Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Coimheascar na gCuradh
Title
Coimheascar na gCuradh
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ní Chléirigh, Meadhbh
Composition Date
1761
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1942)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
COIMHEASGAR NA CCURADH NÓ UIDHE MHEAS GARTHA Dubhán iomorra mhac Duibh-dheirg, ro budh flaith for Mhagh Luidhe a n-uachtar Laighean eisean, do shíol Éireamhóin; agus bhádar tríar mac maith aige, .i. Criomthann, Cairbre agus Meis Geartha; agus ro budh suídhe a tteangthaibh agus a n-ealadhnaibh na hEórpa íad; agus ní raibhe d'ógaibh Éirionn budh tréighthidhe a ngníomh- arthaibh goile agus glan-ghaisgidh nó íad, na fir sin. Agus ro bhí fón am sin trí haicmeadha do Chlanna Míliodh a nÉirinn nach raibhe samhuil a ngaisgidh a nGaodhlaibh reompa, ná 'na ndiaigh. Budh díobh sin Clanna Deaghaidh um Chon Raoi mhac Dáire san Mumhain, agus Gamhanraoi Iorras Damhnain um Ollioll Fionn a cConnacht, dá ngoirthí Gáileóin, agus curaidhibh na Craobh- rúaidhe um Chonchubhar mac Fachtna Fáitheach a n-Eamhuin a ccrích Uladh. Agus ro budh
cointinneach ceannfhairghe chéile na trí dronga sin do ghnáth. Lá n-aoin dá raibh Áird-rígh Éirionn aige caitheamh fleaighe a ttoigh Dhubháin mhic Dhubh- dheirg, go ndubhairt: "Maith, 'Dhubháin," air sé, "is oirbheartach ann chlann mhac sa agad." "Deiridh cách leó," air Dubhán. "Créad nach ccurthaigh d'fhios na ccuradh íad?" air an rígh. "Inneósad sin duit," air Dubhán: "dá ttiu- bhrainn do Chlanna Deaghaidh iad do budh éadmhar Gáileóin agus Ulltaigh liom, agus dob éidir go ttiocfadh muithá dhe; agus mur an ccéadhna dá ttiubhrainn d'Ultaigh nó do Chonnachtaigh iad ro badh fhuathmhur Clanna Deaghaidh dhíom. Uime sin fanaid mur atád. Agus ós a cheann sin atá móid fá seach air gach fear dhíobh, .i. gan uirrim ná óighréir 'thabhairt d'aoineach 'na bheathaigh ach don tí do choimhlíonas a ngeasa." "Créad íad na geasa sin," air an rígh. "Atá," air Dubhán, "móid air Cromhthain gan umhladh d'aon-neach ach don tí thaomas Tiobraid Carnn Mis, .i. tobar atá 'ndeas don mbaile so; agus an dara móid ar Chairbre ach don ttí fhasdóghas Dubh-fhiadh Sléibhe Mis; agus an
treas móid ar Mheas Geartha ach don tí charas searc Neasa inghean Dáthaidh. Agas is dóigh liom-sa gur doi-dhéanta d'Fhir Éirionn na neithe sin; óir Tiobraid Charnn Mis ó thulg tonn mara thig; agus Dubh-fhíadh Shléibhe Mis cealtair dhraoígheacht is faé dhó; Neasa, iomorra, bí marbh gach lá agus néul taise gach nóna fuirre." Dob é so uain agus aimsir dá ndearnadar na trí dronga húas aonnach mór Dhruim Leimhe a n-iarthar Laighean. Do chómóraigh an mhór- dháil sin ann a raibheadur draoighthe agus aois eagna Éirionn maille réna n-uaisle aig déanamh síthe idir na haicmeadha iar ttain. Agus air tteacht do chloinn Dubháin ann, do ghaibh Con Raoi agus Oillioll Fionn agus Connall Ceárnach, rígh-láoch Uladh, .i. gach aon fó seach, ag gealladh mór- chumhadh do chloinn Dubháin agus toigheacht 'na bhfochair féin. Gidh eadh, níor aomhadar-san é, ag nochtughadh a ngeasa dháibh. Ro feargadh na trí saoighthe um an taisde thug clann Dubháinn dháibh. Agus air ndéanamh na síthe eotorra air Dhruim Leimhe leis na draoighthe húas, do bhí an t-osamh sin air marthain go bás chloinne Uisneach. Ach atá ní cheana: do-chuaidh Con Raoi, Oillioll agus Connall a ccogar le chéile um chloinn
Dubháin, go ndubhairt Connall gur dhóigh leis go ttiocfadh d'oirbheart chloinn Dubháin go ttóigfidís aicme Laighnibh do chinneadh air a ttáinic do Ghaodhlaibh go n-uige sin, agus gurbh fhoircheas a ttroíghthiugh. Ro aomh Con Raoi agus Oillioll sin, ach go ndubh- radar: "Créad an modh air a ndéanam é? Óir is náir feall do dhéanamh orrtha, agus is náir mur an ccéadhna luidhe slúaigh gan ceart catha leagan orra; agus ní hionchomhraic aon-fhar d'fhearaibh Éirionn le ceachtar díobh. Agus na móid, atí orra ní bhfuil neach 'na bheathaidh sháireóchadh íad." "Déantar amhlaidh so," air Conall, "tiadh- maoid a n-aonfhacht d'fhios Eochaidh Áird-rígh Éireann, agus furálam trí mór-tháinte fair, .i. táin as gach cóigeadh do thrí cóigidh Éireann, as Conn- nacht, Uladh agus as ann Mumhainn, air chunradh eisein féinidh Laighean do chosg ann feadh a bhíam ag tabhairt tháinte Laighean tair Liffe aníar, agus gan a ttabhairt ní bhus sia, óir éirgh- eóchaidh clann Dubháin gá ccosain agus biaigh ceart catha againn dhóibh mur sin." Rinneadar amhluidhe, agus aomhas Eochaidh Feidhlioch a ttoisg. Ciodh trácht ro foillseadh an cheilg sin d'Oillioll Iomrúadh, .i. bráthair gaoil do chloinn Dubháin, tréanfhar do Laighnibh
eisean, agus budh tánaisde air laochraidh Teamhrach é. Gabhas a charbad, agus triallus ós ísioll go dún Dubháin a n-uachtar Laighean, agus nochtas dháibh ceilg na ttrí ríogh-churadh agus Áird-rígh Éirean, na n-aghaidh. "Maith, a Oillioll," air Criomhthan, "dá mbeathá-sa, Muirsge agus Corca a Neanna againne 'n aghaidh na ndrongaibh sin ro budh haithreach dháibh a tturras." "Ní hí sin mo chomhairle dhíbh," air Oillioll, "ach atá tríar mac maith aig Aileóin mhac Mians, .i. bráthair máthar dhamh-sa, a Manainn, agus do- chúalas go ttángadar dá ttír féin ó iomchúartugha an bheatha go mbuaidh ccosgair, .i. na Trí Deirg a ghoirthear dhíobh. Agus rachad-sa mur aon libh gá bhféuchainn gan fhios d'fhearaibh Éireann, agus mádh thagad libh budh maith a' cungnamh slúaigh íad." Cinneadh air an ccomhairle sin aca, agus do- rinneadur ionadh coinne ré chéile air Thráighe Bhoirce andeas do Cheann Trágha Móire air an lá déaghnach don mhí tuirnn. Gabhaid báirc ann sin go rochtain Manainn dháibh, agus as sin go Dún Aileóin, mur do gabhadh go méad luathghára íad. Athaidh athghairid dháibh ann gur nochtaigh Oillioll fáth thurais chloinne Dubháin dona trí Deirg. "Ní idir," air iad-san, "ach aon-ní: dá mbeid
na trí Duinn ó Ghleann Daghna a cCrích Cruith- neach againn ro budh mhaith an slúagh iad-san. Triallad as sin .i. na trí Deirg, Oillioll agus clann Dubháin, go Gleann Daghna, agus nochtaidh a ttoisg dona trí Duinn. "Dá mbeidís na trí Séadhna ó Shliabh Lorc againn," air síad, "budh mhaith an cungnamh sluaigh íad;" agus triallad as sin go Sliabh Lorc, agus nochtaidh na trí Duinn a ttoisg. "Dá mbeidís na trí Dealbhna ó Dhúnn a' Treóin againn" air na Séadhna, "ro budh mhaith an cungnamh sluaigh íad." Agus triallad as sin go Dúnn a' Treóin, mur do nochtaidh na Séadhna a ttoisg dona Dealbhna. "Dá mbéidís na trí Cuinn ó Inbhear Neas againn," air na trí Dealbhna ro badh maith an cungnamh slúaigh íad sin." Agus triallad as sin go hInbhear Neas, agus nochtus na Dealbhna a ttoisg dona trí Cuinn. "Dá mbeidís na trí Duibh ó Ghleann Caidhean againn," air na Cuinn, "ro budh mhaith an cungnamh sluaigh iad-san." Triallad as sin go Gleann Caidhean agus nochtas na trí Cuinn a ttoisg dona trí Duibh. "Maith, a ógaibh," air na Duibh, "dá mbeidís mic Neachtain againn ro budh maith an sluagh íad." "Nárab ceist libh-se sin," air Oillioll Iomruadh,
"óir gabham-sa do láimh a ccádhas sin a n-aghaidh Uladh." "Budh cluidhthe áineasa agus caitheamh aimsire bhar ttoisg agus bhar tteagbhálaibh a n-aghaidh Uladh agus Gáileóin, ach go roigfe Clanna Deaghaidh sibh," air na trí Duibh, "óir ní hin-easagain fir Éirionn leó, tré dhraoígheacht Chon Raoí, ach so amháin: thug an Gual Gaoithe aithne fair Aoife airm tríochad chéad dá bhuidhean a chomhdach go maith a nDún Sgáthaigh; agus dá bhfaghthaidh árrach air airm na ttrí n-ochtar sa dhíobh ro budh dóigh dhúinn fir Éirionn do chosg agus a ccealga do ttoirmeisg." "Créad do-dhéanam uime sin?" air Oillioll Iomruadh. "Mur so," air na Duibh: "luidh thusa t'aonar fair ccúla go hÉire go roigfir mic Neachtain, Muirsge agus Corca Neanna, agus rachamaoid uile d'aon-mhaoidhim go Dún Sgáthaigh a ccruth an chleasa dána d'fhoghluim. Agus atá naoídh bheag, .i. dearbhshiúr dhúinne, Eithne 'h-ainm, 'na modh coigle agus cogair aig Aoife, agus is dóigh go ttiubhraidh sí láimh linn um na hairm d'fhagháil dhúinn; óir ní baoghal malairt nó mearbhall inntinne nó aignidh d'imirt air an tí umá mbí na hairm sin." "Dá madh trealaimh gaisgeidh dhamh-sa a
samhuil sin;" air Mes Geartha, "ro budh mair- tíneach mo bhiodhbha úam." Ach cinneadh air an ccomhairle sin aca, agus triallus Oillioll a hÉirinn, gur nochtaigh do chloinn Neach- tain a thoisg, agus iarrus a ccungnamh a n-aghaidh na ceilge húas. Ro budh saor íad-san iomorra air chios-cháin ó aon-chóigeadhach dá roibh a nÉirinn, agas adubhradar dá ttugthaidh Eich an Dae dháibh go ttiubhraidís lámh leó a n-aghaidh na ccuradh, agus gan sin nach aomhaidís é. "Ní idir-si sin," air Oillioll, "ach go ttugadh Meis Geartha, óir is é do thabhuidh na heich agus is ionmhus díleas dó féin íad. Uime sin ní bhfuil dhamh-sa 'ngealladh." Ach ro gheall Muirsge agus Corc a ccungnamh dhó. Iomthúsa bhFear n-Alban, na Deirg agus clann Dubháin, rángadar Dún Sgáthaigh, agus eagallad Aoife um rúinndiabhraibh na headhlana, agus gabhas chuice iad. Cían ghairid dháibh mur sin go ttug na trí Duibh Eithne leó a bhfód fó leith, agus ro naisg uirre umá bhfuirrthinn d'arm na Gual Gaoi d'fhagháil feadh athaigh athghairid agus go ttiubhradh tair n-ais gan aithmhilleadh iad. "Ní bhfuill a ccumus d'aodhna a n-aithmhil- leadh," air an inghean, "agus is a ccomha catha thabhairt lá éigin a n-aghaidh Chonacht le hUll- taigh ro fágbhadh a ceomha ann so iad," air
an inghean; "agus ní eile fós, d'fhágbhadar an bhuidhean chéadhna dabhach mbig ann so le crú Dubh-eagha Shléibhe Mis, agus is buaidh dá lachta sin gona agus créachta bhfear ndomhain, dá bhfoth- racaidh as, go ma slán a ccéadóir iad; agus is baramhuil dhamh," air an inghean, "gur a ccomhair aois ghonta bhfear nUladh ro fágbhadh í sin; agus ní lamhann aon d'ingheanaibh an bheatha an eagh sin do chrú ach le teagasg Aoife amháin; agus atá do mhéad a cion orram-sa gur léig a rún is na huile n-eólus liom." "Maith, a dheirbhshiúr," air na Duibh, "is dóigh linn teigheacht 'n-iomhsláinte ón turus so tréar ttoisg chugad, agus air ghrádh h'inidh tabhair lámh linn. "Cia cumha do-bhéarthaigh dhamh tair a cheann sin," air Eithne, "Do rogha cumha dá mbí air cumus againn," air na Duibh. "As í an chumha iarram," air an inghean, "mo rogha d'ógaibh an turais sin mur chéile." "Do-ghéabhair freagra uaine an sin san ló is neasa," air íad-san. Nochtad na Duibh aitheasg Eithne dona hógaibh. Dubhradur agus d'aomhadar uile d'aon-thoil agus d'aon- ghuth go madh séanbhar dhóibh isi an chumha sin do nasg forra agus go madh lán-toil leó é. "Air furálmhadh na cumha?" air Eithne. Chuaidh sí d'fhios Aoife go bhfúair osamh
bliaghna uaithe do fhreasdal a hathair agus a máthair iar mbeith éagcruaidh cian-aosda dháibh, ionnus go ttáinic dhe sin ise do bhreith na hairm agus na dabhcha léi go hInbhear Cagha andeas, mur a d'fhógair na Duibh dhí fanamhain go ttigdís chuice. Iomthúsa na n-ógaibh, an Doilbh-bhuidhean ro thug na trí Duibh d'fhorrainm forra, agus is í ceilg ro mheabhraidear um sgarthain le hAoife, .i. iomairbháidh agus ceanfhairge do thógbháil eotorra féin an oidhche sin, agus móid gach fir do thabhairt san bhfeirg mhóir sin gan síth oidhche nó laé do dhéanamh a n-áon-toigh le chéile ó sin amach, agus dian-sgaoileadh do láthair mur go rachadh gach aicme dhíobh dá ttír féin. Rinneadar amhlaidh sin, ionnus go madh lán-obair do lucht an bhaile a n-eadarsgarthainn, gur dhian-sgaoil siad amach ón dún do gach leith fón am sin d'oidhche. Cia drácht, ro budh maith fhios aca cia tteag- mhadís air a chéile, .i. ag Inbhear Cagha, mur a bhfúaradar Eithne air a ccionn. Gabhaid bárc ann-sin, agus tugaid ucht air muir andeas do Bhreatain agus d'oirthir Fódhla go rángadar Inbhear Mór anoir-dheas Laighean; agus air tteacht a ttír ann sin dháibh luidheadar reompa go dún Dubháin a Magh Luighe áit air fritheálmhadh go maith íad.
Ro dhealbhaidh Dubhán teaghas talmhuidhe 'na ccomhair air fhurálmhadh Oillioll Iomruadh, agus is don teaghas sin a ghoirthigh Bruighean Bladhma anallód; agus do cuireadh Eich an Dae a ccomhdach innte. Eich iad sin iomorra thug Naois an Bhrugh go hAonach Taillteann mur mhír curadh, lá ríoghadh Eochaidh Feidhliuch, don tí sgáinfeadh an Bhladh Reaffann a mbarr Tulcha Caoí ó Mhágh Tailtean d'urchar sleighe. Bladh nó líog sin a d'fhág Reaffan, baintsíth do mhurar Naois féin air Thulaidh Caoí le a ráidhtear Cnoc Fothainn Iomthúsa fhearaibh Éirionn a tTailtean, ro shantaigh gach curaidh na heich, agus gabhad ag díobhracadh na líge, .i. naoi n-amais budh breith do gach tréinfhear, agus ní ráinic aon-neach d'fhear- aibh Eirionn a haimsiugh go ttáinic Meis Geartha colbha na n-urchar, agus air ngabháil sleaighe dhó, thug roth an urchair gur theasg an líog 'na dá bhladh; agus bhí do neart an tréinnfhir gur fuabradh bladh dhi tríochad céad d'fhearann andeas, agus an dara bladh tríochad céad d'fhearann attúaigh don Tulaidh. Tháinic Naois agus tionacas na heich do Mheis Geartha. "Maith na heich iad sin," air Naos, "agus an idir cia 's ainm dháibh?" "Ní idir," air Meis Geartha, "ach ís áluinn réna bhfaicsin íad."
"Is eadh cheadhna," air Naos. "Máiseadh, an Liath Mhacha is ainm don ghreadh líath agus an Dubh Shithleann don ghreadh dhuibh; agus atá ainm eile aig leanamhuinn dáibh, .i. Eich an Dae, óir is da Dhae mhac Fúad do bhainn mise iad, iar mbeith 'na searcha dháibh, a ccluidhthe an Teamhuin. Agus is búaidh dháibh a ndásacht agus a n-árd-mheanmhainn d'éirghe ionnta go neart n-aignidh an lá bhus búaidh dá ttighearna; agus bíd ceann-itrom tuirseach, agus is doilghe leó tréadhan nó taisdiol do dhéanamh an lá nach budh búaidh dhó; agus ní ibhid achd uisge mur-thrágha, nó inghilt ach iomhas éinteachta for magha mín-sgotha." Agus is mur sin a fuair Meis Geartha Eich an Dae. Iomthúsa na Doilbh-bhuidhne, cuirid teachta go tuatha Teamhra d'fhios Oillioll Iomruadh, gá innsinn dhó iad-san do bheith ann sin. Tháinic Oillioll dá bhfios go dún Dabháin, agus ro nochtaidh dháibh freagra mhic Neachtain fair, agus go raibhe Muirsge agus Corca Neanna chum láimhe thabhairt leó. Agus ro budh heaglach an Doilbh-bhuidheann mic Neachtain toigheacht 'na n-aghaidh le fir Uladh. "Nárab uamhain libh sin," air Oillioll; "óir gríosfad-sa a n-aghaidh Uladh íad, óir atá deirbh- shiúr dháibh 'na céile oige Maol Cogha mhac Maol Cró, .i. mac dearbhráthar máthar do Chonnall
Chearnach; agus is cara ós ísioll damh-sa ann bhean sin, agus ghéabhad uaithe Maol Cogha d'aith- mhilleadh." Luidheas Oillioll go Dailinn, inghean Neachtain agus adubhairt léi go ttiubhradh mur mhnaoí í dá tteasdabhadh Maol Cogha; agus as haithle na mbriathar sin thug Dailinn lámh for a fear ann a leabaidh, gur mharbh é. Agus imgheas an oidhche chéadhna air éológha go dún mic Neach- tain, agus nochtas dháibh amhuil do mharbh sí Maol Cogha mur go ttug-san easoinóir mhór dhí; agus ro bhí Oillioll Iomruadh san dún an oidhche sin. "Is mór na huilc a thiocfas dhe sin," air mic Neachtain, "agus ní idir dhuine créad is maith dhuit do dhéanamh ann." "Ro idir-se sin," air Oillioll, ".i. tíaigh go dún Dubhán ós ísioll, is ní baoghal dhíth." Cinneadh air an ccomhairle sin leó, agus tiaighid Dailinn le hOilioll go Laighnibh. Ach mur do-chúalaidh Conall Cearnach agus gaolta Mhaol Cogha tásg a bháis, choimhthionáladar a reanta as gach leith chum mic Neachtain do dhíthiúgh agus do dhían-bhásugha. Airna bhreath- nughadh sin do mhic Neachtain smúainioghdar nach raibhe a nÉirinn cara dob fhearr dóibh aca nó an Doilbh-bhuidheann a thabhairt anall dá leith a n-aghaidh Uladh.
Dob é sin uain agus aimsir ttángadar Clanna Deaghaidh agus Gáileóin a n-aice a chéile agus d'aomh- adar dol a n-áon-alt le hUladh. Is í raon ro ghaibh- eadar Clanna Deaghaidh, síar go hIorrais, agus as sin go Magh Muchromha mur aon le Gáileóin, agus go hÁth Mór Sionna. Is ann sin do chuir Oillioll Fionn agus Con Raoi teachta d'fhios Conaill Chear- naigh go hUladh go tteagmhadh orra a cCúlach d'oirthear Magh Léana; agus tháinic Conall go naoí náonmhuir do mhaithibh bhfear nUladh dá bhfios ann sin, óir dob é sin líon gach fir dhíobh. Dála mhic Neachtain, ro brathadh leó toisg na ccuradh, agus níorbh fhiosach dháibh cía dhíobh sin ro fhreagraidís, .i. lámh do chuir ris an Doilbh- bhuidheann a n-aghaidh na ccuradh andeas, nó d'iomchosnamh a ndúithche féin adtúaigh, óir tháinic trom-shlúagh chrích Chonaill a Muir- theimhne agus Fhearnmuighe dá ccombhúaireadh. Táinic Cú Chulainn ann sin, Gairgean Deaghna, .i. mac dearbhráthar a máthar, macáimh a n-aoís a chúig mbliaghan déag, agus adubhairt leó dá bhfaghadh féin Eich an Dae go n-iomchosnamh an chrích 's gan ach Fainnle leis. "Is doilghe na hEich sin d'fhagháil," air síad, "agus is mór brath na ccuradh orrtha." Ach tiaighid mic Neachtain go dún Dubháin agus nochtad iomthúsa fhear n-Uladh 'na n-aghaidh féin attúaigh, agus comhchruinniogh na ccuradh
'na n-aghaidh-sean don táobh deas; agus dá madh toil leó Eich an Dae do chur ós ísioll dá ndún-san go ccomhbhúaireadh Gairgean agus Fainnle fir Uladh, agus go ttiubhraidís féin lámh leó-san a n-aghaidh na ccuradh. Cinneadh air an chomhairle sin leó, agus thug Fainnle na heich leis attúaigh. Gabhad an Doilbh-bhuidhean airm na Gúal Gaoi forra, agus cuirid foraireadha amach fó imlibh Mhuighe Luighe do gach áird gur bhrathadar na curaidh aige tabhairt táinte na magh andeas go brúach Siúire. Fógaras na forairidh sin don Doilbh-bhuidheann, agus ráinic don tSiúir attúaigh. "Caid súd?" air Criomhthainn mhac Dubháin. "Filid ann," air Con Raoi. "A Chon Raoi," air Criomhthainn, "créad nach andeas don Mumhain thugais do mhír féin do tháinte Muighe Luighe?" "Atá lá le sin," air Con Raoi, "an tan budh hair aon-láthair táinte Laighean." "Gabhaidh táinte Laighean go n-uige Muigh Luighe, agus mun am sin bíaidh cluidhthe cádhais nó eascairdios air n-éirghe san ccóigeadh," air Criomhthainn. "Léig as," air Conall, "óir do-bhéaram iad don chur-sa, madh olc maith le Laighnidh é."
"Má bhéarthaigh," air an Doilbh-bhuidhean, "ro bhéarthaigh sinne." Agus ní lamhaidís an bhúair attuaigh, agus ní lamhaidís na curaidh andeas í, nó gur aomhadar cath dá chéile; agus le sin ro thógbhadar a meirgibh ós áird a ccrannghaill. Agus budh hé sin an t-aon-ní ro bhádar na curaidh d'íarraigh; ach budh deireadh lae dó san am sin, gur gabhadh osadh aca go maidin. Ro hiomlúadhagh aig an Doilbh-bhuidhean um chath na maidne. "Táthar ann trí náonbhair ó gach fear dhíobh-súd," air Criomhthainn, "agus is é sin a bhéaras ochtar uatha air gach dís dhínne agus mór- sheisior air an bhfear chorr; agus cia dhíbh do ghéabhas do láimh Conall agus Ulaidh?" "Mise," air Meis Geartha, "agus is leór liom an bhuidheann easbhuidheach am áonar." "Cía lamhas Oillioll Fíonn agus na Gáileóin?" "Sinne," air na trí Deirg. "Máiseadh, gabham-sa Con Raoi," air Criomh- thainn. Is ann sin thugadar sgarthainn lé chéile, .i. gach buidheann fó seach air leith. Is fán am sin d'oidhche tháinic Eithne dá bhfios agus Dubh-eagh Shléibhe Mis 'na haice, agus an Dabhach mBig na Gúal Gaoi léi, gur chrú lán dabhcha do lachta an eagha do gach puball fó seach, gur ibheadar a ndóchainn don mbuadh- lacht sin; agus do ghaibh sise aig rabhadh dháibh um
chath na maidhne, .i. calmacht agus cródhacht mhaith do dhéanamh, óir nárbh eagal dáibh aimsiugh nó aithmhilleadh draoigheacht Chon Raoi, nó aoin-neach eile, ó d'ibheadar ní don mbuadh-lacht sin agus tré fhearta airm an Ghual Gaoí, uar níorbh eagal dáibh áladh nó iomghona. Ach atá ní cheadna, thugadar ucht air a chéile a moch-thráth na maidhne air na mhárach, gur ghaibheadar aige túargain agus ag easargainn a chéile ó dhorbh-sholus maidhne mocha go meódhainn lae; agus mun am sin ro ghabhadar osamh mbig, agus ní le tslás ach le tagra, óir budh hiongnamh ris na curaidh mur nár luidh guinn nó créucht, laige nó mearúgh intinne air a mbiodhbhaidh, agus Con Raoi air bhféachaint a uile-chumhacht isna geintle. "Léigidh as, a óga," air Con Raoi. "Ní háill," air Criomhthainn, "óir aní do-chí-se d'iarraigh ní bhfaghthair go bráth úaine é." "Agus nár chóra dhúinn," air Con Raoi, "síth agus caradnadh do dhéanamh le chéile nó na mór- uilc is chosmhuil theacht dhe so do ghríosughadh ní bhus síadh?" "Cádhas gach neach dá thír féinn," air Criomh- thainn, "óir ní sinne do-chuaidh dan oiltír se, ach sibh-se tháinic go cealgach d'arguinn agus a d'aithmhilleadh air ccríche agus air bhfearainn-ne go mí-dhlisdionach; agus ní thiubhraidh búaidh
nó biseach dhíobh, agus ní mó bhéaras bhar ccalmacht nó bhar ngeintleacht as úain-ne sibh." Feargthar na curaidh dhe sin, agus tugad ucht an dara feacht air an Doilbh-bhuidheann go méad dáscht, agus is suaill nár fhoiréigniodar reompa go muir íad. Gidh eadh, d'fhuilingeadar dháibh, agus d'aimhdheóin na ttrí ríogh-churaidh thuiteadar a mbuidhnibh ionnus nár mhair neach 'na bheathaigh dhíobh le hucht nóna an lae sin ach Con Raoi, Oillioll, agus an curaidh Conall, agus iad sin féin cniodhach créachtach mair- tíneach míodhlúthfar. Thánic dorchadas na haoidhche orra fán am sin. Iomthúsa na ttrí ccuradh, ro badh náir leó an cruth a n-a raibheadar, agus as í an chomhairle do cinneadh aca gach aon do dhol dá thír féin, agus naoí naonbhair do thabhairt mur bhuidheann leó an dara feacht, agus teagmháil dá chéile 'ttúaigh do Mhagh Luighe. Is ann sin do tháinic Eithne d'fhios na Doilbh- bhuidhne mur aon le naonmhur óg-mhodh ó dhún Dubháin agus giollanradh an dúin go mbiadh agus go ndígh; gur chaitheadar an Doilbh-bhuidheann proinn agus tomhaltas; agus adubhairt Eithne leó aigneadh agus meadhair do dhéanamh, óir go ndeachaidh a mbiodhbhaidh as úatha. Airna mhárach thángadar go dún Dubháin mur a raibhe fleagh ollamh air a cceann. Trí lá cona
n-oídhchibh ro bhádar aige caitheamh na fleaighe sin a mBruighean Bhladhma, gurab ann sin a tháinic chuca-san Fainnle mhac Neachtain. Fiadh- fraigheas an Doilbh-bhuidheann sgéala dhe. "Thángadar oram," air sé, "clanna dúthrachta agus laochraidh Muirtheimhne 'na cceapaibh catha agus 'na mbuidhnibh do-choisge, go ttugadar eang don tír 'na doíghir dearg-lasracha aig tabhairt a táinte agus a héadála go rochtain Áth Con. Is ann sin a theagaibh Gairgean agus mise dháibh. Comhracas Gairgean ris na slúaghaibh a ccarbad le hEich an Dae, agus is doi-chreite an mío- chóiriugh thug forra agus mise mo áonar ag tabhairt láimhe leis. Ciodh trácht, bhí do mhéad calmacht an fhir sin, agus gach cungnamh dair fhéad mise 'thabhairt dhó, gur chuir an mhaoídhm air Ulaidh. Ag Áth Coll tháinic sleagh ó Ultach fair, gur ghaibh an' ucht é, lear chaill an curaidh a neart, go ndeachaidh a ttáimh- néull san ccarbad; agus bhí do mhéad dhásacht na ngreadh go ndeachadar tréasna slúaghaibh soir gach ndíreach. Ro luidh Ulaidh forra iar sin, gur gabhadh leó íad, agus teasgadh a cheann don tréanfhar Gairgean ann sin, agus thugadar leó mur aon leis na heich é; agus atá foslongphuirt aca don chur-sa a n-imeal chrích Connaill a Muirtheimhne; agus is dóigh go ttiubhrad creich na tíre don chur sa." Ro badh dubhach Meis Geartha um Eich an
Dae; agus bhádar mic Neachtain imeaglach ria Ulaidh, gur luigheadar attúaigh dá ndún féin, mur a bhfuaradar an tír 'na doighir dhunn-ruaidh dearg-lasracha agus a táinte airna ttabhairt le hUltaigh. Gabhas mic Neachtain lámh reompa, mur a ttugadar féin agus Ulaidh cath do chéile, ann air thuit iomad dhíobh, mur aon le trí naonbhair do mhacnaidh na hEamhna agus Éunna mac Conaill Chearnaigh. Ach thug mic Neachtain an bhúair-tháin úatha go ttáinic trí mic Uisneach orra ag Áth Cloidhimh. Tugad cath do chéile ann sin gur trom-ghonadh mic Neachtain san teagbháil, agus níorbh iongnamh dháibh, óir dob iomdha a ccréachta agus a ngonaibh ó Ulaidh roimhe sin. Cíodh trácht thugadar mic Uisneach táin mic Neachtain go hUlaidh. Táinic Conall chuca ann sin, agus mur do-chúalaidh bás a mhic ro budh dubhach dá mhíthin é. Thug Eich an Dae leis go Dealgain soir, agus d'fhann aige go haimsir Chonn cColuinn, gur thionaic dhó íad air fhurálmhadh Chafaidh draoígh; agus is ó na heich sin a ráidhthear Dún na nGreadh Mór do Dhealgainn andeas aniú. Dála mhic Neachtain, budh dóigh le hUlaidh a mbeith marbh ó láimh mhic Uisneach. Tháinic Dailinn inghean Neachtain chuca-san ann sin gur ghaibh aig uchainn agus aig éagcaoineadh ós a cceann.
"Léig as, a Dhailinn, "air siad, "ní cabhair dhúinn t'éagcaoinn agus is da do thoisg a tháinic dhúinn a bheith isna crothaibh so." "Ní cian díbh amhlaidh," air Dailinn, "óir bhéarad-sa lachta Eagh Shléibhe Mis a ndabhach Aoife chugaibh go bhfothracfad bhar ccréachta as, go madh slán sibh a ccéadóir." Tugadh mic Neachtain a ccró-luidhe fán ccuma sin dá ndún féin. Triallus Dailinn a Laighnibh go dún Dubháin, mur do nochtaigh toisg mhic Neachtain don Doilbh-bhuidheann agus d'iarr Eithne, go nDabhach Aoife, ré lachta Eagh Mis, do leighios a bráithre. Chaidh Oilloll Iomruadh mur aon ris an dís ban ós ísioll go dún mic Neachtain mur do leighiosadh an triar dear- bhráthar. Agus air n-éirghe do mhic Neachtain níor fhágbhadar tuaigh tíre a nUlaidh nach ttugadar cáil éiginn dá díth nó dá dochar do los a daoine nó 'hairnéise; agus ro bhádar aige díothchur an chóigidh san ccuma sin go ttáinic Cú Chulainn ó Eamhuinn attúaigh, a n-aoís a mhacadhacht, gur torchradh leis íad air faith a ndúin féin. Brathas rígh Éirionn Oilloll Iomruadh do chur lámh ós ísioll leis an Doilbh-bhuidhean a n-aghaidh na ccuradh, uime a ttug aithis mhór dhó tré sin do dhéanamh. Adubhairt Oilloll nach ttug, agus dá ttiubhradh nárbh iongnamh a thabhairt,
óir gurbh fhoiréigin éigceart ro imreadar na curaidh air a bhráithre, gé gur sháraidh orra na hóga sin do dhíothchur, "agus muna bheith mise ceangailte a n-urram agus a ndleacht ríogha agad- sa," air Oillioll, "ro budh díuthugh slúaigh dháibh mé." "Léig as, a Oillioll," air Eochaidh, "ro budh mhaith dhúinn síoth na ccuradh. Tabhair-se Dailinn inghean Neachtain do mhnaoí agus bhéarad- sa tríocha chéad d'fhearann Breagh andeas do Rannaibh Bóinne chois mara mur ionadh suidhe duit, air chunradh gan lámh do chur le cloinn Dubháinn ní budh sía." Do ro chuir fios air Mhairsge agus air Chorca Neanna, agus thug an rígh tríocha chéad d'fhearann Breagh do Mhairsge, .i. ó fhearann chríoch Oillioll siar-ndeas do Bhóinn, agus tríocha chéad eile do Chorca Neanna, .i. ó theórann Mhuirsge do Bhóinn andeas siar do Ros na Ríogh - agus díais inghean Shailbhne mur mhnáibh dháibh, mur aon le n-iomad ionmhuis agus bó-tháinte, air an ccunradh húas. Agus fós ro nasg air fhearaibh Éireann .i. gach aon do chuirfeadh lámh le clann Dubháin a ccathaibh nó a ccoinbhliochtaibh a n-aghaidh aon do chlannaibh Míliodh a n-aon chóigeadh do chóigidhibh Éireann, go madh leór chum báis do thabhach don tí budh coirtheach ann, ionnus nar fhan ag clann Dubháin d'fhearaibh cunghanta
ach na cúig fheara déag d'allmharacha tháinic leó anoir agus Dubhán cona lucht aon-taighe. Rob iomshníomhach an bheag-bhuidheann sin air cclois fhurfhógra an rígh dháibh. Is ann sin do chinneadh comhairle aca, óir ro budh dóigh leó go ttiubhradh fir Éireann ionsuidhe aon-uaire orra agus gibé nach ttuitfeadh go ttuitfeadh Dubhán cona mhurar agus go ttiubharthaigh 'chréich agus 'éadálaibh uile. Dob í an chomhairle sin, Dubhán cona bhean, a mhurar, a ionmhas agus 'éadálaibh cona tháinte do chur ós ísioll go Dún Aileóin a Manainn. Do-rinneadh amhlaidh sin, agus níor mhothuigh neach d'fhearaibh Éireann an comhar- rugh sin. Iomthúsa na Doilbh-bhuidhne, thugadar dún Dubháin a ndoighir dhunn-ruaidh dhearg-lasrach go madh dubh-smál doiléir gach méad n-orlach don mbaile ach Bruighean Bhladhma amháin; óir is amhlaidh do bhí an bhruighean sin, a n-uirmheódhain talmhain ro tógbhadh í. Budh teaghas sin nárbh aithne do neoch 'na bheathaidh, ach an Doilbh-bhuidhean agus Dubhán amháin. Dála Dhubháin, air mbeith dhó féin agus dá mhurar go socair sádhall a Manainn, ro ghaibh an Doilbh- bhuidhean foslongphurt a mBruighean Bhladhma ós ísioll, gur mheasadar lucht na tíre gurab é a losgadh do-rinneadh mur nach ccualadar ní dá ttoísg.
"Maith 'fheara," air Meis Geartha, "déanmaoíd trí buidhne dhínn féin, agus tiam d'arguin chríocha na ccuradh, agus gach éadáil fa cosgair dhúin tugthar don bhruighean so é, óir ní heólach d'aon-neoch í ach dúin-ne amháin." Rinneadur amhlaidh sin, agus is mur so do chomh- ronnadar iad féin .i. na trí Duinn agus na trí Séadhna do bhuaireadh na nGáileón; na trí Dealbhna agus na trí Cuinn do bhuaireadh Clanna Deaghaidh; na trí Duibh agus na trí mic Dubháin do bhúaireadh Uladh; agus is dona trí ionsaidh sin agus ionsaigh Chonaill Chearnaigh air shlúagh Meidhbhe a ghoirthear Ceithre Dearg-ruathair Éireann; agus atá trí hanmanna oirdheirc' eile aige leanamhuinn dona trí buidhne beaga sa, mur atá: an Dubh- bhuidheann a ghoirthear don tseisior do-chuaidh a nUlaidh; an Gheal-bhuidhean don tseisior do- chuaidh a cConnacht; agus an Dearg-bhuidhean don tseisior a chuaidh don Mumhuin; agus óna sgéithe geala, dubha, agus dearga, ro iomchradar do leanas na foranmanna sin dháibh. Na trí Deirg, iomorra, ní dona trí buídhnibh sin íad-san, ach ro bhádar chuca agus uatha go Bruighean Bhladhma agus tair n-ais, .i. fear ag feathamh gach buidhne, ag tabhairt conách agus cosgair gach buidhne fó seach don mbruighean, agus fós aige foraire agus ag brath fóna críochaibh iar dtain; agas na Trí hOnchoin a ghoirthigh
dhíobh sin, agus is mían liom tosach do thabhairt ann so do Dhearg-ruathar na Dearg-bhuidhne air Chlanna Deaghaidh mur leanas. DEARG-RUATHAR NA DEARG-BHUlDHNE AlR CHLANNA DEAGHAlDH Con Raoi, iomorra, ro bhádar aige-siomh tríochad céad tréanfhar do shliocht Deaghaidh mhic Deaghra, an seachtmhadh glún súas ó Chon Raoí. Ocht máma déag laoich fa hairde do gach fear dhíobh, agus bhádar a ngníomhartha gaisgidh 'coimhfhreagra a ttlacht, agus budh hé Con Raoi féin fa táire a bpearsa dhíobh sin. Gidh eadh, budh hé ríogh-laoich na haicme sin é. Agus ba h-í uair agus aimsir dá ndeachaidh an Dearg-bhuidhean don Mumhain an tan do-chuaidh Clanna Deaghaidh do sheilg arrachta Ghlinne Sgath air Shliabh na mBan. Feithide sin badh samhuil le greadh a chom, agus a cheann mur dhuine, a chossa mur chossa dreaguin, fionnfadh dubh-ghlas gá fholach, agus ní theasgfadh reanna nó faobhair a chroiceann air a chrúas agus air 'iomdhainghne, agus budh lán-obair míliodh barr a bhaise 'chur go halt a dhroma. Ach géar chalma Clanna Deaghaidh, ro budh hé sin an treas feacht dhóibh ionsuidhe do thabhairt air
sheilg an arracht. Agus air sganradh na ccon fón ghleann do ghaibh gach aon a mbearnaibh baoghail agus a láithreacha luidhe a ccomhair ghuin an arrachta. Géar mhaith a ccoin agus géar chródha a ccuraidh, air dhúsgadh an fheithide sin dháibh ro ghaibheadar gráin agus uain mhór roimhe. Is ann sin ro ghreasaidh Con Raoi Clann Deaghaidh uile gá thuairgain, agus do ghaibh-sean gá n-aith- mhilleadh-san ionnus go ccroithfeadh sé dhe iad modh naoí ccéama amhuil mac míosa. Rob adhbhael rén' fhfaicsin agus réna chloisdean gáir na láoch ag brosnugha a chéile, fuaim na sleagh agus na ccolg gá thuargain, agus sgeimh-ghloim na ccoin gá dhéad-shreangadh; agus ro badh mhó go mór an t-ionghantas agus an t-úathfas fuaim gotha ghráin- eamhla an arrachta gá ndíothchur-san agus gá ndéad-ghearradh, gur theagbhaigh Con Raoí fair, go ttug an t-arrachta ionsuidhe adhbhail do- choisge fair, léar chuir uadha é do ghreim chreite thaoibhe clé a n-ochras scealpaibh sgoth-líog, léar brúthbhadh agus léar buan-tuairgeadh compar an churaidh, go ndeachaidh a ttaisibh agus a ttáimh- néallaibh báis agus buain-éugaibh. Iomthúsa na Deirg-bhuidhne thángadar go Glinne Sgath a n-alt na húaire dár trom-ghonadh Con Raoí, ionnus a ngoil na congháire go ttugadar ucht air Chlanna Deaghaidh mur air thuit naonmhar do láimh gach fir fó seach do shonnaibh sleagh, agus
deichneamhar ó gach fear don dara coimheasgar, agus don treas ruathar aon-fhear déag, agus san ceath- ramh maoidhim tríochad laoch ó gach fear. Is ann sin do sganradh Clanna Deaghaidh amach fón tslíabh, go ndeachadar a ccorp aige Bearnain Bailbhe agus thugadar ucht anúas air an Dearg-bhuidhean, áit air thuit trí cheathrar dhíobh ó láimh gach fir do ghaéthe beaga (óir ní raibhe a héidibh hiomchosanta air Chlanna Deaghaidh an lá sin ach éidibh iméadroma chum luas an aistir), agus ag teacht ní bhus goire trí cúigir ó gach fear do shonnaibh sleagh, agus air ndol a muinchinn a ccloidhimhe thugadar dearg-ár mór air na curaidh gur torchradh tríochad díobh ó láimh gach fir don Dearg-bhuidheann, léar chlódh- adar an cath air Chlanna Deaghaidh andeas. Agus iompóghaidh arís orra ag Carnn Crú, áit air thuit trí cúigir ó láimh gach fir dhíobh don chleas dá ngoirthidh taibhéim. Ach luidheadar Clanna Deaghaidh orra ann sin go mór, agus is suaill nár múchadh 'na measg; agus budh dóigh go ndéantaigh, muna bheadh go bhfacadar na curaidh an t-arrachta chuca gach ndíreach; agus is amhlaidh ro tháinic agus Con Raoí leis air árd a ghúalanna, agus gach re n-úair do shleamhnudh dhe do-bhéaradh tuslach do ghreim coisse fair, go ccuirfeadh asgarnach an churadh tair aidhlinn a dhroma siar seachtair arís. Ach bhí do mhéad
úamhuinn Chlanna Deaghaidh riasan arrachta gur dhian-sgaoiladar ón tulaigh 'na sgéin-ealtainn; agus ro chuir an Dearg-bhuidheann ár mór orra san rúaig sín. Agus air ndol tair Chorthe na Glaise dháibh tháinic Dearg dona trí Deirg chuca, agus Dabhach Aoife leis, gur ibheadar digh gach fear dhíoibh aisde do lacht Dhuibh-eagh Shléibhe Mis. Ro budh subhach soimheanmnach iad-san dhe sin. Luidhe a' Dearg tair n-ais air lorg an áir go Glinne Sgath, go ttug cloidheamh iontlais, eó, agus nasg óir gach curaidh dair thuit san rúaig sin leis go Bruighean Bhladhma. Agus ro leanadar an Dearg- bhuidheann Clanna Deaghaidh go Múir Chon Raoi, mur a ttugadar comhbhuaireadh mór orra ann, áit air mharbhadar na trí Cúáin Airtre, .i, trí daltadh gaisgidh Chon Raoi, agus na trí Leaifionna, a ttrí deirshiúradh, .i. trí hingheanaibh áille an bheatha iad sin; agus thugadar órdhas an dúin leó, airna thabhairt a ndearg-dhoighir dhunn-ruaidh lasracha. Iompóghas an Dearg-bhuidheann attuaigh iar sin, go mbuaidh chosgair agus chomhaoidheamh mhóir, a ttrom-fhíoch agus a ndearg-fheirg, ionus nár theagmhaidh leó do Mhuimhnigh fear bean nó naoighean nár ghoineadur don ruathar sin. Thángadar go Bruidhin Bhladhma, agus ní fhúaradar air a ccomhair ann ach Eithne 'na haonar, mur
a d'fháiltigh reompa, agus mur a d'fhothracadh agus mur a d'fhuilc agus mur d'fhorglann iad; agus tug fleagh urlaimh re caithiomh go méad haoibhe agus ulgháir- dais dháibh, agus ro innis dháibh go ttáinic Dearg dona trí Deirg uatha ó chiannaibh le cúig céad déag cloidhimh iontlais cona líon eó agus nasgaibh óir, ro budh cosgair dháibh sin san rúaig iar ttain. Iomthúsa 'n arrachta, ro lean a' teaghraim go dún Chon Raoi, agus mur is luaithe do-chonairc smúid lasracha an bhaile ro léig Con Raoi air lár fair san bhfaithche, agus luidhe for ccúla dá adhbhuidh féin, agus bhí ann go haimsir mhic Cúbhaill. Agus mádh fhíafraithir cionnus mur foithreaghadh Con Raoi agus mur do hiomlánadh a ghnáth-fhuireann curadh, léaghthar leat deiriugh na himeagallamh sa agus ghéabhair ann é. Is í sin an oidhche chéadhna tháinic an dara Dearg le túarasgbháil na Geal-bhuidhne a cConn- acht mur do leanas. DEARG-RUATHAR NA GEAL-BHUIDHNE FAIR GHAILEOIN "Maith, a Dheirg," air an Dearg-bhuidheann "créad íad na sgéala fil agad, nó an sona toisg air mbráithre a cConnacht don chur-sa?"
"Is eadh, iomorra," air an Dearg, "agus ag so ní dá ccosgar .i. meann órdha agus cloidheamh go ngéam duirnn Oillioll Finn, cúig céad déag ór-nasg; .i. nasg gach fir dár theasdaigh do Gháileóin, agus dhá eóin ciúbhail Fhleaghas Fholt- chaoimh." "Cionus mur d'ionsaighdar iad?" air an Dearg- bhuidheann. "Air ndul tair Sionna síar," air an Dearg, "go Druim an Eich, agus go Fiodh an Luin Léaith, agus go Bealach Tuatha, agus dob é sin an lá céadhna choimh- thionáladar Gáileóin air Magh Tae air brúach Lacha Lúa do thaffan an Dubh-dháoil as an loch húas. Piast sin ro áitighe a Loch Lua, a ceann mur cheann coin, corp fada fionnfiodhach léi, ceithre cossa mur bhoinn fuithe agus iorball dreaguinn go ngath trí ngabhla léi. Ó mhuir a tháinic go Magh Tae; agus na trí bliaghna ro thathaigh an magh sin, ní thug buinn Fhleaghais, nó búair an chóigidh, nó eagha na bhfiodh a ttorradh nó a lachta; óir ní rug bó a láogh, nó láirr a searrach, nó cáor' a húan, nó muc a horca, nó eagh a laogh n-alla, nó bean a naoíghean a ccrích Oillioll Finn ris an rae sin; óir, ó thug Oillioll Fleaghas do mhnaoi, ro dháileadh na dronga huas a méad lachta for na maghaibh go madh lán gach n-eitre dhe; agus adearthar gur do bhúaidh bó Fleaghais féin a
tháinic sin dháibh; óir ro chrúithfidhe gach rae thráth úaithe dóchain thríochad céad na nGáileóin, agus tairis sin, do dháilfeadh a lachta for na maghaibh; agus d'aomhadh na heagha n-alla mná Éire gá ccrú san rae sin; agus do-chuaidh an rath sin dhíobh gur torchradh an Dúbh-dháol. Iomthúsa na nGáileón, thángadar inbhear Locha Lúa, óir is a n-uisge do sgítheagh an phíasd. Is í gné thaffainn ró chuireadar na curadhaibh uirrthei .i. cléithe sgoith-leathna do sheóladh for dhruim uisge gur bhudh coimh-leathan an loch dhíobh, agas gabhaid iar sin aig díochur na cléithe do tháith-líogaibh cloch, do thochlódaibh talmhan do cheapaibh fiodh, do ghrinneall agas do mhuir-ghrían, go ttug truime na ngnéithe sin an chlíadhaigh go híochtar; agus mur do mhothaigh an phíasd an toirt thalmhuidhe sin aig folach an aigéin agas a thruime aig méadughadh fuirthe, tug snoidhe-shnámh cuimseach fuirthei féin, go ttáinic dhí toigheacht go brúach d'aimhdheóin mhuir-ghlíadh na ccuradh. Agas mur ráinic an phíasd a ttír ro sganraigh- eadar úaithe go ttáinic Oillioll anúas 'na haghaidh, agas sleagh chuimseach choimhneartmhar 'na dhóid, an' áonar, agas tug sonnadh sár-chalma a n-aghaidh na píasda dhi, go ttáinic a hearlainn fair a rinn; agas bhí do lúth an churaidh go
ttáinic tair n-ais modh thríochad céim aig seach- nadh sreangadh na píasda. Agas táinic an dara feacht uirrthe go ttug an tsleagh 'na hogsaill chlé ón táobh 'no chéile. Ach, géar chalma Oillioll, níor fhéad an tsleagh do tharraing, mur go ttáinic an phíasd go hathlamh fair léna ceann agas léna hiorball, go madh dhá ordain eision ann sin munab é an éirghe athlamh éanamhuil tug an curaidh air féin, go ndeachaidh úaithe fán ccuma sin. Agas gabhus mbúaidh-shleagh n-oile ré hais aig tabhairt athais mhóir dona Gáileóin, mur d'eag- ladar ríasan ilphíasd. Agus lé sin tángadar uile d'áon-mhaoidhm uirrthei, go ttugsad sleagh gach fir inte; agus tug sise tuinnseadh tréan dóchoisge forro-san, ionnus nár fhan fear léna shleagh do tharrainn, gur thuit i ttrí náonmhair don bhrú- shreangadh sin léi. Táinic an Gheal-bhuidhean forra ann sin aig tabhairt fras naoí ngaéithe beaga ó gach fear orra, léar thuit fear gach gaéth. Is ann sin ró chomh- fhoigsigheadar dháibh, léar thuit náonmhar ó gach fear do shonnaibh sleagh. Dlúthaid na Gáileóin umpa ann sin, aig dul a muinchin a ccloidhmhthe, agas tugadar an Gheal-bhuidhean túargain mhór orra, go ndeárnadar ráon ró-fharsaing síar seach- tair tríothfa. Bristear fair a cceapaibh catha ann sin, gur
luidh an bhaoídhm orra as sin go Colbha na cCuradh, áit a ttugadar an ghiollanraigh a ttrea- lamh gaisgidh chuca. Ní mór an sochar táinic dháibh as sin; úair tháinic an Gheal-bhuidhean forra sul fár ghaibheadar a n-éidibh n-iomchosanta umpa; agus tugadar an dara coimheasgar forra ann sin, ann air thuit tríochad curaidh do láimh gach fir. Budh hé sin lá leónta agus díothughadh na nGáileóin; óir budh cluithche áineas gach air éirghe dháibh aríamh gusan lá sin. Tángadar as sin go háit a ngoirthidh Eochlaidh na hInghníomha, agas iompóghaid air an nGeal- bhuidhean ann sin, mur a ttáinic Oillioll chuca, agas a uile éidibh áigh agas iorghala fair. Ró ghríosaigh-sean go mór na curadh um éuchta maithe do dhéanamh. Gidh eadh, bhí do mhéad meanmainn na Geal-bhuidhne nár ghaibh basgadh ré úadh nó ré iomad íad ó chúaladar toisg na Dearg-bhuidhne ón Dearg, tug dabhach Aoífe chuca, as air ibheadar digh gach fir fói seach. Iar sin tugadar ucht air na Gáileóin aig Eochlaidh na hInghníomha, áit air torchradh cáogad dhíobh do láimh gach fir. Táinic an Dubh-gháol orra ann sin, agas sleagha na ccuradh mur fhiodh úasse. Acht budh mall meirtineach a himtheacht; agas is iongnamh an nídh táinic dhí; óir gach Gamhanrach dá tteagmhadh dhí do-bheireadh sonnadh dá ceann
fuídhe, go ccuireadh úaithe a n-ochras an aieóir é; agus gach ré n-úair do theagmhadh neach don Gheal-bhuidhean fuirthe, do-dhéanamh iomlúas- gadh lúathghára roimhe; agas táinic for Oillioll Fhionn gur chuir úaithe fón ccuma chéadna; agas as sí ionadh a ttáinic for thalmhuin a tTor-mhuine Iorrais, mur a raibh Fleaghais agas bantracht na Gamhanruigh; agus mur do-chonncadar an bhandáil an Gheal-bhuidhean chuca san téagh- raim do-chúadar a sgéin agus a bhféainsgear fá dhorchacht na bhfiodh. Is ann san ionadh sin fúaradar an Gheal-bhuidhean eóin ciúil Fhleadh- aise, meann óir agas cloidheamh Oillioll. Iom- póghaid íar sin for dhún Oillill, agas tugaid a órdhus uile, aig déanamh smáil dhubh-ghrúama dhoirbh-ghúalaidh don rígh-mhúir. Is í sin úain agus aimsir dá bhfacadar an Dubh- gháol aig dul san muir, agas láoch don Ghamhan- raigh gá shreangadh as a déada léi, agas ní chúalus nídh úaithe ó sin amach. Dála na Geal-bhuidhne, iompóghaid for ccúla soir tharsna Chonnacht, a bhfeirg agas a bhfíoch mhóir, aig tabhairt trom-ár na críche reompa, go rángadar brúach Sionna. Is ann sin do-chúaidh a bhfearg dhíobh, agas ní haithristear ní forra go rochtain Bruighean Bhládhma dháibh, mur do
gabhadh go forbhfáilteach agas go méad mean- mainn íad, agas mur dáileadh fleadh mhór-lúach orra." Is í sin an oídhche chéadna táinic an treas Dearg ó Uladh chuca, mur do nochtaigh toisg na Dubh- bhuidhne dháibh amhuil a leanas. DEARG-RUATHAR NA DUBH-BHUIDHNE FOR ULAIDH "Maith, a Dheirg," air na hógaibh, "an búaidh dár ccaraid a n-aghaidh láochraibh Eamhna?" "Is eadh, cheadna," air an Dearg, "agas aig sin agaibh cáil dá ccosgar, .i. cúig chéad déag cloídheamh, eó, agas nasg óir, mur áon lé fail agus camhal Chonaill Cheárnaigh. Óir is í ráon ró ghabhadar an chéad oídhche go hoirthear Mamhna, agas tair Bhóinn síar ó Theamhair, agas tair Dubh- chumair soir-thúaigh do dhún mhic Neachtain, láimh dheas lé Feárnmhagh, go rángamar a moch-thráth na maidne an fiodh atá 'ngar dhún Láoghaire Bhúadhaigh." Agas dob é sin an lá céadna tángadar curaidh na Cráobhrúaidhe, agas Conall lé hEich an Daé go faithche Laoghaire, mur a ttángadar mbúaidh- ghreadhaibh Uladh uile cona ngiolladh agas cona
ccarbaid, d'fhéuchain aradhacht; agus ní lamhadh áon-ara Eich an Daé d'airíadhnadh a ccarbad; óir is eadh adúbhradar uile nárbh ionfhéadhma a ccaith-ghreadhaibh íad ó láimh ara, muna ndéanamh ríogh-láoch é, air mhéad a ndásacht agas a n-ulbhras. Ro bhí san ccomhdháil sin gan aithne cearthar mac Rígh an Ghabhra, .i. ógaibh áille éagcosg íad sin do chloinn Thuireand mhic Dáoigheain ó chrích nGabhra andeisibh Thír fá Thuinn: Iobhar, Laoí, Iodh, agas Láogh-chorb a n-anmanna. Táinic deirbhshiúr dháibh-sean air éulógh lé Árdan mhac Uisneach a nÉirinn, agas air cúairt chuice tán- gadar-san fán am sin. d'fhógair Conall Ceárnach cáogad óig-ghreadh agas cáoga láir-shearrcha, cáoga samhasg, agas carbad thrí naoi ccumhal, agas timtheacht dhá fhear dhéag d'éideadh ríogh- dhatha Uladh don tí d'aithríanadh Eich an Daé, agas casairt d'fhearann sháor do mhín-Mhagh Mhuirtheimhne feadh a raé, 's gan a dhul leis acht lá catha. "An fír-bhríathar súd do chanus an láoch?" air clann Rígh an Ghabhra lé mic Uisneach. "Is eadh cheana," air íad-san. "Agas cía uime a bhfuilighe?" "Ró budh cumas do gach fear againn na heich d'airíadhna," air Laoí.
"Más eadh," air Árdan, "'sbadh cumas dhamh- sa an chumha 'dheimhnioghadh don tí ghéabhas sin ré ais." "Gabhaim-si é," air Laoí. Nochtas Árdan sin do Chonall - dearbh-chomhail na ccumha do Laoí air an ccunradh shúas. Ráinic Laoí na heich san ccarbad agus téid d'eitiol air an Liath Mhacha, agas dob é sin a' chéad-neoch do shuidh uirre. Ró ghaibh na hairiadhna air lúth, agas ró shiadhain-stíúir a ccoraibh ndeilinn fón magh íad. Budh méad meanmainn lé Conall an aradhacht sin; agas a meadhóin an ghreadhain tángadar an Dubh-bhuidhean orra isan bhfiodh gan araidh, go ttugadar combúaireadh mór forra, mur do thuit náonmhar do láimh gach fir do shonnaibh sleagh, agas trí naonmhair do los colg ndéid. Ro dhían-sgaoíleadar na curadhaibh ris an ccoimheasgar sin ón magh amach, go ttug an Dubh-bhuidhean frassa ro-dhlúth do ghaéthe móra 'na ccúla forra, léar thuit naonmhar do láimh gach fir; agas an dara frass do ghaéthe beaga, léar thuit an uirid ccéadna ó láimh gach fir. Tángadar Fir Uladh a cceann a chéile air an ríasg atá 'n-íarthar Shléibhe Fúaid, agas ro budh mór an t-ár a thug an Dubh-bhuidhean air an mír dhéighionach d'Ultaigh san rúaig sin. Ro iompóghadar Ulaidh orra ann sin. Trí húaire ro foiréigneadh an Dubh-bhuidhean gusan
ccoirthe for ccúla, agas trí húaire ró éignigheadar- san Ulaidh go hucht an tsléibhe; ach bhí do mhéad calmacht na Dubh-bhuidhne san cceath- ramh feacht, gur bhrúchtadar forra amach san tslíabh. Agas dob é easbhuidh na ccuradh san ccoimheasgar sin cáogad láoch. As í ráon ró ghabhadar láimh chlí lé Eamhain soir, gur theagbhadar clann Rígh an Ghabhra mur áon lé trí cháogad do sgíath-láochaibh Chonchubhair agas Cathfaidh draoígh go n-iomad beartaibh catha ó Eamhain leó. Ro ghaibheadar a lúath-fhearaibh a ttrealamh gaisgidh orra an feadh ró bhí an mhír dhéigheanach gá huirleach aig an Dubh-bhuidhean. Agas bhí do mhéad chosaint Chonaill air Ulaidh gur trom-ghonadh comh mór agas é gur luidh a neart úadha, lé ndeachaidh a ttaisibh agus a ttáimh-néallaibh air an ríasg; óir iar ttuitiom dhó tugadar an Dubh-bhuidhean áladh mharbh- thach ó gach fear dhíobh ann. Agas tug Meis Geartha fail Chonaill agas a chamhal churadh leis air ttabhairt gaéth mhóir ann a bhráighe, go Múirghrían. Agas is don iomchosnamh sin Chonaill air na curaidh goirthear Magh an Chosnaimh don ríasg chéadna ó sin anúas. Dála na Dubh-bhuidhne, tángadur go mór- thulgaibh agas go mbúaidh-bhéimeannaibh sleagh
agus colg aig leadairt Uladh; go ttug Meis Geartha Eich an Daé fá deara aig clann Rígh an Ghabhra attúaigh don magh, agas tug amus athlaimh mur dhóigh a sealbhadh an dara feacht, acht bhí d'fheabhus dhearsgnaitheacht chloinn Rígh an Ghabhra, tráth bhreathnaigheadar sin gur iom- póigheadar attúaigh go rochtain Dún Binn Each- labhra. Iompóghas Meis Geartha andeas air ndul d'Eich an Daé úadha aig Dubh-shruth Neachach, a bhfeirg agus a bhfíoch mhóir, gur thuit leis air theagaibh d'Ulltaigh fair idir fhear, mnaoí agas naoídhean, go ráinic Magh Cosnaimh, mur do comórugh an cath idir an Dubh-bhuidhean agas Ulaidh an feadh sin. Ach bhí do mhéad brugh goile agas feirge Mheis Geartha, gur iompódh an bhuidhean an mhaoídhm air Ulaidh, léar dhían-sgaoíleadar soir gach ndíreach d'aimhdheóin gheintleacht Chathfaidh. Is í sin a' t-am fá ttáinic Finnín Fáithlíaigh d'fhios Chonaill, go ttug attúaigh do Shlíabh Fúaid dá thoigh féin gá leigheas é. Agas ní raibh a fhios sin aig áoin-neoch d'fhearaibh Éireann ach aig Cathfaidh, aig clann Rígh an Ghabhra, agus aig Fínnín amháin nó go raibh a n-iomshláinte; agas is a n-Úaimh an Deirg ro folchadh Eich an Daé an feadh sin. Agas dob é fad na haimsire gur leigheasadh Conall blíadhain air naoí mí; agas
issan deachmhadh mí íar sin ró éirghe Conall as a sheirg-luídhe. Do rugadh Seathanda mhac Subhaltaigh ré Déiline inghean Fhachtna agas is don ghein sin ró lean an for-ainm Cú Chulainn. Iomthúsa na Dubh-bhuidhne, ró leanadar an mhaoídhm go ceann Trágha Móire, mar air thuit na naoí Maoís, na Náinle, agas na naoi Márdain. Budh do chloinn Eachla mhic Feirchinn agas Sheilbhe inghean Chonchubhair íad sin agas ró shaoíleadar Ulaidh go rabhadar mic Uisneach air na fir sin. Máiseadh ní raibhe; óir tugadar clann Rígh an Ghabhra a ccarbad Chonaill do Mhagh an Chosnaimh attúaigh leó íad go Binn Eachlabhra, agas as sin go hÚaimh an Deirg, agus bhí ann gur bhudh síothach Éire: óir budh húathmhar imeaglach Gaoídhil uile ón ccoimheasgar thugadar na trí buidhnibh shúas orra. Dála na Dubh-bhuidhne, air cclos Sheilbhe aig caoí a cloinne ró sguireadar don teaghraim, agus iompóghaid andeas go rochtain Dún Dealgan agas tugadar an eang sin uile don tír a smúid dhonn- ruaidh dhearg-lasracha go Bóinn Bhreagh. Dála Oillioll Iomrúadh, Muirsge, agas Chorca a Neanna, mur do-chúaladar Dearg-rúathar na Dubh-bhuidhne air Ultaigh ró budh dóigh leó go luidhfeadh deiriogh na coinbhfeirge sin orra féin nó air a n-ionbhas air ttoigheacht ó thúaidh dháibh, gur choímh-thionóladar a ttáinte agas
a n-éadálaibh go Túatha Teaghain síar-thúaigh do Theamhair. Ó ro thángadar an Dubh-bhuidhean Dún Dubhrúaidhe luidh a bhfearg dhíobh. Is ann sin do theagaibh an Dearg go ndabhach Aoífe forra; óir thug-san cosgar na ccuradh go Bruighin Bhládhma roimhe sin. Trí lá agas teóra n-oídhche ró bhádar aig iomchúartughadh chrích Oillioll Iomrúadh, Mhuirsge, agus Chorca Neanna, agas ní bhfúaradar siolla dá sgéula ris an raé sin. Tríallaid as sin go Bruighean Bhládhma mur air gabhadh go forbhfáilteach aigá ccáirdibh íad. Is ann sin do cinneadh comhairle aca um Éire d'fhágbháil, agas mur do fúair an Dubh-bhuidhean crích Oillioll Iomrúadh gan áitioghadh nó áitreabhaidh, adúbhradar gurab aig Reannaibh Bóinne dob fhusa dháibh an chrích d'fhágbháil gan fhios; agas tríallaid d'áon-mhaoídhm go rochtain oirear an chúain. Ro hiomráigheadh aca ann sin um bhárc do-bhéaradh go Manainn íad. Iompóghas mic Dubháin andeas, go ttug bárc ó chúan Liffe ann a ndeachadar go Manainn, agas as sin go Dún Aileóin, mur air fháiltigheadar a ccáirde go dil díochra rompadh. Cáoicís air mhí dháibh aig caitheamh fleighe go meaghair agas go mór-mhaoídheamh a ccosgair agus a mbúaidh-iorghala air fhearaibh Éireann. Is fón am sin ró ghaibh Éithne aig teagra a cumha
um thoigheacht air an eachtra sin leó; agas ro fhíafraigh na Duibh cía dona fearaibh a roghain. "Dealbhna Máthardha," air sí. Ro nasgadh an dís sin lé chéile i nDún Aileóin, mur air tiodhnaiceadh seóid iomdha do chosgar na ccuradh ó gach fear dháibh. Is ann sin ro cheileabhradar láochraidh Alban lé clann Dubháin agus leis na Deirg, agas luidheadar attúaigh gach drong dá ttír féin. Ciodh trácht, fúair Éithne árach air Aoífe, gur fhágaibh airm agus dabhach na Gúal Ghaoíth ann a ccarcair ghnáith. Iomthúsa Chonaill, ro bhí gá leighios bliadhain agus naoí mí a ttigh Fhínnín Fáithliaígh air leacainn Shléibhe Fúaid, mar dúbhramur cheana; agas a cceann na raé sin ro ghaibh uime agas ró thaisdil Ulaidh mór-thimchioll go ráinic Úaimh an Deirg; agas mur do fúair Eich an Daé air a chomhair níor dhúath nó dochar leis gach air éirghe dhó go n-uige sin. Agas tángadar a raibhe air marrthainn dona curaidhibh a cceann a chéile go hEamhain Mhacha air fhurfhógra Chonaill, go ndeárnadar a ngnáth- uimhir iomlán. Agas mur do-chúalaidh Con Raoí agas Oillioll Fionn dearg-rúathar Uladh, ní raibh mí d'aimsir ó tugadh an rúathar sin orra, nach
ttigeadh teachta ó gach fear dhíobh go Dealgain; agas mur ráinic Conall Dealgain a cceann blíadhna air naoí mí a n-iomshláinte, ró fhíafraigh sgéala Chon Raoí agas Oillioll dona teachta shúas. Ro labhair teachta Chon Raoí agas adubhairt: "Iar ár na ccuradh agas losgadh dhún Chon Raoí, mharbhtha na ttrí cCúan Airtre (damhna thrí ríoghláoch an domhain) agas bhás na ttrí Leifionna (.i. trí hinghiona an bheatha le sgéimh agas lé háille), ro fúarus Con Raoí air faithche an bhaile a ccrothaibh éagsamhla. Is fán am sin do choimh-thíonóladar a raibh air marr- thainn do Chlanna Deaghaigh, agas tugadar Con Raoí go bruighean bheag fhiodh-chró mur a ttugadh iopadh agus arrannadh ann a áladh agas a iol-ghonaibh, lossa síthe agas ícibh sláinte ann a chneadhaibh agas ann a chréachtaibh. "Ro ghabh Clanna Deaghaidh lámh um ath- núadhadh an dúin gur bhudh huirdhéanta go méad n-órdlaidh dhe. Táinic chuca-samh arm sin Tuireann inghean Chúanna, máthair na ttrí cCúan Airtre, agas ró ghaibh aig éagcaoíneadh a cloinne go trúagh tuirseach feadh aimsir fhada, agas bhí do mhéad a rúindíamhraibh go ttug Con Raoí a n-iomshláinte, agas adubhairt leis bás a cloinne do dhíoghailt air an Doilbh-bhuidhean. ""Agas is mur so is déanta sin" air sí: "coimh- thionáltar leat clann-mhaicne na ccuradh ró torchradh leó-san, agas bíodh bás a n-aithreacha
gá bheói-ghríosughadh 'na meanmainn do ghnáth an chían a bhéid dá tteagasg isna ceardaibh gaisgidh; agas tiucfaidh lá éigin an Dubh-laoch cona Ghúal Ghaoí go crích Cruithneach, a ndóigh toigheacht go hÉirinn chun láimhe a thabhairt lé hUlaidh a n-aghaidh Chonnacht; óir d'fhágaibh an fear sin airm thríochad céad a n-iomchoimhéad Aoífe fá chomhair na teagbhála shúas, agas is lé fuirinn dona hairm sin ro chealgaidh an siorraide beag Éithne (deirbhshiúr na ttrí nDuibh) ó Aoífe don Doilbh-bhuidhean ró chuireadar-san na trí dearg-rúathair mhóra sa agas léar thuit mo thriúr mac-sa. Agas mar gur chloinn do Dháolgas mac Dá Labhair (.i. dearbhráthair don Dubh-láoch) mo thríar mac-sa, cuirfead tríar mac maith fil aig Dealaoís, mo dheirbhshiúr, asteach chugaibh a ccomhainm na ttrí cCúan Airtre; agas mur thiocfas an Dubh-láoch go Dún Sgáthaigh, bhéarfead-sa aithne dhíbh fair; agas tíaghai-se a nAlbain air a n-urfhógra sin agas nochtfad-sa a ccogar rúin don Dubh-láoch an t-an-fhorlann ro imir an Doilbh-bhuidhean oraibh agas air mo chloinn-si mur áon libh." "Do thionál Con Raoí na hógaibh sin Chlanna Deaghaidh amhuil a theagaisg Tuireann dhó; agas is íad sin mo sgéala dhuit," air teachta Chon Raoí.
"Maith," air Conall lé teachta Oillioll Fhinn, "créad bhur ccor a cConnacht don chur-sa?" "Atá," air eisean, "tair éis ár chúig céad déag Gáileóin do los rúathar áon-laé, agas Oillioll airna throm-ghuin ón Dubh-dháol, ró bhámar a ndoirbh- chruth aithigh fhada um an easbhuidh táinic orainn: uimhir dhínn aig ath-chladhadh dhúin Oillioll, agas uimhir eile a n-othar ó ghoimh airm na Geal-bhuidhne, gur leigheasadh íad lé mór- eólus Channairnn Fáithliaigh - agas an dúagh is mó ní air n-easbhuidh uile mur nárbh fhios dhúinn cía do chloinn-mhaicne an domhain thug an trom- arguin sin oruinn. Agas anois ó fúarus a ttuarusg- bháil amach, is oircheas dhamh dhul go Connacht go nochtfad dom thighearna é." Luidh na teachta for ccúla gach neoch dá thír féin, ag breith árd-thaisde Uladh leó, agas ró budh maith lé Conall agas le hOillioll Fionn an sgéal ro nochtaidh teachta Chon Raoí dháibh. INNISDEAR SONN UIDHI MHEIS GEARTHA Iomthúsa Mheis Geartha, ró bhí seisean a Manainn go méad síth agas súaimhnis cona bhráithre, gur nochtadh dhó Conall Ceárnach do bheith a n-iomshláinte; agas airna chloisdean
sin dó, níor ghaibh mían bídh nó díghe nó codlata é go ttáinic air éológh gan fhios dá bhráithre, gur ghaibh cúan aig Reannaibh Bóinne andeas a ngar do dhún Oillioll Iomrúadh, agus tháinic a mbréig- riocht don mbaile agas níor léig aithne fair neoch go ttáinic Oillioll; agus air mbeith a bhfód foí leith dháíbh, ro nasg Meis Geartha rún air Oillioll gá rádh gur dhúnmharbh féin Dearg dona trí Deirg, agas gur adhnac ós ísioll é, agas go ttáinic san ccruth sin gá fholach féin feadh aimsire chuige- sean. Ró budh maith lé hOillioll Meis Geartha bheith a n-iomshláinte. Gidh eadh, badh dubhach um bhás an Deirg é. Is amhluidh ró bhí Meis Geartha agus trí coilg nimhe aige a ccorluighe chroinn a shleighe, agus ubhall aithleaighthe íarnaighthe go treas bhfóth- racadh nimhe air shithe an rotha air athghabháil a chléthe, agas Gath an Daé léar theasg naoí sgoith-líoga glas-trágha gach líog a ttolg throith curadh gá fhromhadh, agus colg ndéid do theasgfadh fionnfadh fionna a n-aghaidh srotha go bhfáobhar naoí bhfóthracadh nimhe a tturáill thimne thinneidh leis. Is eadh do-ghnídheadh a moch-thráth gach maidne, ró ghabhadh brat garbh glas fair uachtar a lúirighe don leith amuigh; agas aig rochtain brúach mara dhó d'éirdheadh d'urlainn crann
ríghe comháirde go roigfeadh an táobh túagh don mur-bhruacht; agas do ghabhadh aig fíadhain- ruithneadh tulcha Shléibhe Breagh lámh dheas lé muir thúaigh go roigfeadh an coirthe aige Tráighe na Neón, agas as sin síar-dheas go Fionn-shruth Breagh agas go Ríasg Fiodh, agas tarsna Bóinne aig Brúgh Maoís. Agas is aig Ráth Darnaidhe do chuirfeadh an mílidh 'airm iol-ágha a ccaoídh chamhdaigh, conár léur do neoch an' úirthimchioll íad go ham taisdil airna mhárach; agas a nÚaimh Ladhairnn soir cían gairid ó Fheart Cholpa an Chloidhimh ro fholchadh na hairm sin go maidin. Agas is uime do thaisdealadh Meis Geartha an ráon sin gach ré lá, mur dhúil go ttaigeóbhadh Conall Ceárnach fair, go ccomhracadh leis, go ttiúbhradh a cheann agas a chosgar dá thoigh íar ttain. Ró bhí fón am sin bean toichle a nDún Chonaill - Éangus a hainm - do-chúaidh air cúairt go lios Oillioll .i. a dalta féin; agas air tteacht tair n-ais go Dealgain dhí ro fhíafraigh Conall sgéala dhi, "Ní bhfuil agam," air sí, "acht aoín-nídh do-choncas ann súd, .i. óglách a ccomháirde Fhearghais, folt fada fionn-chas leis, ruisg ruith- eanna río-ghorma, agas oineach áluinn go ngnúis ngrúama leis, fánus funga san ccarcair úachtarach, agas beann-cholbha íochtarach dá dhéada mur
fhras néamhanna; agas an tan do-ghnídh gáire is leór d'aoíbh fair mhurar é, agas is dubhadh mór- mhuinntire a ghruaim; agas cumpar curadh leis; agas ní léar dá chorp acht a aghaidh, agas is gilithire nó sneachta áon-oidhche a leaca, agus a ghrúaidh mur chrú na láogh; agas ní haithne 'neoch san dúnadh é. Tíaghaid as gach moch- tráth co nach fios d'áon cía ráon dhó go hurthosach oídhche, agas is sí a áon-phroinn mun am soin eó Bóinne dá fhiadhain féin agas digh d'uisge fíor-thiobraide; agas is éadh is éadach dhó garbh-bhrat dubh-ghlas gá fholach go trácht, agas ceann-bheart don ccéadna fair a cheann." "Maith, a Éangais," air Conall, "is bíodhbha bhioth-bhúan dhamh-sa an fear sin; agas táinic eill miosgais tré mo leannta air a iomlúadh dhuit a ccéadóir; óir is é sin an mílidh mór-chalma, .i. mac Dubháin Duibh-dheirg léar tugadh trom- argain na ccuradh, agus fós lé a ttuitfe meise; óir is í araéir an treas oídhche táinic chugam-sa, agas caoír air ndearg-lasadh 'na dheas-láimh airna thabhairt tré mo chompar síar seachtair; agas is dom bhrath táinic go hÉirin don chur-sa; agas is éagcothrom an bháidhe d'Oillioll Iomrúadh mo bhíodhbha-sa do cheilt fón ccuma sin; agas is beag an tairbhe thiocfas don tí lé a ttuitfe an fear sin; óir díoghalfaidh a bhás ría nó íar ttuitiom dhó." "Dá madh fiosach misi air sin," air Éangus,
"ró dháilfinn digh fair lé a rachadh a bhrúgh goile úadha." "Ró bhudh mbúaidh dhúin-ne an t-aitheasg sin dá madh fíor," air Conall. "Is fíor," air sí, "agas rachad-sa an athúair go dún Oillioll, agus nídh éigin dod ghnéithibh órdha-sa liom gá athnúadhadh lé Caffann Ceárd; agus teagbhaidh-si dhamh aig Bóinn attúaigh airna mhárach." Ro budh fíor di-si sin. Táinic an chailleach go dún Oillioll agus aithnigheas dhó éirim a turais. Ro athain Oillioll do Chaffann fail Chonaill d'ath- núaghadh. Dáileas an chailleach fáon-dhigh air an ccuradh Meis Geartha, agas ráinic Conall tair Bhóinn gur nochtadh dáil na díghe dhó: "agas ó thiucfas meadhóin laoí rachaidh a uile mhean- mainn úadha air sin." Is lé sin do-chonairc Conall Meis Geartha aig dul tair Reannaibh Bóinne attúaigh, agus ráinic Conall soir-thúaigh do Thulaidh an Dáobh agas do Gharbh-fhearann Mheann mhic Salcolgain gusan ríasg atá idir Cluth agus Cloch. Ráinic Conall ó thúaigh agas Meis Geartha ó dheas, agas mur ráinic dháibh a chéile d'fhaicsin d'fhíafraigh Conall. "Cáid ann do bhíodhbhadh?" "Meis Geartha," air an dara fear.
Ro chomhfhoigsigheadar na curaidh dá chéile gur ghabhadar aig díobhracadh a chéile dá ngaéithi. Is ann sin táinic dhá mhurdhúchan for an ccúan a ngar dháibh, murdhúchan andeas agus murdhúchan attúaigh; agas iss eadh do chanadh an mhur- dhúchan attúaigh. "Nimh for rinn agas rinn for sgéith." As eadh do chanadh an mhurdúchan andeas "Crích air threas suil thiucfas teas." Budh deimhin lé Conall gurbh airm nimhe ro bhí ionfhéadhma aig Meis Geartha an' aghaidh- siomh, go ttiocfadh bang mhór for ccúla a ccomhair gach ré n-urchair gaéithe ó Mheis Geartha, go ngabhadh an gath a ndruim na sgéithe; agas bhí do neart an churaidh go ttiocfadh Gath an Deé do dhruim sgéithe Chonaill chuige tair n-ais. Feargadh Meis Geartha go mór lé sin; agas mar do-chonairc Conall an gath aig toigheacht chuige go loinnreadh teineadh tréin-dheirge, ro chuireas an gath thairis attúaigh lé fáobhar-chleas na mbúaidh-sgéithe. Gabhus Meis Geartha an ubhall íarnaidhthe go ttáinic for Chonall san modh ccéadna, agas cuireas Conall thairis mur an ngath í. Is ann sin tug Meis Geartha colg dona trí cuilg nimhe as corluidhe croinn a shleighe fair Chonall.
Gabhas Conall an colg san sgíath agus bhí d'imghéire na lainne gur fhan inte. Táinic an dara colg agas an treas colg fair, gur fhanadar san sgíath mur an ccéadna. Agas bhí do lúth Mheis Geartha nach raibh air cumus Chonaill airm air bioth d'imeirt fair; óir badh lán-obair leis é féin d'iomchosnamh san bhféidhm mhóir sin air airm Mheis Geartha. Dlúthaid na curaidh lé chéile iar sin aig dul a muinchin a ccloidhmhthe. Ro budh suaill a bheith gá bhfeitheamh, agas ní air mhéad a ndíobhracadh acht air fheabhas a n-iomchosnaimh, gur musgladh agas gur soghlúasadh lucht na tíre 'na n-uirthimchioll ré fúaim agus ré sían-gháir a ccloidhmhthe fair a sgíatha agas fair a lúir- eachaibh; gur gháireadar báidhbh baoíthchéille, geinte glinne, agus deamhain aidheóir, úasadh agus do gach leith dhíobh; agas bhí do thruime thuargain na ccuradh fair a chéile gur éirghe duibh-cheó agus smúid dhoiléir, amhuil chíaidh cheárdchan an tan fa hurladha mór-cháora fair no hinneóna inte, mór-thimchioll forra co náir léar do neoch íad acht mur d'éirgheadh na láoma teineadh día n-armaibh; agas ní thug ceachtar dhíobh créucht nó áladh fair a chéile ris an raé sin. Agas ó tháinic meadhón laé, ró luidh a bhrugh goile agas a uile aigneadh meanmainn ó Mheis Geartha, léar thuit fáobhar chloidhimh Chonaill go mór fair. Táinic Meis Geartha fair Chonall go ttug trí trom-ghona móra marbhthacha trésan
mbúaidh-sgéith agus tré bhrollach na lúirighe dhó. Agas air ndul céim tair n-ais don ccuraidh táinic Conall fair lé béidhm ndeilinn léar theasg a cheann dé; agas mur thógaibh an ceann ró chúaidh an cholann ass. Agas ní fiosach áon d'fhearaibh Éireand feart Mheis Geartha ó sin anúas; ionnus go raibhe gá iomlúadh cían fada aig Laighnibh dá éis sin, gur mír bhréige an mhír churadh ro chomharthaigh Conall d'inchinn Mheis Geartha. Iomthúsa Chonaill ráinic for ccúla go Dealgain agus as sin go hEamhuin, mur do chomharthaigh mír churadh d'inchin Mheis Geartha, agus is dá mhíthin sin ró fúair Conall oirdhearcus laochraidhe Éirionn. Caoicís ar mhí dhó dá leigheas a nEamhuin, gur dháil Conchubhar fleadh mhór-lúach air féin agas air na curaidh mur air fhíafraidh mac Neasa éirim na teagbhála shúas dhe, agas ró nochtaidh Conall sin dhó amhuil atá 'nar ndiaigh. Cona í sin Uidhe Mheis Geartha, tréanfhear Éireann roimhe sin. TOISG NA CCURADH A CCRICH NALBAIN Feacht n-áoin dár comóradh áonach óirdheirc Éireann a magh Tailtean air úir Dhubhchumair a n-íochtar Laighean, agas tángadar ann na trí
oll-amhraibh .i. Con Raoí um chlanna Deaghaidh andeas, Ollioll Fionn um Gháilleóin aníar, agas Conall Ceárnach um chlanna Rúghraidhe ó thúaigh. Is amhluidhe a thángadar na trí dronga shúas, .i. fághfuidh, gan gaisgidh umpa, acht a n-éadaigheadh iméadhrom n-oireachtais forra. Imeagallaid uile dia-roile air eang don magh; agas ro budh neamh-ghnáitheach a bhfoirm an lá sin seach gach lá aonaigh eile ríamh roimhe sin; óir is amhluidhe ró bhádar, .i. leath cudroma comhronna do gach droing fói seach go n-ulcha feardha, agas an chomhroinn n-oile amhulchach go bhfaeidh naoidheanda. Rángadar trí gnéithe oirdhearcuis an t-aonach an lá sin, .i. mac Iach go mBoir-Cheat Bheannach ón Doire Líath, mac Uill go bhFionn-loth Ghraoidh Taé ó Mhuigh hEó, agas mac Beinneinn go Sein-lornn Bheannaibh Bhoirche; agus air fhúagra na ttrí ngréithe sin air fhearaibh Éireann don tríar iar dtain ró thairg úaisle Gaoidheal cumha mhór tair cheann gach mír óirdheirc dhíobh sin d'fhosdógh, agus an mhír féin ós a cheann sin. Agas air a léigean amach dona trí hoirfhearadh is eadh do lean Finn-loth Taé Gáileóin, agas is
íad ro fhasdógh an Ith so úd na hóga amhulchacha don droing sin, air úir Shionna attúaigh. Gabhaid Clanna Deaghaidh réimfhuadhbairt Bhroith-Cheat Dhoire Léaith, agas is íad a n-óga amhulchacha sin ro fhosdógh í idir Dubh-ríasg agas Cnoc Úr-bháin. Clanna Rúghraidh iomorra ró leanadar an tSein- Iorrnn soir, agas is íad a n-óga neamhulcha sin ró thrasgair an t-iolar dá ccroinn tabhaill air thráighe Mhuirtheimhne. Luidh gach droing cona mír níadhachais go Tailtean tair n-ais. Ro íadhadar Fir Éirionn umpa fán am sin aig oirdhearcas na ngníomh n-iongantach, gur aithin cóigeadheachaibh Éireann bruighean n-óla, go n-ocht sleasaibh do urthógbháil a ccéadóir air an leath amuigh don aonach air fhuráileamh fleighe dona trí drongaibh shúas. Teóra lá cona n-oidhchibh dháibh aig ól agas aig aoibhneas gur bhudh meisge meadharchaoin íad. Is ann sin do labhair Conchubhar mac Fachtna Rígh Uladh: "Maith, a fhearaibh Éireann, gér dhiombúaidh an dobhrainn ró imir an Doilbh-bhuidhin an- allód fhoraibh, is dearbh gur fhás a ccoimhlíon do níadhaibh glan-oirbheartach, ro chin aniodh fair a n-uideagha sus fair an druing a torchradh, agas mádh fhásaigh a ngníomhartha amhluidhe súd réna ccomhaoís, is séanmhur an tír darab cáomhna dháibh."
"Cía nár bhudh headh, a Rígh?" air Conall: "óir is lán a n-aois armghabhála agus shealbhadh grádha gaisgidh íad súd uile." "Is seadh cheana," air Con Raoí, "agas is rún dhúinn fós dul a nAlbain lá éigin do dhíoghailt an anfhorlain sin air an Doilbh-bhuidhean." "Cía damhna liosdacht dhíbh?" air Conchubhar. "Ní fhidir," air Con Raoí, "acht madh haon aonta dháibh; agus id-chiú-sa aig feitheamh teagaisg bhan-chara ro lá sin dhamh an tan roigfeadh an Ghúal Ghaoí Dún Sgáthaigh." "Fil damhna n-oile againn," bhair Oillioll Fionn, "óir ro luidh tréainfhear dar ccineadh don nEasbáinn, .i. mílidh mór-chalma don iocht churadh, agas ní hiomlán sinne gan é." "Fil damhna liosdacht n-oile aig Ulaidh," bhair Fearghus, ".i. an mac beag mac Subhaltaigh a n-Eamhain, cían gairid go madh feardha eisean cía hí so an seachtmhadh bliadhuin día aoís, óir madh hairm ghaisgidh aon-úair dhó ro budh slúagh níadhachais é." TRACHTAR ANN SO AIR URFHÓGRA NA CCURADH d'FHEARAIBH ALBAN LE MIC NEACHTAIN Mic Neachtain iomorro: ró bhádar na trí saoighthe óirdhearca sin a mbréig-riocht air
Aonach Tailtean san am ccéadna, aig feitheamh féadhma na ttrí n-aicmeadh, agas aig éisdeacht imeagallmhadh na ccuradh, gur ghabh uamhain mhóir íad aig faigsin lúth agas lámhach na n-amh n-ógaibh shúas. Acht atá ní cheana: ró téaltógh leó sin na trí hóirdhearcais réamhráite, .i. an gheil-stéad, a' t-iolar, agus an fiadh, agas tugaid faé dhoi-eóluis dhoirbh-fhásaigh um a ttríochad céad d'fhearann mór-thimchioll a ndúin, co nárbh aithne 'aoín-neach d'Éirinn é. Lotar mic Neachtain go dún Oillioll Iomrúadh tair Reannaibh Bóinne andeas, agas nochtaid dhó gach a bhfacadar, agas gach a ccúaladar a tTailtean; óir is amhluidh ro bhí Oillioll a searg- luighe air ttréigbheál a chrotha, a lúth, agus a lámhuigh ón lá far thuit a chara choigle, .i. Meis Geartha, lé Conall; mur do hiomrághadh aig na trí Deirg agus aig fearaibh Alban rún do bheith aige san cceilg léar thuit an mílidh Meis Geartha. "Maith, a cháirde," air Oillioll, "téighidh d'fhios chloin Aileóin agus chloinn Dubháin, .i. Cairbre agus Críomhthann, a Manainn, agus ráidhigh leó an t-aitheasg sin suil thiucfas forgla fhear n-Éireann orra." Luidh mic Neachtain go Manainn go lios Aileóin. Ró budh mór gáirdeachus na bhfear sin reompa; ach mur do-chúaladar éirim a tturais, tíaighaid dá loing go rochtain Inbhear Neas a n-oirthear Alban,
agas imeagallaid na trí Cuinn um chomhair Gáoidheal. Lotar teachta ó na Cuinn go ttísdís na trí Duinn ó Ghleann Dadhna, agas na trí Sheadhna ó Shlíabh Lorc, agus na trí Dealbhna ó Dhún a' Tréain, agus na trí Duibh ó Ghleann Caidhean. Rángadar sin uile go hInbhear Neas. Is ann sin ró-chúadar a ccogar agas a ccomhairle lé chéile a bhfód for leith; agus as í comhairle do cinneadh aca, droing dhíobh do dhul don Iorúaidhe agus Arannach Oileach Éirgne do chealgadh ré dúaisibh iomdha go madh caraid sho-chumainn dháibh an fear sin, óir budh dearbhráthair don Dubh-laoch easean, agas dob é Oileach Éirgne an foslongphurt comhnaigh ró ghnáthaigh-sean cona Ghúal Ghaoí an tan bhudh a ttúathaibh Eórpa dháibh; agas badh dona hoileánaibh ró chuirfeadh-san gáo-láoch a n-ionadh an ghao-láoich luidhfeadh úadha. Iomthúsa fhearaibh Alban, is íad ró-chúaidh ann .i. na trí Duibh. Agas adeir an sgéaluidheacht go ttug Dubh dhíobh Fionn-Ioth Ghraoidh Taé mur shéud dá shéudaibh leis san turus sin: stéad sin ro budh coimhdeas muir agas tír dhí; agas an dara Dubh, Broi-Cheat Dhoire Léith: fiadh sin, iomorra, gá chuir a ccoire ré hucht proinne gach nóna ró budh a n-iomshláinte eisean gach ré maidne; agas an treas Dubh, Séin-Iornn
Bheannaibh Boirche: iolar sin ro thuismheadh uidh n-órdha gach seachthmadh bliadhain a mBeainn na nOrc - agus budh do shéadaibh óirdheirc Chonchubhair san cCraobhrúaidh na horcaibh sin. Ciodh trácht, ró budh hiomdha ór agas mbúaidh- shéudaibh an triúir sin aig rochtain Oileach dháibh; agus is sí taisde tugadar amach san ccathair gur bhudh do lucht na n-oileán íad féin; agas tugadar fleagha móra mionaca d'Arannán, mar áon lé hiomad seód, ionnus nár leór leis áineas air bioth gan íad. Ró bhádar air an ccuma sin go toigheacht an Dubh-laoch agus na Gúal Ghaoí go hOileach Éirgne. Gabhus an Dubh-láoch na trí Dhuibh chuige air fhuráileamh Arannáin. Athaidh fhada dháibh san Iorúaidh go bhfúaradar árach air an Ghúal Ghaoí, agus ní haithristear áoin-nídh forra go rochtain Dún Sgáthaigh dháibh. Is amhluidhe a thángadar ann agus laoídh chumainn, mur gurbh é an Dubh-Laoch do chuirfeadh leó í d'fhios Aoífe, ionnus go ccuirfeadh sí an trealamh gaisgidh agas an dabhach a d'fágaibh air a coimhéad diá fhios ris an tríar fíor-chara sin; óir ní thug Aoífe, nó neoch eile aithne forra. Aomhus Aoífe an nídh sin agas thug na Duibh
an ghaisgidh agus an dabhach leó go hInbhear Neas, agus dob é fad na haimsire ró bhádar air an órdugh sin trí bhíadhna ón ccallann no chéile. Agas ní dheachaidh tocht ris an raé sin air fhearaibh Alban ach aig fagháil na huile ghnéithibh ríach- tananch urláimh a ccomhair thoigheacht na ccuradh. Agas is don leith astoigh don aimsir sín ró torchradh mic Neachtain ris an mac beag .i. Seadanda mhac Subhaltaigh air faithche a ndúin féin. Agas an bhliadhain íar sin ráinic an Fear Día a nÉirinn íar mbeith seacht mbliadhna aig taffann na Brúgh Beinn-órdha a nGaisgeáin na hEaspáinne tré ionnladh uisge agus ghaisge maidhne Caoimh- fhinn, inghean Dearbháin do Chonnachtaibh, air a n-innstear ann eachtra n-iongantach sa romhainn. EACHTRA DHAILGEÓIN DEIRG RIS A RÁIDHTEAR AN FEAR DÍA MHAC DAMHÁIN MHIC DÁIRE MHIC DÍOGHARBHA MHIC LÓICH MHIC ANLÓICH, COLBHA CHURADH NA NGÁILEÓN Fear Día, iomorra, aig Dailgeóin Dearg a nIomhair chois mara shíar ró hoileadh eisean; agas ró thiodhnaic a oide a cheartha, a ionmhas, agas
a uile fhearann fair. Dá Thaigh mac Dubháin a chéad-ainm, agas ní lamhadh Dailgeón a ainm gá leanmhuin, acht a ainm féin, mur nach raibh sliocht fair. A cceann a sheacht mbliadhna do-chúaidh go hIorras air sgoil ghaisgidh na nGáileón. Budh dá mhac-ghníomha rinn a shleagh trí naonmhair curadh do chur dhe lé rinn aon-ghaeith mbig. Budh dá mhac-ghníomha, gach naoídhmhadh lá don mí Tolg agus don mí Beáiltine, don mí Lúghnosa agus don mí tSeamhuin .i. na trátha sin do chleachtadh Gáileóin a ccluidhthe gaisgidh do chur a meabhair air thulaigh a ngar d'Iorras dia ngoirthidh Colbha na cCuradh, d'fearadh Dail- geoin gach ré chleas ngoile san bhfaithche a n-ionadh leis féin ós comhair na ttréan, gé nach ttáinic dhó a áireamh orra mun am sin. Aireas Fáodhbha, dráoigh Oillioll, sáothar an ghiolla bhig, agas tig dá fharraid, go ndubhairt: "An meabhair leat uile-ghníomha na láoch san ló so?" "Is meabhair," air Dailgeóin, "agus barr tarsa." "Carsad sin?" air an draoígh. "Do dhíoghchuirfiad díom rinn-ghaéithe beaga agus móra sleagh agus soighead fhear nÉireann le mo roith chlé um chnis, agas gan dom chosnamh acht camhail ochta um dheárnoinne mo láimhe deisi."
"Fíorfad-sa nó bréagnómhad na briathar sin do láthair," air an draoí; agas lé sin tugas camhail ochta don macáimh, agus fógras dona curadhaibh uile a aimsiogha día ngaéithe beaga agas móra sleagh agus soighead. Ro dhíoghchuir Dailgeón na fáobhair dhe, gé thángadar 'na bhfras-cheatha "Dámadh feardha an mac úd," air Oillioll, "ro bhudh día úasaibh Éireann é." "Is Fear Día úasibh Éíreann don chur-sa é," air an draoígh; "agas is sé sin an t-ainm is comhdhais dhó ó so amach .i. Fear Día." Ro bhí bandáil Iorrais aig feitheamh na féadhma an lá sin mur gach lá n-oireachtais eile, agas thárla 'na measg inghean áluinn iol-chruthach - Caoimhfhinn inghean Dearbháin do Chonnacht ise - agas tug tuile trom-ghráidh agas sruth fíor- áidhbhéil seirce d'Fhear Dia. Faoidheas teachta ós ísioll dia fhios. Luidheas Fear Dia dá farraid mur do nocht sise a huile ghrádh dhó, agus bhí do mhéad a ccumainn gur chuimeasgadar lé chéile, agas rób é an coibhche nasg Caoímhfhionn fair an Bhrúgh Óir-bheannach thathaigh sléibhte a mBíosgáin na hEaspáinne d'fhasdógh a n-iom- shláinte dhi. Gabhus an Fear Dia an turus sin do láimh, agus tugas ucht air muir ó dheas gan fhios d'fhearaibh Éíreann acht Caoímhfhinn agus Iollainn mac Cairb,
a chomhdhalta, do-chúaidh leis a n-inmhe ara san n-eachtra sin; agas ní haithristear sgéaluidheacht orra gur shnaoídheadar a mbárc a ttír aig bonn Shléibhte Gúa san mBiosgáin. Bíodh fhios agad, a léaightheóir, nár áitigh neoch an eang sin don Easbáinn, agas go ttug an Fear Día lón agas gach neithe ríachtanach eile dá luing gusan ionadh sin. Ciodh trácht, thógbhadar boith air úir an chúain a ngar don tslíabh, agas do réir taisde Iollainn mhic Cairb níor chodail féin aoín-néall an chéad oídhche ó shíodhain-gháir na n-oilphíasd n-iongan- tach n-álta ro thóg a n-urghráin dháibh; agas airna mhárach, tré mhéud a uamhain, nach géabhadh flaitheas an domhain agas fanamhuin an dara hoídhche fán ccuma sin. Aithneas an Fear Dia dhó dul don luing, agas do-chúaidh féin san tslíabh aig tabhairt árd-mheas forsan ccrích; agas is amhluidhe ro fúair a foirm, .i. dhá shlíabh dhéag air luidhe aoín-nóis don leith thúaigh, agas a ccoimhfhreaghra n-oile don leith deas, agas faith' fhada fhéur-úaithne fhionn- sgothach feadh rinn a radhairc aig eadarsgarthainn na ccomh-ard, agas ceithre doirse fithchead forsan ngleann ccáomh n-áluinn sin, agas éagh n-áluinn n-alla go mbeannaibh n-órdha aig inghilt for bhéul gach ré ndoruis dhíobh. Ro ghaibh aill iomfhúabartha uile leanta an Fhir Dia air bhfaicsin na ngnéithe sin dhó; óir ní raibhe a fhios aige cía dhíobh sin dia ngoirthigh
an Bhrúgh Óir-bheannach. Tháinic táir n-ais gusan luing, agas géarbh áluinn gnúis agas oineach an mhic sin aig dul san tslíabh, ní mór gur athain an t-ara aig teacht tair n-ais dhó é, tré mhéad na hurghráine ro ghaibh um an dúath bhí 'na chomhair. "Maith, a Iollainn," air an Fear Día, "luidh tair n-ais d'fhios Chaoímhfhinn, agas abair ris an inghin sin laoídh uidhe 'thabhairt ós áird mo leachta nach bhfaca sí madh go ttrásda agas nach bhfaicfe go foir-cheand a' bheatha; óir ní bhfuil dom chumus an toisg si 'chríochnughadh;" agas adubhairt: "A Chaoimhfhinn, a chnú chumhail, ní aisge chara ro fhromhais; trúagh nach doirbh-dhigh dháilis dhamh sul fár aomhas an chráidh-chinneamhuin. "Trúagh nach air faich' Cholbha na ngleó ro thuiteas ré gaéthe Gáileón, nó ré hanfa rom-char for linn, sul for charas d'aisge, a Chaoímhfhinn. "Olc an chara chumainn d'íadh air bhfíor-chara umainn; ise ga mo chumha-sa air áin, misi gá cumha-sa dia dhiombáidh."
A haithle na n-imeagallamh sin luidh Iollainn mhac Cairb for muir tair n-ais, go ttáinic a ttír aig Reanna na Beig-insi, agas as sin go lios Dear- bháin. Nochtas a thoisg agas a thuras do Chaoímhfhinn, agas mur do-chúalaidh sise sin ro ghaibh aig aifir agas aig eidir-chasaoíd uime féin, ionnus tré mhéad a dabhrainne gur ghaibh seirg- luídhe snaoidhmhe sníomh-chaithmhe an inghean iol-chruthach, conach mbí air marthain dhi ach mur chúal chríonaigh loim. Iomthúsa an Fhir Dia, is í comhairle do cinneadh aige eagh dhoruis an gleanna fa neasa dhó do thaffann air dtús; agas is é fad na haimsire ro bhí aig fúabairt na n-eagha sin, .i. ráithe, ón ccallainn nó chéile. Agas ó do thaffann amach tair dhorus an ghleanna í, níor lamh dhí toigheacht asteach for áon-ndorus eile gur fhasdógh a cceann na raé sin í. Acht atá ní cheana, ró thaffann an Fear Dia gach éagh fói seach dona ceithre heagha fithchiot, agus ró bhíodh ráithe aig fasdógh gach áon-eagh dhíobh fói seach; agus do thigeadh Iollann mhac Cairb air an ccúan a cceann gach trí mhí lé bíadh agus lé lionn chuige an Fear Día, agas do-bheireadh gach raé n-eagh tair n-ais go Caoimhfhinn, agas mur is taoísge rigfeadh a ttír a nÉirinn ro thuit- feadh na beanna dhíobh. Mur sin don Fhear Dia go ttáinic dhó an éagh dhéighionach dona ceithre heagha fithchead
d'fhasdógh, agus táinic féin ris an eagh san luing. Is amhluidhe ro bhí seisean fán am sin, 'na ruisde i rúadh-chréuchtnuidhe airna chognamh agus airna thimchioll-ghearradh lé draoíghne sgéaith-dreas agus doirbhéalaíbh na críche ré headh na húaire sín, .i. na sé bhliaghain sin do bhí aig taffann an fhíadhaigh shúas, conach raibhe méad n-órdlaigh dia chorp gan searg-ghuin agus créucht chríon-fhola aigá chrádh; go madh léar gach alt agus gach féith agus gach cnáimh dhe aír ttréigmheál a chrotha agus a chaoímh-oinidh, ionnus nárbh aithne d'aoín-neach dá bhfacaidh aríamh roimhe sin é. Athaigh n-athghairid dáibh air muir go ttárla curach orra agus gan do dhaoíne ann acht áon-sheanóir cían- áosda. "Cía fil ann?" air an seanóir. "Atáid ann," air Iollainn mhac Cairb. "Cía hí bhur n-eachtra?" air an seanóir. "Go roigfeam Éire," air Oillioll. "Cía an t-othar sin agad?" air an seanóir. "Macáimh gonta dár ttír," air Iollann. "Tabhair chugainn anall é," air an seanóir. "Ní háil linne sin," air Iollainn; "acht tar-sa anall chugainne, agus más cumus dhuit a leigheas rachaidh a lúach íce go maith dhuit." Tíaghaid an seanóir anunn agas gabhus lámh for
leigheas an Fhir Dia; agus dob é fad na raé ro bhádhar air an órdugh sin, .i. dhá mhí dhéag gan íath, insi, nó oileán d'fhaicsin do thalta an domhain, agus a cceann na haimsire sin rángadar a ttír san mBeig-insi a n-íarthar Chonnacht a n-aigneadh mhór agus a n-iomshláinte fhoirbhthe. "Cía cumha atáthair d'íarraidh, a chara ionmhuin?" air an Fear Día. "An Bhrúgh Óir-bheannach," air an seanóir. "Truagh sin," air an Fear Día, "óir is mír dhabhrainne dhamh-sa an feithide sin, agus ní lúgha lé inghean Dhearbháin é." "Rachad-sa libh," air an seanóir, "go hinghean Dearbháin, agas mádh áomhann sin an toil leat-sa é?" "Is toil," air an Fear Dia. Tíaghaid uile go Dún Dearbháin íar sin, agus mur as lúaithe do-chonairc Caoímhfhinn an Fear Día agus an Bhrúgh Bheann-órrdha ró éirghe a luinn lúathghára aig fáiltioghadh go dil díochra dhó, agas mur is taoísge ro-chúalaidh an éagh guth na hinghine táinic a ccruth mná áille éagcosg, ró chinn air chinéul banda an bheatha; agus mur do-chonairc an seanóir sin do phóg go méad meanmainn í, agas nochtas air an láthair sin gurbh é féin Flath Thearmla san mBiosgáin agus go raibhe ceithre hingheanadh fichiot do chloinn aige, agus gur cuireadh a riocht cheithre n-eagha fichiod tré aithmhilleadh draoigheacht íad agus gurab a nGleann
na n-Éagh air shléibhte Guá ró áitigheadar, agus go raibhe amhluidhe go ttáinic dhó-san a n-iomhfas dógh, óir ní lamhadh cú nó gadhar nó each nó lúas laoich na heagha sin do chlaoidh; agas leis sin, táinic na ceithre hingheanaibh fichead do láthair an tseanóra aig déanamh umhlaidh dhó. Athaidh athghairid dáibh a lios Dearbháin go ttugadar lámh air imcheacht, .i. Iubhán mac Iubhrúaidh flath Tearmla san mBiosgáin cona cheithre hingheanaibh fichiod, iar cceileabhradh do Dhearbhán cona theaghlach. Dob í sin an t-aonmhadh bhliadhain fichead d'aoís an Fhir Dia, agus an aonmhadh bliadháin d'aois Chú Chullainn, agus an bhliadhain dár athain Tuireann inghean Chúanna, .i. máthair na tTrí cCúan Airtre do Chon Raoí dul a n-Albain do dhíoghailt na ttrí ndearg-rúathar tugadar an Doilbh-bhuidhean roimhe sin air fhearaibh Éireand. TOIGHTHEASDAL NA CCURADH GO BEANNCHAIR ULADH Daithle Thuireann, inghean Chúanna, máthair na tTrí cCúain Airtre, mur is taoísge do foilsigheadh dhí an Dubh-láoch cona bhuidhean tríochad céad do riachtain Dún Sgáthaigh, lotar teachta úaithe
gá fhoilsioghadh sin do Chon Raoí. Faoídheas Con Raoí teachta go hOillioll Fionn a cConnacht agus go hEamhuin a nUlaidh, agas dob é ionadh a tteagbhála aig Beannchair Uladh. Táinic Con Raoí Beannchair go ttríochad chéad déagh-láoch go n-éidibh corcra agus go sgíatha luinn- dhearga. Táinic Oillioll Fionn go ttríochad chéad Gáileóin, éidibh glé-gheala iompa go sgíatha lí-gheala airgid aoin-ghil leó. Táinic Conall go ttríochad céad d'Ulaidh, éidibh cró-dhorcha iompa go sgíathaibh ndubh-ndúaibhseacha leó. Ro hiomráidheadh aca ann sin cía dona trí haic- meadh bhudh cóir dul a nAlbain air tús. "Cía budh cóiracht mise agus Clanna Deaghaidh?" air Con Raoi; "óir is orainn a tugadh an chéad- choimheasgar leó súd a nÉirinn, agus fós léar thuit gáol an Dubh-laoích chuige a bhfuilmid aig tríall." Gabhaid luingis ann sin go rochtain Albain. Acht atá ní cheana: ro foilsioghadh an choimh- éirghe amach sin d'fhearaibh Alban, dona trí Deirg, agus do chlann Dubháin. Is amhlaidh bhádar sin ollamh uirliothe na ccomhair agus is í an oídhche chéadna tháinic na trí Deirg agus maic Dubháin for Gháileóin aig tabhairt ionsuidhe neamh-charthanach orra. Is amhluidhe táng- adar agus bolgán um sheacht naoídh ngaéthe lé gach fear, go ttugadar gaéthe gach fir fói seach a láoch do mhuinntir Chon Raoí, gan ath-tharraing,
a ccréacht mharbhthach, gurbh é easbhuidhe Chlanna Deaghaidh trí chéad agus dhá chúigear don rúathar sin; agus ro imgheadar féin úatha gan fhuilioghadh gan fhoirdheargadh. Níor bhudh séanmhar lé Con Raoí an leadairt bhíodhbha sin ró himreadh fair an chomh-ghairid bhí ann. Lotar an luingeas tair n-ais, gur luidh chuca tríochad chéad na nGaileón. Gabhaid féin agus a muinntir sosda agus puible air úir an chúain go furachair fortamhuil. Ciodh trácht, tángadar na trí Duibh, na trí Duinn, na trí Deirg, agas mic Dubháin, cona bhfuireann do ghaéthe beaga forra, léar thuit fear gach gaéth d'fhearaibh Éireann; agus chúadar ass gan fhuiliogh gan fhoirdheargadh fán ccuma sin. Lothar an luingeas air na mhárach tair n-ais gur luidh Uladh chuca. Budh dóigh leó sochraid mhór gá n-ionnsuidhe an oídhche sin, gur chuir- eadar lucht forfhaire agus furachais amach do gach leith úatha. Is í sin an oídhche ro thionóladar na trí Duibh, na trí Cuinn, na trí Shéadhna, na trí Duinn, na trí Dealbhna, na trí Deirg, agus mic Dubháin a bhfeacht agus a slúaghadh go Muigh Béinne attúaigh d'fhearaibh Éireann, aig teagasg dá muinntir calmacht agus cródhacht mhaith do dhéanamh, agus go ttíubhraidís ionnsuidhe maidhne mocha for fhearaibh Éireann sul thiucfadh an Ghúal Ghaoí dá ccabhair, agus fós go ttáinic Éithne
ré dubh-eagh Shléibhe Mis íad-san, "ionnus madh marbhthach bhar ccneadha agas bhar n-áladha n-iomghonta ro budh slán a ccéadóir do los lachta na mbúaidh-eagha sin gach áon agaibh." Cinneadh air an ccomhairle sin aca. Tángadar fuídh réaltain a moch maidhne for fhearaibh Éireann. Gaéthe beaga, iomorro, budh hairm d'fhearaibh Alban, agas is do-áirmhthe an mío- chóradh thugadar air Ghaoídhealaibh a moch- thráth an laé sin; óir tángadar orra, mur adeir Luidh na hEamhna, fuigh réaltain, a ccíaidh throm shnáoidh-shneachta, gan uidhe gan airchiseacht, aig tabhairt gaéth a ccnis gach fir sul fó ttáinic dháibh gaisgidh dhá ghabháil iompa, ionnus go ndeachaidh céad-shlúagh Alban tré eang mhór d'fhearaibh Éireann fán ccuma sin, gan fuilioghadh gan fhoirdheargadh. Táinic an dara trían orra, agus rob é a n-airm sin crainn thabhall, lé a ttugadar an dara coimheasgar a n-alt na huaire a raibheadar Fir Éireann aig gabháil a ngaisgidh agus aigá ccur féin a cceapaibh catha; agus ní bhfuair Con Raoí Oillioll nó Conall a mhacasamla sin do dhúath .i. aig díoghchur a a mbíodhbhaidh an chian bhádar Gaoidhil gá n-ollmhadh féin, ó ró tháinic ruithneadh glan- sholusda gréine for thonn-ghnúis talmhuin. Agas air tteacht a cceann a chéile d'fhearaibh Alban óir 'na ttrí mbuídhnibh ró bhádar for Ghaoidhealuibh, ró fhreagradar san fan tsamhuil
chéadna íad. Agas an tríochad céad d'fhearaibh Alban umá raibh gaisna Gúal Ghaoí tángadar sin .i. deich ccéad ann gach ceap do thrí ceapaibh a n-aghaidh thrí n-aicmeadh Gaoídheal. Ro ghabhadar trá día ccloidhmhthe for a chéile go méad dí-bhfeirge aig túarghain, aig teasgadh agas aig athchumadh a chéile feadh raé chían agus fria aimsir fhada. Trí húaire ro éignidh Conall mac Subhaltaigh as cró catha a bhíodhbha air a dhéine tug a fhíoch 'na ccomhfhoigse é, gé nach raibh a bheag dia dhíon dá chosnamh. Trí húaire ro éignidh Oillioll Fionn an Fear Dia cona dhíon laoch - agus a choimh- líon n-oile Con Raoí, a dhalta gaisgidh, i. Feargna mhac Fail Fiachra cona dhíon laoch, as na crótha catha íar ttain. Acht géar mhór brígh agus barrann na ttrí n-aic- meadh curadh sin Ghaoídhiol - ann a méad gur chomhraic síad a n-urradha agus a ttréain gur bhladh-bheárnaidh síad a sgíatha agus a ccloidhmhthe agus gur bhudh coganta a ccathbhair agus gur bhudh réabtha a lúighrigh agus go madh for-rúadh na magha dia ccrú - acht mur is gnáth tuirneamh do theacht for thréan-shoidhneánn, agus for bhrúcht borrfa mara, agus forsan cheathar-dhúil a n-am trom- theagmhála, is mur sin a tháinic duile uaill agus aigneadh Gáoidhiol an lá sin; óir ró bhrúcht Alba a ndásacht agus a méad meanmainn forra gur dhían-
sgaoíleadar buidhnibh na ccuradh, léar héigneadh foir an magh andeas iad, agus ro lean fir Alban an mhaoídhm soir-dheas aig cur a n-áir go hucht neóna, go ttáinic dháibh luidh for ccúla go láith- reach an chatha; agus ní sgíth nó súaimhneas a-rinneadar ann, acht d'fhágbhadar na mairbh, agas d'adhnacadar dair thuit dia ccinéal féin, aig fágbháil Gáodhal mur phroinn chíocrais aig bruinneóin agas aig fáol-choin an mhagha. Trí neidhthe ro thabhaidh cosgar catha an laé sin d'fhearaibh Alban .i. moch ionnsuidhe na maidhne san ccíaidh shneachta, gaisgidh na Gúal Ghaoí, agus ionnladh lacht Dhuibh-eagha Mis dá n-aois ghonta a nDabhach Aoífe. Iompóghas fir Alban soir-thúaigh gur ghabhadar sosdadh a bpuible san ngleann lé ráidhtear Bealach Bugha. Cuirid lucht bratha agus forfhairidh úatha andeas; d'fhadóghadar tinte agus teannála; ro caitheamh pruinn agus tomhaltas leó; dáileadh leanta so-óla forra; agas gabhaid súan agas sádhal an oídhche sin go ham éirghe airna mhárach. Tríochad lá san ionad sin dáibh aig tabhairt buair- thsréada agus tuirc na críche ó ndeas gusan chrích ó thúaigh gach áon-lá dhíobh sin, gomadh caoimh- líonta fiodha agus fásaidhibh agus fáin-ghleannta a thúaigh dona hiolmhaoíne sin. Faoidhid uatha go Dun Sgáthaigh dís brath-fheara, Baindeal agas Búaidreagar a n-anmana. Rángadar sin Dún
Sgáthaigh a riocht fir n-ealadhna do Thúatha Fiodhaigh. Tríochad lá dháibh sin aig feitheamh uile-thionsgnamh na ccuradh agas na Gúal Ghaoí; agas a cceann na raé sin ráinic an dís shuas Bealach Bugha. Is é ró chanadh an Ghúal Ghaoí ré Gaoídhealuibh buidhne balbha ro thárla foraibh, cona dhe sin ró leanus an t-ainm Balbhuidhean d'fhearaibh Alban ó so amach. Air tteacht dona brath-fhearaibh ón slúagh ro fíafraidheadh sgéala dhíobh. "Atá sann," air síad, "trí thríochad céad Gaoidheal easbhuidheach do los an chatha dhéigh- eanuidh go n-uimhir ocht ccéad déag air chearchad; agus tháinic dháibh-sean teachta do chuir a nÉirinn go ttísdís a ccoimhlíon d'ógaibh fhear nÉireann n-armtha 'na n-ionadh. "Táinic chuca-samh fós triar mac Rígh an Ghabhra, .i. Laoigh, Ioth agus Laochorb, mar aon lé macnaigh Eamhna, Eich an Daé agus carbaid Uladh. Carus Conchubhar Iobhar, an ceathramh mac do Rígh an Ghabhra. Ríachthadar sin Dún Sgáthaigh. Gabhaid Ulaidh lámh for innealt a ccarbaid, agus mur ráinic Fearghus mhac Rossa agus Cathfaidh íad ro thiodhnacadh Eich an Daé a ccarbad niadhachais do ghiolla bheag óg amhul- chach fil san tslúagh, drong dá luadh leis "mac Subhaltaigh" agus drong n-oile "Con cCulainn"." "Trúagh sin," air mic Dubháin: "a mhairg
dhúinne nár áireamar toisg na droinge sin, óir dá madh eadh ro budh cosgar na heich sin dhúinn, agas dá risfeadh a ccomhadhais d'aradh dháibh ro budh díothugh mór-shluaigh íad." "Is doimhin go ttárla a ccomhadhais d'ara dháibh," air na braith-fhearaibh, "óir ro haidh- rianadh íad lé Laoígh mhac Rígh an Gabhra agas an giolla beag san ccarbad, go méad n-oirdhearcais, go lúadh uime .i. gurab leis do goineadh mic Neachtain. Agus mur ráinic carbad Chonaill caras Laochorb mar ara. "Agas atá san a measg Gáileón do Chonnacht, óglách áluinn iongantach tug óirdhearcas an tslúaigh uile air bhrúgh agus air bharrann chleas ngoile: folt fada fionn áluinn 'na ccúachaibh síar seachtair go rigfeadh a chneis; aghaidh áluinn il-fheardha go ngnúis agus go n-oineach ríogha leis; braoích cháola cheachardha ós rosgaibh bith- bheódha go radharc ndreanda aige, agus a uile ghné aig úasadh fhear ndomhuin; tairfid a áirde amhuil Chonall, agas a fhiodhair amhuil mic mísa; fobhar a iorlabhra a bhfeardhacht; rigidh a bhassa tair a ghlúine, agas ní coigle neoch san dúnadh ach an giolla beag mac Subhaltaigh é, agas coimhfhreagras an mac sin isna huile cheárda an t-óglách, ach madh áoin-nídh día ráidhid an "Congan-chneas"; droing gá rádh Dailgean Dearg leis, agas drong n-oile an Fear Día, agas
ní idir-si cía dhíobh ro leanus dhó, ach cía bhudh dhe, is do dhéagh-dhaoíne an domhain dhó, agas carus an láoch sin Ioth mhac Rígh an Ghabhra d'aradhacht a eich agus a charbaid. "Tainic chuca-samh don magh trí méirgibh móra míleata do thiubh-shról cheathair-mbeannach imeal-cheárdaighthe d'ór n-oinneónda for bharr n-úachtrach thrí mbilibh chrainn-reamhra shíath- árda: fiodhair leómhain loinn-dheirg san méirg ráinic Clanna Deaghaidh; fíadh folúaimneach lí-gheal n-alla san méirg ráinic Gáileóin; torc dubh dúaibhseach dórdha san méirg ráinic Ulaidh. Cladhaid iorlainn na ttrí méirgibh sin a n-úirmheadhóin na talmhan .i. gach druing umá mhéirg féin, agas deich ccéad don Ghúal Ghaoí air aghaidh gach droinge fói seach dhíobh. "Táinic chuca íar sin trí ríogh-laoích Éireann, .i. Conall, Con Raoí agas Oillioll Fiond, gur ro nasg rátha gréine agas éasga forra an uile iomchosaint do thabhairt ré mórughadh cliú, óirdhearcus, agas cosgar gach teagbháil bhíodhbha roigfeadh íad cona méirgibh séad-chomharthaidh sin, agas go sunradhach a n-aghaidh fir Alban ris a ráidhtear an Bhalbhuidhean. Agas tug an Dubh-laoch cona Ghual Ghaoí na rátha céadna. "Himeagallamh leó ann sin um Dhubh-éagh Shléibhe Mis, Dhabhach Aoífe, agas um thríochad
céad do ghaisgidh na Gúal Ghaoí ro bhréagnaigh na trí Duibh ó Aoífe. Goireas an Dubh-láoch air Thuireann inghean Chúanna chuige, agas teagasgas dí an Dubh-éagh d'fhasdógh agas do dhíochar chuice féin, agas an Dabhach do chealgadh mur an ccéadna, "agas fós mádh chí air cumus na hinghine sin an eagh agas an dabhach do chealgadh an ath-úair úaid, cuirfead-sa an eagh sin 'na shein-riocht féin arís," air sé "acht an ghaisgidh, ní bhfuil air cumus d'áodhna a tabhach go ttioc- faidh dháibh féin a toirbheirt, agas is éadóigh sin go bráth." Agus is íad sin a uile sgéula fil againn," air na brath-fhearaibh. Tángadar ann sin úaisle agus urradha Alban air áon-láthair gur cineadh comhairle aca um an nídh sin; agus as sí comhairle sin órdhas, éadálaibh, agus na táinte thugadar andeas do roinn go comhchothrom idir forgladh an tslúaigh, .i. an méad nach roig- feadh gaisgidh na Gúal Ghaoí, agus príomh-láochraidh Alban do thoghadh fána ccomhair sin, acht áon- tríar amháin .i. na trí Duibh. Agas is uime ró cáomhnadh íad sin, go rísdís an Iorúaidh a ndóigh na seóid ró thiodhnaiceadar d'Arannán do chealgadh tair n-ais - agus níor bhudh hí sin a n-aimhlios. Agus an droing si ro sgar risan iomrúagadh is é comharthadh dháibh caol- mharaibh Thúaghtha Cruithneach do ghnáth- thaghall lé báirc agas curacháin d'oídhche agas
TOICHEASDAL NA GCURADH do ló, go madh uirlice for a ccomhair-sean madh féidhm dháibh íad. Agas ó do cinneadh an chomhairle ró budh deimhin leó nár bháoghal feacht d'aoín-neoch umá raibh gaisgidh na Gúal Ghaoí. Agas uime sin d'aithin Éithne co n-an Dubh-eagh do chur go hÚaimh Lucha aig Reanna Chaol-mhuir Caidhin gan fhios ach fíor-chara dámh. Rinneadh amhluidhe sin uile agas gabhaid na trí Duibh lámh air imtheacht, agus ní haithristear sgéaluidheacht orra go rochtain Oileach Éirgne san Iorruaidh, agas láoidh chumainn leó mar gurbh é an Dubh-laoch do chuirfeadh d'fhios Arannáin í, gá nasgadh fair an tríar Gáo-láoch sin d'iom- fhuireach 'na dhún san go muirnn mhóir go toígheacht dhó féin día fhios. Rinne Arannán amhluidhe sin, agas ní thug aithne fair na Duibh an cían ro bhádar ann. Cían gairid dáibh a n-Oileach Éirgne go bhfúaradar árrach air na seóid óirdheirc sin do bhreith leó, agas ní dhearna fos nó comhnuidhe go rochtain Úaimh Lucha a n-Albain dháibh. Fanuid na trí Duibh san úaimh dhói-eóluis sin agas fáoidhid Éithne úatha dh'íarraidh sgéala na Balbhuidhne. Ní taoísge luidh Éithne úatha nó chúaidh Dubh an t-íth amach for úir an chúain aig fiadhain altain agas íasgach chum coda agas tomhaltais d'oll-
mhughadh. Cían gairid dhó air an ealadhain sin an tan do-chonairc chuige gach ndíreach chois tuinne a thúaigh inghean áluinn éagcosg, agas saith go ngilitre sneachta áon-oídhche air éill réna hais, agus seanóir críon cían-áosda aig toirmeacht 'na díaigh agas naoídhean álainn don chinéul feardha 'na hucht: gnúis agus oineach go méad maise agus millseacht léi; tógbháil mhall mhín- ghrúama 'na haghaidh; dair leat budh do chrích coigríche ise a gcéin, do los a h-inndil agas a héidigh; agas mur ráinic sí an Dubh fochtas fios iúil agus ainm na tíre sin de. "Cia sin, a inghean?" air sé: "an é nach eólach san ccríoch so thú?" "Ní headh eidir," air sí. "Críoch Chruithneach so," air sé, "agus ní maith an séun deóraigh do shamhuil-si riachtain san eang so dhí," air sé. "Ciodh sin?" air an inghean. "Cogtha agus conbhliocht atá aig argain agus aig díothughadh fuirnibh agas ionmhus an fhearainn-si conach marthannach ach a bheag día háitigh- eóraibh, agas sin féin gan chruith gan cheartha, gan dún nó déagh-árus, ach fiodha agus fásaidhibh, scalpaibh cloch agas cuasaibh crann is téagradh dháibh, agas biorar, folachta, fiadhuin eagh n-alta ealtain agus íasgach is beatha dhúinn don chur-sa," air an Dubh.
"Truagh sin," air an inghean: "deóraidhibh a bhfad-eachtra gan oidheacht oidhche ré ais aca." "Fan amhluidhe," air an Dubh, "go rachad-sa don bhfiodh so shúas agas mádh chí air mo chumus ro gheabhthaigh é." Luidh an Dubh tair n-ais go hÚaimh Lucha agus d'fhoilsidhe an nídh sin dá bhráithre. "Cía um a bhfuiltigh dhúinn uime sín?" air íad san. "Ní dóigh gurbh í Tuireann inghean Chúanna thiocfadh dar mbrath-ainne a mbréig-riocht mur súd?" "Máiseadh déanamaid-ne ceilg n-oile 'na haghaidh sin," air síad." Cuirfeam na seóid se a ndúntaibh na húamhcha, agas air ngaisgidh umainn agus air bhfoith-éidiogh umainn úasadh conach mbreathnaigheann é (óir ní luidheann aithmhilleadh draoigheacht orainn an cían a bhéid umainn), agus déanam furachas maith, óir madh hí Tuireann fil ann bíaidh cogar agus imeagallamh ós ísioll idir í féin agus an seanóir an tan a thiocfas an súain agas codalta do chách, agas budh mhaith an séun dúinn a fasdógh mur sin." Rinneadh amhluidh aca agas tiaghaid an Dubh anunn aig furáil aoidheacht fair na deóraighibh; agas mur rángadar an úaimh fúaradar ionadh fosaighe ann. Táinic Dubh an fhíadhaigh lé hucht na hoídhche dá bhfios, agas a throm-úalach
d'fhíadhaigh an fhiodhbhaidh agas d'íasg an inmhir leis. Fadóghadh teine air aghaidh an bheag-theaghlaidh sin. Beirbhthear fíadhach, íasgach, agas eiseon leór-dhóchain leó; agas air ccaitheamh proinn agas tomhaltas leó gabhaid ionadh súain agas socraidheachta chuca go tráth éirghe airna mhárach. Gurab ann sin a d'fhíafruigh na Duibh sgéala don inghean, agas adubhairt sisi mur leanas: COMHRADH DHEARBH ORGUILL INGHEAN FHEARGHUIS MHIC CAITHIRND RIGH THIR AN TSNEACHTA "Mise Dearbh Orguill inghean Fhearghail mhic Caithirnn, lá éigin Rígh Thír an tSneachta," air sí, "agas bhádar náonmhar mac maith agus mise amháin inghean do chloinn aig an Rígh sin; agas táinic óglách áluind inneamhuil d'fhuil ríoghdha chrích Gheil-insi darbh ainm Baisgheall mhac Aisgir dom thabhairt-si do mhnaoí, agas ro aomh an rígh sin. Ro críochnaigheadh a' núadhchar amhuil nósaibh ghnáitheach na tíre nó na críche. "Bliadhain dhúinn san dún ríogha lán d'áineas agas d'áoibhneas gur thoil le Baisgeall mise 'thabhairt dá thír féin. Is amhluidhe atá an
Gheal-inse soir-dheas ó Thír an tSneachta, agas luidhe cáol-mhara aigá n-eadar-sgarthainn; agus dár ccáomhna air liosdacht shiubhail na sligheadh mór-thimchioll do chúadhmar a mbárcaibh air úir na cáol-mhara, óir atá uidhe laé samhruidhe ré seóladh glan-ghaoidhthe tarsna na cáol-mhara sin. "Trí longa líon air ccabhlaidh, agas mur tháinic dhúinn seólugh a ngar meadhóin sligheadh ró shéid an ghaoth go tineasnach ón tír andeas mar áon ris an murbhrúcht a mbéul mara attuaigh, léar fhoiréigneadh an luingis óna cconaraibh coibheasacha tair dhrumchladhaibh na dílionna doirbhe dían-anfaidhe tré mhéad na heasáonta d'éirghe idir gáodh agus uisge. "Ach bhí do mhéad na stoirme gur báthugh dhá luing uainn san anfa sin, agas mo-núar níorbh fheárr dhamh-sa é; óir tráth sguir gaodh agus uisge dá n-easáonta ro bhádhmar a ccéin a ndíamhraibh mara chomh fada sin nárbh aithne áon dá raibhe san luing cia dona ceithre háirdibh bhudh cóir stíobhradh. Agas táinic forainn ann sin feabh- lóraibh mara gur ghaibheadar lámh d'arguin lucht na luinge. Ach mur do-chonairc síad iomad a mbíodhbha d'áomhadar amhluidhe dháibh, agus tugadar leó fán ccuma sin íad go crích na hIor- úaidhe, agas as sin gusan ionadh le ráidhtear Oileach Éirgne. "Is ann sin táinic chuca-samh días óglách ard
allata - an Dubh-láoch ró ráidhtigh lé fear dhíobh, agas Arannán don dara fear .i. tríath na caithreach féin: dís dearbhráthar iad sin. Agas mar is lúaithe chonairc an Dubh-laoch m'fhear féin agas mo naonmhar dearbhráthar ro athain do bhuidhean dá mhuintir iadhadh 'na n-uirthimchioll aig tabhairt gné éidibh íongantacha forra. Ní fhacas agas ní chúalas a bheag nó a mhór dá sgéula ó sin a leith. "Acht atá ní cheana, ro shantaigh Arannán mise do mhnaoí; agas is amhluidhe ro bhádhas 'mun am sin agas a' naóidhean sa fá mo bhruinn; agas nochtas sin dó aig aisge an uile itche trúagha déarola fair, agas ní raibhe maithe dhamh ann. Ach fá dheóigh, do naisgeas geasa um rátha gréine agus éasga fair gan mo char go madh slán íar ttuisme mé. "Is lé sin do chuir Armannán mise a ccaoí chamhdaighthe, agus faire oram, go ttáinic am tuis- midhe dhamh; agus mar tháinic sgéala fé Arannán air sin cuireas bean tuisme dom fhios, agus caraim-si cumairce fuirre sin um réidhiughadh dhamh as an mbruid ann a rabhus, aig gealladh mór-chumha dhí tair a cheann. "Is séadh do-rinneamar, mise do chur uile éidiugh na mná sin oram, agas a' náoidhean sa do
bhreith liom a ndóigh a chur air oileamhain mur d'órduigh Arannán dí. Agus do chuir sise laoí chumainn liom d'fhios dearbhráthar dhí féin, agus mur ráinic mise an fear sin tíaghmuid a ccurach bheag air muir; agus is mór-iomdha na báoghail ann a raibheamar air fairge; agas an tan do shaoíl- eamar seólughadh go Tír an tSneachta, iss é do teilgeadh a ttír air an ccúan so síos sinn; agas ní bhfuil do shéad-chomharthaigh Bhaisgeall againn acht an coileán con sa ró ghreamaidh dhíom san turas sin." Ro budh trúagh leis na Duibh toisg na hinghine; ach tairis sin budh méad meanmainn dhóibh mur tháinic sí chuca, agas adubhairt léi go ttiúbhradh féin a fear agas a bráithre dá fios ann sin. Ró budh luinneach lán-lúathgháireach ise dhe sin. Dob é sin an lá céadna táinic Éithne chuca-samh ón Bhalbhuidhean. "Carsad sgéula agad ór mbráithre dhúinn, a shiúr?" air na Duibh. "Is áidhbhéil ré n-aisnéis íad," air Éithne, "óir tug an Bhalbhuidhean aghaidh air na curadhaibh uidhe laé athúaigh do Dhún Sgáthaigh: 'na ndá bhuidhean ro ionnsuidheadar íad. Taisdhealbhas buidhean dhíobh íad féin san magh andeas dona curadhaibh agas ró iomfholaigh an dara buidhean íad féin athúaidh. Ann sin do chomhfhoigsigh- eadar na beithir bheódha agus na húaithneadha catha agas na hursadha iorghala móra mear-
chalma sin a chéile, go ndéarnadar cathughadh, dia sleaghaibh snasda sleamhain-raoíghne fair chorpaibh agas fair chneasaibh a chéile. Budh súaill nár chomhthuiteadar na tréin do gach leith san chéad-choimheasgar sin, óir bheanadar a cceainn air n-úachtar, agas a ccossa air n-íochtar agus a ccuirp air meadhóin, tráth leanadh gach sonn a shleagh ionnus go ttigeadh a n-iorlanna dia reanna a mbéul ochtaibh a chéile. "Clann Dubháin, iomorra, budh cinn féadhna air an mbuidhean sin na Balbhuidhne, agas is dóigh go mbíaidh air marrthainn go deireadh domhain dáil na deise dearbhráthar an lá sin. Óir bhí do mhéad a ndásacht agus a mbarrann gur chomh- sgaradar ris na ceapaibh catha aig tabhairt ucht air Ghaoídhil mur fhras shoidhneánn thóirnigh, nó mur chairgibh airna ccosgradh tré chrioth thalmhuidhe ré leacain áird-shléibhe, nó mur mhur-bhrúcht mara mór-bhorbthach ría anfa for thonn-ghnúis talmhuin. Is mur sin táinic an dá órd iorghala úd fair a mbíodhbha gá ttúargain agas gá n-easargain ré na ccloidhmhthe colg- fhada trésna buidhne bioth-eagartha búan-dhlútha seachtar a ttúaigh. Trí húaire ro thug clann Dubháin an comhbhúaidhreadh mór-mhearaigh. sin air Gháoidhil. "Tángadar chuca-samh ann sin tríocha roth do charbait Thúatha Fiodhaigh; greadha dubha ro bhádar aca-samh; uile íarnaidhe íad soin idir
roth, chreit agus chuing. Is é a táinic 'na n-aghaidh- siomh an Fear Dia agus mac Subhaltaigh lé carptaibh Gaodhal, agas géar chalma Túatha Fiodhaigh níor lamhadar an días shúas íad-san urbhaidh d'imeirt air na curaidh, óir do mhíochóirigh Cú Chulainn co n-Eich an Daé and tríocha roth ndéid sin na trí húaire. Ro mhíochóirigh clann Dubháin Gaoidhil; agas as sé an curaidh Conall ro bhasgadh gach ré feacht íad, léar créachtnadh go mór é féin dá thoisg, óir bhádur gaisgidh Gúal Ghaoí iompa-samh agas ní raibh sin air-sean. Gidh eadh, ró bhrúcht clann Dubháin agas a mBal- bhuidhean air Chonall agas air Fhearghus agas air Ghaoidhealuibh air-cheana gur mhaoídheadar san magh reompa thúaig. "Táinic an Dubh-laoch d'fhóirighthin na ccuradh mun am sin cona thríochad céad Gúal Ghaoí, agus ró ghabhadar sin aig cath-bhúaladh na Balbhuidhne go tineasnach go ttáinic an dara mír d'fhearaibh Alban a thuaigh forra. Ní bhfúair Conall nó Con Raoi nó Oillioll Fionn aríamh dábhrainn budh mó nó fúaradar a n-alt na húaire sin aig cosnamh thrí méirgeadh Éireann air an mBalbhuidhean. Teóra feacht ro iompódh mic Dubháin an Dubh-láoch bonn ós cionn agus ró shaltraigh fá chosa bíodhbha d'aimhdheóinn a Ghúal Ghaoí é. Budh samhalta ré ceatha réaltain luinneardha tré ngeil-chíaidh na frasa aidhbhle
trieadh d'éirgheadh do lúireachaibh agus do chlogadaibh na ccuradh tré iombhúaladh na ccloidhmhthe, léar éirghe cailc-cheó shíadh-leathan úasadh tré shnaoidhe na lann air na cath-ghaisgidh. Dair leat budh luinnreadh sdúadh n-aoídheardha nimhe ría frais fearthanna luis-dhealradh na ccloidhmhe sia-cholga ré gaéthe glan-ruithneadh gréine uas na tréin. "Is ann sin ro feargadh fíoch na ccuradh, agas ro éirghe uaill-mheanmain na míleadh, agus ró cosgraidh fuil na bhfuinneadh, agus ro neartaigh aigneadh na n-uaithneadha catha, agus ro dhorchaidh gnúis na sonn-fhlath, go ttugadair glún le glíadh, agus troith le taca, agus aghaidh ar throm-ghoin. Is súaill nár mháoidh an talamh trom-fhódach fá na traighthe, nó nár sgáin an fiormamuint úasadh, nó nár thráighidh an mhuir mhór dá haigéanaibh iomdhoimhne air mhéad bhrugh-ghotha na n-onchon agus thorann-chleas na niadh neartmhura neimhneacha sin. "Treimsi fhada agas athaidh imchían dáibh air. an ordugha sin ag snoidhe, aig túargain agus aig easargain a chéile, aig iompódh agas aig iomáin díbh-línne air-oile ó thaobh an mhagha mhóir sin .i. gach ré sheal 'na luidhe agus gach ré sheal 'na seasamh. "Dála an Fhir Dia agus Chon cCulainn, foiréig-
nighid Túatha Fiodhaidh andeas gur torchradh leó íad, agus tugadar a ccosgar don ccath attúaigh. "Táinic dorchacht na haoidhche orra fán am sin, léar sguir siad do gach leith, agas tá an Bhal- bhuidhean a nGleann Dáil don chur sa, gan fhuiliogh gan fhoirdheargadh, ach a bhfuil do sgur-liosdacht orra, agus uimhir mhór dona Gaoidhil cneadhach, créachtach, cróilínnteach, gé nár thuit aon san magh dhíobh. Agus tháinic meisi tar cheann Dubh-eagh Shléibhe Mis agas na Dabhcha don chur sa." Tugthar an Eagh agus an Dabhach dhí a ndóigh gurbh í Eithne ró bhí ann, agus ní hamhluidhe sin do bhí, acht Tuireann inghean Chuanna táinic a ccruth Eithne, agas bhréagnaidh na seóid shuas léi. Dála Éithne, bhí sisi aig feitheamh an chatha go sgur dháibh agus go ráinic Fir Alban Gleann Dáil, agus luidh roimpe a ttúaigh air cheann na hEagha agus na Dabhcha. Aig Beánn Banda ró aithainn sí Tuireann chuice gach ndíreach, agus luidh a bhforbhais go ráinic an t-ionadh sin, go ttug gath mbig 'na hucht do Thuireann. Táirgeas Tuireann an gath agus tug san Eagh é gur torchradh Tuireann inghean Chúanna agus Dubh-eagh Shléibhe Miss (darbh ainm Ceaiche inghean Mis do Thúatha Dé Danainn) amhlaidhe sin; agus do thochaill Éithne feart san tslíabh anair adhnaic an dís thúas, agus do thóg a lía ós a bhfeart, agus is de sin a leanus
Beárnaidh Banda don ionadh chéadna ó sin anúas. Luidh Éithne go hÚaimh Lucha tair éis na hoibre sin agas nochtas a toisg dona Duibh. "Ní bhfuil urbhaidh dhúinn ann sin ó do thuit sise," air síad. Agus mur chúalaidh Éithne eachtra Dhearbh Orgaill, luidh go fearaibh Alban a nGleann Dáil, agus as sin go Lifne mur a raibhe fearaibh Éirionn a ccruth Thuireann, agas nochtus a toisg do Bhais- geall agus do náonmhar mac Rígh Thír an tSneachta; agas éaloghadh an t-áon-nduine dhéag sin an oídhche chéadna go Gleann Dáil. Ro bhudh mór lúthgháir na Balbhuidhne reompa, agus téid Eithne go Dealbhna Máthardha, agus Basgaill go hUaimh Lucha. Ró bhudh mór gáirdeachus Dhearbh Orgaill ría Baisgeall agus níor lugha leisean. Trí lá cona n-oídhchibh dháibh san úaimh; agus a sin comhairle do cinneadh aca, Dearbh Orgail, Éithne agus an seanóir d'fhágbháil san úaimh agus íad féin do dhul a cceann fearaibh Alban. Luidheadar íarsin go Gleann Dáil. Is í sin an oidhche chéadna thugadar amus aon- uaire uile ar longphurt fhear n-Éireann go ttugadar comhmbuaireadh mór orra dá ccrannaibh tábhaill. Agus tugadar clann Dubháin íarruidh ain- bháeil air Eich an Daé an oídhche sin, go ttugadar leó íad. Ro lean Cú Chulainn agus an Fear Dia tair
Rúadhruim iad, agus go Gleann Fubha, go Rinn Shlighe an Charainn, go Ríasg na mBláidhne (bonn Shléibhte Sgathaigh), go hInbhear Úatha (láimh dheas lé tír agus lámh chlí lé muir), go Tráighe Eó, go Seain-bhearnaisg Aoí, agas tarsna na ccáol- mharaibh athúaigh, tréasna hoileánaibh, go rángadar Oileán na Sgiath. Is ann sin ró chuadar as a radharc. Rob im- shníomhach mac Subhaltaigh dhe sin. Táinic chuca-samh íar sin óglách go ccruit chaoín-téadach ann' ucht leis. "Cía thusa, a óglaoich?" air Cú Chulainn. "Leamha mhac Nanair ó Shíth Eassa Rúaidh mise," air sé. "Cía do-ghnídh ann so?" air Cú Chulainn. "Aig fios agus aig fáisdine do leasa agas do lios- dacht dhuit-si," air sé. "Cía dhamh?" air Cú Chulainn. "Atá iomorro," air an t-óglách, "gabhaidh síth agas socraidheacht chugaibh, óir bíodhbha an bheatha ní thugaid búaidh air an mBalbhuidhean muna ndéantaoí amhluidh so .i. is follus go thig fir Éireann ionnsuidhe éagcothrom air mhic Dubháin, léar díobarughadh óna mbunadhais díleas féin íad, agas fós léar torchradh aon-bhárr áigh Éirionn .i. an mílidh Meis Geartha; agas is í mo chomhairle-se díbh síth d'fhógra air fhearaibh Alban; agas rachad-sa d'fhios na bhfear
sin a mbréig-riocht charad, agas molfad an tsíth dháibh air na coinghil-si síos: .i. iad-san an Gheil- stéad, Broi-Cheat Dhoire Léith, Sein-Iornn Bheannaibh Boirche, agas Eich an Daé, lé gach righ-sheóid eile dá ttugadar ó Ghaoidhil do thiodh- nacadh dháibh tair n-ais, agas an Bhalbhuidhean síth-cháirde agas caradradh, urraim agas umh- ludhadh do dhéanamh agus do thabhairt do ríghthe Éireann, agas íad-san a bhfearann fincachais féin a thabhairt tair n-ais do chlainn Dubháin; óir an cían a bhías gaisgidh na Gúal Ghaoí um fhearaibh Alban ní thig a mbasgadh. Ro áomh an Fear Dia agus Cú Chulainn sin, agas luidh for ccúla go rochtain longphurt fhear nÉireann, agus nochtus dáibh amhluidh. Chúaidh clann Dubháin lé hEich an Daé ass úatha, agas ró ráidheadar fós aitheasg mhic Manair leó. Ró labhair an Dubh-láoch go ndubhairt. "Dá lamhamaoís a rádh roimhe so ro budh headh súd air tteagasg dhíbh, óir ní réidh iom- rúagadh na Balbhuidhne an cían a shealbhuighid an ghaisgidh umpa." Cinneadh comhairle aig na curaidh, agas dob é a n-áonta uile an Dubh-laoch do chur d'agallamh fhearaibh Alban go Gleann Dáil, mur a ttarla mac Manair air; agas mur do-chúalaidh an Bhal- bhuidhean furfhógra na síthe, ró áomhadar é air impidhe mhic Manair agas an Dubh-laoch. Rinneadar lá agas ionadh comhairle agas coinne
ré chéile. Ro luidh an Dubh-laoch go bhfear nÉireann tair n-ais, agas lá na síthe rángadar a cceann a chéile aig Carnn Reó a meadhóin sligheadh idir an dá shlúadh. Ro agallaid a chéile ann sin, .i. maitheas Gaoidheal agas Alban, agas is íad so na coinghil air ar fhanadar: .i. Fir Alban gach rígh-sheód dar fhan aca ó Ghaodhail do ro-thiodhnacadh tair n-ais; agas clann Dubháin a bhfearann dúthchais féin d'aith-shealbhudha mur bhudh gnáth; agus fir Alban mur an ccéadna a bhfineachus féin gan fhúath, gan fhormad aig neoch día-roile go foir- cheann an bheatha; agas an Dubh-laoch, Bais- geall cona a chéile agas a náonmhar dearbhráthar do chomórugha dá ttír féin a síth agas a ccum. ann shíor. Ro dhían-sgaoileadar do gach leith air na coin.. ghill sin, .i. gach aicme dá ttír féin, agas dob í sin uain agus aimsir da ndeachaidh an Fear Día agus Cú Chulainn agus uimhir d'ógaibh Éireann air ionchaibh Aoífe d'fhoghluim na n-il-chéard. Cona í sin Coimheasgar na cCuradh agas Uidhe Mheis Geartha air na sgríobhadh le Pádruig Ua Pronntuidh mhic Néill, etc, an 25 don mhí August, an bhliadhain d'aois an Tighearna 1761. Guidhe air an ccléireach air son Dé etc.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services