugh-
adh an sccéil:




"A Ráith Ghlas
ccus a ttathoighmís mór n-uar,
ro fhághbhus naoi n-uaithne óir
isin mhóin réd mhúr attuaith.



Tríar ro bhámar gá bhfolach,
ba hé ar líon lán-chobhach,
misi is Fionn is file na ndúan,
sinn ros-fholaigh re hén-úair.


L. 111


Trí choega do-chuamair-ne
maille re Fionn g. . bhraisi;
do mharbhsom céad gacha trátha
im chladh na Rátha Glaisi.



A Ráith.




Ro cuireadh Glas iar soin fá fhochladhaibh
toghaidhthe na talmhan isin ráith si. Cona uadha
ainmnighthear."



"Att-rae buaidh agus beannachtain, a Oisín," ol
Pádraig, "agus a Bhrógáin, sgríobhthar leat gach ar
innis Oisín d'fhios agus d'eólus dúinn."



Do-rinne Bróccán amhlaidh gor ro bhádor-samh
ann go solus-trá éirghe do ló arna mhároch,
agus tángador rompa go Ross na Fionghaile. Ro
fhiarfaigh Duach Galach:



"Créd 'má ttugadh Ross na Fionghail ar an
doire ccomhard ccoilleadh sin.



"Noéi mac Uair mheic Igaist do mharbh a
chéile ann," ol Oisín, "agus as de sin go fírinneach itá
Ross na Fionghaile fair."



Tángadar rompa as a haithle i rRé Fhearghusa
ris a ráitear Iomaire mhic Connrach aniu agus co
Cnoc na Ríogh ris a ráitear Uarán nGaraidh. Ro
gabhadh longphort leó annsidhe, agus do sreathadh a
phoball tar cheann glan-irsi Gaoidheal. Do chan
a thrátha agus a iorrnaighthe ann, agus ro bheannaigh an
ttulaigh ttaobh-ghlas ttaitneamhach, agus ro ráidh:


L. 112


"Budh í so an seachtmhadh reilicc dég bhus dile
agus bhus tocha liom-sa a nÉirinn."



"Is eadh bhus doilghe dhi gan uiscce comhghlan
ina comhfhochruibh," ol Benén.



"Madh toil dom thighearna," ol Pádraig, "do-
gheibh-si sin a ccoimhfhoiccsi dhí."



Agus at-chonnairc beann-charrog chloch-mhór
ina chomhfhoccus a n-imeal an bhaile. Tánaicc
dá hionnsaicchidh agus ro sháith a throsdán isin
ccáirrthe gur bheanustar re grían agus re grinneall na
glan-tiobraide ionnus gur mheabhsat teóra shrea-
bha don uisge úaine eochar-bhláith imheal-
ghorm as an ccarruic.



"Fácc búadha for an tiobruid, a Phádraig," ol
Benén.



"Fágbham," ol eisiomh, ".i. ré nómhuidhe do
gach fear lobhra an ccén bás d'fhagháil agus an
mathoin bus marbh neamh dhó cen Purgadóir
acht go raibh ar slighe shlánoicchthe, agus uiscceadha
Éireann do thrághadh fó thrí go deireadh an
domhain roimh an uiscci si, agus Éire uile do leasogh-
adh ass, agus a thabhairt fó thrí ar gach gallraighth-
each agus íocfaigh acht go raibh dóchas aicce.



Innis dúinn, a Oisín," ol Pádraig, "créd an
chúis imár fhóbradar Fiana Éireann marbhadh a
chéile eidir dhaoinibh agus chonuibh."


L. 113


"Ar Tulaigh Fhearadhaigh tárrasdair sin," ol
Oisín, ".i. Fionn Bán mac Breasail, Guaire Goll, agus
Saltrán Sál-fhoda, .i. dhá ghiolla fichille Finn,
do shuidhsat ar an tulaigh si d'imirt fichle, agus trí
choega uinge d'ór agus trí chaoga uinge d'aircceat agus
an céadna d'fhionndhruine is eadh baoi d'imirt
eotorra. Bádar trí laithe agus teóra n-oídhchibh
agá n-imbeirt.



Ba hé an Fionn Bán sin an treas imeartach is
feárr boí a nÉirinn ina aimsir, agus ba híad an días
boí a ccompráit imearta ris a bhFianaibh, .i. Fionn
an flaith-fhéinnidh agus Flaitheas Faobhrach giolla
Fhinn" - amhuil ro ráidh Oisín an rann:




"Flaitheas Faobhrach giolla Finn
é dob fhéarr d'imreadh fichill:
nocha ttardadh for chlár beirt
lámh budh áilne dá himeirt.




An ccén ro bhádor acc an imirt sin ní rucc
Guaire aon-chluithe, agus íar mbúain ghill de ro
fearccadh é ionnus go ttug ail agus athais adh-
bhal-mhór d'Fhionn Bhán, agus is eadh ro ráidh ris
nárbhó hara ar aradhacht, nárbh ócclaoch ar
ócclaochus, agus nach mó budh gaiscceadhach ar
ghaiscceadh.



Tóccbhus Fionn Bán an lámh agus búaileas an
dorn ar Ghúaire, gur bheanusdar teóra fiacla
as a charbat uachtarach agus an urduil oile as a char-


L. 114


bat íochtarach, go ttarla 'na shuidhe ar chlár na
fichle é. Ó 't-chúala Fionn an troid agus an torann
sin at-beart re hAodh mac Móir-threóin, re mac
reachtaire na Teamhrach:



"Fionntar leat," ar sé, "créd fochain an imnidh
si."



Táinig Aodh co hathlomh dá n-ionnsaighidh, agus
fuair fios an adhbhar, agus téid mur i mboí Fionn gus-
na sccélaibh sin lais amhoil ad-chúas dó. Ro
ráidh an flaith-fhéinnidh ann sin Fionn Bán cona
fhéineadh cona mhuinntir do mharbhadh isin
ngníomh sin do-rinne.



Tuccas-sa luidhe," ol Oisín, "nach muirfidhe
mac Breasail nó aon dia mhuinntir acht muna
marbhthaoi mé budhdhéin agus a ngéabhadh mo
pháirt. Ro fearccaigheadh Fionn ann sin, agus ro
fhóccair cath oram-sa agus ar Fhionn mac Breasail.
Ro ráidheamair-ne nach ttiobhramaois cath dhó-samh
agus cco ttiobhramaois breatheamhnus Fear-
ghusa Finnbhéil, .i. file na Féine, Chaoilte mheic
Rónáin, agus Diarmada uí Dhuibhne dhó. Ro
aontoigh-siomh sin do ghabháil uainn. Is í
breith ruccsat an tríar sin," ol Oisín, "cipsí
maighen i ccomhraicfeadh ara an rígh-fhéinn-
eadh ré hara mheic Bhreasoil dórn ar ghiolla
mheic Bhreasoil, agus uinge d'ór ó gach taoíseach d'
Fhianaibh Éireann don árd-fhlaith ós a chionn
sin.


L. 115


Ro snadhmadh síthcháin eadrainn ann sin,"
ol Oisín. "Ro shuidhsíot na Fíana, dóigh
as amhlaidh bádor agus íad urlomh iméasccaidh
dochum catha do thabhairt do 'roile. Íar sin
do fhiafraigh an flaith-ruire do mhac Breasoil créd
in fhochain imreasana boí eatorra.



"Do ghiolla-sa," ol eisiomh, "táinic teóra maidne
d'iarraidh imearta oram-sa, agus ro ghreannaigh mé
isin maidin dhéigheanaigh im aon-chluithe d'imirt
lais. Ro imremar ré-roile íaromh. Tucc-samh
athais adbhhal-mhór dhamh-sa iar mbúain im-
earta dhe dhamh. Buailim-si do réir mur do-
chuala-sa leis-siomh," ol Fionn Bán.



Tuccus-sa mo bheannacht ann sin," ol Oisín,
do mhac Breasail ann sin do los an bhúailte do-
roighne, agus do-rad an rí-fhéinnidh a bheannachtain
dó mar an ccéadna, agus ro ráidh nár mhór an
t-aindligheadh do-roighne óir gur dhligh sáir-
bhríathar sáir-bhéim. Tuccus-sa imdhearccadh
d'Fhionn ann sin im gach anúabhar dá ndeárnsat
a thríar aradh, .i. Gúaire Goll, agus Saltrán, ar Fhionn
mac Breasail, ar Chamán, agus ar Fhearrdhomhan.
Tuccsamar uile luidhe ó bhél go bél gibé giolla
nach ttiobhradh uirrim úadh as a haithle cco
ccaithfeadh ar seachna go síorruidhe.



A ccionn aimsire imchéine íar sin tiaccoid an
Fhían go Coill Coímhédo a ccrích Ua tTairseadho a
Laighnibh ris a ráitear Druim Eachroidhe in
ionbhaidh si. Agas do-chuador do dhénamh


L. 116


sealcco as a longphortaibh an lá tar éis dul ann-
sidhéin dhóibh, agus ro fáccbhadh sein-fhéinnidh do
mhuinntir Ghuill mhic Mhórna a bhfarradh
banntrachta na bainríoghna agus 'na farradh féin go
háiridhe, .i. Garaidh mac Morna a ainm. Agus as
amhlaidh boí an seanóir aosda arsuidh ar ttuitim
a ndubha agus a ndobrón, a meirtne agus a mór-chumh-
aidh íar sgarthain a fhéine agus a fhóirne, a charad agus
a choimhmbráithreach ris.



"Maith, a Gharaidh," ol bean don mbanntracht,
"an madh toil leat fithleóracht do dhéanomh?"



"Nocho toil," ol eisiomh.



"Ciodh sin?" ol íad-somh.



"Laithe n-oén," ar Garaidh, "do bhámair-ne
Fíana Éireann a tTulaigh Fhearadhaigh acc Loch
nEóin i cConachtuibh, agus do fhóbradar an Fhían
marbhadh a chéile ann."



Agus do innis an sgeul dóibh go hiomlán," ol
Oisín, "amhail d'innisas-sa dhaoibh-si. Agus
nocharbh imchían íaromh," ol Oisín, "gur fhiar-
faigh bean oile don bhanntracht don bhanrío-
ghain:



"Nach chuige do fáccbhadh Garaidh accuinn
d'imirt fichle linn agus do dhénamh teineadh dhúinn?"



"Is eadh go deimhin," ol isi. "Agus do-chúaidh
ar a lúdh agus ar a lámhach, óir ní cumas é ar áineas
nó ar imirt do dhéanomh."



"Dar mo bhréithir," ol Garaidh, "is comhrádh


L. 117


ban mbíodhbhadh an comhrádh sin, agus ciodh fada
bheinn-si i bhfochair chloinne Baoisgne ní char-
faidhdís mé, óir ní cairde bunaidh dhamh íad."



Agus ro fhadaigh teinidh dona mnáibh, agus ro
dhúnustar doirsi na bruighne, agus tucc arm agus éideadh
leis, agus ro ráidh na roinn:




"A mhná áilne Féine Finn,
imridh-si féin bhur bhfithchill:
sibh-si ósar aindear nglic;
misi im sheanóir, shean mh'imirt.



Brugh aoisi do mhearaigh me;
am comhaois do bhur n-aithne;
as áithe gach dealcc as só:
ní comhdhíor ar ccomhchluitho.



Cumhoin liom lá ag Loch nEóin
(ní maith seanóir gan sean-sgeól),
do meadhradh ar ndáil uile
tré iomarbháigh áon-chluithe.



Do bhí Guaire giolla Finn
ag fáith-imirt ar fithchill
agus Fionn Bán mac Breasail,
dá ttárla dhóiph imreasoin.


L. 118


Dob fhearr d'imeartoigh Fionn Bán
ná Gúaire ó Ghlas Barráin:
rucc Fionn Bán cluithe,
agus ní rucc Guaire én-chluithe.



Fásaigh fearcc mhór i nGuaire
re mac Breasail brat-úaine,
do-ráidh ólc dá ríribh ris
tréna bheirt ndírigh ndílis.



Mór iomnáire Fhinn Bháin,
tóccbhus go luath an leith-láimh,
gur bhen dó bhél Ghuaire ghloin
dorn ó mhac buadhach Breasoil.



Éircchid suas an Fhían amhra,
fir ánrata fhíor-chalma:
sáoth léo-samh giolla i bhflatha
do bhualadh tré dhroch-fhatha.



Éircchid suas fiana Finn Bháin,
fíana Oisín d'én-láimh,
fían Chonáin, fían Chaoilte chain,
fían Osccair, fían Fhearrdhomhain.


L. 119



As ann sin adubhairt Fionn féin:




"Éirigh amach, a mheic mhóir-thréin,
créd dá bhfuil fearg na Féine,
créd adhbhar a ccoimhéirghe?"



"Guaire do ghiolla-sa féin,"
ar Camán blárdha a Bhláth-shléibh:
"ní súaill in t-adhbhar dá bhfuil,
a mharbhadh do mhac Breasail."



"Gabhthar mac Breasail," ar Fionn,
"ná gabhthar cumhaidh dá chionn,
nárab cumoirce dhó dhe
Diarmaid, Oisín, ná Caoilte."



"Dar do láimh-si, a Fhinn an óil,
dar h'úaisle agus dar h'onóir,
ní muirbhfidhear mac Breasail
ó thárla ann imreasain.



A athair, toiris réd chéill,
a mheic Cumhaill," ol Oiséin,
"breith dhíreach is cóir do fhlaith
agus ní briathar bhaoghal-bhraith.


L. 120


Ciodh sinne no beith cco holc,
dhíot-sa dleaghor ar tteagoscc;
tabhair fád dhéud fis do mhéar,
's ná tabhar breith ar leithsgéul.



Gabhthar Fionnchú mac Fir Chruim
giolla meic Bhreasail bharrdhuinn;
madh do mharbh-san Guaire glan
marbhthar leat-sa féin Fionnchon."



Gabhmaoid a ndeaghaidh Finn Bháin,
a mhac Cumhaill eineach-náir,
go ttuccsam mac Breasail linn
go teach Fhinn rí Fhían Éireann.



Do fhiarfaigh Fionn d'Fhionn oile
caithmhílidh ard Almhaine:
"créd do-rála dhuit-si dhe
ó do mharbhais ann Gúaire?"



"Gúaire do ghiolla-sa, a Fhinn,
bachlach do bhoí fát fhichill,
táinic trí maidne muiche
dom ghreannadh im áon-chluithe.



Beirios ceithri cluithe íar soin
ar Ghúaire mac binn Breasail;
rom-loiscc an úair budh loinn lais
tría úaill is tré athais.


L. 121


Tóccbham-sa súas an lámh ndeas
is ní tárdas an éisleis
go ttugsam dorn ar an bhél,
ní innisim acht fíor-sgéul."



"Beannacht ar an láimh tucc dhó,"
ar Oisín, ní hiomarghó,
"do ghiolla Laoi Locha Gar
nocha gan fhátha tuccadh.



Muna maithe an dorn daith
íocfaidhthear riot, a ro-fhlaith,
rod-fia uinge d'ór gach fir
in líon atámaoid d'Fhíanuibh."



"Beir mo bheannacht, éircc dot thoigh,"
do ráidh Fionn re mac Breasail:
"lúach a ndubhairt Gúaire fén -
dlighidh sáir-bhriathar sár-bhéim."



"Dóigh dá madh maith leat-sa soin
olc do mhac acht ar giollaibh,
Gúaire, Glas, is Saltrán seang
acc imdhearccadh Fhían Éireann.


L. 122


Gúaire d'imdhearccadh Fhinn Bháin,
Glas d'imdhearccadh do Chamán,
mó gach sgél Saltrán solamh
do rádh uilc re Fearrdhomhan.



Iarraim féin d'aisccidh ort,
a fhlaith na bhFían bhfaobhar-nocht,
nárab bés ó 'niu go bráth
giolla do mheas re hógláoch."



Tuccsam luidhe ó bhél go béul
Fían Éireann uile deasgéul
nach laimhfeadh bheith a bhFéin Fhinn
giolla nach ttiobhradh uirrim.



Misi giolla dhaoíbh inocht;
uirruim dhúibh úaim, a bhanntrocht;
tuccus dom bréithir theaghlaigh
nach ttachroinn re hingheanaibh.



Ciodh cían do bheithmís 'ma-le,
a bhanntracht Fionn na Féine,
ccéin bhus cumhaoin liom an lá
ní iméara fribh, a mhná."



A mhná.




Ag sin an sgeul do fhiafraighis díom, a Naomh-


L. 123


Phádraig," ol Oisín, "óir as a ttimchioll na
himearta sin ro shamhluigheadar Fíana Éireann
a chéile do mharbhadh."



Tárla óccláoch a ccomhaideacht Dhúaich, .i.
Corbmac mac Dáire, mac rí Corca Dhuibhne.



"Fiarfaighe dob áil liom do dhéanamh dhíot, a
Oisín," ol sé, ".i. créd 'má ttuccadh Tonn Chliodh-
na ar Thoinn Chliodhna, agus Tonn Téide ar Thoinn
Téide?"



"As deimhin go bhfuil fúasgladh ar fhiarfaighis
agam-so," ol Oisín, ".i. fear Galldo do bhí ag
Fionn mac Cumhuill, .i. Ciabhán cass-mhongach
mac Eathach Arm-dheirg, .i. mac rígh na Sorcha.
Is amhlaidh boí-siomh .i. an t-eadarsgaradh
bheirios éascca ina oll-chúicceadh déag thair
aird-rédhlonnuibh nimhe, rucc-samh sin ar chruth
agus ar chaoimh-dheilbh ó mhacaibh ríogh agus taois-
each na talmhan co comhchoitchionn, co nách
bhfuair críoch nó ceannadhach isin ccruinne ina
léiccfidhe fos nó fíor-chomhnaidhe dhó ar 'áilne agus
ar a mhéid do-bheirdís mná gacha críche a ngab-
hadh searc agus síor-ghrádh dhó. Agus do bhris
mór ccath cco ttorracht an t-oilén sa," ol Oisín,
"agus ránoicc gusan ionadh a mbámair-ne Fíana
Éireann agus naonbhar ócclaoch ina choimhideacht agus
íar ttórrachtain dó tuccamar uile grádh agus géir-
ionmhuine dhó ar fheabhus a dhealbha agus éargna a
earlaphartha, agus do naiscc-siomh cumairce óirne agus
dá naonbhar go hiomlán.


L. 124


Ro iomchomhaircamair-ne deisiomh créd fochain
na cumairce. Ro innis sin dúinn, .i. gurab eagla
boí air roimhe lucht an oiléin gus a ránoicc, agus ro
innis a eachtra dhúinn. Ro ghabh Fionn ina
mhuinnteardhas é, agus nocho ar chian dó amhlaidh in
tan do ghabh fuath agus fíor-fhormad an Fhian uile
dhó, úair ní raibhe acc fear nó gan fhear a
bhFíanuibh bean nach ttugustar toil nó trom-
ghrádh dhó, agus géarbho leisg le Fionn diúltadh do
thabhairt d'aoineach tucc diúltadh do Chíabhán,
óir ba heagail leis an Fhían dá mharbhadh tré
eud.



Ro íarr Ciabhán comhuirle ar Fhionn and sin.
As í comhuirle tucc Fionn dó dul co Tír Thairrn-
gire agus go mór-shlúagh Manannáin agus go bhfuigh-
bheadh a dhiongbhála do mhná ann gan amhrus,
agus a tabhairt lais a bhFíanaibh, agus co ccoisgfeadh sin
inntinn agus meanmann aon-mhná oile dhe, agus fós go
ttoirmisgfeadh sin gan fúath agus fíor-mhiosgais
d'fhagháil dó nó bheith fána choinne ag na Fían-
uibh.



Ro ghlúais Cíabhán roimhe chum imtheachta
ann sin, agus ba leascc le Fionn sin agus ro ráidh an
laoídh:




"An abhus, a óccláigh fhinn,
a mhacáin an bhéarla bhinn,
ná héircc ór ngreaghaibh amach,
ná deaghoil re ar tteaghlach.


L. 125


An abhus, a óccláigh fhinn,
do chomhdhealbhdha ní fhaicim,
binn linn do theanga sholamh
idir bhéarla is bhinn-fhoghar.



An tan do fhéachsam do sgíamh,
a fhir chaoímh, a chara clíar,
do chruth breachtnaighthe go mbladh,
linne budh hiongnadh adhbhal.



Tánccuise naonbhar go mblaidh
chugainn tar fhairrge bhforrúaidh;
ro budh maith cruth gach duine
don chuire fhíal fholt-bhuidhe.



Tuccsamar uile grádh dhuit,
do dhealradh h'aighthe agus t'fhuilt,
ó mhac rí (rúamna rann)
nó cco ríacht Liphe leascc-mhall.



Tuccsamar grádh dot bhéarla
agus dott aigneadh súairc séaghdha,
gur nasccios cumairce chóir
ar an bhFéin bhféata bhfíor-mhóir.



Do ráidhsiom uile go beacht
Fíana Éireann a n-aoinfheacht:
"a ghéag na súirghe saidhbhre,
créd 'mádh ccuinghidh cumairce?"


L. 126


"An t-ádhbhar fán iarruim í
inneósat duit, a aird-rí:
ním-léiccthior san tír thoir;
rí na Sorcha is é m'athoir.



Ruccadh mé dom athair féin
im mhac dob áilne fán ngréin;
nochar fhácsad mná ná fir
mé gan mo ghrádh 'na ccridhibh.



Do fhásas gor bhinn mo ghlóir,
gursam fear dealbhdha dímhór;
mná na Sorcha saoíre dhe
do mheadhras íad rem áilne.



Do-rónnsat tionól gan lén
fir na mban 's a rí roi-thrén
dom dhíthchur a luing tar lear:
acu níor mhían leó m'fhanadh.



Do chuirsiom cath go cruaidh
san Sorcha slim slat-rúaidh,
tríocha cath dhamh-sa co mbrígh,
trí fichid cath 'gun aird-rígh.


L. 127


Do cheanglus m'athair co mblaidh
go hathlomh isin iorghuil;
do sheólus loingeas tar lear:
acu nír mhíann leó m'fhanadh.



Tánocc tír na cColach ccruaidh
a n-íathrar domhain dréach-ruaidh;
ó do bhí liom rún a mban
acu níor mhían leó m'fhanadh.



Tánacc a Napail budhdhéin
a ndeisciort an domhain dén
dá ffúaras ann grádh a mban,
agus ní ffhuaras anadh.



Tánocc ann sin don nGréig:
mo dhealbh féin is í rom-thréicc
dá ttuccsad seacht ccatha dhamh
agus ní thuccsad anadh.



Tánacc go Babilóin mbúain,
dá éisi go Tur Neamhrúaidh;
fúaras cath gach tuir dhíobh sin,
agus a trí san Troighidh.


L. 128


Fúaras cath san nGallia ngrinn
is a dó a n-Easbáin aoíbhinn
is a thrí a bPiocaird go mblaidh
agus a cúig a bhFrangoibh.



Trí catha a Saxoin íar soin,
trí catha a nAlbain uathmhoir;
noch ttánicc dom shluagh nglan ngrinn
acht madh naonbhar go hÉirinn.



Dar an rí fil ós mo chionn,
a rí-fhéinnidh Fhían Éireann,
in chúis 'mádh rabhadar dhamh
ní raibh ag tuinn talmhuin.



Ní fhuilim líon catha crúaidh
do ríoghraidh andeas nó attuaidh,
adhbhar neimhneach, búan an bladh:
dob áil linn bliadhain anadh."



Atá tú bliadhain san bhFéin,
a óccláigh an fhuilt fhaid-réidh;
béarla is breatheamhnus binn
do fháccbhuis uile a nÉirinn.


L. 129


Ní bhfuil file a bhFéin aniogh
ná badh aird-fhir nó inghion
ná badh taoiseach, búan an bladh,
lais nach budh buidhe h'anadh.



Nír ghuidh tú bean Mhic Réithe,
ní dheárna tú gníomh cléithe;
gion gur ghuidh, buan duit a bhladh,
lé do budh buidhe h'anadh.



Do-rad bean Súanáin sracadh
dhuit-si (nochar dhéagh-thapadh),
gur bhris an charrmhogal chórr
do bhí san mbrat maoth-shróil.



Géar mhaith leó do theacht alle
clanna Mórna is clanna Baoisgne,
Conán mac Morna co mbladh
níor mhaith lais h'anadh.



An lá tánccois tar tuinn thíar
cugainn a bhFormhaol na bhFían,
muna mbeinn-si is Goll co ngoil
do bheitheá marbh gan anmain.


L. 130


"Mo thuarosdal bliadhna dhamh;
comhairle, a árd-fhlaith Almhan
ar cco mbeinn-si, búan a bhladh,
in bhliadhain si cen mharbhadh."



Éiricch go Tír Tharrngire thruim
ó nach bhféadair a bheith eadroinn;
do dhealbh, ciodh háluinn a dath,
acu-san ní budh hiongnadh.



Déana suirghe sothamh . . .
le hinghin aird-rí aindséin;
tabhair isin bhFéin an bhean
ar éaládh is ar aitheadh.



Ó 't-chídhfid cách, a bharr bocc,
bean bhus comhadhuis accod
géabhad socht ma theimhle a mban,
ní dhiongnaid éd fát anadh."



An.




As ann sin," ol Oisín, "do ghlúais Cíabhán
go Tráigh an Chairn ris a n-abairthear Tráigh
na tTréinfhear a ccóigeadh Uladh acc Dún Droma,
agus ad-chonnairc curach caomh-ard crédhumha
cláir-leathan agus dhá ócclaoch áillne aireaghdha


L. 131


ann, tuighneach pudraille forra go a bhformnaibh,
agus beannochus Cíabhán dóibh. Freagraid-siomh
dhó.



"Cia sibh-si, a ócca?" bhar Cíabhán.



"Lodán mac Lir mac do rí na hIndia duine
dhínn," ol síad, "agus Eólus mac Gairbh mac rí
Innsi Gréag an dara duine dhínn. Ro thiom-
aircceadar tonna sinn agus ro ghluaisiodar goéth go
nach ffeadamor gá críoch isin domhan a bhfuil-
maoíd."



"In ttiobhradh sibh ruinn do bhur ccurach don
tí do-bhéaradh coimhideacht maro agus mór-fhairrge
dhaoíbh?"



"Dá madh at áonar do bheathá-sa, a dheagh-
fhir," ol íad-somh, "do-bhéarmaoís-ne roinn don
churach sa dhuit, óir taitnidh do chruth agus do
chaomh-bhéarla linn."



"Maith, 'anam, a Chiabháin," ol a mhuínntear
fris, "an í Éire áloinn oilénach a mheasair-si
d'fhágbháil?"



"As deimhin gurb í," ol Cíabhán, "úair ní
ghabhoim mo dhíon nó mo dheagh-dhídean
inte."



Téid isin ccuraigh agus ro dheaghailseat a mhuinn-
tear fris go dubhach dóimheanmnach. Ro budh
deaghoil anma agus cuirp an dealoghadh sin. Ro-
righneadar an triar tréinfhear sin cumann agus
caradradh ré-roile. Ránccadar as a haithle ar
na tondaibh geala gáireachta, agus ro éirccheatar


L. 132


tonna ainbthine na trom-fhairrge dhóibh ionnus
gurbhó comhmór re cnoc sléibhe gach mór-thonn
mhór-mhuiridhe dhíobh, agus do bhíttís na héiccn-
eadha áilné eochair-bhláithe maráon re grían agus
re grinneall na glan-fhairrge acc bíodhccadh ó
bhordaibh an bheag-artharaigh, óir ní léiccthí fos
nó comhnaidhe dhóibh a n-íochtar an mhóir-
aigéin ré méid an mhór-anfaidh.



Ro ghabh gráin, eaccla, agus omhan ádhbhal-
mhór iad-somh in tan sin, agus do ráidh Cíabhán
gur mhairg agus gur mhór-imneadh lais bás a bheith
dá imbirt fair a n-ionadh nach ffhéadfadh a
dhíoghuil for a naimhdibh, agus "monúar," ol sé,
"nach ar tír thirim atámaoid-ne an triar trénfhear
sa eidir bhíodhbhadhaibh gár mbásoghadh d'fhios
cionnus do choiseónmís sinn féin." Agus do
ráidh na roinn:




"In tríar atámíd ar toinn
ron-tarla a n-íath éccomhlainn;
trúagh liom nach bhfuil ar ar ccor
bás d'imirt ar ar mbíodhbhaidh.



Misi agus mo dhías íar sin
go líon nglíadh agus gaisccidh
dá mbeithmaoís a ccath gan bhrón
dhingéibhmís céad do dheagh-shlógh.


L. 133


Ó dho-chíam an tuinn si theas,
is mór cheileas óirne dar leas;
as adhbhar bróin in bhur n-iath
bhur mbás eidir dhias is thríar."



Triar.




Nír chían dóibh go bhfacadar an t-aon-mharcach
dá n-ionnsoigh; each breac gorm-bhallach faoí.
Ro fhíarfaigh au t-ócclaoch sin daoís-siomh créd
an lúach do-bhéardís dó ar a n-anacal.



"Do-bheirmís sinn féin for do chumas," ol
iad-somh.



Tuccadar-somh ann sin a llámha a lláimh an
óglaoich ionnus go ttuc an curach ar taobh-
shnámh ina fhochair nó co rángadar Loch Lúachra
a tTír Tharrngoire, óir as ann boí dúnadh agus árus
Mhanannáin an tan sin. Teaghoid a ttír andsidhe
agus tiaghoid isin dúnadh, agus táirrnicc an t-óil-teach
do shuidhiughadh rompa. Ro cuireadh íad-somh
'na suidhe 'na ttríar i ccathaoiribh caomha, agus
ro freasdladh go friochnamhach íad as a haithle.
Ro beanadh ann sin a ccinn-bhéga chaomha do
dhabhchoibh donna deircc-iobhair; ro glanadh
cuirnn, cúaich, agus copáin; ro éircchidar óccbhadh
áloinn amhulchach do dháil gach dighe ar na
deagh-fhearaibh; ro seabhnadh cruiteadha caoíne
ceólmhara agus tiompáin taighúire théd-bhinne, go


L. 134


ttárla an t-ól-teach 'na ían meascdha meadhor-
chaoín, gorbh fharcha breath gach briathair
bhríghach bhuan-charrthoineach leó.



Ro éirigh ann sin bachlach sruibh-fhoda seireadh-
chaol ruadh-mhaol roi-reangach no bhíodh ag
dénomh lúth' agus lámhaigh a móir-thigh Man-
annáinn. Ba hé cleas do-roighne in ionbhaidh
sin naoí mbunnsacha bior-ghaoísi do thealgain
imalle, ar leith-chois, ar leith-láimh, go féicce na
fionn-bhruighne, agus ba minic nos-ghnáitheadh-siomh
an cleas sin do dhénomh d'imdhearccadh
saor-chlann soichineóil ticcdís a críochaibh cíana
cumhaightheacha chuicce.



Tucc a aghaidh ar Chiabhán chass-mhongach
iorromh, agus tucc na naoí mbonnsacha ina láimh,
uair is é budh fearr cruth agus caomh-lí dhíobh.
Tárraigh Ciabhán na bunnsacha bárr-núaidhe
ina láimh, agus do-roighne an cleas amhoil do bhiadh
dá fhoghluim d'áon-obair go sin. Tuccadh i
lláimh Eólais íad íaromh, agus do-rinne an céadna
riú. Tuccadh i lláimh Lodáin íad, .i. mac rí
na hIndia, agus do-rinne an cleas mur an ccéadna.



Ro bhoí príomh-ollamh maith ag Mananán;
Luchra atá-comhnaic. Bádor teóra hingheana
aige. Cliodhna, Aoífe, agus Édaoín fhoilt-fhionn a
n-anmonnadh. Rob iad-somh, teóra hingheana
Luchra, teóra haiscceadha Tuath Dé Danann, óir
nírbh eagal leó ní dá marbhadh acht madh gaoithe


L. 135


cró na geanmnuigheachta nó braonán na buan-
mhaisi do thuiteam orra.



Ciodh trácht tuccsatar 'na ttriúr a n-aén-uair
grádh agus géur-ionmhaine don tríar trén-mhíleadh
sin ro ráidheamar. Ro chinneadar ann sin élódh
isin maidin mhuich arna mhárach, agus ro chuirsiod
fios go falaightheach gus na fearuibh fearrdha
fíor-chalma sin ionnus go ndingéandís ionadh
cinnte comhdhála riú. Do-rónnadh an t-ionadh
coinne leó-somh, agus do chuirseat a fhios cuca-somh.
Ciodh cúidh do chodail isin dúnadh an oídhche sin
nochan íad-somh do-roighne, óir do bhádor acc
furachrus na maidne muiche dia ttorrachtain.



Ro éirgheadar íaromh isin deaghóil go deagh-
thapaidh, agus tiacchat gusan maighean a ndearnsat
coinne ris na curadhaibh. Téid Lodán agus Aoife,
Eólas agus Édaoin ina cceathrar a n-oen-churach;
téid Cíabhán agus Clíodhna a ccurach oile. Ro
thóccbhadar an sáir-bhréid síodhaidhe a miodh-
uachtair seól-chrainibh gacha sáor-churaigh dhíobh,
agus ránaicc Cíabhán roimhe ina fhrithing go Tráigh
Téde (.i. Téde Bhreac inghean Raghamhnach
luidh aon do laithibh ann do chluithe tuinne trí
choéga inghean áloinn, agus ro báidheadh íad uile,
conadh ón Téde sin ráittear Tráigh Thétte).



Dálo Chíabháin imorra," ol Oisín, "ro ghabhus-
tar cúan agus caladhphort isin tráigh sin. Téitt do
sheilg agus do shaor-fhíadhach bhán ccrích budh


L. 136


comhfhoiccsi dhó as a haithle, agus ro fháccoibh an
inghean ina curach ag an tuinn. Tánoicc tonn
tar an ccurach íaromh gur ro báidheadh in inghean.
Cona úaithe ainmnighthear Tonn Chlíodhna.
Tíacchoid teaghlach Mhanannáin a n-íarmhóiracht
na n-inghean maráon re hIldhathoch agus re días mac
do-radsat toil agus trom-ghrádh don tríar inghean sin
do ráidheamar. Tiocc tonn tuili cucu mur an
ccéadna go ros báidheadh íad, agus gíodh mór neach
ro báidheadh 'gun tuinn si ríamh agus íarromh
is ón cCliodhna reimhráite ro hainmnigheadh
í," ol Oisín.



Agus ro ráidh an laoídh:




"Cliodhna chinn-fhionn, búan an béud,
'gun tuinn si tánoicc a héug,
ádbhar dá máthair beith tinn
gníomh do-rinneadh 'gun sein-linn.



Dá ndearnadh an tonnach te
ag lucht Tíre Tarrngoire
is é tucc an mnaoi gan cheilcc
Ciabhán mac Eathoch arm-dheirg.



Ríoghain an aonaigh thall trá,
inghean dar chomhainm Cliodhna,
tar an lear leathon longach
tucc leis Cíabhán cass-mhongach.


L. 137


Ro fháccuibh í ar an tuinn,
luidh uaithe eachtra n-édruim;
d'iarruidh sealcca, monar mas,
luidh Cíabhán bhán bhfiodh bhfolt-chass.



Tánoicc an tonn tar a éis,
do Chíabhán níorbhó dheigh-shéis;
nó gníomh ba diongna linne
bádhadh Chliodhna chinn-fhinne.



Tonn Dúine Téide na ttriath
a hainm sin roimhe i ngach íath
nó gur bháidh an tonn sin trá
inghin dar chomhainm Cliodhna.



Leacht Téitte san tráigh si thuaidh,
ba marbh ameasg a mór-shluaigh;
leacht Cliodhna san ttulaigh theas,
le Sídh Duirnn Bhuidhe bheanas.



Fliuchthar folt an Duirn Bhuidhe
a thonnuibh an trom-thuile;
giodh iomdha do neoch fil ann
as í Cliodhna nos-báidheann.



Ildathoch is a dhá mhac
ro bháidh an tonn 'gun trom-thart:
is maircc do adhoir don luing
nachas-anaicc ar aon-tuinn.


L. 138


Caoga long lodar tar sál
teaghlach thighe Manannáin;
nocharbh í an chongaibh gan ga
ro báithe ar thonndaibh Cliodhna.



Cliodhna.




Do-riacht Cíabhán chugainne ioramh," ol
Oisín, "go Druim nAsail mheic Umhóir, agus is í sin
uair agus aimsir ina ccualamair-ne rí na Sorcha d'
fhagháil báis. Luidh Ciabhán soir íaromh, agus ro
ghabh ríghe na Sorcha; agus a sin an sgéul ro fhiar-
faighis, a Chorbmaic mheic Dháire," ol Oisín.



Teaccoid íar sin na sluaigh a ccoimhideacht
Pádraig nó go ránccatar Ráith Méadhbha.



"Cia hí an Mheadhbh ó n-ainmnighthear an
ráith si, a Oisín?" ol Pádraig.



"Meadhbh inghean Eathoch Fheidhligh," ol
Oisín.



"Ann é so ro budh baile bunaidh dhi?" ol
Pádraig.



"Nocharbh é imorra," ol Oisín, "acht fó laithe
líthe na Samhna no theagadh d'agallaimh a druadh
agus a deagh-fhileadh ar cco bhfeasadh cía do mhaith
nó d'olc do bhíadh dhí isin mbliadhain sin. Is
amhlaidh theaccadh agus naoi ccairpthe roimpe agus naoi
ccarpthe 'na díaigh agus do gach taobh."



"Créd an t-adhbhor imá mbíodh in urdoil sin
do chairptibh ina tiomchioll?" ol Pádraig.


L. 139


"D'eaccol go saileóchadh deannghor na conoire
a glomhracheannaibh na n-each a deghchealta
deagh-glana dealbh-níamhdha."



"Adhbhar cétlaidh sin, a Oisín," ol
Pádraig.



"Agus caidhe ainm an ionaidh si a bhfuilmaoíd
anois?" ol sé.



"Gort an Fhosdadha a ainm," ol Oisín.



"Créd an fosdadh sin?" ol Pádraig.



"Ócclaoch d'Fhionn," ol Oisín, "do chuir
and so dochum imtheachto ó Fhionn ar aoí a
thuarasdoil, .i. Dearcc-dhruim mac Duibh-dhechelt
do Chonnachtuibh. Tánccador trí catha na Féine
an méid budh maith dhíobh ann so día fhosdadh, agus
nochar anusdar aco, agus tánaic Fionn 'na ndiaigh
agus ro fhosd an t-óglaoch, óir budh do bhuadhaibh
Fhinn gibé neach no bhíodh ag imtheacht úadha
don bhFéin go bhfosdfadh é acht go ndiongnadh
trí rainn dó, agus gidh madh mór a fhearcc go madh
sítheach é dá n-éis. Conadh ann sin ro ráidh Fionn
na roinn agá fhosdadh-somh agus do shíodhucchadh
a aignidh, co n-ébhairt:




"Tusa sin, a Dhruim-dheirg dhána,
fear uirdhearg na hurbhádha;
gé thís úaim anú gan lagh
is céadlaigh dhamh ceileabhradh.


L. 140


Dá ttugos duit ag Ráth Cró
trí choega unga a n-oén-ló,
lán mo chúaiche a cCarn Ruidhe
d'aircceat agus d'ór bhuidhe.



As cumhaoin liom-sa ag Ráith nAoí
dá bhfuaramar an dá mhnaoi:
fuaramar mná, aduadhmar cna,
sinn araon, misi is tusa."



Tusa.




As and sin ro éirccheadar na sluaigh agus tánccadar
go Ráith na hEachroidhe ris a ráitear Ail Finn
anú, agus ro fhiarfaigh Pádraig d'Oisín créd 'má
ttugadh Ráith na hEachraidhthe ar an ráith sin
nó ar an ionadh sin.



"Eachraidhe na Féine no bhíodh sonn an ccén
no bhíodh sealcc na críche si accá dénomh, óir
ní fríth isin ccrích si gus anoss each-airm dob
fheárr inás. Conadh aire ro charsamair-ne é seach
gach n-ionadh oilé dár n-eachraidhi, agus con aire sin
ráitear Ráith na hEachraidhe ris," ol Oisín. Agus
do ráidh na roinn ag tabhairt a thuarusgbhála:




"Sonn no bhíodh ar n-éachradh féin,
Fiana Éireann go ndeagh-chéill,
gion no bhíodhmís gan disi
ag seilcc chnuic na críche-si.


L. 141


Nocha ffríth linne (go dás)
eich-airm sonna dob fheárr inás,
tar gach ionadh dá dhaingne
conadh air ro charsaim-ne.



Dhe sin, a fhir co ngloine,
ráitear Ráith na hEachraidhe
tar gach aon-ráith oile ana
risin ráith a ttú sonna."



Sonna.




"Att-rae buaidh agus beannachtain, a Oisín,"
ol Pádraig, "as fios agus as foras gach ar innsis
dúinn."



Ránccador as sin go Carn na hÁirmhe ris a
n-abarthor Carn Fraoch an tan so. Téitt Pádraig
súas ar an ccarn.



"'Anam, a Oisín," ol Pádraig, "créd 'má
ngoirthear Cárn na hÁirmhe don charn sa?"



"An Fhian do háirmhithe gacha bliadhna
sonn," ol Oisín.



"A Oisín," ol Pádraig, "innis dúinn nar
chreidiobhar-si do Rí nimhe agus talmhan nó narbh
fheasach libh a bheith ós bhur ccionn a ccumhacht-
uibh," ol sé.



"D'fhidir Fionn," ol Oisín, "Rí nimhe agus
talmhan do bheith úasa, agus do chreidsimair-ne sin


L. 142


inar fFíanaibh do bhithin gnímh aon-oídhche at-
chonncamar."



"Créd an gníomh aon-aoídhche sin?" ol
Pádraig.



"Teaghlach mór ro bhoí acc Corbmac ua Cuinn,"
ol Oisín, "agus ní raibhe neach ann acht mac ríogh nó
ríogh-dhamhna. Trí thríocha a líon, agus acc Ross
na Ríogh no bhíttís frí Theamhraigh attuaidh."



"Créd an ross sin, a Oisín?" ol Pádraig.



"Ross coilleadh," ol Oisín, "ina mbíodh gach
cinél énlaithe ag cantain ciúil ina chaomh-uachtar,
agus ríogh-bhruighean ann ag an tteaghlach ttoghtha
sin Chorbmaic uí Chuínn, agus proinn agus tomhaltus
dá chur chuca dochum na ríogh-bhruighne reimh-
ráite sin a tTeamhraigh agus as innte do dhéargh-
oidhhthe dhóibh gacha nóna. Táinic reachtaire
rí Éireann, .i. Binne Bóinne a ainm, aon do laithibh
gusan bhruighin sin d'agallaimh meic an rí baoi
inte, .i. Muireadach mac Corbmaic, agus ro dhear-
costoir an bhruighean do gach áird agus nochar
bhfaca aon ina dhúsgadh inte, óir as amhlaidh
bhádor marbh gan amhorus. Tuiccamair-ne,"
ol Oisín, "Fíana Éireann, in tan ad-chualamair-ne
an sgéul sgainner-bhorbh sgannradhach sin, go
raibh an fír-Dhia forórdha ós ar ccionn a
ccomhachtuibh agus ós cionn na cruinne go comh-
choitchionn."



Agus do ráidh ann sin na roinn acc deimhniugh-
adh a ndubhairt:


L. 143



"Baile na ríogh Ros Teamhrach
ann budh minic mór-theaghlach;
ba himthric sluagh is groidhe
for a thaobh go ttonn-ghloine.



Trí tríochaid mac ríogh ba rán
bádor san ttulaigh ttonn-bhán,
a ccoimhlíon uile do mhnáibh
fil a ttulaigh an trom-áir.



Ní chúala eachtra mur sin riamh
theas nó budhthuaidh, thoir is thiar,
a ndul uile as 'ma-le
na sluaigh ro bhaoi a n-aon-bhaile.



Do chreidsiomar uile ann-sin
go raibh Rí uasainn a nimh
an tan ba marbh uile dhe
in lucht a bhoí san aon-bhaile.



Baile.




Ro haidhnaicceadh iad idir fhearuibh agus
ingheanuibh isin ttulaigh ttaobhh-uaraigh si," ol


L. 144


Oisín, "cona Cnoc an Áir 'ainm ó sin alle.
Agus an ross . . . . lacuna.




Mar do bhímís uile ann,
Fiana Alban is Éirenn,
dhá ttrían gill do-bheireadh lais
ar bhrannamh is ar tháibhlis.



Do-bhéur-sa teist oile fair,
ar úa Cathaoir chosccoraigh,
gur threisi a mheanmo go mbloidh
iná an talamh atá fair.



Fa geil-dearcc cruth uí Dhuibhne,
icc mnáibh méraidh a chuimhne;
a eineach, a ghníomh, 's a ghal
biodh cuimhneach accá ghadhar.


L. 145


Diarmaid mac Duibhne uí Dhonnchaidh
torchoir sonn (doiligh leam-sa);
ní tháinic dá chruas comhloinn
dob fhorrlonn air a tteanta.



Ar n-adhoigh a nDruim Dhá Bhan
a ghníomhradh oirn níor fholchadh,
dár dhíoghuil inghean uí Chuinn
ar mhac Osccuir mheic ...



Garbh a thréas acc Áth Boirche,
nír ghníomhradh fhir .....
ceithre chéad fear, fa lí leam,
do marbhadh frisin acc Carn.



Fiche céad is seacht míle,
deirim, 's as briathar fíre,
do-rochair ris (budh gníomh gnáth)
idir amhos is óglách.



Trí fichit ríogh do-rochair lais
ó do ghabh airm re a ais,
re mac Dhuibhne go beacht,
nó go ttáinig a thiugh-leacht.



Ón ló tánoicc-siumh a cclí
nó go ndeachaidh sé san ccrí
um eineach nó um ghníomh goile
ní dhearnadh air oirbhire.


L. 146


Ní rucc aon-troigh ar ccúl,
úa Duibhne, níor innis rún;
. . . ingaibh an bhFéin bhfearrdha;
nochar thréig a thighearna.



Mo mhallacht-sa for an fFhéin,
nír ghabhsat accam céill,
far léiccsiodar leam 'ma-le,
far thréiccsiodar ó Duibhne.



Gráinne agus Diarmaid ó Duibhne,
gá lánamhoin budh cuibhdhe?
ros-cráidh mo chroidhe co beacht
an liagán fil ós a leacht.



Brisde mo chroidhe is mo chorp
do dhíth mo dhaltáin nár dhocht;
a ghnaoi mur ghaoth-mhuir go beacht
nó gur chlaoí laochraidh go leacht.



Adhlaicthear a mhnaoí re a thaoibh,
is adhlaicthear a choin ccaoimh,
's adhlaicthear a mhic go ceart,
ttógabhthar a lía 's a leacht."



Leachtán.


L. 147



Ro bhádor ann sin go tráth fuinidh nóna.



"Truagh sin, a cháirde mo chroidhe," ol Oisín,
"nocha mían leam-sa an airm si d'fhágbháil go
bráth."



Lodar rompa go Coill na mBuidhean as a
haithle, agus do Bheinn Ghulbain Ghuirt mheic Mhaoil
Ghairbh, agus do Gharbh-ros ria ráitear Doire na
Damhruidhe, agus do Dhruim na nDruadh, áit ina
ndeárnsat fían-bhoith, agus ro theccoirseat í do
sheasccaigh bhun-reamhra bharr-úaine ó a féicce
go a formna, agus do-rónnadh inneónadh agus ard-
bhearbhadh dhóibh as a haithle.



"An bhfuil uiscce a ccomhfhoccus dúinn sonn,
a Oisín?" ol síad.



"Atá imorra," ol Oisín, "agus Tiobra Oisín a
hainm."



"As dainimh dúinne dorchacht na hoidhche," ol
iad-samh, "a ndóigh go ttiubhramaois uisge eiste."



"Ní dainimh dhamh-sa," ol Oisín, "óir ní
bhfuil ionad as a mbearthaoi lán aon-chuaiche
d'uisge a n-all nó a n-abhuinn iná a n-inbhear a
ccóig cóigeadhaibh Érionn nachsum eólach-sa a
ló nó a n-oidhche."



Ro éirigh iaromh agus ro ghabhustar a ghaiscceadh, agus
rucc an chuach fhéata fhionn-airgid boí aco lais,
agus ráinicc d'ionnsoicchidh na tiobruide agus at-chúala
an fothramh fír-thrén aice. Is eadh boí ann sin
torc taobh-reamhar ag ól uisge eisde. Tuccustar-
somh urchor amhnus ághmhar don mhanaois


L. 148


mhór-neimhnigh baoi ina dheas-láimh fair, gur
bhúail a cceart-lár a ochta go húrmhaisneach é,
ionnus gur sgoilt a chroidhe ar dhó inn. Téid
d'ionnsoighidh na fían-bhoithe as a haithle agus
an torc agus an t-uisce lais maraon.



Ro éirghidar arna mhároch, agus tánccatar tar
Eas mhic Bhadhoirn agus go Sídh Aodha ós úr an
Easa, agus at-chonncatar an t-aon-óglách áloinn
cneas-sholas isin ttulaigh ttonn-ghlais; brat
corcra corthorach uime, dealcc n-airccid ann,
geil-scíath go ttúaith-imlibh airccid fair, cúach-
shnaidhm lógha for a fholt, agus dhá choin chaomha
cheann-árda ar shlabhradh shínte shean-airgid
aicce, airm thréana throm-ghlasa lais, agus é ag
dírghadh 'na ndochum go fearrdha fír-chalmo. Iar
tteacht cúca dhó do thoirbhir teóra póg go
prímh-urlamh d'Oisín, agus pócc do gach áon don
ochtar baoi ina fhochair, agus ro shuidhiostar i ffar-
radh Oisín as a haithle.



"Cia thusa, 'anam, a ógláigh?" ol Oisín.



"Misi Dearcc mac Eóghain mhic Dheircc
Dhian-sgothaigh a tuathaibh trén-Uisnigh
amuigh," ol eisiomh, ".i. do chomhdhalta díleas
diongmhála-sa."



"Cionnus tá do bheatha la bráithribh do
mháthar, a chara mo chroidhe, a Dheircc?" ol
Oisín.


L. 149


"Nochan fhuil ureasbhaidh bheathadh orm,"
ol Dearcc; "acht gérbh íad tríar budh measa
beatha a fFíanaibh Éreann, Lighairni Leacan-
fhoda, Semend Sacoire, agus Peg-ghiolla, ro budh
fearr bheith ina mbeathaidh a fFianaibh ná
bheith isin mbeathaidh a ffuilim-si a síodh-
uibh."



"Monúar-sa," ol Oisín, "nach eidir na Fíana
támaoid-ne acc éccaoíne ar n-imneadh riú. Agus
as uathadh sealgaireadh dhúinne anos, a
Dheirg," ol sé, "agus ro bhámar mór do laithibh cen
bheith amhlaidh, agus do-chonnairc-sa thusa, a
Dheircc," ol Oisín, "a cComair ollbhuidhneach na
tTrí nUisce n-ionnfhúar, áit a ccomhruic Siúir,
Feóir, agus Bearbha ré-roile, cúicc céad ógláoch,
cúig céad giolla, agus cúig céad deigh-ríoghan, ciodh-
ad uathadh aniú," ol Oisín.



Agus ad-beart an laoidh:




"Uathadh sealga sin, a Dheircc
ro sgaruis ret fhéin agus red sheilcc;
anat eólach, comhal nglé,
a n-aidheadhuibh na Féine?"



"Asum eólach-sa go se
a n-aird-sgeulaibh na Féine;
gé bheith san sídh mo chliú chain
fil mo mheanma ar na Fianaibh.


L. 150


Do marbhadh Buidhe ag Ath Báin
fá bhordaibh Eangnamh an Mhacáin;
ad-rochratar ag Áth Bran
dhá Ghlas mhic Eathoch Gulban.



Torchradar a Magh Ailbhe
ceithre meic Ros' is Raighne,
dhá Chonn, dhá Chorbmac go ngail:
as é Díarmuid ros-dhíbhaidh.



Seacht meic Dúaich ba gairbhe gos
do-chearsad a nAirgead-ros:
is le Diarmuid, líth go ngail,
fuaradar a bhfír-adhoigh.



Marbh Diarmuid, dob gníomh baoisi,
la muic dhoilbhthi a dheagh-aoisi,
áit ar chomhracadar san ghlionn,
a ttorchradar comhthuitiom.



Marbh Garbh Chrot isin Theamhraigh
do láimh Mheic Lughach mheanmnaigh;
marbh Mac Lughach, tóluibh clann,
do láimh Bhreasail na mbuabhall.



Marbh Dubhthoch a Sliabh Chuailghne
do shleigh mheic Rinne Ruaidhe;
marbh mac Rinne Ruaidhe dhe
do láimh Cholla mheic Caoilte.


L. 151


Marbh Colla mac Caoilte chruim
do láimh Sheasnáin mheic Sheanguinn;
marbh Seasnán, ba garbh an gleó,
do láimh an laoich san dúir-ghleó.



Marbh dhá chéad a cCionn Mara
im Dhubhán ro badh cara,
im Dhubhán a nDruim Dhá Ros,
im Dhubhán a nAirgead-ros.



Conán mac Eathoch, fíor dhamh,
agus Conán Fionn fíor-ghlan,
do mharbh cách dhíobh a chéile
géarbh aois cumhtha is coimhéirge.



.... go ttán . .
imchosccaradh dá chéile
na fir ba trén ar gach taoibh
im throid dhá chon a fFormaoil.



Ionann Mac Lúin, líth go ngail,
isam eólach ina adhaigh:
marbh ar Mhagh Dála na nÁth
do ghalor cheithre cceart-tráth.


L. 152


As é galor rucc an laoch,
mac Luin (nírbho giolla báoth),
cruimhe neimhe baoi ina chinn
go rus-ghonsat a inchind.



Conán mac Morna co ngoil
do-fháoth do láimh Fhearrdhomhuin;
do láimh Chonáin tré fhoghail
táinic saoghal Fhearrdhomhuin.



Ionmhuin liom-sa an laoch co ngoil
Conán mac Finn Feidhneochair;
iad-somh maraon re hAodh Rinn
ad-rochradar coimhthuitim.



Cruinn-bheacc ó Liatháin go mblaidh
ad-rochair re Dubh Dromain;
Dubh Dromain is Criamhthann cóir
atád a leachta a Móin Mhóir.



Fionn Foirrél, Fionn is Eargna
agus Fionn mac Caisearla,
isin lios bhá Chnoc in Ghlinn
ad-rochradar coimhthuitim.



I ccnoc Rátha Dá Ruireach
ad-rochair Corr céad-ghuineach;
i nDruim Treathan, búan an bhearcc,
is ann ad-rochair Druim-dhearg.


L. 153


Marbh Osccar an ghaisgidh ghoirt
do láimh Chairbre mheic Corbmaic;
marbh Cairbre a tTulaigh na Ríogh
do láimh Osccair gan iomshníomh.



Ba marbh Caoilte san Teamhraigh,
ba haontadhach dom mheanmuin;
nochar bhaoghal caointe a rádh,
marbh Caoilte mac Rónáin.



Cath Mónadh Mafadh go teann
do-radsam agus Decheall;
acht sé chéad don Fhéin co ngoil
ní thérnó dhíbh 'na mbeathaidh.



Cath Confaide tucc an Fhían
eidir anoir is aniar;
acht madh sin ní thérnó as
aon attuaidh is días andeas.



Do-rónadh ceist de go teann
ag Fíana ána Éireann;
rob é guth gach fir, líth ngal:
"a Fhinn, anus ad uathadh."



Nocha rabhus rem ré ríamh
theas, nó thúaidh, nó thoir, nó thiar,
bhail budh gairde leam gach tan
ná 'na meascc, gé madh uathadh."


L. 154



And sin do-chúas ó Phádraig a ttóraighacht
Oisín, óir nír fhulaing bheith ina fhéagmuis, agus
ro ráidh ris na teachtuibh a thabhairt ar tiom-
sughadh gan tairiosiomh. Rángadar na teachta
gusan ionadh a mbaoi Oisín, agus ro fhoillsigheadar
dhó gurab ar a cheann tángadar ón Táilgeann.
Nírbh anéasccaidh eisiomh uime sin, agus ro iompaidh
tar a ais, agus ro budh lúthgháireach Pádraig roimhe,
agus ro fhiarfaigh tallonn do sgéulaibh Finn ann sin
de, agus ro fhreaguir-siomh dhó co n-érbhairt:




"An méid ro tháiroill Banbha
eidir rígh is rígh-dhamhna,
fearr ná aon díobh uile
caithmhílidh ard Almhuine."




"As mór an teisd sin bheiridh-si ar do dheagh-
athair, a Oisín," ol Pádraig.



"Ní mór go deimhin," ol eisiomh, "óir dá
mbeidís seacht ccinn oram-sa agus seacht so-urlabhra
suadh ion gach teanga dhíobh ní tháirsiomh liom
a mhaitheas-siomh d'innsinn, óir nír dhiúlt re
duine ar an domhan sa riamh, agus cech aon nach
léigthí a ttigh dá fheabhus a nÉirinn do léigeadh
Fionn ina thigh." Co n-ébhairt:




"An tí nach léigeadh neach 'na theagh
do léicceadh Fionn fír-bhreitheamh,
is do chuingeadh ré thaobh soin
in ccéin do bhíodh ina bheathaidh."


L. 155



Tángadar as a haithle ann co Cnoc an Eolair
re Cruachoin attúaidh.



"Créad 'má ttuccadh Cnoc an Eolair ar an
ccnoc sa, a Oisín?" ol Pádruic.



"Nísam tírdha re a innsin," ol Oisín; "an t-aon-
nduine dob fheárr dealbh agus déanomh don Adhamh-
chloinn, .i. Eolar mac rígh Lochlann, do hadh-
laiceadh sonn," ol Oisín, "agus as úadha ainm-
nighthear an tulach thaoibh-shleamhuin si; óir
tánoicc an trén-mhacaoimh si go hÉirinn chum
a bheith a bhFíanaibh sealad aimsir', agus naoi ccéad
óglaoch, naoi ccéad giolla, agus naoi ccéad cú ina
fhochair. Ba faoilidh an flaith-fhéinnidh Fionn
roimhe-siomh agus ro ghabh ina mhuinnteardhas é.
Baoi-siomh samhlaidh nó go ndeárnadh sealcc
Sléibhe Gamh agus na Seaghsa linn, agus chláir-mhach-
aire an Choruinn. An ionbhaidh ba háine an
tshealcc ro rioth an rígh-mhac reimhráite a ndiaigh
fiadha, ionnus gur leaccadh é agus co ndeachaidh a
dheagh-shleagh budhdhéin tríd feadh láimhe
laoich, agus tuccamar íar sin gusan tulaigh si é, agus do
bhámair-ne trí catha na gnáth-Fhéine accá chaoi-
neadh feadh naoi ttráth, agus ar leaghadh agus íad
ag iarraidh a leighis, agus fuair bás an deachmadh
tráth isin ionadh sa, agus ro múradh an tulach sa
fair," ol Oisín, "agus uadha ainmnighthear Cnoc an
Eolair. Agus ro ráidh Fionn an rann so íar
ffaixin fola Eolair ar ttrom-théachtadh" ol
Oisín:


L. 156



"Truagh, a Eolair iolchrothaigh,
a chleath chorcra chonghalach,
fuil do chuirp 'na crú throm théacht
do shill ar chréacht confadhach."




Agus Cnoc an Eólais ainm oile dhó," ol
Oisín.



"Créd fá ffuil an t-ainm sin fair?" ol Pádraig.



"Coindelsgíath, draoi do mhuintir Fhinn, baoi
acc déchoin aieóir agus acc déanomh fáisdine d'
Fhionn, agus adubhairt ris as a haithle:



"Ann so," ol sé, "gébhoir-si, a Fhinn, bruighin
ar Fhothadh Canonn mac Mhic Con mheic Mhaic-
niadh mheic Luigheach. Agus an bhfaicir na trí
neóill filid ós cionn an ionaidh si?"



"At-chiú, imorra," ol Fionn, agus ro ráidh:




"At-chiú trí nélla co neimh,
a Chondailsgéith, ós bhruighein;
innis do chách, masa chead,
abair an fáth dá ffuilead."



"At-chiú néll glas amar ghloin
fil ós bhruighin bhél-leathoin:
bia tríath dá madh tailc an modh,
cailc na sgiath agá sgoltadh.


L. 157


At-chiú néll glas gheallas brón
fil eotorra ina meadhón:
níamh na mbádhbh agus na mbeart,
tríall na n-arm agá n-imbeirt.



Néll dearg is diorcca ná samh
ad-chiú eotorra a n-uachtar:
as cath nó as fátha feircce
dath na fola foirdheircce.



Tairrngiraim corpa do chrádh
agus díth mór-shluagh moch-thráth;
at geóin, a rí Clíach, gach lá
trí neóill ciach sa ad-chiú-sa."



At.




"Att-rae buaidh agus beannachtain, a Oisín," ol
Pádraig, "as mór an fios agus an forus do fháccbhuis
accoinn."



Nochar chían dóibh an tan ad-chonncadar an
n-aon-inghean dá n-ionnsoigh; síthol-bhrat úaine
uimpe, léine bhán-óir fria cneas agus niamh-land
d'ór bhuidhe re a hédan.



"Can ass a ttánccois, a óig-ríoghain?" ol Oisín.
"A hUaimh Chruachon," ol an inghean.


L. 158


"Cia thú budhdhéin;" ol Oisín.



"Scoithníamh inghean Bhuidhbh Dheircc mheic
an Dághdha misi," ol sí.



"Créd tucc sonn thú?" ol Oisín.



"D'íarraidh mo choibhche ort-sa," ol an
inghean, "óir as cían ó do gheallais damh í."



"Créd tucc ort cen teacht dá hiarraidh a cCarn
Chaireadha theas mar ar gealladh dhuit í," ol
Oisín.



"Nochar fhédus dol dá hiarraidh annsidhe," ol
an inghean.



"Iongnadh leam phur ccor," ol Pádruic, ".i.
an inghean ócc áloinn, agus tusa ad sheanóir chríon
chrotach chruim-líath."



"Neimhiongnadh sin, a naomh-chléirigh, ol
Oisín, "óir gidh lucht aoin-aimsire sinn ní lucht
coimhdhíne, .i. isi do Thuathaibh Dé Danann agus
neamh-orchradhach íad-somh, misi do mhacuibh
Míleadh: earchródhach íad-samh, as neamh-
shuthain a saoghal."



"Tabhoir h'úidh agus th'aire do chomhrádh na
caomh-inghine, a Oisín," ol Pádruic.



Ro éirigh-siomh and sin agus téid go Carn mac
nDoghraigh re Cruachain attúaidh, agus tucc a
uillinn cclí risan ccairrthe baoi ann agus do chuir dá
ionadh é, agus do-rad an Lughbhordach as ionadh an
chairrthe, .i. cúach tuccadh a ccíos-chánchas


L. 159


d'Fhionn, agus tucc Fionn i ttuarastal é do Chonán
Mhaol mhac Mórna, agus lán crannóicce in chúaich
d'ór inte, agus ro fhalaigh Conán ina fhiadhnuisi-
siomh é isin ccarn ucchod. Do-bheir Oisín and
sin an chúach cona mboí d'ór ann don inghin ina
coibhche.



"As iomfhoccus do chonair na ccarbad fuarois
an t-ór agus an chuach, a Oisín," ol Pádraig.



"Is fíor sin," ol Oisín, "agus as aithnidh dhamh-sa
mór ttaisgeadha ro fholchadar an Fhían a ccoimh-
fhoccus choineareadh ccoimhchoitchionn gion go
bhfaghaid sochaidhi íatt."



Agus do ráidh:




"Daoine bádor sonn go se
saora aidhbhle a nd-indile;
nocha sochaidhe nos-gheibh
ccén gob cian ó choneiribh



Athá folach i Slíabh Fuaid,
nochan é an folach anshuairc:
ceithre chéad unga d'ór dhearg
maraon is an Duilleann-dealcc.



Atáitt ceithre daibhche óir
a bhfíor-mhullach Sléibhe Smóil,
an dabhach as lugha dhíobh
fairsing deisi, cumhang trír.


L. 160


Ort-sa nocha cheilim-si,
a mheic Alproinn co ccaoine,
go mairid na hinnille
ccen cco mairid na daoine."




Tairrnig le Pádraig an sin a ord agus a aifrionn do
chríochnughadh, agus ro fhiarfaigh d'Oisín:



"Créd 'má ttuccadh Gleann na Caillighe ar an
ghleann sa a ccomhfhoccus dúinn, a Oisín?" ol sé.



"Laithe n-aon ro bhaoi Fionn cona Fhíanaibh
and so," ol Oisín, "agus ad-chonncamar amuitt chaill-
ighe gnúis-uidhre gairbh-léithe gruaidh-áirde dár
n-ionnsoicchidh go hadhúathmhar, agus ro fhóccair
coimhling oirn, agus as é connradh ar a ndeachamar
do choimhling lé, dá ffháccomaois í a ceann do
bhuain dí, agus dá ffháccadh sinn a cheann do bhuain
dá rogha dhínn leath amuigh do Fhionn agus do
Gholl mac Mórna. Ro aontaigh sí an connradh
sin agus ro reathamair-ne tríar do mhaithibh na Féine
lé, .i. Díarmuid ó Duibhne, Caoilte mac Rónáin, agus
meise budhdhéin," ol Oisín, "agus ní dheachaidh aén
dínn tar aroile go rángamar go hÁth Mór dá
ngoirthear Áth Mór Mogha in ionbhaidh si, agus as
é Caoílte fa lúaithe ag dol tar an áth síar, agus ro
iompoidh ar an ccailligh ann sin agus do-bheir buille
dá chloidheamh dí ina cruaidh-mhuinél gur
bheanustar a ceann dá cúl-mhéidhe. Agus as ón
ccailligh sin tánoicc chugoinne and ro hainmnigh-
eadh an gleann," ol Oisín.


L. 161


Teaghoid isin mbaile anonn as a haithle, agus ro
beannaigheadh aca, agus ro bhaoi léghión d'ainglibh ós
a chionn ann, agus ro bhádor cúig lá dhég cona n-
oidhchibh ann.



Laithe n-aon dhóibh isin mbaile sin ad-chualatar
seasdán sealcca agus meadhoir an-mhór shluaigh nó
móir-fhíadhaigh a mBearramhain isin ccnoc ba
comhfhoixi dhóiph.



"As becc gotha na ccon agus na ffhear it-chluinim,"
ol Oisín, "agus as do dhíth Meic Lughach lonn-
láidir lán-chalma atá ina luidhe go suaithnidh a
sean-Ghabhoir theas, do dhíth Diarmada uí
Dhuibhne fil ina luidhe a mBeinn Gulbain Ghuirt
mheic Mhaoil Ghairbh, do dhíth na flatha Finn
is a leacht fil a bhFothorrlaigh, do dhíth Aodha
meic Fhinn ro thuit a ccath Confaide a Saxanuibh,
d'easbhaidh Duibh Dá Chonn agus Duibh Dhíthraibh,
dá mhac rígh Gáileóin, do chion Díthrabhaigh
mhic Sgáil Bhailbh mheic mháthar Finn, ar
marbhadh Conáin mheic Mhórna agus ar ttuitim
Fhearrdhomhain do bhithin inghine Buidhbh, agus iar
ndílghean na Féine ar-cheana filid a n-aonsham-
huil sin acc seilcc agus acc fíadhach ar na fionn-
tulqhaibh si 'nar ttimchill-ne."



Agus as comha baoi agá rádha agus ro léicc osna
adhbhal-mhór ass, agus ro chiesdar frasa falcmhara
fír-dhéur as a haithle gurbhó fliuch an fód baoí ar a
bhéulaibh.



"'Anam, a Oisín," ol Pádraig, "as truagh


L. 162


dhuit-si bheith ag déanamh na núallghubha do
chaeíneadh t'fhóirne agus t'fhéine agus t'fhíor-mhuinn-
tire, agus as olc leam-sa a dhéanamh dheit óir do
budh córa dheit th'aire do bheith ar an ffíor-Dhia
fforórdha do chruthaigh neamh agus talomh agus gach a
bhfuil eotorra agus ionnta, ar an mbás fil ad choinne
go cinnte, agus ar phéin éxamhuil iffrinn, nó orra-
somh."



"Trúagh sin, a Phádraig," ol Oisín, "dá madh
aithne dhuit-si an Fhian do-bhéarrthá grádh agus
géir-ionmhuine dhóibh, an tan asat taitneamhach
oram-sa agus as ionmhuin lat mé agus cen lúth nó lámhach
ionnam."



Agus ro ghabh truaighe an slúagh uile dhó-samh
and sin eidir laoch agus chléirioch. Ro labhair
Pádruic íaromh agus is eadh ro ráidh:



"A Oisín," ol sé, "créd do-bheir ort-sa cen
dul d'fhéchain na deigh-sheilcce si?"



"A naomh-chléirigh," ol sé, "ním tualaing dul
do shaighidh na sealcca so."



"Ciodh ticc riot?" ol Pádraig.



"Díobhraccadh roi-neartmhar rígh-shleighe ro
dhiúbhroicc Seisceand mac Fordhuibh orm a
ccath Chinn Mharo theas, agus nochan fhéduim-si
amradh nó eassádhoile do dhéanomh tré
neimh an neirt-urchoir sin. Agus rob esidhe a
urchor déighionach-somh, óir do-rochair féin ann.
Agus as cóir dhamh-sa," ol sé, "buidheachus


L. 163


buan-adhbhal don Trínóid thoghaighthe thrén-
chumhachtuigh rom-ainceasdair ar écc gus anois,
agus a mhéid do gháibhthibh fuaros a bhfochair Fhinn
agus na Féine, iondus go bhfuilim ag clos cailigh na
cidli-si ag glaodhaigh."



"Créd an ball inar búaileadh an borb-urchar sin
ort, a Oisín?" ol Pádraig.



"Am thaobh deas do búaileadh mé," ol Oisín,
"an taobh nach raibh an sgíath dom dhíon."



Tucc Pádruicc a dhearnoinn ndeas re háit na
gona, agus ro bheannaigh an chréacht, agus ro ghuidh Dia
im Oisín do shlánughadh. Ní déine do thóccaibh-
siomh a lámh do lorc an lúith ná do ling an tshleagh
amach do lorcc an urchoir, agus glún an fhir do budh
mó dona cléirchibh ro thuilleadh a lán craoi na
craoísighe ceinn-dheirge sin. As é ba foixe agus ba
fíor-ghoire don chaithmhílidh, d'Oisín, and sin
Maol Trénoigh mac Díneartoigh, .i. mac míon-
óighe arna mhoch-naomhadh an mac sin.



"A mhic," ol Oisín, "gebh mo lámh go lúath,
óir rom-leighis agus rom-lán-leasoigh an Táilgeann
ionnus go ttéighinn d'fhéachoinn agus d'amharc na
sealcca so ad-chluinim; agus as minic ad-chúala sealcc
budh binne liom inás agus ceól budh binne nó in
coileach so na cille ag glaodhaigh."



Agus do-rinne án laoídh ag faisnéis coda dona
ceóluibh budh binne leis inás, agus acc foillsiughadh
beccáin dá bhfaca do sgeulaibh roimhe sin, agus do


L. 164


dheimhniughadh báis agus búain-écca druinge donaibh
Fianuibh agus dá moladh, co n-érbhairt:




"A scolócc rom-beir amach
ó thairnicc an ceileabhradh,
d'éisteacht re gothaibh na ccon
thaiffneas fiadh a bhFearromhoin.



A choiligh do-ghní an ghairm ghlan,
cia dá ndéne t'airfideadh?
ní shúaill atá for mh'aire
mo bheith is tú a n-aon-bhaile.



Abhrán trí mac Lughdhach Léith,
dord Fir Ghoire ar sgáth a sgéith,
fead Mheic Luighdheach nárbhó lacc,
tiompán inghine Abhratt -



Mór cceól do-chúala-sa ríamh
a bhfochoir Fhinn is na bhFían,
gé taoi anocht go críon clamh,
do budh binne iná t'fhoghar.



Ceól do-nídís meic Lodhain
ba binn le fearuibh domhain,
cliaraigheacht cheathroir rom-char,
ceithre meic Conaill Chruachon.


L. 165


Bás Meic Luighdheach do Laighnibh
a ccath Gabhra gol-adhbhol;
aon-gha d'fhosdadh an ainnle,
mór an cosccar aon-laighne.



Feartán Finn a bhFathorlaigh
ba feart fir aindiúid angbhaidh;
do-rad mór laoch fá fheartuibh
is fá leachtuibh a ttalmhuin.



Fearrdhomhan ó Láthraigh Caoin
agus Conán taobh re taoíbh:
ionmhain días mhór-gharcc go mblaidh
'gár ghnáth gréas uasal angbhaidh.



Fiano Finn ro-fheador-sa
ionmhuin sluagh sochla séadach,
ní bheandís re geannuidhe,
duine ní dhéandís d'éccnach.



Bad chomhthoigh, níor cheasachtaigh,
nírsad mianaigh blasachtaigh,
nírbhad cruimcheannaigh a ruiscc,
nírsad dúircheannaigh teguiscc.



Dubh Daoile,
Dubh sin no bphronnadh maoíne;
cosgar céad a mbrugh díthraibh
gnáth le Dubh díthmhór nDaoíle.


L. 166


Sleagh dhearcc i lláimh Dhíthramhaigh
bíttís óig accá hairbheirt;
ionmhuin a ghuth íseall-bheag
is a ghníomh ard oirdhearc.



Dá choin Diarmada dualaigh
Baoth is Buidhe go mbuadhaibh;
trí coin Chaoilte, comhal ngrinn,
Breac is Lúath is Láinbhinn.



Ar n-adhoigh acc Doire Broín
nírbh í an adhoigh ar chuid chaoil:
ro mharbhus, ba suairc an slat,
deich n-eillte agus dhá fhicheat.



Ar seilcc a nDoire Tarbhgha
ro budh maith linn ar meanma:
ro mharbhsam ria ndol amach
ocht bhfichit damh ndásachtach.



Fáccbhois Fionn a sgín san áth
is ní thucc as í a n-aon-tráth,
gurbh é a ainm ó sin ale
Áth fuirmheadha na Sgíne.


L. 167


Adeirim-si ribh, ráth nglé,
ní aibeór acht fírinne,
robsam áloinn, robsam ócc,
gé tú gan sgéimh, a sccolócc."



A scc.




Is and sin tánoicc Maoil Trena, dalta príomhdha
Pádruicc, agus gabhus lámh Oisín as an suidhe a
mbaoi, agus téid a ndeaghaidh lochta na sealcca, agus
nocha rucc orra. Fillios gusan ionadh a mbaoí
Pádraig íaromh, agus ro innis dó nach rucc ar aois na
sealcca. Tánccadoir as a haithle go Fáinghleann
na Fala ris a ráitear Gleann na Féine, agus ro
shuidheadar a nArd Seanaigh a ccomhfhoccus do
Chruachoin ós Fháinghleann na Féine.



"Créd 'má ttuccadh Ard Seanoigh ar an árd so,
a Oisín?" ol Pádraig.



"Airfideach grádhach ro . lacuna.. .



. . . . . . . . .



iompaidhis athúaidh mé a Dhearcc mac Eóghain,"
ol Oisín, "agus as mían liom dol budhthúaidh doridhisi
d'íarraidh Deircc, d'iomlúadh ar ccéad-ghníomh
agus ar ccomthanois agus d'fhaisnéis sccéala Finn agus na
Féine eadruinn."


L. 168


Tucc a cheann i n-ucht an chléirigh as a haithle
agus ro cheileabhair dhó, agus tucc an Táilgeann a bheann-
acht dhó agus ro cheaduigh go haimhleascc dhó an
siobhal sin.



Ro ghluais Oisín cona mhuinntir as a haithle
go ránccadar Eass Rúaidh, agus tánccadar go Sídh
Aodha ós an Eas, agus níor chían dóibh go bhfacadar
Dearcc mac Eóghain chuca dochum na tolcha.
Ro éirigh imorra Oisín ina choinne agus ro thoirbhir
póig dhó. Suidhios Dearcc a bhfarradh Oisín agus ro
labhuir ris agus as eadh ro ráidh:



"A charo, a Oisín," ol sé, "cia an rioth as
doilghe do-rinnis ríamh?"



"Asum cuimhneach airsidhe," or Oisín, "agus
foillseóchad duit-si anos é cen chonntabhairt.



Aonach Clochair do comhmóradh le Fiacho
Muilleathan mac Eóghain Mhóir go maithibh dhá
chóicceadh Mumhan agus le Fionn gusna Fíanoibh ina
fhochair. Agus tuccadh teóra graifne in aonaigh
leó, agus each dubh ro bhaoí ag Dil mac Dhá Chreacca,
.i. acc sean-athoir rígh Mumhan, óir ba hí Moncha
inghean Dil máthair Fhiacha mheic Eóghain,
amhail ro ráidh an file:




"Moncha dhéid-gheal, inghean Dil,
máthair Fhiacho mheic Eóghain;
naoi míosa gur thuisimh trá
iar ccath Mhoighe Mucramha."


L. 169



Accos rucc an t-each dubh sin Dil teóra búadha
an aonaigh, agus ro íarr rí Mumhan an t-each sin ar a
shean-athair agus ro thaircc céad do gach crodh dhó
ar a son, agus nochar ghabh Dil sin, óir ba d'uaislibh
shíl airm-dheircc Fhearcchosa é, agus tucc dhó a
n-asccaidh í, agus tucc Fíacha a ccéadóir d'Fhionn an
deigh-each agus cloidheamh dob fhiú céad do gach
crodh, cathbharr cíorach ceathar-chuir cumhdaigh,
sgíath gorm-chobhradhach, dhá shleigh neimh-
neacha neimhe, agus teóra coin ba caoimhe 'na
ccomhaimsir, .i. Deirdre, Dathchaoin agus Dualach a
n-anmanna, agus ro cheileaphairsiod día-roile.



Tánoicc Fionn agus Fíana Éirionn," ol Oisín, "an
oidhche sin, trí fichid fear-ócclách cona ffoirnibh,
go teach Chaichir mheic Oiliolla co Dún ós Loch.
Do bhámar trí laithe co n-oidhchibh ann cen
easbhaidh bídh nó dighe. Tucc Fionn íaromh
trí chéad cloidheamh, trí chéad bó, trí chéad
brat, agus trí chéad uinge d'ór dhearcc do
Chaichir, agus ro cheileabhramar dhó as a haithle,
agus tánoicc Fionn d'iomlúadh a eich gosan tráigh
ós Bhádhamair.



Ro riothas-sa agus Caoilte mac Rónáin, .i. duine
dhínn dia dheis agus aroile dia chlí. Ro mhothaigh-
siomh sinne amhlaidh sin, agus búaileas a each tar
Thráigh Lí agus Tráigh Dúine Glais, tar Fhraoch-
mhagh, tar Fhiodh nAis, a Magh Fleiscce.



Mar sin dúinn car an chaomh-laoi, cen fúaradh
cen airisiomh, nó go rángamar re fuineadh nóna


L. 170


gusan ccnoc dá ngoirthear Búirneach, agus ba luaithe
sinne ag dol a n-uachtar an chnuicc ine eisiomh, agus
dubhairt-siomh ann sin nach bhfaca riamh daoine
dob lúaithe iná sinn. Ro laphair iaromh agus is
eadh ro ráidh:



"A ócca," ol sé, "ní glic an toiscc tudchomar, agus
as dainimh dhúinn mur atámaoid anos, óir is
deireadh don ló agus as ainbhfeasach dhúinn cia
hionadh ina bhfuighmís proinn nó tomhaltus
anocht d'aithle ar n-aisdir agus ar n-imtheachta."



Agus ro dhéachoistar seacho íaromh agus ad-chonn-
airc an mbruighean mbódhbha mbél-fhairsing isin
nglionn ina ccomhfhoccus. Rángamor dá hionn-
soighidh, agus adubhairt an flaith-ruire Fionn nach
bhfaca teach isin nglionn sin ríamh roimhe sin.
Tiaghmaid asteach as a haithle, agus fuaramor ar
bhfíadhucchadh go fíor-athlomh ann, agus ro budh
fearr dhúinn nach ttiaghmaoís dá iarraidh, óir as
amhlaidh do fíadhuigheadh sinn, aitheach duibh-
líath dísgir droch-dhénmhach d'éirghe dár n-
ionnsoighidh, agus ro ghabhasdor each an rí-fhéinnidh
ar arodhain.



Íadhas an ccomhlaidh ccláir-leathon ccomhdhlútha
ar a bacánuibh adhbhal-chrúaidhe iar-
naighe dár n-éis-ne, agus do-ní ar n-assaidh go hobann
as a haithle. Attáis teine ttruim ttreathan-mhór
ar thinneasnois d'ullmhughadh ar bhfeisi agus ar


L. 171


bhfulachta dhúinn. Ro ráidh iaromh ar n-
airfideadh an ccéin no bhiadh ar bhfeis dá fíor-
ullmhoghadh.



Ro éirghidar ann sin naoi ccolla cíorrtha créacht-
aidhbhle as an ccuilidh inar ccomhfhochraibh, agus
naoi ccionna gnúis-bhána gruadh-árda gairbh-
liatha as an ccolbha adhfhúar iarnaidhe as an leith
budh faide uatha-siomh. Ro léiccsiod naoí
ngréacho ngéir-neimhneacha ós áird asda, agus ro
fhreaccair an t-aitheach go tinneasnadhach na
trén-úathbháis sin co gclos a goib-chionn a
bhrághad a easccol agus a thoirneach tar an mbuidhin
sin, agus as suaill nár mhearoigh monghar an mhéidh-
igh ar meanmanna, agus ba doilghe linn nó gach
dáil dhíobh-siomh fead fhir na hén-shúla d'éist-
eacht, a charo," bhar Oisín.



"Ro éirigh an t-aitheach go trén-ésccaidh
íaromh agus ro mharbh ar n-each féin cen chead gan
chomhairle dhúinn, agus ro chuir ar chruaidh-bhear-
aibh cáorthainn ina ccleathchuir imáccúairt do
gach taobh don teallach as a haithle; agus nírbh
imchían an t-inneónadh an tan tuccadh i ffiadh-
nuisi Finn feóil an eich arna hoimh-ghreadadh, agus
ro dhiúlt-somh an fhulachtadh ar bheith gan
bhíadh aoin-cheann, agus ad-beart an t-aitheach go
muirfeadh sinne inar ttriúir tré dhiúltadh bídh
ina bhruighin.



Ro éirghimar dochum aroile, agus ro tiomaircceadh
cúil dhorcha dhroch-dhéinmheach óirne, agus ro


L. 172


báidheadh an teine co trén-athlomh, agus ro ghabh-
sam a cceann a chéile isin ccubhachoil ccoimh-
dhoirche sin, agus ní thiocfadh aoíneach dhínne
ina dhían-bheathaidh as an ccúilidh sin acht
muna beith an flaith-ruire Fionn dár bhfóir-
idhin.



Ro bhámar amhlaidh sin nó gur éirigh an
ghrian ghlan-ruithneach arna mhároch. Ro
thuit gach fear accoinn a bhfanntaisibh éucca agus
anbhfuinne. Gairid ro bhámar isin niúll sin an
tan ro éirghimor as ar ttámh ar an ttulaigh baoí
ós an ttéaghdhais, agus fuaramar ar n-each iomlán
accoinn cen ainimh cen on, agus ro ceileadh an bhruigh-
ean oruinn and sin gan amhorus.



As íad baoi ann sin," ol Oisín, "na naoi ffúatha
a hIobhar-ghlionn do dhíoghail a seathar go
sonnradhach, .i. Culleann chalma chraos-leathan ro
mharbhoisdair Glas mac Aon-cheárda Bérre dá
chéd-ghníomhaibh goil' agus gaisccidh. Agus as é
sin aon-rioth is mó ro chuir oram-sa dá ndearnus
ariamh, a Dheircc," ol Oisín.



Conadh do dheimhniughadh an neithe sin
adubhramor do-rinne Oisín an laoídh tré scís agus
athtuirsi a nAonach Life a Laighnibh an tan do
ghoirthí Gúaire Dall de, ar ndul a radhairc uaidh,
co n-ébheirt:


L. 173



"Aonach anú luidh an rí
Aonach Life go lán-lí;
gairit lais gach aon téid ann,
ní hionann is Guaire Dall.



Ní Guaire Dall goirthí dhíom
tan lodamar go tigh an ríogh,
go teach Fhíachoidh, ficheadh goil,
gusan tráigh ós Bhodhamair.



Aonach Clochair do mhór Fionn
is Fiana Fáil, cionn ar chionn,
's do mhórsad Muimhnigh don mhoigh
agus Fíacha mac Eóghain.



Ruccadh eich na bhFían san treas
is eich Mhuimhneach na mór-leas;
fearsad teóra graiffne íar soin
for fhaithche dheigh-mheic Eóghain.



Each dubh ag Dil mac Dhá Chreacc
as gach graiffne ro chuireadh
isin ccarroicc ós Loch Gair
rucc trí lán-bhuadha an aonaigh.


L. 174


Cuingheas Fíacha an t-each iar soin
ar an draoí ar a shean-athair;
taircceas céad dó do gach crodh,
cco ttugadh a ttuarosdol.



Adubhairt an draí go mblaidh
d'aitheascc maith re mac Eóghain:
"beir mo bheannacht, beir an t-each
agus tiodhlaic í ar h'eineach."



"Acc súd duit-si an t-each dubh dían,"
ar Fíacha re flaith na bhFían;
"acc súd mo chlaidhiomh go mblaidh
acc súd each uaim dott araidh.



Acc súd cathbharr as geall céad,
ag súd sgiath a thíribh Grécc,
bíodh accad mo shleagh neimhe
re cois m'iodhna airrccdeidhe.



Acc súd trí coin as coémh dath
Deirdre, agus Dathchaoin, Dúalach,
go mbuinceadhaibh óir bhuidhe,
go slabhradhuibh fionn-dhruine,



Madh feárr leat ná dul gan ní,
a mhic Cumhaill Almhuiní,
ná deachois gan aisgidh as,
a fhlaith na bhFian bhfaobhar-ghlas."


L. 175


Imthaighis Fionn féin iar sain,
buidheach é do mhac Eóghuin,
ceileabhras cách dá chéile,
nochar chiúin ar ccoimhéirghe.



Do-chuaidh Fionn romhuinn ar séad,
ticcmíd lais trí fichid céad;
co Caicher, go Clúain ós Loch,
'seadh lodamar as an aonach.



Trí lá, teóra hoidhche ar bhlaidh
ro bhámar a ttigh Chaichir,
gan easbhaidh leanna iná bídh
ar mac Cumhaill, ar an rígh.



Trí chéad bó is trí chéad brat
do-rad Fionn (nírbh éccomhnairt),
flaith-fhear 'nar ruaimneadh reanna,
do Chaicher mac Oilealla.



Luidh Fionn d'iomlúadh eich duibh
gusan Tráigh ós Bhodhamuir;
leanoim-si agus Caoilte tré bhaoís
agus riothmaoid tré thoghaois.


L. 176


Giodh sinne níormho malla,
robsad luatha ar léimeanda,
fear úainn dá chlí fear dá dheis,
ní bhiadh fiadh nach ffoirghemis.



Íar sin mothaigheas an rí,
búaleas a each tar Tráigh Lí,
tar Thráigh Lí, tar Thráigh Dúin Ghlais,
tar Fhraochmhagh is tar Fhionnais,



A Magh Fleiscce, a Magh an Chairn,
tar Shein-iubhar mac Maoil Ghairbh,
tar urchar Fleiscce finne,
tar cholamhnaibh Coichrinde,



Tar Dhruim Éadoir, tar Chlúain Chaoin,
tar Thrácht Dhá Fhian, a bhFormhaoil;
agus ní riacht Fionn dá each
gusan ccnoc dan hainm Búirneach.



Iar rochtoin dúinn isin ccnoc
sinne budh lúaithe cen locht;
ciodh sinde ba lúaithe and
each an rí nírbho ro-mhall.



"Adhoigh so deireadh don ló,"
do ráidh Fionn, ní hiomarghó,
"as baoís do-rad sinn ale
éirgheam d'iarraidh fían-bhoithe."


L. 177


Silleadh ro shill seacha an rí
ar an cconair dá leith chlí
co n-fhaca an teach co ndaighne
san nglionn ar air mbéaloiph-ne.



An sin adubhairt an rí
mac Cumhaill, fear gon mifrí:
"gus anú ní fhaco teach
san nglionn sa géarbham eólach."



"Tair riúin," ar Caoílte, "dá fhios,
mór tteach atá 'nar n-ainfhios,
úair as úait as feárr gach ní,
a mheic Cumhaill Almhuiní."



Íar sin do-chuamar asteach;
ar tturas dúinne dob aithreach;
fuairsiom gréch, gol, is gáir,
is muinntear dhísgir dhígháir.



Aitheach líath for lár astoigh
gabhois each Finn go hésccaidh,
íadhois an ccomhluidh soinne
for chorránaibh iarnaidhe.


L. 178


Suidhmaoid ar an ccolbha ccruaidh;
do-ní ar n-aidhsi re hén-úair;
an ccúail ttruim ro bhaoi ar an tteine
is uaill nach rus-mhúch don deataigh.



Do ráidh an t-aitheach d'áirde a chinn
aitheascc nachar lán-bhinn linn:
"éircchidh, a lucht atá astoicch
canaidh ceól don rí-fhéinnidh."



Éircchid naoi ccolla as an ccúil,
as an leith fa foixe dhúinn;
naoi ccinn as an leith oile
ar cholbhadhuibh íarnaidhe.



Légoid naoi ngréacha garbha
go comuir, níor chaomh-laphra;
freagrois an t-aitheach fá seach,
agus freagrais an méidheach.



In ceól do chanadar dúinn
do dhúiseóchadh mairbh a húir;
súaill nachar bhris cnámha ar ccinn;
nírbh é an coicceadal ceól-bhinn.


L. 179


Géarbh olc gach aon-cheól díobh soin,
fa measa ceól an mhéidhigh;
ní raibhe ceól nár dhúla
acht fead fhir na hén-shúla.



Éirghios an t-aitheach iar sain,
agus gabhois a thuaidh cconnaidh,
búailis is marbhus ar n-each,
feandois is cosccras gan fhuireach.



Idubhairt Caoilte re Fionn
aitheascc nachar lán-mhaith liom:
"an t-aitheach ro mharbh ar n-each
díghélam air cen fhuireach."



"Bí ad thosd, a Chaoílte," bhar Fionn:
"mear-ghlóir nach ttuillionn a ccionn;
do-ghébhthá forlonn, a fhir,
fá chomhlonn ris na fuathaibh."



Coécca bir ar a mbí rinn
tucc lais do bhearuibh caorthainn,
ar gach mbior áighe dár n-each,
agus sáidhidh bhán teallach.



Nírbh inneónta bior dhíobh sin
in tan do thócc ón tteinidh
is tucc i ffíadhnuisi Fhinn
feóil a eich ar bheáruibh caorthinn.


L. 180


"A aithigh, beir leat do bhíadh:
a aithghin ní dúadhas ríamh,
agus nochan íos go bráth,
fá mo bheith gan bhíadh aon-tráth."



"Más uime teaccthaoi um theach
d'obadh bídh," ar an t-aitheach,
"fúiccfithí, a Fhinn, mór an modh,
bhar ccinn ar bhar ccosccar."



Ann sin ro éirgheamor súas;
gabhmaoid ar ccloidhmhe go ccruas;
ionnsaigheas cách aroile;
ro budh manadh dornghoile.



Ro báidheadh an teine thís
co náir léir lasair ná grís;
tiomairccthear cúil ndoirche nduibh
oirn ar ttriúr a n-éin-ionphaidh.



In uair do bhámar cionn ar chionn
cia do fhóirfeadh sin acht Fionn?
do marbhadh sinn uile dhe
muna bheith Fionn na Féine.


L. 181


Ceann ar cheann dúinne mur sin,
ó thús oidhche go maidin,
nó go ttánoicc grían san teach
a ttráth éircche arna mhároch.



An tráth ro éirghe an ghrian
tuitidh gach fear soir is siar,
táinic neull a ccionn gach fir,
ro bhámar marbh ar aon-láthoir.



Gearr ro bhámar isin ttámh
gur éirgheamor is sinn slán;
ceiltear an teach óirn iar soin
is ceiltear an mhuinntir.



Ann sin ro éirigh flaith Fáil
is srían a eich ina láimh,
slán uile eidir cheann is chois:
ro bhaoi gach aiscc 'nar n-éccmois.



Is íad sin ro throid rinn
na naoi ffúatha a hIobhar-ghlionn
do dhíghail oirn a seathair
darbh ainm Cuilleand chraos-leathan.


L. 182


Os misi Oisín mac Finn;
tárraidh mé creidiomh Táilginn;
géarsam calma ag cur na ccath
nocha chumhghoim an t-áonach.



A.




Acc sin an cheist chuiris form, a Dheircc,"
ol Oisín, "uair as é sin aon-rioth is doilgheasa agus
is feárr do-righneas-sa ríamh. As deireadh do
ló ann, a Dheircc," ol Oisín, "agus as mithigh dhúinn
fos agus fíor-chomhnuidhe do dhéanamh agus fían-
bhoith d'ullmhughadh agus d'fhíor-chaomhna óir as
deireadh do láthair dár láochraidh."



Iar cclos an chomhráidh sin do Dhearcc téid
isin sídh anonn d'innisin d'Ilbhreac Oisín mac
Finn do bheith and sin ag Sídh Aodha ós an Eas.
Ó 't-chualaidh Ilbhreac Easa Rúaidh, Aodh
Minbhreac mac an Dághdha, agus maithe agus mór-
úaisle na sídhe ol-cheana, Oisín do riachtoin a
ccomhfhoccus dóiph, ro ráidhseat re Dearcc a
thaphairt isin sídh.



Táinicc-siomh as a haithle ghusan ionad i
mboí an deigh-fhear Oisín, agus rucc leis isin sídh é
cona ochtar ándradh. Ro éirgheadar in días
deigh-rígh báttar isin mbruighin, .i. Ilbhreac agus
Aodh Arm-chorcra, agus ro fhearsad fír-chaoín fáilte


L. 183


re hOisín agus rena mhuinntir agus ro chuirsead eatorra
ina shuidhe hé agus ro suidhiucchadh a ochtar áird-
fhéinneadh a ccathaoiribh gloinidhe ar laoch-lár
na bruíghne. Ro freasdladh agus ro fritháileadh an
flaith-fhéinnidh go friochnamhach.



As í sin úair agus aimsir tárla coccadh agus
coimheasáonta eidir Ilbhreac Easa Ruaidh agus
Lir Sídhe Fionnachaidh, agus no thicceadh éun co
nguilbnibh iarnaidhe agus co n-eirr theineadh ar an
ffuinneóig nua-chrothaigh n-órdhaidhi, agus ro chraith-
eadh a chrúaidh-eiteadha gacha nóna co nach
bhfáccbhadh claidheamh ar chádh-alchuing, ná
deigh-sccíath ar dhlúith-dhealccán, iná sleagh ar
sháor-chongbháil cen a leaccadh a cceanduibh agus
a ccorpuibh luchta na bruighne go boirb-
neartmhar, agus no bhídís-siomh a n-oirchill na
dála sin do dhiúbhraccadh in eóin go hurlamh
imésccaidh, agus gach urchor do-bheirthí go glé-
neartmhar dá ghnáth-mharbhadh do theaccmhadh
a cceannaibh fir nó mná nó macaoimh do lucht
na lán-bhruighne é, go luaith-easbhuidheadh an
té dá ttagmhadh agus nocha ndéanadh olc nó urchóid
don éun.



Ciodh trá acht, iar n-orducchadh an óiltighe
dhóibh in ionbhaidh sin do-riacht an t-én chúcu agus
do mheasg agus do mhearaidh na maithe agus na mór-


L. 184


úaisle bádor isin sídh amhoil do-ghníodh ríamh
roimhe, agus ro bhádar acá dhiúbhraicceadh go tinn-
easnadhach, co deithniosach, agus nochar choimh-
ghedar ní dhó.



Ro fhiarfaigh Oisín do Dhearcc cá fad baoí
an t-én ag sír-mhilleadh na sídhe.



"Blíadhain comhlán," ol Dercc, ".i. ó do
éirigh coccadh agus coimheasaonta eidir Ilbhreac
Easa Rúaidh agus Lir Sídhe Fionnachaidh."



"Ní molta an bés sa do bhráithribh," ol
Oisín, "a bheith a ccoccadh ré-roile, agus as gnáth
olc do theacht dá thaobh."



Agus ro ráidh an riothaire ac cannadh:




"Ní fó an feidhm flaith-choccadh
eidir chairdibh coimhfhine:
tosach gach uilc i ndlighthibh
uabhar borb a mbráithreachaibh.
Dílghean fada flaitheamhnois
deirbhfhine 'na ndearcc-naimhdibh:
do-bheir sin go sonnradhach
a ndúinte 'gá ndearcc-losccadh,
a n-árois a n-uaingheasoibh,
a ndeigh-ríogha ar dheóraigheacht,
a mbroghaibh 'gá mbiodhbhadhuibh,
a n-ánruidh 'gá n-éccaoíne,
a mílidh ar mearocchadh
go himchian ón atharrdha,


L. 185


a n-ógbhadh a n-amhsoine
ar ttuitim a ttríath-charod.
Acht giodh sár ar saor-chlandaibh
tocht do thuilleadh tuarosdoil
im reannaibh arm easccarod,
beatha aneich gan ní."



Ní.




Iar sin ro mhothaigh Oisín an t-éun dá
ionnsoighidh agus ro shíneasdar an láimh laochdha
leabhar-ghil a ccobhradh a chaoímh-sccéith, agus ro bhaoí
béil-fhleascc fhír-ghéar iarnaidhe isin
ccobhradh, agus do chuir urchor ar an eón di ionnus
go ttarla an fhleascc ina ucht agus ina urbhruinne
dhó, agus co ttorchair gan anmuin ar urlár na hárd-
bhruíghne eatorra-somh.



"Ní chualamar co ndearnaidh aoineach ríamh
romhad-sa, a Oisín, a choimhghrinn sin do lámh-
ach," ol cách a ccoitchinne.



"An raibh isin fFhéin duine dob fheárr lámhach
inaísi, a Oisín?" ol Aodh Minbhreac mac Ilbhreic.



"Nír dhír d'aoínneach dhínn lúth nó lámhach
do mhaoidheamh tar neach oile, óir do bhí a dhíol
lúith agus lámhaigh ion cech aon dínn."



Is ann-sin tucc Ilbhreac a láimh seacho, agus tucc
sleacch núighlais n-aithghéur dá healchuing
chuicce, agus tucc a láimh Oisín í.


L. 186


"Aireach leat, a rígh-mhílidh," ol sé, "cia
d'Fhíanaibh Érionn iccá mbíodh an tsleacch si?"



Ro bheanoistear Oisín a cinn-bheo caoimh
cumhdaigh dhi, agus ro bhádar tríocha seamonn
d'ór orloisccthe thíre Arabia ina hionnsmuibh,
agus ro aithin-siomh í and sin.



"Sleagh Fhíacha mheic Congha sunn," ol sé,
"agus as lé ro ghabhastar m'athoir-si," ol sé, "flaith-
eas for na Fianaibh, agus as ass tuccadh í, a Sídh
féur-úaine Fionnachaidh, agus Aillén mac Mioghna
coimhainm an fhir ó a ttuccadh, ór ticceadh gach
bliadhna co Teamhraigh agus tiompán ina láimh agus
é ag seinm go saineamhuil, agus cairche teineadh arna
n-adhnadh ina anáil. Um Shamhuin do shonn-
radh ticceadh, .i. a líth-laithe na bliadhna, agus do
ionbholccadh dá anáil an teine úaidh as a áil,
agus ro shéideadh a tTeamhraigh an teine sin ionnus
co loiscceadh í cona turscor gach líth-láithe Samhna
ar feadh shé mbliaghon déag.



Fa gairid roimhe sin ó tuccadh cath Cnuca
inar marbhadh Cumhall mhac Tréinmhóir le Conn
Céad-chathach agus re Goll mac Morna; agus Aodh fa
céad-ainm don chaithmhílidh, do Gholl," ol
Oisín, "agus Dáire Dearcc céad-ainm Mórna ag na
maithibh. Agus ro bhaoí Uirghreann mac Luígh-
dheach Chuirr, rí Luaighne Teamhrach, ina
bhfarradh acc cur an chatha sin. Agus Luichett


L. 187


na cCéad ro-dus-gon go géur neimhneach ar Aodh
isin ccath, gur bhris a leath-roscc ina chionn.
Conadh dhe sin giúil Goll don glain-fhéinnidh,"
ol Oisín; "agus do-chear-samh and sin le hAodh
a ndíoghal a dheirce."



Agus ro ráidh Oisín na roinn ag deimhniughadh
an deagh-sheanchois amhoil atá sonn:




"Do ghon Luichead Aodh na cCéad
a ccath Cnucha, nocha bréug:
Luichead fionn an ghaisccidh ghloin
le mac Dáire do-rochair.



As lais ro thuit Cumhall mór
a ccath Cnucha na mór-shlógh
uime tuccadh an cath teann
um fhíanoigheacht na hÉireand.



Bháttor clann Morna san ccath
agus Luaighne na Teamhrach:
ba leó fianoigheacht ffear bhFáil
frí láimh gach rígh go roi-ghráin.



Baoi mac ag Cumhall go mbúaidh,
an Fionn fuileach faobhar-chrúaidh,
Fionn agus Goll, mór an modh,
trén do-rónsadar coccadh.


L. 188


Iar sin do-rónsadar síth,
Fionn agus Goll go ccruaidh-ghnímh,
co dtorchair Banbha Sionna dhe
'man mhuic a tTeamhoir Luaichre.



Aodh ba hainm do mhac Dáire
gor ghaodh Luichead go n-áine:
ó ro ghaott an laighne trom
aire con-ráitear ris Goll.



O ro ghon Luicheat san ccath
deagh-mhac Mórna fa meanmnach,
ó sin ale ag gach aon
fa gnáithe Goll air ná Aodh.



Aodh.



As mé Oisín fíal mac Finn:
tudchais fá bhathois Táilginn:
agam atá tar gach aon
fios aneithe d'fhiarfaigh Aodh.



Aodh.




"Acht atá ní cheana," ol Oisín, "nochar
fháccoibh Cumhall tar a éis acht madh tríar mac
namá, agus nocharbh oirrdheirc a ngaiscceadh días
dhíobh-siomh, eadhón, Fítheal an fáith-bhreath-
omh agus Díthramhach an daigh-fhear, agus nocharbh


L. 189


ionann máthair dhóibh, uair Tarbhgha inghean
Eachdhach d'Érnaibh Mumhan máthair na deisi
si ro ráidheamar, amhuil as-beirt an sein-fhilidh:




Fítheal déid-gheal, Díthramhach,
dhá mhac Cumhaill, crúaidh láthoir,
Tarbhgha inghean Eachdhach Muin
d'Érnaibh Mumhan a máthoir.




Agus rob i-sidhéin céid-bhean Chumhaill gan
chonntabhairt, agus Muirn Mhunchaoimh inghean
Taidhg mheic Nuadhat a thiuigh-bhean. Agus
as amhlaidh ro fháccoibh-siomh an inghean taobh-
throm torrach acc tríall do chum an chatha dhó,
agus iar marphadh Chumhaill ann tuccadh rígh-
fhianaighacht Fhían Éreann do Gholl mhór-
gharcc mac Mórna. Ruccadh an mac maith sin,
do Chumhall íaromh," ol Oisín, "agus ro bhaoí ar
foghail agus ar díbheircc ó mhacaibh Morna aimsir
imchían.



Do-rinneadh feis Teamhra le Conn Céad-
chathach agus le cóicceadhaibh Érionn go haon-
tadhach. An tan bhádar maithe fhear nÉireand
ag tomhuilt feisi na Teamhrach n íro rathoigh-
eadar ní eidir go ttánoicc Fionn mhac Cumhaill
isin ccuirm-thicch chuctha, agus ní ro airis gur shuidh-


L. 190


eastar i ffíadhnuisi Chuinn Chéad-chathaigh,
Ghuill mheic Mhorna, agus dheagh-dhaoíne an
dúnaidh ina ttimchioll. Ba do gheasaibh agus do
ghnáth-airmeartuibh feisi na haird-Teamhrach
an ionbhaidh sin nach lamhthaoi fala iná friothor-
ccain do chuimhniughadh an ccéin no bhíodh
siad agá tomhuilt. Ro mhídh agus ro mhóir-dhéach
rí Éireand ar an macaomh ro shuidh ina fhiadh-
nuisi. Dóigh ámh nocharbh eólach in rí ináid áird-
mhaithe Érionn fair go sin.



Tuccadh a chorn dála i lláimh an rígh as a
haithle, agus tucc-samh don mhacaomh é; agus iar
n-ól dighe ro fhiarfuigh dhe créd fa comhainm
dhó agus cia dár mhac é.



"Fionn mo chomhainm-si," ol sé, "agus mac do
Chumhall mac Thréinmhóir mé, agus tánag do tha-
bhairt mo láimhe id láimh-si agus do dhénamh
cairdeasa agus caradraidh riot, a Aird-rí."



"Is mo chean-sa dhuit," ol an rí, "uair as mac
ban-charad dhamh thú."



Agus tucc Fionn ann sin a lámh i lláimh an
rí, .i. Chuinn Chéad-chathaigh, agus gabhois Conn
an láimh agus cuirios Fionn 'na shuidhe as a haithle
ar ghualoinn a dheagh-mheic budhdhéin, .i. Airt
Éin-fhir, acc ól agus acc aoibhneas athaidh fhada
dá éis.


L. 191


Íar sin ro éirigh an t-Aird-rí 'na sheasamh,
agus ro fhóccraigh d'fhearuibh Éreann aseannadh
comh-thaoi do dhénamh re haitheascc a n-ard-
fhlatha. Ro laphuir-siomh as a haithle, agus as eadh
ro ráidh: "Cidh bé d'fhearoibh Éreann," ol sé,
"do choimhéadfadh an bhruighion so ar a losccadh
d'Aillén mac Miodhna go tráth éirghe do ló
amárach do-bhéaruinn a dhúthchas dó, gidh madh
mór beg é."



Ro bhádar fir Éireand go taoi tostadhach ris
sin, óir nírbho soirbh la haon díobh dob eólach ar
Aillén an t-iomchoimhéad sin do ghabháil re a
ais, uair fir ghonta agus mná re n-iodhnadhuibh do
choideóldís risan cceól shír-bhinn shaineamhail
no shinneadh agus ro sheaphnadh an sídhaidhe sin
gacha Samhna go sonnradhach do losccadh na
Teamhrach.



Ro fhiarfaigh Fionn don ard-fhlaith as a
haithle cia do chuirfeadh a ccoraighacht air ris
sin do chomhall.



"Cúicceadhaigh Éreann," ol an rí, "Ciothruadh
mac Fir Chaogad ó fhileadhaibh, seacht ndrúith agus
seacht n-óig-thighearnaidh, do ráthaibh agus do
ro-urrachaibh uaim-si don tí dá ttiocfadh Teamhoir
d'anacal co tráth éirghe do ló amárach risan
ccomhadh ucchat do chomhall dó."


L. 192


Gabhus Fionn and sin do láimh Teamhuir
cona tursgar do thré-choimhéad an adhaigh sin
ar a losccadh. Baoi ócclách grádha do Chumhall
mac Tréinmhóir an tan sin a ccoimheadacht an
rígh, .i. Fiacho mac Congha. Ro labhuir-siomh
re Fionn ann sin, agus is eadh ro ráidh:



"Maith, a Fhinn," ol sé, "créad an lúagh do-
bhéarthá dham-sa dá ttabhroinn sleagh amhnus
áith dhuit do nár teilcceadh urchor n-iomroill
ríamh?"



"An lúach iarrfair orm acht go raibh acom."



"Is eadh íarram ort," ar an t-ócclách, "gidh
becc gidh mór do rath nó do ro-chonách bhias
agad, d'fhiachuibh ort meisi do bheith ar do dheis-
láimh a tTigh Miodhchúarta agus a ngach ionadh oile
ol-cheana in ccéin mhairfid, agus trían do chogair agus
do chomhuirle bheith accam mur an ccéadna."



"Ro-d-fia sin gan amhras," ol Fionn.



Tucc-samh an tshleagh d'Fhionn íaromh agus
ro ráidh riss an tan do chluinfeadh an ceól caoín
coimh-mbinn acc Aillén do choimhsheinm, a
cinn-bhéc do bhúain d'íaronn na sleighe agus a rinn
do chur re a édan, agus nach léiccfeadh foghrán na
sleighe neimhe dhó codladh.



Ro éirigh Fionn and sin a bhfiadhnuise bhfear
nÉirionn agus do ghlúais roimhe do choimhéad na
Teamhrach, agus tucc Fíacho mac Congha sleagh agus
sgíath dhó cen fhios do mhacuibh Morna. Beireas
an sleigh agus an sgíath lais, agus téid ar fhaithche na


L. 193


Teamhrach; agus níor chían dó an tan at-chonnairc
Aillén nac Mighna chuicce agus a cháor theineadh
as a mhuinél do losccadh na Teamhrach íar seinm
an cheóil dhó, óir do shaoil, gach aon dá ccluin-
feadh a fhoghar nó a fhosccadh, go ccoideóladh lais
cen mhoille; agus nochan amhlaidh do-righne Fionn,
uair do chuimhnigh ar an teaccoscc tucc Fíacha
mac Congha dhó, ionnus gur ghabh greim dhó,
co nár léicc neimh na sleighe dhó tionnabhradh
do dhéanomh; agus íar séideadh na teineadh d'Aillén
do chuir Fionn an brat corcra ceathir-fhillte
baoi uime a n-aghaidh na teineadh ionnus go
ttarla an ccaoír isin mbrat, agus rucc lais ar luaith-
shiobhal an ccaoír agus an brat in ccéin do fhéad, agus
nochar chían sin, ór dob éiginn dó an brat do
theilccin úaidh, agus do-chuaidh an teinidh seasccadh
traighidh a ttalmhain íar losccadh in bhrait di.
Gurab Árd na Teineadh ainm an áird agus conadh
Gleann an Bhruit ainm an ghleanna.



Ciodh trá acht, ó do rathoigh Aillén a dhraoicht
do chlaochló air an aidhche sin agus losccadh na
Teamhrach do mheith fair, do ghluais tar a ais
d'ionnsoighidh Sídhe Fionnachaidh go mullach
Sléiphe Fúaid, agus Fionn ar deabhaidh ina dhían-
leanmhuin ion gach conair ina ngabhadh. Agus


L. 194


an tan baoi Aillén acc dorus-bhél na deigh-shídhe
anonn, tucc Fionn a mhér a suaithneamh na
sleighe so-dhíobhraicthe, agus ro bhocc agus ro bhear-
taigh í, ionnas co ttánoicc lán íana óla céad do
sponc-aoibhliph teineadh tríchcimh-ruaidhe tar
thréan-ionnsmaibh na seamainn-shleighe sídh-
chrann-bhláithe sáir-dhénmhaighe sin, agus tucc
urchor ághmhar urmhaisneach ar Aillén di, ionnus
cco ttarla a cceart-lár a dhroma an duabhais-
shleigh ann, gur cuireadh a chroidhe 'na lía dhubh-
fhola tar a bhél seachtair. Agus táinic a mháthair
dá ionnsoicchidh, .i. Cuach an bhain-liaigh a
Bhóirche." Agus do ráidh Oisín na roinn:




"Do gháotth Aillén mac Mighna
do shleigh Fhíacha mheic Ciongha,
don ghaí bhódhbha, don bhiorgha,
arm do ro tháoth óicc odhbha.



Ro budh súairc sin, ro budh suairc,
Aillén mac Mighna a Slíabh Fuaid:
lúaithe é ná gaoth tar fhiodh
tan no théigheadh 'na rioth rúaicc.



Ro budh suairc sin, ro budh suairc,
Aillén mac Mighna a Sliabh Fúaid:
fa shé déag ro loiscc Teamhraigh:
gairid lé a mheanmuin an chúairt.


L. 195


Ro budh súairc sin, ro budh suairc,
Aillén mac Mighna a Sliabh Fúaid:
nó go ttorracht Fionn na bhfleadh
rob aoibhinn a reabh 's a ruaig.



Aillén mae Mioghna, miodh cuill
ro mheasccadh mac an Duinn Deircc:
ionmhain a lámh ghasda gheal,
fear ro budh mór seadh ag seilcc.



Grádh ban Brogha Mheic an Ócc
Aillén do ród Mhuighe Breagh,
mac na bain-leagha a Slíabh Fúaid,
minic a chúairt go mnáibh fear.



A nEamhoin Abhlaigh na n-én
budh slighe dhéur dh'aphra mná:
budh huchbhadhach teaghlach Lir
do bheith in fhir a leacht lán.



Aillén mac Mioghna, mionn súl,
dursan dúinn an toiscc ro thaoth:
budh easbhaidh do bhiathadh badhbh
do rinn arm ngéar ó ro ghaotth.



Do.




Ro mheas a mháthair and sin an tshleagh do
bhúain as Aillén, agus nochar fhéad a bhecc do thar-


L. 196


raing as di. Táinicc Fionn isin sídh, agus ro
tharraing an sleigh as, agus ro dhithcheann é, agus tucc
an ceann leis ar ccúl co Teamhraigh, agus ro chuir
an cheann ar bhior-chuaille bódhbha, agus ro bhaoi
ann gur éirigh an ghrian ghlan-ruithneach ós a
ciorcuill trom teinntighe, ionnus gur shoillsigh
easa agus inbheara.



Ro éirigh an t-Aird-rí ann sin agus téid ar faithche
na Teamhrach co maithibh bhfear nÉrionn uime.
Ticc Fionn co Conn ainnsidhe agus ro laphuir ris agus
as eadh ro ráidh:



"Acc so dhuit, a Aird-rí," ol eisiomh, "ceann an
fhir do loiscceadh Teamhuir gacha Samhna go
sonnradhach, agus a fheadán agus a thiompán agus a
chairche ciúil codalta. Agus dar leam," ol sé,
"do sháoras Teamhuir ar a tréun-losccadh amhail
do gheallas."



"Is deimhin go ndearnuis," ar cách a ccoit-
chinde.



Ro líonadh láthair and sin le Conn agus le maithibh
fhear nÉrionn dia fhios cia do-dhéandaoís re
Fionn. Acht atá ní cheana, is í comhairle do
cinneadh leó rígh-fhianaigheacht fhear nÉreann do
thabhairt d'Fhionn do réir mar do bhí agá athair,
ag Cumholl, agus a rogha ag Goll mac Mórna Éire
d'fhágbháil nó a lámh do thabhairt a láimh Fhinn.



Ro ráidhsiot-siomh an t-aitheascc sin re Goll,


L. 197


agus ro innseadar dhó go ttuccadh ceannus na bhFían
d'Fhionn agus ro fhiarfaighsat de cia dhíobh sin
rogha do-bhéaradh. Ro ráidh-siomh nach ffúicc-
feadh Éire don chur sin, agus go ttiobhradh a lámh a
lláimh Fhinn do shlánocchadh geallamhna an
rígh agus na n-urradh do-chúadar a ráthaigheacht
air, agus nach mór an tairbhghe do bhiadh acc
Fionn ó Fhíanaibh ar a shon sin acht mur do
bheith aicce-siomh, agus gur mhaith lais dá madh
daoine clanna Baoisgne d'umhlachadh d'Fhionn,
tairis féin an t-adhbhar aimhréitth sin d'fháccaibh
chuctha do chum a marbhtha agus a múdhaighthe
co huilidhe.



Tucc Goll a lámh a lláimh Fhinn ann sin ria
ccách agus tuccsat an Fhían ar-cheana a lámha dhó
mur an ccéadna. Ro bhaoí Fionn isin ríghe sin
nó gur básaigheadh é i n-All an Bhruic a Luachair
Dheaghadh. Agus as don tsleigh ad-bheiridh-si,
a Ilbhreac," ol Oisín, "im láimh-si do-righneadh
an gníomh sochair sin d'Éirinn, agus Biorgha a hainm
bunaidh, agus as dá taoíph fuair Fionn gach rath agus
gach ro-chonách dá bhfúair."



"Conguibh-si an sleigh ad láimh, a Oisín,
d'eaccla go ttiocfadh Lir do dhíoghail a eóin
oruinn."



Is ann sin ro tóccbhadh a ccuaich, a ccuirn, agus
a ccopáin leó, agus ro bhádar acc ól agus acc aoíbhneas
an adhaigh sin.


L. 198


"Maith, 'anam, a Oisín," ol Ilbhreac, "cia
dá ttiobhrainn cumas an chatha amárach dá ttí
Lir cona bhráithribh chuccoinn? "



"Don tí dá ttuccadh Fionn cumas a chatho," ol
Oisín, ".i. Dían Dearcc-sgothach mac Eóghuin
sonn."



"An ghabhoir-si súd do láimh, a Dheircc?"
ol cách a ccoitchinne. "Gabhoim, imorra," ol
Dearcc, "cona dhochar agus cona shochar."



A mbádar ann deireadh oídhche isin deagháil
mhuich co gcualadar fothramh agus fidhrén na
bhfoghadh bhfaobhrach, basccuire na n-each,
culghaire na ccarbad, sgreadghaire na sgíath, agus
aimh saimh an mhór-shlúaigh. Do-cúas uatha-
somh d'fhéachoin cia líon bádar-somh ag tríall an
tréun-chatha do thabhuirt, agus as é líon bádor, trí
catho comhaidhbhle agus deich ccéad ar fhichit
céad ion gach cath dhíobh.



"Pudhair leam-sa," ol Áodh Minbhreac, "a
ndiongantar don toisg si, .i. bás anúasal do
thabhairt dhamh-sa agus dhuit-si, a Ilbhric, agus ar
síodh-bhrugh solasda do bheith agár mbiodh-
bhadhaibh íoromh."



"Ná ráidh sin, a dheigh-fhir," ol Oisín, "agus as
éccóir nach measair go ttéid an búireadhach
baoith-léimneach ó iomad do chonuibh coimh-
neartmhara, d'fhearuibh díana dásachtacha, agus do
ghadhraibh garga guith-bhinne cen a chosgar do


L. 199


choimhmaoidheamh." Agus ro ráidh Oisín an rann:




"Ro-soigh treitheirn a ttulaigh
ó chonairt ccroibh-dhercc ccubhaidh:
ro-soigh búireadhach a beadhcc
ó iolar ngadhar ngoib-dhearcc.




Innisidh dhúinn, a ócca," bhar Oisín, "an
comhrac as doilghe libh isin ccathughadh so."



"Trúagh sin, a charo," ol íad-somh: "cia
budh comhdhoilghe do Thuathaibh Dé Danann ris
an ccuraidh ccalma ccath-bhúadhach fil i n-ar
n-aghaidh, .i. Lir Sídhe Fionnachaidh?"



"Más eadh," ol Oisín, "aní do ghabhuinn-si
do láimh ion gach cath go so, .i. an cath budh
dhoilghe ann do dhiongabháil, nocha léiccebh
dhíom anos é, agus coisccfead an curaidh sin a ccomh-
throm comhruicc."



"Cia comhrac as doilghe liph 'na dheaghaidh
súd?" ol Dearcc.



"Donn Déid-chloidhmheach agus Dubh Dían-
chroidheach," ol íad-samh.



"Dingeóbhad-sa na deigh-fhir sin," ol Dearcc.



Ro éirgheadar amach as a haithle, agus ro ionn-
saighdar na catha ceachtarrdha a chéle co comh-
chalma. Ro dhíobhraicsiot aroile do shaighdibh
snasda síth-ghorma agus do laighnibh leathon-ghlasa
loinneardha leaphar-chrúaidhe. Ro cuireadh an
cath and sin co fearrdha foirthrén foiramhoil agus


L. 200


go lonn láidir lán-chalmho ó sholus-tráth éirghe do
ló go a dheireadh. Ro chomhruic Oisín mac Finn
agus Lir Sídhe Fionnachaidh ré-roile and sin, ionnus
co ttorchair Lir do bhéimeandaibh boirb-neart-
mhara Oisín. Agus ad-rochair Donn Déid-chloimh-
dheach agus Dubh Dían-chroidheach do láimh
léidmheach lán-chalma Dheircc mheic Eóghain
mur an ccéadna. Agus as amhlaidh ro mharbh-
oistear íad d'áon-urchor sleighe, óir do bhádar
an días deagh-laoch ag coimhéad an chatho go
coimhdhíochra. Táinic fear dhíobh a ttosach an
chatho agus ro bhaoi an fear oile ar a chúl don léith
aníar. Is ann sin ro éirigh Dearcc Dian-sgothach,
agus ro dhíobhroicc in sleigh aithghér urnoicht go
hághmhar ormhaisneach dá n-ionnsoicchidh ar
áon, gur thréghdustar a chroidhe ina chlíabh isin
ccéid-fhear, agus gur bhris a dhruim ar dhó isin dara
fear dhíobh, .i. an fear ba himchéine úaidh, go
ttorchradar coimh-thuiteam don áon-urchor sin.



Ro briseadh and sin ar fhearuibh Sídhe féur-
úaine Fionnachaidh ré n-óccbhaidh aichir airm-
neimhncach Ilbhreic don aon-urchor sleighe sin,
agus do marbhadh Lir le hOisín, agus ro ráidh Ilbhreac
an laoidh:




"Cosccrach sin, a Oisín fhéil,
a mhic inghine an Deircc Dhéin:
mór laoch torchradar dot rinn,
a dheagh-mheic Fhinn mheic Cumhaill.


L. 201


Giodh mór maitheas thoir is thíar
do-righnis, a rí-laoích, ríamh,
nocha ndeárnuis thúaidh iná theas
éacht amhail Lir na láin-treas.



At-rochar leat Lir na lann,
laoch darbho cuimsigh cathbharr:
atád fir ina bhfeartoibh
'ma Lir cona laoch-mhacraidh.



At-rochair Donn is Dubh
(rob amhnus an t-aon-urchor)
ar an leircc (géar dháil dhochair),
do láimh an Deirg Dían-sccothaigh.



Tú ro mhionaigh an cath crúaidh
ar Lir co n-iomad a shlúagh:
do chlú fón mBanbha go bráth:
roba tú an calma cosccrach."
C.




Tánccadar rompa isin sídh íar mbúaidh chos-
ccuir agus choimhmaoíthe, agus ro ghabhsat neart ar
Shídh Fionnachaidh as a haithle.



"Acc so do shleagh dhuit, a Ilbhreic," ol Oisín.



"Nírbhá cóir dhuit-si sin do thairccsin damh-
sa," ol Ilbhreac, "óir gion go mbeadh d'arm
accoinn acht an sleagh sin, is duit-si do rachadh,
uair as tú a comharba díleas diongbhála sin."


L. 202


Teaccoid isin sídh solusmhoir inonn, agus ro bhádor
acc ól agus ag aoibhneas inte trí láithe agus teóra hoidhche.



Ro fhiarfaigh Ilbhreac d'Oisín: "Nar chreid
Fionn don Dhía dá ccreidir-si anois, a Oisín?"
ol sé.



"Do chreid go deimhin," ol Oisín.



"Cáit ina ndearnaidh, agus créd ádhbhar a
dhénta?" ol Ilbhreac.



"Acc Druim Dhá Éan ós Shionainn shámh-
ghlóraigh," ol Oisín, "agus Fiodh an Éanaigh ainm
oile dhó go fírinneach d'éanach Fhinn agus Fhían
Éreann ar Aodh Rinn mac Rónáin; agus Fionn ro
mharbh a athair, .i. Rónán mac Finn mheic
Iomchadha mheic Laoisigh mheic Conaill Cheár-
naigh. Agus ro bhaoi-siomh 'na fhoghlaidh ar
Fhionn go himchían nó go ttuccadh cath móir-
ghníomhach Maisten, agus ro mhuídh an cath ar
Áodh, agus as é ní do-righne Aodh comhrac aoin-fhir
d'fhógra for Fhionn agus for na Fíanaibh, agus torch-
radar sochaidhe d'Fhíanaibh Éireann fán ionnus
sin, .i. Aodh mac Deirg, Áodh Cúl-dubh, an caith-
mhílidh Neachtain Nua-chrothach, trí daltadha
Finn ann sin, .i. Aodh, Fíachra, agus Cú Laighen.



Ro sheachnadar an Fhían a chomhrac iar sin
con ros fhreagair Fionn fá dheóigh é. An tan trá
ad-chonnairc Caoilte mac Rónáin Fionn acc dol
do chum an chomhruicc ro éirigh féin ina sheasamh


L. 203


agus ro ghabh a arm, a earradh, agus a éideadh, agus do-
chuaidh d'aimhdheóin Fhinn agus do chomhraic re
hÁodh. Ó 't-chonnairc Aodh Caoilte dá ionn-
soicchidh, ro ráidh nár mhaith cath cen comhaidh,
agus dá bhfacchadh Caoilte síth ó Fhionn dó, go
ttioccfadh dá ionnsoighidh.



Ro gheallustar Caoílte sin dó, agus ticc lais go
hairm a mbaoi Fionn, agus do-righne síth le Fionn
as a haithle, agus tuccadh a fhearann féin dhó. Agus
no bhíodh isin sídh inar hoileadh é, agus a bhfochair
Fhinn go meinic. Conadh air adeirthí Fear-
dhomhan fris, .i. fear idir dhá dhomhan. Agus
as í fa bean dó, .i. Mascc inghean Maighne - ó a ttá
Dún Mascc i Loighis. Agus baoi mac agus inghean
aicce lé, Énán Arm-neimhneach agus Cealga Chruth-
mhaiseach a n-anmonnadh; agus gach fear dá
n-íarradh an inghean sin, .i. Cealga, at-rochradh
re hAodh a neart sgéith agus cloidhimh.



Ro sheachnadar fir Éireann a hiarraidh ar
na hadhbharaibh sin," ol Oisín, "agus tuccus-sa
grádh adhbhal-mhór dí, agus nochar lamhas a hiom-
rádh idir, d'uamhan Fhirdhomhan. Agus adu-
bhart-sa aon do ló ann le Conán mac an Léith
Lúachra," ol Oisín, "créd tucc air cen inghean
Áodha Rinn d'íarraidh co nach mbeith a n-aon-
tumha.



Téid Conán d'íarraidh na hinghine do thaoíbh
mo chomhairle-si fén," ol Oisín, "agus ro íarr ar a
hathair í. "Ro-d-fia comhrac éin-fhir ar a son,"


L. 204


ol eisiomh, "agus munap tú bhus treisi ann, nocha
bhfuighbhir an mhnaoí." Agus nochar lamh
Conán in comhrac, agus nochar labhair ar an inghin
as a haithle go cionn mbliadhna.



Ro bhádhus-sa," ol Oisín, "a ngalar gháibh-
theach ghroid-neimhneach an bhliadhoin sin agus
fuaras Conán acc imbirt, agus ro theagoisccios beart
fair. Ba feargach-siomh friom-sa," ol Oisín,
"do bhithin an teaccoiscc sin. Ro laphras-sa
ris-sean," ol Oisín, "agus as eadh ro ráidheas
gurbha córa dhó fearcc do dhéanomh re hAodh
Rinn mac Rónáin ro dhiúlt immá inghin agus do
íarr comhrac fair, iná a dhénomh friom féin im
beirt d'imirt fair.



Ro luidh-siomh and sin go dúnadh Aodha
Rinn, agus ro fhuaccair comhlonn fair nó an inghean
do thabhairt dó. Tánccodar ar áon ann sin mur
a raibh Fionn agus Fíana Éireann go hÁrd Díadh,
agus ro léicceadh dhóiph comhlonn aoín-fhir d'fhear-
thainn ann, an ní dá ttángatar dá íarraidh.



Ro bhádar dhá chomhalta charthanach' ag
Aodh Rinn mac Rónáin, .i. Caol agus Reamhor a
n-anmanna, dhá mhac Oilealla agus Méadhbha.
Tánccatar a Sídh Ban bhFionn a reachtaibh én
gusan ionadh sin, gur ro snáithsad an sruth.
Conadh dhe atá Sruth Dhá Éun vel ita "Snámh
Dhá Éun".


L. 205


Nár mac Féicc mheic Conaill Chearnaigh, as
í fa bean dó Eistí bhain-fhéinnidhi, agus fa leandán
lán-ghrádhach d'Eistin Buidhe mac Deircc a
Cruachánuibh Duibhthíre tar chionn Náir. Baoí
draoidheacht adhbhal ar chor an Bhuidhe sin,
ionnus go tticceadh féin agus a chomhdhalta, .i. Lúan
mac Lughair mheic Lughach, go gnáthach a
reachtaibh éun gusan áth úcchod, agus an tan do
chodladh lucht an dúnaidh téigheadh Buidhe ina
riocht féin, agus do bhíodh agus Eistí a n-aoin-leabaidh
an ccén budh toil leis-siomh.



Ro fhiarfaigh Nár dia dhraoithibh can ass a
tticcdís an dá éun sin no ghnáthaigheadh tocht ar
an áth baoi ar bheulaibh an dúnaidh, ór do-
chíodh-siomh go minic Eistí ag dol dá bhfairgsin
dochum an átha; agus anddar lais nocha ndercadh
ní acht íad an ccén no bhíodh ar a ccomhair; agus
ro smúain aicce féin gurbho hé Buidhe agus a chomh-
dhalta do bhíodh ann a reachtuibh na n-én,
tréna dhraoidheacht agus tré aídhbhle an ghráidh
boí aicce féin agus acc Eisti dá chéile, agus ro innseadar
na draoíthe dhó fios fírinneach na n-éun.



Téid-siomh, íar ttocht don énlaith ar an n-áth,
dia ndiúbhroccadh, gur mharbhoistear d'én-urchor
sleighe íad ar áon, acht amháin gur fháccbhustar
begán dá anmuinn a Lúan, agus ro riacht roimhe


L. 206


gusan áth dá ngoirthear Áth Lúain aniogh.
Conadh and ro sgaradh a anam agus a chorp ré-roile.
Conadh uaidh ainmnighthear an t-áth.



Luidh Esti ar teannan os láimh dheas risin
sruth go rócht Magh Esten go bhfuair bás ann.
Cona uaithe ro hainmnigheadh.



Luidh Nár ina deaghaidh go Mónaigh Tíre
Náir, agus an tan ro-chuailidh aidhidh a mhná fuair
bás fá chéadóir. Conadh úaidh ainmnighthear
Tír Náir agus Móin Tíre Náir. Agus co madh ón
dá éun sin ro hainmnigheadh an t-áth ucchad,"
ol Oisín. Conadh do dheimhniughadh gach sean-
chuis dhíoph sin ro ráidh Oisín:




"Snámh Dhá Éun, na heóin dia ttá
sloinnfead díbh gan iomarghá,
seanchos fíre confad in sluagh,
in ní dia ttá an Snámh síor-fhuar.



Aodh mac Rónáin go rathaibh
Fionn ro mharbh a dheagh-athair:
as de sin fa foghlaidh d'Fhionn
Aodh Rinn mac Rónáin ríogh-fhionn.



Aodh mac Rónáin, ba caro,
meic Aodha meic Iomchadho,
ba mac Laoisigh, láthair ndil,
meic Conaill meic Aimhirghin.


L. 207


Céad n-armach n-áloinn n-argdha
im thrí ríghibh ro-gharcca
ad-rochair lais, madh go se,
co cath Maisden mór-ghloine.



An uair ro mheabhaidh an cath
ar Aodh Maisden go mór-rath,
fógras comhrac aoin-fhir úaidh
ar an bhFéin, ba feidhm fíor-chruaidh.



Fa marbh ar ghaloibh dheigh-fhear
Aodh is Fiachra as Cú Laighean,
agus nír ainic a láimh
Aodh mac Rónáin go roi-ghráin.



Dá mbeith go bráth ar an ccnuc
Aodh Rinn (ro budh ríghdha a chucht),
ní bhfuigheadh fear 'na aghaidh,
Aodh mac Rónáin rígh-reabhaigh.



Iar sin ro éirigh Fionn féin,
ó ro fhéimhdhigh ar an bhFéin,
ros ghabh a arma uile:
gá curaidh ba cruth-ghloine?



And adubhairt Caoilte cáidh:
"a Fhinn, tuirinn h'arma áigh:
comhrac aoín-fhir, aidhbhle gleó,
ní riocfa, an ccén bhear-sa beó."


L. 208


As ann sin adubhairt Fionn
re Caoílte cosccrach cúil-fhionn:
"nachan fheárr liom thusa ar lár
inás mé fá iomfhorrán."



Do ráidh Caoílte, cródha a ghnaoi:
"ná breathnaigh agad, a rí,
a cheann for Aodh go heallamh
is misi do dhíthcheannadh."



As-beart Aodhán mac Deircc Dhéin,
as-beart Aodh Cúl-dubh co ccéill,
ro dhingébhdaoís Áodh Rinn:
is ris tháinic ar ttuitim.



"Géar mhaith Áodhán, géar mhaith Aodh,
géarbh ionmhuin lat iad ar aon,
um feárr-sa úair chinnim cath
inás óccbhadh amhulchach."



"Nach bhfacais na trí churaidh?
Dar leam is mór ro mhughaidh:
ní torracht im Fhéin go se
tríar ócclaoch budh ághmhuire."



"Ná haboir-si sin, a rí,
gérsa hionmhuin lat-sa h'aí,
am fhearr-sa fén úair ngoile
acc freasdol na hiorghoile."


L. 209


"Narbh aithnidh duit Neachtain nár?
Narbh aithnidh dhuit lúas a lámh?
fa comhlonn céad ciorrtha cáomh;
ar a aba ros-fharraigh Áodh."



"Dar do láimh-si, 'Fhinn na níadh,
dar mo chloidheamh, dar mo sgíath,
nocha ngabh arma ar feacht
laoch agá mbíadh mo thiugh-leacht."



Beireas Caoilte céim neimhe
ina stúaigh thruim theinntighe
gur chomhroic sé forsan mhoigh
is Áodh mac Rónáin ro-ghloin.



And sin adubhairt Aodh Rinn:
"Ní maith cath cen comhaidh ttinn,
gébhad sídh as rachad de,
dá bhfaghthá dhamh, a Chaoilte."



Iar sin ros-teagoid ar aon,
Caoilte cosccrach agus Aodh,
géarbh iongnadh le Fianuibh Finn
damhtaoín d'Aodh d'fhior a nÉirinn.


L. 210


Ann sin adubhairt Fionn Fáil:
"Am faoilidh ribh go roighráin:
cían atáthaoi gan sosadh
ní maith aiccneadh anffosadh."



"Ní shuidheabh," ar Caoilte caomh,
"agus nocha suidhfe Aodh
nó co ttarghthear d'Aodh Rinn
gach ní iarrfas a nÉirinn."



"Nasccoidh uile form, a Fhían,"
adubhairt riú Fionn fíor-fhíal,
"gach comha dá n-iarrfaidh Áodh
go bhfacchbhadh tuilleadh re a táobh."



Tucc-somh a lámh a lláimh Finn,
is nír dhoiligh leó dar lind,
go ffuair a fhearann uile
Aodh mac Rónáin ríogh-dhuine.



Seal isin síth an ro halt,
seal acc Fionn i ccoimhideacht,
gurbh fhear eidir dhá dhomhan:
do lean dó féin Feardhomhan.


L. 211


Mascc inghean Mhaighne mhíadhaigh
ro bhaoi acc Fionn isna Fíanaibh
ro budh íad a clann, cáomh an bhean,
Énán agus Cealg choimhgheal.



Gach fear ro chearadh Cealg chaoin
fa dhó budhdhéin a dhomhaoín:
a niort aoin-fhir cen omhan
do thuiteadh le Feardhomhan.



Caroim-si, Oisín mac Finn,
Cealcc inghean Aodha áloinn,
agus nochar lamhas a lúadh,
uair eaccoil liom Aodh arm-ruadh.



Conán lonn-dhearg mac an Léith,
is beartas arís tré chéill:
"Cuimhnigh Cealcc, órsad cara,
nach rabhair a n-aontamha."



Iar sin éircchis as' tigh óil
Conán Milbhéil, monghar nglóir,
gar chuinghidh an inghean ócch
air Aodh, áit i mbaoi an mór-shlógh.


L. 212


"Do-bhéar-sa dhuit," ar Aodh Rinn,
"comhrac aoín-fhir, innisim,
agus nochan fhuighbhe an mnaoi,
a Chonáin, gan iomarghaoí."



Ros choiscc Fionn, feirde an slúagh,
Conán nach lamhadh a lúadh,
co nár chuimhnigh ceachtar dhe,
uair baoth briathra bróccóide.



Bliaghoin a fFormhaoil na bhFian
dhamh-sa cen dul soir nó síar"
(as eadh ro-s-fosd, fothramh ngrinn,
searc inghine Aodha airm-ghrinn.)



"Teaccoisccoim-si beirt go hán
ar ar ccuraidh, ar Conán,
co ttánoicc a fhearcc go trén
do Chonán mholphthach Milbhél.



As-beartas-sa ris, rádh grinn:
Córa dhuit fearcc re hÁodh Rinn
ro íarr comhrac ort 'na thigh,
ro-d-éroistear 'má inghin."


L. 213


Luidh Conán, fa crúaidh an fios,
go bhfuair Aodh Rinn ina lios,
gur fhuaccoir fair ceart cloidhimh
nó an inghen, géarbh iomdhoiligh.



Teaccoid mar a raibh' an Fhían
agus Fionn féin acc Ard Díadh,
gar leicceadh dhóiph, ní fáth gnáth,
comhrac aoin-fhir for an áth.



Reamhor is Caol, nach cranda,
dá mhac Meadhbha agus Oilealla,
aoín-bhean ros-thuairccoibh go n-ágh
's an curaidh comhramhach Conán.



Tánccatar a Sídh Ban fhFíonn
a riocht dhá éun ós gach dionn:
snáidhit an sruth, suairc an dál:
as ón snámh sin atá an Snámh.
S.



A reachtaibh dhá chon go hÁodh
do-luidh Reamhor agus Caol,
go rabhsadar 'gá measccadh
is Conán 'gá ccruaidh-mheasccadh.


L. 214


Nochar chomhrac aoin-fhir d'Áodh
Reamhor, Conán, agus Cáol:
ad-rochradar 'na cceathror:
níorbh í an iorghal iomfholamh.



Ro hadhnaiceadh ag Ard Díadh
Conán is Aodh Rinn na rían,
icc Áth Chinn Áirde gan ghádh,
eatarra síar is in Snámh.
Snámh.



Atá seanchos oile dhó,
as fíor is ní hiomarghó,
agus as dearbh ceachtar dhe
gé bheithear 'gá innisi.



Nár mac Féicc mheic Conaill chais,
nírsad briathra fir anbhfais,
rob í a chéile, caomh an bhean,
Estí ban-fhéinnidh bhith-gheal.



Buidhe mac Deircc go ndíre,
a Cruachánuibh Duibhthíre,
ba leannán d'Eistín amhra
Buidhe mac Deircc dath-chalma.


L. 215


Buidhe mac Deirg dian-gharta
agus Lúan a chomhalta:
a riocht dhá éun, saobhdha soin,
ticcdís go hEistin imghloin.



Tan do chodladh cách do chéin,
téighdís 'na reachtuibh budhdhéin:
ro bhíodh Buidhe, gan deacair,
agus Estí a n-aoin-leabaidh.



Iar sin ros-fhíarfuigheann Nár
dona draoithibh tré chomhrádh:
'Gá baile as tteagoid na heóin
go hEistín áloinn ard-mhóir?"



As-beartador risin rí:
"Nocha cceilmíd ort an ní:
as íad na heóin do-tháoth ann
Buidhe agus Lúan nach lán-mhall."



Iar sin teaccoid isin áth
amhuil ticcdís ann do ghnáth:
gairid bádor isin tráigh
gur luidh Estí 'na ccomhdháil.


L. 216


Téid mac mhic Conaill Chearnaigh
ar an druim, budh lór d'earbhaidh
gur dhíobhroicc sleagh, trén an cor,
gur mharbh an dís d'aon-urchor.



Fáccbhar beccán beatha i Lúan
go ránoicc an t-áth ionnfhúar:
as ag an áth thúas at-bath
Lúan mac Lughair mheic Lughach.



Luidh Este lámh dheas re sruth,
agus ro budh gairit a riuth:
as úaithe ráitear aniodh
in magh i ttorchair "Eistion."



Luidh Nár go Móin Tíre Náir,
ar ccinneadh ar a chomdháil,
marbh ann do chumhaidh a mhná
Nár mac Féicc, fear nach ttérná.



Is de sin atá Áth Luain
is Snámh Dhá Éun re hén-úair,
's Móin Thíre Náir, niamhdha an dál,
's Magh nÉsten Sionna an snámh.



Snámh Dhá Éun.


L. 217



Ciodh fil ann trá," ol Oisín, "iar ttuitim
Chonáin agus Aodha Rinn mhic Rónáin ré-roile ro
riacht a ttáscc go Fionn mhac Cumhaill co hairm
a mbuí, .i. go Fiodh nÉana ris a ráittear Druim
nDiamhuir in tan sa. Agus tuccadh loincc-
shítheal airccid aoin-ghil dá shaighidh, agus ro ionnuil
a gheal-ghlaca estí, agus ro ghlan a ghnúis gheal-
dheircc asda, agus tucc a ordaín fá a dhéud fírin-
neach fis, agus ro foillsigheadh fios agus fáisdine dhó, .i.
go ttiocfadh an Táilgen tiodhlaictheach tabhar-
thach re deireadh an domhuin isin ionadh sin,
agus conadh Cíarán mac an tShaoir ba coimhainm
dhó, agus co ngébhadh cill ar leíth Éireann, agus co madh
uasol-ab onórach; agus ro ráidh na rointt and:




"Inmhuin ceall bus comhramhach
bhías bhá eochair na habhann:
ionmhuin feartán forbharach
bus anacol mór n-anam.



Ionmhuin ionadh ainglidhe,
éanach na Féine finne,
Druim nDiamhuir go ndearbh-ghloine,
dia madh comhainm Cluain Chille.


L. 218


Budh Clúain Chíaráin chumhachtaigh
giodh foraoís sédh a fhiodhbhaidh:
budh árus ócch d'udhachtuibh
Druim nDiamhuir ionadh ionmhuin."



Ionmhuin.




Ro chreid Fionn and sin," ol Oisín, "do Rí
Nimhe agus talmhan trésan bhfios do foillsiccheadh
dhó; agus géarbh eadh, ro budh crádh croidhe lais
oidheadh Aodha Rinn agus Chonáin mheic an Léith
Lúachra, agus do-rinneadh iachtach agus acaoine ag
mnáibh agus ag mion-daoínibh na Féine," ol Oisín,
"agus accá maithibh ol-cheana, do chaoíneadh na
ccaithmhíleadh sin, úair ba gnáth caoíneadh
accoinn an tan do marbhthaoi curaidh nó caith-
mhílidh dhínn, agus go háiridhe budh gnáthach
maithe na Féine acc caoineadh na deise sin. Agus
do bhíodh Fionn acc cuimhniughadh orra do
shíor an ccén bámar ag Snámh Dhá Éun; agus ro
íarr óirne aon do laithibh ann sin," ol Oisín,
"adhradh don Athair agus don Mhac agus don Spiorad
Naomh. Agus ro ráidh na roinn ag cuimhniu-
ghadh ar Chonán agus ar Fheardhomhan, agus dho
thairrngire Chíaráin do thoigheacht go Druim
nDiamhuir, ut dixit:


L. 219



"Maircc féinnidh ro-chuala an sccél
tuccadh dhúinn go Snámh Dhá Éun,
aidheadh Chonáin mheic Léith don
mhoigh
agus aidheadh Fheardhomhain.



Druim nDiamhuir
a hainm gusna Fianuibh;
Druim nÉnaigh ó shin ale,
d'énach Finn is na Féine.



Budh aoibhinn gein a bhérthar ann
do dheóin richidh na ríogh-chlann,
mac diongbhála Rígh Nimhe,
aingil agá iodhnaidhe.



Budh eisidhe Cíarán cáidh,
mac bérthar isin ríogh-ráith,
gébha leath Éireann go lí
mac an tSaoír a Muirtheimhne.



Pudh olc d'óccbhuidh a chille,
rachait bás do ruadh-rinne,
crochadh is ríaghadh ón rí
is iffrionn anairduighi.


L. 220


Adeirim le Fíanaibh Fáil
leanaitt creideamh comhlán cáidh,
adhroid Mac is Spiorod Náomh
's an tAthoir neamhdha neamhchláon.



Aitchim-si fochruicc nimhe
d'fhaghbháil," ar Fionn flaith-ruire:
"an rí ro-m-chum gan chairde
ní-m-léiccfe fó bhith-mhaircce."



Maircc.




Is ann sin ro ráidh Oisín go mbíadh acc im-
theacht gan mhoille, óir do ghabh tuirsi é im in
ccomhnaidhi do-rinne isin síth, acht géarbh
ionmhuin lais a laochradh.



"Truagh sin, a charo mo chroidhe, a Oisín,"
ol Ilbhreac, "agus as dursann nach sonn as mían leat
anadh nó comhnaidhe do dhénomh an ccéin do
mhairfea. Agus ós imtheacht as mó atá ar h'aire,
acc súd naoi sgúirde snáth-gheala slim-chaola
sróil uaim-si dhuit; naoi sleagha snais-mhíne
sídh-rionnaithe súadhamhla; naoi sgéith eangacha
iolbhreaca iudhlaidhe; naoí ccloidhmhe ór-dhorn-
chla ionntlaisi; agus naoí ccuiléin cháomha chreit-
gheala chluais-ghearga do chongnamh dochum
sealcco agus sáir-fhíadhaigh ar do shiobhal dheit."


L. 221


Ro thiomnadar ceileabhradh go comhthach dá
chéile, agus ro fháccuibh Oisín agus a mhuinntear beann-
achtain go hinntinneach ag gach aon d'áos na
sídhe, agus acc Iolbhreac go háiridhe, agus ro bhádar
buidheach dhe. Acht atá ní cheana, géarbho
truagh tuirseach le gach aon isin sídh an ceilea-
bhradh sin Oisín agus a mhuinntire, fa truaighe le
Dearcc Dían-sccothach é ná le haonneach dhíobh,
ór níor chiamhuire é an lá ro sgar re Fionn cona
Fhíanaibh ná an lá soin.



Tánoicc Oisín cona ochtar roimhe budhthúaigh
ó Shídh Aodha go Sídh Oissi chomhramhaigh, agus as-
sídhein go Maighein na Macraidhi ris a ráitear
Murbhach mhín fhéar-ghlas ag na maithibh, agus co
Cathraigh Daimh Dheircc budhthuaigh, airm a
raibhe an t-óglách budh sine agus budh airrdhearca
ro bhaoi do mhacuibh Míleadh an ionbhaidh sin,
.i. Eóghan Féatta flaith-bhrughaidh. Tánccadar
na Féinneadha isin dúnadh anonn gan rathu-
cchadh, ór ní bhíodh uirfhuigheall ar aoidhidh
do bhunadh isin bhruighin si.



Iar ttabhairt aithne d'Eóghan for Oisín cona
mhuinntir ro fhearostar fáilte roimhe gach aon
díobh fó leath, agus ro gabhadh a n-arma as a lámh-
aibh, agus ro freasdladh agus ro friothóilmheadh go maith
íad do mhiodh, d'fhíon, agus d'fheóil, ionnus
gurbho subhach sói-ráiteach gach áon díoph.


L. 222


Ro fhíarfaigh Eóghan flath-bhrughaidh íaromh
sgéala Phádraic d'Oisín agus a sgéala féin cona
ochtar ánnradh, ó 't-chonncatar Pádruic gusan
ionphaidh sin. Ro innis Oisín dó-samh gach
sgéala as a bhfios baoi aige dár íar-somh air.



"Att-rae buaidh agus beannacht, a Oisín," ol
Eóghan: "is maith gach sgéul dár indisis dúinn."



"Is mithigh dhúinne," ol Oisín, "sgéala d'fhiar-
faigh dhíot-sa, a dheigh-fhir, ór gidh adhbhal ar
n-onóir agad ní feas dúinn don Adhamh-chloinn
cía thú."



"Nocha ceilfidhear ort-sa sin," ol eisiomh.
"Eóghan flaith-bhrughaidh mh'ainm-si," ol sé,
"agus ro budh do shean-mhuinntir Chairbre Lifea-
chair mheic Cormuic mé, agus Becócc bhranán-
cháomh ban-bhrughaidh ainm na mná maithe si
ar mo ghúaloinn, agus as comháosa sinn ar áon, agus as
slán dhá chéad bliadhon do gach aon accoinn."



"At-chúalamar do sgéla, a Eóghain," ol Oisín,
"agus innis dúinn an mairionn an rath agus an ro-
chonách bhí agad a n-aimsir Chormuic uí Chuinn."



"Ní mhair go deimhin," ol eisiomh, "óir ní
raibhe aon-bhaile ó Eass Ruaidh mheic Bhadh-
uirn co Cnoc an Chomhramha, ris a ráitear Torach
thúaiscirt Éireann, nach raibhe fionn-áirghe cona
forthain feadhmantadh agá freasdal agam, agus
nochan fhuil díobh sin anoss uile accam acht madh
ocht n-áirgheadha ficheat namá."


L. 223


"Créd an díth agus an dílgheán do-chúaidh orra-
samh?" ol Oisín.



"Torathar táidhe agus gheirrceach fhíor-ghránna
Fomhóireach tánoicc a mhuinchionn an mhóir-
aigéin dár milleadh agus dár mughaghadh, agus as é ro
sgaoíl agus ro sgrios ana mboí accoinn," ol Eóghan,
"d'airnéis agus d'indille, d'fhearoibh agus d'ingheanuibh,
co nach bhfuil neach re gabháil críche nó forba
nó fearoinn accoinn cen mharbhadh gan mhudh-
ucchadh dhó-samh."



"Cáit ina mbí an moghaidh míanghasach
mallaighthe mór-sháitheach sin," ol Oisín, "agus
caidhe 'ainm?"



"Maolán mac Mioghna as ainm don mhoghaidh
mhór-adhbhal ucchod ro dhíobhaidh ar ndaoíne
agus ar ndeagh-chonáich-ne," ol Eóghan, "agus carroc
chomhadhbhal fil a ndomhuin an mhara mhóir
áidhbhsigh mhór-thonnaigh si amuigh as innte
bhíos a aitreabh gan amhoras, agus beiridh lán a
luinge leis isin ccarroic sin gach laoi do lón agus do
lán-chuid don tríar timdhiobhthach atáid ina
fhocair, .i. é féin, a chú, agus a inghean, ór comhlonn
cheithre chéad é féin, comhlann thrí chéad a chú,
agus comhlann dhá chéad a inghean, agus ní choimh-
gheann neach ní dhóibh."



"An tticc do ghnáth do dhénamh foghla
oruiph?" ol Oisín.


L. 224


"Trúagh sin, a charo," ol Eóghan, "ór nocha
mbí aon-lá dearmuid air."



"Cáit isin ccúan a tticc a ttír?" ol Oisín.



"Frisin mbaile aniar-thuaidh," ol Eóghan.



Bádor samhlaidh co maidin agus íad ag tocht tar
an bhFomhóir.



Ro éirigh Oisín re soillsiucchadh an laoi arna
bhfárach; ro ghabh a sgiath, a chloidheamh, agus
a dhí shleigh, agus ro ghlúais roimhe ina aonar cen
neach n-áon ina fharradh go soinnimh go sáir-
chéim dhíoghainn gusan ccarroic re taobh an
mharo mór-aidhbhsigh agus an chuain choimh-
leathoin mur a tticceadh an t-aitheach a ttír go
tinneasnach; agus ro bhaoi re headh agus re haithidh
imchéin accá iornaidhe. At-chonnairc íaromh an
curach cráos-leathon isin ccúan ccubhar-thonnach
dá choimhríachtoin, agus as amhlaidh bádor an tríar
adhuathmhar úr-ghránda sin co n-eó, co láimh,
co n-eithre, go n-earball for gach aon díobh. Is
amhlaidh baoí an cú bhí ag an bhFomhóir agus
slabhradh crúadh-ghorm comhdhaingean do ghlais-
iarronn gairbh-reamhor immá brághaid bhúain-
neartmhair agus íarna ceangal do sheól-chrann an
tshíodh-churaigh, agus an scailp sgíamh-dhothaimh
scath-adhbhal mhéith inghine malach-mhóire dubh-
ghoirme daghraighe cen dath cen dénomh cen
deagh-chórughadh baoi acc an bhFomhóir a


L. 225


ttosach an churaigh ina coimhsheasamh, agus biorgha
iomdhainghean iarnaidhe ina láimh do lúath-
mharbhadh laochraidhi dá bhfaghbhadh baoghal
nó búan-fhaill orra, agus é féin, .i. an t-aitheach
éittigh adhuathmhar odhar-ghorm uathbhásach
arm-neimhneach, ba samhalta re seól-chrann sáor-
luinge ar sdiúir an churaigh ina cheart-sheasamh.



Tuccsat a ccurach a ttír go tinneasnach isin
ccúan mur a raibh Oisín ina chomhnaidhi isin
ccúan. Ciodh trácht, rob annamh le hOisín gráin,
omhan, nó imeagla dá ghabháil ríamh riasan uair
sin, agus gidh eadh, ro ghabh eaccla adhbhal-mhór
résan ttríar n-úabhásach ndíabhalta at-chonnairc é.



Ro ráidh an t-aitheach ann sin risin inghin:



"Oscail don choin," ol sé, "agus léig d'ionn-
soicchidh an ógláigh ucchod í, go ro thoimhle a
lór-dhaoithain de ria ndol ar feacht dí."



Do-rónnadh amhlaidh, agus ro ionnsoigh an cú
gusan ionadh a raibhe Oisín 'na chomhnaidhe.
Ro ghabh gráin agus groid-eagla Oisín ríasan ccoin
neimhnigh n-urchóidigh sin nár ghabh a ccath
nó a ccomhlann dá raibh ríamh a hionnshamhuil
do ghráin nó d'eagla é.



Ro labhuir íaromh, agus is eadh ro ráidh:



"Mo Dhúileamh agus mo Dhia díolghasach agus mo
Tháilgean tabharthach uaim-si at aghaidh," ol
Oisín.


L. 226


Agus as cuma baoi accá rádha, agus gothnaitt
umhaidhe baoi ina láimh ro dhíobhraicc úaidh go
deagh-thapaidh í d'ionnsoicchidh na hoinchoin
uathbhásaighe urchóidighe sin, ionnus go ttarla
an dara ceann di ina carbad uachtarach agus an ceann
araill di a ccarbott íochtarach, gur dhún a carbat
impe co nár lamh a ffoscladh nó díoghbháil do
dhéanamh riú. Ro ghabh neimh adhbhal-mhór í
as a haithle, agus téid roimpe a n-iomdhoimhne an
aigéin tar a hais gur dhíobhraicc an tonn dochum
tíre í ann sin íarna báthadh.



Imma-comhránoicc d'Oisín agus don días airm-
neimhneach oile ionnus go mbátar accá comh-
thuarccoin dá dhíbh leithibh. Ciodh trácht, tucc
an inghean sin Maoláin tríocha troim-chréacht
air. Ro-síacht úaidh-siomh béim choimhneart-
mhar cloidhimh don chaith-bhaidhbh chiúlánaigh
choinntinnigh sin, gur chuireastar a ceann cen
tuisel cen tuirbreadh dá teimhiol-mhuinél.



Ro chruadhaigh Maolán co míleata a chroidhe
isin ccomhlann sin do dhíoghail a chon agus a inghine
for Oisín. Tárrastar an t-arrsaidh baoghal béime
buadh-nósaigh ar an aitheach annsidhe tar scei-
mheal-bhordaibh an scéith agus tar leabhar-bhrollach
na lúirighe, gurbho ball barbarrdha búadh-nósach
eadh imchían ón aitheach a cheann don áon-
bhéim ághmhar ormhaisneach sin Oisín. Rucc a


L. 227


ttrí ccinn go lán-tapaidh leis go hEóghan agus go
haoís an dúnaidh.



Ro éirigh Eóghan agus a mhuintear annsidhe a
ccoinne agus a ccomhdháil an chaithmhíleadh, agus
tuccsad aithne ar na ceanduibh a ccéadóir, agus ro
altuigheadar an gníomh sin lais, agus ro thuit-siomh
a ttaisibh agus a ttámhnéulaibh báis iaromh. Rob
iomshníomhach leis an ochtar aird-fhéinneadh
sin baoi ina bhuan-leanmhuin budhdhéin gan a
bheith ag congnamh an aird-éachta sin le hOisín
mac Finn, ó 't-chonnairc é isin aimhneirte i mpaoi.
Ro éirigh-siomh as a niúll íaromh, agus do-rinne na
roinn ann, co n-ébhairt:




"Aoibhinn anú Dún Daimh Dheircc
gusa ttánccamar, leircc do leircc:
ro budh annamh airccne air
ó ré Chairbre Lifeachair.



Eóghan flaith-bhrucchaidh
leis an dún sa Dún Daimh Dheircc,
ó ré Chairbre an chrotha ghrinn
go ré toigheachta an Táilginn.



Ba mór a bhladh thoir is thíar,
ba brucchaidh céadach coimhfhíal,
go ttorracht do thuinn treabhaidh
Maolán gona bhúirfeadhaigh.


L. 228


Maolán mac Mighna go mbrath
d'fhine éittigh Fhomhórach,
. . slúagh le sár-chlú slim-gheal,
ár-chú agus a aon-inghean.



Gérbh uathadh don triar toghdha,
re linn glíadh agus gnáth-fhoghla,
thuccsad tír Eóghain ana
gan bheó-ghail, gan bhrughadha,



Nó cco ttorracht sonn íar soin
naonbhar don Fhéin iorghalaigh
go Dún Daimh Dheircc íar ndeabhaidh,
go ticch Eóghain airm-leabhair.



Fiarfaigheas Eócchan gan fheircc
sgéala dhíom-sa a nDúin Daimh Dheircc,
ó tascor Pádraicc na bpeann
gusan laithe do-luidhseam.



Innisim d'Eócchan gan cháidh
sgéala foircclicche an phríomhfháidh,
ar sgéala féin (ficheadh gal)
's ar n-iomthús go Sídh Aodha.



Fiarfaigheam-sa d'Eócchan budhdhéin
a iomthúsa fíre féin,
eidir chrodh is thír threalmhach,
eidir mhnaoi is mhór-theaghlach.


L. 229


Is ann sin ro indis damh
a mhór-rath fá mhí-thorchar,
a imneadha uile iar sin
ó Mhaolán cona mhuinntir.



Ro budh doiligh rem mheanmain
díth Eóghain immá ealbhaidh:
nochar lugha scíth rem chridhe
a dhíth imá dhearbh-fhine.



Éirghim-si isin maidin múaidh
ar an ttrácht ós Dún budhthuaidh:
nochan fhuaras re gníomh nga
maidion a maca samhla.



At-chonnarc san tráigh rem thaobh
aon-aitheach is inghean mhaol,
cú garbh-lonn slabhraidh ren sn--h
ó bha comhlonn arm-lonn aoin-fhir.



Ro mharbhas Maolán 's a chú
(as eadh ro chriothnaigh mo chrú):
níor luaighis cairdeas dár chin
nó gur airleas an inghin.



Gach ar shiris thoir is thíar
re gníomhaibh goile is glíadh,
nochan fhaca ar tír nó ar tuinn
comhrac seisir ré samhluim.


L. 230


Fada sgaradh re Féin Fhinn,
ciodh gar linn tocht an Táilginn:
gártha a ngadhar ro budh binn:
Tráigh Téitte ionadh aoibhinn."



Aoibhinn.




Is ann sin tuccadh lossa íce a ccneadhaibh agus
a ccréachtuibh Oisín mhic Fhinn, agus ro bhaoi seal
fada iccá leigheas agus iccá leasucchadh gurbho lúath-
shlán an t-arrsaidh. Ro thiomain-siomh ceileabh-
radh d'Eócchan and sin, agus tuccsat beannachtain
dia-roile, agus ro sgarsat fó shíth agus chaoin-chomhrac
re chéile annsidhe.



Ránoicc Oisín cona mhuinntir rompa íaromh
go Tulach na cCéad ris a ráitear Tulach Dhá
Each; aissidhe co Cuirreach na Míolchon ria
ráitear Currach na cCúan; agus do Chnó-Bhoith
budhthúaigh bhail ar taisealbadh an éixe do
Lúgh Lámhfhoda, agus as ann ruccadh Colam Cille,
agus Gartan 'ainm aniogh; agus do Dhoire Ghuill
budhthúaigh dá ngoirthear ... Guill an
ionbhaidh si. Agus ránccatar go bord an Doire,
agus at-chonncatar an t-aon-ócclách a ccomhfhoccus
dóibh-agus a dhruim re carrtho comhadhbhal
cloichi, brat corcra cortharach ciomhus-chaoimh
uime, dealg ór-bhuidhe antt, léine do shról sholusda
im chneas an chaoimh-mhacaoimh, ionar fainn-


L. 231


chleachtach follus-chaoin ar a úachtar, dhá choin
chomhchrotha ar éill leabhar-bhuidhe luaith ligthe
ina láimh, agus cuanort ghuth-bhinn gadhar ina
fhiadhnuisi.



Ro bheannoigh Oisín agus a mhuinntir don mhílidh
mhóir-mheanmnach sin, agus ros-fhreagair-siomh go
fáthach fíor-ghlic an beannoghadh dhóiph; agus ro
fhiarfaigh dhíoph íaromh cíarbho híet feisin, agus
cía budh tighearna forra.



Ro fhreaccair Oisín dó co n-érbhart: "Oisín
mac Finn mo chomhainm féin," ol sé; agus ro innis
ainm gach aoin don ochtar baoi ina fharradh mur
an ccéadna dhó: "agus nocha mair ar ttighearna
nó ar ttriath accoinn, .i. an flaith-ruire Fionn úa
Baoisccne." Ó 't-chúala-siomh an comhrádh sin
ro chieastar frasa díochra déur gurbho fliuch blá
agus bruinne dhó.



"Cia thusa a óccláigh," ol Oisín, "agá ttá in
uiread sin do dhubhachas ort dár n-easbhaidh-
ne?"



"Ní hannsa," ol an t-ócclách, "mac carod
biodhbhadh dhuit-si mé, .i. d'Aodh mac Garoidh
mheic Mhórna; agus Donn mo chomhainm."



"Monúar, a chara," bhar Oisín, "ro budh
maith an t-athair paoí accod, agus nochar fheárr
dhuit athair a fhFíanuibh agad iná Aodh mac
Garoidh."


L. 232


Agus ro ráidh Oisín an rann d'adhmholadh an
deigh-fhir sin co n-ébhairt:




"Rob é an brígh fa búan bladh:
rob é an féinnidh fíor-chruth-ghlan:
rob é an chraobh thoraidh gá thoigh
acc focchail séad an domhuin."




"Maith ámh, 'anam, a Oisín," ol Donn, "an
bhfuil sleagh m'athar-sa accod?"



"Atá go deimhin," ol Oisín, "agus a scíath agus a
chloidheamh."



"Ar fhíor do ghoile agus do ghaisccidh riot, a
Oisín," ol Donn, "innis damh an fochain 'már
marbhadh mo athair, ór nochan fhúaras ariamh
a dheimhin dhár fhiarfaigheas é."



"Do-ghéabhuir a fhios anoss co cinnte coimh-
dhearbhtha úaim-si. Dubh Díthraibh rígh-
fhéinnidh Fhían mBreaton do mharbhadh dot
athair-si, .i. do Gharadh mac Mórna. Ro bhaoi
an dál sin gan díoghail gan deigh-leigheas nó go
ttuccadh cath calma Cronn-mhónadh agus nó gur
gabhadh ar Goll mór-ghlonnach mac Mórna an
Charrocc charcoir-dhoiligh chumhann-dhorchu.
Ro-chúalador fir Éireann, ór do bhádor trí catha
na gnáth-Fhéine ag forbhaisi fair frí ré coidhcísi


L. 233


ar mhís ann, agus ro bhaoi naoí n-oídhche gona loíph
isin cCarroicc sin gan longadh gan lán-túaradh,
amhuil ro ráidh Goll feisein," ol Oisín, "an tan
do-chúadhas a gan fhios d'Fhionn ar cuairt
chuicce d'fhios cionnus do bhádhus aicce, agus an
tan do fhiarfaigheas de créd do budh cor dhó,
at-bheart an rann sa:




"Ocht ttráth déag dhamh-sa gan bhiadh,
a Oisín co n-iomad ngíall,
bheith a ngliaidh gach laoi dhíobh soin
maraon is trosccadh d'adhoigh."




Occus as sgíth leam-sa dol ar a lúth agus ar a
lámhach dá éis sin," ol Oisín, "ór níor thualoincc
é ar an Charroicc d'fháccbháil acht bheith accá
choimhéad, agus monúar an gníomh do-rinneadh le
Muc Smala mac Smóil mheic Dhuibh Dhíthraibh
and sin, .i. dul chuicce ar an Charruicc ionnus
gur dhíthcheannustar é a ffiadhnuisi fhear
nÉireann. Tucc an ceann leis agus ro léicc a fhfiadh-
nuisi Fhinn é.



Ro bhuí h'athair-si, .i. Aodh mac Garaidh
acc íarraidh comhruic ar Muic Smala mac Smóil
isin ngníomh do-righne, nó an méid do phaoi idir
rí agus taoiseach d'enecclann do thabhairt dó ann,


L. 234


agus as cuma baoi agá rádha," ol Oisín, "agus adubhairt
na roinn:




A ghiolla rí Dhúin na Ríogh,
úaim aitheascc gan iomshníomh:
ráidh re mac Smóil as garbh gal
íocadh liom bráthair m'athar.



Aboir re mac Smóil smearrdha,
risin fhféinnidh bhfíor-fhearrdha,
ní badh tarbhach dhó a thír the
munbadh síth dhó agus dúinne.



Ro budh deigh-fhear re gach dáimh,
budh láidir a laoch-lámh,
ro bhriss Goll fá chúicc a ccath
ar shluaghaibh glana Gréaccach.



Smirtuiri is a sheacht meic,
rí Lochlann go ccrúas a neirt,
ros-fháccoibh Goll 'na luidhe
for Thráigh Lí meic Eóthuille.



Éachta iolardha mar soin
cáit a ndearna Dubh Díthraibh?
gér laoch gan bhaoghal gan bhrath,
nír bhris a éonar én-chath.


L. 235


Dubh Díthraibh fós is Goll cain
a ccoimhmeas d'aon níor chubhaidh:
géar ba maith Dubh Díthraibh de,
feárr Goll fá chéad, a ghiolla."



a ghille.




Ránoicc an teachtoireacht sin," ol Oisín,
"Muc Smala an ionbhaidh sin. As í freaccra tucc
uirre, nochar ghabh uaidh íad, agus nach ttiobhradh
ní as uille dhó. As í méid na comhadh ro ainm-
nigheadar ann sin," ol Oisín, ".i. sgíath Chairill
uí Chonbhróin arna hiomchumhdach d'ór, agus
dealbh fhicheat loiscceann d'ór áloinn Albanach
for a himlibh; cloidheamh Móirne Macha; corn
Duibh Dhíthraibh agus a chíor airccdidhe, agus ro
charfadhdaois an méid do-chíthfeadh é do mhnáibh
an fear accá ccíorfaidhe a fholt lé; dabhach duine
deagh-easgar, agus ciodh uiscce no dhailtí innte ro
bhiadh 'na mhiodh shéimh sho-mblasda accá hól;
agus teóra sleagh neimhneacha neimhe nach blaiseadh
beathaidh aon for a ndearccdaoís.



Agus do fhoillsiucchadh na comhadh sin," ol
Oisín, "agus do dhearbhadh nach ttiobhradh fuilleadh
fuirre, agus d'admháil nach ttiobhradh éraicc Ghuill
úaidh acht mar gach duine don méid baoi accá
iomghuin don bhFéin (ó nár gabhadh úaidh í an


L. 236


tan do taircceadh d'Aodh agus do chlannuibh Mórna
í), do ráidh-siomh na roinn si:




"Tiaghaid teachta uainn go hAodh;
ráitear risan séaghoinn sáor:
a ttarccos dó (trén-ghníomh ngal)
úaim go bráth nocha béarthar.



Tarccas caoimh-chír chírtha chinn
tuccadh ó Mhóir, inghin Fhinn;
gacha ceann fir triasa ragha
do chairdaois mná mín-gheala.



Tarrccos sgiath áloinn an óir
do Mhaicne Mórna an mhiodh-óil:
ba cóir a ceannach go ceart:
don ór ba heangach ilbhreac.



Dealbh fhichet loiscceann male
don ór Albanach uirre,
agus ór Breatan go mblaidh
do bhreachtradh immá bhorduibh.



Dhá shlabhradh lóghmhar logha
is sgíath chaoimh an chomhrogha,
dhá chéad do gheamuibh gloine
for a heanguibh ór bhuidhe.


L. 237


Do tharccus dó ndabhuigh nduinn
go n-easccraibh óir for a dhruim:
giodh uiscci do dhailtí dhi
fa miodh rígh accá ibhe.



Do tharccas cloidheamh catha
tuccadh ó Mhoirinn Macha:
feadh cloidhimh garmann re headh
maith an t-arm re hiombualadh.



Tarccos dó corn Duibh Dhíthraibh
(ciodh 'mádh mbeinn accá dhíchleith?):
geall cháoga moghadh tar muir
ro bhaoi d'ór immá bhorduibh.



Tarccos dó gadhoir ghlana:
trú gach fíadh gusa ragha;
nochar bhlais biadh sonn go se
fiadh dá bhfaiceadh a súile.



Tarccos trí sleagha neimhe,
go ccrannuibh ruis ro-bhuidhe
nach leaccadh a bhfuil a ffad,
nach beó an duine gusa ttíaghad.



An ní íarroid orm na fir,
éruicc Ghuill ghasda ghlé-mhír,
nocha ttiobhar go bráth mbreath
is an Fhían agá airleach.


L. 238


Íarroidh ar Mac Lughach lonn,
ón uair ro ghonaistar Goll,
as ar Chaoílte an airm ghéir ghloin,
is ar mhac an Léith a Lúachoir.



Dá mbeithdís trí fhichit mac
ag Goll gasda 'na ngeal-ghlac,
níorbh annsa leó Goll co ngoil
inás leam mo dheagh-athair.



Meadhón seang, dhá thaobh sheada
co ngile eiteadh na heala,
donn-ingne corcra cáomha,
is meóir bhocca bharr-chaola.



Tuarasgbháil m'athor ann sin
ro mharbh Goll gosna gníomhuibh:
lámh Ghoill, géarbhó garbh a ghoil,
torchair le húa Duibh Dhíthraibh.



Comha bídh ná brat ná bó
nocha ttiobhroinn eatorra,
acht madh ar ccolla go beacht
a n-aghaidh na fhfear tiaghad."



Tíaghad.




Ránccador na teachta sin tar a n-ais go hairm
a mbaoi Áodh cona fhéinnidh, agus ro innseadar a


L. 239


ttosga agus a tteachtoireacht, agus ro fhoillsigheadar
nach bhfuighbheadh-siomh cóir iná comhaidh a
marbhadh Ghuill acht a mbeanfadh a neart
cloidhimh amach ann.



Téid Aodh ann sin," ol Oisín, "a ndeaghaidh
agus a n-iarmhóireacht chloinne Duibh Dhíthraibh go
ráinicc go Caoílle na cCuradh a Sliabh Cúa, agus
imma-comhraic dhóibh and iar n-iomagallaimh go
feargach fuileach faobhar-chrúaidh, agus ad-rochradar
sochaidhi eatorra, agus at-rochair Flann mac Duibh
Dhíthraibh let athair-si ann," ol Oisín, "agus tánicc
féin úatha dá n-aimhdheóin as a haithle go Tráigh
na tTonn acc taobh Sléibhe carr-chnocaigh Cúa
mheic Bhruichallaigh i n-Airgthigh.



Is ann sin rucc Fionn mhac Cubháin mheic
Mhurchadha, sé chéad fear, ar an fféinnidh, ar
Áodh; agus rob adhbhal an foirlíon; agus ro sgaoil trí
chéad do gach taobh don tréin-mhílidh dhíoph, agus
dá mhuinntir. Ciodh trácht, torchradar-siomh
uile let athair-si, a Dhuinn," ol Oisín, "agus lason
mbeag-mhuinntir baoi aicce d'íarsma chloinne
Mórna, acht madh Fionn mac Cubháin a áonar.
At-rochradar troim-thaisi agus táimhnéulla ar an
arsaidh, ar Aodh mac Garaidh, íaromh ar an tráigh
ar i mbaoi ag trén-thuargain mhuinntire Finn
mheic Cubháin; agus níor chían dó amhlaidh an tan
tánoicc an tonn tuile tairis agus ro líon an lán úasa,
ionnus nár coimhgheadh an caithmhílidh do
choimhtheasargain, go ros-báidheadh; agus nocha


L. 240


raibh Fionn mac Cubhaill a nÉirinn an tan sin, agus
cen cob ionann ro bhaoi a aigneadh umpa, an
tráth do foillsigheadh dhó díol na ndeagh-fhear
ro budh doiligh lais a n-easbhadha. Agus as amh-
laidh sin marbhadh h'athair-si go deimhin, a
Dhuinn," ol Oisín. Agus ro ráidh na roinn:




"As aoibhinn Slíabh Cúa rod-clos
faoilinn for a fhéur núa anoss,
thuile fairrge cona fhios
is ré slios na cairrge ad-closs.



Slíabh sin dá n-adhradh an Fhían
(tearc fir fá rían nó fá réim),
ádhbha fír-bheach agus fíadh,
slíabh cíar at-chíthear do chéin.



Slíabh a mbídís aicme Smóil,
aicme ro budh tóir do shlúagh,
gusan laithe a ttorchair Flann
le hAodh na n-arm rinn-ghéar rúadh.



Slíabh sin a ttorchair Aodh árd
(ba fear a mbeirdís báird ba)
th'athair déad-sholuis, a Dhuinn,
ionnshamhuil Guill fa gorm ga.


L. 241


Garaidh mac Morna mo mhían
ro mharbh Dubh Díthraibh dían dúir,
rígh-fhéinnidh Bladhma an airm ghéir:
scél sin tucc mo mhéin fá mhúich.



Ro bhaoi sin gan díoghail ríamh
agus gan ríar d'éruic inn,
gur thuit Goll gan mhalairt nglíadh
san cCarroicc le Fianaibh Finn.



Ro dhíthcheann Flann rúadh tré reacht
cuingidh ceart Fhían nGaodhal ngeal,
gurab tríd ros-fharraigh Aodh
Flann mac Duibh Dhíthraibh san treas.



Cuingheas Áodh ceart agus cóir
ar mac Smóil fár fhearadh faoídh
fá bheith acc díthcheannadh Ghuill
acc an tuinn ós Carroic chaoil.



It-bheart Flann nach ttiobhradh cóir
a ttríath an tshlóigh gosan ágh
muna ttuccadh corp re corp
i ngach olc dá ndeárna a lámh.



Do éirigh mac Garaidh ghairg,
agus ro adhoir dá fheirg:
ro thóguibh sgíath gheal re gaoíth
do ghuin an laoich for an leircc.


L. 242


Éirghios mac Smóil ar an ttráigh
(dar mo láimh fa maith a níamh)
do ghuin Aodha na n-arm ngéar
(do budh tréan an toisg don níadh).



Gabhois a sgíath geal go ccailcc,
is ro ghlac a chloidhiomh caomh:
gabhois sleagh (fa holc an chíall),
do chor dá ttrían eaccla a nAodh.



Teilgios Aodh a omna air,
go rubha tréna tháobh soir:
do-chúaidh tréna chneas an ghuin,
agus ro feas a fhuil foir.



Teilccios mac Smóil urchar neirt
(fann a threóir - súaill nár thuit)
do rionn-gha chóir nachar chaol,
agus as é Aodh ros-luit.



An treas urchor do-rad Aodh,
fán sulchar do bhronnadh búar,
do bharr a mhéor ('s nochar mhall)
gurbho marbh dhe sin Flann rúadh.



Do léiccsiot díoph an laoch lonn
an teaghlach gaoth nochar ghann;
don arm dhealccach truagh ros-toll:
ron-bíth Aodh feargach re Flann.


L. 243


Ro éirigh mac Cubháin chaoimh
san treas ro budh dothaimh daor,
sé chéad bhíodhbhuidh fa mhór ngráin,
isin tráigh, d'iomghuin re hÁodh.



Sgaoilis a mhuinntir gach leith
fá mhac Garaidh ar gach táobh:
don tshluagh ro shreathaigh 'mun tráigh
ní ríacht a mbeathaidh acht aon.



Ticc a mhuinntir go tuir ngaoil,
agus fa maith a dhluigh dháiph:
cia ro bhaoi accá ghuin go garg,
do chonguibh sgíath tar lorg dháibh.



Suidhis an tÁodh thíar iar soin
a haithle a dhá thaobh do ghuin:
nochan fhuair ar an maigh
nó gur luidh an fhairrge air.



Nír chumhaic dhó a bheag nó 'mhór
acht a bheith dá fhéachoin do thír:
gar bháidh an tonn Aodh an áigh
ón tráigh níor sgaoil aon-fhear dhíbh.


L. 244


Nocha raibhe Fionn san ngleó,
agus ro fhoillsigheadh cách dhó:
cidh eadh as leis ro budh sáoth
beith don laoch a ccosair chró.



As saoth leam-sa deagh-mhac Smóil
an curaidh ro thearbhadh le hÁodh:
Acht gidh ionnsa leam mac Smóil,
gídh eadh fós rob ionmhuin Áodh.



As cattógh seangán a ccrios
mac Garaigh rem shlios budhdhéin,
mac Duibh do ro-dháil san tráigh,
gur bháidh an mhuir ro-láin réidh.



Áodh mac Garaidh, glún re glíadh,
do thiocfadh an Fhían dá fhios:
dá maireadh an t-arsaidh tréan
do budh docair léim 'na lios.



Is aoibhinn.




Gonadh í sin úair agus aimsir a ttánoicc Fionn
a nÉirinn," ol Oisín, "agus nochan dheárna fos nó
comhnaidhe go ránoicc gusan airm 'nar hadh-
naiceadh Aodh mac Garaidh agus Muc Smaili mac


L. 245


Smóil. Agus ro bhaoi Fionn acc éccaoine Áodha
go hadhbhal agus acc tabhairt a theasda agus a thuaras-
gbhála ós áird, agus do-rinne an mharbhnadh dhó dá
éis, ór ní fhaghbhadh áonneach do mhaithibh na
Féine bás nach ndiongnadh-siomh marbhnadh
dhó, agus ro budh córa a dhénomh dot dheagh-athair-
si, a Dhuinn," ol Oisín, "inás do mhórán díbh:




"Ceard ghaisccidh ro fhodhnadh d'Aodh,
nó gor thaoth re taobh an chúain:
dursann nach tárrasa slán
an lámh ro chuir ár an tshlúaigh.



Glacloch d'fhoghaibh go nÁodh fhionn
dá bhfoghail re taobh na ttonn:
ionmhuin seing-mhéur gan súdh ann
ó lúdh na ccrann cceinn-ghéar ccorr.



Mac Garaidh sgíath-ghlan gan sgeinm
a ndeabhaidh ro bhiathadh baidhbh:
claidheamh leathon 'na láimh luinn:
mar threathan do thuinn a thairm.



Cosmhuil fúaim a bhuille i ccath
agus fúaim luinge do loch:
ionmhuin lámh ro sgaoileadh scíath
fil a ccarcair chríadh is chloch.


L. 246


Aodh fa séghoinn ar gach seilcc
fa fear go ndeilbh ndaith-ghil ndeirg:
re a ré ba sona gach síodh:
dá dhola budh críon gach ceird.



Dá mairdaois clann Mhórna mhais
do chardaois frais (flann-ruadh fearg),
ní bhiadh clann Duibh Dhíthraibh dheircc
san leirg ós Coll-choill na cCeárd.



Ceard ghaisccidh d'fhoghnadh do Gholl
fa lonn ro leadradh gach laoch,
ba deirbh-fhear grádha do Chonn
ós airear na ttonn gur thaoth,
mílidh slim slait-gheal na slógh
ro thiodhlaiceadh ór ceard caomh.



Do Chonán, do Gharaidh ghaoth,
d'fhoghnadh ceard ghaisccidh (baoth
beadhcc);
do fhoghnadh do Dhaighre an Dúin,
acht géarbh í an chruit chiúil a cheard.



Aodh mac Garaidh an ghlúin ghil
ar a chúl nír thathaigh traicch:
tucc cath gan chairde don mhuir,
gur mhuidh sgath don fhairrge air.


L. 247


Agh le harmuibh ar Art ócc
ó mbíodh ród inbheir go dearcc:
ó nach mairiod fir na ffáth
as dílleachta acc cách an cheard."



Ceard.




"Att-rae búaidh, a Oisín," ol Donn, "as urghair-
diughadh meanman agus móir-aigeanta dhúinn beith
ag éisdeacht riot, acht giodh truagh linn oidheadha
agus easbhadha na n-uasol-charod agus na n-áird-mhíleadh
sin do chlos; agus ar fíor do ghoile agus do ghaiscceadh,
a Oisín," ol Donn, "ó fúaras-sa na sgéala d'fhiar-
faigheas úaid cen uireasbhaidh, tabhuir airm
ghaisccidh m'athar dhamh."



"Do-ghéabhair-si sin, a charo," ol Oisín, "agus
fa fhialnáireach an fear asa hairm íet re hath-
chuinghidh," agus tucc dhó íad as a haithle.



"Tabhair eólus dúinn anoiss, a Dhuinn," ol
Oisín.



"Cia conair inar mhian leat do sdiúradh, a
dheagh-laoich?" ol Donn.



"Go dúnadh Conaill mheic Néill Naoighial-
laigh." Agus ro ráidh na roinn acc íarraidh eóluis
ar Dhonn, co n-ébhairt:




"A Dhuinn tabhair eólus damh
a mhic Aodha mic Garaidh,
ó tharla tú at aonar dhe
tar éis t'fhéine is t'fhóirne.


L. 248


Cia do-chuador mic Mhórna
(mo bhrón is mo bhioth-dhoghra),
deich ccéad laoch ba headh a líon:
rob é an t-oireacht gan iomshníomh.



Géar bheódha ré n-armuibh áigh
meic Mhórna ó thráicch do thuinn,
rob é féicce an ghaisccidh ghéir
Aodh mac Garaidh an sgéith chuirr.



Nocharbh iongnadh re síol Sainbh,
a mhic Áodha an taoíbh mur thuinn,
éolus cia do-bhéartha dhamh
ó Bhoirche do bhladh go Teach nDuinn."




Ro éirghiodar as an ionadh sin leith for leith.



"Rachad-sa rómhaibh," ol Donn, "go
dúnadh Conaill mheic Néill, uair is bráthair
máthar dhamh é agus oide tothachtach tairiseach,
óir as aicce ro hoileadh agus ro hárd-leasoiccheadh
mé, agus ciodh aicce-siomh atá an ríghe íar ttoth-
acht agus iar n-ainm, as accam-sa atá ar mo chomh-
uirle agus ar mo bhreith."



Ro éirigh-siomh ann sin, agus ro ghabh a arma, agus
ránoicc roimhe go teagh Conaill mheic Néill, go
Dún Conaill, ór as ann baoi Conall 'na chomh-
naidhe an ionbhaidh sin. Agus iar rochtain an
dúnaidh dhó ro fhíarfaigh Conall sgéala a


L. 249


eachtra agus 'imtheachta dhe. Ro innis Donn dhó
amhoil ro chomhruicc sé féin agus Oisín mac Finn
ré-roile, agus mur fuair airm a athar úadh agus deimhin
a oidheadha. Ro budh maith re Conall sin agus ro
fhiarfaigh dei-siomh cáit ina raibhe an rígh-
fhéinnidh, .i. Oisín.



"Nocha cian uait-si anos, a ard-fhlaith," ol
Donn, "ór atá acc teacht ar cuairt chugad."



"Fo-chean a thiacht-son," ol Conall, "acht
gen gurab do Leith Chuinn dó ar a ccualamar
do mhaith do dhénamh dó féin seacha mórán
do chlannuibh Baoisgne. "



Ro thaisealbh Donn ann sin na hairm tuccustar
Oisín dó, agus ro ráidh-siomh gurbh asccaidh deigh-
fhir an asccaidh tuccusdair Oisín dó úaidh, .i.
na hairm sin it-chonnairc acc Donn.



Dála Oisín, imorra, ráinic roimhe tar Sruth na
Féine fo thuaidh, tar Ard na nGlais ris a ráitear
Ard na Macraidhe a ttosach, agus d'Fhiodh na cCuradh
ris a ráitear Fiodh Mór an ionbhaidh si. At-
chonncadar an dúnadh ríoghdha roi-mhaiseach
úatha iar rochtain ó Fhiodh na cCuradh dhóiph,
agus teagoid go tréin-díreach dá shaighidh, agus ó 't-
chonnairc Conall chuicce íad ro éirigh féin agus maithe
a mhuinntire d'fhearthoinn fáilte fris. Suidhios
Oisín ar an ccárn fúair a ndoras an dúnaidh, agus
suidhis Conall ina fharradh, agus ro fhiarfaigh dhe
créd 'má ttuccadh Cárn Gairbh Dhoire ar an
ccarn for a mbádor.


L. 250


"Ócclaoch grádha d'Fhionn ro bhaoi sonn," ol
Oisín, ".i. Garbh Dhoire mac Aonghusa, .i. mac
rígh dhá chóicceadh Mumhan, agus ro bhaoi áon do
laithibh agus rob í méid na sealcco saoire soinmhighe sin
trí chaoga damh, trí cháoga muc, agus trí chaoga eilitt.



Ciadh trácht, ó 't-chonncadar lucht na críche
saidhbhre na saoir-sheilge ro chruinnighsiot gusan
rígh-fhéinnidh agus ruccsat an sealcc dá aimhdheóin
úaidh, agus torchradar caoga óccláoch dhíobh lais a
ttóraighacht na trom-shealcco. Ó 't-chonncadar
aoís na tíre an urdail sin iar ttuitim dhíobh, ro
iadhsat im an ard-fhéinnidh ar gach taoibh, agus
do-rónsat guin ghalonn de agus ubholl um reannuibh.



Do-riachtamuir-ne an Fhían go huilidhe," ol
Oisín, "gusan ccrích si iar cclos an sgeóil sin
dúinn, ro fholmhuighmar an fearonn inar ttimchioll,
agus ro mharbhamor trí rígh in fhuinn agus an fhearoinn
si ina bhfuilir-si, a Chonuill mheic Néill," ol Oisín,
"agus ro éaladar an méid nár mharbhamor do
mhuinntir an trír sin a n-iathaibh agus a n-oilénuibh,
go nár fhágbhamar a bheag dia n-íarsma isin
ccrích si gan dílgheann agus gen díbhadh amhlaidh
sin," ol Oisín.



Agus ro ráidh na roinn accá dheimhuiughadh:




"A fhir fhiafroighis an carn
fá n-aittreabhadh iolar arm:
ro bhiathadh baidhbh a ttreas tte
fear an chairn réna chlaidhe.


L. 251


An cheisd d'fhiarfoigheas budhdhéin,
a Chonoill mheic nároigh Néill,
munbudh brónach inn dhá éis
robsam eólach 'na fhaisnéis.



Ciodh aoibhinn daoibh-si budhdhéin,
a Chonaill mheic nároigh Néill,
anní dá ffuil an cárn cruinn,
ní haoibhinn ré húa Cumhaill.



Inneósad anní dá bhfuil
an cárn sa, a Chonaill chruthoigh,
agus mur thuit gan tár
an laoch fil san ccárn chomhlán.



Lá do bhámar a nAlmhoin -
ba líonmhar lucht ar tteaghlaigh -
dár ghabh galor adhbhal ann
Fionn flaith-fhéinnidh Fhian Éreann.



Searnais Fionn an fFéin amhra
eidir rígh is ríogh-dhamhna -
tearc do bhruid féaghain a ndream -
ar chóicc cóigeadhaibh Éireann.



Dalto friochnamhach Finn féin,
Garbh Dhaire ba díol airm ghéir,
glac nachar tubhadh do thaobh,
mac rígh Mumhan an macaomh.


L. 252


Ránoicc dhó ar chrannchor go ceart
sealcc an tíri si, 's níor thearc,
úair fa hí re togha treall
an treas rogha na hÉireann.



Trí chaoga eilitt gan fheall
la trí chaoga ndamh ndíleann
do thuit lais, iongnadh an sgél,
la trí chaoga muc móir-thréan.



Éircchid, ba hadhbhal an trén,
slúagh na críche si, ní chél,
gur sháraighseat immá sheilcc
Garbh Dhoire an airm fhaobhar-dheircc.



Trí chaoga fear foirdhearcc fíal
don tshluagh nochar dhligh dímhiadh
torchair le Garbh Dhoire dhe
a ndíoghail a sháraighthe.



Iadhsat uime do gach aird
sluagh an tíre ó ros-iomairg:
dúinn ba hádhbhar túirsi trá,
an tréanfhear ó nach ttéarná.



Do dhíoghail Ghairbh Dhoire dhéin
tánccadar Fíana Finn féin,
go ttorchair leó (feidhm fearrdha)
trí ríogha na rói-mheabhla.


L. 253


Adhlaicmíd Garbh Dhoire dían,
féinnidh Mumhan, mílidh gíall,
san ccarn sa ar a suidheann sibh
gona arm-ghaiscceadh, a fhir.



A fhir.




Agas as é an fear asa scél sin," ol Oisín,
"fil isin ccarn sa conadh arm agus cona éidiodh, agus
ro hadhlaiceadh an séad as feárr baoi a nÉireann
ina fharradh ann d'onóir don aird-mhílidh, .i.
slabhradh Logha Lámhfhoda, agus as é no bhíodh
acc coimhéd ngíall fhear nÉireann aicce agus ag
Tuathaibh Dé Danann agus acc macoibh Míleadh, agus
fil an séad sin agus na hairm ina fharradh."



"'Anam, a Oisín," ol Conall, "do budh maith
linn na hairm agus na hiol-fhaobhair si d'fhaixin dá
madh maith lat-sa."



"Is maith émh," ol Oisín, "agus tochailtear an
fheart agus an carn liph-si, agus do-ghéabh-sa na hairm
sin agus na seóid ann."



"Ro-d-fia buaidh agus beannachtoin," ol Conall,
"agus ní thochailfoighthear anocht é, agus do-dhéantar
amároch a thochailt linn, ór ataoi-si tar éis aisdir
agus imtheachta."



Teagoid as a haithle isin ríogh-bhruighin roi-
mhóir, agus tuccadh Oisín cona mhuinntir a tteach
ndearruit ndíamhuir, agus ro freasdaladh agus ro
friotháileadh íad an oidhche sin.


L. 254


As í ba bain-chéile do Chonall an ionbhaidh
sin Bé Bhionn, inghean Duach Ghalaigh mheic
Bhriain mheic Eachdhach Maoidhmheadhóin,
inghean rígh Chonnacht. Ro laphuir Conall ria,
agus as eadh ro ráidh:



"Maith trá, a ríoghain," ol eisiomh, "gé gar
cían beas Oisín im fhochair-si tabhuir proinn
céad dó féin agus dá mhuinntir gach n-oidhche agus an
ccéadna gach laoi, agus cuirthear ocht bhfichit bó
leat-sa a bhfeur-ghort gabhála agus cuir ban-choicc
bhúan-mhaith ós a ccionn dá ccoimhéad, agus tabhar-
thar a soighthighibh soillsi soimhaiseacha a lacht
re hoirchiseacht a n-íottan."



"Do-dhéantar ón, a árd-fhlaith," ol an inghean.



Ciodh trá acht, íar tteacht na moch-mhaidne dá
n-ionnsaighidh att-rachtador in slúagh im Chonall
agus im Oisín, agus tángador ccosan ccarn ccoimhleathon
ccéadna, agus ro tochladh leó a ccéadóir é agus ro fríth
cnámha an chaithmhíleadh ann gusna séadoibh,
agus tuccadh na seóid ass agus ceann an churadh chalma
choimhneartmhair, agus indar leó do thuillfeadh an
fear budh mó do churadhuibh Conuill ina shuidhe
ar a laoch-lár.



"As mór an ceann sa, a chara, a Oisín," ol
Conall.



"Fa mór agus fa maith an fear forsa mbaoi an
ceann soin," ol Oisín.



Tucc-samh na hairm uile do Chonall agus ro thaisigh
an slabhradh aicce féin dia thabhairt do Phádruic


L. 255


agus ro múradh an mhóir-fheart doridhisi ar Gharbh
Ghoire, agus tiaghaid isin dúnadh as a haithle, agus ro
bhádor trí laithe agus teóra hoídhche ann acc ól agus
acc aoibhneas gan dol ass do nach leath.



Ro laphuir Conall re hOisín ann sin, agus is eadh
ro ráidh:



"'Anam, a Oisín," ol sé, "atá ard agus oiléan ar
an mhuir si amuigh a n-iomfhoccus dúin, agus ní
fheadamor créd é, agus cathair chomhdhainccean
chlíabh-fhairsing chían-radharcach agus feart adhbhal-
mhór imleathon a n-eadormheadhón an áird agus an
oiléin sin."



Ro chíeasdar Oisín frasa díana díochra deur,
agus ro mhúidh tocht trom-adhbhal ar Chonall agus ar
a mhuinntir a ccoitchinne ó 't-chonncatar Oisín
samhlaidh fá dhubha agus fá dhobhrón.



Iar sin as-beart Conall: "Ar do ghoil agus ar do
ghaiscceadh, a Oisín," ol sé, "tar linn d'fhéachoin
an diongna agus an daigh-fhearta ucchot."



"Truagh sin, a charo, a Chonaill," ol Oisín,
"as é súd an treas ionadh nár mhían leam-sa
d'fhaixin choidhche tar éis na muinntire móire
maithe ro muidheadhadh antt, agus gidh eadh,
rachad lat-sa isin maidin amároch d'fhéachainn
an diongna agus an daigh-fhearta sin adeirthí."



Ro chaithsad an adhoigh sin, agus att-rachtador
sluagh an bhaile do dhul a ccoimhideacht an rígh
agus an ríoghna, agus do choithseat re hOisín, ór gen


L. 256


gur ghairdiucchadh meanman agus mór-aigeanta
lais dol d'fhéachoin an daigh-fhearto ro budh
gairdiucchadh meanman agus aigeanta leó-samh
bheith acc éisdeacht ris na hiongantaibh uaisle
arsatta ro inneósadh Oisín don rígh agus don ríoghain
ar an ccathraigh soin. Ránccadar rompa gusan
dúnadh daingean-mhór ro ráidh-siomh, agus ro
shuidheastar Oisín ar an bhfeart ro bhaoí isin
oilén sin. Caoga traigh don chaithmhílidh, do
Chonall, baoi ina fod agus dá throigh dhéag ina dhaigh-
leathfhad.



"Maith sin, a Oisín," ol Conall, "ní hiongan-
taighe leam-sa ní dá ffaca aríamh ná an feart sa,
agus innis dúinn, a dheigh-fhir, cia fil sonn."



"In ceathramhadh bean is feárr baoi i ccoimhré
agus a ccoimhaimsir ria ríamh."



"Cía an ceathror sin?" ol Conall.



"Sadhbh inghean Chuinn Chéad-chathaigh,
Eithne Ollamhdha inghean Chathaoír Mhóir, Ailbhe
Ghruadh-bhreac inghean Chormuic, agus bean an
leachta so, .i. Bearrach Bhreac inghean rígh Uladh,
.i. Cas Cuailgne, agus budh hí bain-chéile Fhinn mhic
Cumhaill. Agus má do bhaoí maitheas iomarchrach
ar mhnaoi dhíobh seach aroile, is uirri-si do bhaoi,
ór as ann a toigh do bhíttis na hoidhidh gan uir-
easbhaidh bídh nó leanna nó lán-chóirighthe orra
ann ó Lúan taitte Samhna go taitte n-Iomfhoilcc;


L. 257


agus ba hí an chéad-adhoigh seiscionn a n-aoigheachta,
agus a rogha ann sin do gach aon ó Iomfhoilcc imach
fuireach isin dúnadh sa nó imtheacht íaromh, agus
nocharbhó hésccaidh a n-imtheachta ríamh ón
ríoghain sin áon dá mbéireadh eólus uirre; agus nochar
éaraisdair-si fós áonneach im ní dá n-iarfadh uirre,
acht go mbeadh ar a cor, gusan laithe luidh
d'éug."



"Créd fachoin aidheadha na haindre sin, a
Oisín?" ol Conall.



"Máthair agus athair Ghuill mheic Mhorna ro
aileadar an inghean ucchot," ol Oisín, "ór ní
raibhe do bhan-chomhaltaibh ag Goll acht isi
namá. Ro chuinghiostar Fionn ar a hathair í, agus
is í freaccra tuccustar air nach bhfuighbheadh an
mhnaoí acht do thoil Ghuill agus chloinne Morna
ar-cheana. Siris Fionn ar Gholl í íaromh.
Adubhairt Goll go raibhe connradh ar a ttiobhradh,
agus ro fhiarfaigh-siomh dhe créd an connradh.



"Gan a léiccean ar mhnaoi oile, agus go madh hí
an treas bean no bhiadh aicce, agus cen a héra im
ní dá mbíadh aicce go a bás."



"Do-bhéar-sa sin di," ol Fionn, "ór do-chluin-
maoid gurbho mór an díol móir-chomhadh hí."



"Cia bus cur re a chomhall sin?" ol Goll.



"Mo thrí comhaltadh-sa," ol Fionn, ".i. Daighre,
Garaidh, agus Conán."


L. 258


Tuccadh an inghean d'Fhionn," ol Oisín, "agus
ro bhaoi aicce go ruccustar triar mac dhó, .i.
Faolán, Áodh Becc, agus Uilleann Faobhar-dhearcc.
Agus do-chuadar meic Mhórna ar foghail agus ar
dhibheircc ar Fhionn, deich ccéad ar fhichit céad
baseadh a líon." Agus ro ráidh an rann iccá
dheimhniughadh:




"As eól damh an líon ro luidh
Goll mac Mórna for fhoghail,
ó Dhruim Ghartha, ó Dhruim
Dhaimh Dhuibh,
d'éis marbhtha meic Mhaoil Eanuigh.



Deich ccéad ar fhicchid céad fear
líon a slúaigh re sníomh a sleagh:
cúig céad dég ó sin amach
líon a ríogh is a ttaoiseach.



Clann Morna fa tréan a ttreas,
riú níor chóir clann do choimeas
ar ghaiscceadh, ar chruth, ar chéill,
do réir fhíadhnuisi Oiséin.



Uathadh clann mar an ccloinn chaoimh
ro bhaoi acc Mórna Mhoighe Maoín:
ní fhaca ag cloinn clódh a ccleas
acht giodh mór tír ro shireas.



As eól.


L. 259



Lodar meic Mhorna ann sin," ol Oisín, "go
Doire Tarbhgha a ccóicceadh Connacht, agus ní
ruccamair-ne orra a n-aon-ionadh go sin, agus nocha
ráinicc leis an láochraidh lán-chalmo luath-
éirghe as a longphortaibh amach annsidhe an tan
ruccamair-ne orra, trí catha na gnáith-Fhéine, agus
ro thuitseat trí cúiccir dá ndeagh-dhaoínibh a
nDoire Tarbhgha don deabhaidh sin.



Is ann sin att-racht an mílidh mór-chalma, .i.
Goll mór-gharcc mac Mórna, agus tucc sgíath tar a
lorg dá mhuinntir as an maighin sin, agus rucc an
t-ánghlonn ar thoradh a eisiomhuil agus a eangnamha
uainne ar éigin íad, óir an tan fár ghabh-samh a
scíath, a chloccad, agus a chloidheamh, agus a chathbharr,
nír chomhgamair-ne ní dhóibh.



Ro cinneadh comhuirle ann sin re clann-
mhaicne Mórna, .i. gan aon do léiccin úatha do
mhuineóchadh as chlannuibh Baoiscne nó as a
ccairdios do bheith riú, d'fhior nó do mhnaoí ar
a mbéardaoís, gan mharbhadh, agus as é Conán mac
Mórna do-rad an chomhairle sin dóiph. Ba
trodach muinntire an macaoimh sin, pa deabhthach
dála agus ba hiomchosaoideach aireachtois. Táncc-
odar-somh a bhfíor-thosach a bhfoghla agus a
bhflath-choccaidh gusan bhfaithche bhféur-
ghlais-si a fhfuiltí-si, agus ro bhádor acc féachoin
ciodh do-dhéandaoís réna ccomhdhalta carrthann-


L. 260


ach ro bhaoi ann, .i. Bearrach Bhreac inghean
Chais Chúailgne. Agus is í comhairle ro cinneadh
leó a rádh ría a maoíne agus a mór-mhaitheasa do
bhreath lé, agus Fionn do thréiginn, agus cen bheith
acc biathadh chloinne Baoisccne, agus nárbh eagail
di ní uatha an ccén no bheidís-siomh ar bhúan-
fhoghail orra féin agus ar a ccairdibh.



"Trúagh sin, a chairde carrthannach'," ol an
inghion, "más é m'aimhleas is mían libh-si do
dhénamh."



"As é go deimhin, a dheagh-bhean," ol íad-
somh, "muna ttréigir clanna Baoísccne agus Fionn."



"Uch! Uch!," ol Bearrach, "ní cosmhuil
dhamh-sa an fear dá ttuccas trom-thoil do
thréigin, agus dá ttuccabhoir-si mé ar eaccla bhar
bhfocchla: agus nochan fhéaduim scaradh ris ar aon-
chor."



Ó do-chúala meic Mórna an comhrádh sin
tuccsat a lámha dá chéile go lán-athlomh agus
teaccoid go lán-athlomh dochum na cathrach
sa, agus do chuirseat tré dhoighir dhonn-rúadh
dhearg-lasrach í. Ó 't-chonnairc an ríoghan
roscc-leathon in ruathor roi-mhear ruccsat meic
Morna co roi-mhear-chalma, ro éirigh féin cona
fionn-bhanntracht agus tánoicc as an dúnadh amach


L. 261


go ráinoicc an gheal-trácht ngainmhidhe ngeal-
tonnach so budhthúaigh. Agus at-chonnairc Art
ócc mac Mórna an bhanntracht acc búain-élódh
do sgeimheal-bhord an bhaile, tucc a mhér a
maoth-shuaithneamh na sleighe, agus tucc urchor
amhnus éttrócar ar an inghin di. Ciodh trá
acht, ó 't-chuala an chaoimh-ríoghan ruchtadh na
sleighe dá saighidh, ro dhéach tar a hais go hobann,
ionnus go ttárla an tréun-mhanaois ina hurbhruinne
dhi, gur bhris a druim ar dhó innte, go bhfuair
bás fó chédóir. Agus tuccadh isin dúnadh sa hí
as a haithle iarna argoin dóibh, agus ro hadhnaiceadh
isin dúnadh hí, a Chonaill," ol Oisín, "agus ro
marbhadh a días deirbhsheathar, .i. Badhamoir
agus Maghinis agus trí choéga inghean 'na bhfarradh."



Gonadh do dheimhniughadh an sgeóil do ráidh
Oisín na roinn sonna:




"As í so cathair na ccéad
a mbíodh Bearrach, ní bréag,
agus a mbíodh Fionn nach fóbradh feall,
agus dionn óg-bhan Éreann.



Mór lá ro ba líonmhar dúinn
acc Bearraigh Bhric 'na dún,
mur-raon ré Fionn, fichthibh ghal,
's re Fíanaibh garga Gaodhal.


L. 262


Cumhain liom an lá ros-luidh
Fionn dá tochmhairc ar ttosaigh
ar a hathair luaidheadh cath,
ar Chas Cuailgne cosgarach.



As é líon do-lodmar ann
fá rí-fhéinnidh Fhían Éireann,
do neoch ro budh dealbhdha dath,
deich ccéad sgeanmdha scoth-armach.



Amhlaidh ro bhaoi Bearrach Bhreac
dá ttug Fionn go follus searc,
ro budh ríoghan fhuilt bhuidhe,
a ttús díorma deagh-dhuine.



Canmaid re crannuibh ar sleagh
dórd fíansa, foghar ar fhfear,
a ndoras Eamhna úaine
do choimhthionól Craobh-ruaidhe.



Osluighthear romhuinn an dún
(fa feis choilctheach agus chlúmh)
ar thoiscc dá ffríth fíon freasdail
agus miodh a rígh-easccraibh.



Adubhairt Fionn, fíochdha gal,
re Cas Chuailgne na ccomhramh:
"sul ro-m-ghabh, a fhéinnidh, fearcc,
tabhair dhamh Bearrach bhél-dearcc."


L. 263


Do ráidh Cas, níor chomhrádh cuirn:
"a mhic Cumhaill fhabhra-mhuill,
aiccill Goll gan imneadh áigh
madh áil leat m'inghean d'fhagháil.



Athoir is máthoir Ghuill ghil
as íad ro ail in inghin:
ní thiobhar go bráth 'na dheóigh
a ndalta d'fhior dá n-aimhdheóin."



Iarros Fionn an mhnaoi íar soin
ar Gholl gusna gníomhradhuibh,
ar Chonán, ar Gharaidh ngrinn,
ar Art, ar Dhaighre dhúain-bhinn.



"Do-ghéabhair-si sin," ol Goll,
"ar thrí comhthaibh gan iomroll,
gan a léiccin, láthair ndil,
's gan a héra im aon-aisccidh;



A beith 'na treas ríoghain réidh
agad réd bheathaidh budhdhéin,
A Fhinn, rena miochair mná,
at íad mo thrí comhadha."



As íad na cuir tuccadh úaidh
re hinghin Chais Chuailgne chrúaidh,
trí coinnle dánadh a n-ágh,
Daighre, Garaidh is Conán.


L. 264


Na trí mic rucc Bearrach bhúan
d'Fhionn mac Cumhoill n-arm-rúadh,
Uilleann Faobhar-dhearg an fear,
Faolán, agus Aodh ucht-gheal.



Íar sin éirghid meic Mhórna,
mór feidhm freasdoil a bhfoghla,
tré aidhidh ghille in airm ghloin,
Bhainbh Sionnae, meic Mhaoil Eanaigh.



Beirmíd a ccúicceadh Meadhbha
ar Gholl, a nDoire Tarbhgha,
gor thuit linn (ro budh béd bróin)
cúig fhir dhéag don chloinn chaith-mhóir.



Amus longphuirt dá ffríth faill
agus dár imdhearcc arm
do thuitfeadh ann ní budh mó
muna bheith Goll san gharbh-ghleó.



Ón tráth ar ghabh Goll a sgiath
re tiughbhadh trénfhear is tríath,
nír lamhsat féinnidh náid fir
a laoch-mhaicne do leanmhuin.



Do-rónsat ó sin amach
comhuirle bíodhbha dár mbrath,
gan choigill mná ná fir uainn
do chlannaibh Baoisgne an bhorb-shluaigh.


L. 265


Badhamoir is Bearrach Bhreac
ro mharbhsat, ba ríoghdha an reacht,
is Maighinis a siúr shaor,
le trí chaoga ban mbláth-cháomh.



Gach a ndearnsat shíar is shoir
clanna Mórna do mhór-fhoghail,
do théicchle céad agus creach,
rob é féicce a mbéd Bearrach.



Trí chéad sgíath ina tigh te,
trí chéad cathbharr cumhdhaighthe,
trí chéad fichiol (freasdol sáor),
le trí chéad bleidhe bláth-chaomh.



An comhlíon no bhíodh 'na tigh
nocha raibh ag mnaoi fó nimh
ttar éis an teaghloigh thuachoil
do bhí acc Meadhbh a mborb-Chruachoin.



Ríomh a heinigh, sgíamh a scél,
ní fhéad neach, ní innis béul,
ní thuirmhionn file gan fheall,
nochan fhéad sgol a sgríbheann.



Go ttánoicc sonn, turas truagh,
Goll mac Mórna go mór-shlúagh,
go loiscc féinnidh an ghlúin ghil
a dún ar Bhearraigh mbith-ghil.


L. 266


Art ócc mac Mórna go mbúaidh,
eochar d'eangnamh agus d'úaill,
ro thuit Berrach d'arm an fhir,
gur mharbh eidir aindribh.



Iar soin ro hadhnaiceadh an bhean
(ro budh cóir cách dá sgríobhadh)
le hArt íarna guin san ghádh,
gonadh hí fil san bhfeartán.



Acc sin, a Chonaill céd rún,
sgéala na mná san dún:
atá san bhfeart sa ad-chí
adeir Oisín riot is í.



As í so.




As íad sin na sgéala ro fhiarfaighis díom, a
Chonoill," ol Oisín, "agus atá fúinne isin bhfeart so
an bhean as a sgéala sin."



Att-racht Oisín íar sin agus tucc a lámh fris an
mbaile budhthuaidh, agus tánoicc cách ina dhíaigh
go díogháir dásachtach, agus tucc-somh iar soin a
lámh ar an ríogh-lía ceathair-dhruimneach ro
bhaoí a slios an dúnaidh agus an deagh-bhaile amuigh.



"A ócca," bar Oisín, "gabhaidh ceann oile na
cloiche go fearrdha feidhm-neartmhar agus léiccidh
damh-sa an ceann sa um áonar."


L. 267


Agus táinoicc Conoll cona mhuinntir, agus nochar
fhéadsat a corrughadh, gorbhó líonmhar dhóibh.



"Cáit a bhfuil Donn mac Aodha meic Garaidh?"
ol Oisín.



"Sonna, a dheigh-fhir," ol Donn.



"Éirigh, a charo," ol Oisín, "agus tabhair neart
do lámh go lán-chalmo líom, ór mac curadh agus
caithmhíleadh thú, agus dá bhfaghoinn édáil san
ionadh sa do-ghébhthá-sa do dheagh-chuid di."



Ro éirigheadar-somh ann sin go háontadhach
a n-aoínfheacht, agus ro thairrngeadar an lía go
láidir lán-chalmo dá leabaidh lán-chomhnaidhe,
gur chuirsiot dá leabaidh go luath-athlomh hí as
a haithle.



"Att-rae buaidh agus beannochtain, a Dhuinn," ol
Oisín, "as fheárr dhúinn do chongnamh nó dhá
chath chomhchalmo Chonaill."



"Caidhe Conall agus a bhen agus Dond?" ar Caoilte.



"Érgidh isin dúnadh agus atáit trí dabhcha and so,
.i. dabhach agus a lán óir indti, agus dabhach agus a lán
airgit athleghtha, agus dabhach agus a lán do chorndaibh
agus do chuachaibh agus do chopánaibh. Agus ná
tabhraidh damh-sa acht madh in Craebh-ghlasach,


L. 268


.i. cloighemh sliasta Find, agus escra lámha Find, co
tucar-sa don Táilgend agus don Tabhartach é, agus itáit trí
cáogaid uingi d'ór agus trí cáogaid uingi d'airget agus trí
cáogaid geam gloinidhe ina coimhecar-Lis. 173b."



Ocus tucsat sin a triúr a n-eredha leó co ná
raibhi fine naonbhair díbh cen a ndóthain óir agus
airgit. Is and sin táinig a charput chum Conaill
mheic Néill:



"Tarra isin carput, a Chaílti," ar sé.



"Ricim a leas," ar Caoílte, "uair is scíthach
mé re fedh in airechtais, agus isim sean-duine roda-
caemhnacair."



Ocus tuc Conall brot ar an echraidh, agus táncatar
rompu siar a ceand Trágha Conbhicce. Is ann sin
do fhiarfaigh Conall do Chaoílte:



"Créd 'má tucadh Tráigh Conbhice uirre so?"



"Cú ghrádhach ro bhaí oc Find, .i. Conbhec a
hainm, agus an fiadh ris a leictheá hi nochan fhaghadh
a dhín a nÉrinn nó co tabhradh a ceand con agus
gilla na Féindi é, agus nír loigh cú a n-én-lepaidh re
Find riamh acht sí. Ocus is and so ro bháigh
Goll mac Mornda hí, cor chuir tond tuile a tir and so
hí, co fuil fán carnd nglas at-chi ar in tráigh."



Caoílte cecinit:




"Truagh lium oighidh Chonbhice;
Conbhec ba lór a gloine;
ní fhacca budh croibh-ghlicca
a ndiaigh muici ná oighi.


L. 269


Saeth lem oighidh Chonbhice,
Conbhecc in ghotha gairgi;
ni fhaca budh croibh-ghlicca
ic marbhadh doimh cen airdi.



.........................
bás na ccon fa caingean-bhorb,
doilghe leam chroidhe Coinbhecc.



Paoi Faolán go fonnghaire
ós tonnaibh mara múaidhe:
a haidheadh ré foghlaidhi
dhúinne budh lór a thrúaighe.



Truagh."




As ann sin adubhairt Conall ré hOisín íar ndol
dóibh go Dún na mBárc:



"Atá druim feadha fír-dhainccean a n-iom-
fhochraoibh dhúinn, agus Druim nDoghair a ainm, agus as
amhlaidh atá an árd-choill sin agus muc adhuathmhar
innte dá nach fhéadait ar bhfir-ne ná ar cconoirt
ní dhi."



"Ro bhádhus-sa lá agus ro budh maith an
fíadhoighe ar mhuc allta mé," ol Oisín. "Cáit
ina bhfuilir, a charo, a Dhuinn mheic Aodha?"
ol sé.


L. 270


"Sonna at fharradh, a rígh-fhéinnidh," ol
Donn.



"Éirigh, 'anam," ol Oisín, "agus ghabh h'armo
nó cco ndheachmaois d'íarraidh na muice ucchot,
an méad atámaoíd d'Fhianaibh Éireann sonn."



Do-rinne Donn amhlaidh, agus rángador rompa
anonn a ndaingean Droma Doghair. Ciodh trácht,
ot-chonncadar an mhuic go hadhuathmhar dá
n-ionnsoicchidh, agus as samhlaidh ro bhaoí agus naoi
bhfíacla fado faobhar-ghéara fír-neimhneacha ina
fráoch-charbadh adhbhal-mhór uachtarach agus in
ccoimhlíon ccéadna ina draint urghránda íoch-
tarach. Ro ghréch an t-arrocht go hadhuathmhar
aongantach acc faixin na bhfearchon agus na bhféinn-
eadh ina fíor-fhoccus. Ro ghabh gráin agus groid-
eaccla Donn agus Oisín iccá faixin, agus dob olc mór
leó a déxain, agus ro ráidh Oisín a riothaireacc:




"Screadois muc re mór-chonuibh
a nDruim Doghair dois-bhileadh:
úathbhás adhbhal d'fhéinneadhuibh
a faixin ina fíor-fhoccus.
Arracht soc-mhór, súl-ghránda
clúas-mhór, cochlach, ceann-aimhdheas,
clúmh-dhubh, céis-líath, cois-reamhar
sgíath-mhór, sgeamhach, scréch-dhoibhinn:
díth cúanort a cothughadh;


L. 271


leadradh laoch a lúib-fhiachla;
beacc ar Oisín oll-bhladhach
soichin sealcca sean-mhuice:
gnáth lé ár fhéinneadh.
Níor mhían le Fionn flaith-bheartach,
ceann gaoisi na nglan-Ghaoidheal,
buain re selcc na samh-chullach
tar éis dían-bháis Diarmoda
le torc Bheinne bhán-Ghulban -
mion gach écht 'na aithfhéghadh -
aon-mhac cruthach Cochruinne,
dalta Aonghuis iolchrothaigh
as an mBrugh mbláith mbráon-thorrthach:
mná bhán scél ro screadastar."



Sgreadois.




"Ar eineach agus ar eangnamh na muice dhamh-
sa," ol Donn, "ór as cuma mo bhás agus mo bheatha
dhi it fharradh-sa, a ard-fhlaith, a Oisín."



"As aisccidh curadh agus caithmhíleadh sin," ol
Oisín.



Tánoic-siomh ar eineach agus ar aghaidh na muice,
agus an tan at-chonnoirc sí ar a hionchaibh in t-arrsaidh,
tucc aghaidh fair, agus an tan fúair Oisín a taobh
lais agus a haghaidh ar Dhonn tucc urchor ághmhar
urmhaisneach don mhanaois mhóir-neimhnigh buí


L. 272


ina dheis-láimh uirre, gur thollosdoir í ón ascoill
go 'roile, ionnus go bhfuair an fhíadh-mhuc bás
go bith-urlaimh don bhuadh-urchor sin.



Tuccadh an mhuc a bhfíadhnoisi Conuill
iaromh.



"Is mór an mhuc," ol Conall.



"Is fíor ón," ol Oisín, "agus ní hiongnadh linne
a méid, óir as a ttimchioll a maca samhla súd
do mhuic tánoicc olc eidir chlannuibh Baoísccne agus
chlannuibh Mórna, agus as iomdha dá leithidíbh
at-chonncamair-ne in ccén do bhámar; agus d'íarsma
na Muc Slángha don mhuic ucchot."



Nírbh imchían dóibh ann an tan at-chonncatar
naonmhar eachlach dá saighidh go sáir-dhíochra.
Teaccoid do láthair íaromh, agus fochtas Oisín can as
a ttudchodar.



"Ó rígh Éireann tánccamair-ne," ol iad-somh,
"agus ó cheann creidmhe agus crábhaidh na nGaoidheal,
.i. ó Phádruic mac Alproinn."



"Créd tucc sonn sibh, a ócca?" ol Oisín.



"At choinne-si agus a ccoinne Conuill mheic
Néill," ol íad-somh, "ón rígh, agus ón phríomhfháidh,
agus ó shein-fhéinnidh d'Fhianaibh Éireann tucc an
Táilgeann fá chuing creidmhe agus crábhaidh tar
éis a bheith i ffeadhuibh agus a ffhásuighibh, a
ndiamhraibh agus a ndroibhélaibh dhó, acc iomghabh-
áil in naoimh-chléirigh, tánccamair-ne don toiscc
si. Ór ní míadh nó maisi laisin rígh agus laisin
úasol-Tháilgeann gan tusa do bheith ina ffochair,


L. 273


agus ní mó iomchras inntinn agus aiccneadh an aird-
fhéinneadh fil ina fharradh bheith at iongnaisi-si,
a Oisín."



Ciodh trácht, ó 't-chúala Oisín an comhrádh
sin do-roighneadh rothnuall corcra dhe agus táinic
neart agus níadhachas dó, lúth agus láidireacht, meisneach
agus móir-mheanma amhail agus do-chluinfeadh Fionn agus
maithe na Féine do bheith a bhfarradh Fhinn agus
Phádruic.



Ro laphuir iaromh agus as eadh ro ráidh: "Mo-
chion," ol sé, "don ócclách sin fil a bhfochair an
áird-rígh agus an naomh-apstoil, agus nochan áirmhim-si
imneadh agus éttualoing, dochur ná dían-uireasbhaidh
dá bhfúaras anallana, ó 't-chluinim an caithmhílidh
sin do bheith a ccoimhideacht Laoighaire agus
Phádraig agus a thoidheacht ó adhradh íodhal agus
arrocht fó chuing creidmhe agus crábhaidh, ór as
deimhin go mbeam ar aon budhdheasda go
gnáthach a ccaoimhtheacht agus a ccaidreabh aroile,
madh gearr cían ar saoghal-ne."



"'Anam, a Oisín," ol Conall, "cia d'Fhianaibh
Éreann an deagh-laoch ucchot fil a bhfarradh
Phádruic do dhíochair do dhobróin díot, do
mhéadoigh do mheanma, d'athbheóaigh h'áineas,
agus do neartoigh do níadhachas?"



"Caoilte mac Rónáin a Chollamair Bhreagh an
deagh-laoch úcchot, .i. an mac ócclaoich as feárr


L. 274


baoí a nÉirinn ina aimsir agus do budh mó ainm agus
oirdhearcas a bhFiadhnuibh."



"Do-fheadamuir-ne gurab fíor dhuit-si," ar
Conall, "an teisd agus an tuarasgbháil sin do thabhairt
ar an tréan-mhílidh sin, .i. ar Chaoilte mac
Rónáin, ór as meinic do-chualamar clú a ghoile
agus a ghaisccidh, a lúith agus a láidireachta, a einigh
agus a engnamha, a bhrughachois agus a bhiatachois, a
mbéalaibh súadh agus sáor-ollamhan; agus nocha
ccluinmaoíd iomarcaidh molta accad-so, a Oisín,
dá thabhairt ar Chaoilte nach ttabhradaoís moladh
budh mó inás fair."



"Créd as toil dhuit-si do dhéanamh um dhol do
shaighidh na sáor-bhuídhne ucchot anos, a
Chonaill?" ol Oisín.



"Do thoiscc-si bus toil dhamh-sa don toiscc
si," bhar Conall.



"Más eadh," ol Oisín, "ó nach fhéadam-si
aisdear nó imtheacht do dhénamh d'éis na sealcco
saoiraighthe do-rónas, éirigh-si, a Chonaill, go
maithibh do mhuinntire agus Donn mac Aodha,
d'ionnsoighidh rí Éireann, .i. Laoghaire mac Néill,
agus príomh-abstal na hÉireann, .i. Pádruic mac
Alproinn, agus Caoílte mac Rónáin, filid got ior-
naidhe; agus beir na haisgeadha so leat chum
Pádruic, .i. easccra Finn mheic Cumhaill, srl.,
agus beir an cloidhomh so leat go Laocchaire mac
Néill, .i. an Chraobh-ghlas a chomhainm, agus as cóir


L. 275


an mhuc ro mharbhamair-ne do bhreith go fearoibh
Éreann airm a bhfuilid a ccomhdháil, iondus go
bhfaicid uile hí."



Ro aontaigh Conall ar an ccomhairle sin, agus tucc
an cloidhomh a láimh Dhuinn mheic Garaidh.



"Sochar agus dochar an chloidhoimh dhuit, a
Dhuinn," ol Oisín.



Ciodh trácht, ránccadar don réim roi-dhísccir
sin co Cnoc Uachtair Fharcha dá ngoirthear
Uisneach Midhe in ionbhaidh si. Agus ar rochtain
dóibh ann fuairsiot Pádraig ina shuidhe a mullach
Uisnigh, rí Éireann ar a láimh dheis agus Caoílte ar
a láimh chlí, Dúach Galach mhac Brain mheic
Eachdhach, .i. rí Connacht, ar a láimh-siomh,
Criomhthann mac Éanna Chinnsealaigh, .i. rí
Laicchen, ar a láimh-sidhe, agus Aonghus mac Nátt
Raoich, rígh dhá chóicceadh Mumhan, ar a láimh-
siomh.



Tánoicc Conall dochum na dála íaromh agus tucc
a cheann a n-ucht Phádruic agus sléachtois dó.



"Tair, a Chonaill," ar Laoghaire, "agus suidh
ar mo dheas-láimh-si."



"Náthó," bhar Conall, "ó iornaidhfead sonn
a bhfiadhnoisi an naoimh-apstoil, ionnus go raibh
ós mo chionn a nimh agus a ttalmhuin."



"Ríghe uaim-si dhuit-si, a Chonaill," ol Pádraig,
"agus naoi ríogha úait for Éreann ad dheaghaidh
budhdhéin; mo chathair agus m'abdhuine dhuit, agus an


L. 276


neoch fo-ghébh ó chóicceadhuibh Éreann a chaith-
eamh agus a chaomh-thomhuilt agad."



Tucc Conall a lámh a mbrollach a bhláith-ionair
agus tucc an t-easccra óir baoi aicce i lláimh Phádraig.



"Do chara féin," ol Conall, "do chuir an séad
somhaiseach so chugad, .i. Oisín mac Finn."



"Dar mo bhréithir," ol Pádraig, "is fír-chara
dhamh-sa an deigh-fhear sin, agus as aisccidh deagh-
dhuine an aisccidh si ro chuireasdar-siomh
úaidh."



Tucc Pádruicc an t-easccra agus an slaphradh i
lláimh rí Éireann, agus ro ghaph Laoghaire ghá
fhéachoinn go fada.



"Ní fhacamor ríamh," ar Laoghaire, "séad
budh fearr ná an t-easccra so," agus tucc a láimh
Chaoílte é as a haithle.



"Tabhair aithne forsan easccra, a Chaoílte,"
ol Pádruic, "agus innis dúinn cía accá mbíodh."



"Urasa dhamh-sa a aithne," ol Caoílte, ".i.
easccra Finn mheic Cumhaill eisidhe, agus tucc-samh
dá bhainchéile é, .i. do Bhearraigh Bhric, inghean
Chais Cúailgne, .i. inghean rígh Uladh, agus as í do
mharbhsat clanna Mórna ar ccéad-fhoghail, agus as
deimhin liom gibé ros-fuair so go bhfuair an
t-aon-shéad budh feárr baoi a nÉirinn ina fharradh,
.i. an Chraobh-ghlas, cloidheamh Chonaill chluas-
deircc bhuí ag Fionn."



"Maith an aithne tuccois air sin, a Chaoilte,"


L. 277


ol Conall, "ór atá sé ar aon-chonair friom-sa; agus
éirigh, a Dhuinn," ol sé, "agus tabhair an cloidhomh
do rígh Éreann óir is chuicce do cuireadh é."



Is ann sin tucc Donn an cloidhomh amach agus ba
lan a ghlac dá dhornchladh.



"Iongnadh liom," ol Caoilte, "do ghlac do
thocht a ttimchioll an chloidhimh, ór nocha
ttanoicc glac neich ríamh uime acht munab do
chlannuibh Mórna nó do chlannaibh Baoisccne é."



"Can don ócclaoch ucchot, a Chonoill?" ol
Laoghaire.



"Donn mac Aodha meic Garaidh, agus do chland-
aibh Mórna dhó."



"Dar mo bhréithir," ol Caoilte, "a Dhuinn,
ciodh biodhbha dhamh-sa thú níorbh fhearr dhuit
athair a bhFianuibh accat nó Aodh mac Garaidh."



Tucc Donn ann sin an cloidheamh a lláimh rígh
Éireann.



"Tabhair déiche an chloidhimh uait, a rí," ol
Donn.



"Créd an déiche iarrar?" ol Laoghaire.



"Rígh-fhéinnidhacht Fhían Éreann mur do
bhí acc mo chinéal agus ag mo chlann-mhaicne
iarrom," ol Donn.



"Madh toil d'Oisín agus do Chaoilte sin," ol an
rígh, "racha dhuit gan amhoras."



"As toil go deimhin," ol Caoilte, "ór is í mo


L. 278


thoil-si toil Oisín, agus as dú don deigh-fhear ucchot
ceannus na bhFían, uair fuairsiot móirsheisir dá
chlann-mhaicne rí-fhéinnidhacht Éireann agus Alban
a n-aonfheacht."



"Máseadh," ol an rígh , "as amhlaidh bheirim-si
ceannus na bhFían dó, .i. gan cobhach nó cíos,
d'ór nó d'airccead, do bheith aicce for fhearuibh
Érionn amhuil do bhí acc gach rígh-fhéinnidh
anallana, agus comus a fiadhoigh agus a fian-chosgair do
bheith aicce."



Ro ghabh-somh iar sin cuir agus rátha ar an rígh
um chomhuill ar gheall dó, agus ro bhaoí naoi mbliadh-
na íar sin a n-árd-cheannos na bhFían nó gur
mharbh Dubh mac Dolair é a ccath Cuirí a
nAlboin.



Tuccadh an mhuc a bhfiadhnuisi an rí agus Pádruic
íaromh.



"Agus sin, a naomh-chléirigh," ol Conall, "muc
ro mharbh Oisín agus Donn a nDruim Doghair agus do
chuir chuccad-sa agus dochum an rí í dá roinn ar
fhearoibh Érionn, ionnus go madh comhdha do
gach cóicceadhach dhíobh roinn d'fhagháil di,
óir ba d'fhuighioll agus d'iarsma na Muc Slángha hí."



Ro roinneadh an mhuc iaromh ar na cóicceadh-
uibh agus for fhearuibh Éreann conadh iséin an
mhuc dhéighionach do Mhucaibh Slángha do
ronnadh a nÉirinn.



Ro fhiarfaigh Conall mac Néill ann sin do rígh
Éireann cá breith do-bhéaradh acht go roiseadh


L. 279


chuicce mac an rígh-fhéinneadh cona mhuinntir,
.i. Oisín, ar bhiadh do thabhairt dó.



"Béarad-sa do bhreith," ol an rígh, "proinn
fhichit céad cuiradh do thabhairt d'Oisín agus do
Chaoilte agus don bhegán d'iarsma Fhían Éireann
fil ina bhfochair; agus ocht bhfichit bó ghabhála do
chur a bhféar-ghort gabhála, agus a mbliocht agus a
mbuan-toradh do thabhairt dhóibh-siomh, a
ndeóigh a ttomhaltois, do chosg a n-íotan gach
n-oídhche an ccéin no bhéid a bhfochair aroile."



Ro bhádar a nUisneach an oidhche sin go
ttánoic moch-shoillsi na maidne arna mhárach.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services