BRUIGHION CHÉISI CORUIN.
Sealg suairc sochruidh saor-aoibhin do-róinadh
le Fion mac Cumhaill mheic Thrénmhóir í Bhaoisgne
fá chríochuibh caomh-áille an Choruin, agus fá
threabhuibh lán-áille Laigheann, agus fá choiltibh
grian-torach' glan-chnocuibh Guill, agus fá choilltuibh
diamhare do-eóiluis Dalláin, agus fá thráigh álluin
Eóchuill, agus fá chríochuibh cnuas-thoracha Bratshléibhe,
agus fá choilltuibh craoibh-dhaingne
Chonchubhar, agus fá Loch glan-aoibhin Gile, agus fá
Loch fuar Uisnighe, agus fá thír n-álluin n-aoibhin
n-Oillalladh, agus fá choiltibh bláth-álle Bratshléibhe.
Agus do shuidhe Fionn 'na dhúna sealga an
lá sin ar mullach Chéise Coruin agus a dhá choin
féin aige, .i. Brann agus Sgeólbhin; agus níor fhan 'na
fharadh an sin acht Conán maol mallachtach mac
Morna. Agus do ba bin le Fionn gotha agus glamghár
na gadhir, agus gártha greanmhar' na gasruidhe,
lúghuil lán-lúthmhar na laochraidhe, toran agus
tormán na triath agus na tighearnadh ansna forusuibh
agus ansna fásuibh bhaoi 'na n-urthiomchioll.
Is an sin do léigadar Fiana Éironn gárthacha
saothracha sealga ar íslibh asda. Agus as é
ba triath agus ba tighearna ar síth-bhruth Chéisi
Coruin fán am sin, .i. Conarán mac Amidil do
Thuathuibh deilbh-chaoin' Dé Danan, agus mar do-chuala
Conarán na gártha sin do líon measguis
agus mór-fhuath na Féine é. Agus is amhlaidh do
bhí Conarán agus trí hinghinadh aige agus iad go glic
gaosmhar fíor-eóilach; agus tiaghaid na trí hinghinadh
sin amach as an síth d'aimsuidh agus a dhiongbhála
na Féine, agus suighid a ndorus beóil na huamhadh,
agus cuirid trí hiorna garbh-ghlasa snáthe geintlidhe
ar trí chualimhne fhada fharsuing', agus gabhuid
tuaitheal ag tochras an tsnátha. Agus ní cian
dóibh iar sin go ttáinic Fionn agus Conán ar ur na
huamhadh agus do-choncadar na trí cailleacha
siabhartha searbh-ghlórach' a ndorus na bruighne,
agus trí fuilt ruagha ruimhneach' ro-sgaoltach'
fortha, agus sé súile slios-dearga síor-fhliucha aca,
agus trí beóil dubha duaibhseach' datha-ghránna
dochar-labhra leis na cailleachuibh sin, agus trí
muinél chnáimh-fhailseacha chíor-dhubha ag
connmháll a ccinn ar na cailleachuibh sin, agus sé
lámha laochdha lán-fhada leó, agus ba samhalt le
haodhairc bhar-chaoil bhuabhil na hingne fada
fír-ghéira fear-ghonta do bhí forra, agus trí meadhóin
chraophacha chuisleannacha chruaidh-chalma, agus
sé cosa fada fiara fo-chama fail-mhérach' laoghair-bhrénach'
fliuch-shalach' fúthuibh, agus trí claoidhimhe
leathan' colg-dhírach' cruaidh-ghéra 'na
lámhuibh leó.
Dearcuis Fionn agus Conán foirra, agus caochluidhis
a ccruth, a dealbh, agus a n-innil, aigá faicsin, agus
dhearguidar ar tús, agus bánuid arís, agus duibhid fá
dheóigh, agus tuitid as a seasamh a haithle na
n-aracht sin a d'fhaicsion agus na n-iarnadh baoth
do bhí aca; agus tángadar na trí laoch-mhná 'na
láthair iar sin, agus ceangluid agus cruaidh-chuibhrighid
Fionn agus Conán agus rugadar leó anunn ansan
mbruighin iad.
Níor chian dóibh iar sin go bhfacadar Oisín agus
Osgar agus Mac Lughach lán-trén go haon-láthair
dá n-ionsuidhe agus maithe clanna Baoisgne maraon
riú, agus ar faicsin na fiagh-chailleach sin dóibh ní
raibh neart mná re n-iodhnaibh ansna trén-fhearuibh
sin; agus ro cheangladar na cailleacha
uile iad agus rugadar ansan bruighin iad.
Is an sin tángadar clanna meara meanmnach'
míleanta mórdhálach' Morna do láthair, agus do-choncadar
an t-iorna geintlidhe agus do-chuaidh
a neart uile ar gcúl; agus do cheangladh iad go
daingne do-sgaoilte. Agus tánic clanna Rónán
do láthair chuca, agus ar faicsin na n-aracht dóibh
ní roibh neart naoidheana a n-aon-duine dhíobh;
agus do cheangladh iad agus rugadh san chnoc gcédna
iad. Agus tángadar clanna Neimhnuin agus do-rínadh
mar an gcédna riú; agus is mar sin do-rinnadh
risan bhFéin uile. Ciodh trácht, ro
cheangladar ceithire catha na gnáth-Fhéine agus
rugadar leó go docair do-sgaoilte fá Chéis Coruin
iad gan chomhrac gan chathughadh re haon
díobh. Agus do bhádar coin chean-dearga agus
gaodhair ghlan-ghothach' ghrin-ghasda ag
donáladh agus aig nuallghoile a ndorus beóil na
huamhadh, ag iaruidh a ttriath agus an tighearna
agus na lámha láidir do bhí aca do ghnáth tar éis
a n-aisdir agus a n-imcheacht. Agus rob iomdha
an sin fiadh cnáimh-gheartha agus muc allta agus míolta
mong-ruaidh' moighe arna marbhadh, agus bruic
brúita buan-rébtha agus na huile fhiadh-mhíol
ar-cheanna iarna bhfágbháil for thaobhuibh na
tulcha sin, iar ceanguil na droinge do bhí dá
n-iomchuir agus dá n-aisduir.
Is an sin tángadar na trí fiadh-mhná móra
míleanta sin amach iar bhfágbháil na Féine
ceanguilte a laguibh lán-doimhne cúnga cuas-leathna
an chnoic, agus trí claoidhmhe clais-leathna
colg-dhírach' cruaidh-churanta 'na lámhuibh
leó, .i. trí lana líomhtha ledaracha loin-ghéra, agus
ní roibh fuigheal buile nó béim aig aon-chlaidhiomh
dhíobh ar a chéile. Agus ro fhéchadar a ngach aon-aird
a d'fhios a bhfaicfidís taonalach nó taisdilach
d'Fhianuibh Éirionn dá ttiubhraidís bás agus buan-oighidh.
Ó nach bhfacadar dob áill leó dul
asteach agus an Fhian do dhícheannadh.
Níor chian dóibh amhluidh sin go bhfacadar
'na dochum aon-óglách mór míleanta mear-chalma;
agus dob é sin an leóghan lúthmhar lán-fheargach,
agus an nathair neimhnach neart-ghonnach
éigiallaidh, agus an t-onchú áigh agus iorghuil,
agus an bheithir bheódha bharamhuil bhuan-thiodhlacach,
agus an curaidh comhlain a ccath, agus an
dreaguin dian dásachtach do-fhuiluing, agus an
mílidh meardha mórdhálach, agus an laoich
lédmheach lán-chalma agus an tonn raubharta ro-mhear,
.i. Iollan mac Chormic mheic Neimhnuin
mheic Mhorna mhóir mheic Aoidh dhuinn mheic
Ceit mheic Mhághach mheic Chairbhre Chinndeirg,
.i. rí Conacht; agus iarna fhaicsin dona trí
deamhnuibh duaibhseach' droch-dhatha tángadur
go prap príomh-urlamh 'na chomhdháil, agus ro-fhearadur
gleó gáiphtheach gráinneamhuil grod-urlamh
agus comhrac féithmhuil faobharach agus
iorghuil aindreanta, agus do-róineadar comhrac
échtach urlamh tres-mhear tulgánach bon-mhall
bas-luath cniodhach croidhach créchtach cró-lintach,
agus níor mhoithídar time nó tlás nó tarchuisne
aig ceachtoir dhíobh ar a chéile gur bhrisadar
a ccraoiseacha cudrom' coimhreamhara catha san
iorghuil sin. Is an sin do luaitheadar a lámha agus
do chruaidheadar an croidhe chum an chomhlainn
sin.
Ciodh trácht, is an sin ro fhearguidh go fíor-adhbhuil
an curaidh comhlanach aon-chum
cnámha agus ro ghabh do bhéimionaibh borb-neartmhar'
báis ar na cailleachuibh fíor-ghráina do
bhaoi for 'aghuidh, agus do shín a lámh lonnaruidh
lán-láidir leis an loin agus do-bheir buile bríoghmhar
barramhuil dona harachtuibh fíor-ghránna bhaoi
for 'aghaidh, .i. Camóg agus Cuillin cheann-ruadh, agus
beiris béim dhiongmhála orra go ndearna ceithire
hoirne cearta comhchothrom' díobh, agus dob é sin
treas buille is mó do bhuailidh a nÉirinn riamh, .i.
buille Fearghuis mheic Rosa Ruaidh mheic
Ruighrí a ccath Gáire dár mharbh sé na teóra Maoil
Mithe d'aon-bhuile, agus buile Chonaill Chearnuidh
do Cheit mór-gharg mac Mághach, agus buille Ghuill
mheic Mhorna dár mharbh Camóg agus Cuilin
cheann-ruagh, .i. dá inghean Chonaráin mheic
Aimidil.
Is an sin do shín sinfeathar clanna Conaráin
a dá láimh a ttiomchioll Ghuill do leath a dhroma,
.i. Iarnach ínghean Chonaráin, an feadh do bhí sé
aig dícheannadh na deisi eile dhíobh. Iompuis
Goll re hIarnach an dara huar agus iadhus a dhá
láimh 'na tiomchioll. Tugadar cuir bheódha
bhorb-neartmhara bhuan-láidir', agus cuir chródha
chroibh-neartmhar' dá chéile, agus snadhmana teanna
trén-neartmhar' 'aroile; agus do-rinnadur gleic
cródha coimhneartmhara ar feadh na huare
sin. Tug Goll cor calma curanta don chailligh
gur thrasgair go lán-talmhuin í. As a haithle
cheanglaidh Goll an chailleach go daingean do-sgaoilte
d'irsibh a sgéithe.
Nochtas Goll a chlaoidhimh clais-leathan colg-dhírach
do chosgairt agus do chnáimh-ghearradh na
caillighe.
Is an sin adubhairt sisi: "A laoch nár leónadh
a ccath nó a n-iorghuil agus nár thoirneamh agus nár
tréigadh a ccruaidh-chomhrac riamh, cuiram-sa
mo chorp agus m'anam air comairce do ghoile agus do
ghaisgidh, agus do-bheirim Fionn agus Fian Éirionn go
hiomshlán asam péin gan fhuilghiodh gan fhoir-dheargadh
ar neach dhíobh, agus luidhim fána déibh
dá n-aoghrum go coimheólaidh mé sin."
Sgaoluis Goll, an rí-mhíleadh, don chailligh iar
sin. As a haithle sin téid roimhe gusan chnoc
a raibh Fionn agus Fian Éirionn agus fuar sé Fionn
ceanguilt' cruaidh-chuibhrighthe agus ceithire catha
na gnáth-Fhéine maraon fris. Agus is anbhan
égaointeach do bhádar an drong sin arna
gceanguil, agus adubhairt Goll: "Sgaoil a d'Fhearghus
Fínbhéil agus d'aois ealadhna na Féine ar tús," agus
do-rinnadh amhlaidh sin. Do sgaoladh d'Fhionn
agus a d'Oisín agus a d'Osgar agus do dheich macuibh fichead
Morna mhóir agus d'Fhianuibh Éirionn uile; agus ro
éirghigheadar as an uamhaidh amach iar sin
go hanbhan aimhneartmhar, agus do shuigheadar ar
in tulaigh ós dorus béil na huamhadh; agus ro fhéch
Fearghus Fínbhéil ar Goll agus adubhairt in laoi
an:
"Buadhach sin a Ghuill go mbuaidh:
is prap ro fhóiris na sluaigh:
do bheithmís uile gan chinn
muna ttiocfá-sa chuginn.
"Giodh mór an uar ro fhóiris riamh
oruinne, a Ghuill na n-ard-ghliadh,
do bu mó in cás oirne a n-uair
ar mbeith ceanguilte a n-én-uaimh.
"Camóg agus Cuillin chiar,
is leó do cheangladh an Fhian,
agus Iarnach fa garbh gleic,
do cheangail sin tré chroibh-neart.
"Nuar dob áil leó ar ccinn
do bhuan dínn gan éislinn,
do-chuaidar 'na ttriar amach,
is d'fhág siad an Fhian go brónach.
"Níor chian dóibh sin ar in leirg,
na trí deamhnaibh fa claon ceard,
go bhfacadar aig teacht 'na gar
Goll mór is é 'na aonar.
"Tiaghaid na trí mná móra
a ccomhdháil an churadh cródha,
agus comhruicis riú tré rath
a ndorus beóil na huamhadh.
"Níor ghnáth leis comhthrom d'iarraidh
Goll mór a n-aighidh fiallaigh:
comhruicis riú go teann
dár mharbh Camóg is Cuillinn.
"D'aon-bhuille don loin luim
gearruis iad ar aon fán druim,
gur thorchuir Camóg an bás,
is Cuillinn, gér chruaidh in cás.
"Iadhus Iarnach leath dá dhruim,
gior chalma, in curaidh comhlain:
iompuis Iollan ria go ceart
agus ceangluis í tré chroibh-neart.
"Nochtas Iollan an lann,
is di do bheanfadh an ceann,
nó gur gheall sí an Fhian uile
aisde ó óg go seanduine.
"Sgaoilis Iollan di iar sin:
tigid ar aon don bhruighin;
agus sgaoilis dínn uile
eduir rí agus ro-dhuine.
"Aon-gháir-bheanocht uain uile
ó óglách go seanduine
do Gholl agus ar mbreith amach,
don bhuine bhríoghmhar bhuadhach."
Buadhach.
Dála Finn agus na Féine a haithle na laoi sin go
bhfacadar ag teacht tar dorus beóil na huamhadh
an dúile dho-dhealbha dhuaibhseach dhroch-dhatha
agus an t-aracht tár-mhór trén-chaillighe, .i. cailleach
croibh-fhiachlach chas-leathrach críonn-aracht agus an
dúile dhiabhlaidhe dhroch-dhatha, agus go lanfan mar
urad ubhail nó mór-áirne ar gach aon-róinne dá
mailghidhe garbha glasa, agus súile silteacha sír-dhearga,
agus srón ghorma ghlais-leathna ag sileadh
a srotha a sean-bhéil duaibhseach droch-dhatha
doi-dhealbha garbh égcórtha gráinna, fiacla
gocanta 'na craos-bhéil, agus teanga lom ghér a
ndorus a béil, agus lámha caol-rightheach' cruaidh-chuisleanach'
go n-ingnuibh fada fír-ghéra fear-ghonta
fír-neimhneach' furra agus sbaran loma liatha
laga mar chíochuibh lom-buidhe liatha a hucht
na laoch-chaillighe sin, agus sbuir aibhseach' allanta
urghrána ag tuitim rena taobh tón-lom tár-mhór,
agus méthach corpach quisleanach aice, agus dá chaol-gheadán
chruaidh-loma chas-mhásach' lé, agus dá chois
fho-chlúmhthach' fúithuibh, agus éideadh daingean
do-bhrisde uimpe, agus claidhiomh clais-leathan colg-dhíreach
for sliasaid coisa clí na caillighe sin, agus
sgiath mhór mhíleanta ós ard a droma. Agus
tánic sí a fiaghnuis Fhin agus na Féine fán chuma
sin, agus do chuir fá gheasuibh iad fána sáth do
chomhrac aon-fhir d'fhagháil dí.
Agus adubhairt Fionn: "'Oisín," ar sé, "coisc
an chailleach úd dínn."
Adubhairt Oisín: "As anbhfan mé tar éis a
bhfuaras ón chailligh úd roimhe so."
As í do bhí an sin, .i. Iarnach inghean Chonaráin
ag teacht do dhíoghuilt a seathrach. Agus do
dhiúlt Oisín agus Osgar agus Mac Lughach lán-échtach
agus Diarmuid déd-sholus ó Duibhne agus Caolte mac
Cronchuir mheic Rónáin agus maithe agus mór-uaisle
na Féine uile dul do chomhrac risan chailligh, agus
adubhairt Fionn go rachadh do chomhrac ria.
Adubhairt Goll an tan sin: "ní rachuir-si
ann, a Fhinn," ar sé, "óir ní cubhaidh dhuit
comhrac caillighe do dhénamh. An uar is mó
an t-éigantas is ann dhearbhthur an chara
dílis."
Is an sin do éirigh Goll go huirlamh a ccoine agus a
ccomhdháil na caillighe, agus do-rinnadar comhrac
neimhneach míleanta mór-chalma agus iorghuil
urlamh ainiarmartach agus gleó gáiphtheach gráineamhuil
dísgir dlúth-mhear dásachtach gan fios
tlás nó time nó tarchuisne ag ceachtoir díobh ar
a chéile. Ciodh trácht, do chuir Goll a mhér a
suaineamh na sleidhe, agus tug urchar uadha gan
chaime gan chlaonaighe gusan chailligh, gur
chuir gráine na sleighe tríd an sgiath agus tríd ghuala
na caillighe, gur thorchar ar in láthair sin.
Do-chuaidh Goll iaramh fá Bhruighin Chéisi
Corain ar marbhadh trí hinghine Chonaráin dhó,
agus do-rín tor trén taobh-ruadh dearg-lasrach don
bhruighin, agus tug an uile mhaithios a bhfuar inte
d'Fhionn; agus tug Fionn 'inghean féin an lá sin
do Gholl, .i. Caon chneas-gheal inghean Fhinn.
Agus as í a rug an mac meanmnach mór-oirdhearca
dhó, .i. Feadh mac Guill mheic Mhorna,
agus do thorchar leis féin a ccean sheacht bliadhna
dég é ar in ráith sin féin.
Conadh í Bruighean Chéisi Coruin go n-uige sin.
Finis, .i. Finid, críochnúgh an sgéla sin an
naoieamh ló do mhí December 1690.
Gach neach do léighios é tugadh a
bheanocht ar an sgríobhniór. Amen.
Etcra. Caillain Caimpbél mac
Dhonchaidh mheic Dhughil
mheic Chaillain óig mheic
Mhaighistir Archibald
les an leis
an leoibhráin.
B 1603 17T
BRUIGHION BHEAG NA HALMHAN.
Fleadh mhór-chaoin mhór-adhbhal do commóradh
le Fionn mac Cubhaill mheic Threunmhóir
í Bhaoiscne a n-Ealmhuin leathain mhór-laochdha
ar Magh Laighean, agus an tan ba hullamh
ionchaithmhe hí tánactar maithe agus mór-uaisle
na Féinne dia tho-chaitheamh, agus is iad so rob
amhra agus rob uaisle díobh a ndeaghuidh Fhinn,
iodhón, Goll mór mear míleata mac Morna gona
thrí caogaid bráthar maraon ris, agus Oisín fíor-ghlic
fíor-bheógha mac Finn, agus Oscar ádhbhar anghlondach
mac Oisín gona mhacuibh, agus Mac lán-trén
Lughach gona mhacuibh, agus uaisle clanna Baoisgne
maraon riú, agus Diarmuid mac Duinn mheic Dhonnchuidh
Uí Dhuibhne gona thrí macuibh agus go
maithibh a mhuinntire maraon ris, agus meic árrachtach'
Úa Neamhnuinn go líon a ttionóil maille
friú, agus clanna díomasacha duasmhora Duibh
Dhíorma go maithibh a mhuinntire, agus aicme
Dhuibh Dhá Bhfuirionn bhuan-tioghluichacha
gona muinntir, agus Goll Gulponn agus Cas Cuailcne
agus maithe na Féinne Ultaighe maraon riú, agus an
Chorr chos-luath chéad-ghonach, .i. rí-fhéinne
Fhian Chonnacht, agus Oillan ádhmhar mac na
Corra cos-luaithe go maithibh a mhuinntire
maraon ris, agus rígh-fhéinnuidh Fhian Laighean
agus a shé meic, .i. Conn agus Dond agus Aodh agus Mongán
agus Fear Taithchéim agus Fear Taoi agus maithe a muinntire
maraon riú, agus Iubhar ard-éachtach agus Criomhthann
coscarrthach, .i. dá mhac rígh Laighean,
agus ba daltadha d'Fhionn iad, agus tánactar do chum
na fleithe sin go maithibh a muinntire maraon riú,
agus dá mhac rígh Alban gona mbuighneachuibh
agus go on mór-thionól maille friú, agus
Coirioll coscorrach creucht-iomdha ó Corrbhróin
gona thríochaid Albanach, agus dronga diana
díomasacha do-eadaráin do mhic ríogha ro-uaisle
an domhuin maille riú, agus Fiann Éirionn
uile ar-cheana.
Do shuighaidhiogh Fionn flath-fhéinnuidhe
in' fhochla féinnaidh na bruighne agus maithe
clanna Trénmhóir ina thimchioll agus do shuigh
Goll gníomh-éachtach mac Morna isin fhochlagadh
fhéinnidh aroíle agus meic Mhorna ina
uirthiomchioll agus do shuighidhigh gach aon aca
ina n-ionadhaibh cinnte comh-aosa bhudhghéin
mar bhudh gnáth leó ann gach aimsir roimhe sin.
Is ann sin do éirigh feadhmanntuigh go fíor-éasgaidhe
re freastal agus re frighóladh na sluagh agus
na sochaidhe, agus cuirn chlocha-bhuadhacha
chaomhadha leó go ngeimamhlaibh gnaoiamhla
gloinidhe agus go ceartacht chaomh chruth-niamhdha
for gach leastar loinnearrdha lán-áluinn dhóibh,
agus do dháiliotar deocha diana díomsacha dona
deagh-laochaibh agus biadha núath neamhearrsaidhe
dona féinneadhaibh go foistinach fíor-aibéil.
Ro éirigh iaramh iar sin glór agus greadhan 'na
ngiollannrigh, mire agus meanma anna míleadhuibh,
luaimneacht agus lán-chaintighe ina laochaibh, míne
agus macántacht anna mnáibh, fos agus faighide anna
sluaghuibh.
Is ann sin ro éirigh bollsuire go bidh-urrlamh
oca in tan sin - fear coisge cainte agus cruadhála na
bruighne - agus do chroth slabhruidh ésteachta dhóibh
agus do éisteadar cách go taoith tostach fris as
a haithle.
Is ann sin do éirigh Fearghus Fionnbhéil, .i. file
na Fénne agus do ghabh duain agus dreuchta agus deagh-dhána
a bhfiaghnúise mheic Cumhaill agus ro dhíol Fionn,
Oscar, agus Oisín, agus Mac Lughach in file go fíor-aibéil
d'uaislibh gacha mhaoine agus gacha maitheasa; agus
do-chuaidh an file a bhfiaghnuise clanna Morna iar
sin, agus aduphuirt sé bruighne agus toghla agus tochmharca,
duana agus dreuchta agus deagh-dhána a sean agus a sinnsear
dáibh, gurbho subhach so-mheanmnach meic
Mhorna ó na healadhnachaibh sin.
Is ann sin ro fhiarfuidhe Goll: "Cá hionadh
ann súd a bhfuil an bhadhbha bhonn-luath, inghean
Cholla chraois-fhiaclaigh, m'eachlach féin?"
"Atú sunn, a rígh-fhéinnidh," ar sí.
"In dtuguis mo chíos láimhe ó Lochlannuibh
leat?" ar Goll.
"Tugus," ar sí, agus is amhlaidh adubhuirt agus
ro éirigh go prap príomh-urrlamh agus do léig mar
thoirt muice móir-ádhbhuile, nó mar eire
laoich lán-chalma d'ór áluinn aith-leatha ar lár
a bhfiaghnuise Ghuill. Agus do sgaoil Goll don
cumhdach do bhí fán ór, agus do léig na seóid sho-mhaiseacha
shíodhamhla sin ris a bhfiaghnuise
na bruighne, agus do dhíol sé Fearghus go fíor-aibéil
mar fa leór lais; agus ní roibhe file fáthach
focal-ghéar, nó deagh-fhear duasmhor dána, nó
cruitire caoin-teudach ceóil-bhinn, nó seanchaoi
saor suath-fhoclach, nó én-nduine dá roibhe isin
mbaile re healadhuin, d'Éirinn nó d'Albuin, nár
dhíol Goll go grod-urrlamh d'uaislibh gach mhaoine
agus gach maitheasa mar bhudh toil re gach én-nduine
díoph; agus ní roibhe iaramh mac rígh nó
ro-uasail a mbruighin na hEalmhun an tan sin
nach ttug Goll comaoine óir agus airgid agus iolmhaone
dhó.
Is ann sin adubhuirt Fionn go feargach fíor-aibéil:
"A Ghuill," ar sé, "cá fada atá an cíos
ar Lochlanna agad? Óir do shaoileas-sa nár
dhual duit-sae cíos do bheith ar Lochlannaibh
agad, agus go bhfuil mo chíos féin forrugh, agus fós go
bhfuil rígh-fhéindidh agam ar Lochlannaibh ag
comheud mo chíosa agus mo chána a bhfiannuibh agus
a bhfiann-choscar, .i. Ciarán Lagharna; agus is trén-fhear
tailc trom anghníothach an fíor-laoch
sin, agus atá deith gcéad laoch láidir lán-chalma for
a theaghlach."
Freagrus an gnáth-fhéinnuidh, .i. Goll, do mhac
Cumhaill uair do thuig go roibhe fearg agus formad
ag Fionn fris, agus is eadh adubhuirt: "Is é fad
atá an cíos úd agam-sa ar Lochlannaibh ón uair
do chuir h'athir-se cogadh agus connsgleó orum-sa,
agus do chuir rígh Éireann re Cumhall mac Treunmhóir
am aghuidh-se gona chóigidhaechaibh, agus
dob éigin damh-sa Éire d'fhágbháíl dóibh; agus do-chuadhus
go críochuibh Breatan, agus do mharbhus
rígh Breatan gona mhacuibh, agus chuirus ár agus
iolach a mhuinntire, agus do ghabhus ceannus agus
comus na críthe sin; agus do chuir Cumhall asa
sin mé, agus do-chuadhus go Fionn-Lochlainn iar sin,
agus do thuid rígh Lochlann leam, agus do chuirus
ár a mhuinntire; agus do chuir Comhall asa
gcrích sin mé. Ro ghabhus Alba agus do mharbhus
an rígh gona mhaithibh úile; agus do chuir
Cumhall asa sin mé. Ro ghabhus Saxan iar
sin; agus niar fhuluing Cumhall isin gcrích sin
mé; agus do-chuadhas asa sin isan bhFraing, agus do
mharbhus rí Frang agus mórán dia theaghlach; agus
do athchuir agus do ionnarb Cumhall as an gcrích
sin mé; agus do chuireas na ceithre treabha
Lochlannach' fá mo smacht agus cathuir na Beirbhfe;
agus nír lean Cumhall annsa gcrích sin mé. Agus
as sí sin an chéad uair fuair mé cíos ar Lochlannaibh.
"Agus tángus iariomh re teachtuibh Cuinn
Chéad-chathaigh do chum chatha Cnuca a
n-aghuidh Chumhuill agus do thuit Cumhall leam
isan gcath sin; agus is sí sin an uair eile fuarus
cíos ar Lochlannachuibh agus an uair do-chuaidh
tusa, a mheic Cumhaill, sé fir dhéag, go dúinadh
rí Lochlann, agus tug bean rígh Lochlann grádh
díochra do-fhulaing dheit-se, agus tusa do ghabháil
trít sin gon do shé fearuibh deug, agus do bheith a
láimh a gcarcuir thalamhun re bliaghuin agus lá
cinnte oca do chum báis d'imirt ort; agus dar do
láimh-se, 'mheic Cumhuill, do-chuadhus féin ad
diaigh-si a Lochlannuibh, agus do mharbhus Eóghan
Mór, ard-rígh Lochlann, agus do chuirus ár a
mhuinntire, agus do dhíochrus agus d'airgius cathuir
na Beirbhthe, agus do bheanus a hór agus a hairgead
aiste, agus tugas tusa as an gcarcuir choimhéuda a
rabhuis gon do chúig fearaibh deug, agus do fhágus
fén rígh ar Lochlainn an tan sin," ar Goll, "Tinne
trén mac Triosguil; agus tugus tusa slán a nÉirinn
gon do chúig fearaibh dhéag. Agus as sí sin an
dara huair do naiscios cíos damh féin ar
Lochlannachaibh; agus is mar sin fuairius féin an
cíos úd do-chonnuirc tú;" agus adubhuirt iarumh
Goll: "a Fhinn," ar sé, "ní cíos láimhe atá
agad-sa ar Lachlannaibh acht rí-fhéinnidhacht
agus maoir chomheude uaid orrtha, agus ní mhillefead-sa
sin umad, a Fhinn," ar sé; "agus ná bí ag tnúth
leum fán gcíos úd," ar Goll, "uair dá bhfaghuinn
ní budh mó ná súd do mhaitheas, is dod
mhuinntir-se agus d'fhearaibh Éireonn do-bhéruinn
hé."
Agus adubhuirt Fionn go feargach foirrniata
fraoch-nimhneach: "A Ghuill," ar sé, "ro
adaimh tusa aní sin, .i. go ttánguis ó chathuir
na Beirbhthe do chum catha Cnoca agus gur
mharbhuis m'athair-se ann. Is dána duit-se
sin d'admháil damh-sa, a Ghuill," ar Fionn.
Adubhairt Goll go feargach fíor-nimhneach ag
feuchuin for Fhionn: "ní mise do mharbh
Cumhall," ar sé, "agus ciodh headh, is mé do sgoilt
a chroidhe gan coicill, agus do chuir sgian tríd, agus
do sgar 'anam fris, óir do thuill sé féin bás
d'fhaghuil tréna uabhar agus tréna eugóir; agus is í
breath an dlighidh fear ainn-dlighidh do mhalairt
agus do mharbhadh go mí-thrócuireach. Agus ní
mise do mharbh Cumhall acht a mhí-ghníomharrtha
féin; agus ciodh eadh, dá bhfaghuinn é fós nís taosga
nó mar do fuarus do bhainfainn 'anam as mar
do bhainius fá dheóigh; óir tugus iarrtha mionca
fair isna cathaibh a rabhus ina adhaigh, agus ní
ráinic chugam seach inneall Bomainne bain-eachlaighe
agus Criomhthuin choscarraigh uí
Bhaoisgne agus uaisle chlanna Trénmhóir; agus ní
rángus do chum a chumhachta do bhreith fair go
soiche cath Cnuca agus do dhíoghlus m'anachuinn
air ann. Agus dar do láimh-si, a rí-fhlaith, a
Fhinn," ar Goll, "dá ttugthá-sa easonóir damh-sa
fá mar do thug Comhall do dhíoghluinn ort é."
Adubhuirt Fionn: "A Ghuill," ar sé, "do
budh maith m'acfuinn-se ar gan sin do leigean
leat; óir atá céad féinnuidh fearamhuil fíor-threun
ar mo theaghlach-sa a n-aghaidh gach
aon-fhir dá bhfuil do theaghlach agad."
Adubhuirt Goll: "do bhí h'athir-se mar sin,"
ar sé, "fós agus do dhíoghlus m'anachuinn fair agus do-dhéanuinn
an céadna leat-sa dá ttuillthá uaim
hé."
Is ann sin adubhuirt Cairioll mac Aonghusa
mheic Chorrbhróin chneis-ghil í Bhaoiscne: "A
Ghuill," ar sé, "is iomdha fear do choisce-se
ar teaghlach Fhinn."
Adubhuirt Conán maol mac Morna: "Luighim-se
fám armuibh gaiscidh," ar sé, "nach roibhe Goll
riamh, dá lughad teaghlach do bheith aige, nach
biadh fear agus céad fán teaghlach do choiscfeadh
gach áon-fhear aguibh-si do chlannuibh Baoiscne."
"An díobh sin tusa, a Chonáin chlaoite chaintigh
chiabh-fholtaigh?" ar Caoirioll ag éirghe.
"Is díobh go dearbh, a Chairill chairtigh
chreucht-úaine chointigh," ar Conán, "agus do
rachuinn dá tshuighughadh ort-sa go roibhe an
eugóir ag Cumhall dhúinn fén."
Is ann sin adubhuirt Caoirioll ag éirghe 'na
sheasamh: "Ní fada go mbídh fios ag cách cia
haguinn is caintighe," ar sé, agus do bhuail dorn
ina eudan ar Chonán agus do dhoird 'fhuil go
falcmhar fíor-aibéil.
Do lonnuidh agus do lán-fheargaigh uma Chonán
an tan sin agus do éirigh ina sheasamh agus tug
ionnamhuil na heasonóra céadna for Chairioll.
Do fheargaidh Cairioll go lán-aipéil iar sin agus tug
lámh thabaidh laochdha go lán-chalma for a
leathan-armuiph agus for a éiddeadh, agus do cheanguil
a chorp ina chath-éideadh catha, agus do-rinne Conán
mar an gcéadna. Agus tugadar sáite seangmhara
sár-luatha do shleaghuibh slinn-ghéara síor-neimhneach'
ar a chéile, gur bhudh briste
buan-reupa beóil agus bruinne na bruighne ón mborb-ngleó
sin. Agus do nochtadar lanna líomhtha
laedarracha leathan-mhóra go lán-urrlamh, agus do-rónnsad
urrlaidhe ainmhín ainiarmartach re
hathaidh fhada gurbho creuchtach, cneath-ghearrtha,
coirp-neimhneach na laoch ón trén-chomhlann
sin.
Is ann sin ro éirgheiostar dá mhac ádhbhara
iolbhuadhacha Oscuir mheic Oisín, .i. Euchtach
agus Iollach a n-anmunna, agus tugadar goin ó gach
fear dhíobh ar Chonán isin gcomhlann sin. Arna
fhaicsin sin do dhá mhac Ghuill mheic Mhorne
agus do Chonaing, do cheangludar a gcolanna
caomha cneas-gheala, agus do ghonsad go guasachtach
dá mhac Osguir mheic Oisín isin aniorghuil sin
ionnus gur chuiradear ar cúlamh a sgiath iad.
Niar bhfiagh agus niar mhaise le hOsgur 'uirísle
ro bhádar a dhá mhac agus Coirioll a bhráthair isin
ghrod-ghleó sin.
Is ann sin ro éirigh an leóghan lonn léidmheach
lán-chalma agus an dreagan dian dásachtach dho-fhulaing,
.i. Oscar ádhbhur anghlonnach mac Oisín
agus do chuir cumhdach caomh cadad-chruaidh
iaruinn umá chorp, agus do chuir a sgiath mhór
mhíleada fóna mhuineul, agus do-chuaidh go
reachtmhar ro-aiganntach isin gcomhlann fón
ionnus sin do chobhair a chloinne agus Choirill
mhic Chorrbhróin a bhráthar, agus do ghabh sé ord
urrlaidhe ann gach láimh dhó, agus do ghabh do
bhéidhmannuibh borb-neartmhura baoth-urrlamh'
for Conán agus for cloinn Ghuill isin ngrot-ghleó sin.
Is ann sin adubhuirt Conán: "A Oscuir," ar
sé, "do-bheiriom a bhuidhe reum dheubhaibh
do rochtain chugam isin gcomhlann so, uair
snaoithfeud snáithe do shaoghail an tan sa."
Is ann sin do chomhraic Oscur agus Conán re
chéile; agus do bodh neartmhar neamhthláith
nemhneach naimhdeamhuil niadh-mhiscneach an
comhlann lán sin, agus do bhean Oscar osnadh
eugcomhlainn as Chonán fá gheóigh; agus do
fheuch Conán ar Art óg mac Morna; agus nír
fuiluingeadh sin le hArt óg, uair do éirigh go
healamh úrmhaisneach, agus do-chuaidh ina éideadh
gan fhuirach, agus do gonadh Oscar go nimhneach
neart-chalma ré hArt; agus níor fulaingeadh sin
le hOisín fearamhuil fíor-árrachtach mac Finn,
uair do ghabh airm agus éideadh chatha chuige, agus
do-chuaidh isin n-iorghuil gan fhuirach, agus tug
guin ghuasachtach dho-fhulaing ar Art óg mac
Morna.
Do éirigh iaramh Garadh garbh-fholtach mac
Morna agus do chuir imdhídean árrachtach iarrnaidh
uime agus do ghluais don ruathar sin. Is ann sin
ro éirigh Faolán mac Finn gona thrí chéad laoch
láidir lán-chalma maraon ris, agus do-chuaidh isin
gcomhlann sin, agus do bhean sé mic Mhorna dá
n-áite agus dá n-ionadh, agus do chuir ar cúlamh Guill
iad.
Is ann sin do éirigh an mílidh mear-chalma
mór-aigeantach, agus an trén-fhear trom-ghníomhach
teugbhála, agus an curaidh cliste coimh-dhíochra, .i.
Goll gráineamhuil gasta gníomh-éachtach mac
Morna, agus do chuir a threallamh taitneamhnach
comh-dhaingean troda agus teugbhála uime, .i. seaca
séimh suaithni solusmhor snáith-ríghin sróil, go
gcnaipidhibh dísle dlúithe deilithe dearg-óir agus go
sduaghuibh séimhghe síth-righne síth-fhoda síoda
re hiadhadh agus re hoslagadh an óir-tsheaca sin, agus
lúireach dhlúith-dhrolach dhualach dheagh-fhithe
dhearrsgaighthe d'úir-iarionn athleatha arna
leaghadh agus arna hathleaghadh seacht n-uaire for
hais ar uachtar an chaoimh-tsheaca sin, agus cotún
craobh-dhearg codad-gheal brághad-sgiamhdha
sgothamhail sgoth-bhreaghdha umá mhuinél, agus
cinn-bhird chaomh chloch mbuaghach umá cheann,
agus cloidheamh dírach slinn-ghéar sár-chruaidh ina
láimh dhíraidh dheis. Agus ro ghlac a sgiath
mhór mhílata mhear-chalma, agus ro ghabh iris a
sgéithe fána mhuineul. Agus do éirigh go ro-reachtmhur
ro-aigeantach, agus do-chuaidh go dána
dásachtach dísgir do-fhostoigh fán mbruighin, agus
níor fháguibh tápurach taitneamhach trom-laisrach
iná lóchrann loinnarrdha lán-tsolus isin
mbruighin gan múchadh go mílannta mear-chalma,
agus fós táinic fhén tar ais gan fhuilughadh gan
fhorrdeargadh fair.
Is ann sin do ghoir Fionn a chaismeart chatha
in tan sin sgal-chuille go gáibhtheach, agus
dubhairt re Fianuibh Éirionn meic Mhorna do
leadradh agus do lán-mharbhadh. Do éirighdar
iaramh Fiana fíochmhura fearamhla fraoch-neimhnacha
forrniata Finn go fíor-aibéil, agus do-rinnatar
léibheanna dlúithe daingne do-sgaoilte
dá sgiathuibh ina timchioll. Is ann sin do éirigh
meic Mhorna mar an gcéadna isin mborb-ghleó
sin, agus do-rinnatar léibheanna daingean díoganta
do-sgaoilta dá sgiathaibh ina timchioll, agus do
éirigh Goll go glé-neartmhur a dtosach na
treun-fhear isin bualadh agus do ghabhadar ag
cnámh-ghearradh a chéile gan choigill nó go
ndearna Goll sgiath daingean de féin ar sgáth a
mhuinntire agus a bhráithreach go nár lamhadh iad
thairis.
Ciodh tráchta, is ann sin fa treise na treun-bhuilleadha,
agus fa seadhmhuir' an sár-bhualadh,
agus fa séitrighe na sár-laoich, agus fa mire na trén-mhílidh,
agus fa creuchtmhaire na colla, agus fa
guasachtaidhe na gaisceadhuidh; agus dob iomdha,
immurro, fuil ag sileadh 'na srophuibh re sliosaibh
saor-chlann, agus cneadha doimhne do-leighis for
na drong-bhuidhnibh ón mborb-ngleó sin. Is
mairg, amurra, do dhuine anbhfann áosda, nó
do mhnaoi mhíolla mheur-leabhuir, nó do mhacámh
builidhi binn-bhriathrach, do bhíodh a mBruighin
na hEalmhun an oidhche sin ré gárraibh greadhan-mhór'
gáibheacha na gasraidhe isin ghrod-ghleó
sin, agus fós dob iomdha osnachadh óg agus ard-uasal
agá n-urrleach agus agá n-athchuma isin mbruighin
an tan sin.
Ro ghabhadar, imorra, ar an treun-tuargain sin
ó thosach na hoidhche adhfhuaire imflithe go
héirghe don ghréin as a crunn-phoball teintighe
ós dreith na talmhun trom-fhóidighe iarna
mharach, ag cneath-ghearradh a chéile gan
choigill.
Is ann sin do éirigh an file fáthach focal-ghéar
fraochdha filada, .i. Fearghus Fionnbheóil, agus aoís
ealadhna na Féinne maraon ris, agus do ghabhadur
dána agus dreuchta agus deagh-dhána deagh-laochdhuibh,
agus do sguiradar na trén-fhir dá n-iorghuil agus dá
n-iommbualadh le ceól na bhfioladh, agus do
léigadar a n-airm ar lár agus do thógadar na filidh
na hairm, agus do ghabhadar greim ré sídh
a tharraing.
Is ann sin adubhairt Fionn go feargach forránach
nach déanadh sé síth nó saor-chomann re clannaibh
Morna nó go bhfuighadh breath Rígh Éirionn, agus
Aillmhe gruadh-bhrice ingheine Chormuic mheic
Airt mheic Cuinn Chéad-chathaidh, agus Chairbre
Lifeachair .i. damhna Rígh Éirionn, agus Fhíthil agus
Fhlaithrí a mheic: "agus barraidhacht na breithe
sin do bheith ag Fionntain mac Bóchna mheic
Mhathasailiam uainn ar aon," ar Fionn.
"Do-bheuram-ne breith an tseisar sin duit ar
do chionn a mbreith d'fhaghuil úaid," ar Goll.
Adubhuirt Fionn go dtiubhradh sé sin do
Gholl, agus do chuiradar ar aon cuir agus slánta na
bhfileadh eatarra fá anmhuin a mbun na síthchána,
agus do ghabhadar lá caoicíse ón ló sin ar faithche
na Teamhrach do chum na breithe sin.
Agus do feuchadh iaramh uireasbhaidh na Féinne
ón mborb-ghleó sin. Is é líon dob uireasbhaidh
do mhuinntir Fhinn an fad sin, .i. dá chéad
deug eidir fhear agus mhnaoi, agus dob iomdha dhíobh
sin ríoghan ramhar ró-uasal, agus ainnear áluinn
iolchrothach, agus maighdean mhíolla mheur-leabhar
mhalach-dhubh, agus macámh builidh binn-bhriathrach,
agus laoch léidmheach lán-chalma. Agus fós dob
iomdha súil arna saobh-dhalladh, agus srón arna
siabhradh agus arna daor-chuma, agus cluas arna
ciorrbhadh, agus cos arna cosguirt agus arna
cneath-ghearradh, agus lámha arna leudrachadh, agus
taobh arna tholladh, agus corp arna choscuirt ar an
droing ro budh beó do mhuinntir Fhinn.
Agus is é dob uireasbhaidh do chlannuibh
Morna an comhfhad sin aon-fher deug d'fhearuibh
agus caoga do mhnáibh, agus ní hé marbhadh na mban
do-roinnadh ach bás d'fhaghuil re heagal agus re
huamhan na hoidhche agus re huadhbhás na n-arm.
agus do-leighisadar gach nduine
do budh ionleighis, agus do-roinne feart fada farsaing
do gach én-nduine budh marbh díobh. Agus
do glan- agus do nuath-chóiraidhaedh an deagh-árus
dá éis sin agus do shuigh gach aon-fhéinnidh
fearamhuil fíor-thrén aca ina n-ionadh cinnte
comhadhais budhdhéin do lonnadh agus do lán-chaitheamh
na fleithe go fíor-aibéil.
Caoigis dáibh ar an gcórughadh sin, agus teuguid
go Teamhuir na Ríogh dá éis sin, agus do chuir
Cormuc agus Aillbhe agus Carpre agus Fíthiol agus Flathrí agus
Fiontain 'na suighe a n-ionadh breathamhnuis,
agus do-chuaidh Fionn a gcionn sgeula d'innisin
dáibh.
Is ann sin adubhairt Goll: "a Fhinn," ar sé,
"ní duit do-bheuruinn-si innisin sgeula na cúise
do bhíodh euddrum agus tú, uair du-dhéantá fírinne
don bhréig am aghaidh, agus tabhrum ar aon innisin
ar sgeul d'Fhearghus file, agus luigheadh fána
déaghuibh fírinne do dhéanamh." Agus ro
aontuigh Fionn aní sin; agus tug Fearghus na déagha
re fírinne an dá sgéala sin d'innisin.
Agus adubhairt Fearghus gurbh é Fionn do-rinne
an éagóir for Goll; "agus do taighle gach
eugóra" ar Fearghus: "is é Caoirioll mac Coirbhróin
tug tosach ar an mbruighin óir do bhuail
sé dorn ina eudan ar Conán, agus níor fhuilaingeadh
sin re Conán óir tug ionnamhuil na heasonóra
céadna do Chaoirioll, agus tánadar dá mhac Oscuir
mheic Oisín da chobhuir Choirill, agus tánadar dá
mhac Guill do chobhuir Chonáin, agus do-chuaidh
Osgar d'fhóirithin a chloine agus do éirgheadar
clann Mhorna dá n-imdhídionn féin, agus do éirgheadar
Fianna Éirionn uile ar-cheana, agus do ghabhadar
ag cnáimh-ghearradh a chéile gan choigill
ó thús na hoidhche adhfhuaire go héirghe
don ghréin as a ciorcioll teinntighe ós dreith
na talmhan trom-fhóidigh arna mháiraech, agus
is é dob uireasbhaidh do mhuinntir Fhinn fris
an ré sin, .i. dá chéad deug idir fhear agus mhnaoí,
agus dob iomdha fear ainmheach uireasbach atharrughach
ar an fad sin, agus fós is é dob uireasbuidhe
do chlannuibh Morna, .i. dá fhear dheug
d'fhearuibh agus caoca do mhnaoibh."
Adubhuirt Cormuc: "Is iongnadh leam
lughad díthe chloinne Morna agus a' meud do bhí
'na n-aghaidh," ar sé.
"Is eadh fá-deura sin dáibh," ar Fearghus
Fíonbheul, "Goll do-chuaidh ar a sgáth agus do
chonnaimh a sgiath re Fiannuibh Éirionn, agus
níor lamhadh clanda Morna do mharbhadh acht
madh beagán do marbhadh re hurcharaibh díobh.
Agus is iad sin sgeula na bruighne dhaoibh,"
ar Fearghus file.
Agus adubhairt Flaithrí go luath-bhreathach:
"Is cóir ionaclann do chlannuibh Morna," ar sé,
"ós orrthuibh do-rinnadh tosach na bruighne."
"Ní cóir an bhreath mheic ollamhain sin,"
ar Cormac, "óir dlighidh gach óglách a bheith
umhal dá thighearna."
"Is fíor í sin a mbán-bhualadh," ar Flaithrí,
"agus ní théid urrum a ndortadh na fola."
Adubhuirt Fíthiol: "saormuid Fionn agus Fian
Éirionn gan anaclann uatha do chlannuibh Morna
ar meud uireasbaidhe Finn agus meud a ttinnte
fós."
Adubhairt Fionntan mac Bóchna: "Is breath
mheic ollamhan sin, agus ní gó-bhreath," ar sé.
Agus do mhol Cormac agus Cairpre agus Aillbhe an
bhreath sin. Do goireadh an Fhian uile go
hén-láthair agus do hinnseagh an bhreath sin dáibh
agus do-roinnadar síth eatarra amhlaidh sin.
Gonadh hí sin Fleagh na
hEalbhun go n-uige sin.
Finis. Amen.
B 1679 17D
BRUIGHEAN EOCHAIDH BHEIG
DHEIRG ANN SO SIOS.
Aon do ló d'Fhionn mac Cubhaill air Druim
na Gaillbhe, agus do éirgheadh fíadh faiteach
foluaimneach dhó a cceand gach seachtmhadh
bliadhna, agus do léigthidhe coin na Féine leis, agus
do fhágbhadh sé íad. Lá roimhe lá Samhna do
iarradur Fíana Éirionn coinnmheadh cinte
comhchoitcheann air Fhionn in lá soin.
"A Chonáin," air Fionn, "déna Fíana Éirionn
do choinnmheadh aniugh."
"Is fada re diomdha agus re heasccairdeas
dhúinne thusa, clanna Morna; óir dá ndénainn-si
dearmad coinnmhe," air sé, "do dhruing éigin
d'Fhianaibh Éirionn do bheithdís air lúth m'aimhleasa
do dhénamh ós ísiol agus ós áird."
"Máiseadh," air Fionn, "cia do-ghéabham dá
ccoinnmheadh anois."
"Atá 'fhios sin agam-sa," air Conán, ".i. an
fear is mó forba agus fearann agus fineachus, bó-tháinte
agus greadhán sguab-leabhar, ór agus airgead agus
ionnmhus, agus chongbhus seacht ccatha na Gnáthfhéine
lá gacha seachtmhuin agus seachtmhuin gacha
mís agus mídh gacha ráithche agus ráithche gacha
bliadhain, .i. Caoilte mac Cronnchair mhic
Ronáin."
Tugadh Caoilte chuca 'mon am sin; agus locus
Caoilte a ccoinnmheadh.
"A Ghal Gaoithe," air Fionn, "déna Fíana
Éirionn d'áireamh aniugh, agus do-dhén-sa féin a
ccoinnmheadh."
Éirghighius Gal Gaoithe in tan sin, agus ní fhúair
sé giolla con nó gadhair, nó taoiseach féindeadh,
d'uireasbhaidh ortha; ór an én-shúil is lugha do-bheireadh
Gal Gaoithe air sheacht ccathaibh na
Gnáth-fhéine do aitheónadh sé an giolla con nó
gadhair is lugha do bhiadh d'uireasbhaidh orrtha.
Acht a-cheana do-chuadar cúig fir dhéag do
mhaithiph na Féine air taoibh na tulcho fa
coimhneasa dháibh, agus aig so a n-anmana: .i.
triúr mac Finn mheic Cubhuill, a dhías mhac
féin, agus mac a mheic; trí meic Aon-Chearda
Béarra, .i. Glas agus Géar agus Gabha. Do-chuaidh
ann Diarmaid déad-sholus ó Duibhne, agus Airt
mór-bhuilleach mac Morna, agus maithe oile ó sin
umach; agus tuccadur fithcheal Fhinn mheic
Chubhaill chuca, agus do ghabhadur agá fras-imirt.
Agus suidheas Conán aca, agus adubhairt, "An
taoibh do bhaoi anund don bhliadhain do bhághus
aig Fionn, agus an taoibh atá anall bíad agad-sa,
a Oisín," air sé.
"Gurb é do bheatha agam-sa," air Oisín, "agus
do-ghéabhair tuarusdal uaim-se i lláimh," air
Oisín.
"Is aithne dhuit-se gur fear dá thuilleamh sin
misi," air Conán.
Éirghighius Gal Gaoithe air árd na tulcha fa
coimhneasa dhó d'fhéachin an bhfaicfeadh sé
giolla con nó gadhair, nó taoiseach féindeadh, air
sgáth tuir nó tuim nó a n-ionadh uaigneach leis
féin. Agus do-chí na cúig fir dhéag sin d'Fhianaibh
Éirionn, agus aig teacht do láthair dhó beanus dorn
dá chlaidheamh amach.
"Créad so dob áil leat do dhénamh, a Ghal Gaoithe?"
air Oisín.
"Dob áil liom," air Gal Gaoithe, "thusa do
bhúain mo chinn agus mo choimhéid bheatha dhíom,
as an dearmad coinnmhe do-rinne mé dhíot féin
agus dona ceithre fearaibh déag sin do mhaithiph na
Féine maille riot."
"Ní bheanfa misi do cheann díot," air Oisín,
"agus do shaóilfinn go mbiadh um chuideachta
fear bhúainte do chinn díot."
"Cuihé sin?" air Gal Gaoithe.
"Conán mac Morna," air Oisín.
"Níor bhean misi a cheand dá leithit ariamh,"
air Conán "agus ní mó bheanfus mé dhe-sion é."
"Créad é mo leithit?" air Gal.
"An bhfidir tú créad umá ttugadh "Gal Gaoithe"
ort?" air Conán.
"Ní fhidir," air Gal Gaoithe.
"Ní bhfuilim-si mur sin," air Conán: "thusa
bhíos aig éirghe a n-airde re gáir chatha agus chruadh-chomhraic,"
air Conán; "agus níor bhean mise a
cheann do ghealtán romhad ariamh, agus ní mó
bheanfus mé dhíot-sa é."
"Ní fhuileónga misi m'aithisiugh nó m'imdheargadh
nísa mhó dhíbh," air Gal Gaoithe.
Imghighios Gal Gaoithe go bhfeirg mhóir agus go
saobh-nós uatha an tan sin. Agus ní mór go
ráinic leis a bhfágbháil an uair do-chonncudar
an gaisgeadhach chuca gacha ndíreach, go bhfos
bhflatha agus go méad míleadh agus go ttlacht tighearna,
agus a éadach ós meallaibh a mháis uime, agus íochtar
a bhruit súas agus dealg ór ann. Agus aig teacht
do láthair dhó beannuighius do bhriatharaibh
faistineacha fíor-ghlioca agus freagras Oisín san
ccumaoín chéadna dhó.
"As é ádhbhur ttucc mé féin ann so, a mheic
Fhinn mheic Cubhaill," air an gaisgeadhach, "air
ceann Finn mheic Cubhaill agus seacht ccatha na
Gnáth-fhéine do chum mo thighe agus mo theaghlaigh
féin go mbeireadh an Bhéaltoine forrtha, óir itá
fleadh ullamh ionchaithmhe agam 'na n-orchill
go ttí an Bhealtoine."
"As amhlaidh mur atá," air Conán, "an ball
a n-aibeórthaidhe na cúig fir dhéag so do mhaithiph
na Féine do bheith; adéarthaidhe go mbeith Fían
Éirionn uile ann, uair itáid cúigear mac Finn
mheic Cubhaill ann, agus mac a mheic, agus Diarmaid
déad-bhán dreach-sholus ó Duibhne, agus triúr mac
An Chearda Béarra, .i. Glas agus Géar agus Gabha, agus
Art mór-bhuilleach mac Morna agus misi féin, Conán
mac Morna, agus maithe oile ó sin amach," air
sé; "agus do budh maith le Fionn fleadh agus féasta
d'fhagháil dúinn, agus do fhéadfadhmís clú agus alla agus
orrdhearcus na fleidhe sin do chur ort-sa," air
Conán. "Cuid eile dhe," air Conán, "ní bhfuil
baile bó nó leath-bhó a n-Éirinn gan coinnmheadh
cinnte comhchoitcheanda ann anois acht muna
bhfuilid ar fleidh chugad-sa."
"Truagh sin," air in gaisgeadhach, "dob fhearr
liom-sa cúig cúigidh na hÉirionn agus tríucha chéad
na Midhe do shiubhal, mur itá cóigeadh mór-dhálach
Mumhan, agus cóigeadh láimh-dhearg Laighean, agus
cóigeadh caoimh-áluinn Connacht, agus cóigeadh oll-bhladhach
Uladh, nó an tóicheasdal fleidhe
do-rinne mé féin do dhul amugha orm mur so."
"Ní rachaidh amugha ort go deimhin," air
Conán, "dá ccaitear linne í; óir ní dóigh linne
coineamh budh fearr ná na cúig fir dhéag so
d'fhagháil cruinn air áon-láthair, a n-én-áit a
n-Éirinn," air sé; "agus fós ní bhfuil dá mhéad
ullmhugh do-rinne tusa, nach bhfuil lucht dá
chaitheamh ann so."
Leis sin tucc an gaisgeadhach ubhla as beinn
a bhruit agus tucc ubhall i lláimh gacha fir dhíobh,
agus beanus Conán greim as 'ubhall féin, agus ithios
é don dara greim.
"A Fhíana Éirionn," air in gaisgeadhach,
"air ithabhuir bhur n-ubhla?"
"Do itheamur go deimhin," air Conán, "agus na
huile dhiombuadha orm féin," air sé, "nach
bhfuair mé d'aoíbhneas nó d'aiér, do cheól nó
d'fhoirfide ariamh ni budh binne leam ná a fhios
do bheith agam go mbéaruinn beó air én-sháith
amháin dona hubhlaibh sin d'fhagháil arís."
"Atáid seacht n-abhallghairt don mhunadh
sin agam-sa," air an gaisgeadhach, "agus do-ghéabha
siph-si bhur sáith dhíobh go ttí an Bheltane.
"Ní hamhlaidh tá," air Conán, "agus atá dhá
ní nach biainn féin sáitheach dhíobh go bráth do
réir baramhla."
"Créad an dá ní sin?" air in gaisgeadhach.
"Mo sháith connspóide agus mo sháith dona
hubhlaibh sin," air Conán.
"Is deimhin liom," air in gaisgeadhach, "go
bhfuighe tú do sháith do cheachtar acu sin úaim-si
suil tig an mBealtaine; acht amháin," air in
gaisgeadhach, "ní fhidir-si an ttiubhra sibh-si
cuma choisidheacht dhamh pféin nó go roichidh
mo dhún agus mo dheagh-bhaile féin," air sé.
"Na huilidh dhiombuadha air an mbéal
sin!" air Conán. "An é nach ttiubhramaoís
cuma choisidheacht duit-si agus go mbeirmíd air
na haghaibh eallaidh do rith?"
Mur do-chualaidh in gaisgeadhach sin, tógbhus
'éadach ós meallaibh a' mhás, agus gluaiseas
roimhe 'na chéimionaibh reatha ro-luatha do
mhaoilinn gacha mór-chnuic, agus d'íosioll gacha
gleanna, agus tarsa gacha hinbheir, agus do dhruim
gacha faithche, agus do ghaineamh gacha trágha;
agus leanuid na cúig fir dhéag sin d'Fhianaibh
Éirionn é do mhaoilinn gacha cnuic, agus do thaobh
gacha tulcha, agus do bharr gacha gleanna, go rug
neóin agus deireadh laoí orrtha.
Fanus in gaisgeadhach riú um thráthnóna do
ló, agus adubhairt:
"Dair liom féin, a Fhíana Éirionn," air sé,
"cé do-chuaidh teisd lúais oraibh, ní ro-luath
na daoine siph; agus aig súd thall mo bhruighean-sa,
agus gluaisidh inte; agus rachad-sa do sholár bídh
chuguibh."
"Is olc tarla dhúinn," air Conán, "más anois
itá bíadh dá sholár dhúinn agus fleadh ullamh agad
a ccoinne Fhiana Éirionn uile, más fíor duit féin;
agus is cosmhail nach bhfaghuim-si mo sháith
dona hubhlaibh do ghealluis in tan nach
bhfuil bíadh na hoidhche anocht ullamh air ar
gceann."
"Ní bhíadh tú diomdhach aig imtheacht," air
in gaisgeadhach; "agus gluaisidh don mbruighin,
agus leanfad-sa go haithghearr sibh."
A haithle in chomhráidh sin gluaisid don
mbruighin agus beanus Conán teallach teintidhe
umach agus do-rinne malc teineadh tréin-mhóire
gan dé, gan deachtuigh.
Adubhairt Oisín in tan sin ag labhairt, "Ní
bhfuil leaba in laoigh eallaidh a n-Éirinn," air
sé, "nach raibhe mé féin úair éigin do ló nó
d'aoídhche ann um luighe nó um shuidhe, um
chodhladh nó um dhúsgadh, agus ní fhidir mé cía
an áit si ina ttarla mé anocht, acht amháin gurb
é mo dhóigh nár rugadh as Éirinn amach mé."
Agus adubhairt gach áon acu in céadna acht
Diarmaid ó Duibhne, agus ní dhubhairt go raibhe
a fhios aige nó nach roibh.
"Créad an tocht sin ort? a mheic í Dhuibhne,"
air Oisín, "gan a fhios do thabhairt dúinn an
ball a bhfuilmíd, nó a rádh nach bhfuil a fhios
agad acht mur fhear oile d'Fhianaibh Éirionn."
"Atá aithne agus neamh-aithne agam air in
mbruighin si," air Diarmaid; "agus téigheadh
fear agaibh-si amach," air sé, "d'fhéachain an
bhfuigheadh sé cárrtha comh-mór cloiche a n-ursainn
na bruighne; agus dá bhfaghthur inneósad
dhíbh an ball a bhfuiltí, agus muna bhfaghthar
ní bhfuil sgéala agam-sa cá ttarla sibh, acht mur
gach gaisgeadhach oile d'Fhianaibh Éirionn."
Éirghighius Conán go hurlamh im-éasgaidh,
agus tucc lámh thapaidh laochdha air a leathán-armaibh,
agus timchiollus an bhruighean agus innsíos
do Dhiarmaid in cárrtha do bheith ann.
"Sealg throm-thorthach do comhmóradh le
Fionn agus le Fianaibh Éirionn," air Diarmaid,
"agus do dúisgeadh leó míolta más-ghearra moighe,
agus sionnuigh chealgacha chaibliatha, agus agha
im-dhísgre eallaidh in lá sin. Agus do shuidh in
rí-fhéindidh ina dhúmha sealga an uair sin, agus
ní tharla áon-duine an' fhochair ann acht misi,
agus tuitios a thorchiom súain agus sár-chudallta
fair, agus níorbh fhada dhó air in ccodladh sin an
uair ro amuis misi do phreib a lár m'ochta agus
m'úr-bhruinne, gur chuiris móinlinn fola for-dheirge
tair mo bhéal agus tar mo bhruinne umach.
Éirghim-si 'mo sheasamh an uair sin go bhfeirg
mhóir agus go saobh-nós agus mo dhruim ris in
ccarrtha úd amuigh, agus tógbhuim an líog mhór
chloiche, agus aimsiom an rí-fhéindidh a ccraoidhe
a dhá bhonn, gur chuiris móinlinn fola air súil
gach én-mheóir do dheich méaroibh a chos amach.
Músglus an rí-fhéindidh as a chulladh in tan sin,
agus cuirios lámh a ndornchladh i chlaidhimh, agus
téighim-si a cceand m'airm air in láthair sin dom
chosnamh air an rí-fhéinnidh.
""Dair liom féin, a chara agus a chomhdhalta,
a mheic uí Dhuibhne," air Fionn, "do fhóbrus
féin go marbhuinn don chur sa thú. Fís agus
aisling tárfas dhamh air in ccodladh," air sé, ".i.
go ttógeóbhaidhe bruighean air an áit so, agus go
ttiubharrthaidhe airc bhruighne air Fhianaibh
Éirionn inte is mó dá roibheaduir ariamh."
"Agus is é in cárrtha úd amuigh do bhaoí re
mo dhruim an uair sin, agus as í so Bruighean Eochaidh
Bhig Dheirg, agus is é Eochaidh féin in gaisgeadhach
úd do tharring ann so sibh; agus itá feall
agus fionghail dá cuma chugaibh aig Tuathaibh Dé
Danann re seacht mbliadhnuibh go leith; agus is
inte so itá a ndán díbh an airc bhruighne sin
d'fhagháil," air Diarmaid, "agus dob fhearr dhíobh
nach ttaigeóbhadh inte sibh anocht, agus measuim
fós go mbiadh a chuid ubhall searbh aige Conán,
cé gur mhór ro thaitnighdear lais."
"Na huile dhiombuadha orm!" air Conán,
"más fearr liom ní dhá ttiucfadh dhe nó iaróg agus
imreasuin."
Is í sin úair agus aimsir fá ttáinic brughaidh
bó-chéadach dá mhuintir do chum Finn mheic
Cubhaill áit i raibhe, agus adubhairt go raibhe coirm
agus cósir aige d'Fhionn agus d'Fhianaibh Éirionn go
mbeireadh in Bhealtaine orrtha.
"Is cosmhail," air Fionn, "má do bhádor
deocha garga gabháltacha agad gur fhéachabhair
iad suil do thógbhuis amach, an úair dob áil
coirm agus cóisir do thabhairt do sheacht ccatha
na Gnáth-fhéine nó go mbeireadh in Bhealtainne
orrtha, agus gur trom le fearaibh Éirionn a ccoinmheadh
an fad sin," air sé; "agus cé thusa féin,
'ógláigh, tucc an gealladh maith sin uáit?" air
Fionn.
"Bruighidh bó-chéadach dot mhuintir-si mé,"
air in t-óglách, ".i. Dearg mac Díonartaigh, agus
dob áil liom a n-éiric a bhfúarus do bhúair, agus
do bhó-tháinte, agus do ghreadhan sguab-leabhar
úait-si coinnmheadh cinte do thabhairt duit-si
agus dot mhuintir, a rí-fhéindidh," air sé, "go ttí
an Bhealtaine."
"Máiseadh," air Fionn, "beir mo mhná agus mo
mhacradh leat, beir mo choin agus mo ghadhair leat,
beir m'aoís ciúil agus oirfide agus ealadhna leat, agus
leanfad féin um thráthnóno thú."
Gluaiseas an Dearg rumpu dá dhún agus dá dheagh-bhaile
féin, agus ní mór go ráinic leó socrughadh
ann in tan it-choncudur Fionn cuca, agus suigheas
air slios na bruighne agus tugadh uisce lámh chuige agus
cuirios a ordóg fóna dhéad fis, agus is é in t-adhbhur
fár chuir Fionn sin, .i. fad chongunta na Féine
ó chéile, agus a liacht námha agus eascharuid do bhí
acu, agus d'fhéachain an bhfoillseóchaidhe dhó
drong éigin d'Fhianaibh Éirionn do bheith a
n-airc nó a n-éigean ó namhaid nó ó eascharuid
dá raibhe aca an uair sin. Agus do foillsigheadh
dhó na cúig fir dhéag sin do mhaithibh na Féine
do bheith a mBruighin Eochaidh Bhig Dheirg,
agus feall agus fionghal dá cuma cuca aig Eochaidh agus
aig Tuathaibh Dé Danann.
Élaídhius Fionn as in ccathraigh gan fhios
d'aoin-neach dá mhuintir, óir níorbh áil leis in
tóicheastal fleidhe do-rinne in Dearg mac Díonurtaigh
do mhilleadh uime, agus gluaisius roimhe
mur sin 'na uath agus 'na áonar, agus níor mhothaigh
aon-duine é acht Aodh Beag mac Finn, agus
leanus air a lorg é; agus aig dul tair áth thairis
d'Fhionn do mhothaigh in gaisgeadhach 'na
dhíadh isan áth, agus fiafraighius cia ro bhaoí ann.
Adubhairt-sion gurb é a mhac-san ro bhaoí ann,
.i. Aodh Beag mac Finn.
"Is mór an iarraidh air mhasla agus air mhí-chlú
dhuit-si tieacht ann so seach gaisgeadhach eile
d'Fhianaibh," air Fionn.
"Is fearr liom-sa," air Áodh, "mo chlú agus m'alla
agus m'ard-nós do chur a mbéalaibh súath agus seanchadh
aig féachuin mo láimhe agus mo lainne a
ccorpaibh curadh agus cath-mhíleadh id chuidachta-sa,
a rí-fhéindidh," air sé.
"Gluais chugam," air Fionn.
Trialluid air aón, agus ní dhearnadur fos nó comhnaidhe
nó go rángadar Bruighean Eochaidh Bhig
Dheirg, agus ba lúath-gháireach lán-intinneach na
cúig fir dhéag sin do bhí san mbruighin air faicsin
Fhinn agus a mhic chuca. Agus suighid in días
churadh sin a bhfochair na ccúig bhfear ndéucc
sin; agus níor chían dáibh ann in tan do-chonncadur
Eochaidh Beag Dearg aig teacht asteach, agus is
eadh adubhairt:
"Go mbeannuighidh in fír-Dhía forórdha dhuit,
a Fhinn mheic Cubhaill," air sé, "agus is feirrde
an ball i ttáinic tú, agus is miste an ball do fháguibh
tú, a rí-fhéindidh, agus itá tuilleadh coinnmhe
aguinn amuigh ann so, agus is maith linn in dara
leath don mbruighin do léigin cuca.
"Cía híad sin?" air Fionn.
"Aodh mac Aodh Finn Léith itá trí chéad
gaisgeadhach do Thuaithibh dísgreacha dealbh-mhaiseacha
Dé Danann."
"Tabhair asteach iad," air Fionn.
Tugadh na trí chéad gaisgeadhach sin isteach, agus
suighid air an leith eile don mbruighin, agus do
bhí gach áon aca aig tógbháil fíocha agus fuatha agus
faltanuis dona seacht bhfearaibh déag d'Fhianaibh
Éirionn do bhí astigh rompo.
Táinic Eochaidh Beag Dearg asteach a cceand a
thuath 'na dhíadh sin agus adubhairt:
"A rí-fhéinnidh," air sé, "itá Conn mac Aodh
Finn Léith son dorus trí chéad gaisgeadhach."
"Léigthear isteach iat," air Fionn.
Do bhádur sé chéad gaisgeadhach do Thuathaibh
Dé Danann air thaobh don mbruighin an uair
sin, agus gan acht seacht bhfir dhéag air in taoibh
eile dhi, agus gacha aon díobh aig tógbháil fuatha
agus faltanuis dá chéile.
Tig Eochaidh Beag Dearg in treas feacht asteach
agus adubhairt:
"A rí-fhéindidh," air sé, "itá Cabhlach inghean
Aodh Finn Léith san dorus trí chéad ban-ghaisgeadhach."
"Léigthear isteach íat," air Fionn.
Táinic Cabhlach asteach, trí chéad ban-ghaisgeadhach,
agus is amhlaidh do bhádur agus bogha
gearr i lláimh gach mná díobh, agus ní theilgdís
duine nach buaildís, agus ní bhúaildís duine nach
marbhdís.
"A Chonáin mheic Mhorna," air Fionn, "do-bhéaruinn
doirseóreacht na bruighne si inocht
duit."
"Gabhuim chugam í," air Conán, "agus na huile
dhiombuadha orm," air Conán, "má léigim duine
dá bhfuil inte amach, nó duine dá bhfuil amuigh
asteach acht re do chead-sa, a rí-fhéindidh,"
air sé.
Suidhios Conán a n-ursainn na bruighne ann sin,
agus gabhus arm áigh agus iorghaile chuige agus a
threathlamh catha agus cruadh-chomhraic 'na thimchioll,
agus níor chían dó ann in tan it-chonnuirc
Tuatha Dé Danann aig féachain amach agus gean
gáire aig gabháil gach áon díobh. Féachus Conán
amach, agus do-chí óglách mór modurtha mí-sgiamhach
a n-ursainn na bruighne, agus folt slim
sleamhain snúadh-dorcha dlúith diabhlaidhe dath-ghránda
fair, agus mailghe mothlacha mong-gharbho,
agus súile lannardha luaimneacha loch-líatha leathan-ghlasa
ina cheand, agus coltur sróna silteach
sriabhánach go ndos ndeatuigh dían-mhóire dá
tharring ós a cheann, agus aon-bhéal mantach
minic-fhliuch ina mhéigh mhór-fhairsing ós cumpur
a gharbh-chléiph.
Táinic isteach fán tuairim sin agus iarrus Fionn
air suighe san leith thall.
"Ní shuighfe," air in t-óglách, "agus dá mbeith
a fhios agam cia haguibh-si is fearr do chuirfinn
as áit agus as ionadh é, agus do shuidhfinn féin
ann."
"Innsim-si dhuit," air Fionn, "gurb é in fear
maol sin aig an dorus neach is fearr aguinne."
Beirius in fear mór air dhá iosgaid air Conán,
agus teilgius air mullach a chinn san lód mhúnlaigh
do bhí a n-ursainn na bruighne é, agus suidhius
féin ina áit agus ina ionadh. Éirghighius Conán
go bhfeirg mhóir agus go saobh-nós agus glacus an
fear mór, agus do bhí Fionn agus Fiana Éirionn aig
greasocht Chonáin, agus Tuatha Dé Danann aig
greasacht an fhir mhóir. Fa hé críoch agus
deireadh na coinghleaca sin go tucc Conán cor a
n-aghaidh a lúth agus a nearta don fhear mhór
gur thomhuis leathad a dhroma do lár agus do
lán-talmhain, agus beanus alt sgeine sgoith-ghéire
umach, agus sgabus a cheand dá cholainn gan
fhuighioll, gan uireasbhaidh, agus teilgius in cholann
san lód mhúnlaigh inar cuireadh é féin roimhe
sin, agus congbhus in ceand ina laimh dá chomhmaoidheamh
re Tuathaibh Dé Danann.
Adubhairt Cabhlach, inghean Aodh Finn Léith,
"Na huile olc ó thalamh go lár chugam, a
Chonáin," air sí, "ó do thuit mo bhráthair leat
go ttuitfe tú liom nó go ttuitfe mé leat mur an
ccéadna."
Éirghios Cabhlach agus beirios air Conán, agus
beirius Conán uirrthe; agus do bhí Fionn agus Fíana
Éirionn aig greasacht Chonáin, agus do bhádur
Tuatha Dé Danann aig greasocht Chabhlaigh. Ós
le Cabhlaigh budh treisi, tucc cor a n-aghaidh a
lúth agus a nearta do Chonán gur thomhuis leathad
a dhroma do lár agus do lán-talmhain; agus do chuir
glún air, agus do bhí an glún ag dul tríd go talamh;
agus ceanglus Cabhlach Conán air in láthair sin
go dáor dochrach; agus do bhí a n-éigean mhór
aice.
"A Dhiarmaid uí Dhuibhne," air Conán, "a
lámh láidir, agus a chuinge catha, agus a ursa áigh
agus iorghaile, agus a lámh nár lagadh a ccath
ná a ccomhrac riamh, ní bhfuairis neach a n-airc
ná a n-éigean nach bhfuaisgeóltá dhó: fuaisgail
mé féin ón ccailligh si inocht."
Éirghighius Diarmaid d'fhurtacht Chonáin, agus
gabhus in chraoíseach chró-dhearg chrann-reamhur
chruadh-righinn thana throm-fháobhrach
shlinn-ghéar lena ttéigheadh leath lúth agus nearta
as námha agus as eascaraid lé fhaicsin nó lé fír-fhéachain
méad a nimhe agus a húrghráine; agus dob
áil leis an chailleach do dhiúbhraiceadh.
Cuirios Fionn lámh ann agus cuirios 'na shuidhe
ina áit agus 'na ionadh féin é, agus adubhairt:
"Is geis damh-sa," air sé, "a chomhrac do
thoirmeascc um neach air bioth, agus ní bheanfad
dhi súd é acht mur gach neach eile."
Ó nár léigeadh do Dhiarmaid dul d'ionnsoigh
na caillighe, do chuir neart na gualanna chum na
huilleanna, agus neart na huilleanna chum an
chruibh, agus neart in chruibh chum na meór, agus
cuirios a mheór a samhnadhuibh na sleighe slime
sleimhne slínn-ghéire. Agus leis sin cuirios Fionn
lámh a n-irlinn na sleighe dá fasdágh, óir níorbh
áil leis neimh na sleighe do bhúain don ccailligh;
agus air bhfasdógh na sleighe d'Fhionn beanus braon
neimhe do chinn na sleighe don ccailligh gur
bhean dhá ttrían a lúth agus a meisnigh dhi.
"A Chonáin," air in chailleach, "in bhfidir
tú créad do-bheir an fad so gan dícheandadh
agam-sa thú?"
"Ní idir," air Conán, "acht na huile dhiombuadha
orm dá madh tusa do bheith sa riocht
so agam-so go mbeanfuinn do cheand agus do
choimhéad beatha dhíot gan choigill, gan chairde."
"Máiseadh," air in chailleach, "misi do bhí
bliadhain a bhfriotheólamh Fhinn mheic Cubhaill,
agus do bhí tusa 'suirghe riom an fad sin; giodh
eadh, ní raibhe tú d'fhear agam ariamh.
"Ní meiste," air Conán, "ní móide go
mbíainn mur sin."
Agus mur do fuair Conán aire na caillighe agus
na Féine air a chéile, fuair amus air in cceangal do
bhaoí air do sgaoileadh, agus tug biodhgadh éttrom
énamhail ós ceand na caillighe, agus cuirios in
chailleach faoí, agus beanus altan sgeine sgoith-ghéire
amach, agus gearrus an falach leathair do
bhaoí fá thóin na caillighe, agus gabhus aig dul
chúiche mur a dhícheall. As a haithle sin beanus
a sgían amach, agus dob áil leis a ceann agus a
coimhéad beatha do bhúain don ccailligh.
"A Chonáin," air in chailleach, "ná marbh
mé agus do-bhéar féin fuasgladh asam."
"Créad an fuasgladh sin?" air Conán.
"Tá," air in chailleach, "nach bhfuil bun tuir
nó tuim fá thríocha chéad don mbaile si anocht
gan a lán do Thuathaibh dísgreacha dealbh-mhaiseacha
Dé Danann ann, aig bruith feille
agus fionghala oruibh-si, na seacht bhfir dhéag sin
d'Fhianaibh Éirionn, agus trí chéad ban-ghaisgidheach
air mo chomhairle-si san mbruighin si anocht, agus
trí chéad bogha gearr aca, agus ní theilgid duine
nach búailid agus ní bhuailid duine nach marbhuid,
agus beanfad a ccongnamh sin do Thuathaibh Dé
Danann anocht."
"A Fhinn," air Conán, "in ngéabha mé súd?"
"Ná diúlt congnamh dá bhfuighe tú," air Fionn.
Sgaoileas Conán don ccailligh iair sin, agus
imdhighios Cabhlach as an mbruighin amach agus na
trí chéad ban-ghaisgidheach sin maille ré.
Suidheas Conán a n-ursain na bruighne arís, agus
ní fada ro bhaoí ann in tan it-chonnuirc Tuatha
Dé Danann aig féachain amach agus gean gáire aig
gabháil gach áon díobh fó seach. Féachus Conán
amach, agus do-chí óglách mór modarrtha mí-sgiamhach
san dorus, agus cú ghearr dhubh air
slabhradh iarainn ina láimh, agus gur suaill nach
loisgeadh sí an bhruighean le gach aon-chaoír
theintidhe dá ccuireadh tair a craos agus tair a
garmain amach, agus a dhá bhonn fá theann aig
iarraidh thieacht asteach.
Tig óglách na cona duibhe asteach, agus adubhairt:
"Go mbeanduigh na dée duit, a Fhinn mheic
Cubhaill," air sé, "agus do-chuala féin nár dhiúlt
tú én-neach ariamh fá éigsi nó fá athchuinghidh,
agus dob áil liom féin comhrac con d'fhagháil uait."
"Do-ghéabha tú sin go deimhin," air Fionn.
Na huile dhiombuadha air an mbéal sin!" air
Conán: "créad um nach bhfuigheadh do mhadradh
craosach dubh-sa comhrac ann so, agus na seacht
ccoin déag is fearr a bhFianaidheacht astigh si
unocht.
Léigius Conán a chú féin don choin duibh ann
sin, agus dá madh cú shaoghalta an chú dhubh níor
bhaoghal do choin Chonáin, agus ó nárbh eadh do
marbhadh cú Chonáin.
"Dair leam féin," air Conán, "do marbhadh
mo chú."
"Do marbhadh go deimhin," air óglách na cona
duibhe.
"Na huile dhiombuadha oram," air Conán,
"go ndíoghóla mé air chnámhaibh do chinn an
fhiaghnuise sin do-rinne tú fá mo choin do
mharbhadh."
Do léig Oisín a chú féin don choin duibh, agus
marbhthur cú Oisín. Do léig mac uí Dhuibhne
a chú don choin duibh agus marbhthur cú Dhiarmada.
Léigid trí meic an Chearda Béarra a ttrí coin,
agus do mharbh in chú dhubh íat. Do léig Art Mórbhuilleach
mac Morna a chú, agus marbhthur cú
Airt.
Mur do-chonnuirc cú Fhinn sin, .i. Bran, do
ghabh eagla agus uamhan mór í air bhfaicsin na
ccon oile dá marbhadh agus dá maslughadh 'na
fiaghnuise, agus do-chuaidh i riocht cona bige fá
ghlún Fhinn.
"A Bhran," air Fionn, "nach cumhain leat
gur tú do mharbh in cat nimhe do bhí a cCruachain,
léir thuit mórán d'fhearaibh Éirionn?" "A
Bhran," air Fionn, "nach cumhain leat gur tú
do mharbh in torc nimhe do bhí a mBeinn
Ghulban?"
Mur do-chualaidh Bran sin tucc crothadh
anbháil urrthe agus do bhris a hiall, agus tucc in dara
crothadh urrtha agus do-chuaidh 'na riocht féin, agus
tucc aghaidh air in ccoin duibh. Agus do bhádor
Fionn agus Fíana Éirionn aig greasacht Bhran, agus
Tuatha Dé Danann aig greasacht na cona duibhe.
Agus do bhí Bran dá maslughadh agus dá mór-mhaothadh
aig in ccoin duibh, agus do bhí bróg
d'airgead aithleaghtha fá chrobh dheas Bhran; agus
d'éirigh Diarmaid ó Duibhne agus beirios air áird
gach con díobh, agus congbhus ó chéile íat gur
sgaoil Conán an bhróg do Bhran. Is ann sin
tucc Bran siothadh santach sár-lúthmhur dá crobh
tosaigh a mbrághaid na cona duibhe gur léig a
hapach agus a hinathur aisde, agus gur thuit marbh
a bhfiaghnuise cháich.
"Dair liom féin," air in fear mór, "do marbhadh
mo chú."
"Do marbhadh go deimhin," air Conán, aig
tarring a chlaidhimh agus aig bualadh ógláigh na
cona duibhe a ccomhrac in chinn agus in mhuiníl,
gur sgar a cheann ré cholainn, agus teilgius in
cholann san lód mhúnlaigh do bhí a n-ursainn na
bruighne, agus congbhus in ceand dá chomhmaoidheamh
re Tuathaibh Dé Danann.
Suidhios Conán a n-ursainn na bruighne, agus do
bhí treimhsi agus tamall ann, agus do-chí óglách 'tieacht
isteach agus omur uisce ós árd a ghualann aige, agus tig a
bhfiaghnuise Fhinn.
"Cad dob áil leat, 'ógláigh?" air Fionn.
"Dob áil liom," air in t-óglách, "giodh bé
haguibh-si neach is fearr go n-innéolainn a chosa
agus a lámha as an omur so."
"Innsim duit," air Fionn, "gurb é in fear máol
sin aig in dorus neach is fearr aguinne."
Iontóighios in t-óglách is fágbhus in t-omur a
bhfíaghnuise Chonáin. Tógbhus Conán a dhá
láimh, agus dob áil leis a ccur a n-aoinfheacht san
omur.
"Fóill ort, a Chonáin, air Fionn, "féach cé
an ball dot bhallaibh is lugha díoth leat 'bheith
d'easbhaidh ort."
"Laoidigín mo choisi sin," air Conán.
Cuirios Conán laoídigín a choisi isin omur, agus do-rinneadh
min agus luathreadh dhe.
"Na huile dhiombuadha orm," air Conán,
"más fearr do las laoidigín mo choisi nó lasfas
mé h'fheóil agus h'fhinn-leathar san omur sa," aig
breith air in óglách agus dá leagadh tarnsna an
omair, ionnus go ndearnadh mion agus luaithreadh
dá fheóil agus dá chnámhaibh. Agus tógbhus Conán
in t-omur ós árd a ghúalann agus adubhairt, "A
Thuatha Dé Danann," air sé, "dá mbeith ní
budh measa iná so aguinn, do budh cead linn
bhur ccuid do bheith aguibh-si dhe," agus croitheas
in t-uisce orra, agus níor bhean bráon beag nó mór
d'áon-neach aca don omur nachar las a fheóil agus
a fhinn-leathar dhe.
"A Chonáin," air Tuatha Dé Danann, "is olc
in fear íon-tighe dhúinne thusa anocht."
"Na huile dhiombuadha orm," air Conán,
"dá raibhe mé go lá aon-úair is fearr d'fhear
éin-tighe mé iná anois."
Suidhius Conán a n-ursainn na bruighne, agus
do-chí Tuatha Dé Danann aig féachain umach,
agus gean gáire aig gabháil gach aoin díobh. Dearcus
Conán amach, agus do-chí óglách a' tieacht isteach,
is torc garbh glas-liath air a ghúalainn, is léigius
ín torc air lár air urlár na bruighne, agus beanus
criothnughadh asin mbruighin uile.
"Aig sin agaibh," air in t-óglách, "feis agus
aoigheacht do chuir Eochaidh Beag Dearg chugaibh."
"Ní mur sin do gheall sinne do ríar," air Conán,
"an uair do thucc don mbruighin si sinn."
Éirghid naoi naonmhuir do Thuathaibh Dé
Danann do chum in tuirc, agus níor fhéadadur áon-chor
do bhúain as an torc dá thabhairt do chum
na tineadh.
"Na huile dhiombuadha oraibh," air Conán,
"is mur sin is maith linn mur bhfagháil gan lúth,
gan láidireacht," agus éirghighios féin do chum in
tuirc agus nír fhéad áon-chor do bhúain ass.
"Na huile dhiombuadha orm," air Conán,
"ó nach bhféadim in torc do thabhairt do chum
na teineadh, go mbéara mé in teine do chum in
tuirc."
Éirghighius Conán, agus níor fhágaibh aoibheall
nó aithinne don teinidh nár fhadaigh a ttimchioll
in tuirc; agus tarla mían tochais do Chonán
an uair sin, agus léigius a dhruim ris in teinidh, agus
mur do mhothaigh in torc draoidheacht' a ghúaireach
agus a fhionfadh aig lasadh, tucc crothadh air,
agus níor fhágaibh aoibheall nó aithinne don teinidh
nár chuir fá dhruím agus fá tharrbhach Conáin, agus
beirios Conán féin 'no chosaibh leis tair dorus na
bruighne umach.
Éirghius Conán ann sin go bhfeirg mhóir agus
go saobh-nós, agus gabhus a earradh áigh agus iorghaile
agus a threathlamh catha agus cruadh-chomhraic
uime, agus timchiollus in bhruighean agus beirios ar in
fhear tucc in torc chuige.
"Na huile dhíombuadha orm," air Conán, "go
ndíogheóla mé air chnámhaibh do chinn a ndearna
an torc úd orm."
"Fóill ort, a Chonáin," air in t-óglách, "do-bhéar
féin fuasgladh asam."
"Créad an fuasgladh sin?" air in Conán.
"An torc ughad bruithe air cheithre bearuibh,"
air in t-óglách.
"Cá hainm atá ort?" air Conán.
"Conghus," air sé.
"A Fhinn," air Conán, "a' ngéabha mé súd."
"Gabh do chuid gach áit a bhfuighe tú é," air
Fionn.
Naisgius Conán sin air an óglách agus tucc san
rátha gréini agus éusgu, agus ranna nimhe agus talmhan,
re sin do chomhall dó. Do bhí Conghus amuith
treimhsi agus tamall, agus tucc an torc leis bruighthe
air cheithre bearoibh, agus tucc a láimh Chonáin íat.
"Is furas liom so do roinn," air Conán, "óir
an én-chomhroinn ís lugha do bhí aig an rí-fhéindidh
ariamh níorbh fhuráil dó ceathromh tuirc
d'fhagháil, agus do-bheirim an cheathromh sa dhó; agus
an én-chomhruinn is lúgha do bhí aig na cúig
fearaibh déag sin an' fhochair níorbh fhuráil dóibh
ceathramh tuirc, agus do-bheirim in cheathramh eile
so dóibh; agus an én-chomhroinn is lugha do bhí
aig na sé conuibh déag do bhí astigh si anocht
níorbh fhuráil dóibh ceathromh tuirc d'fhagháil, agus
ósí Bran do-rinne a n-áit uile do-bheirim in treas
ceathromh so dhí; agus ní mór liom féin an
cheathromh eile so do bheith agam a n-éiric a
bhfúarus do mhaslo agus do mhí-mhodh a ttáinic
don aoidhche; agus faghuidh-si ní dhíbh pféin, a
Thuatha Dé Danann, nó bíthí folomh," air sé.
Mur do-chualaidh Aodh mac Aodh Finn Léith
sin tucc siothadh d'ionnsoigh Chonáin agus fúadaois
in cheathromh uadha. Éirghighius Conán, agus
fuadaoís an cheathromh ó Áodh, agus buaileas dorn
air an mbéal air, gur fháguibh bolgum fola for-dheirge
ina bhéal a n-ionadh in ghreama. Mur
do-chonnuirc Conn mac Aodh Finn Léith sin,
tucc siothadh d'ionnsoigh Chonáin, agus fúadus an
sgían agus in cheathromh úadh. Éirghius Conán go
bhfeirg mhóir agus go saobh-nós, agus beanus an sgían
agus an cheathromh do Chonn, agus fuair óglách dá
mhuintir roimhe air in tslighe, agus beanus a cheann
de d'aon-bhéim, agus teilgius in cholann san lód
mhúnlaigh do bhaoí a n-ursainn na bruighne, agus
congbhus an ceand dá chomhmaoidheamh re
Tuathaibh Dé Danann.
Níorbh fhada do Chonán mur sin an uair do-chí
aitheach dúr diabhlaidhe dath-ghránna aig teacht
asteach agus én-shúil mhór mhodarra a cceart-lár
'aighche agus 'édain, agus folt fada fíor-dhorcha dlúith
dath-ghránna fair, agus cuar-bheól craosach capach
cam-fhliuch ós compur a gharbh-chléibh, agus
slabhradh imreamhur aith-gharbh iarnaidhe ina
láimh, agus go rachadh cionn curadh nó cath-mhíleadh
i ngach fáinne don tshlabhradh soin. Agus tucc
aghaidh mur i raibhe Fionn fón ionnus sin, agus
iarrus Fionn air suighe san leath thall don
mbruighin.
"Ní shuighfe," air an t-aitheach, "acht dob
áil liom malairt chomhraic d'fhagháil ón tí is
fearr mur ghaisgeadhach aiguibh-si."
"An fear maol sin aig an dorus fear comhraic
is fearr aguinne," air Fionn.
"Na huile dhiombuadha air an mbéal sin!"
air Conán, "créad um nach bhfuightheá do dhíol
chomhraic ann so, agus na seacht bhfir dhéag is
fearr lúth agus lámhach agus lán-choibhleadh a
bhFianaigheacht astigh anocht agus is líonmhuire
do féachadh a láthair chatha agus chruadh-chomhraic?
Agus gé gur misi neach is táire dhíobh
do-bhéar chomhrac tar cheand an iomláin duit-si."
"Máiseadh," air in t-aitheach, "is amhlaidh is
mían liom-sa comhrac do dhénamh, fear dhíonn
do shuighe air gach ursainn don mbruighin, agus a
cheann do chur isan lúib itá air cheann in
tshlabhraidh so, agus giodh bé dhíonn thairreónus
an fear eile chuige, a cheann agus a choimhéad
beatha do bhúain de.
"Táim deóntach," air Conán "óir luighim
fóna déibh adharrtha," air sé, "giodh hádhbhéil
do thruime agus giodh gráineamhail an fhuil-phéist
chuirp fil agad, go mbúailfe misi don leath a
mbiaid féin don mbruighin d'én-tarring thú, ionnus
go ccuirfid balla na caithreacha as áit agus as ionadh
don torann sin, agus go ndéna mé mion-bhrúthar
dot trom-chnámhaibh piasdamhla," air Conán.
As a haithle sin suidhius Conán don leath a
raibhe Fionn agus Fíana Éirionn don mbruighin, agus
suidhius an fear mór don leath i roibheadur Tuatha
Dé Danann; agus tuccadur a ndá chúla re chéile,
agus do chuir gach fear aca a cheann a lúib in
tshlabhraidh agus do bhádur re haithidh n-imchéin
aig súgh agus aig sreangadh, aig teibheadh agus aig
tairring, aig fúadach agus aig fásgadh a chéile, gan
fios tláis nó time nó tarcuisgne air cheachtar
díobh. Acht cheana do bhí do mhéad truime agus
toirteamhlacht' an aithigh, agus a ghlioca agus a
ghaosmhuireacht a n-ealadhnachaibh doilfe
diabhlaidhe draoidheachta, nár fhéad Conán áon-chor
do bhúain as, acht mur charraic cheann-ghairbh
chomhdhaingin chloiche, ionnus gurbh é
críoch agus forcheand na coinghleaca sin go ttucc
in fómhóir fír-ghránda fásgadh feardha foirteamhail
air Conán, gur tharring thairis mhuilleach a chinn
é agus gur bhfuáil fó lár agus fó lán-talmhain ina
cheart-fhiaghnuise é. Agus cuirius glún a meadhón a
chléibh air, agus do bhí an glún aig dol tríd go
talmhuin, agus dob áil leis a cheann agus a choimhéad
beatha do bhúain de gan fhuigheall gan fhuireasbhaidh.
"A Dhíarmuid uí Dhuibhne," air Conán, "a
lámh láidir agus a chuinge catha agus cruadhchomhraic,
agus a thréin-fhir nár lagadh a n-ágh nó a n-iorghail
ariamh, agus nach bhfuair áon-neach a n-airc nó a
n-éigean riamh nach bhfuaisgeóltá dhó, fuasgail
mé fein ón éigean so a bhfuilim aig an fhomóir
ur-ghránna so."
Éirghius an leómhan lán-lúthmhur agus an draig
dhásachtach agus an ciorrbhughadh curadh agus an
bráth biodhbhadh agus an tonn iombáite agus an
t-ársaigh iorghaile, .i. Diarmaid déad-bhán, dreach-sholus
dath-áloinn ó Duibhne. Agus ghlacus
in chraoiseach chadad cheand-ghorm chruadh-righinn
chró-fhairsing do bhíodh air búan-lasadh
nimhe in tan nach bhfaghadh a múchadh nó a
fothracadh a ccorpuibh curadh agus cath-mhíleadh;
agus dob áil leis an t-aitheach do dhiúbhracadh.
Cuirius Fionn lámh d'fhasdádh na sleighe, agus
cuirius Diarmaid 'na shuighe ina áit agus ina ionadh
féin.
"Is geis damh-sa," air Fionn, "comhrac aon-fhir
do thoirmeasg, agus muna bheith sin do budh
maith linn furtacht d'fhagháil do Chonán."
Suighios Diarmaid go tuirseach imshníomhach,
óir do budh truagh doilghigh leis Conán do bheith
isin n-éigean ina roibh a n-alt na huaire sin; agus
is amhlaidh tarla Diarmaid agus ubhall dona
hubhlaibh tucc in gaisgidheach dhóibh a ttosach
an laoí do bheith dá iomlat ina láimh aige feadh
na hoidhche; agus mur nár léigeadh dhó airm
d'imbhirt air an aitheach, tucc rogha an urchair,
gan chaime gan chlaoine, don ubhaill air an
aitheach a cceart-lár 'aighche agus 'éadain, ionnus
gur theilg an én-tshúil do bhí aige as a háit agus as
a hionadh, agus gur fhan an t-ubhall ina háit.
Sgreadus agus sgréachus an t-aitheach go huathmhar
aigmhéil agus go neimhneach naimhdighe ó neimh
an chréacht agus an álaidh; agus do-bheir an lámh
do bhí a muinél Chonáin aige d'fhurtacht na súl
géar bhó hí an chabhair iar n-éis, agus tucc fuíghseamh
san ghlún do bhí aige a ccliabh Chonáin,
ionnus air mothugh an aslaigh sin do Chonán go
ttucc biodhgadh bóbhdha báoth-éadrom, agus éirghe
athlomh énamhail, ós ceann an fhir mhóir air,
agus gur chuir in t-aitheach faoí, agus gur cheangail
go dáor dochrach cáol a dhá chos agus cháol a dhá
lámh agus caol a chinn agus a mhuinéil.
"Na huile dhiombuadha orm," air Conán,
"nach ba hionann sin a bhfuil astigh agus amuigh
do Thuathaibh Dé Danann nach beirid gan
dícheandadh ort agam-sa anois!"
"Ná déna, a Chonáin," air an fear mór, "ná
marbh mé, agus do-bhéar féin fuasgladh maith
asam."
"Créad an fuasgladh sin?" air Conán. "Tá
náonmhur air fhichid mac agam," air an fear
mór, "agus is mó agus is airde agus is ath-uathmhuire gach
fear dhíobh nó mé féin; agus do bhádur seacht
mbliadhna a bhfortuaith ifrinn aig foghluim
draoidheacht agus diabhlaidhacht, agus is amhlaidh atáid
agus naoi sleagha fithchead aca do fuair a bhfabhuirt
a bhfódhomhain shrotha Stiox a n-ifreann, agus ní
fhanann neart mhná seól a n-én-duiue d'fhearaibh
na talmhan do-chífeadh amharc én-úaire air áon
sleigh dhíobh sin; agus itáid air amus na bruighne
so anocht, agus ní roibhe do mhoill orrtha gan teacht
asteach agus na sleagha sin do nochtadh a bhfiaghnuise
Fhinn agus na gcúig bhfear ndég úd an' fhochair agus
a ndícheannadh ann sin, air ttréigint a lúth agus a
neart re faicsin na sleagh sin, acht misi dot
chur-sa as an tshlighe, ós ort nach luighionn
draoidheacht, agus tóigeóbhad a ccongnamh sin
dhíbh-si anocht agus léig m'anam liom," air sé.
"A Fhinn," air Conán, "an ghéabha mé
súd?"
"Ná diúlt gach congnamh dá bhfuighe tú re
linn anfhorlainn," air Fionn.
Naisgios Conán sin air an bhfear mór, agus tucc
san rátha gréine agus éusga agus ranna nimhe agus
talmhan re sin do chomhall dó. Sgaoíleas Conán
dó iair sin, agus éirghighius 'na shuidhe agus adubhairt:
"A Chonáin," air sé, "fagh giolla dhamh
anois bhéarus amach a cceand mo chloinne mé
do chomhall mo bhréithire duit."
"Na huile dhiombuadha orm!" air Conán,
"dá mbeith agam, mur nach bhfuil, nach ccuirfinn
giolla nó teachtaire leat do bhrígh nach roibhis
dott iarraidh an uair táinic tú, agus fós gur líath
dot mhuintir féin astigh si anocht nó dom muintir-sa;
agus fagh giolla ót thríath agus ót thighearna, .i.
Eochaidh Beag Dearg, nó sgarfad do cheann re
do cholainn gan mhoill."
"A Eochaidh," air an fear mór, "cuir duine
liom a cceann mo chloinne suil bheanfus Conán
mo cheann díom, uair do fhanus dall re mo ré
do lámhach meic uí Dhuibhne."
Cuirios Eochaidh fear dá mhuintir leis agus
imdhighius an fear ameasg a chloinne, agus do nocht
dóibh gach ar éirigh dhó, agus thóiguibh leis ón
mbruighin íat amhail mur do gheall.
Suidhius Conán a n-ursainn na bruighne ann sin
agus é meirtneach máoth-lag óna bhfúair do mhasla
agus do mhí-mhodh feadh na hoidhche agus adubhairt:
"A Dhiarmaid uí Dhuibhne," air sé, "a laoích
nár leónadh a ccath nó a ccomhrac ariamh agus nach
bhfuair neach a n-airc nó a n-éigean ariamh nach
bhfuaisgeóltá dhó, fuasgail damh féin ón mór-éigean
ina bhfuilim anois."
"Créad an t-éigean sin?" air Diarmaid.
"Tá teasbhach trén tarta agus robhairt ro-íotan
orm óna bhfúarus d'olc agus d'anfhorlann feadh na
hoidhche, agus go háirithe ón fhomhóir urghránda
úd, agus fagh-sa deoch dhamh nó ní bham beó tieacht
an laoí, agus fós do-dhén do ghríosadh agus do ghlámhadh
sul bhus marbh mé."
"Dair mo bhréithir ámh," air Diarmaid, "as
gníomh doilghigh sin, óir ní bhfuil aithne nó
eólus agam air inbhear nó air uisce dá mbeanann
don mbruighin si, agus fós tá do mhéad dorchacht'
na hoidhche nach budh léir dhamh cá conuir a
ngéabhainn; agus ní eile dhe," air Diarmaid, "ní
bhfuil corn nó cupán agam ina mbéaruinn digh
cugad dá mbeith eólus na tiobruda agam, mur
nach bhfuil."
"A Dhiarmaid," air Conán, "nach cumhain
leat-sa créd do-rinne mo bhráthair-si dhuit, .i.
Goll gníomh-éachtach mac Morno, a ccath Fionntrágha,
in tan do bhí tú air ttréigint do lúth agus do
nearta ó líonmhuireacht do chneadh agus do chréacht
agus ó theibeirsiom na fola as do chneadhaibh, agus
tú air ttréigion do mheisnigh ó mhéd do tharta
agus h'íotan? Agus is eadh do-rinne Goll an uair
sin, tucc sgíath tair lorg do shluaghaibh Rígh
in Domhain, ionnus nár léig guin ghaoí nó
chlaidhimh chugad nó gur ól tú do thrí sháith
as an tiobraid do bhí air cúlaibh na slúagh, ionnus
go raibhe tú fionn-fhuair falláin a cceadóir d'ionnsoigh
in chatha. Agus ciodh dhuit-si nach
tteabharrthá digh cugam-sa d'aimhdheóin a bhfuil
amuigh agus astigh do Thuathaibh Dé Danann?
Agus a Dhiarmaid," air sé, "dá madh bean do
bhíadh ann so, is gasta do-bhéarthá deoch chuce."
"A Chonáin," air Diarmaid, "ná dén mo
ghlámhadh nísa mhó, agus do-bhéara mé deoch
chugad, nó tuitfead féin air a shon."
Éirgheadhas Diarmaid ann sin, agus do ghabh
ionar suaithnidhe sreabhnaidhe sróil a ccustal a
gheil-chneis, agus do ghabh lúireach leathán liath-ghlas
ós uachtar an ionair. Do ghabh sgabal
ciumhsach ceardach umá gheal-bhrághaid, agus cathbharr
cuanna ceardamhail lán do chlochaibh
buadha agus bisigh thíre na hAifrice, agus do bhádur
ceithre géamha a n-éadan an chathbhairr sin do-bhéaradh
soillsi do shluaghaibh in bheatha a
n-aoidhche duibh-rée. Do ghabh a dhá shleigh
shénta shlinn-ghorma, agus a dhá chraoisigh chrann-reamhra
chró-fhairsinge chatha do bhíodh air
búan-lasadh nó go bhfaghdís a múchadh a bhfuil
agus a bhfolruachtadh curadh agus cath-mhíleadh. Do
ghabh a dhá mhanáois mhóra mhuirneacha, agus do
ghabh an sgíath dhrolach dhualach lán do litreachaibh
órdha dá innsi nach raibhe air cúl sgéith nó
claidhimh san domhan laoch budh fearr gal agus
gaisgeadh agus gníomh-éacht ná an trén-laoch sin.
Do ghabh a chlaidheamh iontláis ór-dhuirn air a
thaobh clí, agus ro ghair Bran leis, agus ro fháguibh
an bhruighean amhlaidh sin 'na uadh agus 'na aonur,
agus gan fhios aige cá conuir a ngéabhadh acht a
cceand a námhad agus 'easccarad.
Air ndol amach dhó tucc trí luath-chuarta a
ttimchioll na bruighne, agus go n-áirfidhthear
gaineamh mara agus duilleadh feadha ní háirmhidhthear
air thuit leis féin agus le Bran don ruathar
sin do Thuathaibh Dé Danann; óir, gach neach nach
roicheadh Diarmaid chuige do bheanadh Bran an
leath-chos, nó an leath-lámh, nó an ceann, ón
ghualainn de.
Tarla do óglách do bhaoi aig teitheadh roimhe
Diarmaid tuitiom chum láir suil do ghoin Diarmaid
é, agus adubhairt an t-óglách:
"Séan agus conách ad chéimionnuibh gaisgidh, a
Dhiarmaid uí Dhuibhne," air sé, "agus ná marbh
mé féin, agus do-bhéar fuasgladh maith as m'anam
duit."
"Créad an fuasgladh sin?" air Diarmaid.
"Tá," air in t-óglách, "do-dhén eólus duit
chum na tiobruda itá air amus na bruighne si, .i.
Tiobraid in tShrotha Ghil, agus is í tiobraid is fearr
agus is millsi uisce idir cheithre beannaibh na hÉireann
í, agus is amhlaidh atá in tiobruid anocht, .i. ban-ghaisgeadhach
do mhuintir Eochaidh Bhig Dheirg
dar bhó comhainm Grian Ghorm-shúileach,
inghean rígh na hAntuaithe dá coimhéad; agus is
dalta draoieachta do Eochaidh í, agus is í bean is
mó cumus agus cumhachta draoidheachta san chruinne
cheathardha hí; agus fós do rucc sí barr air mhnáibh
a comhaimsire air dheilbh agus air dhénamh, air
inneall agus air éccosg, agus do-chuala misi lúath agus
iomrádh aice ort-sa go minic, agus fós atáid cúig céad
ban-ghaisgeadhach air a cumus air amus na
bruighne si inocht; agus atá súil agam," air in
t-óglách, "go tteabhraidh digh duit-si ó mhéin
mhaith do réir an iomráidh do-chuala mé ort;
agus muna ttugadh d'áis, dob éidir go ttiocfadh
dhíot-sa a bhean d'aimhdheóin di, óir do-chlos
alla agus ard-nós do ghníomh-sa feadh an domhain
go huilidhe."
"Éirigh," air Diarmaid, "agus seól romham gus
in tiobraid."
Agus air tteacht a ngar don tiobraid dóibh
do-chí Diarmaid an macaoimh mín-áloinn mná 'na
suighe ós úr an tobair, agus dhá shleigh shéanta
shlinn-leathna shlim-ghorma 'na seasamh rena
gúalainn, agus craoiseach chrann-reamhar chró-fhairsing
chatha ina láimh dheis, agus claidheamh
iontláis ór-dhuirn tarsna a dá ghlún, agus sgiath
dhrolach dhúalach litreach líneach lán-sholus air
stúaith-leirg a droma, agus ceann-bheirt shuaithnidh
sholus-mhór 'ma a ceand, agus an iomad do chleasaibh
ána iolardha doilfe draoidheachta dá meabhradh
agus dá n-iomlat aice.
Airna faicsin do Dhiarmaid, agus air bhfaicsin
na n-arm n-innillte n-ionfheadhma air a cheand,
gabhus an chraoiseach chró-fhairsing cheann-sholus
air nach dhídean airm nó éideadh ina
láimh dheis, agus gabhus a dhá shleigh shéanta
shlinn-leathna ina láimh chlí agus airm dhiúbhraice
eile air-cheana ó sin amach, agus dob áil leis in
chraoiseach dhearg d'ionnioll air an mban-ghaisgeadhuidh.
"Fóill ort, a mheic uí Dhuibhne", air an
inghean: "ná déna bain-éacht, óir ní imrim-si
airm náid iol-fháobhair ort-sa; agus gurb é fíor-rinn
do bheatha agus do shláinte ann so, agus itá a fhios
aguinne gur aig iarraidh dighe do Chonán táinic
tú, agus do-ghéabha tú gach a bhfuil tú d'iarraidh
madh olc maith re Tuathaibh Dé Danann é, gan
iorghail gan arm-dheabhaidh."
Air cclos na mbriathur sin do Dhiarmaid
druidios ris an inghin, agus suidhios 'na fochair, agus
do-bheir póig dhí, agus do-rinne lé aní nach luathfeam
ann so. Agus a haithle an chaoimh-chomhráidh
sin adubhairt an inghean:
"A Dhiarmaid," air sí, "bí-si aig imtheacht
anois, agus beir bíadh agus deoch d'ionnsoigh Chonáin
madh olc maith re Tuathaibh Dé Danann é; óir
itáid cúig céad ban-ghaisgeadhach do Thuathaibh
Dé Danann air mo chumus-sa ann so anocht,
agus is íad mná is mó adhmhilleadh draoidheachta
san domhan íat, agus atá pruinn Chonáin ós comhair
gach mná dhíobh, agus beir-si a lór-dháothan
d'ionnsoigh Chonáin de. Agus fós atá gach
aon-bhean acu aig ullmhadh agus aig inneall dhraoidheachta
agus diabhlaidheachta chugibh-si na seacht
bhfir dhéag sin d'Fhianaibh Éirionn, óir is le
haimsiugh agus le hadhmhilleadh draoidheachta itá
dúil aig Tuathaibh Dé Danann siph-si do chiorrbhadh
agus do chreapoll inocht, agus ní re neart láimhe
nó lainne. Acht cheana, do-bhéar-sa leighios
duit-si as nach luighfe draoidheacht nó diabhlaidheacht
ort féin nó air áon-neach dot chuideachta
an feadh bhías sibh a mbruighin Eochaidh Bhig
Dheirg, óir atá cuid do úir Inse na mBuadh
agam ann so, agus as do bhuadhaibh na húire sin
nach luidhionn draoidheacht nó diabhlaidheacht
air an tí agá mbíadh go ceann naoi lá agus naoi
n-oidhche ón am fána bhfuighe í, agus do-bhéar-sa
an úir sin duit-si óir itá seirg agus grádh agam
dhuit ón chéad-uair do-chualus lúadh agus iomrádh
ort."
Fa lúath-gháireach Diarmaid dona briatharaibh
sin, agus éirghighius Diarmaid, agus triallus chum
siubhail, agus do-bheir an inghean pruinn cháoga
laoch do bhíadh agus do mhiodh sho-ólo dhó agus corn
cumhdaigh cloch-bhuadhach a ttimchioll na dighe,
agus do-bheir in úir dhó agus órnasg óir air a roibheadur
an iomad buadh mur chomharrtha seirce agus síor-ghráidh,
agus do thoirbheir teóro póg dhó go dil agus
go díochra.
Do ghluais Diarmaid roimhe go ráinic an
bhruighean, agus do léig an trom-úalach sin air lár
a bhfiaghnuise Chonáin.
"Dair liom," air Conán, "atá biadh leat a
ccuideachta na dighe."
"Itá go deimhin," air Diarmaid, "óir measuim
nach mó an tart atá ort-sa iná an t-ocras."
"Na huile dhiombuadha orm-sa más lía caiscéim
do-rinne tusa aig iarraidh na dighe si,"
air Conán, "nó colann gan cheann agus ceand gan
cholainn fhúigfeas misi at fhíaghnuis'-si do
Thuathaibh Dé Danann acht suil an phruinn si
do chaitheamh dhamh."
Acht cheana ro chaith Conán a lór-dhaothain
bídh agus dighe gur bhó subhach sáitheach é, agus air
ccaitheamh na pruinne sin dó do ghabh aig
ceangal a chuirp ina chath-éideadh catha a n-airrcís
Tuatha Dé Danann d'ionnsoighe. Do
labhair ann sin agus is eadh adubhairt:
"A Dhiarmaid," air sé "atá éigean orm-sa
anois is mó ná gach éigean muna bhfóire tusa
mé."
"Créad an t-éigean sin?" air Diarmaid.
"Atá," air Conán, "fonn fúail agus fearaidh orm
agus ní bham beó muna bhfagha mo chorp d'éttromadh
úadh, agus má théim amach goinfid Tuatha
Dé Danann amuigh mé air mbeith nochtuidh
dhamh a bhfégmuis m'airm agus m'éididh; agus má
ním air an leith a bhfuilid Tuatha Dé Danann
astigh é do-dhénaid gáir mhagaidh agus fhochmhaoíde
fúim re faicsin mo nochta dhóibh; agus ní
míadh nó maisi mé dá dhénamh air an leith a
bhfuil in rí-fhéindidh nó thusa, agus fós adéardís
Tuatha Dé gurbh eagla do-bhéaradh orm dul dá
dhénamh air in leith a bhfuil sibh-si; agus is eadh
is mían liom thusa d'éirghe agus sgíath tair lorg do
thabhairt idir mé agus Tuatha Dé an feadh bhías
mé aig fearthain m'fhuail agus m'fhearaidh, go nach
gonuid mé leith mo chúil, agus léigin idir mé féin agus
íad-san ó sin amach."
Éirghighius Diarmaid agus gabhus in chraoiseach
dhearg ina láimh chlí agus a shleagha nimhe ina
láimh dheis agus téid idir Chonán agus Tuatha Dé an
feadh do bhí aig dénamh fúail agus fearaidh, agus níor
lamh én-neach do Thuathaibh Dé madh beag
glúasacht choisi nó láimhe ris an fad sin.
"An bhfuilir réidh fós a Chonáin?" air Diarmaid;
óir do bhí Diarmaid dá bhuaidhreadh
don mboltanus do bhí aig teacht ó Chonán.
"Atáim réidh re dénamh fuail agus fearaidh," air
Conán; "agus na huile dhiombuadha orm nach ba
réidh mé," air Conán, "nó go bhfolaigh' mé an
toirt úd do chorpaibh agus do cheannaibh Tuath
Dé Danann, nó go ccuirfe mé d'fhiachaibh orrtha
a breith amach air fhorghabháil lámh," air sé,
"óir ní míadh nó maisi liom súd do bheith air
amharc air rí-fhéindeadh; agus gurb eadh dhénus
tusa, a Dhiarmaid," air Conán, "suidh ann t'áit
agus inat ionadh féin, agus má gheibh tú anfhorlann
oram-sa tarr dom chabhair, agus muna bhfaghair
ná cuir én-chor dhíot."
Suidhius Diarmaid ina áit agus ina ionadh féin, agus
téid Conán do cheangal a chuirp ina chath-éideadh,
agus air ndol ina armaibh dhó tug aghaidh
air Tuatha Dé Danann agus ro fhiafraigh an roibhe
Eochaidh Beag Dearg astigh.
"Táim go deimhin," air Eochaidh.
"Máiseadh," air Conán, "bíodh do rogha agad,
a chur d'fhíachaibh air do mhuintir gach a ndearna
misi ann súd do chur amach, nó mo shlán-sa do
bheith fúbh."
"Is fusa dhúinn gach én-ní do dhénamh,"
air Eochaidh, "nó do choinghleic-si do tharring
oruinn."
As a haithle sin éirghid naonmhur laoch do
Thuathaibh dísgreacha dealbh-mhaiseacha Dé
Danann, agus do ghabhadur drolach fada fionn-chuill
agus suip agus súgáin, agus do thógbhadur an toirrcheas
sin Conáin eatorra nó gur fhágbhadar san
lód mhúnlaigh do bhí a n-ursainn na bruighne é.
Suighios Conán ina áit agus ina ionadh féin iair sin
agus do bhí treimhsi agus tamall mur sin, agus do fhéach
Conán amach agus do-chí dronga dí-áirmhe do
Thuathaibh Dé Danann aig féachain tré fhuinneógaibh
na bruighne asteach, agus adubhairt fear
dhíobh:
"A Chonáin," air sé, "is furas do mheateacht
agus do mhí-lúthmhuireacht d'aithniugh óir níor
léig an eagla dhuit teacht re fúal nó re fearadh
amach, agus is cosmhaile le mnaoi nó le maoth-leanabh
an gníomh do-rinne tú nó le gaisgidheach
nó le glan-chuiridh, agus do-ním fóm bréithir," air
in t-óglách, "dá mbéaruinn-si amuigh ort go
sáighfinn crann-ghath mo shleighe ann do thóin,
go nach déntá a leithit eile súd do mhí-nós a
láthair deagh-dhaoíne go bráth arís."
Air gclos na mbriathar sin do Chonán do-bheir
éirghe athlomh énamhail air, agus beirius air
ulcha air an óglách a leith astigh don bhfuinneóig,
agus casus agus cornus fóna gheal-dhóid í, agus
búaileas dórn feardha fíor-láidir air bhun na
fésóige ionnus gur sgab an smeich agus an bél íochtarach
ón mhéidhe amach don óglách, agus do thuit
an t-óglách fáon fotharsna marbh a leith amuigh
don mbruighin.
As a haithle sin suidhius Conán ina áit agus ina
ionadh féin, agus ní cían ro bhaoi ann an tan do-chualaidh
sían-ghártha gráineamhla gáifeacha aig
Tuathaibh Dé Danann dá ttógbháil a ttimchioll
na bruighne, a ndúil go ccuirfidís úamhan agus
imeagla air na seacht bhfearaibh déag sin d'Fhianaibh
Éirionn. Airna chlos sin do Chonán éirghius
go hathlomh iméasgaidh, agus níor thárruigh dá
threathlamh acht a dhá tsleigh agus a chlaidheamh,
agus goireas Bran leis amach, agus do-bheir luath-chuairt
a ttimchioll na bruighne agus ní bhfuaradar áon-neach
'na shuidhe nó 'na sheasamh nach dearnadur
guin ghalann agus cumthach cnáimh-gheárrtha dhe.
Tig Eochaidh Beag Dearg asteach, agus is eadh
adubhairt.
"A Fhinn mheic Cubhaill," air sé, "rachaidh
do mhasla agus do mhí-chlú fó Éirinn uile, uair atá
Conán mac Morna agus do chú aig marbhadh agus aig
mór-mhaslughadh mo mhuintire," air sé.
"Cia do-ghéabhainn dá n-anacal súd?" air
Fionn.
"Do-ghéabhair misi," air Diarmaid Ó Duibhne.
Éirghighius Diarmaid agus gabhus a dhá shleigh
agus a chlaidheamh, agus téid amach. Agus ní bhfuair
áon-neach aig imtheacht ó Chonán nó ó Bhran
nach dénadh guin ghalann agus láthair leadarrtha
dhe.
Tig Eochaidh Beag Dearg asteach an dara
feacht, agus a chosa air crith, agus a theanga air
iomluaghail, agus a ruisc air rúamnughadh ina
cheand; agus is eadh adubhairt:
"A rí-fhéindidh," air sé, "is olc an t-anacal
do-ní tú air mo mhuintir féin anocht uair is é
eadrán atá mac uí Dhuibhne do dhénamh dom
muintir, an mhéid imdhius ó Chonán mac Morna
agus ó Bhran díobh é féin dá ccasguirt agus dá ccnáimh-ghearradh."
"Cia do-ghéabhainn dá n-eadrán súd?" air
Fionn.
"Ní bhfuil féidhm nó tarbha dhamh-sa thusa
do chur anaicail ortha," air Eochaidh, "acht ris
an Dord Fiansa do hseinm duit, óir is ré hseinm
thiocfus a bhfuil amuigh dot mhuintir asteach."
"Is geis dó sin a sheinm," air Fionn, "gan
seacht ccatha na Gnáth-fhéine do bheith 'na
thimchioll agá sheinm.
"Is aithne dhamh-sa," air Eochaidh, "an uair
bhíos tusa a n-airc nó a n-éigean go seintear
an Dórd Fíansa leat."
Sinnius Fionn an Dord Fíansa agus ba geis dó a
hseinm gan an méid do chluinfeadh d'Fhianaibh
Éirionn é do theacht fóna thuairim, agus ó nach
ccualaidh é acht mac uí Dhuibhne agus Conán,
tángadar asteach.
Suidhius Conán a n-ursainn na bruighne arís,
agus do bhí treimhsi agus tamoll ann, agus do-chí óglách
árd úathmhur ur-ghránda a' tieacht asteach, agus
lorg-fhearsad fhada iarnaidhe ina láimh, agus deilbh
dhiabhlaidhe dhath-ghránda fair; agus ba mó ná
ualach seisrighe air siubhal gach sláod-fhód
taibhseach trom-ádhbhal dá mbeanadh an lorg-fhearsad
sin do lár agus do lán-talmhain 'na dhíadh.
"A Fhinn mheic Cubhaill," air in t-óglách,
"d'iarraidh coraigheacht agus cruadh-chomhraic
tánac féin ann so anocht air neoch éigin dot
mhuintir-si."
"An fear máol sin aig an dorus coraighe is
fearr aguinne," air Fionn.
"Do-bhéra mé coraigheacht dhó-son," air
Conán, "agus más leam bhus treisi má ghabham
cumha nó ceannach as gan láthair leadurtha agus
cumthach cnáimh-ghearrtha do dhénamh dhe! Agus
dénadh-sion an céadna friom-sa madh leis budh
treisi."
Glacus an fear mór agus Conán a chéile, agus tuccadur
snadhmannadh díana do-eadrána agus fásgtha feardha
fíor-láidre dhá chéile. Acht a-cheana dob é
críoch agus foircheann na coinghleaca sin go ttucc
Conán cor a n-aghaidh a lútha agus a neart don
fhear mhór gur thomhuis leathfhod a dhroma do
lár agus do lán-talmhain, agus beanus altan sgeine
soi-ghéire amach, agus sgarus a cheann ré cholainn
gan fhuigheall, gan uireasbhaidh; agus croitheas
an ceann a bhfíaghnuise Thuath Dé Danann dá
chommaídheamh riú.
Is ann sin adubhairt Aodh mac Aodh Finn
Léith:
"A Fhinn mheic Cubhaill," air sé, "is lór
dhúinn féin air fhuilngemar dhíobh-si feadh na
hoidhche d'eccóir agus d'anfhorlann, agus ní fhuileóngam
nísa mhó dhíobh," air sé.
Is ann sin ro éirgheadar Tuatha Dé Danann
don dara leith don mbruighin agus na seacht bhfir
dhéag sin d'Fhianaibh Éirionn don taoibh eile
dhi.
Is ann sin adubhairt Fionn:
"Ná dénaidh sin, a mhuintir si agam-sa," air
sé, "acht tabhraidh bileadha bhur sgiath re
huilleannaibh a chéile, agus ná léigidh aon-neach
do Thuathaibh Dé Danann eadroibh, agus dá léigthidhe
ní fearr do-dhéna sibh marbhadh orra-san ná
oraibh féin."
Do-rinneadar amhlaidh sin, agus do roinn Diarmaid
ó Duibhne úir Inse na mBuadh eatorra neoch
tucc Grian Ghorm-shúileach, inghean rígh
hAntuaithe dhó aig in tiobraid, agus tuccadur féin
agus Tuatha Dé Danann frassa diana diúraice agus
gleó gáifeach gráineamhail agus urlaith uathmhur
aigmhéil ainiarmhurtach agus torann trén-mhór
tinneasnach dhá chéile; agus do thógbhadur bábha
agus bocánaigh agus geillte glinne agus deamhain aiéir
sían-ghul agus searbh-ghártha gráineamhla a ttimchioll
na bruighne aig súr agus aig fáistine na fola.
Acht cheana fa hiomdha dóide trom-ghearrtha, agus
lámha lán-ghonta, agus cossa comhlúptha, agus súil
airna sáobhadh, agus beóil aig blasdurnaigh, agus cuirp
dá ccomhchiorrbhugh, agus ní chluintígh én-ní ann
a n-alt na huaire sin acht béicneach na sgíath dá
sgoilteadh, agus osnadhach na bhféindeadh ósna
feadhmannaibh, agus gáir na mbádhbh agus na mbocán
ós an mbruighin amach, agus searbh-ghártha na
bhfúath agus na n-arrocht aig iarraidh úathmhan agus
mearughadh do chur air an mbeagán sin
d'Fhianaibh Éirionn do bhádur a mbruighin
Eochaidh. Gidh eadh fa dímhaoin dóibh, óir fá
minic riamh roimhe fuaradar na háirsaigheadh
iorghaile sin a bhféachain agus a bhfromhthadh ann
a chomhchosmhuilius sin do shearbh-cheól fúath
agus aimid agus arrocht.
As ann sin do labhair Aodh mac Áodh Finn
Liath agus is eadh adubhairt:
"An maireann tú, a Fhinn mheic Cubhaill?"
air sé.
"Mairim go deimhin," air Fionn.
"Máiseadh," air Áodh, "iarraim féin osadh
catha agus comhraic ort go maidin amáireach go
ndeacham air an bhfaithche bhfód-sholus amach
agus go bhféacham ar ngal agus ar ngaisgeadh ré chéile
ann."
Mar nár ghnáth le Fionn duine d'éara nó
d'eiteach fá éigsi nó fá aithchuinghidh, tucc in
t-osadh sin dó.
Suidhius Conán ina áit agus ina ionadh féin a
n-ursainn na bruighne agus adubhairt:
"Má do-rinne Fionn osadh ribh, a Thuatha
Dé Danann," air sé, "ní dhearna mise, agus na
huile dhiombuadha orm má chím aon-duine dá
bhfuil amuigh uaibh aig tieacht don mbruighin
go héirighe do lá amárach go mbíadh mé do
bhur ccomhthuargain amhail óg-mhacaomh air
a chluithche báire agus baóise, nó go madh lía bhur
mairbh náid bhur mbí."
Air mbeith treimhsi agus tamall mur sin do Chonán,
do-chonnuirc arracht aimsighe úr-ghránda
caillighe aig teacht san dorus, agus dhá shúil shillteacha
shiubhlacha air lasadh 'na ceann, agus dhá
sparán liodurtha leathna lom-bhuidhe mur chíochaibh
as cumpur a cruadh-chléibh; agus gur suaill
nach rachdís curadha agus cath-mhíleadha a ttaisuibh
agus a ttámh-néallaibh re faicsin na deilbhe diabhlaidhe
dath-ghrándha do bhí furtha, agus cuar-bheól
cabach craosach cam-fhliuch aice, agus doss
deitighe díon-mhóire as an mbéal sin, agus go madh
bréine ná marbh-chuirp i lló samhraidh an baladh
agus an bréntas do bhí as a cráos agus as a garmain
amach; agus is amhlaidh ro bhaoí agus órd imreamhar
urlaidhe a láimh lé agus beann chamach cham-lúptha
bhúabhaill san láimh eile lé. Agus druideas
le Conán agus cuirios ceann an bhúabhaill 'na béal
agus an ceann eile dhe air clúais Chonáin, agus do
shéid an búabhall dá hanáil dhiabhlaidhe
dhraoidheachta, ionnus go cclos fó na cíantaibh an
sgread-gháir mharbhthach mhór-mhillte do chuir
tré cheann agus tré chlúasaibh Conáin. Cuirios
Conán an bhos leathán lán-leabharrdha air a
chlúais airaill, óir do shaoíl go rucc sgread-gháir
an bhuabhaill a inchinn tré sheinistribh a chinn
agus a chlúas síar seachtar.
"A Dhiarmaid," air Conán, "táim-si marbh
don rúathar-sa; giodh eadh, díoghólfad mé féin
air Tuathaibh Dé Danann suil sgarfus m'anam
riom. Agus an mhéid nach roiche liom do dhíoghuil
orra fágbhuim air h'iocht-sa agus air h'oineach
díoghaltus do dhénamh ann."
Do-bheir Conán siothadh santach sár-lúthmhar
air an ccailligh, agus fuadaighius an t-órd as a láimh,
agus búaileas a muillach a cinn agus a ceand-mhullaigh
í, agus cuirios a hinchín tré sheinistribh a clúas
amach gur thuit fáon fotharsna an doruis. Agus
do-bheir aghaidh air Tuathaibh Dé Danann as a
haithle sin, agus do ghabh agá ccomhthuargain
leith a chúil agus 'aithche, amhuil ghaibhne aig
freasdal do chaoír íaruinn idir órd agus inneóin,
ionnus go cclos na cíanta an comhmbrosgur agus
an comhmbrughthar do bhí cnámha a cceinn agus an
t-órd do dhénamh ré chéile.
"A Fhinn mheic Cubhaill," air Aodh mac
Aodh Finn Líath, "ní cudrama an t-osadh so,
.i. Conán mac Morna bheith aig comhthuargain
air muintire amhlaidh so."
"Cia ghéabhainn dá eadrán súd?" air Fionn.
"Do-ghéabhair mise," air Diarmaid Ó Duibhne.
Éirghius Diarmaid, agus gabhus a dhá shleigh
agus a chlaidheamh. Agus is é eadrán do-rinne
gabháil a n-airrceis Chonáin don taoibh airaill agus
bheith aig leó agus aig leadradh, aig cosguirt agus aig
cnáimh-ghearradh Tuath Dé Danann gan choigill.
"Maith, a Dhiarmaid," air Conán, "ní hiarrmaid
nísa mhó d'Fhianaibh Éirionn do thuargain na
druinge si anocht acht sinn féin, óir ní bhfuighe
tú am díoghaltuis is fearr ná an úair atá mo
chongnamh féin agad do bhrígh go bhfuil sgread-gháir
an bhuabhaill aig comhmbuaradh mo chinn
agus mo chéadfadh."
Do labhair Eochaidh Beag Dearg agus is eadh
adubhairt:
"A Fhinn mheic Cubhaill," air sé, "do shaoíl
mé féin nár bhlogh tusa do bhéal-luighe riamh
gus anocht, an uair dob áil leat slán do mhuintire
do léigin fúinne tair éis osaidh do cheangal eadroinn
go héirghe gréine amárach."
Éirghius Fionn ann sin, agus cuirios Diarmaid agus
Conán 'na n-áit agus 'na n-ionadh féin 'na suidhe,
agus do bhádur amhlaidh sin gur shoillsigh an lá
gona lán-shoillsi airna mhárach orra.
Agus air n-éirghe don lá téid Fionn agus Fiana
Éirionn, .i. na sé dhuine dhég sin, air an bhfaithche
bhféar-uáine amach gan fuileadh, gan fordheargadh
air cheachtar dhíobh; agus tiaghaid Tuatha Dé
Danann don leith oile go heasbhadhach iomshníomhach;
agus tuccadur féin agus Fían Éirionn frasa
díana dísgreacha dá n-armaibh diúraice for airoile.
Ciodh trácht, ba mear an measgadh, agus ba
doilghigh an deabhaidh, agus ba neamh-charthanach
an ionnsoigh, agus ba neartmhur an iorghail do-rónsad
cách ré chéile dhíobh, ionnus go roibheadur
Tuatha Dé Danann dá ccaisguirt agus dá ccnáimh-ghearradh
aig Fionn agus agá mhuintir, amhail
tréada mín-eallaigh aig fáolchonaibh, nó go rucc
meadhón laoí orrtha.
Acht cheana is eadh do-rinneadur Tuatha Dé
Danann ann sin, do thóigbhadur gárrtha gráineamhla
gáifeacha, agus ceó doilfe draoidheachta, agus
síansán searbh-chaismeirt a ttimchioll na beag-bhuidhne
sin d'Fhianaibh Éirionn, ionnus go
raibhe in cheathair-dhúil 'na haon-phéist úathmhuir
aigmhéil, agus gur chláochláidur na dúile agus na
hárdrannaibh, agus ranna nimhe agus talmhan aircheana,
go ttic don ccláochlódh sin agus do líonmhuireacht
na bhfúath agus na n-amid agus na n-arrocht,
agus d'égsamhlacht na cceárd agus na ccleas ndraoidheachta,
agus do líonmhuireacht na ndrong n-uathmhar
n-aigmhéil n-anaithnidh do bhí 'teacht gach uair
do chabhair Tuath Dé Danann, gur sraonadh air
Fionn agus air a mhuintir ó mheadhón laoí amach,
ionnus nach roibh dul ass acu do thaobh dona
taobhaibh, óir do bhádur airna mbreó agus airna
meirtnughadh ó iomad na ccréacht agus na
n-áladh, agus ó thiugh na lámh, agus ó easbhaidh coidealta
agus ciúnuis.
Is ann sin tucc Fionn siolladh soidhealbhach
uadha, agus da-chí Fían Éirionn chuige as gach áit
a roibheadur, 'na ndrongaibh agus 'na ndíormadhaibh
agus 'na mbuidhnibh bodhbha béal-sgaoílte, agus gur
súaill nár sgaoíleadur ranna nimhe le lonnradh
na ccraoiseach, agus re sgreadghal na sleagh, agus le
glonn-bhéimneach na cclaidheamh, agus le deacraidheacht
na ccleas, agus le dásacht na druinge.
Acht cheana tuccadur féin agus Tuatha Dé Danann
sáighte dá saighdibh síthneannta agus dá nglacaibh
géar-ghonta agus dá ccraoiseachaibh cro-dhearga
chum a chéile; agus dob iomdha curaidh agus cath-mhílidh
agus láoch láidir lán-chalma air ndol a
ttaisibh agus a ttámh-néallaibh a n-alt na huaire
sin. Agus ba cosmhail re sruth síor-lúath súl-bhorb
aig dol tar bheinn sléibhe nó sleamhain-chnuic,
fuil agus folruachtadh na ccuradh agus na ccath-mhíleadh
aig dul chum láir agus lán-talmhan; agus
ba hé críoch agus forcheann an mhór-chatha sin
muna ndeachaidh fear a sgealpaibh carracc nó
a móintibh mín-fhliucha nó a ndrobhéalaibh
díamhra doi-eóluis nach deachaidh élaidheach
beathadh as do Thuathaibh Dé Danann.
Agus as í do-rinne an tinól agus an tiomsughadh
mór-shluaigh sin d'fhurtocht Fhinn, Muirn Mhongcháomh
inghean Taidhg mheic Nuaghad, .i.
máthair Fhinn mheic Cubhaill, agá roibh briocht
draoidheachta rena siubhladh sí Éire re ceithre
huaire fichead, agus as í tucc scéala d'Fhianaibh
Éirionn Fionn agus a mhuintir do bheith san airc agus
isan éigean so a mbruighin Eochaidh nó go
ttángadar dá fhurtacht re linn an anfhorlainn
sin do bheith air.
Gonadh í sin Bruighean Eochaidh
Bhig Dheirg go
n-uige sin.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11