COIMHEASGAR NA CCURADH NÓ
UIDHE MHEAS GARTHA
Dubhán iomorra mhac Duibh-dheirg, ro budh
flaith for Mhagh Luidhe a n-uachtar Laighean
eisean, do shíol Éireamhóin; agus bhádar tríar mac
maith aige, .i. Criomthann, Cairbre agus Meis
Geartha; agus ro budh suídhe a tteangthaibh agus
a n-ealadhnaibh na hEórpa íad; agus ní raibhe
d'ógaibh Éirionn budh tréighthidhe a ngníomh-
arthaibh goile agus glan-ghaisgidh nó íad, na fir
sin.
Agus ro bhí fón am sin trí haicmeadha do
Chlanna Míliodh a nÉirinn nach raibhe samhuil
a ngaisgidh a nGaodhlaibh reompa, ná 'na ndiaigh.
Budh díobh sin Clanna Deaghaidh um Chon Raoi
mhac Dáire san Mumhain, agus Gamhanraoi
Iorras Damhnain um Ollioll Fionn a cConnacht,
dá ngoirthí Gáileóin, agus curaidhibh na Craobh-
rúaidhe um Chonchubhar mac Fachtna Fáitheach
a n-Eamhuin a ccrích Uladh. Agus ro budh
cointinneach ceannfhairghe chéile na trí dronga
sin do ghnáth.
Lá n-aoin dá raibh Áird-rígh Éirionn aige
caitheamh fleaighe a ttoigh Dhubháin mhic Dhubh-
dheirg, go ndubhairt:
"Maith, 'Dhubháin," air sé, "is oirbheartach
ann chlann mhac sa agad."
"Deiridh cách leó," air Dubhán.
"Créad nach ccurthaigh d'fhios na ccuradh
íad?" air an rígh.
"Inneósad sin duit," air Dubhán: "dá ttiu-
bhrainn do Chlanna Deaghaidh iad do budh
éadmhar Gáileóin agus Ulltaigh liom, agus dob éidir go
ttiocfadh muithá dhe; agus mur an ccéadhna dá
ttiubhrainn d'Ultaigh nó do Chonnachtaigh iad
ro badh fhuathmhur Clanna Deaghaidh dhíom.
Uime sin fanaid mur atád. Agus ós a cheann
sin atá móid fá seach air gach fear dhíobh, .i. gan
uirrim ná óighréir 'thabhairt d'aoineach 'na
bheathaigh ach don tí do choimhlíonas a ngeasa."
"Créad íad na geasa sin," air an rígh.
"Atá," air Dubhán, "móid air Cromhthain
gan umhladh d'aon-neach ach don tí thaomas
Tiobraid Carnn Mis, .i. tobar atá 'ndeas don
mbaile so; agus an dara móid ar Chairbre ach don
ttí fhasdóghas Dubh-fhiadh Sléibhe Mis; agus an
treas móid ar Mheas Geartha ach don tí charas
searc Neasa inghean Dáthaidh. Agas is dóigh
liom-sa gur doi-dhéanta d'Fhir Éirionn na
neithe sin; óir Tiobraid Charnn Mis ó thulg tonn
mara thig; agus Dubh-fhíadh Shléibhe Mis cealtair
dhraoígheacht is faé dhó; Neasa, iomorra, bí
marbh gach lá agus néul taise gach nóna fuirre."
Dob é so uain agus aimsir dá ndearnadar na trí
dronga húas aonnach mór Dhruim Leimhe a
n-iarthar Laighean. Do chómóraigh an mhór-
dháil sin ann a raibheadur draoighthe agus aois eagna
Éirionn maille réna n-uaisle aig déanamh síthe
idir na haicmeadha iar ttain. Agus air tteacht
do chloinn Dubháin ann, do ghaibh Con Raoi agus
Oillioll Fionn agus Connall Ceárnach, rígh-láoch
Uladh, .i. gach aon fó seach, ag gealladh mór-
chumhadh do chloinn Dubháin agus toigheacht 'na
bhfochair féin. Gidh eadh, níor aomhadar-san é,
ag nochtughadh a ngeasa dháibh. Ro feargadh na
trí saoighthe um an taisde thug clann Dubháinn
dháibh. Agus air ndéanamh na síthe eotorra air
Dhruim Leimhe leis na draoighthe húas, do bhí
an t-osamh sin air marthain go bás chloinne
Uisneach.
Ach atá ní cheana: do-chuaidh Con Raoi,
Oillioll agus Connall a ccogar le chéile um chloinn
Dubháin, go ndubhairt Connall gur dhóigh leis
go ttiocfadh d'oirbheart chloinn Dubháin go
ttóigfidís aicme Laighnibh do chinneadh air a
ttáinic do Ghaodhlaibh go n-uige sin, agus gurbh
fhoircheas a ttroíghthiugh.
Ro aomh Con Raoi agus Oillioll sin, ach go ndubh-
radar:
"Créad an modh air a ndéanam é? Óir is
náir feall do dhéanamh orrtha, agus is náir mur an
ccéadhna luidhe slúaigh gan ceart catha leagan
orra; agus ní hionchomhraic aon-fhar d'fhearaibh
Éirionn le ceachtar díobh. Agus na móid, atí
orra ní bhfuil neach 'na bheathaidh sháireóchadh
íad."
"Déantar amhlaidh so," air Conall, "tiadh-
maoid a n-aonfhacht d'fhios Eochaidh Áird-rígh
Éireann, agus furálam trí mór-tháinte fair, .i. táin as
gach cóigeadh do thrí cóigidh Éireann, as Conn-
nacht, Uladh agus as ann Mumhainn, air chunradh
eisein féinidh Laighean do chosg ann feadh a
bhíam ag tabhairt tháinte Laighean tair Liffe
aníar, agus gan a ttabhairt ní bhus sia, óir éirgh-
eóchaidh clann Dubháin gá ccosain agus biaigh
ceart catha againn dhóibh mur sin."
Rinneadar amhluidhe, agus aomhas Eochaidh
Feidhlioch a ttoisg. Ciodh trácht ro foillseadh
an cheilg sin d'Oillioll Iomrúadh, .i. bráthair gaoil
do chloinn Dubháin, tréanfhar do Laighnibh
eisean, agus budh tánaisde air laochraidh Teamhrach
é. Gabhas a charbad, agus triallus ós ísioll go dún
Dubháin a n-uachtar Laighean, agus nochtas dháibh
ceilg na ttrí ríogh-churadh agus Áird-rígh Éirean, na
n-aghaidh.
"Maith, a Oillioll," air Criomhthan, "dá
mbeathá-sa, Muirsge agus Corca a Neanna againne
'n aghaidh na ndrongaibh sin ro budh haithreach
dháibh a tturras."
"Ní hí sin mo chomhairle dhíbh," air Oillioll,
"ach atá tríar mac maith aig Aileóin mhac Mians,
.i. bráthair máthar dhamh-sa, a Manainn, agus do-
chúalas go ttángadar dá ttír féin ó iomchúartugha
an bheatha go mbuaidh ccosgair, .i. na Trí Deirg a
ghoirthear dhíobh. Agus rachad-sa mur aon
libh gá bhféuchainn gan fhios d'fhearaibh Éireann,
agus mádh thagad libh budh maith a' cungnamh
slúaigh íad."
Cinneadh air an ccomhairle sin aca, agus do-
rinneadur ionadh coinne ré chéile air Thráighe
Bhoirce andeas do Cheann Trágha Móire air an lá
déaghnach don mhí tuirnn. Gabhaid báirc ann
sin go rochtain Manainn dháibh, agus as sin go Dún
Aileóin, mur do gabhadh go méad luathghára íad.
Athaidh athghairid dháibh ann gur nochtaigh
Oillioll fáth thurais chloinne Dubháin dona trí
Deirg.
"Ní idir," air iad-san, "ach aon-ní: dá mbeid
na trí Duinn ó Ghleann Daghna a cCrích Cruith-
neach againn ro budh mhaith an slúagh iad-san.
Triallad as sin .i. na trí Deirg, Oillioll agus clann
Dubháin, go Gleann Daghna, agus nochtaidh a ttoisg
dona trí Duinn.
"Dá mbeidís na trí Séadhna ó Shliabh Lorc
againn," air síad, "budh mhaith an cungnamh
sluaigh íad;" agus triallad as sin go Sliabh Lorc, agus
nochtaidh na trí Duinn a ttoisg.
"Dá mbeidís na trí Dealbhna ó Dhúnn a' Treóin
againn" air na Séadhna, "ro budh mhaith an
cungnamh sluaigh íad." Agus triallad as sin
go Dúnn a' Treóin, mur do nochtaidh na Séadhna
a ttoisg dona Dealbhna.
"Dá mbéidís na trí Cuinn ó Inbhear Neas
againn," air na trí Dealbhna ro badh maith an
cungnamh slúaigh íad sin." Agus triallad as
sin go hInbhear Neas, agus nochtus na Dealbhna a
ttoisg dona trí Cuinn.
"Dá mbeidís na trí Duibh ó Ghleann Caidhean
againn," air na Cuinn, "ro budh mhaith an
cungnamh sluaigh iad-san." Triallad as sin go
Gleann Caidhean agus nochtas na trí Cuinn a ttoisg
dona trí Duibh.
"Maith, a ógaibh," air na Duibh, "dá mbeidís
mic Neachtain againn ro budh maith an sluagh
íad."
"Nárab ceist libh-se sin," air Oillioll Iomruadh,
"óir gabham-sa do láimh a ccádhas sin a n-aghaidh
Uladh."
"Budh cluidhthe áineasa agus caitheamh aimsire
bhar ttoisg agus bhar tteagbhálaibh a n-aghaidh
Uladh agus Gáileóin, ach go roigfe Clanna Deaghaidh
sibh," air na trí Duibh, "óir ní hin-easagain fir
Éirionn leó, tré dhraoígheacht Chon Raoí, ach so
amháin: thug an Gual Gaoithe aithne fair Aoife
airm tríochad chéad dá bhuidhean a chomhdach
go maith a nDún Sgáthaigh; agus dá bhfaghthaidh
árrach air airm na ttrí n-ochtar sa dhíobh ro budh
dóigh dhúinn fir Éirionn do chosg agus a ccealga
do ttoirmeisg."
"Créad do-dhéanam uime sin?" air Oillioll
Iomruadh.
"Mur so," air na Duibh: "luidh thusa t'aonar
fair ccúla go hÉire go roigfir mic Neachtain,
Muirsge agus Corca Neanna, agus rachamaoid uile
d'aon-mhaoidhim go Dún Sgáthaigh a ccruth
an chleasa dána d'fhoghluim. Agus atá naoídh
bheag, .i. dearbhshiúr dhúinne, Eithne 'h-ainm,
'na modh coigle agus cogair aig Aoife, agus is dóigh go
ttiubhraidh sí láimh linn um na hairm d'fhagháil
dhúinn; óir ní baoghal malairt nó mearbhall
inntinne nó aignidh d'imirt air an tí umá mbí
na hairm sin."
"Dá madh trealaimh gaisgeidh dhamh-sa a
samhuil sin;" air Mes Geartha, "ro budh mair-
tíneach mo bhiodhbha úam."
Ach cinneadh air an ccomhairle sin aca, agus triallus
Oillioll a hÉirinn, gur nochtaigh do chloinn Neach-
tain a thoisg, agus iarrus a ccungnamh a n-aghaidh
na ceilge húas. Ro budh saor íad-san iomorra air
chios-cháin ó aon-chóigeadhach dá roibh a
nÉirinn, agas adubhradar dá ttugthaidh Eich an
Dae dháibh go ttiubhraidís lámh leó a n-aghaidh
na ccuradh, agus gan sin nach aomhaidís é.
"Ní idir-si sin," air Oillioll, "ach go ttugadh
Meis Geartha, óir is é do thabhuidh na heich agus is
ionmhus díleas dó féin íad. Uime sin ní bhfuil
dhamh-sa 'ngealladh."
Ach ro gheall Muirsge agus Corc a ccungnamh dhó.
Iomthúsa bhFear n-Alban, na Deirg agus clann
Dubháin, rángadar Dún Sgáthaigh, agus eagallad
Aoife um rúinndiabhraibh na headhlana, agus
gabhas chuice iad. Cían ghairid dháibh mur sin
go ttug na trí Duibh Eithne leó a bhfód fó leith, agus
ro naisg uirre umá bhfuirrthinn d'arm na Gual
Gaoi d'fhagháil feadh athaigh athghairid agus go
ttiubhradh tair n-ais gan aithmhilleadh iad.
"Ní bhfuill a ccumus d'aodhna a n-aithmhil-
leadh," air an inghean, "agus is a ccomha catha
thabhairt lá éigin a n-aghaidh Chonacht le hUll-
taigh ro fágbhadh a ceomha ann so iad," air
an inghean; "agus ní eile fós, d'fhágbhadar an
bhuidhean chéadhna dabhach mbig ann so le crú
Dubh-eagha Shléibhe Mis, agus is buaidh dá lachta
sin gona agus créachta bhfear ndomhain, dá bhfoth-
racaidh as, go ma slán a ccéadóir iad; agus is
baramhuil dhamh," air an inghean, "gur a
ccomhair aois ghonta bhfear nUladh ro fágbhadh
í sin; agus ní lamhann aon d'ingheanaibh an bheatha
an eagh sin do chrú ach le teagasg Aoife amháin; agus
atá do mhéad a cion orram-sa gur léig a rún is
na huile n-eólus liom."
"Maith, a dheirbhshiúr," air na Duibh, "is
dóigh linn teigheacht 'n-iomhsláinte ón turus so
tréar ttoisg chugad, agus air ghrádh h'inidh tabhair
lámh linn.
"Cia cumha do-bhéarthaigh dhamh tair a
cheann sin," air Eithne,
"Do rogha cumha dá mbí air cumus againn,"
air na Duibh.
"As í an chumha iarram," air an inghean, "mo
rogha d'ógaibh an turais sin mur chéile."
"Do-ghéabhair freagra uaine an sin san ló is
neasa," air íad-san.
Nochtad na Duibh aitheasg Eithne dona hógaibh.
Dubhradur agus d'aomhadar uile d'aon-thoil agus d'aon-
ghuth go madh séanbhar dhóibh isi an chumha
sin do nasg forra agus go madh lán-toil leó é.
"Air furálmhadh na cumha?" air Eithne.
Chuaidh sí d'fhios Aoife go bhfúair osamh
bliaghna uaithe do fhreasdal a hathair agus a máthair
iar mbeith éagcruaidh cian-aosda dháibh, ionnus
go ttáinic dhe sin ise do bhreith na hairm agus na
dabhcha léi go hInbhear Cagha andeas, mur a
d'fhógair na Duibh dhí fanamhain go ttigdís
chuice.
Iomthúsa na n-ógaibh, an Doilbh-bhuidhean
ro thug na trí Duibh d'fhorrainm forra, agus is í
ceilg ro mheabhraidear um sgarthain le hAoife,
.i. iomairbháidh agus ceanfhairge do thógbháil
eotorra féin an oidhche sin, agus móid gach fir do
thabhairt san bhfeirg mhóir sin gan síth oidhche
nó laé do dhéanamh a n-áon-toigh le chéile ó sin
amach, agus dian-sgaoileadh do láthair mur go
rachadh gach aicme dhíobh dá ttír féin. Rinneadar
amhlaidh sin, ionnus go madh lán-obair do lucht
an bhaile a n-eadarsgarthainn, gur dhian-sgaoil
siad amach ón dún do gach leith fón am sin
d'oidhche.
Cia drácht, ro budh maith fhios aca cia tteag-
mhadís air a chéile, .i. ag Inbhear Cagha, mur a
bhfúaradar Eithne air a ccionn. Gabhaid bárc
ann-sin, agus tugaid ucht air muir andeas do
Bhreatain agus d'oirthir Fódhla go rángadar Inbhear
Mór anoir-dheas Laighean; agus air tteacht a
ttír ann sin dháibh luidheadar reompa go dún
Dubháin a Magh Luighe áit air fritheálmhadh
go maith íad.
Ro dhealbhaidh Dubhán teaghas talmhuidhe 'na
ccomhair air fhurálmhadh Oillioll Iomruadh, agus is
don teaghas sin a ghoirthigh Bruighean Bladhma
anallód; agus do cuireadh Eich an Dae a ccomhdach
innte. Eich iad sin iomorra thug Naois an Bhrugh
go hAonach Taillteann mur mhír curadh, lá
ríoghadh Eochaidh Feidhliuch, don tí sgáinfeadh
an Bhladh Reaffann a mbarr Tulcha Caoí ó Mhágh
Tailtean d'urchar sleighe. Bladh nó líog sin a
d'fhág Reaffan, baintsíth do mhurar Naois féin
air Thulaidh Caoí le a ráidhtear Cnoc Fothainn
Iomthúsa fhearaibh Éirionn a tTailtean, ro
shantaigh gach curaidh na heich, agus gabhad ag
díobhracadh na líge, .i. naoi n-amais budh breith
do gach tréinfhear, agus ní ráinic aon-neach d'fhear-
aibh Eirionn a haimsiugh go ttáinic Meis
Geartha colbha na n-urchar, agus air ngabháil
sleaighe dhó, thug roth an urchair gur theasg an
líog 'na dá bhladh; agus bhí do neart an tréinnfhir
gur fuabradh bladh dhi tríochad céad d'fhearann
andeas, agus an dara bladh tríochad céad d'fhearann
attúaigh don Tulaidh. Tháinic Naois agus tionacas
na heich do Mheis Geartha.
"Maith na heich iad sin," air Naos, "agus an idir
cia 's ainm dháibh?"
"Ní idir," air Meis Geartha, "ach ís áluinn réna
bhfaicsin íad."
"Is eadh cheadhna," air Naos. "Máiseadh,
an Liath Mhacha is ainm don ghreadh líath agus an
Dubh Shithleann don ghreadh dhuibh; agus atá
ainm eile aig leanamhuinn dáibh, .i. Eich an Dae,
óir is da Dhae mhac Fúad do bhainn mise iad,
iar mbeith 'na searcha dháibh, a ccluidhthe an
Teamhuin. Agus is búaidh dháibh a ndásacht agus
a n-árd-mheanmhainn d'éirghe ionnta go neart
n-aignidh an lá bhus búaidh dá ttighearna; agus bíd
ceann-itrom tuirseach, agus is doilghe leó tréadhan
nó taisdiol do dhéanamh an lá nach budh búaidh
dhó; agus ní ibhid achd uisge mur-thrágha, nó inghilt
ach iomhas éinteachta for magha mín-sgotha."
Agus is mur sin a fuair Meis Geartha Eich an
Dae.
Iomthúsa na Doilbh-bhuidhne, cuirid teachta
go tuatha Teamhra d'fhios Oillioll Iomruadh, gá
innsinn dhó iad-san do bheith ann sin. Tháinic
Oillioll dá bhfios go dún Dabháin, agus ro nochtaidh
dháibh freagra mhic Neachtain fair, agus go raibhe
Muirsge agus Corca Neanna chum láimhe thabhairt
leó. Agus ro budh heaglach an Doilbh-bhuidheann
mic Neachtain toigheacht 'na n-aghaidh le fir
Uladh.
"Nárab uamhain libh sin," air Oillioll; "óir
gríosfad-sa a n-aghaidh Uladh íad, óir atá deirbh-
shiúr dháibh 'na céile oige Maol Cogha mhac Maol
Cró, .i. mac dearbhráthar máthar do Chonnall
Chearnach; agus is cara ós ísioll damh-sa ann bhean
sin, agus ghéabhad uaithe Maol Cogha d'aith-
mhilleadh."
Luidheas Oillioll go Dailinn, inghean Neachtain
agus adubhairt léi go ttiubhradh mur mhnaoí í dá
tteasdabhadh Maol Cogha; agus as haithle na
mbriathar sin thug Dailinn lámh for a fear ann a
leabaidh, gur mharbh é. Agus imgheas an
oidhche chéadhna air éológha go dún mic Neach-
tain, agus nochtas dháibh amhuil do mharbh sí
Maol Cogha mur go ttug-san easoinóir mhór dhí;
agus ro bhí Oillioll Iomruadh san dún an oidhche sin.
"Is mór na huilc a thiocfas dhe sin," air mic
Neachtain, "agus ní idir dhuine créad is maith
dhuit do dhéanamh ann."
"Ro idir-se sin," air Oillioll, ".i. tíaigh go dún
Dubhán ós ísioll, is ní baoghal dhíth."
Cinneadh air an ccomhairle sin leó, agus tiaighid
Dailinn le hOilioll go Laighnibh.
Ach mur do-chúalaidh Conall Cearnach agus gaolta
Mhaol Cogha tásg a bháis, choimhthionáladar a
reanta as gach leith chum mic Neachtain do
dhíthiúgh agus do dhían-bhásugha. Airna bhreath-
nughadh sin do mhic Neachtain smúainioghdar
nach raibhe a nÉirinn cara dob fhearr dóibh
aca nó an Doilbh-bhuidheann a thabhairt anall
dá leith a n-aghaidh Uladh.
Dob é sin uain agus aimsir ttángadar Clanna
Deaghaidh agus Gáileóin a n-aice a chéile agus d'aomh-
adar dol a n-áon-alt le hUladh. Is í raon ro ghaibh-
eadar Clanna Deaghaidh, síar go hIorrais, agus as
sin go Magh Muchromha mur aon le Gáileóin, agus
go hÁth Mór Sionna. Is ann sin do chuir Oillioll
Fionn agus Con Raoi teachta d'fhios Conaill Chear-
naigh go hUladh go tteagmhadh orra a cCúlach
d'oirthear Magh Léana; agus tháinic Conall go naoí
náonmhuir do mhaithibh bhfear nUladh dá bhfios
ann sin, óir dob é sin líon gach fir dhíobh.
Dála mhic Neachtain, ro brathadh leó toisg na
ccuradh, agus níorbh fhiosach dháibh cía dhíobh sin
ro fhreagraidís, .i. lámh do chuir ris an Doilbh-
bhuidheann a n-aghaidh na ccuradh andeas, nó
d'iomchosnamh a ndúithche féin adtúaigh, óir
tháinic trom-shlúagh chrích Chonaill a Muir-
theimhne agus Fhearnmuighe dá ccombhúaireadh.
Táinic Cú Chulainn ann sin, Gairgean Deaghna,
.i. mac dearbhráthar a máthar, macáimh a n-aoís a
chúig mbliaghan déag, agus adubhairt leó dá
bhfaghadh féin Eich an Dae go n-iomchosnamh an
chrích 's gan ach Fainnle leis.
"Is doilghe na hEich sin d'fhagháil," air síad,
"agus is mór brath na ccuradh orrtha."
Ach tiaighid mic Neachtain go dún Dubháin agus
nochtad iomthúsa fhear n-Uladh 'na n-aghaidh
féin attúaigh, agus comhchruinniogh na ccuradh
'na n-aghaidh-sean don táobh deas; agus dá madh
toil leó Eich an Dae do chur ós ísioll dá ndún-san
go ccomhbhúaireadh Gairgean agus Fainnle fir Uladh,
agus go ttiubhraidís féin lámh leó-san a n-aghaidh
na ccuradh.
Cinneadh air an chomhairle sin leó, agus thug
Fainnle na heich leis attúaigh.
Gabhad an Doilbh-bhuidhean airm na Gúal Gaoi
forra, agus cuirid foraireadha amach fó imlibh
Mhuighe Luighe do gach áird gur bhrathadar na
curaidh aige tabhairt táinte na magh andeas go
brúach Siúire. Fógaras na forairidh sin don
Doilbh-bhuidheann, agus ráinic don tSiúir attúaigh.
"Caid súd?" air Criomhthainn mhac Dubháin.
"Filid ann," air Con Raoi.
"A Chon Raoi," air Criomhthainn, "créad nach
andeas don Mumhain thugais do mhír féin do
tháinte Muighe Luighe?"
"Atá lá le sin," air Con Raoi, "an tan budh
hair aon-láthair táinte Laighean."
"Gabhaidh táinte Laighean go n-uige Muigh
Luighe, agus mun am sin bíaidh cluidhthe cádhais
nó eascairdios air n-éirghe san ccóigeadh," air
Criomhthainn.
"Léig as," air Conall, "óir do-bhéaram iad don
chur-sa, madh olc maith le Laighnidh é."
"Má bhéarthaigh," air an Doilbh-bhuidhean,
"ro bhéarthaigh sinne."
Agus ní lamhaidís an bhúair attuaigh, agus ní
lamhaidís na curaidh andeas í, nó gur aomhadar
cath dá chéile; agus le sin ro thógbhadar a meirgibh
ós áird a ccrannghaill. Agus budh hé sin an
t-aon-ní ro bhádar na curaidh d'íarraigh; ach
budh deireadh lae dó san am sin, gur gabhadh
osadh aca go maidin.
Ro hiomlúadhagh aig an Doilbh-bhuidhean um
chath na maidne. "Táthar ann trí náonbhair ó gach
fear dhíobh-súd," air Criomhthainn, "agus is é sin a
bhéaras ochtar uatha air gach dís dhínne agus mór-
sheisior air an bhfear chorr; agus cia dhíbh do
ghéabhas do láimh Conall agus Ulaidh?"
"Mise," air Meis Geartha, "agus is leór liom an
bhuidheann easbhuidheach am áonar."
"Cía lamhas Oillioll Fíonn agus na Gáileóin?"
"Sinne," air na trí Deirg.
"Máiseadh, gabham-sa Con Raoi," air Criomh-
thainn.
Is ann sin thugadar sgarthainn lé chéile, .i.
gach buidheann fó seach air leith.
Is fán am sin d'oidhche tháinic Eithne dá bhfios
agus Dubh-eagh Shléibhe Mis 'na haice, agus an
Dabhach mBig na Gúal Gaoi léi, gur chrú lán
dabhcha do lachta an eagha do gach puball fó
seach, gur ibheadar a ndóchainn don mbuadh-
lacht sin; agus do ghaibh sise aig rabhadh dháibh um
chath na maidhne, .i. calmacht agus cródhacht
mhaith do dhéanamh, óir nárbh eagal dáibh
aimsiugh nó aithmhilleadh draoigheacht Chon
Raoi, nó aoin-neach eile, ó d'ibheadar ní don
mbuadh-lacht sin agus tré fhearta airm an Ghual Gaoí,
uar níorbh eagal dáibh áladh nó iomghona.
Ach atá ní cheadna, thugadar ucht air a chéile
a moch-thráth na maidhne air na mhárach, gur
ghaibheadar aige túargain agus ag easargainn a
chéile ó dhorbh-sholus maidhne mocha go
meódhainn lae; agus mun am sin ro ghabhadar
osamh mbig, agus ní le tslás ach le tagra, óir budh
hiongnamh ris na curaidh mur nár luidh guinn
nó créucht, laige nó mearúgh intinne air a
mbiodhbhaidh, agus Con Raoi air bhféachaint a
uile-chumhacht isna geintle.
"Léigidh as, a óga," air Con Raoi.
"Ní háill," air Criomhthainn, "óir aní do-chí-se
d'iarraigh ní bhfaghthair go bráth úaine é."
"Agus nár chóra dhúinn," air Con Raoi, "síth
agus caradnadh do dhéanamh le chéile nó na mór-
uilc is chosmhuil theacht dhe so do ghríosughadh
ní bhus síadh?"
"Cádhas gach neach dá thír féinn," air Criomh-
thainn, "óir ní sinne do-chuaidh dan oiltír se,
ach sibh-se tháinic go cealgach d'arguinn agus a
d'aithmhilleadh air ccríche agus air bhfearainn-ne
go mí-dhlisdionach; agus ní thiubhraidh búaidh
nó biseach dhíobh, agus ní mó bhéaras bhar ccalmacht
nó bhar ngeintleacht as úain-ne sibh."
Feargthar na curaidh dhe sin, agus tugad ucht
an dara feacht air an Doilbh-bhuidheann go méad
dáscht, agus is suaill nár fhoiréigniodar reompa
go muir íad. Gidh eadh, d'fhuilingeadar
dháibh, agus d'aimhdheóin na ttrí ríogh-churaidh
thuiteadar a mbuidhnibh ionnus nár mhair
neach 'na bheathaigh dhíobh le hucht nóna
an lae sin ach Con Raoi, Oillioll, agus an curaidh
Conall, agus iad sin féin cniodhach créachtach mair-
tíneach míodhlúthfar. Thánic dorchadas na
haoidhche orra fán am sin.
Iomthúsa na ttrí ccuradh, ro badh náir leó an
cruth a n-a raibheadar, agus as í an chomhairle do
cinneadh aca gach aon do dhol dá thír féin, agus naoí
naonbhair do thabhairt mur bhuidheann leó an
dara feacht, agus teagmháil dá chéile 'ttúaigh do
Mhagh Luighe.
Is ann sin do tháinic Eithne d'fhios na Doilbh-
bhuidhne mur aon le naonmhur óg-mhodh ó dhún
Dubháin agus giollanradh an dúin go mbiadh agus go
ndígh; gur chaitheadar an Doilbh-bhuidheann
proinn agus tomhaltas; agus adubhairt Eithne leó
aigneadh agus meadhair do dhéanamh, óir go
ndeachaidh a mbiodhbhaidh as úatha.
Airna mhárach thángadar go dún Dubháin mur
a raibhe fleagh ollamh air a cceann. Trí lá cona
n-oídhchibh ro bhádar aige caitheamh na fleaighe
sin a mBruighean Bhladhma, gurab ann sin a
tháinic chuca-san Fainnle mhac Neachtain. Fiadh-
fraigheas an Doilbh-bhuidheann sgéala dhe.
"Thángadar oram," air sé, "clanna dúthrachta
agus laochraidh Muirtheimhne 'na cceapaibh catha
agus 'na mbuidhnibh do-choisge, go ttugadar eang
don tír 'na doíghir dearg-lasracha aig tabhairt
a táinte agus a héadála go rochtain Áth Con. Is
ann sin a theagaibh Gairgean agus mise dháibh.
Comhracas Gairgean ris na slúaghaibh a ccarbad
le hEich an Dae, agus is doi-chreite an mío-
chóiriugh thug forra agus mise mo áonar ag
tabhairt láimhe leis. Ciodh trácht, bhí do
mhéad calmacht an fhir sin, agus gach cungnamh
dair fhéad mise 'thabhairt dhó, gur chuir an
mhaoídhm air Ulaidh. Ag Áth Coll tháinic
sleagh ó Ultach fair, gur ghaibh an' ucht é, lear
chaill an curaidh a neart, go ndeachaidh a ttáimh-
néull san ccarbad; agus bhí do mhéad dhásacht na
ngreadh go ndeachadar tréasna slúaghaibh soir
gach ndíreach. Ro luidh Ulaidh forra iar sin,
gur gabhadh leó íad, agus teasgadh a cheann don
tréanfhar Gairgean ann sin, agus thugadar leó mur
aon leis na heich é; agus atá foslongphuirt aca don
chur-sa a n-imeal chrích Connaill a Muirtheimhne;
agus is dóigh go ttiubhrad creich na tíre don chur sa."
Ro badh dubhach Meis Geartha um Eich an
Dae; agus bhádar mic Neachtain imeaglach ria
Ulaidh, gur luigheadar attúaigh dá ndún féin,
mur a bhfuaradar an tír 'na doighir dhunn-ruaidh
dearg-lasracha agus a táinte airna ttabhairt le
hUltaigh.
Gabhas mic Neachtain lámh reompa, mur a
ttugadar féin agus Ulaidh cath do chéile, ann air
thuit iomad dhíobh, mur aon le trí naonbhair do
mhacnaidh na hEamhna agus Éunna mac Conaill
Chearnaigh.
Ach thug mic Neachtain an bhúair-tháin úatha
go ttáinic trí mic Uisneach orra ag Áth Cloidhimh.
Tugad cath do chéile ann sin gur trom-ghonadh
mic Neachtain san teagbháil, agus níorbh iongnamh
dháibh, óir dob iomdha a ccréachta agus a ngonaibh
ó Ulaidh roimhe sin.
Cíodh trácht thugadar mic Uisneach táin mic
Neachtain go hUlaidh. Táinic Conall chuca ann
sin, agus mur do-chúalaidh bás a mhic ro budh
dubhach dá mhíthin é. Thug Eich an Dae leis
go Dealgain soir, agus d'fhann aige go haimsir Chonn
cColuinn, gur thionaic dhó íad air fhurálmhadh
Chafaidh draoígh; agus is ó na heich sin a ráidhthear
Dún na nGreadh Mór do Dhealgainn andeas aniú.
Dála mhic Neachtain, budh dóigh le hUlaidh
a mbeith marbh ó láimh mhic Uisneach. Tháinic
Dailinn inghean Neachtain chuca-san ann sin
gur ghaibh aig uchainn agus aig éagcaoineadh ós a
cceann.
"Léig as, a Dhailinn, "air siad, "ní cabhair
dhúinn t'éagcaoinn agus is da do thoisg a tháinic
dhúinn a bheith isna crothaibh so."
"Ní cian díbh amhlaidh," air Dailinn, "óir
bhéarad-sa lachta Eagh Shléibhe Mis a ndabhach
Aoife chugaibh go bhfothracfad bhar ccréachta
as, go madh slán sibh a ccéadóir."
Tugadh mic Neachtain a ccró-luidhe fán ccuma
sin dá ndún féin. Triallus Dailinn a Laighnibh
go dún Dubháin, mur do nochtaigh toisg mhic
Neachtain don Doilbh-bhuidheann agus d'iarr Eithne,
go nDabhach Aoife, ré lachta Eagh Mis, do
leighios a bráithre. Chaidh Oilloll Iomruadh
mur aon ris an dís ban ós ísioll go dún mic
Neachtain mur do leighiosadh an triar dear-
bhráthar.
Agus air n-éirghe do mhic Neachtain níor
fhágbhadar tuaigh tíre a nUlaidh nach ttugadar
cáil éiginn dá díth nó dá dochar do los a daoine
nó 'hairnéise; agus ro bhádar aige díothchur an
chóigidh san ccuma sin go ttáinic Cú Chulainn
ó Eamhuinn attúaigh, a n-aoís a mhacadhacht,
gur torchradh leis íad air faith a ndúin féin.
Brathas rígh Éirionn Oilloll Iomruadh do
chur lámh ós ísioll leis an Doilbh-bhuidhean a
n-aghaidh na ccuradh, uime a ttug aithis mhór dhó
tré sin do dhéanamh. Adubhairt Oilloll nach
ttug, agus dá ttiubhradh nárbh iongnamh a thabhairt,
óir gurbh fhoiréigin éigceart ro imreadar na
curaidh air a bhráithre, gé gur sháraidh orra na
hóga sin do dhíothchur, "agus muna bheith mise
ceangailte a n-urram agus a ndleacht ríogha agad-
sa," air Oillioll, "ro budh díuthugh slúaigh
dháibh mé."
"Léig as, a Oillioll," air Eochaidh, "ro budh
mhaith dhúinn síoth na ccuradh. Tabhair-se
Dailinn inghean Neachtain do mhnaoí agus bhéarad-
sa tríocha chéad d'fhearann Breagh andeas do
Rannaibh Bóinne chois mara mur ionadh suidhe
duit, air chunradh gan lámh do chur le cloinn
Dubháinn ní budh sía."
Do ro chuir fios air Mhairsge agus air Chorca
Neanna, agus thug an rígh tríocha chéad d'fhearann
Breagh do Mhairsge, .i. ó fhearann chríoch
Oillioll siar-ndeas do Bhóinn, agus tríocha chéad
eile do Chorca Neanna, .i. ó theórann Mhuirsge do
Bhóinn andeas siar do Ros na Ríogh - agus díais
inghean Shailbhne mur mhnáibh dháibh, mur aon
le n-iomad ionmhuis agus bó-tháinte, air an ccunradh
húas. Agus fós ro nasg air fhearaibh Éireann
.i. gach aon do chuirfeadh lámh le clann Dubháin
a ccathaibh nó a ccoinbhliochtaibh a n-aghaidh
aon do chlannaibh Míliodh a n-aon chóigeadh do
chóigidhibh Éireann, go madh leór chum báis do
thabhach don tí budh coirtheach ann, ionnus nar
fhan ag clann Dubháin d'fhearaibh cunghanta
ach na cúig fheara déag d'allmharacha tháinic
leó anoir agus Dubhán cona lucht aon-taighe.
Rob iomshníomhach an bheag-bhuidheann sin
air cclois fhurfhógra an rígh dháibh. Is ann sin
do chinneadh comhairle aca, óir ro budh dóigh
leó go ttiubhradh fir Éireann ionsuidhe aon-uaire
orra agus gibé nach ttuitfeadh go ttuitfeadh Dubhán
cona mhurar agus go ttiubharthaigh 'chréich agus
'éadálaibh uile. Dob í an chomhairle sin, Dubhán
cona bhean, a mhurar, a ionmhas agus 'éadálaibh
cona tháinte do chur ós ísioll go Dún Aileóin a
Manainn. Do-rinneadh amhlaidh sin, agus níor
mhothuigh neach d'fhearaibh Éireann an comhar-
rugh sin.
Iomthúsa na Doilbh-bhuidhne, thugadar dún
Dubháin a ndoighir dhunn-ruaidh dhearg-lasrach
go madh dubh-smál doiléir gach méad n-orlach
don mbaile ach Bruighean Bhladhma amháin;
óir is amhlaidh do bhí an bhruighean sin, a
n-uirmheódhain talmhain ro tógbhadh í. Budh
teaghas sin nárbh aithne do neoch 'na bheathaidh,
ach an Doilbh-bhuidhean agus Dubhán amháin.
Dála Dhubháin, air mbeith dhó féin agus dá mhurar
go socair sádhall a Manainn, ro ghaibh an Doilbh-
bhuidhean foslongphurt a mBruighean Bhladhma
ós ísioll, gur mheasadar lucht na tíre gurab é a
losgadh do-rinneadh mur nach ccualadar ní dá
ttoísg.
"Maith 'fheara," air Meis Geartha, "déanmaoíd
trí buidhne dhínn féin, agus tiam d'arguin chríocha
na ccuradh, agus gach éadáil fa cosgair dhúin tugthar
don bhruighean so é, óir ní heólach d'aon-neoch
í ach dúin-ne amháin."
Rinneadur amhlaidh sin, agus is mur so do chomh-
ronnadar iad féin .i. na trí Duinn agus na trí Séadhna
do bhuaireadh na nGáileón; na trí Dealbhna agus
na trí Cuinn do bhuaireadh Clanna Deaghaidh;
na trí Duibh agus na trí mic Dubháin do bhúaireadh
Uladh; agus is dona trí ionsaidh sin agus ionsaigh
Chonaill Chearnaigh air shlúagh Meidhbhe a
ghoirthear Ceithre Dearg-ruathair Éireann; agus atá
trí hanmanna oirdheirc' eile aige leanamhuinn
dona trí buidhne beaga sa, mur atá: an Dubh-
bhuidheann a ghoirthear don tseisior do-chuaidh a
nUlaidh; an Gheal-bhuidhean don tseisior do-
chuaidh a cConnacht; agus an Dearg-bhuidhean
don tseisior a chuaidh don Mumhuin; agus óna
sgéithe geala, dubha, agus dearga, ro iomchradar do
leanas na foranmanna sin dháibh.
Na trí Deirg, iomorra, ní dona trí buídhnibh
sin íad-san, ach ro bhádar chuca agus uatha go
Bruighean Bhladhma agus tair n-ais, .i. fear ag
feathamh gach buidhne, ag tabhairt conách agus
cosgair gach buidhne fó seach don mbruighean,
agus fós aige foraire agus ag brath fóna críochaibh
iar dtain; agas na Trí hOnchoin a ghoirthigh
dhíobh sin, agus is mían liom tosach do thabhairt
ann so do Dhearg-ruathar na Dearg-bhuidhne
air Chlanna Deaghaidh mur leanas.
DEARG-RUATHAR NA DEARG-BHUlDHNE
AlR CHLANNA DEAGHAlDH
Con Raoi, iomorra, ro bhádar aige-siomh
tríochad céad tréanfhar do shliocht Deaghaidh
mhic Deaghra, an seachtmhadh glún súas ó Chon
Raoí. Ocht máma déag laoich fa hairde do gach
fear dhíobh, agus bhádar a ngníomhartha gaisgidh
'coimhfhreagra a ttlacht, agus budh hé Con Raoi féin
fa táire a bpearsa dhíobh sin. Gidh eadh, budh
hé ríogh-laoich na haicme sin é.
Agus ba h-í uair agus aimsir dá ndeachaidh an
Dearg-bhuidhean don Mumhain an tan do-chuaidh
Clanna Deaghaidh do sheilg arrachta Ghlinne
Sgath air Shliabh na mBan. Feithide sin badh
samhuil le greadh a chom, agus a cheann mur dhuine, a
chossa mur chossa dreaguin, fionnfadh dubh-ghlas
gá fholach, agus ní theasgfadh reanna nó faobhair a
chroiceann air a chrúas agus air 'iomdhainghne, agus
budh lán-obair míliodh barr a bhaise 'chur go
halt a dhroma.
Ach géar chalma Clanna Deaghaidh, ro budh hé
sin an treas feacht dhóibh ionsuidhe do thabhairt air
sheilg an arracht. Agus air sganradh na ccon
fón ghleann do ghaibh gach aon a mbearnaibh
baoghail agus a láithreacha luidhe a ccomhair ghuin
an arrachta. Géar mhaith a ccoin agus géar chródha
a ccuraidh, air dhúsgadh an fheithide sin dháibh
ro ghaibheadar gráin agus uain mhór roimhe. Is
ann sin ro ghreasaidh Con Raoi Clann Deaghaidh
uile gá thuairgain, agus do ghaibh-sean gá n-aith-
mhilleadh-san ionnus go ccroithfeadh sé dhe iad
modh naoí ccéama amhuil mac míosa. Rob
adhbhael rén' fhfaicsin agus réna chloisdean gáir na
láoch ag brosnugha a chéile, fuaim na sleagh agus na
ccolg gá thuargain, agus sgeimh-ghloim na ccoin gá
dhéad-shreangadh; agus ro badh mhó go mór an
t-ionghantas agus an t-úathfas fuaim gotha ghráin-
eamhla an arrachta gá ndíothchur-san agus gá
ndéad-ghearradh, gur theagbhaigh Con Raoí fair,
go ttug an t-arrachta ionsuidhe adhbhail do-
choisge fair, léar chuir uadha é do ghreim chreite
thaoibhe clé a n-ochras scealpaibh sgoth-líog, léar
brúthbhadh agus léar buan-tuairgeadh compar an
churaidh, go ndeachaidh a ttaisibh agus a ttáimh-
néallaibh báis agus buain-éugaibh.
Iomthúsa na Deirg-bhuidhne thángadar go
Glinne Sgath a n-alt na húaire dár trom-ghonadh
Con Raoí, ionnus a ngoil na congháire go ttugadar
ucht air Chlanna Deaghaidh mur air thuit naonmhar
do láimh gach fir fó seach do shonnaibh sleagh, agus
deichneamhar ó gach fear don dara coimheasgar,
agus don treas ruathar aon-fhear déag, agus san ceath-
ramh maoidhim tríochad laoch ó gach fear.
Is ann sin do sganradh Clanna Deaghaidh
amach fón tslíabh, go ndeachadar a ccorp aige
Bearnain Bailbhe agus thugadar ucht anúas air an
Dearg-bhuidhean, áit air thuit trí cheathrar
dhíobh ó láimh gach fir do ghaéthe beaga (óir ní
raibhe a héidibh hiomchosanta air Chlanna
Deaghaidh an lá sin ach éidibh iméadroma chum
luas an aistir), agus ag teacht ní bhus goire trí cúigir
ó gach fear do shonnaibh sleagh, agus air ndol a
muinchinn a ccloidhimhe thugadar dearg-ár mór
air na curaidh gur torchradh tríochad díobh ó
láimh gach fir don Dearg-bhuidheann, léar chlódh-
adar an cath air Chlanna Deaghaidh andeas.
Agus iompóghaidh arís orra ag Carnn Crú, áit
air thuit trí cúigir ó láimh gach fir dhíobh don
chleas dá ngoirthidh taibhéim. Ach luidheadar
Clanna Deaghaidh orra ann sin go mór, agus is
suaill nár múchadh 'na measg; agus budh dóigh
go ndéantaigh, muna bheadh go bhfacadar na
curaidh an t-arrachta chuca gach ndíreach; agus
is amhlaidh ro tháinic agus Con Raoí leis air árd a
ghúalanna, agus gach re n-úair do shleamhnudh dhe
do-bhéaradh tuslach do ghreim coisse fair, go
ccuirfeadh asgarnach an churadh tair aidhlinn a
dhroma siar seachtair arís. Ach bhí do mhéad
úamhuinn Chlanna Deaghaidh riasan arrachta gur
dhian-sgaoiladar ón tulaigh 'na sgéin-ealtainn;
agus ro chuir an Dearg-bhuidheann ár mór orra san
rúaig sín.
Agus air ndol tair Chorthe na Glaise dháibh
tháinic Dearg dona trí Deirg chuca, agus Dabhach
Aoife leis, gur ibheadar digh gach fear dhíoibh
aisde do lacht Dhuibh-eagh Shléibhe Mis. Ro budh
subhach soimheanmnach iad-san dhe sin. Luidhe
a' Dearg tair n-ais air lorg an áir go Glinne Sgath,
go ttug cloidheamh iontlais, eó, agus nasg óir gach
curaidh dair thuit san rúaig sin leis go Bruighean
Bhladhma. Agus ro leanadar an Dearg-
bhuidheann Clanna Deaghaidh go Múir Chon
Raoi, mur a ttugadar comhbhuaireadh mór orra
ann, áit air mharbhadar na trí Cúáin Airtre, .i,
trí daltadh gaisgidh Chon Raoi, agus na trí Leaifionna,
a ttrí deirshiúradh, .i. trí hingheanaibh áille an
bheatha iad sin; agus thugadar órdhas an dúin leó,
airna thabhairt a ndearg-dhoighir dhunn-ruaidh
lasracha.
Iompóghas an Dearg-bhuidheann attuaigh iar
sin, go mbuaidh chosgair agus chomhaoidheamh
mhóir, a ttrom-fhíoch agus a ndearg-fheirg, ionus nár
theagmhaidh leó do Mhuimhnigh fear bean nó
naoighean nár ghoineadur don ruathar sin.
Thángadar go Bruidhin Bhladhma, agus ní fhúaradar
air a ccomhair ann ach Eithne 'na haonar, mur
a d'fháiltigh reompa, agus mur a d'fhothracadh agus
mur a d'fhuilc agus mur d'fhorglann iad; agus tug fleagh
urlaimh re caithiomh go méad haoibhe agus ulgháir-
dais dháibh, agus ro innis dháibh go ttáinic Dearg
dona trí Deirg uatha ó chiannaibh le cúig céad
déag cloidhimh iontlais cona líon eó agus nasgaibh
óir, ro budh cosgair dháibh sin san rúaig iar ttain.
Iomthúsa 'n arrachta, ro lean a' teaghraim go
dún Chon Raoi, agus mur is luaithe do-chonairc
smúid lasracha an bhaile ro léig Con Raoi air lár
fair san bhfaithche, agus luidhe for ccúla dá adhbhuidh
féin, agus bhí ann go haimsir mhic Cúbhaill. Agus
mádh fhíafraithir cionnus mur foithreaghadh Con
Raoi agus mur do hiomlánadh a ghnáth-fhuireann
curadh, léaghthar leat deiriugh na himeagallamh
sa agus ghéabhair ann é.
Is í sin an oidhche chéadhna tháinic an dara
Dearg le túarasgbháil na Geal-bhuidhne a cConn-
acht mur do leanas.
DEARG-RUATHAR NA GEAL-BHUIDHNE
FAIR GHAILEOIN
"Maith, a Dheirg," air an Dearg-bhuidheann
"créad íad na sgéala fil agad, nó an sona toisg air
mbráithre a cConnacht don chur-sa?"
"Is eadh, iomorra," air an Dearg, "agus ag so
ní dá ccosgar .i. meann órdha agus cloidheamh go
ngéam duirnn Oillioll Finn, cúig céad déag
ór-nasg; .i. nasg gach fir dár theasdaigh do
Gháileóin, agus dhá eóin ciúbhail Fhleaghas Fholt-
chaoimh."
"Cionus mur d'ionsaighdar iad?" air an Dearg-
bhuidheann.
"Air ndul tair Sionna síar," air an Dearg, "go
Druim an Eich, agus go Fiodh an Luin Léaith, agus go
Bealach Tuatha, agus dob é sin an lá céadhna choimh-
thionáladar Gáileóin air Magh Tae air brúach
Lacha Lúa do thaffan an Dubh-dháoil as an loch
húas.
Piast sin ro áitighe a Loch Lua, a ceann mur
cheann coin, corp fada fionnfiodhach léi, ceithre
cossa mur bhoinn fuithe agus iorball dreaguinn go
ngath trí ngabhla léi. Ó mhuir a tháinic go Magh
Tae; agus na trí bliaghna ro thathaigh an magh sin,
ní thug buinn Fhleaghais, nó búair an chóigidh,
nó eagha na bhfiodh a ttorradh nó a lachta; óir
ní rug bó a láogh, nó láirr a searrach, nó cáor'
a húan, nó muc a horca, nó eagh a laogh n-alla,
nó bean a naoíghean a ccrích Oillioll Finn ris an
rae sin; óir, ó thug Oillioll Fleaghas do mhnaoi,
ro dháileadh na dronga huas a méad lachta for na
maghaibh go madh lán gach n-eitre dhe; agus
adearthar gur do bhúaidh bó Fleaghais féin a
tháinic sin dháibh; óir ro chrúithfidhe gach rae
thráth úaithe dóchain thríochad céad na nGáileóin,
agus tairis sin, do dháilfeadh a lachta for na maghaibh;
agus d'aomhadh na heagha n-alla mná Éire gá ccrú
san rae sin; agus do-chuaidh an rath sin dhíobh
gur torchradh an Dúbh-dháol.
Iomthúsa na nGáileón, thángadar inbhear
Locha Lúa, óir is a n-uisge do sgítheagh an phíasd.
Is í gné thaffainn ró chuireadar na curadhaibh
uirrthei .i. cléithe sgoith-leathna do sheóladh for
dhruim uisge gur bhudh coimh-leathan an loch
dhíobh, agas gabhaid iar sin aig díochur na
cléithe do tháith-líogaibh cloch, do thochlódaibh
talmhan do cheapaibh fiodh, do ghrinneall agas do
mhuir-ghrían, go ttug truime na ngnéithe sin an
chlíadhaigh go híochtar; agus mur do mhothaigh an
phíasd an toirt thalmhuidhe sin aig folach an
aigéin agas a thruime aig méadughadh fuirthe,
tug snoidhe-shnámh cuimseach fuirthei féin, go
ttáinic dhí toigheacht go brúach d'aimhdheóin
mhuir-ghlíadh na ccuradh.
Agas mur ráinic an phíasd a ttír ro sganraigh-
eadar úaithe go ttáinic Oillioll anúas 'na haghaidh,
agas sleagh chuimseach choimhneartmhar 'na
dhóid, an' áonar, agas tug sonnadh sár-chalma a
n-aghaidh na píasda dhi, go ttáinic a hearlainn
fair a rinn; agas bhí do lúth an churaidh go
ttáinic tair n-ais modh thríochad céim aig seach-
nadh sreangadh na píasda.
Agas táinic an dara feacht uirrthe go ttug an
tsleagh 'na hogsaill chlé ón táobh 'no chéile. Ach,
géar chalma Oillioll, níor fhéad an tsleagh do
tharraing, mur go ttáinic an phíasd go hathlamh
fair léna ceann agas léna hiorball, go madh dhá
ordain eision ann sin munab é an éirghe athlamh
éanamhuil tug an curaidh air féin, go ndeachaidh
úaithe fán ccuma sin.
Agas gabhus mbúaidh-shleagh n-oile ré hais aig
tabhairt athais mhóir dona Gáileóin, mur d'eag-
ladar ríasan ilphíasd. Agus lé sin tángadar uile
d'áon-mhaoidhm uirrthei, go ttugsad sleagh gach
fir inte; agus tug sise tuinnseadh tréan dóchoisge
forro-san, ionnus nár fhan fear léna shleagh do
tharrainn, gur thuit i ttrí náonmhair don bhrú-
shreangadh sin léi.
Táinic an Gheal-bhuidhean forra ann sin aig
tabhairt fras naoí ngaéithe beaga ó gach fear orra,
léar thuit fear gach gaéth. Is ann sin ró chomh-
fhoigsigheadar dháibh, léar thuit náonmhar ó gach
fear do shonnaibh sleagh. Dlúthaid na Gáileóin
umpa ann sin, aig dul a muinchin a ccloidhmhthe,
agas tugadar an Gheal-bhuidhean túargain mhór
orra, go ndeárnadar ráon ró-fharsaing síar seach-
tair tríothfa.
Bristear fair a cceapaibh catha ann sin, gur
luidh an bhaoídhm orra as sin go Colbha na
cCuradh, áit a ttugadar an ghiollanraigh a ttrea-
lamh gaisgidh chuca. Ní mór an sochar táinic
dháibh as sin; úair tháinic an Gheal-bhuidhean
forra sul fár ghaibheadar a n-éidibh n-iomchosanta
umpa; agus tugadar an dara coimheasgar forra ann
sin, ann air thuit tríochad curaidh do láimh gach
fir. Budh hé sin lá leónta agus díothughadh na
nGáileóin; óir budh cluithche áineas gach air
éirghe dháibh aríamh gusan lá sin.
Tángadar as sin go háit a ngoirthidh Eochlaidh
na hInghníomha, agas iompóghaid air an nGeal-
bhuidhean ann sin, mur a ttáinic Oillioll chuca,
agas a uile éidibh áigh agas iorghala fair. Ró
ghríosaigh-sean go mór na curadh um éuchta
maithe do dhéanamh. Gidh eadh, bhí do mhéad
meanmainn na Geal-bhuidhne nár ghaibh basgadh
ré úadh nó ré iomad íad ó chúaladar toisg na
Dearg-bhuidhne ón Dearg, tug dabhach Aoífe
chuca, as air ibheadar digh gach fir fói seach.
Iar sin tugadar ucht air na Gáileóin aig Eochlaidh
na hInghníomha, áit air torchradh cáogad dhíobh
do láimh gach fir.
Táinic an Dubh-gháol orra ann sin, agas
sleagha na ccuradh mur fhiodh úasse. Acht budh
mall meirtineach a himtheacht; agas is iongnamh
an nídh táinic dhí; óir gach Gamhanrach dá
tteagmhadh dhí do-bheireadh sonnadh dá ceann
fuídhe, go ccuireadh úaithe a n-ochras an aieóir
é; agus gach ré n-úair do theagmhadh neach don
Gheal-bhuidhean fuirthe, do-dhéanamh iomlúas-
gadh lúathghára roimhe; agas táinic for Oillioll
Fhionn gur chuir úaithe fón ccuma chéadna; agas
as sí ionadh a ttáinic for thalmhuin a tTor-mhuine
Iorrais, mur a raibh Fleaghais agas bantracht na
Gamhanruigh; agus mur do-chonncadar an
bhandáil an Gheal-bhuidhean chuca san téagh-
raim do-chúadar a sgéin agus a bhféainsgear fá
dhorchacht na bhfiodh. Is ann san ionadh sin
fúaradar an Gheal-bhuidhean eóin ciúil Fhleadh-
aise, meann óir agas cloidheamh Oillioll. Iom-
póghaid íar sin for dhún Oillill, agas tugaid a
órdhus uile, aig déanamh smáil dhubh-ghrúama
dhoirbh-ghúalaidh don rígh-mhúir.
Is í sin úain agus aimsir dá bhfacadar an Dubh-
gháol aig dul san muir, agas láoch don Ghamhan-
raigh gá shreangadh as a déada léi, agas ní chúalus
nídh úaithe ó sin amach.
Dála na Geal-bhuidhne, iompóghaid for ccúla
soir tharsna Chonnacht, a bhfeirg agas a bhfíoch
mhóir, aig tabhairt trom-ár na críche reompa, go
rángadar brúach Sionna. Is ann sin do-chúaidh
a bhfearg dhíobh, agas ní haithristear ní forra go
rochtain Bruighean Bhládhma dháibh, mur do
gabhadh go forbhfáilteach agas go méad mean-
mainn íad, agas mur dáileadh fleadh mhór-lúach
orra."
Is í sin an oídhche chéadna táinic an treas Dearg
ó Uladh chuca, mur do nochtaigh toisg na Dubh-
bhuidhne dháibh amhuil a leanas.
DEARG-RUATHAR NA DUBH-BHUIDHNE
FOR ULAIDH
"Maith, a Dheirg," air na hógaibh, "an búaidh
dár ccaraid a n-aghaidh láochraibh Eamhna?"
"Is eadh, cheadna," air an Dearg, "agas aig
sin agaibh cáil dá ccosgar, .i. cúig chéad déag
cloídheamh, eó, agas nasg óir, mur áon lé fail agus
camhal Chonaill Cheárnaigh. Óir is í ráon ró
ghabhadar an chéad oídhche go hoirthear Mamhna,
agas tair Bhóinn síar ó Theamhair, agas tair Dubh-
chumair soir-thúaigh do dhún mhic Neachtain,
láimh dheas lé Feárnmhagh, go rángamar a
moch-thráth na maidne an fiodh atá 'ngar dhún
Láoghaire Bhúadhaigh."
Agas dob é sin an lá céadna tángadar curaidh
na Cráobhrúaidhe, agas Conall lé hEich an Daé
go faithche Laoghaire, mur a ttángadar mbúaidh-
ghreadhaibh Uladh uile cona ngiolladh agas cona
ccarbaid, d'fhéuchain aradhacht; agus ní lamhadh
áon-ara Eich an Daé d'airíadhnadh a ccarbad;
óir is eadh adúbhradar uile nárbh ionfhéadhma a
ccaith-ghreadhaibh íad ó láimh ara, muna
ndéanamh ríogh-láoch é, air mhéad a ndásacht
agas a n-ulbhras.
Ro bhí san ccomhdháil sin gan aithne cearthar
mac Rígh an Ghabhra, .i. ógaibh áille éagcosg íad
sin do chloinn Thuireand mhic Dáoigheain ó
chrích nGabhra andeisibh Thír fá Thuinn: Iobhar,
Laoí, Iodh, agas Láogh-chorb a n-anmanna. Táinic
deirbhshiúr dháibh-sean air éulógh lé Árdan mhac
Uisneach a nÉirinn, agas air cúairt chuice tán-
gadar-san fán am sin. d'fhógair Conall Ceárnach
cáogad óig-ghreadh agas cáoga láir-shearrcha,
cáoga samhasg, agas carbad thrí naoi ccumhal,
agas timtheacht dhá fhear dhéag d'éideadh ríogh-
dhatha Uladh don tí d'aithríanadh Eich an Daé,
agas casairt d'fhearann sháor do mhín-Mhagh
Mhuirtheimhne feadh a raé, 's gan a dhul leis
acht lá catha.
"An fír-bhríathar súd do chanus an láoch?"
air clann Rígh an Ghabhra lé mic Uisneach.
"Is eadh cheana," air íad-san. "Agas cía uime
a bhfuilighe?"
"Ró budh cumas do gach fear againn na heich
d'airíadhna," air Laoí.
"Más eadh," air Árdan, "'sbadh cumas dhamh-
sa an chumha 'dheimhnioghadh don tí ghéabhas
sin ré ais."
"Gabhaim-si é," air Laoí.
Nochtas Árdan sin do Chonall - dearbh-chomhail
na ccumha do Laoí air an ccunradh shúas. Ráinic
Laoí na heich san ccarbad agus téid d'eitiol air
an Liath Mhacha, agas dob é sin a' chéad-neoch
do shuidh uirre. Ró ghaibh na hairiadhna air
lúth, agas ró shiadhain-stíúir a ccoraibh ndeilinn
fón magh íad.
Budh méad meanmainn lé Conall an aradhacht
sin; agas a meadhóin an ghreadhain tángadar an
Dubh-bhuidhean orra isan bhfiodh gan araidh,
go ttugadar combúaireadh mór forra, mur do thuit
náonmhar do láimh gach fir do shonnaibh sleagh,
agas trí naonmhair do los colg ndéid.
Ro dhían-sgaoíleadar na curadhaibh ris an
ccoimheasgar sin ón magh amach, go ttug an
Dubh-bhuidhean frassa ro-dhlúth do ghaéthe
móra 'na ccúla forra, léar thuit naonmhar do láimh
gach fir; agas an dara frass do ghaéthe beaga,
léar thuit an uirid ccéadna ó láimh gach fir.
Tángadar Fir Uladh a cceann a chéile air an
ríasg atá 'n-íarthar Shléibhe Fúaid, agas ro budh
mór an t-ár a thug an Dubh-bhuidhean air an
mír dhéighionach d'Ultaigh san rúaig sin.
Ro iompóghadar Ulaidh orra ann sin. Trí
húaire ro foiréigneadh an Dubh-bhuidhean gusan
ccoirthe for ccúla, agas trí húaire ró éignigheadar-
san Ulaidh go hucht an tsléibhe; ach bhí do
mhéad calmacht na Dubh-bhuidhne san cceath-
ramh feacht, gur bhrúchtadar forra amach san
tslíabh. Agas dob é easbhuidh na ccuradh san
ccoimheasgar sin cáogad láoch.
As í ráon ró ghabhadar láimh chlí lé Eamhain
soir, gur theagbhadar clann Rígh an Ghabhra
mur áon lé trí cháogad do sgíath-láochaibh
Chonchubhair agas Cathfaidh draoígh go n-iomad
beartaibh catha ó Eamhain leó. Ro ghaibheadar
a lúath-fhearaibh a ttrealamh gaisgidh orra an
feadh ró bhí an mhír dhéigheanach gá huirleach
aig an Dubh-bhuidhean.
Agas bhí do mhéad chosaint Chonaill air Ulaidh
gur trom-ghonadh comh mór agas é gur
luidh a neart úadha, lé ndeachaidh a ttaisibh agus a
ttáimh-néallaibh air an ríasg; óir iar ttuitiom
dhó tugadar an Dubh-bhuidhean áladh mharbh-
thach ó gach fear dhíobh ann. Agas tug Meis
Geartha fail Chonaill agas a chamhal churadh
leis air ttabhairt gaéth mhóir ann a bhráighe, go
Múirghrían. Agas is don iomchosnamh sin
Chonaill air na curaidh goirthear Magh an
Chosnaimh don ríasg chéadna ó sin anúas.
Dála na Dubh-bhuidhne, tángadur go mór-
thulgaibh agas go mbúaidh-bhéimeannaibh sleagh
agus colg aig leadairt Uladh; go ttug Meis Geartha
Eich an Daé fá deara aig clann Rígh an Ghabhra
attúaigh don magh, agas tug amus athlaimh mur
dhóigh a sealbhadh an dara feacht, acht bhí
d'fheabhus dhearsgnaitheacht chloinn Rígh an
Ghabhra, tráth bhreathnaigheadar sin gur iom-
póigheadar attúaigh go rochtain Dún Binn Each-
labhra.
Iompóghas Meis Geartha andeas air ndul d'Eich
an Daé úadha aig Dubh-shruth Neachach, a bhfeirg
agus a bhfíoch mhóir, gur thuit leis air theagaibh
d'Ulltaigh fair idir fhear, mnaoí agas naoídhean,
go ráinic Magh Cosnaimh, mur do comórugh an
cath idir an Dubh-bhuidhean agas Ulaidh an
feadh sin. Ach bhí do mhéad brugh goile agas
feirge Mheis Geartha, gur iompódh an bhuidhean
an mhaoídhm air Ulaidh, léar dhían-sgaoíleadar
soir gach ndíreach d'aimhdheóin gheintleacht
Chathfaidh.
Is í sin a' t-am fá ttáinic Finnín Fáithlíaigh
d'fhios Chonaill, go ttug attúaigh do Shlíabh Fúaid
dá thoigh féin gá leigheas é. Agas ní raibh a
fhios sin aig áoin-neoch d'fhearaibh Éireann ach
aig Cathfaidh, aig clann Rígh an Ghabhra, agus aig
Fínnín amháin nó go raibh a n-iomshláinte; agas
is a n-Úaimh an Deirg ro folchadh Eich an Daé
an feadh sin. Agas dob é fad na haimsire gur
leigheasadh Conall blíadhain air naoí mí; agas
issan deachmhadh mí íar sin ró éirghe Conall as
a sheirg-luídhe. Do rugadh Seathanda mhac
Subhaltaigh ré Déiline inghean Fhachtna agas is
don ghein sin ró lean an for-ainm Cú Chulainn.
Iomthúsa na Dubh-bhuidhne, ró leanadar an
mhaoídhm go ceann Trágha Móire, mar air thuit
na naoí Maoís, na Náinle, agas na naoi Márdain.
Budh do chloinn Eachla mhic Feirchinn agas
Sheilbhe inghean Chonchubhair íad sin agas ró
shaoíleadar Ulaidh go rabhadar mic Uisneach air
na fir sin. Máiseadh ní raibhe; óir tugadar clann
Rígh an Ghabhra a ccarbad Chonaill do Mhagh an
Chosnaimh attúaigh leó íad go Binn Eachlabhra,
agas as sin go hÚaimh an Deirg, agus bhí ann gur
bhudh síothach Éire: óir budh húathmhar
imeaglach Gaoídhil uile ón ccoimheasgar thugadar
na trí buidhnibh shúas orra.
Dála na Dubh-bhuidhne, air cclos Sheilbhe aig
caoí a cloinne ró sguireadar don teaghraim, agus
iompóghaid andeas go rochtain Dún Dealgan agas
tugadar an eang sin uile don tír a smúid dhonn-
ruaidh dhearg-lasracha go Bóinn Bhreagh.
Dála Oillioll Iomrúadh, Muirsge, agas Chorca
a Neanna, mur do-chúaladar Dearg-rúathar na
Dubh-bhuidhne air Ultaigh ró budh dóigh leó go
luidhfeadh deiriogh na coinbhfeirge sin orra féin
nó air a n-ionbhas air ttoigheacht ó thúaidh
dháibh, gur choímh-thionóladar a ttáinte agas
a n-éadálaibh go Túatha Teaghain síar-thúaigh
do Theamhair.
Ó ro thángadar an Dubh-bhuidhean Dún
Dubhrúaidhe luidh a bhfearg dhíobh. Is ann sin
do theagaibh an Dearg go ndabhach Aoífe forra;
óir thug-san cosgar na ccuradh go Bruighin
Bhládhma roimhe sin. Trí lá agas teóra n-oídhche
ró bhádar aig iomchúartughadh chrích Oillioll
Iomrúadh, Mhuirsge, agus Chorca Neanna, agas
ní bhfúaradar siolla dá sgéula ris an raé sin.
Tríallaid as sin go Bruighean Bhládhma mur air
gabhadh go forbhfáilteach aigá ccáirdibh íad.
Is ann sin do cinneadh comhairle aca um Éire
d'fhágbháil, agas mur do fúair an Dubh-bhuidhean
crích Oillioll Iomrúadh gan áitioghadh nó
áitreabhaidh, adúbhradar gurab aig Reannaibh
Bóinne dob fhusa dháibh an chrích d'fhágbháil
gan fhios; agas tríallaid d'áon-mhaoídhm go
rochtain oirear an chúain. Ro hiomráigheadh
aca ann sin um bhárc do-bhéaradh go Manainn
íad. Iompóghas mic Dubháin andeas, go ttug
bárc ó chúan Liffe ann a ndeachadar go Manainn,
agas as sin go Dún Aileóin, mur air fháiltigheadar
a ccáirde go dil díochra rompadh.
Cáoicís air mhí dháibh aig caitheamh fleighe go
meaghair agas go mór-mhaoídheamh a ccosgair
agus a mbúaidh-iorghala air fhearaibh Éireann.
Is fón am sin ró ghaibh Éithne aig teagra a cumha
um thoigheacht air an eachtra sin leó; agas ro
fhíafraigh na Duibh cía dona fearaibh a roghain.
"Dealbhna Máthardha," air sí.
Ro nasgadh an dís sin lé chéile i nDún Aileóin,
mur air tiodhnaiceadh seóid iomdha do chosgar
na ccuradh ó gach fear dháibh.
Is ann sin ro cheileabhradar láochraidh Alban
lé clann Dubháin agus leis na Deirg, agas luidheadar
attúaigh gach drong dá ttír féin. Ciodh trácht,
fúair Éithne árach air Aoífe, gur fhágaibh airm
agus dabhach na Gúal Ghaoíth ann a ccarcair
ghnáith.
Iomthúsa Chonaill, ro bhí gá leighios bliadhain
agus naoí mí a ttigh Fhínnín Fáithliaígh air
leacainn Shléibhe Fúaid, mar dúbhramur cheana;
agas a cceann na raé sin ro ghaibh uime agas ró
thaisdil Ulaidh mór-thimchioll go ráinic Úaimh
an Deirg; agas mur do fúair Eich an Daé air a
chomhair níor dhúath nó dochar leis gach air
éirghe dhó go n-uige sin.
Agas tángadar a raibhe air marrthainn dona
curaidhibh a cceann a chéile go hEamhain Mhacha
air fhurfhógra Chonaill, go ndeárnadar a ngnáth-
uimhir iomlán. Agas mur do-chúalaidh Con Raoí
agas Oillioll Fionn dearg-rúathar Uladh, ní raibh
mí d'aimsir ó tugadh an rúathar sin orra, nach
ttigeadh teachta ó gach fear dhíobh go Dealgain;
agas mur ráinic Conall Dealgain a cceann blíadhna
air naoí mí a n-iomshláinte, ró fhíafraigh sgéala
Chon Raoí agas Oillioll dona teachta shúas.
Ro labhair teachta Chon Raoí agas adubhairt:
"Iar ár na ccuradh agas losgadh dhún Chon
Raoí, mharbhtha na ttrí cCúan Airtre (damhna
thrí ríoghláoch an domhain) agas bhás na ttrí
Leifionna (.i. trí hinghiona an bheatha le sgéimh
agas lé háille), ro fúarus Con Raoí air faithche
an bhaile a ccrothaibh éagsamhla. Is fán
am sin do choimh-thíonóladar a raibh air marr-
thainn do Chlanna Deaghaigh, agas tugadar Con
Raoí go bruighean bheag fhiodh-chró mur a
ttugadh iopadh agus arrannadh ann a áladh agas
a iol-ghonaibh, lossa síthe agas ícibh sláinte ann
a chneadhaibh agas ann a chréachtaibh.
"Ro ghabh Clanna Deaghaidh lámh um ath-
núadhadh an dúin gur bhudh huirdhéanta go
méad n-órdlaidh dhe. Táinic chuca-samh arm
sin Tuireann inghean Chúanna, máthair na ttrí
cCúan Airtre, agas ró ghaibh aig éagcaoíneadh a
cloinne go trúagh tuirseach feadh aimsir fhada, agas
bhí do mhéad a rúindíamhraibh go ttug Con Raoí
a n-iomshláinte, agas adubhairt leis bás a cloinne
do dhíoghailt air an Doilbh-bhuidhean.
""Agas is mur so is déanta sin" air sí: "coimh-
thionáltar leat clann-mhaicne na ccuradh ró
torchradh leó-san, agas bíodh bás a n-aithreacha
gá bheói-ghríosughadh 'na meanmainn do ghnáth
an chían a bhéid dá tteagasg isna ceardaibh
gaisgidh; agas tiucfaidh lá éigin an Dubh-laoch
cona Ghúal Ghaoí go crích Cruithneach, a ndóigh
toigheacht go hÉirinn chun láimhe a thabhairt lé
hUlaidh a n-aghaidh Chonnacht; óir d'fhágaibh
an fear sin airm thríochad céad a n-iomchoimhéad
Aoífe fá chomhair na teagbhála shúas, agas
is lé fuirinn dona hairm sin ro chealgaidh an
siorraide beag Éithne (deirbhshiúr na ttrí nDuibh)
ó Aoífe don Doilbh-bhuidhean ró chuireadar-san
na trí dearg-rúathair mhóra sa agas léar thuit
mo thriúr mac-sa. Agas mar gur chloinn do
Dháolgas mac Dá Labhair (.i. dearbhráthair don
Dubh-láoch) mo thríar mac-sa, cuirfead tríar
mac maith fil aig Dealaoís, mo dheirbhshiúr,
asteach chugaibh a ccomhainm na ttrí cCúan
Airtre; agas mur thiocfas an Dubh-láoch go Dún
Sgáthaigh, bhéarfead-sa aithne dhíbh fair; agas
tíaghai-se a nAlbain air a n-urfhógra sin agas
nochtfad-sa a ccogar rúin don Dubh-láoch an
t-an-fhorlann ro imir an Doilbh-bhuidhean oraibh
agas air mo chloinn-si mur áon libh."
"Do thionál Con Raoí na hógaibh sin Chlanna
Deaghaidh amhuil a theagaisg Tuireann dhó; agas
is íad sin mo sgéala dhuit," air teachta Chon
Raoí.
"Maith," air Conall lé teachta Oillioll Fhinn,
"créad bhur ccor a cConnacht don chur-sa?"
"Atá," air eisean, "tair éis ár chúig céad déag
Gáileóin do los rúathar áon-laé, agas Oillioll airna
throm-ghuin ón Dubh-dháol, ró bhámar a ndoirbh-
chruth aithigh fhada um an easbhuidh táinic
orainn: uimhir dhínn aig ath-chladhadh dhúin
Oillioll, agas uimhir eile a n-othar ó ghoimh airm
na Geal-bhuidhne, gur leigheasadh íad lé mór-
eólus Channairnn Fáithliaigh - agas an dúagh is
mó ní air n-easbhuidh uile mur nárbh fhios dhúinn
cía do chloinn-mhaicne an domhain thug an trom-
arguin sin oruinn. Agas anois ó fúarus a ttuarusg-
bháil amach, is oircheas dhamh dhul go Connacht
go nochtfad dom thighearna é."
Luidh na teachta for ccúla gach neoch dá thír
féin, ag breith árd-thaisde Uladh leó, agas ró budh
maith lé Conall agas le hOillioll Fionn an sgéal
ro nochtaidh teachta Chon Raoí dháibh.
INNISDEAR SONN UIDHI MHEIS
GEARTHA
Iomthúsa Mheis Geartha, ró bhí seisean a
Manainn go méad síth agas súaimhnis cona
bhráithre, gur nochtadh dhó Conall Ceárnach do
bheith a n-iomshláinte; agas airna chloisdean
sin dó, níor ghaibh mían bídh nó díghe nó codlata
é go ttáinic air éológh gan fhios dá bhráithre, gur
ghaibh cúan aig Reannaibh Bóinne andeas a ngar
do dhún Oillioll Iomrúadh, agus tháinic a mbréig-
riocht don mbaile agas níor léig aithne fair neoch
go ttáinic Oillioll; agus air mbeith a bhfód foí
leith dháíbh, ro nasg Meis Geartha rún air Oillioll
gá rádh gur dhúnmharbh féin Dearg dona trí
Deirg, agas gur adhnac ós ísioll é, agas go ttáinic
san ccruth sin gá fholach féin feadh aimsire chuige-
sean.
Ró budh maith lé hOillioll Meis Geartha bheith
a n-iomshláinte. Gidh eadh, badh dubhach um
bhás an Deirg é.
Is amhluidh ró bhí Meis Geartha agus trí coilg
nimhe aige a ccorluighe chroinn a shleighe, agus
ubhall aithleaighthe íarnaighthe go treas bhfóth-
racadh nimhe air shithe an rotha air athghabháil
a chléthe, agas Gath an Daé léar theasg naoí
sgoith-líoga glas-trágha gach líog a ttolg throith
curadh gá fhromhadh, agus colg ndéid do
theasgfadh fionnfadh fionna a n-aghaidh srotha
go bhfáobhar naoí bhfóthracadh nimhe a tturáill
thimne thinneidh leis.
Is eadh do-ghnídheadh a moch-thráth gach
maidne, ró ghabhadh brat garbh glas fair uachtar
a lúirighe don leith amuigh; agas aig rochtain
brúach mara dhó d'éirdheadh d'urlainn crann
ríghe comháirde go roigfeadh an táobh túagh don
mur-bhruacht; agas do ghabhadh aig fíadhain-
ruithneadh tulcha Shléibhe Breagh lámh dheas lé
muir thúaigh go roigfeadh an coirthe aige Tráighe
na Neón, agas as sin síar-dheas go Fionn-shruth
Breagh agas go Ríasg Fiodh, agas tarsna Bóinne
aig Brúgh Maoís. Agas is aig Ráth Darnaidhe
do chuirfeadh an mílidh 'airm iol-ágha a ccaoídh
chamhdaigh, conár léur do neoch an' úirthimchioll
íad go ham taisdil airna mhárach; agas a nÚaimh
Ladhairnn soir cían gairid ó Fheart Cholpa an
Chloidhimh ro fholchadh na hairm sin go maidin.
Agas is uime do thaisdealadh Meis Geartha an
ráon sin gach ré lá, mur dhúil go ttaigeóbhadh
Conall Ceárnach fair, go ccomhracadh leis, go
ttiúbhradh a cheann agas a chosgar dá thoigh íar
ttain.
Ró bhí fón am sin bean toichle a nDún Chonaill
- Éangus a hainm - do-chúaidh air cúairt go lios
Oillioll .i. a dalta féin; agas air tteacht tair n-ais
go Dealgain dhí ro fhíafraigh Conall sgéala dhi,
"Ní bhfuil agam," air sí, "acht aoín-nídh
do-choncas ann súd, .i. óglách a ccomháirde
Fhearghais, folt fada fionn-chas leis, ruisg ruith-
eanna río-ghorma, agas oineach áluinn go ngnúis
ngrúama leis, fánus funga san ccarcair úachtarach,
agas beann-cholbha íochtarach dá dhéada mur
fhras néamhanna; agas an tan do-ghnídh gáire is
leór d'aoíbh fair mhurar é, agas is dubhadh mór-
mhuinntire a ghruaim; agas cumpar curadh
leis; agas ní léar dá chorp acht a aghaidh, agas
is gilithire nó sneachta áon-oidhche a leaca, agus a
ghrúaidh mur chrú na láogh; agas ní haithne
'neoch san dúnadh é. Tíaghaid as gach moch-
tráth co nach fios d'áon cía ráon dhó go hurthosach
oídhche, agas is sí a áon-phroinn mun am soin
eó Bóinne dá fhiadhain féin agas digh d'uisge
fíor-thiobraide; agas is éadh is éadach dhó
garbh-bhrat dubh-ghlas gá fholach go trácht, agas
ceann-bheart don ccéadna fair a cheann."
"Maith, a Éangais," air Conall, "is bíodhbha
bhioth-bhúan dhamh-sa an fear sin; agas táinic
eill miosgais tré mo leannta air a iomlúadh dhuit
a ccéadóir; óir is é sin an mílidh mór-chalma, .i.
mac Dubháin Duibh-dheirg léar tugadh trom-
argain na ccuradh, agus fós lé a ttuitfe meise; óir is í
araéir an treas oídhche táinic chugam-sa, agas
caoír air ndearg-lasadh 'na dheas-láimh airna
thabhairt tré mo chompar síar seachtair; agas is
dom bhrath táinic go hÉirin don chur-sa; agas
is éagcothrom an bháidhe d'Oillioll Iomrúadh mo
bhíodhbha-sa do cheilt fón ccuma sin; agas is
beag an tairbhe thiocfas don tí lé a ttuitfe an fear
sin; óir díoghalfaidh a bhás ría nó íar ttuitiom
dhó."
"Dá madh fiosach misi air sin," air Éangus,
"ró dháilfinn digh fair lé a rachadh a bhrúgh goile
úadha."
"Ró bhudh mbúaidh dhúin-ne an t-aitheasg
sin dá madh fíor," air Conall.
"Is fíor," air sí, "agas rachad-sa an athúair
go dún Oillioll, agus nídh éigin dod ghnéithibh órdha-sa
liom gá athnúadhadh lé Caffann Ceárd; agus
teagbhaidh-si dhamh aig Bóinn attúaigh airna
mhárach."
Ro budh fíor di-si sin. Táinic an chailleach
go dún Oillioll agus aithnigheas dhó éirim a turais.
Ro athain Oillioll do Chaffann fail Chonaill d'ath-
núaghadh. Dáileas an chailleach fáon-dhigh air
an ccuradh Meis Geartha, agas ráinic Conall tair
Bhóinn gur nochtadh dáil na díghe dhó: "agas
ó thiucfas meadhóin laoí rachaidh a uile mhean-
mainn úadha air sin."
Is lé sin do-chonairc Conall Meis Geartha aig
dul tair Reannaibh Bóinne attúaigh, agus ráinic
Conall soir-thúaigh do Thulaidh an Dáobh agas
do Gharbh-fhearann Mheann mhic Salcolgain
gusan ríasg atá idir Cluth agus Cloch. Ráinic Conall
ó thúaigh agas Meis Geartha ó dheas, agas mur
ráinic dháibh a chéile d'fhaicsin d'fhíafraigh
Conall.
"Cáid ann do bhíodhbhadh?"
"Meis Geartha," air an dara fear.
Ro chomhfhoigsigheadar na curaidh dá chéile
gur ghabhadar aig díobhracadh a chéile dá ngaéithi.
Is ann sin táinic dhá mhurdhúchan for an ccúan
a ngar dháibh, murdhúchan andeas agus murdhúchan
attúaigh; agas iss eadh do chanadh an mhur-
dhúchan attúaigh.
"Nimh for rinn
agas rinn for sgéith."
As eadh do chanadh an mhurdúchan andeas
"Crích air threas
suil thiucfas teas."
Budh deimhin lé Conall gurbh airm nimhe ro
bhí ionfhéadhma aig Meis Geartha an' aghaidh-
siomh, go ttiocfadh bang mhór for ccúla a ccomhair
gach ré n-urchair gaéithe ó Mheis Geartha, go
ngabhadh an gath a ndruim na sgéithe; agas
bhí do neart an churaidh go ttiocfadh Gath an
Deé do dhruim sgéithe Chonaill chuige tair n-ais.
Feargadh Meis Geartha go mór lé sin; agas
mar do-chonairc Conall an gath aig toigheacht
chuige go loinnreadh teineadh tréin-dheirge, ro
chuireas an gath thairis attúaigh lé fáobhar-chleas
na mbúaidh-sgéithe. Gabhus Meis Geartha an
ubhall íarnaidhthe go ttáinic for Chonall san modh
ccéadna, agas cuireas Conall thairis mur an ngath
í.
Is ann sin tug Meis Geartha colg dona trí cuilg
nimhe as corluidhe croinn a shleighe fair Chonall.
Gabhas Conall an colg san sgíath agus bhí d'imghéire
na lainne gur fhan inte. Táinic an dara colg agas
an treas colg fair, gur fhanadar san sgíath mur
an ccéadna. Agas bhí do lúth Mheis Geartha nach
raibh air cumus Chonaill airm air bioth d'imeirt
fair; óir badh lán-obair leis é féin d'iomchosnamh
san bhféidhm mhóir sin air airm Mheis Geartha.
Dlúthaid na curaidh lé chéile iar sin aig dul
a muinchin a ccloidhmhthe. Ro budh suaill a
bheith gá bhfeitheamh, agas ní air mhéad a
ndíobhracadh acht air fheabhas a n-iomchosnaimh,
gur musgladh agas gur soghlúasadh lucht na tíre
'na n-uirthimchioll ré fúaim agus ré sían-gháir a
ccloidhmhthe fair a sgíatha agas fair a lúir-
eachaibh; gur gháireadar báidhbh baoíthchéille,
geinte glinne, agus deamhain aidheóir, úasadh agus do
gach leith dhíobh; agas bhí do thruime thuargain
na ccuradh fair a chéile gur éirghe duibh-cheó agus
smúid dhoiléir, amhuil chíaidh cheárdchan an
tan fa hurladha mór-cháora fair no hinneóna
inte, mór-thimchioll forra co náir léar do neoch
íad acht mur d'éirgheadh na láoma teineadh día
n-armaibh; agas ní thug ceachtar dhíobh
créucht nó áladh fair a chéile ris an raé sin.
Agas ó tháinic meadhón laé, ró luidh a bhrugh
goile agas a uile aigneadh meanmainn ó Mheis
Geartha, léar thuit fáobhar chloidhimh Chonaill
go mór fair. Táinic Meis Geartha fair Chonall
go ttug trí trom-ghona móra marbhthacha trésan
mbúaidh-sgéith agus tré bhrollach na lúirighe dhó.
Agas air ndul céim tair n-ais don ccuraidh táinic
Conall fair lé béidhm ndeilinn léar theasg a cheann
dé; agas mur thógaibh an ceann ró chúaidh an
cholann ass. Agas ní fiosach áon d'fhearaibh
Éireand feart Mheis Geartha ó sin anúas; ionnus
go raibhe gá iomlúadh cían fada aig Laighnibh
dá éis sin, gur mír bhréige an mhír churadh ro
chomharthaigh Conall d'inchinn Mheis Geartha.
Iomthúsa Chonaill ráinic for ccúla go Dealgain
agus as sin go hEamhuin, mur do chomharthaigh mír
churadh d'inchin Mheis Geartha, agus is dá mhíthin
sin ró fúair Conall oirdhearcus laochraidhe
Éirionn.
Caoicís ar mhí dhó dá leigheas a nEamhuin,
gur dháil Conchubhar fleadh mhór-lúach air féin
agas air na curaidh mur air fhíafraidh mac
Neasa éirim na teagbhála shúas dhe, agas ró
nochtaidh Conall sin dhó amhuil atá 'nar ndiaigh.
Cona í sin Uidhe Mheis Geartha, tréanfhear
Éireann roimhe sin.
TOISG NA CCURADH A CCRICH NALBAIN
Feacht n-áoin dár comóradh áonach óirdheirc
Éireann a magh Tailtean air úir Dhubhchumair
a n-íochtar Laighean, agas tángadar ann na trí
oll-amhraibh .i. Con Raoí um chlanna Deaghaidh
andeas, Ollioll Fionn um Gháilleóin aníar, agas
Conall Ceárnach um chlanna Rúghraidhe ó
thúaigh.
Is amhluidhe a thángadar na trí dronga shúas,
.i. fághfuidh, gan gaisgidh umpa, acht a
n-éadaigheadh iméadhrom n-oireachtais forra.
Imeagallaid uile dia-roile air eang don magh;
agas ro budh neamh-ghnáitheach a bhfoirm an
lá sin seach gach lá aonaigh eile ríamh roimhe
sin; óir is amhluidhe ró bhádar, .i. leath cudroma
comhronna do gach droing fói seach go n-ulcha
feardha, agas an chomhroinn n-oile amhulchach
go bhfaeidh naoidheanda.
Rángadar trí gnéithe oirdhearcuis an t-aonach
an lá sin, .i. mac Iach go mBoir-Cheat Bheannach
ón Doire Líath, mac Uill go bhFionn-loth
Ghraoidh Taé ó Mhuigh hEó, agas mac Beinneinn
go Sein-lornn Bheannaibh Bhoirche; agus air
fhúagra na ttrí ngréithe sin air fhearaibh
Éireann don tríar iar dtain ró thairg úaisle
Gaoidheal cumha mhór tair cheann gach mír
óirdheirc dhíobh sin d'fhosdógh, agus an mhír féin
ós a cheann sin.
Agas air a léigean amach dona trí hoirfhearadh
is eadh do lean Finn-loth Taé Gáileóin, agas is
íad ro fhasdógh an Ith so úd na hóga amhulchacha
don droing sin, air úir Shionna attúaigh.
Gabhaid Clanna Deaghaidh réimfhuadhbairt
Bhroith-Cheat Dhoire Léaith, agas is íad a n-óga
amhulchacha sin ro fhosdógh í idir Dubh-ríasg agas
Cnoc Úr-bháin.
Clanna Rúghraidh iomorra ró leanadar an tSein-
Iorrnn soir, agas is íad a n-óga neamhulcha sin ró
thrasgair an t-iolar dá ccroinn tabhaill air thráighe
Mhuirtheimhne.
Luidh gach droing cona mír níadhachais go
Tailtean tair n-ais. Ro íadhadar Fir Éirionn
umpa fán am sin aig oirdhearcas na ngníomh
n-iongantach, gur aithin cóigeadheachaibh Éireann
bruighean n-óla, go n-ocht sleasaibh do urthógbháil
a ccéadóir air an leath amuigh don aonach air
fhuráileamh fleighe dona trí drongaibh shúas.
Teóra lá cona n-oidhchibh dháibh aig ól agas aig
aoibhneas gur bhudh meisge meadharchaoin íad.
Is ann sin do labhair Conchubhar mac Fachtna
Rígh Uladh:
"Maith, a fhearaibh Éireann, gér dhiombúaidh
an dobhrainn ró imir an Doilbh-bhuidhin an-
allód fhoraibh, is dearbh gur fhás a ccoimhlíon
do níadhaibh glan-oirbheartach, ro chin aniodh
fair a n-uideagha sus fair an druing a torchradh,
agas mádh fhásaigh a ngníomhartha amhluidhe
súd réna ccomhaoís, is séanmhur an tír darab
cáomhna dháibh."
"Cía nár bhudh headh, a Rígh?" air Conall:
"óir is lán a n-aois armghabhála agus shealbhadh
grádha gaisgidh íad súd uile."
"Is seadh cheana," air Con Raoí, "agas is rún
dhúinn fós dul a nAlbain lá éigin do dhíoghailt
an anfhorlain sin air an Doilbh-bhuidhean."
"Cía damhna liosdacht dhíbh?" air Conchubhar.
"Ní fhidir," air Con Raoí, "acht madh haon
aonta dháibh; agus id-chiú-sa aig feitheamh
teagaisg bhan-chara ro lá sin dhamh an tan
roigfeadh an Ghúal Ghaoí Dún Sgáthaigh."
"Fil damhna n-oile againn," bhair Oillioll
Fionn, "óir ro luidh tréainfhear dar ccineadh don
nEasbáinn, .i. mílidh mór-chalma don iocht
churadh, agas ní hiomlán sinne gan é."
"Fil damhna liosdacht n-oile aig Ulaidh,"
bhair Fearghus, ".i. an mac beag mac Subhaltaigh
a n-Eamhain, cían gairid go madh feardha eisean
cía hí so an seachtmhadh bliadhuin día aoís, óir
madh hairm ghaisgidh aon-úair dhó ro budh
slúagh níadhachais é."
TRACHTAR ANN SO AIR URFHÓGRA NA
CCURADH d'FHEARAIBH ALBAN LE MIC
NEACHTAIN
Mic Neachtain iomorro: ró bhádar na trí
saoighthe óirdhearca sin a mbréig-riocht air
Aonach Tailtean san am ccéadna, aig feitheamh
féadhma na ttrí n-aicmeadh, agas aig éisdeacht
imeagallmhadh na ccuradh, gur ghabh uamhain
mhóir íad aig faigsin lúth agas lámhach na n-amh
n-ógaibh shúas. Acht atá ní cheana: ró téaltógh
leó sin na trí hóirdhearcais réamhráite, .i. an
gheil-stéad, a' t-iolar, agus an fiadh, agas tugaid faé
dhoi-eóluis dhoirbh-fhásaigh um a ttríochad céad
d'fhearann mór-thimchioll a ndúin, co nárbh
aithne 'aoín-neach d'Éirinn é.
Lotar mic Neachtain go dún Oillioll Iomrúadh
tair Reannaibh Bóinne andeas, agas nochtaid dhó
gach a bhfacadar, agas gach a ccúaladar a
tTailtean; óir is amhluidh ro bhí Oillioll a searg-
luighe air ttréigbheál a chrotha, a lúth, agus a
lámhuigh ón lá far thuit a chara choigle, .i. Meis
Geartha, lé Conall; mur do hiomrághadh aig na
trí Deirg agus aig fearaibh Alban rún do bheith aige
san cceilg léar thuit an mílidh Meis Geartha.
"Maith, a cháirde," air Oillioll, "téighidh
d'fhios chloin Aileóin agus chloinn Dubháin, .i. Cairbre
agus Críomhthann, a Manainn, agus ráidhigh leó an
t-aitheasg sin suil thiucfas forgla fhear n-Éireann
orra."
Luidh mic Neachtain go Manainn go lios Aileóin.
Ró budh mór gáirdeachus na bhfear sin reompa;
ach mur do-chúaladar éirim a tturais, tíaighaid dá
loing go rochtain Inbhear Neas a n-oirthear Alban,
agas imeagallaid na trí Cuinn um chomhair
Gáoidheal. Lotar teachta ó na Cuinn go ttísdís
na trí Duinn ó Ghleann Dadhna, agas na trí
Sheadhna ó Shlíabh Lorc, agus na trí Dealbhna
ó Dhún a' Tréain, agus na trí Duibh ó Ghleann
Caidhean.
Rángadar sin uile go hInbhear Neas. Is ann
sin ró-chúadar a ccogar agas a ccomhairle lé chéile
a bhfód for leith; agus as í comhairle do cinneadh
aca, droing dhíobh do dhul don Iorúaidhe agus
Arannach Oileach Éirgne do chealgadh ré dúaisibh
iomdha go madh caraid sho-chumainn dháibh an
fear sin, óir budh dearbhráthair don Dubh-laoch
easean, agas dob é Oileach Éirgne an foslongphurt
comhnaigh ró ghnáthaigh-sean cona Ghúal Ghaoí
an tan bhudh a ttúathaibh Eórpa dháibh; agas
badh dona hoileánaibh ró chuirfeadh-san gáo-láoch
a n-ionadh an ghao-láoich luidhfeadh úadha.
Iomthúsa fhearaibh Alban, is íad ró-chúaidh
ann .i. na trí Duibh. Agas adeir an sgéaluidheacht
go ttug Dubh dhíobh Fionn-Ioth Ghraoidh Taé
mur shéud dá shéudaibh leis san turus sin: stéad
sin ro budh coimhdeas muir agas tír dhí; agas
an dara Dubh, Broi-Cheat Dhoire Léith: fiadh
sin, iomorra, gá chuir a ccoire ré hucht proinne
gach nóna ró budh a n-iomshláinte eisean gach
ré maidne; agas an treas Dubh, Séin-Iornn
Bheannaibh Boirche: iolar sin ro thuismheadh
uidh n-órdha gach seachthmadh bliadhain a
mBeainn na nOrc - agus budh do shéadaibh
óirdheirc Chonchubhair san cCraobhrúaidh na
horcaibh sin.
Ciodh trácht, ró budh hiomdha ór agas mbúaidh-
shéudaibh an triúir sin aig rochtain Oileach
dháibh; agus is sí taisde tugadar amach san
ccathair gur bhudh do lucht na n-oileán íad féin;
agas tugadar fleagha móra mionaca d'Arannán,
mar áon lé hiomad seód, ionnus nár leór leis áineas
air bioth gan íad. Ró bhádar air an ccuma
sin go toigheacht an Dubh-laoch agus na Gúal Ghaoí
go hOileach Éirgne.
Gabhus an Dubh-láoch na trí Dhuibh chuige
air fhuráileamh Arannáin. Athaidh fhada dháibh
san Iorúaidh go bhfúaradar árach air an Ghúal
Ghaoí, agus ní haithristear áoin-nídh forra go
rochtain Dún Sgáthaigh dháibh. Is amhluidhe
a thángadar ann agus laoídh chumainn, mur gurbh
é an Dubh-Laoch do chuirfeadh leó í d'fhios Aoífe,
ionnus go ccuirfeadh sí an trealamh gaisgidh agas
an dabhach a d'fágaibh air a coimhéad diá fhios
ris an tríar fíor-chara sin; óir ní thug Aoífe, nó
neoch eile aithne forra.
Aomhus Aoífe an nídh sin agas thug na Duibh
an ghaisgidh agus an dabhach leó go hInbhear Neas,
agus dob é fad na haimsire ró bhádar air an órdugh
sin trí bhíadhna ón ccallann no chéile. Agas ní
dheachaidh tocht ris an raé sin air fhearaibh
Alban ach aig fagháil na huile ghnéithibh ríach-
tananch urláimh a ccomhair thoigheacht na
ccuradh. Agas is don leith astoigh don aimsir sín
ró torchradh mic Neachtain ris an mac beag .i.
Seadanda mhac Subhaltaigh air faithche a ndúin
féin.
Agas an bhliadhain íar sin ráinic an Fear Día
a nÉirinn íar mbeith seacht mbliadhna aig taffann
na Brúgh Beinn-órdha a nGaisgeáin na hEaspáinne
tré ionnladh uisge agus ghaisge maidhne Caoimh-
fhinn, inghean Dearbháin do Chonnachtaibh, air
a n-innstear ann eachtra n-iongantach sa romhainn.
EACHTRA DHAILGEÓIN DEIRG RIS A
RÁIDHTEAR AN FEAR DÍA MHAC
DAMHÁIN MHIC DÁIRE MHIC DÍOGHARBHA
MHIC LÓICH MHIC ANLÓICH, COLBHA
CHURADH NA NGÁILEÓN
Fear Día, iomorra, aig Dailgeóin Dearg a
nIomhair chois mara shíar ró hoileadh eisean; agas
ró thiodhnaic a oide a cheartha, a ionmhas, agas
a uile fhearann fair. Dá Thaigh mac Dubháin a
chéad-ainm, agas ní lamhadh Dailgeón a ainm gá
leanmhuin, acht a ainm féin, mur nach raibh
sliocht fair.
A cceann a sheacht mbliadhna do-chúaidh go
hIorras air sgoil ghaisgidh na nGáileón. Budh
dá mhac-ghníomha rinn a shleagh trí naonmhair
curadh do chur dhe lé rinn aon-ghaeith mbig.
Budh dá mhac-ghníomha, gach naoídhmhadh lá
don mí Tolg agus don mí Beáiltine, don mí Lúghnosa
agus don mí tSeamhuin .i. na trátha sin do
chleachtadh Gáileóin a ccluidhthe gaisgidh do chur
a meabhair air thulaigh a ngar d'Iorras dia
ngoirthidh Colbha na cCuradh, d'fearadh Dail-
geoin gach ré chleas ngoile san bhfaithche a
n-ionadh leis féin ós comhair na ttréan, gé nach
ttáinic dhó a áireamh orra mun am sin. Aireas
Fáodhbha, dráoigh Oillioll, sáothar an ghiolla
bhig, agas tig dá fharraid, go ndubhairt:
"An meabhair leat uile-ghníomha na láoch
san ló so?"
"Is meabhair," air Dailgeóin, "agus barr tarsa."
"Carsad sin?" air an draoígh.
"Do dhíoghchuirfiad díom rinn-ghaéithe beaga
agus móra sleagh agus soighead fhear nÉireann le mo
roith chlé um chnis, agas gan dom chosnamh acht
camhail ochta um dheárnoinne mo láimhe deisi."
"Fíorfad-sa nó bréagnómhad na briathar sin
do láthair," air an draoí; agas lé sin tugas camhail
ochta don macáimh, agus fógras dona curadhaibh
uile a aimsiogha día ngaéithe beaga agas móra
sleagh agus soighead.
Ro dhíoghchuir Dailgeón na fáobhair
dhe, gé thángadar 'na bhfras-cheatha
"Dámadh feardha an mac úd," air Oillioll,
"ro bhudh día úasaibh Éireann é."
"Is Fear Día úasibh Éíreann don chur-sa é,"
air an draoígh; "agas is sé sin an t-ainm is
comhdhais dhó ó so amach .i. Fear Día."
Ro bhí bandáil Iorrais aig feitheamh na féadhma
an lá sin mur gach lá n-oireachtais eile, agas
thárla 'na measg inghean áluinn iol-chruthach -
Caoimhfhinn inghean Dearbháin do Chonnacht
ise - agas tug tuile trom-ghráidh agas sruth fíor-
áidhbhéil seirce d'Fhear Dia. Faoidheas teachta
ós ísioll dia fhios. Luidheas Fear Dia dá farraid
mur do nocht sise a huile ghrádh dhó, agus bhí do
mhéad a ccumainn gur chuimeasgadar lé chéile,
agas rób é an coibhche nasg Caoímhfhionn fair an
Bhrúgh Óir-bheannach thathaigh sléibhte a
mBíosgáin na hEaspáinne d'fhasdógh a n-iom-
shláinte dhi.
Gabhus an Fear Dia an turus sin do láimh, agus
tugas ucht air muir ó dheas gan fhios d'fhearaibh
Éíreann acht Caoímhfhinn agus Iollainn mac Cairb,
a chomhdhalta, do-chúaidh leis a n-inmhe ara san
n-eachtra sin; agas ní haithristear sgéaluidheacht
orra gur shnaoídheadar a mbárc a ttír aig bonn
Shléibhte Gúa san mBiosgáin. Bíodh fhios agad,
a léaightheóir, nár áitigh neoch an eang sin don
Easbáinn, agas go ttug an Fear Día lón agas gach
neithe ríachtanach eile dá luing gusan ionadh sin.
Ciodh trácht, thógbhadar boith air úir an chúain
a ngar don tslíabh, agas do réir taisde Iollainn
mhic Cairb níor chodail féin aoín-néall an chéad
oídhche ó shíodhain-gháir na n-oilphíasd n-iongan-
tach n-álta ro thóg a n-urghráin dháibh; agas
airna mhárach, tré mhéud a uamhain, nach
géabhadh flaitheas an domhain agas fanamhuin
an dara hoídhche fán ccuma sin.
Aithneas an Fear Dia dhó dul don luing, agas
do-chúaidh féin san tslíabh aig tabhairt árd-mheas
forsan ccrích; agas is amhluidhe ro fúair a foirm,
.i. dhá shlíabh dhéag air luidhe aoín-nóis don leith
thúaigh, agas a ccoimhfhreaghra n-oile don leith
deas, agas faith' fhada fhéur-úaithne fhionn-
sgothach feadh rinn a radhairc aig eadarsgarthainn
na ccomh-ard, agas ceithre doirse fithchead forsan
ngleann ccáomh n-áluinn sin, agas éagh n-áluinn
n-alla go mbeannaibh n-órdha aig inghilt for
bhéul gach ré ndoruis dhíobh.
Ro ghaibh aill iomfhúabartha uile leanta an
Fhir Dia air bhfaicsin na ngnéithe sin dhó; óir
ní raibhe a fhios aige cía dhíobh sin dia ngoirthigh
an Bhrúgh Óir-bheannach. Tháinic táir n-ais
gusan luing, agas géarbh áluinn gnúis agas oineach
an mhic sin aig dul san tslíabh, ní mór gur athain
an t-ara aig teacht tair n-ais dhó é, tré mhéad
na hurghráine ro ghaibh um an dúath bhí 'na
chomhair.
"Maith, a Iollainn," air an Fear Día, "luidh tair
n-ais d'fhios Chaoímhfhinn, agas abair ris an
inghin sin laoídh uidhe 'thabhairt ós áird mo
leachta nach bhfaca sí madh go ttrásda agas nach
bhfaicfe go foir-cheand a' bheatha; óir ní bhfuil
dom chumus an toisg si 'chríochnughadh;" agas
adubhairt:
"A Chaoimhfhinn, a chnú chumhail,
ní aisge chara ro fhromhais;
trúagh nach doirbh-dhigh dháilis dhamh
sul fár aomhas an chráidh-chinneamhuin.
"Trúagh nach air faich' Cholbha na ngleó
ro thuiteas ré gaéthe Gáileón,
nó ré hanfa rom-char for linn,
sul for charas d'aisge, a Chaoímhfhinn.
"Olc an chara chumainn
d'íadh air bhfíor-chara umainn;
ise ga mo chumha-sa air áin,
misi gá cumha-sa dia dhiombáidh."
A haithle na n-imeagallamh sin luidh Iollainn
mhac Cairb for muir tair n-ais, go ttáinic a ttír
aig Reanna na Beig-insi, agas as sin go lios Dear-
bháin. Nochtas a thoisg agas a thuras do
Chaoímhfhinn, agas mur do-chúalaidh sise sin ro
ghaibh aig aifir agas aig eidir-chasaoíd uime féin,
ionnus tré mhéad a dabhrainne gur ghaibh seirg-
luídhe snaoidhmhe sníomh-chaithmhe an inghean
iol-chruthach, conach mbí air marthain dhi ach
mur chúal chríonaigh loim.
Iomthúsa an Fhir Dia, is í comhairle do cinneadh
aige eagh dhoruis an gleanna fa neasa dhó do
thaffann air dtús; agas is é fad na haimsire ro
bhí aig fúabairt na n-eagha sin, .i. ráithe, ón
ccallainn nó chéile. Agas ó do thaffann amach
tair dhorus an ghleanna í, níor lamh dhí toigheacht
asteach for áon-ndorus eile gur fhasdógh a cceann
na raé sin í.
Acht atá ní cheana, ró thaffann an Fear Dia
gach éagh fói seach dona ceithre heagha fithchiot,
agus ró bhíodh ráithe aig fasdógh gach áon-eagh
dhíobh fói seach; agus do thigeadh Iollann mhac
Cairb air an ccúan a cceann gach trí mhí lé bíadh
agus lé lionn chuige an Fear Día, agas do-bheireadh
gach raé n-eagh tair n-ais go Caoimhfhinn, agas
mur is taoísge rigfeadh a ttír a nÉirinn ro thuit-
feadh na beanna dhíobh.
Mur sin don Fhear Dia go ttáinic dhó an éagh
dhéighionach dona ceithre heagha fithchead
d'fhasdógh, agus táinic féin ris an eagh san luing.
Is amhluidhe ro bhí seisean fán am sin, 'na ruisde i
rúadh-chréuchtnuidhe airna chognamh agus airna
thimchioll-ghearradh lé draoíghne sgéaith-dreas
agus doirbhéalaíbh na críche ré headh na húaire sín,
.i. na sé bhliaghain sin do bhí aig taffann an
fhíadhaigh shúas, conach raibhe méad n-órdlaigh
dia chorp gan searg-ghuin agus créucht chríon-fhola
aigá chrádh; go madh léar gach alt agus gach féith agus
gach cnáimh dhe aír ttréigmheál a chrotha agus a
chaoímh-oinidh, ionnus nárbh aithne d'aoín-neach
dá bhfacaidh aríamh roimhe sin é. Athaigh
n-athghairid dáibh air muir go ttárla curach orra
agus gan do dhaoíne ann acht áon-sheanóir cían-
áosda.
"Cía fil ann?" air an seanóir.
"Atáid ann," air Iollainn mhac Cairb.
"Cía hí bhur n-eachtra?" air an seanóir.
"Go roigfeam Éire," air Oillioll.
"Cía an t-othar sin agad?" air an seanóir.
"Macáimh gonta dár ttír," air Iollann.
"Tabhair chugainn anall é," air an seanóir.
"Ní háil linne sin," air Iollainn; "acht tar-sa
anall chugainne, agus más cumus dhuit a leigheas
rachaidh a lúach íce go maith dhuit."
Tíaghaid an seanóir anunn agas gabhus lámh for
leigheas an Fhir Dia; agus dob é fad na raé ro
bhádhar air an órdugh sin, .i. dhá mhí dhéag gan
íath, insi, nó oileán d'fhaicsin do thalta an domhain,
agus a cceann na haimsire sin rángadar a ttír san
mBeig-insi a n-íarthar Chonnacht a n-aigneadh
mhór agus a n-iomshláinte fhoirbhthe.
"Cía cumha atáthair d'íarraidh, a chara
ionmhuin?" air an Fear Día.
"An Bhrúgh Óir-bheannach," air an seanóir.
"Truagh sin," air an Fear Día, "óir is mír
dhabhrainne dhamh-sa an feithide sin, agus ní lúgha
lé inghean Dhearbháin é."
"Rachad-sa libh," air an seanóir, "go hinghean
Dearbháin, agas mádh áomhann sin an toil leat-sa
é?"
"Is toil," air an Fear Dia.
Tíaghaid uile go Dún Dearbháin íar sin, agus mur
as lúaithe do-chonairc Caoímhfhinn an Fear Día
agus an Bhrúgh Bheann-órrdha ró éirghe a luinn
lúathghára aig fáiltioghadh go dil díochra dhó,
agas mur is taoísge ro-chúalaidh an éagh guth na
hinghine táinic a ccruth mná áille éagcosg, ró
chinn air chinéul banda an bheatha; agus mur
do-chonairc an seanóir sin do phóg go méad
meanmainn í, agas nochtas air an láthair sin gurbh
é féin Flath Thearmla san mBiosgáin agus go raibhe
ceithre hingheanadh fichiot do chloinn aige, agus gur
cuireadh a riocht cheithre n-eagha fichiod tré
aithmhilleadh draoigheacht íad agus gurab a nGleann
na n-Éagh air shléibhte Guá ró áitigheadar, agus go
raibhe amhluidhe go ttáinic dhó-san a n-iomhfas
dógh, óir ní lamhadh cú nó gadhar nó each nó
lúas laoich na heagha sin do chlaoidh; agas leis
sin, táinic na ceithre hingheanaibh fichead do
láthair an tseanóra aig déanamh umhlaidh dhó.
Athaidh athghairid dáibh a lios Dearbháin go
ttugadar lámh air imcheacht, .i. Iubhán mac
Iubhrúaidh flath Tearmla san mBiosgáin cona
cheithre hingheanaibh fichiod, iar cceileabhradh
do Dhearbhán cona theaghlach.
Dob í sin an t-aonmhadh bhliadhain fichead
d'aoís an Fhir Dia, agus an aonmhadh bliadháin
d'aois Chú Chullainn, agus an bhliadhain dár athain
Tuireann inghean Chúanna, .i. máthair na tTrí
cCúan Airtre do Chon Raoí dul a n-Albain do
dhíoghailt na ttrí ndearg-rúathar tugadar an
Doilbh-bhuidhean roimhe sin air fhearaibh Éireand.
TOIGHTHEASDAL NA CCURADH GO
BEANNCHAIR ULADH
Daithle Thuireann, inghean Chúanna, máthair
na tTrí cCúain Airtre, mur is taoísge do foilsigheadh
dhí an Dubh-láoch cona bhuidhean tríochad céad
do riachtain Dún Sgáthaigh, lotar teachta úaithe
gá fhoilsioghadh sin do Chon Raoí. Faoídheas
Con Raoí teachta go hOillioll Fionn a cConnacht
agus go hEamhuin a nUlaidh, agas dob é ionadh
a tteagbhála aig Beannchair Uladh.
Táinic Con Raoí Beannchair go ttríochad chéad
déagh-láoch go n-éidibh corcra agus go sgíatha luinn-
dhearga. Táinic Oillioll Fionn go ttríochad
chéad Gáileóin, éidibh glé-gheala iompa go sgíatha
lí-gheala airgid aoin-ghil leó. Táinic Conall go
ttríochad céad d'Ulaidh, éidibh cró-dhorcha
iompa go sgíathaibh ndubh-ndúaibhseacha leó.
Ro hiomráidheadh aca ann sin cía dona trí haic-
meadh bhudh cóir dul a nAlbain air tús.
"Cía budh cóiracht mise agus Clanna Deaghaidh?"
air Con Raoi; "óir is orainn a tugadh an chéad-
choimheasgar leó súd a nÉirinn, agus fós léar thuit
gáol an Dubh-laoích chuige a bhfuilmid aig tríall."
Gabhaid luingis ann sin go rochtain Albain.
Acht atá ní cheana: ro foilsioghadh an choimh-
éirghe amach sin d'fhearaibh Alban, dona trí
Deirg, agus do chlann Dubháin. Is amhlaidh bhádar
sin ollamh uirliothe na ccomhair agus is í an
oídhche chéadna tháinic na trí Deirg agus maic
Dubháin for Gháileóin aig tabhairt ionsuidhe
neamh-charthanach orra. Is amhluidhe táng-
adar agus bolgán um sheacht naoídh ngaéthe lé
gach fear, go ttugadar gaéthe gach fir fói seach a
láoch do mhuinntir Chon Raoí, gan ath-tharraing,
a ccréacht mharbhthach, gurbh é easbhuidhe
Chlanna Deaghaidh trí chéad agus dhá chúigear don
rúathar sin; agus ro imgheadar féin úatha gan
fhuilioghadh gan fhoirdheargadh.
Níor bhudh séanmhar lé Con Raoí an leadairt
bhíodhbha sin ró himreadh fair an chomh-ghairid
bhí ann. Lotar an luingeas tair n-ais, gur luidh
chuca tríochad chéad na nGaileón. Gabhaid
féin agus a muinntir sosda agus puible air úir an chúain
go furachair fortamhuil. Ciodh trácht, tángadar
na trí Duibh, na trí Duinn, na trí Deirg, agas mic
Dubháin, cona bhfuireann do ghaéthe beaga forra,
léar thuit fear gach gaéth d'fhearaibh Éireann;
agus chúadar ass gan fhuiliogh gan fhoirdheargadh
fán ccuma sin.
Lothar an luingeas air na mhárach tair n-ais
gur luidh Uladh chuca. Budh dóigh leó sochraid
mhór gá n-ionnsuidhe an oídhche sin, gur chuir-
eadar lucht forfhaire agus furachais amach do gach
leith úatha. Is í sin an oídhche ro thionóladar
na trí Duibh, na trí Cuinn, na trí Shéadhna, na
trí Duinn, na trí Dealbhna, na trí Deirg, agus mic
Dubháin a bhfeacht agus a slúaghadh go Muigh
Béinne attúaigh d'fhearaibh Éireann, aig teagasg
dá muinntir calmacht agus cródhacht mhaith do
dhéanamh, agus go ttíubhraidís ionnsuidhe maidhne
mocha for fhearaibh Éireann sul thiucfadh an
Ghúal Ghaoí dá ccabhair, agus fós go ttáinic Éithne
ré dubh-eagh Shléibhe Mis íad-san, "ionnus madh
marbhthach bhar ccneadha agas bhar n-áladha
n-iomghonta ro budh slán a ccéadóir do los lachta
na mbúaidh-eagha sin gach áon agaibh."
Cinneadh air an ccomhairle sin aca. Tángadar
fuídh réaltain a moch maidhne for fhearaibh
Éireann. Gaéthe beaga, iomorro, budh hairm
d'fhearaibh Alban, agas is do-áirmhthe an mío-
chóradh thugadar air Ghaoídhealaibh a moch-
thráth an laé sin; óir tángadar orra, mur adeir
Luidh na hEamhna, fuigh réaltain, a ccíaidh throm
shnáoidh-shneachta, gan uidhe gan airchiseacht,
aig tabhairt gaéth a ccnis gach fir sul fó ttáinic
dháibh gaisgidh dhá ghabháil iompa, ionnus go
ndeachaidh céad-shlúagh Alban tré eang mhór
d'fhearaibh Éireann fán ccuma sin, gan fuilioghadh
gan fhoirdheargadh.
Táinic an dara trían orra, agus rob é a n-airm sin
crainn thabhall, lé a ttugadar an dara coimheasgar
a n-alt na huaire a raibheadar Fir Éireann aig
gabháil a ngaisgidh agus aigá ccur féin a cceapaibh
catha; agus ní bhfuair Con Raoí Oillioll nó Conall
a mhacasamla sin do dhúath .i. aig díoghchur a
a mbíodhbhaidh an chian bhádar Gaoidhil gá
n-ollmhadh féin, ó ró tháinic ruithneadh glan-
sholusda gréine for thonn-ghnúis talmhuin.
Agas air tteacht a cceann a chéile d'fhearaibh
Alban óir 'na ttrí mbuídhnibh ró bhádar for
Ghaoidhealuibh, ró fhreagradar san fan tsamhuil
chéadna íad. Agas an tríochad céad d'fhearaibh
Alban umá raibh gaisna Gúal Ghaoí tángadar
sin .i. deich ccéad ann gach ceap do thrí ceapaibh
a n-aghaidh thrí n-aicmeadh Gaoídheal. Ro
ghabhadar trá día ccloidhmhthe for a chéile go
méad dí-bhfeirge aig túarghain, aig teasgadh agas
aig athchumadh a chéile feadh raé chían agus fria
aimsir fhada.
Trí húaire ro éignidh Conall mac Subhaltaigh
as cró catha a bhíodhbha air a dhéine tug a fhíoch
'na ccomhfhoigse é, gé nach raibh a bheag dia
dhíon dá chosnamh. Trí húaire ro éignidh Oillioll
Fionn an Fear Dia cona dhíon laoch - agus a choimh-
líon n-oile Con Raoí, a dhalta gaisgidh, i. Feargna
mhac Fail Fiachra cona dhíon laoch, as na crótha
catha íar ttain.
Acht géar mhór brígh agus barrann na ttrí n-aic-
meadh curadh sin Ghaoídhiol - ann a méad gur
chomhraic síad a n-urradha agus a ttréain gur
bhladh-bheárnaidh síad a sgíatha agus a ccloidhmhthe
agus gur bhudh coganta a ccathbhair agus gur bhudh
réabtha a lúighrigh agus go madh for-rúadh na magha
dia ccrú - acht mur is gnáth tuirneamh do theacht
for thréan-shoidhneánn, agus for bhrúcht borrfa
mara, agus forsan cheathar-dhúil a n-am trom-
theagmhála, is mur sin a tháinic duile uaill agus
aigneadh Gáoidhiol an lá sin; óir ró bhrúcht Alba
a ndásacht agus a méad meanmainn forra gur dhían-
sgaoíleadar buidhnibh na ccuradh, léar héigneadh
foir an magh andeas iad, agus ro lean fir Alban an
mhaoídhm soir-dheas aig cur a n-áir go hucht
neóna, go ttáinic dháibh luidh for ccúla go láith-
reach an chatha; agus ní sgíth nó súaimhneas
a-rinneadar ann, acht d'fhágbhadar na mairbh,
agas d'adhnacadar dair thuit dia ccinéal féin, aig
fágbháil Gáodhal mur phroinn chíocrais aig
bruinneóin agas aig fáol-choin an mhagha.
Trí neidhthe ro thabhaidh cosgar catha an laé
sin d'fhearaibh Alban .i. moch ionnsuidhe na
maidhne san ccíaidh shneachta, gaisgidh na Gúal
Ghaoí, agus ionnladh lacht Dhuibh-eagha Mis dá
n-aois ghonta a nDabhach Aoífe.
Iompóghas fir Alban soir-thúaigh gur ghabhadar
sosdadh a bpuible san ngleann lé ráidhtear Bealach
Bugha. Cuirid lucht bratha agus forfhairidh úatha
andeas; d'fhadóghadar tinte agus teannála; ro
caitheamh pruinn agus tomhaltas leó; dáileadh
leanta so-óla forra; agas gabhaid súan agas
sádhal an oídhche sin go ham éirghe airna mhárach.
Tríochad lá san ionad sin dáibh aig tabhairt buair-
thsréada agus tuirc na críche ó ndeas gusan chrích ó
thúaigh gach áon-lá dhíobh sin, gomadh caoimh-
líonta fiodha agus fásaidhibh agus fáin-ghleannta a
thúaigh dona hiolmhaoíne sin. Faoidhid uatha
go Dun Sgáthaigh dís brath-fheara, Baindeal
agas Búaidreagar a n-anmana. Rángadar sin Dún
Sgáthaigh a riocht fir n-ealadhna do Thúatha
Fiodhaigh. Tríochad lá dháibh sin aig feitheamh
uile-thionsgnamh na ccuradh agas na Gúal Ghaoí;
agas a cceann na raé sin ráinic an dís shuas Bealach
Bugha. Is é ró chanadh an Ghúal Ghaoí ré
Gaoídhealuibh buidhne balbha ro thárla foraibh,
cona dhe sin ró leanus an t-ainm Balbhuidhean
d'fhearaibh Alban ó so amach.
Air tteacht dona brath-fhearaibh ón slúagh ro
fíafraidheadh sgéala dhíobh.
"Atá sann," air síad, "trí thríochad céad
Gaoidheal easbhuidheach do los an chatha dhéigh-
eanuidh go n-uimhir ocht ccéad déag air chearchad;
agus tháinic dháibh-sean teachta do chuir a nÉirinn
go ttísdís a ccoimhlíon d'ógaibh fhear nÉireann
n-armtha 'na n-ionadh.
"Táinic chuca-samh fós triar mac Rígh an
Ghabhra, .i. Laoigh, Ioth agus Laochorb, mar aon
lé macnaigh Eamhna, Eich an Daé agus carbaid
Uladh. Carus Conchubhar Iobhar, an ceathramh
mac do Rígh an Ghabhra. Ríachthadar sin Dún
Sgáthaigh. Gabhaid Ulaidh lámh for innealt
a ccarbaid, agus mur ráinic Fearghus mhac Rossa
agus Cathfaidh íad ro thiodhnacadh Eich an Daé a
ccarbad niadhachais do ghiolla bheag óg amhul-
chach fil san tslúagh, drong dá luadh leis "mac
Subhaltaigh" agus drong n-oile "Con cCulainn"."
"Trúagh sin," air mic Dubháin: "a mhairg
dhúinne nár áireamar toisg na droinge sin, óir dá
madh eadh ro budh cosgar na heich sin dhúinn,
agas dá risfeadh a ccomhadhais d'aradh dháibh
ro budh díothugh mór-shluaigh íad."
"Is doimhin go ttárla a ccomhadhais d'ara
dháibh," air na braith-fhearaibh, "óir ro haidh-
rianadh íad lé Laoígh mhac Rígh an Gabhra agas
an giolla beag san ccarbad, go méad n-oirdhearcais,
go lúadh uime .i. gurab leis do goineadh mic
Neachtain. Agus mur ráinic carbad Chonaill
caras Laochorb mar ara.
"Agas atá san a measg Gáileón do Chonnacht,
óglách áluinn iongantach tug óirdhearcas an
tslúaigh uile air bhrúgh agus air bharrann chleas
ngoile: folt fada fionn áluinn 'na ccúachaibh síar
seachtair go rigfeadh a chneis; aghaidh áluinn
il-fheardha go ngnúis agus go n-oineach ríogha leis;
braoích cháola cheachardha ós rosgaibh bith-
bheódha go radharc ndreanda aige, agus a uile ghné
aig úasadh fhear ndomhuin; tairfid a áirde
amhuil Chonall, agas a fhiodhair amhuil mic mísa;
fobhar a iorlabhra a bhfeardhacht; rigidh a
bhassa tair a ghlúine, agas ní coigle neoch san
dúnadh ach an giolla beag mac Subhaltaigh é, agas
coimhfhreagras an mac sin isna huile cheárda an
t-óglách, ach madh áoin-nídh día ráidhid an
"Congan-chneas"; droing gá rádh Dailgean
Dearg leis, agas drong n-oile an Fear Día, agas
ní idir-si cía dhíobh ro leanus dhó, ach cía bhudh
dhe, is do dhéagh-dhaoíne an domhain dhó, agas
carus an láoch sin Ioth mhac Rígh an Ghabhra
d'aradhacht a eich agus a charbaid.
"Tainic chuca-samh don magh trí méirgibh
móra míleata do thiubh-shról cheathair-mbeannach
imeal-cheárdaighthe d'ór n-oinneónda for bharr
n-úachtrach thrí mbilibh chrainn-reamhra shíath-
árda: fiodhair leómhain loinn-dheirg san méirg
ráinic Clanna Deaghaidh; fíadh folúaimneach
lí-gheal n-alla san méirg ráinic Gáileóin; torc
dubh dúaibhseach dórdha san méirg ráinic
Ulaidh. Cladhaid iorlainn na ttrí méirgibh sin a
n-úirmheadhóin na talmhan .i. gach druing umá
mhéirg féin, agas deich ccéad don Ghúal Ghaoí
air aghaidh gach droinge fói seach dhíobh.
"Táinic chuca íar sin trí ríogh-laoích Éireann, .i.
Conall, Con Raoí agas Oillioll Fiond, gur ro nasg
rátha gréine agas éasga forra an uile iomchosaint
do thabhairt ré mórughadh cliú, óirdhearcus, agas
cosgar gach teagbháil bhíodhbha roigfeadh íad
cona méirgibh séad-chomharthaidh sin, agas go
sunradhach a n-aghaidh fir Alban ris a ráidhtear
an Bhalbhuidhean. Agas tug an Dubh-laoch
cona Ghual Ghaoí na rátha céadna.
"Himeagallamh leó ann sin um Dhubh-éagh
Shléibhe Mis, Dhabhach Aoífe, agas um thríochad
céad do ghaisgidh na Gúal Ghaoí ro bhréagnaigh
na trí Duibh ó Aoífe. Goireas an Dubh-láoch air
Thuireann inghean Chúanna chuige, agas teagasgas
dí an Dubh-éagh d'fhasdógh agas do dhíochar
chuice féin, agas an Dabhach do chealgadh mur
an ccéadna, "agas fós mádh chí air cumus na
hinghine sin an eagh agas an dabhach do chealgadh
an ath-úair úaid, cuirfead-sa an eagh sin 'na
shein-riocht féin arís," air sé "acht an ghaisgidh,
ní bhfuil air cumus d'áodhna a tabhach go ttioc-
faidh dháibh féin a toirbheirt, agas is éadóigh sin
go bráth." Agus is íad sin a uile sgéula fil againn,"
air na brath-fhearaibh.
Tángadar ann sin úaisle agus urradha Alban air
áon-láthair gur cineadh comhairle aca um an nídh
sin; agus as sí comhairle sin órdhas, éadálaibh, agus na
táinte thugadar andeas do roinn go comhchothrom
idir forgladh an tslúaigh, .i. an méad nach roig-
feadh gaisgidh na Gúal Ghaoí, agus príomh-láochraidh
Alban do thoghadh fána ccomhair sin, acht áon-
tríar amháin .i. na trí Duibh.
Agas is uime ró cáomhnadh íad sin, go rísdís an
Iorúaidh a ndóigh na seóid ró thiodhnaiceadar
d'Arannán do chealgadh tair n-ais - agus níor bhudh
hí sin a n-aimhlios. Agus an droing si ro sgar risan
iomrúagadh is é comharthadh dháibh caol-
mharaibh Thúaghtha Cruithneach do ghnáth-
thaghall lé báirc agas curacháin d'oídhche agas
TOICHEASDAL NA GCURADH
do ló, go madh uirlice for a ccomhair-sean madh
féidhm dháibh íad.
Agas ó do cinneadh an chomhairle ró budh
deimhin leó nár bháoghal feacht d'aoín-neoch umá
raibh gaisgidh na Gúal Ghaoí. Agas uime sin
d'aithin Éithne co n-an Dubh-eagh do chur go
hÚaimh Lucha aig Reanna Chaol-mhuir Caidhin
gan fhios ach fíor-chara dámh.
Rinneadh amhluidhe sin uile agas gabhaid na
trí Duibh lámh air imtheacht, agus ní haithristear
sgéaluidheacht orra go rochtain Oileach Éirgne
san Iorruaidh, agas láoidh chumainn leó mar gurbh
é an Dubh-laoch do chuirfeadh d'fhios Arannáin í,
gá nasgadh fair an tríar Gáo-láoch sin d'iom-
fhuireach 'na dhún san go muirnn mhóir go
toígheacht dhó féin día fhios. Rinne Arannán
amhluidhe sin, agas ní thug aithne fair na Duibh
an cían ro bhádar ann. Cían gairid dáibh a
n-Oileach Éirgne go bhfúaradar árrach air na
seóid óirdheirc sin do bhreith leó, agas ní dhearna
fos nó comhnuidhe go rochtain Úaimh Lucha a
n-Albain dháibh. Fanuid na trí Duibh san úaimh
dhói-eóluis sin agas fáoidhid Éithne úatha
dh'íarraidh sgéala na Balbhuidhne.
Ní taoísge luidh Éithne úatha nó chúaidh Dubh
an t-íth amach for úir an chúain aig fiadhain altain
agas íasgach chum coda agas tomhaltais d'oll-
mhughadh. Cían gairid dhó air an ealadhain sin
an tan do-chonairc chuige gach ndíreach chois
tuinne a thúaigh inghean áluinn éagcosg, agas
saith go ngilitre sneachta áon-oídhche air éill réna
hais, agus seanóir críon cían-áosda aig toirmeacht
'na díaigh agas naoídhean álainn don chinéul
feardha 'na hucht: gnúis agus oineach go méad
maise agus millseacht léi; tógbháil mhall mhín-
ghrúama 'na haghaidh; dair leat budh do chrích
coigríche ise a gcéin, do los a h-inndil agas a
héidigh; agas mur ráinic sí an Dubh fochtas fios
iúil agus ainm na tíre sin de.
"Cia sin, a inghean?" air sé: "an é nach
eólach san ccríoch so thú?"
"Ní headh eidir," air sí.
"Críoch Chruithneach so," air sé, "agus ní maith
an séun deóraigh do shamhuil-si riachtain san eang
so dhí," air sé.
"Ciodh sin?" air an inghean.
"Cogtha agus conbhliocht atá aig argain agus aig
díothughadh fuirnibh agas ionmhus an fhearainn-si
conach marthannach ach a bheag día háitigh-
eóraibh, agas sin féin gan chruith gan cheartha,
gan dún nó déagh-árus, ach fiodha agus fásaidhibh,
scalpaibh cloch agas cuasaibh crann is téagradh
dháibh, agas biorar, folachta, fiadhuin eagh n-alta
ealtain agus íasgach is beatha dhúinn don chur-sa,"
air an Dubh.
"Truagh sin," air an inghean: "deóraidhibh
a bhfad-eachtra gan oidheacht oidhche ré ais aca."
"Fan amhluidhe," air an Dubh, "go rachad-sa
don bhfiodh so shúas agas mádh chí air mo chumus
ro gheabhthaigh é."
Luidh an Dubh tair n-ais go hÚaimh Lucha agus
d'fhoilsidhe an nídh sin dá bhráithre.
"Cía um a bhfuiltigh dhúinn uime sín?" air
íad san.
"Ní dóigh gurbh í Tuireann inghean Chúanna
thiocfadh dar mbrath-ainne a mbréig-riocht mur
súd?"
"Máiseadh déanamaid-ne ceilg n-oile 'na
haghaidh sin," air síad." Cuirfeam na seóid se a
ndúntaibh na húamhcha, agas air ngaisgidh
umainn agus air bhfoith-éidiogh umainn úasadh
conach mbreathnaigheann é (óir ní luidheann
aithmhilleadh draoigheacht orainn an cían a bhéid
umainn), agus déanam furachas maith, óir madh
hí Tuireann fil ann bíaidh cogar agus imeagallamh
ós ísioll idir í féin agus an seanóir an tan a thiocfas
an súain agas codalta do chách, agas budh
mhaith an séun dúinn a fasdógh mur sin."
Rinneadh amhluidh aca agas tiaghaid an Dubh
anunn aig furáil aoidheacht fair na deóraighibh;
agas mur rángadar an úaimh fúaradar ionadh
fosaighe ann. Táinic Dubh an fhíadhaigh lé hucht
na hoídhche dá bhfios, agas a throm-úalach
d'fhíadhaigh an fhiodhbhaidh agas d'íasg an
inmhir leis. Fadóghadh teine air aghaidh an
bheag-theaghlaidh sin. Beirbhthear fíadhach,
íasgach, agas eiseon leór-dhóchain leó; agas air
ccaitheamh proinn agas tomhaltas leó gabhaid
ionadh súain agas socraidheachta chuca go tráth
éirghe airna mhárach. Gurab ann sin a d'fhíafruigh
na Duibh sgéala don inghean, agas adubhairt sisi
mur leanas:
COMHRADH DHEARBH ORGUILL INGHEAN
FHEARGHUIS MHIC CAITHIRND RIGH
THIR AN TSNEACHTA
"Mise Dearbh Orguill inghean Fhearghail mhic
Caithirnn, lá éigin Rígh Thír an tSneachta," air
sí, "agas bhádar náonmhar mac maith agus mise
amháin inghean do chloinn aig an Rígh sin; agas
táinic óglách áluind inneamhuil d'fhuil ríoghdha
chrích Gheil-insi darbh ainm Baisgheall mhac
Aisgir dom thabhairt-si do mhnaoí, agas ro aomh
an rígh sin. Ro críochnaigheadh a' núadhchar
amhuil nósaibh ghnáitheach na tíre nó na críche.
"Bliadhain dhúinn san dún ríogha lán d'áineas
agas d'áoibhneas gur thoil le Baisgeall mise
'thabhairt dá thír féin. Is amhluidhe atá an
Gheal-inse soir-dheas ó Thír an tSneachta, agas
luidhe cáol-mhara aigá n-eadar-sgarthainn; agus dár
ccáomhna air liosdacht shiubhail na sligheadh
mór-thimchioll do chúadhmar a mbárcaibh air úir
na cáol-mhara, óir atá uidhe laé samhruidhe ré
seóladh glan-ghaoidhthe tarsna na cáol-mhara sin.
"Trí longa líon air ccabhlaidh, agas mur tháinic
dhúinn seólugh a ngar meadhóin sligheadh ró
shéid an ghaoth go tineasnach ón tír andeas mar
áon ris an murbhrúcht a mbéul mara attuaigh,
léar fhoiréigneadh an luingis óna cconaraibh
coibheasacha tair dhrumchladhaibh na dílionna
doirbhe dían-anfaidhe tré mhéad na heasáonta
d'éirghe idir gáodh agus uisge.
"Ach bhí do mhéad na stoirme gur báthugh
dhá luing uainn san anfa sin, agas mo-núar níorbh
fheárr dhamh-sa é; óir tráth sguir gaodh agus uisge
dá n-easáonta ro bhádhmar a ccéin a ndíamhraibh
mara chomh fada sin nárbh aithne áon dá raibhe
san luing cia dona ceithre háirdibh bhudh cóir
stíobhradh. Agas táinic forainn ann sin feabh-
lóraibh mara gur ghaibheadar lámh d'arguin lucht
na luinge. Ach mur do-chonairc síad iomad a
mbíodhbha d'áomhadar amhluidhe dháibh, agus
tugadar leó fán ccuma sin íad go crích na hIor-
úaidhe, agas as sin gusan ionadh le ráidhtear
Oileach Éirgne.
"Is ann sin táinic chuca-samh días óglách ard
allata - an Dubh-láoch ró ráidhtigh lé fear dhíobh,
agas Arannán don dara fear .i. tríath na caithreach
féin: dís dearbhráthar iad sin. Agas mar is
lúaithe chonairc an Dubh-laoch m'fhear féin agas
mo naonmhar dearbhráthar ro athain do bhuidhean
dá mhuintir iadhadh 'na n-uirthimchioll aig
tabhairt gné éidibh íongantacha forra. Ní fhacas
agas ní chúalas a bheag nó a mhór dá sgéula ó sin
a leith.
"Acht atá ní cheana, ro shantaigh Arannán
mise do mhnaoí; agas is amhluidhe ro bhádhas
'mun am sin agas a' naóidhean sa fá mo bhruinn;
agas nochtas sin dó aig aisge an uile itche trúagha
déarola fair, agas ní raibhe maithe dhamh ann.
Ach fá dheóigh, do naisgeas geasa um rátha gréine
agus éasga fair gan mo char go madh slán íar ttuisme
mé.
"Is lé sin do chuir Armannán mise a ccaoí
chamhdaighthe, agus faire oram, go ttáinic am tuis-
midhe dhamh; agus mar tháinic sgéala fé Arannán
air sin cuireas bean tuisme dom fhios, agus caraim-si
cumairce fuirre sin um réidhiughadh dhamh as an
mbruid ann a rabhus, aig gealladh mór-chumha
dhí tair a cheann.
"Is séadh do-rinneamar, mise do chur uile
éidiugh na mná sin oram, agas a' náoidhean sa do
bhreith liom a ndóigh a chur air oileamhain mur
d'órduigh Arannán dí. Agus do chuir sise laoí
chumainn liom d'fhios dearbhráthar dhí féin, agus
mur ráinic mise an fear sin tíaghmuid a ccurach
bheag air muir; agus is mór-iomdha na báoghail ann
a raibheamar air fairge; agas an tan do shaoíl-
eamar seólughadh go Tír an tSneachta, iss é do
teilgeadh a ttír air an ccúan so síos sinn; agas ní
bhfuil do shéad-chomharthaigh Bhaisgeall againn
acht an coileán con sa ró ghreamaidh dhíom san
turas sin."
Ro budh trúagh leis na Duibh toisg na hinghine;
ach tairis sin budh méad meanmainn dhóibh mur
tháinic sí chuca, agas adubhairt léi go ttiúbhradh
féin a fear agas a bráithre dá fios ann sin. Ró
budh luinneach lán-lúathgháireach ise dhe sin.
Dob é sin an lá céadna táinic Éithne chuca-samh
ón Bhalbhuidhean.
"Carsad sgéula agad ór mbráithre dhúinn, a
shiúr?" air na Duibh.
"Is áidhbhéil ré n-aisnéis íad," air Éithne, "óir
tug an Bhalbhuidhean aghaidh air na curadhaibh
uidhe laé athúaigh do Dhún Sgáthaigh: 'na ndá
bhuidhean ro ionnsuidheadar íad. Taisdhealbhas
buidhean dhíobh íad féin san magh andeas dona
curadhaibh agas ró iomfholaigh an dara buidhean
íad féin athúaidh. Ann sin do chomhfhoigsigh-
eadar na beithir bheódha agus na húaithneadha
catha agas na hursadha iorghala móra mear-
chalma sin a chéile, go ndéarnadar cathughadh,
dia sleaghaibh snasda sleamhain-raoíghne fair
chorpaibh agas fair chneasaibh a chéile. Budh
súaill nár chomhthuiteadar na tréin do gach leith
san chéad-choimheasgar sin, óir bheanadar a
cceainn air n-úachtar, agas a ccossa air n-íochtar
agus a ccuirp air meadhóin, tráth leanadh gach
sonn a shleagh ionnus go ttigeadh a n-iorlanna
dia reanna a mbéul ochtaibh a chéile.
"Clann Dubháin, iomorra, budh cinn féadhna air
an mbuidhean sin na Balbhuidhne, agas is dóigh
go mbíaidh air marrthainn go deireadh domhain
dáil na deise dearbhráthar an lá sin. Óir bhí do
mhéad a ndásacht agus a mbarrann gur chomh-
sgaradar ris na ceapaibh catha aig tabhairt ucht
air Ghaoídhil mur fhras shoidhneánn thóirnigh,
nó mur chairgibh airna ccosgradh tré chrioth
thalmhuidhe ré leacain áird-shléibhe, nó mur
mhur-bhrúcht mara mór-bhorbthach ría anfa for
thonn-ghnúis talmhuin. Is mur sin táinic an dá
órd iorghala úd fair a mbíodhbha gá ttúargain
agas gá n-easargain ré na ccloidhmhthe colg-
fhada trésna buidhne bioth-eagartha búan-dhlútha
seachtar a ttúaigh. Trí húaire ro thug clann
Dubháin an comhbhúaidhreadh mór-mhearaigh.
sin air Gháoidhil.
"Tángadar chuca-samh ann sin tríocha roth
do charbait Thúatha Fiodhaigh; greadha dubha
ro bhádar aca-samh; uile íarnaidhe íad soin idir
roth, chreit agus chuing. Is é a táinic 'na n-aghaidh-
siomh an Fear Dia agus mac Subhaltaigh lé carptaibh
Gaodhal, agas géar chalma Túatha Fiodhaigh níor
lamhadar an días shúas íad-san urbhaidh d'imeirt
air na curaidh, óir do mhíochóirigh Cú Chulainn
co n-Eich an Daé and tríocha roth ndéid sin
na trí húaire. Ro mhíochóirigh clann Dubháin
Gaoidhil; agas as sé an curaidh Conall ro bhasgadh
gach ré feacht íad, léar créachtnadh go mór é féin
dá thoisg, óir bhádur gaisgidh Gúal Ghaoí
iompa-samh agas ní raibh sin air-sean. Gidh
eadh, ró bhrúcht clann Dubháin agas a mBal-
bhuidhean air Chonall agas air Fhearghus agas air
Ghaoidhealuibh air-cheana gur mhaoídheadar san
magh reompa thúaig.
"Táinic an Dubh-laoch d'fhóirighthin na
ccuradh mun am sin cona thríochad céad Gúal
Ghaoí, agus ró ghabhadar sin aig cath-bhúaladh na
Balbhuidhne go tineasnach go ttáinic an dara mír
d'fhearaibh Alban a thuaigh forra. Ní bhfúair
Conall nó Con Raoi nó Oillioll Fionn aríamh
dábhrainn budh mó nó fúaradar a n-alt na húaire
sin aig cosnamh thrí méirgeadh Éireann air an
mBalbhuidhean. Teóra feacht ro iompódh mic
Dubháin an Dubh-láoch bonn ós cionn agus ró
shaltraigh fá chosa bíodhbha d'aimhdheóinn a
Ghúal Ghaoí é. Budh samhalta ré ceatha réaltain
luinneardha tré ngeil-chíaidh na frasa aidhbhle
trieadh d'éirgheadh do lúireachaibh agus do
chlogadaibh na ccuradh tré iombhúaladh na
ccloidhmhthe, léar éirghe cailc-cheó shíadh-leathan
úasadh tré shnaoidhe na lann air na cath-ghaisgidh.
Dair leat budh luinnreadh sdúadh n-aoídheardha
nimhe ría frais fearthanna luis-dhealradh na
ccloidhmhe sia-cholga ré gaéthe glan-ruithneadh
gréine uas na tréin.
"Is ann sin ro feargadh fíoch na ccuradh, agas
ro éirghe uaill-mheanmain na míleadh, agus ró
cosgraidh fuil na bhfuinneadh, agus ro neartaigh
aigneadh na n-uaithneadha catha, agus ro dhorchaidh
gnúis na sonn-fhlath, go ttugadair glún le glíadh,
agus troith le taca, agus aghaidh ar throm-ghoin. Is
súaill nár mháoidh an talamh trom-fhódach fá
na traighthe, nó nár sgáin an fiormamuint úasadh,
nó nár thráighidh an mhuir mhór dá haigéanaibh
iomdhoimhne air mhéad bhrugh-ghotha na
n-onchon agus thorann-chleas na niadh neartmhura
neimhneacha sin.
"Treimsi fhada agas athaidh imchían dáibh air.
an ordugha sin ag snoidhe, aig túargain agus aig
easargain a chéile, aig iompódh agas aig iomáin
díbh-línne air-oile ó thaobh an mhagha mhóir sin
.i. gach ré sheal 'na luidhe agus gach ré sheal 'na
seasamh.
"Dála an Fhir Dia agus Chon cCulainn, foiréig-
nighid Túatha Fiodhaidh andeas gur torchradh
leó íad, agus tugadar a ccosgar don ccath attúaigh.
"Táinic dorchacht na haoidhche orra fán am
sin, léar sguir siad do gach leith, agas tá an Bhal-
bhuidhean a nGleann Dáil don chur sa, gan
fhuiliogh gan fhoirdheargadh, ach a bhfuil do
sgur-liosdacht orra, agus uimhir mhór dona Gaoidhil
cneadhach, créachtach, cróilínnteach, gé nár thuit
aon san magh dhíobh. Agus tháinic meisi tar
cheann Dubh-eagh Shléibhe Mis agas na Dabhcha
don chur sa."
Tugthar an Eagh agus an Dabhach dhí a ndóigh
gurbh í Eithne ró bhí ann, agus ní hamhluidhe sin
do bhí, acht Tuireann inghean Chuanna táinic a
ccruth Eithne, agas bhréagnaidh na seóid shuas
léi.
Dála Éithne, bhí sisi aig feitheamh an chatha go
sgur dháibh agus go ráinic Fir Alban Gleann Dáil, agus
luidh roimpe a ttúaigh air cheann na hEagha agus na
Dabhcha. Aig Beánn Banda ró aithainn sí
Tuireann chuice gach ndíreach, agus luidh a
bhforbhais go ráinic an t-ionadh sin, go ttug gath
mbig 'na hucht do Thuireann. Táirgeas Tuireann
an gath agus tug san Eagh é gur torchradh Tuireann
inghean Chúanna agus Dubh-eagh Shléibhe Miss
(darbh ainm Ceaiche inghean Mis do Thúatha Dé
Danainn) amhlaidhe sin; agus do thochaill Éithne
feart san tslíabh anair adhnaic an dís thúas, agus
do thóg a lía ós a bhfeart, agus is de sin a leanus
Beárnaidh Banda don ionadh chéadna ó sin
anúas.
Luidh Éithne go hÚaimh Lucha tair éis na
hoibre sin agas nochtas a toisg dona Duibh.
"Ní bhfuil urbhaidh dhúinn ann sin ó do thuit
sise," air síad.
Agus mur chúalaidh Éithne eachtra Dhearbh
Orgaill, luidh go fearaibh Alban a nGleann Dáil,
agus as sin go Lifne mur a raibhe fearaibh Éirionn a
ccruth Thuireann, agas nochtus a toisg do Bhais-
geall agus do náonmhar mac Rígh Thír an tSneachta;
agas éaloghadh an t-áon-nduine dhéag sin an
oídhche chéadna go Gleann Dáil. Ro bhudh mór
lúthgháir na Balbhuidhne reompa, agus téid Eithne
go Dealbhna Máthardha, agus Basgaill go hUaimh
Lucha. Ró bhudh mór gáirdeachus Dhearbh
Orgaill ría Baisgeall agus níor lugha leisean. Trí
lá cona n-oídhchibh dháibh san úaimh; agus a sin
comhairle do cinneadh aca, Dearbh Orgail, Éithne
agus an seanóir d'fhágbháil san úaimh agus íad féin do
dhul a cceann fearaibh Alban. Luidheadar íarsin
go Gleann Dáil.
Is í sin an oidhche chéadna thugadar amus aon-
uaire uile ar longphurt fhear n-Éireann go ttugadar
comhmbuaireadh mór orra dá ccrannaibh tábhaill.
Agus tugadar clann Dubháin íarruidh ain-
bháeil air Eich an Daé an oídhche sin, go ttugadar
leó íad. Ro lean Cú Chulainn agus an Fear Dia tair
Rúadhruim iad, agus go Gleann Fubha, go Rinn
Shlighe an Charainn, go Ríasg na mBláidhne (bonn
Shléibhte Sgathaigh), go hInbhear Úatha (láimh
dheas lé tír agus lámh chlí lé muir), go Tráighe Eó,
go Seain-bhearnaisg Aoí, agas tarsna na ccáol-
mharaibh athúaigh, tréasna hoileánaibh, go
rángadar Oileán na Sgiath.
Is ann sin ró chuadar as a radharc. Rob im-
shníomhach mac Subhaltaigh dhe sin. Táinic
chuca-samh íar sin óglách go ccruit chaoín-téadach
ann' ucht leis.
"Cía thusa, a óglaoich?" air Cú Chulainn.
"Leamha mhac Nanair ó Shíth Eassa Rúaidh
mise," air sé.
"Cía do-ghnídh ann so?" air Cú Chulainn.
"Aig fios agus aig fáisdine do leasa agas do lios-
dacht dhuit-si," air sé.
"Cía dhamh?" air Cú Chulainn.
"Atá iomorro," air an t-óglách, "gabhaidh
síth agas socraidheacht chugaibh, óir bíodhbha an
bheatha ní thugaid búaidh air an mBalbhuidhean
muna ndéantaoí amhluidh so .i. is follus go thig
fir Éireann ionnsuidhe éagcothrom air mhic
Dubháin, léar díobarughadh óna mbunadhais
díleas féin íad, agas fós léar torchradh aon-bhárr
áigh Éirionn .i. an mílidh Meis Geartha; agas
is í mo chomhairle-se díbh síth d'fhógra air
fhearaibh Alban; agas rachad-sa d'fhios na bhfear
sin a mbréig-riocht charad, agas molfad an tsíth
dháibh air na coinghil-si síos: .i. iad-san an Gheil-
stéad, Broi-Cheat Dhoire Léith, Sein-Iornn
Bheannaibh Boirche, agas Eich an Daé, lé gach
righ-sheóid eile dá ttugadar ó Ghaoidhil do thiodh-
nacadh dháibh tair n-ais, agas an Bhalbhuidhean
síth-cháirde agas caradradh, urraim agas umh-
ludhadh do dhéanamh agus do thabhairt do ríghthe
Éireann, agas íad-san a bhfearann fincachais féin
a thabhairt tair n-ais do chlainn Dubháin; óir
an cían a bhías gaisgidh na Gúal Ghaoí um
fhearaibh Alban ní thig a mbasgadh.
Ro áomh an Fear Dia agus Cú Chulainn sin, agas
luidh for ccúla go rochtain longphurt fhear
nÉireann, agus nochtus dáibh amhluidh. Chúaidh
clann Dubháin lé hEich an Daé ass úatha, agas ró
ráidheadar fós aitheasg mhic Manair leó.
Ró labhair an Dubh-láoch go ndubhairt.
"Dá lamhamaoís a rádh roimhe so ro budh
headh súd air tteagasg dhíbh, óir ní réidh iom-
rúagadh na Balbhuidhne an cían a shealbhuighid
an ghaisgidh umpa."
Cinneadh comhairle aig na curaidh, agas dob
é a n-áonta uile an Dubh-laoch do chur d'agallamh
fhearaibh Alban go Gleann Dáil, mur a ttarla mac
Manair air; agas mur do-chúalaidh an Bhal-
bhuidhean furfhógra na síthe, ró áomhadar é air
impidhe mhic Manair agas an Dubh-laoch.
Rinneadar lá agas ionadh comhairle agas coinne
ré chéile. Ro luidh an Dubh-laoch go bhfear
nÉireann tair n-ais, agas lá na síthe rángadar a
cceann a chéile aig Carnn Reó a meadhóin sligheadh
idir an dá shlúadh.
Ro agallaid a chéile ann sin, .i. maitheas
Gaoidheal agas Alban, agas is íad so na coinghil
air ar fhanadar: .i. Fir Alban gach rígh-sheód dar
fhan aca ó Ghaodhail do ro-thiodhnacadh tair
n-ais; agas clann Dubháin a bhfearann dúthchais
féin d'aith-shealbhudha mur bhudh gnáth; agus
fir Alban mur an ccéadna a bhfineachus féin gan
fhúath, gan fhormad aig neoch día-roile go foir-
cheann an bheatha; agas an Dubh-laoch, Bais-
geall cona a chéile agas a náonmhar dearbhráthar
do chomórugha dá ttír féin a síth agas a ccum.
ann shíor.
Ro dhían-sgaoileadar do gach leith air na coin..
ghill sin, .i. gach aicme dá ttír féin, agas dob í sin
uain agus aimsir da ndeachaidh an Fear Día agus Cú
Chulainn agus uimhir d'ógaibh Éireann air ionchaibh
Aoífe d'fhoghluim na n-il-chéard.
Cona í sin Coimheasgar na cCuradh agas Uidhe
Mheis Geartha air na sgríobhadh le Pádruig Ua
Pronntuidh mhic Néill, etc, an 25 don mhí August,
an bhliadhain d'aois an Tighearna 1761. Guidhe air
an ccléireach air son Dé etc.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11