Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beatha San Froinsias
Title
Beatha San Froinsias
Compiler/Editor
Ó Súilleabháin, Pádraig
Composition Date
1720
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1957)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Aparuit gratia Dei, Salvatoris nostri, omnibus hominibus ad Titum secundo .i. “dob fhollus grása Dé do gach duine”, do réir Phóil absdal rena dheisgiobal féin, .i. Titus, isin dara caibidil dia eipisdil chum Titus. Agus go háiridhe do fhoillsigh Dia é féin i ngrásaibh agus a ttrócaire isin aimsir dhéighionaidh si ina shearbhóntaigh suthain féin, .i. San Phroinnsias. Agus do thaisbéin ar tTighearna na grása céanda do gach aon lenab áil, ó easiomláir S. Phroinsias, na hainmhiana saoghalta do thréigion agus a bheatha do thabhairt ass do réir Chríosd agus triall dochum na beatha suthain maille le dúthracht mór. Uair as dearbh gur fhéuch Rígh na glóire ar an duine n-íseal n-umhal sa, .i. San Phroinsias, ionnus nach é amháin do thógaidh é ó dhorchadus an tshaoghail dochum solais na ngrás acht go ndearna oirdheirc dhe ó fhoirfeacht na subháilceadh agus gur uaisligh go hárd é leith re neithibh uaigneacha a pháisi féin agus na croiche céusda d'fhoillsiughadh go humhal dó. Asé San Phroinsias an tí dobhí cosmhuil le réultainn na mainde a meodhón an neóill dhorcha, agus re héuscca 'na ollchóigeadh déag, nó ré gréin ar gleanntán taitneamhach lán do dhealradh na beatha naoimhe agus an teagaisg dhiadha, agus le bláth ruitheanda róis a n-aimsir an earraigh, agus re lile glégheal, a n-aimsiribh eile, ag siubhal an uisge, agus le túis dheaghbholaidh a n-aimsir shamhraidhe. Úair as leó so do threóraigh sé na daoine dobhí 'na suidhe a sgáile an dorchaduis ina bpeacadhaibh agus a sgáile an bháis go solus na ngrás agus go fírinne na beatha. Asé San Phroinsias fós do chuir Dia mar aingiol na síothchána dochum na ndaoine do sheanmóir na sláinte agus d'fhurfhógra a charadruis féin dhóibh. Agus dá dhearbhadh so fós tug Críosd áladha a pháisi féin mar shéula ndéighionach mar chomhartha chinnte dhó. Accus ní oile fós: a thógbháil i ccarbad tinntighe, mar Eilias fáidh. Agus bíodh a fhios ag
cách go ttug Dia an méid sin do thiondlaicibh na ngrás do San Phroinsias nach urus do neach saoghalta a ttuarusgbháil do thabhairt os aird, muna ttíosadh aingiol Dé dá n-innisin, do réir mar adeir Bonauentúra ag gabháil a leisgéil, .i. an doctúir naomhtha agus an bráthair mionúr agus cairdionál na Rómha, im sgéulaibh an athar naomhtha, .i. S. Froinsias. Gá mhéid as cóir dhamhsa, an duine bocht neamheagnaidhe míofhoirfe si, mo leisccéul do ghabháil uman chás chéanda sin? Gabhuim, agus admhuighim nach diongmhála mé dochum na beathadh s do chur a nGaoidheilg agus nach ttinsgeónainn an gníomh sin do dhéanamh mun ttugadh úmhla na n-uachtarán agus grádh na mbráthar agus comhairleacha na ccarad agus an aois ealadhna atá dúthrachtach do na bráithribh agus do S. Froinsias chuige sin mé. Ní gheallaim fós gach ní dá bhfuil san mbeathaidh do leanmhuin do réir na litreach, óir do bú mór sin re a dhéanamh, gidheadh, tairgfiod maille le grásaibh Dé agus le guidhe San Froinsias beagán do bhuain a mhórán agus méid éigin do thuarusgbháil na beathadh do chur a ccuimhne do chách do réir Bhonauentúra agus na ndoctúireadh, agus fós cuirfiod a ccéill annso sgeóil bhiodhgamhla nach bhfuilid isin mbeathaidh agus atáid a leabhraibh oile do réir na bpápadh agus na ndoctúireadh ar a bhfuil fiaghnuisi na ccompánach dobhí mar aon re S. Froinsias. An doctúir naomhtha, .i. Bonauentúra, gidh do ghabh sé a leisgéul nár dhiongmhála é féin do thabhairt tuarusgbhála air sgéulaibh an athar naemhtha, do thionnsgain ar tús agus dobhí ar biseach agus do chríochnaigh fá dheóicch beatha San Phroinsias a ccúig caibidiolacha déag diaigh a ndiaigh. LAIBHEÓRAM ANOIS SAN CHÉAD CHAIBIDIL AR SGÉULAIBH SAN PHROINNSIAS I N-AIBÍD SHAOGHALTA. Vir erat in civitate Asisi Franciscus nomine, .i. dobhí duine i ccathraigh Asisi ar a bhfuil cuimhne bheannaighthe san eaglais, óir do-chuaidh Dia roimhe agus tucc airrcis ghrádhach air, gur dháil deoch mhilis na mbeannacht dhó, dá shaeradh ar ghuasacht
na beatha talmhon go trócaireach do líonadh do thiodhlaicibh grása na beathadh neamhdha go hiomshlán é. Eóin, imorro, tug a mháthair air tús air, agus Froinsias tug a athair air; agus fa hé ainm an athar do lean de, gé do choimhéid sé ciall fhírinneach anma na máthar aige, óir as ionann re a rádha agus neach a bhfuilid grása Dé, amhuil mar dobhí a bPróinsias. Dá réir so, gé do hoileadh é san aois óig farre daoinibh óga díomhaoineacha an tshaoghail, gidh thug a aire dá cheird dhúchais, .i. do cheannaigheacht shanntaigh an tshaoghail, ar ccur eólais ar bheagán do litiordhacht dhó, dobhí coimhéud daingion ag Dia fair, ionnus nár bhain le collaidheacht na ndaoine n-óg, gé dobhí searc adhbhal os áird aige ar shólás an tsaoghail; agus ní mó do chuir an fáidh naomhtha sa a dhóich a n-ionnmhus ná a n-óirchisde, mar na ceannaighe oile. Óir tug Dia sbiorad thrócaireach agus eineach nádúrtha dhó amhuil dheisgiobal Dé; agus dobhádar sin araon ag fás leis ó aois a leanbdhachta, ionnus gur líon déirc agus deaghoineach a chroidhe, agus gur cheangail ina inntinn é féin agus gach ní dá mbeith aige do thabhairt do gach aon do iarrfadh air é, agus go háiridhe, do réir an tshoisgéula, an tráth do hiarrfaidh ní ar ghrádh Dé fair. Feacht dia ttárla Froinsias ag tabhairt a aire do cheannaigheacht, go ttáinic duine bocht d'iarraidh déirce fair; agus tig ó bhuaidhreadh na ceannaigheachta gur léig an bocht folamh uadha. Conadh annsin rug an ceannaigh trócaireach air féin go luath agus gluaisigh a ndiaigh an duine bhoicht agus tug déirc go deithniosach dhó, agus ní hé amháin acht do gheall do Dhia nach diúltfadh ria dhreich duine bhoicht do iarrfadh neithe ar ghrádh Dé fair; agus do chomhaill, amhail do gheall, feadh a bheathadh. Conadh aire sin do bu chóir do gach aon nduine breith air féin amhuil Froinsias. Agus dobhí ar biseach a saibhrios grás agus grádha Dé ó sin amach. Agus, iar leanmhuin Chríosd go foirfe dhó, adubhairt go minic nár fhéad sé, an tan dobhí sé a n-aibíd shaoghalta, aon fhocal do chluinsin ar fhoillsiughadh grádha Dé nach biodhgfadh a chroidhe leis.
Labhrom, trá, ar na coinghiollaibh uaisle oile dobhí ag Froinsias, .i. míne agus ceannsa maille lé dealradh na ndeaghbhéus, foighide agus fulang os cionn nádúire na ndaoineadh, déirc agus deaghoineach os cionn a chonáicch. Do chuireadar na neithe si dealradh agus deaghmhaisi ar a óige an mhacaoimh si, agus do bhádar 'na ccomharthaibh cinnte agus 'na ttinsgnamh shólásaicch, dá dhearbhadh go ndoirtfeadh Dia saidhbhrios a ghrás féin go hiomarcach agus go líonmhar air. Do fhoillsigh Dia sin tré sbioraid eagna agus fáisdine do dhuine naomhtha neamhurchóideach do lucht cathrach Asísi. Aon do ló dia raibhi San Froinsias ag siubhal na cathrach táinic an duine si ina choinne agus do sgaoil a éudach roimhe ar an cconair choitchionn, agus adubhairt go follus gurbh fhiú Froinsias gach úmhla dá mhéud do thabhairt dhó, agus gur foillsigheadh dhó féin go ndéanamh San Froinsias neithe móra dofhaisnéisi faoi bheagán aimsire, agus go ttiubhradh an eaglais onóir dhó ar a shon sin. Do fhoillsicch Dia, mar an ccéunna, do mháthair San Froinsias, darbhó comhainm Píca - agus fa beannaighthe ó ghrásaibh Dé í, agus tug Dia sbiorad eagna agus fáisdine dhi ar feabhus a béus agus ar mhéud a subháilceadh, a ccosmhuilios le hEilisabét, máthair Eóin Baisde, do réir mar atá sgríobhtha a seanléigint San Phroinsias. An tráth dobhí San Phroinsias a n-aibíd shaoghalta do chuiriodar a n-iongantus uirísleacht a bhéus agus méud a mheanman dochum déirc agus deaghoinicch do dhéanamh ar son Dé. Adubhairt máthair bhéusach San Froinsias, “Créud í bhar mbaramhuil dom mhac-sa? cionnus bhias sé? Gidh táim dá fhiafraigh sin, do foillsigheadh ó ghrásaibh Dé dhamh go mbiaidh sé cosmhuil re Críosd féin ó chomhachtaibh an Athar neamhdha.” Do thaisbéin fós aingeal Dé é féin don mnaoi chéanda, do réir mar adeir an tseanléigint adúbhramar romhainn, .i. an lá rugadh San Froinsias táinic aingiol Dé go dorus an tighe ina raibhi an naoidhe a n-éaccosg oilithrigh agus sirios go luath an leanbh do thabhairt dó, dá fhéuchain; agus gabhus muime an leinbh a leisgéul féin, .i. nár léig uamhan di a thabhairt dó. Agus, mar do-chualaidh máthair an naoidhin sin, adubhairt lé an leanbh do chur chuige. Do cuireadh iaramh, agus glacus an leanbh idir a dhá láimh agus druidios ré a chroidhe é, a ccomhartha grádha, agus
do phóg go milis é agus beanus singin na croiche naoimhe ina ghualaind deis agus id-beart fós: “Rugadh dias leanamh san ccathraigh si aniodh, .i. Froinsias agus leanamh oile. Biaidh Froinsias ar na daoinibh as fearr tháinic agus thiocfa, agus biaidh an leanamh oile ar dhrochdhaoinibh an tshaoghail.” Agus adubhairt fá dheóigh: “Déanaidh an leanamh d'oileamhuin agus d'altrom go honórach agus coimhéudaidh go hinnill é, óir atáid na drochspioraid dá bhuaidhreadh óna bhreith, ag ullmhughadh cealg chuige agus dá bhásughadh.” A haithle an chomhráidh sin ní fhacus é isin chathraigh ó sin amach. Ní raibh ag an tairrngiortaidh naoimh sin a fhios, .i. S. Froinsias, an tráth dobhí sé 'na cheannaighe ócc, créud é rún agus comhairle Dé 'na thimchioll, óir ní rucc sé eólus ar radharc do bhreith ar neithibh sbioradálta iná ar bhlas do bhreith ar an Athair neamhdha an tan sin. Conadh aire sin do leag Dia a lámh air leith re heasláinte righinn do chur ar a chorp do leighios a anma; óir asé an gortughadh agus an buaidhreadh corporrdha do-bheir tuigsi agus solus don éisdeacht sbioradálta, agus ar togha an Athar naemhtha sin do Chríosd chuige féin. Tug sláinte iar sin dó; conadh annsin do fhuráil Proinsias éudach núa neamhdheireóil do dhéanamh dhó féin, mar do chleacht roimhe sin. Agus aimsir aithghearr 'na dhiaigh sin tárla dhó ar an chonar ridire uasal agus é daidhbhir drochéidigh, gur ghabh compáis agus truaighe chroidhe é im bhochtaine an duine uasail, gur nocht Froinsias é féin gan fhuireach agus cuirios a éudach iman ridire mbocht. Tabhradh gach aen dá aire go ndearna San Froinsias dhá neithe thrócaireacha san aon ghné sin, .i. náire an duine úasail d'anacal agus bochtacht an duine bhoicht d'fhurtacht. Agus an oidhche 'na dhiaigh sin do thaisbéin trócaire Dé pálás mór agus grianán gloinidhe dhó, maille le harmaibh gaisgidhe agus comhartha na croiche mar shéla ar gach aon arm aca, agus adubhairt an guth neamhdha gurab leis féin agus lena mhuintir gach ní ad-chonnairc annsin, dá dhearbhadh gur chúitigh Críosd ris go roshaidhbhir an trócaire do-rinne ar an duine bhocht ar son Dé.
Agus, ar músgladh sa maidin arna mhárach dhó, cuimhnighios a aisling agus cuiridhsion ciall shaoghalta thalmhuidhe in gach ní ad-chonnairc, .i. go mbiadh sé féin 'na phrionnsa mhór agus mórán ridireadh ag gabháil leis, óir níor fhoghluim sé an uair sin na neithe corporrdha do sgrúdughadh agus a ttarraing go céill sbioradálta. Conadh aire sin do chuir sé ina mheanmuin do go hiarla cumhachtach dobhí isin nApuli, a ndóich gurab aige do cuirfidhe críoch ar a aisling. Iar ngluasacht dó , do-chuaidh isin chathraigh dob fhaicsi dhó, go ccualaidh san oidhche guth an Sbiorad Naoimh ag labhairt fris gann sino miochair muinntiorrdha, agus aseadh adubhairt, “A Froinsiais, cia as mó fhéadus do thabhairt dhuit, an tighearna nó an searbhóntaigh, an neach saidhbhir nó an duine bocht?” Freagrus Froinsias agus aseadh adubhairt gurab mó do fhéadfadh an tighearna agus an duine saidhbhir do thabhairt dhó. “Máseadh,” ar an Sbiorad, “cídh uma bhfágbhann tusa an Tighearna dochum an tshearbhóntaigh agus an Dia saidhbhir dochum an duine bhoicht?” Adubhairt Phroinsias, “A Thighearna, créud dob áil leat do dhéunamh dhamh?” Do fhreagair an t-aingeal agus aseadh adubhairt fris: “Eirghe tar th'ais dochum do thíre féin do-ridhisi, óir as ciall sbioradálta atá san radharc do-chonnaircis, agus ní le seóladh daonna do-dhéantar a ccoimhlíonadh acht ó inntinn fhoirfe agus ó inntleacht an Athar neamhdha.” Ar maidin arna mhárach iompaidhios Phroinsias dochum cathrach Assísi maille le deithnios mór agus re lúthgháire mhór meanman, agus do-rinne comhnuidhe ag feitheamh le toil an Tighearna. Iomthús San Froinsias, do sgar sé ó sin amach re míochiúnus na ceannaigheachta agus do ghabh ag guidhe Dé go díochra dúthrachtach ima fhoillsiughadh dhó gach ní bú cóir dhó do dhéanamh, go ndeachaidh sin a ttarbha dhó, uair do fhadó gnáthughadh minic na hurnaighthe tine ghrádha Dé ina chroidhe agus lasair an mhiana thinntighe dochum an tsaoghail do thréigion ar ghrádh an fhlaithis neamhdha, ionnus gur bhreathnaigh go bhfuair féin óirchisde a bhfolach, .i. grása an Sbiorad Naomh. Agus do smuain, mar cheannaigh ghlic, gach éin ní do reic agus an liag lóghmhar do taisbéanadh dhó do cheandach, .i. an
flaithios fírinneach agus teaghdhais na trócaire. Gidheadh, ní raibhi fhios aige cionnus do-dhéanadh sin, acht amháin gur chuir Dia ina inntinn gurab ó tharcuisne do thabhairt ar an saoghal tionnsgantur an cheannaigheacht sbioradálta, agus gurab é as tús do ridireacht Chríosd, .i. an duine do bhreith buadh fair féin, amhuil do-rinne San Froinsias, mar as follus isin sgeól so síos. Laithe n-aoin robhaoi San Froinsias ag marcaigheacht ar magh réidh láimh re cathraigh Aissisi, go ttarla lobhar gránna dhó, agus gabhus adhuth agus eagla mhór Froinsias roimhe ar tús. Conadh aire sin do chuimhnigh go luath ar an triall fhoirfe dobhí roimhe agus ina inntinn, .i. gomadh éigion dó buaidh do bhreith air féin ar tús dámadh áil leis a bheith 'na ridire charthannach ag Críosd. Tuirlingios leis an smuaineadh naomhtha sin agus tug pócc agus déirc don duine bhocht, agus téid ar each ann séin agus féuchus fó chéadóir gacha haird dhe agus ní fhaca an duine bocht a n-aon áit, gurab inchreidthe go follus gurab é Críosd táinic chuige a bpearsainn an duine easláin do dhearbhadh a inntinne agus do choimhlíonadh a ghrás. Dobhí San Froinsias iar sin lán d'iongnamh agus do lúthgháir agus do mhol Dia go dúthrachtach agus do cheangail ina mheanmoin as sin amach neithe móra do dhéanamh. Agus do-chuaidh as a haithle sin a n-ionadhaibh uaigneacha a bhfad ó chonair agus ó chongháir na ndaoine, go ttug aire do thuirsi agus d'osnamhaigh dhó-áirmhe. Agus do éisd Dia ris re feabhus a urnaighthe. Feacht eile as a haithle sin dobhí San Froinsias ag guidhe Dé go díochra, ionnus go raibhe an méide sin do lasadh agus do theasghrádh ina urnaighthe gur fhoillsigh Críosd é féin a ffioghair na páisi dhó, amhuil dobhí san chrann chéusda, gur leacch an t-amharc truagh sin San Froinsias, agus do chuir cuimhne pháisi Críosd ceangailte ina inntinn, ionnus, gach uair do smuaineadh ar pháis an Tighearna, nach bhféudfadh cosg do chur air féin gan a dhéara do dháil, amhuil mar do fhoillsigh sé féin dá chompánach a ccrích a bheathadh.
Do thuicc searbhfoghontaidh Dé as sin an focal úd an tsoisccéula, .i. “Gidhbé lenab áil misi do leanmhuin, diúltadh sé é féin agus iomchradh sé chroch agus leanadh sé misi óna mhíbhéusaibh.” Do ghabh Froinsias uime ó sin amach mar éudach sbioradálta sbiorad na húmhla, subháilce na bochtaine, agus grása na trócaire. Dá dhearbhadh sin: An tí si aga raibh fuath mór ar na lobhraibh ar tús - agus dobhí méad a eagla reampa nach bhfuilngeadh a bhfaicsin a bhfad uadha - go ttucc sé é féin do dhéanamh seirbhísi dhóibh go humhal trócaireach ar son Chríosd, dobhí cosmhuil re fear na heasláinte sin a n-aimsir a pháisi, do réir Isachias fáidh. Fa gnáth leis fós dol ar cuairt mhinic go luchd na heasláinte sin, agus do phógadh a mbeóil agus a lámha maille re compáis mhóir. Do-bheireadh fós é féin agus gach ní dá raibh aige a ccoitchinne do na bochtaibh, agus, an tráth nach bíodh neithe eile aige dhóibh, do chuireadh a éudach dhe féin, dá thabhairt dhóibh. Do ghnáthaigheadh fós furtacht ar na sagartaibh bochta maille le trócaire agus re húmhla mhóir, agus go háiridhe maille le héudghadh do chur ar na haltóraibh, ionnus go mbeith a chuid do ghuidhe agus do sheirbhís na sagart aige dá threórughadh gusan mbeathaidh shuthain. Feacht dia ndeachaidh San Froinsias dochum na Rómha maille le dúthracht crádhbhaidh, go bhfacaidh daoine bochta go hiomarcach a ndorus eaglaisi áiridhe. Beanus San Froinsias a éudach dhe agus dáilios don tí fa boichte dhíbh sin é, agus cuirios éudach an duine bhoicht uime féin, do mhian na trócaire agus do ghrádh na bochtaine, agus ní headh amháin acht fuirghios maille riú an lá sin, mar gach mbocht eile, lán do shólás inntinne, ionnus go ndiongnadh sé foghluim tarcuisne do thabhairt don tshaoghal agus go n-éirgheadh súas go foirfeacht an tshoisgéula ó chéim go céim. Tug sé fós a aire go díthchiollach dá chorp féin do ghortughadh, ionnus go n-iomchradh sé croch Chríosd ar a chorp don taobh amuigh, amhuil dobhí dá hiomchar don taoibh astuigh. Conadh do mhaithghníomhradh San Froinsias a n-aibíd shaoghalta agus don tionsgan thoghaidhe do chuir roimhe go nuige sin.
LABHRUM DON DARA CAIBIDIL AR AN IOMPÓDH FHOIRFE DO-RINNE SAN PHROINSIAS ÓN TSAOGHAL DOCHUM CRÍOSD. Searbhfoghontaidh umhal an Airdrígh, .i. San Froinsias, ó nach raibhi maighistir oile aige dochum gach ní dá ndúbhramar acht Críosd féin, do-rinne cuairt ghrádhach aige maille re millse na ngrás. Dá dhearbhadh sin: Lá dá ndeachaidh sé do smuainteadhadh ar Dhia láimh re heaglais Daimianus; agus as amhlaidh dobhí an eaglais ar ttuitiom re hársaigheacht. Téid Froinsias san eaglais ag urnaighthe maille re sbioraid dhúthrachtaicch, gur léicc ar a ghlúinibh é a bhfiaghnuisi íomháighe Chríosd, agus fuair sólás romhór ó Dhia ag déanamh na hurnaighthe, gur fhéuch maille le súilibh déuracha ar fhioghair an chrainn chéusda agus go ccualaidh ó chluasaibh corporrdha an íomháigh dá rádh ris diaigh a ndiaigh, “A Froinsiais, imidh agus leasaigh mo theach féin, atá dá sgrios, amhuil do-chí tú.” Biodhgus Froinsias ag cluisdion an uirghill sin, óir dob iongnamh leis é, agus gabhus criothnadh agus eagla mhór é, mar dobhí 'na aonar san eaglais. Gidheadh, do thuigsin comhráidh Chríosd go foirfe os cionn na hintinne dobhí aige san tshaoghal roimhe sin san tshaoghal. Agus, ar mbreith do San Froinsias air féin, do ullmhaigh go humhal dochum na heaglaisi corporrdha do chomóradh, do réir na haithne do-rinneadh dhe. Gidheadh, dob í ciall dhiadha na bréithre do-chualaidh sé, eaglais sbioradálta na n-anmann do chomóradh agus do leasughadh, do cheannaigh Críosd dá fhuil féin, do réir mar do fhoillsigh an Sbiorad Naomh dhó 'na dhiaigh sin agus mar do innis sé féin do na bráithribh arís. Agus fós do-chí cách an ní céanda sin agá dhearbhadh is na trí hordaibh do fhágaibh San Froinsias isin eaglais. As a haithle sin éirghios agus cuirios sighin na croiche uime féin agus téid gusan chathraigh dan comhainm Fuilginium agus reacus annsin na héudaigh uaisle dobhí aige agus an t-each do bhí aige, agus tug an ceannaigh naomhtha neamharsaigh neamhmbocht sin a luach leis dochum na heaglaisi brisde úd do chórughadh, agus tug a luach agus úmhla onórach don tsagart do bhí innte, agus furáilios an t-ionnmhus air dochum na heaglaisi
do chórughadh, agus fós do ghuidh é go humhal im é féin do chongbháil mar aon fris go haimsir áiridhe. Aontuighios an sagart sin dó, .i. comhnuidhe do dhéanamh mar aon fris; agus nír léig eagla athar nó máthar Froinsias dó an t-ionnmhus do ghlacadh. Arna chloisdion sin do San Froinsias, teilgios an t-ionnmhus úadh ar an fhuinneóig ba coimhneasa dhó agus tug tarcuisne dhó amhuil chriaidh na talmhan. Agus do-rinne San Froinsias comhnuidhe maille ris an tsagart chéanda. Arna innisin sin do athair San Froinsias, ionnsaighios é go luath maille le buaidhreadh meanman. Mar do mhothaigh Froinsias go ttáinic a athair agus na daoine do bhí maille fris, lerbh áil inghreim agus anleanmhuin do dhéanamh air féin, seachnus Froinsias é féin air go hinísiol a n-uamhaidh thalmhon, agus fanus innte méid áiridhe d'aimsir ag guidhe Dé go díthchiollach agus ag dáil a dhéar agus ag iarraidh air a anam féin do shaeradh ar ainleanmhuin na ndaoineadh, agus gach triall foirfe dar chuir roimhe do chríochnughadh, agus im fhurtacht trócaireach do thabhairt dhó chuige sin. Beagán aimsir as a haithle sin gabhus lúthgháire é, agus tug athais inntinne dhó féin fá a laige agus fá a éccruas; agus fágbhus an uaimh ann séin, iar sgrios gacha heagla uaidh, agus tug aghaidh ar chathraigh Aisisi, mar a raibheadar a thuisdighe. Ó 'd-chonncadur daoine óga na cathrach é agus a aghaidh iar ccríonadh ó iomarcaidh na ndéar agus a inntinn iar n-atharradh, do smuaineadar gurab duine buaidheartha gan chéill é agus do ghabhsad do chriaidh na talmhan dó. San Phroinsias, imorro, ní thug a aire d'easonóir dá bhfuair sé, acht gluaisigh thríd chách mar dhuine gan éisdeacht nach ccluinfeadh aon ní aca sin. Ó do-chualaidh, imorro, athair Froinsias sin, gluaisios chuige go deithniosach, agus ní dá fhurtacht acht do thabhairt easonóra dhó, agus dorug leis dochum a thighe féin é, arna tharraing a ndiaigh a fhionnaimh agus ar a leataobh go heasonórach, agus tug athais bheóil agus láimhe dhó agus do chuir a ccuibhreach go daingion é. Agus do chuir sin San Froinsias a mbarr neirt agus inntinne agus neamhlaige dochum críche do chur ar gach ní toghaidhe dar thionsgain sé, agus do chuimhnigh ar fhocal an tsoisgéula, .i. “As conáigh an duine fhuilngios inghreim agus easonóir ar son Dé agus na córa, óir leó féin an flaithios gan fhoirchionn.”
A ccionn aimsire giorra 'na dhiaigh sin fágbhus athair Froinsias an tír do chríochnughadh a cheannaigheachta. An mháthair, imorro, .i. Pica, nír mhol sí an ní do-rinne a fear, agus sgaoilidh do Froinsias gach cuibhreach dar chuir a fear ar Froinsias agus aontaighios imtheacht dhó. Tug an mac buidheachus do Dhia agus dá mháthair féin, agus téid gusan eaglais chéanda. Ticc an t-athair iaramh dochum a thighe féin agus, ó nach ffuair Froinsias ann, tucc achmhusán géar dá mhnaoi, agus leanus go luath é maille le feirg mhóir, ionnus go ndíbreadh as an tír amach go hiomshlán é, muna fféadadh a iompódh tar ais. Iomthús San Froinsias, gabhaidh sbiorad láidir ó Dhia chuige agus téid a ccoinne an athar agus do ráidh ris do ghuth ghrásamhuil, “Atáim féin ullamh dochum gach péine d'fhulang ar son Dé agus na córa.” Ó 'd-chualaidh an t-athair sin agus nár fhéad inntinn an mhic do chlaochlódh, do iarr an t-ionnmhus air; agus do mhúin Froinsias an t-ionnmhus dó go humhal; agus, ar ffagháil an ionnmhusa dhó, do mhínigh a fhearg, agus do chuir faicsin an ionnmhusa a fhearg ar ccúl. As a haithle sin siridh an t-athair collaidhe Froinsias leis dochum easpuic na cathrach do dhiúltadh dá oighreacht féin agus do thabhairt a mbaoi aige dhó. Téid, imorro, go humhal leis ar ghrádh na bochtaine agus do chuir dhe fó chéadóir an t-éudach baoi uime a bhfiaghnuise an easpuic, agus fós teilgios an t-éudach beag baoi uime dhe maille le lasadh sbioradálta agus re meisge ghrádha Dé, óir níor nár leis é féin do nochtadh ar son an tí dobhí taebhnocht san ccrann chéasda, agus ad-beart friana athair: “Do ghoirios,” ar sé, “athair talmhuidhe dhíot go nuige so, féudaim a rádh anois, Ar nAthair trócaireach atá a bhflaithios Dé, as ar a thaisgidh do chuirios féin m'ionnmhus agus m'órchisde agus as ann do chuirios mo dhóich go daingion.” Ó do-chualaidh an t-easpocc sin, do chuir a n-iongnamh an teas ro-árd dobhí ag S. Froinsias do thabhairt tarcuisne isin tshaoghal sa, agus do éirigh go luath maille re trócaire agus do ghabh Froinsias idir a dhá láimh, agus do dhóirt a dhéara, agus do chuir an brat uasal dobhí uime féin fá Phroinsias, agus tucc ar a mhuintir éudach oile do thabhairt dó d'fholach a chuirp; agus asé éudach tugadh dhó, .i. brat deireóil dobhí ag treabhach
do mhuintir na cathrach. Do ghabh Froinsias sin maille le buidheachus mór, agus do-rinne comhartha na croiche ann re haol tárla dhó san chonair, agus do chum é mar sin amhuil ionar dhó féin a ffioghair na croiche céusda, a n-ionnshamhuil duine bhoicht leathlomnocht. Conadh amhlaidh sin dobhí searbfhoghontaigh Críosd lomnocht do leanmhuin an tí do cuireadh a ccrann na croiche iarna nochtadh. Agus as amhlaidh sin do ghabh cuimirce na croiche céasda dia anmoin, ionnus go rachadh re crann na sláinte a báthadh fairrge an tsaoghail dochum puirt na glóire suthaine. Ar mbeith, imorro, do S. Froinsias fuasgailte ó chuibhreach sainnte an tsaoghail dochum puirt na glóire, agus, ar bhfágbháil na cathrach dhó, do-chuaidh go hinnill a n-ionad uaigneach, d'éisdeacht an chomhráidh neamhdha bú deimhin leis do dhéanamh fris, maille le silens agus le ciúnus. Baoi iar sin ag imtheacht coilleadh áiridhe, gur thógaibhsiod na gadaidhe do bhí os ísiol ann ceann dó, agus é ag moladh Dé a tteangaidh na Fraince maille le sólás croidhe. Fiarfaighid go dásachtach dhe cia hé. Conadh annsin adubhairt Froinsias friú maille le dúthracht agus re dóigh mhóir, “Misi ar sé teachtaire turais an Airdrígh.” Arna chloisdion sin do na gadaighibh, glacaid é go heasonórach agus teilgid é a n-uamhaidh lán do shneachta agus ráighid fris, “Luidh annsin, a bhathlaigh agus a bhullsaire Dé.” Iar n-imtheacht dhóibh iar sin, éirghios Froinsias agus do mhol Dia go hárd maille le sólás mór croidhe. Téid iar sin go mainisdir dobhí dia chóir agus gabhus déirc mar gach anaithnidh innte. Do-chuaidh iar sin do sheirbhís do na bráithribh ar son Dé. Do innleadh a ccosa agus do cheangladh a ccréachta agus do ghlanadh a ttruailligheachta, agus fós do phógadh a ccneadha maille le dúthracht dofhaisnéisi. Agus, ar an ádhbhar sa, tug Dia neart agus cumhachta dhó ar gach easláinte cuirp agus anma d'ionnarbadh, do réir an tshoisgéula, amhuil as follus isin sgéul sa síos. Duine áiridhe d'iarlacht Spoleta tarla a n-easláinte báis, baoi gá chnaoi agus ag caitheamh a bheóil agus a leacan, agus nír féudadh furtacht air do bhrígh leighis dhaonna ar dhomhan, go ndeachaidh don Róimh d'iarraidh furtachta a n-onóir Pheudair easpal agus Phóil. Agus ní bhfuair ionnarba a easláinte, uair
do choimhéad Dia é dá shearbhfóghontaidh féin, .i. do San Froinsias. Ar bhfilleadh, imorro, dhó ón Róimh, tarla S. Froinsias dó isin slighe, agus mar dob áil leis, do dhruim dúthrachta, lorg cos S. Froinsias do phóccadh, níor fhulaing an duine umhal sin dó, uair do ghlac é agus tug pócc ar a bhéul don tí úd lerabh áil lorg a chos do phóccadh; agus, mar do bhain a bhéul beannaighthe ris an ccneidh n-uathmhair úd, do ionnarbadh an easláinte, gurbho slán é; gur móradh ainm Dé agus S. Froinsias de sin. “Ní bhfuil fhios agam,” ar Bonauentúra, “cia dhíobh so iongnamh as mó, .i. an úmhla mhór do fhoillsigh sé ag tabhairt na póige trócairidh uadha, nó an mhíorbhuile árd do-rinne ag slánughadh na heasláinte.” Atá an sgéul sa sgríobhtha a Leabhar cosamhlachta S. Froinsias re Críosd. An t-athair naomhtha, .i. S. Froinsias, do airdigh sé a bhráithre féin, ag déanamh seirbhísi agus fritheólmha do na lobhraibh, ionnus go mbeirdís eólus cinnte air a slíghe na húmhla. Tárla orra an uair sin duine áiridhe san easláinte sin, agus ní bhí fulang nó foighide aige, agus buaidhreadh mór ón drochsbiorad air, agus, ní fa measa ná sin, é ag tabhairt easonóra do Dhia agus dá naomhaibh. Do ordaigh, imorro, S. Froinsias bráthair áiridhe dá fhritheólamh; agus, mar dobhádar ag seirbhís dó go dícheallach, do cumhsgughadh ón drochsbioraid é do thabhairt athaisi dhóibh óna theangaidh thinntighe, agus ní hé amháin acht do bhuaileadh ó shlataibh agus ó dhóidibh iad, agus ní dob uathmhaire leis nó sin, .i. Críosd beannaighthe agus a mháthair agus na naoimh do mhalladh dhó. Dála na mbráthar, ní thugadar cion dá n-easonóir féin, gidheadh, nír fhéadadar easonóir Íosa d'fhulang, go ndeachadar a cceann San Froinsias agus innisid gach aon ní dhíobh sin dó. Ó 'd-chualaidh S. Froinsias sin, táinic féin d'ionnsaighidh an duine easláin agus ráidhios fris, “Go ttugaidh Dia síothcháin agus sláinte dhuit, a bhráthair ghrádhaigh.” Freagrus an t-easlán é agus ráidhios fris, “Créad í an tsíthcháin do-gheabhainn agus do bhráithre-si dom bhuaidhreadh?” Adubhairt S. Froinsias, “A bhráthair ghrádhaigh, bísi go foighideach, óir as sláinte don anom gach gortadh dá bhfuighe an corp, acht go n-iomchra go foighideach é.” “Cionnus do fhéadfainn foighidne do dhéanamh,” ar sé, “agus pian mhór a ccomhnuidhe orm, agus nach é amháin atá an easláinte dom chrádh acht atá do bhráithre-si
gom bhuaidhreadh do ghnáth, óir ní bhfuil aon bhráthair aca do-ní fritheóladh dílios dhamh?” Mur do thuicc S. Froinsias cco raibhi buaidhreadh ón drochspioraid ar an duine sin, do ghuidh Dia go dúthrachtach ar a shon; agus, ar ccríochnughadh na hurnaighthe, adubhairt ris an easlán, “A chompánaigh ghrádhaigh, dob áil leamsa féin fanamhuin dot fhritheólamh ó nach gabhann tú le seirbhís na mbráthar oile.” Adubhairt S. Froinsias, “Gach ní as mian leatsa, do-ghéansa é.” “Máseadh,” ar an t-easlán, “nigh mo chorp uile, óir atá lán do thruaillidheacht, ionnus nach fféudaim mé féin d'fhulang.” Do fhuráil S. Froinsias iar sin uisge te do dhéanamh dhó maille re luibhibh deaghbholaidh, agus beanaidh a éudach don duine easlán agus ionnlaidh a chorp go hiomlán; agus, amhuil do ghlan a chorp don taobh amuigh, as amhlaidh sin do ghlan don taoibh astuigh é. Ó do thuig fear na heasláinte é féin do bheith slán ó chorp agus ó anam, do chaoidh sé go searbh maille le tuirsi chroidhe, ionnus gur baisdeadh a choguas don taebh astuicch le srothaibh na ndéar agus gur glanadh a anam ó gach shalchar sbioradálta baoi fair. Mar do mhothaigh é féin falláin ó chorp agus ó anam, do ghlaodh go hárd maille le deóraibh troma agus adubhairt gur thuill sé a theilgion a n-ifrionn as a ttug d'easonóir uadh do na bráithribh agus d'athais do Dhia agus dá naomhaibh. Dobhí sé mar sin cúig lá déag diaigh a ndiaigh ag caoineadh a pheacadh agus ag iarraidh trócaire ar Dhia, agus fós do-rinne faoisidin go hiomlán is na peacadhaibh céanna. Ó 'd-chonnairc S. Froinsias sin, téid a ffad as an áit sin do sheachna glóire díomhaoine, de a ttiocfadh féuchain an ghníomha mhóirmhíorbhuiligh sin. As a haithle sin gabhus easláinte an duine sin do shlánaigh S. Froinsias, agus fuair bás do mholadh na heaglaisi. Tarla an tráth sin go mbaoi Froinsias ar coill áiridhe ag moladh Dé go díochra dúthrachtach, agus do thaisbéin an duine sin é féin dó a staid na ngrás agus na glóire suthain, ionnus gur mhó a dhealradh nó solus na gréine. Do labhair re S. Froinsias agus do fhiafraigh dhe, “An aithnighionn tú misi?” “Cia thusa féin?” ar S. Froinsias. “Misi an lobhar bocht do
shlánaigh tusa maille le grásaibh Dé, agus atáim anois maille le Críosd ag dol do chaitheamh na glóire suthain, agus bheirim buidheachus re Dia agus riotsa, óir as beannaighthe th'ainm agus as beannaighthe h'anam agus do chorp, do bhriathra agus do ghníomha, agus tiocfaidh slánughadh mhóráin d'anmonnaibh thríod, agus bíodh fhios agad fós nach ttig aon lá ar an saoghal nach ttabhraid aingle fhlaithis Dé agus a naoimh buidheachus mór do Dhia ar son an fhoghanta do-ní tú féin agus th'ord san eaglais; ar an adhbhar sin, bí ad sheasamh go láidir a mbeannocht agus a ngrásaibh Dé.” Do imghidh leis sin agus do fhágaibh sé San Froinsias lán do shólás croidhe agus inntinne ar ccluisdion an chomhráidh sin. SCCUIRIM DO NA SGÉULAIBH SIN AGUS LEANAM ANOIS DON MBEATHAIDH. Iomthús San Froinsias, ó do dhaingnidh a chroidhe a n-úmhlacht Chríosd, tug a aire d'eaglais San Daimianus do chumhdach, do réir na haithne do fuar sé ón chroich naoimh. Agus, ó nach raibhe ór nó airgiod aige, brúidheas a chnámha agus a chorp féin, dobhí arna chaitheamh roimhe sin re trosgadh agus re hurnaighthe, ag tarraing cloch ar a mhuin féin dochum na hoibre; agus ní headh amháin acht níor nár leis a bheith ag iarraidh déirce ar na daoinibh maille lé a raibhi go saidhbhir roimhe. Ó 'd-chonncadur na daoine sbiorad Dé do bheith aige, do chinneudar congnamh do thabhairt dhó, ionnus nach é amháin do chumhdaigh eaglais Daimiánus acht do chumhdaigh, do bhrígh dúthrachta an phobail, eaglais Pheudair, .i. prionnsa na n-easpol, agus eaglais Mhuire, darbho comhainm Porsiuncula, .i. poirsion beag, dobhí an uair sin gan cion ag én duine uirthi. Mar do-chonnairc S. Froinsias í arna tréigion, do chuir saothar mór ar a choluinn féin dá cúmhdach, do bhrígh an dúthrachta rothe dobhí aige do mháthair Chríosd. San Froinsias, dono, ó do mhothaigh tathaigh na n-aingiol annsan áit sin, do réir anma na heaglaisi ó thús, .i. Eaglais Mhuire do na hAinglibh, do-rinne sé comhnaidh aice - mar chomhardha onóra do na hainglibh do-rinne sé comhnaidh aice agus mar chomhardha grádha do Mhuire. Is sé sin ionadh dob annsa lais a ccomhfheagus
dó, uair as annsin do thionnsgain an crádhbhadh go humhal, agus as ann dobhí ar biseach is na subháilcibh, fós, as ann do chuir críoch ar a bheathaidh go humhal naomhtha. Asé so an t-ionadh do aithin do na bráithribh go dúthrachtach a n-aimsir an bháis, agus, do réir mur atá sgríobhtha a Leabhar na Cosamhlachta adubhramar romhainn, is annso do ordaigh sé a chroidhe féin do bheith a n-oidhche a bháis, mar chomhardha dúthrachta do Mhuire. Is mar sin do leasaigh sé na trí heaglaisi corporrdha sin, mar chomhardha go ndiongnadh sé eaglais sbioradálta na n-anmann d'aithleasadh, do réir mar do-chíodhthar arna choimhlíonadh is na trí hordaibh do fhágbhaidh dá éis isin eaglais sbioradálta. ATÁ AN TREAS CAIBIDIL AG LABHAIRT AR ORDUCCHADH AN CHRÁDHBHAIDH, AGUS MAR DO MHOL AN PÁPA AN RIAGHAIL. Ar ccríochnughadh, imorro, na ttrí n-eaglus sin dó, do-rinne comhnuidhe a n-eaglais Mhuire, agus do chríochnaigh, ar impidhe máthar an tSlánaigheóra, slighe na foirfeachta agus sbiorad fhírinne an tsoiscéula. Lá dia raibhi S. Froinsias ag éisdeacht aifrinn na n-easpol, go ccualaidh dá léaghadh san tshoisgéul an riaghail agus an modh tug Críosd do na habsdalaibh an uair do chuir sé do shíoladh na hirsi iad, .i. nach baoi gradha airgid aca, agus nach bíodh dhá ionar ag aon díobh, agus fós, nach biadh slat ná maide 'na láimh. Agus as amhlaidh do thuicc Bonauentúra sin agus gach doctúir oile, gurab slat nó maide dobhiadh mar arm cosanta aca do thoirmisg Críosd dhóibh agus nach lorcca dá ccongbháil 'na seasamh isin slicche. Mar do-chualaidh S. Froinsias sin, gabhus lúthgháire romhór é, agus do ráidh, “Is sé sin as mian dom mheanmoin agus dom chroidhe do choimhlíonadh.” Do sgaoil fó chéudóir a bhróga dia chosaibh agus teilgios a lorcc uadha, agus fuair fuath mór ar an ionnmhus nó ar lón do bheith aige, agus do chuir téad nó corda cruaidh mar chrios thairis, agus cuirios a ccuimhne gach ní ad-chualaidh san tsoisgéul, agus tug a dhíthchioll croidhe é féin do chuma go díreach le riaghail na n-easpol. Do thionsgain ó sin amach grádh mór do bheith aige ar fhoirfidheacht
an tsoisccéula agus cách oile do thoghairm dochum na haithrighe. Dobhádur briathra tinntighe aige lán do neart agus do ghrásaibh an Sbiorad Naomh, óir do bhaindís le smior na hinntinne agus thiaghdís tré chroidhe luchta a n-éisdeachta, ionnus go ccuirdís biodhgadh iongantach in gach aon do-chluineadh a bhriathra, agus go maothaigheadh ciall bhríoghmhar a bhréithre intinne na ndaoineadh do chruadhaigheadh is na peacaidhibh do dhéanamh aithrighe. Mar rugadar na daoine eólus ar an triall árd naomhtha do bhí aige a bhfírinne a bheathadh agus a theagaisg, do thrialladar daoine áiridhe aithrighe do dhéanamh ó eisiompláir, iad féin do cheangal do S. Froinsias ó aibíd agus ó bheathaidh, isa ainm tug an duine umhal orra so, bráithre monúra, .i. na bráithre as lugha. Agus asé céad duine do ghoir Dia chuige, tighearna cumhachtach dobhí a ccathraigh Aisisi, darbho comhaimn Bernard; agus ba diongbhála an t-ainm don tí si céad mhac sbioradálta S. Froinsias do ghairm dhe, a leith re haimsir, agus re foirfidheacht na beatha naomhtha do bheith aige. Agus asé so an modh ar ar tharraing Dia chuige é, do réir mar atá a Leabhar na Cosamhlachta. An uair dobhí an tighearna sin ar dhaoinibh uaisle eagnuidhe saidhbhre chathrach Aisísi do smuain aige féin slighe San Froinsias do leanmhuin, .i. an tarcuisne tug sé don tsaoghal agus daingne a inntinne san triall mhaith agus méad a fhoighidne in gach easonóir dá bhfaghadh sé ar feadh dhá bhliadhan dobhí sé a n-aibíd dhíthreabhaigh sul do thionsgain sé an tOrd Mionúr; agus adubhairt an duine maith si ina mheanmuin féin, “Ní éadair”, ar sé, “gan grása móra do bheith a San Froinsias.” As a haithle sin do sheól Dia dhó cuireadh do thabhairt do S. Froinsias. Do ghabh Froinsias sin agus do chaith biadh agus deoch go humhal maille le Bernard; agus do chuir Bernard ina inntinn naomhthacht S. Froinsias do dhearbhadh. Conadh aire sin adubhairt sé leaba do chórughadh dhó ina sheómra féin; agus do-righneadh amhlaidh sin, agus loighios Froinsias. Do luígh Bernard ar a leabaidh agus do léig sé gúacholladh chuige agus
dobhí ag srannfartaigh go hiomarcach, dá chur a ccéill go raibh sé 'na thromcholladh. Dobhí lóchrann ar lasadh sa tseómra, do réir ghnáthaighthe an duine uasail onóraigh. Searbhóntaigh umhal an Airdrígh, lerbh áil seicréid agus rún Dé do cheilt, an uair do shaoil sé Bernard do bheith 'na cholladh, do éirghe as a leabaidh agus do thógaibh súas a lámha agus a shúile maille le dúthracht agus le mian mór agus re teas tinntighe agus ghuidh Dia go dúthrachtach maille le beagán briathar, .i. “Mo Dhia féin; gach uile ní, asé Dia do-ní; asé Dia do-ní gach uile ní dhamh chum na neitheadh mór dob áil leis do dhéanamh thríom.” Agus dobhí gá shíorrádha sin, lán do dhúthracht intinne agus do theas croidhe maille le deóraibh do dhórtadh dhó, as sin go maidin gan urnaighthe eile do dhéanamh acht an beagán briathar sin. Asé adhbhar fá n-abradh sé sin go minic, gurbh iongnamh leis airde na diaghachta agus a ísle féin, agus gurab é dob áil le Dia cumhachtach do chur do shlánughadh an tshaoghail, do réir mar do fhoillsigh Dia dhó na neithe móra do-dhéanamh sé féin agus a ord re chéile. Do-chonnairc an duine umhal sa a éccruas féin chuige sin, muna ccuireadh Dia lámh leis. Conadh aire sin adeireadh sé, “A mo Dhia féin gach uile ní.” Do-chonnairc Bernard agus do-chualaidh sé na briathra sin agus do thuig dúthracht an duine naomhtha, agus do ghoineadar grása an Sbiorad Naomh a chroidhe, agus do labhair sé le San Froinsias ar maidin arna mhárach agus aseadh ro ráidh: “Gidhbé duine”, ar sé, “dá ttiúbhradh Dia conádha móra, agus a bheith aige mórán do bhliadhnaibh agus ná bú áil leis a chongbháil ní budh faide, créud bu cóir dhó do dhéanamh fris?” Do fhreagair San Froinsias agus aseadh adubhairt gurab don tí ó ffríth é budh cóir a thabhairt. “Máseadh, a Froinsiais,” ar Bernard, “gach uile mhaithios atá agamsa, aseadh budh áil dhamh a thabhairt do bhochtaibh ar ghrádh Dé, ó bhfuarus é, agus thusa do leanmhuin agus gach ní mholfus tú dhamh do dhéanamh.” Mar do-chualaidh Froinsias sin, adubhairt maille le lúthgháire mhóir, agus aseadh adubhairt, “A Bhernaird,” ar sé, “as cóir dhúinne comhairle ar tTighearna féin, .i. Íosa Críosd, d'iarraidh chuige sin, ionnus go bhfoillsigheadh sé a thoil féin dhúinn, óir as mór an gníomh sin re a dhéanamh.” Do-chuadur go luath go heaglais S. Niocolás,
dobhí láimh riú, agus duine eile maille riú, .i. Petrus a ainm, lerbh áil a bheith 'na bhráthair. Ar n-éisdeacht aifrinn dóibh annsin, dobhádur ag guidhe Dé go tráth terta. As a haithle sin do léig S. Froinsias ar a ghlúinibh é a bhfiaghnuisi na haltóra, agus glacus an leabhar aifrinn agus cuiridh singin na croiche ina thimchioll agus osglus an leabhar trí huaire a n-onóir na Tríonnóide, agus asé so céad ní fuair san chéad osgladh, .i. an focal úd an tshoisccéula, .i. “Madh áil leat a bheith foirfe, glúais agus reac a bhfuil agad agus tabhair do bhochtaibh é, agus do-gheabha tú órchisde a bhflaithios Dé.” Do cuireadh chuige san dara hosgladh an focal úd oile an tshoisccéula, .i. “Ná beiridh aon ní ribh sa tslighe.” Tárla san treas osgladh, .i. “Gidhbé lerab áil misi do leanmhuin, diúltadh sé é féin agus leanadh sé misi agus tógbhadh sé chroch,” mar adubhairt Críosd. Airna léaghadh sin do S. Froinsias, gabhus lúthgháire é maille le buidheachus do thabhairt do Dhia, agus adubhairt re Bernard agus re Peatarus, “A bhráithre grádhach, ag so an riaghail as beatha dhúinn agus do gach duine lerab áil é féin do cheangal rinn, agus gluaisigh agus cuiridh a ngníomh amhuil do-chualabhair.” Do-chuaidh an tighearna sin, aga raibh saidhbhrios mór, .i. Bernard, dochum a thighe féin agus do chruinnigh a raibh do shaidhbhrios agus do mhaoinibh aige agus do ruinn ar bhochtaibh na cathrach iad, agus níor chongbhaidh agus níor choimhéid aoin ní dhó féin díobh; agus do-rinne Peatarus an ní céanna, do réir a inmhe féin. As a haithle sin gabhuid an aibíd ó S. Froinsias, agus dobhádur 'na mbráithribh naomhtha lán do ghrásaibh ar an saoghal sa, agus atáid anois maille le Dia lán do ghlóir. Beagán aimsire 'na dhiaigh sin do thairrngeadar grása an Sbiorad Naoimh ceathrar bráthar oile dochum S. Fhroinsias, agus dob é an céad duine dhíobh sin an t-athair naomhtha darbho comhainm Egídius, .i. duine dobhí lán do ghrásaibh Dé agus do dheaghchlú, do réir mar adubhairt S. Froinsias. Dobhí an tí si rosholusda ó ghnáthughadh na subháilceadh an méid si, gé dobhí sé 'na dhuine aenda gan léighionn aige, gur tógaibh a n-airde é do bhreith radhairc ar an Tríonnóid, agus fós go mbíodh sé go minic arna ghoid ón tsaoghal leith re sbioraid, ag tabhairt aire do Dhia agus ag labhairt fris, do réir mar do-chonnairc mo shúile féin é, ar Bonauentúra,
ionnus gurab mó do bhreathnóchadh neach beatha ainglidhe do bheith aige maille ris na daoinibh iná beatha dhaonna. An tráth sin, imorro, do fhoillsigh Dia radharc nach cóir a cheilt do shagart áiridhe dobhí a ccathraigh Aisisi, Siluester a ainm. Dobhí gráin ag an duine si ar tús ar shlighe S. Froinsias agus a bhráthar. Conadh do chur a bhreithamhnuis mheardhána ar ccúl do fhoillsigh Dia an radharc sa dhó. Do-chonnairc sé ina cholladh draicc mhór a timchioll cathrach Aisísi, agus gur eagail leis an tír uile do sgrios le méad na draicci. As a haithle sin do-chonnairc sé cros órrdha ag teacht a bheól S. Froinsias agus a beangán uachtarach a spéir an aieóir, a dhá beangán társna ag teacht timchioll an tshaoghail, gur dhíochuir sí an draicc uathmhar le faicsin dealraidh a solais. Arna fhaicsin sin trí huaire dhó a ndiaigh a chéile, do thuig gurab sgéula thug Dia dhó ar naomhthacht S. Froinsias agus a bhráthar, conadh uime sin do-chuaidh sé a cceand S. Froinsias agus do innis gach aon ní aca sin dó féin agus dá bhráithribh. A ccionn aimsire giorra 'na dhiaigh sin do thréig sé an saoghal agus do lean sé slighe S. Froinsias go foirfe, ionnus gur chuir an bheatha mhaith dobhí aige san órd a n-uaisle 's a n-onóir an radharc do-chonnairc sé a n-aibíd shaoghalta. Ní a nglóir dhíomhaoin an tshaoghail do-chuaidh S. Froinsias le cloistin an amhairc sin acht a mbuidheachus do bhreith re Dia ar son a thiodhlaicthe dhó, agus fós do ghlac sé leis sin meanma láidir do chur cealg agus mealltóracht an diabhail dhe. Do ghabh mian mór S. Froinsias im ghlóir na croiche céusda do sheanmóir tré chéill na croisi do-chonncus 'na bheól. Mar do ghoir Dia seisior bráthar chuige, do-chuaidh an t-athair trócaireach agus an buachaill furachair, .i. S. Froinsias, a n-ionadh uaigneach do chaíneadh na beatha saoghalta dobhí aige agus d'iarraidh grás agus maithfeachas ar Dhia don chloinn bheannaighthe do ghin sé a Críosd. Do fhoillsigh Dia dhó annsin gur mhaith sé féin a pheacaidh dhó go hiomlán. Maille le lúthgháire chroidhe do tógbhadh é as a haithle sin a solas
bhríoghmhar iongantach, agus, ar ndol asdeach dhó sa tsolus sin, do-chonnairc sé go follus gach ní thaigéamhadh dhó féin agus dá ord 'na dhiaigh sin go deireadh dhomhain, do réir mar do innis sé féin do na bráithribh 'na dhiaigh sin do chur nirt agus láidireacht ionnta go deireadh dhomhain. “A chlann ghrádhach, déanaidh go láidir sa Tighearna maille le sólás, agus ná bíodh tuirsi oraibh ima laghad atá sibh maille re chéile, agus fós ná gabhadh eagla sibh fám aendacht-sa, agus bíodh a fhios agaibh go cinnte fírinneach gur fhoillsigh an Tighearna dhamhsa go mbiam nuimhir mhór fós 'na dhiaigh so agus go ttiubhraidh sé saidhbhrios na ngrás agus na mbeannacht dhúinn, do réir mar adeir Leabhar na Cosamhlachta go ndubhairt S. Froinsias: “Ná bíodh uamhan nó eagla oraibh, óir do fhoillsigh Dia dhamhsa go ttiocfaid mórán do dhaoinibh eagnaidhe agus do dhaoinibh uaisle chugainn agus go mbeid ag seanmóir maille frinn do na ríoghaibh agus do na puiblibh agus do-dhéanomh mórán d'iompódh óna bpeacadhaibh dochum Íosa Críosd, agus méideóchaidh Dia a mhuinntir féin agus cuirfidh sé iad a saibhrios agus a leathad feadh an tshaoghail.” Adubhairt fós rena chois sin: “Do-chonnairc misi na slighthe lán do dhaoinibh chugainn: atáid Frangcaidh agus Spáinnigh, Almáinnigh agus Briotáinigh, Saxanaigh agus Éirionnaigh agus Albanaigh agus mórán do chineadhaibh eile ar siubhal chugainn.” Atáid na mainisdreach agus na coimhthineóil agus iomad na mbráthar mionúr do bheith in gach aon talamh dá dhearbhadh dhúinn gurab fírinneach gach ní dá ndubhairt S. Froinsias. As a haithle sin, ar tteacht duine mhaith oile dochum an chrádhbhuidh, dobhádur móirsheisear mac sbioradálta do chlonn bheannaighthe ag S. Froinsias. Agus, arna ngairm chuige dhó, do-rinne an t-athair trócaireach seanmóir dhóibh ar fhlaithios Dé do chosnamh do chionn an tshaoghail do thréigean agus a thoile féin do dhiúltadh agus a chorp do ghortughadh; agus do fhoillsigh Dia dhó gurbh áil dó a chur fá cheithre hairdibh an domhain, óir dobhí mian ar S. Froinsias an eaglais uile do tharraing chum na haithrighe agus a ngineamhain do Chríosd go sbioradálta. “Gluaisigh ar an t-athair milis re a chloinn agus foillsigh an tsíth do na daoinibh, ag seanmóir na haithrighe a maitheamh na bpeacadh, agus bídhthi féin foighideach sa mbuaidhreadh, furachair san urnaighthe, glic isin tsaethar,
measardha in bhar ccomhrádh, deaghiomchair in bhar mbéusaibh, buidheach do na tiodhlaicibh, óir atá flaithios Dé gá ollmhughadh dhaoibh ar son gach ní dhíobh sin.” Arna chloisdion sin do na bráithribh, do léigiodar ar a nglúinibh iad a bhfiaghnuisi S. Froinsias agus do ghabhadur aithne na húmhla uadh maille le sólás croidhe. Ar ttabhairt a bheannacht dhóibh, adubhairt re gach bráthair fó leith aca, “Cuir h'inntinn agus do dhóich i nDia agus oilfe sé thú.” Fa gnáth leis an focal sin do rádh gach uair do chuireadh sé bráthair re humhla. Ar ngabháil, imorro, compánach do S. Froinsias, do roinn sé i cceithre chúpla iad agus do chuir a ffioghair na croiche fó cheithre hairdibh an domhain iad. A ccionn aimsire giorra 'na dhiaigh sin dobhí mian ag an athair thrócaireach a chlann ghrádhach d'fhaicsin, agus, mar nachar fhéad sé, ar a sholáthar féin, a ttabhairt chuige, do ghuidh Dia go dúthrachtach a ccruinniughadh a cceann a chéile, amhuil do thineóil sé clann Israel dobhí sgaoilte dealaighthe ó chéile. Do fhreagair maithios Dé S. Froinsias, agus do chuir sé na bráithre a n-aon ionadh, mar nár shaoileadar féin, do réir miana an athar naomhtha, maille re hiongnamh mór do bheith orra féin; gur móradh ainm Dé agus S. Froinsias de sin. Do ghoir Dia chuca iar sin ceathrar do dhaoinibh saidhbhre sochroidhi, ionnus go raibheadar dhá bhráthair dhéag maille re chéile; óir dob áil re Críosd S. Froinsias do chur a ccosmhuilios ris féin isin ngné sin, do réir mar adeir Leabhar na Cosamhlachta, amhuil dobhí dhá easpol déag aige féin, gurab amhlaidh sin dob áil leis dhá chompánach dhéag do bheith ag S. Froinsias, agus, amhuil dobhí easpol díobh 'na dhrochdhuine, .i. Iúdás, do chroch é féin, as mar sin dobhí bráthair aca sin 'na dhrochdhuine, .i. Seón an tSéibéil, óir do bú áil leis an duine sin míoghnáthughadh séipéil do bheith aige gan chead do S. Froinsias, gur fhágaibh sé an t-ord agus go ndearnadh duine clamh dhe, agus do-chuaidh a n-éudóchus agus do chroch sé é féin. Accus, mar do chuir sé Mathias dochum na n-easpol a n-ionadh Iúdáis, as mar sin do chuir sé duine maith dochum S. Froinsias a n-ionadh Sheóin an tSéipéil, .i. Guilliabnus a críochnaibh Saxan; agus fa maith a bheatha isin ord, maille le mórán míorbhal do dhéanamh dhó. Agus, amhuil dobhádur na heaspoil lán do
naemhthacht agus do mhíorbhuilibh, as mar sin dobhádur compánaigh S. Froinsias ronaomhtha leath re beathaidh agus rochumhachtach leath re míorbhuilibh do dhéanamh 'na mbeathaidh agus 'na mbás agus iar mbás; uair dobhí bráthair aca ag eitiollaigh, cosmhuil le hiolar, dochum solais eagna na diaghachta, .i. Bernardus, céad mhac sbioradálta S. Froinsias, go ttéigheadh a ndoimhne na diaghachta do thuiccsin an sgrioptúra. Rugadh, imorro, bráthair eile dhíobh isin treas neamh maille leis na hainglibh, a ccosmhuileacht re Pól, .i. Egídius. Do chuir an t-aingeal cloidheamh tinntighe a mbéul bráthar oile dhíobh, a ccosmhuileacht re hElias fáidh, .i. Philip Fada. Dobhí duine eile aca ag labhairt re Dia béul ar bhéul amhuil charuid re caruid eile, a ccosmhuileacht re Maoisi, .i. Siluestar. Do naomhadh bráthair eile aca agus do sgríobhadh é a leabhar na beathadh a fflaithios Dé agus é féin beó ar an saoghal, .i. Rufinus, .i. duine uasal do chathraigh Aisísi. Dobhí duine eile aca dealradhach solusda, leith re beathaidh naomhtha, a ccosmhuileacht soluis na gréine, .i. Petrus Cataníí, dobhí 'na bhiocáire ag S. Froinsias agus 'na mhinistir ghenerálta 'na dhiaigh os cionn an uird. Do bhí sbiorad fháidheadórachta ag duine eile dhíobh, .i. Leada. Rug duine eile dhíobh ar fhoirfeacht na humhla, .i. Maseus. Mar sin nach raibh aon aca gan subháilce ar leith aige. Agus fós, amhuil do shlánaigh Críosd an saoghal lé a sheanmóraibh féin agus le seanmóraibh na n-easpol, as mar sin do leasaigh S. Froinsias an saoghal céanna leis féin agus le a bhráithribh, leith re haithrighe agus re crádhbhadh do dhéanamh do chách. Ó do-chonnairc, dano, S. Froinsias nuimhir na mbráthar do bheith ar biseach, do sgríobh sé riaghail dó féin agus dá bhráithribh, in tshoisgéula, do réir mur dhéacht an Sbiorad Naomh dhó, óir as ó Chríosd féin fuair sé an riaghail. Dá dhearbhadh sin: An uair dob áil leis an riaghail do chur a suim do thaisbéin Dia dhó radharc san oidhche chuige sin do dhéanamh. Do-chonncus dó gur chruinnigh sé sbrúilleach séimhidhe aráin maille re chéile agus go ndubhradh ris a thabhairt do mhórán bráthar bhaoi gach taoibh dhe, ar a raibhe gorta mhór. Agus, mar dob eagail leis nach fféadfadh sé an sprúidhleach sin do roinn orra, ar a thanacht, adubhairt an guth neamhdha ris,
“A San Phroinsias, déana aon abhlonn amháin dá bhfuil ann so agus tabhair í do gach duine lerab áil a gabháil uait.” Do-rinne S. Froinsias sin; agus gach duine nár ghabh an abhlann uadha nó thug dímeas uirre iarna gabháil, do-rinneadh daoine clamha a ccéadóir dhíobh. As a haithle sin, mar nár thuicc sé an radharc sin go sbioradálta, agus é go furachair ag guidhe Dé, do-chualaidh sé an guth diadha ag labhairt fris: “A Froinsiais, an sprúidhleach ad-chonnairc tú, as iad sin briathra an tshoisccéula; an aon abhlann adúbhradh riot do dhéanamh dhíobh sin, así sin an riaghail chuimir as cóir dhuit do chur a n-éin ionadh, agus asé an claimhe ad-chonncais, eteadh agus drochchomhairle na ndaoineadh do-bheir tarcuisne ar an riaghail. Arna chloisdion sin do S. Froinsias, do-chuaidh ar sliabh árd áiridhe darbho comhainm Polambo, mar adeir Leabhar na Cosamhlachta, agus dias compánach leis, .i. Leada agus Bonisius, agus dobhí annsin ag guidhe Dé go díochra gan biadh gan digh acht arán agus uisge, agus do sgríobh sé an riaghail go cuimir, do réir mar dheacht Críosd dhó. Iar bhfágbháil an tsléibhe dhó, tug sé an riaghail dá coimhéud dá bhiocáire féin, .i. d'Elias; agus, arna léaghadh don mbráthair chéanna, mar nár thaitin sí ris, ar a cruas, do bhris sé í, agus do ráidh re S. Froinsias go ndeachaidh sí ar seachrán uadha. Ó do-chualaidh Froinsias sin, fillidh gusan sliabh céanda agus do sgríobh sé annsin maille le tréidhionus agus re hurnaighthe do dhéanamh ar tús leithide na céud riacchlach, ó bhréithir go bréithir, amhuil do dheacht béul an Tighearna dhó. Conadh annsin do-chuaidh Heilias céadna a cceand na mbráthar agus na menisdreach agus do innis sé dhóibh foirm na céad riaghla agus adubhairt go mbaoi S. Froinsias ag déanamh a leitheide oile. “Éirghidhsi”, ar na bráithre, “a cceann S. Froinsias uainne agus innis dhó go ndubhramarne ris an riaghail sin do dhéanamh dhó féin agus gan a déanamh dhúinne, óir ní háil linn a cur d'fhiachaibh oruinn.” Adubhairt Helias gur eagail leis a chur leis an teachtaireacht sin gan iad féin maille fris. Arna chloisdion sin dhóibh, do ghluaiseadar uile leis, agus, mar do-chuaidh Helias a bhfeagus do S. Froinsias, do fhiarfaidh S. Froinsias de, ar bhfaicsin na menistreach agus na mbráthar oile dhó, créad dob áil leó do dhéanamh. “Do-chualadar,” ar Helias,
“go bhfuil riaghail nuadh agadsa gá déanamh agus as eagail leó go ndiongnaidh tú rochruaidh í, conadh uime sin adeirid riot a déanamh dhuit féin agus gan a déanamh dhóibhsion.” Do thógaibh S. Froinsias a shúile súas agus adubhairt re Críosd, “A Thighearna, as fírinneach adubhart friot nach ccreidfedís na bráithre dhamh.” Do fhreagair Críosd S. Froinsias isin aiér uasumh, agus do-chualadur na bráithre é gá rádha fris, “A Froinsiais, ní bhfuil aon ní uaitsi isin riaghail, acht uaimsi féin atá gach aon ní dá bhfuil innte”; agus do ráidh trí húaire a ndiaigh a chéile, “As amhlaidh as áil leam a coimhéad do réir na litreach, gan glúais.” Agus adubhairt as a haithle sin, “Atá fhios agamsa féin gá mhéid fhéadus an nádúir dhaonna d'iomchar agus gá mhéid as áil leam féin agus do fhéadaim a fhurtacht.” Ar ccríochnughadh an chomhráidh sin, adubhairt S. Froinsias ris na bráithribh, “Do-chualabhair féin siúd; an áil libh go ttabhrainn ar Chríosd an comhrádh céanda do rádha ribh?” Ó 'd-chualadar na bráithre sin, do éirgheadar maille le náire mhóir agus re haithreachus. Conadh go nuige sin a labhrus an Leabhar Cosamhlachta. Dobhí mian ag S. Froinsias an pápa, .i. Innocensius, an treas pápa ar a raibh an t-ainm sin, do mholadh na riaghla sin fuair sé ó Chríosd. Conadh aire sin do-chuaidh sé a ccuideachta bráthar dochum na Rómha, agus gabhus eagla na bráithre fá aendacht S. Froinsias ag dol a ccionn an phápa, go ttucc Dia sbiorad láidir dhóibh leith re taisbéanadh áiridhe tucc Dia do S. Froinsias, óir do-chonncus dó go bhfacaidh sé san tslighe crann ro-árd, agus, ar ndol fá bhun an chrainn dó féin, do fhéuch sé suas ar a bharr, agus gurbh iongnamh leis a áirde, agus go ttáinic do chumhachtaibh Dé a ccéadóir gur thógaibh é féin go hárd, ionnus go rug sé ar bhárr an chrainn agus gur chrom é dochum a bhuna. Do thuig an t-éarlamh naomhtha as sin gurab é an crann an pápa ardchumhachtach do chlaenfadh chuige féin an duine beag íseal do mholadh na riaghla agus do thabhairt gach neithe dá n-iarrfadh sé dhó. Arna innisin do na bráithribh maille le sólás mór, do chuir sé a neart agus a láidireacht inntinne iat. Ar ndol dochum an phápa dhóibh maille le seóladh Dé, do-chuaidh S. Froinsias a bhfiadhnuisi an phápa sa phálás darbho
comhainm Laterána, dá ngoirthior an Sgáthán. Mar nach raibhi eólus ag an phápa ar S. Froinsias, agus smuaintighthe áirde ar a aire féin, agus do fhuráil a chur amach maille le míochéudfaidh; agus do-chuaidh an duine umhal amach go haobhdha. Do thaisbéin Dia don phápa isin oidhche sin, dar leis féin gur fhás géug phailme idir a chosaibh agus gur fhás sí agus gur éirghe go ro-árd 'na crann ro-áluinn. Ar ccur a n-iongnamh dhó créud bu ciall dhó sin, do fhoillsigh solus grás Dé dhó gurab í an ghéucc bheag sin, dobhí ísiol ar tús agus árd fá dheóigh, an duine bocht do chuir sé amach an lá roimhe sin, do éireóchadh san eaglais 'na chrann ro-árd leith re foirfeacht an chrádhbhaidh. A maidin an laé arna mhárach do chuir sé daoine d'iarraidh an duine bhoicht, go bhfríth a ffeagus don phálás é, gur fhuráil an pápa a thabhairt ina fhiaghnuisi; agus do fhoillsigh S. Froinsias dó an triall dobhí aige agus do iarr go humhal air an riaghail do mholadh. Ó do-chonnairc an pápa an coinghioll romhaith dobhaoi aige S. Froinsias, mar atá glaine iongantach intinne agus triall daingion na foirfeachta agus teas tinntighe na toile naomhtha, tug grádh a chroidhe dhó agus do chlaon a inntinn féin dochum gach neithe dá n-iarrfadh air do thabhairt dhó. Gidheadh, do chuir sé ar cairde an ní do iarr bocht Dé air, .i. S. Froinsias, óir do-chonncus do chuid éigin do na cairdionálaibh gurab ní núa ro-árd os cionn comhachta na ndaoine do iarr sé. Mar dob áil le Dia dobhaoi cairdionál aca sin, .i. easpoc Saibíne, duine onórach darbhó comhainm Iohones, aga raibhi grádh ar an naomhthacht agus trócaire do bhochtaibh Dé. Do lasadar grása an Naemhsbioraid an tí sin, agus adubhairt ris na cairdionálaibh eile: “Dá ccuiream iarratus an duine bhoicht ar ccúl agus a neamhchion mar ní núa ro-árd, as baeghal dúinn go ttiubhram athais do shoisccéula Críosd, óir as sé ní iarrus sé, riaghail agus beatha do dhaingniughadh do réir an tsoisgéula. Gidhbé duine adéaradh ní nua míochneasda ná budh éidir dhó choimhéud do bheith isin tsoisccéul, as deimhin go ttug sé easonóir do Chríosd, as úghdar do na soisccéulaidhibh céanda.” Ar ccur críche ar an chomhrádh sin don chairdionál, adubhairt fear ionaid Peadair re bocht Críosd, “A mhic ghrádhaigh, guidh féin Dia ima thoil d'fhoillsiughadh dhúinn iman chás sin, ionnus
go ccuirfidhear críoch go hinnill ar an mian thrócaireach atá agadsa.” Do-rinne óglach an Airdrígh sin go dúthrachtach, agus fuair ó Dhia ina urnaighthe gach ní budh cóir dhó do labhairt ar a bhéul don taobh amuigh agus bu cóir don phápa do thuigsin ina chroidhe don taobh astuigh. Ar tteacht a bhfiaghnuisi an phápa dhó, do innis sé cosmhuileacht áiridhe, do réir mar fuair sé sin ó Dhia, .i. go ndearnaidh rí sáidhbhir pósadh re mnaoi bhoicht dobhí ro-áluinn, agus go rucc sí clann dó, ar a raibh dealbh agus cosmhuileacht an rí, agus do hoileadh ar a bhord féin iad. Do mhínigh S. Froinsias an chosmhuileacht sin go morálta, agus adubhairt gurab é an rí sáidhbhir sin Críosd, aga bhfuil gach uile shaidhbhrios ar nimh agus ar talmhuin, agus gurab í an bhean do phós sé ris, .i. an bhochtacht naomhtha, atá áluinn a bhfiadhnuisi Dé agus na n-aingeal, agus gurab í an chlann do ghein sí dhó, .i. gach duine le bú áil an bhochtacht naomhtha agus móid na bochtaine do thabhairt, dia ttabhrann Críosd beatha ar a bhord féin san eaglais, do bhrígh trócaire an Chríosdaighe. “Máseadh,” ar S. Froinsias, “ní hadhbhar eagla móid na bochtaine do thabhairt, óir ní cosmhuil go léigfidh Críosd do ghorta a chlann féin, ar a bhfuil a dhealbh do thaobh a dhiaghachta agus a chosmhuileacht do thaobh a dhaonnachta agus a bhochtachta maille friú sin, agus a ghineamhuin ón máthair sbioradálta dhó, .i. an bhochtacht áluinn isin chrádhbhadh bheannaighthe, ó ghrásaibh an Naoimhsbioraid. Agus fós, ó do gheall Rígh na n-aingeal oighreacht fhlaithis Dé dá lucht leanamhna féin, cá mhéad as iontuigthe dhúinn go ttiúbhra sé biadh agus deoch dhóibh agus éudach, agus go ttabhair go coitcheand do chách, eidir mhaith agus olc. Arna chloisdion sin don phápa, dob iongnamh leis méad eagna an duine bhoicht, agus do thuig sé gurab é Dia féin do labhair ina bheól, agus adubhairt re cách, an taisbéanadh do fhoillsigh Dia dhó féin, gurab don duine bhocht sin budh cóir a thuigsin, .i. “Do-chonncus in mo cholladh go mbaoi an eaglais onórach, .i. Laterána, a bhfeagus do thuitim agus gur chuir duine bocht deireóil a dhruim ria agus gur chongaimh sé 'na seasamh í. As deimhin leam”, ar an pápa, “gurab é so an tí dá bhfuil a ndán an eaglais do chongbháil, ó oibriughadh agus ó theagascc.” Ó sin amach dobhí an pápa lán do dhúthracht agus do ghrádh sbioradálta
fá shearbhfoghontaidh Chríosd, agus tug dhó gach ní dar iarr air agus do gheall neithe móra eile do thabhairt dhó. Do mhol sé an riaghail agus do aithin sé dhó an aithrighe do sheanmóir agus fós do fhuráil sé coróineadha beaga do dhéanamh is na bráithribh tuata, do sheanmóir bréithre Dé. LABHRUM AN CEATHRAMHADH CAIBIDIL AR BHISEACH AN UIRD MHIONÚR FÁ LÁIMH S. FROINSIAS. An t-athair naomhtha S. Froinsias, aga mbaoi sólás grás Dé, ar bhfagháil cumhachta agus ughdardháis an phápa, do-chuaidh sé maille le dóchus daingion dochum ionaid áiridhe dar chomhainm Gleann Spoleata do chur soisccéula Críosd a ngníomh ó bheathaidh agus dá sheanmóir ó bhréithir. Ar ndéanamh callóide rena chompánaibh dhó cionnus do choimhéudfaidís an riaghail go glan agus cionnus do-bhéardís a mbeatha go naomhtha as do thaobh an Tighearna, go tarbhach leith riú féin agus go hesiomláireach leith re cách eile, go rug deireadh an laoi orra, agus do fhanadar, le méad an tsaethair roimhe sin, a n-ionadh fhásaigh gan lón aca acht Dia, aga mbaoi agus aga raibhi deithide agus coimhéud orra, óir do-chonncadar a ccéadóir duine ar tteacht do láthair agus arán ina láimh, agus, ar ttabhairt an aráin dóibh, do imigh sé as a bhfiaghnuisi gan fhios aca cáit as a ttáinic nó cá hairm a ndeachaidh. Mar do thuigeadar na bráithre gurab é Dia do chuir an tiodhlacadh sin dochum S. Froinsias, as mó thugadar a n-aire do shásadh na hinntinne leith re buidheachus agus re moladh do thabhairt d'Íosa nó do bhiadh an chuirp do chaitheamh, agus do chuireadar ina n-inntinn go daingion gan dol tair ais choidhche ón mbochtacht naomhtha re hamhgur nó re heasbhaidh dá mhéud. Acc dol dochum an ghleanna chéanna dhóibh maille le triall naomhtha, do chuireadar a ccontabhairt créad budh cóir dhóibh do dhéanamh, .i. a mbeith maille fris na daoinibh ná dol leó féin ar an bhfásach; agus, ó nach ann féin nó ina bhráithribh do chuir S. Froinsias a dhóich, do ghuidheadar Dia go dúthrachtach
ima thoil féin d'fhoillsiughadh dhóibh ar an adhbhar sin. Ar tteacht solais freagra Dé a ttimchioll S. Froinsias, do thuig sé gurab dochum éudálach do dhéanamh do Chríosd ar na hanmannaibh dob áil leis an diabhal d'fhuadach a n-ifrionn do chuir Dia é féin agus a ord ar an saoghal, conadh ar an adhbhar sin rucc mar roghain a bheatha do thabhairt ass maille fris na daoinibh, ionnus nach í a tharbha féin amháin do-dhéanamh sé acht tarbha na heaglaisi go coitchionn ó eisiomláir Chríosd do chuir a anam agus a bheatha ar son cáich uile. As a haithle sin do-rinneadar comhnuidhe a n-ionadh bheacc dheireóil do bhí ar fágbháil amuigh ó chách a ccóir cathrach Aisísi, ina raibheadar ag tabhairt a mbeatha as do réir riaghla na bochtaine naomhtha maille le saothar mór agus re sólás d'fhagháil a n-arán na ndeór nías mó ná a mbiadh oile dá shólásaigh. Tugadar a n-aire do stuidér na hurnaighthe agus do leabhar na croiche céusda d'fhéuchain agus do sgrúdadh do ghnáth a ló agus a n-oidhche, óir ní raibhiodar leabhair eile aca le n-aibeórdís trátha cánónta, agus fós do-níodh S. Froinsias seanmóra dhóibh go minic ar chroich Chríosd agus ar a pháis, agus tucc sé teagusg dhóibh, an tráth do-ghéandís urnaighthe, an Phaidear do rádh agus an urnaighthe bheag sa oile, .i. “Guidhim annso agus in gach eaglais oile atá agad agus beannaighim dhuit, óir as léad chroich naoimh féin do cheannaighis an saoghal.” Agus tucc sé trí teagaisg mhaithe eile dóibh an uair sin, .i. ar tús, Dia do mholadh ann féin agus in gach uile chréatúir, agus onóir do thabhairt do na sagartaibh, creideamh na hEaglaisi Rómhánta do choimhéad go daingion agus a admháil go haonda. Do choimhéid an chlann teagusg an athar naomhtha in gach aon ghné; agus, ar bhfaicsin eaglaisi a bhfad uatha, do léigdís ar a nglúinibh iad agus do-nídís urnaighthe, do réir na haithne fuaradar ón athair naomhtha. Do-chuaidh S. Froinsias Satharn áiridhe ón ionadh chéanda sin dochum cathrach Aisisi do rádha seanmóra i n-eaglais chaiteadrálta. Agus, ar mbeith a bhfurachrus an oidhche sin a ngarrdha na ccanánach, acc guidhe, amhuil fa gnáth leis, go bhfacadur na bráithre timchioll an mheodhón oidhche, agus cuid 'na ndúsgadh dhíobh agus cuid 'na cciúnus, carbad tinntighe lán do sholas agus do dhealradh iongantach ag teacht asteach ar dhorus
an tighe i raibheadar, gur chuartaigh an teach trí huaire a ndiaigh a chéile; agus dobhí rotha cruinn tinntighe os cionn an charbaid ar chuma spéire, ar a mbaoi faicsin agus cosmhuileacht na gréine, ionnus go ndearnaidh sé an oidhche comhsholus re lá. Arna fhaicsin sin dóibh, do bhiodhgadar na bráithre do bhí 'na ndúsgadh agus gabhus eagla na bráithre dobhí 'na ccolladh, agus fós ní mó do-chonncadar na súile corporrdha aca an solus mór sin iná do-chonncadur súile na hintinne, ionnus go bhfacaidh gach aon díobh, do bhrígh an tsoluis sin, coccús agus seicréid an duine eile go follus. Do thuigeadar na bráithre uile as sin gurab é S. Froinsias, dobhí ina bhféugmhais an tan sin ó chorp agus 'na bhfiadhnuisi ó sbioraid, do thaisbéin Dia go míorbhuileach dhóibh san bhfioghair sin, lán do dhealradh agus do sholus gréine na córa, .i. Críosd, agus fós lán do theas agus do lasair grás an Naemhsbiorad, do réir mar tuigthior isin dá ní sin isin charbad thinntighe, ionnus gomadh éidir leis na bráithribh, a ccosmhuileacht le cloinn Israel, dol a ndiaigh S.Froinsias, dobhí mar Helias eile 'na fhear sdiúrtha agus seólta na cloinne sbioradálta a ccarbad an chrábhaidh. Mar do fhill S. Froinsias dochum na mbráthar, do nocht sé seicréid a ccogúis, agus tug láidireacht sbioraide dhóibh leith ris an radharc iongantach sin do-chonncadar; do fhoillsigh sé mórán do bhiseach an chrábhaidh san aimsir sin dobhí chuca is na neithibh ro-árda sin do fhoillsigh sé dhóibh. Do aithnigheadar na bráithre Sbiorad an Tighearna do bheith i ccomhnaigh aige go hiomlán an méid si gomadh innill dhóibh a theagusg agus a bheatha do leanmhuin. As a haithle sin rug an buachaill furachair an tréud beag sin leis, .i. an dá bhráthair dhéag sin, maille le grásaibh Dé 'na ccuideachta, annsin dochum Eaglaisi Muire do na hAinglibh adubhramar romhuinn, ionnus, ós annsin do thionnsgain an tOrd Mionúr, gurab annsa n-ionadh chéanda do bheith sé ar biseach, d'impidhe máthar Íosa. Conadh san ionadh sin do fhoillsigh an t-aingeal do S. Froinsias ceithre priuiléide móra tug Dia don Ord Mhionúr, mar adeir an Leabhar Cosamhlachta. An chéad phriuiléid, go mbiaidh a ccrádhbhadh ar congmháil go lá an bhreithe. An dara priuiléid, nach daimeóntar an bráthair dobhiadh ag coimhéud na riaghla agus do-gheabhadh bás isin aibíd. An treas priuiléid, go mbiaidh
mórán ag cur a n-aghaidh an uird agus go mbéaradh an t-ord buaidh orra fá dheireadh agus gurab geárr dobhéardaois na daoine do chuirfeadh 'na n-aghaidh. An ceathramhadh priviléid, gach a mhéid bú líonmhuire na bráithre, gurab saidhbhride do-bhéaradh Dia riachtanus a leasa dhóibh sin. Do fhoillsigh Críosd féin ceithre neithe oile bu cosmhuil riú sin ar Sliabh Aluerne, ina bhfuair sé na háladha. Aimsir áiridhe dobhí S. Froinsias agus a chompánach, .i. Leada, ar an sliabh chéanda sin. Do mhol sé go hárd cloch áiridhe dobhí ina fhiadhnuisi maille le sólás mór croidhe agus adubhairt le Leada an chloch do nighe a huisge; agus, arna dhéanamh sin do Leda, adubhairt S. Froinsias, “Nigh anois í le fíon.” Mar do-rinne sé sin, adubhairt arís an chloch do nighe le hola. Do-rinne Leada sin, agus adubhairt S. Froinsias arís a nighe an ceathramhadh uair a balsomus. “Cionnus do-gheabhainn balsamus annso?” ar Leada. Freagrus S. Froinsias dó agus aseadh adubhairt fris, “Bíodh a fhios agad, a Leada bhig le Dia, gurab í so an chloch bheag ar ar shuidh Críosd an uair do gheall sé dhamhsa ceithre priuiléide do thabhairt dom ord-sa, agus as uime sin adubhairt mé riot an chloch do nighe ceithre huaire, ina n-onóir sin. An céad ní aca sin, go mbiaidh profeist an chrádhbhaidh sin ar congbháil go deireadh an domhain. An dara ní, nach fféadann an bráthair aga mbiaidh drochbheatha anamhuin go buan isin ord, óir budh éigion dó aithrighe do dhéanamh go luath nó an crábhadh d'fhágbháil. An treas ní, gidhbé do-dhéanamh éccóir nó ainleanmhuin ar an ord go bhfios dó féin, nach biadh saoghal aige. An ceathramhadh ní, gidhbé duine aga mbiaidh grádh croidhe do na bráithribh, dá mhéud a bhias 'na pheacthach, go ndiongna Dia trócaire air fá dheireadh. Fuair S. Froinsias na neithe céanna so arís a nEaglais Mhuire do na hAinglibh, agus fós d'fhoillsigh aingiol Dé dhó an dá ní dhéighionach sin i n-ionadh ro-uaigneach ina raibh sé ag guidhe Dé go díochra, agus adubhairt ris ar tús: Gidhbé duine do chuirfeadh a n-aghaidh an Uird Mhinúir agus aga mbia fúath orra féin agus ar a ccrábhadh, go mbeanfeadh Dia a ghrása féin díobh ar an saoghal agus go ccuirfeadh daille inntinne orra, agus fós go n-imeóchadh tubaisde shaoghalta orra agus searbhus croidhe,
ag imtheacht ó pheacadh go peacadh, agus, muna ndearna aithrighe ria mbás, go mbiadh mallacht Chríosd aca agus a dhol fá dheóigh a n-ifrionn. An dara ní adubhairt an t-aingiol céanna ris: Gach duine aga mbiadh dúthracht don ord sa agus ghéabhus chuige na bráithre go grádhach deaghaithneach maille le furtacht orra ina riachtanus a leasa, do-gheabha sé maithios na ngrás ar an saoghal sa agus a dhídion ar gach ndoirbhios, agus maitheamh a pheacadh agus trócaire do dhéanamh a ccrích a bheathadh fair, agus fós, dá n-ana sé go buan isin onóir a thionsgnus sé do thabhairt do na bráithribh, rachaidh sé maille le sólás dochum saidhbhris na glóire. Do dearbhadh an dá ní sin go minic ó ghníomh, do réir mar atáid mórán d'eisiomláiribh agus do sgéulaibh sgríobhtha orra sin isin Leabhar Cosmhuileachta adubhramar thúas, agus fós, gion gurbh fhéidir a leanmhuin uile, ar a n-iomad, cuirfiod feasda méid éigin a ccéill annso dhíobh. Pápa dobhí isin Róimh, darbho comhainm Urbánus, .i. an cúigeadh pápa ar a raibh an t-ainm sin, tucc sé mionna na heaglaisi go sgriosfadh sé an t-ord sin isin chaibidil fa neasa dhó. Aimsir aithghearr 'na dhiaigh sin do chuir Dia easláinte ghér air, dá ffuair sé bás fá laithibh gearra, ionnus nár chongaimh sé an chaibidil ó sin amach. Accus fós dobhí pápa eile, .i. Bonafasius, an t-ochtmhadh pápa don ainm sin, do fhuráil sé mórán bulladh do sgríobha ar aon fhoirm agus a ccur fá shéulaidhibh uile do sgrios an Uird Mhinúir as gach ionadh a mbeidís. Tárla dhósan lá áiridhe mar dob áil le Dia gur gabhadh é isin chathraigh darbho hainm Aghmha nías luaithe ná do chuir sé na litreacha uadha agus gur loisgeadh na litreacha ar faichthe na cathrach céunda, agus go bhfuair bás; ionnus gur móraidheadh ainm Dé agus an Uird Mhinúir de sin. Tarla, dano, easpacc áiridhe agus bráthair eile dobhí 'na abaidh ag ainleanmhuin ar an Ord Mhinúr. Tárla 'na dhiacch sin go bhfacaidh an t-aba aisling: daoine áiridhe maithe agus daoine olca do ghairm go breitheamhnus Dé, agus é féin agus an t-easpocc agus an dias searbfhoghontaigh dobhí aca do chur maille ris na drochdhaoinibh damanta ar láimh chlé an bhreitheamhan, agus go rángadar dias bráthar mionúr agus go rugadar é féin ar éigin leó do thaoibh na láimhe deisi. Ar músgladh dhó isin maidin,
do ghabh uamhan mór é, agus do-chuaidh dochum na mbráthar minúr agus do ghabh an aibíd uatha, maille le hiongnamh mór do bheith ag cách 'na thimchioll sin, agus do innis don easpocc na sgéula sin agus don tsearbhfoghontaidh; agus, mar nach ttugadar cion ar a chomhrádh, fuair an t-easpocc bás obann a bhfos agus bás na péine thall. Agus do mharbhadar an dias searbhfoghontaidh a chéile fá ionnmhus an easpuicc; gur móradh ainm Dé agus an Uird Mhinúr de sin. Tarladur mórán oile do phreiláidibh agus do chairdionálaibh ler mhian an tOrd Mionúr do sgrios, gur ghearraidh Dia a saoghal maille re bás tubaisdeach do thabhairt dhóibh. Dála S. Froinsias, do chuir sé ceithre bhráthair dochum na Saxanach dá slánughadh, .i. athair naomhtha dar chomhainm Agnellus, agus triúr bráthar oile. Ar ndol dhóibh so go Cantabhre an treas lá don tshamhradh, tugadar bráithre preisiúra dobhí annsin aghaidh ghrádhach dhúthrachtach dhóibh. Tárla iad a ndeireadh an laoi ar coill rodhlúith, ina raibh gráinseach mhanach le mainisdir onóraigh darbho comhainm Aimbidon, dobhí idir Oxurd agus an mhainisdir chéanda, agus, mar nár fhéudadar na bráithre, re fliche agus re dorchadus na hoidhche, dol ní budh faide ná sin, do iarradur ar na manachaibh ósta na hoidhche sin do thabhairt dhóibh ar ghrádh Dé. Ar ndéanamh na teachtaireachta sin don doirseóir ris an phrióir agus re triúr manach oile, .i. saicrista agus ceallóir agus manach óg, do-chuaidh an prióir féin dá bhféuchain, agus do smuain sé, le a bhfaicsin, gurab cleasaidhe nó daoine siubhail dobhí ann, óir níor ghnáthaigh sé a leithide d'fhaicsin ariamh, agus do fhuráil a ccur amach maille le heasonóir do thabhairt dhóibh. As a haithle sin do ghabh truaighe an manach óg 'na ttimchioll agus adubhairt ris an doirseóir, “Ar ccolladh do na manachaibh, léig na daoine bochta, im onóir-si agus a hucht mo ghrádha, ttigh an fheóir thirim, agus do-ghéansa soláthar éigin dóibh.” Do-rinne an doirseóir sin, agus tug an manach óg pruinn chuca agus do iarr orra go díochra guidhe air féin. Ar n-imtheacht uatha do dhéanamh ciúnais dó, do-chonnairc aisling isin oidhche, .i. Críosd do shuidhe ina chathaoir ro-onóraigh ina eagluis féin agus é do ghairm cáich uile dochum an bhreitheamhnuis, agus go ndubhairt sé ó ghuth adhuathmhar, “Goirthior chugaind pátrún an ionaidh si.” Agus, arna ttabhairt dochum an bhreitheamhuin, táinic duine bocht umhal
do láthair agus adubhart ó ghuth árd: “A bhreithimh atá cóir ceart, atá fuil mo bhráthar féin ag glaodhaigh ort a n-aghaidh lucht áitighthe an ionaidh si, óir do dhiúltadar fá ósta na hoidhche anocht iad, agus gurab ar do ghrádh-sa do thréigiodar mo bhráithre-si gach uile ní, agus fós is do chuartughadh na n-anmonn dhuitsi tángadar annso.” Adubhairt Críosd ris in phrióir, “Cia an t-ord dá bhfuilisi?” “d'Ord Benidecht,” ar an prióir. “An fíor siúd, a Bhenidecht?” ar Íosa. Do fhreagair Benidecht agus adubhairt sé: “Lucht sgriosaidh an uird si an prióir agus a chompánaigh agus ní lucht dia chúmhdach, óir do aithin misi isin riaghail chrábhaidh aoidheadha agus daoine bochta agus daoine crádhbhaidh do bheith ar bord an abadh agus an phrióra, agus anoisi do dhiúltadar biadh nó deoch do thabhairt do na bráithribh bochta sin.” Ar ccríochnughadh an chomhráidh sin do Chríosd, do fhuráil an prióir agus an sacrista agus an ceallóir do chrochadh san chlauster. Agus, arna ccrochadh, adubhairt Críosd ris an manach óg, “Cia an t-ord dá bhfuil tusa?” Mar dob eagail leis a rádha gurab d'Ord Benidecht é féin, adubhairt, maille re huamhan mór, ag féuchain ar S. Froinsias, “As d'ord an duine bhoicht sin mé.” “A S. Froinsiais,” ar Críosd, “an dot ord an tí si?” “A Thighearna,” ar S. Froinsias, “as díobh, agus gabhuim leis anois.” As a haithle sin tug Froinsias póg don manach óg agus, arna cheangal re a chroidhe dhó, musglus an manach óg agus biodhgas go mór leis an radharc sin tarfás dó agus go háiridhe mar do-chualaidh Críosd ag rádh anma S. Froinsias. Mar do-chuaidh a ccéadóir d'innision sgéul don phrióir, as amhlaidh fuair é agus a mhuinél brisde agus a cheann ar an leabaidh amach. Arna fhaicsin sin dó, glaoidhios go hárd agus do-chuaidh a seómra a chompánach agus fuair ar an seóladh chéanda iad agus a muinéil brisde. Gluaisios go luath go seómra an fheóir thirim, mar ar chuir sé na bráithre, agus ní rucc orra annsin, óir do chuir an doirseóir amach iad ar maidin, ar eagla an phrióra. Ní comhnaidh do-rinne an manach óg, óir do-chuaidh d'innisin sgéul don abaidh agus do chách a ccoitchinne. Do-chuadar na bráithre faoi sin go Oxurta i cceann an rígh, .i. Cing Henrí, agus do ghabh an rígh sin chuige iad maille le honóir mhóir agus tug áit mainisdreach dhóibh a ccathair Oxurta. As a
haithle sin do-chuaidh clú naomhthachta na mbráthar agus an mhóirmhíorbhuile sin ar fud Shaxan os áird, ionnus nach é amháin do-chuaidh an manach óg sin dochum na mbráthar ar tús acht do ghabhadar preiláidigh onóracha a Saxanaibh aibíd na mbráthar minúr, agus fa díobh sin easpocc Erfoidin agus ab Aimbidon adubhramar romhuinn, agus dobhádar 'na mbráithribh inísle, ionnus go mbídís araon agus baradha cloch agus paidéil uisge eatorra agá ttarraing dochum oibre na mainisdreach dobhádur na bráithre do chumhdach a nOxurta. Do-rinne Dia díoghaltus fós ar mhórán do thighearnaighibh saoghalta dobhí ag ainleanmhuin ar na bráithribh, amhuil as follus cuid aca sin isin sgél so síos. Federicus impire, .i. an dara impire don ainm sin, óir do scrios sé na bráithre minúra a ríoghacht na Siosaile. Aimsir áiridhe as a haithle sin go gearr tug a mhac féin, Manfredus, bás dochraidhe dhó, óir do mhúch sé é ar a leabaidh, agus é coinnealbháite; gur móradh ainm Dé agus na mbráthar de sin. Tighearna móir oile darbho comhainm Cos an tSléibhe, aga raibhi grádh mór aige ar tús do na bráithribh, gidheadh, táinic do chomhairle drochdhuine dá mhuinntir gur iompódh sé an grádh mór sin a bhfuath agus a miosccais mhóir, ionnus gurbh éigion do na bráithribh a thighearnus uile d'fhágbháil. Do-chuadar na bráithre mar a raibh S. Froinsias dá ghearán sin ris. Iomthús an tighearna sin, ar ccolladh dhó isin oidhche sin, tarfás dó gur ghoir Dia é féin agus óglach dochum an bhreitheamhnuis, agus, an tan dob áil le Dia breith do bhreith 'na n-aghaidh, do-chuaidh S. Froinsias ar sgáth an tighearna sin agus do shaor ar a dhamnughadh é ar son a dhúthrachta don Ord Mhinúr ar tús, gidh dobhí sé fá dheireadh 'na namhuid aca ar comhairle a shearbhfoghontaidh drochchomhairligh. Ar ndícheannadh an óglaigh do bhrígh an bhreitheamhnuis sin, musglaidh an tighearna agus fuair an t-óglach gan cheann, agus, ar ngabháil uamhain chuige 'na thimchioll sin, do-chuaidh fó chéudóir dochum na mbráthar agus do ghabh an aibíd uatha agus dobhí 'na bhráthair mhinúr ó sin amach maille re bethaidh naomhtha do bheith
aige; gur móradh ainm Dé agus S. Froinsias de sin. Beanadh gach tighearna as sin gan drochchomhairleach do bheith aige agus go háiridhe gan impidhe na ndrochdhaoine do ghabháil a n-aghaidh na ndaoine maithe, agus fós tabhradh na comhairleacha dá n-aire gan drochchomhairle do thabhairt dá ttighearna. As a haithle sin, mar do-rinne Dia díoghaltus ar naimhdibh an Uird Mhionúir, as mar sin do-rinne sé grása agus trócaire go minic a bhfos agus thall ar chairdibh na mbráthar, amhuil as follus as an sgéul so síos. Easpocc áiridhe dobhí a ttighearnus rígh na cCaislén, .i. easpag chathrach Astoris, darbhó comhainm Petrus, dobhí 'na dhuine pheacthach chollaidhe, gidheadh, dobhí sé go dúthrachtach grádhach do S. Froinsias agus dá ord. Do chuir Dia easláinte throm air; agus do-chonnairc a sheómradóir a n-aisling coiníne cíorrdhubha ar n-éirghe a thalmhuin agus gurbh áil leó éudach an easpuicc, dobhí 'na shuidhe a ccathaoir ghloinidhe, do bhriseadh agus do ghearrughadh. As a haithle sin táinic bráthair minúr ar cúl an easpuicc agus do theilg sé na beathaigh ghránna sin úadha agus adubhairt ris an tséomradóir a rádha ris in easpcc aithrighe do dhéanamh, óir as iad na drochsbioraid táinic chuige san chruth sin ó chomhachtaibh Críost a ndíoghaltus a pheacadh. Iar músgladh don tseómradóir, do innis na sgéula sin don easpocc, agus así freagra tug an t-easpocc air, gurab sgéul buaidheartha bréige dobhí aige agus nach raibh sé féin easlán an méide sin gomadh éigean dó aithrighe do dhéanamh. A ccionn trí lá iar sin do-chonnairc an seómradóir céadna aisling oile, .i. go raibhiodar dhá mhadradh chíorrdhubh ag sluccadh an easpuicc, agus gur fhuadaigh an bráthair céanda uatha é, agus go ndubhairt ris an seómradóir a rádh ris an easpocc aithrighe do dhéanamh agus go bhfuigheadh sé bás faoi bheagán aimsire. Ar musgladh dhó agus iar ccríochnughadh a theachtaireachta, gabhus fearg mhór an t-easpocc iar ccluisdion dhó go bhfuigheadh bás go lúath. A ccionn thrí lá oile do-chonnairc an duine céanda radharc oile, .i. teine mhór agus coire lán do phic ar fiuchadh uirre agus na drochspioraid, ar ngabháil an easpuicc, dá theilgion isin choire chéanda. Gidheadh, táinic an bráthair adúbhramar romhuinn agus, ar ttoirmiosg na ndrochsbiorad, adubhairt ris in tseómradóir, “Abair ris in easpocc aithrighe do dhéanamh gan
cháirde, óir do-gheabhaidh sé bás obann gan amhurus.” “Adubhairt mé sin ris go minic”, ar an seómradóir, “agus nír chreid sé dhamh, agus, ar an ádhbhar sin, cuir féin comhartha cinnte chuige.” Adubhairt an bráthair: “Cuir do mhéur ris in phic si agus abair ris in easpocc na briathra so, .i. S. Froinsias, dia bhfuil dúthracht agad, adubhairt riomsa na briathra do-chualaidh tú uaim agus do chuir sé comhartha cinnte chugad, .i. mo mhéur-sa lán don phic, amhuil do-chí tú tirim críon é.” Iarna chloisdion sin don easpacc, do ghabh eagla mhór é, ar ttuigsin dúthrachta S. Froinsias dhó agus ar bhfaicsin an chomhartha chinnte dhó, conadh uime sin do-rinne sé fhaoisidin ina pheacadhaibh, agus, ar bhfagháil báis dó faoi laithibh gearra, do ruinneadar a bhráithre agus a dhaoine muinntiordha a mhaithios agus a ionnmhus dar a éis eatorra féin, ar cceilt báis an easpuicc dhóibh feadh thrí lá. An ceathramhadh lá, agus dob é sin an ceathramhadh lá don tshamhradh, rugadar a chorp don eaglais, .i. eaglais na mbráthar minúr, agus an tan dobhádur ag rádh oificce na marbh do éirghe an t-easpocc isin eiliotrum, agus, ar tteicheamh do chách uadha, adubhairt an t-easpocc: “Ná bíodh eagla oraibh, óir atúsa beó gan amhurus, agus a n-aimsir mo bháis ruccadh breith dhamuinte um aghaidh i mbreitheamhnus Dé ar dhá adhbhar. An céad adhbhar, nach bhfuarus tuirsi chroidhe sa mnaoi dobhí asticch agam. An dara hádhbhar, gidh do chuir mé amach í, dobhí triall agam a tabhairt chugam arís dia bhfaghainn sláinte. Conadh annsin táinic S. Froinsias a bhfiaghnuisi an bhreitheamhuin agus do chuir sé trí neithe ar mo shon: an céad ní, an dúthracht sunnradhach dobhí agam dhó féin tar na naomhaibh oile. An dara ní, méad mo dhéirce dia bhráithribh, uar dob é mo theacch-sa teach na mbráthar, ionnus gur leó féin gach ní dia mbaoi agamsa. An treas ní, gur chuirios mo dhóigh ann féin go mór nach bhfuighinn drochbhás do bhrígh guidhe S. Froinsias. Ar na trí hadhbharuibh sin fuair sé ó Chríosd m'anam do chur sa chorp chéanda, agus fós aimsir dhá fhichiod lá dhamh do dhéanamh aithrighe, agus, arna ccríochnughadh sin, do-gheabha bás agus rachad dochum na beathadh suthaine.” Do fhuráil sé iar sin gach ní rugadar a cháirde uadh do thabhairt chuige tar ais agus a ruinn ar bhochtaibh Dé. Tarla an tan sin ann lá féasta S. Froinsias agus comhainm an laoi ar hathruigheadh
a chorp ó eaglais San Seóirsi, inar cuireadh é, go heaglais mhóir chathrach Aisisi, do-rinneadh 'na onóir. Adubhairt an t-easpocc aifrionn go dúthrachtach an lá sin maille le hullmhughadh maith do dhéanamh air féin chuige, agus do ráidh seanmóir iar sin ar mholadh S. Froinsias go hárd maille le lasadh sbioraide, ionnus gur chuir sé na bráithre mionúra, do bhí fó tharcuisne san tír sin, a ccruth go raibhiodar cách lán dá ngrádh agus dá ndúthracht ó sin amach. Conadh annsin fuair an t-easpoc beannaighthe bás maith maille le haithrighe mhóir dhiongmhála do dhéanamh dhó; gur móradh ainm Dé agus S. Froinsias de sin. Ná tuigeadh aon nduine as an sgéul thrócaireach iongantach so gomadh cead dhó féin drochbheatha do bheith aige, dá mhéud dobhiadh sé dúthrachtach do S. Froinsias agus dá ord. Uair do uaisligh go mór os cionn na n-ord oile isin eaglais abhfos agus thall. Óir nírbh í sin inntinn S. Froinsias agus ní chuige do sgríobhadh an sgéul sa. Gidheadh, tuigeadh sé as so, dá n-imdhighe peacadh nó tubaisde air, gurab cóir dhó rabhadh do ghabháil agus aithrighe do dhéanamh go luath agus a dhóich do chur a S. Froinsias, ionnus go bhfuigheadh sé ó S. Froinsias agus ó Dhia, ar a impidhe, grása do dhéanamh air. As iontuigthe as an sgéul sa gurab fírinneach na neithe do fhoillsigh Dia do S. Froinsias, .i. go ngortaighionn Críosd easccairde an uird agus go ffurtaighionn sé ar a chairdibh. Scuirim go fóill do na sgéulaibh sin agus tabhrum ar n-aire don mbeathaidh. San ionadh naomhtha sin adubhradh thúas, .i. Eaglais Mhuire do na hAinglibh, do thimchill an t-athair naomhtha, .i. S. Froinsias, cathracha agus bailte agus longphuirt iomdha ag síoladh bréithre Dé; agus ní maille le heagna teangtha acht re láidireacht Spioraide agus re comhachta Dé do fhoillsigh agus do sheanmóir sé flaithios Dé do na daoinibh, .i. bullsaire fírinneach an tshoisgéula, ionnus gur smuainiodar cách nár dhuine don tsaoghal sa é, óir as dochum an tsaeghail si thúas do thógaibh sé a shúile agus a intinn do ghnáth; as chuige sin dob áil leis cách do tharraing.
Do thionsgain an tráth sin seanmóir agus fíneamhuin Chríosd, .i. an creideamh agus an crádhbhadh naomhtha, do bheith ar biseach agus bláth deaghbhalaidh agus tórrtha sólásacha do thabhairt uadha, óir do las teine ghrádha Dé croidhe mhóráin daoine ó theas seanmóra an athar naomhtha dochum aithrighe agus crábhaidh do dhéanamh, do réir mar do sheólfadh S. Froinsias dhóibh. Mórán aca sin lerbh áil Críosd do leanmhuin go foirfe, do thréigiodar díomhaoineas an tsaoghail, ar sgaoileadh agus ar mbronnadh a mbaoi aca ar bhochtaibh Dé, agus do leanadar lorcc S. Froinsias leith re haibíd agus re crádhbhadh, ionnus go raibh an méide sin do bhiseach ar chéud ord an athar naomhtha go ndeachaidh a chlú agus a thuarusgbháil fó cheithre hairdibh an domhain. Ní raibhi lón aca acht an bhochtacht naomhtha, do-rinne tarbha mhór dhóibh, .i. a mbeith ollamh dochum gach uile úmhla agus a mbeith láidir dochum saethair agus a mbeith deas dochum na sligheadh. Agus, ó nach raibhi éan ní talmhuidhe aca, dobhádur ro-innill in gach aon ní, gan míochiúnus intinne orra, óir ní raibhi grádh ar aon ní saoghalta aca agus ní mó dob eagail leó ní do bhaint dhíobh. Gidheadh, do-gheibhdís mórán easonóra in an iomad d'ionadhaibh mar dhaoinibh bochta anaitheanta, gidheadh, do-rinne grádh soisccéula Críosd rofhoighidneach iad, ionnus gomadh férr leó a bheith a n-ionadhaibh a bhfaghdís athais agus easonóir nó a bheith a n-ionadh a mbiadh eólus ar a naomhthacht, os a bhfuighedís onóir agus glóir na ndaoineadh. As a' ccríochnughadh dhaingion sa dobhí ag an Ord Mhinúr ar tús, .i. foighide agus úmhla, do airdigh Dia go mór é, do réir mar adubhairt Críosd isin tshoisccéul, .i. “Gidhbé umhlaighios é féin, airdeóchaidh Dia.” Conadh uime sin adeir an doctúir eagnuidhe, .i. an bráthair mionúr darbhó comhainm Partholón ó chathraigh Písi, do chum Leabhar na Cosamhlachta, gur chuireadar trí neithe go sunradhach an tOrd Minúr a n-uaisle go mór os cionn na n-ord oile isin eaglais a bhfos agus thall. An céad ní dhíobh, an méid táinic do naomhaibh san ord sa do bhráithribh, do réir mar mheabhraighios an doctúir céanna sin a Leabhar na Cosamhlachta an tan dob aois don Tighearna míle agus ceithre chéad bliadhain acht aon bhliadhain dá n-uireasbhaidh. Trí chéad bráthair naomhtha do-rinne míorbhuile ina mbeathaidh agus iar mbás, agus gurab é líon do fhulaing martra díobh sin,
cúigior agus ceithre fichid, agus fós do airdigh Dia an t-órd sa san eagluis mar an ccéanda, ionnus go bhfuilid bráithre naomhtha roinnte ar gach n-aon ord uasal dá bhfuil a bhflaithios Dé. Atá, ar tús, a n-ord na n-uasalaithreach dhíobh, a ccosmhuileacht an triar uasalaithreach as onóraigh isin ord sin, .i. Abraham agus Isáac agus Iacob, an triúr uasalathar sa, .i. an t-athair naomhtha S. Froinsias agus S. Bernard ón Chúicceadh Gleand agus S. Antoin ó Phádua, óir as dia mbeathaidh agus dia seanmóir so do dhéanamh go sbioradálta an tOrd Minúr. A ccosamhlacht an dá uasalaithreach dhéag, .i. clann Iácob, atáid isin urd chéanna sin an dá bhráthair dhéag dobhí ar tús isin chrábhadh, .i. Petrus Cathaine agus Egídius agus Sabatínus agus Moricus agus Philib Fada agus Siluester agus Ruifínus agus Eóin ó San Constainsi agus Bernard oile agus Barbarus agus Guilliam Saxanach agus Maseus. A n-ord na bhfáidheadh dobhádur mórán bráthar a bhfos, agus atáid thall anois, .i. Egidius agus Leada agus Electus, Gudas agus Tobias, maile le mórán oile. A n-urd an dá easpol déucc atáid dhá chompánach dhéag S. Fhroinsias ar tús, do choimhéid beatha agus soisgéula Críosd go hiomlán. A n-ord na martíreadh atáid nías mó iná ceathrar ar fhichid, agus mórán eile nach le harm nó le hiarann a fuair bás nó martra acht le hiomchar chroiche Críosd do ghnáth ar a ccorpaibh féin, ionnus gur dhiongmhála iad a n-áireamh idir na martíribh agus coróin d'fhagháil maille friú. A n-ord na cconfesóireadh dobhí 'na n-easpocaibh atáid naomhtha dobhí S. Lobhais, mac rí na Siosaile, easpacc Tolais, agus Bonauentúra an cairdionál agus easpocc Alpana, agus Sanct Eóin Pesisina, airdeaspocc Chantabhre, agus San Leada, airdeaspocc Mediolana, agus mórán eile. A n-ord na cconfesóireadh nach raibhi 'na n-easpoccaibh áiridh an Leabhar Cosamhlachta os cionn thrí ccéad bráthair, agus do mheabhruidh sé a mbeatha agus a míorbhuile, agus níor fhéud sé a ccur a suim cá mhéid do bhráithribh eile atá san urd chéanda na cconfesóireadh. A n-ord na n-ógh atá S. Antoin agus Rufinus agus Eóin ó Aluerna agus mórán oile do bhráithribh roghlana. Atá an t-athair naomhtha, .i. S. Froinsias, in gach ord dá ndubhradh annsin, óir dobhí sé ar an saoghal sa 'na uasalathair
ag an Ord Mhinúr uile. Dobhí sé 'na fháidh, óir tug Dia radharc dhó ar na neithibh dobhí gan teacht agus ar na neithibh nach bí do láthair agus fós ar rún folaightheach na ccroidheadh. Agus dobhí sé 'na easbal ag seanmóir bréithre Críosd agus na n-easbol go hiomlán, agus 'na tshuibhisccéul ag seanmóir an tsoisccéula. Dobhí sé 'na mhairtír ó mhian agus ó thoil ar tús, óir do-chuaidh sé trí huaire a ttalamh na bpágánach d'iarraidh martra, agus fós fuair sé martra chuirp agus ghníomha go huasal onórach ó Chríosd féin, .i. áladha a pháisi féin do thabhairt dhó. Dobhí sé 'na chonfesóir, .i. daingion sa chreidiomh, árd isin dóchus, rothe isin ngrádh, trócaireach, umhal, glic, mín, measardha. Agus fós dobhí sé 'na óigh roghloin, óir do choimhéid Críosd a chorp gan truailleadh ariamh, nár léicc sé tuitiom peacaidh collaidhe chuige, a n-onóir na n-áladh coisreagtha dob áil leis do thabhairt dhó. Ní headh amháin go bhfuil sé a n-ord na naomh uile acht atá sé a n-ord na n-aingeal as airde a fflaithios Dé, .i. seraphin, a n-ionadh Lúcifeir, óir dobhí beatha ainglidhe aige ar an saeghal. Na neithe si do luaidheadh anois go nodamhuil ar mholadh an athar naomhtha, .i. S. Froinsias, adéarar go líonmhar iad ina n-ionadhaibh féin, maille le grásaibh Dé. An dara ní do chuir an tOrd Mionúr a n-uaisle os cionn na n-ord oile, .i. cathais agus onóir na ndaoine táinic chuige agus do ghabh aibíd S. Froinsias do thaoibh na túaithe agus na cille. Ar tús do thaoibh na heaglaisi: dobhí aibíd S. Froinsias fá cheathrar pápadh, .i. dias aca do chuir an aibíd umpa agus dias oile do toghadh ón ord a n-ionadh Peadair. An céad phápa do chuir aibíd S. Froinsias uime, dob é sin an naomhadh pápa ar a mbaoi Gregóir, agus dobhí grádh mór aige ar S. Froinsias 'na chairdionál; agus do-rinne S. Froinsias fáidheadóracht dochum go mbiadh sé 'na phápa. Asé sin an céad cháirdionál dobhí 'na choimhéudaidh ag an Ord Mhinúr. Asé so an pápa táinic dochum Aisísi a ndiaigh báis S. Froinsias do sgríobhadh anma a leabhar na naomh. Is uime so, .i. um Ghrighóir, dobhí an aibíd Dardaoin Mandála ag ionnladh cos na mbráthar agus ag cuartughadh ionaidh naomhtha na Rómha leó an lá sin agus an lá arna mhárach agus an aibíd chéanna uime. An dara pápa do ghabh aibíd an Uird Mhinúir uime, .i. Martinus pápa, a n-aimsir a bháis do
fhuráil sé an aibíd d'adhlacadh leis a mainistir S. Froinsias i nAisísi. An céad duine do toghadh ón Ord Mhionúr a n-ionadh Peadair sa Róimh, .i. Ieronimus de Esculo, bhuí ar tús 'na mhinistir ghenerálta ag an Ord Mhinúr, dá ndearnadh cairdionál ar tús agus do tocchadh fá dheóigh 'na phápa, agus tuccadh Niocolás air, .i. an ceathramhadh pápa ar a raibhi an t-ainm sin. An dara bráthair minúr dá ndearnadh pápa, .i. Alexander pápa, an ceathramhadh pápa ar a raibhi an t-ainm sin. Do mheabhruidh an Leabhar Cosamhlachta go raibheadar dhá chairdionál déag ar fhichid don Ord Mhinúr san Róimh agus go raibh gach díniti phaitrierdha dá bhfuil fó chreidiomh ag an Ord Mhinúr acht patriarcacht cathrach Aquilégia, agus ní bhfuil áiriomh ar a ttáinic d'easpoccaibh agus d'airdeaspoccaibh don ord sa. Labhroim anois ar chloinn S. Froinsias do thaoibh na tuaithe, mar atáid prionnsaigh agus daoine comhachtacha an tsaoghail do ghabh aibíd an Uird Mhinúir agus do chur a n-uaisle é. Tabhram ar n-aire ar tús do na himpiridhibh agus do na ríoghaibh táinic dochum an Uird Mhinúir. Óir dobhí rí Ierusalem agus impire Chonstantinople, darbhó comhainm Eóin, 'na bhráthair mhinúr. Dobhí an tí si ag guidhe Dé ima fhoillsiughadh dhó cionnus do-gheabhadh sé bás maith tar éis a chathaisi agus a ghlóire ar an tsaoghal. As a haithle sin taisbéanus S. Froinsias, dia raibh sé dúthrachtach, é féin dó trí hoidhche a ndiaigh a chéile maille le haibíd agus le crios agus le brógaibh gérrtha, agus do ráidh ris gurbh í toil Dé bás d'fhagháil dó as a leithide sin d'aibíd. Gabhus gráin mhór an t-impire ima leithide sin, .i. a chomhbocht d'aibíd do chur uime. Gidheadh, ar an treas oidhche, ar ttuigsin toile Dé dhó, tug chuige athair onórach, .i. Benidhecht ó chathraigh Aresius, ministir prouensi na Romansa, agus, ar ngabháil aibíde uadha go honórach, dobhí 'na bhráthair ro-umhal ó sin amach an méide si go raibhi sé a' gearán ar Dhia fá gan láidireacht do thabhairt dhó le ndéanadh saethar agus seirbhís na húmhla maille ris na bráithribh oile. Agus fuair an tí sin bás beannaighthe san aibíd chéanna sin. Dia labhram ar na ríoghaibh leó féin ar leith nach raibhi
'na n-impiridh, as mór díobh sin do ghabh aibíd S. Froinsias agus dobhí 'na ccloinn aige, mar atá sgríobhtha san Leabhar Cosamhlachta diaigh a ndiaigh. Rí Franc, darbho comhainm Roibertus, do-chuaidh os cionn ríghthe agus prionnsaigh an domhain an tan sin a n-eagna agus a ngliocus, do ghabh sé aibíd S. Froinsias; agus do ghabh an bhanríoghan aibíd S. Clára; agus, ar bhfagháil báis dóibh is na haibídibh sin, do hadhlacadh iad araon a mainistir S. Clár. Ó ríoghacht Argóna dobhádar dhá rígh 'na mbráithribh minúra, .i. Cing Alfons agus Cing Sémus. Do ghabh dhá rígh do ríoghaibh na cCaislén aibíd an Uird Mhinúir, .i. Fernandus agus Cing S. Sémus. Do ghabhadar trí rígh ó Phortaingal aibíd an Uird Mhinúir, .i. Fernandus agus Petrus, a athair, agus Alfons, a sheanathair. Rí Trinaisi, .i. Federicus, agus rí Cipria, .i. Cing Henrí, agus rígh Armenia agus Cing Seón agus rí na Hungari, .i. Cing Lóbhus, do ghabhadar so uile aibíd S. Froinsias maille le dúthracht mór, agus dofuaradar bás naomhtha innti so do mholadh na heaglaisi. Labhrom anois do chloinn na ttighearnaighe tháinic dochum an Uird Mhinúir. Ar tús, .i. San Lobhais, céad mhac Ching Carolus, rí na Siosaile, baoi ina dhiúic a cCalabria ar tús, diar chóir ríoghacht na Siosaile do thaobh a athar agus ríoghacht na Hungaria do thaobh a mháthar, .i. Mairia, inghean rí na Hungaria, do ghabh sé aibíd S. Froinsias agus do thréig gach ní dá ndúbhramar. Céud mhac rígh Franc, .i. Caralus, céud mhac rígh na cCaislén agus céud mhac rí Aragonia, .i. Petrus. Petrus oile, mac Cing Sémuis, rígh Argonia, dobhí sé os cionn dhá fhichiot bliadhain 'na bhráthair do mhuinntir S. Froinsias. Mac Alfons, rígh Argonia, agus Sémus, mac rígh oile don ríoghacht chéanna, .i. Bergulus, bráthair rígh oile don ríoghacht chéanna, agus Fernandus, céad mhac rígh Maiorac, .i. Sémus. Bráthair an rí chéanna, .i. Philip. Do ghabhadar so uile aibíd S. Froinsias go humhal, agus dobhádar mórán díobh 'na mbráithribh maithe treimsi fhada, agus fuair cuid dhíobh bás go luath ar ngabháil na haibíde dhóibh, ar ndol ó bhás go beathaidh.
Ní bhfuil cinneadh nó comháireamh cá mhéid oile do chlannaibh ríogh agus iarlaidhe agus barún agus tighearnaigh táinic dochum an Uird Mhionúir an tan sin agus ó sin anúas, ionnus nach bhfuil ord i nEaglais Dé as lia ina ttáinic do dhaoinibh onóracha uaisle ón n-eaglais agus ón tuaith ná Ord S. Froinsias, óir ní bhfuil ríoghacht nó tighearnus faoi chreidiomh nach raibhi duine éigin díobh 'na bhráthair mhinúr. As fada ó do thairngir Isachias fáidh - uair adubhairt Dia a mbeól an fháidh chéanda, a bpearsainn S. Froinsias: “Tugusa thú, a S. Froinsias, mar cheand sluaigh do na cineadhaibh, agus tairreónga tú chuccad na cineóil do bhí gan eólus ort, agus fós, na cineadhaigh nach aithin thú, tiocfaid go dian chugad ar ghrádh do Thighearna agus do Dhia féin, do thocch thú os cionn na ndaoineadh agus tug glóir mhór dhuit. Óir béid na cineadhaigh ag imtheacht a ndiaigh do sholuis agus béid na ríghthe ag siubhal a ndealradh h'aighthe agus do ghineamhna ar an saoghal agus béid na huaisle go hiomlán dot oileamhain agus gut fhritheólamh agus ag seirbhís dhuit.” An treas ní do chuir an tOrd Minúr a n-uaisle agus a n-onóir, .i. a mhéid táinic do dhaoinibh eagnuidhe agus do chléircibh comhachtacha chuca, .i. Alexander Alés agus Bonauentúra agus Scotus, an doctúir séimh, agus Nicholás de Líra agus Bernardinus Busti agus timchioll chéad oile, áirmhios an Leabhar Cosamhlachta, dobhí 'na mbráithribh naomhtha agus 'na ndoctúiribh agus 'na maighistribh agus 'na mbáisiléaraibh; agus do-rinneadar mórán díobh sin saothar agus gluais ar an sgrioptúir dhiadha agus ar maighistir Sendens, agus mórán oile do-rinne saothar ar na haladhnaibh saera agus leabhar dlighe agus diadhachta ar chasánaibh an chogúis agus ar na lochtaibh agus ar na subháilcibh, agus mórán oile dhíobh do-rinne leabhair sheanmóra ar na soisgéulaibh agus ar na naomhaibh, ionnus go raibheadar sin 'na lóchrannaibh loinneardha san eaglais 'na mbeathaidh agus gur fhágbhadar lón buan aige iar mbás, agus fós ní bhfuil suim gá mhéid táinic dá leithidibh so ó sin anúas a nOrd S. Froinsias. Leanam anois don mbeathaidh. Ó theas seanmóra an n-athar naomhtha, .i. S. Froinsias, do chuir Dia a ccroidhe mhóráin do na hócchaibh uaisle beatha
naomhtha do bheith aca, ag coimhéud a n-óghachta agus a ngloine do Chríosd. Dob í an chéad ógh dhíobh so do lean slighe S. Froinsias, an plannda uasal onórach beannaighthe dá ttug Dia grása móra, .i. San Clára, dobhí mar bhláth thaitneamhach a n-aimsir an earraigh agus mar réultainn dhealraighthe lán do sholus an chrábhaidh agus na beatha naomhtha, óir as le so do thionnsgain San Froinsias an dara hord, dá ngoirthior Ord S. Clára. Así so céud inghion sbioradálta S. Froinsias, atá anois go glórmhur a bhflaithios Dé agus dá ndéanann an eaglais go hiomlán onóir mhór. An seiseadh bliadhain a ndiaigh S. Froinsias d'iompódh ón tsaoghal do ordaigh sé an t-órd sa, mar adeir Leabhar na Cosamhlachta. As onórach an t-ord sa, mar an ccéudna, ar a mhéud dobhí do sheathrachaibh uaisle ann, .i. an mháthair naomhtha féin ar tús, .i. San Clára, agus a deirbhshiúr darbho comhainm Agnes, agus a máthair, Ortoláne, agus Agneis oile, inghion rí Bohemia; agus fós do gheall a hathair an inghion sin do thabhairt mar mhnaoi phósda don impire darbho comhainm Fediricus, agus, arna dhiúltadh sin don inghin agus don óigh uasail, do ráidh ris an impire gurbh fhéarr léithe pósadh do dhéanamh le himpire fhlaithis Dé, .i. Críosd comhachtach, nó re himpire talmhuidhe an tsaoghail. As a haithle sin do ghabh sí féin agus mórán maille fria d'inghionaibh prionnsaighe agus tighearnaigh do ríoghacht a hathar aibíd San Clára ón Ord Mhinúr agus tug sí a beatha as go naomhtha, maille le míorbhuilibh móra do dhéanamh dhi. Baoi, dono, san ord chéanna sa inghion impire na Rómha agus inghion rí Portugal maille re mórán oile d'ingheanaibh ríogh agus rothighearnaigh gacha cineóil, gur chuir so an dara hord sa S. Froinsias a n-uaisle mhóir ó naomhthacht agus ó fholaidheacht. As a haithle sin, mar adeir Bonauentúra, do chuireadar mórán oile do na daoinibh iad féin fá chuing chrádhbhaidh agus chreidmhe agus fá reacht nua na haithrighe, do réir chomhairle agus theagaisg an athar naomhtha. Asé ainm tug modh carthannach Críosd orra so, .i. Ord na hAithríghe. Amhuil atá an aithrighe a ccoitchinne ag gach aon mar chonair dochum flaithis Dé, as
mar sin as slighe shlánaighthe do gach uile dhruing an Treas Ord, mar atáid cléirigh agus tuataighe, mná agus fir, ógha agus lánamhna pósda. Ceithre bliadhna déag ar n-iompódh do S. Froinsias ón tshaoghal do ordaigh sé an t-ord uasal sa, atá molta, daingean ón eaglais, óir asé Niocolás pápa do mhol an riaghail so, agus fuaradar priuiléide iomdha ó chuid do chomharbaibh Peadair. Atá an t-ord sa naomhtha ceanamhuil, mar an ccéanda, a bhfiaghnuisi Dé agus na heaglaisi a ffos, a mhéid dobhí do dhaoinibh naomhtha uaisle ann d'fhearaibh agus do mhnáibh do-rinne míorbhuile ina mbeathaidh agus iar mbás. Dobhí san ord chéanna sa inghion rí na Hungáire, Eilísabét a hainm, máthair na mbráthar minúr do thaoibh grádha agus dúthrachta, aga raibhi beatha ronaomhtha agus ler hathdhúsgadh mairbh iomdha agus ar a ndérna an eagluis cuimhne bheannaighthe agus a sgríobhadh a leabhar na naomh agus lá féusda d'ordughadh dhi, .i. a' naoidheadh lá déag do gheimhreadh. Dobhí fós isin ord sa painimpire na Rómha agus dias banríoghan Hungáire agus mórán do bhanríoghnaibh oile an tshaoghail agus do dhaoinibh uaisle onórach, mar atáid prionnsaigh, diúcaidhe, iarluidhe, agus barúin. Sguirim anois do na sgéulaibh si agarbh éigion dhúinn comhnuidhe do dhéanamh ó do labhramar ar ordughadh agus ar bhiseach na ttrí n-ord sa S. Froinsias, óir as leiscc le duine, an tan théid sé ar magh réidh áluinn, a fhágbháil go lúath. LABHROM ANOIS AR AN MBEATHAIDH. Feachtus dá ndeachaidh dream do na bráithribh a ttalmhain na bpágánach, gabhus páccán áiridhe trócaire 'na ttimchioll agus do fhuráil ionnmhus orra mur chongnamh costuis dhóibh; agus do iongnadh leis na bráithre d'obadh an ionnmhusa air. Gidheadh, do thuig sé gurab ar ghrádh Dé do obadar é, gé dobhádar gan aon ní aca; conadh aire sin do fhuráil sé é féin ó mhian dúthrachtach do thabhairt gach éin neithe dá mbiadh d'uireasbhuidh orra dhóibh an feadh do mhairfeadh a mhaithios féin dó. “Féuchadh gach aon ar Bonauentúra grása na bochtaine naomhtha do tharraing intinn an pháccánaidh go
millseacht iongantaigh na trócaire móire sin. Uair as uathmhar an peacadh do Chríosdaighe tarcuisne do thabhairt ar an lécc lóghmhar sa dia ttucc an págánach an onóir adhbhal so.” Tarla an tan sin go mbaoi bráthair croisi diarbho comhainm Moricus i n-oisbitail áirithe do chóir cathrach Aisisi agus easláinte bháis air, gur iarr an duine si go díochra, tré theachtaireacht, S. Froinsias guidhe air féin go dúthrachtach. Do aontuigh S. Froinsias sin dó, agus do chumaisg sprúidhleach séimh aráin agus ola, dobhí a lambpa a ffiadhnuisi altóra Muire, tréna chéile maille re seóladh an Sbiorad Naomh. Adubhairt sé ris na bráithribh: “Tabhraidh an leighios a don mbráthair easlán, .i. Moricus, agus tiocfaidh as so, do bhrígh comhachta Críosd, nach é amháin biaidh sé slán ó easláinte cuirp achd biaidh sé 'na ridire láidir againne san ccrádhbhadh.” Mar as luaithe do bhlais an t-easlán an phruinn si, tug Dia sláinte chuirp agus árrachtus intinne dhó, ionnus go ndeachaidh sé a ccrádhbhadh S. Froinsias, agus nach raibhi d'éudach uime acht an aibíd 'na haonar maille lé lúirigh iaruinn do bheith eidir é agus í aimsir fhada, agus nár chaith arán nó fíon re mórán do bhliadhnaibh acht tórrtha talmhan agus luibhionna fuara, agus nár lughaide a neart nó a shláinte sin ag déanamh seirbhísi d'Íosa Críosd. As a haithle sin, mar do tharraing deaghbhaladh naomhthachta San Phroinsias mórán chuige as gach aon talmhuin, táinic duine ealadhna áiridhe do chumadh cantaireacht agus moladh saoghalta uadha féin d'fhéuchain an tí úd tug tarcuisne ar an tsaoghal, .i. S. Froinsias. An duine glic si, ar a ttug an t-impire rí na bpearsadh mar ainm, fuair sé S. Froinsias ag rádh seanmóra a mainisdir áiridhe, agus as amhlaidh do thaisbéin Dia dhó seanmóntuigh croiche Críosd agus cloidheamh dealradhach ó mhullach a chinn go hionadh a throigheadh agus a leithéid oile sin do chrois thríd ón bhois go aroile. Conadh annsin do aithin rí na bpears seabhfoghontaidh Críosd, nárbh aithne dhó roimhe sin ariamh. Agus, ar mbiodhgadh dhó ris an radharc sin, tug Dia grása na haithrighe dhó, amhuil do loitfidhe a chroidhe le cloidheamh sbioradálta na mbriathar tinntighe táinic a bheól S. Froinsias, agus tug tarcuisne a ccéadóir ar chúrsaidh an tsaoghail agus do lean sé slighe S. Froinsias ó aibíd agus ó phrofeist.
Accus, ó do-chonnairc an t-athair naomhtha é ar n-iompódh ó mhíochiúnus an tsaoghail dochum síothchána Chríosd, tucc sé an Bráthair Síothchánta mar ainm fair. Dobhí an bráthair si ar biseach ann gach uile naomhthacht, ionnus gurab é céad mhinistir do cuireadh a ccríochaibh Franc é. Agus do-chonnairc sé roimhe sin comhartha caradraigh Dé ris na daoinibh a n-éudan S. Froinsias, agus do-chonncus dó gur chuir éxamhlacht na ccomharthadh sin as na dathannaibh dobhí ann deaghmhaisi mhór ar aghaidh an athar naomhtha. As mór an onóir agus an airmhidin croidhe dobhí ag S. Froinsias fán chomhartha sin, agus do mholadh go minic ó bhéul é, agus ba hé sin séula do chuireadh ar na litreachaibh carthannacha do sgríobhadh sé féin, óir dob é a stuidér, do réir an fháidh, .i. Esechíel, an comhartha coisreagtha sin do chur ar na daoinibh le budh áil tuirsi agus aithríghe do dhéanamh ina pheacadhaibh maille le hiompódh go fírinneach dochum an tSlánaightheóra Íosa Críosd. Imthúsa S. Froinsias, ó do-chuadar na bráithre a líonmhaireacht mhóir, do chruinnigh iad dochum caibidiolach generáilte a nEaglais Mhuire do na hAinglibh do sheóladh an chrábhaidh agus do thabhairt poirsion na húmhla do ghach duine fó leith aca agus dia roinn ar na Críosdaighibh a ccoitchinne. Dobhí bochtaine agus uireasbhaidh gach aon neithe corporrdha san ionadh sin, gidheadh, do chuir trócaire Dé a ccroidhthibh lucht na cathrach gach taoibh dhíobh teacht chuca le biadh agus le digh agus le fritheólamh agus seirbhís do dhéanamh dhóibh, ionnus nach raibhi aon ní d'uireasbhaidh ar an teaghlach uasal sin an Airdrígh, .i. tuilleadh agus cúicc mhíle bráthair, agus go raibhiodar slán ó chorp agus sólásach ó sbioraid. Dála S. Froinsias, ó nach bhféadadh a bheith maille ris na bráithribh ó chorp is na caibidiolachaibh prouensi, dobhí sé ó sbioraid maille friú, gá mbeannachadh agus ag guidhe Dé ar a son, agus fós, do bhrígh comhachta Dé dhó, do thaisbéanadh sé é féin go corporrdha dhóibh ar uairibh, gidh do bheith sé 'na bhféuccmhais. Dá dhearbhadh sin: Lá dá raibhi an seanmóntaigh soibhriathrach agus confésóir uasal an Airdrígh anois, .i. Saint Antoin ó Phádua, ag rádh seanmóra do na bráithribh a ccaibidil Arelade ar thitul na croiche, .i. Íosa Críosd ó Nasarét, Rí na nIúbhal, go bhfacaidh bráthair naomhtha
dia raibhi san chaibidil, darbhó comhainm Monaldus, an t-athair beannaighthe, .i. S. Froinsias, a n-airde san aiér a bhfiocchair na croiche céasda agus é ag beannachadh na mbráthar, agus gur mhothaigheadar uile iad féin lán do shólás croidhe, ionnus gur thuicceadar go dearbhtha an t-athair naomhtha do bheith do láthair aca, do réir mar do fhoillsigh sé féin dóibh 'na dhiaigh sin. As inchreidthe go fírinneach an ní iongantach so, amhuil mar thugadar comhachta Críosd Ambrós naomh, dobhí ina eacclais féin, do dhéanamh onóra Mártain iarna écc isin ngné chéanda sin, ionnus go raibh sé a n-aon úair ina eacclais féin agus a n-eaglais Mhártain. As mar sin do thaisbéin Dia S. Froinsias do na bráithribh, do thabhairt sóláis agus do mholadh seanmóra bhollsaire na fírinne, .i. Saint Antoin, ó do labhair ar an ccroich do iomchradh an t-athair naomhtha ar féin do ghnáth. Ó do dhaingnidh Onorius pápa an riaghail an t-ochtmhadh bliadhuin iar ndéanamh pápa dhe, do ghuidheadh an t-athair naomhtha na bráithre go díochra dúthrachtach an riaghail do choimhéud go glan, agus adeireadh sé riú nachar chuir sé aon fhocal isin riaghail uadh féin agus gurab é Críosd féin do fhoillsicch gach ní dar sgríobhadh innte. Dá dhearbhadh sin: Asé bulla agus séala an phápa mhóir úd thuas, .i. Íosa Críosd, do cuireadh ar an riaghail, .i. álaidh an Tighearna do chur ar chorp an athar naomhtha, .i. S. Froinsias, mar mholadh árd ar fhoirfidheacht na riaghla agus ar naomhthacht an tí dá ttugadh í. ABRUIM AN CÚICCEADH CAIBIDIL AR CHRUAS BEATHADH S. FROINSIAS, AGUS MAR THUCCADAR NA CRÉATÚIREADH SÓLÁS DÓ. Fear leanamhna uasal chroiche Críosd, .i. S. Froinsias, do chuir sé a chorp féin a ccroich na haithrighe do sgrios na locht maille re srian cruaidh na ceannsa do chur ris na céudfadhaibh corporrdha, ionnus gurab ar éiccin do ghabhadh sé riachtanus a leasa na nádúire, óir as annamh do chaitheadh sé biadh te ná biadh beirbhthe, agus, an tan fá ngabhadh, do thumadh sé an biadh sin a sausa shearbh mhíobhlasda, .i. a luaith nó a n-uisge, do bhuain a dheaghbhlasa dhe. Créud í an mheasardhacht
dobhí aicce, ag tógbháil a chuirp féin ó fhíon do tharraing intinne dochum na heagna? Agus do fhoillsigh sé sin dhúinn go deimhin, óir as ar éiccin do ibheadh sé a riachtanus a leasa d'uisge fhuar an tan dobhíodh tart air nó tiormach. Gidheadh, do chumadh sé é féin amuigh leis na daoinibh saoghalta maille re mbíodh sé, ag teacht leó leith re cáilidheacht bídh agus dighe, do réir an tsoisgéula naomhtha, ionnus go raibhi S. Froinsias rochruaidh air féin agus aobhdha daonna do na daoinibh agus umhal do shoiscéula Críosd, ionnus nach é mháin dob eisiomláir do chách a abstanáit acht do-bheireadh taisbéanadh naomhtha do na bráithribh agus do chách a ccoitchinne, ag caitheamh bídh maille riú. Dob í a leaba go minic tonn an talmhan agus dob í a chearchaill cloch nó crann agus do budh garbh cróin a éudach, óir do dhearbh sé go tteithid na drochsbioraid re héudaighibh cruaidhe garbha do bheith ag na daoinibh agus gurab éudaigh boga míne a chuirios cathaighthe ar na daoinibh agus ar na Críosdaighibh. Fiarfuighid, dono, daoine áiridhe dhé cionnus do fhéudfadh sé a n-aimsir an gheimhridh agus an fhuachta fulang ar an aibíd fhuair mar éudach. Do ráidh searbhfoghontaidh Dé, agá fhreagra sin, “Dá mbeanadh lasair theasa agus ghrádha fhlaithis Dé rinn don taoibh astuigh, do fhulaingfemaois go hurusa fuacht talmhuidhe don taobh amuigh.” Aimsir áiridhe iar sin dobhí easláinte shúl ar S. Froinsias, agus do fhulaing sé, ar an adhbhar sin, cearchaill do chlúimh eón do chur faoi a cheann, go ndeachaidh an drochsbiorad san chearchuill, gur chuir buaidhreadh mór ar S. Froinsias go meadhón oidhche, gur ghoir bráthair chuige iar sin, agus do chuir an chearchaill a bhfad uadha ón leabaidh lais, gur bhean an drochsbiorad a neart agus a bhrígh a bhallaibh an bhráthar, gur aisig an t-athair naomhtha an láidireacht chéanda dhó, agus, re cluinsin a ghotha, gur theith an drochsbiorad uadha. An tí si dobhí rochruaidh air féin, do-rinne díthchioll mór óirchisde na geanmnaigheachta do choimhéud go honórach a soitheach créufóige an chuirp dhaonna, maille re gloine anma agus chuirp re chéile. Ar an adhbhar sin, a ttoiseach a iompóidh dochum an chrádhbhaidh, a n-aimsir an gheimhridh, do luidheadh an tí si, dobhí té, láidir ó sbioraid, a n-uamhaidh lán do
shneachta agus do dhearfadhaigh go minic, ionnus go ccuireadh sé a námha éntighe, .i. an corp, fá úmhla don sbioraid agus go ccoimhéudadh sé éudach taitneamhach na gloine gan losgadh ar tine na n-ainmhian. Ór adeireadh sé go minic gur urusa don duine sbioradálta fuacht anmhór d'fhulang ar a chorp ná teas n-ainmhian d'fhulang ar a inntinn. Do fhoillsigh an t-athair naomhtha ó ghníomh an ní sin adubhairt sé ó bhréithir. Dá dhearbhadh sin: Adhaigh áiridhe dobhí sé a n-ionadh fhásaicch ag guidhe Dé, gur gháir an drochsbiorad dhó trí huaire. Do fhreagair an t-athair naomhtha dhó agus fiafraighios de créud dob áil leis. Adubhairt an drochsbiorad go cealgach ris: “Ní bhfuil peacthach dá mhéud a iompaidhios dochum Críosd nach maithfe sé a pheacaidh dhó. Gidhbé duine a mharbhus é féin le haithrighe rochruaidh, ní dhéanaidh Dia trócaire air.” Air ffoilsiughadh ceilge an drochsbioraid ó Dhia do S. Froinsias, doo thuig sé gurbh áil leis é féin do tharraing ó fhoirfeacht na haithrighe go laige na collaidheachta, etc. Feachtus dia ndeachaidh drong do na bráithribh a ttír na bpáccánach, agus gabhus páccánach saidhbhir trócaire um na bráithribh agus do fhuráil sé costus óir agus airgid orra; agus do dhiúltadar na bráithre sin air; agus ba hiongnamh leisin sin, .i. obadh an ionnmhusa air, agus, gidheadh, do thuig gurab ar son Dé do dhiúltadar é, an uair nach raibhi ní aca féin; gurab aire sin do fhuráil é féin orra ó mhian dúthrachtach croidhe agus intinne a mbeatha agus a riaghail do ghabháil chuige. Do sgaoil, imorro, an fear céanda a mhaoin agus a mhórmhaithios ar bhochtaibh Dé agus ar an Ord Mhinúr agus dobhí 'na Chríosdaidhe mhaith dhiongmhála ó sin amach, agus do ghabh baisdeadh agus aibíd S. Froinsias chuige. Agus as mar sin as cóir do na Críosdaidhibh tnúth do bheith aca ris an bpágánach shaidhbhir sin do ghabh do roghain an aibíd mhinúr mar éudach agus an bhochtacht mar bheatha do ghabháil chuicce. Tarla an tan sa bráthair croisi darbh ainm Moricus 'na luidhe tinn in hoisbitáile láimh re cathraigh Aisisi, agus do iarr ar Froinsias guidhe ar a shon agus sláinte d'fhagháil dhó. Do aontuigh an t-athair si fuair comhachta ó Dhia féuchain ar an duine
mbocht agus do chumaisg sprúilleach aráin choisreagtha agus páirt don olaidh dobhaoi ar an lampa dobhí a bhfiaghnuisi na deilbhe Muire thríd a chéile, ar theagusg an Tighearna thrócairidh, agus do chuir sin dá chumailt dhó, gurbho slán, ó chomhachtaibh Críosd, ó easláinte an chuirp é. Agus ní hé amháin acht táinic a n-aibíd an Uird Mhinúir agus do ghabh mar mhartra air féin lúireach fhuar maille le hiarann do bheith fána chorp taoibh astuigh don aibíd feadh a bheatha agus gan biadh talmhuidhe ar bith do chaitheamh rena rae acht luibheanna na talmhan agus torrtha na ccrann, agus níor lughaide a bhrígh nó a neart ag seanmóir bréithre Dé sin. Feacht oile táinic múisiccidh agus file do mhuintir rígh na Peirsia do dhéanamh mealltóracht ar staid agus ar riaghail Froinsias, agus as amhlaidh fuair é, ag teacht do láthair dhó, ag rádh seanmóra, agus do taisbéanadh dhósan go ffacaidh an chroich chéasda ar lasadh mar dhealradh gréine ó a bhathais go a bhonn agus ón dérnainn go aroile trésan tseanmóntaidh. Agus, mar do-chonnairc an múisiccidh agus an mealltóir mór sin an fáidh naomhtha ag seanmóir páisi an Tighearna agus comhachta na croiche naoimhe, biodhgus agus criothnaighios, tré ghrásaibh Dé, agus diúltus don tsaoghal agus gabhus an aibíd chuige agus leanus do riaghail S. Froinsias. Agus asé sin céad mhinistir Uird Mhinúir do cuireadh don Fhrainc ariamh ar tús. Do móradh ainm Dé agus S. Froinsias de sin. Iomthúsa San Froinsias, mar dobhádar na bráithre ag iomadughadh, do chuir gairm chaibidiolach generálta orra go heaglais mainisdreach Muire, agus as di do goirthí Mainistir na nAingiol an tan sa, do theagasg an chrádhbhaidh dhóibh go nuaidhe agus dá ccraobhsgaoileadh fán cCríosdaigheacht do sheanmóir bréithre Dé do na puiblibh. Agus dobhí teirce bídh agus dighe isin eaglais sin roimhe na bráithre do theacht innte; agus, mar do airidh Dia sin, do chuir a ccroidhthibh lucht na cathrach, dobhí ar gach taobh dhíobh, teacht chugtha le na mbiadh agus le gach uireasbhuidh dá raibhi orra, gurbho díolta iad uile an naoimhtheaghlach sin dobhí ó Airdrígh nimhe agus ó Froinsias ann, agus ó rángadar a chéile deichneamhar agus cúig mhíle bráthair. Agus, mar nár fhéud S. Froinsias, tré thoirmiosg sbioradálta oile, teacht do láthair na caibidiolach generálta go
corporrdha, dobhí ó sbioraid agus ó thaisbéanadh neamhdha maille ris an ccloinn sin aige féin, gá mbeannughadh agus ag guidhe Dé ar a son, agus do thaisbéanadh sé é féin go corporrdha dhóibh, dar leó féin. Dá dhearbhadh sin: Dobhí Sanctus Antónius ag rádh seanmóra do na bráithribh a ccaibidil Erilade ar titul na croiche, .i. IESUS NASARENUS REX IUDEORUM, .i. go bhfacaidh an bráthair oile, .i. Monaldus, an t-athair beannaighthe S. Froinsias isin aiér os a cciond a ffioghair na croiche agus é ag beannughadh na mbráthar, gur mhothaighiodar iad féin uile lán do shólás agus do neart agus d'árrachtus. Agus do mhol an tseanmóir sin Antoinius go mór do ghuth mhór fhollusghlan os a ccionn mar sin. LABHROM ANOIS AR CHRUAS BEATHADH S. FROINSIAS. Ba fíorleannán uasal don ccroich chéusda é, óir do chuir a chorp a ccroich na haithrighe agus do chruadhcheangail na céudfaidhi corporrdha, ionnus gurbh annamh do chaitheadh an bheatha dhaonna, agus, an uair do chaitheadh í, ní chaitheadh acht pruinn bheag d'arán gan bhrícch agus a thrian do ghaineamh agus uisge fuar mar dhigh, agus sin do chaitheamh gach treas tráth, agus ní chaitheadh biadh Céudaoine, Aoine nó Sathairn. Ba grádhach deaghaightheach ris an uile dhuine é. Ba furachair spionntach do shíoladh bréithre Dé é. Do shildís na háladha gacha hAoine ar a chorp, amhuil do shiliodar ar chorp an Tighearna féin. Ba hí a leabaidh uaimh chloiche; cloch fána cheann agus cloch fána chosaibh agus cloch fána lár. Ba garbh críon a éudach, agus níor chlaochlaidh an chéud aibíd do chuir uime ariamh an gcéin bhaoi beó. Agus níor chuir bróga fána chosaibh ariamh an feadh dobhí 'na bhráthair. Níor mhothaigh teas samhruidh nó fuacht oighridh riamh, agus níor léig teas grádha a Thighearna uaidh, .i. Íosa Críosd. Uime sin, gidhbé neach ina ttéid teasghrádh Dé ina chroidhe, ní
chuirionn teas ná fuacht air nó bochtaine an tsaoghail, agus do-gheibh a luach sin isin mbeathaidh shuthain, srl-a. Araile aimsir gabhus tinnios súl S. Froinsias, agus do cuireadh peiliúr socair do chlúmhach én faoina cheand, agus do-chuaidh an ansbiorad isin pheliúr, ionnus gur chuir buaidhreadh mór ar S. Froinsias ó thús oidhche go meodhón oidhche, agus goirios bráthair oile chuige agus furáilios an peiliúr do chur a ffad uadh, agus do mheirtnigh an peiliúr an bráthair, gidh gairid dorug sé é. Agus do aisicc S. Froinsias a shláinte don mbráthair go haithghearr; agus, an uair do labhair ris an drochsbiorad a n-ainm Chríosd, do sccréuch sé go mór agus do imidh roimhe gan bhrícch gan chomhachtaibh. Feacht n-aoin dia mbaoi S. Froinsias a nEaglais Mhuire na nAingeal, mar adeir Leabhar na Cosamhlachta, agus é ag caoineadh páisi an Tighearna, do thaisbéin an drochsbiorad é féin dó agus adubhairt, “A Froinsiais, dá marbhthá thú féin le haithrighe, ní rachaidh th'anam don teaghdhais neamhdha.” Do chuir Froinsias an deamhan uadh go hathghearr a n-ainm Chríosd, agus, iar n-imtheacht dhó, do-chuaidh Froinsias ar coill fhásuigh dobhaoi a n-iomfheagus dó agus fágbhus an aibíd agus an t-éudach beag - agus ba haimsir dhubhlachta agus dhoininne móire sin - agus téid tárnocht a ccúmhgach na ndos agus na ndreas agus gabhus ag siubhal go díochra, gur sgriossat a chraicionn agus a leathar 'na thimchioll agus gur dhoirtsiod a fhuil go mór, go ndubhairt fris féin, “As féarr dhamh mar so ar son Dé nó a bheith go gnáth a leabaidh sheasgair chlúimhe ag éisdeacht le claoinchealgaibh an aidhbhirseóra.” A haithle na mbriathar sin do-chonnairc sé soillsi mhór go ruithneadh gréine ar feadh na coilleadh uile agus bláth róis agus iomad luibhionn deaghbhalaidh agus lubhghort naomháluinn neamhdhuidhe. A n-aimsir tert an mheodhóin oidhche a mí Ianuárius do shunradh sin, agus cora aingeal gach taoibh dhe, agus aseadh do ráidh siad fris, deifriughadh dochum Críosd agus dochum a mháthar, neoch dobhí ag feithiomh fris isin eaglais. Dearcus Froinsias air, mar do airidh a bheith tárnocht, agus fuair éadach nua neamhdhuidhe uime, agus níorbh fhios dó cionnus fúair. Agus do-chonnairc an chonair dobhí roimhe gusan eaglais lán d'éudaighibh áilne ioldhathach
go n-iolra gacha datha. Agus rug leis dhá rósa dhéag dhearga agus a uirid oile glégheal, agus, arna ccur sin ar na haltóraibh, do-chonnairc Íosa Críosd agus a mháthair ar a láimh dheis agus sluagh mór aingeal ar gach taoibh dhíobh go ccainticcibh glórmhara. “Iarr, a Froinsiais,” ar Críosd, “gach ní bhus áil leat agus do-gheabhair.” At-beart Froinsias: “A Chruthaighóir nimhe agus talmhan, guidhimsi, an peacthach bocht, sibh, a hucht bhar mórthrócaire, locchadh na n-uile pheacadh do thabhairt dhamh féin agus do gach duine a shailteórus asteach ar dorus reilge Eaglaisi na nAingeal acht go ndéanaidh aithrighe agus faoisidine do mholadh na heaglaisi.” Freagrus an Slánaightheóir Froinsias agus adubhairt: “Do-bheirim id h'onóir-si don uile a rachus a nEaglais Mhuire na nAingiol ó chlog an chéd easpuirt an dara lá do mhí August go clog an dara heaspuirt an laoi chéanna a chuid don fhlaithios neamhdha acht go ndéanaidh aithrighe agus oilithre na heacclaisi go hiomlán agus a chonfesion maille le haithreachus isin eaglais chéanda, agus ní headh amháin acht gach aon a dhéanus almsa dhúthrachtach dot ord, geallaimsi trócaire do dhéanamh ar a n-aimsir a bháis acht go raibh aithreachus maith aicce.” “A Thicchearna,” ar S. Froinsias, “cionnus chreidfid cách na comhachta sin uaimsi?” “Creidfid”, ar Críosd, “mar so: Beir leat ní don rósa so a cceand an phápa agus creidfidh thú, do réir mar fhoillsighios an t-aingiol dhó.” Ar ccríochnucchadh an chomhráidh sin, éirghios an Tighearna as a fhiaghnuisi, agus tógbhaid na haingil a ccaintice ghlórmhur os áird, .i. Te Deum laudamus, nó go rángadar an flaithios neamhdha. Iar sin beanus Froinsias trí rósa dhearga agus a trí geal don altóraigh a n-onóir na Tríonnóide agus gabhus a sheanaibíd bheag bhocht féin uime ar maidin agus beirios triúr compánach bráthar leis, .i. Petrus Canan agus Bernard agus Angelus. Ar rochtain na Rómha dhóibh, taisbéanus Froinsias a chomhartha don phápa, go ndubhairt an pápa: “Creidim go bhfuil an fhírinne agad, agus do fhoillsigh aingiol Dé dhamhsa gach ní dá bhfacais, agus na neithe do thoiligh Dia dhuit, atáid fá shéula annso romhad, srl-a.” Laithe n-aoin dia raibhi S. Froinsias ittir na bráithribh, agus do thuig go raibhi bráthair lag astuigh ó bharr tréigheanuis agus
troisge, agus gurbh fheagus bás dó thríd sin, agus goirios an bráthair chuige agus do chuir arán ina fhiaghnuisi agus fromhus féin ar tús é mar chomhluadar don bhráthair, agus ba slán a ccéadóir. Baoi tinnios ag leanmhuin do shúilibh Froinsias ó iomarcaidh déur na haithrighe, go ndubhairt liaigh fris sgur dá dhéuraibh dámadh mian leis an t-amharc do bheith aige. Adubhairt Froinsias: “A bhráthair ghrádhaigh,” ar sé, “ní hindiúlta dhúinn an solus suthain mar ghrádh ar radharc diombuan corporrdha agus ní ar son an chuirp féin a tugadh radharc dhó acht ar son an anma uasail do cuireadh ann.” As follus as sin gurbh fhéarr le S. Froinsias daille chorporrdha do bheith air nó toirmiosg do chur ar dháil na ndéor aithrighe le nglantar súile na hinntinne. Thairis sin do ghuidheadar na bráithre é uma léigion leighios do dhéanamh dhó air a shúilibh, .i. losccadh do dhéanamh air os cionn na súl re hiarann dearg; agus do-rónnadh amhlaidh, ar bhfagháil aonta uadh, agus níor fhuaraidh an t-iarann an uair ba slán súile Froinsias tré ghrásaibh an Sbiorad Naomh. Feacht n-aoin dia mbaoi S. Froinsias ar fásach annsa n-ionadh darbh ainm Sanctus Urbánus, agus gabhus easláinte mhór é. Mar do mhothaigh é féin éccruaidh do thaoibh na nádúire daonda, iarrus deoch fhíona do neartughadh a sbioraide; agus do dearbhadh dhó nach raibhi aon bhraon fíona aca; agus, iarna chlos sin, furáilios uisge do thabhairt chuig agus gearrus singin na croiche os a chionn agus do-róinneadh fíon glan de, agus, mar as luaithe gur bhlais an fírén an fíon, ba slán a ccéadóir. Feacht oile bhaoi Froinsias d'éis easláinte móire, go raibhi éccruaidh ó chorp, agus fuair mian ceól taidhiúir do chloisdion do chuirfeadh sólás ar a sbioraid, agus, mar nárbh áil leis uirid d'aoibhnios d'fhagháil ceól daonda d'iarraidh, do chuir Dia cora ainglidhe a meodhón oidhche ar gach taoibh dhe, agus ag smuaintiughadh ar a Thighearna, agus do-rónsad ceól taidhiúir taitneamhach, gurbho slán a ccéadóir é, etc. Laithe n-aoin dia mbaoi S. Froinsias agus a chompánach eidir an Lombaird agus an Marsia, go rug dorchadus na hoidhche orra láimh re caol fairrge, agus adubhairt a chompánach ris, “A
Phroinsiais,” ar sé, “guidh ar ar son, óir atámíd a mbaoghal idir na srothaibh, agus doinionn mhór agus deartan againn.” “Féudaicch Dia,” ar S. Froinsias, “más toil le a ghrásaibh féin é, solus do thabhairt dhúinne agus an dorchadus sin do dhíochur uainn.” Iar sin do-chonncadar dealradh iongantach ar gach taoibh dhíobh ó néullaibh nimhe go talmhuin, go bhfacadar a ndíol radhairc uatha ar gach leith, agus do-chuadur as an ngábhadh sin slán innill go háit n-iomchubhaidh a bhfuaradar sosadh agus beatha iomchubhaidh. Do móradh ainm Dé agus S. Froinsias de sin. Iomthúsa Phroinsias, níor fhaomh sé uachtránacht a uird féin do ghabháil chuige tré iomad a umhlachta. Agus as dearbh, gibé bhias umhal dá uachtrán, ní racha én uair thairis dá aimsir nach bhfuighidh a luaidheacht ó Dhia agus trócaire fá dheóicch, agus gibé do bheith 'na uachtarán, go ndlicchfeadh a bheath friochnamhach deithideach ag coimhéud a thréuda, agus, dá ndearna amaoile, go mbiaidh a olc dhó. Araile lá fiafraighios an cairdionál dobhí 'na phrotector ag na bráithribh minúra do Phroinsias nar thoil leis bráithir a uird do thógbháil dochum dignite go honórach - agus, ar ndearbhadh a dhúthrachta mar sin d'Ord S. Froinsias, do thogh Dia eision go ndearnadh pápa isin Róimh dhe, Gregoirius nónus - agus do labhair Proinsias fris agus aseadh adubhairt: “A thighearna, as uime tugadh bráithre minúra ar m'órd-sa, do bhrícch gurab lugha iad iná bráithre oile, agus as umhla agus as bochtaine dlighthior díobh agus ní háil leamsa dignite eaglaisi as mó ná sin do bheith agam.” Feacht n-aoin dia mbaoi Proinsias agus a chompánach bráthar i n-eacclais áiridhe ar fásach ag seirbhís do Dhia go díochra, agus rugadh an compánach ó spioraid go flaithios Dé, agus do-chonnairc mórán do theaghaisibh áille onóracha agus do-chonnairc teaghais lóghmhar, lonnraightheach lán do gheamaibh uaisle go ndéalradh na glóire suthaine os a ccionn sin uile, agus, ar ngabháil iongantais mhóir uime sin, smuainios cá raibhe, agus do-chualaidh an guth neamhdha agá rádh ris: “Acc so flaithios, agus así sin an teaghdhais ina raibhi Lúcifer roimhe pheacadh an díomais do dhéanamh,
agus atá sí dá coimhéud a n-oirchill S. Froinsias,” uair atá a n-aghaidh díomais Lúcifeir go contrárdha, amhuil adeir Leabhar na Cosamhlachta. Ar tteacht ina áit féin don chompánach, fiarfaighios do S. Froinsias créad í a bhreith féin ar a dheicchghníomharthaibh a leith re Dia. Ad-beart S. Froinsias, .i. searbhfoghontaidh dílios Dé, “Do-chíthior dhamh nach bhfuil ar bith peacthach as mó iná mé.” “Cinnios fhéadus tú sin do rádha ar an compánach go fírinneach?” “Féudaim mur so,” ar Proinsias, “uair ní bhfuil peacthach dá mhéud ar an saoghal sa dá ttiubhradh Dia uirid do ghrásaibh agus tug dhamhsa nach diongnamh seirbhís bu mó dhó iná a ndéanaimsi.” Iar ccluinsion an ghlóir umhail roidhiadha sin don chompánach, do chreid an radharc do-chonnairc agus do thuicc, do réir an tsoisgéula, gur chóir an t-umhal d'áirdiughadh agus an díomsach d'ísliughadh ar an ordughadh sin, agus, ar an adhbhar sin, do thuicc gurbh iomchubhaidh Froinsias do chur a n-áirde na glóire a n-ionadh na sbioraide díomsaighe do hionnarbadh aisti. Saccart dúthrachtach do Dhia agus do Froinsias, darbho comhainm Iacobus, do chuir d'fhiachaibh ar dhrochsbioraid do bhí a mnaoi áiridhe ocht mbliadhna déag tré choniurásion air as ucht pháisi an Tighearna a fágbháil, agus do fhiarfaigh sgéula dhe iaramh, as ucht Dé, nar mhaith na neithe do thoiligh Dia do S. Froinsias a leith re lóghadh Eaglaise Muire na nAingeal. Adubhairt an drochsbiorad: “Atá loghadh na n-uile pheacadh go dearbh ag gach aon a dhéanus oilithre na heaglaisi sin do shonradh lá an loghaidh, acht aoin ní amháin, dá mbeith comhthrom pighinne do chuid do chomharsann agad go holc gan aisioc, ní bhfuighe maitheamhnus ann.” 'Na dhiaigh sin do labhair an drochsbiorad go sganrach ar Froinsias. “Créud fá ttuccair easonóir bréithre d'óglach Dé?” ar an saccart. Do fhreagair an ainspiorad sin, go ndubhairt nár gineadh le síol fearrdha ariamh ittir fhear agus mhnaoi, taoibh amuigh do Mhuire agus do na heaspalaibh, duine as umhla ná é agus as cosmhuile ris an tí do cheannaigh é féin agus an cineadh daonna, agus gur thógbhaidh comhard agus sin é a bhflaithios Dé gurab é do toghadh a ttéghdhais ar ttighearna, .i. Lúcifer, agus go bhfuil meirge na croiche céusta ar iomchar aicce agus aga bhráithribh.
“Conadh uime sin as mó an phian linn áirde na glóire atá aicce iná tene ifrinn dár losgadh féin go síorruidhe.” Laithe n-aoin dia ndeachaidh S. Froinsias don ccathraigh darab comhainm Ímolo, agus do-chuaidh mar a raibhi easpocc na cathrach agus iarrus go humhal cead seanmóra do rádha isin ccathraigh. “A bhráthair bhicc bhoicht,” ar an t-easpocc, “as leór leamsa mé féin ag rádh seanmóra isin ccathraigh si.” Do chrom an duine bocht umhal a cheann agus téid tar dhorus amach agus do fhíll asteach ar an modh ccéanda. Do fhiafraigh an t-easpocc dhe, “Créud fár fhillis an dara húair?” Adubhairt Froinsias, “A thighearna, an tan chuirios an t-athair an mac amach, dlighidh a theacht asteach ar an dorus oile.” Mar do chlaoi umhla S. Froinsias an t-easpocc, do theann rena ucht agus rena urbhruinne é agus tucc cead seanmóra dhó agus do chumhdaigh a ord ar fud a phrouensi uile trésan úmhlacht sin tucc dhó. Feacht oile do-chuaidh Froinsias go cathraigh Arísius, agus ba gnáth coccadh mór agus daoine ag comhmarbhadh a chéile innte. Do ráidh searbhfoghontaidh Dé lena chompánach, .i. Siluester, dol don chathraigh agus a chur d'fhiachaibh as ucht Dé agus pháisi Críosd ar a raibh do sbioradaibh isin chathraigh uile a fágbháil. Do-rinne an bráthair go hullamh umhal mar adubhradh ris, agus ba feirde dhó, óir do theichiodar an sluacch dubhdhiabhluidh dobhí re holc agus re buaidhreadh cáich isin ccathraigh ar furáileamh Dé agus San Froinsias. Agus, ar ndol asdeach dhó do dhéanamh seanmóra isin ccathraigh, do-rinne caoinchomhrac agus síth shuthain idir lucht na cathrach, etc. Feacht n-aoin dar iarr cairdionál na Croiche Naoimh ar Froinsias fuireach maille ris féin seal dá aimsir. Aomhus Froinsias sin mar chomhartha onóra don chairdionál. Agus an chéad oidhche do fhan tar éis a thrátha do rádha isin oidhche, agus, ar ccolladh do Froinsias, luidhid na drochsbioraid air, gur bheag nár mhúchadar é le heasonóir, agus, arna fháccbháil brúighte dhóibh, éirghios a chompánach chuicce, agus foillsíghios dó gach a ndearnadar air agus do ráidh: “A bhráthair ghrádhaigh, as dóigh, na drochsbioraid úd nach éidir leó aoin ní do dhéanamh acht maille le toil Dé, gurab uime do léicc mo Thighearna chuccam iad, do bhrígh nach maith an eisiompláir do na bráithribh bochta oile mo chomhnuidh-si is na hionadhaibh
móra agus iadsan ag déanamh crábhadha a n-áitibh bochta dearóile. Air an ádhbhar sin, as férr dhúinn na cúirte do sheachna agus a bheith idir na bráithribh, ionnus gomadh usaide leó bochtaine agus anacair d'iomchar mé féin do bheith eatorra.” As a haithle sin tiaghaid ar maidin mar a raibhi an cairdionál agus, iar ngabháil leithsgéil fris an ccairdionál, gabhuid a gcead aige go humhal macánta, agus léigios a bheannacht leó. Tuigthior as sin gur bheag ar Froinsias an díomus agus gurbh ionmhuin leis an úmhla, etc. Laithe n-aoin tuccadh bráthair go Froinsias, neach nár iomchair an umhla mar budh cubhaidh, agus, ar dteacht do láthair dhó, do-rinne aithrighe dhíochra ina pheacadhaibh. Arna fhaicsin sin do Froinsias, do logh dhó gach a ndearna. Gidheadh, a ccomhartha cuimhnighthe an phionúis, furáilios atán an bhráthar do bhuain de agus a chur a cceartlár na tineadh, agus, ar mbeith tamall annsin dó, furáilios a bhuain as an tine nó as an lasair sin agus a thabhairt don mbráthair, agus ní raibhi lorcc nó sliocht loisge air, do ghrásuibh Dé agus S. Froinsias, etc. Laithe n-aoin dia mbaoi S. Froinsias agus a chompánach acc gabháil sliccheadh trésan Apail, agus tarla sparán lán d'ionnmhus dhóibh ar an slighe mhóir. Ceadaighios an compánach don athair an sparán do thógbháil agus an t-ionnmhus do thabhairt do bhochtaibh. “Ní toil le Dia sin,” ar S. Froinsias, “óir as cealg ón aidhbhirseóir súd.” Labhrus an bráthair arís re S. Froinsias fán airgiod do thógbháil, agus do smuain, tré fhuráileamh an aidhbhirséora, gurab neamhdhúthracht tucc ar S. Froinsias gan an t-ionnmhus do thabhairt do na bochtaibh. Arna thuigsin sin do S. Froinsias, fillios tar ais ris an mbráthair, agus tárla duine oile dhóibh, agus furáilios ar an mbráthair an sparán do thógbháil a bhfiaghnuisi an fhir sin. Agus, ar síneadh a láimhe dochum an sparáin, lingios athair nimhe as an sparán, sgreadus agus sgréuchus as a bhfiadhnuise. “A bhráthair ionmhuin,” ar Froinsias, “nach aithnighir cealcca agus mealltóracht an aidhbhirseóra?” Agus bíodh a fhios agad gurab ionann an t-aidhbhirseóir agus an t-innmhus agus an nathair nimhe agus gurab ionann an nathair nimhe agus an diabhal, etc.”
Laithe n-aoin dobhí S. Froinsias ag siubhal gusan ccathraigh darab ainm Uenís, go ttárladur triúr dhó ar an magh réidh rofhairsing, .i. triúr do bhaintighearnaigh ro-áille a n-aon chosamhlacht deilbhe agus éccuisg agus innill, aoisi agus méide, agus do chuireadar fáilte neamhghnáthach roimhe S. Froinsias, .i. gurab é beatha na baintighearna ardchomhachtaigh, .i. na bochtaine. Gabhus lúthgháire mhór fear grádha na bochtaine thríd an fháilte sin d'fhagháil, uair ní raibhi gairm ar dhomhan dob fhearr leis aige nó gairm na húmhla agus na bochtaine. Do imgheadar na mná iaramh as a fhiadhnuisi agus ní feas cár ghabhadar. Do iongantaidheadur compánaigh Froinsias cosamhlacht na mban re chéile agus neamhghnáthaigh na fáilte do chuireadar roimhe agus a n-imtheacht gan airiughadh as a bhfiadhnuisi, agus así tuiccsi sbioradálta do chuireadar annsin gurab í an Tríonnóid do thaisbéin í féin 'na trí pearsannaibh comhchosmhúla re chéile annsin, nó go raibheadur a macasamhla sin do thriúr baintighearnaigh ag Froinsias, .i. an úmhla agus an bhochtaine agus an gheanmnaigheacht; agus do foillsigheadh tré ghrásaibh Dé do S. Froinsias gurbh fhíor sin, etc. Lá n-aoin dia mbaoi S. Froinsias agus a chompánach ag siubhal na sligheadh, agus tárla modh duine bhoicht ar an slighe dhó agus é lomnocht. Arna fhaicsin do S. Froinsias mar sin, gabhus tuirsi chroidhe é, go ndubhairt: “As mór an náire tucc bochtaine an duine úd dhúinne, ór do ghabhamar an bhochtaine dhúinn féin mar shaibhrios agus as mó thaisbéanus agus fhoillsighios í féin mar dhealradh isin duine bhocht úd iná ionnainn.” Agus as amhlaidh dobhaoi Froinsias, ar ghrádh na bochtaine naomhtha dob fhearr leis déirc d'iarraidh ar son Dé ó dhorus go dorus nó a fagháil go honórach gan iarraidh. Agus an tan do-gheibheadh cuireadh ó dhaoinibh móra, do ghnáthaigheadh sprúilleach beag aráin d'iarraidh a ndéirc ar tús agus dobheireadh leis dochum an bhuird, agus as de sin as mó do chaitheadh, agus do ghabhdís na daoine maithe pairt uadh dhe sin maille le dúthracht, agus do shásadh iad, etc. Aimsir éigin do ghabh easláinte throm S. Froinsias isin ionadh darab ainm Síria, agus, arna chlos sin do lucht cathrach Aisísi, tiacchaid sochuidhe dá maithibh ar a cheand dá thabhairt leó dá leighios; agus, arna thóccbháil leó, táingeadar go baile bocht dobhí rompa ar an chonair, darbhó comhainm Sátrianus, agus
ní bhfuaradar beatha lena ceannach. Arna fhaicsin sin don athair naomhtha, at-beart riú: “As uime nach bhfuarabhair ní le ceannach, gurab mó do chuireabhair bhar ndóich in bhar ccuid ionnmhais iná a nDia, agus iompóidhicch anois dochum an bhaile agus iarraidh beatha ar son Dé agus féuchaidh créud do-dhéanaid agus ná smuainidh féin gur deireóil dhíbh sin do dhéanamh, óir as a ndéirc tucc Rí na glóire an uile ní do na daoinibh.” Arna chlos sin do chách, do-chuadar buidhean dá n-uaislibh don bhaile d'iarraidh déirce, iar sgrios a náire agus a ndíomais uatha, agus dob fheirde dhóibh, óir do chuir Dia a n-inntinn lucht an bhaile a bheith forbhfaoiligh rompa ar an modh sin agus a mbiadh agus a ndeoch agus iad féin d'fhuráil orra ar son Dé agus a ngeall ar an athair naomhtha dobhí leó. Mar sin do iomchair Dia leis an mbochtaine an ní nachar iomchair ris an díomus. Feacht oile dá raibh S. Froinsias tinn éccruaidh ó chorp, agus dobhí liaigh ag déanamh leighis dó; agus as amhlaidh dobhí an liaigh tar éis mórán do chaitheamh le téghdhais do dhéanamh, agus, arna críochnughadh, do sgoilt ó mhullach go lár, agus ba roidherbh dubháilceach an liaigh thríd sin agus smuaineas aige féin go bhféudfadh grása an athar naomhth, .i. S. Froinsias, sin d'fhurtacht, agus iarrus maille le creideamh daingion agus le dúthracht croidhe ar na bráithribh ní éigin dá ngnáthaigheadh S. Froinsias do ghlacadh do thabhairt dá chumailt don obair, agus gomadh dóich leis go bhfóirfeadh í. Ó do-chonnairc an Tighearna ardchumhachtach, Íosa Críosd, dúthracht an leaccha agus nach raibh luach oile aga shearbhfóghontaidh dílios féin lena thabhairt uadha, seólus do na bráithribh rúainne do ghruaig S. Froinsias do thabhairt don liaicch do chuidiughadh ina shaothar, agus do ghabh sin maille le lúthgháire mhóir agus do chuir a sgaoileadh an bhalla é, agus do cheangail an balla dá chéile, ionnus nár haithnigheadh an ball sin ina raibh an briseadh seach an bhalla oile dobhí slán. Do mór ainm Dé agus S. Froinsias de sin, srl-a. Uair oile do thriall Froinsias dol a n-ionadh uaigneach ar leith a bhfásach a bhfad ó chách do thabhairt aire dá urnaighthe agus d'fhéuchain a Thighearna, agus, mar dobhí sé éccrúaidh ó chorp, rucc asal leis dá iomchar. Dobhí féin agus a chompánach ag siubhal sléibhe lá te samhraidh, agus gabhus tart mór a chompánach
agus do éuccaoin sin ris an athair. Tuirlingios iaramh an t-athair naomhtha, .i. Froinsias, agus léigios ar a ghlúinibh é agus guidhios Dia go díochra um fhóirithin d'fhagháil don bhráthair. Iar sin furáilios ar a chompánach dol gusan ccarruicc ccloiche baoi ina fhiadhnuisi agus go bhfuigheadh fíoruisge ó Dhia, agus fuair amhlaidh, agus do choisg sin a thart. As iontuiccthe as so go bhféuchann Dia ar an anam bhocht a ghuidhios é ó chroidhe ghlan umhal, amhuil ro fhéuch ar Froinsias fá uisge do thabhairt dhó as an ccarruig nach raibhi uisge roimhe sin innte. Laithe n-aoin dia mbaoi S. Froinsias a mbuaidhreadh mhór intinne tré dhrocheisiomláir druinge áiridhe do na bráithribh, agus do ghuidh Dia go dúthrachtach ar a son, agus freaccrus Críosd é a ndeireadh na hurnaighthe sin, go ndubhairt fris: “A dhuine bhoicht, créud fá bhfuil buaidhreadh ort uman ccrábhadh? Agus fiafraighim dhíot, An é adhbhar fár ordaigh misi thú id bhuachaill os cionn mo chrábhaidh, agus nach ttuicfeá gurab mé as pátrún dhuit go prinnsiopálta? Agus fós bíodh a fhios agad, a dhuine bhoicht umhail gheanmnuidhe, gurab uime do chuirios thusa os cionn an chrábhaidh, ionnus goma follus do chách uile nach le soláthar saoghalta do críochnóchaidh na neithe móra do-dhéansa ar h'impídhe acht le comhachtaibh agus le mórghrásaibh m'Athar, agus as misi féin ar Críosd do thóghairm th'ord dochum an chrábhaidh agus ní tusa, agus as mé choimhéudfus agus oilfios iad, agus gí bé thuitfios díobh ón riaghail chrábhaidh, cuirfiodsa daoine oile ina n-ionadh, agus dá mhéud buaidhreadh nó míochiúnus theigéumhus don chrádhbhadh, coimhéudfa misi slán é tré thiodhlaicibh mo ghrás; ar an ádhbhar sin, ciúnaidheadh th'intinn, a dhuine bhoicht, srl-a.” Lá áiridhe dá raibhi duine diadha ler mhian seirbhís do dhéanamh do Dhia ag guidhe Dé go dúthrachtach ima fhoillsiughadh dhó créud an cruth inarbh áil le Dia a bheith dhó agá dhéanamh sin, agus do thaisbéin Críosd é féin dhó a n-aibíd bráthar minúir, agus adubhairt fris: “Gidhbé lerab áil misi do leanmhuin, déanadh sé seirbhís dhamh ina leithide so d'aibíd”, agus, arna rádh sin, níorbh fheas cár ghabh as a fhiadhnuisi. Gabhus iongnamh mór an duine diadha fán radharc sin do taisbéanadh dhó, óir ní fhacaidh a leithide ariamh, agus, mar nach bhfacaidh agus nach ccualaidh iomrádh na mbráthar féin ariamh,
do-chuaidh a n-aibíd manaigh, agus, iar mbeith isin aibíd sin cúicc bliadhna déag, do chuir cairdionál as an Róimh fios dochum abadh na mainisdreach sin d'iarraidh air manach maith do chur chuige dobhiadh 'na chomhairleach aige, agus asé an manach sin do chuir chuige. Agus, ar ndol dochum na Rómha dhó, do-chonnairc an tOrd Mionúr agus do thuig gurab í sin samhuil na haibíde do taisbéanadh dhó, agus gabhus aibíd an Uird Mhinúir chuige maille le comhairle an chairdionáil, agus dobhí 'na bhráthair mhionúr iar sin maille le grásaibh romhóra ón Sbiorad Naomh. Agus níorbh fhada iar sin go ndearnadh pápa isin Róimh dhé, agus pápa oile don tí si adubhramar thuas, .i. Niocolaus quartus, agus ainm oile, .i. Ieronimus, etc. Araile cléireach don chathraigh darab comhainm Pairís ar a mbaoi clú mór agus onóir shaoghalta, agus ba mian leis na bráithre preisúra a chur ina ccumann, gion gur mhian lais dol a n-aibíd chrábhaidh. Dobhí an tí si lá áiridhe ar fuinneóig a pháláis féin os cionn claustair na mainisdreach agus do-chonnairc duine go ndath ndealradhach, solusda agus do-chualaidh an guth neamhdhuidhe os a chionn agá rádha gurab é an duine sin Críosd, agus gabhus eagla mhór agus tuirsi chroidhe an cléireach arna chluinsin sin. Agus, mar do smuain sé cionnus do-dhéanamh féin seirbhís do Dhia, adubhairt an guth céanda fris dol a n-aibíd chrábhaidh. Fiafraighios an cléireach cia an aibíd ina rachadh. “Éiridh i n-aibíd na mbráthar mionúr,” ar an guth; agus do-rinne, etc. Macaomh uasal, aimsir oile, do-chuaidh a n-aibíd S. Froinsias, agus fá cheand aimsire giorra iar sin do chuir an t-aidhbhirseóir gráin mhór idir é agus an aibíd, ionnus go bhfacus dó gurab sac gránna garbh dobhíodh uime do ghnáth agus nach éudach cneasda. Agus, mar dobhí biseach neamhcheana aige ar an ccrádhbhadh, do chuir ina inntinn iompódh dochum an tsaoghail do-ridhisi. Tárla, do ghrásaibh an Sbiorad Naomh, an oidhche dob áil leis iompódh agus imtheacht ón ccrádhbhadh, gur chuimhnidh ar an teagusg tug a mhaighistir dhó, .i. gach uair dorachadh a bhfiadhnuisi altóra Muire, a léigion ar a ghlúinibh agus an tSacramaint naomhtha do ghuidhe go díochra d'iarraidh grás dó féin ó Dhia, agus, mar do-rinne sé sin agus é ag imtheacht, goidtear ó sbioraid é agus tarfás radharc naomhtha dhó, óir do-chonnairc proseision mór ina fhiadhnuisi, agus iad ina ccúpladhaibh, a cculaidheachaibh éxamhla agus a n-aighthe agus gach ní dobhí leis díobh lán do
dhéalradh, ionnus gur fhoillsigheadar 'na ccoimhfheagus amhuil ghréin, agus caintice na n-aingeal aca dá gabháil go glórmhar soichleach sírbhinn; agus do-chonnairc a ttús an phroseisioin dias ro-áillne agus onóir mhór ag cách oile umpudh, agus do-chonnairc fós a ndeireadh an phroseisioin aoinneach naomháluinn grianghlórmhar, amhuil nobheith ridire núa aca agus iad ag tabhairt onóra dhó. Gabhus iongnamh mór an macaomh mórmheanmnach thríd sin, agus fiafraighios do dheireadh an phroseisioin cia hiad féin nó cia hiad sin dobhí a ttoiseach an phroseisioin, neoch as mó solus agus déalradh agaibh. “San Froinsias agus Antoinius,” ar siad. “Cia siúd a ndeireadh an phroseisioin?” ar sé. “Bráthair siúd a fuair bás go núa, agus tángamairne ar a cheann, mar do-chí tusa, agus bíodh a fhios agadsa gurab ar son na n-aibídeach ngarbh do iomchramar isin ccrádhbhadh tugadh na héudaigh áille uaisle si dhúinn go ruithneadh gréine ionnta, agus an solus dealradhach do-chí tú againn, as uime fuaramar sin ó Dhia ar son na haithrighe agus na húmhla naomhtha agus na geanmnuidheachta gloine agus na bochtaine beannaighthe do choimhéudamar go crích ar mbeathadh. Dá réir sin, a mhic ghrádhaigh, nárab cruaidh leat an sac cruaidh garbh sin d'iomchar, neoch a bhias tarbhach dhuit féin fá dheóigh agus bhias 'na sholus dealraightheach agad a tteaghdhais na glóire maille rinne.” Agus, iar ccluisdion na mbriathar sin don mbráthair ócc, do-rinne aithrigh dhíochra agus do thuirn ar an ccrádhbhadh agus a ccrúas na riaghla ó sin amach. Maighistir diadhachta do-chuaidh isin Ord Mhionúr, agus, mar dobhí a mháthair bocht isin saoghal, do ghuidh a mac um na bráithribh d'fhágbháil agus furtacht uirre féin. As a haithle sin téid an maighistir a bhfiadhnuise íomháighe Críosd agus do léig ar a ghlúinibh é agus gabhus a leisgéul le Críosd gurbh éigion dó féin an crábhadh d'fhágbháil tré bhochtaine a mháthar. Agus, arna rádh sin dó, do-chonnairc srotha fola ag sileadh tré chréuchtaibh na deilbhe céanda a ccéadóir, agus do-chualaidh an deilbh chéadna ag rádh do ghlór daonna: “As daoire do cheannaigh misi thú iná do mháthair, ar an adhbhar sin, ní cóir dhuit misi d'fhágbháil do ghrádh do mháthar corporrdha.” Biodhgus an bráthair ag faicsin agus ag cluisdion na mbriathar sin, gurab aire sin do chuir focal an tshoisccéula a ccuimhne, .i. “Gidhbé lerab annsa athair agus a mháthair ná misi, ní
diongbhála agus ní fiú é go bhfuighe a chuid don ghlóir.” Iar sin do-rinne aithreachus glan ina dhrochsmuaintighibh agus fanus ina chrádhbhadh féin, srl-a. Dobhí gráin mhór ag S. Froinsias ar athais nó ar mhíochlú do thabhair do dhuine ar dhomhan, óir adeireadh sé gur mhó míothrócaire lucht na hathaisi do thabhairt uatha iná míothrócaire an ghaduidhe. Agus fós dobhí Froinsias neamhtharcuisneach ar na daoinibh bochta. Feacht n-aoin dobhí Froinsias acc seanmóir bréithre Dé isin ionadh darab ainm Róga, agus téid duine bocht d'iarraidh déirce go díthchiollach air, agus do labhair Froinsias lena chompánach um bhochtaine an duine bhoicht, agus adubhairt go raibhi ní oile ar a aire. Iar sin léiccios an bráthair ar a ghlúinibh é a bhfiadhnuise Froinsias go humhal agus do chiontaigh é féin do Froinsias agus do gheall gach breith aithríghe dá mhéud do chuirfeadh air d'iomchar. Freaccrus fear grádha na bochtaine sin, .i. Froinsias, go ndubhairt: “Imidh”, ar sé, “agus cuir h'aibíd dhíot agus léicc ar do ghlúinibh thú a bhfiadhnuisi an duine bhoicht agus ciontaigh thú féin dó agus iarr air guidhe ar do shon gu dúthrachtach.” Do-rine an bráthair samhluidh. Ad-beart Froinsias fris: “An tan do-chídhfir duine bocht, cuimhnigh ar an tí sa honóir a ttig, .i. Íosa Críosd, neoch do ghabh bochtacht agus ocrus an chinidh dhaonna chuige dá dheóin féin. Agus asé an bocht as sgáthán soluis dó agus as eisiompláir dhúinn d'éis Críosd d'imtheacht uainn, ar ar cceandach tr bhochtaine na páisi. Agus tuicc, ar an ádhbhar sin, an athais agus an t-imdheargadh do-gheibh an duine bocht, gurab é Críosd do-gheibh é.” Agus as mar sin do-bheireadh S. Froinsias an ní do-gheibheadh do bhochtaibh Dé, srl-a. Aimsir oile dobhí S. Froinsias a ccathraigh Ueníus, agus tárla duine easlán dhó ag siubhal na slígheadh. Ar bhfaicsin an bhoicht do Froinsias, féuchus go trócaireach air agus adubhairt: “A bhráthair ghrádhaigh, as éiccion dúinn an clóca beag so do thabhairt don duine bhocht, agus as leis féin é agus as ar iasacht do ghabhamairne é nó go bhfaghmaois duine bu boichte ná sinn, amhuil atá siúd.” Adubhairt an compánach ris nárbh oirchios dó é féin do nochtadh do neach oile. “Tuicc, a bhráthair,
nach beith dhamhsa acht gadaidheacht ní budh intiodhlaicthe do chongbháil agam féin agus a uireasbhuidh ar dhuine budh boichte iná mé féin, etc.” Aon do ló dia raibhi S. Froinsias a nEaglais Mhuire na nAingeal, agus tucc duine caora dhó, agus gabhus Froinsias sin uadha go grádhach toileamhuil, agus aseadh adubhairt, “Samhluidhim ceannsa agus míne na caorach le Críosd.” Agus do theagaisg an fírén don chaoiridh Dia do ghuidhe go dúthrachtach agus gan aoin ní bú misde leis na bráithribh do dhéanamh. Gabhus an chaora bhrúideamhuil an teagasg milis glórmhar sin Froinsias chuicthe, agus gach uair a thiccdís na bráithre don choraidh d'adhmholadh an Tighearna go haltóraigh Mhuire agus do léicceadh ar a nglúinibh iad, do léicceadh an chaora ar a glúinibh í, agus dobhíodh ag méilidh, amhuil budh mian léith seirbhís do dhéanamh do Mhuire, .i. máthair an Uain neamhurchóidigh, agus an tan tógthaoi an tSacramaint, do léicceadh ar a glúinibh í do thabhairt buidheachais agus onóra do Dhia, amhuil do thuiccfeadh an creideadh Críosduidhe. Agus do budh cúis náire do na daoinibh míodhúthrachtacha eisiompláir an ainmhidhe bhrúideamhuil agus an onóir dobhí aicce do Dhia ina bhfiadhnuisi, etc. Aimsir oile dobhí peata uain caorach ag S. Froinsias a n-onóir agus a ffioghair an Uain neamhurchóidigh, .i. Críosd, agus do fhágbhadh dá choimhéud é ag baintighearna uasail, .i. Iacobea, agus as amhlaidh do-níodh an t-uan sin, an tan dothéigheadh leis an mbaintighearna don eaccluis agus do éirgheadh 'na seasamh dochum an tsoisccéula, do éirghidheadh an t-úan, agus do léicceadh ar a ghlúinibh é an tan do léicceadh sisi ar a glúinibh í dochum an aifrinn, agus fós, an uair nach éirgheadh sí sa meodhón oidhche, do mhusgladh seision í, gurab mar sin dobhí an t-uan 'na dheisgiobal ag S. Froinsias agus 'na mhaighistir crádhbhaidh ag an mbaintighearna, gurbho roghrádhach é aice ar son Froinsias agus ar son a dheaghsheirbhísi dhi, etc. Feacht oile tuccadh míol mbuighe a bhfiadhnuisi S. Froinsias agus do léigeadh amach gan cheangal gan chuibhreach é, agus, arna léigion amach, tucc léim a n-ucht S. Froinsias, agus gabhus truaighe mhór uime é agus teandus lena chroidhe é; agus do léicceadh amach arís é, agus do-rinne an céudna, amhuil nobheith ciall dhaonna aicce. Mar sin dó gur fhuráil an t-uasalathair ar na bráithribh
a bhreith a bhfad ón ionadh sin a n-aice coilleadh agus a fháccbháil ann. Tuccadh coinín uair oile chuige agus do lean de mar sin gur fhuráil an céanda do dhéanamh fris. Dobhí uair oile ar loch, agus tuccadh iasg mór 'na bheathaidh chuicce, agus furáilios a chur isin loch arís, agus dobhí acc reabhradh le taobh an ártharaigh ina raibh Froinsias nó go ttucc féin cead dhó. Aroile lá n-aoin dia mbaoi an t-uasalathair sin, .i. S. Froinsias, ar fásach, go bhfacaidh alta mhór ar chrann agus iad acc ceileabhradh go ceólmhur caoimbinn, agus adubhairt Froinsias lena chompánach: “Atáid an énlaith ag moladh a cCruthaigheóra, agus tiacchmaoid 'na measg do rádh ar ttráth agus do mholadh ar tTighearna.” Agus, ar ndol 'na cceann dóibh, níor athruigheadar an énlaith rompa. Agus, iar ttionnsgna a ttráth dhóibh, ní chluindís a chéile ó ghlór na héanlaith, go ndubhairt S. Froinsias riú, “A sheathracha grádhacha, sguiridh go fóill”; agus do-rinneadar amhluidh ar furáileamh an uasailathar, go ttáirnic dhó féin agus dá chompánach a ttrátha do rádh, agus ad-beart friú annsin Dia do mholadh isin cheól chéanda. Do-rónsad amhlaidh, agus ba fíorghlan fíorbhinn an chainticc ghlórmhar do-rónsad na dúileamhain bheaga sin, .i. an énlaith, ag moladh an Árddhúileamhan agus a cCruthaigheóra féin, etc. Aimsir oile 'na dhiaicch sin don uasalathair sin ar Sliabh Aluerna dar thionnsgain trosgadh dhá fhichiod lá agus dá fhichiot oidhche do dhéanamh a n-onóir Míchéil, agus tángadar ealta mhór d'énlaith párrthois 'na thimchioll ar an sliabh agus do chanadar ceól ainglidhe dhó maille le lúthgháire mhóir. Do thuicc Froinsias gurab annsin do thoilidh Dia dhó comhnuidhe do dhéanamh, agus aseadh ro ráidh rena chompánachaibh: “Así toil Dé sinne d'fhanamhuin annso, agus in ar ccoinne do chuir Dia an énlaith so ó neamh anúas do mhéadughadh sóláis dhúinne.” Do-rinneadar comhnuidh amhlaidh sin, agus dobhí nead ag seabhac a ccreig os a ccionn, agus do-níodh seirbhís mhaith dhóibh, óir do mhusgladh san meodhón oidhche iad dochum na hiarmhéirghe agus do chanadh ceól sírbhinn agus do ghabhadh súas gléus dá sgíthéanaibh ar a chéile ag caoineadh páisi a Thighearna,
agus an tan dobhíodh éccruas ar bith ar Froinsias, do thuigeadh an seabhac sin agus ní labhradh go héirghe an laoi, etc. Feacht n-aoin dia ndeachaidh an t-athair diadha sin, .i. Froinsias, ar fásach go hionadh áiridhe, agus tárla amhgar mór do na daoinibh ba coimhneasa don ionadh sin, .i. faolchoin ag marbhadh daoine agus eallaigh go mór uatha, agus doineann shíor acc milleadh a ngort agus a ffíneamhan uatha gacha bliadhna. Agus téid seanmóntaidh an tshoisccéula naomhtha, .i. S. Froinsias, do sheanmóir bréithre Dé dhóibh, co ndubhairt riú: “Téicchimsi a n-urradhas as ucht Dé dhaoibh, dá ccreidtí do Dhia, amhuil adéarsa ribh, agus aithríghe dhiongmhála do dhéanamh in bhar bpeacadhaibh, go ttóigeóbha Dia an támh díocchaltach sin dhaoibh, agus, muna ndearntaoi sin, go ttiucfa fearcc Dé ní asmó ribh.” Do-rónsad iaromh comhairle S. Froinsias, agus do sgrios Dia an dá ní sin adubhramar dhíobh, etc. LABHROM ANOIS DON TOIL DO BHÍ DON MARTRA AG FROINSIAS, AGUS DÁ IMTHEACHT AS AN TÍR SIN. Mar dobhí an t-uasalathair ar lasadh tré mhian na martra naomhtha d'fhulang, triallus dol do sheanmóir na hirsi crádhbhaidh ittir na páccánaighibh isin dúithigh darab ainm Siria. Agus, ar ndol a luing dhó, ticc an ghaoth 'na n-aghaidh, do thoil Dé, ionnus gurbh éigion dóibh dol a ttír darbh ainm Sgolónia. Arna thuigsin do Froinsias go ndeachaidh a thriall 'na aghaidh, fuair long ag triall don talamh darbh ainm Ancona, agus do iarr an naomhathair, a n-onóir do Dhia, air mhuinntir na luinge é féin agus a chompánach do léiccion leó. Do ghabhadar fuirionn na luinge a leisgéul riú nach raibhi costus aca. Cuirios searbhfoghontaidh Críosd a dhóich annsa n-aon Dia chumhachtach agus do-chuaidh féin agus a chompánach annsa luing gan fhios. Dobhí duine maith isin luing acca raibh cion ar Dhia aicce, agus do-chonnairc an duine si teachtaire Dé ag teacht dá láimh dheis go ndealradh romhór ina thimchioll, agus do thoirbhir beagán lóin dó agus adubhairt fris, “Coimhéid an beagán bídh si le haghaidh na mbráthar mbocht atá a bhfolach isin luincc si agus dáil é a n-aimsir bídh nó a n-éigin dóibh.” Agus, mar dob áil le Dia, níor fhéudadar tír do ghabháil le ré aimsire faide
tré mhéud na doininne agus tré olcus na córa gaoithe, gur chaithiodar an fhuirionn a mbaoi do lón aca, acht an déirc sin dotháinic do nimh dochum na mbráthar, agus, gé dobhí beag ar tús, do chuir Dia rath uirre, ionnus gur fhóir sí do chách a ccoitchinne aimsir imchian nó gur ghabhadar purt a nAncona. Ó do-chonncadar na mairnéalaigh iad féin arna saoradh ar ghúasachtaibh na fairrge tré naomhthacht S. Froinsias, tugadar buidheachus mór do Dhia agus don naomhathair. Agus do fhágaibh S. Froinsias an loncc iar sin agus dobhí ag seanmóir bréithre Dé isin talamh sin, go ttugadh iomarcaidh páccánach fá chuing chreidmhe agus chrádhbhaidh ann. Thairis sin dobhí do mhéad na toile dobhí aicce don martra d'fhagháil ar son a Thighearna Íosa Críosd gur thriall an dara húair go talamh na bpáccánach, .i. don talamh darbh ainm Marcius, agus Mioramoilinus fa hainm do rígh an talaimh sin; agus do-rinne S. Froinsias seanmóir ar shoisgéul Dé dhó féin agus dá ríoghacht uile, a ndóich gurab amhlaidh sin do-gheabhadh coróin na martra do budh mian leis d'fhulang. Agus, gé do bhí sé beag éccruaidh ó chorp, do ghluaiseadh go dian rena chompánach, amhuil do bheith ar eitiollaigh le misge sbioradálta. Agus, ar ndol dó isin Spáinn, gabhus easláinte mhór é, do thoil Chríosd, óir dob áil leis Froinsias do choimhéud dochum na martra dob uaisle, .i. a álaidh féin do shileadh fair. Iar bhfagháil sláinte dhó ón easláinte sin, téid don talamh darbh ainm Síria, agus dob í sin an treas bliadhain déag ó do ghabh crábhadh chuicce, agus fuair gábhadh mór ar muir agus ar tír ag dol annsin. Is sé ba rí ar na páccánaighibh annsin Soldanus, agus a ccathraigh mhóir na Baibilóine dobhí 'na chomhnuidhe. Agus dobhíodh cogadh mór idir na Críosdaidhibh agus na páccánaigh go gnáthach, agus do chuirdís fáslongphuirt iomdha ar a chéile, ionnus nárbh fhéidir d'aon nduine imtheacht eatorra go hinnill gan baoghal báis do bheith air, uair do chuir Solandus gairm amach, gidh bé dobhéaradh cionn Críosdaighe chuige, go ttiubhradh suim mhór d'ór agus d'airgiod dhó. Nír chuir an ghairm sin doirbhios nó anshocair ar ridire Críosd, acht ba móide a dheifir sin a ndóich go bhfuigheadh an mhartra, neoch dobhí d'iarruidh. Agus, iar ndéanamh urnaighthe dhó, gabhus neart ó Dhia, agus do ráidh go dóchusach an bhrathar adubhairt an fáidh, .i.
“Dá ndeacha mé a lár sgáile an bháis, ní baoghal leam drochní ar dhomhan, óir atá tú féin maille friom, a Thighearna.” As a haithle sin gluaisios Froinsias agus a chompánach isin cconair, agus tárla tréud caorach dhóibh, agus adubhairt Froinsias: “A bhráthair ghrádhaigh, cuir do dhóich i cCríosd, óir do coimhlíonadh focal an tsoisccéula leith rinne, .i. “Cuirim sibh mar chaoirigh a measg con allta.” Tárla dhóibh iar sin drong pháccánach, agus do ghabhadur agus do cheangladar iad maille le heasonóir mhóir do thabhairt dhóibh; agus, mar budh mian le searbhfoghontaidh Críosd, as go heasonórach a rugadh do láthair an rí é; agus do fhiafraidh an rí dhíobh, “Cia ó ttáinic sibh nó cionnus tángabhair?” Freaccrus óglach Críosd go neamheaglach é: “Ní ó dhuine tángamar”, ar sé, “acht ó Airdrígh nimhe agus talmhan d'fhoillsiughadh slígheadh na sláinte agus thsoisgéula na fírinne dhuitsi agus dot phobal.” Is annsin do sheanmóir an naomhathair sin an t-aon nDia forórdha 'na thrí pearsannaibh. Mar do thuig an rí teasghrádh Dé do bheith ag searbhfoghontaidh Críosd, do éisd fris go toileamhuil agus do iarr air comhnuidhe do dhéanamh ar ionchaibh féin agus maille fris. “Madh áil leat”, ar Froinsias, “thú féin d'ionntó re Críosd, do-dhéansa comhnuidhe maille friot, agus, má tá contabhairt agad fá reacht Macamétuis do léigion dhíot a ngeall ar chreideamh Críosd, furáil misi agus do shaccart féin do chur a ttine móir, ionnus go ttuigfe tú cia hagainn as comhachtaighe Dia.” “Ní shaoilimsi”, ar Soladanus, “go bhfuil aon saccart agam a rachfus a tteine ar sgáth a chreidimh.” An sagart, iaramh, as féarr agus as onóraigh do bhí ag Soladanus, mar do-chualaidh sé an cuntar sin na tineadh dá dhéanamh ag Froinsias, do theith féin as an ccathraigh amach. “Rachadsa um aonar san tene as ucht Dé”, ar S. Froinsias, “dá ngeallairsi dhamh, dá tteagar slán aisde, creideamhain dom Dhia féin, agus, dá loisgthior mé innte, déansa agus do phobal bhar ccomhairle féin.” Do ráidh Solodanus, arna chlos sin: “A uasailathair, as mian leamsa iompódh, ar do chomhairle-si, agus, gidheadh, dá ccluintí sin uainn, do himeórthaoi bás oruinn araon ó pháccánachaibh, agus gurab amhlaidh a dhéanus tusa, Teagaisg dhamhsa an creideamh Catoilice go seicréideach,
agus as umhal mé chum a ghabhála chuccam in gach aon ghné, agus ná bean ris na puiblighibh an úair si.” Ar ccloisdion na mbriathar sin don naomhathair, gabhus lúthgháire mhór é agus adubhairt: “Máseadh, a thighearna, geubhadsa cead agad anois agus an uair a ghoirfios mo Thighearna ardchomhachtach Íosa orm dochum a fhlaitheamhnuis féin, cuirfiod cúpla bráthar chugadsa ó ngeubhair baisdeadh.” Toilighius Solodanus sin, agus a cceann beaccán bliadhan iar sin gabhus easláinte mhór an t-uasalathair sin, .i. Solodanus; agus, ar ndol don naomhathair, .i. S. Froinsias, d'ionnsaighidh na glóire suthaine, do-chualaidh an rí a bhás agus do chuimhnigh an gealladh thug dhó féin fán chúpla do chur chuicce iar mbás, agus do chuir coimhéud ar na portaibh agus furáilios, dá bhfaghthaoi cúpla bráthair ionnta, a ttabhairt chuicce féin. Ciothrácht, iar mbás Froinsias cuimhnighios a ghealladh don rí, óir thaisbéin é féin do chúpla bráthair naomhtha agus do chuir d'fhiachaibh orra dol do bhaisdeadh an rí, amhuil do gheall sé dhó; agus do-rónsat amhlaidh, agus ba lúthgháireach an rí rompa agus do ghabh baisdeadh agus do chreid go glan annsa n-aon Dia fhorórdha ina thrí pearsannaibh agus a bpáis Chríosd agus ina eiséirghe, agus, iarna ongadh, téid a sbiorad as dochum nimhe, etc. Rí dobhí san ccathraigh darbh ainm Edísa, agus dob é ainm an rígh Abagúrus, agus do chuir an rí sin eipistil dochum Críost, agus así so foirm na heipistleach, .i. “Beatha agus sláinte ó Bhagurus dochum Críosd uasail ar Slánaightheóir. Agus do-chualaidh mé do thuarusgbháil agus do chlú, .i. go slánaighionn tú na daoine easlána ó bhréithir amháin, gan luibh gan leighios oile, agus go ttabhrann tú radharc do na daoinibh dalla agus siubhal do na bacachaibh agus go leighiosair an lúbhra agus go n-athdhúisgir na mairbh. Arna chloisdion sin dhamh, do thuigius gurab tú an Dia fírinneach táinic do nimh, nó gurab tú an Mac oirdheirc adeirthear do theacht ar an saoghal uadh do shlánughadh an chinidh daonna; ar an adhbhar sin, guidhim thú, tárr dom shlánughadh.” Ar léaghadh na litre sin don Tighearna, tucc an fhreagra so ar an rí sin: “As conáidh thú ó spioruit, óir do chreidis dhamh agus gan m'fhaicsin, óir atá sgríobhtha ann mo thiomna: “As beannaighthe an drong a chreidios dhamhsa agus nach bhfacaidh mé.” Agus as éiccion dhamhsa m'oibrighthe féin d'fhoillsiughadh agus do choimhlíonadh dhóibh ar an saoghal sa a bhfos. Mar
rachad ar deis m'Athar, cuirfiod easpol don dá easpol déacc chuccad a shláineóchus thú.” Coimhlíonus ar Slánaightheóir a ghealladh, ar suidhe ar deis a Athar dhó, agus cuirios Tadeus dochum na cathrach sin a raibh an rí, agus baisdios é agus an ríoghacht uile ó sin amach. Accus cosmhuiltior an searbhóntuigh dílios sin Dé, .i. Froinsias, le Críosd annsa chás sin, óir, amhuil ro chomhail Críosd a ghealladh, do chomhail Froinsias ar an modh ccéanda do Sholodanus, etc. Feacht oile baoi San Froinsias ag gabháil thríd bhaile ar muin asail le héccruas a chuirp, go ttáinic pobal mór chuicce, agus do ghlacadar agus do leaccadar é le hiomarcaidh lúthghára, agus as beag nár mhúchadar é le hiomad dúthrachta, agus ní thuccsan aon duine dá aire lena mhéud dobhí aire aige ar Dhia. Agus dá dhearbhadh sin: Ar ndol a ffad ón ionadh sin, do fhiarfuidh dá chompánach cárbh fhada uatha an baile sin adubhramar. Do innis a chompánach dhó gurab fada ó d'fhágbhadar 'na ndiaigh é. As éidir Froinsias do chosmhaileacht le Críosd, dá thuiccsin sin, .i. gurab ar each do-chuaidh Críosd go cathraicch Ierúsalem Domhnach na pailme riasan pháis, agus ní ar each mhearrdha nó dhíomsach do-chuaidh acht ar asal bheacc ísiol umhal, agus mar sin do-rinne Froinsias aimsir bheag ria mbás ag dol thríd an mbaile mbeag sin adubhramar; agus, mar tucc an pobal aire do Chríosd an lá sin, as mar sin tuccadur muinntir an bhaile sin aire lúthgháireach do S. Froinsias; agus, mar nach raibhi aire ag Críosd ar onóir shaoghalta, as mar sin nach d'onóir shaoghalta tug S. Froinsias a aire acht don tsólás dhiadha agus do radharc na glóire suthaine do shíor. Feachtus dá ndeachaidh Froinsias a n-ionadh áiridhe mar aon ris na bráithribh, agus do-chuaidh san oidhche do dhéanamh ciúnais ria ccách, ionnus go n-éirgheadh rompa go ciúin dochum na hurnaighthe, amhuil fa gnáth leis. Tárla, tré sheóladh Dé, bráthair óg ó aois agus ársuidhe ó eaccna agus ó bhéasaibh faris, gur chuir ina mheanmuin féin coimhéud do dhéanamh ar Froinsias d'fhéuchain créud do-dhéanamh sé an uair do éiréchadh sé san oidhche, agus, d'eagla go n-éireóchadh gan rathucchadh dhó an uair do thuitfeadh a cholladh fair, ceanglus a chrios do chrios Froinsias, ionnus go moitheóchadh é ag éirghe. Mar do cholladar cách uile, éirghios Froinsias agus, ar bhfaccháil an chreasa ceangailte mar sin do chrios an bhráthar óicc, sgaoilios é go hinnill mín,
ionnus nár mhothaigh an bráthair é ag imtheacht uadha. Téid an t-uasalathair naomhtha 'na aonar a ccuillín áloinn baoi a n-iomfhogus don ionadh sin, agus, ar musgladh don mbráthair ócc, fuair an dorus oslaiccthe, neoch dobhí a tteannta an chuillín, agus do thuicc gurab don taoibh sin do-chuaidh an t-uasalathair, agus téid go díthchiollach ina leanmhuin chum na háite ina raibhi ag guidhe an FhírDhia fhorórrdha árdchomhachtaigh, agus do-chualaidh meadhair mhór isin ccuillín, agus, ar ndol a ccomhghar dhóibh, do-chonnairc ar lár an tsolais chéanna Críosd agus Muire agus mórán aingeal, agus Froinsias ag comhrádh friú. Arna fhaicsin sin don mbráthair ócc, biodhgus re heagla agus tuitios as a sheasamh. Ar ccríochnucchadh a chuarta do Froinsias maille le Críosd agus ar ffilleadh tar ais, teaccmhuidh an bráthair dhó fána chosuibh ar an slicche, agus gabhus é idir a dhí láimh agus tógbhus lais mar a raibhiodar na bráithre é. As a haithle sin, mar dofuair sgéula ón mbráthair ócc go bhfacaidh sé é féin ag comhrádh re Críosd, cuirios fá umhlacht air gan sin d'innisin lena bheó féin do dhuine ar dhomhan. Do-rinne an bráthair amhlaidh, agus tar éis báis S. Froinsias do innis an bráthair ócc gach ní ad-chonnairc. Agus dobhí féin acc foirbhthiughadh san chrádhbhadh ó sin amach. Feacht oile dá raibhi Froinsias acc urnaighthe ina shealla Eaglaisi Muire na nAingeal, agus do-chuaidh easpocc Aisísi ar cuairt chuicce, agus, ar ndol a ndorus an tsealla ina raibhi S. Froinsias, preabus an dorus cco dóchusach agus cuirios a cheand asdeach, agus, mar do-chonnairc an t-uasalathair ag moladh an Dúileamhan go friochnamhach, gabhus eagla mhór é, ionnus go ndeachaidh a bhrícch agus a urlabhra uadh. Agus téid iar sin a cceann na mbráthar, agus, ar n-aisiocc a chomhráidh dhó, cionntaighios é féin fá a dhol a cceann an naomhathar agus é ag guidhe Dé, agus loghus an t-athair sin dó, agus dobhí maith ó sin amach. Atá sgríobhtha a Leabhar na Cosamhlachta go maothaidheadh Froinsias féin croidheadha na ndaoine ccruaidh dochum déirc agus trócaire do dhéanamh. Agus dá dhearbhadh sin: Feacht dá raibhi Froinsias a ttigh na mbráthar a ccathraicch Spoleta, agus do fhoillsigh bráthair tuata darbh ainm Annréas, neoch do chuirdís na bráithre d'iarraidh déirci gach laoi ar feadh na
cathrach, go raibhi duine saidhbhir do lucht na cathrach nach ttucc aoin déirc ariamh uadh. Do ráidh Froinsias fris an mbráthair, “Tairg aon bhairghin do bhuain de ar chor éigin agus tabhair chuccamsa í.” Téid an bráthair iaramh agus fuair an t-arán, mar nár shaoil, ón duine sin, agus, iarna thabhairt a bhfiadhnuisi an athar naomhtha ar bord na mbráthar, do-rinn poirsioin bheatha dhe, agus, iarna roinn ar na bráithribh, do fhuráil ar gach aon duine aca Paidir do rádh go dúthrachtach agus aon Aue Maria um ghrásaibh d'fhagháil don duine bhocht chruaidh mhíothrócaireach. Agus, iarna dhéanamh sin dóibh, sul táirnic leó an bhairghin d'ithe, do thuit grása Dé ar an duine chéanda, ionnus go ttáinic a cceand an athar naomhtha agus na mbráthar agus do chiontaigh é féin a bpeacadh na míothrócaire maille le déaraibh troma do dháil, agus ní hé amháin acht dobhí rothrócaireach fá na bráithribh agus fá bhochtaibh Dé ó sin amach, etc. Bráthair darbh ainm Elias, agus ba hé an dara ministir generálta dobhí os ceann na mbráthar é d'éis bháis Froinsias, agus ní raibhi féin ag coimhéud na riaghla, agus dob é sin an bráthair do mhill an chéad riaghail fuair S. Froinsias ó Dhia, agus ní raibhi acht 'na bhiocáire ag Froinsias an uair sin. Do fhoillsicch an Tighearna annsin do Froinsias go bhfúiccfeadh Elias an t-ord agus an eaglais agus go ndaimeóntaidh é; agus foillsighios Froinsias sin d'Eilias; agus, arna chlos sin dó, caoidhios go trom. Do ráidh Froinsias fris iaramh, “Ní daimeóntar go suthain thú a lorcc h'aithreachuis agus, gidheadh, fúiccfir an t-ord ar bhréithir an Tighearna.” Do-rinne samhluidh, agus gar iar sin go bhfuair bás, agus do slánaigheadh a anam tré ghrásaibh Dé agus S. Froinsias, etc. Atá sgéul a Leabhar na Cosamhlachta, neoch as cosmhuil ris so, .i. Feachtus dia raibhi Froinsias a n-ionadh áiridhe agus compánach nár leór dúthracht maille fris, agus téid an t-athair naomhtha sin a ndiaidh a shuipéir dochum ciúnais go luath, agus, mar do-chonnairc a chompánach sin, téid do dhéanamh ithiomráidh air, agus adubhairt nacharbh ádhbhar iongantais é, óir do chaitheadh biadh agus deoch agus do-ní colladh mar gach nduine eile. Agus, ar ccríochnughadh an chomhráidh sin dó, do chuir ina mheanmoin, do chur a dhrochintinne ar ccúl, coimhéud do dhéanamh air, go bhfeasadh, an oidhche sin.
Froinsias, imorro, mar do shaoil a chompánach agus cách oile do bheith 'na ccolladh, téid sé go ciúin go cuillín beag coilleadh baoi a ccoimhfheaccus dó do ghuidhe Dé. Tárla, tré fhuráileamh Críosd, gur mhothaigh an compánach sin, agus, arna leanmhoin a ccéadóir, do-chualaidh an t-athair dá rádh go hárd, agus é ar a ghlúinibh, “A mháthair mhilis Íosa Críosd, taisbéin do Mhac dhamhsa”; agus, do thoil Dé, do críochnadh miana Froinsias. Do-chonnairc an compánach go ttáinic máthair an Airdrígh anúas do nimh lán do sholas agus do dhealradh iongantach agus a Mac féin ina hucht, agus do chuir a n-ucht Froinsias é, agus gabhus acc síorphóccadh an leinibh go teacht an laoi, agus tucc a n-ucht a mháthar é iaramh maille le buidheachus mór ar son a chuarta, etc. Arna fhaicsin sin don mbráthair dobhí míodhúthrachtach roimhe sin, dobhí sé rodhúthrachtach ó sin amach, maille re húmhla agus re hiongantus mór do bheith aige a ttimchioll Froinsias, agus, ar ccríochnughadh a bheatha, do-chuaidh a anam go flaithios Dé. Laithe n-aoin do thaisbéin aingeal Dé é féin do Froinsias maille le solas dealraightheach, mar adeir Leabhar na Cosamhlachta, agus do fhoillsigh, idir gach ní agus gach príuiléide dá ttug Dia do lucht coimhéuda na riaghla so an Uird Mhionúir cco fírinneach, go rachdís a n-anmanna gan toirmeasg purgadóra go flaithios Dé. An dara priuiléid, gurab maille le heasbalaibh Críosd dobheidís a tteaghdhais nimhe. An treas priuiléid, go ndiongnamh Dia coimhéud dhóibh ar an saoghal so ar chealgaibh agus ar mhíorún na ndrochspiorad go speisialta agus ar thuitim is na peacadhaibh marbhtha. Agus ad-beart Froinsias: “Foillsigh na trí neithe sin do na bráithribh, ionnus gomadh móide a meanma dochum na riaghla naomhtha do choimhéud é go fírinneach.” Feacht dar éirghe cogadh mór idir na Críosdaidhibh agus na Turcaidh, agus tárla Froinsias do láthair aca, agus do-chualaidh go raibheadur na Críosdaidhe ar tí cath do thabhairt dhóibh. Adubhairt Froinsias rena chompánach: “Do fhoillsicch mo Thighearna dhamh nach ag na Críosdaidhibh a bhias buaidh an chatha sa, gidheadh, dá n-abruinn sin riú, do chuirfedís mar dhíth réasúin orm é.” Thairis sin do fhoillsigh Froinsias dóibh, dá ndeachdís dochum an chatha, go ttuitfedís ann.
Agus ní thuccadar cion ar bhriathraibh Froinsias fán chúis sin agus tiaghaid dochum an chatha agus bristior orra, ionnus gur marbhadh agus gur gabhadh sé mhíle dhéag Críosduidhe ann. Agus as follus as sin nár chóir tarcuisne do thabhairt ar eaccna ainglidhe an duine bhoicht, .i. Froinsias, dá ttug Dia iomad feasa, etc. Feacht oile do Froinsias a ndiaicch seanmóra do rádh, agus tucc ridire dúthrachtach do Dhia cuireadh dhó, agus téid leis dá thicch, agus níos luaithe nó do chaith an t-athair naomhtha biadh nó deoch téid sé do ghuidhe Dé, do réir a ghnáthaighthe féin. Agus, iar ccríochnughadh a urnaighthe, goirios an ridire chuige go seicréideach agus do ráidh ris: “A bhráthair ghrádhaigh, gabhsa mo chomhairle-si agus déan faoisidin iomlán ann do pheacaidhibh, óir ní annso do-dhéanair do shuipér anocht.” Gabhus an ridire teagasg an duine naomhtha agus adubhairt a fhaoisidine rena chompánach - óir níorbh áil le Froinsias a bheith 'na shagart ariamh re hiomad na húmhla. As a haithle sin fúair an ridire bás agus do-chuaidh anam go flaithios Dé, etc. Feacht oile dia mbaoi Froinsias dochum seanmóra do rádh a n-ionadh áiridhe, agus tucc duine uasal cuireadh dhó dochum a thíghe féin d'éis na seanmóra. Agus, iar ttionsgna na seanmóra do Froinsias, téid an duine uasal sin agus a bhean agus a mhuintir uile d'éisdeacht na seanmóra acht aon mhaighdion amháin do fágadh acc fritheólamh bídh an ticche a n-oirchill S. Froinsias agus do choimhéad mic mhuirnicch dobhí ag an duine uasal. Agus do ráidh an mhaighdion léith féin, ó do-chuadur cách uile d'éisdeacht an duine dhiadha, go rachfadh féin d'éisdeacht fris ar feadh tamuill bhicc agus go ttiocfadh ar ball ar a hais, agus do-rinne mar sin. Agus, ar bhfáccbháil an leinbh 'na aonar dhí, tuitios a ccoire burrainn dobhí ar an tene astigh. Agus, mar do éisd an mhaighdion méid éigin don tseanmóraigh, cuimhnighios ar an leanbh agus fillios tar a hais don tigh, agus as amhlaidh fuair an leanbh arna léaghadh a n-aighean an bhurrainn, etc. Sgreadus agus sgréachus an mhaighdion agus caoidheas go searbh, agus ní dhearna acht cnámha an leinbh do chruinniughadh agus a ccur a ccófra dobhí asticch. Agus, iar ccríochnughadh na seanmóra, tucc an duine uasal an t-athair naomhtha leis dia thigh, agus sul ráinic an teacch, fuair sccéula báis a mhic, agus guidhios a bhean gan sin do mhothughadh uirre tré onóir don
athair naomhtha nó go bhfágbhadh an t-uasalathair iad; agus do gheall go ndiongnamh. Agus, iar rochtain an ticche dhóibh, ba lúthgháireach muintir an tícche agus an bhaile roimhe an uasalathair. Agus, ar mbeith tamall ar an mbord dhóibh, ad-beart Froinsias le fear an tícche úbhla do thabhairt chuicce. Gabhus náire an duine uasal, mar nach raibhi na húbhla aige, óir níorbh aimsir ubhall an tan sin. “Éirghe”, ar Froinsias, “agus do-gheabhair úbhla isin ccófra úd thúas.” Téid fear an tíghe, ar furáileamh Froinsias, d'osgladh an chófra, agus as amhlaidh fuair an leanbh 'na sheasamh ann agus ubhall gach láimhe dhó, agus sínios iad dochum a athar maille le lúthgháire mhóir. Biodhgus an t-athair go mór agá fhaicsin. Do ráidh S. Froinsias: “Tabhair leat an macaomh anúas, óir as iad sin na húbhla do iarrusa ort, agus do fhoillsicch Dia dhamhsa gach ní tárla don leanbh, agus do ghuidhiosa Dia go díochra ar a shon, gurab aire sin do aisicc Dia dhíbhsi é go trócaireach, amhuil do-chídhthí.” Do móradh ainm Dé agus Froinsias de sin, etc. Aimsir oile iar sin dobhí Froinsias i n-ionadh áiridhe darbhó comhainm Séde, agus tuccadh cléireach ar a raibhi easláinte throm chuicce, .i. Gedion a ainm, agus ba duine saocchalta collaidhe é aga raibh beathucchadh eacclaisi, agus do ghuidh sé Froinsias maille re déaraibh troma um chomhartha na croiche do chur uime nó 'na thimchioll féin. “Cionnus sin?” ar Froinsias, “agus go ttugais do bheatha as conuige so do réir mhiana do cholla agus re neamheagla breitheamhnuis Dé do bheith id cheann, gidheadh, a n-ainm an Tighearna thrócairigh cuirfiod comhartha na croiche ort, agus bíodh a fhios agad, dá ffillir arís ar na peacadhaibh céanda, go ndiongna Dia díoghaltus ort bhus mó iná sin.” Agus, mar do bhain Froinsias an comhartha sin os a chionn, do éirghe slán a ccéadóir agus do fhoillsigh na míorbhuile sin a bhfiadhnuisi an phobail. Níorbh fhada iar sin gur dhearmaid briathra Froinsias agus gur thuit ina pheacadhaibh féin arís. Agus tárla dhó iaramh gur chodail a tticch canánaigh oidhche áiridhe, agus do thuit an teach orra, agus níor marbhadh ann acht eisiomh amháin, ar a ndearna Dia díoghaltus ina pheacadhaibh. Lá éiccin táinic bean uasal dhúthrachtach do Dhia mar a raibh S. Froinsias agus adubhairt go raibh fear míothrócaireach aice nach léicceadh dhóibh déirc ná seirbhís do dhéanamh do Dhia, agus do iarr ar Froinsias guidhe do dhéanamh go dúthrachtach
ar a shon, ionnus go maothaigheadh trócaire Dé a chroidhe. Adubhairt Froinsias le sbioraid fháidhiodórachta, “Imidhsi anois go síothchánta agus do-gheabhair adhbhar sóláis leith red fhear pósta.” Ar ngabháil beannachta Froinsias don mnaoi, téid dá ticch féin agus do-rinne teachtaireacht Froinsias lena fear pósda, agus, arna fhaomhadh sin dó, do thuit grása S. Froinsias agus an Sbiorad Naoimh, ar a impidhe, air, go ndubhairt rena mhnaoi, “A bhean mhaith, déanam seirbhís araon don Tighearna agus sláineóchaidh sé sinn.” Iar sin dobhádar aimsir fhada acc tabhairt a mbeatha as go naomhtha do réir sheólta na mná uaisli dúthrachtaicch sin, agus, ar bhfaccháil báis a n-aon ló dhóibh, téd a n-anmanna dochum na glóire suthaine do ghrásaibh Dé agus S. Froinsias. Bráthair áiridhe ga raibhi conuersáid agus eisiompláir ronaomhtha don taoibh amuigh a bhfiadhnuisi cáich do choimhéad dúthrachta agus silens na mbráthar agus gurab tré mhacántacht agus tré mhíonus do-níodh a chulpa d'éisdeacht tré chomharthaibh agus ní tré bhriathraibh. Tárla go ndeachaidh S. Froinsias ar cuairt don mainistir a raibhi an bráthair, agus, ar tteacht do láthair do Froinsias, do mholadur na bráithre go mór eisiompláir an bhráthar sin; agus adubhairt an tí dá ttucc Dia iomad feasa a bheith 'na ttocht agus gan a bheith dá mholadh dhó féin comh mór agus sin. “Agus tuiccidh, a bhráithre grádhacha,” ar sé, “gurab cumadóireacht ón drochspioraid atá aicce agus cathughadh agus mealltóracht ón aidhbhirseóir atá air agus aicce.” Biodhgaid na bráithre leis sin agus gabhaid sin 'na iongnamh mhór chugtha, ionnus, dar leó féin, nár féudadh an dúthracht cealgach sin do chur ar fhoirfeacht crádhbhaidh an fhir dhiadha sin. Gidheadh, faoi laithibh gearra fáccbhus an bráthair an t-ord agus an aibíd S. Froinsias, ionnus gurbho follus do chách uile go bhfacaidh an fáidh naomhtha sin rún inmheodhónach croidhe an bhráthar sin tré shúilibh sbioradálta a chroidhe. Agus as minic do-chídís na daoine do shaoildís cách do bheith 'na seasamh isin ccogús acc tuitiom isin pheacadh marbhtha, agus na daoine do shaoildís do bheith ar lár an drochchreidimh acc éirghe 'na seasamh ann go foirtill. Agus dobhíodh soillsi
na diadhachta 'na ccomhghar, ar mhodh go bhfaicdís gach ní go spioradálta, neoch dobhí 'na fheidhm air, etc. Aimsir áiridhe dá ndeachaidh S. Froinsias do sheanmóir a n-ionadh darab ainm Aludianus, agus, ar ccruinniughadh don phobal chuige, níorbh fhéidir leó a chloisdion ó ghlór na n-áinleócc n-iomdha acca raibhi nid san áit sin, go ndubhairt S. Froinsias riú, “A sheathracha grádhacha, acht gidh binn ceólmhar a labhrus sibh, léigidh dhamhsa anois labhairt seal oile agus éisdigh féin le briathraibh Dé.” Do thochtadar na háinleócca le forchongra an naoimhéurlaimh gur chríochnuidh an tseanmóir. Bíodhgaid na puibleacha lena fhaicsin sin agus thuccsad moladh mór do Dhia agus do S. Froinsias thríd sin. Agus do lasadur a ccroidheadha lena fhaicsin sin le dúthracht crádhbhaidh, etc. Tarla iar mbeagán aimsire 'na dhiacch sin go mbaoi scoláire isin ccathraigh darbh ainm Mádus acc tabhairt aire dá léicchionn go díthchiollach, agus thigeadh áinleócc dá bhuaidhreadh go minic, go ndubhairt rena chompánachaibh, “As do na háinleógaibh ar ar chuir S. Froinsias silens an lá roimhe í so.” As a haithle sin adubhairt go dóchusach, “Cuirim as ucht Dé agus S. Froinsias ort léiccion don cheileabhradh sin agus teacht chuccam féin.” Tochtaigh an t-éan beacc agus ticc a láimh an sgoláire. Gabhus biodhgadh agus iongantus mór é thríd sin agus léiccios amach an t-éan beag; agus níor chuir buaidhreadh air, etc. Feacht n-aoin dia ndeachaidh Froinsias do rádh seanmóra a ccathraicch darbh ainm Egabius, agus innistior go mbaoi faolchú dásachtach timchioll na cathrach, neoch do mharbhadh daoine agus airnéis go hiomarcach; agus as rena n-armuibh cosanta do imghedís daoine urramhanta na cathrach úadh, an uair do théighdís amach. Arna chlos sin do S. Froinsias, téid féin agus a chompánach a n-airrcis an mhic tíre, d'aimhdheóin luchta na cathrach; agus, arna fhaicsin sin don fhaolchoin aingidhe allta sin, reathus chucctha go díthchiollach, agus do-chuadar iomad do lucht na cathrach ar gairéataibh na cathrach dá bhfeitheamh. Agus, ar tteacht don madradh go confadhach a n-iomfheagus do
Froinsias, tóccbhus a lámh agus cuirios comhartha na croiche naoimhe uime féin agus fána chompánach. Iar sin coisgios an mac tíre a bhéul agus a rith, agus, mar do ghoir Froinsias chuicce é, táinic chuige go deithniosach umhal, go ndubhairt Froinsias, “A bhráthair ghrádhaigh, cuirim mar aithne as ucht Íosa Críosd ort gan díth nó dochar do dhéanamh dhúinne nó do dhuine ar dhomhan go bráth.” Arna chlos sin don mac tíre, léiccios ar a ghlúinibh é ina bhfiadhnuise agus síneas a chos deas a láimh Froinsias mar chomhartha geallaidh gach neithe dar iarr Froinsias air, agus do-chuaidh an mac tíre leis don ccathraigh go ciúin cneasda, agus ba hiongnamh mór le lucht a ffeithfe sin. Conadh annsin adubhairt Froinsias seanmóir dhóibh, agus, idir gach ní dá ndubhairt, adubhairt gurab fá pheacadhaibh na ndaoineadh a fhuilngios Dia plágha agus easláinte agus mic tíre do dhéanamh díoghbhála dhóibh. “Agus, mar do chuir an t-éan mhac tíre beag amháin an uirid sin d'eagla oraibhsi, lucht na cathrach móire si, as mó an t-ádhbhar eagla dhíbh bhar tteilgion a tteine ifrinn go síorruidhe suthain tré bhar bpeacadhaibh.” Agus, arna chlos sin do lucht na cathrach, do-rónsad aithrighe fhírinneach ina bpeacadhaibh. Agus do iarr Froinsias iar sin, ó do beanadh a bheatha nádúrtha don mac tíre, beatha oile mhuinntiorrdha do thabhairt dhó; agus do fhaomhsad sin go toileamhuil, agus do bhean gealladh easta ima chomhal, agus iarrus ar an mac tíre comhall dóibhsiomh, amhuil ro gheall, agus tucc an mac tíre a chos deas ina láimh-sion um chomhal an chéad gheallaidh. Agus, iarna fhaicsin sin do lucht na cathrach, do mholsad Dia go mór, agus do choimhliodur dhá chéile ó sin amach. Agus dobhíodh an mac tíre ó gach tigh no chéile aca nó go bhfuair bás d'ársaidheacht. Agus ba caointeach lucht an bhaile air, do bhrígh gurab comhartha suthain ar Froinsias agus ar na míorbhuile sin eision do bheith beó aca, etc. Atá sgríobhtha a Leabhar na Cosamhlachta go raibhi Froinsias ag rádh seanmóra a ccathraigh Bairensi a bhfiadhnuisi Fedrícus impire, agus lucht a chúirte maille fris. Agus, mar dobhí fear grádha na geanmnaidheachta ag rádh seanmóra a n-aghaidh peacaidh na drúisi, gabhus míghean mór lucht na cúirte uile dhe, óir do ghnáthaighdís an peacadh sin go romhór. As a haithle sin tug an t-impire cuireadh do Froinsias an lá sin.
Agus, iar n-ordughadh seómra ciúnais don uasalathair naomhtha, fáccbhuid lucht dheasaighthe an tseómra maighdion mhíndealbhach mhná a bhfolach isin tseómra. Agus, iar ccur glais don taoibh amuigh air, tógbhus an mhaicchdion a ceann agus labhrus fris tré bhriathraibh millsi pheacaidh na colla. Mar do-chonnairc Froinsias an chealcc mhailíseach arna himirt air, beanus an aibíd dhe agus socraighios an ghrís mhór bhaoi isin tseómra agus luidhios uirre, agus adubhairt, “Má taoi ar tí misi do leanmhuin, nó do dhéanamh do thoile, luicch fariom annso.” Mar do-chonnairc an mhaicchdion sin, teithios. Agus, iarna fhaicsin sin don impire agus do lucht na cúirte dobhí ag feicheamh air os ísiol - Froinsias acc teacht gan díth gan dolaidh ón leabaidh dheircc sin, gabhus iongnamh mór iad, agus dobhádur lán d'onóir agus do dhúthracht fán uasalathair ó sin amach, etc. Lá áiridhe tucc ridire dúthrachtach dobhí a ccathraigh Tascanella cuireadh do Froinsias. Agus dobhí aon mhac aicce ar tteacht ainimheach brisde as bruinn a mháthar; agus do iarr an ridire go díthchiollach ar Froinsias an mac do leicchios. Glacus Froinsias an mac ócc agus cuimlios lámh dá easláinte, agus bhaoi slán a ccéadóir, ag siubhal mar gach aon oile, agus ag moladh S. Froinsias ó sin amach. Tárla Froinsias a ccathraigh oile darbh ainm Armensis, agus do iarr easpocc na cathrach sin air mar athchuinghidh fear pairilisi dobhí isin ccathraigh do shlánúcchadh. Gearrus S. Froinsias comhartha na croiche air ó a bhonn go a bhathais, agus ba slán a ccéadóir. Tarla macaomh ócc a n-easpogóideacht Réute, agus dobhí a bhoill brisde le ceithre bliadhnaibh, co nachar fhéuch ar a ghlún amháin, agus do chaoi máthair an leinbh go roghéar do láthair Froinsias, agus do ghabh truaighe mhór an t-athair Froinsias dhí, agus glacus an leanbh dá lámhaibh beannaighthe, agus ba deaghshlán a ccéadóir. Tarla, imorro, Froinsias a ccathraigh oile darbh ainm Orteinsis, agus dobhí duine ócc easlán aga raibhi a cheann agus a chosa ceangailte dhá chéile innte. Guidhid, iaramh, a athair agus a mháthair Froinsias tar cheann a mic go tuirseach truaghnemhélach. Mar ba trúacch le Froinsias iad, gearrus sicchin na
croiche céusda go huilidhe air, agus do shíniodar a chnámha ó chéile, gurbho deaghshlán ón uile thinnios. Tárla bean easlán oile aga raibhi a lámha marbh a ccathraigh Eugubhius, ionnus nár fhéud sí obair do dhéanamh nó saothar leó, agus, mar as luaithe do chuir Froinsias comhartha na croiche ar a lámhaibh, bá slán í; agus, iar ndol dia tigh, fritheólus biadh an tighe an lá sin rena lámhaibh do Froinsias. Tháinic maicchdion dhall chuicce uair oile, agus do chumail a sheile trí huaire a n-ainm na Tríonnóide dá súilibh, agus do aisicc Dia a radharc féin di tré impidhe Froinsias. Tarla macaomh ócc a ccathraigh Bhonuine acca raibhi doilli dhoileighis ar a leathshúil, agus do ghérr S. Froinsias sicchin na croiche ar a shúil, agus ba slán. Agus, ar ngabháil aibíde S. Froinsias uime, do-rinne d'fhiadhnuisi go m'fhéarr amharc na súl sin nó na súl oile aicce. Duine do ghabh chuicce go dúthrachtach Froinsias dochum a thicche féin; agus dobhí buaidhreadh mór ón anspiorad ar mhnaoi phósda an fhir sin; agus, ar ndéanamh urnaighthe do Froinsias ar a son, cuirios fá bhrígh na húmhla ar an ainspiorad a fágbháil, agus fáccbhus a ccéadóir, óir níor lámh seisiomh fris an úmhla naomhtha, agus ní dhearna urchóid don mnaoi chéanda ó sin suas. Bean oile ina raibhi drochspiorad, a ccrích na Lambáirde, agus, arna tabhairt do láthair Froinsias, cuirios d'fhiachaibh ar an drochspioraid a fágbháil, agus d'fhág, agus ba slán ó anam agus ó chorp ó sin amach í. Duine do ghabh chuicce go dúthrachtach Froinsias dochum a thicche féin; agus dobhí buaidhreadh mór ón anspiorad ar mhnaoi phósda an fhir sin; agus, ar ndéanamh urnaighthe do Froinsias ar tús, cuirios fá bhrígh na húmhla as ucht Dé ar an anspiorad an bhean d'fhágbháil, agus fágbhus a ccéadóir, uair nír laimhsiomh fris an úmhla naomhtha, agus nír lamh urchóid do dhéanamh don mnaoi chéanda ó sin súas. Bean oile a ccrích na Lumbairde ina raibhi drochspiorad mar sin, agus, arna tabhairt dochum Froinsias, cuirios d'fhiachaibh ar an drochspioraid a fáccbháil, agus fáccbhus, agus dobhí slán ó anam agus ó chorp. Tarla go mbaoi easláinte adhuathmhar ar bhráthair áiridhe; agus as mó do mheasdís cách buaidhreadh do bheith air ón drochspioraid iná tinnios nádúrtha; agus dobhídís a bhoill
chorporrdha ar comhghluasacht, dá síneadh uair agus dá ffilleadh uair oile. Gabhus compáis agus truaighe mhór S. Froinsias fán mbráthair, agus do chuir páirt don arán dobhí aicce féin chuicce, agus, arna ithe dhó, ba deaghshlán, etc. Bean oile dobhí re n-iodhnaibh laithe iomdha, nár fhéud leanbh do bhreith - a n-iarlacht Áirésius dobhí sí - agus dobhí Froinsias ar muin eich ag gabháil thríd an mbaile, mar dobhí easlán, lacc ó chorp an tan sin; agus rug ar shrian an eich, as ucht Froinsias, chuce, agus rucc leanbh gan mhoill, agus do budh slán iaramh. LABHROM ANOIS MAR DOFUAIR S. FROINSIAS NA HÁLADHA Ó RÍCCH FHLAITHIS DÉ. Laithe n-aoin do Froinsias ar Sliabh coisreagtha Aluerna, mar adeir Bonauentúra annsa ccaibidil so, accus, ar ndol dochum an tsléibhe don athair naomhtha, beirios a thriúr compánach leis, neoch bhaoi naomhtha 'na ttriúr, .i. Mateus, Leo, agus Angelus. Agus, ar ndéanamh comhnuidhe dhóibh fá bhun crainn ar árd an tsléibhe, tángadar mórán d'éunaibh éxamhla agus buailid a sgítháin agus do-níd ceól iongantach ainglidhe dhóibh, agus tuirlingid cuid ar ceand Froinsias agus cuid ar ghuaillibh agus cuid ar a lámhaibh, go ndubhairt an t-athair neamhdhuidhe rena chompánachaibh: “As dóich leam, a bhráithre grádhacha, gurab maith ler tTighearna, .i. Íosa Críosd, comhnuidhe do dhéanamh annso dhúinn, uair atá ar seathracha eón acc lúthgháire go romhór romhuinn.” Dála an tsléibhe sin féin, asé Dia do ullmhuigh agus do dhealaigh ó na sléibhtibh oile é ar uaignios fá chomhair na n-áladh do thabhairt ar Froinsias air, óir atá sé ro-árd agus a ccéin ó dhaoinibh agus glan ó gach salchar agus ó gach truaillidheacht agus ro-onórach acc Críosd féin. Acht atá ní cheana, ní cian dobhí Froinsias ann sin an tan táinic Íosa Críosd as flaithios Dé anuas chuicce agus do shín a chorp rena chorp, a lámha rena lámhaibh, agus a chosa rena chosaibh, agus a chroidhe rena chroidhe, agus do fháccaibh sliocht agus áladha a chuirp féin ar chorp Froinsias, amhuil do bhádar air féin arna leaccadh as crann na croiche céusda, acc
sileadh fola air Froinsias amhlaidh sin. Agus do imidh roimhe iar sin dochum nimhe, agus tucc fios uaire a bháis do S. Froinsias, .i. gomadh aois Chríosd míle agus dá chéud agus sé bliadhna déag ar fhichid an uair dorachadh Froinsias dochum na glóire suthaine ó bháthadh na fairrge saoghalta, agus an ceathramhadh lá do mhí Octobér a ndeireadh an laoi Dia Sathairn do-gheabhadh bás, agus a adhnacal Dia Domhnaigh. Iar sin do fhoillsigh Dia naomhthacht an athar naomhtha sin do mhórán don tsaoghal a leith re míorbhuile móra do dhéanamh a n-onóir a bháis. Agus mar sin do críochnaigheadh a bheatha chorporrdha do S. Froinsias, agus ní bhfuil críoch nó foirchionn ar an mbeathaidh sbioradálta atá aige. Pápa dobhí san Róimh, agus Gregorius a ainm, agus dobhí amharus aicce fá chneidh thaoibh S. Froinsias sul do sgríobh sé a ainm a leabhar na naomh. Oidhche éigin 'na dhiaigh sin do thaisbéin S. Froinsias é féin don phápa chéanda, ar bhfoillsiughadh an aigionta shaobh sin dhó san chontabhairt sin, agus as a haithle sin tógbhus a lámh dheas suas agus iarrus soitheach beacc ar an bpápa ina ccuirfeadh an fhuil dobhí acc sileadh as áladh an taoibh, agus, arna thabhairt sin dó, dar lais féin, do líon é go hathghoirid d'fhuil chneidhe an taoibh, agus as sin amach nír fhulaing an pápa sin aon fhocal do chur a n-aghaidh S. Froinsias nó an uird ó sin amach ariamh, etc. Bráthair deacchbhéusach don Ord Mhinúr, dobhí 'na sheanmóntaigh mhaith, acca raibhi contabhairt aicce a n-áladhaibh Froinsias; gurab aire sin do thaisbéin an t-athair naomhtha é féin ina cholladh oidhche áiridhe dhó, co ndeabairt fris maille re foighidin, “Ó tá cathucchadh buaidheartha ort fám áladhaibh, féuch féin iad agus glac mo chosa agus mo lámha.” Do-ní an bráthair sin, agus, mar nach bhfacaidh áladh na ccos tré mhéud na criadh dobhí os a chionn, furáilios air na hálaidh do ghlanadh go maith lena ingnibh, gurbha follus dó uile na háladha idir áit sleicche agus na ttairrngeadh, agus ionnarbus a chontabhairt uadh. Agus, iar músgladh dhó, doirtios a dhéara go falcmhar a ccionaidh a ainbhfiosa agus a sheachráin agus ionnlus a intinn bhuaidheartha le srothaibh a dhéor agus la hadmháil a pheacadh, go bhfuair maitheamhnus, etc. Tarla cco mbaoi baintreabhach uasal onórach isin Róimh,
agus do thogh sí S. Froinsias mar phátrún di féin, agus do chongaibh deilbh S. Froinsias aice ina seómra agus do-níodh urnaighthe a bhfiadhnuisi na deilbhe gach laoi, acc iarraidh ar S. Froinsias do bheith ar a son. Lá áiridhe dá raibh sí acc déanamh urnaighthe a bhfiadhnuisi na deilbhe gur chuir a n-iongnamh gan comhartha nó sliocht na n-áladh do bheith ar an deilbh. Agus adeir Bonauentúra nár chás iongantais sin, óir nár chuir an dealbhadóir uirre iad. Gidheadh, do ghlanadh intinne na mná, do chuir S. Froinsias féin uirre iad. Agus, arna fhaicsin sin don mbaintreabhaigh, goirios a hinghion chuice agus fiarfaighios di nar airidh sí sin ar an deilbh ariamh roimhe sin. Dearbhus an inghion nár airigh agus nach raibhe uirre ariamh. Gidheadh, do thuicc an bhaintreabhach gurab é a drochsmuainteadha féin fá deara na míorbhuileadha sin do dhéanamh, agus fuair, gairid iar sin, an dealbh gan lórcc áladh uirre. Níor chuirsiod comhachta S. Froinsias a ccontabhairt ó sin amach. Cléireach onórach darbh ainm Rogerus dobhí san Apuil i ccathraigh Potesina. Aon do ló dá ndeachaidh do rádh a urnaighthe i n-eaglais ina mbaoi íomháigh S. Froinsias, agus, le faicsin na n-áladh uirre, cuirios an mhíorbhuile sin a ccontabhairt go mór. As a haithle sin mothaighios cneadh na contabhairte seachránaigh sin ar a chroidhe don taoibh asticch dá lámhuinn arna loit, mar do loitfidhe le ga nó le saighid í, agus, ar mbuain na lámhainne dhe, fuair an dérna arna lot go géar agus an lámhann slán gan bhriseadh gan ghearrughadh, agus do las agus do at an lámh a ccéadóir, agus dobhí ag glaodhaibh agus acc comharcaibh go ceann dá lá mar sin tré mhéud a phéine agus a dhochair óna láimh. Agus admhus go puiblidhe do chách a mhearughadh, agus mionnaighios go díthchiollach nach diongnamh a leithide choidhche, agus iarrus cabhair ar Froinsias, agus do-ní aithrighe dhiongmhála ina pheacadhaibh agus fuair sláinte ó Dhia iar ttain, agus ba compánach maith d'Ord S. Froinsias ó sin amach é. Bean áirithe dobhí dúthrachtach do S. Froinsias agus fuair bás agus do hadhlacadh í isin eaglais inar hadhlacadh Froinsias ina dhiaicch sin; agus an tan fá raibhiodar an chliar a ttimchioll chuirp S. Froinsias ag rádh an uird mairbh isin eaglais, do éirghe an bhean 'na suidhe ina bhfiadhnuisi agus goirus ar shaccart chuice, agus, gidh do chriothnaigh an saccart d'eagla, táinic 'na gar, agus do ráidh an bhean fris: “A athair ghrádhaicch, dobhí
peacadh orm nár chuirios a bhfaoisidin ria mbás, dá ttáinic mo dhamnughadh, agus táinic do mhéud mo dhúthrachta do S. Froinsias re linn mo bheó go bhfuair óna Thighearna m'anam do chur ann mo chorp arís nó go ccuirinn an peacadh sin a bhfaoisidin, agus do-gheabhad bás iar sin agus rachaidh m'anam go flaithios Dé.” Acht atá ní cheana, do chuir an peacadh sin a bhfaoisidin don tsaccart agus íocus gné bhreitheamhnuis aithrighe ann agus dofuair bás gan fhuireach agus do-chuaidh a hanam go tigh na glóire suthaine tré ghrásaibh an Sbiorad Naomh agus S. Froinsias, etc. Maicchdion dobhí san Apail, agus ní raibh do chloinn acca hathair acht sí féin, agus fuair bás; agus, ar tteacht fána tásg dá comhghaol, as beacc nach bhfuaradar a hathair agus a máthair marbh. Agus do bhrícch a ndúthrachta do S. Froinsias roimhe sin, fuair an mhaighdion d'aithbheódhadh ón Tighearna thrócaireach, gur bheó seal oile í, etc. Feacht dar iarradar cúpla bráthair iasacht cartach a n-onóir Dé agus S. Froinsias ar dhuine chomhachtach darbh ainm Petrus, agus ní headh amháin do dhiúlt iad acht tucc sgannail mhór chainnte dhóibh féin agus do Froinsias. Agus níorbh fhada dhó iar sin an uair do ghabh eagla mhór é go ccoireóchadh Dia agus S. Froinsias sin air agus tair a aithreachus. Gabhus tinnios a mhac muirneach oighreachta, agus fuair bás. Glaodhus an t-athair go hard ar Dhia agus ar Froinsias go speisialta maille le dórtadh déar go mór. Agus éisdios Froinsias é go trócaireach agus guidhios a Thighearna ar a shon, gur haithbheódhadh an mac céanda dhó tré impidhe S. Froinsias. Feacht n-aoin dar fhágaibh bean isin Róimh leanbh sheacht mbliadhan, bú mac dhi, ina tigh agus do-chuaidh féin d'éisdeacht aifrinn. Téid an mac amach ar fuinneóicc a leanmhuin a mháthar, agus bo marbh a ccéadóir; agus, ar tteacht dá mháthair, fuair marbh mar sin é. Tárla an tan sin go ndeachaidh bráthair don Ord Mhionúr, darbho comhainm Rufo, do dhéanamh seanmóra don taoibh sin don chathraigh agus fuair mar sin an leanamh marbh ittir a athair agus a mháthair, cco ndubhairt re hathair an leinbh, “An ccreidionn tú go bhféudann Froinsias a fhaccháil ó Dhia do mhac d'aithbheódhadh?”
“Creidim,” ar an t-athair, “agus geallaim dhó go mbeud mo shearbhóntaidh dhílios aicce tré bhithe síor do cheann mo mhic d'aithbheódhadh dhamh.” Cuirios an seanmóntaidh d'fhiachaibh ar chách guidhe ar a shon, ionnus go bhfuighedís an athchuinghidh sin uadh. Agus, iar ccríochnughadh na hurnaighthe sin dhóibh, fhosglus an leanamh a shúile agus a bhéul agus éirghios 'na sheasamh agus gabhus acc moladh Dé agus S. Froinsias. Dias agus dá fhichiot i cceann ar haithbheóidheadh roimhe so do ghrásaibh Dé agus S. Froinsias taoibh amuigh dar shlánaicch sé do dhallaibh agus do bhodhraibh agus do bhacachaibh agus do lucht gacha heasláinte oile; agus atá d'fhad agus d'iomad a mbáis nach sgríobhthar annso iad. LABHROM ANOIS DO NA MNÁIBH TORRCHA DÁ TTUCC S. FROINSIAS FURTACHT A N-AIMSIR A MBÁIS NÓ ÉICCIN, A N-AIMSIR A N-AIRTEAGAIL, AGUS A NGUASACHT A MBÁIS, ETC. Beaniarla i ccrích Scalmonia dobhí dúthrachtach do Froinsias agus do na bráithribh mionúra, agus tárla dhi go raibhi a bponc báis a n-aimsir tuismidhe a toirrcheasa, agus do chuir ina croidhe maille dúthracht intinne furtachta d'iarraidh ar Froinsias, go ndubhairt, “Guidhim thú a inntinn ghrádhaigh, a Froinsiais, ó nach bhféudaim labhairt leat ó bhéul, facch furtacht dhamh ó do Thighearna.” Do-rinne Froinsias amhlaidh, go rucc an bhainiarla mac agus gurbho slán ón uile thinnios í. Agus iar n-athghoirid aimsire do-rinne mainistir mhaith a n-onóir S. Froinsias don Ord Mhionúr a ccuimhne na ngrás agus na míorbhuile sin do-rinne Dia uirre, etc. Beaniarla oile darbh ainm Beatrix isin ccrích Rómhánaicch ina raibhi leanbh marbh ceithre lá ina bruinn maille le dochar mór agus re baoghal báis, agus cuirios duine dochum na mbráthar dá iarraidh orra Dia agus S. Froinsias do ghuidhe ar a son. Do-rinneadar, agus ba feirrde dhóibh, óir dorucc leanbh marbh, agus ba slán í féin a ccéadóir, etc. Bean duine uasail, darbh ainm Iula, neoch rucc clann mhór, agus fuaradar bás uile, agus dobhí cumhthach tuirseach a ndiaicch na cloinne sin. Agus, ar ngabháil toirrchiosa 'na dhiaicch sin
dhi, do-chuaidh a n-éadóchus im bheathaidh an toirrcheasa tar éis gach a ndeachaidh uaithe roimhe sin. Gidheadh, do ghuidh Froinsias go dúthrachtach um choimhéud beathadh an toirrchiosa dobhéaradh an tan sin; agus do-chonnairc aisling a ccionn cheithre míos iar sin, .i. bean do theacht chuice agus leanamh áluinn ina hucht aice, agus, arna fhuráil uirre, do dhiúlt a ghabháil uaithe, “Uair, dá ngabhainn ar sí, do-gheabhadh bás uaim, mar fuaradar mo chlann féin.” “Ná bíodh uamhan ort,” ar an bhean oile, “óir do ghabh truaighe mhór S. Froinsias fá do dhólás, agus asé do chuir an leanbh so chugad, agus coimhéudfaidh féin a shláinte dhó.” Ar musgladh don mnaoi, do thuicc gur fhéuch Dia agus S. Froinsias uirre, agus baoi go lúthgháireach ó chroidhe, agus do mhéudaicch a dúthracht do Dhia agus do S. Froinsias ó sin amach. Agus, ar tteacht aimsir a tuismithe, beirios gein shochraidhe shaorchlanda shoichinéil mhic, agus dobhí ar biseach ó aois agus ó bhéusaibh agus ó fhoghluim do bhrícch comhachta Dé agus S. Froinsias, agus dobhí 'na dhuine onórach san saocchal agus grádhach fá Dhia agus dúthrachtach do S. Froinsias agus dá ord, agus tucc ar a mháthair bárr dúthrachta agus onóra do thabhairt dhóibh maille le díthchioll dúthrachta a mháthar ó sin suas. Bean eile a ccathraigh Tibúrus dorucc clann mhór inghion, agus ba tuirseach í thríd sin, agus guidhios Froinsias aon mhac d'fhaccháil ó Dhia dhi; agus fuair go rucc dias mac d'aon toirbheirt, gin gur iarr acht aon mhac, agus ba lúthgháireach í thríd sin. Buí bean oile a ccomhfheaccus di sin agus dobhí a bponc báis a n-aimsir tuismithe, agus do ghuidh S. Froinsias go díochra, mar nach dearna leicchios daonna foghnamh dhi. Agus dob fheirrde dhi, óir rucc sí an toirrchios maille le sláinte chorporálta. Agus nír chian di iar sin gur dhearmuid sí an tiodhlacadh sin do fuair, óir do bhris sí saoire Froinsias rena láimh féin; agus do-rinne Froinsias díoghaltus uirre go hobann, óir do creapladh a lámh dheas léith, agus do chuir sí a lámh chlé a n-airrcis na láimhe deisi dá filleadh, agus do creapladh í mar an ccéanda. Gabhus eagla mhór an bhean thríd sin, agus tucc móid agus mionna go n-aidheóradh do Dhia agus do S. Froinsias go bráth do cheand aisicc a sláinte d'fhagháil di arís; agus do-rinne Froinsias grása uirre, óir fuair aisiocc a sláinte dhí ó Dhia; agus do ghabh saoire Froinsias go honórach ó sin amach.
Bean oile a ccríochaibh Aréti dobhí easlán, ionnus nárbh fhéidir léith leanamh do bhreith, ionnus gur atharraigh a cruth agus a gné. Agus, ar ndol do chách a n-éudóchus fána sláinte, do ghuidh sí féin Froinsias go dúthrachtach um fhurtacht uirre as an éiccion ina raibhi sí. As a haithle sin do chodail sí go sáimh, agus do-chonnairc aisling, .i. S. Froinsias do theacht chuice go ndubhairt, “An aithnighionn tú misi,” ar sé, “nó an bhfuil an ainteamhain si Mhuire accad, .i. Salve Regina, etc.?” “Aithnighim thusa, a Froinsiais,” ar an bhean, “agus atá an ainteamhain sin agam.” “Máseadh,” ar Froinsias, “abair í, agus sul chuirfir críoch uirre, bhéarair do thoirrchius.” Musglus an bhean agus tionsgnus an anteamhain, agus sul do chríochnaidh í rucc leanamh agus baoi slán ó gach uile thinnios; agus do móradh ainm Mhuire agus S. Froinsias de sin. LABHROM ANOIS DO MHÍORBHUILIBH S. FROINSIAS AR NA DALLAIBH DÁ TTUCCADH AMHARC AR A IMPIDHE, ETC. Tarla a ccoimhthineól áiridhe bráthair darbh ainm Roibertus agus dobhí dall iomad bliadhan tré ainfheóil mhóir do fhás timchioll a shúl, neoch do bhain a radharc dhe. Agus, ar mbeith tamall dall do Robertus a n-airteagal an bháis, do thaisbéin Froinsias é féin agus triúr bráthar naomhtha oile maille fris dhó, .i. Antoinius agus Augustínus agus Sémus ó Aisisi, conadh annsin do ghabh sgian agus feannus an fheóil uile agus do aisicc a radharc uile don mbráthair agus a shláinte chorporrdha go huilidhe. Do dalladh bean áiridhe san chrích Rómhánaicch, agus, arna shárughadh ar leacchaibh saoghalta maith do dhéanamh dhi, do-rinne lá fhéil S. Froinsias ar arán agus ar uisge; agus ruccadh don eacclais í arna mhárach d'éisdeacht aifrinn na féile, agus dobhí acc guidhe furtachta Froinsias, agus, a n-aimsir na Sacramuinte do thóccbháil, do fhosccail sí a súile agus do-chonnairc gach ní go follus ó sin amach agus tucc buidheachus mór don tSacramaint naomhtha agus do San Froinsias, etc. Dobhí óccmhacaomh cheithre mbliadhan déacc ar leathshúil, agus táinic an tsúil d'aimhdheóin na leagha fad meóir as an áit
dhílis ar feadh ocht lá, agus, ar ndol do leacchaibh a n-éudóchus a leicchiosa, do thionsgnadar fréumhach na súl do ghearradh agus a teilgion uatha. Iar sin guidhios athair an mhacaoimh S. Froinsias go díochra im fhurtacht dá mhac; agus do-chuaidh sin a ttarbha, óir do chuir an t-uasalathair, .i. Froinsias, an tsúil ina háit féin gan easbhuidh radhairc ó sin amach. Cúiccear oile faris an fhear sin dá bhfuair Froinsias aisiocc a n-amhairc ó Dhia, etc. LABHROM ANOIS d'EASLÁINTIBH OILE, ETC. Duine ócc táinic ó bhruind a mháthar bodhar balbh, agus tárla dhó gur ghabh duine trócaireach darbh ainm Marcus é chuicce féin dochum seirbhísi. Agus aon do ló dia raibhi Marcus ar an mbord, agus an duine sin ina fhiadhnuise, agus adubhairt re a mhnaoi phósta: “Atáim féin dá smuaineadh gomadh romhór na míorbhuile do S. Froinsias dá ttuccadh urlabhra nó éisdeacht don tí si, agus, dá ndéanadh sé sin, do-bhéaraind fén costus dó a n-onóir Froinsias ó sin amach.” Ar ccríochnucch an chomhráidh sin do Mharcus, tárla urlabhra i tteangaidh an óccánaidh, agus do ráidh go sólásach a bhfiadhnuisi cáich, “Do-bheirim buidheachus agus moladh agus glóir do Dhia agus do S. Froinsias, do-rinne na grása so orm, etc.” Macaomh ócc oile darbh ainm Sémus acca raibhi cnámha a chuirp brúighte agus lán d'easláinte, agus do-chuaidh an fear sin mar a raibhi tumba S. Froinsias agus do phócc é go dúthrachtach, conadh annsin do-chuadar a bhoill ina n-ionadhaibh féin go hiomlán. Agus, mar do mhothaigh é féin slán, cuirios de gach ceangal baoi fair agus reathus roimhe iaramh. Do shlánaicch Froinsias mórán ó na heasláintibh céanda agus go háiridhe ceathrar bráthar, .i. Partolus agus Angelus agus Niocolus ó Sicanus agus Eóin ó Fóra, agus aon duine déag do dhaoinibh saocchalta, idir fhear agus mhnaoi, etc. DO MHÍORBHUILE LUCHT BRISDE SAOIRE S. FROINSIAS ANNSO. Tarla a ccrích Pictáuia gan fhóccair saccart áiridhe darbh ainm Renaldus saoire féile S. Froinsias dá phobal agus dá raibhi
acc éisdeacht ris agus do ráidh a coimhéud go maith. Téid duine don phobal, gan fhéuchain dó sin, do dhéanamh oibre lá S. Froinsias, agus, mar dob áil leis an obair do ghlacadh, do-chualaidh an guth némhdha dá rádha ris trí huaire a ndiaigh a chéile, “Ní cead dhuit saothar láimhe do dhéanamh aniogh, óir as lá uasal saoire atá ann.” Agus, mar nár ghabh an duine uasal meardhánta teaccasg an tsaccairt nó comhairle an Sbiorad Naoimh, do-rinne comhachta Dé lerbh áil naomhthacht Froinsias d'fhoillsiughadh míorbhuile air, .i. mar as luaithe do thócc a lámh leis an tuaigh do ghearrughadh an mhaide, do cheangail an lámh don maide agus an lámh oile don tuaicch, agus, iar ccriothnughadh go mór dhó, do-chuaidh amhlaidh sin don eaglais agus innsicch a bhfiadhnuisi cáich mar tharla dhó féin ó thús go deireadh do láthair an phobail. Agus do-chuaidh do dhéanamh onóra do Froinsias an lá sin, agus, ar ndéanamh aithrícche dhiongmhála ina pheacaidhibh, tucc sé móid agus gealladh trí neithe do dhéanamh a n-onóir S. Froinsias, do réir mar do labhair an guth neamhdha trí huaire. An céad ní, go ccoimhéudfadh saoire S. Froinsias gacha bliadhna. An dara ní, go rachadh go heaglais Froinsias comhainm an laoi sin gacha bliadhna a n-onóir S. Froinsias. An treas ní, go rachadh dá oilithre uair gacha bliadhna go tomba S. Froinsias. Agus, ar ccur gach neithe dhíobh sin go daingion ina intinn, do sgaoil Froinsias, a hucht Dé, dá lámhaibh. Arna fhaicsin sin don phobal uile, do thóccbhadar a lámha agus a súile súas do mholadh Dé agus S. Froinsias tréasna míorbhuilibh sin, etc. Cúpla bráthair do mhuintir S. Froinsias tarla acc siubhal tré chathraigh áiridhe lá n-aoin, agus ba forbhfaoilidh ticchearna na cathrach reampa agus do chonccaibh maille ris an oidhche sin iad go honórach; agus arna mhárach innsid do Froinsias a fheabhus fuaradar acc an tighearna an oidhche sin as a ucht-san. “Ba feirde dhó,” ar Froinsias, “do-ghéansa a luach sin dósan. Agus eirghesi uaimsi dá ionnsaicchidh agus abraidh ris go bhfuil peacadh air nár chuir sé a bhfaoisidin agus, dá bhfacchaidh bás ann, go rachaidh go hifrionn.” Do-chuadar iaramh agus ro innsiodar amhuil ro cuireadh leó. “As fíor,” ol an ticchearna.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services