Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scáthán Shacramuinte na hAithridhe

Title
Scáthán Shacramuinte na hAithridhe
Author(s)
Mac Aingil, Aodh,
Compiler/Editor
Ó Maonaigh, Cainneach
Composition Date
1618
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1952)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Scáthán Shacramuinte na hAithridhe.
arna chuma
don bhráthair bhochd d'ord San Froinsias,
Aodh Mhac Aingil,
léghthóir diadhachda a ccoláisdi na mbráthar
nÉirionnach a Lobháin.
Emanuel Telaph.
Iarna chur a ccló maille ré húghdarrdhás. 1618.


L. 3


Chum an Léaghthóra.



As truagh, a Chríosttuidhe, agus a dhaoire do chosain dár
Slánuighthéoir Íosa Críosd órdughadh na sacramuinnteadh dár
slánoghadh, loighead an díthchill, an ullmhuighthi, agus an scrúdtha,
do-nímid oruinn féin dochum a nglactha. Créd iad seachd
sacrámuinti an nuaireachda achd seachd srotha grás ag sileadh
ó thobar thaoibhi Íosa do tolladh san ccronn dár cceandach?
Créd fár doirteadh an diadhfhuil si Chríosd achd ionnus go
sildís na 7 srotha íocshláinti si uaidh do leighios pheacadh bhfer
ndomhuin? Nó créd fár ghlac an nádúir uirísiol urchradhach
sa 'na thiomchioll achd iondus go bplanntuigheadh na seachd
luibhi uaisli si a ngarrdha na heaguilsi do leighios easláinti
an pheacuidh do plantuigheadh a ngarrdha párrthuis lér sinnsear
Ádhamh? As truadh, dá réir so, go ttig dár neamhullmhughadh
's dár neamhchuidioghadh féin lé Dia gur minic nách déinid
na sacrámuinti si, do chosain comhdhaor agus so d'Íosa Críosd
dár tTighearna, maith dhúinn 's nách díbrid ar bpeacadha uainn;
ór, gé go bhfuil brígh némhdhuidhe neartmhar ionta dochum an
uile mhaith spioradtha d'fhagháil dhúinn agus chum an uile uilc
anma do sgrios uainn, níor thoil lé Dia iad dá ndénamh so gan
ar ccongnamh féin do bheith ríu, agas, fá-raor, ní chuirmídne
saothar oruinn fán ccongnamh sa do thabhairt uainn, cuid aguinn
tré mhailís agus cuid eili tré ainbhfios; agus, gé go tteagmhann so do
luchd glactha gacha sacramuinti, as mó an díoghbháil do-ní
do thaoibh sacramuinti na haithridhi do bhrígh go bhfuil
coitchean<n> ag cách uile 's go bhfuil do riachdanus ar an n-uili
dhuine do-ríne peacadh marbhtha iar mbaisdeadh 's nách éidir
maitheamh an pheacuidh sin d'fhagháil gan í. Agus as uimi so
ghoirid naomhaithri na heagluisi dhi an dara clár tar éis an
luingbhristi. Do bhámar a luing fhíréndachda sheinsiordha a
bparrthus, agus do briseadh í fá chrann na haithne tré anfadh
uabhair agus antola Ádhaimh as Eubha, agus do díbreadh sinn ór
ttír gusan seachrán sa a bhfuilmíd, 's ní fhuil dáil fillte ná
furtachda aguinn achd maille congnamh dá chlár amháin. An


L. 4


cédchlár, an baisdeadh lé nglantar sinn ó pheacadh an tseinnsir,
ina ngabhthar gach aon a mbroinn achd Mac Dé 's a mháthair.
Sgaraidh grás an chlá<i>r si rinn an uair thuitmíd a bpeacadh
mharbhtha, 's ní fhuil slighi ar saortha aguinn achd greim
daingion do bhreith ar an dara cclár, .i. sacrámuint na haithridhe,
dár ttréorughadh go purt nimhi, ór ghluais an t-anfadh sinn.
As bríoghmhar an clár sa, ór, gé gur báitheadh síol Ádhaimh
uili san bpeacadh achd an dís adubhart, nír damnuigheadh
aonduine agus ní daiméontar go hifrionn achd do dhí<th> an chláir
si shubháilci nó shacrámuinti na haithridhe. Báitthear iliomad
do bhrígh nách áil leo a ghlacadh agus iliomad eile ghlacas é mar
nách éol dhóibh a sdíuradh, ór, gé go ngluaisionn an clár go
purt nimhe, tig d'ainbhfios an sdíurthóir gur go purt ifrinn
ghabhas ris, agus, mar sin, do-ní ionstramuint dá dhamnughadh
don chlár do chruthaidh Dia dá shlánughadh.



Do-chonncas dhúinn, dá bhrígh so, an leabhrán sa do
sgríobhadh do ghluasachd cháich chum an chláir si do ghlacadh
agus dá tteagusg chum a sdíurtha dá saoradh ar anfadh ifrinn 's
dá ttréorughadh go purt parrthuis. Cuirfeam síos ughdardháis,
résúin, agus sompladha, dá mbrosdughadh chum na haithridhi, agus
múinfeam go soilléir ciondus as cóir dhóibh doilgheas croidhe
do bheith orra fána bpeacadhuibh, admháil iomlán bhéoil do
dhénamh ionnta, an glés ar a ttairréongaid chum a ccuimhni
iad, an lóirghníomh agus an leasughadh dlighthear ar a son, agus
liaigh éolach anma d'iarruidh, .i. sagart eagnuidhe críonna
cráibhtheach agá mbía cumhachd sgaoilte ó pheacadhuibh.
Laibhéoram fós ar loghadh na bpeacadh, lé saorthar cách ó na
piantuibh aimsiordha dhlighid ar son a ccionta agus dearbhócham
go bhfuil cumhachd ag an eagluis a thabhairt amach; agus
foigheónuidh an dearbhadh cédna dá gach seanghnáth atá ar
congmháil 'gár naomhmháthair an Eagluis Chatoilic Rómhánta;
agus beanfam sin a briathruibh ar ríogh atá sgríobhtha fána láimh
aguinn, gé nach fuilngid na minisdri luagh ar loghadh. Bíd
leabhráin mar so ag gach náision Chatoilic eili, agus atáid do
riachdanas ar an náision dá bhfuilmídne go spesialta, do bhríogh
go bhfuil gan maighistre gan prealáide gan seanmóntuidhe,
leath amuigh do bheagán bhíos a bhfholach d'eagla bháis nó


L. 5


phríosúin, mar do bhídís na habsdail tréis bháis Chríosd d'eagla
an chinidh Iudaidhe.



Dá n-abarthaoi gur dána dhúinn ní dho sgríobhadh a
nGaoidhilg 's nár shaothruigheamar innti, as í ar bhfreagra ar
sin, nách do mhúnadh Gaoidhilgi sgríobhmaoid achd do mhúnadh
na haithrídhe, agus as lór linn go ttuigfidhear sinn gé nách bíadh
ceart na Gaoidhilgi aguinn. Adhbhar eile fós fár cóir ar leithsgél
do ghabháil, agus as é so é: As gnáth leis na heiricibh, mar adeir
an naomhathair uasal Atan., a n-uile dhíthchioll do dhénamh
chum iad féin do chor a ccosmhuile éigin risan n-eagluis bhfhírinnigh,
mar bhíd na hapadha dá gcur féin a ccosmhuile ris na
dao<i>nibh. Dá réir so, mar atá leabhar aifrinn ag an nEagluis
Chatoilic, do-conncas d'eiricibh na hÉirionn gné leabhair aifrinn
do bheith aca féin dá ngoirid Leabhar an Chumainn, agus nírbh
olc an t-ainm sin dhó dá gcuirdís "fallsa" leis. Ó nar chuireadar,
ní leasainm dhó Leabhar Iffrinn Eiriceachda do thabhairt
air. Do chuirsead an leabhar sa agus mórán don Bhíobla a
nGaoidhilg, agus as lór a neimhchirti sgríobhthar iad. Do mheas
misi nách córa fulung do thabhairt dóibhsion an leabhar sain
do sgríobhadh go héigceart atá ag tarruing thréda Chríosd ó
chreideamh as ó chrábhadh iná dhamhsa an leabhrán sa do
sgríobhadh go simplídhe go neimhcheart Gaoidhilgi do theagusg
agus do tharruing cháich chum crábhuidh agus creidimh tré shacramuint
na haithridhe, lé maithtear na peacaidhe do réir shoisgéoil
Chríosd agus theaguisg na naomh 's na n-absdal.



Guidhim thú, a léghthóir chroidhe Chatoilic, ná tabhradh
simplídheachd nó droichsgríbhneóireachd an leabhráin ort gan
móirmheas do bheaith agad ar léighionn leighis th'anma atá
ann. Ní nuailéighionn do-bheirim dhuit, achd an seanphort
aithridhe do sheinn Pádruig agus a ttáinig do naomhuibh 'nar ttír
ríamh lé gníomh is lé bréithir as é sheinn<i>m. Foghluim go
maith é 's béraidh go purt nimhe thú. Ná tabhair cluas d'eiricibh
'na aghaidh 's ná héisd léna nuachroidhe chreidimh sheinnid
uatha féin atá contrárdha don aithridhe 's don chrábhadh. Ní
ibhid seinfhíon na fírinni thairrngthear tré fheadánuibh ghlana
as soithighibh uaisli ársuidhe, .i. tré bhéuluibh na naomh 's na


L. 6


n-absdal ó fhíorthobar na heaguilsi, achd nuaifhíon neamhghlan
na mbrég bhíos lán do mhoirt mhíchreidimh thairrngid as a
cceannuibh féin ó thobar na hearráidi tré mbíd ar mearughadh
céilli 's 'na naimhdibh 'gan uile chrábhadh. Cuir ad mheabhair
na briathra beanduighthi úd an naomhathar ársuidhe óirdheirc,
Uincensius Lirin., c.9. "Dual don Chatoilic", ar sé, "diúltadh
dá gach nuaichreideamh, agus an creideamh cóir fuair óna sheinnsiribh
do choimhéd go coinghiollach don mhuintir thiocfas 'na
dhiaigh, 's gan an creideamh do chuma réna chéill, mar do-níd
na heirice, achd a chiall do chuma risan ccreideamh." Ag so
dhuit léighionn na haithridhe fuaramairne ór naomhoidíbh do
mhúin dhúinn an seinchreideamh inar slánuigheadh ar seinnseara.
Cuir conntrachd ar gach nuaichreideamh atá contrárdha
dhó agus glac é maille deaghchroidhe agus coimhéd é go glan don
mhuintir thiocfas ad dhíaigh, 's do-ghéubhae luaidheachd
shíordhuidhe dá chionn. Amen.


L. 7


An Céudrann don leabhrán sa,
thráchdas ar an ttuirsi as cóir don aithridheach do
bheith air agus ar an ullmhughadh as indéunta chuice agus ar
gach ní eile bheanas ria.



Don doilgheas as cóir dhúinn do bheith oruinn
ré ndul dochum na faoisidne.



As é as doilgheas ann gráin agas fuath, tuirsi agus dobrón, dod
ghlacadh fán bpeacadh do-rínis, maille re rún gan a dhéanamh
arís; achd ní fhoil d'fhiachuibh ort móid do thabhairt gan an
peacadh do dhénamh arís. Agus ní cóir sin (d'iarraidh) ort achd
amháin a chor romhad tú féin do choimhéud air maille re
grásuibh Dé. As éidir dhuit doilgheas fírinneach do bheith
agad gan déra súl do dhortadh, ór, gé gurab maith íad so do
dhortadh do bhríogh go gcialluighid méad tuirsi an chroidhe,
ar a shon sin, as lór le Dia tuirsi an chroidhe amháin do sgrios
an pheacaidh, do bhríogh gurab é an croidhi amhán do-ní é.



As maith rún follas do bheith agad gan aonpheacadh do
dhénamh nísa mhó, ag rádh ad chroidhe, "Asé mo rún, a
Thighearna, gan aonpheacadh do dhénamh at aghuidh gu
bráth." As éidir fós don oide faoisidne, agus atá d'fhiachuibh air
gu minic, gealladh do bhuain amach siocra na bpeacadh do
sheachna, .i. gan dul go tigh áiridhe a ndérnadh an peacadh,
clár na himeartha do sheachna, gan an táibhirne do thaghall, etc.
Gidheadh, má tá gráin dá-ríribh agad ar na peacadhaibh do-rínis,
as lór sin dochum na faoisidne, ór ní hédir fuath éiffeachdach
an pheacuidh do bheith agad gan rún a sheachanta do bheith
a bhfolach san fhuath sin. Dá bhríogh so, ná bíodh scrupuil
ort a gcás nách biadh rún follus agad na peacuidh do sheachna.
As fíor nách tigid na doctúire ré chéile san phonca sa. Achd
seachuin na siocra do réir aithne an oide.


L. 8


As cóir an doilgheas agus an fuath so an pheacaigh do bheith
os cionn an uile dhoilghiosa agus fhuatha a gcáil éigin. Ór as
é an peacadh olc as mó do na holcuibh, agus, dá bhrígh sin, as cóir
a fhuath do bheith ós cionn fuatha gach uilc, amhuil mar as
cóir grádh Dé do bheith ós cionn grádha gach créutúire, do
bhríogh gu bhfuil a mhaitheas gan comparáid ós cionn maitheasa
na n-uile chréutúireadh. Ar an ádhbhar sa, ní foláir gráin mhór
do bheith ar an bpeacadh, a gcáil gur taosga do-gheabhtha do
roghain bás d'fhagháil don té as annsa leat iná an peacadh
do dhénamh arís, a gcás gu gcaithfithea ceachdar díoph do
thoghadh. Gidheadh, ní fhuil riachdanas an coimeas so do
dhénamh go follas dochum maithmhe na bpeacadh d'fhagháil,
agus níor chríonnachd a dhénamh.



Atáid dá ghné dhoilghis ann. An chéudghné, doilghios
gér nimhneach neartmhar fán pheacadh an mhéid gu bhfuil a
n-aghuidh Dé agus an ghrádha dlighthear dó, dá ngoirthear san
Laidin "contritio", .i. mionbhrúghadh agus coimhbhrisseadh croidhe;
agus as maith an t-ainm Gaoidhilge dhó "dioltuirsi", .i. tuirsi
geintear ó ghrádh Dé. Gébé agá mbí an tuirsi se, sgriosaidh
a pheacuidh uaidh suil téid d'ionnsoighidh na faoisidne agus do-gheibh
grása Dé 'na n-áit. Gidheadh, atá d'fhiachuibh air fá
phéin pheacaidh mharbhtha na peacuidh sin do chur a bhfaoisidin
arís, más peacuidh mharbhtha iad; ór ní maitear iad achd ar
an ccunradh soin ón am fár órduigh Críostt sacramuint na
faoisidne an tan tug ar láimh na heaguilsi eochracha ceangail
agus sgaoilte cháich óna bpeacadhuibh. Ní maitear, dá bhríogh
soin, na peacuidh marbhtha lé doilgheas dá mhéud agus dá uaisle
gan rún na faoisidne do dhénamh 'na ham féin do bheith gu
follus nó go foluightheach 'na coimhideachd.



An dara gné, doilghios nách fuil coimhneartmhar risan
ndioltuirsi dochum na bpeacadh do sgrios dá ngoirid san Laidin
"attritio", agus, dar leat, as uadha sin adeirid na Gaoidhil "aithrighe"
nó "aithreachus". Geintir so go coimhchoitcheand ó uamhan
phian n-ifrinn nó ó smuaineadh ar thruaillidheachd an pheacuidh.
Ní sgriosann an peacadh gan faoisidin agus absolóid do bheith 'na


L. 9


chuideachda, agus ní lór rún absolóide, achd as égion í féin
d'fhagháil a láimh suil maitear an peacadh leis an ndoilgheas sa.



Ní feas do dhuini ar bioth go deimhin, muna fhoillsighe
Dia dhó é, cia haca so doilghios bhíos aige. Ar a shon sin, bí
baramhail aige cia haca bhíos ann, agus, más aithrighe lag mheassos
do bheith aige, as cóir dhó díthchioll do dhénamh a médúghadh
agus a neartúghadh go ndiongna dioltuirsi, .i. doilghios láidir
sgriosta an pheacuidh, dhi, muna fhuil confeasóir, .i. athair
faoisdine, do láthair aige ler éidir absolóid do thabhairt dó, ór,
mar adúbhramar, as lór an lagdhoilghios féin maille risan absolóid
d'fhagháil mhaithmhe na bpeacadh.



Tar a cheann so, bíodh go mbiadh absolóid ar
fagháil agad, déin díthchioll mór fuath do bheith agad ar an
bpeacadh agus tuirsi fá a dhéanamh, ar son Dé dá-ríribh, agus narab
lór leat sin do dhéanamh tré olc nó tre phéin tig dhuit as an
pheacadh. Ní geanmnuidhe an bhainchéile léigios di truaillidheachd
do dhéanamh amháin ar eagla pian nó olc eile do-géntaoi
uirre, achd as í as geanmnuidheachd ghlan ann sin do dhéanamh
ar grádh an leannáin go prinsipálta. Mar sin as cóir don anmuin
do ghlac Críost mar leannán san bhaisdeadh diúltadh d'adhaltrannus an
diabhail, .i. do na peacadhuibh, agus gráin d'fhagháil
orra, ní treasan n-olc amháin tig dí féin as so, .i. iffrionn síorruidhe,
achd go prinnsiopál<ta> tré ghrádh nDé, a Leannáin.



As cóir fós an doilghios so, madh lag nó láidir é, do bheith
geiniorálta fán uile pheacadh marbhtha dá ndearnuis, agus, más
doilghios fírinneach é, do órduigh Dia do sgrios na bpeacadh,
ní héidir leis gan iad uile do sgrios. Dá bhríogh so, as aithrighi
bhréige an doilgheas mheassas duine do bheith aigi fá chuid dá
pheacadhuibh maille ré fonn agus ré grádh na coda eile díobh, agus,
dá nglacthá absolóid ar a leithéid sin d'aithreachus, ní sgaoilfidhe
ód pheacadhaibh thú, achd do-ghéntá peacadh nua, muna
saoradh ainbhfios tú, .i. gur mheas tú go raibhi doilgheas
geiniorálta agad fá a ndearnais uile do pheacadhaibh.



Ná tuig as so go bhfuil d'fhiachuibh ort aithrighe ar
leath do bheith agad fá gach aonpheacadh dá ndearnuis; achd
as lór aonchaoineadh agus aontuirsi amháin do bheith ort umpa


L. 10


uile, ór as éidir lé duine a bponc dhéighionnach a bheathadh
aithrighi fhírinneach do dhénamh (gé gur doiligh annamh sin),
agus ní héidir leis tuirse ar leth do bheith aigi fá gach aoinpheacadh
dá ndérna, san phonc soin, agus níor chuir Dia d'fhiachuibh oruinn
achd aithrighe do bheith oruinn 'nár bpeacadhuibh, agus coimhlíontar
sin gan aithrighi ar leth fá gach peacadh. Ór, mar
as éidir leat tuirsi throm do bheith ort fá mharbhadh do mhic
gan tuirsi spesialta fá gach éinchneidh bháis dá raibhi air, as
éidir leat mur an ccédna doilghios fírinneach do bheith ort
fá mharbhadh th'anma leis na peacadhuibh, bíodh nach
gcaoifithea go spesialta fá gach peacadh dá ndearnais fo leth lér
bhuailis cneadh bháis uirre. Ní dénta dhúinn slighi ar
slánaighthe nísa chruaidhe iná mar adeir Dia nó an eaglus
rinn.



Má tá tú a ccundtabhairt an bhfuil ceachdar don dá
dhoilghios sa fhoghnas dochum síthi do dhénamh ré Dia agad,
achd do choinnsias dá rádh gomadh éidir gurab doilghios
saoghalta brégach atá agad, ná cuireadh so scrúpuil ná
buaidhirt inntinne ort má tá doilghios ort fá gan doilgheas cóir
do bheith agad agus rún cathughadh do dhénamh fá gan tuitim
isna peacadhuibh arís, achd bíodh do dhóigh a nDia
nách fhoil tú gan aithríghi bhfírinnigh.



Dá chongnamh choitcheann ghluaisios an
peacach dochum aithrighi agus tuirsi fána
pheacadhuibh.



As slighe chomhchoitcheann dochum an uile mhaith d'fhagháil
a hiarruidh ar Dhia san urnuighthe, ór adeir Dia féin gur anuas
ó Athair na soillseadh tig an uile thaphartas romhaith agus an uile


L. 11


thiodhlacadh foirfe, agus ní fhoil taphartus as fearr ná tiodhlacadh
as uaisle agus as foirfe don pheacach iná cogadh do chríochnughadh
ré Dia agus síth do dhénamh ris le haithrighi nglain. Dá bhrígh
soin, as cóir dó do chéidneithibh so d'iarruidh ar Dhia féin.



Mar nách éidir linn Dia do ghrádhughadh mar as cubhuidh
gan a chongnamh spesialta féin, mur an ccédna, ní héidir linn
an peacadh sgaras Dia rinn d'fhuathughadh mar dhlighthear
uainn agus mar atá do riachdanus oruinn dochum sláinti ar n-anma
gan congnamh roispésiálta nDé d'fhagháil. Uime sin adubhairt
Críosd, "Ní thig duine ar bioth d'ionnsoighidh orumsa
achd an té thairngios mh'Athair chugam." An aithrighi amháin
as slighi dhíreach dochum teachda d'ionnsoighidh Chríosd;
dá bhríogh soin, gibé lérab mían triall chuigi, iarradh san
úrnuighthi ar an nAthair a tharruing ar slighidh na
háithrighe dochum an Mhic, agus, do bhríogh gur congnamh mór
do ghluasachd na spioraide dochum na tuirsi urnuighthe bheóil
do dhénamh, cuirfead ann so eisiompláir na hurnuighthe bús
maith lé a rádha, muna fhaghthar ní bús fearr iná í.



Urnuighthe d'iarruidh na haithrighe ar Dhia.



An uair smuainim, a Thighearna, ar do mhaitheas agus ar do
mhórdháil neimhchríochnuighthi agus ar mh'uirísleachd n-éttréoruigh
féin, ar iomad do thíodhlacadh dhamh agus ar mhéid mo
neamhbhuidheachuis dá gcionn, ar thuile do thrócaire agus ar
mhéd mo mhíghníomh, ar luaidheachd do ghrás agus do ghlóire
fám chomhair agus ar líonmhaireachd mo lochd agus mh'aindlightheadh
at aghuidh, tuigim go follus gumadh cóir dhamh aithridhe
iongantach agus doilghios domhuin bhriste chroidhe do bheith
oram fám choirthibh agus fá mhéd na masla thugas dod mhórdháil
dhiadha.



Achd ad-chí tú féin, a Thighearna, gur talamh thirim mé
gan túar gan leas ar nách tig toradh achd peacaidh agus, gé go
ndéinim iad gan do chongnamh-sa achd a n-aghuidh do thola,


L. 12


nách éidir leam a gcor dhíom gan braon dod dhrúchd dhiadha
ghrásamhuil do dhortadh oram dom ghluasachd dochum na
háithrighe.



Ar an n-ádhbhar so, léigim mé féin, an truaidhe bhochd, ar
mo ghlúinibh a bhfiaghnuisi do thrócaire ar nách foil críoch ná
foircheann agus guidhim thú, fill uaim t'fhírcheart agus féch
go truadh trócaireach ar an n-anam sa do chruthuidh do lámh
láidir féin agus do cheanduighis lét fhuil fhíoruasuil. Féch oram
leis na súilibh lér fhéchuis Matha agus Magdalén, Peadar agus Pól,
agus cuir dealradh uatha um thuigsin lé bhféchabh go gérradharcach
ar chruas do chirt agus ar ghráineamhlachd mo mhíghníomh agus
mh'olc, ionnus go nglacfainn eagla lét fheirg shíordhuidhe agus
léd phríosún na bpian, agus teagadh drithli dhiadha asda théighfios
an croidhi fuar sa. Leaghuidh an ghrian chorpordha an sneachda
agus sgaoilidh le teas an t-oidhreadh; leaghsa, a Ghrian ghrásamhuil
na córa, an cruaidhsneachda atá ar mo chroidhe-si agus sgaoil
leaca oidhridh na lochd atá ar mo choinnsias lé tinidh do
ghrádha agus lé huisge na háithridhe. An démond, cloch as
cruaidhe do chlochuibh, maothuighthear í agus do-níthear deaghobair
uirre le fothroghadh fola do thabhairt dí. Croith, a
Thighearna, braon dod dhiadhfhuil do dhoirtis san chronn, ar
an gcroidhe cclochdha sa dá mhaothughadh dochum oibre na
haithridhe. Do sgoltadh na cairrge a n-aimsir do pháisi ag
caoineadh ciontadh gcomhuidheach; tabhair, a Thighearna, ar
chruaidhcharruig mo chroidhe-si sgoltadh tré dhoilghios agus tré
thuirsi fám peacadhuibh dísle féin. Do ghealluis roimhe so, a
Thighearna, mar fhábhar spesialta croidhe colna do thabhairt
do mhalairt ar chroidhe chloiche, achd taphair dhamhsa
croidhi cloichi, ós í an chloch as mó mhothuigheas do mhasla,
agus bean díom an croidhe colna sa nách caoieann a chionnta.
Coimhnigh, a Thighearna, go ndubhartais nár mhian leat an
peacach d'fhagháil báis ina olcuibh achd filleadh ort féin agus grásda
do thabhairt dó. Cuimhnigh gur ghealluis a ghlacadh chugad
an uile uair do fhillfeadh ar do thrócaire. Agraim ad ghealladh
thú, a Bhéoil bheanduighthi na fírinne. Fillim ort anos agus
ofráluim mé féin duit mar sclábh shíordhuidhe, agus, ó nách éidir


L. 13


bail do bheith ar so gan áithríghi bhfhírinnigh agas nach éidir
í so d'fhagháil gan do lámh ghrádhach-sa do ghluasachd an
chroidhe, gluais léd ghrásuibh an cruadhchroidhi si agus mosguil
é ó shuan na bpeacadh ina raibhe go ttrásda dochum gola agus
tuirsi iondus nách caillfídhe an t-anam bochd sa achd go mbeth
slán 'gat onórughadh agus 'gad ghlórughadh go síordhuidhe.
Amen.



Ná léig dhíot urnuighthe do dhénamh dochum Muire Ógh,
ór ní fhoil slighi as deimhne agus as díríghe dochum an Mhic iná
impidhe na máthar do bheith leat. Déna fós urnuighthe dochum
do phátrúin gheiniorálta Pádruig agus dochum na naomh ndúthchais
dá ndéin tú seirbhís spesialta agus iarr a ccongnamh go díthchiollach
san am sa do dhocamhail agus do dhoghruinne, agus do-chíthfe
tú go ngluaisfidhear do chroidhe dochum tuirsi agus fúatha na
bpeacadh.



As congnamh comhchoitcheann eili dochum furtachda
d'fhagháil ón uile airc a mbí duine lérsgrúdadh do dhénamh ar
an mbochduine a mbí sé, cionnas tárla dó, créd iad na huilc tug
chuigi, agus créd é an glés le saorfadh é féin uatha. Dá réir so,
búdh congnamh dochum na haithrighi an peacach do mhionsgrúdadh
an uilc ina bhfuil sé; ór, gibé thuigeas go maith a
dhoghrainne, caoinidh iad, agus, an t-amadán nach tuigeann iad,
do-ní gáire fá adhbhar an ghuil. Na peacuigh géirinntleachdacha
deaghlabhartha bhíos lán do shúgradh agus do ghreann, amadáin
an diabhuil iad nách tuigeann a n-olc agus a mbochduine ón daille
agus ón dorchados fá ccuirthear iad a bpéin a bpeacadh.
Ní gan ádhbhar do orduigh an nádúir aonchédfadh amháin, .i.
an tsúil, dochum radhairc agus gola, dá chor a gcéill gurab as
gér<r>adharc an uilc thig a chaoineadh agus gluaistear an tí aga
mbí dochum tuirsi agus dobróin.



Osgladh an peacach a shúili agus tugadh gérsgrúdadh ar
an sdaid ngráineamhuil a bhfuil sé; féchadh astigh ann féin
iomad agus truaillidheachd a pheacadh; féchadh faoi iffrionn gusa
bhfuil sé ag tarruing agus an diabhal lé ndérna ceangal a n-aimsir
an pheacuidh; féchadh shuas Dia na glóiri do thréig agus do


L. 14


tharcuisnigh sé agus na húird aingiol agus naomh ar ar choir tuirsi
an mhéid go roibhe ar a chumas; agus do-gheubha iomad n-adhbhar
gola agus dobróin má bheanann faoi ag mionsmuaineadh
go huaigneach ris féin ar na neithibh si.



Dá smuaineadh spesialta le ngluaistior an
peacach dochum aithrighi agus fuatha a
pheacadh.



Smuain ar tús go bhfoil Dia do ghnáth do láthair agad agus gur
foigsi dhuit é agus gur fearr do-chí gach ní míonáireach dá ndénann
tú iná tú féin, agus gluaiseadh so tú dochum an pheacaidh do
sheachna. Cia hí an bhean dá míonáirighe nách coisgfeadh dá
hadhaltrannus dá mbeith a fhios aice go mbiadh a fear ar
fhuinneóig dá faicsin? Leannán Críost dá gach anam do
baisdeadh, agus ní sgarann sé gan bheith 'gá síorfhéachuin d'oidhche
agus do ló; agus, bíodh go ndeacha ar neamh do réir a dhaondachda,
atá abhus do réir a dhiadhachda, nísa fhoigsi dá gach aon iná
é féin. Smuain ar so a n-am an pheacuidh, agus, má tá splanc
céilli ionnad, beanfaidh sdad éigin asad agus do-bhéara mothughadh
aithrighe chugad.



Smuain arís ar chaill tú trésan bpeacadh agus gan dáil
furtachda agad dochum aissic d'fhagháil achd maille ré haithrighe
amháin. Do chaill tú Dia mór glórmhar ar antoil bhréigi
mhoimeinti. Do reac tú th'oidhreachd neamhdha ar chopán
bhochd phraisgi mar do-rinne Esau. Do chaill tú foghar agus
cairdios príobháideach nDé as mó as ionmheasta gan choimeas
iná cairdios agus foghar ríogh nó prionsa shaoghalta ar bioth a
ngeall ar chumann chealgach créatúire. Do chuir tú dhíot
na grása, .i. an t-édach bainnseamhuil lé ttiaghar do chaitheamh
an tsuipéir shíorruidhe agus libhré dhíleas chlo<i>nne Dé, agus do ghlac
tú 'na n-áit umad brot diabhluidhe tighi iffrinn, libhré sclábh
an deamhuin. Do chroidhe do bhaoi 'na theampall ag an


L. 15


Spiorad Naomh agus 'gá ainglibh, do-rinne tú teampall dhe do
Lúcifer agus dá mhuinntir. Tug tú suaimhnios agus síoth do
chogúis ar chnuimh atá ag creinn do choinsiasa do shíor. Do
chaill tú a ndérna tú do dheaghoibrighthibh riamh agus ní fhuighi
luaighidheachd ar bioth ar son deighníomha dá ndiongna
tú an feadh bhias tú san bpeacadh; biaidh, dá réir sin, gan
luaigheachd a ndéin tú do dhéirc agus d'oibrighthibh eile trócaire
corpordha agus spioradálta, d'urnuighthe, do throsgadh, agus do
thréighionas, go bhfágbha tú an peacadh. Do dhiúlt tú do
Dhia mar athair agus do thoirbhris tú féin mar mhac don diabhal.



A ló an bhreitheamhnuis biaidh tú ar láimh chlí Chríosd
a measg na meannán agus ní bhía ar do chumas dul ar a láimh
dheis a measg na n-úan neamhurchóideach. Cluinfidh tú na
briathra binne úd adéra ris na fírénuibh ag tabhairt chuiridh
shíordhuidhe glóire dhóibh ar son a seirbhísi, .i. "Tigidh leamsa,
a luchd na m<b>eannachd; glacuidh seilbh ríoghdhachda
m'Athar atá arna hullmhúghadh fá bhar ccoinne ó thosach an
domhuin." Do-chíthfe tú iad dá ttógbháil suas a measg aingiol
agus archaingiol, abstol agus soisgéaluidheadh, mairtíreadh agus
confessóireadh, ógh agus banógh, áit a mbia radharc biothbhuan gnúisi
na Tríonnóide aca.



Don taoibh eile cluinfidh tú an bhreith bhochd bérthar
ort féin agus ar do chomhluadar. Do-chíthfe tú Íosa Críosd, atá
anos lán do thrócaire, ar lasadh feirgi agus fírcheirt agus ag rádh na
mbriathar úd choirfeas an cheathardhúil ar coimhchriothnoghadh,
"Im<dhi>ghidh romhaibh, a luchd na mallachd, san ttinidh
shíordhuidhe atá arna fadódh don diabhul agus dá luchd feadhma."
Do-chíthfe tú thú féin agus sluaidh deamhan agus drochdhaoine ag
tuitim san bpríosún ndubh n<d>orcha n-iolphiastach ina mbía
sibh ag caitheamh na bpian an feadh bhias Dia ag caitheamh
a ghlóire. Ní sguirfe ón am sin amach do chroidhe d'osnadhuibh
agus do thuirsi ná do shúile do dhortadh dér, agus biaidh gan tábhachd,
do bhríogh gur druideadh dorus nimhe agus grás romhad, gé go
bhfoigheónadh aonosna nó aondér amháin anos dod shlánúghadh.



Beid dá phéin shíordhuidhe ort san phríosún sa, dá
ngoirid na diadhuireadha pían na díoghbhála, .i. do bheith


L. 16


dearbhtha nách faicfe (tú) go bráth gnúis nDé, agus pían
na ccédfadh, .i. an teine shíordhuidhe bhias dod shíorlosgadh
idir anam agus chorp ar mhodh nách sguirfe go bráth dá síorlasair
chíordhuibh agus nach lúgha bhías ré a losgadh aici tar éis míli
milleóin do bhliadhnuibh iná anos, ór, gé go mbía na peacuigh
mur choinnligh gcrín ar lasair, ní sgarfa aoinní dá substaint ríu
achd beid go bráth ar aondrochsdaid, d'eagla go ttiocfadh críoch
ar a bpéin.



Dob uras dúinn chomhrádh fada do dhénamh ar gach
olc fá leith do na holcuibh si shileas ón pheacadh agus mórán eile
dá olcuibh d'iomrádh do ghluasachd ar bhfuatha air achd go
ccuirfeadh sin d'fhiachuibh oruinn an leabhrán do dhénamh
níos faide iná as mían linn.



Léigim chugad féin, a pheacuigh, smuaineadh go gér ar
na deich n-olcuibh sin adubhramar do-bheir an peacadh chugad,
agus, má ní tú so go húaigneach fadsduidérach, ní theasdócha
ádhbhar gola agus aithríghe uait.



Smuaintí speisialta eile dochum an ádhbhair
chédna.



Tabhair an chédsmuaineadh ar an ngrádh agus ar an ttrócaire
atá ag Dia ad timchioll agus tú a gcogadh ris agus a ttrétúrachd 'na
aghuidh ar shluadh a namhad. Adeir féin go bhfuil 'na
sheasamh ag síorbhualadh dhoruis do chroidhe ag iarruidh
osguilti. Atá ag fuláireamh párdúin ort a n-aisgidh agus ag
gealladh dhuit san uair a bhfillfe tú go leigfi ar dearmad a
ndearnuis riamh 'na aghuidh. Labhruidh fós go romhaothchroidheach
rét anam mar so: "Tarr chugam, a bhanchara,
a bhainchéile, a choluim; teith ón phréchán an diabhail. Misi
carruic do dhíona; tarr fám chneadhaibh, agus do-gheabhae cuasa


L. 17


chomhairce ionnta"; agus do-bhéra dhuit fós a raibhi do dhighnitibh
agus do ghrásaibh agad ré ttuitim san bpeacadh. Agus ní
hé amháin, achd glacfaidh thú a ngradum as mó iná mar do
bhí agad ré ndol a ttréatúrachd air, ór do-ghéabha tú a roibhi
agad roimhe agus grása nuaidhe do réir miosúir na haithrídhi bhias
agad ag filleadh ar Dhia a sluadh an diabhuil. Tuilleadh
eile, atá ag cor fhiaghnuisi ar neamh agas ar thalamh an
mhasla do-bheir tú dhó agus, dar leat, gur crádh croidhe leis í.
Adeir go truagh bochd gur bheathaidh thú mar mhac do féin
agus go ttuguis taircuisni dó ag fuireach uadha. Féch anos, dá
mbeth a leithéid so do chúram ag rígh talmhuidhe fád fhilleadh
chuigi, gur mór do ghluaisfeadh tú dochum síthi do dhénamh;
ná tabhair meas as lugha iná sin ar Rígh na ríogh, achd, ó tá
dod ghuidhe ag iarruidh síthi agus ag síorbhualadh doruis do
chonsiasa ag iarruidh an diabhail do chor amach agus é féin do
leigean asteach, osgail an croidhe dhó lé heochair na haithrídhi.



Tabhair an dara smuaineadh ar Chríosd do Shlánuightheóir
agas do-chíthfe tú méd na masla do-bheir tú dhó ag
fuireach san pheacadh. Adeir Pól, ag dénamh an pheacuidh
duit, go ngabhann tú do phreabuibh ar Chríosd an mhéid
gur éidir leat é, go ttruaillighean<n> tú a fhuil neamhdha lér
naomhadh tú, agus go ttugann tú imdhérgadh agus aithis do Spiorad
na nGrás. Do sgrios an pheaca<i>dh do fhulaing Críosd an
pháis, agus as íad na peacuidh féin tug bás dó; dá bhríogh sin,
gíbé do-ní an peacadh nó anas ann, do-bheir adhbhar páisi
nuaidhe dhó. Do-bheir fós tár agus tarcuisni don fhuil do dhoirt
sé agus do na grásuibh fuair dá cionn do leighios pheacadh bfhear
ndomhuin, an tan nách áil leis iad so do ghlacadh a
n-aisgidh agus a pheacuidh do sgrios léo. Má tá creideamh fírinneach
agad agus onóir fá choinni do Shlánuightheóra táinic ó dheis a
Athar dot fhurrtachd, do-bhéra an smuaineadh so congnamh
duit gan fuireach isna peacadhuibh achd a ccur dhíot leis an
aithrídhe.


L. 18


Tabhair an treas smuaineadh ar an ccúirt némhdha uile
ar a ccuirfe tú luathgháir mhór lét aithríghi. As mór do ghluaisfeadh
cúirteóir saoghalta dochum gníomha dá chruas do dhénamh
a dhearbh do bheith aigi go ccuirfeadh gean agus meanma ar an
ccúirt uile dá n-éirgheadh leis. Adeir Críosd go ccuireann
aithríghi aoinpheacuigh amháin luathgháir ar chúirt fhlaitheamhnuis
uile, agus, dá réir sin, cuiridh míoluathgháir ar chúirt
n-iffrinn, do bhríogh go bhfuilid na cúirti si conntrárdha dá
chéile. Gluaistear tú leis an smuaineadh so dochum aithríghe
do pheacadh do chor luathghára ar ainglibh agus mhíoluathghára
ar dheamhnuibh.



Tabhair an ceathramhadh smuaineadh ar thiodhlaicthibh
Dé dhuit. So an tslighi do ghlac an fáith Nátan do tharruing
Dáuidh dochum aithríghi, .i. na tiodhlaicthe móra tug Dia dhó
do chur 'na fhiaghnuisi agus, 'na dhiaigh sin, an peacadh do-ríne
a n-aghuidh Dé, .i. Urias do chor a n-áit a mharbhtha san chath
agus adhaltrannus do dhénamh réna mhnaoi. Do smuain Dáuidh
ar iomad agas ar mhéd na ttiodhlaictheadh fúair, agus do ghlac
gráin é fá dhol a ttrétúireachd ar an tté tug dhó iad, agus do-righne
aithríghi fhírinneach.



Smuainsi, mar an ccéudna, ar na tíodhlaicthibh móra
fuaruis ó Dhia, agus gabhadh gráin tú fá bheith a gcogadh agus a
bpeacadh a n-aghuidh an té thug dhuit iad. Do chruthuidh
Dia thú go huasal agus ní thug nádúir chloiche ná chroinn ná
ainmhidhe bhrúideamhuil dhuit achd nádúir as fearr go mór
atá cosmhuil ré na hainglibh agus, fós, ris féin do thaoibh anma,
agus ní thug an nádúir si dhuit a measg Turcach nó págánach, mar
tug do mhórán eile, achd a measg Chríosduidheadh, áit inar
urusa dhuit do shlánúghadh.



Do cho<i>mhéid sé thú tar mhórán eile fuair bás a
mbroinn a máithreach go rug baistteadh ort, agus, iar tteachd dhuit
dochum céille, tug éolas an chreidimh fhírinnigh dhuit agus do-ríne
ball dá eaglais féin dhíot iar bhfulang do mhórán eile do ghlac
baistteadh tuitim a n-eiriceachd agus bheith amuigh ón <n>aoimheagluis
as leannán dhó fén mar nách sláinéochar duine dhíobh.


L. 19


Atá sé fós 'gad shíorchoimhéd san sdaid ina bhfuile, agus,
dá léigeadh dhe moimint bheag gan sin do dhéanamh, do rachtha
ar neimhní; agus, gé gurab uaisle na haingil ó nádúir iná thú,
do chuir aingiol glórmhar dod choimhéd agus do dhénamh seirbhísi
dhuit.



Ní hé amháin, achd do phós a nádúir dhiadha féin réd
nádúir dhaonda agus do uaisligh thú ós cionn na n-órd
n-ainglidhe uile an tan do ghlac an Mac síordhuidhe colann
daonna 'na thimchioll a mbruinn na hóighi; agus adeir cuid do
na naomhaithribh gurab uime do pheacuidh Lúsifear do bhríogh
go bhfaca thú 'sa nádúir as anuaisle iná é féin dá cor ós a
chionn.



Iar ttuitim san bpeacadh dhuit, mar nách roibhe ar do
chumas díoluidheachd do thabhairt do Dhia, do fhulaing sé
féin bochduine ar do shon. Do-ríne trosgadh, urnuighthe,
oilithre, agus, fá dheóidh, do thoirbhir é féin d'fhulang báis
mhaslamhuil na croiche do dhíol t'fhiach agus do thabhairt na beathadh
síordhuidhe dhuit.



Tuilleadh eile, do chruthuidh a bhfuil do chréttúiribh
eile ann ar do shon agus tug fá<d> tighearnas iad. Gurab uime
sin nách lia crétúir ann iná thiodhlacadh fuair tú ó Dhia. Ós
a ccionn so, do-ghéabha iomad ttiodhlaiceadh spésialta eile tug
Dia dhuit nách thug do dhaoinibh eile má fhéchann tú go
gér ort féin ó aimsir do gheineamhna gusan am sa agus leabhar
cunntuis do dhénamh dod mheabhuir.



Smuain gurab malluighthe an gnás bheith ag síordhénamh
uilc don té atá ag síordhénamh maithiosa dhuit, bheith
ag tabhairt fhuatha do chionn grádha, ag dénamh cogaidh agus
trétúrachd a n-aghuidh an té ó bhfuair tú na tiodhlaicthe
móra adubhramar, agus, ó tá ar do chumas filleadh uatha so maille
risan áithríghe, déin dá-ríribh í agus ná han uaithi.


L. 20


Admháil na ttiodhlaictheadh fuaruis ó láimh
Dé.



Cibé lérab mían a ainm do chur a leabhar na beathadh síordhuidhe,
ní foláir dhó leabhar cunntuis do dhénamh idir é féin
agus Dia san bheathuidh bhoichd bheagshaoghaluigh si. Roinneadh
an leabhar sa a ndá chuid, mar do-níd feadhmunnuigh agus sdíobhaird
na ndaoine mór saoghalta; cuireadh san chédchuid de a
bhfuair riamh óna thighearna agus san dara cuid cionnus agus
créd é an modh ar ar caitheadh gach ní fó leath dhíobh. Dá
bhríogh so, a aithrídhigh lérab mían h'anam do sgríobhadh a
leabhar na beathadh, léigh go maith an leabhar cunntuis atá
idir thú féin agus Dia do Thighearna do-rinne feadhmannach agus
sdíobhard dhíot ós ceann mhóráin maoine agus maitheasa. Tionsgain
ar tús ar ghlacuis uaidh do léghadh ag admháil a thiodhlaictheadh,
ag rádh na mbriathar so síos nó a leithéide so do chomhrádh.



Tionsgnaim, a Rí agus a Thighearna, a Dhia ghlórmhuir, at ainm
féin, atá at Athair, ad Mhac, agus ad Spiorad Naomh, cunntas do
dhénamh riot. Léighfead dhuit ar tús ar ghlacas uait agus 'na
dhiaigh sin cionnus do chuirios agus do chaitheas a bhfuarus.



Ar tús, admhuim gar ghrádhuighis go mór mé ó thús na
suthuineachda tréd mhaithios agus tréd mhórdháil féin gan ní ar
bioth d'fhaicsin ionnamsa fá ttiobharrtha an grádh soin dhamh
agus gurab ón tobar thrócaireach sa do ghrádha táinig an tuile
thiodhlaictheadh so síos chugam.



Dlighim dhuit tabhartus mo chruthuighthe go huasal onórach
os cionn na ccrétúireadh ccorpordha uile comhchosmhuil ris na
hainglibh. Tugais dhamh anam eólach eagnuidhe ar a bhfuil
do dhealbh agus do dhreach féin an mhéid go bhfuilid trí chumhachda,
.i. meabhair, toil, agus tuigsi, aigi a n-aonsubsdaint mar atáid
trí pearsanna agadsa at aonnádúir ndiadha. Tugais fós dhamh
corp as áille agus as uaisle do na corpaibh, agus dobadh mór an
tíodhlacadh leam an ball as lugha de d'fhagháil, dá mbeth
d'uireasbhuidh oram, agus do bhéinn buidheach go bráth don té do-bhéradh
dhamh é.


L. 21


Dlighim dhuit mo bhreith a n-aimsir léxa na ngrás idir
Chríosduidhibh agus a ttír Chatoiliceadh. Dlighim dhuit mo
choimhéd agas mo chosnamh san nádúir si fuarus uait, ór, dá
ttréigthea lé moimint mbig mé, do rachuinn ar neimhní. Dlighim
dhuit na spéire fuarus uait dom shoillsioghadh. Dlighim na
dúile uile: an talamh fuaras mar áit chomhnuidhe do-bheir
toirrthe dhamh agus bheathuighios ainmhinteadh lé ccothuighthear
mé go prinsiopálta, ór éduighthear mé dá n-oluinn, do-níthear
bróga dhamh dá ccroicnibh, agus bíadh dá bhfeóil nó maille
n-a saothar; an t-uisge nigheas mé agus choisgios mo thart agus gheinios
iasgach dom oileamhuin; an t-aiéor fhionnfhuaruighios mé agus
do-bheir éunluidh dhamh; an tinidh théigheas mé agus bhruithios
mo chuid dhamh.



Dlighim dhuit na huile chrétúir do-níthear tré cho<i>measg
na cceithre ndúl sa, ór as do dhénamh sochair agus seirbhísi dhamh
do-rínis iad.



Dlighim an buanna beannuighthe tugais dhamh dom choimhéd,
.i. an t-aingiol coimhideachda.



Dlighim duit, a Thighearna, tiodhlacadh as mó go mór iná
a ndubhart, .i. mo cheannach, mo shaoradh, agus mh'fhuasgladh,
as phríosún an diabhail ina rabhus. Uime so thánguis ó dheis
th'Athar go gleann na ndéar agus do ghlacuis an nádúir uirísiol
sa ad thimchioll 'gá pósadh a n-éinphearsuinn réd nádúir
ndiadha. Iomdha rúindiamhar mhór san n-áirdthiodhlacadh
naomhtha sa.



Ann so, a Thighearna, do íslíghis thú féin dom árdúghadh,
do laguighis thú dom láidrioghadh, do bhochtuighis thú dom
shaidhbhrioghadh, do laghduighis thú dom neartúghadh, do
thalamhuighis thú dom neamhdhúghadh, do dhaonduighis thú
dom dhiadhúghadh, do anuaislighis thú dom uaislioghadh, do
mharbhuis thú dom bhéoughadh, do phianuis thú dom
ghlórughadh, do nochduis thú do<m> médughadh. Ó a Thrócaire
ós gach trócaire! Ó a Ghrádh ós gach grádh! Ó a Thíodhlacadh
ós gach tíodhlacadh, tré a ndérnadh duine do Dhia, óglách don
Tighearna, agus crétúir don Chruthuighthéoir. Iomdha tíodhlacadh
do ghlacus uait san naoimhthíodhlacadh so. Dlíghim t'fhuireach


L. 22


trí bliadhna déug ar fhichid ar díbirt ód dhúthuigh ar mo shon;
ar fhuilngis ar feadh na ré se d'fhuachd agus d'annró, d'ocras agus
d'íotain, do thár agus do tharcuisni, do mhasla agus do mhímhodh,
d'inghreim agus d'imshníomh, d'athais agus d'imgheargadh; a
ndérnuis do throsgadh agus do thréighionas, d'urnuighthe agus
d'oilirthe, do sheanmóir is do shírtheagasg, do mhíorbhailibh
agus do mhaithghníomharthuibh.



Dlighim dhuit, a Thighearna, rúindiamhra do pháisi, an t-allas
fola a nGetsemani, do nochdadh 's do cheangal 'gan cholumhain,
an t-édach purpuir, na cúig míle sgiúrsa, an choróin spíne,
iomchar na croiche go Cnoc Calbháiri, do chrochadh uirre, fulang
na gcúig n-áladh, toirbhirt do spioraide a lámhuibh th'Athar, do
bhás agus th'adhlacadh. Ó a Cheanduighthéoir charthanuigh! Ó
a Fhuasguilthéoir órdhuirc ionganthuigh! Ó a Aodhaire
fhíorghrádhuigh thug fuil do chroidhe dod chaorchuibh dá
ttabhairt as glasuibh an diabhuil!



Ní deireadh dom fhiachaibh fós, a Thíghearna. Dlighim dhuit
th'eiséirghe ghlórmhar dhaingnighios mo dhóthchas fam
eiséirghi féin; do dhol ar deis th'Athar d'abhcóideachd ar mo
shon. Dlighim teachd an Spioraid Naoimh dar naomhadh 's
dár tteagasg ad shoisgeól. Dlighim na seachd sácramuinte do
fhágbhais dar ndíon ór naimhdibh 's do leigheas ar lot.



Dlighim dhuit mo ghairm ar mh'ais óm olcuibh. Do fhéduis
go ceart mo dhamnughadh go síorrdhuidhe trém pheacadh agus ní
dhearnais achd cogar caoin agus gairim ghrásamhuil do thabhairt
dhamh nach tuguis d'iomad peacach eile lér fhilleas ó mh'antoil
ar slíghidh mo shlánuighthe. Dlighim dhuit an choróin ghlóire
do ghealluis dhamh mhairfios go síordhuidhe, a ngeall ar bheagán
seirbhísi. Abair féin ann so iomad tiodhlaictheadh eile
spésialta fuaruis ó Dhia, ór ní fhuil ionnta so achd tiodhlaicthedh
coitcheann don uile Chríosduidhe, agus, dá n-abra tú iad maille
deuósion agus ré heagla nDé, budh mór an congnamh do-bhéraid
do mhaothughadh agus do chlaochlodh do chruadhchroidhe ó
sheirbhís an diabhuil dochum seirbhísi an thé ó bhfuaruis na
troimthiodhlaicthe si.


L. 23


Cunntus chaithmhe thiodhlaictheadh an
Thighearna.



Iar tteachd dochum na coda sa don chunntus dhuit, as éidir
an comhrádh sa nó a leithéid oile do dhénamh lé Dia do bhrosdughadh
do spioraide dochum gráine fád pheacadhuibh agus dochum
doilghis tréna ndénamh a n-aghuidh an té ó bhfuaruis na
móirthiodhlaicthe adobhramar.



Do chuirios críoch, a Thighearna thrócairigh, ar an ccédchuid
dom chunntus, .i. ar ghlacus ód mhórdháil dhiadha do chur
síos agus d'admháil do réir mo chuimhne.



Anos, tigim gusan dara cuid, (as) doilghi go mór, .i.
cionnus do chaitheas do mhaoin agus do mhaithios agus créd í an
tsheirbhís do-ríneas dhuit dá cceann, agus do-gheibhim mé féin
gan cumas freagra do thabhairt san tiodhlacadh as lugha dá
bhfuaras uait, agus, mar sin, as éigion dhamh an chuid si dom
chunntus d'fhágbháil folamh, ór ní fhághaim achd roibheagán
deaghoibreadh dom thaoibh féin, agus, gibé maithios atá ionnta
soin, ní uaimsi táinig achd uait féin, a Thighearna, agus, dá bhríogh
sin, as a measg do thiodhlaictheadh san chédchuid don chunntas
as cóir a ccor. Ní fhaghuim san chuid si dom chunntus achd
go ttugus dhuit fuath ar son do mhóirthiodhlaictheadh,
neamhbuidheachus ar son do naomhfhola. Ó a Dhíoluidheachd
dhiabhluidhe! Ó a Mhalairt mhalluighthe! Ó a Chunntuis
chealguigh! Tugas olc a ndíol do mhaithiosa, tarcuisni a ndíol
do thrócaire, dubháilce a ndíol na subháilceadh, neamhbuidheachus
démhnuidhe a ndíol na n-aisgeadh n-ainglidhe.



An t-anam agas an corp tuguis dhamh, do chaithios iad a
seirbhís do námhad, an chos ag siobhal go saobh, an tshúil
ag féachuin go claon, an lámh ag lot na comharsan, an tshúil
arís ag síorshantughadh, an béul ré bréuguibh as ré beaduightheachd,
an chlúas ag cloisdin na n-olc, an tuigsi ag teasbéanadh
na bpeacadh, 's an toil dá ngrádhughadh. Do-ríneas cogadh
at aghuidh, a Thighearna, réd thiodhluicthibh as rét
armuibh féin; do-ríneas gach ní contrárdha dod naomhthoil agus
tugus droighmheas ar do dhiadhfhuil. An uair fhéachuim, a


L. 24


Thighearna, ar mo bheathaidh agus ad-chím í ar gach aontaobh
at aghuidh, dar leam, as díleas an t-ainm dhamh Anticríosd, .i.
fear cogaidh a n-aghuidh Chríosd bhrisios a léaxa, tharcuisnigheas
a shoisgéul, bhrégnuigheas a bhriathra, agus fhuathuigheas a
aitheanta.



As measa mé go mór ináid na beathadhuigh bhrúideamhla 'gá
mbí grádh ar luchd a maithiosa agus do-ní séirbhís dhóibh agus cogadh
ré a naimhdibh. As measa mé iná Iudas, ór racaim thú go
minic ar nísa lugha iná deich ttalluinne fichead; do-bherim
thú ar gearrghlóir dhíomhaoin nó ar anmhian colluidhe nách
mairionn achd moimint. As measa mé iná an cineadh Iudaidhe,
ór páisighim do dhaon<n>achd agus creidim do dhiadhachd; creidim
go ttánguis dom shlánughadh agus atú 'gad dhamnughadh.



O a Thighearna thrócairigh, a Chruthaightheóir na cruinne,
créd é an dalladh sa atá ar mo shúilibh nó cionnus as éidir go
rabhus riamh ag síordhénamh uilc don té ó bhfuaras an uile
mhaith? Osgail féin, a Thighearna, na súile atá dall as a
n-olcaibh ionnas go bhfhaicdís na fiacha móra atá oram 's gan
cumas agam ar chundtus do thabhairt ionta achd maille doilghios
fán drochunntus do-ríneas go ttrásda. Do mhaith
tú san soisgéal a chuid don fheadhmannach táinig go gearr san
chunntas, do mhaithis don mhac mhíochomhairleach do chaith
a mhaoin lé mailís agus a aimsear lé hainmhianaibh, an uair do
admhadar a n-olc agus do ghoireadar ar do thrócaire. Mise an
mac míghníomhach agus an feadhmannach neimhdhíleas neimhionraic.
Admhuim mh'olc agus mh'ainbhfeas, éighim ar do thrócaire,
agus iarruim ort a huchd t'fhola néamhdhuidhe gluais mo chroidhe
dochum na haithrighe tré a maithfe dhamh mo dhrochunntus.



Nach cóir cairde do chor ar an aithrighi achd
a dénamh gan mhoille comhluath agus do mhothóchus
tú thú féin san pheacadh.



An uair thuitios braon d'olaidh ghránna ar bhrat n-úasal,
má leigthear chomhnuidhe fhada di gan glés d'fhagháil ar a


L. 25


sgrios, cuiridh an brot ó fhéidhm agus millidh a sgéimh agus a luach.
An cancer, muna leighisthear fána thosach é, atá marbhthach.
Mur an ccédna, an uair bheirios an nathair nimhe greim ar
dhuine, muna fhagha furtachd go lúath, silidh an nimh ar feadh
a chuirp uile. Gurab uime sin gearrthar ar uairibh an ball ré
mbeanann an nathair d'eagla a nimh do theachd fán ccorp
uile.



As braon d'olaidh dhiabhluidhe ghránna ar ttuitim ar
bhrot n-uasal néamhdhuidhe an peacadh ar an anam; cainncer
é shnámhas asteach go smior an spioruid; greim é bheirios
nathair nimhe parrthais ar an tté éisdeas réna méalltóireachd.
Dá bhríogh so, a Chríosduidhe, ná sdad san pheacadh iarna
fhaicsin dhuit ar th'anam achd nigh go prap é le huisgi na
haithrighe; leighis an cancair si fána thosach agus sgrios an nimh
uait suil thiocfas fád chroidhe.



Muna dhearna tú so, bíodh a dheimhin agad go mbia
an peacadh agus a mhaighisttir an diabhal ag breith bissigh neirt
agas láidireachda at aghuidh gach laoi agus, do bhríogh so, ag
laghdughadh 'na n-aghuidh-sean, mar adeir Greigéoir: "An
peacadh nách sgriostar fána thosach, cuirigh d'fhiachaibh peacadh
eile do dhénamh, ionnus go mbí an cédpheacadh 'na chúis 'gan
dara peacadh, agas an dara peacadh 'na phéin 'gan chédpheacadh
agus 'na chúis 'gan treas pecadh, agus mar sin síos. Amhuil thairngios
gach lúb don tshlabhradh lúb eile 'na diaidh, mar sin thairngios
an peacadh nach sgriostar go prap peacaidh eile 'na dhiaigh go
ndéuntar slabhradh doibhristte diabhluidhe díoph lé gceangalthar
an t-anam a nglasuibh Luicifeir."



Adhbhar eile fár chóir dhuit deifir do dhénamh as an
bpeacadh, do bhrígh, an fad bhias tú ann, a ndíongna tú
d'urnuighthe, do throsgadh, do dhéirc, d'oilithre, agus d'oibrighthibh
eile trócaire, gur chaill tú a luaighidheachd uile, iondus,
dá ttugadh Dia grása dhuit, go ndíngeanta áithrighe, nách
fuighthea toradh ar bioth orra.



Tuilleadh eile, gé go ttugann Dia dá gach peacach grása
lér éidir leis a shlánughadh (ionnas gurab é féin as ciontach fá
gan filleadh óna olcuibh), tar a cheann sin, tairngidh tuile a


L. 26


thrócaire ón mhuintir do-ní fadchomhnuidhe san pheacadh,
ionnus gar roibheag slánoighthear díobh; agus is san chéill si tré
loighead na ngrás léigios Dia chuca adeirid na haithre naomhtha
nach éidir léo filleadh dochum Dé a ndeireadh a mbeathadh,
.i. gur ródhoiligh dóibh filleadh agus gur roibheag dhíobh fhilleas
go fírinneach, gé nách é Dia as ciontach riú; ór, mar adeir S.
Aibhisdin, ní hiadsan fhágbhas na peacuidhe achd na peacuidh
fhágbhus íad a n-am an bháis, agus as maith an ceart iad dá ndérmad
féin a n-aimsir a mbáis agus gan aire do thabhairt don aithrighe,
ó nách tugadar aire do Dhia achd a chor ar dearmad ré linn a
mbeathadh. As é so adeir Pól ag scríobhadh dochum na
Rómhánach. "Nach dearbh leat", ar sé, "go bhfuil trócaire
Dé 'god thairring dochum na haithríghi; gígheadh, atá tusa
do réir do chruais féin agus do neamhaithríghi ag dénamh cisti
feirgi dhuit féin fá choinne laé na feirge, .i. laoi an chunntuis."
"Más éidir leis an Égipteach", ar an fáidh Heremias, "a
chroiceann do chlaochlodh nó leis an liopard éxamhlachd a
dhathann, bhúdh éidir libhsi maith do dhénamh iar mbeth dhíbh
ag foghluim uilc feadh bhar mbeathadh." Ní hé as mian leis
an fháidh a rádh, nach fhoil ar do chumas do bheatha do
leasughadh dá fhad do bheithea san ulc, achd go bhfoil so
rodhoiligh, agus, dá bhrígh sin, cuiridh a ccomparáid é ré neithibh
eile nach éidir a ndénamh ar énchor.



Comharrtha chloinni toghtha Dé gan sdad do dhénamh
san pheacadh achd bheith ar síorghluasachd ga bhfaghthar
furtachd uadha. Ní sguireann snáthad an chompáis achd
bídh ar sírshiobhal go rabh go díreach ag dénamh ar an
réltain ó thuaidh. Dia mór as rélta ó thuaidh dár n-anam,
dá thréorughadh gu purt parrthais. Má nímíd ciúnas agus suaimhneachus
fada agus gan ar n-aghuidh ar an réaltain si, as cosmhuil
nach don chloinn do thogh Dia dhó féin sinn, achd gar clann
an tseachráin sinn atá ag leanmhuin sligheadh iffrinn.


L. 27


Gabh teagusg ón phágánach Seneca. "Toirmiosg as mó
fán mbeathaidh do leasughadh," ar sé, "súil risan ní bhias ann
amárach. Caillionn tú an lá aniodh agus do-ní tú tigheas ar an
ní atá ar láimh na fortúine agus cuire tú neamhshuim san ní atá
do láthair ar do láimh féin. Créd ré a bhfoil tú ag fuireach?
Gá ttriallan<n> tú? Atá an uile ní nach táinic fós neimhchinnti."
Ag so léighionn an phágánuigh ag nach roibhe súil ré
glóir dá anam, agus as truagh nach glacann tnúth ris sinne 'gá
bhfoil dóthchus glóir shíordhuidhe d'fhagháil fá gan cáirde do
chor far mbeathaidh do leasughadh agus filleadh dochum Dé trésan
n-aithrighi gan mhoille. Dá bhríogh so, a Chríosduidhe, comhluath
agus mhothóchus tú cogar nDé ad chroidhe, .i. bruideadh
neamhdha nó smuaineadh diadha chuireas chugad fán drochsdaid
a bhfuile, maoth an croidhe céanna agus ná cuir glas air a n-aghuidh
do Thighearna. Mar sin theagasguid Dauidh agus Pól dhuit ré
heisiompláir a n-aithrídhe.



Gurab mór an easbhaidh céille nó an mhire
don Chríosduidhe an áithridhi do chor ar
cáirde go ham an bháis.



Ní mheasfátha gurab duine críonna an té do léigfeadh dhe
gnouidhe ar a mbiadh a chuid don tsaoghal do dhénamh an tan
do-chífeadh uain agus aimsior aige dochum a ndénta, achd do
chuirfeadh ar cairde iad gusan am a mbiadh go bhfios dó féin
lán do bhuaidhirt agus do thrioblóid, d'eagla agus do chathuighthibh,
nach léigfeadh dhó smuaineadh ar na gnouidhibh. Ní
meastha dhuit, mar an ccénna, gurab duine 'gá bhfoil ciall
mhaith an té 'gá bhfoil a dhearbh aige gurab ar an aithrighe
amháin do dhénamh atá a chuid don ghlóir shíordhuidhe
d'fhagháil nó do chailleamhuin agus, tar a cheann sin, nach dénann
í an uair atá go suaimhneach síothóilte ina shláinte achd a cor


L. 28


ar cáirde go ham an bháis, bhias lán do thrioblóid shaoghalta agus
do chathuighthibh an diabhuil.



An uair do-bheir anfa nó éigion ar chabhlach triall go
prap as an chuan a mbí go tír n-imchiain, as mór an cundtabhart
báidhthe ina mbíd do bhríogh nach roibhe faill aca na neithi do
bhí d'fheidhm orra do bhreath leó. Mur sin, an uair do-bheir
anfa an bháis oruinn triall a phurt an tsaoghail si go hobann
agus gan sinn ullamh réidh dochum na sligheadh cunntabhartuighe
fada atá romhuinn gan lón gan armáil nó sdór astigh aguinn agus
sluaidhthe iffrinn, an saoghal, agus an cholann, ullamh romhainn
dochum ar sligheadh do thoirmeasg, ní bhía achd caill inar
tturas. Uime so adeir S. Aibhisdin nach mór a dhóigh as an
aithríghe do-níthear a bponc an bháis iar mbeith go nuigi sin
isna peacadhuibh. Iomdha toirmeasg tig oruinn uair an bháis:
dochar an tinnis atá ag sgaradh an chuirp risan n-anam, grádh
an tsaidhbhris as éigion d'fhágbháil, eagla mhór résan mbás,
comhchriothnughadh résan mbreitheamhnus, truaighi fán
ccloinn agus fán ccéile atá tú d'fhágbháil, coimhne na bpeacadh,
neimhchinteachd na háiti dochum a bhfuili ag dul, agus iomad eile
chuirfeas d'fhiachuibh ort gan aire do thabhairt don aithríghi
do dhénamh mur as cóir. Gabh ar an n-ádhbhar so chomhairle
an fháidhe Isaias, "Iarruidh an Tighearna an tan as éidir a
fhagháil; goiridh air an fad atá (in) bhar ngoire."



Do-chímid, gach uair bhíos duine ag triall ar thuras
fhada ón mhuintir ar a mbí grádh mór aigi, go ttaisbéanann
doilgheas neamhghnáthach agus go ndoirtionn a dhéra go minic fá
bheith ag sgaradh riú; ór ní fhoil námha as mó 'gan ghrádh
iná sgaradh risan tté ar a bhfuil. Dá réir so, a pheacuigh
'gá bhfoil grádh mór ar an ndrúis, ar an ndíomas, ar an saidhbhrios
fríth go holc, agus ar an n-uaill shaoghalta, ionnus go mothuigheann
tú tuirsi agus doilgheas tré bheith tamall 'na n-égmhuis, as deimhin,
an uair chífeas tú a n-am an bháis gurab éigion sgaradh go
síordhuidhe riú agus druim do thabhairt dóibh, gurab mó iná sin
an doilgheas agus an dobrón bhias ort 'na ttimchiol. Agus, ó nách


L. 29


éidir aithrighi ghlan do dhénamh gan fuath fírinneach do
thabhairt do na neithibh as cúis pheacaidh dhuit, ní gan ádhbhar
adeir S. Aibhisdin nách mór a dhóigh san aithríghi do-níthear
a n-am an bháis. Ór, gé go ndóirtfithea an uair sin déra troma,
ní feas 'nar son Dé dhóirtios tú iad nó fá na neithibh sin
ara roibhi grádh do chroidhe feadh do bheathadh do chailleamhuin.
Ar an ádhbhar soin, as roidhíth céille an aithrighi
do chor dochum an phuinc sin achd a dénamh gan mhoille.



Léighmid ar Alexander n-uaibhreach, an tan do chuireadh
léigear ar bhaili dá ghabháil, go lasadh coinneal agus nách tabhradh
do cháirde do mhuintir an bhaili ré trócaire do dhénamh orra
dá n-iarrdaois í achd an fad bhiadh an choinneal sin dá losgadh,
agus ó sin amach a mbásughadh. Ní anadh cathair ar bioth risan
ccoinnil do losgadh achd an chathair 'gá mbíodh dóigh go
ccoiseónadh í féin d'aimhdheóin Alexander. Ón uair do-chuaidh
tú, a Chríosduidhe, a n-aghuidh Dé trésan bpeacadh, atá
léigior aigi ort d'oidhche agus do ló, é féin, a aingli, agus a
sheanmóntuidhe, ag gabháil duit ag iarruidh ort tú féin do thoirbhirt suil
rachos coinniol do bheathadh as; agus atá a dhearbh agad ó shin
amach nach foil trócairi fád choinne achd bás síordhuidhe iffrinn
agus nách fhoil ar do chumas tú féin do chosnamh. Dá bhrígh
sin, as mór an mhire dhuit gan an t-am atá do láthair do ghlacadh
fá leas h'anma do dhénamh.



Adeir an sgrioptúir naomhtha gur chuir Dia pláighe iomdha
ar Pharaon ar son a pheacadh, agus idir gach pláigh do líon a
thalamh do fhroguibh (beathadhuigh allta róghránda nach fuil
'nar ttírne tré ghrásuibh Phádruig ar bpátrúin), iondus go
mbíodh a seomradh, a mbúird, agus a leabtha, lomlán dhíobh agus
nach bíodh an biadh nó an deoch do ibhdís saor uatha. Do
gheall Pharaon do Mhaoisi go léigfeadh pobal Dé uadha, .i.
clann Israel, do bhí fá dhaoirsi aige, dá saoradh é ó na froguibh
sin. Do ghlac Maoisi sin uadha agus do fhiafruigh dhé gá huair
búdh mian leis a ndíbeirt uadha.



Cia nach measfadh go n-iarfadh a ndíbirt ar ball? Cia
nach saoilfeadh go n-aibéoradh a shaoradh go prap ó na beathadhachuibh
gránna do bhí coimhlíonmhar ré cioth mionchuiléog
'na sheomra, 'na leabuigh, 'na bhiadh, agus 'na dhigh? Gidheadh,


L. 30


do chuir an duine mire an chroidhe chruaidh dhiabhluidhe
cáirde ar an bpláigh sin do thógbháil de agus ar shíth do dhénamh
ré Dia. Más iongnadh leat cruas croidhe agus mire Pharaon, féuch
ort féin agus do-ghéubha tú sail ad tshúil féin 's gan achd brodh
a súil Pharaon. As measa an phláigh atá ortsa, a pheacuigh,
ináid na frogadha sa, .i. léigión deamhan tré iomad peacadh
at timchioll; agus atá Dia ag fiafruighe dhíot cá huair as mian
leat do shaoradh uatha soin; agus níor chuir Pharaon achd aonlá
cairdi ar a phláigh féin do thógbháil, agus adeir tusa gurab lór leat
furtachd d'fhagháil a n-am an bháis. Deisgiobal do Pharaon
mhire chruadhchroidheach thú. Muna ghlaca tú teagasg a n-am,
a n-ifriond maille réd mhaigh<i>sttir Pharaon bhias
t'áras.



Féuch fós go bhfuil an bás a ngoire dhuit, agus, dá bhrígh
sin, tionnsgain anois t'ullmhughadh nó ní bhia aimsir agad.
Ní ghairionn an sgrioptúir dod bheathuidh achd bláth beag
sheargas a mbeagán do laethibh, nó imirce as an mbroinn ndorcha
gusan ttumba, nó néul beag sgaoiltear leis an nga ngréine,
nó nead áilleóigi bristear lé cloigh mbig thilgeas gárrlach ris, nó
deatach beag théid gan moille ar neimhní, nó sgáile ar siobhal.
Adeir Euripedes nach fuil innti achd aonlá amháin; agus Demetrius
Phal. gurab lór di moimint do chur 'na comparáid. Adeir Pláto
nach foil innti achd suan duine 'na dhúsgadh, agus Chrisostomus
nach foil innti achd aisling. Ó tá an bheatha mar so, as
mithi dhuit, a pheacuigh, an áithridhe do thionsgan, ór ní fada
uait an bás; agus, má tá cundtas mór ré a dhénamh agad, gá
fios an bhfuil barr aimsire agad? Agus, má tá, as fearr barr iná
uireasbhuidh a gcúis ar a bhfuil do shlánughadh nó do dhamhnughadh
go síordhuidhe.


L. 31


Gurab gnáth an bás ag teachd dochum na
seanpheacach go hobann nó an uair nách
smuainid air.



Tabhair smuaineadh eile ar neimhchinnteachd an bheagáin
atá dh'aimsir agad. Ní héidir neamhthábhachd agus giorra na
beathadh boichde si d'fhoilsioghadh nísa fhearr iná maille ré na
hanmannuibh adubhramar do-bheir an sgrioptúir agas na seandoctúire
uirre. Gidheadh, do bharr ar a hainnisi, gé nach fuil
ní as giorra iná í, ní fhuil, mar an ccéudna, ní as neimhchinnti
iná an ghiorra sa féin; ór ní héidir le duine ar bioth bheith
dearbhtha go bfhuil aonmhoimint amháin do shaoghal aige.
Ar an ádhbhar soin, as truagh dhuit, a dhuine bhoichd, a
léigean don diabhal do mhealladh agus mearughadh céille do chur
ort lé ccuireann tú th'áithrighe ar cairde go ham do bháis agus gan
a fhios agad nách í an mhoimint si anois críoch do bheathadh.



As é a bhfoil do chinnteachd agad ar am an bháis go
ttiocfa sé an uair as lugha bhías smuaineadh agad air. Uime
sin adeir Pól, "Tiocfaidh lá an Tíghearna (.i. an bás) mar
ghaduighe san oidhche." Agus adeir Críosd féin, "Dénuidh faire
agas coimhéd gér, ór ní fhoil fios lae ná uaire an bháis agaibh."
As a n-aghuidh Chríosd agus a chomhuirle do-níd an drong chuirios
an áithríghi ar cáirde, ór as ionann faire do dhénamh ré mbás
agus ullmhughadh do dhénamh fána choinne.



As uime ghairios Pól "lá an Tighearna" do ló an bháis
do bhríogh gur thoirbhir Día aimsior do bheathadh fád láimh
féin do dhénamh gach neithi do réir do thola achd amháin ponc
an bháis do órduigh dochum cundtuis do thabhairt dhó féin.
An té bhíos cúirtéiseach ré Día agus chaithios a chuid féin don
aimsir, .i. aimsior a bheathadh, 'na shéirbhís, do-bheir Día
malairt aimsire dhó, .i. am an bháis, go suaimhneach síothóilti
maille ré céill agus ré résún dochum a thiomna do dhénamh agus gach
neith d'fhágbháil go hórduighthe do thaoibh an tshaoghail agus
sácramuinnti na heaguilsi do ghlacadh ré mbás. Agus, gé go


L. 32


tteagmhann ar uairibh bás obann d'fhírénach, as annamh sin;
agus bídh an bás do réir na beathadh - 'na thosach glóire.



Don taobh eile, an té chaithios a bheathaidh ris féin agus ré
seirbhís an diabhuil, ní bhí am an bháis, uair an Tighearna,
air a chumas; achd, mar theagmhas do na daoinibh anchaithmheacha
ar a maoin ina mbeathaidh, .i. gan cuid a n-adhlaicthe
do bheith aca a n-am a mbáis achd go n-adhluicthear iad lé
cuid dhuine eile, mar sin don té bhíos anchaithmheach ar aimsir
a bheathadh 'gá tabhairt dá antoil féin agus don diabhal; ní
bhíonn cuid déghbháis d'aimsir aige, achd do-gheibh bás obann
nó neamhshuaimhneach go comhchoitcheann. Uime so chomhairlighis
an tEagnuidhe dhuit mar so, "Ná bí iomarcach ag
dénamh uilc agus ná bí at ainmhidhi gan chéill d'eagla go bhfuighthea
bás a n-aimsir nách leat féin."



As na briathruibh si an Spioraid Naoimh as follus, an
mhuintear nách caitheann aimsir a mbeathadh a seirbhís Dé,
go bhfaghaid bás go comhchoitcheann a n-aimsir nách téid a
dtarbha dhóibh; ór ní thugann Día tuile ngrás dhóibh ina
aimsir féin, .i. a n-am an bháis, ó nár fhéchadar air ina n-aimsir
féin ar feadh a mbeathadh.



Dá réir so, do-chímid go bhfaghuid an drong sa bás
anabuidh go minic ag comhlíonadh a n-antola nó go háiridhe
an uair bhíd líonta lán do ghrádh agus do shólás gan smuaineadh
ar sgaradh risan tshaoghal. Adubhairt an duine toiceach
(ag Lúcas) ina innt<i>nn féin: "Ní fios dhamh créd do-dhén
ré a bhfuil do thóirrthibh agam? Brisfead mo sgiobóil bheaga
agus do-dhén áiti as mó iná iad do choimhéd mo choda agus adér riom
féin: "Anois atá mórán don tshaoghal agud bhéras dhuit
aimsear imchían. Bí ag ithi agus ag ól agus ag dénamh fleadh agus
féastadh."" Do-chuala guth Dé gan mhoilli ag rádh ris, "A
óinmhid agus a amadáin, anochd féin sgarfuidh th'anam riot; an
mhaoin inár chuir tú do dhóigh, féch cia 'ga mbia." Agus as
amhluidh sin tárla.



Iar mbeith do Bhaltasar rí na Baibioloine ag dénamh


L. 33


fleaidhe dá mhnáibh agus do phrionnsadhuibh agus do dhaoinibh móra
a ríoghachda, agus iad ag ól fíona isna soithighibh naomhtha
thug Nabugadonosar athair Bhaltasair a theampall Ierusalem,
adeir an sgrioptúir go bhfacadar dá mhéur ag sgríobhadh bhreithi
báis Bhaltasuir agus chailli a ríoghachda. As an gcuireadh oirdheirc,
an tan do shaoil an fhortúin do bheith ar ghad aige, do rugadh
Amán, an prionnsa mór, príomhchomhairleach an ríogh
Asuérus, dochum na croiche, agus do crochadh mar an ccédna a
dhei<ch>neamhar mac. Ar meisge do bhí Holofernes an uair
do bhean Iudít, an bhean uasul, a cheann de. Iar mbeith
do chloinn Israel ag caitheamh an bhídh fá ndérnadar murmar
n-aghuidh an Tighearna, táinic fearg Dé orra do mharbh an iomad
díoph, ionnus gurab é ainm tugadh ar an áit sin Tumbadha na
hAntola. Asttigh san seanáid san áit bá dísle leis ar an ndomhan
do gabhadh do dhaigéruibh san impire 'ga roibhe urmhór na
cruinne faoi, .i. Caesar. Ní fada ó thárla sompla bheanas ris
so, san áit si a bhfuilmíd a mBruisél: Do bhí fear bratuidhe
áiridhe ann 'ga raibhi beatha neamhghlan, gé go roibhe foghlomtha.
Do-bheirdís a chairdi iomad comhairleadh air ag
iarraidh a fhilleadh ón olc, agus así freagra do-bheireadh orra (do
bhí 'na mhac léighin<n>) go bhfoighéonadh aoincheathramh<a>
uaire dhó dochum é féin do réidhiughadh lé Dia. As amhluigh
thárla dhó, ag déunamh a dhínnéra maille ré comhluadar neamhchosmhuil
risan dá easbal x, ag cor ghreama dochum a bhéoil,
an t-anam do bhíodhg dá fhágbháil, agus as deimhin go
ndeacha san áit 'nar thuill a ghníomha a chur, agus ní hinmheastha
gur deagháit sin.



Ná mealltar thú, a Chríosduidhe, lé bréguibh an diabhail,
athair na mbrég. Má ana tú isna peacadhuibh aimsir do
bheathadh, béraidh an bás gan a mhothughadh ort an uair as
mó do shólás san saoghal agus do neamhsmuaineadh ar a fhágbháil,
ór tiocfaidh mur ghaduidhe san oidhche, mar adeir Pól. Ní
léighmid san scrioptúir aonduine ríamh do shlánughadh do an


L. 34


san olc gusan mbás achd aonnduine amháin, .i. gaduidhe na
láimhe deisi.



Gar cóir dhuit a mheas go mbía an bás mar
do bhí an bheatha agus th'ullmhughadh anois
amhuil mur do bhiadh an bás ar ball agad.



Bean, as a ndubhramar, dhá ní. An chéudní díobh, a mheas
agad féin go mbía an bás do réir na beathadh, maith nó olc,
agus gurab é an diabhal theagusgus go mbía do bhás go maith
tar cheann go n-anann tú feadh do bheathadh san olc. Ní
chuirthear ceannchnaipe óir ar phaidrín mhaide ná earr phéucóige
ar phréchán ndubh. Ar bheathaidh tug tú do dhíomhaoinios
agus d'ulc ní chuirfe bás mórluachach fírénta. Ná meas, agus tú ad
phréchán chíordhubh dhiabhluidhi ríamh, go ccuirfidhea earr
bhréaghdha ghrás agus ghlóire ort. Toradh na beathadh an bás,
agus ní thiobhra crann diabhluidhe bás ainglidhe uadha ná crann
na mallachd bás na mbeannachd. Agus ní fhoil achd mealltóireachd
dheamhnuidhe a chontrárdha so do chreideamhuin.



Dá mbeithea ad dhroichearbhach ag imirt ré fírchearbhach
feadh na hoidhche geimhridh agus gan aonchluiche do bhreith
dhuit air, nar mhór an mhire dhuit a ndeireadh oidhche do chuid
don tshaoghal do chor san chluiche dhéighionach risan bhfear
sin? Má rug an diabhal ar imir tú ris riamh agus go bhfuil
'na fhírchearrbhach agus tusa ainbhfeasach, 'na chluanaire chealgach
agus tusa at amadán, nách fearr sgur a n-am de iná do chuid do
fhlaitheamhnus do chor ris ar an urchar dhéighionach? Mur
so do-ní an té chuireas an aithrighi go ham an bháis, agus tig a
mhairg dhó. Ná leansa a shlighidh, achd sguir a n-am ó chluiche
na bpeacadh agus ó imirt an díabhail, ór as iomdha duine do
mheall súil ré cúitioghadh agus dóigh ré mallbhuaidh.



Dá mbeithea ag spairnn ré duine agus nách tiocfadh dhíot
aoinleagadh do bhuain as achd go leagadh thú gach uile uair


L. 35


do theagmhadh riot, nár mhór an díth céilli dhuit geall sparnna
do chor risan bhfear sin an uair as laigi do bheithea féin agus as
láidire do bhiadh seision? Má tá an diabhal 'gád shíorleagadh
feadh do bheathadh, gan chundtabhairt beanfaidh sé leagadh
mór asad ó nach tiocfa tú a n-am an bháis, agus ní fhoil achd
mire dhuit a chlaochlo sin do mheas agus fuireach ad pheacadh
mur gheall ar sin.



Adeir Peadar go bhfuil an diabhal do ghnáth mur leómhan
fheargach lán do bhúirfigh ag gabháil 'nar ttimchioll dochum
ar sluigthe. Agus atá trí hadhbhair speisialta aigi fá aindhíthchioll
do dhénamh 'nar n-aghuidh a n-am an bháis. An cédadhbhar,
go bhfaic, má sgarmaoid ris san phunc sin, nách bia neart go
bráth aigi oruinn ó sin suas. An dara hádhbhar, má
chlaoieann sé sinn an uair si, gur anamar <'n>ar sclábhuibh go
síordhuidhe aigi gan chumas ar theithidh uadha. Ní fhoil a
n-aimsir ar mbeathadh comhaingidhe agus so chuguinn, ór atá a
fhios aigi, má nímid aithrighi, gurab urasa a thabhairt oruinn
tuitim arís san bpeacadh agus go bhfoil ar ar ccumas síth Dé
d'fhagháil gach uair as áil linn tar éis tuitim dhúinn; gidheadh,
a n-am an bháis cuiridh neart ifrinn uile 'nar n-aghuidh, do
bhrígh gurab air an n-uair si atá ar saoradh uadha gan eagla
tóra nó ar ndaoradh dhó gan dáil furtachda. An treas adhbhar,
go bhfaic congnamh mór aigi an uair si 'nar n-aghuidh, .i. crádh
an tinnis, gul na ccarad, coimhne na bpeacadh, uathbhás
an bháis, coimhchriothnughadh résan mbreitheamhnus, agus mórán
eile chuirios toirmiosg oruinn aire do thabhairt do Dhia. Ar
na hadhbharuibh si, a Chríosduidhe, cuir a ccéill dhuit féin, agus
ná creid a chlaochlo, go mbia an bás ar aondath risan mbeathaidh,
agus, dá réir so, más mian leat bás maith d'fhagháil, bíodh
do bheatha go maith.



An dara ní bheanfas tú as ar labhramar fán chúis <s>i
th'ullmhughadh dochum Dé anois mur do bhiadh a fhios agad
go ttiocfadh an bás do láthair chugad. Comhairle so tug Seneca
an págánach dá dheisciopul, "Ó nach bhfoil a fhios agad",
ar sé, "cáit a bhfoil an bás ag forchoimhéd ort, bíse ag forchoimhéd


L. 36


airsean san uile áit agus san uile aimsir." Mar so do-ríne Iob
naomhtha, do-níodh oirchill gach uile lá résan mbás amhuil agus
do bhiadh dearbhtha aigi go ttiocfadh chuigi an lá sin féin.
Tug Críosd san soisgéal comhairle dhúinne an ní cédna do
dhénamh. "Dá m<b>eath fhios 'gan n-athair mhuintire", ar
sé, "gá huair do thiocfadh an gaduidhe, do bhiadh 'na dhúsgadh
agus ní léigfeadh a theagh do shlad. Ar an adhbhar soin, bídhsi
ullamh réidh san uile uair, .i. gan smál peacuidh (mar adeir an
ghluais), ór tiocfaidh Mac an Duine an uair nách saoilionn sibh."
Agus adeir gur beannuighthe an mhuinntior gheabhus 'na ndúsgadh
an uair sin, .i. réidh iar ndénamh a ccundtuis roimhe sin.



Tug an tEagnuidhe uadha an chomhairle chédna
a bhfad ré tteachd cCríosd. "Résan ttindis", ar sé, "glac do
leighios agus fiafruigh thú féin résan mbreitheamhnus, agus do-gheabha
trócaire a bhfiaghnuisi Dé." Tug fós robhadh dhuit muna
dhérna tú so: an croidhe do bhí cruaidh feadh a bheathadh,
go ttiocfadh a mhairg dhó san chrích dhéighionuigh; agus as í
an mhairg si, an croidhe do-rinne cloch de féin san ulc, nádúir
na cloiche do leanmhuin dó ag tuitim síos go híochtar iffrinn,
mar adeir an scrioptúir go ttárla do Pháraon agus dá shluadh
chruadhchroidheach san Mhuir Ruaidh.



Dá recepta a n-aghuidh an chroidhe chruaidh.



Adeir Albertus Magnus go bhfuil tobar san Ghearmaine
'ga bhfuil nádúir iongantach, .i. clocha do dhénamh don chré
agus don duilleabhar agus dá leithéid sin do neithibh eile teilgthear
ann; agus adeir an t-ughdar cédna go bhfaca a thsúile féin sin dá


L. 37


dhearbhadh. As cosmhuil risan ttobar sa thú, a chruaidhpheacuigh,
ór ní lór leat cré bheag thruaillighthe nó duille bheag
gan bhrígh, .i. na créatúire dá dtugann tú grádh neamhorduighthe,
do chor a ttobar do chroidhe agus Dia dhíbeirt as, achd do-ní tú
(clocha) díobh d'eagla go sgarfuidhe réad chlochroidhe iad go
bráth, achd aoncharruic do dhénamh dhíobhsan agus dhíot fhéin
bús trom ag dul ré fánaigh go gleann na ndeamhan 's na n-anmann
ndamannta, .i. go hifrionn, muna ghlaca tú furtachd a n-am.
Gabh ar an adhbhar sa an dá réceapta so síos, agus do dheóin Dé
do-ghéanaid maith dhuit do mhaothughadh do chlochroidhe.



Sgríobhuid luchd scrúdtha na nádúiri nách fuil do na
clochuibh nó fós do na metaluibh uaisle ná anuaisle uile aoinní
as cruaidhe iná an chloch uasal dárab ainm démond, agus as follus
dhúinn so do bhrígh gurab í an chloch sa as innstriomuint do
chérd an óir dochum na metal gcruaidh eile do ghearradh; agus
sgríobhuidh ughdar áiridhe gurab uime seo do chuirdís na
daoine anall-úd tairngi démoind do chiallughadh an neithe as
cruaidhe ar bioth, .i. an t-éigion. Gidheadh, an chloch sa atá
comhchruaidh agus so, maothuighthear agus brúidhthear í lé fuil
ghabhar do chrothadh uirre. Gabh a leithéid so do recepta, a
pheacuigh, atá mar dhémond nó nísa chruaidhe. Eadarghuidhim
thú ar son Íosa Críostt ar tTighearna, ar son a ghrádha ort, a
theachd a gcolainn daonna dod shlánughadh, a bhochdaine dod
dhénamh saidhbhir, a bháis do thabhairt beathadh dhuit, a
uirísleachda dochum h'árduighthe, a phian do thabhairt ghlóire
dhuit, a dhéoruidheachda dod tharruing dod dhúthuigh, a
cheangaltha dod sgaoileadh a glassuibh an diabhuil, maothuigh
an démond sin as cruaidhe iná an chruaidh féin, .i. do chroidhe
iarrnuidhe. Glac chugad fuil, agus ní fuil ghabhar achd fuil Íosa,
Uain Dé, thógbhas peacuidhe an tshaoghuil. Féuch uirre dá
dortadh san chrann ar do shon, cuir do dhóigh innti, agus bean
fuaim aonosna amháin as an démond sin atá ad chliabh; agus
croithfe an fhuil í féin ort agas brúidhfe an cruachroidhe sin agus
do-ghéna tláidh umhal é ullamh dochum deaghoibre na
hái<th>ridhe do ghlacadh; agus nídhfi é fá dhéoigh óna pheacuidhibh.



Do nídheadh fuil ghabhar, tarbh, agus laodh, cách san
seinreachd agus do naomhadh iad go corpordha, mar adeir Pól.


L. 38


As míle férr nídhfeas fuil Uain Dé, Íosa Críostt, do-rinni
iodhbairt de féin ar chrann na croiche, coinnsias gach duine
lérab áil a crothadh air agus a chroidhe do mhaothughadh lé. Dod
níghe agus dochum a crothaidh ort dod mhaothughadh do doirteadh
í; dá bhrígh sin, guidhim thú a n-onóir na fola neamhdhuidhe
si, ná han salach cruachroidheach achd glac asperges Dhauidhe,
.i. "peccavi", osna chroidhe, agus do-dhéna an fhuil féin an chuid
eile dod ghnouidhibh agus do-bhéra congnamh dhuit dochum na
hosna so féin. Ná déin feall ar th'anam féin, a dhamnughadh
go síorruidhe tré chruas do chroidhe, agus ná tabhair an tarcuisni
agus an mímheas sin ar an fhuil ndiadha tugadh fá lámhuibh
ainChríosduidheadh dá dortadh dod leighios. Ó a Dhia, nách
truagh an crétúir uasal áluinn ag creideamhuin go saorfadh
mionbhraon beag d'fhuil Chríosd é agus go bhfuil ar a chumas an
braon sa do chrothadh air féin dá fhuadach ag an diabhal go
síordhuidhi d'easbhuidh aonosna amháin lé ccroithfidhe an braon
sa air.



Atá récepta beag eile 'gá bhfuil brígh mhór do leighios
an chruachroidhe má gheibhthear ón othar a ghlacadh. Léighmid
san scríbhinn ndiadha, an tan do bhádar clann Israel arna
ttiormughadh a bponc bháis do dhíth uisge, gar ghlac óglách
Dé, Maoise, slat agus gur bhuail í ar charruig chruaidh agus gur shil
srotha fíoruisgi uaithi lér saoradh ó bhás an pobal. Do dhíth
uisge atá tú ar ttiormughadh agus ar ccruadhughadh at olcuibh, agus
ní fhoil dáil uisgi chugad achd as an gcarruic sin do chruachroidhe
féin. Múinfeadsa dhuit slat is fhearr iná slat Mhaoisi dochum
na cairrgi do bhualadh agus uisgi do bhuain aisde, .i. bláth na slaiti
do tháirngir an fháidh Esaias do thiocfadh a fhréimh Iessé, Íosa
Críosd, bláth beanduighthe tánuig ó Mhuiri. Buail an t<s>lat
sa ar do charruic atá ar ttiormughadh agus ar seargadh isna peacadhuibh,
ag creideamhain gur fhulaing páis dhocrach agus bás gránna
dod shaoradh ód pheacadhuibh agus nach diongna so maith ar bith
dhuit gan h'aithrighi féin mailli ris agus go ndubhairt Críosd
go ttiocfadh d'iarruidh an chundtuis an uair nách saoilionn tú agus
go ndúinfe an dorus résan mhuintir thiocfas go mall; agus go


L. 39


n-abair an Spiorad Naomh, an croidhe bhías cruaidh, go mbía
a mhairg dhó san chrích dhéighionaigh; agus, má smuaininn tú so
dá-ríribh mur as cubhuidh agus gan imdheachd go hédrum air, gan
amharus do-bhéra an charruig sin ad chliabh uisgi aithríghi
uaithi níghfeas do pheacuidhe agus nách léigfe dhuit fuireach a
n-égmhuis Dé ná codladh do dhénamh 'na fheirg achd filleadh
air gan mhoill trésan n-aithríghi.



Do-gheibhmíd fós san scrioptúir a n-áit eile an uair táinig
iomad naithreach nimhe a mesg chloinne Israel tug bás do
mhórán dhíobh, gur thóguibh Maoisi, an fear cédna, mailli ré
hordúghadh nDé nathair nimhe agus gar chuir a ccrann árd í a
bhfiaghnuisi an phobail agus, gach uile dhuine ar a mbíodh lot ó
na naithribh do fhéchadh ar an ccronn inár crochadh an nathair,
do bhíodh slán gan fhuireach. Gurab uime sin tug an pobul an
onóir mhór don nathair sin, ionnus gur bhuaileadar ar íodhbairt
do dhénamh dhi; agus, dá bhríogh soin, do bhris an rí Esechias
í d'eagla dia bréige do dhénamh dhi. Adeir Pól nach roibhi
aca san seinreachd achd fioghra na neitheadh theagmhas san
nuaireachd a léxa Chríosd, agus adeir Eóin go follus nách roibhi
san nathair si do thóguibh Maoisi a n-áirde ar chrann lér
leighiosadh an pobal achd fioghair agus sompla go ttoigeóbhthaoi
Mac an Duine, Íosa ar Slánuightheóir, a ccrann na croiche ionnus
go saorfuidhe agus go leighiostaoi an uile dhuine fhéchfus ó chroidhe
air agus chuirfeas a dhóigh ann, agus nách fhoil dáil furtachda ó
easláinnti nimhe an anma achd so amháin.



A pheacuigh atá ar ccruadhudhadh san olc, as deimhin
gurab í an nathair do mheall Eua a bparrthas do dhóirt a nimh
ad chroidhe agus atá do ghnáth dod chealgadh agus 'gad dhalladh
d'eagla go ttóigeóbhtha do shúil d'fhéchuin Chríosd san chrann,
ór as deimhin lé gur trésan fhéchuin si thiocfas do leighios.
Iarruim ort a huchd na Tríonnóide, ná bí nísa mhainneachdnuighe
fá leighios th'anma ó nimh an diabhuil d'iarruidh iná
do bhádar clann Israel fá leighios a ccorp d'fhagháil ó nimh na
naithreach.



Tóig, dá bhríogh so, súile an chreidimh agus féch Críosd ar
Sliabh Caluaire agus cúig srotha fola diadha ag sileadh uadha.


L. 40


Creid gur dod shlánoghadh ó nimh na naithreach ndiabhluidhe
do loit thú atá an fhuil sin dá dortadh, agus atá brígh 'gan bhraon
as lugha dhi cruachroidheadha bhfear ndomhuin do mhaothughadh
achd congnamh roibheag d'fhagháil ón othar, .i. aonosna fá
a ndérna d'olc. Ó tá an leighios comhurasa agus so agus é ar do láimh
féin agad, glac gan mhoilli é; ná cuir ar cairde síth nDé agas
gan fios na faille agad achd amháin go ttiocfa an bás san am
nách saoilfe tú mar ghaduidhe san oidhche do réir bhréithre Dé.



Muna dhérna tú so, do-chíthfe do shúile féin lá an chundtais
an ccroigh ccésda san aieór ag cur th'uilc agus do pheacadh at aghuidh
agus go spesiálta an mhasla thuguis don chroigh naoimh féin agus don
fhuil neamhdha do doirteadh uirre ag diúltadh do leighios ría.
Ag faicsin na croichi dhuit, dá rabh tú san pheacadh, adeir
Críosd go mbía tú ag síorghul ag caoineadh th'olc; achd budh
díomhaoin dhuit, mar adeir S. Aibhisdín, ór do dúnadh dorus
na trócaire romhad. Gidheadh, má ní tú an aithríghi a n-am,
do-chíthfe tú an ccroigh ccédna 'na bratuigh bhuadha agus
meanma ag cor luathghára agus sóláis ort bhías 'na thosach ar do
ghlóir shíordhuidhe. A Dhia, as mairg chaillios an sólás sa a
ngeall ar anmhian mbeag ttalmhuidhe nach mairionn leathmhoimint.



Sompladha diadha a n-aghuidh na muinntire
chuireas an aithríghe ar cáirde, go mórmhór
go ham an bháis.



Scríobhuidh an t-athair beannuighthe Béda go raibhi duine
uasal a Saxain fá mhúirnn mhóir ag an rígh Conredus tré a
fheabhas do ghaisgiodhach. Gidheadh, do bhí gráin mhór 'gan
rígh mhaith ar neamhghlaini na beathadh do bhí 'gan duine


L. 41


uasal. Tug teagasg dhó go minic é féin do leasúghadh agus a
pheacu<i>dhe do chur de suil bhéradh an bás air. Ní thugsan
toradh ar an tteagasg, gé go ngealladh don rígh go ndíongnadh
a chomhairle. Do thuit a ttinneas an bháis, agus, iar mbeith dhó
go docamhuil, táinic an rígh ar cuairt chuige (ní rabhadar na
ríghe an uair sin neamhchúramach fá shláinte anman a muinntire)
agus do iarr air go díthchiollach aithridhe do dhénamh ina
pheacadhuibh. Adubhairtsion nách diongnadh go n-éirghiodh ón
tinneas ina raibhe d'eagla go n-aibéordaois a chompáin gurab é
eagla an bháis do chuirfeadh d'fhiachuibh air ní do dhénamh
an uair sin nách dérna a n-am a shláinte. Dar leis féin, do
labhair mar ghaisgiodhach onórach, achd asé an diabhal dob
oide dhó. Do theann an tinneas ris, agus, mar do-chuala an rí
sin, táinig arís chuige dá tharruing dochum aithrighe. Mar do
mhothuigh a theachd, do labhuir do ghuth árd ghránda agus
adubhairt: "Créd fá ttánguis ann so? As díomhaoin dhuit
bheith riomsa. Ní fhuil neart agad feasda maith ar bioth do
dhénamh dhamh." "Ná labhair mar sin", ar an rí. "Ná tréig
do chiall." "Ní fhuil easbhuidh céille oram," ar eision, "achd
ad-chím mo choinnsias malluighthe ngráineamhuil am fhiaghnuise
do-bheir oram so do rádh." "Cionnus sin?" ar an rí.



"Tángadar ann so ar ball", ar an gaisgiodhach, "dís
ógánach roisgéamhach agus do shuidh fear dhíoph 'gom cheann agus
fear eile 'gom chosuibh. Tug fear aca leabhrán roibheag ró-áluinn
amach agus tug dhamh é dá léghadh, agus do léighios ann a ndérnas
do dheaghoibrighthibh riamh, agus as roibheag do bhí agum ré a
léghadh díobh. Do ghlacadar uaim an leabhar arís agus níor
labhradar aonfhocal riom. Ann sin táinig sluadh ábhbhal spiorad
ndubh ngránda do líon an ttigh asttigh agus amuigh um
thio<m>chioll, agus tug an té bá duibhe agus bá gráinde díobh, .i. an
t-uachdarán do bhí orra, leabhar rómhór gráineamhuil amach agus
do órduigh d'fhior dá mhuinntir a thabhairt dá léghadh dhamhsa.
Fuaras ann ní hé amháin a ndérnas do pheacadhuibh lé gníomh
agus lé bréithir riamh achd, fós, na smuainti as lugha agus as seicréidighi
do-ríneas, arna sgríobhadh a litreachuibh dubha deamhnuidhe.



"Do labhair uachdarán na n-ainnspiorad ann sin risan
ndís n-ógánach agus adubhairt, "Créud fá bhfuiltísi ann so agus a
dhearbh aguibh gurab linne ó cheart an fear sa?" "As fíor


L. 42


gurab libh," ar iadsan, "agus beiridh libh é do mhédughadh nuimhri
bhar tteaghluigh dhamanta." Agus, iarna rádh so, ní fhacadhus
iad ó sin amach. Agus do éirigh dhá ainspiorad mhalluighthe maille
ré dhá ngabhuil n-iarnuidhe, agus do-chuaidh fear aca um chionn
agus fear eile um chosuibh, agus atáid anois ag teachd a gcoinne a
chéile am bhroind ag briseadh bhall n-inmhedhéonach mo chuirp,
agus teilgfead gan fhuireach mé ré fánaigh go doras iffrinn, áit a
bhfoil leigéon deamhan ag feitheamh riom."



"Mar so do fhreagair an gaisgidheach don rígh", ar Béda
beannuighthi, "iar ndul dhó a n-édóthchas fá líonmhaireachd a
pheacadh nárbh áil leis do chur de résan n-am soin; agus fuair
bás gan mhoille, agus, an aithrighi dob éidir leis do dhénamh ina
bheatha lé moimint mbig, do shaorfadh é óna pheacadhuibh
atáid 'gá phianadh agus biaid go bráth agus iar mbráth, gan toradh
iná sochar do theachd aisdi a n-iffrionn."



"Ní ar a shon féin tug Dia an teisbénadh sa dhó,"
ar Beda ag tabhairt Greagóir mur fhiaghnuisi leis, ór ní dhérna
maith ar bioth dhó, achd iondus go nglacfamaoisni múnadh an
léomhuin chuguinn agus go ndiongnamaois an aithrighi gan cháirde,
d'eagla go tteigeómhadh a leithéid so do chás dhúinn a n-aimsir
ar mbáis, .i. ar ndamnughadh d'easbhuidh na haithrighi nách
dérna (mar) a n-am. Ní gan ádhbhar achd maille ré
hórdughadh nDé do taisbénadh leabhair éxamhla lé na hainglibh
agus lé na deamhnuibh, dá chor a ccéill dhúinn gurab cóir dhúinn
choimhne do bheith aguinn go bhfuil ar ngníomharrtha, ar
labhairt, agus ar smuainte (gé gur lé gaoith théid mórán díobh
fá-raor), dá sgríobhadh agus dá ccoimhéd a n-oirchioll na breithi
bhérus an Rí mór oruinn, agus go ttaisbéntar dhúinn féin an uair
sin lé na deamhnuibh an chuid bhias go holc dhíobh agus lé na
hainglibh an chuid dhíobh bhias go maith. As uime do taisbénadh
an leabhar breá<gh>dha na ndeaghoibrightheadh ar tús
agus an leabhar dubh diabhluidhe ina dhiaidh sin dá chor a ccéill,
dá mhéd do -dhénta do dheaghoibrighthibh feadh do bheatha,
má tá tú san pheacadh fá dheireadh, gar chaill tú uile iad agus gur
dhubhaidh tú na gníomharrtha as áille do-rínis ríamh. Don
taobh eile, dá mhéd do-dhéntá d'ulc a ttosach h'aoisi achd
amháin anois tú féin do leasughadh suil bhérus an bás ort,


L. 43


taisbéntar leabhar áluinn dhuit fá dheireadh dá chor a ccéill
gur sgiamhuidh tú agus gur chu<i>r tú dealradh néamhdha mar
chrích ar a ndérnais d'olcuibh, agus, dá réir sin, go ttabharthar
breith shlánoighthe ort. Iarruim a huchd Dé ort, a dhuine 'gá
bhfuil fíoch nó fuath dod chomharsain nó 'gá bhfuil onóir bheag
shaoghalta nó droichmhian na colna dod mhealladh agus dod ghoid,
teachd dochum na hai<th>ríghi. Smuain go gér ar an ccás
so agus déin meas gurab ort féin ghairfidhear ar tús dochum an
chunntuis agus nách fada uait na leabhair si d'fhaicsin ó dhiabhluibh
agus ó ainglibh; agus, má ní tú so go díthchiollach, tiocfa do ghrásuibh
Dé nách cuirfe an aithríghi ar cáirde achd a dénamh gan sdad.



Scríobhuidh an naomhathair cédna go raibh duine
eile ann ar a roibhi eólus maith aigi féin sgaoilteach 'na bheatha,
agus, gé go bhfuair teagasc minic ón chomhluadar mhaith do bhí
aigi (a mainisdir do bhí sé, agas gaibhneachd dob oiffic dhó),
níor chuir sin a suim achd do fhan 'na olc go tindeas an bháis.
Iar mbeith dhó a bhfogus don bhás, do ghair a cháirde chuige
agus adubhairt riú do ghuth thruadh dhuini dhamanta go bhfacaidh
sé iffrionn osgailti agus Lucifer ar a fhíríochdar agus Caiphas agus
an drong eile do chuir Críosd dochum báis láimh ris. "Agus atúsa",
ar sé, "an truadh bhochd, damanta, agus do-chím anois áit mo phían
síordhuidhe ullamh fám choinne." Do ghuidheadar na cáirde
é fá aithríghi do dhénamh san n-am soin féin agus nách rachadh
dochum na bpian soin. Adubhairt riú ar ndul a n-édóthchus,
"Anois ní fhuil am mo bheatha do chlaochlo tar éis breithe do
thabhairt orum agus mé féin dá faicsin." Ag rádh na mbríathar
so dhó, fuair bás gan sácramuint na sláinti do ghlacadh, agus ní
fhuair duine don mhainistir ann féin aiffrionn nó urnuidhe
do rádh ar a anam.



Mór an deiffir si bhías idir bhás an fhíréin agus an
pheacuigh. Do-chonnairc Stephan a n-am a bháis flaitheamhnus
osgailti agas Íosa ar deasláimh a Athar agus a áit féin ullamh fá
a chomhair; do-chonnairc an gabha iffrionn osgailti agus a áit
féin ullamh a measg deamhan agus anmann ndamanta. Mur sin
theagmhas go comhchoitcheann don mhuintir anas ina n-olcuibh
go ham na huaidhe. "Do mhédughadh a phéini tugadh an taisbénadh


L. 44


sa don drochghabhainn", ar Béda, "agas ionnus go
nglacfadh cách sompla uadha gan an aithríghi do chur a bhfad",
agus as mur sin tárla. Ór do-ríneadar iomad daoine aithríghi
iarna mbrosdughadh leis an sgéal sa do bhí rofhollus óirdheirc
a Saxain an uair sin; agus do ghluasachd luchda an chruadhchroidhe
dochum aithríghi do sgríobh Béda é, mur adeir sé féin; agus as
é an t-ádhbhar cédna soin tug orumsa a chor a nGaoidhilg
chugad, a fhir éintíre. Go ttuga Dia dhuit do ghluasachd dochum
na haithríghi dá thaoibh.



Sompladha eile sgríobhas na naomhaithre
Gregóir agus Aibhis. agus ughdair eile a n-aghuidh
na haithríghi moilli.



Scríobhuidh Gregóir naomh go ttárla an ní cédna don pheacach
ghránda Chrysórius, nách tug aire dhó féin go ham an bháis,
agus ann sin do-chonnairc sé sluadh do dheamhnuibh dubha 'na
thimchioll. Dho éigh go hárd ag iarruidh cáirde go maidin agus do
ghair ar a mhac féin d'fhagháil chonganta uadha ("Do-chondairc
misi féin um mhanach an mac sa ina mhanach", ar Gregóir),
agus ní fhuair, achd bás obann. "Agus as déimhin", ar an naomh,
"gurab ar ar soin-ne ré a bhfoil Dia ag dénamh foighide fós
tugadh an taisbénadh sa don pheacach sa iondus go ttiocfamaois
gan mhoille dochum na haithríghi."



Léighmid ar fhear úsúrachda áiridhe go bhfuair comhairle
go minic fá é féin do leasughadh agus gurab í fregra do-bheireadh
ar sin go roibhi aimsir go lór aigi. Táinig an bás chuige, agus, iar
mbeith don tsagart ag dénamh díthchill fána tharrang dochum
na haithríghi, do thuit a néul uadha. An uair táinig ní éigin dá
chéill chuigi do bhuail an sagart 'gá ghuidhe arís dochum na
haithríghi. Fá dheireadh, do labhair do ghuth uathbhásach agus
adubhairt: "Ó a Aithríghi, cáit a bhfuil tú? Uch, as truadh!


L. 45


As í breath fhírcheart Dé nach éidir leam anois do dhénamh do
bhrígh nách dérnas tú an uair do fhédus." Agus ris sin do fháguibh
an t-anam é.



Ní fhoil croidhe dá chrúas nách glacfadh coimhchriothnughadh
dá ccluineadh sgél uathbhásach Udo, airdeasbuig
Magdeburg, nar ghabh rabhadh, gé gur minic fuair é, fá é féin
do leasughadh nó go dtug ar Slánuightheóir féin breith bháis agus
dhamanta agus gur órduigh a cheann do bhuain de a bhfiaghnuisi
altóra móire a theampuill féin. Mar atá fada, ní héidir linn a
chor ann so go hiomlán. Sgríobhaid mórán ughdar maith é
agar urusa a léagh<adh>.



Sgríobhuidh S. Aibhisttín sompla ró-uathbhásach
bheanas risan ádhbhar so. "Do bhí duine áiridhe ann", ar sé,
"aga raibhi iomad saidhbhris agus cloinni, agus nír lugha léna
pheacadhuibh, ór ní smuaineadh ar ní ar bith achd ar é féin do shásughadh
lé holcuibh gan luadh ná rún fillti uatha. Rug tinneas an
bháis air, agus, iar mbeith dhó a bpunc an bháis, do stad an t-anam
maille ré huathbhás n-ádhbhal agus ré critheagal mhór gan an corp
d'fhágbháil do bhrígh go bhfacaidh na deamhuin ag feitheamh
ris ar tí a fhuadaidh riu go hiffriond ar ball tar éis sgaraidh
risan ccorp dhí. Ad-chuala fós iad ag fiafruighe dá chéile,
"Créud é fáth na moille sin? nó cionnus dob éidir gan an
t-anam d'fhágbháil an chuirp nías luaithi iná sin?"
"Déineam deithfir", ar cuid díobh, "d'eagla go ttiocfadh
Micheal gona chomhluadar agus go mbrisfeadh sinn 's go mbeanfadh
dínn an t-anam sa atá an fad sa do bhliadhnuibh 'nar nglassuibh."
"Ná bíodh eagla oruibh", ar diabhal oili. "Atá fios oibrightheadh
an fhir si agamsa, ór do bhádhas d'oidhche agus do ló riamh
'na fhochair." Iar ccluisttin an chomhráidh si don anam
bhochd, adubhairt ré féin: "Uch, uch, as truagh rugadh mé.
Uch, uch, as truagh do geineadh mé. Uch, as mairg dhamh
táinig riamh san ccurp sa. Uch, as mairg do bhí san phríosún
bhrén sa, agus a mhairg dhuit, a chuirp bhoichd. Créd fár fhuaduigh
tú cuid na comharsan? Créd fár chruinnigh tú cuid na mbochd


L. 46


chugad féin? Do bhítheá ag ithi biadh mblasta agus misi fá
ghorta; do bhítheá ag ól fhíona uasail agus misi lán do thart; do
chuirthea édach áluinn ort féin agus do bhínnsi nochd gan édach
grás ná subháilceadh; do bhítheá ramhar agus misi trúadh; do
bhíthea súbhach agus misi tuirseach; tusa lán do gháirdeachus agus
misi lán do dhoilghios; tusa lán do gháiridhibh agus misi lán do
ghul; do-rínis an uile ní ríamh contrárdha dhamhsa. Biaidh
tú anois tamall ad bhiadh cnumh agus ad luaidh lobhtha bhréin,
agus fá dheireadh bérthar um dhiaidh-si go hiffrionn thú dod
phíanadh go síordhuidhe."



"Iar rádh na mbriathar sa, do éirigh drochaingiol
coimhideachda (an) duine bhoichd do bhíodh riamh 'ga
tharrang dochum gach uilc agas adubhairt: "Glacuidh na
gabhla rinnghéra sa, a chompáin, agus buailidh iad a súilibh an
fhir si, ór ní fhaca ní breaghdha nó bean sgiamhach ríamh nar
shanntuigh. Brisidh agas brúidhidh a bhél, ór bá cuma leis
'nar chóir nó égcóir gach ní dá labhradh, do ithiodh agus do ibheadh,
achd as í bá riaghuil dhó a ainmhian. Mionbhrúidhidh a chroidhe
cealgach ag nach roibhi carthanachd, crábhadh, ná trócaire.
Tolluidh a lámha do bhí luath lúthmhar dochum fuaduigh, gada,
marbhtha, agus sladuidheachda, agus mall dochum an uile
dheaghoibrightheadh. Tochluidh lé gérbhearuibh a chosa do bhí clisti
dochum gach peacuidh do chur a ngníomh agus lán do leisgi
dochum maitheasa."



"Do ghluaisiodar na diabhuil 'na dhiaidh so risan
anam mbochd go hiffrionn agus adéirdís ris ar slighidh: "Nach
minic tugadar na sagairt agus na seanmóntuidhe teagasc dhuit tú
féin do leasughadh a n-am agas gan fuireach san olc go soichi
an bás? Anois do-chíthfe tú na huird ainglidhe agus a ndealradh
ní dochum sóláis achd dochum dóláis shíordhuidhe do chor ort
fán chomhluadar agus fán dealradh do chaill tú. Do chailleamairni
an dealradh cédna, agus biaidh tusa maille rinn go síordhuidhe
damanta mur atámaoid féin." Do ghuil go gér an t-anam risna
briathruibh si agas adubhairt ris féin: "Uch, as truadh do
geineadh mé. Uch, as truadh rugadh mé. Uch, as truadh do
cuireadh san chorp mhalluighthe si ríamh mé. Uch, as truagh
do chaill mé an dealradh úd ad-chím. Do-chím anois an


L. 47


tslighidh fhairsing go párrthas agas ní fhuil ar cumas dhamh
siobhal innti." Iar mbeith dhó mar so dá chaoineadh féin go
truagh tuirseach, do theilgiodar na hainspioraid é síos go dorus
iffrinn, agus do ghlac an diabhal a bhfioghair dragúin theintidhi
'na chraos adhuathmhar é agus do sgeith é san loch theineadh do
bhí faoi ina ccuirfe an uile anam eile leanfas a lorg.



"Glacam chuguinn teagusg, a cháirde grádhacha, ar
mbeatha do leassughadh anois a n-am ar sláinti", ar Aibhisdin
naomh, "ón tsompla uathbhásach sa agus déineam leighios dhúinn
féin do chneadhuibh marbhthacha cháich. Tabhram druim ré
mianuibh ar n-antola agus leanam slighidh spioradálta iondas go
ttriallmaois as an ccorp thruaillidhe si go luathgháireach a
ccoinne ar tTighearna agus gomadh éidir lé gach n-aon aguinn na
briathra úd adubhairt Dáuidh do rádh ris féin, .i. "Do lean
m'anam sa thú, ór do smachduighios mo cholann ar do shon,
a Thighearna."" Guidhimsi sibhsi mar an ccédna, a cháirde
croidhe, glacuidh agus bíodh ar choimhne aguibh an chomhuirle si
do-bheir an naomh uasal dá cháirdibh agus dá chombráithribh féin,
agus ná caillidh a ngeall ar mhaitheas mbréigi ndiombuain an
mhaith bhiothbhuan agus an ghlóir némhdha do ghealladh dhíbh,
achd dénuidh díthchioll do láthair triall chuice, agus, má tá sibh
ar seachrán tré iomad bhar bpeacadh, tigidh gan sdad ar
slighidh ndírigh leis an aithrighi d'eagla go tteigeómhadh dhíbh
mur thárla don anam bhochd sa, .i. bheith ag síordhénamh
aithrighi gan toradh a n-iffrionn, mur adeir an naomh cédna.
Agus adeir arís nach am ceartuighthe na beathadh am an bháis
achd am breithe damanta do bhreith fán ndroighbheathaidh do
bhí ar marthuin go soichi sin. "Do-dhéntar aithrighi an uair
sin," ar sé, "achd biaidh gan toradh uirre. An áil leat toradh
do bheith uirre? Ná bíodh (sí) mall. Féch ad thimchioll
aniogh agus ceartuigh thú féin. Thusa an ciontach agus Críosd an
breitheamh. Ceartuigh do chionta agus tiocfa go súbhach a ccoinne
an bhreithimh. An tí bhias 'na bhreitheamh agud, atá anois


L. 48


'na adhbhacóididh agad 'gad ghuidhe gan tú féin do leigin
dochum a bhreitheamhnuis." Briathra an naoimh go soiche so.



Scríobhthar a ccroinic uird naomhtha S. Proinnsias
ar n-athar, go raibhi duini áiridhe san chathruidh óirdhirc
Florensia agá roibhi neamhchúram fána anam agus nach tug cluas
do sheanmóir ná do theagusg feadh a bheathadh. Thig tindeas
an bháis. Tugadar a cháirde a ndíthchioll comhairle dhó a
fhaoisidin do dhénamh. Do bhíodhsan do ghnáth ag iarruidh
cáirde. Fá dheireadh, do-chuaidh mac don óglach a ccoinne
gháirdian na mainistreach iondus go ndiongnadh seanmóir dá
athair do chuirfeadh dochum aithrighe é. Tárla dís Bráthar
Dubh air san slighidh. Do fhiafruigheadar dhe a ghnouidhe.
Do indis dhóibh. "Imthígh romhad," ar siad, "agus rachaidh
sinne d'ionnsoighidh th'athar agus do-bhéram ar ndíthchioll
conganta dhó fá aithrighi do dhénamh go mbeire an gáirdian air."
Tug an t-ógánach buidheachus dhóibh. Gluaisid go tigh an
duine thinn agus iarruid ar a roibhi ina sheomra dul amach iondus
go labhradaois leis fá shláinti a anma. Do-rinneadh sin. Dúnuid
an doras orra, agus níor hiarradh osgladh orra go ttáinic an gairdian.
Iar tteachd dhó, do bhuail cách doras sheomra an duine thinn,
agus nír freagradh iad nó gar briseadh an doras; agus, tar éis dul
asteach dhóibh, ní fhuaradar duine tinn iná bráithre, achd an
áit fholamh. Do thuigiodar, ní nách iongnadh, gur do bhráithribh
dubha an diabhuil an cúpla soin táinig a ccoinne an té nach
dérna an aithrighi a n-aimsir na sláinti achd do léig go pongc
an bháis í.



A Chríosduidhe chroidhe, ná bean as na neithibh
adubhramar ann so, a ccás go meallfadh an diabhal, an saoghal,
nó an cholann, thú ag cur d'fhiachuibh ort fuireach san pheacadh
go ham an bháis, go ccaillfithea an dóthchas as cóir dhuit
do bheith agad a ttrócaire Dé an uair sin féin; achd déin do
dhíthchioll agus do-bhéra Dia congnamh dhuit san am sin féin,
agas, gé go n-abruid diadhaireadha áiridhe nách slánoighthear
achd fíorbheagán don mhuintir anas a bhfad isna peacadhuibh
agus nách cuireann rompa a bhfágbháil go pongc an bháis, tar a
cheann so, go sgaradh don anam risan ccorp, atá ar do chumas


L. 49


do shlánoghadh; agus gá fios nách don bheagán sin shlánóchthar
a n-am an bháis thusa? As uime do sgríobhamair na neithi
beaga simplidhe si dod ghluasachd maille ré grasuibh Dé dochum
na haithrighi do dhénamh a n-am agus gan do léigean gusan bpunc
ccruaidh sin; ór (as) fios dhúinn gurab mór dar náision
mealltar leis an ndiabhal ar an tshlighidh si. Cuiridh do ghnáth
mórthrócaire nDé 'na bhfiaghnuisi agus ceilidh a cheart orra go
soichi an bás; agus an uair sin do-bheir cor don duilleóig, ceilidh
an trócaire, agus ní thaisbénann achd fíorcheart nDé do chur an
duine bhoichd a n-édóchus. Agus, gé go meallann náisioin eile ar
an modh sa, fá-raor as mó mheallus don ná<i>sion dá bhfuilmidne,
do bhríogh nách fhoil prealáide ná seanmóntuidhe aca achd
roibheagán, Dia dá bhfurtachd.



Ciondas aitheantar an aithrighi do bheith
fírinneach iondas gomadh éidir don chríosduidhe
baramhuil láidir do bheith a<i>gi gur
fhág sé na peacadha agus go bhfuil a ngrásuibh?



Ní hór gach ní ar a mbí a dhath, achd bídh ór fírinneach ann
agus ór fallsa. Bídh aithrighi dhiadha fhírindeach ann ghlanas
duine óna pheacadhuibh agus do-ní oighre flaitheamhnuis dhe, agus
aithrighe fhallsa gan aice achd cosmhuileachd leis an aithrighi
bhfírindigh. Ar an ádhbhar so, ní fholáir dhúinn comharthadha
d'fhagháil lé n-aithéonam an aithrighi fhírindeach seoch
an aithrighi mbréguigh. Do sgríobh Aibhisdin naomh leabhar
iomlán don dá ghné aithrighi, agus as iomdha comhartha as éidir
do bhuain as lé n-aitheóntar gach aithrighi dhíobh. Cuirfeamaoid
ann so beagán go haithghearr do chomharthaibh na haithrighi
fírindigh<e> nigheas duine óna pheacadhuibh.



An cédchomhartha, an té ar a bhfuil an doilgheas
do ghlacadh inntinne agus rúin láidir chuigi gan na peacuidh do
dhénamh arís, iondus gomadh férr leis olc mór d'fhulang iná
peacadh marbhtha do dhénamh. Muna fhoil an rún sa agad,


L. 50


as mór an chundtubhairt nach dérnuis achd lagcogadh ris na
peacadhuibh agus nár mharbhuis iad achd go bhfuilid beó fós ad
chroidhe. Tar éis Pól do dhénamh aithrighi, tug slán na n-uile
chréatúireadh faoi. "Cia sgarfas sinn", ar sé, "ré grádh cCríostt?
persecusion nó gorta? gabháil nó trioblóid? As dearbh leam
nach sgarfa bás iná beatha, aingil iná prionnsadha, ní dá bhfuil
do láthair nó dá ttiocfa, láidireachd, airde, iná ísle, iná créatúir
eile, sinn ó ghrádh Dé a nÍosa Críosd ar tTighearna."



Gibé do-gheabhus é féin mar so go cíocrach námhadach
do na peacadhuibh ina raibhi, gé nách bíadh comhmórchroidheach
ré Pól, as éidir dhó dóigh mhaith do bheith aigi agas ciúnas
coinnsiasa agus a mheas go ndérna aithrighi fhírinneach. As é a
résún so, gurab é as nádúir do shubháilce na haithrighi cogadh
do dhénamh risan uile pheacadh marbhtha agus gan aoinpheacadh
dhíobh d'fhulang teachd 'na ghoire, agus, mar sin, gibé nách
mothuigheann an cogadh sa aigi féin riú, atá a ccontabhart
mhór nár sgrios iad. Uime so adeir an doctúir naomhfa
Aibhisdin, ag labhairt ar a chédaithrighi féin ag filleadh dhó ó
eiriceachd ina roibhe, go mbídis a luathgháire dérach agus a dhéra
luathgháireach ag troid ré chéile agus nách bíodh a fhios aigi cía
haca do claoiti. Luathgháir dhérach ghairios an naomh don
aoibhneas bhochd bhíos ag an pheacach ag dénamh an uilc,
do bhríogh nách fhuil innte achd adhbhar gola agus dér; déra
luathgháireacha bhochd bhíos ag an pheacach ag dénamh an uilc,
do bhríogh nách fuil innte achd adhbhar gola agus dér; déra
luathgháireacha ghairios don aithrighi, do bhrígh nách fhoil
innti achd adhbhar sóláis agas luathghára súthuine. Adeir nách
roibhi a fhios aigi ar tús cía haca bá treisi; gidheadh, fá
dheireadh rug an aithrighi buaidh, iondus go raibhi gráin aigi
ar an luathgháir ndéraigh sin, .i. ar anmían an pheacuidh darab
ainm díleas luathgháir dhubhach dhérach.



Do-bheir an naomhathair Ambros, oide S. Aibhisdin, tug
ó dhorchadas agus ó earráid é dochum an chreidimh fhírinnigh, an
léighionn cédna dhúinn, agus adeir nách fuláir don aithrigheach é
féin do chlaochlo uile agus gráin do bheith aigi ar gach ní ar a
raibhi gean aige roimhe sin, agus sgríobha<i>dh sompla diadha fán
adhbhar so. "Do bhí conuersáid neamhghlan ag ógánach


L. 51


áirighe", ar an naomhathair, "ré mnaoi mhíonáirigh. Tug Dia
bruideadh némhdha ann agas do leasuigh a bheathaidh. Iar
mbeith dhó a bhfad ón mnaoi sin, tug a ghnouidhe é mar a
roibhi sisi. A ccion aimsire 'na dhiaidh sin, tárla an bhean
mhíonáireach dhó. Ní thug súil uirri, achd do-chúaidh tairsi
mur nách faicfeadh ríamh í roimhi sin. Do ghlac (an) bhradóg
sin 'na iongnadh mhór chuice, ór dobá gnáth leis an ógánach
labhairt ré go roshuilbhir gach am agus gach áit a tteagmhadh air.
Do mheas sí aice féin nár aithin sé í agus go roibhi a aire ar ní
éigin eile agus do bhuail dá cáineadh féin do bhrígh nár chuir
urán air iondus go ttugadh aire dhi. "Muna bheinnsi um
chaile," ar sí, "do laibhéorainn risan tté do thaisbéin grádh a
chroidhe dhamh go minic, agus fillfead do leasughadh an neith
do-ríneas go holc." Iar bfilleadh dhi, adubhairt risan n-ógánach:
"Nách aithneann tú mé, a chompáin chroidhe? Misi atá ann."
Do fhreagair an t-ógánach agas adubhairt, "Ad-chím gurab tusa
thusa; gidheadh, ní misi misi." As é sin ré a rádh, "Atá tusa
mar thú féin a láimh fós 'gan diabhal agus 'gat antoil; gidheadh,
táinig dhamhsa do ghrásuibh Dé fuath agus gráin do bheith agam
ar an olc do-ríneas riot, agus, dá bhrígh sin, ní mé an fear shaoilios
tú do bheith agad mailli risan ndroighinntinn do bhíodh agum
go ttrásta, achd tugas druim risan n-olc agus do chuirios romham
cogadh do dhénamh ris, agus as uime sin nách tugas súil ortsa
achd mur do-bhéruinn ar mo namhuid."" So comhartha na
haithrighi fhírindigh<e>, agus, gibé do-gheibh é féin san chogadh
sa ris na peacadhuibh ina roibhi résan aithrighi, as éidir dhó
connsias ciúin do bheith aigi agus a mheas gur fháguibh glasa an
diabhuil 's go ttáinig ar sluadh Íosa, a Thighearna.



An dara comhartha, bheith ullamh dochum lóirghníomha
agus leasuighthe do thabhairt don uile dhuine dá ndérnuis díoghbháil
ina phearsuin, ina onóir, nó ina mhaoin, do réir bhreitheamhna<i>s
h'oide faoisidne má tá foghlamtha nó dhuini fhoghlomtha
eile 'gá measthar coinnsias glan do bheith aige agus eagla
Dé do bheith air.


L. 52


An treas comhartha, maitheamhnas do thabhairt dá gach
duine do-ríne égcóir ort at onóir, ad phearsain, nó ad mhaoin,
maille re rún gan díoghbháil ar bith do dhénamh dhóibh tré
olc nó tré aingidheachd. Asé as mian leam a rádh, gan fuath
nó fíoch do bheith agad don mhuinntir sin fán olc do-ríneadar
ort. Gidheadh, ní fhuil d'fhiachuibh ort t'onóir nó do chuid
do mhaitheamh dhóibh, achd as éidir leat breith cheart an
dlighidh dho bhuain díobh gan rún díoghaltuis do dhénamh, mur
adeir an scrioptúir, achd tabhair comharthadha carthanachda
dhóibh gé go mbiadh fúd leasughadh do bhuain díobh
do réir chirt an dlighidh; agus as mar sin tuigthear Lúcas an tan
adeir san soisgéal, "An uair fhillfeas chugad an té thug
aindligheadh dhuit agas adéras sé, "As aithreach leam an ní
do-ríneas", maith dhó", .i. taisbéin thú féin go carthanach dhó
mur dá gach caruid eile; gidheadh, ní chuireann d'fhiachuibh
ort an ní do bhean sé dhíot do mhaitheamh dhó. Má tá amhgar
nó bochduine air, is d'o<i>brighthibh na trócaire a fhíacha do
mhaitheamh dhó, agus atá foirfeachd specialta an trócaire do
dhénamh ar an tté thug aindligheadh dhuit.



An ceathromhadh comhartha, siocra na bpeacadh do
sheachna. An uair do-chí tú spuir agus bútaisi ar dhuini, gé
nach faice a chroidhe, tuige go bhfuil ar a inntinn dul ar marcuidheachd,
agus, dá bhfaictheá duine ag filleadh ó áth ar a dhuibhne,
adérthá go mbíadh neamhfhonn a bháitthe air, gé nách faicfithea
a chroidhe. Dá réir so, gé go n-aibeóradh duine riot gurab é a
rún gan éinní do dhénamh a n-aghuidh Dé, má chí tú é ag dul
go minic nó a ndrocham don tigh ina ndénadh an peacadh, ná
creid uadha nách fhoil fonn air dul ar marcuidheachd a ttrupa
an diabhuil agus 'na shéirbhís ná gur chuir cogadh dá-ríribh ar na
peacadhuibh; agus, bíodh go mothóchtha an gluasachd doilghis
atá ad chroidhe fán pheacadh, tar a cheann sin, muna fhagha
tú seachna agad ar shiocraibh an pheacuidh, as cundtabhartach
nách doilghios fírinneach do bhí aghad lé sgriostar na peacaidh.
Gidheadh, más duine tú fhillfeas ó na siocruibh agas do-bhéras


L. 53


cúl riú, atá neamhfhonn do bháiththe ort a n-áth na n-anmann
ndamanta a n-iffrionn, agus, dá réir sin, as aithrighi fhírindeach
do-rínis.



Mar an gcédna, más duini thú fhilleas ar ball dochum
an pheacuidh gé gur dhoirtis déra troma ó chianuibh dá chaoineadh,
as guais leam gurab aithrighi fhallsa do bhí agad, ór adeir
Pól go n-oibrigheann an aithrighi do-bheir Dia uaidh sláinte
mharthanach, agus adeirid dá bhríogh so na diadhaireadha, "An té
pheacuigheas gach aonlá agus théid dochum na haithrighi gach
aonlá, nách cóir dhó corp Chríostt do ghlacadh."



Don taoibh eile, má anann tú ó na peacadhuibh agus
coimhéud gér do dhénamh a siocra do sheachna, as maith an
comhartha soin gur slánuigheadh do spiorad lé háithrighi bhfírinnigh.
Dá mbeithea ad chaiptín agus go ngeabhthá baili dod
rígh iar gcur muinntire do namhad as, dá léigthea dóibh so
fuireach a gceilg a bhfogus dod dhoras go bhfios dhuit féin,
adérthaoi nách biadh fonn ort an baili do choimhéud dod rígh,
achd gur thoil leat an namha dá bhuain amach arís. Gidheadh,
dá gcuirthea an namhuid a bhfad uait agus gan duine do léigean
dod ghoire achd duine díleas dod bhaile agus dod rígh, adérthaoi
gur caiptín críonda coinghiollach dod phrionnsa thú agus gur mian
leat dá-ríribh an áit do choimhéud dó agus gan a tabhairt air ais
go bráth dá easccáirdibh.



Ní fhuil inar mbeathuidh san saoghal sa achd
cogadh, mar adeir an sgrioptúir, agus ní geabhthar aonbhaile ar ar
namhuid achd lé háithrighi bhfírindigh. Gaisgiodhach thú, a
Chríosduidhi, do mhuinntir Dhé, agus, má ghabhuis sgonnsa do
chroidhe dhó d'aimhdhéoin dheamhan agus domhuin, féch 'nar
fhulaingis na peacuidh do chuir tú amach nó a siocra do bheith
a cceilg a bfhogus dod dhorus ag fuireach ré faill dochum do
sgonnsa do bhuain dhíot arís. Más amhluidh atá, ní hiongnadh
a rádh nách foil tú díleas dod rígh agus gur thoil leat an sgonnsa
do bheith 'gan diabhal, agus, mar sin, nach aithrighi fhírindeach
do-rínis.



Achd, má do sgrios tú a bhfad uait na peacuidh agus a
siocra agus nach léigionn tú ní dod ghoire achd ní díleas dod sgonnsa,
dhuit féin, agus dod rígh, as éidir a rádh gan bhréig go bhfuil tú


L. 54


coinghiollach grádhach do Dhia agus fuathmhar ar a naimhdibh,
na peacuidh, agus, dá réir sin, gurab cogadh éiffeachdach agus aithrighi
fhírinneach do-rínis ad pheacadhuibh.



Ná léig ar an ádhbhar so comhluadar ban ad
ghoiri, más díobh do bheanuis an sgonnsa. Ní hé amháin,
achd ná glac litir leimh iná seóda suirghe dá ccuirfeadaois
chugad, agus, má tá aonchuid díobh so a ccoimhéad agud, tabhair
an ttinidh mar leabuidh dhóibh d'eagla go ttiubhradaois<s>ion
tinidh n-iffrinn mur leabuidh dhuitsi.



Ní leighisthear an chneadh muna thairringthear
ceann an airm lé a ndérnadh í as an ccorp; ní hé amháin, dá
n-ana ní dá loighead don arm san chneidh, biaidh gan leighios
cho<i>dhche. Más mian leat cneadha do pheacadh do leighios
dá-ríribh gan eagla athlasaidh, tóig uait ceanna na soighead
sa do buaileadh ort, .i. na neithi si adubhramar agus gach uile ní
eile lé ttairngthear thú dochum an pheacuidh, nó bíodh a dheimhin
agad go bhfuil tú a nguais go n-athlasfaid do chneadha
ort.



An cúigeadh comhartha, má tá doilghios mór ort
fá gan doilghios mór do bheith agad fád pheacadhuibh, ór ní
thig so achd ó aithrighi fhírindigh, gé nach aithin tú gurab
í atá ann.



Ciondus as cóir don pheacach é féin do mhosgladh
agus do ghríosughadh dochum na haithrighi
agus an doilghis ag triall dochum na faoisidne?



As é as nádúir don aithrighe, mar adubhramar roimhe so,
cogadh éiffeachdach do dhénamh dhíbeórus na peacaidhe.
Gonadh aire sin nách foláir don pheacach lér mian aithrighi
do dhénamh a fhéchuin créd í nuimhir a pheacadh agus díthchioll
do dhénamh fá a ttabhairt go háit buailte do thabhairt dóibh.


L. 55


An caiptín 'gá mbíonn glés maith agus dóthchas mór buaidh do
bhreith, as mór an fonn bhíos air a naimhde d'fhagháil ar
aonláthair d'eagla énduine dhíobh do dhul as uaidh do chuirfeadh
cogadh air arís; ór as minic theagmhas do dhuine buaidh
d'fhagháil san chédchath agus briseadh air san dara cath lé daoinibh
nuaidhe do bhéradh ar a namhuid. As é as áit buailte do
thabhairt do na peacadhuibh an mheabhair, agus atá glés romhaith
'gan pheacach ar bhuaidh do bhreith orra uile gan aoinpheacadh
do léigean as díobh. Dá bhríogh sin, ní foláir dhó a ttabhairt
do láthair uile an mhéid as éidir leis dochum a mheabhra, agus,
dá ndérnae faillighi uime so, budh éidir, na peacuidh do shaoilfithea
bheith marbh san chath, go ttiubhradaois bualadh láidir
dhuit a bhfiaghnuisi fhírcheirt Dé.



Glac chugad ar an n-ádhbhar so aimsir áiridhe, ghérr nó
fhada, do réir na faoisidni as mian leat do dhénamh, na hoiffice
agus an chúruim atá ort, agus an spáis aimsire ó do-rinnis fhaoisidin
fá dheireadh. Más faoisidin bheathadh as mian leat do dhénamh
agus nach duine thú thig go minic dochum na sacramuinte si, ní
fholáir dhuit bheith ochd lá ag dénamh ullmhuighthe ort féin,
.i. uair nó a dhó gach aonlá díobh soin do chaitheamh lé tarrang
do pheacadh dochum do chuimhne. Más duine thú agá
bhfuil oiffic phuiblidhe ós cionn an phobuil, spioradáltha nó
themporáltha, nó gairm eili atá cundtabhartach innti féin do
thaoibh Dé, mar atá breitheamhnas, adhbhacóideachd, ceanduigheachd,
nóitéorachd, agus a leithéidi so eili, ní fholáir dhuit
ní as mó dh'aimsir do chaitheamh ré th'ullmhughadh iná chaithid
daoine ag nách foil a leithéidi sin d'oifficibh nó do chúram aca.



Más faoisidin bhliadhna atá fúd do dhénomh agus nách déin
tú í achd a ccionn gacha bliadhna, gabh dá lá nó a 3 ní as lúgha
dhe dot ullmhughadh agus caith cúpla uair gach lá díobh go
huaigneach ag smuaineadh ort féin agus ag cuimhnioghadh ar do
pheacadhuibh. Agus, más duine thú 'gá bhfuil h'aimsior ar do
chumas nó ar do thoil féin agud, dobúdh beag leam an spás
sin, gé nách iarrfuinn ní as mó iná é ar luchd saothair do-gheibh
a mbeathaidh le hallas a ngruadh ná ar dhaoinibh simplidhe.



Agus, do bhríogh gurab é as peacadh and briseadh na
haithne, ní fhuil glés cuimhnighthe ar na peacadhuibh is fér<r>
iná aitheanta Dé agus na heagluise do chur at fhiaghnuisi agus ceistt


L. 56


do chur ort féin gá mhéd uair do bhrisis gach aithne díoph agus
siobhal orra mar sin fó seach. Cuirfeamaoid an modh ar a
ndingeantar so go soilléir 'na dhiaigh so síos.



Do-bhéra congnamh mór dhuit dochum na cuimhne si
smuaineadh ar gach áit ina rabhadhuis, ar gach comhluadar
do bhí agad, ar gach ní éiffeachdach do bhí ar h'airi, agus a
fhiafruighe dhíot féin ciondus tárla dhuit in gach áit, in gach
comhluadar, agus in gach gnóuidhe; an bhfuaruis tuisleadh
pheacaidh mharbhtha a n-éncháil díobh soin; agus gá mhéd uair.



Tar éis do pheacuidhe do chor ad chuimhne an mhéid
dob éidir leat achd amháin go raibhe cúram neamhédtrom ort
'na ttimchioll, ná bíodh scrupal ná cathúghadh ort fá na
peacadhuibh do-chuaidh ar dearmad uait. Ní fhuil fonn ar
Dhia ar ndamnúghadh, achd as mian leis ar slánúghadh uile,
agus tug nádúir dhearmadach dhúinn lé nách éidir iomad neitheadh
do tharrang dochum coimhne gan dearmad do dhénamh do
chuid éigin díobh. Gonadh airi sin nách cóir dhuit míchiúnas
ar bith do bheith ort fá gan cuimhne ar na peacadhuibh go
hiomlán achd dóthchas láidir do bheith agad go ngeabha Dia
uait díthchioll do dhénamh do-ghéntá fá ghnóuidhibh éifeachdacha
saoghaltha.



Iar mbeith dhóibh cruinn ad mheabhair, smuain ar fhírcheart
nDé agus ar an ndíoghaltus do-ní ar son an pheacuidh, mar do
chuir an créatúir as áille dar chruthuidh ríamh, do bhí lán do
sgéimh, do dhealradh, agus do ghrásuibh, .i. Lúcifear, gona
chomhluadar a bpríossún ndubh ndorcha iffrinn gan dáil furtachda
as achd bheith a bpianuibh síordhuidhe trésan ndrochsmuaineadh
do-ríne 'na aghuidh. Arís, mar do sgrios sé Ádhamh agus
Eabha do chruthuidh sé féin a sdaid uasail fhírénta in nach
fuighdís bás go bráth agus 'na ttighearnuibh ar pharrthus (fán
n-easumhlachd do-ríneadar ag ithi ubhaill bhig a n-aghuidh a
aithne), as an aoibhneas mhór ina rabhadar dochum bochduine
agus bháis dhóibh féin agus dá sliochd uile 'na ndiaidh.



Smuain gurab mó do thuill tú féin fírcheart Dé d'imirt


L. 57


ort iná an t-aingiol agus Ádhamh, ór má do pheacuidh an t-aingiol
lé smuaineadh, do pheacuidh tusa lé gníomh, lé bréithir, agus lé
smuaineadh. Do pheacuidh an t-aingiol san díomas; dobádh
éidir gur pheacuidh tusa a ndíomas, a ndrúis, a saint, a ccraos,
agas a n-iomadh eile do pheacudhuibh. Ní roibhi an t-aingiol
achd énmhoimint bheag nó gearraimsear ag dénamh peacuidh;
atá tusa feadh do shaoghail ag síorchruinnioghadh peacadh.



Mur an ccédna, má mealladh Ádhamh agus Eua énuair
amháin risan ndiabhal, do mealladh thusa na mílte uair ris.
Má do ghlacadar ubhall a n-aghuidh na haithne, as iomdha ní
as mó iná ubhall do ghlac tusa 'na haghuidh. Ná siubhail go
hédtrom orra so achd an tamall ar gach pongc díobh, agus do thoil
Dé biaidh do chroidhe dá ghluasachd mur as cóir dochum na
haithrighi.



Smuain don taoibh eile an trócaire do-ríne Dia riot féin
tar an n-aingiol, .i. go ttug ré na hai<th>righi dhuit nách tug
dhóson. Smuain fós go roibhi Ádhamh feadh a shaoghail, gé
gar mhair naoi ccéd agus tríocha bliadhan, ag síordhénamh aithrighi
agus gurab é sin fuair síth nDé dhó, agus go bhfoighi tusa maitheamhnus
ré haonosna amháin ad pheacuidhibh uile. Mosgladh so thú
as an spadántachd a bhfuile.



Féach a liachd ádhbhar agad fá thuirsi do bheith ort agus
tabhair dochum do chuimhne na neithe adubhramar roimhe so,
.i. na huilc mhóra éxamhla do-ní dhuit bheith san bpeacadh,
an tarcuisni do-bheir tú do Dhia, an mímheas tuguis ar dhiadhfhuil
nÍosa Críosd ar tTighearna do doirteadh ar do shon, an
trócaire atá Dia d'fhuláireamh ort anois agas é 'gad ghuidhe
fána glacadh uaidh, an luathgháir chuirios tú ar chúirt n-iffrinn
tréd chomhnuidhe san olc, an sólás do chuirfithea ar an ccúirt
némhdha trésan n-aithrighi, giorra na rée atá agad, gurab
dearbh go bhfuighe bás, neimhchinnteachd na huaire thiocfus
achd gurab gnáth a theachd mar ghaduidhe san oidhche an tan
nách smuaintear air, uathbhás an chruaidhbhreitheamhnuis nách


L. 58


éidir leat do sheachna, aoibhneas na glóire do chaill tú, agas
síordhuidheachd na bpian do-gheabhas tú tréd pheacadhuibh.



Tóig ann so súile géarradharcacha an chreidimh agus creid
nách fhuil dul as ar domhan agad ót olc shíordhuidhe féin iná
cumas ar síth nDé d'fhagháil achd trésan n-aithrighi. Creid
fós go bhfuil ar do chumas maille ré congnamh na ngrás do-bheir
Dia dhuit a bhfuil do pheacadhuibh ort do sgrios dhíot agus neart
na ndeamhan uile do chor ar gcúl uait lé haonfhásgadh n-úasal
do thabhairt ar do chroidhe 'na n-aghuidh. Ar an n-ádhbhar
so, gríosuidh agus brosduidh thú féin 'na n-aghuidh, agus, ó thárla
do naimhde uile ar aonláthair, .i. ar machaire do mheabhra, agus
glés maith agad a ccor dá leataoibh uile, ionnsoigh go cíocrach
iad agus ná léig aoinpheacadh as díobh gan mharbhadh. Glac
gráin agus fuath dhóibh, agus tiocfaidh as sin tuirsi do bheith ort fá
a ndénamh, agus tairreónguidh sin araon tú dochum grádha Dé
dá-ríribh a ccás nách beadh agud roimhe sin. Agus mur so do
bhéra tú búaidh orra uile. Iar ndéanamh an ullmhuighthi si
dhuit mur so, búdh maith an turus do-ghénus tú dochum na
faoisidine, ór, gé go mbeadh aithrighi agus doilghios láidir agud
dá ngoirthior dioltuirsi, ar ar labhramar san chédchaibidil, ní
díomhaoin an fhaoisidin do dhénamh, do bhrígh gurb í as
daingniughadh agus as séala ar an bpárdún fuair tú, agas, muna
roibhe agad achd aithrighi neamhláidir achd gurab aithrighi
fhírindeach í, do-bheir an fhaoisidin féin an párdún uaithi, .i.
maitheamh na bpeacadh, agus as í féin as séla air. Anois tráchdfamaoid
cionnus as cóir an fhaoisidin féin do dhénamh.


L. 59


An Dara Cuid,
thráchdas ar an fhaoisidin; ciondus as cóir a dénamh?



Créd as faoisidin ann?



Iar mbeith dár Slánuightheóir d'Íosa Críosd ag triall as an
tsaoghal sa, nírbh áil leis a phobal, tar éis a fhuil do dhortadh
ar a son, d'fhágbháil gan glés ar a leigheóstaoi iad go spioradálta
a ccás go ttuitfeadaois a bpeacadh mharbhtha; agus nír fholáir
sin, ór atáid na peacuidh comhlíonmhar agus sin, agus an diabhal,
an cholann, agus an saoghal, comhneartmhar agus sin a n-aghuidh an
spioraid, muna bfhágthaoi luibh leighis ag cách, gurab beag
do rachadh as dhíobh ó líontuibh iffrinn. Achd níor smuain
Críost a chlann ghrádhach, luach a dhiadhfhola, d'fhágbháil
san mbochduine sin. Do-conncus dhó, dá bhrígh sin, mur atá
légha ag na corpaibh, légha eile d'órdúghadh do shlánoghadh
na n-anmann agus a mhúnadh dhóibh ciondus do-dhéndaois a
leighios.



As follus gurab iad na leagha sa na habstoil agus na sagairt
thig ar a lorg ré a ndubhairt Críosd ag triall do dhénamh na
deasgabhála dhó: "Glacuidh chugaibh an Spiorad Naomh.
Gibé dá maithfigh sibh a pheacuidh, béid maithe; agus, gibé dá
nách maithfigh iad, ní bhíad maithe aca." As na briathraibh
si agus iomod eile don sgrioptúir do thuig ar naomhmháthair
an eaglas go bhfuil ríamh do riachdanas ar an uile Chríosduidhe ó
dhligheadh Dé faoisidin iomlán a pheacadh marbhtha do
dhénamh; ór as ionann cumas sgaoilte agus ceanguil peacadh do
thabhairt do na sagartuibh tig ar lorg na n-apstol agus atá fá
bhiocáire Chríost agus breitheamhuin do dhénamh dhíobh ós cionn


L. 60


na bpeacach dochum a sgaoilti nó a neamhsgaoilte óna bpeacadhuibh
agus dochum péine dlisdeanuighe do chor orra mar
lóirghníomh ar a son.



As follus, mur adeirid aithre chomhairle Thrionnta, nách
éidir do na sagartuibh breith sgaoilte nó ceangailte do thabhairt
ar na peacachuibh gan fios na cúisi d'fhagháil ar tús. As follus
fós nách éidir dhóibh pían ná lóirghníomh cothrom do chor
orra gan fios cáilidheachda a bpeacadh d'fhagháil. As neimhchiall
do-bhéradh ar bhreitheamh, gé go mbiadh ughdarrdhás maith
aigi, breith do thabhairt a ccúis ar bioth gan an dá rann
d'éisteachd, .i. fear na hagra agus an té ar a ndéntar í, agus ní bhíadh
bail a ndligheadh ar bioth ar an mbreith sin. Breitheamh
an sagart ar na peacadhuibh do sgaoileadh, agus as é an peacach
do-ní an eagra agus as air do-níthear í. Gurab uime sin nách
foláir a éisdeachd 'na aghuidh féin fá phéin gan buil ná éiffeachd
do bheith san bhreith. Dá bhrígh so, atá d'fhiachuibh ar gach
Críosduidhe a pheacuidh marbhtha uile do chor a bfhaoisidin
don tsagart 'gá bfhuil úghdardhás dochum a sgaoilte. Achd
ní chuirfeam saothar oruinn dá dhérbhadh so, ór as do na
Catoilicibh chreidios é cheana sgríobhmaoid an beagán sa do
theagasg na muintiri nách fhuil eólach díobh. As urasa, dá
réir so, a fhoillsioghadh créd é an ní an fhaoisidin.



As é as faoisidin ann gearán tuirseach do-ní an peacach
air féin fána pheacadhuibh leis an sagart 'gá bhfuil úghdarrdhás
dochum a sgaoilte uatha maille dóigh absolóid agas maitheamhnus
d'fhagháil ionnta. Mínigheam gach focul díobh so fó leith.
Adeirthear gurab gearán an fhaoisidin do bhríogh gurab uait
féin as cóir dhi tosúghadh agus nách cóir dhuit bheith leithsgéulach
dhuit féin achd cur ort mar do dhíthchioll maille ré fírinde.
Adeirthear gurab gearán tuirseach í, ór do-ní an prócadóir agus an
t-adhuocáid gearán a n-ainm na muinntiri chuireas a ccúis ar
a láimh agus ní faoisidin do-níd gé gomadh ré sagart do-dhéndaois
an gearán do bhríogh gurab mó a luathgháir iná a ttuirsi ag
dénamh an ghearáin sin agus gomadh maith léo mórán gearáin
dá leithéid sin do bheith aca.


L. 61


Do-níd daoine eile faoisidin amhuil do bheidís ag innisin sgéal,
gan comhartha dobróin ná tuirsi do thaisbénadh, agus ní mór an
dóigh as cóir do ghlacadh as a leithéid sin d'fhaoisidin. Adeirthear
"do-ní duine air féin", do bhríogh nách cóir dhuit labhuirt
go holc ar dhuine ar bith eile san fhaoisidin achd amháin teachd
ar h'olc féin. Adeirthear "fána pheacuidhibh", dá chur a ccéill
nách cóir ní maith dá ndérnais do chur san fhaoisidin - an drong
do-ní so, as cosmhuil risan bhPhairisíneach iad, agus biaidh a
luaighidheachd mar an gcédna comhchosmhuil - agus, arís, dá
fhoillsioghadh nách cóir sgéuluidheachd nách beanann ré
hádhbhar do dhénamh achd na peacuidh amháin do rádh go
tur agus gach sgéul nách foil 'na pheacadh do fhágbháil amuigh.
Tárla dhamh go minic tré ainbhfhios an pheacuigh bheith uair
nó leathuair ní as lúgha dhe ag éisdeachd duini gan aonpheacadh
do chluisttin uadha achd sgéuluigheachd, .i. go ndeacha sé go
baile a leithéide si do dhuine agus go roibhe fáilti roimhi
ann sin agus go ndérnadar a suipér go subhach luathgháireach a
bhfochair a chéile agus gurab iad a leithéidi so do dhaoinibh do
bhí ann sin agus go ndérna maith mhór roimhe d'fhior an tighe agus
go roibhe cumaoin mhór aige air agus go ttáinig duine áiridhi eile
astteach agus go ndubhairt a leithéid so d'fhocal as ar éidir droichiall
do bhuain, agus mórán eili don mhonadh sa gan buain aca don
fhaoisidin achd amháin an fhocal dhéighionach, .i. gur bhuail
sé buille nó sáthadh ar fhear an tighi; agus do fhoighéonadh an
t-aonfhocal sa do rádh ó thosach.



Do-ní dá dhíobháil nó a trí bheith risan sgéaluidheachd
soin, ór tig asta peacuidhe dhaoine eile d'innisin nách cóir
do dhénamh, agus cuirthear toirmiosg ar mheabhair an pheacuigh
fán fhaoisdin do dhénamh go hiomlán, do bhrígh, an fad bhíos
duine ag innsin sgél fán chédpheacadh, go ttéid cuid do na
peacadhuibh eile ar dearmad uadha; agus, fós, cuirthear toirmiosg
ar an ndoilghios bhíos ar an pheacach ag dénamh na faoisidine
ag cur fhaidsgéal fá nách cóir tuirsi do ghlacadh a measg na
bpeacadh as ádhbhar tui<r>si; agus, fá dheóigh, cuirthear toirmiosg
ar an athair faoisidni culpa daoine eile d'éisdeachd an fad bhíos


L. 62


sé ag éis<d>eachd na sgéal soin gan tarbha. Ar an ádhbhar so,
as iomchubhaidh don aithrigheach na faidsgeóil si do ghearradh
agus an peacadh amháin do rádh go haithghearr soilléir d'eagla go
ttiocfadh dhe díoghbháil do dhénamh dhó féin, dá oide faoisidni,
agus dá chomharsoin.



Adeirthear "risan sagart", ór ní déntar sacramuinnt d'admháil
peacadh achd an uair do-beirthear absolóid don pheacach
maille ris na comhachduibh tug Dia don tsagart. Dá bhrígh
so, gé gurab maith ré a dhénamh go minic do pheacuidh
d'admháil do dhuine dhiadha fhoghlamtha nách bíadh 'na
shagart dochum teaguisc d'fhagháil uadha an tan nách bhfuightheá
oide faoisidine, tar a cheann sin, ní déntar sacrámuinnt
na haithrighe leis an admháil sin.



Adeirthear "agá bhfoil ughdarrdhás", ór ní lór duine
do bheith 'na shagart dochum sacrámuinnti na haithrighi do
thabhairt uaidh, achd ní foláir dhó ós cionn a shagartachda
ughdarrdhás eili ó easbog nó ó dhuine 'gá mbíadh sí lé a tabhairt
dhó do bheith aigi, agus, má bheir absolóid uadha gan so, ní fiú
ní ar bioth í, do bhrígh nách foil san absolóid achd breath
sgaoilte ó pheacadhuibh agus nách foghnann breath nách beirthear
lé breitheamh ndlisdionnach.



Adeirthear "maille ré dóigh absolóid d'fhagháil", ór do-rinne
Iudás admháil a pheacadh agus do-ríne í do shagartuibh;
gidheadh, nír fhoghuin dhó, do bhrígh go ndérna í maille ré
neamhdhóthchus párdún d'fhagháil. Do aduimh Caiin a
pheacadh do Dhia agus ní fhuair maitheamhnus tréna édóthchus.



Don sgrúdadh coinnsiasa as cóir do dhénamh
résan bhfaoisidin.



Ní fhuil san fhaoisidin achd purgóid uasal spioradálta lé
bhfolmhuighthear leannta truaillidhe an anma agus le n-aisigthear
a shláinte dhó. As gnáth sioróipe do ghlacadh do dhíleaghadh


L. 63


na leanntadh ré nglacadh na purgóide, agus, muna dhearntar so,
ní hé amháin nách déin an phurgóid tarbha achd as gnáth go
ndén díoghbháil. Mur an ccédna, suil do ghlacfas an t-othar
spioradálta, an t-aithrigheach, an phurgóid spioradálta, ní
fholáir dhó sioróipe spioradálta do ghlacadh ar tús do dhíleaghadh
na ndroichleanntadh atá ann dochum an bhfolmhuighthe; agus,
muna ghlacthar iad so, as díoghbháil agas ní tarbha do-ghénas
an fhaoisidin.



Atáid trí sioróipe do-ní ullmhughadh maith dochum na
purgóide si. An chédshioróip díobh, sgrúdadh gér an choinnsiasa
ag smuaineadh go díthchiollach ar an mbeathaidh do-chuaidh
thort agus ag tarruing do pheacadh dochum do chuimhne. Do-bheir
an fáidh Esechiel an chomhairle si dhúinn. "Bíodh cuimhne
aguibh", ar sé, "ar na droichshlighthibh inar ghabhabhair agus ar
na holc<uibh agus ar na> huile pheacadhuibh do-ríneabhair",
agus adeir an sgrioptúir a n-áit eile, "Ná dearmuid mar do chuir
tú fearg ar an tTighearna, do Dhia féin."



An uair do bhádar clann Israel ar tí cathair Iericó do
ghabháil, do órduigh Dia dhóibh teachd seachd n-uaire go
secréideach a ttimchioll na caithreach agus ann sin a ccaismiorta
catha do sheinm go láidir, agus arna ndénamh so do thuiteadar
múir na cathrach uile go talamh. Ní fhuil san anam atá isna
peacadhuibh achd cathair Iericó, .i. cathair eascarad nDé, agus as
íad na diabhuil as bárdadha di. Madh áil leat an chathair si
do ghabháil, gabh 'na timchioll seachd n-uaire ag síorsmuaineadh
ciondus atá sí 'na suidhe ina peacadhuibh suil bheanfas tú
do chaismiort catha, .i an fhaoisidin, agus, má ní tú so, bí deimhneach
go ttuitfe múir na cathrach go lár agas go tteithfe a bárda gan
buille cosanta do thabhairt at aghuidh.



Ar thrí modhuibh do-níthear na peacuidh. .i. lé smuaintibh,
lé briathruibh, agus lé gníomhuibh. Ní foláir a leighios leis na trí
modhuibh cédna achd a mbeith contrárdha, .i. ag smuaineadh
go gér cionnus do pheacuighis a smuaineadh, a mbréithir, agus a
ng<n>íomh, agus 'gá n-admháil so uile agus ag dénamh lóirghníomha
ionnta.


L. 64


Ní lór dhuit a choimhnioghadh go ndérna tú peacadh a
n-aghuidh Dé nó na comharsan, achd ní foláir a fhios do bheith
aghad créd an ghné peacuidh é, agus gá mhéd uair do-rínis é,
agus na haicíde bheanas ris mhéduigheas mailís an pheacuidh, mar
adér 'na dhiaidh so.



Na stíobhaird bhíos ag na prionnsadhuibh móra an uair
bheirios aimsir an chundtais orra, mionsgrúdaid a leabhair ag
féchuin gá mhéd fuaradar agus gá mhéd do chaitheadar; agus ní lór
uatha a rádh gur chaitheadar an uiread sa nó an uiread sa eile,
achd ní foláir a chor síos ciondus do caithidh sin agus créd é an
ceal a ndeachaidh. Am cundtais do thabhairt do Dhia ina
ndérnadh d'olcuibh 'na aghuidh am na faoisidine agus as stíobhard
dhó an uile Chríosduidhe. Dá bhríogh so, ní lór dhó a rádh,
"Do-ríne mé drúis" nó "Do-ríneas goid", achd abradh gá
mhéd uair do-ríne an ghoid agus créd é méd na goide, créd í
gné na drúisi do-ríne agus gá mhéd uair do-ríne í; agus mar sin ar
na peacadhuibh eile fó leith. Ní foláir aimsior áiridhe do
ghlacadh chuigi so do réir mar adubhramar san chaibidil
dhéighionuidh don chédchuid don leabhar sa, gé nach éidir
riaghuil chinnti chothrom do chur síos gá mhéd an sgrúdadh
as cóir do dhénamh ann so achd amháin nách foláir an díthchioll
do dhéntá fá ghnouidhibh móra saoghalta 'got ullmhughadh
chuca do dhénamh résan bhfhaoisidin, mur adeir Scotus.



As tuigthe as so gurab olc do-níd an fhaoisidin an mhuinntir
nách abrann focal leis an sagart achd muna fhiafruidhi sé
gach aoinpheacadh fó leith dhíobh. As mór an truaighe go
bhfuightheá bean bheag mhíonáireach agus, má ghluaistear comhrádh
ar neithibh neamhghlana, ar dhíomhaoinios, nó ar shuirghi,
gurab líomhtha a teanga iná teanga fhileadh; gidheadh, an
uair tig dochum na faoisidine ní bhíonn focal aice achd, "Fiafruigh
féin díom gach ní as áil leat." Do-gheabha tú cearrbhach,
agus, má labharthar ar chúis imeartha, ní clisti Lucifear iná é ag
labhairt; gidheadh, do-níthear balbhán dhe an uair tig dochum
na faoisidine. Do-ghéabha tú ceithiornach bhíos mur ghealbhann
ghlórach ag brosdughadh a chompánach dochum na n-olc, agus an


L. 65


uair tig dochum na faoisidine bíd glais ar a bhéal. Ní heól
dó labhairt.



Do-níd na deamhuin balbháin, mur do-gheibhmíd san
soisgéul, agus ní fhoil amharus agam gurab iad do-ní cleasuidheachd
ar mhórán dar náision 'gá mbíonn teangtha comhghasda ré
teangthuibh gealbhann a ccúis peacadh do dhénamh agus bhíos 'na
mbalbhánuibh a n-am na bpeacadh do chor dhíobh.



"Ní héolach dhamh", adeir an t-óglách, "mo pheacuidh
do chur a bhfao<i>sidin agus as éolach dhamh a ndénamh." Beag
an t-iongnadh. Fada tú ag foghluim a ndénta agus ní ghlacann
tú aimsior ullmhuíghthi dochum a gcora dhíot achd triall go
prap d'ionnsuighidh an tsaguirt ag rádh, "Fiafruigh féin díom
mo pheacudha ós agad atá a bhfios." Nách férr atá a bhfios
agad féin ós tú do-ríne iad? Nách tú féin do choimhlíonn hanntoil
riú? Nách iad clann do dhrochcroidhi nó oibrighthe do lámh
féin adeiri? Nách iomdha smuainte do-ríneis, nách iomdha
slighidh fuaruis, nach iomdha aimsir do chaithis, nách iomdha
codladh do chaillis, ag iarruidh a ndénta ar chomhairli an
diabhuil? Ciondus nách goidionn tú seal beag don aimsir
chaitheas tú go díomhaoin dá gcur ad chuimhne dochum a
sgeithi san fhaoisidin ar chomhairle nDé? Ciondus nách
beanann tú cuid d'aimsir th'fhadchodlata d'fhoghluim cainnti
dochum labhartha ré Dia ag iarruidh maitheamhnuis air san
fhaois<idin>?



As námha an chéird nách foghlamthar. Ní ghlacann
tú an tsácramuinnt si achd uair san mbliadhuin, agus an uair
sin féin ní dhén tú foghluim ciondus do laibheórthá dá glacadh;
agus tig de sin gurab mó do-ní an phurgóid uasal sa d'urchóid dhuit
iná do mhaith, do bhrígh nách glacann tú sioróip sgrúduidhthi
an choinnsiasa roimpe. d'eagla so d'imtheachd ort ní as mó,
déin an sgrúdadh sa mar as dual agus gabh sompla a dhénta ón
dá rígh si do bhí 'na maighistribh a n-ealadhain na haithrighi.
"Bíad ag síoráireamh agus ag síorsmuaineadh mo bhliadhan uile
dhuit", ar an rí Esechias ré Dia, "maille ré seirbhe agus ré míghean
mh'anma." Ní lór leis an rígh mbeannuighthe a rádh go


L. 66


mbiadh ag smuaineadh maille seirbhe ar an aimsir do chaith a
n-aghuidh Dé, achd adeir go mbia ag athsmuaineadh agas ag
síoráireamh na haimsire uile do chaith a ccogadh ris maille ré
tuirsi chroidhe.



As soilléire iná so adubhairt an rí Dáuidh an ní cédna.
"Do-ghén trá meas agus sgrúdadh agas mionchuartughadh ar mo
bhliadhnuibh", ar sé, "do réir mar sgrúdthar agus mar fhéchthar
téd an damháin ealluidh." Cuiridh an fáidh ríoghdha a bheathaidh
a ccomparáid ré téd an damháin ealluidh, ór ní hé amháin go
bhfuilid comhshoibhrisde ré chéile, agus gar lór gaoth nó fearrthuinn
dá mbriseadh araon, agus arís nach foil san mbeathaidh si achd
bheith ag síorchruinnioghadh agus ag soláthar neitheadh mbeag
gan tábhachd mar bhíos líon an damháin ealluidh ag gabháil
chuileóg, achd fós gurab ionann glés as cóir do ghlacadh do
leasughadh na beathadh agus ghlacus an damhán ealluidh do
leasughadh a théda.



As iongantach an díthchioll do-ní an beathadhach beag
so, agus gan ciall aigi, dochum a lín bhig do choimhéd slán. Do-bheir
cuairt air, agus, an uair do-gheibh go ndérna gaoth nó cuileóg
poll ann, ar ball tairringidh téd beag as a mheadhón féin agus
gabhuidh anunn agus anall reisan ttéd sin go ndúnann an poll, agus,
iarna dhúnadh sin dó, imdhidh go (prap) d'ionnsoighidh
puill eile agus do-ní an ní cédna ris. "Mar so do-ghénsa", ar Dáuidh.
"Féchfad mo bhliadhna mar do-ní an damhán ealluidh réna
líon agus dúnfad gach poll dá bfhoil uirre."



Ní fhuil ad bheathaidh, a dhuine bhoichd, achd líon
damháin ealluidh, mar adeir Isa. A bhfuil do shaothar ort fá
neithibh saoghalta do chruinnioghadh, ní bhfuil ann achd bheith
ag gabháil chuileóg; neithe beaga gan éiffeachd iad uile agus
tóigeóbha srán beag nó séideóg gaoithe uait iad tar éis do
chroidhe do bhriseadh agus do nádúire do chaitheamh dá soláthar,
mur thógbhas líon an damháin ealluidh tar éis ar ghabh sé do
shaothar dá dhénamh dá shub<staint> agus dá nádúir féin. Ó
tá tú cosmhuil leis an mbeathadhach mbeag sa ag cruinnioghadh
na neitheadh mbeag sa gan fheidhm gan tarbha, bí cosmhuil
leis mar an ccédna ag córúghadh do bheatha. Tabhair, ar an


L. 67


ádhbhar so, cúairt ar th'ais ar do bheatha agus féch gá mhéd poll
do-ríneadar na cuileóga beaga, .i. h'anntola, neithe gan suim 's
gan éiffeachd, uirre, agus bí ag smuaineadh ar so agus 'gá sgrúdadh
go gér maille ré seirbhi chroidhe, mar do-níodh an rí Esechias,
agus ullmhócha tú thú féin leis an sioróipe si dochum purgóide
uaisle na faoisidine, agus do-bhéra sláinte dhuit. Muna dhérna tú
so, achd gluasachd gan ullmhúghadh gan sgrúdadh do dhénamh
ort féin gusan sagart agus a thabhairt air bheith ag fiafruighi
do pheacadh dhíot, ní mór mo dhóigh go leigheóstar thú, achd
as eagal leam go bfhillfe tú maille ré peacadh nua do bheith
ort agus gan aonpheacadh do chor dhíot.



An dara sioróip as cóir do ghlacadh résan bpurgóid si
na faoisidine an tuirsi agus an doilghios as cóir dhuit do bheith ort
suil thiocfas tú dochum na faoisidne. Geintear an tuirsi ón
sgrúdadh ghér do-níthear roimpe ar an ndroichbheatha do-chuaidh
thort. Do ghlac an rí Esechias gach sioróip díobh an
uair adubhairt, "Athsmuaineóchad dhuit, a Thighearna, bliadhna
mo bheatha uile maille ré seirbhi ccroidhe." Do sgríobhamar
ar an sioróip si san chédchuid don leabhrán sa. Léghthar an
da chaibidil dhéighionacha don chuid sin.



Don rún as cóir don pheacach do bheith aige
gan na peacuidh do dhénamh arís suil rachas
dochum na fao<i>sidine.



"Créd dá bhfóghnann do lámha do nighi", ar an sgríoptúir,
"tar éis corp marbh do ghlacadh, má fhilleann tú dá ghlacadh
arís?" Mar an ccédna, créd dá bhfóghnann tuirsi agus faoisidin
do dhénamh, má fhilleann tú arís dochum na bpeacadh ccédna?
"Teagmhuidh don mhuinntir do-ní so", ar Peadar, "an ní
adeir an phroibheirb, "Madradh 'na rioth dochum a sgeithi,
muc nighthe dochum na lathuighe."" An uair theilgeas an


L. 68


madradh ní gránna adhuathmhar, fillidh air arís dá ithi; an
mhuc tar éis a cora dá nighi fá shnámh fillidh ar ball dochum
na lathuighe ina bhfuair an salchar. Mar sin don aithrigheach
lagrúnach ("neamhaithrigheach" ainm as dísle dhó). Ní luaithe
dá nighi é ón láthuigh ina roibhi iná ag filleadh dochum an
tsalchair chédna; comhluath é ag sgéith a bhréntuis san
fhaoisidin agus ag filleadh mar mhadradh d'ithi na truaillidheacha
cédna.



Teagmhuidh so do mhórán do bhrígh nách caithid an treas
sioróip as cóir do ghlacadh résan bhfaoisidin, .i. rún daingion
láidir do ghlacadh gan filleadh dochum na bpeacadh arís.



Do réir mar sgríobhuid na naomhaithre, as í as aithrighi
fhírindeach ann, peacuidh na haimsire do-chuaidh thort do
chaoineadh agus gan a ndénamh arís. Ní hé as mian leó a rádh
nách bíonn foghnamh ar an aithrighi a ccás go bhfillfitheá dochum
na bpeacadh arís, ór as deimhin, má tá aithrighi dá-ríribh aniodh
agad, gur sgrios do pheacadha uile uait gé go ttuitfitheá amárach
ionnta; achd adeirid go bhfuil d'fhiachuibh ort ní hé amháin
na peacuidh do-rínis do chaoineadh achd rún daingean do
ghlacadh gan a ndénamh arís. Tuigthear as so, an mhuinntear
fhilleas ar ball dochum na bpeacadh, gurab cosmhuil nách
roibhe (an rún) sa aca mar as cóir, ór, dá mbeth, do hanfuidhe
'na bhun ní <'s> sía iná sin.



Ar an ádhbhar sa, a huchd Dé guidhim thú, a dhuine
lérab mían thú féin do cheangal ré Dia trésan n-aithrighi, nárab
lór leat fuath do bheith agad ar an ndroichbheathaidh do-chuaidh
thort, achd cuir romhad go daingion gan filleadh chuice go
bráth; agus as romhaith an tsioróip si dochum na faoisidne do
ghlacadh, agus, muna rabha sí ann go follus ní as lúgha de, bíodh
sí a bhfolach san aithrighi tréna neartmhaire agus trena láidiri. Agus
as cosmhuil go bhfoigheóna sin gé nách saorfuinn duine 'gá
bhfuil a aimsear ar a chumas agus go ccoimhnigheann ar so go
follus gan a bheith d'fhiachuibh air rún spesiálta do bheith
aigi a n-am na faoisidne gan fhilleadh dochum na bpeacadh


L. 69


arís; agus, dar leat, as mar sin tuigthear comhairle Trionnta agus na
doctúire ag labhairt ar an gcúis si.



As é a résún so, nách foláir do dhuine bhías a ttréatúrachd
a n-aghuidh a phrionnsa ag glacadh párdúin uadha a chor roimhe
gan ní as mó do dhénamh 'na aghuidh. Agas, dá mbeth a fhios
'gan phrionnsa nách cuirfeadh an trétúir sin roimhe, as deimhin
nách tiobhradh párdún dhó muna chuirfeadh leatrom d'fhiachuibh
air é. As tréatúir a n-aghaidh Dé an peacach agus, dá bhrígh sin,
ag dul dochum na faoisidne dó d'iarruidh párdúin air, muna
fhaice Dia, Sgrúdaightheó<i>r na ccroidheadh, go bhfuil rún
aige gan ní as mó do dhénamh 'na aghuidh, as cundtabhartach
nách faghann párdún. Gidheadh, bíd daoine 'gá mbí tuirsi
mhór orra fá a bpeacadhuibh nách smuaineann ar an rún sa,
agus ní fhuil amharus go maithear a bpeacaidh dhóibh. Ní hé
amháin, achd tuigid mórán doctúire<adh>, gé gur maith a bheith
ann, nách fhoil sé 'na riachdanus dochum maithmhe na bpeacadh
d'fhagháil. Déntar díthchioll fá a bheith agad ag dul gusan
sagart; gidheadh, ná cuireadh sgrupal ort gan a fhios do bheith
agad an roibhi a leithéid so do rún agad san fhaoisidin do-rínis,
achd leasuigh thú dochum na céduaire arís.



As deimhin gurab mór an bhrígh atá 'gan rún sa a
n-aghuidh na bpeacadh, agus cuidighthear leis maille ris na
grásuibh do-beirthear amach leis an n-absolóid. Gonadh aire
sin nách cóir faillidhe do dhénamh 'na thiomchioll, achd a
dhénamh go m<i>nic résan fhaoisidin.



Gurab cóir don aithrigheach a chor roimhe
comhairle a oide faoisidne do ghlacadh agus
umhla do thabhairt dhó.



Atáid fós dá rún eile chuidigheas risan rún sa go mór. Rún
díobh, a chor romhad comhairli agus teagasg h'oide faoisidine do
ghlacadh, más duine é atá foghlamtha diadha, ór bídh an


L. 70


t-othar, gé go n-éireóchadh as a thindeas, a ccundtabhairt
aththuitme d'fhagháil; agus do-gheibh é do ghnáth, an tan nách
leanann comhairle an leagha. Mar sin don aithrigheach nách
cuireann roimhe teagusg an leagha spioradálta do choimhéd;
ní fada go ttuiteann isna peacadhuibh cédna. Muna fhoil h'oide
faoisidne foghlamtha diadha, iarr oide eile, agus, muna héidir a
fhagháil (fá-raor, atá easbhuidh daoine bhfoghlamtha anois ar
an ná<i>sion), cuir romhad comhairle duine mhaith nách bíadh
'na shagart do leanmhuin, agus búdh mór an múr sin dod chosnamh
ar naimhdibh th'anma. An uair do-ní duine ní éigin maille
comhairle, as mór an sólás chuirios air gé nách éireóchadh leis.
Gidheadh, an uair nách éirghionn leis agus go bhfaic go ndérna é
tar chomhairle, as ádhbhal an crádh croidhe chuirios air; agus bídh
an tuirsi chédna air an tté nách iarrann comhairle agus daoine aige
do-bhéradh dhó í; agus ní bhíonn achd meas óinmhide agus amadáin
ar an tté ghlacus cúis mhór do láimh gan comhairle dhaoineadh
ccríonda, go háiridhe má bheanann sí ris féin. Ór atá an chuid
as foghlamtha dhínn ar bheagán eóluis 'nar ccúis féin. Do-chímid
go maith lochda daoine eile; gidheadh, atá cúl ár súl
rinn féin, agus, dá bhríogh sin, ní foláir súile comhuidheacha do
bheith ag cuideaghadh rinn, go mórmhór a ccúis ar n-oighreachda
némhdha. Dá bhrígh so, iarrum an tslighidh go tír neimhe,
ór adeir Dia, an tslighe mheasas duine féin do bheith díreach,
go bhfaghann í 'na slighidh bháis fá dheóidh. Ná creid dhuit
féin, gé go mbeath indtleachd as eagna agad, a ccúis th'anma.
Dorchaighidh an t-ainmhían an tuicsi ghríanach ghlan mar
dhubhas néal an ga ghréine. Dobá mór indtleachd Phóil, ór
do thogh Dia mar dhoctúir d'fhoillsioghadh a shoisgeóil do na
cineadhachuibh é; gidheadh, do-chuaidh go Hierusalém do
ghlacadh comhairle ó Pheadar, mar adeir féin agas na haithre
naomhtha Ambro., Hiero., Chrys., ibid.



Bá mór eólus Mhao<i>si, dhá ndérna Dia uachdarán
d'ollamhnughadh chloinne Israel agus dá mhúineadh féin gach
cruas ag labhairt ris bél ar bhél; gidheadh, do ghlac comhairle


L. 71


ó Ietro dob ainbhfeasuighe go mór iná é féin. Dob óirrdhearc
an doctúir a ndligheadh Dé Dáuidh; gidheadh, do chlaochloidh
comhairli fá Nabál do mharbhadh 's do chreachadh ar impidhe
agus tré chomhrádh mná aineóluighe, Abigayl.



As cóir eisiompláir do ghlacadh ó na maighisdreachuibh
móra sa agus comhairli d'iarruidh san uile chúis éiffeachduigh, go
mórmhór a ccúis th'anma ar a bhfuil h'oidhreachd shíordhuidhe,
agus, go spesiálta, má taoi féin ainbhfeasach innte. Meabhruidh
go maith, ar an n-ádhbhar so, an léighionn úd do-bheir an
Spiorad Naomh (uaidh), "A Mhic, ná déin éinní gan chomhairle
agus ní bhía aithreachas ort tar éis a dhénta"; agus an léighionn
úd eile do-bheir sé do Thóibias óg, .i. "Iarr an chomhairle ar an
nduine ccríonna." Ná sir í ar an soidéalach san chúis ar a bhfuil
do ghlóir nó do phian shíorrdhuidhe; bíodh an comhairleach
críonda coinnsiasach. Agus ná hiarr ann achd soin. Narab misdi
leat a bheith bochd deireóil gan dignid gan oiffig, ór adeir an
Spiorad Naomh gur férr an bochd uiríseal eagnuidhe iná rí
óirdhearc óinmhideach.



Atá ádhbhar eile spesiálta ann fár cóir dhuit comhairli
oide th'anma d'iarruidh agus do leanmhuin, do bhrígh gurab athair
spioradálta dhuit é. Do órduigh Dia dhuit onóir agus umhla
do thabhairt dot aithribh nádúrtha do bhrígh gurab uatha
fuaruis a' nádúir atá agad. Dá réir so, as mó dhlighe umhlachd
dot oide anma do ghein go spioradálta agus ós cionn na nádúire thú.
Do gheall Dia luaidheachd go spesiálta don chloinn umhail
dá n-aithribh, .i. saoghal fada abhus agus tall, agus as déimhin go
ttuigthear sin do na haithribh corpordha agus spioradálta. Don
taoibh eile bagraidh Dia piana spesiálta ar an ccloinn n-easumhuil
dá n-aithribh; agus as í pían do órduigh do thabhairt dhóibh san
seinreachd bás agus gabháil do chlochuibh orra. Olc do-chuaidh
do Cham mac Naoi an easonóir thug dhá athair, ór as tré
mhallachd an athar táinig sgrios do thaobh anma agus cuirp
air féin agus uilc mhóra ar a hsliochd. Olc do-chuaidh do Rúben
an easonóir tug do Iacob, ór, gé gur é an mac fá sine, do chaill


L. 72


an oidhreachd, agus tugadh í don chloinn umhail dá n-athair, .i.
do Ioseph agus do Iudas. Olc do-chuaidh d'Absolón do thaobh
anma agus cuirp a easumhlachd do Dháuidh, agus, dá rádh d'énfhocal,
do thaisbéin Dia a fhearg a n-aghuidh na n-uile mhac n-easumhal
agus do bheannuigh an chlann úmhal dá n-aithribh. Ar an ádhbhar
sa, más mian leat fearg Dé do sheachna agus a bheandachd do
bheith agad, tabhair umhla d'aithribh agus d'oidibh th'anma, ór
as dísli mar aithribh iad ináid aithre an chuirp.



Do sheachna siocar na bpeacadh agus go háiridhe
an drochomhluadair.



An dara rún, a chur romhad go dúthrachdach siocra na
bpeacadh do sheachna, ór ní fhuil ní as cundtabhartuidhe don
bheathuidh spioradáltha iná siocra na bpeacadh do bheith dhá
cóir, do bhríogh go bfhuil ar spiorad tré thuitim ar sinnsir a
bparrthas rolag agus ar n-eascáirde roláidir; agus, dá ttugam ós a
chionn sin leatrom na siocar oruinn, atámaoid ar fágbháil.
"Gibé ghrádhuighios an pheiriocuil", ar Solamh, "caillfithear
innte é" agus "gibé bheanfas leis an bpice leanfaidh sí dá éudach
agus biaidh salach." Seachuin, dá bhríogh so, a dhuine lérab
mian fuireach ag Dia 's gan an diabhal do leanmhuin, siocra
na bpeacadh. Atá a fhios agad féin créud iad na siocra chuirios
cathúghadh ort ní as férr iná as éidir leamsa a gcor síos dhuit.
Ná tabhuir mímheas ar pheiriocluibh beaga, ór adeir an sgrioptúir,
gibé chuireas neamhshuim ionnta so, go mbí ag tuitim a
ndiaigh a chéili. Glac mar riaghuil chugad san cháil se an
comhairle do-bheir an Spiorad Naomh dhuit, .i. teith ó aghuidh
an pheacuidh amhuil do theithfithea ón nathair nimhe.



Dobúdh fada labhuirt fó leath ar shiocraibh gach aoinpheacuidh
(léigim sin toram), achd adér beagán ar shiocair


L. 73


ccomhchoitcheinn na n-uile pheacadh, .i. an drochchomhluadar,
gurab cóir dhá gach fíréun a seachna. "Triall ón
drochdhuine", ar an tEagnuidhe, "agus triallfaid na huilc uaitsi."
Agus adubhairt Seneca an págánach nách mó an sochar do-ní aieór
maith nádúrtha a thíre féin don othar atá lag anbhfann iná an
sochar do-ní don té nách fuil fós láidir isna subháilcibh agus nách
dérna frémha daingne ionnta a bheith a measg dhaoine labhras
agus thráchdas ar shubháilcibh; agus dá dhearbhadh so do-bheir leis
mar shompla ciondus chaillid na beathadhuidh fhiadhánta dá
ndéntar peatadha a bhfiadhántus atá ó nádúir ionnta agus do-níthear
suaimhneach mín iad maille ré comhluadar na ndaoine.



Adeir an sgrioptúir ós a chionn so, na beathadhuigh óga
égcéillidh, nách dénuid an ní as dual dóibh ó nádúir gan a
fhaicsin ar tús dá dhénamh rompa. "Do-bheir an léomhan",
ar an fáidh, "a choilén leis agus do-ní seilg 'na fhiaghnuisi iondus
go múineadh dhó an ní cédna do dhénamh. Marbhuidh duine
'na fhiaghnuisi iondus go ndiongnadhsan an ní cédna. Adeir
arís an sgrioptúir go ndén na héoin díthchioll ag múnadh eitéoigi
dhá gcloinn. Gabhuid 'na ttimchioll agus ós a gcionn dá mbrosdúghadh
dochum eiteóige, agus do-chímid go ttuitionn cuid díobh
go talamh do dhíth bríghi nó do bhríogh nar chuireadar a
léighean<n> a meabhair mar as cóir; agus beirid na buachuille
beaga go minic orro.



Cuiridh ughdar áiridhe a shuim so a mbeagán mbriathar
bhfírindeach ag rádh go bhfuilmíd comhchosmhuil risan ndroing
do-chímid agus do-chluinmíd gach laoi. Más maith diadha an
comhluadar, beamaoid maith diadha; más peacthach barbardha
iad, glacfam an fhoghluim chédna chuguinn uatha. As é a
résún so, do bhrígh gurab iad na súile agus na cluasa fuinneóga
tré labhraid ar n-anmanna ré chéile agus tré ccuirid a tteachdaireachd
dochum a chéili. Agus, más cáilidheachd mhaith shubháilceach
bhíos isna hanmannaibh atá ad chomhluadar, ní thiocfa chugad
achd deaghlabhairt agas deightheachdaireachd uatha; má táid
barbardha neamhshubháilceach, ní thiubhraid dhuitsi achd
an ní atá aca féin.


L. 74


As iomdha sompla san sgriobtúir do dhearbhadh an
neith adeirim ar gach taobh, agus ar tús do thaoibh an
deaghchomhluadair as iomdha maith thig as. Adubhairt Dia nách
sgriosfadh an ccaithir mhalluighthe Sodoma dá bhfaghadh
deichneamhar fírén innti. Do méduigheadh maithios agus maoin
Labáin trésan chomhluadar mhaith do bhí aigi, .i. Iacób.



Do thuit rath ó Dhia ar an nÉigipt tré chomhluadar
Ioseph. Dob olc Saul agus a mhuinntir; gidheadh, a measg na
bhfáidheadh do-ríneadar mar na fáidhe féin. Tug Dia párdún
do dhraoidhibh na Baibioloine tré chomhluadar an fháidh
Daniel. Más mían leat maith d'fhagháil ó Dhia agus rath do bheith
ort, do shaoradh ar olcuibh, agus foghluim do dhénamh a subháilcibh,
iarr an comhluadar maith agus ná tréig é.



Ní lia maith tig as an ndeaghchomhluadar iná olc anma
agus cuirp tig as an ndrochchomhluadar. As iomdha scrioptúir
dá rádh so. Gé gurab iomdha tiodhlaice tug Dia d'Ábrahám,
do mhaoidh go spesiálta air gur thairreing é as tír na cCaldeos,
.i. daoine malluighthe do bhí gan chreideamh, dá chor a ccéill
gurab é tiodhlacadh as mó tug dhó a sgaradh risan ndrochchomhluadar.
Do thuig an pátriarcha naomh Iacob an léighionn sa,
ór nír áil leis fuireach a ccomhluadar a dhroichdhearbhráthar
Esau, gé gur thaisbéin grádh mór dhó dá iarruidh soin air.
An uair do bhádar clann Israel ag dul go tír Canáan, do órduigh
Dia dhóibh muinntior an talaimh sin uile do sgrios d'eagla a
n-olc d'fhoghluim uatha. Ní dhérnadar sin agus as olc do-chuaidh
dhóibh, ór do dhiúltadar dá nDia féin agus do-ríneadar adhradh do
dhéeibh bréigi na muinntire sin. Do cuireadh an rí beannuighthe
Iosaphat a ccuntabhart a mharbhtha agus fuair spreagadh mór
tré chomhluadar do thabhairt do dhroichrígh Israel, Achab.
Dobá láidir Peadar a measg an deaghchomhluadair, .i. na
habstail, an tan adubhairt gurab luaithe do fhuileóngadh bás
iná do shénfadh a Thighearna; gidheadh, a measg an chomhluadair
mhalluighthe a ttigh an árdshagairt tug mionna bréigi
dá shénadh. Iar mbeith do Thomás a n-égmuis na n-abstal
ní fhaca sé Críosd; an uair táinig chuca do-chonnairc é. Níor


L. 75


thaisbéin Dia é féin d'Ábramham nó gur fháguibh sé tír na
cCaldéos, comhluadar na bpeacach.



Tuigthear as a ndubhramar an ghráin atá ag Dia ar an
ndrochchomhluadar, an díoghbháil do-ní do thaoibh cuirp agus
anma, agus gurab ro-annamh deaghdhuine nó fírén a measg
peacach. Ar an n-ádhbhar so, a Chríosduidhe, guidhim thú
ag teachd dochum na haithrighi dhuit, cuir romhad go
daingean láidir an drochchomhluadar do sheachna nó atá tú a
lánchuntabhairt, ní hé amháin achd leithdeimhin, go ttuitfe
isna peacadhuibh cédna. Cía hé an duine 'gá mbíadh cion ar
a bheathaidh aigi do rachadh gan ádhbhar mór uaidh air gusan
áit a mbiadh pláigh nó a measg na ndaoine ar a mbiadh sí?
Ní gabháltuighe an phláigh do thaobh na ccorp iná an peacadh
do thaoibh na n-anmann. Ciondus atá grádh agad ar h'anam
agus tú ag dul leis a measg lochda pláighi spioradálta, .i. a measg
na bpeacach? An saoilionn tú nách géabha pláigh ó dhuine
éigin dod chomhluadar thú? Atá tú meallta más mar sin
shaoilios tú. Ní cosmhuil go bhfuil grádh Dé ná h'anma
agad an tan nách foil coimhéd as férr iná so agad fá gan t'anam
do chailleamhuin agus gan Dia do mhaslughadh.



Achd éisd ré Pól agus tuigfe tú nách é so meas do bhí aigi
ar an ndrochchomhluadar. "Fógruim dhíobh, a bhráithre," ar
sé, "sibh féin do sgaradh reisan uile bhráthair shiubhlas go
neamhórduighthe." As ionann sin agus a bheith ag siubhal isna
peacadhuibh. Agus, arís, "Má tá bhar mbráthair 'na fhear drúisi
nó sainnte, adeirim ribh gan an biadh féin do chaitheamh ar
aonáit ris." Éisd fós ré comhairle an tsoisgéil, "Má tá do shúil
deas dod tharreang dochum an pheacuidh, bean asad í agus teilg
uait í." As é sin ré a rádh, má tá duine ar bioth dod thairreang
dochum peacuidh, gé go mbeath comhfogus dhuit agus atá do
shúil deas, sgar ré a chomhluadar. Agus do-bheir an soisgéal a
résún so dhuit dá rádh gurab férr dhuit do shlánughadh maille
ré haonsúil iná do dhamnughadh maille ré dhá shúil. As é
sin ré a rádh, gurab férr dhuit th'anam do shlánoghadh gan
an fear sin atá mar do shúil ndeis agad iná tú féin agus eision do
dhul go hiffrionn a n-aoinfheachd.


L. 76


Mo thruaighi a loighead ghlacus an léighion<n> sa chuca
dar ná<i>sion. Do-ní an drochchomhluadar olc mór san uile
áit; gidheadh, ní fhoil áit is mó ina ndéin cosgar agus ár ar na
hanmanuibh iná an tír dá bhfuilmídni. As é a résún so, gurab
é as onóir do dhuine uasal agas do thighearna dár ttír tré
mhealltórachd an diabhuil a theach do bheith lán do mhuinntir
iffrinn: do chearrbhachuibh, do mhnáibh siubhail, do ghéocachuibh;
agus, muna rabhad na pótaireadha ann do ghnáth, ní
bhíadh san tigh sin achd cró meathaigh agus áit gan onóir gan
mhaitheas gan mhórdháil achd lán do chruas agus do ghortuighi.
As é as clú ann teaglach tighi ifrinn do bheith ad thiomchioll,
luchd leanamhna Luicifeir, .i. na dronga sa ar ar labhras, gan
a sgaradh riot.



Smuain ort féin, a pheacuigh (ar son fhola Críosd eadarghuidhim
thú), agus meas nách éidir leat bheith at óglach dhíleas
ag Dia a measg mhuinntire an diabhail. Meas fós nách
tiubhradh do rí talmhuidhe párdún dhuit tar éis tréatúrachda
do dhénamh 'na aghuidh achd ar chunnradh gan páirt ná cumann
do bheith agad ré a naimhdibh achd amháin dochum a ttaireangtha
fa shíth chuigi, agus, dá réir so, ag teachd dochum na
faoisidne dhuit d'iarruidh párdúin ar Dhia maille ré rún bheith
at óglach dhíleas aigi ó soin amach, cuir druim reisan ndrochchomhluadar
agus cuir romhad go láidir gan pairt ná cumann do
bheith agad ris na dronguibh si adubhramar agus gan do theagh
do thabhairt dhóibh mar thuguis go ttrásta. Ór as tréatúire a
n-aghuidh Dé gach daoine bhíos san pheacadh mharbhtha,
mur bhíd an mhuinntir so do ghnáth, agus, dá bhrígh sin, ní
bá séirbhíseach díleas do Dhia thú an fad bhías cumann ná
pairt agad riú, achd amháin dochum a ttairengtha ón droichbheathaidh
a bfhuilid. Agus, gíbé sagart do-bheir absolóid don
té 'ga mbí gártha póite, imeartha, agus olc eile, ina thigh do ghnáth,
agus ar a chumas sin do leasughadh dá ndiongnadh a dhíthchioll,
as cundtabhairt leam go bhfuil féin a n<d>roicheasláinte agus nár
fholáir dhó dhul d'iarruidh sagairt eili dá leighios.


L. 77


Créud iad na peacaidh atá d'fhiachuibh ar
dhuine do chur san fhaoisidne?



Atáid dá ghné pheacuidh ann (ní labhram ar pheacadh na
sinnsear), .i. peacadh marbhtha agus peacadh sologhtha. As uime
goirthear peacadh marbhtha don chéudpheacadh do bhríogh go
sgarann na grása risan anam agus go ttugann bás síordhuidhe a
n-ifrionn dhó. Goirthear peacadh sologhtha don pheacadh
eile do bhríogh nách sgarann na grása as beathadh don anam
ris agus gurab urusa maitheamhnas agus loghadh d'fhagháil ann gion
go gcuirfidhe a bhfaoisidin é, ór loghthar é ar mhórán do
mhodhuibh eile gan fhao<i>sidin.



Iar ndénamh an sgrúdaidh adubhramar roimhe agus iar
ttairreang do pheacadh dochum do chuimhne dhuit do réir do
dhíthchill, atá d'fhiachuibh ort a bhfuil díobh 'na bpeacadhuibh
marbhtha do chor a bhfaoisidin. Gidheadh, ní fhoil d'fhiachuibh
ort na peacuidh sologhtha do chor at fhaoisidin, do bhrígh nách
sgaruid ré Dia thú agus go bhfoil mórán do mhodhuibh ar a maiththear
iad gan faoisidin.



Ní lór dhuit a rádh, "Do-ríneas dhá pheacadh, nó trí
peacudha marbhtha", achd ní foláir gné agus nádúir na bpeacadh
soin dho chor síos, ag rádh, "Do-ríneas peacadh drúisi, díomuis,
nó sainnti", agus as mar so do thuig an eagluis ríamh an pongc sa.



Ní lór dhuit fós a rádh go ndérna tú drúis nó díomas,
achd atá d'fhiachuibh ort a chor síos gá mhéd uair tárla dhuit
sin do dhénamh; agus an ní cédna do dhénamh san uile ghné eile
peacuidh. Thugamar a résún so uile uainn túas: do bhrígh
nách éidir don oide faoisidne breith sgaoilti nó cheangailti do
thabhairt ar an bpeacach ná lóirghníomh cothrom do chor air
gan fios d'fhagháil créd é nádúir na bpeacadh do-ríne agus gá mhéd
uair do-ríne iad.


L. 78


Ná meas go bhfhoil d'fhiachuibh ort a ndérna tú do
pheacadhuibh do chor san fhaoisidin gé nách coimhneóchtha
orra. Ní chuireann Dia aithne oruinn achd aithne as éidir
linn do choimhlíonadh. Dá bhrígh so, as é an ní atá d'fhiachuibh
ort, mar adeirid aithre chomhairle Thriont, an mhéid ar a
ccoimhneócha tú dod pheacadhuibh marbhtha tar éis sgrúduidh
díthchiollaigh do dhénamh ort féin do chor san fhaoisidin.
Gonadh aire sin, muna choimhnightheá achd ar thrí peacadhuibh,
as lór iad sin do chor a bhfaoisidin gé go ndérnais fiche peacadh,
achd amháin nách rabhais mainneachdnach ag sgrúdadh do
choinnsiasa agus ag tairreang do pheacadh dochum coimhne; agus ní
mainneachdnuighe gan na peacuidh do sgríobhadh an uair do-níthear
iad, fá choinne na faoisidine, ór dobadh éidir an sgríbhinn
sin do dhul amudha agas daoine eile dá fagháil. An uair nách
coimhneócha tú ar nuimhir chinnte do pheacadh, cuir síos
an tuairim as goire mheasas tú bheanas risan nuimhir ccinnte.



An bhfuil cáis ann inar éidir absalóid do
thabhairt don aithrigheach gan a bhfuil ar
cuimhne aige dá pheacadhuibh d'éistteachd
uadha ar tús?



Ní héidir sacrámuint na háithrighe do dhénamh ar énchor
gan peacadh éigin do chur san fhaoisidin, do bhríogh nách foil
san absolóid achd breath iarrus fios éigin na cúisi d'fhagháil
fá phéin gan bail do bheith uirre. Gidheadh, as iomdha cás
nách foil do riachdanus na peacudha marbhtha féin uile do
chor a bhfaoisidin, do bhrígh a lán d'uairibh nách fhoil ar cumas
don aithrigheach a bhfoil ar coimhne aigi do rádh nó don oide
faoisidne a n-éisdeachd. As é a résún so, mar adubhramar,
nách cuireann Dia aithne oruinn achd do réir ar ccomhachd, agus,
dá bhrígh sin, an aithne do chuir oruinn ar bpeacudha uile do
chor a bfhaoisidin, as amhluidh tuigthear í go cceanglann inn


L. 79


an uair as éidir linn a coimhlíonadh gan díoghbháil romhór
anma nó cuirp do theachd dhúinn féin nó dár ccomharsain tré
bheith ag iarruidh a coimhlíonadh; ór as ní nách fhoil ar
ar ccomas, mar adeirid na diadhaire go coitcheann, an ní nách
éidir linn do dhénamh gan díoghbháil mhór anma ná cuirp do
theachd as.



An cédchás inn nách iarrthar faoisidin na bpeacadh
uile go hiomlán, an tan thuitios duine go prab a n-aicíd thindis
iondus nách éidir leis an chuid eile dá pheacadhuibh do chor
síos agus go bhfuil a bpeiriocail, as lór an mhéid adubhairt sé dá
pheacadhuibh roimhe sin do chor síos dochum na habsolóide do
thabhairt dhó; ní hé amháin, achd as lór an uair sin an duine
tinn do thabhairt chomharrtha doilghis uadha a ccás go sgarfadh
a chédfadha ris, gé nách tuigfeadh an sagart aoinpheacadh
spesiálta uadha leis an ccomhartha achd amháin go bhfoil
tuirsi air agus gur mhían leis absolóid d'fhagháil.



An dara cás, an tan do thuitfeadh tindeas mór ar an
n-oide faoisidne nach léigfeadh dhó fuireach réna pheacadhuibh
uile d'éisdeachd, as lór dochum na sacrámuinnti an mhéid do
cuireadh síos résan ttindeas do theachd air.



An treas cás, an uair bhíos an t-aithrigheach balbh nó
nách tuigfeadh teangaidh an tsagairt agus go mbeth d'fhiachuibh
air faoisidin do dhénamh 's gan sagart eile ar fagháil aigi, as
lór cuid dá pheacadhuibh do thuigsin uaidh.



An ceathramhadh cás, dá mbuaileadh anfa obann, ionnsoighidh
námhad, tuitim tighi, tine, nó a leithéid so eile do
chúis, ar dhaoinibh agus nách bíadh neart ag an sagart a n-éisdeachd
uile a ndiaidh a chéile agus nách bíadh dul as aca, as éidir leis an
sagart mórán d'éisdeachd a n-aoinfheachd agus absolóid do thabhairt
dóibh gan a bpeacudha uile d'éisdeachd uatha. Do mholfuinn
fós ina leithéid sin do chás gan fuireach lé haonduine amháin


L. 80


do rádh a pheacadh uile agus mórán eile ag iarruidh faoisidine achd
aoinpheacadh amháin d'éisdeachd ó gach aon agus absolóid do
thabhairt dhó, agus cách eile d'éisdeachd mar sin, agus a chor
d'fhiachuibh orra a bhfaoisidin do dhénamh arís dá ttugadh Dia as an
ngábhadh íad.



Atá mórán do chásuibh eile ann inar dlisdeinneach an fhaoisidin
gan na peacadha uile d'innisin, achd ní bheanann dúinn
tráchdadh orra ann so.



Don mhuinntir cheilios tré náire cuid dá
bpeacadhuibh san fhaoisidin.



Cé go ndúbhramar go bhfuilid cáis áiridhe eili inar éidir
absolóid do thabhairt amach gan na peacuidh uili d'éistteachd,
ní díobh sin cáis náire an aithrighigh, achd as deimhin, gibé
do léigfeadh dhe aoinpheacadh marbhtha dá ghráineamhla
d'innisin tré náire, nách biadh do tharbha na faoisidin aige
achd peacadh marbhtha nua do chur a gceand na bpeacadh
do bhí air ré tteachd dochum na faoisidine dhó, do réir theaguisg
na naomhaithreach agus chomhairleadh na heagluisi. Agus adeir
Solamh, gibé cheilios a pheacuidh ar Dhia, nách gluaisionn ar
dheighshlighidh, agus gibé admhas iad go bfhuighe trócaire.
"Aidéomhad dhuit, a Thighearna," adeireadh Dáiuidh, "mh'égcóir
am aghuidh féin, agas ar ball do mhaith tú mo choirthe."
Olc do-chuaidh d'Ádhamh gan a pheacadh d'admháil ar ball;
olc do-chuaidh an ní cédna dá dhrochmhac Cáin, ór dá n-admhadh
a pheacadh an tan do fhiafruigh Dia dhe é agus párdún d'iarruigh,
do-ghéabhadh é gan amharus.



As iomdha anam dá losgadh a n-iffrionn fá gan admháil
na bpeacadh do dhénamh go hiomlán, ag ceilt choda dhíobh
tré náire. Bíd triúr comhairleach do mhuintir Lusifear do


L. 81


ghnáth ag toirmeasg an anma gan na peacudha do chor san
fhaoisidin, .i. ainmhían na colna, saint an tsaoghail, agus anuabhar.
Adeir an cédchomhairleach riot gan a innisin don oide faoisidne
cía 'gá bhfoil do ghrádh nó do shuirghi d'eagla go ccuirfeadh
d'fhiachuibh ort tógbháil de sin. Adeir an dara comhairleach
riot gan an ghoid do chor san fhaoisidin (goid gach ní do-gheibhthear
go holc) d'eagla go ccuirfidhe d'fhiachuibh ort aisioc
agus lóirghníomh do dhénamh. As mó ináid so an t-olc do-ní an
treas comhairleach dhuit, .i. an t-anuabhar, ór ní leigionn dhuit
na peacudha as gráineamhla agad d'innisin tré náire do
bhrígh nách foil ní ar bioth as doilghi leis an uabhar iná a
thruaillidheachd féin do theasbénadh; gidheadh, léigidh dochum
na faoisidne thú d'innisin na coda eile dod pheacadhuibh agus, mar
sin, do-ní tú peacadh nua trésan masla do-bheire don tsacrámuinnt;
agas ní dhingeantá peacadh ar bith ag fuireach uaidh
ar impidhe an dá chédchomhairleach nó go ttigeadh an aimsir
áiridhe a mbí d'fhiachuibh ar gach peacach faoisidin do dhénamh.



Ar an ttriúr ndrochchomhairleach sa tig Eóin Soisgéaluidh
ag rádh, a bhfuil d'ulc ar an saoghal, go silid ó thriúr, .i. ó
anmhian na colla, ó antshaint na súl, agus ó dhíomas na beathadh.
Ó dhíomas dhiabhluidhe thig nách áil leis an bpéist mboichd
ttalmhuidhe rún do bheith ag fear ionaid Dé air go ndérna ní
gráineamhail ríamh.



Léighmíd a mbeathaidh Bhernaird naoimh go dtárla é lá
áiridhe do dhuine ina roibhe droichspiorad. Do chuir air a
n-ainm Dé a innisin gá mhéd deamhan do bhí ann. Do fhreagair
dhó go rabhadar triúr deamhan ann. Do fhiafruidh an naomh
a n-anmanna, agus do fhreagair an t-óglach dhó gurab é dob ainm
don chéddheamhan Dúnadh an Sparáin, do bhrígh go mbíodh
ag brosdughadh daoine dochum coda a ccomharsan do ghlacadh
agus tar éis a glactha go mbíodh ag síorchor ina n-inntinn gan
aisioc ná lóirghníomh do dhénamh innti. Adubhairt gurab é
ainm an dara deamhuin Dúnadh an Chroidhe, do bhrígh go
mbíodh ag síorchor dhrochsmuaineadh a ccroidhibh na ndaoine
'gá ttaireang dochum a bpeacadh agus ag drud a ccroidheadh 'na
dhiaigh sin d'eagla go ndiongnadaois aithrighi; agus gurab é ainm
an treas deamhain Dúnadh Béil, do bhrígh go mbíodh ag síorchor


L. 82


chathuighthe ar na peacachuibh fá gan a mbeól do osgladh
dochum na faoisidine, nó, a ccás go ndiongnadaois an fhaoisidin,
fá chuid dá bpeacadhuibh do cheilt tré náire.



As iomdha olc do-níd an dá chéddheamhan; gidheadh,
as lía olc do-ní an tres deamhan - trésan résún adubhramar,
do bhrígh gurab mó an peacadh iarruidh do thabha<i>rt don
fhaoisidin do dhénamh go holc, agus gan ainbhfios dot shaoradh,
iná fuireach uaithe, agus gurab truime an peacadh masla agus
aindligheadh do thabhairt don tshacramuinnt iná don chomharsain.



As dearbh ar so a liachd duini mheallas an diabhal ar an
slighidh si agus nách foigheadh sé slighidh chuca ar ghlés eile. As
fiaghnuisi ar so mé féin agus gach duine eile do bhí 'na oide faoisidne,
ór as iomdha anam fuaramar ceangoilte ag an diabhal san líon
sa. Ar na mnáibh as mó leagas sé an láimh risan ccathughadh sa,
do bhrígh go bhfuilid ó nádúir náireach, agas go spesiálta fá
pheacadh na colla. Iondus go ttugdaois aire dhóibh féin
san pheiríocuil si agus go ngabhdaois múnadh chuca ag faicsin
ciondus do éirigh do dhaoinibh eile do cheil tré náire cuid dá
bpeacadhuibh, cuirfead sompladha ann so ó ughdaraibh maithi
bheanas risan n-ádhbhar sa.



Léighmíd go roibhi duine áiridhi roshaidhbhir ann agus, fós,
go raibhi 'na fhírénach, agus, gé go roibhi bean aigi, ní fhuair clann
ar bioth aisti. Do chuireadair araon a nguidhe go dúthrachdach
dochum Dé fá ghein cloin<n>e d'fhagháil ar eachd a thoirbheirt
d'órd crábhaidh ina mbíadh ag moladh Dé feadh a bheathadh.
Fuaradar ó Dhia mac, agus d'oiliodar é go haois n-iomchubhaidh,
agus tugadar ann sin é do réir a ngealluidh d'órd chrábhaidh;
agas 'na dhiaigh sin thugadar iad féin go hiomlán do sheirbhís
Dé ag tabhairt a maoine uile do bhochduibh agus ag dénamh
troisg<th>e agus urnuighthe do ghnáth. Fuair an fear bás agus tárla
don mhnaoi tré ainmhian na colla go ttug grádh d'óglach dá
muinntir féin agus gur chionntuigh ris agus gu rug mac dhó, agus comhluath
agus rug é do mharbh é agus do adhlaic é fána leabuidh. Do rug fós
an dara leanabh agus do-ríne an ní cédna ris. Do smuain sí uire
féin fá dheóidh nách roibhi fána coinne achd damnughadh
síorrdhuidhe trésan ulc sin muna múchadh é ré deaghoibrighthibh,


L. 83


agus, dá bhrígh sin, do thionnsgain arís beatha bheannuighthe
dhiadha, agus do bhí ní as cráibhthighi go mór iná roimhe
sin; gidheadh, tug náire uirre gan an peacadh gránna sin do
chor a bhfaoisidin gé go ccuireadh síos gach peacadh eile dá
ndérna maille ré tuirsi agus ré déraibh. Fuair bás, agas do
damnuigheadh go hiffrionn í. Iarr ccloistin a báis dá mac do
bhí a n-órd chrábhuidh, do ghéruidh ar a ghuidhe agus do-ríne
díthchioll spesiálta troisgthi agus deaghoibrightheadh eile ar anam
a mháthar. Táinic an mháthair bhochd dá taisbénadh féin don
mhac agus dá dhrágún nimhe as a cíghibh, ag gul agus ag dortadh
dér, agus adubhairt, "As díomhaoin dhuit, a mhic, bheith ag guidhe
orumsa, ór atáim damanta go síordhuidhe do bhrígh gur
cheilios an peacadh gráineamhuil do-ríneas tré náire gan a chor san
fhaoisidin, gé go ccuirinn an chuid eile dom pheacadhuibh síos
maille ré déruibh agus ré rún gan a ndénamh arís." Agus, iar rádh na
mbriathar sa dhi, do imthigh go háras na bpían ina mbia 'gá
píanadh an feadh bhías Dia a nglóir.



Léighmíd fós sompla eile as uathbhásuighi iná so bheanas
risan n-ádhbhar so. Do bhádar días bráthar ag gabháil sligheadh
áiridhe; do bhí fear aca 'na phenitensiarius 'gan bpápa, as é
sin ré a rádh, 'na dhuine 'gá roibhi comhachd spesiálta ón phápa
absolóid do thabhairt isna huile pheacadhuibh, agus an fear eile 'na
dhuine shimplidhe naomhtha. Tángadar go caislén áiridhe
ina roibhi bean uasal do bhí aoinbhliadhuin dég a bpeacadh
adhaltrannuis ré fear cuil gan <a> chor a bfhaoisidin tré náire.
Mar do-chonnairc sí na bráithre ag nách roibhi aithne uirre, do
mheas aice féin gomadh maith an chomhairle dhi a peacadh
do chor a bhfaoisidin agus nách mór an náire do bhíadh dhi ann
do bhrígh nách roibhi a fhios aca cía hí agus nách cosmhuil go
bhfaicfeadh go bráth iad ó sin amach. Do labhair sí risan
mbráthair agá raibhi comhachd absolóid do thabhairt uaidh agus
do thionnsgain a faoisidin do dhénamh, agus, tar éis a peacadh
do chor síos fó leith go ráinig an peacadh gránda, tug náire
uirre an peacadh sin do cheilt amhuil dobudh gnáth lé. Do
bhí compánach naomhtha an oide faoisidne ag féchuin ar an


L. 84


mnaoi agus do-chonnairc ré gach peacadh dá n-inniseadh go ttigeadh
tód (beathadhach gránda nimhe) amach as a beól; gidheadh,
gur fhilleadar uile asteach arís maille ré tód mhór uathbhásach
nách táinig amach go hiomlán, an uair fuair absolóid. Iar ndol
as an mbaili sin dóibh, do indis an bráthair simplidhe dá
chompánach an ní do-chonnairc. "Trúagh sin", ar an t-oide.
"As déimhin gur cheil sí peacadh éigin tré náire agus mar sin nár
maitheadh aoinpheacadh dá ndérna dhi. Filleam dá guidhe
fán fhaoisidin do dhénamh go hiomlán." Do fhilleadar; gidheadh,
fuaradar an bhean uasal marbh. Do chaoineadar go gér a
bás agus do thionsganadar trosgadh agus do bhádar ag guidhe Dé go
dúthrachdach fá a thaisbénadh dhóibh ciondus do éirigh don
mhnaoi sin. Do taisbénadh an treas lá an bhean sin ag
marcuidheachd ar dragún thinntidhe, dá nathair nimhe uathbhásacha
timchioll a brághad agus ag diúl a cíoch, dhá thód ag
ithi a dá súl, lasair adhuathmhar roimpe as a beól agus as a sróin,
dá shaighid thineadh tréna cluasuibh, dá mhadradh allta ag
crinn a dá lámh, agus iomad d'ilphiasdaibh nimhe fa a ceann.
Táinig criothnughadh eagla orra ré huathbhás na faigsiona
do-chonncadar. "Ná bíodh eagla oruibh, a mhuintir Dé", ar
isi. "Misi an bhean bhochd mhalluighthi do-ríne faoisidin
ribh trí lá uadha, agus, do bhrígh gur cheil mé énpheacadh gráineamhuil
tré náire, tugadh breith dhamanta oram, agus bíad isna
píantoibh si do-chí sibh an feadh bhías Dia ag caitheamh na
glóire." "Cuirim féin d'fhiachuibh ort, a n-ainm mo Thighearna,"
ar an t-oide faoisidne, "dá ní d'innisin dhamh. An cédní díobh,
créd as ciall do na píantuibh éxamhla sin atá ar do bhalluibh?"
"Atáid", ar si, "na hilphiasta nimhe si ar mo cheann a ndíol
gach deisi agus gach bréghdhachda bhréigi dár chuirios air. Atáid
an dá thód so ag ithi mo shúl a n-éiric na n-amharc cclaon
mailíseach. Atáid na saighde tineadh so trém chluasuibh a
n-éiric an chiúil cheóllaidhe do-chluininn, na mbriathar
neamhghlan adeirinn, agus an ithiomráidh do éisdinn. Atáid an
dá nathair nimhe si ar mo chíochuibh a n-éiric an ghlacaidh
thruaillidhe do léiginn do dhénamh orra. Atá an dearglasair
ghránna so as mo bhéal fám bhréguibh agus fám bhriathruibh
barbardha. Atáid na madaidh si ag creinn mo lámh fám
ghlacaireachd truaillidhe ar dhaoinibh eile, do bhrígh nár shíneas


L. 85


mo lámha do na bochduibh, achd, an ní bá cóir dhamh do
thabha<i>rt dhóibh, go ttugas é dom fhearuibh suirghi. Bíad
ar an ndragún tteinntidhe si go síorruidhe atá ag losgadh mo
chos agus ball n-inmheadhónach mo chuirp uile lér chuirios a
ngníomh mo thruaillidheachd." "An dara ní fhiafraighim
dhíot", ar an t-oide faoisidne. "Cia híad na peacuidh as
mó dhamnuigheas cách san aimsir si?" "Atáid daoine", ar sí,
"ar an uile shlighidh peacuidh ag dul go hiffrionn; gidheadh,
atáid ceithre shlighthe phrinnsiopálta a ngabhuid na mná ag
dul ann, .i. an drúis, órnáilteachd nó bréghdhachd culuidheach,
piseóga agus, an t-olc as mó fá dheireadh, náire a bpeacuidh do
chor a bfhaoisidin." Tárla an sompla sa san tír si féin a
nGeilderland.



Do bhí maighdean áiridhe ann tug grádh neamhghlan
d'ógánach gé nár chuir an t-olc a ngníomh d'easbhuidh glésa.
Do-chuaidh a mainisdir ban riaghalta agus do bhí lán do chrábhadh,
'na sgáthán naomhthachda ag an ccoimhthionól uile do réir
a mbaramhla féin, achd fuair bás gan an peacadh sin do chor
a bhfaoisidin tré náire. Do bhí an bhanab a ndiaigh mhaitín
san choraidh ag dénamh urnuidhe chuice fá chongnamh a guidhe
d'fhagháil uaithi, ór ní roibhi amharus aice go roibhi a nglóir
tré naomhthachd a beathadh. Táinic an mhaighdean chuice
idir dá dhiabhal chíordhubh agus do innis di go raibhi damanta
go síordhuidhe trésan bpeacadh sin do cheilt san fhaoisidin.



As iomdha sompla eile sgríobhuid deaghúdair ar an
n-iomad damantar fá gan an fhaoisidin do dhénamh go hiomlán,
achd as lór íad so dod ghluasachd, a pheacuigh, má bheir tú
aire dá-ríribh dóibh, fá gan éinpheacadh dh'fhágbháil amuigh
tré náire. As aithne dhamh gurab mór mheallus an diabhal
dár ndúithigh féin ar an slighidh si, agus as uime sin do chuireas
na sompladha sa ann so do chor criothnuighthe orra. Iarruim
a n-onóir Íosa Críosd orra féchuin orra féin agus a chreideamhuin
go ndaiméontar íad mar do damnuigheadh an mhuinntir si ar
ar labhramar isna sompladhuibh si dá bhfhágbhaid aoinpheacadh
gan chor san fhaoisidin tré náire. Gluaistear íad ar an n-ádhbhar
so dochum a bpeacadh marbhtha uile d'innisin an uair bhías


L. 86


ar a ccumas, agus smuainid nách do dhuine innisid íad achd do
Dhia agus nách bfhuil neart ag an athair faoisidne labhairt go
bráth ar aoinpheacadh dá ccuala a bhfaoisidin, agus, dá labhradh,
go bhfuil píanta troma saoghalta air maille ré damnughadh a
anma, agus nách ttiubhradh Catoilci ar bith creideamh dhó, as go
mbíadh gráin a chroidhe ag gach deaghdhuine air.



Do bhrígh go ccuireann an diabhal cathughadh ar mhórán
san phongc sa agus go spesiálta ar na mnáibh an uair thuitid a
bpeacadhuibh truaillidhe, do mholfuinn dul d'ionnsoighidh oide
faoisidne ar nách bíadh eólus na ndaoine náireach sa, ór as
fios dhamh an uair smuaineas an peacach go mbía coimhne ag
an sagart ar a thruaillidheachd agus go mbía ar amharc an tsagairt
sin do ghnáth gurab teann an cathughadh chuirthear air fá
chuid dá pheacadhuibh do cheilt. Do chuir daoine chugam féin
go minic peacadh do cheiliodar ar a sagartuibh porráisti, do
bhrígh go rabhas um dhuine énuaire agus nách roibhi súil aca
mh'fhaicsin go bráth arís. d'eagla an chathuighthe si do
órduigh comhairle Thriont coinfeasóir coimhitheach do thabhairt
fá dhó nó trí huaire san mbliadhain do mhnáibh riaghalta féin
seach an ccoinfeasóir ngnáthach; gidheadh, dobadh mó an
luaighidheachd don pheacach an náire si d'fhulang ag innisin a
pheacadh don choinfeasóir agá mbíadh eólas air iná dul leó
d'ionnsoighidh dhuine choimhithigh.



An bhfoil d'fhiachuibh ar an bpeacach aicíde
na bpeacadh do chor san fhaoisidne?



Atáid dá ní inar ng<n>íomharthuibh maithi agus saithi: an
cédní, substaint, nádúir, agus gné an ghníomha féin, .i. bheith 'na
ghrádh nó 'na fhuath, 'na dhéirc nó 'na ghoid; an dara ní,
aicíde bhíos timchioll na substainti agus na nádúire si, .i. an déirc
nó an ghoid do bheith mór nó beag. Bídh mar so ag gach
créatúir eile nádúir agus subsdaint, nách éidir do sgaradh ris, agus


L. 87


aicíd, bhíos chuigi agus uaidh. As é as subsdaint agas nádúir don
duine bheith 'na ainmhidhe résúnta, agus ní héidir sin do sgaradh
ris go bráth ná a thuigsin gan sin. Aicíde dhó bheith gearr
nó fada, láidir nó lag, foghlamtha nó ainbhfiosach, do bhrígh
gurab éidir iad so do bheith chuigi agus uadha. Mar an ccédna,
as é as nádúir don ghoid cuid duine eile do ghlacadh dá neamhthoil;
aicíde bhíos chuice agus uaithe, a beith mór nó beag,
díoghbhálach nó neimhdhíoghbhálach don chomharsain.



Adubhramar roimhe so go bhfuil d'fhiachuibh ar an
n-aithrigheach aicíde, nádúir, agus nuimhir, na bpeacadh do chor
san fhaoisidin. Anois, ní foláir a fhios d'fhagháil an bhfoil
d'fhiachuibh air mar an ccédna aicíde na bpeacadh do chor
síos. Iondus go ttuigtheá so, tabhair dot aire go bhfoilid trí
gnée aicídeadh nó circunsdainteadh ánn. An chédghné
díobh, na haicíde nách beanann ré hádhbhar, .i. nách laghduigheann
agus nách méduigheann mailís an ghníomha. Ní hé amháin
nách foil d'fhiachuibh ort iad so do chor a bfhaoisidine achd
as férr go mór gan a ccor. 'S don ghné aicídeadh sa a rádh go
rabhais ar meisgi san n-oidhche nó san ló, a dtigh Bhríain nó
Mhurchaidh, gur bheanuis ré mnaoi Shaxanuidh nó Éirionnuidh.
Ní laghduigheann agus ní mhéduigheann peacadh na meisgi a
dénamh san n-oidhche seach a dénamh san ló, nó a dénamh a
dtigh Bhríain seach a dénamh a dtigh Mhurchaidh, agus as ionann
an peacadh luighi ré mnaoi nÉirionnuigh nó Shaxanaidh; ór ní
holc bheith a dtigh Bhríain nó Mhurchaidh, agus ní holc oidhche
ná lá, agus, dá bhrígh sin, ní mhéduigh olc. An mheisgi amháin
atá 'na peacadh, agus an drúis, agus as lór iad soin do rádh agus gan
teachd ar na haicídibh eili si ar énchor.



Fá-raor, ní mar so do-níd mórán do luchd ainbhfis ar
náision, achd innisid mórán do sgéaltuibh nach laghduigheann
agus nach méduigheann an peacadh agus léigid tharrsa na haicíde
mhéduigheas an t-olc gan a ccor a bhfaoisidin, mar adubhramar
roimhe so.



An dara gné aicídeadh laghduigheas mailís an pheacaidh,
idhón, dá ndérnadh peacadh sologhtha don pheacadh marbhtha,
dobádh cóir a chor san bhfaoisidin, .i. dá ndérnadh duine 'na
leathcholladh nó ar leithmhisgi nó maille gluasachd obainn
gan féchuin 'na thimchioll ní do bhíadh 'na pheacadh marbhtha


L. 88


muna bheth an aicíd sin ann achd a dhénamh as comhairle, as
cóir an aicíd sin do chor síos ag rádh gur go tobann tárla dhuit
drochfhocal gránna do rádh réd chomharsoin nó gurab ar
leithmhisgi do bhádhais an uair do bhuailis é, iondus nach
roibhe do chiall go hiomlán agad gé nach rabhadhais gan cháil
chéille; ór do shaor an uireasbhuidh céille sin thú ar pheacadh
marbhtha, agus, dá ccuirtheá síos an peacadh gan an aicíd sin do
chor lais, do chuirfitheá a ccéill don n-oide faoisidne gur peacadh
marbhtha do-rínis agas gan ann achd peacadh sologhtha.



Mar an ccédna, dá rabh dhá ghné mailísi a n-éinghníomh
amháin agus go tteigéomhadh tré aicíd gné dhíobh sin do chur ar
cúl, as cóir an aicíd sin d'innisin san fhaoisidin, .i. dá marbhtha
sagart agus tú a n-ainbhfios 'nar shagurt é, as lór dhuit a rádh gur
mharbhuis duine go héugcóir, nó, má thig tú ar a shagartachd,
cuir a gcéill go rabhadhuis 'na hainbhfios an tan do-rínis an
marbhadh; do bhrígh go bhfuil dhá mhailís éxamhail a marbhadh
an tshagairt, mailís díobh a n-aghuidh chirt bhíos san uili
dhúnmharbhadh, agus mailís eile a n-aghuidh na díghnide agus na
honóra speisialtha dlighthear don tshagart, agus gur shaor th'ainbhfhios
thú ar an dara mailís.



As é a résún so, go meallfuithí an t-oide faoisidne a
neithibh neimhéuttroma bheanas ré a oiffig dá cceilthí an aicíd
si air, do bhrígh go ttuigfeadh mar pheacadh mharbhtha an ní
atá 'na pheacadh sologhtha nó mar dhá pheacadh mharbhtha an
ní nach fuil achd 'na aoinpheacadh, agus, mar sin, do cuirfidhe
toirmiosg air breath sgaoilthe nó cheangailti nó lóirghníomha
do thabhairt ar an n-aithrigheach do réir a pheacadh.



Gidheadh, an tan laghduigheas an aicíd an peacadh
marbhtha ann féin agus nách déin peacadh sologhtha dhé agus nach
tógbhann mhailís eili n-éxamhuil uaidh achd amháin go ndéin
an mhailís atá aige ina ghné agus 'na nádúir dhílis féin nísa lugha
iná mar do bhiadh dá mbeath an aicíd sin 'na éghmuis, as férr
gan a cor san fhaoisidin, mar adeir ar n-athair naomh


L. 89


Bonauentura agus mórán eile, nó go háirighe ní fhoil d'fhiachaibh
air neach an aicíd sin do chor síos, mar adeirid na diadhaireadha
uile go comhchoitcheann.



Dá bhrígh so, dá mbuailteá duine go trom agus gur fearg
tug sin ort agus nách fuath ná námhadus don óglach, gé gurab
lugha an peacadh sin do dhénamh tré fheirg iná tré fhuath gan
gluasachd feirge, as fearr a rádh gur bhuailis duine go trom 's
gan iomrádh do dhénamh ar an bhfeirg tug sin ort, ór beanuidh
so nísa mhó réd lei<th>sgéul do ghabháil iná ré gearán do dhénamh
ort mar as cóir don aithrigheach do dhénamh. Agus, gé go meallfuidhe
ar mhodh éigin an coinfeassóir ann so, do bhrígh go
smuainéochadh an peacadh do bheith nísa mhó iná mar atá
dá-ríribh, ní mór an cás atá san mhealladh sin, ór ní thabharthar
siocair dhó fá pheacadh eile coimhitheach do smuaineadh, agus, má
tá dochar san bharamhuil as éidir dhó do bheith aigi go bhfuil
an peacadh 'na ghné féin nísa thruime iná mar atá, ní chuireann
sin buaidhreadh ar an mbreith as cóir dhó do bhreith, achd, má
tá dochar ann, as don aithrigheach atá sé, do bhrígh gurab
cosmhuil go bfhuighe peanós as truime iná do-gheabhadh dá
n-inniseadh an aicíd do laghduidh an peacadh; agus as maith an
gliocus dochum Dé sin d'fhulang. Maille ris so, ní mór an
tsiocair meallaidh do-bheir don choinfeasóir, ór ní cosmhuil
dhó an peacadh do thuigsin achd ar an modh ngnáthach, agus as
measta dhó, dá mbeth aicíde ann do mhédóchadh olc an
pheacaidh, go ccuirfeadh an t-aithrigheach síos iad, agus ní cóir
an bharamhail as measa do thabhairt, achd idir dhá olc an
t-olc as lugha do chreideamh ar an ccomharsoin an uair nách
beth follus a chontrárdha. Dá réir so, ní hinmheasta dhó gur
tré fhuath nó aingidheachd do-ríneadh an t-olc don chomharsoin
achd tré fheirg n-obainn nó tré chathughadh eile, muna innise
an t-aithrigheach a chont<r>árdha sin dó.



An treas gné siorcunsttaindeadh nó aicídeadh; as é
médughadh mailísi agus uilc na bpeacadh do-níd. Atá d'fhiachuibh
ort iad so do chor a bhfaoisidin, .i. dá ngoidtheá míle pont,
ní lór dhuit a rádh, "Ciontuighim mé féin do Dhia agus dhuitsi,
a athair faoisidine, go ndérnas peacadh marbhtha gada", achd
ní foláir an tshuim mhór sin do chor síos, do bhrígh gur peacadh


L. 90


marbhtha coróin nó fós suim as lugha do ghoid. Mar an ccédna,
ní lór dhuit a rádh go ndérnais creach, achd a chor síos más
creach mhór í, ór ní hionann creach míle bó do dhénamh agus grágán
beag do chreachadh. Mínéochamaoid so san chaibidil si
chuguinn.



Gá mhéud aicíd ann mhéduigheas an peacadh
agus as ionchuirthe san fhaoisidin?



Áirmhid na diadhaireadha go coitcheand seachd n-aicídi
don tshórt sa, .i. an té do-ní an peacadh, méd an pheacuidh,
an áit 'na ndéntar é, an comhluadar lé ndénthar é, an t-ádhbhar
ghluaisios dochum a dhénta, an modh ar a ndéntar é, agus an
aimsior.



Méduighid cuid díobh so an t-olc ar dhá mhodh: do-níd
ar uairibh dhá pheacadh éxamhla don ní nách biadh achd 'na
aoinpheacadh ar ghlés eili, agus uair eili ní dhénuid achd an peacadh
do mhédúghadh 'na nádúir féin gan peacadh coimhitheach do
thabhairt chuigi. An uair do-níd dá pheacadh don aoinpheacadh
'gá tharrang go nádúir eile pheacoidh, as dearbh go
bhfuil d'fhiachuibh an aicíd sin do chur san fhaoisidin, agus ní
héidir a chontrárdha sin do rádh. Saoilmíd mar an ccédna
gurab cóir an aicíd mhéduigheas an peacadh, gé nách diongnadh
peacadh eile dhe, do chur síos, gé nach fuil so coimhdhearbh
risan gcédchuid. Tuigfidhear so as na neithibh si romhainn.



An chédaicíd, an té do-ní an peacadh, .i. créd í a cháilidheachd.
Más duine thú tug móid geanmnuidheachda agus do thuit
a bpeacadh na colla, ní lór dhuit a rádh gur chiontuighis ré
mnaoi, achd ní foláir dhuit a innisin don choinfeasóir go raibhi


L. 91


an mhóid sin ort. Ór gé nách biadh ar dhuine eile achd
aoinpheacadh 'na leithéid sin do chúis, atáid dhá pheacadh
ortsa, peacadh díobh comhchoitcheann don uili dhuine luigheas
ré mnaoi neamhpósda agus peacadh eile speisiáltha a n-aghuidh na
móide thuguis do Dhia. Agus, fós, más sagart thú nó duini riaghaltha
's gan fios 'gan choinfeassóir nách tuata thú, ní lór a rádh
gur pheacuighis a n-aghuigh na móide geanmnuidheachda thuguis
do Dhia, achd ní foláir a rádh gurab sagart nó duine riaghaltha
thú. Ór, gé nách biadh ort achd peacadh d'aonnádúir agus
d'aoinghné risan tté thug móid shimplidhe geanmnuidheachda,
as truimi do pheacadh sa go mór, do bhríogh go ttuguis móid
shollamanta geanmnuidheachda.



Más duini thú ar a roibhi meas déghchoinnsiasa, pearsa
eagluisi, nó ceann muinntiri, agus gur pheacuighis a bhfiaghnuisi
daoine 'gá raibhi th'éolas 's gan éolas ag an choinfeasóir ort,
ní foláir an cháilídheachd sa do chur síos dhó, do bhríogh gurab
mó an sgannail tuguis uait iná do-bhéradh duini eile ag nách
biadh aoncháil díobh so.



An dara haicíd, méd an pheacuidh agus a cháilidheachd. Ní
lór a rádh go ndérnuis goid, achd ní foláir an tsuim do chor
síos má tá sí mór. Ní fuláir fós cáil na gada do rádh ar an
uile chor má thairrngionn sí an gníomh dochum gnée eile
peacuidh, .i. dá ngoidthea ní coisriogtha, ní lór a rádh gur
ghoidis an tsuim áiridhe si, achd ní foláir a chor síos (gur ní)
coisriogtha do ghoidis, .i. cailís, etc. Ór atá dá pheacadh san
ghoid sin, .i. an ghoid féin a n-aghuidh an chirt agus an t-aindligheadh
do-beirthior don ní choisriogtha. Mar an ccédna, más duine
thú do thuit a ndrúis, ní lór a rádh gur chiontuighis ré mnaoi,
achd cuir síos má do bhí sí pósda, ór atá dá pheacadh <a> luighi
ré mnaoi phósda dhuine eile: peacadh dhíobh an t-éigceart
do-ní tú ag buain ré cuid duine eili agus peacadh eile an drúis féin
do bhiadh ann gé nách bíadh an bhean pósda ar énchor. Agus,
dá rabh tú féin pósda agus an bhean rér pheacuighis a n-éinfheachd,
atá d'fhiachuibh ort an dá cháil sin do chor síos, do bhrígh leith


L. 92


amuigh don drúis go bhfuil dá éigceart agus dá aindligheadh san
pheacadh soin: aindligheadh díobh do thaoibh do mhná féin
'ga bhfoil ceart agus tighearnas ar do chorp agus aindligheadh eile
d'fhior na mná eile 'ga bhfoil tighearnas cuirp a mhná féin
bheanas tusa de go haindlightheach.



Ar an modh ccédna, dá ccionntuighthea ré mnaoi thug
móid óghdhachda nó gheanmnuidheachda nó ré mnaoi chuil, ní
foláir sin do chor síos. Ór do-bheir gach cáil díobh so gné eili
pheacuigh riu féin seach peacadh na drúisi. Ní hé amháin, dá
ccionntuighthea ré mnaoi chuil san chéudghlún nó san dara
glún, ní foláir foigsi an chuil d'innisin, madh col uisge é nó col
gaoil, go mórmhór más san chédghlún atá.



An treas aicíd, áit an pheacaidh. Má pheacuighis a
n-áit phuiblighe a bhfiaghnuisi daoine, as cóir dhuit sin do
rádh, do bhrígh go ttugais sgannail uait, .i. siocair uilc don
mhuinntir do bhí do láthair. Mar an ccédna, dá ndérntaoi
drúis, goid, nó marbhadh, nó dortadh fola a n-áit choisriogtha,
as cóir cáil na háiti do chur síos, do bhríogh go bhfuilid na
peacuidh si a n-aghuidh na háite go spéisialta, mur atá fós
luighi ré mnaoi phósdu féin a n-áit choisriogtha. Na peacuidh
eile, mar atá fearg, tnúth, etc., do-níthear san eagluis, ní léigthear
a leas achd a ccor a bfhaoisidin gan cháil na háiti d'innisin.



An ceathramhadh aicíd, an comhluadar lé ndérnais an
peacadh. Más tú do thairring dochum an pheacuidh iad, atá
d'fhiachuibh ort sin do chor a bhfaoisidin, ór as tú tug siocair
dá bpeacadh-san. A ccás nár thairrngis, ní rige a leas teachd
orra.



An cúigeadh aicíd, an chúis fár pheacuighis. Dá
ndéntá goid ar tí drúisi do dhénamh nó drúis mur shlighidh
dochum na gada, as cóir so do chor síos, agus, go geiniorálta, an
uile uair do-ní tú olc mailli ré hinntinn trésan olc sin teachd go
holc eile atá coimhitheach uaidh, as cóir dhuit gach olc aca
do chor a bhfaoisidin, gé nách cuirfitheá a ngníomh achd an


L. 93


cédolc; gidheadh, má tá an cédolc ó nádúir 'na shlighidh dochum
an uilc eile agus go ndérnais araon iad, as lór an t-olc déighionach
do chor síos, do bhrígh go ttuigthear as sin na huilc as gnáth
do dhul résan n-olc sin. Uime so, as lór a rádh gur mharbhais
duine agus gan gach buille fa leith dár bhuailis air do chor síos.
As lór fós a rádh go ndérnuis ní truaillighthe, .i. peacadh na
drúisi, gan teachd ar shéduibh suirghe ná ar phóguibh ná ar
ghlacaireachd thruaillighthe, do bhrígh gurab gnáth builleadha
do dhul résan marbhadh, labhairt agus glacuidh truaillighthe résan
ndrúis. Achd, dá ndérntaoi iomarcuidh neamhghnáthach a
gceachdar dhíobh so, dobudh cóir sin do chor síos; gidheadh,
ná hanadh duine a bhfad ag sgrúdadh pheacuidh na colna, ór
as gnáth an díabhal ag teachd do thabhairt chonganta di
dochum cathaighthe 'na leithéid sin d'ám.



An seiseadh aicíd, an glés ar a ndéntar an peacadh,
.i. dá ttugthá éigion mná, dá mbeantá a chuid tré éigion do
dhuine, nó dá ttugthá masla bhréigi uait, as cóir na modha sa
do chor síos, do bhrígh go méduighid an peacadh; mur an
ccédna, dá ndérntá bréga díomhaoine nách foil achd 'na bpeacadh
sologhtha maille ré hainmhian, iondus gurab luaithi do-dhéntá
peacadh marbhtha iná do léigfitheá dhíot iad, ní foláir sin do
rádh, ór do-ní peacadh marbhtha don pheacadh sologhtha.



An seachdmhadh aicíd, an aimsior a ndéntar an peacadh,
.i. dá mbristeá an trosgadh atá ort ó aithne san ám a ttuguis
móid gan a bhrisseadh, .i. a n-aointibh an chorghuis a ccás
go ttugais móid gan trosgadh do bhrisseadh ionnta. Fós, dobudh
maith an chomhairle na peacuidh do-rínis a n-aimsir shaoire do
chor síos maille ré haicíd na haimsire d'innisin; gidheadh, ní
mheasuim go bhfuil so d'fhiachuibh ort.


L. 94


Ciondus aitheónus an duine ainbhfiosach gach
gné peacuidh dá ndérna?



Do labhramar go soiche so ar nádúir na faoisidni, ar an
n-ullmhughadh as cóir do dhénamh roimpe, ar an rún as cóir
don aithrigheach do bheith aigi suil thiocfus chuice na
peacuidh do sheachna, agus ciondus as cóir dhó comhairle a oide
faoisidne, má tá diadha foghlamtha, do leanmhuin. Do fhoillsigheamar
fós go bhfoil d'fhiachuibh ar an n-aithrigheach a
pheacuidh uile do chor síos gan éinpheacodh d'fhágbháil díobh
tré náire, agus an t-olc mór thig don mhuintir fhágbhas fuighioll
faoisidne go bhfios dóibh féin. Do mhínigheamar, mar an
ccédna, ciondus atá d'fhiachuibh air gné, nádúir, nuimhir, agus
aicíde, na bpeacadh do chor síos don choinfeasóir. Anois, ní
foláir luchd an ainbhfis do theagasg créd é an modh ar a n-aithéonaid
na peacuidh féin do-ríneadar agus ar a ttaróngaid iad
dochum a ccuimhne.



As é as peacadh ann, mar adeir Pól, briseadh an léxa,
nó, mar adeir Ambrós naomh, easumhlachd na n-aitheantadh
némhdha. Gonadh aire sin nách éidir fios na bpeacadh d'fhagháil
gan fios aitheantadh nDé agus na heagluisi do bheith agad ar tús.
d'eagla nách biadh a bhfios so agad go gasda, cuirfeamaoid ann
so dhuit iad a miodarrachd do shaothar mo dhearbhráthar
chroidhe, an t-athair diadha foghlamtha Bonauentura Ó
hEódhusa, Dia do dhénamh grás ar a anam. As mór do bhí
faoi do sgríobhadh do rachadh a leas anma agus a n-onóir shaoghalta
don náision dá maireadh, achd, fá-raor, tré fheirg nDé risan
bpobal bpeacach, do goireadh air a n-ám a thoraidh agus a ttosach
a shaothair do chor a ccló agus suil ráinig leis sinni do theagasg
a tteanguidh ar máthar, iondus go ttiocfadh dhínn ní éigin do
rachadh a leas na n-anmann do sgríobhadh, ó nách léigthear
dhúinn tré bhurba an pherseacuision foircheadal do dhénamh
ó bheól. Nír fhág 'na dhiaidh don náision duine rér éidir an


L. 95


ní do chor roimhe do dhénamh, ór, gé go bhfuilid mórán daoine
foghlamtha ag ár náision (glóir do Dhia) agus mórán dá n-aois óig
dá ttabhairt suas a bpríomhsgoltuibh léighinn agus crábhuidh,
gidheadh, ní bfhuil díobh agus ní roibhi lé fada d'aimsir duine
coimhdheas agus comhóirdheirc lé Bonauentura a léighionn, a
nGaoidhilg, agus a ccrábhadh.




Deich n-aitheanta Dé.



Dia bréigi d'adhradh ná tairg;
ná tabhair ainm Dé gan fháth;
Domhnach lá an Tighearna Dé,
coimhédthar luibh é do ghnáth.



Onóruigh h'aithre go búidh;
ná déin marbhadh, drúis, nó goid;
ná déin bréigfhiaghnuisi ar neach;
a mhaoin ná <a> bhean ná hiarr dhuit.



Cúig aithne na heaguilse.



Cuir a cceann a ndubhairt mé,
cúig aithne na heaguilse;
coimhéd gach saoire go beachd,
's déin aiffrionn innti d'éisdeachd.



Troisg an corghas go glan glan,
uigil 's trosgthe na hanman;
ná tomhuil féoil ar do phroinn
Dia hAoine ná Dia Sathroinn.



Tré bhiotha síor ná bíodh sibh
énbhliaghuin gan fhaoisidin;
Corp Chríost ón Domhnach ré ccáisg
glac lá éigin go mioncháisg.


L. 96


Ná déna banais iar n<d>áil
ó thús corghuis go mioncháisg,
ná ó thús adueint go grod
go dá lá dég d'éis nodlog.




Ní foláir iad so uili do bheith agad go glan ad mheabhair
agus, fós, a ttuigsin mar as cóir do réir céille ar naomhmáthar
an Eaglas Chatoilci Rómhánach; agus, 'na dhiaigh sin, gluais
tríotha fó seach ag fiafruighe dhíot féin 'nar bhris tú an chédaithne
agus gá mhéd uair, agus, tar éis tú féin do sgrúdadh go maith
san chédaithni agus gach ní dá ndérnuis 'na haghuidh, do réir do
dhíthchill do chur ad mheabhuir nó a sgríobhadh. Más
faoisidin beathadh do-ní tú nó gurab duini thú 'gá bhfoil
coinnsias róbhuaidhiortha lán do chréachduibh 's do chathuighthibh,
ní foláir d'eagla an dearmuid tré iomad na bpeacadh
a sgríobhadh suil rachas tú dochum faoisidne, más sgríbhnéoir
thú. 'Na dhiaigh so, déna na fiafruighe agus na sgrúduighthe
cédna ort san dara haithni, agus siobhail mar sin orra go soichi
an aithne dhéighionach; agus déna an ní cédna ré haitheantuibh
na heaguilsi ag siobhal orra fó seach.



Do chongnamh dhuit, cuirfeam síos ann so go haithghearr
ciondus dhiongnus tú na fiafraighi si do thaoibh gach aithni fó
leith, agus as sin tuigfe tú gá mhéd modh ar a mbristear na
haitheanta.



Achd tabhair dot airi go bhfuil d'fhiachuibh ar an uile
Chríosduidhe ní hé amháin aitheanta Dé 's na heaguilsi dho
choimhéd achd fós gan aitheanta a uachdarán ttuaithi do
bhriseadh. Ór adeir Pól gurab cóir dhúinn umhla do thabhairt
dár n-uachdaránuibh, ní d'eagla fheirge achd d'eagla ar gcoinnsiasa
do ghortughadh, do réir mar thuigid na naomhaithre é.



Dá bhríogh so, ní foláir dhuit a fhiafruighe dhíot féin
'nar bhrisis, agus gá mhéud uair, aithne dhlisdionach do phrionnsa,
do thighearna, do mhaighisttir, t'athar, nó dhuine ar bioth eile


L. 97


dá bhfuil go dlisdionach 'na uachdarán ort. Achd dá ccuireadh
uachdarán ar bith díophsa aithne ort do bhiadh a n-aghuidh
dlighidh Dé nó na heagailsi, as córa dhuit umhla do thabhairt
do Dhia agus don eagluis iná don aithni sin.



As é a résún so, gurab aithni neimhdhlisdionach an aithne
théid a n-aghuidh aithni Dé nó na heaguilsi agus go bhfoil d'fhiachuibh
ort gan aithne mhídhlisdionnach do choimhlíonadh. "An
n-aithne do chuirfeadh th'athair ort an uair nach bíadh a
n-aghuidh Dé tabhair umhla di mar do-bhértha do Dhia féin",
ar Aibhisdin naomh. "Gidheadh, dá ttugadh th'athair aithne
dhuit do bhíadh a n-aghuidh an mhaithis phuiblighi", ar an
naomhathair cédna, "nó aithne an phrionnsa, ná tabhair toradh
uirri, agus, dá ttugadh an prionnsa aithne dhuit a n-aghuidh aithne
Dé, ná déine cás dá aithne do bhriseadh. Abair an uair sin
an ní adubhairt Peadar agus Eóin ré prionsadhuibh na sagart thug
aithne dhóibh gan ainm Chríosd do theagasg ná do sheanmóir,
.i. "Tugaidh féin breitheamhnus an córa umhla do thabhairt
díbh féin iná do Dhia."



Coimhéid, ar an adhbhar so, aitheanta Dé agus na heaguilsi
go maith ad mheabhair, agus, má gheibh tú aithne ar bith eile 'na
n-aghuidh sin go follus, ná tabhair toradh uirre. Dá ttugthaoi
aithne dhuit drúis do dhénamh nó mionna bréigi do thabhairt,
atá d'fhiachuibh ort bás d'fhulang dod sheachna ar bhriseadh
aithne Dé. Mar an ccédna, dá ttugadh uachdarán tuaithi
aithne dhuit gan na sacrámuinnte do thaithighe, gan an tseanmóir
Chatoilici d'éisdeachd, gan faoisidin ná cumaoin do dhénabh,
dul d'éisdeachd seirbhísi nó sheanmóra na n-eiriceadh, gan
trosgadh do dhénamh, na teampuill do bhriseadh, na híomháighi
do mhaslughadh, meas gurab aitheanta neimhdhlisdionacha iad
so atá a n-aghuidh Dé nó na heaguilsi agus go bhfuil d'fhiachuibh
ort gan umhla do thabhairt dhóibh.



Gidheadh, gach aithne do-bhérus th'uachdarán dílios
tuaithi dhuit go spesiálta, más é do phrionnsa é, agus nách foil
sí a n-aghuidh dlighidh Dé nó na heaguilsi, atá d'fhiachuibh ort
a ccoinnsias a coimhéd. Gonadh aire sin nách foláir dhuit


L. 98


na haitheanta sa do chor at fhiaghnuisi (tár éis an sgrúdaidh
adubhramar do dhénamh dhuit ar aitheantuibh Dé agus na heaguilsi),
agus fiafruigh dhíot féin 'nar bhrisis agus gá mhéd uair do bhrisis
iad. Agud féin, gébé thú, as fearr fios th'uachdarán tuaithi agus
na n-aitheantadh ndleisdeanach chuirid ort; agus do-bhérsa congnamh
dhuit dochum aitheantadh an dá uachdarán ccoitcheann
atá ós cionn na Críosduidheachda uile, .i. Dia agus an eaglus, do
thuigsin.



Fiafruighe fa chéadaithne an chédchláir.



Do-gheibhmíd san sgrioptúir dhiadha go ttug Dia na deich
n-aitheanta a ndá chlár chloiche do Mhaoisi; gidheadh, ní
fhaghmaoid inte gá mhéd aithne do bhí in gach clár dhíobh;
achd do réir Aibhisdin agus an naomhathar Thomáis agus na
ndiadhaireadh go coitcheann do bhádar trí haithni san chédchlár
bheanas ré honóir agus ré grádh nDé agus seachd n-aithne san dara
clár bheanas ré grádh na comharsan. Mínéocham ar tús na
ceasda as cóir don n-aithrigheach do chor air féin a n-aitheantuibh
an chédchláir bheanus ré grádh agus ré honóir nDé, agus do-ghénam
an ní cédna 'na dhiaigh sin isna haitheantuibh bheanas risan
ccomharsain, .i. aitheanta an dara cláir, agus fós a n-aitheantuibh
na heaguilsi.



An chédaithne, Adhair an t-éinDia fírindeach agus ná hadhair
dée bréigi. As í suim na haithne si go bhfuil d'fhiachuibh ort
creideamh do Dhia, a ghrádhughadh ós ceann an uile neith
agus dóthchas do chor ann, onóir do thabhairt dhó féin agus dá gach
ní bheanus ris, agus gan an onóir dlighthear dhó do thabhairt do
chréatúir ar bioth. Do thaobh na haithne si cuir ort féin na
ceasda so síos agus cuir ad mheabhair an ní adéra an chlí riot.



Ar tús do thaobh an chreidimh, fiafruigh dhíot féin 'nar
chreidis ad chroidhe gach ní chreidios an Eaglas Chatoilce
Rómhánach gan earráid ar bioth do ghlacadh 'na haghuidh;
'nar thaisbénais ó ghníomh nó ó bhréithir go foirimiolach


L. 99


claonadh nó fabhar do bheth agad dochum eiriceachda; a'
ndeachadhuis dá n-eagluis d'éisdeachd a n-oifigi nó a seanmóra;
a' ndérnuis lérsgrúdadh ar rúindiamhruibh an chreidimh,
nó an raibhi cunntabhart ort fá airtiogal ar bhioth dhe; 'nar
léighis leabhair eireiceachda nó an bhfuilid agad gan chead;
'nar chuiris ad mheabhair an Phaidir, an Chré, agus aitheanta Dé
agus na heaguilsi; a' ndérnais piseóga nó geasadórachd; 'nar
chreidis d'aislingthibh, do dhérnadórachd, nó do néalladórachd;
'nar ghlacuis briathra an sgrioptúir nó sereamóine na heagluisi
a ccúis shúgartha nó do ghluasachd daoine dochum gáireadh.



Do thaobh grádha Dé, fiafruigh dhíot féin ar tús a'
ndérnuis murmar ar Dhia nó gearán, ag rádh nách cóir gach
ní dá ndén; 'nar mhothuighis míghean agad ar Dhia nó ar
neithibh diadha; 'nar léigis aimsir fhada thort gan
smuaineadh ar Dhia nó ar do sheirbhís dhó; 'nar chuiris
toirmeasg ar dhaoinibh eile fá neithibh do dhénamh do rachadh
a n-onóir do Dhia; an ttuguis míomhodh do na naomhuibh,
dá ttaisibh, nó dá n-íomháighibh; 'nar labhrais go holc ar
dhaoinibh diadha nó ar a ngníomhaibh; 'nar thoirmiosgais
fá dhuine dhul a n-órd chrábhuidh.



Do thaobh an dóthchuis, fiafruigh dhíot féin a n<d>eachadhuis
a n-édóthchus do shlánuighthe nó maitheamhnus do
pheacadh; 'nar ghlacuis andóthchus go slánóchthaoi thú
maille trócaire Dé amháin gan deaghoibrighthe ar bioth do
dhénamh; 'nar chuiris do dhóthchas a ccruadhchás a ccrétúir
ar bioth nísa mhó iná a nDia; a' ndérnuis peacadh ar
bioth nó 'nar anais ann a ngeall ar andóthchas a ttrócaire Dé.



Fiafruighe fa dhá aithne eile an chédchláir,
.i. ná tabhair ainm Dé gan fháth agus coimhéid
an t<s>aoire.



Fiafruigh dhíot fán ccédaithne dhíobh so, an ttugais mionna
fírindeach gan riachdanus; an ttuguis mionna bréige go
fiosach dhuit nó iar mbeith dhuit a ccundtabhairt fán bhfírinde;


L. 100


'nar mhionnaighis ní do dhénamh 's gan a rún sin fúd, nó 'nar
léigis dhíot mionna dleisdionnach do chomhall agus é ar do chumas;
'nar órduighis olc cuirp nó anma do theagmháil dhuit
muna dhérntá so nó súd; 'nar mhionnuighis go ndingéntá
ní do bhíadh 'na pheacadh nó nách dingentá ní do bhíadh maith
ré a dhénamh; 'nar cheilis an fhírinde dod bhreitheamh
dhlisdionach tug mionna ort a rádh tar éis leithdhearbh do
bheith aigi uirre agus a fhios sin agadsa (san chás so ní hé amháin
do-ghéntá peacadh marbhtha achd fós do bhíadh d'fhiachuibh
ort gach díoghbháil táinig don chomharsain fá gan an fhírinde
do rádh do leasughadh ris); an ttugais fuil nó buill Dé a
bhfíor nó a mbréig; an ttugais thú fhéin, th'anam nó do
chorp, do mhac, th'óglach, th'ainmhidhe, nó crétúir ar bioth
eile, don diabhal; 'nar ghnáth leat bheith ag síorthabhairt
mhionn gan rochás do bheith agad 'nar fhíor nó brég a n-abartha;
an ttugais móid gan rún a comhall nó fá dhroichní do dhénamh;
'nar bhrisis móid ndleisdion<a>igh.



Do thaoibh na dara haithne díobh so, fiafruigh a' ndérnais
obair dhaor nó shaothrach, mar atá treabhadh, foirseadh,
gaibhneachd, etc., nó an ttuguis ar dhaoinibh eile iad so do
dhénamh Dia Domhnuidh nó a saoiri eili; 'nar léigis dhíot
aithfrionn nó cuid éifeachdach dhe d'éistteachd gach lá saoire,
nó an ttugais th'airi do chomhrádh nó do smuaintibh díomhaoini
a n-aimsir a éistteachda; an ttuguis siocair nó 'nar chuiris
d'fhiachoibh ar dhaoinibh eile aoinní díobh so do dhénamh.



Don cheathramhadh haithne, as cédaithne san
dara clár, .i. onóraigh h'athair agus do mháthair.



Fiafraigh dhíot féin an ttuguis tarcuisni ó ghníomh nó ó
bhréithir dot aithribh; 'nar mhalluighis dóibh; 'nar
dhiúltuis umhlughadh dá n-aithni dhlisdionaigh; 'nar locais
a riachdanus d'fhurtachd; 'nar shanntuighis a mbás dochum
a n-oidhreachda d'fhagháil nó do tholo féin do dhénamh gan
t'fhear smachduighthe; 'nar choimhlis a ttiomna; 'nar


L. 101


choimhéduis léxa agus sttatúide th'uachdarán cilli agus tuaithi;
an ndérnuis ithiomrádh orra so nó ar phearsanaibh eile
eaguilsi; an ttuguis drochaghuidh do na bochduibh (nó)
'nar dhiúltuis a gcruaidhriachdanus d'fhurtachd; 'nar
mhúinis dod chloinn an teagusg Críosttuidhe; 'nar mhalluighis
dóibh; 'nar smachduighis iad 'na lochduibh agus a'
ndérnuis na neithe cédna lét óglách agus lé gach duine dá bhfuil
ad théghlach.



Fiafruighthe fan chúigeadh haithne, ná déin
marbhadh.



Smuain ort féin 'nar mharbhois duine nó 'nar shanntuighis
a bhás; 'nar bhuailis é nó 'nar shanntuighis a bhualadh;
'nar dhiúltais maithfeachus d'iarraidh ar an tté dá ttuguis
masla nó maithfheachus do thabhairt don té thug easonóir
dhuit; an roibhi fuath nó aingidheachd agad do dhuine;
'nar chuiris coinntinn nó ceandairghe idir dhaoinibh; 'nar
órduighis do bhás féin tré dhrochfhortúin nó míothapadh do
theagmháil dhuit; 'nar ghlac luathgháir thú fá bhás dhuini
nó tuirsi fána bheith béo; an ttuguis masla nó míochlú do
dhuine ar a chúl nó 'na fhiaghnuisi; 'nar mharbhais anam
duine 'gá ghluasachd dochum peacuidh marbhtha; 'nar
léigis do dhaoinibh peacaidh marbhtha do dhénamh agus a ttoirmiosg
agad go hurusa go mórmhór má táid fád smachd; an ttugais
fábhar nó cúmhdach do luchd marbhtha, loisgthe, nó díoghbhála,
do chomharsan.



Fiafraighi fan seiseadh agus fán naomhadh aithne,
ná déin drúis.



Fiafraigh an rabhadar smuainte collaidhe agad dod toil féin;
an ttuguis do thoil fán drúis do dhéunamh; 'nar fhéchuis


L. 102


ar mhnáibh go mailíseach 's 'nár labhruis briathra graosda;
a' ndérnuis glacaireachd thruaillidhe ort féin nó ar neach oile;
a' ndérnais drúis ó ghníomh agus an ré mnaoi phósda dhuine
eile nó ré mnaoi chuil nó ré mnaoi riaghaltha nó ré maighdin
nó ré mnaoi gan éncháil díobh sa aice do pheacuighis; 'nar
chuiris séuda suirghe uait agus 'nar dhoirtis do shíol tréd chiontuibh
féin; 'nar léighis leabhuir shuirgheacha nó 'nar mheabhroighis
dánta salcha ghluaiseas dochum drúisi.



Fiafruighe fan seachdmhadh as fán
deachmhadh haithne, ná déin goid.



Fiafruigh dhíot féin 'nar ghlacuis cuid duine eile gan fhios
nó go bhfios dó dá neamhthoil féin, nó an bhfuil agad gan aisioc
do dhénamh inti; an bhfuilid fíacha ort agus ar do chumas a
ndíol, nó an bhfuil tuarastal do mhuinnteire ort; 'nar
chongmhais agad ní dá ndeachaidh amugha gan cuartughadh
do dhénamh cia dár cóir é; an ndérnuis mealltórachd a
ccunradh ré cluanaireachd, lé comhthrom, nó lé miosúr fallsa
nó lé húsúrachd; 'nar ghlacais ní a n-aisgidh nó ré a cheandach
ó dhuine nár inmheasta gur leis féin an ní thug uaidh; a'
ndérnuis agra neimhcheirt ar dhuine nó ceilg a n-aghaidh na
córa; 'nar rugais imirt lé cárdaoibh gérrtha, lé díslibh meallta,
lé comhartha sóirt, etc.; 'nar rugais í ar chearrbhach ainbhfeasach
agus tú féin at fhírchearabhach; 'nar thoirmiosgais
lé meanguibh nó lé cluanaibh ní ar bith fá dhuine eile dobudh
éidir do thabhairt dhó go dleisdeanach; an ttuguis congnamh
nó comhairle dochum éinneith dá ndubhramar do dhénamh;
an ttugais do thoil dochum éinchoda dhíobh so do dhénamh
gion gur chuiris do ghníomh lais.


L. 103


Fiafruighe fan n-ochdmhadh haithne, ná déin
fiaghnuisi bhréigi.



Fiafruigh ar tús a' ndérnuis fiaghnuisi bhréigi a n-aghuidh na
comharsan a mbreitheamhnas nó a ccás oili; 'nar chuiris
coir bhréigi air; a' ndérnais brég ar bith do-ríne dochar
dhó; 'nar chuiris a lochda seicréideacha ós áird; 'nar
osglais a litreacha; 'nar bhrisis do ghealladh dhó gan ádhbhar
dhleisdionach; 'nar dhiúltuis an fhírinde do rádh as nách
diongnadh díoghbháil dhuit féin 's go ndérna díoth dod chomharsain
gan a rádh; an ttuguis drochbharamhuil do dhuine
ag buain na céille as measa as a ghníomh nó as a chomhrádh
an tan dob éidir an chiall as férr do bhuain asda; an ttugais
congnamh, comhairli, aonta, nó toil, dochum aonchoda díobh
so do dhénamh.



Ní chuirim fiafruighe spesiálta fán naomhadh haithne, do
bhrígh nách foil inti achd mínioghadh ar an seiseadh haithne,
nó fán deachmhadh haithne, do bhrígh gurab í as mínioghadh
don tseachdmhadh haithne. Toirmisgidh an seiseadh haithne
an drúis. Toirmisgidh an naomhadh haithne a mían, a fonn,
agus a smuainte. Toirmisgidh an seachdmhadh haithne an ghoid,
agus toirmisgidh an deachmhadh haithne a mían agus a fonn.



Fiafruighe fa chúig aitheantuibh na heaguilsi.



Adobhramar fán tshaoire agus fá aithfrionn d'éisdeachd innte
san treas aithne dh'aitheantuibh Dé, agus as éidir cúig aitheanta
na heaguilsi uile do thairreang dochum na haithne sin. Do
thaoibh na coda eile dhíobh, fiafruigh dhíot féin ar tús a' ndérnais
fao<i>sidin ghlan iomlán nias lugha dhe uair san bhliadhuin ó
tháinig críonnachd agas ciall chugad agus an ttugais ar gach duine


L. 104


dod mhuinntir an ní cédna do dhénamh; a' ndérnuis
ullmhughadh ort féin dochum tuirsi do ghlacadh fád pheacadhuibh
agus dochum a ttaireangtha ad choimhne suil do-chuadhais
dot fhaoisidin; 'nar ghlacuis corp Chríosd gacha cáisg,
beagán roimpe, nó 'na diaigh; an rabhadhuis an uair sin a
bpeacadh marbhtha nó a ccunntabhart go rabhadhuis ann;
'nar ghlacuis nó an ttugais sacrámuinnt ar bhioth uait agus tú
a bpeacadh mharbhtha; a' ndérnuis trosgadh an chorghuis,
troisgthe na hanman agus na uigileadh órduigheas an eaglas, ó aois
bliadhna ar fhichid gan d'ithi ionnta achd aonchuid don bhiadh
as gnáth d'ithi san tír a n-aimsir throisgthe (agus bídh luchd
mórshaothair saor ó throsgadh; ní labhruim ar chóláision, dá
nach goirthior cuid); 'nar thruaillighis eaglais lé peacadh
colla nó lé dortadh fola; 'nar thuitis a ccoin<n>ealbháthadh
nó a' ndearnuis cumann ré daoinibh do thuit ann nó 'nar
ghlacuis sacramuint ar bioth iar mbeith coinnealbháiththe dhuit;
'nar thuillis bang do chur ort nó ar dhaoinibh eile tréd choir;
'nar dhíoluis an deachmhadh agus gach ceart eile eagailsi
dlighthear dhíot (má ataoi a n-ainbhfios cia dárab cóir sin do
thabhairt, iarr éolus ar dhuine dhiadha fhoghlomtha); an
ttuguis congnamh nó comhairle do dhuine eile aonaithni díobh
so do bhriseadh; an ttuguis h'aonta dochum a mbrisdi.



Ní foláir don té lérab mian faoisidin bheathadh do
dhénamh go maith an chuairt si do thabhairt trés na haitheantuibh
uile. Agus, gibé nách déin achd uair san mbliadhuin í,
as iomchubhaidh dhó an sgrúdadh sa do dhénamh do thairreang
a pheacadh dochum a choimhne; gidheadh, an mhuintior do-ní
a bhfaoisidin go minic, cuimhníghid lé beagán saothair ar a
bpeacadhuibh gan siubhal trés na haitheantuibh ar an modh
sa. Tar a cheann so, isna fésdaibh móra an uair as gnáth léo
faoisidin ngeinioráltha nó beathadh do dhénamh, as iomchubhaidh
dhóibh an chuairt si do thabhairt ar na haitheantuibh
uile, agus do-ghénad sin lé beagshaothar do bhríogh go nglanuid
teaghais a gcoinnsiasa go minic.


L. 105


Ciondus as cóir don aithrigheach é féin
d'iomchar ag teachd dhó gusan áit a bhfuil
an coinfeasóir 'na shuidhe chum a fhaoisidne
d'éisdeachd?



Tar éis do pheacaidh do chruindioghadh agus a ccora ad mheabhair
ag dénamh na bhfiafruightheadh sa adubhramar fá bhrisseadh
na n-aitheantadh agus tú féin do ghluasachd agus do ghríosughadh
chum tuirsi fá theagmháil ionta leis na résúnaibh do chuireamar
síos san chédrann, c. 3 agus 4, éirigh d'ionnsuighidh an oide
faoisidne maille gnúis thuirsigh thriamhuinigh go humhal croimcheandach,
mar as cóir don chiontach admhas a lochda dol a bhfiaghnuisi
an bhreitheamhan agus maille huamhan, lé heagla, agus lé rébherens,
ag smuaineadh ad chroidhi gurab é fear ionaid Chríosd ar
talmhain chum breithi sgaoilti nó ceangailti do thabhairt ort
an té sin chum a bhfuile ag dol dá láthair. Ag teachd dhuit a
bhfogus don chathaoir bhreitheamhnuis ina bhfuil 'na shuidhe,
léig ar do ghlúinibh thú ag tabhairt adhartha agus onóra do
Chríosd ina bhiocáire ré a bhfuile ar tí th'fhaoisidin do dhénamh.
Ná bíod do chédfadha go huallach ná go hédtrom achd go
tromdha tochdach. Ná bí suilbhir nó súlárd ag féchuin don
taoibh si agus don taoibh eili, achd taisbéin thú féin go dubhach
dérach maille humhla agus ré hosnadhaibh iondus go ttuigeadh
an t-oide trés na comharthuibh foirimleacha sa an ttuirsi
neamhfhaicsidhe atá ad chroidhe. Conguimh do cheann go
crom ag admháil ó ghníomh go bhfuile ad chiontach, mar do-ríne
an publicanus san soisgéal, agus tionsgain ag dénamh comhartha
na croiche naoimhe ort féin ag rádh na mbriathar sa, "Tré
chomhartha na croiche naoimhe saor sinn ór naimhdibh, a
Dhé, Amen." 'Na dhiaidh so, iarr beandachd an athar faoisidne
ag rádh, "Benedicite", .i. beanduigh mé. Agus, iar bhfagháil
a bheannachda, más duine thú thuigios Laidion, abair do
Chonfiteor, etc. Muna thuige tú í, gé go mbeth an Confiteor


L. 106


Laidni agad ad mheabhair, as férr a rádh a nGaoidhilg do
ghluasachd do spioraidi chum deuóision. Cuirfeadsa dhuit
é ann so a nGaoidhlig focal ar fhocal, agus ní foláir a bheith
a nglainmheabhair agad, ór ní hé amháin go bhfuil tarbhach
chum na faoisidni achd fós as maith a rádh ar maduin agus
tráth nóna agus a n-aimsiribh eili.



An Confiteor a nGaoidhilg.



Admhuim do Dhia uileachumhachdach, do naomh <M>uire do
bhí ríamh 'na hóigh, do naoimh<M>ichél Árchaingeal, do
naoimhEóin Bruinne, do na naomhapsdalaibh Peadar agus Pól
(cuir ann so do phátrún: Pádruig, Colaim, S. Proinnsias, nó
gibé naomh eili bús áil leat), do na huile naomhuibh, agus dhíbhsi,
a athair, gur pheacuigheas go trom lé smuaineadh, lé bréithir,
agus lé gníomh, trém choir féin, trém choir féin, trém róchoir
féin. (Buail h'uchd ag rádh na mbriathar ndéighionach sa agus
tionsgain do pheacadha uile do rádh go glan órduighthe gan
cumasg sgéul ndíomhaoin nách beanann ré hádhbhar achd ag
siubhal ar na haitheantuibh fó seach do réir mar do chuireamar
síos ann so iad, agus, iar ccríochnughadh do chomhráidh ag innisin
chréachd do chogúis go hiomlán don oide faoisidne, abair an
chuid eile dod Chonfiteor ('gad ghríosughadh féin chum gráine
ar do pheacadhuibh agus chum rúin daingin maille grásuibh Dé
gan a ndénamh arís) ar an modh sa:)



Ar na hádhbharuibh si, guidhim naomh<M>uire an tshíorógh,
naoimh<M>ichél Archaingiol, naoimhEóin Bhruinne, na
<naomh>apsdla Peadar agus Pól (abair ann so gibé naomh eili
bús áil leat), agus na huili naomha, agus sibhsi, a athair, fá ghuidhe
ar mo shon chum ar tTighearna Dia.



Iar ccor chríche ar an n-urnaighthe si dhuit, ísligh thú féin
ó chorp agus ó chroidhe a bhfiaghnuisi Dé uilechumhachdaigh
do mhasluighis réd pheacadhuibh ag iarruidh maitheamhnuis
air ionta a n-onóir agus a n-éruic dhiadhfhola Íosa Críost do doirteadh
ar do shon a ccronn na croiche; agus bí ag bualadh th'ochda an
feadh bhías an t-oide faoisidne ag rádh na hurnuighthe gnáthuighi
ós do chionn, agus ná tóguibh do cheann go n-iarra ort a thógbháil


L. 107


do thabhairt theaguisg agus chomhairleach dhuit fá shláinti
th'anma.



Bí ró-aireach fá gach comhairli dá ttiobhra dhuit do thuigsin
agus do chor ad mheabhair maille rún a coimhlíonta. Agus déin an
ní cédna fán mbreith n-aithrighi chuirfeas ort, agus bí fonnmhar
fána beith ní as truime iná órduighios an t-oide, ór as mór
an tarbha thiocfas as a duadh agus as a dochar, agus as mór an díoghbháil
thig, mar dhearbhóchad san rann dhéighionach don leabhrán sa,
as a bheith édtrom neamhdhocrach.


L. 108


An Treas Rann Don Aithrighi,



.i. an Lóirghníomh.



Créd as Lóirghníomh ann?



Iondus go ttuigtheá an lóirghníomh, tabhair dot aire an
diffir atá idir an baisdeadh agus sacrámuinnt na haithrighi. Ní
hé amháin mhaithios an baisdeadh a bhfaghann do pheacadhuibh
san té ghlacas é, achd fós ní fhágbhann pían ar bioth shíorrdhuidhe
ná aimsiordha air gan a mhaitheamh. Ní dhéin sacrámuinnt
na haithrighi sin, ór, gé go maitheann na peacadha marbhtha
uile agus na peacadha sologhtha ar uairibh agus fós an phían shíorruidhe
dlighthear ar son an pheacuidh mharbhtha, fágbhoid tar a
cheann sin pían aimsiordha nó neimhshíorrdhuidhe gan
mhaitheamh go comhchoitcheann, agas as í an phían sin thógthar
maille risan lóirghníomh. An uair do-bheir an sagart absolóid
uaidh nó bhíos tuirsi nearrtmhar ag an n-aithrigheach résan
bhfaoisidin, mar adubhramar san ccédrann, c. 1, maitthear an
phían shíorrdhuidhe dhó maraon leis an bpeacadh agus fágthar
pían oile nách bíonn síorrdhuidhe 'na háit air bús éigion do
dhíol san saoghal sa nó a bpurgadóir. An uair mhaithid na
rígh talmhuidhe coir bháis do dhuine, as minic chuirid díbeirt
air feadh chúig nó deich mbliadhan a n-áit na péine bháis do
dhligh sé, agus adeir an sgrioptúir, an uair do mhaith Dauidh dá
mhac Absolón marbhadh a mhic eile Am<n>ón ar impidhe Ioab,
gur chuir díbeirt air ón phálás ríoghdha go cionn thrí mbliadhan.
Mar sin do-ní Dia riot, a pheacuigh, an uair fhilleas tú ód
lochduibh. Maithidh dhuit an díbeirt agus an bás síorrdhuidhe
dobudh cóir do thabhairt dhuit; gidheadh, muna fhoil aithrighi
róineartmhar agad (ní theagmhas go hannamh), cuiridh ort gan


L. 109


dul go pálás nimhe achd bheith ré áiridhe aimsire a bpurgadóir
'gad phíanadh, muna dhíola tú abhus luach na péini dlighthear
thall; agus as é as lóirghníomh ann bheith ag díol na péini si lé
deaghoibrighthibh, agus, dá léigthear gan díol í go purgadóir, ní
lóirghníomh an uair sin do-níthear innte achd lórfhulang, dá
ngoirid na diadhaireadha satispassio. Do bhrígh anois go ttug
Dia fád láimh féin leasúghadh do thabhairt uait nó gan a
thabhairt. Dá ndérnais an leasúghadh, do ghníomh féin as
ionghoirthe dhe, achd dá léige tú é go purgadóir, bhail nách
bia ar do chumas gan a dhénamh, t'fhulang as córa do ghairm
dhe; mar sin, lórfhulang thall agus lóirghníomh abhus é.



Dá réir so, atá difir mhór idir lóirghníomh agas aisioc,
ór ní fhoil san aisioc achd sgur don aindligheadh do-ní tú dod
chomharsainn ag tabhairt a choda féin dhó ar ais. Do-bheir
an lóirghníomh ós a chionn so leasúghadh eili dhó. Do-níthear
an t-aisioc résan tshíothcháin agus an lóirghníomh 'na diaigh.
Do-bheirthear lóirghníomh do Dhia, agus ní tabharthar aisioc go bráth
dhó, do bhríogh nach éidir ní ar bioth dá-ríribh do bhuain de.



Adubhart, an uair maiththear an phian shíordhuidhe
leis an aithrighe go n-anann go comhchoitcheann pian aimsiordha
gan díol; ór, an uair bhíos an aithridhe róláidir agus an déishearc
ó ttig ar lánlasadh, tógbhuidh an uile phian ón pheacach agus ní
bhí feidhm lóirghníomha air an uair sin. Mar sin tárla do
Phól agus do Mhuire Mhagdaléun an uair do fhilleadar óna bpeacadhuibh.
Gidheadh, do bhríogh nách éidir do dhuine a fhios do
bheith aige gá huair bhíos an aithrighe comhláidir nó grádh
Dé coimhneartmhar agus dobádh cóir a bheith dochum na bpian
uile do mhaitheamh, ní foláir an lóirghníomh do dhénamh san
uile chás.



Créud é an sochar do-ní an t-oide faoisidne
do chor lóirghníomha ort a mbreith aithrighe
seach tú dá dhénamh uait féin?



Atá sochar mór ag an lóirghníomh chuireas an sagurt ort
nách foil ag an lóirghníomh do-ní uait féin; ór, na heochracha


L. 110


do fháguibh Críosd ar láimh an tsagairt, tógbhuid an lóirghníomh
ré mbeanuid agus méduighid a luach. Mínígheam é leis an
eisiompláir si. An uair as mian leis an rígh gné óir nó airgid
do chor amach a luach as mó iná an luach gnáthach, órduighidh
ar uairibh séla nua do bhu<a>ladh air, agus mailli ris sin amháin
méduighidh a luach. Gach deighníomh dá ndéin tú, go háiridhi
a ngrásuibh, atá luach cinnte aige, agus díoluidh an mhéd as fiú é
don phéin atá ort as na peacadhuibh do mhaith Dia dhuit
trésan n-aithrighi. Gidheadh, mar shochar dhuit do fháguibh
Dia ar do chumas an luach sin do mhédúghadh madh áil leat
féin, agus asé so séla Críostt atá ar láimh an tsagairt do chor ar
do dheighghníomharthuibh, agus do-ní sin an tan chuirios fá bhreith
n-aithrighi ort a ndéunamh. Dá réir so, dá ndíola trosgadh
aonlae do-ní tú uait féin ochd lá dod phurgadóir, díolfa lá
troisgthe do chuir an sagart ort nísa mhó iná sin go mór do
réir na ndiadhaireadh go comhchoitcheann, agus, dar leat, beantar
as chomhairle Triont é.



Tuigthear as so gur mór an easbuidh céille don aithrigheach
bheith ag diúltadh lóirghníomha móir do chor air; ór ní dhéin
éinghníomh dá ccuirionn an sagart air gan barr maithfeachuis
d'fhagháil 'na phéin ós cionn luaigh an ghníomha féin.



An bhfuil d'fhiachuibh ar an sagart breith
n-aithrighi nó lóirghníomh do chur ar an
tté do-ní a fhaoisidin?



As deimhin, má chí an sagart go rigi a leas breith n-aithrighi
do chor ar an bpeacach dá chumhdach ar aiththuitim san
bpeacadh, go bhfuil d'<fh>iachuibh air an mbreith sin do chor air agus
airsean a glacadh uaidh fá phéin nuaipheacuidh eile; ór atá
d'fhiachuibh ar an n-othar chorpordha comhairle an leagha do


L. 111


ghabháil fá gach ní do chuirfeadh a ccunntabhairt a thuitme é
do sheachna, agus ní lugha iná sin atá d'fhiachuibh ar an n-othar
spioradálta do dhénamh ar impidhe an oide faoisidne. Ar
an n-ádhbhar so, muna ghlacadh sé an mbreith n-aithrighe do
cuirfidhe air san cháil sin, níor chóir absolóid do thabhairt dhó,
ór ní bhíadh ullamh dochum a glactha.



Dá labhram ar an lóirghníomh chuirthear ní do chumhdach
an othair ar aithleagadh achd do dhíol péine na bpeacadh
do-ríne - má atá a bpongc bháis, ní rigthear a leas lóirghníomh
ar bith do chor air, nó má tá iomad déighghníomh aigi agus beagán
peacadh; uatha so amach as cóir don tsagart lóirghníomh do
chor ar gach n-aithrigheach, agus an té nách géabha uaidh é búdh
dó féin bhías a mhairg.



Cia hiad na deighníomhartha as cóir do chor
san mbreith n-aithrighi?



Trí gnée deagho<i>brightheadh chuirthear ar dhuine a lóirghníomh
a pheacadh, .i. trosgadh, urnuighthe, as déirc.
Áirimhthear ar an ttrosgadh an uili dhochar agus chrádh chuireas
duine ar a chorp a n-íoc a pheacaidh, .i. oilithre, cruaidhleaba,
sgiúrsadha, gorta, fuachd, fadúsgadh. Risan urnuighthi bheanas
canamhain na salm, rádh agas éisdeachd na seanmóra agus na
n-aiffreann, smuainteadha an chroidhe ar Dhia agus ar neithibh
diadha. Risan ndéirc bheanas oibrighthe na trócaire uile,
corpordha agus spioradálta, mar atáid isna rannuibh so do
shaothar an bhráthar bheannduighthe Bonauentura ó hÉodhasa.




Oibre Corpordha na Trócaire.



Seachd n-oibre na trócaire
dá ngoirthear oibre corpdha:
cosg tarta gach brónchuire,
biadh do thabhairt don ocrach.


L. 112


Éadghadh nochd, mairbh d'adhlacadh,
oirchiosachd aoidheadh n-annamh,
cuairt ag braighdibh fannbhochda
do dhénamh 's ag aos galair.



Oibre Spioradálta na Trócaire.



Seachd n-oibre na trócaire
ainmni<gh>thear ós an spioraid:
sáimhchealgadh gach mórthuirsigh,
ceartughadh cháich 'na cciontuibh.



An té atá a ccás chomhairli
comhairli dhó do thabhairt;
in gach ní dá ródhoilghe,
foighide do bheith agad.



Teagasg lochda an ainbhfeasa
guidhe ar bhéouibh 's ar mharbhuibh;
maithfeachus na n-aindlighiodh
do thabhairt do luchd ádhbhair.




As iomchubhaidh do hórduigheadh na trí deaghoibre si do
leasughadh an pheacuidh, ór do-níthear na peacuidh a n-aghaidh
Dé, a n-aghuidh na comharsan, agus a n-aghuidh dhuine féin, agus,
dá bhrígh so, as maith an leasughadh orra an urnuighthe lé
bfhilltear an croidhe dochum Dé, an trosgadh chráidheas an tté
do pheacuidh, agus an déirc lé ttugann duine a chuid féin dá
chomharsain. Maille ris so, atáid na trí hoibreacha sa a
n-aghuidh na ttrí bhfrémh ó bfhásoid na huili pheacaidh, do
réir fhiaghnuise an t<s>oisgéuluidhe Eóin, mar atá ainmhían na
colla, ainmhian na súl, agus anuabhar na beathadh. An trosgadh
a n-aghuidh na cédfhréimhi, an déirc a n-aghuidh na dara
fréimhi, agus an urnuighthe a n-aghuidh na treas fréimhe. Tuilleadh
eile, ós rét anam, réd chorp, agus réd mhaoin, do-ní tú cogadh


L. 113


ré Dia ag dénamh na bpeacadh, ní foláir iar ndénamh síothchána
ris trésan n-aithrighe na trí neithi si do chor 'na sheirbhís; agus
do-níthear sin ris na trí deaghoibrighthibh si, ór cuirthear an
corp 'na sheirbhís leis an ttrosgadh, an t-anam leis an n-urnuighthi,
agus an mhaoin leis an ndéirc.



Os a ccionn so, an uile thindeas, aindligheadh, bochdachd,
buaidhirt, agas cathughadh, theigéomhas dhuit, béid 'na lóirghníomh
ad pheacadhuibh, gé gur mhaith leat gan a tteachd
chugad, achd amháin, ó thárla chugad iad, go nglacfá go
foighidneach iad.



Tabhair dot aire gur chóir an lóirghníomh do bheith
contrárdha do na peacadhuibh; cuirthear, dá bhrígh sin, déirc
ar fhear na sainnte, trosgadh ar fhear na drúisi, urnuighthe
ar fhear an uabhair, agus iad 'na ttriúr ar an tté atá sanntach,
drúiseamhuil, uaibhreach.



As é a résún so gurab cóir don lóirghníomh bheith 'na
phéin a n-aghuidh peacuidh agus 'na dhíol péine agus nách fhuil
pian ar an tshanntach as mó iná a mhaoin do laghdughadh, ná
ar an drúiseamhuil as mó iná a cholann do chlaoi, ná ar an
n-uaibhreach is mó iná a umhlughadh agus a uiríslioghadh.



Achd as í slighi as aithghiorra do dhuine dochum an
lóirghníomha gach logha<dh> dá bhfédfa d'fhagháil agus gan
aonloghadh dá mbia 'na ghoire do chailleamhuin, ór atá ar láimh
na heaguilsi ní lé ndíolfae t'fhiacha do thabhairt dhuit as a
hóirchisdi féin ina bhfuilid deaghoibre agus lóirghníomha Chríosd,
a mháthar glórmhuiri, agus na naomh uili an mhéid dá nách roibhe
feidhm aca féin díobh do dhíol a bhfiach; agus asé so do-ní an
uair do-bheir loghadh uaithe laithe áiridhe d'eaglasuibh fá
choinne gach duine dhíongnas faoisidin agus ghlacfas cumaoine nó
dhíongnus úrnuighthe ionnta. Uime so nách cóir do dhuine
faillidhe do dhénamh fá na medáillibh nó fá na paidrínibh
loghaidh, do bhríogh dá rabhad aige go ndíolfa a fhiacha ar
bheagán saothair.



Gidheadh, a ngeall ar loghadh ar bioth, ní cóir na déghoibre
do léigean a ndearmad, ór así an díoluidheachd do-níd as
dísle, as daingne, agus as tarbhuighe, do bhríogh gurab iomdha


L. 114


coinghioll iarrthar dochum an loghaidh d'fhagháil agus gur minic
theagmhas cuid éigin díobh 'nar n-égmuis; agus, fós, nách déin
an loghadh dhúinn achd na fiacha atá oruinn do dhíol agus go
ndíoluid na deaghoibre na seinfhiacha atá ag Dia oruinn 's
go gcuirid nuaifhiacha grás agus glóire ar Dhia dhúinn.



An t-aifriond do rádh nó a chor dá rádh aoinghníomh
amháin as mó bríogh dochum an lóirghníomha dár órduigh Dia
agus as mó dhíolas dod phiantuibh iná gníomh ar bioth eile, do
bhríogh nách foil ann achd íodhbuirt do-beirthear dho Dhia, dá
dhiadhachd agus dá dhaondachd, do órduigh sé féin do thabhairt
dhó.



Gur mór mealltar an mhuinntir léigios díobh
a bpianta do dhíol ré tteachd go purgadóir.



Dá léighthea, a Chríosduidhe dá ttug Dia grás na háithrighe
lér fhillis ód pheacadhuibh, a sgríobhaid na naomhaithre ar
ghéire bpian bpurgadóra agas smuainte doimhne do dhénamh
orra, as deimhin leam go ndíolfatha gach pian dá bhfuil ort as
na peacadhuibh do maitheadh dhuit lé déghoibrighthibh suil do
rachtha dá ndíol don chruadhcharcair sin.



An dá phrímhpéin atá a n-ifriond, .i. bheith a n-égmuis
ghnúisi Dé gan a fhaicsin go bráth, agus ag fulang tineadh
síorrdhuidhe, dá nách foil coimeas ná comparáid ag teinidh
talmhuidhe ar bioth, atáid araon a bpurgadóir, achd amháin
nách biad na hannmanna dá bhfulang go síorrdhuidhe ann,
achd go gcuirfidhear críoch orra uair éigin.



Adeir na naoimh gur géiri neimhnighe gan coimeas ná
comparáid pían phurgadóra iná a bhfríth do phíantuibh ar an
saoghal sa riamh. Dá réir so, as easbhuidh céilli do dhuine


L. 115


'gá bhfuil a fhios go ndérna peacadha troma agus baramhuil gur
mhaith Dia dhó iad gan an phían atá 'na ndiaigh air do dhíol
do láthair an uair do-gheabhthaoi beigdhíluidheachd uaigh
achd a leigean gusan áit si as nimhnighe agus as géire tine iná
a bhfuil do theintibh agus do phíantuibh eile ar an ndomhan sa.



Measuid fós doctúire áiridhi gurab iad na deamhuin bhias
ag tabhairt a bpian d'anmannuibh purgadóra, agus, más fíor so,
a Dhia, as mairg 'gá bhfoil rún air féin anois go bhfuilid pianta
air agus nách díolann iad dá dhéoin féin agus é féin dá ttabhairt dhó
achd a léigean gusan áit a bhfuighe iad ó lámhuibh deamhan
agus diabhal, bhias lán do nimh agus d'aingidheachd 'na aghuidh.



As fíor gur doiligh a thuigsin ciondus as éidir do na
hanmannuibh an phían nimhneach sa do bheith orra agus a dhearbh
aca go bhfuilid a ngrásuibh Dé agus ina ghrádh agus go rachuid fá
dheireadh do chaitheamh glóiri síordhuidhe go flaitheamhnas,
mar adeirid na diadhaireadha go coitcheann, agus beantar é as
ráitibh na n-aithreach naomh adeir go ttugthar breath shlánuighthe
nó dhamanta ar an n-uili anam ar an bpongc 'na
sgarann risan ccorp, agus beanuidsean sin as an sgrioptúir. Agus
taisbéntar an bhreath don anam féin, ór as uimi sin beirthear
í, do bhríogh nách fhoil Dia 'na hainbhfheas suil beirthear í,
agas, a gcás nách taisbéantaoi don n-anam í, do-chí sé féin
go follus nách foil damanta, do bhríogh go bhfaiceann grádh
ar Dhia aige agus fuath ar an bpeacadh, neithe atá contrárdha
don mhuintir dhamanta. Maille ris sin, ní dhéin peacadh
marbhtha nó sologhtha. An creideamh agus an dóthchas do
bhí san saoghal aigi anaid aige go dul asdeach a nglóir, agas
ní bhí creideamh nó dóthchas ag spiorad dhamanta. Dar leat,
dá réir so, as deacair tuirsi nó dobrón óna bpiantuibh do bheith
ar anmannuibh purgadóra.



Tar a gceann so uile, tré órdúghadh nDé do-gheibh an
t-anam a bpurgadóir pianta as ró<i>nimhnighe ináid pianta
saoghalta ar bioth; agus ní háit so dochum a fhoillsighthe ciondus
piantar iad, ór ní don mhuinntir dá sgríobhthar so bheanas
sin do sgrúdadh, achd do na diadhairibh.



As lór go n-abair an sgrioptúir go bhfuil teine as losgadh


L. 116


na n-anmann agus go n-abraid na naoimh nach foil difir
idir í agus teinidh iffrind achd go gcríochnóchthar í uair éigin
agus go bhfuil teine ifrind síordhuidhe. Dobudh mór an phian
leat iarunn dearg do chur ar bhall dod bhalluibh 'gá losgadh
gé go mbeath a fhios agad go mbeitheá slán uaidh a gceann
aimsire, agas ní mór go léigfeadh neimhnighi na teineadh dhuit
smuaineadh ar an tsláinte do bhiadh chugad. Mar sin don anam
a bpurgadóir atá a phian roinimhneach dá shíorlosgadh; agus, gé
go bhfuil a fhios aigi go mbia slán lá éigin, ní léigeann burba
na bpian atá do láthair air dhó smuaineadh ar an nglóir atá
chuige achd go héttrom.



A Dhia, as mairg don té chreideas so agus agá bhfuil rún
air féin iomad fiach do bheith ag Dia air trés na peacadhuibh
do-ríne, nách díolann iad gan mhoille suil rachus don phríosún
thinntidhe si dá ndíol chomhnimhneach agus so; agus as mór an
dalladh diabhluidhe an ní do dhíolfathá anois lé fírbheagán
deaghoibreadh agus lóirghníomha do léigean gan díol gusan am
agus gusan áit a mbeanfaidhear lándíol cruaidh gér nimhneach
dhíot 'gad losgadh a ttinidh comhchosmhuil lé tinidh n-iffrinn
's gan achd súgradh a ttinidh shaoghalta 'na fochair.



Ar an n-ádhbhar so, a Chríosduidhe ionmhuin lérab mían
aithrighi chroidhe agus admháil do dhénamh ad pheacadhuibh,
ná léig thort an tres rann don n-aithrighi, .i. an lóirghníomh;
agus tionnsgain deaghoibre do dhénamh do dhíol na bpian atá ort
comhluath agus fhillfeas tú ó sheirbhís an diabhuil, agus glac
lóirghníomh mór ón oide faoisidne; agus, dá rabh sé meata dochum
an lóirghníomha do chur ort, brosduidh féin é chuigi, do bhrígh
mar adubhart cheana, gur mó go mór dhíolas an bhreath
aithrighi chuirios an sagart ort dot fhiachuibh iná na deaghoibre
do-ní tú uait féin.



Déin ar an adhbhar so na trí deaghoibre adubhramar,
trosgadh, urnuighthi, agus déirc, do réir th'acfainne spioradálta
agus corpordha. As déirc ceithre hoibreacha dég na trócaire, agus
ní fhuil duine ar dhomhan nach fuil ar a chumas mórán díobh
do dhénamh. Agus, gé nách biadh maoin shaoghalta aige, an té
'gá bhfuil an mhaoin, déineadh féin ré mbás gach déirc budh


L. 117


mian leis do dhénamh tar éis a bháis. As fearr coinneal
romhad iná dá choinnil ad dhiaidh, agus do-chímid gur mainneachdnach
bhíos clann agus caruid fá thiomna na marbh do dhíol agus nách
mór smuainid ar na piantuibh bhíos ort a bpurgadóir go ndíoltar
th'fhiacha, .i. na pianta dhlighe tréd pheacadhaibh.



Sompladha diadha fa gan an lóirghníomh do
léigean go purgadóir.



Sgríobhuidh Antoninus naomh agus daoine eile ar dhuine áiridhe
'gá raibhe beatha mhaith agus do-rinne mórán deighníomh gur
thuit a ttinneas an bháis agus gur claoidheadh go mór é leis an
ttinneas ttrom ar feadh bhliadhna. Fá dheireadh, do ghuidh
Dia go dúthrachdach fá bhás do thabhairt dó ionnus go
gcuirthí críoch ar phéin a thindeis. Do cuireadh aingiol ó Dhia
chuige agus adubhairt ris, "Do héisdeadh th'úrnuighthe lé Dia, agus
beir rogha, fuireach san tinneas bháis sin ina bhfuile bliadhuin
eile agus 'na dhia<i>dh sin comhluath sgarfus an t-anam réd chorp
dhul do chaitheamh na glóire, nó gan fuireach ní as sia san
tsaoghal achd bás d'fhagháil do láthair agus comhnuidhe do dhénamh
a bpurgadóir trí lá amháin." "As áil leam" ar sé, "bás d'fhagháil
gan mhoille dom shaoradh ar phéin an tinnis a bhfuilim ré
bliadhuin agus bheith a bpurgadó<i>r ní hé amháin trí lá achd
an feadh as toil lém Thighearna." "A n-ainm Dhé," ar an
t-aingiol, "bíodh mar sin!" Fuair bás gan fhuireach, agus
do-chuaidh a anam go purgadóir. Íar ccur lae do na trí laoibh
tairis, táinig an t-aingiol chuige agus do fhiafraigh dhé ciondus
do thaitin ris an rogha rug sé. "Ó a Dhia!", ar an t-anam,
"as truagh mar do mealladh riot mé. Do ghealluis dhamh nách
béin<n> ann so achd trí lá, agus atáim ann lé hiomad mbliadhan."
"Má do mealladh thú," ar an t-aingiol, "ní a bfhad na haimsire
atá an mealladh, ór ní fhoili ann so achd aonlá amháin fós do
na trí laithibh, agus as é nimh agus géire na bpian atá ort chuirios
d'fhiachuibh ort a mheas go bfhuili an feadh soin d'aimsir ann


L. 118


so's gan tú ann achd aonlá. Má tá aireachas ort fán roghain,
do-gheabhae an rogha<i>n eile 'nois, agus madh áil dul ar th'ais
san gcorp gcédna, do-ghéna Dia grás ort do chur ann, agus atá
gan adhlacadh fós, achd caithfe tú bheith bliadhuin san tinneas
ina rabhadhais." "Do-bheirim míle moladh dom Thighearna.
As mór na grása soin do-ní oram. Atáimsi réidh ar fhilliodh,
agus ní hé amháin bheaith bliadhuin san tindeas sion agus fós bheith
a ttindeas as mó go mór go deiriodh domhain dom shaoradh
ar an áit si." Do filleadh an t-anam san chorp arís agus do aithris
tuarusg<bh>áil phian bpurgadóra, agus do chuir sin d'fhiachuibh
ar mhórán do dhaoinibh an lóirghníomh do dhénamh gan
fhuireach; agus, iar ccur na bliadhna tairis, fuair bás, agus do-chuaidh
an t-anam go díreach go glóir shíorruidhe.



Má do ghabh an t-anam so do roghain bliadhain
d'easláinte nimhnigh seach bheith dá lá a bpurgadóir, mar
sgríobhus an naomh sa agus ughdair eile, as follus nách éidir coimeas
ná comparáid do dhénamh idir thinidh ttalmhuidhi agus teine
phurgadóra ar nimhnighi agus ar bhurba; agus, dá bhrígh so, as daille
dhamanta na fiacha do léigion gan díol gusan áit sin.



Táinig duine riaghalta ar cuairt uair áiridhe dochum an
abadh naoimh Olimpius, agá roibhi uaimh mar áras láimh lé
sruth Iordain, agus adubhairt ris, "A athair, ní fhoil ní as iongantuighi
leam iná ciondus fhuilngios tú bheith san áit bhoichd si,
ór atá teas t'uamhadh agus an cheantair si uile comhchosmhuil
ré teas tteiniodh agus atá lán d'ilphiastuibh agus do bheathadhachuibh
gránda." "Fuilngim," ar an naomhab, "a dhearbhráthair, na
neithe si do sheachna neitheadh as dofhuilngthe ináid, .i. pianta
na tíre thall. Fuilngim an teas anbhorb so dom shaoradh ar
an tteinidh tháll atá comhdhían coimhnimhneach agus sin nách
múchfadh uisge na fairrgi uile éindrithle amháin di. Fuilngim
ameasg na n-iolphiasd ngránda sa dom shaoradh ar an ccnuimh
bhías do shíor ag crein an choinnsiasa san tír tháll.



Do bhí ancaire áiridhe ann thug a bheathaidh a ttír a
n-uaignios seachdmhodhad bliadhan. Do bhádar daltadha
crábhuidh ag an tsheanóir agus do bhaoi fear dhíobh roileasg.


L. 119


Tug an t-oide go minic a spreagadh dhó, dá rádh ris coimhne
do bheith aige ar a anam agus ar phiantuibh na tíre tháll. Fuair
an dalta díomhaoin bás. Do ghéruidh an t-oide ar a ghuidhe
ag iarruidh ar a Thighearna sdaid an dalta soin do thaisbénadh
dhó. Do-chuaidh a n-eaxdasis, .i. a néul spioradálta, agus do
thaisbéin Dia dhó abhainn n-uathbhásaigh fá thuile thindtidhe
agus iomad anmann 'na lár dá síorlosgadh, agus a measg cháich
do-chonnairc a dhalta díomhaoin nách dérna an lóirghníomh
'na bheathaidh go soiche a smeigh 'na sheasamh san tuile
dhúbhlasrach dhiabhluidhi sin, agus adubhairt ris, "A mhic, nách
minic thugas teagasc dhuit na hoibreacha do chuirfeadh crádh
ar do chorp do dhénamh ad bheathaidh, tré seachóntá na pianta
sa fhuilnge anois?" "As fíor gur minic," ar eision, "agus uch,
uch, uch, as truadh nár ghabhus do chomhairli a n-am, achd,
do-bheirim glóir do Dhia trét úrnuighthe-si atá saoirsi 'gom
chionn ó na piantuibh.



Iar mbeth do mhanach áiridhe a bpongc bháis, do iarr go
díthchiollach, mar as gnáth isna horduibh crábhuidh, an t-ab
do ghairm chuigi iondus go bhfaghadh absolóid uaidh suil
do-ghéubhadh bás. Ní roibhi an t-ab san mainisdir an uair
sin, agus suil táinig asteach fuair an manach bás. Iar tteachd dhó,
do indseadar na manaigh a mhionca do iarr an manach fuair
bás é dochum absolóide d'fhagháil uaidh. Do bhaoi an t-ab
ag smuaineadh ar sdaid an mhairbh, agus, iar mbeth dhó a bhfiaghnuise
altóra áiridhe ag úrnuighthe, táinig an manach marbh
chuigi agus do iarr absolóid ar a ghlúinibh air. Do ghlac uathbhás
ádhbhal an t-ab agus níor éidir leis labhairt go ceann tamaill tré
mhéd na heagla do ghlac é, achd tháinig chuigi féin agus adubhairt
"Misereatur, etc.", .i. orrtha as gnáth do rádh san absolóid.
Iarna rádh dhó, do iarr an marbh air breith n-aithrighi do
thabhairt dhó. Do stad an t-ab, ag smuaineadh créd do-dhénadh
(ní nár iongnadh, do bhrígh gur ní neamhghnáthach breith
n-aithrighi do chor ar mharbhán). Fá dheireadh, tug breith
air bheith a bpurgadóir go n-adhlacthaoi a chorp. Dar leis,
dobudh beag sin, do bhrígh go roibhi gach ní réidh dochum
an adhlaicthe do dhénamh ar ball. Iar ttabhairt na breithi
si dó, do léig an spiorad sgreid n-uathbhásaigh agus adubhairt do


L. 120


ghuth ghéirnimhneach ad-clos feadh na mainisdreach uile, "Uch,
uch, uch, as truadh méud míothrócaire do bhreithi do chuir an
feadh soin go purgadóir mé!"



Do bhí Bráthair Mionúr tuata do chlainn ar naomhathar
S. Proinnsias 'gá raibhi beatha bheanduighthe dhiadha 'na
chomhnuidhe a mainisdir dár n-órd san Spáin san chathraigh
dárab ainm Samora (do bhádhus<s>a féin san mainisdir). As í
bá oiffig dhó bheith 'na spinnséir. Do-chuaidh a ccumann lé
Bráthair Preisdiúr tuata, spinnséir mhainistreach S. Doimnic
san chathraigh chédna. Do ghealladar an dís se dá chéili, gibé
dhíobh do-gheabhadh bás ar tús, go ttiucfadh d'fhios an fhir
eile do thabhairt sgéul na tíre tháll dhó, dá bfhaghadh cead
ó Dhia chuige. Fuair an Bráthair Mionúr bás, agus, iar mbeith dá
chompánach san phroinntigh ag dénamh a oiffige, tháinig chuigi.
Do labhradar sealad ré chéile agus do innis na marbh neithe iongantacha
don bhéo ar phiantuibh purgadóra agus go roibhi féin ionnta.
Do fhiafruidh an béo dhe créd fá raibhe a bpurgadóir. Adubhairtsean
nách roibhe d'fhiachuibh air achd, an uair do bhíodh
ag roinn a ccoda ar an ccoimhthionól, nách déineadh na coibhrinn
cothrom, achd go mbíodh barr ag cuid aca ar a chéili, agus 'na
éiric sin go raibhe a lámh dheas ar dearglasadh, agus, dá dhearbhadh
sin, do bhúail ar an mbórd í agus do loisg áit na ccúig méor go
domhuin san cclár ndarach lé teine agus lé géire na lasrach do bhaoi
asda. Agus atá lorg na láimhe sin aniogh go hiomlán san mbórd
soin dubhloisgthe agus pláta airgid 'gá fholach ar a bhfoil glés
osgailti dá thaisbénadh do dhaoinibh onóracha, ór, suil do
cuireadh an folach air an ccuid sin don bhórd, do bhriseadh
na daoine thigeadh dá fhéchuin ní éigin don chronn dhóite,
dá bhreith riú dá mbrosdughadh dochum lóirghníomha do
dhénamh ina bpeacadhuibh ré mbás; agus as iomdha duine bhrosduigheas
aniogh féin chuigi so an lorg sin amháin na láimhe
d'fhaicsin dubhdhóite.



Do bhaoi aduocáid áiridhe agus duine eile a ccumann ré
chéile agus do-ríneadar oirios ré chéile a ndiaidh bháis ceachdar
dhíobh. Fuair compánach an aduocáid bás agus a cceann tríocha
lá táinig d'ionnsoighi an aduocáid. Do indis dhó go raibhe a
bpurgadóir. Do iafruidh an t-aduocáid dhe an roibhe pian


L. 121


thalmhuidhe ar bioth coimhghér nó coimhnimhneach ré péin
purgadóra. ('Dá) mbeth", ar sé "sléibhte, cairrge, agus coillte,
an domhain si ar aonlasair, dob fhearr leamsa bheith a gceartlár
na tiniodh soin iná san phéin a bhfuilim. Do bhí droichbheatha
ag an aduocáid agus do leasuigh í lé huathbhás na sgéul fua<i>r ón
marbh ar phiantuibh phurgadóra.



Bean as na sompladhuibh si, a Chríosduidhe dá ttug Dia
grása na haithrighe, an lóirghníomh do dhénamh a n-am agus gan
a chor ar cáirde go purgadóir. Ní sgéoil earruidh ná sruthaireadh
iad so, achd neithe sgríobhus naoimh agus mórughdair dár cóir
creideamh. Smuain orra go grinn gérros<c>ach agus an ós a cceann
go fadsduidérach, agus do dhéoin Dé 's dá ghrásuibh gluaisfidhear
thú dochum an lóirghníomha do dhénamh gan mhoille.



Dearbhadh oile as beathaidh na naomh go
coitcheann gur neimhchéillidhe an lóirghníomh
do léigean go purgadóir.



As inchreidthi dá gach aon ina ealadhain féin, agus ní fhoil
díthchioll ag an dalta fhoghlomtha as férr iná lorg an deaghoide
do leanmhuin. Do-ní an t-óggaduidhe díthchioll gach cleas
dár mhúin Lúicifer do sheanghaduidhe óirdheirc éigin do
leanmhuin, agus, má théid tairis sin, measuidh nách bíonn éolach
ná indtleachdach a n-ealadhain na gaduidheachda. As é as
sttuidér don adhbhar leagha lorg Yprocaid agus Gailein do leanmhuin
ag leigheas gacha hothair, agus, dá seachna an lorg sa do choimhéd,
búdh cosmhaile an t-othar do mharbhadh leis iná a leighios.
Luchd taisttil na mara bhíos ag tarraing don India nó go portuibh
eile imchiana in nach rabhadar riamh, bídh ró-aire acu an
slighidh do ghabhadar maruidhe óirdheirci eili ag dul do na
háitibh sin do choimhéd; agus, dá ccuirdís rompa cárda nó cúrsa
contrárdha dhóibh so do ghlacadh, do measfuidhe nach biadh
fonn orra dul do na háitibh sin, nó go mbeadaois neimhchéillidhe.


L. 122


Agus as urusa an ní cédna do thaisbénadh san uile chéird agus ealadhain
eile.



Mar a' gcédna, gibé léanab mian an ghlóir shíordhuidhe
do ghoid nó do bhuain amach lé fóirneart, ní foláir dó oideadha
óirdhearca éigin san obair sin do leanmhuin, agus, gibé lénab mian
a anom féin nó anmanna oile atá lán d'easláintibh na bpeacadh
do leighios, as cóir dhó ro-aire do bheith aigi ar mhaighisdribh
leighis na n-anman do leanmhuin. Agus, gibé chuirios roimhe
triall tré mhuir ngáibhthigh na beathadh sa (ina bfhuilmíd fá
shíoranfa ón am fár briseadh ar long fhíréntachda lé peacadh
ar seinnsear a bparthus) go purt imchian nimhe 'sa éolas nách
foil aige, do bhríogh nach raibhe riamh ann, ní foláir dhó an
cárda agus an compás do chongmhadar na maruidhe óirdheirci
do thaisdil an mhuir si gan tuisleadh agus do-chuaidh slán don
phort sa do choimhéd go róifhriochnamhach, agus, dá ndeacha
tairis so nó dá nglaca cárda coimhidheach nó contrárdha, as
mór an ghuais gur go port ifrinn bhéras éolas.



As iad na naoimh gaduidhe glioca na glóire suthuine
agus luchd a beanta amach lé foirneart na haithrighe; as iad as
Iprocaide agus Galéna ann a n-ealadhuin leghis na n-anman.
Atáid fós 'na maruidhibh móiréolacha san slighidh dhochraigh
dhoi-éoluis si théid go purt nimhe, ór níor bhuailsead a long
riamh fá cheachdar don dá charruig atá ag toirmiosg sligheadh
nimhe fán muinntir thriallas ó chuan an tshaoghail si, .i. carruig
ifrin a mbáitear go síordhuidhe an uile long bheanas innte, agus
carruig phurghadóra atá a bhfogas di fa mbristear iomad
long, gé go ttigthear fá dhéoigh ón mbriseadh agus ón mbáthadh
sa lé mórán pian agus peannad d'fhulang.



Ar an ádhbhar so, a Chríosduidhe chroidhe lér mian
an ghlóir do ghoid, th'anam féin do leighios, agus éolas díreach
do dhénamh go purt nimhe gan buain fá cheachdar don dá
charruig chundtabhartuigh si, .i. ifrionn agus phurgadóir, glac iad
so mar mhaighistribh chugad agus lean lorg na naomhoideadh sa
muna fhoil fonn an tseachráin ort. Agus, do labhairt air an ní
atá do láthair againn, ó thugais cúl ris na peacadhuibh maille


L. 123


ré tuirsi chroidhe do bheith ort iompa agus léna ccur a bhfaoisidin
go hiomlán mar do-ríneadar na naoimh romhad (ní asa
ttáinig tosach a naomhthachda dhóibh) agus gur leanuis a lorg san
dá rann sa na haithrighi, cuir thú féin a ccosmhuile riú, agus bíod
'na n-oideadhuibh agad mar an ccédna san treas rann, .i. san
lóirghníomh, 'gá dhénamh gan fhuireach 's gan a léigean go
purgadóir.



Fécham ar na naomhuibh uile go coitcheann, tabhram
gérradharc ar a mbeathaidh, agus do-ghéubham nách roibhe duine
dhíobh nár ghlac a phurgadóir abhus d'eagla go bhfuigheadh
tháll í; agus, mar do bhádar ar lasadh a ngrádh Dé agus na comharsan,
níor lór léo a bpurgadóir féin do ghlacadh orra, achd thugadar
díol mór uatha ar son cháich go spesiálta agus go geiniorálta, agus,
as dá ndérnadar do lóirghníomh nách roibhe d'fheidhm orra
féin agus dá ndénuid na naoimh mhairios anois (ní bhíonn an eagluis
go bráth gan mórán naomh), do-ríneadh agus méduighthear gach
laoi óirchisde na heaguilsi. Áirmhim ar na naomhuibh Ceann
na naomh 's na n-aingiol, Íosa ar Slánuighthéoir 'sa lóirghníomh
do sháruigh a ndérnadar agus ar fhuilngiodar ar chruthuidh Dia
do dhaoinibh agus d'ainglibh. Áirmhim fós a mháthair bheannuighthe
mhilis, an ógh fhíorghlan Muire, ar mbainntighearna,
ar nach roibhi smál peacuidh gníomha nó sinnsear, do sháruigh
cloinn nÁdhaimh uile a ndeaghoibrighthibh 's a lóirghníomh.



Gibé léighios beatha na naomh, as follus dhó go
ccaithdís a n-aimsior uile lé trí hoibrighthibh an lóirghníomha,
.i. lé trosgadh, lé húrnuighthe, agus lé déirc, san chéill 'nar
mhínigheamar iad thuas, c.4, ag áireamh ar an ttrosgadh an uile ní
bheanas lé crádh an chuirp, ar an úrnuighthe an t-aiffrionn 's
an tsheanmóir, 's ar an ndéirc oibreacha na trócaire uile,
corpordha agus spioradálta.



As deimhin, gé gurab é grádh Dé bá cúis phrinnsiopálta
ag na naomhuibh fána mbeatha do chaitheamh mar so isna trí
gnéibh deaghoibrightheadh sa, tar a cheann sin, gur ghluais
eagla pian na tíre tháll go romhór iad dochum na bpian n-iongantach
tugsad dá ccorpuibh féin san saoghal sa.



As í an eagla sa thug ar Phól an céddíthreabhach
diúltadh don tshaoghal 's dá mhaoin thalmhuidhe agus dul ar an


L. 124


bhfásach a measg bheathadhach n-állta nách tairreóngadh
dochum peacaidh é, agus a chorp do chrádh agus do chruaidhcheannsughadh
go ndérna modh agus sglábh dhe don spioraid. Ní thugadh
do bhiadh nó d'édach dhó achd a mbeanadh do chronn pailme,
agus ní thugadh d'áras dhó achd uaimh nduibh ndoirche ná do
leabaidh achd an talamh, mar sgríobhus seandoctúir eagnuidhe
na heaguilsi.



As í an eagla chédna tug ar Antoin naomh, cédoide
na manach sa nuaidhreachd, cruaidhbheatha do ghlacadh do
roghain, .i. arán, uisgi, agus salann, mar phroinn, carruig mar
shealla, agus léine róinneadh ré a chneas, mar sgríobhus an
naomhdhoctúir cédna.



As é so thug ar Mhacárius naomh é féin do chur a
bpoll thalaimh go soiche a sgórnuigh agus fuireach mar sin feadh
thrí mbliadhan agus, 'na dhiaigh sin, fuireach dá fhichead lá ar a
ghlúinibh ag síorghuidhe an Tighearna.



As é thug ar an n-abaidh naomhtha Hilárion árus bá cosmhuil
lé huaidh do dhénamh dhó féin i nach roibhi achd ceithri troighthe
ar leithead agus cúig troighthi ar áirde, gan a bhearradh achd
gacha cáisg, 's gan luidhe achd ar lomthalamh, 's gan d'édach
d'iarraidh feadh a bheatha achd sac, 's gan sin féin do nidhe
go soiche a bhás.



As é thug ar an naomh mhóirmhíorbhuileach Symon Stelita
a chorp do cheangal lé córduibh cruaidhe óna sgórnuigh go
soiche a chaoldruim agus léigean dhó mar sin gur bhrén agus gur
mhórgaidh a fhéoil agas a fhuil go hiomlán go soighe a chnámha,
agus, fós, bheith 'na sheasamh bliadhuin ar leathchois ar barr
cholamhna.



As é an t-eagal sa fós thug ar na bannaomhuibh beanduighthe
Marána agus Círa iad féin do dhúnadh a mballa chriadh gan
díon do chur ós a cceann feadh a mbeathadh, gan achd beagfhuinnéog
do bheith aca mar dhorus, agus ualach fhir chalma do
shlabhradhuibh iaruinn do cheangal díobh féin dá mbraighdibh,
dá lámhuibh, agus do chaol a ndromo.


L. 125


As é fós thug ar an n-abaidh n-iongantach, a naomhthachd
Arsenius, nár sguir a shúile ríamh do shíorghul ag díol pian a
pheacadh. Agus as iomdha sompla iongantach oile bheanas risan
n-ádhbhar so sgríobhthar lé seanúghdaruibh a mbeathaidh na
n-aithreadh naomhtha nÉighipteach.



Ós iad na naoimh as éoluigh neamhainbhfeasacha go tír
tairngire nimhe agus as oideadha eagnuidhe a n-ealadhuin shlánuighthe
na n-anmann, as cóir dhúinni atá 'nár ndeisgiobluibh
aca a lorg do leanmhuin, agus, dá réir so, ó nách diongnam an
lóirghníomh n-uathbhásach do-nídís ag crádh a ccorp abhus a
ndíol a bpeacadh féin agus peacadh cháich d'eagla díola dofhulaing
na tíre tháll, déineam cáil éigin lóirghníomha abhus dár saoradh
féin ar ghérlasair ttinidh phurgadóra.



Dearbhadh ar an ní ccédna a beathaidh árdnaomh
ar ttíre féin.



Dá bhféchmaois talta agus tíortha na hÉorpa, ní fhuighmís áit
nó ionad is mó inar teaguisgeadh léighionn an lóirghníomh<a>,
cúrsa an chruadhchrábhaidh, agus crádh na ccorp, abhus d'eagla
pian pur<g>adóra lé hughdaruibh na heagna diadha agus lé hoideadhuibh
éolacha na haithrighe iná ar ttír féin. Cáit a bhfuigheam
cosmhuile do chruas beathadh ar naoimhchléire féin a réigión
ar bioth eile don Éoroip? Cáit a bhfuigheam úrnuighthe mar
a n-úrnuighthe, trosgadh mar a ttrosgadh, nó déirc mar a
ndéirc?



Léigheam beatha na naomh nEadáilleach, Spáineach,
bFhranncach, nAlmainneach, go díthchiollach agus síneam iad lér
naomhuibh féin, agus do-chífeam go coitcheann nách tigid dá
ngoire a ccruas chrábhuidh ná a ccrádh a ccorp ná a léighionn
an lóirghníomha.



Do thaobh an trosgaidh, nách é bá gnáithbhiadh dár
naomhuibh némhdhuidhe arán gainmhidhe agus biolar nó fuarluibhe


L. 126


eile? Nách í bá gnáithdheoch dhóibh uisge na bhfíorthobar,
agus an ccaithdís an bhochdphroinn sin féin achd aonuair amháin
san ló agus sin a ndeireadh gach laoi, agus nách léighmíd orra go
mbídís iomad do laithibh gan so féin do chaitheamh? Nách
iad cuasa na ccarrog ndíamhar bá tighi dhóibh gan díon ós a
ccion, nách léinte róinneadh bá míonbhruit léna ccneasuibh,
nách dá ccois do shiubhladaois gan bhróig gan bhútais ar lorg
nÍosa agus na n-absdal, agus nách é fothrogadh do-bheirdís dá ccorpuibh
claoite tar éis mórshaothair sgiúrsadha géra dá ngreadadh?
Leis na deaghoibribh si do chlaoieadar an cholainn chlaoinmhianaigh
agus do chuireadar í fá umhlachd an spioraid, mar
do-níodh Pól an t-absdal. Riú so do sheachnadar féin pianta
purgadóra agus do dhíoladar iomad do phéin a ccloinne ghabhas
slighidh na haithrighi agus fhoghlamas ní éigin do léighionn an
lóirghníomha.



Do thaoibh na hurnuighthe, así bá saothar lae agus oidhche
dár n-árdnaomhuibh an feadh nach bídís ag teagasg an phobuil.
An lasair ghrádha do bhí 'na gcroidhi, ní léigeadh dhóibh sgur do
mholadh an mhóirDhia mhíorbhuiligh ná sdad a <c>cumann na
gcrétúireadh achd bheith ag ceileabhradh agus ag caonchainnt réna
gCruthuighthéoir a n-urnuighthe intinni agus gotha fhoirimiolaighe,
tamall dóibh ag sgrúdadh rúindiamhar agus misttéireadh an Tighearna
'na ccroidhibh go hinmheadhónach, tamall eile ag gabháil
dánta Dáuidhe, .i. ag rádh na psalm go séimhghothach,
duanaire molta an mhóirRíogh.



Do bhádar foghlamtha a ttuigsin an tshoisgéoil 's an
tseinsgrioptúir, agus ní ó mhaighisdribh talmhuidhe achd ó Dhia
ghlórmhar fuaradar a n-éolas 's a n-eagna, thug tuile ghrás
dhóibh lér thuigeadar a reachd 's a léxa lé beagshaothar nách
cuireadh toirmeasg orra ón tsíorúrnuighthi. Agus tuigthear as a
mbeathaidh gur sháruighsiod naoimh na hÉorpa go coitcheann
san simplidheachd naomhtha neamhainbhfiosaigh si.



Iomdha dearbh ar a n-abruim do thaobh na húrnuighthe,
na h-aibsdinéidi, agus chráidh an chuirp, a mbeathaidh ar n-árdnaomh
n-óirdheirc Coluimcille agus Brighid, agus go sunnradhach a mbeathaidh


L. 127


ar n-árdphátrúin Pádruig. Léigheadh an té fhédus a
mbeathadha.



Do roinneadh Pádruig, ar bpríomhfháidh 's ar bpátrún
beannuighthe, an oidhche a ttrí codchaibh, mar adeir a bheatha.
Do-níodh dá chéd sléuchduin san chédchuid dhi agus adeireadh
dá chaogad psalm ag moladh an Dúilimh. Théighiodh an dara
cuid don oidhche a ttoibribh fuara fíoruisge agus do bhíodh ionnta
go n-abradh an treas caogad psalm do dhuanaire Dé, saltair
Dháuidhe. Do-bheireadh an treas cuid dá chorp lé codladh;
gidheadh, ní leabaidh fhlocais ná clúimh éon do chuireadh faoi
achd leac fána cheann, leac fána chom, agus leac fána chosuibh.



Iomdha séula a shíorúrnuighthe agus comhartha a chruadhchrábhuidh
agus lorg a lóirghníomha ar Loch nDearg, a nDún, ar
an cCruaigh, a Sabhall, a Sruthuile, agus a n-iomad d'áitibh eile
dob fhada lé a ccor síos ann so. Do-choncamar féin na toibre
si a ndéineadh an úrnuighthe, na clocha ar a ccodladh, an
leabaidh phianta ina mbíodh ag eadarghuidhi an aoinDia
fhírindigh grás agus trócaire do thabhairt dá phobal. Guidhim
Dia tré sheirbhís an árdnaoimh go bfhaicear arís iad gan toirmiosg
teagusg na naomh dá sheanmóir agus a lorg do leanmhuin ionnta.



As deimhin gur mór do ghluais Pádruig chuigi so an fonn
do bhí air é féin agus a chlann do shaoradh ar shírphianuibh
iffrinn agus ar thinidh nimhnighe phurgadóra. Uime so do órduigh
na turuis agus na hoilithre oirdheirce ar an gCruaigh, a nDún, a
Sabhall, agus a mórán d'áitibh eile. Agus as é thug air purgadóir
spesiálta d'iarruidh agus d'fhagháil abhus ó Dhia ar Loch nDearg
dhó féin as dá chloinn do sheachna purgadóra na tíre tháll, ní
nách léighmid go bhfuair naomh nó bannaomh eile ríamh roimhe
ná 'na dhiaidh.



Mo thruaidhe, mo thruaidhe, nách fuilingthear anos tré
chumhachd an chlaoinchreidimh na turuis bheanduighthe si do
fhágbhadar ar naoimhchlíar aguinn do dhénamh lóirghníomha
abhus 'nar bpeacadhuibh 's do sheachna pian na tíre tháll
do thathuighe.



Mo mhíle truaidhe an trommallachd do luigh oruinn tré
a bfhuilngionn Dia na sgolta sa an lóirghníomha, áite aoibhne
na haithrighi, do thoirmiosg umainn, ní as a ttiocfa mílte aguinn


L. 128


do losgadh a linntibh teintidhe ifrinn agus purgadóra. As deimhin
gur róthrom ar bpeacuidh trér toirmiosgadh tathuighe naomh-Locha
Deirg oruinn. A Dhia ghlórmhair, as iomdha anam
Éirionnaigh a nglasuibh an diabhuil aniogh trésan nglas atá
ar an loch ndiadha n-ainglidhe si. A Dhia, as iomdha croidhe
arna chruadhúghadh a cciontuibh do dhíoth uisge na haithrighi
do-ghéubhthaoi 'na thonnuibh san áit n-aoibhinn némhdhuidhe
si. A Dhia, as iomdha anam 'gá shíorlosgadh a n-iffrionn
's a bpurgadóir do dhíoth an uisge naomhtha sa do toirmiosgadh
orra lé cérduibh an chlaoinchreidimh. A Dhia, as iomdha duine
ar ainéolus a n-ainbhfios shligheadh a shlánuighthe do chuirfidhe
ann so ar fhíréolus anma.



As deimhin leam go ttug Dia dár naomhathair Pádruig
do phríbhiléid tuile ghrás do dhórtadh ar chroidhibh na muinntire
thig don n-oilén naomhtha sa lé ccaoinid a ccionta agus lé ndéinid
lóirghníomh ionnta, agus measuim nách dérna duine ríamh a thuras
nár mhothuigh ann féin an claochlódh sin ó olc go maith, ó
pheacadh go haithrighe, ó dhubháilcibh go subháilcibh. A
Dhia ghlórmhair, guidhmíd thú a n-onóir an érláimh Phádruig
fuair uait an loch naomhtha sa do nidhe peacadh a phobuil,
tigeadh dod ghrásuibh an tshlighidh d'osgladh chuige agus gach
duine atá 'gá thoirmiosg sin do thairreang as an neimhchreideamh
ndorcha ina bhfuil dochum soillsi an chreidimh Chríosduidhe do
theaguisg tú dhúinn trér n-árdabsdal do sheanmóir do thshoisgéul
go móirmhíorbhuileach eadruinn.



Níor léigsead dhíobh fós ar naoimh treas obair an
lóirghníomha, .i. an déirc. Saoilid luchd an ainbhfiosa nách
fuil do dhéirc ann achd bíadh nó édach nó airgiod do thabhairt
do bhochduibh, agus, do bhrígh nách rabhadar ar naoimh
saidhbhir a maoin shaoghalta, ór thugadar cúl ré toice ttalmhuidhe
a ngeall ar sheirbhís nDé, dar leat, níor éidir léo an treas
obair si an lóirghníomha, .i. an déirc, do dhénamh. Ainbhfiosach
an té do-bheir an bharamhuil si, do bhríogh gurab é a riachdanus
do thabhairt don churp cuid as lugha don déirc.



Así an déirc ann, amhgar, uireasbhuidh, éigion, nó
cruadhchás, na comharsan d'fhurtachd. Agus, gibé do-bheir
furtachd spioradáltha uaidh, as mó an déirceach go mór é iná
an mhuinntir do-bheir déirc chorpordha uatha, ór, an mhéid


L. 129


gurab uaisli an t-anam iná an corp, as uaisle mar dhéirc a
riachdanas do thabhairt don n-anam iná don chorp. Ní
bhídís ar naoimh achd ag síorbhiathadh agus ag síorédúghadh
anmann an phobuil ag teagasg an tshoisgéoil agus sligheadh a
slánuighthi dóibh, ag leigheas a n-easláinteadh spioradáltha,
'gá sgaoileadh óna bpeacadhuibh. Agus is risan n-obair si do
chaithdís an aimsir nách caithdís risan dá obair eile adúbhramar,
agus, dá bhríogh sin, bá mó go mór na déircigh iad ináid na daoini
toiceacha do-bheireadh biadh agus édach d'iomad bochd; ór do
bhídís ag síorfhurtachd ar amhgur agus ar bhochdachd na n-anmann
ag síordhénamh seachd n-oibrightheadh spioradáltha na trócairi
ar ar labhrus tuas, c. 4, agus as mó an luaighidheachd go mór saothar
do ghlacadh ar son anmann iná ar son chorp na ccomharsan.
Gonadh aire sin as fearr an tshlighe dochum Dé do dhuine
bheith ag seanmóir agus ag miniostrálachd na sácramuinteadh
anois 'nar ttír bhoichd iná saidhbhrios mór saoghaltha do bheith
aige, gé go ndíongnadh iomad déirce agus daonnachda ris.



An chuid fós dár naomhuibh 'gá raibhi maoin, as iad
na déircigh do thaoibh an chuirp féin dob fhearr ar bioth iad;
gidheadh, an ní dá ngoirthí daondachd aguinni go ttrásda, .i.
biadh, airgiod, agus édach, do thabhairt do chearrbhachuibh, do
mhnáibh siubhail, do ghéocachuibh, do chleasuidhibh, 's do
luchd díomhaoinis, ní dhéindís é ar énchor, agus ní daonnachd a
dhénamh achd diabhluidheachd dheimhin. Agas as mór an
t-aindligheadh do-níd ar Cholaimcille ar bpátrún, an mhuinntir
adeir go mbíodh go fial fairsing leis na dronguibh si. Níor
smuain óglach díleas Dé bheith ag cúmhdach luchda leanamhna
Lucifeir ina n-olcuibh. Do bhíodh fial le bochduibh Dé agus leis
an gcuid do na drongaibh si adubhart do fhágbhadh a ndrochsttaid,
agus as mar sin thuigthear go raibhe lán d'oineach agus d'fhéile;
achd, an mhuinntir do anadh 'na gciontuibh, ní congnamh
do-bhéradh dhóibh achd a mbochdachd do mhédúghadh dá
ttarrang ón ulc.



Féuch, a Chríosduidhe dá ttug Dia grása na haithrighe,
ar beathadhaibh na naomh go coitcheann, cionnus do-nídís
lóirghníomh abhus d'eagla na bpian thall. Féch ní as friochnamhuighi
ar naomhuibh do thíre féin agus ní as roifhriochnamhuighi


L. 130


ar ar n-árdphátrún Pádruig ó bhfuaramar aibidil an
chreidimh agus tosaighe an t<s>oisgéoil, ciondus do chaitheadar an
aimsir ó thús a n-aithrighe ris na trí hoibribh si an lóirghníomha,
.i. trosgadh, úrnuighthe, agus déirc; agus, ós oideadha dhuit iad a
n-ealadhuin th'anma do shlánachadh, lean a lorg isna deaghoibrighthibh
si agus ná léig an lóirghníomh anunn gan dénamh.



Ní ag iarruidh ort atá<i>m leithéid an lóirghníomha
do-rinneadar na naoimh do dhénamh; ní dá gach aon do-bheir
Dia an tuile ghrás tug dóibhsion, agus ní fhuil d'fhiachuibh ort
aithrighe iongantach mar a n-aithrighe-sean do chor romhad,
achd amháin, guidhim thú, ná bí maindeachdnach gan cuid
mhaith dot aimsir do réir do sdaide do chaitheamh ris na trí
hoibrighthibh si.



Agus, dá ndéarna tú soin, as deimhin leam go gcuidéocha
lóirghníomh láidir na naomh léd lagoibrighthibh ar mhodh
do dhéoin Dé gurab beag bhías ré a dhíol ort a bpurgadóir.
Ór, as do chuidiughadh riot do-ríneadar mórán don aithrighi
iongantaigh adubhramar, do bhríogh nách mór di do bhí
d'fheidhm orra féin tré ghloine a mbeathadh, agus ní fhuil amharus
gur offráladar barr a lóirghníomha go spesiálta ar son a ccloinne
leanas a ccáil éigin do réir a sdaide a lorg san lóirghníomh.



Bean as a ndúbhramar gan slighe shaoibhchléire an
chreidimh fhállsa do ghlacadh a ccúis lóirghníomha do dhénamh
ad lochduibh. Naimhde do shacramuinnt na haithrighe iad, agus
ní háil léo luagh ar lóirghníomh. Do ghabhadar slighidh
bhfairsing na hantola agus do sheachnadar an casán caol cheanglas
ré Dia sinn agus bheirios iúl go tigh nimhe. Sín ré chéile taobh
ré taobh beathaidh na saoibhchléire si agus beathaidh na naoimhchléire
némhdhuidhe ar ar labhras agus do-chífe go follus cia dhíobh
leanus lorg Chríosd agus na n-absdal. Ad-chíthfe gurab iadsan
ghabhus slighidh bhfairsing ainmhiannuigh na colla ghluaisios
go hifrionn agus gurab iad so ghabhus casán cumhang an chruadhchrábhuidh
thairringios go beathaidh shuthain sinn. Agus, ó
tá gráin agad ar a ccreideamh súd, bíodh fós roghráin agad ar
a mbeathaidh, an mhéid go bhfuil contrárdha do bheathaidh
na naomh is na n-absdal. Agus, ós ó Phádruig do ghlac tú creideamh


L. 131


Chríosd, bíodh a bheatha agus beatha na naomh do lean é 'na
sgáthán at fhiaghnuisi dod chor féin a ccéim éigin a ccosmhuile
riú.



Bean fós as an ccomhrádh adubhramar, má táid cliar
an chreidimh nua ar déighshlighidh, gur amadáin Pádruig,
Colaimcille, Bríghid, agus naoimh ar ttíre uile, agus gur daoine
roileamha na naoimh eile do chráidheadh a ccurpa mar do-chualabhair.
Leamh iad na hógha, na coinfeassóire, na mairtire, na habsdail,
na soisgéoluidhe. Ní hé amháin, leamh í Muire máthair
Dhé, agus as leamh do bhí Críosd ar Shlánaighthéoir féin, nó atáid
an chliar sa ar saoibhchéill. Ór atá a ndérna Críosd agas na
naoimh ó ghníomh agus ar theagasgadar ó bhréithir contrárdha dá
ndéinid agus dá tteagasgaid an nuaichliar sa. As é bá sduidér
do na naomhuibh uile a ccolna do chrádh, dá ccur fá umhlachd
an spioraid do réir theaguisg Chríosd a béul Phóil. Sásadh agus
sádhaileachd do-bheir an chliar nua dá ccorpuibh tré a ccuirid
é ós ceann an spioraid. Biadha bochda as trosgadh fada do-níodh
ar naoimhchliar; biadha blasda, cuirthi, as comhól, iarruid ar
nuaichliar. A léintibh róinneadh as gan chompáin achd
cruadhchlocha do chodladh ar naoimhchliar; leapa boga, Mór
as Mairghrég, bhíos 'gár nuaichléir. Clann ón spiorad do
gheiniodh a' naoimhchliar; clann na colla charus an chlaoinchliar.
Cainntice na psalm ag moladh an Dúilimh bá céol
oidhche agus laoi do<n> naoimhchléir; gáir chailleach as chloinne
as céol don tuaichléir. sic. Lóirghníomh gan lochda do-níodh an
chaoimhchliar; lochda gan lóirghníomh do-ní an ghaillchliar.
Déirce diadha do-níodh an tshaoirchliar; díbeirt na mbochd
do-ní an chaimchliar. Iodhbairt Uain Dé san aiffrionn do-níodh
ar naoimhchliar; suipér salach Chailbhín chollaigh do-ní an
daoirchliar. Lé grás ó nimh 's lé neart míorbhal do theaguisc
ar seinchliar soisgéol Íosa; lé míoghrás mór as lé fóirneart
ttalmhuidhe mhúinios an nuaichliar léighionn lobhtha Lutéir
agas caimchiall Chailbhín.



Go bhfios dhamhsa, ní mó atá Dia agus an diabhal a
n-aghuidh a chéili ná an dá chléir si ina ccáil féin, agus, dá bhrígh
sin, ní héidir gurab ó Dhia atáid araon, agus, ós follus go bhfhuilid
na slighthe ar a siubhlaid contrárdha dá chéili, as deimhin nách


L. 132


go tigh nimhe atáid ag triall araon. As éigin ar an n-ádhbhar
so go bfuil clíar dhíobh a n-aghuidh Dé agus ag tabhairt cúil ré
neamh, agus, dar mo chubhais, ní díobh sin Pádruig, Colaimcille,
Bríghid, ná an mhuinntear leanas iad. Abair féin an chuid
eile dhe!



Iomdha ní, mar do-chuala, adubhairt an bráthair
beannuighthe, mac dlisdeanach S. Proinnsias, buabhall binnghlórach
do thogh Dia do theagasg agus do sheanmóir a shoisgéoil
's do dhénamh cogaidh ré luchd leanta Lusifeir, na peacuigh, aga
bhfuil coróin glóire anos ar son a sheirbhísi, .i. Eóghan Ó
Dubhthuigh, ag coimeas na cclíar sa ré chéili. Coimhnighim
ar an rann so dá chuid:




Turus Phádruig ar an cCruaigh,
a throsgadh san uaimh féch súd;
an chliar sa ann dá bhfaghaid neamh,
duine leamh mac Arpluinn úd.




Go deimhin dob fhíor dhó, ór teaguisgidh an nuaichlíar
agus do-níd an uile ní contrárdha do bheathaidh agus do theagusg
Phádruig. Ar an n-ádhbhar sin, má táidsion ar shlighidh
fhlaitheamhnuis, do bhí Pádruig 'na amadán ar seachrán nó 'na
chluanaire chealgach, agus do thairring sinne 'na dhiaigh lé
hainbhfios nó le cealguibh, agus as míorbhuile bhrégacha a ndérna
dhúinn.



Creideadh so an té lérab áil bheith 'na bhall 'gan diabhal,
gabhuimsi lé Pádraig agus creidim nách roibhe ainbhfiosach ná
cealgach achd feasach fírghlic simplidhi, agus do-bhéruinn mionda
go bhfuil an nuaichliar ar lár an tsheachráin 's nach fuilid saor
ar chealgaibh.


L. 133


An Ceathramhadh Rand don Leabhrán.



Don Absolóid.



Beanuid na trí codcha ar a ttángamar go suighe so leis an
n-aithridhe féin, .i. tuirsi chroidhe, admháil bhéoil, agus lóirghníomh
láimhe, agus as díobh so goirthear go coitcheann trí codcha na
háithrighe; gidheadh, dá labhram ar shácr<a>muinnt na haithrighe,
así an ceathramhadh cuid, .i. an absolóid, rann as
prinnsiopáltha dhi. An t-aithridheach chuirios na trí cotcha
eile innte; an sagurt iomlánus í risan gcuid si na habsolóidi;
ór as é as absolóid ann breith sgaoilte ó pheacadhuibh bheirios
an sagart 'gá bhfuil úghdardhás chuige sin ar an tté admhas
iad maille tuirsi tréna ndénamh. Gé gur risan sagart féin bheanas
fios na coda sa do bheith aige, tar a cheann sin, ní foláir don
aithridheach cáil éigin dá fios d'fhagháil, go mórmhór ar an
aimsir si a bhfuilmíd, a n-uireasbhuidh daoine do-bhéradh éolas
dhúinn.



An lóir duini do bheith 'na shagart dochum
na habsalóide do thabhairt uaidh?



Adubhart gur breith sgaoilti ó pheacadhuibh an absolóid agus
gurab é an sagart bheirios an bhreith. As éigion sa n-uile
bhreitheamh<n>as an chúis d'innsin, dearbhadh d'fhagháil
uirre, agus úghdardhás do bheith 'gan mbreitheamh. Dá bhríogh
sin, ní bhia fóghnamh ar an absolóid go n-innistear an chúis,
.i. na peacaidh, ar tús agus go ndearbhthar iad; agus do-níthear gach
cuid díobh so an uair admhas duine féin a chionnta marbhtha
go hiomlán, ór as é an t-aithrigheach féin do-ní agus as air féin
do-níthear an gearán, agus, do bhrígh nách maithtear a lochda do


L. 134


dhuine ar bioth go ttaisbéna ar tús gurab olc leis a ndénamh,
ní foláir maille hinnisin agus ré hadmháil na bpeacadh tuirsi do
thaisbénadh fá theagmháil inntibh. Gonadh airi sin nách foil
bríogh ar bioth san fhaoisidin gé go gcuirfidhe na peacadha
uili síos an uair nách taisbéntar comharthadha tuirsi agus dobróin
fána ndénamh.



Agus, gé nách éidir lé duine ar bioth an bhreith si na
habsalóide do thabhairt amach achd lé sagurt, do bhrígh gur
leis na habsdaluibh agus léna ccomharbuibh adubhairt Críosd tar
éis na heiséirighe, "Glacaidh chugaibh an Spiorad Naomh;
gibé dá maithfidhe a bpeacadha, beid maithte", tar a cheann
so, ná tuig gurab éidir lé gach aonsagart absolóid do thabhairt
uaidh, do bhríogh nách déin an tshagurtachd amháin breitheamh
do dhuine dochum sgaoilte na bpeacadh, achd as éigion cumhachd
eile d'fhagháil chuige so ós ceann na sagurtachda, .i. úghdardhás
breithim d'fhagháil ón n-eaglais dochum sgaoilti na bpeacadh.



Do-beirthear an t-údardhás so do na sagartuibh ar
dhá mhodh go coitcheann, .i. an uair do-bheirthear beinifís
porráisti nó cead nó beandachd spesiálta ó easbog nó ó phréuláid
oile 'gá bhfuil ughdardhás easbugtha dhóibh dochum faoisidneadh
d'éisdeachd, mar do shnai<dh>mchinn comhairle Triont.
Ar an n-ádhbhar so, féch an sagart ar a n-iarfae an n-absolóid,
an é as sagart porráisti dhuit, agus, munab é, féch agus fagh a fhios
an bhfuil cead nó beannachd an easbuig aigi, nó fhir áiti an
easbuig iar mbeith do chathaoir an easbuig folamh. Achd,
má gheibh tú fios go bhfuil úghdardhás ón phápa 'gan sagart,
as lór sin, ór as é biocáire Chríosd príomheasbug agus príomhshagart
na heaguilsi uile, agus as uaidh atá ughdardhás anois go coitcheann
ag na daoinibh riaghalta agus ag mórán do na sagartuibh thig tar
lear dár ttír, do bhríogh nách fuilid easbuig againn fá-raor achd
pseudeasbuig atá a n-earráid chreidimh.



Gidheadh, atáid cáis áiridhe inar lór duine do bheith 'na
shagart amháin dochum absolóide do thabhairt uaidh. An
cédchás díobh, airteagal bháis 's gan agad ach sagart simplidhe
amháin. An dara cás, an uair nách fuil agad achd peacadha


L. 135


sologhtha nó peacadha marbhtha do chuir tú a bhfaoisidin
cheana. An treas cás inar lór duine do bheith 'na shagart
amháin, dá n-iarradh an pápa absolóid.



A ccás nách bíadh easbag ad ghoire nó duine 'gá
mbíadh úghdardhás uaidh agus go bhfuilid sagairt shimplidhe ar
fagháil agad, .i. sagairt ag nách fuil beinifís porráisdi ná cead
faoisidne d'éisdeachd go spesiálta ó easbog nó ó phréláid
easbugtha, agus go bhfuil am faoisidne bhliadhna nó comaoine do
dhénamh agad, dobadh maith an chomhairle dhuit an uair si
peacuidh sologhtha éigin dá mbíadh ort maraon léd pheacadhuibh
marbhtha do chor a bhfaoisidin don tshagart shimplidhe féin agus
absolóid d'fhagháil uaidh; agus as éidir leis t'fhuasgladh ód
pheacadhuibh uile 'na leithid sin do riachdanus, do bhrígh go
bhfuil cumhachd 'gan uile shagart ar na peacadhuibh sologhtha,
agus nách sgaoiltear iad so leis an absolóid achd maille na grásuibh
dhoirtios san n-anam, agus gurab é as nádúir do na grásuibh gan
fulang a n-éintigh lé peacadh marbhtha go bráth; gidheadh,
muna chuireadh peacadh sologhtha éigin san fhaoisidin, ní
bhíadh an absolóid dleisdeanach, do bhrígh nách bíadh cumhachd
'gan tshagart ar aonchuid do na peacadhuibh. As tarbhach
fios an cháis <s>i do bheith ag duine ar an aimsir si, do bhrígh
gur doiligh úghdardhás d'fhagháil 'nar ttír mar nách fuilid
ea<s>buig innte achd duini nó dís, agus iad sin a bhfolach, d'eagla
pian agus príosúin. Agus as é an riachdunas <s>a thug oruinne smuaineadh
air, agus résún maith (do réir ar mbreith<ea>mhnuis féin) do
chur leis, gé nách labhruid na doctúireadh air, mar nár bhean
an riachdanus dhóibh.



Achd adeirid ní as a mbeantar é go follus agus as é so an
ní sin: An uair theagmhas cáis easbuig nó pápa ar dhuine
(.i. peacadh 'sa sgaoileadh atá ar cumas an easbuig nó an phápa
amháin) agus nách fuil fear a sgaoilte dá ghoire agus go bhfuil am


L. 136


fao<i>sidne bliadhna nó comaoine ann, as éidir don uile oide
faoisidne absolóid do thabhairt dhó san riachdanus sin óna
pheacadhuibh uile, do bhrígh go bhfuil cumhachd aigi ar na
peacadhuibh eile atá air nách fuil 'na ccásuibh easbuig nó pápa,
agus nách éidir absolóid do thabhairt inntibh so gan a bhfuil do
pheacadhuibh marbhtha ar an n-aithrigheach do mhaitheamh
dhó; ór ní mhaitheann Dia aoinpheacadh marbhtha do
dhuine gan a mbíd air dhíobh do mhaitheamh dhó.



Gidheadh, atá d'fhiachuibh ar an tté se, an uair bús
éidir leis duine d'fhagháil 'gá bhfuil úghdardhás sgaoilte ó
chásuibh pápa agus easbuig, na cáis sin ór sgaoileadh é do chur a
bhfaoisidin arís chuigi, ór níor maitheadh iad gan an t-ualach
sin do chor ar an n-aithrigheach.



Mar so, adeirimsi, an uair nách fuil agad achd sagart
simplidhe nách fuil 'na oide faoisidne 's go bhfuil tú san riachdanas
rémhráiti sin, gurab éidir leat faoisidin do dhénamh leis
an sagart sin féin, achd amháin go ccuire tú mar aon léd
pheacadhuibh marbhtha peacadh éigin sologhtha nó peacadh
marbhtha do chuir tú a bhfaoisidin roimhe sin síos, gidheadh,
an uair do-gheabhus tú oide faoisidne 'na dhíaigh sin, atá
d'fhiachuibh ort na peacadha marbhtha do sgaoileadh dhíot
do chur a bhfaoisidin chuige arís.



Agas as maith do-dhénadh an sagart simplidhe do-chífeadh
é féin gan úghdardhás so do chor a ccéill do chách 'na leithéid
sin do riachdanus, agus é féin dá dhénamh an uair nách bíadh aige
achd sagart oile simplidhe agus é 'na leithéid sin do chás, nó má tá
d'fhiachuibh air an t-aiffrionn do rádh ar mhodh nách éidir
leis a léigin thairis gan sgannail.



An bhfuil feidhm ar an absolóid do-geibhthior
ó shagart atá 'na pheacach nó 'gá bfhoil beatha
neamhghlan go follus?



Trí neithe iarrthar a bhfior miniostrálachda na sácramuinti
si, .i. cumhachd, deaghbheatha, agus léighionn. Adubhramar


L. 137


cheana an riachdanas atá don chédní, .i. don chumhachd, agus nách
lór chuige duine do bheith 'na shagart gan úghdardhás oile ós
a cheann soin d'fhagháil.



Do thaobh an dara neith, .i. an deaghbheatha, do bhríogh
go bhfuil rófhonn ar slánuighthe ar Chríosd agus gur mian leis na
luibhe uaisle do fháguibh againn agus do cheanduigh go daor ar
a luach fola, .i. na sacramuinnte, do dhul a ttarbha dhúinn gan
toirmiosg, níor órduigh gan foghnamh do bheith orra muna
rabhadh deaghbheatha ag fior a miniostrálachda, .i. gan peacadh
marbhtha do bheith air, achd do órduigh gan droichbheatha an
tshagairt do dhénamh díoghbhála ar bhioth don tshacrámuinnt
nó don té ghlacus í, mar adeirid na comhairleacha agus na naomhaithre
agus na diadhaireadha uile.



Ar an n-ádhbhar so, ná bíodh neimhchiúnas ort tré
dhroichbheathaidh an t<s>agairt ó bhfaghae a n-absolóid, ór,
gé go mbeth 'na eirice agus 'na pheacach ghráineamhuil, atá a
absolóid coimhbríoghmhar risan n-absolóid do-bhéradh Pádruig
an príomhfháidh uaidh, má chongmhann an fhoirm fhírinneach
agus gach ní eile iarrthar achd amháin bheith a bpeacadhuibh
marbhtha dhó. Ó Dhia atá <a> chumhachd ag an tshagart ní
ar a shon féin achd do dhénamh do leasa-sa tré mhiniostrálachd
na sacramuinnteadh, agus ní bheanann de é tréna dhroichbheathuidh
féin d'eagla do dhíoghbhála-sa do theachd as. Gibé glés ar a
bhfuighthea párdún an ríogh tar éis do bheith a ttréutúrachd,
dobadh lór dhuit a fhagháil agus do bhiadh daingean gé gomadh
droighsheirbhíseach nó tréutúir eile do thoirbhéradh ort é achd
amháin an séula ríoghdha do bheith air. Ní fhoil san absolóid
achd párdún ó Rí nimhe don té do bhí a ttréudúrachd 'na aghuidh
air shluadh a namhad ag seirbhís don diabhal; agus, dá bhrígh
sin, ní chailleann éinní dá luach ná dá dhaing<n>e tré olcus an
té thoirbhirios í; achd do-ní an sagart peacadh rothrom ag
toi<r>bhirt na sacramuinnte go mídhiongmhálta.



As cumhain leam go bhfacadhas coinsias gan chiúnas ag
daoinibh 'nár ttír an uair do-nídís a bhfaoisidin lé sagart 'ga
mbíodh bean tighi (ó thigh iffrinn, saoilim, fuair an t-ainm si);


L. 138


níor rigeadar a leas, do bhrígh, an chumhachd fhuair ó neamh
do sgaoileadh cháich ó chiontuibh, nách beantar dhe é lé mnaoi
thighi iffrinn.



Do-chínn fós daoine ag fuireach ó aiffrionn an tshagairt
sin agus eagla Dé orra fá dhul dá éisdeachd; agus, dá ccuireadh sin
d'fhiachuibh airsean a bheatha do leasughadh, dobadh maith
fuireach uaidh; gidheadh, an uair as follos dhuit nách cuirfe,
as fearr dul d'éisdeachd a aiffrinn iná bheith gan aiffrionn; agas
measuim go bhfuil d'fhiachuibh ort a éisdeachd isna laithibh
saoire, an uair nách fuil aiffrionn eile ar fagháil san áit a bhfuile.



Ór, gé go roibhi anall-úd toirmiosg ón eagluis aiffrionn
na sagart leannánda d'éisdeachd, dár leat, do goireadh sin ar
ais lé gnás agus lé comhairle Constainte, mar thuigeas doctúire
mórfhoghlamtha.



Achd, dá mbeth an sagart coinnealbháitthe tré láimh
aindlighi do chur go follus a bpearsuinn n-eaguilsi, nó, dá
bhfoillsighthi go follus 'na ainm féin coindealbháite é tré chúis
ar bioth, san dá chás <s>a ní bhíadh foghnamh ar an absolóid
do-bhéradh uaidh - ní tréna dhroichbheathaidh, achd do bhrígh
go mbeanann an eaglas a chumhachd de san dá chás <s>a.
Gigheadh, isna cásuibh si féin as éidir leis absolóid do thabhairt
uaidh agus as cóir a hiarruidh air a n-airteagal bháis, muna fhaghthar
a chlaochlodh, mar atá ag naomhchomhairle Triont agus mar
theagaisgeas na doctúire go coitcheann.



Ná meas gur fabhor as mian leam do dhénamh do na
sagartuibh 'gá mbí droichbheatha; ní dhóibh achd don aithrigheach
do sgríobhas so, iondus nách anadh ón tshagart
neimhdhiadha féin an tan nách foigheadh a chlaochlodh, gé go
mbiadh coindealbháite agus 'na eirice, leith amuigh don dá chás
adubhart, agus isna cásuibh si féin ná hanadh uaidh má tá a
n-airteagal bháis.



Achd má tá sagart deighbheathadh ad ghoire, ná héirigh
ar énchor dot fhaoisidin lé fear beathadh neamhghloine, do
bhrígh nách cosmhuil go ndiongna díthchioll fát anam-sa do


L. 139


sgaoileadh ó pheacadhuibh an tan nách fuil cúram ar bioth
aigi fána anam féin do sgaoileadh uatha; agus ní hinmheasta go
mbía ag stuidér do mhúnadh an chasáin chaoil dhuitsi go tigh
nDé agus é féin ag gabháil an bhóthair fhairsing earráidigh go
tigh an diabhuil. Muna thuga riachdanus ort é, ná togh mar
oide slánuighthe th'anma an tté atá ag damnughadh a anma
féin. An uair nách foil deaghoide ar fagháil, déine leis an
drochoide féin agus fagh an absolóid uaidh, d'eagla nách biadh
th'aithrighi comhláidir agus sin go sgriosfadh na peacadha gan
absolóid d'fhagháil a láimh.



An bhfuil foghnamh ar absolóid an tshagairt
ainbhfeasuigh gan léighionn?



As mór an léighionn iarrthar san oide fao<i>sidne dochum a
oiffige do dhénamh go maith gan pheacadh, agus, dá bhrígh so, as
condtubhartach d'fhior bheigléighinn an t-ualach sa do ghabháil
air.



Do chéidneithibh, as cóir dhó aithne do bheith aigi ar
ghnéibh na bpeacadh agus an peacaidh marbhtha nó sologhtha iad.
Ní hé go bhfuil d'fhiachuibh air fios gach cruaicheisde fá ghnéibh
na bpeacadh agus fá dhifir na bpeacadh marbhtha ó na peacadhuibh
sologhtha do bheith aigi (ór bíd mórán do dhaoinibh rofhoghlamtha
a n-ainbhfios choda dhíobh so), achd amháin go mbia
leath<e>ólus maith aigi ionnta so, leath amuigh don chuid dhíobh
atá rodhorcha nó cruaidh ar na maighisdribh féin. As é an
t-éolas cédna meadhónach sin iarrthar do bheith aigi isna
neithibh si eile adéiream, agus, más a ccathruigh a bhfuil iomad
tráchda atá 'na athair faoisidne, as mó an t-éolus atá d'fheidhm
air iná ar shagart na tuaithi.


L. 140


Atá d'fhiachuibh air fós a bhfios so síos do bheith aigi.
Créd é an t-ullmhughadh iarrthar san aithrigheach suil
bérthar an absolóid dhó do thaoibh a dhoilghis fána pheacadhuibh,
agus a rúin gan a ndénamh arís, agus iomláine na hadmhála
ionnta? Créd iad na cáis inar cóir dhó aisioc do chur ar
an n-aithrigheach má tá ar a chumas a dhénamh, nó rún an
aisic do bheith aigi ag cur roimhe a dhénamh an uair fhédfas?
Cia híad an cáis agus na peacuidh in nách éidir leis absolóid
do thabhuirt uaidh? Créd iad na conganta as cóir dhó do
thabhairt don aithrigheach? Créd é an lóirghníomh as cóir
do thabhairt dhó? Ciondus atá d'fhiachuibh air siocra
an pheacuidh do sheachna?



Tuigthear as so go bpeacuigheann an sagart ghlacas
ualach éisdeachda faoisidneadh air agus é ro-ainbhfiosach, agus, fós,
an t-easbug do-bheir an t-ualach sin dhó agus an t-aithrigheach
théid chuige 'na riocht féin 's gan é a n-airtiogal bháis, go
háirithe, muna rabha an t-aithrigheach féin éolach foghlamtha.



Gidheadh, dá ndérndaoi a n-aimhriochd faoisidin lé hoide
n-ainbhfiosach nách aithéonadh idir pheacadh marbhtha agus
sologhtha agus do bhíadh lán d'ainéolas isna neithibh adubhramar,
do bhíadh bail ar an absolóid agus ní rigfeadh an t-aithrigheach
a leas an fhaoisidin do dhénamh arís an uair do thuigfeadh
gurab é a leithéid sin d'oidi ainbfhiosach thárla ris; ór ní fhoil
foghluim an tsagairt do shubstaint na sacrámuinnte, mar atá
an t-ughdardhás ar ar labhras san chédchaibidil.



Tuigthir fós as a ndubhramar go soiche so, gé go rig an
t-oide a leas deighbheatha agus foghluim do bheith aigi dá shaoradh
ar pheacadh gach uair do-bheir absolóid uaidh, gigheadh, gurab
éidir an absolóid do bheith go maith agus na peacadha do thógbháil
gan ceachdar dhíobh so má thig an t-aithrigheach maille
hullmhughadh mhaith agus úghdardhás amháin d'fhagháil ag an
sagart.


L. 141


Gurab mór atáid iarna mealladh an mhuinntear
thoghus oidi faoisidne ainbhfiosach agus
cumas aca oide éolach d'fhagháil.



Iar bhfaicsin don fháidh bheanduighthe Hierem. lé súilibh
na fáidheadórachda uaisli agus bríoghmhaire an leighis do fhúigfeadh
Críostt aguinn san nuaireachd, agus, tar a cheann so, go mbeidís
iomad peacadh ngráineamhuil 'gá ndénamh aguinn, do éigh
go hárd agus adubhairt, "Nách foil róisín agus leighis oile a ttír Gáláad?
nách fuilid leagha láinéolacha innti? ciondus nár leighiosadh
a chneadha?" Nách fuil buidél íocshláinti fhola ar
Slánuighthéoir san eagluis? nách é Críostt féin ar bprionnsa a
prímhliaigh? nár fháguibh iomad do leaghuibh eile dár saoradh
ar easláintibh anma? nár fháguibh siopa potecaire aice lán do
chongaisibh 's do cheirínibh uaisli iongantacha, .i. na sacrámuinnte,
dár ccoimhéd ó ghalruibh an choinnsiasa 's dár
leighios ór lochduibh? Ciondus, tar a cheann so uile, atámaoid
lán d'easláinte uabhair, shainte, dhrúisi, chraois, fheirgi, leisge, agus
thnúith?



Tigid na huilc agus na heasláinteadha sa <a>n anma go
prinnsiopálta chuguinn as dá chúis, .i. d'easbhuidh deighlégh
ndiadha do chuirfeadh ceiríne caoine lé cneadhuibh ar ccoinsiasa,
agus trésan ndrochthogha do-nímíd an uair do-gheibhthior iad
ag dul d'ionnsoighidh na lusrachán 's na n-oideadh n-ainbhfiosach
agus ag cur na n-oideadh n-éolach ndiadha ar neimhní d'eagla go
ttiobhradaois leighios éigin dhúinn do ghoirtéochadh an cholann
chealgach nó go ttiocfadh díoghbháil éigin shaoghalta dhúinn
trér mbeith 'na ccomhluadar nó tréna ttathuighe orruinn.



Fá-raor, atáid an dá chúis ag geineamhuin iomad
easláinteadh anmann 'nár ttír-ne go spesiálta. Ór atá díbeirt
ar leaghuibh agus ar aodhairibh éolacha anmann aisde, agus, an beagán
atá anos dhíobh so innte maille guasachduibh agus ré peirioclaibh
móra, ní mór an saothar chuirid na hothair orra féin dá n-iarruidh;


L. 142


agus ní hé amháin, achd ar uairibh ní háil léo a bh<f>aicsin
d'eagla díoghbhála shaoghalta do theachd dhóibh as, achd
glacuid an lusrachán as luaithe chucu dá leighios, agus, an uair
shaoilid a mbeith slán, aththuitid 'na n-easláinte nó théid a
ccneadha a ccainsear orra, agus leagthar an lusrachán 's an leimhliaigh
féin a n-easláinnte an othair.



Atá an difir si idir liaigh an anma agus liaigh an chuirp,
gurab éidir leis an liaigh ccorpordha dhroichleighios do thabhairt
uaidh don othar 's gan é féin dá ghlacadh. As éidir leis fós
an t-othar do mharbhadh gan díoghbháil chuirp do dhénamh
dhó féin. Gidheadh, ní héidir lé liaigh an anma digh nimhe
do thabhairt don othar gan é féin dá hibhe ar tús, 's ní
héidir leis a anam do mharbhadh nó do mhíleighios gan an ní
cédna do dhénamh ar a anam féin.



Teagmhuigh dhóibh so an ní adubhairt an Slánuighthéoir
ris na Phairiséibh, "Daill iad agus giolladha dall. An uair
bhíos dall a ccionn daill, tuitid araon sa lag." Dá bhfaic<th>eá
dall 'na ghiolla daill ag triall dochum sligheadh caoile corraighi
ina mbeidís iomad do lagaibh, d'aibhnibh, do chuasuibh, 's do
chairrgibh, 's gan d'éoluighi aca achd iad féin, adérthá maille
deighchéill go ttuitfeadaois ar gach aonchor a lag nó a ccúas
chairrge nó a n-abhainn éigin as nách éiréochadaois choidhchi,
agus nách bíadh neamhfhonn orra tuitim ionnta an uair do thriallfadaois
dochum a leithéide sin do shlighidh ar éolus daill.



Créd iad an peacach théid dá fhaoisidin risan oide
n-ainéolach anma agus an t-oide sin dá nách éol a sdiúradh achd
an dias ar a labhrann Críost, .i. dall a cceann daill, agus, dá réir
sin, as guais dhóibh briathar Chríostt d'fhíorughadh orra, ór
atáid ar siubhal más fíor dhóibh féin go tigh nimhe, agus ní héidir
teachd ann sin achd ar shlighidh ccumhaing chaoil chorraigh agus
tré dhoras dhorcha dhofhaghála 'sa éolus nách faghthar achd
lé beagán daoine, mar adeir an Slánuighthéoir ag Matha. Atáid
iomad cuas cairrgeadh, lag lándomhuin, agus abhann nduibheagánach
uirre, agus, dá bhríogh so, ní héidir go ttiobhra na daill éolus
achd buailfid fá anacair éigin, fá chuas nó fá charruig, tréna


L. 143


n-ainbhfios, sgarfus risan slighidh ccaoil iad. Glacfaid an
slighidh shaobh shoi-éoluis agus casán claon na colla thriallus go
dún dhamanta, agus tuitfid fá dhéoigh a n-abhain<n> n-ua<th>bhásuigh
n-ifrinn agus a lag Lusifer inar thuiteadar na Phairisée dhalla
agus an pobal dall do lean iad, ar a labhrann Críosd san áit
rémhráitthe.



Ar an n-ádhbhar so, a Chríosduidhe chroidhe, guighim thú
a n-onóir fhola Críosd, ó ataoi dall ad pheacadhuibh 's gar mían
leat imirce ar glan do dhénamh asda, ná glac dall eile mar
éolach. Ná héirigh gusan n-oide n-ainbhfhiosach faoisidne,
achd iarr agus fagh oide glic gérradharcach dá dhaoire choiséonus
dhuit dul go soiche é nó a thairreang ort mar a bhfuile, ór bíodh
a dhearbh agad, dá ttréigi tú an t-éolach agus an t-ainéolach do
ghabháil do roghain, go ttuitfidhe araon a lag ndorcha ndamanta
n-ifrinn. Dá ttabhra tú na snádhma siabhartha agus na ceangail
chruacharacha atá ag an ndiabhal ort tréd pheacadhuibh dá
sgaoileadh do dhallsagart, as deimhin go ccuirfe snadhma agus
ceangalta nuaidhe ort a n-áit do sgaoilte ó na seanshnádhmuibh,
agus snádhmfaidh é féin maraon riot a ngaisdi an diabhail.



An uair theagmhas én a ngaisde, sgreaduigh ag iarruidh
a sgaoilte ar a chompánaibh. Tigid na héoin ainbhfiosacha
dá fhurtachd, agus, mar nár shaothruigheadar a ngaisdéoireachd,
cuirid nuaicheangal ar an én mbochd eile agus teagmhuid féin isna
dulaibh maraon ris. Mar so theagmhus don pheacach mhothuigheas
é féin a nduluibh an diabhuil 's nách gaireann ar oide
chríonda chinéulta dá sgaoileadh achd thoirbheirios é féin fá
lámhuibh lusracháin gan éolus a n-ealadhuin leighis na n-anmann;
cuiridh gaisdéoir iffrinn nuadhul air agus gabhuidh an duine
ainéolach thug droichiarruigh dá sgaoileadh maraon ris 'na
ghaisde.



Mo thrúaidhe an daille dhiabhaldha atá ar mhórán dár
ttír féin fán bpongc sa, an neimhfhriochnamh agus an neimhdhíthchioll
do-níd fá oide fhoghlamtha éolach dhiadha
dheigheisiomplárach d'iarruidh dá n-anmannuibh. A Dhé
ghlórmhuir, as truadh an dallsdaid a bhfuilid! As iongantach
an díthchioll do-níd an uair bhuaileas tindeas ar a ccorpuibh
fá leaghuibh eagnuidhe óirdhearca d'fhagháil chuca. Ní fhoghnann
leagha na tíre a bhfuilid dhóibh; fada ghabhuid ó na


L. 144


lusrachánuibh; má tá an galar guasachdach, cuirid a n-imchian
fios ar airdleaghuibh eagnuidhe agus ar dhoctúiribh deaghanma, 's
do-bheirid chuca iad dá dhaoire chosnaid dhóibh. Gidheadh,
do leighios a n-anmann ó easláintibh marbhthacha, as cuma
léo cia an sagart theigéomhas orra, bíodh éolach nó ainbhfiosach,
críonna nó éigríonna, diadha nó droicheisiompláireach. Nach
truadh an daille, an cúram sa atá aca fán ccorp bhías amárach
ag biathadh cnumh agus a némhchúram fán n-anam mhairfeas go
síordhuidhe a nglóir nó a bpéin.



Ní hé amháin gurab mó a ccúram fá shláinte a ccorp
iná fá shláinte a n-anmann, achd as mó an díthchioll do-níd fá
leighios eich nó gearráin ag iarruidh marasgáil mhóiréoluis
dhóibh iná ag iarruidh athar mhaith faoisidne dá n-anam. An
uair bhíos cúis san ccúirt aca, toghaid an t-aduocáid as tiorma
teanga agus as clisde comhrádh agus as mó éolus san dligheadh, agus,
má tá an fóidín dúithche ar an ccúis, as fada théighthear d'iarruidh
aduocáid óirdhirc, as iomdha leabhar léighthear, agus as iomdha
cairt chuartuighthear, d'eagla an fhóidín do chailleamhuin. Agus
atá oidhreachd shíordhuidhe a n-anma agus dúthaigh fhlaitheamhnuis
uatha ar an bhfaoisidin do dhénamh go maith, agus, tar a
cheann sin, ní iarruid achd an sagart as luaithi chuca; ní
fhiafruighid an bhfuil éolach a ndligheadh Dé nó an maith an
t-aduocáid é a ccúis a n-anma.



Mo nuar, mo nuar, daille na ndaoineadh iarras an liaigh
as fearr dá ccorp, an marasgál as fearr dá ngearrán, gé go mbeth
mairceach míchlisde, agus an t-aduocáid as fearr don chúis bhíos
beagluaigh, agus nách iarrann don anam do ceannuigheadh lé
diadhfhuil Chríosd achd an t-oide faoisidne as foigsi dhóibh.
Ní haithrighi fhírinneach do-níd so achd brégaithrighi, dá
chor a ccéill do na daoinibh go bhfuilid diadha agus 'na cCatoilcibh
maithi do bhrígh go ttéighid dochum na faoisidine ar chor
éigin. Ní bheantar a hainm don bhairíghin. As lór ceann agus
cosa do bheith ar an sagart agus lámh do chur ós ceann na muinnteire
si dochum a rádha go ndér<n>adar a bhfhaoisidin 's go bhfuil
eagla Dé agus grádh a ccreidimh aca. Meallaid cách go mór mar


L. 145


sin; mealluid nías mó iad féin; achd ní héidir léo Dia do
mhealladh, é féin Sgrúdaighthéoir na ccroidheadh.



As cosmhuil iad so lé Míchas ar a labhrann an sgrioptúir
naomh. Dée bréigi do adhradh an fear sa, agus do bhádar
iomad íodhal 'na thigh aige dá ndéineadh adhradh, agus, do bhríogh
go raibhe sagart nó déochain do threibh Iudá 'na thigh, dar
leat do chuir clóca ar a cheanuibh leis sin. A Dhé, as iomdha
dia bréigi ag mórán dár ttír dá n-adhradh 'na ttighibh, ór do-níd
drúis, díomas, cealga, clampar, meisgi, mícheart, agus mórán peacadh
eile, agus adhruid iad mar dhée agus fuilngid do chách a ndénamh
agus cumas aca ar a ttoirmiosg, agus, má tá sagart 'na ttigh nó agá
thathuighe nách cuireann aonfhocal a n-aghuidh na n-olc sa
achd bhíos 'na thochd mar mhadradh bhalbh nách déin tafann
a n-aghuidh na bpeacadh ghoidis na grása ón anam, dár léo féin
do chuireadar clóca ar a ndéinid d'olcuibh agus bíaidh meas
Catoiliceadh agus Críosduidheadh maith orra.



Crábhadh cealgach do-ní an drong sa. Saoilid go
mealluid cách agus tuitidh an chluain orra féin, agas tuigfid a ló
an chundtuis gurab mór an easbhaidh céille thug orra gan
deaghoide anma d'iarruidh, roidhíthchioll do dhénamh fána
maoin mbig ttalmhuidhe agus a n-oidhreachd neamhdha do chor
a neimhní, sláinti a ccorp do shaothrughadh go friochnamhach
agus, fós, sláinte a seanghearrán agus bheith go suarrach fá shláinte
an spioraid.



Do-chífead, fós, ó thugadar iad féin do dhallaibh
dá bhfollamhnughadh 's dá sdiúradh, go ngluaisfead riú gusan
ndailli shíordhuidhi, abhal a bhfuil Lusifear a linntibh
lasracha, agus fíoróchar orra briathar ar Slánuighthéora, .i. "An
uair ghlacas dall dall eile mar ghiolla, go ttuitfead araon a
laguibh."



Ar an n-ádhbhar so, a Chríosduidhe chroidhe,
go<i>dhim thú arís a huchd Íosa, má taoi mainneachdnach fá
leighios th'anma go ttrásda, iarr anois liaigh éolach chuige ó
nglacfae an absolóid agus ná taobh cúis na síordhui<dh>eachda ré
soidéulach; agus creid uaim gurab í easbhuidh na ndeighléagh agus
neimhdhíthchioll dá n-iarruidh (do réir fhiaghnuisi an fháidhe
do ghlacus mar thosach an chomhráidh si) as cúis phrinnsiopálta
d'easláintibh ar n-anamann.


L. 146


Ná héirigh dá bhrígh so dochum oide ainbhfiosaigh
achd tré fhírriachdanas. Seachuin fós (achd san chás chédna)
an t-oide droigheisiompláireach, achd ní rig a leas doctúir
dlighidh ná diadhachda d'iarruidh mar oide th'anma ná duine
comhfhoghlamtha riú gé gomadh férr iad so d'fhagháil; achd
amháin bíodh coimhéd agad leithléighionn go háiridhe do bheith
'got oide; agus do mholfuinn fear an leithléighinn 'gá mbíadh
beatha ghlan dhiadha thromdha do ghabháil do roghain ar fhear
láinléighinn 'gá mbíadh beatha némhthromdha neimhdhiadha.



Agus do chur críche ar an ccomhrádh sa dhuit, coimhnigh
ar Iudas go raibhe gné aithreachais air fán Tighearna do thoirbheirt
agus, fós, go ndérna admháil bhéoil do shagartuibh an
uair adubhairt riú, "Do pheacuigheas ag toirbhirt fhola an
Fhíréin." Gidheadh, ní fhuair maitheamhnus, agus ní hiongnadh
soin; d'ionnsoighidh shagart na sinagóigi do-chuaidh, nách tug
congnamh ná cuidioghadh dhó dochum a shlánuighthe, ór do
bhádar féin a n-easláinte agus a n-earráid.



Fuair mórán eile don mhuinntir thug páis do
Chríostt párdún, ór thugadar aghaidh ar oideadhuibh éolacha
fírénta do bhí ag leanmhuin luirg Chríostt agus na n-abstal. Dá
ttigeadh Iudas chuca, do tharróngadaois é air gach aonchor
ar dheighshlighidh. Ná leansa lorg Iudáis achd na muinnteire
sin eile. Iarr na hoideadha fhíréunta éolacha absdalda 's
do-ghéubhae párdún ad pheacadhuibh, grása anos, agus glóir san
chrích dhéighionaigh.



Don riachdanus atá risan ndeighchléir agus gurab
í a n-uireasbhuidh as teachd na tuaichléire
as cúis dá bhfuil d'olcuibh 'nar ttír, agus do
neithibh eile bheanus riú so.



Dob fhada labhairt ann so mar budh cubhaidh ar an dara
cúis adubhart tré n-iomaduighthear easláinteadha an anma, .i.
uireasbhuidh na ndaoine bhfoghlamtha ndiadha do leighéosadh


L. 147


na peacaighe óna lochduibh 's nách léigfeadh do na fíréunuibh
tuitim ionnta. Mo thruaidhe, mo thruaidhe, a bhfuil
d'uireasbhuidh na légh spioradálta sa ar ar ttír-na tré phersecusion
agus inghreim na n-eiriceadh. As é so sgiúrsa as géire do léig Dia
chugainn, .i. fulang do thabhairt luchd sdiúrtha ar n-anmann
do dhíbirt uainn.



So an sgiúrsa do bhagair Dia ag Esaias a lasair a fheirgi
ar chloinn nIosrael agus Iudá. "Tóigéobhad uaibh", ar sé, "an
breitheamh, an fáidh, agus an seanóir, 's do-bhér leanbáin ainbhfiosacha
mar uachdaránuibh dhóibh, agus béid daoine robhanamhla
dá bhar bhfollamhnughadh"; agus arís ag an fháidh chédna,
"Foiléochad orra na fáidhe agus na prionnsadha do-chí na rúindiamhra
sa." Dar leat, ní fhuair Dia bagar budh géire ná slat
budh nimhnighi iná a n<d>eaghuachdarána agus a n<d>eaghoideadha
do thógbháil uatha agus leanbáin bhanamhla do thabhairt dhóibh,
.i. uachdaráin ainbhfiosacha chollaidhi leis nách áil gan Mór
nó Mairghrég do bheith choidhche léna ttaobh.



Don taobh eile, an uair bá mían lé Dia an dá phobal
soin Israel agus Iuda do fhilleadh chuigi, dar leat ní fhuair aisgidh
ná tiodhlacadh dobudh éiffeachduighe chuige sin iná a rádh,
"Do-bhér dhíbh aodhaireadha do réir mo chroidhe féin bhiathfas
sibh lé foghluim is lé haithne mo reachda-sa."



Dá réir so, as mór an fhearg atá ag Dia rér ttír-ne, ór do
fhulaing aodhaireadha eagnuidhe ar n-anmann agus doctúire an
dlighidh dhiadha do sgrios aisde agus leanbáin bhanamhla (do
theachd) 'na n-áit, .i. eiriceasbuig uaibhreacha earráideacha agus
minisdri meangacha míochoinsiasacha nách déin sduidér oidhche
achd a leabhruibh banda bhíos lán do cheasduibh collaidhe.



As í an mhalairt si, mar adubhart, as fáth d'easláintibh
ar n-anmann. Aisde thig an phláigh pheacadh atá 'nar ttír.
Uaithi shilios gach olc anma dá bhfuil adruinn. As í thug ainm
contrárdha dár ríoghdhachd, do-ríne áras eiriceadh d'oilén na
naomh, do-ríne faolchoin do na caorchaibh, do-ríne peacuighe
do na fírénuibh, thug an sgrioptúir ar an tsaoibhchéill, do
chu<i>r dubháilce a n-áit na subháilceadh, do chuir tuaithchléir
a n-áit na naoimhchliar.


L. 148


As í an mhalairt si do chlaochlaidh ar nglóir a mímheas,
ar n-onóir a ttarcuisne, ar ngrása a míoghrásuibh, ar míorbhuile
a mbréguibh, ar n-éolas a n-earráid, ar naomhthachd a
ndiabhluidheachd, ar n-umhlachd a n-uabhar, ar measardhachd a
meisgi, ar ngeanmnuidheachd 's ar n-óghachd a ndrúis, ar
ccáirdeas a ccealguibh, ar ccumann a ccluanuibh, ar simplidheachd
a saoibhchialluibh, ar lóirghníomh a lochduibh, ar
ccrábhadh a sádhaileachd; agus, dá rádh d'énfhocal, as í easbhaidh
na deighchléiri agus na seanmóntuidheadh agus teachd na cléiri fallsa
'na n-áit do dhíbir gach maith uainn agus thug gach olc 'na n-ionad
chugainn.



Ní hiongnadh na huilc so agus mórán leath amuigh dhíobh
do theachd d'easbhuigh na cléire, na seanmóntuidheadh, agus
aodhaireadh na n-anmann, ór ní lugha riachdanus na deighchléire
ar an bpobal dá ccoimhéd ar an ndiabhal agus ó pheacadhuibh
iná riachdanus na ngadhar agus na n-aodhaireadh ar na caorchuibh
dá ccosnamh ar na faolchonuibh, agus, ionnamhuil do-níd na
faolchoin cosgar ar an tréud do-gheibhid gan aodhaire gan
ghadhar, as mar sin do-níd faolchoin iffrinn ár ar na hanmannuibh
an uair chaillid a ccliar agus a seanmóntuidhe, buannadha cosanta
na beathadh síordhuidhe.



Tuigthear tré mhórdháil na ttiodal do-bheir an sgrioptúir
agas na naomhaithre don chléir nách éidir don tréud bheith slán
beagán aimsire féin gan a ccongnamh, mar nách fada mhairid
na caoirigh gan cosnamh na n-aodhaireadh a n-aghuidh na
bfhaolchon.



Bráighi na heaguilsi ghairthior dhíobh do bhrígh gurab
tríotha théid na biadha spioradálta dochum an anma. As
éidir béul Dé do ghairm dhíobh, do bhrígh gurab iad as fírtheangtha
dhó risan bpobal. Do-bheir Pól daimh orra fá mar
iomchruid tromualach an tréda. Goiridh fós an fear cédna
ambasadóire dhíobh do dhénamh síothchána idir Dhia agus dhuine.
Iasgaireadha ghairios Ierem. dhíobh; agus adubhairt ar Slánuighthéoir
ris na habsdaluibh go ndiongnadh iasgaireadha anmann


L. 149


dhíobh. Gairthear fós cíocha na heaguilsi dhíobh, ór as iad
do-bheir bainne na beathadh némhdha dhúinn. Coiligh an
t-ainm dobheir Gregóir orra tré mhórán d'ádhbharuibh agus go
spesiálta do bhrígh gurab é as oiffig dhóibh bheith ag mosgladh
cháich a suan a bpeacadh. As ainm fós dhóibh luchd faire na
fíneamhna, do bhrígh gurab iad chosnas creideamh agus crábhadh
na heaguilsi. Gairidh Hier. an fáidh gadhair dhíobh; agus gairidh
Esaias gaghair bhalbha don droichchléir. Bí íocshláinte 'na
theanguidh ag an ghadhar agus do-ní taffann ar luchd dhénta uilc
dá thighearna 's do-ní lúthgháir lé gach duine dá theaghlach;
agus, do bhrígh gurab cóir do na sagartuibh agus do na seanmóntuidhibh
teangaidh mhilis do bheith aca ag toirbhirt an
tshoisgéil agus taffann uathbhásach do dhénamh ar naimhdibh Dé
agus gnúis shuilbhir do thai<s>bénadh dá luchd leanamhna, as
dílis an t-ainm gadhar do thabhairt orra. Ádhbhar eile fós, do
bhrígh gurab orra atá coimhéd thréoid an Tighearna, as díleas
an t-ainm si dhóibh. Agus adeir ar Slánaighthéoir Críostt, gach
onóir nó easonóir do-níthear dhóibh, gur dá phearsuin féin
do-níthear iad.



Ní hiongnadh na huilc adubhart agus mórán d'olcuibh
eile do theachd tré dhíbeirt na muinntire dá ttabhair an sgrioptúir
naomh na tiodail agus na hanmanna óirdhearca sa. Agus, a Chríosd
cháidh, as mairg pobal ré sgarthar iad, ór ní bhíonn slán dhe
achd fuighioll fiacal na bfhaolchon, agus, a Dhé dhil, as mairg do
rugadh san tír as a bhfuilid dá ndíbeirt. Mo thruaidhe na
tíre bochda nách fuilngthear a nglacadh gan guais anma nó
maoine do bheith ar an tté ghlacfas iad. Mo mhíle truaidhe
Oilén na Naomh, Éire, gan cumas do chomharbaibh na naoimhchléire
a taghall achd meas trétúireadh 'gá thabhairt orra.



Iar bhfagháil bháis do Náas rí Amón, adeir an sgrioptúir
gur chuir Dábhidh rí teachda agus légáide d'ionnsuighidh a mhic
dárbh ainm Hanon do chur shóláis air tar éis bháis a athar agus
do dhaingnioghadh a charadruis ris. Thángadar comhairlighi
an óigríogh chuigi (agus) do chuirsead a ccéill dhó nách roibhi
ionnta sin achd luchd bratha. Creidthear sin leis an óigrígh
agus do órduigh masla agus míomhodh do thabhairt dhóibh, .i. leath


L. 150


a n-éduigh do ghearradh 'na 'ttimchioll agus leath a bhfésóg
do bhearradh, agus do léig tar a n-ais mar sin iad a bhfioghair
óinmhidheadh as amadán d'ionnsoighidh Dábhidh. Do-ríne
Dáibhidh mórshluadh agus thug ár mór ar chloinn Amón 's do
bhean coróin a ríoghdhachda dhíobh a n-éraic mhasla a
légháideadh.



Cialluighidh Dábhidh Críosd ar Slánuighthéoir, agus as
fioghair fhíre dhó é an tan do mharbh an t-athach Philistíneach
's gan d'arm aige achd cúig clocha agus maide. Do fhioghraigh go
cclaoifeadh Críosd athach iffrinn lé cúig créachduibh agus lé crann
na croiche. Do fhioghraidh é fós san ng<n>íomh sa do-ríne ré
sliochd Amón.



Fuair uachdarán an talaimh uile bás spioradálta
an tan do thuit Ádhamh a bpárrthus. Atáid a shliochd ó shoin
fá thuirsi agus fá dhobrón agus ní gan fháth. Cuiridh Dia teachda
agus légháide chuca do thabhairt sóláis dhóibh do cheangal cháirdis
riú agas dá ttréorughadh go párrthus némhdha ó do chailliodar
párrthus talmhuidhe. As iad na légáide si an chliar, aodhaireadha
na n-anmann, agus na seanmóntuidhe. Glacthar iad so go
grádhach fáilteach is gach áit a bhfuil creideamh fírindeach Dé;
gidheadh, a measg eiriceadh pianta, príosúin, broid, as bás bhíos
fána ccoinne.



Do ghair Íosa mórán dár ttír-ne dochum na hoiffige si
san aimsir si féin, agus do tharruing iomad dhíobh 'na n-ógaois
némhurchóidigh dochum cuinge chrábhuidh a ccríochuibh
coimhidheacha agus cuid eile go sdaid shagartachda agus dighnide ós
a cheann sin, agus, an uair do-gheibh aibche iomchuibhghe sinn,
gluaisidh ar spiorad agus órduighidh dhúinn dul dár ndúthaigh mar
légáide uaidh féin do dhénamh síothchána idir é féin agus shliochd
Amón, na peacuigh.



Iar ndul ann in, cumthar orruinn ar ball gur luchd
bratha sinn; baisdthear ainm tréutúireadh ar theachduibh an
Tighearna. Baguirthear an uile olc oruinn agus ar an mhuinntir
ghabhus rinn. Ní fhuil masla ná míomhodh nách bí fár ccoinne.
Ní ghabhthar na leathfhésóga fá-raor uainn, agus, ó sháruighidh
na heiricidhe olc shleachda Amón, do-bhérmaois ó chroidhe


L. 151


mhaith ar bhfésóga uili gan roinn dhóibh, 's, ní hé amháin
dá n-iarrdaois an ngruaig achd cuid na coróini, do bheamaois
réidh; 's ní throidfeamaois fán ccoróin féin; achd, a ngeall
ar chead comhráidh risan bpobal do sheanmóir an t<s>oisgéoil
dhóibh, dobadh toil linn ar ngruag 's ar bhfésóga do bhuain
dínn agas tuilleadh masla d'fhagháil.



Níor smuain an eiricliar so do ghabháil uainn gan pianta
agas príosún do thabhairt dhúinn nó bás d'imirt oruinn; achd
dá bhfagha duine dínn do ghrásuibh díbirt iarna dhaoircheannach
do chor air feadh a bheathadh. Go n-osgla Dia súile na saoibhchléire
si, agus na muinntire leanas iad, d'fha<i>csin a n-olc agus
d'iarruidh maithfeachuis suil do-ghénas Dábhídh, .i. Íosa, 'sa
theachda mhasluighid, sluaidh nimhneach n-aingiol 'na n-aghaidh
lé sgarfa iad lé ríoghdhachd nimhe 'gá ndamnughadh go
piantuibh síordhuidhe.



Tabhair maitheamhnus dhamh, a léghthóir. Ní rigeas
a leas an dioscúrsa sa dochum an neith ar a ttráchduim, achd,
mar do bhean so dhamh ar lár chneidhe mo chléibh, níor fhédus
gan m'égaoine, 's níor bhacas don pheann mo dhoilghis
d'innisin.



Mar chonchlúid ar mo chomhrádh, guidhim thú, a
Chatoilic chroidhi, chreidios uaim an riachdanus mór atá aguinn
risan ccléir ccráibhthigh agus ris na haodhaireadhuibh éolcha, agus na
huilc mhóra thig dá n-uireasbhuidh dhúinn, agus do-chí gach lae
an cunntar chuirid orra féin an beagán atá anois ann dhíobh
ag teachd lé teachdaireachd an Tighearna do leighios th'anma
gan fhéchuin do ghuais ná do ghábhadh dá bhfuil 'na cceann.
Smuain ar an ttiodhlacadh ndiadha sa do-bheir Dia dhuit do
shlánughadh th'anma, agus creid gur dot fhurtachd do tharruing
sé iomad dár n-ógánuibh go tíribh imchiana agus do chuir 'na
ccroidhibh cuing chrábhaidh do ghlacadh agus foghluim dhiadha
do dhénamh, iondus go bhfilldís chugad do leighios do lot agus dot
shaoradh ó sheanmóntuidhibh na hearráide 's na heiriceachda,
agus altuigh an troimthiodhlacadh sa léd Thighearna.


L. 152


Glac fós na teachda go creidmheach carrthanach, agus ná
tréig iad, gé go ttiocfadh díoghbháil shaoghalta dhuit as.
Coimhnigh go ndubh<airt>. Críostt, an onóir nó an easonóir
do-níthear dhóibh, gur dá phearsuin féin do-níthear iad, agus, ós
do chur cheirín léd chneadhuibh thigid, ná léig faillighi ionnta
dá dhaoire choiséonus sé dhuit; bíodh duine éigin dhíobh 'gad
thathuighe ó nglacfa tú an absolóid 'na ham féin, 's ná taobh
í risan soidéulach más éidir an t-éolach d'fhagháil.



Léighmíd san sgrioptúir ndiadha gurab é Ioseph, do-chuaidh
don Éighipte go bochd, do fhurtaigh an patriarca, a
athair Iacob, agus a chlann agus a mhuinntear agus thug beatha dhóibh
a n-aimsir na gorta móiri do bhí ann seachd mbliadhna gan
chur gan treabhadh. Agus adeir Ioseph féin gurab é Dia do shéol
é féin don Éighipte, gé gur racadar a dhearbhráithri é, iondus
go bhfurtuigheadh ar a dhaoinibh gaoil a n-am na gorta
sin.



As follas gurab é Dia thairrngios iomad n-ógán neamhorchóideach
as ar ttír go críochuíbh ciana comhuidheacha ina
ttabhairthear suas iad a léighionn agus a ccrábhadh iondus go
ttugdaois mar Ioseph crui<th>neachda chreidimh agus naomhthachda
riú d'fhurtachd a ttíre san aimsir si a bhfuilid lán do ghorta grás,
gan cur ná treabhadh soisgéoil, na seanmóra dá sásadh.



Dá bhrígh so, an uair do-chífe ag teachd iad smuain
gurab é an cúram atá ag Dia timchioll th'anma do chuir chugad
iad. Tabhair míle moladh dhó, agus bí lúthgháireach rompasan,
agus bíodh lé a mhaoidheamh ar Dhia agad go bh<f>uiléongae
persecusion agus buaidhirt ar a son. Muna dhérna tú so, cuirim
a fhiaghnuisi ort nách géubhthar do lei<ths>géul a ló an chundtuis,
achd go sénfuidhar mar óglach nDé an té nár thaobh lé
teachduibh Dé, ór do gheall Críosd go sénfadh a bhfiaghnuisi
a Athar an té nách aidéomhadh é a bhfiaghnuisi
ndaoineadh.


L. 153


Na cáis inar cóir don aithrigheach an absolóid
d'aithiarruidh.



Atá d'fhiachuibh ar an aithrigheach an absolóid d'aithiarra<i>dh
gach uile uair thuigfeas nách roibhi bail ar an absolóid fuair,
tré lochd éigin dá ndérna féin fán fhaoisidin nó fán ndoilghios
nó tré lochd nó tré dhíth chumhachd an tsagairt. As urasa a
aithne as a ndubhramar go soiche so cia hí an absolóid bhíos
gan tarbha, agus an do thaobh an aithrighigh nó an oide thig sin
di. Tar a cheann sin, adér na cáis ann so go haithghearr inar
cóir an absolóid d'iarra<i>dh an dara huair.



An cédchás, an uair nách dérnais sgrúdadh ná
ullmhughadh ort féin résan bhfaoisidin. An dara cás, an uair
nách roibhi doilghios ort ná rún agad na peacadha do sheachna.
Do mhínigheas iad so san chédrann don leabhrán sa. An treas
cás, má do léigis peacadh marbhtha ar bioth thort go bhfios
dhuit féin gan a chor a bhfaoisid<i>n. An ceathromhadh
cás, dá ttuigtheá nách roibhi inntinn ag an tsagart do sgaoileadh
ód pheacadhuibh nó nar éol dhó nó nar fhéd foirm na habsolóide
do rádh. An cúigeadh cás, má do bhí gan ughdardhás. Cuirid
daoine oile an seiseadh cás, .i. an uair bhíos an t-oide faoisidne
lán d'ainbhfeas. Achd adubhart dá thaoibh so san treas caibidil
an ní do-conncas dhúinn. Adubhart fós neithe eile fá gach
cás dhíobh so 'na n-áitibh féin.



Madh ar an oide chédna iarrae an absolóid an athuair, ní rige
a leas athfhaoisidin do dhénamh, achd as lór an lochd amháin
do rádh do thoirmisg tarbha na habsolóidi, achd, madh ar oide
eile iarrae í, ní foláir ar admhuis do pheacadhuibh marbhtha
don chédoide do rádh ris go hiomlán.


L. 154


(An Cúigeadh Rann don Leabhrán.)



Tráchdar ann so ar loghadh na bpeacadh as gnáth lér
naomhmháthair an Eagluis Chatoilic do thabhairt amach.



Beanaidh leis na neithibh ar ar thráchdsam san leabhrán sa,
.i. ceithre codcha shacrámuinnti na haithrighi, ní éigin do rádh
ar loghadh na bpeacadh as gnáth lé biocáire Chríostt, an pápa,
do thabhairt uaidh ar ádhbharuibh dlisdionach<a> don mhuinntir
do-ní an n-obuir thrócaire órduigheas sé dochum an loghaidh
sin d'fhagháil; ór ní fhuil san n-aithrighi achd eochair Dháuidhe
do órduigh Críostt agus do fháguibh ar láimh na heaguilsi dár
sgaoileadh ór bpeacadhuibh idir choir agus cháin, chionta agus phéin.
Agus, ós leis an n-absolóid bheirios an coinfeasóir uaidh maille
tuirsi agus lé faoisidin an aithrighigh tógaibhthear mailís agus coir na
bpeacadh, agus leis an lóirghníomh, an ceathramhadh rann,
tógaibhthear an cháin agus an phian aimsiordha anas tar éis na
péini síorrdhuidhe do mhaitheamh a n-aoinfheachd leis an
gcoir, agus, do bhrígh nách díoltar an phian sa achd lé mórshaothar
agus lé mórdhuadh, do fháguibh ar Slánuighthéoir Íosa Críostt
tréna thrócaire neimhchríochnuighthi cumhachd 'gá bhiocáire
ar talamh ar ádhbharuibh dleisdionacha lóirghníomh do thabhairt
dhúinn as óirchisdi na heaguilsi lé ndíolfamaois go hurasa gach
pian dá mbeth oruinn maille roibheagán saothair ag dénamh
amháin na hurnuighthi nó na hoibre eile trócaire órduighthear
dhúinn dochum an loghaidh d'fhagháil, .i. dul go turas nó go
teampall áiridhe, déirc do thabhairt uainn, Coróin Mhuire do
rádh, nó deighníomh éigin eili chuirthear mar choinghioll agus mar
ualach dochum an loghaidh d'fhagháil. Agus, do bhrígh gurab é
as críoch don loghadh gach fuighioll fiach dá bhfuil ort dod
phiantuibh tar éis maithfeachuis do pheacadh d'fhagháil do
thógbháil dhíot, as iomchubhaidh ní éigin do rádh air tar éis
labhartha dhúinn ar cheithri cotchaibh na haithrighi. Ar an


L. 155


n-ádhbhar so, mar chumaoin leis an leabhrán adér beagán ag
mínioghadh créd é an ní é an loghadh féin agus 'gá dhearbhadh
go bhfuil cumhachd san n-eagluis ó Chríostt a thabhairt amach,
iondus go ndéinmís friochnamh agus díthchioll fána fhagháil agus fá
dhul dá iarruidh san áit a ccluinfeam a bheith agas go mbeth
meas mór aguinn air, mar theagasgus naomhchomhairli Triont,
do bhrígh gur congnamh láidir é dár luathughadh go neamh agus
dár saoradh ó phiantuibh purgadóra. Cuirfead síos fós go
spesiálta cuid do na loghthaibh tugadar na pápadha don
mhuinntir ghlacas bráithrios uird ar naomhathar S. Proinnsias.
As aithnidh dhúinn grádh agus deuóision ar náision dár naomhathair
agus dá órd agus a ndóigh as a chongnamh a slighidh shlánuighthe a
n-anmann agus gur ro-iomdha dhíobh ghlac<a>s a bhráithrios
uird, agus as dár bhfiachuibh spesiálta gach grása agus gach pribhiléid
anma dá bhfuil aca dá chionn so do theagusg dhóibh dochum
glóire Dé agus leasa a n-anmann. Cuirfeam ann so cuid do na
grásuibh si agus léigfeam cuid eile dhíobh thorainn ar ádhbharuibh
áiridhe go ham eile.



Mínighthear créud an ní é an loghadh do-bheirid
na pápadha agus na heasboig chatoilice
atá ar lorg na n-absdal uatha agus créd dá ngoirthior
óirchisdi na heaguilsi.



Adeir an t-absdal Eóin go ttug Críosd ar Slánaighthéoir é
féin mar dhíoluidheachd agus mar éruic uaidh ar son ar bpeacaidh-ne,
agus ní ar son ar bpeacaidh-ne amháin achd ar son pheacadh
an tshaoghail uile. Do bhí ag síordhénamh deaghoibrightheadh
ón am fár cruthuigheadh a anam glórmhar ina chorp a mbroinn
na fíoróighe uaisle Mhuire (ar nár luigh smál peacuidh
gníomha nó sinseardha ríamh) go ham a bháis, agus, fá


L. 156


dheireadh, do fhulaing an bás as maslamhla agus an pháis as géire
nimhnighi dob éidir lé hindtleachd ndaonna do smuaineadh do
thuilleamh glóire dhúinne amháin agus do dhíol na bhfhiach atá
oruinn trér cciontuibh. Ór níor thuill glóir ar bioth dá anam
féin, ór do bhí lán do ghlóir san bpongc 'nar cruthuigheadh
é, agus níor dhíol fiacha ar bioth do bhíadh a<i>r féin, ór níor éidir
leis peacadh ar bioth do dhénamh do bhrígh gurab é Uan Dé
(mar adeir Eóin) thógbhas peacadha an tshaoghail. Gonadh aire
sin, a ndérna do dheaghoibribh agus ar fhulaing do phiantuibh, gur
dúinne amháin 's nách dá anam-san théid a ttarbha d'fhagháil
ghlóire dhúinn agus do dhíol na bpian dlighthear dínn. Agus, do
bhrígh go bhfoighéonadh aonbhraon amháin do dhiadhfhuil
Íosa do dhíol fhiach bhfear ndomhuin uile, as míle mó an
díoluidheachd agus an lóirghníomh tug uaidh iná a ndlighthear
dínne do phiantuibh, do bhrígh go roibhi sé 'na dhuine agus 'na
Dhia a n-éinfheachd agus go n-uaislighthear agus go méduighthear an
lóirghníomh agus gach deaghobair eile tré ua<i>sli agus tré fhoirfeachd
an ughdair ó ttigid; agus, dá réir so, mar do bhí Úghdar na ngrás,
Íosa ar Slánuighthéoir, go bfhoirfeachd agus go n-uaisle
neimhchríochnuighthe, atá an lóirghníomh agus an díoluidheachd
do-ríne ar mhodh áiridhe neimhchríochnuighthe, iondus go
bhfoighéonadh do dhíol fhiach mhíle saoghal eile dá mbeidís
ann.



Uime so nách foil a lóirghníomh Chríostt achd tobar
fíoruisge ngrás nách éidir do thiormughadh, agus muir mhór nách
éidir do thrághadh, agus leag lóghmhar dá nách éidir luach d'fhagháil.
Agus ionnamhuil nách laghduighthear maitheas Dé tré a ttugann
do thiodhlaicthibh, d'uaisli, agus d'fhoirfeachd, do na créutúiribh
uile, ní laghduighthear mar an ccédna an díoluidheachd agus an
lóirghníomh tug Críost do Dhia Athar dá mhéd dá ndíoltar ría
dar bpianuibh-ne, do bhrígh gurab lé <a> phearsain ndiadha
do-ríneadh iad, agus, mar as nádúir do Dhia nách lughaide dá
shai<dh>bhrios a mbronnann do chách, as é as nádúir don
lóirghníomh dhiadha gan a thrághadh dá mhéid dá ndíolfuidhear
ris dár bhfiachuibh-ne. Mar so theagusguid na
diadhaireadha go coitcheann fán bpongc so, agus do snái<dh>mchinneadh
é leis an eagluis.


L. 157


As é an díoluidheachd agus an lóirghníomh sa Chríostt as
óirchisdi uasal iongantach dár naomhmháthair an eaglas, agus as
é as sdíobhard agus speinnséir ós a chionn dá roinn ar chloinn
Chríostt, na Catoilce, an pápa, comharba Pheadair, biocáire
Chríostt, agus fear ionaid Dé ar talmhuin.



Beanuid fós risan óirchisdi si a ndérna Muire ar mbaintighearna
do dheaghoibribh agus do lóirghníomh, ar fhuiling do
dhuadh agus do dhochar, do chrádh agus do bhochduine, ríamh, an
mhéid go raibhi brígh díoluidheachda pian ionta, do bhrígh nách
roibhi piana ar bioth uirre féin réna ndíol mar nách dérna
peacadh ríamh. Atá, mar an ccédna, iomad do lóirghníomhaibh
na naomh ann, .i. an mhéid dhíobh ar nách roibhi féidhm aca
féin do dhíol a bhfiach. Do chráidheadar mórán naomh a
ccurpa lé cruas crábhaidh, mar adubhart san cheathramhadh
rann don leabhrán, agas ní raibhi achd beagán fiach orra féin
réna ndíol mar nách dérnadar achd beagán peacadh, agus, dá
bhrígh sin, do-chuaidh an fearas barr a n-óirchisdi na heaguilsi
do dhíol ar son chiontadh na ccomharsan do réir mar do roinnfeadh
sdíobhard Chríostt orra é.



Ní dhérna Eóin Bruinne peacadh marbhtha ríamh, agus
measuid mórán fós nách dérna peacadh sologhtha féin. Mar
an ccédna, do daingnigheadh na habsdoil a ngrásuibh tar éis
teachda an Spioraid Naoimh ionta iondus nách dérnadar peacadh
marbhtha riamh 'na dhiaidh sin. Do bhídís naoimh eile fós
aimsior rofhada gan peacadh marbhtha, gé go ndéindís peacadha
sologhtha, .i. Pádruig, Brighid, Coluimcille, S. Proinnsias, S.
Doimnic, agus iliomad eile; agus, dá bhrígh so, a ndéindís do
throsgadh, do sheanmóir, d'úrnuighth<e>, d'oilithre, agus d'oibribh
eile na trócaire, agus a bhfuilngidís do dhuadhaibh agus a ttugdaois
do chrádh dá ccorpuibh lé cruas an chrábhaidh, gé go ttéighdís
a ttarbha dhóibh féin an mhéid go roibhi brígh tuillmhi glóiri
ionta, gidheadh, an mhéid go raibhi brígh díola fiach ionta,
mar bhíos a ndeaghoibribh na n-uile bhfírén, ní mór an tarbha
a ttéighdís dhóibhsion, achd, an tan nách déindís iad go spesialta
ar son daoine áiridhe, téighdís a n-óirchisdi na heaguilsi.


L. 158


Beantar as a ndubhramar gurab ainbhfiosach na hericidhe
fhiafruigheas go dána dásachdach, cáit a bhfuil óirchisdi na
heaguilsi. As neamhchaol an chiall a mheas gurab óirchisdi
corpordha an ní ar a labhramaoid; ní headh achd maoin agus
maithios spiriodálta, agus, dá bhrígh sin, ní iarrann áit chorpordha,
.i. tor nó caislén daingean ina ccoimhédtaoi é. Achd as í áit
ina bhfuil leabhar na beathadh, .i. tuigsi agus meabhair an Athar
shíordhuidhe, bhal a bhfuil deaghoibrighthe fhear ndomhuin
go ttabharthar dhóibh an tuarasdal do thuillsiod. Fiafruighim
don té do-ní an fhiafruighi si, cáit a bhfuil a ndérna féin ríamh
do dheaghoibribh, má do-ríne aonchuid díobh, agus caithfidh sé a
rádh mar adeirimsi (nó go ndeachadar ar neimhní), .i. go bhfuilid
a ccoimhne agus a meabhair an Athar shíordhuidhe go ttabhra a
luaidheachd dhóibh. Fiafruighim dhe, mar an ccédna, cáit a
bhfuil a ndérnadar daoine eile do sheirbhís dhó féin, agus ní héidir
dhó achd a rádh go bhfuilid 'na mheabhair go ttabhra dá ccionn
an luaidheachd dlighthear dhóibh, nó d'eagla a ndearmuid go
bhfuilid sgríobhtha aigi, nó, má tá 'na n-ainbhfios, as éigin dhó
a admháil go bhfuilid a ccoimhni nó a sgríbhinn choimhidhigh,
agus an uair do-gheabhus a bhfios go ttiobhra luach dá ccionn.



Mar sin adeirimsi go bhfuilid a ndérna Críostt, a naomh<m>áthair
mhilis, agus na naoimh uili, do lóirghníomh agus do
dheaghoibribh a leabhar Dé Athar, agus, do bhrígh nach éidir leis
bheith ainbhfiosach ná ar díoth coimhne, ní fhuil do leabhar
aigi achd a thuigsi agus a mheabhair. Lóirghníomh Chríostt agus a
mháthar uili agus an mhéid do lóirghníomh na naomh nách roibhi
d'fheidhm orra féin do dhíol a bhfiach, téid amháin a ttarbha
do chách, do bhrígh gur boill aonchuirp mhisdicthe na Catoilice
uile, 'sa cheann as é Críosd; agus as do na lóirghníomhuibh si
do-níthear óirchisdi na heaguilsi 'sa roinn agus 'sa mhionosdrálachd
do fháguibh Críosd ar láimh a bhiocára ar talmhuin.



As urasa anois a thaisbénadh créud as loghadh ann. An
uair adeirthior go bfhuil loghadh na n-uile pheacadh ag an té
do-ní so nó súd, ní hé a chiall so, go ttóguibhthear peacadh
marbhtha nó sologhtha don té sin, ór ní fhuil ar chumhachd
na heaguilsi peacadh marbhtha do thógbháil achd mailli ré


L. 159


absolóid do thabhairt don aithrigheach do-ní faoisidin, achd as
é a chiall go maiththear don té sin na piana aimsiordha atá
air as na peacadhuibh do tógbhadh de cheana maille risan
aithrighi.



As é as loghadh ann dá réir so, árdaodhaire thréda Críosd
agus a bhiocáire ar talmhuin, .i. an pápa, nó an té 'gá bh<f>uil
úghdardhás uaidh, do thabhairt maitheamhnuis spésialta duit
isna piantuibh atá ort trés na peacadhuibh do maitheadh dhuit,
ag díol t'fhíach as óirchisdi na heaguilsi (ina bhfhuil lóirghníomha
Chríosd agus na naomh) tug Dia fána lámhuibh dá roinn agus dá
mhionasdrálachd ar an muintir do-ní an aithríghe, an tan
do-chíthfeadh go mbeth sin iomchubhaidh ré a dhénamh chum
glóire Dé agus leasa na n-anmann.



Iarthar go coitcheann obair éigin dhiadha do dhénamh,
.i. déirc, trosgadh, nó úrnuighthe, etc., chum an loghaidh
d'fhagháil, agus ní gnáth a thabhairt amach gan ní éigin do chor
mar choinghioll agus mar ualach dochum a fhaghála, agus as minic
fhoghnas ní roibheag chuigi, .i. "Iesus, Maria" a n-airteagal
bháis; gidheadh, as éidir lé biocáire Chríostt a thabhairt uaidh
gan ualach ar bioth do chur ar an tté dá ttugann é, do bhrígh
gur fháguibh Críostt an t-óirchisdi fána dhiscréid le a roin<n> agus
nách tug órdúghadh spésialta gan a roinn achd mailli hualach
do chur ar an tté dá ttiobhradh cuid de; achd as ní neamhghnáth
a thabhairt amach gan deighníomh éigin do chor 'na dhiaidh
mar choinghioll dochum a fhaghála.



Séunuid dá phríomhdhoctúir na heiriceachda
an loghadh, agus tigthear ar a mbeathaidh.



Mar as gnáth do na heiricibh bheith ag síorsmuaineadh
ciondus do-ghéndaois cathughadh a n-aghuidh na heaguilsi,
níor léigsiod dhíobh gan a ndíthchioll do dhénamh a n-aghuidh
gnáis bheanduighthe si an loghaidh do-bheir sí dá cloinn mar
chongnamh mhór chum sláinti a n-anmann. Fán bpongc sa


L. 160


féin tárla tosach eiriceachda Lutheir mhic Lucifeir. An
seachdmhadh bliadhain dég ar chúig céduibh ar mhíle d'aois an
Tighearna tug an pápa Leo 10 loghadh na n-uili pheacadh
dá gach duine do-bhéradh a chongnamh dochum an chogaidh
a n-aghaidh na tTurcach. Do chuir d'fhiachuibh ar áirdeasbog
Mogunsia an loghadh sin d'fhoillsioghadh feadh na Gearmaini.
Tug an t-áirdeasbog a ughdardhás féin do bhráthair áiridhe
d'ord S. Dominic dár chomhainm Ioannes Tetsellius dochum
an loghaidh óirdheirc sin do sheanmóir agus d'fhoillsioghadh. Do
bhaoi an t-ughdardhás sin ro-onórach, agus, dár leat, do bhí ní
éigin tarbha ann. Do ghlac iomthnúth Luteir, do bhí 'na
bhráthair d'ord S. Aibhisdin, fán mBráthair bPreisdiur do chor
san n-onóir sin agus dearmad do dhénamh de féin. Táinig dúthchas
an uabhair tríd, agus, mar nár fhulaing Lucifer Dia féin do bheith
ós a chionn ar neamh, níor éidir léna mhac mhallachdach
Luteir an Bráthair Preisdiur d'fhulang do chor ós a chionn
féin ar talamh. As í comhairli do cinneadh leis, ó tugadh
úghdardhás an phápa don Bhráthair Phreisdiur do sheanmóir
an loghaidh óirdheirc sin, úghdardhás an phúca d'fhagháil dhó
féin ó Lucifer chum seanmóra do dhénamh a n-aghaidh an
loghaidh. Agus do bhuail ar an ccomhairli ndiabhluidhe sin do
chor a ngníomh, agus as mar sin do thosaigh an eiriceachd mhalluighthe
do mhill agus do bhuaidhir mórán don Eóirpe; agus, fá-raor,
as di táinig milleadh Shaxan, Éireann, agus Alban, a ccúis chreidimh,
agus as í chongmhas sinne agus mórán dár sórt a régiónaibh comhuidheacha
ar díbirt ór ttír.



Ní huime amháin ghoirim Luteir mac Lucifer de do
bhrígh go roibhi cosmhuil lé Lucifer a n-uabhar 's a n-olcaibh,
achd, fós, gur é an diabhal bá oide foghlamtha dhó ag cor a
n-aghaidh na heaguilsi, agus, go spesiálta, do mhúin dhó an


L. 161


t-aiffrionn do chor ar cúl, mar admhas féin a n-iomad d'áitibh
ina leabhruibh. Adeir gurab é do mhúin dó ar chuir sé a
n-aghaidh an aiffrinn d'argamuinntibh, agus cuiridh síos fó leath ar
theaguisg an diabhal d'argamuinntibh dhó. Agas adeir a n-áit
eile gur mhionca an diabhal aigi agus gur fhoigsi dhó do chodladh
sé iná a Chaitríona féin, .i. an chailleach dhubh dhiabhluidhi
lér phós sé. Agus adeir iomad dá leithéidibh so a mórán d'áitibh
eili dá (shaothar).



Adhbhur eile fá ngoirim mac Lucifer do Lúitéir, do bhríogh
go n-abruid ughdair áiridhe nách é amháin go roibhi an diabhal
'na oidi aigi mar admhas féin achd, fós, go roibhi ag imtheachd
ar a mháthair, agus, mar sin, gurab é as athair dho nó do-rinne
an gníomh lér geiniodh é. do-rinne úghdar áiridh<e> na roinn
si d'fhoillsioghadh an dá uilc si Luitere:



6 líne Laidine




Cia an neach, gá tráth, cáit ó ttug
creideamh, a Lútér, chugad?
An diabhal damh san oidhche
tug ó ifrionn dhubhdhoirche.



Nách nár leat h'admhála féin
soillsi a ndorchachd, a Lútéir,
Críosd ó dheamhan, neamh a-nall,
diaidh a hadhbhuidh iofronn?


L. 162


Iongnadh mhór, 's as romhór leam
aon do chách dhuit go ccreideann
achd an té chreidios dó sin,
an diabhal th'oide as th'athair.




As deimhin go nglacann an diabhal go minic gné chuirp
dhaon<n>a 'na thimchioll agus go luighionn ré mnáibh a ccruth
fhir agus ré fearuibh a ccruth mná, agus as díobh so ghoirthear na
leannáin síthe; agus geintior clann tréna leithéid so do choimhriachduin,
mar sgríobhas cuid do na naomhaithribh agus mórúghdair
eile. Agus as inchreidthi so ar Luiteir, agus as deacair a chor a
n-aithearrachd ón diabhal, ór as ro-aithremhail an mac é.
Do bhuaidhir Lucifear an eaglas neamhaicsidhe do chruthaidh
Dia ar neamh; do-ríne Luteir an ní cédna risan n-eagluis
aicsidhe do órduigh Dia ar talamh. Do chuir an t'athair cogadh
agus cathughadh idir na hainglibh ar neamh; do-ríne an mac an
ní cédna idir na daoinibh ar talamh. Do tharruing Lucifear
ar neamh iomad do na naoi n-órduibh aingiol a ttréutúrachd
a n-aghaidh Dé; do thairreang Lutéir ar talamh iomad don
uile shórt daoine 'na dhiaidh féin do chor chogaidh ar Dhia agus
do dhénamh tréutúrachda 'na aghuidh féin agus a n-aghuidh a
eaguilsi. Agus, fá dhéoidh, mar do fhan Lucifear san olc do chuir
roimhe a n-aghaidh Dé agus an mhéid do lean é gan filleadh ar an
maith do fhágbhadar nó gur teilgiodh ó neamh go híochdar
iffrinn iad, do fhan fós Lutéir, agus iomad deisgiobal do lean é,
san n-olc agus san n-earráid do chuir roimhe a n-aghaidh Dé agus na
heaguilsi gan trócaire d'iarruidh nó gur damnuigheadh é go
síorrdhuidhe go hiffrionn, bhail a bhfuil a oide agus a athair
Lucifear; agus beid araon ann sin maille risan muinntir leanfas a
lorg 'gá bpíanadh an feadh bhías Dia ag caitheamh na glóire
síorrdhuidhe maille ris na hainglibh tug umhla dhó ar neamh
agus ris na daoinibh tug agus bhéras umhla dhó féin agus dá eagluis ar
talamh.



Ag so, a Chatoilce chroidhe, príomhdhoctúir na n-eiriceadh
san n-aimsir dhéighionuigh si agus an té ó bhfuairsead a bhfuil


L. 163


d'ulcuibh agus d'earráidibh aca, agus ní roibhe aigi ré a theagosg
dhóibh ó do fhágaibh eagluis cCríostt ("colamhuin dhaingion
dhoibhrisdi na fírinde", mar adeir Pól) achd earráid agus ainbhfios
iffrionda do mhúin an diabhal, athair na mbrég, dhó féin. Agus
a Dhé dhil, as trúagh, truagh, a liachd daoine arna mealladh
agus iarna ndalladh leis an ndoctúir ndeamhnuidhe si do thionnsguin
a eiriceachd tré uabhar 's tré iomthnúth, do ghlac an diabhal
féin mar oidi múinte chuigi, do réir admhála a bhéoil féin. Do
geineadh lé coimhriachdain choinnealbháitthe dheamhanda (mar
sgríobhuid deaghúdair) agus do damnuigheadh fá dhéoidh go tinidh
shíorrdhuidhe iffrinn, bhail a mbeid a luchd leanamhna 'na
earráid 's 'na ulcuibh 'gá bpíanadh a saoghal na saoghal.



Ná bíodh iongnadh ort, a Chatoilce, a fhir leanamhna
Chríosd, úmhluighios dá eagluis, fá a ndénaid na heirice
d'inghreim agus do phersecúsion ort do thaoibh do mhaoine agus do
phearsan, achd smúain agad féin gur mar bhíos an ceann bhíd
na boill agus go mbí an dalta mar bhíos an t-oide (mar adeir an
feallsamh), agus gur daltadha foghlamtha do Luitéir na heirice si
atá 'gat inghreim agus gur dalta don diabhal eision, mar admhas
féin; agus go bhfuile féin ad dhalta foghlamtha ag an n-eagluis
naoimh Rómhánuigh do chuir Pádruig feartach fírindeach dod
theagusg san chreideamh 's gur ó na habsdaluibh do teagusgadh
lé béul Chríostt féin fuair sisi gach ní dár múineadh dhuit. Agus
meas, dá réir so, nach iongnadh eascáirde Dé 's na heaguilsi
bheith 'got inghreim agus ag cor chathuightheadh ort an feadh
bhías tú ad bhall d'eagluis agas do chreideamh Chríostt, agus bíodh
lúthgháir ort an uair do-gheabhae masla agus míomhodh uatha fá
bheith mar ataoi, mar do bhíodh ar na habsdaluibh an tan do
masluighthi iad fá chreideamh Chríostt; agus coimhnigh go n-abair
Críostt gur beanduighthi an mhuinntear fhuilngios inghreim
ar son na córa. Creid fós agus bíodh dóthchas daingean agad go
bhfhuil coróin ghlóire dá córughadh fád choinne fa gach égcóir
agus gach aindligheadh dá ndéintear ort ar son do chreidimh agus
bíodh na briathra úd adeir Críosd san soisgél ad mheabhair
do shíor dod dhaingniughadh san chreideamh d'aimhdhéoin


L. 164


gach inghreama, "Gibé aidéomhas mé a bhfiaghnuisi na ndaoine,
aidéomhadsa eision a bhfiaghnuisi mh'Athar atá ar neamh, agus
gibé shénfas mé a bhfiaghnuisi na ndaoine, sénfadsa eision a
bhfiaghnuisi mh'Athar atá ar neamh", ós é sin lé a rádh, "Ní
ghéubh leis mar óglách do thabhairt glóire dhó ar neamh ó nar
ghabh leam mar thighearna agus nar aduimh mo chreideamh agus nar
fhan a mh'eagluis ar talamh, achd imdh<igh>eadh go tigh na
bpian 's go teaghlach Luicifir, ós é do lean sé ar an saoghal ag
trégadh mo chreidimh-si."



Achd níor fholáir troimleabhar do dhénamh dá ccuirmís
romhainn teachd ar bheagchuid d'aingidheachd, d'ulcuibh, agus
d'earráidibh, Luiteir a n-aghuidh Dé 's na heaguilsi. Do ghlacas
siocair an beagán sa do labhairt air do bhrígh gur fán loghadh
ar a bhfuilim ag sgríobhadh do ghlacsan siocair dochum a
chéideiriceachda tré uabhar agus tré iomthnúth, mar do cuireadh
an Bráthair Préisdiur roimhe do sheanmóir an loghaidh.



Atá an earráid chédna a n-aghaidh an loghaidh ag Caluin
cholach, an dara príomh<m>aighisttir a ndiaidh Luiteir do mhúin
gach olc. Dámadh áit so chuigi, dob urasa dhúinn iomad
d'olcuibh, do shalchar, agus do dhiabhluidheachd, an fhir si d'innisin,
achd go ccuirfeadh gráin ar dheaghdhaoinibh a n-éisdeachd.
Sgríobhuidh doctúir oirrdheirc eirice air go bhfuair bás iar
ndol a n-édóthchas dhó, ag mallughadh do Dhia agus ag rádh
blaisphéimeadh agus ag gairm ar an ndiabhal agus ag toirbhirt a anma
dhó.



Gibé do léighfeadh a bheathaidh, do chreidfeadh go
hurasa gurab í sin an chríoch do rachadh air, do bhí comhsalach
agus comhdrúiseamhuil agus sin gurab í pian phuiblighi fuair tré
pheacadh sodomdha, .i. tré choimhriachduin ré buachuillibh, a
dhruim do losgadh lé hiarann ndearg, mar sgríobhas iomad
úghdar Catoilceadh agus eiriceadh. Dobá sgoláir do Luiteir é san
ulc, achd ní fada go ndérna ceann feadhna dhe féin agus gur sháruigh
a oide a n-ulcuibh agus a n-earráidibh malluighthi as gráineamhla
ináid earráide Luiteir.


L. 165


Do lean a bhfuil d'eiricibh ann anois an dá mhaighisttir
mheabhlacha sa ag cor a n-aghuidh na loghadh do-bheir an
pápa do na Catoilcibh. Ór, gé go bhfuilid lán do chogadh, do
choinntinnibh, agus do chean<n>airgibh, eatarra féin a ttaobh a
gcreidimh, ionnus nách mian lé duine dhíobh aga mbí dhá
fhocal léighinn gan ceann creidimh do dhénamh de féin, tar a
cheand soin, tigid ré chéile fá bheith a n-aghuidh na cCatoilceadh.
As tearc ponc a mbíd síothchánta achd ann so amháin. Ní
hiongnadh sin, ór ní thigid na deamhain san seirbhís a mbíd ré
chéile a gcás ar bioth achd amháin ag cur a n-aghuidh Dé 's a
mhuintire. Nádúir na muc bhíos aca; bíd na muca ag marbhadh
a chéile eatarra féin achd cuirid ré chéili go síothchántha
a n-aghuidh na con. Mar sin do na heiricibh. Bíd ag cosgairt
a chéili fána gcreideamh eatarra féin, iondus go bhfuighthea
iomad do sheactaibh éxamhla a n-aonbhaile a n-aghuidh a
chéile; gidheadh, a roibhe d'eiricibh ann riamh agus a bhfuil agus
a mbiadh dhíobh, tigid ré chéile a n-aonphunc amháin, .i. a
mbeith a n-aghuidh na heaguilsi agus na cCatoiliceadh gan
imreasan.



Suil do bhí ochd mbliadhna fichiod d'aois ag eiriceachd
Luitéir, do geineadh ochd n-eiriceachda ar fhichid ar chéud
uaithe agus gan aonsheict díobh so ag teachd re chéile achd gach
drong díobh ag mallughadh don droing eile agus ag dearbhadh fá
theann nách roibhe ar éolas achd iad féin amháin 's go roibhe
na seicte eili uile ar seachrán agus damanta, mar sgríobhas cuid
díobh féin; agus do dearbhadh tuilleadh agas dá bhliadhuin déug
uaidh go rabhadar deich seicte ar trí fichid ar dhá chéd ar
shliochd Lúitéir amháin agus gach seict díobh ag damnughadh
cháich eile uile go hifriond achd iad féin amháin.



Agus do méduigheadh an nuimhir sin ó sin a leath go mór, agus
do-chímid san tír se anois do láthair féin a Holand, a Séland,
agus bhFríosland gur éirigh dá sheict láidir a n-aghuidh a chéile
atá ag cor na ttíorthann ar lasair chogaidh agus choinntine creidimh.
Gidheadh, atá aonphunc amháin a mbíd síothchánta, .i. bheith
ag cor a n-aghuidh na cCatoiliceadh 'ga n-inghreim 's 'gá
ndíbeirt, gé go bhfuilngid an uile sheict earráideach eatorra


L. 166


agus go mbí fáilti ag an chineadh Iudaidhe agus ag na Turcachuibh
féin 'na measg. As lór léo d'ádhbhar fuatha ar ní a bheith a
móirmheas ag na Catoilcibh, agus, do bhrígh go bhfaicid meas mór
aca ar an loghadh, do-níd a ndíthchioll 'na aghaidh mar gach
ní.



Foillsighthear nach leanann mórdhachd an
ríogh a n-abair Lutéir nó Caluin ag maslughadh
na n-absdal, na naomhathar, 's na
seanchomhairleach ngeiniorálta; agus cuirthear
síos na neithe adeir agus admhas as a ndearbhthar
an loghadh agus gach pongc eili creidimh atá
a ccontroueirs eadruinn.



Cé nách foil ar rí uasal óirdheirc 'na mhac ag an n-eagluis
Chatoilce mar do bhádar a sheana agus a shinnsire achd gur lean
fá-raor creideamh na muinnteiri lér hoileadh é 'na óigi (mairg
do-bheir a mhac do dhrochoidibh), .i. clann Chaluin agus Luitéir
(Dia glórmhar dá fhilleadh), tar a cheann so, níor lean lorg
an dá mhaighisdir mhailíseach sa a n-uabhar agus a n-aindíomas.
Do-bheiridsion taircuisni ar naomhaithribh na heaguilsi; cuirid
na naomhchomhairleacha geiniorálta a neamhshuim; neimhní
léo gach ní dár theaguisgsead; labhruid go romhaslamhuil ar
na habsdaluibh féin agus ar scríbhnéoruibh eile bhréithre Dé;
cuirid earráid agus ainbhfios 'na leath so uili gach áit a n-abruid
neithi nách taitnionn riú. Adeir Lutéir nách foláir leis féin
bheith 'na bhreitheamh ós na hainglibh; úghdar na heibisdili
tuighe ghairios don apsdal S. Sém; adeir fós nár chóir do
shacramuinnt na holadh déighionuighi d'órdughadh gan ughdardhás
ó Dhia agus go roibhi beatha agus teagusg Pheadair a n-éagmhuis


L. 167


bhréithri Dé; agus, arís, san leabhar a n-aghuidh ríogh Saxan
adeir nách foil cás aigi a míli Aibhisdín, a míli Ciprianus, a míle
eagluis. Agus a n-áit eili adeir nách fuil focal creidimh fhírindigh
a leabhruibh Hieronimus, gur fear creidimh fhállsa Tertulianus,
gur duine malluighthi Origines, nách fiú éinní Crisostomus,
nách foil achd manach a mBasilius 'gus an diadhaire Ciprianus,
agus, fá dheireadh, gur férr Apologia, .i. leabhar do sgríobh a sgoláiri
féin Melancton, ináid na naomhaithre uile, agus S. Aibhisdin do
chur riú. Agus a n-áit eile adeir nách dénta cás d'ughdardhás na
n-aithreadh. "Más apsdail iad," ar Caluin coirpe, "ná bíod
leamhghlórach ag rádh gach neith tig chum a mbéoil achd
abrad go fírindeach aitheanta a tTighearna." Ní thabhair suim
ar aithribh na heaguilsi do bheith 'na aghuidh, achd adeir go
bhfuilidsion uile ar seachrán. So an onóir atá aca fá choinne
na n-absdal 's na naomhathar, mar do-gheibhid iad a n-aghaidh
a n-olc agus a n-earráideadh. Ní bhí achd meas amadán aca a
n-iomad d'áitibh ar na naomhaithribh fán n-ádhbhar ccédna.
Do-bhérmaois a mbriathra féin dá dhearbhadh so agus iomad eile
anuas achd nách áit dhó so. do-ghéntar é uair eile do dhéoin
Dé a n-áit a mbía fairsinge ag an bpeann. Ní fhuil ní as measa
agus as malluighthe iná an t-anduine uirísiol an uair téid a n-áirde.



Achd níor lean ar rí uasal (Dia mór dá fhilleadh air
fhírin<n>e) na bathlaigh brodhacha 'sna blasphéimibh barbardha
sa adeirdís a n-aghaidh na naomhchomhairleach, na naomhathar,
agus na naomhapsdal, gé gur mealladh é fo-raor lé hoidibh do
sgoil mhíchreidmhigh na maighisttreach míbhésach míshubháilceach
míghrásach ar a labhruim. Nír chubhaidh léna uaisli agus
léna athardhachd anuabhar na n-andaoine n-uirísiol do leanmhain
san mbarbardhachd mhíChríosduidhe si. Achd adeir san leabhar
dá shaothar darab ainm Praefatio monitoria, etc., go nglacann
chuige maille honóir agus lé reuerens trí Symboil an Chreidimh,
.i. Cré na nAbsttal, as gnáth a meabhair gach Críosduidhe,
Cré chomhairle Níséin, nách mór nách ionann agus Siomboil
chomhairli Chonstantinopla chantar san aifrionn, agus Cré an
naomhathar Atanasius, adeirthior a ttráthuibh an Domhnuigh.


L. 168


Glacaidh maille risan n-onóir gcédna ceithre chédchomhdhála
choitcheanna na heagluisi, .i. na ceithre chédchomhairleacha
gheiniorálta: comhairle Níséin, comhairle Chonstantínopla,
comhairle Chalsedoin, agus comhairle Epheis. Agus adeir do réir
dhlíghidh na Saxan gur cóir gach ní dár teagaisgeadh ríu do
ghlacadh agus do choimhéud mar fhírinne Chatoilice. Adeir fós
go nglacfa nó nách diomolfa aonní dár theaguisg aithre na
heaguilsi gan easaonta feadh chúig céd mbliadhan tar éis
Chríosd. Gé nách labhrunn san ionad rémhráite ar na leabhraibh
ghlacas don sgrioptúir, admhuidh go nglacann í nísa onóroighi
ináid so. Agus adeir féin a n-áit áiridhe (agus cuiridh sin doilghios
air) nách faca í ríamh iarna cur a mBérla mar as cóir. A
bhuidhi ré Día, ní hionann labhras an rí óirdheirc ar fhundameintibh
an chreidimh agus an dá mhaighisdir mhallachdach mhíonádúrtha
mhíonáireacha Lutéir lobhtha agus Calbhín coirpe cneasdóitthe,
úghdair gach seachráin creidimh dá bhfhuil anois a
bhfhorgla na hEórpa, fear díobh 'na Bhráthair Dhubh dhiabhluidhe
iar ttréigean a chuingi chrábhaidh agus a chéille maraon
ría, fear eile, Calbhín, 'na shagart shaoghalta shantach
dhrúiseamhuil dhíomsach. Níor chubhaidh dá mhórdhachd
ríoghdha na doctúire deamhanda sa do leanmhuin ina leithéid
so do bharbarrdhachd agus do bhlasphéimibh a n-aghaidh na
n-apsdal, na naomhathar, agus na naomhchomhairleach, as uaithneadha
agus as colamhna d'eagluis Chríosd ar talamh.



Achd, gé gur buidheach sinn san cháil si don rígh
mhórchumhachdach, atá gearán dlisdionach aguinn chuigi fá
gan an chuid eili do na comhairleachuibh geiniorálta agus do na
naomhaithribh do ghlacadh. Ór as ionann ughdardhás do na
ceithre cédchomhairlibh geiniorálta agus do na ceithre comha<i>rli
dég do chomhdhálaibh geiniorálta táinig 'na ndiaidh gusan am
sa. As é an pápa tréna léugáidibh do bhí 'na phresidens ós na
ceithre céadchomha<i>rlibh agus do dhaingnidh gach ní dar
snaidhmchinneadh inta, agus do bhí ar an modh ccéadna do thaobh na
ccomhairleach táinig 'na ndiaigh. Hosius Uitus Uincentius do
bhí ós ceann na céadchomhairli a n-ainm agus a n-áit Siluester


L. 169


phápa ar ar hiarradh daingnioghadh gach neith dar cinneadh
inte. Dob ionann an dara comhairle agus an chomhairli Rómhánach
do bhí a n-aonaimsir ría ina raibhi Dámasus pápa 'na phresidens
agus do dhaingnigh gach ní ar ar cinneadh inti. Cyrillus do bhí
'na phresidens san tres comhairli a n-áit Celestínus phápa do
chuir naomhPhádruig chuguinne d'fhoillsioghadh an t<s>oisgeóil
dhúin, agus as a n-ainm an fhir chédna do daingnigheadh gach
ní ar a ttáinig an chomhairli. Leo pápa do chuir a leagáidi
Pascásius, Lucensius, agus Bonifacius, ós cionn na ceathromhadh
comhairli agus do dhaingnidh a ndearnadh inte. Agus do-ríneadar
na pápadha tháinig 'na ndiaigh an ní cédna isna comhairlibh
do cruinnígheadh réna linn, mar as follas as na sdairibh agus as
annálaibh na heaguilsi agus as na comhairlibh féin. Agus, dá réir
so, as cóir don rígh agus dá gach Críosduidhe uiread úghdardháis
do thabhairt don uile chomhairle gheiniorálta. Agus as truagh
leam mar do-rinne a mhórdhachd dá chuid díobh, achd a
nglacadh uili.



Tuilleadh eile, do ghein ar naomhmáthair an eaglas iomad
do naomhaithribh agus do dhoctúiribh diadha tar éis cúig céd
bliadhan d'aois an Tighearna do dhul thort, agus as trúagh an sgéul
má mheasann mórdhachd an ríogh nách luchd fírinde do rádh
iad, agus, dar leat, atá 'na chuntabhairt so an tan nách glacann
achd naomhaithre na ccúig ccéd mbliadhan tar éis Chríostt.
'Na dhiaigh so tángadar Gregóir Bheóil Óir, Gregóir Túrs,
Damascenus, Bonifacius Mogontinus, Beda, Eusebius, Emissenus,
Anselmus, Euagrius, Iustinianus, Bernardus, Bonauentura,
Thomas, agus iomad eile do naomhaithribh agus do naomhdhoctúiribh,
dár thaisbéin Dia a rúndiamhra agus tré a ndérna iliomad míorbhal
lér tairrngeadh iomad ríoghdhachd agus régión ó phágántachd go
creideamh Chríostt. Agus, a Dhé dhil, créd í an chiall a mheas
go mbeath an mhuinntir fuair na mórghrása sa ó Dhia 's 'gá
roibhi beatha naomhtha aingiolda 's do lean go díreach lorg
Chríosd agus léighionn naomhathar na ccúig ccéd mbliadhan d'éis
Chríostt gan aoinní do chreideamhuin do bhíadh contrárdha
dhóibh, go mbeadaois ar seachrán creidimh, agus, dá réir so, go
bhfuaradar bás damanta? Ní hinmheasda gurab í as intinn
don rígh so do rádh, gé, dar leat, go mbeantar as a bhriathruibh


L. 170


é mar nach glacann achd aithre na ccúig n-aimsior a ndiaigh
Chríostt.



Achd gabhmaoid chuguinn a ttugann mórdhachd an ríogh
dhúinn, .i. go n-admhann gach ní adeir an sgrioptúir, na
trí siomboil, na ceithre cédchomhairli, agus aithre na ccúig n-aimsior
a ndiaigh Chríosd. Agus beamaoid ag guidhe Dé a chroidhe do
chlaochlo agus grása do thabhairt dhó an chuid eili d'admháil, agus
na neithe admhas do thuigsin mar as dúal. Agus, go soichi sin,
as urasa do na Catoilcibh foghlomtha a bhfuil a ccointinn eidir
iad féin agus na heirici do dhearbhadh as na ceithre neithibh
rémhráite do-bheir an rí uaidh. Ní haithnidh dhamh pongc
dár ccoinntinnibh as lugha atá go follus aguinn inntibh iná an
ní ar a bfhuilim ag teachd, .i. an loghadh; gidheadh, do-bhéram
dearbh air as na neithibh admhas an rí fhoighéonas do dhaoinibh
nách iarrann fadthráchd nách faghann áit a minleabhar.



Dearbhthar as an sgriobtúir go bhfuil
cumhachd ag an eagluis loghadh do thabhairt
uaithi san chéill 'nar mhínigheamar é thuas, C. 1.



Do gheall Críosd ar Slánuighthéo<i>r (san seiseadh caibidil x
ag Matha) do Pheadar go ttiobhradh eochracha ríoghdhachda
nimhe dhó, agus gach ní dá cceangóladh ríu ar talamh go mbíadh
ceangailti ar neamh, agus gach ní do sgaoilfeadh ar talamh go
mbíadh sgaoilti ar neamh; agus níor bhris a ghealladh air, achd
tug dhó na heochracha an tan do-ríne aodhaire geiniorálta dhe
ós cionn a thréda, ag Eóin san chaibidil dhéighionaigh. Agus atá
uiread cumhachd ris ag gach pápa thig go dlisdionach 'na
áit. Ar an n-ádhbhar so, gibé sgaoilfeas an pápa ar talamh ó
na piantuibh atá air trés na peacadhuibh do maitheadh dhó,


L. 171


bíaidh sgaoilte uatha ar neamh, agus, dá réir so, atá cumhachd
san eagluis loghadh do thabhairt amach.



Dearbhuim gur maith leanas so, do bhrígh gurab ar
sgaoileadh ó pheacadhuibh labhrus Críosd (gé go labhair ar
eochrachuibh follamhnuighthi na heaguilsi), mar thuigios
naomhaithre na ccúig n-aimsior tar éis Chríosd nách obann
mórdhachd an ríogh (Hilarius, Hieronimus, Aibhis., Chrys.,
Ambros., agus a dtáinig uatha anuas gusan am sa d'aithribh agus do
chomhairlibh), agus nír chuimir Críosd na briathra <go> spesiálta
chum peacadh áiridhe nó chum coire amháin, achd adubhairt
go geiniorálta, an uile ní do sgaoilfeadh Peadar (as Peadar
gach pápa), go mbíadh amhluidh ar neamh. Ar an n-ádhbhar
soin, tug cumhachd don eagluis an uile ghné peacaidh do
thógbháil don aithrigheach idir choir agas phéin do réir mar
do-chífeadh go rachadh a nglóir do Dhia agus a leas na n-anmann.



As aithnid dhamh go sénuid cuid do na heiricibh nách
roibhi Peadar 'na cheann ós an eagluis agus nách fuair an ccumhachd
soin ó Chríosd, agus, go n-abuir cuid eile díobh, má fuair, nách
oidhre air an pápa san cháil sin. Achd dearbhuid na diadhaireadha
a chontrárdha so go láidir as na ceithre neithibh admhas
mórdhachd an ríogh. Agus as lór linn anois an ní adeirmíd fán
loghadh do bheith coimhdearbhtha lé cumhachd Pheadair ós an
eagluis agus lé hoidhreachd Pheadair don phápa, agus ní háit so do
thráchd air ní <as> sía. Achd, ós don mhúintir atá fá mhórdhachd
an ríogh scríobhuim so, adér an focal so dá ndánughadh san
bhfhírinne, .i. go bhfuil go follas isna comhairlibh ghlacas an
rí agus go há<i>rídhe san cheathromhadh chomhairle gurab é an
pápa ceann na heagluise, ór adeirid aithre na comhairli si iar
léghadh litreach an phápa Leo dóibh, "Creidmíd mar sin; do
labhair Peadar san phápa Leo." Agus goirid de go minic patriarcha
geiniorálta agus airdeasbag geiniorálta; gairid fós a gceann de
agus admhuid go bh<f>uilid 'na mballuibh faoi, san n-eibisdil
scríobhuid chuigi d'aontoil. Adeirid fós go follas gurab air
do chuir ar Slánuighthéoir coimhéd na fíneamhna, .i. na heaguilsi,
agus a litreachuibh na comhairle do-geibhthior ainm an phápa ar


L. 172


tús agus corp na comhairli 'na dhia<i>gh; agus do iarr an chomhairli
go humhal air gach ní ar a ttángadar do dhaingnioghadh, agus
do-rínedar na trí comhairle eili an ní cédna reis na pápadhuibh
do bhí ann léna linn, .i. Siluester, Damasus, Celestínus, agus as
iad a legáidi so do bhí 'na bpresidentuibh ós a gcionn.



Níor fhéud an chomhairle dar leamsa a rádh nias soilléire
go roibhi Pedar 'na cheann 's 'na uachdarán ós an eagluis
agus gurab é an pápa as oidhre air iná mar adubhairt isna briathruibh
si; agus, ó thug Críosd cumhachd dóibh ar na huili pheacadhuibh
do sgaoileadh gan cuimreachd gan cumhgughadh, as deimhin
gur éidir leó a ttógbháil idir choir agus cháin, chion agus phéin, agus as
ionann so agus go bhfhédoid loghadh do thabhairt amach.



Dá bhrígh so, ó admhas an rí maille honóir gach ní dá n-abair
an chomhairle si as a mbeantar cumhachd an loghaidh agus nách
diomolann ní dá n-abair aithri na ccúig n-aimsear, as a mbeanmaoid
an ní cédna, ná creidthear do mhinisttir mhíchreidmheach
ná do dhuini ainbhfiosach eili adéradh go mbiadh an loghadh a
n-aghuidh an rígh nó a chreidimh.



Dearbhthar an loghadh as siombal na nabsdal
agus as comhairlibh na heaguilsi.



As d'airtiogaluibh ar gcreidimh, mar atá a gCré na nAbsdal,
cumann agus comhpháirt na naomh do chreideamhuin; as é sin
ré a rádh, a ndénid boill na heaguilsi do ghuidhe agus do
dheighníomharthuibh, go ttéighid a ttarbha ní hé amháin dhóibh féin
achd fós do bhalluibh eile na heaguilsi, ór as cumann fallsa
nách roinnfeadh ré haos cumainn na neithi do bhiadh do
riachdanas orra agus iad 'gá luchd cumainn, agus ní cumann fallsa
do órduigh Críostt 'na eagluis achd cumann fírinneach, agus,
dá réir sin, ó tá riachdanas aguinn do chongnamh a chéile,
téighid ar nguidhe agus ar ndeaghoibre a leas dá chéile; agus, do
bhríogh gur clann don eagluis sinn uili, atá ar a cumhachduibh
a mbia d'iomarcuidh lóirghníomha ag na naomhuibh do-ríni
aithridhe iongantach agus crábhadh róchruaidh 's do bhí ar beagán
peacadh agus, fós, lóirghníomh Mhuire uile ar nach roibhe peacadh


L. 173


ar bioth ré a dhíol agus lóirghníomh ar Slánuighthéora as ceann
do na balluibh si do roinn orra, agus as é sin do-ní an tan do-bheir
loghadh amach.



Corp misticthe an Eaglas Chatolice dár ceann Críost agus dár
boill na Críostaidhe uile, mar adeir Pól, agus, amhail mar théid
gníomha gach boill don chorp nádúrtha a ttarbha do na balluibh
eili uili, mar an gcédna, théid gach gníomh do-ní gach fírén
atá 'na bhall do chorp mhisdice na heaguilsi a ttarbha do na
balluibh eili uile ar mhodh éigin. Ní dóibh féin amháin do-chíd
na súile nó ghlacaid na lámha, shiúbhluid na cosa nó chognas
an béul nó bhruithios an gaile an bíadh, achd do-ní gach ball
díobh so a shaothar chum a tharbha féin agus chum tarbha bhall
an chuirp uili. Mar sin, gach saothar deighníomh agus deaghoibreadh
do-ní gach ball fá leath do chorp na heagluisi, má théid a ttarbha
do féin, rachaid a ttarbha do na balluibh eile atá d'aonchorp
ris; agus as é so chíalluighios cumann na naomh chreidmid a
Symboil na nAbsdal.



Ar an ccumann agus ar an ccoimhcheangal sa atá idir
bhalluibh na heaguilsi labhras Eóin absdal an tan adeir,
"Atámaoid a ccompántus agus a ccumann ré chéili", agus Pól, "Luchd
páirti sibhsi dom lúthgháir-si do ghlacadh", agus a n-áit eili,
"Fóireadh bhar bhfearas barr-sa riachdanus cháich, iondus go
bhfóireadh a bhfearas barr-san arís bhur n-amhgar-sa." Agus adeir
a n-áit eili, "As sibhsi corp Chríosd agus boill dá bhall", dá chor
a ccéill go bhfuilmíd 'nar mballaibh dá ndéntar corp misdicthe
na heaguilsi, agus gur tré bhrígh aonbhoill, .i. Chríosd ar cCinn,
tig sin dhúinn. Agus adeir an psailmcheadlach go bhfuil cuid agus
pairt aigi dá gach duine ar a bhfuil eagla Dé agus choimhédus a
aitheanta; ionann sin agus go ttéghid maithghníomhartha an
uile fhíréin a ttarbha choitchinn do bhalluibh na heaguilsi uile,
do réir mar mhínighis Ambros naomh é.



Teagusguidh príomhdhoctúir na heaguilsi a ndiaigh na
n-absdal, Aibhisdín, cumann na naomh san ccéill adubhramar,
agus adeir gur trésan ccumann agus trésan ccomhpairt si téid ar
n-úrnuighthi agus ar ndeaghoibri a ttarbha d'anmannuibh purgadóra


L. 174


do bhrígh go bhfuilmíd féin agus iadsan 'na mballuibh d'aonchorp
eaguilsi Chríosd. Adeirid na doctúire naomhtha eile tháinig
'na dhiaigh an ní cédna.



Admhuidh mórdháil an ríogh gach ní adeir Siomboil
nó Cré na nAbsdal agus ní dhiomolann ní dá n-abruid aithre na
ccúig ccéd mbliadhan tar éis Chríosd, agus as dá roighnibh so
Ambros agus Aibhisdín. Ar an ádhbhar so, ó deirid so (mar do
fhoillsigheamar) go bhfuil cumann agus compáirt idir bhalluibh na
heaguilsi tré ttéid a lóirghníomha agus a ndeaghoibri a ttarbha dá
chéile agus gurab annsa ccompáirt si atá grunda agus fundamuint an
loghaidh, as urasa do mhuinntir an ríogh a rádh go dána ní
headh amháin go bhfuil brígh mhór san loghadh achd, fós, gur
brégach an mhuinntir adéradh go ndiomolfadh an rí é. Agus as
éidir dhóibh fós a rádh ris na minisdribh shénas an ccompáirt
si gur leamh iarruid féin (mar do-níd) ar dhaoinibh guidhe ar
an rígh nó ar dhuine eile.



Tuilleadh eile, do-gheibhmíd a ccomhairli Nisein (an
chédchomhairli gheiniorálta ghlacus an rí maille honóir) go
bhfuil cumhachd ag na heasboguibh an bhreith n-aithrighi agus an
lóirghníomh do laghdughadh agas do ghiorrughadh don mhuinntir
thaisbénas iad féin friochnamhach fána ccoimhlíonadh. do-gheibhmíd
an ní cédna a n-iomad do sheanchomhairlibh eile.
Do bhádar na comhairli si uili ann suil do coimhlíonadh an
cúigeadh céd bliadhain tar éis Chríosd, agus, ó admhas an rí ráite
aithreadh na haimsire sin, ní obfa a n-abruid na comhairli si,
do bhrígh nách foil san ccomhairli féin achd coimhthionól
aithreadh na heaguilsi iarna ccruinnioghadh go dleisdionach
dochum gach neith do-chífeadh iomchubhaidh chum na heaguilsi
d'fhollamhnughadh, d'órdughadh agus do shnáidhmchinneadh
d'aonaonta.



Do-gheibhmid nías soillsi iná so an loghadh isna comhairlibh
táinig a ndíaigh na ccúig n-aimsior, agus damantar a chontrárdha


L. 175


so mar earráid a ccomhairli Constant. Agus adeir comhairli Trionta
go ttug Críost cumhachd an loghadh do thabhairt amach don
eagluis agus gur roshean an gnás a thabha<i>rt amach san eagluis.
Atá an ní cédna a mbulla an phápa Leo a n-aghuidh Luiteir agus
a mbulla Sixtus 4 a n-aghaidh Phetrus Oxomensis agus a n-iomad
d'áitibh san dligheadh chánóndha.



Ní shénuid na heirice go bfhuil an eaglas a ngnás an
loghuidh do thabhairt amach lé fada, achd adeirid nách
labhruid aithre ná comhairleacha na ccúig ccéd mbliadhan
air san chéill ar mhínigheamar é agus mar sin nách foil ann (achd)
ní nuachd, do bhrígh gurab é adeirid na seanaithre sin chomhairli
Niseni agus na seanchomhairleach eili gur éidir leis na heasboguibh
an bhreith n-aithrighi do cuireadh ón eagluis ar dhaoinibh do
mhaitheamh dhóibh; gidheadh, ní abruid gur éidir leó an phian
dlighid do Dhia trés na peacadhuibh do mhaitheamh, agus as do
mhaitheamh na péine si tuigthior an loghadh.



Ní mar so atá. Labhruid na seanaithri ní hé amháin
ar an lóirghníomh 's ar an mbreith n-aithríghi do cuirthí ar son
pheacadh bpuiblídhe fá gcuirionn an eaglus pian fhollus achd
fós ar an bpéin do cuirthí ar son pheacadh bhfoluightheach
mar atáid drochsmuainte, agus adeirid go maitthi í so agus ní cuirthior
ar son na bpeacadh so achd pían dá thabhairt díola do Dhia,
do bhríogh nách déinid peacaidh fholuightheacha díoghbháil
don eagluis, ór ní ghluaisiond olc séicréideach cách chum uilc.
Ar an n-adhbhar so, ní hé amháin labhruid na senchomhairli ar
phéin na heaguilsi, achd mailli ris sin adeirid go bhfuil cumhachd
ag na hesboguibh an phian dlighthear do Dhia do mhaitheamh.
Léghthar seanaithre na gcúig n-aimsior agus do-gebhthar aca an
ní adeirim.



Dearbhadh eili ar sheinnseireachd an loghaidh nách
faghthar cia do thug an chédloghadh amach san eagluis, ór
adeir S. Aibhisdin gur béulphrocheapta absdalda gach ní
do-geibhthior ar gnás ag an eagluis 's nách faghthar cédúghdar dhó
ó na habsdaluibh anuas. Dá réir so, ó nách faghthar cía do
thionsgain an loghadh ó na habsdaluibh a leath, as uatha féin do


L. 176


thionsgain a chur a ngnás, agus as é Críosd tug cumhachd dóibh
chuigi.



As daingnioghadh ar so go ttug Pól féin maithfheachas
phéine don fhior do-rín peacadh gránna cuil a gcaithridh
Chorint, agus tuigid na diadhaire uile gurab í pian do mhaith dhó
an phian do dhligh Dia dhe fán bpeacadh ghránna do-rinne, agus
as ionann so agus an loghadh ar a labhraim anois. Mar sin fós
thuigid na naomhaithre Pól san n-áit sin, Crísost., Ambros.,
Hieron., Theod., Teoph., Líra, S. Tomas, agus dearbhuidh Medína
go fairsing asda so agus as mhórán eili go bhfhuil gnás an loghaidh
ann ó aimsir na n-absdal. do-ní Corduba an ní cédna, agus Henríc.,
agus iomad diadhaireadh eili. Agus as amhluidh thuigios Anselmus
naomh an t-ionad soin Phóil go labhair ar an bpéin dhlighthear
do Dhia trésan bpeacadh agus gurab í sin do mhaith Pól don
Chorinteach cholach a n-ainm Chríosd, agus as follas gur mar sin
thuigid é Ambros., l. 1 de pen.,6; Epíph., Haeres., 59, ór
dearbhuid as an ionad sa a n-aghuidh Nouátianus go bhfhuil
cumhachd sgaoilti peacadh san eagluis, agus, ó nar sgaoil Pól
an Corinteach ó choir, ní mar fhéidir lais gan bheith do láthair
mar nách roibhi, as éigin do réir na n-aithreadh so (do na cúig
haimsiribh mórán díobh) gur ó phéin an pheacaidh do dligheadh
do Dhia do sgaoileadh é.



Ní beag an tsheinsireachd go ttug Greghóir naomh
míle bliadhan uaidh loghadh sheachd n-eaglas na Rómha amach,
mar sgríobhas S. Tomas, ... agus iomad ughdar eile;
agus adeirid úghdair eile go roibhi an loghadh sin ann ré
nGreghóir agus nách dérnasan achd órdúghadh nua do chor air.
Onufríus, tr. de station. do-geibhthior fós sgríobhtha ar
Shiluester pápa do bhí ann trí c. x bliadhan uaidh go ttug
loghadh amach.



Tug Leo 3 ochd gcéd bliadhan uaidh loghadh do


L. 177


theampall Mhuire san ccathraigh darab ainm Aquisgran san tír
si a bfuilmíd agus don mhúintir do-ghénadh fésda Sutbertus
naomh. Tug Serghius seachd gcéd bliadhan loghuidh uaidh
do theampall Mártan san Róimh, mar atá sgríobhtha a marmor
a n-altóir mhóir an teampuill soin. Agus as líonmhar do-gheibhthior
an loghadh iarna thabhairt amach ó na pápadhuibh agus ó na
comhairlibh táinig ón aimsir sin anuas.



Ní beag an dearbh ar an loghadh gurab é an naomhathair
Bernaird do sheanmóir do na poibleachuibh an loghadh thug
Eugenius pápa don mhuinntir do-bhéradh a gcongnamh chum
an Talaimh Naoimh do bhuain do na hainChríosduidhibh agus
gurab é ár naomhathair S. Froinsias do sheanmóir do na
sluaidhthibh an loghadh thug béul Dé féin ar impidhe a mháthar
dá gach duine do-ghénadh cuairt mailli déuósion ag sépéul
Mhuire na nAingiol (cédmhainisttir an Úird Mhionúir), agus mar
do órduigh Dia dhó dul d'ionnsuighidh an phápa d'iarruidh a
thola chum an loghaidh sin do chur ós áird agus do sheanmóir -
agus do-chonnarc féin an maide ar a roibhe an naomh 'na sheasamh
ag seanmóir an loghuidh, agus atá aniodh a mainisttir Mhuiri na
nAingiol a gcathraidh Aisís.



Ós follus as a ndubhramar do réir Cré na nAbsdal, agus
seanchomhairleach na heaguilsi, agus ghluaisi na naomhathar agus na
ndiadhaireadh, agus síorghnáis na heaguilsi, go bhfuil cumhachd ó
Dhia 'gá bhiocáiri fá loghadh do thabhairt amach, creid, dá
bhríogh so, a Chríosduidhi, go daingion go bhfuil brígh mhór
ann do dhíol na bpian atá ort, agus déin díthchioll ar gach loghadh
fhédfas tú d'fhagháil, agus meas gur mór an mhiri agus an mháinia
cur 'na aghuidh, ór adeir S. Aibh. gur miri mhór dul a n-aghuidh
gnáis choitchinn na heaguilsi. Agus ná creid do mhinisttribh
mhíochráibhtheacha adéradh go mbiadh a n-aghuidh an ríogh
an loghadh d'iarruidh agus d'onórughadh, ór do dhearbhas dhuit é
as an gCré 's as na comhairlibh ghlacas mórdháil an ríogh do réir
ghluaise mhóráin d'aithribh na gcúig n-aimsior, 'sa léighionn
nách diomolann an rí, mar atá aguinn sgríobhtha fána láimh.


L. 178


Dearbhadh eili ar an loghadh as ráitibh na
n-aithreadh naomh do bhí ann ré linn na ccúig
ccéd mbliadhan d'aithli Chríosd; agus fóghnuidh
an dérbhadh so dá gach uili ní eili atá a ngnás
ag an eagluis rómhánaigh gona ngabhann ria.



As ní follas san sgríoptúir nách éidir leis an nEagluis Chatolic
earráid do mhúnadh ná do ghlacadh, ór adeir Pól gur colamha<i>n
chruaidh dhaingion san fhírinde í, agus do gheall Críosd, mar adeir
Eóin san soisgéul, go ccuirfeadh an Spiorad Naomh chuice 's
go bhfuiréochadh aice do mhúnadh gach fírinde dhi. Agus do
ghuidh ar son Pheadair fá gan a chreideamh do chailleamhuin
go bráth, agus tug dhó, mar sgríobhas Lucas, cumhachd cách do
dhaingnioghadh 'na ccreideamh; agus ní do phearsain Pheadair
amháin tug sin achd dá gach aon do thiocfadh go dlisdionach
'na áit, ór ní heaglas lae nó a dhó do-ríne achd eaglas dhaingion
dhoibhrisdi dhoghluaisti do mhairfeadh go deireadh an domhain,
mar atá ag an fháidh Isai.,59. Agus, dá reir so, ionann Peadar
agus gach pápa, agus as mar sin thóigid na naomhaithre é, agus beantar é
as bhriathruibh Chríosd (Mat.16) an tan adubhairt go
ttóigéobhadh a eagluis ar charruig Pheadair 's nách béradh
doirsi uaibhreacha iffrinn buaidh uirre go bráth; ór, muna
thabhradh an chumhachd achd do Pheadar amháin 's gan oidhre
do bheith air, as anbhfann diombuan an charrag fuair ar ar
thóguibh a eagluis, agus ní bhiadh daingion ná buaine ar bioth
innti, 's ní choimhéoladh Críostt a ghealladh go mairfeadh gan
tuitim go deireadh domhuin.



As ní follas fós idir naomhaithribh na ccúig ccéd mbliadhan
tar éis Chríosd gurab ionann an Eaglas Chatolic agus an eaglas
Rómhánach. Cuirfead ann so ráite choda dhíobh dhearbhas
gurab ionann iad agus ráite choda eili dhearbhas nách éidir leis
an n-eagluis Rómhánuigh earráid do ghlacadh, achd dearbhóchad


L. 179


ar tús as Pól é. Adeir ag sgríobhadh chum na Rómhánach
c. 1, "Do-bheirim buidheachas dom Dhia féin", ar sé, "go
bhfuil bhar ccreideamh coitcheann feadh an domhuin." Ionann
so agus a bheith Catolic. Agus arís c.16, "Atá bhar n-umhlachd",
ar sé, "iarna foillsioghadh san uile áit." Do sheanmóir Peadar
an creideamh do na Rómhánachuibh suil do sgríobh Pól an
eibisdil si, agus do bhí ag snámh feadh na cruinne agus ag tionnsgnamh
bheith Catoilce, .i. coitcheann d'fhearuibh domhuin uili, fán
am sin féin, agus as uime so adeir Pól go roibhi a ccreideamh agus an
umhlachd lér ghlacadar é 'gá bhfoillsioghadh san uile áit. Asé
sin ré a rádh, go rabhadar na huili chineadhacha ag glacadh an
chreidimh chédna 'na ndíaigh do réir órduighthe Dé, agus mar
sin do-ríneadh creideamh Catolic dhe, agus as ionann bheith
Rómhánta dhó agus bheith Catoilic - achd adeir na naomhaithre
nías soilléire é.



Ambros, de obitu Satyri. "Do fiafruigheadh dhe", ar
sé, "an roibhi compáirt agus cumann aigi ris na heasboguibh
Catoilci, .i. risan n-eagluis Rómhánaigh", agus, arís, ...
adeir gurab é an pápa fear coimhéda thréda Chríosd as dual
do chaorchuibh Chríosd d'éisdeachd. Agus arís, ...
"Teagh Dé an eagluis dár goibhirneóir Damasus pápa." Agus adeir,
ep. 181, go ccongaimh an eaglas Rómhánach ríaghail chreidimh
na n-absdal gan claochló.



Aibhisdin, contra Eplani. fundamen., c.4. "Congmhuidh
mé san eagluis an t-ainm Catolic atá uirre 's ní gan
ádhbhar, ór, gé go santuighid na huile eiritic Catoilce do ghairm
dhíobh féin, tar a cheann sin, an uair fiafruighthear cáit a bhfuil
an Eaglas Chatoilic, ní fhuighi eiritic ann féin a rádh gurab í
a eaglas féin í." Goiridh Aibhisdin an nEaglus Chatolic don
eagluis ina roibhe féin, agus as follas gur san eagluis Rómhánuigh
do bhí. Agus arís, "Madh olc maith leó é," ar sé, "ní ghoirid don
Chatolic achd Catolic, ór ní tuigfidhe iad ar mhodh eili." Agus san
áit chédna, "Ní héidir leis an n-eagluis Rómhánuigh", ar sé,
"daoine do mhealladh." Agus arís, "Do foillsigheadh an tsheinnsireachd


L. 180


Chatolic", ar sé, "ré litreachuibh an phápa Inocentius corrigenda
onórach." Arís, ... adeir gur slighe lorgaireachda agus fhaghála
na hEaguilsi Catoilci féchuin ar réim na n-easbog diaigh a
ndiaigh a ccathaoir Pheadair, agus áirmhidh, dá bhrígh sin, na
pápadha ó Pheadar go hAnastasius pápa. Arís, ag labhairt ris
na heiricibh Donatistae, "Áirmhidh dhúinn", ar sé, "bhar
n-easboga diaigh a ndiaigh ó chathaoir Pheadair; is í an charrag
nách claoifi doirsi uaibhreacha iffrinn."



Hieron., ... "Cía dá ngoirionn", ar sé, "a
chreideamh féin? Más don chreideamh Rómhánach, as Catoilce
sinn." Agus arís, ... "Bíodh a fhios agud", ar sé, "nách
ghabhann an creideamh Rómhánach do moladh lé bél an
absdail a leithéid sin do mhealltóireachd; dá ttigeadh aingiol
d'fhoillsioghadh neitheadh do bhíadh contrárdha don teagusg
fuair, ní ghéillfeadh dhó." Agus a n-áit eili ag sgríbhadh gusan
phápa Damasus, ..., "Atú", ar sé, "a ccompáirt réd
naomh<th>achd, .i. ré cathaoir Pheadair; thusa oidhre an
iasgaire; ataoi ad shuighe san ccathaoir chédna." Agus chum an
fhir chédna, ibidem, "As aithnidh dhamh gur tógbhadh an eaglas
ar an ccarruig si; gibé ithios uan don taoibh amuigh don tigh
si, duine gan chreideamh é." Ionann sin agus, gibé ghlacas creideamh
eili seach an ccreideamh Rómhánach, go bhfuil ar seachrán.



Ag so ráiti trí bpríomhdhoctúir na hEaguilsi Laidne
fán ccúis si ag dearbhadh nách foil difir idir an Eaglas Chatolic
agus an eaglas Rómhánach achd gurab ionann iad, do bhrígh, gibé
'gá bhfhuil an creideamh Rómhánach, go bhfuil 'na Chatolic
agus, gibé ó tteasduighionn, nách foil 'na Chatolic. Ní chuirim
síos ráiti Ghregóir, an ceathramhadh naomhdhoctúir na heaguilsi,
do bhrígh nách do na cúig chéd do bhlianuibh d'aithle Chríosd é.



Ireneus, l.3, c.3. "Ag cor fhundamuinnti na
heaguilsi", ar sé, "do na habsdaluibh, tugadh easbogóideachd
na heaguilsi d'fhullamhnughadh do Línus." As follas gur 'na
phápa do bhí Línus, agus, mar sin, do réir an naoimh ionann
chíalluighis an Eaglas Chatoilic agus an eaglas Rómhánach.
Áirmhidh ann sin féin na pápadha ó Pheadar go Heleuterius


L. 181


agus adeir gurab éigion do na Catolicibh uile a cceangal ré heagluis
na Rómha, inar coimhédadh riamh", ar sé, "béalphroceapta nó
teagusg bheóil na n-absttal go hiomlán."



Tertulianus, de prescrip., c.36. "Atá an Róimh
agad", ar sé, "ó bhfuil úghdardhás do láthair aguinn; sona an
eaglus í dá ttugadar na habsdail a bhfuil agus a bhfoghluim uile."



Cyprianus, ep.45. Goiridh fhréimh agus máthair na
hEagluisi Catoilce don eagluis Rómhánuigh, agus san áit chédna
ag sgríobhadh go Cornelius pápa, "Do dhaingnigheadh th'easbogóideachd-
sa, do dhíghnid, agus th'fhírinde le dearbhadh
rófhollas," ar sé, "ionnas go nglacadaois ar ccompáin-ne uili go
daingion do chuman<n> agus do chompáirt-si." As é sin ré a rádh,
aondachd na hEaguilsi Catoilice. Ionann ag an naomh an
Eaglas Chatoilic agus an pápa. Adeir arís, ... gur moladh
credeamh na Rómhánach leis an n-absdal 's nách éidir le
míchreideamh dul 'na mheasg. Agus a n-áit eili, ... "Do toghadh
an pápa Cornelius", ar sé, "an uair do bhí ionad Fábianus, .i.
cathaoir Pheadair, folamh."



Ignatius an dara heasbog do bhí a nAntiochia a ndiaigh
Pheada<i>r. Adeir, ... gurab í an Róimh ceann na heaguilsi
san réighión Rómhánda. Agus táinig an t-easbog Policarpus
naomh, comhaosda Ignatius, d'ionnsoighidh an phápa Anicetus
d'fhuasgladh an chruais do bhí air fan gcáisg, mar sgríobhas
Hieron., de scrip. ecc., in Policarp. et Iren., l. 3, c. 3. Tuigthear,
dá réir so, as an dís si do bhí ann ré linn na n-absdal gurab í
an Róimh ceann na Catoiliceachda.



Atanasius, an naomhathair oirdheirc, ep. ad Marcum papam.
Goiridh athair na hEaguilsi Catoilce don phápa, agus máthair na
n-uile eaglas d'eaglais na Rómha. Agus arís ag labhairt risan
bpápa, "Do chuir Dia sibhsi", ar sé, "agus bhar sinnseara absdalta
a bhfortoil na huachdaránachda agus tug aithni díbh cúram na
n-uile eaglas do bheith oruibh."



Uincen. Liren., c.9. "Glacfad aoineisiompláir," ar sé, "agus so
ón cha<thaoir> absdalta, iondus go bhfaiceadh an uili dhuini


L. 182


an daingni agus an díthchioll lér choimhéd 's lér chosain comharbachd
bheanduighthe na n-absdal iomláini an chreidimh do glacadh
ria." Agus cuiridh síos mar do chothoigh Stepha., do bhí an uair
sin san chathaoir absdalta, an fhírinde a n-aghuidh na n-earráideadh
do bhí ag éirghe san Aifric. Ruf., in Symbol. Adeir
nar thionsgain earráid nó eirceachd riamh san eagluis
Rómhánaigh. Greg. Nasian. do-bheir fiaghnuisi gur chongaimh
an eagluis Rómhánta creideamh na n-absdal. Prosp., deisgiobal
S. Aibhis., con. Collat., c.10. "Más fíor sin," ar sé, "do-chuaidh
cathaoir naoimhPheadair ar seachrán labhras risan gcruine uile
tré bhéul Zosim. pápa, ní do réir an naoimh nách éidir do
theagmháil."



Optatus Mileuit., l. 2 contra Parmen. "Ní héidir leat", ar
sé, "a shéna go ttugadh an chathaoir do Pheadar san Róimh
's gur shuigh ceann na n-absttal innte iondus go gcoimhédtaoi
aondachd ó na huilibh san aonchathaoir sin 's go mbíadh an
té do thóigéobhadh cathaoir eile 'na haghuidh 'na shismaitic
's na pheacach."



Epiphan., ..., iar n-áireamh na bpápadh go Peadar dhó.
"Ná bíodh iongnadh ar neach", ar sé, "go n-áirmhim iad fó
leith, ór as mar so do ghnáth thig an fhírinne chum solais",
dá chor a gcéill gurab ón té atá a n-áit Pheadair thig gach fírinni
Chatoilice. Agus a n-áit eile ag labhuirt ar Pheadar 's ar fhear
a áite, "So an charrag" ar sé, "ar ar tógbhadh an eaglas, agus
ní beirthear buaidh lé doirsibh ifrind, .i. na heiriceachda agus na
heiriasiarca, 'na haghuidh, ór fuair an creideamh an uile ghlés
daingion a bPeadar do ghlac eochracha nimhe sgaoileas ar
talamh agus cheanglas ar neamh."



d'fhagháil bona agus fhíorthobuir na heaguilsi fírindighe ó silionn
an Chatoiliceachd feadh an domhuin agus do chlaoi na n-eiriciodh
así slighe do ghlacadar na naoimheasboig Iren., Aibhis., Optatus,
agus Epiphani., citati, réim na bpápadh do chor síos diaigh a
ndiaigh ó Pheadar gusan bpápa do bhí ann re linn gach duine
dhíobh, dá chur a gcéill go dtug Críosd mar do gheall don chathaoir
chairrgi sin grása chum na gCatoilceadh do dhaingnioghadh


L. 183


san fhírinde as chum gach earráide do sheachna. Dob
fhada ó chéili agus ón Róimh na heasboig si, Aibh. agus Optat.
san Aifric, Iren. a Leigheon na Fraince, agus Epiphani. a Ciprus;
gidheadh, así so slighe fuaradar do lorgaireachd na fírinne; agus
do-ríni Tertul., 5 contra Marcion., c. ult., agus Euseb. Caesar.,
easbog ón Phalestina, an seanchas cédna ó Pheadar gusan bpápa
do bhí ann ré a linn.



Ag so ráiti agus fiaghnuisi príomhdhoctúr agus naomhaithreadh
na ccúig ccéd mbliadhan d'aithli Chríosd ag admháil
gurab í an eaglas Rómhánach an Eaglus Chatolic agus nách éidir
lé earráid do mhúnadh ná do ghlacadh. Dá réir so, as comhfhocail
an Eaglas Chatolic agus an eaglus Rómhánach, ór as é as
Catoliceachd ann creideamh coitcheann Chríosd, atá ag sileadh
chuguinn ó Pheadar, áirdbhiocáire Chríosd (dá ndérna carruig
ndaingin ndoghluaisdi na fírinde), tréna chomharbuibh gusan
bpápa atá do láthair aguinn, mar shileas an t-uisgi tré fheadánuibh
ón fhíorthobar, do ghlacadh go hiomlán agus do choimhéd go
daingion domhúdhaighthe. Gonadh aire sin as dearbh an uili
dhuini agus an uili eaglas agá bhfuil an creideamh Rómhánach go
bhfuil 'na mballuibh don Eagluis Chatoilic agus an uile dhuine
chaillios an ccreideamh sa 'na eirice agus 'na ghéig chrín iarna
gearradh do chronn chúmhra na Catoiliceachda.



Do chuirios na ráiti si na naomhaithreadh síos
go hionnraic coinghiollach focal ar fhocal mar as fearr gur
fhéudas Gaoidhiolg do chor orra gan ní do chor riú ná do bhuain
díobh ná d'iomlat ionta do chlaochlobhadh a ccéill, mar bús
follus don té léighfeas na hionaid ar a ndéinim ailléideach.
Do-gheabhuinn tuilleadh dá ráitibh achd gur lór a ndubhart dá
dhearbhadh go follas gurab ionann an eaglas Rómhánta agus an
Eaglas Chatolic agus nách éidir lé ceachdar dhíobh bheith a n-earráid.
Do léigios thoram ráiti na naomh 's na ndoctúr do bhí ann lé
haonchéd x bliadhan tig go soilléir ré chéili san phungc so,
d'eagla an leabhrán do bheith liosda agus do bhrígh nách glacann
mórdháil an ríogh, 'sa mhuinntior dobadh mían linn do
theagasg, achd aithre na ccúig n-aimsior.



Ós follas nách éidir leis an Eagluis Chatoilici


L. 184


bheith a n-earráid, mar do dhearbhas as an sgrioptúir, agus gur
follas as aithribh na ccúig n-aimsior d'aithli Chríosd gurab
ionann an Eaglas Chatoilic agus an eaglas Rómhánach nó nách
éidir lé so mar an ccédna dul ar earráid agus nách diomolann
mórdháil an ríogh aonní dá n-abruid aithre na gcúig n-aimsior
d'aonaonta, ar an n-ádhbhar so, a Chatolic chroidhe, abair go
dána daingion gur naomhtha neaimhearráideach an uili ní
theaguscas agus ghnáthuigheas an naoimheaglus Rómhánach, agus,
ód-chí go tteagusgann agus go ttabhair amach an loghadh, creid
gur ní fírinneach é ina bhfhuil brígh mhór chum leasa th'anma,
agus, dá mbagradh minisdir míchoinsiasach an rígh ort, cuir a
gcéill do nách tuigionn sé an rígh, ór ní spreagann a mhórdháil
léighionn naomhaithreadh na ccúig n-aimsior, agus do dhearbhamairni
gurab é so an léighionn dóibh.



Ní fán loghadh amháin do ghabhas saothar fán arguiminti
si achd iondus go ndigentá a n-argumeint chédna go coitcheann
do dhearbhadh an uili ghnáis fuaramar ón eagluis go
bhfuil go maith dlisdionach 's nách foil a n-aghuidh an ríogh,
ag rádh mar so: Ní héidir leis an nEagluis Chatoilic earráid do
dhénamh, agus adeirid naomhaithre na ccúig n-aimsior d'aithli
Críosd, 'sa léighionn nách diomolann an rí, gurab ionann
an Eaglas Chatoilic agus an eaglas Rómhánta, mar as follus as a
mbriathruibh féin do chuireamar síos ann so. Ar an ádhbhar
so <abuir>, as neithi fírindeacha neimhearráideacha an turas agus
an t-uisge coisrioctha, an trosgadh, an t-aiffrionn, an fhaoisidin,
an ola dhéighionach, an chuing chrábhaidh, onóir na n-íomháigheadh,
na ccros, na ccésadh, agus thaiseadh na naomh, úrnuighthe
chum na naomh, rádh na bpaidrín, canamhain na psalm a
Laidin, geanmnuidheachd na sagart, guidhe ar na marbhuibh,
etc., agus ní cóir do mhinisdir ar bioth fá chumhachd an ríogh iad
so do thoirmiosg ná do dhiomoladh, ós follas go bhfuilid do
réir na n-aithreadh nách diomolann an rí achd ar a labhair
go honórach agus dá ttabhair uiread creidimh agus do-bheir na
Iesubhite, mar adeir féin.


L. 185


Leantar ar an ní ccéadna ag dearbhadh gurab
é an creideamh do sheanmóir Pádraig dhúinn
atá anniogh aguinn agus, dá réir sin, nach éidir
ar mbeith ar earráid.



Ní hí mórdháil an ríogh amháin admhas nach diomolta
teagusg aithreadh na ccúig n-aimsior d'aithli Chríosd, achd
adeirid forgla a bhfuil amuigh ón eaglais Chatoilic go roibhe
an creideamh fírindeach ag an eaglais Rómhánuigh feadh na
haimsire sin, agus admhuid mórán díobh go roibhe amhluidh a
bhfad 'na dhiaigh sin. Admhuidh Lútér go roibhe an eaglas
go maith feadh sé chéd mbliadhan. Admhuidh Cailbhín an ní
cédna a n-áit nó a dhó, agus a n-áit eile adeir go roibhe go maith
a n-aimsir S. Aibhi. agus Optatus, do bhí ann san chúigeadh céd
bliadhan d'aithle Chríosd. Leanuid iomad do dhoctúiribh
earráide na Saxan an dá heresiarca sa san cháil si. Agus adeir
mórdháil an rígh féin nách molann an eaglas Rómhánta do
thréigean achd an mhéid gur thréig sí féin í féin.



As ré linn na haimsiri si ina roibhi an eaglas Rómhánach
glan ó gach earráid do réir admhála a heascarad do chuir sí
Pádraig feartach fíréolach chugainne dár dtarruing ó dhorchachd
na págántachda go soillsi an tsoisgéoil beagán ar 400
bliadhan d'aithle Chríosd.



Ar an ádhbhar so, do bhreith eascarad na heaguilsi Rómhánaighi,
má choimhnighid ar an ní adubhradar, as cóir dhúinn gach
creideamh agus gach crábhadh dár mhúin dhúinn an uair sin do
choimhéd anois. Ór as deimhin nár theaguisg Pádruig dhúinn
achd creideamh na Rómha do chuir chuguinn é, ór ní thiobhradh
ainbhfeas ná olc air earráid do theagusg dhúinn, agus dobadh


L. 186


malluighthi an mhailís sin do luadh risan mhaighisttir mhíorbhuileach
mhórghrásdach ar a labhruid na herice féin go honórach
iongantach, agus, ós é an creideamh tug Pádruig dhúinn an uair
sin atá aniogh aguinn, atáid a n-aghaidh Dé agus 'na n-aghaidh
féin an mhuinntir atá 'ga dhíbeirt uainn agus 'gar n-inghreim
fana choimhéd aguinn. Má admhuid mar do-níd gur creideamh
glan do bhaoi san Róimh an tan do chuir Pádruig chuguinn,
créd fa bhfógruid dhúinn gan léighionn Phádruig do leanmhuin
achd a chur ar cúl mar chreideamh fhallsa? Nách díoth náire
don mhuintir a admhas gur cuireadh sinn ar chredeamh chóir
go bhfuilid 'gar ttarruing dár neamhdhéoin ar chredeamh
chontrárdha? náchar lugha an mhíonáire a rádh gur creideamh
claon do múineadh ó thús dúinn 's garab uimi so atáid dá dhíbeirt
uainn? Achd, dá n-abrad so, beid contrárdha dóibh féin, agus
búdh héigion dóibh a admháil go bhfuilid fir Shaxan ar dhíth
creidimh 'na n-ainChríosduidhibh go ttáinig Lutéir lobhtha
mac Lucifer agus Caluin coirpe. Ór, más creideamh claon do chuir
an Róimh lé Pádruig chuguinne iar gcailleamhuin an chreidimh
chóir dhí féin, as creideamh róchlaon do chuir go Saxan lé
hAibhisdín do chuir Greghóir Mór chuca do sheanmóir an
tshoisgéoil dóibh dá chéd bliadhan beagnach tar éis Phádruig
dár tteaguisg-ne.



Ní feas dhamh créud do fhreigeóradh eirice dá eagnuidhe
dho so gan bheith go follas a n-aghaidh chéille, ar mhodh go
ttuigfeadh gach duini ag nách bíadh ciall chapaill a míchiall.
As éigion dóibh a rádh gur creideamh eili táinig astteach oruind
agus atá lán d'earráidibh agus do shuperstísion, atáid do dhíbeirt
uainn 's nách é an creideamh cneasda do mhúin Pádruig
inghreimid.



Ní aibéorsa gur bréga dubha iad so, achd déra duine
eile go bhfuilid gan dubh gan dath. Ar tús, do dhearrbhas
cheana nách éidir leis an n-eagluis Rómhánaigh earráid ar bioth
do ghlacadh, agus as follas go roibhi ar ttír-ne riamh 'na ball don
eagluis <s>i a gcumann agus a gcompáirt chreidimh ria. Ór as í
as eaglas fhírinneach ann coimhthionól na gcreidmheach fá
fhollamhnachd spioradálta bhiocáire Chríosd, chomharba
Pheadair, agus as ionann so agus an eaglas Rómhánta; agus, dá tteagmhadh


L. 187


dúinne chlaochló ón chredeamh tug Pádruig dhúin, do sgoithfeadh
ar máthair agus ar mbanmhaighisdir, an Róimh, ceann a sic
heaguilsi Catoilce, sinn mar ghéguibh chríon<n>a do chronn
na Catoiliceachda agus do ghearrfadh sinn mar bhalluibh mharbha
d'eagla go ttruaillfeamaois boill eili chuirp mhisdicthe Críosd,
'gar bhfoillsioghadh ós aird mar eiricibh, mar do-rinne réna
ttáinig dh'eiricibh ann riamh ó aimsir na n-absdal gusan n-am
sa a bhfuilmíd.



Achd ní dhérna an chathaoir absdalta, máthair na n-uile
eagluis, so réna hinghin úmhail ionmhuin, lé hÉirinn do chongaimh
go daingion léighionn na fírinde fuair uathi tré sheanmóir
Phádruig an príomhfháidh, agus do dhearsgnuidh a naomhthachd
ós ríoghachduibh eile tré bhfuair an t-ainm uasal óirdheirc,
Oilén na Naomh, do ghairm dhi; agus ní hiongnadh nách dérna,
ór, do réir theisdi dhaoini ughdardhásach don chreideamh
chontrárdha, do bhámar ar chreideamh fhírindeach a bhfad
d'aithli Phádruig. Admhuidh croniceóir an ríogh nách roibhi
daoini dob fhoghlamtha 's doba naoimhe iná deisgiobail Phádruig
agus na manaigh táinig san aimsir 'na dhiaigh. Admhuidh fós
duine mór onórach don nuaichreideamh san eibisdil sgríobhas
sé a leabhar áiridhe do chuir sé a nGaoidhlig do neartughadh
an neimhchreidimh go roibhe ar ttír lán d'fhoghluim, d'fhírinde
chreidimh, agus do naomhthachd, a bhfad d'aithle Phádruig, agus
do-bheir leis ughdair dá dhearbhadh gurab amhlaidh do bhí dá
chéd agus trí chéd bliadhan d'éis teachda Phádruig, .i. ré linn
na naomh n-uasal n-óirdheirc Columbanus agas Kilianus.



Caoinidh an duine maith si san áit chédna go truagh tuirseach
go bhfuil an tír anois neamchosmhuil risan aimsir sin fá aoinchéo
dorchadois agas díchreidimh, agus dá furtachd do ghlac saothar fan
leabhar soin do chur a nGaoidhilg do sgrios an chéo soin don
chreideamh. Minic do-chualamar, Gearrán phreabas as éighios.
Dámadh áit so dhó, dob urasa dhúinn a dhearbhadh gurab
eision agus an dream dá bhfuil atá ag dénamh an dorachadais agus
ag daingnioghadh an díchreidimh tháinig astteach maraon risan
leabhar sa an mhíochumuinn lér ghabh an saothar díomhaoin.
Aguinne atá ádhbhar an chaointe fán dorchadas atásan


L. 188


gona chomhluadar chlaoinchreidmheach do tharruing oruinn
contrárdha do chreideamh Pádruig, Kilianus, agus Columbanus, agus
dá roibhe do naomhuibh romhuinn. Dhúinne as éidir maille
fírinde ar ngearán do dhénamh ré Dia fán dorchadus fá bhfuilid
dár gcor le fóirneart ag sgrios soillsi an tsoisgéoil uainn do
theaguisg Pádruig ar bpátrún dhúinn. Agus cuirim a fhiaghnuisi
ar choinnsias an duini mhóir si gurab é a dhorchadas féin agus na
droingi dá bhfuil as cionntach le gach díth creidimh agus crábhuidh
dá bhfuil oruinn 's gurab é do-ní sinn comhdhorcha agus sin nach
aitheantar anois 'nar ttír a meadhón lae idir an ttuata 's an
t-áirdeasbog. Ní labhruim ar ainm an úghdair; atá onóir
aguinn dho 's as truagh linn duine dá shíol ar earráid.



Achd tabhram dár luchd coinntinde creidimh, agus cuiream
a gcás, ni nach éidir do theachd, .i. gomadh éidir eaglas do
bhiadh a n-aoinchreideamh risan n-eagluis Rómhánta mar do
bhámairne do dhul ar earráid 's gan sgaradh risan gcreideamh
Rómhánta. Ó admhuid go rabhamar ar fhírinde chreidimh ré
linn Pádraig agus a bhfad 'na diaigh, ní foláir dhóibh a thaisbénadh
dhúinn cionnas tárla dhúinn malairt creidimh do dhénamh agus dul
ar seachrán; gá haimsir, cáit, agus cia lé ndérnadh an drochmhalairt
si; cia do chuir a n-aghuidh an tseachráin; cia bá rí an uair
sin aguinn. Ór, mar adeir an seandhoctúir beannuighthe
Uincen. Lyrine., c.34, ní tháinig earráid riamh nach fríth an
áit agus an aimsir 'nar thionsguin agus an t-ainm speisialta do ghlac.
Agus, dá dhearbhadh so, do sgríobh S. Aibh., Optat., agus naomhaithre
eile anmanna gach eiriceachda agus ughdara gach earráide dá ttáinig
rompa san eaglais, agus as ní malairt creidimh nach tig a ttarbha
phuiblighi nó a ríoghdhachd ar bioth gan claochlo agus combuaidhriodh
mór bhíos follus ní hé amháin san áit 'na tteagmhan<n>
achd fós isna ríodhachduibh coimhidheacha. Agus as dearbh ar
so a ttárla do chombuaidhirt a nÉirinn an uair tháinig ó
phágántachd go creideamh Chríost agus a ndéarna an rí Laoghaire
mhac Néill agus a dhraoithe diabhluidhe dh'aibhirséorachd a
n-aghuidh Pádraig agus a naoimhchléireach.



Léghadh luchd an nuaichreidimh leabhair iris agus an<n>álach
ar ttíre; sgrúdadh go mion ar sgríobh seanchuidhe agus croiniceóire
Éirionn, Alban, agus Shaxan; fiafruigheadh gnáthchoimhne na
ndaoine; agus, iar ndénamh a ndíthchill, bíodh a slán fiaghnuisi


L. 189


ar bioth d'fhagháil achd a mearbhall agus a mearughadh féin go
ndearnadh claochló ar bioth chreidimh a nÉirinn ó aimsir
Phádruig achd a bhfuil a n-earráid anois do dhénamh lé foirneart
a n-aghaidh chreidimh Phádruig.



Ní tháinig gabháltas temporálta agus ní tugadh maidhm ó
aimsir Phádruig nár chuiriodar na croiniceóire ar coimhni an
áit agus an aimsior a ttárla agus an mhuinntir lé ndérnadh agus cía
do bhí ag cur 'na n-aghuidh. As mór agus as fada an súan do bhí
orra, má do-rinneadh gabháltus spioradálta oruinn agus má tugadh
maidhm ar ar ccreideamh, nár labhradar agus nár sgríobhadar
focal dá thaoibh so agus nách fios dhóibh cía lé ndérnadh ná an
aimsior ná an áit a ndérnadh ná cía do bhí ag cathúghadh 'na
aghuidh. Níor imigh claochló agus ní tháinig craobhsgaoileadh ar
chineadhachuibh móra ar ttíre nách fuil do mheabhair agus
sgríobhtha 'gár ccroiniceóiribh. Ní hé amháin, do chuireadar
minneithi féin a ccoimhne don mhuinntir thig 'na ndíaigh, agus ní
shaoilim go bhfuil tír san Chríosduidheachd as lia seanchuidhe
ó oific agus ó dhúthchas iná ar ttír, ór, gé nách bí seanchuidhe
ó oific 'sna tíorthuibh eili achd ag na prionnsaibh amháin, doba
gnáth gan aointighearna mór d'fhearuibh Éirionn bheith gan
seanchuidhe díleas dúthchais aige.



Dá bhrígh so, as ní neimhchéillidhe a rádh go ndérnadh
claochló creidimh aguinn d'éis Phádruig agus nár chuir croiniceóir
ar bioth ná seanchuidhe sin a ccoimhni don mhuinntir thiocfadh
'na ndiaigh, ór as ní iongantach égcosmhuil gur chuireadar na
huile neithi eile éiffeachdacha do bhean risan ttír 'na leabhruibh
agus nar fhágbhadar cogadh ná comhghluasachd gan iomrádh, agus
an ní as mó ar bioth, .i. claochló creidimh, aga mbí go coitchionn
comhghluasachd mór agus combuaidhirt 'na choimhideachd, nách
laibheóradaois focol air. Más 'na ccodladh nó ar meisgi do
bhádar a roibhi ré seanchas a nÉirinn an tan tárla malairt
creidimh, dob fhada an codladh é, ór ní déintior a n-aonló iná
a mórán do laithibh claochló creidimh go hiomlán a réigión
mhór; agus, a ccás go rabhadar 'na ccodladh nó fa dhraoidheachd
go ndérnadh an claochló so go hiomlán, iar músgladh dhóibh
as iongnadh nach facadar an claochló dénta, .i. creideamh
Pádruig iarna chor ar ccúl agus nuaichreideamh 'na áit, achd muna
measuid na heirice go rabhadar bodhar balbh agus gan chéill ón


L. 190


chodladh sin amach go ham a mbáis; gigheadh, ní chreidfe
so achd daoine gan chéill gan résún; agus, a ccás go tteigeómhadh
an díth céilli si ar na seanchaibh, ní dhiongnadh an pobal rún
ar an cclaochló, achd do bhíadh a ccoimhni aca ag teachd ón
athair gusan mac, mar atá 'na ccoimhne gurab é Pádruig tug
ó phágántachd iad go creideamh Chríostt agus mar bhías choidhche
gurab iad na heirice, atá anois dá n-inghreim, atá ag díbeirt
chreidimh Chríostt uatha.



Dá ndéindís fós fir Éirionn uile rún ar mhalairt creidimh
do-ghéntaoi aca (ní nar éidir do theagmháil), ní dhiongnadh
na talta eili rún air, achd do bhíadh sgríobhtha a sdairibh iomad
náision, mar atá aca gurab é Pádruig tug chum creidimh sinn,
agus an aimsior a ndérna, agus cia an rí do bhí ann an uair sin, agus cía
an pápa do chuir chuguinn é, agus fós gurab é an rí an t-ochdmhadh
Enri tug tosach an chreidimh chlaoin chuguinn atá le fóirneart
ag díbeirt creidimh Phádruig uainn.



As ní deimhin dearbhtha do réir an chomhráidh si go
bhfuil Éire 'na hóigh fhírghlain san ccreideamh 's gur choimhéd
a maighdionas do Chríosd ón am fár ghlac a chreideamh tré
sheanmóir ar n-absdail uasail iongantuigh gan aonta do thabhairt
d'earráid ná d'eiriceachd ríamh go beag nó go mór. Agus as í so
glóir as mó aice do thaoibh Dé agus an tsaoghail, ór ní fhuair
aoinrégión don Chríosduidheachd an phriuiléid si, .i. bheith
saor ón uile eiriceachd, achd Éiri amháin agus a hinghean ionmhuin
Alba résan aimsir si, mar scríobhuid ughdair óirdheirce náision
eili. Ní shénabh go ndeacha naomhthachd an oiléin go mór
ar ccúl suil táinig an nuaichreideamh sa, mar do-chuaidh fós
a foghluim óirdhirc a n-oiltí Francuigh agus Saxanaigh anall-úd,
mar sgríobhas Béda beanduighthi. Tré iomad na ccogthach agus
na ngabháltus do díbreadh na sgolta ina múintí crábhadh agus
léighionn, agus as tré so táinig iomad ainbhfis agus peacadh asdeach,
mar admhas Camd., croinicéir an ríogh. Gidheadh, ní tháinig
eiriceachd asdeach ríamh chuguinn go soichi an aimsior so, Dia
dár saoradh uirre.



Ar na hádhbharuibh si, a chlann chroidhe Phádruig,
ód-chí sibh féin go follas nách dérnabhair claochló creidimh ón
am fá ndérnadh Críosduidhe dhíbh achd gurab é as creideamh


L. 191


anois díbh an creideamh do sheanmóir Pádruig ar bpátrún
beanduighthi agus do dhaingnigh lé hiomad feart agus míorbhal an
uair sin díbh, congmhuidh go daingion doghluaisdi é agas
fuilngidh persecusion agus inghreim, bruid agus bás, suil do thréigfios
sibh é, ór as air atá bhar slánughadh. Cuiridh contrachd ar an
uile chreideamh atá contrárdha dhó, agus, gé go ccuirfidhe fá
bhruid Bhábiloini sibh dá bhar cclaonadh ón chreideamh chóir,
mar do-ríneadh lé cloinn nIsrael, ná tréigidh an fhírinde fuarabhair
ó Phádruig achd taisbénuidh sibh féin daingion díleas
do Dhia, coinghiollach cruadhchúiseach in bhar ccreideamh.
Gearr mhairfeas broid an chuirp, agus mairfidh an t-anam a nglóir
shíorrdhuidhe tréna fhulang. Gearr mhairfeas an sochar
saoghalta tré ttréigthear an creideamh, agus mairfidh dochar phian
síorrdhuidhe 'na diaidh. Cóir eagla résan rígh ttalmhuidhe atá
ós cionn bhar ccorp; córa go mór eagla résan rígh neamhuidhe
atá ós cionn na ccorp 's na n-anmann.



Smuainidh fós, ó admhuid príomhúghdair na heiriceachda
gurab é an creideamh cóir do bhí san eagluis Rómhánta an tan
táinig Pádruig chuguinn 's gurab é do sheanmóir Pádruig
eadruinn 's nach faghthar a gcoimhni ná a gcroinice go
ndearnamar malairt riamh achd a chonntrá<r>dha so, gur feall
gránna do-níd oruinn a n-aghaidh Dé 's na n-aghaidh féin ag
buain ar gcreidimh 's ar gcrábhaidh dhínn inar slánuigheadh
ar seana agus ar seinnsera, 'gár n-éignioghadh chum creidimh fhallsa
earráidigh dárab críoch damnughadh síorrdhuidhe. Creididh go
calma an uile naomhghnáth adubhart roimhe, mar atá an
t-aiffrionn, an trosgadh, an fhaoisidin, an olaidh, etc., 's gurab
é Pádruig do mhúin daoibh iad, 's gar dó as córa creideamhuin,
's nách do chléir chollaidhi an chreidimh chontrárdha, agus, ós do
na naomhghnásuibh si an ní ar a bhfuilmid ag tráchd ann so,
.i. an loghadh, tug siocair dhúinn an begán so do rádh ar staid
ar ttíre go coitcheann do thaoibh chreidimh, bíodh meas
mór aguibh air agus creididh gur romhór a bhrígh do dhíol na bpian
atá oruibh trés na peacadhuibh do maitheadh dhíbh dá bhar
saoradh ó phurgadóir 's dá bhar luathaghadh chum glóiri.


L. 192


Freagartha aithghearra ar mhincheasduibh fán loghadh.



An chédcheasd, cia 'gá bhfuil cumhachd an loghadh do
thabhairt amach? Atá ag an phápa feadh na cruinne uile, do
bhrígh gurab é biocáire Chríosd, árdaodhaire an tréda, agus comharba
Pheadair. Atá fós ag gach easbog óna oific cumhachd loghuidh
bliadhna do thabhairt amach an uair choisriogas eagluis, agas
dá fhichid lá gach uair eili ina dhioseis féin. Ní fhuil ag duine
ar bioth eili ó oific, muna fhagha úghdardhás pápa nó
easboig.



An iarrthar obair mhaith ar bioth chum an loghaidh
d'fhagháil? As gnáth obair éigin thrócaire, .i. déirc, trosgadh,
úrnuighthe, etc., do chur mar choinghioll fán loghadh d'fhagháil.
Uime so, as cóir a fhiafraighe cia hí an deaghobair atá san
loghadh, ór, muna dhérnthar í, ní faghthar toradh an loghaidh.



Créd é an t-ullmhughadh hiarrthar chum toraidh an
loghtha d'fhagháil? Hiarrthar bheith a ngrásuibh Dé gan
peacadh marbhtha, ór ní hairidhe ar mhaithfeachas an té atá
fós a n-eascairdeas Dé agus nach déin aithridhe. As lór bheith a
ngrásuibh an uair chríochnuighthear deighníomh an loghuidh,
.i. dá mbeithea a ttosach an trosgaidh iarras an loghadh a
bpeacadh mharbhtha 's go bhfillfithea uaidh mailli haithridhi
a ndeireadh an troisgthe.



An uair adeir an pápa, "Do-bheirim an loghadh sa don
uile dhuine do-ghénas a leithéid so d'obair thrócaire iar ndénamh
aithridhi agus faoisidni', an iarthar an fhaoisidin do chur a ngníomh
d'fhagháil tarbha an loghaidh? Má tá coinfeasóir ar fagháil,
déntar an fhaoisidin; muna fhoil, as lór an áithridhe féin.
Agus, lé fao<i>sidin do dhénamh nó gan a dénamh, ná déin faillighe
fán loghadh, má taoi gan rún peacaidh mharbhtha ort féin, agus,


L. 193


dá dteagmhadh a bpeacadh thú, déin aithridhi ann as gluais
chum an loghaidh.



An lór a chor d'fhiachuibh ar dhuini eile an gníomh
iarras an loghadh do dhénamh, .i. trosgadh, turas, nó
úrnuighthe? Ní lór ar aonchor muna fhaghthar sin go
follos a mbulla an loghuidh.



An éidir lé duine tarbha an loghuidh do thabhairt dá
charuid bhéo? Mara bhfaghthar sin go speisialta a mbriathruibh
an loghuidh, ní héidir.



An éidir linn tarbha an loghaidh do thabhairt dár
gcairdibh marbha? As éidir, an n-uili uair fhoilsigheas briathra
an loghaidh é, ór atá so a ngnás agus ó bhéulphroceapt ag an
n-eagluis Rómhánta, dá nách éidir dul ar earráid, mar do
dhearbhas roimhe, c. 6. As é a résún so, mar adubhart roimhe,
gur boill aonchuirp mhisdicthe na Críosduidhe uile béo agus marbh,
agus go bhfuil ar gcongnamh agá chéile ag tarruing dár ndúthaigh
shíorrdhuidhe go flaitheamhnus; agus, an mhuintir do-chuaidh
cheana ar dhorus asdeach, do-bheirid a gcongnamh dhúinne
chum teachda 'na ndiaigh. Dá bhríogh so, mar as éidir linn
guidhe ar bhéoaibh 's ar mharbhuibh, as éidir linn, mar an
ccédna, ar loghadh do thiodhlacadh dhóibh (mar mhúinios an
eaglus dúinn), má fhoillsighid briathra an loghaidh gurab í sin
toil an phápa; agus d'fhagháil loghaidh don mharbh ní hiarthar
duine do bheith a ngrásuibh.



Créd as ciall do loghadh na n-uile pheacadh do-bheirthear
amach go minic? Ní chialluighionn go maithtior coir na
bpeacaidh, ór ní fhoghnann loghadh chuige so, achd maithidh
a mbí ort do phéin trés na peacadhuibh do tógbhadh dhíot
risan n-aithrídhe, agus goirthior peacadh san sgrioptúir do phéin
an pheacaidh.


L. 194


Créud as ciall do loghadh bliadhna, céd lá, nó aimsir eile
chinnte as gnáth do thabhairt amach? As é a chiall so, gibé
pían phurgudóra do dhíolfatha féin leis an lóirghníomh do-ghénta
feadh na haimsire sin ar an saoghal, an loghadh dá dhíol a n-áit
an lóirghníomha soin, .i. gibé lóirghníomh do chuirfeadh confesóir
do réir chríonnachda agus chirt ort go ceann bliadhna, díoluidh
loghadh bliadhna an urdail sin don phéin dhlighe a bpurgodóir.



Créd fa bhfuil an loghadh anois ní as mó a ngnás iná a
ttosach na heaguilsi? Do bhí cumhachd ag an eagluis riamh
a thabhairt amach, achd as meince anois do-bheir amach é
do bhríogh a ttosach na heaguilsi go roibhi iomad deighníomh
ag na Críosduighthibh agus beagán peacadh agas go ndéindís
lóirghníomh trom docrach an uair theagmhadh dhóibh tuitim
san bpeacadh. Anois atá mórán peacadh aguinn agus beagán
deighníomh agus atámaoid roileasg chum an lóirghníomha, agus, dá
bhrígh so, do-bheir an eaglas leis an ccumhachd fuair ó Chríosd
congnamh dhúinn as a hóirchisdi do dhíol ar bhfiach.



An uair do-ní duine cuairt a n-eagluis áiridhe nó gníomh
eili fá ttugthar loghadh iomlán amach, créd fá n-iarrann loghadh
eili go cionn fadaimsire 'na dhiaigh sin? As maith an loghadh
do sholáthar agus d'iarruidh dá mheince fédfuidhear é. Ar
tús, ní feas dhuit an uair fúaruis é an rabhadhuis a ngrásuibh.
2 An chúis fá ttugadh amach an lánloghadh dobadh éidir
gomadh lór leathloghadh do thabhairt ar a son. 3 Théid an
deighníomh dá mheince do-níthear é a médughadh glóire do
Dhia agus tuillidh nuaghlóir don té do-ní é. 4 Fásaidh an
tshubháilce ré tathuighi na ndeighníomh agus laghduighthear an
dubháilce. Achd do-níd na diadhaireadha fadthráchd orra so,
agus ní háit so dhó sin. Ar chuid do na hádhbharuibh si, gé go
n-aibéorthaoi aifrionn ar mharbh ar altóir phribhiléidigh saortha
anma ó phurgadóir, ni cóir faillighi do dhénamh aifrinn agus oibre
eili trócaire do dhénamh ar an n-anam ccédna.


L. 195


An té do-ní cuid don deighníomh hiarrthar chum an
loghaidh agus nách déin an chuid eili, .i. lá do na trí laithibh
troisgthe hiarrthar chuige, an bhfaghann an treas cuid don
loghadh? Ni fhaghann, do bhrígh gur fá choinghioll na hoibre
go hiomlán tugadh an loghadh amach.



An n-aithbhéoaithear an loghadh do toirmiosgadh trésan
tté do-ríne an gníomh do hiarradh chuigi do bheith a bpeacadh
mharbhtha, an uair thig chum na haithridhe? As inchreidthe
tré thrócaire nDé go ndéntar, amhuil aithbhéoaithear gach
deaghobair do cailleadh tré thuitim san bpeacadh an uair
tigthear chum na haithridhe. Ionann an loghadh d'aithbhéoaghadh
agus a thoradh d'fhagháil, amhuil mar do bhíadh
gan toirmiosg ar tosach.



An ndéin an loghadh tarbha don té atá coinnealbháitthe?
Ní dhéin, do bhrígh gurab é as éifeachd don choinnealbháthadh
duine do sgaradh ré compáirt maithiosa coitchinn na heaguilsi.
Uime so, gé go ndiongnadh an té si aithridhi, ní héidir leis
loghadh d'fhagháil go bhfagha absolóid ón choinnealbháthadh.



An éidir leis an n-eirice loghadh d'fhagháil? Ní héidir,
do bhríogh nách éidir le duine bheith a ngrásuibh gan creideamh
agus nách cóir óirchisde na heagluisi do roinn achd ar a cloinn
féin 's nách dá cloinn an t-eirice.



An uair do-bheirthior loghadh dá ghach aon do-ní
cuairt ag eagluis áiridhe maille deuósion, an n-iarrthar dul
asdeach innti chum an loghadh d'fhagháil? Ní hiarthar, muna
fhoil briathra éigin eili san loghadh chuirios sin mar choinghioll.



Cia as férr, do phianta do dhíol lé hoibribh trócaire nó
lé loghadh? As fearr a ndíol riú araon, mar adeirid na páisdeadha.
As é an loghadh as mó dhíolas don phéin, agus as é an
lóirghníomh as mó thuillios do ghlóir agus gheinios do na subháilcibh.
Dá bhríogh so, ní cóir faillighi do léigean a cceachdar dhíobh.
Atáid pianta phurgodóra coimhgér coimhnimhneach ré piantuibh
iffrinn, mar adubhart san treas rann, ... Agus ní feas do


L. 196


dhuine gá mhéid dhligheas díobh. Ar an n-ádhbhar soin, as
mairg nách coirfeadh dhe iad an uair as éidir é ar shaorchunnradh.



An fíor an ní adeirid san tír si go bhfuil loghadh áiridhe
ag an té ibhios a chapán a ndiaigh altuighthe? Ní héidir leis
an bpápa loghadh do thabhairt amach achd maille hádhbhar
ndleisdionach, agus as ionann sin agus cúis dhiadha shubháilceach do
bheith aigi chuigi. As inchreidthi go ttugadh an loghadh soin
amach fán n-altúghadh do rádh; gidheadh, ní chreidim go
ttugadh amach é fán ndigh d'ibhi. Agus nír rigeadh a leas.
Ibhthear í go maith (go háiridhe san Tír Íochdaruigh) gan
loghadh ar bioth, agus ní shaorfuinn ar pheacadh an mhuintir bhíos
ag ibhi deochann ar a chéile mar ghreann a ndiaigh altuighthi
d'fhagháil loghaidh, ór ní neithe iomchuibhghe chum súgartha
na neithe spioradáltha.



Cia as tarbhuighe do dhuine medáille, cros, nó césadh,
loghuidh do bheith aige nó bheith a gcombráithrios spioradáltha
ina bhfaghthar iomad loghadh, mar atá bráithrios úird Mhuire
a n-órd S. Doiminic agus bráithrios úird chreassa S. Froinsias?
As férr dhó go mór bheith a mbráithrios úird, do bhríogh ós
ceann an loghuidh go mbí cuid agus páirt aige do mhaithghníomhuibh
na ccombráthar uile agus go ttig go minic do thathuighe na sacramuinteadh
agus chum oibreadh trócaire tré bheith a ccombráithrios
úird. Agus, fós, an loghadh do-beirthear amach do na combráithribh
crábhuidh ghlacas gné staidi spioradáltha chum seirbhísi
Dé agus leasa a n-anmana, as é as dísle, as mó lóirghníomh
deaghoibreadh, agus as mó gheinios do na subháilcibh.



An uair do-beirthear loghadh dá gach duine thiocfas do
dhénamh úrnuighthe go teampall áiridhe lá féile Pádruig nó
fhéile S. Froinsiais, an bhfaghann an té thig go minic gusan
teampall an lá sin nísa mhó iná aonloghadh amháin? Ní
fhaghann, achd dá ttugthaoi an loghadh soin amach gan aimsior


L. 197


spesialtha d'ainmnioghadh, .i. lá nó octáibh, do-geabhthaoi é dá
mheince do thiocfadh duini gusan tteampall nó go háiridhe
uair gach aonlá.



Ciondus críochnuighthear nó caillthior an loghadh ionnus
nach éidir a ghnóughadh ní as mó? Caillthior ar thrí mhodhuibh,
.i. an uair théid an aimsior áiridhi do hórduigheadh chum a
fhaghála thort, agus an uair goirthior ar ais é tair éis an ghairm
d'fhoillsioghadh go hiomchubhaidh, agus an uair chailltior an ní dá
dtugadh é, .i. má do loisgeadh an teampall nó an paidrín 'gá
roibhe an loghadh.



Créd é an loghadh mór iubilaeus ó ngoirthear bliadhuin
an loghuidh? Anall-úd ní tabharthaoi an loghadh sa amach
achd ó chéd go céd bliadhain; anois do-beirthior amach é gach
cúigeadh bliadhain ar fhichid agus bí ar marthuin feadh na bliadhna.
As ionann é agus loghadh na n-uili pheacadh nó lánloghadh achd
amháin gur gnáth san iubilaeus úghdardhás do thabhairt do na
confeassóiribh a gcásuibh an phápa agus chum dispeinsáide do
dhénamh a móidibh áiridhe agos a neithibh eile. do-beirthior
amach é leath amuigh don bhliadhain sin fa chúisibh móra na
heaguilsi go coitchionn, mar tugadh ar an mbliadhuin si a
bhfuilmíd.



An té bhíos a mbráithrios uird S. Proinnsias an uair
léigios an crios do coisriogadh lé huachdarán éigin don órd
amugha uaidh, an bhfoghnann crios gan choisriogadh do chor
'na áit chum loghaidh an bhráithris úird d'fhagháil? Ní
fhoghnann, do bhrígh nách tugadh loghadh an bhráithris úird
achd don mhuinntir agá mbí crios coisriogtha ó uachdarán éigin
don órd tarsta. Dá réir so, mar chailltior loghadh na medáilli
an uair cailltior í féin iondus nách éidir a fhagháil nías mó,
ní héidir an bráithrios úird d'fhagháil an uair cailltior an crios
go bhfaghthar crios coisriogtha eili. An loghadh do-bheirid
uachdaráin na n-órd ccrábhaidh uatha an tan ghlacaid duine
go sollamanta ina ccompáirt agus do-bheirid dhó go spesialta
cuid agus páirt dá gach trosgadh, dá gach úrnuighthi, dá gach


L. 198


seanmóir, agus dá gach crábhadh, dá ndéinid a n-íochdaráin
riaghalta? Ní headh ar aonchor, ór as as óirchisdi na heaguilsi
beantar an loghadh agus ní thabharthar é achd do dhuine bhíos
fá ughdardhás an té do-bheir amach é, agus ní fhuil ughdarrdhás
ag na huachdaránuibh riaghalta ar an n-óirchisdi sin ná ar na
daoinibh sin ghlacuid 'na ccompáirt.



As é ní do-bheirid dóibh páirt agus comhroinn speisialtha
do chrábhadh agus do dheaghoibribh na ndaoine riaghaltha bhíos
fána n-umhlachd do dhíol a bpian agus do mhédughadh a maitheasa
agus dá saoradh ar olcuibh cuirp agus anma, ór, mar as éidir do dhuine
riaghaltha féin a úrnuighthe agus a oibri trócaire do thoirbhirt do
dhuine eile chum na críchi si, as éidir dá uachdarán an ní cédna
do dhénamh go háiridhe do thaoibh crábhaidh choitchinn an
choimhthionóil nó an úird, 's as inchreidthi fós gur éidir leis
deaghoibri speisialtha na n-íochdarán do chor d'fhagháil luaidheachda
agus do dhíol fhiach na gcómharsan, muna dhéarnad na
híochdaráin go sonnradhach iad do dhíol a bhfiach féin agus a
riachdanas orra, mar adeirid naoimh agus doctúiri.



Don loghadh do-gheibhid an mhuintir ghlacas
bráithrios n-úird S. Froinsias.



Ar ttús do-gheibhid loghadh na n-uile pheacadh an lá
glacthar fear nó bean dhíobh a mbráithrios nó a seathras n-úird
S. Froinsiais iar ndénamh faoisidne agus iar nglacadh cumaoine;
agus atá an loghadh cédna aca a n-uair a mbáis iar mbeith dhóibh
a sdaid ghráis achd ainm Íosa do rádh ó bhéul nó ó chroidhi.



Do-gheibhid loghadh iomlán gach uair thigid a ndiaigh
fhaoisidne agus chumaoine chum an phrosession mhíosamhuil as
gnáth ag an órd. Agus, an té ag nach bí bráithrios úird, do-gheibh
céud bliadhuin do loghadh fá theachd gusan phróseision soin.



Do-gheibhid loghadh chéd lá gach uair do-níd coimhideachd
ar an ccorp naomh an tan do-beirthear é chum na ndaoine


L. 199


ttinn nó ar mharbh dá adhlacadh, agus gach uair do-bheirid déirc
do bhochd nó do-níd síothcháin idir luchd n-easaonta nó éisdid
oific na heaguilsi, .i. na trátha nó an t-easbart.



As éidir léo na loghaidh si d'fhagháil do na marbhuibh
fuair bás a ngrásuibh.



Atá aca gach loghadh tugadar na pápadha do na Bráithribh
Mionúra nár goireadh ar ais. An pápa Sixtus 5 thug so uaidh
29 Aug. 1587.



Gach uair do-ghénad faoisidin agus ghlacfad cumaoin a
bhféustuibh an Tighearna, mar atá nodluig, cáisg, cinncighis,
etc., nó Mhuire, Lúsia, Albertus, Mhuiri Mhagdalén, nó Pheadair
agus Phóil, do-gheibhid loghadh iomlán. Innocen. 8; Leo 10;
Greg. 13, 8 id. Aug. 1579. As do thaoibh na compáirti atá
aca is gach loghadh ré na Bráithribh Mionúra, mar thug Sixt.
5 dóibh, atá so aca agus na loghaidh si síos.



Gach uair adérad Coróin Íosa, .i. trí Paidreacha x ar
fhichid gona nAue Maria a gcoimhni na haimsiri ro mhair san
saoghal sa, nó Coróin Mhuire, ina mbíd trí hAue Maria x ar
thrí fichid, Paidir ré gach ndeichneamhar di agus Cré 'na diaigh,
do-ghéubhad loghadh iomlán. Leo X, Iulius 2.



Gach uair adérad an naomhadh psalm x, Exaudiat
te Dominus, nó trí Paidre agus trí hAue Maria a tteampall nó a
sépéul na mBráthar Mionúr maille guidhe do dhénamh ar an
bpápa thug so amach, do-ghéubhad gach loghadh dá bhfaghthar
an lá soin a n-eaglasuibh na Rómha, etc., agus an mhuintear lé
nach éidir tré thindeas nó thoirmiosg ndleisdionach eile teachd
go teampoll na mBráthar, foighéonaidh dhóibh an úrnuighthe
sin do rádh san áit a mbeid. Clem. 7., 1529.



Gach uair adérad nó éisdfead aifrionn chonsepsion
Mhuire, .i. na féile inar gabhadh a mbroinn í, achd guidhe do
dhénamh ar naomh<th>achd an phápa agus ar sttaid na heaguilsi,
do-ghébhad loghadh iomlán. Leo 10.



Gach uile dhuine (gé nách biadh a mbráithrios úird)
iar ndénamh fhaoisidni agus cumao<i>ni, do-ghénas cuairt chráibhtheach
ag eagluis ar bioth don Úrd Mhionnúr a bfhéiltibh S.


L. 200


Phroinnsia<s>, Antoin de Pádua, Bonauentúra, Bhernardinus,
nó Chlara, ó chédeaspart na bhféilteach sa go luighi gréini iarna
mhárach agus ghuidhfios Dia innti fá shíothcháin na bprionnsadh
gCríosduidhe, sgrios na heiriceachda, agus árdúghadh na heaguilsi
naoimhi, do-ghébha loghadh na n-uile pheacadh. Sixtus 5.
Féch iomad eili ag Rod., ...


L. 201


Clár
ina bhfaghthar do réir úird na haibidili na neithi ar
a ttráchdthar san leabhrán sa.



Absolóid; foillsighthear créd í, pagina 375; ní lór chuice
duine do bheith 'na shagart, 377; atáid cáis inar lór,
379; glés ar ar éidir lé sagart simplídhe a tabhairt uaidh
an n-uair nach biadh duini aigi ó bhfuigheadh úghdardhás,
382; ní dhéin droichbheatha an tsagairt díoghbháil
dhi, 386; ní dulta chuigi achd d'easbuidh dheaghshagairt,
391; an bhfoghnann absolóid an tshagairt ainbhfhiosaigh?
395; dall an mhuintir thoghas é, 's biaidh a mhairg
dhóibh, 409; cóir an absalóid d'iarruidh arís a ccásuibh
áiridhe. Féch "sagart", "peacadh", "fao<i>sidin".



Adhbhair ghluaiseas chum na haithridhe, pagina 155.
Aicídi an pheacaidh; créd iad? gá líon díobh ann? a ndifir
ó shubsdaint an pheacaidh? foillsighthear seachd
ngnéé dhíobh, agus cia dhíobh so dhlighthear do chur san
fhaoisidin.



Aiffrionn an tshagairt agá mbí bean; an cóir a éisdeachd?
Ainmhian; dorchaighidh an ttuigsin.
Aithne; as é as peacadh ann a briseadh.
Aitheanta Dé 's na heaguilsi a ndán, bíodh do mheabhair
ag gach aon, dlighthear aithni na n-úachdarán
thuaithi do cho<i>mhéd muna rabh a n-aghaidh Dé nó
na heaguilsi, tugadh aitheanta Dé amach a
ndá chlár, trí dhíobh san chédchlár, seachd san dara
clár, fiafruighi fá chédaithni an chédchláir,
fiafruighe fán dá aithni eile, fa aitheantuibh an
dara cláir fo leath, fiafruighi fá aitheantuibh na
heaguilsi.


L. 202


Aithri na gcúig n-aimsior d'aithle Chríosd; adeirid go follas
nách éidir leis an eagluis Rómhánaigh earráid do
mhúnadh, tigid linn san uile choinntinn dá bhfuil
eadruinn agus luchd an nuaichreidimh.
Aithridhe; as í eochair Dhábhidhe dár sgaoileadh ór bpeacadhuibh
idir choir agus phéin.
Aithridhi; as í aisiceas na grása do cailliodh trésan bpeacadh,
filligh an peacach a ngradum as mó iná mar do
bhí roimhi, cuiridh lúthgháir ar an ccúirt némhdha
uili agus tuirsi ar ifrionn, ní dlighthear a cor ar cairde,
roghuasachdach an aithridhe mhall, díoth céille
a léigean go ham an bháis, iomdha toirmiosg tig
uirre an uair sin, ní dlighthear rodhóigh do chor
inti san am soin, sompladha uathbhásacha fá gan
a cor gusan mbás, ní dulta a n-édóthchas a n-am
an bháis féin, cúig comhartha na haithridhe
fírindighi, definision na hai<th>rídhe na naomhathar,
Féch "doilghios", "peacadh".
Aithridheach; ciondus as cóir dhó é féin d'iomchor ag teachd
gusan oidi faoisidni, agus na neithi as cóir dhó do rádh?
iarradh oidi foghlamtha mar iarras liaigh éolach dá chorp.
Alexander uaibhreach; créd í an cháirdi do-bheiriodh don
bhaili ar a ccuireadh léigior?
Anfadh; an uair chuirios d'fhiachuibh ar luing sgaoileadh ó
chúan, as mór an contabhart a mbí; mar sin don té
do-ní an aithridhi amháin a bpongc an bháis.
Amán príomhchomhairleach Assuerus; as lár a aoibhniosa
do-beirthear chum na croichi é mailli n-a dheichneamhar
mac.
Anmanna thrí ndeamhan: Dúnadh Sparáin, Dúnadh Béoil,
Dúnadh Croidhe.
Anmanna purgadóra; an iad na deamhain phianus iad?
atá a fhios aca go rachad fá dhéopigh go flaitheamhnas,
Aithre; thig maith mór don chloinn ghabhas a ccomhairli agus
bhíos úmhal dhóibh, agus uilc mhóra don chloinn easumhail
dhóibh.


L. 203


Baltasár; ag dénamh fleidhi do bhí an <u>air tugadh breith
bháis agus cailleamhna a ríoghachda air.
Bás; cóir oirichill fána choinni; tig go hobann nó an uair
nách saoilid chum na seainpheacach; ní fhuil do
chinnteachd air achd go ttiocfa an uair as lugha saoiltear
é, tig mar ghaduighi san oidhchi, agus an uair
bhíos an peacach ar lár a shóláis, dlighthear bheith
ullamh fána choinni san uili uair.
Beatha an duini; na baramhla do-beirthior dhi tréna giorra agus
tréna brisdighi, an té chaithios í a seirbhís Dé,
do-gheibh aimsir a bháis ar a thoil féin, an té nách
caith mar sin í, do-gheibh drochbhás; 's gnáth luchd
na droichbheathadh d'fhagháil bháis anabuidh; líon
damháin ealluigh beatha an duine, beatha na
nuaichléire, créd í? beatha na naomh, aithridhe
ghnáthach, per totum cap.
Breath aithridhe; an sochar do-ní a cor ar an aithridheach.



Cáis inar cóir an absolóid d'iarruidh arís.
Calbhín; a bheatha, a bhás, príomhsgoláir Luitera é
a n-olc 's a n-earraíd, cuiridh na habsdoil agus na
haithre naomhtha a ttarcuisne.
Cliar an chreidimh nua; atá contrárdha san uile cháil do
Phádruig agus do na naomhuibh uili, agus síntear ré chéile a
mbeatha, má táid ar an ccóraidh, as mealltóire
Pádr., Colaimcille, agus Brighid, atáidsin damanta, nó
do bhádar ar ttrí pátrúin agus ar lean iad ar seachrán
creidimh, as iad as cúis dá bhfuil d'olcuibh 'nar
ttír, cliar chráibhtheach rath gach tíre,
comhartha móirfheirge Dé a gcailleamhuin, iomdha
tiodal óirdheirc do-bheir an sgrioptúir dhóibh.
Comhairle; cóir a hiarraidh is gach aonchúis go mórmhór a
gcúis th'anma; dlighthear comhairle an athar
spioradáltha do ghlacadh, trí comhairligh bhíos ag
tuirmiosg na bpeacadh do chor a bhfaoisidin.


L. 204


Comhluadar; más maith nó olc é, biaidh tú dá réir;
iomdha maith thig as deaghchomhluadar, ní lia
iná olc thig as dhrochomhluadar, bídh gráin ag Dia
ar an ndrochomhluadar, tréig an uile chomhluadar
thairngios chum peacuidh thú, dá fhoigsi dá mbeith,
do-ní an drochomhluadar ár ar anmannuibh ar
náision.
Congnamh coitcheann chum an uile mhaith d'iarruidh ar Dhia,
congnamh mór chum na haithridhe an cogús do chuartughadh.
Críosd; Leannán é dá gach anam baisde, masluighthear
é lé fuireach san bpeacadh, iarrfuidh an cundtas
an uair nach saoiltear, féchuin air san cronn as
dóigh do chur ann, as leighios don anam; nír
thuill glóir ar bioth dá anam féin achd dár n-a<n>mannuibh-ni
amháin, do dhíolfadh aonbhraon dá fhuil
fiacha fhear ndomhain; do fhoighéonadh an díoluidheachd
tug uaidh do shaoradh míli saoghal dá mbeidis
ann, ibid.; ní lughadi a lóirghníomh a ndíoltar ris,
as é a lóirghníomh as óirchisde don eagluis agus asé an pápa
as sdíobhard air, atá fós lóirghníomh Mhuire agus na
naomh san óirchisde, ibid.
Creideamh Phádruig; as é atá aniogh aguinn; bíodh slán
a' nuaichreidimh a thaisbénadh gur ghlacamar ríamh
a chlaochló achd a bhfuil d'earráid anois ag teachd lé
fóirneart oruinn.
Croch; do-cífithear í a ló an chunntais do chor luathghára ar
fhírénuibh agus dóláis ar pheacachuibh.
Cunntus tíodhlaictheadh nDé, per totum cap.; cundtas
caithmhi na ttíodhlaictheadh soin.



Damhán ealluigh; ciondus do-ní a líon?
Dáuidh; cialluighidh Críosd, do dhíoghuil masla a
theachdadh ar shliochd Amón.


L. 205


Démond; cloch as cruaidhi iná an chruaidh; maothuighthior
í lé fuil ngabhair.
Déirc spioradálta; as í as férr, agus atá ar cumas an uili dhuini.
Dia; foisgi dhuit é agus as férr do-chí th'oibre seicréideacha in;a
thú féin, iongnadh nách coisgionn so thú ón pheacadh,
do uaisligh an duini ós cionn na n-aingiol; do
fhulaing bás do dhíol ar son ar bpeacadh; tug na
crétúire eili fá chumhachd an duini; a thíodhlaicthe
don duine, do-bheir grása dá gach peacach lé
bhfédfadh filleadh ón olc, achd tairngidh tuili a thrócaire
ón mhuinntir do-ní fadchomhnuighi san pheacadh,
as é as rélt ó thuaidh dár n-anam; an uair bhruidfeas
do chroidhe, fáguibh gan mhoille an bpeacadh; do
chuir plágha iomdha ar na nÉighipti ar son a bpeacadh.



Diabhal; as é mhúinios an aithridhe do chor ar cáirde;
fírchearrbhach é chongmhas an peacach fá shúil ré
cúitioghadh go mbeiri an bás go hobann air; bídh
mar léomhan ag búirfigh agus ag gabháil 'nar ttimchioll dár
slugadh, do-ní aindíthchioll 'nar n-aghuidh a n-am
an bháis ar thrí hádhbharuibh.



Doilghios an pheacuigh; foillsighthear créd é; ní rigthear
a leas móid do dhénamh gan teagmháil isna peacadhuibh
arís, ní iarrann déra súl, as maith rún follas do
bheith 'na choimhideachd na peacuidh do sheachna,
ciondus as cóir a bheith ós cionn gach doilghis eili;
atáid dá ghnée doilghis ann, gné dhíobh sgriosas an
peacadh gan absolóid do láthair, gné eili nách déin,
ní fios cia haca so bhíos agad; as éigion a bheith
geniorálta fán uili pheacadh mharbhtha dá bhfuil ort,
ní héidir an doilghios sa d'fhagháil gan grása spesiálta
ó Dhia, as congnamh dhó lérsgrúdadh an choinnsiasa,
gluaisid chuigi na deich n-uilc mhóra do-ní an
peacadh don anam a mbí, gluaisidh trócaire Dé
chuigi, agus cundtas glactha agus caithmhe a thíolaictheadh,
má tá doilghios ort fá gan doilghios fírindeach do


L. 206


bheith agad, bíodh dóigh mhaith agad as th'ai<th>ridhe,
ní fhágbhann an doilghios bhíos roineartmhar pian
ar bioth réna díol ag an lóirghníomh. Féch
"aithridhe".



Duine; caithidh tíodhlaicthe Dé 'na aghaidh féin,
as dombuidhigh é ináid na beathuidhe bhrúideamhla,
gan chéill atá an té chuirios an aithridhe ar cáirdi
go ham an bháis, ní bhíonn fuath fírindeach an
uair sin aigi ar na neithibh do ghrádhuigh sé go soichi
sin, duini dall an té nách iarrann oidi éolach
faoisdini, tig a mhairg dhó.
Draoie na Baibiloini; fuaradar párdún tré chomhluadar Daniel.



Eagla phian phurgadóra tug ar na naomhaibh cruadhchrábhadh
do dhénamh, ...



Éghipti; mór an rath táinig uirthe tré chomhluadar Ioseph.
Eaglas; aonchorp amháin í dár boill na Catoilice agus as uime
sin théid a ndeighníomha a leas dá chéile; de
so goirthear cuman<n> na naomh, as miri mhór
dul a n-aghuidh ghnáis choitchinn na heaguilsi,
ionann an Eaglus Chatoilic agus an eaglas Rómhánach, agus,
do réir na n-aithreadh ghlacas mórdhachd an ríogh, ní
héidir lé ceachdar dhíobh dul ar earráid; admhuid
príomhdhoctúiri na heiriceachda go roibhe an creideamh
cóir san eagluis Rómhánaigh cúig c. bliadhan d'aithle
Chríosd, agus adeir cuid eile dhíobh go roibhe a bhfad
'na dhiadh sin, ibidem.



Éiri; ógh í na crei<d>eamh agus as é sin glóir as mó aici;
do bhí 'na sgoil chrábhaidh agus eagna ag Francachaibh agus
ag Saxsanachuibh anall-úd, pagina.



Eirici; ní thigid ré chéile achd amháin ag cur a n-aghaidh
na cCatoiliceadh, ní tháinig eiriceachd nách fríth
an áit, an aimsior, agus an té, ler tionnsgnadh í.


L. 207


Eólus; annamh duine agá mbí air féin mar as cóir,
bídh éolus maith againn ar lochduibh cháich, gá
mhéd an t-éolus iarrthar chum faoisidne d'éisdeachd,
pagina.



Eóin; múinid eitiollach dá gcloinn, pagina.



Eóghan Ó Dúbhthaidh, óglách díleas Dé, namha Lucifer, pagin.



Faoisidin; foillsighthear a nádúir, ní cóir aonpheacadh
marbhtha d'fhágbháil gan a chor síos; ní fhoghnann
faoisidin gan tuirsi, ní cóir innisin inti achd
do pheacadha féin; as mór an díoghbháil do-ní
bheith ag sgéoluidheachd san fhaoisidin; ní fhoghnann
faoisidin gan dóigh absolóide d'fhagháil,
purgóid í iarras trí sioróipi, iarruidh (sgrúdadh
gér) coinnsiasa, ní foláir nuimhir agus gné na bpeacadh
do chor síos, ní thuigthear so achd do na
peacadhuibh marbhtha, ní fhuil d'fhiachuibh ort
na peacuidhe ar nách coimhnighe do chor síos,; ní
rigi a leas a sgríobhadh fá choinni na faoisidine d'eagla
a ndearmuid, ibid.; cáis in nách rigthear a leas na
peacaidh uile do chor síos, bídh gráin ag Dia ar
a' tté cheileas peacadh marbhtha san fhaoisidin leath
amuigh do na cásuibh sin, dlighthear aicíde an
pheacaidh do chor síos, agus créd iad, 's gá líon díobh ann?
Féach "sagart", "absolóid".



Fiafruighi fá aitheantuibh Dé agus na heaguilsi fá leath. Féch
"aithne".



Fuil Íosa; as í mhaothuighios croidhe an té fhéchas go gér
uirthe,, as lór aonbhraon di do dhíol peacadh an
domhuin uile.



Grás; ní maithear an peacadh gan é 's ní bhí a n-éintigh ris.


L. 208


Ioseph; iar mbeith dhó ar díbeirt san nAeghipte, do shaor a
chairdi a n-aimsir na gorta; mar sin do-níd mórán dár
ttír atá anois ar díbeirt ag dénamh léighinn agus téid leis
d'fhurtachd a ccarad ar a bhfuil gorta spioradálta.



Iudas; do bhí aithreachas air fá Chríosd do bhrath, achd ní
thárla é achd lé drochshagartuibh nách thug congnamh
dhó chum dóighi do chor a nDia.



Lá an bháis; créd fá ngoirthear lá an Tighearna dhe?



Léomhan; múinidh dá cloinn daoine do mharbhadh.
Liaigh na n-anmann 'sa chomhairli as cóir do leanmhuin an
sagart, ní mharbhann an t-othar gan é féin do
thuitim ris.
Loch Dearg; an mhaith mhór thigeadh do na hanmannuibh
tréna thathuighi agus an díoghbháil tig dhóibh fána thoirmiosg
orra.
Loghadh; lórghníomh as aithghiorra, gidheadh, a
ngeall air, ní cóir na deaghoibri do léigean ar dearmad,
loghadh; cionnas bheanas risan aithrídhi?
mínighthear créd é, ní mhaithionn achd pian
an pheacaidh; iarruidh obair éigin thrócaire,
sénuidh Caluín é, agus as uime tárla cédeiriceachd Lutéra,
dearbhthar é as an sgrioptúir, agus as Shiombal
na nAbsdal agus as na comhairlibh; as sean a ghnás
san eagluis, dearbhthar é go láidir as ráitibh
aithreadh na ccúig n-aimsior d'aithle Chríosd, 'sa léighionn
nách dimolann an rí, mincheasda tarbhacha tarbhacha fán
loghadh.


L. 209


Lóirghníomh; foillsighthear créd é; a dhifir ó lórfhulang
agus ó aisioc; as mór an sochar do-ní lóirghníomh
do chor ort a mbreith n-aithrídhi; an bhfhuil
d'fhiachuibh ar an ccoinfeasóir a chor ort? trí
hoibri an lóirghníomha: trosgadh, úrnaighthi, agus déirc,
risan déirc bheanaid oibri na trócaire uile; 's
cóir an lóirghníomh bheith contrárdha do na peacadhuibh;
an t-aifrionn; ní as mó brígh chum an lóirghníomha
ar bioth.



Lutér; bá hé an diabhal a oidi do réir a admhála féin, agus a
athair do réir mhórán úghdar, as aithreamhail an
mac do Lucifer é; do geineadh tuilleadh ar shé
bhfhichid seict uaidh suil do bhí ochd mbliadhna fhichead
d'aois ag a eiriceachd, do méduigheadh an chlann
soin go mór ó shoin, labhraidh go diabhalta ar na
habsdaluibh 's ar na haithribh naomha.



Maighisdre maithi aithridhe; Dáuidh agus Esechias.



Meabhair; í as áit bhuailti do thabhairt do na peacadhuibh,
iar mbeith dhóibh ad mheabhair, cía hiad na
smuainti as indénta?



Mná; téid siad ar shlighthibh coitcheanna go hifrionn, agus as í
slighi as prinnsiopálta dhóibh sin ceilt choda dá bpeacadhuibh,
as uathbhásach na pianta bhíos orra fá
pheacadh na drúisi.



Nádúir na haithridhe.
Naoimh; iad as maighisdre a n-ealadhuin leighis na n-anmann
agus an lóirghníomha, do ghlacadar a bpurgadóir
abhus, do chaithdís a n-aimsir lé trí hoibrighthibh
an lóirghníomha, iongantach cruas a mbeathadh
bá cruaidhe crábhadh ar naomh féin iná naomh
eili na hEórpa, do ghluaistí iad chuigi d'eagla pian
purgadóra; bá mór na déircighi ar naoimh.


L. 210


Oibre na trócaire a ndán.
Oibri an lóirghníomha; cóir a mbeith contrárdha do thrí
fhrémhuibh an pheacuidh.
Oidi faoisidni ainbhfiosach; dall é a ccionn daill, as tuitidh
féin 's an t-aithridheach a bpoll, iomdha olc thig
d'easbhuidh na ndeaghoideadh.
Oirchisdi na heaguilsi; cáit a bhfuil? créd dá ndéntar
é?



Pádruig; do roinneadh an oidhche a ttrí ccotchuibh,
Peacadh; ceangluidh an té do-ní é risan ndiabhal, do-bheir
tarcuisni do Dhia, agus cuiridh tuirsi fána dhíthchioll ar
an ccúirt neamhdha; do-ní deich n-uilc mhóra don
anam; na huilc tig tré anamhuin ann; comhartha
chloinni Dé gan fuireach ann; ar thrí modhuibh
do-níthear é, cia híad na peacuidh dlighthear do
chor san fhaoisidin, difir pheacuidh mharbhtha ó
pheacadh shologhtha; aicídi an pheacuidh, as
é as peacadh ann briseadh na haithni.



Pápa; as é do bhí 'na phresidens úas na cédchomhairleachuibh,
ghlacas an rí, agus do dhaingnigh gach ní dá ndér<n>adar
soin agus gach comhairli tháinig 'na ndíaigh.



Persecusion; cóir a fhulang ar son chreidimh Chríostt ar iomad
n-ádhbhar.



Pharaon; cruas a chroidhi, as cruadhchroidhighi na
peacuigh anois iná é.



Pian; bí 2 ghné dhi a n-ifrionn, pian na ccédfadh agus pian na
díoghbhála, as uathbhásach na pianta éxamhla
do-gheibh luchd na drúisi; tóigéobhthar an uili
phian leis an mbaisdeadh 's ní tógaibhthear achd an
phian shíordhuidhe leis an n-aithridhe; as géiri
minphian purgadóra iná a bhfuil do phiantuibh ar an
saoghal sa, ní fhuil do dhifir idir í agus pian ifrinn


L. 211


achd go ccríochnuighthear í uair éigin; an íad
na deamhuin bhías ag tabhairt a bpian d'anmannuibh
purgadóra?



Rí; ní thabhair párdún dho thréatúir achd ar eachd gan
páirt ná cumann do bheith aige réna naimhdibh; mar
an ccédna, ní thabhair Dia pardún don pheacach muna
fhaice rún aige gan páirt ná cumann do dhénamh lé na
peacadhoibh ná leis an ndroing thairngios chuca é,
rí na Britaine Móire glacaidh go honórach trí siombola
an chreidimh, na ceithri chédchomhairle gheinioráltha,
agus ní dhiomolan<n> ráiti aithreach na gcúig n-aimsior
d'aithle Chríosd, dobadh cóir dhó an chuid eile
do na comhairlibh agus do na haithribh do ghlacadh,
ibidem: cruthuighthior gach pongc creidimh shénas
na heirici as na neithibh ghlacas an rí, as éidir a
rádh go dána nách diomolfa an rí an loghadh.



Rúben; olc do-chuaidh dhó an easonóir thug dhá athair.



Rún na peacaidhe do sheachna, comhartha na haithridhe
fírindighi, gan so ní dultha chum na faoisidne;
an iarrthar rún speisiáltha ann so, as mór
bríogh an rúin si a n-aghuidh na bpeacadh; dlighe
rún do bheith agad comhairli do choinfeasóra do leanmhuin
a dtaoibh th'anma; agus siocra na bpeacadh do
sheachna.



Sagart; ní héidir leis na peacadha do mhaitheamh gan
a n-éisdeachd a bhfaoisidin, breitheamh é dá
sgaoileadh, ní lór sagurtachd gan úghdardhás eile
chuige so, as é an sagurt liaigh na n-anmann, 'sa
theagasg dhligheas an t-othar do ghlacadh, iarrthar
trí neithe ann chum na habsolóidí do thabhairt uaidh go
hiomchubhuidh.


L. 212


Seanmóntuidhe Catoilice teachda agus leagáide Dé iad; gidheadh,
as pianta agus príosún do-gheibhid a measg eiriceadh,
do ghair Dia mórán dár ttír-ni ar an aimsir si, gé nach
bí achd meas tréutúireadh orra ag an chléir fhallsa 's gá
ngabhann ria, dlíghid na Catoilce gan a ttréigean
dá dhaoiri choiséonas dhóibh, as iad do-bheir
cruinneachda riú do shásadh na n-anmann,
gibé shénfas iad a bhfiaghnuisi na ndaoine, sénfuidh
Críosd é a bhfiaghnuisi a Athar.



Siocra na bpeacadh do sheachna comhartha na haithridhe
fírindighe, dlighidh an t-aithridheach rún a seachanta
do bheith aige.



Slat Mhaoísi; do bhean sí uisge as an ccarruig; slat a
fhréimh Iesse Muire; bláth na slaiti si Íosa ar dTighearna.



Smuainti speisiáltha as indénta iar mbeith dod pheacadhaibh
ad mheabhair résan bhfaoisidin.



Sompladha uathbhásacha a n-aghuidh na haithridhe moille,
sompladha uathbhásacha eile fá cheilt choda do na
peacadhuibh san fhaoisidin, sompladha fá gan
an lórghníomh do léigean go purgadóir; súil ré
fadshaoghal dhamnas iomad peacadh.



Sodoma; ní sgriosfuidhi í dá bhfaghadh Dia x fírén innti.



Teachda Dé na seanmóntuidh.



Tiodhlaicthe Dé; atáid dár ngairm chum na haithrídhe,
cuirthior síos móirthiodhlaicthe Dé don duine,
admháil thiodhlaictheadh Dé.



Tobar san Ghearmáinne; do-ní clocha don chré's don duilleabhar
theilgthior ann.



Trétúir a n-aghaidh Dé an peacach, agus créd as dénta dhó
d'fhagháil párdúin?



Trócairi Dé atá ag foláireamh phárdúin oruinn; is mó don
duini í iná don aingiol.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services