Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Rialachas San Froinsias
Title
Rialachas San Froinsias
Compiler/Editor
Ó Súilleabháin, Pádraig
Composition Date
1641
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1953)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Riaghuil Threas Uird S. Froinsias, dá ngoirthear Ord na hAithrighe, arna cur anosa a nGáoidhilg le bráthair áiridhe d'ord an náomhathar chéudna, FR. B. C. Reliquum est, ut qui habent uxores tamquam non habentes sint, etc. 1 Corint. 7. Arna cur a gcló maille re hughdardhás a gColáisde S. Antoin A Lobháin, 1641.
Brolach nó réumhrádh don léughthóir. Mar dobhí ar n-athair náomhtha S. Froinsias ar lasadh do ghrádh Dé agus d'fhonn an chinidh dháonna uile do shlánughadh níor lór leis dhá ord do thionnsgna, mar atáid Ord Mionúr agus Ord S. Clara, inar bh'éidir don uile dhuine idir fhior agus mhnaoi leur bho mian an saoghal do thréigean a anam do shlánughadh, achd do thionnsgain fós an Treas Ord, ar a dtug d'ainm Órd na hAithrighe. Óir, mar adeir an doctúir náomhtha S. Bonauentura, cap.4, Vit.S Fran., “Fá mar atá an aithrighe 'na slighidh choitchinn ag an uile dhuine go ríoghaichd nimhe, as mar sin atá an t-ord beannaighthe si coitcheann do shagartoibh, do thuatadhaibh, d'áos pósda agus neamhpósda, d'óghaibh agus do bhainthreabhthachaibh, agus do na huilibh do thuaith agus d'eaglais archeana.” As í so iomorro siocair dobhí ag S. Froinsias dochum an uird si do thionnsgna, .i. iar mbeith a gconntabhairt adhbhail dhó, mar adeir an doctúir S. Bonauentura, Vit. S. Franc., cap. 12, cía dhíobh ar a gcinnfeadh, fuireach ar uaigneas a ndíthreabhaibh san mbeathaidh dá ngoirthear contemplativa, ag teóirfhéuchain an Choimdheadh nó ag rinnfhéuchain ar neithibh neamhdha agus ag eadarghuidhe Dé do shíor, nó san mbeathaidh ghníomhaigh, dá ngoirthear vita activa, .i. beatha sháothrach, mar atá dul do sheanmóir agus do theagasg an tshoisgéil, do chuir a gcomhairle na hóighe ronaomhtha S. Clara agus an athar bheannaighthe S. Siluester créud do-ghéunadh, agá iarraidh orra Dia do ghuidhe fá a nochtadh dhóibh créd bhúdh indéunta san gcás sin. Agas iarna fhoillsiughadh dóibh ó Dhia gur bh'í a thoil féin eision do dhul do theagasg na bpeacthach, do ghluais gan mhoill fá na háitibh agus fá na cathrachaibh ba coimhneasa dhó, agus do thionnsgain an aithrighe, tarcaisne an tsáoghail, glóir nimhe, agus piana síordhuidhe na tíre thall do sheanmóir maille risan urdail sin do dhúthrachd agus do theasgrádha Dé ionnas nach meas duine achd aingil nó léugáide ó Dhia táinig do
mhúnadh na haithrighe agus shláinte a n-anmann don domhan do bhí ag cách go coitcheann air; óir ní rabhadar a bhriathra achd mar sblangcaibh agus mar dhrithleannaibh lasamhna do lingeadh do theinidh na carthanachda, .i. ghráidh Dé agus na comharsan, dobhí do ghnáth ar fadódh ina chroidhe. Do ghluais dá bhrígh sin agus do chomhlas croidheadha an lochda dobhí ag éisdeachd ris dochum na haithrighe, go háiridhe a dtimcheall na háite dá ngoirthear Canarium, láimh risan gcathraigh dárab ainm Assisium, ionnas gur chuireadar rompa uile cúl do chur risan sáoghal gan fhéuchain ag céile dá choimhchéile ná ag aithribh dá gcloinn nó dá gcúram. Arna fhaigsin sin dár n-athair náomhtha, do chum agus do ordaigh dhóibh an ríaghail agus an sdaid bheannaighthe si, dá ngoirthear Órd na hAithrighe nó an Treas Órd, an bhliadhain si d'áois an Tighearna 1221, inar éidir do na huilibh dá nglacfadh í, gan tréigean mná ná cloinne, ina dtighibh agus ina n-aitreabhuibh féin, aithrighe agus leas a n-anmann do dhéunamh. Do leathnaigh iar sin agus do líon an tÓrd so na hAithrighe comhfoirleathan agus sin, ionnas, leath amoigh don phobal choitcheann do-chuaidh tar nuimhir agus tar áireamh agus do ro-iomad náomh, go rabhadar iliomad íarladh, prionnsadh, ríogh, agus impireadh ann. Do dhaingnigheadar fós mórán pápadh an t-ord céudna, mar atá Honorius 3, Grego. 9, Innocent. 4, agus Nicolaus 4 san mbulla dá ngoirthear Supra montem catholicae fidei, agus tugadar iomad do loghthaibh, do ghrásaibh, agus do phriuiléidibh dhó, mar chuirfeam síos 'na dhiaidh so. Do-gheibhmíd riaghail an uird si ag Monument. 3 ord., 5 p., tract. 2, agus a n-oibreachaibh ar n-athar S. Fr. do chuir an t-athair diadha foghlamtha Lúcás Uaiding amach, agus fós ag Speculum mino. Tabhair dod th'aire annso, a léughthóir, gurab ainbfheasach díchéillidhe don luchd bhíos pósda nó ar tí pósadh do dhéunamh an sgáth agus an urghráin ghlacaid résan sdaid náomhtha sa, óir as dóibh féin agus do chách eile le nach éidir nó nach áil dul a riaghail do ordaigh S. Froinsias agus do dhaingnigh an eaglas í. Tabhair dod th'aire mar an gcéudna a mhéud d'adhbhar trúaighe mar bhíd mórán comhsháoghalta comhuaibhreach agus coimhneamhchúramach agus sin fá leas a n-anmann nach cubhaidh agus nach fíu leó an aibíd náomhtha sa, d'éis a bhfaicid do shochar
spioradálta agus do ghrásaibh aice, do ghlacadh, tré a beith gránna riabhach tarcaisneach, agus go mbíd comhsanntach agus sin dochum saidhbhris diombúain sháoghalta, ionnas, gan féuchain dá mórdhachd nó dá n-onóir, go dtochailfidís ór as an gcarnán áoiligh. Más dá mórdhacht nó dá n-onóir fhéuchaid an mhuinntear so san gcás so, tabhraid dá n-aire, mar sgríobhaid ughdair mhaithe, Monument.3 ordi., 5 p., tract.2, gurab ionann dath don aibíd bhoichd si agus don chóta úd do-righne a mháthair mhilis dár Slánaighthéoir agus dobhí air agus ag fás leis do ghnáth ó áois leinimh go haimsir a bháis. Cionnas dá bhrígh sin nach díchéillidhe anuaibhreach dóibhsion a mheas gomadh uiríseal tarcaisneach dhóibh bheth a n-áoinéudach agus a n-áoinlibhré re hAirdrígh na n-uile? As maith do-bheir an cairdionál beannaighthi foghlamtha Gaibriel de Trecho, dobhí don ord so, freagra orra san eibistil do sgríobh 1621, Epistola adjuncta ad opusc. S.P. N.Fran., mar a n-abair: “Ná cuir a n-iongnadh (ar sé) gur ghlacasa aibíd an Treas Uird os cionn mo phurpuir cairdionáil, nó an measann tú nach cubhaidh crios nó aibíd S. Froinsias do chur ós cionn phurpair dá ríoghdha? Nach raibhe sí ar S. Ludouicus, rí Franc, agus ar S. Elisabeth, bainroghan na Hungairi, onóraigheas an eaglas aniodh mar náomhaibh? Nách raibhe fós ar mhórán d'impireadhaibh, do bhainríoghnaibh léur mhaith dul ar a comairce, go háiridhe a n-aimsir a mbáis? Nár ghlac Pilippus 3, rí na Spáinne, í? Do ghlacadar fós bainríoghan na Spáinne, bean Philippus 4, dár bh'ainm Elisabeth, inghean ríogh Franc, agus deirbhshiúr an Philip chéudna, .i. an bhainphrionnsa oirdheirc Maria, í. An cuirthe mar sin a n-iongnadh go gcuirfeadh cairdionál aibíd ríabhach don táobh amuigh dá phurpar air? Adéura neach gurab tarcaisneach mídhiongmhála sin dá comhard sin do dhignit agus d'onóir; achd do-bheirimsi freagra air (ar sé) .i. gurab uime sin féin do ghlacas san am sa í, óir ní fhuil dá mhéud dá mbía neach, agus dá mhéud aithnigheas oibliogáid nó cundas ag Día air, nách móide as cóir dhó bheith umhal agus fonnmhar dochum foghainte agus seirbhísi do dhéunamh do Dhía é. Créud eile dá bhrígh sin do-ghéunainnse an tráth do toghadh mé dochum céime agus gradaim áird san n-eaglais achd mé féin do dhídean fá umhlachd S. Froinsias, d'eagla go rachainn a n-anuabhar ar Dhía tré áirde mo gharma agus mo dhignide tré a ndamainfidhe go síordhaidhe mé?”
Do-chí tú, a léughthóir, as a ndubhramar, nách tarcaisne d'áoinneach dá mhéud achd onóir mhór bheith 'na bhall don Ord náomhtha sa na hAithrighe; agus mar sin measaim, gé gurab líonmhar foirleathan ar feadh an domhain anosa é, dá mbeith a fhios ag cách go coitcheann méud na honóra, na tarbha, an loghaidh, agus gach maitheasa spioradálta oile dá bfhuil ag an luchd glacthar ann go mbeith sé nías roilíonmhaire agus nías foirleithne iná mar atá san aimsir si. Dá bhrígh sin cuirfeam síos go fairsing an tarbha, na loghtha prinnsiopálta, agus gach onóir oile dá bhfuil aige, agus iarrmáoid ar gach áon gan toibhéim do thabhairt dár ndúthrachd achd guidhe orainn ar son ar sáothair.
Dochum dearbhráthar agus seathrach threas uird S. Froinséis, dá ngoirthear Ord na hAithrighe. As iongnadh adhbhal loighead an cháis agus an chúraim bhíos ag mórán fá leas agus fá shláinte a n-anmann agus méud an chúraim agus an tsáothair ghlacaid go fonnmhar friochnamhach ag iarraidh agus ag sáothrughadh saidhbhris, onóra, agus gach neith oile dá mbeanann re beathoidh dhiombuain a gcorp ar an sáoghal sa, ionnas, mar adeir S. Augustin., Hom.9, De verb. Dom., ag gearán an neith si, nach fuil ní dá dhocamhlaighe ná dá sheirbhe dá mbeanann risan mbeathaidh gcéudna nach dtabhair méud an ghráidh bhíos ag cách air fá deara dóibh nach mothaighid duadh ná docomhal gá dhéunamh. Óir, mar adeir agá dhearbhadh sin: “Ní fhéchann an ceannaighe do ghábhadh ná do pheiriacail dá mbí 'na cheann gan gluasachd trésan muir ngáibhthigh nguasachdaigh go tíribh imchiana a gconntabhairt a bheathadh agus a choda don tsáoghal do chailleamhain, do ghrádh saidhbhris agus éudála. As iomdha duadh agus dochar, bochdachd, anródh, agus dhortadh fola fhuilngeas an saighdéoir go meanmnach móraigeantach ag súil re honóir agus re hardughadh d'fhagháil óna rígh. Ní ghoilleann fós fuachd ná ocaras, tart ná sáothar ar an dtreabhthach do dhóigh arbhair mhóir do bheith aige san bfhoghmhar. Do-chímíd mar an gcéudna, an tan bhíd easslán, méud an chráidh agus an dochair fhuilngid dáoine go foidhidneach fonnmhar, ag caitheamh gach leighis dá sheirbhe, dá dhocra, agas dá dhomblasda, agus fós ag fulang a mball do chiorrbhadh agus do chréuchdnughadh do ghrádh shláinte a gcorp amháin, ar son nach éidir an corp do chongmháil beó achd seal aithghearr, bíodh go gcaithfidhe leighis agus cumhgaisi an domhain ris. A Dhé, máseadh, nach iongnadh adhbhal agus cúis truaighe agus atuirsi (mar adubhart cheana agus mar adeir an doctúir céudna san n-ionadh réumhráite) go dtabhair grádh an tsáoghail fá deara don mhuintir si dá dtug Día solas an chreidimh tré a bhfaicid go soilléir go bhfuil fhlaitheamhnas agus ifrionn ann agus nach
bfhuil achd seal ro-aithghearr aca ar an n-oilithre se a bhfuilmíd, a chomhmór so do sháothar do ghlacadh fá na neithibh théid a leas nó a maith dá gcorpaibh, agus nach dtabhair grádh Dé ná a n-anmann orra cúram ná díthchioll, dúadh ná dochar do ghabháil re a n-ais fá shláinte a n-anmann nó fá na neithibh do chuideóchadh leó dochum na beathadh suthaine d'fhagháil agus dochum ghérphian ifrinn agus pheannaide purgadóra do sheachna, a n-ionnshamhail bheathadhach mbrúideamhail fhéuchas dá gcorpaibh amháin gan suim 'na n-anmannaibh. As éidir go maith a rádh nách creidid so ar aonchor na neithe fhoillsigheas ar gcreideamh dhúinn, nó má chreidid, go bhfuilid ar mearbhall agus ar sáobhadh céille tréna neamhchás 'na n-anmannoibh as uaisle gan comparáid ináid uile mhaitheasa agas ionnmhasa an domhain, mar chuireas Béul na fírinne síos dúinn san soisgéul, Matt. 16, ag rádh, “Créud an tarbha do dhuine an domhan uile do ghnoughadh agus a anam féin do dhamnughadh, nó créud an ní dá uaisle ar ar chóir do dhuine a anam do mhalairt?” Nír bh'iongnadh (mar adeir go sáoitheamhail doctúir an chomhráidh órdha, S. Crisos., Hom. 22, Ad popul.) duine do bheith neamhchásmhar fána anam dá mbeith an dara hanam aige, mar atá an dara súil, an dara cos agus cluas, nó damadh éidir dhó anam oile dh'fhagháil dá gcailleadh a anam féin, mar as éidir dhó dúthaigh, each, nó séud sáoghalta eile d'fhagháil. Gidheadh, as iongnadh mór (ar sé) agus as cúis trúaighe, agus gan againn achd aonanam amháin mhairfeas go síordhuidhe a nglóir nó a bpéin, a neamhchúramaighe bhímid fá na neithibh dorachadh a maith nó a leas dhó, nó fá dhúadh nó fá dhochar d'fhulang ar a shon.” Dobhí an patriarc Iacob aimsear imchian gá chrádh do theas san ló agus d'fhuachd san oidhche, mar adeir féin, Genes. 31, gan suan gan socrachd d'eagla go gcaillfeadh aoncháora amháin don tréud do chuir a mhaighisdir Laban do chúram air. “A Dhé, máseadh,” adeir Criostomus, “má dobhí a chomhmór so do chúram agus do ghriongal ag Iacob fá bheathadhach bhrúideamhail, créud an cúram búdh cóir do chríosduidhe do bheith aige fána anam réusúnta féin do cheannaigh ar Máighisdir agus ar dTighearna neamhdha Críosd go dáor ar a fhuil, nó créud fá ngoillfeadh docamhal nó dochar dá mhéud air ag déunamh gach neith dorachadh a maith nó a leas dó, agus go n-abair Pól, 2 Co.4, gurab éidir dhúinn tré mhoiment mbig thrioblóide ar
an sáoghal sa glóir shíordhaidhe do thuilleamhain dár n-anmannoibh a bhflaitheamhnas, agus nach fíu ní ar bith dúadh ná dochar dá bhfaghmáoid san sáoghal a n-aithfhéuchain an tromthomhais glóire do-ghéubham san tír thall, Rom.8?” Ar na hadhbharaibh se, a cháirde croidhe, guidhim sibh, ó do thairrngeadar mórghrása Dé dochum na sdaide náomhtha sa Uird na hAithrighe fáoi bhrataigh S. Froinséis sibh, ná goilleadh crúas ná docamhal áoinneith dá gcuireann bhar riaghail síos oraibh, achd glacaidh meisneach agus méud meanman dochum oibreach na haithrighe do dhéunamh, agá mheas agus agá smuaineadh do ghnáth gurab éidir dháoibh le beagán sáothair leas bhar n-anmann do dhéunamh, glóir shuthain do thuilleamhain, agus píana síordhaidhe do sheachna. Smúainidh fós, mar adeir Crios., Hom.22, Ad popul., gurab fearr do neach tar d'fhulang agus a theanga do thiormughadh agus do sheargadh le háoine agus absdanaid (agus mar sin dá gach peannaid fhuilngeas duine ar an sáoghal sa) ar feadh tamaill iná bheith mar an saidhbhir úd ar a labhrann Críosd san soisgéul, Luc. 16, d'éis shóidh agus shásdachda an tsaoghail si seal aithghearr, agá phianadh go síordhuidhe i n-ifrionn. Ná glacadh dá bhrígh sin sgáth ná droichmheisneach sibh ar son sligheadh na haithrighe do bheith crúaidh cumhang docamhlach, mar adeir Críosd, Matt. 7, achd féuchaidh, mar theagaisgeas Crios.,Hom.24, In Matt., cáit a bfhuil ag tarraing, .i. go port nimhe agus go glóir shuthain gan fhoircionn. Ná féuchaidh fós amháin go bfhuil an tshlighe atá contrárdha dhi, .i. slighe na hantola, fairsing socair so-imtheachda, mar adeir Críosd san áit chéudna, achd measaidh go grinn, mar adeir Crisos. réumhráite, cáit a mbéura sibh, .i. go pianaibh síordhaidhe ifrinn, ar a nguidhim Día dá bhar seachna agus do thabhairt ghrás dháoibh dochum toraidh dhiongmhála na haithrighe do dhéunamh. Amen. Bhar seirbhíseach féin a gCríosd, Fr. B. C.
A n-ainm Dé tionnsganthar riaghail threas uird S. Froinsias, dá ngoirthear Órd na hAithrighe.
An chéudchaibidil. Don mhodh ar ar cóir cúartughadh nó rannsughadh do dhéunamh ar an muinntir léurab toil teachd isin n-ord sa. Ar tús déuntar cúartughadh géur agus rannsughadh ar an luchd léurab mían an modh beathadh so do choimhéud nó an sdaid se do ghlacadh: an bhfuilid 'na gcatoilicibh nó umhal don n-eaglais náomhtha. Agus má admhaid sin go daingean agus go gcreidid é go fírinneach, as éidir a nglacadh san n-órd sa. Gidheadh, déuntar coimhéud grinn gan áoinneach do ghabháil ann ar a mbeith suspition nó amharas fá eithriceachd, nó do-ghéubhadh míochlú, nó ar a mbeith drochainm roimhe sin. Agas dá bhfaghthar áonnduine iarna ghlacadh mar sin, toirbhearthar dá smachdughadh gan mhoill do luchd rannsaíghthe agas smachdaighthe na heithriceachda mallaighthe é. Don mhodh ar ar cóir an luchd leurab mian teachd isin ord so do ghlacadh. An dara caibidil. An tráth iarrfas neach teacht san sdaid si, na haithre atá arna n-ordughadh agus aga bhfuil ughdarrdhás dochum daoíneadh do ghlacadh ann, féuchaid go grinn aireach ar a oifficc, ar a sdaid, agus ar a choingheallaibh, agus cuirid síos dó gach ualach dá bhfuil a ndiaidh an té ghlacas an riaghail si, agus go prionnsiopálta mar atá d'fhiachaibh air aiseag do thabhairt in gach ní dá bhfuair nó dá bhfuil aige go holc nó go héicceart. Ar ccoimhlíonadh gach neith díobh so, más toil leis féin, glacthar é; agus má atá fiacha ag aonnduine air, tugadh díolaidheachd
uaidh do láthair (má atá aige) nó geall ré díolaidheacht; go háiridhe déunadh díthcheall bheith réidh ris na comharsanaibh. Ar ccoimhlíonadh gach neith díobh so agus ar ccaitheamh bliadhna dó, maille re comhairle choda do na dearbhbhráithribh bhias 'na ndisccréidibh, má chíthear dóibh a bheith iomchubhaidh nó gurab díol air é, tugthar profession ar an modh so dhó, eadhón go ngeallfa sé aitheanta Dé uile do choimhéud, agus go dtiubhra sásadh, mar as iomchubhaidh úaidh, an tan iarrfaidhear air é, do réir thoile an úisitátor, in gach ní dá ndiongna a n-aghaidh na riaghla so agus na sdaide náomhtha. Agas sgríobhthar an gealladh so do-ghéuna fá láimh shecretari phuiblighe. Agas ná glacthar éinneach leis na haithribh réumhráite achd ar an modh sin, muna bfhaicthear dóibh féin a aithearrach, ag sgagadh agus ag féuchain go dúthrachdach ar choingheall, ar sdaid, agus ar dhignit na pearsan bheid do ghlacadh. Ordaighmíd tar a éis so gan cumhachda do bheith ag áonnduine dá nglacfaidhear san náoimhriaghail si a tréigean arís, ag filleadh tar a ais dochum an tsháoghail. Gidheadh, as éidir dul aisde go hord oile atá arna dhaingniughadh ón n-eaglais. Ní héidir do mhnáibh pósda teachd san riaghail si gan cead dá bhfhearaibh. Do fhoirm aibíde agus do cháilidheachd éudaigh bhráthar agus sheathrach an treas uird. An treas caibidil. Bíodh éudach bhráthar an uird náomhtha so tarcaisneach do tháobh a luaigh agus a dhatha, agus ná bíodh bán ná dubh achd riabhach, ar dath luatha nó críadh, muna bhfaicthear do na húachdaránaibh dispensáid do dhéunamh ina bheith nías mórluaigh, le duine dhíobh a gcúis fhollais dhlisdionaigh ar feadh tamaill. Ná bíd a gclócadha gearrtha ná osgailte; bíd a muinchilleadha dúnta; agus ná bíd a n-éudaighe déunta ar mhodh bháoth ná úallach achd go macánta tromdha.
Bíd clócadha fós agus cótadha nó aibíde na seathrach do shórt an éadaigh réumhráite, nó go háiridhe mar aon lena bhfallaing nó lé a glóca bíodh gúnna inmheadhónach orra d'éudach bhán nó dhubh, nó gúnna fairsing foirimealach do chnáib nó do líon shleamhain gan déunmhas. Do tháobh iomorró éudaigh nó chulaidheach na ndeirbhsheathrach, as éidir dispensáid do dhéunamh ríu do réir cháilidheachda na bpearsan agus ghnáis na háite a mbíd. Ná gnáthaighid calladha, ná bréide cinn ná brollaigh, ná creasa do shíoda ná do shról do bheith aca, ná línín réna n-éudaighibh, achd amháin croicne leasaighthe úan fána n-olainn. Ná bíd sbaráin chúirialta ná bhreaghdha, ná creasa déunta do shíoda ag na dearbhbhráithribh ná ag na seathraibh, achd sbaráin shimplidhe déunta do leathar, agus creasa nó córdadha garbha snadhmacha, ar dtréigean agus ar dtarcaisniughadh bhréugán ndíomháoin an tsáoghail si, do réir chomhairle airdphrionnsa na n-apstol, Pheadair náomhtha, 1 Pet. 3. Cionnas toirmisgthear ar an muinntir ghlacas an sdaid si dol ar cuireadh mhíomhacánta nó dol d'fhéuchain chluicheadh ndíomháoin nó énní do thabhairt don luchd do-ní íad. An ceathramhadh caibidil. Toirmisgthear orra dol ar cuireadh mhíomhacánta ná d'fhéuchain chluicheadh n-aiérdha gcomhchoitcheann bpuiplighe nó a leithéid oile; agus ní ceadaightheach dhóibh áoinní do thabhairt tré dhíomháoineas do luchd a ndéunmha ná fós a léigean do mhuinntir a dtighe ní ar bith do thabhairt dóibh. Don absdanaid agus don trosgadh. An cúigeadh caibidil. Ní cóir dhóibh feóil d'ithe nó do chaitheamh ceithre lá don tsheachdmhain, mar atá Lúan, Céudáoin, Áoine, agus Satharn,
muna rabhaid lag nó teinn. Gidheadh, as éidir leis an té dá sgáoilfidher cuisle feóil do chaitheamh trí lá 'na diaidh. Ní fhuil d'fhiachaibh ar an muinntir bhias ar siubhal an trosgadh sin do dhéunamh. As éidir fós lé bráithribh agus le seathruibh an uird si feóil do chaitheamh an tráth theagmhas sollamain phrinnsiopálta ann lá troisgthe inab seanghnáth ag na críosdaidhibh go coitcheann féoil do chaitheamh. Sna laithibh eile imorró ar nách bíaidh trosgadh, as éidir dhóibh uighe agus cáise do chaitheamh. An tan thiocfaidh dochum choimthionóil dháoineadh riaghalta oile, as éidir dhóibh gach biadh dá mbiaidh aca do chaitheamh léo. Agas ná hithid achd cuid agus dínnéur amháin, leath amuigh do dháoinibh laga, do dháoinibh teinne, agus don mhuinntir bhias ar siobhal. Na dáoine imorró bhias slán, bíd measarrdha ina mbiadh agus 'na ndigh, do réir bhréithre Dé, Luc. 21, adeir, “Tabhraidh dá bhar n-aire gan bhar gcroidhthe do dhéunamh trom le cráos ná le meisge.” Ná caithid cuid ná dínnéur nach aibeóraid Paidear agus AveMaria ría gach bproinn dhíobh, agus tabhraid altughadh buidhe do Dhía tar éis gach proinne. Agas má léigid díobh gan sin do rádh san n-am chinnte, abraid trí Paidreacha agus trí AveMária ar a son úair éigin eile. Troisgid an Áoine ar feadh na bliadhna, muna rabhaid teinn nó muna raibhe cúis dhleisdionach eile aca, nó muna ttí Lá Nodlag ar an Áoine. Troisgid fós an Áoine agus an Chéudáoin ó Shamhain go Cáisg, agus gach trosgadh oile dá n-oirdeócha an eaglas. Atá fós d'fhiachaibh orra gach áonlá do throsgadh, achd an Domhnach amháin, ó fhéil Mártain go Nodluig agus ón Domhnach roimh Inid go Cáisg, achd muna mbaca riachdanas nó eassláinte dhíobh é. As éidir leis na deirbhsheathraibh don ord sa, dá rabhaid torrach, gan trosgadh ar bith do dhéunamh agus íad féin do chongmháil ón uile dhúadh agus sháothar chorpardha oile, achd amháin urnaighthe, go n-éirghid as a luighe shéola. As éidir leis an muinntir bhías ag déunamh sáothair biadh do chaitheamh trí húaire san ló ó Dhomhnach Cásg go féil Mícheíl. An uair fós bhias áonchuid aca ar obair ag dáoinibh oile, as éidir léo gach biadh dá gcuirfidhear 'na bfhiadhnaisi do chaitheamh achd amháin Dia hÁoine nó lá troisgthe eile fhógras an eaglas.
Cia líon d'úairibh as cóir dóibh fáoisidin do dhéunamh agus cumáoneacha do chaitheamh san mbliadhain. An seiseadh caibidil. Atá d'fhiachaibh ar gach áonnduine do na dearbhbhráithribh agus do na deirbhsheathraibh fáoisidin do dhéanamh agus corp Críosd do ghlacadh go cráibhtheach trí húaire san mbliadhain, .i. fá Nodlaig, fá Cháisg, agus fá Chingcighis, agus sásadh do thabhairt an úair sin dá gcomharsanaibh, agus lóirghníomh do thabhairt uatha don luchd aga mbía fiacha orra. Mar nach cóir dhóibh airm d'iomchar dochum urchóide do dhéunamh d'áoinneach. An seachdmhadh caibidil. Ní cóir do na dearbhbhráithribh arm d'iomchar a n-aghaidh áonduine, achd amháin do chosnamh na hEaglaise Rómhánaighe nó an chreidimh chatoilice nó a ndúthaighe féin, achd lé cead a n-úachdaráin. Don Oiffic Dhiadha. An t-ochdmhadh caibidil. Atá d'fhiachaibh ar gach áonnduine dá mbia san ord sa seachd n-úaire cánonta do rádh gach láoi, mar atá maitín, prím, teirse, sexta, nóin, easpart, agus compléid. An chuid dhíobh bhias 'na gcléirchibh agus léughas an tpsaltair, ar son príme abraid Deus in nomine tuo, etc., Beati immaculati, etc., agus Gloria Patri, etc. An tan imorro nach rachaid don eaglais, abraid ar son mhaitín na psailm as gnáth leis an gcléir oile nó leis an eaglais chaiteadrálta do rádh, agus muna n-abraid sin abraid go háiridhe, mar adeirid an mhuinntear ag nach bí foghlaim nó Laidean, .i. dá Phaidir dhéug ar son maitín, agus ar son gach uaire oile do na
sé huairibh cánonta seachd bPaidreacha agus Gloria Patri, etc. Agas cuirid fós le seachd bPaidreachaibh príme agus compléide an Chré, agus Miserere, má atá aca. Muna n-abraid na huaire si ina dtráth nó 'na n-am féin, abraid a bPaidir trí huaire. Gidheadh, ní fhuil d'fhiachaibh ar dháoinibh teinne an oiffic dhiadha do rádh mun bú toil leó féin é. Bíodh cúram aca bheith ag tráthaibh ina n-eaglasaibh porráisde a n-aimsir Chorghais S. Mártain agus san Chorghas mhór, muna mbeana cúis dhleisdeanach dhíobh é. Mar atá d'fhiachaibh ar gach áon dá dtig san n-ord so a thiomna do dhéunamh, más éidir leis ó dhligheadh é. An naomhadh caibidil. Atá fós d'fhiachaibh ar gach áonnduine don n-órd sa, léurab éidir ó dhligheadh é, a thiomna do dhéunamh agus gléus agus ordughadh do chur ar a mhaitheas agus ar a mháoin fáoi cheann thrí míos d'éis teachda isin riaghail si dhó, d'eagla go bfhuigheadh áonnduine dhíobh bás gan tiomna. Cionnas as cóir síth do dhéunamh idir na dearbhbhráithribh agus cách oile. An deachmhadh caibidil. Do thaobh shíodha do dhéunamh idir bhráithribh agus seathraibh an uird si, agus dáoine oile, dá rabhaid eissíodhach nó easáontadhach re chéile, dá bfhaicthear é do na huachdaránaibh, déuntar í (más éidir) maille re comhairle an easpuig bhías ós a gcionn.
Créud as cóir dhóibh do dhéunamh an tan chuirfidhear buaidhreadh orra fána bpriuiléidibh nó fána sáoirsi. An t-aonmhadh caibidil déug. Má chuirid uachdaráin nó tighearnadha na n-ionadh a mbeid bráithre nó seathra an Treas Uird 'na gcomhnaidhe nó ag áitiughadh buaidhreadh nó trioblóid orra fána bpriuiléidibh nó a n-aghaidh a sáoirsi, déunaid na húachdaráin nó na haithre atá ós a gcionn comhairle ris na heaspagaibh agus ris na hoirdionáiribh atá sna háitibh céudna, agus déunaid do réir an ordaighthe agus na comhairle ghéubhaid uatha. Nach cóir dhóibh mionna puiblighe do thabhairt, an mhéid gurab éidir é. An dara caibidil déug. Seachnaid mionna ar bith sollamanta do thabhairt gan riachdanas, achd amháin is na cásaibh atá ceadaightheach ón Eaglais Apstolda. As iad imorró na cáis, .i. a gcúis shíodha do dhéunamh, a gcúis dhuine do ghlanadh ó choir bhréige, a gcúis fhiadhnaisi, a gcúis cheannaigheachda nó reacaireachda, agus a gcúis tiodhlaicthe nó bhronntanais, más iomchubhaidh nó oircheas sna cásaibh sin mionna do thabhairt. Seachnaid mar an gcéudna fána ndíthcheall mionna do thabhairt a gcomhráitibh coitcheanna. Agas dá dteagmhadh go neamhaireach go ttiobhradh áoinneach aca úair éigin mionna le rith teangadh, mar as gnáth do na dáoinibh briosglabharthacha, cainnteacha, an lá céudna im nóin, an tráth bhias ag sgrúdadh a choinséis (mar dhligheas a smuaineadh cionnas do chaith an lá) abradh trí Paidreacha agus trí AveMaria a n-éuraic gach neith dá ndearna go neamhaireach an lá sin. Bíodh fós gach duine don ord sa ro-aireach cúramach fá a thabhairt ar a muinntir bheith cráibhtheach diadha, agus brosdadh agus gríosadh go friochnamhach chuige sin iad.
D'aifrionn d'éisdeachd, agus don chomhchruinniughadh as cóir dhóibh do dhéunamh. An treas caibidil déug. Éisdid na dearbhbhráithre agus na seathra aiffrionn gach áonlá, más éidir dhóibh é gan docamhal. Cruinnighid fós uair gach áoinmhí go háonáit amháin a n-aibeóraid agus a n-oirdeóchaid a n-uachdaráin dóibh teachd, agus éisttid aiffrionn san ionadh chéudna. Agas déunadh gach duine dhíobh déirc do réir a acfainne annsin; agus ordaighthear duine aca féin ghlacfas agus roinnfeas í do réir thoile agus comhairle na n-uachdarán idir na dearbhbhráithribh agus na deirbhsheathraibh bhias bochd nó uireasbhadhach agus go háiridhe bhías teinn nó easslán nó ag nach biadh ní do caithfidhe lena n-adhnacal go honórach. Agas tugaid offráil mar an gcéudna uatha dochum na heaglaise nó an ionaidh a mbiaidh an comhchruinniughadh sin aca do chongmháil súas. Déunaid fós díthcheall, más éidir é, duine maith riaghalta bhias 'na sheanmóntuidhe do bheith aca, ghluaisfeas íad agus theagaisgfeas dhóibh aithrighe agus oibre na trócaire do dhéunamh. Agas bíd roaireach cúramach an feadh bheid ag éisdeachd aiffrinn nó seanmóra bheith tosdach, aireach coimhéudach amháin ar a n-urnaighthe agus ar an oiffig dhiadha, muna mbeana cúram sheirbhísi cháigh oile díobh é. Do na dearbhbhráithribh agus do na deirbhsheathraibh bhias teinn nó ghéubhas bás. An ceathramhadh caibidil déug. An tráth theigéumhas áonnduine don n-órd so teinn, atá d'fhiachaibh ar an athair ar a mbíaidh a gcúram, dá bfhagha sgéula ón easslán, cuairt do dhéunamh aige nó duine eile do chur ar cuairt chuige uair san tsheachdmhain, agus a bhrosdadh agus a ghríosadh go dúthrachdach dochum na haithrighe. Tabhradh fós fá deara a riachdanas do thabhairt dó, muna bhfuil ní aige féin, as an ndéirc gcoitchinn. Agas dá bhfagha bás, tugthar
sgéula gan mhoill dá gach duine don n-órd bhias a n-áonbhaile nó a n-áonáit ris dochum bheith ina bpearsanaibh féin ar a shochraide, agus ná sgaraid ris go gcríochnaighthear na haiffrinn agus an t-adhlacadh. 'Na dhiaidh sin abradh gach áon do na dearbhbhráithribh agus do na deirbhsheathraibh fó cheann ochd lá cáoga Paidear, agus Requiem aeternam dóna eis Domine ar deireadh gach Paidre dhíobh. An chuid imorró aca léughas an tpshaltair, abraid ar son na bPaidreach réumhráite cáoga psalm, agus an mhuinntear bhias 'na sagartaibh áonaiffrionn amháin. Atá fós d'fhiachaibh ar gach énphearsain don n-ord sa trí haiffrinn do chur dá rádh gach áoinbhliadhain le sláinte anmann na ndearbhbhráithreach agus na ndeirbhsheathrach beó agus marbh. An mhuinntear fós léughas an tpshaltair, abraid í leis an inntinn gcéudna, agus an chuid oile céud Paidear, agus Requiem eternam dona eis Domine a ndiaidh gach Paidre dhíobh. d'oifigeachaibh an uird si. An cúigeadh caibidil déug. Glacadh gach duine don ord so go cráibhtheach gach oiffic agus gach úalach dá n-órdaigheann an riaghail, agus bíd friochnamhach dúthrachdach agá ndéunamh. Ná cuirthear oiffig ar áoinneach dhíobh achd ar feadh aimsire áiridhe. Ná bíodh áonuachdarán aca achd seal aimsire cinnte. Don uisitation agus don smachdughadh as cóir do dhéunamh ar luchd bhrisde na riaghla so. An seiseadh caibidil déug. Cruinnighitt oifficigh, dearbhbhráithre, agus seathra gach aonbhaile dochum eaglaise nó ionaidh oile riaghalta, más éidir é, dochum uisitatioin, agus bíodh sagart d'ord riaghalta éigin atá arna
dhaingniughadh ón eaglais 'na uisitátor aca, smaichdéochus iad agus chuirfeas bhreith n-aithrighe orra ar son gach neith dá ndiongnaid a n-aghaidh na sdaide riaghalta so. Agas ní héidir d'aoinneach oile an uisitation ná an smachtughadh so do dhéunamh achd do dhuine riaghalta amháin. Ná déuntar an uisitation céudna achd uair san mbliadhain gan riachdanas mór. Cuirthear imorró as an órd, do chomhairle na ndisgréideadh, na dáoine dosmachtaighthe nó easumhla muna leasaighid íad féin iar bhfagháil teagaisg agus comhairle ón uisitátor trí huaire. Mar atá d'fhiachaibh orra gan aimhréiteach do bheith eatorra féin ná aca ré dáoinibh oile. An seachdmhadh caibidil déug. Seachnaid dearbhbhráithre agus deirbhsheathra an uird si, an mhéid bhús éidir é, gan aimhréiteach ná neimhtheacht do bheith aca re a chéile; agus a gcás go tteigéumhadh sin eatorra, bíd rochúramach aireach fá réiteach do dhéunamh, nó déunaid moladh an dlighidh do láthair bhreitheamhan aga mbia ughdardhás. Do na dáoinibh leurab éidir dispensáid do dhéunamh sna troisgthibh órdaigheas an riaghail. An t-ochdmhadh caibidil déug. As éidir le hoirdionáiribh na n-ionadh a mbeid agus leis an úisitátor a gcúis dhleisdionaigh, nó an tráth bhús iomchubhaidh é, dispensáid do dhéunamh ris na dearbhráithribh agus ris na deirbhsheathraibh in gach absdanaid, throsgadh, agus chrúas oile órdaigheas an riaghail do choimhéud.
Mar atá d'fhiachaibh ar oifficeachaibh an uird si gach lochd follas dá mbia sna dearbhbhráithribh agus sna deirbhsheathraibh d'innisin don úisitátor. An naomhadh caibidil déug. Atá d'fhiachaibh ar oifficeachaibh an uird si lochda coitcheanna nó follasa cháich oile do nochdadh don uisitátor. Agas más aithnidh dhóibh áoinneach, tar éis teagaisg agus comhairle d'fhagháil trí huaire, leis ná budh áil é féin do leasughadh, maille re comhairle na ndearbhbhráthar atáid 'na ndeisgréidibh déuntar casáoid risan uisitátor air dochum go gcuireadh as an órd é; agus cuirthear a gcéill do chách uile go coitcheann gur cuireadh amach mar sin é. Cionnas nach fuil áoinní dá bfhuil san riaghail si d'fhiachaibh fá pheacadh mharbhtha. An ficheadmhadh agus an chaibidil déidheanach. Ní fhuil obliogáid pheacaidh mharbhtha ar an muinntir ghlacthar san riaghail si fá áoinní dá gcuirthear síos innte do choimhéud achd an ní atá toirmisgthe ó aithne na heaglaise. Gidheadh, atá d'fhiachaibh orra gach peannaid agus gach breath aithrighe dá gcuirfid na huachdaráin orra ar shon na riaghla so do bhriseadh do ghlacadh go fonnmhar umhal agus a coimhlíonadh go dúthrachdach. Críochnuighthear riaghail Threas Uird ar náomhathar S. Froinsias.
Tráchdadh athchumair ina bfhoillsighthear méud na tarbha agus na maitheasa spioradálta atá ag an muinntir ghlacas an sdaid bheannaighthe si. As maith as éidir a rádh gurab cosmhail riaghail Threas Uird S. Froinséis, dá ngoirthear Ord na hAithrighe, risan bfhearann úd, ar a labhrann ar dTighearna Críosd ag Matha suisgél san treas caibidil déug, ina raibhe óirchisde a bfholach. Óir atá an uiread sin do sdór, d'ionnmhas, agus do mhaitheas spioradálta a bfholach innte, ionnas, dá bhfaghadh cách go coitcheann eólas nó tathaighidh uirre, dá dháoire dá goiséunadh dhóibh do dhuadh, do dhochar, do throsgadh, d'urnaighthe, nó do pheannaid chorpordha oile, go gcinneóchdaois í gan amharas, agus go háirídhe nach fuil áoinneach aga bhfuil cúram fá mhaith agus fá leas a anma nach glacfadh go fonnmhar a n-aisgidh í. Óir ní chuireann ceangal ná obligáid ar an luchd ghlacas í fá áoinní dá bhfógrann do choimhéud, agus gnoaighid roiomad saidhbhris agus maitheasa spioradálta uirre. Ar tús as mór an mhaith don mhuinntir ghlacthar san n-órd so go fhuilid 'na gcloinn ndílis ag S. Froinsias agus go bhfhuil cúram mór (mar bhíos ag athair fána chloinn) aige 'na dtimcheall, go mbí ag guidhe Dé do shíor ar a son agus go bhfuil 'na adhbhocóidigh aca a bfhiadhnaisi na Tríonnóide fá thrócaire do dhéunamh orra, agus 'na sgéith dhídin, anacail, agus chosnamha eatorra agus díoghaltas Dé an tráth do-níd peacadh, lé a mbrosdaid agas lé a ngríosaid a fhearg. As meinic do thuill pobul Israhél díoghaltas do theachd orra tréna bpeacthaibh troma; gidheadh, do-bheireadh Día maithmheachas agus pardún dhóibh tré impidhe agus ghuidhe Máoisi. Agas léughthar an ní céudna ar iliomad náomh oile san tseinreachd agus san reachd núa. Agas nach measann tú, mar adeir S. Bearnard milis, an tráth do bhádar na náoimh coimhthréun agus comhchumhachdach agus so ar Dhía ar an sáoghal sa go bfhuilid nías rochumhachdaighe agus
nías roithréine iná sin anosa air a bfhlaitheamhnas? Meas, a charaid, as so go bfhuil S. Froinsias roithréun anos ar nimh agus 'na impidheach romhór ar a Thighearna, agus mar sin gurab mór an mhaith dhuitsi bheith id mhac aige agus a bheith ag guidhe ar do shon do shíor. Sgríobhaid fós mórán ughdar seasmhach foghlamtha, Firmament. 3 ord., 1 p., f. 18; Specul. vit. S. Fran., f. 175; Sacrarium privileg. S. Fran., f. 66 ad longum, agus iomad oile gur dhearbh an Pápa, an náomhadh Griogóir, gur adaimh S. Froinsias dó féin go bhfuair sé do ghrásuibh agus d'athchuinghidh ó Dhía nach bhfuigheadh áoinneach drochbhás ina aibíd féin choidhche, fá mar fuair do phriuiléid oile, mar adeirid na hughdair chéudna, ná budh búan áoinneach aga mbiadh droichbheatha ina ord gan a fhágbháil nó a bheatha do leasughadh. Sgríobhaid mar an gcéudna ughdair oirdhearca, Bartolom. Pisan., Conform., lib. 3, fruct. 3, f. 233; Specul. vit. S. Fran., f. 174; Anton de Aca, Lib. hist. stigm., c. 7; B. Ioanna de Cruce, in revelat.; Iacob. Oddo, Specul. francisca.; Sacrarium privileg. S. Fran., a n-append. ad longum, go dtug Críosd do S. Froinsias, an tráth do chuir séula agus comhardha a chréuchd féin air dochum go mbeith cosmhail ris féin iarna bhás fá mar do bhí ina bheathaidh, cumhachda dul go purgadóir comhainm an láoi fuair féin bás, dá ngoirmíd lá S. Froin., agus an mhéid do-ghéubhadh dá thrí hordaibh féin ann do bhreith leis go flaitheamhnas, mar do-chúaidh féin iar bhfagháil bháis dhó go hiffrionn na n-aithreach náomhtha agus mar rug leis ar neamh íad. Ionnas, mar so, gibé duine bhias i n-áonórd do thrí hordaibh S. Froinsias, nach bíaidh do phurgadóir air gibé úair ghéubhas bás achd go lá féile an náoimh chéudna. Agas cionnas nár mhór an tarbha dhuitse atá san Treas Ord bheith páirteach risan gcuid oile do chloinn San Froin. sna priuléidibh móra so? Atáid fós dearbhbhráithre agus seathra an uird si a bpáirt agus a gcomann a loghthaibh, a ngrásaibh, agas a bpriuiléidibh spioradálta re hOrd S. Froinsias, S. Clara, agas re hOrd S. Dominic, mar geibhthear ag an mbulla tug Xixtus 4 úadh, dá ngoirthear Bulla aurea, Firmament. 3 ord., p. 5, t. 4, fol. 36; agus do bhrígh go bhfuil cumann ag na hordaibh réumhráite re gach
áonord oile, mar geibhthear san mbulla chéudna, atá an rannpháirt agus an cumann céudna acasan. Atá cuid agus páirt aca dá gach urnaighthe, throsgadh, aiffrionn, sheanmóir, dhisipliona, thuras, pheannaid, agus dá gach obair dhíadha oile dá ndiongnaid bráithre S. Froinséis ar feadh an domhain uile. As mór an mhaith dóibh, ar son nach dáoine riaghalta iad dáríribh do bhrígh nach dtugaid trí móide, mar atá móid bhochdachda, gheanmnaidheachda, agus umhlachda, tar a cheann sin go bhfuil riaghail agus beatha dhiadha aca do ordaigh agus do thionnsgain S. Froinsias dobhí roéolach feasach ar na slighthibh trésa ngabhthar go flaitheamhnas agus ar sheicréidibh nDé. Atá fós iarna daingniughadh leis an eaglais náomhtha, agas go ngealltar do neach an tan do-ní profession innte an bheatha shuthain, má chongmhann í. Atá sí fós 'na slighidh dhearbhtha chinnte chomhdhaingin dochum duine do shlánughadh agus sin gan pheiriacail pheacaidh, óir ní cheanglann áoinní fá phéin pheacaidh ar an luchd ghlacas í achd amháin smachdughadh do ghlacadh ó na huachdaránaibh an tráth do-ghéunaid áoinní 'na haghaidh. Atá fós bliadhain aca mar atá ag gach áonord oile dochum a ndearbhtha ria bprofession do dhéunamh dhóibh. Atá fós aibíd do réir fhoirme, chuma, agus dhatha ar leith ó aibídibh na n-ord oile aca, agus atáid a dtroisgthe, a n-urnaighthe, a ngnáthoibreacha agus a n-exersise riaghalta síos aca ina riaghail go hordaighthe, agus iad sin uile gan obliogáid pheacaidh, ina héidir dispensáid do dhéunamh riú an tan bhús riachdanas nó bhús iomchubhaidh é. Mar an gcéudna atáid a ndéunaid do dheaghoibribh nías uaisle agus nías mórluaigh an tráth do-níd íad do dhruim a bprofession san riaghail se ináid na hoibre céudna an tan do-níd dáoine oile íad. Cúis oile fárab mór an lúaighidheachd atá ag an muinntir atá san n-órd so, .i. go bhfuil siocair laitheamhail aca freacar agus exersis do dhéunamh sna huile shubháilchibh, mar ordaigheas an riaghail dhóibh a n-áitibh éxamhla. Ar tús caithfid an creideamh d'admháil, óir as éigean dóibh, mar adeir an riaghail san chéudchaibidil, bheith 'na gcatoilicibh agus umhal don nEaglais
Rómhánaigh. Bídh fós dóchus láidir aca, do bhrígh go ndéunaid profession a nOrd na hAithrighe, as fundameint don dóchus iar bpeacadh; óir mar nach éidir don tí nach déin aithrighe d'éis pheacaidh dóchas do bheith aige go sláineóchthar é, as mar sin bhíos lánndóchas ag an té do-ní í go sláineóchthar é gan amharas, óir as í an aithrighe áointshlighe tré a ngabhaid go flaitheamhnas an mhéid do-ní peacadh iar mbaisdeadh do shíol Ádhaimh. Atá siocair aca mar an gcéudna iad féin do fhreacrughadh a ngrádh Dé, óir atá d'fhiachuibh orra, mar ordaigheas an riaghail ina bprofession, cap. 2, gealladh do thabhairt na haitheanta do choimhlíonadh agus do choimhéud, as séula agus as comhardha fíre ghrádha Dé, mar adeir Críost ag Eóin, cap. 14, “An té ghrádhaigheas mé, coimhéudaidh mh'aitheanta.” Fógraidh fós an riaghail chéudna grádh na gcomharsan dhóibh, óir iarraidh san cap. 6 réiteach agus síothcháin do dhéunamh riú agus gan bheith a mbuaidhreadh ná a n-easáonta re háoinneach. Fógraidh mar an gcéudna dhóibh na subháilche oile, agus ar tús an ceart, san dara caibidil, do bhrígh go gcuireann d'fhiachaibh aiseag do thabhairt dá gach duine dá ndligheann fiacha dhíobh, óir as é an ceart fíre a chuid féin do thabhairt dá gach áon. Cuiridh fós an riaghail síos dá cloinn, cap. 9, bheith trócaireach ríu féin agus risan gcomharsain; ríu féin imorró, óir fógraidh dhóibh a dtiomna do dhéunamh fá cheann thrí míos d'éis teachd san ord so d'eagla go bhfuighdís bás obann agus ionnas go mbeidís a n-am a mbáis aireach cúramach ar a n-anmannuibh amháin agus nach gcuirfeadh cúis ar bith shaoghalta búaidhreadh orra. As é so imorro theagaisgeas an Spiorad Náomh, Eccle. c. 19, ag rádh, “Dén trócaire ar th'anmain ag taitneamh re Día.” Ordaighidh mar an gcéudna dhóibh, cap. 14, bheith trócaireach re cách oile, ag guidhe agus ag urnaighthi ar bheóaibh agus ar mharbhaibh, ag tabhairt déirce do bhochdoibh, ag déunamh cuarta ag easslánaibh agus ag adhlacadh marbh. Iarraidh fós an riaghail chéudna ar an luchd ghlacas í bheith umhal uiríseal, agus tarcaisneach ar an sáoghal, óir ordaighidh dhóibh, cap. 3, éudach tarcaisneach beagluaigh gan bhreaghdhachd gan bhaos.
Ordaighidh fós dóibh bheith measarrdha troisgtheach, mar as follas as a gcuireann do throisgthibh agus d'absdanaid síos san gcúigeadh caibidil. Ordaighidh mar an gcéudna, cap. 8, don luchd ghlacas í bheith cráibhtheach diadha, óir cuiridh d'fhiachaibh orra trátha cánonta nó a gcoimhlíonadh do Phaidreachaibh do rádh gach láoi maille re mórán d'urnaighthe oile. Os cionn a ndubhramar as mór an mhaith thig dhóibh as an gcúram agus as an aire bhíos ag na huachdaránaibh orra, gá dteagasg agus gá mbrosdadh dochum gach neith dá n-ordaigheann an riaghail do choimhéud, dochum aithrighe do dhéunamh agus dola ar a n-aghaidh go laitheamhail sna subháilchibh. As mór fós an congnamh dhóibh chuige sin an tnúth spioradálta bhíos aca féin re chéile cía dhíobh do bhéuradh barr a subháilchibh agus a gcoimhéud na riaghla. As láidir fós an srian dá gcongmháil ó dhroichbhéusaibh agus ó pheacadh go mbí meas riaghalta ag na dáoinibh sáoghalta orra ar mhodh go mbí eagla agus náire orra fá gan bheith nías subháilchighe agus nías deigheisiompláirighi iná chách oile. Brosdaighidh mar an gcéudna dochum maitheasa iad eagla a gcora as an n-órd dá mbeidís droicheisiompláireach, mar órdaigheas an riaghail, cap. 16, ní as a bhfuighdís droichmheas agus míochlú sáoghalta. As moghéunar dá bhrígh sin do na dáoinibh bochda, atá arna mbádhadh agus arna gcoimhcheangal a gcúram an tsháoghail agus a gconntabhairt a ndamanta, theagas san n-ord bheannaighthe si ina bhfaghaid gach congnamh dá ndubhramar dochum a slánaighthe gan oibliogáid pheacaidh mharbhtha orra 'na dheadhaidh. As mór an lúthgháire do bheith ar dhuine do-ghéubhadh saidhbhrios nó maitheas sáoghalta tré sháothar agus tré dhochar mhór, agas cionnas ná bhudh maith le luchd na riaghla sa an saidhbhreas spiordálta agus an maitheas díadha ghnoaighthear agus bhuadhaighthear san ord so d'fhagháil gan mórán duaidh ná dochair, gan ualach go háiridhe fá oibliogáid orra 'na díaidh achd bheith ag déunamh leasa a n-anmann agus ag triall dá ndúthaigh tré shlighidh na haithrighe go ríoghaichd nimhe go sáimh sásda socair mar bhíos neach a luing nó a gcarbad gan tuirsi gan dochar ag triall ó thír go tír? Ionnas dar lat gurab risan luchd ghlacas
an riaghail si labhras Críosd ag Matha 11, “Tógbhaidh mo chuing-se agus do-ghéubha sibh cíunas dá bhar n-anmannaibh, óir atá mo chuing milis agus mh'ualach éudtrom.” As iomdha maith mhór táobh amuigh dá ndubhramar ag an luchd ghlacas an sdaid náomhtha so nach gcuirfeam síos annso d'eagla bheith liosda.
Tráchdthar annso ar loghthaibh agus ar ghrásaibh spioradálta Threas Uird San Froinséis. Tug an Pápa Xixtus 4 loghadh iomlán don uile dhuine idir fhior agus mhnáoi an lá ghlacfas aibíd an Treas Uird. Atá an loghadh céudna aca a bpunc a mbáis agus áonuair amháin ina mbeathaidh, Monument. trium ordin., p.5, t.2, f.36. Do mhol agus do dhaingnigh an Pápa Paulus 5 an loghadh réumhráite an bhliadhain si d'áois Chríosd 1606, agus tug loghadh na n-uile pheacadh dhóibh lá a bprofession dá ndearnaid fáoisidin aithrigheach agus comáoineacha do ghlacadh an lá céudna. Tug fós an pápa Iulius 2 dóibh loghadh iomlán gach lá adéuraid coróin Mhuire, ina bhfuil 62 Ave Maria a gcuimhne 62 bhliadhan meastar Muire do bheith ar an sáoghal sa, ag rádh Paidre idir gach dá dheichneabhar agus áonPhaidre go n-Ave Maria fá dheireadh le hinntinn an phápa. Tug Leo 10 an loghadh céudna dhóibh, ag rádh na gcúig psalm ndéug dá ngoirthear graduales. Tug an pápa céudna dá gach sagart don órd gach uair adéura aiffrionn Conception Muire, agus dá gach duine eile don n-órd so dá n-éisdfe é, loghadh iomlán. Tug fós míle bliadhan do loghadh dá gach duine dhíobh gach uair adéura cúig Paidreacha déug a síothcháin chréuchd Críosd. Tugadar na Pápadha Innocentius 4 agus Leo 10 do na sagartaibh bhías san ord so, gach áonnDomhnach agus gach féusda Muire nó an Tighearna adéuraid aiffrionn, agus dá gach duine oile don ord dá ndiongna fáoisidin agus comáoineacha sna laithibh céudna, loghadh iomlán. Tug an Pápa Clemens 5 cúig céud agus trí fichid lá do loghadh dá gach duine don n-ord sa bhías do láthair an chruinnighthe, ordaigheas an riaghail dóibh do dhéunamh uair san mí, ag éisdeachd risan riaghail gá léughadh. Tug an Pápa Xixtus 4 dá gach duine don n-ord so, gach lá adéura cúig Paidreacha agus cúig AveMaria le sdaid na hEaglaisi
Catoilice, san eaglais as neasa dhó nó san eaglais a dtoigéora fén, an uile loghadh agus ghrása do-ghéubhadh dá ndéunadh ina phearsain féin turas eaglas na Rómha agus Eaccailse Muire na nAingeal an lá sin. Tug an Pápa Leo 10 fós dhóibh, an uile uair do ló nó d'oidhche adéuraid cúig Paidreacha agus cúig Ave Maria agus áonPhaidear agus Ave Maria agus Gloria Patri le hinntinn an phápa, na loghtha céudna agus loghtha Ierusalem agus San Sém a gCompostealla. Dochum go dtuigfeadáois cách go soilléir agus fá leith na loghtha so na Rómha, cuirfeam síos annso go hathchumair an chuid as prinnsiopálta dá loghthaibh iomlána do réir uird laitheadh na míos ina bhfuilid. Mí Ian.. Lá Circumsition an Tighearna, loghadh iomlán, i nEaglais Eóin. Lá na hEpiphaini, loghadh iomlán, i nEaglais Pheadair. Lá Octáiue na hEpiphaini, loghadh iomlán, i nEaglais S. Marcus. Lá San Sebaistian, i n-eaglais an naoimh chéudna, loghadh iomlán. Mí Feb. Lá féile Muire na gCoinneall, i nEaglais Mhuire, loghadh iomlán. Lá Chatháoire Pheadair, a nEaglais Pheadair, loghadh iomlán. Lá féile Matias, a nEaglais Mhuire, loghadh iomlán. Mí Mart.. Lá S. Tomás, a nEaglais Minerua, loghadh iomlán. A Uigil Sant Beinéd, i nEaglais Ierusalem, loghadh iomlán. Lá S. Grioghóir, ina eaglais féin, loghadh iomlán. Lá féile Muire na Sanaisi, i nEaglais Mhuire, loghadh iomlán. Gach aon-tShatharn san gCorghus, i nEaglais Mhuire, loghadh iomlán. Gach áonlá ó Luan Dhomhnaigh na Pailme go Lúan Cásg, loghadh iomlán, a nEaglais S. Marcus. Lá Cásg, i nEaglais Pheadair náomhtha, loghadh iomlán.
Mí April.. Lá S. Marcus, loghadh iomlán. Mí Mai. Lá Bealtoine, a nEaglais An Dá Apstol Déug, loghadh iomlán. Lá S. Bernardin. d'Ord S. Froin., i nAra Caeli, loghadh iomlán. Lá Deasgabhála an Tighearna, a nEaglais Pheadair, loghadh iomlán. Lá Chuirp Chríosd, san eaglais chéudna, loghadh iomlán. Gach áonnDomhnach don mhí si, a nEaglais S. Seabaisttian, loghadh iomlán. Mí Iúin. Lá S. Antoine de Padua, i nEaglais Ara Caeli, loghadh iomlán. Lá fhéile Eóin Baisde, a n-eaglas an náoimh chéudna, loghadh iomlán. Lá fhéile Peadair agus Póil, ina n-eagalsaibh féin, loghadh iomlán. Mí Iul. Lá Cuarta Muire, ina heaglais féin, loghadh iomlán. Lá S. Bonauentura, a nEaglais Pheadair, loghadh iomlán. Lá Muire Magdalen, ina heaglais féin, loghadh iomlán. Lá S. Alexius, ina eaglais féin, loghadh iomlán. Lá S. Séum, ina eaglais féin, loghadh iomlán. Mí August. Lá Ghlas Pheadair agus ar feadh a octáiue, ina eaglais féin, loghadh iomlán. Lá fhéile Muire an tSneachda, a nEaglais Mhóir Mhuire, loghadh iomlán. Lá S. Dominic, a Minerua, loghadh iomlán. Lá S. Laurás, ina eaglais féin, loghadh iomlán. Lá S. Clara, i n-eaglasaibh Uird S. Froinséis, loghadh iomlán. Lá Assumptioin Muire, ina heaglais mhóir féin, loghadh iomlán. Lá S. Ludouicus, i n-eaglasaibh na mBráthar Mionúr, loghadh iomlán. Lá S. Augustín, ina eaglais féin, loghadh iomlán.
Mí Sept. Lá fhéile Muire mór, ina heaglais féin, loghadh iomlán. Lá féile na Croiche, i nEaglais na Croiche náoimhe, loghadh iomlán. Lá S. Ieronimus, i nEaglais Mhóir Mhure, loghadh iomlán. Lá fhéile Míchíl, ina eacclais féin, loghadh iomlán. Mí Octob. Lá S. Froinséis, ina eaglais féin, loghadh iomlán. Mí Nouemb. Lá Samhna, san Eaglais Rotunda, loghadh iomlán. Lá na Marbh agus go ceann ochd lá 'na dhiaidh, a nEaglais S. Ghriogh., loghadh iomlán. Lá Dedíchatioin Eaglaisi ar Slánaightheóra, san eaglais chéudna, loghadh iomlán. Lá Présentatioin Mhuire, a n-eaglasaibh Uird S. Froinséis, loghadh iomlán. Lá S. Siosuile, ina heaglais féin, loghadh iomlán. Lá S. Clemens, ina eaglais féin, loghadh iomlán. Lá féile Aindréas absdail, i nEaglais Pheadair, loghadh iomlán. Mí Decemb. Lá S. Niocolás, ina eacclais féin, loghadh iomlán. Lá S. Ambrós, ina eacclais féin, loghadh iomlán. Lá Conceptioin Mhuire, ina heaglais féin, loghadh iomlán. Lá Nodlac, a nEaglais Ara Caeli, loghadh iomlán. Lá S. Steapháin, i nEaglais S. Laurás, loghadh iomlán. Lá Eóin abstail, loghadh iomlán, a nEaglais ar Slánaightheóra. Lá na Macraidhe, a nEaglais Phóil abstail, loghadh iomlán. Lá S. Siluester, ina eaglais féin, loghadh iomlán. Tug fós Innocent 8 tré chumann phriuiléideadh dá gach áon don n-ord sa loghadh na n-uile pheacadh a bhféusda gach náoimh do thrí horduibh S. Froinséis dá bfhuil síosana, mar atá:
Lá Náomhanma Íosa, 1 Ian. Lá na mairtíreach S. Bern., Pet., Acur., etc., 16 Ian. Lá Mairtíreach na Iapponia, 5 Feb. Lá Translation San Antoini de Padua, 15 Feb. Lá S. Conrad. de Placent., 19 Feb. Lá S. Margarita de Cortona, 22 Feb. Lá S. Coleta, 6 Mar. Lá S. Pascalis, 16 Maí. Lá Translation San Bernardin., 18 Maí. Lá S. Felix, 19 Maí. Lá Translation S. Froinséis, 25 Maí. Lá S. Antoini de Padua, 13 Iun. Lá S. Elisabet, bainríoghna na Portugaile, 16 Iul. Lá S. Bonauentura, doctúir na heaglaise, 14 Iul. Lá Portiuncula nó Dedication Eagluise Muire na nAingeal, 2 Aug. Lá S. Clara, 12 Aug. Lá S. Rocus, 16 Aug. Lá S. Ludouic, mac ríogh na Siosuile, 19 Aug. Lá S. Ludouic, ríogh Franc, 25 Aug. Lá S. Rosa, 4 Septem. Lá Chréuchd S. Froinséis, 17 Sep. Lá S. Elsearius, 28 Sep. Lá Translation S. Clara, 2 Octob. Lá S. Froinséis, 4 Octob. Lá na mairtíreach Daniel, etc., 13 Octob. Lá S. Peadair de Alcantara, 19 Octob. Lá S. Ioan. Capistran., 23 Octob. Lá S. Iuo, 27 October. Lá Translation S. Ludouic, 10 Nouemb. Lá S. Didacus, 12 Nouem. Lá S. Elisabet, bainríoghna na Turingiae, 19 Nouem. Lá S. Iacob. de Marchia, 28 Nouem. Lá Conception Muire, 8 Decem. As iomdha loghtha agus grása leath amuigh díobh so ag an n-ord naomhtha so nach mian leam do chor síos annso do sheachna liosdachda. Agas dar leam as áoibhinn do neach an urdail si
féin do sdór agus d'ionnmhas dhiadha do bheith aige re haghaidh na sligheadh cruaidhe trésa ngabhthar don tír anonn agus fós re haghaidh gach fiach dtrom dá luigheann ag Dia go laitheamhuil orainn tré mhéud ar bpeacadh agus tré loighead ar n-aithrighe do dhíol ris gan mórán dochair nó sáothair dúinn féin dá sáothrughadh.
Tráchdthar annso ar méud onóra Threas Uird S. Froinséis fárab cóir móirmhes do bheith air. Ar tús as mór an onóir don n-ord náomhtha so gurab le hordughadh ar Slánaighthéora agus ar dTighearna Críosd do tionnsgnadh é, óir do labhair féin re S. Froinsias ag rádh trí huaire, “A Fhroinséis, tógaibh mo theach atá ag tuitim uile, mar do-chí tú féin.” Agas adeir an doctúir S. Bonauentura a mbeathaidh S. Froinséis gurab ar thrí hordaibh S. Froinséis do labhair Críosd trér tógbhadh agus trésar hathnuaidhigheadh teach Dé, .i. an eaglas. Cúis oile fárab onórach an t-ord so: do bhrígh gur tairngireadh é cían re n-aimsir S. Froinséis leis an abb dar bh'ainm Ioachim, aga raibhe spiorad thairrngire, mar sgríobhas Bartholom. Pisan., Lib.1 confor., fruc.1. Dar lat fós cuiridh an Spiorad Náomh fhíoghuir an uird si síos go soilléir san sgrioptúir ndiadha, Genes.19, mar a bhfhaghthar gur chuir Día (an tráth dobhí ar tí Sodoma do dhódh agus do losgadh go lár tré thenidh ó nimh) aingeal gusan bfhírén Lot agá fhógra dhó teicheamh agus gan anmhain ar áonchor a ngar don chathraigh mhallaighthi sin achd gluasachd go sliabh árd dochum a anma d'anacal agus do theasargain ar dhíoghaltas nDé. Agas mar do mheas Lot nár bh'éidir leis aitreabhadh nó comhnaidhe ar an sliabh árd, mar adubhradh ris, do iarr d'athchuinghidh agus do ghrásaibh ar an aingeal cead do thabhairt dhó anmhain a gcathraigh mbig dobhí idir Shodoma agus an sliabh, darab ainm Segor, dá imdhídean, ní noch do cheadaigh an t-aingeal dó. As éidir a rádh agus adeirthior go coitcheann gurab í an sdaid riaghalta ina dtugthar trí móide, tréna hairde agus tréna cruas, chiallaigheas an sliabh sa, agus gurab é an sáoghal bochd líonta do lochdoibh agus do pheacthoibh trésa dtuilltear fearg agus díoghaltas Dé tuigthear tré Shodoma, agus gurab é S. Froinsias ainglighe chiallaidheas an t-aingeal úd do cuireadh do sháoradh Lot, ar
a dtabhair an t-absdal Eóin, Apocal. 7, (do réir mar do foillsigheadh don náomhdhoctúir S. Bonauentura) aingeal ar a raibhe comharrdha Dé bhí, do ghoir agus do thogh Dia dochum na druinge dá ttug féin grádh agus gean, chiallaigheas Lot do tharraing agus do thréorughadh as Sodoma mhallaighthe an tsháoghail se dochum sdaide áirde na foirbhtheachda riaghalta, mar atáid an dá chéudord do thionnsgain. Agas do bhrígh go bfhuil mórán, ar aithris Lot, ag nach fuil meisneach an sdaid árd so do ghlacadh ná dol súas ar shliabh na foirbhtheachda riaghalta, do ordaigh ar náomhathair S. Froinsias dhóibh teachd go cathraigh Segor (ionann segor, do réir mhínighthe Chrisostomus, agus uirísiol nó beag) .i. a riaghail uirísil na haithrighe nó an Treas Uird, idir an sliabh, .i. idir sdaid dhocomhlaigh na beathadh riaghalta agus Sodoma an tsháoghail mheabhlaigh, dá gcáomhna agus dá n-imdhídean ar lasair theinntighe na ndubháilcheadh agus pheacadh ndeamhanda an tsháoghail chéudna, óir as do dháoinibh lé nach áil agus lé nach éidir dol a sdaid riaghalta, mar atáid lánomhna pósda, seanndáoine, agus aos easslán, do hordaigheadh í. Cuiridh an t-airdeaspug náomhtha d'Ord oirrdheirc S. Dominic, .i. S. Antoninus, ina chroinic, tit.24, c.1, ar n-athair S. Froinsias a gcosmhaileas risan bpatriarc Noe: óir mar do-rinne sé lé hordughadh nDé an áirc (ria ndílinn do theachd ar an gcineadh ndáonna) ina rabhadar trí teaghdhaisi ina mbeidís a rabhadar do dháoinibh agus d'ainmhintibh innte dá n-imdhídean ar an dílinn, as mar sin (ar sé) do ordaigh S. Froinsias trí huird, mar atáid an tOrd Mionúr, Ord S. Clára, agus Ord na hAithrighe, dá ngoirthear an Treas Ord, dochum gach áoin dá mbeith a n-áointeaghdhais don áirc náomhtha sa, .i. a n-áonord do na trí hordaibh réumhráite, do bheith gan ghuais gan ghábhadh ar dhílinn pheacadh agus dhubháilcheadh an tsháoghail si agus ar daingean ón mbás síordhuidhe. Óir, amhail fa deirbhfhear leanamhna láinndíleas d'Íosa Críosd léur bhó mian agus leur bho saint na huile do shlánughadh é, as amhlaidh sin, a n-ionnshamhail an Chríosd chéudna, dobhí ar lasadh d'fhonn agus d'áilghios an uile sdaid agus an uile dhrong agus aicme d'anacal agus do shlánughadh ó mhuir ngáibhthigh nguasachdaigh na beathadh urchradhaighe si; agus do chuir na trí náomhuird réumhráite a n-oireamhain don uile chinéul agus aicme, ionnas nach fuil críosduidhe ar bith, iar rochdain
go háois ndleisdionaigh dó, dá nach éidir é féin do shlánughadh a n-ord éigin aca. Dar lat fós as fioghuir fhírinneach do S. Froinsias agus do na trí hordaibh do thionnsgain (agárab é so an tras ord díobh) an crann fíneamhna úd ar a labharthar, Gen. 40, ar a rabhadar trí géuga glanáilne dá dtáinic bláth agus toradh adhbhalmhór, óir as álainn aidhbhseach an bláth agus an toradh tromchnúais táinig do na trí náomhordaibh neamhdha sin, go háiridhe d'Ord na hAithrighe ar a bhfuilmíd ag labhairt anois, óir do-chuaidh tar cinnteachd agus tar áireamh an nuimhir do ríoghaibh, do bhainríoghnaibh, do chairdionálaibh, d'easbagubh, d'airdeasbaguibh, agus do phréuláidibh oile, do shagartaibh beannaighthe, do phrionnsadhaibh, do dhiúiceadhaibh, d'iarladhaibh, do bharúnaibh, agus do dháoinibh móra oile, agas d'uaislibh gacha haicme ó soin amach dobhí agus atá aniodh san ord céudna, noch as éidir don léughthóir d'fhéuchuin agus d'fhagháil ag mórán d'ughdaraibh oile. Agas gé gurab mór so do mheas agus d'onóir don ord so, as mó go mór do ghlóir agas do dhearsgnoidheachd dó a dtáinig do náomhaibh oirrdhearca dhe iná nuimhir dá haidhbhle do ríoghaibh agus do phrionnsadhaibh sháoghalta, cuid dhíobh dá ngoirthear sancti, .i. re nglacann an eaglas go genearálta mar náomhaibh, cuid oile beati, .i. beannaighthe, onóraighthear i n-áitibh spesialta bíodh nach dearnadh fós canonisation orra. Cuirfeam a suim uile síos annso a rulla agus lá a fhéile féin os comhair gach áoin dhíobh as ughdaraibh seasmhacha dearbhtha, mar atáid Gonsaga, Marcus de Liosbona, agus Lúcás Uaiding a gcroinic Uird S. Froinséis; Antonius de Sillis, De tertiariis; Firmament. 3 ord., 5 p.; Bernardi. de Bustis; Arbor franciscana; Martirolog. Uird S. Froinséis. As éidir leis an léughthóir beathadha na náomh sa d'fhagháil ag na hughdaraibh céudna verbo Tertiaríí.
Rulla náomh agus bhannáomh Threas Uird S. Froinséis, dá ngoirthear Ord na hAithrighe, onóruigheas an n-eaglas go generálta. Do bhrígh nach é amháin go bfhuil S. Froinsias 'na athair agus 'na fhundúir ag an n-ord sa, mar atá ag an dá ord oile do thionnsgain, achd fós go raibhe féin dhá bhliadhain chomhlána sul do thionnsgain áonord oile a n-aibíd na haithrighe, cuirfeam síos a dtús an rulla é. S. Froinsias, 4 Octob. S. Elisabeth, inghean ríogh na Hungari, 19 Nouem. S. Ludouic, rí Franc, 25 Augst. S. Iuo, sagart, 19 maí. S. Elsearius, iarla, 27 Sept. S. Elisabet, banríoghan na Portugaile, 4 Iulí. Gó so na náoimh dá ngoirthear sancti, .i. onóraigheas an eaglas go geinearálta. As iad so imorró na beati, mar atáid: B. Rosa, ógh, 4 Sept. B. Rocus, pátrún lochda na pláighe, 16 August. B. Francisca Romana, bantreabhthach, 9 Mart. B. Margarita de Cortona, 22 Feb. B. Conrad. Placent., 19 Feb. A. Beatus Achas Toraltanus, conf., 11 Iúil B. Agnes a Ferro, 3 Iun. B. Agnes Uiotta, ógh, 15 Iul. B. Albertus de Monte Acuto, 25 Nouem. B. Aldonsa Pantoxia, ógh, 7 Sep. B. Alexander de Perusia, conf., 10 Sept. B. Andreas de Tuderto, 6 Mar. B. Alisa Bugotta, 29 Iun.
B. Angelina Carbara, 25 Decem. B. Angelinus Danesius, conf., 16 Iúin. B. Angelus Storrens, conf., 29 Iul. B. Anna, banab Aeruallo, ógh, 25 Feb. B. Anonimus, confes., 5 Iúin. B. Antonius Aethiops, conf., 25 Augus. B. Antonius Duisco, mart., 5 Feb. B. Antonius Hungarus, 13 Maí. B. Antonius Nagansachius, martir, 5 Feb. B. Antonius Niger, 14 Mart. B. Antonius a Puteofidone, conf., 4 April. B. Antonius de Urbino, conf., 6 Febr. B. Apostolus Neapoli, conf., 17 Sept. B. Archangela Tardera, ógh, 25 Mart. B. B. Baptisa, ógh Placentiae, 5 Sept. B. Bartholomeus de Eugubio, 3 Ia. B. Bartholus a S. Geminiano, 13 Decemb. B. Beatrix Gerao, ógh, 18 Dec. B. Beatrix Hermosilla, ógh, 2 Mar. B. Beatrix a Rusconibus, 19 Dec. B. Beatrix a S. Fran., baintreabhthach, 29 Aug. B. Beatrix, deirbhshiúr S. Clara, 25 Ian. B. Belias, rí na Hungairi. B. Beneuenuta de Ancona, 9 Ian. B. Bernardina, ógh, 21 Sept. B. Blanca, bainríoghan na Cataluine. B. Bernardina a Rosa, 4 Oct. B. Blanca, bainríoghan na Fraince, 30 Nouem. B. Bona, baintreabhthach, bean B. Lucius, 5 Aug. B. Bonauentura Duisco, martir, 5 Feb. B. Bonitius Uolaterranus, conf., 11 Iul. B. Brigitta Gonsales, ógh, 15 Oct.
C B. Carolus a Dendano, conf., 17 Sept. B. Carolus a Monte feltro, conf., 19 Sept. B. Carolus de Montegranello, 24 Nouem. B. Catarina Cialina, ógh, 9 Ian. B. Catarina Euangelista, ógh, 6 Sept. B. Catarina Lopetia, baintreabhthach, 15 Maii. B. Catarina Mediolanensis, baintreabhthach, 13 Oct. B. Catarina, bainríoghan Bosne, 25 Oct. B. Catarina Ruis, ógh, 3 Ian. B. Catarina a Uino, 3 Maii. B. Cristina a S. Cruce, 10 Mart. B. Clara a Cantana, ógh, 19 Apr. B. Clara Fulginas, ógh, 1 Iul. B. Clara Mairtines, baintreabhthach, 3 April. B. Constantia a Castro, baintreabhthach, 14 Iun. B. Cornelius Battadurus, mairtír, 9 Iul. B. Cosmas Tagnia, martir, 5 Feb. D B. Delphina, ógh agus baintreabhthach, 26 Nouem. B. Demetrius Albanensis, 21 Ap. B. Dulcelina, ógh, 29 Oct. E B. Elisabet Lopetia, bantreabhthach, 27 Sep. B. Elisabeta Pontia, baintreabhthach, 30 April. B. Elisabeta Reitensis, ógh, 7 Ian. B. Elisabéta de Rota, 5 April. B. Elisabeta a S. Cruce, 15 Dec. B. Elisabeta Uerdugo, ógh, 5 Iun. B. Elisabeta Panorm., ógh, 16 Maii. B. Elisabet Osoria, 6 Nou. B. Euphrosina, baintreabhthach, 4 Ian.
F B. Francisca a Bugaro, ógh, 5 Iúil. B. Francisca Eugubina, 6 Feb. B. Francisca Gerao, ógh, 28 Dec. B. Francisca Pontia, ógh, 6 Feb. B. Francisca de Pontianis, baintreabhthach, 9 Mart. B. Francisca Roderiques, baintreabhthach, 20 Maí. B. Francisca a S. Anna, ógh, 5 Nou. B. Francisca a S. Cruce, ógh, 21 Mar. B. Francisa Ripe, 9 Maí. B. Franciscus a Calabria, conf., 3 Decem. B. Francisc. Carpenturus, martir, 5 Feb. B. Franciscus Cathansius, conf., 15 Nouemb. B. Franciscus Siccus, conf., 4 Aug. B. Franciscus Medicus, martir, 5 Feb. B. Franciscus de Pisauro, 4 Au. G B. Gabriel Duisco, martir, 5 Febr. B. Garsenda, buime B. Elsearius, 8 Nouemb. B. Gualterius Taruisinus, easpog agus conf., 24 Aug. B. Gualterius, conf., 2 Ian. B. Geallurdus, conf., 13 Maí. H B. Hadriana Cortoni, 14 Iul. B. Helena a Latere, ógh, 13 Maí. B. Henricus, rí Lochlunn, conf., 13 Mar. B. Heremias a Cumo, conf., 30 Iul. B. Hieronimus de Ancona, conf., 2 Ian. B. Humiliana de Florentia, 19 Maí. I B. Iacoba a Setem solis, baintreabhthach, 8 Feb. B. Iacobus de Launda, martir, 15 Ian. B. Iacobus de Castroplebe, sagart, 15 Feb.
B. Innocentia Ricci, ógh, 1 Dec. B. Ioachim Saguierus, martir, 5 Feb. B. Ioanna a Cruce, ógh, 3 Maí. B. Ioanna a Felicibus, 16 Ian. B. Ioanna Florintina, 7 Iul. B. Ioanna Lopetia, ógh, 26 Mar. B. Ioanna a S. Maria, 22 Ian. B. Ioanna Signiensis, 23 April. B. Ioanna a Uino, 3 Maí. B. Ioanna Ruderiques, baintreabhthach, 6 Ian. B. Ionna de Rauenna, 16 Iun. B. Ioannellus, conf., 1 Feb. B. Ioannes Erimicola, conf., 22 April. B. Ioannes Garidus, conf., 9 Nou. B. Ioannes de Grecio, conf., 2 Nouemb. B. Ioannes Mairtines, conf., 24 Iul. B. Ioannes Niger, martir, 24 Iun. B. Iaonnes Cuisuia, martir, 5 Feb. B. Iaonnes de Urbino, conf., 22 Aug. B. Iaonnes Callíí, conf., 21 Apr. B. Iuliánus Donatus, conf., 21 Dec. B. Iutra, ógh, 19 Mar. L B. Landonus de Monte feltro, conf., 29 Iul. B. Leo Carisa, mairtir, 5 Feb. B. Leo, ardeasbog Milan, 18 Dec. B. Leonora, ógh, 10 Ian. B. Luchesius, conf., 28 April. B. Lucia Ueneta, 21 Ian. B. Lucia Nusia, ógh, 12 Ian. B. Lucida, ógh, 12 Iul. B. Lucius, conf., prímhghein an Treas Uird, 24 Aug. B. Lucius, martir, 10 Sep. B. Ludouica, 9 Nouem. B. Ludouica Duisco, martir, 5 Feb. B. Ludouicus de Freitas, mairtir, 25 Aug.
M B. Magdalena Neapoli, 26 Maí. B. Maldonata, baintreabhtheach, 30 Mar. B. Margarita ógh a Ualentia, 9 Decem. B. Margarita de Monte falcone, 11 Mar. B. Margarita de Fulgineo, 13 Iun. B. Maria Gerao, ógh, 18 Decem. B. Maria Gonsalua, ógh, 29 Aug. B. Maria Gonsalua, ógh, 8 Iun. B. Maria Mungnes, 28 Maí. B. Maria de Ortega, ógh, 21 Mra. B. Maria Penalosa, ógh, 10 Apr. B. Maria Ruisia, ógh, 7 Nouem. B. Maria Sancia, ógh, 20 Mart. B. Maria de Sille, 28 Mar. B. Maria a Spiritu sancto, 3 Ian. B. Maria Clemens, 30 Mar. B. Maria Mendosa, 25 Maí. B. Maria Monacha, 29 Sept. B. Martin, martir, 5 Feb. B. Mattheus, conf., 12 Nouemb. B. Mea de Senis, 13 Decem. B. Micaelina de Pisauro, baintreabhthach, 19 Iun. B. Munuera, baintreabhthach, 18 Dec. N B. Nicolusius, conf., 30 Aug. B. Nuncia, baintreabhthach, 1 Nou. O B. Olalia Gomesia, baintreabhthach, 9 Maí. B. Osoria, ógh, 2 Decem. P B. Paschalina de Fulginio, ógh, 4 Feb. B. Paula Gambara, 24 Ian. B. Paula de Fulgineo, 21 Dec.
B. Paulus Ibarichius, martir, 5 Feb. B. Paulus Susichius, martir, 5 Feb. B. Pelingotus, conf., 1 Iuni. B. Petrus Xuchexico, martir, 5 Feb. B. Petrus a Colle, 21 Aug. B. Petrus Hispanus, confessor, 24 Iun. B. Petrus Pictinarius, conf., 4 Decem. B. Petrus Romanus, martir, 4 April. B. Pica, máthair S. Froinsias. B. Pierona Mechlinie, 16 Mar. R B. Raimundus Lullus, mar., 26 Mar. B. Ricardus, easbog Fossumbroni, 7 Aug. B. Robertus Malatesta, conf., 10 Oct. B. Rolandus, conf., 10 Iun. B. Rostangnus de Marsilia, 23 Maí. S B. Sancia, ógh, 29 Sep. B. Sancia, bainríoghan na Siosuile, 28 Iul. B. Sancia Martines, baintreabhthach, 27 Iun. B. Sirina, seu Sira, Pesauri, 31 De. B. Stuppa, conf., 29 Ian. T B. Tobia, baintreabhthach, 1 Mar. B. Tomas Cosacius, mar., 5 Feb. B. Tomas Fulginas, conf., 15 Sep. B. Tirasia, uidua, 9 Ian. U B. Ubaldus, conf., 1 Mar. B. Ueridiana de Florentia, 1 Feb. B. Uiolanta, baintreabhthach, 19 Maí. B. Uitalis, conf., 25 Nouem. B. Urraca Roderica, baintreabhthach, 29 Iun.
Don mhodh ar ar cóir duine do ghlacadh a n-aibíd Threas Uird S. Froinséis. An tráth bhias neach ag glacadh aibíde an uird si, ar dteachd dhó do láthair an uachdaráin aga bfhuil cumhachda nó ughdardhás dáoine do ghlacadh (ní fhuil imorró na cumhachda so go genearálta ag áonnduine fá phrouinsial) agus arna léigean ar a ghlúinibh ina fhiadhnuisi abradh mar so: “A athair, iarruim oruibh ar son Dé, NáomhMhuire, S. Froinséis, agus na n-uile naomh, aibíd Uird na hAithrighe do thabhairt damh dochum mh'anma do shlánughadh agus mo bheathadh do leasughadh.” Agus ar ndéunamh fhoirceadail spioradálta go hathchumair don té bhias dá ghlacadh beannuigheadh aibíd agus crios dó, do réir mar bheannaighthear do nouistibh an uird go coitcheann, agus cuirthear an aibíd agus an crios air, ag rádh na n-orthan ngnáthach. Coimhéudthar an modh céudna a n-aimsir a bprofession achd amháin gan (an) aibíd ná an crios do bheannughadh. Foirm professioin Threas Uird S. Froinséis. Do-bheirimsi, an Bráthair N. nó an tSiúir N., gealladh agus móid do Dhía, dho Mhuire, do S. Froinsias, agus do na huile náomhuibh, agus duitse, a athair, go gcoimhéudfa mé aitheanta Dé ar feadh mo bheathadh agus go mbia mé umhal gach peannuid agus gach smachdughadh bhus iomchubhaidh do ghlacadh do réir thola an uísiotóir nó an uachdaráin a mbriseadh riaghla agus mhuidh bheathadh Threas Uird na hAithrighe, do orduigh agus do chum S. Froinsias agus do dhaingnigh an Pápa Nicolaus quartus. Dá éis so abradh an t-uachdarán, “Má choimhéudaisi sin, gealluimse as uchd Dé an bheatha shíordhuidhe dhuit.” Agus abradh an mhéid bhias do láthair, “Amen.” Finis.
Riaghuil agus Tiomna ar Naomhathair St. Froinsiais.
Riaghuil San Froinnsias. Brollach Riaghla na mBráthar Mionúr. Honórius easbog, searbfhoghataidh shearbfhoghantadh nDé. Dá chloinn ghrádhaidh, don mBráthair Froinnsias agus do bhráithribh oile Úird na mBráthar Míonúr, sláinte agus beannacht abstolta. Gnáthaighidh an Chathaoir Abstolta aontughadh d'áilghiosaibh diadha agus fabhar chroidheachair do thabhairt do mhianuibh mhacánta luchta a haithrighe. Dá bhrígh sin, a chlann ghrádhach san Tighearna, iarnar cclaonadh lé bhúr n-impidhibh diadha, molmaoid lé húdardhás apstalta riaghuil bhur n-uird, do mholadh risan bPápa go ndeaghchuimhne Innocensius dobhí romhuinn, agus comhdhaingnighmid díbh í ar chomairce na sgríbhni se 'na bfhuil sí sgríobhtha. Ag so í: A n-ainm an Tighearna tionnsgnaidh riaghuil agas beatha na mBráthar Míonúr. An chéudchaibidil. As so riaghuil agus beatha na mBráthar Mionúr: a naomhshuisgéul ar tTighearna Íosa Críosd do choimhlíonadh, ag tabhairt a mbeatha a ttír a n-umhla, gan dísligheacht, agus a ngeanmnuidheacht. Geallaidh an Bráthair Froinnsias umhla agus onóir don Tighearna Honórius Pápa agus dá chomharbaibh thiocfas asteach go canónta agus don Eagluis Rómhánaigh. Agus bíodh d'fhiachuibh ar na bráithribh oile umhlughadh don Bhráthair Froinnsias agus dá chomharbuibh.
Don druing léarb áil an bheatha so do ghlacadh, agus cionnus is cóir a nglacadh. An dara caib. Giodhbé drong lé búdh áil an bheatha so do ghlacadh agus thiocfus go ar mbráithribh, cuirid iad go a ministribh provins, dá ttugthar amháin, agus ní do chách oile, cead bhráthar do ghlacadh. Sgrúdaigh thrá na minisdrighe iad go díthchiollach san chreidiomh chatoilice agus a sácrameintibh na heagluisi. Agus dá ccreidid iad so uile, agus gurab mian leó n-admháil go coinghiollach agus a gcoimhéud go seasmhach, agus nach bfhuilid mná pósta aca, no má táid, agus go neachadair na mná pósta cheana asdeach a mainisdir, nó go ttugadar cead dhóibh lé hughdardhás easboig na heasbogóideacht, iar ttabhairt móide geanmnaidheachta cheana, agus go bfhuilid na mná pósta comhaosda agus sin nárbh'fhéidir drochbharamhail do theacht dá ttaoibh, abruid riú briathar an naomhshoisgéul, .i. imtheacht agus a bfhuil aca do dhíol, agus thabhairt dá n-aire a ruinn ar na bochtaibh. Mun ba fhéidir leó sin do dhéanamh, is leór dhóibh deaghthoil. Agus comhéudaid na bráithre agus na minisdrighe gan bheith cúramach fá a maoin shaoghalta, ionnus go mbudh féidir leó go neamheaglach giodhbé ceal chuirfios an Tighearna ina n-inntin do dhéanamh dá ccuid. Gidheadh, dá n-iarthar comhairle, bíodh cead ag na minisdribh a gcur go daoinibh eaglacha roimhe Dhia, agus réna ccomhairle ruinnfid a maoin ar bhochtaibh. Tabhruid dhóibh iar sin éudaighe an dearbhtha, .i. dá chóta gan hata, agus crios agus bracét, agus caparróinne gó a gcrios, muna bfhaicthior air uairibh do na minisdribh chéadna a athrughadh so do réir nDé. Iar ccríochnughadh thrá bliadhna an dearbhtha glacthar iad dochum umhlacht, ag gealladh na beatha sin agus na riaghla do chomhal do shíor. Agas ní búdh ceaduightheach dhóibh ar aonmhodh imtheacht as an órd sa, do réir aithne an Tighearna Pápa; óir, do réir an naomhshoisgéul,
ní bfhuil aoineach chuireas a lámh ar chéucht agus fhéuchas air a ais ullamh dochum ríoghacht nDé. Agas an drong do gheall umhlacht cheana, bíodh aonchóta aca maille lé hata, agus cóta oile gan atán ag an drong lé búdh áil a bheith aca. Agus an lucht choimhéignithear tré riachtanus, is féidir dhóibh bróga do bheith orra. Agus éuduighthear na bráithre uile lé héudaighibh beagluaigh; agus as féidir dhóibh a mbréideadh lé saicéudach no lé bréidibh oile, go mbeannachtain nDé. Cuirim thrá ar a ccoimhéud agus itchim iad na dísbeagaid agus na beirid breitheamhnus ar na daoinibh chífid éudaighthe lé héudaighibh sáimhe agus líodhaithte, ag caitheamh bídh agus dighe sóghuighe; acht breathnuigheadh nísa chóra agus beagadh gach aon aca é féin. Don oific dhiadha, agus don trosgadh, agus cionnus dhlighid na bráithre dul fán saoghal. An treas caibidil. Déunaid na cléirce an oific dhiadha do réir uird na Naoimheaglaise Rómhánaigh, leith amuigh don tsaltair, ón am fá mbúdh féidir dhóibh portúis d'fhagháil. Abraid thrá na bráithre tuata ceithre Paidreacha fichiod ar son mhaitín, cúig ar son laudés; ar son phríme, theirse, sheicste, agus nóine, ar son gach uaire do na huairibh sin seacht bPaidreacha; ar son easbuirt a dó dhéug, agus ar son chompléite a seacht; agus guidhid ar na marbhuibh. Agus trosgid ó Shamhuin go Nodluic; acht a Naomhchorghas, nach thionnsgnas ó Eibifáin go ceann dá fhiothchiod lá gcoimhcheanguilte, noch do choisrig an Tighearna léna naomhthrosgadh féin, an drong throisgfeas é go deóntach go mbudh beannaighthe iad ón Tighearna, agus an drong
lé nach áil a throsgadh na bíd ceangailte chuige; acht trosgaid an Chorghas oile go heiséirghe an Tighearna. Ann sna haimsioraibh oile thrá na bíodh d'fhiachuibh orra acht an Aoine do throsgadh. A n-aimsir umarra riachtanuis fholluis na bíodh trosgadh corpardha d'fhiachaibh ar na bráithribh. Comhairlighim thrá, cuirim ar a n-aireachas, agus guidhim mo bhráithre san Tighearna Íosa Críosd, an tan rachaid fón tsaoghal, gan ceannairrce no cuinntinn chainnte do dhéanamh agus gan breitheamhnus do bhreith ar chách oile; acht bíd ciúin, síothchánta agus macánta, ceannsuighthe agus uirísiol, ag labhairt go macánta lé gach aon mar is iomchubhaidh. Agus na dlighaid marcuigheacht do dhéanamh muna n-éignighthear iad le riachtanus follas no le heasláinte. Giodhbé ar bioth tigh a rachaid asdeach, abruid do chéudneithibh, “Síothcháin san tigh si”; agus do réir an naomhshoisgéul go mbúdh ceadaightheach dhóibh ithe do gach biadh chuirfithear 'na bfhiaghnuise. Nach glacfaid na bráithre airgiod. An 4 Caibidil. Aithnighim go daingean do na huilibh bhráithribh gan pinginneacha no airgiod do ghlacadh ar aonchor, tríutha féin na tré eidirphearsuin. Gidheadh, bíodh cúram grionghalach tré cháirdibh sbioradálta ag na ministribh amháin agus ag na costósaibh, do réir na n-áiteadh agus na n-aimsior agus na ttíorthadh bfhuar, fá riachtanusaibh na n-easlán agus fá éudughadh na mbráthar oile, amhuil chífid oireamhnach don riachtanus, acht go gcoimhéadfaighthear do ghnáth (amhuil adubhramair cheana) nach glacfad pinginneacha no airgiod.
Don mhodh oibrighthe. An 5 Caibidil. Na bráithre dá ttug an Tighearna grása oibrighthe, oibrighid go coinghiollach agus go caoindúthrachtach, ar mhódh go sgriosfaid an díomhaoineas, eascara an anim, agus nach múchfuid sbioraid na naomhurnuighe agus na caoindúthrachta, dá ndlighaid na neithe oile aimsiordha seirbhís do dhéanamh. Glacaid thrá dhóibh féin agus dá mbráithribh riachtanus a gcuirp do thuarasdal a n-oibre, leath amuigh do phinginnibh nó d'airgiod, agus so go huirísiol amhuil is iomchubhaidh do shearbhfoghantaibh nDé agus do lucht leanamhna na bochtaine ronaomhtha. Nach dísleóchaid na bráithre éiní, agus d'iarruidh na déirce, agus do na bráithribh easlána. An 6 Caibidil. Na díslighid na bráithre éinní dhóibh féin, teagh, no áit, no ní ar bioth; acht amhuil olithriochuibh agus coigríochaibh san saoghal so, ag déanamh seirbhísi don Tighearna a mbochtaine agus a n-uirísle, tiaghuid d'iarradh déirce go muinighneach; ní cóir dhóibh náire do bheith orra, óir do-rinne an Tighearna bocht de féin san saoghal so ar ar soin-ne. Así uaisle na hardbhochtaine si do orduigh sibhse, a dhearbhráithre róghrádhach, (in) bhar n-oidhreadhuibh agus (in) bhur ríoghaibh ar ríoghacht nimhe. Así do bhochtuigh sibh a maoin agus do árduigh sibh a subháilcibh. Go mbudh í so bhur ccuid ronna, noch threóruigheas go tír na mbeó; ag greamughadh dhí so go huilidhe, a dhearbhráithre róidhíle, ar so anma ar tTighearna Íosa Críosd nár bá mian daoibh go bráth ní ar bioth eile fó nimh do bheith agaibh. Agus giodhbé ar bioth áit a bfhuilid na bráithre no a tteigéubhuid ar a chéile, taisbéanuid iad féin 'na lucht éintighe d'aroile; agus
foillsighid gach aon díobh go neamhómhanta a riachtanus don fhior oile; óir má oiligheann agus má ghrádhuigheann máthair a mac colluidhe, cionnus is nach dúthrachtaighe ioná sin dhligheas neach a dhearbhráthair sbioradálta do ghrádhughadh? Agus giodhbé dhíobh thuitfeas a n-easláinte, dlighid na bráithre oile seirbhís do dhéanamh dhó, amhuil is búdh mian leó seirbhís do dhéanamh dhóibh féin. Don pheannaid is ionchuirthe ar na bráithribh pheacuigheas. An 7 Caibidil. Giodhbé do na bráithribh tré bhruideadh na heascarad pheacóchus go marbhthach, ar son na bpeacadha aga n-oirdeóchar idir na bráithribh dul gusna ministribh próvinsi amháin, bíodh d'fhiachaibh ar na bráithre réimhráite, comhluath bhus féidir dhóibh, dul gan mhoill dá n-ionnsuighe. Dá rabhuid thrá na ministridhe féin 'na sagartaibh, cuirid breith aithrighe orra go trócaire. Acht muna rabhaid 'na sagartaibh, tabhruid fá deara ar shagartaibh eile don órd a chur orra, amhail is fearr chífithear dhóibh iomchubhaidh do réir nDé. Agus dlighid bheith ar a gcoimhéad gan fearg nó corrachus dá nglacadh tré pheacadh aonbhráthar; óir toirmisgidh fearg agus corrachus an charthannacht ionnta féin agus a gcách oile. Do thogha mhinistir ghenerálta an uird si, agus do chaibidil na cingcísi. An 8 Caibidil. Bíodh d'fhiachuibh ar na huilibh bhráithribh aon do bhráithribh an uird si do bheith aca do ghnáth 'na mhinisdir ghenerálta agus 'na shearbfhóghanta ag an n-órd uile; agas bíodh
d'fhiachuibh go daingean orra umhlughadh dhó. Iar n-imtheacht dhó, toghuid na minisdrighe provinsi agus na custóis a chomharba a gcaibidil na Cingcísi. Bíodh d'fhiachuibh ar na ministribh próvinnsi teacht a cceann a chéile do ghnáth isin gcaibidil sin, giodhbé ionad a n-óirdeóchadh an minisdir generálta í; agus so aonuair amháin is na trí bliadhnuibh, no a gcionn aimsire oile bhg mó no bhg lugha, amhuil oirdeóchas an minisdir réimhráidhte. Agus dá bfhaicthí n-aonam do choitchinne na minisdrighe provinsi agus na gcusdós gan an minisdir réumhráite do bheith oireamhnach dochum seirbhísi agus tarbha coitchinne na mbráthar, bíodh d'fhiachuibh ar na bráthribh réumhráite, dá ttuga an togha, neach oile do thoghadh a n-ainm Dé 'na fhear coimhéuda dhóibh féin. d'éis thrá chaibidil na Cingcísi féuduigh gach aon do na minsidribh agus do na custósuibh, madh áil leó agus go bfhaicfidhear dhóibh oireamhnach é, a mbráithre féin do chomhghairm an bhliadhain chéudna aonuair amháin dochum chaibidleach is na háitibh atá ar a ccúram. Do na seanmhóntadhaibh. An 9 Caibidil. Na déunuid na bráithre seanmhóir a n-easbagóideacht aoineasbuig an tann thoirmeósgas sé orra a dhéanamh, agus thríd amach na lámhadh aonbhráthair seanmóir do dhéanamh don phobal acht muna raibhe sé féuchta dearbhtha ré ministir generálta an uird si agus muna dhearlagadh dhó cumhachta seanmóra do dhéanamh. Cuirim thrá ar a gcoimhéud agus guidhim na bráithre céudna fá a ccomhráitibh do bheith glan agus sgagtha isin tseanmóir do-dhéunaid, dochum tarbha agus deaghshómpla an phobuil, ag foillsiughadh locht agus subháilce, péine agus glóire dhóibh go n-athchuimre comhráidh, óir is briathar athchumair do-rinn an Tighearna ar an talmhuin.
Do theagasg agus do cheartughadh na mbráthar. An 10 Caibidil. Na bráithre as ministrighe agus as searbfhoghantuigh do na bráithribh oile, cuartuighid agas teagaisgid a mbráithre agus cronuighid iad go huirísiol agus go carthannach, gan cuir éinní d'fhiachaibh orra dobhiadh contrárdha dá n-anmuin féin nó dár riaghuil-ne. Cumhnighid umorra na bráithre íochtaráin gur dhiúltadar dá ttoil féin ar son nDé. Aithnighim dhíobh aire sin úmhlughadh dá ministribh is na huilibh neithibh do ghealladar don Tighearna do choi líonadh agus nach bfhuil contrárdha dá n-anmuin féin agus dár riaghuil-ne. Agus giodhbé ar bioth áit a bfhuilid bráithre aga mbiadh fhios agus do thuigfeadh na búdh féidir dhóibh an riaghuil do choimhlíonadh go sbioradálta, bíodh d'fhiachaibh orra agas ceaduightheach aca dul go a ministribh. Glacuid thrá na ministrighe iad go carthannach agus go ceanchair, agus bíodh an uirid sin do mhuinnteardhas aca dhóibh agus 'na ttimchioll go mbudh féidir dhóibh caint agus gnóaighe do dhéanamh riú amhuil is do-dhéundís tighearnuighe lé a searbhfhóghantuibh; óir is amhluidh dhlighthear na ministrighe do bheith 'na searbfhoghantuibh ag na huilibh bhráithribh. Fuagraim umorra do na bráithribh agus guidhim iad isin Tighearna Íosa Críosd bheith ar a ccoimhéud ar an uile uabhar, ghlóir dhíomhaoin, iomthnúth, shaint, chúram agus channtal an tsaoghail si, ar ithiomrádh fós agus ar mhonbhar. Agus an drong ag nach bfhuil liteardhacht na bíd cúramach fá liteardhacht d'fhoghluim, acht tabhairt dá n-aire go ndlighid ós an uile fonn do bheith orra sbioraid an Tighearna agus a naomhoibriughadh do bheith aca, Dia do ghuidhe go gcroidhe nglan, agus uirísle agus foighid do bheith aca a n-inghreim agus a n-éugcruas, agus grádh do thabhairt do lucht ar n-inghreamtha, ar ccáinte, agus ar n-imdheargtha, do bhrígh go n-abair an Tighearna: “Grádhaighidh
bhur n-eascairde agas guididh ar lucht bhur n-inghreamtha agus bhúr n-ionnlaigh. Is beannuighthe an drong fhuilngios inghreim ar son an chirt, óir is riú ríoghacht nimhe. Giodhbé thrá dhéanas buantseasamh, asé shláineóchair.” Nach cóir do na bráithribh dul asteach a mainsdreachaibh chailleach ndubh. An XI Caibidil. Aithnighim go daingean do na huilibh bhráithribh gan caidreamh na comhluadair na comhairleacha shoilíomhta ban do bheith aca; agas na tiaghuid asdeach a mainisdreachaibh chaillioch ndubh, leath amuigh don druing dá ttug an Chathaoir Abstolta cead speisialta. Agas na déunaid cáirdios Críosd lé fearuibh nó lé mnáibh, d'eagla, tréusan tsiocair di, go n-éireóchadh sgannuil idir na bráithribh no do thaobh na mbráthar. Don droing rachas idir sharaisínibh agus ainchreidmheachaibh oile. An XII Caibidil. Giodhbé do na bráithribh tré bhruideadh neamhdha lé búdh áil dul idir Sharaisínibh agus ainchreidmheachaibh oile, iarruid cead chuige sin ar a minisdrighe provinnsi. Na tabhraid thrá na minisdrighe cead imtheachta d'aondruing acht don druing chífid iomchubhaidh lena ccur ann. 'Na cceann so ceangluim tré umhlacht do na minisdribh aon do chairdionáluibh na Naomheagluisi Rómhánaighe d'iarruidh ar an tTighearna an Pápa, noch bhias 'na stiúrthóir, 'na dhídineóir, agus 'na cheartaightheach ag an ord so; ionnus, tré bheith dhúin go cinnte íslighthe agus cuirthe síos fó chosaibh (na) Naoimheagluisi
Rómhánaighe céadna, seasmhach isin chreidiomh chatoilice, go ccoimhlíonmaois an bhochtacht agus an uirísle agus a naomhshoisgéul ar tTighearna Íosa Críosd, do gheallamair go daingean. Nár bá ceaduightheach dá bhrígh sin d'aon do dhaoinibh an bille si ar ccomhdhaingnighthe do shárughadh nó teacht 'n aghaidh lé lamhadh mheardhánta. Giodhbé thrá ghéubhas ann féin go hanbharamhlach cuir chuige so, bíodh a fhios aige go ttuillfe sé oirbhire Dé uilechumhachtaigh agus a naomhabstoil Peadair agus Phóil. Iarna thabhairt amach a Laiterán, an treas lá ccalluinn Dhesember, an t-ochtmhadh bliadhain dár bpápdhuineacht. Críochnuighidh riaghuil agas beatha na mBráthar Mionúr.
Tiomna S. Froinnsias. Tionnsgnuidh Tiomna ar naomhathair San Froinnsiais. Tug an Tighearna dhamhsa, an Bráthair Froinnsias, aithrighe do thionnsgnadh amhluidh so: óir an tan dobhádhas a bpeacadhuibh, dar liom budh ní ródhomblasda féuchain ar lucht lubhra; agus do threóraigh an Tighearna féin mé 'na measg, agus do-rinneas trócaire orra. Agus ag imtheacht uatha dhamh, an ní dar liom bu domblasda roimhe, do hiompóidheadh dhamh é a millsiocht anma agus chuirp. Agus dá éisi sin do shíothlóidheas tamall beag, agus do fhágbhas an saoghal. Agus thug an Tighearna a leitheide sin do chreidiomh dhamh is na heagluisibh go n-adhruinn go simplidhe agus go n-abruinn mar so: “Adhraimid thu, a Thighearna rónaomhtha, a Íosa Críosd, annso agus iot uile eagluisibh ar feadh an domhan, agus beannuighimid thú, do bhrígh gur fhuasgluis an domhan réud naomhchroich.” Agus iar sin thug an Tighearna a leithéid sin do chreidiomh dhamh is na sagartaibh do-bheir a mbeatha a ttír do réir fhorma na Naomheagluisi Rómhánaigh (do bhrígh a ngrádh), dá ndéundís inghreim oram gurab áil liom dul ar a n-ionchuibh. Agas dá mbeith agam uirid eagna is dobhí ag Solamh, agus go bfhuighinn sagairt fhíorbhochta an tsaoghail se, is na parráisdibh a ccomhnuighid, ní háil dhamh seanmóir do dhéanamh a n-aghaidh a ttola. Agus is áil liom iadsan agus na huile oile d'eaglughadh mar mo thighearnaibh; agus ní háil dhamh peacadh d'airiughadh ionnta, óir do-chím Mac Dé ionnta agus as siad mo thighearnuighe iad. Agus as uime do-ním so, do
bhrígh nach bfhaicim aonní d'Ardmhac nDé san tsaoghal so acht a chorp agus a fhuil rónaomhtha choisreaguid agus ghlacuidsion agus fhritheóluid amháin do chách oile. Agus is áil liom na rúindiamhra rónaomhtha so d'onórughadh agus d'adhradh ós na huilibh, agus a n-áitiughadh a n-ionadaibh mórluaighe. Agus giodhbé ar bioth ball a bhfuighead a anmanna rónaomhtha agus a bhriathra sgríobhtha a n-áitibh mídhleisdionacha, is áil liom a ccruinniughadh, agus sirim d'athchuinge a ccruinniughadh agus a n-áitiughadh a n-ionadaibh macánta. Agus dlighmid na huile dhiadhairighe agus lucht seanmóra naomhbhriathra nDé dhúinn d'onórughadh agus d'airmhidneadh amhuil lucht fritheólmha sbioruide agus beatha dhúinn. Agus d'éis an Tighearna do thabhairt cúraim na mbráthar dhamhsa, ní neach ar bioth do thaisbéin dhamh créud bá dual dhamh do dhéanamh, acht an Rómhórdha féin do fhoillsigh dhamh go ndlighfinn mo bheatha do thabhairt a ttír do réir fhorma an naomhshoisgéul. Agus tugasa fó deara sin do sgríobhadh a mbriathraibh athchuimre agus simplighe; agus do chomhdhaingnigh an Tighearna Pápa dhamh é. Agus an drong thigeadh do ghlacadh na beatha so, do-bhéurdís an mhéid budh fhéidir dhóibh do bheith aco do na bochtaibh. Agus dobhámar deóntach ar aonchóta iarna bhréideadh astigh agus amuigh, go gcrios agus go mbraicéit, agus níor bh'áil linn nísa mhó do bheith aguinn. Adeirmisne, na bráithre cléirigh, an offige do réir na cléire oile, agus derdís na bráithre tuata a bPaidear. Agus do chomhnuighmis go lór a tholtonuighe a n-eagluisibh fhíorbhochta agus fhásaigh; agus dobhámar (in) ar n-ainbfhiosánuibh agus (in) ar n-íochtránuibh ag na huilibh. Agus do-nínnsi obair réum lámhuibh féin, agus deóin riom mé do dhéanamh oibre, agus así mo thoil na huile bhráthair oile do dhéanamh na hoibre bheanas le macántus; agus an lucht dá nach
eól a dhéanamh foghlamaid í, ní do shainnt luaigh saothair do ghlacadh acht do thabhairt deaghshómpla uatha agus d'ionnarbadh an díomhaoinis. Agus an tann nach ttugthaoi luach saothair dhúinn, do-théighmis go bórd an Tighearna ag iarruidh déirce ó dhorus go dorus. Do fhoillsigh an Tighearna an beannugha sa dhamhsa, ionnus go n-abramaois, “Go ttugadh an Tighearna síth dhuit.” Agus coimhéudadh na bráithre gan na heaglusa nó na háitreabhtha no neithe ar bioth oile chuirthear suas dóibh do ghlacadh thríd amach, muna rabhaid amhuil is oireamhnach don naomhbochtaine, do gheallamair ann ar riaghuil do choimhlíonadh; ag beith ag aoidheacht ionnta do ghnáth amhuil coigcríochuibh agus oilithreachuibh. Aithnighim go daingean tré umhlacht do na huilibh bhráithribh in gach áit a bfhuilid gan a lámhadh, tríutha féin na tré eidirphearsain, litir ar bioth d'iarruidh san Chúirt Rómhánaigh, ar eagluis, no ar áit ar bioth, no ar sealbhaidh seanmóra no inghreamtha a ccorp; acht giodhbé hionadh ann nach glacfaighear leó, teithid go tír oile do dhéanamh aithrighe innte go mbeannacht nDé. Agus así mo thoil dáríribh umhlughadh do mhinisdir ghenerálta an uird si agus don gháirdian bhus toil ris do thabhairt dhamh. Is deóin liom bheith ceanguilte 'na lámhaibh ar mhodh nach bfhéudfainn dul nó oibriughadh a n-aghaidh a thola, do bhrígh gurab tighearna dhamh é. Agus giodh go bfhuilim simplidhe agus anbfhann, gan fhéachuin dó sin, is áil liom cléireach do bheith do ghnáth agam dhéunas an oiffige dhamh amhuil atá síos isin riaghuil. Agus bíodh d'fhiachuibh ar na huilibh bhráithribh oile umhlughadh dá ngáirdianibh féin, agus an oiffige do dhéanamh do réir na riaghla.
Agas giodhbé drong do-ghéubhthaoi lé ná búdh áil an oiffige do dhéanamh do réir na riaghla, no lé búdh mian a chlaochlódh ar chor éigin, no nach biadh 'na ccatoilcibh, bíodh d'fhiachaibh fán umhlacht ar na huilibh bhráithribh, ion gach ball a bfhuilid, giodh ar bioth áit a bfhuigid aonneach dhíobh soin a chur do láthair an chusdóis is foigsi don áit sin a bfhuighid é. Agus bíodh do fhiachaibh go daingean tré umhlacht ar an ccusdós a chomhéud go daingean d'oidhche agus do ló amhuil neach a ngeimhleachaibh, ar mhodh nach bá féidir a bhuain as a láimhibh nó go ttugaidh sé 'na phearsain dílis a lámhuibh a mhinisdir féin é. Agus bíodh d'fhiachaibh go daingean tré umhlacht ar an minisdir a chur lé bráithribh áiridhe choimhéudfus é do ló agus d'aoidhche amhuil neach a ngeimhleachaibh no go ttoirbhrid é do láthair an Tighearna hOistiensis, is tighearna, dídnightheóir, agus ceartuightheach don ord so. Agus na habruid na bráithre, “Is riaghuil oile so”, óir así so cuimhne, teagasg, itche, agus mo thiomna féin do-nímse, an Bráthair Froinnsias, bhur n-uirísiol agus bhur searbfhóghantaigh féin, dhíbhsi, mo bhráithre beannuighthe, dochum go mbudh catoilce sa chách do choimhlíonfamaois an riaghuil do gheallamair don Tighearna. Agus bíodh d'fhiachuibh tré umhlacht ar an minisdir ghenerálta agus ar na huilibh mhinisdribh agus chustósuibh oile gan éinní do chur leis na briathruibh si no do bhuain dhíobh. Agus bíodh an sgríbhinn so do ghnáth aca a n-aice na riaghla. Agus (is) na huilibh chaibidleachaibh dhéunaid, an tan léighfid an riaghuil léaghaid fós na briathra sa. Agus aithnighim go daingean tré umhlacht do na huile bhráithribh, cléirigh agus tuata, gan gluais do chur ar an riaghuil nó ar na briathraibh si, ag rádh, “Is mar so is dual a ttuigsin.” Acht amhuil thug an Tighearna dhamhsa an riaghuil agus na briathra sa do rádha agus do sgríobhadh go simplidhe agus go glan, mar sin, gan ghluais, go simplidhe agus go glan, thuigfeas agus go n-oibriughadh naomhtha choimhlíonfus sibh iad go foircheann. Agus giodhbé choimlíonfus iad so, go líontair é a bfhlaitheamhnas do bheannughadh an Árdathar neamhdha, agas go
líontar é ar talmhuin do bheannughadh a Mhic ghrádhaidh mar aon agus a Spiorad Naomh, an cobhruidhe. Agus daingnighimsi, an Bráthair Froinnsias, as bhúr n-uirísiol agus bhur searbhfoghantuigh féin (an mhéid gurab féidir liom é) an beannughadh rónaomhtha so dhíbh go hinmheadhónach agus go foiriomlach, lé a bheith agaibh, mar aon lé huile ainglibh nimhe agus ris na huile naomhaibh, anois agus tré shaoghal na saoghal. Bíodh mar sin. Críochnughidh tiomna ar naomhathair S. Froinnsiais. Briathra ár naomhathair S. Froinnsiais ag teagasg na mBráthar. Ó a dhearbhráithre ródhíle, agus a chlann bheannuighthe tré bhioth shíor, éisdigh liomsa, éisdigh le glór bhur n-athar féin: Is mór do gheallamar, Is mó ioná sin do gealladh dhúinn, Coimhlíonam iad súd, Bíodh ar súil riú so, Is diombuan an anntoil, Is biothbhuan an phian, Is aithghearr an fhulang, Is síordhuidhe an ghlóir, Is mór ar ar goireadh, Is beag do toghadh, Atá luach a saothair fá chomhair na n-uile. Amen.
Suim riaghlachas Phroinsiais go hathchumair a nGaoidhilg. Ar n-athair atá ar neamh, . Creidim a nDia, athair uilechumh., etc. Atáid ceithre hairteagala déag in ar ccreideamh, .i. seachd n-airteagala dhíobh bheanas ré dhiadhachd ar tTighearna Íosa Críosd, agus seachd n-airteagla eile bheanas réna dhaondachd. Na hairteagail bheanas risan ndiadhachd. Creideamh a n-aoinDia, a chreideamh gurab é an tAthair uileachumhachdach, a chreideamh gurab é Íosa Críosd mac Dé, a chreideamh gur Dia an Spiorad Naomh, a chreideamh gurab é Dia cruthaighthéoir nimhe agus talmhan, a chreideamh gurab é ar Slánuightheóir, a chreideamh gurab é ar nGlóirighthéoir. Na hairteagail bheanas risan ndaonnachd. A chreideamh gur gabhadh Críosd ón Spiorad Naomh, a chreideamh gur geineadh é ó Mhuiri óigh, a chreideamh gur crochadh, go bhfuair bás agus gur hadhlacadh é, chreideamh go neachuidh síos go hifrionn, a chreideamh gur éirigh an treas lá ó mharbhuibh, a chreideamh go neachaidh ar neamh agus go bhfuil 'na shuidhe ar deis Dé a athar, a chreideamh go ttiocfa do bhreith bhreithe ar bhéoaibh agus mharbhaibh.
Deich n-aitheanta Dé. Dia bréige d'adhradh ná tairg, ná tabhair ainm Dé gan fháth, Domhnach, lá an Tighearna Dé, coimhéadthar libh é do ghnáth. Onóruigh th'aithre go búidh, ná déin marbhadh, drúis, ná goid, ná déin bréigfhiaghnuisi ar neach, a mhaoin, ná a bhean ná hiarr dhuit.
Cúig Aithne na hEaguilsi. Coimhéid gach saoire go beachd, is déin aifreann innte dh'éisdeachd. Troisg an Corghas go glan glan, Uigil 's troisgthe na hanman, ná tomhail féoil ar do phroinn Dia hAoine ná Dia Sathroinn. Tré bhiotha síor ná bíodh sibh éinbhliadhain gan faoisidin. Corp Chríosd ón Domhnach ré cCáisg caith lá éigin go Mioncháisg. Ná déana banais iar ndáil ó thús Chorghais go Mioncháisg ná ó thús Aidbhent go grod go dá lá dhéag d'éis Nodlag.
Na seachd bpeacaidh mharbhtha. Díomas, saint, drúis, tnúth, craos, fearg, agus leisge. Atáid trí cumhachda ag an anam, .i. meabhair, tuigsi, agus toil. Atáid cúig céadfadha ag an ccorp, .i. radharc, éisdeachd, blas, boladh, agus mothughadh. Atáid seachd sacrámuinti ag an eaglais, .i. baisdeadh, dul fá láimh easbuig, sacrámuinnt chuirp Chríosd, faoisidin, an t-ongadh déigheanach, ord, agus pósadh. Tiodhlaicthe an Spioraid Naoimh.
Seachd ttiodhlaicthe an Spioraid Naoimh: eagna, tuigsi taoibh ré taoibh, comhairle, neart, fios neamhdha, búidheachd, eagla an Tighearna.
Na trí subháilci diadha, .i. creideamh, dóthchas, agus grádh. Na ceithre subháilce bunadhais, .i. ceart, measardhachd, láidearachd, agus críonnachd. Seachd n-oibreacha corpordha na trócaire. .i. Bia do thabhairt don tí ar a mbía ocras. Deoch don tí ar a mbía tart. Oidhigh do chothughadh. Éadach do thabhairt don lomnochd. Dul d'fhéachuin dhuine easláin nó thinn. Dul d'fhéachuin bhrághad nó dá fhuasgladh. Duine marbh d'adhlacadh. Seachd n-oibre spioradálta na trócaire. 1. An t-ainéolach do theagusg. 2. An peacach do smachdughadh. 3. Comhairle do thabhairt don tí ar a mbía riachdanas. 4. Éugcóir d'fhulang maille ré foighide. 5. Maitheamh na n-ulc déantar dhó. 6. Guidhe ar bhéoaibh, ar mharbhaibh, agus ar luchd n-inghreamtha. 7. Sólás do thabhairt do dhuine dhobrónach. Na hochd mbeannuightheachda. 1. Beannuighthe na boichd ó spiorad. 2. Beannuighthe na daoine ceannsa. 3. Beannuighthe luchd an dobróin. 4. Beannuighthe an luchd ar a mbí tart agus ocras ar son an cheirt. 5. Beannuighthe luchd na trócaire. 6. Beannuighthe luchd na ccroidheadh nglan. 7. Beannuighthe luchd na síthe. 8. Beannuighthe luchd fhulaingthe díbeartha ar son an cheirt. Atáid cúig aitheanta fichiod san riaghail. Seachd n-aitheanta dhíobh dá ngoirthear aitheanta dáríribh, a ceathair aga bhfuil brígh aitheanta, dhá aithne thoirmisg, a dóidhéag coimhbríoghmhar lé haitheantuibh. 1. Go bfhuil d'fhiachuibh ar an órd uili umhlachd agus onóir do thabhairt don phápa.
2. Nach glacfaid na bráithre airgiod maille riú féin nó mailli daoinibh eili ar a son. 3. Go bhfuil d'fhiachuibh ar na bráithribh umhlachd do thabhairt do na huachdaráin ann gach ní nach bí a n-aghuidh a n-anama nó a riaghla. 4. Nach téaghuid na bráithre asteach go mainisttir ar bith chailleach ndubh gan cead. 5. Nach déanaid na bráithre conuearsáid ná comhairle ré mnáibh iondus go mbeanfuidhe drochbharamhuil asta. 6. Nach déanaid na bráithri cáirdios Críosd ré mnáibh nó le fearaibh. 7. Go bhfuil d'fhiachuibh ar na bráithribh duine éigin do chairdionáluibh na hEagluisi Rómhánuighe d'iarruidh mar dhínightheóir. Ag so an mhéid aga bhfuil bríogh aitheantadh. 1. Nach déanaid na bráithri moill gan dul a gceann na bproibhinsial chum absolóidi d'fhagháil is na cásuibh bhíos orra. 2. Go bhfuil d'fhiachuibh orra bráthair dár n-órd do bheith 'na ghenerál aca. 3. Go bhfuil d'fhíachuibh ar mhinistribh agus ar chustosuibh an úird geiniorál do thoghadh sa gcabidil gheinioráltha na Cinncísi. 4. Go bhfuil d'fhiachuibh ar na proibhinsialuibh dul don chaibidil gheinioráltha. Ag so na haitheanta toirmisci. 1. Nach fuil ar gcumas do bhráithribh an úird si dul a riaghuil ar bith eili ná an riaghail d'fhágbháil ar chor ar bith. 2. Nach glacfaid na bráithri go coitcheann ná go haonaránach sealbh neith ar bith. Coimhbhríoghmhar ré haitheantuibh iad so. 1. Nach bí do chótadhaibh ag na bráithribh achd aonchóta amháin mailli hatán agus cóta eile gan hatán ag gach aon díobh. 2. Gur cóir do na bráithribh éadach uiríseal beagluaigh do bheith aca. 3. Nach cóir dhóibh bróga do bheith orra gan riachdanus dá gcor chuige. 4. Go bhfuil d'fhiachuibh ar an ccuid dhíobh bhias 'na ccléirchibh an oifig dhiadha do rádh amhuil órduigheas an
Eagluis Rómhánach, agus ar na bráithribh tuata a bPaidir do rádh amhuil órduigheas an riaghuil. 5. Go bhfuil d'fhiachuibh ar na bráithribh trosgadh an Gheamhchorghais do dhéanamh, .i. ó Shamhuin go Nodluig, agus gach Aoine agus an Corghas mór. 6. Nach cóir dhóibh marcuidheachd do dhéanamh gan riachdanas follas nó tinneas do bheith orra. 7. Gur cóir do na ministribh agus do na custosoibh cúrum díthchiollach do bheith orra fá na daoine easlána agus fá éadach d'fhagháil do na bráithribh go coitcheann. 8. Go bhfuil d'fhiachuibh ar na bráithribh dá dtuite duini dhíobh a ttinneas iad do dhéanamh frithéoilte dhó comhmaith agus búdh mian léo frithéola do dhéunamh dhóibh féin. 9. Nach déanaid seanmóir a n-easbogóideachd easbuig ar bith dá mhíothoil féin. 10. Nach déana bráthair ar bith seanmóir gan toil agus aonta an gheineráil do bheith aige. 11. Gur cóir do na bráithribh ag nach bí cumas ar an riaghuil do choimhéad go diongmhála nó go spioradáltha dul do láthair an phroibhinsial. 12. Gurab cóir gach ní dá bhfuil sa riaghail a ttimchioll aibídeach na mbráthar, idir noibhisd agus professus, do choimhlíonadh. Ceithre cáis déag in nách éidir absolóid d'fhagháil achd amháin ó na próuinsialuibh nó ón té aga mbía a n-ughdarrdhás. 1. Asumhla dhosmachduighthe. 2. Ní ar bith do shealbhughadh. 3. Tuitim a bpeacadh na colla. 4. Ní ar bith ionchomharthuidhe do ghoid, nó ní beagluaigh do ghoid go minic. 5. Lámh do chor a bpearsoin ar bith maille ré heasonóir. 6. Fiaghnuisi bhréige do láthair bhreitheamhnuis. 7. Leabhar do chor amach go publidhe dho thráchdfadh ar mhíochlú dhuine ar bith. 8. Bréagnughadh séala phearsan ar bith onóruidhe. 9. Coir bhréagach do chur ar dhuine ar bith chum míochlú do thabhairt dhó. 10. Glacadh míonáireach nó gráineamhuil. 11. Gríosughadh dochum peacuidh na colla.
12. Duine ar a ndéantar gearán d'fhiafruighe cé an duine ghearánas é gan cead d'iarruigh dochum na fiafruighe sin do dhéanamh. 13. Móid bhréagach do thabhairt do láthair phrealáide nó uisitátor, ag cur choire bréige ar dhuine, nó a thabhairt ar dhuine eile an mhóid sin do thabhairt, nó chuirfeas tar a hais agus bhréagnóchas an choir do cuireadh ar dhuine eil go fírinneach maille ris féin nó ré duine eile. 14. A innisin do na daoinibh ar a ndéantar gearán cia an duine do-ríne é, nó fós a innisin do dhaoinibh eile nách raibh a fhios aca roimhe. Ag so na paidreacha as dual do na bráithribh tuata do rádh ré grásda na mbráthar do-gheibh bás, agus na mbenefactóres béo agus marbh. 1. Adéaraid gacha seachdmhuin ré hanmannuibh na mbráthar fuair bás céad Paidir agus Ave. 2. Adéaraid ar son an chardinál as dínightheóir dár n-órd, má gheibh bás ina oific, 300 Paidir agus Ave. 3. Adéaraid uair sa mbliadhuin ré grásda na muintire chuirthear fána nguidhe san chaibidil gheinioráltha céad Paidir agus Ave. 4. Adéaraid ré hanmannuibh na mbráthar ghéubhas bás san slíghe ag tarruing chum na caibidileach geiniorálta céad Paidir agus Ave. 5. Ré hanmannuibh na muintire atá adhlaicthe in ar cclabhsdraibh agus in ar mainisdreachuibh adéaraid trí huairi san mbliadhain céad Paidir agus Ave, .i. oidhche fhéile Muire Mhagdaléana, oidhche fhéile Míchíl, agus an Luan a ndiaigh an Domhnuigh dá ngoirthear Septuagessima. 6. Adéaraid an ní céadna ré hanmannuibh aithreach agus máithreach na mbráthar lá éigin go grod réisan ccéadDomhnach don Adueint. 7. Adéaraid lá éigin a n-octábih S. Froinsias lé grása na muintire do-bheir bíadh agus leaba do na bráithribh san slighe céad Paidir agus Ave. 8. Adéaraid lé hanam gach bráthar dár bproibhinis an uair do-ghéabhas bás céad Paidir agus Ave. Deo Gratias.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services