Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Stair an Bhíobla IV
Title
Stair an Bhíobla IV
Author(s)
Ua Ceallaigh, Uáitéar,
Compiler/Editor
Ní Mhuirgheasa, Máire
Composition Date
1726
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1945)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
(STAIR AN BHÍOBLA) (AN TIOMNA NUA) TRÁCHTA ATHGHEARR AR AN GCEATHRAR SOIBHISGÉL ANNSO AGUS I TTÚS AR MHATHA Tháinicc Matha le gairm an tSlánaightheóra ó bheith 'na phuiblicánach chum a bheith 'na apsdal. Céd-duine fós é do thogh Dia chum soisgéil agus stair fhírinnigh bheatha an tSlánaightheóra Íosa Críosd do sgríobhadh do réir mur do eachtaigh agus mur do ordaigh an Spiorad Naomh dhó; óir ní raibh acht láimh-chléireach, orgán, nó instrumeint ann, lér sgríobhadh go cinnte do réir mur fuair ón Spiorad Naomh focal ar fhocal agus siolla ar shiolla; agus do chuir gach rúndiamhair agus gach focal dá bhfuair mur sin i bhfoirm agus i bhfoirchiodal mhilis-cheart, mur is follus dá gach aon lér féidir a léughadh go dúthrachtach maille le tuigse agus le deagh-intinn. Óir ní fhoillsighionn Dia rúndiamhra a Sgriptúra acht don dream a léighios nó éisdios le crábhadh agus le caoin-dúthracht é.
Is í cédfaidh is coitchinne gur i n-Abhruis, nó i gCaldaic, dá ngoirthear ar uairibh an teangaidh Shíriácach, do sgríobh sé, agus deir Eusébius ann a stair, agus mórán eile dona haithreacha naomhtha, gur i n-Abhruis ro sgríobh; agus mur chruthughadh air sin deir S. Ieróm go ndeachaidh Panténus a' teagusg an tsoisgéil go hIndia, agus go bhfuair soisgéil Mhatha i nEabhruis ann, agus tug leis an leabhar cédna go hAlexandria, áit a raibh iar sin cian d'aimsir dá chumhdach; agus deir an t-athair naomhtha cédna so go raibh lena linn féin i gcisde leabhar chathrach na Césaréé, acht do cailleadh an leabhar cédna dá éis sin, agus níl 'na ionad acht mac-leabhar Grégis nach feas dúinn cá hughdar dó, acht go n-abair cuid dona haithreacha naomhtha gurbh é Eóin suibhisgél, nó an t-apsdal Sém, ro sgríobh é. Ba hí mian Mhatha geinealach ríoghdha an tSlánaightheóra do thaisbénadh dhúinn, agus faisnéis fhírinneach a bheatha daonna do chraobhsgaoileadh dhúinn, do réir mur d'iomchuir é féin an feadh do mhair imeasg na ndaoine ar an tsaoghal so. Dá bhrígh sin níor thóig sé a stíl comh árd le hEóin, D'éirigh i mbuaic na Tríonnóide a' tabhairt teasduis ar dhiadhacht an tSlánaightheóra. Measdar ar an adhbhar sin gurab é an soisgél so Mhatha is tairbhígh don phobal coitchionn, mur is é is fearr thig le lagar na
tuigse daonna, mur cheapas go simplídhe teaguisg agus gníomhartha an tSlánaightheóra le lag-thuirse na ndaoine. Níl amhrus ná go raibh ádhbhair mhaithe ag Íosa Críosd léna shoisgél do chur dhá sgríobhadh leis an gceathrar soibhisgél, tar cheann gurbh í a mhian phrionnsapálta a reachtaibh agus a dhlighthibh do sgríobhadh i gcroidhthibh na gcreidmheach, ionnus nach beith ann a ngníomharthaibh foirmiollacha acht íomháigh fhírinnioch a gcathrannacht agus a ngrásaibh inmheadhóncha - óir is mó bá mian leis ar stiúradh le somplaighibh so-bhésa ná le litir mhairbh nó le focail sgríobhtha a dhlighe, agus teasdas a fhírinne agus a bheatha shubháilceach do bheith ó láimh go láimh agus ó bhél go bél dá bhfriotal agus dá bhfíor-ghnáthughadh le saoghal na saoghal, óir ní leór do chách fios an dlighe do bheith acu, acht is riachtanus dáibh a choimhlíonadh go hiomlán. Níl fios cinnte aguinn créd an bhliadhain a sgríobh Matha a shoisgél, acht go n-abair na húghdair go coitchionn gurab isan mbliadhain d'aois an Tiagharna Íosa Críosd 39. AN SOIBHISGÉL MARCUS ANNSO. Tar cheann go measann S. Ieróm gurb é an Marcus ar a ttráchtar go minic i nGníomhartha na nApsdal do sgríobh an soisgél tá arna
ainmniughadh as, gidh eadh is í cédfaidh choitchionn na n-úghdar agus na n-aithreach naomhtha eile nach é, acht Marcus eile dá ngoirionn Peadar “mac” i ndeireadh a chéd-épistile. Is é an Marcus cédna so do chéd-chumhdaigh an dara príomh-eagluis dobhí isan domhan anallód, .i. Alexandria isan Égipt. Adeir fós na húghdair is barántamhla re seanchus eaguilse gur ar ghuidhe na gcreidmheach agus na bhfírén Rómhánach ro sgríobh an soisgél so, agus imeasg cháich adeir Euséibius, ar mbeith do Pheadar apsdal le buaidh mhóir ag teagusg an tsoisgéil isan Róimh, go ttug cách dhíobh an uiriod gnaoidhe agus gráidh dona neithe adeireadh riú, go ndubhradar d'athiosg aoin-fhir nár leór leó a gclos acht gur mhian leó a mbeith sgríobhthaigh acu, agus is uime sin do ghuidhiodar Marcus, .i. diosciobal Pheadair um an tsoisgéil sin do sgríobhadh dháibh, ionus go mbeith 'na bhuan-leachta acu féin agus agá sliocht 'na ndiaidh leis an teagusg cédna do chongbháil ann a gcuimhne go bráth. Do dheónaigh Marcus an ní sin mur is follus anois. Cuiridh S. Ieróm céisd créd fár mhian le Críosd a fhulang do neoch ar bith a shoisgél do sgríobhadh acht dona hapsdail. Freagraidh féin ag rádh nach ag iarraidh glóire ná moladh daonna dobhí an dream ró-naomhtha sin, agus uime sin nach dearnadar
ní ar bith acht mur do ghluaisiodh an Spiorad Naomh iad chum tairbhe na hEaguilse. Adeir S. Ieróm, S. Augustín, agus an chuid is mó dona haithreacha naomhtha eile, gur i nGréigis do sgríobh Marcus mur do-rinne Lúcás agus Eóin. Is é lorg Mhatha is mó do lean Marcus, óir i n-áitibh bíd siolla ar shiolla d'aon-fhocal, agus dar leat, i n-áitibh oile nach bhfuil acht cuimre do shoisgél Mhatha ann; acht i n-áitibh eile do-ní craobhsgaoileadh ar mhórán do neithibh níos forleithiodaigh ná mur do-ní Matha. Sgríobhaidh Marcus do réir mur do-chualaidh ag Peadar, mur do sgríobh Lúcás do réir mur do-chualaidh ag Pól, dofuair teagusg isna flaithis. Óir is follus dá mhéd dochair dár ghlac Críosd ann a bheatha ar an tsaoghal so ag teagusg a apsdal, agus tar cheann gurbh fhiadhnuis iad ar a ghníomhartha agus ar gach teaguisg puiblidh agus príobháideach dá ndearnaidh, ní thugadar teasdus ar aen-chuid díobh nó gur thuirling an Spiorad Naomh orra agus go ndearnadh daoine diadha dhíobh, agus 'na lucht ionaid, mur deir S. Criosostom, ag Críosd ar an talamh, ní fhoillsighios dúinn nach cóir aon-ní do rádh ná do sgríobhadh ar Chríosd acht mur do-níd an dream bhíos arna líonadh leis an Spiorad Naomh. Do sgríobh Marcus a shoisgél isan treas bliadhain
do fhlaithios an Impir Claudius, agus isan 43 bliadhain d'aois an Tiagharna Íosa Críosd. AN SOIBHIOSGÉL LÚCÁS ANNSO Do sgríobh Lúcás a shoisgél cúig bhliadhna fithchiod roimh a bhás, agus isan mbliadhain 46 d'aois an Tiaghearna. Do bá Síriánach as Antiochia, .i. ceann-chathair na Síria, é. Ní do réir mur do-chonnairc ro sgríobh acht do réir mur chualaidh, mur deir féin i ttús a shoisgéil, do bhrígh nach apsdal don dá apsdal dhécc é acht aon eile mur Mharcus. Agus is uime d'órdaigh Dia dháibh so a shoisgél do sgríobhadh seach dias apsdal, ionnus go ttuigfeadh cách go coitchionn nach do réir theasduis nó amhuirc súl is cóir airtiogail an chreidigh do ghlacadh, acht do réir mur cluintear (fides ex auditu) le teisd fhírinnigh na n-apsdal agus na hEaguilse, le nach féidir a dhul ar seachrán, agus má creidtear go coitcheann na starthacha daonna geibhthear ar lorg seanchuis agus suadh barántamhla, is mó ná sin go mór is córa na neithe (sin do) (chreideadh) dothug an Spiorad Naomh focal ar fhocal agus siolla ar shiolla síos dona sgríobhneóirigh naomhtha ro sgríobh an Scriptúir. Adeir S. Pól go raibh Lúcás 'na liaigh. Mur bhí Marcus 'na dhiosciobal ag Peadar dobhí Lúcás
ag Pól. Is uime sin deir Tertulian go ngoirthear soisgél Phóil dá shoisgél go minicc, agus do-bheir S. Pól teisd ro-oirdheirc ar Lúcás, ag rádh go bhfuil a shoisgél so-mholta isan Eagluis. “Aire sin,” adeir S. Ambrós, “créd nach molfad an tí ar a ttugann doctúir mur Phól teasdus mur so?” Innsidh Lúcás féin i ttús a shoisgéil an t-ádhbhar fár sgríobh sé féin, áit a n-abair gur ghlac mórán do shaobh-sgríbhneóiribh orra féin an stair dhiadha so do sgríobhadh go haimhghlic, agus ar an adhbhar sin gur riachtanus dó féin, do bhrígh go bhfuair faisnéis chinnte ar an bhfírinne, an soisgél do sgríobhadh dá réir, ionnus nach bhfuigheadh sgélta fábhaill, ná coimiosg ar bith brég, áit i soisgél na fírinne. Adeir S. Ieróm gur gloine agus gur milse an stíl ann ar sgríobh Lúcás an soisgél iná Eóin agus ná Marcus, do bhrígh go raibh acfuing agus líonmhuiracht na Gréigis aige (do réir mur deir S. Ieróm) níos fearr ná bhí acu sin, agus is dá réir sin do stiúr Dia a phionn, dá chur a gcéill gur taithneamhach leis an dream do dhénamh díthchill leis an bhfoghluim do bheith acu. Bíodh 'fhios agad, a léughthóir, go n-abair cuid mhór dona húghdair gur isan mbliadhain 56 d'aois an Tiaghearna, .i. 25 tar éis deasghabhála, ro sgríobh Lúcás a shoisgél. Níl dearbha ag na hughdair gur fhuilaing Lúcás
mairtíracht, acht is dearbhtha gur mhian leis a fulang, agus fós nach raibh ann a bheatha ón am ar ghlac chreideadh Chríosd acht mairtíracht ghnáthach, óir dob í an chroich a ualach is gach am. Is é ro sgríobh an stair ro-naomhtha dá ngoirthear Gníomhartha na nApstal. DON APSTAL AGUS DON TSOIBHISGÉL EÓIN ANNSO Ba Iudaigheach Eóin, agus is i mbaile Bhethsaida dorugadh agus do hoileadh é, agus dobhí sé óg agus 'na óigh an tan do ghoir an Slánaightheóir chum na hapsdalacht air, agus an feadh do mhair do chongbhaidh a óghacht nó a mhaighdionus, agus is uime sin, do réir mur deir S. Ieróm, dobhí grádh ro-mhór ag Íosa air, agus is air ucht an Tiaghearna do leag sé a cheann ag an tsuipér ndéighionach, agus isan uair a raibh Críosd i gcrann na Páise do-rinne sé én-mhuintir mur dhearbhráthair aen-bhruinne dhe, ag cur cúraim a mháthar air agus ag cur a chúraim-sion ar a mháthair: Mater, ecce filius tuus. Is uime sin deir an t-athair naomhtha cédna: Virgo virgini virginem commendavit. Tar éis an Spioraid Naoimh do thuirling ar na hapsdail do-chuaidh sé don Asia, áit ar chomhdaigh mórán eaguilsibh, agus dobhí 'na easbocc i gcathair na hEphéise. Do chuir an tíaránach, .i. Domitianus an t-impear, d'fhiachaibh isan Róimh a theilgion
i gcoire ola bhí ar fiuchadh, agus an tan tháinicc gan díth gan díghbháil as sin, mur deir Tertúlian, níos iomláine ná mur bhí roimhe, do cuireadh ar díbirt go hoiléan Pathmos é, áit ar sgríobh Leabhar an tTaisbéntaigh dá ngoirthear “Apocalips.” Tar éis báis Domithiáin do-chuaidh sé ar a ais go hEphes, áit ann ar sgríobh a shoisgél timchioll na bliadhna 96 d'aois an Tiaghearna, tuairim agus 65 bhliadhain tar éis báis an tSlánaightheóra. Cuiridh S. Ieróm síos an t-ádhbhar mór do ghluais chum an tsoisgéil do sgríobhadh é: .i. ar mbeith do Cherintus agus do Ébion ag síoladh a n-eiritigeacht, ag séunadh diadhacht an tSlánaightheóra Íosa Críosd, agus ag rádh nach raibh acht duine ann agus nach raibh ar aen-chor ann roimh Mhuire, d'iarr urmhór easbocc na hÁsia, mar aon le mórán do theachtuirigh ó eaguilsibh eile, air labhairt go hárd agus go caithréimeach ar dhiadhacht an tSlánaightheóra. Do fhreagair-san iad ag rádh gurbha deóin leis féin sin, dá madh toil leó-san Dia do ghuidhe go dúthrachtach um a eagna do dhórtadh air lena stiúradh leis an ní sin do thabhairt chum críche. Agus iar ndénamh tréighionus, trosgadh agus urnaighthe go puiblídh do lucht na críche sin, do chruthaigh sé diadhacht mhic Dé leis an gcéd-fhocal dá shoisgél. Adeir S. Augustín gurab é Eóin do thogh Dia go prionnsapálta chum diadhacht Íosa Críosd do
chruthaghadh, óir nach dearna an triúr eile acht trácht ar dhaonnacht na beatha so-mharbhtha mur do thaisbéin é féin ar an talamh: gidh eadh, ní mur sin do-rinne Eóin, acht d'éirigh mur iolair ós cionn néull an lagair dhaonna, gur thaisbéin an Mac do theacht ó ucht an Athar Shíorruidhe, gur chuartaigh aigén gan fhorus na diadhacht, gur thaisbéin ionannacht nó aondacht na nádúire diadha, comhchumhacht, comhghlóir agus comhshíorraighacht na ttrí bpearsann atá isan Trínóid. Is é is mó agus is forleithiodaigh thráchtas dona suibhisgéil ar na teaguisg dothug Críosd uaidhe, go speisialta ar na neithe árda ro-spioradálta chuirios an bheatha shíorruidhe i gcéill agus i gcuimhne dhúinn. Do chomhnuidh na suibhisgéil eile ar theagasg agus ar bheatha Chríosd, an mhéid gur riachtanus dúinn ar mbeatha ar an tsaoghal so do stiúradh dá réir, agus tar cheann gur éirigh Eóin níos uirde ná sin níl aon acu is mó chuirios grádh na comharsann i gcéill ná é, ag taisbénadh úmhlacht agus uirísleacht an tSlánaightheóra dhúinn ag nighe cos a dhiosciobal. Agus cuiridh sin i gcéill dúinn nach bhfuil dá mhéd bhés neoch ós cionn cáich eile i n-eagna, i bhfios, ná i bhfoghluim, nach móide is cóir dá umhlacht agus dá uirísleacht Chríosdeamhuil fás: Quanto doctior, tanto te geras submissius.
FAISNÉIS ATHGHEARR AR GHEINEAMHUIN AIMSIORDHA, AR CHOIMPREADH AGUS AR GHNÍOMHARTHA AN TSLÁNAIGHTHEÓRA ÍOSA CRÍOSD DO RÉIR MUR CHUIRIOS AN CEATHRAR SÁR-NAOMHTHA SUIBHISGÉL SÍOS. AR TTÚS TEISD LÚCÁIS ISAN CCÉD-CHAIBIDIL DÁ SHOISGÉL TEACHTAIREACHT AN AINGIL Ar mbeith do gach tarrngoire agus do gach fáisdine dár chuir Dia ann gach aimsir i mbél na bhfádh arna gcoimhlíonadh, agus ar mbeith do láthair an aimsir ann ar cheap sé ó thús a ghrásaibh do dhórtadh agus do roinn go fairsing ar an gcineadh daonna leis an Slánaightheóir do chur dá bhfuasgladh ó dhaoirse agus ó ghér-sglábhaighacht an aidhbhirseóra, iar mbeith dháibh isan daoirse sin ar feadh cheithre mhíle bliadhain do réir an áirimh choitchinn, is annsin do chuir Dia an t-aingeal Gabriel i tteachtairacht d'ionnsaighe Shachariais isan am a raibh, do réir a sheala, ag losgadh túise agus ag dénamh iodhbartha do láthair altóra an Tiagharna isan teampoll, dá innsin dó go mbéuradh Elizabeth mac dhó, ar a mbeith Eóin
mur ainm, do chuirfeadh gáirdiochus agus lúthgháire adhbhal-mhór ar Israél go hiomlán. I gcionn shé mí dá éis sin do chuir Dia an t-aingeal cédna le teachtaireacht dochum na hóighe Muire go cathair Nasareth, áit a raibh a gnáth-chomhnuidhe; agus dobhí sí an tan sin pósda ag óigh naomhtha fós dárbh ainm Ióseph. Agus is uime ba toil le Dia an dá naomh-óigh sin do phósadh ré-roile, ionnus ar ttús go mbeith Ióseph 'na fhear faire le feasdal, le fritheóladh agus le sólás do thabhairt i ttír agus i gcoigcrích, i gcomhnuidhe agus i ndeóradhacht do Mhuire, an óigh fhíor-ghlan. Adeir S. Augustín gur cheangail an lánamhain naomhtha sin connradh agus coinghioll eatorra féin gan a n-óghacht do thruailliughadh, agus tar cheann nach raibh siompla rompa air sin, do choimhlíonadar an connradh sin do ghnáth. Gidh eadh, do chuir Dia rath ar an bpósadh cédna sin leis an ngein ba naomhtha darbh fhéidir a theacht ar an talamh, agus is uime sin dotháinicc an t-aingeal d'ionnsaighe Mhuire ar mbeith 'na haonar dhí, agus do bheannaigh sé dhí ag rádh: “Dia do bheatha, a Mhuire, tá lán dona grásaibh.” Agus gé gurbh fhíor aithiosg an aingil, do bhrígh go raibh Muire ó aimsir a geineamhna lán dona grásaibh agus go raibh siad fós ag fás rena haois, do chuir adhmholadh an aingil buaidhreadh ar an
láthair uirre, d'eagla gurbh é aingiol an dorchadais do bheith i riocht aingil na soillse do labhair. Agus leis sin d'éisd sí ar feadh sealaid gan freagra do thabhairt uaithe, dá chur i gcéill nach cóir dona fíréin a bheith tobann, acht gach ní do dhénamh le stuidér agus le breatheamhnus. Annsin dothug an t-aingeal sólás dí ag rádh: “Ná bíodh buaidhreadh ort, a Mhuire,” ar sé, “óir dothug Dia taithneamh dhuit.” Agus annsin d'innis a theachtaireacht dí. D'éisd sise go suaimhneach ris, agus ar gclos dí go mbeith mac aice dá ngoirfídh Íosa, do bheith 'na dhuine oirdheirc, do shuidhfeadh i gcathaoir ríoghdha Dhábhídh, agus nach beith críoch ar a fhlaithios, d'fhiafraidh sí don aingiol créd an modh arbh fhéidir sin do choimhlíonadh do bhrígh nachar choimisg sí re fear ariamh. Adubhairt an t-aingiol nach le congnamh ná le comhoibriughadh fir ar bith do geinfídh an mac ro-oirdheirc do gheall dí, acht le hoibriughadh an Spioraid Naoimh, gan caill a hóghachta roimhe ná 'na dhiaidh. Agus d'innis an t-aingiol cédna dhí, le hoibriughadh uile-chumhachtach Dé, go raibh a siúr Elizabeth, dobhí aosda an tan sin agus fós do bhí aimrit, le sé mhí roimhe sin torrach ar ghein amhra dá ngoirfidh Eóin, do bheith 'na ádhbhar lúthghára ag Israél. An uair do-chualaidh Muire na briathra sin agus fuair dearbhadh ar na mór-thiodhlaice dothug
Dia go míorbhuileach dhí, do thaisbéin a húmhlacht ar an láthair, ag rádh: Ecce ancilla Domini, fiat voluntas tua, “mise h'innilt féin, a Thiaghearna, déntar do thoil.” Leis sin do-chuaidh an t-aingeal ar a ais, agus d'fhág Muire lán do gach subháilce, agus dobhí a humhlacht comh foirfe agus sin nár árdaigh méd na ttiodhlaice sin uaill ná árd-aigne innte, agus gidh gur geineadh i n-alt na huaire sin mac Dé ann a broinn, níor iarr agus ní bhfuair barr saidhbhris shaoghalta lena linn. Ní hiongnadh meabhair na haimsire so ann a ttáinicc an Slánaightheóir a' fuasgladh an chinne daonna bheith dhá ónóradh i n-Eaglais Chríosd go bráth. Arna thuigsin don Mhaighdin ghlóirmhuir nach bhfuil dream dár córa a bheith uirísiol umhal do láthair Dé agus daoine ná don druing is mó agus is líonmhuire ar a ndóirtionn Dia a thiodhlaice móra agus a ghrásaibh, ní luaithe do geineadh a mac glórmhur le hoibriughadh an Spioraid Naoimh ann a broinn ná do chinn ar ghníomh uirísiol umhal do dhénamh. Óir tar ceann go bhfuair mur onóir agus mur chathréim ós mnáibh an domhuin a bheith 'na máthair ag aen-mhac Dé, níor chomhnuidh sí go ndeachaidh ar eachtra dhoiligh dhoghraingidh tré mhullaighibh na n-árd-shliabh dobhí ann a bealach, nó go ndeachaidh ar cuairt chum a seathra gaoil .i. Elizabeth, bean phósda Sachariais, le
comhgháirdiochas agus comhlúthgháire do dhénamh ria um an toirrchis mhíorbhúiligh dobhí aice iar mbeith aimrit críon-aosda dhí, ní chuirios i gcéill dúinn gurab í an umhlacht, ag coimhlíonadh na bhfáistineadh do thrácht air féin ó thús na n-aimsior, céd-léighionn do theaguisg tug Críosd dá mháthair. Agus an tan nár fhuiling a humhlacht agus a huirísliocht dí an onóir mhór dofuair sí féin ó Dhia do chur i gcéill, agus an tan nach raibh ar a haire acht í féin d'umhlughadh agus d'urísliughadh, d'oibrigh Íosa Críosd dobhí ann a broinn comh neartmhur agus sin ar tteacht do láthair Elizabeth dí, gur chuir Eóin Baiste dobhí ann a broinn i gcéill gur chóir onóir agus adhradh do thabhairt dó, óir ar tteacht i láthair don mhaighdin dothug léim lúthghára agus tug comhartha umhlachta i mbroinn a mháthar dó, lér thuig sí go raibh an tairngeartach do láthair aice, agus leis sin do hoirneadh 'na réimh-theachtuire é. Is annsin do thionnsgain Elizabeth méd na ttiodhlaice dofuair sí féin ó Dhia do mhaoidheadh agus do mhór-altughadh, .i. máthair an tSlánaightheóra do thabhairt a mic ann a broinn ar cuairt chuigthe. Níor mhúsgail an méid sin uaill ar bith isin maighdin, óir do thuig nach uaithe féin dotháinicc na tiodhlaicibh móra dofuair, acht ó Dhia, agus gur tré shruth na húmhlachta dotháinicc
chuigthe. Níorbh áil léidh sgaradh risan tsubháilce dhaor-luaidh sin, acht a beith ag fás do shíor innte, agus do chan ar an láthair sin an chaintic is ádhbhar sóláis do gach umhal agus is adhbhar uathbháis do gach uaibhreach: Magnificát, etc. Iar mbeith don Mhaighdin mur sin 'na máthair ag Eóin Baiste, dar leat, nísa mhó ná mur do bhí sí 'na dhiaidh sin ag Eóin suibhisgél (óir do bheannaigh a mac agus í féin i mbroinn a mháthar é, agus do geineadh leó go spioradálta ann é), do chomhnuidh sí trí mhí ann a fhochair i gcaidreadh Elizabeth, ionnus go mbeith Íosa ag síor-dhórtadh a ghrás ar an mac sin, ní do thaisbéin naomhthacht a bheatha 'na dhiaidh sin ar an bhfásach, áit ann a ttug adhradh agus onóir go puiblidhe d' Íosa Críost, ní lér thosaigh go príbháideach i mbroinn a mháthar. Tar éis na ttrí mí sin do chaitheamh, agus ar mbeith d'aimsir coimpeirte a mic ag Elizabeth do láthair, do cheileabhair Muire dhí, agus do bhrígh nár fhan leis an sólás mór dobhí ag triall do láthair, cuiridh i gcéill nach dearnaidh sí ní ar bith ann a beatha acht do réir mur ghluaiseadh an Spiorad Naomh í, agus cuiridh fós i gcéill dúinne nach cóir dhúinn moladh saoghalta d'iarraidh ná glóir dhíomhaoin do dhénamh dár ngníomhartha carthannacha, dá mhéd subháilce dá mbeith ionnta, acht teitheadh roimh mholadh díomhaoin an tsaoghail.
AN SLÁNAIGHTHEOIR ÍOSA CRÍOSD ARNA CHOIMPREADH Iar tteacht ar a hais don Mhaighdin Muire as tigh a seathra Elizabéth chum a tighe fein, ní fada bhí socair an uair dofuair dearbhadh nách gnáthach aoibhnios gan anshógh, ná sólás gan dólás do theacht go grod 'na ndiaidh; óir ar mbeith dhá toirrcheas ag árdughadh, tar cheann go raibh meas mór ag Ióseph ar a cneasdacht agus ar a hionnracus, do chinn ar a dhul a n-amhrus nach go cneasda dofuair sí an toirrchios sin dofuair sí ón Spiorad Naomh. Gidh eadh, níor chuir sin ar an Maighdin gan rún do chongbháil ar gach rúndiamhair dár nocht an t-aingeal dí, óir do thuig gur thaithneamhach le Dia an rún sin do chongbháil dí, agus dá bhrígh sin dob fhearr léidh meas adhaltrannais do bheith agá fear uirre ná gan toil Dé do choimhlíonadh. Gidh eadh, mur dobhí Ióseph 'na dhuine cheart fhírénta, níorbh áil leis an choir sin do chur ós áird uirre, siompla maith chuirios i gcéill nach coír dhúinn lochtaigh na druinge ar ar cóir dhúinn meas agus grádh do bheith aguinn do chraobhsgaoileadh. Do thionsgain imtheacht go folaightheach
uaithe ionnus go gcuirfeadh i gcéill go háirighthe go raibh fuath ar an gcoir aige, agus gur mór do ghoill air neoch ar a raibh a ghrádh go hiomlán a bheith corthach i bpeacadh ghráineamhuil, mur do shíl. Acht ar mbeith ullmhaigh chum imtheachta dhó, do choisg Dia é, agus do chuir aingiol isan oidhche chédna chuige do nocht secréid an toirchis dhiadha sin dó, agus dubhairt leis bheith cúramach ann a mhnaoi agus anmhain 'na fochair, agus an uair dothiucfadh an mac diadha dobhí ann a broinn gheanmnaigh ar an tsaoghal Íosa do thabhairt mur ainm air. Dothug na briathra sin misneach mhór do Ióseph, agus do chuiriodar fós i gcéill dó nach cóir choidhche breitheamhnus tobann mí-fhábhrach do thabhairt ar phearsainn chráibhthigh iriosioch 'na dhiaidh go bráth. Agus do bhrígh gur chreid Ióseph go luath gach a ndubhairt an t-aingeal leis, do thuill athair Íosa do ghairm dhe, mur do thuill Muire lena mór-chreidiomh bheith 'na máthair aige. Ar mbeith i láthair d'aimsir coimpeartha na Maighdiona, ionnus go rachadh óna háit féin, .i. ó Nazareth, gusan áit ar tharrngoir na fáidhibh Íosa do bhreith, .i. Bethleim Iúdais, d'fhulaing Dia forfhógra do theacht ón impear César (dothigeadh gacha bliadhain an uair sin) le cinn gacha muintire d'áiriomh is gach ceann-chathair dá
raibh isna críochaibh dobhí fóna smacht, agus chum cíosa do dhíol leis do réir acfuinge gach aoin acu (lé sásaigheadh a uabhar agus a shaint i n-aoinfheacht, agus lé gcuireadh an domhan, dar leat, ar gluasacht i n-aoinfheacht, ag tuar do réir thola Dé an ghein mhór bhí le teacht), lér gluaiseadh Ióseph agus Muire chum dul go hIerusalem ba ceann-bhaile dúchuis dáibh. Agus gidh go raibh Muire i ndeireadh a haimsire, go raibh an aimsir cruaidh, agus an bealach fada, níor ghabh leisge í gan forfhógra an impir thalmhuidhe do fhreagra, do bhrígh gurbh fheas dí gur thoil le Dia umhlacht do thaisbénadh do gach uachtarán, acht do ghluais sí mar aon le Ióseph; agus ar tteacht go cathair Bhethleim dáibh, agus iad gan amhrus tuirseach, ní bhfuaradar aoidhacht ná lóisdín i n-aon-teach aoidhe ann le méd na trom-dháimhe dobhí rompa is gach teach, gurbh éigion dháibh comhnuidhe na hoidhche sin do dhénamh i stábla. Mur búdh mian le Críosd siompla úmhlacht agus uirísleacht do thaisbénadh leis an gcéd-amharc dothug sé do chách ar an tsaoghal air féin, agus mur do tharcuisnigh sé sógh agus an mhórdháil shaoghalta, do thogh an áit tharcuisneach sin lena choimpreadh. Do thuig Muire ann a hinntinn gurab uime d'fhuiling Dia dhí gach diúltadh agus gach tarcuisne dá bhfuair sí i mBeithleim, agus a mac do thabhairt
chum an tsaoghail isan stábla, chum go gceilfeadh ar dhaoine agus ar dheamhain coimpreadh na geine diadha sin. Adeir na haithreacha naomhtha gur mó do thuill mac Dé grádh, úmhlacht agus adhradh uainn trésan tarcuisne d'fhulaing annso ar ar son ná tré chruthughadh iongantach an domhuin. Ar mbeith don domhan arna bheannughadh le teacht an tSlánaightheóra ann, do chuir i gcéill leis andream dá ttug an céd-thaisbénadh air féin gur mhian leis an rúndiamhair mhór so d'fholach ar lucht caithréime, ceannuis, cumhachta, agus aos foghlamtha na haimsire sin. Óir isan oidhche chédna dobhí aodhairaigh a' cumhdach a ttréuda ar na cnuic i bhfogus don áit (amhuil mur deir S. Grighóir búdh cóir do phastúirigh na n-anmann bheith a' faire d'oidhche agus do ló), agus táinicc aingeal Dé maille le soillse mhór go tobann 'na thimchioll, do chuir an solus mór dotháinicc ar an tsaoghal an tan sin i gcéill. d'innis dáibh go ttáinicc re sgéla chugthu do chuirfeadh lúthgháire ar an domhan, .i. an tairngeartach, mac Dhé, dhobhí dá ghealladh leis na fáidhibh ó thús na n-aimsior, do bheith an uair sin arna thuismeadh; agus mur dhearbhadh air sin adubhairt riú dul gan mhaill go Bethelem isan áit ar gheall Dia i mbél na bhfádh a choimpreadh, agus go bhfaiceadhdís naoighean ceangailtigh i mbréidibh beaga ann, agus gurbh é an Meisias lé raibh súil agus dóchus Israél go
huilidh é. Leis sin do-chuaidh aingiol na teachtuiracht imeasg shluaigh mhóir d'ainglibh eile, agus do chanadar caintain mholta agus lúthghára, ag rádh: Gloria in excelsis Deo, etc. An uair do chuir na haodhairigh a n-uathbhás díobh (óir do ghlacadar uathbhás ar ttús le glór an aingil), do ghluaisiodar go Bethléim chum na n-iongantuis sin d'fhaicsin, agus do-rinneadar deithnios, dá chur i gcéill nach go spadánta budh chóir do chách Críosd d'iarraidh. Dofuaradar Muire agus Ióseph ann, agus an leanbh, do réir mur dubhairt an t-aingeal riú, isan mainnsér, agus ní thug an glés uirísiol sin orra gan iongantus mór do ghlacadh, agus do líonadar fós le hiongantus an mhéid dár innsiodar é. d'éisd an Mhaighdion ghlórmhur leis na haodhairigh go fonnmhur, agus tar cheann nach raibh ionnta acht daoine simplidhe neamhfhoghlamtha, ní thug uaill uirre gan gach ní dhá ndubhradar do thaisge ann a hinntinn. Ní mur sin do dhaoine uaibhreach an-bharúmhlach na haimsire so, lé nach áill teagusg do ghlacadh ó aodhairigh foghlamtha a n-anmann; agus do budh chóir do mhaighdiona an domhain aithris do dhénamh ar Mhuire, mur do tharcuisnigh sí an saoghal agus a phoimp, agus mur do-rinne áirc thaisge dhá croidhe agus dá hinntinn le ionnmhus mór do bhriathraibh do chumhdach do ghnáth ionnta.
TIOMCHIOLL-GHEARRADH AN TSLÁNAIGHTHEÓRA mur tá ag Lúcás isan dara caibidil. I gceann ocht lá iar gcoimpreadh Íosa do chinn Ióseph agus Muire timchioll-ghearradh do réir an dlighe do dhénamh air, ní chuirios an tsimplídhacht naomhtha Chríosdeamhuil i gcuimhne dhúinn, bhrosdaighios na fíréin chum dlighe Dé do choimhlíonadh gan dócamhal ar bith; óir tar cheann go raibh sár-fhios acu nach raibh coir ar bith shinnsir ar an leanbh so dar leighios an timchioll-ghearradh, níor fhuirigh siad le aithne nua d'fhaghail ó Dhia, acht d'umhlaighdar don dlighe dothug Dia dona Iudaighibh go coitcheann, agus dobhí ar úsáid mur sin acú: ní chuirios i gcéill dúinne nach cóir dhúinn a bheith ag iarraidh leithsgéil, acht an dlighe do choimhlíonadh do réir mur gheibhmíd romhainn. Agus gé go raibh an timchioll-ghearradh neimhneach goimheamhuil agus go bhfaghadh cuid dona leinbh bás dá ghoimh, ba thoil le Críosd a fhulang, ionnus, iar ngabháil colann daonna dhó, go nglacadh fós comhartha an pheacaidh darbha leighios é, óir ba toil leis an neamh-chiontach é féin mur chiontach do thaisbénadh, do bhrígh gur ghlac peacaidhe an domhuin air féin, agus fós ionnus go ttiobhra siompla dona fírén gan a bheith ag iarraidh a bhfíréntacht do thaisbénadh acht a folach; go háirighthe ní cóir do pheacach a bheith a' cur a neamh-chionta i
gcéill. Acht ní raibh Críosd ar feadh a bheatha ar an tsaoghal so acht ag iarraidh slighthe le é féin d'uirísliughadh do láthair Dé agus daoine, ag fulang masla agus mí-mhodh go lúthgháireach. Agus is annso do thosaigh Dia leis an ní do ghnáthaigh Críosd ar feadh a bheatha a thabhairt i ttír, .i. coimeasg pian agus sóláis, coimeasg sóláis agus dóláis, agus tar éis é féin d'uirísliughadh agus péine an timchill-ghearradh d'fhulang dothug an t-Athair Síorruidhe mur shólás dó Íosa do thabhairt mur ainm dhó - ainm adhrus agus dá bhfeacann áitigheóraigh nimhe, na talmhan, agus ifrinn féin, a nglúine, agus gach teangaidh ionnta agus eatorra sin ag adbháil gurab é Íosa an Tiaghearna. Tá an t-ainm so dhá adhradh agus dá adhmholadh isan Eaglais ón am ar thosaigh sí, agus na haithre ón nglún go a chéile a' múnadh dhá gcloinn a ndóchus do chur ann, agus ag innsin dáibh gibé ghuidhfios é le creideamh láidir, le dóchus, agus le grádh, go sláineóchar é; agus is móide is córaide dhúinn an t-ainm diadha so d'ónórughadh, do bhrígh nach le foiréigion d'iarr ná fuair sé dhó féin é - non rapinam arbitratus est, etc. - acht gurab ainm agus onóir dothug a Athair go fonnmhur dhó. Uime sin adhramaoid é agus taisbénamaoid ar gcneadha dhó, do bhrígh gur slánaightheóir é, agus gur shaothraigh sé go cruaidh lena bheatha agus lena bhás a bheith mur sin.
NA RÍGHTHE ÓN ÁIRD THOIR AR TTEACHT AG ADHRADH CHRÍOSD AGUS LE TOBHARTUIS CHUIGE. Iar mbeith do Chríosd arna thuismeadh i gcrích na Iudaigheach do chuir i gcéill go grod nach do mhuintir na tíre sin amháin dorugadh é acht, do réir mur gheall na fáidhibh, gur dhóirt a ghrása go fairsing ar na Geintíligh féin, dobhí go n-uige sin ag adhradh íodhal, deamhan, agus déa bréige; óir ar tteacht ar an tsaoghal dó do chuir sé raelta lonnrach le teachtaireacht chum trí ríghthe don áird thoir, dothug taisbénadh dháibh, leis an lonnradh dobhí go foirimiollach ann, ar na grásaibh dobhí go hinmheadhónach le fághail acu le teacht an tairngeartaigh. An uair chonnairc na ríghthe an raelta sin isan áird thoir don domhan d'aithnighdar gurab é rígh na Iudaigheach dobhí arna choimpreadh. Do ghluaiseadar maille le tabhartais go crích na Iudea dochum adhradh agus onóra do thabhairt dó. Arna chlos sin d'Íruaidh, dofuair ríghe agus ceannus na críche sin go héigiontach égcneasda égórach roimhe sin, dobhí imnídh agus buaidhreadh mór air; agus gídh go mbíodh na Iudaighibh do ghnáth roimhe sin ag síor-iarraidh an Mheisias, adeir an téx gur chuir an sgél sin buaidhreadh ar mhuintir
Ierusalem féin. Do chuir Iruaidh iar sin cruinniughadh ar shagairt agus ar sheanóirigh críonna cian-fhoghlamtha na cathrach sin Ierusalem, agus d'fhiafraigh dhíobh créd an áit ar chóir do Íosa, do réir na bhfádh, a thuismeadh; agus gidh gurab olc an úasáid do-rinneadar don eólus dobhí acu, d'innsiodar dhó gur i mBeithléim dobérthaidh chum an tsaoghil é (et tu, Bethleem, terra Iuda, etc.), agus do cheiliodair air isan am cédna an t-ádhbhar fá ttiucfadh. (Agus dá n-innseadhdís sin do thuicfeadh Iruaidh, do réir an uile chosmhalacht, gurbha Dia é, agus is cosmhuil go gcuirfeadh sin toirmeasg air an tóraighacht dhíoghaltach do chuir air 'na dhiaidh sin lena bhásughadh.) An uair do-chualaidh Íruaidh sin, do-chuaidh d'ionnsaighe na ríghthe oirthearach, agus d'fhiafraigh faisnéis an raelta dhíobh; agus mur nárbh fheas dáibh-sion go raibh conntabhairt báis orra féin imeasg na ndaoine mailísioch sin lér mhian an Slánaightheóir do reic le Íruaidh, agus fós go raibh Dia, do ghluais óna ttír féin iad, dá gcaomhna, d'innsiodar an fhírinne go hiomlán dó. Annsin, ar gcur folaigh ar an inntinn mhailísigh dobhí aige lena marbhadh, d'iarr sé orra go saobh-chráibhtheach imtheacht ar a lorg nó go bhfaghdís amach é, agus annsin teacht le sgéla chuige féin, agus go rachadh le hadhradh agus le honóir dá láthair. Do ghluaisiodar iar sin, agus ar bhfágbháil na cathrach dháibh dotháinicc an raelta cédna
rompa, agus do threóraigh iad, go ttug chum an lóisdín bhoicht i raibh Íosa iad; agus gídh gur bhocht tarcuisneach an chóir dobhí air ann, ní luaithe do-chonncadar é ná do léigiodar iad féin síos le lár agus d'adhradar mur Dhia é, agus tugadar tobhartuis agus seóide rúndiamhracha dhó, .i. ór, mirrhe, agus túis. Iar sin dofuaradar rogha i n-aisliong ó Dhia bealach eile do ghlacadh le dul dá ttír féin agus gan dul ar a n-ais go Ierusalem, óir nach raibh fios mailíse Íruaidhe acu an uair do ghealladar dhó go rachadh ar a n-ais le sgéla cinnte chuige. Agus, ar nglacadh bealaigh eile dháibh do réir na haithne sin, do mhealladar an tiaránach brégach mailíseach agus an millteóir meabhlach Iruaidh. Adeir S. Aug. go gcuirionn an sólás grásamhuil so fuair na Geintíligh i gcéill an dorchadus damanta ann a raibh na Iudaighibh, óir go ttáinicc na ríghthe Geintíleacha sin as críochaibh imchíana ag adhradh Chríosd an tráth dobhí na Iudaighibh, a mhuintir féin, ar a lorg léna bhásughadh, ionnus gurbh éigion dó é féin d'fholach orra; agus is eagail liom anois go bhfuil sé dá fholach féin orruinne agus é dhá thaisbénadh féin do lucht críoch imchian eile. Adeir an t-athair naomhtha céadna gur imghidh an raelta úd iar ttaisbénadh an tSlánaightheóra, agus go ttáinicc solus an tsoigéil ann a ionad, agus gibé leanus é go dúthrachtach deagh-iriseach go ttiubhradh do láthair an tSlánaightheóra é isna
tíortha nach aithnighann é, agus iarna adhradh do-ghéubhaidh na grása, mur fuair na ríghthe réimhráite, bhérus sólás agus chaoimheónus ar namhuid é nó go ttéidh saor slán dá thír féin, .i. go neamh. GLANADH NÓ ANNAICTHE MHUIRE IAR CCOIMPREADH A MIC Do réir Lúcáis isan gcaib. chédna. I gceann cheathrachad lá tar éis coimpreadh a mic do Mhuire, tar ceann nach raibh riachtanus glanta uirre ar mbreith fhear glanta an domhuin dí, do chinn sí ar an dlighe do choimhlíonadh do réir mur atá Levit. cap. 12., óir níor iarr sí phriuiléid tar mhnáibh eile na críche, óir ba hé a mian do ghnáth í féin d'uirísliughadh. Agus do ghluais mar aon lena mac chum an teampaill, óir ba dlighe imeasg na Iudaigheach an chéd-ghein d'ofráil do Dhia agus a fhuasgladh iar sin le beathaidhigh éigin ghlana d'fhoráil ar a shon. Agus an feadh dobhí Muire ag ofráil a mic do bhí seision dá ofráil féin dá Athair, agus níor dheónaigh Dia an ofráil dhaor-luaidh sin do bheith arna dénamh go folaightheach, agus gan craobhsgaoile do dhénamh uirre ar an modh so síos: Dobhí an tan sin seanóir naomhtha i Ierusalem
darbh ainm Simeon dobhí 'na dhuine naomhtha, agus é, mur deir an soisgél, líonta don Spiorad Naomh, do bhíodh do ghnáth ag síor-ghuidhe Dé le gan an saoghal d'fhágbháil nó go bhfaiceadh le aon-amharc amháin sólásach Israél, .i. Íosa Chríosd; agus ar mbeith dhó arna ghluasacht le hoibriughadh an Spioraid Naoimh dotháinicc isan am cédna sin isteach isan teampall, agus ní luaithe do-chonnairc an leanbh Íosa ná d'aithin gurab é an Slánaightheóir dobhí ann, do réir mur do chuir an Spiorad Naomh i gcéill dó; agus an uair do chreid gurab é an Dia mór dobhí i bhfolach fó bhréidibh beaga naoigheine, do ling sé chuige, agus iarna thógbháil suas idir a lámhaibh do-rinne gairdeachus mór agus lúthgháire uime, agus do chan cainticc oirdheirc ag tabhairt buídheachuis do Dhia go bhfuair féin toradh a ghnáth-ghuidhe, do réir mur gheall Dia dhó, agus dubhairt go mbeith a bhás síthchánta ó fuair aon-amharc amháin ar Slánaightheóir an domhuin. Agus ar mbeith do Mhuire agus do Ióseph ag dénamh iongantuis mhóir do bhriathra an tseanóir naomhtha sin, agus é ag réimhinnsin dáibh gach ní dá ttiucfadh leis an aimsir ar mhac Dé, agus an dólás do bheith ar a mháthair, táinicc baintreabhach naomhtha ar an láthair chugtha do chuir chomaoin molta mar aon le Simeon ar an tSlánaightheóir. Agus tug fíréntacht a beatha sin ughdarrás dá briathraibh, óir iar mbeith seacht
mbliadhna pósdaigh dhí, do chaith sí an chuid eile, go ráinig 84 bhliadhain, dá saoghal le trosgadh agus le hurnaighthe, gan dul amach as an teampall ar feadh na haimsire sin dí. Agus muna mbeith sí ro-naomhtha, ba doiligh dhí, imeasg daoine comh mallaighthe agus comh mí-bhésach leis na Iudaighibh an tan sin, í féin d'iomchar i staid naomhtha. Cuiridh an ofráil so do-rinne Muire i gcéill gur cóir do gach athair agus do gach máthair a gclann d'ofráil go ro-mhinicc, agus go speisialta an chuid díobh is mó ar a mbíonn a ngrádh, óir níl grádh ceart ann acht so amháin. TEITHEADH CHRÍOSD GO HÉGIPT An uair do-chonnairc Irruaidh nach ttáinicc na ríghthe oirthearach do réir a ngeallamhna ar a n-ais le sgéla chuige, do mheas gur le tarcuisne air féin do-rinneadar an ní sin d'ordaigh Dia dháibh. Do ghlac fearg adhbhal-mhór é, agus an uair do-chualaidh míorbhuile an leinbh Íosa agus na neithe iongantach do thárla isan teampall ar mbeith arna ofráil dhó, do nocht sé go follusach gur mhian leis a bhásughadh, óir d'fholaigh sé a dhroch-inntinn go n-uige sin.
Is annsin do thionnsgain an rígh Iruaidh Íosa do bhásughadh, agus mur dob fhearr le Dia a thoisg tar éis a dhíthchill do dhénamh a beith díomhaoin, níor chuir toirmeasg ar an láthair air acht dothug fógra ann aisling do Ióseph an leanbh agus a mháthair do bhreith leis gan mhaill ar teitheadh don Égipt, óir go raibh Iruaidh ar tí a mharbhtha. Ní luaithe dofuair Ióseph an rogha sin ná d'éirigh i lár na hoidhche agus do thóig an leanbh, agus tar cheann go raibh an t-am sin antráthach, an tslighe fada cadránta agus go tír coimhigh, níor ghlac an Mhaighdion leisge acht do ghluais leis go fonnmhar, óir ní raibh ní ar bith ar a n-aire acht an leanbh do chaomhna ar an gconntabhairt mhóir ann a raibh, agus do chinn sí ar ghluasacht sul dotháinicc an t-aingeal risan teachtuireacht chédna cuighthe. d'fhuiling Dia dháibh imtheacht 'na ndíbhearthacha ar an eachtra anróiteach sin go tír coimhigh ionus go mbeith 'na léighionn ag fíréin an domhuin gach inghreim agus doghruing dá ttiocfadh orra d'fhulang go foighideach lúthgháireach ar son an tSlánaightheóra. Cuiridh i gcéill fós gur féidir dona fíréin iad féin do chaomhna agus d'fholach i ttír imchéin ar fhraoch agus ar dhíbhfeirg na ttiaránach ainchreidmheach. Ar mbeith do Chríosd ar a dhaingean isan Égipt mar aon le Muire agus le Ióseph, níor thoirmiosg Dia Iruaidh, acht d'fhuiling dhó a
mhailís ghráineamhuil agus a thiarántacht do chur i ngníomh, go ndearnaidh sé an gníomh is fuathmhuire agus is tiaránta dá ndearnaigh duine ar bith iriamh. Óir níor fhág leanabh fearrdha gan mharbhadh, ó aois a dhá mbliadhan síos go haois aen-lae amháin, dár fríth i mBeithleim, ná i n-aon-áit 'na ghar ar gach taobh don chathair sin, ionnus go marbhthadh sé an leanbh ar nach raibh aithne ná eólus aige. Sin mur do-chuaidh críonnacht agus gliocas díthchéillidh Íruaidh, do measadh ann a aimsir do bheith ar na prionnsaidhe ba críonna agus ba glioca dhá raibh ar dhruim thalmhan. Féch an eagla agus an t-uathbhás do chuir aen-leanabán bocht amháin air, gur chuir a neart agus a chumhachta uile i ngníomh lena chur do dhruim na slighe, gidh nár éirigh leis, ar eagla go mbainfeadh dhe an ríghacht dobhí go hégceart aige. Féch mur dhallus an saoghal daoine glioca críonna féin. Óir cá raibh díth chéille ba mó do chrétúir ná 'mheas go mb'éidir leis buaidh do bhreith ar a chruthaightheóir, agus go measfadh fós gur ag iarraidh ríghacht talmhuidhe do bhuain amach re héigion dó féin dothiucfadh Áird-rígh an domhan do-bheir ríghacht fhlaithis Dé do chách eile? Non eripuit mortalia qui regna dat coelestia. Is cosmhuil an dia-mharbhthach so leis an dream a scriosas Íosa Críosd agus a chreideamh as a
gcroidhthibh dochum measa agus onóra saoghalta do chongbháil dáibh féin imeasg na ndaoine. Gidh eadh, tugadís dá n-aire go ttiocfaidh díoghaltus go grod orra, agus go scriosfaidh Dia gan chogill iad, agus go mbéidh san am cédna ag fonómhad orra: Ego ridebo eos in interitu eorum. Cuiridh so fós i gcéill dúinn nach féidir le anchumhacht ná le mailís an domhuin, ná ifrinn féin, dochar do dhénamh i n-aghaidh tola Dé, agus go gcaomheónaigh gach aon is mian leis 'na aghaidh uile, agus gibé haon agá mbeith fios tola Dé aige dob fhéidir dhó a leanmhuin, agus dá ndénamh an namhuid urchóid dó is ar maith dorachadh dhó, mur do-chuaidh dona leinbh neamh-chiontach do mharbh Iruaidh, dofuair a nglórughadh go síorruidhe i bhflaitheamhnus. ÍOSA IMEASG NA NDOCTÚIRIGH Ní hiomlán dobhí Íosa bliadhain isan Égipt an uair do chuir Dia aingiol d'ionnsaighe Ióseph go hÉgipt ar iarraidh air teacht ar ais go crích na Iudea, agus go bhfuair Íruaidh bás. Do fhreagair Ióseph an teachtuireacht sin comh fonnmhur agus do choimhlíon an chéd-aithne lé ndeachaidh don
Égipt, agus thug sé Muire agus a mac leis go Nazareth, óir dothug eagla anmhiain Archelauis mhic Iruaidh air gan dul go Iudea. Agus do coimhlíonadh leis sin briathra na fáidhe do réimhinnis go ngoirfidh Nazarénach dhe. Ní thráchtann an soisgéul ar dhála ná ar ghníomhartha Chríosd ón am sin gusan aimsir ar bhaisd Eóin é, acht ar aen-ní amháin do-rinne sé i n-aois a dhá bhliadhan décc curthar síos annso. Mur do choimhlíonadh Muire go cinnte gach ponc don dlighe agus don chrábhadh dobhí i n-úsáid go coitcheann ann a haimsir, bá gnás dí uair san mbliadhain, mar aon le hÍosa agus le Ióseph, dul a' dénamh na Cásga Iudaigheach go Ierusalem, do réir mur do órdaigh dlighe Mhaoise. Ar mbeith d'Íosa i n-aois dhá bhliadhan décc, iar gcríochnughadh ocht lá na sollamhan, do ghluais Ióseph agus Muire ar a n-ais go Nazareth, agus d'fhan Íosa gan fhios dáibh 'na ndiaidh i Ierusalem; agus iar n-imtheacht ar feadh lae dháibh ní bhfuaradar Íosa 'na bhfochair. Do chuartaighdar gach áit 'na ttimchioll; d'fhiafraighdar dá gcáirde, dá ngaolta agus dá lucht aen-bhealaigh an bhfacadar é; agus ní bhfuaradar aon-fhocal dá fhaisnéis; agus ar mbeith i ndólás mhór dháibh do thuilliodar ar a n-ais go hIerusalem dá iarraidh ann. Agus ar ndul isan teampall dáibh fuaradar Íosa 'na shuidhe i lár idir dhoctúiribh an dlighe ag cur agus ag fuasgladh cruaidh-cheast agus dá míniughadh níos
foghlomtha ná aon-neach dhíobh, ionnus go raibh iongnadh mór acu ann. Dobhí iongnadh mór ag Muire ann a fhaicsin mur sin, agus dobhí lúthgháire mhór uirre mur thárla dhí é; agus an uair dobhídar dá éis sin i bhfochair a chéile do-rinne sí casaoid shéimhigh ar an imnígh agus ar an mbuaireadh do chuir a anmhain 'na ndiaidh uirre féin agus ar Ióseph, agus go rabhdar go dólásach dá iarraidh i mórán d'áitibh ar an tslighe. Do fhreagair Íosa agus adubhairt: “Créd fá raibh sibh dom iarraidh-se,” ar sé, “nach bhfuil 'fhios agaibh gurab éigion damh seirbhís m'Athar do fhreasdal is gach ionad ann a ngoirfidh orum?” Is maith chuirios an léighionn so i gcéill nár chóir don aos óg an creideadh ceart, ná slighe na subháilceadh, do thréigion ar chomhuirle athar, máthar, ná ar an domhan go hiomlán. Deir an soisgél go ndeachaidh sé leó gan mhaill go Nazareth, agus go raibh sé umhal is gach am dháibh. Is maith an siompla so do gach clann le bheith umhal dá n-aithreacha agus dá máithreacha, óir féch Críosd, dár umhlaigh na haingil agus an domhun go hiomlán, go raibh féin umhal dá athair agus dá mháthair. Múinigh dhúinn fós gíbé ar a mbeith do mhí-rath Críosd do chailleamhain, nó é do dhul ar seachrán uaidhe ar an tsaoghal so, nár chóir dhó comhnuidhe do dhénamh ná dul chum
suain ná socraidhacht, acht a bheith le duaigh agus le déra aithrighe dá iarraidh nó go bhfághadh aisiog air. CRÍOSD ARNA BHAISDEADH MATH. 3 Anno Christi 30 Ar mbeith do Chríosd tríochad bliadhain d'aois, nó do réir dhruinge eile tríochad agus dá bhliadhain, ba toil le Dia a thógbháil as an staid fholaightheach ann a raibh go n-uige sin, agus Eóin Baisde do tharruing as an bhfásach le teisd phuiblidh do thabhairt air, do bhrígh gurab é do thogh Dia chum bheith 'na réimh-theachtuire ag Íosa, gur ling go tobann as an bhfásach, áit i raibh comh naomhtha re haingiol, óir bá samhuil i naomhthacht, i neamh-chionta agus i ngloine re haingiol é. Dotháinicc go bruach srotha Órthannáin. Agus ar mbeith dhó ag teagasg aithrighe agus ag baisdeadh cháich ann do-chuaidh a cháil gan fhuireach ar feadh na críche go hiomlán; agus dobhí an uiriod sin do mheas ag cách ar naomhthacht a bheatha nár riachtanus dó míorbhuile do dhénamh chum go gcreidfidh é; agus do mheas cách go coitcheann gur ní éigin ba mó go mór ná duine dobhí ann,
agus cuid acu dhá rádh gurab é an Mesias dobhí ann; agus dá bhrígh sin do mheasadar gur mhó go mór é ná aon-fháidh dhá ttáinicc roimhe riamh; agus ar an ádhbhar sin dothigeadh lucht na críche go huile as gach áird 'na ndronga agus na mbuidhne gach am chuige; agus dobhíodh-san gan sgíth dá mbaisdeadh le huisge agus dá tteagasg, ag iarraidh orra slighe an tSlánaightheóra do réiteach, óir go raibh sé do láthair. Agus do-chuaidh Íosa i n-aoinfheacht le druing mhóir as Ierusalem dá ionnsaighe; agus is ádhbhar náire dhúinne méd na humhlacht do thaisbéin ann, óir a n-ionad é féin do thaisbénadh le húghdarrás agus go sollamanta, mur dob fhéidir dhó, do láthair a shearbhfoghantaigh féin agus a chrétúirigh eile dobhí i láthair, ní dhearnaigh sin, acht d'fholaigh é féin imeasg an choimhthionóil mhóir dobhí ann: níor chosmhuil linne, na bochtáin laga, é, bhíos ag iarraidh meadhónacha glioca le sinn féin do chur i gcéill agus d'ardúghadh ós cionn cháich eile; gidh eadh, ní mur sin do-rinne Críosd acht é féin d'ísliughadh. Acht d'árdaigh Dia é ar mhodh go ttug onóir dhó do láthair an chomhthionóil líonmhuir sin; óir an uair do-chonnairc Eóin é d'umhlaigh sé, agus an tan d'iarr sé air a bhaisdeadh adubhairt Eóin nárbh fhiú é féin sin do dhénamh. “Óir is duit-se,” ar sé, “budh cóir mise do bhaisdeadh.” Agus gídh gur chuir úathbhás ar gach aon dá
ttigidh chuige, agus do dhiúltadh doctúirigh oirdheirc' an dlighe do bhaisdeagh, d'umhlaigh sé ann a láthair do Chríosd, agus do admhaidh sé a chumhacht ós a chionn, ag rádh nárbh fhiú é féin an baisdeadh d'iarr air a dhénamh. Acht adubhairt Críosd leis gur riachtanus dó é féin d'umhlughadh agus an dlighe agus gach nós ceart do choimhlíonadh. Agus ní luaithe do baisdeadh é ná d'fhosgail na flaithis, agus leis sin do thurling an Spiorad Naomh i bhfighair choluim ar a cheann, agus cualus guth as neamh ag rádh: “Ag so mo mhac ro-ghrádhach ann a bhfuil mo shólás.” Iar sin d'imghidh Críosd as an láthair agus d'fholaigh é féin. Gidh eadh, níor sguir Eóin gan a bheith a' trácht air i n-éisdeacht na sluagh do bhí i láthair. Óir ní raibh ní ar bith ar a aire ba mó agus ba fonnmhuire do-níodh ná a bheith ag síor-chur i gcéill gurab é Íosa an Mesias, nó an tairngeartach, dobhí na fáidhibh a ghealladh ó thús, agus nach raibh ann féin acht neimh-ní dár chóir a dhul ar gcúl an tan do bheith buaidh agus biseach a' teacht gach am ar Íosa Críosd. Féch mur nach raibh aon iriamh, agus nach béidh, comh mór ná comh cumhachtach le Íosa Críosd, nach ttáinicc duine riamh is mó d'umhlaigh agus d'uirísligh é féin ná é. Do ghlac sé baisdeadh ba comhartha peacaidh, dá chur i gcéill nachar cóir dhúinne (tá dháríribh mur sin) bheith a' cur ar
neamhchionta agus ar bhfíréntacht i gcéill do chách eile, acht ar gcneadha do thaisbénadh dochum leighis d'fhagháil. ÍOSA AR AN BHFÁSACH Múinigh Críosd ar Slánaightheóir dúinn annso cionnus budh cóir do Chríosdaighe iarna bhaisdeadh é féin d'iomchar, agus é féin do chur i n-innioll cogaidh i n-aghaidh na gathaighe. Óir, go grod i ndiaidh Críosd do bheith arna bhaisdeadh, do ghlac airm iomchosanta a n-aghaidh chathaighe an diabhail, .i. trosgadh agus urnaighthe, óir do-chuaidh ar an bhfásach i n-uaignios, agus do throisg dá fhithchiod lá ann. Agus dotháinicc an t-aidhbhirseóir annsin ag cur caithighe air, do bhrígh gur shíl an spiorad uaibhreach sin nach deónfadh Dia bheith i bhfolach fó lúirigh peacaidh; agus iar ndénamh a dhíthchill le cathaighe folaigheacha go díomhaoin 'na aghaidh, do chinn sé fá dheóidh theacht go so-fhaicsiona chum an chomhluinn, agus tug ionnsaighe le gliocus mór, dar leis, ar an Slánaightheóir, amhuil mur dhénfadh duine simplídhe, ag rádh:
“Más tú mac Dé, abair leis na clocha sin a bheith 'na n-arán.” Dob áill le Críosd, ar gclos na mbriathar sin, a dhiadhacht d'fholach, mur dobhí an diabhal dá fholach féin. Ní thug imdheargadh dhó, acht ní do thabhairt as an Scriptúir 'na aghaidh, .i. nach é an t-arán amháin bheathaighios an duine acht gach focal dá ttig as bél Dé. Agus dothug léighionn leis so dona Críosdaighibh nach cóir dháibh eagla tarta ná ocruis do bheith orra an feadh bhéid dá mbeathughadh le briathra Dé, agus muna mbeathaighid iad féin leó sin go bhfuilid i gconntabhairt bháis. Níor choisg an t-áidhbhirseóir leis sin; agus mur do-chonnairc nach i n-uaignios an fhásaigh do bhí buaidh le fagháil aige, do-rinne ní bheith do-chreidthe muna mbeith gurab é an Scriptúir chuirios síos é, .i. a thabhairt suas ar mhullach an teampuill, agus adubhairt leis: “Más tú mac Dé, teilg thú féin síos le fána, óir,” ar sé (a' dénamh droch-úsáide do bhriathraibh an Scriptúir mur is gnáthach leis na heiritigidh 'dhénamh), “d'órdaigh Dia dhá ainglibh cúram do bheith acu ionnad agus do ghabháil ann a lámhaibh, ionnus nach goirteóchaidh do chos a n-aghaidh cloiche.” Do chosain an Slánaightheóir é féin ar an dara saighiod sin le áit don Scriptúir: non tentabis
Dominum Deum teum, .i. “ná teastaigh do Thiaghearna Dia.” Do ghread an freagra eagnaighthe so uabhar an anspiorad, agus do ghríosaidh sé fós a fhearg, agus d'fhéch sé slighe eile leis an treas saighiod do chaitheamh leis, óir ar ttréigion a bheith go hurrumach leis mur bhí roimhe, ag gairm mic Dé dhe, dob áil leis adhradh d'fhagháil uaidhe mur bhéuradh do Dhia, agus do thairg ríghachta an domhuin dó mur chomhaidh, iar ttaisbénadh a bpoimp agus a nglóir dhó. Níor thaisbéin an diabhal ariamh ón am ar pheacaidh Lucífer a dhánacht ná a dhalabacht mur do-rinne sé annso a n-aghaidh mhic Dé, óir tar cheann go ndearnaidh sé urchóid agus olc do mhórán dona naoimh mur do-rinne do Iób, ní fhaicmíd go bhfuair do dhánacht ann féin iarraidh ar aen-nduine acu riamh adhradh diadha do thabhairt dó. Acht dothug an Slánaightheóir freagra dána calma air, agus adubhairt ris: “Imghidh, a aidhbhirseóir, óir atá sé sgríobhtha gur don Dia fhíre is cóir seirbhís agus adhradh do dhénamh.” Leis an bhfreagra sin do theith an diabhal, agus táinicc aingil nimhe ag tabhairt sóláis d'Íosa. Dob ádhbhar mór sóláis dona naoimh anallód
an cathughadh so d'fhuiling an Slánaightheóir, óir adeiridís gur chóir an trosgadh agus an t-uaignios do ghrádhughadh ar aithris an tSlánaightheóra. PÓSADH NA CÁNA Iar mbreith buaidhe don tSlánaightheóir a n-aghaidh an aidhbhirseóra, do ghluais sé as an bhfásach, do bhrígh go ttáinicc an t-am le é féin d'fhoillsiughadh imeasg na ndaoine. Do-chuaidh sé gan mhaill go bruach srotha Órthannáin, isan áit i raibh Eóin Baiste. Arna fhaicsin d'Eóin, d'fhuagair do hárd dá dhiosciobail gurbh é sin uan Dé do thóig peacaidhe an domhuin. Dobhí dias do dhiosciobail Eóin, iar gclos na teisde dothug Eóin ar Íosa, Andrias duine dhíobh, do-chuadar d'ionnsaighe Íosa, agus d'fhiafraighdar dhe cá háit a raibh a chomhnuidhe. d'iarr seision orra teacht isteach isan árus a raibh. Agus ar ndul amach as sin d'Andrias do thárla a dhearbhbhráthair Símón dó, agus d'innis go lúthgháireach dhó go ttárla an Meisias leis, agus dothug go láthair Íosa é. Agus arna fhaicsin don tSlánaightheóir do réimhinnis dó go ngoirfidh Peadar dhe. Uaidhe sin amach dobhí uimhir na druinge
dothigeadh ag éisdeacht leis an tSlánaightheóir gach lá a' méudughadh, agus tar cheann nach dearnaidh míorbhuile follusacha ar bith isan am sin, do-chuaidh a chlú go fada agus go gearr. Acht ní cian go bhfuair sé uain le míorbhuile do dhénamh, mur so: Dobhí pósadh le dénamh ag Cána na Gaililea, áit i raibh Muire, agus dofuair Críosd cona dhisciobail cuire chum na bainnse. Agus ar mbeith seal ann sin dáibh do theasda fíon uatha. Do ghlac truaighe Muire do mhuintir an tighe, agus mur bhí fios cumhacht an tSlánaightheóra aice, do mheas sí gur leór dhí a innsin go raibh an easbhaidh ann agus go ttiubhradh cabhair uaidhe, do bhrígh go raibh sé lán do charthannus. Agus níor mealladh an dóchus dobhí aice, óir gidh go ttug Críosd, dar leat, freagra cruaidh dhí, do-rinne sé an ní d'iarr sí air. d'iarr sé soichidh móra dobhí ann do líonadh le huisge, agus iar ndénamh fíona don uisge go míorbhuileach dhí, d'iarr a tharruing agus a thabhairt don fhear feadhma le blas. An uair dofuair sé sin an fíon míorbhuileach a bheith go ro-mhaith agus níosa fearr go mór ná an fíon dobhí ó thús acu, do ghoir chuige an céile nua-phósda, agus adubhairt leis go ndearnaidh sé ní contrárdha don ghnás coitcheann, .i. an fíon ba measa agus ba táire do thabhairt uaidhe ar ttús, agus an fíon ba daor-luaidhe agus dob fhearr a thabhairt fá dheireadh uaidhe. Is
mur sin do thaisbéin Críosd a ghlóir agus a uile-chumhacht ar ttús, agus is ann do thionnsgain creideamh láidir na ndisciobal i nÍosa Críosd. Do ba mian le Críosd lena chéd-mhíorbhuile agus i ttús a theaguisg phuiblidhe a chur i gcéill gur le himpidh Mhuire do-bhéuradh na grása, ciallaighthear leis an bhfíon réimhráite, ar feadh réime na hEaguilse. Is mur sin, ré mbás i gcrann na croiche, dothug Eóin an t-apsdal dí, ní chuirios i gcéill dúinn gurab í máthair na gcreidmheach go hiomlán í. Ciallaigh an dá ghné fíona úd fíon an tsaoghail do-bheir an diabhal uaidhe, ar a bhfaghann na peacachuibh blas milis ar ttús, chuirios ar dhíth chéille le meisge iad, agus chuirios orra 'na dhiaidh sin codladh i suan mhillteach na bpeacadh, agus ní fhaghaid fios a sheirbhe ná a dhroch-bhlais acht an chuid díobh gheibh go trócuireach blas an dara fíona, lé ttuigthear grása an tSlánaightheóra, agus is annsin le spiorad na haithrighe theilgid amach deasga an droch-fhíona, .i. na dubháilcidh, agus fós éirghid as an suan marbhthach ann a rabhdar chum beatha na ngrás. COMHRÁDH NICODÉMUIS LE CRÍOSD Dobhí an chéd-mhíorbhuile sin do-rinne Críosd i gCána arna leanmhuin le mórán eile dá samhuil;
agus dá bhrígh sin do-chuaidh a chlú go fada; agus, imeasg cháich, do-chualaidh aon don dream ba hoirdheirce imeasg na Iudaighibh sin. Nicodémus ba hainm dhó. Ar mbeith dhó lán d'iongantus um gach ní dá gcualaidh ar Chríosd, do chinn ar a dhul i bpearsainn ag iarraidh dearbha ar na neithe do-chualaidh, óir níor leór leis a chlos ó chách eile, acht ba mian leis dul dá ionnsaighe féin agus labhairt. Acht do thuig ann a mheanmuin go raibh mórán náimhde aige, mur ba gnáth leis na fáidhibh naimhde díoghaltacha do bheith acu, agus uime sin do mheas gur le huaignios na hoidhche búdh cóir dhó dhul dá ionnsaighe. Agus ar ndul dá láthair dhó, adubhairt leis gur chreid sé go cinnte gurbha maighistir mór é do chuir Dia i tteachtuireacht uaidhe, agus nach raibh conntabhairt ar bith aige ar an bhfírinne sin tar éis a ndearnaidh sé do mhíorbhuilibh. Níor athraigh na hadhmholta sin an Slánaightheóir, agus tar cheann gurbha doctúir mór dlighe Nicodémus, níor ardaigh Críosd a stíl labhartha leis, acht tug freagra saor simplidhe ar gach ceisd dár chuir air. Agus imeasg gach ní dhá ndubhairt leis, d'innis sé go dearbhtha dhó gibé haon nach dénfaídh 'athbhreith nach beith cuid dá ríghacht aige. Níorbh fhéidir leis an bprionnsa Iudaigheach an ní sin do thuigsin, agus uime sin d'fhiafraigh sé do Chríosd cionnus dob fhéidir dho neoch dul i mbroinn a mháthar an dara feacht. Adubhairt
Críosd gurbh iongantach eision dobhí 'na dhoctúir mhór i nIsraél a bheith i n-ainbhfios na neithe sin. Agus do chuir an t-ainbhfios sin i gcéill do chách nach raibh eóluis aige, mur deir S. Aug., acht ar leitir mhairbh an dlighe. Acht do labhair Críosd leis ar éifeachta iongantacha an Spioraid Naoimh, óir tar cheann nach feas don neach cia as a ttig nó cá ttéid, go séidionn sé a ghrása is gach ionad. Do labhair sé mórán do neithe diamhra dá samhuil sin leis do chuir i gcéill don phrionnsa sin, leis an docamhal dobhí aige ann a thuigsin agus an chreideamhuin, gur riachtanus do gach aon lér mian a bheith 'na dhisciobal ag Críosd go scriosfadh Dia ainbhfios agus díchéill an résúin daonna uaidhe, óir níl acht ainbhfios ann má síntar leis an gcreidiomh é. 'Na dhiaidh sin do chuir i gcéill dó méd an ghráidh dobhí ag Dia dona daoine, mur chuir a aen-Mhac dá bhfuasgladh, agus d'innis dó fós nach raibh ádhbhar mí-ratha ag na daoine ba mó ná mur dobhídar ag diúltadh don fhírinne, do bhrígh go raibh sí contrárdha dhá ndroch-chlaonta agus dá ndroch-bhésa, agus gur chosmhuil dáibh a bheith i ngrádh lena n-ainbhfios agus lena n-ainmhiana féin nó go ttugaidh Dia súile nuadh dáibh lena ndorchadus agus lena n-ainmhian gráineamhuil d'fhaicsin le fuath agus gráin do bheith orra.
Iar sin do cheileabhair Nicodémus d'Íosa, agus gidh go raibh sé crith-eaglach ar ttús agus nár mhaith leis go bhfaicídh i bhfochair Chríosd é, dofuair sé do thairbhe an turuis sin gur ghlac dánacht naomhtha 'na dhiaidh, lé raibh sé ag cosaint Chríosd i láthair na comhuirle. d'admhuidh fós go puiblidhe gur aindlightheach égceart an breitheamhnus báis dotugadh ar dhuine comh ceart leis, agus adubhairt nach raibh agus nach beith lámh ar bith aige féin ann. Do cheannaigh sé fós olaidhe deagh-bholaidh le corp Críosd d'ongadh iar mbás. Cuiridh so i gcéill dúinn nach cóir droch-mheas do shíor a bheith ar dhaoine crith-eaglacha, óir iar mbeith dháibh arna tteagusg go ttigid chum misnigh agus cródhacht naomhtha go minic. AR AN MNAOI SHAMARITÁNAIGH Do tharruing na míorbhuile minioca do-níodh Críosd, agus an teisd oirdheirc dothug Eóin Baisde dhó, nísa mhó diosciobal air ná bhí ag Eóin féin.
Iar sin do chuir príosúntacht thobann Eóin d'fhiachaibh imtheacht ar Críosd i gcéin. Thárla príosúntacht Eóin mur so: Mur nach raibh seirbhís le dénamh ar an tsaoghal aige go prionnsapálta acht Críosd do thaisbénadh agus teisd do thabhairt air, iarna dhénamh sin dó ní cian gur ghoir an t-Athair Síorruidhe ón bhfásach air, agus gur órdaigh dhó dul go cúirt an rígh Iruaidh. Agus ar tteacht annsin dó dobhí lúthgháire ag an rígh uime, óir dobhí meas mór aige air, do bhrígh go gcualaidh cáil mhór ar a naomhthacht. Do chreid gur fáidh mhór dobhí ann, agus ar mbeith seal isan gcúirt dó níor laghduigh a ghrádh air trésan dánacht naomhtha lé ttug imdheargtha go minic dhó tréna adhaltrannus colamhail le mnaoi a dhearbhbhráthar Philip, dobhí beó an tráth sin. Gidh eadh, níor fhéd an t-aidhbhirseóir na subháilcidh agus na deagh-bhésa dob fhéidir don réimh-theachtuire so an tSlánaightheóra d'oibriughadh isan gcúirt mhallaighthe so (d'fhulang). Do mhúsgail mailís na méirdrígh mallaighthe, .i. Herodiades, an bhean chrosda dobhí ag Íruaidh, mur dubhrus cheana, 'na aghaidh, do chuir gan mhoill i bpríosún é, áit i raibh dá ullmhughadh chum mairtíracht ghlórmhuir d'fhulang. Do chinn Críosd isan am cédna teitheadh roimh na Pharisíneacha, dothug comhairle do Iruaidh
Eóin do chur i bpríosún; agus do ghluais as an Iudea; agus ar mbeith ag dul go Samaria dhó tárla bean Shamaritánach dhó, dothug sé chum creidigh, ní chuirios i gcéill gur minicc do-níthar seirbhís leis an dream bhíos ag teitheadh ó mhailís na ndaoine, agus gur le inghreim agus le persecution fhásas an Eagluis. Ar mbeith don mhnaoi Shamaritánaigh so, mur ba gnáth léidh, ag tarruing uisge dochum tobair, agus ar tteacht do láthair dhí, dofuair sí Críosd 'na shuidhe ag bruach an tobair; agus ar ttarruing an uisge dhí, d'iarr sé deoch uirre leis an tart do bhí air ó mhéd a thuirse. (Adeir cuid dona haithreacha gur mó bhí an tart so fáth-chiallach ná nádúrtha.) Do fhreagair an bhean é ag rádh gurbh iongnadh léidh Iudaigheach bheith ag iarraidh dighe ar mhnaoi as Samaria, do bhrígh go raibh an tír sin agus a daoine go hiomlán fuathmhur acu. Do fhreagair Críosd: “Dá mbeith fios thiodhlaice Dé agad, agus fios créd é atá ag iarraidh dighe ort,” ar sé, “d'iarrthá-sa deoch air agus do-bheireadh deoch dhuit d'uisge bheó nár shamhuil d'uisge na talmhan, nach ttoirmiosgann gan tart a bheith arís ar an dream eólus é; acht an t-uisge bheirim-se uaim,” ar sé, “bí 'na thobar uisge beó, bheir an té ghlacus é don bheatha shíorruidhe.” Dobhí an bhean ag tabhairt na mbriathar sin
dá haire, agus an uair d'innis sé dhí na neithe thárla dhí ann a beatha, do chreid sí gur fáidh dobhí ann, agus do chomhnuidh sí i gcomhrádh ris, agus do nocht sé secréid an nuadh-reachta go hiomlán, agus gur ó chroidhe, ó inntin, agus go fírinneach do bheith Dia dá adhradh ann gach áit. Arna chlos sin don mhnaoi adubhairt sí go ttiucfadh an Mesias. Do fhreagair Críosd agus adubhairt: “Mise féin atá ann,” ar sé. Iar sin do-chuaidh an bhean isteach isan gcathraigh, agus d'innis sí gach ní dhá gcualaidh. Leis sin do ghlac mian mór lucht na cathrach Críosd d'fhaicsin, agus tángadar 'na chuinne; agus do-chuaidh leó don bhaile, agus do chomhnuidh ar feadh dhá lá ann. Is iongantach leis na haithreacha naomhtha a luaithe do nocht Críosd secréid agus fáth-rúin an dlighe nuaidh don mhnaoi sin. Adubhairt nárbh é teampall Ierusalem ná sliabh Garisim, dá ngoireadh na Samaritánaigh an Sliabh Naomhtha, áitibh an chrábhaigh fhírinnigh, óir do chuir i gcéill dí nach i tteampall dénta do chlocha ná do chrainn dobheith árus nó áit chomhnuidhe phrinnsapálta Dé ann a Eagluis dhílis féin, acht gur i gcroidhthibh na bhfírén dobheith a phálás ríoghdha do ghnáth. As sin is iontuigthe nach leór dhúinn adhradh foirmiollach do thabhairt do Dhia isna teampaill chorpordha, ná fós an corp naomhtha do ghlacadh ionnta, acht gur riachtanus
dúinn a ghrása d'fhágháil le hadhradh fírinneach fíor-dhúthrachtach do thabhairt ann ar gcroidhthibh dhó. CLAOCHLÓDH NA STOIRME Math. 8 Anno Christi 30 Iar ngluasacht as Iudea do Chríosd, do bhrígh gur cuireadh Eóin Baisde i ngéibhionn innte, do-chuaidh sé go Galilea. Is annsin do thosaigh sé a bheith ag teagusg agus ag foillsiughadh an tsoisgéil go puiblidhe, agus a bheith ag iarraidh ar chách aithríghe do dhénamh do bhrígh go raibh ríghacht Dé i láthair acu. Do-chuaidh sé go Capharnaum a' tabhairt soillse do lucht an bhaile sin, dobhí báitigh i ndoirche ainbhfis; acht dobhí do mhéud a ngráidh ar na do-bhésaibh agus ar an do-cheannsacht nach sochar do-rinne dháibh acht gur mheasa iad 'na dhiaigh sin ná roimhe, tar cheann nárbh fhéidir leó gan tabhairt fó deara go raibh tromdhacht agus ughdarrás agá bhriathraibh nach bhfacadar ag aen-dhoctúir eile don dlighe iriamh roimhe.
Dobhíodh fós na míorbhúilibh do-níodh go laetheamhuil ag cruthughadh fírinne a sheanmóra agus a theaguisg. Óir do leighis sé le bréithir ar an láthair mac prionnsa i gCána dobhí a' fagháil bháis an uair sin; i gCapharnaum féin do dhíbir sé deamhan as óglaoch dobhí arna shealbughadh aige; agus iar ndénamh na míorbhuile sin isan tSinagóig dhó, do-chuaidh sé go tigh Pheadair naomhtha, dá ngoirthígh Símón, agus do leighis sé ar an láthair máthair mhná Pheadair ó fhiabhrus ro-mhór ann a raibh. Do bhrosdaigh an mhíorbhuile so, agus an ghairm dofuair ón iasgairacht, an prionnsa so na n-apsdal le Críosd do leanmhuin; agus dotháinicc as a umhlacht gur ghlac eagla agus uathbhás comh mór agus sin é, gur iarr air Íosa imtheacht uaidhe, iarna léigin féin síos ar a ghlúinibh dá láthair. Dob ádhbhar na míorbhúilibh sin le haos égcruaidh agus galair do theacht 'na ndrongaibh agus 'na mbuidhnibh as gach áird dá ionnsaighe go laethamhuil; agus dothigeadh fós do gach dream sochuidhe ro-líonmhur go fonnmhur ag éisdeacht lena theagusg, agus ag amharc go lúthgháireach ar na míorbhuile móra do-níodh 'na láthair. Agus chum go gcuirfeadh i gcéill i ndiaidh a chéile dá dhisciobail, nach bhfuair acht aoibhnios 'na fhochair go n-uige sin, nach sólás síorruidhe saoghalta dobhí sé 'shaothrúghadh dháibh, mur
is mian leis na daoine talmhuidhe saoghalta, uime sin do thosaigh sé annsin fighair bheag nó scáile na gcruas agus na n-éigion dobhí le fulang 'na dhiaidh sin acu do thaisbénadh dháibh mur so: Adubhairt leó dul i mbárc bheag ar chaolfhairge, agus ar mbeith annsin dáibh agus ar mbeith i suan dó-san, d'fhulaing sé stoirm mhór do theacht orra, agus an uair d'árdaigh an ghaoith agus dobhí na tonnaibh a' teacht go huathbhásach orra do éimhghiodar go hárd, agus arna bhfaicsin féin i gconntabhairt a mbáitigh do mhúsgladar an Slánaightheóir ag iarraidh tárthála air. Dothug-san imdheargadh dháibh tréna n-édochas, agus adubhairt riú nár chóir dháibh eagla do bheith orra an feadh do bheith féin 'na bhfochair, agus leis sin d'éiridh 'na sheasamh, agus do chuir smacht ar na gaotha agus ar na tonna, agus do shocraidh an fhairge gan mhaill, agus i n-ionad an uathbháis mhóir do bhí ar na hapsdail do líon iongantus mór íad ar bhfaicsin na ndúile neamh-mothaigheacha ag umlúghadh do bhréithir an tSlánaightheóra. Ciallaighidh an bárc so an Eagluis, mur deir S. Augustinus, bhíos dá bocadh ó thuinn go tuinn ar an tsaoghal so, áit a bhfuil Críosd féin do ghnáth dá stiúradh agus dá tabhairt chum cuain, d'aimhdheóin gach anfaidh agus gach stoirme dár thóig agus dá ttóigfídh mailís agus mí-rún págánach agus eiritigach le cumhachtaibh ifrinn 'na haghaidh. Agus is uime fhuilingios sé dháibh a bheith ag
imirt anchumhacht agus anfhorluinn uirre, ionnus nach ttiubhradh iomad sóigh ar na fírén é féin do léigion i ndearmad, le gan cuimhne ghnáthach do bheith acu gurab aige féin atá an tártháil le tabhairt ann gach éigion dáibh, agus sin le silleadh na súl, an uair is mó an t-éigion, an uair chuirid a ndóchus go hiomlán ann. Ní cian tar éis na gcumhacht dobhí ag Críosd ós na dúilibh do chur i gcéill dona hapsdail, gur chuir sé i gcéill dáibh fós (Math.9) na cumhachtaibh dobhí aige ós na deamhuin lena ndíbirt as a seilbh. Don mhéid deamhan do dhíbir Críosd as corpaibh daonna níl díobh sgél is forléithiodaigh chuirios an soisgél síos ná an mhíorbhuile do-rinne sé annso, lena chur i gcéill nach leór leis an diabhal an té ar a bhfaghann sealbh do chéusadh lena thiarántacht go hinmheadhónach, acht go stróicionn an corp féin go foirmiollach, agus fós le méd na huimhre deamhun bhíos i gcorp aen-pheacaidh amháin do thaisbhénadh. Dobhí duine an uair sin arna shealbhúghadh le deamhuin nár chomhnuidh le haimsir imchéin fó dhíon tighe ar bith, acht i ttombaidh nó i n-uamhaibh talmhan, agus é nocht, óir ní fhuilingeadh éudach ar bith air, agus dobhí i mire mhóir, agus é láidir, óir ní luaithe dobhíodh arna cheangal ná bhriseadh gach cuibhreach dá mbíodh air. Acht níorbh fhéidir a cheannsughadh, agus dobhíodh ag síor-screadaigh go huathbhásach as na huamhaibh
agus as na diamhraibh i mbíodh, i sléibhte agus i bhfásaighibh; dobhí a chorp gearrthaigh brúitigh ó chlochaibh agus ó chairrgiocha fó mbíodh dá shíorbhualadh féin. Acht, ní lamhadh fá dheóidh neach ar bith a dhul i ngar na háite do thaithigheadh sé. Gidh eadh, ar mbeith do Chríosd ag teacht d'ionnsaighe na háite sin, arna fhaicsin don deamhnaigheach do rith chuige, agus ar ndearmad a chuthaidh bhrúideamhuil dó, do shléucht sé ann a fhiadhnuis agus adubhairt do ghuth árd leis: “A Íosa, a Mhic an Dé ró-áird, créd fá ttáinicc tú dom chéusadh roimh an am cheart? Cuirim do gheasaibh ort gan buaidhreadh a chur orum.” D'iafraidh Críosd ann san de créd an t-ainm dobhí air, ní do bhrígh go raibh i n-ainbhfios air sin, mur deir na haithreacha naomhtha, acht le huathbhás do chur ar gach aon do-chluinfeadh nó do-chífeadh méd na huimhre deamhan dobhí i gcorp aon-duine amháin; óir, do fhreagair an deamhan é gur Légiún ba hainm dhó, dá chur i gcéill go raibh uimhir ro-mhór dhíobh ann, agus d'iarr air dá ndíbreadh sé as sin iad cead a thabhairt dáibh dul i ttréd mór muc dobhí ar an machaire ós a gcomhair; agus dothug an cead sin dáibh. Agus ní luaithe do-chuadar isna muca ná do ghluaisiodar iad mur bhí na diabhail dá ttiomáin, gur theilgiodar iad féin síos le haill mhara isan bhfairge, agus leis sin do slánaigheadh an duine. Agus tar cheann nach labhrann an dias soibhisgél, .i. Marcus agus Lucás,
acht ar an aon-duine so do bhrígh gur bhá duine ainmneamhuil é, dobhí dias ann díobh. Annsin dotháinicc lucht an bhaile fa coimhneasa dháibh ag amharc ar an míorbhuile mhóir sin, agus d'iarradar ar Íosa an tír sin d'fhágbháil, do bhrígh nár mheasadar gurbh fhiú iad féin a shamhuil do chomhnuidh 'na measg. d'iarr an té do saoradh ó na deamhain iar sin air cead do thabhairt dó féin a leanmhuin; agus níor dheónaigh Críosd sin, acht adubhairt leis dul dá thigh féin, ionnus go n-inneósadh ós áird na grása do-rinneadh air. Adeir na haithreacha naomhtha go gcuirionn an duine deamhnaigh so staid an chine dhaonna roimh an Slánaightheóir do theacht i gcéill dúinn. Óir dobhí siad ag éimhghe agus ag uaillfeartaigh fó chuing thiaránta na ndeamhan; dobhídar nocht gan éudach, mur do chailliodar brat na ngrás agus na neamhchionta; ní choimhníghdís i ttighthibh, mur nach smuaindís ar an droch-staid ann a rabhdar, agus fós nach raibh suaimhnios inntinne acu, do bhrígh go rabhdar dóirtigh do gach ghné pheacaigh; do chomhnaighdís i ttombaighibh, .i. isna hoibreacha marbha; do bhriseadhdís a ngéibhinn agus a gcuibhreach, .i. an dlighe agus na haithionta, óir níor choimhlíonadar dlighe Dé ná na nádúire. Ciallaigh na muca ann a ndeachaidh na diabhail na daoine bhíos dá n-onfairt i láib shalaigh na bpeacadh agus na n-ainmhian saoghalta, ruaigios na diabhail le haill ifrinn, agus is ionnta fós théid a' glacadh
árais, do bhrígh nach bhfaghaidh comhnuidhe ag na fíréin anois, tar éis gur ruaig Críosd as a ríghacht féin iad. MATHA ARNA GHAIRM CHUM APSDALDACHT AGUS PALRAISACH ARNA LEIGHIOS Math.9 Ar mbeith do Chríosd lena theagasg agus lena mhíorbhuile ag tarruing apsdal agus gach dream dhaonna eile 'na dhiaigh, do ling Matha ó bheith 'na phuiblicánach chum apsdaldacht, agus do lean sé Íosa Críosd an uair do-chonnairc; agus don uimhir daoine dobhí i gCapharnaum níor thogh sé chum na hapsdaldacht acht Matha amháin, iar bhfágbhail na coda eile dhíobh i ndorchadus agus i ndíchreideamh agus níos measa, mur adeir féin, ná lucht na Sodoime agus na Gomortha; agus do mhúch sé isan disciobal naomhtha so an t-saint shaoghalta, ní nach gnáthach a dhénamh gan míorbhuile isan dream bhíos ag láimhsiughadh an chíosa phuiblidhe, mur bhí Matha go n-uige sin; agus dothug mur thiodhlaice ar an láthair dhó gur lean sé go lúthgháireach duine bocht dobhí arna dhíbirt agus arna tharcuisniughadh ag na prionnsaidhe saoghalta. Ní raibh aon dona hapsdail is mó thaisbéin lúthgháire tréna ghairm ná é, le fleadh mór do-rinne
sé don tSlánaightheóir, chuirios i gcéill nach bhfuil adhbhar lúthgháire ar bith is mó ná teacht ó dhroch-staid le haithrigh cheart go staid na ngrás. Dothug sé mórán puiblicánach eile chum an fhéusda sin, amhuil agus budh (áil) leis an grása dofuair sé féin do roinn leis na compánaigh do bhí i ndroch-stait aige. Adubhairt na Phairisínigh bél-chráibhtheach eatorra féin gurbhá scannalach an ní do Íosa bheith ag ithe bídh i bhfochair na bpeacach dobhí fuathmhur gráineamhuil ag na Iudaighibh. Gidh eadh, do thacht Críosd sin a mbrághaid, ag rádh gurbhá liaigh é féin dotháinicc chum lucht galair, .i. an dream do admhaigh a ngalair, do leighios, agus nach chum na dreime do chuireadh i gcéill go rabhdar féin saor ó ghalair dotháinicc. Is i gCapharnaum fós do-rinne sé an leighios ainmneamhuil so: .i. ar mbeith don lóisdín ann a raibh sé comh líonta sin le daoine nárbh fhéidir d'aon-neach dá raibh amuich teacht isteach tríthfa, is uime sin do-chuaidh dream d'iomchair palraiseach, tháinicc ag iarraidh leighis ar an Slánaightheóir, ar mhullach an tighe, agus, iar nochtadh dháibh ós a chionn, léigidar an palraiseach síos ar an urlár ann a fhiadhnuis. Do thaithnigh a gcreidiomh go mór le hÍosa, agus adubhairt leis an othar dóchus maith do bheith aige agus go bhfuair sé maitheamhnus a pheacadh. Arna chlos sin
dona Scríobaigh agus dona Phairisínigh, do mheasadar gurbha dia-aithis do-rinne sé, ag rádh ann a n-inntinn nach raibh ann acht an t-aon-Dia amháin lérbh fhéidir peacaidh do mhaitheamh. Gidh eadh, do chruthaigh Íosa fírinne an leighis innmheadhónaigh sin na bpeacaidhibh, agus fós gurbhá Dia é, leis an leighios foirmiollach corpardha do-rinne ann a láthair ar an bpalraiseach. Dobhí iongnadh mhór ag cách isan dá éifeacht mhóra sin dotháinicc ó chumhacht an tSlánaightheóra, agus tugadar buidheachus do Dhia tré mur dothug na cumhachta móra sin dona daoine. Ní mó, dar liom, an t-ádhbhar buidheachuis do bhí acu sin ná tá anois ag na Críosdaighibh go coitcheann, má dhearcann siad go grinn ar na cumhachtaibh lé sgaoileann an Eagluis cuibhreachaibh na bpeacadh; óir, mur fuair Críosd cumhacht ón Athair Síorruidhe a bheith 'na bhreitheamh ar an domhan, is mur sin dothug seision an cumhacht cédna do dhaoine do thogh sé le bheith 'na mbreitheamhain le sgaoile agus le ceangal ar an talamh, dá ttug cathaoir bhreitheamhnuis i bhflaithios isan am cédna a mbíd ar an talamh ag mionastrálacht na gcumhacht nach ttug sé iriamh dona haingil féin. Óir, mur tá Críosd 'na liaigh ar na hanamaibh daonna agus 'na bhreitheamh, is mur sin atá na sagairt ar an talamh; agus dá bhrígh sin, mur deir na haithreacha
naomhtha, is cóir dháibh úsáid do dhénamh dona cumhachtaibh móra sin do réir mur ordaighios Críosd ar Slánaightheóir dháibh, ós uaidhe fuaradar iad: sicut misit me Pater et ego mitto vos; uime sin, mur do leighis Críosd go fírinneach an palraiseach so, is cóir don athair faoisidin an t-aithrigheach do leighios go fírinneach, óir ní ag folach na gcneadh is cóir dhó bheith, acht dá nglanadh; agus an uair chífios fosgailtigh iad agus arna nighe le uisge na haithrigh, is annsin is cóir dhó an leighios do dhénamh agus an tsíthcháin d'fhógradh don othar spioradálta. Adeir S. Cyprian gibé haon dona sagairt fhuagras síthcháin fhallsa, ag tabhairt absolóide don pheacach gan an t-ullmhughadh ceart do bheith (déanta aige), go ttugann dánacht an-ndóchusach mhillteach do-ní dochar mór don té bheir uaidhe í, nó go háirighthe gur síthcháin bhréige bhíos contabhairteach don té sin í, agus mí-tharbhach ag an té gheibh í. SEANMÓIR ÍOSA AR AN TSLIABH Anno Christi 31 Ni bheith uimhir na ndisciobal do lean Críosd comh líonmhur agus dobhí, muna mbeith an cúram mór dobhí aige isan Eagluis dobhí re teacht, lér thogh sé dhá fhear dhécc as an uimhir do lean
an uair sin é, dá ndearnaidh fuindeméid agus colamhain iomchair don eagluis. Agus uime sin tug mur onóir tar chách eile dháibh gur ghoir apsdail díobh, do bhrígh gur thionnsgain sé a gcur i tteachtaireacht ar feadh an domhuin a' teagasg an toisgéil. Agus iarna ttogha dhó ar ttús as an bpobal choitcheann do thogh sé an dara feacht iad as na disciobal eile, dá chur i gcéill do réir an dá thogha sin do-rinne orra gur chóir mír dhúbálta shubháilceadh do bheith ós cionn cháich eile acu, do bhrígh go rabhdar i gcathréim ós na disciobail dobhí ós cionn an phobuil choitchinn Iudeaigheach. Dobhí fós do thairbhe acu tar na disciobail eile go rabhdar 'na muintir thighe ag an tSlánaightheóir agus gur 'na fhochair dobhídís do ghnáth, mur is follus i sollamhain na Cásga gurab iad amháin dobhí 'na muintir 'na fhochair ag ithe an uain Chásga; agus ní headh amháin go mbídís 'na fhochair ag éisdeacht lena theaguisg agus lena sheanmórachaibh puiblidhe agus ag amharc ar a ghníomhartha agus ar a mhíorbhuilibh imeasg cháich eile, acht dobhídís fós 'na bhfiadhnuis ar a theaguisg agus ar a ghníomhartha secréideacha gach tan, óir an uair do-níodh teaguisg do chách le briathra fáth-sgélacha fáth-rúnda, do mhínigheadh na neithe cédna dona hapsdail i n-uaignios. Sul do-rinne Críosd an togha so ar an dá apsdal décc, do-rinne sé a chomhuirle ris an Athair Síorruidhe le mórán urnaighthe, ann a gcomhnuidheadh
sé ar feadh móráin d'oidhchibh. Agus chum go gcuirfeadh i gcéill do phréláidibh na hEaguilse créd an t-ullmhughadh bu chóir a dhénamh go deireadh an domhuin ar an dream do bheith arna ttogha nó arna n-oirneadh chum na sacrameintibh do mhinistrálacht isan Eagluis, dothug gan mhaill ar an tsliabh iad, áit ar lean sochuidhe mhóra eile é, agus do-rinne annsin an tseanmóir chliúteach dá ngoirthear seanmóir Íosa ar an tsliabh, ann a bhfuil suim an tsoisgéil agus riaghlacha diadha na beatha Chríosdamhuil idir Eagluis agus thuaith. Iar ttarcuisniughadh an résúin nádúrtha dhaonna dhó, lé measann cách an drong bhíos mí-rathmhur a bheith rathmhur, do chuir sé i gcéill dáibh laghad na tábhacht dobhí i gcoimhlíonadh an dlighe Iudaigheach i bhfarradh na neithe móra do bhí le coimhlíonadh ag an druing do leanfadh é féin, ag rádh go follusach gur riachtanus dáibh a bheith nísa naomhtha agus nísa shubháilcidh go mór ná na Scríobaigh agus na Pharisínigh, agus adubhairt, muna mbeith amhlaidh sin, nach rachadís choidhche go ríghacht nimhe. Cuiridh sin i gcéill dúinn nach leór do Chríosdaigh dath na subháilceadh do bheith go foirmeallach ar a ghníomhartha le cáil naomhthacht imeasg na ndaoine do shaothrughadh mur na Phairisínigh, acht gur riachtanus a tteacht ó
dheigh-inntinn agus ó chaoin-dúthracht dhiadha, dá ngoirthear an charthanacht, óir go raibh na gníomhartha úd eile lochtach i láthair Dé. Uime sin, i ndeireadh na seanmóra, iarraidh oruinn ar n-ionnmhuis do chruinniughadh romhuin ar neamh, ionnus go mbeith ar gcroidhthibh 'na bhfochair ann. Iarraidh oruinn fós súile ar n-inntinne, .i. ar gconsiais, do bheith glan simplidh, .i. go neamh-chealgach, ionnus go mbeith ar ngníomhartha mur sin naomhtha. Adeir linn gan dá mhaighistir do bheith aguinn. .i. gan roinn ar bith dár n-urraim ná dhár n-umhlacht do thabhairt don tsaoghal mhealltach so. Is iontuigthe as so gur cóir don inntinn agus dona gníomhartha teacht lé chéile i seirbhís an tSlánaightheóra. GAN A BHEITH LUATHBHREATHACH Iar ttabhairt na riaghlacha ngeinearálta sin uaidhe do Chríosd, do thurling sé ar riaghlachaibh na mbés particulárdha. Agus adeir lena dhisciobail, chum an bharr fíréntacht d'iarr orra a bheith ós ciónn na Scríobaibh agus na Phairisíneacha acu,
nár leór dháibh na deich n-aithionta do choimhlíonadh, chuirios toirmeasg ar na trom-pheacaidh móra, acht gur riachtanus dáibh céd-fhrémh gach peacaidh do scrios; agus cuiridh i gcéill gur ar lochtaibh na hinntinne is mó bhí aire aige, ionnus go mbeith an peacadh inntinne nó innmheadhónach is lugha comh fuathmhur leis na mór-pheacaidh aguinne féin. Uime sin, tar éis toirmisg do chur ar mhion-ghluasacht na feirge bhíos isan chroidhe dhó, toirmisgidh ar gach aon gan focal aithiosach dá laghad a rádh le haon-neoch, do bhrígh nach bhfuil ní ar bith is mó chuirios an fhíréntacht Chríosdamhuil i gcéill ná ceannsaighacht mhilis an chroidhe agus coimhéd gnáthach na teangadh. Ní bhíodh ar aire na Iudaigheach acht a bheith taithneamhach do láthair na ndaoine; gidh eadh, ní foláir do Chríosdaighe bheith taithneamhach do láthair Dé do réir a ngníomhartha inmheadhónacha. Dá bhrígh sin is dona haithionta dá ngoirthear an Decalóg ghoirios Críosd annso na deich n-aithionta beaga, agus aithionta móra do cheannsaigheacht mhilis an chroidhe agus do choimhéd chinnte na teanga, óir is iad a mhúchus céd-ghluasacht inntinne na feirge choisgios gach glór athisioch, agus cuiridh Críosd leis an toirmiosg do
chuir ar an dá mhion-ní so mórdhacht an tsoisgéil go hiomlán i gcéill dúinn. Dar leat nach gcuirionn sé suim mhór i gcoimhlíonadh na haithne so, .i. na dén marbhadh, do bhrígh gur féidir do dhuine neamh-shubháilceach féin a coimhlíonadh, óir go bhfuil an nádúir féin, gan congnamh na subháilceadh ndiadha, dá toirmeasg; acht is é ní is mó i gcuirionn suim gan monúr croidhe nó inntinne do dhénamh a n-aghaidh na comharsann nó do dhearbhbhráthar, do bhrígh nach gcoimhlíontar an aithne so gan subháilce mhór; agus leanaidh as sin (mur is as na fréumha beaga so fhasás na peacaidhibh móra), gibé ar a mbeith eagla fó aithis bhig do thabhairt le bréithir uaidhe, ní féidir leis tuitim i bpeacadh mhór an dúnmharbhtha. Uime sin aithnidh do chách grádh do bheith ar a namhaid acu, agus leis sin go madh cosmhuil leis an Athair Síorruidhe iad, chuirios ar a ghréin éirghidh go lonnrach ar an maith agus ar an olc, agus do-bheir tiodhlaice móra do lucht an dobhuidheachuis féin. Acht níl aithne is mó ar a ttráchtann, agus is mó ghreamaighios sé do chách, isan tseanmóir ro-iongantaidh so, iná gan luath-bhreath do thabhairt ar an gcomharsainn, mur do-chonnairc go bhfuil an nádúir dhaonna claon chum an luath-bhreitheamhnuis mhí-charthannaigh; agus cuiridh lucht a dénta i gcosmhulacht le neoch agá mbeith
sail mhór ar a shúil lér mhian cáinthín do-chífeadh i súil dhuine eile do tharruing eisde. Adeir go bhfuil an domhan lán don pheacadh so. Adeirid na haithreacha naomhtha nach bhfuil leighios ar bith is fearr ar an bpeacadh so ná an umhlacht, óir is í chuirios toirmiosg ar tharcuisne cháich ar a chéile; agus mur gcoisgidh an charthanacht nó an umhlacht an peacadh so, coisgeadh eagla agus uathbháis an bhreitheamhnuis ndéighionaigh é, an uair bhés lochtaígh ar ngníomhartha dá spíonadh agus dá nochtadh do láthair an domhuin, agus gibé smuainfios ar an mbreitheamhnus so ní air ghníomhartha cháich eile bhés a aire acht air féin. Cuiridh an charthanacht d'fhiachaibh ar neoch gach uile ní do ghlacadh isan gcéill is fearr: mur deir easbacc naomhtha, dá mbeith céd aighe ar aen-ghníomh amháin, nár chóir féchuin choidhche acht ar an édan dob áille dhíobh. LOBHAR AGUS ÓGLAOCH AN TAOISIGH CHÉD ARNA LEIGHIOS AGUS MAC BANTREABHAIGH NAIM ARNA ATHBHEÓDHADH. Iar ndénamh na seanmóra ar an tsliabh o Chríosd, lér thoirbhir riaghlacha béus na beatha
Críosdamhla dhúinn, do thuirling sé anuas de, agus do-rinne sé dhá mhíorbhuile mhóra chuirios an soisgél síos mur so: Ar ttús tárla lobhar dó, do-bheir solas maith dhúinn ar an modh ar ar cóir dhúinn an urnaighthe do dhénamh; óir ní luaithe do-chonnairc sé Íosa ná do admhuidh gurbh é a Thiaghearna agus a Shlánaightheóir é, agus adubhairt leis, dá léigion féin síos re lár, ag taisbénadh an chreidigh fhoirfe, an dóchuis láidir agus na humhlacht inmheadónaigh do bhí aige: “A Thiaghearna, is féidir, más toil leat, mo shlánughadh ón lubhra so.” d'fhéch Críosd go trócaireach gan mhaill air, agus do shín a lámh chuige ag rádh: “Is toil liom do leighios: bí slán.” Tuigthear as so gurab í toil an Tiaghearna, .i. an tobair ionnmhuis gan fhorus as a ttig gach tiodhlaice chugainn, creideadh, umhlacht, dóchus agus grádh cháich do fhromhadh; agus taisbénaidh méd a thrócuire, lé ndóirteann na tiodhlaice sin go fairsing, ní air na fíréin amháin, acht ar an dream bhíos lán do lubhra ghráineamhuil na bpeacaidhe. Iar ndénamh an leighis sin dó adubhairt ris an lobhar gan 'innsin d'aon-duine, dá chur i gcéill nach cóir moladh daonna d'iarraidh ar son na ttiodhlaice do-bheir Dia uaidhe. Ar ndul iar sin go Capharnaum dó, táinicc taoisioch céd, dá ngoirthear i Laidin centurio, dá láthair ar a raibh broid mhór intinne agus dólás tréna
shearbhfoghantaidh dobhí an tan sin a' dul d'ég. Adeir soibhisgél eile gur le cuid dona Iudaighibh do labhair sé, ag iarraidh orra impídh do chur ar an Tiaghearna lena óglaoch do leighios. Agus is fírinneach gur mur sin tárla, óir do mholadar an taoisioch agus d'innsiodar don Tiaghearna gur chuir sé sinagóg suas dáibh. Do dheónaigh Críosd sin; agus ar mbeith ag ionnsaighe an tighe dhó dotháinicc an taoiseach féin roimhe le humhlacht mhóir agus le creideamh ba láidire ná creideamh na Iudaigheacha féin, agus adubhairt leis: “A Tiaghearna, ní fiú mise thú dhul isteach ann mo thigh, acht abair an bhriathar agus béidh mo bhuachuill slán.” Do-rinne Críosd iongnadh mór do chreideamh láidir an taoisigh sin. Tá na briathra cédna i n-onóir agus i n-úsáid ag pastúirigh agus ag naomhchlann na hEagluise bhíos d'an-athfhriotal gach uair dá mbíd ag glacadh an Tiaghearna chédna i Sacrameint naomhtha na haltóra. Búdh chóir dhúinne, ar aithris an taoisigh úd, teacht le croidhe umhal uirísiol do láthair an Tiaghearna, agus a mheas nach fiú sinn athchuinge ar bith d'fhágháil, agus dá bhrígh sin Muire an Mhaighdion, na haingil, naoimh nimhe agus talmhan do ghuidhe chum go ndénfadís a ghuidhe ar ar son, mur do chuir an taoiseach céd a cháirde Iudaigheach dhá ghuidhe, do bhrígh gur mheas sé go rabhdar ní ba taithneamhaigh aige ná é féin.
Is cóir dhúinn fós mur deir na haithreacha naomhtha a fhios do bheith aguinn gur féidir le Críosd uiriod tiodhlaice do thabhairt lena bhréithir dhúinn agus do-bheir lena chorp naomhtha, mur do leighis sé buachuill an taoisigh, tar cheann nach deachaidh isteach mur a raibh sé, óir gidh nach deachaidh sé go corpardha isteach, do-chuaidh sé go spioradálta, do réir ghrásaibh d'oibrigh na héifeachta cédna ann. Adeirid na haithreacha naomhtha fós gur cóir do gach aon a bheith ro-chúramach le gan easbhaidh do léigion, go háirighthe i n-aimsir a ttinnis, ar na searbhfoghantaigh bhíos ag seirbhís dáibh, óir gur cóir dháibh a thuigsin nach bhfuil leath-ghrádh ag Dia ar an tsaidhbhir tar an mbocht, ná don uasal tar an ísiol, agus gibé lér mian trócaire d'fhagháil bíodh féin trócuireach. Go grod i ndiaidh na ngalair mbáis sin do leighios go míorbhuileach dhó, do-rinne neithe ba hiongantaidh ná sin, .i. mairbh d'athbheódhadh. Inghean do phrionnsa na Synagóige, darbh ainm Iairus, dofuair bás i n-aois a dá bliadhan décc, d'athbheóaidh. Ní tráchtar mórán ar an míorbhuile so, óir ní raibh creideamh an phrionnsa so comh láidir le creideamh an taoisigh céd, óir d'iarr sé Críosd do theacht dá thigh. Ní léighthear fós aén-ní ag moladh creideamh na hinghine, ná ar an dream dobhí i láthair; acht i n-ionad Dé
do mholadh agus d'onórúghadh trésan míorbhuile mhóir sin dobhídar ag fonómhad faoi, ag rádh nach bhfuair sí bás, do bhrígh go ndubhairt Críosd gur 'na codladh dobhí sí. Gidh eadh, tráchtaidh an soisgél ar an dara marbh d'athbheóaidh sé níos forleithiodaigh ná sin. Ag so mur deir: Ar mbeith do Chríosd gona dhisciobail, maille le buidhne móra eile, ag dul go cathair Naim, tárla ag dorus an bhaile sochraide dháibh dobhí ag iomchar mic bantreabhaidh chum cille; agus do-chonnairc Íosa an bheantreabhach i n-eirr na sochraide agus í dólásach ag caoi; agus do ghlac Críosd truaighe mhór dhí; agus gídh nár chuir sí impidh ar bith air, bá leór na deóra dóláis dobhí go tiugh ag tuitim uaithe óna rosgaibh go talamh lena thrócuire do ghluasacht, agus do dhruid léith agus adubhairt léidh cosg dá gul. Agus leis sin dubhairt le lucht iomchair an chuirp seasadh; agus do chuir lámh ar an gcróchar ann a raibh an marbhán, agus do ghuth uile-chumhachtach adubhairt leis: “Cuirim d'aithne ort, a mhairbh, éirghe,” ar sé. Agus d'éirghidh an t-ógánach bhí marbh gan mhaill; agus do sheachaid dá mháthair é. Adeir na haithreacha naomhtha linn annso nach ttuitionn ní ar bith amach ar an tsaoghal so go teagmhaiseach gan críoch éigin do bheith ag Dia ann; óir, gidh go measfadh neoch gur go teagmhuisioch do thárla do Chríosd teagbháil don
adhlacan so, ní mur sin dobhí, óir is dochum an mhairbh d'athbheóadh dotháinicc sé an uair sin. Do-chímíd annso méud an ghráidh atá ag an Eagluis ar a clainn: óir atá sí comh cúramach ann gach aon fó leith dhíobha agus do bheith máthair chinéalta ann a haen-mhac; níl sólás ar an tsaoghal so aice ó d'imghidh a Céile go deis a Athar acht a ghrádh féin, agus grádh a chloinne, bheir sí go laetheamhuil lena deora agus lena hurnaighthe dhó. Ciallaidh fós an lucht iomchair úd na diabhail bhíos ag fuadach anma an pheacaigh go hifrionn is tomba déighionach dhó: óir is samhuil do chorp mharbh anam an pheacaigh bhíos ar easbhaidh na ngrás is bheatha don anam; agus an uair bhíos anam ar urláimh na ndeamhan le hiomad na bpeacadh ní féidir a thabhairt go beatha na ngrás leis an aithrighe, nó go gceanglann Críosd na deamhain bhíos dá iomchar, mur do choisg sé lucht iomchair an chuirp ar a ttráchtar annso. An uair d'athbheódhaidh Críosd mac na bantreabhaidh do sheachaid sé dá mháthair é, do bhrígh gurab í dorug é agus gur lena deóra do athbheóaidh é, mur do-ní le hanam an pheacaigh iarna athbheóadh ó bhás na coire: do-bheir sé dá mháthair, .i. don Eagluis, é, ar mbeith i ndólás dí ar a shon. Agus is uime sin is cóir don pheacach bheith i gculaidh dhóláis, mar aon leis
an máthair dhílis, ag iarraidh ar ar n-Athair, .i. ar Chéile gráidh na hEagluise is máthair dúinn, na hanma bochta atá marbh isan mbruid chédna ag na deamhain d'athbheóadh, agus aisiog d'fhágháil orra, óir is iad ar ndearbhráithribh do fuadaigheadh uainn iad. TEACHTUIREACHT GO CRÍOSD Ó EÓIN BAISDE AGUS TEACHT MHAGDALÉIN CHUM AITHRIGHE An uair do-chuaidh cáil na míorbhuilibh móra do-rinne Críosd ar feadh na gcríoch, dobhí san am sin Eóin Baisde i bpríosún, agus é ag dénamh a dhíthchill annsin féin ag iarraidh a chur a gcéill do gach aon gurbh é Críosd an Mesias. Agus do bhrígh go bhfacaidh sé nár chreid a dhisciobail féin dobhí isan bpríosún ag freasdal, ag fritheóladh agus ag tabhairt sóláis an tan sin dó gurbh é Íosa an tairngeartach, do chuir sé días díobh d'ionnsaighe Íosa, ionnus go ttiubhradh féin dearbha dháibh le hadbháil a bhéil féin; agus adubhairt
riú 'fhiafraigh ann é an Meisias é dobhí dá ghealladh ó thús an domhuin i mbél na bhfádh, nó an raibh sé le teacht go fóill. Mur bhí fios ag Íosa Críosd go rabhdar sin éudmhar nó iomthúthach an tan sin leis, níorbh áil leis é féin do mholadh 'na láthair, acht do-rinne sé mórán do mhíorbhúilibh ann a láthair, agus adubhairt riú gach ní dá bhfacadar d'innis d'Eóin. Agus iar n-imtheacht dáibh dobhí Críosd ag moladh Eóin go mór, ag rádh nár chosmhail le giolcóig é ag claonadh ar gach taobh do réir na gaoithe, gurbha mó é fós go mór ná fáidh; agus do bhrígh gur ag dénamh aithríghe do chaith an duine naomhtha sin a bheatha, do labhair Críosd ar an riachtanus dobhí ag gach aon lena dénamh, óir nach raibh slánúghadh le fagháil gan í; agus adubhairt fós dá neartughadh sin go bhfuilingionn ríghacht nimhe foiréigion, agus gurab iad an dream do dhénfadh an foiréigion naomhtha sin do-ghéubhadh í. Agus iarna rádha sin dó, do mhallaigh sé bailte áirighthe ann a ndearnaidh sé mórán míorbhuile agus teaguisg, d'éisdiodar agus do-choncadar go lúthgháireach, nach dearnaidh gidh eadh aithrighe, agus adubhairt go bpianfaidh lucht na gcathrach sin nísa mhó ná muintir na Sodoime agus na Gomortha. Ar bhfaicsin do Chríosd go raibh na daoine dalaba dúr-chroidheach, agus nár leór briathra lena ttarruing chum aithrighe, do thionnsgain a
ttarruing leis an siompla ro-chliúteach so Mhuire Magdaléna. Óir, ar mbeith don pheacach naomhtha so arna spreagadh go hinmheadhónach le grása an Spioraid Naoimh, lér thuig gurab é Críosd amháin do leigheósadh cneadha marbhthacha a coinnsiais, do bhí dá chrinn an tan do-chualaidh sí é, uime sin ar gclos dí go ndeachaidh Críosd a' caitheamh proinne go tigh Shimeóin Phairisíneach, do ling sí le mí-náire naomhtha, gan cuireadh, gan iarraidh, 'na dhiaidh, acht an cuireadh mór dobhí ón Athair Shíorruidhe aice do ghluais go díthchiollach dúthrachtach í: nemo venit ad me nisi Pater meus traxerit eum. Agus gídh go raibh mórán daoine do láthair níor ghlac sgáth ná náire, acht ar tteacht isteach dhí do theilg í féin fó chosaibh an tSlánaightheóra, agus dobhí dhá bpógadh, dá n-ionnladh lena deóra, agus dá ttiormughadh lena folt fíor-áluinn, agus do chomail sí olaidhe deagh-bholaidh dhíobh. An uair do-chonnairc Símón an Phairisíneach gur fhuiling Críosd an bhean mhí-bhésach mhí-chneasda sin 'na fhochair, agus go raibh an baile líonta lena droch-cháil, dobhí sé ann a mheanmuin féin ag dénamh amhruis nacharbh fháidh é; óir do mheas sé, dá mbeith 'fhios aige créd í, go ndíbeóradh uaidhe ar an láthair í. Gidh eadh, ní fada bhí Críosd a' treasguirt na harráide sin, ag rádh gur sháraigh carthannus agus grádh diadha na
mná sin fuar-chrábhadh na dreime nach dearnaidh leath-uiriod peacuidhe mur do-rinne sí. “Agus dá bhrígh sin,” ar sé, “dofuair sí maitheamhnus i mórán peacaidh do réir an ghráidh mhóir atá aice.” Agus do chuir uaidhe annsin i síthcháin í. Do thaisbéin an peacach beannaighthe so íomháigh fhírinneach na haithrighe leath amuich do bhriathra, nach bhfuil acht 'na gcomhartha mar dhuille an chrainn; óir níl ní ar bith dhá raibh dá gríosadh chum an pheacaidh nachar iodhbair sí do Dhia leis an aithrighe. Cuiridh so i gcéill nach cóir édóchus do dhénamh ar thrócuire Dé, do bhrígh nach bhfuil coir dá mhéd nach glanann an aithrighe, agus fós nach cóir d'aon neoch uabhar ná an-ndóchus do dhénamh as a shubháilcidh féin, do bhrígh gur ó Dhia geibhthear iad. Quid habes quod non accepisti; et si accepisti quid gloriaris? SGÉL FÁTHACH AN TSÍOLADÓIR Matha 13 A.C. 31 Aon do laithibh dobhí Críosd arna thimchilleadh le comhthinól ro-mhór daoine; agus do-chuaidh i mbárc beag dobhí i bhfogus dó; agus iarna
sheóladh amach ón mbruach do shuidh ann, agus do bhí ag teagasg na druinge dobhí ar bruach, ag rádh: “Do-chuaidh síoladóir ag síoladh arbha,” ar sé, “agus do thuit cuid de ar an mbóthar, agus do brúidheadh fó chosaibh cháich é, agus d'ith an énlaith aidhérdha cuid de.” Agus an uair d'fhiafraigh na hapstail i n-uaignios de créd dob iontuigthe as sin, adubhairt go gciallaighionn an bealach mór sin dream dothig ag éisdeacht le briathra Dé, agus go ttig an diabhal dá fhuadach uatha, ar eagla go bhfásadh ann a gcroidhthibh le tairbhe do bhuain as lena ttarruing chum slighe a slánaighthe. Óir ní luaithe chuirios Críosd síol maith an tsoisgéil i gcroidhthibh na ndaoine ná thairgios an diabhal a chogal do dhórtadh thríd, nó an síol maith d'fhuadach nó 'mhúchadh, lena mhailís féin, nó le mailís na ndaoine mallaighthe bhíos 'na gcaraid aige, ar eagla go ttiucfadh chum fáis nó bisigh. An dara cuid don tsíol, do thuit ar charruig, agus mur nach bhfuair folach do chré 'na thimchioll do chríon sé le teas na gréine. “Is iad sin,” ar Íosa, “an dream éisdios go fonnmhar lúthgháireach le briathra Dé, agus mur nach gcuirionn a bhfrémha fútha ann, ní luaithe thig buaidhreadh, cathughadh nó inghreim ar bith orra ná umhlaidh siad dáibh.” Is dearbhtha go mbíonn mórán do dhaoine mur sin, ghlacus teagusg ar an láthair go fonnmhar
lúthgháireach, agus léigios i ndearmhad agus i neimhchion ar an láthair arís é, do bhrígh go mbíd dúr-chroidheach mur an gcarraig, agus uime sin go madh riachtanus a gcroidhthibh do mhaothughadh agus do bhogadh le deagh-oibrecha buan-sheasmhacha agus le haithrigh. An treas cuid don tsíol, do thuit imeasg na ndosán, d'fhás ós a chionn agus do mhúch é. “Ag sin an dream,” ar an Slánaightheóir, “ghlacus briathra Dé agus nach luaithe ghlacaid iad ná mhúcas imnidh, buaidhreadh, trioblóid agus iomad na ngnothidhibh saoghalta iad, mar aon leis an tsaint, le háilghios agus le hainmhian saidhbhris do chruinniughadh.” Is mór an t-adhbhar uathbháis mur mhúcus iomarcaigh na n-imnigh agus na ngnothígh saoghalta an síol diadha do-gheibhmíd as briathra Dé isan Scriptúir agus ó lucht an teaguisg dhiadha, agus sin go minic tar éis a bheith ag fás dó. Is truagh nach ttuigid cách méd na díghbhála thig as sin! Óir ní féidir le pláigh, le gorta, ná le ruathar teine agus cloidheamh, bheith 'na n-adhbhar dóláis agus deór comh mór le heasbhaidh an tsíl dhiadha réimhráite. An ceathramhadh cuid don tsíol, do thuit i ttalamh mhaith, d'fhás ann nó go ttáinicc chum toraidh mhaith, gidh nach ionann dotháinicc toradh ar gach cuid de, óir dotháinicc céd do bhisioch ar chuid de, seachtmhoghad ar chuid, agus tríochad ar cuide eile dhe. Is iad san an dream
agá mbíonn a gcroidhthibh ró-cheart; agus bíd sin féin i gconntabhairt mhóir do ghnáth: óir bídh cuid acu nach ttig chum móráin toraidh go minicc, agus cuid eile athraighios ó mhaith go holc; agus dá bhrígh sin is riachtanus dáibh a bheith dhá leasúghadh féin do ghnáth, a' cur na subháilceadh ar na subháilceadha agus na carthanacht ar an gcathrannacht le deaghghníomhartha, nó go ttig fá dheóidh lán-toradh ar an tsíol ndiadha sin, agus choidhche, choidhche gan sgaradh risan bhfoighid is frémh iomchair do gach subháilce dhiadha. DÍTHCHEANNADH EÓIN BAISDE Marc. 6 A.C. 31 Tar éis go ndeachaidh cliú agus cáil na mór-ghníomh míorbhuileacha do-rinne Críosd ar feadh na gcríoch ar gach taobh, ní raibh áit ba do-chreidmhigh agus ba chruaidh-mhuinélaigh isin gcrích Iudaigheach ná Nazareth, an áit chédna ann ar hoileadh agus ann ar chomhnuidh sé go haois 30 bhliadhain. Óir níor chreidiodar go m'fhéidir do neoch dotháinicc ó lánamhuin, dar leó-san, dobhí comh tarcuisneach agus do mheasadar Ióseph agus Muire do bheith, an uiriod sin míorbhuile agus mór-ghníomh ionganthacha
do dhénamh; agus i n-ionad géilleadh dhó dobhídar uile lán d'éd agus d'iomthnúth leis trésan meas mór dobhí ag cách eile go coitcheann air, agus uime sin dob áill leó a theilgion le fána an árd-chnuic ar a raibh an baile 'na shuidhe, agus a chnámha uile do raebadh. Gidh eadh, mur nach ttáinicc an uair an tan sin, níorbh fhéidir leó sin do dhénamh, óir do ghluais tríd an gcoimhthineól mhallaighthe dobhí ar tí an uilc sin do dhénamh gan aon-neach dhíobh dá fhaicsin. Agus mur do bhreathnaigh sé go raibh fuath mór mur sin acu air, do chinn sé a ttréigion le gan nísa mhó teaguisg do dhénamh an uair sin eatorra, acht a dhul go Capharnaum agus go háitibh eile. Agus is le húmhlacht do-rinne sé sin, agus fós ionnus, ar mbeith ag dénamh míorbhuile agus mór-ghníomh seal i n-áitibh eile as a n-amharc dhó, gur móide do chreidfeadhdís irís dó mur chách eile, agus fós go ttiubhradís ar aithris cháich eile onóir isan aimsir dobhí le teacht dó i n-ionad gach athaise agus gach tarcuisne dhá ttugadar roimhe sin dó. Gidh eadh, mur do-chonnairc nárbh fhéidir a ndíchreideamh ná a ndalbacht mallaighthe do leighios, ba leór leis beagán do mhíorbhuilibh do dhénamh 'na measg le cur i gcéill dáibh nach ttiubhradh malairt tarcuisne dháibh, agus fós chum go ttiubhradh ádhbhar nísa mhó peacaidh dháibh.
Iar bhfágbháil Nasereth dó mur sin, dofuair sé sgéla báis Eóin Baisde, do thárla mur so: Tar éis gur chuir an diabhal d'fhiacha ar Iruaidh Eóin Baisde do chur i bpríosún, do bhrígh go ttug imdheargadh dhó tréna choimiosg colamhuil le Heródias, bean a dhearbhbhráthar Philip dobhí beó an tan; agus do bhrígh gur feas don aidhbhirseóir gach uile shlighe lér féidir fírén do chosg ó thoirmiosg do chur ar a mháilís féin, níor leór leis príosúntacht Eóin, acht dob áill leis a bhásughadh, ní d'éirigh leis a thabhairt cum críche mur so: Tháinicc cothrom lae thuismithe Iaruaidh, agus do-rinne sé féusda agus fleadh mór d'ard-thriathaibh agus d'uaisle a chúirte agus a chríche féin; agus ar mbeith i meadhair agus i mór-shubhchas i bhfochair a chéile dháibh, tháinicc inghean na mná crosda coiripe colamhla, Heródias, agus do-rinne sí dánnsa 'na láthair do shásaigh an rígh comh mór sin gur iarr uirre athchuinge d'iarraidh ar an láthair, agus go ttiubhradh dhí gibé ní ann a chumhacht ba mian léidh, más leath a ríghacht é. Do-chuaidh an inghean a' dénamh comhuirle lena máthair créd an ní d'iarrfadh ar an rígh. Adubhairt an mháthair léidh gan ní ar bith d'iarraidh ná do ghlacadh acht ceann Eóin Baisde d'fhagháil ar méis. Dobhí athmhéla agus buaidhreadh ar an rígh um an aisge sin, óir dobhí meas mór agus urraim aige d'Eóin. Gidh eadh, ní fada bhí an diabhal ag
múchadh an aigne sin ann, óir dobhí an uiriod sin do ghrádh agus d'urraim aige don mhéirdrigh mhallaigh, .i. do Heródias, agus dá hinghin, nárbh áill leis a ndiúltadh; agus fós níor chumus leis an diabhal a chur i gcéill dhó go raibh sé náireach scannalach aige gan an geallamh dothug go sollamanta i láthair uaisle a ríghacht a choimhlíonadh. Acht cidh thrácht, do chuir céstúnaigh ag buain a chinn d'Eóin isan bpríosún, agus tugadar ar méis don mhéirdrigh óig é, agus thug sí sin dá máthair é. Ag sin mur do básaigheadh an t-aen-nduine ba mó dá ttáinicc do chloinn na mban. Agus féch mur chríochnaighios an cumann daonna: óir tar éis Iruaidh a bheith dá adhradh agus dá ónórughadh gurab é bhí 'na phríomh-chéstúnach dá dhúnmharbhadh! Adeir S. Grighóir gurab iongnadh fhuilingios Dia do lucht an éigceirt a n-ainmhian d'imirt ar na fíréin, acht amháin an luach saothair nó an tuarusdal bhíos le fagháil acu so gan mhaill. ROINN AN ARÁIN AGUS PEADAR AG SIUBHAL AR AN UISGE Math. 14 A.C. 32 Ar clos báis Eóin d'Íosa do-chuaidh gan mhaill ar an bhfásach, agus dothug sé a dhisciobail leis
ann, ionnus go gcuirfeadh i gcéill dá Eagluis gur i n-uaignios búdh chóir Dia do ghuidhe i n-aimsir an éigín, agus fós gur tairbheach ar uairibh céd-stoirm an phersecúsin do sheachnadh an uair bhíos olc agus mailís na ttíaránach ar fiuchadh chum fola agus feill-ghníomha, muna mbeith d'ádbhar leis acht iad sin féin, do bhrígh gurab iad ar ndearbhbhráithreach' iad, do thoirmeasg ar pheacaidh do dhénamh nach beith, go háirighthe ar an tsaoghal so, ann a gcumus a leasúghadh. Is móide bá riachtanus do Chríosd an turus sin do dhénamh ar an bhfásach an tan sin, do bhrígh go ndeachaidh tásg a mhór-ghníomh agus a mhíorbhuile ar feadh na críche go hiomlán agus go raibh trácht mór i gcúirt an rígh orra, agus fós go raibh Íruaidh féin, .i. an rígh, ag fiafraidh do gach aon créd é, agus go n-abradh ar uairibh gurbhá fáidh mhór é, nó gurbh é Eóin Baisde (do chuir féin chum báis), dobhí arna eiséirghe, do-rinne na mór-ghníomha agus na míorbhuile dobhí dá n-aithris air. An feadh dobhí an rígh leamh sin ag dénamh an iongantuis mhóir sin do mhéud cumhacht ghníomh agus bhriathar an tSlánaightheóra, do-chuaidh sé féin ar an bhfásach mar aon lena dhisciobal, mur dubhrus cheana. Agus gidh gurbh áit uaigneach an áit sin níorbh fhéidir leis
toirmeasg do chur ar uimhir mór do dhaoine gan a leanmhuin, óir do lean cúig mhíle pearsa é do bhí go fíor-dhúthrachtach gach lá agus gach oidhche ag éisdeacht leis agus ag amharc ar a mhíorbhuilibh; agus dobhí a n-aire comh mór sin air gur dhearmadsiod a mbeatha nádúrtha ar mhodh nár mhothaidhsiod tart nó ocrus ar feadh thrí lá agus thrí n-oidhche. Agus iar mbeith ar feadh na haimsire gan bhia gan digh 'na fhochair dháibh, do ghlac sé truaighe dháibh, agus d'fhiafraigh dá dhisciobail créd an modh ar a bhfédfadh cóir bhídh do chur orra (agus ní do bhrígh nach raibh 'fhios aige féin, acht chum go mbeith an mhíorbhuile dob áil leis a dhénamh follusach). Do fhreagair na disciobail é, ag rádh go raibh an t-ionad ann a rabhdar i bhfad ó chomhghar baile ar bith, agus nach raibh do lón acu féin acht cúig aráin eórna agus mion-iasga gan tábhacht. Annsin adubhairt Íosa riú na sochuidhe do chur i ndronga órdaighthe 'na suidhe. Iar sin ar ttógbháil a shúil suas chum nimhe dhó, do bheannaigh na cúig aráin agus na héisg bheaga sin, agus tug dá dhisciobail le roinn iad; agus arna nglacadh dháibh do bhisighsiod ann a lámhaibh, ar modh gur shásaighsiod, maille le fuighioll mór, na cúig mhíle pearsa réimhráite. Annsin adubhairt Íosa lena dhisciobail an fuigheall bídh bhristigh dobhí acu a chruinniughadh
go cúramach; agus dobhí dá phanna dhécc d'fhuighioll 'na ndiaidh. Adeir na haithreacha naomhtha gurab ion-tsamhuil don chúig mhíle pearsa so do lean Críosd an dream leanus Críosd go háirighthe ann a gcroidhe, thréigis an saoghal, agus théid ar fhásach na haithrighe, bhíos d'aen-aigne, d'aen-mhian agus d'aon-fhocal, gan imnidh ar bith do thaobh a gcuirp ná 'maoine, acht a bheith i ngnáth-sheirbhís Dé, i ttrosgadh, i ttréighionus agus i n-urnaighthe, fó chuing riaghalta. Tar éis na míorbhuile sin do dhénamh do Chríosd dob áil leis an bpobal rígh do dhénamh dhe. Gidh eadh, níor aontaigh Críosd an ghairm shaoghalta sin do ghlacadh uatha, dá chur i gcéill dá dhisciobail gan gairm do ghlacadh ó na daoine acht an uair dothig ó Dhia; agus do theith sé uatha. Agus iar tteacht na hoidhche do thárla a dhisciobail dó isan ionad cédna ann a ndearnaidh míorbhúile an aráin. Agus d'eagla go mbeith na hapsdail i n-uaill meanman fón míorbhuile sin do-chonncadar, d'iarr sé orra dul i mbárc bheag tar ascuill fhairge dobhí i bhfogus dáibh, ionnus go gcuirfead i gcéill dáibh gan dóchus ar bith do bheith acu as a gcumhachtaibh féin, acht a ndóchus do chur go hiomlán i nÍosa Críosd, agus go mbeith fios a lagair nádúrtha féin acu, do bhrígh gurab í
an tsubháilce so na humhlacht d'árdaigh iad le bheith 'na gcolamhuin iomchair agus 'na bhfúinneméid faoi Chríosd ag an Eagluis. d'fhág sé dá bhrígh sin iad dá mbocadh ar feadh aimsire le hanfadh i llár na ttonn; agus iar mbeith dháibh gan cabhair d'fhagháil uaidhe ó thús go deireadh na hoidhche, agus le héirghe an lae do-chuaidh sé ar bharr na ttonn dá n-ionnsaighe; agus arna fhaicsin dáibh ag siubhal mur sin ar dhruim na fairge mur do bheith ar thalamh thirim, do shíliodar gur taidhbhse bhí ann, agus do ghlacadar eagla comh mór sin gur éimhghiodar go hárd. Annsin do labhair Íosa a' tabhairt misnigh dháibh, ag rádh: “Ná bíodh eagla oraibh, óir is mise atá ann.” Mur do mhothaigh Peadar ar ttús éifeacht na bréithre cumhachtaigh sin, agus ar mbeith lán do dhóchus dó go ttáinicc an tártháil do chuirfeadh as conntabhairt iad, adubhairt sé: “Más tú tá ann, a Thiaghearna, abair liom-sa siubhal chugad ar an uisge.” Adubhairt Críosd leis teacht. Annsin do theilg Peadar é féin amach ar an uisge, agus dobhí ag siubhal le dóchus fíor-iongantach ar an bhfairge, nó gur éirghidh anfa agus gaoith mhór do chuir eagla air lér chlaochlaidh a chreideamh, agus annsin dobhí ag dul i n-iachtar. Leis sin do ghuidh sé an Slánaightheóir, ag rádh: “A Thiaghearna, tárthaigh mé.” Leis sin do shín Íosa a lámh chuige, agus iarna thógbháil dó, tug
imdheargadh dhó tré laghad a chreididh. Agus ar ndul isan luing dháibh do choisg an ghaoith gan mhaill, agus dofuaradar iad féin i gcuan. Fiafraidhid na haithreacha naomhtha créd fár fhuiling Críosd conntabhairt báitigh do theacht ar Pheadar tar éis go ndubhairt féin leis teacht ar an uisge dá ionnsaighe, agus adeirid gur uime d'fhuiling sin ionnus go mbeith fios cinnte ag an apsdal naomhtha so gurab ag Íosa amháin, agus nach ag cumhachta nádúrtha ar bith, tá cabhair do thabhairt is gach éigion. Is tairbhioch an ní eagla mheasardha do bheith ar gach aon dá mbíonn i seirbhís Dé, do bhrígh go gcuirionn an lagar nádúrtha i gcéill agus i gcuimhne dhó. Smuain, a léightheóir ionmhuin, nach bhfuil creidmheach i nEaglais Dé nár thárthaigh Críosd i gconntabhairt is mó ná so, agus nach bhfuil aon againn nár tharruing as aigén is duibhegánaigh ná an t-aigén úd ann a raibh Peadar dá shlugadh, do bhrígh gur tharruing as uaimh ifrinn sinn. TRÁCHT AR SHACRAMEINT NA HALTÓRA AGUS 'NA DHIAIDH SIN AR CHREIDEAMH NA MNÁ CÁNÁNAIGH Math. 15 A.C. 32 Ar ndul ar a ais d'Íosa isan áit ar bhiathaidh sé go míorbhuileach na cúig mhíle pearsa, dobhí
imnidh mhór ar na dronga cédna arna mhárach tré gan fhios do bheith acu cá conair i ndeachaidh an Slánaightheóir. Óir do-chonncadar nach raibh acht aen-bhárc beag amháin ar an gcuan, ann a ndeachaidh na disciobail, agus nach ndeachaidh-san innte leó; agus iar gcuartughadh an chuain dáibh gan eision d'fhagháil i n-aon-áit ann, do-chuadar tar an uisge go Capharnaum. Agus an uair thárla dhóibh annsin é d'fhiafraighdior dhe créd an modh ar a ttáinicc ann. Níor fhreagair-san an cheisd chúirialta sin, agus do cheil orra mur do shiubhail sé go míorbhuileach ar uachtar na ttonn, acht ba leór leis innsin dáibh gur le mian chum tairbhe d'fhagháil dóibh féin do bhídar comh fonnmhur sin ar a lorg, .i. do bhrígh gur ithiodar a ndaoithin don arán mhíorbhuileach dothug ar an bhfásach dháibh. Agus dothug sin slighe dhó lena iarraidh orra gné eile aráin d'iarraidh; agus as sin do thrácht sé go hárd-chéimeach ionganthach ar Sacrameint na hAltóra, ní as ar ghlac mórán díobh, mar aon le cuid dá dhisciobail, scannail mhór, an tan do-chualadar é ag rádh go ttiubhradh a chorp féin lena ithe do chách (mur adubhairt go soléir isan seiseadh caibidil ag Eóin); agus do bhrígh gur shíliodar-san gurab é a chorp do roinnfeadh 'na mhion-spóllaidhe dearga eatorra, d'imghiodar uaidhe an tan sin.
Is annsin d'fhiafraigh sé dá apsdail ar mhian leó-san imtheacht uaidhe mur an gcédna. Do fhreagair Peadar lena dhísleacht ghnáthach ag rádh: “A Thiaghearna, cá rabhamís uait? Óir is agad féin atá briathar na beatha síorruidhe.” Agus d'oillsigh Íosa dháibh nárbh iongnadh cuid dona disciobail d'imtheacht, óir go raibh duine don dá apsdal dhécc féin 'na dhiabhal. Annsin do ghluais sé as an Iudea amach a' teitheadh ó mhailís a námhad, dobhí an tráth sin ag éirghidh go follusach 'na aghaidh; agus do-chuaidh sé ar chiumhsaibh na Tyre agus na Sidóine, áit i ndearnaidh nísa mhó ná do-rinne isan Iudea. Óir dotháinicc bean Chananéach amach as na háitibh sin d'ionnsaighe Chríosd (do bhrígh nárbh áill leis féin dul isteach innte d'eagla scannail nó adhbhar murmuir do thabhairt dona Iudaighibh), do chorraigh an Spiorad Naomh; agus ar tteacht dá láthair dí, do scread sí go cruaidh air, agus do ghuidh sí go dérach é, ag iarraidh air tártháil do thabhairt go trócuireach dá hinghin, dobhí dhá buaidhreadh agus dá píanadh ag deamhan. Agus gidh go raibh Críosd claon go gnáthach chum trócuire do dhénamh ar lucht an leathtruim, gidh eadh, ionnus go gcuirfeadh brígh agus éifeacht na hurnaighthe i bpearsainn na mná so i gcéill don domhan, ní thug do thoradh ar a céd-ghuidhe acht imdheargadh do thabhairt dí. An uair do-chonnairc an bhean umhal sin
nacharbh áil le Críosd éisdeacht do thabhairt dí, do labhair sí ris na hapsdail ag iarraidh orra impidh do chur air. Do fhreagair seision na hapsdail, ag rádh gur chum tárthála do thabhairt do chaoire seachráin threabha Israél dotháinicc sé féin, agus nach chum na nGeintílioch. Agus ar mbeith dháibh (mur bhí an bhean mhaith dá síor-ghuidhe) ag greamughadh dhe, dob áil leis a creideadh do fhromhadh go maith. Dotháinicc sí féin, agus do theilg sí í féin ar lár ann a fhiadhnuis, agus iarna adhradh dhí, adubhairt sí: “A Thiaghearna, tabhair cabhair dhamh.” Dothug diúltadh dhí annsin, agus tug imdheargadh agus tarcuisne dhí, agá samhlughadh le madadh, ag rádh nár cheart arán na leanbh do thabhairt do mhadraigh. Dothug an freagra sin, do chuirfeadh fearg ar spiorad uaibhreach, barr dóchuis dise, óir do admhaidh gurbha mhadagh í, agus adubhairt sí go bhfaghann na madraigh beaga féin an sprughal thuitios do bhórd a maighistir, agus nach raibh sí féin ag iarraidh nísa mhó. Féch mur chuir sí í féin i n-én-bhanda leis na madraigh, do bhrígh gur thuig sí nach raibh comórtas aice leis na Iudaighibh, dá ngoirthí clann Dé. Is annsin do labhair Íosa do ghuth iongantais, ag rádh: “Ó, a bhean is mór do chreideamh.”
Agus i n-ionad na n-imdheargeadha dothug roimhe sin dí, dobhí ag dénamh iongantuis don bhuan-sheasamh creidigh agus dóchuis lér ghuidh sí é, agus tug ar an láthair a hathchuinge dhí. Cuiridh creideamh na mná págánta so uathbhás ar na haithreacha naomhtha; agus adeir S. Grighóir Mór, mur bhí creideamh mór na mná págánta so 'na ádhbhar náire ag na Iudaighibh, go bhfaicior i nEagluis Críosd féin go minicc daoine saoghalta do-bheir barr creidigh agus fíréntacht ar mhórán don dream théid fó chuing riaghalta, dar chóir diúltadh don tsaoghal, an uair nach ttig a mbésa ná a mbeatha suas do réir na ngrás agus na staide caithréimigh ann a mbíd. ATHDHEALBHADH AN TSLÁNAIGHTHEÓRA Math.(16-)17 Eodem Anno Ar mbeith do Chríosd gan buidhin ar bith eile 'na fhochair acht a dhisciobail ag siubhal tré bhailtibh na Cesarea, d'fhiafraigh sé dá apsdail créd an bharamhail do-bheireadh na daoine dhó. Adubhradar-san dá fhreagradh gur chreid cuid acu gurbh é Eóin Baisde é, cuid eile gurbh é
Ieremias nó neoch eigín dona sean-fháidhibh é. “Créd adeir sibh-se féin liom?” ar Íosa. Do fhreagair Peadair gan mhaill é, ag rádh: “Is tú Íosa Críosd mac an Dé bheó.” Adubhairt Íosa annsin: “Is aoibhinn duit-se, a Shímóin mhic Eóin, óir is é an t-Athair Síorruidhe d'innis sin duit-se, agus dearbhaim-se dhuit,” ar sé, “gur tú an charraig ar a gcuirfiod-sa m'Eagluis, agus nach mbéuraidh geataidh (.i. cumhacht) ifrinn buaidh uirre go bráth.” Is mór an ghlóir dofuair Peadar annso, mur do gheall Críosd dó go mbeith sé 'na cheann agus 'na uachtarán ar an Eagluis, 'na shuidhe i gceannchathair na cruinne domhanda, agus an gheallamhuin sin do bheith arna coimhlíonadh agus gan gairm ar ais do dhénamh uirre tréna shénadh fó thrí. Gidh eadh, níor chuir sin toirmeasg ar Íosa gan imdheargadh do thabhairt ar uairibh 'na dhiaidh sin dó, lena umhlughadh, óir do ghoir sé aidhbhirseóir dhe an uair dobhí sé ag cur toirmisg air gan bás d'fhulang. Ní gnáthach le Críosd cathréim spioradálta ná aimsiordha do thabhairt dá naoimh gan a n-uirísliugh go dlúth 'na dhiaidh sin, ionnus nach ttiubhradh uaill orra iad féin d'árdughadh ar mhodh go mbeith a leagadh marbhthach.
I gceann ocht lá dá éis sin dothug Íosa triúr dona hapsdail, dár ghnáth leis a ghnaoi do thaisbénadh tar an gcuid eile, .i. Peadar, Sém agus Eóin, leis ar mhullach sléibhe móir i n-uaignios. Agus ar mbeith dhó ag urnaighthe annsin, do hathdhealbhadh go tobann é, ionnus go raibh a ghnúis comh lonnrach leis an ngréin agus a éudach geal mur an tsneachta. Tháinicc Maoise agus Elias chuige, agus dobhídar ag trácht leis ar gach ní dá raibh le dénamh agus le fulang i Ierusalem aige. Do mhúsgail an triúr disciobal, dobhí 'na gcodladh an tráth sin, agus dobhí iongnadh mhór acu isan nglóir agus isan gcomhluadar do-chonncadar i ttimchioll Chríosd. Agus ar mbeith do Pheadar líonta le meadhair lúthghára adubhairt sé go tobann: “A Thiaghearna, is maith an áit chomhnuidhe so; dénam trí scáláin ann, aon duit-se, aon do Mhaoise, agus aon d'Elias.” Agus ar rádh na mbriathar sin dhó, dotháinicc néull lonnrach d'fholaigh iad, agus táinicc guth as amach ag rádh: “Ag so mo Mhac dil, nó grádhach: éisdigh é,” .i. creidígh dhó. Leis sin do thuit na hapsdail ar lár le huathbhás. Dotháinicc Íosa cughthu, agus do thóig ar a gcosaibh iad; agus ar n-éirghidh dháibh ní fhacadar acht Íosa amháin. Do chuir rún orra ar ndul síos don tsliabh dháibh gan labhairt le haon-neach ar an amharc dofuaradar.
Dothug Críosd an t-amharc sin dóibh ionnus go nearteóchadh ann a gcreidiomh iad, agus go mbeith fios deimhneach acu gurb é mac Dé do bhí 'na measg. Dothug sé fós amharc beag ar an nglóir dobhí, mur thuarusdal i ndiaidh a saoithair ar an tsaoghal so, le fagháil acu. Agus is tar éis an Spioraid Naoimh do thurling iar ndeasgabháil orra is mó dofuaradar toradh an amhairc so. LEANBH 'NA SCÁTHÁN UMHLACHTA Math.(17),18 Anno Eodem 32 Ar tteacht anuas do shliabh Tabor do Chríosd gona thriúr disciobail, dofuair sé an chuid eile dá dhisciobail agus iad i lár comhthionóil mhóir daoine, agus iad ar saothar ag iarraidh deamhuin do dhíbirt as corp mic óglaigh dotháinicc dá nguidhe isan am a raibh a maighistir ar an tsliabh. Agus gidh go ttug Críosd cumhacht dáibh le deamhuin do dhíbirt, níor fhéudadar an deamhan so 'dhíbirt. Acht, iarna dhíbirt do Chríosd agus iar seachadadh an mhic saor slán dá athair dhó, d'fhiafraidh na hapsdail go secréidioch dhe créd an t-ádhbhar nár fhéudadar an deamhan sin do dhíbirt. Adubhairt-san
nach raibh a gcreideamh láidir go leór chuige sin, agus dá mbeith sin acu go m'fhéidir leó na sléibhte do thógbháil as a n-áit agus a tteilgion isan bhfairge. Agus adubhairt leó irís nach leighiosdar aon-nduine ón tsórt deamhan sin acht le trosgadh agus le hurnaighthe. Agus do chuir sé i gcéill dáibh annsin nach le hanchumhacht díbhearthar deamhain. Óir, más mian libh na deamhuin do scrios, is cóir daoibh sibh féin d'umhlughadh agus cromadh ar na meadhónacha d'fhágaidh Dia le sin do dhénamh, mur atá trosgadh agus urnaighthe. Do-chuaidh Íosa iar sin go Capharnaum, áit ar fhiafraigh lucht cruinnighthe an chíosa choitchinn do Pheadar a ndíolfadh a mhaighisdir a chion féin don chiós sin. Adubhairt go ndíolfadh. Agus ar ndul do Pheadar isteach isan lóisdín ní bhfuair uain labhartha le Críosd air sin an uair do fhiafraidh dhe: “Cia ar a n-iarrann prionnsaidhe na talmhan cíos, an ar a gcloinn féin nó ar chách eil?” “Ar chách eile,” ar Peadar. “Mur sin,” ar Íosa, “tá an chlann saor,” dá chur i gcéill go raibh sé féin agus a mhuintir saor ar an gcíos, do bhrígh gur mhac do Dhia do réir a
dhiadhacht agus do Dháibhídh an rígh do réir dhaonnacht é. Gidh eadh, ionnus nach ttiubhradh scannail do chách eile adubhairt sé le Peadar, geólmhach an chéd-éisg do theageóbhadh dhó ar ndul dó go bruach na fairge, go bhfuigheadh píosa airgid ann do dhíolfadh ar a son ar aon. Cuiridh sin i gcéill dúinn gur cóir do gach Críosdaighe a bheith suaimhneach ceannsaigh, agus égcóir féin d'fhulang nísa luaithe ná do thóigfeadh buaidhreadh isan bpuiblidhacht, do bhrígh gur do réir ordaigh Dé is gnáthach dlighthe na bpuiblidhacht do bheith. Agus ar mbeith do Chríosd iar sin 'na shuidhe isan lóisdín chédna, d'fhiafraidh dá dhisciobail créd ar a rabhdar a' trácht isan mbealach, óir dobhí fios aige gur iomarbháidh dobhí eatorra ag féchuin cia haca féin ba mó. Agus chum go scriosfadh gan mhaill an t-uabhar agus an t-anmhian graduim sin as a gcroidhthibh agus as a n-inntinn, adubhairt riú, gibé lér mhian a bheith i gceannus ar an gcuid eile, gur riachtannus dó é féin d'uirísliughadh tar gach aon eile; agus chum go gcuirfid sin go maith i gcéill dáibh, dorug sé ar leanbh beag, agus iarna fhásgadh leis isteach dhó, do chuir sé 'na sheasamh ann a lár é, agus adubhairt riú, muna ndénadís díthchioll le hiad féin do chur i gcosmhulacht ris an leanbh sin, nach rachadís go ríghacht nimhe go bráth.
Is mór an t-uathbhás chuirios na briathra so ar na haithreacha naomhtha. Agus adeirid nach bhfuil tártháil le fágháil aguinn acht grása an tSlánaightheóra lenar ttabhairt ar ar n-ais, ó gach ainmhian agus ó gach uabhar dá bhfuil greamaigh dhínn, go staid shimplidhe neamh-chiontaigh neamh-urchóidigh na leanbh. DEICH LOBHAR ARNA LEIGHIOS (EÓIN, 7), Lúc. 17 A.C. 32 Tar éis an léighin umhlachta agus uirísleacht sin do thabhairt do Chríosd dá apsdail, agus a chur i gcéill dáibh gur chonntabhairteach an ní scannail do thabhairt don aos óg agus don dream shimplidhe neamh-chiontach, d'fhág sé an Ghalilea. Agus do bhrígh go raibh sollamhain na scálán, nó na ttabernacail, a' teacht chugthu san am sin, mur bhíodh gacha bliadhain fón tráth sin, d'iarr a ghaolta agus a dhearbhráithre air dul go Iudea, óir do thréig sé í tré bhás Eóin Baisde; agus adubhradar leis nach beith baoghal dochair air ann; agus amhuil mur do bheith saint nó mian aige a chlú do chur ós áird lena mhór-ghníomha míorbhuileacha, mur do mheasadar-san go harráideach,
adubhradar leis nár chreid na Iudaighibh dhó. Ní bhfuair Críosd dochar lena n-arráid do chlaoi an tan sin, acht a rádh riú go raibh a n-aimsir-sion do láthair gach tan, gidh eadh nach ttáinicc a aimsir féin an uair sin, agus adubhairt riú: “Ní rachad-sa,” ar sé, “go Ierusalem go fóill.” Do-chuaidh a ghaolta roimhe chum an fhésda. Agus iar mbeith dhó ar feadh beagáin do laethaibh 'na ndiaidh isan nGaililea, do-chuaidh sé go Iudea, ní go puiblidhe ná go sollamanta, mur ba gnáth leis, acht go folaightheach secréideach. Agus ar mbeith ag imtheacht tré lár na Samaria dhó, do thárla deichneabhar lobhar i ndorus sráidbhaile don tír sin dó. Agus dobhí do mhéd na hurruma dobhí acu dhó nach ttángadar 'na ghar, acht go rabhdar ag screadaigh go hárd ag iarraidh air trócaire do dhénamh orra. d'fhéch Críosd orra, agus adubhairt leó iad féin do thaisbénadh dona sagairt, lér chuir sé i gcéill créd an urraim is cóir dona Críosdaighibh a thabhairt dona sagairt agus dona huachtaráin cille. Agus ar mbeith don deichneabhar ag dul dá ttaisbénadh féin dona sagairt, dofuaradar iad féin glan ón lubhra ar an tslighe. Arna fhaicsin
sin d'aon acu, do thuill go grod ar a ais a' tabhairt gártha glóire agus molta do Dhia trésan leighios míorbhuileach do-rinne air; agus ar tteacht do láthair Íosa dhó, bhuail sé a aghaidh féin re lár ann a fhiadhnuise a' tabhairt molta agus buidheachuis dó trésan trócuire do-rinne air. d'fhiafraidh Críosd nach raibh deichneabhar arna leighios agus cáit a ndeachadar an naonmhur eile, nó nach raibh aon acu dothiocfadh a' tabhairt buidheachuis do Dhia acht an deóraigh (óir ba Samáritánach an tí sin dotháinicc le buidheachus do thabhairt). Agus adubhairt Críosd leis imtheacht i síthcháin agus gur shlánaigh a chreideamh é; agus do chuir sé i gcéill an mí-thaithneamh agus an mí-ghnaoi dobhí aige ar dhobhuidheachus an naonmhuir eile. Agus is cosmhuil, mur thuill an lubhra chédna orra, gur líonadh le lubhra ghráineamhuil pheacaidh an dobhuidheachuis iad, is measa go mór ná an chéd-lubhra. AN BHEAN ADHALTRANNACH Ioan.(7,)8 A.Eod. Iar ndénamh na míorbhuile sin ann a shlighe don tSlánaightheóir, do ghluais sé roimhe; agus ar
ndul go Ierusalem dhó, dofuair sé lucht na Iudea uile lán do bhuaidhreadh tré nach bhfacadar eisionn ann. Agus ní hionann an breitheamhnus dobhí ag gach cuid díobh air, óir adeireadh cuid acu go raibh sé ionmholta, agus adeireadh cuid eile nach raibh ann acht mealltóir. Agus ar tteacht do laethaibh na sollamhan do-chuaidh Críosd isan teampall, agus dobhí ag teagasg le heagna ro-mhóir. Agus ba hiongnadh leis an druing agá raibh eólus óna leanbuidheacht air méd na heagna agus na foghlama do-chualadar uaidhe, do bhrígh nach bhfacadar ar sgoil ariamh é a' foghlaim litiorrdhacht ná dlighe. Ar mbeith ag teagasg mur sin go puiblidh le briathra saora neamh-eaglacha dhó, dob iongantach leis an dream dobhí ag éisdeacht mur d'imghidh a naimhde do bhí ar tí díghbhála do dhénamh dhó uaidhe, agus do mheasadar gurbh fhéidir dhóibh a chreideamhuin gurab é Íosa bhí ann. Gidh eadh, ní fada 'na dhiaidh sin go ttugadar iarraidh dhíghbhálach ar a phearsainn, gé gur dhíomhaoin dáibh do bhrígh nach ttáinicc a aimsir an tan sin le fulang. Óir, an uair do-chualaidh na Phairisínigh an pobal go coitchionn ag labhairt re hiongantus mór ar a mhíorbhuilibh agus air féin, ag rádh ós áird dá ttigadh Críosd féin nárbh fhéidir dó neithe ba mó ná sin do dhénamh, do bhíodh fearg mhór orra, agus do chuiriodar cuid dona
mílidhibh Rómhánach dá ghabháil. Gidh eadh, níor theith sé mur do-níodh roimhe sin, ionnus go gcuirfeadh i gcéill nach ar aen-mhodh amháin ghluaisios an Spiorad Naomh an dream fhuilingios inghreim ar son an cheirt; agus i n-alt na huaire, le hoibriughadh an Spioraid Naoimh, do choisg an lucht tóruighachta sin de, agus i n-ionad a ghabhála d'éisdiodar lena theagasg le hiongantus mór agus le hurraim. Agus ar ndul ar a n-ais dáibh, agus ar mbeith dona Phairisínigh dhá n-imdheargadh tré gan a ghabháil, do fhreagradar, ag rádh nach ttáinicc iriamh aon-nduine ba heagnaidhthe caint ná é. Do ghluais Íosa as sin; agus do-chuaidh an oidhche sin ag urnaighthe go sliabh Oliuéite. Agus go moch arna mhárach do-chuaidh isan teampall irís, áit ar chruinnigh uimhir ro-mhór daoine 'na thimchioll. Agus an uair dobhí cách ag éisteacht leis do thairg na Phairisínigh breith amuich air ann a bhriathra le mnaoi do thabhairt dá láthair do ghabhadar i ngníomh adhaltrannais, ionnus go ttiubhradh sé breitheamhnus báis uirre, agus dá ndénadh sin go gcuirfeadhdís cáil thíarántuis imeasg an phobuil air, agus muna ttugadh an breitheamhnus sin uirre go gcuirfeadhdís air imeasg an phobuil nach raibh acht fear bhrisde an dlighe ann. Do chrom Críosd a cheann annsin, agus dobhí ag
sgríobhadh ar an talamh lena mhéur. Agus iar mbeith dháibh ag síor-iarraidh a bhreitheamhnuis, do thóig a cheann, agus adubhairt riú gibé haon 'na measg dobhí gan peacadh an chéd-chloch do bhualadh uirre. Agus annsin do chrom sé arís ag sgríbhneóiracht mur bhí cheana, agus leis sin d'imghidh na Phairisínigh i ndiaigh a chéile, ionnus nár fhan istigh i bhfochair Íosa acht an bhean. Agus annsin adubhairt Íosa, ó nach raibh aon-nduine eile lena coiriughadh, nach gcoireóchadh sé féin í; agus dá bhrígh sin adubhairt léidh imtheacht i síthcháin agus gan peacughadh nísa mhó. Do chuir Críosd i gcéill leis so gur chóra do gach aon breitheamhnus do thabhairt air fhein ná air chách eile, agus a bpeacaidhe féin do sgrúdadh i n-ionad a bheith a' breathnughadh cháich eile. Féch an truaighe bhí ag Críosd ann gach am dona peacachaibh móra le siompla do thabhairt dúinne. AR AN DALL AS BROINN Ioan.(8,) 9 A.C. 32 Iar saoradh na mná sin go trócaireach d'Íosa do chomhnuidh ar feadh aimsire ag teagasg an phopail isan teampall, agus ag imdheargadh na bhPhairisíneach trésan mailís dobhí acu dhó féin agus trésan
droch-mhian dobhí acu lena bhásughadh; agus do chuir i gcéill dáibh leis sin gurbh iad feadhmonnaigh an diabhuil iad, dar mhian ó thús fuil neamh-chiontach do dhórtadh, óir gurab é do bhrosdaigh a sinnsir chum na bhfádh do mharbhadh; agus d'fhiafraidh go hárd cia dhíobh lérbh fhéidir peacadh do chur 'na leith, agus créd an fáth nár chreidiodar é. d'éirigh na Iudaighibh go hégceart 'na aghaidh trésan imdheargadh ceart dothug dáibh, agus adubhradar gurbhá Samaritánach agus duine deamhnaigh é. Do fhreagair Críosd go ceannsaigh milis-bhriathrach na himdheargtha dia-aithiseacha sin. Gidh eadh, an uair do-chonnairc go rabhadar ag tógbháil cloch lena mbualadh air, d'fholaigh sé é féin, agus d'imghidh as an teampall. Agus iar n-imtheacht dó do-chonnairc duine dotháinicc dall as broinn a mháthar. Agus d'fhiafraidh a dhisciobail d'Íosa an tréna pheacaidhe féin, nó pheacaidhe a athar nó a mháthar, do dalladh an fear sin a mbroinn a mháthar. Do fhreagair Críosd ag rádh nach tré pheacaidhe cheachtair dhíobh do dalladh é, acht chum a ghlóire féin d'fhoillsiughadh. Agus annsin do-rinne sé láib lena sheileadh, agus do chomail do shúilibh an daill í, agus adubhairt leis é féin do nighe i lochán Siloe. Agus arna dhénamh sin dó dofuair a radharc. Agus arna fhaicsin dá lucht eóluis dobhí iongnadh mór acu ann, agus d'fhiafraidhsiod de créd dothug a radharc dhó. Adubhairt-sion gurbh é an té dá
ngoirthí Íosa do leighis le láib é, agus d'innis an chuid eile dháibh. Annsin dothugadar leó do láthair na bPairisíneach é. d'fhiafraidhdar sin na ceasda cédna dhe, agus dothug-san an freagara cédna dhóibh. Annsin adubhairt aon dona Phairisínigh nach do mhuintir Dé an té do-rinne láib i ló na Sabbóide. Adubhairt cuid eile acu go haimhlisg iar meas méd na míorbhuile sin dáibh nárbh fhéidir le droch-dhuine duine tug daille as broinn leis do leighios. Agus ar mbeith mur sin ann a gcédfaidh contrárdha dhá chéile, dubhradar leis an óglaoch an sgél d'aithris arís, agus annsin d'fhiafraidhsiod de créd an bharamhail dobhí aige don té leighis mur sin é. Freagraidh-sion do ghuth árd ag rádh gur fáidh mhór é. Agus ar nglacadh feirge móire leis an bhfreagra sin dáibh, adubhradar nár chreidsiod féin go raibh sé dall; agus iar gcur teachta i gcuinne a athar agus a mháthar do chuiriodar ceisd orra. Do ghlac eagla iad sin ré dásach agus re díbhfeirg mailísigh na bPairisínigheach, agus dá bhrígh sin dothugadar freagra glic orra, ag rádh gurbh é sin a mac agus go raibh sé dall ó bhruinn a mháthar, nach raibh fios acu féin ar nísa mhó ná sin, agus go raibh aois go leór aige féin le freagra do thabhairt dáibh ar a shon féin. Annsin adubhairt na Phairisínigh leis glóir agus buidheachus do thabhairt do Dhia, do bhrígh
gurab É do-rinne an leighios, agus gurbhá droch-dhuine Íosa. “Níl 'fhios agum,” ar an t-óglaoch, “acht is feas damh go rabhus féin dall agus go bhfuil radharc grinn anois agum.” Do fhreagair na Iudaighibh ag rádh gurbha disciobail do Mhaoise iad féin, agus nárbh fheas dáibh créd é an fear sin. “Is iongnadh leam,” ar an t-óglaoch, “nach bhfuil fios agaibh cia hé, agus gurb é dothug mo radharc dhamh-sa.” Annsin do dhíbriodar amach as an Sinagóig é, agus do thárla Íosa dhó, agus d'fhiafraidh dhe ar chreid sé do mhac Dé, “Agus mise é atá a' caint leat,” ar sé. Do bhuail an t-óglaoch a aghaidh re lár ann a fhiadhnuise annsin, agus dothug adhradh agus onóir dhó. Dob aoibhinn don dall sin dofuair an solus ceart lé ndearnadh adharthach agus cosontóir Críosd a n-aghaidh dhoctúirigh an dlighe dhe. AN SAMARITÁNACH (Eóin 10;) Lúc.10 A.C. 32 Tar éis sgéil an leighis mhíorbhúiligh sin tráchtaigh an soisgél ar an teisd do-bheir Críosd
ar an ngrádh carthannach is cóir don phastúir a bheith ar an tréd bhíos ar a chúram, agus aithris do dhénamh ar an ard-Phástúir úd ar n-anama d'fhuiling bás dá dheóin féin ar son a thréda le tártháil do thabhairt do gach aon fó leith dhíobh. Agus dothug isan mbeagán briathar do labhair sé annso uaidhe gach comhartha lé n-aithiontar na deagh-phastúirigh agá mbíonn an cúram ceart i ttréd Críosd acu, óir má bhíonn is gach am ullmhaigh, ní hé amháin chum caill a mhaoine, a shuaimhnis agus a árais, acht báis féin d'fhulang ar a son, go tobann nó le pianta fada. Taisbénaidh sé fós annso méud an eidirdhealbha atá idir an bpastúir maith agus an tuarusdlach theithios an tan chí an madra alta ag teacht a' ciorrbhadh agus a' milleadh an tréda, .i. an té éisdios an uair búdh chóir dhó labhairt go dána agus troid chalma do dhénamh a n-aghaidh na muintire bhíos lé droch-shiompla, nó le teaguisg earráideacha, ag milleadh thréda an tSlánaightheóra. Agus iar gcur dualguis na bpastúire i gcéill dó, do theagaisg iad ann a ndualgas carthannacht dá chéile. Óir d'éirigh doctúir a' fiafraidhe dhe, le neart ládais agus dóchuis as a eagna féin, créd an aithne don dlighe dhiadha ba prionnsapálta. Do fhreagair Críosd le dhá fhocal é, ag rádh leis: “Grádh Dé ós cionn gach uile ní, agus grádh na comharsann mur thú féin.”
d'iafraigh an doctúir arís cia ba comhursa ann. d'innis Críosd le fáthsgél sin dó: “Dobhí duine ar eachtra,” ar sé, “agus tárla ladrainn dó, agus iar mbuain a mhaoine dhe do bhuailiodar comh mí-thrócuireach é gur loitiodar i mórán d'áitibh dá chorp é, gur fhágadar leath-mharbh ar an tslighe mhóir é. Agus ar mbeith isan gcruth sin dó do thárla do shagart bheith ag gabháil rena ais, agus arna fhaicsin dó níor chuir fiafraidh air acht gabháil rén' ais ar a aghaidh isan tslighe. Do-rinne leuiticceach an ní cédna (ní chuirios i gcéill, monuar, gur féidir le gairm mhóir a bheith ar uairibh gan subháilcidh a bheith 'na bhfochair ag na pearsannaibh cédna, agus go speisialta gan an charthannacht is anam dona subháilcibh eile). Agus iar sin,” ar sé, ag leanmhuin don sgél, “táinicc Samaritánach (.i. págánach nó íodhaladharthach) dá ionnsuighe, agus arna fhaicsin isan gcruth sin dó do ghlac truaighe mhór é; agus iar tteacht chuige, do dhóirt sé fíon agus ola ann a chneadhaibh, agus do cheangail le bréidibh beaga iar sin iad, agus do chuir ar a each féin é, go ttug go tigh aoidhe é, agus do chuir a chúram go dúthrachtach ar fear an tighe, agus iar ttabhairt airgid dó, adubhairt leis gibé cosdus ós a chionn sin do dhénamh ar
son an othair sin go ttiubhradh féin sásadh iomlán dó ann.” Agus iar sin d'fhiafraidh Íosa don doctúir cia don triar sin ba comharsa don té sin do loit na ladrainn. Do fhreagair an doctúir ag rádh gurbh é an té do-rinne truaighe dhó. Annsin adubhairt Íosa: “Dén-sa, más eadh, an ní cédna.” Cuiridh an fáth-sgél so an tSlánaightheóra i gcéill dúinn nach cóir do neoch é féin, a mhaoin, ná a shaothar, do choigill an tan is riachtanus tártháil do thabhairt do chomhursainn i n-éigion. Adeir na haithreacha naomhtha gur cosmhuil do réir résúin go raibh truaighe acu don duine bhocht úd; gidh eadh, go raibh críonnacht agus gliocas an tsaoghail so anois acu, do thoirmisg an sagart agus an cléireach um chaint do dhénamh leis an othar; agus nachar smuain an Samaritánach air sin, acht gur chuir a thrócuire i ngníomh le simplidheacht naomhtha. MARTA AGUS MÁIRE Luc.10 Anno Christi Eodem Níor leór le Íosa an dá apsdal décc do thogha, acht do thogh sé fós seachtmhoghad disciobal agus
dias fós, do chuir sé 'na ndías agus 'na ndías roimhe is gach ionad ann a raibh a thriall féin. Agus do bhídar sin sásda lena staid féin gan tnúth ar bith le honóir na hapsdaldacht, ní chuirios i gcéill gur chóir don dream bhíos 'na n-iachtaráin i nEagluis Chríosd gan tnúth ar bith do bheith le huachtaránacht acu, agus má thig gur toil le Críosd a ttógbháil chum uachtaránacht, mur do-rinne le Mathias, gur cóir dháibh gan sgaradh leis an umhlacht chédna dobhí ó thús acu. Agus iarna gcur isan teachtuiracht sin d'Íosa maille le cumhachta le deamhuin do dhíbirt, thángadar air a n-ais go hÍosa ag innsin dó go lúthgháireach go raibh na deamhuin fó smacht acu le trácht ar ainm Íosa Críosd. Adubhairt Íosa leó gan luathgháire do bheith orra ná uaill do dhénamh as an gcumhacht particulárdha sin, acht lúthgháire do bheith orra tréna n-anmanna do bheith sgríobhtha i leabhar na beatha síorruidhe, .i. ar neamh. Agus annsin, le hoibriughadh an Spioraid Naoimh, dothug buidheachus dó tré mur do thogh sé na daoine deireóile simplidhe sin le fios na rún-diamhra do cheil sé ar an aos eagna shaoghalta do thabhairt dóibh; agus adubhairt riú gurbha haoibhinn dona súile do-chonnairc an t-amharc dofuaradar, do bhrígh gurbha hiomdha rígh agus fáidh lér mhian na neithe do-chonncadar-san d'fhaicsin agus na neithe do-chualadar a chlos, gídh nárbh fhéidir leó na sóláis sin d'fhagháil, dá chur
i gcéill da gach dream dár ghlac teagasg na n-apsdal a bheith cúramach air, agus a bheith d'oidhche agus do ló dá stuidér. Agus chum go gcuirfeadh Íosa i gcéill staid bheatha gacha Críosdaighe, do-chuaidh sé chum baile bhig, nó mur deir an soisgél chum caisléin, áit i raibh bean mhuintiordha dhó darbh ainm Marta. Agus dobhí deirbhshiúr aice sin darbh ainm Máire, nó Muire, do shuidh go socair i bhfiadhnuis an tSlánaightheóra ag éisdeacht gan imnigh saoghalta leis, agus ag díleagha millseacht na mbriathar ndiadha dobhí a' teacht uaidhe, an feadh dobhí Martha go ro-dhíthchiollach ag ullmhughadh bídh. Agus do chasaoid sí ré hÍosa nach raibh a deirbhshiúr ag congnamh léidh. Agus a n-ionad a rádh re Máire congnamh do thabhairt dí, adubhairt Íosa gurab í Máire do ghlac an rogha dob fhearr tar a bheith ro-ghnoitheach ro-imnígheach i ttimchioll na gnoithídh saoghalta mur dobhí Marta. “Óir atá tusa, a Mharta,” ar sé, “imnigheach fó mhórán do neithe, gidh nach bhfuil acht aen-ní amháin riachtanach.” Agus dobhíodh an focal so do ghnáth i mbél na naomh do dhóirtfeadh iad féin do mhídheamhoin agus do stuidér rún-ndiamhra ndiadha an chreidigh, agus do thréigeadh congháir na gcúram saoghalta, óir do thuigiodar gurab í sin stáid is taithneamhaigh le Dia. Óir, tar cheann gurbha naomhtha an obair dobhí ar aire Mhartha, .i. ag gléus bídh
do Chríosd, is mó do thaithnigh suaimhnios Mháire agus a haire ar chlos briathar Dé iná sin leis. LEIMHE AN TSAIDHBHRIS SHAOGHALTA Luc.12 A. Eod. Do thaisbéin Críosd go dlúth 'na dhiaidh sin, leis an imdheargadh dothug dona Phairisínigh, go raibh ádhbhar maith aige le gníomhartha maithe na hintinne dobhí níos taithneamhaigh aige iná na gníomhartha foirmeallacha, óir, tar cheann go mbíd so ionmholta go minic i láthair na ndáoine, bíd ar uairibh lochtach gráineamhail i láthair Dé, do bhrígh nach ó inntinn mhaith thigid. Adeirid na haithreacha naomhtha ar an ádhbhar sin nach bhfuil ní ar bith is taithneamhaidh leis an diabhal ná an té ar a mbíonn sealbh a anama aige do dhénamh móráin do dheagh-ghníomhartha le saobh-chrábhadh go foirmiollach ós comhair cháich. Óir ní iarrann Dia acht an inntinn mhaith do bheith aige do ghnáth, agus uime sin is baoghlach an staid i mbíonn mórán do gach staid nach n-oibrígheann go ceart acht don taobh amuich dá ngníomhartha, agus is don dream bhíos ag ministrálacht na Sacrameinte agus briathara Dé is baoghlaigh go mór. Óir dotháinicc días dearbhráthar bhí i n-imreasan
fó mhaoin shaoghalta ag iarraidh air Críosd réiteach do dhénamh le breitheamhnus nó le roinn eatorra. Agus iar ttabhairt imdheargtha dháibh do dhiúlt sin do dhénamh, agus adubhairt nach chum breitheamhnuis don tsamhuil sin a dhénamh a tháinicc sé chum an tsaoghail. Do chuir sé i gcéill leis an bhfreagra so nárbh áil leis cúram ar bith do ghlacadh i ngnothídh saoghalta ar bith, agus gur chóir don dream do thogh an Slánaightheóir chum a Shacrameinte do mhinístrálacht, agus chum an tSoisgéil do theagasg, gnothídh agus trioblóid an tsaoghail do sheachna, do bhrígh gur mó go mór a gcúram féin ná cúram na ndaoine saoghalta, agus fós gur nár don té atá 'na stíobhard ag Dia féin a dhul a' dénamh stíobhardacht isan am chédna dá námhuid, .i. don tsaoghal; agus ná mealladhdís iad féin le leithsgél bhíos coitchionn ag cuid díobh, .i. gur le carthannus théid siad chum breitheamhnuis na gcásaibh saoghalta sin. Mo thruaighe nach ttugann cuid dona daoine Eaguilse so fó deara, bhíos níos díthchiollaigh ag stíobhardacht do dhaoinibh ná do Dhia, do chuir a lán-ualach cúraim orra; acht buidh chóir dháibh do ghnáth cách do theagasg agus do thoirmeasg ar an tsaint do sheachnadh, óir is í chuirios orra égcóir do dhéanmah ar a gcomharsainn. Agus is uabhar fós a bhrosdaighios cuid don Eagluis chum a bheith ag iarraidh ceannuis ar na prionnsaighe talmhuidhe isna neithe saoghalta, óir is mór an
ceannus agus an mhaighiostracht spioradálta atá acu ós a ccionn, agus is leór dháibh do chúram sin amháin. Agus chum na sainte do smachtughadh d'innis Críosd an sgél fáthach so, .i.: Dobhí duine ro-shaidhbhir do chruinnigh foghmhar mór, agus dobhí isan am cédna buaidhreadh mór air tré mur dobhí a iothlainn ro-chumhang le toradh a shaothair talmhuidhacht do chongbháil, agus adubhairt gur riachtanas dó an iothlainn do mhéudughadh, agus iar sin adubhairt: “An tan chruinneóchad,” ar sé, “an foghmhar mór so, is féidir liom a rádh lem anam a bheith suaimhneach, óir go bhfuil go leór agam le bheith ag ithe agus ag ól ar feadh móráin do bhliadhnaibh. Agus ar mbeith ag dénamh an áithis mhóir sin dó, adubhairt Dia leis: “A amadáin,” ar sé, “caillfidh tú h'anam anocht féin, agus créd dhénfus tú leis an méid saidhbhris do chruinnigh tú, nó cia agá mbiaidh do mhaoin amárach?” Cuiridh so i gcéill nach saidhbhris saoghalta búdh mían le Críosd a bheith ar aire a chloinne féin, acht saidhbhris nach gcaillfeadhdís ris a mbás do bheith go síorruídhe acu. AN MAC DIOMBALACH Luc.15 A. C. 32 Iar mbeith do mhac Dé go minic ag teagasg na haithrighe dona daoine, dob áil léis annso a chur
i gcéill le mórán do sgéltaibh fáth-chiallacha go raibh sí ro-thaithneamhach ag rígh nimhe. Óir innsidh sgél an aodhaire do chaill caora dhá thréd, agus méud na lúthghára dobhí air an uair dofuair sé í; sgél eile fós na mná do chaill píosa airgid, agus irna fhagháil dhí an lúthgháire mhór dobhí uirre, lér ghoir a chomharsanna chugthe le comhgháirdiochas do dhénamh léidh; agus 'na dhiaidh sin d'innis sgél ro-mhothaigheach ar an mac diombalach, mur so: “Dobhí duine ann,” ar sé, “agá raibh dias mac; agus d'iarr an sóisear díobh sin air a roinn féin dá oighreacht do thabhairt dó; agus iarna fhagháil sin dó, do-chuaidh go tír im-chéin, agus do scap sé a mhaoin annsin go diombalach dosgúdhach le mnáibh mí-chneasda. Dotháinicc gorta go grod dá éis sin ar lucht na críche sin, agus mur nach raibh stór ná lón ar bith aige-san dob éigion dó seirbhís sclábhaighthe d'iarraidh le beatha d'fhagháil; agus do ghlac duine do mhuintir an bhaile ann a raibh sé é, agus do chuir go teagh tuaithe dobhí aige é, a' comhdach muc; agus ní bhfuair tártháil annsin ón ngorta, acht do bhí a dhíghbháil bídh comh mór agus gur mhian leis a bheith i gcomhroinn leis na muca. Acht fá dheóidh, do smuain ar an staid dhíghbhálaígh ann a raibh, agus adubhairt leis féin: “Uch,” ar sé, “is iomdha do lucht tuarusdail atá a' fagháil
bídh go fairsing i ttig m'athar-sa anois, agus mise ag dul chum báis le gorta.” Agus leis sin do thréig sé an tír ghortach sin, agus do-chuaidh d'ionnsaigh a athar léna dhíth céille d'admháil dá láthair, le seirbhís mur sclábhaigh eile d'iarraigh air. Agus ar mbeith ag teacht chun an tighe dhó, do-chonnairc a athair é; agus arna aithne dhó d'fháisg réna chroidhe é, agus níor nár leis a admháil a bheith 'na mhac dil aige; agus do mhúch an lúthgháire dobhí aige réna fhaicsin an diomdha dobhí aige air tré imtheacht le mí-rath roimhe sin uaidhe. Do thuig an mac annsin níos fearr ná riamh roimhe méd an uilc agus an pheacaidh do-rinne a n-aghaidh athar comh maith agus comh cinéalta ris an athair dobhí aige, agus adubhairt annsin: “A athair ionmhuin,” ar sé, ag sléuchta ann a fhiadhnuise, “do pheacaigh misi i n-aghaidh Dé agus iod h'aighe féin, agus ní fiú mé do mhac a ghairm dhíom.” An uair do-chualaidh an t-athair trócuireach carthannach an mac dá umhlúghadh féin mur sin ann a láthair, i n-ionad imdheargadh do thabhairt dó, adubhairt léna lucht feadhma an róba dob fhearr agus an t-éudach dobhí roimhe ar a mhac do chur air, agus annsin d'ordaigh laogh biata do mharbhadh agus sollamhain lúthghára do dhénamh dá mhac tháinicc chuige. Arna fhaicsin sin don mhac bá sine do ghlac
fearg mhór é, do bhrígh nach ttug a athair samhuil na honóra sin dó féin ariamh, tar cheann nach dearnaidh easumhlacht ar bith ariamh 'na aghaidh. Gidh eadh, do fhreagair an t-athair é, ag rádh nár nár dó féin comharthaigh lúthghára do thaisbénadh do bhrígh go raibh a mhac dobhí marbh arna athbheódhadh. Ní riachtanus do réir na n-aithreach naomhtha gluais ná móráltacht do chur ar an gcaibidil so, óir léighthear innte féin go follusach méud thairbhe na haithrighe. AN DROCH-SHAIDHBHIR Luc.16 Níor leór le Críosd a fhuath ar an tsaidhbhrios do chur go minicc i gcéill, ná gach imdheargadh dá ttug dona saidhbhir, acht ba toil leis siompla cruaidh gér do thabhairt ar a staid annso uaidhe, is adhbhar uathbháis do dhuine ar bith agá mbeith creideamh. “Dobhí duine saidhbhir ann,” ar sé, “éudaighthe le purpar agus le togha ar fheabhuis gach línéudaigh, agá mbíodh gach aon lá togha gach bídh agus rogha gacha dighe ar a chlár. Acht do bhí duine bocht, darbh ainm Lazarus, dobhí lán do mhill agus do chneadhaibh gráineamhla, do luidheadh
gach oidhche ós comhair dhoruis a pháláis, agus nach n-iarradh do bheatha dhó féin acht na sprúghail do thuiteadh do bhórd an tsaidhbhir sin, agus gan duine ar bith dá seachada dhó. Agus mur mhéudughadh ar ádhbhar náire, agus mhéd suidhighthe ar a mhí-thrócuire, do thaisbéin a ghaidhir níosa mhó truaighe don othar bhocht so ná a maighistir, óir do líghdís a chneadha, dá chur i gcéill gurab iomdha slighe ghlacus Dia le sólás do thabhairt dá fhíréin bhochta féin. Acht fá dheóidh, an uair dob áil le Dia coróin bhuidheachuis do chur ar fhoighid dhaor-luaidh an othair phianta sin, agus a thuarusdal do thabhairt dó ar son a bhuan-sheasamh i bhfoighid dhiadha gan murmur ná casaoid do dhénamh a n-aghaidh tola Dé, do ghoir as an saoghal air, agus do chuir a aingil i gcuinne a anma, gur fhágadar i n-ucht Ábrahaim é. Dofuair an saidhbhir fós bás. Gidh eadh, iar mbás dobhí a staid ar aon thall comh égcosmhuil agus dobhí ar an tsaoghal. Óir ar an bponc ann ar sgar anm an tsaidhbhir lena chorp do damnaigheadh go hifrionn é; agus ar n-amharc as sin suas dó, do-chonnairc Ábraham i bhfad suas uaidhe agus Lazarus ann a ucht. Do sgread sé go hárd chum Ábrahaim, agus é dhá losgadh agus dá phianadh go mór; d'iarr air truaighe do dhénamh air, agus a rádh le Lazarus a mhér do thomadh i n-uisge, agus braon do léigion de chuige ar a theangaidh,
le fuaradh beag do thabhairt dí, óir go raibh sé dá losgadh le lasair uathbhásaigh thineadh. Adubhairt Ábraham leis: “Nach cumhain leat,” ar sé, “méud na sólás dobhí ar an tsaoghal agad an feadh bhí Lazarus ag fulang piana móra agus gorta, agus anois atá-san i n-aoibhnios agus tusa dod chéusadh.” Annsin d'iarr an saidhbhir ar Ábraham, ó nach raibh sólás le saoghal na saoghal aige féin re fagháil, Lazarus do chur i tteachtuireacht go tigh a athar le rogha do thabhairt dá chúigear dearbhbhráthar, dobhí ann, iad féin do choimhéd ar theacht go háit na bpian an raibh féin. Do fhreagair Ábraham é ag rádh go raibh Maoise agus na fáidhibh acu, agus muna gcreidfeadhdís iad sin nach n-éisdfeadhdís le marbh arna athbheódhadh. Iar gclos an sgéil fháthaigh so ann tSlánaíghtheóra ná bíodh tnúth ag na boicht fhírénta leis na saidhbhir, acht tugadh buidheachus mór do Dhia agus bíodh truaighe acu dona saidhbhir, óir gur dréimire maith le dhul go flaithios Dé an bhochtaineacht. AN PhairisÍNEACH AGUS AN PUIBLICÁNACH Lúc.18 A. eodem Tar éis staid bhocht na saidhbhior do chur i gcéill le briathra ro-mhothaigheach don tSlánaightheóir,
do chuir sé uathbhás ba mó ná sin go mór ar na hapsdail an uair d'fhaisnéis dáibh an t-uathbhás do bheith ar an domhan an tan do thiucfadh féin chum an bhreitheamhnuis ndéighionaigh, óir cuiridh an aimsir sin i gcosmhulacht leis an aimsir a ttáinicc an díle ar an talamh go hiomlán. “Dobhí,” ar Íosa, “an tan sin na daoine ag ithe, ag ól, ag pósadh a n-iongheana, agus na fir ag pósadh ban, nó gur thuit an díle go tobann orra, do bháith go hiomlán iad.” Agus ionnus go mbeith cách go coitcheann ar a gcoimhéd le teacht an uilc mhóir sin, adeir Críosd leó a bheith ag síor-ghuidhe Dé gan sgís, agus a nguidhe do bheith gér buan-sheasmhach, mur bheith bantreabhach ag guidhe breitheimh le ceart do dhénamh dhí, agus nach ttréigfeadh a bheith dá ghuidhe nó (go) gcuireadh éigíon air a hathchuinge do thabhairt dí. Agus dotháinicc as an léighionn sin dothug uaidhe ar an urnaighthe go ttug sé siompla dúbálta ar an urnaighthe uaidhe, do réir na bpearann do bheith dá dénamh, mur atá an t-uaibhreach, bhíos fuathmhur ag Dia, agus an t-umhal, bhíos taitneamhach aige. “Do-chuaidh dias,” ar sé, “ag urnaighthe chum an teampaill, duine díobh puiblicánach, agus Phairisíneach an fear eile (ionann sin agus duine ar a raibh
meas crábhaidh, .i. an Phairisíneach, agus duine ar a raibh meas peacaigh phuiblidhe). Agus ar ndul isteach isan teampall don Phairisíneach, do-chuaidh i láthair na haltóra, agus do sheas sé ós a comhair go handóchusach, agus adubhairt: “Bheirim buidheachus duit, a Dhé,” ar sé, “do bhrígh nach ionann mé agus cách eile do bheith éigceart bradach, agus fós ní hionann mé agus an puiblicánach so do-chím annso, óir troisgim fá dhó gach seachtmhuin, bheirim deachmhaidh as mo mhaoin go hiomlán, etca.” Ar mbeith don Fhairisíneach mur sin, i n-ionad urnaighthe, agá mholadh féin, gan ar 'aire (i n-ionad a chneadh do thaisbénadh do Dhia) acht bheith ag maoidheadh a dheagh-ghníomh, dobhí an puiblicánach go huirísiol i bhfad síos ón altóir ag admháil a chortha féin agus ag iarraidh trócuire ar Dhia, a shúile re lár ag bualadh a ochta, agus ag rádh: “A Thiaghearna, dén truaighe dhamh, óir is peacach ró-mhór mé.” Is maith chuirios an sgél fáthach so i gcéill an t-eidirdhealbhadh atá idir an mbreitheamhnus diadha agus an lag-bhreitheamhnus daonna. Óir an tan do mheas na daoine an Phairisíneach a bheith naomhtha is ann d'fhuathaigh agus do ghránaigh Dia dhó, agus an puiblicánach, do shíliodar a bheith fuathmhur ag Día, dobhí sé taithneamhach
aige, óir adeir Críosd gur shlánaigh a umhlacht ar an láthair sin é agus gur dhamnaigh a uabhar an Phairisíneach. Adeir S. Augustinus nach trésan mbuidheachus dothug an Phairisíneach ar son na ttiodhlaice dofuair ó Dhia do damnaigheadh é, acht trésan tarcuisne dothug ar an dream, dár leis, nach bhfuair iad mur é féin. Is baoghlach na subháilcidhibh foirmeallacha, acht leis an umhlacht do bheith dá smachtughadh do ghnáth. DO LUCHT OIBRE NA FÍNEAMHNA Math.20 A. 32 An uair ba mian le Críosd faisnéis do thabhairt uaidhe ar staid a Eaguilse féin, agus ar gach ní dhá raibh le teagbháil dí go deireadh an domhuin, d'innis sé dá dhisciobail an sgél fáthach so síos: “Is cosmhuil ríghacht nimhe le athair muintire dorachadh i moch maidne ag cur lucht oibre ann a fhínneamhuin, iar ndénamh connartha leó ar a ttuarusdal. Agus ar ndul amach arís dó tar éis an naoi do chlog, do-chonnairc daoine díomhaoineach' ar an tsráid, nó i n-áit oireachtais na cathrach, agus adubhairt riú dhul ag obair ann a fhíneamhuin. “Agus do-bhéraidh mé,” ar sé,
“bhur ttuarusdal daoibh.” Agus do-rinne an ní cédna ar uair an mheadhóin laoi, agus irís ar uair an trí. Agus irís ar ndul amach dó i ndeireadh an laoi, do-chonnairc sé daoine bhí dímhaoineach, agus d'fhiafraidh dhíobh créd fár chaithiodar an lá i ndíomhaoinius. Do fhreagradar-san, ag rádh nár iarr aon-nduine chum oibre iad. Adubhairt sé leó mur an gcéadna dul dá fhíneamhain, agus go ttiubhradh gibé tuarusdal budh cheart dáibh d'fhagháil ar son a saoithir. Ar tteacht don tráthnóna iar sin, dubhairt an máighistir lena fheadhmannach an lucht oibre do ghairm chuige agus a ttuarusdal do thabhairt dáibh. Agus ar ttosughadh dhó leis an dream dotháinicc go déighionach isan obair, dothug sé an tuarusdal cédna dháibh do cheap sé don chéd-druing, do thosaigh i moch na maidne; agus an uair do-chonncadar so iad ag fagháil an uiriod sin do shíliodar go bhfuigheadhdís féin a thrí uiriod, do réir na haimsire do chaithiodar isan obair, acht ní bhfuaradar acht an ní do gealladh dháibh ar maidin; agus thug sin orra dhul chum murmair, ag rádh nár cheart uiriod tuarusdail leó féin do thabhairt don dream nach raibh acht timchioll aon-uaire amháin isan obair, agus gur iomchair siad féin ualach an lae agus a theas. Do fhreagair an t-athair d'aon díobh, ag rádh: “A charaid,” ar sé, “ní dhearnus-a égcóir ort, óir dofuair tú an mhéid do gheallus dhuit do
réir ar gconnartha ré chéile, agus uime sin beir leat do cheart agus bídh ag imtheacht. Is toil liom-sa uiriod do thabhairt don fhear dhéighionach so agus do thug mé dhuit-se. Nó an measann tú nach bhfuil sé dlisdionach agam an ní is toil liom a dhénamh re mo chuid féin, nó an ndénann mo mhaith-se olc dhuit-se?” Agus is mur sin,” ar an Slánaightheóir, “bhías an dream atá ar deireadh i ttosach agus an dream atá i ttosach ar deireadh, óir atá mórán arna ngairm agus beagán arna ttogha.” Is ádhbhar mór an fáth-sgél rúndiamhrach so don léighionn do-bheir na haithreacha naomhtha dona Críosdaighibh, lé n-iarrann orra an díomhaoinius do sheachnadh agus a bheith le dúthracht ag síor-obair i bhfíneamhuin an Tiaghearna. Bídh gach aon ag obair isan bhfíneamhuin so, tar cheann nach aen-ghné oibre amháin bhíos ag gach aon, agus is leór do gach duine an ní iarrus maighistir na hoibre air a dhénamh gan nísa mhó, ná fós obair ar bith, do thogha dó féin, acht do réir ordaighthe. Ná dénadh fós aen-nduine uaill ná maoidheamh basdalach as a obair féin, óir níl taithneamhach innte acht an ní thig ón maighistir féin. “A mhairg,” adeir S. Augustinus, “do bheatha an té is fearr iomchras é féin ar an saoghal so, má scrúdann Dia a bheatha do réir a cheirt ghérchúisigh.”
LAZARUS ARNA ATHBHEÓDHADH Ioan.11 Adéuradh neoch gur luathaigh eiséirighe Lazaruis ar uair bháis an tSlánaightheóra, óir do bhrígh gurab í míorbhuile bá cliútaighe do-rinne Críosd í, is í is mó do tharruing ainmhian agus iomthnúth cáich air. Ar mbeith do Lazarus tinn isan mBethania do chuir a dhearbhsheathreacha sgéla a thinnis chum Íosa. Dobhí grádh mór ag Íosa ar Lazarus agus ar a dhias dearbhsheathar, agus an uair do-chualaidh an chonntabhairt bháis ann a raibh Lazarus adubhairt gur galar sin dotháinicc chum glóire Dé do mhéudughadh. Agus uime sin, i n-ionad deithnis do dhénamh le dul dá ionnsaighe, do chomhnaidh sé dhá lá isan áit a raibh, le huain báis do thabhairt dó, agus lena chur i gcéill gur ó easbhaidh Íosa do bheith i láthair thig bás spioradálta ar n-anamann. Iar ccaitheamh an dá lá sin d'Íosa adubhairt lena dhisciobail gur chóir a dhul go Iudea. Gidh eadh, mur dobhí eagla ar na disciobail dá Maighistir, adubhairtsiod leis go raibh a naimhde ullmhaigh gach uair lé díghbháil do dhénamh dhó agus lena bhásughadh. Dothug Íosa misnioch dháibh, agus adubhairt leó iar sin go bhfuair a gcaraid Lazarus bás, agus gur mhaith leis é, ionus go nearteóchadh,
leis an míorbhuile do chinn sé a dhénamh air, iad-san agus mórán eile ann a gcreideamh. Is annsin adubhairt an t-apsdal na briathra do bhí ar úsáid ag na fíréin anollód, .i. “Téighmíd leis agus fuilingimíd 'na fhochair.” An uair do-chuaidh Íosa go Bethania dofuair sé Lazarus adhlaicidh, iar mbeith ceithre lá marbh dhó. An uair do-chualaidh Martha Íosa do bheith ag teacht do-chuaidh sí gan mhaill 'na chuinne, agus d'fhág sí a deirbhshiúr Máire mar aon leis an dream dotháinicc as Ierusalem le cuairt chúgthu agus le sólás do thabhairt dáibh. Do nocht Martha a dólás do Chríosd, tré gan a bheith i láthair dhó le linn galair báis a dearbhráthar, agus d'admhaidh sí fós le creideamh láidir gurbh é mac Dé é, agus dá bhrígh sin gur chreid sí go mb'fhéidir leis gach ní ba toil leis d'fhagháil ó Dhia dhó isan gcruth ann a raibh an uair sin féin. Do-chuaidh Marta iar sin, agus d'innis go secréideach do Mháire go ttáinicc Íosa agus gur iarr uirre dul dá ionnsaighe. Leis sin do ghluais sí gan mhaill chuige, agus do lean an comhluadar dobhí aice í, do bhrígh gur shíliodar gur ag caoi ar uaigh a dearbhbhráthar do-chuaidh sí. An uair do-chonnairc Íosa Máire, mar aon leis na Iudaighibh do lean amach í, ag sileadh deór go tiugh, do chaoi sé féin, agus d'fhiafraidh cáit ar chuiriodar Lasarus. Agus do-chuadar leis chum na huamha.
Ar tteacht annsin dó, d'iarr an leac do thógbháil don uaidh, agus iar ndénadh urnaighthe chum an Athar Shíorruidhe dhó do labhair do ghuth árd, ag rádh: “A Lasaruis, tar amach.” Agus do éirghidh an marbh ar an láthair, agus do sheas i bhfiadhnuise cháich, agus isan am cédna dobhí a lámha agus a chosa ceangailtigh agus a éudan folaighthe le bréid lín do cuireadh iar mbás air. d'iarr Íosa iar sin a sgaoile agus cead siubhail do thabhairt dó. Druidigh Críosd le hanam an pheacaidh mur do dhruid le Lazarus, agus goiridh go hard ag iarraidh air éirghidh as uaidh thuath-bhréin an pheacaidh leis an gcumhacht sgaoilte agus ceanguil dothug don Eagluis. Beantar na cuibhriocha dhe an tan do-ní an Spiorad a mhúsgladh as bás an pheacaidh. Cuiridh fós an chaoi do-rinne Críosd roimh Lazarus d'athbheódhadh i gcéill méud an docamhuil bhíos i músgladh an pheacaidh chalcaidhios ann a n-olc. Gidh eadh, dhá mhéd docamhal dá mbíonn leis an míorbhuile sin do dhénamh, an uair labhrus Críosd go hárd agus ghoirios air, freagraidh go prap leis an nguth uile-chumhachtach sin. ZACHEUS ARNA GHAIRM LE CRÍOSD Luc.19 An uair do-chualaidh na Phairisínigh gur athbheódhaigh
Íosa Lazarus, agus ar bhfaicsin dáibh méd an chliú do-chuaidh ar an míorbhuile sin, do-chuadar i gcomhuirle ag féchuin créd budh cóir dháibh a dhénamh leis, agus dobhídar eatorra féin dá rádh, muna gcuireadhdís cosg air, go ttiucfadh na Rómhánaigh orra agus go mbeanfadh sealbh a mbailte agus an ríghacht díobh. Is annsin do labhair aon díobh, agus do bhrígh gurbh é bá hard-shagart an bhliadhain sin do-rinne fáisdine, ag rádh gurbhá riachtanus aon éigin d'fhulang báis ar son an phobail. Agus ón lá sin amach do chinniodar ar a bhásughadh. Mur do bhí a fhios sin ag Íosa d'fholaigh sé é féin, agus níor chomhnuidh go puiblídh i ttír na Iudea. Acht i gcionn beagáin aimsire, an tan dobhí aimsir a bháis do láthair, do chinn sé ar a dhul go Ierusalem; agus ar an tslighe do réimhinnis dá dhisciobail gach ní dhá raibh le teacht air. Agus ar tteacht go Iericho dhó, ann a bhealach go hIerusalem, tárla don té ba ceann feadhna dona puiblicánaigh, .i. do Zachaeus, go gcualaidh Críosd do bheith ag teacht chum an bhaile, agus do-chuaidh ar an tslighe roimhe, do bhrígh gur mhian leis le haimsir fhada roimhe sin a fhaicsin; agus do bhrígh go raibh sé beag ísioll ann a phearsainn, d'eagla go mbeith an dream dotháinicc leis ann a radharc, le toirmeasg do chur um Chríosd d'fhaicsin do réir a mhiana, mur dobhídar níos
uirde ná é, do rith sé rompa, agus do-chuaidh sé súas i gcrann árd siocumair dobhí ar an tslighe, ionnus go bhfuidheadh lán-amharc air Íosa. Ar mbeith don tSlánaightheóir ag teacht do láthair na háite sin, d'fhéch suas air Zachias, agus adubhairt leis turling go tapaidh, óir gur mhian leis dul dá thigh agus comhnuidh do dhénamh an lá sin ann. Tug Zachaeus siompla maith annso do gach aon le freagra fonnmhur prap do thabhairt uatha an tan do laibheóradh Dia riú (hodie si vocem eius audieritis nolite obdurare corda vestra), óir ní luaithe do-chualaidh é na do-chuaidh i gcuinne an tSlánaightheóra, agus do ghlac go lúthgháireach ann a thigh é. Agus ar mbeith do chách ag ithiomrádh ar Íosa tré mur do thogh sé teach, mur do mheasadar, peacaigh phuiblidh chum coimhnuidh do dhénamh ann, gidh eadh, ar an láthair, le hoibriughadh an Spioraid Naoimh, do dhiúlt agus d'fhuathaidh Zachaeus don tsaint do char sé go suiche sin, agus, arna umhlughadh féin do láthair an tSlánaightheóra, adubhairt leis le dóchus mór agus le dánacht naomhtha dofuair ó Dhia go ttiubhradh gan mhaill leath a mhaoine dona boicht, agus go ttiubhradh leis an gcuid eile dhi aisiog fó cheathair do gach aon ar a ndearna éagcóir. Ar gclos na mbriathar sin, dotháinicc óna ghrásaibh féin, do Chríosd, adubhairt go ttáinicc
sláinte chum tighe Shacheuis an lá sin, agus tar cheann nach raibh Zacheus acht i ttarcuisne ag na Iudaighibh, adubhairt Críosd ós aird go raibh “na mhac ag Ábraham,” ní do réir gheineamhna acht do réir chosmhalacht; óir adeirid aroile úghdair gurbha Geintíleach é; gidh eadh, is mó is inchreidthe do réir Liránuis gurbhá Iudaigheach é, óir dá madh Geintíleach é do thóigfeadh na Iudaighibh go ró-olc ar Íosa a dhul dá thigh mur do thóigiodar air go holc dhul go tigh peacaidh. Tuigthear as so nach bíonn maill ar an bpeacach teacht ar staid naomhthacht an uair a scriosas sé frémhachaibh na gcinn-pheacaidhibh, mur do-rinne Zacheus leis an tsaint dobhí greamaidh dhe go n-uige sin, a' tabhairt leath a mhaoine dona bochtaibh agus a' dénamh aisig leis an gcuid eile fó cheathair ar gach ní dá bhfuair iriamh go hégceart. ÍOSA CRÍOSD AG TEACHT GO CATHREIMÉACH GO HIERUSALEM. Tar éis Zacheuis do thabhairt ar dheigh-staid do Chríosd do ghluais sé as Iericho a' dul go Ierusalem. Agus táinicc sé lá roimh an gCáisg go Bethánia, áit ar ghlac Máire deirbhshiúr
Lazaruis, d'athbheódhaidh sé roimhe sin, go lúthgháireach é; agus do dhóirt sí soitheach d'ola deigh-bholaidh daor-luaidh fóna cheann anuas. Do-rinne Iudás murmur a n-aghaidh an ghníomha sin; gidh eadh, do mhol Críosd é. An uair do-chualaidh na comharsanna go raibh Críosd annsin dothángadar 'na ndrongaibh agus 'na mbuidhnibh, ní headh amháin chum eision d'fhaicsion acht chum go bhfaiceadís Lazarus do bhí arna athbheódhadh. Agus do mhédaigh sin fearg agus anmhian na bhPhairisínigh comh mór sin, gur chinneadar ar Lazarus féin do mharbhadh, ionnus nach beith ag músgladh na míorbhuile móire do-rinne Críosd air i meabhair cháich agus ann a gcuimhne gacha mhionca do-chídís é, agus gurbhá hadhbhar mór sin le dronga dona Iudaighaibh do thabhairt chum creidigh agus géilleadh do thabhairt do Chríosd. Agus ar mbeith arna mhárach do Chríosd ar shliabh Oiliuéite i bhfogus don chathair, do chuir sé dias dá dhisciobail go caisléan dobhí i bhfogus dáibh, agus adubhairt riú an t-asal agus a bromach do bhí ceangailte ann do thabhairt chuige lena iomchar go Ierusalem, agus dá gcuireadh aon-nduine toirmeasg air a ttabhairt chuige, a innsin dó go raibh feidhm ag an Tiaghearna leó. Do-rinne na disciobail mur d'iarr orra. Agus ar mbeith ag dul ar marcuighacht dó, chuiriodar a n-éudaighibh faoi ar dhruim an asail, agus do shuidh Íosa ar a n-uachtar.
Arna chlos dona dronga móra daoine dotháinicc an uair sin a' dénamh na Cásg go Ierusalem go raibh Íosa ag ionnsuighe an bhaile, do-chuadar le craobha pailime ann a lámha 'na chuinne go lúthgháireach, a' dénamh onóra dhó; agus dobhídar dá mholadh le gotha árda agus le gártha móra lúthghára; agus dobhí cuid acu ag teilgion a n-éudaighibh fó chosaibh asail an tSlánaightheóra, agus cuid ag crothadh chraobh nglasa roimhe, agus ag cur fáilte go lúthgháireach roimhe, ag rádh: “Sláinte agus glóir do mhac Dháibhídh; is beannaighthe an tí tánicc i n-ainm an Tiaghearna.” Do mhédaigh an onóir mhór sin mí-rún agus mailís na naimhde dobhí ag Críosd, go n-abraddís go hiomthnúthach eatorra féin: “Féch, níl buaidh ar bith aguinn re fagháil ar an bhfear so: féch mur tá an domhan ag géilleadh dhó agus dá leanmhuin.” Adeir na haithreacha naomhtha gur mian le Críosd an onóir agus an úmhlacht lúthgháireach so d'fhagháil roimh an suipér déighíonach agus roimh an mbás óna Iudaighibh, lena chur i gcéill don domhan go raibh ann a chumhacht an domhan d'iompódh mur ba toil leis, agus go m'fhéidir leis a chur d'fhiachaibh ar a námhaid, agus ar an dream ba námhuid agus agá raibh mailís dó, umhlacht agus onóir do thabhairt dó an uair ba toil leis, dá chur i gcéill go mbéidh sé éigiontach ag gach dream, agus dona deamhuin féin, a nglúinibh d'fheacadh a' dénamh umhlacht dó.
AN LUCHT DÍOLA AGUS CEANNAIGH ARNA NDÍBIRT AS AN TEAMPALL Ar mbeith d'Íosa ag ionnsuigh Ierusalem níor chuir an onóir ná an gáirdeachus dobhí dá dhénamh dhó gan caoi agus eólchuire do dhénamh ag teacht ar amharc an bhaile dhó; óir dobhí do mhéd a charthannais do lucht na cathrach muintiordha sin gur ghoill go mór air an díoghaltas agus an dían-scrios dobhí le teacht trésan día-mharbhadh do bhídar a thionnsgnadh dhó féin. Agus d'innis sé dháibh nach raibh d'ádhbhar ag na huilc sin acht do bhrígh nach ttugadar dá n-aire agus nachar ghlacadar go buidheach na tiodhlaice móra do thug Dia dháibh ann a phearsainn féin. Agus leis sin dothug léighion dona Críosdaighibh gan grása Dé do chur i ndimbrígh, óir go ttig díoghaltas do-innse ó Dhia mur dhíoghaltus ar an tarcuisne sin. Óir, gidh nach ttáinicc an díoghaltus ar an láthair sin ar Ierusalem, dotháinicc sé 'na dhiaidh sin go lán-chumhachtach orra. Ar mbeith d'Íosa mur sin ag dénamh dóláis fón mí-rath agus fón dian-scrios dobhí le teacht ar cathraigh ro-áluinn Ierusalem, dobhí ag imtheacht isan tslighe, go ttáinicc fá dheóidh don bhaile isan am a rabhdar go gnoitheach ag fiafraidh dhá
chéile créd é dothainicc go sollamanta mur sin don chathair. Agus níor chomhnuidh-san go ndeachaidh don teampall; agus ar bhfaicsin dreime ag reic agus ag ceannach an do theilg sé go feargach a gcláir condais fó lár, agus do dhíbir le sgiúrsa do-rinne sé do chórdaighibh beaga, agus do theilg sé fós le lár na cathaoireacha ar ar shuidh lucht díolta colum agus feurán, agus adubhairt go dásachtach díbhfheirgach nár chóir uaimh ladrann do dhénamh do thigh urnaighthe Dé, .i. don teampall do hoirneadh chum Dé d'adhradh ann; agus do thaisbéin an uiriod sin onóra do theampall, nó do thigh, Dé nach bhfuilingeadh d'aon-neach soitheach lán ná folamh d'iomchar ann. Do-bheir na haithreacha naomhtha dhá n-aire go mór nach luaithe do reimhinnis an Slánaightheóir na huilc dotháinicc ar cathraigh Ierusalém ná do-chuaidh isteach innte, agus do chuir i gcéill leis an smacht do chur ar cách isan teampall gur tré gach mí-ordughadh agus gach mí-bhésa dá mbíodh 'na measg, agus go speisialta isan áit naomhtha féin, dobhí na huilc sin le teacht orra; agus ba leór mur imdheargadh dona sagairt féin an smachtughadh do-rinne ar an druing réimhráite i ttigh Dé, do bhrígh gur ó fhailligh na sagart tháinicc don druing sin a bheith ag reic agus ag ceannach ann. Mo thruaighe nach ttugann na Críosdaighibh dhá n-aire aniugh méd an mhasla do-bheirid do Dhia
an uair bhíd ag bíodán i láthair altóra an tSlánaightheóra, agus is eagail liom gur dona hadhbhair an ní cédna so trésar leag Dia a lámh dhíoghaltach ar an bpobal Éireannach. Dar leat, níor chóir a thoirmeasg do chách na neithe bhídh riachtanach chum na hiodhbartha do cheanach ag dorus nó i bpórsa an teampall, gidh eadh is léur ann so méd na feirge do chuir an mhargáil chédna sin ar mhac Dé, tar cheann nach ttáinicc iriamh, agus nach ttiucfaidh, duine comh foighidach ná comh ceannsaigh ris. RÓBA INEAMHUIL AN PHÓSDA Matha 22 Ón uair a ttáinicc Críosd go sollamanta go cathair Ierusalém ní raibh ní ar bith ar a aire, nó gur fhuiling bás croiche, acht a bheith gan sgís ag teagasg cáich go coitcheann, agus ag réimhinnsin dona Iudaighibh go ttiugfadh mur dhíoghaltas ar a neamh-dhísleacht agus ar a mí-chreideamh go mbeith na Geintíligh arna ttogha ann a n-ionadh leis an nglóir shíorruidhe do shealbhughadh i ríghacht nimhe. Agus chum nach glacfadh na
Geintíleacha féin uaill nó uabhar trés an togha sin do-rinneadh orra, d'innis sé fáth-sgél dáibh dar chóir a bheith 'na léighionn síorruidhe aguinn. Ag so an fáth-sgél sin: “Is cosmhuil ríghacht nimhe,” ar sé, “le rígh do-rinne fleadh mór d'ullmhughadh le pósadh a mhic. Do chuir a theachta le cuireadh do thabhairt don dream ba mian leis a theacht chum na bainnse. Agus ar ttabhairt tarcuisne dháibh sin don chéd-theachtuireacht do chuir chugthu, agus iar ndiúltadh an churtha, do chuir teachtairigh eile chugthu, d'innis dáibh go raibh an féusda ullmhaigh, na daimh agus an énfhlaith marbh. Gidh eadh, do dhiúltadar an dara feacht dul dá ionnsaighe; agus do-chuaidh cuid díobh dá ttighthibh tuaithe, cuid eile le gnoithibh nach n-áirmhithear, agus cuid eile dhíobh, ba dobhuidhigh ná cách, do mhaslaigh na teachtuirigh sin, agus do mharbh cuid eile dhíobh. Do ghlac fearg mhór an rígh trésan tarcuisne sin dofuair. Do chuir gan mhaill a mhílídhibh a' dénamh díoghaltais orra, agus dá marbhadh, agus a' losgadh a mbailte. Agus iarna dhénamh sin dó, dubhairt lena sheirbhísachaibh: “Do-chídh sibh go bhfuil an fleadh ullmhaigh agus gur dhiúlt an drong dofuair cuireadh le teacht dá caitheamh a gcuid de do ghlacadh. Imghidh dá bhrígh sin ar an bealaighibh móra agus tugaidh libh isteach an méid gheibhthí ann do gach gné dhaonna.”
d'umhlaigh na seirbhísigh dhá maighistir, agus do chruinnighdar gach a ttárla leó do mhaith agus d'olc, gur líonadar halla mór na bainnse. Agus ar mbeith ag caitheamh na fleidhe dháibh tháinicc an rígh isteach ag amharc ar an dream dotháinicc isteach ann, agus ar bhfaicsin gan róba ineamhail bainnse an phósda aon díobh, adubhairt leis: “A chara,” ar sé, “créd as a ttáinicc an dánacht lér shuidh thú ar bhórd na bainnse?” Agus ní bhfuair freagra uaidhe. Annsin adubhairt an rígh lena shearbhfoghantibh a chosa agus a lámha do cheangal, agus a theilgion i ndorchadus foirmiollach.” Agus do chríochnaigh Críosd an fáth-sgél leis na briathra uathbhásacha so, .i. “Tá mórán arna ngairm, agus beagán arna ttogha.” Cuiridh an fáth-sgél so i gcéill dúinn gur coir do gach aon a bheith coimhédach air féin, d'eagla go gcaillfeadh róba neamh-chionta an bhaisdeadha agus brat na ngrás. Óir gibé geibhthear nochtaidh gan na brait sin do bheith air i n-aimsir an fheadha shíorruidhe do chaitheamh, nó i n-am Chuirp an Tiaghearna do chaitheamh ag an altóir, teilgthear ceangailtidh go huaimh dhorcha ifrinn é. Dá bhrígh sin deir sé linn gan sgaradh ris na brait sin, do bhrígh gur neamh-chinte uair an chundais, agus gur amhuil mur thig an bitheamhnach thiucfus sé.
FÁTH-SGÉL NA TTALANN Sul do chríochnaigh Críosd a theagasg dob áil leis eagla do chur ar na daoine le íomháigh an bhreitheamhnais ndéighionaidh do thaisbénadh dháibh; agus is uime sin d'innis sé fáth-sgél na gcúig maighdion gcríonna agus na gcúig maighdion n-aimideach ndí-chéilligh, lér chuir i gcéill nach leór do neoch a staid do bheith naomhtha, .i. a bheith 'na sagart, 'na bhráthair, nó 'na mnaoi riaghalta más bean í, ná fós a lóchrann do bheith ar lasadh ar uairibh ann a láimh, .i. deagh-ghníomha ar uairibh do dhénamh, acht chum dul go tigh na bainnse, .i. go flaithios Dé, gur riachtanus dó a lampa do bheith líonta le lón mór don ola dhiadha so ar a ttráchtann Críosd annso, .i. dona grása agus dona subháilcibh diadha, mur atá, creideadh, dóchus agus grádh, mar aon le humhlacht agus re foighid bhuan-sheasmhach. Agus is mór agus is folláin na léighinn do-bheir dhúinn 'na dhiaidh sin le fáth-sgél na ttallann do innis sé isan áit chédna mur so: “Dobhí duine ag imtheacht ar eachtra imchéin,” ar sé, “do ghoir a shearbhfoghantaibh chuige, agus
do roinn a mhaoin eatorra, óir dothug cúig thallanna d'aon acu, dá thallainn do dhuine eile, agus aon-tallainn amháin don treas duine díobh. (.i. Dothug do gach aon do réir a acfuinge, .i. do réir na ngarm nó na staide i mbíonn gach aon, óir do-bheir don rígh grása do réir a gharma, don easbacc agus do gach aon uaidhe sin amach do réir a chúraim). Agus do-rinne an té fuair na cúig thallanna úsáid comh maith sin díobh gur bhuadhaigh cúig thallanna eile orra; do-rine an té fuair an dá thallainn tairbhe dhúbalta mur an gcédna; acht an té nach bhfuair acht aon-tallann amháin ní dhearnaidh úsáid dhé acht a chur isan talamh i bhfolach. Agus ar tteacht tar a ais don mhaighistir i n-aimsir imchéin dá éis sin, dothug sé an dream chédna chum conduis. Agus ar tteacht do láthair don té fuair na cúig thallanna, thug sé chuige iad mar aon leis na cúig thallanna bisigh do-rinne dhíobh; dothug fós fear an dá thalluinn ceithre tallanna chuige, agus do mhol sé go mór dísleacht agus ionnracus dúthrachtach na deise sin, agus do gheall tuarusdal maith dháibh; gidh eadh, ar tteacht dá láthair d'fhear an aon-talluinn adubhairt: “Is feas damh-sa, a thiaghearna, gur duine cruaidh-dhálach thú, gur mian leat buain isan ionad nár chuiris síol, is uime sin nár chuirios do thalluinn i gconntabhairt le hédáil do dhénamh di, acht a
cur i bhfolach i ttalamh, agus atá sí agam anois lena tabhairt ar a hais duit: glac í,” ar sé. Do fhreagair an maighistir, ag rádh: “A dhroch-shearbhfoghaintaigh,” ar sé, “ó dob fheas duit gur dhuine dona cáilidheachta sin mé, créd nár chuiris an t-airgiod dofuair tú i n-úsáid lena thecht chum bisigh”? Agus ar nglacadh feirge móire é, adubhairt an talainn chédna do bhuain de agus a tabhairt don té do-rinne úsáid mhaith dá chuid féin; agus d'ordaigh sé iar sin an droch-shearbhfoghaintaigh leisgeamhuil mí-dhúthrachtach do cheangal, agus iar sin a theilgion i ndorchadus foirmiollach (.i. as amharc na glóire go síorruidhe).” Féch mur leanus as so nach leór do neoch gan peacaidhe a dhénamh, acht gur riachtanusach dhó i bpéin damanta deagh-ghníomha do dhénamh, do réir an chumais agus an chúraim bhíos air. AN BREITHEAMNUS DÉIGHIONACH Iar ttabhairt soluis do chách ar chruadhálaigh an bhreitheamhnuis ndéighionaigh do Chríosd le fáth-sgéil na maighdion agus na ttallann, dob áil
leis an domhun uile do chur ar a gcoimhéd le tuarusgbháil geinearáilte do thabhairt ar uathbháis an bhreitheamhnuis ndéighionaigh. Óir tar cheann go bhfuil Críosd a' tabhairt breitheamhnuis is gach am ar an domhan go do-fhaigsionach dona daoine ar an tsaoghal so, ba mian leis a chur i gcéill go ttiucfaidh lá ann a ttaisbénaidh sé a cheart don domhan go follusach, an tan thiucfus sé, le mórdhacht ríoghdha agus le cathréim dho-innste idir a ainglibh, go háit i mbéidh an domhan daonna uile ar aon-láthair ag amharc go crith-eaglach air ag dealughadh na n-uan bhfírénta ó na boic bhréna agus dá gcur ar thaobh a dheasláimhe, ar bhfágbháil na mbrén-bhoc mallaighthe ar thaobh (na) láimhe cléithe, agus iar sin ag éisdeacht leis ag rádh leis na fíréin: “Tigidh, a dhrong do bheannaigh m'Athair, gabhaidh sealbh na ríghacht atá dá hullmhughadh ó thús an domhain, óir dobhí ocrus orum agus do thug sibh bia dham, dobhí tart orum, agus dothug sibh deoch dhamh, dobhí mé um dheóraigh agus thug sibh aoidhacht damh, dobhí mé tinn agus do thigeadh sibh ar cuairt chugam, dobhí mé nocht agus do éudaigh sibh mé, dobhí mé i bpríosún agus do thigeadh sibh ar cuairt cugam ann.” Agus iar rádh na mbriathar sólásach sin do chuirfios gairdeachas mór agus lúthgháire dho-innste ar na fíréin, agus ann a mbiaidh iongnadh mór
fós acu, acht go ttuigfid ar an láthair gur tré mur do-rinneadar gach gníomh trócuireach dá ndearnadar ar lucht leatruim ar an tsaoghal (do-rinneadar do Chríosd iad) - ní lugha ná sin chuirfios uathbhás ar dhruing mhallaighthe na láimhe cléithe an uair chluinfid ag tabhairt iomardaigh, aithise, agus imdheargtha, dháibh tréna mí-thrócuire é, óir nach ttugadar tártháil dó isna héigin ann a raibh go minicc mur an dream fhírénta thúas. Fiafreóid de annsin cá hauri do-chonncadar isna héigin sin é. Freageóraidh-san ag rádh, gach mí-thrócuire agus gan éagcóir dá ndearnsad ar a bhochtaibh gur air féin do-rinneadar. Adéuraidh annsin go fraochdha feargach leó: “Imghidh, a dhrong mhallaighthe mhí-thrócaireach, a' fulang pian síorruidhe i n-ifrionn.” Ó, a Chríosdaigh, so an breitheamhnus uathbhásach ar nach béidh gairm ar ais le saoghal na saoghal. Ná sgar le cuimhne an cheirt-bhreitheamhnuis so go bráth, óir níl ní ar bith is tairbhígh agus is folláine don chreidmheach ná smuaineadh gnáthach an bhreitheamhnuis uathbhásaigh so. Tabhair dod aire fós an dara feacht nach leór do chách gan peacadh do dhénamh, acht gur riachtanach dháibh na deagh-ghníomhartha do dhénamh, d'aimhdheóin a n-abair eiriticcidh na haimsire so.
AN SUIPÉR. Ní raibh acht dá lá idir críche do chur ar an tseanmóir mhóir do Chríosd agus sollamhain na Cásga Iudaigheach, agus dá bhrígh sin d'órdaigh sé dá dhisciobail gach ní riachtanach d'ullmhughadh chum na sollamhan sin. Agus an uair do-rinneadar sin, agus do cheangail Iudás connradh lena Mhaighistir do sheachadadh dhá namhaid iar nglacadh tuarusdail uatha, do-chuaidh an Slánaightheóir gona dhisciobail isteach i halla mhór dheagh-ordaighthe leis an tsuipér do chaitheamh i n-aoinfheacht ann. Agus adubhairt riú go raibh mian mór aige an suipér sin do chaitheamh mar aon riú. Agus chum go ttiubhradh comharthaigh iomlána ar dhíoghrais a ghráidh dáibh, iar gcaitheamh an uain Chásga do réir rachta Mhaoise dháibh, agus roimh a shacrameint dhiadha do dhénamh d'Íosa, d'uirísligh sé é féin i bhfiadhnuis a dhisciobal. Óir iar gceangal tubháille 'na thimchioll dothug sé báisín uisge chuige le cosaibh a apsdal d'ionnladh agus lena ttiormughadh leis an tubháille. Agus do chríochnaigh sé an gníomh umhlachta so leis na briathra tairbheacha so:
“Dothugas-a siompla maith umhlachta dhíbh ionnus go ndénfadh sibh-se an ní cédna dá chéile.” Iar sin do chuir a éudach uime, do chuir roimhe sin de an uair dob áil leis cosa na n-apsdal do nighe, agus do shuidh ag an gclár, agus do ghlac arán ann a láimh, agus do bheannaigh agus do bhris é, agus dothug dá dhisciobail é ag rádh: IS É SO MO CHORP. Agus dothug sé é féin as a lámha féin dáibh; agus dothug sé an tseóid dhiadha ghrásamhuil sin do Iudás féin, tar cheann go raibh fios a mhiosgais aige, do bhrígh nárbh áil leis a chraobhsgaoileadh don chuid eile, agus fós ionnus go n-oibreóchadh a chaoineas agus a cheannsaigheacht ar a chruaidh-chroidhe salach. Agus do chuir sé i gcéill dúinn fós, mur is sólás agus beatha dhiadha d'anmaibh na bhfírén an tsacrameint ró-dhiadha so, gur damaint shíorruidhe don druing a ghlacus go neamh-ghlan í, óir go ttéid an diabhal ann a n-anma an uair théid Íosa Críosd isteach ann a gcuirp, mur thárla do Iudás. Agus is iongantach do chuir an disciobail mallaighthe so a dhánacht dhamanta agus a dhúr-chroidheacht i gcéill tar éis a bheith ciontach i nglacadh cuirp agus fola an tSlánaightheóra go neamh-ghlan dhó. An uair d'fhiafraigh gach aon fó leith dona disciobail neamh-chiontacha le huathbhás mór do Chríosd ann iad féin dobhí 'na
ttrétúracha, d'fhiafraigh seision le dánacht dhiabhlaigh an cheisd chédna dhé. Agus leis sin féin do ghluais sé ag cur a thrétúracht i gníomh, do réir mur dobhí a shaint ghnáthach dá ghluasacht. Is mór an t-iongantus do-ní na haithreacha naomhtha do mhaith agus do cheannsaighacht ro-mhilis an tSlánaigheóra, tré mur dothug a chorp agus a fhuil féin don trétúrach mallaighthe so. Agus is mór an dólás leis an Eaglais naomhtha a liacht masla don tsórt so beirthear go laethamhuil don tsacrameint ro-bheannaighthe so. ÍOSA ISAN NGÁIRDÍN Iar n-imtheacht do Iudás ó Íosa chum a inntinn thrétúrdha do chur i ngníomh, do-rinne Críosd teagasg ro-iongantach dá apsdail, agus do labhair go cathréimeach ar shacrameint a chuirp féin. Adubhairt annsin le Peattar go raibh an diabhal ag iarraidh cathaigh do chur air, agus gur ghuidh sé féin an t-Athair ar a shon. Agus i n-ionad uamhain nó uathbháis do ghlacadh do Pheadar agus buidheachuis do thabhairt don tSlánaightheóir, is dánacht an-dóchusach d'fhás ann; óir, an uair
d'innis Críosd go follusach dó go sénfadh fó thrí an oidhche sin é féin sul ngoirfeadh an coileach fó thrí, adubhairt sé go han-dána nach sénfadh go bráth é, agus i bhfad óna shénadh go raibh sé ullmhaigh chum báis d'fhulang ar a shon, nó dhul i bpríosún mar aon ris. Agus an uair nár umhlaigh an fháisdine sin do-rinne Críosd dó é, ní cian gur umhlaigh an leagadh féin é. Agus iar gcríochnughadh na seanmóra déighionaigh so do Chríosd, adubhairt leis na hapsdail cloidhmhthe do bhreith leó; agus do ghluais tar sruth Cédroin le dhul, do réir mur ba gnáth leis, go sliabh Oliuéte. Do lean a apsdail é; agus ar mbeith dó i n-áit dá ngoirthí Gethsemani adubhairt leó comhnuidh ann, ionus go rachadh féin ar uaignios ag urnaighthe i ngárdha dobhí i bhfogus dhó, mur do-rinne go ro-mhinic roimhe sin (agus ar an ádhbhar sin dobhí eólas maith ag Iudás ann); agus ní thug leis dona hapsdail ann acht Peadar, Eóin agus Sém, agus is iad sin ba hannsa leis, agus is annamh do sgaradís ris an Slánaightheóir. Agus ar mbeith i bhfochair a chéile dháibh ann sin adubhairt Críosd go raibh dólás marbhthach air féin, agus adubhairt leó-san faire do dhénamh ar feadh do bheith féinn ag urnaighthe; agus do dhruid
fad urchair mion-chloiche uatha; agus arna léigion ar a ghlúinibh dhó do ghuidh sé an t-Athair Síorruidhe, ag iarraidh ar cailís shearbh an bháis do chongbháil uaidhe, acht isan am cédna d'iarr sé gan a thoil féin acht toil an Athar do bheith arna dénamh. Dotháinicc laige ar an tSlánaightheóir, agus ar n-iompódh a aighe chum na talmhan dó dotháinicc allas fola as gach ball dá chorp dobhí ag snighe go talamh ris. Agus annsin táinicc aingeal Dé a' tabhairt sóláis dó. Is annso budh chóir do gach Críosdaigh a theacht le foghluim do dhénamh ar an modh ar cóir an urnaigh do dhénamh, .i. le humhlacht, le dóchus agus le buan-sheasamh. Iar mbeith d'Íosa i n-anbhfainne agus i ndólás mur sin do-chuaidh ag iarraidh sóláis dochum na n-apsdal. Gidh eadh, ní bhfuair sin uatha, óir dorug codladh buaidh orra. Agus do mhúsgail fó thrí iad ag rádh na mbriathar milis so: “Dénaidh faire, dénaidh urnaighthe, óir atá an spiorad lúthmhur agus an fheóil lag.” Acht iar rádh na mbriathar sin an treas feacht dó do-chonnairc Iudás, maille le druing mhóir armtha do chuir na Iudaighibh agus na Phairisínigh leis. Agus dothug mur chomhartha ar Chríosd dáibh go ttiubhradh féin póg dhó, agus adubhairt
leó an té sin dá ttiubhradh póg a ghabháil gan mhaill agus coimhéd maith do dhénamh d'eagla go n-imeóchadh as a lámha. Agus annsin dotháinicc an trétúrach gan uamhan gan imeagla do láthair Shlánaigheóra an domhuin, agus dothug póg dhó. d'fhulaing Críosd go foighideach ceannsaigh dhó, ionnus go gcuirfeadh i gcéill dúinne gur cóir dhúinn olc agus trétúracht ar gcarad féin agus ar seirbhíseacha d'iomchar go foighidach, mur do-rinne sé féin annso; acht dubhairt d'aen-fhocal leis: “A charaid, créd do thoisg, nó an le póig sheachadus tú Mac an duine dhá námhuid?” Gidh eadh, ní le himdheargadh do thabhairt do Iudás adubhairt sé na briathra, acht chum go smuaineóchadh air féin le haithrigh do dhénamh. Iar nglacadh na póige sin ó Iudás do Chríosd (do theith roimhe sin ó chách an uair dob áill leó rígh do dhénamh dhe), do dhruid roimh an daorsgar-shluagh deamhnaidh sin, agus d'fhiafraidh dhíobh créd bhídar 'iarraidh, agus sin do ghuth láidir chumhachtach do theilg uile ar a gcúil le talamh iad, ní lér chuir i gcéill nach lé heasbhaidh cumhacht d'fhulaing sé bás, acht gur dá dheóin féin, chum an chine daonna do shaoradh, d'fhuiling é. Agus annsin iar n-éirghe don daosgar-shluagh dheamhnaigh sin don talamh ar ar thuitiodar fó thrí le fuaim ghotha uile-chumhachtaigh an tSlánaightheóra, do sheachaid sé é féin dáibh, do bhrígh
gur ghéill dona cumhachtaibh dothug a Athair dhóibh air. Is annsin dob áill le Peadar a chosaint orra, agus iar ttarruing a chloidhmhe dhó do bhean a chluas do shearbhfhoghantaigh an árd-shagairt, agus Malchus ghoirios an soisgél don fhear sin. Gidh eadh, i n-ionad díoghaltais do dhénamh do Chríosd do leighis sé an lot sin ar an láthair, agus dothug sé fós achmhusán do Pheadar trésan ngníomh tobann sin, agus adubhairt leis gur dhíomhaoin an cosnamh dob áill leis a dhénamh air, óir muna mbeith gur mhian leis féin toil a Athar do dhénamh leis an gcailís d'ullmhaigh dhó d'ól go ttiugfadh aingle nimhe dá chosnamh ar mhailís na ndaoine. Agus ar an adhbhar sin d'fhulaing sé dháibh a cheangal, agus níor chuir 'na n-aghaidh, acht go ndubhairt leó go ttángadar dá ghabháil mur bheith gadaigh nó ladrann ann, agus go raibh sé go laethamhuil isan teampall a' teagasg agus nár chuiriodar lámh ann. Agus ar mbeith ceanguiltigh dhó imeasg a námhad do theith a dhisciobail go hiomlán. Annsin dothugadar Críosd leó go tigh Anna, athair mhná Caiphais, dobhí 'na árd-shagart an bhliadhain sin. Do chuir Anna ceasda air do thaobh a dhisciobal agus dá thaobh féin fós agus do thaobh a theaguisg. Do fhreagair Críosd ag
rádh nachar chuir sé cuim ar a theagasg ariamh, agus gach a ndubhairt sé riamh gur go puiblidh do labhair imeasg an phobuil, agus dá bhrígh sin go m'fhéidir leis na dronga móra dobhíodh ag éisdeacht teisd do thabhairt ar a theagasg. Do chuir an freagra neamh-chiontach sin fearg ar aon dona hoifigidh dobhí a' coimhéd nó i ngárda ar an Tiaghearna, gur bhuail tarruing a láimhe do dhoirn tarsna an ghéill air, ag rádh go faobhrach: “An mur sin fhreagrus tú an t-árd-shagart?” (Is cosmhuil as so gur gach re bliadhain dobhí an árd-shagartacht idir Anna agus Caiphas an tan sin.) D'fhuiling Íosa Críosd le foighid dhiadha an masla sin, gan aithis ná imdheargadh do thabhairt don duine mhallaighthe, acht a rádh: “Má dubhrus ní arráideach ar bith innis dhamh é, agus mur ndubhrus acht ní maith níor cheart dhuit mo bhualadh.” Is annsin do chuir Anna Íosa d'ionnsaighe Caiphais dobhí 'na árd-shagart an bhliadhain sin. Is annsin do chruinnigh prionnsaidhe na sagart chum fiadhnuise bhrégacha d'fhagháil le mionnughadh i n-aghaidh Críosd. Gidh eadh, ní raibh tábhacht an ní ar bith dhá raibh acu le rádh 'na aghaidh, acht imeasg gach ní do mhionnaighdar go ndubhairt sé go scriosfadh nó go raepadh sé
re lár teampall Dé, agus go gcuirfeadh i ttrí lá suas arís é. d'éirigh an t-árd-shagart annsin go feargach 'na sheasamh, agus d'fhiafraidh créd an fáth nach ttug sé freagra ar na corthacha sin dobhí dhá gcur 'na aghaidh. Agus níor labhair Críosd aon-fhocal. Arna fhaicsin mur sin don árd-shagart d'iarr air as ucht an Dé bhí a innsin dó arbh é Críosd, nó an t-ongthach, é. Do fhreagair Críosd annsin é, agus adubhairt: “IS MÉ, gidh eadh, ní chreidfidh tusa mé, agus ní mó léigfir dhamh imtheacht. Gidh eadh, do-chífidh tú go luath Mac an duine 'na shuidhe ar dheis Dé ag teacht dá thaisbénadh féin isna néllaibh.” Arna chlos sin don ard-shagart do stróic sé a éudach féin, agus adubhairt do ghuth árd fheargach: “An gcluin sibh an dia-athais do-rinne sé? Créd an fheidhm atá aguinn le lucht fiadhnuise? Do-chualaidh sibh féin a dhia-athais. Créd is cóir a dhénamh ris?” Do fhreagadar uile é, ag rádh gur chóir a bhásúghadh do bhrígh gor labhair go día-athaiseach. (Acht is í an fhírinne do labhair, nach raibh iriamh 'na coir bháis.) Annsin do bhuail na mílidhibh ar a bheith dá mhaslughadh, ag teilgion a gcruinntillidh ann a éudan. Ar mbeith dháibh fós agá bhualadh, do
chuiriodar bréid ar a shúilibh, ag rádh go sgigeamhail ris: “Innis dúinn go fáidheamhuil cia bhuailios anois thú.” Agus dobhídar mur sin agus ar na cédta modh eile dá mhaslughadh ar feadh na hoidhche. Agus ar tteacht do sholas an lae dothugadar i láthair Phíláid é chum breitheamhnuis báis do thabhairt air. Acht ní hindearmaid annso go ttug Peadar tóruighacht do Chríosd iarna ghabháil isan ngáirdín, agus go raibh i bhfad 'na dhiaidh, dá chongbháil ann a amharc, nó go háirighthe i n-éisdeacht callóide an dísgir-shluaigh mhallaighthe dobhí 'na thimchioll, nó go ttáinicc go tigh Chaiphais. Agus ar mbeith dhó imeasg na gcésdúnach sin dá ghoradh féin ag an tinidh, do chaill sé, uch, an díoghrais agus cuid mhór do theas an ghráidh do bhí roimhe sin aige dá Mhaighistir, agus d'iompaidh an mhisneach mhór dobhí aige i meatacht. Óir an tan d'fhiafraigh seirbhíseach an raibh sé i bhfochair Íosa, nó ar dhisciobal dó é, adubhairt narbh eadh. Agus go grod 'na dhiaidh sin do cuireadh an cheisd sin an dara feacht air. Do shén mur an gcédna é. Agus i gcionn tuairim uaire dá éis sin do shén an treas feacht é, agus mur dhearbha air sin do mhionnaigh nach raibh eólus ar bith aige air, a n-aghaidh Mhalcuis dobhí ag
dearbhadh 'na aghaidh go bhfacaidh 'na fhochair isan ngáirdín é (agus is dearbhtha go bhfacaidh óir is de do bhean sé an chluas le buille chloidhmhe). Agus annsin do ghoir an coileach, agus d'fhéch Críosd ar Pheadar, agus leis an amharc sin do chuimhnidh air féin, agus do-chuaidh amach a' dénamh aithrighe, agus do chaoi go dérmhar dólásach trésna peacaidhe móra do-rinne sé i n-aghaidh an tSlánaightheóra. Ó, a Thiagharna, is leis an bhféchuin thrócuireach sin, agus leis na grása dhóirtios tú go folaightheach i gcroidhthibh cháich, thigid anois féin chum aithrighe, mur dotháinicc Peadar an tráth sin. SRAOILEADH NÓ SGIÚRSÁIL ÍOSA Íar mbeith do Chríosd arna thabhairt i láthair Phíláide d'fhiafraidh sé dona Iudaighibh créd an choir ba mó dobhí acu le cur air an bhfear sin (óir is mur sin do labhair sé). Do fhreagradar-san le briathra neamh-chinnte, ag rádh muna mbeith 'na chiontach agus 'na dhroch-dhuine nach ttiubhradís dá láthair-sion é. Mur
nach raibh cleachtach ag Pílát breitheamhnus báis do thabhairt gan fiadhain dhearbhtha, agus gan an choir do bheith go cinnte arna cruthúghadh, adubhairt riú a bhreith leó agus breitheamhnus do thabhairt air do réir a ndlighe féin. Annsin, chum sásadh do thabhairt do Phíláid, níor labhradar ní ba mó ar corthacha a n-aghaidh creidigh, acht dothugadar fiadhnuis bhréige dá láthair do mhionnaigh gur thrétúrach críoncháineach é dobhí ag cur toirmisg ar chách fón gcíos Césardha do dhíol, agus go raibh sé ag tógbháil cháich chum meirliochais a n-aghaidh Chésair, agus go raibh sé dá chur i gcéill go díthchiollach gurbha rígh é féin. Annsin do labhair Píláid le Íosa ar na neithe cédna sin. Agus do fhreagair-san dó, agus adubhairt go dána leis gion gurbhá rígh é nach ar an talamh so dobhí a ríghacht, agus gurab uime dotháinicc sé ar an talamh chum go ttiubhradh teisd ar an bhfírinne. Do bhrígh nach raibh Píláid comh mailísioch leis na Iudaighibh do labhair sé iar sin riú, ag rádh nach bhfacus dó féin go raibh coir ar bith air Íosa. Arna rádh sin dó do gháiriodar ar gach taobh dhe, ag rádh go raibh sé corthach; agus dá bhrígh sin dob éigion dó a thabhairt chum ceasda an dara feacht, agus adubhairt leis: “Nach gcluin tú féin,” ar sé, “na corthacha móra tá dhá gcur do leith?”
Gidh eadh, ní thug Críosd aon-fhocal freagartha air, agus do chuir sin iongnadh mór air Phíláid. Acht an uair do-chualaidh sé gurbha Gailileach é, chum nach beith cuid aige féin de, do chuir sé d'ionnsaighe Íruaidh Agrippa é, dobhí an tráth sin isan mbaile. Dobhí lúthgháire mhór ar Íruaidh ar an láthair tréna fhaicsin, do bhrígh go gcualaidh cáil mhór roimhe sin air, agus do shíl sé go ndénfadh sé míorbhuile mhór 'na láthair. Agus ar gcur móráin do cheasdaibh cúirialta air, ní thug freagra ar bith dhó. Do ghlac an rígh fearg trésan tarcuisne dothug Íosa, dar leis féin, air; agus iar ttabhairt masla le briathra borba dhó ag gairm amadáin dé, d'ordaigh dhá mhuintir róba bán do chur uime, agus a chur d'ionnsaighe Phíláide ar ais. Agus tánig sé féin agus Píláid chum réitigh agus cáirdis leis an ngníomh sin, tar éis a bheith aimhréidh cian d'aimsir roimhe sin dáibh. Ar tteacht d'Íosa do láthar Phíláide an dara feacht, do-chuaidh sé amach arís mur a raibh na Iudaighibh (óir ní thigeadhdís isteach i halla breitheamhnuis na nGeintíleach d'eagla a ttruaillighthe i lá solamanta do Cháisg: in die paraschéves paschae), ag innsin dáibh nach bhfuair féin ná Íruaidh an rígh coir ar bith ar Íosa, agus dá bhrígh sin gur cheart cead imtheachta do thabhairt dó.
Leis sin do chuir na Iudaighibh gáir mhí-shásdacht ós aird asda. Leis sin d'órdaigh an breitheamh égceart sin le tiarántacht ghráineamhail Íosa do shraoileadh, .i. a bhualadh go mí-thrócuireach le sgiúrsaidhibh, ionnus iarna fhaicsin piantaidh maslaighthe mur sin dá naimhdibh go ndénfadís truaighe dhó, agus nach n-iarrfadís a bhásughadh. Ar bhfaicsin Íosa ag fulang na mór-phian sin do Iudás, do ghlac aithriochas agus édóchus é, go ndeachaidh d'ionnsaighe na Iudaigheach, agus gur theilg na ttríochad bpíosa beaga airgid dofuair uatha ar son Íosa do bhrath ann a bhfiadhnuis isan teampall, agus adubhairt leó gur pheacaidh sé go mór ag seachadadh na fola fírénta neamhchiontaigh dháibh. Agus leis sin d'imghidh as a láthair, agus do chroch é féin. Is mór an siompla an disciobal so do gach aon, lena gcur ar a gcoimhéd ar ghliocus agus ar anneart chathaigh an diabhail, agus fós leis an tsaint d'fhuathughadh do shíor; óir is iomdha éudan thaisbénas an spiorad mallaighthe sin ar an bpeacadh: óir do-bheir aghaidh thaithneamhach shólásach ar ttús dó; 'na dhiaidh sin do-bheir aghaidh adhfhuathmhur ghráineamhuil uathbhásach dhó leis an bpeacach do tharruing chum édóchuis mur do thárla do Iudás annso. Iar mbeith do Chríosd arna shraoileadh go mí-thrócaireach
le mílidhibh Phíláide, agus iar mbeith da gach puinn dá chroicionn agus dá fheóil arna ngearradh le sgiúrsaidhibh iarnaidhe, droighin, fhéthachach tarbh agus damh, a fhuil as gach ionad ó a bhathais go a bhonnaibh ag snighe go talamh ris, do-conncas dáibh mur bharr pionúis iolach magaidh do dhénamh dhe: óir do bhuailiodar coróin spíona, .i. coróin do tháirnighibh, le farcha anuas ar a chean; do chuiriodar giolcach ann a láimh agus sean-róba purpair uime; agus bhídar go fonómhadach ag sléchtain ann a fhiadhnuis agá bhualadh le dorna agus le basaibh, agus isan am cédhna ag rádh: “Fáilte dhuit, a rígh na Iudaigheach.” Acht fá dheóidh, dobhídar mur sin dá phianadh nó gur chuiriodar i gcruth é gur mheas Píláid nárbh fhéidir dona Iudaighibh arna fhaicsin gan truaighe do dhénamh dhó agus lena n-ainmhian dúnmharbhthach do chlaochló. Gidh eadh, do mealladh go mór é, óir ní luaithe do thaisbéin é ag rádh: “Féchaidh ar an duine,” ná do thóig na Iudaighibh a nguth ar gach taobh dhe ós áird ag rádh: “Crochtar é, crochtar é, etc.” Dobhí an uair sin do phriuiléid ag na Iudaighibh go bhfághadís ó na breitheamuin Rómhánach ciontach do shaoradh gach Cáisg ó bhás, agus uime sin d'fhuráil Píláid dáibh Íosa do shaoradh agus Barabas bhí ciontach i ttrétúracht agus i ndúnmharbhadh do bhásughadh. Gidh eadh, do dhiúltadar
do ghuth aon-fhir an ní sin. Do chuir sin uathbhás mór ar Phíláid, óir, mar aon go raibh fios a neamhchionta aige féin, do chuir a bhean féin ar maidin an lae sin teachta chum Píláid ag iarraidh air gan dochar do dhénamh don duine neamhchiontach sin, .i. do Íosa, do bhrígh gur fhuiling sí féin mórán isan oidhche roimhe sin ar a shon. Is uime sin nár mhian leis lámh do bheith ann a bhás aige. Agus arna rádh sin dó do thóig na Iudaighibh a ngotha ós áird ag rádh: “Bíodh a fhuil oruinne agus ar ar gcloinn fós,” ar siad. An uair do-chonnairc Píláid nárbh áil leó gan Íosa do bhásughadh, agus fós gur chuiriodar air go raibh sé 'na námhaid ag César, d'iarr sé uisge do thabhairt chuige, óir do mheas go díthchéillidh go m'fhéidir leis cionta an bhreitheamhnuis dhúnmharbhthaigh dob áil leis a thabhairt ar Chríosd do ghlanadh re huisge; agus ar mbeith ag nighe a lámh dhó adubhairt: “Is neamh-chiontach glan mise ar fuil an duine fhírénta so.” Agus annsin dothug bhreitheamhnus báis ar an tSlánaightheóir. Féch an mheatacht mhallaighthe do dhall an claon-bhreitheamh so le breitheamhnus dúnmharbhthach do thabhairt a n-aghaidh gach cheirt ar an tSlánaightheóir, ar eagla mí-ghnaoi Chésair do bheith air. Is iomdha líon a sgarus an diabhal le cách do ghabháil.
An uair dofuair na Iudaighibh le docamhal mór an breitheamhnus báis sin i n-aghaidh Íosa, dobhí do mhéd a n-uilc agus a mailíse dhó nár fhédadar gan a chur i ngníomh gan mhaill. Dá bhrígh sin do chuiriodar a chroich ar an láthair ar a mhuin, agus do thiománadar isan innioll sin rompa amach as cathair Ierusaleim é go cnoc Caluaria, áit dobhí acu leis na ciontaigh do bhásughadh. Agus arna fhaicsin dáibh, iar ttréigion a fhola d'Íosa, go raibh an t-ualach sin ro-throm aige, do chuiriodar fear iomchair eile, dárbh ainm Símón, a' conngnamh leis an chroich d'iomchar; agus mur sin, imeasg na gcésdúnach mallaighthe dobhí a' maslughadh an tSlánaightheóra ar feadh na slighe, do ghluais sé go cnoc Chaluaria. Is mur sin do mhúin sé dhúinne fulang go buansheasmhach go bás ar son an cheirt. Dobhí Símón ag congnamh le hÍosa a chroich d'iomchar, dá chur i gcéill gur cóir dona Críosdaighibh an chroich chédna d'iomchar do ghnáth, agus do-bheir sé féin sólás do gach aon iomchras 'na fhochair í. Acht, ar mbeith isan tslighe dhó ag dul go Caluér dhó, do-chualaidh drong ban ag caoi agus ag dénamh truaighe dhó; agus leis sin adubhairt riú: “A ingheana Ierusalem,” ar sé, “ná caoinidh ar mo shon-sa, acht caoinidh ar bhur son féin agus ar son bhur gcloinne.”
CÉUSADH AN TSLÁNAIGHTHEÓRA Ar tteacht fá dheóidh do Chríosd go hionad na hiodhbhartha móire, dobhí arna réimhinnsin i mbéil na bpríomh-athar agus na bhfádh ó thús an domhuin, an iodhbhairt, adeirim, lér fuasgladh an domhan ó chuibhreachaibh an diabhuil, iodhbairt a bheir beatha dona fíréin go bruinne an bhrátha ar an talamh, agus bhés acu 'na glóir shíorruidhe i bhflaithios Dé, dotugadh mirtha agus domblas coimiosgaidh lén' ól mur dhigh neirt dó, agus an uair do bhlais di níor eól sé í. Annsin do beanadh a éudach dhe, agus do cheangladar don chroich é, agus do thóigiodar inte suas é idir dhias bitheamhnach dothugadar dá gcrochadh i n-aoinfheacht leis, ionnus ná beith idirdhealbhadh idir é agus bitheamhnaigh nó ladrainn. D'fhuiling an Slánaightheóir mur uan neamhurchóideach; ní dhearnaidh casaoid, osna, ná égcaoin, an feadh dobhí sé ag fulang na mór-phian sin, acht go raibh ag síor-ghuidhe an Athar ar son a lucht inghreime agus na gcésdúnach do bhí dá mhaslúghadh agus dá bhásughadh i n-aoinfheacht, do bhrígh, mur dubhairt sé, nárbh fheas dáibh créd dobhídar a dhénamh. Agus isan am
cédna ní raibh comhnuidhe orra-san acht dá mhaslughadh le briathra dia-athisiocha, ag crothadh a gcinn, agus ag rádh: “Thusa do leagfadh teampall Dé re lár agus do thóigfeadh i ttrí lá é, tárthaigh thú féin anois: más tú mac Dé tuirling anuas don chroich.” Agus dobhí an comhthineól uile ag fochmhuide fair. Dobhí prionnsaigh na sagart fós nísa mhó ná sin dá aithisiughadh agus dá imdheargadh, ag cur ineirt agus easbhaidh cumhacht 'na leith, ag rádh gidh go ttárthaigheadh cách eile nach raibh ar a chumus é féin do thártháil. Dobhí na mílidhibh mur an gcédna a' tabhairt aithise dhó, agus níor leór leó sin acht do chuir fear dhíobh uínéigre chuige len' ól. Acht ní raibh aon saor ó mhasla agus ó mhí-mhodh do thabhairt dó go haon dona bitheamhnaigh dobhí i gcroich do thaobh na láimhe cléithe dhe, adubhairt leis: “Más tú mac Dé tárthaigh thú féin agus sinne.” Gidh eadh, ar mbeith don bhitheamhnach eile ar nglacadh lonnradh agus sóláis na ngrás, lér slánaigheadh go míorbhuileach agus go trócuireach ar an láthair sin é, do fhreagair é ag rádh gurbhá díthchéilligh na fuighle do labhair sé, “Óir ní fhághmaoid-ne acht do réir mur do thuilleamar. Ní hamhuil sin don tí neamh-chiontach so.” Agus leis sin do labhair le hÍosa go caoin-dúthrachtach cráibhtheach; agus arna admháil le creideamh maith gurbha rígh é, adubhairt leis cuimhniughadh air féin an tan dorachadh
sé dá ríghacht féin. Do gheall Críosd go rachadh go flaithios nimhe an lá cédna, ar bhfágbháil an bhitheamhnaigh eile ann a neamh-aithrigh i staid dhamanta. Féch mur do-rinne sé cathaoir ríoghdha don chroich a' dénamh breitheamhnuis innte. Ar bhfaicsin a mháthar iar sin d'Íosa ag bonn na croiche, mar aon le hEóin, adubhairt léidh: “A bhean, ag sin do mhac.” Agus adubhairt re hEóin: “Ag sin do mháthair.” 'Na dhiaidh sin do-rinne sé osnadh árd ag rádh: “A Thiaghearna, créd fár thréig tú mé.” Agus an uair do-chonnairc gur choimhlíon sé gach ní dár tharrngair na fáidhe air, adubhairt sé go raibh tart air, agus iar nglacadh braoin bhig uínéigre dhó, do chlaon a cheann, agus do-chuaidh a anam as ... Adeir na haithreacha naomhtha nach bhfuil acht na fíréin amháin lér féidir rúndiamhair na páise do thuigsin, óir gur dona naoimh is oirchios neithe naomhtha do ghlacadh, agus gur ag Críosd féin atá an brat do thógbháil do shúilibh cháich le amharc iomlán na páise do thabhairt dáibh an tan dhóirtios an Spiorad Naomh ann a gcroidhthibh, do réir na mbriathar milis do deir S. Bernárd: “d'fhuiling Críosd bás croiche chum go ngrádheóghadh
cách é: “agus do-bheir an Spiorad Naomh mur ghrása chuige sin dáibh, óir muna raibh an Spiorad Naomh ag neoch chífidh Críosd dá chéusadh agus ní thiubhraidh grádh dhó, óir ní fhaicfidh acht le súile dobhuidheacha é, agus ní mó ghluaisfios chum aithrighe é.” ÍOSA ARNA CHUR I TTOMBA An uair do chríochnaigh Íosa an iodhbhairt mhór-thairbheach sin, agus iar mbeith umhal go hécc dhó, do thárla mórán do neithe iongantacha, do chuir i gcéill gurab é mac Dé dobhí ann, agus do chuir an dia-mharbhadh sin i gcuimhne dona Iudaighibh dobhí ciontach ann. Óir dobhí na flaithis arna bhfolach le dorchadus mór ar feadh thrí n-uair, agus do sgoilt folach an teampaill óna uachtar go a iachtar; d'fhosgail an talamh, agus do sgoilteadh na cargeacha; d'fhosgail na tombaidhe, agus d'éirigh na mairbh amach, agus do-chuadar isteach go cathair Ierusalem, agus do thaisbénadar iad féin do mhórán. Agus ar bhfaicsin na n-iongantais mór sin do thaoisioch céd dona Rómháinaigh, adubhairt gurbh é mac Dé gan amhrus do crochadh. Adubhairt
gach aon eile don lucht faire an ní cédna le huathbhás mór, agus na drong móra agus na buidhne do-chuaidh ag amharc ar na hiongantaigh sin, i n-ionad a bheith ag tabhairt aithise do Chríosd mur bhídar cheana, dobhídar go critheaglach ag bualadh a n-uchtaibh. Acht, mur dobhí na Iudaighibh scrupalta i mion-neithibh isan am a sluigidís na peacaidhe móra gan déisdion, níor mheasadar go raibh sé dlisdionach acu corp an tSlánaightheóra do bheith i lá na Cásga i gcroich. Do ghuidhiodar Píláid um ordúghadh do thabhairt lena láirgibh do bhriseadh agus a leagadh anuas don chroich. Do thug Píláid an athchuinge sin dáibh. Ar ndul dona mílidhibh isan toisg sin, do fuaradar an dias bitheamhnach beó, agus dá bhrígh sin do bhrisiodar a láirgibh. Acht, ar bhfagháil Chríosd marbh dháibh, níor bhrisiodar aon-chnáimh dá chnámhaibh, acht do sháith aon díobh a shleigh ann a thaobh, agus táinicc fuil agus uisge amach as. Ar tteacht don tráthnóna, dotháinicc aon dona disciobail folaightheach dobhí ag Críosd go dána d'ionnsaighe Phíláide, Ióseph ó bhaile Arimathea a ainm, agus d'iarr corp an tSlánaightheóra air, agus dothug Píláid sin dó. Agus tháinicc Ióseph iar sin mar aon le Nicodemus; agus iar n-ongadh chuirp an Tiaghearna le mórán d'olaíghibh daor-luaidhe
deagh-bholaidh, agus iar gur lín-éudaigh glégil fhíneálta 'na thimchioll, do chuiriodar i ttomba nuadh é nár hosgladh ariamh roimhe sin. Deir S. Chrisostom gur mhaith crábhadh agus coinghioll na deise disciobal so dobhí dá bhfolach féin go n-uige sin. EISÉIRGHE AN TSLÁNAIGHTHEÓRA Dia Domhnaigh an cúigeadh lá d'Abraon Níor leór leis na Iudaighibh Críosd do bheith iataigh fó leic mhóir i ttomba, acht d'eagla go n-aibeóradh a dhisciobail go ndénfadh eiséirghe, do-chuadar mur a raibh Píláid, agus d'innsiodar dhó go ndubhairt lucht brég roimh bhás Íosa go ndénfadh eiséirghe, agus fós go ndubhairt sé féin an ní cédna, agus dá bhrígh sin d'iarradar air faire do chur ar an tiomba, ionnus nach bheith uain agá dhisciobail a ghoid, d'eagla go gcuirfeadhdís go mailíseach i gcéill don phobal choitchionn gur eiséirghidh sé. Iad féin lena n-eagna mheallta do dhall iad féin ag iarraidh eiséirghe an tSlánaightheóra do chur i ndimbrígh roimh an am, agus leis sin do neartaidh siad an creideamh dá n-aimhdheóin le cruthaighthe do-shénta.
Ar mbeith dháibh mur sin ag faire an tiomba, agus ar gcur séla dháibh ar an leic dobhí ós a chionn, dotháinicc comhsgudhadh talmhan go tobann, agus dotháinicc aingiol Dé do nimh, agus do thóig sé leac an tomba, agus do shuidh sé ar a huachtar, agus dobhí a shúile comh lonnrach le caor theineadh, agus dobhí a éudach geal mur an tsneachta. Arna fhaicsin do lucht na faire, do ghlac uathbhás mór íad do chuir i gcruth mhairbh iad; agus do-chuadar isteach go hIerusalem; agus d'innsiodar dona sagairt na huathbháis mhóra do-chonncadar. Leis sin do chruinnighdar na sagairt go haon-láthair d'fhios créd dob indénta; agus ní facus dáibh ní dob fhearr leis na comharthaigh follusacha sin do mhúchadh ná suim mhór airgid do thabhairt don lucht faire ar cheann go gceilfedís gach ní dá bhfacadar, agus go n-aibeóradís, ar mbeith 'na gcodladh dháibh, gur ghoid a dhisciobail corp an tSlánaightheóra uatha. Isan am cédna táinicc Muire Mhagdaléna agus mnáibh naomhtha eile, ar a raibh a ngrádh ar Chríosd lena mharbh mur bhí lena bheó acu, gusan tomba; agus tugadar olaidh daor-luaidhe deagh-bhalaidh leó chum cuirp an tSlánaightheóra d'ongadh. Agus ar tteacht go moch na maidne ann dáibh, dobhídar ag fiafraidh dhá chéile cia
do thóigfeadh an leac mhór don tomba; gidh eadh, ar tteacht do láthair dháibh dob iongnadh leó mur do-chonncadar an tomba arna fhosgladh, agus ba mó ná sin a n-iongnadh ar ndul isteach ann dáibh nach bhfuaradar corp an tSlánaigheóra ann. Do-chuaidh Muire Mhagdaléna gan mhaill leis an sgél chum na n-apsdal. Agus ar tteacht go luath do Pheadar, mar aon re hEóin, do-chuaidh isteach isan tomba, agus do-chonnairc an brat lín dobhí i ttimchioll chuirp an Tiaghearna, agus ar tteacht ar a ais do Pheadar dobhí ag dénamh iongantuis mhóir. Acht do chomhnuidh Magdaléna ag caoi i ndorus an tomba; agus ní fada bhí sí ann an uair dotháinicc dias i n-édaighibh geala; agus do shuidh aingiol díobh ag ionad cinn, agus aingiol eile ag ionad na háite i raibh cosa an tSlánaightheóra; agus d'fhiafraighsiod adhbhar a dóláis nó créd fá raibh ag caoi. Do fhreagair sise, ag rádh tré mur tugadh a Maighistir as sin, agus nárbh fheas dí cá háit ann ar cuireadh é. Agus ar bhféchain tar a hais dí, do-chonnairc sí Íosa do thaobh a cúil i bhfoirm gárdhadóra, agus d'fhiafraidh dhi mur an gcédna créd fá raibh ag caoi. Do fhreagair sise, ag rádh: “Is tusa do thóig mo Mhaighistir,” ar sí, “agus más tú, innis damh-sa cáit ar chuir tú é.” Ní thug Íosa do fhreagra annsin uirre acht gairm ann a hainm uirre, ag rádh: “A Mhuire.”
Agus leis sin d'éirigh sí go lúthgháireach, agus dob áil léidh a chosa do phógadh; agus níor fhuiling an Slánaightheóir sin dí, acht adubhairt léidh dul gan mhaill agus innsin do Pheadar agus dona hapsdail eile go bhfacaidh sí é. Agus ba hé sin an céd-thaisbénadh iar n-eiséirghe dothug Críosd air féin. Féch an tuarusdal mór dofuair an t-aithrighach mná so, dobhí anallód 'na peacach mhór, trésan mbuan-sheasamh urnaighthe agus crábhaidh lér chomhnuidh sí ag tomba an tSlánaightheóra. Agus is uime sin adeir na haithreacha naomhtha gur fearr agus gur tairbhígh go mór na rúndiamhra diadha d'adhradh ná a bheith le cúirialtacht dá scrúdadh. AN DÁ DHISCIOBAL EMAUIS Tar éis gur thaisbéin Íosa é féin do Mhagdaléin, do-chuaidh dream eile do mhnáibh naomhtha do chum an tiomba; agus tárla aingil dóibh ann d'innis dáibh gur eiséirghidh sé, agus adubhairt leó gan a bheith ní sía dá lorg imeasg na marbh, óir go
raibh sé beó. Agus ar mbeith dháibh ag imtheacht leis na sgéla sin go hairm a raibh na hapsdail tárla Íosa féin ar an tslighe dháibh, agus iarna adhradh dháibh adubhairt riú imtheacht gan mhaill le sgéla dochum na n-apsdal le dearbha do thabhairt ar fhírinne a eiséirghe. Gidh eadh, níor chreid na hapsdail iad, óir do shíliodar nach raibh acht fís nó aisling ann a ndubhradar leó. Agus bá hé sin an dara taisbénadh. Thug sé an treas taisbénadh air féin do dhias dá dhisciobail dobhí ar an tslighe idir Ierusalem agus Emaus ag trácht air agus ag dénamh iongantais do gach ní dá gcualadar d'éis a bháis air. Leis sin táinicc Íosa i gcruth deóraigh, agus dobhí ag siubhal leó, agus d'fhiafraidh dhíobh créd ar a rabhdar a' trácht agus créd dob adhbhar dóláis dáibh. Do fhreagair aon díobh é, agus adubhairt leis gur chosmhuil dó-san a bheith neamh-eólach isan tír muna raibh 'fhios aige créd thárla go déighionach d'Íosa Nazareith i gcathair Ierusalem, óir gurbha fáidh mhór é dobhí ro-chumhachtach i mbréithir agus i ngníomh, agus gur chuir sagairt dlighe Maoise chum báis é, “isan am cédna ar shíliomar go ttiubhradh sé tártháil agus saoirse d'Ísraél,” ar sé; “gidh eadh is é so an treas lá ó básaigheadh é; acht is mór an t-ádhbhar iongantuis dothug cuid dár mnáibh dhúinn, óir d'innsiodar, ar ndul chum an tiomba ann a raibh sé dhóibh, nach
bhfuaradar ann é, go ttárla aingiol dáibh ann do dhearbh gur eiséiridh sé; agus ar ndul do chuid dá dhisciobail don áit chédna dofuaradar dearbha go raibh sgél na mban fírinneach, agus ní bhfuaradar an corp isan tiomba.” Dob ionganntach le hÍosa nár chreid na disciobail na neithe dobhí comh follusach sin 'na bhfírinne, agus uime sin d'árdaigh a ghuth ag rádh: Ó, a dhaoine ainbhfiosacha ainchreidmheacha ar ráitibh na bhfádh,” ar sé, “nach raibh sé éigiontach ag Críosd do réir na bhfáisdine gach ní acu sin d'fhulang, agus dul 'na dhiaidh sin i nglóir.” Agus ar ttosúghadh dhó le Maoise, do chraobhsgaoil sé dháibh gach tarngoire dá ndearnaidh sin, agus fáidhibh eile uaidhe a leith, dobhí ag gealladh gach ní dhár labhradar ar an tslighe, agus dobhí sé dá míniughadh sin dáibh, nó go rángadar i ndorus Emauis. Do thairg Críosd imtheacht uatha annsin. Gidh eadh, níor fhuilingiodar sin dó do bhrígh go raibh an lá déighionach an uair sin. Do dheónaigh Críosd fuireach farrú; agus do-chuaidh isteach leó; agus ar mbeith ag caitheamh proinne dháibh i bhfochair a chéile, do ghlac Críosd arán ann a láimh, do bheannaigh, agus dothug don dias disciobal sin é; agus leis sin d'fhosgail a súile agus d'aithnighdar an Tiaghearna. Do ling ar an láthair as a n-amharc, agus d'fhág sé lán d'uathbhás
agus d'iongantas iad, ag rádh go raibh a gcroidhthibh ar lasamh an feadh dobhí ag labhairt riú ag míniughadh na Scriptúr dáibh. Agus d'imghídar annsin gan mhaill go Ierusalem, agus d'innis dona hapsdail an taisbénadh tiodhlaiceach dofuaradar féin ar Íosa iarna eiséirghe, agus gur le briseadh an aráin d'aithnighdar é. Cuiridh so i gcéill dúinn nach bhfuil uair ar bith is córa dhúinn dóchus láidir do bheith aguinn ná an uair is mó ar n-éigion, do bhrígh go ttugann Dia cabhair contrárdha do gach cosmhulacht dá fhíréin. Cuiridh an lasair dobhí i gcroidhibh na ndisciobal so i gcéill dúinn gur cóir da gach aon lér mian corp an Tiaghearna do ghlacadh an lasair chédna ghráidh do bheith ann a chroidhe don tSlánaightheóir. Annso chríochnaighios sdair an tsoisgéil. Agus is uime nach leantar caibidleacha aoin ar bith dona suibhisgéil diaidh i ndiaidh innte, do réir mur cuirthear síos isan Scriptúir iad, chum réim na staire do chur síos do réir na n-aimsior ann a ttárla gach ní dá ttráchtar innte.
GNÍOMHARTHA NA N-APSDAL. Tar éis gach taisbénadh príbháideach dá ttug ar Slánaightheóir air féin iar n-eiséirghe do thaisbéin sé é féin fá dheóigh dá aon apsdal décc. Óir ar mbeith dháibh ag clár i n-aon-tseomra, do ling sé isteach 'na measg gan glas ná dorus d'fhosgladh; agus iar mbeannughadh dháibh thug imdheargadh agus iomardadh dháibh tré nár chreidiodar an dream d'innis go minic dáibh go bhfacadar iar n-eiséirghe é. Dobhí uathbhás orra ar ttús leis an gcéd-amharc dofuaradar air, óir do shíladar gur taidhbhse do-chonncadar. Gidh eadh, do chuir seision i gcéill dháibh nach mur sin dobhí, ag rádh riú: “Láimhsigh mé,” ar sé, “óir ní bhíonn cnáimh ná feóil i spiorad.” Agus chum nach béithdís i n-amhrus ar bith air, do thaisbéin sé lorg na sleighe ann a thaobh dáibh, agus lorg na ttairngidh ann a chosa agus ann a lámha. Agus ar mbeith lán do mheadhair lúthghára dháibh tréna fhaicsin, d'fhiafraigh sé dhíobh an raibh bia acu do-bhéradís lena ithe dhó; agus d'ith sé grim éisg agus beagán meala ann a láthair.
Ní raibh an t-apsdal Tómás 'na bhfochair an tráth sin; agus ar tteacht dó d'innis an chuid eile dona hapsdail dó go bhfacadar an Slánaightheóir. Adubhairt Tomás riú nach gcréidfeadh féin sin go bráth nó go bhfaicfeadh féin lorg na sleighe agus na ttairngidh ann, agus nó go gcuireadh a mhér ar a n-áit; agus ar mbeith go buan-sheasmheach isan do-chreideamh sin dó (do tharla bheith tairbheach) (aguinne ó shin a leith, do bhrígh gur chuir) (toirmeasg ar conntabhairt ar bith dá m'fhéidir) (dhúinn a bheith aguinn ar fhírinne an airtiogail) (mhór chreidigh so) do thaisbéin Íosa é féin i gceann ocht lá dá éis dona hapsdail, ar mbeith do Thomás 'na bhfochair, agus do ling ana bhfiadhnuis gan mhothughadh, mur do-rinne roimhe sin. Agus iar mbeannughadh dáibh do chuir sé i gcéill gur chum díchreidigh Thomáis a leighios dotháinicc sé, óir do thaisbéin lorg cneadh a lámh agus a chos, agus do nocht a thaobh, ag rádh re Tomás a mhér do chur ar gach cneidh dhíobh, agus adubhairt leis gan a bheith do-chreidmheach acht a bheith 'na chreidmheach dhílis. Leis sin do chreid Tomás ann a chroidhe níosa mhó ná do-chonnairc, agus do sgread go hárd, ag rádh: “Ó mo Thiaghearna, Ó mo Dhia.” Acht adubhairt Íosa ris gurab uime chreid sé do bhrígh go bhfacaidh, agus gur bheannaighthe an drong do chreidfeadh na neithe nach bhfaicfeadh.
Tar éis gur thaisbéin Íosa é féin go minicc do chuid dá apsdalaibh agus dá dhisciobail, ar leith ar uairibh, agus ar uairibh eile i gceann a chéile, ar feadh dhá fhithchid lá, an uair dobhí aimsir a dheasghabhála a láthair, agus ar mbeith i lár a dhisciobail dó, d'innis dáibh go bhfuair ón Athair an uilechumhacht ar neamh agus ar talamh, agus adubhairt riú-san a dhul a' teagasg an tsoisgéil agus a' baisdeadh cháich ar feadh chríochaibh agus cineadhachaibh an domhuin, agus a rádh riú gach ní dár iarr féin orra do choimhlíonadh, agus go mbeith féin go bruinne an bhrátha 'na bhfochair. Agus iar ttabhairt na n-aithionta sin dáibh, do tógadh ann a n-amharc go flaithios nimhe é; agus ar mbeith ag imtheacht as a n-amharc dhó do thóig a lámh ós a gcionn, agus do bheannaigh iad; agus annsin dotháinicc néull eatorra d'fholaigh é. Agus ar mbeith dona disciobail ag grinn-amharc 'na dhiaidh do sheas dias i n-éudaighibh geala 'na measg d'fhiafraidh dhíobh créd fá rabhdar ag amharc comh grinn sin ar na flaithis, “Óir an t-Íosa cédna,” ar siad, “do-chonnairc sibh a' dul suas ar neamh, tiucfaidh sé arís a' tabhairt breitheamhnuis ar bheóaibh agus ar mharbhaibh.” Mo thruaighe nach bíd creidmheach' an domhain ag síor-amharc suas ar neamh mur sin, nó go bhfaghdís freagra sólásach as an árus sin ar a bhfuil ar ttriall, agus ann a bhfuil ar tTiaghearna agus gach seóid dhaor-luaidh eile do-dhénfadh maith dhúinn.
AN SPIORAD NAOMH AR TTUIRLING AR NA HAPSDAIL Ar mbeith do Chríosd ag dul ar deis a Athar adubhairt sé rena apsdail comhnuidhe do dhénamh i bhfochair a chéile i Ierusalem go foighideach nó go ttigeadh an Spiorad Naomh dá neartughadh mur do gheall go minic dhóibh. Agus ar ndul ar a n-ais go Ierusalem ó shliabh Oliuéite dháibh, áit ann a rabhdar an tan do-chuaidh Críosd ar deis a Athar, do-chuadar i tteach uaigneach, áit i rabhdar ag guidhe Dé go dúthrachtach ag iarraidh an Spioraid Naoimh do theacht do réir mur gealladh go minic roimhe sin dóibh. Agus ar mbeith feadh laeithe mur sin dáibh, do labhair Peattar, le hoibriughadh an Spioraid Naoimh, ag rádh leis an gcuid eile dona hapsdail gurbh oirchios dóibh aon eile do thoghadh i n-ionad Iudáis an trétúraigh, ionnus go mbeith uimhir an dá fhear dhécc apsdal iomlán, do réir mur thionnsgain Críosd ar ttús a bheith dháibh, agus adubhairt gur neoch éigin don dream dobhí i bhfochair Chríosd ón am ar bhaisd Eóin é búdh cóir a thoghadh; agus dá bhrígh sin do thoghadar dias disciobal as an gcuid eile dhíobh, .i. Ióseph dá ngoirthí an duine ceart, agus Mathias; agus ar
tteacht ann a bhfiadhnuis dháibh sin do ghuidh na hapsdail Dia um a gcrannchur do dhíriughadh do réir a naomh-thola féin, agus a chur i gcéill dóibh créd don dias budh mian leis a thogha; agus do thuit an crannchar ar Mhathias. Agus ar tteacht do Dhomhnach Cingcíse, .i. caogad lá iar gCáisg, agus deich lá iar ndeasgabháil, táinicc torann nó trom-plésg uathbhásach go tobann i ttimchioll na háite i raibh na hapsdail i bhfochair a chéile, do líon an teach ann a rabhdar go hiomlán. Agus leis sin do thuirling teangtha teintighe 'na measg, agus do luidh teanga dhíobh ar gach aon fó leith dhíobh, agus do líonadh don Spiorad Naomh iad, agus do labhradar mórán do theangthaibh do réir mur do ordaigh an Spiorad Naomh dháibh. Ar mbeith do chathair Ierusalém líonta an tráth sin do dhaoinibh dotháinig as gach áird ann, dob iongnadh leó na daoine sin as Gaililea bheith go líomhtha ag labhairt na n-il-iomad teangtha sin, agus dobhídar ag fiafraigh dhá chéile créd dob ádhbhar dona mór-mhíorbhuilibh sin, agus adubhairt cuid díobh gur meisge dobhí orra. Is annsin d'árdaigh Peadar a ghuth ós áird a n-aghaidh an lucht aimhlis sin, agus do chruthaigh dháibh nach mur sin dobhí, acht nach raibh isan méid sin do-chonncadar acht neithe do thárla le hoibriughadh an Spioraid Naoimh, le tarngoiridh
na bhfádh do choimhlíonadh, agus obair mhíorbhuileach Íosa Críosd, do chéusadar-san i gcrann na croiche, dobhídar d'fhoillsiughadh, do réir na gcumhacht dothug sé dháibh. Agus do labhair comh neartmhur agus comh eagnaidh agus sin gur chreid trí mhíle don chomhthionól dobhí ag éisdeacht i gCríosd, agus gur ghlacadar baisdeadh ar an láthair sin. Tuigthear as so fírinne na mbriathar adeir Eóin i Leabhar na tTaisbéntaidh, mur a n-abair gur as flaithios dotháinig an Eaglais; agus chumhdaigh an t-árd-shagart síorruidh, .i. Íosa Críosd, teampall glórmhur isan ló so le honóir do thabhairt dá Athair. CLÁIRÍNEACH ARNA LEIGHIOS GO MÍORBHÚILEACH Do bheannaigh Dia an céd-árus sin na gCríosdaighthibh, gur líon do spiorad crábhaidh agus caoin-dúthracht iad, gur fhuathaidhsiod gach ní saoghalta do chuirfeadh toirmiosg ar bith ar a ngnáth-urnaighthe nó ar a bheith ag síor-éisdeacht le millseacht an tsoisgéil dá theagasg, ionnus go
ttugadís a maoin ar aon-láthair, agus go mbíodh gach ní dhá raibh acu go comhchoitcheann eatorra. Dobhíodh na hapsdail 'na maoir ag gnáth-theagasg agus ag gnáth-fhaire leis an t-árus cédna sin do líonadh, agus ag dénadh míorbhuile i gcathair Ierusalem do chuir iongantus mór ar lucht na cathrach, agus do chuir uathbhás orra, agus do mhéudaigh uimhir na gcreidmheach, go háirighthe an mhíorbhuile mhór do-rinne Peadar. Óir ar mbeith ag dul a' dénamh urnaighthe don teampall dó um uair nóin, agus Eóin 'na fhochair, do thárla cláiríneach dhóibh ag an dorus, d'iarr déirce orra; agus an uair do-chonnairc sé go rabhdar ag dearcadh go grinn air d'fhéch seision mur an gcédna orra-san, óir do shíl gur déirc airgid dob áil leó a thabhairt dó. Adubhairt Peadar leis nach raibh ór ná airgiod aige féin, acht go ttiubhradh dhó an ní dobhí aige. Agus leis sin d'iarr air i n-ainm Íosa éirghidh 'na sheasamh ar an láthair agus siubhal do dhénamh; agus dorug ar láimh air. Agus ar n-éirghidh suas dó, do dhírigh a chosa, agus do chinn go dána orra, agus go ghluais sé go díreach deagh-thapaidh asan áit, agus dobhí sé ag léimnigh le lúthgháire, agus do-chuaidh isteach isan teampall, i n-aoinfheacht le Peadar, a' tabhairt glóire agus buidheachuis do Dhia trésna grásaibh móra do-rinne air. Arna fhaicsin don chomhthionól mhór dobhí isan teampall an tráth sin, do ghlac iongnadh
mór iad, do bhrígh go raibh eólas le haimsir imchéin acu ar an óglaoch cédna sin; agus ar mbeith dháibh ag dearcadh go grinn air, agus iad ag dénamh iongantais mhóir dhe, 'na dhiaidh sin dobhídar ag amharc ar an dá apsdal, mur do mheasadar gurab iad do-rinne an mhíorbhuile mhór sin. d'fhiafraigh Peadar agus Eóin díobh ansin créd fá rabhdar ag dearcadh go hiongantach orra féin, amhuil agus mur bha hughdair don mhíorbhuile mhór sin iad; agus adubhairt Peadar gur i n-ainm Íosa do-rinneadh leighios don fhear sin, agus annsin dothug imdheargadh dháibh tré mur chésadar an tí cumhachtach sin. Gidh eadh, do mhaolaidh sé rinn fhraochdha a bhriathar, ag rádh gur le hainbhfios do-rinneadar an gníomh gráineamhuil sin. Agus annsin do ghuidh sé iad um aithrigh do dhénamh, agus chum go nearteóchadh a ndóchus le sin do dhénamh, adubhairt riú gur chum tárthála do thabhairt dáibh dotháinicc sé, do bhrígh gurbh iad féin clann dhílis na bhfádh. Agus ba tairbheach an teagasg é sin, óir do ghlac cúig mhíle duine cuing agus creideadh Chríosd ar an láthair sin. Iar sin tháinicc prionnsaidh na sagart, agus ar gclos na n-apsdal ag teagasg eiséirghe Chríosd don phobal dáibh, dobhí do mhéid a bhfeirge agus a ndóláis tré naomh-dhánacht na n-apsdal sin, gur chuiriodar i bpríosún iad le huain comhairle do thabhairt dáibh féin arna mhárach.
Agus ar mbeith cruinn i bhfochair a chéile arna mhárach dháibh, d'iarradar Peadar do thabhairt dá láthair, agus ar tteacht annsin dó d'fhiafraighdar dhe créd na cumhachta lé ndearnaidh sé an mhíorbhuile sin ar an gcláiríneach. Do fhreagair go naomh-dhána, agus adubhairt gur le cumhacht agus le hainm Íosa do-rinne í, ”.i. an tí cédna do chéusabhair,” ar sé. An uair do bhreathnaigh na sagairt méd na heagna agus na críonnacht lér labhair an fear so, dob fheasach dháibh féin a bheith gan fhoghluim ar bith shaoghalta, d'ordaighdar a thabhairt seal beag as a láthair, ionnus go mbeith uain comhuirle acu le cinneadh ar an ní budh cóir a dhénamh leis. Agus is é ní ar ar chinneadar, do bhrígh go raibh an mhíorbhuile sin puiblidh, an dá apsdal sin do ghairm cucu arís, agus a aithne orra i bpéin bháis gan aon-fhocal ó sin amach do labhairt i n-ainm Íosa. d'fhiafraigh Peadar agus Eóin go naomh-dhána dhíobh-san créd don dá aithne ba córa a coimhlíonadh, .i. aithne Dé nó a n-aithne-sion. Ní thug an chomhuirle freagra ar an gceisd sin acht bogar mór do dhénamh orra, agus cead imtheachta do thabhairt dháibh. Do chuir an dá apsdal so an freagra ann ar mbél is cóir a thabhairt is gach am ar naimhde an chreidigh. Óir is ní damanta do chreidmheach aen-phonc do dhlighe Dé do thréigion, dá madh
éigion dó bás, broid, príosúntacht, ruathar nó creachadh namhad d'fhulang, mur deir S. Pól, ad Rom.8, v.35: Quis ergo nos separabit a charitate Christi? tribulatio? an angustia? an fames? an nuditas? an periculum? an persecutio? Etc. BÁS TOBANN ANANIAIS AGUS SHAPHIRA Iar n-imtheacht do Pheadar agus d'Eóin ó láthair na comhuirle Iudaigheach, do-chuadar mur a raibh na hapsdail eile, agus d'ínsiodar dáibh mur do fhreagradar an chomhairle sin agus an bogar do-rinneadh orra dá ttráchtadís i tteagasg ná i seanmóir ar ainm Críosd uaidhe sin amach. Arna chlos sin dona disciobail uile do thóigiodar a ngotha ós aird chum Dé ag iarraidh air neart agus misneach dhiadha do thabhairt dáibh, ar son a mhic ro-dhílis féin, leis an soisgél do theagasg go dóchusach dána a n-aghaidh aithne agus mhailíse namhad Críosd. Agus ar gcríochnughadh na hurnaighthe sin dáibh dotháinicc torann mór agus cumhsgadh talmhan 'na ttimchioll, agus do líonadh don Spiorad Naomh iad; agus dobhídar ag teagasg an tsoisgéil le dánacht agus le dóchus diadha gan huireach.
Ní raibh iar sin ag na dronga do ghlac an creideamh acht aon-aigneadh agus aon-inntinn amháin; níor shealbhaidh aon acu aen-ní air leith, acht dobhí gach uile ní eatorra, agus dá bhrígh sin ní raibh aon-nduine bocht 'na measg, óir gibé hacu agá raibh fearann nó maoin do dhíoladís é, agus do-bheireadhdís a luach i láthair na n-apsdal, agus do roinnedís sin imeasg na gcreidmheach eile é do réir mur bhíodh riachtanus acu leis. Dobhí meas agus urraim mhór ag lucht na cathrach dona Críosdaighibh nuadh sin, agus an uair dobhídís isan teampall ní lamhadh aon-nduine acu teacht 'na measg; acht dobhí Peadar le míorbhuilibh iomdha agus lena theagusg ag médughadh uimhre na gcreidmheach, óir do leighiosadh a sgáile gach galar, agus dá bhrígh sin dobhíodh lucht na cathrach agus na mbailte 'na timchioll ag cur a n-aos galair roimhe isna sráidibh chum go leigheósadh a sgáile iad. Agus ar mbeith dona creidmheacha Críosdeamhla mur sin lán do shólás do thárla adhbhar mór dóláis dáibh. Óir dobhí aon acu darbh ainm Ananias do dhíol a fhearann; agus ar mbeith dhó ag tabhairt a luach i bhfiadhnuis na n-apsdal mur chách eile, do chinn sé féin agus a bhean Saphiras cuid don airgiod a cheilt agus a chongbháil dáibh féin. Agus an
uair d'fhuráilsiod cuid don airgiod i láthair Pheadair do ghlac buaidhreadh mór trésan tsaint sin, ó ttáinicc brég agus calaois Ananiais do láthair Dé agus na ndaoine, é. Is annsin d'fhiafraigh sé do Ananias créd fá bhfuair an diabhal buaidh air lé ndearnaidh brég leis an Spiorad Naomh, ag ceilt coda do luach an fhearainn do dhíol sé. “Nárbh fhéidir leat,” ar sé, “fearann, nó a luach tar éis a dhíolta, do chongbháil go hiomlán agad féin? Óir ní hiad na daoine amháin do thairg tú 'mhealladh acht an Spiorad Naomh féin.” Agus iar rádh na mbriathar sin do Pheadar do thuit Ananias marbh síos ar an láthair amhuil agus mur buailfidh le caor thinte é. I gceann trí n-uair dá éis sin tháinicc a bhean Saphiras do láthair Pheadair (óir ní raibh 'fhios gur mharbh a fear aice), agus d'fhiafraidh sé dhi arbh fhíor gur dhíol a fear a dhúthaigh ar na fiacha do thaisbéin sé. Adubhairt sise gurbh fhíor. Dothug Peadar an t-imdheargadh cédna dothug d'Ananias dí, agus dubhairt léidh fós go raibh cosa na muintire d'iomchair corp marbh a fir chum na cille ag an tarsaigh, agus go n-iomchóradhdís í féin mur an gcédna. Agus leis sin do thuit sí síos marbh ar an láthair, mur do thuit a fear roimpe, agus táinicc na daoine cédna d'iomchair agus d'adhlaic a bhfochair a fir í.
Do chuir bás tobann na deisi sin uathbhás mór ar na creidmheacha an tan sin, agus cuiridh i gcéill gach am méd an fhuatha tá ag Dia ar an tsaint; agus tar ceann nach ttugann bás tobann don tsamhuil sin anois do lucht na sainte, óir ní beag leis aon-tsiompla amháin do thabhairt go follusach uaidhe, atá an bás síorruidhe go cinte ar a son. STEPHÁN ARNA CHLOCHADH Ar mbeith don Eagluis go laethamhuil i n-uimhir agus i naomhthacht ag fás ní raibh dream ar bith imeasg na Iudaighibh ba mó mailís agus iomthnúth dhi ná na Saducínigh, .i. an dream nár chreid eiséirghe na gcorp. Óir do ghabhdar na hapsdail, agus do chuiriodar i bpríosún iad. Agus dotháinicc aingiol Dé dá saoradh as a ngéibhionnaibh, agus adubhairt sé riú an soisgél do theagasg arna mhárach gan eagla ar bith don phobal. Agus ar gcruinniughadh i gcomhuirle i bhfochair a chéile dona sagairt Iudaigheach d'iarradar na hapsdail do thabhairt dá láthair; agus dob iongnadh leó an uair do hinnseadh dháibh gur imghidar as
an bpríosún dúnta gan dorus d'fhosgladh air; agus leis sin dotháinicc dream eile ag innsin dáibh go raibh na príosúnaigh, .i. na hapsdail, ag teagasg go puiblidh imeasg an phobail. Tugadar ordughadh annsin ar an láthair a ngabháil agus a ttabhairt i láthair na comhairle. Agus ar tteacht dáibh i bhfiadhnuis na comhuirle d'fhiafraigh an t-árd-shagart díobh créd fá bhfuaradar do dhánacht ionnta féin a bheith ag teagasg i n-ainm Íosa. Do fhreagair Peadar mur do-rinne cheana, ag rádh gur chóra géilleadh do Dhia ná dona daoine, agus gurb í a aithne búdh chóir a choimhlíonadh. Arna chlos sin dona sagairt do ghlac fearg mhór íad, agus do chomhairlighdar eatorra féin a mbásughadh. Gidh eadh, adubhairt duine don dream ba prionnsapálta 'na measg gur chóir dháibh a bheith ro-choimhédach ar an ní sin; agus d'innis sé sgél dáibh mur shiompla lena gcur ar a gcoimhéd, óir más ón daonnacht amháin do ghluais nuadh-theagasg na n-apsdal go rachadh i ndimbrígh uaidhe féin, gidh eadh, más ó Dhia do tháinicc gur dhíomhaoin do chumhacht daonna ar bith toirmeasg do chur air. Arna rádh sin do Ghamaliel do chlaochlaidh díbhfeirg na sagart, agus i n-ionad na n-apsdal do bhásughadh d'ordaighdar a sraoileadh le sgiúrsaidhibh.
Agus ar mbeith dona hapsdal ag imtheacht do láthair na comhuirle dobhí lúthgháire mhór orra tré mur d'fhuilingadar masla ar son Íosa. Ní cian 'na dhiaidh sin go ttárla murmur agus mí-shásdacht imeasg na gcreidmheach. Óir do mheas na Grégaigh dobhí 'na measg go raibh na bantreabhaigh dobhí 'na measg féin dá ttarcuisniughadh ag na Iudaighibh, agus nach bhfaghadís modh ná onóir imeasg na gcreidmheach mur do-gheibheadh na bantreabhaigh Iudaigheach; agus do-rinneadar casaoid ar an leath-chuma sin leis na hapsdail. Agus d'iarr na hapsdail orra mórsheisior do dhaoine foirfe, líonta do spiorad Dé, d'eagna, agus d'ionnracus, do bheith ag freasdal go cúramach ar na creidmhiochaibh go hiomlán, gan leath-ghrádh ná leath-chuma do léigion ar aon seach a chéile dhíobh. Agus imeasg an mhóirsheisir sin, dá ngoirthigh deaccánaigh, dobhí duine trén i naomhtheacht agus i n-iomad mhíorbhuilibh dárbh ainm Stephán. Agus mur is gnáthach le lucht iomthnúith bheith go námhadach a n-aghaidh na naomh ar an talamh so, d'éirigh iomad díobh i n-aghaidh Stepháin. Gidh eadh, níorbh fhéidir leó buaidh do bhreith ar an Spiorad Naomh dobhí ag oibriughadh go cumhachtach ann agus ag labhairt ann a bhél; agus an uair do sháraigh orra buaidh do bhreith air do thógadar mórán do lucht fiadhnuise
bréige 'na aghaidh, do mhionnaigh air go mbíodh do ghnáth ag dénamh dia-aithise a n-aghaidh Dé agus naomh-athaise a n-aghaidh an teampuill agus an dlighe Mhaoisiocdha. Dotugadh i láthair na comhuirle móire é, áit ar chosain é féin le briathra naomhtha lán d'eagna agus do naomh-dhánacht, agus tug sé imdheargadh (dhóibh) tréna ndí-chreideamh agus tréna ndúrchroidhacht, agus trésan dánacht dhamanta lé rabhdar do shíor ag cur a n-aghaidh an Spioraid Naoimh agus ag ciorrbhadh na bhfádh dobhíodh ag réimhinnsin teacht an tSlánaightheóra, do chuiriodar lena mí-thrócuire go déighionach chum báis. Ar gclos na mbriathar sin don chomhairle, do labhair Stephán le gnúis ainglidh, agus iarna rádh dhó go bhfacaidh flaithios Dé osgailtigh agus Íosa 'na shuidhe ar deis a Athar, do lingiodar na Iudaighibh go fraochdha feargach díoghaltach 'na aghaidh; agus iarna thabhairt amach as an mbaile dhóibh, agus ar mbeith dháibh dá bhualadh le dornógaidh agus le clocha láin doirn do léig sé é féin síos ar a ghlúinibh, agus d'árdaigh sé a ghuth ag guidhe Dé ag iarraidh air maitheamhnuis a thabhairt do lucht a inghreime agus a dhúnmharbhtha; agus d'éucc sé ag dénamh na hurnaighthe sin. Ní bhfuair an Eaglais naomhtha i ttús a haimsire seóid ba daor-luaidhe ná an príomh-mhairtíreach so, agus is glan do thaisbéin sé leis an nguidhe
ndéighionach so do-rinne sé gurbha fíor-dhisciobal d'Íosa é, agus fós nach le hainmhian ná le holc dá námhuid dothug sé imdheargadh dháibh acht le neart gráidh agus carthannais dhiadha. AN CAILTEÁNACH .I. PRÍOMH-THAOISIOCH NA BANRÍOGHNA CANDACE ARNA BHAISDE. Ní aen-tairbhe amháin dofuair Eaglais Chríosd as mairtíreacht Stepháin, óir níor chríochnaigh a teagasg caoin-dúthrachtach leis an inghreim nó leis an bpersecution dotháinic go dlúth 'na dhiaidh sin ar na Críosdaighibh; dob ádhbhar fós an bás sin le aithrigh Phóil, ar nglacadh creidigh Chríosd dó, óir is é duine is éifeachtaigh dofuair toradh na hurnaighthe do-rinne Stephán ré mbás ar son a namhad é. Óir, isan am nach raibh air aire Phóil acht dúnmharbhadh, dian-scrios agus gach gné dhochair dá bhfédfadh a dhénamh a n-aghaidh na gCríosdaighibh, agus fós tar éis cumhachta sgríobhtha d'fhagháil le dul go cathair na Damasca le gach Críosdaighe dá bhfuigheadh ann do thabhairt i gcuibhreacha leis go Ierusalem, ar mbeith ag ionnsaighe na cathrach sin dó, dotháinicc solus
lonnrach go tobann 'na thimchioll do bhuail le talamh é, agus leis sin do-chualaidh isan am cédna guth, adubhairt leis: “A Shauil, a Shauil, créd fá bhfuil tú dom inghreim, nó dom chéusadh?” “Cia thú, a Thiaghearna?” ar Pól. “Mise Íosa,” ar Críosd, “atá tú a thóruighacht le dochar do dhénamh dhamh.” Ar mbeith do Phól arna chriothnughadh le huathbhás na mbriathar sin, adubhairt sé: “A Thiaghearna, créd is mian leat a dhénamh dhamh?” d'iarr Íosa air éirghidh 'na sheasamh agus dul isteach don chathair, agus go bhfuidheadh sgéla ar gach ní dobhí riachtanach aige le dénamh. Dob iongnadh leis an dream dobhí i bhfochair Phóil gach ní dá ttarla dhó, óir do-chualadar an chaint agus ní fhacadar aon-nduine acht Pól féin. Iar n-éirghidh do Phól 'na sheasamh d'fhéch sé 'na thimchioll, agus níor léur dhó ní ar bith, agus dá bhrígh sin dob éigion dáibh breith ar láimh air, nó gur threóraighdar isteach isan mbaile é, áit i raibh sé trí hoidhche agus trí lá 'na dhall gan radharc ar bith, gan bia ná deoch do chaitheamh. Dobhí aon do dhisciobail Chríosd isan gcathair an tráth sin dárbh ainm Ananias, lé ndubhairt dul go sráid áirighthe don bhaile, agus Saul, aon do lucht cathrach Tarsis, do lorg i ttigh aoin dárbh
ainm Iudás. Dob áil le Ananias docamhal do dhénamh don teachtairacht sin, do bhrígh go gcualaidh droch-cháil ar an bhfear sin, agus go ndearnaidh sé mórán uilc agus díbhfeirge i n-aghaidh na gCríosdaighibh i gcathair Ierusalem, agus gur chum díghbhála agus dochair do dhénamh dháibh dotháinicc sé go cathair Dhamascuis. Gidh eadh adubhairt Dia leis arís an ní cédna do dhénamh, do bhrígh go ndearnaidh sé soitheach toghtha dhe léna ainm d'iomchar imeasg ríghthe agus dhaoine an domhuin. Is annsin do-chuaidh Ananias dá ionnsaighe, agus do chuir lámh ós a chionn, agus adubhairt leis: “A dhearbhráthair Saul,” ar sé, “do chuir an Tiaghearna Íosa, do thárla ar an tslighe leat, mise chugad le aisiog do raidhirc a thabhairt duit, agus le do líonadh don Spiorad Naomh.” Agus leis sin do thuit scamal dá shúilibh, agus dotháinicc a radharc chuige, agus annsin do baisdeadh é. Agus iar nglacadh oileamhna dó dotháinicc a neart; agus do chomhnuidh sé ar feadh beagáin do laethaibh i bhfochair na gCríosdaighthe isan gcathair sin Dhamascais; agus dobhí ag teagasg i Sinagógaibh na Iudaigheach, ag dearbhadh do gach duine gurbh é Íosa mac dílis Dé. Do bá mór an t-iongnadh le gach duine dá bhfacaidh agus dá gcualaidh é an namhaid is mó dobhí ag na Críosdaighibh bheith comh dúthrachtach agus comh dásachtach agus do-chonncadar é, ag mórughadh agus
ag onórúghadh anma Íosa go puiblidh, agus ag teagasg an tsoisgéil gan sgís. Arna fhaicsin do Iudaighibh na cathrach sin a' cruthughadh fírinne an tsoisgéil, agus nárbh fhéidir leó buaidh eagna do bhreith air, do chinniodar go minicc ar a mharbhadh; agus do dhúiniodar doirse na cathrach oidhche áirighthe chum nach bhfédfadh élódh uatha, nó go mbereadhdís air lena mharbhadh. Arna chlos sin dona disciobail do chuiriodar i gcliabh é, agus do léigiodar le córda síos le fánadh bhalla na cathrach é. Agus iarna chaomhna féin mur sin ar mhailís a namhad do-chuaidh sé ar a ais go hIerusalem, agus an uair ba mian leis dul i bhfochair na ndisciobal eile dobhí roimhe ann sin, níorbh áil leó glacadh leis, óir dobhí eagla orra do bhrígh na droch-chála do-chuaidh air roimhe sin, agus nach raibh 'fhios acu fós gur iompaidh sé ón droch-staid ann a raibh sé. Is annsin tháinicc Barnabas, agus iar ttabhairt Phóil i láthair na n-apsdal d'innis dáibh gach ní dá ttárla ar an tslighe ag dul go Damascus dó, agus a dhála go hiomlán isan gcathar chédna. Agus annsin do ghlacadar mur dhisciobal do Chríosd é. Níor chian dó i gcathair Ierusalem, ar mbeith le dúthracht agus le dásacht mhór ag teagasg shoisgéil Chríosd dó, gur éirigh il-iomad do naimhde Chríosd 'na aghaidh, mur do thárla i gcathair Dhamascais
dó, gurbh éigion dó imtheacht go folaightheach agus a dhul go Tarsis. Níor chóir do pheacach ar bith dul i n-édochus i ndiaidh an apsdail mhóir so, dá ndearnaidh Dia soitheach toghtha dá ainm féin, tar éis a bheith 'na chéusdúnach dúnmharbhthach ar Stephán naomhtha dhó. Acht dob óbair damh iompódh an chailteánaigh nó an taoighsigh ar a ttráchtar i ttús na caibidle so do dhearmad. Ar mbeith dona Críosdaighibh arna sgaradh agus arna spíonadh ar feadh na ttíortha ar gach taobh do Ierusalem tar éis báis Stepháin, do-chuaidh Pilip naomhtha go Samaria, áit ann ar bhaisd mórán do ghlac creideamh Chríosd; agus imeasg gach aoin dá ttáinicc i glacadh baisde Chríosd uaidhe, dotháinicc neoch dárbh óbair an tSamaria uile do mhilleadh agus do mhealladh lena easarlaighacht roimhe sin, darbh ainm Símón Mágus, agus iar n-admháil chreidigh Chríosd dó, do bhaisd Philip é. An uair do-chualaidh na hapsdail, dobhí dhá gcaomhna féin i Ierusalem ar feadh aimsire an inghreime nó an phersecusin dobhí ar na Críosdaighibh, gur ghlac Samaria creideadh, do chuiriodar Peadar agus Eóin chugthu lena gcur fó lámha
easpaig, óir ní raibh i gcumhacht S. Philip an tsacrameint sin do mhionastráil dáibh (óir ní) (raibh sé 'na easbacc ná 'na shagart an uair sin,) (acht 'na dheaccánach). An uair do-chonnairc Símón Magus go ttuirlingadh an Spiorad Naomh ar gach aon ar a gcuireadh na hapsdail sin a lámha dotháinicc sé dá n-ionsaighe, agus do thairg sé airgiod dáibh ar an gcumhachta cédna do thabhairt dó féin. Arna chlos do Pheadar do ghlac fraoch fíor-neimhneach naomh-fheirge é, gur iarr díthughadh do theacht air féin agus ar a chuid airgid tré mur do shíl sé tiodhlaice an Spioraid Naoimh do cheannach, agus do mhallaigh sé mur sin i bpearsainn an tSímóin mhallaighthe sin gach duine 'na dhiaidh i n-eagluis Chríosd go bráth do dhénfadh aithris air. Iar gcoimhlíonadh a tteachtuireacht do Pheadar agus d'Eóin i Samaria do-chuadar ar a n-ais go Ierusalem. Is annsin tháinicc aingiol Dé go Pilip, ag rádh ris dul ar an tslighe idir Ierusalem agus Gáza. Agus ar ndul annsin do-chonnairc taoisioch banríoghna na hEtiopia, dobhí 'na dhuine chumhachtach isan ríghacht sin, ag dul tar ais dá thír, iar mbeith ag adhradh Dé i Ierusalem dó, agus é ann a charbatt (dá ngoirthear anois cóisde) ag léughadh leabhair na fáidhe Isaias. Adubhairt an Spiorad Naomh le Philip druidim isteach leis
an gcarbad; agus arna dhénadh sin dó, do-chualaidh sé briathra Isaias dá léughadh ag an taoisioch, agus d'fhiafraidh dhe ar thig sé an ní sin do léigh. Ní thug uabhar ar an duine chumhachtach sin gan freagra umhal do thabhairt ar Philip, ag rádh nárbh fhéidir leis a thuigsin muna ttugadh neoch éigin solas dó air, agus d'iarr ar Philip suidhe 'na fhochair isan gcarbatt. Ag so na briathra do bhí sé 'léughadh an tan sin: “Dotugadh mur chaoire go tigh an mharbhtha é, agus níor fhosguil a bhél, agus níor labhair, acht mur bheith sé 'na bhalbhán.” Agus d'iarr sé ar Philip a innsin dó cia ar ar labhair an fháidh annsin. Annsin do labhair Philip ar Chríosd, agus do chreid an taoisioch gach ní dhá ndubhairt. Agus ar mbeith don charbat ar bhruach uisge adubhairt an taoisioch leis an gcarbadóir comhnuidh do dhénamh, agus d'fhiafraidh do Philip an raibh toirmeasg air é féin do bhaisdeadh. Adubhairt Philip nach raibh má chreid sé óna chroidhe go hiomlán. Do dhearbh an taoisioch dhó gur chreid, agus annsin do-chuadar araon chum an uisge, agus do bhaisd Philip annsin é, amhuil chédghein na nGeintíleach. Agus ar tteacht as an uisge dháibh d'fhuadaigh spiorad an Tiaghearna Philip as amharc an chailteánaigh, go nach bhfacaidh uaidhe sin amach
é. Agus ar mbeith ag imtheacht isan tslighe dhó, dobhí sé go lúthgháireach ag moladh Dé trésna tiodhlaice trócuireacha dofuair féin uaidhe. BAISDEADH CHORNELIUS Ar mbeith do Naomh Pól líonta don Spiorad Naomh ag teagasg an tsoisgéil go caoin-dúthrachtach gan sgís, agus ag líonadh áruis an Tiaghearna le nuadh-chreidmheacha is gach ionad dá ngabhadh sé, dobhí Peadar ag obair go mór ag dénamh an fhoghmhuir chédna agus ag dénamh míorbhuile ro-mhóra gach am. Óir do leighis sé palraiseach ainmneamhuil darbh ainm Eneas, agus d'athbheódhaigh sé bantreabhach dhéirceach dheagh-thrócuireach le hurnaighthe a dhisciobal, darbh ainm Thabite, agus dobhí fós do dheigh-bhuaidh aige gurab é do thoirbhir ar ttús an soisgél dona Geintílachaibh, darbh apsdal Pól go dlúth 'na dhiaidh sin. Ag so mur tárla an t-éucht mór dobhí do-dhénta an tráth sin, do bhrígh go raibh na Iudaighibh iomthnúthach: Dobhí duine subháilceach trócuireach déirceach dona boicht i gcathair na Césaréé darbh ainm Cornelius, agus ba taoisioch céd Rómhánach é. Do-chonnairc
aisling ar uair nóine don ló, .i. aingiol dotháinicc cuige agus d'innis dó gur éisd Dia lena urnaighthe agus gur amhairc sé go trócuireach ar a dhéirc mhinic dona boicht, agus dá bhrígh sin d'iarr air teachta a chur go Ioppé i gcuinne duine dobhí ann darbh ainm Peadar, agus go n-inneósadh dhó gach ní bá mian le Dia a dhénamh dhó. Agus d'imghidh an t-aingeal leis sin uaidhe, agus ní thug teagasg ar bith eile dhó, do bhrígh gur mian le Dia na daoine d'fhagháil teagaisg óna chéile go deireadh an domhuin. Do chuir Cornelius teachta uaidhe gan mhoill go Ioppe, agus d'innis dáibh an taisbénadh dofuair sé. Agus ar mbeith dháibh ag ionnsaighe baile Ioppé dobhí Peadar an tráth sin, .i. ar uair an mheadhóin laoi, a' mídheamhain; agus do-chonnairc, agus é mur sin ann a sheomra, an flaithios ag fosgladh, agus do-chonnairc fós brat mór lín crochtaigh as a cheithre cearna agus é líonta do gach ghné bheathadhach ceathair-chosach, d'athra nimhe agus d'énlaith, agus do-chualaidh guth ag rádh: “A Pheadair, marbh agus ith.” Do fhreagair Peadar an guth ag rádh: “A bhfad uaim-se ní neamh-ghlan ar bith d'ithe, óir níor ithios ariamh a samhuil,” ar sé. Gidh eadh do freagradh é ag rádh nár neamh-ghlan na neithe do ghlan Dia. Agus iar bhfagháil an taisbénadh chédna fó thrí ar an láthair som do Pheadar dobhí sé ag smuaineadh ann a
mheanmain créd ba ciall dó, agus leis sin dotháinicc teachtuirigh Chornelius chuige ag innsin dó gur iarr a maighistir d'athchuinge air dul dá ionnsaighe. Dothug Peadar aoidheacht na hoidhche sin dáibh. Agus ar ttabhairt aroile dona Iudaighibh ann a chuideachta leis do ghluais leó arna mhárach. Agus ar ndul go Césarée dhó dotháinicc Cornelius mar aon lena ghaoltaibh agus lena cháirdibh, agus d'úmhlaighdar go talamh dhó. Do thóig Peadar Cornelius don talamh, agus adubhirt nach raibh acht duine ann féin mur chách. Iar sin, ar ndul don teagh dháibh, d'innis Peadar do Chornelius gurbha fuathmhar leis na Iudaighibh a bheith i bhfochair na nGeintíleacha, agus d'fhiafraigh dhe créd an t-adhbhar fár chuir fios air féin. Annsin d'innis Cornélius dó an aisling do-chonnairc. Arna chlos sin do Pheadar do theagaisg sé Íosa Críosd dó, agus ar mbeith dhó ag labhairt go cathréimeach air do thuirling an Spiorad Naomh ar a raibh i láthair, agus do bhaisd Peadar gan mhaill iad. Do chomhnuidh Peadar i bhfochair Chornelius ar feadh beagáin do laethaibh. Agus ar ndul ar a ais dó dobhí na Iudaighibh ag tabhairt achmhusáin agus imdheargtha dhó trésan ní sin do-rinne. Gidh eadh, ní himdheargadh 'na aghaidh sin thug an t-árd-apsdal ró-umhal dháibh trésan iomardagh égcórach dothugadar dhó, acht d'innis a aisling féin agus aisling Chorneliuis
dáibh. Thug fós mur chomhartha go raibh an ní sin taithneamhach ag Dia gur thuirling an Spiorad Naomh ar an druing sin, agus go raibh seisior Iudaigheach 'na bhfiadhnuis ar gach ní dár innis dáibh, agus dá bhrígh sin nárbh fhéidir leis féin cur a n-aghaidh an Spioraid Naoimh. PEADAR ARNA THABHAIRT AS PRÍOSÚN Ar mbeith dona Críosdaighibh arna scapadh ar feadh na gcríoch ar gach taobh, dobhídar ag teagasg an tsoisgéil is gach áit i ndeachadar agus a' tabhairt il-iomaid chum creide Chríosd, agus imeasg gach áite eile do ghlac urmhór chathrach na hAntiochia creideadh. Agus an uair do-chualaidh na hapsdail dobhí i Ierusalem an sgél maith sin do chuiriodar Barnabas go hAntiochia; agus an uair do-chonnairc sé méd na ngrás do-rinne Dia ar lucht na cathrach sin dobhí lúthgháire mhór air, agus mur dobhí sé lán don Spiorad Naomh dobhí sé seal dá tteagasg agus dá nguidhe um a bheith buan-sheasmhach isan deagh-staid ann a rabhdar.
Do-chuaidh sé as sin go cathair Tarsis, áit i raibh S. Pól, agus tug leis go hAntioch é. Agus do chomhnuighdar ar aon ar feadh bliadhna ann, agus dobhí a tteagasg comh tairbheach sin go ndearnadar an uiriod creidmheach ann gurab ann do goirthí Críosdaighthe dhíobh ar ttús. Is fón am sin do-rinne fáidh darb ainm Agab fáisdine go ttiucfadh gorta mhór go luath ar an domhan; agus uime sin do chinn Críosdaighthe na hAntiochia an méid déirce dob fhéidir leó do chur go hIerusalem le Barnabas agus le Pól, do bhí ag dul ann an tráth sin. Is fón am sin, iar ndícheannadh an apsdail Sém i Ierusalem don rígh Íruaidh, do chuir sé persecution mór ar an Eagluis; agus do bhrígh gur thaithneamhach (leis) (na) Iudaighibh sin, dob áil leis Peadar fós do bhásughadh, agus uime sin do (chuir) (i) príosún é lena chur chum báis i ndiaidh sollamhan ocht lá na Cásga do chaitheamh, agus sin do dhénamh go puiblidh. Dobhí baill na hEaguilse uile an tráth sin i mbuaidhreadh mhór tréna gceann do bheith isan gconntabhairt sin, agus iad ag guidhe Dé gan sgís ar a shon. Agus dothug éisdeacht dáibh, óir an oidhche roimh an lá ar shíl Heród Peadar do chur chum báis táinicc aingeal go tobann isteach isan bpríosún ann a raibh, do líon le solas lonnrach é; agus ar mbeith don apsdal 'na chodladh idir dias míleadh dobhí dhá fhaire, tháinicc an t-aingeal
chuige, agus iarna mhúsgladh dhó adubhairt leis éirghidh go tapaidh, agus leis sin do thuit na slabhraidibh dhá lámha; agus iar gcur a éudaigh uime do lean an t-aingeal, agus isan am cédna níorbh fheas dó créd an fáth, óir do shíl sé nach raibh acht fís ann a bhfacaidh. Acht ar ndul dáibh tar dhá lucht dobhí ag faire an phríosúin, do-chuadar gusan dorus iarainn dobhí ag dul isan bhaile as an bpríosún, agus d'fhosguil dáibh uaidhe féin; agus ar ndul isan bhaile dháibh, do-chuadar trésan tsráid; agus ar mbeith dháibh ag an gceann eile dhi, do scinn an t-aingiol as amharc Pheadair. Is annsin d'aithin gurab é aingeal Dé dobhí ann. Agus do-chuaidh sé gan mhaill go tigh máthar Mharcuis, áit i raibh comhthionól mór creidmheach. Agus ar mbualadh an doruis dobhí cailín istigh dárbh ainm Rhodé, d'aithin a ghuth, agus i n-ionad an doruis d'fhosgladh do-chuaidh sí go lúthgháireach ag innsin don druing dobhí istigh go raibh Peadar ag an dorus. Agus níor chreidiodar í, óir adubhairt cuid díobh léithe gur ar mire dobhí sí, agus cuid eile adubhairt gurab é aingeal Pheadair dobhí ann. Gidh eadh, ar mbeith do Pheadar ag síor-bhualadh an doruis, ar bhfosgladh an doruis dáibh dob iongantach leó an uair do-chonncadar gurab é Peadar féin dobhí ann, agus é ag dénamh comhartha dháibh gan aen-fhocal do labhairt air. Agus ar tteacht isteach dhó d'innis sé dháibh
mur dothug an t-aingeal as an bpríosún é; agus iarna rádh riú sgéla do thabhairt do Shém agus dona hapsdail eile gur shaor an t-aingeal é, o ghluais sé gan mhaill as Ierusalem, agus do-chuaidh sé go háit eile dá chaomhna ann sin. Do-ní an Eagluis aniugh féin onóir mhór shollamanta go bliadhantamhuil don mhíorbhuile mhóir so do-rinne an t-aingeal ar Pheadar, chuirios i gcéill dúinn nach bhfuil acht díomhaoinios ann gach tionsgnadh daonna an tan bhío (i gcoinnibh?) tola agus miana Dé. CLÁIRÍNEACH ARNA LEIGHIOS Ní mór go labhrann Leabhar Ghníomhartha na n-Apsdal ar Pheadar ón am (do shaor) an t-aingeal é, acht atá an chuid eile dhe ag trácht go mór ar ghníomhartha Naoimh Póil. Óir, iar ttabhairt na déirce do cruinnigheadh i gcathair Antioch go Ierusalem do Phól agus do Bharnabas, do réir mur ghlacadar an cúram sin orra le tártháil do thabhairt dona creidmheacha dobhí i Ierusalem, do toghadh an t-apsdal Pól
leis an gcreideadh do shíoladh isan Asia agus isan nGréig agus i bPaphos. Do thaisbéin sé a dhúthracht naomhtha a n-aghaidh na saobhfháidhe dobhí ag cur 'na aghaidh agus ag cur toirmisg ar creideamh an phrochonsuil Sergius Paulus, óir ar ndearcadh do Phól ar an easarlaigh sin go grinn adubhairt leis le naomh-dhánacht apsdalta, mur bhí fós líonta don Spiorad Naomh: “A dhuine atá lán do chalaois agus do mhíchreideamh,” ar sé, “agus a mhic dhílis, fós, an diabhail, agus a námhaid bunaidh gach ceirt, créd fá bhfuil tú ag cur toirmiosg ar chách slighe dhíreach an Tiaghearna Dia do leanmhuin? Tá lámh dhíoghaltach Dé ós do chionn, agus béidh anois ar do dhalladh.” Agus ní luaithe adubhairt naomh-apsdal na gcineadhach an focal déighionach dona briathra sin ná do dalladh Elimas (óir ba hé sin ainm an easarlaigh mhallaigh sin), agus dobhí sé ag cur a lámh ar gach taobh dhe ag iarraidh duine lena threórughadh as an láthair. Agus is maith do chuir sé díchéill cháich i gcéill bhíos ag iarraidh tárthála ar na daoine an uhóil, gur chlochadar (Deire leathanaigh annso, agus an chuid eile don láimhsgríbhinn caillte).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services