Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Stair an Bhíobla III
Title
Stair an Bhíobla III
Author(s)
Ua Ceallaigh, Uáitéar,
Compiler/Editor
Ní Mhuirgheasa, Máire
Composition Date
1726
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1942)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
STAIR AN BHÍOBLA CAIB. XXXXXVI DO THEAMPALL MHÓR SHOLAIMH A.M. 3000 Dobhí Solamh agus a ríghacht go hiomlán ar feadh a aimsire sítheach saidhbhir sádhail, gach duine dhíobh i seilbh shíthchánta a shinnsireacht féin, agus an t-ór comh fairsing agus sin 'na measg nach raibh meas acu air agus iad taircuisneach ar airgiod mur na clocha, ionnus nach raibh isan méid ríghthibh dobhí roimhe acht daoine bochta 'na fharraidh. Ag so an biadh laetheamhuil do chaitheadh ann a pháláis: .i. tríochad miosúr plúir, trí fithchid miosúr do mhin choitchionn, .i. tuairim dá bhairille agus fithche Saxanach, deich ndaimh biata agus fithche damh eile don n-inbhear, céd molt farré iol-iomad do charrfhiadhaibh agus do phocaibh fionna agus d'fhiadhaibh ruadha agus d'éunlaithibh biata agus fiadháin. Dobhí dhá fhithchiod míle each mainnséir dá charbadaibh aige, agus dá mhíle dhécc each comhlionga, agus iad do ghnáth arna mbeathughadh
agus arna bhfreasdal maille le cúram agus le dúthracht mhór. Agus mur bhí síthcháin do ghnáth re linn Sholaimh goirthí “an ríghh síthchánta son” dhe; agus is re linn na síthchána sin do-rinne an teampall mór do thionsgain Dábhídh do dhénamh i gcathair Ierusalem. (Mur dobhí a lámha fuilteach agus i gcogadh do ghnáth níor fhéd nó níor fhuiling Dia dhó a dhénamh, nó go dtáinic a mhac go síthchánta agus go ndearnaidh é.) Dothug an rígh óg so a aire agus a dhúthracht go hiomlán leis an obair chathréimigh so 'chríochnughadh. Do chuir sé trí mhíle agus sé chéd mhaor le faire agus freasdal ar an lucht oibre, ceithre fithchid míle snoighdóir cloch dobhí ag obair ar na sléibhtibh aige, seachtmhoghad míle fear le hualaighibh d'íomchar ar a nguallaibh; agus do chuir teachtuireacht go Hiram rígh Tior le cead coille cédair d'fhagháil uadhe ar shliabh Liobáin; agus do chuir teampall suas, lé n-abraid aroile gur mhian le Dia féin a fhaicsin le cumus na ndaoine do thaisbénadh don domhan (óir más cumusach an crétúir ar mór-ghníomha ró-iongantacha ró-oirdheirc do dhénamh, créd dhénfas an Cruthaightheóir?). Do thosaigh Solamh ar an teampall so an ceathramhadh bliadhain dá fhlaithios, agus dobhí críochnaigh aige isan mbliadhain 3000 d'aois an domhain, 480 bliadhain ó fhágbháil na hÉgipte
dháibh. Agus tar cheann nach raibh Solamh acht timchiolll fithche bliadhain d'aois an tan do thosaigh ris an mór-obair so, gidh eadh i mbeagán do bhliadhnuibh dobhí d'onóir aige an cédtheampall do dhénamh don Dia fíre forórdha riamh, agus an obair ba caithréimigh dá ndearnadh san domhan ariamh roimhe. Dob aoibhinn dó, deir S. Ambrós, ar ndénamh an teampuill so dhó, dá ndénamh an díthchioll cédna le é féin d'uirísliúghadh i láthair an Tiaghearna; óir, gídh go ndearnaidh an obair ró-mhór so i n-aimsir a óige do chlochaibh agus do chrannaibh maille le miotlaibh mór-luaighe eile, dobhí do mhí-rath air teampall daor-luaigh a chuirp do thruailliughadh lé teacht a aoise: mur sin nach cóir do chách a muinghin do chur i ttabhartuis dá mhéd, acht muna n-ullmhaighid iad féin le tiodhlaice Dé do ghlacadh do réir mur is mian leis a ttabhairt do gach aon le linn na ndeaghghníomhartha. Gé gur ní ro-ionghantach re haithris méid agus áille an teampuill so ann féin, ní bheith sé fós ionmholta muna mbeith gur chuir an prionnsa mór, .i. Solamh (ba fighair dhílis ann a phearsainn do Chríosd ar Slánaightheóir), gach ní i n-ordughadh dá raibh oireamhnach chum iodhbartha do dhénamh don fhíor-Dhia fhorórdha ann. Agus ameasg gach ní daor-luaigh dá raibh istigh déntaidh d'ór, d'airgead, agus do phráis, dobhí ní ro-mhór
ró-iongantach ann ar a ttráchtann an Scriptúir féin go ro-pharticulárdha, .i. soitheach ro-mhór práis dá ngoirionn mare aeneum dobhí arna dhénamh do phrás leaghta ann a raibh cúig cúbaitt ar uirde, deich ccúbaitt ar leithiod ón mbruach go a chéile, agus tríochad cúbatt 'na thimchioll, do chuinneóchadh tuairim thrí ccéd bairille uisge, agus dobhí 'na suidhe ar dhá dhamh dhécc brais, a trí dhíobh ag féchuin budh thuaidh, a trí ag féchin siar, a trí ag fechuin budh dheas, agus a trí ag fechuin soir; dobhí sí fós lán d'obair ghrábhálta, .i. cnapáin agus trasnáin thornáilte maille le cherubínigh, daimh, leóghuin, agus iol-iomad bheathadhach eile arna ngrábháil inte; agus do ordaigh Sola an fharge sin do bheith isan teampall do ghnáth, ionnus go mbeith ag na sagairt le hiad féin do nighe inte ar mbeith ag dul a dénamh iodhbhartha, agus d'ordaigh Dia féin do Mhaoise báisín mór práis do bheith idir an tabernacle agus an altóir re cosa a lámha sa sagart do nighe ré ndul chum iodhbartha dháibh. Agus tuigidh mórán as so gur cos-lom dobhíodh na sagairt ag ofráil na tuise, agus gur ordaigh Dia fó phéin bháis dáibh a gcosa do nighe ré losgadh na túise dóibh agus an reacht sin do chongbháil go síorruidhe. Tuig as so, a shagairt Chríosdamhuil, má budh riachtanach na cosa, lé gcurtar i gcéill claontaibh
an chroidhe, agus na lámha, lé gciallaighthear ar ngníomhartha, do ghlanadh ó gach gné shalachair an uair sin, nach raibh acht fioghracha le hiodhbairt, créd an cúram is cóir dhuit-se do ghlacadh le Dia agus duine, .i. an fhírinne do chiallaigh fioghracha an tsean-racht, d'iodhbairt ar altóir an reachta nuaidh. CAIB. LVII OFRÁIL AN TEAMPUILL DO DHÍA AGUS AN IODHBAIRT DO-RINNE SOLAMH AR FEADH CHEITHRE LÁ DHÉCC ANN An uair do chríochnaigh Solamh an teampall agus gach ní eile dár bhain le seirbhís an Tiagharna, do thionsgain sé an áirc do chur ann agus an áit d'ainmniughadh don Tiaghearna. Do ghluais féin agus na sagairt chum na háite ar fhág Dábhídh í, .i. i mbaile Shión. Ag so síos gach áit ann a raibh an áirc ón am ar chuir Maoise le hordughadh Dé dhá dénamh ar an bhfásach í: Ar mbeith don phobal i síthcháin tar éis buaidhe d'fhagháil ar a namhaid do chuir Iosue 'na comhnuidhe i Silo í: seacht mbliadhna sin tar éis theacht go Talamh na Geallamhna dháibh. (Baile sin do threibh Ephraim, agus measaid cách gur don áit chédna goirthí Sálem, áit i raibh Melchisedech, agus gur i bhfogus don áit chédna dobhí Eóin ag
baisdeadh cháich.) Dobhí an áirc annsin ar feadh 328 bliadhan nó gur ghabh na Philistínigh i gcampa an phobuil Israéil í. Do chuiriodar sin i gceann sheacht mí ar a hais í, agus cuireadh iar sin i tteach Abinadab i gCariatiarim í, agus do bhí annsin 'na comhnuidhe seacht mbliadhna, agus as sin dotugadh go teach Obededom í, agus ní raibh annsin acht trí mhí, agus as sin tug Dábhídh go nuadh-bhaile Sión í, áit a raibh dhá fhithchid bliadhain roimhe sin, go ttug Solamh leis í ar ghuaillibh sagart, gur chuir isteach isan teampall í mar leis an altóir phráis ar a ndéntaoi an iodhhbairt uile-loisgeach; agus dobhí isan áit sin ar feadh 424 bliadhna, nó go bhfuair an fháidh Ieremias rogha ó Dhia isan am a ttáinicc Nabuchadonosar a' losgadh agus ag creachadh an teampuill agus a' gabháil cathrach Ierusalem; agus arna ttógbháil leis as an teampall don fháidh aimsir ghearr roimh an ruathar sin do réir mur d'ordaigh Dia dhó, do fholaigh iad i bhforghas nó i n-uaimh shléibhe Phasga (áit as ar thaisbéin Dia Talamh na Geallamhna do Mhaoise), agus do-rinne an fháidh chédna fáisdine ar an aít sin, .i. nach bhfuigheadh neoch ar bith eólus ar an áit sin nó go mbeith Dia síthchánta ris an bpobal Iudaigheach, agus go ttugadh ar a n-ais as broid na Babilóine iad, agus annsin go ttaisbénfadh an áit sin ann ar folaigheadh í. Agus as so is iontuighthe gur cuireadh an
áirc agus an altóir sin isan dara teampall do tosaigheadh le Cyrus agus do críochnaigheadh le Darius. Imeasg gach imirce dá bhfuair an áirc iriamh ní haithristior ar aon acu ba samhail le méd sollamhain na himirce so ar a ttráchtar annso. Óir, iar gcruinniughadh lucht na críche do Sholamh do-chuaidh féin roimpe amach agus í dá hiomchar ar guaillibh sagart, agus do-rinne iodhbartha il-iomdha ar an tslgihe, agus ar tteacht dochum an teampuill dóibh do chuiriodar 'na suidhe isan áit ba foide isteach isan sanctuarium í. Agus ar ndul as sin amach dhóibh táinicc néull isan teampall do líon go hiomlán é ar mhodh nárbh fhéidir leó seasamh ann, agus fós nárbh fhéidir leis na sagairt féin a ndualgus do dhénamh. Do ghlac gairdiochus mór an rígh fó an ní sin, do bhrígh gur chomhartha é go raibh taithneamh mór ag Dia ar na neithibh sin agus ar an suidheachan do chuiridar air isan teampoll. Is annsin do thóg Solamh a dhá láimh suas agus do ghuidh Dia go díochra dúthrachtach agus é ar a ghlúinibh i bhfiadhnise na haltóra, ag rádh: “A Thiaghearna,” ar sé, “an dearbhtha gur toil leat comhnuidhe do dhénamh i n-árus talmhaidhe, agus nach bhfuil na flaithis féin diongbhála le do chongbháil ar mhéd do chumhachta, do ghlóire agus do mhórdhacht? Acht más toil le do mhórdhacht an t-árus so 'ghlacadh uainn agus comhnuidh ann, beannuidh dhuit féin é, agus dóirt
do ghrása agus do bheannachtaibh ar an bpobal so fós, agus éisd le hurnaighthe gacha buidhne thiocfas dod ghuidhe agus ag iarraidh trócaire isan ionad so ort, agus maitheamhnus do gach aon thiucfios le húmhlacht agus le haithrighe ag admháil a gcortha dod láthair annso.” Do ghuidh fós go dúthrachtach é, ag iarraidh air a lámh chabhrach do chur i ttimchioll a phobuil gacha mhionca do bheithdís tréna bpeacaidhe i n-éigion námhad nó gorta, nó an tan do dhruidfeadh nó do iadhfadh na flaithis i gcruas práis le tiormacht, gan drúcht ná feathrainn do theacht anuas asda, agus do bheith an talamh cruaidh mur iarann, as a ttiocfadh écc ceathra agus gorta ar dhaoine, dá ttigeadh an pobal i n-am na n-éiccion sin go haithríghach don teampall sin dá ghuidhe, éisdiocht riú go trócuirach agus tártháil thobann do thabhairt dáibh. Agus iar mbeith cúicc lá dhécc ag dénamh iodhbhartha dháibh, .i. ocht lá do bhádar le sollomhain ofrála an teampuill, agus seacht lá eile i n-onóir shollamhuin fhéusda na ttaburnacil dotháinicc isan am chédna sin don bhlaidhain, do cheileabhradar gach dream don phobal re 'roile ag dul gach aon acu dá áit agus dá árus féin, iar n-iodhbairt dhá mhíle agus fithche damh maille le sé fithchid míle molt dáibh. Deir na haithriocha naomhtha linn gur nár dona Críosdaighibh aniu laghad na humhlachta agus
na honóra do thaisbénaidh dona teampuill ro-naomhtha ana n-iodhbarthar an fhírinne, dar sgáile amháin na hiodhbartha do-níodh pobal Dé an uair sin. CAIB. LVIII BANRÍGHAIN NA SÁBA A.M.3002 Iar ndénamh an teampuill do Sholamh do thosaigh le palás do dhénamh; agus ba hé sin an t-árus ba hiongantaigh, ba háille, agus ba daorluaighe dá ndearnaidh aen-rígh iriamh roimhe, óir ba sgáth siabhartha re súil amharc thaobha, churra, agus cholamhna órdha mar aon le oibreacha grábhálta an dúin nó an pháláis sin. Agus is uime sin dothigheadh cách 'na ndrongaibh agus 'na mbuidhnibh móra as gach crích don domhan ag amharc ar iongantais na hoibre sin; agus fós níos fonnmhuire ná sin dothigeadh ríghthe agus banríoghna an domhuin ag éisdeacht re heagna agus re hárdeólus an rígh féin, óir do-chuaidh cliú a eagna ar feadh an domhuin. Agus do ghluais sin mian agus cúirialtacht bhanríoghna na Sába as an gcuid ba sia soir don domhan le teacht ag amharc ar
fhearus tighe Sholaimh agus ag éisteacht lena eagna, agus fós dochum dearbha d'fhagháil a thuarusgbháil a bheith do réir fírinne; agus ar tteacht i gcórughadh agus i n-innioll ró-shaidhbhir ro-chosdusach dí thug sí sé fithchid tallann óir do thabhartus dó, .i. timchioll nó níos treise iná leath-mhilliúin do phúntaighibh Saxanta, maille le mórán do phérlaighibh agus do spíosaraighe daor-luaighe oile. Agus ar bhfaicsin ordughadh árd-mhaisioch an teaghlaigh ríoghdha sin dí, mar aon re glanordughadh lucht freasdail an rígh, agus ar mbreathnughadh a ghrinn-eagna féin dí, adubhairt gur sháraigh go mór gach ní dhá bhfacaidh an tuarusgbháil ro-adhbhal do-chualaidh orra. “Agus anois chreidim,” ar sí, “gach cáil iongantach dá gcualas ar mhéd do thuigse agus do chríonnacht eagnaidhe féin, agus is ag fromhadh na fírinne sin thángus isan turus so, agus anois adeirim gurab aoibhinn dod lucht freasdail bhíos do ghnáth ag éisdeacht réd heagna.” Agus iar sin do cheileabhair Sába re Solamh lán do gháirdeachas agus do lúthgháire um gach ní dá gcualaidh agus dá bhfacaidh, agus tug Solamh tiodhluice dhí ba mó agus ba daor-luaighe iná mur thug sí dhó. Dob aoibhinn dona Críosdaighibh, do réir na n-aithrioch naomhtha, dá ndénamh úsáid mhaith do Dhia is maighistir dháibh (agus) do Chríosd is riaghail eóluis agus eagna dháibh, agus an ghlóir shíorruidhe
mur thuarusdal le fagháil acu; gidh eadh, is truagh an sgél agus is dólásach mur ghlacaid na daoine do roghain tar Dhía, críonnacht shaoghalta tar eagna an tSlánaightheóra, agus an saoghal tar an nglóir shíorruidhe, agus dá bhrígh sin ní go sólásach lúthgháireach bhérus banríghainn na Sába, .i. an Eagluis naomhtha, breitheamhnus orra acht go dubhach dólásach. Dobhí Solamh mur sin go sona sólásach i ttús a fhlaithis, taithneamhach fós i láthair Dé do bhrígh go raibh ag leanmhuin luirg a athar Dhábhídh i slighthibh saor-ghlana na subháilceadh. Ní cian dá éis go ttug le tuigsin don domhan nach cóir d'aon-neach a mhuinghin do chur i ttiodhlaicibh saoghalta ar bith, tar cheann gur ó Dhía féin do-ghébhadh íad; óir nach bhfuil dá mhéd cathréim dá bhfaghann neoch ar an tsaoghal so nach mó ná sin an t-adhbhar uathbháis dó tuitim le neart na n-ainmhian agus an uabhair fós ghreamaighios do ghnáth do chathréim agus dona cumhachta saoghalta. Mur sin, ar mbeith do Sholamh lán do shéun, do shonus, agus i gceannus ro-mhór, lán do shógh agus do shaidhbhris, cách ag adhradh na heagna agus na críonnacht dobhí aige, do thruaillaigh agus do shalaigh na mná a chroidhe, bhí 'na theampall agus 'na ionad comhnuidhe ag Dia, le hanmhian drúise do tharruing chum adhaladhartha é. Óir, dobhádar seacht ccéd bean dá ngoirthí banríghain do gach aon díobh, mar
aon le trí chéd eile banchéile nó méirdreacha ba táire ná sin, dobhíodh 'na leannáin leaptha aige a n-aghaidh dlighe Dé (óir tar cheann gur fhuiling Dia dháibh an uair sin iomad ban do phósadh a n-aoinfheacht, más eadh do thoirmisg sé orra uimhir an-mhór do bheith ag aon díobh, agus go háirighthe gan mná eachtair-chineólta do bheith acu, óir níor mhaith leis coimeasg Geintíleach do bheith ann a phobal féin). Acht tá ní cheana, is é olc tháinicc as sin tar éis teampuill do chur suas do Sholamh don Dia fíre gur tharruing mailís agus meabhail na mban nGeintíliocha dobhí aige é dochum teampal, do dhénamh dá n-íodhal agus dá ndéaibh mbréige sin dothugadar leó as an Égipt, as an Sidónia, as tíortha na n-Amonítibh (agus) na Moabítibh. Do tharruing na peacaidhe gráineamhla sin fraoch, fearg, agus mí-ghnaoi Dé ar Sholamh, gur tréigeadh le Dia é agus nár labhair leis ó sin amach, acht mur chomhartha chinnte ar a fheirg do-rinne fáisdine dhó go ngearrfadh a ríghacht agus go ttiubhradh ceannus dheich ttreabha dhi do shearbhfoghanta Sholaimh féin. “Gidh eadh, ar ghrádh h'athar,” ar sé, “ní roinnfidhar an ríghacht as do lámha féin re do linn, agus tar éis do bháis beidh aen treabh amháin ag do mhac.” Do thuig Solamh gurbh do Ieroboam, neoch dobhí 'na fhochair ón am a raibh 'na leanbh,
dobhí í ndán teacht 'na dhiaidh i n-oighriocht na ríghachta, agus dá bhrígh sin do thionsgain a bhásughadh, agus an uair do thuig Ieroboam sin do theith go crích na hÉgipte. Is uime do thig Solamh gurbh é Ieroboam dobhí le teacht ann a ionad féin, do bhrígh go gcualaidh go ttáinicc an fháidh Ahias aimsir roimhe sin, agus iar tteacht i mbealach Ierobaim dhó do ghearr sé a bhrat i ndá chuid décc agus tug deich mír nó deich gcuid de do Ieroboam. Dobhí Solamh go síthchánta i seilbh na ríghacht ar feadh dhá fhithchiod bliadhain, go bhfuair bás i ttuairim thrí fithchid bliadhain d'aois; agus do hadhlacadh i bhfochair a athar Dábhídh é i gcathair Dhábhídh, .i. i Ierusalem. Is iongantach le haithris méd na ttiodhlaiceibh dofuair Solamh ó Dhia agus anois gan fios a staide ag aon-neach! Óir dobhí a pheacaidhibh follasach mur bhí peacaidhe a athar, acht mo thruaighe nach bhfuil a aithrighe comh fhollasach le aithrighe a athar, tar cheann go n-abraid aroile gur ann aithrighe ro sgríobh Leabhar Ecclesiast. Dob fearr dhó a bheith ar chárn aoilígh Ióib ná ann a chathaoir ríoghdha ar feadh a shaoghail, óir is ann súd chím coróin na naomh, .i. an umhlacht ag breith buaidhe: annso do-chím péisd shalach an uabhair ag breith buaidhe ar an eagna dhaonna agus dá treasguirt go hIfrionn.
CAIB. LIX COMHAIRLEACHA ROBOAIM MHIC SHOLAIMH Tar éis báis Sholaimh agus an choróin ríoghdha do chur ar a mhac Roboam, táinicc lucht na ríghacht, agus Ieroboam 'na cheann feadhna leó, ag iarraidh athchuinge ar an rígh sin, .i. na cíosa, na cána, agus na dualguis dobhí agá athair Solamh orra do laghdughadh, agus gan a chuig do léigion comh trom orra agus dobhí le linn a athar. d'iarrsan cáirde thrí lá orra le freagra d'fhagháil uaidhe, agus thugadar sin dó. Iar sin do-rinne sé comhairle le dream do dhaoinibh uaisle ársaigh eagnaighthe dobhí 'na gcomhairleacha agá athair roimhe, agus d'iarradar sin ir freagra aobhdha grádhach ceannsaigh do thabhairt dáibh agus gan gruaim ná mí-fhonn do chur orra, agus gur mur sin dob indénta dhó lena ngrádh do tharruing air. Gidh eadh, nior thaithnigh an chomhuirle sin le Roboam, agus dá bhrígh sin do thréig teagusg na ndaoine ársaigh glioca sin; do-chuaidh d'ionnsaigh a lucht comhaoise féin agus druinge do bhaothánacha óga gan eagna, gan fhoirfeacht, gan eólus, agus is í comhairle thugadar sin dó freagra garbh gáibhtheach
bograch do thabhairt don phobal, agus a rádh riú go mbeith féin ní ba troime go mór orra ná mur bhí a athair, agus i n-ionad an tsóláis shocamhuil dob áill leó gur dólás agus docamhal do chuirfeadh orra. Deir an Scriptúir gurbhá toil le Dia an dall-chiach so do theacht ar inntleacht Robaim mur gur shaothraigh a athair fáisdine na fáidhe Ahias do chomhlíonadh, agus is é an freagra sin tug adhbhar an tan sin dá coimhlíonadh; óir, ní luaithe do-chualaidh an pobal an borb-fhreagra sin ná do chinneadar ar dhul i ttrétúiracht, agus tugadar comhghealladh agus mionna dá chéile nach ttiubhradís urraim ná géilleadh do Robaam ó sin amach. Arna chlos sin do Roboam do chuir a phríomh-thaoiseach, .i. Aduram, dá n-ionnsaighe ag iarraidh síthchána do dhénamh riú. Ar tteacht dá láthair dhó, do dhiúbhraiccsiod uile le clochaibh é gur fhágsad leacht díobh ós a chionn, agus is lé luas a chos dothug an rígh féin a anam leis. Agus annsin do thogh deich ttreabha Israél Ieroboam mur rígh orra féin iar ttréigion Robaaim. Is annsin do thionnsgain Roboam cogadh do chur ora; agus iar gcruinniughadh céd agus ceithre fithchid míle do threibh Iudáis amháin, ba toil le Dia anmhuin 'na fhochair agus a bheith urramach i n-éirc dheagh-ghníomh a shean-athar dhó, dobhí
féin ag gluasacht leó le cath do thabhairt do Ieroboam agus dona deich ttreabha eile. Táinicc an fháidh Semeia rompa, agus adubhairt gur le teachtuireacht ó Dhia dotháinicc, ag cur toirmisg orra um chatha do thabhairt do Ieroboam, óir gurbh é Dia féin thug an ceannus dobhí aige dhó do réir na fáisdine do-rinne an fháidh Ahias roimhe sin i n-aimsir Sholaimh. Ag so mur thosaigh an pobal Israél le dhá rígh do bheith acu, .i. rígh na Iudaightheach agus rígh Israél, rígh dhíobh i Ierusalem agus rígh eile isan Samaria, agus sin do theacht ó dhíth foruis agus céille aen-phrionnsa amháin! An uair dofuair Ieroboam é féin i gceannus na hIsraél (óir is mur sin ainmnighthear an chuid don chrích agus na deich ttreabha do ghabh leis) go trén neartmhur, gan uamhan, gan eagla, chinn (mur is gnáthach leis na droch-chreidmheacha) an creideamh dofuair ó Dhia tré lámha Mhaoise do thréigion agus déaibh bréige nó íodhail do chur suas dá n-adhradh - óir dobhí eagla air dá mbeith a mhuintir a' dul go Ierusalem le adhradh agus iodhbharthacha do dhénamh i tteampall mhór Sholaimh, mur fa dual, go ttiucfadh as sin fá dheóidh go ttréigfadís é féin. Dá bhrígh sin, do chuir sé dhá laogh d'ór leaghta dhá ndénamh, agus do chuir aon acu suas i mBethel, agus an laogh eile i gcathair Dan, agus d'fhuagair dona críocha go hiomlán teacht dá n-adhradh, óir gurbh iad sin na déa dothug
as broid na hÉgipte iad. Agus do chóirigh altóracha dháibh le hiomad cúraim, agus do chuir mórán do sheóidibh daor-luaighe 'na ttimchioll, agus do-rinne díthchioll le iodhbarthacha agus adhradh do dhénamh dáibh, mur do-nídís don fhíor-Dhia uile-chumhachtach i Ierusalem. Acht ar mbeith do Iereboam féin i láthair altórach dhíobh sin i mBetel do chuir Dia fáidh chuige, agus do-rinne fáisdine 'na fhiadhnuise go ttiucfadh mac do shliocht Dhábhídh dá ngoirfidh Iosias, do ghearrfadh scórnacha na sagart íodhal-adharthacha sin ar na haltóracha sin, agus mur chomhartha ar fhírinne na fáistine sin do scoilt an altóir tréna lár go talamh. Agus do coimhlíonadh an fháistine sin i gceann chéd go leith bliadhain dá éis sin. Níor fhéd Ieroboam an dánacht naomhtha lér labhair an fháidh d'fhulang, agus fós ar bhfaicsin na haltóra do-rinne sé féin scoiltigh dhó do shín a lámh ag iarraidh ar na hoiffigídh dobhí 'na fhochair a ghabháil, acht ní luaithe do-rinne sin ná do thiormaidh an lámh go nárbh fhéidir leis a tabhairt ar a hais. An uair do-chonnairc Ieroboam an díghaltus tobann sin arna theacht air, d'umhlaigh don fháidh agus d'iarr leighios a láimhe air, agus tug aisiog a láimhe dhó. Iar sin d'iarr ar an bhfáidh biadh do chaitheamh 'na fhochair; do dhiúlt an fháidh sin, agus d'innis dó gur chuir Dia d'aithne air gan biadh ná deoch do ghlacadh san áit sin.
Agus ar mbeith ag imtheacht dó, do lean saobhfháidh dobhí 'na chomhnuidhe san mbaile chéadna é, agus dobhí dá thóruigheacht 'na bhuinnighibh reatha go ttáinicc chuige agus é 'na shuidhe a léigion a sgíthe fó bhun crainn; agus ar tteacht a láthair d'iarr air teacht tar ais agus proinn do chaitheamh ann 'fhochair féin. Do dhiúlt an fháidh sin do dhénamh, óir gur chuir Dia toirmeasg air. Do fhreagair an saobh-fháidh, agus adubhairt: “Fáidh mise mur thú féin,” ar sé, “agus is é aingiol Dé do chuir san teachtaireacht so mé, agus dubhairt liom rith 'do dhiaigh agus iarriadh ort proinn do chaitheamh am fhochair féin aniugh.” Agus do chuir do chluain air mur sin go ndeachaidh leis; agus ar mbeith dóibh ar aon ag caitheamh na proinne sin do labhair Dia i mbél na saobh-fháidhe, agus adubhairt leis an bhfáidh fhíre: “Do chuirios cluain ort, agus do chuirios d'fhiacha ort tré cheilg aithne Dé do bhrisadh leis an mbia so do chatih tú tar an aithne do chuir ort; dá bhrígh sinn tiucfaidh do dhíoghaltus nach i bhfochair do shinnsir cuirfidhior iar mbás thú.” Agus ba fíor sin; óir ar mbeith dhó an lá cédna ar muin asail ag dul ar ais, táinicc leómhan dá ionnsaighe do stróic a chorp ó chéile, agus iarna fhágbháil marbh d'imghidh gan dochar do dhénamh don asal. Measaidh S. Greghóir nach dearna an fháidh so a theachtaireacht go hiomlán do réir mur
d'órdaigh Dia dhó, agus gur uime sin d'fhuiling sé don tsaobh-fháidh a mhealladh, as a ttáinicc an díoghaltas úd ar a chorp léna anam do shábháil. CAIB. LX SAMBRI ARNA LOSGADH Tar éis a ndearnaidh Ierobaam d'olc agus d'aindlighe i n-aghaidh Dé, iar mbeith 'na rígh dá bhliadhain agus fithche dhó dofuair bás. Dobhí cogadh gnáthach idir é agus Roboam ó thús a ríghe go críoch a shaoghail. Do ghlac a mhac Nadab an ríghe dhá éis, agus níor mhair innte acht dá bhliadhain, óir, ar gcur campa dó le cathair Gibeton, a n-aghaidh agus i ttír na bhPhilistíneacha, do mharab Baasa do threibh Isachair é, agus do ghabh féin an ríghe ann a ionad. Is é an Baasa so do chothaigh cogadh gnáthach a n-aghaidh Asa, rígh ró-fhírenta na Iuidaigheach, mac d'Abias mhallaighthe mhac Roboaim. Is é an tÁsa beannaighthe so do sgrios íodhail agus íodhaladhradh as a ríghacht, agus mur thuarusdal dá dheagh-ghníomhartha dothug Dia buaidh ar a namhaid, .i. ar Bhaaso, go minic dhó. Óir dobhí sé so chomh mallaighthe le Ieroboam agus lena mhac sin Nadab, agus dá bhrígh sin táinicc an fháidh Iehu
i tteachtuiracht ón Tiaghearna chuige, agus d'innis dó gach olc agus gach díth dhá raibh le teacht air féin agus ar a shliocht 'na dhiaidh. Ní cían 'na dhiaidh sin go bhfuair Baasa bás, agus gur fhág an ríghacht agá mhac Éla; agus is é céd-éucht do-rinne sin iar nglacadh na ríghe dhó feall do dhénamh ar an bhfáidh Iehu i ndíoghail na droch-fháistine do-rinne dhó féin agus do shliocht a athar, .i. Baas. Acht níor mhair a fhlaithios ná é féin acht dá bhliadhain; óir, ar ndul do Zambri, bhí 'na ghenearál ar leath a shlóigh, i ttrétúracht 'na aghaidh, tháinicc i n-aimsir pruinne dá ionnsaighe, agus do mharbh go fealltach ar an gclár é, agus do ghabh féin an ríghe. Agus ní cian do mhair dhó, óir ar gclos an fheill-ghníomha sin dá arm do thoghadar an genearál eile dobhí ag Éla 'na rígh. Ní luaithe do-rinneadar sin ná do ghluaisiodar i ttóruighacht Shambri go ttánagattar go cathair Thersa, áit i ndeachaidh ar a dhaingion, mur do shíl. An uair do-chonnairc an trétúrach nach raibh dul as aige, do-chuaidh isteach isan bpálás ríoghdha, agus do chuir teine ann a cheithre corra gur loisg é féin ann. Iar ndénadh móráin uilc agus trétúracht mur so, is gnáthach le Dia díoghaltas do dhénamh ar na tíaránaigh, óir an uair is sásda bhíd agus an (uair), dar leó, is lugha a gonntabhairt, is annsin féin
leagas Dia a lámh dhíoghaltach orra, agus threasgras go fíor-iachtar ifrinn iad. Ar mbeith do Amri 'na rígh gan freasabhra ar feadh dá bhliadhain décc, dofuair bás agus d'fhág an ríghe agá mhac Achab, neoch thug barr uilc agus aindlighe ar a ttáinicc do ríghthibh roimhe isan Israél; agus do dhíoghail Dia a pheacaidhe le tiormach do chur ar an gcrích go hiomlán go nár thuit braon feathranna ná drúcht innte ar feadh thrí mbliadhan (do réir mur d'ordaigh an Tiaghearna don fháidh Elias a réimhinnsin d'Achab féin), go ttáinicc gorta an-mhór isan gcrích. Is annsin do thaisbéin Dia go míorbhuileach a ghrádh agus a ghnaoi d'Elias, mur do bheathaigh go míorbhuileach i n-aimsir na gorta sin é; óir, adubhairt leis comhnuidhe do dhénamh ar bhruach abhanna Charith ar aghaidh Iordáine, agus ar mbeith annsin dó dothigeadh fiach dubh gach maidin agus gach tráthnóna le arán agus feóil chuige; agus mur thug méid agus buaine an tiormaigh ar an tsruth sin dul i níosg, dubhairt leis an bhfáidh dul go cathair Sarepta i gcrích na Sidonia, agus gur aithin féin do bhantreabhaigh dobhí ann a fhreasdal agus a chongbháil suas. Agus ar tteacht go dorus na cathrach dhó tarla bean dó ag cruinniughadh cipínigh beaga chum teineadh do dhénamh, agus ar tteacht d'Elias dá láthair d'iarr uirre deoch uisge do thabhairt chuige. Ar mbeith dise ag dul a gcuinne an uisge mur d'iarr uirre, do ghuidh
sé í um ghreim aráin do thabhairt mar aon ris an uisge dhó. Do fhreagair sise agus do thóig sí Dia mur fhiadhnuise nach raibh do bheatha ar bith aice acht glac bheg mhine agus beagán beag ola, agus gur uime tháinicc a' cruinniughadh na gcipín mbeag sin le cáca beag a dhénamh dhí féin agus dá mac, agus iarna ithe sin dáibh nach raibh acu acht bás d'fhagháil. Do chuir an duine naomhtha so i gcéill gur mó thig teachtuirigh dísle Dé go háit ar bith le maith do dhénamh do chách ann ná le sólás d'fhagháil dáibh féin, agus adubhairt ria dul ibhaile agus cáca beag do dhénamh dhó féin don bheagán mine sin, agus nach laghdeóchadh an mhin ná an ola bhí aice nó go ndóirtfeadh Dia feathrainn ar an talamh. Dothug an mhíorbhuile sin sólás mór don bhaintreabhaidh Gheintíligh sin lér mhian tártháil do thabhairt don fháidh, ní do dhiúlt do mhuintir a thíre féin. Do thaisbéin so roimh an am do chách an ghairm dofuair na Geintíligh ó Chríosd an tan do dhiúlt na Iudaighibh dhó. Ní cian dá éis sin go bhfuair én-mhac na bantreabhaigh sin bás, ní do ionntaigh a sólás i ndólás agus i ndobrón. Do ghlac truaighe mhór Elias ag faicsin déra agus égcaoine na mná, agus do chuir an leanbh faoi ar an urlár, agus do shín féin ar 'uachtar agus dobhí ag guidhe Dé nó gur athbheódhaigh an leanbh. Mur sin do-rinne Críosd ar Slánaightheóir ag athbheódhadh na ndaoine; is
amhlaigh budh chóir do phastúirigh na hEaguilse, .i. a tteagasg do thoirbhirt do réir acfuinne an phobail shimplídhe. CAIB. LXI IODHHBAIRT ELIAIS A.M. 3096, Ante Christum 908 An feadh bhí Elias ar dhaingion i bhfochair na bantreabhaigh Sareptánach dobhí dronga agus buidhe ó Achab agus ó Iesabel ag cuartughadh na críche dhá iarraidh chum báis do thabhairt dó; agus ó nach bhfuaradar é do dhíoghailsiott a bhfearg ar shagairt an Tiaghearna. I gcionn na ttrí mbliadhan, an uair dob áil le Dia tártháil do thabhairt don tír agus feathrainn do chur chucu, adubhairt le hElias é féin do thaisbénadh d'Achab. Táinicc Elias mur a raibh Abdiah, .i. duine cráibhtheach ar a raibh eagla Dé, agus adubhairt leis innsin don rígh Achab go ttaisbénfadh é féin dó an lá sin. Adubhairt Abdiah gur chum a bháis dothiucfadh an teachtuiracht sin. “Óir má innsim sin don rígh,” ar sé, “tiucfaidh dod ionnsaighe agus tiucfaidh spiorad Dé dod fhuadach-sa leis, agus ní bhfuighe an rígh amharc ort,
agus annsin marbhthaigh sé meisi, ag rádh gur ag fonómhad faoi robhádhus.” Agus mur bhí fios ag Elias gurbh duine ceart Abdiah, agus mur chruthughadh air sin gur chaomhain agus gur bheathaigh sé i n-uamhaibh talamhan cuid dona fáidhibh dá gcaomhain ar Iesabel, do dhearbh sé dhó go bhfanfadh nó go bhfaicfadh agus nó go labhradh an rígh ris. Leis sin do-chuaidh Abdia ag innsin don rígh go ttáinicc Elias dá agmhalladh; leis sin tháinicc Achab mur a raibh Elias, agus do labhair go fraochdha feargach leis, agus d'fhiafraidh dhe: “An tusa,” ar sé, “an té atá ag buaidhreadh Israél?” Do fhreagair Elias é maille le teas agus le dánacht naomhtha, ag rádh: “Ní mise do bhuairigh Israél, acht tusa féin do lean peacaidh h'athar agus do mhuintire féin, do thréig Dia ag iodhbairt agus ag adhradh do Bhaal; gidh eadh, tabhair ar aon-áit an pobal Israél agus sagairt an bhréig-dhia sin.” Agus do-rinne an rígh mur d'iarr air. Is ann sin do labhair Elias riú, ag rádh: “Créd an claonadh bacach so chím ar gach taobh agaibh? Más é mo Dhia-sa an fíor-dhia leanaigh dé, nó más é Baal an fír-dhia leanaigh é; agus cruthaighmíd agus féchmaoid anois cia hacu an fíor-dhia, agus chum go ndénfadhmís sin ar an láthair
so tógaidís sagairt Bhaail bulóg, gearradís i mionchodchaibh í, agus cuireadhdís ar cunnadh í gan teine ar bith fúithe, agus dénfad-sa an ní cédna le bulóig eile; goireadh an ceithre chéd sagart bheanas re Baal ar a ndéé le teine uile-loisgach do chur ara mbulóig féin, agus goirfiod-sa um aonar ar mo Dhia, agus gíbé fhreagóras díobh re teine bíodh 'na Dhia aguinn uile.” Do mhol an pobal go hiomlán an connradh sin, agus do-rinneadh mur dubhairt. Agus do thosaigh sagairt Bhaal; agus ar gcur a mbulóige 'na mion-spóllaighe ar an altóir dhóibh, dobhí na gártha guidhe agus garma acu ar Baal ó mhoch na maidne go meadhón laoi gan freagra ar bith d'fhagháil. Is annsin do-rinne an fháidh fhíre fonámhad agus naomh-mhagadh fútha, ag rádh riú labhairt go hárd, “Óir dob fhéidir,” ar sé, “gur 'na chodladh tá bhur nDia nó gur a' caitheamh proinne ar chlár atá sé.” Annsin do sgreadadar go hárd agus do ghearradar a gcroicne féin agus a gcuid feóla, agus ba dímhaoin dóibh, do chuir treinnse dá ghearradh ar gach taobh don altóir, agus d'fhadoigh an cunnadh, agus do chuir an bhulóg 'na codchaibh ós a cionn, agus iar ngairm an phobuil adubhairt riú ceithre soithidh móra líonta le huisge do thabhairt chuige, agus adubhairt riú a ndórtadh ar
an bhfeóil agus ar an gcunnadh; agus do-rinneadh sin fó thrí nó gur líonadh an treinnse ar gach taobh don altóir leis an uisge do shil don altóir. Is annsin do ghuidh Elias an Dia fíre, agus ní luaithe do-rinne sin ná tháinicc an teine as an bhflaithios do loisg agus do-rinne luathreadh don fheóil, don chunnadh, dona clochaibh agus don uisge féin. Leis sin do bhuail an pobal go hiomlán a n-aighthibh ré lár, agus do admhaidhsiod do ghuth aein-fhir gurbh é sinn ar Dia fíre. Arna fhaicsin sin d'Elias adubhairt riú na saobh-shagairt sin Bhaal agus na fáidhe fallsa do bhí ann do bhreith amach as lár an phobuil agus a marbhadh go hiomlán, agus gan aon acu do léigion beó as an áit. Iar sin do gheall Elias feathrainn d'Achab, agus do thuit sí nísa luaithe ná d'éirigh ris dul dá thigh. Cuirigh an siompla so i gcéill dúinn nach beag neart na fírinne le lucht a chothaighthe do neartughadh agus do threisiughadh a n-aghaidh naimhde dhá thréine iad. Arna chlos don bhanríghain mhailligh, .i. do Iesabel, gur chuir Elias d'fhiachaibh na sagairt agus na fáidhibh fallsa do chur chum báis, chuir sí teachtuire chuige go tiubhradh féin d'fhiachaibh air-sion an bás cédna fón am sin arna mhárach d'fhulang. Arna chlos sin d'Elias do ghlac eagla agus uathbhás mór é, gur theith gan mhaill as an áit. Cuiridh
so i gcéill dúinn, mur deir S. Grighóir, neamhbuaine an duine ar aén-staid, óir féch a luaithe do ghlac crith-eagla áit na cródhacht ann Elias. Do ghluais roimhe go ndeachaidh ar an bhfásach; agus ar mbeith lán do mhí-fhonn agus do thuirse dhó d'iarr ar Dhia bás do thabhairt dó. Do léig é féin síos annsin, agus dotháinicc codladh air. Tháinicc aingiol chuige, agus dubhairt leis, “Éirghidh,” ar sé, “agus caith biadh.” Agus dofuair arán agus uisge 'na fhochair, agus an uair d'ith cuid don arán do thuit a chodhladh an dara feacht air. Táinicc an t-aingiol arís, agus dubhairt leis an t-arán d'ithe agus an t-uisge d'ol, óir go raibh bealach fada roimhe; agus mur do-rinne sin do ghluais sé agus dobhí ceathrachadh lá agus ceathrachad oidhche ar siubhal go ráinicc go sliabh Óreb. Is annsin do thaisbéin Dia é féin dó, agus dubhairt ris dul go Damascus agus Hasaeel d'ungadh mur rígh ar an Syria, agus fós Iehu d'ongadh mur rígh Israél. Leis sin do ghluais Elias don tsliabh le hordúghadh an Tiaghearna. Agus tárla Eliseus ann a bhealach dhó agus é ag treabha, agus dhá chonglán décc damh roimhe agus cuingir díobh aige féin dá ttiomáin; agus ar mbeith ag imtheacht rena ais dó do chuir a chlóca air, agus ní luaithe do-rinne sin ná mhothaigh Eliseus mian gluasachta ann féin, agus do theilg an obair as a láimh, agus do rith sé i ttóruighacht Eliais, agus níor iarr d'athchuinge air acht cead do thabhairt dó le beannacht a athar agus a mháthar
d'fhagháil agus ceileabhra dhóibh. Agus tug an cead sin dó, agus iar n-iodhbairt na ndamh dobhí ag obair aige dhó do chuir fios ar a chomharsannaibh, agus iar ttabhairt fésda dháibh do lean sé Elias, agus do chinn ar a bheith 'na fhochair do shíor. Is maith an roghain dorug an tan do thréig a athair talmhuidhe agus do lean athair diadha spioradálta do líon le tiodhlaicibh é an feadh bhí ná fhochair, agus ar mbeith ag sgaradh ris dorinne oighre ar a mhíorbhúilibh agus ar a mhórghníomha dhe mur chífiom dá éis so. Tabhair dod aire fós gurab í an umhlacht hárdaighthear do ghrés. CAIB. LXII NAOMHTHACHT IOSAPHAIT A.M. 3105 Isan am a raibh Achab rígh Israél agus a bhean Iesabel ar aon-fhocal agus ar aon aigne le gach olc, le gach tiarántacht agus le gach uile ghné drochghníomh do dhénamh, dobhí Asa 'na rígh ar Ierusalem do-rinne mórán deagh-ghníomh ar feadh a bheatha, tar ceann gurbh í holc an chríoch do
chuir uirre. Óir do-rinne sé síth agus cáirdios le rígh na Siria dochum a threisiughadh a n-aghaidh rígh Israél. Do chuir Dia fáidh le himdheargadh chuige, agus ní go maith do ghlac sin acht do ghlac fearg mhór é, agus do chuir d'fhiachaibh ar a mhuintir an fháidh do chur i bpríosún dhiabhair dhorcha, agus 'na dhiaidh sin thug aghaidh ar thiarántacht d'imirt ar a mhuintir gur chuir mórán dá n-uaislibh dochum báis. Bheir an Scriptúir milleán air fós do bhrígh ann a thinnios gur mhó an mhuinghin dobhí aige as na leagha ná dobhi as Dia féin aige. Acht, tar éis cuid mhór dá bheatha bheith so-mholta, do chríochnaigh sé í le mórán do dhrochghníomhartha dobhí aindlightheach graíneamhuil do láthair Dé agus daoine. Tar éis a bháis do ghlac Iosaphat an ríghe, agus ba hé sin mac Asa, agus ba prionnsa ionmholta é do tharruing grádh Dé agus na ndaoine air, óir do lean sé lorg Dábhídh, dobhí do réir tola Dé féin, agus dobhí do bhuidheachus ag Dia air féin agus ar a shluaghaibh go bhfuair buaidh do ghnáth a n-aghaidh rígh Israél, agus d'árdaigh a mhisneach agus a chródhacht ós cionn na ríghthe dotháinicc roimhe. Óir níor leór leis altóracha na n-íodhal do rébadh agus do mhion-bhriseadh, acht do ghearr agus do loisg na garraín dobhíodh mur sgáth ar shodomacht agus ar pheacaidhibh graosda gráineamhla i bhfogus don haltórachaibh sin acu; do chuir fós sagairt a' dénamh seanmóra agus
proceapta ar feadh na ríghachta a n-aghaidh íodhal-adhartha agus gach gné pheacaidh agus mhí-bhésa eile dá raibh i ngnás eatorra 'mun am sin. Acht dobhí do mhéid a chrábhaidh agus a chaoin-dúthracht do Dhía nach raibh ní ar bith ar 'aire acht glóir agus ainm ann Dé fhíre d'onórughadh agus do mholadh, agus dá bhrígh sin dofuair ón Dia cédna sin mur thuarusdal go raibh criothnadh, uamhan, agus uathbhás ag rígh agus deich ttreabha Israél do ghnáth roimhe féin agus an dá threibh amháin dobhí umhal dó. Agus is mur sin neartaighios Dia a bheagmhuintir a n-aghaidh mór-shluaigh a námhad: Deposuit potentes de sede et exaltavit humiles. CAIB. LXIII BÁS ACHAIB A.M.3017 Do mhéudaigh uimhir pheacaidhibh Achaib agus a mhná Iesabel go nárbh éidir a n-áireamh, agus is annsin do leag Dia i lár an uabhair iad. Óir, iar mbásughadh Naboth, agus iar mbuain a fhíneamhna dhe d'fhág a shinnsir aige (agus mur nárbh áil leis a tabhairt d'Achab ná dhá mhnaoi Iesabel do chuiriodar chum báis é, mur is follus 3 Reg. cap. 21),
iar sin do-chuaidh Achab ag amharc ar an bhfíneamhuin, áit a ttárla an fháidh Elias dó agus do labhair leis mur so: “Do mharbhais Nabot,” ar sé, “dochum a fhíneamhna d'fhagháil duit féin; ar an ádhbhar sin lighfidh na madraigh do chuid fola isan ionad cédna ann ar lígheadar fuil Naboith, agus íosfaidh fós feóil Iesabel.” Agus ní cian dá éis sin go ttáinicc fírinne na fáisdine isteach mur so: Do chuir Áchab cogadh ar rígh na Siria, agus d'iarr air Iosaphat rígh na Iudaigheach teacht dá threisiughadh, agus do fhaomh Iosaphat sin. Agus ar bith dháibh i gceann a slóigh ag triall a n-aghaidh a námhad do shuidh an dá rígh sin i ndorus na cathrach sin Samaria i dhá gcathaoir órdha, agus táinicc ceithre chéd saobh-fháidh do mhuintir Achaib le fáisdine do dhénamh dháibh, do réir mur d'iarr féin orra; agus tugadar sin deaghmhisneach dháibh. Is annsin d'fhaifraidh Iosaphat ann raibh fáidh ar bith do mhuintir an fhír-Dhia le fagháil. Adubhairt Achab go raibh agus nár mhian leis féin a chlos ná a fhaicsin, óir nach dearnaidh deagh-fháistine ariamh dhó. Acht do bhrígh go raibh mian mór ar Iosaphat a fhaicsin do-chuaidh teachta 'na chuinne, agus is é fáidh do bhí ann, .i. Micheas; agus ar tteacht do láthair dhó d'innis go dána d'Achab go muirfidh san gath gan amhrus é. Arna chlos sin d'Achab
d'ordaigh a chur i bpríosún agus go gcuirfeadh chum báis é an tan dothiocfadh ar ais ón gcogadh. Ba toil le Micheas sin óir dobhí 'fhios aige nach ttiucfadh ar ais go bráth i mbeatha. Agus as sin do ghluaisiodar, agus ní haithristear a n-eachtra go rángattar ionad an chatha; agus ar mbeith ag dul san chatha do rígh na Syria tug fógra dá oifigidhibh gan comhnuidhe do dhénamh nó go marbhadhdís an rígh Achab. Agus dob ádhbhar an t-ordúghadh sin le Iosaphat do bheith i gcontabhairt mhóir, óir ar mbeith dhó-san amháin i gcruth agus i gcórughadh ríoghdha agus Achab i gcruth anaithnigh táinicc neart slóigh na Syria 'na thimchioll, agus muna mbeith a luaithe do chuir é féin i gcéill dáibh do stróicfidís a bhallaibh ó a chéile agus do chuirfídh i gcéill dó nár chóir do rígh fhírénta ceangal ná cáirdios do dhénamh le tiaránach aindlightheach mur Achab. Acht ní cian gur caitheadh urchur do shleigh, agus do buaileadh go teagmhuiseach ar Achab ann a charbad í, go bhfuair bás an lá cédna; agus ar mbeith don charbatt lán dá fhuil thug an cóisteóir leis go lochán Shamaria é, agus do nigh annsin é, agus tháinicc madraighe a' lighe na fola do thuit as ar an talamh. Agus is mur sin tháinicc cruthughadh ar fírinne na fáisdine do chuir an fíor-Dhia i mbél na fáidhe Micheas. Tar éis báis Achaib do ghabh a mhac Ochosias an ríghe, agus do lean sé lorg a athar ann gach olc,
ann gach aindlighe, agus ann gach mí-bhésa darbh fhéidir leis feadh na haimsire bige do mhair i bhflaithios na hÍsraél. Agus níor chian sin, óir ar mbeith dhá bhliadhain 'na rígh dhó do thuit sé d'fhuinneóig fó thalamh (as a ttáinicc a bhás), agus an uair do aithin an chonntabhairt ann a raibh do chuir teachta ag iarraidh teaguisg agus feasa ar Bhelsebub, .i. íodhal nó dia bréige Accaron. Do chuir sin fearg ar an Dia fíre, mur nárbh oirchios do rígh Israél fios d'iarraidh ar dheamhan nó ar dhia bréige, agus dá bhrígh sin adubhairt ris an bhfáidh Elias dul isan gconair i ndáil na tteachtaibh sin, agus a rádh riú a dhul ar a n-ais agus fiafraidh don rígh an raibh Dia i nÍsraél le fios do thabhairt dó ar a chinneamhain, agus gan dul d'ionnsaighe Bhelsebub, agus innsin dó fós nach n-éireóchadh as an leabaidh ann a raibh go bhfaghadh bás. An uair do-chualaidh Ochosias na briathra sin, d'fhiafraigh dona teachtaibh: “Créd samhail an tí do labhair libh?” ar sé. Do innsiodar sin dó, agus d'aithin gurbh é Elias tarla dóibh. Leis sin do ghoir chuige caiptín dá mhuintir, agus dubhairt leis caogad fear armtha do ghairm chuige, agus dul i ttóruighacht Eliais, agus a thabhairt gabhthaigh chuige. Do ghluais an caiptín gona chaogad laoch, agus ar tteacht dáibh go bun an chnuic ar a raibh Elias 'na sheasamh d'iarradar air teacht anuas chucu. Leis sin d'iarr Elias teine do theacht as na flaithis
orra, agus dofuair sin ó Dhia ar an láthair, go ndearnadh luaith agus gual gan fhuireach dhíobh. An uair do-chualaidh Ochosias sin do chuir caiptín eile cona chuideachta isan turus cédna; agus do loisg Elias iad gan aon acu do choigill mur do-rinne ris an gcéd-droing. Is annsin do ghlac eagla mhór agus uathbhás an treas caiptín, gur labhair go tais fáiligh le hElias, gur umhlaigh a dhul do láthair an rígh, agus gur innis dó go raibh bás do láthair aige; agus dofuair an bás mur adubhairt gan mhaill. Is í so an mhíorbhuile dhéighionach do-rinne Dia ar impidh Eliais nó gur fhuadaigh ón talamh chuige féin é. Dofuair Eliseus fios an lae ar mhian le Dia Elias do thógbháil leis, agus tar cheann gur mhian le Elias féin faill d'fhagháil, agus gur iarr fó thrí air fulang dó dhul i tteachtuiracht 'na aonar, níorbh áil leis ar én-chor sgaradh ris go bhfaicfeadh ag imtheacht é. Acht fá dheóidh, an uair do-chonnairc a dhísleacht, adubhairt ris go ttiubhradh dhó gibé ar bith athchuinge d'iarrfadh air. Agus annsinn d'iarr Eliseus air a spiorad dúbalta d'fhágbháil aige; gidh gur dhoiligh le hElias an ní d'iarr do thabhairt dó 'thabhairt dhó, dubhairt leis go bhfuigheadh sin uaidhe dá bhfaiceadh ag imtheacht é. Agus tángadar ar bhruach aibhne Iordáine, agus ar mbeith don abhainn líonta agus í ro-dhomhain do sgar Elias a fhalluing uirre, agus do-chuadar ar
aon gan fhliuchadh tairsi; agus ar mbeith don taobh araill dáibh dotháinicc carbatt tinntidh do láthair, agus leis sin táinicc soighnén i ttimchioll Eliais do fhuadaigh suas isan gcarbatt é; agus ar mbeith ag imtheacht dó suas isna flaithis do sgread Eliseus ag rádh: “Ó a athar, Ó 'athair, carbatt Israél agus a eire.” Agus leis sin do thuit falluing Eliais ar an talamh, agus do thóig Eliseus í. Agus ar mbeith ag dul ar ais dó, do bhuail an brat cédna ar uisge Orthannáin, agus do-rinne bealach tirim dhó. Arna fhaicsin sin do chloinn na bhfádh dobhí i Ierico adubharadar gur fhág Eliais a spiorad dúbalta mur oighreacht ag Eliseus, agus fós an fhalluing dobhí 'na lúirigh throda a n-aghaidh an diabhail air go meinic gur fhág ag Eliseus í leis an úsáid chédna do dhénamh dhi. Agus cuiridh tarcuisne agus beag-luach na faillinge bige sin i gcéill dúinn nach bhfuil lúireach ná arm cosanta fós is bríomhurie a n-aghaidh chathaighthe an diabhail ná an umhlacht, an uirísleacht, agus an bhochtaineacht thoileamhail inmheadhónach.
CAIB.LXIV ANNA TTRÁCHTAR AR CHUID DO GHNÍOMHARTHAIBH ELISEUIS A.M. 3108 An uair do-chonnairc Eliseus nár umhlaigh an t-uisge dhó leis an gcéd-bhuille don fhalluing do bhuail orra, d'fhiafraigh go dóthchusach cáit a raibh spiorad Eliais; agus leis sin, ar mbualadh an dara buille dhó, do roinn na huisgeadha iad féin ar gach taobh agus do-rinneadar bealach tirim dhó; agus ar ndul don taobh araill dó do-chuaidh go Iericho. Táinicc lucht na cathrach sin cuige, agus dubhradar go casaoideach gearánach leis, tar cheann go raibh an chathair sin áluinn do réir a hinnill, a dénamh, agus a hionad suidhe, go raibh a huisgeadha searbh mí-fholláin agus go raibh an talamh dá bhíthin sin mí-thorthach. Ó do-chualaidh Eliseus a gcasaoid, d'iarr orra crúiscín nuadh do thabhairt chuige agus a líonadh le salann, agus ar ndul go hionad ngeineamhna na n-uisgeadha dhó do theilg an crúiscín agus an salann ann, agus adubhairt: “Is mur so do leighis an Tiaghearna goimh na n-uisgeadh so.” Agus do dhearbh dáibh go mbeith an talamh torthach uaidhe sin amach. Agus dobhí mur
Samhaltar an cúiscín cria so le Críosd ar Slánaightheóir do dhóirt é féin agus a shalann, .i. a apsdail, ní i n-én-chathair amháin, acht ar feadh an domhuin, d'athraigh nádúir na n-uisgeadha, .i. na n-ainmhian, gur ling tuile uisgeadha millse na haithrighe ann a n-ionad, gur líon do thoradh na subháilceadh cách go coitchionn. Go grod dá éis sin do-rinne Eliseus míorbhuile mhór eile lér chruthaigh go raibh líontaigh do spiorad Eliais; óir, ar mbeith dhó ag dul go cathair Bethel, do thárla drong do leanbha an bhaile dhó, agus ar bhfaicsin na fáidhe dóibh do-rinneadar magadh agus fonómhad fair, ag rádh ris, “Tar anuas, a mhaoilín (nó a chinn mhaoil), tarr anuas.” An tan do-chualaidh Eliseus sin do mhallaigh iad, agus ní luaithe do-rinne sin ná tháinicc dhá mhathghamhain amach as an gcoill do chosgair agus do chréucht-mharbh dias agus dá fhithchiod leanbh ar an láthair. Deir S. Aug. go gcuirionn so go fáidh-chiallach i gcéill dúinn an pionús atá i gcuinne cloinne na hEaguilse bheir masladh agus imdheargadh don tSlánaightheóir Íosa Críosd, cuid de briathra, agus cuid lena ndroch-ghníomhartha agus lena mí-bhéusaibh scannalacha; agus dob fhearr dháibh nach beith do phionús 'na gcionn sacht mathghamhna dhá ttreasguirt ar an láthair, do bhrígh gur piantaibh síorruidhe tá i ndán dóibh.
Tar éis báis Achaib agus a chéd-mhic Ochosias, mur dubhras cheana, do hoirneadh Ioram, an dara mac, 'na rígh. Agus ní mór nach raibh sin comh olc agus comh mí-bhésach le Achab féin agus lena mháthair mhallaighthe, .i. Iesabel, acht amháin nach dearnaidh uiriod droch-gníomh leó. Dobhí Iosaphat i gcomhaimsir leis 'na rígh ar na Iudaighibh, agus dobhí cairdios mór agus comhcheangal eidir an dá rígh sin. I ttús fhlaithis Ioram do dhiúlt na Moabítibh umhlcht do thabhairt dó, ná fós an cíos do bheireadhdís gach bliadhuin dá athair do dhíol; agus ar na hadhbhraibh sin d'fhuagair cogadh orra; agus táinicc Iosaphat i bpearsainn mar aon re sluagh líonmhur dá threisiughadh. Agus ar mbeith a' gluasacht d'ionnsaighe a namhad dáibh, do thárla dháibh a bheith ar feadh sheacht laithe a' siubhal tré fhásaighibh uaigneacha tiorma gan uisge ná drúcht do theagbháil dhóibh, agus ar mbeith ag seargadh le tart dona sluaghaibh d'fhaifraidh Iosaphat do chách dhíobh an raibh aon-neoch d'fháidhibh an Tiaghearna le fagháil 'na measg do-bhéuradh sgél ón Tiaghearna dháibh. Leis sin do cuireadh teachta i gcuinne Eliseus, agus ar tteacht do láthair dhó adubhairt nach ar ghrádh Ioram do fhreagóradh acht ar ghrádh Iosaphait amháin; agus do gheall dáibh go ttiubhradh Dia uisge go leór dáibh agus buaidh a n-aghaidh a námhad.
Agus go moch arna mhárach do-chonncadar na srothaibh uisge a' teacht ar gach taobh dhíobh, lér líonadh na luig agus tug a lór-dhaoithin dighe dhá ndaoine agus dá gceathra. Agus mur dothug an t-uisge sin sláinte agus sólás don tsluagh Eabhraigheach, ba damhna báis agus beag-shaoghail dona Moabítibh é; óir, ar bhfaicsin na n-uisgeadha dáibh le héirghidh na gréine ar maidin, do shíliodar gur fuil dobhí ann, agus dá bhrígh sin do chreidiodar gur cath dothug an namhuid a n-aghaidh a chéile agus gur thuitiodar bonn ar bhonn ré-roile, agus mur chreidiodar go tobann an tsaobh-bharamhail sin do lingiodar go dásachtach a n-aghaidh an dá rígh sin gona sluaghaibh dobhí i n-innioll catha ullmhaigh rompa; agus ar tteacht do láthair dáibh do bhuailiodar go dásachtach agá ttreasguirt, agá ttuargain, agas agá ttrén-ghearradh, nó gurbh éigion dáibh a gcúl do thabhairt dháibh agus léigion le luas a gcos. Is annsin tug an sluagh Eabhraighach trénthóruigheacht dáibh, agus iad ar feadh an bhealaigh dá gcúl-ghearradh go ndeachaidh an mhéid do mhair isteacht isan gcinn-chathair dobhí acú i gcrích Moab. Agus iar ndul innte is é céd-ní do-rinne rígh na Moabíteach a phríomh-ghein mic le hédóchus d'iodhbairt agus do threasguirt ar bhalla na cathrach. Do ghlac na Iudaighibh an uiriod sin grána agus uathbháis um an
gníomh ngráineamhuil sin gur thuilliodar ar a n-ais. Go grod dá éis sin táinicc bantreabhach bhocht ag guidhe Eliseus ag iarraidh furtachta fair, agus d'innis dó iar mbáis a fir go ttáinic fear fiacha chuigthe, agus ó nach bhfuair geall ná díoluighacht uaithe, agus go bhfacaidh nach raibh ceachtar díobh ar a cumus, gur thóigh a días mac uaithe lena ndíol i sclábhaighacht. Do ghlac truaighe Eliseus, agus d'fhiafraidh dhí créd dobhí ann a hárus aice. Adubhairt sise nach raibh do mhaoin ná do bheatha aice acht fíor-bheagán mine agus beagán beag ola. Adubhairt Eliseus ria an mhéid soithidh folamha dob fhéidir dhí d'fhagháil ó na comharsannaibh ar iasacht a ttabhairt léidh dá tigh, agus iar sin í féin do iadhadh istigh agus a bheith ag dórtadh an bheagáin ola sin isna soithidhibh sin dí nó go líonadh go hiomlán iad. Agus ar ndénadh gach ní dhíobh sin dí níor choisg an beagán ola sin ó dhortadh as an mbeag-shoitheach 'na raibh nó gur líon an méid soithigh dobhí aice, ionnus go raibh aice le díol uiriod agus do shaor a clann agus í féin ó fhiachaibh, agus a lór-dhaoithin féin dá éis sin. Adeir S. Grighóir go gciallaighionn an ola so líonmhuiracht ghrása an Spioraid Naomh isan Eagluis, agus adeir S. Bernard gur chóir dhúinn an ola mhíorbhuileach so d'iarraidh agus ar gcroidhtheacha do bheith ó dhubháilcibh folamh do
ghnáth 'na cuinne, óir ní féidir leis an diabhal, leis an saoghal, agus le hanmhianaibh na colla bheith mar aon leis an Spiorad Naomh i n-aon-tsoitheach. CAIB. LXV CUID EILE DO MHÍORBHUILIBH ELISEI Dobhí mian mór ag Eliseus comaoin maithiosa do chur ar mhnaoi dobhí cúrumach ar feadh aimsire uime-sion; agus mur dobhí sí aimrit nó neamh-thorthach, do ghuidh sé Dia go dúthrachtach um ghein chloinne do thabhairt dí. Agus dofuair an athchuinge sin ó Dhia; gidh eadh, ní cian do mhair, óir dofuair sé bás ann a aois leanmhbaidh. Leis sin táinicc an mháthair go dérach dólásach le sgéla báis an leinbh go hairm i raibh Eliseus; agus dobhí truaighe aige dhí, agus dubhairt sé lena óglách, .i. Giesi, a lorga féin nó a bhata do bhreith leis agus a leagan ar an leanbh lena athbheódhadh. Gidh eadh, ba díomhaoin dó nó go ttáinicc féin; agus iar tteacht dó do luidh anuas ar an leanbh bél ar bhél, srón ar shróin, agus iar ndénamh urnaighthe dhó mur sin, d'éirigh an leanbh 'na bheatha arís. Agus tug dá mháthair é, gur móradh agus gur moladh ainm Dé dhe sin.
Feacht eile, dobhí gorta i ttír Israél. Dobhí Eliseus agus dream do chlannaibh na bhfádh i bhfochair a chéile. d'ordaigh sé praiseach do dhénamh dáibh, agus pota mór do chur síos; agus do-chuaidh cuid díobh a' cnuasach luibhionn, agus tárla go ttugadar luibhionnaigh urchóideacha searbha leó, agus gur cuireadh san bpota iad; agus ar mbeith ag caitheamh na praisge dhóibh dofuaradar go raibh searbh droch-bhlasda, agus do sgread cách dhíobh ag rádh go raibh an bás isan bpota, .i. go raibh ní marbhthach éigin ann. An uair do-chualaidh Eliseus sin d'iarr glac bheag mhine do thabhairt cuige; agus arna crotha isan bpota do bhain an ghoimh asan bpraisigh, agus dothug deagh-bhlas uirre. Gidh eadh, feart dona feartaibh is mó do-rinne Eliseus, óir tráchtaigh Críosd féin isan tsoisgél uirre, .i. Naaman an Siriánach, ard-mharascál sluaigh rígh na Siria, do leighios ó lubhra: Tárla 'mun am sin go ttárla do dhream éigion do mhuintir na Siria, dobhí ag dénamh ruathar as an tír amuich, go ttarla cailín Iudaigheach leó. Dothugadar leó i mbraighdionus dá ttír féin í; do cheannaigh bean Naamain í go raibh 'na hinnilt aice. Feacht dá bhfacaidh an inilt a maighistreás go raibh fáidh i gcrích na hIsraél do leighiosadh é. Arna chlos sin don mhnaoi d'innis
dá fear é, agus d'innis sin don rígh an ní céadna. “Maith ámh,” ar an rígh, “sgríobhad-sa leat go rígh Israél le leighios do dhénamh dhuit.” Agus do sgríobh rígh na Síria chum Ioram, agus do chuir tabhartuis mhóra cuige ag iarraidh air Naaman do leighios. Iar léughadh na litreach sin do Ioram do ghlac fraoch agus fearg dhásachtch é, agus d'fhiafraigh ar mheas rígh na Siria gur dhia é féin, agus do shíl gur le magadh do sgríobh an ní sin chuige. Is annsin do chuir Eliseus teachtaire chum an rígh Ioram ag iarraidh Naaman do chur chuige féin, agus go gcrutheóchadh go raibh fáidh i nIsraél. Agus táinicc Naaman go dorus an áruis i raibh Eliseus; agus níor labhair Eliseus leis, agus gé gur líonmhur a lucht freasdail ní dheachaidh dhá láthair, acht sgéla do chur le giolla chuige, gur iarr air é féin d'innladh i sruth Orthannáin fó sheacht, agus go mbeith slim slán-chraicneach dá bhíthin. Do ghlac fearg mhór Naaman, óir do shíl gur do tharcuisne air nár labhair leis; agus dothug aghaidh ar a dhul tar ais dá thír féin; agus ar mbeith ag imtheacht dó do labhair a mhuintir ris ag rádh: “A athair,” ar siad, “dén-sa comhairle an fháidh, óir dá n-iarradh neithe móra do dhénamh do dhénfá, agus ó nár iarr ort acht ní so-dhénta féch cionnus rachus duit.”
Agus leis sin do-chuaidh chum srothra Orthannáin, agus do thom sé é féin seacht n-uaire ann, agus ar tteacht aníos dó dofuair é féin slán ón lubhra, agus a fheóil comh glan agus comh áluinn le feóil leinbh big. Is annsin do-chuaidh ar 'ais a' tabhairt buidheachuis do Eliseus, agus do thairg tiodhlaicibh ro-mhóra dhó, agus níor ghlac-san aen-ní uaidhe. Arna fhaicsin do ghiolla Eliseuis, .i. do Ghiesi, dobhí sanntacht go nádúrtha, do rith i ndiaidh Naámain, agus d'iarr as ucht a mhaighistir dhá thalluinn airgid agus dá chulaidh éudaigh air, agus tug Naaman go fonnmhur sin dó. Dofuair Eliseus faisnéis na sainnte sin Ghiesi ó Spiorad Dé, agus do ghoill go mór air; agus ar tteacht dá láthair don ghiolla adubhairt leis, i ndíoghaltas a shainte agus na mbrécc do-rinne, go ttiucfadh lubhra Naamain ar an láthair air, agus nach sgarfadh ris nó rena shliocht go bráth; agus leis sin táinicc an lubhra air. Mur do leighis uisge Orthannáin Naaman ón lubhra chorpordha, is mur sin ghlanas an baisdeadh cách ó lubhra ró-ghráineamhuil an pheacaidh.
CAIB. LXVI SAMARIA ARNA TIMCHILLADH LE CAMPA BINADAB RÍGH NA SIRIA. A.M. 3116 Isan am so d'fhuagair Benadab rígh na Siria cogadh ar Ioram rígh Israél; agus iar gcur sluaigh amach go minicc dhó le breith go cealgach air níor fhéd a mhian d'fhagháil air, óir do-bheireadh Eliseus rogha dhó. An tan do-chonnairc an rígh Siriánach gur dhímhaoin a thoisg gacha mhionca do thionnsgain luidheacháin do chur roimh Ioram, do ghlac fearg mhór é, agus ar ngairm a chomhuirleacha chuige adubhairt riú nárbh fhéidir gan neoch éigin do bheith 'na measg dobhí 'na bhrathadóir ag rígh Israél. “Ní mur sin atá, a rígh,” ar aon díobh, “acht an fháidh Eliseus do-bheir rogha dhó, óir do-bheir a Dhia sgéla dhó ar gach secréid dá mbíonn ar measg-inne.” “Más mur sin atá,” ar an rígh, “déntar brath dhamh-sa ar a ionad comhnuidhe.” “Is feas damh-sa,” ar aon díobh, “gur i gcathair Dhotain atá a chomhnuidhe.” Leis sin do chuir sluagh mór, marc-shluagh troitheach, agus iomad charbad mar aon riú, agus do-chuadar go Dotain.
D'éirigh searbhfoghantaigh na fáidhe amach as an gcathraigh go moch, agus do-chonnairc na mór-shluaightibh sin ag ionnsaighe na cathrach; agus ar nglacadh uathbháis tháinicc le sgéla, agus do mheas nach raibh dul as agá mhaighistir ná aige féin. Bhí an fháidh a' tabhairt misnigh dhó, agus ó nár ghlac sin uaidhe d'iarr ar Dhia a shúile d'fhosgladh, agus leis sin d'fhéch uaidhe. Do-chonnairc uimhir ba mó ná sin go mór d'ainglibh i ttimchioll Eliseuis lena chosaint ar a námhuid. Agus isan am cédna do ghuidh Dia an sluagh Siriánach do dhalladh. Agus leis sin do-chuaidh féin rompa isan mbealach, agus adubhairt riú gur dá ttreórúghadh dotháinicc, do bhrígh go bhfacaidh ar seachrán iad; agus níor chomhnuidh leó, agus iad dá leanmhuin, go ttug isteach go lár chathrach na Samaria iad. Agus annsin do ghuidh sé Dia um amharc do thabhairt dáibh, ionnus go bhfaicfidhdís féin méd na conntabhairte ann a rabhdar. Adubhart an rígh Ioram ann sin gur chóir a ttreasgairt agus a marbhadh go hiomlán; agus adubhairt an fháidh leis gan sin do dhénamh, acht bia agus deoch do thabhairt dáibh agus a gcur uaidhe go síthchánta. Gidh eadh, níor choisg sin fraoch ná fearg Binadab a n-aghaidh na fáidhe agus an rígh Ioram. Acht do chruinnigh armáil ro-líonmhur agus do-chuaidh féin mar aon riú, gur chuir campa ró-láidir le Samaria; agus níor fhág an áit sin nó gur
chéus an chathair sin le gorta, ar modh go reachtaidh ceann asail ar fhithchid scillinn Shaxanach, agus sproguille choilim ar chúig séceil. Is annsinn tarla don rígh Ioram a bheith ag siubhal ar ballaighe na cathrach, go ttárla bean dó do sgread go cráitigh ag iarraidh cabhrach air. “Créd is féidir dhamh-sa “dhénamh dhuit?” ar sé. “Ceart a dhénamh dhamh,” ar sí. “Óir do-rinne mé agus bean oile connradh,” ar sí, “le leanbh dobhí agum-sa agus le leanbh eile dobhí aice-se d'ithe. Do mharbh mise mo leanbh féin ar ttús agus d'ithiomar é, agus anois an tan budh cóir dhisi a leanbh féin do mharbhadh agus a thabhairt lena ithe dhúinn, do réir mmur gheall sí, ní mur sin do-rinne acht do chuir sí i bhfolach é.” An uair do-chualaidh an rígh an sgél iongantach gráineamhuil mí-nádúrtha sin do ghlac gráin agus dásacht dhíbhfeirgeach é, gur stróic a éudach (agus leis sin do-chonnairc an pobal sac-éudach taobh istigh ar a chorp), agus tug mionna móra nach dénfadh comhnuidhe nó go gcuiradh a cheann dá bhuain d'Eliseus mhacc Saphait, do bhrígh go raibh ar a chumus tártháil do thabhairt don chathraigh, agus nár dheón sin a dhénamh. Agus ar an láthair do chuir duine dá mharbhadh. Tug spiorad Dé rogha don fháidh; agus an uair do-chonnairc an t-óglaoch ag ionnsuighe an tighe
ann a raibh, do dhruid agus do dhaingnidh an dorus 'na aghaidh, óir dobhí 'fhios aige go nglacfadh aithmhéla an rígh, agus go gcuirfadh gairm ar ais ar an ordughadh dothug uaidhe. Agus cuiridh so i gcéill gur mairg don té ní do-ghníomh go tobann an tan ghríosas fearg é. Tabhair dod aire nach raibh tairbhe ar bith isan tsac-éudach úd dobhí ar an rígh. Óir ní raibh umhlacht ná aithrigh cheart 'na aice aige acht uabhar mór agus édóchus maille le mí-fhoighid; agus is uime sin do thionnsgaion naomh-fháidh an fhír-Dhia do bhásughadh. Isan am a raibh teachtaire an rígh a' teacht chum Eliseus do mharbhadh, dobhí sé 'na shuidhe i ndorus a thighe féin ag innsin dáibh go raibh cabhair ó Dhia a' teacht do láthair chugthu; óir go reacfaoi fón am sin arna mhárach ag dorus cathrach Shamaria miosúr plúir fhíneálta ar phíosa beag airgid, .i. secel nó statera (mur scillinn Shaxanaigh), agus dá mhiosúr eórna ar na fiacha cédna. Gidh eadh, níor chreid cuid acu sin, agus go háirighthe, do-rinne tiaghearna do mhuintir ochta an rígh édearbh ar an láthair air, agus adubhairt dá bhfoisgeóladh Dia doirse na bhflaithios nárbh fhéidir sin do bheith mur dubhairt. Do fhreagair Eliseus, agus dubhairt leis: “chífirse le do shúilibh é,” ar sé, “acht ní íosa tú én-ní dhe.” Agus ba fíor gach focal don fháistine sin. Óir,
thárla an oidhche chédna go raibh ceathrar lobhar, dobhí 'na gcomhnuidhe ag dorus na cathrach, ag ceileabhar ré-roile agus ag casaoid a n-anacair agus a n-easbhadha eatorra féin, gur chinneadar, ó nach raibh cabhair acu le fagháil isan gcathraigh, a dhul d'ionnsaighe na námhad. Agus iar nglacadh mhisnighe dháibh do-chuadar go campa na námhad. Agus ar ndul isteach i bpáilliún annsin dóibh ní bhfuaradar aon-neoch ann, acht dofuaradar a ndaoithin bídh agus dighe; agus iar gcaitheamh an bhíodh go cíocrach dáibh d'fhéchadar ar gach taobh an campa, agus ní bhfuaradar aen-nduine ann. Óir do chuir Dia an oidhche chédhna sin eagla agus uathbhás comh mór agus sin orra (óir, dar leó, go gcualadar torann agus tuaim armála, trom-pléusg arma agus eachradh dá n-ionnsaighe) gur shíladar gur sluaghaibh táinicc a' congnamh as tíortha eile go hIsraél dotháinicc dá ttreasguirt féin. Leis an uathbhás sin do ghluaisiodar le luas a gcos, agus níor fhanadar le ní ar bith do bhreith leó; agus iar bhfágbháil gach éudáil óir, airgid, agus éudaighe, maille le gach lón eile dá raibh acu, isan gcampa, do theithiodar gan féchuin 'na dhiaidh go ndeachadar tar abhainn Orthannáin, óir dofuair an marc-shluagh do chuir Ioram d'fhios an imtheacht dáríribh do-rinneadar morán earruidh agus éudaighthe do theilgiodar uatha le neart uathbháis isna bealaighibh.
Leis sin do bhrúcht lucht na cathrach amach, agus iar n-argain an champa dhóibh dobhí an miosúr plúir agus an dá mhiosúr eórna dá ndíol i ndorus na cathrach mur dubhairt an fháidh Eliseus an lá roimhe. Agus táinicc an chuid eile dhá réimhrádh isteach: óir, ar mbeith do shluagh na cathrach ag rith amach agus isteach 'na ndrongaibh agus 'na mbuidhne, gan ordugh, gan riaghail, do chuir an rígh cúram an gheata ar an tiaghearna ro éilidh fírinne na fáisdine do-rinne Eliseus an lá roimhe ar an gcabhair dobhí le teacht go Samaria, agus ar mbeith ag cur smachta ar chách annsin dó, do bhrúchtadar ann a mhullach, gur shaltradar agus gur bhrúidheadar chum báis é, conár ith aenghrim don fhurtacht beatha tháinicc ar chách eile. Is mór na míorbbhuile iad so: .i. gach ní dár réimhinnis an fháidh bheith arna gcoimhlíonadh gan fhuireach; Dia fós do throid ar son na Samaria agus a saoradh ó ghorta agus ó anbhruid gan fhios dí féin; agus tar cheann gur leighis an fháidh le cumhachta Dé an lobhar Siriánach, gur fhuiling ceathrar lobhar a bheith gan leighios i ndorus cathrach na Samaria le deagh-sgél a saortha do thabhairt gan bhaill do lucht na cathrach; agus i meadhón a meadhrach agus a lúthgháire gur marbhadh agus nachar cailleadh acht an t-aonduine dothug tarcuisne agus tár ar réimhrádh
diadha na fáidhe ro-naomhtha: nolite confidere in princípibus in quibus non est salus. CAIB. LXVII SLIOCHT ACHAB ARNA SGRIOS GO HIOMLÁN AGUS IESABEL ARNA HITHE LE MADRAIGH. A.M. 1020 Ar ndul iar sin d'Eliseus go Damascus, tárla do Bhinadab rígh na Siria bheith i ngalar chonntabhairteach; agus ar gclos dó go raibh Eliseus i gcathair Dhamasc, do chuir caiptín dá mhuintir, darbh ainm Hasael, le tiodhlaice móra chuige agus ag fiafraidh dhe an ttiocfadh féin slán ón ngalar sin. Agus ar gcur na ceasda sin do Hasael do fhreagair an fháidh, agus adubhairt go mb'fhéidir dhó teacht, acht, tar a cheann sin, go bhfuigheadh bás gan amhrus; agus iar rádh na mbriathar sin dó do chriothnaigh sé, agus do thuit srotha dér óna rosgaibh. d'fhiafraidh Hasael de créd adhbhar a ghuil. “Tá,” ar Eliseus, “go bhfaicim le réimhamharc, mar thaisbénus Dia dhamh, na huilc agus na háir do dhénfus tusa ar Israél an uair bhés tú 'do rígh ar an Siria.”
Iar sin do-chuaidh Hasael ar a ais mur a raibh a rígh; agus d'innis dó go mbeith slán ón ngalar sin. Gidh eadh, arna mhárach do mharbh sé féin é, agus dobhí 'na rígh 'na ionad. Is le linn Ioram, dara mac Achab, bheith 'na rígh ar Israél agus Iosaphat bheith 'na rígh ar Iuda do thárla an ní so. Agus ar mbeith 'mun am sin do Iosaphat ársaigh cian-iasta tug an ríghe dá mhac Ioram, ionnus go raibh rígh Iuda agus rígh Israél d'én-ainm an tráth sin. Agus gidh gur ghlac Ioram oighriocht a athar ar an ríghe, níor ghlac puinn ar oighreacht a shubháilceadh ná dhá fhíréntacht. Óir ba duine écceart aindlightheach é i gcosmhulacht ríghthe na hIsraél, agus do phós sé inghean Achaib. Acht ní cian do mhair, agus go ttáinicc a mhac Ochosias i seilbh na ríghe ann a ionad. Agus do-chuaidh a' congnamh le Ioram rígh Israél a n-aghaidh Hasael rígh na Siria do chuir cogadh fón am sin air. Agus ar ttabhairt catha dá chéile ag Rámat Galad dáibh do loiteadh Ioram, agus do ordaigh dá mhuintir a iomchar go Iesrael, áit i ndeachaidh Ochosias ar chuairt chuige. Gidh eadh, tar ceann go raibh i ccontabhairt báis, níor fhan Iehu leis sin gan an ríghacht do ghabháil dó féin. Óir isan am cédna dotháinicc, le hordughadh Dé agus Eliseuis, óg-fháidh dá ionnsaighe; agus arna ghairm cuige i n-áit uaignigh dhó, thug boxa ola amach agus do ung 'na rígh é; agus adubhairt leis
gurbh í toil an Tiaghearna agus gurbh í a aithne fair gan aon, go suiche an té ba táire, dá ttáinicc ar shliocht Achaib d'fhágbháol beó gan mharbhadh. Agus leis sin do ghluais maille le buidhin mhór oiffigach agus aos armtha; agus do ghluais go Iesrael, áit a raibh Ioram 'na luighe le hothar a chneadh. Agus ar mbeith i n-amharc an bhaile dháibh táinicc fear faire mur i raibh an rígh Ioram, agus d'innis dó go raibh buidhin mhór armtha ag ionnsaighe an bhaile. Do chuir Ioram teachta d'fhios créd iad; agus mur thigeadh gach aon fó leith díobh do láthair Iehu do chuiradh d'ualach orra anmhuin 'na fharraidh féin, agus ní leigeadh d'aon acu dul ar ais le sgéla. An tan do-chonnairc Ioram sin, tar cheann go raibh tinn meirbh, dobhí ann a charbatt, agus Ochósias ann a charbatt féin, agus do-chuadar rompa go ttarla dhá chéile ag magh nó ag fearann Naboit iad. Annsin d'fhiafraidh Ioram do Iehu an go síthchánta tháinicc, agus leis sin tug Iehu urchar do shleigh d'ionnsaighe Ioraim gur chuir tréna chroidhe í, gur mharbh ar an láthair é. Agus tug ordúgh dá mhuintir a chorp do theilgion chum na madraighe ar an magh cédna, ionnus gur coimhlíonadh fáistine Eliais neoch do-rinne do shliocht Achaib. Leis sin do theith Ochosias; gidh eadh ba díomhaoin dó, óir do lean Iehu é, agus do mharbh é mur an gcédna; agus tugadh a chorp
go hIerusalem gur hadhnacadh i bhfochair a shinnsir é. Iar sin táinicc Iehu co cathair Iesrael isteach. Agus an uair do-chualaidh an mhéirdreach mhalaigh sin, .i. Iesabel, do bhealbh sí a haghaidh, do chóirigh agus do dheagh-mhaisigh a ceann, agus d'fhéch sí amach i bhfuinneóig le hí féin do thaisbénadh, óir do shíl go ttiubhradh Iehu grádh dhí. Gidh eadh, ní mur sin tárla, acht an uair do-chonnairc Iehu í d'fhiafraidh go hárd cia bhí ann sin dá taobh féin. Leis sin do thaisbéin días nó triúr don lucht suirghe dobhí 'na fochair a gcinn ar an bhfuinneóig; agus ní luaithe do-chonnairc iad ná dubhairt a teilgion chuige amach ar an bhfuinneóig; agus do-rinneadar sin ar an láthair. Agus ar tteacht chum talmhan dí do shiubhail na heich agus na carbaitt ar a conablaigh. Agus go grod dá éis sin do smuain Iehu go raibh sí 'na banríghain agus 'na hinghin ag rígh, agus dá bhrígh sin nárbh fhoirchios a fágbháil ar an tsráid marbh. An uair do chuir daoine amach lena hadhlacadh ní bhfuaradar ar a háit acht barradh a lámh agus troithacha a cos gan ithe ag na madraighibh, acht amháin go raibh a cloigionn lom ann, do réir fháistine Eliseus. Ag so mur tháinicc díoghaltas Dé ar an mnaoi mallaighthe so; óir mur thug uabhar, saint agus glóir dhíomhaoin an tsaoghail uirre beith 'na
námhaid bhunaidh do shíor ag an bhfíreinne agus Dia na fírinne, ag an gcreideamh, agus ag na fáidhibh fíre dobhí dá shíoladh, gonár fhág dá deóin lorg creididh isan ríghacht: mur sin do dheónaidh ise agus a lorg do sgrios do dhruim na talmhan go hiomlán. An tan do thuig Iehu gur mhian le Dia sliocht Achaib agus Iesabel do sgrios, agus go bhfuair furfhógra gan fear múin le balla d'fhágbháil beó dhíobh, do chuir sgéla go Samaria ag iarraidh i bpéin bháis orra an méid do shliocht Achaib do bhí eatorra do mharbhadh gan mhaill, agus níor lamh lucht na cathrach sin gan sin do dhénamh ar a chomhairle, d'eagla a naimhdionuis do tharruing orra. Agus do marbhadh deichneabhar agus trí fithchid ann díobh. Agus dochum go bhfédfadh sagairt Bhaal do threasgairt ar aon-láthair, do chuir forfhógra ar feadh na ríghachta i tteacht chuige chum iodhbarrtha do dhénamh ar aon-láthair, agus gan duine dhíobh do bheith dá n-easbhaidh. Agus ar mbeith dáibh uile isan teampall do chuir sé dá marbhadh go hiomlán ar an láthair sin iad; agus do-rinne mion-bhlodha beaga don íodhal féin; agus do bhrisiodar an teampall, agus do-rinne camra ar an áit a raibh. Agas do mhol Dia caoindúthracht Iehu um an ngníomh sin. Gidh eadh, ní cian do mhair an caoin-dúthracht do Iehu. Óir, do-rinne aithris ann a mí-ghníomha
agus ann a mí-bhéusa ar na ríghthe dotháinicc roimhe, gur tharraing fearg agus díoghaltas Dé air féin agus air Israél go hiomlán, go bhfuair bás iar bhfágbháil na ríghachta agá mhac Ioachas. Dála chríche Iudah: iar marbhadh Ochosias rígh Iudah do Iehu, mur dubhrus cheana, do ghlac a mháthair, .i. Athalia inghena Achaib, áilghios agus anmhian le hí féin 'na haonar do bheith ag stiúradh ríghachta Iudah. Dá bhrígh sin do bhásaigh clann an rígh go hiomlán, acht aon leanbh amháin díobh do chaomhain agus d'fholaigh deirbhshiúr an rígh Ochosias, agus do chuir dá oileamhuin i n-áit uaignigh é. Ar mbeith d'Athila seacht mbliadhna mur sin i gceannus críche Iudah, do mheas an t-árdshagart Ioaida gur mhithidh dhó 'fhuagra don ríoghacht go raibh rígh dlistionach beó acu, .i. Ioas mac Ochosias, do chaomhain deirbhshiúr a athar an uair do bhásaigh Athalia an chuid eile do chloinn a athar. Agus leis sin dothug an leanbh isteach isan teampall, áit ar admhaigh gurbh é an prionnsa dlisdionach é; agus do-rinneadar ulgháirdios mór 'na thimchioll. An uair do-chualaidh Athalia an gháir agus an lúthgháire mhór sin do-chuaidh 'na buinnidhe ratha chum an teampall. Agus ar bhfaiscin na coróna ar cheann Ioais dí do chinn ar dhíoghaltas do dhénamh; acht ní luaithe tháinic ar an láthair ná do mharbh gárdaighe an óig-rígh í. Agus do
bhí Ioas 'na rígh uaidhe sin amach gan imreasan, gan fhreasabhra, tar cheann nach raibh acht i n-aois a sheacht mbliadhan an uair do cuireadh an choróin ríoghdha air. San aimsir chédna sin dofuair Eliseus bás. Agus ar mbeith i ngalar a éuga dhó táinic rígh Israél darbh ainm fós Ioas chuige, agus ba mac do Ioachas mac Iehu é; agus ar gcur a dhóláis fó thinnios Eliseuis i gcéill dhó, do chúitigh an fháidh a dheighnádúir go maith: óir do gheall dó iar gcaitheadh a shaighid fó thrí tré fhuinneóig na háirde soir, do réir mur d'iarr air, go mbeith buaidh fó thrí ar na Siriánachaibh (dobhí ro-thrén an uair sin air) aige; gidh eadh dob olc leis mur choisg sé comh luath sin ó chaitheamh na saighiod, óir dá gcaitheadh fó shé nó fó sheacht iad adubhairt go scriosfadh go lár iad. Agus leis sin dofuair an fháidh mhíorbhuileach mhór-éuchtach sin bás. Agus tárla tar éis a adhnacadh, ar mbeith do dhreim éigin bheith ag adhlacan mairbh, ar tteacht dáibh isan ionad i raibh tómba Eliseuis go bhfacadar buidhin don hAmínítibh dobhí ag argain na háite sin; agus arna bhfaicsin do lucht iomchair an mharbháin do theilgiodar an corp ar thomba Eliseuis; agus ní luaithe do bhean sé le cnámha an naoimh ná d'éiridh suas 'na sheasamh iarna athbheódhadh. Is maith an cruthughadh so go mbíonn brígh mhór i ttaise na naomh.
CAIB. LXVIII SACHARIAS ARNA CHLOCHADH A.M. 3126 secundum Vulgatum Ar mbeith do Ioas 'na rígh ar an Iudah dobhí buidheachas agus uirruim aige don árd-shagart Ioaidas do chuir coróin air. Agus tug sin air féin a bheith subháilceach so-ghníomhach an feadh do mhair an chara mhaith agus an deagh-chomhairleach sin aige; agus do ghoill go mór air an masla dothug an mhéirdreach mhallaighthe dhúnmharbhthach ar an teampall, óir do aisdrigh sí na seóide agus na soithigh daor-luaighe dobhí ann, agus do oirn sí teampall an íodhail Báal riú. Agus do thionnsgain-san a leasughadh. Gidh eadh, mur do thuig go raibh sin ro-chosdusach aige, do labhair leis an bpobal, agus d'iarr ar gach aon acu a chomaoin do réir a chumhacht do chur ar an obair bheannaighthe sin. Agus mur nach ttugadh na sagairt conndus cinnte san airgiod do ghlacadhdís don teampall dó, do chuir Ioaidas cófra dá dhénamh agus poll ann a chlár bhéil le hofráil gach aoin do ghlacadh, agus do chuir 'na shuidhe i bhfogus don altóir é; agus do-gheibhdís airgid gach lá ann le díoluighacht do thabhairt dona saoir agus don lucht oibre. Agus leasaigheadh an teampall mur sin.
Go grod dá éis sin, mur dhamhna mí-ratha don rígh, fuair Ioaidas bás a n-aois céd agus tríochad bliadhain. Dobhí do mhéid an ghráidh agus na honóra dobhí ag an rígh tar éis a bháis dó gur mhian leis a adhlacadhh i bhfochair na ríghthe i Ierusalem. Gidh eadh, ní cian do mhair a dheagh-iomchar ná a fhíréntacht tar éis báis an chomhairligh naomhtha sin, do chosnadh do ghnáth ar lucht brég agus blaidir é, go ttángadar sin dá adhradh agus dá adhmholadh, agus gur tharraingiodar a mhian agus a annsacht orra; agus fá dheóidh gur thréig sé Dia agus go raibh ag adhradh íodhal; agus do-rinne uilc agus mórán do pheacaidh gráineamhla do tharraing fearg agus díoghaltas Dé air féin agus ar a ríghacht. Arna fhaicsin sin don árd-shagart Sacharias, .i. mac Ioaidais, dotháinicc do dánacht agus le misnigh do láthair an rígh, agus tug iomardadh agus imdheargadh dhó féin agus dá choimhairleachaibh tré mur dobhí ag adhradh na n-íodhal agus na mbrécc-dhia sin. Ní go maith do ghalc Ioas an teagusg sin acht do ghlac fearg adhbhal-mhór, ionnus iar ndearmad na gcomaoineacha móra do chuir an t-athair air gur chuir sé an mac, .i. Zacharias, dá chlochadh, nó dá mharbhadh le clocha, i bpórsa an teampuill. Agus ní dhubhairt an duine naomtha so, ar mbeith dá mharbhadh mar sin dona céusdúnaigh, acht na briathra so:
“A Dhia, féch na neithe fhuilingim agus dén ceart damh.” Agus dofuair sin, óir is mí-rathmhur do chríochnuigh an rígh so a bheatha. Óir do mhúsgail Dia na Siriánaigh 'na aghaidh, go rug buaidh le beagán buidhne air féin agus ar a shluaghaibh; agus do-rinneadar neithe gráineamhla ann a phearsainn air, ionnus iar n-imtheacht lán do ghalair agus d'easláinte as a lámhaibh ní bás suaimhneach dofuair acht do mharbh a shearbhfoghantaighibh féin é ann a leabaidh; agus iar mbás ní bhfuair d'ónóir a chur i ttomba ríghthibh Iudah ba sinnsir dhó. Cuiradh so na huachtaráin ar a gcoimhéd gan anáil ghoimheamhail urchóidigh luchta an bhladair do léigin dá ngar. Do ghabh Amasias mac Ioais ríghe Iudah a n-ionad a athar. Agus dobhí cogadh aige a n-aghaidh Ioais rígh Israél; acht fá dheóidh do-rinneadh príosúnach dhe. Agus táinicc Ioas iar sin go Ierusalem, agus iar mbriseadh a ballaigh le lár dhó dothug argain an bhaile agus an teampaill; agus dothug an méid óir agus airgid agus gach édáil dá bhfuair innte go Samaria leis. Agus 'na dhiaidh sin dobhí Amasias síthchánta go leór ann a fhlaithios, nó gur chogair a mhuintir eatorra féin a mharbhadh. An uair do mhothaidh-san an fheall a bheith dá hullmhughadh dhó do theith sé go Lachis, áit ar marbhadh é.
A.M. 3167 Do ghlac a mhac Ozias (dá ngoirthear i n-áitibh don Scriptúir Azarias) an ríghe i n-ionad a athar. Dobhí sé fírénta, agus do-níodh comhairle ris na fáidhibh do ghnáth le fios tola Dé d'fhagháil uatha. Dobhíodh buaidh i gcathaibh do shíor aige, agus do leasaigh sé gach bris agus gach easbhaidh dhá raibh ar an teampall. Gidh eadh, mur nach bíonn an duine buansheasmach, an uair do bhreathnaigh é féin a bheith buadhach cathréimeach do líon a chroidhe d'uaill agus d'uabhar, gur léig failligh i seirbhís Dé; agus ar mbeith cian-aosta dhó tug uabhair ar a dhul don teampall agus iodhbairt do dhénamh lena lámhaibh féin. Do chuir sin uathbhás ar an árd-shagart Azarias. Agus dotháinicc féin mar aon leis na sagairt dá thoirmeasg agus dá innsin dó nach raibh dlistionach aige ughdarrás sagairt do ghlacadh air féin, acht a chúram mór féin do fhreasdal. Agus an uair dob áil leó an sionnsa dobhí 'na láimh, le túis do losgadh, do bhuain de, do bhogair go mbáiseóchadh iad; agus ar an láthair do bhuail Dia lubhra air do ghreamaidh dhe go bhfuair bás. Do dhíbir na sagairt amach as an teampall annsin é. Agus ar bhfaicsin an ghalair ghráineamhail dó féin do chuir Dia mur phionús air, dobhí deifir mhór air féin ag imtheacht.
Agus, mur nár fhéud uaidhe sin amach é féin do thaisbénadh don phobal, ba héigion dó an ríghacht do thabhairt dá mhac Ioathan, neoch do-rinne aithris iomlán ar fhíréntacht a athar i ttús a fhlaithis. Iar mbeith don phrionnsa fhírénta so 'na rígh sé bliadhna décc d'fhág an ríghe ag mac mallaighthe dobhí aige darbh ainm Achas, do athnuadhaigh gach gráineamhlacht agus gach adhaladhradh dhá raibh roimhe sin iriamh i gcrích Iudah. Do dhíoghail Dia sin air, óir do chuir sé fó smacht agus fó neart rígh na Síria é, agus 'na dhiaidh sin fó smacht rígh Israél. Óir d'éis báis Ioais rígh Israél, do ghabh a mhac Sacharias an ríghe. Dotháinicc sí 'na dhiaidh sin chum Sellum; 'na dhiaidh sin dochum Manahe, d'fhág agá mhac Phaceias í. D'éiridh Phacee mhac Romeli 'na aghaidh sin, agus do bhain an ríghe dhe. Is é an Phacee so do chuir cogadh dásachtach díbhfeirgeach ar Achas mallaighthe .i. righ Iudah réimhráite; agus do mharbh i n-aon-lá sé fithchid míle fear dá mhuintir, do bhrígh (mur deir an Scriptúir) gur thréigiodar Dia. Agus iar ndénadh ruathair agus argan na críche, agus iar marbhadh móráin eile dhó, do-chuaidh ar a ais go hulgháirdeach lúthgháireach go Samaria, áit a ttarla an fháidh Ozee dhó dothug imdheargadh dhó
fó mhéd an uilc do-rinne ar Iudah, agus d'iarr air an céd míle bráighe dothug as do chur ar a n-ais. Agus do-rinne Phacee sin, agus do chuir cóir iomchair ar an dream dobhí tuirsioch lag nó étreórach díobh. Gidh eadh, níor chuir aen-ní de sin smacht ar Achas, acht do chalcaigh ann a pheacaidh a n-aghaidh Dé; agus do chinn ar chabhair d'iarraidh ar Theghlat-Phalasar rígh na hAsiria agus a ríghacht do chur fó árd-chíos dó. Acht ar tteacht don rígh sin dothug leis i mbroid nó i mbraighdionus an méid do chlainn Israél dobhí ar an taobh thall d'abhainn Orthannáin; agus ní tháinicc ar a n-ais ó shoin, ná fós an chuid eile dhíobh, ón aimsir a ttug a mhac, .i. Salmanasar, 'na dhiaidh sin i mbroid go hAsiria leis iad. Acht, ní a ttairbhe do-chuaidh a chairdios le rígh na hAsiria do Achas. Gidh eadh, ní raibh dhá mhéd agus dá mhionaca do chuireadh Dia pionús ar Achas nach mó sa chách dobhí a pheacaidh gráineamhla ag fás, gur dhúin fá dheóidh doirse teampuill an Dé fhíre, agus gur chuir altóracha íodhal is gach coirnél do shráidibh Ierusalem, nó gur chríochnaigh a aindlighe, a olc, agus a íodhal-adhradh rena bheatha; óir, gé gur mhór é dár leis féin ar an saoghal so, is gearr dobhí Dia dá leagadh. Uch, ba truagh a thurus ar an tsaoghal! Deposuit potentes de sede, etc.
CAIB. LXIX EZECHIAS 'NA RÍGH A.M. 3265 Mur dofuair Phacee ríghacht Israél le trétúracht, do chaill mur an gcédna í; óir d'éiridh aon dá mhuintir, darbh ainm Ozee, 'na aghaidh, do mharbh é, agus do ghabh an ríghe dá éis. 'Na dhiaidh sin go grod táinicc Salmanasar rígh na hAsiria, agus do chuir ríghacht Israél fó ard-chíos dó féin agus dá shliocht. Acht ar ndul ar ais dó dob áil le Ozee an chuing sin do chrothadh dhe, agus chuige sin do dhénamh dofuair congnamh ó rígh na hÉgipte. Arna chlos sin do Shalmanasar tháinicc ar 'ais go harmáil mhór 'na fhochair, gur chuir campa le Samaria. Agus dobhí trí bliadhna ós a comhair; agus fá dheóidh gur ghabh an chathair; agus 'na dhiaidh sin go ttug deich ttreabha Israél i mbroid leis dá thír féin go hiomlán; agus ar ndul ar 'ais dhó sgar sé ó' chéile idir an Media agus Asiria íad. Agus ní thángadar ar a n-ais ó shoin. Agus is mur sin, tar éis a raibh do ríghthibh mallaighthe mí-bhésacha ar lorg a chéile inte ó aimsir Sholaimh gusan uair sin, do tháinicc lén-sgrios fá dheóidh ar ríghacht Israél .i. dá chéd agus caogad bliadhain do sheas sí.
Isan am cédna sin dofuair ríghacht Iuda suaimhnios i ndiaidh gach uilc dár fhuiling le linn Achais. Óir dotháinicc a mhac maith, .i. Ezechias, ann a ionad, do tharruing an ríghacht chum subháilceadh, so-ghníomh, so-bhéus, agus fíréntacht go hiomlán i n-ionad na ndroch-bhés agus na ndroch-ghníomh dobhí ar gnáthughadh innte le cian d'aimsir roimhe sin. Do cheangail sé é féin do ghnáth le coimhlíonadh dhlighe Dé. Do bhris sé na híodhail; do shocraidh na háitibh arda; agus do ghearr sé garráin na n-íodhal; d'fhosgail sé fós an teampall do iaidh a athair; agus do chuir d'fhiachaibh ar na sagairt a bheannughadh do bhrígh gur truailligheadh le linn a athar é; do-rinne fós mion-chodchaibh don nathar nimhe phráis do-rinne Maoise ar an bhfásach, do bhrígh go raibh 'na dhia bréige ag cuid don phobal agus go loisgeadhdís túis dá láthair. Dobhí sé fós ro-dhúthrachtach agus ro-choimhédach fós leis an deachmhaigh, agus leis na príomh-thortha do thabhairt go cinnte dona sagairt, ceart fós agus onóir do thabhairt dáibh. Agus do chúitigh Dia na deagh-ghníomhartha sin leis; óir do mheasfadh neoch gurbhá taithneamhach leis rath do chur ar gach ní do ghlacadh rén' ais. Do chroith sé a cheann as cuing agus as árd-chíos rígh na hAsiria; do chuir sé cogadh cruaidh ar na Philistínigh, agus dobhí dhá ttreasguirt,
go chuir isteach go Gaza iad, agus do ghabh mórán dá mbailte neirt. Is le linn an rígh fhírénta so do mhair an fháidh don fhuil ríoghdha .i. Isaias, agus dob aoibhinn dó an naomh-fháidh sin do bheith 'na fhochair, óir do-bheiradh comhairleacha folláine tairbheacha gach aimsir dhó, agus do-bheireadh meisneach i n-aimsir gach éigin dó. Fón am sin, ar tteacht do Shenachereb maille harmáil mhóir a n-aghaidh an rígh Ezechias, do thuit i ngalar bháis; agus ar gcur teachta i gcuinne Isaiah, d'innis dó go ndubhairt an Tiaghearna go bhfuigheadh bás. Do ghlac dólás mór Esechias de, agus do ghuil go gér ar an Tiaghearna, agus dofuair éisdeacht. Óir ar mbeith don fháidh ag imtheacht do labhair an Tiaghearna leis, agus adubhairt: “Éirghidh ar h'áis,” ar sé, “agus innis don rígh gur éisd mé a urnaighthe agus go bhfuighe saoghal chúicc mbliadhan décc go fóill, agus i gcionn trí lá go rachaidh ag iodhbairt don teampall,” agus fós go mbéuradh buaidh ar Shenecereb rígh na hAsiria, agus mur chomhartha air sin go rachadh a scáile deich gcéim ar ais isan stoighre dá ngoirionn S. Ieróm “dial Ezechiais”. Ní cian dá éis go ndearna ní nach raibh indénta aige .i. iar tteacht ón ngalar báis sin dó tháinicc teachtairigh le leitreacha comhgháirdiochais fó aisiog a shláinte agus bronntanuis mhóra
chuige ó Bhéredach Baladain mac Bhaladain, rígh na Babilóine. Do ghlac Ezechias go honórach iad agus thug taisbénadh a thighe ionnmhuis agus taisgeadha dhóibh, .i. an mhéid óir, airgid, na soithidh óir agus airgid, na seóide, na spíosarraidh, agus an méid airm dobhí i ttaisge aige dháibh, agus dob iongantach leó méd na saidhbhrios agus na seóda daor-luaighe do-chonncadar aige. Agus iar n-imtheacht dáibh do chuir Dia Isaias an fháidh d'ionnsaighe an rígh, agus d'fhiafraigh dhe créd iad na daoine sin dotháinicc ar cuairt chuige nó créd adubhairt riú. Adubhairt an rígh gur teachtuirigh ó rí na Babilóine tháinicc ann, agus gur thaisbéin féin an t-ionnmhus dáibh go hiomlán, agus nar cheil aen-ní dhe orra. Adubhairt Isaias leis annsin: “Ag so mur deir an Tiaghearna leat-sa, tiocfaidh an lá ann a ttiubhraidh rígh na Babilóine an méid ionnmhuis sin do thaisbéin tusa dóibh dhá chrích féin leis, agus go mbiaidh do shliocht-sa 'na gcaillteánacha a seirbhís i bpálás an rígh sin. Agus do coimhlíonadh gach ní dhe sin le linn Nabuchadonosair: dotugadh a mhac féin, .i. Manasses, nach raibh acht i n-aois dhá bhliadhan décc an tan do thosaigh a fhlaithios, i mbroid go Babilón. Agus mur sin do thuill ó Dhia, óir ní raibh aon-rígh roimhe riamh ba measa ná é, óir ba duine mallaighthe mí-chráibhtheach é do chuir
suas arís go nua an méid teampall íodhal, gach árd-ionad, gach altóir, gach garrán íodhaladharthach dár scrios agus dár bhris nó dár loisg a athair; níor ghéill fós do naomhthacht, d'aois mhóir, ná d'uaisle fola na fáidhe Isaias gan a chur chum báis; acht, cidh thrá acht, do-rinne sé nísa mhó uilc ná do-rinne aen-rígh barbardha dá ttáinicc ariamh. Dá bhrígh sin, do mhúsgail Dia rígh na hAsiria 'na aghaidh, go ttáinicc maille le mór-shluaigh anoir, gur ghabh Manasses, agus to ttug leis ceangailte i n-iarann go Babilón é. Agus ba maith dhó sin, óir an tan tug dhá aire gurbh é díoghaltas Dé tháinicc air do smuain air féin agus do sgread ar Dhia go dúthrachtach; agus do bhí ag dénamh aithrigh agus ag síor-ghuidhe Dé go dérach aithmhélach nó go bhfuair éisdeacht; agus do léigeadh ar 'ais i gceannus a ríghacht arís é. Agus iar tteacht go Ierusalem dhó ní raibh ar 'aire uaidhe sin amach ar feadh a bheatha acht seirbhís Dé agus ag tabhairt buidheachuis dó um an trócaire do-rinnidh air. Do chuir Dia i gcéill trí neithe móra go follusach anso, .i. a uile-chumhacht ar ttús, 'na dhiaidh sin a cheart, a thrócuire fá dheóidh.
CAIB. LXX FÍRÉNTACHT AGUS FLAITHIOS AN RÍGH IOSIAS A.M. 3361, ante Christum 643 Iar mbás do Mhanasses do ghabh a mhac mí-ámhar, .i. Amnon, an ríghe, neoch do lean lorg a athar isna dubháilcibh agus isna droch-ghníomhartha, gidh eadh nach dearnaidh aithris air isan aithrighe. Acht ní cian do mhair sé; óir do chum a shearbhfoghantaigh féin, .i. Amon, feall dó, go ndeachaidh mar aon le cuideachta eile dá thigh, agus gur mharbhdar ann é. Iar gcur na ndúnmharbhthacha sin chum báis d'uaislibh na críche do chuiriodar an choróin ríoghdha ar mac an rígh Amnoin, .i. ar Iosias, do bhí an uair sin i n-aois a ocht mbliadhan. Agus ba prionnsa cráibhtheach oirdheirc ionmholta é, agus ba treise go mór lena dheagh-cháilidheachta ná lena aois. Do sgrios agus do raeb sé na híodhail sin Bháal; do-rinne pughdar dona híomháighibh agus do chosmhalachtaibh na mbrég-dhia dobhíodh dá n-adhradh acu; do loisg sé cnámha na saobhfhádh agus na saobh-shagart íodhal-adharthacha ar altóiribh na n-íodhal, do réir na fáistine do-rinneadh i n-aimsir Ierobaim trí chéd agus caogad
bliadhuin roimhe sin. Mur sin do ghlan Ierusalem agus an Iuda go hiomlán ó thruailliughadh an íodhaladhartha; agus ní hiad sin amháin, acht do bhris, do sgrios, agus do loisg sé na híodhail, na haltóracha, agus na garráin choirbthe dobhí i ríghacht na hIsraél, go háirighthe an mhéid dofuair isna príomhchaithreacha dhíobh, .i. i mbailte Mhanasse, Efraim, Shimeóin, agus Nephtali. Is ag dénamh na n-argan n-uasal so agas cartadh bréntuis an íodhalartha as teampall Dé, iar mbeith arna thruailliughadh dhó le holc agus le diablaigheacht a sheanathar Mhanasses, dobhí Iosias an uair dofríth leabhar an dlighe go míorbhuileach ann .i. leabhar na Deutronomi ró sgríobh Maoise. Agus dothug na sagairt an leabhar do láthair an rígh, agus an uair do-chualaidh briathra bogracha an leabhair do stróic sé a éudach féin; agus mur dothug dhá aire na díoghaltais do shaothraigh na haithreacha tháinicc roimhe 'theacht ar an gcrích go hiomlán, le hiomad a n-uilc agus a bpeacaidhibh, do chuir sé dream dona sagairt ag fiafraighe do bhan-fháidh darbh ainm Olda créd thiocfadh as na huilc sin do-rinne na ríghthibh tháinicc roimhe ag tréigion aithneadh agus dlighe Dé, nó an raibh an cháin gan díol go soiche sin. Do dhearbh an bhan-fháidh go ttiucfadh gach díoghaltas dár gheall Dia isan leabhar sin ar an
ríghacht, acht do bhrígh go raibh-sion fírénta go mbeith a fhlaithios féin uirre síthchánta, óir gur éisd Dia lena ghuidhe agus lena dhéra ar son chortha cháich. An tan fuair Iosias an freagra sin do chuir gairm chruinnighthe ar phuibleacha na Iudah go hiomlán. Agus ar tteacht go Ierusalem dáibh, do-chuaidh sé mar aon leis na sagairt agus leis na fáidhibh isteach don teampall. Do léig féinn go hárd i n-éisteacht gach aoin díobh an leabhar sin; agus iar ttabhairt a gheallamhna go sollamanta dhó go gcoimhleónadh féin gach ní dá raibh ann, do ghramaigh-sion an ní cédna don ríghacht go hiomlán. Agus thug a dheagh-shompla féin agus an cúram dobhí aige ann gur choimhlín féin agus cách oile an dlighe ró-naomhtha sin an feadh do mhair sé, agus gur marbhadh é, nó go bhfuair bás, do dhruim loit do tharla dhó i gcath i n-aghaidh Nechao rígh Égipt. Dar liom, is maith an léighionn so lena chur i gcéill do ríghthibh, do phrionnsaighibh agus d'uachtaránaibh eile na talmhan so gur ar choimlíonadh dlighe Dé budh cóir dháibh a n-aire bheith do shíor: quaerite primum regnum Dei ... et haec omnia adjicientur vobis.
CAIB. LXXI CAMPA NABUCHADONOSAR LE IERUSALEM A.M. 3416, roimh Chríosd 588 Iar mbreith i ndólás mhór do ríghacht Iudah fó bhás an rígh Iosias, do thogh an ríghacht an mac ba hóige dobhí aige, .i. Sellum dá ngoirthí Ioachas, 'na rígh. Gidh eadh, ar tteacht ar a ais do Nechao rígh na hÉgipte ón gcogadh ann a raibh a n-aghaidh rígh na hAsiria, dotháinicc isteach go hIerusalem, agus iar mbuain na ríghe do Ioachas dothug ceangailte i gcuibhreach iarnuidhe don Égipt é, agus do oirn a dhearbhbhráthair, darbh ainm Ioakim, 'na rígh 'na ionad - Eliakim dob ainm dhó ar tús - agus do chuir an ríghacht fó árdchíos dó féin. Dobhí an rígh so i bhflaithios na críche dá bhliadhain décc, agus gidh go raibh uimhir dona fáidhaibh isan ríghacht rena linn níorbh fheirde dhá iomchar, óir ba droch-dhuine mí-bhéusach mallaighthe é. An uair do taibénadh leabhar fáisdime Ieremiais dó do ghearr le sgín phinn é agus do loisg ar an tteine é, agus do ordaigh iar sin an leabhar cédna do athsgríobhadh agus mórán eile do chur ann.
Isan gceathramhadh bliadhain do fhlaithios an rígh so tháinicc Nabuchadonosar go Ierusalem, gur ghabh an rígh mí-rathmhur cédna, agus go ttug leis i gcuibhreach iaruinn i mbroid go Babilón é (isan mbliadhain d'aois an domhain do réir an áirimh choitchinn 3398, agus roimh Chríosd 606 bliadhna, agus is annso is gnáthach an 70 bliain broide na Babilóine do thosughadh). Acht do léig ar a ais é 'na dhiaidh sin iar gcur cánach agus aird-chíosa mhóir air. I gcionn thrí mbliadhan dá éis do-chuaidh i n-easumhlacht ar Nabuchadonosar; agus dotháinicc sluaightibh móra as an gCaldea; do-rinne díoghailtais mhóra; do mharbh é; gus ní bhfuair adhlacan, acht a fhágbháil 'na bhia bádhbh agus braineón. Do ghabh Ioachim a mhac, dá ngoirthí Iechonias, an ríghe dhá bhliadhain. Agus ar mbeith dhó sin ar aithris a athar go holc aindlightheach, tháinicc Nabuchadonosar arís agus tug leis i mbroid go Babilón é, mar aon lena mháthair, lena mhnaoi, agus lena chloinn, mar aon fós re huaisle agus le hard-chinn na críche; thug deich míle bráighe as Ierusalem leis. Is annsin dothug argain an teampaill, óir dothug leis an méid airgid, óir, agus an méid soithigh airgid agus óir do chuir Solamh ann, go Babilón. Agus i n-ionad Ioachim do-rinne rígh fó árd-chíos do dhearbhbhráthair a athar .i. do Shedecias. Agus ba measa sin ná cách, óir ar ttabhairt tarcuisne do chomhairle Ieremias agus dá phearsainn,
mar aon re gach fáidh oile dá raibh san gcrích, do bhíodh ag fonómhad agus a' magadh ar bhriathraibh an Scriptúra féin, ionnus nach raibh íodhaladhradh ná olc dá mhéd a n-aghaidh an Tiaghearna nach dearna féin agus nach ttug a dhroch-shiompla d'fhiachaibh ar chách eile do dhénamh; ionnus iar n-adhnadh feirge an Tiaghearna 'na aghaidh isan naoieadh bliadhain dá fhlaithios, A.M. 3416, do ghríosaidh Dia Nabuchadonosar, dá ndearnaidh instrumeint lena fheirg do dhíoghailt ar rígh agus ríghacht Iuda, gur chuir campa re Ierusalem do chuir gorta mhór orra. Agus ar mbeith dhá bhliadhain ós a comhair gan cead ag aon dul amach ná ag aon-neach a dhul asteach inte ar feadh na haimsire sin, do lingiodar fá dheóidh go curata dásachtach ar an gcathraigh, agus gur bhrisiodar a balla, go ndearnadar bealach fairsing isteach air. Is annsin do ghlac uathbhás ádhbhal-mhór lucht na cathrach gur élaidh gach aon acu agá raibh neart nó misneach ann le dorchadus na hoidhche, agus do theith an rígh féin. Gidh eadh, do chuir Nabucadonosar tóruigheacht 'na dhiaidh dorug air i bhfogus do Iericho, agus ar tteacht dhá láthair do chuir sé a dhias cloinne dá marbhadh ós a chomhair, agus 'na dhiaidh sin do bhain sé an dá shúil as a cheann amach. Chuir slabhraidheadh iaruinn dá gcur air, agus tug leis i mbroid go Babilón é.
Iar sin do chuir Nabuchadonosar caiptín dá ghárdaighibh darbh ainm Nabusardan maille le sluagh mór 'na fhochair dochum ballaidhe na cathrach sin Ierusalem do leagadh le lár, agus chum na ttighthe móra agus na bpálás dobhí inte do losga mar aon re pálás an rígh agus an teampall. Agus iar mbreith gach ní dá bhfuaradar daor-luaigh leó, mur bhí, an prás dobhi i bpiléir an teampaill agus an fhairge phráis do-rinne Solamh, do loisgiodar an teampall agus na páláis, do bhrisiodar ballaighe na cathrach timchioll, agus thugadar an méid Iudaigheach dofuaradar i mbroid leó, acht beagán d'fhágadar leis an talamh do leasughadh agus leis na fíoneamhnacha do chongbháil i n-ordughadh. Agus chuadar ar a n-ais leó go Babilón. Agus sin mur dhíoghail Dia a bpeacaidhibh ar ríghthibhh agus ar phobal na Iudaigheach, gur chuir i mbroid agus i sclábhaighacht an mhéid nár marbhadh le cloidhmhe a namhad díobh, agus is é so do chaoin Ieremias i Leabhar na hEólchuire isan gcéill litiordha. Ar mbeith san mBabilóin agus isan gCaldea mur sin dona Iudaighibh dobhídar i mbroid ar feadh dheich mbliadhan agus trí fithchid, do réir mur tharrnguir na fáidhe cian roimhe sin. Óir, mur is mó chlaonus Dia chum trócuire ná chum a cheirt do chur i ngníomh, is fada dobhí ag éisdeacht riú chum go leaseóchadhdís iad féin, acht fá
dheóidh, ó nach dearnadar sin, tháinicc an díoghaltas orra. Agus gé gur shearbh le hárd-chinn na Iudaigheach na bogair dhíoghaltacha do-níodh Ieremias, níor choisg sin é gan a bheith do shíor ag teagusg an phobail, agus ag tabhairt teagaisg don dream dobhí i mbroid dhíobhh gan an Dia fíre do thréigion ná an creidiomh d'fhág a n-aithreacha acu, gan mí-bhéusa fós na nGeintíleacha do leanmhuin, agus go ttiubhradh Dia saoirse agus tártháil dóibh mur do gheall. Agus dothug an t-ard-taoiseach sluaigh sin Nabuchadonosoir, .i. Nabusardan, gean agus gnaoi comh mór sin do Ieremias go ttug ordúghadh speisialta dá mhuintir gan dochar do dhénamh dhó, agus dothug a roghain dhó a dhul leis féin go Babilón agus a bheith ar a bhreith féin ann nó anmhuin isan Iudea. Agus thug-san do roghuin comhnuidhe isan tír le sólás do thabhairt don bhuidhin bheag Iudaigheach do fágadh innte. Dothug sé comhuirleacha maithe do Ghodolias, neoch d'fhág nabuchadonosar i gceannus na críche sin; acht mur nár chuir Godolias suim annsin, agus fós nár chreid an trétúrach Masphat do bheith ar tí feille do dhénamh air, dothug díol ann, óir do-rinnidh Masphat, agus dream do ghabh leis, an fheall, mur dubhradh le Godolias go minicc. Do ghlac eagla agus uathbhás mór an chuid eile dona Iudaighibh fón ngníomh ngráineamhuil sin,
óir do mheasadar go ttiocfadh rígh na Babilóine a' dénamh díoghaltais fó bhás Ghodolias agus go sgriosfadh do dhruim talmhan iad, agus dá bhrígh sin do-chinniodar ar theitheadh don Égipt. D'iarr Ieremias orra gan sin do dhénamh acht anmhuin ann a ttír agus nach raibh baoghal orra, agus dá ttéighdís don Égipt go gcaillfidh uile iad. Acht, cidh thrácht, níor chreidiodar é. An uair do-chonnairc féin agus a dhisciobal Baruch nárbh fhéidir a ttoirmeasg do chinniodar féin ar a dhul leó; agus ar ndul don tír sin dáibh do-rinneadar fáistine fhírinneach, .i. go sgriosfadh rígh na Babilóine an Égipt mur do-rinne le ríghacht Iuda. Is mur sin dobhí an pobal sin, dobhí roimhe sin dílis toghthaigh ag Dia, ag fulang cruadh-dhála ann gach ríghacht do thrí ríghachtaibh i n-éinfheacht; acht fón am cédna dofuaradar, tar cheann gan súil do bheith acu leis, sólás beag i gceart-mheadhóin a ndóláis, óir dofuair an sgiúrsa do-rinne Dia le díoghaltas do dhénamh ar chách oile bás isan mbliadhain (secundum Vulgatum) d'aois an domhuin 3442, agus roimh Chríosd 562. Agus do ghabh a mhac, .i. Euil-Merodach, an ríghe. Agus ní luaithe do fuagradh 'na rígh é ná tharruing Ioachim rígh na Iudaigheach as an bpríosún, ann a chuir Nabuchadonosar é roimh an rígh déighionach, .i. Sedecias, as ar bhean na súile 'á thabhairt i ngéibhionn leis. Agus mur
sin tar éis tríochad bliadhain do phríosúntacht dofuair fuasgladh agus onóir ón rígh gceannsaigh deagh-inntineach so, .i. Euil-Merodach, go ndearnaidh cuibhrionnach agus comhluadar ar a bhórd féin de ó sin amach. Mur sin ar lár a dhóláis agus a dhereóile dofuair sólás agus onóir, lerbh fhéidir dhó cumhachta agus ceart-bhreitheamhnus Dé do thuigsin: deposuit potentes de sede et exaltavit humiles; esurientes implevit bonis, etc. (Ag sin mur chríochnaighios leabhra staire Ríghthe na Iudaigheach; agus lenaidh Leabhar Esdras.) CAIB. LXXII ANN A TTRÁCHTAR AR AN RÍGH CYRUS AGUS AR ESDRAS A.M. 3468 Má leíghionn tú, a léughthóir, an choimre ro sgríobhas ar stair na gcúig bhflaithios do thosaigh i ndiaidh Nimroid, .i. flaithios na hAsiria, na Media, na Persia, na Gréige, agus fá dheóidh na Rómha, do-ghébhhair faisnéis ar an modh i ttáinicc Cyrus i bhflaithios na Baibilóine. Tar éis gach díoghaltais dá ndearnaidh Dia ar na Iudaighibh ann gach ní dhár fhuilingiodar i
mbroid na Babilóine ar feadh lxx bliadhain do bá toil leis iar sin fuasgladh dhóibh, agus chum sin do dhénamh dothug ard-cheannus an domhuin do Cyrus an Médach. Agus ní luaithe dofuair sé an ceannus sin isan áird thoir, agus ar na críochaibh oirthearach' eile dobhí fó smacht Nabuchadonosar, ná dothug cead agus misnioch dona Iudaighibh uile dofuair roimhe i mbroid na Babilóine dul ar a n-ais dochum teampuill Dé do chur suas irís i gcathair Ierusalem. Agus dothug na soithidh óir agus airgid dothug Nabuchadonosar as an teampall sin go Babilón leis as an óir-chisde nó as teagh taisge ríghthe na Babílóine amach, agus thug dona Iudaighibh lena gcur isan teampall nuadh iarna chríochnughadh. Agus annsin do ghluais dá mhíle agus dá fhithchiod dona Iudaighibh mar aon lena mnáibh, lena gcloinn, agus lena searbhfhoghantibh sin go huimhir sheacht míle fó cheannus agus fó stiúradh Shorobabel; agus ar an seachtmhadh mí iar ngluasacht for séd dáibh do chruinnighdar ar aen-láthair i Ierusalem. Agus annsin do-rinneadar iodhbarthacha uile-loisgeacha agus gach iodhbairt eile dárbh fhéidir leó ar altóracha do-rinneadar don fhír-Dhia fhorórdha. Agus an bhliadhain dá éis sin do chuiriodar bonnchlocha an teampuill suas, agus iarna fhaicsin sin don phobal do leigiodar gáir adhbhal-mhór 'na thimchioll asda, cuid acu le lúthgháire agus cuid eile
le dólás ag smuaineadh ar an teampall ro-ordheirc dobhí roimhe ann. Dob fherr le muintir na Samaria a mbás ná an damhna lúthghára sin do bheith ag na Iudaighibh; agus dá bhrígh sin do agradar na críochaibh fa coimhneasa dhóibh um chongnamh do thabhairt dáibh le toirmeasg do chur ar an obair sin; agus do chuiriodar an toirmeasg sin orra go teacht don dara bliadhain décc do fhlaithios Dháriuis Histaspes. Is annsin d'iarr Aggeus agus Zacharias, .i. dá fháidh an Tiagharna, orra an obiar do thionnsgnadh arís; agus iar nglacadh meisnigh dháibh do-rinneadar na Iudaighibh gan uamhan gan imeagla mur d'iarr na fáidhibh orra. d'iarr fós Darius orra an teampall do chur suas; agus dothug féin gach costus agus gach ní bá riachtanasach dochum na hoibre sin do chríochnughadh, ionnus go raibh arna chríochnúghadh i gceann cheithre mbliadhan dá éis sin. Agus gídh go raibh an rígh Darius 'na íodhaladharthach do chuir sé Esdras go hIerusalem do chum dlighe an Dé fhíre do mhúnadh dona Iudaighibh. Agus iar tteacht don tír dhó do ghlac dólás mór é mur do-chonnairc go ndearnaidh urmhór na dreime fuair roimhe isan tír cleamhnuis agus coimiosg le mnáibh íodhal-adharthacha; agus do chuir i gcéill dáibh gur dona neithibh do thoirmisg
Dia go minic ar an bpobal na cleamhnuis sin; agus do labhair ar an ní sin le héifeacht comh mór sin gur chinneadar ar an méid dona mnáibh sin dobhí acu do chur ar a n-ais uatha, agus gan nísa mhó coimisg ná caidrimh do dhénamh leis na híodhaladharthachaibh. Deir so linne na Críosdaighaibh gach caidreamh agus gach cleamhnus coileamhail leis an diabhal, leis an saoghal agus an golainn, agus fós claonta colacha agus anmhiana do thréigion, agus greamughadh do Dhia agus don chleamhnus sholamanta do-rinneamar le Críost ar Slánaightheóir ann ar mbaisdeadh. CAIB. LXXIII CATHAIR IERUSALEM ARNA HATHDHÉNAMH Iar gcríochnughadh an teampuill do Zerobabel agus do Esdras doi thionsgnadar an chathair agus a ballaighe do chur i bhfoirm lena ndénamh suas, agus iar ndiúltadh dona cleamhnuis cholamhuil, mur dubhras cheana, dona Iudaighibh dobhí Dia agus daoine cráibhtheacha iriseacha ag congnamh leó. Dobhí fón n-am sin duine oirdheirc dona Iudaighibh i gcion agus i meas mhóir i gcúirt Artaxerxes (dobhí an uair sin 'na rígh i n-ionad Dhariuis)
(Histaspis) darbh ainm Nehemias. Agus mur bhí imnígh mór ar an duine chráibhtheach so um staid a thíre féin, do ghlac dólás mór é an uair do-chualaidh gach olc agus gan ainmhian dá raibh lucht na Samaria 'dhénamh agus na toirmisg do chuiriodar ar theampoll agus ar chathraigh Ierusalem do chur suas, ionnus nárbh fhéidir dhó méud a bhróin d'fholach gan a bheith arna thaisbénadh ann a ghnúis. Agus ar mbeith aon do laithibh ag freasdal dighe ar an rígh dhó (óir is 'na fhear freasdal cuirn ag an rígh dobhí sé) d'fhiafraidh an rígh damhna a dhóláis de; agus d'innis Nehemias dó go fírinneach, agus do ghuidh go dúthrachtach é um chead do thabhairt dó aen-chuairt amháin do thabhairt ar a athardhacht agus ar ionad adhlacain a shinnsir, agus cead do thabhairt dó le ballaighe chathrach a shinnsior do thógbháil. Dothug an rígh an athchuinge sin dó, agus iar gcur coinghill air um dhul ar ais i n-aimsir áirighthe dothug ordughadh ríoghdha uaidhe ballaighe na cathracha, a tighthe agus a tuir neirt do thógbháil. (Agus ba hí sin an bhliadhain 20 dá fhlaithios, A.M. 3550, roimh Chríosd fós ceitrhe chéd caogad agus ceithre bliadhna, agus is annso go gnáthach tosaighthear leis an 70 hebdomades nó seachtmhain do tharrnguir na fáidhibh do theacht Chríosd a ccoluinn.) Iar tteacht do Nehemias go Ierusalem níor innis a thoisg do neoch nó go ndeachaidh féin maille le
beagán buidhne ag breathnughadh bhaillighe na cathrach isan oidhche, gan fhios do chách eile. Agus arna mhárach, iar gcruinniughadh i n-aon-áit d'uaislibh agus do áird-chinn na cathrach, d'innis dáibh gach ní ba mian leis a dhénamh, agus do thaisbéin dóibh fós ordughadh an rígh le gach ní dá ndubhairt a dhénamh. Is annsin do thosaighdar leis an obair do chur suas gan mhaill agus gan fháilligh. An uair do-chualaidh a naimhdhe sin, agus go háirighthe Sanabalat, do thóg na Samaritánaigh agus an mhéid eile do ghabh leis chum toirmisg nó cosg do chur ar an obair. Agus gé gur chrádh croidhe le Nehemias sin níor chaill sé a mhisneach, acht do sheas go cródha 'na aghaidh ag cosaint na hoibre - Is í so céd-uair do-connacus an lighán a láimh an tsaoir ag cur na hoibre suas, agus cloidhmhe isan láimh eile dhá chosuint ar an námhaid lérbh áil a leagadh. Acht fá dheóidh, do chríochnaigheadh an obair, agus do tógbhadh suas go hárrachtach ballaigh na cathrach. Mur sin budh chóir dona Críosdaighibh seirbhís Dé do dhénamh; mur so dobhí S. Pól an tan adeir féin go raibh naimhde an chreidigh ag troid an taobh amuich don eagluis 'na aghaidh agus na saobh-fháidhibh an taobh istigh: militia est vita hominis super terram. (Do Leabhar Thobiais)
CAIBD. LXXIV TOBIAS ARNA DHALLADH A.M. 3286 Dobhí Israelíteach naomhtha do threibh Nephtali darbh ainm Tobias do choimhlíon dlígh Dé ó aois a leanbuidheacht go haimsir a bháis; óir ann a aois leanbuidhe féin dobhí sé foirfe i gcéill agus i gcreidiomh, agus i n-aimsir ar bith dhá shaoghal níor fhill a ghlún agus níor ghéill do dhia bréige ná do íodhal ariamh, acht ba gnáthach leis dul go hIerusalem le hadhradh agus le hiodhbairt do dhénamh don Dia fhíre. Agus an uair dothug Dia mac dhó tug suas go cúramach i ngrádh agus i n-eagla Dé é, agus ba hé sin a stuidér prionnsapálta. Gidh eadh, níor thoirmisg méud a shubháilceadh a thabhairt i mbroid le Salmanasar rígh na hAsiria go Ninue, mar aon rena mhnaoi agus rena mhac beag óg, darbh ainm fós Tobias. Gidh eadh, ní thug broid ná éigion dá mhéd air gan dlíghe Dé do choimhlíonadh mur fa gnáth leis, óir ba hí a obair ghnáthach a bheith ag freasdal, ag fóirithin agus ag tabhairt sóláis dona
comhbhraighdibh dotháinicc as aen-tír leis. Óir, do réir thola Dé, dothug Salmanasar gnaoi agus gean dó tar chách eile, ar mhodh go ttug cead dó dhul is gach ionad ar feadh a ríghacht bá toil leis; agus is chum sóláis do thabhairt dá choimhthíorthachaibh d'iarr sé an cead sin ar an rígh. Agus ar mbeith dhó ag imtheacht ón aít go a chéile ar cuairt chum na mbraighdibh mbochta sin, do-chuaidh go Ragé, áit a ttárla duine dá threibh féin leis darbh ainm Gabelus, agus é ró-bhocht. Arna fhaicsin dó isan gcruth sin dothug deich ttallanna airgid dofuair sé féin ón rígh Salmanasar ar áirleagadh dhó. Go grod dá éis sin dofuair Salmanasar bás, agus dobhí na Iudaighibh fuathmhur ag an rígh tháinicc ann a ionad .i. Sennacherib. Agus do mhéudaigh sin cúram carthannach Thobiais le a bheith ag tabhairt sóláis dá chomhthíorthachaibh, dobhí dhá gcéusadh le linn an rígh sin nísa mhó ná riamh roimhe; agus ní sgaradh an duine beannaighthe leis an dream dobhíodh dá gcéusadh le linn a mbeó, ná le linn a mbáis, nó go n-adhnacadh iad, ní do adhnaidh fearg an rígh go ró-mhór 'na aghaidh agus dothug fó déara air droing do chur a' marbadh Thobias agus a mhaoin do thógbháil suas don righ (dá ngoirthear anois confiscation). Acht do sheachuin Tobias an cháin, óir do fholaigh é féin - ní dob urusa dhó, óir ba líonmhur a cháirde - ; agus dofuair fuasgladh iomlán gan adhbhar uamhain
ar bith go grod dá éis sin, óir dofuair Sennacherib bás i gceann shé seachtmhuine dá éis sin. Dá éis sin tháinicc aimsir sholamanta ann a ndearnaidh Tobias féusda nó fleadh measardha, agus do chuir cuireadh ar dhream dob aithne dhó bheith grádhach air Dhia agus eaglach roimhe. Isan am cédna do hinnseadh do Thobias go raibh Iudaigheach arna mharbhadh ar an tsráid. Leis sin d'éirigh Tobias ón gclár, agus do chuir an corp marbh i bhfolach, nó gur adhnaic san oidhche é. Dobhí a chairde dá imdheargadh uime sin, ag rádh ris nach luaithe d'fhág sé conntabhairt ná dob áil leis tuitim isan gcédna. Gidh eadh, mur bhí eagla Dé ar Thobias nísa mhó ná eagla an rígh, ní fhaghadh marbh dona Iúdaighibh nach n-adhnacadh, nó go ttárla dhó aon do laithibh a bheith tuirsioch ón obair sin gur shín ar leabaidh i n-aice balla, agus iar ttuitim 'na chodla dhó thárla gur thuit cuid d'aoileach eóin as nead bruachalláin ann a rosgaibh, gur chaill amharc a dhá shúl ar an láthair sin. Agus tar cheann gach iomardaigh agus gach iomdheargaidh dhá bhfuair óna cháirdibh, óna ghaolta, agus óna mhnaoi féin, níor thréig grádh ná eagla Dé i sógh ná i n-anshógh, i sláinte, i n-easláinte, i saidhbhrios ná i naidhbhrios dár thoil le Dia a chur air ariamh. Óir ní cian 'na dhiaidh sin gur mhothaigh meannán do bheith
istigh dofuair a bhean ar a luach ceirde (óir ba bain-fhigheach í). Adubhairt re a mhuintir a thabhairt dá n-aire nach le gadaighacht dofríth é. Do ghlac a bhean fearg mhór dhe sin, go ndubhairt leis gur bheag an tairbhe dobhí ann a leamhnaomhthacht ná annsa méid oibreacha trócuireacha do-rinne, agus gur bheag an cúram dobhí ag Dia ann. Níor athraigh sin aigne an duine naomhtha so, acht dothug buidheachas do Dhia; agus ann gach ní dár fhulaing ar son Dé do thaisbéin é féin a bheith 'na phátarrún fírénta foighde amhuil naomh-Iób. CAIB. LXXV AN T-AINNGIOL AG COIMHDEACHT THOBIAIS ÓIG A.M.3320 Mur sin do chruthaidh Dia buan-sheasamh Thóbiais isna subháilcibh, i ngrádh fós, agus i n-eagla Dé, óir, ar mbeith dall dó, ní níodh comhnuidhe acht ag moladh agus ag tabhairt buidheachuis do Dhia fóna cheart do chur i ngníomh ann a phearsainn féin. Agus mur thug dá aire nach raibh isan tsaoghal acht buaidhreadh agus dólás, do ba mian leis, do réir thola Dé, imirce do dhénamh as. Agus an uair do shíl an bás do bheith i ngar
dhó, do ghoir a mhac chuige, dobhí 'mun am sin tuairim ar fhithchid bliadhain d'aois, agus iar ttabhairt comhairleacha naomhtha folláine dhó (.i. onóir agus uirrim do thabhairt dá mháthair do ghnáth, tar cheann go raibh sí bocht; grádh agus eagla Dé bheith ann a chroidhe do ghrés; bheith trócuireach déirceach do réir a acmhuinge le bochtaibh Dé; gan peacadh do dhénamh go bráth; gan uabhar do dhenamh ná anmheas do bheith aige air féin; duine foirfe ársaigh éigin do bheith 'na chomhuirleach aige, agus gan aen-ní do dhénamh tar a chomhuirle, go háirighthe más duine bhias lánfhoirfe i gcrábhadh, i n-eagna, agus i n-eólus é; agus fós, gan faillidhe do dhénamh don urnaighthe go bráth), d'innis dó iar sin go raibh fiacha dheich ttalluinn airgid aige ar Ghabelus, dothug air áirleagadh dhó cian d'aimsir roimhe sin. Agus tar cheann go raibh an duine naomhtha so ró-bhocht, níor iarr a fhiacha go foiréigneach, agus fós nior innis dá mhac é nó gur mheas go cinnte go raibh an bás 'na ghar, agus gur thuig nár chóir dhó an méid sin dá oighreacht do cheilt air. Gidh eadh, do-bheir na haithreacha naomhtha dhá n-aire nach ndubhairt leis gaimbín d'iarraidh ar son úsáid fhada an airgid sin, gídh gur mhór an tsuim airgid dobhí ann. d'éisd Tobias óg go dúthrachtach le briathra a athar naomhtha (nach raibh dall acht go corpardha, óir dobhí sé grinn-radharcach ann a anam,)
agus gidh nach raibh 'fhios aige cia hé Gabelus ná cá raibh fós Ragé, .i. a ionad comhnuidhe, do chinn ar thriall dá lorgaireacht. d'iarr 'athair air treóruighe éigin d'fhagháil le heólus na slighe do thabhairt dó; agus ní luaithe do-chuaidh amach agus do chinn ar ghluasacht ná thárla ógán óg áluinn dó agus innioll le dul ar eachtra air. Agus mur nach raibh 'fhios ag Tobias óg gurab aingiol do chuir Dia dá threórughadh dobhí ann, d'fhiafraigh dhe créd é, nó cá háit a raibh a thriall. Agus an uair d'innis dó go raibh a thriall go Ragé agus go raibh eólus ar Ghabélus aige, dothug Tobias óg d'ionnsaighe a athar é; agus do gheall sin luach saothair maith dhó ar son a mhic do thréorughadh. Óir ní riabh 'fhios ag ceachtar dhíobh gurbh é an t-aingiol Raphael dobhí ann, arna chur ar an toisg sin le Dia. Leis sin do ghluais Tobias agus an t-aingeal mar aon ris; agus dobhí dhá threórúghadh go ro-chúramach, mur bhíos aingeal coimhdeacht gach aoin aguinn dár ttreórughadh go do-fhaicsiona nó fíor-phástúirigh na hEaguilse ag treórughadh anmanna cháich go so-fhaicsiona do ghnáth. Agus ar an dara lá dá n-eachtra do-chuaidh Tobias dá nighe féin go bruach shrotha na Tígris; agus ní cían do bhí ann an uair do-chonnairc iasg mór dá ionnsaighe agus a chraos fosgailte lena shlugadh ann a bhrághaid. Do sgread Tobias go hard annsin, agus dubhairt an t-aingeal leis breith ar gheólmhac
air agus a thabhairt iníos ar an tráigh, áit ar éug sé gan mhaill. Adubhairt an t-aingiol leis iar sin a chroidhe do bhuain as, agus fós na héidhe agus a dhomblas do chur ar leith, agus an t-iasg féin do bhearbhadh, agus go mbeith 'na lón feadh an bhealaigh acu. I gcionn aimsire dá éis sin iar tteacht i n-amharc Ragé (.i. cathair don Mhéud) dáibh, adubhairt an t-aingiol le Tobias a lóisdín do ghlacadh i ttigh a bhráthar gaoil, darbh ainm Raguel, agus go raibh aoin-inghean aige budh chóir dhó a phósadh. An uair do-chualaidh Tobias sin do ghlac uathbhás mór é, óir dobhí fios aige gur pósadh mórsheisior fear roimhe sin i ndiaidh a chéile leis an óigmhnaoi sin, agus gur mharbh deamhan gach aon acu fó leith oidhche chédna a bpósda, agus do smuain, mur ba hé féion aon-mhac aon-gheine a athar, dá n-éirgheadh an ní cédna dhó féin go bhfuigheadh a athair bás re dólás. Dubhairt an t-aingiol leis gan eagla bheith air agus nachar bhaoghal dó an deamhan, óir gur uime fuair sé cumhachta ar na fir sin do bhrígh gur le hintinn agus le húsáid bhrúideamhuil do dhénamh don phósadh do thángadar. “Gidh eadh, ná dén-sa sin,” ar sé, “agus níl contabhairt ar bith i ndán duit.” Agus tug comhairle dhó úsáid naomhtha do dhénamh don phósadh, agus tug comhairleacha beannaighthe dhó do búdh chóir do gach aon lér mian pósadh do leanmhuin.
Iar sin tángadar ar aon go tigh Raguel, agus do ghlac sin go lúthgháireach iad. Gidh eadh, ní raibh aithne aige orra; acht an uair do hinnseadh dhó gurbh é mac Thobias dobhí ann do ghuil sé do láthair an mhic ag cuimhniughadh ar an athair, agus do chuir fleadh agus fésda mór dá ullmhughadh dhóibh. Agus ar mbeith dháibh ag dul chum bídh dothug Tobias móid nach íosfadh féin grim nó go bhfaghadh Sara inghean Raguel le pósadh. Agus gé gur mhian le Raguel sin, gidh eadh do ghlac uathbhás mór é arna chlos, d'eagla go raibh cinneamhuin na bhfear eile do pósadh léidh i ndán do mhac Thobiais. Annsin do dhearbh an t-aingiol dó gur do Thobias do chinn Dia í, agus gurab uime do mharbh an deamhan na fir eile do bhrígh nacharbh fhiú aon-neoch dhíobh a fagháil mur mhnaoi phósta. Annsin tugadh Sara do láthair, dobhí le cian roimhe sin ag síor-ghuidhe Dé i n-uaignios lena deagh-chlú d'aisiog, óir ní raibh do bhíodán buird ná do chosbóir ithiomráidh ag an tír, ná fós agá searbhfhoghantaighibh féin, an tan sin acht í amháin. Acht, cidh thrá acht, do pósadh ar an láthair sin iad; agus iar gcaitheamh an fhéusda dháibh da-chuaidh an lánamhain óg dá seomra, agus is annsin do loisg Tobias éidhe an éisg, lér dhíbir an deamhan mur dubhairt an t-aingeal leis; agus 'na dhiaidh
sin dobhí féin agus a bhean Sara ag guidhe Dé go maidin, agus mur sin dáibh gan luighe i leabaidh a bpósda ar feadh thrí n-oidhche ag síor-ghuidhe Dé. Ba lúthgháireach Raguel ar maidin an uair do fuair dearbha go raibh an lánamhain beó slán; agus mur ba cinnte aige go mbeith Tobias marbh ar maidin do chuir uaimh dá tochailt dó, agus an uair do-chonnairc slán é do dhruid sé í. Gidh gur mhór áinios agus aoibhnios Thobias isan árus sin, dobhí sé go himnighach fó aithne a athar do choimhlíonadh. Dá bhrígh sin d'fhág an t-aingiol i bhfochair a mhná é, agus do-chuaidh féin go hairm i raibh Gabélus, agus tug na deich ttallainn airgid chum Tobias sul do críochnaigheadh sollamhain bhainnse an phósda sin. Dobhí Tobias iar sin feadh aimsire ag guidhe Raguel um chead do thabhairt dóibh dul ar a n-ais mur a raibh a athair. Fá dheóidh dothug a chead dáibh, agus tug dáibh fós leath gach maoine, gach édála agus gach saidhbhris dá raibh aige. Agus ar mbeith ag ceileabhra dháibh do chuir Raguel mur aithne speisialta ar a inghin urraim agus onóir mhór do thabhairt d'athair agus do mháthair a fir do ghnáth, grádh gnáthach dá fear phósta, í féin d'iomchar mur budh cubhaidh do shearbhfoghaintaigh, beith dílis ionraic do Dhia, agus a muintir do thabhairt suas i ngrádh agus i n-eagla Dé. Dála mháthar Thobiais, dobhí sí lán d'imnígh
agus do bhuaidhreadh lén' fhad dobhí a mac uaithe, agus dobhíodh gach lá ag féchuin uaithe ar na bealaighe do shúil go bhfaiceadh ag teacht é. Feacht n-aon dár fhéch sí uaithe mur sin do-chonnairc sí ag teacht ann a hamharc é, agus do-chuaidh isteach le deifir mhóir dá innsin do Thobias. An uair dotháinicc Tobias óg isteach do thug glóir agus moladh mór do Dhia, do réir mur dubhairt an t-aingeal leis; agus do-chuaidh annsin mur a raibh a athair, agus iar mbeannughadh dhó do chumail sé domblas an éisg dá shúilibh, agus dofuair aisiog a radhairc ar an láthair; agus annsin d'innis dó a dhála ó thús go' dheireadh. Iar sin do chinneadar comhairle ar thuarusdal do thabhairt don treóraigh ro-dhúthrachtach sin, agus as sin do chinniodar ar leath gach maoine dá ttug ó Raguel do thabhairt dó. Is annsin d'fhoillsigh an t-aingeal dáibh gurab é féin Raphael dobhídh i bhfiadhnuise Dé do ghnáth; agus ar mbeith leis sin lán d'uathbhás dáibh, do sginn as a radharc. Agus dobhídar annsin ar feadh thrí n-uair ag guidhe Dé. Agus do-rinne Tobias cantic iongantach buidheachuis do Dhia agus fáistine ar na neithe móra dobhí le coimhlíonadh san Eagluis. (Deo gratias. Finit Tobias)
(Leabhar Iudith) CAIB. LXXVI STAIR IUDITH AGUS HOLOFERNÉS A.M. 3348 Dobhí rígh ar an Asyria darbh ainm Nabuchadonosar (agus níorbh é sin an Nabuchadonosar mór úd do ghabh agus d'argain Ierusalem acht fear eile don ainm chédna) do chinn ar an domhan do chur fóna smacht féin. Do-rinne sé árd-thaoisioch, nó árd-ghenearál, ar a shluaghaibh uile do Holofernes, duine lán d'uabhar agus d'aindlighe agá raibh an uiriod sin dóchuis as cumhachtaibh a rígh aige gur mheas nach raibh ní ar bith docamhlach ná do-dhénta aige, agus do mheas fós gur cheart do gach druing dhaonna teacht as gach crích do chríochaibh an domhuin ag iarraidh síthe agus cumairce sul bhfromhadís a neart agus cumhachta a shlóigh. Agus thug sé ruaig mur shoighnén tinntighe trésna críocha fa coimhneasa dhó ar ttús, a' dénamh áir, argain agus ruathair ionnta, agus go bhfolaigheadh an talamh tré líonmhuiracht a shlóigh ann gach tír ann a ttigeadh; agus gíbé tír nó áit nach n-umhlaigheadh ar an láthair dhó do threasgreadh agus do chiorrbhadh go mí-thrócaireach
na hóig agus na seana innte, ionnus go raibh gach críoch agus rígh lán dá uamhan agus dá uathbhás. Agus dá bhrígh sin dobhíodh teachta as gach tír go laethamhuil ag iarraidh cádhais agus síthchána fair, agus ba ro-bhuidheah cách an tan do ghealladh dháibh nach marbhthadh iad. Agus ní dá mhéd umhlacht ná onóir do thaisbénadh cách dó, nach mó sa chách do mhédaigheadh a dhordhacht, a dhroch-mhéin agus a ainmhian anuaibhreach aindíoghaltach. An uair do-chualaidh na Iudaighibh cáil an fhir andiúid sin, agus cáil na mór-shluagh dobhí 'na fhochair, do ghlac eagla agus uathbhás adhbhal-mhór iad, óir níor mheasadar go raibh slighe chosanta acu le dénamh a n-aghaidh neirt comh mór sin acht a n-aghaidh do thabhairt ar urnaighthe dhúthrachtach do dhénamh chum an Choimhdhe le fóirithin orra. An uair do-chualaidh Holofernes nacharbh áil leis na Iudaighibh umhlacht ná áird-chíos do thabhairt dó, do líon dásacht agus díbhfeirge é; agus ro fhiafraigh le guth tircuisneach créd iad na Iudaighibh, nó créd fá bhfuaradar do mhisnigh ionta féin cur 'na aghaidh le hiad féin a chosnamh. Do fhreagair Achior (árd-thaoiseach slóigh na nAmonítibh tháinicc an tráth sin le humhlacht chuige), agus adubhairt go raibh Dia ro-thrén ro-chumhachtach ag na Iudaighibh, agus an feadh do bheithdís taithneamhach dá láthair nárbh fhéidir buaidh do
bhreith orra, agus d'innis sé dhó mórán dona míorbhuilibh iongantacha do-rinne an Dia sin ann gach aimsir ó thús na saoghal ag cosaint agus ag treisiughadh an phobail Iudaigheach. Do mheas Holofernes gur mór an aithis agus an masladh dothug Achior dhó féin, do bhrígh go bhfuair do dhánacht ann féin dia ná duine do chur i gcomórtus neirt le Nabuchadonosar, agus dá bhrígh sin do chuir i gcuibhreach ceannguilte isteach go cathair na Betulia é, ionnus tar éis na cathrach sin do ghabháil go ttiubhradh aen-phionús amháin dó féin agus dona Iudaighibh, as a raibh an dóchus mór sin aige (agus a nDia do árdaigh ós cionn déaibh na hAsíria). Ar tteacht d'Achior go cathraigh na Betulia, adubhairt riú misnioch do ghlacadh, agus go raibh dóchus aige féin ann a nDia go treasgóradh Holofernés agus a shluagh. Ní raibh leath uathbháis ar lucht cathrach na Betulia fá gach ní uathbhásach dár innis Achior dáibh nó go bhfacadar féin Holofernes a' teacht dá n-ionnsaighe, agus sé fithchid míle coisighe maille le dhá mhíle agus fithche marcach 'na fhochair. Do bhuailiodar iad féin annsin re lár, óir do thuigiodar nach raibh tárthúil acu acht muna ttigeadh ó Dhia chucu. Ar tteacht do láthair na cathrach do Holofernes do bhreathnuigh ar gach taobh dona ballaighe ar an taobh amuigh, agus do-chonnairc nach raibh braon uisge le fagháil ag an gcathraigh acht an
méid dobhí 'teacht chucu tré aen-chuisle amháin, dá ngoirthear aqueduc; agus do chuir sin dá ghearradh, agus níor léig braon uisge isteach don chathraigh. An uair do-chonnairc lucht na cathrach iad féin ar easbaidh uisge agus iad ag fagháil báis le tart, do chinniodar a bpian do chróchnughadh le hiad féin agus a gcathair do thabhairt suas do Holofernes. Arna chlos sin do Iudith, .i. bantreabhach ro-bheannaighthe ro-naomhtha dobhí san mbaile, dotháinicc sí chucu, agus dothug misnioch dháibh. Óir, ar mbeith dhí le haimsir imchian ann a teaghlach féin ag dénamh tréighionuis le trosgadh agus le hurnaighthe i n-uaignios, do chuir Dia ann a hinntinn smuaineadh as a ttáinicc dhí lucht na cathrach agus lucht na críche go hiomlán do shaoradh ar anchumhachta Holofernes. Agus do ghoir sí chuice na sagairt, agus tug sí imdheargadh dháibh um laghad a ndóchuis; agus iar sin d'innis dáibh go bhfacus dí féin slighe tárthála acht nach n-inneósadh ar an láthair aen-ní, acht gur iarr orra guidhe dhúthrachtgach do dhénamh chum Dé léna deagh-inntin do chur i ngníomh mar ba mian léidh. Agus iar n-imtheacht uaithe dona sagairt, do-chuaidh sí dá hionad urnaighthe, agus do-rinne urnaighthe dhúthrachtach chum an Choimhdhe; agus iarna críochnughadh dhí d'éirigh sí suas, agus do chuir sí uirre na héudaighe dob fhearr agus do ba daor-luaighe dobhí aice, agus do chuidigh sin
go mór le lonnradh na scéimhe nádúrtha dobhí innte do thaisbénadh go foirmiollach, agus do chuidigh Dia féin ris sin do réir na deagh-intinne dobhí aice. Agus do ghluais isan innioll sin a n-amharc cháich as an mbaile amach; agus níor lamh aonduine ceisd do chur uirre. Agus ar mbeith don taobh amuigh do bhallaighe an bhaile dhí, d'fhéuch cuid do mhílidhibh Holofernes, agus an uair do-chonncadar comh-áluinn sin do mhnaoi thugadar go hairm a raibh Holofernes í. An uair do dhearc sé uirre dob iongantach leis méd na sgéimhe do-chonnairc innte. Agus isan am a raibh dhá líonadh dá grádh do mheall sí le gliocas a briathar é, óir adubhairt sí gur theith sí as an mbaile do bhrígh go raibh fios aice féin gur thréig Dia a phobal tréna bpeacaidhibh, agus go ttiubhradh ar láimh a namhad iad. Ar mbeith do Holofernes líonta dhá grádh do chreid gach aen-fhocal dá ndubhairt ris, agus tug ordughadh dá lucht freasdail úsáid mhaith do thabhairt dí, rogha bídh agus dighe do thabhairt dí; gidh eadh, dubhairt sise (mur nach blasfadh don bhiadh toirmeasgach dobhí ar an gcampa) go ttug sí féin lón léithe as an mbaile. Agus mur sin do chuinnigh a trosga agus do choimhlín dlighe Dé imeasg na págánacha agus na n-íodhaladharthacha mallaighthe sin.
CAIB. LXXVII CRÓDHACHT IUDITH AGUS BÁS HOLOFERNES Eodem Anno Ar mbeith don ghrádh dothug Holofernes do Iudith ag fás go laethamhuil, do chinn fá dheóidh san gceathramhadh oidhche a mhian d'fhagháil uirre; agus iar mmbeith ag caitheamh fleadha ann a phailliún i bhfochair a oifigiocha agus a aos gráidh dhó, do ordaigh Iudith do thabhairt um thráthnóna chuige, agus adubhairt le gach aon dá raibh 'na fhochair iar gcaitheamh proinne dháibh imtheacht gach aon acu dá n-áruis féin, ionnus go mbeith uaignios aige ar Iudith. An uair dotháinicc na teachtuirigh a gcuinne Iudith, mur bhí dóchus mór aice as trócuire agus as uile-chumhachta Dé, do tháinicc sí go humhal dá láthair. Agus dobhí i bhfochair cháich, gan bia ná deoch do chaitheamh riú, acht ag síor-ghuidhe Dé ann a hinntinn, nó gur mhór an onóir dhise é dhá dhénamh sin 'na fiadhnuise. Agus iar sin do fágadh 'na n-aonar iad. Is annsin do chinn Iudith ar an ní umá ttáinicc do thabhairt chum críche. Agus ar mbeith 'na seasamh ag guidhe Dé dhí do shín Holofernes ar
a leabaidh; agus ní luaidhthe do-rinne ná tháinicc trom-chodladh air. An uair do-chonnairc an bhean naomhtha sin do thóig a súile suas ar an bhflaithios ag rádh: “A Dhé uile-chumhachtaigh dothug deaghinntinn damh le do phobal do shaoradh ó an-chumhachta agus ó thiarántacht na n-íodhal-adharthacha mallaighthe so, cuir féin misnioch ann mo chroidhe agus neart ann mo lámha leis an ngníomh mór-éuchtach so do dhénamh anos.” Agus leis sin dorug sí ar chloidheamh Holofeirn féin dobhí ós cionn na leaptha; agus iarna tharraing as a scabard dí do chuir lámh ann a fholt, agus ar nochtadh a mhuinéil dí do bhuail buille don chloidheamh ann, agus leis an dara béim do scaith an ceann do choluinn; agus do tharruing brat dobhí ós cionn a leaptha chuigthe, dobhí buailtigh le clocha daor-luaighe diamóin, agus do chuir an ceann isteach ann, agus tug dá hinnilt dobhí ag faire i ndorus an phailliúin é. Agus do ghluaisiodar iar sin gan toirmeasg trésna gárdaighe go rángattar go dorus na cathrach. Do ghoiriodar annsin ar an lucht faire, do léig isteach iad. Annsin dotugadh lóchruinn agus soillse 'na cuinne. Agus ar tteacht do lucht na cathrach go hiomlán 'na timchioll, d'fhuagair sí tocht orra, agus annsin adubhairt riú buidheachus do thabhairt do Dhia, agus leis sin do thaisbéin an ceann
dáibh. Agus ar an gcéd-amharc dothugadar air do ghlac iongnadh agus criothnadh iad, agus leis sin chuiriodar gáir lúthghára os áird asda, agus dothugadar glóir agus moladh don Tiaghearna fón mbuaidh agus fón tártháil thapaidh dothug dháibh, agus do mholadar an bhean naomhtha do chuir í féin i gconntabhairt ro-mhóir le tártháil do thabhairt dóibh. Annsin d'iarr Iudith Achior do thabhairt chuice. Agus iar bhfaicsin an chinn dobhí ar an tí do thionnsgain é féin do mhilleadh dhó, do thuit ar lár i n-anmhuine; acht an uair dotháinicc ar a ais do bhuail a aghaidh re lár i bhfiadhnuise Iudith, agus do admhaigh agus do adhair an Dia fíre dar ghéill sí, agus do ghlac leis an timchiollghearradh agus le creideadh na Iudaigheach ó sin amach. Ar n-éirghaidh don lá arna mhárach, an uair do fuair na hAsiriánacha colann a ngeineráil gan cheann, agus ar bhfaicsin a chinn crochtaigh ar bhalla na cathrach dháibh, do ghlac uamhan agus anuathbhás mór íad go ttugadar aghaidh ar theitheadh. Leis sin do ling lucht na cathrach amach, agus iar ttabhairt tóruighacht ghéir dhásachtaigh dháibh do-rinneadar ár mór orra; agus do roinniodar a maoine agus a n-édála, agus tugadar leó isan gcathraigh a bhfuaradar isan gcampa; agus rinneadar sollamhuin iolgháirdis an feadh thrí mí. Tháinicc lucht cathrach Ierusalem a' tabhairt molta agus buidheachuis
do Iudith, agus dobhí sí ó sin amach i n-onóir mhóir i Israél. Gidh eadh, iar ndénadh iodhbartha buidheachuis do Dhia dhíse, do-chuaidh sí dhá hárus féin, agus dobhí ag guidhe Dé i n-uaignios uaidhe sin amach, agus ní thaisbénadh í féin acht i n-aimsir iodhbartha sollamanta uaidhe sin amach. Féch ar an stair so, agus tuig mur nach ttréigionn Dia go bráth an té chuirios a dhóchus an; dén fós an umhlacht d'fhoghluim ó Iudith, do-rinne dimbrígh do gach onóir shaoghalta dá raibh le fagháil aice agus do ghlac mur roghain a bheith a moladh Dé i n-uaignios ar feadh a beatha tar phoimp agus tar onóir dhímhaoin neamhmbuan an tsaoghail. CAIB. LXXVIII ANN A TTRÁCHTAR AR ESTAR A.M. 3495 Dothug Assuerus rígh na Persia grádh agus taithneamh d'aon dá mhuintir féin, dárbh ainm Amon, ar mhodh nár leór leis an Phersia agus na ríghachtaibh eile dobhí fóna smacht féin do thabhairt umhlacht dó ós cionn gach duine faoi féin, acht do chuir forfhógra ar (feadh) na gcríoch sin go
hiomlán sléuchta agus adhradh do dhénamh dhó, ionnus nach lamhadh aen-duine trén ná tár dona críochaibh sin teagbháil dó gan adhradh agus sléuchtain dó. Dobhí i gcúirt an rígh fón am sin aon don lucht dothug Nabuchadonosar tuairim nóchaid bliadhain roimhe sin i mbroid go Babilón as críoch na Iudaigheach leis, darbh ainm Mardocheus. Agus níor mheas sin gur chóir na comharthaigh cinnte adhartha agus umhlachta, ar nach raibh ceart ag aonneoch acht ag Dia amháin, do thabhairt do dhuine ar bith, agus dá bhrígh sin níorbh áil leis sléuchtadh ná adhra do dhénamh do Amon. Agus gídh nach le huabhar acht le dúthracht agus le crábhadh a dheagh-chreidigh do dhiúlt Mardocheus don ní sin, dob ádhbhar é le hinghreim agus le hanfhorlann do theacht ar na Iudaighibh go hiomlán, agus go speisialta air féin, óir níor leór le hAmon díoghaltas do dhénamh air ann a phearsainn féin acht a choimhthíothachaibh go hiomlán do chéusadh; agus dochum a dhroch-intinne do chur i ngníomh do chuir sé i gcéill don rígh nach beith síthcháin, suaimhnios, ná fós dísleacht ná deaghiocht dó féin ann a ríghacht an feadh do mhairfeadh na Iudaighibh, óir nach raibh acht drong mhiosgusach mhailísioch mhí-rúnach ionnta, agus go raibh creideamh ar leith acu lérbh fhéidir iad féin agus cách eile do tharruing chum trétúracht a n-aghaidh
an ughdarráis ríoghdha ró-cheart bhí ós a ccionn. Do chreid an rígh gach ní dhé sin; agus dá bhrígh sin do-thug ordughadh do Amon fógra do chur ar feadh na gcríochaibh go hiomlán gan óg ná ársaigh, bean ná leanbh dona Iudaighibh d'fhágbháil beó, acht a gcosgairt gan choigill ann gach áit dá rabhdar. Do thárla fón am sin, do réir tola Dé, go raibh inghean dearbhbhráthar do Mhardocheus 'na banríghain pósdaigh ag an rígh Assuerus, i n-ionad Vasthi do dhíbir sé óna leabaidh roimhe sin. Agus ar gclos an fhurfhógra sin dí do ghlac buaidhreadh agus dólás mór í, agus ní ar a son féin (óir ní raibh baoghal uirre) acht ar son a coimhthíorthacha go hiomlán. Agus dob usaide dhí labhairt ar a son do bhrígh nár fhulaing Mardocheus dí a adbháil gurbha Iudaigheach í go n-uige sin. Ar mbeith do Mhardocheus ann a intinn féin lán d'imnígh agus do bhuaidhreadh ag smuaineadh créd an modh ar a bhfédfadh tártháil do thabhairt dona Iudaighibh bochta ón mbás do cinneadh dháibh, do-chuaidh d'agallmhadh na banríoghan Hestar; agus adubhairt léidh dul d'ionnsaighe an rígh, agus a chur a gcéill dó méd égceirt agus égcóra an fhurfhógra sin do chuir fóna ríghachtaibh leis na Iudaighibh do bhásughadh. “Cionnus is féidir damh-sa sin do dhénamh?” ar Esthar, “óir is coir bháis do neoch ar bith dul do láthair an rígh acht lena réimh-chead féin.”
Adubhairt Mardocheus go raibh an t-adhbhar agus an t-éigion comh mór sin nár chóir dhí gan dul i gconntabhairt ar a son féin agus ar son muintire a tíre go hiomlán. “Óir má marbhthar na Iudaighibh go hiomlán,” ar sé, “ní cosmhuil duit-se féin atá i gcúirt an rígh teacht saor, agus mur ndéna tú so dob fhéidir go ndénfadh Dia slighe eile le tártháil do thabhairt dá mhuintir, iar mbeith dhuit-se agus do theaghlach h'athar ar fágbháil agus ar dearmad, agus níl fios agad,” ar sé, “nach uime bá toil le Dia coróin ríghdha do chur ort dochum slighe agus ughdarráis do thabhairt duit lena phobal do shaoradh ón gcontabhairt bháis ana bhfuilid.” Iar bhfagháil na comhairle sin dona mhnaoi naomhtha do chinn ar a leanmhuin, agus le deóra, le trosgadh, agus le hurnaighthe do ullmhaigh í féin. Iar sin do chuir i n-innioll áluinn dheagh-mhaisioch í féin, agus do-chuaidh isteach go seomra an rígh. Agus ar an gcéd-amharc do-chonnairc an rígh ann a chathaoir ríoghdha; agus ar bhfaicsin mórdhacht an innill ann a bhfacaidh é, an tsoillse dobhí i ttimchioll an rígh-shuidhe, lonnradh na mbuadh-chloch ndaor-luaidh dobhí ann a bhrat - agus níis mó ná sin do chuir uathbhás uirre, dar léidh gur fhéuch an rígh go huathbhásach uirre - , do thuit sí i mbáthadh. Leis sin do mhaoth an Tiaghearna a chroidhe ar an láthair, go ndeachaidh féin dá tógbháil. Agus
ar ttabhairt misnígh agus dearbha dhí nár bhaoghal dí, adubhairt sí ris an rígh gur shíl sí gurbh aingiol é an uair d'amhairc sí air, “Agus do ghlac eagla agus uathbhás mé, agus leis sin do thuit mé,” ar sí. Agus ní luaithe dubhairt sin ná thuit sí arís mur bheith marbh. Do chuir sin buaidhreadh agus dólás mór ar an rígh, agus an uair táinicc a caint d'fhiafraigh dhi créd dob áil léidh iarraidh air, agus dubhairt gibé athhchuinge dob áil léidh, dá madh leat a ríghacht d'iarrfadh, go bhfuigheadh gan fhuireach. “Máseadh” ar an ríghain, “'sí aisge iarruim ort teacht amárach chugam a' caitheamh proinne, agus Amon do thabhairt leat.” Do gheall an rígh sin dí. Tárla an oidhche dá éis sin nár fhéd an rígh codladh do dhénamh ar tteacht neamh-chodhlaidh air, agus do iarr leabhar análacha na ríghacht do thabhairt cuige. Agus tar éis gur léughadh dhó ann ar fheill dobhí días dá mhuintir féin a n-aimsir imchéin roimhe dá cumadh dhó - agus do fuair ann fós agus do chuir i gcuimhne dhó gurab é Mardocheus do chraobhsgaoil an plot sin dó agus do thárthaigh ar an bhfeall-bhás sin é - d'fhiafraigh an rígh annsin don léughthóir créd an tuarusdal dofuair Mardocheus ar son na deagh-sheirbhíse sin. Adubhairt an léughthóir nach bhfuair aen-ní. Agus d'fhiafraigh an rígh leis sin an raibh aen-duine isan tseomra dobhí an taobh amuich dhe. Do hinnseadh dhó go raibh Amon
ann. Agus leis sin tháinicc Amon féin isteach do láthair an rígh, agus d'iarr cead do thabhairt dó Mardocheus do chrochadh as croich do-rinne dhó ann a raibh cúig cúbaitt décc ar uirde. d'fhiafraigh an rígh annsin d'Amon créd an onóir ba cóir a thabhairt don tí budh mian leis an rígh d'onórughadh. Do fhreagair Amon (óir do shíl gurab dó féin dobhí an onóir sin dá hullmhughadh), agus adubhairt gur chóir a chur a' marcaigheach ar eacht ar each an rígh féin, éudach purpuir do chur uime, an choróin ríghdha do chur ar a cheann, uaisle, oifigidh agus árd-thaoisigh an rígh do ghabháil 'na thimchioll, aradha a shriain do ghlacadh ann a lámha, agus siubhal leis mur sin tré shráidibh agus tré ionaid oireachtais na rígh-chathrach, agus a fhuagradh is gach ionad díobh sin gur mur sin bheir an rígh onóir don tí is mian leis d'onorúghadh. Do fhreagair an rígh agus adubhairt le Amon, “Déna-sa le Mardocheus gach ní dá ndubhrais,” agus gan ponc dá laghad do dhearmad don mhéid adubhairt. Mur sin le halt na haen-uaire d'árdaigh Dia an umhlacht i gcathréim agus do leag an t-uabhar le lár i gcathair Susa; mur dob égin do Amon umhughadh agus fuagairt fós don ríghacht úmhlacht agus onóir do thabhairt don té is mó ar a raibh a ghráin agus is mo ar a raibh tarcuisne aige d'fhearaibh an domhuin.
Do-chuaidh Amon iar sin dá thigh féin, do shín ar leabaidh, agus dobhí ag casaoid rena cháirdibh agus ag dénamh dóláis fón masla dofuair agus mur do bhí mur bharr mí-shéin air gur do Iudaigheach dob éigion dó an umhlacht sin do dhénamh; agus do thuig i n-antráth gur thús donuis agus mí-shéin dó é; agus gach olc dár thuar dó féin do láthair a mhná agus a chairde dotháinicc chuige, mur bhus follas dá éis so. CAIB. LXXIX BÁS AMOIN ANNSO Eodem ut supra anno Ar ndul don rígh Assuerus ag caitheamh an fhéusda d'ullmhaigh Estar ann a hárus féin dó, agus Amon 'na fhochiar, do ghuidh Estar um innsin dó créd an aisge ba mian léithe d'iarraidh. Do fhreagair sise le guth dérach dólásach ag rádh: “A rígh ro-chumhachtaigh,” ar sí, “nílim ag iarraidh ar do mhaith agus ar do mhórdhacht, acht mé féin agus muintir mo thíre do shaoradh ar bhás.” Agus annsin do chuir sí i gcéill dó méd mailíse Amoin, agus mur do mhaslaigh sé a ainm agus a úghdarrás ríoghdha, mur do iompoigh lena mhioscus agus lena bhréga croidhe an rígh ba trócuirigh, ba
deagh-inntinnigh agus ba deagh-mhéineamhla do ríghthibh an domhuin chum éigceirt, chum tiarántacht, agus chum dúnmharbhtha agus dícheannadh do dhénamh ar dhruing fhírénta neamh-chiontach, .i. na Iudaighibh. An uair do-chualaidh an rígh na hathiosga sin, agus thug dá aire méd na sóghantacht thug air féin comhairle comh mí-thrócuireach sin do ghlacadh ó Amon, d'fhás fearg mhór air, agus níor fhéd comhnuidhe do dhénamh istigh nó go ndeachaidh imach agus gur shuidh 'na aonar i ngarrán coille dobhí i bhfogus don árus ann a raibh Estar. An uair do-chonnairc Amon méd na conntabhairte ann a raibh do ghuidh go dérach an bhanríghain um chongnamh tárthála do thabhairt dó; agus ar mbeith dá guidhe mur sin do shín sé é féin ar leabaidh na banríghan. Tháinicc an rígh isteach, agus ar bhfaicsin Amoin ar an leabaidh do ghlac fraoch agus fearg mhór-adhbhal é, mur do bheith ar tí a leaptha do thruailliughadh, agus dubhairt lena lucht freasdail a bhásughadh gan mhaill. Leis sin dubhairt aon dona hoiffigidh leis go raibh croich do chuir Amon féin dá cur 'na seasamh le Mardocheus do chrochadh, agus go raibh cúig cúbaitt décc ar uirde innte, i bhfogus dáibh. “Máseadh,” ar an rígh, “crochtar é féin gan mhaill innte.”
Agus dorinneadar gan mhaill do réir tola an rígh; agus mur sin dothug luach a dhrochchomhuirle do Amon, agus do-rinne gairm ar ais ar an fhurfhógra barbardha tiaránta do-rinne sé ar chomhuirle an mheirligh mhioscusaigh mhailísigh sin. Monuar nach bíonn Estar i bhfochair gach prionnsa chum gach droch-comhuirle dá bhfuighdís do spíonadh ann a láthair. (Mur so finit Estar) CAIB. LXXX ANN A TTRÁCHTAR AR SCÁTHÁN NA FOIGHDE .I. IÓB Dhá ní bhíos do-chumhdaigh a bhfochair a chéile dobhí i seilbh an naoimh Iób ar feadh a bheatha .i. subháilceadha móra agus saidhbhrios. Adeir an Scriptúir go raibh sé 'na dhuine cheart lán do naomh-shimplíghacht agus d'eagla Dé do ghnáth. Níor leór leis é féin do chongbháil ó olc agus ó mhí-bhésa, acht mur ba hathair maith cloinne é do mhúin an ní cédna dá chloinn, agus dobhí dá ttabhairt suas do ghnáth i ngrádh agus i n-eagla Dé, agus do-níodh iodhbharthacha go laetheamhuil ar a son, d'eagla pheacaidh bhig ná mhóir do dhénamh dháibh.
Níorbh fhéidir leis an diabhal, gan iomthnúth mór, a shamhuil do dhuine shubháilceach d'fhulang, agus dá bhrígh sin do chuir cogadh air; agus dobhí do dhánacht ann gurbh áil leis corthacha do chur i láthair an Tiaghearna air; agus ó nach bhfuair droch-ní ann a bheatha nó ann a ghníomharthaigh le cur 'na leith dobhí dá choiriughadh do thaobh a inntinne, agus adubhairt le Dia gur do ghrádh ar na sochair shaoghalta dobhí le fagháil aige do chaomhain sé é féin ar uilc agus ar aindlighe go n-uige sin. Ionnus go bhfoillseóchadh Dia mailís, iomthnúth, agus bréga an droch-spioraid go follasach, adubhairt ris gan a mhaoin do choigill. Do rinne an droch-spiorad úsáid iomlán don chumhachta dofuair ar mhaoin agus ar shaidhbhris Iób. Agus chum a argain i n-éinfheacht dotháinicc ladrainn dorug an mhéid molt dobhí aige i n-aoinfheacht riú, agus isan am céadna tháinicc caora teineadh as na flaithis do mharbh a thrédaibhh go hiomlán, tháinicc an námhuid d'fhuadaigh a chámhuill agus an chuid éile dá cheathra leó, agus ar mbeith dá chloinn uile i n-aon-tigh ag caitheamh fleidhe i bhfochair a chéile go súgach meanmnach, do thuit an teagh orra gónár fágadh aon gan mharbhadh dhíobh. Dotháinicc na droch-sgélta sin uile chum Iób i n-alt aon-uaire, agus gidh gur dhólásach iad níor chaill
seision puinn dá fhoighid, dá chreidiomh, ná dhá dhóchus díadha, acht gur neartaidhsiod a shubháilceadh ann. Do bheannaigh ainm Dé, agus tug buidheachas dó, agus adubhairt: “Mur thug Dia dhúinn, do thóig uainn, do réir a thola:” Deus dedit; Deus abstulit; sit nomen Domini benedictum. An uair do-chonnarc an droch-spiorad buansheasamh Ióib isna subháilceadh, tar éis gach fromhadh díghbhálach dá ndearnaidh air, do ghlac bárr dásachta agus díbhfeirge é; agus mur nárbh fhéidir leis dochar ar bith do dhénamh dhó a n-aghaidh tola Dé, do labhair re Dia irís agus adubhairt, dá ttugadh cead dó galar gráineamhail do bhualadh ar a fheóil, go rachadh i n-édóchus. Dothug Dia an cead sin dó, agus ní ar mhaith dhó acht chum tuille gránach dhó, óir dobhí fios deagh-choinghill Ióib aige. Agus leis sin tháinicc an deamhan agus do líon sé Iób le créchta, le cneadhacha, agus le gearba ó bhonn go bathais, ionnus gurbh éigion dó suidhe ar cárn aoiligh agus brághaid crúiscín bhriste bheith ann a láimh a' scríobadh na ngearb dobhíodh 'na sesamh ar a chroicionn agus ag cartadh an tseilidh agus na bpiasd dobhíodh ag snighe as na meill aincisioch dobhí air. Annsin ní raibh aige don mhéid dobhí ann a sheilbh ariamh acht a bhean, agus ní dochum sóláis do thabhairt dó fágadh í sin féin acht dochum
barr cathaighe agus mí-fhoighidne do mhúsgladh ann. Óir, ar bhfaicsin dí méd na n-olc d'fhuiling sé, do mheas nach raibh ann 'fhíréntacht acht dímhaoinus (agus) dobhíodh ag cur caithighe air le dia-athais do dhénamh: benedic Deo et morere .i. “mallaigh Dia agus fagh bás.” Ní thug Iób do fhreagra uirre acht a rádh gurbh cosmhuil re mnaoi gan chéill í, óir gibé fuair mórán tiodhlaice ó Dhia créd nach dénfadh fulang anshóigh an tan budh toil leis? Adeir S. Augustinus nár ghéill Iób dá mhnaoi le peacadh do dhénamh mur do ghéill Ádhamh dá mhnaoi, agus ar an adbhar sin gurbha haoibhinne do Iób ar a chárn aoiligh ná do Ádhamh i bPárthus. Ar mbeith do Iób mur sin i gceart-mheadhón a dhóláis (óir, mur mbeith d'ádhbhar dóláis aige acht na pianta d'fhuiling a chorp, ba leór é le duine neamh-fhoirfe do chur i n-édóchus), is ann sin táinicc triúr dá cháirdibh, dá ngoirionn an Scriptúir “ríghthe,” ar cuairt chuige; agus i n-ionad sóláis do thabhairt dó, dob éigion dó é féin do chur i n-inioll cosanta a n-aghaidh na saobh-résún ainbhfiosach agus na gcédfadh éigceart do thaisbénadar dhó. Acht ní raibh do shólás ag an duine naomhtha so 'na measg acht a neamh-chiontacht ann a aimsir agus fíréntacht a bheatha ar feadh na haimsire do chaith ar an tsaoghal, ní nár chreid
na daoine ainbhfiosacha sin; óir do mheasadar nacharbh fhéidir an méid pionúis sin do theacht air acht le peacaidh móra folaightheacha eigín do dhénamh ann a bheatha, agus an méid do labhradís go tábhachtach is chum a n-ithiomráidh do neartúghadh do labhradís é. Agus do chuir sin nísa mhó dóláis ar an duine naomhtha so ná an méid piantaibh eile d'fhuiling sé. Agus do chuiriodar i gcéill do gach aon gur conntabhairteach an ní do neoch droch-bharamhail do thabhairt dona fíréin, óir, mur chreidiodar so do réir na cédfadha ainbhfiosach dobhí acu nárbh fhéidir le Dia pionús do thabhairt do neoch gan coir, do shíladar go raibh cionta Ióib mór do réir na bpionúis do cuireadh air. Gidh eadh, do shaor Dia fá dheóidh a shearbhfoghantaigh dílis ón mí-chliú sin, agus do ghlac fearg mhór é leis na saobh-cháirde éigcearta sin Iób, agus dubhairt nach raibh acht amadánacht ann a résúin agus nach ttiubhradh maitheamhnus dáibh acht le hurnaighthe Ióib do mheasadar a bheith corthach. Agus thug Dia go follasach luach a fhíréntacht agus a fhoighde do Iób, óir dothug nísa mhó saidhbhris dó ná dothug an diabhal uaidhe, agus fós sliocht agus clann go léor i n-ionad na cloinne do chaill sé. (Tráchtam feasda ar na fáidhibh. Finit Iób anno Domini 1726.)
CAIB. LXXXI TRÁCHT ATHGHEARR AR AN FHÁIDH ISAIAS ANNSO SÍOS Agus ar ttús laibheórainn go hathchumair ar an bprionnsa do réir fhola agus dúthchais, do réir áille, acfuinge, agus líonmhuiracht labhartha, agus do réir fós méd agus iomadamhlacht na ndiamhair-rúin ndiadha do chraobhsgaoil sé. Óir is mó is iontsamhail do fhíor-startheór na haimsire agus na bpearsann do-chuaidh roimhe ná le fáidh nó le fear réimhfhheasa nó reímhfhaisnéisi na neithibh dobhí gach teacht ann a aimsir é; óir is samhuil do shoibhiosgél é ag faisnéis ioncholnadh Mhic Dé, .i. a gheineamhain, a thuismeadh, a dhála agus a mhórghníomhartha imeasg na ndaoine, a pháis, a bhás agus a eiséirghe, agus sin tuairim ar naoi gcéd bliadhain an chuid fa lugha dhe ré tteacht an Tairngeartaigh chéna sin. Dothug faisnéis shoiléir fós ar Eaglais Chríosd ón am ar thosaigh sí i bpearsainn Chríost (is ceann agus is chéile dhí) agus i bpearsannaibh na nApsdal, gach éucht oirdheirc dá ndearnaidh, gach inghreim nó persecution dár fhuiling gus aniugh, agus fós ní dhá bhfuil re dénamh agus re fulang aice go deireadh an domhuin.
CAIB. LXXXI AN A TTRÁCHTAR AR CHUID DO NA TAISBÉNTAIBH DOFUAIR ISAIAS A.M. 3219, Ante Christum 789 do réir áirimh choitchinn. Imeasg gach taibénadh dá bhfuair Isaias, do-chonnairc Dia ann a ghlóir agus ann a mhórdhacht i gcathaoir nó i n-ionad suidhe ríghdha, agus é arna thimchilleadh le sluagh mór dona haingil, dá ngoirthear na Cherubínigh, ag rádh na cantice molta ós aird chanas an Eaglais i n-iodhbairt ro-bheannaighthe an aifrinn, ag rádh Sanctus, Sanctus, et cetera, .i. “is beannaighthe, beanaighthe, beanaighthe rígh na slógh; tá an talamh uile líonta dhá ghlóir.” An uair do-chonnairc Isaias an t-amharc diadha sin do ghlac uathbhás mór é, agus adubhairt: “Mairg damh-sa,” ar sé, “óir is bél neamh-ghlan atá agam.” Agus ar mbeith mur sin ag casaoid air féin dó, do eitil aon dona Cherubínigh dobhí ag adhmholadh Dé i bhfiadhnuise a shuidhiugh ríoghdha, do ghlac an iolgaibh ann a láimh, agus do thóig sméuróid nó athinne don teinidh do bhí ar an altóir, agus do chuir ar phuisínibh na fáidhe é, agus adubhairt leis gur ghlan ó gach aindlíghe é. An uair dofuair Isaias an dearbhadh sin ar é féin
do bheith glan-bhélach d'fhuráil é féin go héusgaidh le dul a' teagasg an phobail do réir gach ordaigh dhá ttiubhradh an Rígh dhó. Múinigh an fháidh ro-naomhtha so dhúinn gur chóir do lucht teagaisg an tsoisgéil Dia do ghuidhe go dúthrachtach lena mbéil agus lena gcroidhtheacha do ghlanadh ar ttús le caortha móra do theinidh na carthannacht; agus is í an chomhairle chédna do-bheir an t-easbal Pól do gach aon díobh, 1 ad Cor. 9, v.27: Castigo corpus meum et in servitutem redigo, ne forte, cum aliis praedicaverim, ipse reporbus efficiar. Do réir buan-choimhéid agus béiloidis d'fhulaing an fháidh ro-naomhtha so bás ag cosaint na fírinne do chuir Dia ann a bhél, óir do órdaigh an rígh mallaighthe Manasses a ghearradh agus a theasgadh le sáa maide, le bárr pionúis do thabhairt dó. Tráchtaigh an t-apsdal Pól ar an mbás so, dobhí daor-luaigh do láthair Dé, ann a eipisdil dochum na nEabhraighach, cap.11, v.37: Lapidati sunt, secti sunt, tentati sunt, in occisione gladii mortui sunt, etc., .i. do clochadh, do gearradh, agus do marbhadh le faobhar cloidhimh iad, etcetera. Moltar go mór an fháidh so fós le hughdar Leabhair Ecclesiast. roimh Phól Apsdal; agus níorbh iongnadh sin, óir is iomdha míorbhuile móra do-rinne sé ann 'aimsir, mur is follus do gach aon léighfios an ceathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh.
CAIB. LXXXII TRÁCHTA ATHGHEARR AR AN FHÁIDH IEREMIAS ANNSO A.M. 3375, Ante Christum 629, agus 40 bliadhain dobhí ag fáistine. Ba duine ro-naomhtha an fháidh Ieremias, óir do naomhadh é ar tteacht as bruinn a mháthar dhó. Do thoisaigh ar a bheith a' teagasg i n-aois a chúig mbliadhan décc. Dothug Dia réimhfhios iomlán dó ar na huilc dobhí re teacht ar na Iudaighibh; agus ní raibh aon dona fáidhibh is follusaigh agus is neartmhuira d'innis agus do theagaisg do chách ná é, do réir mur is follus as an Leabhar Eólchuire ro sgríobh sé. Óir, mur bhí féin lán do mhaoith chroidhe agus do dhólás fón lén-sgrios dobhí re teacht ar a thír dhúthchais, bá gnáthach leis trácht ar chorthaibh agus pheacaidhibh cháich, agus go speisialta ar pheacaighibh na n-uasal agus na n-árd-cheann, dob ádhbhar dona huilc dobhí ag teacht orra; agus do bhíodh do ghnáth dhá dteagasg le briathra borba bogracha do tharraing fuath, falltanus, agus mí-ghnaoi na méirleach mí-bhésacha sin air; agus do bhí a miosgas agus a mí-mhéin comh mór sin nach
léigidís sgís ná comhnuidhe dhó gan einghreim nó persecution do bheith air. Gidh eadh, dobhí-san comh cródha agus sin ag seirbhís don fhír-Dhia nacharbh fhéidir le hanneart a mailíse cosg ná toirmeasg do chur air gan a bheith do shíor agá n-imdheargadh tréna bpeacaidhibh a n-aghaidh an Tiagharna, ionnus gur fhuiling é féin a bheith dhá chéusadh agus dá phianadh ar son an Tiaghearna dar shearbhfhoghantaigh dílis é; agus ní raibh uair ba tréine do labhradh 'na n-aghaidh ná an uair is mó do mhothaidheadh iad ar tí uilc agus urchóide do dhénamh dhó. Fá dheóidh do chogair na prionnsaighe agus árduaisle an phobuil Iudaigheach eatorra féin a dhíthughadh; agus do-chuadar mur a raibh an rígh Sédecias, agus d'iarradar cead air Ieremias do theilgion i bpoll dhomhuin lábáin gan uisge; agus níor lamh an rígh beag-bhríghach sin a ndiúltadh; agus do thelgiodar isan bpoll sin é, áit ann a bhfuigheadh bás go luath muna mbeith go ttáinicc oifigeach do láthair an rígh, agus go ttug iomardagh imdheargthach dhó um an fheall ghráineamhuil sin do dhénamh ar naomh-fháidh an Tiaghearna. Agus arna chlos don rígh adubhairt leis a tharraing as an bpoll; agus tug caomhna 'na fhochair féin dó ó sin amach d'aimhdheóin a lucht aimhleasa. Adeir S. Ieróm gurab iongnadh an chródhacht agus an naomh-dhánacht lér sheas Ieremias a n-aghaidh mhailíse agus anchumhachta áird-chinn na
críche go hiomlán 'na uatha agus 'na aonar; gidh eadh, adeir arís nach neart daonna do threisigh é, acht neart agus uile-chumhacht Dé do ghabh cúram ann, do gheall dó (mur léighthear i ttús a leabhair) go mbeith 'na cholamhuin iarnaidhe agus 'na bhall práis dá chaomhnadh do ghrés. Agus adeir S. Cyprian, gidh gur féidir an tí agá mbí grádh agus eagla Dé go mharbhadh, nach féidir, gidh eadh, a chlaoi go bráth. CAIB. LXXXIII AN FHÁIDH BARUCH Gé gur mhór oirdheirc an tí Baruch do réir gheineamhna, ba mó go mór agus ba hoirdheirce do réir na subháilceadh é. Óir, iar ttréigin poimpe agus mórdhacht dímhaoin an tsaoghail dó, níor iarr do chathréim acht a bheith 'na dhiosciobal ag Ieremias an fháidh, óir is é dobhí 'na sgríbhneóir agus 'na fhear secréide aige; agus an uair dobhí a mhaighistir Ieremias i bpríosún, dobhíodh do ghnáth ag athfhriotal a bhriathra bogracha i láthair phrionnsaidhe agus ard-uaisle na Iudaightheach maille le naomh-dhánacht, gan uamhan gan imeagla, mur do dhénfadh Ieremias féin. Níl
sochair ná seirbhís dár fhéd nach dearnaidh dhó is gach am, agus go háirighthe an tan dobhíodh dá fholach féin agus dá chaomhna ar einghrim agus ar mhailís a námhad, dobhí ro-líonmhur. Ar mbeith dhó seal fada mur sin fó bhuaidhreadh agus fó dhólás, dobhí dhá shárughadh, ionnus gurbh óbair dó tuitim i n-édóchus, go ndubhairt: “Mairg dhamh;” ar sé,” créd, a Dhé, fá gcuirir buaidhreadh ar buaidhreadh agus dólás ar dólás gan sgís orum?” Gidh eadh, ní cían go ttug Dia le teagasg Ieremias sólás agus mísneach dhó, ag rádh ris nár cheart dó sólás d'iarraidh dhó féin an tan dobhí a choimhthíorthachaibh uile i mbuaidhreadh agus i ndólás, lán d'aindeise agus d'ainaoibhnios. “Agus nach measann tú,” ar sé, “gur mór an sólás duit Dia bheith id fhochair is gach aon-ionad i mbír do ghnáth?” Iar sin níor sgar le Ieremias an feadh mhair; agus tar eis a bháis fós dobhíodh do ghnáth ag teagasg an phobail agus ag tabhairt misnigh dáibh i n-aghaidh na gcathaighibh dobhí orra, agus le humhlacht mhóir ag guidhe Dé ar a son, nó gur chríochnaigh fá dheóidh a bheatha. Dobhí ó thús go deireadh buadha buan-sheasmhach isna subháilceadha go bhfuil anois a' fagháil a thuarusdail i bhflaithios.
CAIB. LXXXIV DON FHÁIDH EZECHIEL Dobhí an fháidh Ezechiel dá bhliadhain agus dá fhithchiod ag dénamh fáistine nó ag fáidhedóracht, agus dobhí sé aen-bhliadhain décc dhíobh sin i gcomhaimsir le Ieremias dobhí don tsliocht chédna. Dotugadh Ezechiel mar aon ris an rígh Iechonias i mbroid go Babilón (agus ba hé sin cédbhroid Babilónda na Iudaigheach); agus dobhíodh ag teagasg na Iudaigheach do ghnáth isan tír eachtair-chineólta sin. Dofuair sé o Dhia mórán do thaisbéntaigh diamhair-rúnda dobhíodh dorcha dothuigse. ionnus go raibh toirmeasg ar gach aon dona Iudaighibh anallód gan tús ná deireadh leabhair Exechiel do léugadh nó go sáraigheadh tríochadh bliadhain d'aois. Deir na haithreacha naomhtha gur uime d'ordaigh Dia cruas agus fordhorchacht na bhfáisdine so Ezechiel do bhrígh gur i mbroid agus i measg pagánacha dobhí isan am ar sgríobh iad, agus nár thoil le Dia go ttuigfeadhdís na neithe diamhra do thaisbéin féin fá fháidh 'na measg, ionnus go ttuigfeadhdís gur riachtanach grása speisialta chum a ttuigsin.
Tá an céd-thaisbénadh dofuair an fháidh so líonta do rúnndiamhraibh, mur bheir Grighóir naomhtha dhá aire; agus dá bhrígh sin ní laibheórad ann so acht ar aen-ní amháin a tuigthear aiste, .i. go gciallaigheann iomadamhlacht na mbeitheadhach agus na gcoimeasg cosmhulachta do-chonnairc baill il-iomdha na hEagailse nach dénann acht aon-chorp amháin, agus a n-aondacht na slabhraidhibh creidigh agus carthannuis idir na baill il-iomdha égcosmhula sin, cuid acu do réir eagna agus tuigse ós cionn na coda eile mur tá an duine ós cionn na mbeathadhach, cuid eile cródha calma neartmhar mur leóghan le fulang ar son Chríost, cuid eile dhíobh do-ní le trosga, le tréighionus agus lé hurnaighthe iodhbairt díobh féinn dá n-ofráil do Dhia (agus is í an ofráil sin ciallaighthear leis an ndamh dobhí imeasg na mbeathadhach réimhráite), cuid eile dhíobh dothéid ar eitiol ós áird mur an iolair le mídhemhnacha agus stuidér grinn-eólach na ndiamhair-rún neamhdha, cuid chreidios agus oibrighios i n-umhlacht agus i simplighacht naomhtha chiallaighios an rotha nó an roithleán dobhíodh ag casadh ann a chéile, do éirghiodh suas agus do thigeadh anuas do réir thola na bpástúirigh do chuir Dia ós a gcionn.
CAIB. lXXXV AN DARA TAISBÉNADH FUAIR EZECHIEL A.M. 3420 “Dothug an Tiaghearna mé,” ar Ezechiel (isan ccaib.37), “ar mhachaire mhór dobhí lom-lán do chnámhaibh do thiormaigh nó dobhí ag críonadh ar an machaire chédna sin, agus adubhairt liom dul fágcuairt i ttimchioll an mhachaire sin (agus do-rinnios mur dubhairt leam), iar sin a rádh ris na cnámhaibh sin dul i gceann a chéile, .i. gach cnáimh ann a ionad dílis féin. Agus ní luaithe adubhairt mé sin as ucht Dé ná do-rinneadh amhlaidh, óir i n-alt na huaire sin, ar ndénamh torainn nó trom-phlésg mór ann a ngluasacht dáibh, do-chuaidh gach cnáimh dhíobh ann a ionad dílis féin, agus do cheangladar le féitheacha, le cuisleana agus le scannáin dá chéile, gach cnáimh dhíobh ann a alt féin, agus iar sin táinicc feóil agus croicinn orra, ionnus go ndearnadh cuirp iomlána dhíobh gan ní ar bith d'easbhaidh orra acht spioraid bheatha.” Iar sin le hordúghadh nuadh ó Dhia do-rinne an fháidh toghairm ar ghaothaibh na gceithre n-árd, agus leis sin dotháinicc an spiorad do bheóaidh an céd-duine
isna cuirp mharbha sin, agus d'éirghidar beó uile ar a gcosaibh. Agus sin solas nó réimh-thaisbénadh dothug Dia don fháidh so ar eiséirghe an lae bhrátha. Agus an ní so do-chonnairc an fhaídh go rúndiamhrach, chífidh gach aon dá ttáinic beó ar an tsaoghal dá choimhlíonadh go foirmiollach follasach i lá an bhreitheamhnuis ndéighionaigh é, óir níl truaill cholna dár chuir Dia spiorad bheatha daonna ann nach éireóchaidh ar aon-láthair an lá úd. Cuiridh fós an aisling so i gcéill dúinn nach bhfuil peacach ar an tsaoghal-sa, dá fhad nó dhá mhéd dá seargann nó dhá gcríonann i mbás na coire, nach féidir le Dia an uair is mian leis d'athbheódhadh go beatha na ngrás agus a tharraing as neimhní na bpeacadh. CAIB. LXXXVI TRÁCHTA ATHGHEARR AR AN FHÁIDH DANIEL A.M. 3398, ante Christum 606 Dobhí an fháidh Daniel ro-uasal, ní headh amháin do réir na ngníomh mór agus na míorbhuilibh do-rinne sé, acht dobhí amhlaidh do réir
geineamhna, óir is do shliocht na bprionnsaidhibh Iudaigheach dobhí sé. Agus tug Nabuchadonosar go hóg i mbroid na Babilóine leis é, an chéd-uair tháinicc sé go Ierusalem, .i. isan gceathramhadh bliadhain dá fhlaithios, an uair thug an rígh Ioachim i mbroid leis, agus is ón am sin háirmhithear an 70 bliadhain dobhí na Iudaighibh i mbroid na Babilóine, mur do réimhinnis Daniel dóibh. Dobhí Daniel ar feadh aimsire a bhroide ag congbháil dlighe Dé go caoin-dúthrachtach, agus tar cheann nach raibh acht óg ar ndul don Bhabilóin ar ttús dó, níorbh áil leis ní ar bith do dhénamh acht do reír an dhlighe dhiadha, óir níor aontaigh blas don bhiadh thoirmiosgaigh do ordaigheadh an rígh do thabhairt dó gach tráth óna bhórd. Agus dobhí triúr eile don uasal-chloinn Iudaigheach i bhfochair Dhániel, .i. Sidrach, Misach agus Abdenago, darbho hanmanna ar ttús Ananias, Misael agus Asarias. Agus dobhí maor freasdail ós a gcionn sin ag Nabachodonosor darbh ainm Malazar, agus d'iarr Daniel air sin an bia ríoghdha do chongbháil dó féin, agus biadh troisge, .i. glasracha gáirdín agus a samhail sin, do thabhairt dáibh féin. “Dá ndénainn-si sin,” ar Malasar, “dob eagail damh bás d'imirt orum dá bhfaiceadh an rígh sibh-se i n-anchruth le heasbaidh na hoileamhna agus na beatha maithe ordaighios féin óna bhórd gach tráth dhíbh.”
“Máseadh,” ar Daniel, “iarruim d'athchuinge ort, fromhaigh agus dearbh do sheirbhísiochaibh.” Agus iarna dhénamh sin ar feadh dheich laithibh dhó do-chonnairc go raibh a n-aighthe agus gnúis gach aoin acu níos áille, níos bláithe agus níosa bhreághdha ná mur bhí ag dream eile dobhíodh do ghnáth gan déisdion ag ithe do bhia an rígh féin. Leis sin do chuir Dia i gcéill mur thaithnighas an tréighionas ris, agus nach é an bia amháin a bhheathaidhios cách acht an rath agus an bheannacht chuirios Dia air. Is grod dá éis sin gur thionnsgain Dia cliú oirdheirc na fáidhe so do chur ós aird, mur do-rinne roimhe sin aimsir imchian le Ióseph isan Égipt .i. le míniughadh aislinge an rígh; agus do-rinne Daniel annso ní ba mó go mór ná do-rinne Ióseph, óir ní headh amháin gur fhoillsigh ciall na haislinge, acht d'innis an aisling féin do rígh agus dá theaghlach. Ag so mur do-rinne: Do chuir Nabuchadonosar cruinniughadh, gidh gur dhíomhaoin dó, ar dhraoithe, ar lucht feasa, ar nélladóiraigh nó ar astralógaidh agus ar aos eagna a ríghachta go hiomlán, le fios aisling do chuir imnígh agus buaidhreadh mór air d'fhagháil uatha, agus níor leór leis ciall na haislinge d'fhagháil acht muna n-innseadh dhó créd an aisling do-chonnairc. Agus is é freagra d'aithiosg aein-fhir thugadar dhó
nárbh fhéidir d'aon-neoch fán domhan an fios sin d'fhagháil. Is annsin dothug an rígh breitheamhnas báis orra uile. An uair do-chualaidh Daniel an breitheamhnus tiaránta sin tugadh ar an aos eagna, agus go raibh a cháirdibh agus a aos gráidh arna n-áireamh ar an dream sin, d'iarr cáirde gan a chur a ngníomh nó go nguidheadh féin, agus na hóg-fhir eile Eabhraigheach d'ainmnighios cheana, an Dia fíre forórdha; agus iar nguidhe Dé go dúthrachtach ar feadh aimsire áirighthe dháibh, tháinicc Dániel i láthair an rígh ag innsin a aislinge agus a céille dhó, agus adubhairt leis: “Do-chonnairc tú, a rígh,” ar sé, “íomháigh adhbhal-mhór go gceann óir uirre, a hucht agus a lámha d'airgiod, a bruinne agus a leasracha do phrás, a cosa d'iarann, a troighthe cuid d'iarann agus cuid do chriaidh; agus féch, do teilgeadh cloch, gan lámha duine dhá diúbhraic, do bhinn sléibhe, do buaileadh ar chosaibh na híomháighe, do bhris agus do-rinne luaithreadh dhi.” Agus adubhairt ris iar sin gur chiallaigh an ceann óir dobhí uirre a fhlaithios-san féin, agus go ttiucfadh flaithios budh táire ná sin 'na dhiaidh do chiallaigh an t-airgiod, agus go ttiucfadh flaithios eile an treas feacht 'na dhiaidh budh táire ná sin fós arna chur i gcéill ris an bprás, agus 'na dhiaidh sin go ttiucfadh flaithios, ciallighthear leis an
iarann agus leis an gcriaidh, do bhrisfadh gach ní roimhe agus dobhéradh buaidh ar an domhan. An uair do-chualaidh Nabuchadonosar na fuighle sin do ghlac iongantus mór, agus dob áill leis adhradh agus túis do losgadh do Dhainiel agus fós iodhbarthacha do dhénamh dhó. Gidh eadh, do dhiúlt Dániel sin do ghlacadh, ag rádh nach aige féin dobhí ceart air sin acht ag an áird-Dhia fíre do thug an fios dó. Agus leis sin do admhaidh Nabuchadonosor gurbh é Dia Dhániel an t-árd-Dhia ós an uile dhéaibh. Annsin tug eireamhnacht agus árd-cheannus faoi féin ar an mBabilóin do Dhaniel, agus tug maighistreacht ós cionn aos eagna na ccríoch go hiomlán dó. Dothug Daniel buidheachus dó, agus d'iarr cead do thabhairt dó bheith 'na fhochair féin; agus dofuair mur athchuinge uaidhe fós maith agus onóir do thabhairt d'Ananias, d'Azarias agus do Mhíseail do chuidigh an Dia fíre do ghuidhe leis an bhfios sin d'fhagháil lér tárthaigheadh iad féin agus aos eagna na críche go hiomlán ar bhás. Dá éis sin (A.M. 3117), do chuir Nabuchadonosar íomháigh adhbhal-mhór óir dá dénamh dhó féin, trí fithchid cúbatt ar uirde agus sé cúbaitt ar leithead innte; agus tug ordughadh do chách uile, agus fós do gach aon i bpéin bháis, a hadhradh mur Dhia. Iar sin táinicc lucht mailíse agus aos aimhlis ag innsin don rígh gur tharcuisnigh na hóig-fhir Eabhraigheach,
dá ttug féin ceannus agus urraim ós cionn lucht na Babilóine, a aithne, agus gur dhiúltsiod foghnamh dá dhéeibh, agus nár dheónaighsiod an íomháigh órdha do chuir sé suad d'adhradh. Do chuir sin fearg mhór ar an rígh. Gidh eadh, níor chuir sin uathbhás ar bith ar na hóig-fhir naomhtha sin, do thaínicc go humhal dá láthair; agus adubhradar do ghuth stuidéreach cheannsaigh leis gurbh fhéidir leis an Dia fíre dá ngéilleadhdís agus dá ttugadís onóir agus adhradh a ttártháil agus a saoradh ar gach pionús agus air gach díoghaltas dár mhian leision d'imirt orra, dá madh toil leis: “Agus má ní sin, nó mur toil leis, ní thiubhram adhradh ná onóir don íomháigh úd ná dona déaibh eile adhrus sibh-se.” Arna chlos sin don rígh d'fhás fraoch agus cuthach feirge air, gur athraigh a ghnúis agus a dhath; agus tug ordúghadh ar an láthair a tteilgion ceanguiltigh i bhfoirnéis lasardha loisgneacha dobhí dá hadhnadh le fada roimhe sin, agus dobhí comh loisgnioch agus sin gur loisg na caortha teineadh d'éirigh aisde an dream do theilg na hóig-fhir naomhtha inte, gur mharbh ar an láthair iad. Is annsin do fíoradh an ní deir an rígh-fháidh, ag rádh go mbíonn Dia do shíor i bhfochair na druinge fhuilingios ar a shon; óir do thaisbéin aingiol do nimh go foirmiollach é féin dá ttártháil ar theas ró-loisgneach na teineadh, gonár fhuiling dí a sliocht ná a lorg do chur ná d'fhágbháil ar
a n-éudach féin, agus nár loisg ní ar bith dhíobh acht na cuibhrigh do cuireadh orra, óir isan am cédna do mhothaighiodar drúcht sáimh-mhilis na ngrás i bhfochair lasrach theineadh ghráidh Dé do bhí arna hadhnadh ann a gcroidhibh, agus do ghoiriodar ar gach crétúir ag iarraidh orra ainm Dé do naomhadh agus d'onórughadh mar aon riú, ag rádh na caintice ro-bheannaighthe .i. Benedicite omnia opera Domini Dominum, etc. Ar bhfaicsin na míorbhuile móire sin don rígh do ghlac uathbhás é agus dob iongantach leis an ní do-chonnairc. Do ghoir orra chuige; agus tángattar aníos as an bhfoirnéis gan comhartha teineadh orra féin ná ar a n-éudach; agus leis sin do chuir forfhógra ar feadh na ríghacht agus bollsaire ag fógradh do gach aon innte adhradh agus onóir do thabhairt do Dhia na n-óg-fhear n-uasal naomhtha sin, óir gurbh é sin an t-árd-Dhia ós na déaibh do-rinne míorbhuilibh móra ann a ríghacht, agus dá bhrígh sin gur mhian leis a n-aithris ós áird, óir go rabhadar éuchtach ro-iongantach, agus go rabhdar fós follasach fírinneach. “Dá réir sin,” ar sé, “is inchreidthe do gach aon go bhfuil an Dia ód uile-chumhachtach, agus go bhfuil a ríghacht nó a fhlaithios gan chrích gan fhoirchionn.” Is mur so nach déntar dochar dona mairtírigh fhuilingios ar son Chríost, acht go loisgear agus go ttreasgartar na ceangail, .i. gach lagar nó ainmhian, dá mbíodh greamaidh dhíobh.
CAIB. LXXXVII NABUCHADONOSAR 'NA BHEATHADHACH BHRÚIDEAMHUIL A.M. 3434 Ar mbeith do Nabuchadonosor ann a shógh agus i gcathréim mhóir tar éis buaidh do bhreith ar an Éigipt agus ar mhórán do chríochaibh eachtarchineólta eile dhó, ní buidheachas dothug don Dia fíre dothug na cumhachtaibh sin dó acht do líon a lán d'uabhair agus d'égcrábhadh ann, lér tharruing fearg na bhflaithios air féin, agus go ndearnaidh Dia díoghaltas air do budh leór mur shompla do gach rígh agus do gach ard-phrionnsa 'na dhiaigh go bráth. Do thaisbéin Dia i n-aisling dhó na pionúis do thionnsgain dó; agus iar n-innsin na haislinge sin do Dhaniel dó, fuair a craobhsgaoileadh uaidhe mur so: “Do-chonnairc tú, a rígh,” ar sé, “crann do bhí, dar leat, comh árd agus go raibh a bhárr ag bualadh an fhlaithis, agus gur sgar a ghéga go foircheann na talmhan, ionnus go raibh fasgadh ag beathadhaigh an mhachaire faoi agus gur áitrighsiod eóin an aidheóir ann a mhór-ghéugaibh dobhí ag umhlúghadh agus ag claonadh chum talmhan le truime agus le hiomadamhlacht na ttortha agus na
nduille n-áluinn d'fhás orra. Tusa féin an crann,” ar Dániel, “agus ciallaigh uirde agus leithiod an chrainn chédna fad agus leithiod na gcumhacht dofuarais ós críochaibh na talmhan. An spiorad faire agus coimhéda do-chonnairc tú ag turling as an bhflaithios adubhairt: “gearthar an crann, acht fágthar a fhrémh slán, agus cengailtgar le hiarann í nó go bhfliuchtar le drúcht nimhe í, agus bíodh arna beathughadh mar aon re beathadhaigh an mhachaire, agus bíodh mur sin ar feadh seacht mbliadhan,” ag sin an breitheamhnus tug an t-áird-Rígh ar mo rígh,” ar sé, “agus is mur so chuirfios i ngníomh é: díbeóraigh Dia thusa as comhluadar na ndaoine, agus béidh tú seacht n-aimsiora, .i. seach mbliadhna, i bhfochair na mbeathadhach mbrúideamhuil amhuil damh ag ithe féir, agus beidh tú ar do fhliuchadh le drúcht nimhe, nó go ttuigidh tú gurab é Rígh nimhe stiúras agus riaghlus ríghthe agus críocha na talmhan, agus gurab aige atá árdughadh nó ísliughadh gach aoin do réir a thola féin.” I gcionn bliadhna dá éis sin dobhí Nabuchadonosor an rígh ag breathnughadh cinn-chathair na gcríoch dobhí an uair sin fóna smacht, .i. Babílon; dobhí ag dénamh iongantais agus uabhair ann a inntinn le méd a saidhbhris (agus) a háille, le gach cóir neirt agus comaoin dár chuir féin uirre; dobhí fós ag áireamh agus ag comhmhaoidheamh a mhór-éucht féin: leis sin i n-alt na huaire do
tháinicc lámh dhíoghaltach Dé go trom air, lér coimhlíonadh gach ní dár réimhinnis Dániel do réir na haislinge réimhráite; agus dobhí i bhfochair na mbeatheadhach mbrúideamhuil ag ithe féir, nó gur fhás a ghruag agus a fholt amhuil cheilteach iolair agus a ingne mur chrobhuibh na n-éun gcosgrach gcíocrach .i. mur chrúbaibh seabhaic nó iolair nó a samhuil sin. Is annsin do thuig Nabuchadonosar a lagar féin agus uile-chumhachta Dé. Iar gcaitheamh sheacht mbliadhna isan gcruaidh-dháil sin, do umhlaigh é féin i láthair Dé, agus iarna ghuidhe go dúthrachtach dhó dofuair aisiog ar a chruth daonna agus fós ar a ríghacht. Is féidir gach ní dhe so a chur i gcosmhulacht leis an bpeacach thréigios cruth álainn na ngrás agus curthar i gcruth na ndeamhan, agus 'na dhiaigh sin lér féidir teacht le haithríghe dochum a chrotha féin arís. CAIB. LXXXVIII DANIEL ARNA THEILGION I N-UAIMH LEÓGHAN A.M.3466 Tar éis báis Nabuchadonosar do ghabh a mhac Euil-Meredach an ríghe, agus mur nach ttráchtar ar a dhálaibh sin laibheóraim beagán ar a mhac
Baltasar, mur dotháinicc críoch a bheatha agus a ríghacht i n-éinfheacht. Feacht n-aon, ar mbeith don rígh so lán d'uabhar agus d'anchumhachta, do-rinne sé fleadh nó féusda mór; agus do chuir toghairm agus tineól ar uaislibh agus ar árd-fhaithibh a ríghacht dochum na fleidhe sin; agus ar mbeith ann a meadhair dháibh níor leór le Baltasar gan naomh-aithis do dhénamh, óir do chuir d'ualach ar a mhuintir na soithidh beannaighthe dothug Nabacadonosar as Ierusalem leis do thabhairt chuige le cuirm agus fíon d'ól asda; agus dobhídar mur sin dá líonadh agus ag ól ón láimh go a chéile as na soithidh beannaighthe nó go raibh cách dhíobh ar meisge eidir fhear agus mhnaoi. Do chuir an masla agus an mí-mhodh sin do thugadar don fhír-Dhia fearg air, gur chinn ar dhíoghaltus do dhénamh ar an láthair sin orra; agus ní cian go bhfacadar lámh ag sgríobhadh na ttrí bhfocal so ar an mballa ós a gcomhair, .i. Mane, Thecel, Phares; agus níor fhéidir leó uile ná le haon-neach fó leith don choimhthinól mhór sin na focail sin do léughadh ná do thuigsin, nó fós le haon do lucht feasa ná eagna na ríghachta a gciall do thuiccsin. Is annsin do chuimhnigh an bhanríghain ar ann fháidh, agus d'innis sí don rígh gach fios iongantach dá ttug uaidhe roimhe sin; agus do chuir an rígh teachta gan mhoill chuige; agus táinicc chugthu
gan fhuireach. Do dhiúlt an fháidh naomhtha so agus do tharcuisnigh sé na tuarusdail mhóra do thairg an rígh dhó ar son diamhair-chiall na bhfocal sin do chraobhsgaoile dhó, agus dubhairt ris, maille re dánacht naomhtha: “A rígh,” ar sé, “ó nár ghlac tusa ceannsughadh ná múnadh as an tsompla do-chonnairc tú leis an díoghaltas do chuir Dia ar anuabhar do sheanathar Nabuchadonosar, tá do bhreitheamhnus féin arna thabhairt leis an áird-Rígh iod h'aghaidh isna trí focail úd, óir ciallaigh an céd-fhocal, .i. Mane, gur áirimh Dia laethaibh do fhlaithis agus go ttáinicc a gcríoch anois; Thecel, do toimhseadh thú is an meidh agus dofríth easbhadhach thú; Phares, do roinneadh do rígheacht agus tugadh dona Mediánchaibh agus dona Persiánchaibh í.” Gidh gurbha holc an fháisdine sin, d'fhuagair an rígh onóir mhór do thabhairt do Dhániel, gus ar gcur róba purpair air agus slabhra óir umá bhrághaid d'iarr ar bhollsaire a fhógra ós áird gurbh é Daniel an treas duine ba mó uachtaránacht isan ríghacht. Gidh eadh, ní cian gur coimhlíonadh ciall na mbriathar réimhráite do réir mur do reímhinnis Dániel. Óir, ar tteacht do Cyrus gona shluagh Mediánach ar aghaidh na Babilóine, dobhí misneach mhór ag lucht na cathrach as neart na mballaighe gonach rabhdar coimhédach mar budh cóir, nó go ttáinicc Cyrus agus dias dá chaiptínigh
'na fhochair go ndeachadar gan fhios don lucht faire trésan gcathraigh, nó go ndeachadar isteach go pálás an rígh agus gur dhícheannadar é an oidhche chédna do réimhinnis Daniel dó. Ag sin sompla do chách go coitchionn le rabha do thabhairt dáibh gan masla do thabhairt dona neithe naomhtha bheanas re Dia. Do ghabh Darius, .i. dearbhbhráthair athar do Chyrus, ríghe na Babilóine iar sin. Agus dothug onóir mhór don fháidh Daniel, óir dob fheas dó gach fáisdine dá ndearnaidh do Nabuchadonosar agus do Bhaltazar, agus do bhrígh gur mheas sé go raibh Dániel líonta do spiorad Dé do chinn sé ar árd-cheannus a ríghacht faoi féin do thabhairt dó. Do tharraing sin mioscus, mí-rún agus iomthnúth na n-árd-phrionnsaighe eile dobhí i bhfochair an rígh air, agus mur nárbh fhéidir leó coir ar bith do chur air do bhrígh gurbhá ro-naomhtha a bheatha, d'iarradar ar an rígh furfhógra do chur ar feadh a ríghacht ar gach aon-neoch dá ríghacht, i bpéin bháis ar an láthair, gan dia ar bith do ghuidhe ar feadh thríochad lá acht é féin amháin. Do dheónaigh an rígh sin, gidh gur mhallaighthe an dlighe le denamh ná le coimhlíonadh é. Agus ní raibh d'ádhbhar acu lena iarraidh acht le hádhbhar báis d'ullmhughadh do Dhániel, óir do bhí fhios acu nach ttréigfadh an fíor-Dhia le é féin do shaoradh ar bhás corpardha. Agus ní raibh aon don ríghacht nár ghéill don dlighe
aindlightheach acht é amháin; agus dobhídar a naimhde ag furfhaire fair, nó go bhfacadar go bhfosgladh fó thrí go laetheamhuil an fhuinneóg dobhí ar a sheomra ar an taobh sin agus go ttugadh aghaidh ar Ierusalem ag adhradh an fhír-Dhia. Leis sin tángadar d'ionnsaighe an rígh, agus d'innsiodar go casaoideach dhó nárbh áil le Daniel géilleadh dhá dhlighe, agus dá bhrígh sin gur trétúrach é. An uair do-chualaidh an rígh sin dobhí fearg mhór air ris féin, agus mur dobhí grádh agus meas mór aige ar Dhaniel dobhí ag dénamh díthchill ag iarraidh a shaoradh. Gídh eadh, níorbh áil lena naimhde sin acht a theilgion, do réir chánach an dlighe, i n-uaimh na leóghan. Mur ba treise le laige agus le neamh-fhoirfeacht an rígh sin ná leis an mian dobhí aige le Daniel do shaoradh ar bhás, do dheónaigh fá dheóidh an naomh-fháidh do theilgion i n-uaimh na leóghan. Acht ní luaithe do teilgeadh síos é ná do chuir sé féin séla ar an gcloich dhúnta dobhí ar an uaimh, d'eagla go ttiucfadh do mhailís a naimhde go muirfidís é dá mbeith gan treasguirt ó na leóghain. Agus ní luaithe d'éirigh an lá arna mhárach ná do-chuaidh ar bhruach na huamha, agus dofuair Daniel beó gan díth, gan díghbháil. Do ghalc an uiriod iongantais um na míorbhuile sin é, iar ttabhairt Dhaniel iníos dó, gur aithnidh a naimhde nó an lucht aimhlis dobhí ar a thí
do theilgion isan uaimh chédna; agus níorbh ionann dáil dáibh agus do Dhaniel, óir nísa luaithe ná rángadar dul go talamh níor fhág na leóghain ball dá mballaibh re chéile gan bhlodhadh gan mhion-ghearradh. Annsin dothug Daniel glóir agus moladh do Dhia mur do dhruid craois na leóghann agus nár léig dhóibh díghbháil do dhénamh dhó. CAIB. LXXXIX AISLING DHÁNIEL A.M. 3449, ante Christum 555 Dothug Daniel reímhfhios uaidhe ar rúndiamhraibh an chreididh leis na neithe móra do bhí re teacht do shíneadh agus do cheapadh comh cinnte sin ris an aimsir a rabhdar le teacht, agus do chuir gach fíreinne dhíobh comh soléir agus sin i gcéill, gur mó is iontsamhla re startheóir ar dhálaibh na haimsire do-chuaidh roimhe ná re fáidh é. Ar mbeith don fháidh so ar a leabaidh do-chonnairc ceithre beathadhaigh a' teacht aníos as an aigén dobhí arna bhuaidhreadh agus arna choimeasg ris na ceithre gaothaibh, agus ba héagsamhail dá chéile na ceithre beathadhaigh sin.
Óir bá samhuil do leóghan an céd-bheathadhach dhíobh, agus sgíatháin iolair air; ba samhuil do bheithir an dara beithadhach, agus trí dhéd fiacal ann a chraos; an treas beathadhach ar chumadh liopaird, ceithre cinn agus ceithre sgiatháin eóin air. Dob uathbhásaigh an ceathramhadh beathadhach ná iad sin uile, óir dobhí sé ro-neartmhur; do bhí fiacla móra iarnaidhe aige; do threasgair sé lena chosaibh, agus do bhris i mblodhaibh beaga, agus do shluig an chuid eile; agus dobhádar deich n-adharca air, agus tháinicc adharc amach as a lár sin agá raibh súile daonna agus bél do labhair mórán do neithe móra. Iar bhfaicsin na haislinge sin do fháidh do ghlac uamhan mór agus uathbhás é. Acht féch, ní cian dá éis sin go bhfacaidh Dia ann a ghlóir go n-uimhir dhó-áirmhidh do spioradaibh naomhtha 'na fhochair, agus d'fhiafraigh d'aon díobh créd do chiallaigh na beathadhaigh sin. Agus do fhreagair an spiorad é, agus adubhairt gurbh iad sin na ceithre flaithis thalmhuidhe. Agus d'fhiafraidh dhe arís go speisialta créd do chiallaigh an ceathramhadh beathadhach, do bhrígh go raibh ní ba huathbhásaigh go mór ná an chuid eile. Do fhreagair an spiorad arís, agus adubhairt: “Sin an ceathramhadh flaithios,” ar sé, “bhias níos chumhachtaibh ná aen-fhlaithios dá ttáinicc roimhe iriamh, bhéuraidh buaidh ar ríghachtaibh na talmhan uile, trasgóraidh agus brisfidh fóna
chosaibh uile iad. Tiucfaidh rígh eile 'na dhiaidh sin bhés níos cumhachtaigh agus níos treise ná sin, laibheórus mórán do bhriathraibh borba a n-aghaidh an tí is ro-áirde; treasgóraiodh fíréin an Tiagharna fóna chosaibh; measfaidh sé an dlighe diadha d'athrughadh go hiomlán; béidh buaidh agus neart aige ar na fíréin aimsir, aimsioraibh, agus leath aimsire, .i. ar feadh trí mbliadhan go leith. (Tá na briathra cédna so ag Eóin suibhisgél i Leabhar na tTaisbéntaibh.) CAIB. XC GEANMNAIGHACHT SHUSANNA Adeir Seuerus Sulpitius agus Ignatius nach raibh Daniel acht i n-aois a dhá bhliadhan décc an uair do shaor Susana ar bhás aindlightheach, mur aithristear annso. Dá bhrígh sin ba luaithe leis an stair so ná leis an gcuid eile d'fheartaibh Dhániel ar ar thráchtamar roimhe so. Ba hinghean do Elcias Susanna, agus dobhí sí pósda ag Ioachim. Dofuair sí as a hóige múnadh maith agus deagh-bhésadh do theagasg dí, agus do shealbhaigh go foirfe iad. Ar mbeith dhí do bhithin a geanmnaigheachta fó chion agus fó chlú mhór, dobhí dias seanóirigh dar chóir a cosaint
ag brat ar a truailliughadh. Dothigeadh an dias sin dá breathnughadh go minicc dochum a tighe; agus fá dheóidh do lasadar go hinmheadhónach le grís ghráidh mhí-gheanmnaigh don óg-mhnaoi shubháilcigh sin, acht dothug náire orra an grádh nó an mianghus brúideamhuil sin do cheilt ar feadh aimsire éigin, agus dobhí ar ttús sgáth orra um a rúin d'aithris dá chéile; acht fá dheóidh, do nochtadar a rún agus a mí-rún dá chéile, agus do chomhairlighdar le chéile a héigniughadh isan am a mbeith sí dá fothragadh agus dá nighe féin ann a gáirdín. Agus ar mbeith dhóibh i bhfolach isan ghárdha thaínicc Susanna gona hinniltaibh gusan tiobraid dobhí ann. Agus ar gcur na n-innilt uaithe i tteachtuireacht dí, do mheas na seanóirigh maillighthe sin nárbh fhéidir dhóibh choidhche uain dob fhearr ná sin d'fhagháil uirre, agus rithiodar dá hionnsaighe mur bheith an diabhal dá ttiomáin; agus do labhradar léidh, agus do nochtadar a n-anmhian salach dhí, agus dubhradar go bograch borb-bhriathrach léidh acht muna n-umhlaigheadh sí dá n-ainmhian do chur i ngníomh go ttiubhradís a mionna go puiblídhe go bhfuaradar ag dénamh adhaltrannais re hóig-fhear annsan ait sin í. Acht, mur bhí Dia i gcroidhe Shúsanna, adubhairt riú go dólásach dérach nach dénfadh gníomh comh graíneamhuil sin, agus go madh fearr léidh go mór bás corpardha d'fhulang i mí-chliú shaoghalta
ná a hanam do thruailliughadh agus fearg do chur ar Dhia. Leis sin d'fhosgail na seanóirigh dorus an gháirdín, agus d'fhuagradar os áird do gach aon go rugadar ar Shusanna ag dénamh adhaltrannais le hóig-fhear, agus iarna ghabháil dáibh gur scinn go foiréigneach as a lámhaibh, do bhrígh gur luaithe agus gur láidire é iná iad féin, agus d'iarradar Susanna do thabhairt arna mhárach dá láthair féin go ndénamh breitheamhnus uirre. Dobhí gáir ghola agus chaointe i tteaghlach Shusanna arna chlos ann go raibh sí dhá ciontughadh i gcoir comh gráineamhuil sin. Do tugadh an neamh-chiontach naomhtha dochum breitheamhnuis i láthair na seanór gcéadna; agus ar tteacht do láthair dí d'iarradar uirre an bréid dobhí ag folach a héudain do thógbháil suas, ionnus go sáiseódís a súilibh mailísiocha le hamharc a sgéimhe. Is annsin do thóig Susanna suas a súile chum na bhflaithios ag iarraidh cabhrach ar Dhia, agus d'iarr go hárd air a neamh-chionta d'fhoillsiughadh agus mailís a lucht aimhleasa do chraobhsgaoileadh, agus adubhairt go bhfoileónadh bás nísa luaithe ná dodhénfadh an choir ghráineamhuil dobhí dhá cur 'na leith. Acht tar a cheann sin níor stad na seanóirigh salacha sin go ttugadar breith báis uirre. Agus ar mbeith ag dul go hionad a céusda re
clocha dhí, do labhair Dia i mbél Dhaniel nach raibh an uair sin acht a n-aois dhá bhliadhan décc, agus do sgread go hárd i lár an chruinnighthe mhóir dobhí a láthair, ag rádh: “Is ionnraic mé ar an fhuil neamh-chiontaigh atá sibh ar tí dhórtadh go haindlightheach.” Agus gé go raibh 'na aonar imeasg an chomhthinóil mhór sin dobhí uile arna ttarruing le húghdarrás na seanór mailíseach mí-rúnach sin, níor ghlac sgáth ná eagla é umá gcoir do chraobhsgaoileadh, óir dob fhearr leis, mur deir S. Bernard, meas díchéille agus mí-thábhacht do bheith ag na daoinibh air ná fearg do chur ar Dhia le ceilt na fírinne. Agus mur thug Dia an dánacht naomhtha sin dó, dothug buaidh mur an gcéadna a n-aghaidh na n-andlightheacha sin dó; óir do labhair comh eagnaithe, comh dána agus comh dásachtach agus sin gur thuilliodar ar a n-ais, gus gur chuiriodar fó athbhreatheamhnus an cime nó an bhráighe arís, agus dofríth ise neamh-chiontach, agus do crutghaigheadh go follasach mailís, miosgas agus brúideamhlcht dhrúisi na mbreatheamhan gor tugadh an breitheamhnus cédna 'na n-aghaidh, .i. a gclochadh chum báis mur thionsgainsiod féin do Shusanna. Annsin tug Susanna buidheachus agus altughadh do Dhia, ní fána saoradh ó bhás, mur deir S. Ieróm, acht ar son an neirt dofuair le seasadh a
n-aghaidh a gcathaighthe, agus mur do-rinne an mhíorbhuile mhór sin ag conamh a fíréntacht agus a neamh-chionta. Scáthán subháilce don chinél bhanda an bhean so, agus adhbhar náire agus cumasg meanman don chinel fearrdha na fir so. Tugadh an dream bhíos i n-uachtaránacht le ceart do mhionastrálacht do chách oile dá n-aire mur ní Dia a n-égceart agus a n-aindlighe do dhíoghail orra, agus mur ndénaidh é ar an tsaoghal so go ndénfaidh le pionúis shíorruidhe isan tsaoghal eile é. CAIB. XCI DÁLA DHANIEL LE HÍODHAL BÉIL AGUS LEIS AN DRAGÚN Dofríth an stair síos i mír ar leith imeasg sgríbhneóiracht Dhániel, agus ní hé Cyrus an rígh ar a ttráchtar innte, óir níor adhair dragún agus ní raibh comh leamh ná comh díthchéilligh ris an rígh so, .i. Euil-Merodach dobhí ann A.M. 3442, agus dobhí Daniel timchioll 56 bhliadhain d'aois. Dob é Belus bhí 'na íodhal-dhia ag na Babilóinigh, agus dobhí teampall aige ann. Do-nídís ofrálacha móra go laoitheamhuil dó, .i. móráin plúir, dhá fhithchiod molt ramhar agus
mórán fíona. Dothigeadh sagairt an íodhail gach oidhche tré dhoras téltaigh dobhí faoi thalamh acu, agus iar ngoid an bhídh dháibh do chuireadhdís i gcéill do chách gurbh é an dia Bél ro itheadh é. Tug díth céille ar chách go coitchionn gur chreidiodar an bhrécc sin gidh gurbh égcosmhuil re fírinne í, agus fear mur chách do chreid an rígh féin í. Isan am cédna d'iarr an rígh ar Daniel foghnamh agus adhradh do dhénamh do Bhél. Adubhairt Daniel nach dénfadh féin sin acht don Dia bheó. Dob iongnadh mór leis an rígh nár chreid Daniel go raibh Bélus beó, óir go n-itheadh il-iomad bídh agus go n-ibheadh mórán fíona gach aon-lá. Annsin do chinn Dániel ar an bhfírinne do nochtadh, agus dubhairt: “Dén-sa mo chomhuirle a rígh,” ar sé, “agus rachad-sa leat um thráthnóna isan teampall isan am a bhfágfaid cách an bia.” Agus ar ndul annsin dóibh do chroith Daniel luaithreadh nó gaineamh mín ar an urlár i bhfiadhnuisi an rígh, agus do chuiriodar glas agus séla ar an ndorus. Agus iar tteacht dáibh arna mhárach ní bhfuaradar an bia ar an altóir. Annsin adubhairt an rígh go dásachtach re Dániel: “Féch gur dia beó Bél,” ar sé, “óir gur ith an bia agus gur ibh an fíon.” “Foighid, a rígh,” ar Daniel, “agus féch ar an urlár.”
Agus do thaisbéin lorg na bhfear, na mban agus na ngárlach do ghoid an bia dhó, agus do threóraigh na luirg sin iad gusan dorus tré ngoididís na sagairt agus muintir an bia leó. An uair do-chonnairc an rígh mailís na saobh-shagart sin do chuir dá marbhadh uile iad, do bhlodhaidh fós an t-íodhal, agus do bhris a theampall. A haithle sin do tharla do dhragún mhór a bheith ag tathaigh i ttimchiol na cathrach cédna sin; agus do ghlacadar 'na dhía leis; agus dob áil leis an rígh go nglacfadh Daniel amhuil cháich eile leis do bhrígh go raibh sé beó. Adubhairt Daniel dá ttugadh a thoil dó go ttiubhradh féin bás don bhrég-dhia sin. Ro aontaigh an rígh dhó. Ann sin do-rinne Daniel meall taois; do choimisg gréis agus gruag nó fionna ann; agus tug don dragún rena ithe é. Agus ní luaithe do shluig ná do thuit marbh ar an láthair. Do tharraing sin fuath agus miosgas cháich go hiomlán air, go ttáinicc lucht na cathrach do láthair an rígh ag casaoid agus ag cur chortha air, ag rádh gurbh námhaid bhunaidh dhá ndéaibh é; agus am uair do thuigiodar nár mhian ris an rígh Daniel do bhásughadh do-rinneadar bogar borb air, agus dubhradar gurbha Iudaigheach é féin, agus muna mbeith amhlaidh nach beith báidh comh mór sin aige re námhaid a ndéaibh féin. Leis sin, iar nglacadh meatacht don mhaoth-rígh sin,
do aontaigh dháibh Daniel do theilgion i n-uaimh na leóghan. Agus iarna dhénamh sin dáibh do thoirmisgiodar bia ar bith do thabhart dona leóghain ar feadh sheacht lá ionnus go ttiubhradh gorta orra a chosgairt gan amhrus. Gidh eadh, níor thréig Dia eision; óir do chuir aingiol do nimh dá thártháil ar chraos na leómhan gcíocrach sin. Níor leór leis an Dia ttrócuireach sin, acht do chuir bia chuige. Dobhí san am sin duine naomhtha san Iudea dobhí 'na fháidh ag an Tiaghearna; agus ar mbeith dhó sin ag dul re bía dochum meithle dobhí ag gearradh guirt aige, adubhairt Dia leis an bia sin do thabhairt go Babilón d'ionnsaighe Dhaniel dobhí i n-uaimh na leóghan ann. Do fhreagair Abacuc agus adubhairt nach raibh eólus aige go Babilón agus nach raibh fios aige cáit a raibh sí. Annsin dorug aingiol grim ar fholt air, agus d'fhuadaigh i n-aon-mhómeint leis é go bruach na huamha leóghanda i raibh Daniel. Agus tug an bía do Dhániel. Tug Daniel buidheachais mór do Dhia um an míorbhuile sin. I gceann na seacht lá dotháinicc an rígh a' dénamh dólás fó Dhániel go bruach na huamha; agus an uair do shíl go raibh le fada roimhe sin arna chosgairt ag na leóghain dofuair slán beódha é; agus do ghlac lúthghaíre mór uime sin é; agus iarna tharruing aníos dó, do ordaigh an lucht aimhlis bá ciontach lena chur innte do theilgion
ann a ionad. Agus ba luaithe leis na leóghain dá strócadh 'na mblodhaibh as a chéile ná leósan ag dul chum talmhan. Adeir na haithreacha naomhtha dá ttugthaigh an breitheamhnus céadna so ar lucht na mbrécc agus an aimhlis go mbeith an domhan glan uatha. CAIB. XCII DONA FÁIDHIBH BEAGA GO HATHGHEARR ANNSO SÍOS Mar aon leis na ceithre fáidhibh mór ar ar labhramur thuas (agus le Baruch tá arna ghreamughadh do Ieremías), tug Dia dá Eagluis dhá fháidh dhécc eile dá ngoirthear na fáidhibh beaga; agus is uime goirthear fáidhibh beaga dhíobh, do bhrígh gur lugha geibhthear do sgríbhneóireacht ar a sliocht ná ar shliocht an cheathrair eile, .i. Isaias, Ieremias, Ezechiel, Daniel. Ceithre chéd bliadhain dobhádar ann, agus dobhíodh cuid díobh ar feadh aimsire faide, .i. ar feadh saoghail, ag teagasg cháich gan sgís. Agus so a n-anmanna, ní do réir uird na haimsire nó do réir a n-aoise acht do réir mur curthear síos isin mBíobla iad: Dobhí Ozeas ag déanamh fáisdine i n-aimsir an dara Ieroboam rígh Israél. Ní mór nach raibh ag teagasg ar feadh chéd bliadhain, ar ttosughadh dhó 825 bhliadhain roimh Chríosd.
Ní curthar síos aimsir Ioel acht is inmheasda gurbh fhear comhaimsir d'Ozée, .i. timchioll 800 bliadhan roimh Chríosd. Dobhí Amos ag fáidhedeóiracht i n-aimsir Iosia rí Iuda, timchioll 780 mbliadhna roimh Chríosd. Measaid lucht an naomhsheanchuis gur go dlúth a ndiaidh an trír réimhráite, .i. timchioll 780 bliadhain roimh Chríosd, dobhí Abdias ag teagusg agus ag tarrnguiracht. Do thosaigh Iónas go ro-óg le teagasg agus le tarrnguiracht an tan dobhí Israél dá céusadh go mór le hanneart na Síriánacha i n-aimsir an rígh Ioas, agus do tharrnguir an uair sin go saorfadh mac Ioais, .i. an dar Ieroboam, ón daoirse sin iad, .i. timchioll 825 bliadhain roimh Chríosd, acht dobhí a theachtairacht go cathair Ninue ní ba déighionaigh ná sin, mur bhus follus ar ndiaidh, i n-aimsir Ioathan timchioll 788 bliadhain roimh Chríosd. Agus ní raibh dona fáidhibh aon is glaine agus is follusaigh do tharrngir teacht an tSlánaightheóra ná é. I n-aimsir Ieremias agus Dhániel dobhí Habacuc ann, .i. timchioll 600 bliadhain roimh Chríosd. Aggias 520 bliadhain roimh Chríosd. Is é go sunnradhach thug misneach leis an teampall do athchumhdach i Ierusalem. Agus is annsan am cédna dobhí an fháidh Zacharias ann do tharrngair
go follusach teacht an tSlánaightheóra Íosa Críost. Malachias an fháidh dhéidhionach dhíobh, do tharrngair fós go follasach teacht an tSlánaightheóra, agus ní léighmíd ar aon-fháidh 'na dhiaidh nó go ttáinicc Eóin Baiste. Cuiridh na saothair d'fhág na naoimh sin uile aguinn i gcéill dúinn gurbh é an spiorad cédna do ghluais iad, óir dobhídar ar aon-fhocal agus ar aon-inntinn ag cur toirmisg ar na peacaidhibh agus ag fáisdine gheineamhna agus chompeirthe an tSlánaightheóra Iosa Críost, ní chruthaighios a dhiadhacht, óir dotháinicc sé do réir mur do chuir sí i mbél na bhfáidhibh lena fhoillsiughadh, do bhrígh gur do réir a thola féin dotháinicc chugainn, agus níl ní ar bith is fearr lé gruthaighthear an diadhacht ná le réimhinnsin na neithe saora neamh-éigiontach bhíos re teacht. Mur adubhairt aon dona fáidhibh ag tabhairt aithise do íodhal: “Tabhair fios dúinn ar na neithibh atá re teacht, agus géillfiom dhuit.” CAIB. XCIII IÓNUS ARNA SHLUGADH RE MÍOL MÓR An tan do-chonnairc Dia go raibh lucht cathrach Ninue líonta do mhí-bhésaibh agus do pheacaidhibh gráineamhla, do chuir aithne ar an fháidh Iónas dul
dá n-ionnsaighe agus a innsin go sgriosfadh féin an chathair sin cona háitigheóiraigh gan mhaill; agus i n-ionad sin do dhénamh don fháidh do-chuaidh i loing le teitheadh go Tharse. Gidh eadh, do chuir Dia i gcéill dó nach raibh tearmann ag aon re teitheadh óna amharc ná óna chumhacht féin. Do thóig sé stoirm ar an bhfairge, lérbh éigion dona mairnélaigh na hearraidhibh dobhí san luing do theilgion amach isan bhfairge. Is annsin d'aithin Iónas a choir féin, agus do-chuaidh síos go hiachtar na luinge, áit ar thuit 'na dhodladh; agus is dólás dob ádhbhar don chodladh sin i lár na contabhairte ann a raibh. Íar sin do mhúsgail lucht na luinge é; agus do chuiriodar crannchuir ar an bhfoirinn go hiomlán, óir do mheasadar go raibh neoch coirpe eigín isan luing do tharraing fear na bhflaithios orra; agus do thuit an crannchur ar Iónas. Annsin adubhairt Iónas gurab air féin dotháinicc an díoghaltas, agus gurab é do thuill ó Dhia an t-olc sin do theacht orra, agus dá bhrígh sin d'iarr orra é féin do theilgion go luath gan déisdion isan bhfairge, mur bhí an chonntabhairt comh mór sin agus gur iarr féin orra gan eagla bheith orra fóna theilgion amach. Do-rinneadar mur d'iarr; agus leis sin do choisg an stoirm; do shocraidh fós agus do shuaimhnigh an fhairge. Iar sin do chuir Dia míoll mór roimh Iónas, do shluig síos ann a chorp é; agus annsin do chan Iónas
cainticc mholta agus bhuidheachuis do Dhia mur do thárthaigh é. Agus dobhí trí hoidhche agus trí lá i gcorp an mhíl mhóir; agus iar sin do aisig as a chraos ar talamh thirim é. Agus ba fighair fhírinneach sin ar eiséirghe an tSlánaightheóra ar an treas lá as broinn na talmhan i gceann ocht gcéd bliadhain dá éis sin. Iar sin do chuir Dia aithne an dara feacht ar Iónas dul go Ninue leis an teachtuireacht chéadna; agus mur do bhlais díoghaltas Dé fóna easumhlacht roimhe, níor lamh gan imtheacht go humhal agus ní do dhénamh nachar ghnáthach leis na fáidhibh eile, .i. teagasg do dhénamh dona Geintíligh. Dobhí cathair Ninue comh mór agus sin an tan do-chuaidh Iónas innte gur mhaith an teasg thrí lá a siubhal. Agus ar mbeith don Iónas ann a lár, do éimh go hard agus d'fhuagair dáibh i ndíoghail a bpeacaidhibh go sgriosfadh Dia i gceann ceathreachad lá í. Agus so réimh-fhighair eile go ndénfadh Críosd an soisgél do theagasg dona Geintíligh. Arna chlos sin do lucht na cathrach chreidiodar (mur nach dénann lucht an égcrábhaiodh aniu) do bhriathraibh na fáidhe, agus gur ó Dhia dotháinicc leis an rogha sin chucu, agus d'umhlaigh an rígh féin dó. Agus do fógradh ar feadh na cathrach do gach óg agus da gach sean dá raibh innte aithríghe do dhénamh le trosgadh, le tréighionas, le saicédaigh agus le luaithreadh do chur orra, iad féin do
bhualadh re lár ar luathreadh, agus gan bia ná deoch do thabhairt do dhuine ná do bheithadhach, agus a bheith mur sin gach sgís gan chomhnuidhe ag guidhe Dé nó go ndénadh trócuire orra. Agus ní dheachaidh sin i n-asgaidh, óir ar bhfaicsin luicht na cathrach móire sin do Dhia ag dénamh aithrighe comh díoghruisioch 'na fhiadhnuise, do-rinne trócuire orra, agus do shaor ó dhíoghaltas an uair sin iad. Mo thruaighe-sa na Críosdaidhthe nach glacann rogha mur so le hiad féin do shaoradh ar na piantaibh síorruidhe! An uair do thuig Iónas go ndearnaidh Dia gairm ar ais ar an mbreitheamhnus díbhfeirgach do thionnsgain dona Ninuítibh, do ghlac uathbhás mór é d'eagla go measfadh lucht na críche sin gurbhá saobh-fháidh é féin, agus d'imghidh sé as an gcathraigh amach; agus do-rinne both bheag dó féin ar an taobh shoir don chathraigh, ionnus go bhfaicfeadh créd an chríoch dothiucfadh ar an gcathraigh. Agus do ghléus Dia pailm scáth nó crann eidhinn d'fhás isan oidhche sin, agus dobhí 'na fholach nó 'na scáth ar a cheann, agus dobhí luthgháire ar Iónas mur do chuir Dia an sgáth sin air. Gidh eadh, ní fada mhair dhó, óir iar n-éirghe gréine arna mhárach do chrinn peisd a fhrémh, gur thuit 'na chipín chríon ar lár, gur fhág Iónas fó theas na gréine mur bhí ó thús. Agus do chuir
sin dólás mór air, gur iarr Dhia bás do thabhairt dó. Annsin dothug Dia sólás dó, ag rádh ris gur mhór an t-adhbhar bróin an chathair mhór sin do sgrios, óir gur mhór an t-éigion lé sgriosfadh í, agus go madh mór an díth a samhuil. “Is mór an dólás atá ort-sa fá mur do chríon an chraobh sgáith d'fhás gan congnamh ná saothar ar bith uait féin, agus mur d'fhás a n-aon-lá do chríon mur an gcédna. Agus créd nach goillfeadh cathair Ninue orum-sa, áit i bhfuil sé fithchid míle pearsa nach ttaínicc go fóill i n-aois le heidirdhealbhadh idir mhaith agus olc do dhénamh?” (Críoch ar na Fáidhibh annso) (Leanaidh na Macabéibh) CAIB. XCIV DÁLA NA MACABÉIBH NÓ NA N-ASAMÓINIGH A.M. 3828 Do-ghébhaidh gach duine lér mian an chuimre ro sgríobhas ar fhlaithiosaibh na hAsia do léughadh faisnéis athchumair ar gach rígh dár ghabh ceannus innte ó aimsir Nimroid go haimsir Alexandair mhóir mhic Philip an Grégach ón Macedóin, do rug buaidh go hiomlán uirre. Agus tar éis a bháis sin, do thárla tuairim 324 bliadhna roimh Chríosd,
do roinn na hárd-thaoisigh dobhí faoi sin an flaithios mór-ádhbhal sin do ghabh sé eatorra, gur thuit an Asia chum Seleucus; agus lena linn agus re linn a shleachta go haimsir Sheleucus Philopater, an ceathramhadh rígh don ainm sin, dobhí críoch na Iudaighibh go socair suaimhneach. Ba mac d'Antiochus mhór an Seleuchus so ar a ttráchtann an Scriptúir. Gidh gurbh íodhal-adharthach an rígh sin, do bhí meas mór aige ar Onias an t-árd-shagart, agus ba gnáth leis airgiod do thabhairt dó dochum na hiodhbartha laethamhla do dhénamh isan teampall i Ierusalem. Dobhí san am sin neoch mailísach ameasg an ministéirigh dobhíodh ag freasdal isan teampall sin dárbh ainm Símón, do thionnsgain agus do tharruing congnamh mhóráin eile air le ní aindlightheach eigín do dhénamh; agus do bhrígh gur thoirmisg Onias an droch-rún do chur i gcrích ní dhearnaidh sé comhnuidhe nó go ndeachuidh d'ionnsuighe Apolonius, .i. taoiseach sluaigh do mhuintir Sheleucuis, agus gur innis dó go raibh an teampall líonta d'ionnmhuis agus do shaidhbhris, gan trácht ar ionnmhus an teampuill féin, agus gurbh fhéidir don rígh gan duaigh ar bith a shealbhughadh. An uair do-chualaidh Seleucus sin do chuir Heliodorus go Ierusalem agus adubhairt ris na hionnmhuis sin do thabhairt chuige gan mhaill.
Agus iar tteacht isan gcathraigh dhó, do innis a theachtaireacht don árd-shagart. Do ghlac uamhan agus uathbhás mór Onias iarna chlos dó, agus adubhairt nach aige féin dobhí ceart air na neithe beag-luaigh sin do bhrí nach raibh acht 'na fhear comhdaigh dona boicht, dona dílleachtaigh, dona bantreabhaigh agus do gach lucht leatroim ó sin amach, agus gurab acu sin dobhí ceart ar bheag-ionnmhus an teampaill. Adubhairt Heliódorus nárbh fhéidir gan toil an rígh do dhénamh. Arna chlos sin do árd-shagart agus do lucht na cathrach go hiomlán, do ghlac criothnadh agus uathbhás mór iad, agus do ghuidheadar Dia go dúthrachtach dérach aithrighioch, agus do mhuidhiodar go gér air gach cách do léigion a mhealladh do shíl gur thearmann dáibh féin agus dá maoin a theampall ro-bheannaighthe féin. Agus dofuaradar éisdeacht. Óir, ar ndul isan teampall do Heliodór agus dá mhuintir le hordughadh an rígh do chur i ngníomh, dotháinicc le míorbhuile Dé eagla agus uathbhás air féin, ar a mhílidhibh agus ar gach aon dá mhuintir go hiomlán, gonár fhan misnioch ná neart ionnta. Agus leis sin do-chonnairc Heliodór marcach álainn cródha ar a each isan teampall do threasgair fó chosaibh a eich é, agus ar an láthair dotháinicc dias óig-fhear álainn 'na thimchioll dobhí dhá shraighleadh agus dá theasgadh le sgiúrsaidhibh cruaidhe géra ó
bhonn go bathais nó gur fhágadar i gcruth mhairbh é, agus gur teilgeadh é féin agus a mhuintir amach as an teampall. Is annsin do ghuidhiodar cách an t-árd-shagart naomhtha Onias um urnaighthe do dhénamh chum Dé ar son Heliodóir, agus mur dobhí eagla ar Onias go gcreidfeadh an rígh gur ó thrétúracht na Iudaigheach dothiucfadh bás Heliodóir, agus go ndénfadh díoghaltas orra, do ghuidh sé Dia go dúthrachtach agus go bhfuair uaidhe Heliodór do thabhairt as an gconntabhairt bháis ann a raibh. Agus do thaisbéin an dias ógán sin iad féin do Heliodór, agus adubhradar leis buidheachus do thabhairt d'Onias do shaor lena urnaighthe ar bhás é, agus innisin fós ós áird don domhan méud cumhachta an Dé fhíre. An uair do-chuaidh Heliodór ar ais d'ionnsaighe an rígh níor cheil sé aon-fhocal amháin don sgél so air. Gidh eadh, dobhí saint agus áilghios chomh mór sin air an rígh leis an ionnmhus d'fhagháil gur chinn ar theachtuire eile do chur 'na choinne. Adubhairt Heliodór leis má bhí námhuid ar bith aige, nó neoch budh mian leis a bhásughadh, a chur isan teachtuireacht sin agus gur chinnte dhó gan teacht ar a ais go bráth, óir go ndénfadh Dia uile-chumhachtach an teampaill sin díoghaltas air. Mur nach saorann a naomhthacht ná a bhfíréntacht cách gan naimhde do bheith ar an
tsaoghal so acu dobhí mórán do dhroch-naimhde ann a thír féin agus an árd-shagart naomhtha Onias; agus 'na measg sin uile níor fríth drong ba mailísigh dhíobh ná a dhearbhbhráthribh féin, do chuir sgéla chum an rígh gur chiontach Onias le gach droch-dhíol dár tugadh ar Heliodór, agus nach raibh acht millteóir mailíseach ann dobhí ag sgrios agus ag milleadh na críche. An uair do-chualaidh Onias sin do-chuaidh féin d'ionnsaighe an rígh chum go saorfadh é féin dá láthair air gach mí-sgél mailísioch dár hinnseadh air. Acht ní cian go bhfuair Seleucus bás, agus gur fhág an ríghe ag Antiochus Epiphanes, .i. duine cliúteach le holc, agus ba námhuid bhunaidh é sin dona Iudaighibh agus dá gcreideadh. Adeir cuid dona seanchaidhibh gurbha dearbhbhráthair do Sheleucus an t-Antiochus so, agus cuid eile adeir gurbha mac dhó é. Acht gibionnus, is dona cédneithibh do-rinne i ttús a fhlaithis an ard-shagartacht do bhuain d'Onias agus a tabhairt dá dherbhbhráthair Iason, do cheannaigh ar thrí chéd talluinn airgid uaidhe í, nó mur deirthear go fírinneach, gur gheall tuairim mhilliúin óir do thabhairt dó. 'Na dhiaidh sin fuair dearbhbhráthair eile do Iason í iair ngealladh nísa mhó ná sin d'airgiod d'Antiochus. 'Na dhiaidh sin do cuireadh Menelaus (óir ba hé sin ainm an dearbhráthar so) amach, agus tugadh an árd-shagartacht do dhearbhráthair eile dháibh
darbh ainm Lisiamacus. Gidh eadh, ní fada do bhí mur sin an uair do chuir Menelaus le neart airgid amach é, agus gur ghabh féin a ionad. Ní cian dá éis sin gur argain sé an teampall agus go ttug cuid dona soithigh beannaighthe leis, gur dhíol cuid díobh agus go ttug cuid eile dhíobh do Andronicus, .i. fear secréide do mhuintir an rígh; agus an uair do-chualaidh gur ghoill sin ar Onias, do bhí isan am sin dá chaomhain isan Antioch, d'iarr ar Andronicus a mharbhadh; agus do-rinne sé an feill-ghníomh mur do hiarradh air. Dobhí cliú agus tásg naomhthacht Onias go forleithiodach ar feadh na gcríoch go coitchionn, ar mhodh go raibh onóir agus urraim mhór 'na chuinne is gach áit agus gur ghoill a bhás, ní headh amháin ar Iudaighibh, acht ar gach aon dá gcualaidh tásg nó cáil a naomhthacht; agus dothug sin ar an rígh féin gur chuir Andronicus dá mharbhadh is an ionad chédna ann ar dhóirt se fuil an árd-shagairt sin go fealltach. Dobhí Ierusalem isan am sin líonta do lucht uabhair agus ainbhés lér mhian gach aon acu fó leith a bheith i n-árd-cheannus agus an árd-shagartacht do bhuain amach dó féin, agus do adhnaidh sin teinidh dhíoghaltach 'na measg nár múchadh nó go ttáinicc lén-sgrios ar an gcathair agus ar an tír go hiomlán. Agus ba toil le Dia réimh-chomharthaidh na n-olc sin do thaisbénadh dhóibh. Óir do-chonncadar na Iudaighibh uimhir mhór
do mharc-shluaghaibh armtha go gcloidhmhthibh lonnordha, go lúiriocha n-órdha - torann a n-airm agus a n-eachraibh - ag ionnsaighe, ag leadradh agus ag diúbhraic a chéile go dásachtach isan aidheóir ar feadh cheathrachad lá. Mur sin dobhí na dúile balbha ag dénamh fáisdine don druing chruaidh-mhuinélach sin, nach gcreideadh briathra Dé as bél na bhfádh mbeó do chuireadh Dia re teachtuireacht chugthu. Do chuir na taisbéntaibh sin a lán uathbháis orra, agus dobhí drong dhíobh ag síor-ghuidhe Dé ag iarraidh na huilc sin do dhíbirt uatha. Gidh eadh, níor choisg sin Iason, óir do chinn ar an gcathraigh do chur fóna smacht féin, agus níorbh fhéidir do námhuid ar bith nó sa mhó díoghaltais ná díbhfheirge do dhénamh ná do-rinne sé ar lucht a thíre agus a chathrach féin, gidh eadh, ní raibh acht tús na n-olc ann. Óir, ar mbeith d'Antiochus an uair sin tar éis na hÉigipte d'arguin agus a cur fóna smacht, do hinnseadh dhó iar bhfaghail sgéla brégach a bháis do Iason go ndeachaidh go hIerusalem, agus iar mmbuain na hardshagartacht amach dhó gur threasgair agus gur dhícheann sé lucht na cathrach. Arna chlos sin d'Antiochus ní dhearnaidh stad ná comhnuidhe go ttáinicc ar aghaidh Ierusalem, agus ní fada bhí annsin an uair dothug drong do mhuintir an bhaile isteach isan gcathraigh é. Annsin níor fhéch do ní ar bith acht do-rinne ár mór inte,
agus ar mbeith dá hargain dó níor ghéill dona neithibh ba naomhtha dobhí isan teampall, acht dobhí dá nglacadh ann a lámha éilnighthe nó salacha, agus mur bhí sé lán d'uabhar le gach buaidh chosgair dár éirghidh leis, dobhí ag imdheargadh agus ag iomcháineadh an Dé fhíre fhorórdha. Gidh eadh, mur dothug peacaidhe agus aindlighe an phobail mhí-ghrásamhuil ar Dhia cúl do thabhairt dáibh, do thréig sé an chathair, a theampall féin agus a dhaoine, ionnus gur chuir i gcéill nach áit bheannaighthe shaorus na daoine acht na daoine beannaighthe shaorus iad féin agus an áit ar díoghaltas Dé. CAIB. XCV BÁS ELEAZAIR A.M.3837, ante Christum 167 Ar gcur Ierusalem fóna smacht mur sin d'Antiochus níl tiarántacht ná gráineamhlacht dár smaoin ann a chroidhe nach dearnaidh innte; agus níor leór leis gach olc agus gach aindlighe dá ndearnaidh ar chách do thaobh a gcuirp agus a maoine, acht dob áil leis a n-anmaibh agus a gconsiais do mhilleadh le héigion do chur ar na Iudaighibh
uile an Dia fíre 'thréigion, mar aon leis na dlighibh dothug dhóibh, agus déaibh bréige d'adhradh; agus dobhí sé ag cur an reachta sin i ngníomh le dúthracht, le dásacht agus le díbhfeirg comh mór sin gur órdaigh na leinbh do cheangal ar dhruim deise do mháithreacha fírénta do chuir na leinbh sin dá ttimchioll-ghearradh, do theilgion le fánach na háite ba huirde balla na cathrach, gur briseadh agus blodhadh a gcnámha ag na máithreach' agus ag na leinbh i n-éinfheacht. Dobhí an teampall féin líonta do gach gné uilc agus adhal-adhartha, agus an altóir mhór féin arna truailliughadh mur gach áit eile. Ní lamhadh fós aon a admháil gurbhá Iudaigheach é le méad an uathbháis dobhí orra. Gidh eadh, i lár na n-uathbhás sin dothug Dia i bpearsainn Eleazair, .i. seanóir ro-uasal ro-naomhtha do mhuintir Ierusalem, siompla cródhacht ro-naomhtha agus buan-sheasamh i gcreideadh Dé. Do hiarradh air an tseanóir iriseach so muic-fheóil d'ithe a n-aghaidh aithne Dé. Do thug-san do roghhain bás glórmhar d'fhulang thar bheatha scannalaigh iar mbriseadh aithne Dé. Do-chuaidh dá dheóin féin go hionad an chéusda dobhí dá ullmhughadh dhó. Do ghlac truaighe cuid don dream dobhí i láthair, mur dobhí grádh nádúrtha acu air; agus dubhradar leis go ttiubhradís feóil neamh-thoirmisgidh chuige agus go
gcuirfeadhdís i gcéill gur muic-fheóil do bheith aige, agus go saorfadh ar bhás mur sin é. Do fhreagair Eleazar go naomh-chalma iad, agus adubhairt: “Ní dhénfad-sa an chalaois sin,” ar sé, “óir ní cubhaidh d'fhear m'aoise claonadh scannalach do dhénamh nó bheith 'na dhroch-shompla ag cách eile, agus go speisialta ag an aos óg. Níl an cúram mór sin agum isan mbeagán do laethibh atá ar an tsaoghal so agum go ttiubhrainn easonóir mhí-chliúteach dom sheanórdhacht lé go sílfeadh duine ar bith go n-umhaleóinn chum gníomh págánta do dhénamh, agus dá saorainn mé féin leis an ngníomh scannalach ar dhíbhfeirg na ndaoine ní sheachónainn fearg agus díoghaltas Dé.” An uair do-chualaidh na céstúnaigh gur tharcuisnigh Eleazar a gcomhuirle, do shíliodar a bheith trócuireach tairbheach aige, do ghlac dáscht agus díbhfeirg iad, gur chlochadar chum báis gan fhuireach é. Is maith do lean na mairtírigh siompla an tseanóra naomhtha so. Dob fhear liom fós go mbeith aithreacha agus máithreacha an domhain comh coimhédach leis fó gan droch-shiompla mór-mhionn ná mí-bhés eile do thabhairt dá gcloinn.
CAIB. XCVI. MAIRTÍREACHT NA MACABÉIBH Ní cian tar éis Eleazair gur lean drong bheannaighthe don aos óg a lorg le seasamh go bás ar son creidigh agus dlighe an Choimhdhe, agus is iad sin an móirsheisior dearbhráthar dílios dá ngoirthear go coitcheann na Macabéibh d'fhuiling go mór nísa mhó pionúis ré mbás ná Eleazar. Óir, ar mbeith lán d'fheirg d'Antiochus fó mur do-chonnairc aos óg comh buan-sheasmhach ann a gcreidiomh, do mheas go ttiucfadís ar a n-ais le hiomad na bpianta agus na bpeannad do ordaigh dháibh, óir dobhí gach aonn acu fó leith dá chéusadh agus dá phianadh i bhfiadhnuise a máthar. Do gearradh a tteangthaibh ar tús; 'na dhiaidh sin do gearradh barraibh na gcrobh dhíobh; dá éis sin barraibh na gcos; 'na dhiaidh sin do feannadh na croicinn dá gceannaibh; agus da éis sin, iar mbeith ar an gcumadh sin dáibh gan mórán do chosmhulacht daonna ó gach droch-chórughadh dá ttug na césdúnaigh le hórdughadh an rígh ró-mhallaighthe sin orra, do róstadh i gcoire dá éis sin iad, áit ar chríochnaighsiod an mhéid do mhair don bheatha ionta. Do labhradar go dána ris an rígh, ag rádh ris go ttiucfadh an uair ann a
ndénfadh Dia díoghaltas ann a mhí-thrócuire agus ann a thíarántacht air. Agus an uair do sháraigh ar an rígh a ttabhairt ar a n-ais leis na pianta, dobhí le fáilígheacht dá mbrégadh; agus an uair nach dearna sin tairbhe dhó dothug dá máthair iad, ionnus go ttiubhradh sí comhairle dhóibh géilleadh don rígh. Gidh eadh, is comhairle chonntrárdha dothug an mháthair bheannaighthe sin dóibh, óir adubhairt leó fulang fhoighidneach do dhénamh ar son a gcreidigh, agus nach raibh acht díomhaoinius i ndálaibh an tsaoghail, agus go raibh tuarusdal síorruidhe le fagháil acu. An uair do-chonnairc an rígh nárbh áil leó umhlughadh dá dhéaibh, tug órdugh na buillidhe déighionacha báis do bhualadh orra. Agus iarna dhénamh sin dona césdúnaigh do mharbhdar an mháthair dá éis sin, go bhfuilid go glórmhur aniu i láthair an Rígh dár gheílliodar. Ar mbeith do bhailtibh na Iudea agus na gcríoch fá coimhneasa dáibh ar maoth le fuil na bhfírén do dhóirt Antiochus go haindlightheach, do theith Matathias, duine naomhtha do threibh na sagart, gona mhuintir go cathair Mhodin, agus do bhí annsin ag dénamh dóláis mhóir. Ar bhfaicsin na n-olc dotháinicc ar a thír (.i. cathair Ierusalem agus a teampall beannaighthe dobhí arna n-argain le sluaghaibh namhad; soithidh, seóda, agus ionnmhuis an teampaill agus na cathrach i lámhaibh na n-íodhaladharthacha dá ttabhairt leó dá ttír féin), do chuir
an duine naomhtha so i n-innioll urnaighthe agus aithrighe é féin agus a mhuintir, agus ar gcur saic-édaigh agus luaithrigh orra, do ghuidhiodar le deóra díochra agus le hurnaighthe gan sgís an Tiaghearna um thártháil do thabhairt dáibh. Agus ní cían dobhádar annsin an uair do chuir Antiochus oifigeach dá mhuintir go Módin dá fhógra dháibh i bpéin bháis na híodhail d'adhradh ar fhurfhógra an rígh, agus a nDia athardha do thréigion. Is annsin do léig Matathias aradha shaor lena dhóláis. Do stróic sé a éudach, do chuir luaithreadh agus sac-édach air, agus do-chuaidh chum aithrighe, agus dobhí deóra ag snighe ré a ghruaidhe mur an dílinn, agus adubhairt ós áird gur roghain leis bás d'fhulang nísa luaithe ná do thréigfeadh an Dia fíre agus ná do bhriseadh fós aon-aithne dá dhlighe. Agus gé go raibh gan sgís ag forcheadal an teagaisg chédna do chách eile, níor thoirmisg sin gan mórán díobh do theacht le úmhlacht do dhénamh don rígh i láthair an oifigidh réimhráite. Annsin d'iarr na hoifigidh ríoghdha ar Mhatathias umhlughadh don rígh mur do-rinne mórán eile ar an láthair sin, agus do ghealladar tabhartais agus tiodhlaicthibh móra dhó dá chionn sin. Adubhairt Mathathias riú maille re dánacht ro-naomhtha nach ttréigfeadh féin ná aon-nduine dá chloinn an Dia fíre ar fhlaithios ná ar ionnmhais an domhuin go hiomlán, agus dá ndénadh
an domhan é nach dénfadh féin ná a chlann gníomh comh mallaighthe sin. Agus ag rádh na mbriathar sin dó, do-chonnairc Iudaightheach ós a gcomhair a' dul a' dénamh iodhbartha dona déaibh bréige. Arna fhaicsin don fhírén do ghlac dásacht agus dólás i n-éinfheacht é, gur éirigh go hédrom athlamh, gur mharbh ar an láthair é, agus do mharbh mur an gcéadna oifigeach an rígh dobhí ag dénamh éigin orra um an adhal-adhhradh do dhénamh. Agus leis sin do ling amach as an mbaile, agus d'iarr go hárd-ghothach ar gach aon dá raibh fírénta nó bhí caoin-dúthrachtach le dlighe an áird-Rígh do choimhlíonadh nó do chosaint dul leis féin ar an bhfásach. Agus iar sin do-chuaidh féin agus chúigear mac, .i. Ioannes, Símón, Iudás, Eleazar agus Ionathas, agus do lean uimhir mhór d'aos gráidh Dé iad, go ndearnadar corp armála suas do threasguir agus do dhíbir na hadhal-adharthach. Do bhrisiodar agus do bhlodhadar altóracha na n-íodhal; do thimchill-ghearradar a t-aos óg. Agus do chuir Dia rath ar a ttionnsgnadh agus neart ann a láimh, ionnus go mbíodh buaidh leó as gach ionad. Ní cian da éis sin go ttáinicc galar a bháis ar Matathias; agus an uair do aithin sé go raibh an bás i ngar dhó do ghoir a chlann chuig, agus adubhairt riú: “Ag so aimsir fhlaithis luchta an uabhair,”
ar sé, “agus an aimsir fheirge an Tiagharna do dhíoghail ar a phobal féin. Dá bhrígh sin, a chlann ionnmhuin,” ar sé, “gabhaidh misnioch agus mór-mheanma lér n-ais, armaigh sibh féin, seasaigh agus troidaigh go cródha calma ar son ar gcreidigh, agus ná tréigidh dlighe an Choimhdhe go bás; cuimhnighidh árd-éuchta agus mór-ghníomhartha na n-aithrioch ó ttángamar, agus béidh ar gclú dá cheileabhradh imeasg na bhfírén go deireadh an domhuin; féchaidh mur do fromhadh dísle agu deagh-rún Ábrahaim do Dhia; féchaidh, dáimhdheóin miosgais agus mí-rúin a dhearbhráthar, mur do-rinneadh árd-mhaighistir ar an Égipt do Ióseph; féchaidh mur do saoradh Dáibhídh ó inghreim agus ó mhailís Shauil, mur do saoradh Ananias, Asarias agus Mísael ó ghoimh agus ó dhochar na foirnéise tinntighe, agus Daniel fós ó dhásacht na leómhan gcíocrach, agus dá bhrígh sin bíodh a fhios agaibh nár thréig Dia iriamh agus nach ttréigf go bráth aon-nduine dá gcuirfidh a dhóchus ann; uime sin ná tugadh eagla ná uamhan na ndaoine n-aindlightheach oraibh gan a bheith buan-sheasmhach i seirbhís an Dé fhíre nach ttréigfidh i n-éigion ná i n-anforlann sibh.” Iar bhfriotal na mbriathar sin, maille re mórán eile dá samhuil do theagasg ro-naomhtha, dofuair an fírén so bás, ar bhfágbháil a chloinne 'na n-oighríghibh dílse ar a shubháilcibh agus ar a chaoin-dúthracht do Dhia.
CAIB. XCVII IUDAS MACHABEUS A.M.3838 Tar éis báis Mhatathiais do ghabh a mhac Iudás ceannas an bheag-shlóigh sin do réir mur do ordaigh a athair; agus níorbh fhaillighach an genearál, óir ba samhail do leóghan chíocrach i ndiaidh fuadáin é ag tuargain agus ag treasguirt naimhde Dé agus a thíre ann gach ionad i tteagmhadh dhó. Do ghoir sé chuige an méid do lucht inghreime agus leatroim lérbh fhéidir teacht chuige, ionnus go raibh sé mhíle fear cródha calma i n-arm aige; agus iarna gcruinniughadh ar aon-áit dó do-rinne teagasg agus forchiodal dáibh ag iarraidh orra bheith misneamhuil calma agus a ndóchus do chur i ttrrócuire agus i n-uile-chumhachta Dé, óir gurab aige féin dobhí rath do chur ar an ttionnsgnamh ro-naomhtha ar ar chinniodar, óir gurab é féin Dia na slógh, agus dá ndénadh sin nach beith baoghal orra dá líonmhuire naimhde 'na n-aghaidh, agus go raibh ádhbhar maith misnígh acu do bhrígh go raibh fachuin cheart chogaidh acu i n-aghaidh naimhde ann Dé fhíre dár ghéilliodar féin. Iar sin adubhairt ós áird le gach aon acu ar a raibh meatacht nó eagla báis air, nó lér mhian bean
do phósadh, nó lér mhian cur nó treabhairacht do leanmhuin, imtheacht ar a n-ais, ionnus nár fhan aige acht daoine toghtha lán do mhisnigh agus do chalmacht dofuair fonnmhur chum troda gach am a n-aighe a namhad. An uair dofuair Iudás é féin agus a shluagh ullmhaigh chum troda, do ghluais a n-aghaidh Apolonius, agus tug cath curata cruaidh-neimhneach dhó, go ndearnaidh ár a mhuintire agus gur dhícheann sé Apolonius lena lámha féin. 'Na dhiaidh sin táinicc Seron, generál slóigh na Siria 'na aghaidh, agus dobhí clú cródhacht agus gaisge an gheneráil sin ar feadh na cruinne an tan sin. Gidh eadh, níor mhachtnaigh meanma Iudáis acht d'ionnsaigh go dásachtach é, go ttug ár agus ruathar a mhórshluaigh, agus go bhfuair buaidh gan díghbháil mhóir orra. An uair do ráinicc sgéla na mbuadh sin go hAntiochus do ghlac fearg mhór-adhbhal é, gur chinn a ionnmhus agus a óir-chisde do sgaoileadh, urmhór aos cogaidh a chríche go hiomlán do chruinniughadh, agus sluaightibh líonmhura do-chlaoitigh do chur a n-aghaidh na Macabéibh do chum a ttreasgradh i n-aoinfheacht i n-alt aon-uaire gan choiglll. Agus iar gcur na mór-shluagh sin i n-innioll cogaidh do Lisias agus do Philip do réir mur do órdaigh Antiochus dáibh, do chuiriodar na generáil ba toghtha agus ba tásgamhla isan ríghacht
leó go tír na Iudea, .i. Ptolemeus, Nicanor agus Gorgías. Do chuir amharc na mór-shluagh sin uathbhás mór ar an mbeag-shluagh dobhí i bhfochair Iudáis, nár sháraigh trí mhíle fear, agus dobhí dá fhithchiod míle coisigh agus seacht míle marcach ag an námhaid; agus dobhí do líonmhuiracht na sluagh sin nach raibh amhrus ag aon-neoch dá bhfacaidh iad an bhuaidh do bheith gan imreasan acu; agus dotháinicc daoine as gach áit ag ceannach na Iudaigheach do shíliodar a bheith gan moill i mbroid sclábhaighachta. Is annsin do chuir Iudás agus a mhuintir saic-édach agus luaith orra féin ag dénamh tréighionais agus urnaighthe. Iar sin adubhairt Iudás riú misnioch agus calmacht do ghlacadh. “Óir dobheith glórmhur againn,” ar sé, “bás d'fhulang nísa luaithe ná do chífeadhmís ar tteampall, ar gcathair agus ar ttír dá n-argain le sluagh íodhal-adharthach do chuirfeadh sinn féin agus ar gclann i mbroid agus a sclábhaighacht.” Leis sin do dhruid an dá namhaid ré-roile; agus iar séideadh na stoc do thosaigh an cath; agus ar mbeith seal dáibh ag tuargainn agus ag trén-bhuilliughadh a chéile, do bhris na Iudaighibh ar a namhuid; agus iar ndénamh áir mhóir orra, do fuaradar buaidh an chatha. Annsin dothugadar buidheachus do Dhia, ag rádh cantice molta dhó.
An uair do-chualaidh Lisias gur briseadh an sluagh do chuir go tír Iudea do chinn féin an bhliadhain dá éis a dhul i bpearsainn le díoghaltas do dhénamh. Agus an feadh dobhí dá ullmhughadh féin chum gluasacht, dofuair Iudás uain ar cathraigh Ierusalem agus ar an teampall do leasughadh, altóir agus soithidh na n-íodhal do bhriseadh, clár nuadh, coinnleoirigh agus soithidh nuadha do chur ann le foghnamh don Tiagharna, agus do-rinne ofráil orra dhó le sollamhuin mhór, agus do thogh sagairt fhírénta chráibhtheacha le seirbhís ghnáthach do dhénamh ann. Iarna dhénah sin, do ghluais i gcoinne na námhad; dothug catha mionca dhóibh, gur threasgair agus gur dhíthláirigh fá dheóidh iad, óir dobhí Dia is gach ionad ag congnamh ris. Ann aroile dona cathaibh sin do-conncas cúigear marcach míleata mear-chalma go ngnúisibh uathbhásacha acu, a dó dhíobh ag cumhdach agus ag cosnamh Iudáis agus an triúr eile ag torcharadh agus ag treasgairt na namhad, agá ndalladh agus agá gcriothnughadh le huathbhás: Quis potestati Dei potest resistere? Iar bhfagháil na mbuadh sin do Iudás diaidh i ndiaidh ar cheithre genearáil Antiochuis, do bhí sé féin isan bPersia; agus ar mbeith dhó arna bhualadh ar aghaidh chathrach Elimáis, do ráinicc na sgéla sin i gceann na ndólás eile chuige. Annsin do ghlac cuthach feirge agus dásacht díbhfeirge é, go ttug móide dá dhéaibh agus gur mhionnaigh
nach dénfadh coimhnuidhe nó go ndénfadh carn cloch guaill agus uaimh adhlaice dona Iudaighibh uile do chathair Ierusalem; agus ar mbeith ag imtheacht ar an turus sin go deithniosach dásachtach anna charbad dó, fuair leagadh uathbhásach lér brúidheadh agus lér breóadh a chnámha go hiomlán. Féch an rígh ro-uaibhreach so, do mheas, mar aon le críochaibh na talmhan, go raibh na tonna mara féin fóna smacht, nach luaithe do shíl a a cheann do bheith ós na flaithis ná do bualadh fó thalamh é agus gur chuireadh i gcéill dó nach raibh acht díomhaoinius isan méid glóire saoghalta dobhí aige riamh. Dobhí a fheóil 'na blodhaibh bréna ag tuitim as a chéile, iol-iomad piast ag snámh tréna chorp, boladh ag éirghidh as do bhí ag múchadh a mhuintire go hiomlán agus a shluaigh le bréntas. An uair do mhothaigh féin na pianta iomdha, na piasta dhá chrinn agus an bréntas dobhí ann, do thuig gurbh é sin ceartbhreitheamhnus Dé dotháinicc air i n-ionad na n-il-phianta do ordaigh féin an uair dobhí ag marbhadh agus ag martradh na nIúdaigheach go mí-thrócuireach, tréna gcreideadh agus tréna ngrádh don fhír-Dhia agus dá naomh-dhlighthibh. Dobhí annsin agá umhlughadh féin do Dhia, agus ag dénamh aithriochas um gach égcóir dá ndearnaidh ar an fíréin do bhásaigh sé i gcrích
na Iudaigheach; dobhí ag geallamhuin do Dhia dá ttugadh aisiog a shláinte dhó go gcuirfeadh teampall agus cathair Ierusalem suas, agus go ttiubhradh airgiod le hiodhbartacha do dhénamh don fhír-Dhia dá ngéilleadh na Iudaighibh, agus do gcoimhleónadh a ndlighe go hiomlán ó sin amach; agus do sgríobh sé leiter dochum na Iudaighibh ag iarraidh cádhais orra. Ní mheasaid na haithreacha naomhtha gur aithrighe cheart do-rinne Antiochus annso agus gur uime sin nach bhfuair éisdeacht ná toradh na haithrighe cédna ó Dhia nó go bhfuair bás do réir a bheatha. Óir ní hí an aithrighe mhall is fearr. CAIB. XCVIII CRÓDHACHT ELEAZAIR Níor críochnaigheadh uilc ná anfhorlann na Iudaigheach le bás Antiochus Epiphanés, óir dobhí a mhac agus a oighre sin, .i. Antiochus Euphator, níor fuathmhuire ná bhí a athair orra: agus ní luaithe do ghabh ríghe na hAsia ná do chuir cogadh orra, óir níor thoirmeisg an bás gráineamhuil
dofuair a athair é, iná na briathra do labhair i n-aimsir a bháis. Ag so adhbhar nó an damhna cogaidh dobhí aige: Dobhí aroile Iudaigheach lán do mhiosgas, do mhí-rún agus d'iomthnúth a n-aghaidh Iudáis Machabeus fó mur do sháraigh é féin agus cách eile i gceannus, i gcrábhadh agus i gcródhacht. Do-chuaidh an duine mí-rúnach so go Babilón, airm nó áit a raibh an rígh nuadh, .i. Antiochus Eupater, agus do chasaoid ris go gearánach go raibh Iudás ag milleadh agus ag sgrios na tíre, gur threasgair agus gur dhíbir an ghárda do chuir Antiochus Epiphanes a' cumhdach agus a' cosaint Ierúsalem, agus go raibh iar sin ag neartughadh agus ag daingniughadh na cathrach sin ar mhodh muna gcoisgfidh gan mhaill é nárbh fhéidir a chlaoi an feadh mhairfeadh, agus do dhearbh sé fós go raibh muintir na críche uile ag iarraidh a ttártháil ón sclábhaighacht agus ón modhsainacht ann a rabhdar aige. An uair do-chualaidh an rígh an chasaoid sin d'éirigh fearg agus dásacht mhór air, gur chuir cruinniughadh ar a shluaghibh, agus ghluais féin leó a n-aghaidh Iudáis, maille le céd míle troightheach nó coisígh agus fíthche míle marcach 'na fhochair, farré dhá elephant ar thríochad go gcarbait chogaidh ar a muin, ar dhénamh tuir láidir ann a raibh tríochad fear armtha istigh ann gach aon díobh, agus gan aon dona
helephantaibh nó dona beathadhaigh uathbhásacha sin nach raibh tur don tsamhuil sin ar a mhuin, agus iad seólta go maith i gceird chogaidh. Gidh gurbh uathbhásach an armáil agus an t-innioll gluasachta dobhí orra níor chuir eagla ná uathbhás ar Iudás, acht do-chuaidh mur leóghan chonfadhach dá n-ionnsaighe, agus do threasgair mórán díobh ar an láthair. Agus ar mbeith don dhá shluagh ag tuargain agus ag trombualadh a chéile isan gcath sin, do-chonnairc dearbhbhráthair Iudáis, .i. Eleazar, elephant ar a raibh comharthaidh ríoghdha i ttimchioll an charbaitt dobhí ar a mhuin, agus do mheas go raibh an rígh ann. Leis sin do ling sé imeasg a namhad dobhí agá leadradh agus agá lán-chosgairt ar gach taobh dhe, gur ghlan a bhealach tré léigiún díobh, go ráinicc an t-ionad ann a raibh an beathadhach mór sin; agus ó nár fhéd an carbatt do threasgradh do ling eidir chosaibh an elephaint, agus do sháith a chloidheamh suas tréna bholg, gur thuit marbh ann a mhullach-san, gur bhrúidh agus gur bhlodhaidh a chnámha, gur fríth marbh fón ualach sin é. Ag so fighair pháise an tSlánaightheóra do thoirbhir é féin dá dheóin chum báis chum go saorfadh an cine daonna.
CAIB. XCIX BÁS IUDÁIS MACHABEI Bíodh 'fhios agad, a léughthóir, i n-aimsir Antiochuis dá ngoirthí Magnus nó mór, .i. athair Sheleucuis, athair Antiochuis Epiphanes, athair Antiochuis Eupatóir, go ttárla go raibh cogadh eidir é agus na Rómháinaigh go bhfuaradar buaidh chatha 'na aghaidh, gurbh éigion dó a mhac óg, .i. Antiochus, do thoirbhirt mur bhráighe chomhaill dona Rómhánaigh; agus mur ba gnáthach na báighibh comhaill sin do mhalairt i gcionn gach treas bliadhain, an uair do chríochnaigh Antiochus a thrí bliadhna do cuireadh Demétrius, dá ngorithí 'na dhiaidh sin Soter, .i. mac Sheleucus, ann a ionad, agus do-chuaidh Antiochus dá thír féin. Agus ar tteacht dó fúair a dhearbhráthair Seleucus marbh le nimh dothug Heliodórus dó, agus do ghabh féin an ríghe do bhrígh nach raibh Demetrius, mac a dhearbhráthar, isan tír. An uair do-chualaidh Demetrius sin, agus go bhfacaidh nár cuireadh aen-nduine ann a ionad don Róimh, dofuair féin uain imtheachta, agus níor chomhnuidh go ttáinicc go himlibh na Tripoli, agus go ndearnaidh armáil dó féin; agus do ghabh sé Antioch, áit ann ar mharbh sé a bhráthair
Eupater agus Lisias, dobhí an tan sin arna tteacht don chathraigh sin iar ndénamh síthchána leis na Iudaighibh. An uair do-chualaidh naimhde agus lucht aimhlis Iudáis go bhfuair Demétrius an ríghe, do-chuadar dá láthair a' cur aimhlis air. Agus do chuir an rígh Baccides agus Alcimus, agus sluagh armtha leó, i n-aghaidh Iudáis; agus ar tteacht go Iudea dháibh, dorug Iudás lena ghliocas agus lena chródhacht buaidh orra. An uair do-chualaidh Demetrius gur buaileadh an dá thaoiseach sin, do chuir Nicanor ann a n-ionadh. Do thosaigh sin le gliocus agus le ceilg agus le briathra bladraha, chum go meallfadh Iudás lena mhilleadh agus lena mharbhadh gan díghbháil dó féin; agus an uair do-chonnairc nár éirghidh sin leis do nocht sé ós áird an fuath folaightheach dobhí aige dhó. Agus ar ndul go Ierusalem dhó, áit i raibh na sagairt ag dénamh umhlacht agus onóra dhó, dothug taircuisne agus mí-mheas ar na hiodhbarthacha do-nídís go laetheamhuil le sláinte Dhemétrius, agus do luidh fóna dhéibh muna ttoirbhreadhdís Iudás ann a lámha dhó go ndénfadh sgrios agus argain a gcathrach agus a tteampaill. Do ghluais iar sin gona shluagh a n-aghaidh Iudáis. Annsin do-chonnairc Iudás aisling dothug misneach mhór dhó, .i. do-chonnairc an sagart
beannaighthe Onias, do thaisbéin an fháidh Ieremias dó ag dénamh iodhbartha agus urnaighthe chum Dé do shíor ar son na cathrach naomhtha agus a muintire. Leis sin d'ionnsaigh a námhuid go cródha calma; agus ar mbeith ag tuargain a chéile dóibh, do thárla do Nicanor gurbh é céd-duine don tsluagh do marbadh é. Leis sin do ghabh a shluagh maidhm agus briseadh, agus do-rinneadh ár mór orra. Dorug na Iudaighibh iar sin corp Nicanoir leó, agus do theasgadar a lámh dheas de do thóig go haindlightheach a n-aghaidh teampuill an Tiaghearna, agus do chrochadar ar an mballadh í, agus rinneadar bia bádhbh agus brainén dá chorp. Acht gé gur onóraigh na Iudaighibh an bhuaidh mhór-éuchtach sin go sollamanta, ba hí buidh dhéighionach Iudáis ar an tsaoghal so í. An uair do-chualaidh Demetrius bás Nicánoir dobhí fearg mhór air; agus an bhliadhain dá éis sin do choir Baccides agus Alcimus go sluaghaibh ro-líonmhura leó le díoghaltas do dhénamh. Ar tteacht dáibh sin go Iudea, do ghlac uamhan agus uathbhás mór an bheag-bhuidhin dobhí i bhfochair Iudáis, agus d'iarr an chuid ba tromdha dhíobh air gan dul i gconntabhairt troda lena bheag-bhuidhin i n-aghaidh na sluagh ro-líonmhur sin acht imtheacht ar a n-ais. “I bhfad uainn an mheatacht sin,” ar Iudás, “agus nár léigidh Dia go tteithfeadhmís ré ar namhuid,
acht, má tháinic an uair, fághmaoid bás cliúteach glórmhar ag cosnamh ar gcreidigh agus ar gcríche.” A haithle sin d'ionnsaighdar agus do sheasadar (agus gan acu acht ocht gcéd a n-aghaidh na sluagh ro-líonmhar dobhí 'na n-aghaidh dá gcosgairt, dá leadradh agus dá lán-bhualadh) ó mhaidin go nóin, gan sgís, gan fhosadh. Agus fá dheóidh, iar mbriseadh dháibh trésan taobh chlí do chath na námhad, agus ar mbeith do Iudás dá ruagadh roimhe go dásachtach, do thimchill a namhuid é, agus do marbhadh ansin é, agus ba mór an t-éucht sin. Agus ní dhearnaidh an bás sin acht críoch do chur ar a bhuaidhreadh. CAIB. C IONATHAS 'NA ÁRD-SHAGART A.M.3843 Tar éis báis Iúdáis do thogh na Iudaighibh, go háirighthe cáirde Iudáis, Ionathas ann a ionad, agus tar cheann gurbh é Símón dearbhbhráthair fa sine, dothug a cheart féin go fonnmhar do Ionathas. An uair do-chualaidh Baccides gur hoirneadh Ionathas do chinn a dhíthchioll do dhénamh le faill d'fhagháil air lena mharbhadh.
Do-chuaidh Ionathas go diamhair fhásaigh. An uair do mheas Baccides gur ar dhaingion do-chuaidh sé do lean sé gona shluaghaibh i gcionn dá bhliadhain é. Dotháinicc Ionathas roimhe, agus do bhris ar a mhuintir, agus is dearbhtha go ndearnaigh ár mór orra. An uair do-chonnairc Baccides sin do fhoráil síth dhó, óir do mheas go raibh Ionathas comh glic agus comh cródha le Iudás. Agus iar ndénamh síthchána dhóibh, dobhí naimhde brollaigh ag Ionathas ba baoghlaighe dhó go mór ná an namhaid, .i. cuid do mhuintir a thíre dobhíodh ag iarraidh faille do ghnáth chum díghbhála do dhénamh dhó. Gidh eadh, níor chian gur chuir sé é féin ar innioll cosanta a n-aghaidh lucht an iomthnúith sin, agus fós a n-aghaidh gach naimhde dá raibh 'na aghaidh, ionnus go gcualuis go luath tásg a mhór-ghníomh agus a chródhacht isna críochaibh fa ciana agus fa coimhneasa dhó, ionnus go raibh na ríghthe fa comhneasa dhó ag iarraidh a chonganta agus a cháirdis, agus go háirighthe Alexander Balas agus Demétrius Soter dobhí i gcogadh ré-roile. Agus dobhí gach aon fó leith acu ag iarraidh cáirdis Ionathais do bhrígh gur mheasadar gor mhaith a chongnamh gibé taobh ré nglacadh sé. Dothug Ionathas deagh-bhriathra do gach aon díobh; agus gídh gur gheall Demetrius a bhreith féin dó, ní raibh muinghín mhaith aige as, acht ba mó go mór a
ghnaoi ar Alexander. Agus dobhí-san isan gcomaoin chédna dhí, agus dothug a thoil le bheith 'na ard-shagart dó. Agus iar bhfagháil buaidhe móire ar Dhemétrius dó i gcath, ann ar mharbh é, ba mian leis Ionathas d'fhaicsin, agus d'iarr mur athchuinge air teacht chuige go Ptolomaid, áit a ttáinicc sé chum Cleopátra inghean rígh na hÉgipte do phósadh. Do-chuaidh Ionathas dá ionnsaighe, áit ar chuir a mhórdhacht féile agus onóra i gcéill don dá rígh sin, óir dothug tiodhlaice agus bronntanais dáibh. Do ghrádhaigh Alexander a ghnúis go mór, agus níor dhéoin leis aen-ní d'éisdeacht 'na aghaidh. Do-rinne fós onóir mhór dhó, agus do chuir éudach purpair air mur chomhartha cinnte ar mhéd an mheasa mhóir dobhí aige air, agus níor lamh aon dá lucht iomthnúith focal do rádh 'na aghaidh. Tar éis Ionathas do theacht ar a ais dá thír féin, do ghlac fearg mhór Demetrius, .i. mac oighracht Demetrius Soter do marbhadh isan gcath i n-aghaidh Alexandair, tré mur do thréig Ionathas a cháirdios féin ar bháidh Alexandair. Do chuir sluagh mór le Apolonius chum díoghaltais do dhénamh air. An uair do-chonnairc Ionathas an sluagh mór sin ag teacht dá ionnsaighe do-chuaidh rompa go dána díbhfeirgach, agus dothug cath go cródha calma dháibh, go ttug ruathar tríotha, agus gur bhris orra agus gur mharbh iol-iomad díobh. Agus dobhíodh buaidh ar a naimhde
leis ar feadh móráin do bhliadhnaibh, óir do bhíodh Dia dá threisiughadh do ghnáth. Ba maith fós an congnamh do-bheireadh a dhearbhbhráthair Símón dó. Acht fá dheóidh, an bhuaidh nár fríth a gcath air dofuair trétúracht í mur so: Dobhí taoisioch slóigh ag Alexander, darbh ainm Triphon, do thionnsgain an ríghe do bhuain amach dó féin do mhac Alexandair, leanbh beag dárbh ainm Antiochus, agus do thuig an trétúrach so, darbh ainm an uair sin Diodotus, nach raibh aon-nduine amháin dob fhearr dhó bheith do dhruim a shighe i n-am a thrétúracht do chur i ngniomh ná Ionathas. Dá bhrígh sin do thionnsgain feall do dhénamh air; agus chum go ttugadh sin chum críche do chuir teachta agus leitreacha bréccacha bladracha milis bhriathracha chuige, ag iarraidh air teach chuige go Ptolomáid; agus ar tteagbháil dá chéile annsin dáibh, d'iarr ar Ionathas a mhuintir do chur uaidhe; agus ar ndul don chathraigh dhóibh, do iaidh Diodotus ann sin doirse na cathrach, do chuibhrigh é féin, agus do mharbh an méid dá aos gráidh bhí 'na fhochair.
CAIB.CI. SÍMÓN 'NA ARD-SHAGART Ar mbeith do Shímón annsin 'na aonar tar éis a cheathrar dearbhbhráthar, do mheas ó nach raibh aon-nduine eile oireamhnach leis an tír agus le dlighe Dé do chosnamh acht é amháin gurbh fhoirchios dó misneach do ghlacadh agus cródhacht do dhénamh; agus iar gcruinniughadh an phobail ar aon-láthair dhó, adubhairt riú nach ttiubhradh caill a dhearbhbhráthar ná neart namhad air féin gan dul rompa ann gach treas agus ann gach troid dá ttiucfadh ar a thír, “Óir mur do thuit mo dhearbhbhráithreacha uile ag cosnamh a gcríche agus a gcreidigh is amhlaidh is mian liom-sa féin tuitim, agus nár léigidh Dia go ttiubhradh grádh fad-shaoghail oram gan seasamh go cródha ar son dlighe Dé agus ar son mo thíre ar feadh mhairfiod, óir ní fearr mise ná mo dhearbhráithreacha do thuit fón ádhbhar cédna.” Do mhol cách na haithisg sin. Do chéd-neithe, do thinnsgain sé a dhearbhbhráthair Ionathas d'fhuasgladh as lámha Thriphóin; agus gion go raibh fios aige nach le cneasdacht ná le fírinne d'iarr an trétúrach éiric fhuasgailte do chur chuige, agus dias mac Ionathais,
agus go léigfeadh Ionathas féin saor uaidhe, óir do bhí 'fhios aige nach léigfeadh aon díobh beó ar a n-ais agus go gcuinneóchadh fós an céd talland, gidh eadh, do chuir chuige, d'eagla go measfadh aon-nduine nach dénfadh a uile-dhíthchioll rena dhearbhráthair d'fhuasgladh as an ngéibhionn ann a raibh. Agus ba maith an aithne dobhí ag Símón, óir ní luaithe do ghlac Triphon an t-airgiod agus dotugadh días cloinne Ionathais dá láthair ná do chur dhá marbhadh iad mar aon rena n-athair. An uair nár fhéd Símón a bhfagháil beó d'iarr a gcur chuige marbh. Agus do chruinnigh cnámha na ndearbhráthar eile mar aon re Ionathas, agus do chuir i ttomba ro-oirdheirc iad do chuir féin dá dhénamh. Agus ní huaill dothug air sin do dhénamh, acht do bhrígh lena mbeó gur thuilliodar óna gcoimhthíorthacha onóir adhlaice do thabhairt dáibh. Tar éis tús a shaoghail do chaithiomh i nduaigh agus i ndochar, agus deireadh a shaoghail do chaitheamh ar feadh sealaid go síthchánta don ard-shagart beannaighthe, do mharbh fear a inghine féin go fealltach é, dochum go bhfuigheadh féin an árd-shagartacht agus ceannus an phobail ar-cheana. Do cuireadh isan tomba do chuir féin suas é. Do ghabh a mhac Ioannes, dá ngoirthí Hircanus ón mbuaidh dofuair an mhuintir sin, an árd-shagartacht agus ceannus na críche; agus do mhair a
shliocht beó go haimsir nó go deireadh saoghail Mhariamne, dobhí pósdaigh ag Herod an rígh, agus Aristobuluis do báitheadh le hordughadh an Iruaidh chédna sin, i ndóigh nach sgarfadh an ríghe ris féin ná rena chloinn. Is mur sin chríochnuighios Stair na Macabéibh nó na n-Asamóinigh. Finit Stair an tSean-tiomna an 17 lá Decem. MDCCXXVI. Guidh, a léughtheóir, le grásaibh d'fhagháil do Uáitéar (Ua) Cheallaigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services