Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Stair an Bhíobla II
Title
Stair an Bhíobla II
Author(s)
Ua Ceallaigh, Uáitéar,
Compiler/Editor
Ní Mhuirgheasa, Máire
Composition Date
1726
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1942)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
STAIR AN BHÍOBLA. Gidh gur doiligh le hintleacht dhaonna a thuigsin, máseadh, is fíor gan amhrus go raibh Dia ann ón tsíorruidhacht agus roimh an aimsir. Óir taisbéunaidh résún nádúrtha féin dúinn, gan congnamh an chreididh dhiadha, go raibh agus go bhfuil ádhbhar nó oibrightheóir uile-chumhachtach éigin ann do chruthaidh agus do-rinne an domhan, do chuir an suidheachan ro-áluinn ro-iongantach so do-chímíd air féin agus ar gach cuid de fó seach, mur atá ordughadh ionganntach ionmholta na ceathar-dhúile, .i. an talamh i lár, an t-aidhér 'na thimchioll, flaithis na bplánéd ós a gcionn sin, agus an chuid eile dhíobh uatha sin suas ós cionn a chéile go flaithios na raellann riaghalta, dá ngoirthear stellae fixae, agus an flaithios do-ghluaiste, .i. coelum impirium, nó an t-árus ann a ttaisbénann Dia é féin ann a ghlóir dá ainglibh agus dona naoimh. Agus do bhrígh nach féidir le intleacht dhaonna a thuigsin go m'fhéidir obair comh iongantach agus comh áluinn so do bheith arna dénamh acht le hoibrigh uile-chumhachtach éigin, agus ó nach bhfuil mur sin acht Dia amháin, leanaidh as go dearbhtha agus go soiléir follusach, gan congnamh an chreidigh
dhiadha, go bhfuil d'fhiachuibh ar gach aon agá bhfuil a chiall ar a chumus a thuigsin go cinnte go bhfuil Dia ann ris an tsíorruidhacht, roimh an domhan do chruthughadh. Gidh eadh, do bhrígh go bhfuil cleachta aguinn ar an tsaoghal so gach ní ar bith d'fhaicsin go foirmiollach acht lér súilibh corpardha, agus sin féin i n-áit éigin, do mhúsgail an léighionn cinnte so docamhal mór i n-inntleacht cháich, .i. cionnus thuigfeadhdís cá háit nó cá hionad a raibh Dia ré gcruthughadh na n-áitibh agus na nionaduibh dhó, .i. an flaithios, an talamh, maille le hionaid na n-uisgeadhaibh. Agus is uime sin chuirios agus fhreagrus Boetius an cheisd so: Dic mihi ubi esset, cum praeter eum nihil esset. Freagraidh féin an cheisd mur so: Tunc ubi nunc in se, quoniam sibi sufficit ipse; .i. mur deir Gaoidheal áirighthe:
Aithris damh cá raibh an Rígh, tan nach raibh acht é is neimh-ní; dobhí an tan sin mur tá sonn, ann féin gan díth gan doghruing.
Is feasach foghlamtha an freagra sin dothug Boetius ar an gceist so, do mheas mórán a bheith ro-chruaidh, óir is é Dia féin an fhairsinge gan chumhgach; ann féin atá an domhan go hiomlán;
é féin líonus an domhan: non longe abest ab unoquoque nostrum; in ipso enim vivimus, movemur et sumus; agus fós ní féidir leis an domhan, ná leis na mílte domhan, eision do líonadh ná do choimsiughadh: quem coeli coelorum capere non potuerant. Mur sin, ní easbhaidh áite, ní easbhaidh glóire ná mórdhacht, tug ar an Dia uile-chumhachtach an domhan so do chruthughadh, acht gur thaisbéin leis an obair ro-iongantaigh ro-ordheirc so na cáilidheachta cathréimeacha ceart-mholta bheanus lena nádúir dhiadha dhochuimsighthe féin, .i. a uile-thrócuire, a uile-chumhacht agus a cheart gan chrích, gan foirchionn. Óir do thaisbéin a uile-chumhachta go follusach le méud agus le haidhbhle na hoibre; agus a cheart trésna piantuibh síorruidhe do ullmhaigh do Lucifer agus don mhéid d'ainglibh easumhla eile do lean a lorg i bpeacaidhibh díomuis agus easumhlacht; a thrócuire trésan tártháil thug don duine do thuit i bpeacaidhibh uabhair agus easumhlacht, mur do thuit na haingil réimhráite nach bhfuair agus nach bhfuighe tártháil ná cabhair an feadh bhés féin i nglóir shíorruidhe. Ní ghabhuim rem ais fios do bheith agum ar na hádhbhair eile fár chuir Dia a thoil i ngníomh re na hoibreacha ro-iongantacha ro-adhbhla so do chríochnaigh sé. Acht maille lena mhór-ghrása féin is mian leam tráchta cuimir nó athghearr do dhénamh ar chuid dá mhór-oibreacha agus dá mhíorbhuilibh do réir mur chuirios an Scriptúir
naomhtha síos iad, agus faisnéis fós do thabhairt (an méid is féidir liom) ar dhálaibh agus análaibh na hEaguilse, agus sin - d'aimhdheóin an mhí-ghléis atá orum - do leanmhuin an feadh is toil le mo Chruthaightheóir agus le mo Shlánaightheóir aimsir do thabhairt damh. CRUTHUGHADH AN DOMHAIN, IMTHEACHTA AGUS EACHTRA AN PHOBUIL EABHRAIGHEACH GO TEACHT AN MHESIAIS .I. AN TSLÁNAIGHTHEÓRA ÍOSA CRÍOSD. An Chéd-Chaibidil. In principio creavit Deus coelum et terram, .i. “ar ttús do chruthaigh Dia neamh (.i. na flaithis) agus an talamh,” nó ar ttús do chruthaigh an flaithios timchillios an talamh. Agus ní folamh dobhí ar an láthair óir do chruthaigh áitigheóirigh don fhlaithios chédna, .i. na hainglibh (do réir Chomhuirle Generálta Latran), agus do chruthaigh maille le mórán do thiodhlaicibh nádúrtha agus do ghrásaibh spioradálta nó diadha iad. Is dearbhtha fós gur mór an uibhir do chruthaigh dhíobh. Gidh eadh, ní bhfuaradar amharc na glóire i n-am a gcruthaighthe; acht ba toil le Dia a beith mur chomhaigh nó mur
thuarusdal ag an dream do-dhénamh a sheirbhís agus do bheith buan-sheasmhach i staid na humhlacht, agus ifrionn do bheith go síorruidhe ag an dream do thuitfeadh i bpeacadh, mur do thárla do Lucifer tuitim i bpeacadh uabhair agus easumhlacht, óir ní luaithe do-rinne peacadh ná do teilgadh i bpríosún iffrinn é mar aon lena lucht leanamhna. Óir do pheacaidh uimhir mhór dona haingil i n-aoinfheacht, acht nach feas dúinn an uimhir go cinnte. Adeirid aroile dona hughdair gur thuit an treas cuid díobh mar aon le Lucifer. Acht an chuid díobh do sheas isan staid ghrásamhail neamhchiontaigh ann ar cruthaigheadh iad fuaradar an ghlóir mur thuarusdal, agus fós a mbeith ceangailte léidh ar mhodh nach féidir re saoghal na saoghal a sgaradh riú. Do chruthaigh Dia an domhan, agus do-rinne é mur do-chímíd anois i n-aimsir shé lá. An céd-lá do chruthaigh sé neamh agus talamh. Adeir Maoise, 1 Gen., go raibh an talamh 'na meall fholamh gan cumadh, gan fhoirm. Gidh eadh, ní abair an ní cédna ris an bhflaithios, do bhrígh (mur dubhrus cheana, agus fós mur is inchreidthe) go raibh na haingil arna gcruthughadh mar aon ris. Acht atá ní ar a ttráchtann Maoise i n-obair an chéd-lae so, .i. go ndearnadh an solus, agus go ndearnadh idirdhealbhadh eidir é agus an dorchadus.
Cuiridh na diadhairigh ceisd créd é an solus sin, óir ní thráchtann ar chruthughadh na gréine go ttáinicc an ceathramhadh lá. Freagraid aroile dhíobh ag rádh gurab iad na haingil ciallaighthear le solus an chéd-lae, .i. na haingil fhírénta an solus, agus na haingil easumhla dhamanta ciallaighthear leis an dorchadas, agus gur dá chur sin i gcéill adeirthear i ttús na céd-chaibidle do Leabhar na nGeinealach, divisit Deus lucem a tenebris, .i. “do sgar nó do dhealaigh Dia an solus ón dorchadus.” Gidh eadh, measuim-se do réir mhóráin do lucht mhínighthe an Scriptúra gur don tsolus neamhfhoirbhthe so an chéd-lae do-rinne sé an ghrian ar an gceathramhadh lá, mur do-rinne an talamh, mur chímíd anois é, don mheall mhí-chóirighthe úd ar a ttráchtann Maoise i n-obair an chéd-laé. Acht atá ní cheana: i n-aimsir chúig lá do chruthaigh Dia neamh, .i. an t-aidhér, na flaithis, an talamh, agus gach crétúir ana ngné féin dá bhfuil eatorra sin agus ionnta, mur atá aenlaith an aidheóir, éisg na fairge agus na n-uisgeadha eile, agus beathaidhigh an talimh, le foghnamh don duine. Is annsin do thionnsgain an duine do dhénamh, agus dar leat ba mian leis a chur i gcéill gur ní móréuchtach cathréimeach dob áil leis a dhéanamh, óir goiridh isan uibhir ilair ar an Trínóid dochum na hoibre so do chríochnughadh, ag rádh, faciamus
hominem ad imaginem et similitudinem nostram, .i. “dénmíd an duine ar ar n-íomháigh agus ar ar gcosmhulacht féin.” Agus leis an mbréithir uilechumhachtaigh sin lér cruthaigheadh an domhan do-rinneadh Ádhamh don talamh, agus do shéid Dia anam ann: verbo Domini coeli formati sunt; agus dothug dhó iar sin an uile chrétúir a bheith fóna smacht le foghnamh agus le seirbhís do dhéanamh dhó, mur deir an rígh-fháidh, omnia subiecisti sub pedibus ejus, etc. Agus mur bharr ceangail ar an tobhartus sin, agus ionnus go sealbheóchadh dhó féin go deireadh an domhuin é, dothug Dia na crétúirigh cédna, nó go háirighthe cuid da gach gné nó do gach cinél díobh, do láthair Ádhaimh (óir ba hé sin ainm tug ar an gcéd-duine), ionnus go ttiubhradh anmanna dháibh. Agus tug sin dáibh do réir gach cinéil dhíobh. Tug Dia fós do Ádhamh tiodhlaice móra le linn a chruthaighthe, eadhón, grása móra i staid neimhchiontaigh lérbh fhéidir leis féin agus lena mhnaoi (do-rinne dá easna) buan-sheasamh do dhénamh isan staid ghrásamhail do-mharbhtha ann ar chruthaigh iad, dá ngoirionn S. Augustinus aulixium quo, maile le iomad do thiodhlaicibh nádúrtha, .i. foghluim agus feallsamhnacht ro-ghrinn do sháraigh gach aon dá ttáinicc fós agus dá ttáinicc agus dá ttiocfaidh 'na dhiaidh. Acht monuar! dob olc an buidheachas thug an lánamhuin so dá gCruthaigheóir, mur is follus as
an treas caibidil do Leabhar na nGeinealach. Óir, iar gcruthughadh áite aoibhne .i. gardha Pharrthuis, do Dhia agus iarna gcur isteach ann áit i raibh a mbeatha agus aoibhnis gan easbhaidh maille le do-mharbhthacht le fagháil acu gan saothar, gan trioblóid, ní cian bhádar ann an tan bhrisiodar aithne an Tiaghearna go huaibhreach ainmhianach; óir, ar ttabhairt toraidh an ghárdha go hiomlán dóibh lena n-úsáid féin do dhénamh dhe, do aithin Dia dháibh agus do thoirmisg orra buain le toradh an chrainn mheadhónaigh. Is annsin tháinicc an diabhal i gcruth aithir nimhe, gur chuir do chathughadh ar Éubha, .i. ar mhnaoi Ádhaimh, an t-ubhall toirmeasgach do ghlacadh ann a láimh, cuid de d'ithe, agus léna comhuirle gur ith Ádhamh féin an chuid eile dhe. Is mór an t-olc táinicc as an ngníomh chrosda so; óir i ndíoghail an pheacaigh chraois, easumhlachta, agus uabhair so, do díbreadh as an ngairdín sólásach sin iad, agus i n-ionad go ttiubhradh an talamh a thoradh gan duaigh gan tsaothar dháibh agus dá sliocht go bráth, nach bhfuigheadh féin ná aon dá sliocht bás go bráth acht dul go flaithios Dé gan duaigh, gan tinnios, gan galar, gan bás, i n-aois fhoirfeacht Chríosd, in plenitudine aetatis Christi, do dhruid agus do dhúin a n-éiric an mheirliochais mhallaighthe sin doirsibh a fhlaithis féin, ar mhodh nach deachaidh féin ná aon-neoch don chine dhaonna go flaithios nimhe go deasghabháil
an tSlánaightheóra Íosa Críosd, Dia agus Duine, lér fuasgladh as cuibhreachaibh an diabhail i gcionn mhóráin do mhíltibh bliadhain dá éis sin iad, iar bhfulang pháise agus báis chroiche ar ar son dó. Do chuir Dia fós do phionús ar an bpeacadh cédna nach ttiubhradh an talamh a thoradh acht le duaigh agus le saothar mór, agus nach ttiubhradh bean a gein chloinne chum an tsaoghail acht le pianta agus le conntabhairt báis. Iar mbeith dháibh arna ndíbirt mur sin as Párrthus táinicc sliocht orra, .i. Cain agus Abél. Agus do thionsgainsiod a mbeatha do shaothrughadh, gach aon mur do mheas cách dhíobh a bheith oireamhnach, agus sin go heidirdhealbhach, óir do ghabh Cain rén' ais a bheith 'na threabhthach, agus Abél a bheith 'na aodhaire. Agus do bhrígh go raibh mar aon re dlighe na nádúire béloidios Dé dá tteagusg, do thionnsgain gach aon acu fó leith iodhbairt do dhénamh do réir mur do chuir Dia toradh agus rath orra. Agus chuige sin tug Cain an chuid ba táire agus ba tarcuisnigh dá raibh do thoradh a shaothair féin ann a sheilbh. Acht ní mur sin do-rinne Abél, óir dothug togha agus rogha d'fheabhus gach cineóil dona trédaibh bhí aige. An tan chonnairc Dia díoghrais, dúthracht, agus deagh-aigne Abéil, tug taithneamh dhó féin agus dá iodhbairt, gur dhoirt teinidh mur chomhartha ar
a ghnaoi dhó le huile-losgadh na hiodhbhartha do-rinne sé. Gidh eadh do dhiúlt agus do ghránaidh don iodhbairt agus don ofráil tharcuisnigh mhí-dhúthrachtaigh do-rinne Cain, agus mur chomhartha ar a mhi-ghnaoidh dhó, níor chuir an teinidh mhíorbhuileach dá losgadh mur do-rinne le hiodhbairt thaithneamhaigh Abéil. Is leis sin do ghluais miosgios, mí-rún agus iomthnúth Chain cholaigh a n-aghaidh Abéil gur ghoir leis é aon do laithibh ar an machaire i n-uaignios, gur mharbh é. Agus ba hé sin an céd-fhéillghníomh do-rinneadh san domhan ariamh. A haithle sin dubhairt Dia re Cain go raibh fuil a dhearbhbhráthar Abéil do dhoirt-sion go hégceart aindlightheach ag sgreadaigh ón talamh fár doirteadh í ag iarraidh díoghaltuis, agus ar an ádhbhar sin go ndénfadh díbearthach de, agus do easgaoin an talamh, go nach ttiubhradh toradh a shaothair dhó go bráth. Adubhairt Cain leis go hédóchusach gur mhó a choir ná mur dob fhéidir dhó maitheamhnus d'fhagháil, “Agus,” ar sé, “ós toil leat mo dhíbirt as do láthair agus do chúram fein, marbhthaigh an céd-duine theageóbhus damh gan déisdion mé.” “Ní hamhlaidh sin bhias,” ar an Tiaghearna, “óir gibé mharbhthas Cain pianfaighior fó sheacht é.”
Cuiridh na briathra so do labhair Dia re Cain duaigh agus doghraing mhór ar lucht mhínighthe an Scriptúir, óir measaid go coitchionn gurab é Cain do marbhadh le Lamech, .i. an seiseadh nó an seachtmhadh glún tháinicc uaidhe féin, gidh nach léighthear gur pianadh fó sheacht é. Agus chum go ttuigfeadh an léughthóir an ní so bíodh 'fhios ag gach aon gurbh é an Lamech so céd-duine do thionnsgain nó do thosaigh le dias ban do thabhairt nó do phósadh a n-aoinfheacht. Agus measaid na húghdair fhoghlamtha gur thréig Cain agus a shliocht a bheith a' treabhaireacht nó a' saothrughadh na talmhan do bhrígh, ón am ar easgaoin Dia é, nach ttugadh a thoradh dháibh. Ar an adhbhar sin do ghlacadar ceardaibh eile rena n-ais, mur atá, saorsacht crainn, gaibhneacht, agus seilg, agus meastar gur leis so go prionsapálta do bheathaigheadh Lamech é féin agus a dhias ban gona mhuintir go hiomlán. Feacht n-aon ar mbeith don Lamech seanda cian-aosta gan radharc tug giolla leis dá threórughadh, agus ar tteacht dóibh i ngar do thom coille adubhairt an giolla ris go raibh beathadhach ann agus a gha do dhíriughadh ar amus an bheathadhaigh chédna. Agus do-rinne an sean-laoch mur d'iarr air, agus do mharbh duine don urchar sin, agus measaid cách gurab é Cain do marbhadh. Agus an tan fuair dearbha gur duine do marbhadh leis, do
ghabh fearg ádhbhal-mhór é, gur bhuail an giolla comh mí-thrócuireach agus sin gur éug ar an láthair do ghoimh an bhuailte sin. Agus adeirid aroile ughdair gurab é a mhac féin Tubalcain, .i. “an ceard iaruinn” nó “an gabha,” ba giolla dhó an tan sin, agus gurab é ro mharbh ann a fheirg. Adeirid aroile go m'fhéidir nár mharbh sé aon-nduine acht gur a' tabhairt freagra ar a mhnáibh féin, .i. ar Áda agus Sella, do labhair sé, óir ar mbeith dháibh ag tabhairt achmhusáin dó agus imdheargtha fó mur do thionsgain sé bheith a' dénamh airm chum daoine do mharbhadh, go ndubhairt-sion dá marbhadh féin sean- nó óg-fhear nach arm budh cúis dó, óir gur mharbh Cain duine gan arm ar bith. Gidh eadh ní thig so leis an téx, acht measuim do réir Líránuis gurab iad a mhnáibh dobhí a' tabhairt imdheargtha dhó fó Chain do mharbhadh, óir go ndígheólfadh Dia ar a gcloinn féin an gníomh gráineamhuil do-rinne. Agus adubhairt-sion riú nachar bhfíor sin, óir gion gur chiontach Cain i ndúnmharbhadh a dhearbhbhráthar féin nach dearnadh díoghaltas air go ttáinicc an seachtmhadh glún, agus ós i n-aimhriocht do-rinne féin an marbhadh sin go raibh neamh-chiontach ar fheillghníomh, agus dá bhrígh sin nach dénfaidh díoghaltas ar an seachtmhoghad seachtmhadh glún 'na dhiaidh; agus fós nár mhian leis an giolla do mharbhadh acht bualadh smachtamhail do dhénamh air fá gan
coimhéd do dhénamh, nó féchuin go grinn, le fios do thabhairt dó an duine nó beathadhach dobhí roimhe. Adeirid aroile gur le hédóchus d'innis sé gur mharbh sé dias agus más é Cain do mharbh créd an t-adhbhar nár pianadh fó sheacht é do réir mur do gheall Dia dhó, agus fós créd mur is iontuigthe briathra Dé ag rádh nequaquam, .i. “ní marbhthaighear thú”, óir ní féidir briathra Dé do bhrégnughadh. Measuim gur féidir a rádh gurbh fhíor an ní adubhairt Dia isan gcéill ar labhair sé, óir ní i ndíoghail an fheilghníomha do marbhadh é acht i n-aimhriocht, agus dá bhrígh sin ní léighthear ar dhíoghaltus ar bith do dhénamh ar Lamech trésan marbhadh sin, óir dá bhfaiceadh é féin, nó an comhartha chuir Dia air, ní bheanfeadh ris. Ní fhaghmíd ar shliocht seanchuis go raibh sliocht ar Abél an tan do marbhadh é. Is ar shliocht Chain táinicc an dream so síos gona gcloinn, agus ní tháinicc aon díobh beó ón dílinn. Ag so a n-anmanna: Cain athair Enoch, athair Iareid, athair Mauiael, athair Matusael, athair Lamech, agus bhí mórán cloinne aige so leis an dias bhan dobhí aige, .i. Iabel, Tubal (Iabel do thosaigh le botha do dhénamh ar ttús; Túbal do thosaigh le ceól), Tubalcain dorug Sella (do thosaigh le gaibhneacht iaruinn agus práis), agus a dheirbhshiúr so Noema.
Do bháith an díle iad so mur dubhrus cheana, agus dá bhrígh sin is oirchios dúinn do réir an Scriptúra tráchta athghearr do dhénamh ar an dream d'fhág síol agus sliocht tar éis dílionna, .i. sliocht Seit mhic Ádhaimh. Ag so a n-amanna, a n-aois an tan do gheiniodar, a n-aois iar ngeineamhuin, agus aimsir a mbáis go dílinn: ...
An chéd-bhliadhain d'aois Ádhaimh dorug Éua, a bhean, Cain agus Calmana; i gcionn .xxx. bliadhan dá éis rugadh Abél agus a dheirbhshiúr Delbora. I gcean 99 mbliadhain dá éis sin do mharbh Cain go fealltach é. Do fuadaigheadh Enoch go Parthus seacht lá roimh an dílinn. Ar mbeith do Lamech 182 do geineadh Noe dhó, agus an tan do-chonnairc é, iar tteacht chum an tsaoghail do mhac-leanbh, thug taithneamh mór dhó, ag rádh, “Bhéuraidh an mac so fos agus socamhal dúinn ó shaothar ar lámh ar an talamgh so do mhallaigh an Tiaghearna.” Tuigthear as so gur le saothar a lámh agus a gcos do oibrighdís cách an talamh go teacht Noe i n-aois fheardha lér tionsgnadh agus lér tosaigheadh ar ttús an treabha le congnamh capall, ní nár fríth amach roimhe sin imeasg na ndaoine. Agus is mur sin tug socamhal do chách ón obair ro-shaothrach dobhí orra go n-uige sin. Ar mbeith do Noe i n-aois chúig céd bliadhain do ghein Sem, Cham, agus Iafeth, ór síoladh an mhéid tháinicc don chine dhaonna ó sin a leith agus an mhéid thiucfus fós go deireadh an domhuin; óir ní tháinicc gan bháthadh ón dílinn don chine dhaonna acht Noe, a thriúr mac agus a mnáibh. Óir an tan dotháinicc sliocht Ádhaimh i líonmhuiracht, ar mhodh gur líonadar urmhór na talamhan le háitigheóirigh, tug clann Dé, .i.
sliocht Seith, aire nó grádh aindlightheach do chlainn na ndaoine, mur deir an Scriptúir le sliocht Cain cholaigh; óir ar mbeith dona hinghinaibh sin áluinn deagh-chrothach do thairrngiodar sliocht an fhíréin orra, agus a n-aghaidh aithne Dé do choimisgsiod riú. Agus táinicc eatorra sin daoine uaibhreacha ainbhfiosacha drochiomchair, agá raibh pearsanna mór-ádhbhla mí-chumtha, dá ngoirionn an Scriptúir “athaigh,” gigantes. An tan do-chonnairc Dia uabhar, aindlighe, easumhalacht, agus mí-bhésaibh na druinge deamhnaighe sin agus na ndaoine eile go hiomlán: omnis enim caro corruperat viam suam, etc., óir dobhídar daoine na talmhan uile comh lochtach comh mí-bhésach agus sin nach bhfuair Dia aon-neach ceart nó fírénta ar an talamh acht Noe amháin, agus is uime sin adubhairt Dia go feargach go sgriosfadh na daoine agus gach ainbhidh dá raibh beó ar talamh, i n-uisge, nó i n-aidheóir, acht amháin Noe agus a chlann. Agus dá bhrígh sin tug fuagra dhó, céd bliadhain roimh an dílinn do theacht, áirc nó long mhór do dhénamh, áit a rachadh féin, a thriúr mac, cona mnáibh, maille le háraiseacha nó seómraighth iomdha eidirdhealbhacha do dhénamh innte le hiad féin agus síol gach beathadhaigh ghlain agus neamhghlain do chaomhna ar an díle, .i. cúpla do gach cinél díobh dochum síl, agus seacht gcúpla do
gach cinél beathadhaigh ghlain. Do-rinne Noe amhlaidh sin. Dar leat, ba maith an rogha nó an furfhógra do gach aon dá raibh beó an uair sin an áirc nó an long so do bheith dá dénamh ar feadh chéd bliadhain, agus i n-eirr na haimsire sin lónta 'bheith dá gcur isteach innte. Gidh eadh níor mhúsgail an méid sin as suan salach a bpeacaidhibh iad. I gcionn an chéd bhliadhain sin tug Dia fógra do Noe agus dá mhuinntir dul isan áirc, a lónta, maille ris na bethadhaigh égcéillidh, do chur isteach innte; agus arna choimhlíonadh sin dó ní cian gur thosaigh an díle do thuitim comh dásachtach sin gur hosgladh ós uchtaibh néull doirse uisgeadha an aidhéir go raibh ar an láthair gach mion-linn 'na muir, ionnus (i gcionn .xxxx. lá do mhair dórtadh na dílionn) go raibh na cnuic ba háirde isan domhan cúig cúbaitt déug fó uisge (Gen.7, v.20). Do chomhnuidh an t-uisge ar an talamh iar sin, agus níor thosaigh le traothughadh go ceann 150 lá, agus dobhí iar sin ag traothughadh go ttáinicc an céd-lá don deachmhadh mí, agus annsin go bhfríth amharc beacc ar fhíor-mhullaighe na n-árdchnoc. I gceann ceithre mí iar ttuitim don díle d'fhosgail Noe fuinneóg dobhí ar an áirc, agus do chuir fiadhach dubh amach d'fhios an bhfuigheadh áit chomhnuidhe ar chrann, ar charraig, nó ar chnoc; agus is í so “teachtaireacht an
fhéidh ón áirc”, óir ní tháinicc ar a ais ó sin amach. Do léig colum amach 'na dhiaidh sin, agus ó nach bhfuair sin áit chomhnuidhe do thuill ar a ais agus do ghlac Noe isan airc é. I gceann sheacht lá dá éis sin do léig arís an colum amach, agus táinicc um thráthnóna ar a ais agus craobh ghlas ann a bhél. 'Na dhiaidh sin ar an .xxi. lá don dara mí dobhí an talamh tirim ion-áitighthe. Is annsin adubhairt Dia riú dul amach as an áirc, iad féin agus gach ainmhidhe dá raibh innte mar aon riú. Agus do bheannaigh iad iar sin ag rádh, “Bídhidh torthach, iomadaigh, agus líonaidh an talamh,” crescite et multiplicamini, etc. Ar tteacht amach dhóibh do iodhbair Noe iodhbairt bheathadhach nglan ar altóir do-rinne féin don Tiaghearna. Dobhí Noe sé chéd bliadhain d'aois an tan sin. Do thaithnigh an iodhbairt go maith re Dia, agus uime sin adubhairt re Noe iarna bheannughadh gur fhág beathadhaigh, éisg, agus énlaith an domhuin fóna smacht le foghnamh dhó féin agus dá shliocht go bráth. Adubhairt fós nach sgriosfadh an domhan go bráth irís re díle agus do thoirmhisg orra fuil na mbeathadhach d'ól ná d'ithe, acht tug cead dáibh a bhfeóil d'ithe, agus adubhairt riú fós gibé do dhóirtfeadh fuil dhaonna go ndóirtfidh a fhuil féin, do bhrígh, ar sé, gurab ar íomháigh Dé do-rinneadh é (Gen. 9). A haithle sin do thosaigh Noe agus a thriúr cloinne (ó ttáinicc an cine daonna ó sin a leith) ar an
talamh do shaothrughadh. Do chuiriodar fíneamhuin, agus iar n-aipachiudh do na caora fíona dá ngoirthear grápaigh, d'ól Naoi féin cuid don fhíon gur chuir misge air, agus do chodail ar mhodh mhí-ordaighthe éigin ann a scálán, go ttáinicc a mhac Cam, ór chiniodar na Canaanaigh, agus ar bhfaicsin baill náirigh a athar dhó ghabh ag fonómhad agus ag fochmhuide fair, agus do-chuaidh d'ionnsaighe a dhearbhbhráithreach, agus d'iarr orra dul leis chum go ttaisbénadh adhbhar an fhonómhaid sin dáibh agus go ndénfadhdís fonómhod leis. Gidh eadh ní mur sin do-rinneadar acht an tan tángadar a n-amharc a n-athar do chuiriodar a mbruit ar a súilibh, agus ar tteacht ós a chionn dáibh do theilgiodar ar a uachtar iad gur fholaighsiod a náire. An tan do mhúsgail Noe as a shuan misgeamhuil ann a raibh, do-chualaidh beartaibh a mhic Cam agus do mhallaigh é, ag rádh, maledictus Cam: servus servorum erit fratribus, .i. go raibh mur thora mallacht air é féin agus a shliocht a bheith i moghsaineacht agus i sclábhaighacht dá dhearbhráithribh agus dá searbhfoghantaibh sin go bráth. Do mhair Naoi iar ndílinn trí chéd agus caogad bliadhain go bhfuair bás i n-aois 950 bliadhan, Gen. 9. Táinicc clanna agus sleachta líonmhura ar an
triúr mac sin Naoi. Ó Jafeth thánicc Gomer, Magog, Medai, Ianan, Túbal, Masoc agus Tiaras. Do chuiriodar sin tíortha móra agus tuatha fóna smacht féin. Clann Chaim, .i. Cus, Mesram, Phut, Canaan. Táinicc Nimrod ar an sliocht so, .i. fear mór ró-láidir dobhí díomusach droch-mhianach, agus do chomhnuidh sé isan mBabilóin, (d'aimhdhéoin shleachta Sheim dofuair an Asia mur chuid ronna, amhuil agus mur fuair sliocht Chaim an Aifric, gidh gur líonadar le foirneart mórán do chríochaibh eile), agus do shealbhaighdar an Bhabilón mur gach áit 228 bliadhain agus dá mhí ar feadh réime seacht rígh dá shliocht. Clann Shem, .i. athair na n-Eabhraigheach, Elom, Asur, Araphaxat, Lúd, Aran, Hus, Hul, Geter agus Mes. Araphaxat athair Shálé athair Heber, ar a ttáinicc sleachta móra do áitigh idir Messa agus sliabh Sephar. An tan do thionnsgain cách dona sleachtaibh sin gluasacht ón áird thoir le fairsinge talmhan do ghlacadh, adubhairt Nimrod agus mórán eile dhíobh nárbh fhoirchios dáibh sgaradh re chéile nó go ndénadís tor comh árd leis an bhflaithios, agus dobhí dar leó dá ádhbhar acu leis an tur sin do dhénamh, .i. chum leachta a n-uabhair agus a neirt d'fhagbháil 'na ndeóigh, celebremus nomen nostrum antequam dividamur, Gen. II. An dara
hádhbhar chum dá ttigeadh an díle irís go mbeithdís ar a ndaingion gan contabhairt báis. Ó stultitia ineffabilis! Do loisgiodar brícidh, agus dobhí láib mur mhuirtél acu, óir ní raibh coiléir chloch isan tír sin, .i. ar mhachaire Senaair dá ngoirthear Caldea anois do chuiriodar rompa an obair iongantach sin do chríochnughadh. Níor chuir Dia toirmeasg orra gur chuiriodar duaigh agus saothair mhóra orra féin. Is annsin do chuir sé aimhréiteach agus confúsion eatorra, gur chuir bérla eidirdhealbhach i mbél gach duine dhíobh, ar mhodh nár thuig cách a chéile dhíobh. Agus mur deir Seaán Ó Conuill, “an té d'iarradh cloch beirthí ael dó,” agus dob éigion dáibh sgur gan mhaill don obair dhíomhaoin sin, agus is uaidhe sin goirthear Tur Babel don tur sin, .i. turris confusionis. Is annsin do sgaoil agus do scap Dia na dronga sin ar feadh chríocha cianta coigcríocha na cruinne. Acht atá ní cheana, dobhí prionnsa ordhraic ionmholta an tan sin isan Scitia 'na rígh darbh ainm Féinius Farsaigh do shliocht Iapheit, .i. mac Baath mhic Magoig mhic Iapheit, agus ar bhfaicsin dó gurab ó iomadamhlacht na mbérladha nó na tteangthacha, agus óna gcoimisg, dotháinicc do lucht oibre an tuir Neamhruaidh sgor, óir ní raibh ar úsáid isan domhan roimhe sin acht aon-bhérla dá ngoirid lucht seanchuis Goirtiaghearn
nó Eabhruis, do chuir 72 (do réir uimhre na mbérladha dobhí ag an tur) ar feadh na gcríoch ann ar chomhnuidh gach aon fó leith do lucht na mbérladha sin rena bhfoghluim; agus ar tteacht ar a n-ais dáibh sin iar bhfoghluim na mbérladhaibh go hiomlán d'fhág Féinius ceannus a thíre, .i. na Scitia, agá mhac Neniúl, agus tug leis a mhac eile Niúl go Magh Senaar dá ngoirthear Babilón, áit ar chomhnuidh .xx. bliadhain i n-ard-cheannus sgoile ann a raibh na teangthaibh sin uile dá tteagasg; agus do thogh dias eile do dhaoine foghlomtha le congnamh do thabhairt dó, mur bhí, Gaoidheal mac Eathóir do shliocht Ghómeir ón nGréig, agus Caidh Caoinbhreathach ón Iucea, mur deir an sean-rann so tá ar sliocht seanchuis:
Féinius an saoi sreathach, Gaoidheal, is Caoi Caoin-bhreathach, triúr do threabh scríbhinn na sgol do lean d'fhíor-eing na n-úghdar.
Adeirthear gurab iad an triúr so do sgríobh aibghitre na ttrí bpríomh-bhérla, mur atá, Eabhrais, Grégis, agus Laidin. I gceann dá ched dá fhithchid agus dá bhliadhain d'éis dílionn do thosaigh an sgoil so. Iar mbeith do Fhéinnius .xx. bliadhuin, mur dubhrus cheana, i gceannus na sgoile sin, do-chuaidh
ar ais go Sgitia, agus ar ndénamh a thiomna dhó d'fhág a ríghacht mur oighreacht agá mhac Neniúl, agus sochar a fhoghloma agá mhac Niúl do-chuaidh ar chuire Rígh na hÉgipte a' cumhdach sgoile go hÉgipt, áit a bhfuair inghean an rígh sin le pósadh, dárbh ainm Scotia, ó ttáinic Gaoidhil Éirionn agus Alban. Agus gibé lér mhian fios imtheachta, eachtra agus dála shleachtaibh na lánamhna so nó go ttángadar go hÉirin, agus ó sin a leith, léughadh sean-leabhra gabháltais na hÉirionn, mur atá, Leabhar Bhaile an Mhúta, Leabhar Leacáin, Séthrún Kéting, agus mórán do shean-leabhraibh eile. Óir, do bhrígh gurab í stair an Bhíobla is mian damh-sa leanmhuin ann so, ní hoirchios dam stair shaoghalta do choimeasg tríthe. Do imtheachta agus do iomthúsaibh Ábraim dár goireadh Ábraham annso síos. An Dara Caib. Tar éis coimisg na mbérladha nó na tteangtha ag tur Babel dotháinicc sliocht mór líonmhur ar Shem, agus is dá shliocht leanfam go sunnradhach do bhrígh gurab uaidhe dotháinicc na Príomhaithreacha nó na Patriarcaibh do lean creideamh agus dlighe Dé, .i. Ábraham, Isaac, Iacób, agus Críosd fós ar Slánaightheóir do réir a nádúire daonna.
Óir ba hé Sem athair Araphaxaid, athair Shále, athair Hebeir (ó n-ainmnighthear an teangaidh Abhruis), athair Phálec, athair Reu, athair Sharuic, athair Nachoir, athair Tháre, athair Ábraim, Náchoir agus Araim. Agus bá hé an tÁram so athair Loith agus Shárai, bean phósda Ábraim, dobhí seal fada aimrit nó neamh-thorthach. Tug Thare a chlann agus a mhuintir go hiomlán as Úr, .i. as teinidh na Caldea chiallaighios íodhaladhradh, go Háran leis, agus do chomhnuidh ann. Is annsin do labhair an Tiaghearna re Ábram, agus adubhairt ris: “Tréig do thír, h'athardhacht, do ghaolta agus do dhúthchus, agus gluais chum an talaimh thaisbénus mise dhuit, agus imghidh,” ar sé, “as comharsannacht na Caldea ar fad, agus bhéurad-sa ceannus ar mhórán do chineadhachaibh dhuit; médeóchaidh mé h'ainm agus do chliú; beanneóchaidh mé fós don dream bheanneóchus, agus beidh mo mhallacht ag gach dream mhalleóchus duit.” Do ghluais Ábram gona mhnaoi iar sin mar aon re Lot lena mhnaoi agus rena chlainn sin, agus thugadar uile gach maoin agus gach édáil dá raibh acu leó as Áran go rángattar go tír na Canaam agus tríd an tír sin go rángadar go Sichem. Agus ar tteacht annsin dóibh do labhair an Tiaghearna irís le hÁbram, agus adubhairt ris go ttiubhradh
an tír sin dá shliocht go bráth. Do-rinne Ábram iodhbairt annsin don Tiaghearna agus do-rinne puibleacha, .i. botháin nó scáláin, dó féin agus dá mhuintir, ar an gcnoc atá don taobh thoir do Bhéteil agus ar an taobh shiar do Hai. Agus ar n-aistriughadh dhó as sin gusan áird thoir don chrích sin, tánicc gorta mhór isan tír chédna sin, gurbh éigion dó gluasacht eisde don Égipt ag iarraidh beatha. Agus ar ndul isteach isan gcrích sin do Ábram adubhairt sé re Sárai, “Guidhim thú,” ar sé, “abair re lucht na críche so gur tú mo dheirbhshiúr, óir an tan chífios cách annso méd do scéimhe agus h'áille muirfid mise tríod; gidh eadh, má deir tú gur deirbhshiúr dhamh tú béid go maith dhamh ar do shon-sa.” Agus dob fhíor sin, óir ní luaithe do-chonnairc uaisle agus árd-fhlaithibh na hÉgipte scéimh agus áille Shárai ná do líonadar le grádh agus le mór-thaithneamh dhí. D'innsiodar fós don rígh Pharao go raibh a samhail do mhnaoi isan áit, agus do mholadar dhó a pósadh. Arna chlos sin don rígh do chuir fios agus teachta 'na cuinne, gur tugadh chum a pháláis í. Agus tugadh fíor-chaoin fáilte agus rogha áite comhnuidhe do Ábram, dá eallach agus dá mhuintir. Acht do chuir Dia sciúrsa díoghaltach ar Pharao tré mhnaoi Ábraim do chongbháil. Do chuir
Pharao iar sin teachta i gcuinne Ábraim, agus ar tteacht dá láthair dhó dothug sé imdheargadh agus iomarda gér dhó tré gan innsin dó ar ttús gurbh í Sárai a bhean phósda, agus adubhairt ris a bhean do bhreith chuige féin agus gan comhnuidhe do dhénamh isan tír, óir gurbh fheas dó féin go raibh muintir na críche sin an-toileamhuil do mhnáibh áille, agus go m'fhéidir do neoch eigín díobh a buain ré héigion de, agus fós é féin do mharbhadh dá ttairgeadh a congbháil ó mhasla. Ní chuirionn an Scriptúir síos créd iad na píonúis do chuir Dia ar Pharao acht is dearbhtha gur chuir eagla agus uathbhás mór air. Iomthúsa Ábraim, do ghluais lena mhnaoi, lena mhaoin, agus lena mhuintir, mar aon le Lot agus lena mhuintir ar-cheana, go ndeachadar go hairm a rabhdar ar ttús, agus gur chomhnuidhsiod uile idir Bhéteil agus Hai, agus do-rinne iodhbairt ar an altóir do chóiridh sé ar an áit sin roimhe. Ní cian dá éis sin gur mhéudaigh a ttréda agus gach gné dá gceathra ar gach leith, ar mhodh go mbíodh imreasan, easaonta, agus conbhliochta gnáthacha idir aodhairaigh Ábraim agus Loit, go ndubhairt Ábram re Lot: “Dearbhbhráthreacha sinn,” ar sé: “ná bíodh imreasain ná easaonta ní sia idir ar lucht feadhma nó ar n-aodhairigh; acht druid uaim;
tabhair fairsinge dhuit féin; glac do roghain dona hárdaibh 'nár ttimchioll, agus glacad-sa an taobh eile.” Dobhí foirionn do Chanaamachaibh agus do Fheiriséibh 'na gcomhnuidhe isan tír an tan sin. d'fhéch Lot 'na thimchioll agus do-chonnairc talamh áluinn mur Phárthus sínte re sruth Órthannáin, agus gé gurbh olc na comharsanna do fuair ann, do ghlac mur roghuin comhnuidhe innte, agus do thogh cathair na Sodaime mur áit chomhnuidhe dhó féin agus dá mhuinntir. Iar sgaradh re chéile mur sin dáibh do labhair Dia ré Ábram, agus do gheall dó go ttiubhradh an mhéid talmhan dobhí ar gach taobh ann a amharc dó féin agus dá shliocht go bráth, agus do gheall dó fós go mbeith a shliocht comh líonmhur agus comh do-áirmhe le gaineamh trágha agus le raellanna na bhflaithios, agus adubhairt leis an dúthaigh sin do shiubhal agus do bhreathnughadh ar a fad agus ar a tarsna, óir do ttiubhradh dhó agus dá shíol í. Iar sin d'athraigh Ábram a phubaill, agus do chomhnuidh i nGleann Mambre i Hébron, agus do-rinne iodhbairt ann. An Treas Caib. Tarla 'mun am sin cogadh agus coinbhliocht mór idir naonmhur ríghthe: ceathrar dhíobh i
n-aentaobh, .i. Amraphel rígh Sennar, Arioch rígh Ponti, Chodarlahomer rígh na hElemítibh, agus Thadul rígh na gcineadhach; na ceithre ríghthe sin i n-aghaidh Bara rígh na Sodoime, Bersa rígh Gomer, Sennaab rígh Adame, Semeber rígh Seboim, agus rígh Bále dá ngoirthear Ségor. Táinicc na cúig rígh sin cona sluaghaibh, agus chuiriodar a gcampa i nGleann Choilteach áit a bhfuil an Mhuir Shaluinn anois. Is é adhbhar is prionnsapálta fár thosaigh an cogadh so áird-chíos dobhí ag Chodorlahomer ar na cúig ríghthe réimhráite ar feadh .xii. bhliadhan, agus an treas bliadhain décc do-chuadar i n-easumhlacht. Agus is uime sin tháinicc Chodarlahomer cona cháirde go ttug maidhm chatha agus chosgair na gcúig rígh sin réimhráite, agus ar ttabhairt maidhme agus áir orra do thuitiodar ríghthe na Sodoime agus na Gormortha i bpoll moirtéil nó láibe dobhí i nGleann Choilteach, agus do theith an méid tháinicc ón ár fó shléibhtibh, gur chreach agus gur airgsiod na ceithre ríghthe cosgracha sin an ríghacht go hiomlán, go ttug a mbraighde, a maoine agus a lónta leó go hiomlán, agus imeasg cháich tugadar Lot cona mhuintir agus gona mhaoin leó. Arna chlos sin d'Ábram do chuir gairm agus cruinniughadh ar thrí chéd agus ocht bhfeara décc dá lucht feadhma agus seirbhíse féin, agus do ghluais leó i ttóruighacht Loit go rug orra ag Dan. Do
roinn Ábram a mhuintir annsin, agus táinicc go tobann annsin an oidhche chédna ar an namhaid, go ndearnaidh treasguirt agus dícheannadh mór orra, go raibh dá ttóruighacht agus a' dénamh áir orra ó Dhan go Hóba ar an láimh chlé do Dhamascus, gur bhean na braighde, na creacha, Lot maille lena mhaoin agus lena mhuintir, agus gach uile ní eile dá ttugadar go haimhdheónach as tír na Sodoime agus Gomorra leó, dhíobh. Do thuill Lot ó Dhia an túinisg so d'fhulang, do bhrígh gur sgar go ró-thobann leis an té ba naomhtha bhí ar an talamh, go ttug do roghuin comhnuidh imeasg na ndaoine ba mallaighthe, ba mí-bhésaigh, agus ba mí-cheannsaigh dhá raibh ar an talamh an tan sin. Ar bhfilleadh d'Ábram le buaidh chosgair ón ármhach sin, táinicc rígh na gCanaamach 'na chuinne, agus d'fháiltigh le lúthgháire mhóir roimhe. Agus adubhairt leis gach maoin, gan spré, agus gach édáil dár bhean don namhuid do chongbháil ann a sheilbh féin, acht amháin na braighde do thabhairt ar a n-ais. Do fhreagair Ábram ag rádh nach glacadh féin agus nach sealbheóchadh uiriod éille bróige dá raibh do mhaoin ná d'édáil ann, acht go ttiubhradh a chuid do gach duine dár creachadh acht amháin beatha agus tuarusdal a mhuintire an feadh bhádar dá saothrughadh ag imtheacht agus ag teacht tar a n-ais. Agus adubhairt fós nach beith le rádh ag aon-nduine choidhche
go rachadh féin i ttoice ná i saidhbhrios le maoin cháich eile, do bhrígh gur gheall Dia a leórdhaoithin dó féin. Is follus as so gur le deagh-mhéin agus le deagh-inntinn do-chuaidh Ábram i ttóruighacht na gcreach agus na mbraighde réimhráite, agus nach le saint ná glóir dhíomhaoin, acht do bhíthin a ghráidh agus a charrthannais do mhac a dhearbhbhráthar, .i. Lot. Is uime sin dofuair mur chomhartha ar bhuidheachas Dé do bheith air fón ngníomh sin ar an láthair go rug buaidh, le lán glaice do bhuidhin bhicc neamh-sheólta i ngníomha cogaidh, ar ceathrar ríghthe gona sluaghaibh seólta dobhí lán d'áthus agus do mheanma fó na buadhaibh móra dofuaradar ar naimhde do mheasadh a bheith ró-thrén roimhe sin. Iar sin táinicc Melchisedech rígh Sálem agus sagart an áird-Dhia uile-chumhachtaigh i gcoinne Ábraim agus do-rinne iodhbairt aráin agus fhíona do Dhia ar an láthair sin; agus iarna dhénamh sin dó do bheannaigh sé Ábram, agus tug Ábram deachmhaidh dhó as an iomlán dá raibh aige annsin. Adeir S. Ambrós gur mó an ghlóir do thuill Ábram fó gan aon-chuid don chreich sin do chongbháil aige féin ná fón mbuaidh dorug ar an námhaid.
AN CEATHRAMHADH CAIBIDIL. Iar tteacht ar a ais d'Ábram ón ár agus ón treasguirt do-rinne sé ar na ceithre ríghthe réimhráite cona sluaghaibh, agus iar gcur Loit ann a sheilbh féin mur bhí roimhe, dobhí sé go síthchánta socair, i sógh agus i saidhbhrios, gan easbhaidh ar bith acht amháin gan clann nó mac oighreacht féin do bheith aige, ná dóchus go mbeith sin go bráth aige do bhrígh go raibh a bhean aimrit neamh-thorthach. Gidh eadh, ní cian dá éis sin gur tholaidh Día sásadh sochrach a umhlacht agus a fhoighde 'thabhairt dó, óir contrárdha da gach dóigh agus do gach cosmhulacht do gheall dó go mbéradh Sárai (dobhí an tan sin aosta aimrit) mac maith dhó ar a ttiucfadh sliocht comh líonmhur re réllanna an fhlaithis nó ré gaineamh na ttrágh. Agus gídh gurbh égcosmhuil an ní sin, ní bhfuair Ábram docamhal ann a chreideamhuin, do bhrígh gurab í an phríomh-fhírinne uile-chumhachtach, .i. Dia, adubhairt ris é: credidit Abraham contra spem. Acht i n-aimsir éigin 'na dhiaidh sin do ghlac Sárai doilghios agus mí-fhonn mór tré gan clann do bheith ag Ábram, agus adubhairt sí leis a hinnilt féin, .i. Ágar, do ghlacadh mur mhnaoi agus clann do dhénamh léidh. Arna chlos sin d'Ábram do mheas gur ó Dhia tháinicc an t-ordughadh sin i
gcroidhe a mhná, agus do-rinne a comhuirle gan fhuireach. Gidh eadh, ní cian go bhfuair Sárai le daor-eolus nach adhbhar sóláis dí féin d'iarr sí an tan sin, acht adhbhar mór dóláis agus buadheartha; óir an uair dofuair Ágar d'onóir luighe rena maighistir féin, agus go bhfacaidh comhartha sleachta uirre féin, thug tár agus tarcuisne do Shárai fá bheith aimrit neamh-thorthach dhí, ar mhodh go ndeachaidh i n-easumhlacht 'na haghaidh agus gur dhiúlt a bheith ní ba sia fóna smacht, agus gacha mhionca do labhradh Sárai léidh is freagra easaontach earráideach do-gheibhadh uaithe. Do chasaoid Sárai sin go gearánach le Ábram; agus chum go ttuigfeadh sí agus go gcreidfeadh go fírinneach nach eision tug aontadh ná uchtach do mhí-bhésaibh agus do easumhlacht Ágair dhí, do thréig sé í agus adubhairt ré Sárai gach ní bá toil rena hinntinn féin do dhénamh rena smachtughadh. Agus do-rinne Sárai sin ar mhodh gur mheas Ágar nárbh fhéidir dhí féin méud a cruadh-dhála d'iomchar, agus dá bhrígh sin do thionnsgain imtheacht agus éuleó as amharc Shárai. Agus ar mbeith ag imtheacht dí mur sin tárla i ndiamhair fhásaigh i bhfad ó árus agus ó chabhair bídh nó dighe í, agus ar mbeith go himnígheach annsin dí, lán d'eagla go bhfuigheadh bás le gorta ann, tháinicc aingeal Dé chuigthe, agus d'fhiafraidh
dhi cá háit as a ttáinicc, nó cá háit a raibh a triall. Do fhreagair sise go fírinneach, agus d'innis dó gur teitheadh do-rinne óna maighistreás. “Máseadh, ná dén-sa sin,” ar sé, “acht fill tar h'ais, agus umhlaidh thú féin dá láthair; admhaidh do chortha; tabhair úmhla agus onóir feasda dhí, do réir mur atá d'ualach ort.” Féch agus tabhair dod h'aire mur ordaighios Dia a gceart féin do gach aon, agus nach bhfuil dá mhéd tiodhlaice dá ttugann do neoch nach mó sa chách iarrus orra beith umhal uirísiol, agus diúltadh go hiomlán don díomus. Do-rinne Ágar comhuirle an aingil, agus ní cian dá éis sin go rug sí mac maith d'Ábram darbh ainm Ismael, ó bhfuilid na hIsmaelítigh agus na Sarasínigh, darab ainm ceart Ágarisínigh, tar cheann gur ainmnighsiod iad féin ón mnaoi shaoir sho-mholta, .i. ó Shára. AN .5. CAIB. Anno Mundi 2107. I gcionn thrí mbliadhan dá éis sin do thaisbéin Dia é féin d'Ábram, agus thug dearbhadh deimhneach ar gach ní dár gheall roimhe sin dó, agus do cheangail
connradh nuadh leis, agus adubhairt ris nach Ábram do bheith mur ainm ó sin amach air, acht Ábraham darab ciall athair mhóráin cineadhach, agus nach Sárai goirfidh feasda dá mhnaoi acht Sára, .i. bean phrionnsa, agus adubhairt leis fós go mbéuradh Sára mac dhó. Arna chlos sin d'Ábraham dothug moladh agus buidheachus mór do Dhia, agus do-rinne umhlacht agus adhradh dhó, agus ag bualadh a aghaidh re lár do-rinne gean beag gáire, ag rádh ann a inntinn, “An féidir do neoch mur tá mise, i n-aois mo chéd bliadhan, mac do bheith le teacht chugam as bruinn Shára atá anois ceithre fithchid bliadhuin d'aois?” Agus dothug an Tiaghearna dearbhadh dhó ar an ní cédna. Ní cian d'aimsir 'na dhiaidh sin, ar mbeith d'Ábraham i tteas an lae 'na shuidhe i ndorus a thabernaiceil, nó a scáláin, go bhfacaidh triúr d'óg-fhearaibh áille dá ionnsiaghe. Agus ba triúr aingeal iad sin. Agus do dhruid Ábraham 'na gcuinne, agus tug fíor-chaoin fáilte dháibh, óir dobhí sé comh fhial sin agus nach bhfuilingeadh do neoch dul thairis gan aoidheacht bídh, dighe, agus gach comhghair eile dá bhfédadh, a thabhairt dáibh. Agus mur sin do labhair ris na hógánaigh sin, agus adubhairt leó comhnuidhe do dhénamh ann' fhochair féin agus uisge do chur ar a gcosaibh, óir do shíl sé gur dhaoine saoghalta iad. d'iarr fós d'athchuinghe orra bia agus deoch do chaitheamh,
agus do aontaídar sin do dhénamh. Is annsin adubhairt Ábraham re Sára trí haráin do bhruith fón ngríosaigh; agus do-chuaidh féin amach agus tug laogh ramhur biata leis; agus iarna ullmhughadh dhó do chaithiodar proinn. Iar sin d'fhiafraighdar d'Ábraham, dobhí 'na shuidhe 'na bhfochair ar scáth an chroinn fór chaithiodar bia, cáit a raibh Sára. Adubhairt-sion go raibh sí istigh isan scálán. Do fhreagradar na hógánaigh annsin, ag rádh: “Fón am a ttillfiom-ne ar ar n-ais,” ar siad, “geinfidhar mac fóna bruinn.” Arna chlos sin do Shára do-rinne gáire. d'fhiafraidh na haingil d'Ábraham créd fá ndearnaidh sí an gáire, nó ann é gur mheas sí go raibh ní ar bith do-dhénta ag Dia uile-chumhachtach. Do ghlac sise uathbhás mór fón imdheargadh sin agus do shén an gáire, óir ní le fonómhad do-rinneadh é. Is mór mholaid na haithreacha naomhtha Ábraham annso fón bhféile dobhí ann. Molaid fós méud umhlachta Shára, óir ní dá taisbénadh féin ná ag iarraidh buidheachuis na ndeóraibh do-chuaidh sí, acht fuireach istigh agá bhfreasdal.
An .6. CAIB. DO SCRIOS NA SODOIME AGUS NA GOMORTHA Anno Mundi 2107. A haithle na geallamhna sin do thabhairt d'Ábraham agus do Shára dona haingil, .i. go ttiucfadh mac maith eatorra, agus ar mbeith dháibh ag ceileabhra re hÁbraham, adubhradar ris go scriosfadhdís cathair na Sodoime, “Óir atá a bpeacaidhibh líonmhura comh gráineamhuil sin,” ar aon díobh, ag labhairt i bpearsain Dé, “ag screadaigh orum ag iarraidh díoghaltais.” D'iarr Ábraham mur athchuinge air annsin gan na fíréin dobhí innte do sgrios, acht a gcaomhna. Agus iar mbeith seal dá ghér-ghuidhe mur sin do fhaomh, ar athchuinge Ábrahaim, an chathair do chaomhna ar an lérscrios dobhí re dénamh uirre má bhí deichneabhar fírén innte. Agus ní fríth an uimhir sin d'fhíorénaibh imeasg na druinge coirpe crosda coinnioll-bháite dobhí ag áitiughadh na cathrach sin. Acht go dlúth dá éis sin táinicc dias aingeal i gcruth deise ógánach go cathair na Sodoime, agus tárla Lot dáibh um thráthnóna (mur fa gnáth leis) 'na shuidhe i ndorus na cathrach, agus d'iarr orra dul leis maille le dúthracht agus le díthchioll mór dá thig, agus comhnuidh an oidhche sin aige.
Agus do-chuadar leis dochum comhnuidhe 'na thigh an oidhche sin, gídh go ndearnadar docamhal ar ttús um dhul leis. Óir mur bhí oidios phátarrúin na féile, .i. Ábrahaim, ag Lot, do chuir éigion orra le dul leis, agus do ghlac go lúthgháireach ann a thigh iad, go ndearnaidh sollamhain agus fleadh mhór dháibh. Agus iar gcaitheamh proinne dhóibh, an tan bhádar dá n-ullmhughadh féin le dul chum suain, tháinicc drong do lucht mallaighthe millteacha na cathrach i ttimchioll thighe Loit, agus d'fhiafraidh cá raibh an dias ógánach tháinicc dá thigh an tráthnóna roimhe, agus d'iarr ar an láthair a gcur chucu amach lena mbrúideamhlacht Shodomtha do shásúghadh. Do ghlac buaidhreadh agus dólás mór-adhbhal Lot ar glos na n-aithiosg ngráineamhuil sin dó, agus do-chuaidh amach dá n-ionnsaighe agus dá nguidhe, ag iarraidh orra gan masla do thabhairt dá aoidhibh. Gidh eadh, níorbh fheirde dhó, óir is iomdha trillán agus urchar maslaightheach do chuiriodar ann; agus adubhradar go feargach leis nach raibh acht deóraigh ann, dár chóir a bheith sásda do bhrígh gur fhuilingiodar dhó beith síthchánta go n-uige sin 'na measg agus gan glacadh rén' ais go príbhiléideach a bheith a' tabhairt comhuirle a n-aghaidh a gclaonta dáibh; agus annsin dob áill leó a mharbhadh nó gur tharraing na haingil chucu é. Agus an tan dob áill leó teacht chum
an doruis agus a bhriseadh níor léur dáibh é, óir do dhall Dia a súilibh ar an láthair. Gidh eadh, níor mhúch sin a n-ainmhianaibh brúideamhla, óir dobhídar ag smérthacht lena ndernannaibh ag iarraidh an doruis. Is mur so bhíos na peacachaibh do-cheannsaigh do ghnáth; óir ní ghlacuid rogha le pionúis do chur orra: bíodh 'fhiadhnuise sin ar Pharao agus ar mhórán eile. Ba cosmhuil iad so fós, iarna ndalladh, le lucht an iomthnúith chuirios rompa mí-chliú agus mí-ghnaoi do chur ar na fíréin; gidh eadh, ní fhaghaid rompa acht ballaighe dúnta gan dorus, tré nach féidir leó dul isteach, .i. deagh-chliú a neagh-oibreacha. Iar saoradh Loit dona haingil mur sin ó dhíoghaltus agus ó ainmhian lucht cathrach na Sodoime, adubhradar ris, má bhí cliabhuin nó fear inghine isan mbaile aige, rogha a thabhairt dáibh le teitheadh gan mhaill, agus é féin mar aon riú, óir gurbha hé Dia do chuir iad i tteachtaireacht le dianscrios do chur ar an gcathair mhallaighthe sin agus ar a háitigheóiribh go hiomlán, óir go raibh a gcortha agus a bpeacaidhibh do-áirmhithe gráineamhla ag screadaigh do ghnáth ag iarraidh díoghaltais do dhénamh orra. Tug Lot an rogha sin gan fhuireach do dhís áirighthe dár chinn sé a dhias inghean do thabhairt le pósadh, arna mheas dó go rabhdar ní ba
subháilcigh agus ní ba so-cheannsaigh ná an chuid eile d'áitigheóiribh na Sodoime. Gidh eadh, is ar modh magaidh nó fonómhaid do ghlacadar a rogha, óir níor chreidiodar aen-ní dá ndubhairt riú. A moch na maidne arna mhárach adubhairt na haingil re Lot é féin agus a mhuintir do bhreith amach as an gcathraigh gan mhoill; agus ar bhfaicsin dóibh gur ghlac spadántacht agus leisge íad tugadar féin ar láimh leó as an mbaile amach iad, agus adubhairt riú annsin a ndíchioll do dhénamh le hiad féin do shaoradh ar a losgadh, le teitheadh prap do dhénamh; agus adubhradar riú fós, i bpéin díoghailtais, gan aon acu d'fhéchuin 'na ndiaidh nó go mbeithdís as conntabhairt. d'iarr Lot orra annsin cead do thabhairt dóibh comhnuidhe do dhénamh i mbaile bheag dobhí i ngar dhóibh dárbh ainm Segor, agus iar ttabhairt na hathchuinge sin dóibh d'iarr na haingil orra deifir do dhénamh, óir nárbh fhéidir leó féin an díghbháil mhór do dhénamh nó go mbeithdís-sean ar a ndaingean. Agus leis sin do sgaradar re 'roile. Ní cian iar sin, ar gclos toruinn mhóir agus troim-pléusga na lasrach agus, dar ndóigh, éimhghe agus screadaigh na druinge dobhí dá losgadh agus dá gcoscairt do mhnaoi Loit, d'fhéch 'na diaidh tar aithne na n-aingeal nó lé dearmad; acht gibé mur thárla sin, ní luaithe thug an t-amharc 'na
diaidh ná do-rinneadh pilér nó colamhuin shaluinn di a ndíoghaltus a heasumhlacht. Adeir an Scriptúir a' tabhairt tuarusgbhála ar an diansgrios sin gur dhóirt Dia anuas as na flaithis ceatha teineadh agus sulfuir ar an gcathair sin agus ar na cathracha bá coimhneasa dhí, gur loisg go luaithreadh iad uile eidir bhallaighibh, fhear, mhnaoi, agus leanbh. Iar ndul go Ségor do Lot agus dá dhias inghean, do ghlac uamhan agus úathbhás mór iad ar bhfaicsin cheithre gcaithreacha arna scrios agus arna losgadh le tinidh agus le sulfur 'na ttimchioll. Do mheasadar go ttiucfadh an díoghaltus cédna ar Shégor, agus uime sin do theithiodar chum sléibhe. Agus iar mbeith annsin dáibh leó féin 'na n-aonar, do shíliodar nach raibh aen-duine don chine dhaonna beó acht iad féin amháin. Is ar an ádhbhar sin do chinn ingheana Loit ar chomhuirle eatorra féin, .i. gan an cine daonna do léigion i mbáthadh síl, agus do chogradar a n-athair do chur ar meisge le fíon, agus luighe fó leith leis chum go ndénfadh coimhriachtain agus clann riú. Agus iar sin do luigh an inghean fa sine ris, an chéd-oidche. Agus níor mhothaidh Lot ag luidhe ná ag éirghidh í, acht do geineadh mac eatorra an oidhche sin dár ghoir Lot Moab, ó ttáinicc na Moabítigh. Agus an dara hoidhche do luigh an dara hinghean gur toirrcheadh í leis an bhfeis cholamhail chédna
sin, go rug mac darbh ainm Amon, ó ttáinicc na hAmonítigh. AN .7. CAIB. DON PHIONÚS DO CHUIR DIA AR ABIMELECH RÍGH CRÍCHE GERÁR. Anno M. 2107. Go grod i ndiaidh an díoghailtais sin do theacht ar na cathracha crosda réimhráite, táinicc gorta i ttír Chanaam, gurbh éigion d'Ábraham agus dá mhuintir gluasacht go Gerar. Agus ar tteacht don tír sin dáibh adubhairt Ábraham le Sára a rádh gurbha deirbhshiúr dhó í (agus bá fíor sin, óir ba inghean dearbhbhráthar dhó í dar ghnáthach deirbhshiúr do ghairm an tan sin). An uair do-chualaidh Abimelech rígh Gerar go ttáinicc an bhean áluinn sin dá thír, do chuir teachta 'na cuinne, agus tugadh Sára chuige. Acht do labhair Dia an oidhche chédna le Abimelech ag rádh ris, muna gcuireadh a bhean phósta gan truailliughadh ar a hais go hÁbram, go mbáiseóchadh é féin agus a mhuintir. Do ghlac uamhan agus uathbhás mór Abimelech ar gclos na mbriathar
mbograch sin, go ndubhairt le Dia go ndénfadh gach ní do réir a thola, agus dá mbeith 'fhios aige gurab í bean Ábrahaim dobhí ann nach n-iarrfadh air í. Do ghlac Dia sin uaidhe, agus adubhairt ris gurab uime sin nár fhuiling dhó an peacadh do dhénamh. Do chuir Abimelech an oidhche chédna teachta i gcuinne Ábrahaim, ag rádh ris a bhean do bhreith leis chuige féin, agus tug tabhartuis adhbhalmhóra dhó. Do ghuidh Ábraham Dia ar a shon, agus fuair maitheamhnus dó, maille le sliocht mór do theacht air. Is follus as so méd an fhuatha agus na grána bhíos ag Dia ar pheaca gráineamhail an adhaltrannuis. AN .8. CAIB. ISMAEL ARNA DHÍBIRT. 2108 A.M. Ar tteacht d'aimsir coimhlíonta na geallamhna thug Dia do Shára rug sí mac i n-aois a ceithre fithchid bliadhain, agus tug Ábraham Ísaác d'ainm air. I gcionn ocht lá do-rinneadh timchioll-ghearradh air, do réir mur d'aithin Dia d'Ábraham roimhe sin. Agus gídh go raibh Sára 'na bainphrionnsa mhóir, is í féin do-rinne a mac d'oileamhuin agus d'altrum (Dar leat, budh maith
an siompla sin do mháithreacha uaibhreacha anmhianacha na haimsire so thug barr mí-nádúire ar na beathadhaigh égcéillidh); agus an uair do coisgeadh do dhiúl cíoch é do-rinne Ábraham fleadh agus sollamhuin mhór lúthgháireach, mur do-ní an pastúir maith ar a mbíonn lúthgháire mhór, an tan do-chí a chlann spioradálta ag borradh agus ag fás i slighthibh inbhir na subháilceadh. Acht gidh eadh, mur nach buan an sólás saoghalta agus gur gnáthach dólás a theacht rena shálaibh, extrema gaudii luctus occupat, ní cían do mhair an sólás mór sin ag Sára go ttáinicc damhna dóláis chuigthi; óir ar nglacadh iomthnúith mhóir d'Ismael mac Ágair, tré mur do mheas gan amhrus gurab é Ísaác mac Shára do-gheúbhadh oighreacht, maoine, agus saidhbhris Ábrahaim go hiomlán, do thionnsgain mí-mhodh agus easeamhlacht do thabhairt do Shára, ionnus gur sháraigh a mháthair féin, .i. Ágar, i ndrochmhúnadh agus i mí-bhésaibh, agus dothug sé fós re tuigsin do gach aon lena dhroch-iomchar agus le gach beart mailísioch dá n-imreadh ar an leanbh Ísaác go raibh fuath agus miosgus aige dhó. Arna thabhairt sin fó deara do Shára d'iarr sí mur athchuinge ar Ábraham é féin agus a mháthair Ágar d'ionarbadh, óir ba heagail léidh go mbáiseóchaddís go fealltach a haen-mhac
dil féin. Do ghuill sin ar an duine naomhtha, acht go ttug Dia an fógra cédna dhó le toil Shára do choimhlíonadh do réir mur d'iarr sí air. Annsin do ghlac Ábraham cáca aráin agus leastair uisge, agus arna ttabhairt mur lón do Ágar agus dá mac adubhairt riú imtheacht ar deóraighacht uaidhe. Ar mbeith arna n-ionarbadh mur sin dáibh dobhídar ag imtheacht go ttárla go fásach Bhersabe iad. Is annsin d'imghidh as a gcuid lóin uisge, go rabhdar i gcruth báis lé tart. Do-chuaidh Ágar as amharc a mic, agus do shuidh sí fó bhun crainn ar leith chum nach bhfaiceadh é a' fagháil bháis. Ní cian dobhi sí annsin go ttáinicc aingeal cuigthe ag rádh léithe cúram agus coimhéd maith do bheith aice ar a mac, óir go ngeinfidh mórán do chinedhachaibh uaidhe. Agus do thaisbéin tobar fíor-uisge dhí dobhí i ngar don áit chédna sin. Ag so, do réir mur deir Pól apsdal, fighair Eaguilse Chríosd agus na Synagóige; óir gibé bhés 'na Ísaác, .i. 'na fhírén, is éigion dó iomthnúth cháich eile d'fhulang agus truaighe do bheith aige d'Ismael, .i. dona Iudaighibh, dona heretigidh, agus dona págánaigh fós, tá arna ndíbirt tréna gcortha féin ón oighreacht shíorruidhe.
AN .9. CAIB. DON IODHBAIRT DO-RINNE ÁBRAHAM. Anno Mundi 2133, roimh Chríosd 1871. Iar ndíbirt Ismael d'Ábraham dobhí Ísaác mur oighre dílis go sáimh síthchánta i tteaghlach a athar. Agus ar mbeith i n-aois 39 bliadhain, do réir buan-choimhéid shean-chuimhne sinnsir na Iudaigheach, ba toil le Dia coinghioll Ábrahaim do fhromhadh nó 'chur i gcéill, agus a chaoin-dúthracht dó féin do chur i gcéill agus do chruthughadh mur so: Ar mbeith d'Ábraham i n-uaignios do labhair Dia ris, ag rádh: “Imghidh: beir leat do mhac dil féin, .i. Ísaác, agus iodhbair é ar bhinn an chnuic thaisbénus misi dhuit.” Agus gé gur dhoiligh le hÁbraham an dáil sin, gidh eadh, do bhrígh go raibh 'fhios aige gur ó mhíorbhuile Dé féin dofuair a mhac, agus gidh gur smuain go minic, ar feadh an dá lá dobhí do chairde aige (dar leis) ar a mhac, ar na geallamhnaibh móra thug Dia roimhe sin dó ar shliocht ro-líonmhur do-áirmhe do theacht air an mac cédna, ní dhearna stuidér ná moill acht cunna
do ghearradh chum na hiodhbartha uile-loisgighe sin do dhénamh, agus gluasacht mar aon re dias dá ghiollaighibh, gan sgél ná faisnéis do thabhairt d'aon-neoch ar a thoisg, go ráinicc an treas lá go bun an tsléibhe ar ar orduigh Dia an iodbhairt thaithneamhach sin do dhénamh. Is annsin do chuir an chual chunnaidh ar ghualainn a mhic. Dothug féin cloidheamh cosgarthach agus teinidh leis, iarna rádh dhó leis an dias searbhfoghantaigh dobhí 'na fhochair gan an áit sin d'fhágbháil nó go ttigeadh féin ar ais. Do ghluais féin agus a mhac go mullach an chnuic. Annsin d'fhiafraidh Ísaác dá athair cáit a raibh adhbhar na hiodhbartha uile-loisgach sin dob áill leis a dhénamh. Adubhairt Ábraham ris go raibh sin ar láimh Dé agus go ttiubhradh dháibh í: Deus providebit, fili mi. Is dílis an fhighair Ísaác annso do Chríosd ar Slánaightheóir ag iomchar a chroiche ar ar hiodhbradh ar son an chine daonna é. Ar tteacht chum na háite dhóibh do chóirigh Ábraham altóir; do chuir an chual chunnaigh uirre; do cheangail a mhac iar sin; agus do shín ar uachtar an chunnaigh ar an altóir é, agus arna dhénamh sin do thóig suas an cloidheamh ann a láimh lena threasgairt. An tan d'amhairc Dia ar dhíoghruis umhlachta Ábrahaim d'órduigh ar an láthair d'aon dá
ainglibh an buille do thoirmeasg. Annsin d'fhéch Ábraham ar thaobh dhe agus do-chonnairc reithe i n-achrann a adharc imeasg dreisioch nó droighneáin. Dorug Ábraham air agus do iodhbair ar son a mhic ar an altóir é, agus do-chuaidh iar sin go lúthgháireach ar ais go hairm ar fhág a ghiollaidhibh. Is ró-mhaith an léighionn so d'fhág Ábraham agus a mhac ag aithreacha agus ag cloinn an domhuin, óir dobhí do theasgráidh agus do mhéd umhlachta Ábrahaim do Dhia go raibh ullmhaigh gan mhaill lena aen-mhac dílis do threasgairt agus d'iodhbairt an tan d'iarr air a dhénamh. Acht monuar, anois ní do Dhia iodhbras cách go coitcheann a gclann acht don diabhal! Dobhí fós úmhlacht an mhic sin comh mór agus comh foirfe sin do Dhia agus dá athair gur fhuiling dó a cheangal gion do raibh sé i neart agus i n-aois fheardha an tan sin, .i. i n-aois 39 mbliadhain. Iar ndul ar a ais d'Ísaác dobhí sé a' tabhairt sóláis mhóir dá mháthair dobhí ársaigh cianaosta, go bhfuair bás go grod dá éis sin. Do chaoi Ábraham déra dólásacha ós a cionn. Agus an uair do chinn ar a hadhlacadh, do ghlac mian mór é le háit adhlacadh d'fhagháil i gcathair Geth, agus do-chuaidh d'agallmhadh mhuintire na cathrach sin ag iarraidh áite adhlaice orra le ceannach. Do fhreagradar sin go humhal macánta ceannsaigh é ag gairm prionnsa dhe, ag rádh go
ttiubhradís a rogha áite isan bhaile dhó. Do thug-san buidheachus mór dháibh, agus adubhairt riú go ttiubhradh féin ceannach óir nó airgid ar an áit, agus do ghuidh iad um mhachaire Ephróin d'fhagháil agus impidh do chur ar Ephrón an machaire do dhíol leis, óir dobhí uaimh dhúbalta ann; agus do thairg Ephrón a bhronnadh dhó. Gidh eadh, níor ghlac Ábraham sin uaidhe, acht d'iarr fios a luacha. Agus d'innis dó gurbh fhiú trí chéd secel airgid í. Do-rinne Ábraham i bhfiadhnuise cháich uile connradh ris, agus iar ndíol an airgid dó dofuair sealbh an mhachaire dhó féin agus dá shliocht go síorruidhe, agus do adhlaic Sára ann. Féch an duine naomhtha so dár gheall Dia go minic sealbh na críche sin go hiomlán, nár iarr ariamh innte acht áit adhlaice, agus sin féin a cheannach, do bhrígh nach ar oighreacht talmhuidhe dobhí a aire, acht ar an mbás agus ar an tsíorruidheacht. AN .X. CAIB. PÓSADH ÍSAÁIC. A.M. 2148. Ar mbeith d'Ábraham 'na sheanóir chian-aosta do mheas gur chóir bean do thabhairt do Ísaác sul bhfuigheadh féin bás. Agus d'ordaigh dá
phríomh-fhear feadhma féin, .i. do Elieser, dul go Mesopotamia, .i. go tír a athardha, agus bean d'fhagháil dá mhac innte, óir níorbh áil leis cleamhnus do dhénamh le muinntir na Canaame. Do ghluais Elieser, agus ní haithristear a eachtra go ráinicc i bhfogus do chathair Nachoir. Is ann sin do ghuidh Dia go dúthrachtach lena stiúradh ar an eólus cheart agus le sgéla d'fhagháil créd í an bhean ba mian agus ba toil leis a thabhairt d'Ísaác. Agus dofuair toradh a urnaighthe ar an láthair; óir dothug Dia mur chomhartha dhó gibé haon d'ingheanacha an bhaile sin, ar mbeith ag tarruing uisge dháibh, agus ar a n-iarrfadh-san deoch don uisge, adéuradh ris nach é amháin dó féin acht go ttiubhradh fós uisge dá chámhuill, gurab í sin an bhean do thogh Dia d'Ísaác. Agus níor chian dó iar sin go ttáinic Rebeca, inghean áluinn Bhátuel, ba mac do Mhelcha, bean Nachoir, dearbhbhráthair Ábrahaim, amach as an mbaile a' tarruing uisge; agus ar bhfilleadh dhí táinicc Elieser roimpe ar an tslighe, agus d'iarr deoch uirre. Adubhairt sise go fonnmhar go ttiubhradh sin dó agus dá chámhuill fós. Do aithin an feadhmannach dílis dúthrachtach sin gurab í an mhaighdion áluinn sin do thogh Dia dá óig-thiaghearna féin, agus tug tabhartuis ar an láthair dí, .i. pérlaidhe cluas agus bráisléid, agus d'fhiafraidh dhi an bhfuigheadh féin aoidhacht na hoidhche
sin óna hathair. Adubhairt sise go bhfuigheadh agus fáilte mhór; agus do-rinne sí féin athghoirid na conaire dochum an bhaile le sgéla do thabhairt dá muinntir, gur innis dáibh gach ní dá ttárla eatorra, agus do thaisbéin na seóide sin dá dearbhráthair, .i. do Lában. Annsin tháinicc Lában 'na chuinne, go ttug chum an tighe é. Agus iar gcomhnuidhe istigh d'Elíeser, an tan ba mian le cách proinn do chaitheamh, adubhairt sé riú nach gcaithfeadh féin bia ná deoch nó go bhfaghadh freagra ar a theachtaireacht. Agus d'innis dáibh gurbhá feadhmannach é féin dá ttug Dia mur thríath duine naomhtha ro-shaidhbhir, .i. Ábraham, do chuir ag iarraidh mná dá oighre agus dá aon-mhac é, .i. do Ísaác, agus go bhfuair dearbhadh le comharthaigh ó Dhia gurab í Rebeca do thogh an Cruthaightheóir dhó. An tan do-chualaidh Batuel agus Lában na briathra sin do chreidiodar gur le hordughadh Dé do tháinicc sé, agus dá bhrígh sin d'aontaighdar dhó go fonnmhur lúthgháireach, agus tug Eliesar annsin bronntanuis mhóra do shoithighibh óir agus airgid dá hathair agus dá máthair. Agus ar mbeith dhó arna mhárach ag tionnsgnadh a bheith ag gluasacht ar ais d'fhiafraidh do Rebeca an rachadh sí leis. Adubhairt sise go rachadh, agus dá réir sin do ghluais sí leis; agus ar tteacht i bhfogus do
theagh Ábrahaim do-chonncadar Ísaác uatha ar mhachaire ós a gcomhair. Agus an tan d'innis Elieser dhí gurab é dobhí ann, do chuir sí brat fóna ceann, agus táinicc sé chugthu. d'innis Elieser gurbh í sin an bhean do thogh Dia dhó. I n-ionad an dóláis dobhí ar Ísaác roimhe sin tré bhás a mháthar do ghlac lúthgháire mhór é fón mnaoi áluinn subháilcidh sin d'fhagháil le pósadh. Agus iar mbeith pósda don lánamhuin sin ré chéile do mhair Ábraham aimsir imchian, agus fá dheóidh do ghoir Dia air dochum a thuarusdail do thabhairt dó. Ba hé sin an searbhfhoghantach dílis don fhíor-Dhia forórdha; óir i gcruas ná i mbuige, i sógh ná i n-anshógh, níor sgar ris an gcreideamh ná ris an ndóchus ndiadha, ná fós gan bheith líonta do ghrádh Dé ós cionn gach uile ní agus do ghrádh na comharsann mur fá dual; agus dobhí sé buan-sheasmhach isan staid naomhtha sin ar feadh a bheatha, agus dá bhrígh sin dofuair mur luach saothair ó Dhia a bheith 'na athair ar an tsaoghal ag creidmheacha fírénta an domhuin, agus isan mbeatha shíorruidhe a bheith 'na abhacóid agus 'na phátarrún acu. Dobhí sé fós cródha calma le ceart do sheasamh agus le troid ar son a ghaolta agus a aos gráidh: bíodh 'fhiadhnuise sin ar Lot dothug as broid a namhad. Dobhi sé fós foighdeach ann gach eígion agus ann gach cruaidh-dháil
dá ttarla dhó; óir ba mór, dar leis féin, an sólás dobhí aige ann a bheith, do réir mur dubhairt Dia leis, 'na dheóraigh aimsir imchian i bhfad óna ghaolta agus óna cháirde, i ttíortha coimhigheacha coigcríche, ón am ar aithnigh Dia dhó a ttréigion gur chríochnaigh a shaoghal i n-aois 165 bhliadhna, aois an domhuin an tan (sin) 2188 mbliadhna, seacht ccéd ochtmhoghad agus 21 bhliadhain roimh Chríosd do theacht ar an tsaoghal. Do chuir Dia íar mbás Ábrahaim sén agus rath mór ar Ísaác, ionnus nár theasdaigh do shógh saoghalta uaidhe acht gan clann do bheith aige; óir dobhí sé pósdaigh le Rebeca le ré fhithchid bliadhain gan clann do theacht eatorra, agus dobhí Ísaác mun am sin .lx. bliadhain d'aois, agus uime sin do ghuidh Dia go dúrachtach um chloinn do thabhairt dó. Agus dothug mur thoradh ar a ghuidhe gur toirrcheadh Rebeca agus gur geineadh dias mac i n-aoinfheacht ann a broinn, dobhí (dar léith) ag comhrac ré 'roile ann a broinn go haimsir a ttuismighthe; agus ag teacht ar an tsaoghal dáibh dobhí grim ag an tsóisior ar sháil coise an tsinnsir. Agus sul thángadar chum an tsaoghail fuair a máthair le neart a crábhaidh agus a hurnaighthe fios ó Dhia go raibh dias ann a broinn do bheith leis an aimsir 'na n-aithreacha agus 'na n-árd-cheinn ar mhórán, nó ar chineadhachaibh
il-iomdha, agus go mbeith an sinnsear, nó go háirighthe a shliocht, i moghsaineacht don tsóisior nó dhá shliocht. Dobhí an chéd-ghin gruagach fionnfadhach ag teacht as broinn dó, agus is ruadhfholtach dobhí sé, agus Esau tugadh mur ainm air; agus Iacób tugadh d'ainm ar an ngein táinicc 'na dhiaidh, agá raibh grim sáile coise na céd-gheine aige. Iar tteacht i n-aois agus i bhfás don dias mhac sin tarla don tsóisior, .i. do Iacób, gur ullmhaigh brochán nó anbhruith dhó féin, agus ar tteacht do Esau ó sheilg, lér ghnáthach leis urmhór a aimsire do chaitheamh, agus ar mbeith tuirseach ocrach dhó, d'iarr ar Iacób agus do ghuidh go díoghraisioch é um chuid don bhrochán sin a thabhairt dó. Do fhreagair Iacób é agus adubhairt leis nach ttiubhradh sin dó muna ttugadh-san a cheart príomh-gheine ar a shon dó, ius primogeniturae. Agus do dheónaigh Esau ar an láthair sin do thabhairt dó ar an scála praisge sin. Adeir na haithreacha naomhtha go bhfoillsighionn an dias dearbhbhráthair so dá phobal nó dhá dhream daoine, .i. na fíreín agus lucht an aindlighe: Esau an sinnsior, athair na n-aindlightheach dar chóir a bheith, agus bhés do ghnáth, i seirbhís agus i moghsaineacht an tsóisir, .i. an fhíréin, lena mailís agus lena mí-bhésa; óir glantar agus umhlaighthear go minicc na fíréin leó mur is follus do chách.
Agus cuiridh díol na príomh-gheineamhna i gcéill dúinn an rogha do-bheir cách an tan shanntaighid an saoghal agus thréigid an tsíorruidhacht ar shásadh nó ar shólás bréige neambuan saoghalta: momentaneum est quod delectat; aeternum vero quod cruciat. CAIBIDIL XI. DON BHEANNACHT TUG ÍSAÁC DO IACÓB. Anno Mundi 2245, Ante Christum 1754. Iar ndíol a cheirt sinnsireacht mur sin do Esau do chruthaidh a mháthair, .i. Rebeca, i gceann móráin do bhliadhnaibh gur mhór an tairbhe a ttáinicc an dáil sin chum Iacóib, agus sin do theacht le gliocas naomhtha dobhí lán do rúndiamhraibh diadha. Óir ar mbeith d'Ísaác .i. i gcionn 137 mbliadhna d'aois, thug sé dhá aire go raibh an bás cinnte agus an uair go grod dá ionnsaighe. Uime sin do smuain gur chóir dhó a bheannacht d'fhágbháil go dúthrachtach agá chloinn, agus do ghoir amach Esau, ar a raibh díoghrais a ghráidh, chuige, agus adubhairt ris: “A mhic ionmhuin,” ar sé, “dén seilg agus tabhair chugam-sa feóil do thoradh na seilge sin, ionnus, iar gcaitheamh proinne dhi, go ttiubhrainn mo bheannacht ré mbás go dúthrachach dhuit.” Iar gclos na n-aithiosg sin do Rebeca d'innis
do Iacób iad, agus adubhairt ris dul gan mhaill imeasg an tréda agus dá mhionnán do thabhairt chuighthe do thogha na seilbhe, agus arna dhénamh sin dó do ullmhaigh sí proinn do réir a mhiana féin d'Ísaác mur ba feas dí. Iar sin do chuir an t-édach dob fhearr bhí ag Esau ar Iacób, agus do thimchill a lámha agus a mhuinél le croicne na mionnán, ionnus dá ttigeadh go n-aithneóchadh Ísaác glór Iacóib go measfadh tar a chionn sin gurab é Esau do bheith ann an tan do mhotheóchadh an fionntha ar a chroicionn. Agus is mur sin tárla; óir an tan thug Ísaác dá aire, ar mbeith dall dhó, nach é guth Esau do-chualaidh isan bhfreagra dothug Iacób i riocht Esau air, adubhairt leis teacht ni ba goire dhó, agus ar nglacadh a lámh ann a láimh dofuair fionnfadhach iad: “Guth Iácóib a chluinim, agus lámha Esau mhothaighim,” ar sé; acht an uair do mhothaigh boladh éudaigh Esau dobhí uime, agus ar mbeith dhó súgach tar éis a phroinne, dothug a bheannacht do Iacób, ag rádh “drúcht na bhflaithios agus lántoradh na talmhan” do bheith aige do ghrés: “Sirim fós ar Dhia,” ar sé, “do bheith i gceannus ós do dhearbhbhráithribh go bráth, agus gibé bheanneóchus duit go raibh sé beannaighthe, agus gíbé mhalleóchus duit go raibh sé mallaighthe.” Níor chian dáibh 'na dhiaidh sin go ttáinicc Esau le cuid d'fheóil a sheilge go h'Ísaác, agus d'iarr
a bheannacht. Arna chlos sin d'Ísaác do ghlac iongantus mór é. Gidh eadh, arna mheas dó go raibh lámh agus ordúgh Dé ris an ní do-rinne sé, a bhfad ó ghairm ar ais do dhénamh ar na beanachtaigh dothug roimhe sin do Iacób, do neartaigh arís iad. Arna chlos sin do Esau do scread le caoineadh agus le heólchuire mhóir go raibh déra 'na ttuile ag tuitim óna shúilibh. Dobhí fós ag casaoid go cruaidh ar égcneastacht a dhearbhbhráthar, agus d'fhiafraidh dhá athair an raibh beannacht ar bith ar a chumus acht an mhéid thug uaidhe. Do ghlac truaighe mhór Ísaác, agus tug beannacht dó; acht adubhairt leis isan am cédna go mbeith neart, cumhacht, agus ceannus a dhearbhráthar go bráth ós a chionn. Is uime sin dothug Esau fuath agus gráin dá dhearbhrátháir Iacób, gur chinn ar a mharbhadh, agus ní raibh ní ar a aire ní ba mó ná sin do thabhairt chum críche. Bheir an stair rúndiamhrach so réimh-thaisbénadh dhúinn ar Chríosd fó bhrat agus fó lúirigh an pheacaidh, mur bhí Iacób i gcroicne na mionnán; agus cuiridh fós i gcéill an diúltadh dothug Dia dona Iudaibh, agus mur do scrios as a ríghacht féin iad, do bhrígh nár shanntaigh síad acht an phraiseach thalmhuidh so. Óir gibé dhíolus a cheart ar an ríghacht ghlórmhuir ar luach truaillighthe talmhuidh, ní fhaghann gairm ar ais uirre go minicc le deóra féin: 'fhiadhnuise sin ar Iudás, ar Antiochus, agus ar mhórán eile.
AN XII. AN TEITHEADH DO-RINNE IACÓB ÓNA DHEARBHBHRÁTHAIR ESAU ANNSO. An uair dothug Rebeca dhá haire méd an fhuatha agus an mhiosgais dobhí ag Esau do Iacób, dobhí eagla mhór uirre go ndénfadh bás fealltach d'imirt air. Is uime sin do smuain gurbh oirchios dí a chur as a amharc go tír imchéin; agus ar ndénadh chomhuirle le hÍsaác dí, is é ní ar ar chinniodar ar ttús comhairle do thabhairt dó gan bean do phósadh do shliocht coirpe crosda na gCanaámach (mur do-rinne a dhearbhbhráthair Esau do phós dias díobh tar chrois agus tar thoirmeasg a athar agus a mháthar), acht dul go Mesopotamia mur a raibh Batuel, .i. dearbhráthair Rebeca, agus bean do phósadh ann. Do ghlac Iacób an chomhuirle sin go fonnmhar; agus iar nglacadh na mbeannacht óna athair an dara feacht dhó, do ghluais ar an eachtra sin. Agus ní le poimp mhóir, mur neoch shaidhbhir dorachadh ag iarraidh mná le cóir gháibhthigh agus le marc-shluagh mór, do ghluais Iacób ar an turus sin, acht mur dheóraigh ionnarbtha a' teitheadh ó mhailís feirge Esau. Iar gceileabhradh mur sin dá athair agus dá mháthair dhó dobhí ag imtheacht isan gconair ndírigh go
tráthnóna an chéd-lae dá eachtra, agus do chuir roimhe comhnuidhe amuich ar mhachaire an oidhche sin. Do chuir cloch fóna cheann ann agus do choduil. Do-chonnairc ann a shuan taisbénadh nó aisling le a bhfuair dearbha cinnte solásach go raibh cúram agus coimhéd díoghraiseach Dé air, mur bhíos do ghnáth aige i ttimchioll gach duine fhuilingios díbeirt nó inghreim ar son an cheirt: beati qui persecutionem patiuntur propter justitiam. Óir do-chonnairc dréimire, ceann de ar an talamh agus a bhárr uachtarach a' dul suas go soiche an flaithios, agus é líonta d'ainglibh a' gluasacht anuas agus suas tar a chéile air óna bhun go a bharr agus ó a bharr go a bhun, agus ós a gcionn sin do-chonairc neoch glórmhur do labhair ris: “Mise Dia Ábrahaim agus Ísaáic do-bheir dhuit-se, a Iacóib, an talamh ar a bhfuile, agus biaidh do shliocht comh líonmhur re luaithreadh an talmhuin. Tiucfaidh fós ar do shliocht aon-duine lé mbeanneóchar cineadhacha na talmhan uile.” Agus tug geallamh dhó go mbeith féin 'na fhochair is gach áit ar feadh aimsire a dheóruighachta, agus go ttiubhradh slán ar a ais dochum na tíre cédna sin é, áit i gcoimhleónadh gach geallamh dá ttug go n-uige sin dó. Ar músgladh do Iacób as an suan ann a raibh, do ghlac uathbhás mór é, agus adubhairt gurbhá
hionad ró-naomhtha ró-bheannaighthe an áit sin, do bhrígh go raibh an Tiaghearna ann: “Óir is é so,” ar sé, “árus Dé bhí agus dorus flaitheamhnuis.” Mo thruaighe nach bíonn an t-uathbhás so ar chách anois, agus nach ttugann an onóir agus an reverens budh dual a thabhairt do thigh Dé agus don áit a ndéntar an Slánaightheóir d'iodhbairt ar ar son, agus ann a mbíonn a ainglibh 'na thimchioll a' tabhairt adhartha agus onóra dhó. AN XIII CAIB. RACHEL AGUS LIA. A.M. 2245. An uair fuair Iacób dearbhadh go raibh cúram Dé agus na n-aingiol 'na thimchioll do ghluais roimhe san gconair ndírigh go ndeacaidh go Háram, áit a ttárla aodhairigh dhó; agus d'fhiafhraigh an raibh eólus acu ar Lában mac mic Náchoir. Leis sin do thaisbénadar Rachel inghean Lábain dó agus í ag tiomáin tréda a hathar dochum tiobraide bige uisge ba gnáth a bheith dúnta le liaig chloiche acht an feadh dobhíodh an cheathra ag ól an uisge. Arna fhaicsin do Iacób do-chuaidh go hairm a raibh an inghean, agus do chuir i gcéill dí gurab é
féin dobhí ann. Agus iarna innsin disi dhá hathair go bhfacaidh sí mac Ísaáic agus a dhearbhsheathar Rebeca, tháinicc sé go lúthgháireach 'na chuinne, d'fháisg rena chroidhe é, agus d'fhear fíorchaoin fáilte roimhe, agus tug leis dá thigh é. d'innis Iacób dhó annsin an t-adhbhar fár ghluais as tigh a athar, .i. ag teitheadh ó fheirg mhiosgusaigh mhí-rúnaigh a dhearbhráthar Esau, agus ar eagla go ndénfadh feall fair. Adubhairt Lában go raibh fáilte aige re comhnuidh an feadh budh toil leis ann a theaghlach féin. Dothug Iacób buidheachus dó, agus adubhairt leis go ndénfadh seirbhís ionnraic seacht mbliadhan dó ar choinghioll go ttiubhradh a inghean tánaisde, .i. Rachel, le pósadh dhó. Do aontaigh Lában an connradh sin do dhénamh ris; agus dobhí Iacób fá dhuaigh oibre agus cruaidhfheidhme ar feadh na seacht mbliadhan a' saoghrughadh an tuarusdail ba dílse agus bá daor-luaighe leis isan domhan an tan sin. Acht gidh eadh, iar gcaitheamh na seacht mbliadhan sin dó do mealladh go mór é, óir do bhrígh nár mhian le Lában a inghean tánaisde do phósadh roimh an inghean ba sine, do chuir Lia chum leaptha Iacóib i riocht Rachel, agus chuir air mur mhnaoi mur sin í. Do chasaoid Iacób go gearánach arna mhárach an éugcóir do-rinne Lában air. Agus tug Lában mur shásadh an inghean do shanntaigh sé dhó féin ar ttús, ar
choinghioll seacht mbliadhna eile seirbhíse do dhénamh dhó ar a son, agus adubhairt ris seacht lá do chaitheamh le sollaimhain an chéd-phósda agus i gceann na seacht lá sin go ttiubhradh Rachel dó. Do ghlac Iacób an connradh sin go lúthgháireach. Agus iar nglacadh Rachel dó, bhí sí aimsir imchian aimrit; agus ar feadh na seacht mbliadhan dobhí Iacób dá saothrughadh dorug Lia móirsheisior mac dhó. Isan am cédhna dobhí dólás mór ar Rachel fó gan clann do bheith aice féin; agus do-rinne gearán dólásach re Iacób fón ní sin. Agus dobhídar ar aon ag guidhe Dé, go bhfuaradar mur thoradh ar a nguidhe mac maith do gheineamhuin eatorra ar a ttugadar Ióseph mur ainm. Iar sin do labhair Iácób re Lában, agus adubhairt ris gur mhian agus gur mhithid leis triall ar a ais dá thír féin: “Óir do chríochnaigh mé,” ar sé, “ceithre bliadhna décc ann do sheirbhís, agus do choimhlín mé an aimsir sin go dílis dúthrachtach dhuit, agus is oireamhnach dhamh anois cóir bheatha do chur ar mo mhór-mhuintir féin agus mo shaothar a dhul i ttairbhe dúinn féin feasda.” “Ná dén sin, athchuingim ort, a mhic,” ar Lában; “acht lean don tseirbhís ann a rabhais gus anois agus bhérad-sa tuarusdal duit.”
Agus do-rinne sé comhnuidhe shé mbliadhan oile 'na fhochair. Dén iongnadh mór annso, a Chríosdaigh bhoicht mhí-fhoighdigh, fón bpatriarc cathréimeach so d'fhuiling Dia 'bheith i moghsainacht .xx. bliadhain tar éis ríghacht na Canaam do ghealleamhuin dó agus dá shliocht. Féchadh pastúirigh na hEaguilse air so agus dénadh dúthracht mur rinne Iacób, óir ní mór codladh ná comhnuidhe do-níodh sé, mur dheir féin re Lában, agus níor chaill uiriod an uain dá thréd. An tan do-chonnairc Lában an rath agus an toradh mór do chuir Dia ar Iacób agus ar gach ní dár shealbhaidh sé, níorbh fhéidir leis scáth nó folach do chur ar mhéd an iomthnúith agus an ainmhiain d'fhás ann. Arna thabhairt sin dá aire do Iacób do ghoir chuige ar Lia agus ar Rachel ar fhód fó leith, go ndubhairt riú: “Mothaighim fuar-chúis agus mí-ghnaoi ar n-athar Lában linn, agus dá bhrígh sin measuim tar éis .xx. bliadhan do mhoghsainacht agus do sheirbhís do dhénamh re dúthracht agus re hionnracus dó gur mithid dúinn imtheacht agus comhnuidhe feasda i ttír mo dhúthchais agus mo gheineamhna féin.” Agus gídh gur smuain ar an triall so do dhénamh aimsir fhada roimhe sin, ní bhfuair do mhisnigh aige féin a chur i ngníomh nó go bhfuair rogha ó Dhia, agus go ndubhairt leis triall ar ais go crích
na Canáam. Agus iar gcinneadh ar an gcomhairle sin dó féin agus dá mhnáibh do ghluaisiodar maille le a gcloinn agus rena maoin, .i. re trédaibh móra do gach cinél eallaigh, gan fhios do Lában, óir do ghlacadar an uain ar imtheacht an tan do bhí sé ag bearradh tréda caorach dobhí ar chuid dá dhúthaigh i bhfad ó a bhaile féin. An tan do-chualaidh Lában imtheacht na buidhne sin, do ghoir chuige sluagh mór dá ghaolta agus dá aos gráidh féin, agus tug tóruighacht mhí-rúnach dháibh, óir do mhédaigh a fhíoch agus a fhearg go ro-mhór 'na n-aghaidh an tan hinnseadh dhó gur ghoidiodar a íodhail agus a arrachta leó. Acht ní rug orra go ttáinicc an seachtmhadh lá, agus is annsin dofuair amharc orra ag Sliabh Galaaid. Agus ar mbeith dhó ag teacht i ngar dhóibh dofuair rogha bhograch ó Dhía gan dochar ná díghbháil do dhénamh do Iacób ná d'aon-ní dár bhean leis, ná fós aon-fhocal aithisioch do rádh ris. Agus tug sin ar Lában (a n-aghaidh a dhroch-chlaonta) teacht go fáiligh ceannsaigh i láthair a chloinne, acht go ttug iomardagh agus achmhusán do Iacób tré gan innsin dó gur chinn ar imtheacht uaidhe an tráth sin, óir go ttiucfadh féin agus cuideachta mhór dá choimhdeacht, agus gurab olc do-rinne sé a chlann mur bhraighde corthacha do ghoid leis agus gan anmhuin leis féin ná lena chairde le honóir do thabhairt dáibh agus ceileabhra
go síthchánta carthannach riú, agus go rachadh buidhin mhór dá ttír agus dá ngaolta féin leó, agus ag sgaradh riú go ttiubhradh féin a bheannacht le dúthracht dáibh. Agus adubhairt go brégach nach raibh diomdha ná droch-aigne aige féin dháibh tré dhul dá ttír féin agus d'ionnsaighe a ndéa dúthchuis, gidh eadh gur ghoill go mór air mur do ghoidiodar a dhéaibh nó a íodhail féin uaidhe. Do fhreagair Iacób é, agus d'innis ós aird fátha agus adhbhair a imtheachta, agus dubhairt ris nár ghoidiodar féin íodhal ná arracht (óir níorbh fheas dó an tan sin gurbha hí Rachel do ghoid iad), agus adubhairt leis cuartughadh do dhénamh, agus gibé neoch agá bhfuigheadh iad do bhásughadh ar an láthair sin. Acht gidh eadh, ní labheóradh comh dána sin dá mbeith 'fhios aige gurab ag Rachel dobhádar. Annsin do-rinne Lában cuartughadh caolradharcach ar gach aon fó leith agus ar gach ionad 'na ttimchioll. Acht an tan ráinicc dhó theacht chum scáláin Rachel dofuair sé 'na suidhe í ar phillínigh srathracha na gcámhall agus í ag égcaoine i ngalar míosa na mban, mur do chuir i gcéill le gliocus dá hathair, agus dá bhrígh sin nár fhéd sí éirghe 'na seasamh le fáilte umhlachta agus onóra do dhénamh roimhe. An tan do-chualaidh Lában sin do mheas gur dhíomhaoin dó a cuartughadh.
Annsin do-rinne Iacób casaoid ghér ar gach cruaidh-dháil dár fhuiling féin ar feadh na haimsire dobhí i seirbhís Lábain. Acht fá dheóidh do-rinneadar síthcháin shíorruidhe re 'roile, agus do mhionnaighdar cádhus agus caradus go síorruidhe eatorra, agus do thógadar leacht cloch i bhfiadhnuise an chádhuis agus an chairdis sin do cheangladar eatorra an tráth sin. Tabhair dod aire annso mur árdaighios Dia gach aon is mian leis d'aimhdheóin mailíse na ndaoine; óir tar cheann nó d'aimhdheóin gur athraigh Lában tuarusdal Iacóib fó dheich, níor thoirmisg sin gan mórán maoine agus saidhbhris do bheith aige ar ngluasacht dó, agus sin go hiomlán le saothar agus le sochar a shláinte féin. CAIBIDIL XIV. SÍTHCHÁIN ESAU LE IACÓB. Iar tteacht do Iacób go saor-bhuadhach as lámha Lábain ní raibh imnidh air acht cionnus do dhénfadh mur an gcédna síthcháin lena dhearbhbhráthair féin, .i. Esau; agus chum go ttiubhradh sin chum críche, do chuir teachta roimhe go hEsau, dá innsin dó go raibh féin ar tteacht ar a ais ón Mesopótámia, agus gur iarr mur athchuinge air a bheith forbhfáilteach roimhe, agus grádh bráthardha do bheith eatorra do shíor.
Agus iar ndul ar a n-ais dona teachtaibh sin d'innsiodar do Iacób go raibh Esau ag teacht 'na chuinne agus céd fear aramtha 'na fhochair. Do ghlac eagla agus uathbhás mór Iacób an tan do-chualaidh na sgéla sin, agus do ghuidh Dia go díochra dúthrachtach lena thabhairt slán as lámha Esau. Agus iar gcur a dhóchuis i nDia go hiomlán dó, do smuain ar phunc gliocuis do dhénamh le gnaoi agus le grádh Esau do tharruing air; agus do mheas nach raibh slighe dob fhearr chuige sin ná tobhartais mhaithe agus bronntanuis do thabhairt dhó ar ttús. Agus an oidhche roimh Esau do theacht dá shoighe do roinn Iacób a thréda, a bhuar, agus a bhó-tháinte; agus do-rinne trí sealbha idirdhealbhacha dhíobh; agus do ordaigh do lucht tiomána na ttrí sealbha tosanaigh, an tan thiucfadh Esau chucu, a rádh ris gurbha tobhartais na trí sealbha sin do chuir a ttriath féin, .i. Iacób, chuige; agus do mheas as an umhlacht sin agus as méd na ttobhartuis go mbeith a dhearbhráthair Esau síthach carrthannach leis, nó go háirighthe go ttiucfadh chum ceannsaighacht leis. Agus do-rinne amhlaidh sin, acht dofuair Iacób i ndeireadh na hoidhche roimhe sin, taisbénadh ar neoch fheardha do-rinne coruighacht agus coimhghleic go héirghidh don lá leis, agus annsin dothug cruaidh-ghreim agus cruaidh-fhásgadh ar
fhéith láirge Iacóib gur bhean urmhór a lúith agus a neirt eisde, gur bhreó agus gur bhacaigh ar an láthair é, agus leis sin tug aonta ar imtheacht uaidhe. Arna thabhairt sin fó deara do Iacób dorug grim cruaidh air (óir do thuig gurab aingeal dobhí ann), agus adubhairt leis nach leigfeadh as a lámha é nó go ttugadh beannacht iarna lot dó. Thug an t-aingeal sin dó, agus adubhairt leis gur Israél do goirfidh uaidhe sin amach dhe, agus adubhairt leis irís: “Ó thárla comh cródha sin thú le coruighacht agus coimhghlic do dhénamh re Dia, créd é an duine lér féidir buaidh do bhreith ort? Agus dá bhrígh sin ná bíodh eagla ná úathbhás ort, óir ní féidir le do dhearbhráthair Esau dochar ná díghbháil do dhénamh dhuit.” A haithle sin do-chonnairc Iacób Esau ag teacht dá ionnsaighe agus ceithre chéad fhear armtha 'na fhochair; agus iar ttabhairt comhuirle do Iacób dá mhnáibh iad féin agus a gclann d'fhuireach ar dheireadh na gceathra agus na gcaoraighachta, do ghluais féin i gcuinne agus i gcomhdháil Esau, agus do léig é féin síos ar lár, go ndearnaidh umhlacht fó sheacht dó. An tan chonnairc Esau sin do mhaoth agus do tháil a chroidhe air, go ttáinicc go luath dá thógbháil, gur fháisg rena chroidhe é, agus gur fhear fáilte ro-lúthgháireach roimhe, agus gur nocht fíor-dhíoghrais gráidh dhó. Agus ar bhfaicsin na mban agus na cloinne móire maithe tug Dia do Iacób dobhí lúthgháire mhór air,
agus is re héigion do chur air do ghlac sé tiodhlaice ná tobhartais uaidhe. Acht adubhairt go ndénfadh féin agus a bhuidhin a gcoimhdeacht go rochtain tighe a athar dhó. Dothug Iacób buidheachus mór dhó, agus adubhairt ris nach raibh sin indénta, do bhrígh gurbh éigion dó féin siubhal go mall socair agus fuireach le mallghluasacht na mban, na leanbh, agus na gcaoraighachta; agus d'iarr air dul roimhe go Seir agus go leanfadh sé é. Agus is mur sin le humhlacht, le subháilce, agus le misnigh mhaith, do chlaochlaidh Iacób fraoch agus fearg a dhearbhbhráthar dobhí ar tí díthe agus díghbhála do dhénamh dhó, óir dobhí ceannsaighacht agus cródhacht Iacóib do-chlaoite. CAIBIDIL XV. DÍNA ARNA MILLEADH. A.M. 2278. Iar tteacht do Iacób as an Mesopotámia, mur dubhramur, agus iar mbeith 'na chomhnuidhe go socair suaimhneach síthchánta imeasg na Sicimítibh i mbaile darb ainm Salem, áit ann ar cheannaigh talamh dó féin, tarla ní teagmhaisioch dhó do chuir do-mhian agus dólás mór air. Óir aon do láithibh do-chuaidh a inghean Dína ag amharc ar mhnáibh na tíre sin, do dhearc Sichem,
.i. prionnsa na críche sin, uirre, agus thug sé a héigion, agus do líon sé fós dá grádh comh mór agus sin go ndubhairt rena athair, darbh ainm Hémor, gur mhian leis an inghean áluinn sin do phósadh. Do chuir an gníomh gráineamhuil sin dólás mór ar Iacób; gidh eadh, do chuir dearbhráithreacha Dhína folach ar a bhfeirg féin ar an láthair sin, do bhrígh go raibh rún acu díghbháil agus díoghaltus mór do dhénamh ar na Sichimítibh fón ngníomh mbarbardha sin. Tháinicc iar sin Hémor agus Sichem d'iarraidh Dhína mur mhnaoi phósda do Shichem, agus ag iarraidh mur athchuinge ar Iacób, agus ar a chloinn comhchleamhnuis do dhénamh riú, .i. a mic agus a n-iníonchaibh do phósadh re 'roile. Do fhreagair clann Iacóib, agus adubhradar nárbh fhéidir sin a dhénamh muna mbeithdís d'aon-chreidiomh amháin ar gach taobh: “Acht más áill libh-se,” ar siad, “na cleamhnuis a dhénamh, cáirdios agus caradradh do bheith go síorruidhe eadrainn, dénaidh timchioll-ghearradh oraibh féin agus ar gach gein fheardha, óg agus sean, dá bhfuil ann bhur ttír, agus 'na dhiaidh sin is féidir an cáirdios agus na cleamhnuis do chomhcheangal.” Thug na Sichimítigh a n-aontadh agus a ttoil ré sin do dhénamh, agus ar an treas lá an tan dobhí nimh agus pudhair a gcneadh go neartmhur dá gcrádh táinicc Ruben agus Léui, clann Iacóib le
Lia, .i. dearbhráithreacha aon-bhruinne Dhína, agus níor fhágadar duine gan treasgairt gan dícheannadh dona Sichimítigh, idir rígh, phrionnsa, agus óglách dhíobh. Agus iar ndénamh an áir agus an fheillghníomha sin dáibh táinicc an chuid eile dhá ndearbhráithreacha, thug foghadh agus argain na háite, agus do thógbhadar leó gach maoin agus gach édáil dá bhfuaradar innte. An tan do-chualaidh Iacób na gníomha feallteacha gráineamhla naomh-aithisiocha sin do ghlac gráin agus fearg mhór é; thug sé iomardaigh géra agus imdheargadh mór dá chlainn trésan masla sin do thabhairt do shacrameint ro-naomhtha an timchill-gheartha, agus tré mur do pheacaighdar comh mór sin i n-aghaidh Dé, agus tré mur do thairngiodar fuath, mioscus, agus mí-rún mhuintire na tíre sin go hiomlán orra, agus adubhairt riú gur bhaoghal dáibh go ndénfadís lucht na críche a shamhuil sin d'fheill orra féin. Agus níor chomhnuidh Iacób annsin, nó go ttug a mhuinntir agus a mhaoine uile leis as an tír sin le hordughadh Dé, agus go ndeachaidh go Beteil an áit a bhfuair an taisbénadh roimhe sin ar ndul go Mesopótamia dhó. Agus is fón am sin fuair Rachel bás le tinnios tuismighthe a mic Beniamen; agus dofuair Ísaác bás go grod dá éis sin, agus do sgar Esau agus Iacób re 'roile, óir níor fhuiling méd a gceathra, a maoine,
agus a saidhbhris ar gach taobh dáibh a bheith i bhfochair a chéile. Tugadh na maighdiona Críosdamhla dhá n-aire 'olcus do-chuaidh a cúirialtacht mhí-ordaighthe do Dhína, nach raibh acht sé bliadhna décc d'aois an tan do chaill a maighdionus; agus go raibh sin 'na adhbhar agá dearbhbhráthraibh lena ngríosadh chum feillghníomha do dhénamh lér mharbhadar lucht cathrach go hiomlán. CAIB. XVI. IÓSEPH ARNA DHÍOL. A.M. 2276, Roimh Chríosd 1728. Tar éis gur chaomhain agus gur chosain Dia lena chúram speisialta agus lena láimh uile-chumhachtaigh féin Iacób ar chogadh na n-eachtrannach, do fromhadh agus do féchadh go cruaidh é le cogadh doghruinneach a theallaigh féin do músgladh le mí-rún agus le mailís a chloinne. Óir, ar ndul do chloinn Iacóib go Sichem, níor fhuirigh ann a fhochair féin díobh acht Ióseph dorug Rachel isan Mesopotamia agus Beniamen dorug sí san mBeteil. Agus i n-aimsir bhig roimhe sin do aithris Ióseph ann a láthair féin dá athair go
ndearnaidh a dhearbhbhráithreacha coir ghráineamhuil éigin nach n-ainmnighthear isan Scriptúir. Dobhí adhbhar eile do mhédaigh a n-iomthnúth, a miosgus, agus a mí-mhéin a n-aghaidh Ióseph, .i. farré gur mheasadar go raibh grádh leathchumach agá n-athair dhó. d'aithris i bhfiadhnuise a athair aisling dóibh do-chonnairc sé, .i. dar leis féin gur cheangail sé dornán arbha ar an machaire agus go ndearnaidh a dhearbhráithreacha an ní cédna, agus an tan do chuiriodar a ndornáin uile i bhfochair a chéile go ndearnaidh gach dornán díobh adhradh agus onóir dá dhornán nó dhá dhiosgán féin. Arna chlos sin dáibh do ghlac fraoch agus fearg mhór iad ag rádh ris, “An measann tú go mbéidh tú 'do rígh ós ar gcionn?” “Máseadh,” ar sé, “do-chonnairc mé aisling eile, .i. ar mbeith um chodladh dhamh, dar liom go bhfacaidh mé an ghrian, an ghealach, agus aen rélta dhécc dom adhradh féin.” Arna chlos sin dá athair thug imdheargadh mór dhó agus d'fhiafraidh ar mheas sé go mbeith féin, a mháthair, agus a dhearbhbhráithreacha uile dhá adhradh. Gidh eadh, do thuig Iacób isan am cédna ina inntinn féin go raibh rúndiamhair éigin isna haislingibh sin. Acht cidh thrácht, dobhí miosgus mór agus mí-rún agá dhearbhráithreacha dhó do ghnáth 'na dhiaidh
sin, nó go bhfuaradar uain le díoghaltas do dhénamh air. Óir ar mbeith i Sichem dháibh, áit i raibh tréda agus ceathra il-iomdha acu, d'iarr Iacób ar Ióseph dul go hairm a rabhdar le sgéla d'fhagháil uatha; agus ar mbeith dhó seal imchian ag cuartughadh na bhfásaighibh dá n-iarraidh, fuair fá dheóidh faisnéis na háite a rabhdar; agus arna fhaicsin dóibh adubhairt cách dhíobh re aroile go raibh an t-aislingtheach ag teacht, somniator venit; agus do chogradar eatorra féin a bhásughadh. “Ná déntar sin,” ar Rúben, “acht cuirmíd i bpoll nó i n-uaimh thirim dhomhain é,” ar sé; “óir ní cóir dhúinn a fhuil do dhórtadh.” Agus is uime dothug Rúben an chomhuirle sin dáibh, chum go bhfuigheadh féin 'na dhiaidh sin faill ar a tharraing as. Acht ní cian dobhí sé isan bpoll sin an uair thárla ceannaighthibh Ismaelíteacha dháibh, a' dul don Égipt, lér dhíoladar Ióseph. Agus iar mbuain a éudaigh dhe do smearadar le fuil mhionnáin é, agus do chuiriodar chum a n-athar é d'fhios an n-aithneóchadh éudach a leinbh; agus arna aithne dhó do sgread go hárd; do-rinne caoi agus eólchuire adhbhal-mhór, ag rádh gur droch-bheathadhach éigin do mharbh a mhac. Múinidh an ní so dhúinn dá mbeith leathghrádh ag athair idir chlainn nár chóir a chur i gcéill dáibh.
Dála Ióseibh, ar mbeith díoltaigh dhó, thugadar na ceannaighthe leó don Égipt é, agus do dhíoladar le Putiphar é, .i. le eunuch, marascál tighe agus sluaigh an rígh Pharao, .i. rígh na hÉgipte. Ar mbreathnughadh Ióseph do Phutiphar thug dá aire nach raibh ní ar bith le faicsin ann a ghnúis acht neamh-chionta agus mórdhacht maille le hiomchar ionmholta, agus dá bhrígh sin do-rinne sé príomhfheadhmannach nó árd-thaoisioch ós cionn a thighe agus a shaidhbhris go hiomlán de. Gidh eadh, ní fada fuair sólás na honóra sin an tan cuireadh buaidhreadh ro-mhór le grádh gráineamhuil mí-gheanmnaigh mná Phutiphair air, óir do shanntaigh sí go ro-mhór cionta coirpe collaigh, tar cheann a fir phósda féin, do dhénamh ris. Acht mur bhí-san ceart subháilceach geanmnaigh, agus lámh chúramach chaomhantach Dé 'na thimchioll do ghnáth, do dhiúlt sé umhlughadh dá hantoil, óir ar mbeith dhí do ghnáth ag cur a suirghe i gcéill lena súile, lena briathra bladracha, agus fá dheóigh le díthchioll a lámh dhó, ní thug uidhe ná aire dá hantoil. Acht ar mbeith dhó aon do laithibh 'na aonar istigh tháinicc sí chuige, agus adubhairt go mí-náireach, agus do dhearbh sí le mionna, nach sgarfadh as a lámha nó go ndénadh léidh an gníomh coirpe gráineamhuil dár dhiúlt sé go minicc roimhe sin. Agus iar ttabhairt diúltadh diongmhálta ar an láthair sin dí do sginn sé as a lámha, agus ar n-imtheacht dó do
ghoir sise na gártha fuachuis, agus do chuinnigh a bhrat nó a ionar idir a lámha, agus do thaisbéin do chách é, agus adubhairt ós áird gurab é a héigion dob áill leis a thabhairt. Do chreid Putiphar an ní sin, agus do chuir dá bhrígh sin i bpríosún dhiamhair dhorcha é. Agus ní cian dobhí ann gur cuireadh dias feadhmannach do mhuintir an rígh isan bpríosún chédna sin, fear freasdail coirn fear dhíobh, agus fear freasdail aráin an rígh an fear eile dhíobh. Agus iar mbeith seal aimsire fó chúram agus fó chumhdach Ióseph dáibh sin (óir do thaobhaigh an séiléir cúram na bpríosúnach eile le Ióseph) do-chonnairc gach aon díobh fó leith aisling: dar leis an gcornadóir go bhfacaidh féin fíneamhuin ar a ttáinicc bláth áluinn, agus as an mbláth sin gur fhás caora fíona, gur fháisg féin i gcorn an rígh iad, agus go ttug len' ól dó é; do taidhbhseadh don taoisioch aráin go raibh trí ciseána plúir ar a cheann féin, agus isan gciseán uachtarach go raibh gach cinél bidh dá ndéntar i bhfoirnéis (dá ngoirthear bia bácáiltigh agus pastéaibh), go ttáinicc eóin an aidheóir agus gur ithiodar é. Ba fighair dhílis d'Íosa Críosd i gcrann na páise a' tabhairt bhreitheamhnuis ar an dias bitheamhnach, Ióseph ag tabhairt a bhreitheamhnuis ar an dá aisling sin. Agus adubhairt leis an taoiseach coirn, i gcionn thrí lá go
gcuimhneóchadh Pharao ar gach feidhm mhaith dá ndearnaidh dhó roimhe sin, go ttiubhradh aisiocc ar a oiffige agus ar a áit féin arís dó, agus go mbeith i gcion aige mur dobhí roimhe; agus d'iarr air, an uair do-ghéubhadh an chaithréim sin, cuimhniughadh air féin agus a chás do chur i gcéill don rígh. Agus adubhairt leis an taoisioch eile, i gcionn thrí lá go gcrochfaidh é. Iar tteacht isteach d'fhírinne na n-aithiosg sin, do réir fháistine Ióseph, agus ar mbeith don taoisioch coirn i bhfochair an rígh i gcion agus i n-onóir mhóir, níor chuimhnigh ar an gcúram do chuir Ióseph air nó go ttárla don rígh féin i gceann dá bhliadhan dá éis sin aisling d'fhaicsin. Agus ar ttús do-chonnairc seacht mba áille ramhra sésúracha a' teacht iníos as abhuinn Níl, agus ar mbeith dháibh ag inghilt agus ag ithe glais-fhéir ar an tráigh le bruach na habhann táinicc seacht mba gránna contruagha aníos as an abhuinn chédna, do chosgair, do mharbh, agus d'ith na ba réimhráite. Agus ar ttuitim dá shuan an dara feacht air do-chonnairc seacht ndiasa lána líontaigh d'arbhar ró-mhaith ag fás as aen-bhun, agus fa háluinn iad re faicsin; agus iar sin do-chonnairc seacht ndiasa searga caocha gortacha, agus do threasguir siad na seacht ndiasa torthacha sin do-chonnairc ar ttús. Agus iar n-innsin a aislinge don rígh ní bhfuair aon-neoch ann a ríghacht lérbh fhéidir fios a gcéille do thabhairt dó.
Is annsin adubhairt an taoisioch coirn leis, dá gcuireadh teachta i gcuinne Ióseph neoch dobhí isan bpríosún ann a raibh féin, go ttiubhradh ciall na n-aisliong sin dó, agus mur chruthughadh air a ndubhairt d'innis dó mur dothug ciall a aislinge dhó féin agus don taoisioch eile isan bpríosún, agus mur dubhairt tarla do gach aon fó leith dhíobh. Arna chlos sin don rígh do chuir teachta ar an láthair i gcuinne Ióseiph, agus ní luaithe d'innis a aislinge dhó ná dubhairt Ióseibh: “Beir buaidh, a rígh,” ar sé; “óir tiucfaidh seacht mbliadhna torthacha tairbheacha le fairsinge agus le líonmhuireacht adhbhal-mhór beatha, agus 'na ndiaidh sin tiucfaidh seacht mbliadhna gortacha gann-torthacha.” Agus tug comhairle don rígh mórán do thighthibh do líonadh le stóir agus le lónta a gcuinne na gorta dobhí le teacht ar na tíortha go coitchionn. Arna chlos sin don rígh dob iongnadh leis méd críonnacht agus eagna an ógáin naomhtha sin, agus do thuig ann a inntinn nach raibh aon-neach ann a ríghacht budh diongbhála agus budh tábhachtaigh chum na comhuirle sin do choimhlíonadh ná an té thug uaidhe í. Agus ar an láthair d'ordaigh Ióseph do chur suas ann a charbatt féin, a iomchar tré chathrachaibh na críche, stoic nó buabhaill do shéideadh roimhe is gach conair, agus a fhuagradh
do chách is gach áit don ríghacht adhradh, onóir, agus umhlacht do thabhairt dó do bhrígh gurbh é slánaightheóir na ríghacht agus a fhear ionaid féin dobhí ann, agus gurbh é ard-mhaor agus árd-thaoisioch na ríghacht go hiomlán é. Féch mur árdaighios Dia lucht na humhlacht: hi sunt quos aliquando habuimus in derisum ...; ecce quomodo conputati sunt inter filios Dei, etca. CAIB. XVII. DO DHEARBHRÁITHREACHA IÓSEIPH. A.M. ( ...) Ar mbeith do Ióseph 'na árd-mhaor nó 'na árd-phrionnsa ar an Égipt - óir ní raibh fón rígh féin an tan sin duine ann ba mó ná é ná comh mór i gcumhachta ná i n-úghdarrás - do chuir i gcéill, le coimhlíonadh an chúraim do ghlac sé air, gurab aoibhinn don rígh agus don ríghacht ann a mbíonn príomh-chomhairleach agus ministéir státa maith subháilceach acu. Óir, iar gcruinniughadh moráin lónta agus arbha i n-aimsir na fairsinge dhó gan mhothughadh do chách, iar tteacht don ghorta dobhí muintir na ríghachta as gach áird ag teacht ag agmhalladh rígh Pharao agus dá ghuidhe, ag iarraidh tárthála air. Do-chuireadh an rígh
gach aon acu d'ionnsaighe Ióseph, agus an tan thigeadhdís dá láthair, bheireadh sé éisdeacht thromdha fhoighideach dhóibh, agus do riaradh gach aon fó leith dhíobh. Acht atá ní cheana. Do ráinicc an ghorta sin tír na Canaam, agus ar gclos do Iacób go raibh arbhar le díol isan Égipt adubhairt rena chloinn dhul dá cheannach. Agus ar tteacht i láthair Ióseph dháibh do aithin sé iad; gidh eadh, níor chuir sé é féin i gcéill dáibh. Acht chum go bhfuigheadh faisnéis ar gach ní ba mian leis, agus go háirighthe fios ar mhair a athair agus a dhearbhbhráthair aen-bhruinne féin, .i. Beniamen, do chuir i ngéibhionn iad i riocht bhrathadóirigh na tíre. Agus ar mbeith ar a gcondus dáibh adubhradar le Ióseph nach ar thoisg don tsamhail sin thángattar, acht gurbha clann aen-athar amháin iad, agus go raibh dearbhbhráthair óg eile d'fhágadar i bhfochair a n-athar acu, agus gur theasdaigh lón beatha uatha, agus dá bhrígh sin gur ag iarraidh arbha le ceannach tángadar ar an turus sin. Do fhreagair Ióseph ag rádh nár mhór leis dearbha d'fhagháil ar fhírinne gach ní dhá ndubhradar ris, agus dá bhrígh sin go gcuinneóchadh aon díobh i ngeall ris an mac óg sin do thaisbénadh dhó. Ar mbeith isan gcruaidh-dháil sin dáibh, do chasaoid cách dhíobh re chéile ann a tteangaidh féin, ag rádh gur thuilliodar ó Dhía
an cruaidh-bhreitheamhnus sin do bhreith orra trésan droch-iocht do imirsiod féin ar a ndearbhbhráthair Ióseph: merito haec patimur, etc. Tan do-chualaidh Ióseph na haithiosga sin eatorra do ghlac truaighe agus dólás mór é, agus iar gcasadh a ghnúise uatha do chaoi sé agus do shil deóra óna rosga; agus ar ttiormughadh a ghruaidhe adubhairt riú imtheacht ris an arbhar acht amháin an bhráighdhe chomhuill; agus do aontaighdar Simeoin d'fhágbháil mur bhráighe. Do líonadh a saic dháibh annsin, agus do cuireadh luach an arbha gan fhios do gach aon díobh i mbél na sac cédna. Agus ar tteacht do láthair a n-athar dháibh d'innsiodar dó an conghioll cruaidh do bhí orra um Bheniamen do thabhairt go láthair árd-thaoisigh na hÉgipte, agus mur d'fhágadar Simeon i ngeall leis sin do choimhlíonadh. Arna chlos sin do Iacób, do ghlac dólás mór é, óir dobhí eagla air go gcaillfeadh Beniamen mur do chaill sé Ióseph roimhe, agus adubhairt go diongmhálta daingean nach léigfeadh féin an t-óg-mhac anaosach sin ba hannsa leis dá chloinn as a amharc féin. Deir na haithreacha naomhtha annso gur maith do chruthaidh gach leagadh agus gach tógbháil dá bhfuair Ióseph nach bhfuil i gcumhachta an domhuin go hiomlán toirmeasg do chur ar thoil Dé do choimhlíonadh: Voluntati enim ejus quis
potest resistere? etc. Óir an tan do shíl a dhearbhbhráithreacha féin sclábháigh do dhénamh dhe, ba hí toil Dé úsáid do dhénamh dhe sin féin lena ardughadh i gcaithréim mhóir agus a chur i gcéill leis sin nach féidir ní ar bith a dhénamh acht do réir a thola. Dála Iacóib, an tan do-chonnairc gur mhédaigh an ghorta ann a thír, agus go raibh a lón arna chaitheamh, tug a aontadh fá dheóigh Beniamen do léigion uaidhe don Égipt d'eagla go bhfuigheadh bás le gorta. Agus is mór do chuidigh Iudás lena thoil d'fhagháil chuige sin, óir dothug a ghealladh agus a choingheall dó le Beniamen do thabhairt slán ar a ais chuige. Annsin do ghluaisiodar maille le tabhartuis mhaithe d'ionnsaighe Ióseiph, agus an uair do-chonnairc sé cuige iad agus Beniamen 'na bhfochair, d'iarr a ttabhairt isteach dá láthair, agus do chuir fleadh mór dá ullmhughadh, agus do ordaigh togha gacha bídh agus gacha díghe do thabhairt dáibh. Agus níorbh fheas dáibh-sion créd fá ndearnaidh sé an onóir sin dáibh, acht an tan do-chonncadar iad féin arna ttabhairt isteach do ghlac eagla mhór iad gur i láimh do cuireadh iad trésan airgiod do cuireadh i mbél a sac. Agus d'eagla go gcuirfídh i bpríosún iad d'innsiodar d'fheidhmannach Ióseiph go ttugadar an t-airgead cédna chuige. Adubhairt an feidhmannach leó gan eagla bheith orra, agus nár bhaoghal dáibh aen-ní.
Agus iar ttaisbénadh a ndearbhráthar Simeoin dáibh, táinicc Ióseph isteach, agus do shuidh sé chum proinne do ghlacadh; agus do-rinneadar a dhearbhráithre adhradh agus onóir dhó; dothugadar tiodhlaice agus tobhartuis dó. Do ghlac seision go suilbhir subháilceach iad; do-rinne sé caoineas comhráidh riú, agus d'fhiafraidh sgéla a n-athar dhíobh. Gidh eadh, an uair do dhearc ar a dhearbhráthair aen-bhronna féin táinicc sprocht dóláis air, gurbh éigion dó dul ar uaignios le deóra gola do léigion anuas. Iar sin do shuidh chum bídh do chaitheamh, agus adubhairt rena dhearbhráithre suidhe mur an gcédna. Do chaithiodar an lá sin go súgach lúthgháireach, agus an tan ba mian leó dul ar a n-ais d'ordaigh Ióseph a saic do líonadh agus an t-airgead thugadar leó do chur i mbél na sac cédna mur do-rinne cheana, agus d'ordaigh a chorn féin do chur i mbél saic Bheniamein. Agus ní luaithe ghluaisiodar chum bealaigh ná chuir Ióseph a stíobhard 'na ttóruighacht. Agus ar tteacht dá láthair dhó sin, adubhairt riú gur tár tarcuisneach mí-fhiughantach an gníomh do-rónsad. “Óir do ghoid neoch éigin díbh corn mo thiaghearna,” ar sé, “agus is nár dhaoibh olc gráineamhuil do dhénamh a n-éiric gach maith agus gach so-ghníomh dá ndearnaidh sé dhaoibh.”
Dobhí gach aon acu annsin dá shaoradh féin ar an ngadaighacht sin, agus adubhradar do ghuth aen-fhir gur thoil leó príosúnach síorruidhe do dhénamh don tí agá bhfuighthí é. Acht do cuartaigheadh iad, agus dofríth an corn i sac Bheniamein. Arna fhaicsin sin dona dearbhráithre oile do ghlac criothnadh agus uamhan mór iad, agus d'iarr gach duine dhíobh fó leith é féin do chur i bpríosún agus Beniamen do léigion d'ionnsaighe a n-athar. Dobhí Iudás dá iarraidh sin ní ba díthchiollaigh go mór ná bhí cách eile, agus d'innis do Ióseph an geallamh thug dá athair, .i. nach rachadh féin tar ais gan Beniamen do thabhairt slán chuige, agus adubhairt go bhfuigheadh bás ar an láthair dá gcluineadh an mac beag sin ba hannsa leis dá chloinn a bheith i ngéibhionn, gan áireamh a bheith mur sin dó le coir ghráineamhuil bháis. Arna chlos sin do Ióseph níor fhéd ní ba sia congbháil ris féin, acht iar n-ordugh dhá mhuintir féin imtheacht as an láthair, agus ar mbeith dhó féin agus dá dhearbhbhráithre i bhfochair a chéile i n-uaignios, do-rinne sé éimhghe agus osna árd, agus leis sin adubhairt riú: “Mise Ióseiph bhur ndearbhráthair,” ar sé. Arna chlos sin dáibh-sion do ghlac uathbhás, uamhan, agus iongantas mór iad; agus chum misnigh agus sóláis do thabhairt dáibh iar sin, dubhairt Ióseph riú gur le toil agus le hordughadh Dé do-rinniodar
gach éccoir dár fhuiling sé uatha, agus gur chum a ttártháil uile ó ghorta do sheól Dia chum na críche sin é. “Agus ná dénaidh-se maill nó go ttugaidh sibh na sgéla so dom athair,” ar sé; agus adubhairt leó a innsin dó gur iarr mur athchuinge air é féin agus a mhuintir do thabhairt go crích na hÉgipte gan mhaill. Agus dofuair sé carbaitt agus cartacha rígh na hÉgipte lena n-iomchar chuige. Adeirid na haithreacha naomhtha annso gur cóir dona Críosdaighibh siompla an phatriarch naomhtha so do leanmhuin, ag dearmad an uilc do-rinneadh air agus a' dénamh maithiosa 'na aghaidh. Fighir dhílis fós don tSlánaightheóir é, dothug a fhuil le dórtadh agus a fheóil le strócadh ar son na ndearbhráithreach do dhíol agus do chuir chum báis é. Ar tteacht na sgél sin go Iacób do thuit i n-anmhuine le lúthgháire; agus an tan tháinicc a chaint chuige, agus fuair fios ar iomthúsaibh agus ar dhálaibh a mhic adubhairt nach dénfadh féin comhnuidhe nó go bhfaghadh amharc air, do bhrígh nach raibh isan domhan aen-duine dob fhearr leis 'fhaicsin ná é. Gidh eadh, níor dheóin ar an láthair sin a mhuintir do bhreith leis don Égipt, d'eagla iar mblas millseacht chríche na nÉifideach dháibh, .i. dá chloinn agus dá shliocht, go léigfeaddís i ndearmad
na geallamhna tug Dia dháibh le sealbh shíorruidhe chríche na Canaam do thabhairt dáibh. Acht ní fada bhí an imnigh sin air an tan do thaisbéin Dia é féin i n-aisling dhó, agus adubhairt ris gan imnigh ná faitchios do bheith air fón ní sin. Agus leis sin do ghluais gan fhuireach go ndeachaidh go hÉgipt. An uair do-chualaidh Ióseph go raibh a athair ag teacht do-chuaidh 'na chuinne go tír Gesin; agus ar bhfaicsin charbaitt Iacóib dhó do thuirling ar talamh, agus do-rinne umhlacht dá athair, agus ro fháisg cách dhíobh a chéile re a gcroidhthibh, agus do bhádar seal fada ag comh-chaoi i n-ucht a chéile gan aen-fhocal do labhairt. Agus iar gcur a lúthgháire i gcéill dá-roile dhóibh, do-thug Ióseph a athair leis go láthair an rígh Pharao, agus do-rinne Iacób umhlacht agus onóir dhó. Agus do bhrígh gurbha mian le Ióseph dúthaigh ar leith d'fhagháil dá athair agus dá mhuintir, amach as comharsannacht luchta na críche sin, d'iarr ar Iacób a innsin don rígh gur le haodhaireacht áirnéise do chaith féin agus a chlann a mbeatha go n-uige sin. Agus níor chuir uabhar ná sotal ar Ióseph gan sin d'innsin ós áird, gidh gur tharcuisneach le lucht na hÉgipte aodhairigh nó lucht cumhdach ceathra; agus is uime sin tug Pharao tír na Gessen le haitriughadh comhnuidheach dhóibh. Agus is mur sin do thárthaigh Ióseiph a athair
mar aon le lxxx anam eile dobhí 'na fhochair ar an ngorta dhíghbhálaigh sin. Is as an gcéd-leabhar don Scriptúir, dá ngoirthear Genesis nó Leabhar na nGeinealach, do tairngeadh an méid so ar ar thráchtus go n-uige so, agus thig sé gusan mbliadhain d'aois an domhuin 2317, agus gusan mbliadhain roimh Chríosd 1689. (Acht deir ughdair ársaigh fhoghlomtha eile go ttig réim an leabhair so gusan mbliadhain d'aois an domhuin 3443.) CAIB. XVIII. ANN A TTRÁCHTAR AR MNÁIBH CUIDIGHTHE COIMPEIRTHE NA HÉGIPTE. (Leabhar Exoid). Ar mbeith do Iacób seacht mbliadhna 'na chomhnuidhe go síthchánta isan Égipt thug dá aire an bás do bheith i ngar dhó. Do ghoir chuige a mhac Ióseiph, agus chuir do chúram air gan faillígh 'dhénamh re na chorp iar mbás do thabhairt go crích na Canaam agus a chur i bhfeart a shinnsir, .i. a athar agus a shean-athar. Thug a bheannacht
dá chloinn féin, agus iar sin do Ephraim agus do Mhanassé, .i. do chloinn Ióseiph, agus fuair bás iar sin i n-aois c. agus .xl. bliaidhain. Adeir an Scriptúir, ar bhfagháil bháis dó gur bhuail Ióseiph a aghaidh féin re lár agus gur chaoi go dermháir, agus gur chuir bauim agus spíosarraidh deagh-bholaidh i ttimchioll a chuirp; do-rinne fós dólás agus tórradh ar feadh móráin do laithibh. Iar sin gluaisidh féin maille le príomh-uaisle na hÉgipte, gur adhnuicsiod i ttomba a shinnsir isan gCanaam é. Iar sin táinicc Ióseiph ar a ais don Égipt, áit air mhair isan gcumhacht chédna an feadh do mhair; óir níor mheas an rígh aen-duine eile isan ríghacht diongbhála lena chúram d'iomchar an feadh do mhair sé féin. Acht i n-aimsir imchian dá éis sin ar ttabhairt dá aire do Ióseiph go raibh an bás i ngar dhó, ghoir a dhearbhbhráithre cuige, agus d'iarr orra a chnámha do bhreith go tír na Canaam leó agus a chur i bhfochair a shinnsir; agus tugadar gealladh dhó go gcoimhleónadís an aithne sin. Agus ní cian iar sin go bhfuair bás i n-aois céd agus deich mbliadhna, iar mbeith 'na árd-phrionnsa agus 'na árd-thaoisioch ar Égipt .xl. bliadhain dó. Annsin iar gcur bauma agus olaighe deagh-bholaidh ar a chorp, do chuiriodar i ttomba isan Égipt é. Acht tá ní cheana. I gcionn treimse fhada do bhliadhnaibh d'éis báis Ióseiph tháinicc athrughadh
mór ar chloinn Israél isan Égipt, óir tháinicc rígh eile orra darbh ainm fós Pharao (óir is fada lean an t-ainm sin do ríghthibh na hÉgipte), agus a bhfad ó bheith carthannach nó muinntiordha leó, do bhí lán d'fhuath, do mhiosgus agus do mhí-rún dáibh, agus as sin táinicc gur thionnsgain a scrios agus a ndíthughadh gan fhios dáibh; agus chum a ainmhiain mhallaighthe mhí-thrócairigh do thabhairt chum críche do thosaigh le sclábhaighacht agus le mór-oibreacha daora do-dhénta talmhan agus brícigh do chur orra, óir do mheas le méd na daoirse agus na daoir-oibre sin go gcuirfeadh toirmiosg orra clann do gheineamhuin. Gidh eadh, is líonmhuire go mór do gheineadh cách dhíobh re linn na daor-sclábhaighachta sin ná roimpe. (Fighir mhaith don Eaglais, mur deir na haithreacha naomhtha: sanguis martyrum est semen fidei, .i. “síol an chreidigh fuil na mairtíreacha.”) Thug sin fó deara don rígh tiaránta sin slighe eile d'fhéchuin lena milleadh agus lena ttraothughadh go tobann, óir do thionnsgain gach gein fheardha dá mbérthaidh acu do bhásughadh ar an láthair i ttiucfadh chum an tsaoighil. Agus chum go ndénfadh sin go caoidheamhail folaightheach do ghoir chuige mná stuama nó mná cuidighthe coimpeirte na hÉgipte, dá ngoirthear i Laidin obstetrices, agus midwives i mBérla Shaxanta; agus tug ordughadh dháibh gach gein fherrdha dona
hIsraélibh do mhúchadh gan mhaill ar tteacht as broinn a máthar dháibh. Gidh eadh, dothug eagla Dé agus uathbhás ar na mná réimhráite gan na feillghníomha gráineamhla sin do dhénamh ar an druing do chuireadh iad féin ar a gcomairce, agus gur dhiúltadar dénamh mur do iarr an rígh orra. Do ghlac fearg adhbhal-mhór an rígh leis na mnáibh sin fó gan a aithne do choimhlíonadh, agus iar ttabhairt aithise agus imdheargtha dháibh d'órdaigh dá mhuintir na leinbh réimhráite do theilgion gan mhaill iarna mbreith le sruth aibhne Níluis. Do mhol Dia coinghioll agus deagh-iomchar na mban stuama sin, óir dobhídar trócuireach deagh-chroidheach. Agus tug mur thuarusdal dáibh go ttáinicc sleachta líonmhura orra. CAIB. XIX. MAOISE ARNA THÁRTHÁIL Ó BHÁTHADH. A.M. 2433, roimh Chríosd 1751, iar mbás Leui .xl. bliadhain. Ar mbeith do chloinn Israél mur sin fó dhaorbhruid ag rígh tiaránta do-bhuidheach na hÉgipte, ar ndénamh dearmaid agus dimbrígh do gach maith
dá ndearnaidh Ióseph don ríghacht sin, - ag rígh mallaighthe, adeirim, lér mhian i n-alt aon-uaire a scrios go hiomlán - dobhí cuid acu nach dénadh coimhlighe nó lánamhnacht re 'roile, lérbh fhearr gan clann ar bith do gheineamhuin ná a bhfaicsin dá mbásughadh go héigiontach ós a gcomhair. Acht isan am cédna dobhí aon díobh do shliocht Léui darbh ainm Amram mac Cahaith mhic Leui, agus rug a bhean (dobhí don treibh chédna darbh ainm Iocabel) mac áluinn deaghchrothach dhó. Dobhí sí dá altrum, dá oileamhuin agus dá chaomhna ar feadh thrí mí gan fhios dona césdúnaigh Égipteacha; agus annsin do-chonnairc sí nach raibh ar a cumus a chaomhna ní ba sia ná sin, óir dob fheas dí go ttiucfadh an cuartughadh an tráth sin, agus dá bhfághdís an leanbh aice go gcuirfidh chum báis ar aon iad. Agus uime sin do-conncus dí ciseán dlúth do shlataibh boicimin a dhénamh, agus iarna dhlúthughadh go díonmhur le pic do chuir éudaighibh nó bréide i ttimchioll an leinbh istigh isan chiseán, agus d'fhág ar bruach srotha Níl mur sin é. Agus dobhí a dheirbhshiúr ann' amharc ag faire créd an chríoch dothiocfadh air. Acht ní cian dobhí mur sin go ttáinicc inghean an rígh Pharao cona banntracht dá nighe féin chum na habhann, agus ar bhfaicsin an chiseáin do ghlac mian í le féchuin créd dobhí ann, agus do chuir sí aon dá hinniltibh 'na chuinne, agus arna
fhosgladh dháibh fuaradar an mac-leanbh áluinn deagh-chrothach ann. An tan do bhreathnaigh an bhain-phrionnsa scéimh agus áille an leinbh do ghlac truaighe dhó, gur chinn ar a chaomhna agus ar a oileamhuin. Annsin táinicc a dheirbhshiúr i láthair, agus adubhairt, dá madh mian leis an mbainphrionnsa é, go ttiubhradh féin bean Eabhraigheach chuigthe agá raibh bainne cíoch ró-mhaith, do dhénfadh an leanbh d'oileamhuin agus d'altrum dhí. Dubhairt inghean Pharao gur mhaith léidh sin. Ní luaithe do-chualaidh deirbhshiúr an leinbh, darbh ainm Maria, na briathra sin ná d'imghidh sí go tapaidh, go ttug a máthair féin agus máthair an leinbh go láthair na bain-phrionnsa, gur ghlac oileamhuin an leinbh uirre féin, agus do gheall inghean Pharao tuarusdal maith dhí. Ar tteacht i méid don leanbh tug sí chum inghine Pharao é, agus do ghlac sí leis mur mhac toghtha dhí féin, agus tug Maoise mur ainm air, do bhrígh gurab í féin do thárthaigh ar bháthadh é, óir is ionann Maoise agus “uisge.” Ag so fighair an chaomhanta do-rinne an t-Athair Síorruidhe ar an leanbh Íosa, an tan do cuireadh le hordughadh an rígh Iruaidh na leinbh i mBéitil agus 'na timchioll chum báis. Féch fós mur do bháith Maoise clann agus sliocht Pharao i n-aimsir eile dá éis sin.
Iomthúsa Mhaoise, iarna chaomhna mur sin go míorbhuileach, ar mbeith i n-aois fheardha agus iar bhfagháil foghloma, oidis, agus árd-mhúnadh chúirte an rígh dhó (óir dobhí onóir agus urraim phrionnsa isan gcúirt sin aige an feadh do chomhnuidh innte), dob urusa a thuigsin as a dheigh-iomchar agus as a dheigh-ghníomhartha gur thogh Dia é le héuchta ro-mhóra do choimhlíonadh. Óir an tan do bhreathnaigh an bhroid agus an daoirse ann a raibh a dhearbhbhráithreacha agus a ghaolta ní bhfuair blas ná sásadh ar shógh ná ar aoibhnios dá raibh i gcúirt an rígh le fagháil aige, agus mur deir Naomh Pól, dob fhearr leis a bheith i ndaorbhroid i bhfochair phobuil Dé ná bheith i sógh agus i n-aoibhnios i bhfochair a namhad; agus is uime sin do chinn ar an gcúirt ríoghdha sin do thréigion le dul imeasg a dhearbhbhráithreacha agus a mhuintire féin. Aon do láithe ar bhfaicsin Égiptigh ag maslughadh aoin dona hEabhrighthibh dhó do ghlac sé dásacht agus díbhfeirg; do spreag an Spiorad Naomh go hinmheadhónach é, gur mharbh sé an tÉfidach agus gur fholaigh a chorp iar sin i ngaineamh na trágha. Agus gidh gur mhaith an comhartha so don phobal Eabhraigheach gur dó bhí i ndán a saoradh, ní thugadar dá n-aire é; óir arna mhárach do-chonnairc días Eabhraigheach ag troid re 'roile, agus ar tteacht dá láthair dhó adubhairt riú gur mhór an náire do dhearbhráithreacha i
ttír choimhigh a bheith trodánach easaonta re 'chéile. Leis sin d'fhiafraigh aon acu sin de ar mhian leis é féin do mharbhadh mur an Éfideach do mharbh sé an lá roimhe sin. Ar gclos na n-aithiosg sin do Mhoise, do ghlac eagla adhbhalmhór é, gur theith as an tír, agus go ndeachaidh go talamh na Madian. Agus ar tteacht don tír sin dó, tarla go bruach tiobraide é, agus ní cian dobhí ann go bhfacaidh mór-sheisior ingheana ba clann do Raguel nó Ietro a' teacht do láthair chum dighe do thabhairt dá ttrédaibh. Gidh eadh, dotháinicc aodhairigh eile do láthair lérbh áill a ruagadh ón tiobraid nó gur chosain Moyse iad. Ar gclos an sgéil sin dá n-athair do chuir teachta 'na chuinne, agus adubhairt gur mhian leis an t-Égiptach sin do-rinne ceart dá chloinn d'fhaicsin. An tan do-chonnairc Moyse subháilce agus caoinios Ietro do shanntaigh sé comhnuidhe 'na fhochair. Dothug grádh fós do sgéimh a inghine Zephora, agus ghlac mar mhnaoi phósda léidh; agus do chomhnuidh .xx. bliadhain a' comhdach tréda caorach do Iethro. Agus aon do laithibh ar mbeith ag tiomáin a chaorach i ngleann uaigneach ag bun shléibhe Horeb dhó, thug Dia taisbénadh air féin dó, óir do-chonnairc sceathach 'na caoir lasarach agus gan í dhá dógh, agus ar tteacht i bhfogus dí dhó do-chualaidh guth a' teacht as an gcrann chédna ag
fuagradh dhó gan teacht ní ba foigse nó go mbeanadh a bhróga dhe, óir go raibh an áit sin beannaighthe. Agus iar mbuain a bhróg dhe, do-chualaidh an guth irís ag rádh: “Mise Dia Ábrahaim, Ísaáic agus Iacóib; chluinim guth gearánach casaoideach na nEabhraigheach, agus is mian liom a n-éisdeacht agus a ttabhairt as an mbroid ann a bhfuilid isan Égipt. Is tusa do thogh mé,” ar sé, “chum na hoibre móire sin do thabhairt chum cinn.” Do fhreagair Moyse é, agus adubhairt nach raibh sé féin oireamhnach le cúram comh mór sin do fhreasdal ná do choimhlíonadh, agus dobhí ag iarraidh a leith-sgéil féin do ghlacadh. Gidh eadh níor ghlac Dia uaidhe gan imtheacht, óir do chuir aithne an dara feacht air le himtheacht. Agus chum go ttiubhradh misneach dhó do chuir sé d'fhiachaibh air dhá mhíorbhuile do dhénamh ar an láthair sin. Óir do-rinne athar nimhe do lorga nó don tslait dobhí ann a láimh, agus an dara feacht do-rinne slat di mur bhí roimhe. Arís do chuir a lámh ann a bhrollach nó ann a fhochrus féin, agus dothug amach as sin lán do lubhra í, agus do leighis féin ar an láthair í. Gidh eadh, dobhí sé ag cur a n-aghaigh na haithne, nó gur thaisbéin Dia a fhearg dhó, agus ann sin do umhlaigh sé. Agus iar gceileabhra dhó le Iethro do ghluais don Égipt, áit a ttug sólás mór dá mhuintir féin, .i. don phobal Eabhraigheach.
Fighir na sceithigh dobhí re lasadh, agus nár loisgeadh leis sin, na fíréin dá gcéusadh ar an tsaoghal so. Dobhí Maoise an tan chonnairc an taisbénadh úd .lxxx. bliadhain d'aois, Anno Mundi 2537, roimh Chríost 1491. CAIB. XX. AGALLMHADH MHAOISE LE PHARAO. Dála Mhaoise, ar tteacht don Égipt dó do labhair le Pharao ag iarraidh agus ag athchuinge air an pobal Eabhraigheach do léigion uaidhe chum iodhbairt do dhénamh don Dia fhíre ar an bhfásach; agus níor éisd Pharao go foighdeach ris féin ná re a dhearbhráthair Araon (dobhíodh do shíor i bhfochair Mhaoise), acht do-rinnidh magadh agus fonómhad fó na haithiosga sin, agus adubhairt go dána dásachtach nárbh fheas dó féin cia hé an Dia sin, agus nach léigfeadh an pobal uaidhe. Agus do mheas sé fós ana inntinn féin gur meirliochas agus easumhlacht do ghluais a mian chum imtheacht óna smacht as an ríghacht; agus ar an ádhbhar sin do órdaigh gach daoirse agus gach sclábhaighacht dá raibh roimhe sin orra do dhúblughadh, agus an uimhir chédna bhrícigh do
dhénamh gan congnamh tuidhe mur do-gheibhdís roimhe sin. Is annsin tháinicc an pobal Israél, agus do-rinneadar casaoid achmhusánach imdheargthach le Moyse agus le hAraon ag rádh riú gur chiontach iad leis an gcomaoin daoirse agus chruaidh-dhála do cuireadh orra go déighionach. So fighair dhílis ar gach murmur agus ar gach mí-sgél dá guirionn lucht uilc agus mailíse do thaobh a gcúil agus a n-aighidh ar phastúirigh fírénta na hEaguilse. Acht do bhrígh go raibh an bhroid thiaránta mhí-thrócaireach dobhí ar a phobal mí-thaithneamhnach ag Dia, níorbh áil leis a fhulang ní ba sia orra (óir is peacadh an tiarántacht mhí-thrócuireach bhíos ag screadaigh do shíor ag iarraidh díoghailtais ar an áird-rígh). Adubhairt re Moyse a innsin don rígh Pharao gurab é féin d'iarr air cead imtheachta do thabhairt dá phobal, agus chum go gcrutheóchadh i láthair an rígh gurbh é féin do chuir isan teachtuireacht sin é, adubhairt ris an lorga nó an tslat aisdir dobhí ann a láimh do léigion ar lár i bhfiadhnuise an rígh. Agus ar ndénamh a theachtuireacht mur sin dó, agus ar léigion na slaite ar lár mur dubhairt Dia ris, do-rinneadh athar nimhe dhi; agus gidh go raibh lucht piseóg agus asarlaighacht ar an láthair do-rinne an ní cédna, agus do shíl leis sin go m'fhéidir leó
míorbhuile fhírinneach an fhír-Dhia do chur i ndimbrígh, níor éirghidh leó, óir do threasguir agus do shluig athar nimhe Mhaoise athracha nimhe na n-asarlaighibh go hiomlán. Acht ar mbeith don rígh Pharao seasmhach ann a easumhlacht do Dhia agus ann a ainmhian féin, agus ar mbeith dhó 'na dhiaidh sin ar bhruach shrotha Níl, tháinicc Moyse agus Araon chuige ann. Do labhradar go fáilghidh milis-bhriathrach leis, agus le naomh-dhánacht dhiadha d'iarradar air an pobal do léigion uaidhe go síthchánta le hiodhbairt do dhénamh don fhír-Dhia ar an bhfásach. Agus an tan fuair diúltadh adubhairt Moyse re hAraon an lorg do chur síos isan abhainn, agus ní luaithe do-rinne sin ná do-rinneadh fuil don uisge sin agus d'uisgeadhaibh eile na hÉgipte go hiomlán, agus do bhásaigh sin na héisg uile. Ag so adhbhar uathbháis mhóir do gach creidmheach nach glacann glan-uisge na fírinne diadha. Agus gídh go ndearnaidh na heasarlaighibh aithris ar Mhoyse isan ní so níorbh fheidir leó na huilc agus na dochair do-nídís féin a leasughadh mur do-níodh Moyse. Ag so síos deich bplágha na hÉigipte roimh an bpobal Israél do thriall amach eiste: an chéd-phláigh dhíoghaltach fuil do dhénamh don uisge: an dara pláigh sgaoi do fhrogaibh do líon an ríghacht go hiomlán; an treas pláigh míola, ba
fighir dhílis dona heriticcigh bhíos ag síor-ghearradh agus ag síor-chnaoi na hEaguilse naomhtha ré mailís agus le mion-résúin fábhuill, do-bheir mí-shuaimhnios mór dona fíréin is baill di; an ceathramhadh pláigh sgaoi mhór do mhíoltógaidh nó do fhoichibh neimhneacha do líon an ríghacht, chiallaighios imneadh agus buaidhreadh saoghalta chuirios aire cháich do shlighe na fírinne, ar mhodh nach bhfaghaid uain ar mhillsiocht na subháilceadh do bhlas; an cúigeadh pláigh conach tháinicc ar an airnéis bhrúideamhuil go coitcheann, ní chuirios i gcéill dúinn go bhfuighe an dream dhaonna chaithios a saoghal go brúideamhail bás mur na beathadhaigh bhrúideamhla; an seiseadh pláigh bolgach mheallach nó othair neimhneacha tháinicc ar na daoine go coitchionn: is iad so an dream thréigios Dia ag leanmhuin uaille agus uabhair an tsaoghail; an seachtmhadh pláigh cloch-shneachta do bhrúigh, do bhris, do mhill, agus do threasgair gach ní so-mhillte dá ttárla ann a shlighe; an t-ochtmhadh pláigh priompiolláin do ghearr agus do chnaoi gach fás agus gach glasradh dá raibh isan tír: is iad so lucht an ithiomráidh bhíos ag milleadh agus ag crinn cháich eile lena mbéil urchóideacha; an naomhadh pláigh dorchadais dobhí comh ramhar agus comh tiugh sin nacharbh fhéidir leis na hÉifidigh a chéile d'fhaicsin: so iad na peacaigh bhíos dall an tan bhíos na hIsraélibh, .i. na fíréin, grinn gér-radharcach.
CAIB. XXI. DON UAN CÁSGA. Tar éis na .ix. bplágha sin d'fhulang dona hÉgiptibh agus dá rígh sin, níor músgladh leó iad chum aithrighe ná umhlachta. Is annsin thug Dia ordugh don phobal Israél, .i. an deachmhadh lá don mhí chédna, dá ngoireadhdís Nísan, uan do thabhairt isteach an gach teach dá raibh acu lena iodhbairt an ceathramha lá décc, agus d'innis dáibh an modh a ndénfaidhís an iodhbairt sin, .i. an tan bheithdís dá ithe a bheith 'na seasamh dháibh, crios do bheith fáisgidh i ttimchioll chuirp gach aoin acu, maide bheith ann a láimh, a mbróga do bheith orra, agus a bheith ullmhaigh ar an láthair chum gluasacht ar eachtra gan fuighioll ar bith don uan d'fhágbháil gan ithe, agus muna mbeith líon lérbh fhéidir a ithe go hiomlán isan teaghlach fios do chur ar an gcomharsainn, agus d'ordaigh go speisialta dháibh fuil an uain do chrothadh ar ursannaibh a ndoirse, ionnus ar bhfaicsin na fola sin don aingeal dobhí 'teacht chum díghbhála do dhénamh don tír nach dénfadh dochar ná díth do mhuintir na ttighthe ar a bhfaicfeadh an fhuil.
Do-rinnidh clan Israél gach ní do réir an ordaighthe sin; agus ar mbeith dháibh go hiomlán ag iodhbairt an uain Chásga, thánicc i meadhón na hoidhche cédna an t-aingeal, agus do mharbh príomh-ghein gach aoin do mhuintir na hÉgipte, ó phríomh-ghein an rígh féin, dobhí an tan sin ag stiúradh agus i gceannus na ríghacht, go príomh-ghein an daoir nó an sclábhaigh ba táire isan gcrích; agus do mharbh fós céd-ghein na mbeatheadhdhach mbrúideamhuil mar aon riú. Agus ní dhearnadh díth ná díghbháil dona hIsraélibh. d'éirigh Pharao as a leabaidh i meadhón na hoidhche sin. Iar gclos bháis thobainn a mhic oighreachta, agus iar bhfaicsin fós gach céd-ghein eile ann a ríghacht arna mbásúghadh, do ghlac uamhan agus uathbhás mór é féin agus a mhuintir uile; agus is annsin dothug sé dá aire gurbha díomhaoin conntabhairteach d'aon-neoch dá thréine toirmiosg do chur ar thoil Dé do choimhlíonadh. Agus gídh go raibh sé go n-uige sin do-smachtaigh do-cheannsaigh dotháinicc sé ar a chosaibh féin go humhal ceannsaigh ag iarraidh ar an bpobal Israél gluasacht as an ríghacht, agus tug gan connradh gan coinghioll ar bith do chur orra cead dáibh a mnáibh, a gclann, a muinntir, agus a maoin uile do bhreith leó gan mhaill ar bith. Dotháinicc fós muinntir an rígh ag iarraidh mur
aithchuinge orra imtheacht agus gan maill ar bith do dhénamh. Do ghluaisiodar arna mhárach, agus ba hé sin an lá go cinnte lér chríochnaigh an aimsir dobhí i ndán nó i ttarrngoire don phobal Israél a bheith ar deóraighacht agus i ndaoirse, .i. ccccxxx bliadhan do réir mur réimhinnis Dia dá n-athair Ábraham, agus ba hí aois an domhuin an tan sin 2519, agus roimh Chríost do theacht i gcolainn 1491. Agus ba hí a n-uimhir ag gluasacht as an Égipt an tráth sin dáibh sé chéd míle fear ionairm foirfe, gan áireamh ban ná leanbh. Acht, ré ngluasacht dáibh, do ghlacadar (mur d'órdaigh Dia dháibh) ar iasacht soithigh óir agus airgid na hÉgipte, agus fuaradar gan docamhal ar bith ó na hÉifidigh na soithighibh sin, do bhrígh gur oibrigh Dia claonadh secréideach éigin ionnta lena uile-chumhachta féin nár fhuiling dáibh diúltadh do thabhairt dona hIsraélibh. Agus is mur sin do shaor Dia an pobal Israél as anbhroid na hÉgipte, áit a rabhadar 215 bhliadhna i ndaoirse agus i ndaor-obair. Agus tugadar na soithigh daor-luaighe sin leó mur luach saothair ar son gach oibre cruadhálaigh dár cuireadh ar feadh na haimsire sin orra le tiarántacht agus le mí-thrócuire na nÉifideach. Agus is fighir so ar an bhfuasgladh tug Críosd ar Slánaightheóir dhúinne, iar mbeith barr ós
cionn cheithre míle bliadhain i ndaor-sclábhaighacht fó chuing thiaránta an diabhail. Iomthúsa Pharao, ar bhfaicsin dó gur imghidh an pobal Israél, agus go raibh na trí lá d'iarradar chum iodhbartha do dhénamh arna gcríochnughadh, agus nach bhfacaidh ag teacht ar a n-ais iad, do ghlac fearg ádhbhal-mhór é, agus iar ndearmad gach pláighe agus gach pionúis dár chuir Dia tréna easumhlacht roimhe sin air do chruinnigh a shlóigh armtha as gach aird chuige, agus thug tóruighacht do phobal Dé le hiad féin agus na soithigh thugadar leó do thabhairt ar a n-ais. Agus ar ndul i n-amharc a chéile dháibh do ghlac uamhan agus imeagla ádhbhal-mhór an pobal Israél, óir dobhídar an tan sin ar fhásach fhairsing, áit nach raibh tearmonn ná ionad teithidh acu, óir dobhí slóigh an rígh ar thaobh dhíobh agus an Mhuir Ruadh ar an taobh eile dhíobh; agus arna mheas dáibh nach raibh, dár leó féin, tártháil ar bith le fagháil acu, do léigiodar i ndearmad gach míorbhuile mhór dá ndearnaidh Dia orra go n-uige sin, agus an cúram dobhí aige lena ttreórughadh tríd an bhfásach ndiamhair ndo-eoluis lér chuir colamhain do néull mhór rompa gach ló agus colamhuin lonnrach lasamhail teineadh gach oidhche lena gcaomhna ar seachrán, agus do léigiodar iad féin amach ar ithiomrádh agus ar mhurmur i n-aighidh Mhoyse agus Araoin, agus d'fhiafraighdar
go feargach aitiosach imdheargthach an raibh áit adhlaice go leór acu isan Égipt agus gan a ttabhairt dá mbásúghadh ar an bhfásach sin. Dobhí Maoise ag tabhairt misnígh agus sóláis dáibh agus a' gealladh go ttiucfadh cabhair ó Dhia chucu. Agus ar tteacht iar sin do Pharao cona shlóigh i bhfogus dáibh, do shín Maoise a lámh ós an Muir Ruaidh dobhí rompa, agus do scoilt an t-uisge go míorbuileach, agus do sheas amhuil bhallaighibh daingne ar gach taobh dhíobh, gur fhág slighe tré ndeachadar le cosa tiorma tríd. Do shíl rígh agus slóigh na hÉgipte go harráideach go raibh an bealach sin comh saor acu féin agus dobhí ag an bpobal Eabhraigheach, agus dá bhrígh sin do bhrúchtadar i mbuinnighibh reatha 'na ndiaigh. Acht ní cian go bhfuaradar iad féin mealltaigh, agus gur taisbénadh go follusach don domhan dhaonna an t-eidirdhealbhadh do-rinne Dia idir a phobal féin agus an sluagh aindlightheach ainmhianach sin dobhí go díoghaltach dá ttóruighacht, óir ar mbeith isan chonair chédna dháibh do dhóirt toirneach agus teinteacha as na flaithis ar na hÉifidigh, ionnus an tan ba mian leó (ar bhfaicsin láimhe díoghaltaigh Dé 'na n-aghaidh) filleadh ar a n-ais adubhairt Dia re Moyse a lámh do thógbháil ós cionn na fairge, agus ní luaithe do-rinne sin ná do bhrúcht ar gach taobh orra, ar mhodh gur beanadh a gcosa ar ttús agus nach ttérnó aon gan bhádhadh
dhíobh. Agus ba hé sin an .xxxi. lá don chéd mhí, .i. lá ochtáibhe iodhbartha an uain Chásga. Is mur so bheir Dia le trócuire mhóir, agus le míorbhuile, anam an pheacaigh bhoicht saor go minicc as aigén na n-ainmhian agus as crúbaibh cruaidhálach' an diabhail. CAIB. XXII. DON MHANNA .I. AN PLÚR NEAMHDHA. A.M. 1513. An uair thug an pobal Eabhraigheach méd na míorbhuile sin dá n-aire níor fhéd an dream ba do-smachtaigh dhíobh gan creideadh do Dhia, onóir agus adhmholadh do thabhairt dó; agus is uime sin do chanadar mar aon re Moyse cainticc adhmolta dhó. Do ghoir fós Maria, deirbhshiúr Mhaoise, na mnáibh chuighthe, gur chanadar maille le cláirsiocha agus le buabhaill caintige il-gháirdiosa agus adhmolta do Dhia uile-chumhachtach mur an gcédna. Gidh eadh, ní cían dobhádar iar sin go ttáinicc ocrus agus easbhaidh bídh orra, agus ní luaithe do ghuin an ghorta sin iad ná do léigiodar iad féin amach ar mhurmur agus ar ithiomrádh a n-aghaidh Mhaoise
agus Araaoin, óir is orra do-bheirdís milleán fó gach cruaidh-dháil dá mbeanadh dháibh, gidh gurab é Dia do-nídís d'imdheargadh isan am cédna. Adubhairt Moyse riú, gion gur thuilliodar leis an murmur gnáthach sin fearg agus díoghaltas Dé, gidh eadh go raibh sé trócuireach agus a fhoighid comh mór agus sin go ttiubhradh cabhair dháibh, mur do-rinne gan mhaill. Óir, um thráth nóna na hodhche sin do thuit anuas 'na measg chugthu as na flaithis ceatha plúir dá ngoirthear isan Scriptúir manna. Agus dobhí díol gacha trátha don phlúr chédna sin dá dhórtadh chugthu go míorbhuileach ón am sin go ceann .xxxx. bliadhain dobhídar ar an bhfásach. Arna fhaicsin dháibh ar tús dob iongantach leó é, tar cheann go bhfuaradar ádhbhar iongantuis mhóir an tan do dhóirt Dia sgaoi mhór don énlaith dá ngoirthear gearra goirt an oidhche roimhe sin ar lár fútha, acht gur innis Maoise dháibh nach raibh ann acht cuid eile do mhíorbhuile Dé le beatha do thabhairt dáibh, gídh gurbha holc do thuilliodar uaidhe gach maith míorbhúileach dá raibh sé a dhénamh orra is gach am ón uair dothug as broid na hÉgipte iad. Agus annsin adubhairt re gach aon acu dul amach gach maidin re héirghidh na gréine agus lón gach laoi do chruinniughadh dhe. Agus ba hoireamhnach an t-am sin le moladh agus le
buidheachus do thabhairt do Dhia, mur deir an rígh-fháidh: In matutinis meditabor in te; do bhi fós résún eile leis, óir do leaghadh an manna leis an ngréin. Adubhairt fós Maoise riú gan aen-ghrim do chur i ttaisge dhe, ionnus go ttuigfeadh an pobal cruaidh-mhuinélach sin méd an chúraim dobhí ag Dia ionnta, agus le cosg fós do chur ar an tsaint dá rabhdar ró-chlaon go nádúrtha, mur tá na Iudaighibh gus anois. Agus gidh gur mhíorbhuileach an bheatha so do bhí ag an bpobal Eabhraigheach, is míorbhúiligh go mór agus is cathréimigh an bheatha thug Críosd ar Slánaightheóir dhúinne anois, .i. a Chorp agus a Fhuil féin. Dá bhrígh sin ná bíodh tuirse aguinn leis mur bhí acu so leis an manna; óir an uair do chleachtadar agus fuaradar a ndaoithin de, dubhradar go m'fhearr leó praiseach nó potáiste na hÉgipte iná é. A shamhuil so do mhasla bheir na peacaigh mhí-cheannsaigh mhí-ghrásamhuil do Chorp an Tiaghearna i Sacrameint na hAltóra. Dar leat, níorbh fhéidir don phobal Eabhraighach a chur i gconntabhairt, tar éis gach míorbhuile dá ndearnaidh dháibh go n-uige sin, agus go speisialta tar éis na míorbhuile déighionaigh sin, go raibh lámh ro-chúramach Dé 'na ttimchioll dá bhfreasdal do shíor. Gidh eadh, ní fada go ndeachadar i n-édóchus ar Dhia agus i murmur i n-aghaidh Mhoyse, gidh gur dhoiligh dháibh é tar éis na n-il-iomad
gcomharthaigh ró-iongantacha dofuaradar ar a naomhthacht agus ar a ghlan-ndúthracht dóibh. Acht d'aimhdheóin gach résúin díobh sin, ar tteacht dáibh i n-áit ar an bhfásach dá ngoirthí Raphadim ní bhfuaradar aen-deór uisge ann, gidh go raibh tart dá gcéusadh, go ndeachadar le feirg mhóir agus le droch-aigne go hairm a raibh Moyse, agus go ndubhradar go doirbh droch-ráidhteach ris: “Créd fá ttugais as an Égipt sinn?” An tan do-chualaidh an ceann feadhna milis-mhianach an t-aithiosg droch-mhúintigh do-bhuidheach sin ón bpobal do-cheannsaigh droch-mhianach sin lér mhian a chlochadh chum bais, do ghuidh Dia go dúthrachtach ag iarraidh tárthála dháibh. Do fhreagair Dia é, agus adubhairt leis an dream ba haosta agus ba críonna don phobal do ghairm chuige, an lorga nó an tslat bhuadhach lér bhuail sé abhainn Níl agus an Mhuir Ruadh do bhreith ann a láimh leis agus dul go carraig Hóreib, buille don tslait a bhualadh uirre, agus go ttiucfadh lór-dhaoithin an phobuil d'uisge amach as taobh na carrige sin. Ciallaigh so tuile ghrása an tSlánaightheóra a' teacht chugainn ó chrann na páise, choisgios tart cháich ar fhásach an tsaoghail so, mhaothus agus eaclaighios gach croidhe dá chruaidhe: Petra enim erat Christus. As sin do ghluaisiodar go Cadés, áit a bhfuair Maria deirbhshiúr Mhoyse bás, agus do hadhlacadh
ann í. Tárla easbhaidh uisge arís dáibh, agus ar ndearmad a n-urrama agus a n-umhlacht do Mhaoise, dár leat ba mian leó é féin agus Aaron do mharbhadh, acht gur imghidar ar aon uatha as an láthair go ndeachadar gusan tabearnacel, agus gur bhuailiodar annsin a n-aighthe re lár i bhfiadhnuis' an Tiaghearna, ag iarraidh chabhra agus tárthála don phobal dhúr-chroidheach dho-bhuidheach sin. Do fhreagair Dia iad agus adubhairt re Moyse an charraig dobhí annsin a bhualadh, mur do-rinne roimhe le carrig Horeib. Acht gidh eadh, amhuil agus mur do ghlacfadh puinn beag édóchuis Moyse, do bhuail an charraig fá dhó. Agus do eagair Dia sin fair, óir mur phionús ar an ngníomh sin adubhairt leis nach léigfadh féin dó dul go bráth isteach go Talamh na Geallamhna, acht amháin go bhfaicfeadh uaidhe ann amharc é. Is mór an t-ádhbhar uathbháis an ceart-bhreitheamhnus so dothug Dia ar an bhfíréin so, dofuair síthcháin uaidhe féin go minicc don phobal dhroch-iomchair úd. CAIB. XXIII. AN T-ÁR DO-RINNEADH AR NA HAMELECÍTIGH. =Eod. Anno=. Tar éis gach misnigh agus gach tárthála dá bhfuair an pobal Eabhraighach ó Dhia le heidirghuidhe
Mhoyse agus Aaroin, ní cian go ttárla i n-éigion ro-mhór iad. Óir, do-choncadar námhaid ro-neartmhur a' teacht 'na n-aghaidh, .i. Amalech, agus ba hé sin cona shluagh armtha céd-dhrong do thionnsgain le cogadh toirmiosg do chur ar phobal Dé. Agus ba mhóide a ndánacht agus a misnioch le sin do dhénamh mur mheasadar gurbha ní so-dhénta an pobal bocht sin do chlaoidh agus a maidhm do thabhairt, do bhrígh (mur shíladar) go raibh gach uile easbhaidh bídh, dighe, agus airm orra; agus mur dobhídar féin mí-thrócuireach go nádúrtha do thionnsgain síad an pobal bocht deireóil sin do threasguirt i n-aoin-fheacht. Agus chum sin do thabhairt chum críche, chuiriodair iad agus a gcarbuitt cogaidh i n-innioll catha lena n-ionnsuighe, agus le brúchtadh go tobann orra. Gidh eadh, mur bhí dóchus Mhoyse i nDia do ghnáth, níor chuir uimhir airm ná deagh-ghlés catha na nAmelecítibh ba namhuid dó eagla ná uathbhás air. Acht adubhairt le Iosue an dream ba cródha agus ba misneamhla dobhí isan bpobal do thogha amach agus dul leó a n-aghaidh Amaleich, agus go rachadh féin mar aon le hAaron agus le Hurr go mullach an mhór-chnuic dobhí ós a ccionn, agus go gcoimhleónadh le cumhachta Dé an chuid eile. Agus ar mbeith do Iosue ag troid go forránta a n-aghaidh na namhad, do chuir Moyse ar an gcnoc árd é féin i n-innioll urnaighthe le Dia
do ghuidhe go dúthrachtach le go ttiubhradh buaidh an chatha dá phobal féin; agus do-rinne fighair croise nó an chrainn chésda dhe féin, óir do shín agus do sgar a dhá láimh óna ucht amach agus é ag dearcadh ar fhlaithios nimhe, agus an tan do thuiteadh a lámha síos le tuirse do chlaonadh an bhuaidh do thaobh na námhad, agus an tan do thóigeadh arís suas iad dobhíodh an bhuaidh ag pobal Dé. An tan dothug Aaron agus Hurr sin dá n-aire do chuiriodar Maoise 'na shuidhe ar cloich mhóir, agus do chuiriodar iad féin fóna lámha da gcongbháil suas nó go bhfuair Iosue agus a mhuintir buaidh iomlán ar an námhaid, agus go ndearnadh ár ró-mhór orra. Cuiridh so i gcéill dúinn gur ó Dhia amháin geibhthear gach buaidh. Ag so fós fighair Chríosd i gcrann na páise a' breith buaidhe ar Lucifer agus ar dhubh-shluagh ifrinn go hiomlán. Siompla maith fós é do phastúirigh na hEaguilse le bheith ag guidhe Dé do ghnáth ar son na bpobal. Go grod dá éis sin, agus i gcionn thrí mí tar éis an Égipt d'fhágbháil don phobal Israél, do ghoir Dia Maoise chuige agus adubhairt ris: “Labhair ris an bpobal,” ar sé; “cuir i gcéill agus i gcuimhne dháibh gur le míorbhuile móra do tharrauing mé as anbhroid na hÉgipte iad, agus ó shoin a leith go raibh mo lámh chaomhantach chabhrach 'na ttimchioll ann gach éigion ann a
rabhdar; agus innis dáibh anois má choimhlíonann siad mo dhlighe agus a bheith dílis damh go sealbheóchaidh mé mur oighreacht shíorruidhe damh féin iad.” Do-rinne Moyse mur dubhairt Dia ris, agus do ghealladar d'aithiosg aoin-fhir dhó nach dénfadís go bráth aon-ní acht do réir thola Dé. Agus ar ttabhairt na teachtuireacht sin ar a hais do Mhaoise, dubhairt Dia ris a fhógra don phobal a bheith ullmhaigh agus go laibheóradh féin do mhullach an tsléibhe ar an treas lá 'na dhiaidh sin riú; acht adubhairt ris tóruinn do tharraing le bun an chnuic agus gan aen-nduine dhíobh i bpéin a bháis do dhul isteach tar an líne nó tar an tóruinn sin. Agus ar an treas lá a moch na maidne do-chualadar ó gach taobh don mhór-chnoc sin toruinn, tromplésga, toirneacha, agus teinteacha do lonnraidh lena lasair an áit a rabhdar féin. Dobhí fós néull tiugh dorcha ag folach an tsléibhe, agus do-chualaidh go soléir guth buabhall i gcoimiosg leis na toruinn uathbhásacha sin. Dobhí a gcluasa agus a súile comh líontaigh sin leis na huathbháis ionganthacha sin gur le héigion mór thug Maoise amach as a scáláin iad lena dhlighthibh féin agus lena reachtaibh d'éisdeacht ó Dhia. Agus ar bhfaicsin an tsléibhe 'na chaoir lasrach dháibh do-chualadar guth Dé do mhullach an chnuic ag
gairm go hard ar Mhaoise; agus iar sin, ar mbeith dháibh ag amharc suas ar an gcnoc nó ar an árd-shliabh sin, agus lasracha ag éirghidh suas lena thaobha agus dá mhullach mur bheith foirnéis theinntidhe ann, do-chualadar go soléir na deich n-aithionta dá bhfriotal as bél Dé dháibh. Acht gidh eadh, do ghlac an uiriod sin uamhain, imeagla, agus uathbháis iad, gur ghuidhiodar Maoise ag iarraidh air gan iad féin do thabhairt i láthair Dé acht é féin 'na aonar do labhairt ris gach mhionca budh toil leis agus gan a gcur isan gconntabhairt mhóir sin feasda, agus go ndénfadís gan fhailligh gach ní da n-oirdeóchadh dhóibh. Is mur sin do thoirbhir Dia na deich n-aithionta ar ttús; agus deir aithreacha naomhtha go mbeith an t-uathbhás cédna úd tairbheach anois ag an dream mhallaighthe bhíos gan déisdion ag briseadh na n-aitheanta cédhna. CAIB. XXIV. DON LAOGH ÓRDHA. Eod. Anno. An uair ba mian leis an bpobal Israél Maoise do bheith 'na theachtaire idir Dia agus iad féin, agus nacharbh áil leó dul isan gconntabhairt chédna
ann ar shíliodar a bheith an tan do labhair Dia riú, do ghoir Dia ar Moyse go mullach an tsléibhe áit ann a raibh ar feadh ceathrachad lá 'na fhochair agus 40 oidhche fós. Agus do thriall sé don tsliabh anuas iar sin agus na deich n-aithionta sgríobhtha le láimh Dé féin i ndá chlár cloiche leis. Agus ar mbeith ag teacht d'ionnsaighe an phobuil dó ní i gceann sóláis do tharla é. Óir, an tan do-chonnairc an pobal tobann meardha mí-cheannsaigh sin fad na haimsire dobhí Moyse uatha ar an tsliabh do shíliodar gur thréig sé iad, agus dá bhrígh sin do thionnsgainsiod dia bréige i bhfoirm an laoigh órdha bhí 'na íodhal isan Égipt do dhénamh dhóibh féin; agus chum go ttiubhradís sin chum cinn do labhradar go borb bograch le hAraon ag rádh ris dia do dhénamh dháibh; agus ar gcur uathbháis dóibh leis na briathra sin ar Araon adubhart leó fáinnigh óir agus slabhraidhe cluas a mban do chruinniughadh chuige; agus ar na gcur i tteinidh do-rinneadh laogh órdha dhíobh, agus dobhí an pobal le meadhair, le sollamhain mhóir, agus le iomad ulgháirdis dá adhradh. Ar ttuirling don tsliabh do Mhaoise do-chualaidh sé gáir ulgháirdis an phobail ag adhradh an íodhail sin, iad fós ag léimnigh agus ag damhsa 'na thimchioll agus ceólta il-iomdha acu. An tan do-chonnairc Maoise sin do ghlac dásacht agus díbhfeirg dhíoghaltach é gur bhuail fó a chéile an dá chlár cloiche ar ar sgríobh Dia na haithionta dhóibh,
gur bhlodhaigh agus gur mhionbhris iad. Agus is uime do-rinne sin do bhrígh gur mheas sé nach raibh tairbhe ann dlighe Dé do bheith sgríobhtha i gcláir cloiche ag an dream mhallaighthe sin, an uair do sgriosadar as a gcroidhthibh é mar aon re dlighe na nádúire féin. Is annsin dorug Moyse ar an laogh órdha go ndearnaidh luaithreadh nó púdar dhe, agus iarna chrothadh ar uisge dho tug lén' ól dáibh uile é, agus tug achmhusán mór do Araon tré mur d'fhuiling dáibh an peacadh gráineamhuil sin do dhénamh. Annsin do labhair go hárd agus d'fhuagair do gach aon lér mhian an fíor-Dhia do leanmhuin teacht gan mhaill dá ionnsaighe féin. Agus leis sin táinicc treibh Leui chuige, agus ar tteacht dá láthair dháibh tug ordughadh dháibh a n-airm do ghlacadh 'na láimh, agus lingeadh tríd an gcoimhthioneól gcrosda sin, agus gan féchuin do ghaol, do charaid ná do chompánach acht a ttreasguirt ar gach taobh gan choigill do neoch. Do-rinneadar mur d'iarr orra, agus níor chomhnuidhsiod nó gur mharbhadar 23,000 duine. Tugadh aithreacha agus máithreacha an domhuin dá n-aire méd an phionúis so thug Moyse dá chloinn i n-éiric an pheaca sin.
CAIB. XXV. DÁ CHLÁR NA N-AITHEANTA ARNA N-ATHNUADHA. A.M. 2513. Ar mbeith do Mhoyse lán do bhuaidhreadh agus do dhólás trésan bpeaca gráineamhuil íodhalartha sin do-rinne an pobal dúr-chroidheach do-bhuidheach, mur dubhramur cheana, tug fuagradh arna mhárach do gach aon díobh teacht dá láthair. Agus iar ttabhairt imdheargtha agus iomardaigh iomdha dháibh, adubhairt riú (gidh gur dhoiligh dhó é) dá ndéndís aithrighe go rachadh féin do láthair an Tiaghearna ag iarraidh maitheamhnuis dáibh. Agus arna umhlúghadh féin i láthair an Tiaghearna dó, amhuil agus mur bheith i gcomhchionta re cách eile, do-chonncus dó iarraidh ar Dia maitheamhnus do thabhairt don phobal bhocht nó a ainm féin do sgrios amach as leabhar na beatha. Dar leat gur chuir sé éiccion ar Dhia leis an athchuinge sin le maitheamhnuis do thabhairt don mhór-uimhir chiontach sin nísa luaithe ná do bháiseóchadh aen neamhchiontach amháin mar aon riú.
Is annsin adubhairt Dia re Moyse dul ar a ais chum an phobail agus a innsin dáibh go ttiubhradh dháibh, ar ghrádh na n-aithreach táinicc rompa, an talamh do gheall mur oighriocht dáibh féin agus dá sliocht. “Gidh eadh, ní bhéd féin 'na bhfochair comh dlúth agus ba gnáth liom go n-uige so,” ar sé, “óir is eagail liom go ttiubhraidh a ndo-bhuidheachus agus a mí-choinghioll orum lomadh agus lérscrios do dhénamh orra fá dheóidh.” Agus iar gcur saic-éudaigh mur chomhartha aithrighe, agus luaithreadh, orra féin dáibh, adubhairt re Maoise dá chlár eile cloch do chur dá snoighe, budh samhuil i bhfoirm dona cláir do bhris sé, agus a ttabhairt chuige. Arna dhénamh mur sin do Mhaoise do ghluais 'na aonar go moch arna mhárach, agus do-chuaidh suas go mullach Shléibhe Sinai, áit a raibh a aghaidh re lár ag guidhe Dé ar feadh .xxxx. lá agus .xxxx. oidhche, ag iarraidh maitheamhuis don phobal. Agus dobhí Dia i néull thiugh ós cionn an tsléibhe ar an bhfad sin; agus i gcionn na haimsire sin do éisd Dia rena ghuidhe, agus mar aon re dlighthibh iomdha eile dothug na haithiontaigh cédhna dobhí isan dá chlár réimhráite an dara feacht dó. Agus ar tteacht anuas don tsliabh do Mhoyse imeasg an phobail, dob iongnadh leó na gaetha lonnracha mur an ngréin dobhí re lasadh ana
aighe gan fhios dó féin. Agus an tan thug sé dá aire nár lamhadar teacht i ngar dhó, do ghoir chuige iad, agus iar gcur folaigh ar a aghaidh do labhair riú do réir mur d'órdaigh an Tiaghearna dhó. Agus ón am so a raibh an caidreamh gnáthach sin ag Moyse re Dia do mhair an lonnradh cédna i n-aighe an fhir ro-bheannaidh sin, agus dobhíodh folach aige go gnáthach ar a ghnúis acht an uair do théudh isteach isan tabearnaceil. Cuiridh an folach so i gcéill gur cóir do lucht teaguisg an tsoisgéil labhairt do réir acfuinge an phobail choitchinn, agus gan neithe árda do-thuigse do thoirbhirt as cathaoir na fírinne agus na huirísleacht naomhtha. Cuiridh an dá chlár úd dob éigin do Mhoise féin a chur dá snoighe (ní nach dearna ris an dá chéd-chlár) i ngéill dúinn an tan chaillmíd go leamh díthchéilligh na céd-ghrása do-bheir Dia dhúinn gan duaigh gan saothar, nach bhfaghthar aisiocc orra acht le duaigh, le doilghios, agus le saothar mór ag comhoibriughadh le Dia, agus sin do bhrígh gur cóir na céd-thiodhlaice do choimhéd go ro-chúramach: Qui stat caveat né cadat. An tan do chraobhsgaoil Moyse don phobal go hiomlán na neithe dobhí sgríobhtha isan dá chlár le láimh Dé féin, thugadar uile d'aithiosg aoin-fhir gealladh speisialta go ngéillfidís gach aon acu do Dhia go síorruidhe agus go gcoimhleónadh
a dhlighe gan doghruing go bráth. Agus ar ttabhairt buidheachuis dó do ghlacadar a dhlighe go luthgáireach. Annsin ní raibh do stuidér ar aire Mhoyse acht cionnus do choimhleónadh gach ní dar órdaigh Dia dhó. Agus chum go ttiubhradh sin chum críche do chuir gairm ar an bpobal agus adubhairt leó gurbha toil le Dia iad do dhénamh oibre ann a onóir féin, agus chum sin do dhénamh gur choir agus cur cheart do gach aon do réir a acfuinge dhíobh comaoin óir, airgid, éudaigh, agus ádhmuid do thabhairt uaidhe leis an obair sin do chríochnughadh. Agus ní luaithe dobhí na briathra sin as a bhél ná thángadar 'na ndronga agus 'na mbuidhne le hiomad seód, le slabhraighe cluas, le fáinnighe, agus le soithigh óir agus airgid maille le héudaighibh dathannacha daor-luaighe lín, síoda, sróill agus olla. Agus thángattar chuige comh tiugh agus comh dian go bhfuair uatha gan mhaill nísa mhó ná mur ba riachtanus dó, gurbh éigion dó bollsaire do chur ar fud an champa dá fhógra dháibh gan nísa mhó do thabhairt chuige, óir nár theasdaigh uaidhe acht clocha buadha do chuirfadh i n-éudaigh an árd-shagairt; agus thugadar chuige cloch onix agus clocha eile le cur isan ucht-phláta, etcetera. Iar sin d'ainmnigh sé daoine glioca gér-inntleachtacha le hordúgh do chur ar an obair sin. Is é an taburnacel céd-obair do órdaigh Dia
do Mhaoise a dhénamh: tríochad cúbad ar uirde ann, deich gcúbaid ar leithead; dobhí sé dénta do chrann sétim arna fholach an taobh astigh do chúirtínigh daora dathannacha dénta do dhealbh-obair shnáthide maille le hór agus le hairgead 'bheith comhfhightidh ionnta, agus an taobh amuich folaighthe le croicne ildhathacha boc agus broc lena chaomhain ar fhearthain agus ar ghaoith; dobhí cerubíní tarringthe taobh astigh ar na cuirtínigh, agus na croicne ceangailte dhá chéile le lúbacha agus le claspaigh bhí arna ndénamh le hobair ro-chumusaigh; do cuiradh fáinnigh óir i gcearnaibh an taburnacail, agus do chuireadhdís spéicidh maide dobhí arna bhfolach le hór tríd na fáinnigh sin len' iomchar an tan dobhíodh an pobal ar gluasacht ón áit go a chéile; do chuiriodar bonn airgid fón taburnacuil dochum go mbeith 'na shuidhe go socair air. Ciallaigh an teampall so-ghluaiste so-iomchair so Eagluis Chríost ar an talamh, bhés dá bocadh agus ar gluasacht gan buan-chomhnuidhe ná socamhal gnáthach ar an saoghal so, amhuil agus mur chuireadh a gcéill suaimhnios agus comhnuidh shíorruidhe Eaguilse na mbuadh i bhflaitheamhnus leis an teampall do-ghluaiste do-rinne Solamh mac Dáibhídh an rígh. Ciallaigh fós, il-dhatha agus il-chrotha agus il-dhealbha daora deagh-dhénta na gcuirtínigh gach gné il-iomdha shubháilceadh na bhfírén. Ciallaigh bonn airgid an tabernacle dísleacht na
fírinne ar a seasann an Eagluis. Agus, mur bheir na haithreacha naomhtha dhá n-aire, gion go raibh gach ball don taburnacel daor-luaigh arna ndénamh d'ór, d'airgiod, do bhrás, agus d'éudaighibh daora deagh-dhathannacha, níor thogh Dia aonbhall fó leith dhe mur áit chomhnuidh dhó féin acht isin iomlán arna ccomhcheangal. Is mur sin dona fíréin fó leith, dá mhéd a súbháilce agus dá mhéd lonnradh gach aoin acu fó leith, ní fiú ní ar bith sin, acht mura raibh mur na baill chédna le córdaigh carthannacht arna gcruaidh-cheangal dá chéile mur bhaill aen-chuirp darab ceann Críost ar Slánaightheóir. CAIB. XXVI. ÁIRC AN CHONARTHA NÓ NA FIADHNUISE ARNA DÉNAMH. A.M. 2514. Ar mbeith críochnaigh don taburnacle do thionsgain Maoise an áirc do dhénamh, agus do bhrígh nach raibh ag an bpobal Israél ní ar bith do bhean rena ccreidiomh nó rena n-iodhbarthacha ba hordheirce iná an áirc so, is chum áite onóraigh do dhénamh dhí do-rinneadh an taburnacel, óir
do mheas na Iudaighibh nach raibh ní acu ba daor-luaighe iná í. Goiridh an Scriptúir féin glóir Israél agus neart na nIudaighibh dhí. Dobhí dhá chúbatt go leith ar fad inte, aon-chúbatt go leith ar uirde, agus aon-chúbatt go leith ar leithead; dobhí sí arna dénamh d'ádhmad dho-thruaillighthe, agus í arna folach ar gach taobh, amuich agus astigh, do phlátaighibh glan-óir, agus clár mór óir a gomhfhad agus i gcomhleithead leis an áirc féin mur fholach ós a cionn, dá ngoirthí an clár trócuire nó an trócuireach, do bhrígh gurb as sin do-bheireadh Dia freagra dá mhuintir an tan dobhíodh gnaoi aige orra agus do éisdeadh lena n-urnaighthe le maitheamhnus do thabhairt dáibh; dobhí dá cherubín ar an gclár trócuire so, agus iad ar aghaidh a chéile agus a sgítheáin sgartha ar fad na háirce chum go mbeithdís 'na gcathaoir ríoghdha ag Dia (agus is é so ní ó ttáinicc na briathra so tá a n-iomad d'áitibh isin Scriptúir, .i. Dia 'na shuidhe ar na cherubíní); do cuiradh ceithre fáinnidh óir ann a cheithre cearnaibh, agus maidígh arna bhfolach le hór trésna fáinnidh sin lena hiomchar an tan bheith an campa ar gluasacht. D'órdaigh Dia an áirc so do dhénamh agus gan én-ní 'chur isteach innte acht cláir an dlighe (ó ngoirthí áirc na fiadhnuise nó áirc an chonnartha dhi ón dlighe do bheith innte), agus soitheach beag
don mhanna, agus an tslat stiúrtha dobhí ag Aaron lena hais. Is iomdha slighe d'fhéchadh Dia lena ndualgus do chur i gcuimhne don druing gharbh-intleachtach so; acht anois is é croidhe an fhíréin is áirc iomchuir agus comhnuidh don Tiaghearna an tan chongbhas dlighe Dé sgríobhtha do ghnáth i mbeó-chlár a anma: deliciae meae esse cum filiis hominum. Is iad so na cherubíní fós ó iomad a gcathrannuis agus a ngráidh do Dhia agus dá gcomharsainn. Iar gcríochnughadh na háirce mur dubhramur d'ordaigh Dia do Mhaoise clár do chur dá dhénamh do mhaide dho-thruaillighthe, dá chúbatt ar fad ann, cúbatt ar leithead agus cúbatt go leith ar uirde. folach timchill do phlátaighibh glan-óir a chur air, coróin óir a chur ar 'imioll fágcuairt, ceithre fháinne óir do chur ann a cheithre coirnéla, maidígh órailte do chur tríothfa léna iomchar mur an gcédna, agus na haráin taisbénta do chur air, miasa, liacha agus capáin óir do dhénamh dochum an aráin sin d'iomchar agus d'fholach; agus an uair dobhíodhdís na haráin sin stálaigh do thóigeadh na sagairt iad, agus dobhí d'fhiachaibh orra a n-ithe istigh isin áit bheannaighthe, agus ní raibh dlistionach ag aen-nduine eile a n-ithe acht ag na sagairt amháin, agus do chuiridís aráin nuadha 'na n-áit gan fhuireach; óir ní sgaradh an clár sin gan aráin do bheith
air, óir ba hiodhbairt ghnáthach é, mur is iodhbairt ghnáthach dúinne Críost ar Slánaightheóir do-bheir é féin don altóir le caitheamh, ní amháin dona sagairt acht don uile cheart-chreidmheach: Sumunt boni, sumunt mali, sorte tamen inaequali vitae vel interitus. Gé gur saidhbhir daor-luaigh áluinn gach ní dá raibh isin taburnacel agus isin áirc, gidh eadh, ní raibh aen-ní amháin ar bith ionnta ba hordheirce agus ba háille ná na coinnleóiridh d'ordaigh Dia féin a dhénamh mur so: .i. sé miongláin óir ag éirghidh i n-urdughadh as aen-bhun amháin, maille cnaip óir a bheith faoi gach beangán díobh, bullaidhe, blátha agus lampaidh óir ann a mullach le solas do thabhairt uatha do ghnáth; agus is don árd-shagart féin amháin ba cóir a lasadh - Íosa Críosd lasas lochruinn na ngrás i gcroidhthibh cháich. Féch Apocalips. 1. D'órdaigh Dia fós do Mhaoise altóir túise do dhénamh isin taburnacle ar chumadh agus ar dhénamh cláir altóra aráin na taisbénta, acht nach raibh acht cúbatt ar fad agus cúbatt ar leithiod agus dá chúbatt ar uirde sin altóir so. Tug Dia féin ordúgh dóibh leis an túis do dhénamh. Istigh isan tabernacel dobhí an altóir so eidir chlár an aráin thaisbénta agus na coinnleóire óir. Do chuiriodar (don taobh amuich) altóir eile práis, nó
do mhaide setim arna fholach le plátaigh ramhra práis. Dobhí sé dénta go ceathair-bheannach, agus glés iomchair uirre mur gach altóir eile; chúig ar fad, agus cúig cúbaitt ar leithead innte, agus trí cúbaitt ar uirde. Altóir na huile-loisge do goirthí dhi. Dobhí grátaigh agus soichidh brais le freasdal dí. Cuiridh an dá altóir so i gcéill dúinn, .i. altóir an pharfúim an taobh istigh don taburnacel agus altóir an uile-loisge an taobh amuich, staitt na n-aithrighiocha nach bíonn ullmhaigh le dul asteach i secréid Dé, bhíos dá losgadh go hinmheadhónach le gráin ar na droch-ghníomhartha agus na droch-mhiana ann a rabhdar ciontach roimhe sin, agus staid na neamh-chiontach chuirios deathaíghe deagh-bhalaidh a subháilceadh agus a ndeagh-ghníomhartha do láthair na Trínóide. CULAIDH NA SAGART AGUS AN ARDSHAGAIRT ANN SO SÍOS. Ag so síos na héudaighibh dobhí do réir ordaighthe i gcoitchionn eidir na sagairt agus an t-ardshagart. Ar ttús dobhí róba lín-édaigh i gcosmhulacht, acht a bheag, do léinidh aifrinn; do chuirdís crios il-dhathacha ar an róba, agus ar tteacht don chrios sin fá dhó a ttimchioll a gcuirp do bhíodh a dhá cheann dá éis sin ag bualadh na
talamhan, agus an tan dobhíodh síad gnoitheach do theilgdís i ttimcioll a ngualann é: dobhíodh barréid ar a gcinn do lín-édach fhínéalta agá mbíodh filleadha agus athfhilleadha iomdha ionnta. Acht ar an árdshagart dobhíodh ós cionn an róba rémhráite sin róba eile ro-fharsing ar dhath hiacinthe do théudh go troitheacha dhó, agus an chiubhais iachtarach dhe ceangailtidh le cloigínigh beaga, agus dobhíodh lxxii díobh ann. Ós a chionn sin an t-ephod, d'éudach shaidhbhir, go n-ór agus go n-airgiod shnátha ar na gcomhoibriugh ann; ní thigeadh sin acht go leath a gcuirp dhóibh, acht a bheag ar dhénamh “dalmatic;” do cheangladís sin le dá chlaspa ann a mbíodh dhá chloich bhuadha ar a mbíodh dá ainm dhécc threabha Israél; ann 'ucht so do chuireadhdís an t-ucht-phláta, nó an t-ucht-édach, ar a mbíodh dá chloich dhécc bhuadhach do réir uimhre dhá threibh dhécc cloinne Israél, agus dobhíodh an dá fhocal so sgríobhtha ann: doctrina et veritas, .i. foghlaim agus fírinne; agus gidh go mbíodh an t-ephod so cumhang do chuirdís crios ró-lonnrach an taobh amuich dhe. Dobhíodh fós birrín nó miter air ar a mbíodh na focail so sgríobhtha: sanctitas est Domino. Cuiridh lonnradh agus áille na n-éudaighe so i gcéill gloine agus lonnradh shubháilce agus dheagh-iomchar na ndaoine eaguilse. Cuiridh na cloigínidh i gcéill guth gnáthach an tsagairt ag teagusg
cháich, óir an tan nach bíodh ag gluasacht ní bhaineadh na cluig; mur sin don tsagart: mur siubhla sé i slighe na subháilceadh, ní dhénann sochar ná tairbhe don Críosdaighibh. (Go suige so do Leabhraibh Gen. agus Exod. Leuiticus anois.) CAIB. XXVII. DO CHLOINN ARAOIN, NADAB AGUS ABIU. EODEM ANNO. I ttús an dara bliadhain tar éis an phobail Eabhraigheach do theacht as broid na hÉgipte do chríochnaigh Maoise an taburnacel, an áirc, agus gach ní dár bhean riú, agus do bheannaigh agus do fhuráil do Dhia iad maille le iomad iodhbartha do dhénamh dhó. Agus mur chomhartha go raibh sin taithneamhach ag Dia, táinicc néll do chomhnaidh ós cionn an taburnacel, nach sgaradh ris an feadh dobhíodh 'na gcomhnuidhe a n-aon-áit. Acht an tan ba mian re Dia gluasacht dáibh, do éirgheadh an néll sin, agus do ghluaiseadh rompa. Is mur sin do thosaigh cách iodhbarthacha d'fhuráil go riaghalta do réir ordaighthe Dé féin ar an talamh. Agus dobhí Aaron cona chloinn arna ngairm le Dia féin chum go mbeithdís 'na sagartaibh ag miniostrálacht do ghnáth a láthair Dé isin tabernacel. Acht ní cían gur chuir an
Tiaghearna i gcéill do chách go coitchionn gur mhian leis an tseirbhís sin a bheith arna dénamh go dúthrachtach, agus nach beith aen-phonc dár ordaigh féin dáibh ar dearmad acu i n-aimsir dhénta na n-iodhbarthacha mbeannaighthe sin. Óir, dobhí d'ualach orra an teinidh bheannaighthe do chongbháil beó do shíor ar an altóir, agus d'fhiachuibh ar na sagairt conna do chur dá cothughadh gach maidin agus gach tráthnóna gan fhaillidh, agus ní raibh cead teinidh ar bith eile do chur isna sionnsaibh nó isna turriblibh le túis do losgadh do láthair an Tiaghearna acht dí so amháin, óir dobhí sí beannaighthe. Acht tárla do shinnsiribh cloinne Aaroin, .i. do Nadab agus d'Abiu, gur léigiodar le faillidh an teinidh bheannaighthe dul a mbáthadh nó as, ionus gurbh éigion dóibh teinidh choitchionn choimhightheach do chur ann a sionnsaibh a losgadh na túise don Tiaghearna, go ttáinicc do dhíoghaltus orra go bhfuaradar bás ar an láthair istigh isan taburnacel isan áit ro-naomhtha, óir dotháinicc caor theintidh ó Dhia orra neoch do bhrúidh agus do mharbh iad gan a n-édach do losgadh ná a gcroicinn do bhreóghadh. Agus mur shompla thairbheach dona sagairt eile do órdaigh Maoise an dá chorp sin maille lena n-édaighibh sagairt d'fhágbháil orra a chur amach as an gcampa. Adubhairt fós le hÁaron agus lena chloinn eile gan
chomhartha doilghís do dhénamh, .i. gan a ngruag do ghearradh ná a n-édach do strócadh mur fa ghnáth do lucht doilghis agus eólchuire do dhénamh 'mun am sin, agus adubhairt riú gan an nós sin do leanmhuin acht a fhágbháil ag na tuataighibh, óir gur cuiradh ola beannaighthe na sagartacht orra. Do chuir Dia i gcéill leis an siompla so nach bíonn ofráil dá onóraigh nó dá dhaor-luaighe taithneamhach aige má níthear go faillígheach nó go heasbhadhach í, óir níor taithneamhach leis an túis féin ó nách raibh sí arna losgadh leis an teinidh chóir do hordaigheadh dhí. Anois féin ní taithneamhach leis teinidh ar bith choimhigheach do losgadh 'na láthair acht an teinidh úd do fhadoigh an Spiorad Naomh i gcroidheacha na bhfírén, .i. teinidh ghráidh Dé agus na comharsann nach bhfuilingann teinidh choimhigheach ghráidh na neithe saoghalta bheith ag comhlosgadh 'na fochair, agus is gnáthach leis díoghaltus a dhénamh ar gach aon do-bheir an teinidh choimhightheach so leis do láthair iodhbartha ná urnaighthe chuige, mur do-rinne ar Nadab agus ar Abiu. (Thig Leabhar na Nuimhreach asteach anos.)
CAIB. XXVIII LUCHT DIA-ATHISE ARNA GCLOCHADH CHUM BÁIS. Eodem Anno. Ar ttabhairt an cheirt-bhreitheamhnuis chruaidh chinte sin do Dhia ar na sagairt sin dobhí ag miniostrálacht i ttimchioll a altóra féin, ní cían go ttug a shamhail do shompla don phobal choitchionn. Óir tárla imreasan idir dhias Eabhraigheach, agus ar mbeith lán do fhraoch agus do dhásacht feirge d'aon acu tug oil agus aithis d'ainm Dé uile-chumhachtaigh. Ar gclos na dia-athise sin do dhruing áirighe don phobal, do ghlac gráin agus uathbhás iad go ttugadar an fear sin leó do láthair Mhaoise, agus tug Maoise ordúgh a chur i bpríosún go ndénamh féin comhairle re Dia le fios créd an pionús bu cóir d'imirt air. Agus adubhairt Dia ris a thabhairt amach as an gcampa gan fhuireach, gach duine dhá gcualaidh an dia-athis sin uaidhe theacht chuige agus lámh do chur ar a cheann, agus a haithle sin gach aon don phobal a theacht le cloich agus a bualadh air go gcuireadh chum báis é. Agus do-rinneadh sin ar an láthair. Féchadh agus tuigadh dream mhallaighthe na mionn mór agus na dia-athise atá anos ann ar
measg gurab é an Dia díoghaltach atá aguinn, bhérus i n-ionad a gclochadh le clocha na talmhan bás agus pianta síorruidhe dháibh. Agus tug Dia mur dhlighe dháibh an bás cédna do thabhairt do gach aon dá mbeith ciontach isan gcoir chédna. Go grod dá éis sin tárla siompla eile ar chruaidh- agus ar ceart-bhreitheamhnus fíor-chinntidh Dé. Óir ar mbeith don phobal ro-chúramach um na Sabaóide do choimhéd do réir na haithne do chuir Dia go dlúth roimhe sin orra, tárla do dhream acu óglaoch dobhí 'cruiniughadh cipínigh nó maidigh isin tSabaóid. Tugadar do láthair Mhaoise é, agus ar ndénadh a chomhuirle do Mhaoise ré Dia, fuai rdúgh a thabhairt amach as an gcampa agus a rádh ris an bpobal mur an an gcédna a bhásúgh re clocha. Do bheith cách anois ní bu coimhédaigh go mór ar dhlighe Dé do choimhlíonadh dá bhfaiceadh cách díobh na píonúis agus na díoghaltais a' teacht mur so go tobann. Gidh eadh, tiucfaidh gan amhrus díoghaltus i n-am nach béidh cabhair ná tártháil re fagháil.
CAIB. XXIX DON DÁ BHRATHADÓIR DHÉCC. Eodem Anno M. 2514. Níor choisg gach siompla cruaidh-bhreitheamhnuis dá ttug Dia don phobal chruaidh-mhuinélach dho-smachtaigh so iad ar mhurmur a n-aghaidh Mhaoise agus Aaroin; óir ar mbeith édmhar iomthnúthach dháibh fá úghdarrás agus fá mhór-chumhachta Mhaoise ós a gcionn, adubhradar nár chóra dhó labhairt re Dia ná dháibh féin, agus ionnus go gcuirfeadhdís dath ar an ithiomrádh sin dubhradar nár chneasda dhó bean Etiopach a bheith aige. Agus dobhí Aaron féin agus a dheirbhshiur Maria comh ciontach ré cách isan murmur sin. Do ghlac Maoise go foighideach an ní sin, mur fa gnáth leis. Gidh eadh do-rinne Dia díoghaltas ar a shon; acht gur fhéch sé do ghairm Aaroin, do bhuail sé le lubhra Maria ó bhonn go bathais ar an láthair, dobhí ag crinn a cuirp go hiomlán. Is annsin do ghuidh Moyse Dia le aisiog sláinte do thabhairt dá dheirbhshiair. Agus ní bhfuair an athchuinge sin ar an láthair nó gurbh éigion dí dul amach as an gcampa ar feadh sheacht lá, agus i gcionn na haimsire sin do glanadh ón lubhra í.
Acht ní luaithe do choisg an murmur so ná d'éirigh murmur coitchionn imeasg an phobuil go hiomlán. Óir, iar bhfagháil ordaigh ó Dhía do Mhaoise duine do gach treibh do dhá threibh dhécc Israél do chur a' brath agus a' breathnughadh thíre na Canaám, agus le cuid do shiompla thortha na tíre do thabhairt leó lena ttaisbénadh don phobal, ar tteacht ar a n-ais dáibh tugattar leó aen-bheangán amháin ar a raibh mogull do chaora fíneamhna bhí 'na ualach deise ar chuaille eatorra. Agus gidh gur raibh adhbhar sóláis mhóir acu fó an talamh sin do gealladh dháibh a bheith comh torthach agus sin, do chuir na teachtairigh thug leó é an uiriod sin do dhroch-mhisnigh orra, óir ní raibh aon don dá fhear dhécc acht Caleb agus Iosue nach dubhairt go raibh áitígheórigh na tíre comh neartmhur agus comh láidir sin nacharbh fhéidir buaidh do bhreith orra, agus adubhradar fós go raibh athaigh ann agá raibh pearsanna mór-adhbhla acu. Arna chlos sin don phobal do sgreadadar ós áird, agus adubhradar d'aithiosg aon-fhir go mbfhearr leó bás d'fhagháil ar an bhfásach ná dhul i gconntabhart comhraic le daoine comh neartmhar sin. Agus leis sin do thionsgain siad cinn feadhna do thogha dáibhlena ttreórughadh ar a n-ais don Égipt. Agus ar mbeith do Mhaoise agus d'Aaron ag sgreadaigh ar Dhia agus dá ghuidhe go dúthrachtach, dobhí Caleib agus Iosue ag tabhairt
misnigh don phobal agus ag rádh riú dá mbeith Dia fabhrach go gclaoidhfadhdís lucht tíre na Canaam gan duaigh ná dochar, agus gur bhá tír í do bhí líonta do mhil agus do bhainne. Acht i n-ionad meisnígh do ghlacadh leis na haithiosgaibh sin, do thionnsgain síad Caleb agus Iosue do mharbhadh le clocha, acht gur thárthaigh Dia iad, arna thaisbénadh féin dóibh ós cionn an tabernaceil, a' tabhairt ordaigh do Mhaoise a rádh riú go gcualaidh féin a murmur agus go ttiubhradh féin a rogha dháibh, oír nach rachadh aon díobh ó aois a fhithchid bliadhain amach beó go Talamh na Geallamhna, acht go bhfuigheadh uile bas ar an bhfásach ar mbeith dá fhithchid bliadhain dáibh ar seachrán feadh an fhásaigh chédna, acht amháin Iosue agus Cáleb do sheas amach a n-aghaidh an mhurmuir sin. Agus tug bás ar an láthair don deichneamhar eile brathadóirigh do mhúsgail an murmur cédna sin. Mur so diúltar an oighriocht shíorruidhe ar an dream ar a ttugann édóchus, leisge, agus droch-mheisneach gan duaigh do ghlacadh lena saothrughadh. Ní luaithe do coisgadh an murmur so do mhúsgail na brathadóirigh ná do lean murmur eile is mó do mhúsgail fearg Dé ná an chéd-mhurmur sin ar an thráchtamur anois. Óir d'éirigh Coré, Dathan, agus Abíron maille le dhá chéd go leith dona daoine bá prionsapálta ameasg
an phobuil Israél a n-aghaidh Mhaoise agus Araaoin, óir do ghlac iomthnúth mór iad fó ard-cheannus an phobuil do bheith acu, agus adubhradar gur leór 'fhad dobhí pobal Dé fá mhursantacht acu agus gur mhithid cosg do chur ar a ttiarántacht. Agus ar nguidhe Dé do Mhaoise go dúthrachtach adubhairt leis an dream mhallaighthe sin gur leór dháibh beith a n-ord Lebhítigh agus gan tnúth do bheith acu leis an ard-shagartacht. “Agus dá bhrígh sin,” ar sé, “dothug sibh masla do Dhia féin le bhur n-uabhar agus le bhur ndíthchéill féin, agus más maith libh cruthúgh d'fhagháil air sin tugaidh libh gach aon agaibh a shionnsa ann a láimh amárach, agus dénadh Aaron an ní cédna,” ar sé. Agus ar tteacht dóibh mur sin do sheas Aaron a ttaobh agus iad-san ar an ttaobh eile. Is annsin do thaisbéin Dia é féin go sollamanta maille le mórdhacht dho-innste, agus adubhairt re gach aon oile lucht ar mhurmuir do sheachna agus a bhfágbháil 'na n-aonar; agus ar mbeith dháibh mar aon rena mnáibh agus rena gcloinn 'na seasadh a n-doruis a bpáilliúin, do labhair Maoise do ghuth árd ris an bpobal agus dubhairt: “Bíodh 'fhiadhnuis' agaibh,” ar sé, “go bhfaicfidh dá chruthugh go follusach anois nach darnu-sa ní ar bith ann ar measg acht le hordúgh Dé féin.” Agus ní luaithe do léig an focal déighionach dona briathra sin amach as a bhél ná do fhosgail
an talamh fá chosaibh Core, Dhathan agus Abíron, gur shluig iad cona muintir agus gona maoin, gan faill focail do bheith acu nó gur sluigeadh go hifrionn iad. Arna fhaicsin sin don phobal do theithiodar ar gach taobh as an láthair d'eagla go sluigfidh iad féin mar aon riú, agus ar an láthair do theilg Dia teinidh ar an .ccl. eile do loisg agus do chosgair iad. Do chuir Maoise d'fhiachaibh na sionnsaibh dobhí acu do thabhairt amach as an lasair, agus plátaigh do dhénamh dhíobh do bheith ag folach na haltóra agus bheith 'na gcuimhne go bráth ar na héuchtaibh míorbhuileach' do-rinne Dia isan lá sin ar na trétúirigh mallaighthe sin. Is annsin a d'éirigh an pobal a meirrliochas agus i ttrétúracht a n-aghaidh Mhaoise, agus tugattar imdheargadh dhó, ag rádh gurbh é budh ciontach leis an droch-bhás tiaránta tobann mí-thrócaireach sin do himreadh ar a ndearbhráithreacha. Agus arna chlos sin do Mhaoise agus d'Aaron do-chuadar asteach isin tabernacel, agus ar tteacht don phobal do láthair adubhairt Dia riú: “Dealaigh sibh féin as an bpobal mí-ghrásamhuil so nó go mbásaigh mé iad.” Agus leis sin do thuit cách dhíobh for an talamh, óir do dhoirt Dia pláigh 'na measg ar an láthair do-rinne ár mór 'na measg. Is annsin adubhairt Dia re hAaron cuid do theinidh bheannaighthe na haltóra do chur ann a shionnsa agus túis
do losgadh don Tiaghearna lena fheirg do chlaochlódh. Agus arna dhénamh sin do Aaran do sheas agus a shionnsa 'na láimh idir an dream bheó agus an dream dobhí marbh, gur choisg mur sin fearg dhíoghaltach an Tiaghearna, agus gur stad an phláigh theinntidh sin gan nísa mhó árbhaigh do dhénamh, tar éis cheithre míle dhécc agus seacht ccéd do mharbhadh dhí ar an láthair sin. Agus iar sin, ionnus go bhfácfadh Dia an tsagartacht ag treibh Leui go síorruidhe mur oighreacht ó sin amach, agus ag sliocht Aaroin do bhí don treibh chédna, adubhairt re Maoise a fhógra do cheann feadhna gacha treibhe slat gach aon acu do chur ann a n-ainm féin agus a n-ainm a ttreibhe, agus a n-ainm do sgríobhadh uirre, agus a gur iar sin isan tabarnacel, agus gíbe slat acu, .i. don dá shlait dhécc, ar a bhfásfadh duille agus bláth an treibh sin bheith 'na sagairt agus 'na lucht freasdail ag an tabarnacel gan éiliugh 'na n-aghaidh go bráth. Agus arna dhénamh sin dáibh dofríth arna mhárach duille óg agus bláth ar shlait Aaroin, agus mur chuimhne ar na míorbhuile sin tug órdugh dháibh an tslat sin do chumhdach isin tabernacel do shíor. Tar éis gach siompla dhíobh so, ní fear creididh ná céille acht dosaire gan chreideamh gan chéill do ghlacfadh ughdarrás ar bith re a ais isin Eaglais mur mbeith arna thogha mur Aaron.
Da éis sin isin mbliadhain d'aois an domhain 1452 ar gcur na míorbhuileadh sin i ndearmad don phobal chrosta chédna so, ar mbeith dáibh mórán do bhliadhnaibh, do réir mur do ordaigheadh Dia dháibh, ag aistriugh ó áit go háit ar feadh an fhásaigh, do-chuadar uile i murmur agus i n-ithiomrádh a n-aghaidh Mhaoise, agus do chasaoid siad go coitcheann, agus do labhradar go hasaonta ris ag rádh, “Créd fá ttugais as an Égipt sinn le bás to thabhairt dúinn féin agus dár gceathra ar an bhfásach, óir níl arán aguinn le hithe, bídh uireasbhaidh uisge féin oruinn, agus is fada tá ar ngráin agus ar bhfuath ar an mbia neamh-mbríghmhur neamh-thábhachtach atá aguinn.” Do ghlac fearg agus fráoch mór Dia fón mhí-shástacht sin an phobuil, agus mur dhíoghaltus do chuir athracha nimhe tinntidh 'na measg do-rinne ár mór orra. An tan do-chonncadar an díoghaltus tobann sin a theacht do ghlac uamhan agus uathbhás mór iad, ar mhodh nach raibhe dhá dhoirbhe nó dhá dho-riartha acu nachar umhlaigh é féin, agus nach deachaidh lena ghuidhe agus lén' urnaighthe do láthair an Tiaghearna ag iarraidh cabhra agus tárthála air; agus ar ttús thángattar do láthair Mhaoise ag admháil na n-égcóracha do-rinneadar lena murmur agus lena n-ithiomrádh air, agus d'iarradar go truaghbhélach air Dia do ghuidhe ar a son le maitheamhnus d'fháil agus leis an bpláigh dhíoghaltaigh sin do thógbháil.
Do-chuaidh Maoise leis an teachtuireacht sin le humhlacht mhóir do láthair an Tiaghearna, agus d'éisd Dia le guidhe an duine naomhtha, agus dubhairt ris nathar nimhe práis do chrochadh i gcrann árd a n-amharc an phobuil, agus gibé neoch díobh do bheith arna lot nó arna ghuin leis na hathracha tinntidhe sin an tan d'fhéchadh ar an nathar nimhe phráis go mbeith slán i gcédóir. Agus is mur sin do choisg pláigh na nathrach nimhe. Ciallaidh an murmur úd an t-édóchus agus an droch-mheisnach ghlacus mórán fá bhuan-sheasamh do dhénamh ag dul dáibh go Talamh na Geallamhna, .i. go flaithios Dé, tré shlighe dhoghraingigh an tsaoghail, agus bheir fuath don mhanna, .i. dona subháilcibh, agus an tan umhlaighid dona caithidhibh sin loitidh an sean-athar nimhe, .i. an diabhal, iad, agus annsin ní bhíonn tártháil acu acht féchuin ar chosmhulacht an athar úd, .i. ar Críosd ar Slánaightheóir i gcrann na páise, do-tháinicc i gcruth nathar nimhe - gidh nach dearnaidh an peacadh, dotháinicc i gcruth agus i gcosmhalacht peacaigh - dotháinicc gan nimh i gcosmhalacht agus a gcruth nathrach nimhe.
CAIB XXX TRÁCHT AR BÁLAAM. A.M. 2553. Tar éis gach duaighe, gach trioblóide agus gach doghruing dhólásach dár fhuiling Maoise an feadh dobhí i gceannus an phobuil Israél, dob éigion dó, aimsir bheag ré mbás, comhghleic chruaidh do dhénamh ris an saobh-fháidh Balaam. Óir ar mbeith don phobal Israél i gcampa a bhfogus dona Moabítigh do ghlac eagla agus uathbhás rígh na tíre sin, .i. Balach, rompa, agus do bhrígh gurab é a naomhthacht is mó chuir eagla air do mheas nach raibh slíghe lena gclaoidh dob fhearr ná teachta do chur ar chionn Bhalaam, .i. fáidh dobhí i ttír na Madianítibh, agus tuarusdal do thabhairt dó ar chionn a mallughadh. Agus ar gcur na teachta 'na chuinne dhó do thoirmisg Dia air a dhul dá ionnsaigh, agus thug sin air gan gluasacht as an tír. Gidh eadh, níor thoirmisg an diúltadh sin Balaac gan teachtuireacht eile maille le tobhartuis mhóra do chur chuige. An tan chonnairc an saobh-fháidh santach sin iomad na ttiodhlaicibh óir agus édála oile ní bhfuair aige féin diúltadh do thabhairt
dona teachta sin mur do-rinne roimhe, acht do-chuaidh go díthchéilligh a' dénamh comhuirle le Dia. Óir, dár leat, do mheas go bhfédfadh na tiodhlaice fuair féin Dia d'ionntogh. Agus ní mur sin dobhí, acht do thréig Dia eision agus adubhairt ris imtheacht. Agus iar ngluasacht dó tháinicc roimhe aingiol Dé ar chaol-bhealach, agus ní fhacaidh é gur stad an t-asal dobhí faoi, agus an tan dob áill leis a cur ar a haghaidh do thuit sí faoi, agus annsin do bhuail sé go mór í. Agus ní luaithe do-rinne ná d'fhosgail Dia bél an asail, go ndubhairt, “Créd fá bhfuil tú dom bhualadh?” ar sí. Agus leis sin do-chonnairc Balaam féin an t-aingiol agus cloidheamh nochtaigh ann a láimh ag cur toirmisg air ann a thurus agas ag bogar báis air. Annsin do umhlaigh Baláam dhó, agus dubhairt ris go ttillfeadh ar ais más é búdh mian leis; acht tug cead dó dul ar aghaidh ar conghíoll nach ndénfadh agus nach n-aibeóradh aen-ní acht do réir mur do-chluinfeadh ó Dhia. Agus is mur sin tárla dhó; óir dá mhéd díthchioll dá ndearnaidh féin agus Bálac níor fhéd mallacht ar bith do thabhairt don phobal, acht a n-ionad mallachta dobhí ag tabhairt beannachtaigh dhóibh, óir do chuireadh Dia na focail ann a bhél mur do-rinne roimhe ris an asal. Gidh eadh, d'eagla go gcaillfeadh an tuarusdal mór do gealladh dhó, tug comhairle mhailíseach do Bhálac do mhill gach ní maith dá ndubhairt
roimhe. Agus is í comhairle tug dhó mná Maidianíteacha do chur d'ionsaighe na Iudaightheacha do ghluaisfeadh dochum peacaidh iad le hadhaltrannus agus le híodhal-adhradh, agus leis sin go ttréigfadh a nDia iad agus uaidhe sin amach go mbéradh buaidh gan docamhal orra. Agus táinicc toradh na comhuirle sin asteach do réir a mhiana, óir do thruailligh na mná sin anma agus cuirp na ndaoine ndíchéilligh sin. Agus is mur sin dob óbair don fháidh fhallsa shanntach sin, do chuir é féin i gcosmhulacht fáidhe fírinnigh, lena chomhuirle mhioscusaigh mhailísigh an pobal Israél do mhilleadh go bráth, muna mbeith go ttáinicc sagart dílis do mhuintir an Dé fhíre dhá thoirmiosg, .i. Phinée, do-chonnairc Iudaigheach a ngníomh pheacaidh nó ag ciontugh go collaighthe re mnaoi Mhadianíteach, agus ar mbeith dó-san líonta le teas gráidh Dé do ghlac dásacht agus díbhfeirg naomhtha é, go ttáinicc ós a gcionn agus gur sháith a chloidhmhe go talamh tréna gcuirp araon, gur fhág 'na gcorpáin mharbha ar an áit iad, gur chlaochlaídh fearg Dé leis an iodhbairt sin, agus leis sin do-rinne an pobal aithrighe. Adeir S. Ambrós gor mó an mhíorbhuile go mór lér tharthaigh an sagart beannaighthe so an pobal ná mur dob fhéidir le mailís na saobhfháidhe sin dochar do dhénamh, agus gurab aoibhinn don phobal agá mbíonn Phinee acu le seasamh
go dána a n-aghaidh urchóide na n-aindlightheacha ndiablaidhe thig le bladar agus lena ndroch-shomplaidh a' cur chaithidhe orra; agus do bhrígh nach raibh agus nach béidh an Eagluis coidhche gan a samhail so do bheith dá buaidhreadh gach tráth, guidhmíd Dia go dúthrachtach le Phinesaibh go leór do chur chugainn le seasamh 'na n-aghaidh. CAIB. XXXI DO BHÁS MAOISE. A.M. 2553. An tan do thuig Maoise go raibh críoch a shaoghail a ngar dhó, do mheas sé gur cheart dó ré mbás díoghaltus do dhénamh ar an saobhfháidh Balaam agus ar a thír go hiomlán, fá mur do tharraing sé an pobal Israél chum peacaidhe do dhénamh a n-aghaidh Dé, mur dubhramur thuas. Agus chum an díoghaltuis sin do dhénamh do thogh sé dhá mhíle dhécc fear don dream ba calma agus ba misneamhla dá bhfuair san gcampa Eabhraightheach, agus chuir Phinee mur cheann feadhna leó, óir do mheas go ttiubhradh a naomhthacht agus an chaoin-dúthracht dobhí ann le dlighe Dé do choimhlíonadh, mur do thaisbéin go dlúth roimhe sin le comhartha follusach, rath
agus buaidh dá shluagh a n-aghaidh na naimhde sin, dá neartmhuire iad. Agus ní raibh mealltaigh ann a bharamhuil, óir iar ttreasgradh agus iar ndícheannadh shluaightibh agus phrionnsa na Madianítibh agus Balaaim do mharbhadh don dá mhíle dhécc Iudaigheach sin, do loisgiodar a mbailtibh agus a gcathracha, agus thugattar a mnáibh uile a mbraighdionus leó maille lena n-óg-chlainn agus le creacha na tíre go hiomlán. Agus ar tteacht a ngar dá gcampa féin ar a n-ais dháibh do-chuaidh Maoise 'na gcuinne, agus ar bhfaicsin na mban dó do ghlac fearg adhbhal-mhór é, go ttug imdheargadh mór dona cinn fheadhna dobhí ar an tsluagh fá gan na mná sin, dá ndearnaigh Balaam instrumentigh lena ttarruing chum peacaidh, a chur chum báis mar aon ris na fir. Agus tug ordúgh ar an láthair dóibh gach firionnach dá ttugadar leó a chur chum báis agus 'na dhiaidh sin an méid ban dobhí ann a bhásughadh, acht amháin na maighdiona do chaomhna; agus ba hí a n-uimhir sin dhá mhíle agus fithche maighdion. Is annsin tug Maoise an talamh bhí don taobh thall don abhainn Órthannáin nó Iordáin mur chuid ronna do threabha Ruben agus Ghaid agus leathtreibh Mhanasses. Agus do bhrígh nach raibh i gcinneadh dhó féin dul tar an abhainn sin, adubhairt Dia leis Iosue do thabhairt do láthair an chomhchruinnighthe go hiomlán, cúra agus ceannus an
phobail do chur air. Agus adubhairt Maoise ris a bheith cródha meisneamhuil, agus an pobal do threórughadh dochum na tíre sin do gheall Dia go minic dháibh. Agus annsin tug aghaidh ar an bpobal, agus do-rinne athfhriotal go hathchumair dá láthair ar gach dlighe agus ar gach aithne dár ghreamaigh Dia díobh ón aimsir fár fhágadar an Égipt gusan lá sin, agus do sgríobh sé a leabhar iad dobhí 'na dhiaidh sin arna chumhdach go cúramach mar aon re cláir na n-aithneadh i n-áirc an Tiaghearna do ghnáth. Iar sin do-chuaidh Maoise suas a mullach sléibhe nó cnuic Abarim, agus do bheannaigh fó leith gach treibh do dhá threibh dhécc Israél; iar sin do thaisbéin Dia talamh na Chanaam dó, agus dubhairt leis nach bhfuigheadh acht amharc air, agus nach rachadh asteach ann go bráth. Iar sin dofuair an duine ro-naomhtha so a n-aois a shé fithchid bliadhan bás ar an gnoc cédna, áit ar adhlaic na haingil é gan fhios an ionaid, ar nach beith eolus ag aon neoch daonna dár mhair ó sin a leith. Agus is mur sin do chríochnaigh an fáidh agus an ceann feadhna ba mó agus bá deagh-bhéusaigh dá ttáinicc ariamh a shaoghal. Do chaoin an pobal é ar feadh thríochad lá. Iar sin thugattar umhlacht agus urraim do Iosue dobhí arna líonadh le spiorad agus re gliocus diadha,
mur do thaisbéin Dia dhóibh leis an míorbhuile do-rinne orra ar ndul dáibh le cosa tiorma tré lár abhanna Orthanáin mur so: (Iosue 3). Iar mbás Mhaoise, mur do-chualais cheana, táinicc an pobal uile do láthair Iosue, agus iar ttabhairt a ngeallamhna le bheith umhal dó do shíor adubhairt riú iad féin d'ollmhughadh agus lónta thrí lá do bhreith leó agus gluasacht d'ionnsaighe abhanna Orthannáin. Agus ar an treas lá do labhair Iosue do ghuth árd ris an bpobal uile, ag rádh riú coimhéd maith do bheith acu ar an áirc an tan do bheith isan abhainn - agus d'eagla nach gcluinfídís go hiomlán é do chuir bollsaire dá fhógra dháibh -, acht adubhairt riú a léigion rompa agus gan teacht ní ba goire ná dhá mhíle chúbad dí. Agus annsin tug ordugh dona sagairt an áirc d'iomchar ar a nguallaibh. Agus ar ndul asteach isan abhainn do sheasadar, agus an tan do bhí an áirc ós an uisge do umhlaigh dhí, óir an chuid don uisge dobhí fútha do theith, gur dhoirt é féin gan fhuireach isan Mhuir Mhairbh, áit a raibh a thriall, acht an chuid díobh bhí 'teacht ós a gcionn do ritheadar ar a n-ais chum na háite ó ttangattar, gur chruinnigh a gcosmhalacht cnuic mhóir an taobh sin, agus gur sheas mur sin nó go ndeachaidh an pobal le cosa tiorma tarsna fríthe, agus annsin do lean an áirc iad.
Do chuimhnuigh Iosue annsin ar an oidios dofuair ó Mhaoise, lér ghnáthach tiodhlaice agus míorbhúilibh Dé d'altugh ar an láthair; agus adubhairt ris an bpobal nárbh oirchios míorbhuile comh mór sin do léigion a ndearmad, acht comhartha síorruidhe d'fhagháil lena cur i gcuimhne dháibh agus dá sliocht go bráth. Agus leis sin tug ordughadh do dhuine as gach treibh don dá threibh dhécc cloch do thógbháil as an áit a raibh na sagairt dobhí ag congbháil na háirce 'na seasamh isin abhainn, a ttabhairt leó ar thalamh thirim ós comhair na háite cédna, agus cárn do dhénamh dhíobh ar chumadh altóra, ionnus go mbeith go síorruidhe 'na leachta cuimhnuighthe ar an éucht míorbhuileach sin. Do ordaigh fós don mhuintir chédna dá chloich dhécc do thabhairt ó bhruach na habhann agus a gur ar chumadh altóra isan áit don abhainn ann ar sheas na sagairt leis an áirc tá le faicsin aniugh. Ar gcríochnúgh na neithe sin dáibh adubhairt Iosue ris na sagairt dobhí ag iomchar na háirce agus dobhí 'na seasamh go soiche sin isan áit chéadna don abhainn gluasacht. Agus ní luaithe thángattar ar talamh thirim ná do bhrúcht na huisgeadha ana n-áit féin irís. Is mur sin do chuir Dia i gcéill don phobal gur chóir dháibh umhlacht, onóir, agus urraim do thabhairt dá gceann feadhna, .i. do Iosue.
Fighir dhílis don bhaisdeadh an ní so, óir mur do stad uisge an tsrotha so, is mur sin chuirios an baisdeadh cúrsa na n-ainmhian 'na gcomhnuidhe. CAIB. XXXII CATHAIR IERICHO ARNA GABHÁIL. A.M. 2553, ante Christum 1451. Tar éis dul tar abhainn Órthannáin don phobal Eabhraigheach as í cathair Iericho do thionnsgnnadar ar ttús do bhuain amach, agus do chuiriodar a gcampa timchioll uirre, agus do chuiriodar lucht bratha dá faisnéis roimhe sin. Agus ar bhfagháil faisnéisi do mhuintir an bhaile go ttáinicc a samhuil a' brath na cathrach, d'innsiodar don rígh é. Agus dobhídar ann a gcontabhairt mhóir, acht gur fholaigh méirdreach dobhí san mbaile iad dárbh ainm Rahab, agus gur chuir tré fhuinneóig tar bhallaighe an bhaile amach iad. Agus ar ndul ar a n-ais go Iosue dháibh, ní mur na brathadóirigh do chuiriodar a' faisnéis na tíre sin dhá fhithchid bliadhain roimhe sin do-rinneadar, acht tugadar an uile mheisnioch uatha, agus dubhradar go ttug an Tiaghearna cheana an tír ana láimh, óir go raibh a háitigheóirigh dúthchais ag dul i n-anbhfainne le heagla rompa.
Acht tá ní cheana: arna chlos do mhuintir Iericho go raibh Iosue cona mhuintir ag teacht a bhfogas dáibh do dhaingnídar ballaigh agus rampéir na cathrach, i gcruth gur mheasadar féin nárbh fhéidir a sárúghadh. Gidh eadh, ba dímhaoin dáibh cur a n-aghaidh Dé, óir thug gealladh do Iosue go ttiubhradh an chathair sin dó gan bhuille gan urchar. Agus adubhairt a chur d'fhiacha ar a mhuintir ballaigh na cathrach do thimchilleadh uair gach lá ar feadh shé lá, agus ar an seachtmhadh lá mórsheisior dona sagairt do ghlacadh stuic nó buabhuill dénta d'adhairc ghabhair gach aon acu, agus gluasacht amach roimh an áirc agus an chathair do thimchilliugh seacht n-uaire ar an n-órdugh sin, gan chaint ná torann do dhénamh, agus ar an seachtmhadh uair ar séideadh na stoc dona sagairt an pobal uile do léigion na ngártha, agus leis sin go ttuitfadh na ballaigh fó thalamh gan cloch d'anmhuin ar a n-áit. Agus do chuir aithne ghér air gan ní ar bith dá raibh istigh isan mbaile do thógbháil ná do shealbhughadh do neoch ar bith don phobal, óir gur mhallaigh féin an chathair agus gach ní dhá raibh inte. Agus iar mbriseadh na mballaigh mur sin do chuir Iosue an aithne chédna go cúramach ar an bpobal. Dobhí ballaigh Iericho neartmhur láidir nó gur shéid na sagairt a stuic, agus gur fhreagair an pobal iad: mur sin bhíos ballaigh ifrinn ann a neart nó go labhrann na sagairt i gcathaoir Chríosd ag
teagasg an tsoisgéil, agus an tan fhreagras an pobal le humhlacht bristear agus raebtar ballaigh, agus raebthar neart iffrinn go talamh. Tar éis gur bhrisadh agus gur loisgadh cathair Iericho, agus nar fágbhadh beag ná mór, óg ná sean dona háitigheóirigh bhí innte gan bhásughadh, acht amháin an mhéirdreach Rahab, cona muintir agus gona maoin, do caomhnadh ó gach dolaigh do réir geallamhna na mbrathadóiridh do chaomhain sí roimhe sin, do chinn Iosue ar chathair bhig Hai do sgrios agus do dhíthughadh mur an gcédna. Agus do chuir trí mhíle fear armtha dá treasguirt, agus do mheas gur leór sin do bhrígh nach raibh ann acht cathair bheag. Gidh eadh, an tan do shíl a bheith a' teacht ar a n-ais dáibh le buaidh chosgair dochonnairc iad ag teacht agus maidhm orra tar éis gur brisadh orra. Arna fhaicsin sin do Iosue do ghlac dólás mór é fán scannail sin dofuair Israél agus ar mbualadh a aighe ré lár do láthair an Tiaghearna dhó do-rinne gearán agus casaoid chruaidh leis ar an n-olc neamh-ghnáthach tháinicc ar an bpobal. Do fhreagair Dia é, agus adubhairt gurbh iad peacaidhe Israél ba ciontach, agus gurab í an mhallacht dobhí 'na measg dothug air féin a chongnadh do tharruing uatha agus do chuir air gurbh éigion dó a ttabhairt suas ar lámha a namhad; acht gidh eadh, adubhairt leis dá ndénamh díthchioll leis an bpobal do bheannughadh
agus do ghlana nach ttréigfeadh féin iad agus go mbeith dhá gcaomhnadh. Is annsin do chuir Iosue gairm ar an bpobal ar aon-láthair, agus do dhearbh dháibh gibé haon do-ghéubhadh ciontach san ghníomh ghráineamhuil do tharruing fearg agus díoghaltas Dé orra go gcuirfadh dá losgadh é. Agus do chaith lotaigh ar na treabha, agus do thuit ar treibh Iud; agus ann sin do caitheadh lotaidh ar thighthibh nó ar theallaigh na treibhe sin, agus do thuit ar theallach Zaré, agus as sin go hAchan. Is annsin adubhairt Iosue: “Admhaidh do choir,” ar sé, “agus tabhair glóir do Dhia Israél.” An tan do-chonnairc Achan gur fhoillsigh Dia féin a choir do mheas nach raibh tairbhe dhó ann a ceilt, agus do admhaidh ós áird a n-am chathrach Iericho do bheith dhá losgadh agus dá hargain go bhfacaidh clóca scarlaóide, dá chéd secel airgid, agus barra óir, gur ghlac saint é leis na seóda sin do shealbhughadh, agus go ttug leis iad, agus gur chuir a ttalamh ann a lóistín iad. Do chuir Iosue teachta a gcuinne na seód sin dobhí móidighthe ón Tiaghearna, agus tugadh dá láthair iad a bhfiadhnuise an phobail; agus arna bhfaicsin dó thug ordúgh ar an láthair Achan do láimhsiugh, é féin, a bhean, a chlann, agus a mhaoin do bhreith leó go Gleann Achor áit ar clochadh é féin, a bhean, agus a chlann, agus ar loisgeadh a mhaoin go hiomlán; agus ar mbeith
d'fheirg Dé arna claochládh do bhíthin an phionúis sin, adubhairt re Iosue gan eagla bheith air, agus go ttug cathair Hai dhó le díoghailt do dhénamh uirre. Agus dubhairt le Iosue luidheachán do chur isan ngleann dobhí i bhfogus don chathair, agus é féin mar aon le cuid eile dá lucht cogaidh dul a n-amharc an bhaile, agus an tan dochífeadhdís lucht an bhaile iad go ttiucfadh amach le comhrac do thabhairt dóibh. “Leis sin tugaidh taisbénadh oraibh féin a bheith ag teitheamh nó go nd-éirigh an dream bhías a luidheachán eidir iad agus an baile, agus annsin go gcoisgeóraidh sibh iad go hiomlán.” Agus do-rinneadar mur do ordaigh Dia; agus an uair do lean lucht na cathrach an dream sin do shíliodar a bheith a' teitheamh rompa nó gur chuir an dream dobhí a luidheachán an baile tré theinidh, annsin do thilliodair orra, agus níor fhágadar aon gan mharbhadh díobh. Agus mur sin dothugattar a gcliú ar ais leis an bpionús tugadar d'Áchan. Is mór an t-adhbhar uathbháis mur do aithfir Dia peaca aen-nduine amháin ar an bpobal líonmhuir sin go hiomlán.
CAIB. XXXIII AN GHRIAN 'NA COMHNUIDH LE GUIDHE IOSUE. An tan do-chualaidh na ríghthe eile dobhí i ttír na gCanáamach an t-ár agus an treasguirt do-rinne na hIsraélítibh ar cathracha Iericho agus Hai, do-chuadar i gceann a chéile, agus do-rinneadar comhuirle eatorra féin lena neart do chur a gceann a chéile agus comhrac do thabhairt dáibh. Acht ar mbeith dona Gabaonítibh ní ba críonna ná an chuid eile, do thuigiodar gur dhímhaoin dáibh cur a n-aghaidh phobuil Dé agus nárbh fhéidir do neart ar bith a gclaoidh, agus ar an adhbhar sin do chuir rompa síthcháin d'fhagháil re gliocus uatha. Agus do chuiriodar sean-édach iompa agus seanbhróga athchóirighthe ar a gcosaibh, agus do chuiriodar i gcéill ar gclos áird-chliú na Iudaigheach go ttángattar as tír imchiain ag iarraidh cairdiosa agus síthchána orra. Do thuig Iosue a gcédóir gur le calaois dotháinicc siad isan turus sin, acht ar bhfaicsin an aráin dothug leó mur lón bheith comh seanda agus sin go raibh ag tuitim 'na phúghdar as a chéile, do chreid sé iad; agus mur chruthúghadh air sin dobhí na soithigh thugadar leó bristigh breótigh. Tug na comharthaigh sin ar Iosue síthcháin do dhénamh go tobann riú, gan comhairle do dhénamh re Dia, agus móide do thabhairt dáibh nach dénfadh sgrios ná díbirt orra.
A gceann thrí lá na 'dhiaidh sin dofuair Iosue an chalaois sin amach, agus do-rinne cuid don phobal munbhar fá shíthcháin do dhénamh ris na Gabaonítibh, agus dob áill leó a marbhadh, acht go ndubhairt Iosue riú nár chóir na móide thugattar uatha do bhrisadh. Acht thug do bhreitheamhnus orra beith fó dhaoirse shíorruidhe ag tarruing uisge agus ag gearradh cunnaigh don phobal go hiomlán. An tan do-chualaidh a gcomharsanna agus a gcomhthíorthacha go ndearnaidh na Gabaonítibh cáirdios agus síthcháin ris na hIsraélítibh, do thionnsgnadar díghaltus do dhénamh orra; agus do chruinnigh Adonibisech, rígh Ierusalem, agus ceithre ríghthe eile dá chomharsanna, agus do chinniodar dian-sgrios agus díbirt do chur ar na Gabaonítibh. Agus ar tteacht dona ríghthibh sin coná sluaghaibh don Ghabao do ghuidhiodar Iosue um chabhra do thabhairt dáibh, agus ní luaithe fuair Iosue na sgéla sin ná ghluais cona shluaghaibh le cabhair do thabhairt dáibh, gur chuir maidhm agus briseadh ar na cúig ríghthe sin. Agus ar mbeith a' leanmhuin na námhad dó thug dhá aire go ndeachaidh an lá tar druim, agus nach mairfeadh solus dó le ár agus le treasgairt iomlán do dhénamh orra; agus d'iarr ar an ngréin seasamh. Agus do sheas an ghrian, agus do chomhnuidh isan ionad chédna don Zodiac ann a bfhacaidh an uair sin í, nó go ndearnaidh díoghaltus agus treasguirt do réir a mhiana féin ar an namhaid.
Deir an Scriptúr naomhtha féin nach bfhacus ariamh lá comh fada ris an lá sin, óir ba thoil re Dia guth an fhíréin do fhreagra. Féch, mur deir na haithreacha naomhtha, mur do smachtaigh Iosue an ghrian ann a sphéir nó ann a flaithios féin, agus nár fhéd saint anmhianach Achain do chosg ar an talamh. Iar ttreasguirt shluaightibh na gcúicc rígh réimhráite do Iosue ní mór go bhfuair 'na dhiaigh sin namhaid ar bith do-ghéubhadh meisneach ionta féin cur 'na aghaidh; agus dobhí gach lá ag fás i ccumhacht agus i ttreise ag claoidh a namhad, agus iad a' teitheadh roimhe is gach aon áit dá gcluinidís a thriall. Agus fá dheóidh do thuigiodar agus do chreidiodar go ttug Dia ceart oighriochta ar na críochaibh sin dona Iudaighibh, agus dá bhrígh sin nach raibh acht dímhaoinus dáibh féin cur 'na n-aghaidh. Agus mur sin i gceann shé mbliadhan ní mór do mhair isna críochaibh sin dona hanchreidmheacha íodhal-adharacha gan treasgairt gan díthughadh le cródhacht agus le gaisge an chinn fheadhna ró-ghlic ro-naomhtha sin. Óir níor thoil le Dia nísa mhó d'fhágbháil beó ná mur budh riachtanus dochum a phobail féin do chongbháil i n-anáil agus a n-úsáid cogaidh, agus fós le díoghaltus do dhénamh do réir ordaighthe Dé féin gacha mhinioca dorachadís a n-easumhlacht, i ttrétúracht, nó i meirliochas, ann 'aghaidh féin.
Ar mbeith don ghabháltus arna dhénamh, agus ar mbeith dona críochaibh sin uile fó neart, fó smacht, agus fó chumus Iosue, do roinn sé iad go ceart comhthrom eidir na treabha sin Israél maille le ceart agus le críonnacht, ionnus (gé gur dhoiligh é) gur shásaidh gach dream fó leith dhíobh. Agus ar gcríochnughadh na ngníomhartha nglórmhara mór-éuchtacha so, do réir mur do órdaigh Día dhó, agus ar mbeith a ngar do chrích a shaoghail dhó, do chuir cruinniughadh ar an bpobal Eabhraighach uile dá láthair. Agus ar gcur gach maith, gach míorbhuile agus tiodhlaice dá ttug Día dháibh go soiche sin a gcuimhne dháibh, do chuir mur chonghioll cruaidh orra gan géilladh do dhia ar bith eile acht dhó féin, óir gurbh é féin an Dia fíre forórdha, agus tugadar uile d'aithiosg aon-fhir geallamh agus mionna le gach ní dhá ndubhairt riú do choimhlíonadh. Iar sin a n-aois a chéd agus deich mbliadhan dofuair bás; agus do-rinne an pobal caoi agus eólchaire 'na dhiadh. Bá duine ro-naomhtha, ro-chródha, ro-cheart an Iosue so, agus do-bheir cách ann a bheatha ní ro-iongantach dá n-aire, .i. le linn a bheith a gceannus an phobail do-smachtaigh dho-riartha úd dó nach dearnadar munbhar ná ithiomrádh ar Dhia ná air féin. Leis na cathaibh agus na comhraic dothug sé a n-aghaidh naimhde Dé agus a phobail, lér chlaoi agus lér threasgair sé (do réir mur áirmhios an Scriptúir naomhtha) .xxxi. rígh, cuiridh i gcéill
dúinn nach féidir Talamh Síorruidhe na Geallamhna do shealbhughadh acht le buaidh do bhreith ar ttús ar na naimhde bhíos ionainn féin istigh, do bhrígh go mberthar gach aon aguinn fá chuing sclábhaighachta an diabhail. d'éis báis Iosue isan mbliadhain d'aois an domhain 2570, agus roimh Chríosd do theacht 1434, do chuir treibh Iuda a gcródhacht a gcéill ar mbeith do Chaleb 'na cheann feadhna a n-ionad Iosue. Óir, ar tteacht do Adonibisech 'na aghaidh, dothug treibh Iuda cath dhó, agus iar gcur madhma, agus ar ndénamh áir mhóir ar a shluagh, dothugattar tóruighacht dó féin agus é ag teitheadh; agus an tan rugattar air do ghearradar barra na gcos agus na lámh dhe. Agus leis sin do admhuidh ceartbhreitheamhnus Dé, óir is mur sin do-rinne Adonibisech féin ar .xxxxxxx. rígh ar a rug buaidh feadh a bheatha roimhe sin. A haithle sin tugadh go Ierusalem é, áit a bhfuair bás, tar éis na briathra so an tSláinaightheóra do chruthughadh: Eadem mensura qua mensi fueritis remetietur vobis, Marci 4.
CAIB. XXXIV DO BHÁS SISARA. A.M. 2719 Tar éis báis Iosue, Chaleb, agus na ndaoine ársaigh críonna cráibhtheacha dobhí rena linn, do dhearmaid pobal Israél gach sochar dá bhfuaradar féin agus a sinnsir ó Dhia agus gach comaoin dár chuir orra, gur léigiodar a sriain re a gcluasaibh ag imtheacht ón bpeaca go 'chéile, óir ní raibh fear ceannuis ná smachta orra, acht gach aon acu ag riar agus ag leanmhuin a anmhiana féin. (Agus cuiridh sin a gcéill gur ó uachtarán nó ón cceann feadhna maith dothig leas na ndaoine do ghnáth, agus a n-aimhleas óna chontrárdhacht sin.) Agus mur nach raibh riaghail ná rath orra do thuitiodar i moghsaineacht agus a sclábhaighacht d'achtrannchaibh; agus annsin gur thuigiodar a n-arráid féin, agus gur chuiriodar iad ar inioll urnaighthe agus aithrighe, agus gur ghuidhiodar Dia go dúthrachtach um thrócaire do dhénamh orra agus um thárthála do thabhairt dáibh; agus fá dheóidh gur éisd a nguidhe, gur gheall dáibh go gcuirfadh chugtha lucht a stiúrtha a n-ionad a chéile le tártháil do thabhairt dáibh, .i. breitheamhuin (óir is é sin ainm do goirthí díobh).
Agus tar éis báis Otoniel bráthair Chaleb táinic Aod, 'na dhiaidh sin Samgar, agus iar sin do thuit ceannus an phobail Eabhraigheach dochum mná darbh ainim Debora, dá chur i gcéill nach bhfuil instrumeint dá tháire nach dénann Dia oireamhnach an tan is mian leis. A n-aimsir na mná so bheith i gceannus do chuir Iabin rígh na gCanaamach cogadh ar na Iudaigheacha, agus do chuir sluagh mór armtha 'na n-aghaidh, agus Sisara 'na thaoiseach nó 'na ghenerál orra. Agus ar mbeith do Dhebora líonta do spiorad Dé do thaisbéin cródhacht agus críonnacht i gcogadh agus i síth. Do chuir teachta dh'ionnsaigh Bhárac dá rádh ris gur thogh sí mur ghenearál nó mur thaoiseach slóigh a n-aghaidh Shisara é; acht adubhairt Barac nach rachadh féin dochum an chogaidh sin acht le í féin do dhul ann. Agus iar gceapadh lae an chomhraic eatorra adubhairt Debora le Barac deich míle fear cogaidh do thabhairt leis a n-aghaidh na gCanaamacha sin. Agus dobhí dóchus mór ag Sisara annsan uimhir adhbhal-mhór daoine agus ann a il-iomad carbatt cogaidh dobhí armtha le spealta gér-fhaobhracha; agus ar tteacht do láthair an chatha dóibh, do dhoirt Dia úamhan agus imeagla i gcroidhthibh a shluaigh, gur ghlacadar briseadh gan mhaill. Annsin do ling Barac cona mhuintir 'na measg, agus dobhí dhá ttreasguirt agus dá ttrén-ghearradh.
Tan chonnairc Sisara, dobhí lán d'uathbhás mur an gcéadna, a mhuintir do bheith arna ttreasguirt mur sin, do mheas teitheadh le luas a chos, agus arna fhaicsin mur sin do mhnaoi cháirdeamhail do Iabin, bean Haber (do-rinne cáirdios, mur dubhras, le Iabin), do dhruid roimhe agus d'iarr air teacht asteach dá páilliún féin; agus mur bhí seision lán dá anáil agus a bhrígh arna claoi leis an teitheadh tobann sin, do-chuaidh asteach mur d'iarr air agus d'iarr deoch uisge uirre. Agus tug sise bainne dhó i n-ionad an uisge, agus iarna eól dó do shín ar an talamh, agus iar gcur éudaighe dhise ós a chionn do thuit codladh air. Agus mur bhí grádh gnáthach ag Iael ar pobal Dé, ní luaithe do-chonnairc ann a shuan é ná thug táirne mór iaruin léidh, agus gur thiomáin le farcha tré chúl a chinn é, gur ghreamaigh don talamh é. Agus ar mbeith do Bharac dá thóruighacht thárla Iael dó, agus d'iarr air dul asteach, agus do thaisbéin Sisara 'na chorp marbh dhó. Is annsin do chan Debora caintic molta do Dhía, agus do-bheir moladh isin gcainticc chédna do mheisnigh agus do chríonnacht Iael. Mur sin do thosaigh bean leis an gcogadh sin agus do chríochnaigh bean eile é. Féch ar neart míorbhúilibh Dé annso, óir tug sé do neart agus do mheisnigh don dias ban sin neithe do choimhlíonadh nach dénfadh ar uairibh sluagh fear: Infirma mundi elegit ut confundat fortia.
CAIB. XXXV IODHBHAIRT GHEDEON. A.M. 2759. d'éis báis Debóra dobhí an cine Iudaightheach gan ceannus ná uachtaránacht ar bith do bheith ós a gcionn; agus mur fa gnáth leó an uair do bhíodh ar a gcomhuirle féin a bheith dána dalba do-smachtaigh, do-rinneadar mórán uilc agus aindlighe a láthair an Tiaghearna, ionnus go ndearna mur dhíoghaltus orra a ttabhairt a lámha na Madianítibh, go rabhdar i ndaoirse acu ar feadh sheacht mbliadhan; agus i gceann na haimsire sin do sgreadadar ar Dhia agus do ghuidheadar go dúthrachtach é le cabhair agus tártháil do thabhairt dáibh ón duaigh agus ón daoirse ann a rabhdar. d'éisd Dia riú agus do chinn ar fhóirithin do thabhairt dóibh, agus leis sin do chuir aingeal a tteachtairacht dochum Gedeon dá rádh ris gur thogh Dia é le tártháil agus fóirithin do thabhairt don phobal agus lena saoradh as lámha na Madianítibh. Dobhí iongnadh mór ag Gedeon isna hathiosgaibh sin an aingil, agus adubhairt ris: “Créd fá gcuirfeadh an Tiaghearna ualach orum ós cionn mo neirt, óir níl acht duine bocht uirísiol annam, agus is mé is táire dom mhuintir féin.”
Acht adubhairt Dia ris go mbeith féin 'na fhochair is gach éigion, agus gé gur mhór agus gur líonmhur sluaighte na Madianíteach go tteithfidís roimhe amhuil agus nach beith acht neart aen-duine ionta. Do ghuidh Gedeon an t-aingeal le comhartha éigin do thabhairt dó ar fhírinne na neithe sin adubhairt ris, agus d'iarr d'athchuinge air maill bheag do dhénamh nó go ttugadh féin bia chuige le caitheamh; agus do-chuaidh asteach agus mionnán bruitigh leis ar méis, arán gan loibhín agus anbhruith na feóla sin a soitheach, agus do chuir i bhfiadhnuis' an aigil iad. Adubhairt an t-aingiol leis an fheóil do chur ar charraig dobhí san áit a rabhdar, agus an t-anbhruith do dhórtadh uirre; agus arna dhénadh sin dó do bhuail an t-aingeal an tslat dobhí ann a láimh ar an gcarraig, agus leis sin táinicc teinidh eisde do loisg gan fhuireach an fheóil agus an t-arán. Agus leis sin do scinn an t-aingiol as amharc. An uair d'aithin Gedeon gur le haingiol dobhí sé ag comhrádh do ghlac uathbhás mór é agus do bhí eagla a bháis air, acht go ttug Dia meisneach dhó agus dearbha ar gach ní dá ndubhairt an t-aingiol leis; agus do chéd-neithe adubhairt ris: altóir Bhaail do bhriseadh agus do bhualadh le lár agus na crainn dobhí na timchioll do ghearradh, agus altóir don Dia fíre do chur suas san áit chédna agus iodhbairt do dhénamh uirre. Acht níor lamh Gedeon sin do dhénamh le solus lae, acht isan
oidhche do choimhlín gach ní dhá ndubhairt ris, óir dobhí eagla mhuintire na háite air. Agus ar gclos dáibh arna mhárach gurbh é Gedeon dothug an tarcuisne sin dá ndia féin agus dá altóir, thugattar tóruighacht dó go tigh 'athar agus d'iarradar go dásachtach air a mhac do sheachada dháibh lena bhásughadh; acht dubhairt an t-athair leó nach dénfadh féin sin dáibh, agus adubhairt riú fós nach dáibh-sion budh cóir díoghaltus (do) dhénamh a masla Bhaal, “Óir más dia é,” ar sé, “atá ar a chumus féin díoghaltus do dhénamh ann a mhasla.” Agus is mur sin táinicc Gedeon saor óna ndíogaltus, agus do goireadh Ierobaal 'na dhiaidh sin de. Cuiridh an gníomh so Ghedeon i gcéill gur cóir da gach duine ghlacas cúram anmann bheith ullmhaigh le dul i gcontabhairt báis ar a son. An uair dofuair Gedeon cruthughadh leis an teinidh tháinicc as an gcarraig gur thogh Dia é féin leis an bpobal do shaoradh, ní raibhe uaidhe sin amach do stuidér ar 'aire acht a' féchain créd an tslighe ar a ndénfadh é. Agus ar gclos dó go ttáinicc na Madianítibh, na hAmalecítigh agus gach dream eile dár ghabh leó, agus go rabhdar cruinn i gcampa a n-aghaidh na Iudaigheach, do ghlac dásacht é, agus ar mbeith líonta do spiorad Dé dó do shéid stoc agus tug fógra do chách uile a leanmhain,
agus do chuir teachta chum na ttreabha go hiomlán teacht chuige gan mhoill. Agus d'umhlaighdar sin a dhénamh gan docamhal ar bith, a gcruth go raibh an té sin nach raibh acht uiríosal roimhe sin anois a gceann armála móire arna admháil le cách 'na phrionnsa agus 'na cheann feadhna orra. Gidh eadh, níor thóig uaill ná uabhar ar bith ann; dobhí amhrus mór aige air féin nó go bhfuair cruthaighthe eile ar an ngairm dofuair ó Dhia, agus ar an adhbhar sin do ghuidh Dia go dúthrachtach um chomhartha eile do thabhairt dó, .i. lomra olla do chur ar machaire, agus dá mbeith fliuch ar maidin agus an talamh 'na thimchioll a bheith tirim go mbeith 'na chomhartha maith aige. Agus arna dhénamh sin dó fuair an lomra fliuch, ar mhodh gur fháisg uisge as, agus an talamh 'na thimchioll tirim; agus iar sin do ghuidh Dia umá thoil do thabhairt, 's gan fearg do bheith air lén' fhéchuin arís ar an tslighe chontrárdha, agus do fuair ar maidin an lomra tirim agus an talamh 'na thimchioll fliuch. Cuiridh so i gcéill dúinn gan cúraim mhóra do ghlacadh go tobann - agus na míorbhuilibh sin fós na grása dobhí ag an bpobal Iudaigheach (go hénracánach ar ttús) agus mur do thóig Dia uatha 'na dhiaidh sin iad agus tug d'Eagluis Chríosd iad. Iar bhfaicsin na gcomharthaigh míorbhuileacha sin do Ghédeon do ghlac meisneach, agus do
chuir teachta uaidhe ann gach áird a' cruinniughadh sluaigh; agus táinicc sin sluaighte líonmhura as gach taobh don tír, agus do chuir campa mór 'na shuidhe ar aghaidh na Madianítibh. Ar bhfaicsin an tsluaigh ró-líonmhar sin do Dhia do réimhthuig dá ttéughdís uile i láthar catha, dá mbeith buaidh acu, gur ar a neart agus ar a n-uimhir mhóir féin do bheith a bhuidheachus acu, óir dobhí fios aige go rabhdar dobhuidheach do ghnáth. Agus dá bhrígh sin adubhairt re Gedeon dá ttugadh an uimhir mhór daoine sin leis síos isan gcath nach beith buaidh aige. Leis sin do chuir Gedeon bullsaire ar feadh an champa as' tabhairt fógartha do gach aon ar a raibh droch-mheisneach, eagla nó meatacht an campa do thréigion agus imtheacht dá ttighthibh féin. Arna chlos sin do dhá mhíle agus fithche fear dhíobh d'éirghídar go lúthgháireach, agus d'imghidar as an gcampa dá ttighthibh féin. Acht 'na dhiaidh sin féin ba mór le Dia an uimhir d'fhan díobh, óir ba mian leis míorbhuile do thaisbénadh dhóibh, agus adubhairt arís le Gedeon: “Tabhair an sluagh leat uile,” ar sé, “dochum srotha Orthannáin, agus taisbénad-sa dhuit annsin an dram bhés iontoghtha dhíobh.” Agus ar ndul annsin dóibh adubhairt Dia re Gédeon: “Tabhair aire,” ar sé, “don dream thóigfios an t-uisge ar a mbasa lén' eól ar a gcoiscéim, agus is
iad sin amháin bhérus tú leat; acht an dream chromfus ar a nglúinibh agus chuirfios a mbéil ar an uisge dhá eól mur sin cuir uait iad.” Agus ní fríth don chéd-dream sin acht trí chéd fear amháin, agus do gheall Dia buaidh dhó féin agus don trí chéd sin. Arna chlos sin dho Ghedeon níor chuinnigh aige féin dona deich míle do-chuaidh chum an tsrotha acht na trí chéd sin, ar ndealúgh cháich eile uaidhe. Tug leis an beagán bhuidhne sin le dánacht chródha agus le meisnigh a n-aghaidh a námhad dobhí ro-líonmhar ann a gcampa. Ciallaidh an dream úd do chrom ar an uisge an mhuintir shléuchtas dona neithe talmhuidhe agus do-ní dia do shógh an tsaoghail; an dream do thóig ar a mbasaibh é, sin iad na fíréin nach gcromann ar neithe talmhuidhe agus nach sléuchtann do shógh ná do shásadh saoghalta, acht do-ní úsáid amháin don mhéd is riachtanusach dháibh le dul ar a n-aghaidh a n-aghaidh a námhad. Gé gur leór do Ghedeon na comharthaigh thug Dia dhó roimhe sin le buaidh a námhad do bheith aige, gidh eadh adubhairt leis go gcluinfadh an comhartha déighionach as bél a námhad, agus leis sin adubhairt leis dul an oidhche chédna 'na aonar, nó má bhí eagla air imtheacht mur sin a mhac do bhreith leis dochum campa a námhad, éisdeacht agus aire mhaith do thabhairt don ní chluinfadh ann.
Agus ar ndul ann do-chualaigh fear don tsluagh namhad ag aithris aislinge do-chonnairc sé dá chompánach: “Mur do-chonncus damh um shuan,” ar sé, “go bhfacaidh mé bairín aráin dobhí arna bruith fón ngríosaigh ag imtheacht ar feadh an champa so, go ttáinicc asteach i bpailliún áirighthe, agus gur bhris agus gur theilg bun ós cionn é. Do fhreagair an compánach é agus adubhairt: “Ní ní ar bith eile an aisling sin acht cloidheamh Ghedeon, duine Eabhraigheach dá ttug Dia Madian agus an campa so uile ann a láimh.” Arna chlos sin do Ghédeon do-chuaidh ar a ais mur a raibh a mhuintir féin, agus do ghlac lúthgháire iad an tan chualadar an ní sin, agus ar nglacadh meisnigh agus cródhacht re a n-ais dáibh do roinn Gedeon i ttrí chuideachta iad, agus do chuir i n-arm neamh-ghnáthach rún-diamhrach iad, óir adubhairt re gach aon acu stoc do ghlacadh a láimh leis agus soitheach folamh agus tóirse le lasadh 'chur isan láimh eile; agus ar ngluasacht dháibh mur sin adubhairt an tan do-chluinfadís é féin a' séideadh a stuic nó a bhuabhuill iad féin do dhénamh an ní chédna. “Agus leis sin cuiridh gáir mhóir asaibh agus gabhaidh timchioll campa na namhad mur sin, agus iar sin brisígh na soithidh a n-aghaidh a chéile, agus annsin goiridh ós aird air chloideamh an Tiaghearna agus Ghedeon.” Leis sin do ghlac uamhan
an-mhór agus uathbhás an mhéid dobhí a gcampa na Madianítibh, agus ar nglacadh a gcloimhthe do bhídar ag marbhadh a chéile mur bheith dhá namhuid ann. Mur sin do chlaoidh Dia uile-chumhachtach maille le lán glaice do dhaoine gan arm an campa neartmhar ro-dhaoineach sin: mur so do-bheiradh na mairtírigh buaidh ar a naimhde, .i. le brisadh na soitheach gcriadh bhí 'na ttimchioll. Sanguis martyrum semen fidei. CAIB. XXXVI BÁS ABIMELECH. A.M. 2768 An feadh mhair Gedeon i gceannus dobhí an pobal go rathmhur séunmhar agus buadhach ann gach tan a n-aghaidh a namhad, óir do chongbhaidh iad fá chuing agus fá dhlíghe Dé gan dearmad. Acht an tan ba toil re Día a thógbháil don tsaoghal do thuilliodar ar an sceathraigh chédna, óir dothugadar iad féin ar stríopachus, ar íodhal-adhradh, agus ar gach gné oile pheacaidh dá ttigeadh 'na mbealach, iar ndearmad gach míorbhuile agus gach maith dhá ndearnaidh Dia orra.
d'fhag Gedeon iar mbás deichneabhar agus trí fithchid do chlainn mhac dorugadh dhá chorp féin 'na dhiaidh, óir dobhádar iomad ban aige ann 'aimsir. Agus ameasg cháich dobhí mac díobh sin aige le mnaoi Shichimítigh darbh ainm Abimelech, agus do-chuaidh sin ar bháidh a mháthar go Sichem, agus do labhair re dearbhbhráithreacha a mháthar agus rena ngaolta agus adubhairt riú: “Is fearr dhaoibh-se, do bhrígh gur dár bhfuil agus dár bhfeóil féin mé,” ar sé, “misi bheith um rígh oraibh go hénracánach ná an deichneabhar agus trí fithchid mac atá a ndiaidh Ghedeon.” Agus do chreidiodar é, agus ar nglacadh leis mur sin thugattar suim mhór airgid dó; agus arna glacadh sin dó do chruinnigh sé sluagh do ruifínigh agus do dhaoine édroma gan chreideadh gan chrábhadh gan chonsias; agus arna gcruinniughadh dhó do-chuaidh go hárus Ghedeon, agus do mharbh sé clann 'athar féin go hiomlán acht amháin an mac ba hóige dhíobh darbh ainm Ioathan, do chaomhain é féin go rathamhuil ón dícheannadh sin do-rinne Abímelech. Agus an tan do-chualaidh an t-ógán so go raibh na Sichemítigh ar thulaigh ag dénamh gairdiochais fá mur do thoghadar Abimelech mur rígh, tháinicc go tobann ar chnoc mhór ós a gcionn, agus do labhair go hárd ag cur a ndobhuidheachuis go hiomardach imdheargthach i gcéill dáibh; agus do labhair leó go fáth-chiallach ar chrannaibh
coille dobhí ag toghadh rígh dháibh féin, agus do labhair siad a gcédóir ris an gcrann óla, agus 'na dhiaigh sin ris an gcrann fíge, 'na dhiaigh sin ris an gcrann fíneamhna; agus ar bhfagháil diúltaigh maille le hádhbhair nó le résúin mhaithe ó na crainn onóracha sin, do labhradar fá dheóigh leis an droighnán, tug gealladh dána dhóibh go ndénfadh a gcaomhna uile fo scáth a ghéuga agus ar a scáth féin. Agus iar sin do ghuidh Dia, má bhí an togha rígh so do-rinne na Sichemítibh mí-thainneamhach aige, teinidh do theacht as an dreis nó as an droighneán sin do loisgfeadh agus do dhóighfadh iad. Agus d'éisd Día a ghuidhe. Óir i gceann trí mbliadhan iar sin ar mbeith dona Sichemítibh tuirsach do thiarántacht an mheirligh sin, do thionsgnadar a chur dhá chois nó iad féin do shaoradh óna mhursantacht le congnadh prionnsa eile darbh ainm Gaal. Acht dobhí Abimelech ro-thrén acu, óir do bhris agus do raeb sé a gcathair go talamh, agus do threasgair iad féin le faobhar an chloidhmhe; agus tar éis gur dhíoghail Dia a bhfeillghníomh ar lucht cathrach Sichem (agus sin tré lámha an té do thoghadar go neamh-dhlistionach), dotháinic díoghaltus ar an trétúrach cédna. Óir ar mbeith lán do dhásacht dó iar mbreith buaidhe ar na Sichimítibh do mheas go mb'éidir leis gabháltais do dhénamh; agus ar gcur a champa
dhó le cathair Thebés, áit a raibh tor daingion i ndeachaidh lucht an bhaile dá gcaomhna féin ar fhoirneart a shluaigh, arna fhaicsin sin do Abimelech do-chuaidh féin go bun an toir chum teineadh do chur ann, agus arna fhaicsin d'aon dona mnáibh dobhí istigh do bhuail bladh do bhrágh mhuilinn air síos, gur bhris a cheann; agus ar mbeith leath-mharbh dhó do ghoir ar a ghiolla agus d'iarr air a mharbha go hiomlán ionnus nach beith le rádh gur bean do mharbh é. Agus is mur sin táinicc díoghaltus Dé ar Abimelech fón bhfeill-ghníomh do-rinne ar chloinn a athar féin. Do shíl an meirlioch sa gur dhearmaid Dia na corthacha móra do-rinne sé do bhrígh gur éisd leis ar feadh aimsire fhada; gidh eadh, is gnáthach le Dia éisdiocht le corthacha na n-andlightheacha chum maith do tharring asda. CAIB. XXXVII AN IODHBAIRT DO-RINNEADH AR INGHIN IEPHTE. A.M. 2817 Tar éis báis an mheirligh Abimelech do ghabh Tola mhac Puah mhic Dodo do threibh Isachair ceannus na Iudaightheach trí bliadhna fithchead;
agus 'na dhiaidh sin Iair ar feadh dhá bhliadhain agus fithche; 'na dhiaidh sin táinicc Iephte, mac do rugadh do Ghalaad a athair le méirdrigh, agus dá bhrígh sin do dhiúlt a dhearbhbhráithreacha eile dhó, óir do mheasadar nárbh fhiú dháibh mac a mháthar do bheith 'na dhearbhbhráthair acu, agus do dhíbriodar go tír na Tób é. Agus, mur bhí seision cródha ceannusach, do dhearc buidhin do dhaoine mí-bhésacha, dothigeadh suas ar shracaireacht, air, agus do-rinneadar cenn feadhna orra féin de. Agus tárla 'mun am sin gur chuir na hAmonítibh cogadh ar na Iudaighibh, agus ar mbeith a gcruaidh-dháil mur sin dáibh do mheasadar nach raibh tártháil 'na ngar acht cródhacht Iepthe, agus dá bhrígh sin do chuiriodar teachta 'na chuinne. Agus do gheall dóibh go ttiucfadh dá bhfóirithin, acht go ttug iomardadh cruaidh dháibh fán droch-chonghioll agus fán droch-nádúir do thaisbéin siad dó roimhe sin; agus ar bhfagháil geallamhna uatha go hiomlán go ngéillfeadhdís dó mur uachtarán agus mur phrionnsa dotháinicc chugtha. Agus annsin do-rinne díthchioll re cosg do chur ar rígh na Madianítibh agus na nAmonítibh. Gidh eadh, níor ghlac rígh na nAmonítibh résún ar bith uaidhe acht cogadh, óir ní raibh dúil acu síthcháin do dhénamh leis na Iudaighibh. Iar sin d'éirigh spiorad Dé ann Iephte gur ghoir ar shluaightibh as gach áird, agus íar gcruinniughadh
dháibh do ghluais leó a n-aghaidh na nAmonítibh, agus tug móid do Dhia dá ttugadh buaidh ar a namhaid dó go ndénfadh an chéd-duine do thiucfadh roimhe dhá theaghlach féin d'iodhbairt iar bhfilleadh ar ais dó. Ar ndul a n-aghaidh na námhad dofuair buaidh orra, agus ar bhfilleadh dhó maille le lúthgháire ní cian go raibh 'na dhólás air; óir ar tteacht a n-amharc a thighe féin do-chualaidh a inghion guth na stoc agus na mbuabhall, agus mur nach raibh 'fhios aice go ndearnaidh a hathair an mhóid sin do Dhía, do-chuaidh amach maille le a banntracht a' dénamh lúthgháire roimhe. Arna fhaicsin do Iephte do ghlac dólás mór é fán móid dothug do Dhía; acht an tan do-chualaidh sise go ndearnaidh a hathair an mhóid sin do Dhia, adubhairt ris gur mhian léithe féin a coimlíonadh, acht d'iarr cead ar a hathair dul ar an tsliabh ba coimhneasa dhóibh mar aon lena bantracht chum go gcaoineadh siad a hóghacht ré mbás. Agus iar sin dotháinicc ar a hais, agus do-rinnigh a hathair a hiodhbairt agus a huile-losgadh do réir mur gheall do Dhia. Tar cheann nach léighthear isan Scriptúir gur agair Dia an iodhbuirt ghráineamhuil díthchéilligh so ar Iephte, is dearbhtha nach raibh a samhuil taithneamhach ag Dia; agus dá bhrígh sin is earráideach adeir Menochius nach dearnaidh Iephte peaca dhá dénamh. Agus anois ná an
uair sin ní cóir do neoch móid thobann díthchéilligh do dhénamh; acht mur bhí móide an athar aimhghlic díthchéilligh, dobhí umhlacht na hinghine iongantach ionmholta. Tar éis Iephte ní thráchtann an Scriptúir ar mhór-éuchtaibh ar bith ameasg na Iúdaigheach go teacht Shamsoin, ar a ttráchtann go specialta. Óir adeir gur ar threibh Dhan dobhí sé, agus ar mbeith dá mháthair a bhfad gan chloinn agus í aimrit, go ttáinicc aingeal Dé dhá innsin dí go mbéuradh sí mac. Agus adubhairt ria, mur thosach ar an mbeatha riaghalta budh chóir a leanmhuin, gan fhíon ná biotáille mheisgamhuil ar bith do chaitheamh dhó. Agus arna chlos sin d'innis dá fear, darbh ainm Manue, gach ní dhá ndubhairt an t-aingeal, agus dubhairt seision gur mhian leis féin an t-aingeal d'fhaicsin. Agus an dara feacht tháinic an t-aingeal a labhairt ris an mnaoi, agus arna fhaicsin dí do ghoir ar a fear, agus arna fhaicsin dó-san adubhairt go ndénfadh iodhbairt. Adubhairt an t-aingeal nach dó féin budh chóir iodhbairt a dhénamh acht gur do Dhia budh chóir dhó a dénamh. Leis sin tug Manue mionnán leis, agus do chuir ar charraig é, agus do-rinne iodhbairt uile-loisgidh. Agus ar mbeith don lasair agus don deataigh ag éirghidh suas chum an fhlaithis do éirghidh an
t-aingiol, agus do chuir é féin ann lár na lasrach sin go ndeachaidh as a radharc mur sin, agus i n-éinfheacht le hiodhbairt na bhfírén do-chuaidh féin do láthair an Tiaghearna. Agus dar leat fós ba mian leis é féin do bheith arna iodhbairt i n-éinfheacht léithe - Féch isin .5. cab. Apocal., mur bheir na naoimh i soithidh óir urnaighthe na bhfírén do láthair an Tiaghearna. Do réir na geallamhna táinicc an leanbh iar sin dochum an tsaoghail, agus tugadh Sampson mur ainm air, agus do-rinneadar mur do ordaigh an t-aingiol dáibh, óir níor cuiradh sgian bhearrtha ar a cheann agus níor ibh fíon ná biotáille láidir ar feadh a bheatha. Acht gidh eadh, an tan tháinicc go haois fhearrdha ní raibh imeasg na ndaoine fear comh láidir ná comh neartmhar ris. Agus ar ndul dó aimsir dá éis sin go baile do bhailtibh na bhPhilistíneacha darbh ainm Timnat, do dhearc ar inghín Philistínigh ann; agus ar tteacht tar ais dó d'iarr ar a athair agus ar a mháthair an inghean d'fhagháil mur mhnaoi dhó, agus do bhrígh nach raibh fhios acu-san gurbhá toil le Dia an ní sin, agus fós go raibh fuath agus gráin acu ar na Philistínigh dob áill leó toirmeasg do chur air. Acht níor ghlac sin uatha acht adubhairt riú arís a fagháil dó (agus ní gan adhbhar, óir ba hí so fighir Chríost a' pósadh na hEaguilse gintíleach iar ttréigion na Iudaigheacha).
Dothug an cleamhnus sin uain do Shampson le díoghaltus do dhénamh ar na Philistínigh fá gach olc agus gach ainmhian dár imir siad ar feadh mhóráin do bhliadhanuibh ar an bpobal Eabhraighach. Agus ar mbeith dó aon do laithibh 'dul d'fhéchuin a mhná tárla leómhan óg cíocrach dhó agus cubhar rena bhél le dásacht chum creiche, agus tug ionnsaighe dhíbhfeirgach air, agus ar mbeith do Shampson gan uiriod maide d'arm cosanta aige dorug ar an leómhan idir a dhá láimh agus do stróic a bhallaibh ó chéile, mur dhénfadh le mionnán. A n-aimsir bhig dá éis sin ar mbeith dhó ag dul san mbealach chédna do-chuaidh ag amharc ar an leómhan marbh, agus ar bhfaicsin chonoblaigh an leómhain do-chonnairc sgaoi bheach ag éirghidh as a bhrághaid, agus fuair mil ann; agus do-rinne sé cruaidh-cheisd de sin, agus d'iarr a fuasgladh ar thríochad óig-fhear do-chuaidh chum an phósda sin. Ag so an cheisd: “táinicc bia as an ní do shluigadh, nó as an tslugaire, agus millseacht as an neartmhar.” Agus ar gcur na ceasda sin dó adubhairt, “Má fhuasglann sibh an cheisd so,” ar sé, “agus a tomhus do thabhairt damh i gceann sheacht lá, do-bhérad-sa tríochad léine agus tríochad cóta dhíbh, gidh eadh mur bhfuasglaidh sibh í bíodh oraibh an uiriod cédna thabhairt damhsa.” Acht níorbh fhéidir leó an cheisd d'fhuasgladh. Annsin do labhradar le mnaoi Shampsoin, agus do ghuidh sise eision fá fhuasgladh agus fá chéill na
ceasda d'innsin dí; agus fá dheóigh iar gcur rúin uirre d'innis ciall na ceasda dhí, agus d'innis sise dháibh-sion an ní cédna. Agus sul do-chuaidh grian faoi an seachtmhadh lá d'fhuasgail siad an cheisd ag rádh: “Créd is millse ná mil agus créd is neartmhuire na leóghan?” Arna chlos sin do Shampson do adhnaidh a fhearg go mór fá mhí-chonghioll a mhná féin, agus d'imghidh 'na ruaig dhásachtaigh go hAscolon gur mharbh tríochad Philistíneach ann, go ttug a n-édaigh dháibh sin mur do gheall, agus do ghluais iar sin go tigh a athar. Cuiridh an ní so i gcéill an t-athrughadh do-rinne Críost ar na híodhalarthacha págánta dobhí mar leómhuin ocracha ag treasguirt na gCríostaighthibh gur chlaoi Críost gan arm ar bith iad, go ndearnaidh uain cheannsaighthe díobh maille le mil do bheith ar a mbriathraibh ag moladh Dé. Iar n-imtheacht do Shampson leis an bhfeirg mhóir sin go tigh a athar, do mheas athair agus máthair a mhná nach ttiucfadh feasda choidhche a ngar na mná agus gur thréig sé í, agus dá bhrígh sin thugattar le pósadh d'fhear eile í. Gidh eadh, i gceann aimsire dá éis sin do chinn Sampson dul ar cuairt dochum a mhná. Agus arna fhaicsin dá hathair agus dá máthair do ghlac eagla mhór iad, agus adubhradar arna mheas dáibh gur thréig a n-inghean go síorruidhe go ttugattar fear eile dhí,
acht go raibh inghean eile acu bá hóige na í agus go ttiubhradh dhó í. Acht níor shásaidh sin Sampson, agus tug a bhriathar go ndénfadh a mhasla do dhíoghailt ar na Philistínigh. Agus leis sin do choimhlíonadh le slighe ro-iongantaigh, do ghabh sé trí chéd sionnach agus do cheangail iarboill gach aon chúpla díobh dá chéile, agus do chuir aithinne tré lasadh isna ceangail sin agus do sgaoil amach iad tré ghortaibh arbha agus tré fhíneamhna na bhPhilistíneach, gur loisg agus go ndearnaidh luaithreadh dá gcuid arbha agus dá bhfíneamhna go hiomlán. Do ghoill an ní sin go mór arna Philistínigh agus an tan fuaradar dearbha gurbh é Sampson do-rinne an díghbháil sin dóibh, a n-ionad díoghaltuis do dhénamh air féin thugattar a n-aghaidh ar an mnaoi sin do pósadh leis agus ar a muinntir go hiomlán, gur loisgiodar iad ó dhuine liath go leanamh. Níor mheas Samson gur leór dhó féin an méid díoghaltuis do-rinne ar na Philistínigh go soiche sin, acht do-rinne ár mór orra. Arna fhaicsin sin do phrionnsaigh na bhPhilistíneach do chinneadar comhairle ar Shampson do bhásughadh, agus chuiriodar trí mhíle fear 'na thóruighacht. Ar bhfaicsin na ndaoine armtha sin dona Iudaighibh do ghlac uathbhás mór iad, agus adubhairt riú gan díghbháil a dhénamh dháibh féin, agus go ttiubhradh Samson ceangailte chugthu. Agus ar ndénamh dóibh
mur ghealladar, an tan chonnairc na Philistínígh Samson a' teacht ceangailtigh le dhá chórda chruaidhe dhá láthair do mheasadar go raibh s óna ttoil féin acu, agus dá bhrígh sin do chuiriodar gáir lúthgháire asda. Gidh eadh, ar tteacht do láthair dhó-san do chroith é féin, agus do-rinne mion-oirneacha dona córdaighibh sin amhuil agus nach beith ionnta acht aon-shnáithe amháin. Agus arna dhénamh sin dó fuair cnáimh géill asail faoi ar an talamh; do thóig ann a láimh é, agus leis sin tug ruathar ar a bhfud gur mharbh míle Philistíneach leis an gcnáimh sin. Agus leis an iombualadh sin, táinicc teas mór agus tart air, agus do ghuidh Dia go dúthrachtach um thártháil do thabhairt dó; agus leis sin d'fhosgail fiacail dá raibh i ndéd an chnámha géill asail, lér mharbh a námhuid, agus do ling sruth adhbhal-mhór uisge amach esde lér ól a dhaoithin, agus leis sin táinicc chum a neirt arís. Tug Sampson moladh agus buidheachas mór do Dhia, agus tug ainm ar an áit a ndearnaidh na míorbhuilibh sin. CAIB. XXXVIII GEATA CHATHRACH GHASA ARNA IOMCHAR LE SAMPSON. Tar cheann gur choisg Samson, leis an ármhach do-rinne orra leis an gcnáimh géill asail, díoghaltas
agus dásacht na bhPhilistíneach ar feadh aimsire, gidh eadh ní raibh ní ar bith ar a n-aire budh mó ná bheith d'oidhche agus do ló a' cuartughadh a n-inntleachta le slighe éigin d'fhagháil amach le Sampson do dhíthiughadh agus do chur dhá chois. Agus ar mbeith dháibh ag faire air agus lucht bratha 'na dhiaidh acu, fuaradar sgéla go ndeachaidh sé asteach go cathair Gáza, agus mur bhí a bhfuath dá mbrosdógh do chruinnighdar gan mhaill i gceann a chéile agus do thimchilliodar an baile ionnus nach beith ar a chumus imtheacht uatha. Agus ar gcur choda dhá muintir ar an ngeata do chomhnuidh an chuid eile go folaighthe i luidheachán i ttimchioll an bhaile, agus mur sin do shíliodar a mharbhadh gan duaigh ar bith ar maidin ar tteacht as an mbaile amach dhó. Ar mbeith don tsluagh mhór sin ar an suidheachan sin dobhí Sampson go suaimhneach 'na chodladh gan imnígh ar bith; acht ar bhfagháil faisnéise na neithe sin dó d'éirigh i meadhón na hoidhche, agus do-chuaidh gan eagla gan uamhan chum an gheata, agus chuir a lámha i ttimchioll dhoruis an gheata, agus do thóig idir dhoras, phostaigh, bharraigh, agus ghlais, ar a ghualainn é. Agus ar ndul tré lár an luidheacháin dó d'iomchair an t-ualach sin go mullach sléibhe bhí ar aghaidh an bhaile ós cionn an luidheacháin bhí roimhe. Agus arna fhaicsin dóibh do ghlac uathbhás mór
iad, agus do mheasadar nach raibh ar a gcumus díoghaltus ar bith do dhénamh air. Mur so d'éirigh Críost ar Slánaightheóir as an tomba d'aimhdheóin na faire do chuir a namhuid air, iar mbriseadh doirse agus barraighe an bháis agus ar mbreith buaidhe air. Monuar, nach raibh Sampson comh cródha le seasamh a n-aghaidh bhladair agus bhréuga mná agus dobhí le sluaighte do threasgradh 'na aonar, le leómhuin do strócadh, agus le geataigh cathrach do tharruing le foirneart. Agus dá mbeith mur sin níorbh fhéidir buaidh do bhreith air, óir tar éis gach gníomh éuchtach iongantach dá ndearnaidh a n-aghaidh na bhPhilistíneach níorbh fhéidir leó díoghaltus ar bith do dhénamh air, acht le mailís méirdrigh mallaighthe mí-chonghiollaidh, .i. Dalilla. Óir ar mbeith dhó, go bhfios dona Philistínigh, ag tathaigh ar an mhéirdrigh sin agus ag ciontughadh ria gach am, do labhradar ria agus do ghealladar comhaigh mhór dhí dá bhfaghadh sgéla cinnte cá hionad a raibh a neart, nó créd an modh ar a gclaoidhfidh é. Agus an tan do labhair sise re Sampson ar an ní sin ar ttús tug freagra fonómhadach neamh-chinnte dhí, ag rádh: “Má ceangaltar mé,” ar sé, “le córdaigh nuadha béud mur neoch eile, nó má ceangaltar le seacht ngaid úra nár tiormuigheadh riamh mé,
nó fós lem fholt do cheangal do gharmuin, béd gan neart acht mur dhuine eile.” Agus d'fhéch sise gan fhailligh na trí mhodh sin, agus dofuair í féin mealltaigh gach uair acu. Acht fá dheóidh lena guidhe ghnáthach agus lena deóra, agus fós le bheith ag síor-mhaoidheamh a gráidh mhiosgusaigh mhailísigh air, d'innis an fhírinne dhí ar mbeith tursioch sáraighthe dhó. Agus adubhairt ria: “Bíodh 'fhios agad,” ar sé, “nach deachaidh sgian beárrtha ar mo chionn-sa ariamh, óir is nasarítheach do Dhia ó bhroinn mo mháthar mé, agus dá bhrígh sin má bearrthar mé imeóchaidh mo neart leis an ngruaig.” Ní luaithe fuair sise an fios ná chuir sgéla do chum na bhPhilistíneacha; agus ar mbeith dhó, mur fa minicc leis, 'na chodladh ann a hucht do ghoir chuigthe óglach do ghearr na seacht nduail do bhí ar a cheann; agus ar tteacht don Philistínigh ar an láthair do mheas mur fa gnáthach leis a ttreasgairt, óir ní raibh 'fhios aige an tan sin gur thréig an Tiaghearna é mur do-rinne. Is annsin do ghabhdar na Philistínigh é, agus iarna cheangal dáibh do bheanadar a shúile as, agus do chuireadar a' meilt a ttigh an phríosúin é. Dála Shampsoin, ar mbeith dhó isan gcruaidh-dhaoirse sclábhthaighthe sin dobhí a ghruag arís ag fás. Agus ar mbeith dona Philistínigh cona
bprionnsaighibh ar aon láthair ag dénamh iodhbartha dhá ndia Dágon, agus ar mbeith annsin go lúthgháireach meadhrach dháibh do chuiriodar teachta a gcuinne Shamsoin go ndénadh súgradh agus caitheamh aimsire dhóibh isan halla mór ann a rabhdar cruinn. Do ghlac Samson fearg agus dásacht fán mhasla sin, agus d'iarr a thabhairt eidir dhá philér nó cholamhna ar a raibh trom an tighe agus dobhí dá chongbháil suas; agus ar mbeith annsin dó do ghuidh Dia go dúthrachtach le aisiocc a neirt d'fhagháil, agus leis sin dorug ar cholamhain ann gach láimh leis agus tug tarruing orra. Leis sin do thuit an teach air féin agus ar na Philistínigh gur marbhadh trí mhíle díobh mar aon ris, agus mur sin is mó do mharbh sé dona Philistínigh lena bhás ná do mharbh ar feadh a bheatha dhíobh. Is mur so lena bhás deóntach féin do chlaoi Críost ar Slánaightheóir neart na ndeamhan, do bhris fós agus do bhuail fó thalamh a n-áruis agus a n-ionadaibh comhnuidhe, .i. teampuill na n-íodhal. CAIB. XXXIX MASLA AGUS BÁS MHNÁ AN LEBHÍTIGH. A.M. 2585. Dobhí leuíteach 'na chomhnuidh ar shliabh Ephraim do phós bean i mBethleem, agus ar tteacht
imreasain eatorra do-chuaidh an bhean ar a hais go tigh a hathar i mBethleem. Agus tar éis cheithre mí do ghlac cumhaidh agus dólás an lebhíteach, go ndeachaidh a' tóruighacht a mhná go Bethleem. Do ghlac a hathair go lúthgháireach é, agus fós do bhí a bhean féin lúthgháireach roimhe, óir do chuir sí ar dearmad roimhe sin gach aimhréiteach dá ttárla eatorra. Iar sin d'fhan a bhfochair a chleamhna trí lá agus trí hoidhche, agus annsin an tan dob áill leis imtheacht do ghuidhiodar é um fhuireach. Acht cidh thrácht, do chongbhadar ó lá go lá é go ttáinicc an seiseadh lá, agus annsin féin do chuiriodar maill air go raibh an lá ag dul tar druim, agus tar chomhairle cháich do ghluais, é féin agus a bhean agus a ghiolla, óir dob fhada leis gan dul ar ais. Agus táinicc an oidhche orra ag ionnsaighe baile Gabaa dhóibh i ttír treibhe Beniamen, agus dob éigion dóibh comhnuidh ann. Agus dobhídar aimsir fhada ar shráid an bhaile 'na suidhe sul fuaradar aen-nduine do-bhéradh dá thigh iad. Acht fá dheóidh táinicc seanóir cóir ba comhthíorthach don leuíteach chugthu, agus tug dá thigh iad, áit a raibh aoidheacht shaor shubháilceach le fagháil acu. Agus iar gcaitheamh bídh dháibh, an tan bá mian leó dul chum suain táinicc lucht mallaighthe do mhuintir an bhaile; agus an tan tángattar ar gach taobh i ttimchioll an
tighe, d'iarradar bean an deóraigh do chur amach chucu lena n-anmhian brúideamhuil do shásugh. Do ghlac gráin agus uathbhás mór an seanóir maith sin ar gclos na n-aithiosg sin dó, gidh eadh níorbh fhéidir leis a ttoirmeasg go ttugadar an bhean leó. Agus dobhídar lena mbrúideamhlacht ar feadh na hoidhche dá maslúghadh, gur le héigion mór dob fhéidir léithe teacht ar siubhal uatha go dorus an tighe a raibh a fear pósda, agus ar tteacht chum an doruis dí dofuair bás ar an láthair. Agus fríth mur sin í, agus a dhá láimh sgarthaidh i ttimchioll an doruis mur bheith ag iarraidh díoghaltais ar a fear a n-aghaidh na ngníomh ngráineamhuil sin. An tan do-chonnairc a fear mur sin síntígh í le héirghidh lae agus a lámha sgarthaidh ós cionn na tarsaigh do shíl gur 'na codla bhí sí; acht an uair do-chonnairc gur marbh dobhi sí do thóg sé suas ar a asal í, agus iarna tabhairt dochum a thighe féin do ghabh sgian 'na láimh, agus do roinn, eidir fheóil agus chnáimh, a ndá chuid décc í, gur chuir mír dhí dochum gach treibhe do dhá threibh dhécc Israél ag iarraidh orra díoghaltus do dhénamh ar an ngníomh ngráineamhuil sin. Agus ní luaithe do-chualaidh na treabha sin ná do chinniodar ar dhíoghaltas do dhénamh, agus adubhradar go coitchionn nach dearnadh gníomh comh gráineamhuil leis sin 'na measg ó d'fhágadar broid na hÉgipte.
Is mór mholus na haithreacha naomhtha an díoghalta so ar ar chinn treabha Israél, agus is mór an peaca do chinn fheadhna agus d'uachtaránuibh cille agus tuaithe gan pionús agus smacht do chur ar lucht aindlighe agus mí-bhés. Iar gcruinniughadh dona treabha a Maspha, áit a ttáinicc an leuíteach chugthu dá ngríosadh dochum an díoghaltuis sin do dhénamh, do ghluaisiodar a n-aghaidh na gciontach nó na muintire do-rinne an gníomh gráineamhuil úd; agus do chuir teachta uatha dochum na mBeniamítibh le hiomardadh do thabhairt dáibh, agus ag iarraidh orra na ciontaigh do chur chucu le bás do thabhairt dáibh. Agus ní thug na Beniamítibh éisdeacht dona teachtaibh, agus a n-ionad na merlioch sin do sheachada dháibh do-chuadar sé mhíle fhithchiod fear armtha dhíobh amach chum catha do thabhairt dá ndearbhbhráithribh. Agus sul do-chuaidh na hÍsraélítibh dochum na troda do ghuidhiodar Dia agus do-rinneadar a gcomhuirle ris, agus do thuigiodar uaidhe gur thaithneamhach leis an cath do thabhairt. Gidh eadh, an tan do shíliodar buaidh an chatha d'fhagháil gan móráin duaighe, is é ní tarla dháibh gur threasguir agus gur mharbh na Beniamítibh dhá mhíle agus fithche míle fear dhíobh an lá sin. Do ghlac uathbhás agus iongantus mór iad fán ár sin do-rinneadh orra, acht gidh eadh níor chailliodar
a misneach, óir do chinniodar ar chath eile do thabhairt dóibh. Agus iar nguidhe Dé dháibh, agus iar bhfagháil misnígh uaidhe tugattar an dara cath, agus do mharbh na Beniamítibh díobh an lá sin ocht míle dhécc fear. Is annsin do ghlac uathbhás dáríribh iad, agus dubhrattar eatorra féin gurbh iongantach, agus an t-adhbhar ceart dobhí acu, cúig mhíle fithchiod amháin do mharbhadh an uiriod sin dá muintir as ceithre fithchid míle fear dobhádar ann ar ttús; agus iar ndénamh troisge agus urnaighthe dháibh do-rinneadar a gcomhuirle an treas feacht le Dia, adubhairt leó an cath sin do chur ar na Beniamítibh agus go mbeith buaidh gan amhrus acu. An tan fuaradar an dearbha sin ar bhuaidh do bheith acu do-chuadar a n-aghaidh cathrach Ghabaa, agus do chuiriodar luidheacháin a bhfogus don bhaile. An tan chonnairc na Beniamítibh iad ag teacht na n-aghaidh, d'éirghidar 'na gcuinne as an mbaile amach, óir bhídar lán do mhisnigh ón mbuaidh dofuaradar an dá lá roimhe, agus do mhédaigh a misneach go mór an tan chonncadar an mhéid dobhí ann a n-amharc dá námhuid ag teitheadh. (Óir is mur sin do chomhairlighdar a dhénamh dochum iad-san do tharruing asteach i lár na luidheachán.) Agus is mur sin tárla dháibh, agus ar tteacht dáibh imeasg na luidheachán níor fágadh duine don chúig mhíle .xx. Beniamíteach
sin gan mharbhadh. Agus iar ndénadh guail agus luaithridh don chathair chrosda sin Ghabaa, níor imghidh beó dona Beniamítibh as an ár acht sé chéd fear do-chuaidh ar an bhfásach dá gcaomhain féin, agus is uatha sin táinicc ar mhair don treibh chédna 'na dhiaidh sin. Tar éis an ármhaigh do dhénadh dona hIsraélítibh dobhí dólás mór orra fá threibh don dá threibh dhécc do bheith arna dian-sgrios mur sin, agus mur thugadar mionna nach ttiubhradís a n-ingheana féin le pósadh don treibh sin; acht iar marbhadh gach fir dá bhfuaradar i Iabes Ghalaad fá gan dul leó chum an chogaidh chédna so, do chaomhain siad sé chéd maighdion dofuaradar ann thugadar mur mhnáibh dona sé chéd Beniamíteach do-chuaidh beó as an ár, le sliocht do theacht orra. Ba naomhtha beannaighthe an cogadh é so; gidh eadh, do buaileadh fá dhó na hIsraélítibh, dá chur i gcéill, mur deir na haithreacha naomhtha, gur cóir don dream ar a mbíonn smacht cháich eile bheith ró-ghlan, ró-naomhtha ionnta féin. (Críoch annso ar Leabhar na mBreitheamhan. Fithche bliadhain do mhair Sampson.)
(Do Leabhar Rúth: an 2 caib.) CAIB. XXXX RÚTH AG LEANMHUIN NOEMI. Anno M. 2708. Do bá toil le Dia an stair so Rúth do chur isteach ameasg na startha oile isan Scriptúir naomhtha agus a cur i leabhar ar leith. Ar tteacht do ghorta mhóir isan tír sin na Iudaightheach do-chuaidh óglach as Bethléem darbh ainm Elimelech, mar aon lena mhnaoi agus lena dhias mac, go tír Mhoab ag iarraidh beatha; agus dofuair an fear bás ann. Do chomhnuidh Noemi agus a días mac isan tír nó gur phós sí iad le dias do mhnáibh Moabíteach, agus Rúth ba hainm don mhnaoi bhí pósda ag an mac ba hóige dhíobh. Agus i gceann deich mbliadhan dá éis sin dofuair an dias mac sin Noemi bás, agus ar mbeith dhí gan fear gan mac i gcoigcrích adubhairt leis an dias ban sin dobhí agá cloinn gur fhéch Dia go trócaireach ar thír na Iudaightheach le fairsinge beatha do thabhairt innte, agus dá bhrígh sin go rachadh féin ar a hais dá tír dhúthchais. Agus d'iarr ar a ban-chleamhna dhul d'ionnsaighe a
muintire féin, comhnuidh do dhénamh ann a ttír dhúthchais féin agus fir do phósadh innte. Acht níorbh áill leis na ban-chleamhna sin do dhénamh, agus do dhearbhadar dí nach sgarfadhdís go bráth ria. Do fhreagair Noemi iad nach raibh clann mhac aice féin le pósadh riú, agus dá mbeithdís ann a cuideachta gor mó do ghoillfeadh a nduaidh nó a ndólás uirre ná a duaigh agus a dólás féin. Leis sin do chuir Orpha, bean an mhic ba sine, beannacht léithe agus do-chuaidh ar a hais. Agus tug an sgaradh sin taisbénadh mhór ar dhísleacht agus ar dheagh-nádúir Rúth, óir níor aontaidh ar aenchor dealúghadh le Noemi, agus an tan d'iarr máthair a fir uirre arís dul ar a hais adubhairt sí nach sgarfadh sí rena comhluadar go bráth, “Agus gíbé háit a mbeidh tú,” ar sí, “biad-sa ann, óir is iad do mhuintir mo mhuintir-se, agus is é do Dhia mo Dhia go síorruidhe, agus gíbé tír ann a bhfuighe tú bás is ann ghébhad-sa bás, agus ní sgarfaidh aen-ní ré chéile sinn acht an bás amháin.” An tan chualaidh Noemi na briathra sin níor chuir toirmiosg uirre ó sin amach, go ttángattar a n-aimsir an fhóghmhair chum a baile dúthchais, .i. go Bethléem. Agus do bhrígh go raibh easbaidh bídh orra d'iarr Rúth ar Noemi cead do thabhairt dí féin le dul a' díoghluim ar ghort éigin dá raibh i bhfogus dáibh. Agus tárla go teagmhaisioch gur go gort Bhóois do-chuaidh sí, neoch ba
bráthair gaoil do Elimelech, .i. fear Noemi. An tan do hinnseadh do Bhoos cia hí, agus iar gclos méd a dísleacht agus a deagh-rúin do Noemi, do-rinne cinél uirre, agus tug bia dhí a bhfochair na n-ingheana dobhí 'na fhochair féin ar an machaire, agus d'iarr ar na buanaighe dornáin d'fhágbháil 'na ndiaidh aice le tógbháil, agus gan athais do thabhairt dí. Mur so d'fhéch Críosd ar an Eagluis, óir ní thug taircuisne ar a bochtacht acht d'fhéch ar a subháilceadh, agus fá dheóidh gur ghlac mur mhnaoi phósda í, mur do-rinne Boos le Rúth. An tan do-chualaidh Noemi gach muintiorus agus gach carthannus dá ndearnaidh Boos ar Rút adubhairt ria misneach do ghlacadh, agus go ttiubhradh Dia socamhal dian dí an feadh do mhairfeadh sí, agus d'innis dí gur bhráthair gaoil dí Boos, “Agus ar an ádhbhar sin,” ar sí, “iar ndul chum suain dó anocht ar an machaire chédna sin an fhoghmhuir, eirghi-se mur a mbéidh an uair nach béidh aen-nduine 'na fhochair, agus seas ag cosaibh a leaptha,” agus go n-inneósadh dhí gan amhrus gach ní budh chóir dhí a dhénamh. Do-rinne Rúth gach ní dhár iarr Noemi uirre gé gur dheacair léithe, agus an tan do mhothaidh Boos í d'fhiafraigh cia bhí ann, agus do fhreagair agus adubhairt ris gurb í féin tháinicc ag éiliugh a gaoil, “Óir do réir an dlighe is ceart duit mo ghlacadh mur mhnaoi phósda.”
Arna chlos sin do Bhoos, dobhí an tráth sin céd bliadhain d'aois, dobhí meas maith aige uirre, do bhrígh go bhfacaidh nach óige ná scafántacht bhréige do thogh sí dhí féin (mur nach dénfadh mná óga eile a comhaimsire), acht críonnacht agus sobháilceadha. Gidh eadh adubhairt ria nach bhfédfadh a pósadh go dlistionach nó go gcuirfadh fear gaoil eile ba foixe dí ná é féin suas di. Arna mhárach do shuidh Boos imeasg na mbreitheamhan i ngeata na cathrach, óir is ann sin do-nídís breitheamhnuis an tan sin. Agus ar bhfaicsin an bhráthar gaoil sin dó ag gabháil rena n-ais ar an ngeata, adubhairt leis a láthair uaisle agus árd-cheann an bhaile go raibh Noemi ag díol talmhan dobhí aice, agus má ba toil leision a cheannach gurbh fhéidir leis a ghlacadh, agus mur ndénadh sin, go gceanneóchadh féin, óir gurab aige dobhí ceart air 'na dhiaidh, do bhrígh a ghaoil leis an mnaoi. Acht adubhairt an fear gaoil sin go gceanneóchadh féin an dúthaigh. “Má ní tú sin,” ar Boos, “is cóir dhuit Rúth do phósadh.” Dob iongnadh leis an mbráthair gaoil an pósadh sin do luadh leis, agus adubhairt go ttiubhradh-san a cheart féin ar an iomlán dhó-san. Do thóig Boos sinnsiribh an bhaile agus an mhéid eile dobhí a láthair mur fhiadhnuise ar
an gconnradh sin agus ar an gceart dofuair ar Rúth do phósadh. Dubhradar uile gurbha fiadhnuise iad, agus tugattar uile na gártha beannacht dó, agus do ghuidhiodar Dia um rath do theacht ar an mnaoi óig sin mur tháinicc ar Rachel agus ar Lia, agus a hainm a bheith dá luadh maille le honóir a rulla an tseanchuis go bráth. Do bheannaigh Dia féin dá éis sin í, óir do rug Rúth mac do Bhoos darbh ainm Obed, athair Isai agus sean-athair Dáibhídh an rígh. Agus do-rinne na comharsanna uile comhgháirdiochus agus comhlúthgháire le Noemi, agus adubhradar go mb'fhearr dhí a ban-chliamhuin aice ná mórán cloinne. Agus dobhí sí mur mháthair agus mur bhuime ag an leanbh Óbed nó gur hoileadh go cúramach é. Cuiridh eachtra Rúth i gcéill dúinn nach uaisle athardha ná fós subháilcidh sinnsir thoghas Dia do ghnáth dochum cathréime, acht subháilce agus so-bhésa na bpearsann féin. Óir féch mur do árdaigh sé Rúth i gcathréim mhóir: gidh gur do shliocht eachtrannach íodhal-adharthacha í, fuair d'onóir ó Dhia a beith arna hainmniughadh aniu a ngeinealach an tSlánaightheóra Íosa Críosd.
(Faisnéis as Leabhra na Ríogh síosana: Samuel). CAIB. XXXXI SAMUEL ARNA THABHAIRT DO HELI. A.M. 2849 Do bhrígh go raibh i ndán do Shamuel a bheith 'na dhuine ro-naomhtha ro-oirdheirc ar an tsaoghal, do ullmhaigh Dia chuige sin é ó bhroinn a mháthar Anna, darbhá haoibhinne bheith 'na máthair aige (mur deir S. Chrisostom) ná beith mur sin ag an bprionnsa is mó isan domhan. Ar mbeith dhí aimritt seal fada dhá saoghal, do bhí ag síor-ghuidhe Dé go dúthrachtach go bhfuair uaidhe (fá) dheóidh an ghein bheannaighthe so Samuel, tháinicc mur thoradh ar a hionnracus agus ar a naomhthacht. Do bhrígh go raibh 'fhios ag an mnaoi naomhtha so gur ó Dhia go míorbhuileach dofuair sí an mac so, do mheas ar an láthair gur dó féin budh chóir a thabhairt, óir níor leór léithe airgiod d'fhoráil ar a shon, nó é féin ar feadh aimsire áirighthe, acht do iodhbair go síorruidhe i n-éinfheacht do Dhia é; óir ní luaithe do choisg dona cíche an leanbh so dá ttug a grádh agus a hannsacht go hiomlán, ná do
bhrosdaigh an buidheachas dobhí aice ar Dhia, fá na grása do-rinne uirre, lena iodhbairt do Dhía. Siompla do-bheir adhbhar mór-uathbháis do mhná leamha an domhuin do thréigfeadh Día féin ar ghrádh a gcloinne, an tan budh chóir dháibh a thuigsin, mur thig an chlann ó Dhía, gur dó fhéin budh chóir a ttabhairt. Is mur so do-rinne Anna, óir timchioll aoise a thrí mbliadhan tug sí ar urláimh an árd-shagairt Héli a leanbh, amhuil agus nach beith cuid ar bith aice féin de, ar mhodh go ttig a hiodhbairt a gosmhalacht le hiodhbairt Ábrahaim; óir do mheas nár chóir dhí go dlistionach gan an t-iasacht dothug Dia dhí a thabhairt ar ais dó féin ar eagla nach beith arís ar a cumus. Acht tug mur luach saothair agus mur thuarusdal ar son a crábhaidh agus a caoin-dúthracht dí gur dhóirt a ghrása go líonmhur ar a mac; agus ar mbeith dhó a n-aois a dhá bhliadhan décc do bhí sé (do réir mur d'órdaigh Heli an t-árd-shagart dó) ag seirbhís agus ag ministrálacht i ttimchioll altóra an Tiaghearna isan teampall, áit a gcodhladh sé a bhfogus don áirc. Agus ar mbeith dhó oidhche áirighthe 'na luidh annsin do labhair an Tiagherna ris, óir do ghoir trí huaire air; agus do-chuaidh seision gach uair acu sin mur a raibh Héli, óir do shíl gurbh é dobhí ag gairm air. Acht ar an gceathramhadh feacht do labhair an
Tiaghearna leis, agus do réimhinnis dó gach olc, gach díoghaltas, agus gach dían-sgrios dá raibh le teacht ar an árd-shagart Helí agus ar a chloinn: “Óir ní éisdfidh mé ní sia,” ar sé, “leis an athair spadánta mí-dhúthrachtach úd nár chuir smacht ar a chloinn mhallaighthe bhíos do shíor ag tabhairt athise agus masla do naomhthacht mo theampuill agus m'altóra, óir níor bheag leis iomardadh beag éattrom do thabhairt dáibh i n-ionad na bpionúis mhóra do thuilliodar”; agus adubhairt fós go raibh Heli agus a chlann comh corthach agus comh ciontach sin dá láthair nach dénfadh iodhbharthacha dá mhéd a nglanadh go bráth. d'fhiafraigh Heli arna mhárach do Shámuel créd adubhairt an Tiaghearna leis, agus gé gur dhoiligh le Samuel sin d'innsin, dob éigion dó na neithe budh mian leis a cheilt do chraobhsgaoileadh dhó. Annsin do chreid Héli go raibh ceart-bhreitheamhnus Dé a' teacht do láthair le díoghaltus do dhénamh air, agus adubhairt go mbeith sásda le gach pionús dá gcuirfeadh Dia air d'fhulang. Agus do thuig a n-antráth nach leór d'athair cloinne a bheith maith ann féin, acht gur riachtanus dó a chlann do dhénamh go maith. Tugadh aithreacha na haimsire so an ní cédna so dá n-aire, agus go speisialta na haithreacha spioradálta, óir is baoghlach dháibh go n-athfeóraidh Dia peacaigh na bpuibleach orra mur ndénaid a smachtughadh a n-am.
CAIB. XXXXII DO BHÁS HELI AGUS A CHLOINNE. A.M.2888, Ante Christum 1116. An uair ba toil le Día a dhíoghaltus do chur a ngníomh a n-aghaidh Heli agus a chloinne, do réir mur d'innis do Shamuel roimhe sin, do mhúsgail sé na Philistínigh, ba namhuid bhunaidh do phobal Dé, re cogadh do chur orra, agus do thréig féin fóna bpeacaidhe san am cédna iad, agus d'fhulaing sé dona Philistínigh buaidh do bhreith orra. Dob iongnadh leis na Iudaighibh an bhuaidh sin dofríth orra, agus do shíliodar, dar leó, éigion do chur ar Dhia le congnamh do thabhairt dáibh. Uime sin do chinniodar ar an ní ba naomhtha agus ba beannaighthe dhá raibh acu do thabhairt leó chum an chogaidh, .i. áirc an chonnartha. Gidh eadh, níor dhóigh dháibh beart ar bith d'imirt ar Dhía, óir an tan adhnus a fhearg tréigidh na neithe is beanaighthe san domhan; agus mur sin d'fhulaing dá namhuid an áirc do bhreith leó. Acht an tan táinicc an áirc chum campa na Iudaigheach do chuiriodar gáir lúthghára ós áird asda, amhail agus do bheith buaidh acu ar an láthair. Agus dob é sin an gáire tré
adhbhar an ghola, óir do tharraing Ophni agus Phinees, clann Helí, dobhí agá coimhdeacht nísa mhó d'uilc agus d'urchóid orra tré fheirg Dé do bheith leó ná mur dob fhéidir leis an áirc a thártháil. Dobhí uathbhás mór ar ttús ar na Philistínigh an tan chualadar áirc an Tiaghearna do theacht go campa na Iudaigheach, acht 'na dhiaidh sin iar nglacadh misnigh dáibh, do bhrúchtadar le neart mór agus le dásacht ameasg an tsluaigh Iudaightheach, gur bheanadar an áirc amach ar éigin, gur mharbhadar dias mac Heli, agus gur threasgradar deich míle fithchiod Iudaigheach ar an láthair sin, agus do theith an chuid eile dhíobh. Dobhí Heli go himshníomhach fán áirc, fóna chlainn, agus um fhios críche an chath d'fhagháil. Acht fá dheóidh, dotháinicc duine chuige do theith ón ár, agus d'fhiafraidh sgél de. d'innis an t-óglaoch dhó gur briseadh ar an gcampa Iudaigheach, gur marbhadh a chlann, Ophni agus Phinees, agus fós gur gabhadh an áirc. Agus ar n-innsin dó mur sin gur gabhadh an áirc do thuit an t-ard-shagart, dobhí an uair sin 'na sheanóir chian-iasta i gceann a chéd bliadhain, as a chathaoir fó thalamh, gur brisadh a cheann agus go bhfuair bás ar an láthair. Ar gclos na n-olc sin do mhnaoi Phinees, do bhí trom-thorrach an tan sin, dorug sí mac gan mhaill, agus fuair féin bás ar an láthair.
Féch anois an bhfuil peacaidhe ar bith as géire tharraingios díoghaltus Dé orra féin agus ar an bpobal ná peacaidh na sagart. Iar bhfagháil buaidhe mur sin dona Philistínigh ar na Iudaighibh tugadar áirc chonnartha an Tiaghearna leó go hAzot, agus chuiriodar isan teampall í a bhfochair an íodhail Dagon. Mur so maslaighthear go laetheamhuil an Tiaghearna leis an dream thairgios bheith i seirbhís Dé agus an diabhuil a n-éinfheacht. Gidh eadh, crutheóchaidh an Dia fíre é féin go díoghaltach, mur do-rinne re Dágon, óir mur nárbh fhéidir leis seasamh a láthair an Dé uile-chumhachtaigh dofríth síntigh ar an urlár ar maidin é. Dobhí uathbhás mór agus náire ar mhuintir Azot fán masla sin dofuair a ndia féin, .i. Dágon. Do thógadar é agus chuiriodar suas ann' áit féin arís é, óir níor fhéd sé féin éirgidh; agus an lá arna mhárach dofuaradar ar lár arís é, a cheann agus a lámha arna mbuain de. Agus ar ndénamh an díoghaltuis do Dhia ar an íodhal do-rinne díoghaltas ar lucht a adhartha, óir do bhuail pláigh shalach ar mhuintir Asot ar a mballaibh príuáideacha nach léigiodh dháibh suidhe ná seasamh leis an nimh dobhí innte. Do chuir sin eagla agus uathbhás mór orra, agus do thuigiodar gurab í áirc an Tiaghearna do-rinne an díghbháil sin dáibh; agus dá bhrígh sin níor fhuilingdar a beith 'na measg ní ba sia, agus chuiriodar uatha chum baile í agus as sin go baile
eile. Acht níl áit dá mbíodh nach dénamh an urchóid chédna. Acht fá dheóigh, do ghlac eagla mhór na Philistínigh go ttiubhradh goimh na pláighe agus iomadamhlacht na luch dobhí ag milleadh na tíre bás dáibh uile. Do chinniodar comhairle ar an áirc do chur ar a hais, agus do chuiriodar fios agus cruinniughadh ar a ndraoithe agus ar a sagairt le fios d'fhagháil créd an modh ar ndénadís sin. Adubhradar sin leó gan a léigion uatha folamh, “Acht cúig lucha óir agus cúig íomháighe eile óir ar chumadh na mball bpríbháidach atá arna bpianadh leis an bpláigh agaibh, agus cuiridh ar siubhal mur sin í.” Féch mur thaisbéin Dia a ghlóir agus a uile-chumhachta féin annsa ní so, óir gan congnamh daonna ar bith do chuir d'fhualach ar a namhaid an áirc do chur ar a hais tar éis a beith seacht mí acu a ngéibhionn dí. Mur so is baoghlach don dream do-ní droch-úsáid dona neithe naomhtha, óir tar cheann nach bhfaicid an díoghaltus do láthair, do bhrígh go bhfuil ar an taobh thíos díobh, mur bhí pláigh na bhPhilistíneach, tiucfaidh orra go luath nó go mall. Do chuiriodar na Philistínigh an áirc ar a hais do réir mur do órdaigh a lucht feasa agus a ndraoithe dhóibh, .i. a cur ar chairt nuaidh-dhénta, agus dá loiligh ar nár cuireadh cuing ariamh do chur dá
hiomchar, agus a laoidh do chongbháil uatha, “Agus má imghid na loiligh ar a n-aghaidh san gconair ndírigh go Bethsames,” ar siad, “is comhartha maith é gurab í do chuir gach pláigh dá ttáinicc.” Agus ar ndénamh mur sin dáibh do ghluais na ba ag géimnidh ar feadh na slighe, agus d'imghiodar go díreach gan claonadh ar dheis ná chlí, gan comhnuidh do dhénamh nó gur sheasadar i mBethsames. Agus táinicc uaisle agus áird-chinn na bhPhilistínach a' dénamh iongantuis mhóir don imtheacht míorbhuileach sin na háirce as a ttír nó go ttángadar a n-amharc Bethsames, an bhaile dob fhoicse do thír na Iudaigheach. Ar bhfaicsin na háirce do lucht chathrach Bhethsames do ghlac lúthgháire mhór iad. Gidh eadh, ní fada go raibh an sólás sin 'na dhólás mhór orra ar bhfaicsin dóibh go ndearnaidh an tseóid naomhtha sin uiriod díoghaltais agus díghbhála 'na measg féin agus do-rinne i ttír na bhPhilistíneach; óir, ar mbeith dá gcúirialtacht nísa mhó ná dhá gcrábhadh, dobhídar ag amharc isteach innte gur mharbh an Tiagharna ar an láthair deich míle agus dá fhithchid míle pearsa dhíobh. Tug criothna eagla agus uathbháis orra annsin go ndubhradar an dream do mhair dhíobh agus ar a raibh eagla mhór a mbáis, “Créd é naomhthacht an Tiaghearna, agus cia lér féidir seasamh 'na láthair?”
Agus annsin do chuiriodar teachta go cathair Carathiarim dá iarraidh orra mur athchuinge an áirc dotháinicc ar a hais ó na Philistínigh, a theacht agus a thabhairt leó cucu féin dá gcathair. Arna chlos sin do lucht cathrach Charathiarim tángattar gan fhuireach, agus thugadar an áirc leó go Gabao go tigh Abinadab, áit do thogh an Tiaghearna féin dí ar chnoc bheag a bhfogus don bhaile sin Charathiarim; agus a n-ionad na bplágha agus na bpíonús do chuir Dia ar na háitibh a raibh roimhe sin do líon an áit so do shonus agus do shén. Is mur sin do-bheir Dia a ghrása go fairsing don dream nach gcuirionn lena gcortha féin toirmeasg orra. Lúthgháire uaibhreach dobhí ar mhuintir cathrach Bhethsamés, óir ba mór an onóir leó an áirc naomhtha a bheith 'na measg, agus gan duaigh ar bith do chur orra féin le dlighe Dé do choimhlíonadh: mur sin éirghios don druing ghlacus corp an Tiaghearna go neamh-ghlan. CAIB. XXXXIII. MAIDHM AGUS TREASGAIRT AR NA PhilistÍNIGH. An uair is mian le Dia féchuin go trócaireach ar thír nó ar áit ar bith, le sén nó sonus do chur ar na daoine, nó le sólás do thabhairt dáibh,
is gnáthach leis a gcédóir cinn feadhna nó uachtaráin mhaithe do chur dá stiúradh. Agus is mur sin do-rinne leis na Iudaighibh an tan tug an duine ró-naomhtha .i. Samuel, mar ard-bhreitheamh agus mur uachtarán dáibh. Agus ar mbeith don fháidh naomhtha so lán do spiorad Dé thug cuairt thimchill ar feadh chríche na Iudaigheach ag dénamh teaguisg agus seanmóra dháibh, agus ag cur gráineamhlacht a bpeacaidhe i gcéill dáibh, agus isan am cédna ag dearbha dháibh dá ttréigidís na déaibh bréige agus a sgrios as an tír go ndénfadh Dia trócuire orra agus go ttiubhradh fóirithin dáibh, agus fós go ttiubhradh saoirse ó dhaoirse na bhPhilistíneach dáibh. Agus do ghlacadar uile a chomhairle, óir do bhrisiodar na déa bréige, d'umhlaighdar iad féin a láthair an Tiaghearna, agus do-rinneadar aithrighe. Iar sin do chuir Samuel cruinniughadh orra go Maspha; agus ar mbeith dháibh annsin ag dénamh aithrighe, agus ag guidhe Dé, agus Samuel ag iodhbairt ar a son, ní cian dobhídar mur sin an tan chualadar na Philistínigh do bheith ag teacht dá n-ionnsaighe go harmtha agus go n-innioll cogaidh orra. Óir ar gclos dáibh go raibh na Iudaighibh cruinn a bhfochair a chéile, ar mbeith lán do mhisnigh agus do dhásacht fá gach buaidh dá bhfuair orra roimhe sin, thángadar uile le catha do thabhairt dáibh chum go bhfédfadh a marbadh a n-aoinfheacht.
Óir ni raibh 'fhios acu go ttug Dia na mbuadh agus na slógh maithemhnus dá phobal le guidhe Shámuel, do tharruing gnaoi agus taithneamh Dé comh maith sin ar an bpobal gur bhuail toirneach agus tinnteacha ar na Philistínigh ar tteacht a láthair dhóibh, do chuir an uiriod san uathbháis agus imeagla orra gur iompaighdar a gcúl agus gur chuiriodar rompa teitheadh re luas a gcos. Agus do-rinne na Iudaighibh ár mór orra, agus thugadar tóruigheacht dáibh dá marbhadh ar feadh na mbealaighe gur chuiriodar as an tír iad. is mur sin dofuair Samuel ó Dhia saoirse agus síthcháin do thabhairt don phobal Israél, tar éis a bheith a ndaoirse ag na Philistínigh ar feadh mhóráin do bhliadhnaibh. Agus dobhí dhá stiúradh 'na dhiaidh sin le cúram agus le grádh athardha, nó go ndeachaidh a n-aois agus gur ghlac dólás agus dobrón mór é fá mhí-bhésa agus fá mhí-riaghaltacht a chloinne dobhí ag leamhuin slighe chloinne Héli do bhí neamh-chráibhtheach claon-bhreathach. Arna fhaicsin sin don phobal Iudaigheach adubhradar le Samuel rígh do thabhairt dáibh, mur bhí ag gach tír eile don domhan. Do ghoill na hathiosga sin go mór ar Shamuel, agus ar ndénadh a chasaoide re Dia dhó, adubhairt ris: “Ná cuir toirmiosg orra,” ar sé, “óir is damh-sa féin dothugattar tarcuisne.” Agus adubhairt leis rígh do thabhairt dáibh mur d'iarradar, acht adubhairt leis ar ttús a chur
i gcéill dáibh gach ní dhá n-iarrfadh an rígh nuadh sin orra. Acht níor chuir sin uathbhás ar bith orra, óir dobhídar ro-shanntach agus ro-mhianghusach chum iad féin do bheith arna stiúradh mur thír eile don domhan. Mórán a chuirios a n-iongnadh an roghain so dorug na Iudaigheacha, .i. duine i n-ionad Dé d'iarra chum iad do riaghladh agus do stiúradh; gidh eadh ní thugaid dá n-aire go mb'éidir gur don dream iad féin thréigios Dia lena bpeacaidhe agus théid a leith an aidhbhirseóra. Óir is é urlabhra na dreime so an ní cédna adubhairt na Iudaighthe le Críost, “Ní háill linn é so bheith ós ar ccionn:” nolumus hunc regnare super nos. CAIB. XXXXIV OLA RÍOGHDHA ARNA CUR AR SHAUL. A.M. 2909. An uair ba toil le Dia an rígh d'iarr na Iudaighibh do thabhairt dáibh do thogh sé Saul mur so: Tárla go ndeachaidh asail Chis, .i. athar Shauil ar seachrán, agus ar ndul do Shaul dá lorg ní bhfuair iad; agus ar mbeith dhó ag cinneadh ar fhilleadh tar a ais adubhairt a ghiolla leis go raibh Samuel,
fear fírénta le Dia, isan gcathair bá coimhneasa dhóibh, do-bheiradh fuasgladh gach cruaidh-cheisde do chách, agus go mb'éidir dó faisnéis do thabhairt dáibh-sion ar na hasail. “Téidhmíd dá agallmhadh,” ar Saul. Agus ar tteacht do láthair Samuel dáibh adubhairt Dia ris gurbh é an t-óigfhear cédna sin do thogh sé chum bheith 'na rígh ar Israél lena saoradh ar fhoiréigion na bhPhilistíneach. Do ghlac Samuel go honórach é agus tug leis dá thigh é, gur chomhnuidh an oidhche sin ann, agus tug sgéla na n-asal dó. Agus ar mbeith ag triall dó ar maidin do-chuaidh Samuel dá choimhdeacht amach as an mbaile. Is annsin adubhairt Samuel re Saul, “Abair le do ghiolla imtheacht romhuinn agus fan féin um fhochair-se.” Agus leis sin do tharruing soitheach ola amach, agus do dhóirt ar cheann Shauil í. Do bheannuigh é mur rígh agus tug póg dhó, agus mur chomhartha dhó gur do réir ordaigh Dé do ung mur rígh é adubhairt leis go gcasfaidh dias fear leis a mbealach áirighthe do-bhéradh sgéla na n-asal dó, agus nach raibh d'imnigh ar a athair an tráth sin acht eision amháin, agus 'na dhiaigh sin go dlúth go tteageómhadh uimhir mhór dona fáidhibh leis agus go rachadh-san 'na measg mur dhuine dhíobh a' fáighedeóracht. Mur sin dofuair Saul ríoghacht an uair nár iarr acht asail. Acht ar ndul go tigh a athar dhó
níor innis dáibh gur ung Samuel é, nó gur thaisbéin Dia go follasach ós comhair an phobail é. Fón am sin do chuir Samuel cruinniughadh ar dhá threibh dhécc Israél go Maspha; agus ar mbeith dháibh ag síor-iarraidh rígh, d'iarr orra loit nó crainn do chaitheamh eatorra le fios d'fhagháil ó Dhia cia dhíobh do thogh Dia mur rígh; agus iar gcuartúgadh na ttreabha fá dheóidh gur thuit ar Shaul mhac Cis, agus níor fríth isan gcomhthionól é. Chuiriodar tóruighacht 'na dhiaidh; agus ar ttreacht a láthair dhó do thaisbéin Samuel don phobal é, agus is é fear dob árrachta dhá raibh ann é, óir dobhí óna ghuaille suas ní ba hairde ná an chuid eile don chomhchruinniughadh. Do bhí sé an tráth sin umhal uiríosal subháilceach, acht 'na dhiaidh sin do chruthaidh sé lena uaill agus lena dhroch-iomchar, agus go speisialta leis an iodhbairt neamh-dhlistionach do-rinne sé, nach buan an umhlacht a n-aice caithréime móire. Léighionn maith don dream a toghthar ann uachtaránacht na hEaguilse, óir má sgarann an úmhlacht riú tréigfidh Dia ar an láthair iad. Ar mbeith do Shaul 'na rígh mur sin, d'éirigh na Philistínigh i gcogadh a n-aghaidh na Iudaightheach níos dásachtaigh ná mur do-rinneadar i n-aimsir fhada roimhe sin, agus do chruinnigh Saul a shluaighte féin 'na n-aghaidh. Agus ar mbeith don dá champa a bhfogus dá
chéile do chinn Ionatas mac Sauil (mur bhí dóchus mór i nDia aige) gníomh ro-chródha do dhénamh: óir ar ngairm chuige ar a ghiolla nó a fhear iomchair a airm, agus ar ndul dáibh ar dreapuiracht a n-aghaidh carraige áirde dobhí idir iad agus a námhaid, do mharbhadar an mhéid tárla leó an taobh amuich do champa na bhPhilistíneacha; agus leis sin tháinicc crithnamh agus crith-eagla ar na Philistíneacha, agus do chuiriodar gáir uathbháis asda; agus leis sin do bhuailiodar a bheith a' marbhadh 'chéile mur bheith dhá námhuid ann. Do-cualus fuaim agus torann na coimhglice sin i gcampa na n-Israélítach, agus do thuig Saul gurab é Ionatas do chuir an mí-ordugh sin ar na Philistínigh, óir ní bhfuaradar ameasg an tsluaigh é; agus ar bhfaicsin na námhad a' glacadh briste do lean féin agus a shluagh iad le críoch do chur ar an mbuaidh do thosaigh a mhac. Agus dobhí a dhíbhfeirg chum dían-scrios agus díghbhála do dhénamh dá namhaid comh mór sin gur mhallaigh sé an té do bhlaisiodh biadh go hoidhche an lae sin. Agus ar mbeith dháibh a' dul tré áit a raibh mórán meala do chuir Ionatas barr na slaite do bhí 'na láimh i gcriathar meala, go ttug beagán don mhil chuige agus gur chuir ann a bhél í (óir ní raibh fios na mionn ná na mallacht tug a athair aigé an tan sin), agus arna blas dhó do shoillsiodar a shúile. Agus iar gcomhnuidhe dháibh um
thráth nóna le sgíth do dhénamh ann a ttuirse ar feadh seal mbig do-rinne Saul comhairle re Dia d'fhios an rachadh arís a ttóruidhacht na námhad, agus ní bhfuair freagra ar bith. Is annsin do thuig go raibh duine éigin ameasg an tsluaigh do chuir fearg ar Dhia, agus tug mionna dá madh é Ionatan féin do-ghéubhadh corthach go gcuirfeadh féin chum báis é. Agus an tan fuair gurab é bhí ciontach d'fhiafraigh Saul de créd do-rinne sé. Adubhairt seision nach dearnaidh acht beagán meala do thógbháil do bhárr slaite ann a láimh agus a hithe. Adubhairt Saul go mbáiseóchadh é. An tan do-chonnairc an pobal a gcolamhain chródha chatha dá cur chum báis adubhradar nach bhfuileóingidís é, agus leis sin do bheanadar ar éigin asa lámha na gcésdúnach é. Cuiridh so i gcéill dúinn gan millseacht bhréige an tsaoghail so do bhlas acht go ró-aireach. CAIB. XXXXV AGAG ARNA SHAORADH Ó BHÁS. A.M. 2911. Ar mbeith dona hAmelecítibh líonta do gach gné pheacaidh adubhairt Dia ré Samuel a rádh re Saul a shluagh do thabhairt 'na n-aghaidh agus
léirsgrios do dhénamh orra, agus gan duine óg ná sean d'fhágbháil gan marbhadh, an ní cédna fós do dhénamh lena gceathra, agus gan ní ar bith dhá maoin do choigill. Do-rinne Saul mur dubhradh ris, agus tug dá chéd míle fear armtha leis a n-aghaidh na n-íodhaladharthach sin. Gidh eadh, níor choimhlíon sé aithne Dé mur do hiarradh air, agus do mhínigh féin an aithne do réir a mhiana féin, óir do choigill sé togha a ttréda agus a gceathra ar shealbhachus iodhbartha do dhénamh dhíobh, agus fós do shaor sé a rígh Agag ar bhás. Do chuir sin fearg ar Dhia, ní nárbh iongnadh, mur dofuair do dhánacht ann féin gan a aithne do choimhlíonadh do réir mur fuair ordugh uaidhe; agus adubhairt re Samuel: “Imghidh go Saul,” ar sé, “agus innis dó go bhfuil athmhéla oram fá rígh do dhénamh dhe.” Agus ar tteacht do láthair do Shamuel do-chonnairc go ndearnaidh Saul áirc bhuaidhe dhó féin mur chomhartha onóra fón mbuaidh do mhill sé féin; agus arna fhaicsin do Shaul do dhruid roimhe dá ghlacadh go honórach, agus adubhairt ris le háthus mhór: “Do choimhlín mise aithne an Tiaghearna,” ar sé, “do réir mur d'iarr orum.” “Má rinne tú sin,” ar Samuel, “créd an mhéidhleach chaorach so chluinim?”
Adubhairt Saul gur choigil an pobal iad do chum iodhbartha do dhénamh dhíobh. Gidh eadh, ar mbeith don fháidh oirdheirc sin líonta do ghrádh agus do chaoin-dúthracht do Dhia, do ghoill go mór air an tarcuisne tug Saul dó ag briseadh a aithne, agus tug imdheargadh gér dhó fá dhul i n-easumhlacht ar an Dia uile-chumhachtach d'árdaigh as staid tharcuisnigh uirísiol é nó gur chuir coróin ríoghdha ar a cheann agus slat stiúrtha an phobail ann a láimh, “Agus tar éis gach tiodhlaice dá ttug dhuit agus gach comaoin dár chuir ort,” ar sé, “do thréig tú é, agus tug tú neithe beaga truaillighe do roghain tairis, agus dá bhrígh sin tá fuath agus gráin aige, ní hé amháin ort féin acht ar na hiodhbarthaibh do-ní tú dhó, óir níl iodhbairt ar bith comh taithneamhach leis an umhlacht aige, agus níl brígh a n-iodhbairt ar bith gan í,” agus gurbh ionann an easumhlacht dá láthair agus íodhaladhradh, óir, gíbé le nach mian umhlacht do thabhairt uaidhe dá uachtarán, do-ní sé dia bréige dhe féin agus do-bheir breitheamhnus gur dó féin dlighthear umhlacht do thabhairt; agus fá dheóidh, adubhairt go fraochdha feargach leis gur thréig Dia é, agus gur sgar an ríghdhacht leis féin agus lena shliocht go bráth. Arna chlos sin do Shaul do ghlac uathbhás mór agus aithmhéla é, go ndubhairt, pecavi, .i.
“do pheacaidh mé.” Gidh eadh dob í sin an aithrígh bhréige, agus dá bhrígh sin níor éisd uile-cheart Dé leis, óir dobhí do mhéid a uabhair agus a ainmhian chum onóra agus úmhlacht d'fhagháil dó féin gur mhian leis an fháidh do thabhairt umhlachta agus onóra ós comhair cháich dhó. Agus mur sin do chuir i gcéill nach í fearg Dé ná a aimhriar do ghoill air acht an pionús dotháinicc air féin. Is annsin adubhairt Samuel Agag do thabhairt dá láthair; agus do chuir d'fhiachaibh a threasguirt agus a ghearradh 'na mhion-ghreamanna ar an láthair. Adeir S. Ambrós le pastúraigh na hEaguilse gan truaighe nó trócuire thiaránta ar aithris Saul do dhénamh dona peacaigh chruaidh-mhuinélach, acht ar aithris Shamuel a ttreasguirt gan choigcill le gér-fhaobhair chloidhimh na haithrighe. CAIB. XXXXVI DÁIBHÍDH ARNA THOGHADH 'NA RÍGH. A.M. 2934, Ante Christum 1070. Ar mbeith do Shamuel a n-aois 85 mbliadhan adubhairt Dia ris: “Do thréig mé Saul,” ar sé, “agus do thogh mé mac Isai ann a ionad, agus dá bhrígh sin ná dén-sa comhnuidhe acht ung é.”
Agus mur mheas Samuel go raibh sin contabhairtach aige féin dá bhfaghadh Saul sgéla air do ghlac meadhón lena dhénamh go secréideach, óir adubhairt le gach aon dá bhfacaidh go raibh féin a' dul go Bethleim chum iodhbartha do dhénamh ann. Agus ar ndénamh na hiodhbartha dhó, d'iarr ar Isai agus ar a chloinn teacht chuige agus bia do chaitheamh 'na fhochair; agus iar gcaitheamh pruinne dháibh do dhearc go grinn ar gach aon fó leith don chloinn, agus mur dobhí an mac fa sine dhíobh 'na fhear áluinn árrachtach dheaghchrothach, ní raibh amhrus aige nach é do thogh Dia. Gidh eadh, do chuir Dia i gcéill dó nach ionann an breitheamhnus diadha agus daonna, óir ní do réir cháilidheachta foirmeallacha amháin dhearcus Dia, acht sgrúdaigh na croidhtheacha go hinmheadhónach. Óir, iar mbreathnughadh an mhórsheisear mac dotháinicc dhá láthair do chloinn Isai dhó, níor thaisbéin Dia dhó go raibh an tí thoghtha 'na measg. Arna fhaicsin do Shamuel d'fhiafraigh do Isai an raibh aen-mhac eile aige. Agus adubhairt Isai go raibh mac beag eile aige i ttimchioll aoise cúig mbliadhan décc dobhí amuich ag cumhdach na gcaorach. d'iarr Samuel a thabhairt dá láthair, agus ar tteacht dó adubhairt Dia re Samuel a ungadh mur rígh; agus ní luaithe do-rinne Samuel sin ná do líonadh le spiorad Dé an t-og-mhacámh sin, agus do thréig an spiorad
cédna Saul, agus tháinicc droch-spiorad 'na ionad do bhíodh dá shíor-bhuaidhreadh go ttigeadh cuthach agus báinigh dheamhnaigh air. Agus ba tús deagh-ratha do Dháibhídh an cathughadh sin dotháinicc ar an tréigtheach sin Saul. Óir ar mbeith dhó dhá shíor-chésadh ag an ndroch-spiorad ndeamhnaigh, d'iarr a chomhairleacha air fear seanma saor-bhinn clársighe do thabhairt chuige do-bhéradh sólás i n-aimsir na gcathaighe dhó; agus iar gcuartughadh na críche ní fríth aon innte comh foghlomtha le Dáibhídh isan ealadhain sin. Agus ar tteacht dó dothug Saul searc agus síor-ghrádh dhó, óir farré binne a sheanma dobhí sé ró-áluinn ann a chruth agus ann a dhénamh, agus do-rinne an rígh príomh-thaoiseach a each dhe, agus dobhíodh 'na fhochair féin aige do ghnáth. Agus an uair dobheireadh an droch-spiorad ruathar air agus dobhíodh dhá chéusadh do ruaigeadh Dáibhídh ar an láthair é le guth an cheóil ró-bhinn do shinneadh ar a chláirsigh. Deir na haithreacha naomhtha gur samhuil do bhinn-chruit Dháibhídh guth agus glór saor-bhinn deagh-phastúirigh na hEaguilse a' tabhairt síthe agus sóláis dona hanamannaibh bhíos dá mbuaidhreadh agus dá gcésadh le hanmhianaibh na colla agus le cathighibh an aidhbhirseóra. Adeir Greghóir naomhtha go raibh feidhm mhór ag Dáibhídh féin le binn-ghuth a phastúir an uair thug Nathan an t-imdheargadh dhó fó an adhaltrannus.
Is ceól sáimh sólásach psalma an rígh cédna so, óir is bhríghmhur iad le gach cathugh agus le gach ghné pheacaidh do dhíbirt ó chách. Dá éis sin, isan mbliadhain d'aois an domhain 2942, tárla cogadh eidir Shaul agus na Philistínigh. Agus ar tteacht don dá armáil a n-amharc a chéile d'éirigh atheach an-uaibhreach amach as campa na bhPhilistíneacha darbh ainm Goliath; agus iar mallughadh dona Iudaighibh dhó d'iarr comhlann aoin-fhir orra, agus dobhí mur sin dá n-imdheargadh ar feadh .xxxx. lá; agus mur nach bhfacaidh aon-neach acu a' teacht ar feadh na haimsire sin dá ionnsaighe tug tár agus tarcuisne le briathra borba orra, gur mhúsgail a bhfraoch agus a bhfearg go hádhbhalmhór. Gidh eadh, mur bhí an t-aitheach an-mhór uathbhásach, arm fós agus éideadh ro-iongantach air, do ghlac eagla agus uathbhás iad ar mhodh nár lamh aon-neach acu comhlann do thabhairt dó. Isan am cédna do chuir Isai a mhac óg, .i. Dáibhídh, le biadh agus le lón dochum triair eile dá chloinn dobhí an tan sin i gcampa Shauil; agus ar tteacht do láthair do-chonnairc an t-aitheach gráineamhail sin ag imdheargadh Israél, agus ar mbeith dhó-san lán do spiorad Dé d'fhiafraigh créd é an t-anchreidmheach maillaighthe sin dobhí a' tabhairt táir agus tarcuisne do phobal an Dé bhí, nó créd an luach saothair do-ghébhadh an tí do threasgóradh nó do dhícheannfadh é.
Iar gclos na mbriathar sin dá dhearbhbhráithre do labhradar go tarcuisneach, ag rádh ris imtheacht ar a ais agus aire 'thabhairt dá thréd, agus gur sotal agus uaill dothug air teacht chum catha d'fhaicsin. Gidh eadh, do bhrígh nach uaill dhaonna ná díomhaoinas do ghluais Dáibhídh acht caoin-dúthracht le teas-ghrádh Dhé, adubhairt do ghuth árd ameasg an tslóigh go rachadh féin i gcomhlann ris an aitheach mallaighthe agus go mbeanfadh a cheann de, agus nach raibh eagla ar bith air roimhe. An tan do-chonnairc cách seasmhach ar an ní sin é thugadar leó a láthair an rí é, agus dubhairt annsin an ní cédna. Gidh eadh, an uair do bhreathnaigh an rí óige, anbhfainne, agus an laghad, dar leis, dobhi isan ógán sin, níorbh áil leis a léigion síos isan gcomhlann, nó go ndearnaidh sé foiréigion fair ag innsin dó gur ghnáthach leis buaidh do bhreith ar leóghuin agus ar mhathghamhna, óir iar mbriseadh a bhfiacal agus a gcnámh go mbaineadh a bhfuadáin díobh. Leis sin tug Saul a thoil dó, agus tug a lúireach féin agus a chloidhmhe gaisge dhó; agus an uair dob áil le Dáibhídh gluasacht isan innioll sin, ní bhfuair é féin lúthmhar mur ba gnáth leis, agus dá bhrígh sin do theilg dhe an chulaidh ghaisge agus do ghlac a chulaidh ghnáthach, .i. a chrúca agus a bhonnsach. Arna fhaicsin do Ghóliath do chuir gáir mhagaidh agus fonómhaid as ag rádh, “An measann tú gur madadh mé mur thig tú dom ionnsaighe le bata?”
Agus adubhairt go ndénfadh bia badhbh agus bran-én dá chorp ar an láthair. Agus leis sin tug sáthadh dhá lainn dá ionnsaighe. Do dhruid Dáibhídh 'na chuinne, agus arna amus re cloich as a bhonnsaigh do bhuail i gclár a édain í, agus do chuir go hinchinn í, gur thuit an toirt an-mhór sin marbh, go nach rug anam go talamh ris. Do ling Dáibhídh ann a mhullach, agus do scaith lena chloidheamh féin a cheann d'aon-bhéim dá mhéidhe. Arna fhaicsin sin dona Philistínigh do ghlac uathbhás, uamhan agus imeagla iad, mur do ghlac an pobal Israél lúthgháire agus misneach, gur threasguirsiod na Philistínigh go hiomlán. Fighir an bhuaidh so Dháibhídh ar an mbuaidh dorug Críosd ar aingiol uaibhreach an dorchaduis. Ciallaigh fós Goliath an t-uadhbhar, do-bheir buaidh go meinic ar an dream lé stróicior na leómhain agus na mathghamhna, .i. na peacaigh ro-mhóra, agus nach glaoidhtear acht le bata, .i. le crann na páise. An uair do-chonnairc Saul an gníomh mór-éuchtach sin do-rinne Dáibhídh do chuir ceisd ar aos eoluis fón' athardhacht; agus ní tár an teisd dothug Ionathas mac Shauil air, acht do chuir a chulaidh airm agus éudaigh féin fair, agus do-rinne cáirdios agus comhpháirt ris. Ar mbeith do Shaul agus dá shluaghaibh ag dul tar a n-ais do dhruid mnáibh na críche 'na
gcuinne ag dénamh lúthghara agus iolgháirdios rompa, ag cantain agus ag seinm ar théudaibh meann-chrot: “Do mharbh Saul míle agus do mharbh Dábhídh deich míle.” Arno chlos do Shaul gur mhó an t-éucht do mhaoidh cách ar Dháibhídh ná air féin, do ghlac éd agus imthnúth adhbhal-mhór é go raibh lán d'fhuath agus do mhiosgas ar Dháibhídh ó sin amach, agus dobhíodh ag casaoid ós áird gur mhó an meas dobhí agá mhuintir ar Dháibhídh ná air. Tugadh cách dá n-aire annso nach bhfuil peacadh is gráineamhla ná an t-iomthnúth, óir is iad na deagh-ghníomhartha is damhna fuatha agus miosgais dó do ghnáth. CAIB. XXXXVII. ANMHIAN SHAUL CHUM DÁIBHÍDH DO MHARBHADH. Dobhí mailís agus anmhian Shauil go laetheamhuil ag fás a n-aghaidh Dháibhí, go nach raibh ar 'aire acht a' stuidér ar shlighe d'fhagháil lena mharbadh; agus aon do ló ar tteacht don droch-spiorad dá bhuaidhreadh, mar fa gnáth leis, do ghlac Dáibhídh an chlárseach, agus ar mbeith ag seinm dhó tug Saul urchar do gha chuige, agus ar gclaonadh a chinn do-chuaidh an t-urchar seacha,
agus do ghlac teitheadh. An uair do mheath sin ar Shaul do ghlac slighe eile lena mhilleadh, óir mur do dhearmaid trésan mailís dobhí aige dhó an gealladh dothug ar a inghin do thabhairt le pósadh dhó tar éis buaidhe do bhreith ar Gholiath, dothug sé an inghean ba sine, darbh ainm Merob, do dhuine eile. Agus ní dhubhairt aen-ní 'na aghaidh, do bhrígh ar ttuigsin a uirísle féin gur mheas nárbh fhiú é cleamhnus an rígh d'fhagháil, acht gidh eadh, mur do mhothaidh Saul go raibh grádh mór agá inghin thánuisde ar Dháibhídh, do thrácht sé ar phósadh bheith eatorra, agus d'umhlaigh a pósadh leis ar chondar céd Philistíneach do mharbhadh agus comharthaigh cruthaighe an mharbhtha sin do thabhairt chuige. Agus tar cheann gur le mailís do chuir an cruaidh-chonnradh sin air, .i. dochum go muirfídh é, do tháinicc Dáibhídh slán ar ais iar marbhadh dhá chéd, .i. dá uiriod agus d'iarr air, agus do pósadh Michol leis. An uair do-chonnairc Saul gur mheath éifeacht a mháilíse an' aghaidh, do líon dásacht agus díbhfeirg ann, go ttug urchar do shaghad nó do shleigh an dara feacht dá ionnsaighe, ar mbeith mur bhí cheana ag seinm na cláirsighe dhó, agus iarna chosain féin do Dháibhídh, mur do-rinne cheana, do theith sé as a amharc. Mur dobhí grádh ro-mhór ag Ionathas do Dháibhídh, do chaith a dhúthracht ag iarraidh
grádh a athair do tharruing ar Dháibhídh. Gidh eadh, ba díomhaoin a thoisg, óir do chinn Saul i gcóir nó i n-éuccóir a bhásughadh; agus ionnus go ttiubhradh sin go luath chum críche do chuir a theach isan oidhche dá thimchilleadh le lucht faire dobhí armtha. Do mhothaidh Michol iad agus adubhairt re Dábhídh a bheith ar a choimhéd, óir go raibh lucht a mhillte agus a mharbhtha ag foraire a ttimchioll an tighe fair; agus do chuir sí amach tré fhuinneóig é, agus do chuir sí íomháigh ann a ionad ann a leabaidh agus piliúr d'fhionnadh gabhar agus folach éudaigh fána cheann; agus an uair dotháinicc teachta Shauil a' gabháil Dháibhídh, adubhairt Michol riú go raibh sé 'na chodladh, ionnus go ttugadh uain imtheachta dhó. An uair do-chualaidh Saul gur mheall a inghean féin mur sin é do chuir tóruighacht ar Dháibhídh go tigh Shámuel, áit a ndeachaidh sé ar caomhain. Agus ar n-imtheacht don teachta do líon spiorad Dé iad, go nár chuimhnighsiod ar a tteachtuireacht do choimhlíonadh. An uair do-chonnairc Saul sin do chinn ar a dhul 'na thóruighacht i bpearsainn; gidh eadh, tar éis gach díthchill dá ndearnaidh ní raibh baoghal ar Dháibhídh an feadh ba toil le Dia a chaomhain. Mur sin do threóin an domhuin go huilidhe: ní féidir leó ní ar bith, olc ná maith, do dhénamh
acht an uair thogras Dia a dhénamh, más deagh-ní, nó a fhulang, más droch-ní. Ba mór dólás Ionathais fá mhéd dásacht agus díbhfeirge a athar a n-aghaidh a chompánaigh ghrádhaigh, .i. Dáibhídh; gidh eadh, d'iarr sé air gan imtheacht a bhfad go bhfághadh féin fios intinne a athar. Ní cian dá éis go ttáinicc lá solamhna ann ar mheas Saul gur cheart do Dháibhídh theacht chum cláir, agus an uair do-chonnairc nach ttáinicc d'fhás fíoch agus fearg mhór air. Tan do-chonnairc Ionathas sin do thuig gan amhrus gurbhá mian leis Dábhídh do mharbhadh; agus leis sin do-chuaidh amach i bhfogus don ionad a raibh Dáibhídh leis an gcomhartha dobhí eatorra do thabhairt dó, óir dobhí i bhfogus don áit i bhfolach le fios na sgél d'fhagháil. Annsin do chaith Ionathas saghad, agus ar gcur a theachtaire i ttóruighacht an tsaighid dó adubhairt leis go hard go raibh a bhfad uaidhe, agus ba hé sin an comhartha dobhí ag Dáibhídh le teitheadh do ghlacadh. Leis sin do chuir Ionathas a ghiolla uaidhe, go bhfuair uain ar a dhul mur a raibh Dábhídh, agus gur innis dó nacharbh fhoirchios dó anmhuin a bhfochair a athar; agus iar gceangal cháirdis shíorruidhe do cheileabhradar go dubhach deórach dobrónach. Do ghluais Dáibhídh annsin go ndeacaidh go tigh an árd-shagairt Achimelech; agus ar mbeith
dhó féin agus dá bheagán buidhne gan bhia gan lón acu dobhí ocrus orra, agus iar n-innsin d'Achimelech dó gur i tteachtuiracht phríbháideach do tháinicc ón rígh d'fhiafraigh don árd-shagart an raibh bia aige le thabhairt dóibh, agus mur nach raibh aige acht an t-arán coisriogtha nó an t-arán do hiodhbradh ar an altóir, dá ngoirthí an t-arán taisbénta, dothug sé cúig aráin díobh sin dó agus gach congnamh eile dhár fhéd mar aon le cloidheamh Gholiath. Acht dobhí oiffigeach Idumeach le Saul istigh an tan sin, darbh ainm Doeg, d'innis gach ní dhe sin don rígh. Agus arna chlos sin dó, do chuir fios ar Achimelech, agus do bhásaigh é gion go raibh gan chionta, gníomh naomh-athiseach do chuir fó chionta agus fó mhí-chliú go bruinne an bhrátha é; agus dobhí an gníomh cédna sin comh fuathmhar agus comh gráineamhail sin do láthair mhuintire Shaul nach bhfuair aen-nduine 'na measg dhénfadh an gníomh tiaránta so acht Doeg féin, nach raibh sásda leis an ard-shagart amháin do mharbhadh acht do mharbh 85 dona sagairt eile ann a n-éudaighibh sagartacht. An uair do-chualaidh Dábhídh an sgél sin do chuir dólás mór air, mur dobhí féin 'na adhbhar bháis acu; agus leis sin do-chuaidh d'ionnsaighe Achis, .i. rígh Philistíneach. An uair do-chonnairc Achis gurbh é an gaisgidheach cliúteach Dábhídh
dotháinicc chuige do chinn ar a mharbhadh, muna mbeith gur ghlac ren' ais a bheith tré mhire chuthaigh nó 'na amadán: fighir na hamadáncht foirmiolleach do mheas andream shaoghalta do bheith a n-Íosa Críosd, .i. an Chríonnacht féin, feadh dobhí ar an tsaoghal so, agus fós an tsimplidhacht ro-naomhtha dobhí isna naoimh agus na martírigh; nonne hi sunt quos habuimus aliquando in derisum? Ecce quomodo computati sunt inter filios Dei, et inter sanctos sors illorum est, etc. CAIB. XXXXVIII IMTHEACHTA AGUS EACHTRA DÁBHÍDH TAR ÉIS A DHÍBEARTHA. Ba dólásach dobrónach docamhlach an bheatha dobhí ag Dábhídh ón am ar theith ó dhíbhfeirg Shaul, óir ní raibh acht mur bheith ruagaire reatha ag imtheacht ó shliabh go sliabh, ó choill go coill, agus ó ghleann go gleann, agus go mbíodh a lucht bretha ann gach ionad dá ngabhadh. Agus ba hí sin toil Dé, ionnus go múinfeadh gach duaigh dá bhfuair agus gach cruas dár fhulaing umhlacht dó an tan dobheith 'na rígh (ní nach raibh ag Saul, óir is tréna easumhlacht do thréig Dia é agus tug a ríghacht do dhuine eile). Acht ní thárla dhó ar
feadh na haimsire ní is mó do chuir buaidhreadh agus imnígh air ná an chruaidh-dháil a raibh a mhuintir, .i. timcheall cheithre ccéd fear do ghreamaigh dhe ar feadh a thrioblóide; óir iar tteitheadh dháibh as fásach uaigneach Siph, áit arbh óbar do lucht a háitighthe a ttréigion agus a ttabhairt suas ar lámha a namhad, dobhí gorta orra, óir ní raibh bia le fagháil acu agus iad tar éis siubhail fhada do dhénamh. Is annsin do chuireadar deichneamhar dá muinntir ag iarraidh bídh agus dighe ar Nabal, .i. duine ró-shaidhbhir do bhí truailligh brúideamhuil droch-bhésach, agus ar tteacht chuige dhóibh adubhradar gurbh é a maighistir, .i. Dábhídh do chuir isan teachtuireacht sin iad, agus gur mhóide búdh córa dhó tártháil do thabhairt dó agus dá mhuintir mur nach dearna díghbháil ar bith ariamh dhó féin ná dá mhaoin, acht gur chosain iad go minic an feadh dobhí ann a chomharsannacht. Do fhreagair Nabal go dordha droch-labharthach é, agus adubhairt nach ttiubhradh féin ní ar bith dháibh, óir nach raibh 'fhios aige féin cia hé Dábhídh agus go raibh go leór do shearbhfoghantaibh ar feadh an domhain do theith óna maighistrighibh dísle féin. Ar gclos na bhfuighle sin do Dhábhídh do ghlac fearg adhbhal-mhór é, agus do éirigh go prap le díoghaltas do dhénamh air, agus dubhairt go gcuirfeadh lén-sgrios air féin agus ar a mhuintir go hiomlán.
Agus ar mbeith ag ionnsaighe na háite dhó, tárla Abigail dó, .i. bean Nabail dobhí críonna múintigh deagh-bhésach, agus í ag dul rompa le bia agus le digh. Agus do labhair sí le Dábhídh le hiomad umhlacht agus tábhacht, ar mhodh gur chlaoi sí fearg Dhábhídh ar an láthair, agus tug dhá aire méd na coire dobhí sé ar tí 'dhénamh, .i. bean comh maith re Abigail do threasgairt. Ar tteacht ar a hais dí dofuair sí Nabal, .i. a fear, ar meisge, agus dá bhrígh sin níor innis sí aen-fhocal dó an oidhche sin. Acht arna mhárach iar gcur na meisge dhe, d'innis sí dhó an chonntabhairt ann a raibh trésan diúltadh agus an droch-aighnios do thug sé do mhuintir Dháibhídh. Arna chlos sin do Nabal dobhí do mhéid an uathbháis do ghlac sé go bhfuair bás i gceann deich lá dá éis; agus ba hí sin cóir Dhia. Agus do phós Dábhídh Abigail, agus is mur sin d'árdaigh a humhlacht agus a carthannacht í go ndearnadh banríghain di. Dobhí Saul comh díbhfeirgeach sin chum báis Dhábhídh gur chruinnigh sluaightibh na críche le tóruighacht do thabhairt dó ó áit go háit, agus é féin 'na bhfochair, gur thimchill fá dheóidh é i bhfásach diamhair Ziph - aois an domhain an tan sin 2947 - óir do chinn gan comhnuidhe do dhénamh nó go gcuireadh chum báis é. Agus ar mbeith dhó ann a champa an oidhche chédna do tháinicc ann, mur bhí i ndiaidh duaighe agus siubhail, do thuit codladh trom air féin agus ar a shluagh.
d'éirigh Dábhídh i lár na hoidhche, agus gan 'na fhochair acht Abisai. Do ghluais go misneamhuil agus níor chomhnuidh go ndeachuidh isteach isan bpailliún i raibh Saul 'na chodladh, agus ní hé amháin go raibh Saul 'na chodladh acht dobhí caiptín a ghárda, .i. Abner, agus na hoiffigidh uile 'na gcodladh (agus dob urusa dháibh codladh gan eagla, óir ní raibh do námhaid acu acht aen-ndíbeartach amháin). An uair do-chonnairc Abisai an t-innioll dobhí orra adubhairt re Dábhídh gur thoirbhir Dia a namhuid ann a lámha, agus do mheas gur cheart dó Saul do mharbhadh gan mhoill. Do fhreagair Dábhídh é, agus adubhairt, gion gur námhuid bunaidh dhó é, nach beith lámh ann a fhuil aige do bhrígh gur ung an Tiaghearna é, agus níor fhulaing d'Abisai féin díghbháil do dhénamh dhó; agus ní dhearna do dhochar dhó acht a shleagh agus a chorn do bhreith uaidhe; agus d'imghidar gan mhothúgh isan gconair chédna tar a n-ais. Agus ar mbeith dháibh ar árd an taobh amuich don champa, do ghlaoidh Dábhídh go hárd air Abner, agus thug imdheargadh dhó fó gan coimhéd ná comhfhaire cheart do dhénamh ar a phrionnsa, agus leis sin d'fhiafraigh dhe cáit a raibh sleagh agus corn an rígh. Leis sin do mhúsgail Saul, agus ar n-aithne ghotha Dhábhídh dhó do thaisbéin comhartha foirmiollach gráidh dhó, agus do ghoir “mac” go maoth-ghlórach dhe. d'fhiafraigh
Dáibhídh dhe annsin créd fá raibh dhá thóruighacht féin comh díbhfeirgeach sin, nó créd fár mhian leis díghbháil do dhénamh dhá shearbhóntaidh dhílis féin. “Madagh marbh atá tú 'shíor-leanmhuin,” ar sé, “agus más ó Dhia a atá tú dod bhrosdogh um aghaidh go ttugaidh luach mo neamh-chionta dhamh-sa, agus más le comharleacha daoine atá tú dom dhíbirt as m'athardhacht, níor chóir dhuit a gcomhairle do dhénamh, óir is dream mhallaighthe iad.” Níor fhéd Saul aen-fhocal do rádh 'na aghaidh, acht a chontrárdhacht: d'admhaidh gur pheacaidh sé; agus iar ndénamh síthchána re Dábhídh do-chuaidh ar a ais, agus do chuir Dábhídh a gha agus a chorn chuige. Agus do mhaoidh air an cúram dobhí aige ann 'anam, óir nárbh áill leis dochar do dhénamh dhó, tar cheann go raibh ar a chumus fá dhó a mharbhadh, .i. an uair do ghearr an sciorta dhá chóta gan fhios dó i n-uaimh fhásaigh Engadi, agus isan áit sin a raibh an oidhche chédna fós an uair dothug a gha agus a chorn uaidhe. Is uathbhásach iongantach an fhoighid agus an cheannsaighacht lé ndearnaidh Dábhídh an dá ghníomh so. Mór an t-adhbhar náire dona Críosdaighthibh, tar éis an tsiompla dothug Críosd dáibh, gan an fhoighid so ná a samhail do bheith 'na measg.
Tar cheann go ndeachaidh Saul ar ais ó thóruighacht Dábhídh ar an láthair sin, ní raibh muinghin ag Dábhídh as, agus ar eagla go bhfuigheadh uain uair éigin air do chinn ar an tír do thréigion go hiomlán, agus níor chomhnuidh go ndeachaidh ar chomairce Achis, .i. rígh Gát. Agus tug Achis fáilte agus onóir dhó agus do bhronn dó fós baile Siceleicc mur ionad comhnuidh dhó féin, dá mhnáibh, agus dá mhuintir. Agus dob óbair don bhronntanus sin a bheith 'na damhna dóláis ag Dábhídh, óir ar mbeith d'Achis an tan sin ag cruinniughadh sluagh le cogadh do chur ar Israél, adubhairt le Dábhídh dul leis agus a chongnamh do thabhairt dó a n-aghaidh a mhuintire féin. Gídh gur leasg le Dábhídh sin, níor fhéd diúltadh do thabhairt don rígh; gidh eadh, mur bhí eagla mhór ar an tsluagh Philistíneach go ttréigfeadh Dábhídh iad, nó go n-imeóradh a láthair na namhad trétúracht orra, thugadar comhairle d'Achis a chur a ais. Dobhí lúthgháire mhór ar Dhábhídh fán ní sin. Gidh eadh, ní cian go bhfuair sgél dólásach, óir ar tteacht go Sicileig dhó dofuair sé an baile loisgidh roimhe. Óir ar mbeith i gcampa Achis dó dotháinig na hAmalecítigh ann, do loisg an baile, agus d'fhuadaigh mnáibh agus maoin Dháibhídh agus a mhuintire léo. Agus gé gur mhór an dólás do chuir sin ar Dábhídh, is mó ná sin dobhí air an tan do-chonnairc go raibh a mhuintir féin ar tí a ndíthe agus a ndóláis do dhíghailt air féin, óir
dobhídar ar tí gabháil do chlochaibh air; gidh eadh, níor chaill Dábhídh a ghnáth-mhisnioch leis na huilc sin acht do-rinne comhairle re Dia (mur fá ghnáth leis) fó thóruighacht do thabhairt don ladrann namhad sin do-rinne a chreach, agus dubhairt Dia leis dul. Annsin do ghluais féin agus líon a mhuintire, .i. na sé chéd dobhí 'na fhochair, acht dobhí dhá chéd díobh nach bhfuair do neart ná do mhisnigh ionta féin siubhal do thabhairt dó. Agus ar n-imtheacht dó leis na ceithre chéud do-chuaidh leis, tarla leis ar an mbealach óglaoch don námhaid nach ttug siubhal dóibh, agus do-rinne treóraigh agus brathadóir dhe, agus do ghluais isan gconair ndírigh i ndiaigh na ladrann sin. Agus ar mbeith dháibh 'na gcomhnuidh ag ithe, ag ól, agus ag dénamh ulgháirdis fá mhéd na bhfuadán agus na gcreach do bhí leó, níor mhothaighdar go ttáinicc Dábhídh cona mhuintir orra, gur lingsiod go dian dásachtach orra, go raibh ar feadh laoi dhá ttuargain agus dá ttrén-bhualadh, go nach deachaidh duine dhíobh beó as an ár acht buidhean bheag dothug luas cos camhall le cuim na hoidhche as. Dofuaradar annsin gan díghbháil na braighde agus na maoine agus mórán d'fhuadánaibh daor-luaidhe eile mar aon riú. Iar tteacht ar a n-ais dáibh adubhairt na ceithre chéd do-chuaidh re Dábhídh nach ttiubhradís roinn ar bith don dá chéd nár fhéd dul leó, acht
gur leór dháibh an mhéd dotugadh uatha d'fhagháil ar ais, go ttárla imreasan eatorra agus gur thoghadar Dábhídh mur bhreitheamh. Agus do bhreathaidh Dábhídh roinn cheart do thabhairt don dá chéd sin do réir mur bhí ag an ccuid eile, agus dobhí an breitheamhnus sin 'na dhlighe ag Israél ó sin amach: mur so bheir Dia nísa mhó do ghrásaibh dona daoine ná mur thuillid uaidhe. CAIB. XXXXIX BÁS SHAUIL. A.M. 2949 (dhá bhliadhain i ndiaidh bháis Shamuel). Do ba mór an tuar ratha do Dhábhídh mur do dhiúlt na Philistínigh a léigion leó chum an chatha, óir mur do marbhadh Saul agus Ionathas ann adéradh gach aon do mhuintir a thíre féin gur chiontach Dábhídh ris an olc sin do thuitim amach, agus fós leis an ármhach do-rinneadh ar chlainn Israél. An uair dobhí Saul ag triall chum catha do thabhairt dona Philistínigh, do-rinne comhairle re Dia; agus ba díomhaoin dó, óir do thréig spiorad Dé roimhe sin é, agus dá bhrígh sin ní bhfuair freagra ar bith uaidhe. Annsin do ghlac mire agus édóchus
é, agus tar chionn gur dhíbir agus gur ionnarb an lucht easarlaighacht dobhí san ríghacht roimhe sin, do chinn annso ar chomhairle do dhénamh le mnaoi mhallaighthe don dream chédna. Agus ar gclos dó go raibh a samhail i n-áit áirighthe, do chuir é féin i n-éudach agus i gcórughadh an-aithnighthe, agus do-chuaidh dá hionnsaighe, agus adubhairt léidhe an fháidh Samuel do mhúsgladh chuige. Do ghlac eagla mhór an bhean gharma sin, óir dofuair fios gurab é an rígh féin do labhair léidh, agus is mó ná sin an t-uathbhás dobhí ar Shaul an tan tháinicc Samuel. Do labhair do ghuth theann agus do-rinne fáisdine dhó go rachadh buaidh an chatha sin 'na aghaidh, agus d'fhiafraigh go feargach créd fár chuir buaidhreadh air ná créd far mhúsgail as a shuan é, agus adubhairt leis gur thréig Dia é agus go ttug sé a lámha na bhPhilistíneach é, agus a ríghacht ag an té dhár órdaigh Dia í, “Óir múirfighfir thú féin agus do chlann isan chath so,” ar sé. Agus ar gcríochnughadh na mbriathar sin do Shamuel do ling sé as a radharc, agus do thuit Saul a mbáthadh, agus an uair d'éirigh as níorbh áill bia ná deoch do chaitheamh tar cheann go raibh sé ro-lag, óir do chaill sé a bhrígh agus a mhisneach an uair dofuair sgéla ar an droch-chinneamhuin dobhí i ndán dó féin agus dá chloinn. Agus mur bhí lán do dhroch-mhisnigh ar ndul isan gath
dhó, ní fada bhídar isan iorghail an uair do treasgradh é féin, a mhac Ionathas agus a shluagh, go ndearnadh dearg-ár orra. An uair do-chonnairc Saul é féin tréigthi agus nach raibh tártháil i ndán dó d'iarr ar a ghiolla féin a mharbhadh, agus an uair do dhiúlt an giolla sin do theilg sé é féin ar rinn a chloidhmhe go ndeachaidh tríd ón taobh go aroile, agus d'fhág sin mur shiompla agá ghiolla leis an mbás cédna d'imirt air féin. Sin mur chríochnaigh Saul a bheatha dobhí ón am a ndearnadh rígh dhe lán do dhroch-ghníomhartha, óir do mharbh na sagairt féin; agus i n-ionad na húmhlacht dobhí ann isan am ar thogh Dia 'na rígh é do líon a lán easumhlacht ann, ionnus gurbh fhéidir Iudás an tSean-tiomna do ghairm dhe, óir ar mbeith dháibh ar aon arna ttogha le Dia féin do thuit duine díobh as a neamh-chionta le huabhar agus duine eile le saint. Tháinicc do mhéd lúthgháire na bhPhilistíneach fá bhás Shauil gur bheanadar a cheann de lena thaisbénadh ann gach baile ann a ttír, agus 'na dhiaidh sin d'fhoráilsiod é féin agus 'arm i tteampall a n-íodhal. Ní mur sin dobhí Dábhídh, óir dobhí dólás mór-adhbhal air; óir gion go raibh an ríghacht aige agus gur chríochnaigh an bás sin mórán dá bhuaidhreadh, dá thrioblóid, agus gach contabhairt báis ann a raibh le miosgios agus le mailís Shauil, do chaoidh sé deóra fíor-dhóláis fóna bhás, agus
do-rinne sé mairbhne nó cantic chumhaigh ann 'onóir, agus do mhallaigh sé sléibhtibh Gelboe, áit ar thuit Saul, Ionathas, agus aos gaisge Israél; agus do thaisbéin 'na dhiaidh sin comharthaigh móra buidheachuis do lucht Iabes Galaad fó mur do adhlaicsiod go honórach Saul agus a chlann, agus mur do-chualaidh go ndearnsad dólás mór 'na ndiaidh. Do thaisbéin sé ar mhodh eile an urraim dobhí aige do Shaul tar éis a bháis, óir dotháinicc Amalacíteach dá ionnsaighe go Sicileicc dá lá tar éis na creiche do bhuain do mhuintir na tíre sin, agus iar bhfiafraigh sgéil de d'innis dó gur marbhadh Saul; agus mur chruthughadh air sin do innis dó go ttarla dhó féin beith ag siubhal tré shliabh Ghelboe, agus go bhfacaidh Saul uaidhe agus a chloidheamh tarsna tréna lár agus na Philistínigh ag teacht dá ionnsaighe, agus gur iarr air féin a mharbhadh go hiomlán gan mhoill, “Agus do-rinne mise a chomhairle,” ar sé, “agus thugus a fháinne ríoghdha chugad-sa.” Arna chlos sin do Dhábhídh ní lúthgháire do-rinne acht dólás mór, agus ar mbeith ag stróca a édaigh féin dó le dólás d'fhiafraigh don Amalecíteach créd fár lamh fuil ungthaigh an Tiaghearna do dhórtadh, agus leis sin do chuir d'fhiachaibh ar aon dá mhuintir a mharbhadh ar an láthair. Agus tug siompla leis an ngníomh sin do gach
duine le gan lúthgháire do dhénamh fó bhás aon-nduine dá madh namhuid féin do bheith ann. Iar sin do-rinne Dábhídh comhairle re Dia, agus as sin táinicc go ndeachaidh don Iudea agus gur ung treibh Iudáis 'na rígh orra féin é, agus dobhí an tan sin tríochad bliadhain d'aois. Acht do thug Abner, .i. taoiseach slóigh Shauil, Iosboseth mac Sauil leis, agus do ghlac na deich ttreabha eile mur rígh leis. Gidh eadh, tháinicc dias meirlioch dá mhuintir féin i gceann chúig mbliadhan dá éis sin chuige agus é 'na chodhladh i lár an lae ar a leabaidh, agus iar mbuain a chinn go fealltach dhe thugadar chum Dábhídh é. Gidh eadh, ní buidheachus dothug Dábhídh dhóibh, acht d'ordaigh a mbásughadh ar an láthair fón bhfeill ghráineamhuil sin do dhénamh ar a ttiaghearna. CAIB. XXXXX DÁBHÍDH ARNA GHLACADH 'NA RÍGH AR CLANNA ISRAÉL GO HIOMLÁN. A.M. 2949. (Reg.2). Tar éis báis Isboseth táinicc treabha Israél go hiomlán ag umhlúghadh do Dhábhídh. Is ann sin tug Dábhídh dhá aire gur thoirbhir Dia ann a láimh an ríghacht do gheall dó le linn Shauil
féin a bheith beó; agus ar mbeith dhó 'na ard-rígh mur sin ar an gcrích go hiomlán do thionsgain cogadh fraochdha fuilteach do chur ar a naimhde 'na thimchioll. Agus do thosaigh le campa do chur le cathair Ierusalem, dobhí an tan sin i seilbh na Iebuséinachaibh; agus d'aimhdheóin a neirt sin agus an chédfaidh dobhí acu ar a beith dochlaoite, .i. nárbh fhéidir, dar leó féin, le neart dá thréine buaidh do bhreith orra, agus dá bhrígh sin gur mheasadar gur leór a ndaill agus a mbacaigh do chur ar bhallaighe agus ar gheataighe an bhaile lena chosnamh a n-aghaidh shlóightibh ró-líonmhura Dábhídh, gidh eadh ní fada gur thuigiodar féin ar cosdus a bhfola nach raibh acht baos agus díth céille ann a ndóchus as a neart féin, óir do bhean Dáibhídh an chathair dhíobh agus do chuir sé dian-scrios orra féin. Agus ar mbeith dhó go socair ann a sheilbh do thionsgain a chaoin-ndúracht do Dhia a thaisbénadh mur nach dearnaidh Saul ariamh, óir do thug áirc an Tighearna as tigh Aminadab, áit i raibh sí ón aimsir a ttáinicc sí ar a hais ó na Philistínigh, .i. ar feadh deich agus trí fithchid bliadhain, nó gur aistrigh Dábhídh le sollamhain mhóir an uair sin í. Óir do chruinnigh sé deich míle fhithchiod dá mhuintir leis an áirc do choimhdeacht, agus le neart crábhaigh dobhí an rígh féin ag seinm ar a chláirsigh agus mórán eile do lucht
ciúil ag seinm 'na fhochair roimh áirc an Tiaghearna amach. Agus ar mbeith dháibh agus dona sluaigh uile ag gluasacht go soirbh sólásach mur sin tarla ní teagmhuiseach dháibh lér hionntaigheadh a sólás agus a suaimhneas i ndólás agus i mbuaidhreadh. Óir, ar mbeith do Oza mac Abinadab ag tiomáin na ndamh dobhí ag iomchar na háirce, tug dá aire le preib dá ttug damh acu go raibh an áirc i gcontabhairt tuitim agus do chuir a lámh dá congbháil, acht i n-ionad na tárthála do shíl sé a tabhairt don áirc do thuit sé 'na chorp mharbh ar an láthair fá mur do chuir a lámh ar áirc an Tiaghearna. Do ghlac eagla mhór agus uathbhás an méid dobhí a láthair na míorbhuile díoghaltaigh sin, agus cuiridh i gcéill dúinn aniúgh gur baoghlach lámh eachtrannach neamh-ghlan do léigion asteach chum mionastrálacht do dhénamh a n-áirc ró-naomhtha Eaguilse Chríosd. Dotháinicc as méid an eagla agus an uathbháis do chuir bás tobann Oza ar Dhábhídh agus ar an tsluagh mhór dobhí 'na fhochair nár lamhsiod ar feadh thrí mí an áirc do chorrughadh; agus i gceann na haimsire sin, iar nglacadh misnigh arís do Dhábhídh, do smuain nach beith aistriugh na háirce mí-thaithneamhach ag Dia, agus gur mhór an rath táinicc ar theaghlach Obededom, áit a raibh an áirc ar feadh .xxxxxxx. bliadhan, agus go ttiubhradh féin go Ierusalem í, áit i ndearnaidh
páilliún daor-luaidh dhí. Do thuig fós gurbh é adhbhar báis dobhí ag Oza do bhrígh nach sagairt nó Leuitiocha dobhí ag freasdal agus ag iomchar na háirce, agus dá bhrígh sin do chuir cruinniughadh ar uimhir mhór do shagairt agus do leuítigh, agus do chuir d'fhiachuibh orra an áirc d'iomchar ar a nguaillibh. Ba mór an ghlóir agus an t-árdughadh meanman éisdeacht le gach gné cheóil dobhí ag an rígh agus ag an lucht ceóil eile dobhí 'na fhochair, agus le gach sé choiscéim dá ndénadhdís do iodhbradís damh agus reithe. Do bhí ephod lín ar Dhábhídh agus é ag damhsa roimh an áirc. Agus is mur sin dothug go sollamanta isteach go cathair Ierusalem í, agus tugadh trésan oireachtas isteach í isan ionad do ullmhaigh Dábhídh dhí. Isan am cédna dobhí Michol ag amharc orra tré fhuinneóig an pháláis, agus ar bhfaicsin Dhábhídh isan innioll sin dí do tharcuisnigh sí ann a hinntinn é, agus an uair dotháinicc chum dorais a thighe mur a raibh sise 'na seasamh thug sí imdheargadh mór dhó fá mur do uirísligh é féin mur sin ós comhair a mhuintire. Gidh eadh, ní leithsgél thug Dábhídh dhí, acht adubhairt gurbh oirchios dó umhlacht agus onóir do thaisbénadh a láthair an Tiaghearna do thogh agus do thóig as uirísliocht agus as modhsainacht é, go ndearnaidh áird-rígh ro-chumhachtach dhe. Agus dothug sé siompla
dona prionnsaighe Críosdeamhla, dá mhéud a gcathréim do láthair na ndaoine, a bheith ullmhaigh do ghnáth le hiad féin d'ísliughadh do láthair Dé, ionnus go nglacadh na hiachtaráin siompla umhlachta agus crábhaidh uatha. Adeir S. Ambrós gur chuir Dia do dhíoghaltus ar an imdheargadh éigceart so dothug Michol do Dháibhídh gan sliocht do theacht uirre, agus ní gnáthach sliocht ar lucht uabhair. CAIB. XXXXXI DAMHNA COGAIDH DHÁBHÍDH RIS NA HAMONÍTIBH. A.M. 2967. Ar mbeith do Dháibhídh go socair suaimhneach ann a ríghacht, gan imreasan gan fhreasabhra, do-chualaidh go bhfuair Naas rígh na hAmoníte bás, agus do bhrígh gurbha caraid ghrádhach do Dhábhídh é do chuir teachta chum a mhic Hanon, do ghlac an ríghe ann a ionad, re comhdhólás do dhénamh ris fó bhás a athar agus le dearbha do thabhairt go mbeith a chairdios féin as ucht a athar aige do shíor. Iar n-éisteacht na tteachta sin do Hánon, an tan dob áil leis buidheachus do thabhairt do Dháibhídh agus bronntanuis do chur chuige, dubhairt a chomhairleacha, dobhí aimhleasacha díthchéillidh, leis gur le mailís agus le ceilg do chuir Dáibhídh na teachta sin chuige agus nach le grádh
ar 'athair ná air féin, acht chum na ríghachta do bhreathnughadh lena buain amach dó féin. Do chreid Hanon gach ní dá ndubhradar leis, agus dothug aithis agus úsáid mhaslaigheach dona teachta sin, óir do chuir a bhfuilt agus a n-olchaibh nó a bhféusóga dhá mbearradh agus sciortaidhe cúil a róbaidh dhá ngearradh, agus do chuir uaidhe ar a n-ais mur sin iad. Dofuair Dáibhídh sgéla na hathise sin sul ráinicc leis na teachtaibh féin a theacht chuige, óir dobhí do mhéud a náire nár mhian leó iad féin a thaisbénadh nó go bhfásadh a bhfuilt agus a n-olcha arís. Arna chlos sin do Dháibhídh do chuir teachta rompa re sólás do thabhairt dáibh agus ag iarraidh orra foighid agus misneach do ghlacadh agus anmhuin i gcathair Iericho nó go bhfásadh a bhféusógaidh. Agus ar an láthair do thionsgain díoghaltus do dhénamh ar Hanon agus ar ríghacht na hAmoníte, gur chuir ard-thaoiseach a shluaigh .i. Ioab, maille le sluaghaibh líonmhura 'na fhochair, go críoch na hAmoníte. Is annsin do chruinnigh Hanon aos cogaidh a chríche féin maille le mórán do lucht conganta dotháinicc chuige as an Syria agus as na críochaibh eile fa coimhneasa dhó. Dotháinicc chum troda, agus iar mbeith ag tuargain agus ag trom-threasguirt a chéile dháibh do bhris Ioab orra, agus lena chródhacht féin agus le calmacht a shluaigh do-rinne ár éuchtach adhbhal-mhór orra.
An bhliadhain dá éis sin do chruinnigh Hanon sluaightibh líonmhura oile le díoghaltus do dhénamh. Do-chuaidh Dáibhídh féin i bpearsainn 'na n-aghaidh, gur mharbh dá fhithchiod míle coisigh dhíobh mar aon re líon sheacht ccéd carbad cogaidh dhíobh. Do chuir an t-ármhach mór sin uathbhás ar na prionnsaighibh agus ar na críochaibh ba coimhneasa dona Hánonaigh, agus do chuir i gcéill fós dó féin go hantráthach gur tuar tubaiste agus mí-ratha do rígh comhairle dhaoine aimhghlice do ghlacadh go tobann, óir gurb as deagh-chomhairle nó droch-chomhairle an rígh thig leas nó aimhleas na críche; mur deir an file:
Is do réir an neith do-ní (móide is inteagaisg airdrí) tig leas nó aimhleas an fhuinn (beas ní hainbhfios a n-abruim).