Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scáthán Shacramuinte na hAithridhe
Title
Scáthán Shacramuinte na hAithridhe
Author(s)
Mac Aingil, Aodh,
Compiler/Editor
Ó Maonaigh, Cainneach
Composition Date
1618
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1952)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N L008} {L 2} {B 1618 17T} {G L} {U 0038} {C Prós} {M 8} Scáthán Shacramuinte na hAithridhe. arna chuma don bhráthair bhochd d'ord San Froinsias, Aodh Mhac Aingil, léghthóir diadhachda a ccoláisdi na mbráthar nÉirionnach a Lobháin. Emanuel Telaph. Iarna chur a ccló maille ré húghdarrdhás. 1618.
Chum an Léaghthóra. As truagh, a Chríosttuidhe, agus a dhaoire do chosain dár Slánuighthéoir Íosa Críosd órdughadh na sacramuinnteadh dár slánoghadh, loighead an díthchill, an ullmhuighthi, agus an scrúdtha, do-nímid oruinn féin dochum a nglactha. Créd iad seachd sacrámuinti an nuaireachda achd seachd srotha grás ag sileadh ó thobar thaoibhi Íosa do tolladh san ccronn dár cceandach? Créd fár doirteadh an diadhfhuil si Chríosd achd ionnus go sildís na 7 srotha íocshláinti si uaidh do leighios pheacadh bhfer ndomhuin? Nó créd fár ghlac an nádúir uirísiol urchradhach sa 'na thiomchioll achd iondus go bplanntuigheadh na seachd luibhi uaisli si a ngarrdha na heaguilsi do leighios easláinti an pheacuidh do plantuigheadh a ngarrdha párrthuis lér sinnsear Ádhamh? As truadh, dá réir so, go ttig dár neamhullmhughadh 's dár neamhchuidioghadh féin lé Dia gur minic nách déinid na sacrámuinti si, do chosain comhdhaor agus so d'Íosa Críosd dár tTighearna, maith dhúinn 's nách díbrid ar bpeacadha uainn; ór, gé go bhfuil brígh némhdhuidhe neartmhar ionta dochum an uile mhaith spioradtha d'fhagháil dhúinn agus chum an uile uilc anma do sgrios uainn, níor thoil lé Dia iad dá ndénamh so gan ar ccongnamh féin do bheith ríu, agas, fá-raor, ní chuirmídne saothar oruinn fán ccongnamh sa do thabhairt uainn, cuid aguinn tré mhailís agus cuid eili tré ainbhfios; agus, gé go tteagmhann so do luchd glactha gacha sacramuinti, as mó an díoghbháil do-ní do thaoibh sacramuinti na haithridhi do bhrígh go bhfuil coitchean
ag cách uile 's go bhfuil do riachdanus ar an n-uili dhuine do-ríne peacadh marbhtha iar mbaisdeadh 's nách éidir maitheamh an pheacuidh sin d'fhagháil gan í. Agus as uimi so ghoirid naomhaithri na heagluisi dhi an dara clár tar éis an luingbhristi. Do bhámar a luing fhíréndachda sheinsiordha a bparrthus, agus do briseadh í fá chrann na haithne tré anfadh uabhair agus antola Ádhaimh as Eubha, agus do díbreadh sinn ór ttír gusan seachrán sa a bhfuilmíd, 's ní fhuil dáil fillte ná furtachda aguinn achd maille congnamh dá chlár amháin. An
cédchlár, an baisdeadh lé nglantar sinn ó pheacadh an tseinnsir, ina ngabhthar gach aon a mbroinn achd Mac Dé 's a mháthair. Sgaraidh grás an chlá
r si rinn an uair thuitmíd a bpeacadh mharbhtha, 's ní fhuil slighi ar saortha aguinn achd greim daingion do bhreith ar an dara cclár, .i. sacrámuint na haithridhe, dár ttréorughadh go purt nimhi, ór ghluais an t-anfadh sinn. As bríoghmhar an clár sa, ór, gé gur báitheadh síol Ádhaimh uili san bpeacadh achd an dís adubhart, nír damnuigheadh aonduine agus ní daiméontar go hifrionn achd do dhí
an chláir si shubháilci nó shacrámuinti na haithridhe. Báitthear iliomad do bhrígh nách áil leo a ghlacadh agus iliomad eile ghlacas é mar nách éol dhóibh a sdíuradh, ór, gé go ngluaisionn an clár go purt nimhe, tig d'ainbhfios an sdíurthóir gur go purt ifrinn ghabhas ris, agus, mar sin, do-ní ionstramuint dá dhamnughadh don chlár do chruthaidh Dia dá shlánughadh. Do-chonncas dhúinn, dá bhrígh so, an leabhrán sa do sgríobhadh do ghluasachd cháich chum an chláir si do ghlacadh agus dá tteagusg chum a sdíurtha dá saoradh ar anfadh ifrinn 's dá ttréorughadh go purt parrthuis. Cuirfeam síos ughdardháis, résúin, agus sompladha, dá mbrosdughadh chum na haithridhi, agus múinfeam go soilléir ciondus as cóir dhóibh doilgheas croidhe do bheith orra fána bpeacadhuibh, admháil iomlán bhéoil do dhénamh ionnta, an glés ar a ttairréongaid chum a ccuimhni iad, an lóirghníomh agus an leasughadh dlighthear ar a son, agus liaigh éolach anma d'iarruidh, .i. sagart eagnuidhe críonna cráibhtheach agá mbía cumhachd sgaoilte ó pheacadhuibh. Laibhéoram fós ar loghadh na bpeacadh, lé saorthar cách ó na piantuibh aimsiordha dhlighid ar son a ccionta agus dearbhócham go bhfuil cumhachd ag an eagluis a thabhairt amach; agus foigheónuidh an dearbhadh cédna dá gach seanghnáth atá ar congmháil 'gár naomhmháthair an Eagluis Chatoilic Rómhánta; agus beanfam sin a briathruibh ar ríogh atá sgríobhtha fána láimh aguinn, gé nach fuilngid na minisdri luagh ar loghadh. Bíd leabhráin mar so ag gach náision Chatoilic eili, agus atáid do riachdanas ar an náision dá bhfuilmídne go spesialta, do bhríogh go bhfuil gan maighistre gan prealáide gan seanmóntuidhe, leath amuigh do bheagán bhíos a bhfholach d'eagla bháis nó
phríosúin, mar do bhídís na habsdail tréis bháis Chríosd d'eagla an chinidh Iudaidhe. Dá n-abarthaoi gur dána dhúinn ní dho sgríobhadh a nGaoidhilg 's nár shaothruigheamar innti, as í ar bhfreagra ar sin, nách do mhúnadh Gaoidhilgi sgríobhmaoid achd do mhúnadh na haithrídhe, agus as lór linn go ttuigfidhear sinn gé nách bíadh ceart na Gaoidhilgi aguinn. Adhbhar eile fós fár cóir ar leithsgél do ghabháil, agus as é so é: As gnáth leis na heiricibh, mar adeir an naomhathair uasal Atan., a n-uile dhíthchioll do dhénamh chum iad féin do chor a ccosmhuile éigin risan n-eagluis bhfhírinnigh, mar bhíd na hapadha dá gcur féin a ccosmhuile ris na dao
nibh. Dá réir so, mar atá leabhar aifrinn ag an nEagluis Chatoilic, do-conncas d'eiricibh na hÉirionn gné leabhair aifrinn do bheith aca féin dá ngoirid Leabhar an Chumainn, agus nírbh olc an t-ainm sin dhó dá gcuirdís "fallsa" leis. Ó nar chuireadar, ní leasainm dhó Leabhar Iffrinn Eiriceachda do thabhairt air. Do chuirsead an leabhar sa agus mórán don Bhíobla a nGaoidhilg, agus as lór a neimhchirti sgríobhthar iad. Do mheas misi nách córa fulung do thabhairt dóibhsion an leabhar sain do sgríobhadh go héigceart atá ag tarruing thréda Chríosd ó chreideamh as ó chrábhadh iná dhamhsa an leabhrán sa do sgríobhadh go simplídhe go neimhcheart Gaoidhilgi do theagusg agus do tharruing cháich chum crábhuidh agus creidimh tré shacramuint na haithridhe, lé maithtear na peacaidhe do réir shoisgéoil Chríosd agus theaguisg na naomh 's na n-absdal. Guidhim thú, a léghthóir chroidhe Chatoilic, ná tabhradh simplídheachd nó droichsgríbhneóireachd an leabhráin ort gan móirmheas do bheaith agad ar léighionn leighis th'anma atá ann. Ní nuailéighionn do-bheirim dhuit, achd an seanphort aithridhe do sheinn Pádruig agus a ttáinig do naomhuibh 'nar ttír ríamh lé gníomh is lé bréithir as é sheinn
m. Foghluim go maith é 's béraidh go purt nimhe thú. Ná tabhair cluas d'eiricibh 'na aghaidh 's ná héisd léna nuachroidhe chreidimh sheinnid uatha féin atá contrárdha don aithridhe 's don chrábhadh. Ní ibhid seinfhíon na fírinni thairrngthear tré fheadánuibh ghlana as soithighibh uaisli ársuidhe, .i. tré bhéuluibh na naomh 's na
n-absdal ó fhíorthobar na heaguilsi, achd nuaifhíon neamhghlan na mbrég bhíos lán do mhoirt mhíchreidimh thairrngid as a cceannuibh féin ó thobar na hearráidi tré mbíd ar mearughadh céilli 's 'na naimhdibh 'gan uile chrábhadh. Cuir ad mheabhair na briathra beanduighthi úd an naomhathar ársuidhe óirdheirc, Uincensius Lirin., c.9. "Dual don Chatoilic", ar sé, "diúltadh dá gach nuaichreideamh, agus an creideamh cóir fuair óna sheinnsiribh do choimhéd go coinghiollach don mhuintir thiocfas 'na dhiaigh, 's gan an creideamh do chuma réna chéill, mar do-níd na heirice, achd a chiall do chuma risan ccreideamh." Ag so dhuit léighionn na haithridhe fuaramairne ór naomhoidíbh do mhúin dhúinn an seinchreideamh inar slánuigheadh ar seinnseara. Cuir conntrachd ar gach nuaichreideamh atá contrárdha dhó agus glac é maille deaghchroidhe agus coimhéd é go glan don mhuintir thiocfas ad dhíaigh, 's do-ghéubhae luaidheachd shíordhuidhe dá chionn. Amen.
An Céudrann don leabhrán sa, thráchdas ar an ttuirsi as cóir don aithridheach do bheith air agus ar an ullmhughadh as indéunta chuice agus ar gach ní eile bheanas ria. Don doilgheas as cóir dhúinn do bheith oruinn ré ndul dochum na faoisidne. As é as doilgheas ann gráin agas fuath, tuirsi agus dobrón, dod ghlacadh fán bpeacadh do-rínis, maille re rún gan a dhéanamh arís; achd ní fhoil d'fhiachuibh ort móid do thabhairt gan an peacadh do dhénamh arís. Agus ní cóir sin (d'iarraidh) ort achd amháin a chor romhad tú féin do choimhéud air maille re grásuibh Dé. As éidir dhuit doilgheas fírinneach do bheith agad gan déra súl do dhortadh, ór, gé gurab maith íad so do dhortadh do bhríogh go gcialluighid méad tuirsi an chroidhe, ar a shon sin, as lór le Dia tuirsi an chroidhe amháin do sgrios an pheacaidh, do bhríogh gurab é an croidhi amhán do-ní é. As maith rún follas do bheith agad gan aonpheacadh do dhénamh nísa mhó, ag rádh ad chroidhe, "Asé mo rún, a Thighearna, gan aonpheacadh do dhénamh at aghuidh gu bráth." As éidir fós don oide faoisidne, agus atá d'fhiachuibh air gu minic, gealladh do bhuain amach siocra na bpeacadh do sheachna, .i. gan dul go tigh áiridhe a ndérnadh an peacadh, clár na himeartha do sheachna, gan an táibhirne do thaghall, etc. Gidheadh, má tá gráin dá-ríribh agad ar na peacadhaibh do-rínis, as lór sin dochum na faoisidne, ór ní hédir fuath éiffeachdach an pheacuidh do bheith agad gan rún a sheachanta do bheith a bhfolach san fhuath sin. Dá bhríogh so, ná bíodh scrupuil ort a gcás nách biadh rún follus agad na peacuidh do sheachna. As fíor nách tigid na doctúire ré chéile san phonca sa. Achd seachuin na siocra do réir aithne an oide.
As cóir an doilgheas agus an fuath so an pheacaigh do bheith os cionn an uile dhoilghiosa agus fhuatha a gcáil éigin. Ór as é an peacadh olc as mó do na holcuibh, agus, dá bhrígh sin, as cóir a fhuath do bheith ós cionn fuatha gach uilc, amhuil mar as cóir grádh Dé do bheith ós cionn grádha gach créutúire, do bhríogh gu bhfuil a mhaitheas gan comparáid ós cionn maitheasa na n-uile chréutúireadh. Ar an ádhbhar sa, ní foláir gráin mhór do bheith ar an bpeacadh, a gcáil gur taosga do-gheabhtha do roghain bás d'fhagháil don té as annsa leat iná an peacadh do dhénamh arís, a gcás gu gcaithfithea ceachdar díoph do thoghadh. Gidheadh, ní fhuil riachdanas an coimeas so do dhénamh go follas dochum maithmhe na bpeacadh d'fhagháil, agus níor chríonnachd a dhénamh. Atáid dá ghné dhoilghis ann. An chéudghné, doilghios gér nimhneach neartmhar fán pheacadh an mhéid gu bhfuil a n-aghuidh Dé agus an ghrádha dlighthear dó, dá ngoirthear san Laidin "contritio", .i. mionbhrúghadh agus coimhbhrisseadh croidhe; agus as maith an t-ainm Gaoidhilge dhó "dioltuirsi", .i. tuirsi geintear ó ghrádh Dé. Gébé agá mbí an tuirsi se, sgriosaidh a pheacuidh uaidh suil téid d'ionnsoighidh na faoisidne agus do-gheibh grása Dé 'na n-áit. Gidheadh, atá d'fhiachuibh air fá phéin pheacaidh mharbhtha na peacuidh sin do chur a bhfaoisidin arís, más peacuidh mharbhtha iad; ór ní maitear iad achd ar an ccunradh soin ón am fár órduigh Críostt sacramuint na faoisidne an tan tug ar láimh na heaguilsi eochracha ceangail agus sgaoilte cháich óna bpeacadhuibh. Ní maitear, dá bhríogh soin, na peacuidh marbhtha lé doilgheas dá mhéud agus dá uaisle gan rún na faoisidne do dhénamh 'na ham féin do bheith gu follus nó go foluightheach 'na coimhideachd. An dara gné, doilghios nách fuil coimhneartmhar risan ndioltuirsi dochum na bpeacadh do sgrios dá ngoirid san Laidin "attritio", agus, dar leat, as uadha sin adeirid na Gaoidhil "aithrighe" nó "aithreachus". Geintir so go coimhchoitcheand ó uamhan phian n-ifrinn nó ó smuaineadh ar thruaillidheachd an pheacuidh. Ní sgriosann an peacadh gan faoisidin agus absolóid do bheith 'na
chuideachda, agus ní lór rún absolóide, achd as égion í féin d'fhagháil a láimh suil maitear an peacadh leis an ndoilgheas sa. Ní feas do dhuini ar bioth go deimhin, muna fhoillsighe Dia dhó é, cia haca so doilghios bhíos aige. Ar a shon sin, bí baramhail aige cia haca bhíos ann, agus, más aithrighe lag mheassos do bheith aige, as cóir dhó díthchioll do dhénamh a médúghadh agus a neartúghadh go ndiongna dioltuirsi, .i. doilghios láidir sgriosta an pheacuidh, dhi, muna fhuil confeasóir, .i. athair faoisdine, do láthair aige ler éidir absolóid do thabhairt dó, ór, mar adúbhramar, as lór an lagdhoilghios féin maille risan absolóid d'fhagháil mhaithmhe na bpeacadh. Tar a cheann so, bíodh go mbiadh absolóid ar fagháil agad, déin díthchioll mór fuath do bheith agad ar an bpeacadh agus tuirsi fá a dhéanamh, ar son Dé dá-ríribh, agus narab lór leat sin do dhéanamh tré olc nó tre phéin tig dhuit as an pheacadh. Ní geanmnuidhe an bhainchéile léigios di truaillidheachd do dhéanamh amháin ar eagla pian nó olc eile do-géntaoi uirre, achd as í as geanmnuidheachd ghlan ann sin do dhéanamh ar grádh an leannáin go prinsipálta. Mar sin as cóir don anmuin do ghlac Críost mar leannán san bhaisdeadh diúltadh d'adhaltrannus an diabhail, .i. do na peacadhuibh, agus gráin d'fhagháil orra, ní treasan n-olc amháin tig dí féin as so, .i. iffrionn síorruidhe, achd go prinnsiopál
tré ghrádh nDé, a Leannáin. As cóir fós an doilghios so, madh lag nó láidir é, do bheith geiniorálta fán uile pheacadh marbhtha dá ndearnuis, agus, más doilghios fírinneach é, do órduigh Dia do sgrios na bpeacadh, ní héidir leis gan iad uile do sgrios. Dá bhríogh so, as aithrighi bhréige an doilgheas mheassas duine do bheith aigi fá chuid dá pheacadhuibh maille ré fonn agus ré grádh na coda eile díobh, agus, dá nglacthá absolóid ar a leithéid sin d'aithreachus, ní sgaoilfidhe ód pheacadhaibh thú, achd do-ghéntá peacadh nua, muna saoradh ainbhfios tú, .i. gur mheas tú go raibhi doilgheas geiniorálta agad fá a ndearnais uile do pheacadhaibh. Ná tuig as so go bhfuil d'fhiachuibh ort aithrighe ar leath do bheith agad fá gach aonpheacadh dá ndearnuis; achd as lór aonchaoineadh agus aontuirsi amháin do bheith ort umpa
uile, ór as éidir lé duine a bponc dhéighionnach a bheathadh aithrighi fhírinneach do dhénamh (gé gur doiligh annamh sin), agus ní héidir leis tuirse ar leth do bheith aigi fá gach aoinpheacadh dá ndérna, san phonc soin, agus níor chuir Dia d'fhiachuibh oruinn achd aithrighe do bheith oruinn 'nár bpeacadhuibh, agus coimhlíontar sin gan aithrighi ar leth fá gach peacadh. Ór, mar as éidir leat tuirsi throm do bheith ort fá mharbhadh do mhic gan tuirsi spesialta fá gach éinchneidh bháis dá raibhi air, as éidir leat mur an ccédna doilghios fírinneach do bheith ort fá mharbhadh th'anma leis na peacadhuibh, bíodh nach gcaoifithea go spesialta fá gach peacadh dá ndearnais fo leth lér bhuailis cneadh bháis uirre. Ní dénta dhúinn slighi ar slánaighthe nísa chruaidhe iná mar adeir Dia nó an eaglus rinn. Má tá tú a ccundtabhairt an bhfuil ceachdar don dá dhoilghios sa fhoghnas dochum síthi do dhénamh ré Dia agad, achd do choinnsias dá rádh gomadh éidir gurab doilghios saoghalta brégach atá agad, ná cuireadh so scrúpuil ná buaidhirt inntinne ort má tá doilghios ort fá gan doilgheas cóir do bheith agad agus rún cathughadh do dhénamh fá gan tuitim isna peacadhuibh arís, achd bíodh do dhóigh a nDia nách fhoil tú gan aithríghi bhfírinnigh. Dá chongnamh choitcheann ghluaisios an peacach dochum aithrighi agus tuirsi fána pheacadhuibh. As slighe chomhchoitcheann dochum an uile mhaith d'fhagháil a hiarruidh ar Dhia san urnuighthe, ór adeir Dia féin gur anuas ó Athair na soillseadh tig an uile thaphartas romhaith agus an uile
thiodhlacadh foirfe, agus ní fhoil taphartus as fearr ná tiodhlacadh as uaisle agus as foirfe don pheacach iná cogadh do chríochnughadh ré Dia agus síth do dhénamh ris le haithrighi nglain. Dá bhrígh soin, as cóir dó do chéidneithibh so d'iarruidh ar Dhia féin. Mar nách éidir linn Dia do ghrádhughadh mar as cubhuidh gan a chongnamh spesialta féin, mur an ccédna, ní héidir linn an peacadh sgaras Dia rinn d'fhuathughadh mar dhlighthear uainn agus mar atá do riachdanus oruinn dochum sláinti ar n-anma gan congnamh roispésiálta nDé d'fhagháil. Uime sin adubhairt Críosd, "Ní thig duine ar bioth d'ionnsoighidh orumsa achd an té thairngios mh'Athair chugam." An aithrighi amháin as slighi dhíreach dochum teachda d'ionnsoighidh Chríosd; dá bhríogh soin, gibé lérab mían triall chuigi, iarradh san úrnuighthi ar an nAthair a tharruing ar slighidh na háithrighe dochum an Mhic, agus, do bhríogh gur congnamh mór do ghluasachd na spioraide dochum na tuirsi urnuighthe bheóil do dhénamh, cuirfead ann so eisiompláir na hurnuighthe bús maith lé a rádha, muna fhaghthar ní bús fearr iná í. Urnuighthe d'iarruidh na haithrighe ar Dhia. An uair smuainim, a Thighearna, ar do mhaitheas agus ar do mhórdháil neimhchríochnuighthi agus ar mh'uirísleachd n-éttréoruigh féin, ar iomad do thíodhlacadh dhamh agus ar mhéid mo neamhbhuidheachuis dá gcionn, ar thuile do thrócaire agus ar mhéd mo mhíghníomh, ar luaidheachd do ghrás agus do ghlóire fám chomhair agus ar líonmhaireachd mo lochd agus mh'aindlightheadh at aghuidh, tuigim go follus gumadh cóir dhamh aithridhe iongantach agus doilghios domhuin bhriste chroidhe do bheith oram fám choirthibh agus fá mhéd na masla thugas dod mhórdháil dhiadha. Achd ad-chí tú féin, a Thighearna, gur talamh thirim mé gan túar gan leas ar nách tig toradh achd peacaidh agus, gé go ndéinim iad gan do chongnamh-sa achd a n-aghuidh do thola,
nách éidir leam a gcor dhíom gan braon dod dhrúchd dhiadha ghrásamhuil do dhortadh oram dom ghluasachd dochum na háithrighe. Ar an n-ádhbhar so, léigim mé féin, an truaidhe bhochd, ar mo ghlúinibh a bhfiaghnuisi do thrócaire ar nách foil críoch ná foircheann agus guidhim thú, fill uaim t'fhírcheart agus féch go truadh trócaireach ar an n-anam sa do chruthuidh do lámh láidir féin agus do cheanduighis lét fhuil fhíoruasuil. Féch oram leis na súilibh lér fhéchuis Matha agus Magdalén, Peadar agus Pól, agus cuir dealradh uatha um thuigsin lé bhféchabh go gérradharcach ar chruas do chirt agus ar ghráineamhlachd mo mhíghníomh agus mh'olc, ionnus go nglacfainn eagla lét fheirg shíordhuidhe agus léd phríosún na bpian, agus teagadh drithli dhiadha asda théighfios an croidhi fuar sa. Leaghuidh an ghrian chorpordha an sneachda agus sgaoilidh le teas an t-oidhreadh; leaghsa, a Ghrian ghrásamhuil na córa, an cruaidhsneachda atá ar mo chroidhe-si agus sgaoil leaca oidhridh na lochd atá ar mo choinnsias lé tinidh do ghrádha agus lé huisge na háithridhe. An démond, cloch as cruaidhe do chlochuibh, maothuighthear í agus do-níthear deaghobair uirre le fothroghadh fola do thabhairt dí. Croith, a Thighearna, braon dod dhiadhfhuil do dhoirtis san chronn, ar an gcroidhe cclochdha sa dá mhaothughadh dochum oibre na haithridhe. Do sgoltadh na cairrge a n-aimsir do pháisi ag caoineadh ciontadh gcomhuidheach; tabhair, a Thighearna, ar chruaidhcharruig mo chroidhe-si sgoltadh tré dhoilghios agus tré thuirsi fám peacadhuibh dísle féin. Do ghealluis roimhe so, a Thighearna, mar fhábhar spesialta croidhe colna do thabhairt do mhalairt ar chroidhe chloiche, achd taphair dhamhsa croidhi cloichi, ós í an chloch as mó mhothuigheas do mhasla, agus bean díom an croidhe colna sa nách caoieann a chionnta. Coimhnigh, a Thighearna, go ndubhartais nár mhian leat an peacach d'fhagháil báis ina olcuibh achd filleadh ort féin agus grásda do thabhairt dó. Cuimhnigh gur ghealluis a ghlacadh chugad an uile uair do fhillfeadh ar do thrócaire. Agraim ad ghealladh thú, a Bhéoil bheanduighthi na fírinne. Fillim ort anos agus ofráluim mé féin duit mar sclábh shíordhuidhe, agus, ó nách éidir
bail do bheith ar so gan áithríghi bhfhírinnigh agas nach éidir í so d'fhagháil gan do lámh ghrádhach-sa do ghluasachd an chroidhe, gluais léd ghrásuibh an cruadhchroidhi si agus mosguil é ó shuan na bpeacadh ina raibhe go ttrásda dochum gola agus tuirsi iondus nách caillfídhe an t-anam bochd sa achd go mbeth slán 'gat onórughadh agus 'gad ghlórughadh go síordhuidhe. Amen. Ná léig dhíot urnuighthe do dhénamh dochum Muire Ógh, ór ní fhoil slighi as deimhne agus as díríghe dochum an Mhic iná impidhe na máthar do bheith leat. Déna fós urnuighthe dochum do phátrúin gheiniorálta Pádruig agus dochum na naomh ndúthchais dá ndéin tú seirbhís spesialta agus iarr a ccongnamh go díthchiollach san am sa do dhocamhail agus do dhoghruinne, agus do-chíthfe tú go ngluaisfidhear do chroidhe dochum tuirsi agus fúatha na bpeacadh. As congnamh comhchoitcheann eili dochum furtachda d'fhagháil ón uile airc a mbí duine lérsgrúdadh do dhénamh ar an mbochduine a mbí sé, cionnas tárla dó, créd iad na huilc tug chuigi, agus créd é an glés le saorfadh é féin uatha. Dá réir so, búdh congnamh dochum na haithrighi an peacach do mhionsgrúdadh an uilc ina bhfuil sé; ór, gibé thuigeas go maith a dhoghrainne, caoinidh iad, agus, an t-amadán nach tuigeann iad, do-ní gáire fá adhbhar an ghuil. Na peacuigh géirinntleachdacha deaghlabhartha bhíos lán do shúgradh agus do ghreann, amadáin an diabhuil iad nách tuigeann a n-olc agus a mbochduine ón daille agus ón dorchados fá ccuirthear iad a bpéin a bpeacadh. Ní gan ádhbhar do orduigh an nádúir aonchédfadh amháin, .i. an tsúil, dochum radhairc agus gola, dá chor a gcéill gurab as gér
adharc an uilc thig a chaoineadh agus gluaistear an tí aga mbí dochum tuirsi agus dobróin. Osgladh an peacach a shúili agus tugadh gérsgrúdadh ar an sdaid ngráineamhuil a bhfuil sé; féchadh astigh ann féin iomad agus truaillidheachd a pheacadh; féchadh faoi iffrionn gusa bhfuil sé ag tarruing agus an diabhal lé ndérna ceangal a n-aimsir an pheacuidh; féchadh shuas Dia na glóiri do thréig agus do
tharcuisnigh sé agus na húird aingiol agus naomh ar ar choir tuirsi an mhéid go roibhe ar a chumas; agus do-gheubha iomad n-adhbhar gola agus dobróin má bheanann faoi ag mionsmuaineadh go huaigneach ris féin ar na neithibh si. Dá smuaineadh spesialta le ngluaistior an peacach dochum aithrighi agus fuatha a pheacadh. Smuain ar tús go bhfoil Dia do ghnáth do láthair agad agus gur foigsi dhuit é agus gur fearr do-chí gach ní míonáireach dá ndénann tú iná tú féin, agus gluaiseadh so tú dochum an pheacaidh do sheachna. Cia hí an bhean dá míonáirighe nách coisgfeadh dá hadhaltrannus dá mbeith a fhios aice go mbiadh a fear ar fhuinneóig dá faicsin? Leannán Críost dá gach anam do baisdeadh, agus ní sgarann sé gan bheith 'gá síorfhéachuin d'oidhche agus do ló; agus, bíodh go ndeacha ar neamh do réir a dhaondachda, atá abhus do réir a dhiadhachda, nísa fhoigsi dá gach aon iná é féin. Smuain ar so a n-am an pheacuidh, agus, má tá splanc céilli ionnad, beanfaidh sdad éigin asad agus do-bhéara mothughadh aithrighe chugad. Smuain arís ar chaill tú trésan bpeacadh agus gan dáil furtachda agad dochum aissic d'fhagháil achd maille ré haithrighe amháin. Do chaill tú Dia mór glórmhar ar antoil bhréigi mhoimeinti. Do reac tú th'oidhreachd neamhdha ar chopán bhochd phraisgi mar do-rinne Esau. Do chaill tú foghar agus cairdios príobháideach nDé as mó as ionmheasta gan choimeas iná cairdios agus foghar ríogh nó prionsa shaoghalta ar bioth a ngeall ar chumann chealgach créatúire. Do chuir tú dhíot na grása, .i. an t-édach bainnseamhuil lé ttiaghar do chaitheamh an tsuipéir shíorruidhe agus libhré dhíleas chlo
nne Dé, agus do ghlac tú 'na n-áit umad brot diabhluidhe tighi iffrinn, libhré sclábh an deamhuin. Do chroidhe do bhaoi 'na theampall ag an
Spiorad Naomh agus 'gá ainglibh, do-rinne tú teampall dhe do Lúcifer agus dá mhuinntir. Tug tú suaimhnios agus síoth do chogúis ar chnuimh atá ag creinn do choinsiasa do shíor. Do chaill tú a ndérna tú do dheaghoibrighthibh riamh agus ní fhuighi luaighidheachd ar bioth ar son deighníomha dá ndiongna tú an feadh bhias tú san bpeacadh; biaidh, dá réir sin, gan luaigheachd a ndéin tú do dhéirc agus d'oibrighthibh eile trócaire corpordha agus spioradálta, d'urnuighthe, do throsgadh, agus do thréighionas, go bhfágbha tú an peacadh. Do dhiúlt tú do Dhia mar athair agus do thoirbhris tú féin mar mhac don diabhal. A ló an bhreitheamhnuis biaidh tú ar láimh chlí Chríosd a measg na meannán agus ní bhía ar do chumas dul ar a láimh dheis a measg na n-úan neamhurchóideach. Cluinfidh tú na briathra binne úd adéra ris na fírénuibh ag tabhairt chuiridh shíordhuidhe glóire dhóibh ar son a seirbhísi, .i. "Tigidh leamsa, a luchd na m
eannachd; glacuidh seilbh ríoghdhachda m'Athar atá arna hullmhúghadh fá bhar ccoinne ó thosach an domhuin." Do-chíthfe tú iad dá ttógbháil suas a measg aingiol agus archaingiol, abstol agus soisgéaluidheadh, mairtíreadh agus confessóireadh, ógh agus banógh, áit a mbia radharc biothbhuan gnúisi na Tríonnóide aca. Don taoibh eile cluinfidh tú an bhreith bhochd bérthar ort féin agus ar do chomhluadar. Do-chíthfe tú Íosa Críosd, atá anos lán do thrócaire, ar lasadh feirgi agus fírcheirt agus ag rádh na mbriathar úd choirfeas an cheathardhúil ar coimhchriothnoghadh, "Im
ghidh romhaibh, a luchd na mallachd, san ttinidh shíordhuidhe atá arna fadódh don diabhul agus dá luchd feadhma." Do-chíthfe tú thú féin agus sluaidh deamhan agus drochdhaoine ag tuitim san bpríosún ndubh n
orcha n-iolphiastach ina mbía sibh ag caitheamh na bpian an feadh bhias Dia ag caitheamh a ghlóire. Ní sguirfe ón am sin amach do chroidhe d'osnadhuibh agus do thuirsi ná do shúile do dhortadh dér, agus biaidh gan tábhachd, do bhríogh gur druideadh dorus nimhe agus grás romhad, gé go bhfoigheónadh aonosna nó aondér amháin anos dod shlánúghadh. Beid dá phéin shíordhuidhe ort san phríosún sa, dá ngoirid na diadhuireadha pían na díoghbhála, .i. do bheith
dearbhtha nách faicfe (tú) go bráth gnúis nDé, agus pían na ccédfadh, .i. an teine shíordhuidhe bhias dod shíorlosgadh idir anam agus chorp ar mhodh nách sguirfe go bráth dá síorlasair chíordhuibh agus nach lúgha bhías ré a losgadh aici tar éis míli milleóin do bhliadhnuibh iná anos, ór, gé go mbía na peacuigh mur choinnligh gcrín ar lasair, ní sgarfa aoinní dá substaint ríu achd beid go bráth ar aondrochsdaid, d'eagla go ttiocfadh críoch ar a bpéin. Dob uras dúinn chomhrádh fada do dhénamh ar gach olc fá leith do na holcuibh si shileas ón pheacadh agus mórán eile dá olcuibh d'iomrádh do ghluasachd ar bhfuatha air achd go ccuirfeadh sin d'fhiachuibh oruinn an leabhrán do dhénamh níos faide iná as mían linn. Léigim chugad féin, a pheacuigh, smuaineadh go gér ar na deich n-olcuibh sin adubhramar do-bheir an peacadh chugad, agus, má ní tú so go húaigneach fadsduidérach, ní theasdócha ádhbhar gola agus aithríghe uait. Smuaintí speisialta eile dochum an ádhbhair chédna. Tabhair an chédsmuaineadh ar an ngrádh agus ar an ttrócaire atá ag Dia ad timchioll agus tú a gcogadh ris agus a ttrétúrachd 'na aghuidh ar shluadh a namhad. Adeir féin go bhfuil 'na sheasamh ag síorbhualadh dhoruis do chroidhe ag iarruidh osguilti. Atá ag fuláireamh párdúin ort a n-aisgidh agus ag gealladh dhuit san uair a bhfillfe tú go leigfi ar dearmad a ndearnuis riamh 'na aghuidh. Labhruidh fós go romhaothchroidheach rét anam mar so: "Tarr chugam, a bhanchara, a bhainchéile, a choluim; teith ón phréchán an diabhail. Misi carruic do dhíona; tarr fám chneadhaibh, agus do-gheabhae cuasa
chomhairce ionnta"; agus do-bhéra dhuit fós a raibhi do dhighnitibh agus do ghrásaibh agad ré ttuitim san bpeacadh. Agus ní hé amháin, achd glacfaidh thú a ngradum as mó iná mar do bhí agad ré ndol a ttréatúrachd air, ór do-ghéabha tú a roibhi agad roimhe agus grása nuaidhe do réir miosúir na haithrídhi bhias agad ag filleadh ar Dhia a sluadh an diabhuil. Tuilleadh eile, atá ag cor fhiaghnuisi ar neamh agas ar thalamh an mhasla do-bheir tú dhó agus, dar leat, gur crádh croidhe leis í. Adeir go truagh bochd gur bheathaidh thú mar mhac do féin agus go ttuguis taircuisni dó ag fuireach uadha. Féch anos, dá mbeth a leithéid so do chúram ag rígh talmhuidhe fád fhilleadh chuigi, gur mór do ghluaisfeadh tú dochum síthi do dhénamh; ná tabhair meas as lugha iná sin ar Rígh na ríogh, achd, ó tá dod ghuidhe ag iarruidh síthi agus ag síorbhualadh doruis do chonsiasa ag iarruidh an diabhail do chor amach agus é féin do leigean asteach, osgail an croidhe dhó lé heochair na haithrídhi. Tabhair an dara smuaineadh ar Chríosd do Shlánuightheóir agas do-chíthfe tú méd na masla do-bheir tú dhó ag fuireach san pheacadh. Adeir Pól, ag dénamh an pheacuidh duit, go ngabhann tú do phreabuibh ar Chríosd an mhéid gur éidir leat é, go ttruaillighean
tú a fhuil neamhdha lér naomhadh tú, agus go ttugann tú imdhérgadh agus aithis do Spiorad na nGrás. Do sgrios an pheaca
dh do fhulaing Críosd an pháis, agus as íad na peacuidh féin tug bás dó; dá bhríogh sin, gíbé do-ní an peacadh nó anas ann, do-bheir adhbhar páisi nuaidhe dhó. Do-bheir fós tár agus tarcuisni don fhuil do dhoirt sé agus do na grásuibh fuair dá cionn do leighios pheacadh bfhear ndomhuin, an tan nách áil leis iad so do ghlacadh a n-aisgidh agus a pheacuidh do sgrios léo. Má tá creideamh fírinneach agad agus onóir fá choinni do Shlánuightheóra táinic ó dheis a Athar dot fhurrtachd, do-bhéra an smuaineadh so congnamh duit gan fuireach isna peacadhuibh achd a ccur dhíot leis an aithrídhe.
Tabhair an treas smuaineadh ar an ccúirt némhdha uile ar a ccuirfe tú luathgháir mhór lét aithríghi. As mór do ghluaisfeadh cúirteóir saoghalta dochum gníomha dá chruas do dhénamh a dhearbh do bheith aigi go ccuirfeadh gean agus meanma ar an ccúirt uile dá n-éirgheadh leis. Adeir Críosd go ccuireann aithríghi aoinpheacuigh amháin luathgháir ar chúirt fhlaitheamhnuis uile, agus, dá réir sin, cuiridh míoluathgháir ar chúirt n-iffrinn, do bhríogh go bhfuilid na cúirti si conntrárdha dá chéile. Gluaistear tú leis an smuaineadh so dochum aithríghe do pheacadh do chor luathghára ar ainglibh agus mhíoluathghára ar dheamhnuibh. Tabhair an ceathramhadh smuaineadh ar thiodhlaicthibh Dé dhuit. So an tslighi do ghlac an fáith Nátan do tharruing Dáuidh dochum aithríghi, .i. na tiodhlaicthe móra tug Dia dhó do chur 'na fhiaghnuisi agus, 'na dhiaigh sin, an peacadh do-ríne a n-aghuidh Dé, .i. Urias do chor a n-áit a mharbhtha san chath agus adhaltrannus do dhénamh réna mhnaoi. Do smuain Dáuidh ar iomad agas ar mhéd na ttiodhlaictheadh fúair, agus do ghlac gráin é fá dhol a ttrétúireachd ar an tté tug dhó iad, agus do-righne aithríghi fhírinneach. Smuainsi, mar an ccéudna, ar na tíodhlaicthibh móra fuaruis ó Dhia, agus gabhadh gráin tú fá bheith a gcogadh agus a bpeacadh a n-aghuidh an té thug dhuit iad. Do chruthuidh Dia thú go huasal agus ní thug nádúir chloiche ná chroinn ná ainmhidhe bhrúideamhuil dhuit achd nádúir as fearr go mór atá cosmhuil ré na hainglibh agus, fós, ris féin do thaoibh anma, agus ní thug an nádúir si dhuit a measg Turcach nó págánach, mar tug do mhórán eile, achd a measg Chríosduidheadh, áit inar urusa dhuit do shlánúghadh. Do cho
mhéid sé thú tar mhórán eile fuair bás a mbroinn a máithreach go rug baistteadh ort, agus, iar tteachd dhuit dochum céille, tug éolas an chreidimh fhírinnigh dhuit agus do-ríne ball dá eaglais féin dhíot iar bhfulang do mhórán eile do ghlac baistteadh tuitim a n-eiriceachd agus bheith amuigh ón
aoimheagluis as leannán dhó fén mar nách sláinéochar duine dhíobh.
Atá sé fós 'gad shíorchoimhéd san sdaid ina bhfuile, agus, dá léigeadh dhe moimint bheag gan sin do dhéanamh, do rachtha ar neimhní; agus, gé gurab uaisle na haingil ó nádúir iná thú, do chuir aingiol glórmhar dod choimhéd agus do dhénamh seirbhísi dhuit. Ní hé amháin, achd do phós a nádúir dhiadha féin réd nádúir dhaonda agus do uaisligh thú ós cionn na n-órd n-ainglidhe uile an tan do ghlac an Mac síordhuidhe colann daonna 'na thimchioll a mbruinn na hóighi; agus adeir cuid do na naomhaithribh gurab uime do pheacuidh Lúsifear do bhríogh go bhfaca thú 'sa nádúir as anuaisle iná é féin dá cor ós a chionn. Iar ttuitim san bpeacadh dhuit, mar nách roibhe ar do chumas díoluidheachd do thabhairt do Dhia, do fhulaing sé féin bochduine ar do shon. Do-ríne trosgadh, urnuighthe, oilithre, agus, fá dheóidh, do thoirbhir é féin d'fhulang báis mhaslamhuil na croiche do dhíol t'fhiach agus do thabhairt na beathadh síordhuidhe dhuit. Tuilleadh eile, do chruthuidh a bhfuil do chréttúiribh eile ann ar do shon agus tug fá
tighearnas iad. Gurab uime sin nách lia crétúir ann iná thiodhlacadh fuair tú ó Dhia. Ós a ccionn so, do-ghéabha iomad ttiodhlaiceadh spésialta eile tug Dia dhuit nách thug do dhaoinibh eile má fhéchann tú go gér ort féin ó aimsir do gheineamhna gusan am sa agus leabhar cunntuis do dhénamh dod mheabhuir. Smuain gurab malluighthe an gnás bheith ag síordhénamh uilc don té atá ag síordhénamh maithiosa dhuit, bheith ag tabhairt fhuatha do chionn grádha, ag dénamh cogaidh agus trétúrachd a n-aghuidh an té ó bhfuair tú na tiodhlaicthe móra adubhramar, agus, ó tá ar do chumas filleadh uatha so maille risan áithríghe, déin dá-ríribh í agus ná han uaithi.
Admháil na ttiodhlaictheadh fuaruis ó láimh Dé. Cibé lérab mían a ainm do chur a leabhar na beathadh síordhuidhe, ní foláir dhó leabhar cunntuis do dhénamh idir é féin agus Dia san bheathuidh bhoichd bheagshaoghaluigh si. Roinneadh an leabhar sa a ndá chuid, mar do-níd feadhmunnuigh agus sdíobhaird na ndaoine mór saoghalta; cuireadh san chédchuid de a bhfuair riamh óna thighearna agus san dara cuid cionnus agus créd é an modh ar ar caitheadh gach ní fó leath dhíobh. Dá bhríogh so, a aithrídhigh lérab mían h'anam do sgríobhadh a leabhar na beathadh, léigh go maith an leabhar cunntuis atá idir thú féin agus Dia do Thighearna do-rinne feadhmannach agus sdíobhard dhíot ós ceann mhóráin maoine agus maitheasa. Tionsgain ar tús ar ghlacuis uaidh do léghadh ag admháil a thiodhlaictheadh, ag rádh na mbriathar so síos nó a leithéide so do chomhrádh. Tionsgnaim, a Rí agus a Thighearna, a Dhia ghlórmhuir, at ainm féin, atá at Athair, ad Mhac, agus ad Spiorad Naomh, cunntas do dhénamh riot. Léighfead dhuit ar tús ar ghlacas uait agus 'na dhiaigh sin cionnus do chuirios agus do chaitheas a bhfuarus. Ar tús, admhuim gar ghrádhuighis go mór mé ó thús na suthuineachda tréd mhaithios agus tréd mhórdháil féin gan ní ar bioth d'fhaicsin ionnamsa fá ttiobharrtha an grádh soin dhamh agus gurab ón tobar thrócaireach sa do ghrádha táinig an tuile thiodhlaictheadh so síos chugam. Dlighim dhuit tabhartus mo chruthuighthe go huasal onórach os cionn na ccrétúireadh ccorpordha uile comhchosmhuil ris na hainglibh. Tugais dhamh anam eólach eagnuidhe ar a bhfuil do dhealbh agus do dhreach féin an mhéid go bhfuilid trí chumhachda, .i. meabhair, toil, agus tuigsi, aigi a n-aonsubsdaint mar atáid trí pearsanna agadsa at aonnádúir ndiadha. Tugais fós dhamh corp as áille agus as uaisle do na corpaibh, agus dobadh mór an tíodhlacadh leam an ball as lugha de d'fhagháil, dá mbeth d'uireasbhuidh oram, agus do bhéinn buidheach go bráth don té do-bhéradh dhamh é.
Dlighim dhuit mo bhreith a n-aimsir léxa na ngrás idir Chríosduidhibh agus a ttír Chatoiliceadh. Dlighim dhuit mo choimhéd agas mo chosnamh san nádúir si fuarus uait, ór, dá ttréigthea lé moimint mbig mé, do rachuinn ar neimhní. Dlighim dhuit na spéire fuarus uait dom shoillsioghadh. Dlighim na dúile uile: an talamh fuaras mar áit chomhnuidhe do-bheir toirrthe dhamh agus bheathuighios ainmhinteadh lé ccothuighthear mé go prinsiopálta, ór éduighthear mé dá n-oluinn, do-níthear bróga dhamh dá ccroicnibh, agus bíadh dá bhfeóil nó maille n-a saothar; an t-uisge nigheas mé agus choisgios mo thart agus gheinios iasgach dom oileamhuin; an t-aiéor fhionnfhuaruighios mé agus do-bheir éunluidh dhamh; an tinidh théigheas mé agus bhruithios mo chuid dhamh. Dlighim dhuit na huile chrétúir do-níthear tré cho
measg na cceithre ndúl sa, ór as do dhénamh sochair agus seirbhísi dhamh do-rínis iad. Dlighim an buanna beannuighthe tugais dhamh dom choimhéd, .i. an t-aingiol coimhideachda. Dlighim duit, a Thighearna, tiodhlacadh as mó go mór iná a ndubhart, .i. mo cheannach, mo shaoradh, agus mh'fhuasgladh, as phríosún an diabhail ina rabhus. Uime so thánguis ó dheis th'Athar go gleann na ndéar agus do ghlacuis an nádúir uirísiol sa ad thimchioll 'gá pósadh a n-éinphearsuinn réd nádúir ndiadha. Iomdha rúindiamhar mhór san n-áirdthiodhlacadh naomhtha sa. Ann so, a Thighearna, do íslíghis thú féin dom árdúghadh, do laguighis thú dom láidrioghadh, do bhochtuighis thú dom shaidhbhrioghadh, do laghduighis thú dom neartúghadh, do thalamhuighis thú dom neamhdhúghadh, do dhaonduighis thú dom dhiadhúghadh, do anuaislighis thú dom uaislioghadh, do mharbhuis thú dom bhéoughadh, do phianuis thú dom ghlórughadh, do nochduis thú do
médughadh. Ó a Thrócaire ós gach trócaire! Ó a Ghrádh ós gach grádh! Ó a Thíodhlacadh ós gach tíodhlacadh, tré a ndérnadh duine do Dhia, óglách don Tighearna, agus crétúir don Chruthuighthéoir. Iomdha tíodhlacadh do ghlacus uait san naoimhthíodhlacadh so. Dlíghim t'fhuireach
trí bliadhna déug ar fhichid ar díbirt ód dhúthuigh ar mo shon; ar fhuilngis ar feadh na ré se d'fhuachd agus d'annró, d'ocras agus d'íotain, do thár agus do tharcuisni, do mhasla agus do mhímhodh, d'inghreim agus d'imshníomh, d'athais agus d'imgheargadh; a ndérnuis do throsgadh agus do thréighionas, d'urnuighthe agus d'oilirthe, do sheanmóir is do shírtheagasg, do mhíorbhailibh agus do mhaithghníomharthuibh. Dlighim dhuit, a Thighearna, rúindiamhra do pháisi, an t-allas fola a nGetsemani, do nochdadh 's do cheangal 'gan cholumhain, an t-édach purpuir, na cúig míle sgiúrsa, an choróin spíne, iomchar na croiche go Cnoc Calbháiri, do chrochadh uirre, fulang na gcúig n-áladh, toirbhirt do spioraide a lámhuibh th'Athar, do bhás agus th'adhlacadh. Ó a Cheanduighthéoir charthanuigh! Ó a Fhuasguilthéoir órdhuirc ionganthuigh! Ó a Aodhaire fhíorghrádhuigh thug fuil do chroidhe dod chaorchuibh dá ttabhairt as glasuibh an diabhuil! Ní deireadh dom fhiachaibh fós, a Thíghearna. Dlighim dhuit th'eiséirghe ghlórmhar dhaingnighios mo dhóthchas fam eiséirghi féin; do dhol ar deis th'Athar d'abhcóideachd ar mo shon. Dlighim teachd an Spioraid Naoimh dar naomhadh 's dár tteagasg ad shoisgeól. Dlighim na seachd sácramuinte do fhágbhais dar ndíon ór naimhdibh 's do leigheas ar lot. Dlighim dhuit mo ghairm ar mh'ais óm olcuibh. Do fhéduis go ceart mo dhamnughadh go síorrdhuidhe trém pheacadh agus ní dhearnais achd cogar caoin agus gairim ghrásamhuil do thabhairt dhamh nach tuguis d'iomad peacach eile lér fhilleas ó mh'antoil ar slíghidh mo shlánuighthe. Dlighim dhuit an choróin ghlóire do ghealluis dhamh mhairfios go síordhuidhe, a ngeall ar bheagán seirbhísi. Abair féin ann so iomad tiodhlaictheadh eile spésialta fuaruis ó Dhia, ór ní fhuil ionnta so achd tiodhlaicthedh coitcheann don uile Chríosduidhe, agus, dá n-abra tú iad maille deuósion agus ré heagla nDé, budh mór an congnamh do-bhéraid do mhaothughadh agus do chlaochlodh do chruadhchroidhe ó sheirbhís an diabhuil dochum seirbhísi an thé ó bhfuaruis na troimthiodhlaicthe si.
Cunntus chaithmhe thiodhlaictheadh an Thighearna. Iar tteachd dochum na coda sa don chunntus dhuit, as éidir an comhrádh sa nó a leithéid oile do dhénamh lé Dia do bhrosdughadh do spioraide dochum gráine fád pheacadhuibh agus dochum doilghis tréna ndénamh a n-aghuidh an té ó bhfuaruis na móirthiodhlaicthe adobhramar. Do chuirios críoch, a Thighearna thrócairigh, ar an ccédchuid dom chunntus, .i. ar ghlacus ód mhórdháil dhiadha do chur síos agus d'admháil do réir mo chuimhne. Anos, tigim gusan dara cuid, (as) doilghi go mór, .i. cionnus do chaitheas do mhaoin agus do mhaithios agus créd í an tsheirbhís do-ríneas dhuit dá cceann, agus do-gheibhim mé féin gan cumas freagra do thabhairt san tiodhlacadh as lugha dá bhfuaras uait, agus, mar sin, as éigion dhamh an chuid si dom chunntus d'fhágbháil folamh, ór ní fhághaim achd roibheagán deaghoibreadh dom thaoibh féin, agus, gibé maithios atá ionnta soin, ní uaimsi táinig achd uait féin, a Thighearna, agus, dá bhríogh sin, as a measg do thiodhlaictheadh san chédchuid don chunntas as cóir a ccor. Ní fhaghuim san chuid si dom chunntus achd go ttugus dhuit fuath ar son do mhóirthiodhlaictheadh, neamhbuidheachus ar son do naomhfhola. Ó a Dhíoluidheachd dhiabhluidhe! Ó a Mhalairt mhalluighthe! Ó a Chunntuis chealguigh! Tugas olc a ndíol do mhaithiosa, tarcuisni a ndíol do thrócaire, dubháilce a ndíol na subháilceadh, neamhbuidheachus démhnuidhe a ndíol na n-aisgeadh n-ainglidhe. An t-anam agas an corp tuguis dhamh, do chaithios iad a seirbhís do námhad, an chos ag siobhal go saobh, an tshúil ag féachuin go claon, an lámh ag lot na comharsan, an tshúil arís ag síorshantughadh, an béul ré bréuguibh as ré beaduightheachd, an chlúas ag cloisdin na n-olc, an tuigsi ag teasbéanadh na bpeacadh, 's an toil dá ngrádhughadh. Do-ríneas cogadh at aghuidh, a Thighearna, réd thiodhluicthibh as rét armuibh féin; do-ríneas gach ní contrárdha dod naomhthoil agus tugus droighmheas ar do dhiadhfhuil. An uair fhéachuim, a
Thighearna, ar mo bheathaidh agus ad-chím í ar gach aontaobh at aghuidh, dar leam, as díleas an t-ainm dhamh Anticríosd, .i. fear cogaidh a n-aghuidh Chríosd bhrisios a léaxa, tharcuisnigheas a shoisgéul, bhrégnuigheas a bhriathra, agus fhuathuigheas a aitheanta. As measa mé go mór ináid na beathadhuigh bhrúideamhla 'gá mbí grádh ar luchd a maithiosa agus do-ní séirbhís dhóibh agus cogadh ré a naimhdibh. As measa mé iná Iudas, ór racaim thú go minic ar nísa lugha iná deich ttalluinne fichead; do-bherim thú ar gearrghlóir dhíomhaoin nó ar anmhian colluidhe nách mairionn achd moimint. As measa mé iná an cineadh Iudaidhe, ór páisighim do dhaon
achd agus creidim do dhiadhachd; creidim go ttánguis dom shlánughadh agus atú 'gad dhamnughadh. O a Thighearna thrócairigh, a Chruthaightheóir na cruinne, créd é an dalladh sa atá ar mo shúilibh nó cionnus as éidir go rabhus riamh ag síordhénamh uilc don té ó bhfuaras an uile mhaith? Osgail féin, a Thighearna, na súile atá dall as a n-olcaibh ionnas go bhfhaicdís na fiacha móra atá oram 's gan cumas agam ar chundtus do thabhairt ionta achd maille doilghios fán drochunntus do-ríneas go ttrásda. Do mhaith tú san soisgéal a chuid don fheadhmannach táinig go gearr san chunntas, do mhaithis don mhac mhíochomhairleach do chaith a mhaoin lé mailís agus a aimsear lé hainmhianaibh, an uair do admhadar a n-olc agus do ghoireadar ar do thrócaire. Mise an mac míghníomhach agus an feadhmannach neimhdhíleas neimhionraic. Admhuim mh'olc agus mh'ainbhfeas, éighim ar do thrócaire, agus iarruim ort a huchd t'fhola néamhdhuidhe gluais mo chroidhe dochum na haithrighe tré a maithfe dhamh mo dhrochunntus. Nach cóir cairde do chor ar an aithrighi achd a dénamh gan mhoille comhluath agus do mhothóchus tú thú féin san pheacadh. An uair thuitios braon d'olaidh ghránna ar bhrat n-úasal, má leigthear chomhnuidhe fhada di gan glés d'fhagháil ar a
sgrios, cuiridh an brot ó fhéidhm agus millidh a sgéimh agus a luach. An cancer, muna leighisthear fána thosach é, atá marbhthach. Mur an ccédna, an uair bheirios an nathair nimhe greim ar dhuine, muna fhagha furtachd go lúath, silidh an nimh ar feadh a chuirp uile. Gurab uime sin gearrthar ar uairibh an ball ré mbeanann an nathair d'eagla a nimh do theachd fán ccorp uile. As braon d'olaidh dhiabhluidhe ghránna ar ttuitim ar bhrot n-uasal néamhdhuidhe an peacadh ar an anam; cainncer é shnámhas asteach go smior an spioruid; greim é bheirios nathair nimhe parrthais ar an tté éisdeas réna méalltóireachd. Dá bhríogh so, a Chríosduidhe, ná sdad san pheacadh iarna fhaicsin dhuit ar th'anam achd nigh go prap é le huisgi na haithrighe; leighis an cancair si fána thosach agus sgrios an nimh uait suil thiocfas fád chroidhe. Muna dhearna tú so, bíodh a dheimhin agad go mbia an peacadh agus a mhaighisttir an diabhal ag breith bissigh neirt agas láidireachda at aghuidh gach laoi agus, do bhríogh so, ag laghdughadh 'na n-aghuidh-sean, mar adeir Greigéoir: "An peacadh nách sgriostar fána thosach, cuirigh d'fhiachaibh peacadh eile do dhénamh, ionnus go mbí an cédpheacadh 'na chúis 'gan dara peacadh, agas an dara peacadh 'na phéin 'gan chédpheacadh agus 'na chúis 'gan treas pecadh, agus mar sin síos. Amhuil thairngios gach lúb don tshlabhradh lúb eile 'na diaidh, mar sin thairngios an peacadh nach sgriostar go prap peacaidh eile 'na dhiaigh go ndéuntar slabhradh doibhristte diabhluidhe díoph lé gceangalthar an t-anam a nglasuibh Luicifeir." Adhbhar eile fár chóir dhuit deifir do dhénamh as an bpeacadh, do bhrígh, an fad bhias tú ann, a ndíongna tú d'urnuighthe, do throsgadh, do dhéirc, d'oilithre, agus d'oibrighthibh eile trócaire, gur chaill tú a luaighidheachd uile, iondus, dá ttugadh Dia grása dhuit, go ndíngeanta áithrighe, nách fuighthea toradh ar bioth orra. Tuilleadh eile, gé go ttugann Dia dá gach peacach grása lér éidir leis a shlánughadh (ionnas gurab é féin as ciontach fá gan filleadh óna olcuibh), tar a cheann sin, tairngidh tuile a
thrócaire ón mhuintir do-ní fadchomhnuidhe san pheacadh, ionnus gar roibheag slánoighthear díobh; agus is san chéill si tré loighead na ngrás léigios Dia chuca adeirid na haithre naomhtha nach éidir léo filleadh dochum Dé a ndeireadh a mbeathadh, .i. gur ródhoiligh dóibh filleadh agus gur roibheag dhíobh fhilleas go fírinneach, gé nách é Dia as ciontach riú; ór, mar adeir S. Aibhisdin, ní hiadsan fhágbhas na peacuidhe achd na peacuidh fhágbhus íad a n-am an bháis, agus as maith an ceart iad dá ndérmad féin a n-aimsir a mbáis agus gan aire do thabhairt don aithrighe, ó nách tugadar aire do Dhia achd a chor ar dearmad ré linn a mbeathadh. As é so adeir Pól ag scríobhadh dochum na Rómhánach. "Nach dearbh leat", ar sé, "go bhfuil trócaire Dé 'god thairring dochum na haithríghi; gígheadh, atá tusa do réir do chruais féin agus do neamhaithríghi ag dénamh cisti feirgi dhuit féin fá choinne laé na feirge, .i. laoi an chunntuis." "Más éidir leis an Égipteach", ar an fáidh Heremias, "a chroiceann do chlaochlodh nó leis an liopard éxamhlachd a dhathann, bhúdh éidir libhsi maith do dhénamh iar mbeth dhíbh ag foghluim uilc feadh bhar mbeathadh." Ní hé as mian leis an fháidh a rádh, nach fhoil ar do chumas do bheatha do leasughadh dá fhad do bheithea san ulc, achd go bhfoil so rodhoiligh, agus, dá bhrígh sin, cuiridh a ccomparáid é ré neithibh eile nach éidir a ndénamh ar énchor. Comharrtha chloinni toghtha Dé gan sdad do dhénamh san pheacadh achd bheith ar síorghluasachd ga bhfaghthar furtachd uadha. Ní sguireann snáthad an chompáis achd bídh ar sírshiobhal go rabh go díreach ag dénamh ar an réltain ó thuaidh. Dia mór as rélta ó thuaidh dár n-anam, dá thréorughadh gu purt parrthais. Má nímíd ciúnas agus suaimhneachus fada agus gan ar n-aghuidh ar an réaltain si, as cosmhuil nach don chloinn do thogh Dia dhó féin sinn, achd gar clann an tseachráin sinn atá ag leanmhuin sligheadh iffrinn.
Gabh teagusg ón phágánach Seneca. "Toirmiosg as mó fán mbeathaidh do leasughadh," ar sé, "súil risan ní bhias ann amárach. Caillionn tú an lá aniodh agus do-ní tú tigheas ar an ní atá ar láimh na fortúine agus cuire tú neamhshuim san ní atá do láthair ar do láimh féin. Créd ré a bhfoil tú ag fuireach? Gá ttriallan
tú? Atá an uile ní nach táinic fós neimhchinnti." Ag so léighionn an phágánuigh ag nach roibhe súil ré glóir dá anam, agus as truagh nach glacann tnúth ris sinne 'gá bhfoil dóthchus glóir shíordhuidhe d'fhagháil fá gan cáirde do chor far mbeathaidh do leasughadh agus filleadh dochum Dé trésan n-aithrighi gan mhoille. Dá bhríogh so, a Chríosduidhe, comhluath agus mhothóchus tú cogar nDé ad chroidhe, .i. bruideadh neamhdha nó smuaineadh diadha chuireas chugad fán drochsdaid a bhfuile, maoth an croidhe céanna agus ná cuir glas air a n-aghuidh do Thighearna. Mar sin theagasguid Dauidh agus Pól dhuit ré heisiompláir a n-aithrídhe. Gurab mór an easbhaidh céille nó an mhire don Chríosduidhe an áithridhi do chor ar cáirde go ham an bháis. Ní mheasfátha gurab duine críonna an té do léigfeadh dhe gnouidhe ar a mbiadh a chuid don tsaoghal do dhénamh an tan do-chífeadh uain agus aimsior aige dochum a ndénta, achd do chuirfeadh ar cairde iad gusan am a mbiadh go bhfios dó féin lán do bhuaidhirt agus do thrioblóid, d'eagla agus do chathuighthibh, nach léigfeadh dhó smuaineadh ar na gnouidhibh. Ní meastha dhuit, mar an ccénna, gurab duine 'gá bhfoil ciall mhaith an té 'gá bhfoil a dhearbh aige gurab ar an aithrighe amháin do dhénamh atá a chuid don ghlóir shíordhuidhe d'fhagháil nó do chailleamhuin agus, tar a cheann sin, nach dénann í an uair atá go suaimhneach síothóilte ina shláinte achd a cor
ar cáirde go ham an bháis, bhias lán do thrioblóid shaoghalta agus do chathuighthibh an diabhuil. An uair do-bheir anfa nó éigion ar chabhlach triall go prap as an chuan a mbí go tír n-imchiain, as mór an cundtabhart báidhthe ina mbíd do bhríogh nach roibhe faill aca na neithi do bhí d'fheidhm orra do bhreath leó. Mur sin, an uair do-bheir anfa an bháis oruinn triall a phurt an tsaoghail si go hobann agus gan sinn ullamh réidh dochum na sligheadh cunntabhartuighe fada atá romhuinn gan lón gan armáil nó sdór astigh aguinn agus sluaidhthe iffrinn, an saoghal, agus an cholann, ullamh romhainn dochum ar sligheadh do thoirmeasg, ní bhía achd caill inar tturas. Uime so adeir S. Aibhisdin nach mór a dhóigh as an aithríghe do-níthear a bponc an bháis iar mbeith go nuigi sin isna peacadhuibh. Iomdha toirmeasg tig oruinn uair an bháis: dochar an tinnis atá ag sgaradh an chuirp risan n-anam, grádh an tsaidhbhris as éigion d'fhágbháil, eagla mhór résan mbás, comhchriothnughadh résan mbreitheamhnus, truaighi fán ccloinn agus fán ccéile atá tú d'fhágbháil, coimhne na bpeacadh, neimhchinteachd na háiti dochum a bhfuili ag dul, agus iomad eile chuirfeas d'fhiachuibh ort gan aire do thabhairt don aithríghi do dhénamh mur as cóir. Gabh ar an n-ádhbhar so chomhairle an fháidhe Isaias, "Iarruidh an Tighearna an tan as éidir a fhagháil; goiridh air an fad atá (in) bhar ngoire." Do-chímid, gach uair bhíos duine ag triall ar thuras fhada ón mhuintir ar a mbí grádh mór aigi, go ttaisbéanann doilgheas neamhghnáthach agus go ndoirtionn a dhéra go minic fá bheith ag sgaradh riú; ór ní fhoil námha as mó 'gan ghrádh iná sgaradh risan tté ar a bhfuil. Dá réir so, a pheacuigh 'gá bhfoil grádh mór ar an ndrúis, ar an ndíomas, ar an saidhbhrios fríth go holc, agus ar an n-uaill shaoghalta, ionnus go mothuigheann tú tuirsi agus doilgheas tré bheith tamall 'na n-égmhuis, as deimhin, an uair chífeas tú a n-am an bháis gurab éigion sgaradh go síordhuidhe riú agus druim do thabhairt dóibh, gurab mó iná sin an doilgheas agus an dobrón bhias ort 'na ttimchiol. Agus, ó nách
éidir aithrighi ghlan do dhénamh gan fuath fírinneach do thabhairt do na neithibh as cúis pheacaidh dhuit, ní gan ádhbhar adeir S. Aibhisdin nách mór a dhóigh san aithríghi do-níthear a n-am an bháis. Ór, gé go ndóirtfithea an uair sin déra troma, ní feas 'nar son Dé dhóirtios tú iad nó fá na neithibh sin ara roibhi grádh do chroidhe feadh do bheathadh do chailleamhuin. Ar an ádhbhar soin, as roidhíth céille an aithrighi do chor dochum an phuinc sin achd a dénamh gan mhoille. Léighmid ar Alexander n-uaibhreach, an tan do chuireadh léigear ar bhaili dá ghabháil, go lasadh coinneal agus nách tabhradh do cháirde do mhuintir an bhaili ré trócaire do dhénamh orra dá n-iarrdaois í achd an fad bhiadh an choinneal sin dá losgadh, agus ó sin amach a mbásughadh. Ní anadh cathair ar bioth risan ccoinnil do losgadh achd an chathair 'gá mbíodh dóigh go ccoiseónadh í féin d'aimhdheóin Alexander. Ón uair do-chuaidh tú, a Chríosduidhe, a n-aghuidh Dé trésan bpeacadh, atá léigior aigi ort d'oidhche agus do ló, é féin, a aingli, agus a sheanmóntuidhe, ag gabháil duit ag iarruidh ort tú féin do thoirbhirt suil rachos coinniol do bheathadh as; agus atá a dhearbh agad ó shin amach nach foil trócairi fád choinne achd bás síordhuidhe iffrinn agus nách fhoil ar do chumas tú féin do chosnamh. Dá bhrígh sin, as mór an mhire dhuit gan an t-am atá do láthair do ghlacadh fá leas h'anma do dhénamh. Adeir an sgrioptúir naomhtha gur chuir Dia pláighe iomdha ar Pharaon ar son a pheacadh, agus idir gach pláigh do líon a thalamh do fhroguibh (beathadhuigh allta róghránda nach fuil 'nar ttírne tré ghrásuibh Phádruig ar bpátrúin), iondus go mbíodh a seomradh, a mbúird, agus a leabtha, lomlán dhíobh agus nach bíodh an biadh nó an deoch do ibhdís saor uatha. Do gheall Pharaon do Mhaoisi go léigfeadh pobal Dé uadha, .i. clann Israel, do bhí fá dhaoirsi aige, dá saoradh é ó na froguibh sin. Do ghlac Maoisi sin uadha agus do fhiafruigh dhé gá huair búdh mian leis a ndíbeirt uadha. Cia nach measfadh go n-iarfadh a ndíbirt ar ball? Cia nach saoilfeadh go n-aibéoradh a shaoradh go prap ó na beathadhachuibh gránna do bhí coimhlíonmhar ré cioth mionchuiléog 'na sheomra, 'na leabuigh, 'na bhiadh, agus 'na dhigh? Gidheadh,
do chuir an duine mire an chroidhe chruaidh dhiabhluidhe cáirde ar an bpláigh sin do thógbháil de agus ar shíth do dhénamh ré Dia. Más iongnadh leat cruas croidhe agus mire Pharaon, féuch ort féin agus do-ghéubha tú sail ad tshúil féin 's gan achd brodh a súil Pharaon. As measa an phláigh atá ortsa, a pheacuigh, ináid na frogadha sa, .i. léigión deamhan tré iomad peacadh at timchioll; agus atá Dia ag fiafruighe dhíot cá huair as mian leat do shaoradh uatha soin; agus níor chuir Pharaon achd aonlá cairdi ar a phláigh féin do thógbháil, agus adeir tusa gurab lór leat furtachd d'fhagháil a n-am an bháis. Deisgiobal do Pharaon mhire chruadhchroidheach thú. Muna ghlaca tú teagasg a n-am, a n-ifriond maille réd mhaigh
sttir Pharaon bhias t'áras. Féuch fós go bhfuil an bás a ngoire dhuit, agus, dá bhrígh sin, tionnsgain anois t'ullmhughadh nó ní bhia aimsir agad. Ní ghairionn an sgrioptúir dod bheathuidh achd bláth beag sheargas a mbeagán do laethibh, nó imirce as an mbroinn ndorcha gusan ttumba, nó néul beag sgaoiltear leis an nga ngréine, nó nead áilleóigi bristear lé cloigh mbig thilgeas gárrlach ris, nó deatach beag théid gan moille ar neimhní, nó sgáile ar siobhal. Adeir Euripedes nach fuil innti achd aonlá amháin; agus Demetrius Phal. gurab lór di moimint do chur 'na comparáid. Adeir Pláto nach foil innti achd suan duine 'na dhúsgadh, agus Chrisostomus nach foil innti achd aisling. Ó tá an bheatha mar so, as mithi dhuit, a pheacuigh, an áithridhe do thionsgan, ór ní fada uait an bás; agus, má tá cundtas mór ré a dhénamh agad, gá fios an bhfuil barr aimsire agad? Agus, má tá, as fearr barr iná uireasbhuidh a gcúis ar a bhfuil do shlánughadh nó do dhamhnughadh go síordhuidhe.
Gurab gnáth an bás ag teachd dochum na seanpheacach go hobann nó an uair nách smuainid air. Tabhair smuaineadh eile ar neimhchinnteachd an bheagáin atá dh'aimsir agad. Ní héidir neamhthábhachd agus giorra na beathadh boichde si d'fhoilsioghadh nísa fhearr iná maille ré na hanmannuibh adubhramar do-bheir an sgrioptúir agas na seandoctúire uirre. Gidheadh, do bharr ar a hainnisi, gé nach fuil ní as giorra iná í, ní fhuil, mar an ccéudna, ní as neimhchinnti iná an ghiorra sa féin; ór ní héidir le duine ar bioth bheith dearbhtha go bfhuil aonmhoimint amháin do shaoghal aige. Ar an ádhbhar soin, as truagh dhuit, a dhuine bhoichd, a léigean don diabhal do mhealladh agus mearughadh céille do chur ort lé ccuireann tú th'áithrighe ar cairde go ham do bháis agus gan a fhios agad nách í an mhoimint si anois críoch do bheathadh. As é a bhfoil do chinnteachd agad ar am an bháis go ttiocfa sé an uair as lugha bhías smuaineadh agad air. Uime sin adeir Pól, "Tiocfaidh lá an Tíghearna (.i. an bás) mar ghaduighe san oidhche." Agus adeir Críosd féin, "Dénuidh faire agas coimhéd gér, ór ní fhoil fios lae ná uaire an bháis agaibh." As a n-aghuidh Chríosd agus a chomhuirle do-níd an drong chuirios an áithríghi ar cáirde, ór as ionann faire do dhénamh ré mbás agus ullmhughadh do dhénamh fána choinne. As uime ghairios Pól "lá an Tighearna" do ló an bháis do bhríogh gur thoirbhir Día aimsior do bheathadh fád láimh féin do dhénamh gach neithi do réir do thola achd amháin ponc an bháis do órduigh dochum cundtuis do thabhairt dhó féin. An té bhíos cúirtéiseach ré Día agus chaithios a chuid féin don aimsir, .i. aimsior a bheathadh, 'na shéirbhís, do-bheir Día malairt aimsire dhó, .i. am an bháis, go suaimhneach síothóilti maille ré céill agus ré résún dochum a thiomna do dhénamh agus gach neith d'fhágbháil go hórduighthe do thaoibh an tshaoghail agus sácramuinnti na heaguilsi do ghlacadh ré mbás. Agus, gé go
tteagmhann ar uairibh bás obann d'fhírénach, as annamh sin; agus bídh an bás do réir na beathadh - 'na thosach glóire. Don taobh eile, an té chaithios a bheathaidh ris féin agus ré seirbhís an diabhuil, ní bhí am an bháis, uair an Tighearna, air a chumas; achd, mar theagmhas do na daoinibh anchaithmheacha ar a maoin ina mbeathaidh, .i. gan cuid a n-adhlaicthe do bheith aca a n-am a mbáis achd go n-adhluicthear iad lé cuid dhuine eile, mar sin don té bhíos anchaithmheach ar aimsir a bheathadh 'gá tabhairt dá antoil féin agus don diabhal; ní bhíonn cuid déghbháis d'aimsir aige, achd do-gheibh bás obann nó neamhshuaimhneach go comhchoitcheann. Uime so chomhairlighis an tEagnuidhe dhuit mar so, "Ná bí iomarcach ag dénamh uilc agus ná bí at ainmhidhi gan chéill d'eagla go bhfuighthea bás a n-aimsir nách leat féin." As na briathruibh si an Spioraid Naoimh as follus, an mhuintear nách caitheann aimsir a mbeathadh a seirbhís Dé, go bhfaghaid bás go comhchoitcheann a n-aimsir nách téid a dtarbha dhóibh; ór ní thugann Día tuile ngrás dhóibh ina aimsir féin, .i. a n-am an bháis, ó nár fhéchadar air ina n-aimsir féin ar feadh a mbeathadh. Dá réir so, do-chímid go bhfaghuid an drong sa bás anabuidh go minic ag comhlíonadh a n-antola nó go háiridhe an uair bhíd líonta lán do ghrádh agus do shólás gan smuaineadh ar sgaradh risan tshaoghal. Adubhairt an duine toiceach (ag Lúcas) ina innt
nn féin: "Ní fios dhamh créd do-dhén ré a bhfuil do thóirrthibh agam? Brisfead mo sgiobóil bheaga agus do-dhén áiti as mó iná iad do choimhéd mo choda agus adér riom féin: "Anois atá mórán don tshaoghal agud bhéras dhuit aimsear imchían. Bí ag ithi agus ag ól agus ag dénamh fleadh agus féastadh."" Do-chuala guth Dé gan mhoilli ag rádh ris, "A óinmhid agus a amadáin, anochd féin sgarfuidh th'anam riot; an mhaoin inár chuir tú do dhóigh, féch cia 'ga mbia." Agus as amhluidh sin tárla. Iar mbeith do Bhaltasar rí na Baibioloine ag dénamh
fleaidhe dá mhnáibh agus do phrionnsadhuibh agus do dhaoinibh móra a ríoghachda, agus iad ag ól fíona isna soithighibh naomhtha thug Nabugadonosar athair Bhaltasair a theampall Ierusalem, adeir an sgrioptúir go bhfacadar dá mhéur ag sgríobhadh bhreithi báis Bhaltasuir agus chailli a ríoghachda. As an gcuireadh oirdheirc, an tan do shaoil an fhortúin do bheith ar ghad aige, do rugadh Amán, an prionnsa mór, príomhchomhairleach an ríogh Asuérus, dochum na croiche, agus do crochadh mar an ccédna a dhei
neamhar mac. Ar meisge do bhí Holofernes an uair do bhean Iudít, an bhean uasul, a cheann de. Iar mbeith do chloinn Israel ag caitheamh an bhídh fá ndérnadar murmar n-aghuidh an Tighearna, táinic fearg Dé orra do mharbh an iomad díoph, ionnus gurab é ainm tugadh ar an áit sin Tumbadha na hAntola. Asttigh san seanáid san áit bá dísle leis ar an ndomhan do gabhadh do dhaigéruibh san impire 'ga roibhe urmhór na cruinne faoi, .i. Caesar. Ní fada ó thárla sompla bheanas ris so, san áit si a bhfuilmíd a mBruisél: Do bhí fear bratuidhe áiridhe ann 'ga raibhi beatha neamhghlan, gé go roibhe foghlomtha. Do-bheirdís a chairdi iomad comhairleadh air ag iarraidh a fhilleadh ón olc, agus así freagra do-bheireadh orra (do bhí 'na mhac léighin
) go bhfoighéonadh aoincheathramh
uaire dhó dochum é féin do réidhiughadh lé Dia. As amhluigh thárla dhó, ag déunamh a dhínnéra maille ré comhluadar neamhchosmhuil risan dá easbal x, ag cor ghreama dochum a bhéoil, an t-anam do bhíodhg dá fhágbháil, agus as deimhin go ndeacha san áit 'nar thuill a ghníomha a chur, agus ní hinmheastha gur deagháit sin. Ná mealltar thú, a Chríosduidhe, lé bréguibh an diabhail, athair na mbrég. Má ana tú isna peacadhuibh aimsir do bheathadh, béraidh an bás gan a mhothughadh ort an uair as mó do shólás san saoghal agus do neamhsmuaineadh ar a fhágbháil, ór tiocfaidh mur ghaduidhe san oidhche, mar adeir Pól. Ní léighmid san scrioptúir aonduine ríamh do shlánughadh do an
san olc gusan mbás achd aonnduine amháin, .i. gaduidhe na láimhe deisi. Gar cóir dhuit a mheas go mbía an bás mar do bhí an bheatha agus th'ullmhughadh anois amhuil mur do bhiadh an bás ar ball agad. Bean, as a ndubhramar, dhá ní. An chéudní díobh, a mheas agad féin go mbía an bás do réir na beathadh, maith nó olc, agus gurab é an diabhal theagusgus go mbía do bhás go maith tar cheann go n-anann tú feadh do bheathadh san olc. Ní chuirthear ceannchnaipe óir ar phaidrín mhaide ná earr phéucóige ar phréchán ndubh. Ar bheathaidh tug tú do dhíomhaoinios agus d'ulc ní chuirfe bás mórluachach fírénta. Ná meas, agus tú ad phréchán chíordhubh dhiabhluidhi ríamh, go ccuirfidhea earr bhréaghdha ghrás agus ghlóire ort. Toradh na beathadh an bás, agus ní thiobhra crann diabhluidhe bás ainglidhe uadha ná crann na mallachd bás na mbeannachd. Agus ní fhoil achd mealltóireachd dheamhnuidhe a chontrárdha so do chreideamhuin. Dá mbeithea ad dhroichearbhach ag imirt ré fírchearbhach feadh na hoidhche geimhridh agus gan aonchluiche do bhreith dhuit air, nar mhór an mhire dhuit a ndeireadh oidhche do chuid don tshaoghal do chor san chluiche dhéighionach risan bhfear sin? Má rug an diabhal ar imir tú ris riamh agus go bhfuil 'na fhírchearrbhach agus tusa ainbhfeasach, 'na chluanaire chealgach agus tusa at amadán, nách fearr sgur a n-am de iná do chuid do fhlaitheamhnus do chor ris ar an urchar dhéighionach? Mur so do-ní an té chuireas an aithrighi go ham an bháis, agus tig a mhairg dhó. Ná leansa a shlighidh, achd sguir a n-am ó chluiche na bpeacadh agus ó imirt an díabhail, ór as iomdha duine do mheall súil ré cúitioghadh agus dóigh ré mallbhuaidh. Dá mbeithea ag spairnn ré duine agus nách tiocfadh dhíot aoinleagadh do bhuain as achd go leagadh thú gach uile uair
do theagmhadh riot, nár mhór an díth céilli dhuit geall sparnna do chor risan bhfear sin an uair as laigi do bheithea féin agus as láidire do bhiadh seision? Má tá an diabhal 'gád shíorleagadh feadh do bheathadh, gan chundtabhairt beanfaidh sé leagadh mór asad ó nach tiocfa tú a n-am an bháis, agus ní fhoil achd mire dhuit a chlaochlo sin do mheas agus fuireach ad pheacadh mur gheall ar sin. Adeir Peadar go bhfuil an diabhal do ghnáth mur leómhan fheargach lán do bhúirfigh ag gabháil 'nar ttimchioll dochum ar sluigthe. Agus atá trí hadhbhair speisialta aigi fá aindhíthchioll do dhénamh 'nar n-aghuidh a n-am an bháis. An cédadhbhar, go bhfaic, má sgarmaoid ris san phunc sin, nách bia neart go bráth aigi oruinn ó sin suas. An dara hádhbhar, má chlaoieann sé sinn an uair si, gur anamar <'n>ar sclábhuibh go síordhuidhe aigi gan chumas ar theithidh uadha. Ní fhoil a n-aimsir ar mbeathadh comhaingidhe agus so chuguinn, ór atá a fhios aigi, má nímid aithrighi, gurab urasa a thabhairt oruinn tuitim arís san bpeacadh agus go bhfoil ar ar ccumas síth Dé d'fhagháil gach uair as áil linn tar éis tuitim dhúinn; gidheadh, a n-am an bháis cuiridh neart ifrinn uile 'nar n-aghuidh, do bhrígh gurab air an n-uair si atá ar saoradh uadha gan eagla tóra nó ar ndaoradh dhó gan dáil furtachda. An treas adhbhar, go bhfaic congnamh mór aigi an uair si 'nar n-aghuidh, .i. crádh an tinnis, gul na ccarad, coimhne na bpeacadh, uathbhás an bháis, coimhchriothnughadh résan mbreitheamhnus, agus mórán eile chuirios toirmiosg oruinn aire do thabhairt do Dhia. Ar na hadhbharuibh si, a Chríosduidhe, cuir a ccéill dhuit féin, agus ná creid a chlaochlo, go mbia an bás ar aondath risan mbeathaidh, agus, dá réir so, más mian leat bás maith d'fhagháil, bíodh do bheatha go maith. An dara ní bheanfas tú as ar labhramar fán chúis
i th'ullmhughadh dochum Dé anois mur do bhiadh a fhios agad go ttiocfadh an bás do láthair chugad. Comhairle so tug Seneca an págánach dá dheisciopul, "Ó nach bhfoil a fhios agad", ar sé, "cáit a bhfoil an bás ag forchoimhéd ort, bíse ag forchoimhéd
airsean san uile áit agus san uile aimsir." Mar so do-ríne Iob naomhtha, do-níodh oirchill gach uile lá résan mbás amhuil agus do bhiadh dearbhtha aigi go ttiocfadh chuigi an lá sin féin. Tug Críosd san soisgéal comhairle dhúinne an ní cédna do dhénamh. "Dá m
eath fhios 'gan n-athair mhuintire", ar sé, "gá huair do thiocfadh an gaduidhe, do bhiadh 'na dhúsgadh agus ní léigfeadh a theagh do shlad. Ar an adhbhar soin, bídhsi ullamh réidh san uile uair, .i. gan smál peacuidh (mar adeir an ghluais), ór tiocfaidh Mac an Duine an uair nách saoilionn sibh." Agus adeir gur beannuighthe an mhuinntior gheabhus 'na ndúsgadh an uair sin, .i. réidh iar ndénamh a ccundtuis roimhe sin. Tug an tEagnuidhe uadha an chomhairle chédna a bhfad ré tteachd cCríosd. "Résan ttindis", ar sé, "glac do leighios agus fiafruigh thú féin résan mbreitheamhnus, agus do-gheabha trócaire a bhfiaghnuisi Dé." Tug fós robhadh dhuit muna dhérna tú so: an croidhe do bhí cruaidh feadh a bheathadh, go ttiocfadh a mhairg dhó san chrích dhéighionuigh; agus as í an mhairg si, an croidhe do-rinne cloch de féin san ulc, nádúir na cloiche do leanmhuin dó ag tuitim síos go híochtar iffrinn, mar adeir an scrioptúir go ttárla do Pháraon agus dá shluadh chruadhchroidheach san Mhuir Ruaidh. Dá recepta a n-aghuidh an chroidhe chruaidh. Adeir Albertus Magnus go bhfuil tobar san Ghearmaine 'ga bhfuil nádúir iongantach, .i. clocha do dhénamh don chré agus don duilleabhar agus dá leithéid sin do neithibh eile teilgthear ann; agus adeir an t-ughdar cédna go bhfaca a thsúile féin sin dá
dhearbhadh. As cosmhuil risan ttobar sa thú, a chruaidhpheacuigh, ór ní lór leat cré bheag thruaillighthe nó duille bheag gan bhrígh, .i. na créatúire dá dtugann tú grádh neamhorduighthe, do chor a ttobar do chroidhe agus Dia dhíbeirt as, achd do-ní tú (clocha) díobh d'eagla go sgarfuidhe réad chlochroidhe iad go bráth, achd aoncharruic do dhénamh dhíobhsan agus dhíot fhéin bús trom ag dul ré fánaigh go gleann na ndeamhan 's na n-anmann ndamannta, .i. go hifrionn, muna ghlaca tú furtachd a n-am. Gabh ar an adhbhar sa an dá réceapta so síos, agus do dheóin Dé do-ghéanaid maith dhuit do mhaothughadh do chlochroidhe. Sgríobhuid luchd scrúdtha na nádúiri nách fuil do na clochuibh nó fós do na metaluibh uaisle ná anuaisle uile aoinní as cruaidhe iná an chloch uasal dárab ainm démond, agus as follus dhúinn so do bhrígh gurab í an chloch sa as innstriomuint do chérd an óir dochum na metal gcruaidh eile do ghearradh; agus sgríobhuidh ughdar áiridhe gurab uime seo do chuirdís na daoine anall-úd tairngi démoind do chiallughadh an neithe as cruaidhe ar bioth, .i. an t-éigion. Gidheadh, an chloch sa atá comhchruaidh agus so, maothuighthear agus brúidhthear í lé fuil ghabhar do chrothadh uirre. Gabh a leithéid so do recepta, a pheacuigh, atá mar dhémond nó nísa chruaidhe. Eadarghuidhim thú ar son Íosa Críostt ar tTighearna, ar son a ghrádha ort, a theachd a gcolainn daonna dod shlánughadh, a bhochdaine dod dhénamh saidhbhir, a bháis do thabhairt beathadh dhuit, a uirísleachda dochum h'árduighthe, a phian do thabhairt ghlóire dhuit, a dhéoruidheachda dod tharruing dod dhúthuigh, a cheangaltha dod sgaoileadh a glassuibh an diabhuil, maothuigh an démond sin as cruaidhe iná an chruaidh féin, .i. do chroidhe iarrnuidhe. Glac chugad fuil, agus ní fuil ghabhar achd fuil Íosa, Uain Dé, thógbhas peacuidhe an tshaoghuil. Féuch uirre dá dortadh san chrann ar do shon, cuir do dhóigh innti, agus bean fuaim aonosna amháin as an démond sin atá ad chliabh; agus croithfe an fhuil í féin ort agas brúidhfe an cruachroidhe sin agus do-ghéna tláidh umhal é ullamh dochum deaghoibre na hái
ridhe do ghlacadh; agus nídhfi é fá dhéoigh óna pheacuidhibh. Do nídheadh fuil ghabhar, tarbh, agus laodh, cách san seinreachd agus do naomhadh iad go corpordha, mar adeir Pól.
As míle férr nídhfeas fuil Uain Dé, Íosa Críostt, do-rinni iodhbairt de féin ar chrann na croiche, coinnsias gach duine lérab áil a crothadh air agus a chroidhe do mhaothughadh lé. Dod níghe agus dochum a crothaidh ort dod mhaothughadh do doirteadh í; dá bhrígh sin, guidhim thú a n-onóir na fola neamhdhuidhe si, ná han salach cruachroidheach achd glac asperges Dhauidhe, .i. "peccavi", osna chroidhe, agus do-dhéna an fhuil féin an chuid eile dod ghnouidhibh agus do-bhéra congnamh dhuit dochum na hosna so féin. Ná déin feall ar th'anam féin, a dhamnughadh go síorruidhe tré chruas do chroidhe, agus ná tabhair an tarcuisni agus an mímheas sin ar an fhuil ndiadha tugadh fá lámhuibh ainChríosduidheadh dá dortadh dod leighios. Ó a Dhia, nách truagh an crétúir uasal áluinn ag creideamhuin go saorfadh mionbhraon beag d'fhuil Chríosd é agus go bhfuil ar a chumas an braon sa do chrothadh air féin dá fhuadach ag an diabhal go síordhuidhi d'easbhuidh aonosna amháin lé ccroithfidhe an braon sa air. Atá récepta beag eile 'gá bhfuil brígh mhór do leighios an chruachroidhe má gheibhthear ón othar a ghlacadh. Léighmid san scríbhinn ndiadha, an tan do bhádar clann Israel arna ttiormughadh a bponc bháis do dhíth uisge, gar ghlac óglách Dé, Maoise, slat agus gur bhuail í ar charruig chruaidh agus gur shil srotha fíoruisgi uaithi lér saoradh ó bhás an pobal. Do dhíth uisge atá tú ar ttiormughadh agus ar ccruadhughadh at olcuibh, agus ní fhoil dáil uisgi chugad achd as an gcarruic sin do chruachroidhe féin. Múinfeadsa dhuit slat is fhearr iná slat Mhaoisi dochum na cairrgi do bhualadh agus uisgi do bhuain aisde, .i. bláth na slaiti do tháirngir an fháidh Esaias do thiocfadh a fhréimh Iessé, Íosa Críosd, bláth beanduighthe tánuig ó Mhuiri. Buail an t
lat sa ar do charruic atá ar ttiormughadh agus ar seargadh isna peacadhuibh, ag creideamhain gur fhulaing páis dhocrach agus bás gránna dod shaoradh ód pheacadhuibh agus nach diongna so maith ar bith dhuit gan h'aithrighi féin mailli ris agus go ndubhairt Críosd go ttiocfadh d'iarruidh an chundtuis an uair nách saoilionn tú agus go ndúinfe an dorus résan mhuintir thiocfas go mall; agus go
n-abair an Spiorad Naomh, an croidhe bhías cruaidh, go mbía a mhairg dhó san chrích dhéighionaigh; agus, má smuaininn tú so dá-ríribh mur as cubhuidh agus gan imdheachd go hédrum air, gan amharus do-bhéra an charruig sin ad chliabh uisgi aithríghi uaithi níghfeas do pheacuidhe agus nách léigfe dhuit fuireach a n-égmhuis Dé ná codladh do dhénamh 'na fheirg achd filleadh air gan mhoill trésan n-aithríghi. Do-gheibhmíd fós san scrioptúir a n-áit eile an uair táinig iomad naithreach nimhe a mesg chloinne Israel tug bás do mhórán dhíobh, gur thóguibh Maoisi, an fear cédna, mailli ré hordúghadh nDé nathair nimhe agus gar chuir a ccrann árd í a bhfiaghnuisi an phobail agus, gach uile dhuine ar a mbíodh lot ó na naithribh do fhéchadh ar an ccronn inár crochadh an nathair, do bhíodh slán gan fhuireach. Gurab uime sin tug an pobul an onóir mhór don nathair sin, ionnus gur bhuaileadar ar íodhbairt do dhénamh dhi; agus, dá bhríogh soin, do bhris an rí Esechias í d'eagla dia bréige do dhénamh dhi. Adeir Pól nach roibhi aca san seinreachd achd fioghra na neitheadh theagmhas san nuaireachd a léxa Chríosd, agus adeir Eóin go follus nách roibhi san nathair si do thóguibh Maoisi a n-áirde ar chrann lér leighiosadh an pobal achd fioghair agus sompla go ttoigeóbhthaoi Mac an Duine, Íosa ar Slánuightheóir, a ccrann na croiche ionnus go saorfuidhe agus go leighiostaoi an uile dhuine fhéchfus ó chroidhe air agus chuirfeas a dhóigh ann, agus nách fhoil dáil furtachda ó easláinnti nimhe an anma achd so amháin. A pheacuigh atá ar ccruadhudhadh san olc, as deimhin gurab í an nathair do mheall Eua a bparrthas do dhóirt a nimh ad chroidhe agus atá do ghnáth dod chealgadh agus 'gad dhalladh d'eagla go ttóigeóbhtha do shúil d'fhéchuin Chríosd san chrann, ór as deimhin lé gur trésan fhéchuin si thiocfas do leighios. Iarruim ort a huchd na Tríonnóide, ná bí nísa mhainneachdnuighe fá leighios th'anma ó nimh an diabhuil d'iarruidh iná do bhádar clann Israel fá leighios a ccorp d'fhagháil ó nimh na naithreach. Tóig, dá bhríogh so, súile an chreidimh agus féch Críosd ar Sliabh Caluaire agus cúig srotha fola diadha ag sileadh uadha.
Creid gur dod shlánoghadh ó nimh na naithreach ndiabhluidhe do loit thú atá an fhuil sin dá dortadh, agus atá brígh 'gan bhraon as lugha dhi cruachroidheadha bhfear ndomhuin do mhaothughadh achd congnamh roibheag d'fhagháil ón othar, .i. aonosna fá a ndérna d'olc. Ó tá an leighios comhurasa agus so agus é ar do láimh féin agad, glac gan mhoilli é; ná cuir ar cairde síth nDé agas gan fios na faille agad achd amháin go ttiocfa an bás san am nách saoilfe tú mar ghaduidhe san oidhche do réir bhréithre Dé. Muna dhérna tú so, do-chíthfe do shúile féin lá an chundtais an ccroigh ccésda san aieór ag cur th'uilc agus do pheacadh at aghuidh agus go spesiálta an mhasla thuguis don chroigh naoimh féin agus don fhuil neamhdha do doirteadh uirre ag diúltadh do leighios ría. Ag faicsin na croichi dhuit, dá rabh tú san pheacadh, adeir Críosd go mbía tú ag síorghul ag caoineadh th'olc; achd budh díomhaoin dhuit, mar adeir S. Aibhisdín, ór do dúnadh dorus na trócaire romhad. Gidheadh, má ní tú an aithríghi a n-am, do-chíthfe tú an ccroigh ccédna 'na bratuigh bhuadha agus meanma ag cor luathghára agus sóláis ort bhías 'na thosach ar do ghlóir shíordhuidhe. A Dhia, as mairg chaillios an sólás sa a ngeall ar anmhian mbeag ttalmhuidhe nach mairionn leathmhoimint. Sompladha diadha a n-aghuidh na muinntire chuireas an aithríghe ar cáirde, go mórmhór go ham an bháis. Scríobhuidh an t-athair beannuighthe Béda go raibhi duine uasal a Saxain fá mhúirnn mhóir ag an rígh Conredus tré a fheabhas do ghaisgiodhach. Gidheadh, do bhí gráin mhór 'gan rígh mhaith ar neamhghlaini na beathadh do bhí 'gan duine
uasal. Tug teagasg dhó go minic é féin do leasúghadh agus a pheacu
dhe do chur de suil bhéradh an bás air. Ní thugsan toradh ar an tteagasg, gé go ngealladh don rígh go ndíongnadh a chomhairle. Do thuit a ttinneas an bháis, agus, iar mbeith dhó go docamhuil, táinic an rígh ar cuairt chuige (ní rabhadar na ríghe an uair sin neamhchúramach fá shláinte anman a muinntire) agus do iarr air go díthchiollach aithridhe do dhénamh ina pheacadhuibh. Adubhairtsion nách diongnadh go n-éirghiodh ón tinneas ina raibhe d'eagla go n-aibéordaois a chompáin gurab é eagla an bháis do chuirfeadh d'fhiachuibh air ní do dhénamh an uair sin nách dérna a n-am a shláinte. Dar leis féin, do labhair mar ghaisgiodhach onórach, achd asé an diabhal dob oide dhó. Do theann an tinneas ris, agus, mar do-chuala an rí sin, táinig arís chuige dá tharruing dochum aithrighe. Mar do mhothuigh a theachd, do labhuir do ghuth árd ghránda agus adubhairt: "Créd fá ttánguis ann so? As díomhaoin dhuit bheith riomsa. Ní fhuil neart agad feasda maith ar bioth do dhénamh dhamh." "Ná labhair mar sin", ar an rí. "Ná tréig do chiall." "Ní fhuil easbhuidh céille oram," ar eision, "achd ad-chím mo choinnsias malluighthe ngráineamhuil am fhiaghnuise do-bheir oram so do rádh." "Cionnus sin?" ar an rí. "Tángadar ann so ar ball", ar an gaisgiodhach, "dís ógánach roisgéamhach agus do shuidh fear dhíoph 'gom cheann agus fear eile 'gom chosuibh. Tug fear aca leabhrán roibheag ró-áluinn amach agus tug dhamh é dá léghadh, agus do léighios ann a ndérnas do dheaghoibrighthibh riamh, agus as roibheag do bhí agum ré a léghadh díobh. Do ghlacadar uaim an leabhar arís agus níor labhradar aonfhocal riom. Ann sin táinig sluadh ábhbhal spiorad ndubh ngránda do líon an ttigh asttigh agus amuigh um thio
chioll, agus tug an té bá duibhe agus bá gráinde díobh, .i. an t-uachdarán do bhí orra, leabhar rómhór gráineamhuil amach agus do órduigh d'fhior dá mhuinntir a thabhairt dá léghadh dhamhsa. Fuaras ann ní hé amháin a ndérnas do pheacadhuibh lé gníomh agus lé bréithir riamh achd, fós, na smuainti as lugha agus as seicréidighi do-ríneas, arna sgríobhadh a litreachuibh dubha deamhnuidhe. "Do labhair uachdarán na n-ainnspiorad ann sin risan ndís n-ógánach agus adubhairt, "Créud fá bhfuiltísi ann so agus a dhearbh aguibh gurab linne ó cheart an fear sa?" "As fíor
gurab libh," ar iadsan, "agus beiridh libh é do mhédughadh nuimhri bhar tteaghluigh dhamanta." Agus, iarna rádh so, ní fhacadhus iad ó sin amach. Agus do éirigh dhá ainspiorad mhalluighthe maille ré dhá ngabhuil n-iarnuidhe, agus do-chuaidh fear aca um chionn agus fear eile um chosuibh, agus atáid anois ag teachd a gcoinne a chéile am bhroind ag briseadh bhall n-inmhedhéonach mo chuirp, agus teilgfead gan fhuireach mé ré fánaigh go doras iffrinn, áit a bhfoil leigéon deamhan ag feitheamh riom." "Mar so do fhreagair an gaisgidheach don rígh", ar Béda beannuighthi, "iar ndul dhó a n-édóthchas fá líonmhaireachd a pheacadh nárbh áil leis do chur de résan n-am soin; agus fuair bás gan mhoille, agus, an aithrighi dob éidir leis do dhénamh ina bheatha lé moimint mbig, do shaorfadh é óna pheacadhuibh atáid 'gá phianadh agus biaid go bráth agus iar mbráth, gan toradh iná sochar do theachd aisdi a n-iffrionn." "Ní ar a shon féin tug Dia an teisbénadh sa dhó," ar Beda ag tabhairt Greagóir mur fhiaghnuisi leis, ór ní dhérna maith ar bioth dhó, achd iondus go nglacfamaoisni múnadh an léomhuin chuguinn agus go ndiongnamaois an aithrighi gan cháirde, d'eagla go tteigeómhadh a leithéid so do chás dhúinn a n-aimsir ar mbáis, .i. ar ndamnughadh d'easbhuidh na haithrighi nách dérna (mar) a n-am. Ní gan ádhbhar achd maille ré hórdughadh nDé do taisbénadh leabhair éxamhla lé na hainglibh agus lé na deamhnuibh, dá chor a ccéill dhúinn gurab cóir dhúinn choimhne do bheith aguinn go bhfuil ar ngníomharrtha, ar labhairt, agus ar smuainte (gé gur lé gaoith théid mórán díobh fá-raor), dá sgríobhadh agus dá ccoimhéd a n-oirchioll na breithi bhérus an Rí mór oruinn, agus go ttaisbéntar dhúinn féin an uair sin lé na deamhnuibh an chuid bhias go holc dhíobh agus lé na hainglibh an chuid dhíobh bhias go maith. As uime do taisbénadh an leabhar breá
dha na ndeaghoibrightheadh ar tús agus an leabhar dubh diabhluidhe ina dhiaidh sin dá chor a ccéill, dá mhéd do -dhénta do dheaghoibrighthibh feadh do bheatha, má tá tú san pheacadh fá dheireadh, gar chaill tú uile iad agus gur dhubhaidh tú na gníomharrtha as áille do-rínis ríamh. Don taobh eile, dá mhéd do-dhéntá d'ulc a ttosach h'aoisi achd amháin anois tú féin do leasughadh suil bhérus an bás ort,
taisbéntar leabhar áluinn dhuit fá dheireadh dá chor a ccéill gur sgiamhuidh tú agus gur chu
r tú dealradh néamhdha mar chrích ar a ndérnais d'olcuibh, agus, dá réir sin, go ttabharthar breith shlánoighthe ort. Iarruim a huchd Dé ort, a dhuine 'gá bhfuil fíoch nó fuath dod chomharsain nó 'gá bhfuil onóir bheag shaoghalta nó droichmhian na colna dod mhealladh agus dod ghoid, teachd dochum na hai
ríghi. Smuain go gér ar an ccás so agus déin meas gurab ort féin ghairfidhear ar tús dochum an chunntuis agus nách fada uait na leabhair si d'fhaicsin ó dhiabhluibh agus ó ainglibh; agus, má ní tú so go díthchiollach, tiocfa do ghrásuibh Dé nách cuirfe an aithríghi ar cáirde achd a dénamh gan sdad. Scríobhuidh an naomhathair cédna go raibh duine eile ann ar a roibhi eólus maith aigi féin sgaoilteach 'na bheatha, agus, gé go bhfuair teagasc minic ón chomhluadar mhaith do bhí aigi (a mainisdir do bhí sé, agas gaibhneachd dob oiffic dhó), níor chuir sin a suim achd do fhan 'na olc go tindeas an bháis. Iar mbeith dhó a bhfogus don bhás, do ghair a cháirde chuige agus adubhairt riú do ghuth thruadh dhuini dhamanta go bhfacaidh sé iffrionn osgailti agus Lucifer ar a fhíríochdar agus Caiphas agus an drong eile do chuir Críosd dochum báis láimh ris. "Agus atúsa", ar sé, "an truadh bhochd, damanta, agus do-chím anois áit mo phían síordhuidhe ullamh fám choinne." Do ghuidheadar na cáirde é fá aithríghi do dhénamh san n-am soin féin agus nách rachadh dochum na bpian soin. Adubhairt riú ar ndul a n-édóthchus, "Anois ní fhuil am mo bheatha do chlaochlo tar éis breithe do thabhairt orum agus mé féin dá faicsin." Ag rádh na mbríathar so dhó, fuair bás gan sácramuint na sláinti do ghlacadh, agus ní fhuair duine don mhainistir ann féin aiffrionn nó urnuidhe do rádh ar a anam. Mór an deiffir si bhías idir bhás an fhíréin agus an pheacuigh. Do-chonnairc Stephan a n-am a bháis flaitheamhnus osgailti agas Íosa ar deasláimh a Athar agus a áit féin ullamh fá a chomhair; do-chonnairc an gabha iffrionn osgailti agus a áit féin ullamh a measg deamhan agus anmann ndamanta. Mur sin theagmhas go comhchoitcheann don mhuintir anas ina n-olcuibh go ham na huaidhe. "Do mhédughadh a phéini tugadh an taisbénadh
sa don drochghabhainn", ar Béda, "agas ionnus go nglacfadh cách sompla uadha gan an aithríghi do chur a bhfad", agus as mur sin tárla. Ór do-ríneadar iomad daoine aithríghi iarna mbrosdughadh leis an sgéal sa do bhí rofhollus óirdheirc a Saxain an uair sin; agus do ghluasachd luchda an chruadhchroidhe dochum aithríghi do sgríobh Béda é, mur adeir sé féin; agus as é an t-ádhbhar cédna soin tug orumsa a chor a nGaoidhilg chugad, a fhir éintíre. Go ttuga Dia dhuit do ghluasachd dochum na haithríghi dá thaoibh. Sompladha eile sgríobhas na naomhaithre Gregóir agus Aibhis. agus ughdair eile a n-aghuidh na haithríghi moilli. Scríobhuidh Gregóir naomh go ttárla an ní cédna don pheacach ghránda Chrysórius, nách tug aire dhó féin go ham an bháis, agus ann sin do-chonnairc sé sluadh do dheamhnuibh dubha 'na thimchioll. Dho éigh go hárd ag iarruidh cáirde go maidin agus do ghair ar a mhac féin d'fhagháil chonganta uadha ("Do-chondairc misi féin um mhanach an mac sa ina mhanach", ar Gregóir), agus ní fhuair, achd bás obann. "Agus as déimhin", ar an naomh, "gurab ar ar soin-ne ré a bhfoil Dia ag dénamh foighide fós tugadh an taisbénadh sa don pheacach sa iondus go ttiocfamaois gan mhoille dochum na haithríghi." Léighmid ar fhear úsúrachda áiridhe go bhfuair comhairle go minic fá é féin do leasughadh agus gurab í fregra do-bheireadh ar sin go roibhi aimsir go lór aigi. Táinig an bás chuige, agus, iar mbeith don tsagart ag dénamh díthchill fána tharrang dochum na haithríghi, do thuit a néul uadha. An uair táinig ní éigin dá chéill chuigi do bhuail an sagart 'gá ghuidhe arís dochum na haithríghi. Fá dheireadh, do labhair do ghuth uathbhásach agus adubhairt: "Ó a Aithríghi, cáit a bhfuil tú? Uch, as truadh!
As í breath fhírcheart Dé nach éidir leam anois do dhénamh do bhrígh nách dérnas tú an uair do fhédus." Agus ris sin do fháguibh an t-anam é. Ní fhoil croidhe dá chrúas nách glacfadh coimhchriothnughadh dá ccluineadh sgél uathbhásach Udo, airdeasbuig Magdeburg, nar ghabh rabhadh, gé gur minic fuair é, fá é féin do leasughadh nó go dtug ar Slánuightheóir féin breith bháis agus dhamanta agus gur órduigh a cheann do bhuain de a bhfiaghnuisi altóra móire a theampuill féin. Mar atá fada, ní héidir linn a chor ann so go hiomlán. Sgríobhaid mórán ughdar maith é agar urusa a léagh
. Sgríobhuidh S. Aibhisttín sompla ró-uathbhásach bheanas risan ádhbhar so. "Do bhí duine áiridhe ann", ar sé, "aga raibhi iomad saidhbhris agus cloinni, agus nír lugha léna pheacadhuibh, ór ní smuaineadh ar ní ar bith achd ar é féin do shásughadh lé holcuibh gan luadh ná rún fillti uatha. Rug tinneas an bháis air, agus, iar mbeith dhó a bpunc an bháis, do stad an t-anam maille ré huathbhás n-ádhbhal agus ré critheagal mhór gan an corp d'fhágbháil do bhrígh go bhfacaidh na deamhuin ag feitheamh ris ar tí a fhuadaidh riu go hiffriond ar ball tar éis sgaraidh risan ccorp dhí. Ad-chuala fós iad ag fiafruighe dá chéile, "Créud é fáth na moille sin? nó cionnus dob éidir gan an t-anam d'fhágbháil an chuirp nías luaithi iná sin?" "Déineam deithfir", ar cuid díobh, "d'eagla go ttiocfadh Micheal gona chomhluadar agus go mbrisfeadh sinn 's go mbeanfadh dínn an t-anam sa atá an fad sa do bhliadhnuibh 'nar nglassuibh." "Ná bíodh eagla oruibh", ar diabhal oili. "Atá fios oibrightheadh an fhir si agamsa, ór do bhádhas d'oidhche agus do ló riamh 'na fhochair." Iar ccluisttin an chomhráidh si don anam bhochd, adubhairt ré féin: "Uch, uch, as truagh rugadh mé. Uch, uch, as truagh do geineadh mé. Uch, as mairg dhamh táinig riamh san ccurp sa. Uch, as mairg do bhí san phríosún bhrén sa, agus a mhairg dhuit, a chuirp bhoichd. Créd fár fhuaduigh tú cuid na comharsan? Créd fár chruinnigh tú cuid na mbochd
chugad féin? Do bhítheá ag ithi biadh mblasta agus misi fá ghorta; do bhítheá ag ól fhíona uasail agus misi lán do thart; do chuirthea édach áluinn ort féin agus do bhínnsi nochd gan édach grás ná subháilceadh; do bhítheá ramhar agus misi trúadh; do bhíthea súbhach agus misi tuirseach; tusa lán do gháirdeachus agus misi lán do dhoilghios; tusa lán do gháiridhibh agus misi lán do ghul; do-rínis an uile ní ríamh contrárdha dhamhsa. Biaidh tú anois tamall ad bhiadh cnumh agus ad luaidh lobhtha bhréin, agus fá dheireadh bérthar um dhiaidh-si go hiffrionn thú dod phíanadh go síordhuidhe." "Iar rádh na mbriathar sa, do éirigh drochaingiol coimhideachda (an) duine bhoichd do bhíodh riamh 'ga tharrang dochum gach uilc agas adubhairt: "Glacuidh na gabhla rinnghéra sa, a chompáin, agus buailidh iad a súilibh an fhir si, ór ní fhaca ní breaghdha nó bean sgiamhach ríamh nar shanntuigh. Brisidh agas brúidhidh a bhél, ór bá cuma leis 'nar chóir nó égcóir gach ní dá labhradh, do ithiodh agus do ibheadh, achd as í bá riaghuil dhó a ainmhian. Mionbhrúidhidh a chroidhe cealgach ag nach roibhi carthanachd, crábhadh, ná trócaire. Tolluidh a lámha do bhí luath lúthmhar dochum fuaduigh, gada, marbhtha, agus sladuidheachda, agus mall dochum an uile dheaghoibrightheadh. Tochluidh lé gérbhearuibh a chosa do bhí clisti dochum gach peacuidh do chur a ngníomh agus lán do leisgi dochum maitheasa." "Do ghluaisiodar na diabhuil 'na dhiaidh so risan anam mbochd go hiffrionn agus adéirdís ris ar slighidh: "Nach minic tugadar na sagairt agus na seanmóntuidhe teagasc dhuit tú féin do leasughadh a n-am agas gan fuireach san olc go soichi an bás? Anois do-chíthfe tú na huird ainglidhe agus a ndealradh ní dochum sóláis achd dochum dóláis shíordhuidhe do chor ort fán chomhluadar agus fán dealradh do chaill tú. Do chailleamairni an dealradh cédna, agus biaidh tusa maille rinn go síordhuidhe damanta mur atámaoid féin." Do ghuil go gér an t-anam risna briathruibh si agas adubhairt ris féin: "Uch, as truadh do geineadh mé. Uch, as truadh rugadh mé. Uch, as truadh do cuireadh san chorp mhalluighthe si ríamh mé. Uch, as truagh do chaill mé an dealradh úd ad-chím. Do-chím anois an
tslighidh fhairsing go párrthas agas ní fhuil ar cumas dhamh siobhal innti." Iar mbeith dhó mar so dá chaoineadh féin go truagh tuirseach, do theilgiodar na hainspioraid é síos go dorus iffrinn, agus do ghlac an diabhal a bhfioghair dragúin theintidhi 'na chraos adhuathmhar é agus do sgeith é san loch theineadh do bhí faoi ina ccuirfe an uile anam eile leanfas a lorg. "Glacam chuguinn teagusg, a cháirde grádhacha, ar mbeatha do leassughadh anois a n-am ar sláinti", ar Aibhisdin naomh, "ón tsompla uathbhásach sa agus déineam leighios dhúinn féin do chneadhuibh marbhthacha cháich. Tabhram druim ré mianuibh ar n-antola agus leanam slighidh spioradálta iondas go ttriallmaois as an ccorp thruaillidhe si go luathgháireach a ccoinne ar tTighearna agus gomadh éidir lé gach n-aon aguinn na briathra úd adubhairt Dáuidh do rádh ris féin, .i. "Do lean m'anam sa thú, ór do smachduighios mo cholann ar do shon, a Thighearna."" Guidhimsi sibhsi mar an ccédna, a cháirde croidhe, glacuidh agus bíodh ar choimhne aguibh an chomhuirle si do-bheir an naomh uasal dá cháirdibh agus dá chombráithribh féin, agus ná caillidh a ngeall ar mhaitheas mbréigi ndiombuain an mhaith bhiothbhuan agus an ghlóir némhdha do ghealladh dhíbh, achd dénuidh díthchioll do láthair triall chuice, agus, má tá sibh ar seachrán tré iomad bhar bpeacadh, tigidh gan sdad ar slighidh ndírigh leis an aithrighi d'eagla go tteigeómhadh dhíbh mur thárla don anam bhochd sa, .i. bheith ag síordhénamh aithrighi gan toradh a n-iffrionn, mur adeir an naomh cédna. Agus adeir arís nach am ceartuighthe na beathadh am an bháis achd am breithe damanta do bhreith fán ndroighbheathaidh do bhí ar marthuin go soichi sin. "Do-dhéntar aithrighi an uair sin," ar sé, "achd biaidh gan toradh uirre. An áil leat toradh do bheith uirre? Ná bíodh (sí) mall. Féch ad thimchioll aniogh agus ceartuigh thú féin. Thusa an ciontach agus Críosd an breitheamh. Ceartuigh do chionta agus tiocfa go súbhach a ccoinne an bhreithimh. An tí bhias 'na bhreitheamh agud, atá anois
'na adhbhacóididh agad 'gad ghuidhe gan tú féin do leigin dochum a bhreitheamhnuis." Briathra an naoimh go soiche so. Scríobhthar a ccroinic uird naomhtha S. Proinnsias ar n-athar, go raibhi duini áiridhe san chathruidh óirdhirc Florensia agá roibhi neamhchúram fána anam agus nach tug cluas do sheanmóir ná do theagusg feadh a bheathadh. Thig tindeas an bháis. Tugadar a cháirde a ndíthchioll comhairle dhó a fhaoisidin do dhénamh. Do bhíodhsan do ghnáth ag iarruidh cáirde. Fá dheireadh, do-chuaidh mac don óglach a ccoinne gháirdian na mainistreach iondus go ndiongnadh seanmóir dá athair do chuirfeadh dochum aithrighe é. Tárla dís Bráthar Dubh air san slighidh. Do fhiafruigheadar dhe a ghnouidhe. Do indis dhóibh. "Imthígh romhad," ar siad, "agus rachaidh sinne d'ionnsoighidh th'athar agus do-bhéram ar ndíthchioll conganta dhó fá aithrighi do dhénamh go mbeire an gáirdian air." Tug an t-ógánach buidheachus dhóibh. Gluaisid go tigh an duine thinn agus iarruid ar a roibhi ina sheomra dul amach iondus go labhradaois leis fá shláinti a anma. Do-rinneadh sin. Dúnuid an doras orra, agus níor hiarradh osgladh orra go ttáinic an gairdian. Iar tteachd dhó, do bhuail cách doras sheomra an duine thinn, agus nír freagradh iad nó gar briseadh an doras; agus, tar éis dul asteach dhóibh, ní fhuaradar duine tinn iná bráithre, achd an áit fholamh. Do thuigiodar, ní nách iongnadh, gur do bhráithribh dubha an diabhuil an cúpla soin táinig a ccoinne an té nach dérna an aithrighi a n-aimsir na sláinti achd do léig go pongc an bháis í. A Chríosduidhe chroidhe, ná bean as na neithibh adubhramar ann so, a ccás go meallfadh an diabhal, an saoghal, nó an cholann, thú ag cur d'fhiachuibh ort fuireach san pheacadh go ham an bháis, go ccaillfithea an dóthchas as cóir dhuit do bheith agad a ttrócaire Dé an uair sin féin; achd déin do dhíthchioll agus do-bhéra Dia congnamh dhuit san am sin féin, agas, gé go n-abruid diadhaireadha áiridhe nách slánoighthear achd fíorbheagán don mhuintir anas a bhfad isna peacadhuibh agus nách cuireann rompa a bhfágbháil go pongc an bháis, tar a cheann so, go sgaradh don anam risan ccorp, atá ar do chumas
do shlánoghadh; agus gá fios nách don bheagán sin shlánóchthar a n-am an bháis thusa? As uime do sgríobhamair na neithi beaga simplidhe si dod ghluasachd maille ré grasuibh Dé dochum na haithrighi do dhénamh a n-am agus gan do léigean gusan bpunc ccruaidh sin; ór (as) fios dhúinn gurab mór dar náision mealltar leis an ndiabhal ar an tshlighidh si. Cuiridh do ghnáth mórthrócaire nDé 'na bhfiaghnuisi agus ceilidh a cheart orra go soichi an bás; agus an uair sin do-bheir cor don duilleóig, ceilidh an trócaire, agus ní thaisbénann achd fíorcheart nDé do chur an duine bhoichd a n-édóchus. Agus, gé go meallann náisioin eile ar an modh sa, fá-raor as mó mheallus don ná
sion dá bhfuilmidne, do bhríogh nách fhoil prealáide ná seanmóntuidhe aca achd roibheagán, Dia dá bhfurtachd. Ciondas aitheantar an aithrighi do bheith fírinneach iondas gomadh éidir don chríosduidhe baramhuil láidir do bheith a
gi gur fhág sé na peacadha agus go bhfuil a ngrásuibh? Ní hór gach ní ar a mbí a dhath, achd bídh ór fírinneach ann agus ór fallsa. Bídh aithrighi dhiadha fhírindeach ann ghlanas duine óna pheacadhuibh agus do-ní oighre flaitheamhnuis dhe, agus aithrighe fhallsa gan aice achd cosmhuileachd leis an aithrighi bhfírindigh. Ar an ádhbhar so, ní fholáir dhúinn comharthadha d'fhagháil lé n-aithéonam an aithrighi fhírindeach seoch an aithrighi mbréguigh. Do sgríobh Aibhisdin naomh leabhar iomlán don dá ghné aithrighi, agus as iomdha comhartha as éidir do bhuain as lé n-aitheóntar gach aithrighi dhíobh. Cuirfeamaoid ann so beagán go haithghearr do chomharthaibh na haithrighi fírindigh
nigheas duine óna pheacadhuibh. An cédchomhartha, an té ar a bhfuil an doilgheas do ghlacadh inntinne agus rúin láidir chuigi gan na peacuidh do dhénamh arís, iondus gomadh férr leis olc mór d'fhulang iná peacadh marbhtha do dhénamh. Muna fhoil an rún sa agad,
as mór an chundtubhairt nach dérnuis achd lagcogadh ris na peacadhuibh agus nár mharbhuis iad achd go bhfuilid beó fós ad chroidhe. Tar éis Pól do dhénamh aithrighi, tug slán na n-uile chréatúireadh faoi. "Cia sgarfas sinn", ar sé, "ré grádh cCríostt? persecusion nó gorta? gabháil nó trioblóid? As dearbh leam nach sgarfa bás iná beatha, aingil iná prionnsadha, ní dá bhfuil do láthair nó dá ttiocfa, láidireachd, airde, iná ísle, iná créatúir eile, sinn ó ghrádh Dé a nÍosa Críosd ar tTighearna." Gibé do-gheabhus é féin mar so go cíocrach námhadach do na peacadhuibh ina raibhi, gé nách bíadh comhmórchroidheach ré Pól, as éidir dhó dóigh mhaith do bheith aigi agas ciúnas coinnsiasa agus a mheas go ndérna aithrighi fhírinneach. As é a résún so, gurab é as nádúir do shubháilce na haithrighi cogadh do dhénamh risan uile pheacadh marbhtha agus gan aoinpheacadh dhíobh d'fhulang teachd 'na ghoire, agus, mar sin, gibé nách mothuigheann an cogadh sa aigi féin riú, atá a ccontabhart mhór nár sgrios iad. Uime so adeir an doctúir naomhfa Aibhisdin, ag labhairt ar a chédaithrighi féin ag filleadh dhó ó eiriceachd ina roibhe, go mbídis a luathgháire dérach agus a dhéra luathgháireach ag troid ré chéile agus nách bíodh a fhios aigi cía haca do claoiti. Luathgháir dhérach ghairios an naomh don aoibhneas bhochd bhíos ag an pheacach ag dénamh an uilc, do bhríogh nách fhuil innte achd adhbhar gola agus dér; déra luathgháireacha bhochd bhíos ag an pheacach ag dénamh an uilc, do bhríogh nách fuil innte achd adhbhar gola agus dér; déra luathgháireacha ghairios don aithrighi, do bhrígh nách fhoil innti achd adhbhar sóláis agas luathghára súthuine. Adeir nách roibhi a fhios aigi ar tús cía haca bá treisi; gidheadh, fá dheireadh rug an aithrighi buaidh, iondus go raibhi gráin aigi ar an luathgháir ndéraigh sin, .i. ar anmían an pheacuidh darab ainm díleas luathgháir dhubhach dhérach. Do-bheir an naomhathair Ambros, oide S. Aibhisdin, tug ó dhorchadas agus ó earráid é dochum an chreidimh fhírinnigh, an léighionn cédna dhúinn, agus adeir nách fuláir don aithrigheach é féin do chlaochlo uile agus gráin do bheith aigi ar gach ní ar a raibhi gean aige roimhe sin, agus sgríobha
dh sompla diadha fán adhbhar so. "Do bhí conuersáid neamhghlan ag ógánach
áirighe", ar an naomhathair, "ré mnaoi mhíonáirigh. Tug Dia bruideadh némhdha ann agas do leasuigh a bheathaidh. Iar mbeith dhó a bhfad ón mnaoi sin, tug a ghnouidhe é mar a roibhi sisi. A ccion aimsire 'na dhiaidh sin, tárla an bhean mhíonáireach dhó. Ní thug súil uirri, achd do-chúaidh tairsi mur nách faicfeadh ríamh í roimhi sin. Do ghlac (an) bhradóg sin 'na iongnadh mhór chuice, ór dobá gnáth leis an ógánach labhairt ré go roshuilbhir gach am agus gach áit a tteagmhadh air. Do mheas sí aice féin nár aithin sé í agus go roibhi a aire ar ní éigin eile agus do bhuail dá cáineadh féin do bhrígh nár chuir urán air iondus go ttugadh aire dhi. "Muna bheinnsi um chaile," ar sí, "do laibhéorainn risan tté do thaisbéin grádh a chroidhe dhamh go minic, agus fillfead do leasughadh an neith do-ríneas go holc." Iar bfilleadh dhi, adubhairt risan n-ógánach: "Nách aithneann tú mé, a chompáin chroidhe? Misi atá ann." Do fhreagair an t-ógánach agas adubhairt, "Ad-chím gurab tusa thusa; gidheadh, ní misi misi." As é sin ré a rádh, "Atá tusa mar thú féin a láimh fós 'gan diabhal agus 'gat antoil; gidheadh, táinig dhamhsa do ghrásuibh Dé fuath agus gráin do bheith agam ar an olc do-ríneas riot, agus, dá bhrígh sin, ní mé an fear shaoilios tú do bheith agad mailli risan ndroighinntinn do bhíodh agum go ttrásta, achd tugas druim risan n-olc agus do chuirios romham cogadh do dhénamh ris, agus as uime sin nách tugas súil ortsa achd mur do-bhéruinn ar mo namhuid."" So comhartha na haithrighi fhírindigh
, agus, gibé do-gheibh é féin san chogadh sa ris na peacadhuibh ina roibhi résan aithrighi, as éidir dhó connsias ciúin do bheith aigi agus a mheas gur fháguibh glasa an diabhuil 's go ttáinig ar sluadh Íosa, a Thighearna. An dara comhartha, bheith ullamh dochum lóirghníomha agus leasuighthe do thabhairt don uile dhuine dá ndérnuis díoghbháil ina phearsuin, ina onóir, nó ina mhaoin, do réir bhreitheamhna
s h'oide faoisidne má tá foghlamtha nó dhuini fhoghlomtha eile 'gá measthar coinnsias glan do bheith aige agus eagla Dé do bheith air.
An treas comhartha, maitheamhnas do thabhairt dá gach duine do-ríne égcóir ort at onóir, ad phearsain, nó ad mhaoin, maille re rún gan díoghbháil ar bith do dhénamh dhóibh tré olc nó tré aingidheachd. Asé as mian leam a rádh, gan fuath nó fíoch do bheith agad don mhuinntir sin fán olc do-ríneadar ort. Gidheadh, ní fhuil d'fhiachuibh ort t'onóir nó do chuid do mhaitheamh dhóibh, achd as éidir leat breith cheart an dlighidh dho bhuain díobh gan rún díoghaltuis do dhénamh, mur adeir an scrioptúir, achd tabhair comharthadha carthanachda dhóibh gé go mbiadh fúd leasughadh do bhuain díobh do réir chirt an dlighidh; agus as mar sin tuigthear Lúcas an tan adeir san soisgéal, "An uair fhillfeas chugad an té thug aindligheadh dhuit agas adéras sé, "As aithreach leam an ní do-ríneas", maith dhó", .i. taisbéin thú féin go carthanach dhó mur dá gach caruid eile; gidheadh, ní chuireann d'fhiachuibh ort an ní do bhean sé dhíot do mhaitheamh dhó. Má tá amhgar nó bochduine air, is d'o
brighthibh na trócaire a fhíacha do mhaitheamh dhó, agus atá foirfeachd specialta an trócaire do dhénamh ar an tté thug aindligheadh dhuit. An ceathromhadh comhartha, siocra na bpeacadh do sheachna. An uair do-chí tú spuir agus bútaisi ar dhuini, gé nach faice a chroidhe, tuige go bhfuil ar a inntinn dul ar marcuidheachd, agus, dá bhfaictheá duine ag filleadh ó áth ar a dhuibhne, adérthá go mbíadh neamhfhonn a bháitthe air, gé nách faicfithea a chroidhe. Dá réir so, gé go n-aibeóradh duine riot gurab é a rún gan éinní do dhénamh a n-aghuidh Dé, má chí tú é ag dul go minic nó a ndrocham don tigh ina ndénadh an peacadh, ná creid uadha nách fhoil fonn air dul ar marcuidheachd a ttrupa an diabhuil agus 'na shéirbhís ná gur chuir cogadh dá-ríribh ar na peacadhuibh; agus, bíodh go mothóchtha an gluasachd doilghis atá ad chroidhe fán pheacadh, tar a cheann sin, muna fhagha tú seachna agad ar shiocraibh an pheacuidh, as cundtabhartach nách doilghios fírinneach do bhí aghad lé sgriostar na peacaidh. Gidheadh, más duine tú fhillfeas ó na siocruibh agas do-bhéras
cúl riú, atá neamhfhonn do bháiththe ort a n-áth na n-anmann ndamanta a n-iffrionn, agus, dá réir sin, as aithrighi fhírindeach do-rínis. Mar an gcédna, más duini thú fhilleas ar ball dochum an pheacuidh gé gur dhoirtis déra troma ó chianuibh dá chaoineadh, as guais leam gurab aithrighi fhallsa do bhí agad, ór adeir Pól go n-oibrigheann an aithrighi do-bheir Dia uaidh sláinte mharthanach, agus adeirid dá bhríogh so na diadhaireadha, "An té pheacuigheas gach aonlá agus théid dochum na haithrighi gach aonlá, nách cóir dhó corp Chríostt do ghlacadh." Don taoibh eile, má anann tú ó na peacadhuibh agus coimhéud gér do dhénamh a siocra do sheachna, as maith an comhartha soin gur slánuigheadh do spiorad lé háithrighi bhfírinnigh. Dá mbeithea ad chaiptín agus go ngeabhthá baili dod rígh iar gcur muinntire do namhad as, dá léigthea dóibh so fuireach a gceilg a bhfogus dod dhoras go bhfios dhuit féin, adérthaoi nách biadh fonn ort an baili do choimhéud dod rígh, achd gur thoil leat an namha dá bhuain amach arís. Gidheadh, dá gcuirthea an namhuid a bhfad uait agus gan duine do léigean dod ghoire achd duine díleas dod bhaile agus dod rígh, adérthaoi gur caiptín críonda coinghiollach dod phrionnsa thú agus gur mian leat dá-ríribh an áit do choimhéud dó agus gan a tabhairt air ais go bráth dá easccáirdibh. Ní fhuil inar mbeathuidh san saoghal sa achd cogadh, mar adeir an sgrioptúir, agus ní geabhthar aonbhaile ar ar namhuid achd lé háithrighi bhfírindigh. Gaisgiodhach thú, a Chríosduidhi, do mhuinntir Dhé, agus, má ghabhuis sgonnsa do chroidhe dhó d'aimhdhéoin dheamhan agus domhuin, féch 'nar fhulaingis na peacuidh do chuir tú amach nó a siocra do bheith a cceilg a bfhogus dod dhorus ag fuireach ré faill dochum do sgonnsa do bhuain dhíot arís. Más amhluidh atá, ní hiongnadh a rádh nách foil tú díleas dod rígh agus gur thoil leat an sgonnsa do bheith 'gan diabhal, agus, mar sin, nach aithrighi fhírindeach do-rínis. Achd, má do sgrios tú a bhfad uait na peacuidh agus a siocra agus nach léigionn tú ní dod ghoire achd ní díleas dod sgonnsa, dhuit féin, agus dod rígh, as éidir a rádh gan bhréig go bhfuil tú
coinghiollach grádhach do Dhia agus fuathmhar ar a naimhdibh, na peacuidh, agus, dá réir sin, gurab cogadh éiffeachdach agus aithrighi fhírinneach do-rínis ad pheacadhuibh. Ná léig ar an ádhbhar so comhluadar ban ad ghoiri, más díobh do bheanuis an sgonnsa. Ní hé amháin, achd ná glac litir leimh iná seóda suirghe dá ccuirfeadaois chugad, agus, má tá aonchuid díobh so a ccoimhéad agud, tabhair an ttinidh mar leabuidh dhóibh d'eagla go ttiubhradaois
ion tinidh n-iffrinn mur leabuidh dhuitsi. Ní leighisthear an chneadh muna thairringthear ceann an airm lé a ndérnadh í as an ccorp; ní hé amháin, dá n-ana ní dá loighead don arm san chneidh, biaidh gan leighios cho
dhche. Más mian leat cneadha do pheacadh do leighios dá-ríribh gan eagla athlasaidh, tóig uait ceanna na soighead sa do buaileadh ort, .i. na neithi si adubhramar agus gach uile ní eile lé ttairngthear thú dochum an pheacuidh, nó bíodh a dheimhin agad go bhfuil tú a nguais go n-athlasfaid do chneadha ort. An cúigeadh comhartha, má tá doilghios mór ort fá gan doilghios mór do bheith agad fád pheacadhuibh, ór ní thig so achd ó aithrighi fhírindigh, gé nach aithin tú gurab í atá ann. Ciondus as cóir don pheacach é féin do mhosgladh agus do ghríosughadh dochum na haithrighi agus an doilghis ag triall dochum na faoisidne? As é as nádúir don aithrighe, mar adubhramar roimhe so, cogadh éiffeachdach do dhénamh dhíbeórus na peacaidhe. Gonadh aire sin nách foláir don pheacach lér mian aithrighi do dhénamh a fhéchuin créd í nuimhir a pheacadh agus díthchioll do dhénamh fá a ttabhairt go háit buailte do thabhairt dóibh.
An caiptín 'gá mbíonn glés maith agus dóthchas mór buaidh do bhreith, as mór an fonn bhíos air a naimhde d'fhagháil ar aonláthair d'eagla énduine dhíobh do dhul as uaidh do chuirfeadh cogadh air arís; ór as minic theagmhas do dhuine buaidh d'fhagháil san chédchath agus briseadh air san dara cath lé daoinibh nuaidhe do bhéradh ar a namhuid. As é as áit buailte do thabhairt do na peacadhuibh an mheabhair, agus atá glés romhaith 'gan pheacach ar bhuaidh do bhreith orra uile gan aoinpheacadh do léigean as díobh. Dá bhríogh sin, ní foláir dhó a ttabhairt do láthair uile an mhéid as éidir leis dochum a mheabhra, agus, dá ndérnae faillighi uime so, budh éidir, na peacuidh do shaoilfithea bheith marbh san chath, go ttiubhradaois bualadh láidir dhuit a bhfiaghnuisi fhírcheirt Dé. Glac chugad ar an n-ádhbhar so aimsir áiridhe, ghérr nó fhada, do réir na faoisidni as mian leat do dhénamh, na hoiffice agus an chúruim atá ort, agus an spáis aimsire ó do-rinnis fhaoisidin fá dheireadh. Más faoisidin bheathadh as mian leat do dhénamh agus nach duine thú thig go minic dochum na sacramuinte si, ní fholáir dhuit bheith ochd lá ag dénamh ullmhuighthe ort féin, .i. uair nó a dhó gach aonlá díobh soin do chaitheamh lé tarrang do pheacadh dochum do chuimhne. Más duine thú agá bhfuil oiffic phuiblidhe ós cionn an phobuil, spioradáltha nó themporáltha, nó gairm eili atá cundtabhartach innti féin do thaoibh Dé, mar atá breitheamhnas, adhbhacóideachd, ceanduigheachd, nóitéorachd, agus a leithéidi so eili, ní fholáir dhuit ní as mó dh'aimsir do chaitheamh ré th'ullmhughadh iná chaithid daoine ag nách foil a leithéidi sin d'oifficibh nó do chúram aca. Más faoisidin bhliadhna atá fúd do dhénomh agus nách déin tú í achd a ccionn gacha bliadhna, gabh dá lá nó a 3 ní as lúgha dhe dot ullmhughadh agus caith cúpla uair gach lá díobh go huaigneach ag smuaineadh ort féin agus ag cuimhnioghadh ar do pheacadhuibh. Agus, más duine thú 'gá bhfuil h'aimsior ar do chumas nó ar do thoil féin agud, dobúdh beag leam an spás sin, gé nách iarrfuinn ní as mó iná é ar luchd saothair do-gheibh a mbeathaidh le hallas a ngruadh ná ar dhaoinibh simplidhe. Agus, do bhríogh gurab é as peacadh and briseadh na haithne, ní fhuil glés cuimhnighthe ar na peacadhuibh is fér
iná aitheanta Dé agus na heagluise do chur at fhiaghnuisi agus ceistt
do chur ort féin gá mhéd uair do bhrisis gach aithne díoph agus siobhal orra mar sin fó seach. Cuirfeamaoid an modh ar a ndingeantar so go soilléir 'na dhiaigh so síos. Do-bhéra congnamh mór dhuit dochum na cuimhne si smuaineadh ar gach áit ina rabhadhuis, ar gach comhluadar do bhí agad, ar gach ní éiffeachdach do bhí ar h'airi, agus a fhiafruighe dhíot féin ciondus tárla dhuit in gach áit, in gach comhluadar, agus in gach gnóuidhe; an bhfuaruis tuisleadh pheacaidh mharbhtha a n-éncháil díobh soin; agus gá mhéd uair. Tar éis do pheacuidhe do chor ad chuimhne an mhéid dob éidir leat achd amháin go raibhe cúram neamhédtrom ort 'na ttimchioll, ná bíodh scrupal ná cathúghadh ort fá na peacadhuibh do-chuaidh ar dearmad uait. Ní fhuil fonn ar Dhia ar ndamnúghadh, achd as mian leis ar slánúghadh uile, agus tug nádúir dhearmadach dhúinn lé nách éidir iomad neitheadh do tharrang dochum coimhne gan dearmad do dhénamh do chuid éigin díobh. Gonadh airi sin nách cóir dhuit míchiúnas ar bith do bheith ort fá gan cuimhne ar na peacadhuibh go hiomlán achd dóthchas láidir do bheith agad go ngeabha Dia uait díthchioll do dhénamh do-ghéntá fá ghnóuidhibh éifeachdacha saoghaltha. Iar mbeith dhóibh cruinn ad mheabhair, smuain ar fhírcheart nDé agus ar an ndíoghaltus do-ní ar son an pheacuidh, mar do chuir an créatúir as áille dar chruthuidh ríamh, do bhí lán do sgéimh, do dhealradh, agus do ghrásuibh, .i. Lúcifear, gona chomhluadar a bpríossún ndubh ndorcha iffrinn gan dáil furtachda as achd bheith a bpianuibh síordhuidhe trésan ndrochsmuaineadh do-ríne 'na aghuidh. Arís, mar do sgrios sé Ádhamh agus Eabha do chruthuidh sé féin a sdaid uasail fhírénta in nach fuighdís bás go bráth agus 'na ttighearnuibh ar pharrthus (fán n-easumhlachd do-ríneadar ag ithi ubhaill bhig a n-aghuidh a aithne), as an aoibhneas mhór ina rabhadar dochum bochduine agus bháis dhóibh féin agus dá sliochd uile 'na ndiaidh. Smuain gurab mó do thuill tú féin fírcheart Dé d'imirt
ort iná an t-aingiol agus Ádhamh, ór má do pheacuidh an t-aingiol lé smuaineadh, do pheacuidh tusa lé gníomh, lé bréithir, agus lé smuaineadh. Do pheacuidh an t-aingiol san díomas; dobádh éidir gur pheacuidh tusa a ndíomas, a ndrúis, a saint, a ccraos, agas a n-iomadh eile do pheacudhuibh. Ní roibhi an t-aingiol achd énmhoimint bheag nó gearraimsear ag dénamh peacuidh; atá tusa feadh do shaoghail ag síorchruinnioghadh peacadh. Mur an ccédna, má mealladh Ádhamh agus Eua énuair amháin risan ndiabhal, do mealladh thusa na mílte uair ris. Má do ghlacadar ubhall a n-aghuidh na haithne, as iomdha ní as mó iná ubhall do ghlac tusa 'na haghuidh. Ná siubhail go hédtrom orra so achd an tamall ar gach pongc díobh, agus do thoil Dé biaidh do chroidhe dá ghluasachd mur as cóir dochum na haithrighi. Smuain don taoibh eile an trócaire do-ríne Dia riot féin tar an n-aingiol, .i. go ttug ré na hai
righi dhuit nách tug dhóson. Smuain fós go roibhi Ádhamh feadh a shaoghail, gé gar mhair naoi ccéd agus tríocha bliadhan, ag síordhénamh aithrighi agus gurab é sin fuair síth nDé dhó, agus go bhfoighi tusa maitheamhnus ré haonosna amháin ad pheacuidhibh uile. Mosgladh so thú as an spadántachd a bhfuile. Féach a liachd ádhbhar agad fá thuirsi do bheith ort agus tabhair dochum do chuimhne na neithe adubhramar roimhe so, .i. na huilc mhóra éxamhla do-ní dhuit bheith san bpeacadh, an tarcuisni do-bheir tú do Dhia, an mímheas tuguis ar dhiadhfhuil nÍosa Críosd ar tTighearna do doirteadh ar do shon, an trócaire atá Dia d'fhuláireamh ort anois agas é 'gad ghuidhe fána glacadh uaidh, an luathgháir chuirios tú ar chúirt n-iffrinn tréd chomhnuidhe san olc, an sólás do chuirfithea ar an ccúirt némhdha trésan n-aithrighi, giorra na rée atá agad, gurab dearbh go bhfuighe bás, neimhchinnteachd na huaire thiocfus achd gurab gnáth a theachd mar ghaduidhe san oidhche an tan nách smuaintear air, uathbhás an chruaidhbhreitheamhnuis nách
éidir leat do sheachna, aoibhneas na glóire do chaill tú, agas síordhuidheachd na bpian do-gheabhas tú tréd pheacadhuibh. Tóig ann so súile géarradharcacha an chreidimh agus creid nách fhuil dul as ar domhan agad ót olc shíordhuidhe féin iná cumas ar síth nDé d'fhagháil achd trésan n-aithrighi. Creid fós go bhfuil ar do chumas maille ré congnamh na ngrás do-bheir Dia dhuit a bhfuil do pheacadhuibh ort do sgrios dhíot agus neart na ndeamhan uile do chor ar gcúl uait lé haonfhásgadh n-úasal do thabhairt ar do chroidhe 'na n-aghuidh. Ar an n-ádhbhar so, gríosuidh agus brosduidh thú féin 'na n-aghuidh, agus, ó thárla do naimhde uile ar aonláthair, .i. ar machaire do mheabhra, agus glés maith agad a ccor dá leataoibh uile, ionnsoigh go cíocrach iad agus ná léig aoinpheacadh as díobh gan mharbhadh. Glac gráin agus fuath dhóibh, agus tiocfaidh as sin tuirsi do bheith ort fá a ndénamh, agus tairreónguidh sin araon tú dochum grádha Dé dá-ríribh a ccás nách beadh agud roimhe sin. Agus mur so do bhéra tú búaidh orra uile. Iar ndéanamh an ullmhuighthi si dhuit mur so, búdh maith an turus do-ghénus tú dochum na faoisidine, ór, gé go mbeadh aithrighi agus doilghios láidir agud dá ngoirthior dioltuirsi, ar ar labhramar san chédchaibidil, ní díomhaoin an fhaoisidin do dhénamh, do bhrígh gurb í as daingniughadh agus as séala ar an bpárdún fuair tú, agas, muna roibhe agad achd aithrighi neamhláidir achd gurab aithrighi fhírindeach í, do-bheir an fhaoisidin féin an párdún uaithi, .i. maitheamh na bpeacadh, agus as í féin as séla air. Anois tráchdfamaoid cionnus as cóir an fhaoisidin féin do dhénamh.
An Dara Cuid, thráchdas ar an fhaoisidin; ciondus as cóir a dénamh? Créd as faoisidin ann? Iar mbeith dár Slánuightheóir d'Íosa Críosd ag triall as an tsaoghal sa, nírbh áil leis a phobal, tar éis a fhuil do dhortadh ar a son, d'fhágbháil gan glés ar a leigheóstaoi iad go spioradálta a ccás go ttuitfeadaois a bpeacadh mharbhtha; agus nír fholáir sin, ór atáid na peacuidh comhlíonmhar agus sin, agus an diabhal, an cholann, agus an saoghal, comhneartmhar agus sin a n-aghuidh an spioraid, muna bfhágthaoi luibh leighis ag cách, gurab beag do rachadh as dhíobh ó líontuibh iffrinn. Achd níor smuain Críost a chlann ghrádhach, luach a dhiadhfhola, d'fhágbháil san mbochduine sin. Do-conncus dhó, dá bhrígh sin, mur atá légha ag na corpaibh, légha eile d'órdúghadh do shlánoghadh na n-anmann agus a mhúnadh dhóibh ciondus do-dhéndaois a leighios. As follus gurab iad na leagha sa na habstoil agus na sagairt thig ar a lorg ré a ndubhairt Críosd ag triall do dhénamh na deasgabhála dhó: "Glacuidh chugaibh an Spiorad Naomh. Gibé dá maithfigh sibh a pheacuidh, béid maithe; agus, gibé dá nách maithfigh iad, ní bhíad maithe aca." As na briathraibh si agus iomod eile don sgrioptúir do thuig ar naomhmháthair an eaglas go bhfuil ríamh do riachdanas ar an uile Chríosduidhe ó dhligheadh Dé faoisidin iomlán a pheacadh marbhtha do dhénamh; ór as ionann cumas sgaoilte agus ceanguil peacadh do thabhairt do na sagartuibh tig ar lorg na n-apstol agus atá fá bhiocáire Chríost agus breitheamhuin do dhénamh dhíobh ós cionn
na bpeacach dochum a sgaoilti nó a neamhsgaoilte óna bpeacadhuibh agus dochum péine dlisdeanuighe do chor orra mar lóirghníomh ar a son. As follus, mur adeirid aithre chomhairle Thrionnta, nách éidir do na sagartuibh breith sgaoilte nó ceangailte do thabhairt ar na peacachuibh gan fios na cúisi d'fhagháil ar tús. As follus fós nách éidir dhóibh pían ná lóirghníomh cothrom do chor orra gan fios cáilidheachda a bpeacadh d'fhagháil. As neimhchiall do-bhéradh ar bhreitheamh, gé go mbiadh ughdarrdhás maith aigi, breith do thabhairt a ccúis ar bioth gan an dá rann d'éisteachd, .i. fear na hagra agus an té ar a ndéntar í, agus ní bhíadh bail a ndligheadh ar bioth ar an mbreith sin. Breitheamh an sagart ar na peacadhuibh do sgaoileadh, agus as é an peacach do-ní an eagra agus as air do-níthear í. Gurab uime sin nách foláir a éisdeachd 'na aghuidh féin fá phéin gan buil ná éiffeachd do bheith san bhreith. Dá bhrígh so, atá d'fhiachuibh ar gach Críosduidhe a pheacuidh marbhtha uile do chor a bfhaoisidin don tsagart 'gá bfhuil úghdardhás dochum a sgaoilte. Achd ní chuirfeam saothar oruinn dá dhérbhadh so, ór as do na Catoilicibh chreidios é cheana sgríobhmaoid an beagán sa do theagasg na muintiri nách fhuil eólach díobh. As urasa, dá réir so, a fhoillsioghadh créd é an ní an fhaoisidin. As é as faoisidin ann gearán tuirseach do-ní an peacach air féin fána pheacadhuibh leis an sagart 'gá bhfuil úghdarrdhás dochum a sgaoilte uatha maille dóigh absolóid agas maitheamhnus d'fhagháil ionnta. Mínigheam gach focul díobh so fó leith. Adeirthear gurab gearán an fhaoisidin do bhríogh gurab uait féin as cóir dhi tosúghadh agus nách cóir dhuit bheith leithsgéulach dhuit féin achd cur ort mar do dhíthchioll maille ré fírinde. Adeirthear gurab gearán tuirseach í, ór do-ní an prócadóir agus an t-adhuocáid gearán a n-ainm na muinntiri chuireas a ccúis ar a láimh agus ní faoisidin do-níd gé gomadh ré sagart do-dhéndaois an gearán do bhríogh gurab mó a luathgháir iná a ttuirsi ag dénamh an ghearáin sin agus gomadh maith léo mórán gearáin dá leithéid sin do bheith aca.
Do-níd daoine eile faoisidin amhuil do bheidís ag innisin sgéal, gan comhartha dobróin ná tuirsi do thaisbénadh, agus ní mór an dóigh as cóir do ghlacadh as a leithéid sin d'fhaoisidin. Adeirthear "do-ní duine air féin", do bhríogh nách cóir dhuit labhuirt go holc ar dhuine ar bith eile san fhaoisidin achd amháin teachd ar h'olc féin. Adeirthear "fána pheacuidhibh", dá chur a ccéill nách cóir ní maith dá ndérnais do chur san fhaoisidin - an drong do-ní so, as cosmhuil risan bhPhairisíneach iad, agus biaidh a luaighidheachd mar an gcédna comhchosmhuil - agus, arís, dá fhoillsioghadh nách cóir sgéuluidheachd nách beanann ré hádhbhar do dhénamh achd na peacuidh amháin do rádh go tur agus gach sgéul nách foil 'na pheacadh do fhágbháil amuigh. Tárla dhamh go minic tré ainbhfhios an pheacuigh bheith uair nó leathuair ní as lúgha dhe ag éisdeachd duini gan aonpheacadh do chluisttin uadha achd sgéuluigheachd, .i. go ndeacha sé go baile a leithéide si do dhuine agus go roibhe fáilti roimhi ann sin agus go ndérnadar a suipér go subhach luathgháireach a bhfochair a chéile agus gurab iad a leithéidi so do dhaoinibh do bhí ann sin agus go ndérna maith mhór roimhe d'fhior an tighe agus go roibhe cumaoin mhór aige air agus go ttáinig duine áiridhi eile astteach agus go ndubhairt a leithéid so d'fhocal as ar éidir droichiall do bhuain, agus mórán eili don mhonadh sa gan buain aca don fhaoisidin achd amháin an fhocal dhéighionach, .i. gur bhuail sé buille nó sáthadh ar fhear an tighi; agus do fhoighéonadh an t-aonfhocal sa do rádh ó thosach. Do-ní dá dhíobháil nó a trí bheith risan sgéaluidheachd soin, ór tig asta peacuidhe dhaoine eile d'innisin nách cóir do dhénamh, agus cuirthear toirmiosg ar mheabhair an pheacuigh fán fhaoisdin do dhénamh go hiomlán, do bhrígh, an fad bhíos duine ag innsin sgél fán chédpheacadh, go ttéid cuid do na peacadhuibh eile ar dearmad uadha; agus, fós, cuirthear toirmiosg ar an ndoilghios bhíos ar an pheacach ag dénamh na faoisidine ag cur fhaidsgéal fá nách cóir tuirsi do ghlacadh a measg na bpeacadh as ádhbhar tui
si; agus, fá dheóigh, cuirthear toirmiosg ar an athair faoisidni culpa daoine eile d'éisdeachd an fad bhíos
sé ag éis
eachd na sgéal soin gan tarbha. Ar an ádhbhar so, as iomchubhaidh don aithrigheach na faidsgeóil si do ghearradh agus an peacadh amháin do rádh go haithghearr soilléir d'eagla go ttiocfadh dhe díoghbháil do dhénamh dhó féin, dá oide faoisidni, agus dá chomharsoin. Adeirthear "risan sagart", ór ní déntar sacramuinnt d'admháil peacadh achd an uair do-beirthear absolóid don pheacach maille ris na comhachduibh tug Dia don tsagart. Dá bhrígh so, gé gurab maith ré a dhénamh go minic do pheacuidh d'admháil do dhuine dhiadha fhoghlamtha nách bíadh 'na shagart dochum teaguisc d'fhagháil uadha an tan nách bhfuightheá oide faoisidine, tar a cheann sin, ní déntar sacrámuinnt na haithrighe leis an admháil sin. Adeirthear "agá bhfoil ughdarrdhás", ór ní lór duine do bheith 'na shagart dochum sacrámuinnti na haithrighi do thabhairt uaidh, achd ní foláir dhó ós cionn a shagartachda ughdarrdhás eili ó easbog nó ó dhuine 'gá mbíadh sí lé a tabhairt dhó do bheith aigi, agus, má bheir absolóid uadha gan so, ní fiú ní ar bioth í, do bhrígh nách foil san absolóid achd breath sgaoilte ó pheacadhuibh agus nách foghnann breath nách beirthear lé breitheamh ndlisdionnach. Adeirthear "maille ré dóigh absolóid d'fhagháil", ór do-rinne Iudás admháil a pheacadh agus do-ríne í do shagartuibh; gidheadh, nír fhoghuin dhó, do bhrígh go ndérna í maille ré neamhdhóthchus párdún d'fhagháil. Do aduimh Caiin a pheacadh do Dhia agus ní fhuair maitheamhnus tréna édóthchus. Don sgrúdadh coinnsiasa as cóir do dhénamh résan bhfaoisidin. Ní fhuil san fhaoisidin achd purgóid uasal spioradálta lé bhfolmhuighthear leannta truaillidhe an anma agus le n-aisigthear a shláinte dhó. As gnáth sioróipe do ghlacadh do dhíleaghadh
na leanntadh ré nglacadh na purgóide, agus, muna dhearntar so, ní hé amháin nách déin an phurgóid tarbha achd as gnáth go ndén díoghbháil. Mur an ccédna, suil do ghlacfas an t-othar spioradálta, an t-aithrigheach, an phurgóid spioradálta, ní fholáir dhó sioróipe spioradálta do ghlacadh ar tús do dhíleaghadh na ndroichleanntadh atá ann dochum an bhfolmhuighthe; agus, muna ghlacthar iad so, as díoghbháil agas ní tarbha do-ghénas an fhaoisidin. Atáid trí sioróipe do-ní ullmhughadh maith dochum na purgóide si. An chédshioróip díobh, sgrúdadh gér an choinnsiasa ag smuaineadh go díthchiollach ar an mbeathaidh do-chuaidh thort agus ag tarruing do pheacadh dochum do chuimhne. Do-bheir an fáidh Esechiel an chomhairle si dhúinn. "Bíodh cuimhne aguibh", ar sé, "ar na droichshlighthibh inar ghabhabhair agus ar na holc
huile pheacadhuibh do-ríneabhair", agus adeir an sgrioptúir a n-áit eile, "Ná dearmuid mar do chuir tú fearg ar an tTighearna, do Dhia féin." An uair do bhádar clann Israel ar tí cathair Iericó do ghabháil, do órduigh Dia dhóibh teachd seachd n-uaire go secréideach a ttimchioll na caithreach agus ann sin a ccaismiorta catha do sheinm go láidir, agus arna ndénamh so do thuiteadar múir na cathrach uile go talamh. Ní fhuil san anam atá isna peacadhuibh achd cathair Iericó, .i. cathair eascarad nDé, agus as íad na diabhuil as bárdadha di. Madh áil leat an chathair si do ghabháil, gabh 'na timchioll seachd n-uaire ag síorsmuaineadh ciondus atá sí 'na suidhe ina peacadhuibh suil bheanfas tú do chaismiort catha, .i an fhaoisidin, agus, má ní tú so, bí deimhneach go ttuitfe múir na cathrach go lár agas go tteithfe a bárda gan buille cosanta do thabhairt at aghuidh. Ar thrí modhuibh do-níthear na peacuidh. .i. lé smuaintibh, lé briathruibh, agus lé gníomhuibh. Ní foláir a leighios leis na trí modhuibh cédna achd a mbeith contrárdha, .i. ag smuaineadh go gér cionnus do pheacuighis a smuaineadh, a mbréithir, agus a ng
íomh, agus 'gá n-admháil so uile agus ag dénamh lóirghníomha ionnta.
Ní lór dhuit a choimhnioghadh go ndérna tú peacadh a n-aghuidh Dé nó na comharsan, achd ní foláir a fhios do bheith aghad créd an ghné peacuidh é, agus gá mhéd uair do-rínis é, agus na haicíde bheanas ris mhéduigheas mailís an pheacuidh, mar adér 'na dhiaidh so. Na stíobhaird bhíos ag na prionnsadhuibh móra an uair bheirios aimsir an chundtais orra, mionsgrúdaid a leabhair ag féchuin gá mhéd fuaradar agus gá mhéd do chaitheadar; agus ní lór uatha a rádh gur chaitheadar an uiread sa nó an uiread sa eile, achd ní foláir a chor síos ciondus do caithidh sin agus créd é an ceal a ndeachaidh. Am cundtais do thabhairt do Dhia ina ndérnadh d'olcuibh 'na aghuidh am na faoisidine agus as stíobhard dhó an uile Chríosduidhe. Dá bhríogh so, ní lór dhó a rádh, "Do-ríne mé drúis" nó "Do-ríneas goid", achd abradh gá mhéd uair do-ríne an ghoid agus créd é méd na goide, créd í gné na drúisi do-ríne agus gá mhéd uair do-ríne í; agus mar sin ar na peacadhuibh eile fó leith. Ní foláir aimsior áiridhe do ghlacadh chuigi so do réir mar adubhramar san chaibidil dhéighionuidh don chédchuid don leabhar sa, gé nach éidir riaghuil chinnti chothrom do chur síos gá mhéd an sgrúdadh as cóir do dhénamh ann so achd amháin nách foláir an díthchioll do dhéntá fá ghnouidhibh móra saoghalta 'got ullmhughadh chuca do dhénamh résan bhfhaoisidin, mur adeir Scotus. As tuigthe as so gurab olc do-níd an fhaoisidin an mhuinntir nách abrann focal leis an sagart achd muna fhiafruidhi sé gach aoinpheacadh fó leith dhíobh. As mór an truaighe go bhfuightheá bean bheag mhíonáireach agus, má ghluaistear comhrádh ar neithibh neamhghlana, ar dhíomhaoinios, nó ar shuirghi, gurab líomhtha a teanga iná teanga fhileadh; gidheadh, an uair tig dochum na faoisidine ní bhíonn focal aice achd, "Fiafruigh féin díom gach ní as áil leat." Do-gheabha tú cearrbhach, agus, má labharthar ar chúis imeartha, ní clisti Lucifear iná é ag labhairt; gidheadh, do-níthear balbhán dhe an uair tig dochum na faoisidine. Do-ghéabha tú ceithiornach bhíos mur ghealbhann ghlórach ag brosdughadh a chompánach dochum na n-olc, agus an
uair tig dochum na faoisidine bíd glais ar a bhéal. Ní heól dó labhairt. Do-níd na deamhuin balbháin, mur do-gheibhmíd san soisgéul, agus ní fhoil amharus agam gurab iad do-ní cleasuidheachd ar mhórán dar náision 'gá mbíonn teangtha comhghasda ré teangthuibh gealbhann a ccúis peacadh do dhénamh agus bhíos 'na mbalbhánuibh a n-am na bpeacadh do chor dhíobh. "Ní héolach dhamh", adeir an t-óglách, "mo pheacuidh do chur a bhfao
sidin agus as éolach dhamh a ndénamh." Beag an t-iongnadh. Fada tú ag foghluim a ndénta agus ní ghlacann tú aimsior ullmhuíghthi dochum a gcora dhíot achd triall go prap d'ionnsuighidh an tsaguirt ag rádh, "Fiafruigh féin díom mo pheacudha ós agad atá a bhfios." Nách férr atá a bhfios agad féin ós tú do-ríne iad? Nách tú féin do choimhlíonn hanntoil riú? Nách iad clann do dhrochcroidhi nó oibrighthe do lámh féin adeiri? Nách iomdha smuainte do-ríneis, nách iomdha slighidh fuaruis, nach iomdha aimsir do chaithis, nách iomdha codladh do chaillis, ag iarruidh a ndénta ar chomhairli an diabhuil? Ciondus nách goidionn tú seal beag don aimsir chaitheas tú go díomhaoin dá gcur ad chuimhne dochum a sgeithi san fhaoisidin ar chomhairle nDé? Ciondus nách beanann tú cuid d'aimsir th'fhadchodlata d'fhoghluim cainnti dochum labhartha ré Dia ag iarruidh maitheamhnuis air san fhaois
? As námha an chéird nách foghlamthar. Ní ghlacann tú an tsácramuinnt si achd uair san mbliadhuin, agus an uair sin féin ní dhén tú foghluim ciondus do laibheórthá dá glacadh; agus tig de sin gurab mó do-ní an phurgóid uasal sa d'urchóid dhuit iná do mhaith, do bhrígh nách glacann tú sioróip sgrúduidhthi an choinnsiasa roimpe. d'eagla so d'imtheachd ort ní as mó, déin an sgrúdadh sa mar as dual agus gabh sompla a dhénta ón dá rígh si do bhí 'na maighistribh a n-ealadhain na haithrighi. "Bíad ag síoráireamh agus ag síorsmuaineadh mo bhliadhan uile dhuit", ar an rí Esechias ré Dia, "maille ré seirbhe agus ré míghean mh'anma." Ní lór leis an rígh mbeannuighthe a rádh go
mbiadh ag smuaineadh maille seirbhe ar an aimsir do chaith a n-aghuidh Dé, achd adeir go mbia ag athsmuaineadh agas ag síoráireamh na haimsire uile do chaith a ccogadh ris maille ré tuirsi chroidhe. As soilléire iná so adubhairt an rí Dáuidh an ní cédna. "Do-ghén trá meas agus sgrúdadh agas mionchuartughadh ar mo bhliadhnuibh", ar sé, "do réir mar sgrúdthar agus mar fhéchthar téd an damháin ealluidh." Cuiridh an fáidh ríoghdha a bheathaidh a ccomparáid ré téd an damháin ealluidh, ór ní hé amháin go bhfuilid comhshoibhrisde ré chéile, agus gar lór gaoth nó fearrthuinn dá mbriseadh araon, agus arís nach foil san mbeathaidh si achd bheith ag síorchruinnioghadh agus ag soláthar neitheadh mbeag gan tábhachd mar bhíos líon an damháin ealluidh ag gabháil chuileóg, achd fós gurab ionann glés as cóir do ghlacadh do leasughadh na beathadh agus ghlacus an damhán ealluidh do leasughadh a théda. As iongantach an díthchioll do-ní an beathadhach beag so, agus gan ciall aigi, dochum a lín bhig do choimhéd slán. Do-bheir cuairt air, agus, an uair do-gheibh go ndérna gaoth nó cuileóg poll ann, ar ball tairringidh téd beag as a mheadhón féin agus gabhuidh anunn agus anall reisan ttéd sin go ndúnann an poll, agus, iarna dhúnadh sin dó, imdhidh go (prap) d'ionnsoighidh puill eile agus do-ní an ní cédna ris. "Mar so do-ghénsa", ar Dáuidh. "Féchfad mo bhliadhna mar do-ní an damhán ealluidh réna líon agus dúnfad gach poll dá bfhoil uirre." Ní fhuil ad bheathaidh, a dhuine bhoichd, achd líon damháin ealluidh, mar adeir Isa. A bhfuil do shaothar ort fá neithibh saoghalta do chruinnioghadh, ní bhfuil ann achd bheith ag gabháil chuileóg; neithe beaga gan éiffeachd iad uile agus tóigeóbha srán beag nó séideóg gaoithe uait iad tar éis do chroidhe do bhriseadh agus do nádúire do chaitheamh dá soláthar, mur thógbhas líon an damháin ealluidh tar éis ar ghabh sé do shaothar dá dhénamh dá shub
agus dá nádúir féin. Ó tá tú cosmhuil leis an mbeathadhach mbeag sa ag cruinnioghadh na neitheadh mbeag sa gan fheidhm gan tarbha, bí cosmhuil leis mar an ccédna ag córúghadh do bheatha. Tabhair, ar an
ádhbhar so, cúairt ar th'ais ar do bheatha agus féch gá mhéd poll do-ríneadar na cuileóga beaga, .i. h'anntola, neithe gan suim 's gan éiffeachd, uirre, agus bí ag smuaineadh ar so agus 'gá sgrúdadh go gér maille ré seirbhi chroidhe, mar do-níodh an rí Esechias, agus ullmhócha tú thú féin leis an sioróipe si dochum purgóide uaisle na faoisidine, agus do-bhéra sláinte dhuit. Muna dhérna tú so, achd gluasachd gan ullmhúghadh gan sgrúdadh do dhénamh ort féin gusan sagart agus a thabhairt air bheith ag fiafruighi do pheacadh dhíot, ní mór mo dhóigh go leigheóstar thú, achd as eagal leam go bfhillfe tú maille ré peacadh nua do bheith ort agus gan aonpheacadh do chor dhíot. An dara sioróip as cóir do ghlacadh résan bpurgóid si na faoisidine an tuirsi agus an doilghios as cóir dhuit do bheith ort suil thiocfas tú dochum na faoisidne. Geintear an tuirsi ón sgrúdadh ghér do-níthear roimpe ar an ndroichbheatha do-chuaidh thort. Do ghlac an rí Esechias gach sioróip díobh an uair adubhairt, "Athsmuaineóchad dhuit, a Thighearna, bliadhna mo bheatha uile maille ré seirbhi ccroidhe." Do sgríobhamar ar an sioróip si san chédchuid don leabhrán sa. Léghthar an da chaibidil dhéighionacha don chuid sin. Don rún as cóir don pheacach do bheith aige gan na peacuidh do dhénamh arís suil rachas dochum na fao
sidine. "Créd dá bhfóghnann do lámha do nighi", ar an sgríoptúir, "tar éis corp marbh do ghlacadh, má fhilleann tú dá ghlacadh arís?" Mar an ccédna, créd dá bhfóghnann tuirsi agus faoisidin do dhénamh, má fhilleann tú arís dochum na bpeacadh ccédna? "Teagmhuidh don mhuinntir do-ní so", ar Peadar, "an ní adeir an phroibheirb, "Madradh 'na rioth dochum a sgeithi, muc nighthe dochum na lathuighe."" An uair theilgeas an
madradh ní gránna adhuathmhar, fillidh air arís dá ithi; an mhuc tar éis a cora dá nighi fá shnámh fillidh ar ball dochum na lathuighe ina bhfuair an salchar. Mar sin don aithrigheach lagrúnach ("neamhaithrigheach" ainm as dísle dhó). Ní luaithe dá nighi é ón láthuigh ina roibhi iná ag filleadh dochum an tsalchair chédna; comhluath é ag sgéith a bhréntuis san fhaoisidin agus ag filleadh mar mhadradh d'ithi na truaillidheacha cédna. Teagmhuidh so do mhórán do bhrígh nách caithid an treas sioróip as cóir do ghlacadh résan bhfaoisidin, .i. rún daingion láidir do ghlacadh gan filleadh dochum na bpeacadh arís. Do réir mar sgríobhuid na naomhaithre, as í as aithrighi fhírindeach ann, peacuidh na haimsire do-chuaidh thort do chaoineadh agus gan a ndénamh arís. Ní hé as mian leó a rádh nách bíonn foghnamh ar an aithrighi a ccás go bhfillfitheá dochum na bpeacadh arís, ór as deimhin, má tá aithrighi dá-ríribh aniodh agad, gur sgrios do pheacadha uile uait gé go ttuitfitheá amárach ionnta; achd adeirid go bhfuil d'fhiachuibh ort ní hé amháin na peacuidh do-rínis do chaoineadh achd rún daingean do ghlacadh gan a ndénamh arís. Tuigthear as so, an mhuinntear fhilleas ar ball dochum na bpeacadh, gurab cosmhuil nách roibhe (an rún) sa aca mar as cóir, ór, dá mbeth, do hanfuidhe 'na bhun ní <'s> sía iná sin. Ar an ádhbhar sa, a huchd Dé guidhim thú, a dhuine lérab mían thú féin do cheangal ré Dia trésan n-aithrighi, nárab lór leat fuath do bheith agad ar an ndroichbheathaidh do-chuaidh thort, achd cuir romhad go daingion gan filleadh chuice go bráth; agus as romhaith an tsioróip si dochum na faoisidne do ghlacadh, agus, muna rabha sí ann go follus ní as lúgha de, bíodh sí a bhfolach san aithrighi tréna neartmhaire agus trena láidiri. Agus as cosmhuil go bhfoigheóna sin gé nách saorfuinn duine 'gá bhfuil a aimsear ar a chumas agus go ccoimhnigheann ar so go follus gan a bheith d'fhiachuibh air rún spesiálta do bheith aigi a n-am na faoisidne gan fhilleadh dochum na bpeacadh
arís; agus, dar leat, as mar sin tuigthear comhairle Trionnta agus na doctúire ag labhairt ar an gcúis si. As é a résún so, nách foláir do dhuine bhías a ttréatúrachd a n-aghuidh a phrionnsa ag glacadh párdúin uadha a chor roimhe gan ní as mó do dhénamh 'na aghuidh. Agas, dá mbeth a fhios 'gan phrionnsa nách cuirfeadh an trétúir sin roimhe, as deimhin nách tiobhradh párdún dhó muna chuirfeadh leatrom d'fhiachuibh air é. As tréatúir a n-aghaidh Dé an peacach agus, dá bhrígh sin, ag dul dochum na faoisidne dó d'iarruidh párdúin air, muna fhaice Dia, Sgrúdaightheó
r na ccroidheadh, go bhfuil rún aige gan ní as mó do dhénamh 'na aghuidh, as cundtabhartach nách faghann párdún. Gidheadh, bíd daoine 'gá mbí tuirsi mhór orra fá a bpeacadhuibh nách smuaineann ar an rún sa, agus ní fhuil amharus go maithear a bpeacaidh dhóibh. Ní hé amháin, achd tuigid mórán doctúire
, gé gur maith a bheith ann, nách fhoil sé 'na riachdanus dochum maithmhe na bpeacadh d'fhagháil. Déntar díthchioll fá a bheith agad ag dul gusan sagart; gidheadh, ná cuireadh sgrupal ort gan a fhios do bheith agad an roibhi a leithéid so do rún agad san fhaoisidin do-rínis, achd leasuigh thú dochum na céduaire arís. As deimhin gurab mór an bhrígh atá 'gan rún sa a n-aghuidh na bpeacadh, agus cuidighthear leis maille ris na grásuibh do-beirthear amach leis an n-absolóid. Gonadh aire sin nách cóir faillidhe do dhénamh 'na thiomchioll, achd a dhénamh go m
nic résan fhaoisidin. Gurab cóir don aithrigheach a chor roimhe comhairle a oide faoisidne do ghlacadh agus umhla do thabhairt dhó. Atáid fós dá rún eile chuidigheas risan rún sa go mór. Rún díobh, a chor romhad comhairli agus teagasg h'oide faoisidine do ghlacadh, más duine é atá foghlamtha diadha, ór bídh an
t-othar, gé go n-éireóchadh as a thindeas, a ccundtabhairt aththuitme d'fhagháil; agus do-gheibh é do ghnáth, an tan nách leanann comhairle an leagha. Mar sin don aithrigheach nách cuireann roimhe teagusg an leagha spioradálta do choimhéd; ní fada go ttuiteann isna peacadhuibh cédna. Muna fhoil h'oide faoisidne foghlamtha diadha, iarr oide eile, agus, muna héidir a fhagháil (fá-raor, atá easbhuidh daoine bhfoghlamtha anois ar an ná
sion), cuir romhad comhairle duine mhaith nách bíadh 'na shagart do leanmhuin, agus búdh mór an múr sin dod chosnamh ar naimhdibh th'anma. An uair do-ní duine ní éigin maille comhairle, as mór an sólás chuirios air gé nách éireóchadh leis. Gidheadh, an uair nách éirghionn leis agus go bhfaic go ndérna é tar chomhairle, as ádhbhal an crádh croidhe chuirios air; agus bídh an tuirsi chédna air an tté nách iarrann comhairle agus daoine aige do-bhéradh dhó í; agus ní bhíonn achd meas óinmhide agus amadáin ar an tté ghlacus cúis mhór do láimh gan comhairle dhaoineadh ccríonda, go háiridhe má bheanann sí ris féin. Ór atá an chuid as foghlamtha dhínn ar bheagán eóluis 'nar ccúis féin. Do-chímid go maith lochda daoine eile; gidheadh, atá cúl ár súl rinn féin, agus, dá bhríogh sin, ní foláir súile comhuidheacha do bheith ag cuideaghadh rinn, go mórmhór a ccúis ar n-oighreachda némhdha. Dá bhrígh so, iarrum an tslighidh go tír neimhe, ór adeir Dia, an tslighe mheasas duine féin do bheith díreach, go bhfaghann í 'na slighidh bháis fá dheóidh. Ná creid dhuit féin, gé go mbeath indtleachd as eagna agad, a ccúis th'anma. Dorchaighidh an t-ainmhían an tuicsi ghríanach ghlan mar dhubhas néal an ga ghréine. Dobá mór indtleachd Phóil, ór do thogh Dia mar dhoctúir d'fhoillsioghadh a shoisgeóil do na cineadhachuibh é; gidheadh, do-chuaidh go Hierusalém do ghlacadh comhairle ó Pheadar, mar adeir féin agas na haithre naomhtha Ambro., Hiero., Chrys., ibid. Bá mór eólus Mhao
si, dhá ndérna Dia uachdarán d'ollamhnughadh chloinne Israel agus dá mhúineadh féin gach cruas ag labhairt ris bél ar bhél; gidheadh, do ghlac comhairle
ó Ietro dob ainbhfeasuighe go mór iná é féin. Dob óirrdhearc an doctúir a ndligheadh Dé Dáuidh; gidheadh, do chlaochloidh comhairli fá Nabál do mharbhadh 's do chreachadh ar impidhe agus tré chomhrádh mná aineóluighe, Abigayl. As cóir eisiompláir do ghlacadh ó na maighisdreachuibh móra sa agus comhairli d'iarruidh san uile chúis éiffeachduigh, go mórmhór a ccúis th'anma ar a bhfuil h'oidhreachd shíordhuidhe, agus, go spesiálta, má taoi féin ainbhfeasach innte. Meabhruidh go maith, ar an n-ádhbhar so, an léighionn úd do-bheir an Spiorad Naomh (uaidh), "A Mhic, ná déin éinní gan chomhairle agus ní bhía aithreachas ort tar éis a dhénta"; agus an léighionn úd eile do-bheir sé do Thóibias óg, .i. "Iarr an chomhairle ar an nduine ccríonna." Ná sir í ar an soidéalach san chúis ar a bhfuil do ghlóir nó do phian shíorrdhuidhe; bíodh an comhairleach críonda coinnsiasach. Agus ná hiarr ann achd soin. Narab misdi leat a bheith bochd deireóil gan dignid gan oiffig, ór adeir an Spiorad Naomh gur férr an bochd uiríseal eagnuidhe iná rí óirdhearc óinmhideach. Atá ádhbhar eile spesiálta ann fár cóir dhuit comhairli oide th'anma d'iarruidh agus do leanmhuin, do bhrígh gurab athair spioradálta dhuit é. Do órduigh Dia dhuit onóir agus umhla do thabhairt dot aithribh nádúrtha do bhrígh gurab uatha fuaruis a' nádúir atá agad. Dá réir so, as mó dhlighe umhlachd dot oide anma do ghein go spioradálta agus ós cionn na nádúire thú. Do gheall Dia luaidheachd go spesiálta don chloinn umhail dá n-aithribh, .i. saoghal fada abhus agus tall, agus as déimhin go ttuigthear sin do na haithribh corpordha agus spioradálta. Don taoibh eile bagraidh Dia piana spesiálta ar an ccloinn n-easumhuil dá n-aithribh; agus as í pían do órduigh do thabhairt dhóibh san seinreachd bás agus gabháil do chlochuibh orra. Olc do-chuaidh do Cham mac Naoi an easonóir thug dhá athair, ór as tré mhallachd an athar táinig sgrios do thaobh anma agus cuirp air féin agus uilc mhóra ar a hsliochd. Olc do-chuaidh do Rúben an easonóir tug do Iacob, ór, gé gur é an mac fá sine, do chaill
an oidhreachd, agus tugadh í don chloinn umhail dá n-athair, .i. do Ioseph agus do Iudas. Olc do-chuaidh d'Absolón do thaobh anma agus cuirp a easumhlachd do Dháuidh, agus, dá rádh d'énfhocal, do thaisbéin Dia a fhearg a n-aghuidh na n-uile mhac n-easumhal agus do bheannuigh an chlann úmhal dá n-aithribh. Ar an ádhbhar sa, más mian leat fearg Dé do sheachna agus a bheandachd do bheith agad, tabhair umhla d'aithribh agus d'oidibh th'anma, ór as dísli mar aithribh iad ináid aithre an chuirp. Do sheachna siocar na bpeacadh agus go háiridhe an drochomhluadair. An dara rún, a chur romhad go dúthrachdach siocra na bpeacadh do sheachna, ór ní fhuil ní as cundtabhartuidhe don bheathuidh spioradáltha iná siocra na bpeacadh do bheith dhá cóir, do bhríogh go bfhuil ar spiorad tré thuitim ar sinnsir a bparrthas rolag agus ar n-eascáirde roláidir; agus, dá ttugam ós a chionn sin leatrom na siocar oruinn, atámaoid ar fágbháil. "Gibé ghrádhuighios an pheiriocuil", ar Solamh, "caillfithear innte é" agus "gibé bheanfas leis an bpice leanfaidh sí dá éudach agus biaidh salach." Seachuin, dá bhríogh so, a dhuine lérab mian fuireach ag Dia 's gan an diabhal do leanmhuin, siocra na bpeacadh. Atá a fhios agad féin créud iad na siocra chuirios cathúghadh ort ní as férr iná as éidir leamsa a gcor síos dhuit. Ná tabhuir mímheas ar pheiriocluibh beaga, ór adeir an sgrioptúir, gibé chuireas neamhshuim ionnta so, go mbí ag tuitim a ndiaigh a chéili. Glac mar riaghuil chugad san cháil se an comhairle do-bheir an Spiorad Naomh dhuit, .i. teith ó aghuidh an pheacuidh amhuil do theithfithea ón nathair nimhe. Dobúdh fada labhuirt fó leath ar shiocraibh gach aoinpheacuidh (léigim sin toram), achd adér beagán ar shiocair
ccomhchoitcheinn na n-uile pheacadh, .i. an drochchomhluadar, gurab cóir dhá gach fíréun a seachna. "Triall ón drochdhuine", ar an tEagnuidhe, "agus triallfaid na huilc uaitsi." Agus adubhairt Seneca an págánach nách mó an sochar do-ní aieór maith nádúrtha a thíre féin don othar atá lag anbhfann iná an sochar do-ní don té nách fuil fós láidir isna subháilcibh agus nách dérna frémha daingne ionnta a bheith a measg dhaoine labhras agus thráchdas ar shubháilcibh; agus dá dhearbhadh so do-bheir leis mar shompla ciondus chaillid na beathadhuidh fhiadhánta dá ndéntar peatadha a bhfiadhántus atá ó nádúir ionnta agus do-níthear suaimhneach mín iad maille ré comhluadar na ndaoine. Adeir an sgrioptúir ós a chionn so, na beathadhuigh óga égcéillidh, nách dénuid an ní as dual dóibh ó nádúir gan a fhaicsin ar tús dá dhénamh rompa. "Do-bheir an léomhan", ar an fáidh, "a choilén leis agus do-ní seilg 'na fhiaghnuisi iondus go múineadh dhó an ní cédna do dhénamh. Marbhuidh duine 'na fhiaghnuisi iondus go ndiongnadhsan an ní cédna. Adeir arís an sgrioptúir go ndén na héoin díthchioll ag múnadh eitéoigi dhá gcloinn. Gabhuid 'na ttimchioll agus ós a gcionn dá mbrosdúghadh dochum eiteóige, agus do-chímid go ttuitionn cuid díobh go talamh do dhíth bríghi nó do bhríogh nar chuireadar a léighean
a meabhair mar as cóir; agus beirid na buachuille beaga go minic orro. Cuiridh ughdar áiridhe a shuim so a mbeagán mbriathar bhfírindeach ag rádh go bhfuilmíd comhchosmhuil risan ndroing do-chímid agus do-chluinmíd gach laoi. Más maith diadha an comhluadar, beamaoid maith diadha; más peacthach barbardha iad, glacfam an fhoghluim chédna chuguinn uatha. As é a résún so, do bhrígh gurab iad na súile agus na cluasa fuinneóga tré labhraid ar n-anmanna ré chéile agus tré ccuirid a tteachdaireachd dochum a chéili. Agus, más cáilidheachd mhaith shubháilceach bhíos isna hanmannaibh atá ad chomhluadar, ní thiocfa chugad achd deaghlabhairt agas deightheachdaireachd uatha; má táid barbardha neamhshubháilceach, ní thiubhraid dhuitsi achd an ní atá aca féin.
As iomdha sompla san sgriobtúir do dhearbhadh an neith adeirim ar gach taobh, agus ar tús do thaoibh an deaghchomhluadair as iomdha maith thig as. Adubhairt Dia nách sgriosfadh an ccaithir mhalluighthe Sodoma dá bhfaghadh deichneamhar fírén innti. Do méduigheadh maithios agus maoin Labáin trésan chomhluadar mhaith do bhí aigi, .i. Iacób. Do thuit rath ó Dhia ar an nÉigipt tré chomhluadar Ioseph. Dob olc Saul agus a mhuinntir; gidheadh, a measg na bhfáidheadh do-ríneadar mar na fáidhe féin. Tug Dia párdún do dhraoidhibh na Baibioloine tré chomhluadar an fháidh Daniel. Más mían leat maith d'fhagháil ó Dhia agus rath do bheith ort, do shaoradh ar olcuibh, agus foghluim do dhénamh a subháilcibh, iarr an comhluadar maith agus ná tréig é. Ní lia maith tig as an ndeaghchomhluadar iná olc anma agus cuirp tig as an ndrochchomhluadar. As iomdha scrioptúir dá rádh so. Gé gurab iomdha tiodhlaice tug Dia d'Ábrahám, do mhaoidh go spesiálta air gur thairreing é as tír na cCaldeos, .i. daoine malluighthe do bhí gan chreideamh, dá chor a ccéill gurab é tiodhlacadh as mó tug dhó a sgaradh risan ndrochchomhluadar. Do thuig an pátriarcha naomh Iacob an léighionn sa, ór nír áil leis fuireach a ccomhluadar a dhroichdhearbhráthar Esau, gé gur thaisbéin grádh mór dhó dá iarruidh soin air. An uair do bhádar clann Israel ag dul go tír Canáan, do órduigh Dia dhóibh muinntior an talaimh sin uile do sgrios d'eagla a n-olc d'fhoghluim uatha. Ní dhérnadar sin agus as olc do-chuaidh dhóibh, ór do dhiúltadar dá nDia féin agus do-ríneadar adhradh do dhéeibh bréigi na muinntire sin. Do cuireadh an rí beannuighthe Iosaphat a ccuntabhart a mharbhtha agus fuair spreagadh mór tré chomhluadar do thabhairt do dhroichrígh Israel, Achab. Dobá láidir Peadar a measg an deaghchomhluadair, .i. na habstail, an tan adubhairt gurab luaithe do fhuileóngadh bás iná do shénfadh a Thighearna; gidheadh, a measg an chomhluadair mhalluighthe a ttigh an árdshagairt tug mionna bréigi dá shénadh. Iar mbeith do Thomás a n-égmuis na n-abstal ní fhaca sé Críosd; an uair táinig chuca do-chonnairc é. Níor
thaisbéin Dia é féin d'Ábramham nó gur fháguibh sé tír na cCaldéos, comhluadar na bpeacach. Tuigthear as a ndubhramar an ghráin atá ag Dia ar an ndrochchomhluadar, an díoghbháil do-ní do thaoibh cuirp agus anma, agus gurab ro-annamh deaghdhuine nó fírén a measg peacach. Ar an n-ádhbhar so, a Chríosduidhe, guidhim thú ag teachd dochum na haithrighi dhuit, cuir romhad go daingean láidir an drochchomhluadar do sheachna nó atá tú a lánchuntabhairt, ní hé amháin achd leithdeimhin, go ttuitfe isna peacadhuibh cédna. Cía hé an duine 'gá mbíadh cion ar a bheathaidh aigi do rachadh gan ádhbhar mór uaidh air gusan áit a mbiadh pláigh nó a measg na ndaoine ar a mbiadh sí? Ní gabháltuighe an phláigh do thaobh na ccorp iná an peacadh do thaoibh na n-anmann. Ciondus atá grádh agad ar h'anam agus tú ag dul leis a measg lochda pláighi spioradálta, .i. a measg na bpeacach? An saoilionn tú nách géabha pláigh ó dhuine éigin dod chomhluadar thú? Atá tú meallta más mar sin shaoilios tú. Ní cosmhuil go bhfuil grádh Dé ná h'anma agad an tan nách foil coimhéd as férr iná so agad fá gan t'anam do chailleamhuin agus gan Dia do mhaslughadh. Achd éisd ré Pól agus tuigfe tú nách é so meas do bhí aigi ar an ndrochchomhluadar. "Fógruim dhíobh, a bhráithre," ar sé, "sibh féin do sgaradh reisan uile bhráthair shiubhlas go neamhórduighthe." As ionann sin agus a bheith ag siubhal isna peacadhuibh. Agus, arís, "Má tá bhar mbráthair 'na fhear drúisi nó sainnte, adeirim ribh gan an biadh féin do chaitheamh ar aonáit ris." Éisd fós ré comhairle an tsoisgéil, "Má tá do shúil deas dod tharreang dochum an pheacuidh, bean asad í agus teilg uait í." As é sin ré a rádh, má tá duine ar bioth dod thairreang dochum peacuidh, gé go mbeath comhfogus dhuit agus atá do shúil deas, sgar ré a chomhluadar. Agus do-bheir an soisgéal a résún so dhuit dá rádh gurab férr dhuit do shlánughadh maille ré haonsúil iná do dhamnughadh maille ré dhá shúil. As é sin ré a rádh, gurab férr dhuit th'anam do shlánoghadh gan an fear sin atá mar do shúil ndeis agad iná tú féin agus eision do dhul go hiffrionn a n-aoinfheachd.
Mo thruaighi a loighead ghlacus an léighion
sa chuca dar ná
sion. Do-ní an drochchomhluadar olc mór san uile áit; gidheadh, ní fhoil áit is mó ina ndéin cosgar agus ár ar na hanmanuibh iná an tír dá bhfuilmídni. As é a résún so, gurab é as onóir do dhuine uasal agas do thighearna dár ttír tré mhealltórachd an diabhuil a theach do bheith lán do mhuinntir iffrinn: do chearrbhachuibh, do mhnáibh siubhail, do ghéocachuibh; agus, muna rabhad na pótaireadha ann do ghnáth, ní bhíadh san tigh sin achd cró meathaigh agus áit gan onóir gan mhaitheas gan mhórdháil achd lán do chruas agus do ghortuighi. As é as clú ann teaglach tighi ifrinn do bheith ad thiomchioll, luchd leanamhna Luicifeir, .i. na dronga sa ar ar labhras, gan a sgaradh riot. Smuain ort féin, a pheacuigh (ar son fhola Críosd eadarghuidhim thú), agus meas nách éidir leat bheith at óglach dhíleas ag Dia a measg mhuinntire an diabhail. Meas fós nách tiubhradh do rí talmhuidhe párdún dhuit tar éis tréatúrachda do dhénamh 'na aghuidh achd ar chunnradh gan páirt ná cumann do bheith agad ré a naimhdibh achd amháin dochum a ttaireangtha fa shíth chuigi, agus, dá réir so, ag teachd dochum na faoisidne dhuit d'iarruidh párdúin ar Dhia maille ré rún bheith at óglach dhíleas aigi ó soin amach, cuir druim reisan ndrochchomhluadar agus cuir romhad go láidir gan pairt ná cumann do bheith agad ris na dronguibh si adubhramar agus gan do theagh do thabhairt dhóibh mar thuguis go ttrásta. Ór as tréatúire a n-aghuidh Dé gach daoine bhíos san pheacadh mharbhtha, mur bhíd an mhuinntir so do ghnáth, agus, dá bhrígh sin, ní bá séirbhíseach díleas do Dhia thú an fad bhías cumann ná pairt agad riú, achd amháin dochum a ttairengtha ón droichbheathaidh a bfhuilid. Agus, gíbé sagart do-bheir absolóid don té 'ga mbí gártha póite, imeartha, agus olc eile, ina thigh do ghnáth, agus ar a chumas sin do leasughadh dá ndiongnadh a dhíthchioll, as cundtabhairt leam go bhfuil féin a n
roicheasláinte agus nár fholáir dhó dhul d'iarruidh sagairt eili dá leighios.
Créud iad na peacaidh atá d'fhiachuibh ar dhuine do chur san fhaoisidne? Atáid dá ghné pheacuidh ann (ní labhram ar pheacadh na sinnsear), .i. peacadh marbhtha agus peacadh sologhtha. As uime goirthear peacadh marbhtha don chéudpheacadh do bhríogh go sgarann na grása risan anam agus go ttugann bás síordhuidhe a n-ifrionn dhó. Goirthear peacadh sologhtha don pheacadh eile do bhríogh nách sgarann na grása as beathadh don anam ris agus gurab urusa maitheamhnas agus loghadh d'fhagháil ann gion go gcuirfidhe a bhfaoisidin é, ór loghthar é ar mhórán do mhodhuibh eile gan fhao
sidin. Iar ndénamh an sgrúdaidh adubhramar roimhe agus iar ttairreang do pheacadh dochum do chuimhne dhuit do réir do dhíthchill, atá d'fhiachuibh ort a bhfuil díobh 'na bpeacadhuibh marbhtha do chor a bhfaoisidin. Gidheadh, ní fhoil d'fhiachuibh ort na peacuidh sologhtha do chor at fhaoisidin, do bhrígh nách sgaruid ré Dia thú agus go bhfoil mórán do mhodhuibh ar a maiththear iad gan faoisidin. Ní lór dhuit a rádh, "Do-ríneas dhá pheacadh, nó trí peacudha marbhtha", achd ní foláir gné agus nádúir na bpeacadh soin dho chor síos, ag rádh, "Do-ríneas peacadh drúisi, díomuis, nó sainnti", agus as mar so do thuig an eagluis ríamh an pongc sa. Ní lór dhuit fós a rádh go ndérna tú drúis nó díomas, achd atá d'fhiachuibh ort a chor síos gá mhéd uair tárla dhuit sin do dhénamh; agus an ní cédna do dhénamh san uile ghné eile peacuidh. Thugamar a résún so uile uainn túas: do bhrígh nách éidir don oide faoisidne breith sgaoilti nó cheangailti do thabhairt ar an bpeacach ná lóirghníomh cothrom do chor air gan fios d'fhagháil créd é nádúir na bpeacadh do-ríne agus gá mhéd uair do-ríne iad.
Ná meas go bhfhoil d'fhiachuibh ort a ndérna tú do pheacadhuibh do chor san fhaoisidin gé nách coimhneóchtha orra. Ní chuireann Dia aithne oruinn achd aithne as éidir linn do choimhlíonadh. Dá bhrígh so, as é an ní atá d'fhiachuibh ort, mar adeirid aithre chomhairle Thriont, an mhéid ar a ccoimhneócha tú dod pheacadhuibh marbhtha tar éis sgrúduidh díthchiollaigh do dhénamh ort féin do chor san fhaoisidin. Gonadh aire sin, muna choimhnightheá achd ar thrí peacadhuibh, as lór iad sin do chor a bhfaoisidin gé go ndérnais fiche peacadh, achd amháin nách rabhais mainneachdnach ag sgrúdadh do choinnsiasa agus ag tairreang do pheacadh dochum coimhne; agus ní mainneachdnuighe gan na peacuidh do sgríobhadh an uair do-níthear iad, fá choinne na faoisidine, ór dobadh éidir an sgríbhinn sin do dhul amudha agas daoine eile dá fagháil. An uair nách coimhneócha tú ar nuimhir chinnte do pheacadh, cuir síos an tuairim as goire mheasas tú bheanas risan nuimhir ccinnte. An bhfuil cáis ann inar éidir absalóid do thabhairt don aithrigheach gan a bhfuil ar cuimhne aige dá pheacadhuibh d'éistteachd uadha ar tús? Ní héidir sacrámuint na háithrighe do dhénamh ar énchor gan peacadh éigin do chur san fhaoisidin, do bhríogh nách foil san absolóid achd breath iarrus fios éigin na cúisi d'fhagháil fá phéin gan bail do bheith uirre. Gidheadh, as iomdha cás nách foil do riachdanus na peacudha marbhtha féin uile do chor a bhfaoisidin, do bhrígh a lán d'uairibh nách fhoil ar cumas don aithrigheach a bhfoil ar coimhne aigi do rádh nó don oide faoisidne a n-éisdeachd. As é a résún so, mar adubhramar, nách cuireann Dia aithne oruinn achd do réir ar ccomhachd, agus, dá bhrígh sin, an aithne do chuir oruinn ar bpeacudha uile do chor a bfhaoisidin, as amhluidh tuigthear í go cceanglann inn
an uair as éidir linn a coimhlíonadh gan díoghbháil romhór anma nó cuirp do theachd dhúinn féin nó dár ccomharsain tré bheith ag iarruidh a coimhlíonadh; ór as ní nách fhoil ar ar ccomas, mar adeirid na diadhaire go coitcheann, an ní nách éidir linn do dhénamh gan díoghbháil mhór anma ná cuirp do theachd as. An cédchás inn nách iarrthar faoisidin na bpeacadh uile go hiomlán, an tan thuitios duine go prab a n-aicíd thindis iondus nách éidir leis an chuid eile dá pheacadhuibh do chor síos agus go bhfuil a bpeiriocail, as lór an mhéid adubhairt sé dá pheacadhuibh roimhe sin do chor síos dochum na habsolóide do thabhairt dhó; ní hé amháin, achd as lór an uair sin an duine tinn do thabhairt chomharrtha doilghis uadha a ccás go sgarfadh a chédfadha ris, gé nách tuigfeadh an sagart aoinpheacadh spesiálta uadha leis an ccomhartha achd amháin go bhfoil tuirsi air agus gur mhían leis absolóid d'fhagháil. An dara cás, an tan do thuitfeadh tindeas mór ar an n-oide faoisidne nach léigfeadh dhó fuireach réna pheacadhuibh uile d'éisdeachd, as lór dochum na sacrámuinnti an mhéid do cuireadh síos résan ttindeas do theachd air. An treas cás, an uair bhíos an t-aithrigheach balbh nó nách tuigfeadh teangaidh an tsagairt agus go mbeth d'fhiachuibh air faoisidin do dhénamh 's gan sagart eile ar fagháil aigi, as lór cuid dá pheacadhuibh do thuigsin uaidh. An ceathramhadh cás, dá mbuaileadh anfa obann, ionnsoighidh námhad, tuitim tighi, tine, nó a leithéid so eile do chúis, ar dhaoinibh agus nách bíadh neart ag an sagart a n-éisdeachd uile a ndiaidh a chéile agus nách bíadh dul as aca, as éidir leis an sagart mórán d'éisdeachd a n-aoinfheachd agus absolóid do thabhairt dóibh gan a bpeacudha uile d'éisdeachd uatha. Do mholfuinn fós ina leithéid sin do chás gan fuireach lé haonduine amháin
do rádh a pheacadh uile agus mórán eile ag iarruidh faoisidine achd aoinpheacadh amháin d'éisdeachd ó gach aon agus absolóid do thabhairt dhó, agus cách eile d'éisdeachd mar sin, agus a chor d'fhiachuibh orra a bhfaoisidin do dhénamh arís dá ttugadh Dia as an ngábhadh íad. Atá mórán do chásuibh eile ann inar dlisdeinneach an fhaoisidin gan na peacadha uile d'innisin, achd ní bheanann dúinn tráchdadh orra ann so. Don mhuinntir cheilios tré náire cuid dá bpeacadhuibh san fhaoisidin. Cé go ndúbhramar go bhfuilid cáis áiridhe eili inar éidir absolóid do thabhairt amach gan na peacuidh uili d'éistteachd, ní díobh sin cáis náire an aithrighigh, achd as deimhin, gibé do léigfeadh dhe aoinpheacadh marbhtha dá ghráineamhla d'innisin tré náire, nách biadh do tharbha na faoisidin aige achd peacadh marbhtha nua do chur a gceand na bpeacadh do bhí air ré tteachd dochum na faoisidine dhó, do réir theaguisg na naomhaithreach agus chomhairleadh na heagluisi. Agus adeir Solamh, gibé cheilios a pheacuidh ar Dhia, nách gluaisionn ar dheighshlighidh, agus gibé admhas iad go bfhuighe trócaire. "Aidéomhad dhuit, a Thighearna," adeireadh Dáiuidh, "mh'égcóir am aghuidh féin, agas ar ball do mhaith tú mo choirthe." Olc do-chuaidh d'Ádhamh gan a pheacadh d'admháil ar ball; olc do-chuaidh an ní cédna dá dhrochmhac Cáin, ór dá n-admhadh a pheacadh an tan do fhiafruigh Dia dhe é agus párdún d'iarruigh, do-ghéabhadh é gan amharus. As iomdha anam dá losgadh a n-iffrionn fá gan admháil na bpeacadh do dhénamh go hiomlán, ag ceilt choda dhíobh tré náire. Bíd triúr comhairleach do mhuintir Lusifear do
ghnáth ag toirmeasg an anma gan na peacudha do chor san fhaoisidin, .i. ainmhían na colna, saint an tsaoghail, agus anuabhar. Adeir an cédchomhairleach riot gan a innisin don oide faoisidne cía 'gá bhfoil do ghrádh nó do shuirghi d'eagla go ccuirfeadh d'fhiachuibh ort tógbháil de sin. Adeir an dara comhairleach riot gan an ghoid do chor san fhaoisidin (goid gach ní do-gheibhthear go holc) d'eagla go ccuirfidhe d'fhiachuibh ort aisioc agus lóirghníomh do dhénamh. As mó ináid so an t-olc do-ní an treas comhairleach dhuit, .i. an t-anuabhar, ór ní leigionn dhuit na peacudha as gráineamhla agad d'innisin tré náire do bhrígh nách foil ní ar bioth as doilghi leis an uabhar iná a thruaillidheachd féin do theasbénadh; gidheadh, léigidh dochum na faoisidne thú d'innisin na coda eile dod pheacadhuibh agus, mar sin, do-ní tú peacadh nua trésan masla do-bheire don tsacrámuinnt; agas ní dhingeantá peacadh ar bith ag fuireach uaidh ar impidhe an dá chédchomhairleach nó go ttigeadh an aimsir áiridhe a mbí d'fhiachuibh ar gach peacach faoisidin do dhénamh. Ar an ttriúr ndrochchomhairleach sa tig Eóin Soisgéaluidh ag rádh, a bhfuil d'ulc ar an saoghal, go silid ó thriúr, .i. ó anmhian na colla, ó antshaint na súl, agus ó dhíomas na beathadh. Ó dhíomas dhiabhluidhe thig nách áil leis an bpéist mboichd ttalmhuidhe rún do bheith ag fear ionaid Dé air go ndérna ní gráineamhail ríamh. Léighmíd a mbeathaidh Bhernaird naoimh go dtárla é lá áiridhe do dhuine ina roibhe droichspiorad. Do chuir air a n-ainm Dé a innisin gá mhéd deamhan do bhí ann. Do fhreagair dhó go rabhadar triúr deamhan ann. Do fhiafruidh an naomh a n-anmanna, agus do fhreagair an t-óglach dhó gurab é dob ainm don chéddheamhan Dúnadh an Sparáin, do bhrígh go mbíodh ag brosdughadh daoine dochum coda a ccomharsan do ghlacadh agus tar éis a glactha go mbíodh ag síorchor ina n-inntinn gan aisioc ná lóirghníomh do dhénamh innti. Adubhairt gurab é ainm an dara deamhuin Dúnadh an Chroidhe, do bhrígh go mbíodh ag síorchor dhrochsmuaineadh a ccroidhibh na ndaoine 'gá ttaireang dochum a bpeacadh agus ag drud a ccroidheadh 'na dhiaigh sin d'eagla go ndiongnadaois aithrighi; agus gurab é ainm an treas deamhain Dúnadh Béil, do bhrígh go mbíodh ag síorchor
chathuighthe ar na peacachuibh fá gan a mbeól do osgladh dochum na faoisidine, nó, a ccás go ndiongnadaois an fhaoisidin, fá chuid dá bpeacadhuibh do cheilt tré náire. As iomdha olc do-níd an dá chéddheamhan; gidheadh, as lía olc do-ní an tres deamhan - trésan résún adubhramar, do bhrígh gurab mó an peacadh iarruidh do thabha
rt don fhaoisidin do dhénamh go holc, agus gan ainbhfios dot shaoradh, iná fuireach uaithe, agus gurab truime an peacadh masla agus aindligheadh do thabhairt don tshacramuinnt iná don chomharsain. As dearbh ar so a liachd duini mheallas an diabhal ar an slighidh si agus nách foigheadh sé slighidh chuca ar ghlés eile. As fiaghnuisi ar so mé féin agus gach duine eile do bhí 'na oide faoisidne, ór as iomdha anam fuaramar ceangoilte ag an diabhal san líon sa. Ar na mnáibh as mó leagas sé an láimh risan ccathughadh sa, do bhrígh go bhfuilid ó nádúir náireach, agas go spesiálta fá pheacadh na colla. Iondus go ttugdaois aire dhóibh féin san pheiríocuil si agus go ngabhdaois múnadh chuca ag faicsin ciondus do éirigh do dhaoinibh eile do cheil tré náire cuid dá bpeacadhuibh, cuirfead sompladha ann so ó ughdaraibh maithi bheanas risan n-ádhbhar sa. Léighmíd go roibhi duine áiridhi roshaidhbhir ann agus, fós, go raibhi 'na fhírénach, agus, gé go roibhi bean aigi, ní fhuair clann ar bioth aisti. Do chuireadair araon a nguidhe go dúthrachdach dochum Dé fá ghein cloin
e d'fhagháil ar eachd a thoirbheirt d'órd crábhaidh ina mbíadh ag moladh Dé feadh a bheathadh. Fuaradar ó Dhia mac, agus d'oiliodar é go haois n-iomchubhaidh, agus tugadar ann sin é do réir a ngealluidh d'órd chrábhaidh; agas 'na dhiaigh sin thugadar iad féin go hiomlán do sheirbhís Dé ag tabhairt a maoine uile do bhochduibh agus ag dénamh troisg
e agus urnuighthe do ghnáth. Fuair an fear bás agus tárla don mhnaoi tré ainmhian na colla go ttug grádh d'óglach dá muinntir féin agus gur chionntuigh ris agus gu rug mac dhó, agus comhluath agus rug é do mharbh é agus do adhlaic é fána leabuidh. Do rug fós an dara leanabh agus do-ríne an ní cédna ris. Do smuain sí uire féin fá dheóidh nách roibhi fána coinne achd damnughadh síorrdhuidhe trésan ulc sin muna múchadh é ré deaghoibrighthibh,
agus, dá bhrígh sin, do thionnsgain arís beatha bheannuighthe dhiadha, agus do bhí ní as cráibhthighi go mór iná roimhe sin; gidheadh, tug náire uirre gan an peacadh gránna sin do chor a bhfaoisidin gé go ccuireadh síos gach peacadh eile dá ndérna maille ré tuirsi agus ré déraibh. Fuair bás, agas do damnuigheadh go hiffrionn í. Iarr ccloistin a báis dá mac do bhí a n-órd chrábhuidh, do ghéruidh ar a ghuidhe agus do-ríne díthchioll spesiálta troisgthi agus deaghoibrightheadh eile ar anam a mháthar. Táinic an mháthair bhochd dá taisbénadh féin don mhac agus dá dhrágún nimhe as a cíghibh, ag gul agus ag dortadh dér, agus adubhairt, "As díomhaoin dhuit, a mhic, bheith ag guidhe orumsa, ór atáim damanta go síordhuidhe do bhrígh gur cheilios an peacadh gráineamhuil do-ríneas tré náire gan a chor san fhaoisidin, gé go ccuirinn an chuid eile dom pheacadhuibh síos maille ré déruibh agus ré rún gan a ndénamh arís." Agus, iar rádh na mbriathar sa dhi, do imthigh go háras na bpían ina mbia 'gá píanadh an feadh bhías Dia a nglóir. Léighmíd fós sompla eile as uathbhásuighi iná so bheanas risan n-ádhbhar so. Do bhádar días bráthar ag gabháil sligheadh áiridhe; do bhí fear aca 'na phenitensiarius 'gan bpápa, as é sin ré a rádh, 'na dhuine 'gá roibhi comhachd spesiálta ón phápa absolóid do thabhairt isna huile pheacadhuibh, agus an fear eile 'na dhuine shimplidhe naomhtha. Tángadar go caislén áiridhe ina roibhi bean uasal do bhí aoinbhliadhuin dég a bpeacadh adhaltrannuis ré fear cuil gan
chor a bfhaoisidin tré náire. Mar do-chonnairc sí na bráithre ag nách roibhi aithne uirre, do mheas aice féin gomadh maith an chomhairle dhi a peacadh do chor a bhfaoisidin agus nách mór an náire do bhíadh dhi ann do bhrígh nách roibhi a fhios aca cía hí agus nách cosmhuil go bhfaicfeadh go bráth iad ó sin amach. Do labhair sí risan mbráthair agá raibhi comhachd absolóid do thabhairt uaidh agus do thionnsgain a faoisidin do dhénamh, agus, tar éis a peacadh do chor síos fó leith go ráinig an peacadh gránda, tug náire uirre an peacadh sin do cheilt amhuil dobudh gnáth lé. Do bhí compánach naomhtha an oide faoisidne ag féchuin ar an
mnaoi agus do-chonnairc ré gach peacadh dá n-inniseadh go ttigeadh tód (beathadhach gránda nimhe) amach as a beól; gidheadh, gur fhilleadar uile asteach arís maille ré tód mhór uathbhásach nách táinig amach go hiomlán, an uair fuair absolóid. Iar ndol as an mbaili sin dóibh, do indis an bráthair simplidhe dá chompánach an ní do-chonnairc. "Trúagh sin", ar an t-oide. "As déimhin gur cheil sí peacadh éigin tré náire agus mar sin nár maitheadh aoinpheacadh dá ndérna dhi. Filleam dá guidhe fán fhaoisidin do dhénamh go hiomlán." Do fhilleadar; gidheadh, fuaradar an bhean uasal marbh. Do chaoineadar go gér a bás agus do thionsganadar trosgadh agus do bhádar ag guidhe Dé go dúthrachdach fá a thaisbénadh dhóibh ciondus do éirigh don mhnaoi sin. Do taisbénadh an treas lá an bhean sin ag marcuidheachd ar dragún thinntidhe, dá nathair nimhe uathbhásacha timchioll a brághad agus ag diúl a cíoch, dhá thód ag ithi a dá súl, lasair adhuathmhar roimpe as a beól agus as a sróin, dá shaighid thineadh tréna cluasuibh, dá mhadradh allta ag crinn a dá lámh, agus iomad d'ilphiasdaibh nimhe fa a ceann. Táinig criothnughadh eagla orra ré huathbhás na faigsiona do-chonncadar. "Ná bíodh eagla oruibh, a mhuintir Dé", ar isi. "Misi an bhean bhochd mhalluighthi do-ríne faoisidin ribh trí lá uadha, agus, do bhrígh gur cheil mé énpheacadh gráineamhuil tré náire, tugadh breith dhamanta oram, agus bíad isna píantoibh si do-chí sibh an feadh bhías Dia ag caitheamh na glóire." "Cuirim féin d'fhiachuibh ort, a n-ainm mo Thighearna," ar an t-oide faoisidne, "dá ní d'innisin dhamh. An cédní díobh, créd as ciall do na píantuibh éxamhla sin atá ar do bhalluibh?" "Atáid", ar si, "na hilphiasta nimhe si ar mo cheann a ndíol gach deisi agus gach bréghdhachda bhréigi dár chuirios air. Atáid an dá thód so ag ithi mo shúl a n-éiric na n-amharc cclaon mailíseach. Atáid na saighde tineadh so trém chluasuibh a n-éiric an chiúil cheóllaidhe do-chluininn, na mbriathar neamhghlan adeirinn, agus an ithiomráidh do éisdinn. Atáid an dá nathair nimhe si ar mo chíochuibh a n-éiric an ghlacaidh thruaillidhe do léiginn do dhénamh orra. Atá an dearglasair ghránna so as mo bhéal fám bhréguibh agus fám bhriathruibh barbardha. Atáid na madaidh si ag creinn mo lámh fám ghlacaireachd truaillidhe ar dhaoinibh eile, do bhrígh nár shíneas
mo lámha do na bochduibh, achd, an ní bá cóir dhamh do thabha
rt dhóibh, go ttugas é dom fhearuibh suirghi. Bíad ar an ndragún tteinntidhe si go síorruidhe atá ag losgadh mo chos agus ball n-inmheadhónach mo chuirp uile lér chuirios a ngníomh mo thruaillidheachd." "An dara ní fhiafraighim dhíot", ar an t-oide faoisidne. "Cia híad na peacuidh as mó dhamnuigheas cách san aimsir si?" "Atáid daoine", ar sí, "ar an uile shlighidh peacuidh ag dul go hiffrionn; gidheadh, atáid ceithre shlighthe phrinnsiopálta a ngabhuid na mná ag dul ann, .i. an drúis, órnáilteachd nó bréghdhachd culuidheach, piseóga agus, an t-olc as mó fá dheireadh, náire a bpeacuidh do chor a bfhaoisidin." Tárla an sompla sa san tír si féin a nGeilderland. Do bhí maighdean áiridhe ann tug grádh neamhghlan d'ógánach gé nár chuir an t-olc a ngníomh d'easbhuidh glésa. Do-chuaidh a mainisdir ban riaghalta agus do bhí lán do chrábhadh, 'na sgáthán naomhthachda ag an ccoimhthionól uile do réir a mbaramhla féin, achd fuair bás gan an peacadh sin do chor a bhfaoisidin tré náire. Do bhí an bhanab a ndiaigh mhaitín san choraidh ag dénamh urnuidhe chuice fá chongnamh a guidhe d'fhagháil uaithi, ór ní roibhi amharus aice go roibhi a nglóir tré naomhthachd a beathadh. Táinic an mhaighdean chuice idir dá dhiabhal chíordhubh agus do innis di go raibhi damanta go síordhuidhe trésan bpeacadh sin do cheilt san fhaoisidin. As iomdha sompla eile sgríobhuid deaghúdair ar an n-iomad damantar fá gan an fhaoisidin do dhénamh go hiomlán, achd as lór íad so dod ghluasachd, a pheacuigh, má bheir tú aire dá-ríribh dóibh, fá gan éinpheacadh dh'fhágbháil amuigh tré náire. As aithne dhamh gurab mór mheallus an diabhal dár ndúithigh féin ar an slighidh si, agus as uime sin do chuireas na sompladha sa ann so do chor criothnuighthe orra. Iarruim a n-onóir Íosa Críosd orra féchuin orra féin agus a chreideamhuin go ndaiméontar íad mar do damnuigheadh an mhuinntir si ar ar labhramar isna sompladhuibh si dá bhfhágbhaid aoinpheacadh gan chor san fhaoisidin tré náire. Gluaistear íad ar an n-ádhbhar so dochum a bpeacadh marbhtha uile d'innisin an uair bhías
ar a ccumas, agus smuainid nách do dhuine innisid íad achd do Dhia agus nách bfhuil neart ag an athair faoisidne labhairt go bráth ar aoinpheacadh dá ccuala a bhfaoisidin, agus, dá labhradh, go bhfuil píanta troma saoghalta air maille ré damnughadh a anma, agus nách ttiubhradh Catoilci ar bith creideamh dhó, as go mbíadh gráin a chroidhe ag gach deaghdhuine air. Do bhrígh go ccuireann an diabhal cathughadh ar mhórán san phongc sa agus go spesiálta ar na mnáibh an uair thuitid a bpeacadhuibh truaillidhe, do mholfuinn dul d'ionnsoighidh oide faoisidne ar nách bíadh eólus na ndaoine náireach sa, ór as fios dhamh an uair smuaineas an peacach go mbía coimhne ag an sagart ar a thruaillidheachd agus go mbía ar amharc an tsagairt sin do ghnáth gurab teann an cathughadh chuirthear air fá chuid dá pheacadhuibh do cheilt. Do chuir daoine chugam féin go minic peacadh do cheiliodar ar a sagartuibh porráisti, do bhrígh go rabhas um dhuine énuaire agus nách roibhi súil aca mh'fhaicsin go bráth arís. d'eagla an chathuighthe si do órduigh comhairle Thriont coinfeasóir coimhitheach do thabhairt fá dhó nó trí huaire san mbliadhain do mhnáibh riaghalta féin seach an ccoinfeasóir ngnáthach; gidheadh, dobadh mó an luaighidheachd don pheacach an náire si d'fhulang ag innisin a pheacadh don choinfeasóir agá mbíadh eólas air iná dul leó d'ionnsoighidh dhuine choimhithigh. An bhfoil d'fhiachuibh ar an bpeacach aicíde na bpeacadh do chor san fhaoisidne? Atáid dá ní inar ng
íomharthuibh maithi agus saithi: an cédní, substaint, nádúir, agus gné an ghníomha féin, .i. bheith 'na ghrádh nó 'na fhuath, 'na dhéirc nó 'na ghoid; an dara ní, aicíde bhíos timchioll na substainti agus na nádúire si, .i. an déirc nó an ghoid do bheith mór nó beag. Bídh mar so ag gach créatúir eile nádúir agus subsdaint, nách éidir do sgaradh ris, agus
aicíd, bhíos chuigi agus uaidh. As é as subsdaint agas nádúir don duine bheith 'na ainmhidhe résúnta, agus ní héidir sin do sgaradh ris go bráth ná a thuigsin gan sin. Aicíde dhó bheith gearr nó fada, láidir nó lag, foghlamtha nó ainbhfiosach, do bhrígh gurab éidir iad so do bheith chuigi agus uadha. Mar an ccédna, as é as nádúir don ghoid cuid duine eile do ghlacadh dá neamhthoil; aicíde bhíos chuice agus uaithe, a beith mór nó beag, díoghbhálach nó neimhdhíoghbhálach don chomharsain. Adubhramar roimhe so go bhfuil d'fhiachuibh ar an n-aithrigheach aicíde, nádúir, agus nuimhir, na bpeacadh do chor san fhaoisidin. Anois, ní foláir a fhios d'fhagháil an bhfoil d'fhiachuibh air mar an ccédna aicíde na bpeacadh do chor síos. Iondus go ttuigtheá so, tabhair dot aire go bhfoilid trí gnée aicídeadh nó circunsdainteadh ánn. An chédghné díobh, na haicíde nách beanann ré hádhbhar, .i. nách laghduigheann agus nách méduigheann mailís an ghníomha. Ní hé amháin nách foil d'fhiachuibh ort iad so do chor a bfhaoisidine achd as férr go mór gan a ccor. 'S don ghné aicídeadh sa a rádh go rabhais ar meisgi san n-oidhche nó san ló, a dtigh Bhríain nó Mhurchaidh, gur bheanuis ré mnaoi Shaxanuidh nó Éirionnuidh. Ní laghduigheann agus ní mhéduigheann peacadh na meisgi a dénamh san n-oidhche seach a dénamh san ló, nó a dénamh a dtigh Bhríain seach a dénamh a dtigh Mhurchaidh, agus as ionann an peacadh luighi ré mnaoi nÉirionnuigh nó Shaxanaidh; ór ní holc bheith a dtigh Bhríain nó Mhurchaidh, agus ní holc oidhche ná lá, agus, dá bhrígh sin, ní mhéduigh olc. An mheisgi amháin atá 'na peacadh, agus an drúis, agus as lór iad soin do rádh agus gan teachd ar na haicídibh eili si ar énchor. Fá-raor, ní mar so do-níd mórán do luchd ainbhfis ar náision, achd innisid mórán do sgéaltuibh nach laghduigheann agus nach méduigheann an peacadh agus léigid tharrsa na haicíde mhéduigheas an t-olc gan a ccor a bhfaoisidin, mar adubhramar roimhe so. An dara gné aicídeadh laghduigheas mailís an pheacaidh, idhón, dá ndérnadh peacadh sologhtha don pheacadh marbhtha, dobádh cóir a chor san bhfaoisidin, .i. dá ndérnadh duine 'na leathcholladh nó ar leithmhisgi nó maille gluasachd obainn gan féchuin 'na thimchioll ní do bhíadh 'na pheacadh marbhtha
muna bheth an aicíd sin ann achd a dhénamh as comhairle, as cóir an aicíd sin do chor síos ag rádh gur go tobann tárla dhuit drochfhocal gránna do rádh réd chomharsoin nó gurab ar leithmhisgi do bhádhais an uair do bhuailis é, iondus nach roibhe do chiall go hiomlán agad gé nach rabhadhais gan cháil chéille; ór do shaor an uireasbhuidh céille sin thú ar pheacadh marbhtha, agus, dá ccuirtheá síos an peacadh gan an aicíd sin do chor lais, do chuirfitheá a ccéill don n-oide faoisidne gur peacadh marbhtha do-rínis agas gan ann achd peacadh sologhtha. Mar an ccédna, dá rabh dhá ghné mailísi a n-éinghníomh amháin agus go tteigéomhadh tré aicíd gné dhíobh sin do chur ar cúl, as cóir an aicíd sin d'innisin san fhaoisidin, .i. dá marbhtha sagart agus tú a n-ainbhfios 'nar shagurt é, as lór dhuit a rádh gur mharbhuis duine go héugcóir, nó, má thig tú ar a shagartachd, cuir a gcéill go rabhadhuis 'na hainbhfios an tan do-rínis an marbhadh; do bhrígh go bhfuil dhá mhailís éxamhail a marbhadh an tshagairt, mailís díobh a n-aghuidh chirt bhíos san uili dhúnmharbhadh, agus mailís eile a n-aghuidh na díghnide agus na honóra speisialtha dlighthear don tshagart, agus gur shaor th'ainbhfhios thú ar an dara mailís. As é a résún so, go meallfuithí an t-oide faoisidne a neithibh neimhéuttroma bheanas ré a oiffig dá cceilthí an aicíd si air, do bhrígh go ttuigfeadh mar pheacadh mharbhtha an ní atá 'na pheacadh sologhtha nó mar dhá pheacadh mharbhtha an ní nach fuil achd 'na aoinpheacadh, agus, mar sin, do cuirfidhe toirmiosg air breath sgaoilthe nó cheangailti nó lóirghníomha do thabhairt ar an n-aithrigheach do réir a pheacadh. Gidheadh, an tan laghduigheas an aicíd an peacadh marbhtha ann féin agus nách déin peacadh sologhtha dhé agus nach tógbhann mhailís eili n-éxamhuil uaidh achd amháin go ndéin an mhailís atá aige ina ghné agus 'na nádúir dhílis féin nísa lugha iná mar do bhiadh dá mbeath an aicíd sin 'na éghmuis, as férr gan a cor san fhaoisidin, mar adeir ar n-athair naomh
Bonauentura agus mórán eile, nó go háirighe ní fhoil d'fhiachaibh air neach an aicíd sin do chor síos, mar adeirid na diadhaireadha uile go comhchoitcheann. Dá bhrígh so, dá mbuailteá duine go trom agus gur fearg tug sin ort agus nách fuath ná námhadus don óglach, gé gurab lugha an peacadh sin do dhénamh tré fheirg iná tré fhuath gan gluasachd feirge, as fearr a rádh gur bhuailis duine go trom 's gan iomrádh do dhénamh ar an bhfeirg tug sin ort, ór beanuidh so nísa mhó réd lei
sgéul do ghabháil iná ré gearán do dhénamh ort mar as cóir don aithrigheach do dhénamh. Agus, gé go meallfuidhe ar mhodh éigin an coinfeassóir ann so, do bhrígh go smuainéochadh an peacadh do bheith nísa mhó iná mar atá dá-ríribh, ní mór an cás atá san mhealladh sin, ór ní thabharthar siocair dhó fá pheacadh eile coimhitheach do smuaineadh, agus, má tá dochar san bharamhuil as éidir dhó do bheith aigi go bhfuil an peacadh 'na ghné féin nísa thruime iná mar atá, ní chuireann sin buaidhreadh ar an mbreith as cóir dhó do bhreith, achd, má tá dochar ann, as don aithrigheach atá sé, do bhrígh gurab cosmhuil go bfhuighe peanós as truime iná do-gheabhadh dá n-inniseadh an aicíd do laghduidh an peacadh; agus as maith an gliocus dochum Dé sin d'fhulang. Maille ris so, ní mór an tsiocair meallaidh do-bheir don choinfeasóir, ór ní cosmhuil dhó an peacadh do thuigsin achd ar an modh ngnáthach, agus as measta dhó, dá mbeth aicíde ann do mhédóchadh olc an pheacaidh, go ccuirfeadh an t-aithrigheach síos iad, agus ní cóir an bharamhail as measa do thabhairt, achd idir dhá olc an t-olc as lugha do chreideamh ar an ccomharsoin an uair nách beth follus a chontrárdha. Dá réir so, ní hinmheasta dhó gur tré fhuath nó aingidheachd do-ríneadh an t-olc don chomharsoin achd tré fheirg n-obainn nó tré chathughadh eile, muna innise an t-aithrigheach a chont
árdha sin dó. An treas gné siorcunsttaindeadh nó aicídeadh; as é médughadh mailísi agus uilc na bpeacadh do-níd. Atá d'fhiachuibh ort iad so do chor a bhfaoisidin, .i. dá ngoidtheá míle pont, ní lór dhuit a rádh, "Ciontuighim mé féin do Dhia agus dhuitsi, a athair faoisidine, go ndérnas peacadh marbhtha gada", achd ní foláir an tshuim mhór sin do chor síos, do bhrígh gur peacadh
marbhtha coróin nó fós suim as lugha do ghoid. Mar an ccédna, ní lór dhuit a rádh go ndérnais creach, achd a chor síos más creach mhór í, ór ní hionann creach míle bó do dhénamh agus grágán beag do chreachadh. Mínéochamaoid so san chaibidil si chuguinn. Gá mhéud aicíd ann mhéduigheas an peacadh agus as ionchuirthe san fhaoisidin? Áirmhid na diadhaireadha go coitcheand seachd n-aicídi don tshórt sa, .i. an té do-ní an peacadh, méd an pheacuidh, an áit 'na ndéntar é, an comhluadar lé ndénthar é, an t-ádhbhar ghluaisios dochum a dhénta, an modh ar a ndéntar é, agus an aimsior. Méduighid cuid díobh so an t-olc ar dhá mhodh: do-níd ar uairibh dhá pheacadh éxamhla don ní nách biadh achd 'na aoinpheacadh ar ghlés eili, agus uair eili ní dhénuid achd an peacadh do mhédúghadh 'na nádúir féin gan peacadh coimhitheach do thabhairt chuigi. An uair do-níd dá pheacadh don aoinpheacadh 'gá tharrang go nádúir eile pheacoidh, as dearbh go bhfuil d'fhiachuibh an aicíd sin do chur san fhaoisidin, agus ní héidir a chontrárdha sin do rádh. Saoilmíd mar an ccédna gurab cóir an aicíd mhéduigheas an peacadh, gé nách diongnadh peacadh eile dhe, do chur síos, gé nach fuil so coimhdhearbh risan gcédchuid. Tuigfidhear so as na neithibh si romhainn. An chédaicíd, an té do-ní an peacadh, .i. créd í a cháilidheachd. Más duine thú tug móid geanmnuidheachda agus do thuit a bpeacadh na colla, ní lór dhuit a rádh gur chiontuighis ré mnaoi, achd ní foláir dhuit a innisin don choinfeasóir go raibhi
an mhóid sin ort. Ór gé nách biadh ar dhuine eile achd aoinpheacadh 'na leithéid sin do chúis, atáid dhá pheacadh ortsa, peacadh díobh comhchoitcheann don uili dhuine luigheas ré mnaoi neamhpósda agus peacadh eile speisiáltha a n-aghuidh na móide thuguis do Dhia. Agus, fós, más sagart thú nó duini riaghaltha 's gan fios 'gan choinfeassóir nách tuata thú, ní lór a rádh gur pheacuighis a n-aghuigh na móide geanmnuidheachda thuguis do Dhia, achd ní foláir a rádh gurab sagart nó duine riaghaltha thú. Ór, gé nách biadh ort achd peacadh d'aonnádúir agus d'aoinghné risan tté thug móid shimplidhe geanmnuidheachda, as truimi do pheacadh sa go mór, do bhríogh go ttuguis móid shollamanta geanmnuidheachda. Más duini thú ar a roibhi meas déghchoinnsiasa, pearsa eagluisi, nó ceann muinntiri, agus gur pheacuighis a bhfiaghnuisi daoine 'gá raibhi th'éolas 's gan éolas ag an choinfeasóir ort, ní foláir an cháilídheachd sa do chur síos dhó, do bhríogh gurab mó an sgannail tuguis uait iná do-bhéradh duini eile ag nách biadh aoncháil díobh so. An dara haicíd, méd an pheacuidh agus a cháilidheachd. Ní lór a rádh go ndérnuis goid, achd ní foláir an tsuim do chor síos má tá sí mór. Ní fuláir fós cáil na gada do rádh ar an uile chor má thairrngionn sí an gníomh dochum gnée eile peacuidh, .i. dá ngoidthea ní coisriogtha, ní lór a rádh gur ghoidis an tsuim áiridhe si, achd ní foláir a chor síos (gur ní) coisriogtha do ghoidis, .i. cailís, etc. Ór atá dá pheacadh san ghoid sin, .i. an ghoid féin a n-aghuidh an chirt agus an t-aindligheadh do-beirthior don ní choisriogtha. Mar an ccédna, más duine thú do thuit a ndrúis, ní lór a rádh gur chiontuighis ré mnaoi, achd cuir síos má do bhí sí pósda, ór atá dá pheacadh
luighi ré mnaoi phósda dhuine eile: peacadh dhíobh an t-éigceart do-ní tú ag buain ré cuid duine eili agus peacadh eile an drúis féin do bhiadh ann gé nách bíadh an bhean pósda ar énchor. Agus, dá rabh tú féin pósda agus an bhean rér pheacuighis a n-éinfheachd, atá d'fhiachuibh ort an dá cháil sin do chor síos, do bhrígh leith
amuigh don drúis go bhfuil dá éigceart agus dá aindligheadh san pheacadh soin: aindligheadh díobh do thaoibh do mhná féin 'ga bhfoil ceart agus tighearnas ar do chorp agus aindligheadh eile d'fhior na mná eile 'ga bhfoil tighearnas cuirp a mhná féin bheanas tusa de go haindlightheach. Ar an modh ccédna, dá ccionntuighthea ré mnaoi thug móid óghdhachda nó gheanmnuidheachda nó ré mnaoi chuil, ní foláir sin do chor síos. Ór do-bheir gach cáil díobh so gné eili pheacuigh riu féin seach peacadh na drúisi. Ní hé amháin, dá ccionntuighthea ré mnaoi chuil san chéudghlún nó san dara glún, ní foláir foigsi an chuil d'innisin, madh col uisge é nó col gaoil, go mórmhór más san chédghlún atá. An treas aicíd, áit an pheacaidh. Má pheacuighis a n-áit phuiblighe a bhfiaghnuisi daoine, as cóir dhuit sin do rádh, do bhrígh go ttugais sgannail uait, .i. siocair uilc don mhuinntir do bhí do láthair. Mar an ccédna, dá ndérntaoi drúis, goid, nó marbhadh, nó dortadh fola a n-áit choisriogtha, as cóir cáil na háiti do chur síos, do bhríogh go bhfuilid na peacuidh si a n-aghuidh na háite go spéisialta, mur atá fós luighi ré mnaoi phósdu féin a n-áit choisriogtha. Na peacuidh eile, mar atá fearg, tnúth, etc., do-níthear san eagluis, ní léigthear a leas achd a ccor a bfhaoisidin gan cháil na háiti d'innisin. An ceathramhadh aicíd, an comhluadar lé ndérnais an peacadh. Más tú do thairring dochum an pheacuidh iad, atá d'fhiachuibh ort sin do chor a bhfaoisidin, ór as tú tug siocair dá bpeacadh-san. A ccás nár thairrngis, ní rige a leas teachd orra. An cúigeadh aicíd, an chúis fár pheacuighis. Dá ndéntá goid ar tí drúisi do dhénamh nó drúis mur shlighidh dochum na gada, as cóir so do chor síos, agus, go geiniorálta, an uile uair do-ní tú olc mailli ré hinntinn trésan olc sin teachd go holc eile atá coimhitheach uaidh, as cóir dhuit gach olc aca do chor a bhfaoisidin, gé nách cuirfitheá a ngníomh achd an
cédolc; gidheadh, má tá an cédolc ó nádúir 'na shlighidh dochum an uilc eile agus go ndérnais araon iad, as lór an t-olc déighionach do chor síos, do bhrígh go ttuigthear as sin na huilc as gnáth do dhul résan n-olc sin. Uime so, as lór a rádh gur mharbhais duine agus gan gach buille fa leith dár bhuailis air do chor síos. As lór fós a rádh go ndérnuis ní truaillighthe, .i. peacadh na drúisi, gan teachd ar shéduibh suirghe ná ar phóguibh ná ar ghlacaireachd thruaillighthe, do bhrígh gurab gnáth builleadha do dhul résan marbhadh, labhairt agus glacuidh truaillighthe résan ndrúis. Achd, dá ndérntaoi iomarcuidh neamhghnáthach a gceachdar dhíobh so, dobudh cóir sin do chor síos; gidheadh, ná hanadh duine a bhfad ag sgrúdadh pheacuidh na colna, ór as gnáth an díabhal ag teachd do thabhairt chonganta di dochum cathaighthe 'na leithéid sin d'ám. An seiseadh aicíd, an glés ar a ndéntar an peacadh, .i. dá ttugthá éigion mná, dá mbeantá a chuid tré éigion do dhuine, nó dá ttugthá masla bhréigi uait, as cóir na modha sa do chor síos, do bhrígh go méduighid an peacadh; mur an ccédna, dá ndérntá bréga díomhaoine nách foil achd 'na bpeacadh sologhtha maille ré hainmhian, iondus gurab luaithi do-dhéntá peacadh marbhtha iná do léigfitheá dhíot iad, ní foláir sin do rádh, ór do-ní peacadh marbhtha don pheacadh sologhtha. An seachdmhadh aicíd, an aimsior a ndéntar an peacadh, .i. dá mbristeá an trosgadh atá ort ó aithne san ám a ttuguis móid gan a bhrisseadh, .i. a n-aointibh an chorghuis a ccás go ttugais móid gan trosgadh do bhrisseadh ionnta. Fós, dobudh maith an chomhairle na peacuidh do-rínis a n-aimsir shaoire do chor síos maille ré haicíd na haimsire d'innisin; gidheadh, ní mheasuim go bhfuil so d'fhiachuibh ort.
Ciondus aitheónus an duine ainbhfiosach gach gné peacuidh dá ndérna? Do labhramar go soiche so ar nádúir na faoisidni, ar an n-ullmhughadh as cóir do dhénamh roimpe, ar an rún as cóir don aithrigheach do bheith aigi suil thiocfus chuice na peacuidh do sheachna, agus ciondus as cóir dhó comhairle a oide faoisidne, má tá diadha foghlamtha, do leanmhuin. Do fhoillsigheamar fós go bhfoil d'fhiachuibh ar an n-aithrigheach a pheacuidh uile do chor síos gan éinpheacodh d'fhágbháil díobh tré náire, agus an t-olc mór thig don mhuintir fhágbhas fuighioll faoisidne go bhfios dóibh féin. Do mhínigheamar, mar an ccédna, ciondus atá d'fhiachuibh air gné, nádúir, nuimhir, agus aicíde, na bpeacadh do chor síos don choinfeasóir. Anois, ní foláir luchd an ainbhfis do theagasg créd é an modh ar a n-aithéonaid na peacuidh féin do-ríneadar agus ar a ttaróngaid iad dochum a ccuimhne. As é as peacadh ann, mar adeir Pól, briseadh an léxa, nó, mar adeir Ambrós naomh, easumhlachd na n-aitheantadh némhdha. Gonadh aire sin nách éidir fios na bpeacadh d'fhagháil gan fios aitheantadh nDé agus na heagluisi do bheith agad ar tús. d'eagla nách biadh a bhfios so agad go gasda, cuirfeamaoid ann so dhuit iad a miodarrachd do shaothar mo dhearbhráthar chroidhe, an t-athair diadha foghlamtha Bonauentura Ó hEódhusa, Dia do dhénamh grás ar a anam. As mór do bhí faoi do sgríobhadh do rachadh a leas anma agus a n-onóir shaoghalta don náision dá maireadh, achd, fá-raor, tré fheirg nDé risan bpobal bpeacach, do goireadh air a n-ám a thoraidh agus a ttosach a shaothair do chor a ccló agus suil ráinig leis sinni do theagasg a tteanguidh ar máthar, iondus go ttiocfadh dhínn ní éigin do rachadh a leas na n-anmann do sgríobhadh, ó nách léigthear dhúinn tré bhurba an pherseacuision foircheadal do dhénamh ó bheól. Nír fhág 'na dhiaidh don náision duine rér éidir an
ní do chor roimhe do dhénamh, ór, gé go bhfuilid mórán daoine foghlamtha ag ár náision (glóir do Dhia) agus mórán dá n-aois óig dá ttabhairt suas a bpríomhsgoltuibh léighinn agus crábhuidh, gidheadh, ní bfhuil díobh agus ní roibhi lé fada d'aimsir duine coimhdheas agus comhóirdheirc lé Bonauentura a léighionn, a nGaoidhilg, agus a ccrábhadh. {C Fil.} Deich n-aitheanta Dé. Dia bréigi d'adhradh ná tairg; ná tabhair ainm Dé gan fháth; Domhnach lá an Tighearna Dé, coimhédthar luibh é do ghnáth. Onóruigh h'aithre go búidh; ná déin marbhadh, drúis, nó goid; ná déin bréigfhiaghnuisi ar neach; a mhaoin ná
bhean ná hiarr dhuit. Cúig aithne na heaguilse. Cuir a cceann a ndubhairt mé, cúig aithne na heaguilse; coimhéd gach saoire go beachd, 's déin aiffrionn innti d'éisdeachd. Troisg an corghas go glan glan, uigil 's trosgthe na hanman; ná tomhuil féoil ar do phroinn Dia hAoine ná Dia Sathroinn. Tré bhiotha síor ná bíodh sibh énbhliaghuin gan fhaoisidin; Corp Chríost ón Domhnach ré ccáisg glac lá éigin go mioncháisg.
Ná déna banais iar n
áil ó thús corghuis go mioncháisg, ná ó thús adueint go grod go dá lá dég d'éis nodlog. {C Prós} Ní foláir iad so uili do bheith agad go glan ad mheabhair agus, fós, a ttuigsin mar as cóir do réir céille ar naomhmáthar an Eaglas Chatoilci Rómhánach; agus, 'na dhiaigh sin, gluais tríotha fó seach ag fiafruighe dhíot féin 'nar bhris tú an chédaithne agus gá mhéd uair, agus, tar éis tú féin do sgrúdadh go maith san chédaithni agus gach ní dá ndérnuis 'na haghuidh, do réir do dhíthchill do chur ad mheabhuir nó a sgríobhadh. Más faoisidin beathadh do-ní tú nó gurab duini thú 'gá bhfoil coinnsias róbhuaidhiortha lán do chréachduibh 's do chathuighthibh, ní foláir d'eagla an dearmuid tré iomad na bpeacadh a sgríobhadh suil rachas tú dochum faoisidne, más sgríbhnéoir thú. 'Na dhiaigh so, déna na fiafruighe agus na sgrúduighthe cédna ort san dara haithni, agus siobhail mar sin orra go soichi an aithne dhéighionach; agus déna an ní cédna ré haitheantuibh na heaguilsi ag siobhal orra fó seach. Do chongnamh dhuit, cuirfeam síos ann so go haithghearr ciondus dhiongnus tú na fiafraighi si do thaoibh gach aithni fó leith, agus as sin tuigfe tú gá mhéd modh ar a mbristear na haitheanta. Achd tabhair dot airi go bhfuil d'fhiachuibh ar an uile Chríosduidhe ní hé amháin aitheanta Dé 's na heaguilsi dho choimhéd achd fós gan aitheanta a uachdarán ttuaithi do bhriseadh. Ór adeir Pól gurab cóir dhúinn umhla do thabhairt dár n-uachdaránuibh, ní d'eagla fheirge achd d'eagla ar gcoinnsiasa do ghortughadh, do réir mar thuigid na naomhaithre é. Dá bhríogh so, ní foláir dhuit a fhiafruighe dhíot féin 'nar bhrisis, agus gá mhéud uair, aithne dhlisdionach do phrionnsa, do thighearna, do mhaighisttir, t'athar, nó dhuine ar bioth eile
dá bhfuil go dlisdionach 'na uachdarán ort. Achd dá ccuireadh uachdarán ar bith díophsa aithne ort do bhiadh a n-aghuidh dlighidh Dé nó na heagailsi, as córa dhuit umhla do thabhairt do Dhia agus don eagluis iná don aithni sin. As é a résún so, gurab aithni neimhdhlisdionach an aithne théid a n-aghuidh aithni Dé nó na heaguilsi agus go bhfoil d'fhiachuibh ort gan aithne mhídhlisdionnach do choimhlíonadh. "An n-aithne do chuirfeadh th'athair ort an uair nach bíadh a n-aghuidh Dé tabhair umhla di mar do-bhértha do Dhia féin", ar Aibhisdin naomh. "Gidheadh, dá ttugadh th'athair aithne dhuit do bhíadh a n-aghuidh an mhaithis phuiblighi", ar an naomhathair cédna, "nó aithne an phrionnsa, ná tabhair toradh uirri, agus, dá ttugadh an prionnsa aithne dhuit a n-aghuidh aithne Dé, ná déine cás dá aithne do bhriseadh. Abair an uair sin an ní adubhairt Peadar agus Eóin ré prionsadhuibh na sagart thug aithne dhóibh gan ainm Chríosd do theagasg ná do sheanmóir, .i. "Tugaidh féin breitheamhnus an córa umhla do thabhairt díbh féin iná do Dhia." Coimhéid, ar an adhbhar so, aitheanta Dé agus na heaguilsi go maith ad mheabhair, agus, má gheibh tú aithne ar bith eile 'na n-aghuidh sin go follus, ná tabhair toradh uirre. Dá ttugthaoi aithne dhuit drúis do dhénamh nó mionna bréigi do thabhairt, atá d'fhiachuibh ort bás d'fhulang dod sheachna ar bhriseadh aithne Dé. Mar an ccédna, dá ttugadh uachdarán tuaithi aithne dhuit gan na sacrámuinnte do thaithighe, gan an tseanmóir Chatoilici d'éisdeachd, gan faoisidin ná cumaoin do dhénabh, dul d'éisdeachd seirbhísi nó sheanmóra na n-eiriceadh, gan trosgadh do dhénamh, na teampuill do bhriseadh, na híomháighi do mhaslughadh, meas gurab aitheanta neimhdhlisdionacha iad so atá a n-aghuidh Dé nó na heaguilsi agus go bhfuil d'fhiachuibh ort gan umhla do thabhairt dhóibh. Gidheadh, gach aithne do-bhérus th'uachdarán dílios tuaithi dhuit go spesiálta, más é do phrionnsa é, agus nách foil sí a n-aghuidh dlighidh Dé nó na heaguilsi, atá d'fhiachuibh ort a ccoinnsias a coimhéd. Gonadh aire sin nách foláir dhuit
na haitheanta sa do chor at fhiaghnuisi (tár éis an sgrúdaidh adubhramar do dhénamh dhuit ar aitheantuibh Dé agus na heaguilsi), agus fiafruigh dhíot féin 'nar bhrisis agus gá mhéd uair do bhrisis iad. Agud féin, gébé thú, as fearr fios th'uachdarán tuaithi agus na n-aitheantadh ndleisdeanach chuirid ort; agus do-bhérsa congnamh dhuit dochum aitheantadh an dá uachdarán ccoitcheann atá ós cionn na Críosduidheachda uile, .i. Dia agus an eaglus, do thuigsin. Fiafruighe fa chéadaithne an chédchláir. Do-gheibhmíd san sgrioptúir dhiadha go ttug Dia na deich n-aitheanta a ndá chlár chloiche do Mhaoisi; gidheadh, ní fhaghmaoid inte gá mhéd aithne do bhí in gach clár dhíobh; achd do réir Aibhisdin agus an naomhathar Thomáis agus na ndiadhaireadh go coitcheann do bhádar trí haithni san chédchlár bheanas ré honóir agus ré grádh nDé agus seachd n-aithne san dara clár bheanas ré grádh na comharsan. Mínéocham ar tús na ceasda as cóir don n-aithrigheach do chor air féin a n-aitheantuibh an chédchláir bheanus ré grádh agus ré honóir nDé, agus do-ghénam an ní cédna 'na dhiaigh sin isna haitheantuibh bheanas risan ccomharsain, .i. aitheanta an dara cláir, agus fós a n-aitheantuibh na heaguilsi. An chédaithne, Adhair an t-éinDia fírindeach agus ná hadhair dée bréigi. As í suim na haithne si go bhfuil d'fhiachuibh ort creideamh do Dhia, a ghrádhughadh ós ceann an uile neith agus dóthchas do chor ann, onóir do thabhairt dhó féin agus dá gach ní bheanus ris, agus gan an onóir dlighthear dhó do thabhairt do chréatúir ar bioth. Do thaobh na haithne si cuir ort féin na ceasda so síos agus cuir ad mheabhair an ní adéra an chlí riot. Ar tús do thaobh an chreidimh, fiafruigh dhíot féin 'nar chreidis ad chroidhe gach ní chreidios an Eaglas Chatoilce Rómhánach gan earráid ar bioth do ghlacadh 'na haghuidh; 'nar thaisbénais ó ghníomh nó ó bhréithir go foirimiolach
claonadh nó fabhar do bheth agad dochum eiriceachda; a' ndeachadhuis dá n-eagluis d'éisdeachd a n-oifigi nó a seanmóra; a' ndérnuis lérsgrúdadh ar rúindiamhruibh an chreidimh, nó an raibhi cunntabhart ort fá airtiogal ar bhioth dhe; 'nar léighis leabhair eireiceachda nó an bhfuilid agad gan chead; 'nar chuiris ad mheabhair an Phaidir, an Chré, agus aitheanta Dé agus na heaguilsi; a' ndérnais piseóga nó geasadórachd; 'nar chreidis d'aislingthibh, do dhérnadórachd, nó do néalladórachd; 'nar ghlacuis briathra an sgrioptúir nó sereamóine na heagluisi a ccúis shúgartha nó do ghluasachd daoine dochum gáireadh. Do thaobh grádha Dé, fiafruigh dhíot féin ar tús a' ndérnuis murmar ar Dhia nó gearán, ag rádh nách cóir gach ní dá ndén; 'nar mhothuighis míghean agad ar Dhia nó ar neithibh diadha; 'nar léigis aimsir fhada thort gan smuaineadh ar Dhia nó ar do sheirbhís dhó; 'nar chuiris toirmeasg ar dhaoinibh eile fá neithibh do dhénamh do rachadh a n-onóir do Dhia; an ttuguis míomhodh do na naomhuibh, dá ttaisibh, nó dá n-íomháighibh; 'nar labhrais go holc ar dhaoinibh diadha nó ar a ngníomhaibh; 'nar thoirmiosgais fá dhuine dhul a n-órd chrábhuidh. Do thaobh an dóthchuis, fiafruigh dhíot féin a n
eachadhuis a n-édóthchus do shlánuighthe nó maitheamhnus do pheacadh; 'nar ghlacuis andóthchus go slánóchthaoi thú maille trócaire Dé amháin gan deaghoibrighthe ar bioth do dhénamh; 'nar chuiris do dhóthchas a ccruadhchás a ccrétúir ar bioth nísa mhó iná a nDia; a' ndérnuis peacadh ar bioth nó 'nar anais ann a ngeall ar andóthchas a ttrócaire Dé. Fiafruighe fa dhá aithne eile an chédchláir, .i. ná tabhair ainm Dé gan fháth agus coimhéid an t
aoire. Fiafruigh dhíot fán ccédaithne dhíobh so, an ttugais mionna fírindeach gan riachdanus; an ttuguis mionna bréige go fiosach dhuit nó iar mbeith dhuit a ccundtabhairt fán bhfírinde;
'nar mhionnaighis ní do dhénamh 's gan a rún sin fúd, nó 'nar léigis dhíot mionna dleisdionnach do chomhall agus é ar do chumas; 'nar órduighis olc cuirp nó anma do theagmháil dhuit muna dhérntá so nó súd; 'nar mhionnuighis go ndingéntá ní do bhíadh 'na pheacadh nó nách dingentá ní do bhíadh maith ré a dhénamh; 'nar cheilis an fhírinde dod bhreitheamh dhlisdionach tug mionna ort a rádh tar éis leithdhearbh do bheith aigi uirre agus a fhios sin agadsa (san chás so ní hé amháin do-ghéntá peacadh marbhtha achd fós do bhíadh d'fhiachuibh ort gach díoghbháil táinig don chomharsain fá gan an fhírinde do rádh do leasughadh ris); an ttugais fuil nó buill Dé a bhfíor nó a mbréig; an ttugais thú fhéin, th'anam nó do chorp, do mhac, th'óglach, th'ainmhidhe, nó crétúir ar bioth eile, don diabhal; 'nar ghnáth leat bheith ag síorthabhairt mhionn gan rochás do bheith agad 'nar fhíor nó brég a n-abartha; an ttugais móid gan rún a comhall nó fá dhroichní do dhénamh; 'nar bhrisis móid ndleisdion
igh. Do thaoibh na dara haithne díobh so, fiafruigh a' ndérnais obair dhaor nó shaothrach, mar atá treabhadh, foirseadh, gaibhneachd, etc., nó an ttuguis ar dhaoinibh eile iad so do dhénamh Dia Domhnuidh nó a saoiri eili; 'nar léigis dhíot aithfrionn nó cuid éifeachdach dhe d'éistteachd gach lá saoire, nó an ttugais th'airi do chomhrádh nó do smuaintibh díomhaoini a n-aimsir a éistteachda; an ttuguis siocair nó 'nar chuiris d'fhiachoibh ar dhaoinibh eile aoinní díobh so do dhénamh. Don cheathramhadh haithne, as cédaithne san dara clár, .i. onóraigh h'athair agus do mháthair. Fiafraigh dhíot féin an ttuguis tarcuisni ó ghníomh nó ó bhréithir dot aithribh; 'nar mhalluighis dóibh; 'nar dhiúltuis umhlughadh dá n-aithni dhlisdionaigh; 'nar locais a riachdanus d'fhurtachd; 'nar shanntuighis a mbás dochum a n-oidhreachda d'fhagháil nó do tholo féin do dhénamh gan t'fhear smachduighthe; 'nar choimhlis a ttiomna; 'nar
choimhéduis léxa agus sttatúide th'uachdarán cilli agus tuaithi; an ndérnuis ithiomrádh orra so nó ar phearsanaibh eile eaguilsi; an ttuguis drochaghuidh do na bochduibh (nó) 'nar dhiúltuis a gcruaidhriachdanus d'fhurtachd; 'nar mhúinis dod chloinn an teagusg Críosttuidhe; 'nar mhalluighis dóibh; 'nar smachduighis iad 'na lochduibh agus a' ndérnuis na neithe cédna lét óglách agus lé gach duine dá bhfuil ad théghlach. Fiafruighthe fan chúigeadh haithne, ná déin marbhadh. Smuain ort féin 'nar mharbhois duine nó 'nar shanntuighis a bhás; 'nar bhuailis é nó 'nar shanntuighis a bhualadh; 'nar dhiúltais maithfeachus d'iarraidh ar an tté dá ttuguis masla nó maithfheachus do thabhairt don té thug easonóir dhuit; an roibhi fuath nó aingidheachd agad do dhuine; 'nar chuiris coinntinn nó ceandairghe idir dhaoinibh; 'nar órduighis do bhás féin tré dhrochfhortúin nó míothapadh do theagmháil dhuit; 'nar ghlac luathgháir thú fá bhás dhuini nó tuirsi fána bheith béo; an ttuguis masla nó míochlú do dhuine ar a chúl nó 'na fhiaghnuisi; 'nar mharbhais anam duine 'gá ghluasachd dochum peacuidh marbhtha; 'nar léigis do dhaoinibh peacaidh marbhtha do dhénamh agus a ttoirmiosg agad go hurusa go mórmhór má táid fád smachd; an ttugais fábhar nó cúmhdach do luchd marbhtha, loisgthe, nó díoghbhála, do chomharsan. Fiafraighi fan seiseadh agus fán naomhadh aithne, ná déin drúis. Fiafraigh an rabhadar smuainte collaidhe agad dod toil féin; an ttuguis do thoil fán drúis do dhéunamh; 'nar fhéchuis
ar mhnáibh go mailíseach 's 'nár labhruis briathra graosda; a' ndérnuis glacaireachd thruaillidhe ort féin nó ar neach oile; a' ndérnais drúis ó ghníomh agus an ré mnaoi phósda dhuine eile nó ré mnaoi chuil nó ré mnaoi riaghaltha nó ré maighdin nó ré mnaoi gan éncháil díobh sa aice do pheacuighis; 'nar chuiris séuda suirghe uait agus 'nar dhoirtis do shíol tréd chiontuibh féin; 'nar léighis leabhuir shuirgheacha nó 'nar mheabhroighis dánta salcha ghluaiseas dochum drúisi. Fiafruighe fan seachdmhadh as fán deachmhadh haithne, ná déin goid. Fiafruigh dhíot féin 'nar ghlacuis cuid duine eile gan fhios nó go bhfios dó dá neamhthoil féin, nó an bhfuil agad gan aisioc do dhénamh inti; an bhfuilid fíacha ort agus ar do chumas a ndíol, nó an bhfuil tuarastal do mhuinnteire ort; 'nar chongmhais agad ní dá ndeachaidh amugha gan cuartughadh do dhénamh cia dár cóir é; an ndérnuis mealltórachd a ccunradh ré cluanaireachd, lé comhthrom, nó lé miosúr fallsa nó lé húsúrachd; 'nar ghlacais ní a n-aisgidh nó ré a cheandach ó dhuine nár inmheasta gur leis féin an ní thug uaidh; a' ndérnuis agra neimhcheirt ar dhuine nó ceilg a n-aghaidh na córa; 'nar rugais imirt lé cárdaoibh gérrtha, lé díslibh meallta, lé comhartha sóirt, etc.; 'nar rugais í ar chearrbhach ainbhfeasach agus tú féin at fhírchearabhach; 'nar thoirmiosgais lé meanguibh nó lé cluanaibh ní ar bith fá dhuine eile dobudh éidir do thabhairt dhó go dleisdeanach; an ttuguis congnamh nó comhairle dochum éinneith dá ndubhramar do dhénamh; an ttugais do thoil dochum éinchoda dhíobh so do dhénamh gion gur chuiris do ghníomh lais.
Fiafruighe fan n-ochdmhadh haithne, ná déin fiaghnuisi bhréigi. Fiafruigh ar tús a' ndérnuis fiaghnuisi bhréigi a n-aghuidh na comharsan a mbreitheamhnas nó a ccás oili; 'nar chuiris coir bhréigi air; a' ndérnais brég ar bith do-ríne dochar dhó; 'nar chuiris a lochda seicréideacha ós áird; 'nar osglais a litreacha; 'nar bhrisis do ghealladh dhó gan ádhbhar dhleisdionach; 'nar dhiúltuis an fhírinde do rádh as nách diongnadh díoghbháil dhuit féin 's go ndérna díoth dod chomharsain gan a rádh; an ttuguis drochbharamhuil do dhuine ag buain na céille as measa as a ghníomh nó as a chomhrádh an tan dob éidir an chiall as férr do bhuain asda; an ttugais congnamh, comhairli, aonta, nó toil, dochum aonchoda díobh so do dhénamh. Ní chuirim fiafruighe spesiálta fán naomhadh haithne, do bhrígh nách foil inti achd mínioghadh ar an seiseadh haithne, nó fán deachmhadh haithne, do bhrígh gurab í as mínioghadh don tseachdmhadh haithne. Toirmisgidh an seiseadh haithne an drúis. Toirmisgidh an naomhadh haithne a mían, a fonn, agus a smuainte. Toirmisgidh an seachdmhadh haithne an ghoid, agus toirmisgidh an deachmhadh haithne a mían agus a fonn. Fiafruighe fa chúig aitheantuibh na heaguilsi. Adobhramar fán tshaoire agus fá aithfrionn d'éisdeachd innte san treas aithne dh'aitheantuibh Dé, agus as éidir cúig aitheanta na heaguilsi uile do thairreang dochum na haithne sin. Do thaoibh na coda eile dhíobh, fiafruigh dhíot féin ar tús a' ndérnais fao
sidin ghlan iomlán nias lugha dhe uair san bhliadhuin ó tháinig críonnachd agas ciall chugad agus an ttugais ar gach duine
dod mhuinntir an ní cédna do dhénamh; a' ndérnuis ullmhughadh ort féin dochum tuirsi do ghlacadh fád pheacadhuibh agus dochum a ttaireangtha ad choimhne suil do-chuadhais dot fhaoisidin; 'nar ghlacuis corp Chríosd gacha cáisg, beagán roimpe, nó 'na diaigh; an rabhadhuis an uair sin a bpeacadh marbhtha nó a ccunntabhart go rabhadhuis ann; 'nar ghlacuis nó an ttugais sacrámuinnt ar bhioth uait agus tú a bpeacadh mharbhtha; a' ndérnuis trosgadh an chorghuis, troisgthe na hanman agus na uigileadh órduigheas an eaglas, ó aois bliadhna ar fhichid gan d'ithi ionnta achd aonchuid don bhiadh as gnáth d'ithi san tír a n-aimsir throisgthe (agus bídh luchd mórshaothair saor ó throsgadh; ní labhruim ar chóláision, dá nach goirthior cuid); 'nar thruaillighis eaglais lé peacadh colla nó lé dortadh fola; 'nar thuitis a ccoin
ealbháthadh nó a' ndearnuis cumann ré daoinibh do thuit ann nó 'nar ghlacuis sacramuint ar bioth iar mbeith coinnealbháiththe dhuit; 'nar thuillis bang do chur ort nó ar dhaoinibh eile tréd choir; 'nar dhíoluis an deachmhadh agus gach ceart eile eagailsi dlighthear dhíot (má ataoi a n-ainbhfios cia dárab cóir sin do thabhairt, iarr éolus ar dhuine dhiadha fhoghlomtha); an ttuguis congnamh nó comhairle do dhuine eile aonaithni díobh so do bhriseadh; an ttuguis h'aonta dochum a mbrisdi. Ní foláir don té lérab mian faoisidin bheathadh do dhénamh go maith an chuairt si do thabhairt trés na haitheantuibh uile. Agus, gibé nách déin achd uair san mbliadhuin í, as iomchubhaidh dhó an sgrúdadh sa do dhénamh do thairreang a pheacadh dochum a choimhne; gidheadh, an mhuintior do-ní a bhfaoisidin go minic, cuimhníghid lé beagán saothair ar a bpeacadhuibh gan siubhal trés na haitheantuibh ar an modh sa. Tar a cheann so, isna fésdaibh móra an uair as gnáth léo faoisidin ngeinioráltha nó beathadh do dhénamh, as iomchubhaidh dhóibh an chuairt si do thabhairt ar na haitheantuibh uile, agus do-ghénad sin lé beagshaothar do bhríogh go nglanuid teaghais a gcoinnsiasa go minic.
Ciondus as cóir don aithrigheach é féin d'iomchar ag teachd dhó gusan áit a bhfuil an coinfeasóir 'na shuidhe chum a fhaoisidne d'éisdeachd? Tar éis do pheacaidh do chruindioghadh agus a ccora ad mheabhair ag dénamh na bhfiafruightheadh sa adubhramar fá bhrisseadh na n-aitheantadh agus tú féin do ghluasachd agus do ghríosughadh chum tuirsi fá theagmháil ionta leis na résúnaibh do chuireamar síos san chédrann, c. 3 agus 4, éirigh d'ionnsuighidh an oide faoisidne maille gnúis thuirsigh thriamhuinigh go humhal croimcheandach, mar as cóir don chiontach admhas a lochda dol a bhfiaghnuisi an bhreitheamhan agus maille huamhan, lé heagla, agus lé rébherens, ag smuaineadh ad chroidhi gurab é fear ionaid Chríosd ar talmhain chum breithi sgaoilti nó ceangailti do thabhairt ort an té sin chum a bhfuile ag dol dá láthair. Ag teachd dhuit a bhfogus don chathaoir bhreitheamhnuis ina bhfuil 'na shuidhe, léig ar do ghlúinibh thú ag tabhairt adhartha agus onóra do Chríosd ina bhiocáire ré a bhfuile ar tí th'fhaoisidin do dhénamh. Ná bíod do chédfadha go huallach ná go hédtrom achd go tromdha tochdach. Ná bí suilbhir nó súlárd ag féchuin don taoibh si agus don taoibh eili, achd taisbéin thú féin go dubhach dérach maille humhla agus ré hosnadhaibh iondus go ttuigeadh an t-oide trés na comharthuibh foirimleacha sa an ttuirsi neamhfhaicsidhe atá ad chroidhe. Conguimh do cheann go crom ag admháil ó ghníomh go bhfuile ad chiontach, mar do-ríne an publicanus san soisgéal, agus tionsgain ag dénamh comhartha na croiche naoimhe ort féin ag rádh na mbriathar sa, "Tré chomhartha na croiche naoimhe saor sinn ór naimhdibh, a Dhé, Amen." 'Na dhiaidh so, iarr beandachd an athar faoisidne ag rádh, "Benedicite", .i. beanduigh mé. Agus, iar bhfagháil a bheannachda, más duine thú thuigios Laidion, abair do Chonfiteor, etc. Muna thuige tú í, gé go mbeth an Confiteor
Laidni agad ad mheabhair, as férr a rádh a nGaoidhilg do ghluasachd do spioraidi chum deuóision. Cuirfeadsa dhuit é ann so a nGaoidhlig focal ar fhocal, agus ní foláir a bheith a nglainmheabhair agad, ór ní hé amháin go bhfuil tarbhach chum na faoisidni achd fós as maith a rádh ar maduin agus tráth nóna agus a n-aimsiribh eili. An Confiteor a nGaoidhilg. Admhuim do Dhia uileachumhachdach, do naomh
uire do bhí ríamh 'na hóigh, do naoimh
ichél Árchaingeal, do naoimhEóin Bruinne, do na naomhapsdalaibh Peadar agus Pól (cuir ann so do phátrún: Pádruig, Colaim, S. Proinnsias, nó gibé naomh eili bús áil leat), do na huile naomhuibh, agus dhíbhsi, a athair, gur pheacuigheas go trom lé smuaineadh, lé bréithir, agus lé gníomh, trém choir féin, trém choir féin, trém róchoir féin. (Buail h'uchd ag rádh na mbriathar ndéighionach sa agus tionsgain do pheacadha uile do rádh go glan órduighthe gan cumasg sgéul ndíomhaoin nách beanann ré hádhbhar achd ag siubhal ar na haitheantuibh fó seach do réir mar do chuireamar síos ann so iad, agus, iar ccríochnughadh do chomhráidh ag innisin chréachd do chogúis go hiomlán don oide faoisidne, abair an chuid eile dod Chonfiteor ('gad ghríosughadh féin chum gráine ar do pheacadhuibh agus chum rúin daingin maille grásuibh Dé gan a ndénamh arís) ar an modh sa:) Ar na hádhbharuibh si, guidhim naomh
uire an tshíorógh, naoimh
ichél Archaingiol, naoimhEóin Bhruinne, na
apsdla Peadar agus Pól (abair ann so gibé naomh eili bús áil leat), agus na huili naomha, agus sibhsi, a athair, fá ghuidhe ar mo shon chum ar tTighearna Dia. Iar ccor chríche ar an n-urnaighthe si dhuit, ísligh thú féin ó chorp agus ó chroidhe a bhfiaghnuisi Dé uilechumhachdaigh do mhasluighis réd pheacadhuibh ag iarruidh maitheamhnuis air ionta a n-onóir agus a n-éruic dhiadhfhola Íosa Críost do doirteadh ar do shon a ccronn na croiche; agus bí ag bualadh th'ochda an feadh bhías an t-oide faoisidne ag rádh na hurnuighthe gnáthuighi ós do chionn, agus ná tóguibh do cheann go n-iarra ort a thógbháil
do thabhairt theaguisg agus chomhairleach dhuit fá shláinti th'anma. Bí ró-aireach fá gach comhairli dá ttiobhra dhuit do thuigsin agus do chor ad mheabhair maille rún a coimhlíonta. Agus déin an ní cédna fán mbreith n-aithrighi chuirfeas ort, agus bí fonnmhar fána beith ní as truime iná órduighios an t-oide, ór as mór an tarbha thiocfas as a duadh agus as a dochar, agus as mór an díoghbháil thig, mar dhearbhóchad san rann dhéighionach don leabhrán sa, as a bheith édtrom neamhdhocrach.
An Treas Rann Don Aithrighi, .i. an Lóirghníomh. Créd as Lóirghníomh ann? Iondus go ttuigtheá an lóirghníomh, tabhair dot aire an diffir atá idir an baisdeadh agus sacrámuinnt na haithrighi. Ní hé amháin mhaithios an baisdeadh a bhfaghann do pheacadhuibh san té ghlacas é, achd fós ní fhágbhann pían ar bioth shíorrdhuidhe ná aimsiordha air gan a mhaitheamh. Ní dhéin sacrámuinnt na haithrighi sin, ór, gé go maitheann na peacadha marbhtha uile agus na peacadha sologhtha ar uairibh agus fós an phían shíorruidhe dlighthear ar son an pheacuidh mharbhtha, fágbhoid tar a cheann sin pían aimsiordha nó neimhshíorrdhuidhe gan mhaitheamh go comhchoitcheann, agas as í an phían sin thógthar maille risan lóirghníomh. An uair do-bheir an sagart absolóid uaidh nó bhíos tuirsi nearrtmhar ag an n-aithrigheach résan bhfaoisidin, mar adubhramar san ccédrann, c. 1, maitthear an phían shíorrdhuidhe dhó maraon leis an bpeacadh agus fágthar pían oile nách bíonn síorrdhuidhe 'na háit air bús éigion do dhíol san saoghal sa nó a bpurgadóir. An uair mhaithid na rígh talmhuidhe coir bháis do dhuine, as minic chuirid díbeirt air feadh chúig nó deich mbliadhan a n-áit na péine bháis do dhligh sé, agus adeir an sgrioptúir, an uair do mhaith Dauidh dá mhac Absolón marbhadh a mhic eile Am
ón ar impidhe Ioab, gur chuir díbeirt air ón phálás ríoghdha go cionn thrí mbliadhan. Mar sin do-ní Dia riot, a pheacuigh, an uair fhilleas tú ód lochduibh. Maithidh dhuit an díbeirt agus an bás síorrdhuidhe dobudh cóir do thabhairt dhuit; gidheadh, muna fhoil aithrighi róineartmhar agad (ní theagmhas go hannamh), cuiridh ort gan
dul go pálás nimhe achd bheith ré áiridhe aimsire a bpurgadóir 'gad phíanadh, muna dhíola tú abhus luach na péini dlighthear thall; agus as é as lóirghníomh ann bheith ag díol na péini si lé deaghoibrighthibh, agus, dá léigthear gan díol í go purgadóir, ní lóirghníomh an uair sin do-níthear innte achd lórfhulang, dá ngoirid na diadhaireadha satispassio. Do bhrígh anois go ttug Dia fád láimh féin leasúghadh do thabhairt uait nó gan a thabhairt. Dá ndérnais an leasúghadh, do ghníomh féin as ionghoirthe dhe, achd dá léige tú é go purgadóir, bhail nách bia ar do chumas gan a dhénamh, t'fhulang as córa do ghairm dhe; mar sin, lórfhulang thall agus lóirghníomh abhus é. Dá réir so, atá difir mhór idir lóirghníomh agas aisioc, ór ní fhoil san aisioc achd sgur don aindligheadh do-ní tú dod chomharsainn ag tabhairt a choda féin dhó ar ais. Do-bheir an lóirghníomh ós a chionn so leasúghadh eili dhó. Do-níthear an t-aisioc résan tshíothcháin agus an lóirghníomh 'na diaigh. Do-bheirthear lóirghníomh do Dhia, agus ní tabharthar aisioc go bráth dhó, do bhríogh nach éidir ní ar bioth dá-ríribh do bhuain de. Adubhart, an uair maiththear an phian shíordhuidhe leis an aithrighe go n-anann go comhchoitcheann pian aimsiordha gan díol; ór, an uair bhíos an aithridhe róláidir agus an déishearc ó ttig ar lánlasadh, tógbhuidh an uile phian ón pheacach agus ní bhí feidhm lóirghníomha air an uair sin. Mar sin tárla do Phól agus do Mhuire Mhagdaléun an uair do fhilleadar óna bpeacadhuibh. Gidheadh, do bhríogh nách éidir do dhuine a fhios do bheith aige gá huair bhíos an aithrighe comhláidir nó grádh Dé coimhneartmhar agus dobádh cóir a bheith dochum na bpian uile do mhaitheamh, ní foláir an lóirghníomh do dhénamh san uile chás. Créud é an sochar do-ní an t-oide faoisidne do chor lóirghníomha ort a mbreith aithrighe seach tú dá dhénamh uait féin? Atá sochar mór ag an lóirghníomh chuireas an sagurt ort nách foil ag an lóirghníomh do-ní uait féin; ór, na heochracha
do fháguibh Críosd ar láimh an tsagairt, tógbhuid an lóirghníomh ré mbeanuid agus méduighid a luach. Mínígheam é leis an eisiompláir si. An uair as mian leis an rígh gné óir nó airgid do chor amach a luach as mó iná an luach gnáthach, órduighidh ar uairibh séla nua do bhu
ladh air, agus mailli ris sin amháin méduighidh a luach. Gach deighníomh dá ndéin tú, go háiridhi a ngrásuibh, atá luach cinnte aige, agus díoluidh an mhéd as fiú é don phéin atá ort as na peacadhuibh do mhaith Dia dhuit trésan n-aithrighi. Gidheadh, mar shochar dhuit do fháguibh Dia ar do chumas an luach sin do mhédúghadh madh áil leat féin, agus asé so séla Críostt atá ar láimh an tsagairt do chor ar do dheighghníomharthuibh, agus do-ní sin an tan chuirios fá bhreith n-aithrighi ort a ndéunamh. Dá réir so, dá ndíola trosgadh aonlae do-ní tú uait féin ochd lá dod phurgadóir, díolfa lá troisgthe do chuir an sagart ort nísa mhó iná sin go mór do réir na ndiadhaireadh go comhchoitcheann, agus, dar leat, beantar as chomhairle Triont é. Tuigthear as so gur mór an easbuidh céille don aithrigheach bheith ag diúltadh lóirghníomha móir do chor air; ór ní dhéin éinghníomh dá ccuirionn an sagart air gan barr maithfeachuis d'fhagháil 'na phéin ós cionn luaigh an ghníomha féin. An bhfuil d'fhiachuibh ar an sagart breith n-aithrighi nó lóirghníomh do chur ar an tté do-ní a fhaoisidin? As deimhin, má chí an sagart go rigi a leas breith n-aithrighi do chor ar an bpeacach dá chumhdach ar aiththuitim san bpeacadh, go bhfuil d'
iachuibh air an mbreith sin do chor air agus airsean a glacadh uaidh fá phéin nuaipheacuidh eile; ór atá d'fhiachuibh ar an n-othar chorpordha comhairle an leagha do
ghabháil fá gach ní do chuirfeadh a ccunntabhairt a thuitme é do sheachna, agus ní lugha iná sin atá d'fhiachuibh ar an n-othar spioradálta do dhénamh ar impidhe an oide faoisidne. Ar an n-ádhbhar so, muna ghlacadh sé an mbreith n-aithrighe do cuirfidhe air san cháil sin, níor chóir absolóid do thabhairt dhó, ór ní bhíadh ullamh dochum a glactha. Dá labhram ar an lóirghníomh chuirthear ní do chumhdach an othair ar aithleagadh achd do dhíol péine na bpeacadh do-ríne - má atá a bpongc bháis, ní rigthear a leas lóirghníomh ar bith do chor air, nó má tá iomad déighghníomh aigi agus beagán peacadh; uatha so amach as cóir don tsagart lóirghníomh do chor ar gach n-aithrigheach, agus an té nách géabha uaidh é búdh dó féin bhías a mhairg. Cia hiad na deighníomhartha as cóir do chor san mbreith n-aithrighi? Trí gnée deagho
brightheadh chuirthear ar dhuine a lóirghníomh a pheacadh, .i. trosgadh, urnuighthe, as déirc. Áirimhthear ar an ttrosgadh an uili dhochar agus chrádh chuireas duine ar a chorp a n-íoc a pheacaidh, .i. oilithre, cruaidhleaba, sgiúrsadha, gorta, fuachd, fadúsgadh. Risan urnuighthi bheanas canamhain na salm, rádh agas éisdeachd na seanmóra agus na n-aiffreann, smuainteadha an chroidhe ar Dhia agus ar neithibh diadha. Risan ndéirc bheanas oibrighthe na trócaire uile, corpordha agus spioradálta, mar atáid isna rannuibh so do shaothar an bhráthar bheannduighthe Bonauentura ó hÉodhasa. {C Fil.} Oibre Corpordha na Trócaire. Seachd n-oibre na trócaire dá ngoirthear oibre corpdha: cosg tarta gach brónchuire, biadh do thabhairt don ocrach.
Éadghadh nochd, mairbh d'adhlacadh, oirchiosachd aoidheadh n-annamh, cuairt ag braighdibh fannbhochda do dhénamh 's ag aos galair. Oibre Spioradálta na Trócaire. Seachd n-oibre na trócaire ainmni
thear ós an spioraid: sáimhchealgadh gach mórthuirsigh, ceartughadh cháich 'na cciontuibh. An té atá a ccás chomhairli comhairli dhó do thabhairt; in gach ní dá ródhoilghe, foighide do bheith agad. Teagasg lochda an ainbhfeasa guidhe ar bhéouibh 's ar mharbhuibh; maithfeachus na n-aindlighiodh do thabhairt do luchd ádhbhair. {C Prós} As iomchubhaidh do hórduigheadh na trí deaghoibre si do leasughadh an pheacuidh, ór do-níthear na peacuidh a n-aghaidh Dé, a n-aghuidh na comharsan, agus a n-aghuidh dhuine féin, agus, dá bhrígh so, as maith an leasughadh orra an urnuighthe lé bfhilltear an croidhe dochum Dé, an trosgadh chráidheas an tté do pheacuidh, agus an déirc lé ttugann duine a chuid féin dá chomharsain. Maille ris so, atáid na trí hoibreacha sa a n-aghuidh na ttrí bhfrémh ó bfhásoid na huili pheacaidh, do réir fhiaghnuise an t
oisgéuluidhe Eóin, mar atá ainmhían na colla, ainmhian na súl, agus anuabhar na beathadh. An trosgadh a n-aghuidh na cédfhréimhi, an déirc a n-aghuidh na dara fréimhi, agus an urnuighthe a n-aghuidh na treas fréimhe. Tuilleadh eile, ós rét anam, réd chorp, agus réd mhaoin, do-ní tú cogadh
ré Dia ag dénamh na bpeacadh, ní foláir iar ndénamh síothchána ris trésan n-aithrighe na trí neithi si do chor 'na sheirbhís; agus do-níthear sin ris na trí deaghoibrighthibh si, ór cuirthear an corp 'na sheirbhís leis an ttrosgadh, an t-anam leis an n-urnuighthi, agus an mhaoin leis an ndéirc. Os a ccionn so, an uile thindeas, aindligheadh, bochdachd, buaidhirt, agas cathughadh, theigéomhas dhuit, béid 'na lóirghníomh ad pheacadhuibh, gé gur mhaith leat gan a tteachd chugad, achd amháin, ó thárla chugad iad, go nglacfá go foighidneach iad. Tabhair dot aire gur chóir an lóirghníomh do bheith contrárdha do na peacadhuibh; cuirthear, dá bhrígh sin, déirc ar fhear na sainnte, trosgadh ar fhear na drúisi, urnuighthe ar fhear an uabhair, agus iad 'na ttriúr ar an tté atá sanntach, drúiseamhuil, uaibhreach. As é a résún so gurab cóir don lóirghníomh bheith 'na phéin a n-aghuidh peacuidh agus 'na dhíol péine agus nách fhuil pian ar an tshanntach as mó iná a mhaoin do laghdughadh, ná ar an drúiseamhuil as mó iná a cholann do chlaoi, ná ar an n-uaibhreach is mó iná a umhlughadh agus a uiríslioghadh. Achd as í slighi as aithghiorra do dhuine dochum an lóirghníomha gach logha
dá bhfédfa d'fhagháil agus gan aonloghadh dá mbia 'na ghoire do chailleamhuin, ór atá ar láimh na heaguilsi ní lé ndíolfae t'fhiacha do thabhairt dhuit as a hóirchisdi féin ina bhfuilid deaghoibre agus lóirghníomha Chríosd, a mháthar glórmhuiri, agus na naomh uili an mhéid dá nách roibhe feidhm aca féin díobh do dhíol a bhfiach; agus asé so do-ní an uair do-bheir loghadh uaithe laithe áiridhe d'eaglasuibh fá choinne gach duine dhíongnas faoisidin agus ghlacfas cumaoine nó dhíongnus úrnuighthe ionnta. Uime so nách cóir do dhuine faillidhe do dhénamh fá na medáillibh nó fá na paidrínibh loghaidh, do bhríogh dá rabhad aige go ndíolfa a fhiacha ar bheagán saothair. Gidheadh, a ngeall ar loghadh ar bioth, ní cóir na déghoibre do léigean a ndearmad, ór así an díoluidheachd do-níd as dísle, as daingne, agus as tarbhuighe, do bhríogh gurab iomdha
coinghioll iarrthar dochum an loghaidh d'fhagháil agus gur minic theagmhas cuid éigin díobh 'nar n-égmuis; agus, fós, nách déin an loghadh dhúinn achd na fiacha atá oruinn do dhíol agus go ndíoluid na deaghoibre na seinfhiacha atá ag Dia oruinn 's go gcuirid nuaifhiacha grás agus glóire ar Dhia dhúinn. An t-aifriond do rádh nó a chor dá rádh aoinghníomh amháin as mó bríogh dochum an lóirghníomha dár órduigh Dia agus as mó dhíolas dod phiantuibh iná gníomh ar bioth eile, do bhríogh nách foil ann achd íodhbuirt do-beirthear dho Dhia, dá dhiadhachd agus dá dhaondachd, do órduigh sé féin do thabhairt dhó. Gur mór mealltar an mhuinntir léigios díobh a bpianta do dhíol ré tteachd go purgadóir. Dá léighthea, a Chríosduidhe dá ttug Dia grás na háithrighe lér fhillis ód pheacadhuibh, a sgríobhaid na naomhaithre ar ghéire bpian bpurgadóra agas smuainte doimhne do dhénamh orra, as deimhin leam go ndíolfatha gach pian dá bhfuil ort as na peacadhuibh do maitheadh dhuit lé déghoibrighthibh suil do rachtha dá ndíol don chruadhcharcair sin. An dá phrímhpéin atá a n-ifriond, .i. bheith a n-égmuis ghnúisi Dé gan a fhaicsin go bráth, agus ag fulang tineadh síorrdhuidhe, dá nách foil coimeas ná comparáid ag teinidh talmhuidhe ar bioth, atáid araon a bpurgadóir, achd amháin nách biad na hannmanna dá bhfulang go síorrdhuidhe ann, achd go gcuirfidhear críoch orra uair éigin. Adeir na naoimh gur géiri neimhnighe gan coimeas ná comparáid pían phurgadóra iná a bhfríth do phíantuibh ar an saoghal sa riamh. Dá réir so, as easbhuidh céilli do dhuine
'gá bhfuil a fhios go ndérna peacadha troma agus baramhuil gur mhaith Dia dhó iad gan an phían atá 'na ndiaigh air do dhíol do láthair an uair do-gheabhthaoi beigdhíluidheachd uaigh achd a leigean gusan áit si as nimhnighe agus as géire tine iná a bhfuil do theintibh agus do phíantuibh eile ar an ndomhan sa. Measuid fós doctúire áiridhi gurab iad na deamhuin bhias ag tabhairt a bpian d'anmannuibh purgadóra, agus, más fíor so, a Dhia, as mairg 'gá bhfoil rún air féin anois go bhfuilid pianta air agus nách díolann iad dá dhéoin féin agus é féin dá ttabhairt dhó achd a léigean gusan áit a bhfuighe iad ó lámhuibh deamhan agus diabhal, bhias lán do nimh agus d'aingidheachd 'na aghuidh. As fíor gur doiligh a thuigsin ciondus as éidir do na hanmannuibh an phían nimhneach sa do bheith orra agus a dhearbh aca go bhfuilid a ngrásuibh Dé agus ina ghrádh agus go rachuid fá dheireadh do chaitheamh glóiri síordhuidhe go flaitheamhnas, mar adeirid na diadhaireadha go coitcheann, agus beantar é as ráitibh na n-aithreach naomh adeir go ttugthar breath shlánuighthe nó dhamanta ar an n-uili anam ar an bpongc 'na sgarann risan ccorp, agus beanuidsean sin as an sgrioptúir. Agus taisbéntar an bhreath don anam féin, ór as uimi sin beirthear í, do bhríogh nách fhoil Dia 'na hainbhfheas suil beirthear í, agas, a gcás nách taisbéantaoi don n-anam í, do-chí sé féin go follus nách foil damanta, do bhríogh go bhfaiceann grádh ar Dhia aige agus fuath ar an bpeacadh, neithe atá contrárdha don mhuintir dhamanta. Maille ris sin, ní dhéin peacadh marbhtha nó sologhtha. An creideamh agus an dóthchas do bhí san saoghal aigi anaid aige go dul asdeach a nglóir, agas ní bhí creideamh nó dóthchas ag spiorad dhamanta. Dar leat, dá réir so, as deacair tuirsi nó dobrón óna bpiantuibh do bheith ar anmannuibh purgadóra. Tar a gceann so uile, tré órdúghadh nDé do-gheibh an t-anam a bpurgadóir pianta as ró
nimhnighe ináid pianta saoghalta ar bioth; agus ní háit so dochum a fhoillsighthe ciondus piantar iad, ór ní don mhuinntir dá sgríobhthar so bheanas sin do sgrúdadh, achd do na diadhairibh. As lór go n-abair an sgrioptúir go bhfuil teine as losgadh
na n-anmann agus go n-abraid na naoimh nach foil difir idir í agus teinidh iffrind achd go gcríochnóchthar í uair éigin agus go bhfuil teine ifrind síordhuidhe. Dobudh mór an phian leat iarunn dearg do chur ar bhall dod bhalluibh 'gá losgadh gé go mbeath a fhios agad go mbeitheá slán uaidh a gceann aimsire, agas ní mór go léigfeadh neimhnighi na teineadh dhuit smuaineadh ar an tsláinte do bhiadh chugad. Mar sin don anam a bpurgadóir atá a phian roinimhneach dá shíorlosgadh; agus, gé go bhfuil a fhios aigi go mbia slán lá éigin, ní léigeann burba na bpian atá do láthair air dhó smuaineadh ar an nglóir atá chuige achd go héttrom. A Dhia, as mairg don té chreideas so agus agá bhfuil rún air féin iomad fiach do bheith ag Dia air trés na peacadhuibh do-ríne, nách díolann iad gan mhoille suil rachus don phríosún thinntidhe si dá ndíol chomhnimhneach agus so; agus as mór an dalladh diabhluidhe an ní do dhíolfathá anois lé fírbheagán deaghoibreadh agus lóirghníomha do léigean gan díol gusan am agus gusan áit a mbeanfaidhear lándíol cruaidh gér nimhneach dhíot 'gad losgadh a ttinidh comhchosmhuil lé tinidh n-iffrinn 's gan achd súgradh a ttinidh shaoghalta 'na fochair. Ar an n-ádhbhar so, a Chríosduidhe ionmhuin lérab mían aithrighi chroidhe agus admháil do dhénamh ad pheacadhuibh, ná léig thort an tres rann don n-aithrighi, .i. an lóirghníomh; agus tionnsgain deaghoibre do dhénamh do dhíol na bpian atá ort comhluath agus fhillfeas tú ó sheirbhís an diabhuil, agus glac lóirghníomh mór ón oide faoisidne; agus, dá rabh sé meata dochum an lóirghníomha do chur ort, brosduidh féin é chuigi, do bhrígh mar adubhart cheana, gur mó go mór dhíolas an bhreath aithrighi chuirios an sagart ort dot fhiachuibh iná na deaghoibre do-ní tú uait féin. Déin ar an adhbhar so na trí deaghoibre adubhramar, trosgadh, urnuighthi, agus déirc, do réir th'acfainne spioradálta agus corpordha. As déirc ceithre hoibreacha dég na trócaire, agus ní fhuil duine ar dhomhan nach fuil ar a chumas mórán díobh do dhénamh. Agus, gé nách biadh maoin shaoghalta aige, an té 'gá bhfuil an mhaoin, déineadh féin ré mbás gach déirc budh
mian leis do dhénamh tar éis a bháis. As fearr coinneal romhad iná dá choinnil ad dhiaidh, agus do-chímid gur mainneachdnach bhíos clann agus caruid fá thiomna na marbh do dhíol agus nách mór smuainid ar na piantuibh bhíos ort a bpurgadóir go ndíoltar th'fhiacha, .i. na pianta dhlighe tréd pheacadhaibh. Sompladha diadha fa gan an lóirghníomh do léigean go purgadóir. Sgríobhuidh Antoninus naomh agus daoine eile ar dhuine áiridhe 'gá raibhe beatha mhaith agus do-rinne mórán deighníomh gur thuit a ttinneas an bháis agus gur claoidheadh go mór é leis an ttinneas ttrom ar feadh bhliadhna. Fá dheireadh, do ghuidh Dia go dúthrachdach fá bhás do thabhairt dó ionnus go gcuirthí críoch ar phéin a thindeis. Do cuireadh aingiol ó Dhia chuige agus adubhairt ris, "Do héisdeadh th'úrnuighthe lé Dia, agus beir rogha, fuireach san tinneas bháis sin ina bhfuile bliadhuin eile agus 'na dhia
dh sin comhluath sgarfus an t-anam réd chorp dhul do chaitheamh na glóire, nó gan fuireach ní as sia san tsaoghal achd bás d'fhagháil do láthair agus comhnuidhe do dhénamh a bpurgadóir trí lá amháin." "As áil leam" ar sé, "bás d'fhagháil gan mhoille dom shaoradh ar phéin an tinnis a bhfuilim ré bliadhuin agus bheith a bpurgadó
r ní hé amháin trí lá achd an feadh as toil lém Thighearna." "A n-ainm Dhé," ar an t-aingiol, "bíodh mar sin!" Fuair bás gan fhuireach, agus do-chuaidh a anam go purgadóir. Íar ccur lae do na trí laoibh tairis, táinig an t-aingiol chuige agus do fhiafraigh dhé ciondus do thaitin ris an rogha rug sé. "Ó a Dhia!", ar an t-anam, "as truagh mar do mealladh riot mé. Do ghealluis dhamh nách béin
ann so achd trí lá, agus atáim ann lé hiomad mbliadhan." "Má do mealladh thú," ar an t-aingiol, "ní a bfhad na haimsire atá an mealladh, ór ní fhoili ann so achd aonlá amháin fós do na trí laithibh, agus as é nimh agus géire na bpian atá ort chuirios d'fhiachuibh ort a mheas go bfhuili an feadh soin d'aimsir ann
so's gan tú ann achd aonlá. Má tá aireachas ort fán roghain, do-gheabhae an rogha
n eile 'nois, agus madh áil dul ar th'ais san gcorp gcédna, do-ghéna Dia grás ort do chur ann, agus atá gan adhlacadh fós, achd caithfe tú bheith bliadhuin san tinneas ina rabhadhais." "Do-bheirim míle moladh dom Thighearna. As mór na grása soin do-ní oram. Atáimsi réidh ar fhilliodh, agus ní hé amháin bheaith bliadhuin san tindeas sion agus fós bheith a ttindeas as mó go mór go deiriodh domhain dom shaoradh ar an áit si." Do filleadh an t-anam san chorp arís agus do aithris tuarusg
áil phian bpurgadóra, agus do chuir sin d'fhiachuibh ar mhórán do dhaoinibh an lóirghníomh do dhénamh gan fhuireach; agus, iar ccur na bliadhna tairis, fuair bás, agus do-chuaidh an t-anam go díreach go glóir shíorruidhe. Má do ghabh an t-anam so do roghain bliadhain d'easláinte nimhnigh seach bheith dá lá a bpurgadóir, mar sgríobhus an naomh sa agus ughdair eile, as follus nách éidir coimeas ná comparáid do dhénamh idir thinidh ttalmhuidhi agus teine phurgadóra ar nimhnighi agus ar bhurba; agus, dá bhrígh so, as daille dhamanta na fiacha do léigion gan díol gusan áit sin. Táinig duine riaghalta ar cuairt uair áiridhe dochum an abadh naoimh Olimpius, agá roibhi uaimh mar áras láimh lé sruth Iordain, agus adubhairt ris, "A athair, ní fhoil ní as iongantuighi leam iná ciondus fhuilngios tú bheith san áit bhoichd si, ór atá teas t'uamhadh agus an cheantair si uile comhchosmhuil ré teas tteiniodh agus atá lán d'ilphiastuibh agus do bheathadhachuibh gránda." "Fuilngim," ar an naomhab, "a dhearbhráthair, na neithe si do sheachna neitheadh as dofhuilngthe ináid, .i. pianta na tíre thall. Fuilngim an teas anbhorb so dom shaoradh ar an tteinidh tháll atá comhdhían coimhnimhneach agus sin nách múchfadh uisge na fairrgi uile éindrithle amháin di. Fuilngim ameasg na n-iolphiasd ngránda sa dom shaoradh ar an ccnuimh bhías do shíor ag crein an choinnsiasa san tír tháll. Do bhí ancaire áiridhe ann thug a bheathaidh a ttír a n-uaignios seachdmhodhad bliadhan. Do bhádar daltadha crábhuidh ag an tsheanóir agus do bhaoi fear dhíobh roileasg.
Tug an t-oide go minic a spreagadh dhó, dá rádh ris coimhne do bheith aige ar a anam agus ar phiantuibh na tíre tháll. Fuair an dalta díomhaoin bás. Do ghéruidh an t-oide ar a ghuidhe ag iarruidh ar a Thighearna sdaid an dalta soin do thaisbénadh dhó. Do-chuaidh a n-eaxdasis, .i. a néul spioradálta, agus do thaisbéin Dia dhó abhainn n-uathbhásaigh fá thuile thindtidhe agus iomad anmann 'na lár dá síorlosgadh, agus a measg cháich do-chonnairc a dhalta díomhaoin nách dérna an lóirghníomh 'na bheathaidh go soiche a smeigh 'na sheasamh san tuile dhúbhlasrach dhiabhluidhi sin, agus adubhairt ris, "A mhic, nách minic thugas teagasc dhuit na hoibreacha do chuirfeadh crádh ar do chorp do dhénamh ad bheathaidh, tré seachóntá na pianta sa fhuilnge anois?" "As fíor gur minic," ar eision, "agus uch, uch, uch, as truadh nár ghabhus do chomhairli a n-am, achd, do-bheirim glóir do Dhia trét úrnuighthe-si atá saoirsi 'gom chionn ó na piantuibh. Iar mbeth do mhanach áiridhe a bpongc bháis, do iarr go díthchiollach, mar as gnáth isna horduibh crábhuidh, an t-ab do ghairm chuigi iondus go bhfaghadh absolóid uaidh suil do-ghéubhadh bás. Ní roibhi an t-ab san mainisdir an uair sin, agus suil táinig asteach fuair an manach bás. Iar tteachd dhó, do indseadar na manaigh a mhionca do iarr an manach fuair bás é dochum absolóide d'fhagháil uaidh. Do bhaoi an t-ab ag smuaineadh ar sdaid an mhairbh, agus, iar mbeth dhó a bhfiaghnuise altóra áiridhe ag úrnuighthe, táinig an manach marbh chuigi agus do iarr absolóid ar a ghlúinibh air. Do ghlac uathbhás ádhbhal an t-ab agus níor éidir leis labhairt go ceann tamaill tré mhéd na heagla do ghlac é, achd tháinig chuigi féin agus adubhairt "Misereatur, etc.", .i. orrtha as gnáth do rádh san absolóid. Iarna rádh dhó, do iarr an marbh air breith n-aithrighi do thabhairt dhó. Do stad an t-ab, ag smuaineadh créd do-dhénadh (ní nár iongnadh, do bhrígh gur ní neamhghnáthach breith n-aithrighi do chor ar mharbhán). Fá dheireadh, tug breith air bheith a bpurgadóir go n-adhlacthaoi a chorp. Dar leis, dobudh beag sin, do bhrígh go roibhi gach ní réidh dochum an adhlaicthe do dhénamh ar ball. Iar ttabhairt na breithi si dó, do léig an spiorad sgreid n-uathbhásaigh agus adubhairt do
ghuth ghéirnimhneach ad-clos feadh na mainisdreach uile, "Uch, uch, uch, as truadh méud míothrócaire do bhreithi do chuir an feadh soin go purgadóir mé!" Do bhí Bráthair Mionúr tuata do chlainn ar naomhathar S. Proinnsias 'gá raibhi beatha bheanduighthe dhiadha 'na chomhnuidhe a mainisdir dár n-órd san Spáin san chathraigh dárab ainm Samora (do bhádhus
a féin san mainisdir). As í bá oiffig dhó bheith 'na spinnséir. Do-chuaidh a ccumann lé Bráthair Preisdiúr tuata, spinnséir mhainistreach S. Doimnic san chathraigh chédna. Do ghealladar an dís se dá chéili, gibé dhíobh do-gheabhadh bás ar tús, go ttiucfadh d'fhios an fhir eile do thabhairt sgéul na tíre tháll dhó, dá bfhaghadh cead ó Dhia chuige. Fuair an Bráthair Mionúr bás, agus, iar mbeith dá chompánach san phroinntigh ag dénamh a oiffige, tháinig chuigi. Do labhradar sealad ré chéile agus do innis na marbh neithe iongantacha don bhéo ar phiantuibh purgadóra agus go roibhi féin ionnta. Do fhiafruidh an béo dhe créd fá raibhe a bpurgadóir. Adubhairtsean nách roibhe d'fhiachuibh air achd, an uair do bhíodh ag roinn a ccoda ar an ccoimhthionól, nách déineadh na coibhrinn cothrom, achd go mbíodh barr ag cuid aca ar a chéili, agus 'na éiric sin go raibhe a lámh dheas ar dearglasadh, agus, dá dhearbhadh sin, do bhúail ar an mbórd í agus do loisg áit na ccúig méor go domhuin san cclár ndarach lé teine agus lé géire na lasrach do bhaoi asda. Agus atá lorg na láimhe sin aniogh go hiomlán san mbórd soin dubhloisgthe agus pláta airgid 'gá fholach ar a bhfoil glés osgailti dá thaisbénadh do dhaoinibh onóracha, ór, suil do cuireadh an folach air an ccuid sin don bhórd, do bhriseadh na daoine thigeadh dá fhéchuin ní éigin don chronn dhóite, dá bhreith riú dá mbrosdughadh dochum lóirghníomha do dhénamh ina bpeacadhuibh ré mbás; agus as iomdha duine bhrosduigheas aniogh féin chuigi so an lorg sin amháin na láimhe d'fhaicsin dubhdhóite. Do bhaoi aduocáid áiridhe agus duine eile a ccumann ré chéile agus do-ríneadar oirios ré chéile a ndiaidh bháis ceachdar dhíobh. Fuair compánach an aduocáid bás agus a cceann tríocha lá táinig d'ionnsoighi an aduocáid. Do indis dhó go raibhe a bpurgadóir. Do iafruidh an t-aduocáid dhe an roibhe pian
thalmhuidhe ar bioth coimhghér nó coimhnimhneach ré péin purgadóra. ('Dá) mbeth", ar sé "sléibhte, cairrge, agus coillte, an domhain si ar aonlasair, dob fhearr leamsa bheith a gceartlár na tiniodh soin iná san phéin a bhfuilim. Do bhí droichbheatha ag an aduocáid agus do leasuigh í lé huathbhás na sgéul fua
r ón marbh ar phiantuibh phurgadóra. Bean as na sompladhuibh si, a Chríosduidhe dá ttug Dia grása na haithrighe, an lóirghníomh do dhénamh a n-am agus gan a chor ar cáirde go purgadóir. Ní sgéoil earruidh ná sruthaireadh iad so, achd neithe sgríobhus naoimh agus mórughdair dár cóir creideamh. Smuain orra go grinn gérros
ach agus an ós a cceann go fadsduidérach, agus do dhéoin Dé 's dá ghrásuibh gluaisfidhear thú dochum an lóirghníomha do dhénamh gan mhoille. Dearbhadh oile as beathaidh na naomh go coitcheann gur neimhchéillidhe an lóirghníomh do léigean go purgadóir. As inchreidthi dá gach aon ina ealadhain féin, agus ní fhoil díthchioll ag an dalta fhoghlomtha as férr iná lorg an deaghoide do leanmhuin. Do-ní an t-óggaduidhe díthchioll gach cleas dár mhúin Lúicifer do sheanghaduidhe óirdheirc éigin do leanmhuin, agus, má théid tairis sin, measuidh nách bíonn éolach ná indtleachdach a n-ealadhain na gaduidheachda. As é as sttuidér don adhbhar leagha lorg Yprocaid agus Gailein do leanmhuin ag leigheas gacha hothair, agus, dá seachna an lorg sa do choimhéd, búdh cosmhaile an t-othar do mharbhadh leis iná a leighios. Luchd taisttil na mara bhíos ag tarraing don India nó go portuibh eile imchiana in nach rabhadar riamh, bídh ró-aire acu an slighidh do ghabhadar maruidhe óirdheirci eili ag dul do na háitibh sin do choimhéd; agus, dá ccuirdís rompa cárda nó cúrsa contrárdha dhóibh so do ghlacadh, do measfuidhe nach biadh fonn orra dul do na háitibh sin, nó go mbeadaois neimhchéillidhe.
Agus as urusa an ní cédna do thaisbénadh san uile chéird agus ealadhain eile. Mar a' gcédna, gibé léanab mian an ghlóir shíordhuidhe do ghoid nó do bhuain amach lé fóirneart, ní foláir dó oideadha óirdhearca éigin san obair sin do leanmhuin, agus, gibé lénab mian a anom féin nó anmanna oile atá lán d'easláintibh na bpeacadh do leighios, as cóir dhó ro-aire do bheith aigi ar mhaighisdribh leighis na n-anman do leanmhuin. Agus, gibé chuirios roimhe triall tré mhuir ngáibhthigh na beathadh sa (ina bfhuilmíd fá shíoranfa ón am fár briseadh ar long fhíréntachda lé peacadh ar seinnsear a bparthus) go purt imchian nimhe 'sa éolas nách foil aige, do bhríogh nach raibhe riamh ann, ní foláir dhó an cárda agus an compás do chongmhadar na maruidhe óirdheirci do thaisdil an mhuir si gan tuisleadh agus do-chuaidh slán don phort sa do choimhéd go róifhriochnamhach, agus, dá ndeacha tairis so nó dá nglaca cárda coimhidheach nó contrárdha, as mór an ghuais gur go port ifrinn bhéras éolas. As iad na naoimh gaduidhe glioca na glóire suthuine agus luchd a beanta amach lé foirneart na haithrighe; as iad as Iprocaide agus Galéna ann a n-ealadhuin leghis na n-anman. Atáid fós 'na maruidhibh móiréolacha san slighidh dhochraigh dhoi-éoluis si théid go purt nimhe, ór níor bhuailsead a long riamh fá cheachdar don dá charruig atá ag toirmiosg sligheadh nimhe fán muinntir thriallas ó chuan an tshaoghail si, .i. carruig ifrin a mbáitear go síordhuidhe an uile long bheanas innte, agus carruig phurghadóra atá a bhfogas di fa mbristear iomad long, gé go ttigthear fá dhéoigh ón mbriseadh agus ón mbáthadh sa lé mórán pian agus peannad d'fhulang. Ar an ádhbhar so, a Chríosduidhe chroidhe lér mian an ghlóir do ghoid, th'anam féin do leighios, agus éolas díreach do dhénamh go purt nimhe gan buain fá cheachdar don dá charruig chundtabhartuigh si, .i. ifrionn agus phurgadóir, glac iad so mar mhaighistribh chugad agus lean lorg na naomhoideadh sa muna fhoil fonn an tseachráin ort. Agus, do labhairt air an ní atá do láthair againn, ó thugais cúl ris na peacadhuibh maille
ré tuirsi chroidhe do bheith ort iompa agus léna ccur a bhfaoisidin go hiomlán mar do-ríneadar na naoimh romhad (ní asa ttáinig tosach a naomhthachda dhóibh) agus gur leanuis a lorg san dá rann sa na haithrighi, cuir thú féin a ccosmhuile riú, agus bíod 'na n-oideadhuibh agad mar an ccédna san treas rann, .i. san lóirghníomh, 'gá dhénamh gan fhuireach 's gan a léigean go purgadóir. Fécham ar na naomhuibh uile go coitcheann, tabhram gérradharc ar a mbeathaidh, agus do-ghéubham nách roibhe duine dhíobh nár ghlac a phurgadóir abhus d'eagla go bhfuigheadh tháll í; agus, mar do bhádar ar lasadh a ngrádh Dé agus na comharsan, níor lór léo a bpurgadóir féin do ghlacadh orra, achd thugadar díol mór uatha ar son cháich go spesiálta agus go geiniorálta, agus, as dá ndérnadar do lóirghníomh nách roibhe d'fheidhm orra féin agus dá ndénuid na naoimh mhairios anois (ní bhíonn an eagluis go bráth gan mórán naomh), do-ríneadh agus méduighthear gach laoi óirchisde na heaguilsi. Áirmhim ar na naomhuibh Ceann na naomh 's na n-aingiol, Íosa ar Slánuighthéoir 'sa lóirghníomh do sháruigh a ndérnadar agus ar fhuilngiodar ar chruthuidh Dia do dhaoinibh agus d'ainglibh. Áirmhim fós a mháthair bheannuighthe mhilis, an ógh fhíorghlan Muire, ar mbainntighearna, ar nach roibhi smál peacuidh gníomha nó sinnsear, do sháruigh cloinn nÁdhaimh uile a ndeaghoibrighthibh 's a lóirghníomh. Gibé léighios beatha na naomh, as follus dhó go ccaithdís a n-aimsior uile lé trí hoibrighthibh an lóirghníomha, .i. lé trosgadh, lé húrnuighthe, agus lé déirc, san chéill 'nar mhínigheamar iad thuas, c.4, ag áireamh ar an ttrosgadh an uile ní bheanas lé crádh an chuirp, ar an úrnuighthe an t-aiffrionn 's an tsheanmóir, 's ar an ndéirc oibreacha na trócaire uile, corpordha agus spioradálta. As deimhin, gé gurab é grádh Dé bá cúis phrinnsiopálta ag na naomhuibh fána mbeatha do chaitheamh mar so isna trí gnéibh deaghoibrightheadh sa, tar a cheann sin, gur ghluais eagla pian na tíre tháll go romhór iad dochum na bpian n-iongantach tugsad dá ccorpuibh féin san saoghal sa. As í an eagla sa thug ar Phól an céddíthreabhach diúltadh don tshaoghal 's dá mhaoin thalmhuidhe agus dul ar an
bhfásach a measg bheathadhach n-állta nách tairreóngadh dochum peacaidh é, agus a chorp do chrádh agus do chruaidhcheannsughadh go ndérna modh agus sglábh dhe don spioraid. Ní thugadh do bhiadh nó d'édach dhó achd a mbeanadh do chronn pailme, agus ní thugadh d'áras dhó achd uaimh nduibh ndoirche ná do leabaidh achd an talamh, mar sgríobhus seandoctúir eagnuidhe na heaguilsi. As í an eagla chédna tug ar Antoin naomh, cédoide na manach sa nuaidhreachd, cruaidhbheatha do ghlacadh do roghain, .i. arán, uisgi, agus salann, mar phroinn, carruig mar shealla, agus léine róinneadh ré a chneas, mar sgríobhus an naomhdhoctúir cédna. As é so thug ar Mhacárius naomh é féin do chur a bpoll thalaimh go soiche a sgórnuigh agus fuireach mar sin feadh thrí mbliadhan agus, 'na dhiaigh sin, fuireach dá fhichead lá ar a ghlúinibh ag síorghuidhe an Tighearna. As é thug ar an n-abaidh naomhtha Hilárion árus bá cosmhuil lé huaidh do dhénamh dhó féin i nach roibhi achd ceithri troighthe ar leithead agus cúig troighthi ar áirde, gan a bhearradh achd gacha cáisg, 's gan luidhe achd ar lomthalamh, 's gan d'édach d'iarraidh feadh a bheatha achd sac, 's gan sin féin do nidhe go soiche a bhás. As é thug ar an naomh mhóirmhíorbhuileach Symon Stelita a chorp do cheangal lé córduibh cruaidhe óna sgórnuigh go soiche a chaoldruim agus léigean dhó mar sin gur bhrén agus gur mhórgaidh a fhéoil agas a fhuil go hiomlán go soighe a chnámha, agus, fós, bheith 'na sheasamh bliadhuin ar leathchois ar barr cholamhna. As é an t-eagal sa fós thug ar na bannaomhuibh beanduighthe Marána agus Círa iad féin do dhúnadh a mballa chriadh gan díon do chur ós a cceann feadh a mbeathadh, gan achd beagfhuinnéog do bheith aca mar dhorus, agus ualach fhir chalma do shlabhradhuibh iaruinn do cheangal díobh féin dá mbraighdibh, dá lámhuibh, agus do chaol a ndromo.
As é fós thug ar an n-abaidh n-iongantach, a naomhthachd Arsenius, nár sguir a shúile ríamh do shíorghul ag díol pian a pheacadh. Agus as iomdha sompla iongantach oile bheanas risan n-ádhbhar so sgríobhthar lé seanúghdaruibh a mbeathaidh na n-aithreadh naomhtha nÉighipteach. Ós iad na naoimh as éoluigh neamhainbhfeasacha go tír tairngire nimhe agus as oideadha eagnuidhe a n-ealadhuin shlánuighthe na n-anmann, as cóir dhúinni atá 'nár ndeisgiobluibh aca a lorg do leanmhuin, agus, dá réir so, ó nách diongnam an lóirghníomh n-uathbhásach do-nídís ag crádh a ccorp abhus a ndíol a bpeacadh féin agus peacadh cháich d'eagla díola dofhulaing na tíre tháll, déineam cáil éigin lóirghníomha abhus dár saoradh féin ar ghérlasair ttinidh phurgadóra. Dearbhadh ar an ní ccédna a beathaidh árdnaomh ar ttíre féin. Dá bhféchmaois talta agus tíortha na hÉorpa, ní fhuighmís áit nó ionad is mó inar teaguisgeadh léighionn an lóirghníomh
, cúrsa an chruadhchrábhaidh, agus crádh na ccorp, abhus d'eagla pian pur
adóra lé hughdaruibh na heagna diadha agus lé hoideadhuibh éolacha na haithrighe iná ar ttír féin. Cáit a bhfuigheam cosmhuile do chruas beathadh ar naoimhchléire féin a réigión ar bioth eile don Éoroip? Cáit a bhfuigheam úrnuighthe mar a n-úrnuighthe, trosgadh mar a ttrosgadh, nó déirc mar a ndéirc? Léigheam beatha na naomh nEadáilleach, Spáineach, bFhranncach, nAlmainneach, go díthchiollach agus síneam iad lér naomhuibh féin, agus do-chífeam go coitcheann nách tigid dá ngoire a ccruas chrábhuidh ná a ccrádh a ccorp ná a léighionn an lóirghníomha. Do thaobh an trosgaidh, nách é bá gnáithbhiadh dár naomhuibh némhdhuidhe arán gainmhidhe agus biolar nó fuarluibhe
eile? Nách í bá gnáithdheoch dhóibh uisge na bhfíorthobar, agus an ccaithdís an bhochdphroinn sin féin achd aonuair amháin san ló agus sin a ndeireadh gach laoi, agus nách léighmíd orra go mbídís iomad do laithibh gan so féin do chaitheamh? Nách iad cuasa na ccarrog ndíamhar bá tighi dhóibh gan díon ós a ccion, nách léinte róinneadh bá míonbhruit léna ccneasuibh, nách dá ccois do shiubhladaois gan bhróig gan bhútais ar lorg nÍosa agus na n-absdal, agus nách é fothrogadh do-bheirdís dá ccorpuibh claoite tar éis mórshaothair sgiúrsadha géra dá ngreadadh? Leis na deaghoibribh si do chlaoieadar an cholainn chlaoinmhianaigh agus do chuireadar í fá umhlachd an spioraid, mar do-níodh Pól an t-absdal. Riú so do sheachnadar féin pianta purgadóra agus do dhíoladar iomad do phéin a ccloinne ghabhas slighidh na haithrighi agus fhoghlamas ní éigin do léighionn an lóirghníomha. Do thaoibh na hurnuighthe, así bá saothar lae agus oidhche dár n-árdnaomhuibh an feadh nach bídís ag teagasg an phobuil. An lasair ghrádha do bhí 'na gcroidhi, ní léigeadh dhóibh sgur do mholadh an mhóirDhia mhíorbhuiligh ná sdad a
cumann na gcrétúireadh achd bheith ag ceileabhradh agus ag caonchainnt réna gCruthuighthéoir a n-urnuighthe intinni agus gotha fhoirimiolaighe, tamall dóibh ag sgrúdadh rúindiamhar agus misttéireadh an Tighearna 'na ccroidhibh go hinmheadhónach, tamall eile ag gabháil dánta Dáuidhe, .i. ag rádh na psalm go séimhghothach, duanaire molta an mhóirRíogh. Do bhádar foghlamtha a ttuigsin an tshoisgéoil 's an tseinsgrioptúir, agus ní ó mhaighisdribh talmhuidhe achd ó Dhia ghlórmhar fuaradar a n-éolas 's a n-eagna, thug tuile ghrás dhóibh lér thuigeadar a reachd 's a léxa lé beagshaothar nách cuireadh toirmeasg orra ón tsíorúrnuighthi. Agus tuigthear as a mbeathaidh gur sháruighsiod naoimh na hÉorpa go coitcheann san simplidheachd naomhtha neamhainbhfiosaigh si. Iomdha dearbh ar a n-abruim do thaobh na húrnuighthe, na h-aibsdinéidi, agus chráidh an chuirp, a mbeathaidh ar n-árdnaomh n-óirdheirc Coluimcille agus Brighid, agus go sunnradhach a mbeathaidh
ar n-árdphátrúin Pádruig. Léigheadh an té fhédus a mbeathadha. Do roinneadh Pádruig, ar bpríomhfháidh 's ar bpátrún beannuighthe, an oidhche a ttrí codchaibh, mar adeir a bheatha. Do-níodh dá chéd sléuchduin san chédchuid dhi agus adeireadh dá chaogad psalm ag moladh an Dúilimh. Théighiodh an dara cuid don oidhche a ttoibribh fuara fíoruisge agus do bhíodh ionnta go n-abradh an treas caogad psalm do dhuanaire Dé, saltair Dháuidhe. Do-bheireadh an treas cuid dá chorp lé codladh; gidheadh, ní leabaidh fhlocais ná clúimh éon do chuireadh faoi achd leac fána cheann, leac fána chom, agus leac fána chosuibh. Iomdha séula a shíorúrnuighthe agus comhartha a chruadhchrábhuidh agus lorg a lóirghníomha ar Loch nDearg, a nDún, ar an cCruaigh, a Sabhall, a Sruthuile, agus a n-iomad d'áitibh eile dob fhada lé a ccor síos ann so. Do-choncamar féin na toibre si a ndéineadh an úrnuighthe, na clocha ar a ccodladh, an leabaidh phianta ina mbíodh ag eadarghuidhi an aoinDia fhírindigh grás agus trócaire do thabhairt dá phobal. Guidhim Dia tré sheirbhís an árdnaoimh go bfhaicear arís iad gan toirmiosg teagusg na naomh dá sheanmóir agus a lorg do leanmhuin ionnta. As deimhin gur mór do ghluais Pádruig chuigi so an fonn do bhí air é féin agus a chlann do shaoradh ar shírphianuibh iffrinn agus ar thinidh nimhnighe phurgadóra. Uime so do órduigh na turuis agus na hoilithre oirdheirce ar an gCruaigh, a nDún, a Sabhall, agus a mórán d'áitibh eile. Agus as é thug air purgadóir spesiálta d'iarruidh agus d'fhagháil abhus ó Dhia ar Loch nDearg dhó féin as dá chloinn do sheachna purgadóra na tíre tháll, ní nách léighmid go bhfuair naomh nó bannaomh eile ríamh roimhe ná 'na dhiaidh. Mo thruaidhe, mo thruaidhe, nách fuilingthear anos tré chumhachd an chlaoinchreidimh na turuis bheanduighthe si do fhágbhadar ar naoimhchlíar aguinn do dhénamh lóirghníomha abhus 'nar bpeacadhuibh 's do sheachna pian na tíre tháll do thathuighe. Mo mhíle truaidhe an trommallachd do luigh oruinn tré a bfhuilngionn Dia na sgolta sa an lóirghníomha, áite aoibhne na haithrighi, do thoirmiosg umainn, ní as a ttiocfa mílte aguinn
do losgadh a linntibh teintidhe ifrinn agus purgadóra. As deimhin gur róthrom ar bpeacuidh trér toirmiosgadh tathuighe naomh-Locha Deirg oruinn. A Dhia ghlórmhair, as iomdha anam Éirionnaigh a nglasuibh an diabhuil aniogh trésan nglas atá ar an loch ndiadha n-ainglidhe si. A Dhia, as iomdha croidhe arna chruadhúghadh a cciontuibh do dhíoth uisge na haithrighi do-ghéubhthaoi 'na thonnuibh san áit n-aoibhinn némhdhuidhe si. A Dhia, as iomdha anam 'gá shíorlosgadh a n-iffrionn 's a bpurgadóir do dhíoth an uisge naomhtha sa do toirmiosgadh orra lé cérduibh an chlaoinchreidimh. A Dhia, as iomdha duine ar ainéolus a n-ainbhfios shligheadh a shlánuighthe do chuirfidhe ann so ar fhíréolus anma. As deimhin leam go ttug Dia dár naomhathair Pádruig do phríbhiléid tuile ghrás do dhórtadh ar chroidhibh na muinntire thig don n-oilén naomhtha sa lé ccaoinid a ccionta agus lé ndéinid lóirghníomh ionnta, agus measuim nách dérna duine ríamh a thuras nár mhothuigh ann féin an claochlódh sin ó olc go maith, ó pheacadh go haithrighe, ó dhubháilcibh go subháilcibh. A Dhia ghlórmhair, guidhmíd thú a n-onóir an érláimh Phádruig fuair uait an loch naomhtha sa do nidhe peacadh a phobuil, tigeadh dod ghrásuibh an tshlighidh d'osgladh chuige agus gach duine atá 'gá thoirmiosg sin do thairreang as an neimhchreideamh ndorcha ina bhfuil dochum soillsi an chreidimh Chríosduidhe do theaguisg tú dhúinn trér n-árdabsdal do sheanmóir do thshoisgéul go móirmhíorbhuileach eadruinn. Níor léigsead dhíobh fós ar naoimh treas obair an lóirghníomha, .i. an déirc. Saoilid luchd an ainbhfiosa nách fuil do dhéirc ann achd bíadh nó édach nó airgiod do thabhairt do bhochduibh, agus, do bhrígh nách rabhadar ar naoimh saidhbhir a maoin shaoghalta, ór thugadar cúl ré toice ttalmhuidhe a ngeall ar sheirbhís nDé, dar leat, níor éidir léo an treas obair si an lóirghníomha, .i. an déirc, do dhénamh. Ainbhfiosach an té do-bheir an bharamhuil si, do bhríogh gurab é a riachdanus do thabhairt don churp cuid as lugha don déirc. Así an déirc ann, amhgar, uireasbhuidh, éigion, nó cruadhchás, na comharsan d'fhurtachd. Agus, gibé do-bheir furtachd spioradáltha uaidh, as mó an déirceach go mór é iná an mhuinntir do-bheir déirc chorpordha uatha, ór, an mhéid
gurab uaisli an t-anam iná an corp, as uaisle mar dhéirc a riachdanas do thabhairt don n-anam iná don chorp. Ní bhídís ar naoimh achd ag síorbhiathadh agus ag síorédúghadh anmann an phobuil ag teagasg an tshoisgéoil agus sligheadh a slánuighthi dóibh, ag leigheas a n-easláinteadh spioradáltha, 'gá sgaoileadh óna bpeacadhuibh. Agus is risan n-obair si do chaithdís an aimsir nách caithdís risan dá obair eile adúbhramar, agus, dá bhríogh sin, bá mó go mór na déircigh iad ináid na daoini toiceacha do-bheireadh biadh agus édach d'iomad bochd; ór do bhídís ag síorfhurtachd ar amhgur agus ar bhochdachd na n-anmann ag síordhénamh seachd n-oibrightheadh spioradáltha na trócairi ar ar labhrus tuas, c. 4, agus as mó an luaighidheachd go mór saothar do ghlacadh ar son anmann iná ar son chorp na ccomharsan. Gonadh aire sin as fearr an tshlighe dochum Dé do dhuine bheith ag seanmóir agus ag miniostrálachd na sácramuinteadh anois 'nar ttír bhoichd iná saidhbhrios mór saoghaltha do bheith aige, gé go ndíongnadh iomad déirce agus daonnachda ris. An chuid fós dár naomhuibh 'gá raibhi maoin, as iad na déircigh do thaoibh an chuirp féin dob fhearr ar bioth iad; gidheadh, an ní dá ngoirthí daondachd aguinni go ttrásda, .i. biadh, airgiod, agus édach, do thabhairt do chearrbhachuibh, do mhnáibh siubhail, do ghéocachuibh, do chleasuidhibh, 's do luchd díomhaoinis, ní dhéindís é ar énchor, agus ní daonnachd a dhénamh achd diabhluidheachd dheimhin. Agas as mór an t-aindligheadh do-níd ar Cholaimcille ar bpátrún, an mhuinntir adeir go mbíodh go fial fairsing leis na dronguibh si. Níor smuain óglach díleas Dé bheith ag cúmhdach luchda leanamhna Lucifeir ina n-olcuibh. Do bhíodh fial le bochduibh Dé agus leis an gcuid do na drongaibh si adubhart do fhágbhadh a ndrochsttaid, agus as mar sin thuigthear go raibhe lán d'oineach agus d'fhéile; achd, an mhuinntir do anadh 'na gciontuibh, ní congnamh do-bhéradh dhóibh achd a mbochdachd do mhédúghadh dá ttarrang ón ulc. Féuch, a Chríosduidhe dá ttug Dia grása na haithrighe, ar beathadhaibh na naomh go coitcheann, cionnus do-nídís lóirghníomh abhus d'eagla na bpian thall. Féch ní as friochnamhuighi ar naomhuibh do thíre féin agus ní as roifhriochnamhuighi
ar ar n-árdphátrún Pádruig ó bhfuaramar aibidil an chreidimh agus tosaighe an t
oisgéoil, ciondus do chaitheadar an aimsir ó thús a n-aithrighe ris na trí hoibribh si an lóirghníomha, .i. trosgadh, úrnuighthe, agus déirc; agus, ós oideadha dhuit iad a n-ealadhuin th'anma do shlánachadh, lean a lorg isna deaghoibrighthibh si agus ná léig an lóirghníomh anunn gan dénamh. Ní ag iarruidh ort atá
m leithéid an lóirghníomha do-rinneadar na naoimh do dhénamh; ní dá gach aon do-bheir Dia an tuile ghrás tug dóibhsion, agus ní fhuil d'fhiachuibh ort aithrighe iongantach mar a n-aithrighe-sean do chor romhad, achd amháin, guidhim thú, ná bí maindeachdnach gan cuid mhaith dot aimsir do réir do sdaide do chaitheamh ris na trí hoibrighthibh si. Agus, dá ndéarna tú soin, as deimhin leam go gcuidéocha lóirghníomh láidir na naomh léd lagoibrighthibh ar mhodh do dhéoin Dé gurab beag bhías ré a dhíol ort a bpurgadóir. Ór, as do chuidiughadh riot do-ríneadar mórán don aithrighi iongantaigh adubhramar, do bhríogh nách mór di do bhí d'fheidhm orra féin tré ghloine a mbeathadh, agus ní fhuil amharus gur offráladar barr a lóirghníomha go spesiálta ar son a ccloinne leanas a ccáil éigin do réir a sdaide a lorg san lóirghníomh. Bean as a ndúbhramar gan slighe shaoibhchléire an chreidimh fhállsa do ghlacadh a ccúis lóirghníomha do dhénamh ad lochduibh. Naimhde do shacramuinnt na haithrighe iad, agus ní háil léo luagh ar lóirghníomh. Do ghabhadar slighidh bhfairsing na hantola agus do sheachnadar an casán caol cheanglas ré Dia sinn agus bheirios iúl go tigh nimhe. Sín ré chéile taobh ré taobh beathaidh na saoibhchléire si agus beathaidh na naoimhchléire némhdhuidhe ar ar labhras agus do-chífe go follus cia dhíobh leanus lorg Chríosd agus na n-absdal. Ad-chíthfe gurab iadsan ghabhus slighidh bhfairsing ainmhiannuigh na colla ghluaisios go hifrionn agus gurab iad so ghabhus casán cumhang an chruadhchrábhuidh thairringios go beathaidh shuthain sinn. Agus, ó tá gráin agad ar a ccreideamh súd, bíodh fós roghráin agad ar a mbeathaidh, an mhéid go bhfuil contrárdha do bheathaidh na naomh is na n-absdal. Agus, ós ó Phádruig do ghlac tú creideamh
Chríosd, bíodh a bheatha agus beatha na naomh do lean é 'na sgáthán at fhiaghnuisi dod chor féin a ccéim éigin a ccosmhuile riú. Bean fós as an ccomhrádh adubhramar, má táid cliar an chreidimh nua ar déighshlighidh, gur amadáin Pádruig, Colaimcille, Bríghid, agus naoimh ar ttíre uile, agus gur daoine roileamha na naoimh eile do chráidheadh a ccurpa mar do-chualabhair. Leamh iad na hógha, na coinfeassóire, na mairtire, na habsdail, na soisgéoluidhe. Ní hé amháin, leamh í Muire máthair Dhé, agus as leamh do bhí Críosd ar Shlánaighthéoir féin, nó atáid an chliar sa ar saoibhchéill. Ór atá a ndérna Críosd agas na naoimh ó ghníomh agus ar theagasgadar ó bhréithir contrárdha dá ndéinid agus dá tteagasgaid an nuaichliar sa. As é bá sduidér do na naomhuibh uile a ccolna do chrádh, dá ccur fá umhlachd an spioraid do réir theaguisg Chríosd a béul Phóil. Sásadh agus sádhaileachd do-bheir an chliar nua dá ccorpuibh tré a ccuirid é ós ceann an spioraid. Biadha bochda as trosgadh fada do-níodh ar naoimhchliar; biadha blasda, cuirthi, as comhól, iarruid ar nuaichliar. A léintibh róinneadh as gan chompáin achd cruadhchlocha do chodladh ar naoimhchliar; leapa boga, Mór as Mairghrég, bhíos 'gár nuaichléir. Clann ón spiorad do gheiniodh a' naoimhchliar; clann na colla charus an chlaoinchliar. Cainntice na psalm ag moladh an Dúilimh bá céol oidhche agus laoi do
naoimhchléir; gáir chailleach as chloinne as céol don tuaichléir. sic. Lóirghníomh gan lochda do-níodh an chaoimhchliar; lochda gan lóirghníomh do-ní an ghaillchliar. Déirce diadha do-níodh an tshaoirchliar; díbeirt na mbochd do-ní an chaimchliar. Iodhbairt Uain Dé san aiffrionn do-níodh ar naoimhchliar; suipér salach Chailbhín chollaigh do-ní an daoirchliar. Lé grás ó nimh 's lé neart míorbhal do theaguisc ar seinchliar soisgéol Íosa; lé míoghrás mór as lé fóirneart ttalmhuidhe mhúinios an nuaichliar léighionn lobhtha Lutéir agas caimchiall Chailbhín. Go bhfios dhamhsa, ní mó atá Dia agus an diabhal a n-aghuidh a chéili ná an dá chléir si ina ccáil féin, agus, dá bhrígh sin, ní héidir gurab ó Dhia atáid araon, agus, ós follus go bhfhuilid na slighthe ar a siubhlaid contrárdha dá chéili, as deimhin nách
go tigh nimhe atáid ag triall araon. As éigin ar an n-ádhbhar so go bfuil clíar dhíobh a n-aghuidh Dé agus ag tabhairt cúil ré neamh, agus, dar mo chubhais, ní díobh sin Pádruig, Colaimcille, Bríghid, ná an mhuinntear leanas iad. Abair féin an chuid eile dhe! Iomdha ní, mar do-chuala, adubhairt an bráthair beannuighthe, mac dlisdeanach S. Proinnsias, buabhall binnghlórach do thogh Dia do theagasg agus do sheanmóir a shoisgéoil 's do dhénamh cogaidh ré luchd leanta Lusifeir, na peacuigh, aga bhfuil coróin glóire anos ar son a sheirbhísi, .i. Eóghan Ó Dubhthuigh, ag coimeas na cclíar sa ré chéili. Coimhnighim ar an rann so dá chuid: {C Fil.} Turus Phádruig ar an cCruaigh, a throsgadh san uaimh féch súd; an chliar sa ann dá bhfaghaid neamh, duine leamh mac Arpluinn úd. {C Prós} Go deimhin dob fhíor dhó, ór teaguisgidh an nuaichlíar agus do-níd an uile ní contrárdha do bheathaidh agus do theagusg Phádruig. Ar an n-ádhbhar sin, má táidsion ar shlighidh fhlaitheamhnuis, do bhí Pádruig 'na amadán ar seachrán nó 'na chluanaire chealgach, agus do thairring sinne 'na dhiaigh lé hainbhfios nó le cealguibh, agus as míorbhuile bhrégacha a ndérna dhúinn. Creideadh so an té lérab áil bheith 'na bhall 'gan diabhal, gabhuimsi lé Pádraig agus creidim nách roibhe ainbhfiosach ná cealgach achd feasach fírghlic simplidhi, agus do-bhéruinn mionda go bhfuil an nuaichliar ar lár an tsheachráin 's nach fuilid saor ar chealgaibh.
An Ceathramhadh Rand don Leabhrán. Don Absolóid. Beanuid na trí codcha ar a ttángamar go suighe so leis an n-aithridhe féin, .i. tuirsi chroidhe, admháil bhéoil, agus lóirghníomh láimhe, agus as díobh so goirthear go coitcheann trí codcha na háithrighe; gidheadh, dá labhram ar shácr
muinnt na haithrighe, así an ceathramhadh cuid, .i. an absolóid, rann as prinnsiopáltha dhi. An t-aithridheach chuirios na trí cotcha eile innte; an sagurt iomlánus í risan gcuid si na habsolóidi; ór as é as absolóid ann breith sgaoilte ó pheacadhuibh bheirios an sagart 'gá bhfuil úghdardhás chuige sin ar an tté admhas iad maille tuirsi tréna ndénamh. Gé gur risan sagart féin bheanas fios na coda sa do bheith aige, tar a cheann sin, ní foláir don aithridheach cáil éigin dá fios d'fhagháil, go mórmhór ar an aimsir si a bhfuilmíd, a n-uireasbhuidh daoine do-bhéradh éolas dhúinn. An lóir duini do bheith 'na shagart dochum na habsalóide do thabhairt uaidh? Adubhart gur breith sgaoilti ó pheacadhuibh an absolóid agus gurab é an sagart bheirios an bhreith. As éigion sa n-uile bhreitheamh
as an chúis d'innsin, dearbhadh d'fhagháil uirre, agus úghdardhás do bheith 'gan mbreitheamh. Dá bhríogh sin, ní bhia fóghnamh ar an absolóid go n-innistear an chúis, .i. na peacaidh, ar tús agus go ndearbhthar iad; agus do-níthear gach cuid díobh so an uair admhas duine féin a chionnta marbhtha go hiomlán, ór as é an t-aithrigheach féin do-ní agus as air féin do-níthear an gearán, agus, do bhrígh nách maithtear a lochda do
dhuine ar bioth go ttaisbéna ar tús gurab olc leis a ndénamh, ní foláir maille hinnisin agus ré hadmháil na bpeacadh tuirsi do thaisbénadh fá theagmháil inntibh. Gonadh airi sin nách foil bríogh ar bioth san fhaoisidin gé go gcuirfidhe na peacadha uili síos an uair nách taisbéntar comharthadha tuirsi agus dobróin fána ndénamh. Agus, gé nách éidir lé duine ar bioth an bhreith si na habsalóide do thabhairt amach achd lé sagurt, do bhrígh gur leis na habsdaluibh agus léna ccomharbuibh adubhairt Críosd tar éis na heiséirighe, "Glacaidh chugaibh an Spiorad Naomh; gibé dá maithfidhe a bpeacadha, beid maithte", tar a cheann so, ná tuig gurab éidir lé gach aonsagart absolóid do thabhairt uaidh, do bhríogh nách déin an tshagurtachd amháin breitheamh do dhuine dochum sgaoilte na bpeacadh, achd as éigion cumhachd eile d'fhagháil chuige so ós ceann na sagurtachda, .i. úghdardhás breithim d'fhagháil ón n-eaglais dochum sgaoilti na bpeacadh. Do-beirthear an t-údardhás so do na sagartuibh ar dhá mhodh go coitcheann, .i. an uair do-bheirthear beinifís porráisti nó cead nó beandachd spesiálta ó easbog nó ó phréuláid oile 'gá bhfuil ughdardhás easbugtha dhóibh dochum faoisidneadh d'éisdeachd, mar do shnai
mchinn comhairle Triont. Ar an n-ádhbhar so, féch an sagart ar a n-iarfae an n-absolóid, an é as sagart porráisti dhuit, agus, munab é, féch agus fagh a fhios an bhfuil cead nó beannachd an easbuig aigi, nó fhir áiti an easbuig iar mbeith do chathaoir an easbuig folamh. Achd, má gheibh tú fios go bhfuil úghdardhás ón phápa 'gan sagart, as lór sin, ór as é biocáire Chríosd príomheasbug agus príomhshagart na heaguilsi uile, agus as uaidh atá ughdardhás anois go coitcheann ag na daoinibh riaghalta agus ag mórán do na sagartuibh thig tar lear dár ttír, do bhríogh nách fuilid easbuig againn fá-raor achd pseudeasbuig atá a n-earráid chreidimh. Gidheadh, atáid cáis áiridhe inar lór duine do bheith 'na shagart amháin dochum absolóide do thabhairt uaidh. An cédchás díobh, airteagal bháis 's gan agad ach sagart simplidhe amháin. An dara cás, an uair nách fuil agad achd peacadha
sologhtha nó peacadha marbhtha do chuir tú a bhfaoisidin cheana. An treas cás inar lór duine do bheith 'na shagart amháin, dá n-iarradh an pápa absolóid. A ccás nách bíadh easbag ad ghoire nó duine 'gá mbíadh úghdardhás uaidh agus go bhfuilid sagairt shimplidhe ar fagháil agad, .i. sagairt ag nách fuil beinifís porráisdi ná cead faoisidne d'éisdeachd go spesiálta ó easbog nó ó phréláid easbugtha, agus go bhfuil am faoisidne bhliadhna nó comaoine do dhénamh agad, dobadh maith an chomhairle dhuit an uair si peacuidh sologhtha éigin dá mbíadh ort maraon léd pheacadhuibh marbhtha do chor a bhfaoisidin don tshagart shimplidhe féin agus absolóid d'fhagháil uaidh; agus as éidir leis t'fhuasgladh ód pheacadhuibh uile 'na leithid sin do riachdanus, do bhrígh go bhfuil cumhachd 'gan uile shagart ar na peacadhuibh sologhtha, agus nách sgaoiltear iad so leis an absolóid achd maille na grásuibh dhoirtios san n-anam, agus gurab é as nádúir do na grásuibh gan fulang a n-éintigh lé peacadh marbhtha go bráth; gidheadh, muna chuireadh peacadh sologhtha éigin san fhaoisidin, ní bhíadh an absolóid dleisdeanach, do bhrígh nách bíadh cumhachd 'gan tshagart ar aonchuid do na peacadhuibh. As tarbhach fios an cháis
i do bheith ag duine ar an aimsir si, do bhrígh gur doiligh úghdardhás d'fhagháil 'nar ttír mar nách fuilid ea
buig innte achd duini nó dís, agus iad sin a bhfolach, d'eagla pian agus príosúin. Agus as é an riachdunas
a thug oruinne smuaineadh air, agus résún maith (do réir ar mbreith
mhnuis féin) do chur leis, gé nách labhruid na doctúireadh air, mar nár bhean an riachdanus dhóibh. Achd adeirid ní as a mbeantar é go follus agus as é so an ní sin: An uair theagmhas cáis easbuig nó pápa ar dhuine (.i. peacadh 'sa sgaoileadh atá ar cumas an easbuig nó an phápa amháin) agus nách fuil fear a sgaoilte dá ghoire agus go bhfuil am
fao
sidne bliadhna nó comaoine ann, as éidir don uile oide faoisidne absolóid do thabhairt dhó san riachdanus sin óna pheacadhuibh uile, do bhrígh go bhfuil cumhachd aigi ar na peacadhuibh eile atá air nách fuil 'na ccásuibh easbuig nó pápa, agus nách éidir absolóid do thabhairt inntibh so gan a bhfuil do pheacadhuibh marbhtha ar an n-aithrigheach do mhaitheamh dhó; ór ní mhaitheann Dia aoinpheacadh marbhtha do dhuine gan a mbíd air dhíobh do mhaitheamh dhó. Gidheadh, atá d'fhiachuibh ar an tté se, an uair bús éidir leis duine d'fhagháil 'gá bhfuil úghdardhás sgaoilte ó chásuibh pápa agus easbuig, na cáis sin ór sgaoileadh é do chur a bhfaoisidin arís chuigi, ór níor maitheadh iad gan an t-ualach sin do chor ar an n-aithrigheach. Mar so, adeirimsi, an uair nách fuil agad achd sagart simplidhe nách fuil 'na oide faoisidne 's go bhfuil tú san riachdanas rémhráiti sin, gurab éidir leat faoisidin do dhénamh leis an sagart sin féin, achd amháin go ccuire tú mar aon léd pheacadhuibh marbhtha peacadh éigin sologhtha nó peacadh marbhtha do chuir tú a bhfaoisidin roimhe sin síos, gidheadh, an uair do-gheabhus tú oide faoisidne 'na dhíaigh sin, atá d'fhiachuibh ort na peacadha marbhtha do sgaoileadh dhíot do chur a bhfaoisidin chuige arís. Agas as maith do-dhénadh an sagart simplidhe do-chífeadh é féin gan úghdardhás so do chor a ccéill do chách 'na leithéid sin do riachdanus, agus é féin dá dhénamh an uair nách bíadh aige achd sagart oile simplidhe agus é 'na leithéid sin do chás, nó má tá d'fhiachuibh air an t-aiffrionn do rádh ar mhodh nách éidir leis a léigin thairis gan sgannail. An bhfuil feidhm ar an absolóid do-geibhthior ó shagart atá 'na pheacach nó 'gá bfhoil beatha neamhghlan go follus? Trí neithe iarrthar a bhfior miniostrálachda na sácramuinti si, .i. cumhachd, deaghbheatha, agus léighionn. Adubhramar
cheana an riachdanas atá don chédní, .i. don chumhachd, agus nách lór chuige duine do bheith 'na shagart gan úghdardhás oile ós a cheann soin d'fhagháil. Do thaobh an dara neith, .i. an deaghbheatha, do bhríogh go bhfuil rófhonn ar slánuighthe ar Chríosd agus gur mian leis na luibhe uaisle do fháguibh againn agus do cheanduigh go daor ar a luach fola, .i. na sacramuinnte, do dhul a ttarbha dhúinn gan toirmiosg, níor órduigh gan foghnamh do bheith orra muna rabhadh deaghbheatha ag fior a miniostrálachda, .i. gan peacadh marbhtha do bheith air, achd do órduigh gan droichbheatha an tshagairt do dhénamh díoghbhála ar bhioth don tshacrámuinnt nó don té ghlacus í, mar adeirid na comhairleacha agus na naomhaithre agus na diadhaireadha uile. Ar an n-ádhbhar so, ná bíodh neimhchiúnas ort tré dhroichbheathaidh an t
agairt ó bhfaghae a n-absolóid, ór, gé go mbeth 'na eirice agus 'na pheacach ghráineamhuil, atá a absolóid coimhbríoghmhar risan n-absolóid do-bhéradh Pádruig an príomhfháidh uaidh, má chongmhann an fhoirm fhírinneach agus gach ní eile iarrthar achd amháin bheith a bpeacadhuibh marbhtha dhó. Ó Dhia atá
chumhachd ag an tshagart ní ar a shon féin achd do dhénamh do leasa-sa tré mhiniostrálachd na sacramuinnteadh, agus ní bheanann de é tréna dhroichbheathuidh féin d'eagla do dhíoghbhála-sa do theachd as. Gibé glés ar a bhfuighthea párdún an ríogh tar éis do bheith a ttréutúrachd, dobadh lór dhuit a fhagháil agus do bhiadh daingean gé gomadh droighsheirbhíseach nó tréutúir eile do thoirbhéradh ort é achd amháin an séula ríoghdha do bheith air. Ní fhoil san absolóid achd párdún ó Rí nimhe don té do bhí a ttréudúrachd 'na aghuidh air shluadh a namhad ag seirbhís don diabhal; agus, dá bhrígh sin, ní chailleann éinní dá luach ná dá dhaing
e tré olcus an té thoirbhirios í; achd do-ní an sagart peacadh rothrom ag toi