Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Trí Bruidhne
Title
Trí Bruidhne
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ní Shéaghdha, Nessa agus Ní Mhuirgheasa,
Composition Date
1690
Publisher
(B.Á.C.: O.S., l941)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BRUIGHION CHÉISI CORUIN. Sealg suairc sochruidh saor-aoibhin do-róinadh le Fion mac Cumhaill mheic Thrénmhóir í Bhaoisgne fá chríochuibh caomh-áille an Choruin, agus fá threabhuibh lán-áille Laigheann, agus fá choiltibh grian-torach' glan-chnocuibh Guill, agus fá choilltuibh diamhare do-eóiluis Dalláin, agus fá thráigh álluin Eóchuill, agus fá chríochuibh cnuas-thoracha Bratshléibhe, agus fá choilltuibh craoibh-dhaingne Chonchubhar, agus fá Loch glan-aoibhin Gile, agus fá Loch fuar Uisnighe, agus fá thír n-álluin n-aoibhin n-Oillalladh, agus fá choiltibh bláth-álle Bratshléibhe. Agus do shuidhe Fionn 'na dhúna sealga an lá sin ar mullach Chéise Coruin agus a dhá choin féin aige, .i. Brann agus Sgeólbhin; agus níor fhan 'na fharadh an sin acht Conán maol mallachtach mac Morna. Agus do ba bin le Fionn gotha agus glamghár na gadhir, agus gártha greanmhar' na gasruidhe, lúghuil lán-lúthmhar na laochraidhe, toran agus tormán na triath agus na tighearnadh ansna forusuibh agus ansna fásuibh bhaoi 'na n-urthiomchioll.
Is an sin do léigadar Fiana Éironn gárthacha saothracha sealga ar íslibh asda. Agus as é ba triath agus ba tighearna ar síth-bhruth Chéisi Coruin fán am sin, .i. Conarán mac Amidil do Thuathuibh deilbh-chaoin' Dé Danan, agus mar do-chuala Conarán na gártha sin do líon measguis agus mór-fhuath na Féine é. Agus is amhlaidh do bhí Conarán agus trí hinghinadh aige agus iad go glic gaosmhar fíor-eóilach; agus tiaghaid na trí hinghinadh sin amach as an síth d'aimsuidh agus a dhiongbhála na Féine, agus suighid a ndorus beóil na huamhadh, agus cuirid trí hiorna garbh-ghlasa snáthe geintlidhe ar trí chualimhne fhada fharsuing', agus gabhuid tuaitheal ag tochras an tsnátha. Agus ní cian dóibh iar sin go ttáinic Fionn agus Conán ar ur na huamhadh agus do-choncadar na trí cailleacha siabhartha searbh-ghlórach' a ndorus na bruighne, agus trí fuilt ruagha ruimhneach' ro-sgaoltach' fortha, agus sé súile slios-dearga síor-fhliucha aca, agus trí beóil dubha duaibhseach' datha-ghránna dochar-labhra leis na cailleachuibh sin, agus trí muinél chnáimh-fhailseacha chíor-dhubha ag connmháll a ccinn ar na cailleachuibh sin, agus sé lámha laochdha lán-fhada leó, agus ba samhalt le
haodhairc bhar-chaoil bhuabhil na hingne fada fír-ghéira fear-ghonta do bhí forra, agus trí meadhóin chraophacha chuisleannacha chruaidh-chalma, agus sé cosa fada fiara fo-chama fail-mhérach' laoghair-bhrénach' fliuch-shalach' fúthuibh, agus trí claoidhimhe leathan' colg-dhírach' cruaidh-ghéra 'na lámhuibh leó. Dearcuis Fionn agus Conán foirra, agus caochluidhis a ccruth, a dealbh, agus a n-innil, aigá faicsin, agus dhearguidar ar tús, agus bánuid arís, agus duibhid fá dheóigh, agus tuitid as a seasamh a haithle na n-aracht sin a d'fhaicsion agus na n-iarnadh baoth do bhí aca; agus tángadar na trí laoch-mhná 'na láthair iar sin, agus ceangluid agus cruaidh-chuibhrighid Fionn agus Conán agus rugadar leó anunn ansan mbruighin iad. Níor chian dóibh iar sin go bhfacadar Oisín agus Osgar agus Mac Lughach lán-trén go haon-láthair dá n-ionsuidhe agus maithe clanna Baoisgne maraon riú, agus ar faicsin na fiagh-chailleach sin dóibh ní raibh neart mná re n-iodhnaibh ansna trén-fhearuibh sin; agus ro cheangladar na cailleacha uile iad agus rugadar ansan bruighin iad. Is an sin tángadar clanna meara meanmnach' míleanta mórdhálach' Morna do láthair, agus do-choncadar an t-iorna geintlidhe agus do-chuaidh
a neart uile ar gcúl; agus do cheangladh iad go daingne do-sgaoilte. Agus tánic clanna Rónán do láthair chuca, agus ar faicsin na n-aracht dóibh ní roibh neart naoidheana a n-aon-duine dhíobh; agus do cheangladh iad agus rugadh san chnoc gcédna iad. Agus tángadar clanna Neimhnuin agus do-rínadh mar an gcédna riú; agus is mar sin do-rinnadh risan bhFéin uile. Ciodh trácht, ro cheangladar ceithire catha na gnáth-Fhéine agus rugadar leó go docair do-sgaoilte fá Chéis Coruin iad gan chomhrac gan chathughadh re haon díobh. Agus do bhádar coin chean-dearga agus gaodhair ghlan-ghothach' ghrin-ghasda ag donáladh agus aig nuallghoile a ndorus beóil na huamhadh, ag iaruidh a ttriath agus an tighearna agus na lámha láidir do bhí aca do ghnáth tar éis a n-aisdir agus a n-imcheacht. Agus rob iomdha an sin fiadh cnáimh-gheartha agus muc allta agus míolta mong-ruaidh' moighe arna marbhadh, agus bruic brúita buan-rébtha agus na huile fhiadh-mhíol ar-cheanna iarna bhfágbháil for thaobhuibh na tulcha sin, iar ceanguil na droinge do bhí dá n-iomchuir agus dá n-aisduir. Is an sin tángadar na trí fiadh-mhná móra míleanta sin amach iar bhfágbháil na Féine ceanguilte a laguibh lán-doimhne cúnga cuas-leathna
an chnoic, agus trí claoidhmhe clais-leathna colg-dhírach' cruaidh-churanta 'na lámhuibh leó, .i. trí lana líomhtha ledaracha loin-ghéra, agus ní roibh fuigheal buile nó béim aig aon-chlaidhiomh dhíobh ar a chéile. Agus ro fhéchadar a ngach aon-aird a d'fhios a bhfaicfidís taonalach nó taisdilach d'Fhianuibh Éirionn dá ttiubhraidís bás agus buan-oighidh. Ó nach bhfacadar dob áill leó dul asteach agus an Fhian do dhícheannadh. Níor chian dóibh amhluidh sin go bhfacadar 'na dochum aon-óglách mór míleanta mear-chalma; agus dob é sin an leóghan lúthmhar lán-fheargach, agus an nathair neimhnach neart-ghonnach éigiallaidh, agus an t-onchú áigh agus iorghuil, agus an bheithir bheódha bharamhuil bhuan-thiodhlacach, agus an curaidh comhlain a ccath, agus an dreaguin dian dásachtach do-fhuiluing, agus an mílidh meardha mórdhálach, agus an laoich lédmheach lán-chalma agus an tonn raubharta ro-mhear, .i. Iollan mac Chormic mheic Neimhnuin mheic Mhorna mhóir mheic Aoidh dhuinn mheic Ceit mheic Mhághach mheic Chairbhre Chinndeirg, .i. rí Conacht; agus iarna fhaicsin dona trí deamhnuibh duaibhseach' droch-dhatha tángadur go prap príomh-urlamh 'na chomhdháil, agus ro-fhearadur gleó gáiphtheach gráinneamhuil grod-urlamh
agus comhrac féithmhuil faobharach agus iorghuil aindreanta, agus do-róineadar comhrac échtach urlamh tres-mhear tulgánach bon-mhall bas-luath cniodhach croidhach créchtach cró-lintach, agus níor mhoithídar time nó tlás nó tarchuisne aig ceachtoir dhíobh ar a chéile gur bhrisadar a ccraoiseacha cudrom' coimhreamhara catha san iorghuil sin. Is an sin do luaitheadar a lámha agus do chruaidheadar an croidhe chum an chomhlainn sin. Ciodh trácht, is an sin ro fhearguidh go fíor-adhbhuil an curaidh comhlanach aon-chum cnámha agus ro ghabh do bhéimionaibh borb-neartmhar' báis ar na cailleachuibh fíor-ghráina do bhaoi for 'aghuidh, agus do shín a lámh lonnaruidh lán-láidir leis an loin agus do-bheir buile bríoghmhar barramhuil dona harachtuibh fíor-ghránna bhaoi for 'aghaidh, .i. Camóg agus Cuillin cheann-ruadh, agus beiris béim dhiongmhála orra go ndearna ceithire hoirne cearta comhchothrom' díobh, agus dob é sin treas buille is mó do bhuailidh a nÉirinn riamh, .i. buille Fearghuis mheic Rosa Ruaidh mheic Ruighrí a ccath Gáire dár mharbh sé na teóra Maoil Mithe d'aon-bhuile, agus buile Chonaill Chearnuidh do Cheit mór-gharg mac Mághach, agus buille Ghuill mheic Mhorna dár mharbh Camóg agus Cuilin cheann-ruagh, .i. dá inghean Chonaráin mheic Aimidil.
Is an sin do shín sinfeathar clanna Conaráin a dá láimh a ttiomchioll Ghuill do leath a dhroma, .i. Iarnach ínghean Chonaráin, an feadh do bhí sé aig dícheannadh na deisi eile dhíobh. Iompuis Goll re hIarnach an dara huar agus iadhus a dhá láimh 'na tiomchioll. Tugadar cuir bheódha bhorb-neartmhara bhuan-láidir', agus cuir chródha chroibh-neartmhar' dá chéile, agus snadhmana teanna trén-neartmhar' 'aroile; agus do-rinnadur gleic cródha coimhneartmhara ar feadh na huare sin. Tug Goll cor calma curanta don chailligh gur thrasgair go lán-talmhuin í. As a haithle cheanglaidh Goll an chailleach go daingean do-sgaoilte d'irsibh a sgéithe. Nochtas Goll a chlaoidhimh clais-leathan colg-dhírach do chosgairt agus do chnáimh-ghearradh na caillighe. Is an sin adubhairt sisi: "A laoch nár leónadh a ccath nó a n-iorghuil agus nár thoirneamh agus nár tréigadh a ccruaidh-chomhrac riamh, cuiram-sa mo chorp agus m'anam air comairce do ghoile agus do ghaisgidh, agus do-bheirim Fionn agus Fian Éirionn go hiomshlán asam péin gan fhuilghiodh gan fhoir-dheargadh ar neach dhíobh, agus luidhim fána déibh dá n-aoghrum go coimheólaidh mé sin." Sgaoluis Goll, an rí-mhíleadh, don chailligh iar sin. As a haithle sin téid roimhe gusan chnoc a raibh Fionn agus Fian Éirionn agus fuar sé Fionn
ceanguilt' cruaidh-chuibhrighthe agus ceithire catha na gnáth-Fhéine maraon fris. Agus is anbhan égaointeach do bhádar an drong sin arna gceanguil, agus adubhairt Goll: "Sgaoil a d'Fhearghus Fínbhéil agus d'aois ealadhna na Féine ar tús," agus do-rinnadh amhlaidh sin. Do sgaoladh d'Fhionn agus a d'Oisín agus a d'Osgar agus do dheich macuibh fichead Morna mhóir agus d'Fhianuibh Éirionn uile; agus ro éirghigheadar as an uamhaidh amach iar sin go hanbhan aimhneartmhar, agus do shuigheadar ar in tulaigh ós dorus béil na huamhadh; agus ro fhéch Fearghus Fínbhéil ar Goll agus adubhairt in laoi an:
"Buadhach sin a Ghuill go mbuaidh: is prap ro fhóiris na sluaigh: do bheithmís uile gan chinn muna ttiocfá-sa chuginn. "Giodh mór an uar ro fhóiris riamh oruinne, a Ghuill na n-ard-ghliadh, do bu mó in cás oirne a n-uair ar mbeith ceanguilte a n-én-uaimh. "Camóg agus Cuillin chiar, is leó do cheangladh an Fhian, agus Iarnach fa garbh gleic, do cheangail sin tré chroibh-neart.
"Nuar dob áil leó ar ccinn do bhuan dínn gan éislinn, do-chuaidar 'na ttriar amach, is d'fhág siad an Fhian go brónach. "Níor chian dóibh sin ar in leirg, na trí deamhnaibh fa claon ceard, go bhfacadar aig teacht 'na gar Goll mór is é 'na aonar. "Tiaghaid na trí mná móra a ccomhdháil an churadh cródha, agus comhruicis riú tré rath a ndorus beóil na huamhadh. "Níor ghnáth leis comhthrom d'iarraidh Goll mór a n-aighidh fiallaigh: comhruicis riú go teann dár mharbh Camóg is Cuillinn. "D'aon-bhuille don loin luim gearruis iad ar aon fán druim, gur thorchuir Camóg an bás, is Cuillinn, gér chruaidh in cás. "Iadhus Iarnach leath dá dhruim, gior chalma, in curaidh comhlain: iompuis Iollan ria go ceart agus ceangluis í tré chroibh-neart.
"Nochtas Iollan an lann, is di do bheanfadh an ceann, nó gur gheall sí an Fhian uile aisde ó óg go seanduine. "Sgaoilis Iollan di iar sin: tigid ar aon don bhruighin; agus sgaoilis dínn uile eduir rí agus ro-dhuine. "Aon-gháir-bheanocht uain uile ó óglách go seanduine do Gholl agus ar mbreith amach, don bhuine bhríoghmhar bhuadhach." Buadhach.
Dála Finn agus na Féine a haithle na laoi sin go bhfacadar ag teacht tar dorus beóil na huamhadh an dúile dho-dhealbha dhuaibhseach dhroch-dhatha agus an t-aracht tár-mhór trén-chaillighe, .i. cailleach croibh-fhiachlach chas-leathrach críonn-aracht agus an dúile dhiabhlaidhe dhroch-dhatha, agus go lanfan mar urad ubhail nó mór-áirne ar gach aon-róinne dá mailghidhe garbha glasa, agus súile silteacha sír-dhearga, agus srón ghorma ghlais-leathna ag sileadh a srotha a sean-bhéil duaibhseach droch-dhatha doi-dhealbha garbh égcórtha gráinna, fiacla
gocanta 'na craos-bhéil, agus teanga lom ghér a ndorus a béil, agus lámha caol-rightheach' cruaidh-chuisleanach' go n-ingnuibh fada fír-ghéra fear-ghonta fír-neimhneach' furra agus sbaran loma liatha laga mar chíochuibh lom-buidhe liatha a hucht na laoch-chaillighe sin, agus sbuir aibhseach' allanta urghrána ag tuitim rena taobh tón-lom tár-mhór, agus méthach corpach quisleanach aice, agus dá chaol-gheadán chruaidh-loma chas-mhásach' lé, agus dá chois fho-chlúmhthach' fúithuibh, agus éideadh daingean do-bhrisde uimpe, agus claidhiomh clais-leathan colg-dhíreach for sliasaid coisa clí na caillighe sin, agus sgiath mhór mhíleanta ós ard a droma. Agus tánic sí a fiaghnuis Fhin agus na Féine fán chuma sin, agus do chuir fá gheasuibh iad fána sáth do chomhrac aon-fhir d'fhagháil dí. Agus adubhairt Fionn: "'Oisín," ar sé, "coisc an chailleach úd dínn." Adubhairt Oisín: "As anbhfan mé tar éis a bhfuaras ón chailligh úd roimhe so." As í do bhí an sin, .i. Iarnach inghean Chonaráin ag teacht do dhíoghuilt a seathrach. Agus do dhiúlt Oisín agus Osgar agus Mac Lughach lán-échtach agus Diarmuid déd-sholus ó Duibhne agus Caolte mac Cronchuir mheic Rónáin agus maithe agus mór-uaisle na Féine uile dul do chomhrac risan chailligh, agus adubhairt Fionn go rachadh do chomhrac ria.
Adubhairt Goll an tan sin: "ní rachuir-si ann, a Fhinn," ar sé, "óir ní cubhaidh dhuit comhrac caillighe do dhénamh. An uar is mó an t-éigantas is ann dhearbhthur an chara dílis." Is an sin do éirigh Goll go huirlamh a ccoine agus a ccomhdháil na caillighe, agus do-rinnadar comhrac neimhneach míleanta mór-chalma agus iorghuil urlamh ainiarmartach agus gleó gáiphtheach gráineamhuil dísgir dlúth-mhear dásachtach gan fios tlás nó time nó tarchuisne ag ceachtoir díobh ar a chéile. Ciodh trácht, do chuir Goll a mhér a suaineamh na sleidhe, agus tug urchar uadha gan chaime gan chlaonaighe gusan chailligh, gur chuir gráine na sleighe tríd an sgiath agus tríd ghuala na caillighe, gur thorchar ar in láthair sin. Do-chuaidh Goll iaramh fá Bhruighin Chéisi Corain ar marbhadh trí hinghine Chonaráin dhó, agus do-rín tor trén taobh-ruadh dearg-lasrach don bhruighin, agus tug an uile mhaithios a bhfuar inte d'Fhionn; agus tug Fionn 'inghean féin an lá sin do Gholl, .i. Caon chneas-gheal inghean Fhinn. Agus as í a rug an mac meanmnach mór-oirdhearca dhó, .i. Feadh mac Guill mheic Mhorna, agus do thorchar leis féin a ccean sheacht bliadhna dég é ar in ráith sin féin.
Conadh í Bruighean Chéisi Coruin go n-uige sin. Finis, .i. Finid, críochnúgh an sgéla sin an naoieamh ló do mhí December 1690. Gach neach do léighios é tugadh a bheanocht ar an sgríobhniór. Amen. Etcra. Caillain Caimpbél mac Dhonchaidh mheic Dhughil mheic Chaillain óig mheic Mhaighistir Archibald les an leis an leoibhráin.
BRUIGHION BHEAG NA HALMHAN. Fleadh mhór-chaoin mhór-adhbhal do commóradh le Fionn mac Cubhaill mheic Threunmhóir í Bhaoiscne a n-Ealmhuin leathain mhór-laochdha ar Magh Laighean, agus an tan ba hullamh ionchaithmhe hí tánactar maithe agus mór-uaisle na Féinne dia tho-chaitheamh, agus is iad so rob amhra agus rob uaisle díobh a ndeaghuidh Fhinn, iodhón, Goll mór mear míleata mac Morna gona thrí caogaid bráthar maraon ris, agus Oisín fíor-ghlic fíor-bheógha mac Finn, agus Oscar ádhbhar anghlondach mac Oisín gona mhacuibh, agus Mac lán-trén Lughach gona mhacuibh, agus uaisle clanna Baoisgne maraon riú, agus Diarmuid mac Duinn mheic Dhonnchuidh Uí Dhuibhne gona thrí macuibh agus go maithibh a mhuinntire maraon ris, agus meic árrachtach' Úa Neamhnuinn go líon a ttionóil maille friú, agus clanna díomasacha duasmhora Duibh Dhíorma go maithibh a mhuinntire, agus aicme Dhuibh Dhá Bhfuirionn bhuan-tioghluichacha gona muinntir, agus Goll Gulponn agus Cas Cuailcne
agus maithe na Féinne Ultaighe maraon riú, agus an Chorr chos-luath chéad-ghonach, .i. rí-fhéinne Fhian Chonnacht, agus Oillan ádhmhar mac na Corra cos-luaithe go maithibh a mhuinntire maraon ris, agus rígh-fhéinnuidh Fhian Laighean agus a shé meic, .i. Conn agus Dond agus Aodh agus Mongán agus Fear Taithchéim agus Fear Taoi agus maithe a muinntire maraon riú, agus Iubhar ard-éachtach agus Criomhthann coscarrthach, .i. dá mhac rígh Laighean, agus ba daltadha d'Fhionn iad, agus tánactar do chum na fleithe sin go maithibh a muinntire maraon riú, agus dá mhac rígh Alban gona mbuighneachuibh agus go on mór-thionól maille friú, agus Coirioll coscorrach creucht-iomdha ó Corrbhróin gona thríochaid Albanach, agus dronga diana díomasacha do-eadaráin do mhic ríogha ro-uaisle an domhuin maille riú, agus Fiann Éirionn uile ar-cheana. Do shuighaidhiogh Fionn flath-fhéinnuidhe in' fhochla féinnaidh na bruighne agus maithe
clanna Trénmhóir ina thimchioll agus do shuigh Goll gníomh-éachtach mac Morna isin fhochlagadh fhéinnidh aroíle agus meic Mhorna ina uirthiomchioll agus do shuighidhigh gach aon aca ina n-ionadhaibh cinnte comh-aosa bhudhghéin mar bhudh gnáth leó ann gach aimsir roimhe sin. Is ann sin do éirigh feadhmanntuigh go fíor-éasgaidhe re freastal agus re frighóladh na sluagh agus na sochaidhe, agus cuirn chlocha-bhuadhacha chaomhadha leó go ngeimamhlaibh gnaoiamhla gloinidhe agus go ceartacht chaomh chruth-niamhdha for gach leastar loinnearrdha lán-áluinn dhóibh, agus do dháiliotar deocha diana díomsacha dona deagh-laochaibh agus biadha núath neamhearrsaidhe dona féinneadhaibh go foistinach fíor-aibéil. Ro éirigh iaramh iar sin glór agus greadhan 'na ngiollannrigh, mire agus meanma anna míleadhuibh, luaimneacht agus lán-chaintighe ina laochaibh, míne agus macántacht anna mnáibh, fos agus faighide anna sluaghuibh.
Is ann sin ro éirigh bollsuire go bidh-urrlamh oca in tan sin - fear coisge cainte agus cruadhála na bruighne - agus do chroth slabhruidh ésteachta dhóibh agus do éisteadar cách go taoith tostach fris as a haithle. Is ann sin do éirigh Fearghus Fionnbhéil, .i. file na Fénne agus do ghabh duain agus dreuchta agus deagh-dhána a bhfiaghnúise mheic Cumhaill agus ro dhíol Fionn, Oscar, agus Oisín, agus Mac Lughach in file go fíor-aibéil d'uaislibh gacha mhaoine agus gacha maitheasa; agus do-chuaidh an file a bhfiaghnuise clanna Morna iar sin, agus aduphuirt sé bruighne agus toghla agus tochmharca, duana agus dreuchta agus deagh-dhána a sean agus a sinnsear dáibh, gurbho subhach so-mheanmnach meic Mhorna ó na healadhnachaibh sin. Is ann sin ro fhiarfuidhe Goll: "Cá hionadh ann súd a bhfuil an bhadhbha bhonn-luath, inghean Cholla chraois-fhiaclaigh, m'eachlach féin?" "Atú sunn, a rígh-fhéinnidh," ar sí.
"In dtuguis mo chíos láimhe ó Lochlannuibh leat?" ar Goll. "Tugus," ar sí, agus is amhlaidh adubhuirt agus ro éirigh go prap príomh-urrlamh agus do léig mar thoirt muice móir-ádhbhuile, nó mar eire laoich lán-chalma d'ór áluinn aith-leatha ar lár a bhfiaghnuise Ghuill. Agus do sgaoil Goll don cumhdach do bhí fán ór, agus do léig na seóid sho-mhaiseacha shíodhamhla sin ris a bhfiaghnuise na bruighne, agus do dhíol sé Fearghus go fíor-aibéil mar fa leór lais; agus ní roibhe file fáthach focal-ghéar, nó deagh-fhear duasmhor dána, nó cruitire caoin-teudach ceóil-bhinn, nó seanchaoi saor suath-fhoclach, nó én-nduine dá roibhe isin mbaile re healadhuin, d'Éirinn nó d'Albuin, nár dhíol Goll go grod-urrlamh d'uaislibh gach mhaoine agus gach maitheasa mar bhudh toil re gach én-nduine díoph; agus ní roibhe iaramh mac rígh nó ro-uasail a mbruighin na hEalmhun an tan sin nach ttug Goll comaoine óir agus airgid agus iolmhaone dhó.
Is ann sin adubhuirt Fionn go feargach fíor-aibéil: "A Ghuill," ar sé, "cá fada atá an cíos ar Lochlanna agad? Óir do shaoileas-sa nár dhual duit-sae cíos do bheith ar Lochlannaibh agad, agus go bhfuil mo chíos féin forrugh, agus fós go bhfuil rígh-fhéindidh agam ar Lochlannaibh ag comheud mo chíosa agus mo chána a bhfiannuibh agus a bhfiann-choscar, .i. Ciarán Lagharna; agus is trén-fhear tailc trom anghníothach an fíor-laoch sin, agus atá deith gcéad laoch láidir lán-chalma for a theaghlach." Freagrus an gnáth-fhéinnuidh, .i. Goll, do mhac Cumhaill uair do thuig go roibhe fearg agus formad ag Fionn fris, agus is eadh adubhuirt: "Is é fad atá an cíos úd agam-sa ar Lochlannaibh ón uair do chuir h'athir-se cogadh agus connsgleó orum-sa, agus do chuir rígh Éireann re Cumhall mac Treunmhóir am aghuidh-se gona chóigidhaechaibh, agus dob éigin damh-sa Éire d'fhágbháíl dóibh; agus do-chuadhus go críochuibh Breatan, agus do mharbhus rígh Breatan gona mhacuibh, agus chuirus ár agus iolach a mhuinntire, agus do ghabhus ceannus agus
comus na críthe sin; agus do chuir Cumhall asa sin mé, agus do-chuadhus go Fionn-Lochlainn iar sin, agus do thuid rígh Lochlann leam, agus do chuirus ár a mhuinntire; agus do chuir Comhall asa gcrích sin mé. Ro ghabhus Alba agus do mharbhus an rígh gona mhaithibh úile; agus do chuir Cumhall asa sin mé. Ro ghabhus Saxan iar sin; agus niar fhuluing Cumhall isin gcrích sin mé; agus do-chuadhas asa sin isan bhFraing, agus do mharbhus rí Frang agus mórán dia theaghlach; agus do athchuir agus do ionnarb Cumhall as an gcrích sin mé; agus do chuireas na ceithre treabha Lochlannach' fá mo smacht agus cathuir na Beirbhfe; agus nír lean Cumhall annsa gcrích sin mé. Agus as sí sin an chéad uair fuair mé cíos ar Lochlannaibh. "Agus tángus iariomh re teachtuibh Cuinn Chéad-chathaigh do chum chatha Cnuca a
n-aghuidh Chumhuill agus do thuit Cumhall leam isan gcath sin; agus is sí sin an uair eile fuarus cíos ar Lochlannachuibh agus an uair do-chuaidh tusa, a mheic Cumhaill, sé fir dhéag, go dúinadh rí Lochlann, agus tug bean rígh Lochlann grádh díochra do-fhulaing dheit-se, agus tusa do ghabháil trít sin gon do shé fearuibh deug, agus do bheith a láimh a gcarcuir thalamhun re bliaghuin agus lá cinnte oca do chum báis d'imirt ort; agus dar do láimh-se, 'mheic Cumhuill, do-chuadhus féin ad diaigh-si a Lochlannuibh, agus do mharbhus Eóghan Mór, ard-rígh Lochlann, agus do chuirus ár a mhuinntire, agus do dhíochrus agus d'airgius cathuir na Beirbhthe, agus do bheanus a hór agus a hairgead aiste, agus tugas tusa as an gcarcuir choimhéuda a rabhuis gon do chúig fearaibh deug, agus do fhágus fén rígh ar Lochlainn an tan sin," ar Goll, "Tinne trén mac Triosguil; agus tugus tusa slán a nÉirinn gon do chúig fearaibh dhéag. Agus as sí sin an dara huair do naiscios cíos damh féin ar Lochlannachaibh; agus is mar sin fuairius féin an cíos úd do-chonnuirc tú;" agus adubhuirt iarumh Goll: "a Fhinn," ar sé, "ní cíos láimhe atá
agad-sa ar Lachlannaibh acht rí-fhéinnidhacht agus maoir chomheude uaid orrtha, agus ní mhillefead-sa sin umad, a Fhinn," ar sé; "agus ná bí ag tnúth leum fán gcíos úd," ar Goll, "uair dá bhfaghuinn ní budh mó ná súd do mhaitheas, is dod mhuinntir-se agus d'fhearaibh Éireonn do-bhéruinn hé." Agus adubhuirt Fionn go feargach foirrniata fraoch-nimhneach: "A Ghuill," ar sé, "ro adaimh tusa aní sin, .i. go ttánguis ó chathuir na Beirbhthe do chum catha Cnoca agus gur mharbhuis m'athair-se ann. Is dána duit-se sin d'admháil damh-sa, a Ghuill," ar Fionn. Adubhairt Goll go feargach fíor-nimhneach ag feuchuin for Fhionn: "ní mise do mharbh Cumhall," ar sé, "agus ciodh headh, is mé do sgoilt a chroidhe gan coicill, agus do chuir sgian tríd, agus do sgar 'anam fris, óir do thuill sé féin bás d'fhaghuil tréna uabhar agus tréna eugóir; agus is í breath an dlighidh fear ainn-dlighidh do mhalairt agus do mharbhadh go mí-thrócuireach. Agus ní mise do mharbh Cumhall acht a mhí-ghníomharrtha
féin; agus ciodh eadh, dá bhfaghuinn é fós nís taosga nó mar do fuarus do bhainfainn 'anam as mar do bhainius fá dheóigh; óir tugus iarrtha mionca fair isna cathaibh a rabhus ina adhaigh, agus ní ráinic chugam seach inneall Bomainne bain-eachlaighe agus Criomhthuin choscarraigh uí Bhaoisgne agus uaisle chlanna Trénmhóir; agus ní rángus do chum a chumhachta do bhreith fair go soiche cath Cnuca agus do dhíoghlus m'anachuinn air ann. Agus dar do láimh-si, a rí-fhlaith, a Fhinn," ar Goll, "dá ttugthá-sa easonóir damh-sa fá mar do thug Comhall do dhíoghluinn ort é." Adubhuirt Fionn: "A Ghuill," ar sé, "do budh maith m'acfuinn-se ar gan sin do leigean leat; óir atá céad féinnuidh fearamhuil fíor-threun ar mo theaghlach-sa a n-aghaidh gach aon-fhir dá bhfuil do theaghlach agad." Adubhuirt Goll: "do bhí h'athir-se mar sin," ar sé, "fós agus do dhíoghlus m'anachuinn fair agus do-dhéanuinn
an céadna leat-sa dá ttuillthá uaim hé." Is ann sin adubhuirt Cairioll mac Aonghusa mheic Chorrbhróin chneis-ghil í Bhaoiscne: "A Ghuill," ar sé, "is iomdha fear do choisce-se ar teaghlach Fhinn." Adubhuirt Conán maol mac Morna: "Luighim-se fám armuibh gaiscidh," ar sé, "nach roibhe Goll riamh, dá lughad teaghlach do bheith aige, nach biadh fear agus céad fán teaghlach do choiscfeadh gach áon-fhear aguibh-si do chlannuibh Baoiscne." "An díobh sin tusa, a Chonáin chlaoite chaintigh chiabh-fholtaigh?" ar Caoirioll ag éirghe. "Is díobh go dearbh, a Chairill chairtigh chreucht-úaine chointigh," ar Conán, "agus do rachuinn dá tshuighughadh ort-sa go roibhe an eugóir ag Cumhall dhúinn fén." Is ann sin adubhuirt Caoirioll ag éirghe 'na sheasamh: "Ní fada go mbídh fios ag cách cia haguinn is caintighe," ar sé, agus do bhuail dorn
ina eudan ar Chonán agus do dhoird 'fhuil go falcmhar fíor-aibéil. Do lonnuidh agus do lán-fheargaigh uma Chonán an tan sin agus do éirigh ina sheasamh agus tug ionnamhuil na heasonóra céadna for Chairioll. Do fheargaidh Cairioll go lán-aipéil iar sin agus tug lámh thabaidh laochdha go lán-chalma for a leathan-armuiph agus for a éiddeadh, agus do cheanguil a chorp ina chath-éideadh catha, agus do-rinne Conán mar an gcéadna. Agus tugadar sáite seangmhara sár-luatha do shleaghuibh slinn-ghéara síor-neimhneach' ar a chéile, gur bhudh briste buan-reupa beóil agus bruinne na bruighne ón mborb-ngleó sin. Agus do nochtadar lanna líomhtha laedarracha leathan-mhóra go lán-urrlamh, agus do-rónnsad urrlaidhe ainmhín ainiarmartach re hathaidh fhada gurbho creuchtach, cneath-ghearrtha, coirp-neimhneach na laoch ón trén-chomhlann sin.
Is ann sin ro éirgheiostar dá mhac ádhbhara iolbhuadhacha Oscuir mheic Oisín, .i. Euchtach agus Iollach a n-anmunna, agus tugadar goin ó gach fear dhíobh ar Chonán isin gcomhlann sin. Arna fhaicsin sin do dhá mhac Ghuill mheic Mhorne agus do Chonaing, do cheangludar a gcolanna caomha cneas-gheala, agus do ghonsad go guasachtach dá mhac Osguir mheic Oisín isin aniorghuil sin ionnus gur chuiradear ar cúlamh a sgiath iad. Niar bhfiagh agus niar mhaise le hOsgur 'uirísle ro bhádar a dhá mhac agus Coirioll a bhráthair isin ghrod-ghleó sin. Is ann sin ro éirigh an leóghan lonn léidmheach lán-chalma agus an dreagan dian dásachtach dho-fhulaing, .i. Oscar ádhbhur anghlonnach mac Oisín agus do chuir cumhdach caomh cadad-chruaidh iaruinn umá chorp, agus do chuir a sgiath mhór mhíleada fóna mhuineul, agus do-chuaidh go reachtmhar ro-aiganntach isin gcomhlann fón ionnus sin do chobhair a chloinne agus Choirill mhic Chorrbhróin a bhráthar, agus do ghabh sé ord urrlaidhe ann gach láimh dhó, agus do ghabh do
bhéidhmannuibh borb-neartmhura baoth-urrlamh' for Conán agus for cloinn Ghuill isin ngrot-ghleó sin. Is ann sin adubhuirt Conán: "A Oscuir," ar sé, "do-bheiriom a bhuidhe reum dheubhaibh do rochtain chugam isin gcomhlann so, uair snaoithfeud snáithe do shaoghail an tan sa." Is ann sin do chomhraic Oscur agus Conán re chéile; agus do bodh neartmhar neamhthláith nemhneach naimhdeamhuil niadh-mhiscneach an comhlann lán sin, agus do bhean Oscar osnadh eugcomhlainn as Chonán fá gheóigh; agus do fheuch Conán ar Art óg mac Morna; agus nír fuiluingeadh sin le hArt óg, uair do éirigh go healamh úrmhaisneach, agus do-chuaidh ina éideadh gan fhuirach, agus do gonadh Oscar go nimhneach neart-chalma ré hArt; agus níor fulaingeadh sin le hOisín fearamhuil fíor-árrachtach mac Finn, uair do ghabh airm agus éideadh chatha chuige, agus do-chuaidh isin n-iorghuil gan fhuirach, agus tug guin ghuasachtach dho-fhulaing ar Art óg mac Morna.
Do éirigh iaramh Garadh garbh-fholtach mac Morna agus do chuir imdhídean árrachtach iarrnaidh uime agus do ghluais don ruathar sin. Is ann sin ro éirigh Faolán mac Finn gona thrí chéad laoch láidir lán-chalma maraon ris, agus do-chuaidh isin gcomhlann sin, agus do bhean sé mic Mhorna dá n-áite agus dá n-ionadh, agus do chuir ar cúlamh Guill iad. Is ann sin do éirigh an mílidh mear-chalma mór-aigeantach, agus an trén-fhear trom-ghníomhach teugbhála, agus an curaidh cliste coimh-dhíochra, .i. Goll gráineamhuil gasta gníomh-éachtach mac Morna, agus do chuir a threallamh taitneamhnach comh-dhaingean troda agus teugbhála uime, .i. seaca séimh suaithni solusmhor snáith-ríghin sróil, go
gcnaipidhibh dísle dlúithe deilithe dearg-óir agus go sduaghuibh séimhghe síth-righne síth-fhoda síoda re hiadhadh agus re hoslagadh an óir-tsheaca sin, agus lúireach dhlúith-dhrolach dhualach dheagh-fhithe dhearrsgaighthe d'úir-iarionn athleatha arna leaghadh agus arna hathleaghadh seacht n-uaire for hais ar uachtar an chaoimh-tsheaca sin, agus cotún craobh-dhearg codad-gheal brághad-sgiamhdha sgothamhail sgoth-bhreaghdha umá mhuinél, agus cinn-bhird chaomh chloch mbuaghach umá cheann, agus cloidheamh dírach slinn-ghéar sár-chruaidh ina láimh dhíraidh dheis. Agus ro ghlac a sgiath mhór mhílata mhear-chalma, agus ro ghabh iris a sgéithe fána mhuineul. Agus do éirigh go ro-reachtmhur ro-aigeantach, agus do-chuaidh go dána dásachtach dísgir do-fhostoigh fán mbruighin, agus níor fháguibh tápurach taitneamhach trom-laisrach iná lóchrann loinnarrdha lán-tsolus isin mbruighin gan múchadh go mílannta mear-chalma, agus fós táinic fhén tar ais gan fhuilughadh gan fhorrdeargadh fair.
Is ann sin do ghoir Fionn a chaismeart chatha in tan sin sgal-chuille go gáibhtheach, agus dubhairt re Fianuibh Éirionn meic Mhorna do leadradh agus do lán-mharbhadh. Do éirighdar iaramh Fiana fíochmhura fearamhla fraoch-neimhnacha forrniata Finn go fíor-aibéil, agus do-rinnatar léibheanna dlúithe daingne do-sgaoilte dá sgiathuibh ina timchioll. Is ann sin do éirigh meic Mhorna mar an gcéadna isin mborb-ghleó sin, agus do-rinnatar léibheanna daingean díoganta do-sgaoilta dá sgiathaibh ina timchioll, agus do éirigh Goll go glé-neartmhur a dtosach na treun-fhear isin bualadh agus do ghabhadar ag cnámh-ghearradh a chéile gan choigill nó go ndearna Goll sgiath daingean de féin ar sgáth a mhuinntire agus a bhráithreach go nár lamhadh iad thairis. Ciodh tráchta, is ann sin fa treise na treun-bhuilleadha, agus fa seadhmhuir' an sár-bhualadh, agus fa séitrighe na sár-laoich, agus fa mire na trén-mhílidh, agus fa creuchtmhaire na colla, agus fa
guasachtaidhe na gaisceadhuidh; agus dob iomdha, immurro, fuil ag sileadh 'na srophuibh re sliosaibh saor-chlann, agus cneadha doimhne do-leighis for na drong-bhuidhnibh ón mborb-ngleó sin. Is mairg, amurra, do dhuine anbhfann áosda, nó do mhnaoi mhíolla mheur-leabhuir, nó do mhacámh builidhi binn-bhriathrach, do bhíodh a mBruighin na hEalmhun an oidhche sin ré gárraibh greadhan-mhór' gáibheacha na gasraidhe isin ghrod-ghleó sin, agus fós dob iomdha osnachadh óg agus ard-uasal agá n-urrleach agus agá n-athchuma isin mbruighin an tan sin. Ro ghabhadar, imorra, ar an treun-tuargain sin ó thosach na hoidhche adhfhuaire imflithe go héirghe don ghréin as a crunn-phoball teintighe ós dreith na talmhun trom-fhóidighe iarna mharach, ag cneath-ghearradh a chéile gan choigill.
Is ann sin do éirigh an file fáthach focal-ghéar fraochdha filada, .i. Fearghus Fionnbheóil, agus aoís ealadhna na Féinne maraon ris, agus do ghabhadur dána agus dreuchta agus deagh-dhána deagh-laochdhuibh, agus do sguiradar na trén-fhir dá n-iorghuil agus dá n-iommbualadh le ceól na bhfioladh, agus do léigadar a n-airm ar lár agus do thógadar na filidh na hairm, agus do ghabhadar greim ré sídh a tharraing. Is ann sin adubhairt Fionn go feargach forránach nach déanadh sé síth nó saor-chomann re clannaibh Morna nó go bhfuighadh breath Rígh Éirionn, agus Aillmhe gruadh-bhrice ingheine Chormuic mheic Airt mheic Cuinn Chéad-chathaidh, agus Chairbre Lifeachair .i. damhna Rígh Éirionn, agus Fhíthil agus Fhlaithrí a mheic: "agus barraidhacht na breithe sin do bheith ag Fionntain mac Bóchna mheic Mhathasailiam uainn ar aon," ar Fionn. "Do-bheuram-ne breith an tseisar sin duit ar do chionn a mbreith d'fhaghuil úaid," ar Goll. Adubhuirt Fionn go dtiubhradh sé sin do
Gholl, agus do chuiradar ar aon cuir agus slánta na bhfileadh eatarra fá anmhuin a mbun na síthchána, agus do ghabhadar lá caoicíse ón ló sin ar faithche na Teamhrach do chum na breithe sin. Agus do feuchadh iaramh uireasbhaidh na Féinne ón mborb-ghleó sin. Is é líon dob uireasbhaidh do mhuinntir Fhinn an fad sin, .i. dá chéad deug eidir fhear agus mhnaoi, agus dob iomdha dhíobh sin ríoghan ramhar ró-uasal, agus ainnear áluinn iolchrothach, agus maighdean mhíolla mheur-leabhar mhalach-dhubh, agus macámh builidh binn-bhriathrach, agus laoch léidmheach lán-chalma. Agus fós dob iomdha súil arna saobh-dhalladh, agus srón arna siabhradh agus arna daor-chuma, agus cluas arna ciorrbhadh, agus cos arna cosguirt agus arna cneath-ghearradh, agus lámha arna leudrachadh, agus taobh arna tholladh, agus corp arna choscuirt ar an droing ro budh beó do mhuinntir Fhinn. Agus is é dob uireasbhaidh do chlannuibh Morna an comhfhad sin aon-fher deug d'fhearuibh agus caoga do mhnáibh, agus ní hé marbhadh na mban do-roinnadh ach bás d'fhaghuil re heagal agus re
huamhan na hoidhche agus re huadhbhás na n-arm. agus do-leighisadar gach nduine do budh ionleighis, agus do-roinne feart fada farsaing do gach én-nduine budh marbh díobh. Agus do glan- agus do nuath-chóiraidhaedh an deagh-árus dá éis sin agus do shuigh gach aon-fhéinnidh fearamhuil fíor-thrén aca ina n-ionadh cinnte comhadhais budhdhéin do lonnadh agus do lán-chaitheamh na fleithe go fíor-aibéil. Caoigis dáibh ar an gcórughadh sin, agus teuguid go Teamhuir na Ríogh dá éis sin, agus do chuir Cormuc agus Aillbhe agus Carpre agus Fíthiol agus Flathrí agus Fiontain 'na suighe a n-ionadh breathamhnuis, agus do-chuaidh Fionn a gcionn sgeula d'innisin dáibh. Is ann sin adubhairt Goll: "a Fhinn," ar sé, "ní duit do-bheuruinn-si innisin sgeula na cúise do bhíodh euddrum agus tú, uair du-dhéantá fírinne don bhréig am aghaidh, agus tabhrum ar aon innisin ar sgeul d'Fhearghus file, agus luigheadh fána déaghuibh fírinne do dhéanamh." Agus ro aontuigh Fionn aní sin; agus tug Fearghus na déagha re fírinne an dá sgéala sin d'innisin. Agus adubhairt Fearghus gurbh é Fionn do-rinne an éagóir for Goll; "agus do taighle gach eugóra" ar Fearghus: "is é Caoirioll mac Coirbhróin
tug tosach ar an mbruighin óir do bhuail sé dorn ina eudan ar Conán, agus níor fhuilaingeadh sin re Conán óir tug ionnamhuil na heasonóra céadna do Chaoirioll, agus tánadar dá mhac Oscuir mheic Oisín da chobhuir Choirill, agus tánadar dá mhac Guill do chobhuir Chonáin, agus do-chuaidh Osgar d'fhóirithin a chloine agus do éirgheadar clann Mhorna dá n-imdhídionn féin, agus do éirgheadar Fianna Éirionn uile ar-cheana, agus do ghabhadar ag cnáimh-ghearradh a chéile gan choigill ó thús na hoidhche adhfhuaire go héirghe don ghréin as a ciorcioll teinntighe ós dreith na talmhan trom-fhóidigh arna mháiraech, agus is é dob uireasbhaidh do mhuinntir Fhinn fris an ré sin, .i. dá chéad deug idir fhear agus mhnaoí, agus dob iomdha fear ainmheach uireasbach atharrughach ar an fad sin, agus fós is é dob uireasbuidhe do chlannuibh Morna, .i. dá fhear dheug d'fhearuibh agus caoca do mhnaoibh." Adubhuirt Cormuc: "Is iongnadh leam lughad díthe chloinne Morna agus a' meud do bhí 'na n-aghaidh," ar sé. "Is eadh fá-deura sin dáibh," ar Fearghus Fíonbheul, "Goll do-chuaidh ar a sgáth agus do
chonnaimh a sgiath re Fiannuibh Éirionn, agus níor lamhadh clanda Morna do mharbhadh acht madh beagán do marbhadh re hurcharaibh díobh. Agus is iad sin sgeula na bruighne dhaoibh," ar Fearghus file. Agus adubhairt Flaithrí go luath-bhreathach: "Is cóir ionaclann do chlannuibh Morna," ar sé, "ós orrthuibh do-rinnadh tosach na bruighne." "Ní cóir an bhreath mheic ollamhain sin," ar Cormac, "óir dlighidh gach óglách a bheith umhal dá thighearna." "Is fíor í sin a mbán-bhualadh," ar Flaithrí, "agus ní théid urrum a ndortadh na fola." Adubhuirt Fíthiol: "saormuid Fionn agus Fian Éirionn gan anaclann uatha do chlannuibh Morna ar meud uireasbaidhe Finn agus meud a ttinnte fós." Adubhairt Fionntan mac Bóchna: "Is breath mheic ollamhan sin, agus ní gó-bhreath," ar sé.
Agus do mhol Cormac agus Cairpre agus Aillbhe an bhreath sin. Do goireadh an Fhian uile go hén-láthair agus do hinnseagh an bhreath sin dáibh agus do-roinnadar síth eatarra amhlaidh sin. Gonadh hí sin Fleagh na hEalbhun go n-uige sin. Finis. Amen.
BRUIGHEAN EOCHAIDH BHEIG DHEIRG ANN SO SIOS. Aon do ló d'Fhionn mac Cubhaill air Druim na Gaillbhe, agus do éirgheadh fíadh faiteach foluaimneach dhó a cceand gach seachtmhadh bliadhna, agus do léigthidhe coin na Féine leis, agus do fhágbhadh sé íad. Lá roimhe lá Samhna do iarradur Fíana Éirionn coinnmheadh cinte comhchoitcheann air Fhionn in lá soin. "A Chonáin," air Fionn, "déna Fíana Éirionn do choinnmheadh aniugh." "Is fada re diomdha agus re heasccairdeas dhúinne thusa, clanna Morna; óir dá ndénainn-si dearmad coinnmhe," air sé, "do dhruing éigin d'Fhianaibh Éirionn do bheithdís air lúth m'aimhleasa do dhénamh ós ísiol agus ós áird." "Máiseadh," air Fionn, "cia do-ghéabham dá ccoinnmheadh anois." "Atá 'fhios sin agam-sa," air Conán, ".i. an fear is mó forba agus fearann agus fineachus, bó-tháinte agus greadhán sguab-leabhar, ór agus airgead agus ionnmhus, agus chongbhus seacht ccatha na Gnáthfhéine lá gacha seachtmhuin agus seachtmhuin gacha mís agus mídh gacha ráithche agus ráithche gacha bliadhain, .i. Caoilte mac Cronnchair mhic Ronáin."
Tugadh Caoilte chuca 'mon am sin; agus locus Caoilte a ccoinnmheadh. "A Ghal Gaoithe," air Fionn, "déna Fíana Éirionn d'áireamh aniugh, agus do-dhén-sa féin a ccoinnmheadh." Éirghighius Gal Gaoithe in tan sin, agus ní fhúair sé giolla con nó gadhair, nó taoiseach féindeadh, d'uireasbhaidh ortha; ór an én-shúil is lugha do-bheireadh Gal Gaoithe air sheacht ccathaibh na Gnáth-fhéine do aitheónadh sé an giolla con nó gadhair is lugha do bhiadh d'uireasbhaidh orrtha. Acht a-cheana do-chuadar cúig fir dhéag do mhaithiph na Féine air taoibh na tulcho fa coimhneasa dháibh, agus aig so a n-anmana: .i. triúr mac Finn mheic Cubhuill, a dhías mhac féin, agus mac a mheic; trí meic Aon-Chearda Béarra, .i. Glas agus Géar agus Gabha. Do-chuaidh ann Diarmaid déad-sholus ó Duibhne, agus Airt mór-bhuilleach mac Morna, agus maithe oile ó sin umach; agus tuccadur fithcheal Fhinn mheic Chubhaill chuca, agus do ghabhadur agá fras-imirt. Agus suidheas Conán aca, agus adubhairt, "An taoibh do bhaoi anund don bhliadhain do bhághus aig Fionn, agus an taoibh atá anall bíad agad-sa, a Oisín," air sé. "Gurb é do bheatha agam-sa," air Oisín, "agus do-ghéabhair tuarusdal uaim-se i lláimh," air Oisín.
"Is aithne dhuit-se gur fear dá thuilleamh sin misi," air Conán. Éirghighius Gal Gaoithe air árd na tulcha fa coimhneasa dhó d'fhéachin an bhfaicfeadh sé giolla con nó gadhair, nó taoiseach féindeadh, air sgáth tuir nó tuim nó a n-ionadh uaigneach leis féin. Agus do-chí na cúig fir dhéag sin d'Fhianaibh Éirionn, agus aig teacht do láthair dhó beanus dorn dá chlaidheamh amach. "Créad so dob áil leat do dhénamh, a Ghal Gaoithe?" air Oisín. "Dob áil liom," air Gal Gaoithe, "thusa do bhúain mo chinn agus mo choimhéid bheatha dhíom, as an dearmad coinnmhe do-rinne mé dhíot féin agus dona ceithre fearaibh déag sin do mhaithiph na Féine maille riot." "Ní bheanfa misi do cheann díot," air Oisín, "agus do shaóilfinn go mbiadh um chuideachta fear bhúainte do chinn díot." "Cuihé sin?" air Gal Gaoithe. "Conán mac Morna," air Oisín. "Níor bhean misi a cheand dá leithit ariamh," air Conán "agus ní mó bheanfus mé dhe-sion é." "Créad é mo leithit?" air Gal. "An bhfidir tú créad umá ttugadh "Gal Gaoithe" ort?" air Conán. "Ní fhidir," air Gal Gaoithe. "Ní bhfuilim-si mur sin," air Conán: "thusa bhíos aig éirghe a n-airde re gáir chatha agus chruadh-chomhraic,"
air Conán; "agus níor bhean mise a cheann do ghealtán romhad ariamh, agus ní mó bheanfus mé dhíot-sa é." "Ní fhuileónga misi m'aithisiugh nó m'imdheargadh nísa mhó dhíbh," air Gal Gaoithe. Imghighios Gal Gaoithe go bhfeirg mhóir agus go saobh-nós uatha an tan sin. Agus ní mór go ráinic leis a bhfágbháil an uair do-chonncudar an gaisgeadhach chuca gacha ndíreach, go bhfos bhflatha agus go méad míleadh agus go ttlacht tighearna, agus a éadach ós meallaibh a mháis uime, agus íochtar a bhruit súas agus dealg ór ann. Agus aig teacht do láthair dhó beannuighius do bhriatharaibh faistineacha fíor-ghlioca agus freagras Oisín san ccumaoín chéadna dhó. "As é ádhbhur ttucc mé féin ann so, a mheic Fhinn mheic Cubhaill," air an gaisgeadhach, "air ceann Finn mheic Cubhaill agus seacht ccatha na Gnáth-fhéine do chum mo thighe agus mo theaghlaigh féin go mbeireadh an Bhéaltoine forrtha, óir itá fleadh ullamh ionchaithmhe agam 'na n-orchill go ttí an Bhealtoine." "As amhlaidh mur atá," air Conán, "an ball a n-aibeórthaidhe na cúig fir dhéag so do mhaithiph na Féine do bheith; adéarthaidhe go mbeith Fían Éirionn uile ann, uair itáid cúigear mac Finn mheic Cubhaill ann, agus mac a mheic, agus Diarmaid déad-bhán dreach-sholus ó Duibhne, agus triúr mac
An Chearda Béarra, .i. Glas agus Géar agus Gabha, agus Art mór-bhuilleach mac Morna agus misi féin, Conán mac Morna, agus maithe oile ó sin amach," air sé; "agus do budh maith le Fionn fleadh agus féasta d'fhagháil dúinn, agus do fhéadfadhmís clú agus alla agus orrdhearcus na fleidhe sin do chur ort-sa," air Conán. "Cuid eile dhe," air Conán, "ní bhfuil baile bó nó leath-bhó a n-Éirinn gan coinnmheadh cinnte comhchoitcheanda ann anois acht muna bhfuilid ar fleidh chugad-sa." "Truagh sin," air in gaisgeadhach, "dob fhearr liom-sa cúig cúigidh na hÉirionn agus tríucha chéad na Midhe do shiubhal, mur itá cóigeadh mór-dhálach Mumhan, agus cóigeadh láimh-dhearg Laighean, agus cóigeadh caoimh-áluinn Connacht, agus cóigeadh oll-bhladhach Uladh, nó an tóicheasdal fleidhe do-rinne mé féin do dhul amugha orm mur so." "Ní rachaidh amugha ort go deimhin," air Conán, "dá ccaitear linne í; óir ní dóigh linne coineamh budh fearr ná na cúig fir dhéag so d'fhagháil cruinn air áon-láthair, a n-én-áit a n-Éirinn," air sé; "agus fós ní bhfuil dá mhéad ullmhugh do-rinne tusa, nach bhfuil lucht dá chaitheamh ann so." Leis sin tucc an gaisgeadhach ubhla as beinn a bhruit agus tucc ubhall i lláimh gacha fir dhíobh, agus beanus Conán greim as 'ubhall féin, agus ithios é don dara greim.
"A Fhíana Éirionn," air in gaisgeadhach, "air ithabhuir bhur n-ubhla?" "Do itheamur go deimhin," air Conán, "agus na huile dhiombuadha orm féin," air sé, "nach bhfuair mé d'aoíbhneas nó d'aiér, do cheól nó d'fhoirfide ariamh ni budh binne leam ná a fhios do bheith agam go mbéaruinn beó air én-sháith amháin dona hubhlaibh sin d'fhagháil arís." "Atáid seacht n-abhallghairt don mhunadh sin agam-sa," air an gaisgeadhach, "agus do-ghéabha siph-si bhur sáith dhíobh go ttí an Bheltane. "Ní hamhlaidh tá," air Conán, "agus atá dhá ní nach biainn féin sáitheach dhíobh go bráth do réir baramhla." "Créad an dá ní sin?" air in gaisgeadhach. "Mo sháith connspóide agus mo sháith dona hubhlaibh sin," air Conán. "Is deimhin liom," air in gaisgeadhach, "go bhfuighe tú do sháith do cheachtar acu sin úaim-si suil tig an mBealtaine; acht amháin," air in gaisgeadhach, "ní fhidir-si an ttiubhra sibh-si cuma choisidheacht dhamh pféin nó go roichidh mo dhún agus mo dheagh-bhaile féin," air sé. "Na huilidh dhiombuadha air an mbéal sin!" air Conán. "An é nach ttiubhramaoís cuma choisidheacht duit-si agus go mbeirmíd air na haghaibh eallaidh do rith?" Mur do-chualaidh in gaisgeadhach sin, tógbhus 'éadach ós meallaibh a' mhás, agus gluaiseas
roimhe 'na chéimionaibh reatha ro-luatha do mhaoilinn gacha mór-chnuic, agus d'íosioll gacha gleanna, agus tarsa gacha hinbheir, agus do dhruim gacha faithche, agus do ghaineamh gacha trágha; agus leanuid na cúig fir dhéag sin d'Fhianaibh Éirionn é do mhaoilinn gacha cnuic, agus do thaobh gacha tulcha, agus do bharr gacha gleanna, go rug neóin agus deireadh laoí orrtha. Fanus in gaisgeadhach riú um thráthnóna do ló, agus adubhairt: "Dair liom féin, a Fhíana Éirionn," air sé, "cé do-chuaidh teisd lúais oraibh, ní ro-luath na daoine siph; agus aig súd thall mo bhruighean-sa, agus gluaisidh inte; agus rachad-sa do sholár bídh chuguibh." "Is olc tarla dhúinn," air Conán, "más anois itá bíadh dá sholár dhúinn agus fleadh ullamh agad a ccoinne Fhiana Éirionn uile, más fíor duit féin; agus is cosmhail nach bhfaghuim-si mo sháith dona hubhlaibh do ghealluis in tan nach bhfuil bíadh na hoidhche anocht ullamh air ar gceann." "Ní bhíadh tú diomdhach aig imtheacht," air in gaisgeadhach; "agus gluaisidh don mbruighin, agus leanfad-sa go haithghearr sibh." A haithle in chomhráidh sin gluaisid don mbruighin agus beanus Conán teallach teintidhe umach agus do-rinne malc teineadh tréin-mhóire gan dé, gan deachtuigh.
Adubhairt Oisín in tan sin ag labhairt, "Ní bhfuil leaba in laoigh eallaidh a n-Éirinn," air sé, "nach raibhe mé féin úair éigin do ló nó d'aoídhche ann um luighe nó um shuidhe, um chodhladh nó um dhúsgadh, agus ní fhidir mé cía an áit si ina ttarla mé anocht, acht amháin gurb é mo dhóigh nár rugadh as Éirinn amach mé." Agus adubhairt gach áon acu in céadna acht Diarmaid ó Duibhne, agus ní dhubhairt go raibhe a fhios aige nó nach roibh. "Créad an tocht sin ort? a mheic í Dhuibhne," air Oisín, "gan a fhios do thabhairt dúinn an ball a bhfuilmíd, nó a rádh nach bhfuil a fhios agad acht mur fhear oile d'Fhianaibh Éirionn." "Atá aithne agus neamh-aithne agam air in mbruighin si," air Diarmaid; "agus téigheadh fear agaibh-si amach," air sé, "d'fhéachain an bhfuigheadh sé cárrtha comh-mór cloiche a n-ursainn na bruighne; agus dá bhfaghthur inneósad dhíbh an ball a bhfuiltí, agus muna bhfaghthar ní bhfuil sgéala agam-sa cá ttarla sibh, acht mur gach gaisgeadhach oile d'Fhianaibh Éirionn." Éirghighius Conán go hurlamh im-éasgaidh, agus tucc lámh thapaidh laochdha air a leathán-armaibh, agus timchiollus an bhruighean agus innsíos do Dhiarmaid in cárrtha do bheith ann. "Sealg throm-thorthach do comhmóradh le Fionn agus le Fianaibh Éirionn," air Diarmaid, "agus do dúisgeadh leó míolta más-ghearra moighe,
agus sionnuigh chealgacha chaibliatha, agus agha im-dhísgre eallaidh in lá sin. Agus do shuidh in rí-fhéindidh ina dhúmha sealga an uair sin, agus ní tharla áon-duine an' fhochair ann acht misi, agus tuitios a thorchiom súain agus sár-chudallta fair, agus níorbh fhada dhó air in ccodladh sin an uair ro amuis misi do phreib a lár m'ochta agus m'úr-bhruinne, gur chuiris móinlinn fola for-dheirge tair mo bhéal agus tar mo bhruinne umach. Éirghim-si 'mo sheasamh an uair sin go bhfeirg mhóir agus go saobh-nós agus mo dhruim ris in ccarrtha úd amuigh, agus tógbhuim an líog mhór chloiche, agus aimsiom an rí-fhéindidh a ccraoidhe a dhá bhonn, gur chuiris móinlinn fola air súil gach én-mheóir do dheich méaroibh a chos amach. Músglus an rí-fhéindidh as a chulladh in tan sin, agus cuirios lámh a ndornchladh i chlaidhimh, agus téighim-si a cceand m'airm air in láthair sin dom chosnamh air an rí-fhéinnidh. ""Dair liom féin, a chara agus a chomhdhalta, a mheic uí Dhuibhne," air Fionn, "do fhóbrus féin go marbhuinn don chur sa thú. Fís agus aisling tárfas dhamh air in ccodladh," air sé, ".i. go ttógeóbhaidhe bruighean air an áit so, agus go ttiubharrthaidhe airc bhruighne air Fhianaibh Éirionn inte is mó dá roibheaduir ariamh." "Agus is é in cárrtha úd amuigh do bhaoí re mo dhruim an uair sin, agus as í so Bruighean Eochaidh Bhig Dheirg, agus is é Eochaidh féin in gaisgeadhach
úd do tharring ann so sibh; agus itá feall agus fionghail dá cuma chugaibh aig Tuathaibh Dé Danann re seacht mbliadhnuibh go leith; agus is inte so itá a ndán díbh an airc bhruighne sin d'fhagháil," air Diarmaid, "agus dob fhearr dhíobh nach ttaigeóbhadh inte sibh anocht, agus measuim fós go mbiadh a chuid ubhall searbh aige Conán, cé gur mhór ro thaitnighdear lais." "Na huile dhiombuadha orm!" air Conán, "más fearr liom ní dhá ttiucfadh dhe nó iaróg agus imreasuin." Is í sin úair agus aimsir fá ttáinic brughaidh bó-chéadach dá mhuintir do chum Finn mheic Cubhaill áit i raibhe, agus adubhairt go raibhe coirm agus cósir aige d'Fhionn agus d'Fhianaibh Éirionn go mbeireadh in Bhealtaine orrtha. "Is cosmhail," air Fionn, "má do bhádor deocha garga gabháltacha agad gur fhéachabhair iad suil do thógbhuis amach, an úair dob áil coirm agus cóisir do thabhairt do sheacht ccatha na Gnáth-fhéine nó go mbeireadh in Bhealtainne orrtha, agus gur trom le fearaibh Éirionn a ccoinmheadh an fad sin," air sé; "agus cé thusa féin, 'ógláigh, tucc an gealladh maith sin uáit?" air Fionn. "Bruighidh bó-chéadach dot mhuintir-si mé," air in t-óglách, ".i. Dearg mac Díonartaigh, agus dob áil liom a n-éiric a bhfúarus do bhúair, agus do bhó-tháinte, agus do ghreadhan sguab-leabhar
úait-si coinnmheadh cinte do thabhairt duit-si agus dot mhuintir, a rí-fhéindidh," air sé, "go ttí an Bhealtaine." "Máiseadh," air Fionn, "beir mo mhná agus mo mhacradh leat, beir mo choin agus mo ghadhair leat, beir m'aoís ciúil agus oirfide agus ealadhna leat, agus leanfad féin um thráthnóno thú." Gluaiseas an Dearg rumpu dá dhún agus dá dheagh-bhaile féin, agus ní mór go ráinic leó socrughadh ann in tan it-choncudur Fionn cuca, agus suigheas air slios na bruighne agus tugadh uisce lámh chuige agus cuirios a ordóg fóna dhéad fis, agus is é in t-adhbhur fár chuir Fionn sin, .i. fad chongunta na Féine ó chéile, agus a liacht námha agus eascharuid do bhí acu, agus d'fhéachain an bhfoillseóchaidhe dhó drong éigin d'Fhianaibh Éirionn do bheith a n-airc nó a n-éigean ó namhaid nó ó eascharuid dá raibhe aca an uair sin. Agus do foillsigheadh dhó na cúig fir dhéag sin do mhaithibh na Féine do bheith a mBruighin Eochaidh Bhig Dheirg, agus feall agus fionghal dá cuma cuca aig Eochaidh agus aig Tuathaibh Dé Danann. Élaídhius Fionn as in ccathraigh gan fhios d'aoin-neach dá mhuintir, óir níorbh áil leis in tóicheastal fleidhe do-rinne in Dearg mac Díonurtaigh do mhilleadh uime, agus gluaisius roimhe mur sin 'na uath agus 'na áonar, agus níor mhothaigh aon-duine é acht Aodh Beag mac Finn, agus leanus air a lorg é; agus aig dul tair áth thairis
d'Fhionn do mhothaigh in gaisgeadhach 'na dhíadh isan áth, agus fiafraighius cia ro bhaoí ann. Adubhairt-sion gurb é a mhac-san ro bhaoí ann, .i. Aodh Beag mac Finn. "Is mór an iarraidh air mhasla agus air mhí-chlú dhuit-si tieacht ann so seach gaisgeadhach eile d'Fhianaibh," air Fionn. "Is fearr liom-sa," air Áodh, "mo chlú agus m'alla agus m'ard-nós do chur a mbéalaibh súath agus seanchadh aig féachuin mo láimhe agus mo lainne a ccorpaibh curadh agus cath-mhíleadh id chuidachta-sa, a rí-fhéindidh," air sé. "Gluais chugam," air Fionn. Trialluid air aón, agus ní dhearnadur fos nó comhnaidhe nó go rángadar Bruighean Eochaidh Bhig Dheirg, agus ba lúath-gháireach lán-intinneach na cúig fir dhéag sin do bhí san mbruighin air faicsin Fhinn agus a mhic chuca. Agus suighid in días churadh sin a bhfochair na ccúig bhfear ndéucc sin; agus níor chían dáibh ann in tan do-chonncadur Eochaidh Beag Dearg aig teacht asteach, agus is eadh adubhairt: "Go mbeannuighidh in fír-Dhía forórdha dhuit, a Fhinn mheic Cubhaill," air sé, "agus is feirrde an ball i ttáinic tú, agus is miste an ball do fháguibh tú, a rí-fhéindidh, agus itá tuilleadh coinnmhe aguinn amuigh ann so, agus is maith linn in dara leath don mbruighin do léigin cuca.
"Cía híad sin?" air Fionn. "Aodh mac Aodh Finn Léith itá trí chéad gaisgeadhach do Thuaithibh dísgreacha dealbh-mhaiseacha Dé Danann." "Tabhair asteach iad," air Fionn. Tugadh na trí chéad gaisgeadhach sin isteach, agus suighid air an leith eile don mbruighin, agus do bhí gach áon aca aig tógbháil fíocha agus fuatha agus faltanuis dona seacht bhfearaibh déag d'Fhianaibh Éirionn do bhí astigh rompo. Táinic Eochaidh Beag Dearg asteach a cceand a thuath 'na dhíadh sin agus adubhairt: "A rí-fhéinnidh," air sé, "itá Conn mac Aodh Finn Léith son dorus trí chéad gaisgeadhach." "Léigthear isteach iat," air Fionn. Do bhádur sé chéad gaisgeadhach do Thuathaibh Dé Danann air thaobh don mbruighin an uair sin, agus gan acht seacht bhfir dhéag air in taoibh eile dhi, agus gacha aon díobh aig tógbháil fuatha agus faltanuis dá chéile. Tig Eochaidh Beag Dearg in treas feacht asteach agus adubhairt: "A rí-fhéindidh," air sé, "itá Cabhlach inghean Aodh Finn Léith san dorus trí chéad ban-ghaisgeadhach." "Léigthear isteach íat," air Fionn. Táinic Cabhlach asteach, trí chéad ban-ghaisgeadhach, agus is amhlaidh do bhádur agus bogha
gearr i lláimh gach mná díobh, agus ní theilgdís duine nach buaildís, agus ní bhúaildís duine nach marbhdís. "A Chonáin mheic Mhorna," air Fionn, "do-bhéaruinn doirseóreacht na bruighne si inocht duit." "Gabhuim chugam í," air Conán, "agus na huile dhiombuadha orm," air Conán, "má léigim duine dá bhfuil inte amach, nó duine dá bhfuil amuigh asteach acht re do chead-sa, a rí-fhéindidh," air sé. Suidhios Conán a n-ursainn na bruighne ann sin, agus gabhus arm áigh agus iorghaile chuige agus a threathlamh catha agus cruadh-chomhraic 'na thimchioll, agus níor chían dó ann in tan it-chonnuirc Tuatha Dé Danann aig féachain amach agus gean gáire aig gabháil gach áon díobh. Féachus Conán amach, agus do-chí óglách mór modurtha mí-sgiamhach a n-ursainn na bruighne, agus folt slim sleamhain snúadh-dorcha dlúith diabhlaidhe dath-ghránda fair, agus mailghe mothlacha mong-gharbho, agus súile lannardha luaimneacha loch-líatha leathan-ghlasa ina cheand, agus coltur sróna silteach sriabhánach go ndos ndeatuigh dían-mhóire dá tharring ós a cheann, agus aon-bhéal mantach minic-fhliuch ina mhéigh mhór-fhairsing ós cumpur a gharbh-chléiph. Táinic isteach fán tuairim sin agus iarrus Fionn air suighe san leith thall.
"Ní shuighfe," air in t-óglách, "agus dá mbeith a fhios agam cia haguibh-si is fearr do chuirfinn as áit agus as ionadh é, agus do shuidhfinn féin ann." "Innsim-si dhuit," air Fionn, "gurb é in fear maol sin aig an dorus neach is fearr aguinne." Beirius in fear mór air dhá iosgaid air Conán, agus teilgius air mullach a chinn san lód mhúnlaigh do bhí a n-ursainn na bruighne é, agus suidhius féin ina áit agus ina ionadh. Éirghighius Conán go bhfeirg mhóir agus go saobh-nós agus glacus an fear mór, agus do bhí Fionn agus Fiana Éirionn aig greasocht Chonáin, agus Tuatha Dé Danann aig greasacht an fhir mhóir. Fa hé críoch agus deireadh na coinghleaca sin go tucc Conán cor a n-aghaidh a lúth agus a nearta don fhear mhór gur thomhuis leathad a dhroma do lár agus do lán-talmhain, agus beanus alt sgeine sgoith-ghéire umach, agus sgabus a cheand dá cholainn gan fhuighioll, gan uireasbhaidh, agus teilgius in cholann san lód mhúnlaigh inar cuireadh é féin roimhe sin, agus congbhus in ceand ina laimh dá chomhmaoidheamh re Tuathaibh Dé Danann. Adubhairt Cabhlach, inghean Aodh Finn Léith, "Na huile olc ó thalamh go lár chugam, a Chonáin," air sí, "ó do thuit mo bhráthair leat go ttuitfe tú liom nó go ttuitfe mé leat mur an ccéadna."
Éirghios Cabhlach agus beirios air Conán, agus beirius Conán uirrthe; agus do bhí Fionn agus Fíana Éirionn aig greasacht Chonáin, agus do bhádur Tuatha Dé Danann aig greasocht Chabhlaigh. Ós le Cabhlaigh budh treisi, tucc cor a n-aghaidh a lúth agus a nearta do Chonán gur thomhuis leathad a dhroma do lár agus do lán-talmhain; agus do chuir glún air, agus do bhí an glún ag dul tríd go talamh; agus ceanglus Cabhlach Conán air in láthair sin go dáor dochrach; agus do bhí a n-éigean mhór aice. "A Dhiarmaid uí Dhuibhne," air Conán, "a lámh láidir, agus a chuinge catha, agus a ursa áigh agus iorghaile, agus a lámh nár lagadh a ccath ná a ccomhrac riamh, ní bhfuairis neach a n-airc ná a n-éigean nach bhfuaisgeóltá dhó: fuaisgail mé féin ón ccailligh si inocht." Éirghighius Diarmaid d'fhurtacht Chonáin, agus gabhus in chraoíseach chró-dhearg chrann-reamhur chruadh-righinn thana throm-fháobhrach shlinn-ghéar lena ttéigheadh leath lúth agus nearta as námha agus as eascaraid lé fhaicsin nó lé fír-fhéachain méad a nimhe agus a húrghráine; agus dob áil leis an chailleach do dhiúbhraiceadh. Cuirios Fionn lámh ann agus cuirios 'na shuidhe ina áit agus 'na ionadh féin é, agus adubhairt: "Is geis damh-sa," air sé, "a chomhrac do
thoirmeascc um neach air bioth, agus ní bheanfad dhi súd é acht mur gach neach eile." Ó nár léigeadh do Dhiarmaid dul d'ionnsoigh na caillighe, do chuir neart na gualanna chum na huilleanna, agus neart na huilleanna chum an chruibh, agus neart in chruibh chum na meór, agus cuirios a mheór a samhnadhuibh na sleighe slime sleimhne slínn-ghéire. Agus leis sin cuirios Fionn lámh a n-irlinn na sleighe dá fasdágh, óir níorbh áil leis neimh na sleighe do bhúain don ccailligh; agus air bhfasdógh na sleighe d'Fhionn beanus braon neimhe do chinn na sleighe don ccailligh gur bhean dhá ttrían a lúth agus a meisnigh dhi. "A Chonáin," air in chailleach, "in bhfidir tú créad do-bheir an fad so gan dícheandadh agam-sa thú?" "Ní idir," air Conán, "acht na huile dhiombuadha orm dá madh tusa do bheith sa riocht so agam-so go mbeanfuinn do cheand agus do choimhéad beatha dhíot gan choigill, gan chairde." "Máiseadh," air in chailleach, "misi do bhí bliadhain a bhfriotheólamh Fhinn mheic Cubhaill, agus do bhí tusa 'suirghe riom an fad sin; giodh eadh, ní raibhe tú d'fhear agam ariamh. "Ní meiste," air Conán, "ní móide go mbíainn mur sin."
Agus mur do fuair Conán aire na caillighe agus na Féine air a chéile, fuair amus air in cceangal do bhaoí air do sgaoileadh, agus tug biodhgadh éttrom énamhail ós ceand na caillighe, agus cuirios in chailleach faoí, agus beanus altan sgeine sgoith-ghéire amach, agus gearrus an falach leathair do bhaoí fá thóin na caillighe, agus gabhus aig dul chúiche mur a dhícheall. As a haithle sin beanus a sgían amach, agus dob áil leis a ceann agus a coimhéad beatha do bhúain don ccailligh. "A Chonáin," air in chailleach, "ná marbh mé agus do-bhéar féin fuasgladh asam." "Créad an fuasgladh sin?" air Conán. "Tá," air in chailleach, "nach bhfuil bun tuir nó tuim fá thríocha chéad don mbaile si anocht gan a lán do Thuathaibh dísgreacha dealbh-mhaiseacha Dé Danann ann, aig bruith feille agus fionghala oruibh-si, na seacht bhfir dhéag sin d'Fhianaibh Éirionn, agus trí chéad ban-ghaisgidheach air mo chomhairle-si san mbruighin si anocht, agus trí chéad bogha gearr aca, agus ní theilgid duine nach búailid agus ní bhuailid duine nach marbhuid, agus beanfad a ccongnamh sin do Thuathaibh Dé Danann anocht." "A Fhinn," air Conán, "in ngéabha mé súd?" "Ná diúlt congnamh dá bhfuighe tú," air Fionn. Sgaoileas Conán don ccailligh iair sin, agus imdhighios Cabhlach as an mbruighin amach agus na trí chéad ban-ghaisgidheach sin maille ré.
Suidheas Conán a n-ursain na bruighne arís, agus ní fada ro bhaoí ann in tan it-chonnuirc Tuatha Dé Danann aig féachain amach agus gean gáire aig gabháil gach áon díobh fó seach. Féachus Conán amach, agus do-chí óglách mór modarrtha mí-sgiamhach san dorus, agus cú ghearr dhubh air slabhradh iarainn ina láimh, agus gur suaill nach loisgeadh sí an bhruighean le gach aon-chaoír theintidhe dá ccuireadh tair a craos agus tair a garmain amach, agus a dhá bhonn fá theann aig iarraidh thieacht asteach. Tig óglách na cona duibhe asteach, agus adubhairt: "Go mbeanduigh na dée duit, a Fhinn mheic Cubhaill," air sé, "agus do-chuala féin nár dhiúlt tú én-neach ariamh fá éigsi nó fá athchuinghidh, agus dob áil liom féin comhrac con d'fhagháil uait." "Do-ghéabha tú sin go deimhin," air Fionn. Na huile dhiombuadha air an mbéal sin!" air Conán: "créad um nach bhfuigheadh do mhadradh craosach dubh-sa comhrac ann so, agus na seacht ccoin déag is fearr a bhFianaidheacht astigh si unocht. Léigius Conán a chú féin don choin duibh ann sin, agus dá madh cú shaoghalta an chú dhubh níor bhaoghal do choin Chonáin, agus ó nárbh eadh do marbhadh cú Chonáin. "Dair leam féin," air Conán, "do marbhadh mo chú."
"Do marbhadh go deimhin," air óglách na cona duibhe. "Na huile dhiombuadha oram," air Conán, "go ndíoghóla mé air chnámhaibh do chinn an fhiaghnuise sin do-rinne tú fá mo choin do mharbhadh." Do léig Oisín a chú féin don choin duibh, agus marbhthur cú Oisín. Do léig mac uí Dhuibhne a chú don choin duibh agus marbhthur cú Dhiarmada. Léigid trí meic an Chearda Béarra a ttrí coin, agus do mharbh in chú dhubh íat. Do léig Art Mórbhuilleach mac Morna a chú, agus marbhthur cú Airt. Mur do-chonnuirc cú Fhinn sin, .i. Bran, do ghabh eagla agus uamhan mór í air bhfaicsin na ccon oile dá marbhadh agus dá maslughadh 'na fiaghnuise, agus do-chuaidh i riocht cona bige fá ghlún Fhinn. "A Bhran," air Fionn, "nach cumhain leat gur tú do mharbh in cat nimhe do bhí a cCruachain, léir thuit mórán d'fhearaibh Éirionn?" "A Bhran," air Fionn, "nach cumhain leat gur tú do mharbh in torc nimhe do bhí a mBeinn Ghulban?" Mur do-chualaidh Bran sin tucc crothadh anbháil urrthe agus do bhris a hiall, agus tucc in dara crothadh urrtha agus do-chuaidh 'na riocht féin, agus tucc aghaidh air in ccoin duibh. Agus do bhádor
Fionn agus Fíana Éirionn aig greasacht Bhran, agus Tuatha Dé Danann aig greasacht na cona duibhe. Agus do bhí Bran dá maslughadh agus dá mór-mhaothadh aig in ccoin duibh, agus do bhí bróg d'airgead aithleaghtha fá chrobh dheas Bhran; agus d'éirigh Diarmaid ó Duibhne agus beirios air áird gach con díobh, agus congbhus ó chéile íat gur sgaoil Conán an bhróg do Bhran. Is ann sin tucc Bran siothadh santach sár-lúthmhur dá crobh tosaigh a mbrághaid na cona duibhe gur léig a hapach agus a hinathur aisde, agus gur thuit marbh a bhfiaghnuise cháich. "Dair liom féin," air in fear mór, "do marbhadh mo chú." "Do marbhadh go deimhin," air Conán, aig tarring a chlaidhimh agus aig bualadh ógláigh na cona duibhe a ccomhrac in chinn agus in mhuiníl, gur sgar a cheann ré cholainn, agus teilgius in cholann san lód mhúnlaigh do bhí a n-ursainn na bruighne, agus congbhus in ceand dá chomhmaoidheamh re Tuathaibh Dé Danann. Suidhios Conán a n-ursainn na bruighne, agus do bhí treimhsi agus tamall ann, agus do-chí óglách 'tieacht isteach agus omur uisce ós árd a ghualann aige, agus tig a bhfiaghnuise Fhinn. "Cad dob áil leat, 'ógláigh?" air Fionn. "Dob áil liom," air in t-óglách, "giodh bé haguibh-si neach is fearr go n-innéolainn a chosa agus a lámha as an omur so."
"Innsim duit," air Fionn, "gurb é in fear máol sin aig in dorus neach is fearr aguinne." Iontóighios in t-óglách is fágbhus in t-omur a bhfíaghnuise Chonáin. Tógbhus Conán a dhá láimh, agus dob áil leis a ccur a n-aoinfheacht san omur. "Fóill ort, a Chonáin, air Fionn, "féach cé an ball dot bhallaibh is lugha díoth leat 'bheith d'easbhaidh ort." "Laoidigín mo choisi sin," air Conán. Cuirios Conán laoídigín a choisi isin omur, agus do-rinneadh min agus luathreadh dhe. "Na huile dhiombuadha orm," air Conán, "más fearr do las laoidigín mo choisi nó lasfas mé h'fheóil agus h'fhinn-leathar san omur sa," aig breith air in óglách agus dá leagadh tarnsna an omair, ionnus go ndearnadh mion agus luaithreadh dá fheóil agus dá chnámhaibh. Agus tógbhus Conán in t-omur ós árd a ghúalann agus adubhairt, "A Thuatha Dé Danann," air sé, "dá mbeith ní budh measa iná so aguinn, do budh cead linn bhur ccuid do bheith aguibh-si dhe," agus croitheas in t-uisce orra, agus níor bhean bráon beag nó mór d'áon-neach aca don omur nachar las a fheóil agus a fhinn-leathar dhe. "A Chonáin," air Tuatha Dé Danann, "is olc in fear íon-tighe dhúinne thusa anocht." "Na huile dhiombuadha orm," air Conán, "dá raibhe mé go lá aon-úair is fearr d'fhear éin-tighe mé iná anois."
Suidhius Conán a n-ursainn na bruighne, agus do-chí Tuatha Dé Danann aig féachain umach, agus gean gáire aig gabháil gach aoin díobh. Dearcus Conán amach, agus do-chí óglách a' tieacht isteach, is torc garbh glas-liath air a ghúalainn, is léigius ín torc air lár air urlár na bruighne, agus beanus criothnughadh asin mbruighin uile. "Aig sin agaibh," air in t-óglách, "feis agus aoigheacht do chuir Eochaidh Beag Dearg chugaibh." "Ní mur sin do gheall sinne do ríar," air Conán, "an uair do thucc don mbruighin si sinn." Éirghid naoi naonmhuir do Thuathaibh Dé Danann do chum in tuirc, agus níor fhéadadur áon-chor do bhúain as an torc dá thabhairt do chum na tineadh. "Na huile dhiombuadha oraibh," air Conán, "is mur sin is maith linn mur bhfagháil gan lúth, gan láidireacht," agus éirghighios féin do chum in tuirc agus nír fhéad áon-chor do bhúain ass. "Na huile dhiombuadha orm," air Conán, "ó nach bhféadim in torc do thabhairt do chum na teineadh, go mbéara mé in teine do chum in tuirc." Éirghighius Conán, agus níor fhágaibh aoibheall nó aithinne don teinidh nár fhadaigh a ttimchioll in tuirc; agus tarla mían tochais do Chonán an uair sin, agus léigius a dhruim ris in teinidh, agus mur do mhothaigh in torc draoidheacht' a ghúaireach
agus a fhionfadh aig lasadh, tucc crothadh air, agus níor fhágaibh aoibheall nó aithinne don teinidh nár chuir fá dhruím agus fá tharrbhach Conáin, agus beirios Conán féin 'no chosaibh leis tair dorus na bruighne umach. Éirghius Conán ann sin go bhfeirg mhóir agus go saobh-nós, agus gabhus a earradh áigh agus iorghaile agus a threathlamh catha agus cruadh-chomhraic uime, agus timchiollus in bhruighean agus beirios ar in fhear tucc in torc chuige. "Na huile dhíombuadha orm," air Conán, "go ndíogheóla mé air chnámhaibh do chinn a ndearna an torc úd orm." "Fóill ort, a Chonáin," air in t-óglách, "do-bhéar féin fuasgladh asam." "Créad an fuasgladh sin?" air in Conán. "An torc ughad bruithe air cheithre bearuibh," air in t-óglách. "Cá hainm atá ort?" air Conán. "Conghus," air sé. "A Fhinn," air Conán, "a' ngéabha mé súd." "Gabh do chuid gach áit a bhfuighe tú é," air Fionn. Naisgius Conán sin air an óglách agus tucc san rátha gréini agus éusgu, agus ranna nimhe agus talmhan, re sin do chomhall dó. Do bhí Conghus amuith treimhsi agus tamall, agus tucc an torc leis bruighthe air cheithre bearoibh, agus tucc a láimh Chonáin íat.
"Is furas liom so do roinn," air Conán, "óir an én-chomhroinn ís lugha do bhí aig an rí-fhéindidh ariamh níorbh fhuráil dó ceathromh tuirc d'fhagháil, agus do-bheirim an cheathromh sa dhó; agus an én-chomhruinn is lúgha do bhí aig na cúig fearaibh déag sin an' fhochair níorbh fhuráil dóibh ceathramh tuirc, agus do-bheirim in cheathramh eile so dóibh; agus an én-chomhroinn is lugha do bhí aig na sé conuibh déag do bhí astigh si anocht níorbh fhuráil dóibh ceathromh tuirc d'fhagháil, agus ósí Bran do-rinne a n-áit uile do-bheirim in treas ceathromh so dhí; agus ní mór liom féin an cheathromh eile so do bheith agam a n-éiric a bhfúarus do mhaslo agus do mhí-mhodh a ttáinic don aoidhche; agus faghuidh-si ní dhíbh pféin, a Thuatha Dé Danann, nó bíthí folomh," air sé. Mur do-chualaidh Aodh mac Aodh Finn Léith sin tucc siothadh d'ionnsoigh Chonáin agus fúadaois in cheathromh uadha. Éirghighius Conán, agus fuadaoís an cheathromh ó Áodh, agus buaileas dorn air an mbéal air, gur fháguibh bolgum fola for-dheirge ina bhéal a n-ionadh in ghreama. Mur do-chonnuirc Conn mac Aodh Finn Léith sin, tucc siothadh d'ionnsoigh Chonáin, agus fúadus an sgían agus in cheathromh úadh. Éirghius Conán go bhfeirg mhóir agus go saobh-nós, agus beanus an sgían agus an cheathromh do Chonn, agus fuair óglách dá mhuintir roimhe air in tslighe, agus beanus a cheann de d'aon-bhéim, agus teilgius in cholann san lód
mhúnlaigh do bhaoí a n-ursainn na bruighne, agus congbhus an ceand dá chomhmaoidheamh re Tuathaibh Dé Danann. Níorbh fhada do Chonán mur sin an uair do-chí aitheach dúr diabhlaidhe dath-ghránna aig teacht asteach agus én-shúil mhór mhodarra a cceart-lár 'aighche agus 'édain, agus folt fada fíor-dhorcha dlúith dath-ghránna fair, agus cuar-bheól craosach capach cam-fhliuch ós compur a gharbh-chléibh, agus slabhradh imreamhur aith-gharbh iarnaidhe ina láimh, agus go rachadh cionn curadh nó cath-mhíleadh i ngach fáinne don tshlabhradh soin. Agus tucc aghaidh mur i raibhe Fionn fón ionnus sin, agus iarrus Fionn air suighe san leath thall don mbruighin. "Ní shuighfe," air an t-aitheach, "acht dob áil liom malairt chomhraic d'fhagháil ón tí is fearr mur ghaisgeadhach aiguibh-si." "An fear maol sin aig an dorus fear comhraic is fearr aguinne," air Fionn. "Na huile dhiombuadha air an mbéal sin!" air Conán, "créad um nach bhfuightheá do dhíol chomhraic ann so, agus na seacht bhfir dhéag is fearr lúth agus lámhach agus lán-choibhleadh a bhFianaigheacht astigh anocht agus is líonmhuire do féachadh a láthair chatha agus chruadh-chomhraic? Agus gé gur misi neach is táire dhíobh do-bhéar chomhrac tar cheand an iomláin duit-si."
"Máiseadh," air in t-aitheach, "is amhlaidh is mían liom-sa comhrac do dhénamh, fear dhíonn do shuighe air gach ursainn don mbruighin, agus a cheann do chur isan lúib itá air cheann in tshlabhraidh so, agus giodh bé dhíonn thairreónus an fear eile chuige, a cheann agus a choimhéad beatha do bhúain de. "Táim deóntach," air Conán "óir luighim fóna déibh adharrtha," air sé, "giodh hádhbhéil do thruime agus giodh gráineamhail an fhuil-phéist chuirp fil agad, go mbúailfe misi don leath a mbiaid féin don mbruighin d'én-tarring thú, ionnus go ccuirfid balla na caithreacha as áit agus as ionadh don torann sin, agus go ndéna mé mion-bhrúthar dot trom-chnámhaibh piasdamhla," air Conán. As a haithle sin suidhius Conán don leath a raibhe Fionn agus Fíana Éirionn don mbruighin, agus suidhius an fear mór don leath i roibheadur Tuatha Dé Danann; agus tuccadur a ndá chúla re chéile, agus do chuir gach fear aca a cheann a lúib in tshlabhraidh agus do bhádur re haithidh n-imchéin aig súgh agus aig sreangadh, aig teibheadh agus aig tairring, aig fúadach agus aig fásgadh a chéile, gan fios tláis nó time nó tarcuisgne air cheachtar díobh. Acht cheana do bhí do mhéad truime agus toirteamhlacht' an aithigh, agus a ghlioca agus a ghaosmhuireacht a n-ealadhnachaibh doilfe diabhlaidhe draoidheachta, nár fhéad Conán áon-chor
do bhúain as, acht mur charraic cheann-ghairbh chomhdhaingin chloiche, ionnus gurbh é críoch agus forcheand na coinghleaca sin go ttucc in fómhóir fír-ghránda fásgadh feardha foirteamhail air Conán, gur tharring thairis mhuilleach a chinn é agus gur bhfuáil fó lár agus fó lán-talmhain ina cheart-fhiaghnuise é. Agus cuirius glún a meadhón a chléibh air, agus do bhí an glún aig dol tríd go talmhuin, agus dob áil leis a cheann agus a choimhéad beatha do bhúain de gan fhuigheall gan fhuireasbhaidh. "A Dhíarmuid uí Dhuibhne," air Conán, "a lámh láidir agus a chuinge catha agus cruadhchomhraic, agus a thréin-fhir nár lagadh a n-ágh nó a n-iorghail ariamh, agus nach bhfuair áon-neach a n-airc nó a n-éigean riamh nach bhfuaisgeóltá dhó, fuasgail mé fein ón éigean so a bhfuilim aig an fhomóir ur-ghránna so." Éirghius an leómhan lán-lúthmhur agus an draig dhásachtach agus an ciorrbhughadh curadh agus an bráth biodhbhadh agus an tonn iombáite agus an t-ársaigh iorghaile, .i. Diarmaid déad-bhán, dreach-sholus dath-áloinn ó Duibhne. Agus ghlacus in chraoiseach chadad cheand-ghorm chruadh-righinn chró-fhairsing do bhíodh air búan-lasadh nimhe in tan nach bhfaghadh a múchadh nó a fothracadh a ccorpuibh curadh agus cath-mhíleadh; agus dob áil leis an t-aitheach do dhiúbhracadh.
Cuirius Fionn lámh d'fhasdádh na sleighe, agus cuirius Diarmaid 'na shuighe ina áit agus ina ionadh féin. "Is geis damh-sa," air Fionn, "comhrac aon-fhir do thoirmeasg, agus muna bheith sin do budh maith linn furtacht d'fhagháil do Chonán." Suighios Diarmaid go tuirseach imshníomhach, óir do budh truagh doilghigh leis Conán do bheith isin n-éigean ina roibh a n-alt na huaire sin; agus is amhlaidh tarla Diarmaid agus ubhall dona hubhlaibh tucc in gaisgidheach dhóibh a ttosach an laoí do bheith dá iomlat ina láimh aige feadh na hoidhche; agus mur nár léigeadh dhó airm d'imbhirt air an aitheach, tucc rogha an urchair, gan chaime gan chlaoine, don ubhaill air an aitheach a cceart-lár 'aighche agus 'éadain, ionnus gur theilg an én-tshúil do bhí aige as a háit agus as a hionadh, agus gur fhan an t-ubhall ina háit. Sgreadus agus sgréachus an t-aitheach go huathmhar aigmhéil agus go neimhneach naimhdighe ó neimh an chréacht agus an álaidh; agus do-bheir an lámh do bhí a muinél Chonáin aige d'fhurtacht na súl géar bhó hí an chabhair iar n-éis, agus tucc fuíghseamh san ghlún do bhí aige a ccliabh Chonáin, ionnus air mothugh an aslaigh sin do Chonán go ttucc biodhgadh bóbhdha báoth-éadrom, agus éirghe athlomh énamhail, ós ceann an fhir mhóir air, agus gur chuir in t-aitheach faoí, agus gur cheangail
go dáor dochrach cáol a dhá chos agus cháol a dhá lámh agus caol a chinn agus a mhuinéil. "Na huile dhiombuadha orm," air Conán, "nach ba hionann sin a bhfuil astigh agus amuigh do Thuathaibh Dé Danann nach beirid gan dícheandadh ort agam-sa anois!" "Ná déna, a Chonáin," air an fear mór, "ná marbh mé, agus do-bhéar féin fuasgladh maith asam." "Créad an fuasgladh sin?" air Conán. "Tá náonmhur air fhichid mac agam," air an fear mór, "agus is mó agus is airde agus is ath-uathmhuire gach fear dhíobh nó mé féin; agus do bhádur seacht mbliadhna a bhfortuaith ifrinn aig foghluim draoidheacht agus diabhlaidhacht, agus is amhlaidh atáid agus naoi sleagha fithchead aca do fuair a bhfabhuirt a bhfódhomhain shrotha Stiox a n-ifreann, agus ní fhanann neart mhná seól a n-én-duiue d'fhearaibh na talmhan do-chífeadh amharc én-úaire air áon sleigh dhíobh sin; agus itáid air amus na bruighne so anocht, agus ní roibhe do mhoill orrtha gan teacht asteach agus na sleagha sin do nochtadh a bhfiaghnuise Fhinn agus na gcúig bhfear ndég úd an' fhochair agus a ndícheannadh ann sin, air ttréigint a lúth agus a neart re faicsin na sleagh sin, acht misi dot chur-sa as an tshlighe, ós ort nach luighionn draoidheacht, agus tóigeóbhad a ccongnamh sin dhíbh-si anocht agus léig m'anam liom," air sé.
"A Fhinn," air Conán, "an ghéabha mé súd?" "Ná diúlt gach congnamh dá bhfuighe tú re linn anfhorlainn," air Fionn. Naisgios Conán sin air an bhfear mór, agus tucc san rátha gréine agus éusga agus ranna nimhe agus talmhan re sin do chomhall dó. Sgaoíleas Conán dó iair sin, agus éirghighius 'na shuidhe agus adubhairt: "A Chonáin," air sé, "fagh giolla dhamh anois bhéarus amach a cceand mo chloinne mé do chomhall mo bhréithire duit." "Na huile dhiombuadha orm!" air Conán, "dá mbeith agam, mur nach bhfuil, nach ccuirfinn giolla nó teachtaire leat do bhrígh nach roibhis dott iarraidh an uair táinic tú, agus fós gur líath dot mhuintir féin astigh si anocht nó dom muintir-sa; agus fagh giolla ót thríath agus ót thighearna, .i. Eochaidh Beag Dearg, nó sgarfad do cheann re do cholainn gan mhoill." "A Eochaidh," air an fear mór, "cuir duine liom a cceann mo chloinne suil bheanfus Conán mo cheann díom, uair do fhanus dall re mo ré do lámhach meic uí Dhuibhne." Cuirios Eochaidh fear dá mhuintir leis agus imdhighius an fear ameasg a chloinne, agus do nocht dóibh gach ar éirigh dhó, agus thóiguibh leis ón mbruighin íat amhail mur do gheall.
Suidhius Conán a n-ursainn na bruighne ann sin agus é meirtneach máoth-lag óna bhfúair do mhasla agus do mhí-mhodh feadh na hoidhche agus adubhairt: "A Dhiarmaid uí Dhuibhne," air sé, "a laoích nár leónadh a ccath nó a ccomhrac ariamh agus nach bhfuair neach a n-airc nó a n-éigean ariamh nach bhfuaisgeóltá dhó, fuasgail damh féin ón mór-éigean ina bhfuilim anois." "Créad an t-éigean sin?" air Diarmaid. "Tá teasbhach trén tarta agus robhairt ro-íotan orm óna bhfúarus d'olc agus d'anfhorlann feadh na hoidhche, agus go háirithe ón fhomhóir urghránda úd, agus fagh-sa deoch dhamh nó ní bham beó tieacht an laoí, agus fós do-dhén do ghríosadh agus do ghlámhadh sul bhus marbh mé." "Dair mo bhréithir ámh," air Diarmaid, "as gníomh doilghigh sin, óir ní bhfuil aithne nó eólus agam air inbhear nó air uisce dá mbeanann don mbruighin si, agus fós tá do mhéad dorchacht' na hoidhche nach budh léir dhamh cá conuir a ngéabhainn; agus ní eile dhe," air Diarmaid, "ní bhfuil corn nó cupán agam ina mbéaruinn digh cugad dá mbeith eólus na tiobruda agam, mur nach bhfuil." "A Dhiarmaid," air Conán, "nach cumhain leat-sa créd do-rinne mo bhráthair-si dhuit, .i. Goll gníomh-éachtach mac Morno, a ccath Fionntrágha, in tan do bhí tú air ttréigint do lúth agus do
nearta ó líonmhuireacht do chneadh agus do chréacht agus ó theibeirsiom na fola as do chneadhaibh, agus tú air ttréigion do mheisnigh ó mhéd do tharta agus h'íotan? Agus is eadh do-rinne Goll an uair sin, tucc sgíath tair lorg do shluaghaibh Rígh in Domhain, ionnus nár léig guin ghaoí nó chlaidhimh chugad nó gur ól tú do thrí sháith as an tiobraid do bhí air cúlaibh na slúagh, ionnus go raibhe tú fionn-fhuair falláin a cceadóir d'ionnsoigh in chatha. Agus ciodh dhuit-si nach tteabharrthá digh cugam-sa d'aimhdheóin a bhfuil amuigh agus astigh do Thuathaibh Dé Danann? Agus a Dhiarmaid," air sé, "dá madh bean do bhíadh ann so, is gasta do-bhéarthá deoch chuce." "A Chonáin," air Diarmaid, "ná dén mo ghlámhadh nísa mhó, agus do-bhéara mé deoch chugad, nó tuitfead féin air a shon." Éirgheadhas Diarmaid ann sin, agus do ghabh ionar suaithnidhe sreabhnaidhe sróil a ccustal a gheil-chneis, agus do ghabh lúireach leathán liath-ghlas ós uachtar an ionair. Do ghabh sgabal ciumhsach ceardach umá gheal-bhrághaid, agus cathbharr cuanna ceardamhail lán do chlochaibh buadha agus bisigh thíre na hAifrice, agus do bhádur ceithre géamha a n-éadan an chathbhairr sin do-bhéaradh soillsi do shluaghaibh in bheatha a n-aoidhche duibh-rée. Do ghabh a dhá shleigh
shénta shlinn-ghorma, agus a dhá chraoisigh chrann-reamhra chró-fhairsinge chatha do bhíodh air búan-lasadh nó go bhfaghdís a múchadh a bhfuil agus a bhfolruachtadh curadh agus cath-mhíleadh. Do ghabh a dhá mhanáois mhóra mhuirneacha, agus do ghabh an sgíath dhrolach dhualach lán do litreachaibh órdha dá innsi nach raibhe air cúl sgéith nó claidhimh san domhan laoch budh fearr gal agus gaisgeadh agus gníomh-éacht ná an trén-laoch sin. Do ghabh a chlaidheamh iontláis ór-dhuirn air a thaobh clí, agus ro ghair Bran leis, agus ro fháguibh an bhruighean amhlaidh sin 'na uadh agus 'na aonur, agus gan fhios aige cá conuir a ngéabhadh acht a cceand a námhad agus 'easccarad. Air ndol amach dhó tucc trí luath-chuarta a ttimchioll na bruighne, agus go n-áirfidhthear gaineamh mara agus duilleadh feadha ní háirmhidhthear air thuit leis féin agus le Bran don ruathar sin do Thuathaibh Dé Danann; óir, gach neach nach roicheadh Diarmaid chuige do bheanadh Bran an leath-chos, nó an leath-lámh, nó an ceann, ón ghualainn de. Tarla do óglách do bhaoi aig teitheadh roimhe Diarmaid tuitiom chum láir suil do ghoin Diarmaid é, agus adubhairt an t-óglách: "Séan agus conách ad chéimionnuibh gaisgidh, a Dhiarmaid uí Dhuibhne," air sé, "agus ná marbh mé féin, agus do-bhéar fuasgladh maith as m'anam duit."
"Créad an fuasgladh sin?" air Diarmaid. "Tá," air in t-óglách, "do-dhén eólus duit chum na tiobruda itá air amus na bruighne si, .i. Tiobraid in tShrotha Ghil, agus is í tiobraid is fearr agus is millsi uisce idir cheithre beannaibh na hÉireann í, agus is amhlaidh atá in tiobruid anocht, .i. ban-ghaisgeadhach do mhuintir Eochaidh Bhig Dheirg dar bhó comhainm Grian Ghorm-shúileach, inghean rígh na hAntuaithe dá coimhéad; agus is dalta draoieachta do Eochaidh í, agus is í bean is mó cumus agus cumhachta draoidheachta san chruinne cheathardha hí; agus fós do rucc sí barr air mhnáibh a comhaimsire air dheilbh agus air dhénamh, air inneall agus air éccosg, agus do-chuala misi lúath agus iomrádh aice ort-sa go minic, agus fós atáid cúig céad ban-ghaisgeadhach air a cumus air amus na bruighne si inocht; agus atá súil agam," air in t-óglách, "go tteabhraidh digh duit-si ó mhéin mhaith do réir an iomráidh do-chuala mé ort; agus muna ttugadh d'áis, dob éidir go ttiocfadh dhíot-sa a bhean d'aimhdheóin di, óir do-chlos alla agus ard-nós do ghníomh-sa feadh an domhain go huilidhe." "Éirigh," air Diarmaid, "agus seól romham gus in tiobraid." Agus air tteacht a ngar don tiobraid dóibh do-chí Diarmaid an macaoimh mín-áloinn mná 'na
suighe ós úr an tobair, agus dhá shleigh shéanta shlinn-leathna shlim-ghorma 'na seasamh rena gúalainn, agus craoiseach chrann-reamhar chró-fhairsing chatha ina láimh dheis, agus claidheamh iontláis ór-dhuirn tarsna a dá ghlún, agus sgiath dhrolach dhúalach litreach líneach lán-sholus air stúaith-leirg a droma, agus ceann-bheirt shuaithnidh sholus-mhór 'ma a ceand, agus an iomad do chleasaibh ána iolardha doilfe draoidheachta dá meabhradh agus dá n-iomlat aice. Airna faicsin do Dhiarmaid, agus air bhfaicsin na n-arm n-innillte n-ionfheadhma air a cheand, gabhus an chraoiseach chró-fhairsing cheann-sholus air nach dhídean airm nó éideadh ina láimh dheis, agus gabhus a dhá shleigh shéanta shlinn-leathna ina láimh chlí agus airm dhiúbhraice eile air-cheana ó sin amach, agus dob áil leis in chraoiseach dhearg d'ionnioll air an mban-ghaisgeadhuidh. "Fóill ort, a mheic uí Dhuibhne", air an inghean: "ná déna bain-éacht, óir ní imrim-si airm náid iol-fháobhair ort-sa; agus gurb é fíor-rinn do bheatha agus do shláinte ann so, agus itá a fhios aguinne gur aig iarraidh dighe do Chonán táinic tú, agus do-ghéabha tú gach a bhfuil tú d'iarraidh madh olc maith re Tuathaibh Dé Danann é, gan iorghail gan arm-dheabhaidh." Air cclos na mbriathur sin do Dhiarmaid
druidios ris an inghin, agus suidhios 'na fochair, agus do-bheir póig dhí, agus do-rinne lé aní nach luathfeam ann so. Agus a haithle an chaoimh-chomhráidh sin adubhairt an inghean: "A Dhiarmaid," air sí, "bí-si aig imtheacht anois, agus beir bíadh agus deoch d'ionnsoigh Chonáin madh olc maith re Tuathaibh Dé Danann é; óir itáid cúig céad ban-ghaisgeadhach do Thuathaibh Dé Danann air mo chumus-sa ann so anocht, agus is íad mná is mó adhmhilleadh draoidheachta san domhan íat, agus atá pruinn Chonáin ós comhair gach mná dhíobh, agus beir-si a lór-dháothan d'ionnsoigh Chonáin de. Agus fós atá gach aon-bhean acu aig ullmhadh agus aig inneall dhraoidheachta agus diabhlaidheachta chugibh-si na seacht bhfir dhéag sin d'Fhianaibh Éirionn, óir is le haimsiugh agus le hadhmhilleadh draoidheachta itá dúil aig Tuathaibh Dé Danann siph-si do chiorrbhadh agus do chreapoll inocht, agus ní re neart láimhe nó lainne. Acht cheana, do-bhéar-sa leighios duit-si as nach luighfe draoidheacht nó diabhlaidheacht ort féin nó air áon-neach dot chuideachta an feadh bhías sibh a mbruighin Eochaidh Bhig Dheirg, óir atá cuid do úir Inse na mBuadh agam ann so, agus as do bhuadhaibh na húire sin nach luidhionn draoidheacht nó diabhlaidheacht air an tí agá mbíadh go ceann naoi lá agus naoi n-oidhche ón am fána bhfuighe í, agus do-bhéar-sa
an úir sin duit-si óir itá seirg agus grádh agam dhuit ón chéad-uair do-chualus lúadh agus iomrádh ort." Fa lúath-gháireach Diarmaid dona briatharaibh sin, agus éirghighius Diarmaid, agus triallus chum siubhail, agus do-bheir an inghean pruinn cháoga laoch do bhíadh agus do mhiodh sho-ólo dhó agus corn cumhdaigh cloch-bhuadhach a ttimchioll na dighe, agus do-bheir in úir dhó agus órnasg óir air a roibheadur an iomad buadh mur chomharrtha seirce agus síor-ghráidh, agus do thoirbheir teóro póg dhó go dil agus go díochra. Do ghluais Diarmaid roimhe go ráinic an bhruighean, agus do léig an trom-úalach sin air lár a bhfiaghnuise Chonáin. "Dair liom," air Conán, "atá biadh leat a ccuideachta na dighe." "Itá go deimhin," air Diarmaid, "óir measuim nach mó an tart atá ort-sa iná an t-ocras." "Na huile dhiombuadha orm-sa más lía caiscéim do-rinne tusa aig iarraidh na dighe si," air Conán, "nó colann gan cheann agus ceand gan cholainn fhúigfeas misi at fhíaghnuis'-si do Thuathaibh Dé Danann acht suil an phruinn si do chaitheamh dhamh." Acht cheana ro chaith Conán a lór-dhaothain bídh agus dighe gur bhó subhach sáitheach é, agus air ccaitheamh na pruinne sin dó do ghabh aig
ceangal a chuirp ina chath-éideadh catha a n-airrcís Tuatha Dé Danann d'ionnsoighe. Do labhair ann sin agus is eadh adubhairt: "A Dhiarmaid," air sé "atá éigean orm-sa anois is mó ná gach éigean muna bhfóire tusa mé." "Créad an t-éigean sin?" air Diarmaid. "Atá," air Conán, "fonn fúail agus fearaidh orm agus ní bham beó muna bhfagha mo chorp d'éttromadh úadh, agus má théim amach goinfid Tuatha Dé Danann amuigh mé air mbeith nochtuidh dhamh a bhfégmuis m'airm agus m'éididh; agus má ním air an leith a bhfuilid Tuatha Dé Danann astigh é do-dhénaid gáir mhagaidh agus fhochmhaoíde fúim re faicsin mo nochta dhóibh; agus ní míadh nó maisi mé dá dhénamh air an leith a bhfuil in rí-fhéindidh nó thusa, agus fós adéardís Tuatha Dé gurbh eagla do-bhéaradh orm dul dá dhénamh air in leith a bhfuil sibh-si; agus is eadh is mían liom thusa d'éirghe agus sgíath tair lorg do thabhairt idir mé agus Tuatha Dé an feadh bhías mé aig fearthain m'fhuail agus m'fhearaidh, go nach gonuid mé leith mo chúil, agus léigin idir mé féin agus íad-san ó sin amach." Éirghighius Diarmaid agus gabhus in chraoiseach dhearg ina láimh chlí agus a shleagha nimhe ina láimh dheis agus téid idir Chonán agus Tuatha Dé an feadh do bhí aig dénamh fúail agus fearaidh, agus níor
lamh én-neach do Thuathaibh Dé madh beag glúasacht choisi nó láimhe ris an fad sin. "An bhfuilir réidh fós a Chonáin?" air Diarmaid; óir do bhí Diarmaid dá bhuaidhreadh don mboltanus do bhí aig teacht ó Chonán. "Atáim réidh re dénamh fuail agus fearaidh," air Conán; "agus na huile dhiombuadha orm nach ba réidh mé," air Conán, "nó go bhfolaigh' mé an toirt úd do chorpaibh agus do cheannaibh Tuath Dé Danann, nó go ccuirfe mé d'fhiachaibh orrtha a breith amach air fhorghabháil lámh," air sé, "óir ní míadh nó maisi liom súd do bheith air amharc air rí-fhéindeadh; agus gurb eadh dhénus tusa, a Dhiarmaid," air Conán, "suidh ann t'áit agus inat ionadh féin, agus má gheibh tú anfhorlann oram-sa tarr dom chabhair, agus muna bhfaghair ná cuir én-chor dhíot." Suidhius Diarmaid ina áit agus ina ionadh féin, agus téid Conán do cheangal a chuirp ina chath-éideadh, agus air ndol ina armaibh dhó tug aghaidh air Tuatha Dé Danann agus ro fhiafraigh an roibhe Eochaidh Beag Dearg astigh. "Táim go deimhin," air Eochaidh. "Máiseadh," air Conán, "bíodh do rogha agad, a chur d'fhíachaibh air do mhuintir gach a ndearna misi ann súd do chur amach, nó mo shlán-sa do bheith fúbh." "Is fusa dhúinn gach én-ní do dhénamh,"
air Eochaidh, "nó do choinghleic-si do tharring oruinn." As a haithle sin éirghid naonmhur laoch do Thuathaibh dísgreacha dealbh-mhaiseacha Dé Danann, agus do ghabhadur drolach fada fionn-chuill agus suip agus súgáin, agus do thógbhadur an toirrcheas sin Conáin eatorra nó gur fhágbhadar san lód mhúnlaigh do bhí a n-ursainn na bruighne é. Suighios Conán ina áit agus ina ionadh féin iair sin agus do bhí treimhsi agus tamall mur sin, agus do fhéach Conán amach agus do-chí dronga dí-áirmhe do Thuathaibh Dé Danann aig féachain tré fhuinneógaibh na bruighne asteach, agus adubhairt fear dhíobh: "A Chonáin," air sé, "is furas do mheateacht agus do mhí-lúthmhuireacht d'aithniugh óir níor léig an eagla dhuit teacht re fúal nó re fearadh amach, agus is cosmhaile le mnaoi nó le maoth-leanabh an gníomh do-rinne tú nó le gaisgidheach nó le glan-chuiridh, agus do-ním fóm bréithir," air in t-óglách, "dá mbéaruinn-si amuigh ort go sáighfinn crann-ghath mo shleighe ann do thóin, go nach déntá a leithit eile súd do mhí-nós a láthair deagh-dhaoíne go bráth arís." Air gclos na mbriathar sin do Chonán do-bheir éirghe athlomh énamhail air, agus beirius air ulcha air an óglách a leith astigh don bhfuinneóig, agus casus agus cornus fóna gheal-dhóid í, agus
búaileas dórn feardha fíor-láidir air bhun na fésóige ionnus gur sgab an smeich agus an bél íochtarach ón mhéidhe amach don óglách, agus do thuit an t-óglách fáon fotharsna marbh a leith amuigh don mbruighin. As a haithle sin suidhius Conán ina áit agus ina ionadh féin, agus ní cían ro bhaoi ann an tan do-chualaidh sían-ghártha gráineamhla gáifeacha aig Tuathaibh Dé Danann dá ttógbháil a ttimchioll na bruighne, a ndúil go ccuirfidís úamhan agus imeagla air na seacht bhfearaibh déag sin d'Fhianaibh Éirionn. Airna chlos sin do Chonán éirghius go hathlomh iméasgaidh, agus níor thárruigh dá threathlamh acht a dhá tsleigh agus a chlaidheamh, agus goireas Bran leis amach, agus do-bheir luath-chuairt a ttimchioll na bruighne agus ní bhfuaradar áon-neach 'na shuidhe nó 'na sheasamh nach dearnadur guin ghalann agus cumthach cnáimh-gheárrtha dhe. Tig Eochaidh Beag Dearg asteach, agus is eadh adubhairt. "A Fhinn mheic Cubhaill," air sé, "rachaidh do mhasla agus do mhí-chlú fó Éirinn uile, uair atá Conán mac Morna agus do chú aig marbhadh agus aig mór-mhaslughadh mo mhuintire," air sé. "Cia do-ghéabhainn dá n-anacal súd?" air Fionn. "Do-ghéabhair misi," air Diarmaid Ó Duibhne. Éirghighius Diarmaid agus gabhus a dhá shleigh
agus a chlaidheamh, agus téid amach. Agus ní bhfuair áon-neach aig imtheacht ó Chonán nó ó Bhran nach dénadh guin ghalann agus láthair leadarrtha dhe. Tig Eochaidh Beag Dearg asteach an dara feacht, agus a chosa air crith, agus a theanga air iomluaghail, agus a ruisc air rúamnughadh ina cheand; agus is eadh adubhairt: "A rí-fhéindidh," air sé, "is olc an t-anacal do-ní tú air mo mhuintir féin anocht uair is é eadrán atá mac uí Dhuibhne do dhénamh dom muintir, an mhéid imdhius ó Chonán mac Morna agus ó Bhran díobh é féin dá ccasguirt agus dá ccnáimh-ghearradh." "Cia do-ghéabhainn dá n-eadrán súd?" air Fionn. "Ní bhfuil féidhm nó tarbha dhamh-sa thusa do chur anaicail ortha," air Eochaidh, "acht ris an Dord Fiansa do hseinm duit, óir is ré hseinm thiocfus a bhfuil amuigh dot mhuintir asteach." "Is geis dó sin a sheinm," air Fionn, "gan seacht ccatha na Gnáth-fhéine do bheith 'na thimchioll agá sheinm. "Is aithne dhamh-sa," air Eochaidh, "an uair bhíos tusa a n-airc nó a n-éigean go seintear an Dórd Fíansa leat." Sinnius Fionn an Dord Fíansa agus ba geis dó a hseinm gan an méid do chluinfeadh d'Fhianaibh Éirionn é do theacht fóna thuairim, agus ó nach
ccualaidh é acht mac uí Dhuibhne agus Conán, tángadar asteach. Suidhius Conán a n-ursainn na bruighne arís, agus do bhí treimhsi agus tamoll ann, agus do-chí óglách árd úathmhur ur-ghránda a' tieacht asteach, agus lorg-fhearsad fhada iarnaidhe ina láimh, agus deilbh dhiabhlaidhe dhath-ghránda fair; agus ba mó ná ualach seisrighe air siubhal gach sláod-fhód taibhseach trom-ádhbhal dá mbeanadh an lorg-fhearsad sin do lár agus do lán-talmhain 'na dhíadh. "A Fhinn mheic Cubhaill," air in t-óglách, "d'iarraidh coraigheacht agus cruadh-chomhraic tánac féin ann so anocht air neoch éigin dot mhuintir-si." "An fear máol sin aig an dorus coraighe is fearr aguinne," air Fionn. "Do-bhéra mé coraigheacht dhó-son," air Conán, "agus más leam bhus treisi má ghabham cumha nó ceannach as gan láthair leadurtha agus cumthach cnáimh-ghearrtha do dhénamh dhe! Agus dénadh-sion an céadna friom-sa madh leis budh treisi." Glacus an fear mór agus Conán a chéile, agus tuccadur snadhmannadh díana do-eadrána agus fásgtha feardha fíor-láidre dhá chéile. Acht a-cheana dob é críoch agus foircheann na coinghleaca sin go ttucc Conán cor a n-aghaidh a lútha agus a neart don fhear mhór gur thomhuis leathfhod a dhroma do
lár agus do lán-talmhain, agus beanus altan sgeine soi-ghéire amach, agus sgarus a cheann ré cholainn gan fhuigheall, gan uireasbhaidh; agus croitheas an ceann a bhfíaghnuise Thuath Dé Danann dá chommaídheamh riú. Is ann sin adubhairt Aodh mac Aodh Finn Léith: "A Fhinn mheic Cubhaill," air sé, "is lór dhúinn féin air fhuilngemar dhíobh-si feadh na hoidhche d'eccóir agus d'anfhorlann, agus ní fhuileóngam nísa mhó dhíobh," air sé. Is ann sin ro éirgheadar Tuatha Dé Danann don dara leith don mbruighin agus na seacht bhfir dhéag sin d'Fhianaibh Éirionn don taoibh eile dhi. Is ann sin adubhairt Fionn: "Ná dénaidh sin, a mhuintir si agam-sa," air sé, "acht tabhraidh bileadha bhur sgiath re huilleannaibh a chéile, agus ná léigidh aon-neach do Thuathaibh Dé Danann eadroibh, agus dá léigthidhe ní fearr do-dhéna sibh marbhadh orra-san ná oraibh féin." Do-rinneadar amhlaidh sin, agus do roinn Diarmaid ó Duibhne úir Inse na mBuadh eatorra neoch tucc Grian Ghorm-shúileach, inghean rígh hAntuaithe dhó aig in tiobraid, agus tuccadur féin agus Tuatha Dé Danann frassa diana diúraice agus gleó gáifeach gráineamhail agus urlaith uathmhur aigmhéil ainiarmhurtach agus torann trén-mhór
tinneasnach dhá chéile; agus do thógbhadur bábha agus bocánaigh agus geillte glinne agus deamhain aiéir sían-ghul agus searbh-ghártha gráineamhla a ttimchioll na bruighne aig súr agus aig fáistine na fola. Acht cheana fa hiomdha dóide trom-ghearrtha, agus lámha lán-ghonta, agus cossa comhlúptha, agus súil airna sáobhadh, agus beóil aig blasdurnaigh, agus cuirp dá ccomhchiorrbhugh, agus ní chluintígh én-ní ann a n-alt na huaire sin acht béicneach na sgíath dá sgoilteadh, agus osnadhach na bhféindeadh ósna feadhmannaibh, agus gáir na mbádhbh agus na mbocán ós an mbruighin amach, agus searbh-ghártha na bhfúath agus na n-arrocht aig iarraidh úathmhan agus mearughadh do chur air an mbeagán sin d'Fhianaibh Éirionn do bhádur a mbruighin Eochaidh. Gidh eadh fa dímhaoin dóibh, óir fá minic riamh roimhe fuaradar na háirsaigheadh iorghaile sin a bhféachain agus a bhfromhthadh ann a chomhchosmhuilius sin do shearbh-cheól fúath agus aimid agus arrocht. As ann sin do labhair Aodh mac Áodh Finn Liath agus is eadh adubhairt: "An maireann tú, a Fhinn mheic Cubhaill?" air sé. "Mairim go deimhin," air Fionn. "Máiseadh," air Áodh, "iarraim féin osadh catha agus comhraic ort go maidin amáireach go ndeacham air an bhfaithche bhfód-sholus amach
agus go bhféacham ar ngal agus ar ngaisgeadh ré chéile ann." Mar nár ghnáth le Fionn duine d'éara nó d'eiteach fá éigsi nó fá aithchuinghidh, tucc in t-osadh sin dó. Suidhius Conán ina áit agus ina ionadh féin a n-ursainn na bruighne agus adubhairt: "Má do-rinne Fionn osadh ribh, a Thuatha Dé Danann," air sé, "ní dhearna mise, agus na huile dhiombuadha orm má chím aon-duine dá bhfuil amuigh uaibh aig tieacht don mbruighin go héirighe do lá amárach go mbíadh mé do bhur ccomhthuargain amhail óg-mhacaomh air a chluithche báire agus baóise, nó go madh lía bhur mairbh náid bhur mbí." Air mbeith treimhsi agus tamall mur sin do Chonán, do-chonnuirc arracht aimsighe úr-ghránda caillighe aig teacht san dorus, agus dhá shúil shillteacha shiubhlacha air lasadh 'na ceann, agus dhá sparán liodurtha leathna lom-bhuidhe mur chíochaibh as cumpur a cruadh-chléibh; agus gur suaill nach rachdís curadha agus cath-mhíleadha a ttaisuibh agus a ttámh-néallaibh re faicsin na deilbhe diabhlaidhe dath-ghrándha do bhí furtha, agus cuar-bheól cabach craosach cam-fhliuch aice, agus doss deitighe díon-mhóire as an mbéal sin, agus go madh bréine ná marbh-chuirp i lló samhraidh an baladh agus an bréntas do bhí as a cráos agus as a garmain
amach; agus is amhlaidh ro bhaoí agus órd imreamhar urlaidhe a láimh lé agus beann chamach cham-lúptha bhúabhaill san láimh eile lé. Agus druideas le Conán agus cuirios ceann an bhúabhaill 'na béal agus an ceann eile dhe air clúais Chonáin, agus do shéid an búabhall dá hanáil dhiabhlaidhe dhraoidheachta, ionnus go cclos fó na cíantaibh an sgread-gháir mharbhthach mhór-mhillte do chuir tré cheann agus tré chlúasaibh Conáin. Cuirios Conán an bhos leathán lán-leabharrdha air a chlúais airaill, óir do shaoíl go rucc sgread-gháir an bhuabhaill a inchinn tré sheinistribh a chinn agus a chlúas síar seachtar. "A Dhiarmaid," air Conán, "táim-si marbh don rúathar-sa; giodh eadh, díoghólfad mé féin air Tuathaibh Dé Danann suil sgarfus m'anam riom. Agus an mhéid nach roiche liom do dhíoghuil orra fágbhuim air h'iocht-sa agus air h'oineach díoghaltus do dhénamh ann." Do-bheir Conán siothadh santach sár-lúthmhar air an ccailligh, agus fuadaighius an t-órd as a láimh, agus búaileas a muillach a cinn agus a ceand-mhullaigh í, agus cuirios a hinchín tré sheinistribh a clúas amach gur thuit fáon fotharsna an doruis. Agus do-bheir aghaidh air Tuathaibh Dé Danann as a haithle sin, agus do ghabh agá ccomhthuargain leith a chúil agus 'aithche, amhuil ghaibhne aig freasdal do chaoír íaruinn idir órd agus inneóin,
ionnus go cclos na cíanta an comhmbrosgur agus an comhmbrughthar do bhí cnámha a cceinn agus an t-órd do dhénamh ré chéile. "A Fhinn mheic Cubhaill," air Aodh mac Aodh Finn Líath, "ní cudrama an t-osadh so, .i. Conán mac Morna bheith aig comhthuargain air muintire amhlaidh so." "Cia ghéabhainn dá eadrán súd?" air Fionn. "Do-ghéabhair mise," air Diarmaid Ó Duibhne. Éirghius Diarmaid, agus gabhus a dhá shleigh agus a chlaidheamh. Agus is é eadrán do-rinne gabháil a n-airrceis Chonáin don taoibh airaill agus bheith aig leó agus aig leadradh, aig cosguirt agus aig cnáimh-ghearradh Tuath Dé Danann gan choigill. "Maith, a Dhiarmaid," air Conán, "ní hiarrmaid nísa mhó d'Fhianaibh Éirionn do thuargain na druinge si anocht acht sinn féin, óir ní bhfuighe tú am díoghaltuis is fearr ná an úair atá mo chongnamh féin agad do bhrígh go bhfuil sgread-gháir an bhuabhaill aig comhmbuaradh mo chinn agus mo chéadfadh." Do labhair Eochaidh Beag Dearg agus is eadh adubhairt: "A Fhinn mheic Cubhaill," air sé, "do shaoíl mé féin nár bhlogh tusa do bhéal-luighe riamh gus anocht, an uair dob áil leat slán do mhuintire do léigin fúinne tair éis osaidh do cheangal eadroinn go héirghe gréine amárach."
Éirghius Fionn ann sin, agus cuirios Diarmaid agus Conán 'na n-áit agus 'na n-ionadh féin 'na suidhe, agus do bhádur amhlaidh sin gur shoillsigh an lá gona lán-shoillsi airna mhárach orra. Agus air n-éirghe don lá téid Fionn agus Fiana Éirionn, .i. na sé dhuine dhég sin, air an bhfaithche bhféar-uáine amach gan fuileadh, gan fordheargadh air cheachtar dhíobh; agus tiaghaid Tuatha Dé Danann don leith oile go heasbhadhach iomshníomhach; agus tuccadur féin agus Fían Éirionn frasa díana dísgreacha dá n-armaibh diúraice for airoile. Ciodh trácht, ba mear an measgadh, agus ba doilghigh an deabhaidh, agus ba neamh-charthanach an ionnsoigh, agus ba neartmhur an iorghail do-rónsad cách ré chéile dhíobh, ionnus go roibheadur Tuatha Dé Danann dá ccaisguirt agus dá ccnáimh-ghearradh aig Fionn agus agá mhuintir, amhail tréada mín-eallaigh aig fáolchonaibh, nó go rucc meadhón laoí orrtha. Acht cheana is eadh do-rinneadur Tuatha Dé Danann ann sin, do thóigbhadur gárrtha gráineamhla gáifeacha, agus ceó doilfe draoidheachta, agus síansán searbh-chaismeirt a ttimchioll na beag-bhuidhne sin d'Fhianaibh Éirionn, ionnus go raibhe in cheathair-dhúil 'na haon-phéist úathmhuir aigmhéil, agus gur chláochláidur na dúile agus na hárdrannaibh, agus ranna nimhe agus talmhan aircheana, go ttic don ccláochlódh sin agus do líonmhuireacht
na bhfúath agus na n-amid agus na n-arrocht, agus d'égsamhlacht na cceárd agus na ccleas ndraoidheachta, agus do líonmhuireacht na ndrong n-uathmhar n-aigmhéil n-anaithnidh do bhí 'teacht gach uair do chabhair Tuath Dé Danann, gur sraonadh air Fionn agus air a mhuintir ó mheadhón laoí amach, ionnus nach roibh dul ass acu do thaobh dona taobhaibh, óir do bhádur airna mbreó agus airna meirtnughadh ó iomad na ccréacht agus na n-áladh, agus ó thiugh na lámh, agus ó easbhaidh coidealta agus ciúnuis. Is ann sin tucc Fionn siolladh soidhealbhach uadha, agus da-chí Fían Éirionn chuige as gach áit a roibheadur, 'na ndrongaibh agus 'na ndíormadhaibh agus 'na mbuidhnibh bodhbha béal-sgaoílte, agus gur súaill nár sgaoíleadur ranna nimhe le lonnradh na ccraoiseach, agus re sgreadghal na sleagh, agus le glonn-bhéimneach na cclaidheamh, agus le deacraidheacht na ccleas, agus le dásacht na druinge. Acht cheana tuccadur féin agus Tuatha Dé Danann sáighte dá saighdibh síthneannta agus dá nglacaibh géar-ghonta agus dá ccraoiseachaibh cro-dhearga chum a chéile; agus dob iomdha curaidh agus cath-mhílidh agus láoch láidir lán-chalma air ndol a ttaisibh agus a ttámh-néallaibh a n-alt na huaire sin. Agus ba cosmhail re sruth síor-lúath súl-bhorb
aig dol tar bheinn sléibhe nó sleamhain-chnuic, fuil agus folruachtadh na ccuradh agus na ccath-mhíleadh aig dul chum láir agus lán-talmhan; agus ba hé críoch agus forcheann an mhór-chatha sin muna ndeachaidh fear a sgealpaibh carracc nó a móintibh mín-fhliucha nó a ndrobhéalaibh díamhra doi-eóluis nach deachaidh élaidheach beathadh as do Thuathaibh Dé Danann. Agus as í do-rinne an tinól agus an tiomsughadh mór-shluaigh sin d'fhurtocht Fhinn, Muirn Mhongcháomh inghean Taidhg mheic Nuaghad, .i. máthair Fhinn mheic Cubhaill, agá roibh briocht draoidheachta rena siubhladh sí Éire re ceithre huaire fichead, agus as í tucc scéala d'Fhianaibh Éirionn Fionn agus a mhuintir do bheith san airc agus isan éigean so a mbruighin Eochaidh nó go ttángadar dá fhurtacht re linn an anfhorlainn sin do bheith air. Gonadh í sin Bruighean Eochaidh Bhig Dheirg go n-uige sin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services